Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanmóirí Mhuighe Nuadhad I
Title
Seanmóirí Mhuighe Nuadhad I
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Connradh Chuilm Naomhtha
Composition Date
1818
Publisher
(B.Á.C.: Muinntir Bhrúin agus Nualláin, 1906)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seanmóirí Muighe Nuadhad 1. Seanmóir a hAon. Ar an Sgannail. (Do'n Dara Domhnach do'n Aidbhint.) Is beannuighthe an té nach nglacfaidh sgannail uaim-se. - Matha xi.6. Innseann an Soisgéal dúinn, an uair bhí Eóin Baistidh fá ghlas ag Ioruaidh i dtaobh a bheathadh scannalaighe do chur i bhfáith air, gur chuir sé teachtaireacht go nuige ár Slánuightheóir ag fiafruighe dhe, arbh'é féin an Messias cóir. Ní headh go raibh éan-amhras ar Eóin Baistidh ann, acht chum go bhfuighbheadh a dheisciobail cruthughadh agus radharc a súl féin ar an bhfírinne. Ar fheicsint bríghe agus meadhóin an loirgthe nó an fhiafruighe seo dár Slánuightheoir, d'fhreagair sé do na teachtairíbh ag rádh: “imthighidh agus innsidh d'Eóin na neithe do-chonnacabhar agus do-chualabhar; tá a radharc ag na dallaibh agus a siubhal ag na bacachaibh; tá na lobhair leighiste; cluinid na bodhair agus éirighid na mairbh, agus tá an Soisgéal dá chraobhsgaoileadh do na bochtaibh, agus
is beannuighthe an té nach nglacfaidh sgannail uaimse”. Do bhuaidh ár Slánuightheóir le sompla na ngníomhartha míorbhaileach so ar ghliocas agus ar mhailís a námhad. Fuair deisciobail Eóin nach raibh éan-chúis formaid ná sgannala aca; agus dá mb'fhéidir súile mailíseacha na nGiúdach d'fhosgailt, do-chífidís nár chúis íslighthe céasadh ár Slánuightheóra, agus nár chóir do na cineadhachaibh é d'áireamh 'n-a dhíth céille. Fóiríor, an ní do thuit amach in-aghaidh Chríost n-a thaobh féin, tuiteann amach fós i dtaobh a sheirbhíseach, óir tá iomad ar sheilbh bheith 'n-a gcríostaidhthibh, ag a bhfuil cealg agus mailís na nGiúdach ag siubhal leó, ag faire gach uain chum neamhdhacht do mhaslughadh, chum droch-fhocail do chur ar dheigh-ghníomharthaibh, agus sgannail do ghlacadh ó nídh, dá mbéarfaidís mar as cóir é, 'n-ar cheart dóibh deagh-shompla do bhaint as. Is fínnéidh é seo ar iomchar an leath-chatoilicigh nach gcuirfeadh spéis, dá sásóchadh sé cuideachta, comhartha na croise do thréigean, agus mórán deas-ghnás eile do ghrádhann an teampall do dhaoradh, nó iompodh i leith sgige fá dhúthracht agus urnuighthe an chréatúra dobhéadh, mar dobhíodh i dtúis an teampaill, tabhartha do leabhar nó do phaidrín. Is díreach gur féidir agus gur ceart a rádh leó so mar adubhairt Críost leis na Fairisínighibh: Sinite illos, caeci sunt .i. “Leig dóibh, táid dall”. Táid go díomhaoin; óir, mar adubhairt Tertullianus i dtúis an teampall, ní thugann neithe fóghanta choidhche ócáid sgannail acht do'n té atá fíor-mhailíseach, agus is olc thar bárr an té do-chí olc i nídh fóghanta. Acht ní
ar an sgannail ghlacann duine as mian liom trácht, acht ar an sgannail thugann duine uaidh an uair a dhéanann nó an uair a labhrann sé éan-rud mío-rúnach, chum díoghbhála éan-duine eile. Óir is é míniughadh thugann San Tomás dúinn, .i. Aingeal na Sgoile, ar sgannail, ná focal nó gníomh mí-cheart do ghluaiseann duine eile chum peacaidh. Dá mbéadh do mhí-ghníomh i bhfolach ó'n saoghal, is amhlaidh badh lúghaide an t-olc agus badh shaoire an aithrighe, mar dobhéadh do choir ag baint leat féin amháin; acht an uair tharraingir daoine eile chum an pheacaidh led' dhroch-shompla, annsin bíonn do choir, ar nós na plágha, galrach díoghbhálach do-leighiste. “Créad do-rignis,” ars' an Fáidh Nátan le Dáith Rí; “do thuit tú i gcoir, thug sgannail dod' chuallacht agus cúis mhaslughadh nó naomh-aithise do náimhdibh ár dTighearna?” Agus nach móide do dhaoinibh againn-ne do thuilleann an chasaoid chéadna? Nach minic rug tásg do dhroich-iomchuir tríd an bparóiste agus tríd na bailte, ag galrughadh gach cluaise dá gcluineann é, ag tarrang daoine lag chum peacaidh, agus ag déanamh díoghbhála, b'fhéidir, do'n té nach rugadh fós. Is fada ó thug Síomon Mágus scannail uaidh le ceannach tiodhlaicthe an Spioraid Naoimh, agus do lean daoine a shompla. Is fada ó thug Absalom sgannail uaidh, mí-ómós dá athair, agus is iomdha mac mí-ághmharach neamh-urramach do lean a shompla ó shin anuas. Is fada ó thug Iúdás sgannail ag braith agus ag díol ár Slánuightheóra, agus is iomdha duine do-rigne aithris air, ag tabhairt allais ar bheart na
sainnte. Is fada ó thug Lútair agus Cailbhín sgannail uatha, ag cur cogaidh ar chreideamh Chríost, agus is iomdha duine do-rigne aithris orra, ag iarraidh baint ó'n teampall, agus an sean-chreideamh do shracadh. Chíonn tú, ar an ádhbhar sin, gur galrach tógbhálach an aicíd é an sgannail a thugair uait; agus, dar ndóigh, níl teóra len-a dhíoghbháil, óir is é congnamh as treise ag an aidhbheirseóir é chum pobail Chríost do ró-shlad. Glaodhtar ar an aidhbheirseóir dúnmharbhthóir 'san Sgrioptúir, mar dobhí ó thúis agus atá fós ag tabhairt amas marbhthach ar anmannaibh na ndaoine. Is é an gearán céadna do thuilleann fear na scannlach, mar déanann sé len-a chlaoin-imirt, len-a mhealltóireacht agus le nimh a dhroch-shompla, an t-anam úd do shaor Críost do dhaoradh, agus róbaí na ngrás, len-a raibh sé éaduighthe, do stolladh dhe. Do thuirling ár Slánuightheóir ó chathaoir na ngrás nó na glóire chum athnuadhchain do dhéanamh ar aghaidh na talmhan, agus sgaipeadh agus díbirt do chur ar ríoghacht an pheacaidh. Do thógaibh sé a theampall, gan sal gan spota, ar chosamhlacht Ierusalem na bhFlaitheas, do tasadh le buaidh in-aghaidh cumhachta na Saesar agus gach tíoránaigh eile dobhí go díomhaoine ag iarraidh a leagadh. Anois déanann an peacadh sgannalach an obair seo go léir do lot, ag slad agus ag dío-láithriughadh trócaire an Tighearna. Cuireann sé síol an uilc go fairsing. Fágbhann rian a dhroch-shompla agus lorg gránda ar sgéimh an teampaill, agus piast nimheamhail ar aghaidh na tíre. Téidheann a nimh níos sia 'ná claidheamh na Saesar, óir sgarann a chlaidheamh
ó annsacht, an chlann do thogair an Eaglais, dá fágbháil 'n-a máthair dhubrónaigh, ar nós Ráchel ag lorg a clainne agus gan iad le faghbháil, ag sileadh na ndeór os cionn a gcaillte. Ní blanndar ná foirleathnughadh an chainnt seo. Is é sin radharc ár súl féin, agus sgéal gach lae é. Ná tairthear trasta go minic ar óglaoch an antláis agus an mhacnais, cad é mar chaitheann a shaoghal agus a shláinte ag déanamh obair an dorchadais, lán do spioraid na hantola, ag imtheacht timcheall ag féachaint cia gheóbhadh sé do shlad? Ar uairibh buadhann le hinntleacht ar shimplidheacht agus ar lagachar aindeiseóra. Arís tionnsglann beartaidheacht éigin eile chum an dochair. Agus, fá dheireadh, má's é as treise, ní héan-rud leis págh an pheacaidh; agus, 'n-a dhiaidh-sin, in-áit aithrighe, is é a dhéanann ná maoidheamh as gaisgeadh an pheacaidh. Ó a Thighearna, créad dodhéanfaidh an t-óglaoch so lá na breithe, nuair éileóchaidh tú an uair úd air luach do chuid fola. “Cá bhfuil an t-anam do cheannuigh mise?” adéarfaidh Íosa leis. “Do-rignis deamhain do na naomhaibh, dubh do'n gheal, neimhní dom' pháis agus dom' shacramaintíbh. Ba mheasa dom' theampall tú 'ná tíoránach eiricigh, agus, leis sin, bíodh m'fhearg ort go bráth.” Cluinfear arís ar an dtaobh eile mallacht na muinntire do chaill Críost mar gheall ort-sa: “Ó, a mhalluightheóir, is tú as cionntach lem' dhamaint; mo thruagh mar do-chonnaic mo shúile riamh thú; is tú do tharraing mé go dtí an droich-chríoch so - árus na bpian.” Sin forfhógra ag an té a mhilleann agus ag an té
a mhealltar; ag an ughdar, nó an óglaoch as ughdar leis an scannail, agus ag an páirtidhe; agus an uair bhéid 'san úir, béidh sé déidheanach aca cuimhniughadh ar na ráidhtibh seo. Acht ní taobh le héan-tshompla amháin atá an saoghal i dtaobh scannail dírigh, is é sin, i dtaobh daoine do tharrang d'éanuaim agus ceann ar aghaidh chum uilc agus peacaidh. Agus cá mhéid cuirptheóir aosta, seanfhoghlumtha i gcleachtadh an uilc, d'iompuigheadh in'easbol fhallsa ag sgéith nimhe agus plágha, ag seanmóir urchóide dóibh sin nach raibh aois aca, agus ag cur líonta 'n-ar pheacadar an bhuige agus an gharsúnacht. Agus daoine eile do chaitheann arán an díomhaointis ag maireachtain ar sgéimh Chríost, agus ag tabhairt scannlach uatha in-aghaidh gach uaire in-a mbuailid cluain ar an mac nó ar an seirbhíseach, chum substaint an athar nó an mhaighistir do ró-ghoid nó do shlad. Agus ní táire é dhóibh-sean gurab é a gcéard bheith ag corraighe buaidheartha agus mí-chumainn i measg a gcomhursan agus a lucht muinnteardha, le measgadh fuair-scéalta bréagacha bíodánacha trén-a chéile. Níl ins an aicme seo - ní fheadar nach díobh arís go leór ban aosta - acht nathracha nimhe imris i mbaile nó i bparóiste, 'n-ar cheart séala mío-chlú scannlach do chur orra. Bíd arís cionntach, is eadh agus daoine eile, do-ghní len-a slimideóireacht cainnte meas folamh taidhbhseach air féin d'oibriughadh ar éan-duine, agus do bheathuigheann
len-a moladh agus len-a mbladar tháir, glóire dhíomhaoin agus mórdháil; óir tá an duine ón-a nádúir féin tabhartha do chlaonaibh fuara do'n tshórt so; agus an té dár díon leis, ní bhíonn gan cionnta. Fá dheireadh, ní féidir iad so do shaoradh ar chur scannlach do dhéanann 'n-a dtigh féin nó i dtigh an tábhairne, le suirghe agus bréag-mhuinnteardhas, an iomad óil do chur ar an duine muinnteardha nó ar an gcomhursain, agus, 'n-a dhiaidh sin, déanann gáire fá'n-a mhórughadh mearbhaill. Is orra so, adeir Solamh mac Dáibhí, go mbíonn luthgháir i dtaobh uilc agus compórd i dtaobh malluightheachta. Agus go fírinneach is ainshrianta an gníomh pléisiúir do ghlacadh in-ócáid díth céille, mar déanann leithsgige agus fonamhaid go minic mailís agus gráin an pheacaidh do cheilt nó do laighdiughadh, do cuirfeadh fuath agus scannradh ort dá labharfaidhe dáríribh. In-éan-fhocal, is peacthamhail an ní bheith ag spaisdeóireacht le naomhthacht ná malluightheacht, mar déantar neimhnídh do gach cion, mar adéarfainn, agus, leis sin, clódh bréige do chur ar an olc. As an mbeagán somplaí seo tuigtear créad chomh fairsing díoghbhálach do-leighiste atá peacadh na scannlach, óir tugann mí-ágh síorraidhe ar an té thuiteann dá dheasgaibh, agus damnann seacht n-uaire an té as ughdar leis. As so d'fhógair ár Slánuightheóir brón os cionn bróin ar an bpeacadh so. “Ní fuláir,” adeir sé - 's é sin ag tagairt do mhí-riaghaltas an tshaoghail - “go dtagaidh scannail, acht brón ar an bhfear úd dothugann uaidh í. Má thugann éan-duine scannail d'éin-cheann
do na ceannaibh beaga so do chreideann ionnam-sa, dob'fheárr dhó bró mhuilinn do bheith fán-a mhuinéal, agus a bheith iarn-a chaitheamh amach 'san bhfairrge.” In-éaghmuis na scannlach so ar ar thráchtas do ghluaiseann go díreach ó dhroich-intinn, tá iomad gníomhartha agus bréithre eile ró-urchóideacha scannalacha ar an saoghal, gé nach dóigh le daoine iad do bheith amhlaidh; agus, leis, ní chuirid, fóiríor, leath-shuim ionnta. Ní mór d'olc déantar go fosgailte nach mbaineann roinn dá nimh le daoine eile do mhalairt an ughdair; óir tá an duine ón-a nádúir féin claon chum aithrise, agus, dá réir sin, pé aca sgáthán an uilc nó an mhaitheasa bhíos os a chomhair, is gnáthach gurab é sin clódh dobhíos air, ag a aigneadh is ag a ghníomhartha; agus, dá chionn sin, an nídh bhíonn coitcheann bíonn neamh-scannartha, neimh-chionntach; agus, leis sin, ní bhíonn leath-náire air siúd an rud do-rigne tú roimhe, do dhéanamh id' dhiaidh.
Seanmóir a Dó. Cionnas slighe an Tighearna d'Ullmhughadh. (Ceathramhadh Domhnach na hAidbhinte.) Ullmhuighidh slighe an Tighearna: déanaidh a chasáin díreach. - Briathra léigmid ag N. Lúcás iii4. Ag sin, a chomhluadar chríostamhail, an teagasg naomhtha do mhúineann an Eaglais Chatoiliceach dhúinn 'san aimsir ró-bheannuighthe so chum, rinn-ne d'ullmhughadh fá chomhair breith agus teacht ár Slánuightheóra Íosa Críost ar an saoghal so. “Ullmhuighidh,” ar sí len-a cloinn uile, “slighe an Tighearna, atá ag tuirling anuas ó sna flaitheasaibh ag fiosrughadh a phobail agus dá sgaoileadh go lán-trócaireach ó dhaoirse an pheacaidh. Déanaidh an chasáin díreach; bíodh na gleannta árduighthe; na sléibhte agus na cnocáin íslighthe; na bealaigh chama díreach agus na garbhchomhangair mínighthe ar éin-rian: 's é sin le rádh, ullmhuighidh sibh féin chum toradh ioncholnuighthe Íosa Chríost do bhaint daoibh féin le humhlaidheacht, le modhmhaile is le measardhacht, le fíréantacht aignidh agus le deagh-shompla beathadh, ag cathughadh go cródha cosantach in-aghaidh eascáirde fógartha bhur n-anam - an diabhal, an saoghal agus an cholann.” Tá sé oireamhnach damh-sa, mar an gcéadna, an t-oideachas soin d'athnuadhachain daoibh ar na laetheanthaibh so, in-a bhfuil sibh ar tí bhur gcogcubhais do ghlanadh
is do sgiamhradh ó gach gné pheacaidh le Sacraimint na hAithrighe, chum Corp Naomhtha an tSlánuightheóra do ghlacadh fá bhur mbroinn mar as dual 's as tairbheach do chríostaidhthibh é. Ullmhuighidh slighe an Tighearna, óir tá sé cinnte gurab é glacadh Chuirp Chríost an gníomh as naomhtha agus as uaisle dár gcreideamh. Is é ceann-tobar agus préamh móráin ghrásta agus áird-tiodhlaiceadh, ar mhodh gur cóir dhaoibh gach uile imshníomh agus aireachas do bheith oraibh chum triall chuige, agus gan na tabhartaisí mór-luaigh atá agaibh le faghbháil as do chailleamhaint tré n-bhur bhfaillighe ná tré n-bhur neamhmhothughadh féin. Leis an Comaoine Naomhtha beirthear agus geintear Íosa Críost in-ár gcroidhthibh. Acht dá mbéarthaoi go chomh-ionann i gcroidhthibh gach n-aon do ghlacas é, ní bhéadh eidir-dhealughadh ar bith le tabhairt fá ndeara idir an bhfíréan agus an peacthach; idir an té do chaitheann go ceanamhail Corp Naomhtha an Tighearna, agus an té thruailligheann a chuid feóla agus do ghlacann é mar gach biadh coitcheann. Ná meallaidh sibh féin, a cháirde; muna mbéarthar Íosa Críost in-bhur gcroidhthibh leis an gComaoine, básóchthar ionnta gan éan-chontabhairt é; muna ndéanfaidh an Chomaoine rann-pháirteach sibh dá spiorad agus dá ghrásaibh, is fíor ná béidh ann acht daoir-bhreitheamhnas báis agus anacra síorraidhe dhaoibh. Tar a cheann sain, ní cóir cur suas uaidh, óir go fírinneach, is é an t-arán do roinntear ann oileamhain folláin bhur n-anma - neart na láidir, cothughadh na lag agus na bhfoiríseal, sólás na n-ocrach, agus geall deimhnightheach na beathadh síorraidhe. Do-chímid, ar an ádhbhar soin, créad é chomh díoghbhálach dár n-anmannaibh agus sgaramhaint le ciste chomh mór-luaigh sin ná staonadh suas uaidh; gidheadh, is baoghlaighe 'ná soin, é
do ghlacadh fán-ár mbroinn gan an t-ullmhughadh riachtanach do chur roimhe; agus, dá thaobh soin, abraim libh anois an ath-uair, mar aon leis an Eaglais i Soisgéal an Lae inniu - Ullmhuighidh slighe an Tighearna! Díbridh as bhur gcroidhthibh gach nídh nach taithneamhach agus nach ionmhain leis! Foghlaimighidh gan mearbhall na coinghill riachtanacha chum é do ghlacadh mar as dual, agus déanaidh bhur ndícheall chum a mbeith agaibh! In-a n-éaghmais sin, níl meadhón eile le faghbháil agaibh chum bhur Slánuightheóir Íosa Críost do shealbhughadh, agus chum Comaoine thoirbheartach do dhéanamh. Is é an teagasg lán-tairbheach so as meabhair liom do chur in-umhail daoibh, agus do-ghníonn uile bhrígh agus eagar mo chomhráidh. Taisbeánfaidh mé ar dtúis, cionnus as cóir dhaoibh coir chomh mór le truailliughadh Fola agus Feóla ionadhartha Mhic Dé do sheachaint; agus n-a dhiaidh sin, cionnus dothiocfaidh libh mórán grásta agus tiodhlaiceadh do shaothrughadh dhaoibh féin leis an gComaoine, ag craobhsgaoileadh dhaoibh 'san am chéadna na coinghill riachtanacha chum an gníomh lán-tairbheach so do dhéanamh. Acht ar dtúis iarramaois go dúthrachtach cráibhtheach congnamh an Spioraid Naoimh tré impidhe chumhachtach na Maighdine Muire, ag rádh ó chroidhe an Beannachadh Muire - Ave Maria, etc. An Chéad Roinn. Is é Corp Chríost an manna foluighthe: is é feóil agus bríoghmhaireacht na n-anam láidir é; is é geall buain-tsheasmhach ar ghrádh agus ar dhian-annsacht Íosa Chríost é, agus coimhlíonadh a pháise naomhtha chum an an cineadh daonda d'fhuasgailt. Ar an ádhbhar sin, tá sé riachtanach é d'eidir-dhealughadh ó gach oileamhain eile coitcheann, d'eagla easonóir do thabhairt dó: non
dijudicans Corpus Domini. Is é cothughadh na n-anam láidir é. Is cóir dhúinn, dá bhrígh sin, sinn féin do léar-sgrúdadh sul do leómhfaimís oileamhain chomh bríoghmhar leis do chaitheamh: probet autem seipsum homo. Is geall dearbhtha grádha agus dian-annsachta Íosa Chríost orainn é. Badh chóir mar sin é 'ghlacadh le hiomad ceana is macnais. Agus, fá dheóidh, ós é coimhlíonadh a pháise chun an cineadh daonda d'fhuasgailt, tá sé ró-cheart a bhás do chraobhsgaoileadh gach uair is tráth dá mbéimíd rann-pháirteach leis, agus é d'ionnsaidhe le spiorad na croiche céasta: Quotiescunque manducabitis panem hunc, et calicem bibetis, mortem Domini annuntiabitis donec veniat. Le creideamh ómóis agus urrama neartóchthar sinn chum é d'eidir-dhealughadh ó gach oileamhain eile. Le creideamh eagna agus gliocais déanfamuid ár gcogcubhas do léar-sgrúdadh. Le creideamh teas-ghrádha do-bhéarfamuid grádh agus annsacht dó. Le creideamh féile is le flaitheamhalacht aignidh déanfamuid íodhbairt dínn féin dó. A dhearbhráithearacha mo chroidhe, is creideamh ómósach do neartuigheann gach críostaidhe chum Corp Naomhtha an Tighearna do thabhairt fá ndeara, agus é d'eidir-dhealughad ó gach oileamhain eile ins an gComaoine Beannuighthe: 's é sin le rádh, creideamh láidir beó, do threighdeann gach néal dorchadais bhíos timcheall an Uain Trócairigh; creideamh bríoghmhar do dhearcann suas ar a ghnúis ghléigil (ní i sgáil ná tré ghloine, acht aghaidh ar aghaidh agus fá mar atá sé ann féin), agus do-bheir fá ndeara a ghlóire is a mhórdhacht d'aimhdheóin an bhrait len-a bhfoluighthear é; creideamh uasal, nach ngabhann do láimh a ghlóire do chuimsiughadh le hiomarca dásachta, agus, tar 'éis sin, bhíonn líonta do
lonnracht a ghné, do-chíonn aingil fhlaitheamhnais dá ndíonadh féin len-a sgiathánaibh, agus árd-cholamhain neimhe ar chrith-eagla roimhe; an creideamh úd, adeirim, dobhíonn lán d'ainmhian chrábhaidh agus diadhamhlachta, ag druidim láimh leis an altóir bheannuighthe, go díreach mar Maoise nuair do dhruid sé láimh leis an sgeich 'n-a raibh aingeal an Tighearna, nó cosmhail le clannaibh Israel nuair thángadar in-iomfhogus sléibhe na tóirnighe agus na lasrach, 'n-a dtug Dia amach a reacht do Mhaoise. Is é an creideamh so, gan éan-amhras, ná géilleann do chlaontaibh na gcéadfadh gcorpardha, agus do-bheir dhúinn le rádh tré spiorad umhlaidheachta agus droich-mheasa orainn féin, mar aon le Naomh Peadar, - “A Thighearna, ná tar im' ghaor, óir níl ionnam acht peacthach” - Exi a me, quia homo peccator sum (Lúcás v.8), - ar chor, ó'n dtráth 'n-a dtugann sé Iosa Críost fá ndeara idir lámhaibh an tshagairt, go mothuigheann sé an oiread sin lonnraidh agus mórdhachta, go nglacann fanntais is mío-thapadh é, d'eagla ná dearna an t-ullmhughadh oireamhnach chum é do ghlacadh. Ag sin go fírinneach an creideamh d'iarrann an tEaspol orainn chun Corp Naomhtha an Tighearna do chaitheamh. Gidheadh, a Shlánuightheóir ghléigil, cá bhfuil an creideamh sin le faghbháil anois ar talamh? Ní headh amháin nach bhfuil sé ag an gcoitcheanntacht, acht, fóiríor brónach! níl sé i measg do dheisciobal féin. Nuair dothiocfaidh tú lá an bhreitheamhnais dhéidheanaigh ins na spéarthaibh, id 'shuidhe go moladhchrothach ar néal lonnrach glórmhar, glacfaidh an cineadh daonda sgannradh agus sgeimhle tríd; béidh na malluightheóirí dá gcur féin i bhfolach ins na cuasánaibh as doimhne 's as uaignighe le faghbháil, agus ag éigheamh go
hárd, agus ag iarraidh ar na cnocaibh agus ar na sléibhtibh tuitim anuas orra. Acht, a Thighearna, tá tú anois chomh fírinneach ar an altóir agus béidh tú id' chathaoir bhreitheamhnais lá an bhreitheamhnais do láthair cinidheach agus pobail an domhain. Dár ndóigh, ní féidir ná tuirlingid na haingil anuas ó sna flaitheasaibh chum friothálamh agus chum ullmhughadh dhuit, gach uair dá n-abrann an sagart focail coisrigthe na habhlainne. An n-eadh ná tugann tú breith báis agus beathadh annso ins an gcathaoir bhreitheamhnais so atá i bhfolach ó shúilibh na ndaoine? An n-eadh ná sgríobhann tú ar m'éadan féin cáilidheacht do ghrádha agus do cheanamhlachta orm, nó mo dhaoirse is mo dhamaint shíorruidhe? Uch! a Shlánuightheóir dob'fhéidir gurab é uair 'n-a ndaorann tú mé, do lámhuighim druideamhain suas leat, agus an uair 'n-a dteilgeann tú uait mé, d'ionnsaighim thú le mór-dhásacht; an tráth, b'fhéidir, go bhfuil ifrionn dá osgailt mar ionad comhnuighthe dham, is é sin an uair do leómhain teacht chum tú 'ghlacadh, agus nuair nach bhfuil ionnam acht mac díbhfeirge, go gcuirim mé féin i measg do chloinne toghtha, ionnas nach bhfuil in do chuid Fola bríoghmhaire, ná in do chuid Feóla uaisle, acht fuil agus feóil pheacaidh dhamh-sa; - nach bhfuil 'san Uan gan teimheal, do bhris seacht séala leabhair an bháis chum fuasgailt orainn, acht an séala deireannach chum mo choirtheacha do choimhlíonadh, agus an té gur chóir dó bheith 'n-a Shlánuightheóir agam, gurab é féin cúis mío-ágha agus damanta síorruidhe dham. Níorbh'fhéidir, a chríostaidhthe, Dia d'fheiscint 'san tSean-Reacht gan bás obann anabaidh d'fhagbháil dá chionn. Do-rigneadh léirsgrios ar chineadh iomshlán na mBeitsimíteach i dtaobh amharc isteach go glinn len-a súilibh ar Airc an Reachta.
Do líonadh corp Eiliodórus do chneadhaibh tinne is do ghontaibh fuathmhara i dtaobh dul isteach 'san ionad naomhtha, nach raibh ceadaightheach d'éinneach acht do na sagartaibh inIerusalem. Ní raibh sé ceadaighthach do chlannaibh Israel ins an bhfásach teacht láimh leis an sliabh in-a dtug Dia an dligheadh do Mhaoise. Do choisgeadar tóirneach agus lasracha ar an bpobal teacht in-iomfhogus dó; agus, dar ndóigh, dob'é an bás féin bhíodh ag imtheacht roimh Dia Ábraim ar feadh a mhór-aisdir trí thíorthaibh na geallamhna agus na hÉigipte. Acht anois, nuair nach bhfuilid teinteacha dearg-lasracha ag éirghe suas ó'n altóir bheannuighthe chum na malluightheóirí agus lucht' masluighthe Chuirp Naomhtha an Tighearna do smachtughadh, níl crith-eagla ná ómós againn roimhe. Ó, mo náire! a chríostaidhthe lag-spioradacha, 'gá bhfuil an oiread soin uachdaránacht ag na céadfadhaibh corpardha oraibh, nach mbéidh crábhadh ná caon-dúthracht agaibh, acht nuair do-chíonn sibh bhur nDia lán d'fheirg libh? Fiafruighim daoibh anois - dá dtugadh sibh fá ndeara Corp Naomhtha an Tighearna le n- bhur súilibh corpardha, agus dá ndéanadh bhur gcreideamh ins an tSacraimint ár Slánuightheóir Iosa Críost do thaisbeánadh chomh soiléir agus dá bhfeicimís do láthair é, arbh'fhéidir go dtiocfadh sibh chomh neamhmhothuighthe sin chum é 'ghlacadh? Ó, a chríostaidhthe, níor dhóigh libh an uair sin gur leór daoibh bheith sásta le beagán urnaighthe; le bheith leath-uair ar bhur nglúinibh; nó le roinn na maidne do chaitheamh in-uaigneas mar ullmhughadh roimhe. Níorbh'fhuláir mí nó sé seachtmhaine, an chuid badh lúgha dhe, chum machtnamh air roimh-ré; agus dob'iad na laethe ba ghiorra do'n téarma so na laethe trosgaidh, tréadhanais agus urnaighthe. Dobhéadh an smuaineadh so cuimisgthe le n-bhur saoghalta, in-bhur gcaitheamh
aimsire agus in-bhur ainmheóntaibh, in-bhur ndúsacht, agus in-bhur gcodladh féin. Níorbh'fhéidir le n-bhur n-anamaibh, líonta suas do'n chreideamh láidir seo, do sgaramhaint in-éin-ionad leis. Ní bhéadh ins an domhan mór, agus a chompórd agus a shult curtha le chéile, acht sgáil bhréige, ionnus gurab é an íomháigh so go haonracánta do thógfadh suas an uile aireachas agus foirlíontacht bhur n-anam. Tar 'éis sin, tá a sháir-fhios agam go mbíonn buaidhreamh mór aignidh ar an saoghaltánach féin le haghaidh Cásga is Nodlag, nuair as gnáthach le críostaidhthibh, do réir dlighidh na n-uachtarán, teacht chum Comaoine. Gidheadh, a Thighearna, ó's tusa do-chíonn rún an chroidh 'n-a geintear an buaidhreamh sin; an buaidhreamh crábhaidh agus caon-dúthrachta é, fá mar badh dhual do chréatúir chum teacht i láthair a Chruthuightheóra? Ní headh go fírinneach; acht is cosmhail é le duairceas an bhioránaigh úd 'san Soisgéal, dár aithin tú a rachtmas saoghalta do thréigean, agus tú do leanmhain. Bíonn fuath aca do na laethibh beannuighthe seo, chomh maith agus dá mbadh laetheanta dobróin agus mío-ágha dhóibh iad, agus gabhann déistean iad um an gcóisir uasal so do Chuirp Naomhtha, ar chor nach dtagaid id' ghoire acht go díreach mar na daill agus na bacaigh úd 'san Soisgéal; 'sé sin le rádh, nach fuláir go gcuirfid dlighthe na hEaglaise d'fhiachaibh orra teacht as na háitibh coitcheanna, ó chaitheamh-aimsire, ó dhíomhaoineas agus ó leathanbhealach a gcailleamhna shíorraidhe, chum chuidiughadh dod' fhéasda. Gidheadh, do-chíonn tusa na hanammna díchreideamhacha sin ag iarraidh meadhachain idir a ndualgasa agus a ndroch-chlaonta, ag lorg an oide
fhaoisdine as réidhe agus as neamh-chruadhálaighe, agus 'n-a dhiaidh sin, dod' ionnsaighe an oiread faitchis agus dá mbadh eascara dhóibh tú. Is fíor go dteilgeann tú go foluightheach uait iad 'n-a n-íodhbartachaibh daora damanta, mar nach ionmhain leat-sa acht croidhe toilteanach áthasach, agus ní roinneann tú do mhilseacht dho-innste le lucht an díombuidheachais. Agus dá mbéitheá inneamhail ins an tSacraimint Naomhtha so chum na hosnaidhe céadna do tharrang mar do-rigne tú in-allód ós cionn uaighe Lásaras, is iomdha osnadh ath-thruaghach chráidhte do thairngeóchthá anois, ag dul isteach dhuit ins na béalaibh neamh-ghlana, dia-mhasluightheacha dhuit ins na béalaibh neamh-ghlana, dia-mhasluightheacha úd nach míochosmhail iad le huaighibh osgailte chum bréantas agus malluightheacht do leathadh, mar adubhairt an Fáidh Ríoghamhail - Sepulcrum patens est guttur eorum. Admhuighmís, ar an ádhbhar sin, a chríostaidhthe, ár bhfaillighe agus ár neimh-fhiúntacht. Is ró-fhánach bhíonn an creideamh ómósach soin againn le n-a dtugamuid fá ndeara Corp Naomhtha an Tighearna. Is é creideamh as gnáthaighe againn, creideamh lag foirimleach do-bheir éitheach dó féin nuair do cuirtear i ngníomh é; 'n-ar dóigh linn, nach n-iarrann nídh eile orainn acht admháil osgailte do dhéanamh, agus gan éimeachtain gurab é Corp Naomhtha an Tighearna bhíos i lámhaibh an tshagairt, len-a gcaillimid ár n-urraim 's ár n-ómós dó le hiomarcaidh taithighe agus dlúth-mhuinnteardhais, nó ár ngreann is ár n-annsacht le hiomad faillighe; in-éan-fhocal, creideamh seasgair tuataidhe bhíonn againn, gan bhrígh, gan bheódhacht, agus mar sin, neimhfhiúntacht do'n Dia uile-chumhachtach do thaisbeánann sé dhúinn. Is é ní chialluigheas do Chorp d'eidirdhealughadh, a Shlánuightheóir, níos mó ceana agus
macnais do bheith againn ar an lón neamhdha so 'ná ar fheóil is méithreas na hEigipte, dá dheagh-bhlasda, is a chur in-aithne dhúinn, gurab é féin ár sólás aonracánta ins an ngleann so na ndeór, milseacht agus laighdiughadh ar ár bpiantaibh, leigheas folláin ar ár gcneadhaibh, agus dúil ghnáthach na n-anam bhfíréanta. Is ann féin do-gheóbhmuis, gan éin-mhearbhall, síothcháin 'n-ár mbuaidhreamh, fuithin agus díon láidir 'n-ár n-anró agus 'n-ár ngéir-leanamhnaibh; sgiath dín agus clogaid comhraic chum sinn do chosaint ar ionnsaidhibh an mhic mhallachtain; furtacht chumasach in-aghaidh saighde nimhneach na colna cuirpthe; agus áird-mhian chum ár gcrábhadh agus ár gcaon-dúthracht do leasughadh agus d'athnuadhchain. Go fírinneach, a Thighearna, chum do Chorp Naomhtha d'eidir-dhealughadh, ní mór níos mó aireachais agus imshnímh do bheith orainn 'ná chum éan-saothair eile dár mbeathaidh; ómós do bheith againn do'n teampall in-a dtugtar onóir agus mór-mholadh dhuit: do na sagartaibh coisrigthe dobhíonn ag friothálamh dhuit, agus dár gcolainn féin do ghlacann agus do shealbhuigheann go fírinneach thú. 'San dara háit, déanamuis léar-sgrúdadh ar ár cogcubhas, ag machtnamh ar naomhthacht na Sacraiminte seo, agus ar ár malluightheacht féin, fá mar do mhúineann an tEaspol dúinn, - Probet autem seipsum homo - óir is é, gan éan-amhras, feóil Iosa Chríost é, arán na n-aingeal, agus an tUan gan teimheal, le nach ionmhain acht na daoine nár thruailligh iad féin fós leis an bpeacadh mharbhthach, nó an mhuinntear, tar éis tuitim ann, d'ionnlaidh iad féin i bhfuil na haithrighe, agus dobhíos ag sír-chleachtadh na subhailcí o shoin ale. Acht fiafruighim díot anois, a chríostaidhe atá ag triall chum Comaoine leis an oiread soin neamhmhothughadh, an dtugann
tú leat chuige banamhlacht, measardhacht, cneastacht, agus neimh-chionntacht? An n-eadh nach bhfuil uachtaránacht agad 'dhroch-chlaontaibh agus ag do shaobh-nósaibh fós ar do chroidhe mheathta? Nó an bhfuil éin-ionad dod' cholainn, nó ball dod' bhallaibh slán folláin gan comharthaí malluightheachta air? Agus, dá bhrígh sin, cá bhfuighidh tú ionad oireamhnach chum Corp Naomhtha an Uain trócairigh do shuidheachan? Ní féidir gurab ar do theangain do chuirfeá é, atá chomh truaillighthe sin le salachar agus bréantas, le bréig agus le héitheach, le díoghaltas, le gearrthóireacht agus le monabar i gcoinne na comharsan? Agus dar ndóigh, ní leómhfá é 'chur ar do chroidhe atá chomh lom-lán do dhúilibh mío-bhanamhla, do mhiangasaibh brúideamhla náireacha, do thnúth, do fhormad, do shainnt agus do dhíomas. Ní féidir go gcuirfeá an Corp Naomhtha úd, do céasadh ar do shon, i lár na mbeathaidheach éigciallta gráineamhail san, ná ionad comhnuidhthe do réidhtiughadh dhó 'n-a measg. Gidheadh, is gnáthach le críostaidhe a rádh - do-rigne mé léarsgrúdadh ar mo chogcubhas, agus níor ghlacas Corp Naomhtha mo Shlánuightheóra gan faoisdin do dhéanamh roimh-ré. Bíodh go ndeárnaidh tú soin, cionnas thiocfaidh tú chum é 'ghlacadh leis an mbéal cheudna as ar theilg tú, níl nóimeant ó shoin, an oiread soin coirtheach gráineamhail, agus le croidhe atá ar adhaint fós le míle droch-chlaonta nár múchadh, agus dobhéidh imbáireach nó uman-oirthear, ath-adhanta arís chomh dona agus chomh tubaisteach agus dobhíodar riamh; agus, tar 'éis sin, níl náire ná mántacht ort teacht go hurradhasach chum na haltóra, agus bheith rann-pháirteach ins an tSacraimint seo, atá geárrtha amach chum cothughadh agus oileamhain spioradálta na bhfíréan: 's é sin le rádh, ag éirghe suas dod' ghlúinibh dhuit ód' oide faoisdine, is é an Chomaoine do
dhéanann ionad aithrighe dhuit, go ngluaiseann tú d'éinrith ó'n bpeacadh gus an altóir; agus in-ionad deóra troma flúirseacha do shileadh i measg lucht' na haithrighe fíre, tagann tú chum compórd an Tighearna do bhlaiseadh i bhfochair na Naomh agus na ndaoine mbeannuighthe: in-ionad tú d'oileamhain le harán na duaidhnéise agus an chruadhtain, ritheann tú suas chum na cóisire flaitheamhla seo: in-éan-fhocal, in-ionad seasamh siar go foirísiol ag dorus an teampaill mar an puibliocánach, ní mór dhuit bheith chomh dána agus dul isteach 'san Ionad Naomhtha féin. I dtosach na hEaglaise, agus ar feadh mórán aimsire 'n-a dhiaidh, ní raibh sé ceaduighthach ag na haithrighighibh Corp Naomhtha an Tighearna do ghlacadh acht tar éis bliadhanta foirlíonta do chaitheamh in-urnaighthibh, i dtrosgadh agus i dtréadhanas. d'ionnlaidís a peacaidh len-a ndeóra; agus dob'é an Chomaoine, mar sin, an t-arán beannuighthe do chosain mórán duaidh agus allais do'n pheacthach. Acht indiu, is dóigh leis an bpeacthach go ndéantar leór-shásamh do Dhia 'n-a pheacaidhibh, má ghníonn faoisdin ionnta; measann sé go dtugann an absolóid croidhe-bhrughadh uaidh féin dó, agus nach n-iarrann an ghlaineacht as dual do bheith aige chum Corp Naomhtha an Tighearna do chaitheamh, acht admháil fhírinneach ar lobhthacht agus ar bhréantas a chneadh. Ná meallaidh sibh féin, a chríostaidhthe. Comaoine gan bhrígh gan tairbhe a leithéid sin: itheann agus ólann sibh bhur ndaoirbhreitheamhnas féin. Níor múchadh bhur mioscais ná bhur ndíoghaltas fós. Tá sibh ag coimeád an droch-chomhluadar chéadna thug fá ndeara ... Tá cuid do'n láimh-scríbhinn ar iarraidh annso.
An Dara Roinn. ....tSacraimint seo, mar is ann do-rigne Iosa Críost íodhbairt de féin do'n Athair Shíorruidhe, ag sgaramhaint go rúindiamhrach a chuid fola agus feóla. Acht is é ceacht éifeachtamhail as féidir linn d'fhoghluim as, gur cóir dhúinn bheith ag colamhain na h-altóra chomh maith is dá mbéimís ag bun na croise, go díreach mar na deisciobail agus mar mhná cathrach Ierusalem, dobhí ag feitheamh le hosnaidhe déidheanacha Iosa Chríost do chloistin, agus d'fhan do láthair, nó go bhfeacadar íodhbairt fholamhail na croise dá coimhlíonadh. Acht tá sé soiléir créad é méad an ghráin agus an fuath dobhí aca ar lucht básuighthe a maighistir, agus créad é chomh doimhin agus do ghabh gach easmail, gan peannaid, agus gach dochar dá fhuiling sé trín-a gcroidhthibh anonn, ionnus go n-abraidís leis an Athair Uile-chumhachtach - “Buail, a Thighearna, buail sinn-ne atá cionntach, acht coigil ár Maighistir atá neimh-chionntach.” Ar an ádhbhar soin, a cháirde, dalta do dhéanamh fós do'n tshaoghal so, náire bheith oraibh mar gheall ar an gcroich chéasta, gan bhur Slánuightheóir d'admháil go hosgailte gan spleádhchas i láthair na ndaoine, agus, tar 'éis sin, bheith in-bhur ndlúth-chomhnaidhe leis ins an gComaoine, níl ann acht an t-éitheach lom-nochtuighthe do thabhairt daoibh féin. Do bhuaidh ár Maighistir-ne ar an saoghal so: do bhásuigh sé a lochta agus do cheangal do'n chrois iad. Dá bhrígh sin, tá sé d'fhiachaibh orainn-ne aithris do dhéanamh air ins an gComaoine; cuimhneamh ar an gcoscair agus ar an nglan-bhuadh rug sé; agus má mhaireann an saoghal fós in-ár gcroidhthibh, é do theilgean
uainn gan mhoill, d'eagla toradh móréadálach a bháis do chailleamhaint, nó a pháis d'athnuadhchan in-ionad é 'chraobhsgaoileadh. Fá dheóidh, aithrismíd bás Iosa Chríost leis an gComaoine, mar is é coimhlíonadh iodhbarta na croiche céasta é, agus gheibhmíd toradh agus tairbhe na hiodhbarta sin ann. Acht is é ní do-bheir ceart dlisteanach dhúinn chum toradh na croiche céasta, agus mar sin chum toradh na croiche céasta, agus mar sin chum Comaoine, trosgadh agus tréadhanas do dhéanamh go ró-mhinic; anró agus bochtaineacht d'fhulang go foighideach; gach easonóir dá bhfagham do mhaitheamh ó chroidhe, agus beatha inmheadhónach aithrigheach do chleachtadh. Fiafruighim daoibh, créad é an chóir ná an cearta atá ag an té mhaireas i lár sáimhe agus seasgaireachta, lán do mhórchúis agus d'uabhar, agus é cothuighthe le biadh agus le deoch dá fheabhas, é féin d'oileamhain le feóil do céasadh ar chrann scannalach na croise? A chríostaidhthe, chum sibh féin d'oileamhain go tairbheach le feóil Iosa Chríost, ní mór d'bhur mballaibh bheith n-a mballaibh oireamhnacha dhó-san; ní mór d'bhur gcolnaibh bheith cosmhail len-a cholainn sin. Acht is colann chéasta colann Mhic Dé, agus ní raibh ball dá bhallaibh gan pianta nimhneacha d'fhulang. Dá bhrígh sin, má chuireann beagán anacra ná droch-amhantar saoghalta buaidhreamh fós oraibh, muna dtréigidh sibh bhur ndroch-chomhluadar, agus muna ndeanaidh sibh mórán oibreach smachtuighthe na colna, ní thiocfaidh libh bhur gcuid fola agus feóla do chomh-aontughadh le feóil mhasluighthe an Tighearna, óir níl sé ceadaightheach ag éinneach é féin d'oileamhain le méithreas na talmhan so agus leis an arán neamhdha úd in-éinfheacht, go díreach mar chlann Israel, ag nár thúisge do bhlaiseadar tortha na talmhan tar éis teacht thar teórain tíre Chanaan dóibh, 'ná níor thuit an manna chúcha ní ba mhó, agus ní
fhuaradar an oileamhain neamhdha sin ní ba shia: defecitque manna postquam comederunt de frugibus terrae. An Críochnughadh. O, a Shlánuightheóir ró-mhilis, tá toradh na Comaoine Beannuighthe, nuair do-ghníthear mar as cóir é, chomh haoibhinn, chomh hiomadamhail sin, nach cás é do mhothughadh ná d'aithint do'n chéad amas! Bíonn an t-anam do ghlacann tú mar as dual chomh sgéimheamhail, chomh foirlíonta suas do ghrásaibh agus dod' mhór-thiodhlaicthibh, ar chor, dá mbéimís gan éan-chomhartha eile againn ar olcas agus ar neimh-fhiúntacht ár gComaoine, acht nach mbraithimíd atharrughadh iomchair na beathadh dá shaothrughadh uaidh, nár beag dúinn é chum náire, chum crith-eagla do bheith orainn. Nuair ithimíd do chuid feóla neartmhaire mar as dual do'n fhíréan, bímíd 'n-ár gcomhnaidhe ionnat, agus tusa id' chomhnaidhe ionainn: 'sé sin le rádh, go bhfágbhann do chuid Fola ró-uaisle, atá ag sileadh síos 'n-a sruthánaibh sonais trín-ár bhféitheannaibh, na dúile céadna, an chneasteacht chéadna, agus an aigneadh céadna bhí agat féin ionainn, ionnas nach mbíonn ionainn acht do mhacsamhail féin, gur ró-chosmhail sinn le ríogh-thánaistíbh, nó le hoighridhibh na fola ríoghdha, 'n-ar chóir go bhfeicfidhe 'n-ár ngnúis agus 'n-ár n-éadan íoghair mórdhachta, ag craobhsgaoileadh ár n-uaisleachta agus ár ndlúth-chomhfhogais leat; dá bhrígh sin, go bhfil sé lán-oireamhnach aigneadh uasal neamhdha do bheith againn, agus gach aigneadh spadánta talmhaidhe do theilgean uainn, agus gan ár gcroidhthe bheith fós dár dtarrang tríd an lathaigh, acht iad d'árdughadh go móir-intinneach misneamhail os cionn na gcréatúirí.
Nuair ithimíd do chuid feóla mar as dual, múineann tú dhúinn cionnas do mhairfimís ar do shon, agus cionnus a mhairfimíd tríot go síorraidhe. Gidheadh, tar 'éis sin uile, cread é an chiall go mairimíd níos mó do'n tshaoghal cailleamhnach so, dá réim agus dá rachtmas, d'aoibhneas agus d'ollmhaitheas na beathadh, ar son ár gcloinne, ár ndaoine muinnteardha, agus ár gclannmhaicne, agus gan fiú na leath-uaire 'san ló do chaitheamh ar do shon-sa? Acht fiafruighim díot mar sin, a Thighearna, cad as cóir dhúinn do dhéanamh? An é druideamhaint siar ód' Chorp Naomhtha, milseacht na beathadh críostamhla do thréigean, agus gan lón marthannach na gcompórd doichríochnuighthe do bhlaiseadh feasta arís? O! ní headh go fírinneach a Iosa! Ní hé sin do chomhairle dham. Ní hé sin ba mheabhair leat, nuair do cheap tú do Chorp Naomhtha mar Shacraimint, agus mar Aifrionn comhnuightheach ag d'eaglais. Níor mheabhair leat, go dtréigfimís mar sin thú, acht ba mhaith leat go n-ullmhuighmís sinn féin chum tú 'ghlacadh. Níor mheabhair leat arán do chlainne toghtha d'éimeachtain orainn, acht ba mhaith leat, nach gcuirfeadh ár malluightheacht d'fhiachaibh ort damaint shíorraidhe do shíneadh chughainn id' ionad féin. Ullmhuigh, a Thighearna, da bhrígh sin, ullmhuigh i meadhon ár gcroidhthe ionad comhnuighthe dhuit féin; mínigh na hárdáin; dírigh na caim-bhealaigh, cóirigh ár miangasa; smachtuigh ár ndroch-chlaonta; agus cruthuigh ionainn smuainte nua. Agus, ó's tusa amháin len-ar féidir slighe sonais d'ullmhughadh romhat féin, deónaigh bheith id' réimhtheachtaire agat féin, agus líon suas ár n-anamna dod' Spiorad agus dod' ghrásaibh, do-chum go mb'fhiú sinn do Chorp Naomhtha do ghlacadh, agus
maireachtain id' fhochair ins na flaitheasaibh i gcomhluadar na Naomh is na nAingeal le saoghal na saoghal! - beannacht mharthannach iarraim daoibh-se is dam féin in-Ainm an Athair agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.
Seanmóir a Trí An Bheatha Shíorraidhe. (Soisgéal do'n Domhnach tar éis lá na dTrí Ríghthe). Créad an fáth 'n-ar loirgeabhar mé? Nach raibh 'fhios agaibh gurab éigean dom bheith cúramach timcheall gnótha m'athar? (Briathra léighmid ag Naomh Lúcás Soisgéalaidhe, an dara caibidil, agus an naomhadh rann tar éis an dá fhichid). Créad an fhoghlaim í sin ar ar labhair Iosa Críost indiu i measc dochtúirí an dlighidh? An n-í foghlaim riaghaluightheóirí glioca amasach an tsaoghail seo, deo chuireas bréigriocht ar an uile nídh chum a n-intinn agus a miana neimh-dhlisteanach do thabhairt chum crích e? Ní hí, a dhearbhráithreacha, óir deimhnigheann an Slánuightheóir grádhmhar dúinn, muna dtigmid chum bheith bog simplidhe, ar nós na leanbh, nach n-áitreóbhamuid go bráth ríoghacht na bhflaitheas. An n-í foghlaim, nó ealadha, sinn féin do dhéanamh saidhbhir 'san tshaoghal so? Ní hí, óir ní admhálann Iosa Críost do shaidhbhreas 'san tshaoghal so acht na grása agus an ghlóir shíorraidhe. An n-í foghlaim sinn féin d'árdughadh chum onóra agus áirdchéime, chum ár n-ainmhiana do shásamh? Ní hí, óir is é roinn dheisciobail Iosa Chríost an umhlacht fá leith. Leis sin, créad í an fhoghlaim ar an labhair sé i measg na ndochtúirí? Atá, a dhearbhráithreacha, foghlaim na Naomh, réir Dé do dhéanamh chum áirdchéime 'thuilleamh 'sa bhflaitheas. Seo í an fhoghlaim atá d'ualach ar sheirbhíseachaibh an Teampaill do theagasg do na fíréanaibh, nó
do na críostaidhthibh chum aitheanta Iosa Chríost do choimhlíonadh. Is í an fhoghlaim seo an mhór-obair len-a raibh a intinn féin líonta ón-a chliabhán, mar as soiléir so-thuigse ó'n bhfreagra thug sé ar a Mháthair Bheannuighthe, agus doghnídheas príomh-ádhbhar an teagaisg seo. Ní raibh 'n-a bhás agus 'n-a bheathaidh acht an uile mheadhon chum sláinte shíorraidhe an chinidh daonda do shaothrughadh. Ag seo an nídh céadna ar ar mian liom trácht libh i dteagasg an lae indiu: 's é sin le rádh, gurab í an bheatha shíorraidhe do shaothrughadh an obair as tábhachtaighe agus as suimeamhla 'san domhan, ar a dtráchtfad 'san gcéad roinn dom' chomhrádh. 'San dara háit, nach bhfuil obair 'san domhan, ag labhairt go coitcheann, as mo curtha i bhfaillighe 'ná í. Leis seo cuirfidh mé síos fo-mheadhóin chum mór-oibre na sláinte síorraidhe do shaothrughadh: sin iad na neithe ar a dtráchtfad 'san dara roinn. Acht chum go mb'fheáirrde thiocfadh liom an teagasg so do chur i gcéill daoibh, agus chum gur móide rachadh sé chum glóire Dé agus leasa anma gach n-aon dá bhfuil do láthair, guidheamaoid cabhair an Spioraid Naoimh tré eadarghuidhe na Maighdine Glórmhaire Muire ag rádh Fáilte an Aingil, srl. An Chéad Roinn. Tá dhá cháilidheacht ann go prionnsapálta do thaisbeánas tábhacht agus suimeamhlacht éin-nídh .i. a riachtanas agus a mhaitheas; agus seo an dá cháilidheacht oireas go hiomshlán d'obair na sláinte shíorraidhe obair as riachtanamhal as féidir le duine do bheith aige, acht fós gurab í an éan-obair as riachtanach í.
Múineann Iosa Críost féin an nídh seo dhúinn ar mhódh ró-chorruightheach. d'imthigh sé tráth go teaghlach an dias deirbhsheathrach .i. Marta agus Madailéin. Dobhí intinn agus aigneadh Mhadailéin go hiomshlán ar chomhrádh len-a Maighistir Naomhtha, agus an éisteacht len-a bhriathra agus len-a ghuth beannuighthe, an feadh dobhí a deirbhshiúr cúramach ag gléas féasda do'n té do-rigne d'onóir dhi techt dá fiosrughadh. Ní raibh ó Mhadailéin, mar adeir San Aibhistín linn, acht í féin d'oileamhaint leis an arán .i. leis an mbeathaidh neamhdha do roinn sé go fiarsing fiúnta, an áit nach raibh ón-a deirbhshiúir acht beatha agus oileamhain chorpordha do thabhairt do'n té bheireas oileamhain agus beatha do chréatúiríbh an domhain le chéile. Nuair do-chonnaic Marta an duadh agus an trioblóid dobhí uirri féin ag ullmhughadh beathadh dá deóraidhe, do ghearán sí nach raibh a deirbhshiúr ag tabhairt congnamh ar bith dhi, agus gur fhág sí an duadh go hiomshlán uirri féin. An deóraidhe .i. Iosa Críost, a bhfad ón-a páirt do ghlacadh, d'fhreagair í ins na briathraibh iongantacha so, nár cheart dúinn do dhearmad go bráth: “A Mharta, a Mharta (ar sé) do-bheir tú an iomarca duaidh agus trioblóide dhuit féin i mórán neithe; gidheadh, bíodh 'fhios agat nach bhfuil acht éin-nídh amháin riachtanach. Rug do dheirbhshiúr Madailéin, ar a bhfuilir ag gearán agus ag tabhairt milleáin, an rogha as fearr - rogha nach gcaillfidh sí agus nach mbainfear dhi go bráth.” Cad is dóigh libh, a dhearbhráithreacha, do'n bhreitheamhnas soin an tSlánuightheóra, nó cad é an breitheamhnas do-bhéarfadh sibh ar a leithéid d'ócáid? Nár dhóigh le duine go raibh iomchur Mhadailéin mí-bhéasach, neamhmhúinte; ar an dtaoibh eile, go raibh iomchur Mharta
ionnraic oireamhnach, ag déanamh na hoibre as mó ar an talamh .i. ag déanamh a dhíchill ar Shlánuightheóir an domhain do ghlacadh 'n-a teaghlach mar ba chuibhe? Ar a shon soin, thug Iosa malairt breitheamhnais ar an nídh. Ní dhéanann Críost acht neimhnídh do ghníomharthaibh foirimeallacha saoghalta i gcompráid d'éan-nóiméad amháin in-obair na sláinte síorraidhe. Ní raibh 'n-a ndubhairt an Slánuightheóir beannuighthe an uair sin, acht sír-leanmhaint a bheathadh agus a mhian chum sláinte síorraidhe an chinidh daonda. Ar an uile ócáid thigeas 'n-a shlighidh, taisbeánann sé gurab í sin an éan-obair as riachtanach. Má iarrann an diabhal air, na clocha d'iompodh 'n-a n-arán chum ocrais do shásamh, mar a léighmid ag Matha Soisgéalaidhe, an ceathramhadh caibidil, freagrann é, nach é an t-arán amháin beatha an duine, acht focail bheannuighthe Dé. Má iarraid a dheisciobail air, oileamhaint do ghlacadh tar éis riain fhada, mar a léighmid 'san gceathramhadh caibidil do Naomh Eóin Soisgéalaidhe, spreagann iad go bhfuil beatha eile ró-neamh-chosmhail leis an mbeathaidh sin do thairgid dó .i. toil a Athar do choimhlíonadh, ag oibriughadh sláinte síorraidhe an chinidh daonda. Dob'é sin bun agus críoch a shaoghail uile, agus chuige sin do thuirling sé ó na Flaithis. Is chuige sin do ghlac sé colann daonda air. Má ghníonn teagasg, má ghníonn míorbhail, má ghníonn trosgadh, má ghníonn urnaighthe, má imthigheann ar feadh an domhain ag craobhsgaoileadh an tSoisgéil, is chum na críche céadna é. Is chuige sin, adeirim, d'fhulaing sé páis agus bás, ionnus go raibh a oideas nó a theagasg agus a ghníomhartha d'éan-nádúir. Ar uairibh adeir sé nach bhfuil maitheas do'n duine an domhan uile do bhuadhchan má chailleann sé a anam féin, mar a léighmid ag Matha Soisgéalaidh 'san seiseadh
caibidil déag: “Quid enim prodest homini si mundum universum lucretur, animae vero suae detrimentum patriatur?” Ar uairibh eile comhairligheann a dheisciobail, agus na fíréin uile 'n-a bpearsain, fíoch nó coimhéigean do dhéanamh orra féin chum ríoghacht na bhflaitheas do thuilleamh. Gríosann iad, spreagann iad, déanann an uile nídh chum a chur d'ualach orra iodhbairt do dhéanamh dá gcuid do'n tshaoghal, dá saidhbhreas, dá n-aoibhneas, dá sláinte agus dá ngradam, in-éan-fhocal dá mbeathaidh, chum na mór-oibre sin na sláinte. Seo an nídh chialluigheas na somplaí nó na cosamhlachtaí 'n-a bhfuil an Soisgéal tuilte, agus an t-ionnmhas foluighthe; seo, adeirim, nídh nach fuláir a cheannach ar chostas a bhfuil againn 'san tshaoghal, dá cheanamhlacht. Do thuigeadar na Naoimh go sár-mhaith intinn an árd-riaghluightheóra agus do leanadar a shompla. Créad nach ndearnadar chum an aoibhnis agus na háird-chéime 'n-a bhfuil siad indiu do thuilleamh agus do shaothrughadh dhóibh féin? Chum a chur i dtuigsint daoibh mar badh chóir, níor bh'fhuláir a ngníomhartha iongantacha do chur os bhur gcomhair, mar atá a gcathaidhe, a mbuaidhreamh, a n-aithrighe, a dtrosgadh agus a dtréadhanas, a neamh-shuim 'san tshaoghal, a ndiúltadh iomshlán do'n uile nídh chuirfeadh compórd orra 'san tshaoghal so, mar atá onóir, aiteas, saidhbhreas; agus, nios mó 'ná sin go léir, an céasadh inmheadhónach agus an diúltadh thugadh dóibh féin, an buadh iomshlán rugadar ar ainmhianaibh na colna agus na nádúire. Do chaith cuid aca a mbeatha ar nós na ndaoine bhfiadhain, agus do chomhnuigheadar trí fichid bliadhan 'san bhfásach i measg na mbeathaidheach n-éigciallta - agus sin go léir chum a gCruthuightheóra do shealbhughadh lá eile. Do thréigeadar an mhuinntear so a maoin, a
saidhbhreas, a n-óirchiste, agus a ngrianáin ró-áilne, ró-mhaiseamhla. Do dhiúltuigheadar coróineacha agus riaghlughadh críoch. Do thréigeadar an rachtmas dob'aoirde agus dob'onóraighe. Cuid eile thug suas iad féin do na pionósaibh agus do na peannaidibh ba ghonta agus dob'uathbhásaighe. d'fhuilingeadar go buaintsheasmhach an uile shórt báis agus páise, dá chruadhálaihe agus dá uathbhásaighe, chum coróin na síorraidheachta do shaothrughadh agus do thuilleamh. Cad chuige an fhulaing Naomh Labhrás é féin do dhóghadh nó do losgadh ar ghreidil le laig-theine? Cad chuige ar fhulaing Naomh Partholán an croiceann do bhuaint de 'n-a bheathaidh? Nach chum na beathadh síorraidhe do dheimhniughadh dhóibh féin? Ní dhearnadar acht neimhnídh d'olc agus do mhaitheas an tshaoghail seo i gcomóradh d'olc agus do mhaitheas na síorraidheachta. Indiu féin, cá mhéad fear agus bean dhruideas iad féin suas i mainistreachaibh agus i dtighthibh riaghalta chum na colna do smachtughadh? Ag trosgadh gach uile lá, ag obair gan sosadh, ag rádh agus ag seinm na hOifige Beannuighthe do ló agus d'oidhche; in-éan-fhocal, ag fulang agus ag gabháil tré gach cruadháil, dá mhéid agus dá thrioblóidighe. O! a mhuinntir úd do chaitheas sólás agus aiteas an tshaoghail seo, cionnas as dóigh libh an luach saothair céadna d'fhagbháil, do-gheibhid na seirbhísigh seo an Tighearna do chuireas síor-chogadh orra féin, an feadh bhíonn sibh-se ag lorg agus ag caitheamh an uile nídhe chum sásaimh agus compóird do chur oraibh, agus ag séanadh agus ag seachaint gach uile chruadhála agus trioblóide, dá laighead. Ní beag dúinn ciall nádúrtha agus gnáith-eólas chuma chur 'n-a luighe orainn féin cad é chomh riachtanach agus atá obair na sláinte síorraidhe. Nach bhfuil 'fhios againn
uile, agus nach bhfeicmid gach éan-lá, nach bhfuil i ngnóthaidhe an domhain le chéile acht neimhnídh i gcompráid do'n obair sin ár slánuighthe? Bíodh go dtiocfadh duine chum an fhortúin as aoirde, agus 'chum na honóra agus chum na caithréime as mó 'san domhan; bíodh go dtiocfadh duine chum a bheith 'n-a phápa, 'n-a impire, nó 'n-a rígh; bíodh, adeirim, go dtabharfadh an saoghal urraim agus fómós dó; fós, go n-adhraidís é mar dhia ar an talamh; bíodh, leis sin go léir, go bhfuil an tsláinte as fearr 'san domhan aige, créad 'n-a gcríochnuigheann soin uile. Críochnuighean 'san uaigh. A chríostaidhthe, tiocfaidh an ceann céadna d'iomchras, nó ar a bhfuil an choróin ríoghdha chum a bheith 'n-a áitreabh phiast. Tiocfaidh an cholann chéadna tugadh suas chomh hiomarcach chomh galánta soin, chum a bheith n-a bheathaidh do phiastaibh adhfhuathmhara gráineamhla. Cá mhéad duine chonnacamar dá n-iomlait féin a saidhbhreas, agus ó nár theastuigh ní ar domhan chum a saoghail agus a mbeathadh do chaitheamh go sólásach? Nach bhfuaradar uile bás? Nár fhágbhadar a saidhbhreas ag daoinibh eile dá ndéis? Éirigh agus tásdáil, nó féach an tuamba nó an uaigh 'n-ar cuireadh iad. Cad do-gheibheann tú ann, acht piasta agus dreóidhteacht agus breántas? Tá drong daoine ann nach bhfuil 'n-a mbeathaidh acht aiteas, aoibhneas, agus caitheamh aimsire. Acht cionnas soin go léir? Críochnuigheann mar seo, a dhearbhráithreacha; tiocfaidh an galar agus an t-éagcruas i ndiaidh na deagh-shláinte; an trom-aois agus an ársacht i ndiaidh an aitis agus na meanman; pianós agus pianta i ndiaidh an chaitheamh aimsire. Do chaith a lán do'n tshaoghal mórán do'n tsaoghal ar bhainsibh agus ar phóstaibh le hiliomad aitis agus aoibhnis,
agus cad dobhí dá bhárr aca lá arn-a bháireach? Cad a bhéas aca, adeirim, lá a mbáis do bhárr na bpléasúr agus na gcaitheamh aimsire mí-riaghalta cionntach dá dtugadar iad féin ar feadh a mbeathadh, muna mbéadh doilgheas ró-mhór, sgrupail iongantacha cogcubhais, nó, dob'fhéidir, éadóchas iomshlán uathbhásach? Abramaoid arís le hIosa Críost: “cad é an tairbhe do'n duine, an domhan uile do shealbhughadh agus 'ainmhiana do shásamh ar feadh beagáin aimsire, má chailleann sé a anam féin, agus má chíonn sé é féin daortha chum pianta ifrinn d'fhulang ar feadh na síorraidheachta.” Créad é an tairbhe do'n duine shaidhbhir, ar a léighmid 'san séamhadh caibidil déag do Naomh Lúcás, feabhas an bídh agus na dighe do bhí aige i rith beagáin aimsire 'san tshaoghal so, agus go mbéidh ag fulang tarta agus ocrais an lucht damanta ar feadh na síorraidheachta? Créad an maitheas do mhórán daoine an saidhbhreas agus an fortún dorigneadar ar chostas a gcogcubhais, na hoighridhe sonaidhe sásta d'fhágadar 'n-a ndiaidh, ó tá siad féin caillte gan gairm tar a n-ais? Cad é an maitheas dúinn a nglacamaoid orainn 'san tshaoghal so do ghnóthaíbh agus do chúram, do dhuadh agus do thrioblóidíbh, ó's éigin dúinn iad uile d'fhágbháil 'n-ar ndiaidh i bhfír-bheagán aimsire chum imtheacht go hionad ár mbuan-chomhnaidhe? Is cuma dhúinn ar feadh ár n-aimsire 'san tshaoghal so, cia aca a bhéidhmid bocht nó saidhbhir, lag nó láidir, go maith nó ar dhíth sláinte, ó's éigin dúin fá dheireadh ár gcoingheall d'aistriughadh, agus fanamhaint go bráth 'san gcoingheall 'n-a mbéidhmid ar an móiment déidheanach dár saoghal; 'sé sin le rádh, sábhálta nó damanta. Bíodh gur mhair duine céad bliadhan, go raibh a rachtmas buain-tsheasmhach mar aon len-a cháirdibh uile agus len-a ghaoltaibh, bíodh go
bhfaca a chlann i ngradam agus in-onóir, cionnas d'fhéachfadh sé orra so go léir ar leabaidh a bháis agus ar an mbuille chum an phuith dhéidheanaigh do chur amach? As so, a dhearbhráithreacha, is follus nach bhfuil 'san tshaoghal so acht suarachas agus buaidhreadh aignidh, do réir agaill an Spioraid Naoimh, agus nach bhfuil acht éinnídh amháin riachtanach agus do thuilleas ár n-aire agus ár n-imshníomh; 's é sin obair na sláinte síorraidhe, do bhrígh gurab í an tshláinte shíorraidhe gan comóradh obair as mó 'san domhan. Tá dhá mhodh chum luach éan-tshaothar d'fhagbháil amach, 's é sin, an meas nó an breitheamhnas a bhíos a lucht 'aitheanta air, agus na fiacha do chuirid siad 'n-a cheann; óir chum luach nó fiacha earraidh ar domhan d'fhaghbháil amach, ní fuláir comhairle d'iarraidh ar lucht 'aitheanta agus a thuigseana. Cuir péarla cloch-luachmhar i measg blúireach criostail nó gloine do'n fhuirm agus nach mór do'n daith chéadna, agus tabhair a rogha do dhuine nach bhfaca riamh roimhe sin a leithéidí. Bhéarfaidh rogha ar nós an daill. Tógfaidh sé blúire do'n ghloine nach fiú pighinnín chomh luath leis an bpéarla as fiú míle púnt. Mar an gcéadna do'n tshaoghal i dtaoibh oibre na sláinte síorraidhe, an péarla sin an tSoisgéil nach féidir fiacha do chur 'n-a cheann. Leis sin, a dhearbhráithreacha, iarramoid comhairle ar Iosa Críost agus ar na naomhaibh i dtaoibh luach agus fiacha na sláinte síorraidhe. Fiafruighmíd créad adubhradar air. Léigheamaoid an Soisgéal agus sgríbhinn na nAithreacha Naomhtha; agus 'n-a dhiaidh sin, féachamaoid cionnas mar cheannuigheadar an ghlóir agus an t-aoibhneas 'n-a bhfuilid indiu, agus cad thugadar uatha 'n-a n-áit. Thug an taoiseach .i. Iosa Críost, é féin suas chum báis, agus do dhoirt an braon déidheanach dá chuid
fola chum sláinte shíorraidhe na n-anam do shaothrughadh. Thugadar na Naoimh uatha, mar an gcéadna, a raibh aca; do-rigneadar iodhbairt díobh féin chum na críche céadna do thuilleamh dhóibh féin. Anois, a chríostaidhthe, do bhrígh go ndearna Iosa Críost an oiread soin chum ár slánuighthe agus ár sábhála, cad nár chóir dhúinn do dhéanamh 'n-ár gcúis féin, agus chum ár maitheasa féin? Acht chum go mb'fheáirrde thiocfamaois chum ár sláinte shíorraidhe do shaothrughadh, cuirimíd í go fóill le gnóthaidhe eile an tshaoghail seo. Créad o dhéinid na daoine ar an saoghal so? Múineann, a dhearbhráithreacha, an Fáidh Isaias dúinn é 'san naomhadh caibidil déag tar éis an dá-fhichid, mar a n-abair sé: Telas araneae texuerunt .i. “Ní dhéinid acht sranga nó neadracha dabháin-alla,” 's é sin le rádh, neimhní agus suarachas. Créad í críoch taisdil imigcéinigh ar fhairrge, tráchdáil ceannaidhthe, alluis lucht' oibre agus ceárdaidhthe? Atá neadracha dabháin-alla do dhéanamh. Créadh í críoch an rachtmais as aoirde, na bpósadh as ághmharaighe? Ní'l acht neada dabháin-alla 'dhéanamh. Leis sin, a chríostaidhthe, gabhamaoid do láimh an obair thairbheach bhuaintsheasmhach úd ná téidh ar gcúl go bráth: Cruinnighmíd lón agus saidhbhreas i gcomhair na síorraidheachta, do réir oidis agus comhairle Iosa Chríost 'san séamhadh caibidil do Mhatha Soisgéalaidhe, mar a n-abair. “Thesaurizate autem vobis thesauros in coelo; ubi neque aerugo, neque tinea domolitur,” srl. Seo é, a chríostaidhthe, an óir-chisde agus an saidhbhreas nach n-itheann an mheirg agus nach féidir le buachaillíbh díomhaoine do bhrith leó, nó chum siubhail. Dá bhrígh sin, a dhearbhráithreacha, tugamaoid dí-mheas agus tarcuisne do neithibh suaracha díombuana an tshaoghail seo. Smuaineamaoid nach bhfuil ionnta acht sgáth; ná déanamaois aithris ar
na daoinibh mí-fhortúnacha mí-ághmharacha so d'fhéachas ar obair a sláinte síorraidhe mar an obair dhéidheanach, ní ar ar gheallas trácht 'san dara roinn. An Dara Roinn. Chum a chruthughadh agus a chur i gcéill daoibh gan contabhairt, nach bhfuil ní ar an saoghal as mó curtha i bhfaillighe ná obair na sláinte síorraidhe, nó fós, gurab í an éan-obair cuirtear i bhfaillighe í, ní fhuil agaibh, a dhearbhráithreacha, acht féachaint ar iomchur na ndaoine; óir cuarduighidh an uile aois agus an uile chineál, idir fhear agus mhnaoi, an uile choingheall agus slighe bheathadh, do-chífidh sibh go mbéidh uathbhás agus iongantas oraibh tríd an neamh-shuim do-bheirid siad i n-obair a slánuighthe, agus an déine agus an dúthracht len-a ndéanaid siad a ngnóthaí eile go léir. Fiafruighim daoibh an bhfuil éan-duine in-bhur measg, len-a mb'fhéidir a rádh le fírinne, go ndearna sé dá anam féin i gcomhair oighreachta na bhflaitheas, an chéadmhadh chuid dá ndearna sé dá cholainn agus dá mhaoin saoghalta. Bun-os-cionn leis sin, fóiríor! atá mórán agaibh, do ghlac oraibh féin an oiread, nó b'fhéidir níos mó duaidh, cúraim agus trioblóide i dtaoibh neithe ndíombuan an tshaoghail seo, 'ná do ghlacadar na Naoimh as mó orra chum iad féin do dheimhniughadh do chisde agus do mhaitheas bioth-bhuan na síorraidheachta. Ag sin dá nídh as fonn liom do chruthughadh dhaoibh go diongmhálta; agus chum a suidheachan daoibh, ní iarrfaidh mé mar fhiadhnaise acht bhur gcogcubhas, bhur dtuigsint agus bhur ngnáith-eólas féin. Féachamaois anois créad do-rigneamar agus créad do-ghníd daoine gach éan-lá i dtaoibh a ngnóthaidhe saoghalta. Airmhighmíd an aimsir do chaith daoine ar obair dhuail mharbhthaigh; an t-imshníomh agus an
cúram do ghlacaid siad orra féin chum cúis dlighidh do bhuadhchan, chum a saidhbhris do mhéadughadh agus chum dul ar a n-aghaidh ins gach nídh chuirid siad rómpa, bíodh sé ceart nó aincheart; an gliocas náireach agus an teilgean beart dodhéanaid siad chum iad féin do shaoradh, nó do tharraing fá mhaise, ó dhroich-ghníomh éigin in-a rabhadar cionntach. Agus mar sin, in-éanfhocal, cia fhéadfadh cuimhneamh ar a ndéinid agus ar a bhfuilingid siad mar gheall ar fheabhraod nó ar neimhnídh, ar dhorn créafóige, ar ghal beag onóra, agus mar gheall ar neithibh eile mealltacha díombuana an tshaoghail seo? Ar an taobh eile, a dhearbhráithreacha, féachaidh créad do-rigneabhar féin, agus créad dodhéanfas urmhór an domhain chum na mór-oibre sin na síorraidheachta. B'fhéidir go ndéarfaidh sibh liom go n-abarthaoi bhur n-urnaighthe ag luighe agus ag éirghe dhaoibh, go n-éisteann sibh Aifreann Domhnaigh agus lae saoire, go ndéanann sibh fo-laetheanta trosgaidh; go ndéintí déirc agus deagh-oibreacha eile. B'fhéidir go bhfuil sin fíor; ar a shon soin, tá 'fhios agaibh chomh maith liom-sa go bhfuil mórán críostaidhthe nach ndéanann éin-nídh dhíobh so go léir. Bíodh go bhfuil cuid do na fíréanaibh do choimhlíonas na dualgais seo. 'S í an cheist, cionnas do choimhlíonaid iad, óir nach milltear urmhór na n-urnaighthe le buaidhreadh agus le meartughadh intinne? Ná masluighthear agus ná truaillighthear Sacraimint Bheannuighthe agus tobar na ngrás? Nach dtugaid na hoibreacha as beannuighthe agus as fearr ionnta féin chum bheith díomhaoin mar gheall ar an droich-intinn len-a ndéantar iad? Agus dá sgrúdfaidhe iad go fírinneach, cá mhéad aca do thuill an bheatha shíorraidhe? Acht adéarfaidh sibh fós liom, nach í toil Dé dhéanas duine agus, dá bhrígh sin, obair a shlánuighthe, nuair a bheireas aire dá ghnóthaíbh
saoghalta agus do choimhlíonas do dúthrachtach dualgais a shligheadh bheathadh? Tá soin fírinneach, agus múineann an tEaspal, Naomh Pól, dúinn é i mbriathraibh fuinneamhla 'n-a chéad litir chum na gCoirintíneach, an deachmhadh caibidil. Sive ergo manducatis, sive bibitis, sive aliud quid facitis: omnia in gloriam Dei facite .i. “má's ag ithe dhaoibh, má's ag ól daoibh, má's ag obair ar bith eile dhaoibh: déanaidh na huile do-chum glóire agus onóra Dé, agus tuillfidh sibh luach d'fhaghbháil,” - coingheall atá chomh riachtanach soin, a dhearbhráithreacha, nach bhfuil acht neimhnídh agus díomhaoineas i ngnóthaíbh an domhain in'iongnais. Féachaidh, a chríostaidhthe, arbh'é so bun agus críoch bhur n-oibreach. Munarbh'é, ní raibh acht díomhaoineas 'n-bhur meabhair. Féachaidh ar lochtaíbh bur mbeathadh d'imthigh tharaibh, cá liacht uair do bhriseabhar dlighe Dé? Cá liacht uair do chuireabhar i bhfaillighe na hoibliogáidí ba mhó agus ba riachtanasamhla? Cá liacht smuaineadh, focal agus gníomh coirtheach mí-riaghalta 'n-a rabhabhar cionntach? Cá mhéad lá agus uair do chaitheabhar go holc agus in-oibreachaibh an dorchadais? In-éan-fhocal, áirmhighidh tharaibh, má's féidir libh, gach uile mhóimeant dá bhur mbeathaidh, agus féachaidh cá mhéad do chaitheabhar dhi in-obair bhur slánuighthe? Do chaitheabhar cuid di i gcodladh neimh-riachtanach. Do thógbhadar an caitheamh aimsire díomhaoin agus na droich-ghníomhartha suas cuid di. Do thógbhadar bhur ngnóthaidhe saoghalta, do-rigneabhar, adeirim, le droich-intinn agus gan na coinghill eile riachtanacha suas nach mór an cuid eile go léir, ar mhodh nach féidir libh a rádh, go raibh agaibh acht tamaill bheaga do chaitheabhar ar oibreachaibh dobhí go maith i gcosamhlacht. Gidheadh, b'fhéidir ná rigneadh iad leis na coinghill atá riachtanach chum an luach saothair do thuilleamhain, atá geallta gearrtha amach do'n mhuinntir dhéanfas
a n-uile obair agus a n-uile ghnó chum glóire Dé. Dá bhrígh sin, a dhearbhráithreacha, admhuighidh go fírinneach nach ndearna sibh go dtí se nach mór éin-nídh chum na hoibre sin na síorraidheachta, agus fós, go bhfuil mórán nár thosnuigh fós. Taisbeánfaidh mé dhaoibh 'san dara háit, gur mó an t-imshníomh agus an cúram do ghlacaid daoine orra i dtaoibh neithe agus gnótha an tshaoghail seo 'ná do ghlacadar na Naoimh ba mhó orra féin i dtaoibh mór-oibre na sláinte síorraidhe. Is fíor go raibh daoine ann do shéan a ndúithche, do thréig a n-aithreacha agus a máithreacha, a ndaoine muinteardha agus an saoghal go hiomshlán chum Iosa Críost do leanamhaint. Gidheadh, ná tréigid ceannaidhthe agus lucht tráchtála do ghrádh fághbháltais, a ndúithche, a mná agus a gclann? Nach rithid siad dainnséar na bhfairrgí gcoimhthigheach. Nach ndéanaid iodhbairt dá sláinte agus dá suaimhneas? Nach gcuirid i gcontabhairt gach nídh, dá cheanamhlacht, dá bhfuil aca ar an saoghal, agus a mbeatha nó a saoghal féin chum saidhbhir do dhéanamh, nach bhfuilid deimhneach do shealbhughadh éan-lá amháin, agus nach fuláir dhóibh do thréigean ar uair a mbáis? Doconnacthas, an amhras, aithrighigh bheannuighthe ag maslughadh agus ag truailliughadh a gcolna le trosgadh, agus le tréadhanas ró-iongantach. Gidheadh, nach ndéanaid daoine an oiread, nó, b'fhéidir, níos mó, chum an tshaoghail seo do shásamh? Cá mhéad sglábhuidhe bocht do thraochas agus do mharbhas é féin mar gheall ar luach saothair feabhraodach éigin? Nach mó duadh agus trioblóid ceárdaidhthe bochta 'ná an aithrighe as géire agus as cruadhálaighe? Thugadar na mairtírigh iad féin suas chum bais mar gheall ar a gcreideamh; acht nach ndéanann saighdiúirí agus lucht airm nó cogaidh an oiread mar gheall ar phuinte onóra? Ní fhaghbhaid na mairtírigh bás acht aon uair
amháin. Gidheadh, nach féidir a rádh go bhfaghbhaidh an drong eile bás chomh minic is théid chum comhraic? Dobhí an céad drong an-áirithe luach saothair síorraidhe d'fhaghbháil. Dá réir sin, cad é an luach saothair nach dtuillfeadh lucht cogaidh, dá ndéanfaidís an uile obair agus an uile dhualgas nó dhiúitéidh chum glóire Dé? Níor fhuilingeadar na mairtírigh acht beagán uaireanta, nó an chuid as mó dhe, beagán laetheanta. Gidheadh, fiafruigh de shaighdiúir do chaith deich mbliadhanta fichead nó dá-fhichid bliadhan 'san arm cad d'fhuiling sé, agus ní féidir libh a chlos gan crith-eagla agus uathbhás. Is mór do labhraid daoine ar churadhálaidheacht na beathadh do chaithidh fir agus mná riaghalta. Gidheadh, nach cruadhálaighe go mór an bheatha do chaithid sglábhaidhthe bochta agus ceárdaidhthe, óir ins na tighthibh as cruadhálaighe bíonn, an chuid as lugha dhe, ach uile nídh as riachtanach aca in-aimsir gearrtha amach chum búird agus leabtha. Gidheadh, nach mbíonn lucht oibre nó sglábhaidhthe agus ceárdaidhthe 'n-a seasamh ar a gcosaibh do ló agus d'oidhche, agus, 'n-a dheóidh sin, ar dhroch-bheathaidh, ar dhroich-leabthain, agus nochtuighthe le gach sín? Nídh as uathbhásaighe 'ná soin go léir, cad é an duadh agus an trioblóid ná gabhaid tríd chum a n-ainmhiana do shásamh, chum díoghaltas do dhéanamh ar a naimhdibh, nó, chum labhairt níos cinnte, chum iad féin do theilgean go fír-íochtar ifrinn. Cad é duadh agus trioblóid lucht fiadhaigh agus sealgaireachta, ag imtheacht tré choillte agus tré bhogacha, tré chnoca agus tré shléibhte, tré theas agus tré fhuacht, go ró-mhinic fá thart agus fá ocras - agus míle sompla eile do'n tshórt so nach bhfuil aimsir agam d'aithris ná do nochtadh dhaoibh. O, a pheacacha earráideacha, is féidir a rádh le fírinne, gur shracabhar sibh féin i slighidh agus in-obair na malluightheachta, agus gur mó do chosain bhur ndamaint daoibh
'ná do chosain an ghlóir shíorraidhe do na Naomhaibh. Adeirid na hAithreacha Naomhtha, ag feicsint an iomchuir seo na saoghaltánach, gurab ag magadh agus ag fonomhaid atá siad fán-a sláinte síorraidhe, nuair a dhéanaid iodhbairt dá gcuid do'n tshaoghal chum a n-ainmhiana brúideamhla do shásamh. Nár thaisbeánabhar go follus an mí-mheas dobhí agaibh ar an mór-obair sin bhur sláinte nuair thugabhar bhur n-aire agus bhur n-intinn go hiomshlán do neithibh chomh tarcaisneach, chomh dí-mheasta soin. Nár imreabhar céad uair, nó b'fhéidir míle uair, bhur sláinte síorraidhe i gcoinne feabhraod. d'imreabhar bhur n-anam, d'imreabhar bhur gcuid d'oighreacht na bhflaitheas agus an choróin neamhdha dobhí ceaptha dhaoibh ann. 'Se é an diabhal do-rigne connradh libh, do chuir an spioraid mhalluighthe sin bhur gcoinne, fo-ghráinneacha luaithreamháin nó créafóige, sólás beag míochlúdhach nóimint na huaire, díoghaltas agus sásamh suarach, gal beag onóra, agus mar sin. Do chuireabhar dá bhur dtaobh féin óir-chisde agus saidhbhreas do-choimsighthe, do-chríochnuighthe na bhflaitheas. d'imir, adeirim, an spioraid mhalluighthe sin an dorchadas libh; agus le neimhnídh rug uaibh aiteas is aoibhneas na bhflaitheas agus an phósta shíorraidhe. O a imirt mhalluighthe dhiablaidhe, 'n-a gcailleann duine a chuid do'n tshaoghal, aiteas agus sólás síorraidhe, agus in nach mbeireann sé acht pianta síorraidhe! Ag so an nídh, a dhearbhráithreacha, ar a raibh fios ró-mhaith ag rígh áirithe ar leabaidh a bháis; acht, faraor! ró-dhéidheanach, mar a léighmid 'na bheathaidh .i. an t-ochtmhadh Annraoi, Rí Sacsan. Ar mbeith do'n phrionnsa mhalluighthe sin ar na puintíb déidheanacha, agus ag cuimhneamh ar na coirthibh do-rigne sé, na sganlacha thug sé dá fhómósaidhthibh, nó dá mhuinntir - ar an díoghbháil doi-leighiste do-rigne
sé do'n Teampall nó do'n Eaglais, agus ag feicsint uaisle a chúirte 'n-a thimcheall ba bhun agus ba chúis len-a dhroich-ghníomhartha go huile, d'fhéach orra go dólásach truaighmhéileach agus adubhairt: “A cháirde, do chaitheamar an t-iomshlán; d'imreamar ár n-anmanna, ár gcogcubhas, agus ár sláinte shíorraidhe; d'imreamar ár ndaoine, ár ríoghacht agus ár gcreideamh, agus do chailleamar an t-iomshlán agus Ríoghacht na bhFlaitheas. Dobhíomar cionntach i gcailleamhaint na mílte anmann neimh-chionntach; do chailleamar grása Dé, agus an tshíorraidheacht mharthannach.” Ag labhairt na bhfocal ndéidheanach sin dó, thug suas a anam mí-ághmharach. Anois, a chríostaidhthe, fiafróchaidh sibh dhíom, gan amhras, cad as éigean do dhéanamh chum na héan-oibre móire sin na sláinte síorraidhe do shaothrughadh. Aithriseóchaidh mé dhaoibh cad adubhairt Iosa Críost féin ar an ócáid sin 'san deachmhadh caibidil do Naomh Lúcás mar a n-abair sé: “Má's maith libh an bheatha shíorraidhe d'fhaghbháil, coimhlíonadh go fírinneach dligheadh agus aitheanta Dé” As so, a dhearbhráithreacha, taisbeánfaidh mé trí meadhóin daoibh do stiúrfas sibh gan contabhairt chum na glóire síorraidhe, má dhéanann sibh úsáid díobh mar as cóir. 'Sé an céad mheadhón, bheith ag machtnamh do ghnáth ar fhírinníbh an chreidimh; an dara meadhón, seasamh amach go meisneamhail cródha i n-aghaidh bhur gclaonta agus bhur n-ainmhian mealltach; an tríomhadh meadhón, bheith buaintsheasmhach pointeállta ag coimhlíonadh coilbiogáidí bhur sligheadh bheathadh. An céad mheadhón, adeirim, chum sinn féin do shábháil, síormhachtnamh do dhéanamh ar fhírinníbh an chreidimh, óir cad é an tiobraid ón-a dtigeann na coirthe agus an mhalluightheach dá bhfuil an talamh tuilte? Innseann
an Spiorad Naomh dhaoibh é le béal an Fháidh Ieremias. “Tigid as so”, ar sé, “mar nach ndéanaid machtnamh ar domhan ar fhírinníbh an chreidimh. Ní smuainighidh acht ar a n-uiresbadhaibh agus ar a ngnóthaíbh saoghalta, agus dearmadaid a sláinte shíorraidhe.” An dara meadhon chum na beathadh síorraidhe do shaothrughadh agus do thuilleamh, seasamh amach go meisneamhail cródha in-aghaidh bhur gclaonta agus bhur n-ainmhian, óir ní fuláir do dhuine troid agus comhrac gan sosadh; ní fuláir dhó a chros d'iomchur, agus ní fuláir do dhuine buadhchan air féin. An tríomhadh meadhón, bheith pointeállta ag coimhlíonadh oibliogáidí nó dualgas a shligheadh bheathadh. Ná cuireadh aon duine in-iúl dó féin guab éigean dó gníomhartha agus oibreacha iongantacha aidhbhseacha do dhéanamh chum a shláinte shíorraidhe do shaothrughadh, óir is ar choimhlíonadh ár ndualgas atá ar sábháil. Níl aimsear agam seasamh níos sia ar an mórdháltacht so. Leis sin, a dhearbhráithreacha, tosnuighmíd chum na héan-oibre móire seo ár sláinte síorraidhe do shaothrughadh. Saothruighmíd í, adeirim, as láthair go héasgaidh, go dúthrachtach agus go buain-tsheasmhach. Tosnuighmíd í ar an nóimeant seo, agus nuair a chuirfimid ár lámha éan-uair amháin 'san obair, ná glacadh tuirse ná díomhaoineas sinn. Leanamaoid di go meisneamhail, do-chlaoidhte. Má bhíonn sé do mhíágh orainn faillighe do thabhairt innti, tá an t-iomshlán caillte. Is uathbhásach an ní é so, a chríostaidhthe. An bhfuil éan-duine 'san gCriostamhlacht uile do thabhairt suas mar soin, dá thoil féin, an t-ionad atá ceaptha gearrtha amach dó ins na flaithis ó aimsir a bhaistidh? An bhfuil éan-duine 'san gCríostamhlacht, adeirim, d'aontóchadh é féin do chailleamhaint, agus pianta síorraidhe ifrinn d'fhulang? Níl meadhón ar domhan
eatorra; ní fhuil acht sábháil síorraidhe nó damaint síorraidhe; acht sólás síorraidhe nó pionós síorraidhe. Ná léigidh go bráth as bhur gcuimhne na as bhur radharc na smuainte seo, agus abraidh libh féin gach uile lá; Muna mbéimid i bhflaitheamhnas ar feadh na síorraidheachta, béimid in- ifrionn. Seo an tshlighe chum na bhflaitheas do shaothrughadh agus do shealbhughadh: nídh d'iarraim-se dhaoibh-se agus dam féin - In-Ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.
Seanmóir a Ceathair. Ar an gCathughadh. Do seóladh ár Slánuightheóir Íosa Críost leis an spioraid gus an bhfásach chum an diabhail do chur cathughadh air. (Briathra léightear ag Naomh Matha, Soisgéalaidhe, ins an gceathramhadh caibidil, agus 'san gcéad rann). Dob'aon do na prímh-réasúin fá ndeara do na Iúdaidhthibh in-allód rí d'iarraidh, an mhuinighin dobhí aca go mbéadh sé 'n-a cheann orra, go ndéanfadh cogadh dhóibh, agus go seasóchadh féin na céad ghoraidhe 'san gcath: Et egredietur ante nos, et pugnabit bella nostra pro nobis. Má bhaineann sé le riaghlughadh críoch agus le tairbhe na puiblidheachta gan a riaghaltóirí do nochtadh le guais nó dainnsear comh mór sin, b'é toil le mór-eolas agus le trócaire Dé, rí agus Dia 'thabhairt dúinn-ne ar an gcoingheall sin; rí agus Dia 'thabhairt dúinn-ne ar an gcoingheall sin; rí agus Dia, adeirim, le nach leór sinn d'fheicsint ósna flaitheasaibh ag comhrac ar an saoghal so, acht do thuirlingeas i bpearsain ar an dtalamh chum sinn do spreagadh chum catha, ag tabhairt sompla dhúinn; an tí bhíos i láthair gach catha chuireas an diabhal orainn; an tí nochtas dúinn a chealg agus a chleasa; an tí, fá dheóidh, d'fhuilingeas agus bhuadhas ar a chathaidhe i bpearsain, chum na sligheadh do réidhteach agus do thaisbeáint dúinn-ne buadhchan orra ar aithris. Taisbeánann Soisgéal an lae indiu dhúinn é ar an modh so; 's é sin, gur seóladh do'n fhásach é, - ductus est Jesus in desertum. Ní fhuil iongnadh orm tríd, a dhearbhráithreacha
- óir do ghrádhuigh sé riamh na háiteacha uaigneacha diamhaire, - gur seóladh ann é leis an Spiorad naomhtha. Is lúgha 'ná sin m'iongnadh, do bhrígh nárbh'fhéidir leis malairt na spioraide bheith mar threóraidhe aige - a spiritu. Acht gur seóladh ann é leis an spioraid bheannuighthe seo chum cathughadh do chur air, seo an ní nárbh'fhéidir liom a thuigsint ná do chur i meabhair, muna mbéadh gur aithris Matha dhúinn é i mbriathraibh so-thuigseana - ut tentaretur a diabolo. Atá dhá ní agam le taisbeánadh dhaoibh as an mhóirfhírinne seo do dhéanfas suas suim mo chomhráidh. An chéad ní; nach fuláir an cathughadh d'fhulang, ar ar mian liom trácht ins an gcéad roinn dom' chomhrádh. An dara ní; nach fuláir eagla bheith roimhe, agus buaidh do bhreith air, ar a dtráchtfad ins an dara roinn. Ní fuláir a fhulang, mar tá sé urchóideach cealgach, agus buaidh bhreith air, chum ár nglóire síorraidhe féin. Cá bhfuil sompla ná cruthughadh againn leis? Atá i bpearsain Iosa Chriost; agus ag leanamhain ár Soisgéil, is deimhin go dtaisbeánfaidh bheith Chríost féin nochtuighthe le gach gné cathuighthe agus ag breith buadha air, a chealg agus a urchóid dúinn, agus taisbeánfaidh an tshlighe dhúinn chum buadha 'bhreith air mar an gcéadna. Acht do bhrígh nach leór sinn féin go haonaránach chum an teagaisg seo do chruthughadh mar as cuibhe, guidhmíd congnamh an Spioraid Naoimh tré eadarghuidhe na Maighdine Glórmhaire Muire ag rádh Beannachadh an Aingil, etc. An Chéad Roinn. Badh dheacair linn a chreideamhain gurbh'é toil Chríost an diabhal do chur cathughadh air, muna mbéadh a fhios againn gur aontuigh sé, ar mbeith in-a cheann
orainn agus in-a phátrún againn, ár gclódh do ghlacadh air, chum a thabhairt le tuigsin dúinn, tar éis é féin d'fhulang cathughadh ár námhad, an diabhal, nárbh'fhéidir linn-ne, cibé ar bith coingheall in-a mbéimís, sinn féin do shaoradh uaidh. Atámuid-ne déanta d'fhuil agus d'fheoil. Do b'é toil Chríost fuil agus feóil do ghlacadh mar aon linn-ne chum cumhachta agus aintreise an námhad, an diabhal, do chlaoidhe agus do chur ar neimhnídh. Ní leór soin. Tá an fhuil agus an fheóil in-a n-ádhbhar buaidhrimh agus gleó againn, agus do ghlac air iad, mar an gcéadna, chum an diabhail do tharraing chum catha agus comhraic leis: unde debuit per omnia fratribus similari, ut misericors fieret. Is ar an ádhbhar soin bhí d'ualach ar Chríost é féin do chur i gcosamhlacht len-a dhaoine ins an uile nídh; is ar an ádhbhar soin, gan pheacadh, gan ainbhfios, ba thoil leis trén-a thrócaire neamhchuimsighthe, bheith rann-pháirteach leó in-a gclaontaibh agus in-a dtrioblóidíbh. Cuirtear cathughadh orra, agus is é a thoil é. d'fhulaing masla agus tarcuisne ó'n diabhal; agus dob'é a thoil é, ar an ádhbhar soin, mar adeir Naomh Pól linn in-a litir chum na nEabhrach, gur cuireadh cathughadh air féin. Ins gach uile nídh d'fhulaing sé go toilteanach deigh-intinneach ar ár son: In eo enim, in quo passus est ipse et tentatus. Acht créad an uair ar cuireadh cathughadh ar Chríost? Do cuireadh é, adeir Naomh Matha, tar éis é 'ghlacadh baistidh ó láimh Eóin, tar éis a Athar shíorraidhe dá dheimhniughadh gurbh'é a Mhac é, agus tar éis é 'dhul do'n fhásach. O na gnéithe iongantacha so thaisbeánas dúinn, adeir Naomh Gréagóir, gurab éigean do'n uile dhuine aontughadh an cathughah d'iomchur, do bhrígh go bhfuil sé riachtanach dhúinn, ní headh amháin i gcáilidheacht
créatúirí, acht fós i gcáilidheacht críostaidhthe, agus go prionsapálta ar aistriughadh ár mbeathadh dhúinn, agus ar ár n-ionnladh in-uisgíbh na haithrighe, fíoghartha le huisgíbh Iordan, nó an tan dodhéanamaoid comhnaidhe ar bith ins na subhailcidhibh, agus do sgaramaoid sinn féin ó ghnóthaidhibh an tshaoghail seo. Nuair chuireas duine roimhe cur suas do'n pheacadh, druim a lámha do thabhairt do'n tshaoghal, na cuideachtain nó an comhluadar do sheachnadh len-a raibh ceangal taithneamhach, gidh cinneamhnach, roimhe sin aige, O a Thighearna Dhia! cad é an t-uathbhás, na stoirmeacha agus na trioblóidí chuireas an diabhal air, an tráth sin. Sin an uair chuireas i ngníomh a chealg agus a chleasa go huile chum an deagh-smuaineamh sin dobhí aige, do chiorrbhughadh agus do dhíbirt uaidh. Is uime sin do chuireas i gcuimhne dhó dócamhal na haithrighe, na hachrainn, an duadh agus an trioblóid bhíos in-úsáid agus i dtaithighe na subhailcidhe, an t-aiteas agus an t-aoibhneas bhíos i gcomhludar agus i mórán do shubhailcidhibh eile an tshaoghail seo. In-a dhiaidh sin, labhrann leis ar an modh so. “Créad mheasas tú do dhéanamh, nó cad é an riocht in-ar fonn leat tú féin do chur? An measann tú faillighe do thabhairt 'san tshaoghal thug taithneamh chomh mór soin duit, id' dhainibh muinnteardha dodhéanann mórán maitheasa agus caradais duit. Is éagsamhlach an t-iomchur é seo! Ná feiceann tú go mbéidh aithreachas ort ar ball, do chionn daoine do thréigean tré chrábhadh díorraisg, le nach féidir thú 'fhóghnamh as san suas? Má's fonn leat do bheatha d'aistriughadh, fan fós beagán bliadhanta, glac aimsir chum ná déanfá éin-ní go díorraisg nárbh'fhéidir leat a ghairm thar n-ais. Smuainigh go bhfuilir leat a ghairm thar n-ais. Smuainigh go bhfuilir ag cur suas do shólás agus d'aoibhneas láithreach, chum tréadhanais agus crábhaidh, dob'
fhéidir neamh-thairbheach, do ghlacadh ort. Smuainigh go bhfuilir ag imtheacht as tír ró-áluinn chum dul i dtír nó i mball do shloigeas agus do mhúchas an méid chomhnuigheas nó a lonnuigheas innte.” Is fánach duine, a dhearbhráithreacha, ná taisbeánann agus ná breacann an diabhal na neithe seo dhó. Atáim fós deimhneach go ndéanann úsáid do na meadhóin chéadna do-rigneadar an mhuinntir do cuireadh d'fhoillsiughadh Thalaimh na Geallamhna, ar dteacht tar n-ais dhóibh tar éis a bhreathnuighthe agus a léir-mheas. Do chuireadar grinn ar na hIsraelítighibh i gceann a chéile ar éan-láthair, agus chum iad do cur do'n mhian agus do'n aigneadh bhí aca dul chum comhnuighthe ann, d'innseadar dhóibh go mba tír í inárbh'fhéidir comhnaidhe 'dhéanamh agus in-a bhfaighidís, an méad dodhéanfadh ar bith í, bás. Déineann an diabhal, adeirim, úsáid do na meadhóin chéadna, chum brionglóide agus buaidhrimh do dhéanamh d'anam an duine, nuair chuireas roimhe aithrighe do dheánamh. Agus má chuireann roimhe, a intinn do choimhlíonadh d'aimhdheóin na n-achrann mbréagach so chuireas an diabhal in-a shlighidh, ní túisge glantar in- uisgíbh na haithrighe é 'ná d'ionnsuigheann an diabhal é, mar d'ionnsuigh sé Iosa Críost, ar n-éirghe dhó as sruth Iordan: et acdedens tentator, etc. Méaduigheann an bheatha nua sin fearg agus cuthach an diabhail; agus mar do mhéaduigh Pharao trioblóidí na nIúduidheach nuair do thuig sé go raibh dúil aca a fhlaitheas agus a chumhachta do chrothadh dhíobh, méaduigheann an spioraid mhalluighthe, mar an gcéadna, pianta agus trioblóidí na ndaoine bhíos ar aigneadh scaramhain leis, nó, tar éis scartha leis, ag cur cathaidhe orra níos gnáthaighe agus níos milltighe 'ná roimhe sin. Má dhéinid fós comhnaidhe ar bith ins na subhailcidhibh, is éigean dóibh iad
féin d'ullmhughadh chum cathaidhe as mó agus as urchóidighe d'fhulang. Ní chuirfeadh an diabhal cathughadh go bráth ar Chríost dá mbéadh sé deimhneach gurbh'é Dia é; agus nuair do-chonnaic sé go raibh mórluachta agus subhailcidhe iongantachta aige, agus ná féadfadh duine gan comaoine éigin ó sna flaithis, trosgadh dá-fhichid lá do dhéanamh, ag sin an ní d'árduigh níos mó a fhearg agus a urchóid. Is leis sin do-chímíd, nuair do chuir sé an céad chathughadh air, ag rádh, má's tú Mac Dé abair leis na clochaibh sin iompodh 'n-a n-arán, ná raibh sé an uair sin deimhneach do dhiadhacht Chríost; acht dobhí sé deimhneach dá shubhailcidhibh oirdhearca, agus ní móide a stad ó chur cathughadh air. Ag so na neithe éagsamhlacha bheireas le tuigsint dúinn, dá mhéid buain-tsheasaimh dhéanamaoid i mbeathaidh spioradálta, gurab móide atámuid nochtuighthe le cathaidhibh an diabhail. Aontuigheann an Tighearna na cathaidhidhe seo 'bheith, chum a dheisciobal d'umhlughadh agus do chur ar a n-aireachas do shíor; óir ní féidir ná go n-umhluigheann an cathughadh iad ar amharc a gclaonta féin agus gráineamhlacht na bpeacaidhe len-a gcathuigheann, nó n-a n-ionnsuigheann an diabhal iad, dobhíos, ar nós an leómhain chuthaigh, ag rith mágcuaird, nó timcheall éadála, chum a sloigthe. Ar an ádhbhar sin, gairmthear an cathughadh, 'san Sgríbhinn Diadha, buille ar an gcluais agus dealg; buille ar an gcluais, mar ná fuil as mó d'umhluigheas duine 'ná cur suas leis; dealg, mar nach bhfuil ní as mó choisgeas trom-aigneadh agus daille intinne; buille ar an gcluais, adeirim, mar ná fuil ní as mó chuireas mío-shástacht ar dhuine uaibhreach phoimpeamhail; agus dealg, mar ná fuil ní as mó mhúsglas an aigneadh. Crithidh, a lucht an pheacaidh, crithidh a mhuinntear úd ná mothuigheann, mar adeireann sibh féin,
cathughadh ar bith, agus ag nach bhfuil a fhios créad é an ní cathughadh. Monuar! a chríostaidhthe, do'n uile riocht in-a mb'fhéidir anam do bheith, seo é as truaighmhéilighe, do bhrígh nach bhfuil tinneas as contabhartaighe 'ná an tinneas ná mothuighthear agus in-ar dóigh le duine a bheith in-a shláinte, ar nós ná fuil truagh as mó 'ná duine ag a mbíonn sluagh buachaillí díomhaoine neamhthrócaireach neamh-thruaighmhéileach in-a thimcheall, agus gur dóigh leis a bheith sábhálta uatha. Deireann sibh ná fuil a fhios agaibh créad é an ní cathughadh, agus go bhfuil a fhios ag na Naoimh as mó, go bhfuil a fhios ag an muinntir as neimh-chionntaighe agus as mo ghníos smachtughadh agus feól-mharbhadh orra féin. Abraidh, mar an gcéadna, ná fuil éan-diabhail ann, nó má táid, gur chailleadar a n-urchóid agus a gcuthach. Abraidh arís le Naomh Gréagóir gurab iad bhur gcáirde iad, bhur ndíonuightheoirí; i n-éanfhocal, go rigneabhar muinnteardhas iomshlán leó, ionnas ná fuil dúil ar bith aca díoghbháil do dhéanamh dhaoibh: nuair do-chíd go mbíonn fonn ar dhuine sleachtadh uatha agus dul fá choimirce Dé, ní féidir leó a fhoighidneamh; agus ins an gcuthach atá orra chum na n-anmann do mhilleadh, ní fhuil cor ná cleas, ní fhuil cathughadh ná buaidhreamh, ná cuirid i ngníomh, chum nua-luit do dhéanamh ins na croidhthibh do shealbhuigheadar roimhe sin go síothchánta: ut tentationum jacula intorquendo confodiant cor quod dudum quietro jure possidebant (San) (Gréagóir). Nuair do-chíd duine uaidh féin tugtha do'n pheacadh agus a bhfad ó ghearán ar a n-árd-smacht os a chionn, duine ná smuainigheann amháin ar é féin do tharrang uatha; nuair do-chíd go gcaitheann duine é féin go toilteanach dá dtaobh, go dtuiteann tré mhailís iomshlán ins an bpeacadh, ná fuil eagla níos mó air, ná fós scrupall
cogcubhais ar bith, créad an riachtanas atá aca cathughadh do chur ar anmannaibh atá chomh ionnraic sin dóibh, ná mío-shuaimhneas do chur ar dhaoinibh do-rigne an oiread sin seirbhíse dhóibh, dobhí sásta le milseacht chinneamhnaigh a n-árdsmacht? Bun-os-cionn leis sin, ní thairgid dóibh acht gradam agus saidhbhreas, aiteas agus aoibhneas, agus is é a n-aire go hiomshlán gach uile ní do dhíbirt uatha chuirfeadh mío-shuaimhneas orra ins an trom-shuan mharbhthach in-a bhfuilid. “Ná déinidh amhras de, a dhearbhráithreacha,” ar Naomh Aibhistín, “cibé coingheall in-a mbéadh an duine, gurab éigean dó an cathughadh d'fhulang, agus gurab é cathughadh as mó, gan cathughadh ar bith do bheith air. Do cuireadh cathughadh ar Iosa Críost; cuirfear ar an uile chríostaidhe é.” Ag sin an riachtanas. Acht d'fhulaing Críost an uile ghné cathuighthe. Ag sin an urchóid. Fá dheóidh, ní fuláir eagla bheith roimhe chum buadhchan air, an ní gheallas trácht air ins an dara roinn dom' chomhrádh. An Dara Roinn. Is cóir eagla bheith i gcomhnaidhe roimh an diabhal ins na cathaidhibh chuireas orainn, óir is spiorad fírinneach é, is spiorad neamh-thuirseach é atá comh-cheangailte le hiomadamhlacht spioraidí eile. Is spiorad ainshrianta é ná tuiteann choidhche in-éadóchas. Is iongantach na cáilidheachta iad-so do-bheir an Scríbhinn Diadha do'n spioraid mhalluighthe, agus badh chóir go gcuirfeadh critheagla in-ár gcroidhthibh roimhe. Is spioraid neamh-thuirseach é, adeirim, óir ní fhuil námhaid acht eisean, ná mothuigheann a neart ag dul i laighead tré bhuaine an chatha agus tré chosnamh na námhad len-a gcathuigheann. Ní mhothuigheann choidhche luige, ná laighdiughadh ar a neart. Atá sé tuilleadh agus ceithre mhíle
bliadhan ag cur cathaidhe orainn gan tuirse dhá bhualadh. Cathuigheann sin do ló agus d'oidhche; cathuigheann sinn i gcomhluadar agus in-uaigneas; cathuigheann sinn ag obair agus ar bheith in-ár gcomhnaidhe dhúinn, agus sin gan tuirse dhá ghlacadh. Is spiorad é choimh-cheanglas le hiomadamhlcht do spioraidíbh eile, óir léighmíd 'san Soisgéal go ndubhairt sé féin go gcasann do'n tigh in-ar briseadh agus ón-ar díbreadh é, agus go mbeireann leis seacht spioraidí eile dob'urchóidighe agus ba mheasa 'ná é féin. Agus má chreidimid Origenes air, is mó atá do dheamhnaibh ar an saoghal so agus i n-ifreann 'ná do dhubhradánaibh 'san aer, agus 'ná do bhraonaibh uisge 'sa' bhfairrge. Is spioraid ainshrianta ceann-dána é ná glacann choidhche droichmhisneach. Muna n-éirigheann an céad chath leis, cuireann an dara cath; muna n-éirigheann sin leis, cuireann an tríomhadh ceann; in-éan-fhocal, ní mó as féidir leis síothcháin do dhéanamh leis an nduine, 'ná is féidir leis urchóid a nádúire do chrothadh dhe. O, a chriostaidhe! cad í an eagla ba chóir dhúinn do bheith roimh a chleasaibh go huile! Agus cad é feabhas an réasúin dobhí ag Iosa Críost ag rádh linn, na grásta d'iarraidh ar a Athair gach uile am agus gach uile thráth, gan géilleadh ná luighe fán-a chathughadh, agus sinn do shaoradh ó'n spiorad mhalluighthe ainshrianta sin! Féachamaoid, i gcathughadh Iosa Chríost féin, ar chleasaibh agus ar urchóid an diabhail, námhaid choithcheann ár sábhála agus ár sláinte síorraidhe. Tar éis Mhic Dé do throsgadh dá-fhichid lá agus dá-fhichid oidhche, fá dheóidh d'aontuigh a dhaondacht do mhíochomhgair an ocrais. Ó'n am sin dobhí an diabhal ag dlúthughadh agus ag druidim in-a choinnibh, agus adubhairt leis - “do-chím go bhfuil ocras ort, acht
má's tú Mac Dé, déin míorbhail ná cosnóchadh mórán duit, agus is furus duit é 'dhéanamh tré chumhachta d'Athar. Abair leis na clochaibh sin os do chomhair iompodh 'n-a n-arán”. Nuair nár éirigh an céad chathughadh nó an céad tiomptáisiun sin leis, do chuir sé an dara ceann ar Chríost. Rug leis é go mullach an teampaill, agus adubhairt leis - “Má's tú Mac Dé, teilg thú féin síos; gan amhras do-bhéarfaidh Dia aireachas duit, agus cuirfidh a aingil chughat do choingbheóchas suas thú ar do thuitim ná do mharbhadh”. Acht nuair nár éirigh leis an dara huair acht mar an gcéad uair, d'ionnsuigh an triomhadh huair é ar an modh so. Rug leis é ar shliabh árd, agus adubhairt leis - “do-chím ná fuilir ró-shaidhbhir; féach id' thimcheal; an bhfeiceann tú na tíortha agus an mór-shaidhbhreas soin ar gach taobh díot? Tá sé id' chumhachta féin anois bheith id' mhaighistir orra le chéile; chaith tú féin amháin ag mo chosaibh agus adhair mé, agus bhéarfaidh duit iad uile”. Sin a dtaisbeánann Matha dhúinn in-a Shoiscéal ar chathughadh Iosa Chríost. Ag machtnamh ar an nídh seo, a dhearbhráithreacha, breathnuighim trí neithe nochtas agus do thaisbeánas daoibh gliocas agus urchóid chathaidhe an diabhail, agus, dá bhrígh sin, do thaisbeánas daoibh créad é an eagla badh chóir do bheith rómpa. Breathnuighim, ar dtúis, gliocas agus urchóid an diabhail in-órdughadh na gcathughadh chuireas orainn. Nuair thionnsgnann cath do chur ar éinneach, tosnuighean leis na coirthe as lúgha do chur in'aigneadh agus do bhreacadh dhó, agus mar adeir Tertullianus, má theangbhas cogcubhas scrupalach aireach leis, ní chuireann é ar choirthe do dhéanamh d'éan-toisg, d'eagla go gcuirfeadh a ngráineamhlacht anfadh nó uathbhás air; mar shompla, nuair as mian leis breiseóir nó fear onncamais, fear robála
nó buachaill díomhaoin do dhéanamh do dhuine, ní abrann leis in-éinfheacht gach uile ní do ghoid agus d'fhuadach dá dtiocfadh 'n-a líon, cruaidh-bhreath do thabhairt ar éinneach, ná gach éan-chontabhairt do rith chum é féin do neartughadh agus do dhéanamh saidhbhir. Acht cuireann in-umhail dó méad a mhuirir, buaine a amhgair agus a riachtanais; adeir leis, “tá an aimsear go holc, ní fhuil díol ná ceannach ar éin-nídh”; ag rádh, “seo cuideachta ró-thairbheach ró-shonaidhe lé'r féidir leat coimh-cheangal. Is iomdha duine ba bhoichte agus dob'uireasbaighe 'ná tusa dorigne saidhbhreas 'n-a bhfochair. Ceangail leó. Ná bíodh eagla ort. Ní fhuil scrupall coinsias ar bith dhuit ann.” Créad éirigheas annsin dó? Mar d'éirigh do Iúdás, ar a dtugann an Scríbhinn Diadha foghlaidhe ró-mhór: níor smuain ar nídh ar bith as soin suas acht ar chruinniughadh na carthannachta, nó na déirce tugthaidhe do Mhac Dé. Is annsin do cuireadh cathughadh beag éadtrom air. Ar dtúis, rug feóirling leis; an dara huair, dhá fheóirling; an treas uair, trí cinn, ionnus, fá dheóidh, gur ghéill chomh truailleánta, chomh spadánta sin do'n chathughadh, gur dhíol a Mhaighistir agus gur chuir len-a ghadaidheacht dia-mharbhadh nó dia-mhaslughadh air. Do-chíonn sibh as soin cad é gliocas agus urchóid an diabhail nuair as mian leis duine do tharrang 'n-a líon. Ag seo an tríomhadh machtnamh ar ár Soisgéal::: badh chóir go gcuirfidhe crith-eagla orainn roimh chathaidhe an diabhail; 's é sin le rádh, go leigeann dúinn ar uairibh i suaimhneas agus i síothcháin chum teacht orainn le níos mó treise agus nirt. Adeir Naomh Matha linn gur theich an diabhal ó Chríost tar éis trí sóirt cathughadh nó tiomptáisiun do chur air: reliquit eum diabolus. Acht deir Naomh Ierom linn, do chuireas an áit sin do'n Sgríbhinn
Diadha in-oireamhain do na cathaidhibh chuireas an spioraid mhalluighthe sin orainn, ná teicheann sé acht ar feadh tamaill, go ndéineann moill d'éan-ghnó chum uain is feárr d'fhaire, chum intinn a urchóide do choimhlíonadh agus do chur i ngníomh: tentationem magis differens quam auferens. Comharluigheann sé, ar uairibh, maith do dhéanamh, ag réimh-fheicsint go dtiocfaidh olc as, agus iompuighean duine ó olc nó ó choir áirighthe chum a thuitim i gcoir as mó. Mar shompla: ag so buachaill óg ró-mhear ró-luath-aigeanntach do-rigne coir bheag éigin do chuir an-fhuath ar a athair agus ar a mháthair. Créad dhéanfas an diabhal ar an ócáid sin? Cuireann in'aigneadh dul in-Ord éigin riaghalta, ag réimh-fheicsint, nuair thiocfas chum caoinis nó síothchána len-a athair agus len-a mháthair, go sleamhnochaidh ó'n Ord agus go gcaithfidh dhe an aibíd. Sompla eile: ag seo óigbhean ar a raibh buaidhirt aigneidh agus mío-shásamh tré mhío-chlú éigin fuair a hathair, nó dob'fhéidir tré nuachair éigin len-ar shanntaigh sé ceangal, do chur suas di. Créad do-ghní an diabhal air sin? Déineann tairbhe do'n ócáid sin chum a chur in-a ceann dul i mainistir éigin riaghalta. Tigeann sí ann d'éan-toisg, agus tar éis gnóthaidhe a hathar do bheith arís socair, ionnas go mb'fhéidir léi thaisbeánadh mór do dhéanamh 'san tshaoghal, bíonn sí ag láimhseáil agus ag ceasacht ar an slighidh sin in-ar theilg sí í féin go díorraisg: “a inghean,” do ráidh a hathair, “is é an diabhal do chuir cathughadh ort agus do chómharlaigh dhuit maith do dhéanamh do shúil go dtiocfadh olc as.” Acht fiafróchaidh sibh díom, ná fuil leigheas ná meadhóin ar bith chum buadha do bhreith ar chleasaibh agus ar urchóidíbh an diabhail. Atá, a dhearbhráithreacha, mórán do mheadhóin soi-dhéanta soi-leanamhna. Ag so an céad
mheadhón nó leigheas ar aithris Chríost féin - an diabhal do dhíbirt agus an cathughadh do ruagadh, ag rádh mar aon le Críost: vade Satana: “imthigh leat féin, a dhiabhail”. Creididh mé, a dhearbhráithreacha, ná fuil éin-ní le buadhchan i gcomhair nó i bhfochair an diabhail. Nuair do chuirfeas cathughadh ar bith oraibh ná hantuighidh leis, ná déinidh aighneas ar bith leis, óir má dhéineann sibh, is baoghlach, luath nó mall, go dtreasgróchaidh sé sibh. Tá trí neithe 'san gcathughadh nach fuláir dúinn do thabhairt fá ndeara. An céad mhothughadh, taithneamh do thabhairt dó, agus toil do thabhairt dó. Ní fhuil éifeacht 'san gcéad mhothughadh, óir d'fhulaing Críost féin é, agus d'aontuigh sé é bheith chum ár maitheasa, do bhrígh go mb'fhéidir é do bheith in'ádhbhar buadha againn. Achta ní éigin i dtaithneamh do thabhairt dó, óir má chomhnuigheann duine tamall ann, is baoghlach go dtiocfaidh chum a bheith 'n-ádhbhar buadha againn. Atá ní éigin i dtaithneamh do thabhairt dó, óir má chomhnuigheann duine tamall ann, is baoghlach go dtiocfaidh chum a bheith 'n-a pheacadh mharbhthach. Acht cuireann an toil deireadh leis; agus do bhrígh nach bhfuil idir-dhealughadh ró-mhór idir an taithneamh agus an toil, is é an t-éin-mheadhón é, díbirt ar an gcéad mhothughadh, agus a rádh le Íosa Críost: vade Satana: “bhí ar siubhal, a dhiabhail”. An dara meadhón chum buadhchan orra, siocracha nó ócáidí an pheacaidh do sheachnadh agus gan taithighe ná dánacht do dhéanamh air. Do-gheóbhaidh duine grása do shábálfas é ar thuitim ann. “Teilg thú féin síos do mhullach an teampaill,” ars' an diabhal le Iosa Críost, mar adeir linne gach aon lá: mitte te deorsum . “Thug Dia órdughadh dá aingil tú 'choiméad suas chum ná marbhochthá thú féin.” Acht cad é an freagra thug Críost air? d'fhreagair é ar an modh so. “Atá sé sgríobhtha: “ní chuirfir cathughadh ar do thighearna Dia”:” non tentabis Dominum Deum tuum, 's é sin
le rádh, do réir mar chruthuighid na hAithreacha Naomhtha dhúinn é, ní loirgeóchais agus ní thaitheóchair siocair nó ócáidí an pheacaidh; ní cheangalóchair le neithe ar bith do chuirfead toirmeasg ort, do dhualgas nó do dhiúitéidh do dhéanamh mar as cóir, óir ag ceangal leó, caitheóchaidh tú in-aghaidh Dé; agus ag síor-rith 'san dainnsear, éagfair ann. An tríomhadh meadhón chum buadha do bhreith orra: ar aithris Chríost, táthughadh go fírinneach le dligheadh agus le haitheanta Dé, óir atá sé sgríobhtha - ag so an dligheadh, ag so d'oifig agus do dhualgas; “ag so” adeir Naomh Aibhistín, “do chlogad agus do sgiath, ag so do thearmann agus do choimirce ó'n uile shórt cathughadh.” Má chuirtear cathughah ort craos do dhéanamh i gcaitheamh bídh nó dighe, nó éagcóir do dhéanamh ar an gcomharsain, nó bheith cionntach i ndrúiseamhlacht nó i ngadaidheacht, abair leis an ndiabhal: “tá sé scríobhtha ná sealbhóchaidh go bráth lucht meisge ná póite, lucht bitheamhnais ná striapachais, ríoghacht na bhflaitheas”: regnum Dei non possidebunt. Má chuirtear cathughadh sainnte ort, abair: “tá sé scríobhtha - “créad a bhuadhas duine leis an domhan uile do chur fá smacht, má chailleann go mío-fhortúnach a anama féin?” Má chuirtear cathughadh mórdhála, uabhair nó glóire díomhaoine ort, abair: “tá sé sgríobhtha - subter te sternetur tinera, et operimentum tuum erunt vermes”. Badh mhian leat taisbeánadh mór do dhéanamh 'san tshaoghal, badh mhian leat tú féin do dhéanamh ainmneamhail led' rabairne agus led' ainmhiana. Acht, monuar! béidh do cholann truaillighthe i gceann bliadhna, i gceann míosa, nó b'fhéidir i gceann trí lá, iadhta suas in-uaigh talmhan mar a mbéidh ag lobhadh agus 'n-a beathaidh ag piastaibh.
Déinidh úsáid, a chríostaidhthe, do na leigheasaibh agus do na meadhónaibh tábhachtacha tairbheacha so do thaisbeánas daoibh, chum bhur gclaonta agus bhur n-ainmhianta féin do smachtughadh do réir an mhórshompla san thug Críost daoibh. Do sheirbheáladar na haingil é tar éis é 'bhreith buadha ar an diabhal; béid ag seirbheáil agus ag friothálamh oraibh-se mar aon leis, tar éis bheith ionnraic buain-tsheasmhach in-a ghrásaibh, ag mór-bhainis na glóire, atá dhá ullmhughadh dhaoibh-se, ní d'iarraim-se dhaoibh agus dam féin, i nAinm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.
SEANMOIR A CUIG. Ar bheathaidh, ar mhíorbhailibh agus ar gheinealaighibh Phádraig .i. easpol na hÉireann. (Lá-fhéile Phádraig.) Ag so an sagart mór do thaithnigh le Dia 'n-a laetheantaibh. (An leabhar dá ngoirthear Ecclésiasticus, xliv.16.) Is mór-mhór ghoilleas orm im' choinsias, a cháirde, an neamh-thábhacht agus laighead an iomráidh, fuaire agus faillighe na caon-dúthrachta nó na hurraime, do-chím nó chloisim dár naomh-pátrún, Pádraig, do chuir iliomad comaoine orainn, ag tógbháil, ag tarrang, agus ag iompodh ár Sinnsear romhainn ó dhorchadas na págánacha, an droich-chreidimh agus na geintlidheachta diablaidhe chum solais an éin-chreidimh fhírinnigh chataoilicigh Rómhánaigh, do shealbhamar agus do choiméadamar timcheall, as fuaireamair, diaidh i ndiaidh, ó aimsir go haimsir, ó na sinnsearaibh sin go dtí an lá indiu; agus, mar an gcéadna, go bhfuil ár bpátrún naomhtha go glórmhar do láthair na Tríonóide do shíor, ag síorghuidhe ar ár son fán-ár gcothughadh 'san éin-tshlighidh fhíre sin ár slánuighthe, chum glóire síorraidhe flaitheamhnais d'fhaghbháil. Ar son na mórchomaoine sin do chuir sé orainn, agus na dtiodhlaiceadh ró-shubhailceach as mó dob'fhéidir linn d'fhaghbháil ar talamh, d'fhaghbháil dúinn, sílim gur cóir dhúinn buidheachas do bhreith leis an té fuair dhúinn iad, bheith 'ghá mholadh go diadha dúthrachtach,
agus 'ghá ghuidhe go minic 'n-ár n-urnaighthibh, fá n'impidhe do bheith go síorraidhe chum na Tríonóide ar ár son. Dá bhur mbrostughadh agus dá bhur ngríosughadh chuige seo do dhéanamh, glacaim an cúram so orm indiu. Ionnas go dtiocfadh liom sin do dhéanamh agus do chríochnughadh go hiomchubhaidh, agus libh-se aire is éisteacht do thabhairt dom, do mhéadughadh glóire Dé agus d'onórughadh agus do mholadh ár naomh-phátrúin, Pádraig, agus chum bur maitheasa spioradálta féin, guidhmíd an t-éan Dia uile-chumhachtach maille le himpidhe A Mháthair róbheannuighthe Muire, ag rádh an Beannachadh Muire go dúthrachtach 'n-a honóir. Ecce Sacerdos Magnus, etc. Féach an sagart mór etc. Baineann leis an gcúram so do ghlacas orm annso, a fhoillsiughadh agus fios do thabhairt daoibh, cia'rbh'é ár naomh-phátrún, Pádraig, agus cionnas tháinig chum bheith 'n-a shagart mhór. Má's cóir Éireannach do thabhairt ar an té ag ar chaitheadar a mhuinntear roimhe, nó a shinnsir, dhá bhliadhain is ceithre fichid is trí chéad i gcumas nó i gceannas na hÉireann, dá háitreabh agus dá cothughadh, is féidir a rádh gurab Éireannach ár naomh-phátrún, Pádraig; gidheadh, ní inÉirinn rugadh é, fá mar inneósad daoibh mar leanas. Treabh dhaoine dobhí 'san nGréig Mhóir dobhí chomh rathmhar, chomh líonmhar, chomh cumasach sin gur ghlac faitcheas agus eagla mhór Rí Gréige go n-éireóchaidís i gceannas na Gréige, thar thoil an Ríogh nó dá aimhdheóin; agus is é foirchoiméad do-rigneadh air sin, daoirse sglábhaidheachta do chur orra go léir, ag tarrang criadh i mbolgaibh agus i málaíbh leathair air a slinneánaibh, agus dá leathadh sin ar sgreallachaibh is ar chairrgibh cloch chum talaimh dílis agus chum úir thorthamhail do dhéanamh dhe os cionn na gcloch soin; agus
de sin do lean Firbolg mar ainm díobh. Do ghaibh tuirse agus dobrón mór iad, ar bheith dhóibh fá'n mbroid agus fá'n ndaoirse sglábhaidheachta do bhí orra. Do ghabhadar féin uile a chéile, agus d'fhágbhadar d'éan- toil an ríoghacht soin na Gréige; agus is é uachtarán nó prionnsa dobhí orra, Neimheadh. Thángadar go hÉirinn, agus do shealbhadar agus do chothuigheadar í ceithre clainne ag Neimheadh so .i. Starn, Iarbhoinéal, Ainninn agus Feargus. Dobhí mac ag Feargus so dár b'ainm, Briotán Maol. Dochuaidh sé le páirtidhthe armala do'n Fhrainnc, agus do chuir an cúigeadh as goire dhúinn do'n Fhrainnc fán-a smacht agus fán-a chumas féin, agus is uaidh ainmnighthear í .i. an Bhriotain; agus is as a shliocht sin tháinig ár naomhphártrún, Pádraig, agus dob'é an cúigeadh glún déag uaidh é - mar as follas i seanchas na droinge sin. Calprann .i. Coghlach mic Potaide, ainm athar Phádraig, agus Coincheas, ainm a mháthar - siúr ghairid do Mhártan Naomhtha .i. Easbog Tours 'san bhFrainnc. Ba lánamha dhiadha dheigh-bhéasach iad so. Dobhí triúr inghean aca, Lupaid, Tigris, agus Dairearca. Dobhíodar an fhaid sin d'aimsir gan cloinn, acht an triúr inghean sin, go ndeachadar in-éadóchas tuilleadh cloinne do bheith aca. Gidheadh, do chuir aingeal ó Dhia a suim do Chobhlach go mbéadh mac aige le Coincheas, agus go mbéarfadh é
'san mbaile sin 'n-a rabhadar .i. Neamhthor, i mBreatain na Frainnce. Fá'n am sin, bhí duine diadha neamhurchóideach 'san mbaile sin d'innseadh mórán do neithibh roimh ré go puiblidhe follas, dothiocfadh chum críche mar adeireadh; agus adubhairt go mbéarthaoi mac i Neamhthor go grod, dobhéadh 'n-a ornáid do dhúthaighibh imchiana. An t-am ba chlos sin do'n phrionnsa dobhí in-árdfhlaitheas an bhaile agus na dúithche sin, fuair go raibh a bhean féin torthach; agus, i ndóchas gurab ar an dtorthachas sin dobhí aici go fioróchthaidhe an fháistine sin, do dhíbir an méad dob'fhollas dó a mhnáibh do bheith torthach i Neamhthor aisti, acht a bhean féin. Níor smuain ar Choincheas. Gidheadh, leis an aimsir sin, dob'fhollas a bheith torthach. Agus ar eagla gurab uirri do thuitfeadh toradh na fáistine sin, do chuir an bhain-phrionnsa deoch nimhe dá tabhairt do Choincheas. Gidheadh, do bhrígh gur díomhaoin do dhuine len-a chumas ná len'inntleacht daonda cur i gcoinnibh nó coinntráil air na neithibh d'orduigheas Dia, ní dhearna an deoch nimhe dochar nó díoghbháil do'n mháthair nó do'n leanbh. Ar an ádhbhar soin, nuair tháinig an leanbh ar an saoghal, fríth 'n-a láimh an nimh 'n-a cloich chruaidh, agus a mhéara beaga dúnta 'n-a timcheall. An leanbh soin do thosuigh i mbroinn a mháthar ar mhíorbhailibh do dhéanamh, féach créad do-rigne an t-am tháinig ar fuaid an tshaoghail. Aois Chriost ar mbeirt Phádraig, 372. Ar theacht chum talaimh dhó, an chloch shlim réidh ar ar tuismeadh é, tháinig chum bheith ainmneamhail, ionnas duine air bith do-bhéarfadh móid bhréige maille leithi, go gcuirfeadh sí allas fola go so-fheicseana dhi, agus mar sin go dtugadh cloch Phádraig mar ainm uirri.
As-san go ndearnadh sagart de, is iomdha trioblóid d'fhulaing, agus míorbhail do thaisbeáin Dia maille leis, mar as follas do lucht léighte a bheathadh. Acht labhróchad-sa air mhórán do neithibh do-rigneadh leis ó dorigneadh sagart de, do bhrígh gur mar sin do thosnuigh mo théacs: Ecce sacerdos magnus, etc. Is annsoin dochonnaic sé in'ógánach, leinbh na hÉireann dá ghairm, 'n-a ainm féin, agus dá iarraidh air teacht agus iad féin, agus dá iarraidh air teacht agus iad féin do bhaisteadh 'san gcreideamh chatoiliceach; so an t-am dobhí sé deich mbliadhna fichead d'aois. Dochuaidh sé go dtí an t-easbog naomhtha, Gearmán Antissiodórensis. Do ghlac an t-easbog go carthannach ceanamhail é. Thug ró-ghrádh agus taithneamh dó. Do-rigne an t-easbog sagart de, agus thug Magónius mar ainm air, do bhrígh gur taisbeánadh dhó, go mbéadh sé 'n-a dhuine ghlic eagnaidh fhoghlumtha dheigh-bheathach. Ecce sacerdos magnus, etc. Féach anois, taisbeánfad daoibh go raibh 'n-a shagart mhór. Do ghluais sé as-san, is dochuaidh go dtí a dhuine gaoil .i. an t-easbog naomhtha, Mártan, agus do chomhnuigh in'fhochair ceithre bliadhna ag déanamh bárr-fhoghlumtha 'san diadhacht. As-san dochuaidh ar an bhfásach i bhfochair na ndithreabhach, agus thug suas é féin 'n-a riaghail ocht mbliadhna. In-iomad tréadhanais agus trosgaidh, agus tré mhéad an ocrais do hí air, do ghlac fonn feóla d'ithe é, agus do shóláthair píosa feóla muice agus do chuir i bhfolach é, ionnas go n-íosfadh é a gan- fhios do chách ná hitheadh feóil ar éan-chor. Gidheadh, nuair bhí sé ag ithe do thaisbeán fíoghair aghaidh dhuine é féin dó, agus súil i gclár a éadain agus súil i gcúl a chinn aige. Do chuir a radharc an oiread soin do mhothughadh agus d'uathbhás air sul do bhlais sé an fheóil, gur
fhiafruigh cad é a choir. “Atáim,” ar sé “leis an súil seo i gcúl mo chinn ag féachaint ar an manach atá ag folughadh feóla 'n-a thubán chum sásuighthe a ainmhian”; agus len-a chois sin, d'imthigh go do-fheicseana uaidh, agus do ghabh an oiread sin d'uamhan agus d'eagla é, gur bhuail a chean faoi, agus gur ghoil go dólásach aithrigheach; agus air n-éirghe 'n-a sheasamh dhó, tháinig an tAingeal Uictor chuige, agus adubhairt go raibh sin maithte aige. Agus iar sin, ní headh amháin gur chaith uaidh an fheóil sin, acht ar soin suas do-rigne tréadhanas ó fheóil go bráth. Agus ar fhuaráileamh an aingil do thóg an fheóil 'n-a láimh agus do chaith 'san uisge í, agus d'iompuigh ar an áit sin chum bheith 'n-a hiasg. D'fhill tar 'ais ar an easbog réamh-ráidhte, Gearmán naomhtha, agus do réir mar adubhairt an t-aingeal leis, d'innis do'n easbog gurbh'fhonn leis dul do'n Róimh. Do mhol an t-easbog soin leis, agus do leig Eigidius, sagart maith deigh-bhéasach leis mar chuideachtain 'san tshlighidh. Thárla sé in-oileán dobhí i bhfairrge na Rúsa 'san Iodáil; agus dobhí beathadhach uathbhásach roimhe 'san oileán. Nuair dobhídís ag tógbháil uisge a héan-tobar dá raibh ann, do mharbhadh an beathadhach roimhe 'san oileán. Nuair dobhídís ag tógbháil uisge a héan-tobar dá raibh ann, do mharbhadh an beathadhach réamh-ráidhte na daoine dobhíodh 'san oileán ag tógbháil an uisge chéadna. Agus dochuadhadar in-impidhe chum Phádraig, Dia do ghuidhe fá'n bpéist sin do dhíbirt agus do chosg díobh. Do ghuidh Pádraig Dia mar d'iarradar air; agus tháinig de sin, gur imthigh an phiast uatha, agus níor fhill sí orra ó shoin ale. Tháinig chuige duine dobhí ann dárbh'ainm Iústas, agus thug chuige maide bhreagh agus leabhar 'n-a rabhadar na Soisgéil go hiomshlán, agus d'innis dó gurbh'é Iosa
Críost féin thug dó iad, chum a dtabhartha do Mhagónius, agus is é maide Iosa dob'ainm do'n mhaide. Labhrann San Barnárd air an maide so i mBeathaidh Mhaolmhaedhog Naomhtha, Éireannach agus Príomh-fháidh na hÉireann. Adeir Barnárd Naomhtha, 'n-a aimsir féin, go raibh an mhaide seo deagh-órdha, agus é cóirighthe lán de phéarlaíbh uaisle. Do ghluais roimhe as-san do'n Róimh, agus 's é ba Phápa ann an uair sin .i. Celestínus, an cúigeadh Pápa air fhichid tar éis Pheadair. Do thosnuigh an bhliadhain d'aois an Tighearna 432, agus an t-am do thuig is dob' aithne dhó naomhthacht aignidh agus acfuinn Mhagónius, do mheas gur mhaith aige é len-a chur chum creideamh do mhúnadh i nÉirinn. Gidheadh, cionnas do chuir ann é, inneósad féin sin daoibh. Torannán .i. Ard-airchinneach dobhí ag an bPápa so, do-rigne easbog de, agus do chuir go hÉirinn é le cuideachtain do chléir dhiadha chráibhthigh, agus d'iarr air na hÉireannaigh d'iompodh chum an chreidimh chatoilicigh Gidheadh, ní tháinig sin leis; agus nuair nach dtáinig, dochuaidh go Breatain na Sacsan agus do-rigne trí teampaill innti. Agus fuair féin bás ann, agus do fágbhadh os cionn na dteampall ceathrar do na compánaibh sin tháinig leis ó'n Róimh go hÉirinn .i. Aibhistín, Bennett. Siluister, agus Solómus. Agus nuair ba chlos do'n Phápa bás Torannáin, do chuir fios ar Phádraig agus do bhain é chum dul go hÉirinn. Annsin do mhalartaigh a ainm ó Mhagónius, agus thug Pádraig mar ainm air. Dobhí an t-ainm sin go hoirdhearc
'sa Róimh ó aimsir Romullus .i. céad rí na Rómánach, d'órduigh is do chuir an céad seanaide nó comhairleach os cionn an Mhaitheasa Phuiblidhe; agus Patres .i. Aithreacha do goirtidhe dhíobh, agus Paitrianaí, nó Paitrisians, dá sliocht 'n-a ndiaidh. Agus dá bhrígh sin, tugadh mar ainm ar Phádraig é, ionnas go mbéadh sé 'n-a athair spioradálta ag mórán puibleach. Annsin do-rigne an Pápa a léagáid féin i nÉirinn de; agus ar bheith dhó buadhartha in'aigneadh roimh an mórchúram sin do chuir an Pápa air, tháinig an tAingeal Uictor chuige agus adubhairt leis intinn mhaith do bheith aige, ag dul ar aghaidh. Agus do bhrígh go bhfaca go raibh docamhlacht 'n-a intinn, rug leis é air shliabh Morócó, láimh le fairrge na Rúsa; agus annsin do thaisbeán ár dTighearna, Iosa Críost, é féin dó, do bheannuigh é, agus adubhairt go mbéadh féin 'n-a chabhair 'san uile ghábhadh is guasacht aige. Ecce sacerdos magnus, etc. “Ag so an sagart mór,” etc. Do neartuigheadh annsin é, agus do ghlac a chomhmhór sin do luthgháir é ó chomhrádh an Aingil leis, gur dhearmad an uile ní dá raibh roimhe sin air. Agus do ghluais roimhe ó'n Róimh go n-a fhichid duine foghlumtha do leig an Pápa leis; agus dochuaidh go dtí an t-easbog naomhtha, Gearmán, go hAntissiodórum, agus fuair annsin cailís, agus do ghlac eideadh Sagairt agus Leabhar Aifrinn ó Ghearmán Naomhtha. Iar sin do ghluais, agus níor stad go dtáinig chum cuan; agus is annsin thárla leis Brogán, Brochaid, Magenóg, agus Lomán, clann Tigris, a dheirbhshiúr, agus Mel, Moirioc nó Ridheóg, agus Muinis triúr mac a dheirbhshiúra eile .i. Dairearca. Ba bhreagh an mór-sheisear soin thárla ann,
óir thángadar chum bheith 'n-a n-easbogaibh agus 'n-a naomhaibh uile. Do chuireadar a dtrosgán agus iad féin ar bhórd luinge; agus tar éis bheith istigh dóibh dobhí duine lán do lobhra air an dtráigh, agus d'iarr go truaighmhéileach a thógbháil agus a bhreith go hÉirinn. Níorbh'áil leis an bhfuirinn an t-arrachtaidhe gránda do leigint isteach. Do ghlac truagh dhó Pádraig, agus do chaith chuige iomaltóir mhór throm marmuir thug an Pápa dó mar thabhartas, agus adubhairt leis dóchas maith do bheith aige i nDia, suidhe suas ar an gcloich, agus go mbéarfadh léi go hÉirinn é. Do-rigne an lobhar mar adubhairt Pádraig leis, agus níor luaithe lúthmhaire an long soin dobhí déanta d'adhmad tirm 'ná an charraig chruaiidh chloiche sin go hÉirinn, agus an lobhar soin slán glan uirri. Agus nuair dobhí an long i radharc an talaimh thángadar a lán do dheamhaibh roimpe, ag cur stuirme ar an bhfarraige go mór, ionnas ná leigfidís an chuallacht bheannuighthe suas, do-rigne Fíoghair na Croiche, agus do sgaoileadh agus do sgannradh an diablaidheacht sin uile chum neimhnídhe, agus annsoin tháinig isteach i gCúigeadh Laighean, i gcríoch Cuallan, i gcuan Inbhir nDé. Iar dteacht go hÉirinn dó, dobhí trí hurchóideacha ró-mhóra innte .i. draoithe, lucht feasa agus piseóg,
agus deamhain diabluidhe aeir, dobhíodh ag congbháil na ndaoine i ndorchadas is i bpágántacht chomhnuighthigh. Agus nuair tháinig i dtír mar sin inInbhear nDé go n-a mhór-sheisear ar fhichid do chléir fhoghlamtha dhiadha, dobhíodar iasgairí ag tógbháil éisg go hiomadamhail ann; agus do bhrígh go rabhadar an chléir ocrach, d'iarradar cuid do'n iasg chum a sásuighthe; agus do dhiúltuigheadar na hiasgairí é. Do mhalluigh Pádruig an cuan móir-iasgach soin; agus, dá bhrígh sin, níor fríth éin-ghreim éisg ann ó shoin suas. Do ghluais as-san go dtí an baile ba ghoire do'n chuan. d'iarr aoidheacht na hoidhche sin orra. Do dhiúltuigheadar é, agus iar-san do rith orra an fhairrge amach, agus do mhúch an talamh, air mhodh gur fhan mar sin báidhte gan toradh gan tairbhe do thabhairt uaidh ó shoin. Táilgean ainm an bhaile. Acht dobhí duine ann dárbh'ainm Sinéall Mac Fionnchadha, tháinig agus do ghlac an naomh go luthgháireach, agus do ghlac baisteadh uaidh, air mhodh gur fhan a thalamh gan báthadh aige. Agus is é sin céad duine dobhí 'n-a mhac spioradálta ag Pádraig i nÉirinn. Do ghluais as-san roimhe, agus níor stad go dtáinig go hInbhear na mBarc, agus tháinig go teach Seisgneáin do ghlac le ró-ghrádh é, agus do ghlacadar a mhuinntear creideamh agus baisteadh. Agus bhí mac aige ar a dtugaidís Bineán nó Bineann; agus ar n-a bheith do Phádraig ag an dteinidh, dobhíodh an leanbh 'n-a fhochair 'n-a shuidhe, agus a dhá láimh timcheall a choise; agus níorbh'áil leis gan codladh taobh le Pádraig an oidhche sin, agus ar'n-a bháireach ní fhanfadh uaidh. Dá bhrígh sin, do ghlac Pádraig go ceanamhail
é, agus thug Stiabhna mar ainm air, agus len-a sháimhe thug Benignus mar fhorainm air. Agus d'innis Pádraig go mbéadh sé 'n-a árd-fhlaith 'san Eaglais; agus b'fhíor dhó soin. Ar an ádhbhar soin, is é céad Aird-easbog dobhí i nArdmhacha i ndiaidh Phádraig é. Do ghluais roimhe go hInbhear Sláinge, agus do mhúin buachaill muc thárla leis an tshlighe dhó go teaghlach a mhaighistir .i. an Prionnsa Díochú mac Treichim. An uair dochonnaic Díochú na críostaidhthe chuige, do ghlac olc mór chúcha é, agus do sgaoil agus do ghríosuigh na coin .i. Olc, Arc agus Eigean .i. Perversitas, Voracitas agus Violentia, trí madraidhe confaidh dobhí aige, agus do ritheadar chum a gciorrbhuighthe do láthair. D'iarr Pádraig ar Dia a cosg ó'n gcléir dobhí gan éin-phrioca arm aca, agus gan mhoill go mín ceannsa do luthgháireadar na coin rómpa. Annsoin do chuir Díochú láimh chum a chlaidhimh. Gidheadh, ní tháinig leis, agus ní raibh cumas a chorruighthe aige as an áit 'n-a raibh, ionnas gur iarr párdún agus gur iompuigh chum an chreidimh, é féin agus a dhúthaigh uile. Agus do bhronn do Phádraig an baile, Sabhall; agus, in-a dhiaidh sin, tugadh Gráinseach Phádraig mar ainm air an áit sin. Agus do-rigneadh mainistear manach ann, agus do chuir Pádraig an naomh, Duinis, mar Abb uirri. Agus do bheannuigh Díochoin is na briathraibh seo: Sidere Didit Dichonem Olimphii, qui mihi savoram manere Grata Dedit .i. Beannacht Dé ar Dhíchoin do radh dam an Sabhall; béidh aige-sean dá éis seo neimhtheacht gleise glan-oll. Ar mbeith do Phádraig ann
ag rádh Aifrinn, dobhí draoi ar marcuigheacht ag gabháil tar an bhfuinneóig. Do chaith maide dobhí 'n-a láimh aige leis an gcailís bheannuighthe, agus do leag ar a taobh í ar an Altóir. Do shloig an talamh 'n-a sheasamh go hifrinn é .i. an draoi. Do thóg Pádraig an chailís, agus níor doirteadh éan-bhraon di. Do ghluais roimhe go Miolchú, prionnsa dá raibh Pádraig seacht mbliadhna 'n-a óige 'n-a phríosúnach aige, agus é 'n-a mhuicidhe muc aige. Agus 's é sin aimsear d'fhoghlaim sé an Ghaedhilg dobhí aige go maith. Agus do bhain Miolchú so mar fhuascladh as, tona óir fuair Pádraig i dtochar muic maille le faisnéis an Aingil. Agus tar éis Pádraig d'imtheacht agus an prionnsa do ghlacadh an óir, do chuir sé lorgaireacht air Phádraig do chuma a chongbhála. Gidheadh, ní headh amháin gur imthigh Pádraig agus an long thug an t-aingeal dó; acht ar fhilleadh follamh dhóibh, ní fhuair an prionnsa éin-phinginn do'n ór aige féin. Nuair do thuig anois go raibh Pádraig ag teacht an ath-uair chuige dochuaidh trín-a chéile agus adubhairt leis féin: “ní bheidh le rádh go n-umhlóchainn dom' mhuicidhe féin, agus ní bhuailfead fá réasúntacht leis, ar eagla
go n-imtheóchadh orm mar d'imthigh ar Dhíochoin. Agus iar soin an mhéad dobhí aige, do chruinnigh i bhfochair a chéile iad; agus do shuidh féin ar a lár anuas. Agus nuair do thuig go raibh an naomh chuige, ag teacht chum radhairc an bhaile, thug teine dóibh agus dó féin. Agus nuair do-chonnaic Pádraig an deatach, d'innis dá mhuinntir gur cailleadh an droch-dhuine chum ifrinn. Agus do bhrostuigh Pádraig chum an bhaile, is do shábháil a dhias inghean agus do bhaistigh iad. Agus is 'n-a mban-naomhaibh fuaradar bás; agus do hadhlacadh iad i gCluain Bró. Fá'n am soin, Laoghaire Mac Néill, rí dobhí 'n-a dhuine bhorb, do ghlac olc is fearg mhór chum Díochon é ar son iompodha chum an chreidimh. Ba chlos do Phádraig sin. Gidheadh, fuair ó Dhíochoin dul i dteachtaireacht uaidh go nuige Laoghaire, agus d'innis dó gur iarr Pádraig cead seanmóra agus creideamh do mhúnadh air. Do ghabh Laoghaire é féin agus a chompánach, dá gcur i bpríosún, agus biadh guirt gan deoch do thabhairt dóibh mar bheatha. d'fhuasgail Dia iad. d'imthigheadar san oidhche agus a leath-ghlas féin ar gach aon díobh, agus rugadar do'n dún iad, agus as san thugadar “Dún dá Leath-ghlas” mar ainm air. Rug Pádraig buidheachas le Díochoin ar son a umhlaidheachta. d'fhág slán aige, agus níor stad go Droichead Atha. D'fhág slán aige, agus níor stad go Droichead Atha. D'fhág a long ag Lomán, mac a dheirbhsheathrach .i. Tigris; agus adubhairt leis fuireach dá-fhichid lá. Agus d'fhan seisean ceithre fichid lá; agus nuair nach dtáinig Pádraig chuige, do ghluais roimhe ag déanamh maitheasa i bhfíonúir an Tighearna. Dála Phádraig, thárla go machaire mór os comhair Teamhrach, Dia-Sathairn; agus lá arn-a mháireach dobhí féasta an reachta aca-san, agus níor dhlightheach do
dhuine air bith i radharc Teamhrach teine do lasadh roimh theinidh an ríogh i dTeamhraigh. Ní raibh fios nóis a dtíre ag Pádraig gur chuir teine mhór dá lasadh. Do-chonnaic an rí an teine, agus d'fhiafruigh cia do bhris an reacht. D'innis Luchad Maol agus Lochra, dhá dhraoi dobhí aige, gurab é Pádraig do-rigne sin i dtarcaisne a fhógartha-sa; agus adubhairt nach raibh breith ar thoirmeasg do dhéanamh dhó, gan é d'ionnsaidhe an oidhche sin féin, agus gan é 'chíorrbhadh gan mhoill. Do ghléas an rí agus a mhuinntear seacht mbaigíní nó seacht gcarbaid fichead, agus thángadar i ngar do'n teinidh. Do chuir na draoithe i gcéill do'n rígh gan dul go Pádraig, d'eagla go dtuigfeadh gur mar chion air dorachadh féin ann. Agus adubhradar saighdiúirí do chur dá thabhairt i láthair an ríogh; agus adubhradar leis an lucht feithmhe gan éan-duine aca d'éirghe 'n-a sheasamh nuair dothiocfadh Pádraig i láthair. Tháinig an naomh; agus d'éirigh Earc Mac Deagha, is do leig é féin ar a ghlúinibh, is ghlac baisteadh, is tháinig fá dheireadh chum a bheith 'n-a easbog naomhtha i Sláinge. d'fhiafruigh an rí do Phádraig créad é a thoisg. Agus tar éis Pádraig d'innsint a chúise, agus a thaisbeánadh dhó cia hé an t-Éin-Dia uile-chumhachtach, i dteangain mhaith Ghaedhilge, do chuir sé iongantas mór ar chách uile. Dobhí an draoi réamhráidhte, Lochra, lán do nimh, ag mallughadh Dé agus a naomh; agus, le n-a chois sin, tógbhadh os cionn talaimh é, agus do caitheadh tar 'ais anuas é ar charraig chruaidh chloiche, ionnas gur leigeadh a inchinn amach as an gceann. Annsoin d'fhógair an rí, déanamh ar Phádraig agus a mharbhadh; agus do nocht gach aon aca-san a arm. Agus
tháinig an oiread sin dorchadais ann, nach bhfacadar an naomh, gur ghabhadar féin ag marbhadh a chéile, ionnas gur thuiteadar naoi ndaoine déag ar fhichid díobh marbh ar an láthair sin. Do ghabh na heich ar siubhal i bhfiadhain go ndeachadar ar shliabh Móghdhuirn. Dochuaidh an rí agus a bhainríoghan dá ríogh-chúigeadh, agus ceathrar eile i mbothóig. Agus do sábháladh ann iad. Thángadar ar a nglúinibh chum Phádraig. d'iarr an rí párdún, agus adubhairt leis teacht lá ar n-a bháireach go Teamhair; agus i láthair na Párlamuide, go nglacfadh féin an creideamh. Gidheadh, ní raibh acht calaois aige lá arn-a bháireach. Do chuir an rí naoi luigheacháin roimh Phádraig agus a mhóir-sheisear sagart agus a leanbh, Bineán. Agus do ghabhadar tar na luigheachánaibh gan baint leó. Agus is é connarcthas do na luigheachánaibh sin, ocht n-eilte agus laogh ag imtheacht tharsa. Agus ar bheith do'n rígh agus dá chóisir ar bhórdaibh, ag teacht tar an uathbhás dochonnarcadar, agus na geataí dúnta go daingean ortha, do sheas Pádraig gon-a ochtar sagart ar lár an halla. Do ghlac iongantas cách uile. Tar a chionn sin, adubhradar leis suidhe. d'ibh an rí deoch ar Phádraig; agus do líon an draoi Luchad Maol an cupán no an corn, agus do chuir, le hórdughadh an ríogh, nimh go leór chuige ann. Do ghlac Pádraig an corn. Do-rigne Fíoghair na Croise air. Do dhoirt an nimh chuige ar a bhais, agus í ionntuighthe chum bheith 'n-a leic oidhre. d'ibh deoch do'n fhíon agus thug an corn dá mhuinntir, le hiongantas mór an ríogh agus na cúirte uile. Agus tar éis bídh, do ghluais an rí chum an Oireachtais. Agus do labhair le coisidhe, - Crinnliath a ainm, - agus adubhairt leis a cheann do leigean ar
chloich, agus a lán fola do bheith 'n-a thimcheall, agus a leigean air go mbéadh marbh. Do-rigneadh mar sin; agus nuair thángadar gus an áit 'n-a raibh sé, do nocht an rí an chúis, agus d'iarr ar Phádraig féachaint chuige. Dobhí 'fhios ag Pádraig cionnas mar dobhí an chúis, agus adubhairt: “Is dóigh leat-sa nach bhfuil sé marbh. Gidheadh, atá a dhearbh agam-sa go bhfuil marbh ar son a mhagaidh.” Agus dobhí marbh gan amhras. Dochuadhadar fá'n machaire mór mar a raibh an t-Oireachtas. Dobhí Pádraig ag teagasg. Do chuir an rí agus a dhraoi toirmeasg air, agus adubhairt: “Déanfamaoid-ne míorbhailí puiblidhe.” Agus, len-a chois sin, do bhuail ar bheith ag rádh mórán do bhriathraibh do-thuigseana, ag gairm cabhra an aidhbheirseóra, agus gan mhoill dobhí sneachta róiongantach ann. Adubhairt Pádraig leis, a chur tar 'ais; agus adubhairt sé nárbh'fhéidir leis sin go dtí lá arn-a bháireach. Thóg Pádraig a lámh bheannuighthe suas, is do-rigne Fíoghair na Croise naomhtha; agus d'imthigh an sneachta leis sin. Do bhuail an draoi ar ealadhain arís, agus thug dorchadas iongantach ann do chuir uathbhás mór ar an Oireachtas. Adubhairt Pádraig leis, a chur ar 'ais; agus nuair nach ndearna, do ghuidh féin Dia go dúthrachtach, agus d'imthigh sin uile chum neimhnídhe; agus dobhí grian ró-shólásach ar an aer, do chuir luthgháir mhór air chách uile. Annsin adubhairt an rí leó a leabhair do chur 'san uisge, agus cibé leabhar dothiocfadh slán, a chreideamh-san do ghlacadh. Ba toil le Pádraig sin. Acht do dhiúltuigh an draoi dhó, dá rádh gurab é an t-uisge ba Dia do Phádruig, do bhrígh gur leis do-ghníodh an Baisteadh. Adubhairt an rí: “Maiseadh, cuiridh bhur leabhair 'san teinidh.” Do dhiúltuigh sin, do bhrígh gur adhair Pádraig
uisge agus teine. “Ní adhraim-se na dúile,” ar Pádraig, “acht adhraim Dia do chum agus do chruthuigh na dúile; agus chum nach mbéimíd in-imreas a bhfad, déantar teach annso, agus cuirtear dair láidir ghlas 'n-a leath agus adhmad tirim críon 'san leath eile dhe. Éirigh-se 'san leat ghlas de agus mo chóta-sa ort. Cuirfead-sa mo bhuachaill óg 'san éadan chríon de agus do chóta-sa air. Ceangaltar a lámha agus a gcosa, agus cuirtear teine in- éinfheacht i dhá cheann an tighe, agus cibé agaibh thiocfas slán, adharthar a Dhia sin.” Do-rigneadh amhlaidh sin; agus do-rigneadh luaithreadh do'n draoi, agus níor bhain an teine le cóta Phádraig dobhí ar an draoi, agus do b'é cóta bán é. Dála an bhuachalla, do dóigheadh cóta an draoi dobhí uime. Gidheadh, tar éis an tighe do dhóghadh, do gairmeadh amach é, agus tháinig sé ag siubhal amach, amhail do mhúsglóchadh as a chodladh an tráth sin. Benignus nó Bineán dobhí ann, agus tugadh as soin mar ainm Beircheart naomhtha air. Do mheasfadh duine go mbadh leór mar mhíorbhailíbh iad so féin amhain chum Laoghaire d'iompodh chum an chreidimh. Acht dobhí d'urchóid ann, gurab é ní do-rigne, maille le comhairle na coda ba mhó dhíobh, bás d'fhaghbháil do'n Naomh, maille leis an sluagh do bhrostughadh chuige len-a n-armaibh. Ní mór gur thúisge len-a samhlaoid 'ná, le crithniughadh talmhan tháinig d'urchar, gur sloigeadh cúig céad déag fear in-a ndeigh-bheathaidh ar an áit i dtalamh dhíobh. Annsin d'umhluigh Laoghaire go calaoiseach, agus adubhairt go nglacfadh an creideamh agus go n-adharfadh Críost. Acht do leig an bhainríoghan í féin ar a glúinibh ar an láthair air leic chloiche, agus do ghlac baisteadh; agus tugadh Leac na Ríoghna mar ainm air
an leic sin. Agus do baisteadh mar aon léi an lá soin dhá mhíle deag fear agus ban. Thug an rí láin-chead chum teagaisg gan buaidhirt ó éan-duine do Phádraig, agus thug dó féin agus do'n Eaglais ró-iomad tabhartas, agus deir Próbus Solínus gur ghlac féin baisteadh; gidheadh, táid ughdair eile contrárdha dhó. Acht is follas go ndearna Pádraig do thairingireacht nach mbéadh éan-duine dá shliocht choidhche 'n-a rígh i nÉirinn, acht an ghein dobhí an uair sin i mbroinn na bainríoghna. Agus dob'é Lughaidh dobhí 'n-a broinn, agus is é dobhí 'n-a rígh i ndiaidh Laoghaire. Agus as soin suas do leigeadar na droich-chreideamhaigh dhíobh dánacht do dhéanamh chomh mór soin ar bhás an naoimh d'iarraidh. Ecce sacerdos magnus. Féach an sagart mór. D'innseas daoibh, iar dteacht go hÉirinn do'n naomh, go rabhadar trí urchóideacha innti ag milleadh na ndaoine go ró-dhíoghbháileach i dtaoibh anma agus cuirp .i. draoithe diablaidhe, lucht piseóg agus feasa, eathadhaigh nimheamhla agus deamhain mhalluighthe aeir. Do ghlac truagh ró-mhór Pádraig do na daoinibh, agus do ghuidh Dia go dúthrachtach ar a son fán-a ndíbirt uatha. Tháinig an t-aingeal chuige agus adubhairt leis an maide réamh-ráidhte do bhí aige do thógbháil suas agus a fhógradh dhóibh a gcruinniughadh uile air éan-láthair. Do-rigne sé sin; agus d'fhógair dhóibh uile do chruinniughadh in Ainm an Tighearna Dia, air shliabh Cruacháin Aighle, in-Iarthar Chúigidh Chonnacht, os cionn na fairrge. Do chruinnigheadar go hiomshlán annsoin, agus thóg sé suas a mhaide, agus d'fhógair dhóibh i nAinm Iosa a gcinn do bhualadh fútha 'san
bhfairrge. Do-righneadar sin, agus ní facathas éin-cheann díobh-san i nÉirinn ó shoin beó. Ag so suidhiughadh nó áiteamh air seo i sean-leabhar Aifrinn, sgríobhtha i litir láimhe: Virosa reptilia prece congregata pellit ab Hibernia, agus sean-leabhar eile adeir; per orbis spatia fidem disseminat et ab Hibernia virus exterminat. Ní headh amháin gur chuir Pádraig iad uile as Éirinn, acht fós fuair d'impidhe ó Dhia gan éin-cheann díobh do gheineamhain innti choidhche. Agus adeir Beda: “maide nó slat nó píosa dá luighead dá fíodhbhaidh nó dá créidh, má bheirthear i dtalamh 'n-a mbéidh piasta nó beathadhaigh nimheamhla é, nach túisge bhainid leó 'ná tuitid marbh fá lár. Ní hé so amháin, acht duilleóga leabhar dothiocfadh ó Éirinn, gan acht iad do mhaothughadh agus do leigint in-uisge, agus iad do thabhairt len'ól do'n té do cailgfidhe le péist nimhe i dtíorthaibh coigcríche, do leigheasfaidhe é, agus fós tar éis ait.” Adeir fós, mar an gcéadna, Giraldus Cambrensis, in-a aimsir féin, go raibh 'san taobh thuaidh do Shacsanaibh ógánach do'n náisiún chéadna, agus ar a bheith dhó 'n-a chodladh agus a bhéal osgailte, go ndeachaidh nathair nimhe 'n-a bhéal agus as soin 'n-a chorp, agus nuair do mhúsgail gur mhothuigh ag corraighe 'n-a chorp í. d'iarr leigheas spioradálta agus tiomporálta ar feadh Sacsan, agus ní dhearndar maith dhó - go mór-mhór nuair dobhéadh a ghoile follamh, dobhíodh síor-bhuaidhreadh troblóideach aige. Dochuaidh ar chomhairle deagh-dhuine go hÉirinn. d'ibh cuid d'uisge na hÉireann, agus gan mhoill fuair é féin slán; agus tháinig sise marbh uaidh gan díoghbháil do dhéanamh dhó. Deirtear fós dá mbéadh Éireannach i machaire coigcríche, agus compás do tharrang timcheall
air le maide ó Éirinn, nach rachadh sise tar an líne sin, agus ó bhaint leis an líne go bhfuighbhthear marbh í. I mBhúrdus, sgoláire Éireannach cosnochttha do shatail air nathair nimhe, agus í ag preabadh timcheall a choise, do mharbh í gan díoghbháil. I Sacsanaibh ar mbeith d'Éireannach agus do Shacsanach i bhfochair a chéile 'n-a gcodladh fá'n aer, d'ionnsuigh nathair iad, agus do mharbh sí an Sacsanach, agus dochuaidh i muinéal an Éireannaigh gan díoghbháil do dhéanamh dhó; d'fhan sí ar chrochadh as a mhuinéal, agus í marbh. Tar éis iad so do chlaoidhe agus na piasta nimheamhla do dhíbirt, do bhí ann an treas urchóid .i. na deamhain aeir go ró-mhío-chothramach díoghbháilach ag milleadh na ndaoine so ló is d'oidhche. Dochuaidh Pádraig ar an gCruaich, agus do throisg dá-fhichid lá ann gan biadh gan deoch, ag guidhe Dia fá iad-san do dhíbirt a hÉirinn. I ndeireadh an Charghais, is bocht an aoide do-bheiridís air a n-aimsir Aifrinn agus urnuighthe. Dobhíodh seisean go hárd binn ag canadh na salm, agus iad-san i reachtaibh éan mór ndubh n-úrghránda ag timpreacht os a chionn agus ag gáir-bhéiceadh. Annsin nuair nárbh'fhéidir leis a gcur chum siubhail do mhalluigh iad agus do bhain a chlog orra, agus níorbhfearrde dhó. Annsoin do ghoil sé le ró-dhoilgheas ó chroidhe, air mhodh nach amháin rian na ndeór do bheith ar a leicnibh, acht fós dobhíodh tosach a ghruadhna agus a ghúna ró-fhliuch uatha. Agus annsin do ghluaiseadar siar chum na fairrge, agus atá pruachlais ró-ghránda iongantach ann, agus deirtear go ndeachadar annsin. Agus atá “Poll na nDeamhan” mar ainm dó ó shoin; agus mar sin d'fhágbhadar Éire slán saor glan uatha féin.
Adeir Eoghan Mac Craith, file Éireannach, go raibh trí chéad míle do mhíltibh ann díobh; agus iad fá thrí captaonaibh, Fearbonn, Fearbogha agus Feargabhála .i. Corniger, Arcitenens agus Tridentifer: mar adeir an rann so: -
As an gcruaich do cuireadh libh trí chéad míle do mhíltibh, Is cinn feadhna orra-san, ealbha dorcha do dheamhnaibh Fearbogha fós agus Fearbonn, dob'é ainmne na n-árd-deamhan Is Feargabhála nár ghlan fiodh, is ál na healbha do hairgeadh.
Agus mar sin do shaor Éire an uair sin uatha. Is iomdha leabhrán maith do sgríobh Pádraig, agus adeirtear gur sgríobh tríochaid díobh. Do-rigne cúig is ceithre fichid agus trí chéad eaglais. Do-rigne coisreagan ar chaogaid agus trí chéad easbog, agus do-rigne sé míle sagart. Do bhaist sé féin agus a dheisgiobail céad míle agus dá-fhichid fear agus ban. Dochuaidh do'n Róimh do thabhairt chunntais do'n Phápa 'san gcúram sin do chuir sé air. Thug an Pápa glóire do Dhia agus buidheachas do Phádraig air n-éisteacht a chunntais, agus do chuir go hÉirinn arís é. Agus do-rigne a léagáid féin agus príomhfháidh na hÉireann de. Iar dteacht go hÉirinn dó atha fhada aimsire 'n-a dhiaidh, tháinig an t-aingeal Uictor chuige, agus adubhairt leis gur mhithid le Dia é do ghlacadh a shuaimhnis. Agus, dá bhrígh sin, do thriall roimhe go hÁrdmacha. Acht tháinig an t-aingeal céadna chuige, agus adubhairt leis imtheacht go Sabhall, is gurab ann do-gheóbhadh bás; agus tar éis a bháis, a chorp do chur i gcarbad
nó i gcarra air dhá bhoin, agus é d'adhlacadh mar a mbéarfaidís é. Do ghluais go Sabhall, agus tháinig aicíd an bháis air ann. Dobhí an mhaighdean naomhtha, Brighid, ann, agus do taisbeánadh dhi an uair do-gheóbhadh Pádraig bás. Agus, dá bhrígh sin, dochuaidh go dtí a mainistear féin ag iarraidh brat líne do shníomhadh agus d'fhighe léi féin fá chomhair cuirp Phádraig. Do-rigne dícheall mór chum fillte. Acht do connarcthas do Phádraig an ní d'imthigh uirri, agus do chuir fá deara cúig bhaigíní do chur 'n-a coinnibh. Tháinig sí, agus do bheannuigh seisean í, agus do chuir fios air Asach, easbog agus deisgiobal dó féin; agus do-rigne a fhaoisdin leis, agus do ghlac a Thighearna agus an ola dhéidheanach choisreagtha uaidh. Agus adubhairt a chorp do chur i gcarra i ndiaidh chóraid bhó, agus leigean dóibh gluaiseacht ar a dtoil féin; agus mar a mbéarfaidís é, a chorp d'adhlacadh ins an eaglais sin. d'fhéach suas ar neamh agus do-chonnarc a Thighearna go glórmhar ann, agus rug buidheachas leis, agus do chuir na hÉireannaigh ar a chomairce; agus annsin fuair bás an seachtmhadh lá déag dá éagcruas, agus an dara bliadhain fichead ar chéad dá aois, an bhliadhain d'aois ár dTighearna ceithre chéad agus ceithre bliadhna déag agus ceithre fichid. Agus dá bhliadhain déag ar fhichid dobhí 'n-a Easbog i nÉirinn. Dhá lá déag dobhí sé gan adhlacan gan truailliughadh tré cheannairc dobhí idir Árdmacha agus an Dún ag féachaint cia aca 'gá mbéadh a chorp. Acht do cuireadh an corp ar an gcarra; agus nuair tháinig na ba ar an slighidh dobhí ag triall chum an Dúna, do ghluaiseadar go luath láidir rómpa,
agus do leanadar muinntear Árdmacha iad. Gidheadh, d'fhill orra an carra, agus mheasadar gurab eisean dobhí aca. Agus mar sin do ghluaiseadar rómpa tar an n-ais go dtángadar go hAbhainn Chonchoine. Agus nuair dobhíodar ag glacadh suaimhnis, ar n-éirghe 'n-a seasamh dhóibh, ní raibh bó ná carra aca, ná fios cár ghabhadar uatha. Acht d'imthigh an naomh-chorp soin do'n nDún, agus d'adhlacadh annsin é, mar as follas 'san bhfeart-laoidh dochum file muinnteardha dhó os a chionn. Eiséirghe Phádraig i nÁrdmacha, mar adubhairt an file:
Atáid triúr ann, atáid triúr d'adhras go follas Rí na nDúl, Bríghid, Pádraig agus Colm caomh, Taobh le taobh ins an Dún.
Féachaidh féin, a cháirde agus a chlann chaomh spioradálta Phádraig, iomadamhlacht na mór-mhíorbhail so dochualabhar uaim-se indiu; agus níos mó go mór 'ná fiche oiread ar feadh an náisúin seo do-rigne Dia air impidhe Phádraig Naomhtha an uair seo, ag tógbháil agus ag iompodh ár sinnsear romhainn chum an éin-chreidimh chatoilicigh Rómhánaigh. Congbhaidh go daingean do-scartha ceanamhail é. Ná caillidh go bráth é, ag iarraidh fabhar nó onóra, bríghe díomhaoine, nó breise socamhla nó saoire nó saidhbhris dá bhur gcorpaibh, mar do-rigneadar, fóiríor! mórán dár ndaoinibh romhainn. Caillidh a mbéidh do'n tshaoghal agaibh, agus ní hé sin amháin acht bhur gcorp leis, má's riachtanas é, d'fhonn bhur n-anam do shábháil níos túisge 'ná caillfear é. Bídhidh deimhneach gurab é an creideamh d'fhág ár Slánuightheóir, Íosa Críost, ag a Easbolaibh agus ag an dá fhear déag agus trí fichid do shagartaibh do thóigh sé féin le teagasg agus le seanmóir ar feadh
an domhain, thug Pádraig chughaibh. Tabhraidh míle moladh agus glóir dá bhur nDia do-rigne na mór-ghrása so oraibh ag cur an chreidimh chughaibh, do shlánughadh bhur n-anam; agus onóir agus buidheachas dá bhur bpátrún naomhtha, Pádraig, dá iomrádh, dá mholadh in-bhur n-urnaighthibh ar son na mór-chomaoine do chuir oraibh, agus atá anois go síorraidhe dá cur oraibh do láthair na Tríonóide, ag guidhe ar bhur son. Agus dá bhur ngriósughadh chuige sin do dhéanamh, do ghlacas féin an cúram so. Bíodh foighid agaibh anois beagán eile aimsire go labhróchad dhá fhocal nó trí ar na neithibh atá riachtanach do'n té choimhéadas an creideamh so, dá ghnáthughadh chum glóire fhlaitheamhnais d'fhaghbháil. Fides sine operibus mortua est. - “Is ní marbh é an creideamh gan deagh-oibreacha” (Séam.ii.26). Is indéanta do'n té choimhéadas an creideamh so, aitheanta Dé agus na héaglaise do choimhéad, agus trosgadh déirc agus urnaighthe do dhéanamh. Leigim tharm anois trácht ar choimhéad na n-aitheanta sin, agus labhróchad beagán ar na trí neithibh seo mar atá trosgadh, déirc, agus urnaighthe. I dtaobh an trosgaidh, adeirim gurab é trosgadh as cóir do'n tí bhíos ins an gcreideamh so do dhéanamh .i. an carghas; na cathaoireacha timpire, ceithre huaire 'san mbliadhain, mar atá, trí lá 'san rátha; trosgadh Mhuire; bhigleacha na nEaspol; agus gach trosgadh eile leithleathach órduigheas an Eaglais. Adeir duine agaibh: “duine dealbh díomhaoin mé, níl biadh ná am áirithe agam, agus glacaim mar a bhfaghbhaim é.” Adeir duine eile: “Fear mór-shaothair mé féin do-gheibh beatha ar allas mo mhallaí.” Adeir an bhean: “bím féin im' mhnaoi thorthaigh nó im' bhanaltrain do shíor; ní fhulangaim
trosgadh do dhéanamh;” mar sin daoine aicídeacha agus daoine os cionn aoise. Admhuighim go saorann an Eaglais ó ghéarmharacht trosgaidh chorpardha na dronga so uile adubhramar. Gidheadh, órduigheann sí dhóibh trosgadh spioradálta do dhéanamh ins na haimsiribh seo adubhramar, in-íoc an trosgaidh eile. Créad é sin mar trosgadh? Fanamhaint ó pheacaidhibh do dhéanamh an lá sin, gan móide móra do thabhairt, gan easgaine ná mallughadh do dhéanamh as chréatúir ar bith, gan ceannairc nó imreas díbhfeargach do dhéanamh, gan craos do dhéanamh ar dhigh, ná éin-pheacadh eile marbhthach do dhéanamh, agus breis urnaighthe do dhéanamh in-aimsir an trosgaidh ná déantar in-aimsir eile. Créad iad na hurnaighthe as oireamhnaighe do dhéanamh inaimsir an trosgaidh? má's aimsear an Charghais bhíos agat, agus nach léightheóir urnaighthe thú, smuain ar pháis Chríost, is abair cúig Paidre déag i síothcháin a Pháise, agus an Choróin Mhuire agus cúig Paidre i síothcháin na gcúig gcás as mó 'n-a raibh sí timcheall páise is báis a hÉin-Mhic ghrádhaigh. Má's trosgadh Easbuil bhíos agat abair dhá Phaidir déag agus Cré, ag molad Dé agus an dá Easbol déag, agus an Choróin Mhuire; agus dá réir sin, i laetheantaibh eile trosgaidh. I dtaobh na déirce: Date eleemosynam et omnia munda sunt vobis. - “Déan an déirc agus béidh an uile ní glan agaibh” (Lúcás xi.41). Adeir duine agaibh: “níl déirc agam dodhéanfainn.” Muna bhfuil déirc chorpardha agat dodhéanfá, déan déirc spioradálta. Bí truaghach carthannach ceannsa leis na bochta. Baill ár Slánuightheóra iad. Féach cad adeir sé féin: quamdiu fecistis uni ex his fratribus meis
minimis, mihi fecistis. - “Gach nídh rigneabhar dom' bhochtaibh, dam féin do-rigneabhar é” (Matha xxv.40). Múin an Phaidir, an Chré, agus Aitheanta Dé agus na hEaglaise, fios na Sacramuínt, agus na seacht bpeacaidhe marbhthach, agus rúindiamhra na Tríonóide do'n aos óg bocht do-gheóbhair 'n-a n-easbaidh. Ná déan agus ná fulaing, dod' dheóin, éagcóir nó leathtrom air bhaintreabhaigh nó ar dhíleachtaíbh. Coisg fá do dhicheall gach n-aon do-gheóbhair ag tabhairt mionna mór nó ag déanamh éin-pheacaidh eile mharbhthaigh. Agus is í seo déirc as fearr do dhéanamh. Cibé agaibh 'n-a mbéidh déirc chorpardha do dhéanamh, déan go neamh-mhaoidhteach agus go discréideach air son Dé í. Mar adeir ár Slánuightheóir: Te faciente eleemosynam nesciat sinistra tua quid faciat dextera. - “An uair bhíos tú ag déanamh déirce, ná bíodh 'fhios ag do láimh chlí créad a dhéanann do lámh dheas” (Matha vi.3). Adeir duine: “ní naoidhe déirce é”; is naoidhe déirce Críost, agus is 'n-a ainm iarras í, agus is as do-bheir tú í. Mar adubhart cheana, má's duine é bhíos 'n-a shláinte, comhairligh dhó a bheatha do thuilleamh agus gan bheith ag iarraidh déirce, as beatha do na daoinibh ná bíonn ionnta a mbeatha do thuilleachtain. Go dtugaidh Dia do ghrásaibh dhaoibh, méadughadh go fonnmhar leis na deagh-oibreacha is an gcreideamh gcatoiliceach Rómhánach, maille le himpidhe ár naomh-phátrúin, Pádraig: beannachadh Dé uile-chumhachtaigh, an Athar, an Mhic, agus an Spioraid Naomh do thuirlicean agus d'fhanamhaint go síorraidhe orainn. Amen.
SEANMÓIR A SÉ Eiséirghe Íosa Chríost (Domhnach Cásga) Traditus est propter delicta nostra, et resurrexit propter justificationem nostram. Do toirbhreadh suas é i dtaobh ár gcionnta, agus d'eiséirigh sé chum ár slánuighthe. - Rómhánaigh iv.25. Is fíor, a dhearbhráithreacha mo chroidhe, gur le ró-cheart d'fhéach an Eaglais Chatoiliceach ó úr-thosach an chreidimh ar an lá indiu mar aon do laethibh na bliadhna as ághmharaighe agus as tairbhighe do'n chineadh daonda, ar chor go n-onórthar é le hiomad ceileabhartha agus sollamhantachta. 'S é an lá indiu, go deimhin, an lá grianmhar in-a n-admhuighid cách glóire agus uaisleacht na Croiche Céasda; in-a gcríochnuighthear rúindiamhra foir-ísleachta Íosa Chríost; agus in-a n-árd-mholtar dorchadas a pháise is a bháis dhiachraigh ar chrann na Croise mar aon le fírinne a réamh-fhaisnéise do chur in-umhail do láthair ilchineadhach na talmhan. 'S é an lá indiu an lá ceannamhail in-a d-tugtar ughdarthás is móir-mheas dá dhligheadh bheannuighthe; in-a gcoimhlíontar a mhíorbhaile is a mhóirfhearta; in-a dtugtar urraim agus ómós d'a leathan-chumhachtaibh agus in-a gcuirtear coróin ghlórmhar ar an gcuid eile d'a naomh-oibreachaibh. Is ins an lá aoibhinn seo do choimh-neartuighthear gach laig-dheisciobal
'n-a chreideamh; in-a gcuirtear d'fhiachaibh ar an dí-chreideamh géilleadh fá sról-bhratachaibh áilne an tSlánuightheóra, agus in-a ndéantar ruagadh is léirsgrios go bruinne an bhrátha ar gach droch-amhras i bpunncaibh crábhaidh tré iomad lonnrachta na fírinne. Is é an lá indiu, gan éan-chontabhairt, an lá soillseach chum náire agus síor-mhasladh do thabhairt do'n earráid is do'n eiriceacht; in-a bhfuil an Eaglais ag éirghe suas go cosgarach as an uaigh mar aon le fuasgaltóir an chinidh daonda, an Teagasg Críostaidhe ag breith uachtaránachta os cionn chlaon-fhallsachta na bpágánach agus luchta toirmisgthe, agus gach spiorad cruadh-mhuinéalach doi-cheannsa dá chionntughadh do mhealltóireacht is do bhréigibh. In-éan-fhocal, a chríostaidhthe, is in san lá ghlórmhar so atá eiséirghe na colna dá áiteamh le hughdarthás, síorraidheacht an anma dá suidhiughadh gan éin-spleádhchas, agus geallamhain bhunadhasach againn chum fuasgailt obann d'fhaghbháil as braighdeanas an aidhbheirseóra mar aon le beathaidh spioradálta chum sochair agus chum sólása pobail na gCríostaidhthe. Fuair Íosa Críost bás chum an sean-duine do léir-sgrios mar aon len-a oibreachaibh; agus d'eiséirigh sé chum ríoghacht an duine nua do chur n-a seasamh. d'fhulaing bás chum a sglábhuidhthe do léar-fhuasgladh as braighdeanas an diabhail; d'eiséirigh sé chum saoirse foir-líonta do shaothrughadh dá chlannaibh toghtha. d'fhulaing bás chum ár bhfiacha do dhíol; d'eiséirigh chum sinn d'úir-líonadh suas dá shaor-ghrásaibh. d'fhulaing bás chum dóirse ifrinn do dhúnadh suas; d'eiséirigh chum dóirse Parrthais d'fhosgladh dhúinn. d'fhulaing sé bás, fá dheóidh, i dtaobh ár gcionnta agus d'eiséirigh sé ó mharbhaibh do-chum ár slánuighthe: traditus est propter
delicta nostra, et resurrexit propter justificationem nostram. Déanamaois machtnamh ar feadh tamaill ar chéill agus ar éifeacht na mbréithre ndéidheanach so an Easbail; agus ó is iad ár gcionnta ba chúis d'ár Slánuightheóir Íosa Críost chum bás scannalach na Croiche d'fhulang ar ár son, tugamaois fá ndeara indiu gur chum slánughadh is chum naomhughadh ár n-anam do-rigne sé an t-eiséirghe; an chéad uair, ar an ádhbhar nach bhfuil éin-mheadhón le faghbháil is cumasaighe ná eiséirghe Íosa Chríost chum a mhíniughadh dhúinn gur cóir dhúinn seasamh amach is na grásaibh fuaramar ó Dhia; agus, 'san dara h-áit, do bhrígh go múineann sé dhúinn an tshlighe dhíreach chum seasamh amach ionnta. In-éan-fhocal, spreagann agus dúisigheann Eiséirghe Chríost ár gcroidhthe suas chum buan-chosnaimh is na grásaibh fuaramar uaidh: ag sin céad roinn mo chomhráidh. Nochtfaidh mé dhaoibh, 'san dara roinn, go dtaisbeánann Eiséirghe an tSlánuightheóra na meadhóin badh dhual dúinn do leanamhaint chum buan-chosnaimh is na grásaibh so. Acht chum gur feirrde dothiocfadh liom an fhírinne ró-éifeachtamhail sin do phréamhughadh in-bhur g-croidhthibh, sirimíd uile go dúthrachtach congnamh an Spioraid Naoimh tré naoimh-impidhe chumhachtach na Maighdine Muire, ag rádh - Ave Maria, etc. Dia do bheatha, a Mhuire, etc. An Chéad Roinn. Do-gheibhmid amach go bhfuilid dá nídh ann as préamha ró-ghnáthacha do dhíombuanacht an chríostaidhe i mbealachaibh a shlánuighthe, mar atá, laighdiughadh is fanntais creidimh trén-a gcailleann sé glan-radharc
ar an tshlighidh dhírigh badh dhual dó leanamhaint, nó fós, moilleacht dóchais is muinighine daingne i nDia, do-bheir fá ndeara air gan dearcadh go glinn ar mhórdhacht agus ar oirdhearcas na glóire atá geallta fán-a chomhair, ar chor nach músglann suas a mhiangasa níos mó chum na beathadh síorraidhe do shealbhughadh. Acht do-bheir Eiséirghe Chríost leigheas cumasach d'anam an chríostaidhe in-aghaidh an dá charraig bhaoghlach soin a shlánuighthe, mar aon le meadhóin ro-neartmhara chum buan-chosnaimh i ngrásaibh Dé. Óir, má tá iomarca droch-amhrais agus dí-chreidimh againn ar fhírinne Rúindiamhra an tSlánuightheóra i meadhón ár gcroidhtheach, dar ndóigh, ní féidir nach leigheas éifeachtamhail air, Eiséirghe Íosa Chríost ó mharbhaibh, ar an ádhbhar nach eadh amháin go dtáthuigheann agus go n-oileann agus go neartuigheann sé in-ár g-creideamh sinn, acht fós, go dtugann sé breis deimhnightheachta dhúinn ar gach n-aon eile do phunncaibh an Teagaisg Chríostaidhe. Is uime so adeir an tEasbol ag sgríobhadh chum pobail chathrach Choraint - “Munar eiséirigh Críost tá ár Soisgéal gan tairbhe agus níl in-bhur gcreideamh acht suarachas.” - Si autem Christus non resurrexit, inanis est ergo praedicatio nostra, inanis est et fides vestra (I.Cor.xv.14). Gidheadh, má rigne seisean go fírinneach an t-eiséirghe, ní fuláir gurab ó fhlaitheamhnas atá ár miniostrálacht. Táid a ghealleamhna-san coimhlíonta agus na neithe atáimid ag craobhsgaoileadh dhaoibh gan éan-amhras Munar eiséirigh Íosa Críost, ní raibh is an dá Easpol déag, tar éis bheith toghtha le Críost féin, acht mealltóirí agus lucht bréige, agus níor chraobhsgaoil siad d'uile chineadhachaibh an domhain mhóir acht Soisgéal bréagach, muna ndearna an Slánuightheóir an t-eiséirghe. Acht ní féidir a leithéid sin do dhia-mhasladh agus do
naomh-aithis do dhéanamh le hughdarthás ar bith in-aghaidh Mhic ionmhain Dé bhí, in-aghaidh an dá Easbol déag agus na ndeisciobal. Dá bhrígh sin, ó tá Eiséirghe Fuasgaltóra an chinidh daonda chomh háitighthe sin, créad é an fáth amhrais dhúinn ar aon eile do rúindiamhraibh ár gcreidimh, mar deimhnigheann San Aibhistín beannuighthe dhúinn nach gábhadh cruthughadh ar bith do thabhairt orra uile, ó's fíor gur eiséirigh Críost: Surrexit Christus, absoluta res est. Atá Eiséirghe Íosa Chríost go dian-áitighthe, a cháirde, óir is iomdha soluighid bhunadhasach dob'fhéidir liom do thaisbeánadh dhaoibh air. An n-eadh nach bhfuil a fhios againn, gur fhéachadar na Iúdaidhthe malluighthe gach meadhón dá raibh in-a gcumhachtaibh chum a thoirmisgthe agus a chlaochlódha? Do dhúnadar suas, agus do shéaladar go daingean docharach an tuamba in-ar adhlacadh a chorp onórach le carraig mhóir chloiche. Do chuireadar saighdiúirí dá fhaire do ló agus d'oidhche, d'eagla go dtiocfaidís na hEasbuil dá árdughadh leó go foluightheach. Tar éis sin, d'aimhdheóin a ndíchill, d'eiséirigh an tUan trócaireach, maidin an treas lae, ar chor nár fhan tuairisg aca ar a cholainn ins an tuamba. Tá fós dian-áiteamh eile againn ar fhírinne an Eiséirghe, óir do thaisbeán sé é féin go fírinneach do Mháire Madailéan, do'n dá Easbol déag go minic, agus do chúig céad do na creidmheachaibh in-éinfheacht, mar do dheimhnigheas an tEasbol réamhráidhte: Deinde visus est plusquam quingentis fratribus simul (I.Cor.xv.6). Do-rigne comhluadar leis na hEasbola in-éinionad. Do chaith biadh ar éan-bhórd leó. d'fhulaing a chorp agus a chneadha uaisle le mothughadh dhóibh, agus do theagaisg iad ins an chreideamh chríostaidhe agus i
rúindiamhraibh a pháise agus a Eiséirghe ó mharbhaibh chum glóire fhlaitheamhnais. Do thaisbeán é féin dóibh, ní fá ghné choimhthighigh ná coigcríche, ní mar sgáil bréige chum a súile do dhalladh, acht fán-a cholainn chirt féin, mar aon leis na cneadha agus leis na géar-ghonta do chuir an choróin deilgneach spíne, an gad gontach líomhtha agus na tairngí cruadha géara in-a chorp ion-adhartha. Gidheadh, admhuighim nach gábhadh dham fírinne chomh dian-áitighthe le hEiséirghe Mhic Dé do chruthugadh dhaoibh go ró-iomarcach. Dá bhrígh sin, tugaidh fá ndeara gurab amhlaidh so oileann agus cothuigheann sé creideamh an chríostaidhe. Óir ó'n tráth 'n-a n-admhuigheann an críostaidhe Eiséirghe a Shlánuightheóra, glacann greann agus urraim é do'n chreideamh go hiomshlán. Bíonn luthgháir mhór agus ur-gháirdeachas air ag coimhéad gach trosgaidh, gach tréadhanais agus gach ní as peannaideamhla 's as foirbhthe d'órduigheas an Eaglais, agus tugann moladh agus mór-umhla dá caon-dúthracht mar aon le greann marthannach ar na riaghlachaibh do theagasgann sí. Ó'n uair 'n-a gcreidimíd 'san Eiséirghe níl ní ar bith as ceanamhla linn 'ná na subhailcí beannuighthe agus na deagh-oibreacha. Bíonn fuath agus droich-mheas againn ar gach nídh eile, agus ní bhíonn sólás orainn acht 'san mhéid do-chímíd neimh-chionntacht agus naomhthacht beathadh dá gcleachtadh, agus grádh agus eagla Dé dá bpréamhughadh i gcroidhthibh na bhfíréan. Ó'n uair 'n-a n-admhuighmid Eiséirghe Chríost atá ár g-crábhadh go láidir buain-tsheasmhach; atá ár slánughadh cruthuighthe; atá ár gcaon-dúthracht soiléir ughdarthásach; is é an Soisgéal ár ndligheadh, a theagasg ár riaghalacha agus a shompla ár slighe bheathadh. Ó'n uair 'n-a gcuirimíd os comhair ár súl Íosa Críost ag eiséirghe
as an uaigh, ní féidir linn ní ar bith d'fhulang in-aghaidh dlighidh is aitheanta Dé. Ní bhíonn i bhfonomhaid na malluightheóirí acht naomh-aithis; i socracht fhallsa 's i gclaon-sháimhe na bpeacthach acht ceann-dánacht is amaideacht; in-a muinighin acht éadóchas; i moilleacht a n-iompuighthe ar Dhia acht cur suas do Ríoghacht Fhlaitheamhnais; in-a n-ath-thuitim 'san pheacadh acht cáilidheacht díograise do'n droing mhalluighthe. Fiafruighim daoibh, a cháirde, an bhfuil ní ar bith chomh oireamhnach leis an bhfírinne sin chum leigheas cumasach do thabhairt d'anam an chríostaidhe in-aghaidh díombuanachta i mbealachaibh a shlánuighthe agus chum é 'chothughadh suas go buain-tsheasmhach i ngrásaibh Dé. Roimh an Eiséirghe dobhí deisciobail Mhic Dé féin go fanntaiseach laig-chreidimh, acht tar éis a mbeith 'n-a bhfiadhnaidhthibh ar an Eiséirghe, do neartuigheadh chomh mór sin iad nár éimeadar an Slánuightheóir ní ba shia. Prionnsa na nEasbal, Peadar Naomhtha féin, an charraig dho-shaoilte úd ar na buaidhfidh dóirse ifrinn go bráth (Matha xvi.18), tar éis a bheith chomh fanntaiseach soin agus a Shlánuightheóir ró-cheannsa do shéanadh trí huaire i dtaobh comhráidh shuaraigh cailín bhoicht aimsire, ó'n uair 'n-a bhfeaca sé Íosa Críost i ndiaidh an Eiséirghe, do ghabh an oiread soin cródhachta agus foirtileachta é, ag cosaint rúindiamhra ró-uaisle an chreidimh do láthair triaithe agus árd-taoiseach na bpágánach agus an chinidh Iúdaidhigh, gur chraobhsgaoil iad gan chrith-eagla gan spleádhchas, agus gur choimhneartuigh a dhearbhráithreacha 'san chreideamh do-rigne féin do thruailliughadh roimhe sin. Is ar éigin thaisbeán Críost é féin do San Tomás, aon do na hEasbolaibh nár chreid 'san Eiséirghe, gur éigh sé do ghuth árd: “Ó mo Thighearna, Ó mo Dhia, admhuighim anois óm'
chroidhe agus óm' anam Thú” (Eóin xx.28). Ní túsga d'aithneadar na deisciobail é i mbriseadh aráin ag caisleán Emmáus, nár mhothuigheadar iad féin ar dearg-lasadh do theas-ghrádh na bhfírinní do nocht sé dhóibh, ionnas nach raibh amhras ar bith orra in-éan-phunnc do'n chreideamh dár chraobhsgaoil sé dhóibh i nIerúsalem gus an lá déidheanach dá saoghal. Dá bhrígh sin, ní féidir nach cúis ró-éifeachtamhail ró-thairbheach dhúinn an tEiséirghe chum sinn do spreagadh suas ón-ár dtrom-shuan codalta. Dar ndóigh, is sinn féin atá 'n-ár bhfiadhnaidhthibh ar gach nídh as aoirde dá bhfuil i dtaisge 'san Sgríbhinn Diadha agus i mbéal-oideas na nEasbol. An n-eadh nach sinn as oighridhe dílse dúthchais, agus as dearbhráithreacha cearta fola do na deiscioblaibh beannuighthe do-chonnairc len-a súile, agus do mhothuigh len-a méara, cneadha doimhne folamhla Chuirp uasail ion-adhartha Mhic Dé? Dochonnarcamar Íosa Críost tar éis a aithbheóchain ó mharbhaibh, agus do mhothuigheamar fós é in-ár gcroidhthibh tré Shacramint Naomhtha na hAltóra in-a nglacamuid agus in-a sealbhuighimid go fírinneach é. Má choimh-neartuigheann an Rúindiamhar so an oiread soin lag-dheisciobal 'n-a gcreideamh, agus má's é cúis éifeachtamhail dóibh é chumh a mbuan-chosnaimh i ngrásaibh Dé, créad é an fáth dhúinn-ne bheith chomh lag, chomh fanntaiseach so, agus filleadh tar n-ais chomh minic ar shlighthibh na malluightheachta agus an oiread soin claonnós do chleachtadh, an oiread soin droch-chomhluadair do choimhéad, mar aon leis na dúilibh agus na miangasaibh céadna do'n pheacadh? Má tá Íosa Críost dá ghléas 's dá ullmhughadh féin chum deasghabhála do dhéanamh, agus ionad comhnaidhthe do
sholáthairt agus do shocrughadh dhúinn i bhflaitheamhnas, créad é an chiall dúinn bheith ar seachrán chomh maith agus nach é Ríoghacht na bhFlaitheas ár dtír dhúthchais, agus nár chóir dhúinn éan-tshaothar do dhéanamh ná duaidhnéis do chur orainn dochum a sealbhuighthe? Ní headh amháin go n-oileann agus go neartuigheann an tEiséirghe ár gcreideamh, acht fós cosnuigheann suas ár ndóchas: an chéad uair, do bhrígh go ndéanann neartmhar cumasach é; 'san dara hionad, do bhrígh go dtugann sólás agus compórd; agus, fá dheóidh, do bhrígh go smachtuigheann é. Ar dtúis, neartuigheann Eiséirighe Íosa Chríost ár ndóchas, óir tá a sháir-fhios againn ó'n Sgríbhinn Diadha go mbéimid cosmhail leis féin ins an ghlóire. Tá a fhios againn go mbéadh a Eiséirighe féin neamh-thairbheach dhó muna ndéanfamaís-ne an tEiséirghe mar aon leis, ar an ádhbhar go mbéadh sé amhlaidh sin is na Flaitheasaibh gan ríoghacht gan Eascopóireacht, agus leis sin, ná béadh 'n-a shagart go síorraidhe, ná fós 'n-a áird-bhreitheamh ar bheódhaibh is ar mharbhaibh. Uime sin, is léir dhúinn 's is ró-fhollas nár éagadar ár gcáirde gan téarnughadh, gan aisiog go bráth. Do dúnadh suas a gcolna criadh gan éan-chontabhairt i dtuamba diamhair dubrónach. Do céasadh agus do crádhadh iad le sgiúrsaibh géara. Do tarraingeadh go heasonórach trí phluid na sráide agus na háite coitchinne iad. Do dícheannadh gan truaighmhéil gan taise iad. Do gabhadh do shaighdibh nimhneacha trín-a gcroidhthibh. Do stracadh a gcaoláin agus a n-ionathair trín-a gcléibh amach. Do-rigneadh luaithreán gaoithe do roinnibh eile dhíobh, idir chnámha is feóil, agus tugadh mórán díobh mar bhiadh agus mar oileamhain d'éanlaith an aeir. Tar a cheann soin, tá 'fhios againn go ndéanfaidh an Té do
chruthuigh as neimhnídh neamh agus talamh agus a bhfuil ionnta, anam do chur tar 'ais ins na cnámhaibh tiorma lobhtha feóidhte úd, go ndruidfidh le chéile gach ball dá mballaibh, gach mír dá gcuid feóla agus croicinn, dá laighead é, agus go n-aontóchaidh go cathaiseach in-éancholainn iomshlán iad. Do-chímid mar sin gur mór an t-ádhbhar dóchais agus muinighine neartmhaire atá againn le faghbháil as machtnamh ar an bhfírinne sin. Uch! nuair do smuainighim ar feadh tamaill ar mo thuras thall, adeirim liom féin: “Ó! is mé an truaghán bocht; is éigean dam an tEiséirghe do dhéanamh leis an bhfeóil gcéadna so do thruailligh mé go ró-mhinic agus do thruaillighim gach éan-lá tré mhórgaidheacht agus tré iomadamhlacht mo pheacaidhe. Uch! dá mbéadh an saoghal chum críochnughadh in-éinfheacht liom, agus go bhfillfinn tar n-ais ar an neimhnídh as ar tarraingeadh mé, ní bhéadh fáth crith-eagla ná dóchais agam; agus dob'é an duine as mó do ghéill dá dhroch-chlaontaibh i lár sáimhe agus seasgaireachta an tshaoghail, ag cur peacaidhe ar mhuin a chéile, an té ba mhó ágh is amhantar do'n chineadh daonda.” Gidheadh, fóiríor, ní hamhlaidh sin bhéidh sé. Ó! ní h-amhlaidh. Déanfaidh an malluightheóir an tEiséirghe chomh maith leis an bhfíréan, i ngleann Iosafat 'san ló chéadna in-a gcuirfear gairm choitcheann orainn as na huaighibh, dá dhoimhne dhiamhra, ag séideadh na céad fuaime do'n stoc dhéidheanach dhubrónach, chum seasamh os comhair an domhain mhóir le chéile, agus chum na cionnta cuirpthe do mheasamar do bheith múchta coigilte an t-am so do léir-spíonadh do láthair an chinidh daonda. Uch! mo thruagh, cionntóchaidh m'anam mé ar feadh na síorraidheachta ins na peacaidhibh do shaoil mé bheith i ndearmad! Fóiríor, ní dhéanfaidh bliadhna ná aimseara,
ná deóra troma, ná gul, ná liúghradh, ná teine, ná uisge, ná na pianta as nimhnighe agus as guasachtaighe, lochtaí mo bheathadh do léirsgrios! Níl peacadh dá ndearna mé riamh le smuaineamh le bréithir ná lé gníomh, ná déanfar a chraobhsgaoileadh os mo choinne do láthair ilchréatúirí an tshaoghail, ar mbeith dhóibh sgríobhtha i gclódh bhuain-tsheasmhach le cleite chruaidh iarainn i leabhar chunntais feirge an Tighearna, mar adeir Iób beannuighthe - in stylo ferreo (Iób xix. 24). Cionnas do leómhfaidh mé teacht chomh truaillighthe so do-chum an bhreitheamhnais chirt chruadhálaigh seo, nó créad é an dánacht dam bheith ag déanamh peacaidhe ar an saoghal so, chum an oiread anró is mallachta do thuilleamhain dam féin? Ó a Dhia ghléigil, uile-chumhachtaigh, ó táid m'uile smuainte, m'uile bhriathra, m'uile mhiangasa agus m'uile oibreacha chum teacht dod' láthair le saoghal na saoghal, deónaigh anois m'fhanntaise do neartughadh, mo dhóchas do chorrughadh suas, agus a chur in-umhail dam, ó badh thoil leat críostaidhe is catoiliceach do dhéanamh dhíom, gan éin-nídh do dhéanamh go lá mo bháis badh neimh-fhiúntach chum teacht dod'láthair, ná do chongbhadh do mhór-ghrása agus do leathain-bheannacht ó thuirling anuas orm. Cuireann Eiséirghe Íosa Chríost compórd agus sólás ar ár ndóchas, ag laighdiughadh ár n-ainmhian agus ár mbuadhartha saoghalta; óir, má tá a dhiachair 's a dhócamhlacht féin ag an gcreideamh chríostamhail, níl sé gan a mhilseacht 's a chompórda féin. Táid a chrosa féin ag an gcríostaidhe, gan éan-chontabhairt, le fulang is le gabháil tríotha, óir is oircheas 's is
iomchubhaidh dhó buan-chosnamh i ngrásaibh Dé, a fhíréantacht do chothughadh suas go slán folláin dá chruthuightheóir, glan-bhuaidh do bhreith ar gach toirmeasg bhíos i mbealach a shlánuighthe, agus é féin do chosaint ar thaobh na gcréatúirí, agus ar thaobh a dhroch-chlaonta féin. Ní fuláir dhó, mar sin, faire go fríochnamhach dícheallach, agus cathughadh go cródha neamh-thuirseamhal, do bhrígh nach mbuaidhtear 'san mbualadh acht le hiomad aireachais agus le dian-chomhrac. Má tugtar sosadh troda ná tréin-imris ar feadh lae ná trátha, dá athghairid, tuiteann an críostaidhe in-urlár na haindeise. Má stadann suas ó na subhailcíbh do ghrádhchant, tuiteann 'san bpeacadh; imthigheann a spiorad ar seachrán; laguighthear a chroidhe, agus is é an bás, fá dheóidh, chuirfidh deireadh len-a anró agus len-a thubaist. Acht cá bhfuil ní ar bith le faghbháil chomh mór-luaigheach, chomh tairbheach le smuaineamh ar an Eiséirghe, chum dóchas an fhír-chreidmhigh do chothughadh i gcleachtadh pheannadamhail na subhailcí, in-aghaidh fóirnirt is gnáth-chathaidhe an diabhail, an tshaoghail is na colna? Bíonn an t-anam úir-líonta do'n dóchas rómhilis seo, lán do mheidhir agus do gháirdeachas, ar bhfaicsin dó go bhfuil an corp atá anois 'n-a throm-ualach air, lán do chuirptheacht, ullamh chum an Eiséirghe do dhéanamh gan mórán moille ar mhodh ghlórmhar cosmhail le corp fíor-uasal Mhic Dé. Dá mhéid géir-leanamhna, dá mhéid diachair, dá mhéid céasadh is anacra do-bheir aingeal an aidhbherseóra dhó, is dá mhó an grádh 's an cheanamhlacht bhíonn aige do Dhia, is móide a ghreann ar a dhligheadh agus ar a naomh-aitheantaibh, agus is ró-mhóide admhuigheann ós árd is ós íseal, gurab é Íosa Críost an t-éan-mhaighistir go haonracánta dár meabhair leis géilleadh is foghnamh. Dá mhéid bhíd droch-chlaonta
agus ainmhiana na colna dhá ghrod-bhrostughadh chum uilc agus ag cathughadh in-aghaidh a spioraide, is mó 'ná sin an dúil ghlacann sé chum iad do smachtughadh is do shrianadh, agus chum glan-bhuaidh do bhreith orra. I n-éan-fhocal, a chríostaidhthe, níl peannaid ná diachair, dá ghéire, le faghbháil nach ndéanann dóchas an Eiséirghe neamhthábhachtach. Is amhlaidh sin dochonnairc Iób le socracht aignidh agus le suaimhneas, agus é sínte go traochta laig-bhrígheach tréith-leóinte ar a charn aoiligh féin, agus a chuid feóla ag tuitim in-a stráiceannaibh ó chéile, agus soin uile thríd an machtnamh do-rigne ar an Eiséirghe. Ag so mar adubhairt fáidh oirdhearc na foighde - “Tá a sháir-fhios agam go bhfuil m'Fhuasgaltóir in-a bheathaidh, go n-éireóchaidh mé an lá déidheanach as an uaigh, go gclúideóchar mé leis an gcroiceann chéadna so agus go bhfeicfead mo Shlánuightheóir agus mo Dhia féin lem' shúile féin; atá an dóchas milis so ar folach i meadhón mo chroidhe.” - Scio enim quod Redemptor meus vivit, et in novissimo die de terra surrecturus sum: et rursum circumdabor pelle mea, et in carne mea videbo Deum meum ... reposita est haec spes mea in sinu meo (Iób xix.25-7). Is mar sin badh chóir dhúinn-ne labhairt, agus badh leór dhúinn é chum luthgháire do bheith orainn ins na géir-leanamhnaibh as amhgaraighe, agus ins na cathaidhibh as déine dítheamhla ar son an chreidimh. Agus go fírinneach is amhlaidh do labhradar na creidmheacha i bhfíorthosach na hEaglaise. Béidh sólás mór orainn, ar siad, ins gach mórghuasacht agus aindeise as gábhadh dhúinn d'fhulang, do bhrígh gur eiséirigh Críost agus go ndéanfamaoid-ne féin an t-eiséirghe mar aon leis; tugthar míle mallacht dúinn, ní ghabhmuid mío-thapa thríd; déantar magadh is
fonomhaid fúinn, ní chuirfimíd spéis ar bith ann; tugthar ár gcolann do na leómhnaibh agus do na beathaidhighibh éigciallta, gidheadh, geabhaidh an Tighearna trócaireach seilbh ionainn, agus aithbheódhfaidh sé ár gcuirp go glórmhar mar a chorp féin. Uime sin, bheirimid ár mbeannacht do'n mhuinntir do mhalluigheas sinn; guidhmid ar son na druinge do chionntuigheas agus do mhasluigheas sinn, agus déanamaoid gach gné maitheasa dá bhfuil in-ár gcumhachtaibh do lucht ár n-ingreamtha is ár ngéir-leanta. Is féidir libh sinn do thabhairt suas chum báis. Gidheadh, cuimhnighidh go bhfuilingmid é ar son Dé dodhéanfaidh glórmhar onórach fós sinn, ar chor go n-iompóchar bhur masladh agus bhur mbuillí 'n-a meadhachain glóire agus onóra dhúinn agus dorchadas bhur mbraighdeanais agus cruadhálacht bhur ngeimhleach 'n-a lonnradh soillse chum lasadh dhúinn le saoghal na saoghal. Fá dheóidh, smachtuigheann agus stiúruigheann Eiséirghe Chríost ár ndóchas; óir go fírinneach, a dhearbhráithreacha, is é as ádhbhar príomh-bhunadhasach dár dtuitim 'san pheacadh, go gcuirimid a n-aithne dhúinn féin, go mbéidh Dia fabharach dhúinn, go bhfillfidh sé orainn, ar mhodh go ngabhamaoid mar sin andóchas agus muinighin fhallsa. Acht leasuigheann Eiséirghe an tSlánuightheóra na saobh-nósa soin; óir múineann an Rúindiamhair ró-oirdhearc so dhúinn, gurab iomchuibhe chum tigheacht i seilbh na beathadh síorraidhe an saoghal cailleamhnach so do thréigean, agus sin do bhrígh gur ól seisean domblas is fínéigre sul do bhlais sé milseacht Fhlaitheamhnais, agus gur fhulaing sé ó na droch-dhaoinibh iomad droich-mheasa is mór-mhaslaidh, ionnas gur gairmeadh dhe “Fear na n-anró agus na
ndoilgheas,” sul do ghabh sé ionad go mórdhálach moladh-chrothach ar dheas-láimh an Athar Uile-chumhachtaigh. Níl, a cháirde, in-eiséirghe an pheacthaigh acht téarnadh ó staid an pheacaidh chum beathadh na ngrás: 's é sin le rádh, má thuitimid tar éis beathadh na ngrás 'sa bpeacadh, is éigean dúinn é d'fhaghbháil tar n-ais arís le hiomad duaidh agus athtuirse, óir is dócamhla an t-aththuitim do leigheas 'ná an peacadh féin ó thúis; agus do bhrígh gur fír-bheagán do ghlacann an duadh so orra, mar sin, níl ann acht fír-bheagán dodhéanann an t-eiséirghe. Agus a chríostaidhe bhoicht, cá bhfios duit go dtabharfaidh Dia dhuit, gan duaidhnéis gan anró, an ní do chosain an oiread soin foiréigin agus aithrighe, an oiread martra agus umhlachta do Shlánuightheóir an chinidh daonda? Cá bhfios duit nach bhfágfaidh thú go tráighte meirbh lag i gcréidh na talmhan, tar éis thú 'bhasgadh chomh amaideamhail sin an dara huair? Cá bhfios duit nach é an t-ath-chasadh déidheanach so do-rigne tú 'san pheacadh an uaigh shíorraidhe 'n-ar dual thú d'adhlacadh, mar adeir Esechiel: in circuitu illius sepulchrum ejus? (Esech.xxxii.22). Léighimid, go deimhin, 'san Sgríbhinn Diadha gur aithbheódhadh ó mharbhaibh éan-uair amháin Lasarus, inghean Iárius agus inghean na baintreabhaighe boichte i Náim, agus gur tugadh beatha nua dhóibh tar éis a gcéadbháis. Gidheadh, ní fhaghmuid amach in-éin-ionad gur tugadh an t-eiséirghe dhóibh ó'n gcéad chuairt sin amach. Ó ní thug an Tighearna riamh, agus ní thabharfaidh go bráth, an t-eiséirghe fá dhó d'éinneach, leis sin gur mian leis a chur in-umhail dúinn, nach bhfuil ní ar bith níos annmha 'ná eiséirghe an ath-uair chum beathadh na ngrás, ar an ádhbhar nach dtugadh eiséirghe chum beathadh na nádúire d'éan-duine dár mhair ar an saoghal riamh.
Déanamaois, dá bhrígh sin, a cháirde ró-ghrádhacha, úsáid mhaith do'n cheacht ró-éifeachtamhail sin, agus bímís buain-tsheasmhach díleas i mbeathaidh na ngrás atá chomh dócamhail le faghbháil tar n-ais, agus má bhíobhar chomh mí-ághmharach agus a chailleamhain, cuimhnighidh gurab iad luach fola uaisle ár Slánuightheóra iad, agus gur mó cailleamhain an chisde mhór-luaigheach soin na ngrás 'ná cailleamhain na gcréatúirí uile le chéile agus cailleamhain an domhain mhóir mar aon leó, do bhrígh nach bhfuil sé in-a chumhachta go léir ar éin-rian bhur ndíoghbhála do leigheas ná do dhéanamh suas. Dá bhrígh sin, dar ndóigh, badh chóir dhaoibh machtnamh níbhus truime ar an bhfírinne sin, bheith aireach fríochnamhach feasta, cathudhadh go cródha cosantach in-aghaidh námhad bhur slánuighthe, agus buan-chosnamh do dhéanamh i ngrásaibh Dé, d'eagla tabhartas chomh mór-luaigheach, chomh trom-éadálach leis, do chailleamhain ar feadh na síorraidheachta. Acht anois ó do thaisbeán mé dhaoibh, na príomh-ádhbhair atá againn ó Eiséirghe Íosa Chríost chum buan-chosnaimh i ngrásaibh an tSlánuighteóra, ní mór dham anois a chruthughadh 's a chraobhsgaoileadh dhaoibh an eisiompláir oirdhearc do-bheir sé fós dúinn ins an dara roinn dom' chomhrádh. An Dara Roinn. Ní fhuighidh Íosa Críost bás an ath-uair tar éis a aithbheódhchain ó mharbhaibh. Mar adubhairt an tEasbol, ní bhéidh uachtaránacht ar bith ag an mbás air feasta, ar an ádhbhar go gcialluigheann Eiséirghe Mhic Dé athnuadhachan beathadh iomshlán, ionnas nach bhfuil éin-ní talmhaidhe le faghbháil ann. Agus ó d'éirigh sé éan-uair amháin as an tuamba, níl ní ar bith bhaineas le créidh
na talmhan ag roinn leis. Ag so, a chríostaidhthe, bhur n-eisiompláir oirdhearc, óir chum eiséirghe fírinneach do dhéanamh, ní mór dhaoibh sgaramhain le gach nídh thig ó'n saoghal malluighthe agus ó'n gcréidh chailleamhnaigh. Ní mór dhaoibh beatha nua do cheapadh dhaoibh féin bhíos tógtha suas i ngnóthaíbh na Ríoghachta Neamhdha, ar mhodh go ndéanfar daoine spioradálta dhíobh: óir má oileann sibh éan-cheann amháin d'bhur ndroch-chlaontaibh gan a léirsgrios 's a ruagadh as bhur gcroidhthibh, árdóchaidh agus brostóchaidh sé na hainmhiana uile le chéile chum éirghe suas agus chum buadhchain oraibh, go díreach mar déanann éan-lot nó éin-nioscóid amháin, muna gcuirtear ceirín leis go hobann, uile dhroich-leanna an chuirp do tharraing chuige: 's é sin le rádh, gur cóir dhaoibh bhur n-aireachas do mhéadughadh tar éis éirghe as an bpeacadh. Agus fá mar nach raibh Íosa Críost go hiomshlán nó gur bhuaidh sé ar an mbás gan caoi aisig d'fhágbháil aige, mar an gcéadna ní bhíonn iompodh an chríostaidhe ar Dhia foir-líonta, nó go mbuaidhfidh sé go caithréimeamhail ar uile náimhdibh a anma. Go fírinneach, a dhearbhráithreacha, an fhaid is atáid iomad subhailcí fós le cleachtadh, agus iomad dubhailcí le seachaint, níl bhur n-iompodh ar Dhia acht leóinte neamhthairbheach. Tar a cheann soin, is earráid ró-choitcheann i measg na gcríostaidhthe go bhféachaid ar aimsir na Cásga mar aimsir róigh agus súgraidh, chum biadh agus deoch do chaitheamh. acht adeirim-se libh, má's meabhair libh buain-tsheasamh i ngrásaibh Dé, is dual daoibh am bhur n-eiséirghe do bheith 'n-a aimsir teas-ghrádha agus ionnracais chum tuilleadh deagh-oibreach do chleachtadh, agus chum bheith níos dílse feasta ag dlúth-choimhéad na n-aitheanta. Atá sé ró-chinnte go measaid urmhór na gcríostaidhthe
tar éis a mbreitheamhnais aithrighe do choimhlíonadh, go bhfuil ceart dlisteanach aca stad suas ó na deaghoibreachaibh, ar mhodh gur dóigh leó go mbaineann sé le haimsir na Cásga súgradh agus aoibhneas do chleachtadh, bheith ag ithe agus ag ól i dtighthibh an tábhairne, agus bheith ró-fhánach ag guidhe Dé, ag éisteacht Aifrinn, ná ag déanamh mórán naomh-oibreach eile d'oireas do staid bheathadh agus do dhualgas an chríostaidhe. Chum go mbreithneóchadh sibh go cruinn ar mhéid agus ar fhuathmhaireacht na hearráide seo, is leór dham a innsint daoibh nach bhfágbhann an claon-nós úd idir-dhealughadh ar bith idir chaon-dúthracht na bhfír-chreidmheach ag onórughadh aon do na Rúindiamhraibh as áilne in-ár gcreideamh, agus cleasa dia-mhaslaidhtheacha agus súgartha puiblidhe malluighthe na bpágánach ag adhradh agus ag onórughadh a ndéithe bhfallsa. Is leór dham a mhíniughadh dhaoibh gurab é as ádhbhar bunaidh do'n luthgháir thaisbeánann an Eaglais le n-a héadaighibh, len-a ceólmhaireacht agus len-a síor-chantain sailm is oráidí, an buaidh leathan-chosgarach glórmhar rug Íosa Críost ar an mbás, mar aon le buadhachan saordhálach na gcríostaidhthe thríd sin ar an bpeacadh. Uime sin, má bhíobhar in-bhur mbraighdibh mí-ághmharacha ag bhur ndroch-chlaontaibh, tá an Eaglais fós n-a héideadh dobróin dá bhur gcaoineadh, ar chor nach ngeabhaidh luthgháir, nó go bhfillfidh sibh tar n-ais as cruaidh-cheangal na ngeimhleach ndochrach len-a gcuibhrighthear sibh. Arís, ní iarrfaidh mé acht bhur n-admhála chum a chruthuighthe go bhfuil an earráid, trén-a bhféachamaid ar an gCáisg mar leathnadh luthgháire agus caitheamh aimsire, in-aghaidh naomthachta an chríostaidhe, óir má badh dheónaightheach le Dia tar éis bhur dtuitim go minic i b-peacaidhibh, grása na haithrighe do thabhairt daoibh 'san
aimsir bheannuighthe seo na Cásga, níl ionnaibh mar sin acht aithrighigh nua; níl sibh acht dá bhur n-ullmhughadh féin chum bhur mbeatha do leasughadh agus bhur ndroich-chleachttha do thréigean, mar aon le rún daingean do bheith agaibh chum leór-shásaimh ar son na bpeacaidhe d'imthigh tharaibh, agus aithrighe ghlan do dhéanamh ionnta. Ní chreideann sibh gurab inneamhail fóghantach dhaoibh fo-dheóra troma, osnaidhe áirithe agus admhála fánacha chum oiread cionnta is do-rigneabhar do léirsgrios, agus go bhfuil ceart dlisteanach agaibh chum filleadh arís ar bhur sean-oibreachaibh, agus gach éin-mhilseacht saoghalta do bhlaiseadh dár gheall sibh do thréigean ar feadh bhur mbeathadh. Ó, ní mar sin do-rigne an Sailmidhe Ríoghamhail. Ó ní hamhlaidh! Ní raibh sásta le rádh tré chroidhe-bhrúghadh trom-osnaidhtheach, agus caise do dheóraibh géara ag sileadh ón-a rosgaibh: “a Thighearna, do pheacaidh mé in-aghaidh do mhórdhachta,” acht fós, ba mhór é faid agus cruadhálacht na haithrighe do-rigne. Tar 'éis sin, dob'fhéidir gur mó do pheacabhar-sa 'ná an Ríogh-fháidh naomhtha so, Ní hamhlaidh fós do-rigne an tEaspol oirdhearc, Pól, tar éis an tshaothair iongantaigh agus na mbaoghal ndo-innste dár ghabh thríd. Do dhearmaid sé an aimsir d'imthigh thairis agus do chomhairmhigh mar neimhnídh a dhuaidhnéis agus a shaothair uile, ar chor ná raibh do smuaineamh aige acht cionnas dothiocfadh leis tuilleadh anró agus anacra d'fhulang chum glóire Dé do mhéadughadh, agus chum é féin do dhéanamh fiúntach ins an mhiniostrálacht bheannuighthe chum ar gairmeadh le hÍosa Críost é: quae quidem retro sunt obliviscens, . . . extendens meipsum ... ad bravium supernae vocationis Dei in Christo Jesu (Pilip.iii.13-14). Do badh leór dhaoibh bhur dtaithighe féin ar an saoghal
so chum a dheimhniughadh dhaoibh, ó nach bhfuil éan-aimsear ann 'n-ar tréine agus 'n-ar iomadamhla bhíd na drochchlaonta ag iarraidh uachtaránacht do bhreith oraibh 'ná i dtosach bhur slánuighthe, agus mar sin gur dual daoibh bhur n-aireachas do mhéadughadh; óir is 'san aimsir sin féin do ghléasann an mac mallachtain atá ag forcamás do ló is d'oidhche chum bhur ndíoghbhála, a chealga uile chum sibh do ghabháil in-a líontaibh malluighthe. Agus anois, ó gheibheann sé amach gurab iad grása Dé atá dá bhur dtreórughadh agus dá bhur gcoimhdeacht chum bhur leasa, cuireann sé os comhair bhur súl na comhluadair chéadna, an caitheamh aimsire céadna, na cealga díoghbhálacha céadna trén-ar mealladh agus ar milleadh roimhe sibh. Is é seo an t-am 'n-a ngabhann sé chuige seacht ndeamhain eile chum bhur n-anma d'fhoslongphort agus d'ionghabháil trí chéadfadha bhur gcuirp, d'fhonn seilbhe do ghlacadh arís ins na croidhthibh as ar díbreadh go cathaiseach é le mór-ghrásaib Íosa Chríost. In-éanfhocal, a chríostaidhthe, táid na grása fuarabhar 'san Cháisg bheannuighthe seo, ró-fhuras le cailleamhain. Is cosmhail iad le spréidh bheag teineadh nár coigleadh go maith, agus ar chóir aire mhaith do thabhairt dá séideadh; nó le gas do chrann óg nár ghabh préamh dhaingean 'san chréidh fós, dár dual a oileamhain agus a neartughadh ar feadh tamaill; nó, fá dheóidh, is deallrach iad le harbhar ghlan cruithneachta do shíol-chuirtear 'san talamh agá ndéanfadh an cogal as míne do mhúchadh, gan iomad aireachais do ghlacadh 'n-a thimcheall. Tá sibh in-bhur leanbhánaibh nuaidh-bheirthe, -sicut modo geniti infantes, - mar adeir an naomh-easbol, Peadar. (I.Pead.ii.2). Tá gábhadh agaibh dá bhur neart agus dá bhur gcumhachtaibh uile chum sibh do chosaint ó'n oiread soin námhad. Do-chíonn sibh gurab ó éan- chlaon-amharc amháin ar bhean
Urias do thuit Dáibhí i bpeacaidhibh adhaltranais agus dúnmharbhtha. Is ar éigean do luigh Solomh, mac Dáibhí Rí, súil ar na mnáibh coigcríche tháinig dá ionnsaighe, nach raibh sé do mhío-thapa ann túis do losgadh dá n-íodhalaibh agus adhradh dá ndéithibh fallsa; óir ní iarraid na subhailcí nach mbíonn acht 'n-a bhfíor-thosach acht cathaidhe ró-laga chum iad do chailleamhain go bráth. Dá bhrígh sin, badh chóir dhúinn breitheamhain go glinn gurab é an t-amaideacht as mó do-rigneabhar riamh, sibh féin do thabhairt suas arís go náireach dá bhur ndroch-chlaontaibh, bhur ngrása nua do thréigean, ná géilleadh ar chor ar bith dá bhur náimhdibh spioradálta atá mar leómhain chraosacha ullamh chum sibh d'alpadh agus do stolladh ó chéile. In-éaghmais na n-ádhbhar so uile, breathnuighidh fós, ó do-bheir an Eaglais naomhtha dá clannaibh toghtha níos lúgha cabhair istigh 's amuigh 'san Cháisg 'ná in-aimsir an Charghais, badh chóir dhaoibh-se sin do dhéanamh suas tré mhéid agus iomadamhlacht bhur dteas-ghrádha is bhur n-aithrighe: óir ins na laethibh úd tréadhanais agus aithrighe an Charghais, do hoileadh go mór agus do cothuigheadh bhur naomhthacht ó'n dtaobh amuigh. Dobhíodar coimhthionóil ghnáthacha agus comhluadair bheannuighthe ins na teampallaibh, ionad déirce dá thabhairt do bhochtaibh Dé, trosgadh, tréadhanas agus urnaighthe dá ngnáithchleachtadh, bheith d'fhiachaibh ar a malluightheacht géilleadh nó dul i bhfolach, mar aon le seanmóra agus craobhsgaoileadh focail Dé, chum a dtigidís na creidmheacha go léir, acht fír-bheagán do pheacthachaibh cruadh-mhuinéalacha. Dobhíodar so uile fóghanta inneamhail chum srian do chur leis na droch-chlaonta agus chum neart agus brígh do thabhairt do'n chríostaidhe chum eiséirghe as an bpeacadh. Gidheadh, 'san aimsir atámuid ar tí a caitheamh ní
fhaghmuid an oiread conganta chum sinn do chosaint, do neartughadh ná d'oileamhain; agus go hinmheadhónach tá sgéimhe agus deise na hinghine ríoghamhla so na hEaglaise i bhfolach le feicsin. Smuaineann sí go bhfuilid a clann tar éis an eiséirghe do dhéanamh; agus tré bhrígh na ngrás fuaradar, go bhfuilid 'n-a ndaoinibh spioradálta. Mar, ní thabhrann sí dhóibh acht roinn do'n chabhair ba ghnáthach léi do thabhairt aimsir an Charghais; óir anois tá críoch ar a dtrosgadh, ní fhuilid na hurnaighthe puiblidhe chomh coitcheann. Tá coimhthionóil na gcreidmheach níos annmha. Níl na seanmóra dhá gcraobhsgaoileadh chomh minic, ar an ádhbhar go measann an Eaglais sibh do bheith láidir i ngrásaibh Dé agus nach bhfuil riachtanas agaibh feasta le bainne leanbháin chum bhur gcothuighthe. Críochnughadh. Ag sin, a cháirde, ádhbhair agus eisiompláir bhur mbuan-chosnamha i ngrásaibh Dé le feicsin Eiséirghe Íosa Chríost. Uime sin, stiúruighim chughaibh na briathra aoibhne úd adubhairt an tEaspol leis na cineadhacha bhí nuaidh-bheirthe 'san gcreideamh: “A dhearbhráithreacha,” ar sé, “seasmhaidh go daingean ins na grásaibh fuarabhar, agus ná fulangaidh bheith gabhtha an ath-uair fá dhaoirse agus fá thromsglábhacht an diabhail.” - Fratres, state et nolite iterum jugo servitutis contineri (Gal.v.1). Díbridh as bhur gcroidhthibh gach éin-ní do cheanglann do'n tshaoghal chailleamhnach sibh. Sgriosaidh is ruagaidh ó n-bhur gcogcubhas gach droich-chleachtadh agus claon-nós, chum riaghalacha Chríost do gheineamhain ionnta. Cuiridh suas dá bhur ndroch-chomhluadar, dá bhur n-éigceart, agus do'n onóir fhallsa agus do'n tshaidhbhreas fheall-tamhail
atá an saoghal ag geallamhain daoibh. Ná meallaidh sibh féin. Ná bainidh dhíobh toradh an oirid sin do dheóraibh so shileabhar i gcathaoir na faoisdine, agus ná leigidh an oiread soin trosgadh agus tréadhanais, déirce agus urnaighthe do dhul chum droich-chríche agus neamh-thairbhe dhaoibh: tanta passi estis sine causa?, mar adeir an t-easbol céadna. Ná congbhaidh feasta an droch-chuideachta chéadna, ag ithe agus ag ól agus ag cearrbhachas i dtigh an tábhairne ná in-ionadaibh toirmisgthe eile. Tréigidh go hiomshlán iad, óir ní dhéanfaid uile le chéile anam glórmhar an chríostaidhe do léar-shásamh: state et nolite iterum jugo servitutis contineri. Déanaidh amháin cosamhlacht idir an staid shocair shásta in-a bhfuil sibh anois tré ghrása mhór-luaigh na Sacramainte beannuighthe, agus an stáid bhuadhartha in-a bhí sibh roimh seo; idir shuaimhneas bhur n-anma anois, adeir libh go bhfuil Íosa Críost 'n-a chomhnaidhe ionnaibh, an an-shocracht bhur gcogcubhais bhí dá bhur gcéasadh roimhe seo tré mhéid agus tré iomadamhlacht bhur gcoirtheach. Aithrisidh dhúinn dá bhrígh sin, a anamanna na bhfíréan, an n-eadh nach bhfeiceann sibh le haoibhneas mhór intinne, na haltóra naomhtha ar a n-íodhbarthar dhaoibh gach lá an t-uan gan teimheal? - an n-eadh nach bhfuil meadhair oraibh nuair dochluineann sibh ceólmhaireacht lughthára na hEaglaise mar bhinn-channtain Sléibhe Síon? - an n-eadh nach lántoilteanach éisteann sibh anois le craobhsgaoileadh focal Dé, thar cheann gur éisteabhar roimhe seo leó, mar chlaidheamh géar líomhtha ag treighdeadh meadhón bhur gcroidhe i lár bhur bhfleadh mór is bhur gcóisir? Cuimhnighidh ar aimsir bhur gcionnta le doilgheas croidhe,
agus aithrisidh dhúinn má bhlaiseabhar éin-ní i gcosamhlacht do'n mhilseacht do mhothuigheann sibh i staid na ngrás? Ná bíodh leisge ná mío-thapa oraibh saothar dícheallach do dhéanamh chum an tabhartas beannuighthe seo na ngrás do chothughadh agus d'oileamhain ionnaibh, agus ná mealltar ar chor ar bith sibh leis na náimhdibh fealltamhla. Do-rigneadh oighridhe Fhlaitheamhnais díobh leis an Eiséirghe. Bíodh fuath agus droich-mheas agaibh ar gach nídh do chuirfeadh bun-os-cionn ar bhur ndóchas sibh. Do-rigneadh clann toghtha Íosa Chríost díobh, agus seasmhaidh amach go húr-mhisneamhail cródha ag cosaint na cáilidheachta naomhtha soin. In-éan-fhocal, a chríostaidhthe, do chuireabhar luthgháir ar ainglibh Fhlaitheamhnais ag iompodh ó bhur gcoirtheachaibh go staid na ngrás; cuiridh fós luthgháir ar ainglibh na talmhan. Cuiridh mórchompórd ar shagartaibh Dé atá 'n-a bhfiadhnaidhthibh ar bhur ndoilgheas croidhe agus 'n-a lucht rúin ar bhur smuaintibh ins an bhfaoisdin. Do ghabhadar bhur n-osnaidhe. Do chuimileadar bhur ndeóra. Do réidheadar dhaoibh slighthe na haithrighe. d'ionnladar sibh ó n-bhur gcoirtheachaibh, agus do-rigneadar bhur síothcháin le n-bhur mBreitheamh Uile-chumhachtach dobhí i bhfeirg libh. Stiúraid fós lena gcomhairle sibh, agus déanaid impidhe ar bhur son len-a ndeóra. Iodhbraid i lamhaibh an Athar shíorraidhe Aifrinn go laetheamhail daoibh, agus neartuighid fós len-a n-urnaighthe agus len-a ndeaghoibreacha sibh. Uch! uch! a cháirde, ná déanaidh-se tré bhur bhfaillighe an ní do-rigneadar-san do chur ar bun daoibh le hiomad teasghrádha do mhilleadh. Ná bídhidh chomh cruadh-chroidheach soin daoibh féin agus a saothar do
dhéanamh neamh-thairbheach, agus ná cuiridh d'fhiachaibh orra, tar éis trócaire an tSlánuightheóra d'iarraidh dhaoibh, díoghaltas agus díbhfearg Íosa Chríost d'iarraidh anois i dtaobh a chuid fola uaisle do shatalabhar fá n-bhur gcosaibh, i dtaobh a mhór-luaigheachta do chuireabhar i neamh-shuim, i dtaobh a Shacramuinte dorigneabhar do naomh-aithisiughadh agus a ghrása mór-luaigh nárbh'áil libh. Tá siad anois dá bhur neartughadh ins na geallamhnaibh do-bheir bhur nDia trócaireach dhaoibh chum Ríoghacht Fhlaitheamhnais d'fhághbháil. Dá bhrígh sin, déanaidh sibh féin fiúntach ins na geallamhnaibh beannuighthe sin, ag buan-chosnamh go dílis ionnraic i ngrásaibh bhur n-eiséirghe, ar an ádhbhar gurab é an t-éin-mheadhón d'fhanas againn 'san ghleann so na ndeór, chum an choróin ghlórmhar do gheall Íosa Chríost dá fhíréanaibh do shaothrughadh dhúinn 'san Ríoghacht Neamhdha; agus is é sin iarraim daoibh-se agus dam féin - InAinm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen.
Seanmóir a Seacht. Íodhbairt an Aifrinn. Ní bhlaisfidh aon dosna daoinibh sin mo shuipéar-sa. - Lúcás xiv.24. Thug duine mór, adeir Íosa Críost ins an tSoisgéal, órdughadh dá sheirbhísighibh mórán daoine a dtug sé cuireadh dhóibh do ghlaodhach chum teacht go suipéar mór dobhí ag tabhairt uaidh. Ní thángadar. Thugadar leithsgéala móra fallsa uatha. Do ghlac fearg an prionnsa, agus thug sé órdughadh dá sheirbhísigh a bhoicht agus a dheibhléana féin do thabhairt isteach 'n-a chuireadh; agus do dhearbhuigh sé ná blaisfeadh éan-duine dá bhfuair cuireadh blúire dá shuipéar go bráth. Cia hé an prionnsa mór so thug an cuireadh uaidh? Íosa Críost, an Dara Pearsa do'n Tríonóid Ró-Naomhtha. Cia an suipéar é seo dothugann sé uaidh? Tá, a chríostaidhthe, a chorp agus a anam, a chuid fola agus feóla, a dhiadhacht agus a dhaondacht, in-éan-fhocal, Sacraimint bheannuighthe na hAltórach. Cia hiad na seirbhísigh iad so 'n-a dtugann sé órdughadh dhóibh, glaodhach ar na daoinibh? Na heasbuig agus na sagairt do chraobhsgaoileann a chreideamh ar feadh
an domhain. Cia hiad na daoine iad so 'n-a dtugann sé cuireadh dhóibh? Sibh-se agus an saoghal uile go léir. Cuireann an méad sin do'n tSoisgéal luthgháir orm, a chríostaidhthe, acht critheann mo chroidhe nuair smuainim ar na foclaibh déidheanacha. Tá Íosa Críost i Sacraimint na hAltórach mar bhreitheamh ar an mbinnse i dTigh na Cúirte. Tugann sé an breitheamhnas marbhthach so, “ní bhlaisfid mo shuipéar-sa go bráth,” ar na daoinibh seo thugann neamh-shuim 'san Aifreann; ná tigeann ag triall air, nó má thigid, ná héisteann é mar as cóir Sul fá chuirfinn éin-riaghail daoibh chum an Aifreann d'éisteacht ar an gcuma 'n-ar maith le Dia é, míneóchad daoibh créad é an ní an tAifreann. Is é an ní an tAifreann, íodhbairt Íosa Chríost. Iodhbrann sé é féin suas do Dia ar ár n-altóraibh. Is é féin an íodhbairt agus an t-árd-shagart in-éinfheacht. Is é an ní d'ofráilimíd fuil agus feóil ar Slánuighteóra. Cia dhó? Do Dhia mór na cruinne. Is iad na sagairt ministéirí na híodhbarta; agus ofráilid na críostaidhthe bhíonn láithreach, suas do Dhia í in-einfheacht leis an sagart. Ar an ádhbhar soin, níl éin-tshlighe chomh maith chum an Aifreann d'éisteacht mar as ceart, len-ár gcroidhe, len-ár n-intinn agus len-ár n-aigneadh, do bheith in-éinfheacht ar éan-ghuith le croidhe, le hintinn agus le haigneadh an tshagairt, ag tabhairt molaidh agus glóire do Dhia. Má leanmaoid an riaghail seo, is féidir linn trí codcha do dhéanamh do'n Aifreann. An chéad chuid, ón-a thosach go dtí an aimsir 'n-a n-ofrálam suas do Dhia an t-arán agus an fíon. Ar feadh na haimsire sin, badh cheart dúinn smuaineamh ná fuil éin-pheacthaigh chomh mór linn féin; badh cheart dár gcroidhe bheith
líonta do chathughadh agus do dhubrón mar gheall ar shailcheacht ár bpeacaidhe. An dara chuid, ó'n uair 'n-a n-ofrálam an t-arán agus an fíon go soinnseáltar iad i bhfuil agus i bhfeóil ár Slánuightheóra. Ar feadh na haimsire seo, badh cheart dúinn sinn féin do thabhairt suas do Dhia mar íodhbairt in-éinfheacht le Íosa Críost. An treas chuid, ó'n aimsir 'n-a soinnseáltar an t-arán agus an fíon i bhfuil agus i bhfeóil ár Slánuightheóra go dtí an t-am a n-itheam a chuid feóla agus go n-ólam a chuid fola. Badh cheart dúinn sinn féin d'ullmhughadh ar feadh na haimsire seo, i gcomhair na ngrás dothabharfaidh Dia dhúinn. I gcás gur fearr do thuigfeadh sibh na neithe seo, tabharfaidh mé dhaoibh trí somplaí fuaras ins an Scrioptúir, do thaisbeánfaidh go soiléir dhaoibh cionnas as ceart daoibh an tAifreann d'éisteacht. Is é an chéad sompla, sompla an phuibliocánaigh. An dara sompla, an bitheamhnach do chéasadh in-éinfheacht len-ár Slánuightheóir. An treas sompla, captaon na saighdiúirí 'n-ar leighiseadh a mhac dó. Taisbeánfaidh an puibliocánach dhaoibh créad as ceart daoibh do dhéanamh ar feadh na céad coda; an bitheamhnach, ar feadh na dara coda; agus an captaoin créad as ceart daoibh do dhéanamh ar feadh na treas coda do'n Aifreann. An uair thiocfaidh sibh do'n tshéipéal, cuimhnighidh, a chlann ó, créad do-rigne an puibliocánach nuair a tháinig sé isteach do'n tshéipéal chum a urnaighthe do chur suas chum Dé. Dochuaidh sé isteach i gcúinne leis féin. Ní léigfeadh náire ná eagla dhó a shúile d'árdughadh suas chum na hAltórach. Do bhuail sé a ucht agus adubhairt sé: “O a Thighearna! bí trócaireach orm, mar is peacthach mór mé”. Ní tháinig sé isteach go ceann-dána 'san tshéipéal chomh maith is ná
dearnaidh sé éin-pheacadh riamh. Ní dhearnaidh. Do shíl sé nárbh'fhiú é seasamh do láthair Dé. Do chuir méad a pheacaidhe an oiread soin náire air, nár thóg sé suas a shúile amháin chum na bhflaitheas. Do bhuail sé a ucht, mar is annsoin dobhí a chroidhe; agus mar do tarraingeóchthaidhe teine as clocha le hiad do bhualadh ar a chéile, do tharraing sé ón-a chroidhe na focail oirdhearca so: “A Thighearna, bí trócaireach orm, mar is peacthach bocht mé”. O! créad é an sólás síorraidhe dogheabhmuis ins na flaitheasaibh dá ndéanfamuis aithris ar an bpiubliocánach so, dá gcaithfimís sinn féin ar ár nglúinibh ar thosnughadh an Aifrinn, dá líonfadh ár gcroidhtheacha do dhubrón agus do chathughadh, agus dá n-iarrfamuis ar Dhia len-ár n-osnaidhe agus len-ár ndeóra, párdún agus maithmheachas do thabhairt dúinn 'n-ár bpeacaidhibh? Nach é seo an ní do chuirenn an sagart in-iúl dúinn nuair do dhruideann sé ó'n Altóir? Nuair thigeann sé anuas go dtí an chéim íochtarach chum an Fhaoisdin Choitcheann do dhéanamh os comhair Dé agus an tshaoghail, bíonn trom-ualach peacaidhe a phobail ar a ghuailnibh; iarrann párdún agus maithmheachas ar Dhia dhóibh-sean agus dó féin. Taisbeánfaidh mé dhaoibh anois sompla an bhitheamhnaigh, do thaisbeánfaidh dhaoibh cionnas is cóir daoibh sibh féin d'iomchur ó aimsir na hIodhbarta go dtógtar suas fuil agus feóil ár Slánuightheóra. Féachaidh ar an mbitheamhnach foirtiúnach sínte ar chrann na croise. Féachaidh cionnas d'osglann sé súile a chroidhe chum a Shlánuightheóra d'aithint agus d'admháil. Nach fada an tshlighe go ríoghacht na bhFlaitheas d'imthigheann sé ar feadh na trí huaire do chaitheann sé i bpiantaibh ar chrann na croise in-éinfheacht le
Íosa Críost? Tugann sé an méad as féidir leis dá Shlánuightheóir. Tugann sé a chroidhe dhó. Iarrann sé go húir-íseal air ionad do thabhairt dó i ríoghacht na glóire. Tugann sé a theanga dhó ag craobhsgaoileadh a bheannaightheachta agus a neimh-chionntachta. Ins an aimsir 'n-a ndearnaidh gach n-aon dá raibh láithreach, Íosa Críost do shéanadh, d'admhuigh seisean go hárd gurbh'é árd-mhaighistir neimhe agus talmhan é. An uair dobhí gach n-aon eile ag tabhairt masla dho., thug seisean moladh agus glóire dhó. Nuair d'fhág a dheisciobail uile go léir é, tógann an teirceán bocht so a pháirt. Tá carthannacht chomh mór soin 'n-a chroidhe go ndéanann sé a dhícheall chum an droich-bhitheamhnaigh dobhí ar an taobh eile dhe do thabhairt chum aithrighe do dhéanamh. Ná bíodh iongnadh oraibh, a dhearbhráithreacha, má ghabh an oiread so tréithe an bitheamhnach bocht so. Dochonnaic sé a Shlánuightheoir dá chéasadh, agus níl éin-ní as mó shoinnseálann ár gcroidhe 'ná radharc Íosa Chríost ar chrann na croise. A! is mó an fortún dobhéadh 'n-bhur gcomhair dá mb'áil libh, ar árdughadh an Chuirp Naomhtha, súile bhur gcreidimh do chaitheamh ar chnámha Ein-Mhic Dé, agus machtnamh do dhéanamh ar a mhórcharthannacht daoibh-se agus do'n tshaoghal go léir. O! is é seo an t-am 'n-ar ceart daoibh sgreadadh agus glaodhach ar Dhia mór na gcumhacht, agus a rádh ó n-bhur gcroidhe, “O, a Thighearna, ofrálaim suas duit mé féin in-éinfheacht lem' Shlánuightheóir. O! ná dearmaid mé, mar is peacthacht bocht mé. Tabhair maithmheachas agus pardún dam agus ionad i ríoghacht na bhflaitheas!” Bíodh carthannacht mór agaibh; guidhidh ní headh amháin daoibh féin, acht fós do'n tshaoghal uile go léir, agus go speisialta ar na hanmannaibh atá ag fulang pianta na Purgadóireachta.
Tabharfaidh mé anois daoibh an treas sompla; an captaon; sompla as ceart daoibh a leanmhain go deireadh an Aifrinn, nuair do ghlacann an sagart comaoine; 's é sin, nuair d'itheann agus d'ólann sé cuid fola agus feóla ár Slánuightheóra. Tá an sompla so chomh oirdhearc sin gur lean an Eaglais riamh é. Deireann gach sagart sula nglacann sé comaoine, na focail chéadna adubhairt an captaon le Íosa Críost, nuair d'iarr sé mar athchuinge air a mhac do leigheas dó: “A Thighearna, ní fiú mé go dtiocfá fám' dhíon”. An uair do ghlacais colann daonda i mbroinn na Maighdine Muire, dobhí iongnadh ar na hainglibh; dobhí iongnadh ar na flaitheasaibh. Ní rabhais sásta leis an umhlacht so. Ba mhaith leat fós maireachtain 'n-ár measg. O! a Thighearna, tagann tú chugham-sa; tusa atá id' Dhia ar bheódhaibh agus ar mharbhaibh, tusa atá id' Dhia ar bheódhaibh agus ar mharbhaibh, tusa atá id' mhaighistir ar neamh agus ar talamh, tagann tú chugham-sa, an peacthacht as mó fá'n spéir. O! ní fiú mise go dtabharfá-sa biadh na n-aingeal le n'ithe dham; mise d'árduigh suas mo lámha go minic i reibiliúntacht id' choinnibh. Acht ó's maith leat teacht chugham, dá mhéid mo pheacaidhe, ní iarraim éin-ní saoghalta ort. Dob'fhéidir go ndamnóchaidís m'anam. Acht iarraim go humhal ort sláinte m'anma, coinsias glan, agus maithmheachas im' pheacaidhibh. Ag so iad na somplaí thugann an Scrioptuir daoibh chum a chur in-umhail daoibh cionnas as ceart daoibh an tAifreann d'éisteacht. Acht fiafruighim daoibh an leanann sibh na somplaí seo. A! is fada uaidh sibh. In-ionad sompla an phuibliocánaigh, an bhitheamhnaigh mhath, agus an chaptaoin do leanmhain, leanann sibh, ar feadh an Aifrinn, sompla
an droich-bhitheamhnaigh, Iúdás, agus na bhFairisíneach. Chum na fírinne seo do chur i dtuigsint daoibh, níl agam acht a thaisbeáint daoibh cionnas d'éisteann sibh é. Is é an ní an tAifreann, íodhbairt déantar ar chuimhniughadh Páise agus Báis Íosa Chríost ar chrann na croise. Acht tuiteann sé amach go minic, go ndéinid mórán do na críostaidhthibh an masla d'athnuadhchan, thug na Iúdaidhigh agus na crochairí d'Íosa Críost, nuair a dhéanaid na sagairt cuimhniughadh na bpianta d'fhulaing sé d'athnuadhchan ar na haltórachaibh. I gcás go ndéanfadh sibh bun-os-cionn leis an droing mhalluighthe, sibh féin dothugann masla dár Mistéiríbh Naomhtha, cuimhnighidh go raibh trí sórt daoine timcheall ar bhur Slánuightheóir nuair do cuireadh chum báis é. d'imthigh an chéad drong thar a chrois. Níor stadadar. Níor ghlac cathughadh ná doilgheas croidhe iad mar gheall ar a bhás. Dobhí a gcroidhe ní ba chruaidhe 'ná na cairrgeacha. Tháinig an dara drong in-aice na Croise. Do-chonncadar é ag fulang pian. Níor ghlacadar éan-truagh dhó. Do chromadar ar gháiridhe agus ar mhagadh faoi. Ní raibh an tríomhadh drong sásta le masla do thabhairt dó. Do bhuaileadar agus do bhasgadar é. Do chaitheadar cioth do mhionnaíbh móra agus d'easgainíbh 'n-a choinnibh sin atá beanuighthe ar feadh saoghal na saoghal. Aithneóchaidh sibh ar na comharthaíbh seo an méad malluightheachta do dhéanamh mórán agaibh féin ar feadh na haimsire bhíonn an tAifreann dá rádh. Connas as féidir leis na cuirptheóirí seo bheith páirteach i nAifreann Dé, ná déanann faoisdin acht uair 'sa mbliadhain agus ná déanfadh go bráth é muna gcuirfidhe d'fhiachaibh orra é? Nach iomdha duine agaibh ná tagann ar éan-chor acht go ró-annamh go
dtí an tAifreann. “Tá páistí óga agam,” adeireann duine. “Bhí an Domhnach fliuch,” adeireann an dara duine. Agus is dóigh leó go nglacfaidh Dia na leithsgéil seo uatha. A! fóiríor, tá siad meallta. Do réir mar atá siad-san ag magadh fá Dhia le'n-a leithsgéalaibh, béidh Dia ag magadh fútha-san lá a mbáis. Féachaidh ar chuid eile aca: in-ionad deithnis do dhéanamh chum an Aifrinn, caithid an aimsir 'san mbaile dá gcórughadh féin; in-ionad cuimhneamh ar Dhia ná ar a bpeacaidhibh ar feadh an bhóthair, caithidh an aimsir ag cainnt agus ag comhrádh, ag guidheóireacht agus ag barbardhacht; in-ionad teacht isteach in-éinfheacht liom féin go dtí séipéal Dé, nach amhlaidh d'fhanaid cois na gcladhthacha ag díol agus ag ceannach, ag cúl-chainnt agus ag munabar, ag reic bréag agus éithigh ar na comhursanaibh? An uair thagaid isteach, cionnas d'iomchraid iad féin? In-ionad bheith go húir-íseal ar a nglúinibh mar dobhí an puibliocánach, ag iarraidh maithmheachais agus párdúin ar Dhia, seasaid suas go dána drochmhúinte os comhair na hAltórach. Cromaid ar chainnt agus ar chomhrádh agus ar dhligheadh 'thabhairt do'n tshagart - fear ionaid Dé ar an talamh. Caithid cuid eile aca iad féin i gcúinníbh. Cuirid coiste ar chreideamhaint an fhir seo agus na mná úd. In-éan-fhocal, iomchraid iad féin i séipéal Dé mar dodhéanfadh aos óg ar sgoil rinnce, agus ní bhíonn níos mó do mheas aca ar Dhia 'ná bhéadh aca ar bhuachaill díomhaoin. Bíonn a gcroidhe chomh fada ó Íosa Críost is atá ifreann ó fhlaitheas na glóire. In-ionad moladh agus buidheachas do thabhairt dá Slánuightheóir, i dtaobh é féin d'ofráil suas ar a son, cromaid na cuirptheóirí malluighthe seo ar gháiridhe agus ar mhagadh faoi. Brughadh
agus bruigheanáil, geóin agus siosma, fir i measg ban agus mná i measg fear, amhairc drúiseamhla, smuainte saoghalta. Ní bhíonn beann aca ar na mistéiribh. Cainnteanna díomhaoine fuara peacthamhla, agus é sin go léir gan sgáth, gan eagla, gan cheist, gan náire, os comhair Dé agus duine, os comhair Íosa Chríost agus sluaigh na bhflaitheas atá ag féachaint le doilgheas orra ar an Altóir. Fiafruighim daoibh an mar so d'iomcharfadh sibh sibh féin dá mbéadh athchuinge agaibh le hiarraidh ar rígh nó ar phrionnsa? A! ní headh ar éan-chor. Is umhal úir-íseal dothiocfadh sibh dá láthair; agus nuair thagann sibh isteach go séipéal Dé, ag iarraidh ar Aird-rígh na nAingeal, párdúin in-bhur bpeacaidhibh, an athchuinge as mó as féidir d'iarraidh, ní thugann sibh dhó acht easurraim agus easonóir. Ná tabharfadh béas sgannalach do'n tshórt so le rádh do Shacsanach, ná creideann sibh Íosa Críost do bheith láithreach i Sacraimint na hAltórach? Is fíor é seo, a chríostaidhthe gan chreideamh. Tugann sibh masla dá bhur Slánuightheóir mar thug an droich-bhitheamhnach ar an Aird-íodhbairt. Dá dtabharfadh duine droch-chainnt nó masla ar an mbóthar dhúinn, b'fhéidir go mbéadh foighne againn; acht a shlán fútha teacht isteach 'n-ár dtigh féin, chum masla do chaitheamh 'n-ár n-aghaidh ann: badh dheacair dhúinn cur suas leis. O! nach mór an fhoighne atá ag ár Slánuightheóir, do dhoirt an braon déidheanach dá chuid fola ar chrann na croise chum sinn so shaoradh ó shlabhraidhibh an diabhail, - nach mór an fhoighne dho, adeirim, é féin d'fheicsint masluighthe ar Altóir a charthannachta ag créatúir malluighthe ceann-dána, ag piastaibh brocacha do geineadh ó'n talamh? Nach mór an t-iongnadh ná
hórduigheann sé ó'n talamh osgailt agus iad do shlogadh suas idir chorp agus anam go fíoríochtar ifrinn. O! ná himthighmís amach as an séipéal gan párdún agus maithmheachas d'iarraidh ar Dhia. Ná coisgeadh éin-ní sinn as so suas ar ár mbeathaidh do leasughadh. Cuirimís ár lámha ar an bhfann-lag. Bíodh truagh againn dó ón-ár gcroidhe agus ón-ár n-aigneadh. Tugann Dia aimsear fós dúinn. Ná goidmís feasta len-ár malluightheacht éin-phioc do'n ghlóire thuilleann sé i dtaobh é féin d'ofráil suas dá Athair Shíorraidhe. Tugamaois dó, ar feadh an Aifrinn, ár n-anam, ár gcorp, ár n-intinn, ár n-aigneadh agus ár gcroidhtheacha. Ní dhéanfaidh sé éan-ghnó dhúinn ár gcorp do bheith láithreach. Ní fuláir dhúinn smuainte diadha do bheith 'n-ár n-aigneadh. Ní fuláir dhúinn smuainte saoghalta do dhíbirt go glan. Cuimhnighmís ar Dhia, ar Íosa Críost, ar an Spiorad Naomh, ar ár n-anam agus ar ghlóire na bhflaitheas. Cuimhnighmís go speisialta ar ár bpeacaidhibh, agus iarramaois párdún agus maithmheachas ar Dhia le cathughadh agus le dubrón. Má ghnímíd, a dhearbhráithreacha, na neithe seo mar as cóir, béimíd páirteach gan amhras i ríoghacht na bhflaitheas, leis na naomha agus leis na haingeala ar feadh na síorraidheachta: ní atáim ag iarraidh dhaoibh-se agus dam féin - InAinm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen.
Seanmóir a hOcht. Ar Ifrionn. Annsin dubhairt an rí len-a ghiollaíbh: Ceanglaidh a chosa agus a lámha, agus teilgidh i ndorchadas Ifrinn é, mar a bhfuil gul agus díoscán fiacal. Is iongantach scannramhal an chreath í seo, a chríostaidhthe, thug ár dTighearna, i gcosamhlacht an tSoisgéil, ar dhuine áirithe fuair cuireadh, agus tháinig gan ullmhughadh, gan culaidh an phósta, go dtí an bhainis. Do dhíbir Dia as a radharc é go dorchadas na bpian. Fá scéimh na cainnte agus an tshompla so, cuirtear in-umhail dúinn-ne, créad mar fuaramar go léir cuireadh 'n-ár mbaisteadh agus 'n-ár dtabhairt suas in-ucht an chreidimh chóir, chum triall do chaitheamh na glóire agus an fhéasta shíorraidhe, agus an bhreath atá i ndán dúinn má gheibhtear sinn gan ullmhughadh, gan an chulaidh phósta: is é sin, má scaramuid leis an saoghal so fá pheacadh, gan muinnteardhas Dé, gan róba na carthannachta, díbhreann Dia as a radharc sinn. Teilgfear sinn, mar do rigneadh leis an duine n-uaibhreach úd, go dorchadas Ifrinn. Uch! a chríostaidhe chroidhe, is aindeis an chríoch í seo. Is díombádhach é deireadh saoghail an pheacthaigh, ag
imtheacht ó Dhia d'éis báis, do réir mar d'imthigh an feadh dobhí sé beó. Acht dá mbéadh a phionós daor leis sin, dá mbféidir leis an mbrughach dona a rádh: “bím réidh le Dia agus ná bíodh éin-díol eile orm i ndiaidh mo mhalluightheachta,” bhéadh compórd éigin aige; acht ní mar sin é. Dobhí a lá féin aige. Dobhí sé ag faghbháil a thoile féin tamall, agus dob'fhéidir leis imtheacht nó stad. Acht d'imthigh a am; luigh an ghrian. Toil Dé, ní fuláir dhó dul go hifrionn, nuair nár shaothruigh an peacthach go toilteanach na flaithis ar chomhairle Dé, ná Scrioptúirí, agus ráidhte na nAithreach Naomhtha. Níl éan-alt dár gcreideamh nísa phrionnsapálta ná nísa shoiléire 'ná é seo; óir nuair sháruigheann an peacthach trócaire Dé, ní féidir len-a cheart é d'fhoighidneamh, ní féidir leis gan é do dhaoradh go teinidh shíorraidhe, in caminum ignis, agus, dá éaghmais sin, ní bhéadh rogha idir olc agus maith. Ní hiomdha duilleóg 'san Sgrioptúir nach ndéanann finnéidh ar an árus so na bpian, ionad comhnaidhthe na n-anam ndamanta. Is é as mian le n-ár dTighearna in-aghaidh gach uair dá dtráchtann air. Ceangal agus céasadh na malluightheóirí a thairgeann Naomh Pól do chur i gcéill dúinn nuair innseann dúinn go mbéidh seo nach ngéilleann do'n tSoisgéal ag fulang i lasrachaibh teintidhe síorraidhe; agus glaodhann ar ifrionn áit teineadh agus chrádha, foirnéis do-fhuilingthe, linn teineadh agus briomstóin ag síor-lasadh gan dóghadh le brígh feirge Dé. Mo thruagh an t-anam bocht atá daor chum na síorraidheachta do chaitheamh ann gan sólás, gan subhailceas, gan fíor-chompórd, réidh nó scartha le Dia agus
len-a aingle, scartha le muinnteardhas an tshaoghail, cuibhrighthe, cráidhte, i lár léigiún deamhan agus nathrach neimhe. (Aibhistín). O! dá bhfaghbhadh sé cead, is éasgaidh ghéillfeadh an t-anam damanta so do chúrsa cruaidh aithrighe, d'éisteacht Aifrinn, do throsgadh an Teampuill agus do dhéirc na mbocht; is éasgaidh rachadh sé ar a ghlúinibh ag iarraidh beannachtan Dé, agus ag tabhairt glóire dhó ar maidin agus um thráthnóna. O ! b'fhada uaidh neamhshuim do thabhairt 'san bhfaoisdin um Nodlaig, ná um Cháisg, ná éan-uair eile 'n-a luighfeadh éin-pheacadh marbh ar a choinsias. Is beag an chuimhne dobhéadh air a pheacaidhe do cheilt nó an náire iad d'innsint le chéile; agus is luath dodhéanfadh sé leóir-ghníomh i gcuid a chomharsan , 'san nídh fuair sé go holc. O! dá bhfaghbhadh sé cead! Acht níl sin ar a chumas, mar ná fuil éan-fhuasgladh as ifrionn: in inferno nulla est redemptio (Oiffig na Marbh). Nuair bhí sé ar shlighidh na haithrighe do leig sé thairis í. Ní rigne sé éan-dualgas díobh seo do choimhlíonadh, agus an té againn-ne dhéanfaidh an ní céadna ar an saoghal so, béidh sé mar siúd 'san tshaoghal eile, dá chéasadh 'san teinidh nach féidir do mhúchadh; óir adeir Críost; “gach crann nach dtiubhraidh toradh maith uaidh, gearrfar anuas é agus teilgfear 'san teinidh é”. Aithrisid na diadhairí go bhfuil dhá shórt péine go speisialta ag crádh na n-anam ndamanta; ceann aca, radharc Dé agus na bhflaitheas do ró-chailleamhain; agus ceann eile dhíobh, radharc na ndeamhan ngránda gcíor-dhubh gcrith-eaglach, agus na pianta Ifreannda. Ní fhuil éan-rud cruthuighthe, ná fuil dúil agus leigean nó claonadh aige chum na críche do ró-cheap Dia dhó; agus nuair nach righean sé an chríoch sin, ní féidir
leis gan bheith mí-shásta agus buaidhreamh do bheith air, má tá éan- mhothughadh ann. Is mar sin do'n anam n-uaibhreach atá tabhartha do'n olc ón-a dhrochnádúir féin, agus do chruthuigh Dia ar a sheilbh féin i bParrthas. Nuair chíonn sé é féin teilgthe ó'n gcrích sin, scartha uaithi go toilteanach gan fóirithin, ná faghbháil ar chasadh, buaileann tuirse agus dólás agus dubrón é, fraochmhaireacht intinne agus mire mí-dhóchais, nach scarann ó bheith dhá thnáthadh go deó; agus is air seo ghlaodhann an Sgrioptúir an phiast ná faghbhann bás choidhche. O! cad é an díth chéille dobhí ar an anam dhona nár chuimhnigh í féin do choimhéad ar an mbuaidhreamh shíorraidhe seo, an feadh thug sé i ndearmad Dia d'adhradh agus d'onórughadh, agus thug adhradh do'n tshaoghal agus toil do pheacaidhibh na hintinne, - tnúth, fuath agus fearg; óir an sólás dobhí aice dá dhéanamh iompuighthear, adeir Aibhistín, 'n-a dhólás dá phianughadh: ut quae fuerunt delectammmenta homini peccanti, sint instrumenta Domino punienti. An pionós eile atá in'aice seo, gé nach bhfuil sé chomh géar leis, gluaiseann ó fhulangthaibh an anma is gach céadfaidh le hoibriughadh agus nádúir péine ifrinn. Is fíor, go deimhin, leis an oireamhain thug Dia dár nádúir, an feadh dobhíonn an t-anam ceangailte do'n cholainn, gurab le teannta agus cáilidheachta an chuirp go hiomshlán do ghluaiseann a thiorrachtain, ar shlighidh, má's pian nó pléisiúr dhóibhsean leath-is-muigh orainn, gurab é an clódh agus an phian chéadna bhíonn leath-istigh ar an anam, ar a shon, is ó'n anam beódhacht an chuirp, agus radharc, éisteacht agus blas;
óir dá éaghmais, ní bhéadh ceachtar dhíobh ann, mar ní mhothuigheann corp an mhairbh éan-rud, acht is spioraid do-mharbhtha é an t-anam, agus ní chailleann sé na cumhachta céadna. é agus airigheann agus éisteann ar shlighidh éigin spioradálta agus sin a bhfad níos géire ná mar airigheann i bpríosún na colna, óir, ar nós na mhairtírigh gheibheann luach a chneadh go hobann, nó an té sgaoilfidhe ó ghlas agus ualach trom, ní luaithe sgaoiltear an t-anam ó ghlas agus ó mheadhachain na colna 'ná brathann sí saoirse, luas, agus a gníomhaidheacht nádúrtha féin. As so tuigimid nach bhfuil éan-bhall gan a phian nó a luach saothair féin 'n-a chomhair, do réir mar do-rigne olc nó maith; agus as so tuigimid nach bhfuil éan-bhall, céadfaidh, ná cumhachta, dá mbaineann leis an anam, ná fuil a phian féin nó a luach saothair féin 'n-a chomhair do réir mar do-rigne olc nó maith, agus é 'n-a sheilbh sin i slighidh ró-iomlán ó'n mbás go dtí an eiséirghe, agus gan aige 'n-a dhiaidh. Is mar sin do'n tshúil agus do'n chluais dobhíodh tabhartha do radharc agus d'éisteacht an pheacaidh, do-gheibhidh a bpionós féin. Crádhfar iad tar meadhón le dubhsholas agus uallfairt Ifrinn; gus aireóchaidh sí siúd ná leigfeadh bonn a coise ar an talamh a phian féin i ndíol a peacaidh. Ní gan cosamhlacht nó ughdarthás an chainnt seo, mar is iontuigthe as an eágcaoineadh chráidhte do-rigne craosach an tSoisgéil nuair do ghuidh sé Abram, agus é féin dá chéasadh, trócaire do dhéanamh air, agus Lásaras do chuir chuige chum braon uisge do leigean do bhárr a mhéire ar a theangain mar fhionnfhuaradh dhi, ar mbeith scólta: crucior in hac flamma. O! cia fhoighdeóchaidh an tart síorraidhe? Cia
fhoighdeóchaidh an phian fá leith? Cia fhoighdeóchaidh craos na teineadh as treise loisgnighe 'ná gach teine: quis poterit habitae de vobis cum igne devorante? Deir San Aibhistín nach bhfuil i dteintibh an tshaoghail seo go léir le chéile acht sgáil 'n-a h-aice; agus muna bhfuilingeóchthá tú 'dhóghadh leis sin, dála nach ndéanfá ar an domhan go léir ná fós fiú do mhéire do choimhéad sgathamh os a cionn, créad dhéanfaidh tú an uair úd, nuair bhéidh an Tighearna ag caoineadh na gcaorach, agus an t-anam bocht ar nós na tuighe agus an adhmaid tirim: quasi lignum et stipula - ar dearg-lasadh go síorraidhe. Agus dá fhaid dorachmuis, a chríostaidhthe, le solas ár gcreidimh agus ár réasúin ar lorg na neithe dubhraca bhaineann le Dia agus an saoghal atá le teacht, dobhéadh go leór 'n-a dhiaidh sin gan a rádh, agus a n-abróchamuis a bhfad fá bhun mar atá neithe; óir in-éaghmais lagachair ár dtuigseana, adeir Naomh Pól na feicimid neith ar an taobh so i bhfus acht tré sgáil agus tré ghloine: per speculum. Ní beag, ar a shon, a dtuigimid agus a bhfeicimid chum sinn do mhúsgailt ó shuan an pheacaidh. Agus adeir Aibhistín, an té nach músclóchadh torainn do'n tshórt so nach 'n-a chodladh atá, acht marbh; qui non, etc. Tá an-roinnt do'n tshaoghal, cé nach iad as fairsinge, agus ní gnáth iad do bheith 'n-a suan. Ní gan fírinne adeirtear gur dathnaid dóibh imtheacht; mar dobhí neithe maithe annso aca, agus contabhairt ar a mhalairt annsúd. Nuair rachaidh an duine saidhbhir a chodladh, - is é sin, nuair gheóbhaidh an duine saidhbhir bás, - ní thiubhraidh éan-rud leis. Adeir Iob: “Fosclóchaidh sé a shúile, agus gheobhaidh sé é fein folamh,” .i. Dives cum dormierit, nihil secum auferet; aperiet oculos suos et nil inveniet.
Ó! mo sgéal, an imirce dhéidheanach so ó shonas go donas, ó shonas agus ó shubhachas go nuige anacra agus anró, ó aoibhneásaibh an tshaoghail go pianta síorraidhe. Acht gé gur dólásach an sgéal é, ní leath iongantais iad so do bheith caillte 'n-a bhfuil ócáidí an pheacaidh ar gach taobh dhíobh, agus é ar a gcumas caitheamh aimsire do dhéanamh gach uair. Ní mar sin do'n dá leór do chaithfidh maireachtain go beó bocht gan mórán compóird saoghalta. Dar leat, is in-aisgidh agus d'éan-uaim dhamnaid iad féin! Níl taidhbhse an tshaoghail, caithréim ná buaidhreamh onóra ag déanamh toirmisg do'n duine bhocht; acht ní háil leis, ó dhiultuigh Dia an comhgar so ar mhaithe leis, gan a iompódh ar gach rud do chleachtann daoine eile, agus luach saothair a bhochtaineachta do chailleamhain. Cad é an mhaith dhuit buaidhreamh do bheith ort i dtaobh do luige 'san tshaoghal so, agus tú saor, b'fhéidir, mar gheall air ar ádhbhar do dhamanta? Ná bíodh, mar sin, tnúth, fuath, fearg, ná mí-shásamh ag siubhal leat; óir níl tairbhe ionnta acht olc mór, mar is peacadh ceist nó locht d'fhaghbháil ar thrócaire an Tighearna. Is mór gur fearr roinn foighde anois agus do chrosa d'iomchur go foighdeach anois i ndíol do pheacaidhe 'ná bheith 'na dhiaidh so, agus sin go díomhaoin, ag caoineadh do dhíth céille. Tá go leór anois fá phian, b'fhéidir, agá raibh aithne agat féin orra - do pháirtidhthe, b'fhéidir, 'san pheacadh. Dá mbéidís ag labhairt leat, dob'é a gcomhairle dhuit: “cuir scéal go nuige mo mhuinntear atá beó i m'dhiaidh,” ar Díbhes le hAbram, agus é dá chéasadh in-ifrionn, “chum go seachnóchaidís an árus so na bpian.” “O!” ar Abram, “tá Maoise agus na
fáidhe aca agus muna dtiubhraid aire dhóibh sin, ní chreidfidís éin- teachtaire dorachadh chúcha ó na marbhaibh”. Ní foir-leathnughadh cainnte, ar an ádhbhar sin, sgéal Fiannaidheachta, ná tionnsgnadh sagart an for-fhógradh agus an bhagairt seo déantar ó'n altóir ar na malluightheóiribh agus clann an pheacaidh: Dia féin as ughdar leis. Innseann an Scrioptúir go dtuilleann an peacthach é. O! a Thighearna dochum na flaithis do na fíréanaibh agus ifreann do'n pheacthach, sábháil do dhaoine. Tabhair do'n phobal do bheith ullamh nuair ghlaodhfaidh tú orra ionnas go mbéidís ar an taobh dheas díot lá na breithe déidheanaighe. An n-áil leat bheith saor ar an léirsgrios atá fá chomhair an pheacthaigh, agus ar bhreith na teineadh, Lá an tSléibhe? Cuimhnigh anois orra. Smuain ar phionós an pheacaidh, má's gan ullmhughadh d'imtheóchair. Mar sin, déanfair diúltadh dod' chlaontaibh, cibé díobh, drúis, craos, tnúth nó fearg. Déan aithrighe, mar is beó, is ní marbh, as maith an aithrighe.
SEANMOIR A NAOI. AR AN LEOIR-GHNÍOMH. Tabhair do Shaesar cuid Saesair, agus a chuid féin do Dhia - (Matha xxii.21) Ag sin mar adubhairt ár Slánuightheóir, an uair d'fhiafruigh dream do na Iúdaidheachaibh dhe go mailíseach, an raibh sé dlightheach cíos do dhíol le Saesar. Dá n-abradh sé na raibh, do shaoileadar Saesar do chur 'n-a choinne ; agus dá n-abradh go raibh, do shaoileadar na daoine do bheith 'n-a námhaid aige, mar ná raibh éin-ghreann aca ar Shaesar ná ar na Rómhánachaibh tháinig isteach orra is na laethibh sin mar mhaighistirí aca. Acht do mheall sé thall agus i bhfus iad, agus ní bhfuaradh buntáiste air in-éan-taobh, óir d'iarr sé orra píosa d'airgead na dúithche do thaisbeáint dó, agus nuair dorigneadar, d'fhiafruigh sé dhíobh, cé dhó buaileadh é, nó créad an íomháigh sin dobhí air, agus adubhradar íomháigh Shaesair. Annsoin do chuir ár Slánuightheóir deireadh ar a gcomhrádh, ag rádh leó, a cheart féin do thabhairt do Shaesar agus a cheart féin do Dhia. Ba ró-chéillidhe an rádh é sin, agus ní an ádhbhar haithristear é mar shean-fhocal chirt: “a cheart féin do Shaesar.” Is é, gan amhras, a chríostaidhthe, atá ó bhéal
Dé, a gceart féin dlighte do phrionnsaíbh agus d'uachtaránaibh na talmhan, ar shlighidh, an té chuireann 'n-a gcoinne, mar adeir naomh Pól, go gcuireann i gcoinne órdughadh Dé féin; agus sin é an chiall 'n-a bhfuil cumhachta pionóis ar a lámhaibh. Ní in-aisgidh, adeir an tEaspol, d'iomchrann an prionnsa a lámh nó a chlaidheamh; óir is é ministéir Dé 'n-a cháil féin é, ní amháin chum cosanta nó cosnaimh do dhéanamh ar an té atá umhal macánta, acht pionós do bhualadh ar an é atá bun-os-cionn leis 'n-a mhalluightheóir. Atá a bhfiacha féin, ar an ádhbhar soin, bainte ag prionnsaíbh saoghalta orainn noch is ceart do dhíol, ní amháin d'bhur n-aimhdheóin acht le n-bhur dtoil; óir is éigean daoibh, mar adeir an tApstal, bheith urramach ní amháin le h-eagla acht le coinsias: non porpter iram sed propter conscientiam. Dá meabhruigheadh Clanna Gaedheal féin 'n-a sgairt ar an bpoinnte seo, ní bhéadh, mar atá, claidheamh an dlighidh dearg craorag len-a bhfuil ag tabhairt gearrshaoghail agus anbháis dóibh. Ní amháin i dtaoibh an duine mhóir acht i dtaobh do chomharsan, is é sin gach éan-duine, atá ceart agus macántacht bainte ort, óir gan sin ní bheadh an saoghal buan. Ní fhaghbhadh na daoine maireachtain dá mbéadh neart dóibh lámh-láidir, goid, ná rógaireacht d'imirt ar a chéile. Do-bhéarfadh gach éan-duine, neamh-shuim i gcostas na beathadh do shaothrughadh, nuair ná béadh sé siúráilte go mbadh leis féin obair a lámh gus toradh a shaothair. Coisgeann, ar an ádhbhar soin, Digheadh na Nádúra orainn, dul tar teórain ár gcoda féin, ná baint len-a gcuid siúd gan ughdarthás ná cead, mar ná fuil
éan-rud níos riachtanaighe ná níos doimhne sgríobhtha 'n-ár gcroidhthibh, 'ná riaghail na macántachta, ná éan-rud in-aghaidh réasúin níos solasmhaire 'ná mí-cheart. Fá dobhí líne de dhligheadh Dé sgríobhtha, dobhí a fhios ag lucht na haimsire sin, mar is iontuigthe ó ghaduidheacht Rachel agus dearbhráithreach Ióseph, nár cheart goid ná robáil do dhéanamh; agus níl éan-lá ó thúis an tshaoghail go nuige seo ná fuil a fhios ag an rógaire ná fuil sé féin ar dheagh-staid. In-éaghmais ár solais nádúrtha, ins an seachtmhadh haithne thug Dia do Mhaoise, do thoirmisg sé gach gadaidheacht agus gach beart eile éagcórach; agus 'san deachmhadh haithne, chum go mbéadh an duine folláin istigh agus amuigh, do choisg sé fonn a dhéanta. Atá dúil ainchirt agus tógbháil coda do chomharsan, dá réir sin, coisgthe ort le dligheadh Dé agus na nádúra; gus mar nach in-aisgidh ná gan chúis atá an dligheadh so againn, ní in-aisgidh ná gan trom-dhíoghaltas bristear í, mar innseann an Scrioptúir in go leór d'áitibh. Atá sé aithriste is an dara Leabhar do na Righthibh, nuair d'innis an fáidh Natan do Dháith Rí, gur thóg duine saidhbhir caora le héagcóir ó dhuine bhocht, go dtug an rí breith bháis ar an nduine saidhbhir; ins an leabhar soin Iossue, mar an céadna, gur cheaduigh Dia trí mhíle do phobal Israel do bheith treasgartha ag beagán dá náimhdibh i bpionós do ghadaidheacht Achan, agus ná raibh fearg na bhflaitheas múchta, nó gur loisgeadh a raibh 'n-a sheilbh, agus gur gabhadh do chlochaibh air féin, ar shlighidh nach raibh fear, bean, ná páiste 'san gcoimhthionól, nár chaith carraig chloiche air le gráin dá chóir! Is iomdha sompla eile sgannramhail 'san Sgríbhinn Diadha do thaisbeánann dúinn fearg agus fuath agus
díoghaltas an Aird-ríogh ar an té dhéanann goid ná slad ná feall ar an gcomhursain. Ní rachaidh, adeir Naomh Pól, an gaduidhe ná fear sainnte (agus a chonách soin air!), ná an té d'fhaisgeann chuige go héagcórach, choidhche go ríoghacht na bhflaitheas, agus arís 'n-a Litir gus na Teassalónacánacha, do cuireadh gach éan-duine ar a aireachas, gan mealladh, ná gabháil timcheall, ná lúbáireacht clis ná calaois d'imirt ar an comharsain, “mar is é an Tighearna” adeir-sean, “do-ghní díoghaltas do bhaint amach ins na neithibh seo.” Créad dodhéanfaidh, ar an ádhbhar sin, an dá leór ná fuil a gcoinsias glan, ná a lámha, 'san tshlighidh seo, atá truaillighthe le substaint agus damáiste a gcomhursan, gan leigheas, gan leóir-ghníomh do dhéanamh ann, siúd is go n-imtheóchaidís saor ó phionós ná ó dhligheadh an shaoghail ar an taobh so do'n uaigh. Dar ndóigh, tabharfar chum cunntais, agus chum pionóis iad Lá an Luain do láthair an tshaoghail, lá 'n-a mbéidh a leóir-ghníomh déidheanach! Ní fheadar goidé é an mire atá ar an daoinibh, nó goidé an suan marbhthach míághmharach so do bhuaileann go leór ar bhruach na síorraidheachta. Ní homdha lá ná hairighmíd, pé beag mór é, nídh éigin dá thógbháil, ag imtheacht gan tuairisg, díoghbháil éigin dá dhéanamh, agus ní mór go n-airighmíd choidhche éan-trácht ar an leóir-ghníomh in'áit sin go léir. Ní'l éan-rud níos riachtanaighe, cé nach bhfuil, fóiríor, éan-rud níos fánaighe ná an leóir-ghníomh! Is ionann le fear na sainnte, mar is í, do réir na Sgrioptúra, “máthair an uilc ar fad í”, mar is í chuireann d'fhiachaibh ar dhuine a anam do reic nó do dhíol leis an aidhbheirseóir, is ionann leis agus sgaramhant leis an anam, sgaramhaint
leis an seilbh atá aige anois, pé cunntas ar a bhfuair í. Go bhfóiridh Dia air an tan chaithfidh sé sgarmhant leis dá aimhdheóin! Ní bhéidh sé follamh, mar béidh mallacht síorraidhe aige in-áit luach saothair a dhroich-ghníomh, págh an pheacaidh: stipendia peccati mors. Is iomdha slighe 'n-a dtuiteann leóir-ghníomh ar dhuine, mar is iomdha slighe chum éagcóra do dhéanamh. Ní lia uair do bhrisimíd éin-cheann do na haitheantaibh 'ná bímíd ceangailte chum leóir-ghníomh, mar coisgid orainn, ní amháin gan aithris do thabhairt do Dhia, acht fós gan díoghbháil do dhéanamh dár gcomhursain, 'n-a chuid, 'n-a phearsain, ná 'n-a chlú. Acht is fá líon na seachtmhadh haithne, go speisialta thuiteann an leóir-ghníomh ar a bhfuilim ag trácht, agus 'n-ar dh'oireann a cheart féin do thabhairt do gach éan-duine i dtaobh a shubstainte saoghalta: Furtum non facies .i. “ní dhéanfaidh tú goid” adeir an Tighearna. “Ná dein goid” .i. aithne choisgeann gan éan-rud do thógbháil 'ná do choimhéad go bhfios ná a gan-fhios, le gliocas ná tréine, acht an rud 'n-a bhfuil ceart againn air, agus do bhaineann linn féin. Is minic nár mheasa gadaidhe na hoidhche, 'ná an té do mheallfadh as do chuid thú go mailíseach i lár an lae, óir is comh-chailleamhaint duit-se é. Agus is baoghlach go bhfuil iomad fallsachta agus mailíse measgtha le margáineacht an tshaoghail, i ndíol agus i gceannach tar luach, i gcomhaireamh agus i dtomhas bréige agus i reic calaoise nó ceilt lochtaí ró-phrionsapálta, atá in-aghaidh coingheallach agus substainte margaidh. Ní mór duine i ndéileáil an tshaoghail dhéanann éan-rud malíseach ná neimh-cheart a gan-fhios dó; agus,
dá réir sin, ó choirigheann a choinsias féin é, ní ró-ghábhadh dhamh-sa, agus níorbh'fhéidir liom, trácht ar gach éin-iompodh fá leith. Tá an Sgrioptúir, ar a shon soin, an-daor orra so dhíolann aniasacht, d'fháisgeann an bhochtaine, nó thugann daoirse ná ganntar beathadh uirri, ar mhaithe leó féin. Fógróchthar brón arís orra so do-ghní clampar nó gearradh nó coimhéad ar dhualgas nó ar thuarastal an tsheirbhísigh, agus an sglábhaidhe do thuill é le macántacht, agus bíonn a ngearán-san, agus osnaí na baintreabhaighe agus an dílleachtaidhe ar a ndéanfaidhe éagcóir, ag éigheamh ar na flaitheasaibh ag iarraidh díoghaltais. Ní bheidh arís, adeir an Sgrioptúir, fá mhúr do thighe buiséal mór agus ceann beag, ná comhthrom fallsa mailíseach ... óir is fuathmhar leis an Tighearna, an té dodhéanann na neithe sin uile. Ar nós an té do chuireann os cionn a chéile go mion
agus go minic cuid na ndaoine eile is dóigh le go leór, an tan ná tógfaidís éin-téagar in-éinfheacht nó ó éan-duine amháin, ná béadh leath díoghbha.la ann; leis sin, ni. chuireann cailín ná buachaill an mhargaidh spéis i leith-phinginn nó pinginn do choimhéad, uair nó dhó 'san tsheachtmhain; agus an ceárdaidhe fá mar dobhéadh an figheadóir, an táilliúr, nó an gabha, má bhíonn rud beag spárálta aige, ní héan-rud leis é. Is é an cás céadna é i dtaobh go leór eile. Ní héan-rud le bean na leanna nó na leamhnachta, rud beag dá comaoine féin do chur ar an earradh soin; agus bhfaghbhadh an té do cheannóchadh é tomhas beag breise do chur leis gan díol, is minic do dhéanfadh, go bhfóiridh Dia air! Acht ní chomh suarach sin do ghlacaid leabhra diadhachta an sgéal so, óir tagann an beagán in-áit a chéile chum móráin, agus an tan do bhíonn éan-rud téagartha nó suimeamhail id' sheilbh nach leat féin, atá sé follas go bhfuil tú freagarthach ann, agus cionntach, ar a mhór, i gcoir an iomláin do thógbháil in-éinfheacht. I gcás gadaidheachta úrláir dodhéanfadh bean-tighe nó clann nó seirbhísigh, níl amhras ná fuil sé coisgthe go comh-choitcheann, óir adeir an Sgríbhinn Diadha; “an leanbh ghoideann ó n-athair agus ón-a mháthair, agus adeir ná fuil éin-díoghbháil ann, go bhfuil sé rannpháirteach 'n-a chóir mharbhthach”. Ní leithsgéal duit chum éan rud do thógbháil, a rádh, go bhfuil do shláinte ar leath-luath ná an oiread dod' chuid ag an té sin, óir atá toradh do mhargaidh agat, agus céad sligheadh eile chum do chirt d'fhaghbháil in-éaghmais é 'ghoid. Ní ghábhadh dham 'innsint, éan-duine atá in-oifig phuiblidhe, nó i gcúram speisialta ghnótha duine eile go bhfuil sé freagarthach in-éin-mhí-árdughadh ná díoghbháil ná coisgfeadh nuair d'fhéadfadh; agus, dá réir sin, ní
féidir leat bheith 'n-a fhinnéidh dhíomhaoin, ná rún díoghbhála do bheith aige, an ceart agus carthannacht do réabadh. Ní mar sin do dhaoinibh eile ná béadh an cúram soin orra, gé go mbéadh a gcongnamh nó a gcionnta féin leis. Níl siad ceangailt chum leóirghníomha. Ar a shon soin, cionntuigheann duine, leis, in-aghaidh Charthannachta chomh minic agus d'fhéadfadh gan éin-mhío-chomhgar ná costas mór dó féin, agus ná déanfadh, díoghbháil a chomharsan do chosg. Sin duine, mar shompla ag gabháil an bhóthair nó treasna na páirce, do-chí beathaidheach a chomharsan i nguais nó i gcontabhairt a chaillte, agus fágbhann sé mar sin é. Ní fearr leis ní d'éireóchadh dhó. Anois is é leóir-ghníomh atá aige sin le déanamh ná leóir-ghníomh le Dia leis an aithrighe, agus go deimhin is mór soin i dtaobh a mhío-charthannachta. Níorbh'é sin cás an aodhaire dobhéadh 'n-a bhfeidhil: dobhéadh leóir-ghníomh aige le déanamh le Dia agus le duine. Do-chíonn duine eile, buachaill nó cailín do bheith ag robáil a maghistir, nó tá rún aige air. d'iarrfadh carthanacht a chur in-iúl uair nó dhó. Agus muna ndéanfadh sin a gnó, slighe éigin eile dhiscréideach do ghlacadh chum a chosg. Dá éaghmais sin, ní bhéadh sé saor ó pheacadh, gé ná béadh sé ceangailte chum leóir-ghníomha, muna mbéadh sé i gcúram an nídhe sin do chosaint nó do choimhéad. Tá céad cás eile ann do'n tshórt soin do-gheóbhadh duine a réidhteach le solas a réasúin nádúrtha féin, agus 'n-a ndéanfadh amach má bhí nó muna raibh coir leóir-ghníomha air. Acht ní in'aithint sin acht 'san leóir-ghníomh do dheanamh atá an dócamhal. Tá sé anois a cúig nó a deich nó b'fhéidir fiche éigin bliadhan ó gheallais do Dhia agus
dod' oide faoisdine an leóir-ghníomh do dhéanamh, an maighistir leis an mbuachaill, nó an buachaill leis an maighistir, an feirmeóir leis an gceannaidhe nó leis an gceárdaidhe, agus iad-san arís leis sin, nó tusa eile pé coingheall 'n-a bhfuilir ann; agus ó shin anuas do bhuail suan marbhthach thú len-ar fhágbhais gan déanamh é, mar urchall ar do choinsias, beó nó marbh. Is baoghlach ar feadh na haimsire seo ná raibh t'fhaoisdin glan folláin nó fíor-aithrigheach, ná an t-oide 'thugadh faoisdin agus absolóid duit saor ó ghuais nó ó chionnta; óir adeir Naomh Aibhistín, nach dáríribh acht fallsa, nach fírinneach acht bréagach, bíonn n aithrighe, nuair ná cuirtear abhaile cuid na ndaoine eile an tan as féidir é, agus arís deir an Dochtúir naomhtha céadna, ná maithtear an peacadh go bráth go ndéantar an leóir-ghníomh atá ar do chumas. Cuimhnigh ort féin, ar an ádhbhar soin, agus ná fan níos sia i gcodhladh an bháis; óir dá fhaid do cháirde, is amhlaidh as cruaidhe an cás agus is mó do dhiútéidh. An chéad dá uair do chuir a náimhde cíomhlóga roimh Shampson, do bhris sé tríotha, acht do cailleadh an treas uair é. Ná fan-sa leis an treas uair. Béidh malairt sgéimhe ort uair na hola, agus ní dócha, muna ndéanfaidh tú féin leóir-ghníomh, go mbacfaidh d'oighridhe leis, gé go mbadh cheart dóibh é. Is measa leó iad féin, agus dob'fhearr dhuit-se, ó's goire dhuit tú féin 'ná éan-duine, do bhean agus do chlann do bheith bocht id' dhiaidh, 'ná tú féin do bheith damanta, gus is damanta bhéidh an té ná déanann an leóir-ghníomh as acfuinn dó; óir adeir Dia i Leabhar Esechiel, “má iompuighean an malluightheóir ar bhreithniughadh, agus ceart agus a gheall agus a robáil do chur abhaile, go mairfidh sé agus ná faighbhidh
sé bás,” ceacht do thaisbeánann, muna ndéanfaidh, go bhfuil bás síorraidhe i ndán dó. Ní heól dam éan-chás 'n-a mbéadh duine saor ó leóir-ghníomh, acht amháin muna dtuitfeadh sé i mbochtaine, ar shlighidh ná faghbhadh sé é 'dhéanamh; agus annsoin ní hiarrtar air acht rún a dhéanta do bheith aige, dá mbéadh ar a chumas; nó arís dá mbadh go maithfeadh an té ag ar chionntuighis i n'aghaidh dhuit, táir saor; óir atá a thoil féin ar a chuid féin i slighidh réasúnta ag gach éan-duine, má's eadh, níor mhór dhuit bheith ró-dheimhneach dhe sin, go speisialta i nídh suimeamhail; óir ní hionann an rud do dhéanfadh duine agus dhéanann sé. Ní mar a chéile a rádh, “maithim dhuit,” agus “mhaithfinn dhuit”; agus is baoghlach le tuataighe nár mhisde dhóibh é i dtaobh gaoil nó muinteardhais, go mbaineann go leór le neithe nár cheart dóibh, rud d'inneósadh do cháirdeas Críost nó dearbhráthair do mháthar dhuit, dá bhfiafróchthá dhe, ar mhór leis duit an nídh sin. Dubhras nár mhór do'n té 'n-a mbéadh leóir-ghníomh bainte air, é' dhéanamh i dtráth; óir, dá éaghmais sin, bhéadh sé freagarthach i bpé díoghbháil dodhéanfadh easnamh a choda do'n té 'n-a mbéadh sé uaidh. Ní airighim go mbéadh sé sír-chionntach i bpeacadh, rud nach féidir do rádh le héin-ghníomh uilc eile; óir má's craos nó drúis é, imthigheann sé thart an uair sin, acht an fhaid d'fhanann an tshealbh neimh-cheart, fanann an t-olc 'n-a choimhdeacht. Ní amháin i dtráth, acht ní fuláir leóir-ghníomh do dhéanamh go foir-líonta agus do'n té 'n-a bhfuil sé dlisteanach. Má thógbhais coróin nó dhó nó a trí, ní fuláir an oiread céadna do chur 'n-a n-áit, ní fuláir an oiread céadna do chur 'n-a n-áit, agus an t-easnamh do-rigne sé, leis. Ní fuláir bheith láithreach ar an bpuinnte seo agus a rádh mar adubhairt
Sachaeus: “Ó, a Thighearna, má rigneas éagcóir ar éan-duine, ag seo ceithre hoiread in'áit”. Agus i dtuairim Naoimh Chriosostom, dobhí sórt annsin féin, ar shlighidh go mb'fhearr agus go mbadh dheimhnighthighe do dhuine, bheith os a chionn 'ná bheith fán-a bhun. Agus is amhlaidh dobhéadh éan-duine coinsíseach ar nós an stíobhaird sin dobhí ag Asar ná faghbhadh codladh go socair nó gur chas sé ar na daoine nísa mhó 'ná do choimhéid sé uatha. Ní dhéanfadh déarc ná Aifreann an gnó dhuit, dá mbéadh an t-oighreadh le faghbháil, nó muna mbéadh an ní chomh suarach 's nárbh'fhiú é d'fhilleadh ná d'éileamh; óir is é ainm dothugaid na hAithreacha Naomhtha ar an sórt soin déirce ná 'déirc Iúdáis agus an aidhbheirseóra.” Do shaoil an duine sona so, nuair ná glacfaidís uachtaráin an dlighidh thar n-ais an t-airgead fuair i ndíol a thréatúrachta, é 'chaitheamh 'san teampall i gcionn bhosga na déirce. Acht cé dona dobhíodar, do dhiúltuigheadar na sagairt dó, ag rádh nach raibh sé dleaghthach ná ceaduightheach aca, luach fola do chur i gcionn na déirce. Is é an freagra céadna d'oireann fós. Bronn do chuid féin ar Dhia agus an dteampall, agus do-gheóbhaidh tú ar a thairbhe. Acht i dtaobh an chuid siúd do chur ann, dob'é luach na fola é. Go comh-choitcheann an té is mó cionnta is é as daoire truime leóir-ghníomh; acht an té atá i seilbh an nídhe tógbhadh nó dofuaradh, is é atá ceangailt chum an leóir-ghníomh do dhéanamh ar dtúis; an t-ughdar nó an té is cionntach leis 'n-a dhiaidh sin; agus as soin amach an mhuinntear eile 'n-a raibh éan-lámh aca ann, atáid coimhcheangailte, gach n-aon, ar a shon soin,
in-easbaidh na coda eile; óir ní leithsgéal duit a rádh, mar adeirid go leór; “níor thairbhigh orm-sa acht an méad so; ní mise do-rigne an díoghbháil ar fad.” Ní beag má bhí éan-lámh agat ann, mar déanann do chuideachta, do shompla agus t'fhinnéidheacht do pháirtidhthe éasgaidh dána chum uilc, agus, leis sin, leóir-ghníomh an iomshlán do thabhairt ort-sa má chuirid sin suas, rud nár cheart dóibh, dá gcuid féin de. Féach, ar an ádhbhar soin, goidé an díoghbháil atá déanta, ag coimhéad na droch-chuideachtan; óir cionnas a leighisfidh tusa an díoghbháil sin, agus gan sin cionnas do-chífidh tú na flaithis? Oireann an chainnt seo go ró-chruaidh do'n aicme mhí-ághmharaigh dobhíonn go táir ag faire agus ag tnáthadh a chéile, nó ag cur sgaipeadh le fuarfhánaidhthe gaisgidh ar shonas aonaigh; nó, níos measa, gan truaighmhéil, gan trócaire, ag fiosrughadh a gcomh-chréatúra fá sgáil na hoidhche, ag réabadh a theaghlaigh bhig, ag sgeónadh a mhuinntire, agus ag tabhairt a bháis le heagla; óir an té atá ar deireadh nó as sia amach do'n chuideachtain naomhtha so, atá rann-pháirteach 'san gcoir déantar i dtosach, ar shlighidh, má bhaineann leónadh nó milleadh nó marbhughadh do dhuine nó beithidheach, má gearrtar crann, má bristear doras, má déantar réabadh ná fealladh, go bhfuil sé sin i ngeall leis an díoghbháil go síorraidhe, muna ndéanfaidh sé féin nó éan-duine ba threise 'ná é 'san olc réamhfhuasgailt leóir-ghníomha air. Ní neamh-chosmhail leis seo cás na muinntire eile úd, má tá éan-duine aca ar an láthair, bhíonn go mí-nádúrtha ag tnúth le fóghmhar an gheimhridh, ag comhrás chum na trágha, nó ag faire ar nós na bhfiach ndubh ar bhruach na faille, ní chum cabhrach ná congnaimh in-aghaidh stoirme Dé agus na fairrge, acht chum sluid agus slad agus breith ar éigin.
Ní gan ádhbhar, adeirtear go dtagann go luath nó go mall mío-rath agus leaghadh an tshneachta, lá gréine, ar an tshlad-shaothar seo; óir is é sin guidhe agus breath an teampaill. Fá dheireadh is gné dubh-robála do dhuine dul i bhfiachaibh gan rún ná intinn iad do dhíol; agus ní mó is féidir a leithsgéal so do ghabháil do luigheann go socair fán-a bhfiachaibh, nuair dob'fhéidir leó iad do chur dhíobh, iad so dobhíonn go mín miochair muinteardha éasgaidh chum do chuid d'iarraidh le linn an ghábhaidh, agus righin, b'fhéidir go drochmhúinte, le linn a lorg. Fós atá ceangal cirt ort i dtaobh do gheallamhna; óir is fear gan fírinne, dála gurab eadh, bhriseann a fhocal, agus is fear gan ceart do bhriseann a gheallamhaint. Táim réidh anois acht amháin d'iarraidh, má bhraitheann tú do chogcubhas ag troid leat i dtaobh éin-bheart éagcóra i rith do shaoghail, i dtaobh éan-tógbháil ná coimhéad ná díoghbháil neimh-cheart dorignis gan leigheas, leóir-ghníomh iomshlán do dhéanamh ann i dtráth, chum ná béadh sé ag déanamh buadhartha annso dhuit, ná fád' bhrághaid ad' chrádh ar feadh na síorraidheachta. Iarrann Dia agus an teampall é. Iarrann dligheadh na nádúra é, agus do réasún féin. Gan sin, níl éin-éifeacht 'san absolóid. Gan sin níl éan-mhaith 'san ola. Gidheadh, má tugthar a cheart féin do Shaesar, is mór an réidhteach é ar uair do bháis agus an congnamh chum na glóire síorraidhe n-a dhiaidh sin. Amen.
SEANMOIR A DEICH. AR AN bPEACADH. Seachain an peacadh amhail dodhéanfá gnúis nathrach nimhe - (Eccles.xxi.2). Is mór an daille agus an dí-chéille do shíol Adhaimh agus Eabha, go nglacaid an oiread sin cúraim agus imshnímh fá'n uile nídh bhaineas le sochar nó le so-mhaoin an chuirp chlaoin chealgaigh, agus go dtugaid faillighe ró-mhór i sláinte an anma. Chum sláinte an chuirp ní choigleann siad ór ná airgead ná ilmhaoine. Níl leigheas ná luibh dá seirbhe nach nglacfaidís chum maitheasa an chuirp. Gidheadh, ní chuirid seadh ná suim in-aicídibh gráineamhla an anma, amhail mar adeir an file laidne, Ut corpus redimas, ferrum patiens et ignem; Ut valeas animo quidquam tollerare negabis. Iodhon, chum do chuirp do shlánughadh d'fhuilingeóchadh tú a ghearradh le harm agus a losgadh le teinidh; gidheadh, tar cheann go bhfuil míle othras agus easláinte ar an anam, ní chuirfidh tú rómhat éan-leath-uair amháin aithrighe do dhéanamh ar a shon. Cujus vestrum bos aut asinus in puteum cadet et non continuo extrahet illum? - “Cia agaibh go mbéadh bó nó capall aige agus go dtuitfeadh éin-cheann díobh i bpoll, nach dtógfadh é gan mhoill?” Ag
siúd an t-anam dá bháthadh i bpoll duibheagáin agus i nguairneáin na bpeacaidhe, créad fáth nach dtógann tú é? Dá mbéadh do léine salach, do chuirfeá dá nighe í. Dá mbéadh claimhe ar do chapall, do chuirfeá dá leigheas é. Ag siúd d'anam lán do chlaimhe na cladhaireachta agus na camastaoidheala. Créad fáth nach gcuireann céiridhe leighis air? Quid prodest homini si universum mundum lucretur, animae vero suae detrimentum patiatur. - “Créad an tairbhe do dhuine an saoghal uile do bheith fán-a chumas agus a anam do chailleamhain tré thréatúireacht na bpeacaidhe?” Créad é an ní an peacadh? Do réir San Aibhistín, atá smuaineadh nó briathar nó gníomh in-aghaidh dlighidh Dé. Créad é an ní an peacadh. Est aversio a Deo et conversio ad creaturam, .i. cúil-iompodh ó Dia agus gnúis-fhilleadh ar an gcréatúir. Le congnamh Dé agus le grása an Spioraid Naoimh taisbeánfad trí réasúin speisialta in-a suidhighthear gur cóir gráin do bheith ar an bpeacadh. An céad réasún, nach bhfuil ní ar bith as díoghbháilighe do'n anam 'ná é; an dara réasún, nach bhfuil ní ar bith as taithneamhaighe leis an diabhal 'ná é; an treas réasún, gur ní fuathmhar gráineamhal i láthair Dé é. Is iad sin trí roinnte nó trí puinntí an chomhráidh seo. An t-anam do chruthuigh Dia ar a íomháigh agus ar a chosamhlacht féin, tá sé chomh lonnrach agus chomh taithneamhach sin agus chomh cóirighthe chomh sgiamhach sin le beannuightheacht spioradálta, ionnas go nglacann Dia féin compórd mór, comhluadar agus comhnaidhe do dhéanamh ann, an fhaid fhanas ar staid na ngrás. Gidheadh, 'san luas in-a dtabharann an t-anam aontughadh do'n pheacadh, bíonn chomh salach sin agus chomh gráineamhail i gcruith nárbh'fhéidir leis an bpeacthach féin féachain air gan uathbhás, dá
mbéadh sé ceaduightheach aige é 'fheicsin; óir do láthair, iar dtuitim 'san bpeacadh dhó, cailleann a mhaoin agus a mhaitheas eile agus in-a chionn sin, tuiteann sé 'san uile shórt uilc agus urchóide. Ar dtúis, tréigeann Dia an t-anam agus baineann de comharthaí a mhuinntearthais .i. solus na ngrás agus compórd an Spioraid Naoimh. Cailleann, mar an gcéadna, an t-anam an roinn dobhí aige i luach fola Chríost. Cailleann comairce agus tearmann an Aird-ríogh. Cailleann tabhartais an Spioraid Naoimh. Cailleann na geallta agus na mór-gáiste dobhí aige ar fhlaithis Dé. Cailleann an chomhroinn agus an cumann dobhí aige le hurnaighthe na hEaglaise. Cailleann suaimhneas agus síothcháin a chogcubhais, agus fá dheóidh, cailleann toraidh a dheagh-oibreach go huile, agus, dá réir sin, an ghlóire shíorraidhe. Is iomdha foghail, agus anfhorlann éagcoimseach do-ghní an peacadh marbhthach do'n anam. An chéad fhoghail, díbreann Dia as an anam agus dobheir seilbh do'n diabhal ann: Deus caritas est, et qui manet in caritate, in eo manet et Deus in eo, dá réir sin, an tan dhíbreann sé an charthannacht díbreann Dia, agus baineann beatha na ngrás de, an ní as anam do'n anam. An dara fhoghail, cailleann an t-anam toradh a dheagh-oibreach mar adeir an fáidh Esechiel 'san 18 caib: Si averterit se justus a justitia sua et fecerit iniquitatem .. omnes justitiae ejus quas fecert on recordabuntur, .i. má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus an t-olc do dhéanamh, do-bheirthear i ndíoth-chuimhne agus i ndearmad an méad maitheasa do-rigne sé. An treas fhoghail, cailleann sé tabhartais agus tiodhlaicthe an Spioraid Naoimh, amhail mar adeir Solamh i leabhar na hEagna: In malevolam animam non introibit sapientia, nec habitabit in corpore subdito peccatis,
.i. ní thuirlingeóchaidh eagna an Spioraid Naoimh ins an anam mhíchoinghealach agus ní dhéanfaidh comhnaidhe 'san cholainn atá tugtha do na peacaidhibh. Nihil est peccante pauperius, adeir San Criosostom 'san Criosostom 'san 5adh seanmóir, .i. níl éinneach níos boichte 'ná an peacthach. An 4mhadh fhoghail, cailleann an ceart atá aige ar an mbeathaidh shíorraidhe, amhail léightear i n-Ecsodus, an 32 caib. rann 33. Qui peccaverit mihi, delebo eum de libro meo, .i. an té bhriseas m'aitheanta cuirfear amach as leabhar na beathadh é; agus amhail do léightear 'san chéad litir chum na gCorintianach: Iniqui regnum Dei non possidebunt, .i. ní abhaidh na droch-dhaoine do'n fhlaitheas neamhdha. An 5adh fhoghail, cailleann tearmann agus comairce speisialta Dé uile-chumhachtaigh amhail léightear 'san 32 Sailm, 18 rann, Oculi Domini super metuentes eum ... ut eruat a morte animas eorum, .i. bíonn súile an Tighearna ar an droing bhíos eaglach roimhe féin, chum a n-anam do shaoradh ó bhás; agus, dá bhrígh sin, an mhuinntear nach mbíonn eagla Dé orra,, mar do-bheirid-sin faillighe i nDia, do-bheir Dia faillighe ionnta-san. An 6adh fhoghail, cailleann an t-anam coimhdeacht an Spioraid Naoimh, agus coimhdeacht agus coimhéad an aingil choimhdeachta, amhail adeir an dochtúir naomhtha, San Basilus: Velut fumus fugat apes, sraveolens peccatis fugat angelum vitae nostrae custodem .i. amhail díbhearthar na beacha le deatach, is mar sin dhíbreas droch-bholadh an pheacaidh ár n-aingeal coimhdeachta uainn. An 7mhadh fhoghail, cailleann sé a chomh-roinn agus an pháirtidheacht dobhí aige le críostaidhthibh an domhain, do bhrígh, an fhaid bhíos ar staid na ngrás, gur féidir leis a rádh le Dáibhídh: Particeps ego sum omnium timentium te et custodientium mandata
tua. - “A Thighearna táim rannpháirteach leis an muinntir a mbíonn t-eagla-sa orra agus do choimhéadann d'aitheanta.” Gidheadh, caillimid an pháirtidheacht sin leis an bpeacadh mharbhthach. An 8mhadh fhoghail, caillimid luach-saothair ár ndeagh-oibreach mar dhearbhas an fáidh Isaias 'san 59 caib. 6 rann, mar a n-abrann: opera enim illorum inutilia et opus iniquitatis in manibus eorum, .i. atá a n-oibreacha neamh-thairbheach agus obair na hurchóide 'n-a lámhaibh. Dá bhrígh sin, dá ndéanfadh tú trosgadh, déarc agus urnaighthe an domhain, níl tairbhe dhuit ionnta an fhaid bhíos tú ar staid mhalluighthe na míoghrás. An 9mhadh fhoghail, atá tú damanta chum pianta síorraidhe d'fhagháil in-ifrionn do réir Dáibhídh 'san 20 Sailm 10 rann mar a n-abrann: Ignis devorabit vos. Is é sin, “sloigfidh teinte sibh”; agus arís, “béidh a roinn siúd 'san loch atá ar dearg-lasadh le teinidh agus le briomstón”. An 10mhadh fhoghail, bíonn an peacthach 'n-a sglábhaidhe ag an diabhal, dá ghearradh agus dá chreimeadh le péist an chogcubhais, amhail mar do-gheibhmid 'san 6mhadh caib. chum na Rómhánach (16 rann): “Nach bhfuil a fhios agaibh gur seirbhísigh sibh do'n té dá ngéilleann sibh;” agus, dá bhrígh sin, má ghéilleann sibh do'n diabhal, gur seirbhísigh do'n diabhal sibh. Ag sin daoibh, a chríostaidhthe, na díotha, agus na dochair mhóra do-ghní an peacadh marbhthach do'n anam. Anois, iomorro, tráchtfamuid ar an dara réasún fá'r chóir fuath do bheith do pheacadh, 'sé sin, nach bhfuil ní ar bith as milse leis an diabhal 'ná é; agus atá trí réasúin dá áiteamh sin. Ar dtúis, ní ór ná airgead ná péarlaí, fleadha ná féastaí bhíos ag an aidhbheirseóir dá n-iarraidh acht anmanna na ndaoine go haonaránach; agus is i bhfíoghair an neith sin atá an ní léightear i nGenesis: Da mihi animas, ceter tolle
tibi. “Tabhair damhsa na h-anmanna agus bíodh an chuid eile agat féin.” Agus mar nach bhfuil ní ar bith as mó chuireas luthgháir ar an diabhal ná anam fíréanach do tharraing 'n-a líonta, is dearbh nach bhfuil ní ar bith as taithneamhaighe leis ná gaethe cró an pheacaidh. Is amhlaidh do-ghní an diabhal le h-anam an pheacthaigh, amhail do-ghní an cat leis an luich; óir an tan ghabhas í, sgaoileann uaidh í tamall, casann arís í, léimeann uirri agus léimeann uirri arís agus bíonn mar sin ag gabháil léi; gidheadh, an tan do-bheir an luch iarracht ar dhul 'san daingean uaidh, do-bheir crobh dá créachtnughadh dhí. A shamhail chéadna. do-ghní an fearchat fealltamhal úd, an diabhal, leis an bpeacthach dá mhealladh agus dá bhréagadh go dtairngeann, fá dheóidh, go hifrionn é. An dara réasún, is maith an suigheamh ar an nídh seo mar bhíos an diabhal ag síor-dhéanamh buaidheartha gan scur gan sgíth le ceithre míle bliadhain, agus os a chionn, gan do chúram ná do chaitheamh aimsire air, acht ag tionsgnadh cleas agus claon-mhailíse chum na bpeacthach do tharraing in-a líonta, amhail léightear ag Iob, mar d'fhiafruigh Dia de'n aidhbheirseóir an dtug sé timcheall na cruinne go comhlán, agus mar d'fhreagair seisean dó ag rádh, nár fágadh ionad ná órdlach di gan cuardughadh. An treas réasún, go bhfuil an peacadh ró-shuairc ró-thaithneamhach ag an mac mallachtain, do bhrígh nach féidir a mhian ná a chíocras do shásamh; agus tar chean gur tharraing agus gur threasgair sé míle milliún anam go hifrionn, dá éis sin, ní lúghaide a chíocras agus a chonfadh é; óir bíonn sé do ló agus d'oidhche amhail dobhéadh leómhan buile ag búithrigh agus ag iarraidh cia do chraos-tshloigfeadh sé. Adeir Peadar apstal nach ndéanfadh an diabhal tábhacht do chorp na habhann do shlogadh 'n-a chraos. Is é an craos úd ifrionn, agus is í abha sloigtear
ann .i. na táinte peacthach teilgear ann chomh tréan agus do rithfeadh tuile sléibhe le fán-ghleannta. An treas roinn do'n chomhrádh so, gur cóir an peacadh do sheachnadh, do bhrígh gur iad fuathmhar gráineamhail do láthair Dé é. Is usaide sin do thuigsin as na piantaibh troma lér smachtuigh sé an treas chuid do na hainglibh agus an cineadh daonda. Do chruthuigh Dia na haingil agus thug dóibh an uile bhreághthacht agus beannuightheacht; thug sé dhóibh an uile shórt tabhartais, nádúir agus grása, agus dá n-éis sin uile, do teilgeadh síos iad i bpiantaibh uathbhásacha ifrinn tré éin-pheacadh amháin uabhair, an tan do smuaineadar iad féin do chur i gcoimheas le Dia; i gcruith gur cuireadh iad i staid chomh uathbhásach sin, ionnas nach féidir leó éan-tshórt maitheasa do dhéanamh; gidheadh, bídh ró-fhonnmhar chum na huile urchóide. An canncar agus an crádh croidhe atá orra tré chailleamhain na glóire síorraidhe, cuireann d'fhiachaibh orra bheith lán do chongfadh agus do chíocras chum na gcríostaidhthe. Is leis sin nach bhfuil éan-tshórt coire ná clis ná calaoise nach ndéanaid úsáid díobh chum na ndaoine as naomhtha ar bith do threasgairt, agus mar bhárr ar gach anfhochain, bíonn teine ifrinn dá losgadh i ngach ball dá ngabhaid; agus sin go léir mar gheall ar éan-pheacadh amháin. Tabhraidh bhur n-aire go fríochnamhach dó so, a lucht nach ndéanann scrupall do pheacadh do dhéanamh ar mhuin peacaidh, agus bheith ag filleadh agus ag aith-fhilleadh agus ag treisfhilleadh ar na peacaidhibh, agus dá bhur n-únfairt féin ionnta amhal dobhéadh muc i láib. Is baoghal daoibh, muna ndéanann sibh sibh féin do ghlanadh le h-uisge na haithrighe, go dtuitfidh díoghaltas agus díbhfearg Dé oraibh, óir tar cheann gur foighidneach fad-aradhnach bhíos Dia ag éisteacht leis na doi-bhearta agus leis na
dubhailcí, is ró-throm thuiteas a cheart-bhreitheamhnais 'san tshaoghal so féin ar lucht na hiomarcadh agus na héagcóra. Tuilleadh eile fós, is furus fuathmharacht an pheacaidh d'aithint as an díoghaltas dorigne Dia ar ár gcéad áthair Adhamh, óir tar cheann gurab é Dia do chruthuigh é len-a láimh féin agus do shocruigh i bParrthas é, áit budh mhó aoibhneas agus aiteas do'n domhan daonda, thug uachtaránacht na cruinne dhó agus thug cumhachta iomshlán dó ar an uile nídh fá neimh; ní raibh fós, éan-tabhartas dob'fhéidir d'fhaghbháil ó nádúir ná ó ghrásaibh nach bhfuair sé, mar aon le geallamhan ar roinn do'n ghlóire fhlaitheastha; gidheadh, mo thruagh! an duine dona ar shon nach ndearnaidh acht an toradh toirmisgthe d'fhromhadh éan-uair amháin, do baineadh dhe in-éan-nóiméad amháin na tiodhlaicthe sin go léir. Do díbreadh as Parrthas an aoibhneasa é ; agus ó bheith 'n-a rígh do thuit sé chum bochtaineachta; agus tar cheann go raibh an uile shórt tomhaltais agus sóláis aige roimhe sin, dob'éigean dó, trés an bpeacadh, a chuid aráin do shaothrughadh le hallus a ghnúise agus le saothar a lámh; agus ní headh sin amháin, acht a dtáinig uaidh do dhaoinibh riamh, atá ann anois agus dothiocfas go deireadh an domhain, do thuiteadar 'san aindeise chéadna maille leis; óir gach éan-tshórt peacaidh eile, bochtaineacht, gorta, cogadh, aicíd agus éagcruas, bás agus damnughadh síorraidhe, níl ionnta uile acht treilisí tubaiste agus urnaighthe urchóideacha tháinig as peacadh an tshinnsir. Féachaidh i ndligheadh na nádúire créad dorigne Dia tré pheacaidhibh na ndaoine an tan dochonnaic sé go raibh an domhan uile líonta d'urchóid: Repleta est terra iniquitate. Adeir an Scrioptúir gur chuir sé fógradh ar an mhuir mhóir, gur ghluais 'n-a tonnaibh tolgánacha tar bhruachaibh agus tar imeallaibh
chuirp-leathna na cruinne le rabharta ró-fheargach agus le hanfadh uathbhásach gur éirigh an t-uisge cúig chúibit déag os cionn maoilinn na gcnoc dob'aoirde do'n chruinne. Mo thruagh! is iomdha dún agus deagh-bhaile, cathair agu caisleán, port agus pálás do cailleadh leis an ruathar sin, in-éaghmuis an chinidh daonna uile do bháthadh acht éan-ochtar amháin, agus sin go léir do theacht orra trén-a bpeacaidhibh. Nach dtug Dia, mar an gcéadna, sgrios ar an dá chathair thásgamhla Sodom agus Gomóra? Tá somplaí iongantacha 'san dligheadh sgríobhtha féin, mar atá an pionós tugadh do Dhátan agus d'Abíron, gur shloigh an talamh iad; agus pionós an dá rígh oirdhearc, Saul agus Dáibhídh. Táid againn, mar an gcéadna i ndligheadh na ngrás, cionnas mar fuair Ananias agus Safíra bás obann tré éin-bhréig amháin. A Chríostaidhthe, ag sin somplaí uathbhásacha agaibh as corp na Scrioptúra ar sgiúirsíbh díbhfeirgeacha Dé, agus is ró-bhaoghlach gur gearr ó na daoinibh anois féin tóirneacha, teintrighe agus trom-dhíoghaltas Dé do thuitim orra; óir atá an oiread sin uilc agus éagcóra, earráide agus ainghníomh eatorra, nach raibh riamh níos lúgha do charthannacht idir na críostaidhthe. Ní raibh riamh níos lúgha do chumann idir na lánamhnacha pósta. Ní raibh riamh níos lugha d'umhla in-a mbéasaibh, níos lúgha do chríostamhlacht 'n-a ngníomhaibh, níos lúgha do stuamacht 'n-a n-iomchur, níos lúgha do dheagh-chreideamh 'n-a gcroidhthibh 'ná 'n-a gcomhráidhtibh. Ar chlos daoibh riamh níos mó do ghangaid idir na daoine; níos mó do shéitéireacht i reic agus i gceannacht; níos mo do phóitireacht agus d'ólachán; níos mó do chlaidhaireacht
agus do chailleamhain dá chur i ngníomh; níos mó teasbhaigh agus an-uabhair i ndaoinibh úir-ílse; níos mó d'easgaire agus do dhia-mhasladh agus do chainntibh diablaidhe ag daoinibh? O, na déataoibh damanta! O, na gníomha gráineamhla! O, na peacaidhe marbhthacha! Créad tharraingeas gráin Dé orainn? An peacadh marbhthach! Créad líonas ár n-anmanna do mhórgaidhtheacht agus do shalachar? An peacadh marbhthach! Créad chuireas fá sglábhaidheacht an diabhail sinn? An peacadh marbhthach! Créad do sgriosas ár n-ainmneacha as leabhar na beathadh? An peacadh marbhthach! Créad bhaineas coimhéad agus cumhdach Dé dhínn? An peacadh marbhthach! Créad bhaineas tearmann agus comairce na n-aingeal dínn? An peacadh marbhthach! Créad bhaineas grása an Spioraid Naoimh dhínn? An peacadh marbhthach! Créad thairngeas bochtaineacht agus gearr-shaoghal orainn? An peacadh marbhthach! Créad thairngeas treabhlóide agus tinnis orainn? An peacadh marbhthach! Créad do chuir le fuacht agus le fán sinn? An peacadh marbhthach! Créad bhain daoibh sealbh bhur bhfearann ndúthchais, agus fá bhfuilid ar láimh Allmharach? An peacadh marbhthach, amhail mar adeir an file diadha 'san rann so:
“Peacadh na sinnsear, uabhar is díomas, feall is cionntacht, craos is ól; “Creachadh na mbochtán, cealla do robáil, fórsa is fiarsáil, puimp is póit; “Easumhla d'óirdibh, sír-bhriseadh pósta, ionntodh na gcóta i n-aghaidh dlighidh Phóil; “Do dhíbir ár bhflatha, do bhain díobh a mbailte, d'fhág sinn i leathtrom fá sgíos is fá bhrón.”
- dá chur i gcéill gurab iad peacaidhe na ndaoine
chuaidh romhainn, atá ag tarrang gach éan-uilc agus urchóide orainn. Créad an leigheas atá air seo go léir? Déanaidh comhairle an fháidh naomhtha Isaias 'san chéad chaib: Lavamini, mundi, estote, auferte malum cogitationum vestratrum ab oculis meis. “Ionnluidh sibh féin, bíodh sibh glan, díbrighidh olcas bhur ndroch-smuainte óm' radharc”; ionann sin len-a rádh, gach uile dhuine do-rigne peacadh, an aithrighe do dhéanamh gan mhoill, má's áil leis gan bheith damanta. Ná bíodh éan-leithsgéal aige, ná habradh sé go bhfuil sé óg ná go bhfuil a sháith aimsire aige fós. Ná h-abradh sé go mbaineann cúram saoghalta dhe gan an aithrighe do dhéanamh. Ná bíodh sé ag seasamh ar ghrásaibh Dé. Do-chímíd na daoine óga ag faghbháil bháis go laetheamhal. Do-chímíd go dtig an bás an uair is lúgha saoiltear é. Tá a dhearbhadh againn, nach bhfuil 'san domhan cúram as mó 'ná cúram na síorraidheachta. Má tá Dia trócaireach, do-bheir sé a cheart féin do gach n-aon do réir a oibreach - Reddet unicuique secundum opera sua. Dá réir sin, anois gan stad, gan leithsgéal, gan cháirde, déanaidh an aithrighe; agus chuige sin do dhéanamh go fíreannach ní fuláir daoibh seacht nídhthe do dhéanamh. An céad ní, ní fuláir daoibh siocracha na bpeacaidhe do sheachnadh, amhail léightear 'san treas caib. do'n leabhar sin Ecclesiasticus: Qui periculum amat peribit in illo, .i. “An té bhíos teangmhálach 'san dainnséar teangmhaidh an dainnséar leis.” An dara ní, tosach na ndrochsmuainte do stopadh mar adeir an sean-fhile Laidne: Principiis obsta; sero medicina paratur, cum mala per longas invaluert moras. Is ionann sin len-a rádh, leigheas do ghlacadh i dtosach an éagcruais agus féachain chuige i dtráth sul do
rachadh an aicíd i bpréimh. An treas ní, díomhaoineas agus droch-ghnótha do sheachnadh, óir atá sgríobhtha, gurab é an díomhaoineas máthair áil agus oide mhúinte na mailíse. An ceathramhadh ní, an droch-chomhluadar do sheachnadh, amhail adeir an Sailm-chiallaidhe; cum electo electus eris, cum perverso perverteris; i bhfarradh deagh-dhuine béidh tú go maith; i bhfarradh droch-dhuine béidh tú go holc. Dá raibh duine i gcaomhthach agus i gcomhluadar bitheamhnaigh, béidh féin 'n-a bhitheamhnach. Mar an gcéadna, an té bhíos i gcomhluadar na póitearachta, agus mar sin dóibh. Do bhrígh nach tógbhálaighe an phláigh ná éan-tshort aicíde 'ná an peacadh agus na droch-oibreacha, cuimhnighidh go meastar gach duine do réir a chomhluadair. An cúigeadh ní, faoisdin ghlan gheinearálta do dhéanamh uair 'san mbliadhain, óir atá sé sgríobhtha 'san 18 caib. (13 rann) i Leabhar na Sean-fhocal: Qui abscondit scelera sua, non dirigetur; qui autem confessus fuerit, et reliquerit ea, misericordiam consequetur - “An té do cheileas a pheacaidhe ní fhéanfaidh a leas; gidheadh, an té doghní a bhfaoisdin go glan agus do thréigeas iad, do-gheóbhaidh sé trócaire”. Is follas as an áit seo gur mór an riachtanas atá leis an bhfaoisdin agus nach bhfuil teacht as 'n-a héaghmais. An seiseadh ní, cathughadh agus comh-bhrúghadh croidhe agus leóir-ghníomh do dhéanamh le Dia agus leis an gcomharsain i ngach leathtrom agus i ngach éagcóir da ndearnamar riamh: Cor contritum et humiliatum Deus non despicies. Adeir Dáibhídh rí nach dtréigeann Dia an croidhe comh-bhrúighte umhal. Non dimittitur peccatum, misi restituatur oblatum. Adeir San Aibhistín nach bhfuil faghbháil párdún 'san bpeacadh muna ndéantar leóir-ghníomh 'san lot do-rigne an peacadh. An seachtmhadh ní, sacramaint Chuirp Naomhtha
an Tighearna do ghlacadh go minic, óir díbreann an tshacramaint seo na peacaidhe, laguigheann na cathaidhe, soillsigheann an creideamh, daingneann an dóchas, lasann an charthannacht, méaduigheann an diadhacht, agus cuireann compórd agus sólás ar chroidhe an chríostaidhe. A cháirde ionmhuine, ag sin na seacht leighiseanna as riachtanach do'n pheacthach bhocht chum leasa a anma do dhéanamh, chum na bpeacaidhe do fheachnadh, chum síothchána do dhéanamh le Dia uile-chumhachtach ar an tshaoghal so agus chum na beathadh síorraidhe d'fhaghbháil ar an tshaoghal so agus chum na beathadh síorraidhe d'fhaghbháil ar an tshaoghal eile; an ní iarraimse dhaoibh-se agus dom féin - InAinm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.
SEANMOIR A hEIN-DEAG. AR AN bPEACADH MARBHTHACH. Do chailleamar pléasúr ár gcroidhe, d'iompuigheadh ár luthgháir i ndubrón. Do thuit an choróin dobhí ar ár gceann fán-ár gcosaibh; tá an léan orainn do bhrígh gur pheacuigheamar. - (Triamhna Ieremias fáidh, v.,15 & 16). Do chailleamar pléasúr ár gcroidhe, d'iompuigheadh ár luthgháir i ndubrón. Do thuit an choróin dobhí ar ár gceann fá n-ár gcosaibh; tá an léan orainn do bhrígh gur pheacuigheamar. Cia do-bhéarfaidh briathra dom' bhéal, smuainte dom' anam, solus dom' thuigse, eas dom' thoil, neart dom' intinn, agus caon-dúthracht dom' chroidhe, chum na neithe do ghlacas do láimh do chraobhsgaoileadh go fiúntach, agus do chur i dtuigsin daoibh mar is iomchubhaidh? Is ní é an peacadh nárbh'fhéidir le fáidhe an tsheanreachta do thoirmeasg len-a ndeagh-labhairt diadha, ná leis na hEasbola, ar mbeith dhóibh lán do ghrásaibh an Spioraid Naoimh, a chur ar gcúl, ná leis na mairtírí a mhúchadh len-a gcuid fola. Is ní é nár dhíbir Íosa Críost go hiomshlán, ar shon go mb'fhéidir leis a dheánamh maille le duadh agus tuirse na dtrí mbliadhan déag ar fhichid le pianaibh éagsamhla a bháis agus a pháise. Is ní é nár chuir Dia ar gcúl le sé mhíle bliadhan le grása a chreidimh, le subhailce a shacramaintí, agus le naomhthacht a Eaglaise! A cháirde, is mian liom labhairt air indiu, ionnus go dtiubhradh sibh fuath, miosgais, agus uile ghráin bhur gcroidhe dhó.
O, a pheacaidh, a pheacaidh mhairbh, atá chomh muinteardha so ag na daoinibh, gidh nach bhfuil aithne aca ort! A pheacaidh mhairbh do dhíbreas na grása, do leagas na subhailcí, do-ghní réabadh reilge ar an gcreideamh, a mhuirdireóir uathbhásaigh na n-uile mhian, a splannc ghráineamhla ó Ifrionn, a rílé na ndeamhan, a nimh diabluidhe, a gheamhair na mallachtan, a eascara na bhflaitheas, a dhubróin na talmhan, a oillphiast na nádúire, a phréamh an uile uilc, a thréatúir thug bás do Íosa Críost, agus a mhór-námhaid na diadhachta, is ort fhógraim cogadh! Ins an chomhrádh so is mian liom labhairt ar nádúir an pheacaidh mhairbh; as sin tuigfidh sibh a thruimideacht, agus cionnas mar atá sé contrárdha do Dia agus Dia contrárdha dhó. An fuath atá ag an bpeacadh mharbh do Dhia, 'sé sin mo chéad phoinnte, agus an fuath atá ag Dia air, is é sin an dara phoinnte dom' chomhrádh. Iarramuid cabhair an Spioraid Naoimh le himpidhe na Maighdine Muire, Ave Maria, etc. Go mbeannuighthear dhuit, a Mhuire, srl. Defecit gaudium cordis nostri, etc. Do chailleamar pléasúr ár gcroidhe srl. Créad é an ní an peacadh marbh? Cúil-iompodh na toile ó Dhia, agus filleadh mí-riaghalta ar an gcréatúir; mar adeir San Aibhistín, Aversio voluntatis a Deo seu conversio indebita ad creaturam. Ar an modh so, dhá ní dhéineann an nádúir, druidim ó Dhia agus fuath do bheith air; taithneamh do thabhairt do'n chréatúir agus a ghrádhchan os cionn Dé. An féidir smuaineamh ar mhailís as mó. Adeirim gurab é an cúil-iompodh so ó Dhia do-ghní nádúir an pheacaidh, aversio voluntatis a Deo. Is féidir an focal so, cúil-iompodh, do ghlacadh ar mhórán do mhodhaibh. An
céad mhodh, ar chontrárdhacht na toile cruthuighthe in-aghaidh na toile neamh-chruthuighthe .i. is mian leat-sa, agus ní mian liom-sa é; órduigheann tú dham so do dhéanamh agus ní dhéanfaidh mise é; contrárdhacht toile an duine do thoil Dé; cinn-tréineacht toilteanach an pheacthaigh in-aghaidh órduighthe a naomhthachta agus ceartachta a dhlighthe! Is dá réir sin ainmnigheas an fáidh Isaias na peacthaigh, réabthóirí an dlighidh; agus do bhrígh gurab in-ifrionn coimhlíontar mailís an pheacaidh, is uime sin adeir San Béarnáird, gur contráil síorraidhe do-bhuadhchanta na toile cruthuighthe in-aghaidh na toile neamh-chruthuighthe do-ghní substaint ifrinn; agus fá mar atá toil Dé 'n-a hárd-dligheadh do-sgaoilte, drong na mallacht, do bhrígh nach féidir leóa lúbadh ná a bhriseadh, is áil leó do ghnáth an ní ná tiocfaidh go bráth, agus ní háil leó, ar chor ar bith, an ní bhíos ann do shíor! Quod nunquam erit semper velle, et nunquam velle quod semper erit - creud é an chiall sin? Do bhrígh gurab é nádúir an pheacaidh bheith ag cur in-aghaidh tola Dé. An dara modh glactar an focal so, cúil-iompodh, ní headh amháin go bhfuil sé ag cur in-aghaidh Dé, ach fós, do-bheir sé gean agus gradh croidhe an chréatúra ar an bpeacadh; bíonn tuirseach do Dhia, do-gheibh mío-bhlas ar naomhthacht a dhlighidh, ar oilithre, ar throsgadh, ar urnaighthibh, ar na buadhaibh nach fuláir do bhreith ar na hainmhianaibh, agus ar na deagh-oibreachaibh eile; tugann fuath a chroidhe do Dhia; bíthear mío-shásta dhe; ní féidir a fhulang; cuirtear i bhfaillighe agus i mí-ghean é, fá mar thug pobal Israel mí-ghean do'n phlúr neamhdha thug Dia dhóibh, ar mbeith dhóibh ar an bhfásach: anima nostra jam nauseat super cibo isto. An treas modh ar a nglactar an focal so, cúil-iompodh,
an tan dobheirtear do rogha an créatúir thar Dhia. Is air do labhras mé 'san gcéad roinn dom' chomhrádh .i. d'fhuath an pheacaidh in-aghaidh Dé! Is minic ná tugtar fá deara an chontrárdhacht so na toile in-aghaidh Dé, nó is minic nach áil leó a thabhairt fá deara. Is lúgha 'ná sin áirmthear an croidhe ag cur in'aghaidh, do bhrígh go ndéanann pléasúr agus sástacht, dar leó féin, dóibh. Acht creud do-ghníd nuair pheacuighid? Cuirid an créatúir roimh an Cruthuightheóir! Uir-íslighid é fán-a gcosaibh leis an rogha neimh-cheart do-bheirid, ag tabhairt tarcuisne, mío-onóra agus easmuilte do'n Té do chruthuigh, d'fhuasgail agus do dhealbhuigh iad! Is airteagal do'n chreideamh nach féidir le nídh ar bith eile bheith 'n-a chrích againn acht le Dia amháin; gurab é féin ár n-árd-shaidhbhreas, ár gceart-naomhthacht, agus ár ndóchas go hiomshlán, agus gur chruthuigh na créatúirí eile mar mheadhón oireamhnach chum ár stiúruighthe chum na críche seo. Acht do bhrígh gur mhill an peacadh cumhachta an anma, amhail atá ár dtuigsin, ag nach bhfuil a dóithin solus chum eidir-dhealughadh do dhéanamh idir an gcrích agus na meadhóin, agus nach bhfuil ár dtoil neartmhar a dóithin chum mian na maitheasa do thabhairt orainn, agus fuath an uilc, créad do-rigne Dia? Thug sé dlighthe dhúinn chum go n-aithneóchamuis an tshlighe as cóir dhúinn do leanmhaint, agus an úsáid as cóir dhúinn do dhéanamh do na créatúiríbh, ag amharc orra mar mheadhónaibh chum sinne do stiúradh chum ár gCruthuightheóra, an té as críoch dhéidheanach dhúinn. Acht do leag an peacthach an t-ordughadh so. Déanann a chríoch dá mheadhón, agus a mheadhón dá chrích! Gabhann sé seilbh do na neithibh nach bhfuil acht in-úsáid aige, agus déanann úsáid do na neithibh as cóir do shealbhughadh, mar adeir San Aibhistín. Féach anois, a cháirde, cá mbeireann a mhailís agus a
thruaillidheacht an duine, an tan do-bheir sé an créatúir do rogha thar Dhia! Chuige seo do cur i dtuigsin daoibh, níorbh'fhuláir dhaoibh fios do bheith agaibh cia hé Dia, agus créad é an ní na créatúirí. Agus is ródheacair gach aon díobh do thuigsint, Dia do réir a uathbhásaighe, a thruaighmhéileachta, agus na créatúirí do réir a bhochtaineachta. An Cruthuightheóir do bhrígh gurab é as Aird-Tighearna uile-chumhachtach, Dia, Cruthuightheóir, Riaghluightheóir agus Stiúruightheóir an uile nídh é! An créatúir do bhrígh nach bhfuil acht ceó, sgáil nó gósda ann, agus do réir an fháidh, is neimhní é: Quasi nihilum reputati sunt. Tar a cheann sin, isé an ceó, an sgáil agus an neimhní so, glactar do rogha thar an Rígh uile-chumhachtach, Cruthuightheóir agus Slánuightheóir an chinidh daonda! O, a fhlaithis, dá mb'fhéidir theóir an chinidh daonda! O, a fhlaithis, dá mb'fhéidir libh iongnadh do ghlacadh, agus so ádhbhar iongnaidh, uathbháis agus crith-eagla! Obstupescite coeli hoc! Créad é an fáth? Me deleliquerunt fontem aquae vivae, et foderunt sibi cisternas, cisternas dissipatas quae continere non valent aquas, .i. do thréigeadar na peacthaigh mé, mise atá im' shruith uisge bheó, agus do rómharadar puachaisí briste le nach féidir na huisgí do thuiteas ionnta do chongbháil. Cuireann Dia é féin i gcompráid le sruith uisge bheó, le trí réasúin, mar adeir San Denis. An céad réasún, propter eminentiam, do thaobh oirdhearcais agus uaisleachta a nádúire. Do-gheibh an sruthán so a chuid uisge ann féin. Tá a líonmhaireacht ann féin, agus ní ghlacann é acht uaidh féin. Ar an modh gcéadna tá an uile mhaitheas gan áireamh ag Dia ann féin, agus dogheibh sé iad ann féin, in sua essentia; agus atá a líonmhaireacht uile aige uaidh féin gan a glacadh ó ádhbhar nó ó chúis ar bith eile.
An dara réasún, i dtaobh na líonmhaireachta ar an dtaobh amuigh. Mar dobhéadh tobar lán d'uisge ag cur thairis, mar sin glacann Dia aige féin an uile líonmhaireacht, pléasúir agus subhailcidhe diadha do dhortadh ar na créatúiríbh, nach nglacann iad acht ó líonmhaireacht agus ó thorthamhlacht a bhrollaigh sin: de cujus plenitudine accepimus. An treas réasún, ainmigheann Dia é féin 'san Sgrioptúir 'n-a shruith uisge bheó do thaobh an ath-chruthuighthe, propter reproductionem; do réir San Denis, fá mar atáid toibreacha ná bíd sásta len-a gcuid féin d'uisge do chur uatha go líonmhar, acht fós, aith-bhrisid toibreacha eile tamall uatha chuireas a gcuid uisge níosa shia, mar an gcéadna, ní bhíonn Dia sásta le hé féin amháin do dhortadh a ghrása ar an eaglais, acht fós cruthuigheann nó déineann toibreacha eile, na deisciobail, maille le huaisleacht a gcumais agus glaineacht a dteagaisg do dhoirteas srotha a ghrása ar fuaid an domhain. Dá bhrígh sin, is sruth uisge bheó é, do bhrigh go bhfuil líonmhaireacht an uile mhaitheasa aige, agus go ndoirteann iad, agus go dtéidhid srotha a ghrása agus a thrócaire seo, agu chum srotháin na beathadh síorruidhe do leanmhaint? Agus, ar a shon sin uile, nuair pheacuighmíd, is é an tobar bith-bheó so thréigmíd, agus leanmuid créatúirí bochta truaillighthe mar sinn féin, toibreacha tiorma le nach féidir éan-bhraon do'n uisge do chongbháil: me dereliquerunt fontem, etc. Créad é an t-adhbhar 'n-a gcuirtear na créatúirí i gcompráid leis na puachaisí talmhan? Do bhrígh ná faghbhann siad an t-uisge acht ó na flaithis, agus nach féidir leó a chongbháil a bhfad. Ar an modh gcéadna, níl subhailcidhe
ar bith ag na créatúirí ionnta féin, acht is ó Dhia amháin atáid aca, an té dhoirteas roinn éigin dá líonmhaireacht orra, subhailcidhe nach féidir leó do chongbháil a bhfad, do bhrígh nach mairfid féin acht go gearr; subhailcidhe do-bheir taithneamh éigin do chroidhe an duine, gé nach líonann é. Cailleann é agus feódhchann agus críonann leis an ndroch-úsáid déantar dhe; agus, tar a cheann so (ó a neimh-chirt uathbhásaigh!) is ar an ndroichphléasúr mhalluighthe dhíomhaoin aithghearr so, do-bheirid na créatúirí a ngean. Is leis as mian leó a gcailleamhain: Obstupescite coeli super hoc! Ní headh amháin go mbeireann an peacthach an créatúir do rogha thar mhórdhacht Dé; acht fós, cuireann a phaisiún tar a chumhacht, tar a mhóir-eagna, tar a mhaitheas, ins an méad 'n-a bhfuil sé ar a chumas! Cia creidfeadh é, muna mbéadh ughdarthas an Sgrioptúra agus na nAithreach Naomhtha leis? An tan labhraim ar an bpaisiún, ní glacaim annso é go símplidhe mar mhothughadh na n-ainmhian thugas é féin ar an nídh so-mhothtach, acht ar mhothughadh na nadúire loitighthe do-bheir é féin go toilteanach ar an gcréatúir. Glacann an paisiún so ar uairibh an peacadh mar athair; uair eile mar leanbh, nó mar a thoradh féin. Agus gach uair pheacuigheas an duine, déanann a dhícheall ar é féin do chur os cionn De, agus Dia malluighthe do dhéanamh de! Ag so an cúis do-bheir ar an Easbol, San. Séam a rádh, nach bhfuil éan-duine saor ó chathuighthibh na hainmhiana so: cum conceperit, parit peccatum. “An tan do ghabhas, beireann an peacadh.” An tan bhuaidheas an cholann ar an spioraid insan gcogadh shíorraidhe bhíos eatorra, an tan géilltear do mhothughadh na nádúire lotigthe thar mhothughadh ghrása Íosa Chríost insan chath dubrónach
so, dearmadtar Dia, gabhtar do chosaibh 'n-a ghrásaibh. Déantar neimhní dá naomh-spioraid, cuirtear na mí-bhéas 'n-a n-ionad, an mhéad as féidir leó é! Cia adeir é? Naomh Aibhistín ag a raibh a fhios go maith. Aithrighidh, a cháirde, agus tagadh luisne teintighe asaibh, ins an am chéadna, i dtaobh bhur ndroich-bhéas, bíodh a fhios agaibh go bhfuil an urdháil do dhéibh fhallsa dá n-adhradh agaibh, agus atá do lochtaibh ag a bhfuil sibh tabhartha, ag a bhfuil sibh tabhartha, ag a bhfuil sibh in bhur sglábhaidhthibh aca, ag tabhairt easonóra agus imdhearga do'n Dia fhíre! An nglacann tú fearg? Is í an fhearg so do Dhia. Ar ghlacais grádh mí-riaghalta do'n mhnaoi so? An paisiún agus an créatúir so do Dhia. Créad é an fáth? - Cibé rud as mian le héan-duine agus dá dtabharfann sé grádh, sin é a Dhia. O, créad í an náire? Créad é an neimhcheart? Na mí-ghníomhartha sgannlacha do chur os cionn Dé; na pléasúir bhrúideamhla, ghráineamhla shalacha do ghrádhchan os cionn an uile ghráidh. Is iad so gníomhartha an pheacaidh ghránda thruaillighthe. Deir San Aibhistín: “Créad é an ní an duine feargach? Créatúir do chuireas splangcacha teintighe as a shúilibh agus as pollaibh a shróin! Créad é an ní an formadach? Créatúir bhíos ag faghbháil bháis le tnúth! Créad é an ní an duine mórdhálach iomarcach? Deatach óir! Cá gcuirid na peacthaigh Dia? In-a súilibh? Níos ísle 'ná sin. 'N-a gcroidhe? Níos ísle 'ná sin. In-íochtar na talmhan? Níos ísle fós 'ná sin. Insan dubhagán? Níos ísle 'ná sin. Créad é an áit? Fá'n gcúbhar thuiteas as béal luchta na feirge; fá úsúireacht luchta an úsúir, fá thnúth luchta an fhormaid; fá dheatach luchta na mórdhála; fá shailcheacht agus brocghail na striapach!”
Do léigheas ins an Sgrioptúir nárbh'fhéidir leis na flaithis ná leis na dtalamh Dia do chongbháil; do léigheas go bhfuil a shuidheachán ins an ngréin, agus go bhfuil an uile shoillse 'n-a thimcheal; acht níor léigheas riamh go raibh a Dhiadhacht salach ó bhrocghail, dubh ó'n deatach; go ndeachaidh sí ar neimhnídh fá'n gcréatúir thruaillighthe. O, a pheacaidh, a pheacaidh ghráineamhail, taisbeánann tú dhá nídh nach féidir do thuigsint - do stoth an Diadhacht as a cathaoir chum a cur fád' chosaibh mar stól. Deir Pól Easbal, ag labhairt ar pheacadh ghráineamhail na colna, briathra ró-iongantacha, ar chor, dá dtuigfidhe iad mar ba chóir, nach measaim go dtuitfeadh an té is brúideamhla ar domhan go bráth insan pheacadh so. “Nach bhfuil fhios agaibh,” adeir sé, “gur géag do ghéagaibh Íosa Chríost bhur gcorp, agus má dhruideann sibh leis an méirdrigh go ndéanann sibh corp na méirdrighe dhe?” Tá dhá fhírinne mhóra i mbriathraibh an Easbail. An chéad fhírinne; gur géag go ghéagaibh Íosa Chríost sibh. An dara fhírinne: má dhruideann sibh leis an meirdrigh, agus dá bhrígh sin nuair thuiteas tú ins an pheacadh so, go ndéanann tú corp na méirdrighe do ghéig Íosa Chríost! Dá dtuigfidhe na briathra so mar ba chuibhe, do-bhearfainn slán fá'n ndroch-dhuine as mó ar bith tuitim i bpeacadh mharbh. Fiafruighim díobh, dá mbéadh duine chómh buileamhal chómh hanbhfhiosach sin, agus fuil thruaillighthe neamh-ghlan do mheasgadh tré fhuil Íosa Chríost ins an chailís naomhtha, créad é an t-uathbhás do chuirfeadh oraibh? Ní labhraim níosa mhó, acht táid na briathra so riachtanach chum focail an Easbail do thuigsint. Créad é an áit as ísle 'ná sin arbh'fhéidir an Diadhacht do chur? Ní bhíonn an peacthacht sásta leis an gcréatúir do chur os
cionn Dé, agus Dia do chur fán-a phaisiún, acht fós, do-bheir sé an diabhal do rogha thar Mhac Dé, agus mothughadh an deamhain tar mhothughadh grása Íosa Chríost. Ní cás an fhírinne do chur i dtuigsin; do bhrígh an té thugas do rogha an créatúir agus a phaisiún tar Dhia, do-bheir tosach an uilc agus ughdar an pheacaidh do rogha thairis. Céad locht an pheacaidh (adeir Tertullianus), tarcuisne do thabhairt do Dhia: Deum despicit! An dara locht, go dtugann easmuilt do thabhartas agus do ghrásaibh Dé: dono Dei contumeliam facit. An treas locht: go ndiúltuigheann do Dhia agus go dtréigeann é: Deum deserit, eum demum relinquit. An ceathramhadh locht; go dtugann do rogha an diabhal thar Dhia: etiam diabolum Deo praeponit. O, dá mbéadh fios na fírinne so agam, ar feadh na haimsire sin in-ar chuireas Dia fá chosaibh an diabhail, ar feadh an oirid sin do bhliadhnaibh do chríonas ins an bpeacadh, ar b'fhéidir do aontadh do thabhairt do'n pheacadh? Ba dheónach leis an Spiorad Naomh sompla dobrónach d'fhágbháil againn ar an nídh chéadna i bpearsain an chéad pheacthaigh, Adhamh, ar an thoirmisg Dia baint le chéad pheacthaigh, Adhaimh, ar ar thoirmisg Dia baint le toradh an chrainn. In-éan-pheacadh amháin do-rigne trí peacaidhe uathbhásacha! d'fhéach ar an ubhall agus ar aithne Dé, agus do mheas gach cuid díobh; gidheadh, fá dheireadh d'ith an t-ubhall agus do bhris an aithne! Féach an créatúir aige dá chur os cionn Dé! Do ghlac dúil agus ainmhian é chum an ubhaill d'ithe. Ag so an paisiún aige dá chur ós cionn aithne Dé, ar shon ná raibh an paisiún mí-riaghalta ann an tan sin, acht gríosacht an diabhail agus breághthacht an ubhaill dochonnaic sé. An treas ní: do chuir an diabhal cathughadh air, agus do claoidheadh leis é. d'éist sé le Dia agus thug tarcuisne dhó, agus thug sé do rogha an diabhal! Trí rogha do-rigne: an
créatúir, an paisiún, agus an diabhal; ag so trí rogha easmuilteacha do bheireas an créatúir Adhamh thar mhórdhacht agus uile-chumhachta Dé i n-éan-pheacadh. Go mbadh toil leis an Tighearna trócaireach, a cháirde ghrádhacha, sibh do thabhairt aire fhírinneach, shochrach do na bhriathraibh seo! Gach uair thuiteann sibh i bpeacadh, ná tugann sibh an tarcuisne chéadna do Dhia? Dá dtugadh duine easonóir do dhuine cháileamhail, do bhéadh náire air; dorachadh ag gabháil a leithsgéil. Dá dtabharthá easmuilt do'n duine dob'ísle, níor mhaith leat go bhfeicfeadh tú, agus ba mhian leat ócáid d'fhaghbháil ar sheirbhís do dhéanamh dhó, chum ná cuimhneóchadh ar an easmuilt chéadna níos mó. Acht id' thaobh-sa, a Thighearna Dia, id' thaobh-sa, dá ndlighthear an uile onóir, an uile fhómós; id' thaobh-sa len-a muinighmid féin agus an uile, do líonais sinn led' mhaitheas, arbh'fhéidir linn a chur in-umhail dúinn féin cia mhéad easmuilte thugamar dhuit, ad' chur fá chosaibh an diabhail, an chréatúir agus ár bpaisiún, gan ár gcroidhe do réabadh le cathughadh, le haithreachas agus le deóra nimhe; gan sinn féin do theilgean fád' chosaibh dá athchuir ort an sásamh as mian leat do bhaint dínn? - Quis dabit capiti meo aquam .. et plorabo. Cia bhéarfas deóra dam mo dhóthain, cia bhéarfas srotha searbha dom' shúilibh chum aithrighe do dhéanamh in mo pheacaidhibh? Dá bhfeicfeá an urdháil cneadha ar mo chorp agus atá mo pheacaidhibh ar m'anam, dobhéadh truagh agat dom. Dá mbéadh a fhios agat méad truimideachta an pheacaidh, bhéadh do chroidhe briste le doilgheas. Gidheadh, ní féidir a thuigsint. Níl acht Dia amháin ag a bhfuil fios créad é an tarcuisne agus an mhiosgais do-gheibh ó'n bpeacadh, mar nach bhfuil acht Dia amháin ag a bhfuil fios méad na gráine atá aige air! Déanfam ár ndícheall ar a
chur i dtuigsin daoibh ins an dara roinn dom' chomhrádh. Do'n uile nídh dá raibh riamh, dá bhfuil anois agus dá mbéidh choidhche agus go bráth, is deimhin nach bhfuil éin-ní aca, agus nach féidir a bheith, in'ádhbhar fuatha agus gráine ag Dia acht an peacadh, do bhrígh gurab í mór-chumhachta Dé do chruthuigh an uile ní; gurab í a mhaitheas do chumhduigheas iad; gurab í a eagna stiúruigheas iad; agus gurab í a cheart chongbhuigheas in-órdughadh agus i ngéilleamh iad. Ní fuath leis éin-ní aca: Nihil odisti eorum quae fecisti. An dóigh libh go bhfuil ifrionn féin, cé gurab é ionad an uilc é, in'adhbhar fuatha ag Dia, mar adeir San Aibhistín. Ar shon gurab é an peacadh cúis a dhéanta, is é Dia do-rigne é mar ionad díoghaltais, agus is í a ghaoth fearg an Tighearna, amhail sruith briomstóin nó ruibhe do lasas a theinte: flatus Domini sicut torrens sulphuris succendens eam. Tar éis an pheacaidh bheith ag cur in-aghaidh a ghrása ar feadh móráin aimsire, bíonn sólásach do thaobh pionóis na malluightheóirí, mar bhíonn i dtaobh sóláis na naomh i bhflaitheas Dé. Níl éin-ní, adeir San Criosostom, idir na neithe chruthuighthe fuathmhar ag Dia. Níl éin-ní na feiceann agus nach ionmhain leis. Níl foirnéis na Bablóine fuathmhar aige. Téid 'n-a lasrach leis ar dtriúr leanbh mholas é. Níl puachais na leómhan fuathmhar aige. Téidh ann le Daniel fáidh. Níl bolg an mhíl mhóir, óir sábhálann Ionas uaidh. Níl tobar Ierúsalem, óir sábhálann Ieremias as. Níl an carn aoiligh, óir fanann ann i bhfochair Iob mholas é. Fá dheóidh, níl éin-ní fuathmhar ag Dia acht tusa, a athaigh Ifrennamhail, a nimh dhiablaidhe, a pheacaidh mhairbh! Níl acht tusa ná grádhann agus ná haithnigheann sé, do bhrígh
nach bhfuil acht tusa ná dearna sé, agus nach bhfuil acht tusa nach bhfuil grádh aige dhuit leis an réasún céadna fá ngrádhann sé é féin. Is uime sin adeirid na Diadhairí, gurab é miosúr an ghrádha atá ag Dia air féin as miosúr do'n fhuath atá aige ar an bpeacadh; agus mar is í an chosamhlacht as fundaimint do'n ghrádh, an chontrárdhacht as fundaimint do'n fhuath; óir níl éin-ní, mar adubhairt cheana, chuireas in-aghaidh Dé acht an peacadh, agus, dá bhrígh sin, ní fhuil éin-ní as lugha air 'ná é. Craobhsgaoilfeam an nídh céadna. An chéad cháilidheacht do ghrádh Dé; do bheith riachtanach; grádhann Dia é féin go riachtanach, agus ní féidir leis gan a ghrádhchan; agus i é as réasún leis sin, gurab ionann a nádúir dhiadha is a ghrádh diadha. Ar an modh gcéadna mar atá a nádúir dhiadha riachtanach, tá a ghrádh diadha riachtanach; óir is as sin leanas an riachtanas céadna len-a bhfuil Dia ann, is leis sin fuathuigheann an peacadh. Agus do bhrígh nach féidir leis gan a bheith ann, ní féidir leis gan fuath do bheith aige ar an bpeacadh. Odit et amat. Bíonn fuath agus grádh aige 'san am gcéadna. Odit et amat te. Tá fuath agus grádh aige dhuit, a pheacthaigh. Cionnus sin? Odit quae fecisti et amat quod fecit. Is mian leis an ngrádh agus leis an bhfuath go contrárdha, agus réidhtigheann an ceart iad. Is le hobair Dé bhaineas an grádh, agus le hobair an pheacthaigh bhaineas an fuath. An dara cháilidheacht do ghrádh Dé; a bheith síorraidhe. Ní túisge Dia 'ná a ghrádh, agus do bhrígh go bhfuil ann ó'n uile shíorraidheacht, grádhann é féin ó'n uile shíorraidheacht. An dara cháilidheacht d'fhuath Dé in-aghaidh an pheacaidh: a bheith síorraidhe mar an gcéadna. Ní
tháinig nóimeant riamh saor ó dhíbhfeirg Dé in-aghaidh an pheacaidh. Ní raibh a fhios agat, a dhuine thruaillighthe neamh-ghlain, an ghráin atá ag Dia ar do pheacaidhibh salcha ó'n uile shíorraidheacht. Ní raibh a fhios agat, a dhuine shanntaigh, an ghráin atá ag Dia ar t'úsúireacht. Ní raibh a fhios agat, a ghiolla an díoghaltais, gach uair do thairngis fearg Dé ort mar gheall ar do bhuile agus ar do dhíoghaltas. Is é réasún sin, gach ní atá déanta 'san aimsir go bhfuil a Dhia go síorraidhe ann; óir is airteagal do'n chreideamh, ar shon nach bhfuil an peacadh go síorraidhe ann, go bhfuil 'n-a ádhbhar fuatha ag Dia 'san aimsir, agus, dá bhrígh sin, go bhfuil gráin aige air ó'n uile shíorraidheacht. An treas cháilidheacht do ghrádh Dé: a bheith doi-chríochnuighthe. Grádhann Dia é féin chomh mór agus atá sé so-ghrádhach; agus do bhrígh go bhfuil sé doi-chríochnuighthe so-ghrádhach, grádhann é féin ar an modh gcéadna, óir do bhrígh go bhfuil sé so-ghrádhach gan áireamh, atá ceart, atá naomhtha gan áireamh. As sin leanas go bhfuil fuath gan áireamh aige ar an bpeacadh, do bhrígh go bhfuil doi-chríochnuighthe, contrárdha dá naomhthacht. Ag so an ní thaisbeánas an creideamh dam; an uile fhuath dá raibh, dá bhfuil agus dá mbéidh go bráth ins na daoinibh, nárbh'éin-ní é i gcompráid d'fhuath Dé ar an bpeacadh. Adeirim nísa mhó. Dá mbéadh a bhfuil d'fhuath ag na diabhlaibh in-aghaidh Íosa Chríost, in-aghaidh a Eaglaise agus in-aghaidh na ndaoine uile, cruinnighthe in-éan-chroidhe amháin, ní héin-ní i gcompráid d'fhuath Dé ar an bpeacadh. Creud é an fáth? Do bhrígh go bhfuil fuath na ndiabhal soichríochnuighthe agus fuath Dé doi-chríochnuighthe. Innsim duit, a fhir nó a bhean, má tá tú ar staid an pheacaidh mharbhthaigh, gurab mó an fuath atá ag Dia dhuit
'ná dá mbeidhtheá id' ádhbhar fuatha ag a bhfuil do dhiabhlaibh in-ifrionn, id' ádhbhar miosgaise, eascáirdeasa agus ollghráineach ag an uile chréatúir. An ceathramhadh cháilidheacht do ghrádh Dé: a bheith substainteamhail. Grádhann Dia é féin le líonmhaireacht a shubstainte. Dá bhrígh sin, tá a fhuath substainteamhail. O nach bhfuil éin-ní aca sgartha i nDia, tá a fhuath 'n-a shubstaint. Ní mar sin d'fhuath na ndaoine. Ní bhaineann sí acht le'n-a dtoil amháin, acht ní mar sin di i nDia. Ní len-a thoil amháin do bhaineann sí, mar adubhramar, acht len-a chumhachta. Eagna, naomhthacht, trócaire, agus an uile pherfecsion nó iomláine dá bhfuil ann, ar mbeith dhóibh 'n-a substaint aige, fuathuigheann an peacadh leó. Mar adeir San Criosostom, cuireann an peacadh Dia i staid fórsa nó buadhchana. Créad í an staid í seo? Tá, neithe do dhéanamh in-aghaidh claona. Agus nach mór go gcuireann Dia 'san staid seo? Do bhrígh trócaire Dé iarras a sgaipeadh ar na daoinibh go dtoirmeasgann an peacadh í, ní iarrann an trócaire so acht grása do thabhairt dúinn. Gidheadh, cuireann an peacadh d'ualach uirre díoghaltas do dhéanamh. A pheacthaigh, ataoi damanta. Do chaillis do ríoghacht. Do chailleas t'anam. Do chaillis flaitheas Dé. Is tusa do chuir d'ualach orm a dhéanamh: Coegisti me. Ag so an staid i ndéanann an peacthach fórsa ar an dtrócaire. Créad adeir sibh anois leis an bhfírinne seo, a chríostaidhthe? An gcreideann sibh na neithe so, nó nach gcreideann? Muna gcreideann sibh anois iad, do-chífidh sibh go soiléir lá bhur mbáis iad. O, toisighmid iad do chreideamhaint agus d'aithint! Créad é an fáth nach raibh a bhfios agam óm' aois óig? Créad é an fáth
nár hinnseadh dhom iad in-aois mo dheich mbliadhan? A athair fhaillighigh, cá bhfuil tú? Créad é an fáth nár innsis dam go mbéinn im' ádhbhar fuatha agus díbhfeirge ag Dia mar gheall ar éin-pheacadh amháin; fuath riachtanach, fuath síorraidhe, fuath doi-chríochnuighthe, substainteamhail! A shainnt, a fhearg, a dhrúis agus a dhíoghaltais, créad é an fáth nár thaisbeánabhar sibh fein dom' shúilibh ins an staid uathbhásaigh seo? Créad é an fáth ar lean cúis a fheirge agus a uathbháis sibh chum mé do mharbhadh? Do b'fhéidir go mbéinn deighbheathach agus go bhfaghainn bás i neamh-urchóid. Níorbh'fhéidir liom a thuigsin cionnas tá an peacadh in'ádhbhar díbhfeirge agus gráineach ag Dia chomh mór so. Acht anois airighim é. Anois tuigim é, agus cráidheann mo chroidhe ar son gur ró-dhéidheanach é. A aithreacha agus a mháithreacha, tá ró-chúramach chum saidhbhir d'fhaghbháil dá bhur gcloinn, agus chum foghlama do thabhairt dóibh, is maith do-ghní sibh é; acht ná dearmadaidh léigheann agus foghlaim na naomh do thabhairt dóibh. Innsidh dóibh an ghráin atá ag Dia ar an bpeacadh, agus gur chóir gráin do bheith air. Cuimhnighidh nach bhfuil do chreideamh ag an gcríostaidhe acht ins an méad a bhfuil fuath aige do'n pheacadh, agus gurab é an fuath so, do réir na n-Aithreach Naomhtha, as fundaimint ag an gcríostamhlacht. Ea summa ratio religionis, peccati odium. Is é Cassianus adeir é. An tan bhíos cathughadh ort, smuainigh ar an modh so: Táim do láthair Dé do-chíonn cionnas mar pheacuighim 'n-a fhiadhnaise. Peacuighim 'n-a aghaidh atá ag amharc orm ag déanamh oibre an diabhail. Is uathbhásach an malluightheóir mé. Is diabhlaidhe mo choir agus fuath mo Thighearna agus a dhíbhfearg do thuilleamhain! Osglaidh bhur súile, a dhearbhráithreacha, agus tugaidh fá ndeara
na briathra dochualabhair 'san tsheanmóir seo. Meadhaidh na réasúin; agus ar mbeith daoibh lán do dhoilgheas agus do dhubrón do thaobh bhur bpeacaidhe, cuiridh romhaibh ró-dhícheallach bhur mbeatha do leasughadh. Abraidh le Dia, le spiorad crábhaidh aithrigheach - Ó a Dhia ghrádhmhair, a phréamh an uile charthannachta agus an uile mhaitheasa, a líonmhaireacht na ngrás agus na gloire, an féidir go rabhas chomh mí-bhéasach, chomh drochmhúinte, chomh mí-náireach agus peacadh do dhéanamh id' aghaidh? Uch! créad do-rignis orm mar go dtiubhrainn fuath dhuit, agus créad é an ní ná deárna chum do dhíbhfeirge do thuilleamh agus t'fhuath do tharrang orm? An mar gheall gur ghrádhais mé; mar thugais chum báis t'Éan-Mhac ar mo shon; mar ba dheónach leat mo choimhéad agus mo shábháil ar an uile dhainnséar; mar d'fhuasglais ó sglábhaidheacht an diabhail mé: mar thugais do ghrása dhom; mar tugais saoghal agus sláinte dhom tar éis gach éagcruais in-a rabhas i riocht báis? An i dtaobh na maitheasa so thugas tarcuisne dhuit, gus rugas na créatúirí do rogha; thugas m'ainmhian truaillighthe agus thugas fós an diabhal do rogha? An n-iad do ghrása agus t'fhabhar fá ndeara dhom bheith chomh buileamhail, chomh hainbhfiosach in-aghaidh do dhaonnachta rónaomhtha? O, a Dhia mhóir, iarraim párdún ort. Tabhair i ndearmad agus mí-chuimhne mo pheacaidhe. Déan trócaire orm. Tabhair grása dham len-a ngrádhfad ins an uile shíorraidheacht thú - an ní ghuidhim-se dhaoibh-se agus damh-sa, In-Ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen.
SEANMOIR A DO-DHEAG. AR AN bhFAOISDIN. Dobhí timcheall an tobair seo uimhir mhór do dhaoinibh tinne, do dhallaibh, do bhacaighibh, agus do dhaoinibh bochta ag a raibh a mbaill uile seargtha, tirim le pairilis, ag súil le corraighe an uisge. - (Briathra léightear ag Eóin v.3.) Is míorbhaileach an tobar é seo bhí le taobh cathair Ierúsalem. Is mór an buaidh agus an bhrígh so dobhí in-a chuid uisge. Thigeadh aingeal as na flaitheasaibh in-am áirithe do'n ló, agus do chorruigheadh an tobar so, agus cibé duine as luaithe do tumthaoi ins an tobar tar éis a chorraighe, do leigheastaoi é gan mhoill ó'n uile shórt galair agus easláinte: sanus fiebat a quacunque detinebatur infirmitate. Ní neamh-chosmhail, a cháirde, an tobar so le Sacramaint naomhtha na Faoisdine, ar an ádhbhar, do réir mar nach raibh maith in-uisge an tobair úd acht muna dtigeadh aingeal dá chorraighe, mar an gcéadna, níl maith 'san bhfaoisdin acht muna dtigidh aingeal Dé, 's é sin, grása neamhdha do chorraighe agus do spreagadh coinsiasa an pheacthaigh; agus do réir mar do leigheasadh uisge an tobair úd gach easláinte dobhíodh ar an gcolainn, leigheasann tobar na faoisdine an t-anam ó gach lubhra, ó gach lot agus ó gach easláinte mharbhthaigh bhíos air: confitemini erga alterutrum peccata vestra ... ut salvemini.
I measg an iomaid daoine tinne dobhí ar bhruach an tobair úd Ierúsalem, ní fheicim Críost ag leigheas éan-duine aca, acht éan-duine amháin dobhí i bpairilis mharbhthaigh ar feadh ocht mbliadhan déag ar fhichid, agus chím an ní céadna ag tuitim amach ag tobar glórmhar na faoisdine. Chím na mílte duine ag teacht go laetheamhail chum na Sacramainte seo, ag súil le leigheas d'fhaghbháil ar easláinte a n-anma; acht do-chím iad ag filleadh ar a n-ais agus a gcneadha níos dainnséaraighe 'ná mar dobhí siad roimhe: et fiunt novissima hominis illius pejora prioribus. Goidé as ciall do so, a cháirde? An é sin le rádh nach bhfuil oiread luaigheachta nó buadha ag an bhfaoisdin anois is do-bhí innti i dtúis na hEaglaise - nó gur chaill sí a brígh anois nuair as mó a riachtanas? Arbh'fhéidir faoisdin nó aithrighe do bheith riamh níos riachtanaighe 'ná ar an uair seo? Ar bh'fhéidir lubhra an pheacaidh do bheith riamh níos leitheadaighe 'ná ar an uair seo? An rabhadar in-am ar bith na bréaga níos iomadamhla, na mionnaí móra níos minice, drúis agus adhaltranas níos madramhla, craos agus meisge níos mó ar ghnáthamh nó i bhfaisiún, gaduidheacht agus éagcóir agus leathtrom na gcomhursan níos coitchinne idir an uile shórt drong daoine 'ná ar an uair seo? O, ní raibh gan amhras, a cháirde! Acht i measg an aoir galair úd dobhí ar bhruach tobair Ierúsalem, chím cuid díobh bacach, cuid dall, agus cuid eile agá raibh a mbaill críon tirim ó'n easláinte; agus is é mheasaim, gur fioghair nó sompla iad ar an muinntir thig go laetheamhail chum faoisdine mar dhaill, 's é sin, nach léir dhóibh a bpeacaidhe, do bhrígh nach gcuairdighid agus nach sgrúdaid a gcoinsias - caecorum; mar bhacaigh, do bhrigh go ndéinid faoisdin cham, bhacach, ag folach is ag ceilt
cneadh a n-anma - claudroum. Agus do-chím iad ag teacht gan dólás, gan tuirse, le croidhe tirim, seargtha, mar an mhuinntir úd na pairilise - aridorum. So an t-ádhbhar, a cháirde, fhágbhas faoisdin an iomaid gan toradh, gan tairbhe. So an ní do-bheir ar thobar mhíor-bhaileach na haithrighe gan cneadha ár n-anma do leigheas; gus ag so an ní ar ar mian liom-sa trácht indiu, tar éis mo chomhrádh do roinn i dtrí phoinntibh. Bíonn an fhaoisdin gan tairbhe nuair do-ghníthear í gan sgrúdadh coinsiasa: ag sin an céad phoinnte. Bíonn sí gan tairbhe nuair ná haithristear na peacaidhe go hiomshlán; sin an dara poinnte. Bíonn sí gan tairbhe nuair nach ndéantar í le dólás, le cathughadh, agus le tuirse croidhe: sin an treas poinnte. Ave Maria, etc. I. Amhail as atáid na mílte gné aicíde ag braith ar an colainn thairngeas í chum na huaighe, tá, mar an gcéadna, míle gné pheacaidh ag braith ar an anam thairngeas í go hifreann: multiplicate sunt infirmitates eorum. “Táid a ndeacracha arn-a méadughadh”. Achta tá o do dheifir idir aicídeacha an chuirp agus an anma, nach lia aicíd chorpordha ann 'ná leigheas fá leith orra; acht in-aghaidh gach luit agus gach aicíde dá dtig ar an anam, d'órduigh Críost Sacramaint na Faoisdine, nó na hAithrighe, amháin mar leigheas agus mar íoc-shláinte: confitemini erga alterutrim peccata vestra, .. ut salvemini. - “Admhaidh bhur bpeacaidhe dá chéile, ...ionnas go mbadh slán sibh dá éis”. Íoc-shláinte í seo, adeirim, ar nach sáruigheann easláinte ar bith dá dhainnséaraighe, agus ó ná téid gan leigheas. Marbh, goid, robáil, loisg mainistreacha agus teampuill, déan mar as cóir í, agus gheóbhaidh tú párdún agus maitheamhnas
ó Dia ionnta. Ná glac m'fhocal-sa air seo, a chríostaidhe, acht glac focal Chríost ag Eóin ins an bhficheadh caibidil, mar a ngeallann do'n Eaglais i bpearsain na nEasbol, nach bhfuil peacadh ar bith mhaitheann siad-san ar thalamh, nach bhfuil peacadh ar bith mhaitheann siad-san ar thalamh, nach maitheann seisean ins na Flaitheasaibh: quorum remiseritis peccata, remittuntur eis. “Cibé ar bith dá maithfidh sibh a bpeacaidhe, atáid maithte dhóibh”. Maiseadh, do réir mar as leigheas éifeachtach an fhaoisdin in-aghaidh nimhe an pheacaidh, is leigheas í atá chomh riachtanach sin ag an anam, ar mhodh, dá roinnfeadh an peacthach a shubstaint uile ar na bochtaibh, dá silfeadh sé deóra fola na haithreachas, dá dtroisgfeadh sé ar feadh a shaoghail, dá mbéadh sé ag urnaighthe nó go gcaithfeadh a theanga, - so agus a mhíle oiread dá ndéanfadh sé, ní fhuil maith ná tairbhe dhó ann gan an fhaoisdin, má's féidir í d'fhaghbháil, nó má á in-a chumhachta a dhéanamh. Muna gcreidfidh tú mise annso, creid an Dochtúir naomhtha, San Aibhistín, ag dearbhadh nach bhfuil gan ná maith i ndólás an chroidhe muna raibh admháil an bhéil in'aice: nihil tibi proderit contritio cordis nisi sequatur confessio oris, si possis. Dá mbéimís saor uile ó'n bpeacadh, ní bhéadh Sacramaint na hAithrighe riachtanach againn; acht mar nach lia duine ar an saoghal so 'ná peacthach, ní thig le héan-duine a rádh go bhfuil sé saor ó oibliogáid agus ó ualach na haithrighe. Is deimhin go dtéid an iomad chum faoisdine; acht, fóiríor, is beag aca do-gheibh a toradh. Bídh mar na daill úd an tSoisgéil, ag súil le leigheas ar bhruach an tobair, acht ní léir dhóibh an tobar: caecorum. Téid chum faoisdin do dhéanamh; acht ní dhéanaid í acht go hanbhfann, lag, fuar, easbaidheach. Ní bhíonn aca acht taidhbhse agus sgáile na
faoisdine. O, ná mealltar thú, a pheacthaigh! Ní sgriosann faoisdin mar so an peacadh, acht a mhéadughadh. Ní thairngeann grádh Dé orainn, acht a fhuath. Ní dhéanann ár síothcháin leis, acht a fhearg do mhéadughadh; ar an ádhbhar, do réir mar nach nglacann fear na bhfiach airgead fallsa nó drochairgead uainn mar dhíolaidheacht, mar an gcéadna, ní ghlacann Dia faoisdin fhuar, fhallsa, bhréagach uainn mar éiric in-ár bpeacaidhibh: maledictus qui facit opus Domini fraudulenter. - “Is malluighthe an té do-ghní oibreacha an Tighearna go mainneachtnach”. Maiseadh, nach faoisdin bhréige do-ghní an té atá tugtha d'ól agus do mheisge, do bhréagaibh agus do mhionnaíbh móra; do-ghní míle smuaineamh ndrúiseamhail salach agus nach stopann ón-a gcur i ngníomh; nach stopann a lámh ó ghlacaireacht thruaillighthe, ná a bhéal ó phógaibh mailíseacha ná ó bhriathraibh malluighthe baotha barbardha; nach dtig smuaineamh in'intinn acht ar an saoghal; atá díorraisg, feargach, díoghaltach. Tar éis beathadh mí-riaghalta do'n tshórt so, tar éis a bheith bliadhain, b'fhéidir, agus a thuilleadh gan faoisdin, an féidir leis an bhfear so i nóimeant nó dhó, sgrúdadh coinsiais do dhéanamh, na mór-pheacaidhe seo do chuimsiughadh ná a gcur in-órdughadh, ionnas go mb'fhéidir leis a gur síos dá oide faoisdine? O, ní féidir; acht muna nglacfaidh sé aimsir áirithe chum a choinsias do chuardach, ní dhéanann sé faoisdin acht faoisdin lochtach bhíos gan bhrígh, gan toradh, gan tairbhe: maledictus qui facit, etc.
An té do-ghní faoisdin mhinic, choingbhuigheas gárda ar a chéadfadhaibh, sgrúdas a choinsias gach oidhche ionnas go ndéanfadh aithrighe i ngach olc do-rigne an lá sin, bíonn, 'n-a dhiaidh seo agus uile, crith cos agus lámh air, ag dul ar a choinsias ar eagla nach nglanfaidhe é i gceart. Maise, goidé éireóchas do'n té leigeas srian len-a ainmhianta, nach stopann ó ach olc, nach gcuimhnigheann ar a pheacaidhibh nó go dtig an nóimeant úd 'n-a dtéidh sé chum faoisdine? O! tá, go gcuireann sé síos go minic ar nídh nach ndéanann sé, agus nach gcuimhnigheann ar leath a ndéanann sé. Ní léir dhó na móir-shléibhte úd atá ar a choinsias. Bíonn sé mar na daill an tSoisgéil ag súil le cabhair le linn corraighe an uisge, acht is é gheibh sé go minic i dtobar na ngrás, a dhamnughadh go síorraidhe jacebat multitudo ... caecorum ... expectantium aquae motum. - “Bhí timcheall an tobair seo uimhir .. do dhallaibh ... ag súil le corraighe an uisge”. Cuir coiste 'n-a shuidhe ar do choinsias, adeir an Dochtúir naomhtha, San Aibhistín; ná fág clúid ná coirnéal de gan chuartughadh, ní go fuar ná go fallsa, ní go spadánta ná go neamh-shuimeamhail: ascende tribunal mentis tuae. Dearc ar gach droch-smuaineamh do-rigne do chroidhe, ar gach droch-fhocal adubhairt do theanga, ar gach droich-ghníomh do-righne tú in-aghaidh Dé nó do chomhursan. Tar éis a n-áireamh agus á gcur in-órdughadh, sgéith iad ag bara na faoisdine; ná ceil éin-pheacadh aca tré náire ná tré mhailís, nó, ma ghnír, ní bheidh brígh id' fhaoisdin, acht is eadh mhéadóchas tú do pheacaidh do réir mar thairgfear mé 'san dara puinnte. II. Is eadh as faoisdin ann, a chríostaidhe, casaoid
do-ghní an peacthach air féin le Dia, i bpearsain an tshagairt, agá mbíonn cumhachta absolóid nó párdún do thabhairt dó in-a choirthibh. Maiseadh, má's casaoid í as cóir do dhéanamh le sagart agá mbéidh cumhachta faoisdin d'éisteacht, goidé do-bheir sinn dá déanamh go minic le ruagaire reatha, le sean-bhuachaillí agus le deóraidhthe nó strainnséirí? Dá mbéadh lot nó tinneas marbhthach ar do cholainn, ní hé an liaigh as measa do thoighfeá chum do leigheas; agus toghann tú an liaigh as táir agus as measa chum cneadha díoghbhálacha t'anma do leigheas, agus nach móide go mbíonn ughdarthás ná cumhachta ó'n Eaglais aige absolóid do thabhairt duit. Do-bheir tú le tuigsin leis seo, gurab annsa leat do cholann 'ná an péarla uasal, t'anam, agus go bhfuil tú neamhshuimeamhail i do shlánughadh. Má's gearán an fhaoisdin do-ghnímid orainn féin, goidé do-bheir sinn, in-áit casaoide, ag gabháil ar leithsgéil? Goidé do-bheir sinn ag cur clóca agus atharrach datha ar ár bpeacaidhibh? Cad as nach nochtamuid créachta ár gcroidhe do liaigh ár n-anma, má tá súil againn leigheas d'fhaghbháil uaidh? chífidh tú an iomad bhíos mí-riaghalta lochtach, nach mbíonn le hadmháil aca nuair thig siad chum faoisdine acht neithe éadtroma suaracha; agus má chreideann tú a sgéal féin, ní hiad as cionntach 'san olc do-rigneadh, acht fágbhaid go formhór a throm ar dhuine éigin eile. Má bheir siad mionna móra, ní raibh ann acht le linn lasáin nó feirge, agus is iad an chlann nó an chomhursa do bhain asta iad. Má bhíonn siad a bhfad i dtigh an o.il, ní mar gheall ar an digh, acht i ngeall ar an gcuideachtain d'éirigh sin dóibh. Má chuir siad bréag ar an gcomhursain in-a chlú nó in-a mhaoin, ní raibh sé acht éadtrom. An ní céadna d'éirigh do na bacaighibh úd
dobhí ag súil le leigheas le taobh tobair Ierúsalem agus nach bhfuair é, éireóchaidh do'n droing seo thig le faoisdin bhacaigh go bara na Tríonóide, thigh chum faoisdine gan ullmhughadh gan strúdadh do dhéanamh orra féin. Má thigh leó, leis na leithsgéala cama so, clóca do chur ar shúilibh an tshagairt, ní fhéadfaid a chur ar shúilibh an Aird-bhreithimh, do-chí, ní hé amháin an droichghníomh, acht fós an smuaineamh as uaignighe agus as seicréidighe bhíos 'n-a gcroidhthibh: jacebat multitudo magna ... claudorum ... espectantium aquae motum. “Dobhí annso uimhir mhór ... do bhacaighibh ... ag súil le corrughadh an uisge”. Is gnáth leis an mac-tíre nuair théid sé fá'n tréad, breith ar sgornaigh ar an gcaoirigh agus an teanga do ghearradh aisti gan mhoill, ar eagla go ndéanfadh sí méileach nó tormán do mhúisgeóladh an tréadaidhe, do-bhéarfadh cabhair dhi. Mar an gcéadna, do-ghní an mac-tíre gan trócaire .i. an diabhal, leis an iomad, agus go speisialta le daoine óga claon-náireacha , ag dul dóibh chum faoisdine. Ar eagla go múisgeóladh siad tréadaidhe an anma, Críost, len-a ndeóra nó len-a n-osnaidhe, do-bheir sé ar sgórnaigh orra. Cuireann glas ar a dteangthaibh, ar mhodh nach nochtaid a gcroidhthe. Ceilid locht a anma. Do-ghníd bréag le Dia, agus ní le duine; má tá nach ndéanann Dia sompla follas díobh ar an mball, ag faghbháil bháis obainn mar fuair Ananias agus Saphíra do chionn gur cheil siad cuid do luach an fhearainn do bhronn siad ar na hEasbolaibh, do-gheibh siad, ar a shon sin, bás ar measa míle uair, mar atá a ndamnughadh go síorraidhe. Dia linn, a ghrádh! Ní héan-bhuntáiste amháin ghlacas an mac-tíre malluighthe seo ar an duine, acht an iomad. An náire badh
chóir dhó do bheith air, fá ghníomh ghlonnmhar, ghráineamhail, shalach mar an peacadh do dhéanamh, goideann sé uaidh í. Acht chomh luath is do-ghní sé an peacadh agus gur mian leis a innsin do'n tshagart, do-bheir sé ar ais an náire dhó go dúbalta; ar mhodh, an peacthach so do-rigne an droich- ghníomh gan náire, gan cathughadh, nuair as éisean a admháil ní leigeann an náire dhó a innsin do'n liaigh, agus gan an leigheas i ndán dó gan a innsin: quod ignorat medicina, non sanat. - “An ní nach feas do'n liaigh, ní leigheasann é”. O! a pheacthaigh bhoicht, fosgail do shúile agus seachain líonta an spioraid mhalluighthe seo. Sgéith nimh an pheacaidh as do chroidhe gan mhoill, nó bhéarfaidh sé bás dod' anam. Nocht go fosgailte, gan fuigheall, gan leithsgéal, cneadha th'anma; acht nocht iad le croidhebhrughadh agus tuirse, nó béid gan leigheas, do réir mar thairgfeas mé 'san treas phoinnte. III. An té lér mhian íodhbairt do dhéanamh do'n Tighearna 'san tSean-reacht, do réir mar léighmid i Leabhar Leuiticus, do bhaineadh an croiceann do mhart nó do bhulán, do nigheadh an fheóil go glan le h-uisge, agus tar éis a gearradh 'n-a mion-spólaíbh, do chuireadh ar altóir í, do chuireadh an sagart a lámha os a cionn, do chuireadh teine fúithe agus do loisgfidhe í. Do-ghníodh íodhbairt do'n tshórt so síothcháin an phobuil le Dia, do ró-mhaoladh a fhearg agus do thionntuigheadh gach sgiúrsa uatha: ponetque manum super caput hostiae, et acceptabilis erit, atque in expiationem ejus proficiens. Mar an gcéadna, gach peacthach lér mian a shíothcháin do dhéanamh le Dia, déanadh sé íodhbairt dá anam ar altóir na faoisdine; acht sgriosadh sé dhi ar dtúis an sgamal salach, agus sean-chroiceann seargtha an pheacaidh.
Nigheadh sé í go glan le trom-dheóra na haithrighe. Déanadh sé mion-spólaí dhi le croidhe-bhrughadh agus dólás intinne fá fheirg do chur ar Dhia, agus ag éirghe nó ag tógbháil a láimhe do'n tshagart os a chinn, ag rádh na mbriathar so: Ego te absolvo, etc. “Maithim dhuit,” etc., - déanfaidh an tAthair síorraidhe síothcháin leis, saorfaidh é ó'n mór-dhíoghaltas dobhí 'n-a chionn, múchfaidh na boirb-theinte úd ifrinn dobhí ar lasadh fá n-a chomhair, adhanfaidh teine na ngrás in-a chroidhe, déanfaidh sé a anam do bhí chomh salach dubh glonnmhar leis an diabhal, chomh lonnrach, chomh deallrach agus chomh geal le haingeal: acceptabilis erit, atque in expiationem ejus proficiens. Is féidir leis an dólás so atá riachtanach ag an bhfaoisdin, do bheith ag an duine ar dhá mhodh. An céad mhodh dhíobh: nuair thaisbeánas a thuirse agus a dhubrón ar an dtaobh amuigh len-a dhéora agus len'osnaidhe. An dara modh: nuair ghoilleas air ó chroidhe an peacadh do dhéanamh, ar son nach dtaisbeánann é ar an dtaobh amuigh. Tá an céad dólás díobh so ion-mholta agus ró-thairbheach, acht níl sé riachtanach, do bhrígh nach é gach n-aon len-a dtig a dheóir do shileadh nuair badh mhian leis; acht tá an dara modh, 's é sin, dólás an chroidhe, chomh riachtanach sin i Sacramaint na Faoisdine, ar mhodh, muna raibh dólás agus tuirse an chroidhe 'n-a haice, nach faoisdin í acht faoisdin mhagaidh, faoisdin gan bhrígh, gan toradh: doleat et ingemiscat peccator, necesse est. Uch! a cháirde, goidé a laighead agaibh thig ar an uair seo chum na faoisdine le dólás ceart? Goidé mhéad agaibh do-ghní aithris ar lucht phairilise an tobair úd Ierúsalem, agus thig ar bhur gcunntas le croidhe críon ró-thirim - aridourum? Goidé mhéad agaibh théid chum
faoisdine gan athmhaoltas, gan faitcheas, gan criothnughadh, acht mar do bhéadh sibh ag dul i gceann bhur ngnóthaidhe saoghalta? Measann sibh gur leór dhaoibh bhur bpeacaidhe do chur síos ar sgáth dólása nó tuirse croidhe. Ní bhíonn a leithéid do chúis ann, ní as furas 'aithint ar olcas do-ghní sibh bhur mbeatha do leasughadh tar éis faoisdine, agus ar éasgaidheacht is thuiteas sibh ins na coirthe céadna in-a raibh cionntach roimhe. Nach bhfeicimid go laetheamhail lucht na mionna mór chomh tugtha chum an pheacaidh seo, agus do ghnáth tar éis faoisdine, is dobhíodar riamh roimhe sin? Nach bhfeicimid lucht na drúise chomh claon chum an pheacaidh seo i ndiaidh faoisdine is dobhíodar riamh roimhe sin? Nach bhfeicimid lucht na mealltóireachta agus na gadaidheachta chomh leigthe chum cuid na comhursan tar éis faoisdine is bhí stad riamh roimhe? Goidé as ciall dó so, a cháirde? O! tá easbaidh dóláis do bheith orra ó chroidhe. Dá mbéadh fuath díreach aca ar an bpeacadh do réir mar órduigheas an aithrighe fhírinneach, níor bhaoghal dóibh tuitim ann chomh luath so. Acht goidé éireóchas do'n mhuinntir seo do-bheir easonóir do'n fhaoisdin, ag dul ar sheilbh a déanta gan ullmhughadh, gan tuirse croidhe, gan dólás? Nó goidé éireóchas do'n mhuinntir seo gheallas go minic do Dhia le linn faoisdine, cúl do thabhairt do'n pheacadh agus a mbeatha go leasughadh? O ! tá, an tSacramaint seo d'órduigh Críost chum bheith 'n-a híoc-shláinte ag an anama, go n-ionntuigheann sí chum bheith 'n-a nimh mharbhthaigh aici. Do-ghní Dia foighde leó, mar adeir an Fáidh Ríoghamhal, ar feadh tamaill, acht do-bheir sé iad chum cunntais fá dheireadh: inimici Domini mentiti sunt ei, et erit tempus eorum in saecula. Amhail is mar adéaradh sé: “An
mhuinntear so do-ghní bréaga liom-sa anois, agus gheallas a mbeatha do leasughadh agus nach ndéanann é, éistfidh mise leó ar feadh tamaill: leigfidh mé ar a n-aghaidh iad ins an olc; acht tiocfaidh an t-am in-a gcuirfidh mé iad in-a bpríosún duaibhseach dhorca dhoimhin mar nach mbéidh do chuideachtain aca acht diabhail agus deamhain; nach gcluinfidh a gcluasa acht mallachta agus dia-mhasladh; nach mbéidh do bhiadh aca acht teine, ruibh agus nathracha nimhe; nach mbéidh do dhigh aca acht domblas, gafann agus gach ní da sheirbhe; mar a mbéidh teinte dá losgadh, teanachra dá stracadh, diabhail dá súistriughadh, nathracha nimhe dá n-ithe, agus sin uile gan fóirithin, gan furtacht chomh fada is bhéas Dia ag caitheamh na glóire: in ignem aeternum. O! a chríostaidhe, ar a raibh do mhío-fhortún tuitim i lubhra an pheacaidh, ná codail ar chneadhaibh t'anma. Imthigh gan mhoill go tobar na ngrás .i. an fhaoisdin, mar a bhfaighidh tú íoc-shláinte in-aghaidh gach lubhra agus gach luit do-rigne an peacadh ar t'anam. Ná habair mar an duine mbocht úd an tSoisgéil, nach bhfuil duine agat do chuirfeadh ins an tobar thú: hominem non habeo. So Íosa Críost i gcrann na Croise, agus a lámha sínte amach fád' chomhair chum do ghlacadh chomh luath is thionntochas air: sumat crucem. So aingeal Dé, .i. an Eaglais, réidh chum an uisge do chorrughadh fád' chomhair. Tar, mar sin, le dóchas agus le misneach, acht tar le dólás agus le tuirse croidhe. Admhuigh do pheacaidhe gan leithsgéal, gan fuigheall, agus gheóbhaidh tú ó Dia leigheas na ngrás ins an tshaoghal so agus an ghlóire shíorraidhe ins an tshaoghal eile. Amen.
SEANMOIR A TRI-DEAG. AR AN gCEATHRAMHADH hAITHNE. Tabhair dod' athair agus dod' mháthair onóir, ionnas go mbadh fad-shaoghalach thú ar thalamh. - (Ecsod. xx.12). A aithreacha agus a mháithreacha - Ná bíodh iongnadh oraibh má labhraim libh go dian ins an chomhrádh so, do bhrígh go dtig sonas nó donas dúithchi go léir as an tabhairt suas maith, nó as an droch-oileamhain, len-a riaruigheann sibh agus len-a gceapann sibh bhur gclann i dtúis a n-óige. Fá mar órduigh Dia do'n chloinn grádh agus géilleadh, urraim agus onóir, cabhair agus congnamh do thabhairt dá n-aithreachaibh agus dá máithreachaibh, agus a réir do dhéanamh ins gach nídh bhaineas le réasún agus le dligheadh Dé; mar an gcéadna, d'órduigh do na haithreachaibh agus do na máithreachaibh cion agus grádh do thabhairt dá gcloinn, agus iad do thabhairt suas do réir a n-acfuinne ins an uile nídh as riachtanach i dtaobh sláinte cuirp agus anma; agus is iad an dá oibliogáid réamhráidhte sin, dodhéanfaidh dá roinn do'n chomhrádh so. I. Léighmíd 'san ochtmhadh caib. déag do Ghenesis na bréithre adeir Dia le hAbram: Num celare potero Abraham quae gesturus sum: cum futurus sit in gentem magnam ac robustissimam, et benedicendae sint in illo omnes nationes terrae. Scio enim quod praecepturus
sit filiis suis, et domnui sae post se, ut costodiant viam Domini, et faciant judicium et justitiam. Féachaidh, a chríostaidhthe, gur mór an luach saothair do gheallas Dia d'Abram ar son a chur d'fhiachaibh ar a chloinn agus ar a mhuinntir, aitheanta agus dligheadh Dé do choimhéad. Geallann dó go mbéidh a shliocht tar 'éis go líonmhar cumasach, agus go mbéidh rath orra ar fuaid náisiún an domhain. Cuirfidh Dia, mar an gcéadna, rath oraibh-se agus ar bhur sliocht, má's áil libh bhur gclann do thabhairt suas i ngrádh agus in-eagla Dé, mar do-rigne Abram. Léightear 'san leabhar soin Ecclesiasticus, pasáiste breagh ar an nídh gcéadna: Fillii tibi sunt? erudi illos, et curva illos a pueritia illorum. “Má tá clann gaibh, teagasgaidh iad agus cromaidh a gceann i dtúis a n-óige”. Et vos, patres, nolite ad iracundiam provocare filos vestris, sed educate illos in disciplina et correptione Domini. “Sibh-se, a aithreacha agus a mháithreacha, tugaidh deigh-eólas dá bhur gcloinn, agus smachtuighidh iad”: is é a chiall sin, tugaidh suas bhur gclann in-eólas, i ngrádh, in-eagla, agus i seirbís Dé. Tá pasáiste breágh eile 'san seiseadh caib. déag d'Ecclesiasticus: Melior est enim unus timens Deum quam mille filii impii, et utile est mori sine filiis quam relinquere filios impios. - “Is fearr éan-mhac amháin ar a mbéadh eagla Dé 'ná míle droch-mhac; agus is fearr do neach bás d'fhaghbháil gan cloinn 'ná droch-chlann d'fhágbháil tar 'éis.” Qui diligit filium suum, assiduat illi flagella ... Qui docet filium suum, laudabitur in illo, et in medio domesticorum in illo gloriabitur. - “An té ghrádhuigheas a mhac, smachtuigheann sé go fríochnamhail é ... An té theagasgas a mhac, molfar é, agus béidh mórdháil air i measg a mhuinntire”. Ar an ádhbhar sin, is é cúraim as prionnsapálta as
cóir do na haithreachaibh agus do na máithreachaibh do bheith orra, subhailcí agus soi-ghníomhartha agus soibhéasa do mhúnadh dá gcloinn. Deir Tobias len-a mhac 'san gceathramhaidh caib. Multa bona havebimus si timuerimus Deum et recesserimus ab omni peccato et fecerimus bene. - “Béidh ár ndóthain maoin saoghalta againn, má bhíonn eagla Dé orainn, agus má ghnímíd na peacaidhe do sheachnadh agus na deagh-oibreacha do chomhlíonadh.” Ní fuláir dá réir sin, adeir San Basilus, na leinbh do cheapadh agus do cheartughadh i dtúis a n-óige. An feadh bhíos an chéir bog, is féidir clódh duine nó aingil nó diabhail do chur uirri. An crann óg, is féidir é chúbadh, é do chromadh agus d'iompodh cibé taobh 'n-ar maith leat; gidheadh, má fhanann tú go mbéidh an crann mór, láidir, ní féidir feacadh ar bith do bhaint as: adolescens juxta viam suam; etiam cum senuerit non recedet ab ea; nó, mar adeir an sean-fhocal 'san bhFrainncis: ce qu'on apprend au ber, on retient jusqu'au ver, .i. an ní tóighthear 'san óige, fanann go heisléine. Mo thruagh sin! is cruaidh an cunntas bhainfidh Dia do na haithreachaibh agus do na máithreachaibh do mhúineas dá gcloinn easgaine agus anghuidhe agus cainnt an diabhal. Dob'fhearr dhóibh na teangtha do ghearradh as a mbéalaibh amach, agus bheith balbh, ná dul go hifrionn dá ndeasgaibh. Níl éan-náisiún 'sa chríostaidheacht as mó atá tugtha do chainntibh ghránda dhiablaidhe 'ná an t-oileán bocht so na hEireann. Go n-oibrighidh Dia in-a gcroidhthibh iad do sheachaint agus do thréigean as so suas! A aithreacha agus a mháithreacha, oraibh-se d'aigeóraidh Dia go cruaidh gach éin-pheacadh dhéanfas bhur gclann an feadh bhéidh fá n-bhur smacht. Is cruaidh an cunntas do bainfear dhíbh, muna gcuirfidh sibh grádh agus eagla Dé in-a
gcroidhthibh. Tá d'ualach oraibh-se Paidir agus Cré, Aitheanta Dé agus na hEaglaise, puinnc agus airteagail a gcreidimh do mhúnadh nó do chur dá múnadh dhóibh, agus a chur fá deara orra a gcoimhlíonadh, ar an ádhbhar ná fuil sábháil 'n-a gcionn 'n-a n-éagmhais siúd. Ar an ádhbhar sin, tá sé ceangailte oraibh bhur gclann do chur ar sgoil chum aitheanta Dé agus riaghlacha a gcreidimh do mhúnadh agus do theagasg dóibh. Nach mór an bharbardhacht do'n athair ná do'n óglách bhíos ag gearán i dtaobh sé pingne 'san mí do dhíol a sgolaidheacht a mhic, agus ná déanfadh an fear céadna suim ná dócamhal ar bith, tuistiún do thabhairt ar phota boisinne nó leith-réal ar cheathramhain manglaim 'san tsheachtmhain, chum sásuighthe na colna ainmhianaighe? Tar éis sgríobhadh agus léigheamh dhóibh, cuiridh le céird éigin a mbeathadh iad. Ní náireach do dhuine dá fheabhas é, bheith 'n-a tháilliúir, in'úcaire, nó in'fhigheadóir, nó céird éigin eile do bheith aige; gidheadh, is náireach dhó bheith 'n-a chladhaire, 'n-a dhéirceóir, nó 'n-a bhitheamhnach. Ní fhuil ní 'sa domhan as mó bhoichtnigheas na hEireannaigh agus do-ghní déireacháin díobh 'ná easbaidh céirde a mbeathadh. I náisiúnaibh eile, dá mb'fhiú míle púnt an páirtidhe 'san mbliadhain, ní scorn ná náire leó céird a mbeathadh, mar atá figheadóireacht nó gréasaidheacht nó gaibhneacht, do mhúnadh dá gcloinn, ar an ádhbhar atá a fhios aca, dá chruadhacht do cuirfear chuige iad, go mbainfid beatha as a sláinte mar gheal ar an gcéird; gidheadh, eadrainne, na hEireannaigh, roimh an aimsir seo, dobhí an oiread sin do thubaist, d'anuabhar agus d'uireasbaidh céille orainn, gur mhór an náire le mac sgolóige nó díolmhanaigh, ní airmhim fear stáit nó tighearnais, a gclann do chur le ceannaidheacht nó le céird éigin eile ar bith do na céardaibh réamh-ráidhte. Créad
d'imthigheas orra 'n-a dhiaidh sin, nuair théid siad chum bochtaineachta? Imthighidh 'n-a mbitheamhnachaibh agus 'n-a mbuachaillíbh díomhaoine, agus tigid 'n-a dhiaidh sin chum na croiche. Bhíodh sibh-se níos gasda 'ná bhur sinnsir. Múinidh céird a mbeathadh dá bhur gcloinn. Bainidh an díomhaoineas as a gcnámhaibh. Ceapaidh agus ceartuighidh iad, i bhfíor-thosach a n-óige, chum duaidh agus saothair, agus chum beatha do tharrang go macánta mar gheall ar a sláinte. Ná tugaid droichchleachtadh ná droch-shompla dhóibh, óir gach ní chífid agaibh-se dhá dhéanamh, agus chluinfid agaibh dá labhairt, foghlamuid na neithe céadna agus do-ghníd aithris orra. Smachtuighidh iad, mar an gcéadna. Ní bhíonn an rath acht mar a mbíonn an smacht. Qui parcit virgam, natum non diligit ille, mar adeir an file Laidine: “an té spárálas an sgiúirse, ní hionmhain leis an leanbh.” Deir San Criosostom, na haithreacha agus na máithreacha ná smachtuighean a gclann mar as cóir, gur measa iad 'ná murduiréirí .i. fionghalaigh, do bhrígh, na fionghalaigh ná déanaid acht an t-anam do sgaramhain leis an gcorp, gé go dtig, do dheasgaibh faillighe na n-aithreach agus na máithreach, go gcaillid a gclann a gcorp agus a n-anam, agus go ndóightear i dteintibh síorraidhe Ifrinn iad. Créad an léigheas atá air seo? Éist leis an Eagnaidheach 'san Sgrioptúir mar a n-abair: Tu virga percuties eum; et animam ejus de inferno liberabis, .i. “gaibh-se do sgiúirsíbh air, agus saorfaidh tú a anam ar ifrionn agus ó dhamaint shíorraidhe” (Seanráidhte xxxiii.14). Tá stair uathbhásach 'san Sgrioptúir 'san treas caibidil agus 'san gceathramhadh caib, do'n chéad leabhar do leabhraibh na Righthe ar Heli, an t-áird-chléireach, ar shon go raibh sé féin 'n-a dhuine naomhtha, dobhíodar a chlann
tugtha do chraos agus do dhrúis, agus dar leat thug seisean faillighe ionnta. Créad d'imthigh air? Do dalladh an duine maith. Do chaill sé a radharc. Do marbhadh deich míle fichead dá mhuinntir in-éan-ló amháin air. Do ghabhadar a náimhde é. Ophni agus Phinís dob'ainm dá dhís mhac. Do marbhadh in-éan-ló iad. Nuair chualaidh sé féin na sgéalta sin, do thuit thairis siar, agus do briseadh a mhuinéal. Bean a mhic, rug sí clann mharbh, agus fuair sí bás mar an gcéadna. O! a Dhia uile-chumhachtaigh, créad an treilis mhíofhoirtiúin seo thig a holc agus a hearráid na cloinne, agus as an bhfaillighe thug a n-athair iad so smachtughadh! Cuireann San Béarnárd síos a leithéid eile d'eachtra an droch-mhac dobhí ag dul dá chrochadh. Do ghlaodhuigh sé a athair chuige, agus adubhairt go raibh sgéal príomháideach aige le n'innsint dó; agus iar ndruidim a bhéil len-a chluais do, do ghearr an chluas amach ó'n gceann len-a fhiaclaibh dhe. “Bíodh sin agat, a mhalluightheóir,” ar sé; “dá smachtuightheá mise an tan bhíos óg, ní thiocfainn chum na críche seo indiu.” O! a aithreacha agus a mháithreacha, bíodh cuimhne agaibh ar na somplaíbh seo, agus innsidh dá bhur gcloinn iad. II. Ins an dara roinn do'n chomhrádh so, labharfamuid as an úsáid agus ar an iomchur as cóir do'n chloinn do thabhairt dá n-aithreachaibh agus dá máithreachaibh. Honora patrem tuum et matrem tuam, ut sis longaevus super terram, .i. “onóruigh t'athair agus do mháthair chum go mbéadh saoghal fada agat.” Cuireann an aithne trí oibliogáidí ar an gcloinn. An chéad oibliogáid .i. grádh, onóir agus urraim do thabhairt dá n-aithreachaibh agus dá máithreachaibh. An dara oibliogáid, a dtoil agus a réir do dhéanamh 'san uile nídh bhaineas le réasún agus le dligheadh Dé. An treas oibliogáid, cabhair agus congnamh
do thabhairt dóibh in-a riachtanas. Táid na hoibliogáidí seo chomh ceangailte sin ar an gcloinn, go dtugann Dia a mhallacht dóibh, má ghníd bun-os-cionn nó contrárdha leó. Eistidh leis na briathraibh atá 'san Sgrioptúir ar an ngnó sin, ins an aonmhadh caib. fichead do Dheutoronomi: Si genuerit homo filium contumacem et protervum, qui non audiat patris aut matris imperium ...; apprehendent eum et ducent ad seniores civitatis illus et ad portam judicii, etc. Is é a chiall sin, má tá do chlann cinn-tréan neamh- urramamhail, ionnas nach áil leó do réir ná do thoil do dhéanamh, ceangail iad, agus beir iad do láthair ceann-urraid an bhaile, chum dorais cúirte an bhreitheamhnais, agus innis dóibh go bhfuil an té sin dod' chloinn easurramamhail mío-náireach, agus ná déanfadh do chomhairle, agus go bhfuil sé tugtha d'olc agus d'earráid. Annsin gaibhdís muinntear an bhaile go huile rúsgadh do chlochaibh air nó go mbainid an t-anam as. A chríostaidhthe croidhe, féachaidh créad é gréine an smachta agus uathbhásaighe an phionóis d'órduigh Dia féin do thabhairt do'n droch-chloinn. Adeir an Sgrioptúir in-áit eile: qui percusserit patrem suum aut matrem, morte moriatur, .i. “an té bhuaileas a athair ná a mháthair, cuiridh chum báis é” (Ecsod. xxi.15); agus 'san áit chéadna: qui maledixerit patri suo vel matri, morte mortiatur, .i. “an té labhras go holc len-a athair nó len-a mháthair, cuirthear chum báis é”. Adeir Solamh mac Dáibhí; oculum, qui subsannat patrem, et qui despicit partum matris suae, effodiant eum corbi de torrentibus, et comedant eum filii aquilae, .i. “an té do-bheir táir nó tarcaisne dá athair nó dá mháthair, go mbainid na fionnóga a shúile amach, go n-ithid fiolair
agus fiacha dubha an aeir a chonablach” (Seanráidhte xxx.17). Nach uathbhásadh na bréithre agus na breitheamhnais iad so go léir ag gluaiseacht a béal Dé uilechumhachtaigh! Ag so síos na cáis in-ar gnáthach leis an gcloinn peacadh marbhthach do dhéanamh. An té bhuaileas a athair nó a mháthair, do-ghní bagairt orra, dothugann easurraim dóibh, do chuireann fearg orra, d'órduigheann a mbás, muna mbeathuighidh iad an tan bhíos bocht, nó má théid ag cur orra do láthair an bhreithimh, nó má thugann tarcaisne dhóibh, - i n-eán-chás díobh so, do-ghní an chlann peacadh mór damanta marbhthach. Agus is é réasún atá leis seo, gur mór an díombuidheachas agus an neamh-mhothughadh, gan coimhéad, gan cuimhne do bheith ar an muinntir fá bhun Dé thug ar an saoghal thú, agus fuair mórán dod' chúram dod' chothughadh agus dod' bheathughadh nuair bhís óg. Dá réir sin, bhí siúrálta gur mór an sonas agus an séan saoghalta dhuit maireachtain chum chumais do bheith agat comaoine agus cúiteach (dá mhéad fhéadfair) do thabhairt dod' athair agus dod' mháthair, agus gur dóichíde rath Dé agus an tshaoghal do bheith ort; agus má thuilleann tú a mallacht, ná béidh fos ná fóghnamh ort go bráth. Bíodh a fhinnéidh sin ar Cham mac Naoi, do mhalluigh a athair i dtaobh bheith ag magadh faoi. Bíodh a fhinnéidh, mar an gcéadna, ar Absalom, dár crochadh a crann é len-a ghruaig féin, agus 'gár cuireadh trí saighde do ghai trén-a chroidhe i dtaobh éirghe i reibilliontacht nó i méirleachas in-aghaidh a athar féin, Dáith Rí, fá mar léightear 'san dara leabhar do leabhraibh na Righthe.
Cuireann Ualerius Macsimus agus Plinius somplaí breaghtha síos ar dhís óg-bhan dár daoradh a n-athair agus a máthair chum báis d'fhaghbháil do ghorta i bpríosún. Dothéidhidís an dís óg-bhan gach éan-lá do'n phríosún; agus ó ná leigfidhe éan-tshórt bídh ná dighe isteach leó, is é seift do-ghnídís, a mbainne cíche do thabhairt dá n-athair agus dá máthair a gan-fhios. Dobhíodar mar sin dá mbeathughadh a bhfad d'aimsir, gur fríth amach fá dheireadh é, agus, dá dhruim sin, go rugadh do láthair an uachtaráin iad. Agus is é breitheamhnas rugadh orra, an lánamha chríonna do shaoradh agus a n-anam do thabhairt dóibh, agus suim áirithe airgid do ghearradh ar an mbaile in-aghaidh na bliadhna mar luach saothair do'n dís óg-bhan i dtaobh a gciníl agus a gcarthannachta dá n-athair agus dá máthair. Féachaidh, a cháirde ghrádhacha, an foirtiún saoghalta sin féin do-bheir Dia do'n deagh-chloinn! Tráchtann Stair na Seapáine ins an 25adh leabhar, caibidil a hocht, go rabhadar triúr dearbhráthar ann, 'sa mbliadhain 1604, dobhí lán do chinéal agus do charthannacht dá máthair. Thángadar chum bheith bocht uireasbach, ar mhodh nach raibh ar a gcumas dóibh congnamh ar bith do thabhairt dá máthair. Um an am sin, do chuir rí na dúithche sin fógra amach, go dtiubhradh suim mhór airgid do'n té bhéarfadh fear gearrtha sparán chuige, ar an ádhbhar ba chúis bháis ins an dúthaigh sin é. Imthigheann an fear dob'óige do'n triúr dearbhráthar, agus do leig sé air go mb'fhear gearrtha sparán é fein, agus thug sé cead do'n dís eile breith air agus é do bhreith ceangailte leó do láthair an uachtaráin, agus cur air. Tar éis sin do dhéanamh dhóibh, fuaradar suim áirithe airgid ar son a saothair; gidheadh, ar n-imtheacht dóibh níorbh'fhéidir leó gan bheith ag gol. Nuair chonnairc an breitheamh sin, adubhairt sé len-a sheirbhíseachaibh iad do leanmhain go
príomháideach, agus aire do thabhairt créad adéarfaidís. Do leanadh amhlaidh sin iad gus an áit a raibh a máthair. Nuair chualaidh an bhean chríonna turas an mhic dob'óige, do bhuail sí ar chaoi agus ar ghol go truaighmhéileach, dá rádh gurbh'usa léi fein bás d'fhaghbháil 'na a mac do chur 'san gcás sin chum beatha d'fhaghbháil di féin. Ráinig an sgéal sin chum an bhreithimh, ba rí ar an tír sin. Thug sé cúig céad déag coróin d'ór do'n ógánach dochuaidh i gcontabhairt ar son a mháthar, agus thug céad coróin do'n dís eile. Fiafruighim díbh, a chríostaidhthe, nárbh'é an mac úd corp an chiníl? arbh'fhéidir dhó díogras ba mhó do thaisbeánadh dá mháthair 'ná é féin do thabhairt suas chum báis ar a son? Féachaidh, mar an gcéadna, cionnas mar do chúitigh Dia leis a dheigh-ghníomhartha! Ní fhuil éinneach annso do láthair, ná ar fuaid an domhain, ná fuil, do réir dlighidh Dé, d'fhiachaibh air gach éan-tshórt urrama agus onóra, cabhrach agus conganta, ceana agus ciníl, do thabhairt dá athair agus dá mháthair. Má táid d'éis bháis féin, ní lúghaide atá sé d'fhiachaibh ar gach éan-chríostaidhe maith agus maoin do dhéanamh dhóibh. Cionnas? Le trosgadh, le déirc, le hurnaighthe, agus le hAifrinn do chur dá rádh ar a n-anamnaibh. Má fhiafruigheann fear earráide nó magaidh, créad é an maitheas as féidir e hAifreann ná le hOrd Mairbh do dhéanamh do na daoinibh atá tar éis bháis le cian do bhliadhnaibh, m'fhreagradh air, gurab é creideamh na gcataoiliceach Rómhánach ar fuaid an domhain le tuilleadh agus seacht gcéad déag bliadhan, gach deagh-obair agus gach deigh-ghníomh do-ghní an críostaidhe ar an saoghal so ar son na marbh, go dtéid chum sochair agus chum so-mhaoine do na hanmannaibh fíréanda ins an tshaoghal eile. Dá bhrígh sin, cuiridh Uird agus Aifrinn dá rádh ar
amannaibh bhur marbh, agus go speisialta ar anamnaibh bhur n-aithreach agus bhur máithreach. Bídís an chlann lán d'urraim, d'onóir agus d'umhlacht, do chion agus do ghrádh dá n-aithreachaibh agus dá máithreachaibh. Tugaidís na haithreacha agus na máithreacha a gclann suas i ngrádh agus in-eagla, chum grása agus greann Dé 'fhaghbháil ar an saoghal so, agus an bheatha shíorraidhe ar an saoghal eile - an ní iarraim-se dhaoibh-se go léir agus dam féin - InAinm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.
SEANMOIR A CEATHAIR-DEAG. BEATHA, PÁIS AGUS BÁS ÁR SLÁNUIGHTHEÓRA ÍOSA CHRIOST. Arn-a fheicsin do'n Tríonóid ró-naomhtha, éan-Dia uile-chumhachtach, go dtuitfead an cineadh daonda ó'n staid ró-chonáigh in-ar cruthuigheadh iad, i truaghántacht neimh-chríochnuighthe in-ar chailleadar dearlaicthe Dé tré bhriseadh na haithne, agus, do'n leath eile, teangbhail i bpeacadh, i mbás agus i ndamnughadh síorraidhe, agus nárbh'fhéidir aisiog na céad-staide do thabhairt do'n chineadh daonda tré ghniomh ná tré shubhailce duine 'san mbioth, nó aingil, nó glain-chréatura eile, do bhreithnigh an tAthair uile-chumhachtach, dá mhaith diadha féin, Mac Dé, an Dara Pearsa do'n Tríonóid ró-naomhtha, do ghabháil nádúir daonda uime, ionnas, iar mbeith 'n-a dhuine dhó, go ndíolfadh fuasgladh an duine len-a bhás 'san gCrois, agus mar sin, ní headh amháin do dhío-chur an pheacaidh ar an domhan, acht, mar an gcéadna, do bhreith na bhfíréan gus an mbeathaidh mharthannaigh gus ar chruthuigheadh iad ar dtúis, gach n-aon díobh len-a dtáithtear go cneasta an leigheas luachmhar soin a pháise. Do chuir an t-Athair uile-chumhachtach an t-aingeal Gábriel gus an maighdin ró-ghlain, Muire, do bheannughadh dhi, ag rádh: “Dia do bheatha, a Mhuire, atá lán do ghrásaibh; atá an Tighearna maille leat, ataoi beannuighthe idir mhnáibh”. Do meidhreadh an ógh
ró-umhal trés an aitheasg soin, agá mheas aici féin créad dob'fháth do'n bheannachadh so, óir ní lúgha len-a raibh a súil, 'ná í féin do chlos iarn-a moladh chomh mór sin. “Ní heagal duit, a Mhuire” ars' an t-aingeal, “óir fuair tú grása do thaoibh Dé. Féach, geinfir agus béarfaidh tú mac, agus do-bhéarfaidh tú Íosa d'ainm air” (Lúcás i.30,31). D'fhiafruigh sisi, cionnas, nó créad an modh in-a ndéanfaidhe sin, “óir ní fhuil fios fir agam,” iar dtabhairt móide dhi roimhe sin a hóghacht shíorraidhe 'choimhéad. d'fhreagair an t-aingeal, ag rádh: “Tiocfaidh an Spiorad Naomh. Díonfaidh cumhachta an tí as ró-aoirde thú. Dá bhrígh sin, an tí geinfear go ró-naomhtha, budh Mac Dé bhéas d'ainm air. Féach Eliosabet, do shiúr, do ghabh sí, mar an gcéadna, mac in-a haois ársaidh, agus is é seo an seiseadh mhí torthach aici-si dá ngoirthear aimrid, óir ní bíonn éin-ní doi-dhéanta ag Dia.” d'fhreagair an ógh choisreagtha, ag rádh: “Féach inilt an Tighearna. Déantar dhíom-sa do réir do bhréithir-se”. Agus do-rigneadh colann do'n Bhriathar, agus d'áitigh mar aon linn-ne, Dia agus duine in-Éin-Phearsain Diadha. Téid an Mhaighdean ró-naomhtha d'fhios a sean-mhná gaoil .i. Eliosabet, go cathair dá ngoirthear Hebron, agus téid go tigh Sacarias. Beannuigheas dá siúir Eliosabet, ag comh-gháirdiughadh léi tré mhac do ghabháil in-a broinn tré charadas speisialta Dé. An tan dochualaidh Eliosabet beannachadh na Maighdine Coisreagtha dhi, do ling an naoidhean dobhí i n-a broinn le luthgháir, agus fós do naomhadh i mbroinn a mháthar é. Iar mbeith fós do Eliosabet coimhlíonta do'n Spiorad Naomh, do-rigne éighmhe go hárd, ag rádh: “Is beannuighthe thú idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhroinne”.
Iar ndéanamh tuillidh measta dhi ar mhórdhacht na hóige, a humhla agus a dearóile féin, adubhairt, ag déanamh iongantais, “Créad as a dtárla dhamh-sa máthair mo Thighearna do theacht im' dháil?” Do-rigne an Mhaighdean fáistine, agus do mhol Dia tré laoidh, agá rádh: “Tá m'anam ag móradh an Tighearna, agus tá mo spioraid ag gáirdiughadh i nDia, mo Shlánuightheóir”. Tar éis mar d'fhill an Ógh Bheannuighthe go Nasaret ó fhiosrughadh a seathrach, an tan do mhothuigh a fear pósta Iósep a bheith torthach do ghabh buaidhreamh meanman é, agus dobhí i gcontabhairt créad dob'indéanta dhó, óir dobhí eagla an dlighidh do thaobh air, dá gceilfeadh nach uaidh dobhí an Mhaighdean torthach; agus, do'n leith eile, dobhí a fhios aige a bheith diadha geanmnaidhe, gan smál ar a beathaidh, agus uime sin nár dhána é ar chasaoid do dhéanamh uirri, ná drochbharamhail dá leithéid do bhaint aisti, agus ise fós ró-umhal, róchain-bheartach macánta; agus níor nocht sí dá fear pósta fein a chomh mór sin do dhiamharún do dhealbhughadh innti do chumhachtaibh Dé. Ar mbeith do Iósep fíréanda, naomhtha, do sheachnadh buaidheartha do mheas a tréigean go foilightheach. Acht chéana, féach aingeal dá thaisbeánadh féin dó trén-a shuan, ag rádh: “A Iósep, a mhic Dáibhí, nárab eagal leat fuireach i bhfochair do mhná Muire, óir an ghein do ghabh sí, is ó'n Spiorad Naomh atá, agus béarfaidh sí mac, agus do-bhearfaidh tú Íosa d'ainm air, óir fóirfidh sé a phobal féin ón-a bpeacaidhibh”. Tré fhógradh Saesar Agustus, dob'éigean gach n-aon do chur i leabhar, agus gan n-aon in-a ionad nó in-a athardha féin. Téid Iósep agus a bhean gus an mBeithil, cathair Dháibhí , do bhrígh gurab dá threibh iad. Ar
mbeith annsoin dóibh, trén-a mbochtacht féin agus tré iomad comhdhála pobail ann, ní fhuaradar ionad in-éin-tigh ósda, acht do ghabhadar ionad mar ar fhéadadar i stábla. 'San áit seo rugadh ár dTighearna agus ár Slánuightheóir, Rí na n-uile ríogh, Mac Dé. Is ann do ceangladh é, do luigh i gcró láimh le damh agus le hasal, agus do gorthaoi dá n-análaibh é, do láthair iarn-a breith. Do thaisbeán an t-aingeal é féin do haodhairíbh, ag rádh leo: “Rugadh dhaoibh Slanuightheóir, Críost ár dTighearna, i gcathair Dháibhí, agus do-gheabhthaoi ceangailte in-éadaighibh agus in-a ionar i mainséar é. Tárla go hobann sluagh neamhdha mar aon eis an aingeal sin, ag guidhe Dé agus cantain ceóil: “Glóire do Dia is na hionadaibh ró-árda agus síoth i dtalmhain do dhaoinibh deagh-thoile”. Annsin adubhradar na haodhairí: “Triallam gus an mBeithil agus féacham an nídh seo do-rigne Dia agus do thaisbeán dúinn”. Agus iar n-imtheacht go ndeifir dhóibh, fuaradar an leanbh in-a luighe i mainséar, agus leis sin, thugadar onóir do Dhia. I gcionn an t-ochtmhadh lá do-rigneadh timchill-theasgadh ar an leanbh, agus tugadh Íosa d'ainm air; ionann soin agus Slánuightheóir, do réir mar do chuir an t-aingeal i gcéill roimhe sin do'n Mháthair mhaighdeana agus do Iósep naomhtha. Arn-a fhios do'n Triúr Ríogh, len-ar taisbeánadh réaltanna glórmhara dhóibh, an tairngireacht len-a raibh a súil, thángadar ó'n Ard Thoir go Ierusalem uile iar gclos na nuaidh-sgéal so. Do lorgadar na Trí Righthe sin ar na hArd-shagartaibh, agus fuaradar a fhios uatha gurab 'san mBeithil do geinfidhe Críost. Agus le triall do na Righthibh do'n Bheithil, do threóruigh an réaltan iad gus an teach in-a bhfuaradar an leanbh, agus
d'adhradar é, gach n-aon díobh ag ofráil dó .i. miorr, túis agus ór. Dobhí an rí, Ioruaidh, ag feitheamh le filleadh na ndruadh tar a n-ais do réir mar d'fhuráil sé féin orra a iarraidh go fríochnamhach, agus an tan do-gheabhaidís é teacht le deimhin chuige féin, go rachadh d'adhradh an Ríogh nua sin, óir is é sin do leig sé air féin do dhéanamh. Gidheadh, is é ba rún dó dáríribh, Críost do thultnáith 'san chliabhán. Gidheadh, thug Dia rabhadh maille leis an aingeal do na righthibh in-a suan agus filleadh go hIoruaidh, agus mar sin d'fhilleadar dá ndúthaigh féin i slighidh eile. Triallas an Mháthair mhaighdeanda, tar éis a coisrigthe do réir an dlighidh, go Ierusalem, agus Iósep, a fear, dobhí ar sgáith bheith in-a athair ag Íosa, in-a cuideachtain, ag congnamh léi. Do dhearlaic an Ogh Choisreagtha a mac do Dhia 'san teampall, i gcionn dá-fhichid lá iarn-a bhreith; agus tar éis mar do choimhlíonadar gach éin-ní do réir an dlighidh, d'fhilleadar dá n-árus féin. Agus níor leig Dia do Ioruaidh baramhail do bhuain, gurab é an leanbh soin an tí dobhí sé féin a d'iarraidh le marbhadh, agus ba heagal leis féin. Arn-a thigsin do'n rígh, Ioruaidh, cionnas mar do mealladh leis na righthibh é, do ghabh fearg é; agus do chuir iomad marcshluagh agus díolmhaineach do mharbh a raibh do naoidheanaibh fear 'san mBeithil uile agus in-a chomhfhogas, do leith dhi, ó aois éan-oidhche go haois dá bhliadhain déag, agus is é líon leanbh do marbhadh .i. ceithre míle déag. Agus fuaradar tré phrimhléid speisialta coróin mhartra gach n-aon díobh. Acht cheana, fuair Iósep do rabhadh an leanbh do bhreith leis, agus imtheacht as an gcathair an oidhche sin, agus teincheadh insan Eigipt, agus is mar sin do coimhlíonadh fáistine Isaias, mar a ndubhairt: “Rachaidh an Tighearna suas ar néal éadtrom, agus rachaidh isteach do'n
Eigipt, agus toirnfear in-a láthair láimh-dhéithe, nó bréigdhealbha na hEigipte.” Ecce Dominus ascendet super numbem levem, et ingredietur Egyptum, et commovebuntur simulacra Egypti a facie ejus. Ar mbeith do Chríost timcheall sé bhliadhna déag innti, tar éis bháis Ioruaidh d'fhilleadar go talamh Israel, agus dochuadar as sain go críochaibh na Galilee, agus do-rigneadar comhnaidhe i Nasaret, agus is de sin do goirthear Íosa ó Nasaret dár dtighearna. Iar ngabháil foirme moghadh nó sglábha do Mhac Dé, dobhí arn-a mheas go coitcheann in-a shaor nó in-a mhac saoir agus tríd neamh-fhoghlamtha, 'san deachmhadh bliadhain fichead dá aois, iar gceileabhradh dá Mháthair gan a bhara faoi bheith in-a caidreamh ní ba mhó, dochuaidh i ndáil Eóin Baistidh, agus do ghabh baisteadh uaidh i sruth Iordain, agus do thriall do láthair, gan bhiadh, gan digh ar chor ar bith, dá-fhichid lá agus dá-fhichid oidhche. Agus dá éis sin, do ghabh an diabhal dá bhuaidhreadh, agus do chloidhigh seisean é; agus in-a dhiaidh sin d'fhoillsigh sé é fein do'n domhan, agus do sheanmhóir a aithrighe. Do thoghairm deisciobail, agus tré ghlaine a bheathadh agus tré neamhdhacht a fhoirceadail agus a mhíorbhail, do tharraing chuige iliomad do lucht leanamhna. d'órduigh Sacraimint an Bhaistidh le maitheamh na bpeacaidhe. Do theagaisg iomshláine na fíréantachta, go háirithe an déarc, na hurnaighthe agus an troscadh. Bhí na hárd-shagairt, na dlightheóirí, na Fairisínigh, agus an chuid eile do na millteachaibh agus iomad do thriaithibh tríd sin, ag inghreim air. Gidheadh, thairis sin, do bhuaintsheasaimh ag déanamh maitheasa gach n-aoin, ag clódh a seachráin, ag dío-mholadh a bpeacaidhe, ag fuasgladh a gceast meabhlach, ag nochtadh a dtuaithleasa, agus fós ag smuaineadh go hinmheadhónach agus ag seachnadh na rún
ndroch-chroidheach ndéisteanach dobhíodh aca, ag iarraidh a dhúnmharbhtha. d'éaluigheadh go minic uatha, agus ar uairibh go míorbhaileach. Gá dtáim ris? Iar mbeith 'san riocht soin dó ar an saoghal trí bliadhna ar fhichid agus beagán níos mó, fá dheireadh dochuaidh isteach go cathair Ierusalem ar mhuin bromaigh asail, a dheisciobail agus an pobal ag leathadh a mbrat agus ag stracadh géag pailme agus crann eile 'san slighidh. Do ghabhadar leis mar rígh maille le chomh-gháir gáirdeachais; na leinbh, mar an gcéadna, ag éigheamh 'san teampall, ag rádh: “Hósanna do Mhac Dáibhí; is beannuighthe an tí thig i nAinm an Tighearna. Hósanna is na háitibh ró-árda, a Rí Israel”. Ar n-ithe an Uan Cásga dár dTighearna agus dár Slánuightheoir, do ghlac tubháille le hionnladh a cos uile, agus in-a dhiaidh sin do ghabh agá dteagasg len-a mbeith umhal glan. d'órduigh agus d'fhreastail Sacraimint ró-bheannuighthe agus Iodhbairt a Chuirp agus a Fhola féin i bhfoirm aráin agus fíona; agus, mar an gcéadna, d'órduigh Sacraimint naomhtha na nGrádh nEaglaise. d'fhógair dá Easbalaibh ( agus dá gcomharbaibh) an ní céadna do dhéanamh, mar atá Coisreagadh agus Iodhbairt a Chuirp agus a Fhola in-a hIodhbairt an Nuaidh-reachta do réir Uird Mheilchisedeic go teacht dó fein arís do dhéanamh breitheamhnais ar an domhan. Téid Iúdás Iscariótes an tráth sin amach, agus d'fhan an Tighearna ag teagasg cách, agus do gheall dóibh an Spiorad Naomh, agus do ghuidh an tAthair uile-chumhachtach ar
son an uile fhíréin. Agus, leis sin, do thriall mar aon leis an Éan-Easbol Déag go gardha Gethsemani, áit dob'aithnid do Iúdás, óir do gnáthuigheadh an Tighearna go minic dul annsoin mar aon len-a dheiscioblaibh. Iar ndul do'n Tighearna isteach do'n ghardha len-a dheiscioblaibh, adubhairt leó: “Suidhtear libh annsúd, go ndeachad-sa do ghuidhe”. Adubhairt Íosa beagán dá éis sin, agus é tuirseach doilgheasach: “Atá m'anam dólásach le hucht an bháis” agus: “Déinidh faire im' fhochair.” Do-rigne guidhe annsoin arís, ag rádh: “'Athair ionmhain, má's féidir é, téidheadh an corn so tharm; gidheadh thairis sin, nárab í mo thoil-se acht do thoil-se go raibh déanta”. Tig Íosa i ndáil a dheisbiobal, agus iarn-a bhfaghbhail in-a gcodladh, adubhairt le Peadar: “An amhlaidh atá, a Shíomain? An codladh dhuit? An n-eadh ná féadfá faire éan-uaire do dhéanamh mar aon liom-sa? Déanaidh faire agus urnaighthe ionnas nach lingfeadh sibh i mbuaidhreamh”. Téid uatha arís, agus guidheas amhail do-rigne an chéad uair. Fuair iad-san arís n-a gcodladh, agus dobhíodar a súile róthrom. Téid an treas feacht ag guidhe, agus do taidhbhsigheadh dhó aingeal ó Neamh dá neartughadh ó umhlacht aonaránach: Tighearna na n-uile dá chomhfhurtacht len-a óglaoch féin, agus an Cruthuightheóir leis an gcréatúir! Agus iar mbeith a bhfad ag guidhe dhó i bhfulang, tháinig a allas amhail braona fola, ag snighe síos uaidh ar an talmhain. Ar dteacht an treas feacht, adubhairt len-a dheiscioblaibh: “Codlaidh anois, agus glacaidh suaimhneas”. Go grod dá éis sin, adubhairt: “Tháinig an uair; féach, feallfar ar Mhac an Duine, dá thiodhlacadh i lámhaibh na bpeacthach; éirghidh, bíom ag imtheacht; féach
an tan tí len-a mbrathfar mise; atá é do láthair”. An tan do labhair ár dTighearna agus ár Slánuightheóir, féach an méirleach Iúdás, duine do'n dá fhear déag, ag teacht, agus drong mhór mar aon leis, le lóchrannaibh agus le táprachaibh, le claidhmhthibh agus le harmaibh eile, agus le glór Íosa dá rádh, “Is mise é”, do thuiteadar ar a gcúlaibh go talmhain. Gidheadh, d'fhulaing sé dhóibh éirghe arís, agus ar mbeannughadh dá Mhaighistir do Iúdás le póig, ba chomhartha do chách le sheisean d'aithneadh tar na hEasbolaibh, do chuireadar a lámha inÍosa. Do nocht Peadar a chlaidheamh, agus do ghearr an chluas dheas do Mhalcus .i. óglách do mhuinntir an Ard-shagairt. Do tháith agus do leighis an Slánuightheóir do láthair í, agus adubhairt le Peadar a chlaidheamh do chur n-a thruaill taisgidh, do bhrígh gurab í toil a Athar é féin d'fhulang báis ar son an chinidh daonda, agus, muna mbéadh soin, go bhfaghbhadh iomad léigiún aingeal dá chosnamh, dá mbadh amhlaidh dob'oireamhnaighe do mhaith Dé agus do shlánughadh na ndaoine é. An tan sin, iar dtréigean a Maighistir do na deiscioblaibh, do ritheadar uile rómpa, agus is mar sin do coimhlíonadh an fháistine seo: “Buailfear an t-aodhaire, agus déanfar na caoirigh do sgannradh”. Ar mbeith d'Íosa ceangailte, rugadh go hAnnanias agus sain go Caiphas é. Do bhaineadar - san forthann de do thaoibh a dheisciobal agus do leith a fhoirceadail. Do-rigneadar casaoid bhréige air, agus do buaileadh ar a dheilbh le dóirnibh é. Do chuir Caiphas do gheasaibh air a innsin dó arbh'é Críost, Mac Dé, é. An tan d'fhreagair, agá rádh gurab é, do mhalluigh na diamhasluightheóirí é, da rádh gur chionntach le bás d'fhulang
é, dá ghreamughadh go ró-tharcaisneach agus go cruadhálach. Do ghabhadar daoine ró-úir-ísle do chrain-tsheilíbh i ndeilbh Chríost. Do bhuaileadar do dhóirnibh é; agus iar bhfolach a shúl dóibh, do ghabhadar air, dá fhiafraighe dhe, cia do bhuail é. Annsin do shéan Peadar fá thrí an Tighearna. Gidheadh, le silleadh do Íosa air, dochuaidh amach as an bpálás, agus do ghuil go searbh. Ar gcomhdháil comhairle do na hUidhlibh, do damnadh Íosa leó mar chionntach le básughadh go moch arn-a bháireach. Thugadar Íosa in-a bhraighid go Píoláit, fear ionaid Saesair annsin. Nuair do-chonnairc Iúdás Íosa damanta len-a bhásughadh, do chroch é féin tré éadóchas. An tan d'fhiafruigh Píoláit díobh, créad é an gearán dobhí aca le cur in'aghaidh, d'fhreagradar-san: “muna mbéadh sé 'n-a dhroichbheartach, ní dháilfimís duit-se é. An tan do reic Píoláit a neimhchionnta, níor ghabhadar-san gan a chrochadh. Do ghabhadar ag casaoid air, an tráth sin, tré bheith agá thoirmeasg orra cíos-cháin d'íoc le Saesar, agus tré rígh do ghairm de féin. Arn-a leigean dó freagra do thabhairt ar an gcéad nídh, iar mbeith fuar-chúiseach dhó, d'admhuigh sé bheith 'n-a rígh, gé nach do'n tshaoghal so a fhlaitheas. An tan do thuig Píoláit gurab ó'n nGalilee Críost, cuireas go hIoruaidh é, mar a bhfuair iomad do cheastaibh géar-chúiseacha do chur air; magadh do dhéanamh faoi mar amadán, agus a chur tar a ais go Píoláit. d'fhuráil Píoláit ar an bpobal a thoghadh, cia aca do dhís amháin, Barrabas nó Íosa, do dáilfidhe saor dhóibh. Rugadar-san do rogha Barrabas. Thug Píoláit fá deara ár Slanuightheóir do sgiúirseadh chomh cruadhálach sin, ionnas gur réabadh ó bhathas go bonn a chorp go
huile. Iar nglacadh, amhail adeirthear do bheith arn-a thaisbeánadh do Bhríghid naomhtha, 5490 do chréachtaibh i n-éan-ló amháin, rugadar leó é iar sin go Píoláit. Do ghabhadar ag fochmhaideadh faoi. Do stuiseadar a éadach dhe, agus do chuireadar ar a chorp, dobhí foirlíonta d'fhuil, ionar purpair, agus do chuir siad coróin do dheilgnibh láidre géara fán-a cheann. Do chuireadar búdán in-a láimh dheis. Iarn-a chur i n-ionad árd, maille le feacadh a nglún tré fhonamhaid, do bheannuigh siad dó, agá rádh: “Dia do bheatha, a Rí na nGiúdaidheach”; agus fós do salchadh leó, tré iomad tarcaisne le crain-tsheilí déisteanacha, a ghnúis ró-choisreagtha. Do bhaineadar as a lámhaibh agus do bhuaileadar um a cheann an choróin deilgneach, do choimh-éigniughadh a Fhola le lingeadh amach, agus tré shnighe feadh a Chuirp go huile. Iarn-a mheas do Phíoláit, le feicsin an radhairc sin go ngeabhadh an oiread soin truagha na hUidhil dó, go n-ainicfidís a bheatha, rugadh amach ár Slánuightheóir gus an áitreabh imeallach ar an órdughadh sin; iarn-a thaisbeánadh mar sin in-a earradh purpair len-a choróin deilgnigh um a cheann, len-a bhúdán in-a láimh, a chorp uile go locardha, leadhbach, foir-líonta d'fhuil, adubhairt leis na hUidhlibh, “Féach an duine!” Do gháireadar na hárd-shagairt agus an pobal uile, ag rádh: “Croch, croch é!” Iar ngabháil feirge do Phíoláit trés an gcruadháil sin, adubhairt: “Beiridh libh é agus crochaidh é, óir ní fhaghbhaim éin-ní len-a dhéanamh air”. d'fhreagair siad gurbh'éigean a bhásughadh, mar do chonnarcadar na hUidhil tar cheann a leadráin nach raibh mian ar
Phíoláit Críost do chrochadh. Do bhagair siad air, aindísleacht do bheith ann do Shaesar, ag rádh: “Má sgaoileann tú do'n fhear so, ní cara do Shaesar thú”. Arn-a chlos sin do Phíoláit, rug Íosa amach leis, agus suigheas arís in-a chathaoir bhreitheamhnais; óir dob'fhearr leis cinneadh ar Críost do bhásughadh, bíodh gurbh'fheasach dhó a bheith neimh-chionntach, 'ná a iocht do chur i nguais do thaoibh Saesair. Gidheadh, éin-fheacht amháin do thaisbeán sé Críost do na hUidhlibh, agá n-iomcháineadh, agus adubhairt: “Féachaidh bhur rí féin annso!”. Do gháireadar, ag rádh: “Beir uainn é agus croch é, ní fhuil éin-ní againn acht Saesar”. Nuair dochonnairc Píoláit nárbh'fhearrde éin-ní dhíobh so, d'ionnail sé a lámha, agá admháil do láthair an phobail: “Atáim neimh-chionntach,” ar sé, “tré fhuil an fhíréin seo: tabhraidh-se bhur n-aire dhaoibh féin. Do gháir an pobal, agá rádh: “Bíodh a fhuil orainn-ne agus ar ár gcloinn 'n-ár ndiaidh”. Ar mbeith do Phíoláit arn-a shárughadh le héigheamh an phobail agus le heagla Saesair, rug breath go gcuirfidhe Íosa a Nasaret, Rí na nIúdaidheach, ar chrois go faghbháil bháis dó. Rugadar na ceitheirne ár Slánuightheóir leó, iar mbeith damanta len-a bhásughadh, ó shuidheachán an bhreitheamhnais go cúirt an pháláis, áit in-ar thoghairm siad i gceann a chéile an tshluagh-bhuidhean uile; agus iar mbuain a ionair dhe, dobhí ag leanmhain go docht in-a chréachtaibh, do tharraing siad amach tuile fola agus feóla, agus do chuireadar a éadach féin air. Gidheadh, d'fhágbhadar an choróin deilgneach ar a cheann do mhéadughadh a phéin; agus iar n-ullmhughadh croise uathbhásaighe , do chuireadar ar a ghualainn í len-a hiomchur
go Cnoc Calbhaire. Sul do cuireadh na tairngí ann uirre, ar ndul amach d'Íosa as an gcathraigh agus é fá'n gcrois, d'fhág 'san tshlighidh ar mbeith ag triall dó, sliocht lorg a Fhola, ionnas, gibé dobhéadh in-a leanmhain, go bhféadfadh gan dul i múgha do lorg a chéimeann. Tárla an Mháthair ró-choisreagtha dhó, agus do mhéaduigh a feicsin agus a teacht in-a láthair, an doilgheas agus an phian dobhí roimhe sin air. Ar mbeith dár dTighearna annsin anbhfann in-a Chorp, agus cortha tar éis a chomh mór sin do thriall uile agus tréigthe a Fhola, tuiteas i dtáimh-néal ar an talmhain. Do thuit go faon fán-a Chrois. Buailid na céastúnaigh chruadhálacha ár Slánuightheóir milis, agus sporaid len-a gcosaibh é. Gidheadh, d'eagla go bhfaghbhadh bás 'san tshlighidh, agus mar sin go rachadh ó bhás d'faghbhadh ar an gCrois, d'éignigh siad Síomon Curanaeus le hiomchur Croise Chríost an chuid eile do'n tshlighidh. Do leanadar drong mhór do'n phobal Íosa, agus tárla dhóibh drong mhór do'n phobal Íosa, agus tárla dhóibh drong d'áirithe do mhnáibh chraibhtheacha agus iad agá chaoineadh, feasach ar a éigcirte do cuireadh dá chéasadh eisean. Ar bhfilleadh do Chríost orra, adubhairt: “a ingheana Ierusalem, ná guiltear libh ar mo shon-sa, acht caointear sibh féin libh, agus gur gclann; óir tiocfaidh an lá an tan bhéas Ierusalem uile níbhus truaghánta 'ná mar síltear libh mise do bheith”. Soicheas bean chráibhtheach d'áirithe dárbh'ainm Ueronica a láimh-ghiobal do thiormughadh a dheilbhe leis; agus ar mbeith lán d'allas agus d'fhuil agus do chrain-tsheilíbh déisteanacha ó na céastúnachaibh, do-bheir an Tighearna dhi a láimh-éadach gan é salach amhail do salach amhail do sílfidhe a bheith, acht é maiseach uile, agus íomháigh ró-shochma a ghnúise geanamhla féin ann. Tig ár Slánuightheóir go Cnoc Calbhaire .i. ionad
neamh-shona lán d'ablachaibh agus do thaisíbh marbha; áit is nár ghnáth éan-duine 'chrochadh acht feill-bheartaidhe fógartha; agus iomad fíona sobhlasta ba ghnáth do thabhairt do chur meisnigh agus nirt i gcroidhthibh na droing dobhíodh le bás d'fhulang. Do-bheirid sámhchaoin lán d'fhínéigre arn-a chumasg tré dhomblas ae; agus arn-a fhromhadh dhó, níorbh'áil leis a ól. Agus do cuireadh ar an gCrois é maille le sreang-tharraing a lámha agus a chos tré fhóiréigean mhór, dá gcoimh-shíneadh i n-oireamhain d'fhaid na Croise. Maille le hórdluighe iomad órd do dhaingnid le tairngíbh é ar an gCrois, ag tolladh a chuisleann agus a chos le tairngíbh gharbha; agus mar mhéadughadh masla, dob'éigean dár Slánuightheóir suidhe idir dhá bhitheamhnach, mar ba hé féin doba mheasa dhíobh. Agus do chuireadar tiodal garma os a chionn in-a raibh a Ainm, a dhúthaigh, agus ádhbhar a bháis sgríobhtha i nEabhra, i nGréigis, agus i Laidin .i. Íosa Nasardha Rí na nIúdaidheach. Agus, leis sin, do thógbhadar suas an Chros, agus do leigeadar ar a bonn í i bpoll do-rigneadh d'éan-toisg. Breithnigh anois, Ó a mh'anam féin, agus meas leat féin cionnas mar atá a Chorp uile ar chrith go truaghánta, na tonna dá Fhuil luachmhar atá ag snáimh-rith amach thar na ceithre lám-chréachtaibh úd! Créad é a mhéid do dhoilgheas do'n tSlánuightheóir, na sagairt, na seanmóiridhthe agus na dlightheóirí agá dhia-mhaslughadh, iar mbeith anois ar chrochadh ar an gCrois ar ár son-sa, agus ar son an chinidh daonda? Smuain, mar an gcéadna, ar a ghrádh ró-iomshlán, mar nach eadh amháin gur ghuidh sé ar son an domhain, acht fós, ar son na droinge dobhí agá chrochadh an tan sin, agus agá dhia-mhaslughadh, ag rádh: “'Athair, maith dhóibh seo, óir ni feas dóibh créad do-ghníd”. Breithnigh, mar an gcéadna, agus cuir
i n-iongantas doimhneas a ghrádha, agus a thrócaire do thaoibh na n-aithrigheach, mar gur thoirbhir chomh grásamhail sin do'n ghadaidhe aithrigheach níos mó 'ná d'iarr air, agá rádh: “Béidh tú indiu mar aon liom-sa i bParrthas”. Is mó an ionchurtha dhuit i n-iongantas doimhne a ghrádha do'n uile fhíréan, agus go háirithe dá Mháthair ionmhain agus dá Dheisciobal dhíl, agár aithin sé féin dá chéile iad, agá rádh léi-se, “Féach do mhac,” agus leisean “Féach do mháthair”. Ar marthainn dorchadais feadh trí n-uaire as a chéile, do ghabh machtnamh mór iad uile. d'ofráil Críost é féin d'íodhbairt do Dia, agus sin go ró-éagcuimseach, nídh d'fhoillsigh sé féin fá dheireadh, ag rádh: “Ó mo Dhia, mo Dhia, créad fár threigis mé”. Ar mbeith do'n Tighearna imshníomhach le tiormacht cuirp agus le fríochnamh slánuighthe an chinidh daonda, adubhairt, “atá tart orm”. Ar mbith dá cholainn dáríribh fonnmhar le hionnfhuaradh d'fhaghbháil le digh, agus n-anmann, do tomadh leó spoinge lán d'fhínéigre go n-iosóip, agus do shoich in-a bhéal é. Iarn-a ghlacadh go ceannsa do'n Tighearna mhilis, adubhairt: “Atá sé críochnuighthe!”. Mar sin, ag cuimling leis an mbás, bíodh go bhféadfadh marthainn ní badh shia, le claonadh a chinn do thoirbhir a Spioraid. An tráth fuair Mac Dé bás ar an Crois d'fhuasgladh an chinidh daonda, ba thoil leis a gCumhacht nDiadha, mar fhiadhnaise agus mar dhearbhadh ar a chomh iongantach sin do dhiamharún, míorgbhaile éagsamhla agus dearbhuighthe iongantacha do thaisbeánadh; agus b'fhollas do'n domhan uile ar dtúis, iar mbeith do Chruthuightheóir neimhe agus talmhan le haindligheadh a chréatúirí féin arn-a
chrochadh ar an gCrois. Do dhorchuigh an talamh i meadhón lae feadh trí n-uaire, tré urdhubhadh na gréine, agus sin 'san éasga lán. Dá éis sin, ar mbeith d'Ughdar na beathadh rés an nádúir iarn-a coimh-éigniughadh, do thiodhlaic uaidh a Spioraid dá aontadh féin, ní ná féadann créatúir eile ar bith do dhéanamh. Do sgoilteadh brat an teampuill 'n-a dhá roinn ó bhuaic go lár. Do chrithnigh an talamh. Do réabadh na cairrge in-a blódhaibh. Do hosgladh na huaighe, tar éis eiséirghe an Tighearna, agus d'éirgheadar iomad do chorpaibh na naomh dobhí in-a gcodladh, agus do taidhbhsigheadh do mhórán iad. An captaon agus na saighdiúirí agá rabhadar a gcroidhthe iarn-a gcruadhughadh le mailís, roimh imtheacht dóibh d'admhuigh siad go hosgailte gurab é sin dáríribh Mac an Duine; agus mórán do lucht ba haindiúide do na hUidhlibh, d'imthigheadar go haithrigheach, agus iad ag bualadh a mbas. Ar dtolladh taoibh Chríost le gai do dhíolmhanach, tig go hobann fuil agus uisge as. Téid Iósep ó Aramataea, nár lámh roimhe sin é féin do bheith 'n-a dheisciobal ag Críost, - téid anois go dána go Píoláit, agus athchuingigheas an corp, agus bheireas leis ó'n gCrois é. 'San obair naomhtha sin dobhí duine prionnsapálta do na hUidhlibh dárbh'ainm Nicodemus, len-ar ghnáth dul d'fhios Chríost 'san oidhche, ní nach lámhadh ar ló di dhéanamh. Do tháith é féin leis. Thug leis cumasg miorr agus aloe, tuairim céad púnt. Do thóg an Mháthair mhaighdeanda 'n-a hucht corp a céad-áineasa agus a beathadh. Do thoirbhir uaithi arís é. Do-rigne feitheamh ar a adhlacadh; agus iar sin, ar mbeith do'n Chorp mhórluaigh iarn-a chórughadh le spíosairí agus arn-a cheangal le héadach líoth-shnasta lín, do hadhlaiceadh i dtuamba nua do-rigneadh i gcarraig é, mar nár cuireadh éan-duine
roimhe; agus do hiompuigheadh liag mhór leis an doras do chead Phíoláit, agus 'n-ar chuireadar na hUidhil séala. Agus do chuireadar lucht faire do choimhéad an tuamba, d'eagla a dheisciobail dá ghoid leó, agus dá rádh gur éirigh ó bhás.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services