Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanmóirí Mhuighe Nuadhad I

Title
Seanmóirí Mhuighe Nuadhad I
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Connradh Chuilm Naomhtha
Composition Date
1818
Publisher
(B.Á.C.: Muinntir Bhrúin agus Nualláin, 1906)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Seanmóirí Muighe Nuadhad 1.



Seanmóir a hAon.



Ar an Sgannail.



(Do'n Dara Domhnach do'n Aidbhint.)



Is beannuighthe an té nach nglacfaidh sgannail uaim-se.
- Matha xi.6.



Innseann an Soisgéal dúinn, an uair bhí Eóin Baistidh fá ghlas ag
Ioruaidh i dtaobh a bheathadh scannalaighe do chur i bhfáith air, gur
chuir sé teachtaireacht go nuige ár Slánuightheóir ag fiafruighe dhe,
arbh'é féin an Messias cóir. Ní headh go raibh éan-amhras ar Eóin
Baistidh ann, acht chum go bhfuighbheadh a dheisciobail cruthughadh agus
radharc a súl féin ar an bhfírinne. Ar fheicsint bríghe agus meadhóin an
loirgthe nó an fhiafruighe seo dár Slánuightheoir, d'fhreagair sé do na
teachtairíbh ag rádh: “imthighidh agus innsidh d'Eóin na neithe
do-chonnacabhar agus do-chualabhar; tá a radharc ag na dallaibh agus a
siubhal ag na bacachaibh; tá na lobhair leighiste; cluinid na bodhair agus
éirighid na mairbh, agus tá an Soisgéal dá chraobhsgaoileadh do na
bochtaibh, agus


L. 2


is beannuighthe an té nach nglacfaidh sgannail uaimse”. Do bhuaidh ár
Slánuightheóir le sompla na ngníomhartha míorbhaileach so
ar ghliocas agus ar mhailís a námhad. Fuair deisciobail Eóin nach raibh
éan-chúis formaid ná sgannala aca; agus dá mb'fhéidir súile
mailíseacha na nGiúdach d'fhosgailt, do-chífidís nár chúis íslighthe
céasadh ár Slánuightheóra, agus nár chóir do na cineadhachaibh é
d'áireamh 'n-a dhíth céille.



Fóiríor, an ní do thuit amach in-aghaidh Chríost n-a thaobh féin,
tuiteann amach fós i dtaobh a sheirbhíseach, óir tá iomad ar sheilbh
bheith 'n-a gcríostaidhthibh, ag a bhfuil cealg agus mailís na nGiúdach
ag siubhal leó, ag faire gach uain chum neamhdhacht do mhaslughadh, chum
droch-fhocail do chur ar dheigh-ghníomharthaibh, agus sgannail do ghlacadh
ó nídh, dá mbéarfaidís mar as cóir é, 'n-ar cheart dóibh deagh-shompla
do bhaint as. Is fínnéidh é seo ar iomchar an leath-chatoilicigh nach
gcuirfeadh spéis, dá sásóchadh sé cuideachta, comhartha na croise do
thréigean, agus mórán deas-ghnás eile do ghrádhann an teampall do
dhaoradh, nó iompodh i leith sgige fá dhúthracht agus urnuighthe an
chréatúra dobhéadh, mar dobhíodh i dtúis an teampaill, tabhartha do
leabhar nó do phaidrín.



Is díreach gur féidir agus gur ceart a rádh leó so mar adubhairt
Críost leis na Fairisínighibh: Sinite illos, caeci sunt .i. “Leig dóibh,
táid dall”. Táid go díomhaoin; óir, mar adubhairt Tertullianus i dtúis
an teampall, ní thugann neithe fóghanta choidhche ócáid sgannail acht
do'n té atá fíor-mhailíseach, agus is olc thar bárr an té do-chí olc
i nídh fóghanta. Acht ní


L. 3


ar an sgannail ghlacann duine as mian liom trácht, acht ar an sgannail
thugann duine uaidh an uair a dhéanann nó an uair a labhrann sé éan-rud
mío-rúnach, chum díoghbhála éan-duine eile.



Óir is é míniughadh thugann San Tomás dúinn, .i. Aingeal na Sgoile, ar
sgannail, ná focal nó gníomh mí-cheart do ghluaiseann duine eile chum
peacaidh. Dá mbéadh do mhí-ghníomh i bhfolach ó'n saoghal, is amhlaidh
badh lúghaide an t-olc agus badh shaoire an aithrighe, mar dobhéadh do
choir ag baint leat féin amháin; acht an uair tharraingir daoine eile chum
an pheacaidh led' dhroch-shompla, annsin bíonn do choir, ar nós na plágha,
galrach díoghbhálach do-leighiste. “Créad do-rignis,” ars' an Fáidh
Nátan le Dáith Rí; “do thuit tú i gcoir, thug sgannail dod' chuallacht
agus cúis mhaslughadh nó naomh-aithise do náimhdibh ár dTighearna?”
Agus nach móide do dhaoinibh againn-ne do thuilleann an chasaoid chéadna?
Nach minic rug tásg do dhroich-iomchuir tríd an bparóiste agus tríd na
bailte, ag galrughadh gach cluaise dá gcluineann é, ag tarrang daoine lag
chum peacaidh, agus ag déanamh díoghbhála, b'fhéidir, do'n té nach
rugadh fós.



Is fada ó thug Síomon Mágus scannail uaidh le ceannach tiodhlaicthe
an Spioraid Naoimh, agus do lean daoine a shompla. Is fada ó thug Absalom
sgannail uaidh, mí-ómós dá athair, agus is iomdha mac mí-ághmharach
neamh-urramach do lean a shompla ó shin anuas. Is fada ó thug Iúdás
sgannail ag braith agus ag díol ár Slánuightheóra, agus is iomdha duine
do-rigne aithris air, ag tabhairt allais ar bheart na


L. 4


sainnte. Is fada ó thug Lútair agus Cailbhín sgannail uatha, ag cur
cogaidh ar chreideamh Chríost, agus is iomdha duine do-rigne aithris orra,
ag iarraidh baint ó'n teampall, agus an sean-chreideamh do shracadh.



Chíonn tú, ar an ádhbhar sin, gur galrach tógbhálach an aicíd é
an sgannail a thugair uait; agus, dar ndóigh, níl teóra len-a
dhíoghbháil, óir is é congnamh as treise ag an aidhbheirseóir é chum
pobail Chríost do ró-shlad.



Glaodhtar ar an aidhbheirseóir dúnmharbhthóir 'san Sgrioptúir, mar
dobhí ó thúis agus atá fós ag tabhairt amas marbhthach ar anmannaibh
na ndaoine.



Is é an gearán céadna do thuilleann fear na scannlach, mar déanann sé
len-a chlaoin-imirt, len-a mhealltóireacht agus le nimh a dhroch-shompla,
an t-anam úd do shaor Críost do dhaoradh, agus róbaí na ngrás, len-a
raibh sé éaduighthe, do stolladh dhe.



Do thuirling ár Slánuightheóir ó chathaoir na ngrás nó na glóire
chum athnuadhchain do dhéanamh ar aghaidh na talmhan, agus sgaipeadh agus
díbirt do chur ar ríoghacht an pheacaidh. Do thógaibh sé a theampall, gan
sal gan spota, ar chosamhlacht Ierusalem na bhFlaitheas, do tasadh le
buaidh in-aghaidh cumhachta na Saesar agus gach tíoránaigh eile dobhí
go díomhaoine ag iarraidh a leagadh.



Anois déanann an peacadh sgannalach an obair seo go léir do lot, ag
slad agus ag dío-láithriughadh trócaire an Tighearna. Cuireann sé síol
an uilc go fairsing. Fágbhann rian a dhroch-shompla agus lorg gránda ar
sgéimh an teampaill, agus piast nimheamhail ar aghaidh na tíre. Téidheann
a nimh níos sia 'ná claidheamh na Saesar, óir sgarann a chlaidheamh


L. 5


ó annsacht, an chlann do thogair an Eaglais, dá fágbháil 'n-a máthair
dhubrónaigh, ar nós Ráchel ag lorg a clainne agus gan iad le faghbháil,
ag sileadh na ndeór os cionn a gcaillte. Ní blanndar ná foirleathnughadh
an chainnt seo. Is é sin radharc ár súl féin, agus sgéal gach lae é.



Ná tairthear trasta go minic ar óglaoch an antláis agus an mhacnais, cad
é mar chaitheann a shaoghal agus a shláinte ag déanamh obair an dorchadais,
lán do spioraid na hantola, ag imtheacht timcheall ag féachaint cia
gheóbhadh sé do shlad? Ar uairibh buadhann le hinntleacht ar
shimplidheacht agus ar lagachar aindeiseóra. Arís tionnsglann beartaidheacht
éigin eile chum an dochair. Agus, fá dheireadh, má's é as treise, ní
héan-rud leis págh an pheacaidh; agus, 'n-a dhiaidh-sin, in-áit
aithrighe, is é a dhéanann ná maoidheamh as gaisgeadh an pheacaidh. Ó
a Thighearna, créad dodhéanfaidh an t-óglaoch so lá na breithe, nuair
éileóchaidh tú an uair úd air luach do chuid fola. “Cá bhfuil an t-anam
do cheannuigh mise?” adéarfaidh Íosa leis. “Do-rignis deamhain do na
naomhaibh, dubh do'n gheal, neimhní dom' pháis agus dom' shacramaintíbh.
Ba mheasa dom' theampall tú 'ná tíoránach eiricigh, agus, leis sin,
bíodh m'fhearg ort go bráth.”



Cluinfear arís ar an dtaobh eile mallacht na muinntire do chaill
Críost mar gheall ort-sa: “Ó, a mhalluightheóir, is tú as cionntach lem'
dhamaint; mo thruagh mar do-chonnaic mo shúile riamh thú; is tú do
tharraing mé go dtí an droich-chríoch so - árus na bpian.”



Sin forfhógra ag an té a mhilleann agus ag an té


L. 6


a mhealltar; ag an ughdar, nó an óglaoch as ughdar leis an scannail, agus
ag an páirtidhe; agus an uair bhéid 'san úir, béidh sé déidheanach aca
cuimhniughadh ar na ráidhtibh seo. Acht ní taobh le héan-tshompla amháin atá
an saoghal i dtaobh scannail dírigh, is é sin, i dtaobh daoine do tharrang
d'éanuaim agus ceann ar aghaidh chum uilc agus peacaidh. Agus cá mhéid
cuirptheóir aosta, seanfhoghlumtha i gcleachtadh an uilc, d'iompuigheadh
in'easbol fhallsa ag sgéith nimhe agus plágha, ag seanmóir urchóide dóibh
sin nach raibh aois aca, agus ag cur líonta 'n-ar pheacadar an bhuige agus
an gharsúnacht.



Agus daoine eile do chaitheann arán an díomhaointis ag maireachtain ar
sgéimh Chríost, agus ag tabhairt scannlach uatha in-aghaidh gach uaire
in-a mbuailid cluain ar an mac nó ar an seirbhíseach, chum substaint
an athar nó an mhaighistir do ró-ghoid nó do shlad.



Agus ní táire é dhóibh-sean gurab é a gcéard bheith ag corraighe
buaidheartha agus mí-chumainn i measg a gcomhursan agus a lucht muinnteardha,
le measgadh fuair-scéalta bréagacha bíodánacha trén-a chéile.



Níl ins an aicme seo - ní fheadar nach díobh arís go leór ban
aosta - acht nathracha nimhe imris i mbaile nó i bparóiste, 'n-ar cheart
séala mío-chlú scannlach do chur orra.



Bíd arís cionntach, is eadh agus daoine eile, do-ghní len-a
slimideóireacht cainnte meas folamh taidhbhseach air féin d'oibriughadh ar
éan-duine, agus do bheathuigheann


L. 7


len-a moladh agus len-a mbladar tháir, glóire dhíomhaoin agus mórdháil;
óir tá an duine ón-a nádúir féin tabhartha do chlaonaibh fuara do'n tshórt
so; agus an té dár díon leis, ní bhíonn gan cionnta.



Fá dheireadh, ní féidir iad so do shaoradh ar chur scannlach do
dhéanann 'n-a dtigh féin nó i dtigh an tábhairne, le suirghe agus
bréag-mhuinnteardhas, an iomad óil do chur ar an duine muinnteardha nó ar
an gcomhursain, agus, 'n-a dhiaidh sin, déanann gáire fá'n-a mhórughadh
mearbhaill. Is orra so, adeir Solamh mac Dáibhí, go mbíonn luthgháir i
dtaobh uilc agus compórd i dtaobh malluightheachta.



Agus go fírinneach is ainshrianta an gníomh pléisiúir do ghlacadh
in-ócáid díth céille, mar déanann leithsgige agus fonamhaid go minic
mailís agus gráin an pheacaidh do cheilt nó do laighdiughadh, do
cuirfeadh fuath agus scannradh ort dá labharfaidhe dáríribh.



In-éan-fhocal, is peacthamhail an ní bheith ag spaisdeóireacht le
naomhthacht ná malluightheacht, mar déantar neimhnídh do gach cion, mar
adéarfainn, agus, leis sin, clódh bréige do chur ar an olc.



As an mbeagán somplaí seo tuigtear créad chomh fairsing díoghbhálach
do-leighiste atá peacadh na scannlach, óir tugann mí-ágh síorraidhe ar an
té thuiteann dá dheasgaibh, agus damnann seacht n-uaire an té as ughdar leis.
As so d'fhógair ár Slánuightheóir brón os cionn bróin ar an bpeacadh so.
“Ní fuláir,” adeir sé - 's é sin ag tagairt do mhí-riaghaltas an
tshaoghail - “go dtagaidh scannail, acht brón ar an bhfear úd dothugann
uaidh í. Má thugann éan-duine scannail d'éin-cheann


L. 8


do na ceannaibh beaga so do chreideann ionnam-sa, dob'fheárr dhó bró
mhuilinn do bheith fán-a mhuinéal, agus a bheith iarn-a chaitheamh
amach 'san bhfairrge.”



In-éaghmuis na scannlach so ar ar thráchtas do ghluaiseann go díreach
ó dhroich-intinn, tá iomad gníomhartha agus bréithre eile ró-urchóideacha
scannalacha ar an saoghal, gé nach dóigh le daoine iad do bheith amhlaidh;
agus, leis, ní chuirid, fóiríor, leath-shuim ionnta.



Ní mór d'olc déantar go fosgailte nach mbaineann roinn dá nimh le
daoine eile do mhalairt an ughdair; óir tá an duine ón-a nádúir féin
claon chum aithrise, agus, dá réir sin, pé aca sgáthán an uilc nó an
mhaitheasa bhíos os a chomhair, is gnáthach gurab é sin clódh dobhíos
air, ag a aigneadh is ag a ghníomhartha; agus, dá chionn sin, an nídh
bhíonn coitcheann bíonn neamh-scannartha, neimh-chionntach; agus, leis sin,
ní bhíonn leath-náire air siúd an rud do-rigne tú roimhe, do dhéanamh
id' dhiaidh.


L. 9


U 0201



Seanmóir a Dó.



Cionnas slighe an Tighearna d'Ullmhughadh.



(Ceathramhadh Domhnach na hAidbhinte.)



Ullmhuighidh slighe an Tighearna: déanaidh a chasáin díreach.
- Briathra léigmid ag N. Lúcás iii4.



Ag sin, a chomhluadar chríostamhail, an teagasg naomhtha do mhúineann an
Eaglais Chatoiliceach dhúinn 'san aimsir ró-bheannuighthe so chum, rinn-ne
d'ullmhughadh fá chomhair breith agus teacht ár Slánuightheóra Íosa
Críost ar an saoghal so. “Ullmhuighidh,” ar sí len-a cloinn uile, “slighe
an Tighearna, atá ag tuirling anuas ó sna flaitheasaibh ag fiosrughadh a
phobail agus dá sgaoileadh go lán-trócaireach ó dhaoirse an pheacaidh.
Déanaidh an chasáin díreach; bíodh na gleannta árduighthe; na sléibhte
agus na cnocáin íslighthe; na bealaigh chama díreach agus na garbhchomhangair
mínighthe ar éin-rian: 's é sin le rádh, ullmhuighidh sibh
féin chum toradh ioncholnuighthe Íosa Chríost do bhaint daoibh féin le
humhlaidheacht, le modhmhaile is le measardhacht, le fíréantacht aignidh
agus le deagh-shompla beathadh, ag cathughadh go cródha cosantach
in-aghaidh eascáirde fógartha bhur n-anam - an diabhal, an saoghal agus an
cholann.” Tá sé oireamhnach damh-sa, mar an gcéadna, an t-oideachas soin
d'athnuadhachain daoibh ar na laetheanthaibh so, in-a bhfuil sibh ar tí
bhur gcogcubhais do ghlanadh


L. 10


is do sgiamhradh ó gach gné pheacaidh le Sacraimint na hAithrighe, chum Corp
Naomhtha an tSlánuightheóra do ghlacadh fá bhur mbroinn mar as dual 's as
tairbheach do chríostaidhthibh é. Ullmhuighidh slighe an Tighearna, óir tá
sé cinnte gurab é glacadh Chuirp Chríost an gníomh as naomhtha agus as uaisle
dár gcreideamh. Is é ceann-tobar agus préamh móráin ghrásta agus
áird-tiodhlaiceadh, ar mhodh gur cóir dhaoibh gach uile imshníomh agus
aireachas do bheith oraibh chum triall chuige, agus gan na tabhartaisí
mór-luaigh atá agaibh le faghbháil as do chailleamhaint tré n-bhur
bhfaillighe ná tré n-bhur neamhmhothughadh féin.



Leis an Comaoine Naomhtha beirthear agus geintear Íosa Críost in-ár
gcroidhthibh. Acht dá mbéarthaoi go chomh-ionann i gcroidhthibh gach n-aon
do ghlacas é, ní bhéadh eidir-dhealughadh ar bith le tabhairt fá ndeara
idir an bhfíréan agus an peacthach; idir an té do chaitheann go ceanamhail
Corp Naomhtha an Tighearna, agus an té thruailligheann a chuid feóla agus
do ghlacann é mar gach biadh coitcheann. Ná meallaidh sibh féin, a
cháirde; muna mbéarthar Íosa Críost in-bhur gcroidhthibh leis an
gComaoine, básóchthar ionnta gan éan-chontabhairt é; muna ndéanfaidh
an Chomaoine rann-pháirteach sibh dá spiorad agus dá ghrásaibh, is fíor
ná béidh ann acht daoir-bhreitheamhnas báis agus anacra síorraidhe
dhaoibh. Tar a cheann sain, ní cóir cur suas uaidh, óir go fírinneach,
is é an t-arán do roinntear ann oileamhain folláin bhur n-anma - neart na
láidir, cothughadh na lag agus na bhfoiríseal, sólás na n-ocrach, agus
geall deimhnightheach na beathadh síorraidhe. Do-chímid, ar an ádhbhar
soin, créad é chomh díoghbhálach dár n-anmannaibh agus sgaramhaint le
ciste chomh mór-luaigh sin ná staonadh suas uaidh; gidheadh, is baoghlaighe
'ná soin, é


L. 11


do ghlacadh fán-ár mbroinn gan an t-ullmhughadh riachtanach do chur
roimhe; agus, dá thaobh soin, abraim libh anois an ath-uair, mar aon leis
an Eaglais i Soisgéal an Lae inniu - Ullmhuighidh slighe an Tighearna!
Díbridh as bhur gcroidhthibh gach nídh nach taithneamhach agus nach ionmhain
leis! Foghlaimighidh gan mearbhall na coinghill riachtanacha chum é do
ghlacadh mar as dual, agus déanaidh bhur ndícheall chum a mbeith agaibh!
In-a n-éaghmais sin, níl meadhón eile le faghbháil agaibh chum bhur
Slánuightheóir Íosa Críost do shealbhughadh, agus chum Comaoine
thoirbheartach do dhéanamh. Is é an teagasg lán-tairbheach so as meabhair
liom do chur in-umhail daoibh, agus do-ghníonn uile bhrígh agus eagar mo
chomhráidh. Taisbeánfaidh mé ar dtúis, cionnus as cóir dhaoibh coir chomh
mór le truailliughadh Fola agus Feóla ionadhartha Mhic Dé do sheachaint;
agus n-a dhiaidh sin, cionnus dothiocfaidh libh mórán grásta agus
tiodhlaiceadh do shaothrughadh dhaoibh féin leis an gComaoine, ag
craobhsgaoileadh dhaoibh 'san am chéadna na coinghill riachtanacha chum an
gníomh lán-tairbheach so do dhéanamh. Acht ar dtúis iarramaois go
dúthrachtach cráibhtheach congnamh an Spioraid Naoimh tré impidhe
chumhachtach na Maighdine Muire, ag rádh ó chroidhe an Beannachadh Muire
- Ave Maria, etc.



An Chéad Roinn.



Is é Corp Chríost an manna foluighthe: is é feóil agus bríoghmhaireacht
na n-anam láidir é; is é geall buain-tsheasmhach ar ghrádh agus ar
dhian-annsacht Íosa Chríost é, agus coimhlíonadh a pháise naomhtha chum
an an cineadh daonda d'fhuasgailt. Ar an ádhbhar sin, tá sé riachtanach
é d'eidir-dhealughadh ó gach oileamhain eile coitcheann, d'eagla easonóir
do thabhairt dó: non


L. 12


dijudicans Corpus Domini. Is é cothughadh na n-anam láidir é. Is cóir
dhúinn, dá bhrígh sin, sinn féin do léar-sgrúdadh sul do leómhfaimís
oileamhain chomh bríoghmhar leis do chaitheamh: probet autem seipsum homo.
Is geall dearbhtha grádha agus dian-annsachta Íosa Chríost orainn é. Badh
chóir mar sin é 'ghlacadh le hiomad ceana is macnais. Agus, fá dheóidh, ós
é coimhlíonadh a pháise chun an cineadh daonda d'fhuasgailt, tá sé ró-cheart
a bhás do chraobhsgaoileadh gach uair is tráth dá mbéimíd rann-pháirteach
leis, agus é d'ionnsaidhe le spiorad na croiche céasta: Quotiescunque
manducabitis panem hunc, et calicem bibetis, mortem Domini annuntiabitis
donec veniat. Le creideamh ómóis agus urrama neartóchthar sinn chum é
d'eidir-dhealughadh ó gach oileamhain eile. Le creideamh eagna agus
gliocais déanfamuid ár gcogcubhas do léar-sgrúdadh. Le creideamh
teas-ghrádha do-bhéarfamuid grádh agus annsacht dó. Le creideamh féile
is le flaitheamhalacht aignidh déanfamuid íodhbairt dínn féin dó.



A dhearbhráithearacha mo chroidhe, is creideamh ómósach do neartuigheann
gach críostaidhe chum Corp Naomhtha an Tighearna do thabhairt fá ndeara,
agus é d'eidir-dhealughad ó gach oileamhain eile ins an gComaoine
Beannuighthe: 's é sin le rádh, creideamh láidir beó, do threighdeann gach
néal dorchadais bhíos timcheall an Uain Trócairigh; creideamh bríoghmhar do
dhearcann suas ar a ghnúis ghléigil (ní i sgáil ná tré ghloine, acht aghaidh
ar aghaidh agus fá mar atá sé ann féin), agus do-bheir fá ndeara a ghlóire
is a mhórdhacht d'aimhdheóin an bhrait len-a bhfoluighthear é; creideamh
uasal, nach ngabhann do láimh a ghlóire do chuimsiughadh le hiomarca
dásachta, agus, tar 'éis sin, bhíonn líonta do


L. 13


lonnracht a ghné, do-chíonn aingil fhlaitheamhnais dá ndíonadh féin len-a
sgiathánaibh, agus árd-cholamhain neimhe ar chrith-eagla roimhe; an
creideamh úd, adeirim, dobhíonn lán d'ainmhian chrábhaidh agus
diadhamhlachta, ag druidim láimh leis an altóir bheannuighthe, go díreach
mar Maoise nuair do dhruid sé láimh leis an sgeich 'n-a raibh aingeal an
Tighearna, nó cosmhail le clannaibh Israel nuair thángadar in-iomfhogus
sléibhe na tóirnighe agus na lasrach, 'n-a dtug Dia amach a reacht do
Mhaoise. Is é an creideamh so, gan éan-amhras, ná géilleann do chlaontaibh
na gcéadfadh gcorpardha, agus do-bheir dhúinn le rádh tré spiorad
umhlaidheachta agus droich-mheasa orainn féin, mar aon le Naomh Peadar, -
“A Thighearna, ná tar im' ghaor, óir níl ionnam acht peacthach” - Exi a me,
quia homo peccator sum (Lúcás v.8), - ar chor, ó'n dtráth 'n-a dtugann sé
Iosa Críost fá ndeara idir lámhaibh an tshagairt, go mothuigheann sé an
oiread sin lonnraidh agus mórdhachta, go nglacann fanntais is mío-thapadh é,
d'eagla ná dearna an t-ullmhughadh oireamhnach chum é do ghlacadh. Ag sin go
fírinneach an creideamh d'iarrann an tEaspol orainn chun Corp Naomhtha an
Tighearna do chaitheamh. Gidheadh, a Shlánuightheóir ghléigil, cá bhfuil an
creideamh sin le faghbháil anois ar talamh? Ní headh amháin nach bhfuil sé
ag an gcoitcheanntacht, acht, fóiríor brónach! níl sé i measg do dheisciobal
féin. Nuair dothiocfaidh tú lá an bhreitheamhnais dhéidheanaigh ins na
spéarthaibh, id 'shuidhe go moladhchrothach ar néal lonnrach glórmhar,
glacfaidh an cineadh daonda sgannradh agus sgeimhle tríd; béidh na
malluightheóirí dá gcur féin i bhfolach ins na cuasánaibh as doimhne 's as
uaignighe le faghbháil, agus ag éigheamh go


L. 14


hárd, agus ag iarraidh ar na cnocaibh agus ar na sléibhtibh tuitim anuas
orra. Acht, a Thighearna, tá tú anois chomh fírinneach ar an altóir agus
béidh tú id' chathaoir bhreitheamhnais lá an bhreitheamhnais do láthair
cinidheach agus pobail an domhain. Dár ndóigh, ní féidir ná tuirlingid na
haingil anuas ó sna flaitheasaibh chum friothálamh agus chum ullmhughadh
dhuit, gach uair dá n-abrann an sagart focail coisrigthe na habhlainne. An
n-eadh ná tugann tú breith báis agus beathadh annso ins an gcathaoir
bhreitheamhnais so atá i bhfolach ó shúilibh na ndaoine? An n-eadh ná
sgríobhann tú ar m'éadan féin cáilidheacht do ghrádha agus do cheanamhlachta
orm, nó mo dhaoirse is mo dhamaint shíorruidhe? Uch! a Shlánuightheóir
dob'fhéidir gurab é uair 'n-a ndaorann tú mé, do lámhuighim druideamhain suas
leat, agus an uair 'n-a dteilgeann tú uait mé, d'ionnsaighim thú le
mór-dhásacht; an tráth, b'fhéidir, go bhfuil ifrionn dá osgailt mar ionad
comhnuighthe dham, is é sin an uair do leómhain teacht chum tú 'ghlacadh,
agus nuair nach bhfuil ionnam acht mac díbhfeirge, go gcuirim mé féin i measg
do chloinne toghtha, ionnas nach bhfuil in do chuid Fola bríoghmhaire, ná in
do chuid Feóla uaisle, acht fuil agus feóil pheacaidh dhamh-sa; - nach bhfuil
'san Uan gan teimheal, do bhris seacht séala leabhair an bháis chum fuasgailt
orainn, acht an séala deireannach chum mo choirtheacha do choimhlíonadh,
agus an té gur chóir dó bheith 'n-a Shlánuightheóir agam, gurab é féin cúis
mío-ágha agus damanta síorruidhe dham.



Níorbh'fhéidir, a chríostaidhthe, Dia d'fheiscint 'san tSean-Reacht gan bás
obann anabaidh d'fhagbháil dá chionn. Do-rigneadh léirsgrios ar chineadh
iomshlán na mBeitsimíteach i dtaobh amharc isteach go glinn len-a súilibh
ar Airc an Reachta.


L. 15


Do líonadh corp Eiliodórus do chneadhaibh tinne is do ghontaibh fuathmhara i
dtaobh dul isteach 'san ionad naomhtha, nach raibh ceadaightheach d'éinneach
acht do na sagartaibh inIerusalem. Ní raibh sé ceadaighthach do chlannaibh
Israel ins an bhfásach teacht láimh leis an sliabh in-a dtug Dia an
dligheadh do Mhaoise. Do choisgeadar tóirneach agus lasracha ar an bpobal
teacht in-iomfhogus dó; agus, dar ndóigh, dob'é an bás féin bhíodh ag
imtheacht roimh Dia Ábraim ar feadh a mhór-aisdir trí thíorthaibh na
geallamhna agus na hÉigipte. Acht anois, nuair nach bhfuilid teinteacha
dearg-lasracha ag éirghe suas ó'n altóir bheannuighthe chum na
malluightheóirí agus lucht' masluighthe Chuirp Naomhtha an Tighearna do
smachtughadh, níl crith-eagla ná ómós againn roimhe. Ó, mo náire! a
chríostaidhthe lag-spioradacha, 'gá bhfuil an oiread soin uachdaránacht ag
na céadfadhaibh corpardha oraibh, nach mbéidh crábhadh ná caon-dúthracht
agaibh, acht nuair do-chíonn sibh bhur nDia lán d'fheirg libh? Fiafruighim
daoibh anois - dá dtugadh sibh fá ndeara Corp Naomhtha an Tighearna le n-
bhur súilibh corpardha, agus dá ndéanadh bhur gcreideamh ins an tSacraimint
ár Slánuightheóir Iosa Críost do thaisbeánadh chomh soiléir agus dá
bhfeicimís do láthair é, arbh'fhéidir go dtiocfadh sibh chomh
neamhmhothuighthe sin chum é 'ghlacadh? Ó, a chríostaidhthe, níor dhóigh
libh an uair sin gur leór daoibh bheith sásta le beagán urnaighthe; le
bheith leath-uair ar bhur nglúinibh; nó le roinn na maidne do chaitheamh
in-uaigneas mar ullmhughadh roimhe. Níorbh'fhuláir mí nó sé seachtmhaine,
an chuid badh lúgha dhe, chum machtnamh air roimh-ré; agus dob'iad na
laethe ba ghiorra do'n téarma so na laethe trosgaidh, tréadhanais agus
urnaighthe. Dobhéadh an smuaineadh so cuimisgthe le n-bhur saoghalta,
in-bhur gcaitheamh


L. 16


aimsire agus in-bhur ainmheóntaibh, in-bhur ndúsacht, agus in-bhur
gcodladh féin. Níorbh'fhéidir le n-bhur n-anamaibh, líonta suas do'n
chreideamh láidir seo, do sgaramhaint in-éin-ionad leis. Ní bhéadh ins an
domhan mór, agus a chompórd agus a shult curtha le chéile, acht sgáil
bhréige, ionnus gurab é an íomháigh so go haonracánta do thógfadh suas an
uile aireachas agus foirlíontacht bhur n-anam.



Tar 'éis sin, tá a sháir-fhios agam go mbíonn buaidhreamh mór aignidh ar an
saoghaltánach féin le haghaidh Cásga is Nodlag, nuair as gnáthach le
críostaidhthibh, do réir dlighidh na n-uachtarán, teacht chum Comaoine.
Gidheadh, a Thighearna, ó's tusa do-chíonn rún an chroidh 'n-a geintear an
buaidhreamh sin; an buaidhreamh crábhaidh agus caon-dúthrachta é, fá mar
badh dhual do chréatúir chum teacht i láthair a Chruthuightheóra? Ní headh
go fírinneach; acht is cosmhail é le duairceas an bhioránaigh úd 'san
Soisgéal, dár aithin tú a rachtmas saoghalta do thréigean, agus tú do
leanmhain. Bíonn fuath aca do na laethibh beannuighthe seo, chomh maith
agus dá mbadh laetheanta dobróin agus mío-ágha dhóibh iad, agus gabhann
déistean iad um an gcóisir uasal so do Chuirp Naomhtha, ar chor nach dtagaid
id' ghoire acht go díreach mar na daill agus na bacaigh úd 'san Soisgéal;
'sé sin le rádh, nach fuláir go gcuirfid dlighthe na hEaglaise d'fhiachaibh
orra teacht as na háitibh coitcheanna, ó chaitheamh-aimsire, ó dhíomhaoineas
agus ó leathanbhealach a gcailleamhna shíorraidhe, chum chuidiughadh dod'
fhéasda. Gidheadh, do-chíonn tusa na hanammna díchreideamhacha sin ag
iarraidh meadhachain idir a ndualgasa agus a ndroch-chlaonta, ag lorg an
oide


L. 17


fhaoisdine as réidhe agus as neamh-chruadhálaighe, agus 'n-a dhiaidh sin,
dod' ionnsaighe an oiread faitchis agus dá mbadh eascara dhóibh tú. Is fíor
go dteilgeann tú go foluightheach uait iad 'n-a n-íodhbartachaibh daora
damanta, mar nach ionmhain leat-sa acht croidhe toilteanach áthasach, agus
ní roinneann tú do mhilseacht dho-innste le lucht an díombuidheachais. Agus
dá mbéitheá inneamhail ins an tSacraimint Naomhtha so chum na hosnaidhe
céadna do tharrang mar do-rigne tú in-allód ós cionn uaighe Lásaras, is
iomdha osnadh ath-thruaghach chráidhte do thairngeóchthá anois, ag dul
isteach dhuit ins na béalaibh neamh-ghlana, dia-mhasluightheacha dhuit ins
na béalaibh neamh-ghlana, dia-mhasluightheacha úd nach míochosmhail iad le
huaighibh osgailte chum bréantas agus malluightheacht do leathadh, mar
adubhairt an Fáidh Ríoghamhail - Sepulcrum patens est guttur eorum.



Admhuighmís, ar an ádhbhar sin, a chríostaidhthe, ár bhfaillighe agus ár
neimh-fhiúntacht. Is ró-fhánach bhíonn an creideamh ómósach soin againn le
n-a dtugamuid fá ndeara Corp Naomhtha an Tighearna. Is é creideamh as
gnáthaighe againn, creideamh lag foirimleach do-bheir éitheach dó féin nuair
do cuirtear i ngníomh é; 'n-ar dóigh linn, nach n-iarrann nídh eile orainn
acht admháil osgailte do dhéanamh, agus gan éimeachtain gurab é Corp
Naomhtha an Tighearna bhíos i lámhaibh an tshagairt, len-a gcaillimid ár
n-urraim 's ár n-ómós dó le hiomarcaidh taithighe agus dlúth-mhuinnteardhais,
nó ár ngreann is ár n-annsacht le hiomad faillighe; in-éan-fhocal,
creideamh seasgair tuataidhe bhíonn againn, gan bhrígh, gan bheódhacht, agus
mar sin, neimhfhiúntacht do'n Dia uile-chumhachtach do thaisbeánann sé
dhúinn. Is é ní chialluigheas do Chorp d'eidirdhealughadh, a
Shlánuightheóir, níos mó ceana agus


L. 18


macnais do bheith againn ar an lón neamhdha so 'ná ar fheóil is méithreas na
hEigipte, dá dheagh-bhlasda, is a chur in-aithne dhúinn, gurab é féin ár
sólás aonracánta ins an ngleann so na ndeór, milseacht agus laighdiughadh ar
ár bpiantaibh, leigheas folláin ar ár gcneadhaibh, agus dúil ghnáthach na
n-anam bhfíréanta. Is ann féin do-gheóbhmuis, gan éin-mhearbhall, síothcháin
'n-ár mbuaidhreamh, fuithin agus díon láidir 'n-ár n-anró agus 'n-ár
ngéir-leanamhnaibh; sgiath dín agus clogaid comhraic chum sinn do chosaint ar
ionnsaidhibh an mhic mhallachtain; furtacht chumasach in-aghaidh saighde
nimhneach na colna cuirpthe; agus áird-mhian chum ár gcrábhadh agus ár
gcaon-dúthracht do leasughadh agus d'athnuadhchain. Go fírinneach, a
Thighearna, chum do Chorp Naomhtha d'eidir-dhealughadh, ní mór níos mó
aireachais agus imshnímh do bheith orainn 'ná chum éan-saothair eile dár
mbeathaidh; ómós do bheith againn do'n teampall in-a dtugtar onóir agus
mór-mholadh dhuit: do na sagartaibh coisrigthe dobhíonn ag friothálamh
dhuit, agus dár gcolainn féin do ghlacann agus do shealbhuigheann go
fírinneach thú.



'San dara háit, déanamuis léar-sgrúdadh ar ár cogcubhas, ag machtnamh ar
naomhthacht na Sacraiminte seo, agus ar ár malluightheacht féin, fá mar do
mhúineann an tEaspol dúinn, - Probet autem seipsum homo - óir is é, gan
éan-amhras, feóil Iosa Chríost é, arán na n-aingeal, agus an tUan gan
teimheal, le nach ionmhain acht na daoine nár thruailligh iad féin fós leis an
bpeacadh mharbhthach, nó an mhuinntear, tar éis tuitim ann, d'ionnlaidh
iad féin i bhfuil na haithrighe, agus dobhíos ag sír-chleachtadh na
subhailcí o shoin ale. Acht fiafruighim díot anois, a chríostaidhe atá ag
triall chum Comaoine leis an oiread soin neamhmhothughadh, an dtugann


L. 19


tú leat chuige banamhlacht, measardhacht, cneastacht, agus
neimh-chionntacht? An n-eadh nach bhfuil uachtaránacht agad
'dhroch-chlaontaibh agus ag do shaobh-nósaibh fós ar do chroidhe
mheathta? Nó an bhfuil éin-ionad dod' cholainn, nó ball dod'
bhallaibh slán folláin gan comharthaí malluightheachta air? Agus, dá bhrígh
sin, cá bhfuighidh tú ionad oireamhnach chum Corp Naomhtha an Uain trócairigh
do shuidheachan? Ní féidir gurab ar do theangain do chuirfeá é, atá chomh
truaillighthe sin le salachar agus bréantas, le bréig agus le héitheach, le
díoghaltas, le gearrthóireacht agus le monabar i gcoinne na comharsan? Agus
dar ndóigh, ní leómhfá é 'chur ar do chroidhe atá chomh lom-lán do
dhúilibh mío-bhanamhla, do mhiangasaibh brúideamhla náireacha, do thnúth,
do fhormad, do shainnt agus do dhíomas. Ní féidir go gcuirfeá an Corp
Naomhtha úd, do céasadh ar do shon, i lár na mbeathaidheach éigciallta
gráineamhail san, ná ionad comhnuidhthe do réidhtiughadh dhó 'n-a measg.



Gidheadh, is gnáthach le críostaidhe a rádh - do-rigne mé léarsgrúdadh ar mo
chogcubhas, agus níor ghlacas Corp Naomhtha mo Shlánuightheóra gan faoisdin
do dhéanamh roimh-ré. Bíodh go ndeárnaidh tú soin, cionnas thiocfaidh tú
chum é 'ghlacadh leis an mbéal cheudna as ar theilg tú, níl nóimeant ó
shoin, an oiread soin coirtheach gráineamhail, agus le croidhe atá ar
adhaint fós le míle droch-chlaonta nár múchadh, agus dobhéidh imbáireach
nó uman-oirthear, ath-adhanta arís chomh dona agus chomh tubaisteach agus
dobhíodar riamh; agus, tar 'éis sin, níl náire ná mántacht ort teacht go
hurradhasach chum na haltóra, agus bheith rann-pháirteach ins an tSacraimint
seo, atá geárrtha amach chum cothughadh agus oileamhain spioradálta na
bhfíréan: 's é sin le rádh, ag éirghe suas dod' ghlúinibh dhuit ód' oide
faoisdine, is é an Chomaoine do


L. 20


dhéanann ionad aithrighe dhuit, go ngluaiseann tú d'éinrith ó'n bpeacadh gus
an altóir; agus in-ionad deóra troma flúirseacha do shileadh i measg
lucht' na haithrighe fíre, tagann tú chum compórd an Tighearna do bhlaiseadh
i bhfochair na Naomh agus na ndaoine mbeannuighthe: in-ionad tú
d'oileamhain le harán na duaidhnéise agus an chruadhtain, ritheann tú suas
chum na cóisire flaitheamhla seo: in-éan-fhocal, in-ionad seasamh siar go
foirísiol ag dorus an teampaill mar an puibliocánach, ní mór dhuit bheith
chomh dána agus dul isteach 'san Ionad Naomhtha féin.



I dtosach na hEaglaise, agus ar feadh mórán aimsire 'n-a dhiaidh, ní raibh
sé ceaduighthach ag na haithrighighibh Corp Naomhtha an Tighearna do
ghlacadh acht tar éis bliadhanta foirlíonta do chaitheamh in-urnaighthibh,
i dtrosgadh agus i dtréadhanas. d'ionnlaidís a peacaidh len-a ndeóra;
agus dob'é an Chomaoine, mar sin, an t-arán beannuighthe do chosain mórán
duaidh agus allais do'n pheacthach. Acht indiu, is dóigh leis an bpeacthach
go ndéantar leór-shásamh do Dhia 'n-a pheacaidhibh, má ghníonn faoisdin
ionnta; measann sé go dtugann an absolóid croidhe-bhrughadh uaidh féin dó,
agus nach n-iarrann an ghlaineacht as dual do bheith aige chum Corp Naomhtha
an Tighearna do chaitheamh, acht admháil fhírinneach ar lobhthacht agus ar
bhréantas a chneadh.



Ná meallaidh sibh féin, a chríostaidhthe. Comaoine gan bhrígh
gan tairbhe a leithéid sin: itheann agus ólann sibh bhur ndaoirbhreitheamhnas
féin. Níor múchadh bhur mioscais ná bhur ndíoghaltas fós.
Tá sibh ag coimeád an droch-chomhluadar chéadna thug fá ndeara ...



Tá cuid do'n láimh-scríbhinn ar iarraidh annso.


L. 21


An Dara Roinn.



....tSacraimint seo, mar is ann do-rigne Iosa Críost íodhbairt de féin
do'n Athair Shíorruidhe, ag sgaramhaint go rúindiamhrach a chuid fola agus
feóla. Acht is é ceacht éifeachtamhail as féidir linn d'fhoghluim as,
gur cóir dhúinn bheith ag colamhain na h-altóra chomh maith is dá
mbéimís ag bun na croise, go díreach mar na deisciobail agus mar mhná
cathrach Ierusalem, dobhí ag feitheamh le hosnaidhe déidheanacha Iosa
Chríost do chloistin, agus d'fhan do láthair, nó go bhfeacadar íodhbairt
fholamhail na croise dá coimhlíonadh. Acht tá sé soiléir créad é
méad an ghráin agus an fuath dobhí aca ar lucht básuighthe a maighistir,
agus créad é chomh doimhin agus do ghabh gach easmail, gan peannaid, agus
gach dochar dá fhuiling sé trín-a gcroidhthibh anonn, ionnus go
n-abraidís leis an Athair Uile-chumhachtach - “Buail, a Thighearna, buail
sinn-ne atá cionntach, acht coigil ár Maighistir atá neimh-chionntach.”
Ar an ádhbhar soin, a cháirde, dalta do dhéanamh fós do'n tshaoghal so,
náire bheith oraibh mar gheall ar an gcroich chéasta, gan bhur
Slánuightheóir d'admháil go hosgailte gan spleádhchas i láthair na
ndaoine, agus, tar 'éis sin, bheith in-bhur ndlúth-chomhnaidhe leis ins an
gComaoine, níl ann acht an t-éitheach lom-nochtuighthe do thabhairt daoibh
féin. Do bhuaidh ár Maighistir-ne ar an saoghal so: do bhásuigh sé a
lochta agus do cheangal do'n chrois iad. Dá bhrígh sin, tá sé d'fhiachaibh
orainn-ne aithris do dhéanamh air ins an gComaoine; cuimhneamh ar an
gcoscair agus ar an nglan-bhuadh rug sé; agus má mhaireann an saoghal fós
in-ár gcroidhthibh, é do theilgean


L. 22


uainn gan mhoill, d'eagla toradh móréadálach a bháis do chailleamhaint, nó a
pháis d'athnuadhchan in-ionad é 'chraobhsgaoileadh.



Fá dheóidh, aithrismíd bás Iosa Chríost leis an gComaoine, mar is
é coimhlíonadh iodhbarta na croiche céasta é, agus gheibhmíd toradh
agus tairbhe na hiodhbarta sin ann. Acht is é ní do-bheir ceart
dlisteanach dhúinn chum toradh na croiche céasta, agus mar sin chum toradh
na croiche céasta, agus mar sin chum Comaoine, trosgadh agus tréadhanas
do dhéanamh go ró-mhinic; anró agus bochtaineacht d'fhulang go foighideach;
gach easonóir dá bhfagham do mhaitheamh ó chroidhe, agus beatha
inmheadhónach aithrigheach do chleachtadh. Fiafruighim daoibh, créad é
an chóir ná an cearta atá ag an té mhaireas i lár sáimhe agus
seasgaireachta, lán do mhórchúis agus d'uabhar, agus é cothuighthe le
biadh agus le deoch dá fheabhas, é féin d'oileamhain le feóil do céasadh
ar chrann scannalach na croise? A chríostaidhthe, chum sibh féin
d'oileamhain go tairbheach le feóil Iosa Chríost, ní mór d'bhur mballaibh
bheith n-a mballaibh oireamhnacha dhó-san; ní mór d'bhur gcolnaibh bheith
cosmhail len-a cholainn sin. Acht is colann chéasta colann Mhic Dé, agus
ní raibh ball dá bhallaibh gan pianta nimhneacha d'fhulang. Dá bhrígh sin,
má chuireann beagán anacra ná droch-amhantar saoghalta buaidhreamh fós
oraibh, muna dtréigidh sibh bhur ndroch-chomhluadar, agus muna ndeanaidh
sibh mórán oibreach smachtuighthe na colna, ní thiocfaidh libh bhur
gcuid fola agus feóla do chomh-aontughadh le feóil mhasluighthe an
Tighearna, óir níl sé ceadaightheach ag éinneach é féin d'oileamhain
le méithreas na talmhan so agus leis an arán neamhdha úd in-éinfheacht,
go díreach mar chlann Israel, ag nár thúisge do bhlaiseadar tortha na
talmhan tar éis teacht thar teórain tíre Chanaan dóibh, 'ná níor thuit
an manna chúcha ní ba mhó, agus ní


L. 23


fhuaradar an oileamhain neamhdha sin
ní ba shia: defecitque manna postquam comederunt de frugibus terrae.



An Críochnughadh.



O, a Shlánuightheóir ró-mhilis, tá toradh na Comaoine Beannuighthe,
nuair do-ghníthear mar as cóir é, chomh haoibhinn, chomh hiomadamhail
sin, nach cás é do mhothughadh ná d'aithint do'n chéad amas! Bíonn
an t-anam do ghlacann tú mar as dual chomh sgéimheamhail, chomh foirlíonta
suas do ghrásaibh agus dod' mhór-thiodhlaicthibh, ar chor, dá mbéimís
gan éan-chomhartha eile againn ar olcas agus ar neimh-fhiúntacht ár
gComaoine, acht nach mbraithimíd atharrughadh iomchair na beathadh dá
shaothrughadh uaidh, nár beag dúinn é chum náire, chum crith-eagla do
bheith orainn. Nuair ithimíd do chuid feóla neartmhaire mar as dual do'n
fhíréan, bímíd 'n-ár gcomhnaidhe ionnat, agus tusa id' chomhnaidhe
ionainn: 'sé sin le rádh, go bhfágbhann do chuid Fola ró-uaisle, atá
ag sileadh síos 'n-a sruthánaibh sonais trín-ár bhféitheannaibh, na
dúile céadna, an chneasteacht chéadna, agus an aigneadh céadna bhí agat
féin ionainn, ionnas nach mbíonn ionainn acht do mhacsamhail féin, gur
ró-chosmhail sinn le ríogh-thánaistíbh, nó le hoighridhibh na fola
ríoghdha, 'n-ar chóir go bhfeicfidhe 'n-ár ngnúis agus 'n-ár n-éadan
íoghair mórdhachta, ag craobhsgaoileadh ár n-uaisleachta agus ár
ndlúth-chomhfhogais leat; dá bhrígh sin, go bhfil sé lán-oireamhnach
aigneadh uasal neamhdha do bheith againn, agus gach aigneadh spadánta
talmhaidhe do theilgean uainn, agus gan ár gcroidhthe bheith fós dár
dtarrang tríd an lathaigh, acht iad d'árdughadh go móir-intinneach
misneamhail os cionn na gcréatúirí.


L. 24


Nuair ithimíd do chuid feóla mar as dual, múineann tú dhúinn cionnas
do mhairfimís ar do shon, agus cionnus a mhairfimíd tríot go síorraidhe.
Gidheadh, tar 'éis sin uile, cread é an chiall go mairimíd níos mó do'n
tshaoghal cailleamhnach so, dá réim agus dá rachtmas, d'aoibhneas agus
d'ollmhaitheas na beathadh, ar son ár gcloinne, ár ndaoine muinnteardha,
agus ár gclannmhaicne, agus gan fiú na leath-uaire 'san ló do chaitheamh ar
do shon-sa?



Acht fiafruighim díot mar sin, a Thighearna, cad as cóir dhúinn do
dhéanamh? An é druideamhaint siar ód' Chorp Naomhtha, milseacht na
beathadh críostamhla do thréigean, agus gan lón marthannach na gcompórd
doichríochnuighthe do bhlaiseadh feasta arís? O! ní headh go
fírinneach a Iosa! Ní hé sin do chomhairle dham. Ní hé sin ba
mheabhair leat, nuair do cheap tú do Chorp Naomhtha mar Shacraimint, agus
mar Aifrionn comhnuightheach ag d'eaglais. Níor mheabhair leat, go
dtréigfimís mar sin thú, acht ba mhaith leat go n-ullmhuighmís sinn féin
chum tú 'ghlacadh. Níor mheabhair leat arán do chlainne toghtha
d'éimeachtain orainn, acht ba mhaith leat, nach gcuirfeadh ár malluightheacht
d'fhiachaibh ort damaint shíorraidhe do shíneadh chughainn id' ionad féin.



Ullmhuigh, a Thighearna, da bhrígh sin, ullmhuigh i meadhon ár
gcroidhthe ionad comhnuighthe dhuit féin; mínigh na hárdáin; dírigh na
caim-bhealaigh, cóirigh ár miangasa; smachtuigh ár ndroch-chlaonta; agus
cruthuigh ionainn smuainte nua. Agus, ó's tusa amháin len-ar féidir
slighe sonais d'ullmhughadh romhat féin, deónaigh bheith id' réimhtheachtaire
agat féin, agus líon suas ár n-anamna dod' Spiorad agus dod'
ghrásaibh, do-chum go mb'fhiú sinn do Chorp Naomhtha do ghlacadh, agus


L. 25


maireachtain id' fhochair ins na flaitheasaibh i gcomhluadar na Naomh is na
nAingeal le saoghal na saoghal! - beannacht mharthannach iarraim daoibh-se
is dam féin in-Ainm an Athair agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 26


B 1817ls
U 0401
Seanmóir a Trí



An Bheatha Shíorraidhe.



(Soisgéal do'n Domhnach tar éis lá na dTrí Ríghthe).



Créad an fáth 'n-ar loirgeabhar mé? Nach raibh 'fhios agaibh gurab
éigean dom bheith cúramach timcheall gnótha m'athar?



(Briathra léighmid ag Naomh Lúcás Soisgéalaidhe, an dara caibidil, agus an
naomhadh rann tar éis an dá fhichid).



Créad an fhoghlaim í sin ar ar labhair Iosa Críost indiu i measc
dochtúirí an dlighidh? An n-í foghlaim riaghaluightheóirí glioca
amasach an tsaoghail seo, deo chuireas bréigriocht ar an uile nídh chum a
n-intinn agus a miana neimh-dhlisteanach do thabhairt chum crích e? Ní hí,
a dhearbhráithreacha, óir deimhnigheann an Slánuightheóir grádhmhar
dúinn, muna dtigmid chum bheith bog simplidhe, ar nós na leanbh, nach
n-áitreóbhamuid go bráth ríoghacht na bhflaitheas. An n-í foghlaim,
nó ealadha, sinn féin do dhéanamh saidhbhir 'san tshaoghal so? Ní hí,
óir ní admhálann Iosa Críost do shaidhbhreas 'san tshaoghal so acht na
grása agus an ghlóir shíorraidhe. An n-í foghlaim sinn féin d'árdughadh
chum onóra agus áirdchéime, chum ár n-ainmhiana do shásamh? Ní hí,
óir is é roinn dheisciobail Iosa Chríost an umhlacht fá leith. Leis sin,
créad í an fhoghlaim ar an labhair sé i measg na ndochtúirí? Atá,
a dhearbhráithreacha, foghlaim na Naomh, réir Dé do dhéanamh chum áirdchéime
'thuilleamh 'sa bhflaitheas. Seo í an fhoghlaim atá d'ualach ar
sheirbhíseachaibh an Teampaill do theagasg do na fíréanaibh, nó


L. 27


do na críostaidhthibh chum aitheanta Iosa Chríost do choimhlíonadh. Is í
an fhoghlaim seo an mhór-obair len-a raibh a intinn féin líonta ón-a
chliabhán, mar as soiléir so-thuigse ó'n bhfreagra thug sé ar a Mháthair
Bheannuighthe, agus doghnídheas príomh-ádhbhar an teagaisg seo.



Ní raibh 'n-a bhás agus 'n-a bheathaidh acht an uile mheadhon chum
sláinte shíorraidhe an chinidh daonda do shaothrughadh. Ag seo an nídh
céadna ar ar mian liom trácht libh i dteagasg an lae indiu: 's é sin
le rádh, gurab í an bheatha shíorraidhe do shaothrughadh an obair as
tábhachtaighe agus as suimeamhla 'san domhan, ar a dtráchtfad 'san gcéad
roinn dom' chomhrádh. 'San dara háit, nach bhfuil obair 'san domhan, ag
labhairt go coitcheann, as mo curtha i bhfaillighe 'ná í. Leis seo
cuirfidh mé síos fo-mheadhóin chum mór-oibre na sláinte síorraidhe do
shaothrughadh: sin iad na neithe ar a dtráchtfad 'san dara roinn. Acht
chum go mb'fheáirrde thiocfadh liom an teagasg so do chur i gcéill daoibh,
agus chum gur móide rachadh sé chum glóire Dé agus leasa anma gach n-aon
dá bhfuil do láthair, guidheamaoid cabhair an Spioraid Naoimh tré
eadarghuidhe na Maighdine Glórmhaire Muire ag rádh Fáilte an Aingil, srl.



An Chéad Roinn.



Tá dhá cháilidheacht ann go prionnsapálta do thaisbeánas tábhacht agus
suimeamhlacht éin-nídh .i. a riachtanas agus a mhaitheas; agus seo an dá
cháilidheacht oireas go hiomshlán d'obair na sláinte shíorraidhe obair
as riachtanamhal as féidir le duine do bheith aige, acht fós gurab í an
éan-obair as riachtanach í.


L. 28


Múineann Iosa Críost féin an nídh seo dhúinn ar mhódh ró-chorruightheach.
d'imthigh sé tráth go teaghlach an dias deirbhsheathrach .i. Marta agus
Madailéin. Dobhí intinn agus aigneadh Mhadailéin go hiomshlán ar
chomhrádh len-a Maighistir Naomhtha, agus an éisteacht len-a bhriathra
agus len-a ghuth beannuighthe, an feadh dobhí a deirbhshiúr cúramach
ag gléas féasda do'n té do-rigne d'onóir dhi techt dá fiosrughadh.
Ní raibh ó Mhadailéin, mar adeir San Aibhistín linn, acht í féin
d'oileamhaint leis an arán .i. leis an mbeathaidh neamhdha do roinn sé
go fiarsing fiúnta, an áit nach raibh ón-a deirbhshiúir acht beatha
agus oileamhain chorpordha do thabhairt do'n té bheireas oileamhain agus
beatha do chréatúiríbh an domhain le chéile. Nuair do-chonnaic Marta
an duadh agus an trioblóid dobhí uirri féin ag ullmhughadh beathadh dá
deóraidhe, do ghearán sí nach raibh a deirbhshiúr ag tabhairt congnamh
ar bith dhi, agus gur fhág sí an duadh go hiomshlán uirri féin.



An deóraidhe .i. Iosa Críost, a bhfad ón-a páirt do ghlacadh,
d'fhreagair í ins na briathraibh iongantacha so, nár cheart dúinn do
dhearmad go bráth: “A Mharta, a Mharta (ar sé) do-bheir tú an iomarca
duaidh agus trioblóide dhuit féin i mórán neithe; gidheadh, bíodh
'fhios agat nach bhfuil acht éin-nídh amháin riachtanach. Rug do
dheirbhshiúr Madailéin, ar a bhfuilir ag gearán agus ag tabhairt milleáin,
an rogha as fearr - rogha nach gcaillfidh sí agus nach mbainfear dhi go
bráth.”



Cad is dóigh libh, a dhearbhráithreacha, do'n bhreitheamhnas soin an
tSlánuightheóra, nó cad é an breitheamhnas do-bhéarfadh sibh ar a
leithéid d'ócáid? Nár dhóigh le duine go raibh iomchur Mhadailéin
mí-bhéasach, neamhmhúinte; ar an dtaoibh eile, go raibh iomchur Mharta


L. 29


ionnraic oireamhnach, ag déanamh na hoibre as mó ar an talamh .i. ag déanamh
a dhíchill ar Shlánuightheóir an domhain do ghlacadh 'n-a teaghlach mar ba
chuibhe? Ar a shon soin, thug Iosa malairt breitheamhnais ar an nídh. Ní
dhéanann Críost acht neimhnídh do ghníomharthaibh foirimeallacha saoghalta i
gcompráid d'éan-nóiméad amháin in-obair na sláinte síorraidhe.



Ní raibh 'n-a ndubhairt an Slánuightheóir beannuighthe an uair sin,
acht sír-leanmhaint a bheathadh agus a mhian chum sláinte síorraidhe an
chinidh daonda. Ar an uile ócáid thigeas 'n-a shlighidh, taisbeánann
sé gurab í sin an éan-obair as riachtanach. Má iarrann an diabhal air,
na clocha d'iompodh 'n-a n-arán chum ocrais do shásamh, mar a léighmid
ag Matha Soisgéalaidhe, an ceathramhadh caibidil, freagrann é, nach é an
t-arán amháin beatha an duine, acht focail bheannuighthe Dé. Má
iarraid a dheisciobail air, oileamhaint do ghlacadh tar éis riain fhada,
mar a léighmid 'san gceathramhadh caibidil do Naomh Eóin Soisgéalaidhe,
spreagann iad go bhfuil beatha eile ró-neamh-chosmhail leis an mbeathaidh
sin do thairgid dó .i. toil a Athar do choimhlíonadh, ag oibriughadh
sláinte síorraidhe an chinidh daonda. Dob'é sin bun agus críoch a
shaoghail uile, agus chuige sin do thuirling sé ó na Flaithis. Is chuige
sin do ghlac sé colann daonda air. Má ghníonn teagasg, má ghníonn
míorbhail, má ghníonn trosgadh, má ghníonn urnaighthe, má imthigheann
ar feadh an domhain ag craobhsgaoileadh an tSoisgéil, is chum na críche
céadna é. Is chuige sin, adeirim, d'fhulaing sé páis agus bás, ionnus
go raibh a oideas nó a theagasg agus a ghníomhartha d'éan-nádúir. Ar
uairibh adeir sé nach bhfuil maitheas do'n duine an domhan uile do
bhuadhchan má chailleann sé a anam féin, mar a léighmid ag Matha
Soisgéalaidh 'san seiseadh


L. 30


caibidil déag: “Quid enim prodest homini si mundum universum
lucretur, animae vero suae detrimentum patriatur?”



Ar uairibh eile comhairligheann a dheisciobail, agus na fíréin uile 'n-a
bpearsain, fíoch nó coimhéigean do dhéanamh orra féin chum ríoghacht
na bhflaitheas do thuilleamh. Gríosann iad, spreagann iad, déanann an
uile nídh chum a chur d'ualach orra iodhbairt do dhéanamh dá gcuid do'n
tshaoghal, dá saidhbhreas, dá n-aoibhneas, dá sláinte agus dá ngradam,
in-éan-fhocal dá mbeathaidh, chum na mór-oibre sin na sláinte. Seo an
nídh chialluigheas na somplaí nó na cosamhlachtaí 'n-a bhfuil an Soisgéal
tuilte, agus an t-ionnmhas foluighthe; seo, adeirim, nídh nach fuláir
a cheannach ar chostas a bhfuil againn 'san tshaoghal, dá cheanamhlacht.



Do thuigeadar na Naoimh go sár-mhaith intinn an árd-riaghluightheóra
agus do leanadar a shompla. Créad nach ndearnadar chum an aoibhnis agus
na háird-chéime 'n-a bhfuil siad indiu do thuilleamh agus do shaothrughadh
dhóibh féin? Chum a chur i dtuigsint daoibh mar badh chóir, níor
bh'fhuláir a ngníomhartha iongantacha do chur os bhur gcomhair, mar atá
a gcathaidhe, a mbuaidhreamh, a n-aithrighe, a dtrosgadh agus a dtréadhanas,
a neamh-shuim 'san tshaoghal, a ndiúltadh iomshlán do'n uile nídh
chuirfeadh compórd orra 'san tshaoghal so, mar atá onóir, aiteas,
saidhbhreas; agus, nios mó 'ná sin go léir, an céasadh inmheadhónach
agus an diúltadh thugadh dóibh féin, an buadh iomshlán rugadar ar
ainmhianaibh na colna agus na nádúire.



Do chaith cuid aca a mbeatha ar nós na ndaoine bhfiadhain, agus do
chomhnuigheadar trí fichid bliadhan 'san bhfásach i measg na mbeathaidheach
n-éigciallta - agus sin go léir chum a gCruthuightheóra do shealbhughadh
lá eile. Do thréigeadar an mhuinntear so a maoin, a


L. 31


saidhbhreas, a n-óirchiste, agus a ngrianáin ró-áilne, ró-mhaiseamhla. Do
dhiúltuigheadar coróineacha agus riaghlughadh críoch. Do thréigeadar an
rachtmas dob'aoirde agus dob'onóraighe. Cuid eile thug suas iad féin do
na pionósaibh agus do na peannaidibh ba ghonta agus dob'uathbhásaighe.
d'fhuilingeadar go buaintsheasmhach an uile shórt báis agus páise, dá
chruadhálaihe agus dá uathbhásaighe, chum coróin na síorraidheachta do
shaothrughadh agus do thuilleamh. Cad chuige an fhulaing Naomh Labhrás é
féin do dhóghadh nó do losgadh ar ghreidil le laig-theine? Cad chuige ar
fhulaing Naomh Partholán an croiceann do bhuaint de 'n-a bheathaidh? Nach
chum na beathadh síorraidhe do dheimhniughadh dhóibh féin? Ní dhearnadar
acht neimhnídh d'olc agus do mhaitheas an tshaoghail seo i gcomóradh d'olc
agus do mhaitheas na síorraidheachta.



Indiu féin, cá mhéad fear agus bean dhruideas iad féin suas i
mainistreachaibh agus i dtighthibh riaghalta chum na colna do smachtughadh?
Ag trosgadh gach uile lá, ag obair gan sosadh, ag rádh agus ag seinm na
hOifige Beannuighthe do ló agus d'oidhche; in-éan-fhocal, ag fulang agus
ag gabháil tré gach cruadháil, dá mhéid agus dá thrioblóidighe. O!
a mhuinntir úd do chaitheas sólás agus aiteas an tshaoghail seo, cionnas
as dóigh libh an luach saothair céadna d'fhagbháil, do-gheibhid na
seirbhísigh seo an Tighearna do chuireas síor-chogadh orra féin, an feadh
bhíonn sibh-se ag lorg agus ag caitheamh an uile nídhe chum sásaimh agus
compóird do chur oraibh, agus ag séanadh agus ag seachaint gach uile
chruadhála agus trioblóide, dá laighead.



Ní beag dúinn ciall nádúrtha agus gnáith-eólas chuma chur 'n-a
luighe orainn féin cad é chomh riachtanach agus atá obair na sláinte
síorraidhe. Nach bhfuil 'fhios againn


L. 32


uile, agus nach bhfeicmid gach éan-lá, nach bhfuil i ngnóthaidhe an domhain
le chéile acht neimhnídh i gcompráid do'n obair sin ár slánuighthe? Bíodh
go dtiocfadh duine chum an fhortúin as aoirde, agus 'chum na honóra agus
chum na caithréime as mó 'san domhan; bíodh go dtiocfadh duine chum a
bheith 'n-a phápa, 'n-a impire, nó 'n-a rígh; bíodh, adeirim, go
dtabharfadh an saoghal urraim agus fómós dó; fós, go n-adhraidís é mar dhia
ar an talamh; bíodh, leis sin go léir, go bhfuil an tsláinte as fearr 'san
domhan aige, créad 'n-a gcríochnuigheann soin uile. Críochnuighean 'san
uaigh.



A chríostaidhthe, tiocfaidh an ceann céadna d'iomchras, nó ar a
bhfuil an choróin ríoghdha chum a bheith 'n-a áitreabh phiast. Tiocfaidh
an cholann chéadna tugadh suas chomh hiomarcach chomh galánta soin, chum
a bheith n-a bheathaidh do phiastaibh adhfhuathmhara gráineamhla. Cá
mhéad duine chonnacamar dá n-iomlait féin a saidhbhreas, agus ó nár
theastuigh ní ar domhan chum a saoghail agus a mbeathadh do chaitheamh go
sólásach? Nach bhfuaradar uile bás? Nár fhágbhadar a saidhbhreas ag
daoinibh eile dá ndéis? Éirigh agus tásdáil, nó féach an tuamba nó
an uaigh 'n-ar cuireadh iad. Cad do-gheibheann tú ann, acht piasta agus
dreóidhteacht agus breántas? Tá drong daoine ann nach bhfuil 'n-a
mbeathaidh acht aiteas, aoibhneas, agus caitheamh aimsire. Acht cionnas soin
go léir? Críochnuigheann mar seo, a dhearbhráithreacha; tiocfaidh an
galar agus an t-éagcruas i ndiaidh na deagh-shláinte; an trom-aois agus
an ársacht i ndiaidh an aitis agus na meanman; pianós agus pianta i
ndiaidh an chaitheamh aimsire.



Do chaith a lán do'n tshaoghal mórán do'n tsaoghal ar bhainsibh agus
ar phóstaibh le hiliomad aitis agus aoibhnis,


L. 33


agus cad dobhí dá bhárr aca lá arn-a bháireach? Cad a bhéas aca, adeirim,
lá a mbáis do bhárr na bpléasúr agus na gcaitheamh aimsire mí-riaghalta
cionntach dá dtugadar iad féin ar feadh a mbeathadh, muna mbéadh doilgheas
ró-mhór, sgrupail iongantacha cogcubhais, nó, dob'fhéidir, éadóchas
iomshlán uathbhásach? Abramaoid arís le hIosa Críost: “cad é an tairbhe
do'n duine, an domhan uile do shealbhughadh agus 'ainmhiana do shásamh ar
feadh beagáin aimsire, má chailleann sé a anam féin, agus má chíonn sé é féin
daortha chum pianta ifrinn d'fhulang ar feadh na síorraidheachta.”



Créad é an tairbhe do'n duine shaidhbhir, ar a léighmid 'san
séamhadh caibidil déag do Naomh Lúcás, feabhas an bídh agus na dighe do
bhí aige i rith beagáin aimsire 'san tshaoghal so, agus go mbéidh ag
fulang tarta agus ocrais an lucht damanta ar feadh na síorraidheachta?
Créad an maitheas do mhórán daoine an saidhbhreas agus an fortún dorigneadar
ar chostas a gcogcubhais, na hoighridhe sonaidhe sásta d'fhágadar
'n-a ndiaidh, ó tá siad féin caillte gan gairm tar a n-ais? Cad é an
maitheas dúinn a nglacamaoid orainn 'san tshaoghal so do ghnóthaíbh agus
do chúram, do dhuadh agus do thrioblóidíbh, ó's éigin dúinn iad uile
d'fhágbháil 'n-ar ndiaidh i bhfír-bheagán aimsire chum imtheacht go
hionad ár mbuan-chomhnaidhe? Is cuma dhúinn ar feadh ár n-aimsire 'san
tshaoghal so, cia aca a bhéidhmid bocht nó saidhbhir, lag nó láidir,
go maith nó ar dhíth sláinte, ó's éigin dúin fá dheireadh ár
gcoingheall d'aistriughadh, agus fanamhaint go bráth 'san gcoingheall 'n-a
mbéidhmid ar an móiment déidheanach dár saoghal; 'sé sin le rádh,
sábhálta nó damanta. Bíodh gur mhair duine céad bliadhan, go raibh a
rachtmas buain-tsheasmhach mar aon len-a cháirdibh uile agus len-a
ghaoltaibh, bíodh go


L. 34


bhfaca a chlann i ngradam agus in-onóir, cionnas d'fhéachfadh sé orra so go
léir ar leabaidh a bháis agus ar an mbuille chum an phuith dhéidheanaigh do
chur amach? As so, a dhearbhráithreacha, is follus nach bhfuil 'san
tshaoghal so acht suarachas agus buaidhreadh aignidh, do réir agaill an
Spioraid Naoimh, agus nach bhfuil acht éinnídh amháin riachtanach agus do
thuilleas ár n-aire agus ár n-imshníomh; 's é sin obair na sláinte
síorraidhe, do bhrígh gurab í an tshláinte shíorraidhe gan comóradh obair as
mó 'san domhan.



Tá dhá mhodh chum luach éan-tshaothar d'fhagbháil amach, 's é sin,
an meas nó an breitheamhnas a bhíos a lucht 'aitheanta air, agus na fiacha
do chuirid siad 'n-a cheann; óir chum luach nó fiacha earraidh ar domhan
d'fhaghbháil amach, ní fuláir comhairle d'iarraidh ar lucht 'aitheanta
agus a thuigseana. Cuir péarla cloch-luachmhar i measg blúireach criostail
nó gloine do'n fhuirm agus nach mór do'n daith chéadna, agus tabhair a
rogha do dhuine nach bhfaca riamh roimhe sin a leithéidí. Bhéarfaidh rogha
ar nós an daill. Tógfaidh sé blúire do'n ghloine nach fiú pighinnín
chomh luath leis an bpéarla as fiú míle púnt. Mar an gcéadna do'n
tshaoghal i dtaoibh oibre na sláinte síorraidhe, an péarla sin an
tSoisgéil nach féidir fiacha do chur 'n-a cheann.



Leis sin, a dhearbhráithreacha, iarramoid comhairle ar Iosa Críost
agus ar na naomhaibh i dtaoibh luach agus fiacha na sláinte síorraidhe.
Fiafruighmíd créad adubhradar air. Léigheamaoid an Soisgéal agus
sgríbhinn na nAithreacha Naomhtha; agus 'n-a dhiaidh sin, féachamaoid
cionnas mar cheannuigheadar an ghlóir agus an t-aoibhneas 'n-a bhfuilid
indiu, agus cad thugadar uatha 'n-a n-áit. Thug an taoiseach .i. Iosa
Críost, é féin suas chum báis, agus do dhoirt an braon déidheanach dá
chuid


L. 35


fola chum sláinte shíorraidhe na n-anam do shaothrughadh. Thugadar na Naoimh
uatha, mar an gcéadna, a raibh aca; do-rigneadar iodhbairt díobh féin chum
na críche céadna do thuilleamh dhóibh féin.



Anois, a chríostaidhthe, do bhrígh go ndearna Iosa Críost an oiread soin
chum ár slánuighthe agus ár sábhála, cad nár chóir dhúinn do dhéanamh 'n-ár
gcúis féin, agus chum ár maitheasa féin? Acht chum go mb'fheáirrde
thiocfamaois chum ár sláinte shíorraidhe do shaothrughadh, cuirimíd í go
fóill le gnóthaidhe eile an tshaoghail seo. Créad o dhéinid na daoine ar an
saoghal so? Múineann, a dhearbhráithreacha, an Fáidh Isaias dúinn é 'san
naomhadh caibidil déag tar éis an dá-fhichid, mar a n-abair sé: Telas
araneae texuerunt .i. “Ní dhéinid acht sranga nó neadracha dabháin-alla,”
's é sin le rádh, neimhní agus suarachas. Créad í críoch taisdil imigcéinigh
ar fhairrge, tráchdáil ceannaidhthe, alluis lucht' oibre agus ceárdaidhthe?
Atá neadracha dabháin-alla do dhéanamh. Créadh í críoch an rachtmais as
aoirde, na bpósadh as ághmharaighe? Ní'l acht neada dabháin-alla
'dhéanamh. Leis sin, a chríostaidhthe, gabhamaoid do láimh an obair
thairbheach bhuaintsheasmhach úd ná téidh ar gcúl go bráth: Cruinnighmíd
lón agus saidhbhreas i gcomhair na síorraidheachta, do réir oidis agus
comhairle Iosa Chríost 'san séamhadh caibidil do Mhatha Soisgéalaidhe,
mar a n-abair. “Thesaurizate autem vobis thesauros in coelo; ubi
neque aerugo, neque tinea domolitur,” srl. Seo é, a chríostaidhthe,
an óir-chisde agus an saidhbhreas nach n-itheann an mheirg agus
nach féidir le buachaillíbh díomhaoine do bhrith leó, nó chum siubhail.
Dá bhrígh sin, a dhearbhráithreacha, tugamaoid dí-mheas agus
tarcuisne do neithibh suaracha díombuana an tshaoghail seo.
Smuaineamaoid nach bhfuil ionnta acht sgáth; ná déanamaois aithris
ar


L. 36


na daoinibh mí-fhortúnacha mí-ághmharacha so d'fhéachas ar obair a sláinte
síorraidhe mar an obair dhéidheanach, ní ar ar gheallas trácht 'san dara
roinn.



An Dara Roinn.



Chum a chruthughadh agus a chur i gcéill daoibh gan contabhairt, nach bhfuil
ní ar an saoghal as mó curtha i bhfaillighe ná obair na sláinte
síorraidhe, nó fós, gurab í an éan-obair cuirtear i bhfaillighe í, ní
fhuil agaibh, a dhearbhráithreacha, acht féachaint ar iomchur na ndaoine;
óir cuarduighidh an uile aois agus an uile chineál, idir fhear agus mhnaoi,
an uile choingheall agus slighe bheathadh, do-chífidh sibh go mbéidh
uathbhás agus iongantas oraibh tríd an neamh-shuim do-bheirid siad i
n-obair a slánuighthe, agus an déine agus an dúthracht len-a ndéanaid
siad a ngnóthaí eile go léir.



Fiafruighim daoibh an bhfuil éan-duine in-bhur measg, len-a
mb'fhéidir a rádh le fírinne, go ndearna sé dá anam féin i gcomhair
oighreachta na bhflaitheas, an chéadmhadh chuid dá ndearna sé dá cholainn
agus dá mhaoin saoghalta. Bun-os-cionn leis sin, fóiríor! atá mórán
agaibh, do ghlac oraibh féin an oiread, nó b'fhéidir níos mó duaidh,
cúraim agus trioblóide i dtaoibh neithe ndíombuan an tshaoghail seo, 'ná
do ghlacadar na Naoimh as mó orra chum iad féin do dheimhniughadh do chisde
agus do mhaitheas bioth-bhuan na síorraidheachta.



Ag sin dá nídh as fonn liom do chruthughadh dhaoibh go diongmhálta;
agus chum a suidheachan daoibh, ní iarrfaidh mé mar fhiadhnaise acht bhur
gcogcubhas, bhur dtuigsint agus bhur ngnáith-eólas féin. Féachamaois
anois créad do-rigneamar agus créad do-ghníd daoine gach éan-lá i
dtaoibh a ngnóthaidhe saoghalta. Airmhighmíd an aimsir do chaith daoine
ar obair dhuail mharbhthaigh; an t-imshníomh agus an


L. 37


cúram do ghlacaid siad orra féin chum cúis dlighidh do bhuadhchan, chum a
saidhbhris do mhéadughadh agus chum dul ar a n-aghaidh ins gach nídh chuirid
siad rómpa, bíodh sé ceart nó aincheart; an gliocas náireach agus an
teilgean beart dodhéanaid siad chum iad féin do shaoradh, nó do tharraing
fá mhaise, ó dhroich-ghníomh éigin in-a rabhadar cionntach. Agus mar sin,
in-éanfhocal, cia fhéadfadh cuimhneamh ar a ndéinid agus ar a bhfuilingid
siad mar gheall ar fheabhraod nó ar neimhnídh, ar dhorn créafóige, ar ghal
beag onóra, agus mar gheall ar neithibh eile mealltacha díombuana an
tshaoghail seo?



Ar an taobh eile, a dhearbhráithreacha, féachaidh créad do-rigneabhar
féin, agus créad dodhéanfas urmhór an domhain chum na mór-oibre sin na
síorraidheachta. B'fhéidir go ndéarfaidh sibh liom go n-abarthaoi bhur
n-urnaighthe ag luighe agus ag éirghe dhaoibh, go n-éisteann sibh Aifreann
Domhnaigh agus lae saoire, go ndéanann sibh fo-laetheanta trosgaidh; go
ndéintí déirc agus deagh-oibreacha eile. B'fhéidir go bhfuil sin fíor;
ar a shon soin, tá 'fhios agaibh chomh maith liom-sa go bhfuil mórán
críostaidhthe nach ndéanann éin-nídh dhíobh so go léir. Bíodh go bhfuil
cuid do na fíréanaibh do choimhlíonas na dualgais seo. 'S í an cheist,
cionnas do choimhlíonaid iad, óir nach milltear urmhór na n-urnaighthe le
buaidhreadh agus le meartughadh intinne? Ná masluighthear agus ná
truaillighthear Sacraimint Bheannuighthe agus tobar na ngrás? Nach
dtugaid na hoibreacha as beannuighthe agus as fearr ionnta féin chum bheith
díomhaoin mar gheall ar an droich-intinn len-a ndéantar iad? Agus dá
sgrúdfaidhe iad go fírinneach, cá mhéad aca do thuill an bheatha
shíorraidhe? Acht adéarfaidh sibh fós liom, nach í toil Dé dhéanas
duine agus, dá bhrígh sin, obair a shlánuighthe, nuair a bheireas aire dá
ghnóthaíbh


L. 38


saoghalta agus do choimhlíonas do dúthrachtach dualgais a shligheadh
bheathadh? Tá soin fírinneach, agus múineann an tEaspal, Naomh Pól, dúinn
é i mbriathraibh fuinneamhla 'n-a chéad litir chum na gCoirintíneach, an
deachmhadh caibidil. Sive ergo manducatis, sive bibitis, sive aliud quid
facitis: omnia in gloriam Dei facite .i. “má's ag ithe dhaoibh, má's ag ól
daoibh, má's ag obair ar bith eile dhaoibh: déanaidh na huile do-chum glóire
agus onóra Dé, agus tuillfidh sibh luach d'fhaghbháil,” - coingheall atá
chomh riachtanach soin, a dhearbhráithreacha, nach bhfuil acht neimhnídh agus
díomhaoineas i ngnóthaíbh an domhain in'iongnais.



Féachaidh, a chríostaidhthe, arbh'é so bun agus críoch bhur n-oibreach.
Munarbh'é, ní raibh acht díomhaoineas 'n-bhur meabhair. Féachaidh ar
lochtaíbh bur mbeathadh d'imthigh tharaibh, cá liacht uair do bhriseabhar
dlighe Dé? Cá liacht uair do chuireabhar i bhfaillighe na hoibliogáidí
ba mhó agus ba riachtanasamhla? Cá liacht smuaineadh, focal agus gníomh
coirtheach mí-riaghalta 'n-a rabhabhar cionntach? Cá mhéad lá agus uair
do chaitheabhar go holc agus in-oibreachaibh an dorchadais? In-éan-fhocal,
áirmhighidh tharaibh, má's féidir libh, gach uile mhóimeant dá bhur
mbeathaidh, agus féachaidh cá mhéad do chaitheabhar dhi in-obair bhur
slánuighthe? Do chaitheabhar cuid di i gcodladh neimh-riachtanach. Do
thógbhadar an caitheamh aimsire díomhaoin agus na droich-ghníomhartha suas
cuid di. Do thógbhadar bhur ngnóthaidhe saoghalta, do-rigneabhar,
adeirim, le droich-intinn agus gan na coinghill eile riachtanacha suas nach
mór an cuid eile go léir, ar mhodh nach féidir libh a rádh, go raibh
agaibh acht tamaill bheaga do chaitheabhar ar oibreachaibh dobhí go maith i
gcosamhlacht. Gidheadh, b'fhéidir ná rigneadh iad leis na coinghill atá
riachtanach chum an luach saothair do thuilleamhain, atá geallta gearrtha
amach do'n mhuinntir dhéanfas


L. 39


a n-uile obair agus a n-uile ghnó chum glóire Dé. Dá bhrígh sin, a
dhearbhráithreacha, admhuighidh go fírinneach nach ndearna sibh go dtí se
nach mór éin-nídh chum na hoibre sin na síorraidheachta, agus fós, go bhfuil
mórán nár thosnuigh fós.



Taisbeánfaidh mé dhaoibh 'san dara háit, gur mó an t-imshníomh agus
an cúram do ghlacaid daoine orra i dtaoibh neithe agus gnótha an tshaoghail
seo 'ná do ghlacadar na Naoimh ba mhó orra féin i dtaoibh mór-oibre na
sláinte síorraidhe. Is fíor go raibh daoine ann do shéan a ndúithche,
do thréig a n-aithreacha agus a máithreacha, a ndaoine muinteardha agus an
saoghal go hiomshlán chum Iosa Críost do leanamhaint. Gidheadh, ná
tréigid ceannaidhthe agus lucht tráchtála do ghrádh fághbháltais, a
ndúithche, a mná agus a gclann? Nach rithid siad dainnséar na bhfairrgí
gcoimhthigheach. Nach ndéanaid iodhbairt dá sláinte agus dá suaimhneas?
Nach gcuirid i gcontabhairt gach nídh, dá cheanamhlacht, dá bhfuil aca
ar an saoghal, agus a mbeatha nó a saoghal féin chum saidhbhir do dhéanamh,
nach bhfuilid deimhneach do shealbhughadh éan-lá amháin, agus nach fuláir
dhóibh do thréigean ar uair a mbáis? Doconnacthas, an amhras, aithrighigh
bheannuighthe ag maslughadh agus ag truailliughadh a gcolna le trosgadh, agus
le tréadhanas ró-iongantach. Gidheadh, nach ndéanaid daoine an oiread, nó,
b'fhéidir, níos mó, chum an tshaoghail seo do shásamh? Cá mhéad
sglábhuidhe bocht do thraochas agus do mharbhas é féin mar gheall ar luach
saothair feabhraodach éigin? Nach mó duadh agus trioblóid ceárdaidhthe
bochta 'ná an aithrighe as géire agus as cruadhálaighe? Thugadar na
mairtírigh iad féin suas chum bais mar gheall ar a gcreideamh; acht nach
ndéanann saighdiúirí agus lucht airm nó cogaidh an oiread mar gheall ar
phuinte onóra? Ní fhaghbhaid na mairtírigh bás acht aon uair


L. 40


amháin. Gidheadh, nach féidir a rádh go bhfaghbhaidh an drong eile bás
chomh minic is théid chum comhraic? Dobhí an céad drong an-áirithe luach
saothair síorraidhe d'fhaghbháil. Dá réir sin, cad é an luach saothair nach
dtuillfeadh lucht cogaidh, dá ndéanfaidís an uile obair agus an uile
dhualgas nó dhiúitéidh chum glóire Dé? Níor fhuilingeadar na mairtírigh
acht beagán uaireanta, nó an chuid as mó dhe, beagán laetheanta. Gidheadh,
fiafruigh de shaighdiúir do chaith deich mbliadhanta fichead nó dá-fhichid
bliadhan 'san arm cad d'fhuiling sé, agus ní féidir libh a chlos gan
crith-eagla agus uathbhás.



Is mór do labhraid daoine ar churadhálaidheacht na beathadh do chaithidh
fir agus mná riaghalta. Gidheadh, nach cruadhálaighe go mór an bheatha
do chaithid sglábhaidhthe bochta agus ceárdaidhthe, óir ins na tighthibh
as cruadhálaighe bíonn, an chuid as lugha dhe, ach uile nídh as riachtanach
aca in-aimsir gearrtha amach chum búird agus leabtha. Gidheadh, nach
mbíonn lucht oibre nó sglábhaidhthe agus ceárdaidhthe 'n-a seasamh ar a
gcosaibh do ló agus d'oidhche, agus, 'n-a dheóidh sin, ar dhroch-bheathaidh,
ar dhroich-leabthain, agus nochtuighthe le gach sín? Nídh as uathbhásaighe
'ná soin go léir, cad é an duadh agus an trioblóid ná gabhaid tríd chum
a n-ainmhiana do shásamh, chum díoghaltas do dhéanamh ar a naimhdibh, nó,
chum labhairt níos cinnte, chum iad féin do theilgean go fír-íochtar
ifrinn. Cad é duadh agus trioblóid lucht fiadhaigh agus sealgaireachta, ag
imtheacht tré choillte agus tré bhogacha, tré chnoca agus tré shléibhte,
tré theas agus tré fhuacht, go ró-mhinic fá thart agus fá ocras - agus
míle sompla eile do'n tshórt so nach bhfuil aimsir agam d'aithris ná do
nochtadh dhaoibh.



O, a pheacacha earráideacha, is féidir a rádh le fírinne, gur
shracabhar sibh féin i slighidh agus in-obair na malluightheachta, agus
gur mó do chosain bhur ndamaint daoibh


L. 41


'ná do chosain an ghlóir shíorraidhe do na Naomhaibh. Adeirid na hAithreacha
Naomhtha, ag feicsint an iomchuir seo na saoghaltánach, gurab ag magadh agus
ag fonomhaid atá siad fán-a sláinte síorraidhe, nuair a dhéanaid iodhbairt
dá gcuid do'n tshaoghal chum a n-ainmhiana brúideamhla do shásamh. Nár
thaisbeánabhar go follus an mí-mheas dobhí agaibh ar an mór-obair sin bhur
sláinte nuair thugabhar bhur n-aire agus bhur n-intinn go hiomshlán do
neithibh chomh tarcaisneach, chomh dí-mheasta soin. Nár imreabhar céad
uair, nó b'fhéidir míle uair, bhur sláinte síorraidhe i gcoinne feabhraod.



d'imreabhar bhur n-anam, d'imreabhar bhur gcuid d'oighreacht na bhflaitheas
agus an choróin neamhdha dobhí ceaptha dhaoibh ann. 'Se é an diabhal
do-rigne connradh libh, do chuir an spioraid mhalluighthe sin bhur gcoinne,
fo-ghráinneacha luaithreamháin nó créafóige, sólás beag míochlúdhach nóimint
na huaire, díoghaltas agus sásamh suarach, gal beag onóra, agus mar sin. Do
chuireabhar dá bhur dtaobh féin óir-chisde agus saidhbhreas do-choimsighthe,
do-chríochnuighthe na bhflaitheas. d'imir, adeirim, an spioraid
mhalluighthe sin an dorchadas libh; agus le neimhnídh rug uaibh aiteas is
aoibhneas na bhflaitheas agus an phósta shíorraidhe. O a imirt mhalluighthe
dhiablaidhe, 'n-a gcailleann duine a chuid do'n tshaoghal, aiteas agus sólás
síorraidhe, agus in nach mbeireann sé acht pianta síorraidhe! Ag so an
nídh, a dhearbhráithreacha, ar a raibh fios ró-mhaith ag rígh áirithe ar
leabaidh a bháis; acht, faraor! ró-dhéidheanach, mar a léighmid 'na
bheathaidh .i. an t-ochtmhadh Annraoi, Rí Sacsan.



Ar mbeith do'n phrionnsa mhalluighthe sin ar na puintíb déidheanacha,
agus ag cuimhneamh ar na coirthibh do-rigne sé, na sganlacha thug sé dá
fhómósaidhthibh, nó dá mhuinntir - ar an díoghbháil doi-leighiste
do-rigne


L. 42


sé do'n Teampall nó do'n Eaglais, agus ag feicsint uaisle a
chúirte 'n-a thimcheall ba bhun agus ba chúis len-a dhroich-ghníomhartha
go huile, d'fhéach orra go dólásach truaighmhéileach agus adubhairt:
“A cháirde, do chaitheamar an t-iomshlán; d'imreamar ár n-anmanna,
ár gcogcubhas, agus ár sláinte shíorraidhe; d'imreamar ár ndaoine,
ár ríoghacht agus ár gcreideamh, agus do chailleamar an t-iomshlán agus
Ríoghacht na bhFlaitheas. Dobhíomar cionntach i gcailleamhaint na mílte
anmann neimh-chionntach; do chailleamar grása Dé, agus an tshíorraidheacht
mharthannach.” Ag labhairt na bhfocal ndéidheanach sin dó, thug suas a
anam mí-ághmharach.



Anois, a chríostaidhthe, fiafróchaidh sibh dhíom, gan amhras, cad
as éigean do dhéanamh chum na héan-oibre móire sin na sláinte síorraidhe
do shaothrughadh. Aithriseóchaidh mé dhaoibh cad adubhairt Iosa Críost
féin ar an ócáid sin 'san deachmhadh caibidil do Naomh Lúcás mar a
n-abair sé: “Má's maith libh an bheatha shíorraidhe d'fhaghbháil,
coimhlíonadh go fírinneach dligheadh agus aitheanta Dé” As so, a
dhearbhráithreacha, taisbeánfaidh mé trí meadhóin daoibh do stiúrfas
sibh gan contabhairt chum na glóire síorraidhe, má dhéanann sibh úsáid
díobh mar as cóir.



'Sé an céad mheadhón, bheith ag machtnamh do ghnáth ar fhírinníbh
an chreidimh; an dara meadhón, seasamh amach go meisneamhail cródha i
n-aghaidh bhur gclaonta agus bhur n-ainmhian mealltach; an tríomhadh
meadhón, bheith buaintsheasmhach pointeállta ag coimhlíonadh coilbiogáidí
bhur sligheadh bheathadh.



An céad mheadhón, adeirim, chum sinn féin do shábháil, síormhachtnamh
do dhéanamh ar fhírinníbh an chreidimh, óir cad é an
tiobraid ón-a dtigeann na coirthe agus an mhalluightheach dá bhfuil an
talamh tuilte? Innseann


L. 43


an Spiorad Naomh dhaoibh é le béal an Fháidh Ieremias. “Tigid as so”, ar sé,
“mar nach ndéanaid machtnamh ar domhan ar fhírinníbh an chreidimh. Ní
smuainighidh acht ar a n-uiresbadhaibh agus ar a ngnóthaíbh saoghalta, agus
dearmadaid a sláinte shíorraidhe.”



An dara meadhon chum na beathadh síorraidhe do shaothrughadh agus do
thuilleamh, seasamh amach go meisneamhail cródha in-aghaidh bhur gclaonta
agus bhur n-ainmhian, óir ní fuláir do dhuine troid agus comhrac gan
sosadh; ní fuláir dhó a chros d'iomchur, agus ní fuláir do dhuine
buadhchan air féin.



An tríomhadh meadhón, bheith pointeállta ag coimhlíonadh oibliogáidí
nó dualgas a shligheadh bheathadh. Ná cuireadh aon duine in-iúl dó
féin guab éigean dó gníomhartha agus oibreacha iongantacha aidhbhseacha
do dhéanamh chum a shláinte shíorraidhe do shaothrughadh, óir is ar
choimhlíonadh ár ndualgas atá ar sábháil. Níl aimsear agam seasamh
níos sia ar an mórdháltacht so.



Leis sin, a dhearbhráithreacha, tosnuighmíd chum na héan-oibre móire
seo ár sláinte síorraidhe do shaothrughadh. Saothruighmíd í, adeirim,
as láthair go héasgaidh, go dúthrachtach agus go buain-tsheasmhach.
Tosnuighmíd í ar an nóimeant seo, agus nuair a chuirfimid ár lámha
éan-uair amháin 'san obair, ná glacadh tuirse ná díomhaoineas sinn.
Leanamaoid di go meisneamhail, do-chlaoidhte. Má bhíonn sé do mhíágh
orainn faillighe do thabhairt innti, tá an t-iomshlán caillte.



Is uathbhásach an ní é so, a chríostaidhthe. An bhfuil éan-duine 'san
gCriostamhlacht uile do thabhairt suas mar soin, dá thoil féin, an t-ionad
atá ceaptha gearrtha amach dó ins na flaithis ó aimsir a bhaistidh? An
bhfuil éan-duine 'san gCríostamhlacht, adeirim, d'aontóchadh é féin do
chailleamhaint, agus pianta síorraidhe ifrinn d'fhulang? Níl meadhón ar
domhan


L. 44


eatorra; ní fhuil acht sábháil síorraidhe nó damaint síorraidhe; acht
sólás síorraidhe nó pionós síorraidhe. Ná léigidh go bráth as bhur gcuimhne
na as bhur radharc na smuainte seo, agus abraidh libh féin gach uile lá;
Muna mbéimid i bhflaitheamhnas ar feadh na síorraidheachta, béimid in-
ifrionn. Seo an tshlighe chum na bhflaitheas do shaothrughadh agus do
shealbhughadh: nídh d'iarraim-se dhaoibh-se agus dam féin - In-Ainm an
Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 45


B 1816ls
Seanmóir a Ceathair.



Ar an gCathughadh.



Do seóladh ár Slánuightheóir Íosa Críost leis an spioraid gus an
bhfásach chum an diabhail do chur cathughadh air.



(Briathra léightear ag Naomh Matha, Soisgéalaidhe, ins an gceathramhadh
caibidil, agus 'san gcéad rann).



Dob'aon do na prímh-réasúin fá ndeara do na Iúdaidhthibh in-allód rí
d'iarraidh, an mhuinighin dobhí aca go mbéadh sé 'n-a cheann orra, go
ndéanfadh cogadh dhóibh, agus go seasóchadh féin na céad ghoraidhe 'san
gcath: Et egredietur ante nos, et pugnabit bella nostra pro nobis.



Má bhaineann sé le riaghlughadh críoch agus le tairbhe na
puiblidheachta gan a riaghaltóirí do nochtadh le guais nó dainnsear
comh mór sin, b'é toil le mór-eolas agus le trócaire Dé, rí agus Dia
'thabhairt dúinn-ne ar an gcoingheall sin; rí agus Dia 'thabhairt dúinn-ne
ar an gcoingheall sin; rí agus Dia, adeirim, le nach leór sinn
d'fheicsint ósna flaitheasaibh ag comhrac ar an saoghal so, acht do
thuirlingeas i bpearsain ar an dtalamh chum sinn do spreagadh chum catha,
ag tabhairt sompla dhúinn; an tí bhíos i láthair gach catha chuireas an
diabhal orainn; an tí nochtas dúinn a chealg agus a chleasa; an tí, fá
dheóidh, d'fhuilingeas agus bhuadhas ar a chathaidhe i bpearsain, chum na
sligheadh do réidhteach agus do thaisbeáint dúinn-ne buadhchan orra ar
aithris. Taisbeánann Soisgéal an lae indiu dhúinn é ar an modh so; 's
é sin, gur seóladh do'n fhásach é, - ductus est Jesus in desertum. Ní
fhuil iongnadh orm tríd, a dhearbhráithreacha


L. 46


- óir do ghrádhuigh sé riamh na háiteacha uaigneacha diamhaire, - gur
seóladh ann é leis an Spiorad naomhtha. Is lúgha 'ná sin m'iongnadh, do
bhrígh nárbh'fhéidir leis malairt na spioraide bheith mar threóraidhe aige
- a spiritu. Acht gur seóladh ann é leis an spioraid bheannuighthe seo chum
cathughadh do chur air, seo an ní nárbh'fhéidir liom a thuigsint ná do chur
i meabhair, muna mbéadh gur aithris Matha dhúinn é i mbriathraibh
so-thuigseana - ut tentaretur a diabolo.



Atá dhá ní agam le taisbeánadh dhaoibh as an mhóirfhírinne seo do
dhéanfas suas suim mo chomhráidh. An chéad ní; nach fuláir an
cathughadh d'fhulang, ar ar mian liom trácht ins an gcéad roinn dom'
chomhrádh. An dara ní; nach fuláir eagla bheith roimhe, agus buaidh do
bhreith air, ar a dtráchtfad ins an dara roinn. Ní fuláir a fhulang, mar
tá sé urchóideach cealgach, agus buaidh bhreith air, chum ár nglóire
síorraidhe féin.



Cá bhfuil sompla ná cruthughadh againn leis? Atá i bpearsain Iosa
Chriost; agus ag leanamhain ár Soisgéil, is deimhin go dtaisbeánfaidh
bheith Chríost féin nochtuighthe le gach gné cathuighthe agus ag breith
buadha air, a chealg agus a urchóid dúinn, agus taisbeánfaidh an tshlighe
dhúinn chum buadha 'bhreith air mar an gcéadna. Acht do bhrígh nach leór
sinn féin go haonaránach chum an teagaisg seo do chruthughadh mar as
cuibhe, guidhmíd congnamh an Spioraid Naoimh tré eadarghuidhe na Maighdine
Glórmhaire Muire ag rádh Beannachadh an Aingil, etc.



An Chéad Roinn.



Badh dheacair linn a chreideamhain gurbh'é toil Chríost an diabhal
do chur cathughadh air, muna mbéadh a fhios againn gur aontuigh sé, ar
mbeith in-a cheann


L. 47


orainn agus in-a phátrún againn, ár gclódh do ghlacadh air, chum a
thabhairt le tuigsin dúinn, tar éis é féin d'fhulang cathughadh ár námhad,
an diabhal, nárbh'fhéidir linn-ne, cibé ar bith coingheall in-a mbéimís,
sinn féin do shaoradh uaidh. Atámuid-ne déanta d'fhuil agus d'fheoil.
Do b'é toil Chríost fuil agus feóil do ghlacadh mar aon linn-ne chum
cumhachta agus aintreise an námhad, an diabhal, do chlaoidhe agus do chur ar
neimhnídh. Ní leór soin. Tá an fhuil agus an fheóil in-a n-ádhbhar
buaidhrimh agus gleó againn, agus do ghlac air iad, mar an gcéadna, chum an
diabhail do tharraing chum catha agus comhraic leis: unde debuit per omnia
fratribus similari, ut misericors fieret. Is ar an ádhbhar soin bhí
d'ualach ar Chríost é féin do chur i gcosamhlacht len-a dhaoine ins an uile
nídh; is ar an ádhbhar soin, gan pheacadh, gan ainbhfios, ba thoil leis
trén-a thrócaire neamhchuimsighthe, bheith rann-pháirteach leó in-a
gclaontaibh agus in-a dtrioblóidíbh. Cuirtear cathughadh orra, agus is é a
thoil é. d'fhulaing masla agus tarcuisne ó'n diabhal; agus dob'é a
thoil é, ar an ádhbhar soin, mar adeir Naomh Pól linn in-a litir chum na
nEabhrach, gur cuireadh cathughadh air féin. Ins gach uile nídh d'fhulaing
sé go toilteanach deigh-intinneach ar ár son: In eo enim, in quo passus est
ipse et tentatus.



Acht créad an uair ar cuireadh cathughadh ar Chríost? Do cuireadh
é, adeir Naomh Matha, tar éis é 'ghlacadh baistidh ó láimh Eóin, tar
éis a Athar shíorraidhe dá dheimhniughadh gurbh'é a Mhac é, agus tar
éis é 'dhul do'n fhásach. O na gnéithe iongantacha so thaisbeánas
dúinn, adeir Naomh Gréagóir, gurab éigean do'n uile dhuine aontughadh an
cathughah d'iomchur, do bhrígh go bhfuil sé riachtanach dhúinn, ní headh
amháin i gcáilidheacht


L. 48


créatúirí, acht fós i gcáilidheacht críostaidhthe, agus go prionsapálta ar
aistriughadh ár mbeathadh dhúinn, agus ar ár n-ionnladh in-uisgíbh na
haithrighe, fíoghartha le huisgíbh Iordan, nó an tan dodhéanamaoid
comhnaidhe ar bith ins na subhailcidhibh, agus do sgaramaoid sinn féin ó
ghnóthaidhibh an tshaoghail seo. Nuair chuireas duine roimhe cur suas do'n
pheacadh, druim a lámha do thabhairt do'n tshaoghal, na cuideachtain nó an
comhluadar do sheachnadh len-a raibh ceangal taithneamhach, gidh
cinneamhnach, roimhe sin aige, O a Thighearna Dhia! cad é an t-uathbhás, na
stoirmeacha agus na trioblóidí chuireas an diabhal air, an tráth sin. Sin
an uair chuireas i ngníomh a chealg agus a chleasa go huile chum an
deagh-smuaineamh sin dobhí aige, do chiorrbhughadh agus do dhíbirt uaidh.
Is uime sin do chuireas i gcuimhne dhó dócamhal na haithrighe, na hachrainn,
an duadh agus an trioblóid bhíos in-úsáid agus i dtaithighe na subhailcidhe,
an t-aiteas agus an t-aoibhneas bhíos i gcomhludar agus i mórán do
shubhailcidhibh eile an tshaoghail seo. In-a dhiaidh sin, labhrann leis ar
an modh so. “Créad mheasas tú do dhéanamh, nó cad é an riocht in-ar fonn
leat tú féin do chur? An measann tú faillighe do thabhairt 'san tshaoghal
thug taithneamh chomh mór soin duit, id' dhainibh muinnteardha dodhéanann
mórán maitheasa agus caradais duit. Is éagsamhlach an t-iomchur é seo! Ná
feiceann tú go mbéidh aithreachas ort ar ball, do chionn daoine do thréigean
tré chrábhadh díorraisg, le nach féidir thú 'fhóghnamh as san suas? Má's
fonn leat do bheatha d'aistriughadh, fan fós beagán bliadhanta, glac aimsir
chum ná déanfá éin-ní go díorraisg nárbh'fhéidir leat a ghairm thar n-ais.
Smuainigh go bhfuilir leat a ghairm thar n-ais. Smuainigh go bhfuilir ag
cur suas do shólás agus d'aoibhneas láithreach, chum tréadhanais agus
crábhaidh, dob'


L. 49


fhéidir neamh-thairbheach, do ghlacadh ort. Smuainigh go bhfuilir ag
imtheacht as tír ró-áluinn chum dul i dtír nó i mball do shloigeas agus do
mhúchas an méid chomhnuigheas nó a lonnuigheas innte.”



Is fánach duine, a dhearbhráithreacha, ná taisbeánann agus ná breacann an
diabhal na neithe seo dhó. Atáim fós deimhneach go ndéanann úsáid do na
meadhóin chéadna do-rigneadar an mhuinntir do cuireadh d'fhoillsiughadh
Thalaimh na Geallamhna, ar dteacht tar n-ais dhóibh tar éis a
bhreathnuighthe agus a léir-mheas. Do chuireadar grinn ar na
hIsraelítighibh i gceann a chéile ar éan-láthair, agus chum iad do cur do'n
mhian agus do'n aigneadh bhí aca dul chum comhnuighthe ann, d'innseadar
dhóibh go mba tír í inárbh'fhéidir comhnaidhe 'dhéanamh agus in-a
bhfaighidís, an méad dodhéanfadh ar bith í, bás. Déineann an diabhal,
adeirim, úsáid do na meadhóin chéadna, chum brionglóide agus buaidhrimh do
dhéanamh d'anam an duine, nuair chuireas roimhe aithrighe do dheánamh. Agus
má chuireann roimhe, a intinn do choimhlíonadh d'aimhdheóin na n-achrann
mbréagach so chuireas an diabhal in-a shlighidh, ní túisge glantar in-
uisgíbh na haithrighe é 'ná d'ionnsuigheann an diabhal é, mar d'ionnsuigh sé
Iosa Críost, ar n-éirghe dhó as sruth Iordan: et acdedens tentator,
etc.



Méaduigheann an bheatha nua sin fearg agus cuthach an diabhail; agus mar
do mhéaduigh Pharao trioblóidí na nIúduidheach nuair do thuig sé go
raibh dúil aca a fhlaitheas agus a chumhachta do chrothadh dhíobh,
méaduigheann an spioraid mhalluighthe, mar an gcéadna, pianta agus
trioblóidí na ndaoine bhíos ar aigneadh scaramhain leis, nó, tar éis
scartha leis, ag cur cathaidhe orra níos gnáthaighe agus níos milltighe
'ná roimhe sin. Má dhéinid fós comhnaidhe ar bith ins na subhailcidhibh,
is éigean dóibh iad


L. 50


féin d'ullmhughadh chum cathaidhe as mó agus as urchóidighe d'fhulang. Ní
chuirfeadh an diabhal cathughadh go bráth ar Chríost dá mbéadh sé deimhneach
gurbh'é Dia é; agus nuair do-chonnaic sé go raibh mórluachta agus
subhailcidhe iongantachta aige, agus ná féadfadh duine gan comaoine éigin ó
sna flaithis, trosgadh dá-fhichid lá do dhéanamh, ag sin an ní d'árduigh
níos mó a fhearg agus a urchóid. Is leis sin do-chímíd, nuair do chuir sé
an céad chathughadh air, ag rádh, má's tú Mac Dé abair leis na clochaibh sin
iompodh 'n-a n-arán, ná raibh sé an uair sin deimhneach do dhiadhacht
Chríost; acht dobhí sé deimhneach dá shubhailcidhibh oirdhearca, agus ní
móide a stad ó chur cathughadh air. Ag so na neithe éagsamhlacha bheireas
le tuigsint dúinn, dá mhéid buain-tsheasaimh dhéanamaoid i mbeathaidh
spioradálta, gurab móide atámuid nochtuighthe le cathaidhibh an diabhail.
Aontuigheann an Tighearna na cathaidhidhe seo 'bheith, chum a dheisciobal
d'umhlughadh agus do chur ar a n-aireachas do shíor; óir ní féidir ná go
n-umhluigheann an cathughadh iad ar amharc a gclaonta féin agus gráineamhlacht
na bpeacaidhe len-a gcathuigheann, nó n-a n-ionnsuigheann an diabhal iad,
dobhíos, ar nós an leómhain chuthaigh, ag rith mágcuaird, nó timcheall
éadála, chum a sloigthe.
Ar an ádhbhar sin, gairmthear an cathughadh, 'san Sgríbhinn Diadha,
buille ar an gcluais agus dealg; buille ar an gcluais, mar ná fuil as mó
d'umhluigheas duine 'ná cur suas leis; dealg, mar nach bhfuil ní as mó
choisgeas trom-aigneadh agus daille intinne; buille ar an gcluais, adeirim,
mar ná fuil ní as mó chuireas mío-shástacht ar dhuine uaibhreach
phoimpeamhail; agus dealg, mar ná fuil ní as mó mhúsglas an aigneadh.



Crithidh, a lucht an pheacaidh, crithidh a mhuinntear úd ná
mothuigheann, mar adeireann sibh féin,


L. 51


cathughadh ar bith, agus ag nach bhfuil a fhios créad é an ní cathughadh.
Monuar! a chríostaidhthe, do'n uile riocht in-a mb'fhéidir anam do
bheith, seo é as truaighmhéilighe, do bhrígh nach bhfuil tinneas as
contabhartaighe 'ná an tinneas ná mothuighthear agus in-ar dóigh le duine a
bheith in-a shláinte, ar nós ná fuil truagh as mó 'ná duine ag a mbíonn
sluagh buachaillí díomhaoine neamhthrócaireach neamh-thruaighmhéileach in-a
thimcheall, agus gur dóigh leis a bheith sábhálta uatha.



Deireann sibh ná fuil a fhios agaibh créad é an ní cathughadh,
agus go bhfuil a fhios ag na Naoimh as mó, go bhfuil a fhios ag an muinntir
as neimh-chionntaighe agus as mo ghníos smachtughadh agus feól-mharbhadh
orra féin. Abraidh, mar an gcéadna, ná fuil éan-diabhail ann, nó má
táid, gur chailleadar a n-urchóid agus a gcuthach. Abraidh arís le Naomh
Gréagóir gurab iad bhur gcáirde iad, bhur ndíonuightheoirí; i
n-éanfhocal, go rigneabhar muinnteardhas iomshlán leó, ionnas ná fuil
dúil ar bith aca díoghbháil do dhéanamh dhaoibh: nuair do-chíd go
mbíonn fonn ar dhuine sleachtadh uatha agus dul fá choimirce Dé, ní féidir
leó a fhoighidneamh; agus ins an gcuthach atá orra chum na n-anmann do
mhilleadh, ní fhuil cor ná cleas, ní fhuil cathughadh ná buaidhreamh, ná
cuirid i ngníomh, chum nua-luit do dhéanamh ins na croidhthibh do
shealbhuigheadar roimhe sin go síothchánta: ut tentationum jacula
intorquendo confodiant cor quod dudum quietro jure possidebant (San)
(Gréagóir).



Nuair do-chíd duine uaidh féin tugtha do'n pheacadh agus a bhfad ó
ghearán ar a n-árd-smacht os a chionn, duine ná smuainigheann amháin ar
é féin do tharrang uatha; nuair do-chíd go gcaitheann duine é féin go
toilteanach dá dtaobh, go dtuiteann tré mhailís iomshlán ins an bpeacadh,
ná fuil eagla níos mó air, ná fós scrupall


L. 52


cogcubhais ar bith, créad an riachtanas atá aca cathughadh do chur ar
anmannaibh atá chomh ionnraic sin dóibh, ná mío-shuaimhneas do chur ar
dhaoinibh do-rigne an oiread sin seirbhíse dhóibh, dobhí sásta le milseacht
chinneamhnaigh a n-árdsmacht? Bun-os-cionn leis sin, ní thairgid dóibh
acht gradam agus saidhbhreas, aiteas agus aoibhneas, agus is é a n-aire go
hiomshlán gach uile ní do dhíbirt uatha chuirfeadh mío-shuaimhneas orra ins
an trom-shuan mharbhthach in-a bhfuilid. “Ná déinidh amhras de, a
dhearbhráithreacha,” ar Naomh Aibhistín, “cibé coingheall in-a mbéadh an
duine, gurab éigean dó an cathughadh d'fhulang, agus gurab é cathughadh as
mó, gan cathughadh ar bith do bheith air. Do cuireadh cathughadh ar Iosa
Críost; cuirfear ar an uile chríostaidhe é.” Ag sin an riachtanas. Acht
d'fhulaing Críost an uile ghné cathuighthe. Ag sin an urchóid. Fá dheóidh,
ní fuláir eagla bheith roimhe chum buadhchan air, an ní gheallas trácht air
ins an dara roinn dom' chomhrádh.



An Dara Roinn.



Is cóir eagla bheith i gcomhnaidhe roimh an diabhal ins na cathaidhibh
chuireas orainn, óir is spiorad fírinneach é, is spiorad neamh-thuirseach
é atá comh-cheangailte le hiomadamhlacht spioraidí eile. Is spiorad
ainshrianta é ná tuiteann choidhche in-éadóchas. Is iongantach na
cáilidheachta iad-so do-bheir an Scríbhinn Diadha do'n spioraid mhalluighthe,
agus badh chóir go gcuirfeadh critheagla in-ár gcroidhthibh roimhe. Is
spioraid neamh-thuirseach é, adeirim, óir ní fhuil námhaid acht eisean,
ná mothuigheann a neart ag dul i laighead tré bhuaine an chatha agus tré
chosnamh na námhad len-a gcathuigheann. Ní mhothuigheann choidhche luige,
ná laighdiughadh ar a neart. Atá sé tuilleadh agus ceithre mhíle


L. 53


bliadhan ag cur cathaidhe orainn gan tuirse dhá bhualadh. Cathuigheann sin
do ló agus d'oidhche; cathuigheann sinn i gcomhluadar agus in-uaigneas;
cathuigheann sinn ag obair agus ar bheith in-ár gcomhnaidhe dhúinn, agus
sin gan tuirse dhá ghlacadh. Is spiorad é choimh-cheanglas le hiomadamhlcht
do spioraidíbh eile, óir léighmíd 'san Soisgéal go ndubhairt sé féin go
gcasann do'n tigh in-ar briseadh agus ón-ar díbreadh é, agus go mbeireann
leis seacht spioraidí eile dob'urchóidighe agus ba mheasa 'ná é féin. Agus
má chreidimid Origenes air, is mó atá do dheamhnaibh ar an saoghal so agus i
n-ifreann 'ná do dhubhradánaibh 'san aer, agus 'ná do bhraonaibh uisge 'sa'
bhfairrge.



Is spioraid ainshrianta ceann-dána é ná glacann choidhche droichmhisneach.
Muna n-éirigheann an céad chath leis, cuireann an dara cath; muna
n-éirigheann sin leis, cuireann an tríomhadh ceann; in-éan-fhocal, ní mó as
féidir leis síothcháin do dhéanamh leis an nduine, 'ná is féidir leis urchóid
a nádúire do chrothadh dhe. O, a chriostaidhe! cad í an eagla ba chóir
dhúinn do bheith roimh a chleasaibh go huile! Agus cad é feabhas an réasúin
dobhí ag Iosa Críost ag rádh linn, na grásta d'iarraidh ar a Athair gach
uile am agus gach uile thráth, gan géilleadh ná luighe fán-a chathughadh,
agus sinn do shaoradh ó'n spiorad mhalluighthe ainshrianta sin!



Féachamaoid, i gcathughadh Iosa Chríost féin, ar chleasaibh agus ar
urchóid an diabhail, námhaid choithcheann ár sábhála agus ár sláinte
síorraidhe. Tar éis Mhic Dé do throsgadh dá-fhichid lá agus dá-fhichid
oidhche, fá dheóidh d'aontuigh a dhaondacht do mhíochomhgair an ocrais.
Ó'n am sin dobhí an diabhal ag dlúthughadh agus ag druidim in-a
choinnibh, agus adubhairt leis - “do-chím go bhfuil ocras ort, acht


L. 54


má's tú Mac Dé, déin míorbhail ná cosnóchadh mórán duit, agus is furus duit
é 'dhéanamh tré chumhachta d'Athar. Abair leis na clochaibh sin os do
chomhair iompodh 'n-a n-arán”. Nuair nár éirigh an céad chathughadh nó an
céad tiomptáisiun sin leis, do chuir sé an dara ceann ar Chríost. Rug leis
é go mullach an teampaill, agus adubhairt leis - “Má's tú Mac Dé, teilg thú
féin síos; gan amhras do-bhéarfaidh Dia aireachas duit, agus cuirfidh a
aingil chughat do choingbheóchas suas thú ar do thuitim ná do mharbhadh”.
Acht nuair nár éirigh leis an dara huair acht mar an gcéad uair, d'ionnsuigh
an triomhadh huair é ar an modh so. Rug leis é ar shliabh árd, agus
adubhairt leis - “do-chím ná fuilir ró-shaidhbhir; féach id' thimcheal; an
bhfeiceann tú na tíortha agus an mór-shaidhbhreas soin ar gach taobh díot?
Tá sé id' chumhachta féin anois bheith id' mhaighistir orra le chéile;
chaith tú féin amháin ag mo chosaibh agus adhair mé, agus bhéarfaidh duit
iad uile”. Sin a dtaisbeánann Matha dhúinn in-a Shoiscéal ar chathughadh
Iosa Chríost. Ag machtnamh ar an nídh seo, a dhearbhráithreacha,
breathnuighim trí neithe nochtas agus do thaisbeánas daoibh gliocas agus
urchóid chathaidhe an diabhail, agus, dá bhrígh sin, do thaisbeánas daoibh
créad é an eagla badh chóir do bheith rómpa. Breathnuighim, ar dtúis,
gliocas agus urchóid an diabhail in-órdughadh na gcathughadh chuireas
orainn. Nuair thionnsgnann cath do chur ar éinneach, tosnuighean leis na
coirthe as lúgha do chur in'aigneadh agus do bhreacadh dhó, agus mar adeir
Tertullianus, má theangbhas cogcubhas scrupalach aireach leis, ní chuireann
é ar choirthe do dhéanamh d'éan-toisg, d'eagla go gcuirfeadh a
ngráineamhlacht anfadh nó uathbhás air; mar shompla, nuair as mian leis
breiseóir nó fear onncamais, fear robála


L. 55


nó buachaill díomhaoin do dhéanamh do dhuine, ní abrann leis in-éinfheacht
gach uile ní do ghoid agus d'fhuadach dá dtiocfadh 'n-a líon,
cruaidh-bhreath do thabhairt ar éinneach, ná gach éan-chontabhairt do rith
chum é féin do neartughadh agus do dhéanamh saidhbhir. Acht cuireann in-umhail
dó méad a mhuirir, buaine a amhgair agus a riachtanais; adeir leis, “tá an
aimsear go holc, ní fhuil díol ná ceannach ar éin-nídh”; ag rádh, “seo
cuideachta ró-thairbheach ró-shonaidhe lé'r féidir leat coimh-cheangal. Is
iomdha duine ba bhoichte agus dob'uireasbaighe 'ná tusa dorigne
saidhbhreas 'n-a bhfochair. Ceangail leó. Ná bíodh eagla ort. Ní fhuil
scrupall coinsias ar bith dhuit ann.” Créad éirigheas annsin dó? Mar
d'éirigh do Iúdás, ar a dtugann an Scríbhinn Diadha foghlaidhe ró-mhór:
níor smuain ar nídh ar bith as soin suas acht ar chruinniughadh na
carthannachta, nó na déirce tugthaidhe do Mhac Dé.



Is annsin do cuireadh cathughadh beag éadtrom air. Ar dtúis, rug
feóirling leis; an dara huair, dhá fheóirling; an treas uair, trí cinn,
ionnus, fá dheóidh, gur ghéill chomh truailleánta, chomh spadánta sin
do'n chathughadh, gur dhíol a Mhaighistir agus gur chuir len-a ghadaidheacht
dia-mharbhadh nó dia-mhaslughadh air. Do-chíonn sibh as soin cad é
gliocas agus urchóid an diabhail nuair as mian leis duine do tharrang 'n-a
líon.



Ag seo an tríomhadh machtnamh ar ár Soisgéal::: badh chóir go
gcuirfidhe crith-eagla orainn roimh chathaidhe an diabhail; 's é sin le rádh,
go leigeann dúinn ar uairibh i suaimhneas agus i síothcháin chum teacht
orainn le níos mó treise agus nirt.



Adeir Naomh Matha linn gur theich an diabhal ó Chríost tar éis
trí sóirt cathughadh nó tiomptáisiun do chur air: reliquit eum diabolus.
Acht deir Naomh Ierom linn, do chuireas an áit sin do'n Sgríbhinn


L. 56


Diadha in-oireamhain do na cathaidhibh chuireas an spioraid mhalluighthe
sin orainn, ná teicheann sé acht ar feadh tamaill, go ndéineann moill
d'éan-ghnó chum uain is feárr d'fhaire, chum intinn a urchóide do choimhlíonadh
agus do chur i ngníomh: tentationem magis differens quam auferens.
Comharluigheann sé, ar uairibh, maith do dhéanamh, ag réimh-fheicsint go
dtiocfaidh olc as, agus iompuighean duine ó olc nó ó choir áirighthe chum a
thuitim i gcoir as mó. Mar shompla: ag so buachaill óg ró-mhear
ró-luath-aigeanntach do-rigne coir bheag éigin do chuir an-fhuath ar a
athair agus ar a mháthair. Créad dhéanfas an diabhal ar an ócáid sin?
Cuireann in'aigneadh dul in-Ord éigin riaghalta, ag réimh-fheicsint, nuair
thiocfas chum caoinis nó síothchána len-a athair agus len-a mháthair, go
sleamhnochaidh ó'n Ord agus go gcaithfidh dhe an aibíd. Sompla eile: ag
seo óigbhean ar a raibh buaidhirt aigneidh agus mío-shásamh tré mhío-chlú
éigin fuair a hathair, nó dob'fhéidir tré nuachair éigin len-ar shanntaigh
sé ceangal, do chur suas di. Créad do-ghní an diabhal air sin? Déineann
tairbhe do'n ócáid sin chum a chur in-a ceann dul i mainistir éigin
riaghalta. Tigeann sí ann d'éan-toisg, agus tar éis gnóthaidhe a hathar do
bheith arís socair, ionnas go mb'fhéidir léi thaisbeánadh mór do dhéanamh
'san tshaoghal, bíonn sí ag láimhseáil agus ag ceasacht ar an slighidh sin
in-ar theilg sí í féin go díorraisg: “a inghean,” do ráidh a hathair, “is é
an diabhal do chuir cathughadh ort agus do chómharlaigh dhuit maith do
dhéanamh do shúil go dtiocfadh olc as.”



Acht fiafróchaidh sibh díom, ná fuil leigheas ná meadhóin ar bith
chum buadha do bhreith ar chleasaibh agus ar urchóidíbh an diabhail. Atá,
a dhearbhráithreacha, mórán do mheadhóin soi-dhéanta soi-leanamhna.
Ag so an céad


L. 57


mheadhón nó leigheas ar aithris Chríost féin - an diabhal do dhíbirt agus an
cathughadh do ruagadh, ag rádh mar aon le Críost: vade Satana: “imthigh
leat féin, a dhiabhail”. Creididh mé, a dhearbhráithreacha, ná fuil éin-ní
le buadhchan i gcomhair nó i bhfochair an diabhail. Nuair do chuirfeas
cathughadh ar bith oraibh ná hantuighidh leis, ná déinidh aighneas ar bith
leis, óir má dhéineann sibh, is baoghlach, luath nó mall, go dtreasgróchaidh
sé sibh.



Tá trí neithe 'san gcathughadh nach fuláir dúinn do thabhairt fá ndeara. An
céad mhothughadh, taithneamh do thabhairt dó, agus toil do thabhairt dó. Ní
fhuil éifeacht 'san gcéad mhothughadh, óir d'fhulaing Críost féin é, agus
d'aontuigh sé é bheith chum ár maitheasa, do bhrígh go mb'fhéidir é do
bheith in'ádhbhar buadha againn. Achta ní éigin i dtaithneamh do thabhairt
dó, óir má chomhnuigheann duine tamall ann, is baoghlach go dtiocfaidh chum a
bheith 'n-ádhbhar buadha againn. Atá ní éigin i dtaithneamh do thabhairt
dó, óir má chomhnuigheann duine tamall ann, is baoghlach go dtiocfaidh chum
a bheith 'n-a pheacadh mharbhthach. Acht cuireann an toil deireadh leis;
agus do bhrígh nach bhfuil idir-dhealughadh ró-mhór idir an taithneamh agus
an toil, is é an t-éin-mheadhón é, díbirt ar an gcéad mhothughadh, agus a
rádh le Íosa Críost: vade Satana: “bhí ar siubhal, a dhiabhail”.



An dara meadhón chum buadhchan orra, siocracha nó ócáidí an
pheacaidh do sheachnadh agus gan taithighe ná dánacht do dhéanamh air.
Do-gheóbhaidh duine grása do shábálfas é ar thuitim ann. “Teilg thú
féin síos do mhullach an teampaill,” ars' an diabhal le Iosa Críost,
mar adeir linne gach aon lá: mitte te deorsum . “Thug Dia órdughadh dá
aingil tú 'choiméad suas chum ná marbhochthá thú féin.” Acht cad é
an freagra thug Críost air? d'fhreagair é ar an modh so. “Atá sé
sgríobhtha: “ní chuirfir cathughadh ar do thighearna Dia”:” non
tentabis Dominum Deum tuum, 's é sin


L. 58


le rádh, do réir mar chruthuighid na hAithreacha Naomhtha dhúinn é, ní
loirgeóchais agus ní thaitheóchair siocair nó ócáidí an pheacaidh; ní
cheangalóchair le neithe ar bith do chuirfead toirmeasg ort, do dhualgas nó
do dhiúitéidh do dhéanamh mar as cóir, óir ag ceangal leó, caitheóchaidh tú
in-aghaidh Dé; agus ag síor-rith 'san dainnsear, éagfair ann.



An tríomhadh meadhón chum buadha do bhreith orra: ar aithris Chríost,
táthughadh go fírinneach le dligheadh agus le haitheanta Dé, óir atá sé
sgríobhtha - ag so an dligheadh, ag so d'oifig agus do dhualgas; “ag so”
adeir Naomh Aibhistín, “do chlogad agus do sgiath, ag so do thearmann agus
do choimirce ó'n uile shórt cathughadh.” Má chuirtear cathughah ort craos do
dhéanamh i gcaitheamh bídh nó dighe, nó éagcóir do dhéanamh ar an
gcomharsain, nó bheith cionntach i ndrúiseamhlacht nó i ngadaidheacht, abair
leis an ndiabhal: “tá sé scríobhtha ná sealbhóchaidh go bráth lucht meisge
ná póite, lucht bitheamhnais ná striapachais, ríoghacht na bhflaitheas”:
regnum Dei non possidebunt. Má chuirtear cathughadh sainnte ort, abair:
“tá sé scríobhtha - “créad a bhuadhas duine leis an domhan uile do chur fá
smacht, má chailleann go mío-fhortúnach a anama féin?” Má chuirtear
cathughadh mórdhála, uabhair nó glóire díomhaoine ort, abair: “tá sé
sgríobhtha - subter te sternetur tinera, et operimentum tuum erunt
vermes”. Badh mhian leat taisbeánadh mór do dhéanamh 'san tshaoghal, badh
mhian leat tú féin do dhéanamh ainmneamhail led' rabairne agus led'
ainmhiana. Acht, monuar! béidh do cholann truaillighthe i gceann bliadhna,
i gceann míosa, nó b'fhéidir i gceann trí lá, iadhta suas in-uaigh talmhan
mar a mbéidh ag lobhadh agus 'n-a beathaidh ag piastaibh.


L. 59


Déinidh úsáid, a chríostaidhthe, do na leigheasaibh agus do na meadhónaibh
tábhachtacha tairbheacha so do thaisbeánas daoibh, chum bhur gclaonta agus
bhur n-ainmhianta féin do smachtughadh do réir an mhórshompla san thug
Críost daoibh. Do sheirbheáladar na haingil é tar éis é 'bhreith buadha ar
an diabhal; béid ag seirbheáil agus ag friothálamh oraibh-se mar aon leis,
tar éis bheith ionnraic buain-tsheasmhach in-a ghrásaibh, ag mór-bhainis
na glóire, atá dhá ullmhughadh dhaoibh-se, ní d'iarraim-se dhaoibh agus dam
féin, i nAinm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 60


B 1817ls
SEANMOIR A CUIG.



Ar bheathaidh, ar mhíorbhailibh agus ar gheinealaighibh Phádraig
.i. easpol na hÉireann.



(Lá-fhéile Phádraig.)



Ag so an sagart mór do thaithnigh le Dia 'n-a laetheantaibh.
(An leabhar dá ngoirthear Ecclésiasticus, xliv.16.)



Is mór-mhór ghoilleas orm im' choinsias, a cháirde, an neamh-thábhacht
agus laighead an iomráidh, fuaire agus faillighe na caon-dúthrachta nó na
hurraime, do-chím nó chloisim dár naomh-pátrún, Pádraig, do chuir
iliomad comaoine orainn, ag tógbháil, ag tarrang, agus ag iompodh ár
Sinnsear romhainn ó dhorchadas na págánacha, an droich-chreidimh agus na
geintlidheachta diablaidhe chum solais an éin-chreidimh fhírinnigh
chataoilicigh Rómhánaigh, do shealbhamar agus do choiméadamar timcheall,
as fuaireamair, diaidh i ndiaidh, ó aimsir go haimsir, ó na sinnsearaibh sin
go dtí an lá indiu; agus, mar an gcéadna, go bhfuil ár bpátrún naomhtha
go glórmhar do láthair na Tríonóide do shíor, ag síorghuidhe ar ár
son fán-ár gcothughadh 'san éin-tshlighidh fhíre sin ár slánuighthe,
chum glóire síorraidhe flaitheamhnais d'fhaghbháil. Ar son na mórchomaoine
sin do chuir sé orainn, agus na dtiodhlaiceadh ró-shubhailceach
as mó dob'fhéidir linn d'fhaghbháil ar talamh, d'fhaghbháil dúinn,
sílim gur cóir dhúinn buidheachas do bhreith leis an té fuair dhúinn iad,
bheith 'ghá mholadh go diadha dúthrachtach,


L. 61


agus 'ghá ghuidhe go minic 'n-ár n-urnaighthibh, fá n'impidhe do bheith go
síorraidhe chum na Tríonóide ar ár son. Dá bhur mbrostughadh agus dá bhur
ngríosughadh chuige seo do dhéanamh, glacaim an cúram so orm indiu. Ionnas
go dtiocfadh liom sin do dhéanamh agus do chríochnughadh go hiomchubhaidh,
agus libh-se aire is éisteacht do thabhairt dom, do mhéadughadh glóire Dé
agus d'onórughadh agus do mholadh ár naomh-phátrúin, Pádraig, agus chum bur
maitheasa spioradálta féin, guidhmíd an t-éan Dia uile-chumhachtach maille
le himpidhe A Mháthair róbheannuighthe Muire, ag rádh an Beannachadh
Muire go dúthrachtach 'n-a honóir.



Ecce Sacerdos Magnus, etc. Féach an sagart mór etc. Baineann leis an
gcúram so do ghlacas orm annso, a fhoillsiughadh agus fios do thabhairt
daoibh, cia'rbh'é ár naomh-phátrún, Pádraig, agus cionnas tháinig
chum bheith 'n-a shagart mhór. Má's cóir Éireannach do thabhairt ar an
té ag ar chaitheadar a mhuinntear roimhe, nó a shinnsir, dhá bhliadhain
is ceithre fichid is trí chéad i gcumas nó i gceannas na hÉireann, dá
háitreabh agus dá cothughadh, is féidir a rádh gurab Éireannach ár
naomh-phátrún, Pádraig; gidheadh, ní inÉirinn rugadh é, fá mar
inneósad daoibh mar leanas.



Treabh dhaoine dobhí 'san nGréig Mhóir dobhí chomh rathmhar,
chomh líonmhar, chomh cumasach sin gur ghlac faitcheas agus eagla mhór
Rí Gréige go n-éireóchaidís i gceannas na Gréige, thar thoil an Ríogh
nó dá aimhdheóin; agus is é foirchoiméad do-rigneadh air sin, daoirse
sglábhaidheachta do chur orra go léir, ag tarrang criadh i mbolgaibh agus
i málaíbh leathair air a slinneánaibh, agus dá leathadh sin ar
sgreallachaibh is ar chairrgibh cloch chum talaimh dílis agus chum úir
thorthamhail do dhéanamh dhe os cionn na gcloch soin; agus


L. 62


de sin do lean Firbolg mar ainm díobh. Do ghaibh tuirse agus dobrón mór
iad, ar bheith dhóibh fá'n mbroid agus fá'n ndaoirse sglábhaidheachta do
bhí orra. Do ghabhadar féin uile a chéile, agus d'fhágbhadar d'éan-
toil an ríoghacht soin na Gréige; agus is é uachtarán nó prionnsa dobhí
orra, Neimheadh. Thángadar go hÉirinn, agus do shealbhadar agus do
chothuigheadar í ceithre clainne ag Neimheadh so .i. Starn, Iarbhoinéal,
Ainninn agus Feargus. Dobhí mac ag Feargus so dár b'ainm, Briotán
Maol. Dochuaidh sé le páirtidhthe armala do'n Fhrainnc, agus do chuir an
cúigeadh as goire dhúinn do'n Fhrainnc fán-a smacht agus fán-a chumas
féin, agus is uaidh ainmnighthear í .i. an Bhriotain; agus is as a
shliocht sin tháinig ár naomhphártrún, Pádraig, agus dob'é an cúigeadh
glún déag uaidh é - mar as follas i seanchas na droinge sin. Calprann .i.
Coghlach mic Potaide, ainm athar Phádraig, agus Coincheas, ainm a
mháthar - siúr ghairid do Mhártan Naomhtha .i. Easbog Tours 'san
bhFrainnc. Ba lánamha dhiadha dheigh-bhéasach iad so. Dobhí triúr
inghean aca, Lupaid, Tigris, agus Dairearca. Dobhíodar an fhaid sin
d'aimsir gan cloinn, acht an triúr inghean sin, go ndeachadar in-éadóchas
tuilleadh cloinne do bheith aca. Gidheadh, do chuir aingeal ó Dhia a suim
do Chobhlach go mbéadh mac aige le Coincheas, agus go mbéarfadh é


L. 63


'san mbaile sin 'n-a rabhadar .i. Neamhthor, i mBreatain na Frainnce.
Fá'n am sin, bhí duine diadha neamhurchóideach 'san mbaile sin d'innseadh
mórán do neithibh roimh ré go puiblidhe follas, dothiocfadh chum críche mar
adeireadh; agus adubhairt go mbéarthaoi mac i Neamhthor go grod, dobhéadh
'n-a ornáid do dhúthaighibh imchiana.



An t-am ba chlos sin do'n phrionnsa dobhí in-árdfhlaitheas an bhaile agus
na dúithche sin, fuair go raibh a bhean féin torthach; agus, i ndóchas
gurab ar an dtorthachas sin dobhí aici go fioróchthaidhe an fháistine sin,
do dhíbir an méad dob'fhollas dó a mhnáibh do bheith torthach i Neamhthor
aisti, acht a bhean féin. Níor smuain ar Choincheas. Gidheadh, leis an
aimsir sin, dob'fhollas a bheith torthach. Agus ar eagla gurab uirri do
thuitfeadh toradh na fáistine sin, do chuir an bhain-phrionnsa deoch nimhe
dá tabhairt do Choincheas. Gidheadh, do bhrígh gur díomhaoin do dhuine
len-a chumas ná len'inntleacht daonda cur i gcoinnibh nó coinntráil air na
neithibh d'orduigheas Dia, ní dhearna an deoch nimhe dochar nó díoghbháil
do'n mháthair nó do'n leanbh. Ar an ádhbhar soin, nuair tháinig an leanbh
ar an saoghal, fríth 'n-a láimh an nimh 'n-a cloich chruaidh, agus a mhéara
beaga dúnta 'n-a timcheall. An leanbh soin do thosuigh i mbroinn a mháthar
ar mhíorbhailibh do dhéanamh, féach créad do-rigne an t-am tháinig ar fuaid
an tshaoghail.



Aois Chriost ar mbeirt Phádraig, 372. Ar theacht chum talaimh dhó, an
chloch shlim réidh ar ar tuismeadh é, tháinig chum bheith ainmneamhail,
ionnas duine air bith do-bhéarfadh móid bhréige maille leithi, go
gcuirfeadh sí allas fola go so-fheicseana dhi, agus mar sin go dtugadh cloch
Phádraig mar ainm uirri.


L. 64


As-san go ndearnadh sagart de, is iomdha trioblóid d'fhulaing, agus
míorbhail do thaisbeáin Dia maille leis, mar as follas do lucht léighte a
bheathadh. Acht labhróchad-sa air mhórán do neithibh do-rigneadh leis ó
dorigneadh sagart de, do bhrígh gur mar sin do thosnuigh mo théacs: Ecce
sacerdos magnus, etc.



Is annsoin dochonnaic sé in'ógánach, leinbh na hÉireann dá ghairm, 'n-a
ainm féin, agus dá iarraidh air teacht agus iad féin, agus dá iarraidh air
teacht agus iad féin do bhaisteadh 'san gcreideamh chatoiliceach; so an t-am
dobhí sé deich mbliadhna fichead d'aois. Dochuaidh sé go dtí an t-easbog
naomhtha, Gearmán Antissiodórensis. Do ghlac an t-easbog go carthannach
ceanamhail é. Thug ró-ghrádh agus taithneamh dó. Do-rigne an t-easbog
sagart de, agus thug Magónius mar ainm air, do bhrígh gur taisbeánadh dhó,
go mbéadh sé 'n-a dhuine ghlic eagnaidh fhoghlumtha dheigh-bheathach.



Ecce sacerdos magnus, etc. Féach anois, taisbeánfad daoibh go raibh 'n-a
shagart mhór. Do ghluais sé as-san, is dochuaidh go dtí a dhuine gaoil .i.
an t-easbog naomhtha, Mártan, agus do chomhnuigh in'fhochair ceithre
bliadhna ag déanamh bárr-fhoghlumtha 'san diadhacht. As-san dochuaidh ar
an bhfásach i bhfochair na ndithreabhach, agus thug suas é féin 'n-a
riaghail ocht mbliadhna. In-iomad tréadhanais agus trosgaidh, agus tré
mhéad an ocrais do hí air, do ghlac fonn feóla d'ithe é, agus do shóláthair
píosa feóla muice agus do chuir i bhfolach é, ionnas go n-íosfadh é a gan-
fhios do chách ná hitheadh feóil ar éan-chor. Gidheadh, nuair bhí sé ag ithe
do thaisbeán fíoghair aghaidh dhuine é féin dó, agus súil i gclár a éadain
agus súil i gcúl a chinn aige. Do chuir a radharc an oiread soin do
mhothughadh agus d'uathbhás air sul do bhlais sé an fheóil, gur


L. 65


fhiafruigh cad é a choir. “Atáim,” ar sé “leis an súil seo i gcúl mo chinn
ag féachaint ar an manach atá ag folughadh feóla 'n-a thubán chum sásuighthe
a ainmhian”; agus len-a chois sin, d'imthigh go do-fheicseana uaidh, agus
do ghabh an oiread sin d'uamhan agus d'eagla é, gur bhuail a chean faoi,
agus gur ghoil go dólásach aithrigheach; agus air n-éirghe 'n-a sheasamh
dhó, tháinig an tAingeal Uictor chuige, agus adubhairt go raibh sin maithte
aige. Agus iar sin, ní headh amháin gur chaith uaidh an fheóil sin, acht ar
soin suas do-rigne tréadhanas ó fheóil go bráth. Agus ar fhuaráileamh an
aingil do thóg an fheóil 'n-a láimh agus do chaith 'san uisge í, agus
d'iompuigh ar an áit sin chum bheith 'n-a hiasg.



D'fhill tar 'ais ar an easbog réamh-ráidhte, Gearmán naomhtha, agus do
réir mar adubhairt an t-aingeal leis, d'innis do'n easbog gurbh'fhonn leis
dul do'n Róimh. Do mhol an t-easbog soin leis, agus do leig Eigidius,
sagart maith deigh-bhéasach leis mar chuideachtain 'san tshlighidh. Thárla
sé in-oileán dobhí i bhfairrge na Rúsa 'san Iodáil; agus dobhí
beathadhach uathbhásach roimhe 'san oileán. Nuair dobhídís ag
tógbháil uisge a héan-tobar dá raibh ann, do mharbhadh an beathadhach
roimhe 'san oileán. Nuair dobhídís ag tógbháil uisge a héan-tobar
dá raibh ann, do mharbhadh an beathadhach réamh-ráidhte na daoine dobhíodh
'san oileán ag tógbháil an uisge chéadna. Agus dochuadhadar in-impidhe
chum Phádraig, Dia do ghuidhe fá'n bpéist sin do dhíbirt agus do chosg
díobh. Do ghuidh Pádraig Dia mar d'iarradar air; agus tháinig de sin, gur
imthigh an phiast uatha, agus níor fhill sí orra ó shoin ale.



Tháinig chuige duine dobhí ann dárbh'ainm Iústas, agus thug chuige
maide bhreagh agus leabhar 'n-a rabhadar na Soisgéil go hiomshlán, agus
d'innis dó gurbh'é Iosa


L. 66


Críost féin thug dó iad, chum a dtabhartha do Mhagónius, agus is é maide
Iosa dob'ainm do'n mhaide. Labhrann San Barnárd air an maide so i
mBeathaidh Mhaolmhaedhog Naomhtha, Éireannach agus Príomh-fháidh na
hÉireann. Adeir Barnárd Naomhtha, 'n-a aimsir féin, go raibh an mhaide
seo deagh-órdha, agus é cóirighthe lán de phéarlaíbh uaisle.



Do ghluais roimhe as-san do'n Róimh, agus 's é ba Phápa ann an uair sin
.i. Celestínus, an cúigeadh Pápa air fhichid tar éis Pheadair. Do
thosnuigh an bhliadhain d'aois an Tighearna 432, agus an t-am do thuig is dob'
aithne dhó naomhthacht aignidh agus acfuinn Mhagónius, do mheas gur mhaith
aige é len-a chur chum creideamh do mhúnadh i nÉirinn. Gidheadh, cionnas
do chuir ann é, inneósad féin sin daoibh.



Torannán .i. Ard-airchinneach dobhí ag an bPápa so, do-rigne easbog de,
agus do chuir go hÉirinn é le cuideachtain do chléir dhiadha chráibhthigh,
agus d'iarr air na hÉireannaigh d'iompodh chum an chreidimh chatoilicigh
Gidheadh, ní tháinig sin leis; agus nuair nach dtáinig, dochuaidh go
Breatain na Sacsan agus do-rigne trí teampaill innti. Agus fuair féin
bás ann, agus do fágbhadh os cionn na dteampall ceathrar do na compánaibh
sin tháinig leis ó'n Róimh go hÉirinn .i. Aibhistín, Bennett.
Siluister, agus Solómus. Agus nuair ba chlos do'n Phápa bás
Torannáin, do chuir fios ar Phádraig agus do bhain é chum dul go
hÉirinn. Annsin do mhalartaigh a ainm ó Mhagónius, agus thug
Pádraig mar ainm air. Dobhí an t-ainm sin go hoirdhearc


L. 67


'sa Róimh ó aimsir Romullus .i. céad rí na Rómánach, d'órduigh is do
chuir an céad seanaide nó comhairleach os cionn an Mhaitheasa Phuiblidhe;
agus Patres .i. Aithreacha do goirtidhe dhíobh, agus Paitrianaí, nó
Paitrisians, dá sliocht 'n-a ndiaidh. Agus dá bhrígh sin, tugadh mar
ainm ar Phádraig é, ionnas go mbéadh sé 'n-a athair spioradálta ag mórán
puibleach. Annsin do-rigne an Pápa a léagáid féin i nÉirinn de; agus
ar bheith dhó buadhartha in'aigneadh roimh an mórchúram sin do chuir an
Pápa air, tháinig an tAingeal Uictor chuige agus adubhairt leis intinn
mhaith do bheith aige, ag dul ar aghaidh. Agus do bhrígh go bhfaca go raibh
docamhlacht 'n-a intinn, rug leis é air shliabh Morócó, láimh le fairrge
na Rúsa; agus annsin do thaisbeán ár dTighearna, Iosa Críost, é féin
dó, do bheannuigh é, agus adubhairt go mbéadh féin 'n-a chabhair 'san uile
ghábhadh is guasacht aige.



Ecce sacerdos magnus, etc. “Ag so an sagart mór,” etc. Do neartuigheadh
annsin é, agus do ghlac a chomhmhór sin do luthgháir é ó chomhrádh an
Aingil leis, gur dhearmad an uile ní dá raibh roimhe sin air. Agus do
ghluais roimhe ó'n Róimh go n-a fhichid duine foghlumtha do leig an Pápa
leis; agus dochuaidh go dtí an t-easbog naomhtha, Gearmán, go
hAntissiodórum, agus fuair annsin cailís, agus do ghlac eideadh Sagairt agus
Leabhar Aifrinn ó Ghearmán Naomhtha. Iar sin do ghluais, agus níor stad
go dtáinig chum cuan; agus is annsin thárla leis Brogán, Brochaid,
Magenóg, agus Lomán, clann Tigris, a dheirbhshiúr, agus Mel,
Moirioc nó Ridheóg, agus Muinis triúr mac a dheirbhshiúra eile
.i. Dairearca. Ba bhreagh an mór-sheisear soin thárla ann,


L. 68


óir thángadar chum bheith 'n-a n-easbogaibh agus 'n-a naomhaibh
uile.



Do chuireadar a dtrosgán agus iad féin ar bhórd luinge; agus tar éis bheith
istigh dóibh dobhí duine lán do lobhra air an dtráigh, agus d'iarr go
truaighmhéileach a thógbháil agus a bhreith go hÉirinn. Níorbh'áil leis an
bhfuirinn an t-arrachtaidhe gránda do leigint isteach. Do ghlac truagh dhó
Pádraig, agus do chaith chuige iomaltóir mhór throm marmuir thug an Pápa dó
mar thabhartas, agus adubhairt leis dóchas maith do bheith aige i nDia,
suidhe suas ar an gcloich, agus go mbéarfadh léi go hÉirinn é. Do-rigne an
lobhar mar adubhairt Pádraig leis, agus níor luaithe lúthmhaire an long soin
dobhí déanta d'adhmad tirm 'ná an charraig chruaiidh chloiche sin go
hÉirinn, agus an lobhar soin slán glan uirri.



Agus nuair dobhí an long i radharc an talaimh thángadar a lán do
dheamhaibh roimpe, ag cur stuirme ar an bhfarraige go mór, ionnas ná
leigfidís an chuallacht bheannuighthe suas, do-rigne Fíoghair na Croiche,
agus do sgaoileadh agus do sgannradh an diablaidheacht sin uile chum
neimhnídhe, agus annsoin tháinig isteach i gCúigeadh Laighean, i gcríoch
Cuallan, i gcuan Inbhir nDé.



Iar dteacht go hÉirinn dó, dobhí trí hurchóideacha ró-mhóra innte .i.
draoithe, lucht feasa agus piseóg,


L. 69


agus deamhain diabluidhe aeir, dobhíodh ag congbháil na ndaoine i
ndorchadas is i bpágántacht chomhnuighthigh. Agus nuair tháinig i dtír mar
sin inInbhear nDé go n-a mhór-sheisear ar fhichid do chléir fhoghlamtha
dhiadha, dobhíodar iasgairí ag tógbháil éisg go hiomadamhail ann; agus do
bhrígh go rabhadar an chléir ocrach, d'iarradar cuid do'n iasg chum a
sásuighthe; agus do dhiúltuigheadar na hiasgairí é. Do mhalluigh Pádruig
an cuan móir-iasgach soin; agus, dá bhrígh sin, níor fríth éin-ghreim éisg
ann ó shoin suas.



Do ghluais as-san go dtí an baile ba ghoire do'n chuan. d'iarr
aoidheacht na hoidhche sin orra. Do dhiúltuigheadar é, agus iar-san do rith
orra an fhairrge amach, agus do mhúch an talamh, air mhodh gur fhan mar sin
báidhte gan toradh gan tairbhe do thabhairt uaidh ó shoin. Táilgean
ainm an bhaile. Acht dobhí duine ann dárbh'ainm Sinéall Mac Fionnchadha,
tháinig agus do ghlac an naomh go luthgháireach, agus do ghlac baisteadh
uaidh, air mhodh gur fhan a thalamh gan báthadh aige. Agus is é sin céad
duine dobhí 'n-a mhac spioradálta ag Pádraig i nÉirinn.



Do ghluais as-san roimhe, agus níor stad go dtáinig go hInbhear na
mBarc, agus tháinig go teach Seisgneáin do ghlac le ró-ghrádh é, agus
do ghlacadar a mhuinntear creideamh agus baisteadh. Agus bhí mac aige ar a
dtugaidís Bineán nó Bineann; agus ar n-a bheith do Phádraig ag an
dteinidh, dobhíodh an leanbh 'n-a fhochair 'n-a shuidhe, agus a dhá láimh
timcheall a choise; agus níorbh'áil leis gan codladh taobh le Pádraig
an oidhche sin, agus ar'n-a bháireach ní fhanfadh uaidh. Dá bhrígh sin,
do ghlac Pádraig go ceanamhail


L. 70


é, agus thug Stiabhna mar ainm air, agus len-a sháimhe thug Benignus mar
fhorainm air. Agus d'innis Pádraig go mbéadh sé 'n-a árd-fhlaith 'san
Eaglais; agus b'fhíor dhó soin. Ar an ádhbhar soin, is é céad Aird-easbog
dobhí i nArdmhacha i ndiaidh Phádraig é.



Do ghluais roimhe go hInbhear Sláinge, agus do mhúin buachaill muc
thárla leis an tshlighe dhó go teaghlach a mhaighistir .i. an Prionnsa
Díochú mac Treichim. An uair dochonnaic Díochú na críostaidhthe chuige,
do ghlac olc mór chúcha é, agus do sgaoil agus do ghríosuigh na coin .i.
Olc, Arc agus Eigean .i. Perversitas, Voracitas agus Violentia, trí
madraidhe confaidh dobhí aige, agus do ritheadar chum a gciorrbhuighthe do
láthair. D'iarr Pádraig ar Dia a cosg ó'n gcléir dobhí gan éin-phrioca
arm aca, agus gan mhoill go mín ceannsa do luthgháireadar na coin rómpa.
Annsoin do chuir Díochú láimh chum a chlaidhimh. Gidheadh, ní tháinig
leis, agus ní raibh cumas a chorruighthe aige as an áit 'n-a raibh, ionnas
gur iarr párdún agus gur iompuigh chum an chreidimh, é féin agus a
dhúthaigh uile. Agus do bhronn do Phádraig an baile, Sabhall; agus, in-a
dhiaidh sin, tugadh Gráinseach Phádraig mar ainm air an áit sin. Agus
do-rigneadh mainistear manach ann, agus do chuir Pádraig an naomh, Duinis,
mar Abb uirri. Agus do bheannuigh Díochoin is na briathraibh seo: Sidere
Didit Dichonem Olimphii, qui mihi savoram manere Grata Dedit .i. Beannacht
Dé ar Dhíchoin do radh dam an Sabhall; béidh aige-sean dá éis seo
neimhtheacht gleise glan-oll. Ar mbeith do Phádraig ann


L. 71


ag rádh Aifrinn, dobhí draoi ar marcuigheacht ag gabháil tar an
bhfuinneóig. Do chaith maide dobhí 'n-a láimh aige leis an gcailís
bheannuighthe, agus do leag ar a taobh í ar an Altóir. Do shloig an talamh
'n-a sheasamh go hifrinn é .i. an draoi. Do thóg Pádraig an chailís, agus
níor doirteadh éan-bhraon di.



Do ghluais roimhe go Miolchú, prionnsa dá raibh Pádraig seacht
mbliadhna 'n-a óige 'n-a phríosúnach aige, agus é 'n-a mhuicidhe muc aige.
Agus 's é sin aimsear d'fhoghlaim sé an Ghaedhilg dobhí aige go maith.
Agus do bhain Miolchú so mar fhuascladh as, tona óir fuair Pádraig i
dtochar muic maille le faisnéis an Aingil. Agus tar éis Pádraig d'imtheacht
agus an prionnsa do ghlacadh an óir, do chuir sé lorgaireacht air Phádraig
do chuma a chongbhála. Gidheadh, ní headh amháin gur imthigh Pádraig
agus an long thug an t-aingeal dó; acht ar fhilleadh follamh dhóibh, ní
fhuair an prionnsa éin-phinginn do'n ór aige féin. Nuair do thuig anois
go raibh Pádraig ag teacht an ath-uair chuige dochuaidh trín-a chéile
agus adubhairt leis féin: “ní bheidh le rádh go n-umhlóchainn dom'
mhuicidhe féin, agus ní bhuailfead fá réasúntacht leis, ar eagla


L. 72


go n-imtheóchadh orm mar d'imthigh ar Dhíochoin. Agus iar soin an mhéad
dobhí aige, do chruinnigh i bhfochair a chéile iad; agus do shuidh féin
ar a lár anuas. Agus nuair do thuig go raibh an naomh chuige, ag teacht chum
radhairc an bhaile, thug teine dóibh agus dó féin. Agus nuair do-chonnaic
Pádraig an deatach, d'innis dá mhuinntir gur cailleadh an droch-dhuine chum
ifrinn. Agus do bhrostuigh Pádraig chum an bhaile, is do shábháil a dhias
inghean agus do bhaistigh iad. Agus is 'n-a mban-naomhaibh fuaradar bás;
agus do hadhlacadh iad i gCluain Bró.



Fá'n am soin, Laoghaire Mac Néill, rí dobhí 'n-a dhuine bhorb,
do ghlac olc is fearg mhór chum Díochon é ar son iompodha chum an
chreidimh. Ba chlos do Phádraig sin. Gidheadh, fuair ó Dhíochoin dul i
dteachtaireacht uaidh go nuige Laoghaire, agus d'innis dó gur iarr Pádraig
cead seanmóra agus creideamh do mhúnadh air. Do ghabh Laoghaire é féin
agus a chompánach, dá gcur i bpríosún, agus biadh guirt gan deoch do
thabhairt dóibh mar bheatha. d'fhuasgail Dia iad. d'imthigheadar san
oidhche agus a leath-ghlas féin ar gach aon díobh, agus rugadar do'n dún
iad, agus as san thugadar “Dún dá Leath-ghlas” mar ainm air. Rug Pádraig
buidheachas le Díochoin ar son a umhlaidheachta. d'fhág slán aige, agus
níor stad go Droichead Atha. D'fhág slán aige, agus níor stad go
Droichead Atha. D'fhág a long ag Lomán, mac a dheirbhsheathrach .i.
Tigris; agus adubhairt leis fuireach dá-fhichid lá. Agus d'fhan seisean
ceithre fichid lá; agus nuair nach dtáinig Pádraig chuige, do ghluais
roimhe ag déanamh maitheasa i bhfíonúir an Tighearna.



Dála Phádraig, thárla go machaire mór os comhair Teamhrach, Dia-Sathairn;
agus lá arn-a mháireach dobhí féasta an reachta aca-san, agus níor
dhlightheach do


L. 73


dhuine air bith i radharc Teamhrach teine do lasadh roimh theinidh an ríogh
i dTeamhraigh. Ní raibh fios nóis a dtíre ag Pádraig gur chuir teine mhór
dá lasadh. Do-chonnaic an rí an teine, agus d'fhiafruigh cia do bhris an
reacht. D'innis Luchad Maol agus Lochra, dhá dhraoi dobhí aige, gurab é
Pádraig do-rigne sin i dtarcaisne a fhógartha-sa; agus adubhairt nach raibh
breith ar thoirmeasg do dhéanamh dhó, gan é d'ionnsaidhe an oidhche sin
féin, agus gan é 'chíorrbhadh gan mhoill. Do ghléas an rí agus a mhuinntear
seacht mbaigíní nó seacht gcarbaid fichead, agus thángadar i ngar do'n
teinidh. Do chuir na draoithe i gcéill do'n rígh gan dul go Pádraig,
d'eagla go dtuigfeadh gur mar chion air dorachadh féin ann. Agus
adubhradar saighdiúirí do chur dá thabhairt i láthair an ríogh; agus
adubhradar leis an lucht feithmhe gan éan-duine aca d'éirghe 'n-a sheasamh
nuair dothiocfadh Pádraig i láthair.



Tháinig an naomh; agus d'éirigh Earc Mac Deagha, is do leig é féin
ar a ghlúinibh, is ghlac baisteadh, is tháinig fá dheireadh chum a bheith
'n-a easbog naomhtha i Sláinge. d'fhiafruigh an rí do Phádraig créad
é a thoisg. Agus tar éis Pádraig d'innsint a chúise, agus a thaisbeánadh
dhó cia hé an t-Éin-Dia uile-chumhachtach, i dteangain mhaith Ghaedhilge,
do chuir sé iongantas mór ar chách uile. Dobhí an draoi réamhráidhte,
Lochra, lán do nimh, ag mallughadh Dé agus a naomh; agus, le
n-a chois sin, tógbhadh os cionn talaimh é, agus do caitheadh tar 'ais
anuas é ar charraig chruaidh chloiche, ionnas gur leigeadh a inchinn amach
as an gceann. Annsoin d'fhógair an rí, déanamh ar Phádraig agus a
mharbhadh; agus do nocht gach aon aca-san a arm. Agus


L. 74


tháinig an oiread sin dorchadais ann, nach bhfacadar an naomh, gur ghabhadar
féin ag marbhadh a chéile, ionnas gur thuiteadar naoi ndaoine déag ar
fhichid díobh marbh ar an láthair sin. Do ghabh na heich ar siubhal i
bhfiadhain go ndeachadar ar shliabh Móghdhuirn. Dochuaidh an rí agus a
bhainríoghan dá ríogh-chúigeadh, agus ceathrar eile i mbothóig. Agus do
sábháladh ann iad. Thángadar ar a nglúinibh chum Phádraig. d'iarr an rí
párdún, agus adubhairt leis teacht lá ar n-a bháireach go Teamhair; agus i
láthair na Párlamuide, go nglacfadh féin an creideamh.



Gidheadh, ní raibh acht calaois aige lá arn-a bháireach. Do chuir
an rí naoi luigheacháin roimh Phádraig agus a mhóir-sheisear sagart
agus a leanbh, Bineán. Agus do ghabhadar tar na luigheachánaibh gan baint
leó. Agus is é connarcthas do na luigheachánaibh sin, ocht n-eilte agus
laogh ag imtheacht tharsa. Agus ar bheith do'n rígh agus dá chóisir ar
bhórdaibh, ag teacht tar an uathbhás dochonnarcadar, agus na geataí
dúnta go daingean ortha, do sheas Pádraig gon-a ochtar sagart ar lár
an halla. Do ghlac iongantas cách uile. Tar a chionn sin, adubhradar leis
suidhe. d'ibh an rí deoch ar Phádraig; agus do líon an draoi Luchad
Maol an cupán no an corn, agus do chuir, le hórdughadh an ríogh, nimh go
leór chuige ann. Do ghlac Pádraig an corn. Do-rigne Fíoghair na Croise
air. Do dhoirt an nimh chuige ar a bhais, agus í ionntuighthe chum bheith
'n-a leic oidhre. d'ibh deoch do'n fhíon agus thug an corn dá mhuinntir,
le hiongantas mór an ríogh agus na cúirte uile.



Agus tar éis bídh, do ghluais an rí chum an Oireachtais. Agus do
labhair le coisidhe, - Crinnliath a ainm, - agus adubhairt leis a cheann do
leigean ar


L. 75


chloich, agus a lán fola do bheith 'n-a thimcheall, agus a leigean air go
mbéadh marbh. Do-rigneadh mar sin; agus nuair thángadar gus an áit 'n-a
raibh sé, do nocht an rí an chúis, agus d'iarr ar Phádraig féachaint chuige.
Dobhí 'fhios ag Pádraig cionnas mar dobhí an chúis, agus adubhairt: “Is
dóigh leat-sa nach bhfuil sé marbh. Gidheadh, atá a dhearbh agam-sa go
bhfuil marbh ar son a mhagaidh.” Agus dobhí marbh gan amhras.



Dochuadhadar fá'n machaire mór mar a raibh an t-Oireachtas. Dobhí
Pádraig ag teagasg. Do chuir an rí agus a dhraoi toirmeasg air, agus
adubhairt: “Déanfamaoid-ne míorbhailí puiblidhe.” Agus, len-a chois
sin, do bhuail ar bheith ag rádh mórán do bhriathraibh do-thuigseana, ag
gairm cabhra an aidhbheirseóra, agus gan mhoill dobhí sneachta róiongantach
ann. Adubhairt Pádraig leis, a chur tar 'ais; agus adubhairt
sé nárbh'fhéidir leis sin go dtí lá arn-a bháireach. Thóg Pádraig
a lámh bheannuighthe suas, is do-rigne Fíoghair na Croise naomhtha; agus
d'imthigh an sneachta leis sin. Do bhuail an draoi ar ealadhain arís, agus
thug dorchadas iongantach ann do chuir uathbhás mór ar an Oireachtas.
Adubhairt Pádraig leis, a chur ar 'ais; agus nuair nach ndearna, do ghuidh
féin Dia go dúthrachtach, agus d'imthigh sin uile chum neimhnídhe; agus
dobhí grian ró-shólásach ar an aer, do chuir luthgháir mhór air chách
uile. Annsin adubhairt an rí leó a leabhair do chur 'san uisge, agus
cibé leabhar dothiocfadh slán, a chreideamh-san do ghlacadh. Ba toil le
Pádraig sin. Acht do dhiúltuigh an draoi dhó, dá rádh gurab é an
t-uisge ba Dia do Phádruig, do bhrígh gur leis do-ghníodh an Baisteadh.
Adubhairt an rí: “Maiseadh, cuiridh bhur leabhair 'san teinidh.” Do
dhiúltuigh sin, do bhrígh gur adhair Pádraig


L. 76


uisge agus teine. “Ní adhraim-se na dúile,” ar Pádraig, “acht adhraim Dia
do chum agus do chruthuigh na dúile; agus chum nach mbéimíd in-imreas a
bhfad, déantar teach annso, agus cuirtear dair láidir ghlas 'n-a leath agus
adhmad tirim críon 'san leath eile dhe. Éirigh-se 'san leat ghlas de agus
mo chóta-sa ort. Cuirfead-sa mo bhuachaill óg 'san éadan chríon de agus do
chóta-sa air. Ceangaltar a lámha agus a gcosa, agus cuirtear teine in-
éinfheacht i dhá cheann an tighe, agus cibé agaibh thiocfas slán, adharthar
a Dhia sin.” Do-rigneadh amhlaidh sin; agus do-rigneadh luaithreadh do'n
draoi, agus níor bhain an teine le cóta Phádraig dobhí ar an draoi, agus do
b'é cóta bán é. Dála an bhuachalla, do dóigheadh cóta an draoi dobhí uime.
Gidheadh, tar éis an tighe do dhóghadh, do gairmeadh amach é, agus tháinig
sé ag siubhal amach, amhail do mhúsglóchadh as a chodladh an tráth sin.
Benignus nó Bineán dobhí ann, agus tugadh as soin mar ainm Beircheart
naomhtha air.



Do mheasfadh duine go mbadh leór mar mhíorbhailíbh iad so féin
amhain chum Laoghaire d'iompodh chum an chreidimh. Acht dobhí d'urchóid
ann, gurab é ní do-rigne, maille le comhairle na coda ba mhó dhíobh,
bás d'fhaghbháil do'n Naomh, maille leis an sluagh do bhrostughadh chuige
len-a n-armaibh. Ní mór gur thúisge len-a samhlaoid 'ná, le
crithniughadh talmhan tháinig d'urchar, gur sloigeadh cúig céad déag
fear in-a ndeigh-bheathaidh ar an áit i dtalamh dhíobh.



Annsin d'umhluigh Laoghaire go calaoiseach, agus adubhairt go nglacfadh
an creideamh agus go n-adharfadh Críost. Acht do leig an bhainríoghan í
féin ar a glúinibh ar an láthair air leic chloiche, agus do ghlac
baisteadh; agus tugadh Leac na Ríoghna mar ainm air


L. 77


an leic sin. Agus do baisteadh mar aon léi an lá soin dhá mhíle deag fear
agus ban. Thug an rí láin-chead chum teagaisg gan buaidhirt ó éan-duine do
Phádraig, agus thug dó féin agus do'n Eaglais ró-iomad tabhartas, agus
deir Próbus Solínus gur ghlac féin baisteadh; gidheadh, táid ughdair eile
contrárdha dhó. Acht is follas go ndearna Pádraig do thairingireacht nach
mbéadh éan-duine dá shliocht choidhche 'n-a rígh i nÉirinn, acht an
ghein dobhí an uair sin i mbroinn na bainríoghna. Agus dob'é Lughaidh
dobhí 'n-a broinn, agus is é dobhí 'n-a rígh i ndiaidh Laoghaire.
Agus as soin suas do leigeadar na droich-chreideamhaigh dhíobh dánacht do
dhéanamh chomh mór soin ar bhás an naoimh d'iarraidh.



Ecce sacerdos magnus. Féach an sagart mór. D'innseas daoibh, iar
dteacht go hÉirinn do'n naomh, go rabhadar trí urchóideacha innti ag
milleadh na ndaoine go ró-dhíoghbháileach i dtaoibh anma agus cuirp .i.
draoithe diablaidhe, lucht piseóg agus feasa, eathadhaigh nimheamhla agus
deamhain mhalluighthe aeir. Do ghlac truagh ró-mhór Pádraig do na
daoinibh, agus do ghuidh Dia go dúthrachtach ar a son fán-a ndíbirt uatha.
Tháinig an t-aingeal chuige agus adubhairt leis an maide réamh-ráidhte do
bhí aige do thógbháil suas agus a fhógradh dhóibh a gcruinniughadh uile
air éan-láthair. Do-rigne sé sin; agus d'fhógair dhóibh uile do
chruinniughadh in Ainm an Tighearna Dia, air shliabh Cruacháin Aighle,
in-Iarthar Chúigidh Chonnacht, os cionn na fairrge. Do chruinnigheadar go
hiomshlán annsoin, agus thóg sé suas a mhaide, agus d'fhógair dhóibh i
nAinm Iosa a gcinn do bhualadh fútha 'san


L. 78


bhfairrge. Do-righneadar sin, agus ní facathas éin-cheann díobh-san
i nÉirinn ó shoin beó. Ag so suidhiughadh nó áiteamh air seo i
sean-leabhar Aifrinn, sgríobhtha i litir láimhe: Virosa reptilia prece
congregata pellit ab Hibernia, agus sean-leabhar eile adeir; per orbis
spatia fidem disseminat et ab Hibernia virus exterminat.



Ní headh amháin gur chuir Pádraig iad uile as Éirinn, acht fós fuair
d'impidhe ó Dhia gan éin-cheann díobh do gheineamhain innti choidhche. Agus
adeir Beda: “maide nó slat nó píosa dá luighead dá fíodhbhaidh nó dá
créidh, má bheirthear i dtalamh 'n-a mbéidh piasta nó beathadhaigh
nimheamhla é, nach túisge bhainid leó 'ná tuitid marbh fá lár. Ní hé so
amháin, acht duilleóga leabhar dothiocfadh ó Éirinn, gan acht iad do
mhaothughadh agus do leigint in-uisge, agus iad do thabhairt len'ól do'n
té do cailgfidhe le péist nimhe i dtíorthaibh coigcríche, do leigheasfaidhe
é, agus fós tar éis ait.” Adeir fós, mar an gcéadna, Giraldus Cambrensis,
in-a aimsir féin, go raibh 'san taobh thuaidh do Shacsanaibh ógánach do'n
náisiún chéadna, agus ar a bheith dhó 'n-a chodladh agus a bhéal osgailte,
go ndeachaidh nathair nimhe 'n-a bhéal agus as soin 'n-a chorp, agus nuair
do mhúsgail gur mhothuigh ag corraighe 'n-a chorp í. d'iarr leigheas
spioradálta agus tiomporálta ar feadh Sacsan, agus ní dhearndar maith dhó -
go mór-mhór nuair dobhéadh a ghoile follamh, dobhíodh síor-bhuaidhreadh
troblóideach aige. Dochuaidh ar chomhairle deagh-dhuine go hÉirinn.
d'ibh cuid d'uisge na hÉireann, agus gan mhoill fuair é féin slán; agus
tháinig sise marbh uaidh gan díoghbháil do dhéanamh dhó. Deirtear fós dá
mbéadh Éireannach i machaire coigcríche, agus compás do tharrang timcheall


L. 79


air le maide ó Éirinn, nach rachadh sise tar an líne sin, agus ó bhaint leis
an líne go bhfuighbhthear marbh í.



I mBhúrdus, sgoláire Éireannach cosnochttha do shatail air nathair nimhe,
agus í ag preabadh timcheall a choise, do mharbh í gan díoghbháil.
I Sacsanaibh ar mbeith d'Éireannach agus do Shacsanach i bhfochair a chéile
'n-a gcodladh fá'n aer, d'ionnsuigh nathair iad, agus do mharbh sí an
Sacsanach, agus dochuaidh i muinéal an Éireannaigh gan díoghbháil do
dhéanamh dhó; d'fhan sí ar chrochadh as a mhuinéal, agus í marbh.



Tar éis iad so do chlaoidhe agus na piasta nimheamhla do dhíbirt, do
bhí ann an treas urchóid .i. na deamhain aeir go ró-mhío-chothramach
díoghbháilach ag milleadh na ndaoine so ló is d'oidhche. Dochuaidh
Pádraig ar an gCruaich, agus do throisg dá-fhichid lá ann gan biadh gan
deoch, ag guidhe Dia fá iad-san do dhíbirt a hÉirinn.



I ndeireadh an Charghais, is bocht an aoide do-bheiridís air a n-aimsir
Aifrinn agus urnuighthe. Dobhíodh seisean go hárd binn ag canadh na salm,
agus iad-san i reachtaibh éan mór ndubh n-úrghránda ag timpreacht os a
chionn agus ag gáir-bhéiceadh. Annsin nuair nárbh'fhéidir leis a gcur chum
siubhail do mhalluigh iad agus do bhain a chlog orra, agus níorbhfearrde
dhó. Annsoin do ghoil sé le ró-dhoilgheas ó chroidhe, air mhodh nach amháin
rian na ndeór do bheith ar a leicnibh, acht fós dobhíodh tosach a ghruadhna
agus a ghúna ró-fhliuch uatha. Agus annsin do ghluaiseadar siar chum na
fairrge, agus atá pruachlais ró-ghránda iongantach ann, agus deirtear go
ndeachadar annsin. Agus atá “Poll na nDeamhan” mar ainm dó ó shoin; agus
mar sin d'fhágbhadar Éire slán saor glan uatha féin.


L. 80


Adeir Eoghan Mac Craith, file Éireannach, go raibh trí chéad míle do
mhíltibh ann díobh; agus iad fá thrí captaonaibh, Fearbonn,
Fearbogha agus Feargabhála .i. Corniger, Arcitenens agus
Tridentifer: mar adeir an rann so: -





As an gcruaich do cuireadh libh trí chéad míle do mhíltibh,
Is cinn feadhna orra-san, ealbha dorcha do dheamhnaibh
Fearbogha fós agus Fearbonn, dob'é ainmne na n-árd-deamhan
Is Feargabhála nár ghlan fiodh, is ál na healbha do hairgeadh.





Agus mar sin do shaor Éire an uair sin uatha.



Is iomdha leabhrán maith do sgríobh Pádraig, agus adeirtear gur sgríobh
tríochaid díobh. Do-rigne cúig is ceithre fichid agus trí chéad eaglais.
Do-rigne coisreagan ar chaogaid agus trí chéad easbog, agus do-rigne sé
míle sagart. Do bhaist sé féin agus a dheisgiobail céad míle agus
dá-fhichid fear agus ban. Dochuaidh do'n Róimh do thabhairt chunntais
do'n Phápa 'san gcúram sin do chuir sé air. Thug an Pápa glóire do Dhia
agus buidheachas do Phádraig air n-éisteacht a chunntais, agus do chuir go
hÉirinn arís é. Agus do-rigne a léagáid féin agus príomhfháidh na
hÉireann de.



Iar dteacht go hÉirinn dó atha fhada aimsire 'n-a dhiaidh, tháinig an
t-aingeal Uictor chuige, agus adubhairt leis gur mhithid le Dia é do ghlacadh
a shuaimhnis. Agus, dá bhrígh sin, do thriall roimhe go hÁrdmacha. Acht
tháinig an t-aingeal céadna chuige, agus adubhairt leis imtheacht go
Sabhall, is gurab ann do-gheóbhadh bás; agus tar éis a bháis, a chorp do
chur i gcarbad


L. 81


nó i gcarra air dhá bhoin, agus é d'adhlacadh mar a mbéarfaidís é. Do
ghluais go Sabhall, agus tháinig aicíd an bháis air ann. Dobhí an
mhaighdean naomhtha, Brighid, ann, agus do taisbeánadh dhi an uair
do-gheóbhadh Pádraig bás. Agus, dá bhrígh sin, dochuaidh go dtí a
mainistear féin ag iarraidh brat líne do shníomhadh agus d'fhighe léi féin
fá chomhair cuirp Phádraig. Do-rigne dícheall mór chum fillte. Acht do
connarcthas do Phádraig an ní d'imthigh uirri, agus do chuir fá deara cúig
bhaigíní do chur 'n-a coinnibh. Tháinig sí, agus do bheannuigh seisean í,
agus do chuir fios air Asach, easbog agus deisgiobal dó féin; agus
do-rigne a fhaoisdin leis, agus do ghlac a Thighearna agus an ola dhéidheanach
choisreagtha uaidh. Agus adubhairt a chorp do chur i gcarra i ndiaidh
chóraid bhó, agus leigean dóibh gluaiseacht ar a dtoil féin; agus mar a
mbéarfaidís é, a chorp d'adhlacadh ins an eaglais sin.



d'fhéach suas ar neamh agus do-chonnarc a Thighearna go glórmhar ann, agus
rug buidheachas leis, agus do chuir na hÉireannaigh ar a chomairce; agus
annsin fuair bás an seachtmhadh lá déag dá éagcruas, agus an dara bliadhain
fichead ar chéad dá aois, an bhliadhain d'aois ár dTighearna ceithre chéad
agus ceithre bliadhna déag agus ceithre fichid. Agus dá bhliadhain déag ar
fhichid dobhí 'n-a Easbog i nÉirinn. Dhá lá déag dobhí sé gan adhlacan
gan truailliughadh tré cheannairc dobhí idir Árdmacha agus an Dún
ag féachaint cia aca 'gá mbéadh a chorp.



Acht do cuireadh an corp ar an gcarra; agus nuair tháinig na ba ar an
slighidh dobhí ag triall chum an Dúna, do ghluaiseadar go luath láidir
rómpa,


L. 82


agus do leanadar muinntear Árdmacha iad. Gidheadh, d'fhill orra an carra,
agus mheasadar gurab eisean dobhí aca. Agus mar sin do ghluaiseadar rómpa
tar an n-ais go dtángadar go hAbhainn Chonchoine. Agus nuair dobhíodar ag
glacadh suaimhnis, ar n-éirghe 'n-a seasamh dhóibh, ní raibh bó ná carra
aca, ná fios cár ghabhadar uatha. Acht d'imthigh an naomh-chorp soin do'n
nDún, agus d'adhlacadh annsin é, mar as follas 'san bhfeart-laoidh
dochum
file muinnteardha dhó os a chionn. Eiséirghe Phádraig i
nÁrdmacha, mar adubhairt an file:




Atáid triúr ann, atáid triúr
d'adhras go follas Rí na nDúl,
Bríghid, Pádraig agus Colm caomh,
Taobh le taobh ins an Dún.




Féachaidh féin, a cháirde agus a chlann chaomh spioradálta Phádraig,
iomadamhlacht na mór-mhíorbhail so dochualabhar uaim-se indiu; agus níos mó
go mór 'ná fiche oiread ar feadh an náisúin seo do-rigne Dia air impidhe
Phádraig Naomhtha an uair seo, ag tógbháil agus ag iompodh ár sinnsear
romhainn chum an éin-chreidimh chatoilicigh Rómhánaigh. Congbhaidh go
daingean do-scartha ceanamhail é. Ná caillidh go bráth é, ag iarraidh
fabhar nó onóra, bríghe díomhaoine, nó breise socamhla nó saoire nó
saidhbhris dá bhur gcorpaibh, mar do-rigneadar, fóiríor! mórán dár ndaoinibh
romhainn. Caillidh a mbéidh do'n tshaoghal agaibh, agus ní hé sin amháin
acht bhur gcorp leis, má's riachtanas é, d'fhonn bhur n-anam do shábháil
níos túisge 'ná caillfear é. Bídhidh deimhneach gurab é an creideamh d'fhág
ár Slánuightheóir, Íosa Críost, ag a Easbolaibh agus ag an dá fhear déag
agus trí fichid do shagartaibh do thóigh sé féin le teagasg agus le seanmóir
ar feadh


L. 83


an domhain, thug Pádraig chughaibh. Tabhraidh míle moladh agus glóir dá
bhur nDia do-rigne na mór-ghrása so oraibh ag cur an chreidimh chughaibh, do
shlánughadh bhur n-anam; agus onóir agus buidheachas dá bhur bpátrún
naomhtha, Pádraig, dá iomrádh, dá mholadh in-bhur n-urnaighthibh ar son na
mór-chomaoine do chuir oraibh, agus atá anois go síorraidhe dá cur oraibh do
láthair na Tríonóide, ag guidhe ar bhur son. Agus dá bhur ngriósughadh
chuige sin do dhéanamh, do ghlacas féin an cúram so.



Bíodh foighid agaibh anois beagán eile aimsire go labhróchad dhá fhocal nó
trí ar na neithibh atá riachtanach do'n té choimhéadas an creideamh so, dá
ghnáthughadh chum glóire fhlaitheamhnais d'fhaghbháil.



Fides sine operibus mortua est. - “Is ní marbh é an creideamh gan
deagh-oibreacha” (Séam.ii.26). Is indéanta do'n té choimhéadas an
creideamh so, aitheanta Dé agus na héaglaise do choimhéad, agus trosgadh
déirc agus urnaighthe do dhéanamh. Leigim tharm anois trácht ar choimhéad na
n-aitheanta sin, agus labhróchad beagán ar na trí neithibh seo mar atá
trosgadh, déirc, agus urnaighthe.



I dtaobh an trosgaidh, adeirim gurab é trosgadh as cóir do'n tí bhíos ins an
gcreideamh so do dhéanamh .i. an carghas; na cathaoireacha timpire, ceithre
huaire 'san mbliadhain, mar atá, trí lá 'san rátha; trosgadh Mhuire;
bhigleacha na nEaspol; agus gach trosgadh eile leithleathach órduigheas an
Eaglais. Adeir duine agaibh: “duine dealbh díomhaoin mé, níl biadh ná am
áirithe agam, agus glacaim mar a bhfaghbhaim é.” Adeir duine eile: “Fear
mór-shaothair mé féin do-gheibh beatha ar allas mo mhallaí.” Adeir an
bhean: “bím féin im' mhnaoi thorthaigh nó im' bhanaltrain do shíor; ní
fhulangaim


L. 84


trosgadh do dhéanamh;” mar sin daoine aicídeacha agus daoine os cionn aoise.
Admhuighim go saorann an Eaglais ó ghéarmharacht trosgaidh chorpardha na
dronga so uile adubhramar. Gidheadh, órduigheann sí dhóibh trosgadh
spioradálta do dhéanamh ins na haimsiribh seo adubhramar, in-íoc an
trosgaidh eile. Créad é sin mar trosgadh? Fanamhaint ó pheacaidhibh do
dhéanamh an lá sin, gan móide móra do thabhairt, gan easgaine ná mallughadh
do dhéanamh as chréatúir ar bith, gan ceannairc nó imreas díbhfeargach do
dhéanamh, gan craos do dhéanamh ar dhigh, ná éin-pheacadh eile marbhthach do
dhéanamh, agus breis urnaighthe do dhéanamh in-aimsir an trosgaidh ná
déantar in-aimsir eile. Créad iad na hurnaighthe as oireamhnaighe do
dhéanamh inaimsir an trosgaidh? má's aimsear an Charghais bhíos agat, agus
nach léightheóir urnaighthe thú, smuain ar pháis Chríost, is abair cúig
Paidre déag i síothcháin a Pháise, agus an Choróin Mhuire agus cúig Paidre i
síothcháin na gcúig gcás as mó 'n-a raibh sí timcheall páise is báis a
hÉin-Mhic ghrádhaigh. Má's trosgadh Easbuil bhíos agat abair dhá Phaidir déag
agus Cré, ag molad Dé agus an dá Easbol déag, agus an Choróin Mhuire; agus
dá réir sin, i laetheantaibh eile trosgaidh.



I dtaobh na déirce: Date eleemosynam et omnia munda sunt vobis. - “Déan an
déirc agus béidh an uile ní glan agaibh” (Lúcás xi.41). Adeir duine
agaibh: “níl déirc agam dodhéanfainn.” Muna bhfuil déirc chorpardha agat
dodhéanfá, déan déirc spioradálta. Bí truaghach carthannach ceannsa leis
na bochta. Baill ár Slánuightheóra iad. Féach cad adeir sé féin:
quamdiu fecistis uni ex his fratribus meis


L. 85


minimis, mihi fecistis. - “Gach nídh rigneabhar dom' bhochtaibh, dam féin
do-rigneabhar é” (Matha xxv.40). Múin an Phaidir, an Chré, agus Aitheanta
Dé agus na hEaglaise, fios na Sacramuínt, agus na seacht bpeacaidhe
marbhthach, agus rúindiamhra na Tríonóide do'n aos óg bocht do-gheóbhair
'n-a n-easbaidh. Ná déan agus ná fulaing, dod' dheóin, éagcóir nó leathtrom
air bhaintreabhaigh nó ar dhíleachtaíbh. Coisg fá do dhicheall gach n-aon
do-gheóbhair ag tabhairt mionna mór nó ag déanamh éin-pheacaidh eile
mharbhthaigh. Agus is í seo déirc as fearr do dhéanamh. Cibé agaibh 'n-a
mbéidh déirc chorpardha do dhéanamh, déan go neamh-mhaoidhteach agus go
discréideach air son Dé í. Mar adeir ár Slánuightheóir: Te faciente
eleemosynam nesciat sinistra tua quid faciat dextera. - “An uair bhíos tú ag
déanamh déirce, ná bíodh 'fhios ag do láimh chlí créad a dhéanann do lámh
dheas” (Matha vi.3). Adeir duine: “ní naoidhe déirce é”; is naoidhe déirce
Críost, agus is 'n-a ainm iarras í, agus is as do-bheir tú í. Mar adubhart
cheana, má's duine é bhíos 'n-a shláinte, comhairligh dhó a bheatha do
thuilleamh agus gan bheith ag iarraidh déirce, as beatha do na daoinibh ná
bíonn ionnta a mbeatha do thuilleachtain. Go dtugaidh Dia do ghrásaibh
dhaoibh, méadughadh go fonnmhar leis na deagh-oibreacha is an gcreideamh
gcatoiliceach Rómhánach, maille le himpidhe ár naomh-phátrúin, Pádraig:
beannachadh Dé uile-chumhachtaigh, an Athar, an Mhic, agus an Spioraid Naomh
do thuirlicean agus d'fhanamhaint go síorraidhe orainn. Amen.




L. 86


B 1769
U 0201
SEANMÓIR A SÉ



Eiséirghe Íosa Chríost



(Domhnach Cásga)



Traditus est propter delicta nostra, et resurrexit propter
justificationem nostram.



Do toirbhreadh suas é i dtaobh ár gcionnta, agus d'eiséirigh sé chum ár
slánuighthe. - Rómhánaigh iv.25.



Is fíor, a dhearbhráithreacha mo chroidhe, gur le ró-cheart d'fhéach an
Eaglais Chatoiliceach ó úr-thosach an chreidimh ar an lá indiu mar aon do
laethibh na bliadhna as ághmharaighe agus as tairbhighe do'n chineadh
daonda, ar chor go n-onórthar é le hiomad ceileabhartha agus
sollamhantachta. 'S é an lá indiu, go deimhin, an lá grianmhar in-a
n-admhuighid cách glóire agus uaisleacht na Croiche Céasda; in-a
gcríochnuighthear rúindiamhra foir-ísleachta Íosa Chríost; agus in-a
n-árd-mholtar dorchadas a pháise is a bháis dhiachraigh ar chrann na Croise
mar aon le fírinne a réamh-fhaisnéise do chur in-umhail do láthair
ilchineadhach na talmhan. 'S é an lá indiu an lá ceannamhail in-a d-tugtar
ughdarthás is móir-mheas dá dhligheadh bheannuighthe; in-a gcoimhlíontar a
mhíorbhaile is a mhóirfhearta; in-a dtugtar urraim agus ómós d'a
leathan-chumhachtaibh agus in-a gcuirtear coróin ghlórmhar ar an gcuid eile
d'a naomh-oibreachaibh. Is ins an lá aoibhinn seo do choimh-neartuighthear
gach laig-dheisciobal


L. 87


'n-a chreideamh; in-a gcuirtear d'fhiachaibh ar an dí-chreideamh géilleadh
fá sról-bhratachaibh áilne an tSlánuightheóra, agus in-a ndéantar ruagadh
is léirsgrios go bruinne an bhrátha ar gach droch-amhras i bpunncaibh
crábhaidh tré iomad lonnrachta na fírinne. Is é an lá indiu, gan
éan-chontabhairt, an lá soillseach chum náire agus síor-mhasladh do thabhairt
do'n earráid is do'n eiriceacht; in-a bhfuil an Eaglais ag éirghe suas go
cosgarach as an uaigh mar aon le fuasgaltóir an chinidh daonda, an Teagasg
Críostaidhe ag breith uachtaránachta os cionn chlaon-fhallsachta na
bpágánach agus luchta toirmisgthe, agus gach spiorad cruadh-mhuinéalach
doi-cheannsa dá chionntughadh do mhealltóireacht is do bhréigibh.
In-éan-fhocal, a chríostaidhthe, is in san lá ghlórmhar so atá eiséirghe
na colna dá áiteamh le hughdarthás, síorraidheacht an anma dá suidhiughadh gan
éin-spleádhchas, agus geallamhain bhunadhasach againn chum fuasgailt obann
d'fhaghbháil as braighdeanas an aidhbheirseóra mar aon le beathaidh
spioradálta chum sochair agus chum sólása pobail na gCríostaidhthe.



Fuair Íosa Críost bás chum an sean-duine do léir-sgrios mar aon len-a
oibreachaibh; agus d'eiséirigh sé chum ríoghacht an duine nua do chur n-a
seasamh. d'fhulaing bás chum a sglábhuidhthe do léar-fhuasgladh as
braighdeanas an diabhail; d'eiséirigh sé chum saoirse foir-líonta do
shaothrughadh dá chlannaibh toghtha. d'fhulaing bás chum ár bhfiacha do
dhíol; d'eiséirigh chum sinn d'úir-líonadh suas dá shaor-ghrásaibh.
d'fhulaing bás chum dóirse ifrinn do dhúnadh suas; d'eiséirigh chum dóirse
Parrthais d'fhosgladh dhúinn. d'fhulaing sé bás, fá dheóidh, i dtaobh ár
gcionnta agus d'eiséirigh sé ó mharbhaibh do-chum ár slánuighthe:
traditus est propter


L. 88


delicta nostra, et resurrexit propter justificationem nostram.



Déanamaois machtnamh ar feadh tamaill ar chéill agus ar éifeacht na
mbréithre ndéidheanach so an Easbail; agus ó is iad ár gcionnta ba chúis
d'ár Slánuightheóir Íosa Críost chum bás scannalach na Croiche
d'fhulang ar ár son, tugamaois fá ndeara indiu gur chum slánughadh is chum
naomhughadh ár n-anam do-rigne sé an t-eiséirghe; an chéad uair, ar an
ádhbhar nach bhfuil éin-mheadhón le faghbháil is cumasaighe ná eiséirghe
Íosa Chríost chum a mhíniughadh dhúinn gur cóir dhúinn seasamh amach is
na grásaibh fuaramar ó Dhia; agus, 'san dara h-áit, do bhrígh go múineann
sé dhúinn an tshlighe dhíreach chum seasamh amach ionnta. In-éan-fhocal,
spreagann agus dúisigheann Eiséirghe Chríost ár gcroidhthe suas chum
buan-chosnaimh is na grásaibh fuaramar uaidh: ag sin céad roinn mo
chomhráidh. Nochtfaidh mé dhaoibh, 'san dara roinn, go dtaisbeánann
Eiséirghe an tSlánuightheóra na meadhóin badh dhual dúinn do leanamhaint
chum buan-chosnaimh is na grásaibh so.



Acht chum gur feirrde dothiocfadh liom an fhírinne ró-éifeachtamhail sin do
phréamhughadh in-bhur g-croidhthibh, sirimíd uile go dúthrachtach congnamh
an Spioraid Naoimh tré naoimh-impidhe chumhachtach na Maighdine Muire, ag
rádh - Ave Maria, etc. Dia do bheatha, a Mhuire, etc.



An Chéad Roinn.



Do-gheibhmid amach go bhfuilid dá nídh ann as préamha ró-ghnáthacha do
dhíombuanacht an chríostaidhe i mbealachaibh a shlánuighthe, mar atá,
laighdiughadh is fanntais creidimh trén-a gcailleann sé glan-radharc


L. 89


ar an tshlighidh dhírigh badh dhual dó leanamhaint, nó fós,
moilleacht dóchais is muinighine daingne i nDia, do-bheir fá ndeara air gan
dearcadh go glinn ar mhórdhacht agus ar oirdhearcas na glóire atá geallta
fán-a chomhair, ar chor nach músglann suas a mhiangasa níos mó chum na
beathadh síorraidhe do shealbhughadh. Acht do-bheir Eiséirghe Chríost
leigheas cumasach d'anam an chríostaidhe in-aghaidh an dá charraig
bhaoghlach soin a shlánuighthe, mar aon le meadhóin ro-neartmhara chum
buan-chosnaimh i ngrásaibh Dé. Óir, má tá iomarca droch-amhrais agus
dí-chreidimh againn ar fhírinne Rúindiamhra an tSlánuightheóra i meadhón ár
gcroidhtheach, dar ndóigh, ní féidir nach leigheas éifeachtamhail air,
Eiséirghe Íosa Chríost ó mharbhaibh, ar an ádhbhar nach eadh amháin go
dtáthuigheann agus go n-oileann agus go neartuigheann sé in-ár g-creideamh
sinn, acht fós, go dtugann sé breis deimhnightheachta dhúinn ar gach n-aon
eile do phunncaibh an Teagaisg Chríostaidhe. Is uime so adeir an tEasbol ag
sgríobhadh chum pobail chathrach Choraint - “Munar eiséirigh Críost tá ár
Soisgéal gan tairbhe agus níl in-bhur gcreideamh acht suarachas.” -
Si autem Christus non resurrexit, inanis est ergo praedicatio nostra,
inanis est et fides vestra (I.Cor.xv.14).



Gidheadh, má rigne seisean go fírinneach an t-eiséirghe, ní fuláir gurab ó
fhlaitheamhnas atá ár miniostrálacht. Táid a ghealleamhna-san coimhlíonta
agus na neithe atáimid ag craobhsgaoileadh dhaoibh gan éan-amhras Munar
eiséirigh Íosa Críost, ní raibh is an dá Easpol déag, tar éis bheith
toghtha le Críost féin, acht mealltóirí agus lucht bréige, agus níor
chraobhsgaoil siad d'uile chineadhachaibh an domhain mhóir acht Soisgéal
bréagach, muna ndearna an Slánuightheóir an t-eiséirghe. Acht ní féidir a
leithéid sin do dhia-mhasladh agus do


L. 90


naomh-aithis do dhéanamh le hughdarthás ar bith in-aghaidh Mhic ionmhain Dé
bhí, in-aghaidh an dá Easbol déag agus na ndeisciobal. Dá bhrígh sin, ó tá
Eiséirghe Fuasgaltóra an chinidh daonda chomh háitighthe sin, créad é an
fáth amhrais dhúinn ar aon eile do rúindiamhraibh ár gcreidimh, mar
deimhnigheann San Aibhistín beannuighthe dhúinn nach gábhadh cruthughadh ar
bith do thabhairt orra uile, ó's fíor gur eiséirigh Críost:
Surrexit Christus, absoluta res est.



Atá Eiséirghe Íosa Chríost go dian-áitighthe, a cháirde, óir is iomdha
soluighid bhunadhasach dob'fhéidir liom do thaisbeánadh dhaoibh air. An
n-eadh nach bhfuil a fhios againn, gur fhéachadar na Iúdaidhthe malluighthe
gach meadhón dá raibh in-a gcumhachtaibh chum a thoirmisgthe agus a
chlaochlódha? Do dhúnadar suas, agus do shéaladar go daingean docharach an
tuamba in-ar adhlacadh a chorp onórach le carraig mhóir chloiche. Do
chuireadar saighdiúirí dá fhaire do ló agus d'oidhche, d'eagla go dtiocfaidís
na hEasbuil dá árdughadh leó go foluightheach. Tar éis sin, d'aimhdheóin a
ndíchill, d'eiséirigh an tUan trócaireach, maidin an treas lae, ar chor nár
fhan tuairisg aca ar a cholainn ins an tuamba. Tá fós dian-áiteamh eile
againn ar fhírinne an Eiséirghe, óir do thaisbeán sé é féin go fírinneach do
Mháire Madailéan, do'n dá Easbol déag go minic, agus do chúig céad do na
creidmheachaibh in-éinfheacht, mar do dheimhnigheas an tEasbol
réamhráidhte: Deinde visus est plusquam quingentis fratribus simul
(I.Cor.xv.6).



Do-rigne comhluadar leis na hEasbola in-éinionad. Do chaith biadh ar
éan-bhórd leó. d'fhulaing a chorp agus a chneadha uaisle le mothughadh dhóibh,
agus do theagaisg iad ins an chreideamh chríostaidhe agus i


L. 91


rúindiamhraibh a pháise agus a Eiséirghe ó mharbhaibh chum glóire
fhlaitheamhnais. Do thaisbeán é féin dóibh, ní fá ghné choimhthighigh ná
coigcríche, ní mar sgáil bréige chum a súile do dhalladh, acht fán-a
cholainn chirt féin, mar aon leis na cneadha agus leis na géar-ghonta do
chuir an choróin deilgneach spíne, an gad gontach líomhtha agus na tairngí
cruadha géara in-a chorp ion-adhartha.



Gidheadh, admhuighim nach gábhadh dham fírinne chomh dian-áitighthe le
hEiséirghe Mhic Dé do chruthugadh dhaoibh go ró-iomarcach. Dá bhrígh sin,
tugaidh fá ndeara gurab amhlaidh so oileann agus cothuigheann sé creideamh
an chríostaidhe. Óir ó'n tráth 'n-a n-admhuigheann an críostaidhe Eiséirghe
a Shlánuightheóra, glacann greann agus urraim é do'n chreideamh go
hiomshlán. Bíonn luthgháir mhór agus ur-gháirdeachas air ag coimhéad gach
trosgaidh, gach tréadhanais agus gach ní as peannaideamhla 's as foirbhthe
d'órduigheas an Eaglais, agus tugann moladh agus mór-umhla dá caon-dúthracht
mar aon le greann marthannach ar na riaghlachaibh do theagasgann sí. Ó'n
uair 'n-a gcreidimíd 'san Eiséirghe níl ní ar bith as ceanamhla linn 'ná na
subhailcí beannuighthe agus na deagh-oibreacha. Bíonn fuath agus
droich-mheas againn ar gach nídh eile, agus ní bhíonn sólás orainn acht 'san
mhéid do-chímíd neimh-chionntacht agus naomhthacht beathadh dá gcleachtadh,
agus grádh agus eagla Dé dá bpréamhughadh i gcroidhthibh na bhfíréan. Ó'n
uair 'n-a n-admhuighmid Eiséirghe Chríost atá ár g-crábhadh go láidir
buain-tsheasmhach; atá ár slánughadh cruthuighthe; atá ár gcaon-dúthracht
soiléir ughdarthásach; is é an Soisgéal ár ndligheadh, a theagasg ár
riaghalacha agus a shompla ár slighe bheathadh. Ó'n uair 'n-a gcuirimíd os
comhair ár súl Íosa Críost ag eiséirghe


L. 92


as an uaigh, ní féidir linn ní ar bith d'fhulang in-aghaidh dlighidh is
aitheanta Dé. Ní bhíonn i bhfonomhaid na malluightheóirí acht naomh-aithis;
i socracht fhallsa 's i gclaon-sháimhe na bpeacthach acht ceann-dánacht is
amaideacht; in-a muinighin acht éadóchas; i moilleacht a n-iompuighthe ar
Dhia acht cur suas do Ríoghacht Fhlaitheamhnais; in-a n-ath-thuitim 'san
pheacadh acht cáilidheacht díograise do'n droing mhalluighthe.



Fiafruighim daoibh, a cháirde, an bhfuil ní ar bith chomh oireamhnach leis
an bhfírinne sin chum leigheas cumasach do thabhairt d'anam an chríostaidhe
in-aghaidh díombuanachta i mbealachaibh a shlánuighthe agus chum é
'chothughadh suas go buain-tsheasmhach i ngrásaibh Dé. Roimh an Eiséirghe
dobhí deisciobail Mhic Dé féin go fanntaiseach laig-chreidimh, acht tar éis
a mbeith 'n-a bhfiadhnaidhthibh ar an Eiséirghe, do neartuigheadh chomh mór
sin iad nár éimeadar an Slánuightheóir ní ba shia. Prionnsa na nEasbal,
Peadar Naomhtha féin, an charraig dho-shaoilte úd ar na buaidhfidh dóirse
ifrinn go bráth (Matha xvi.18), tar éis a bheith chomh fanntaiseach soin
agus a Shlánuightheóir ró-cheannsa do shéanadh trí huaire i dtaobh comhráidh
shuaraigh cailín bhoicht aimsire, ó'n uair 'n-a bhfeaca sé Íosa Críost i
ndiaidh an Eiséirghe, do ghabh an oiread soin cródhachta agus foirtileachta
é, ag cosaint rúindiamhra ró-uaisle an chreidimh do láthair triaithe agus
árd-taoiseach na bpágánach agus an chinidh Iúdaidhigh, gur chraobhsgaoil iad
gan chrith-eagla gan spleádhchas, agus gur choimhneartuigh a
dhearbhráithreacha 'san chreideamh do-rigne féin do thruailliughadh roimhe
sin. Is ar éigin thaisbeán Críost é féin do San Tomás, aon do na
hEasbolaibh nár chreid 'san Eiséirghe, gur éigh sé do ghuth árd: “Ó mo
Thighearna, Ó mo Dhia, admhuighim anois óm'


L. 93


chroidhe agus óm' anam Thú” (Eóin xx.28). Ní túsga d'aithneadar na
deisciobail é i mbriseadh aráin ag caisleán Emmáus, nár mhothuigheadar iad
féin ar dearg-lasadh do theas-ghrádh na bhfírinní do nocht sé dhóibh, ionnas
nach raibh amhras ar bith orra in-éan-phunnc do'n chreideamh dár
chraobhsgaoil sé dhóibh i nIerúsalem gus an lá déidheanach dá saoghal. Dá
bhrígh sin, ní féidir nach cúis ró-éifeachtamhail ró-thairbheach dhúinn an
tEiséirghe chum sinn do spreagadh suas ón-ár dtrom-shuan codalta.



Dar ndóigh, is sinn féin atá 'n-ár bhfiadhnaidhthibh ar gach nídh as aoirde
dá bhfuil i dtaisge 'san Sgríbhinn Diadha agus i mbéal-oideas na nEasbol.



An n-eadh nach sinn as oighridhe dílse dúthchais, agus as dearbhráithreacha
cearta fola do na deiscioblaibh beannuighthe do-chonnairc len-a súile,
agus do mhothuigh len-a méara, cneadha doimhne folamhla Chuirp uasail
ion-adhartha Mhic Dé? Dochonnarcamar Íosa Críost tar éis a
aithbheóchain ó mharbhaibh, agus do mhothuigheamar fós é in-ár
gcroidhthibh tré Shacramint Naomhtha na hAltóra in-a nglacamuid agus
in-a sealbhuighimid go fírinneach é.



Má choimh-neartuigheann an Rúindiamhar so an oiread soin lag-dheisciobal
'n-a gcreideamh, agus má's é cúis éifeachtamhail dóibh é chumh a
mbuan-chosnaimh i ngrásaibh Dé, créad é an fáth dhúinn-ne bheith chomh lag,
chomh fanntaiseach so, agus filleadh tar n-ais chomh minic ar shlighthibh na
malluightheachta agus an oiread soin claonnós do chleachtadh, an oiread soin
droch-chomhluadair do choimhéad, mar aon leis na dúilibh agus na miangasaibh
céadna do'n pheacadh?



Má tá Íosa Críost dá ghléas 's dá ullmhughadh féin chum deasghabhála do
dhéanamh, agus ionad comhnaidhthe do


L. 94


sholáthairt agus do shocrughadh dhúinn i bhflaitheamhnas, créad é an chiall
dúinn bheith ar seachrán chomh maith agus nach é Ríoghacht na bhFlaitheas ár
dtír dhúthchais, agus nár chóir dhúinn éan-tshaothar do dhéanamh ná
duaidhnéis do chur orainn dochum a sealbhuighthe?



Ní headh amháin go n-oileann agus go neartuigheann an tEiséirghe ár
gcreideamh, acht fós cosnuigheann suas ár ndóchas: an chéad uair, do bhrígh
go ndéanann neartmhar cumasach é; 'san dara hionad, do bhrígh go dtugann
sólás agus compórd; agus, fá dheóidh, do bhrígh go smachtuigheann é.



Ar dtúis, neartuigheann Eiséirighe Íosa Chríost ár ndóchas, óir tá a
sháir-fhios againn ó'n Sgríbhinn Diadha go mbéimid cosmhail leis féin ins an
ghlóire. Tá a fhios againn go mbéadh a Eiséirighe féin neamh-thairbheach
dhó muna ndéanfamaís-ne an tEiséirghe mar aon leis,
ar an ádhbhar go mbéadh sé amhlaidh sin is na Flaitheasaibh gan ríoghacht
gan Eascopóireacht, agus leis sin, ná béadh 'n-a shagart go síorraidhe, ná
fós 'n-a áird-bhreitheamh ar bheódhaibh is ar mharbhaibh. Uime sin, is léir
dhúinn 's is ró-fhollas nár éagadar ár gcáirde gan téarnughadh, gan aisiog
go bráth. Do dúnadh suas a gcolna criadh gan éan-chontabhairt i dtuamba
diamhair dubrónach. Do céasadh agus do crádhadh iad le sgiúrsaibh géara.
Do tarraingeadh go heasonórach trí phluid na sráide agus na háite coitchinne
iad. Do dícheannadh gan truaighmhéil gan taise iad. Do gabhadh do
shaighdibh nimhneacha trín-a gcroidhthibh. Do stracadh a gcaoláin agus a
n-ionathair trín-a gcléibh amach. Do-rigneadh luaithreán gaoithe do
roinnibh eile dhíobh, idir chnámha is feóil, agus tugadh mórán díobh mar
bhiadh agus mar oileamhain d'éanlaith an aeir. Tar a cheann soin, tá 'fhios
againn go ndéanfaidh an Té do


L. 95


chruthuigh as neimhnídh neamh agus talamh agus a bhfuil ionnta, anam do chur
tar 'ais ins na cnámhaibh tiorma lobhtha feóidhte úd, go ndruidfidh le
chéile gach ball dá mballaibh, gach mír dá gcuid feóla agus croicinn, dá
laighead é, agus go n-aontóchaidh go cathaiseach in-éancholainn iomshlán
iad.



Do-chímid mar sin gur mór an t-ádhbhar dóchais agus muinighine neartmhaire
atá againn le faghbháil as machtnamh ar an bhfírinne sin. Uch! nuair do
smuainighim ar feadh tamaill ar mo thuras thall, adeirim liom féin: “Ó! is
mé an truaghán bocht; is éigean dam an tEiséirghe do dhéanamh leis an
bhfeóil gcéadna so do thruailligh mé go ró-mhinic agus do thruaillighim gach
éan-lá tré mhórgaidheacht agus tré iomadamhlacht mo pheacaidhe. Uch! dá
mbéadh an saoghal chum críochnughadh in-éinfheacht liom, agus go bhfillfinn
tar n-ais ar an neimhnídh as ar tarraingeadh mé, ní bhéadh fáth crith-eagla
ná dóchais agam; agus dob'é an duine as mó do ghéill dá dhroch-chlaontaibh
i lár sáimhe agus seasgaireachta an tshaoghail, ag cur peacaidhe ar mhuin a
chéile, an té ba mhó ágh is amhantar do'n chineadh daonda.” Gidheadh,
fóiríor, ní hamhlaidh sin bhéidh sé. Ó! ní h-amhlaidh. Déanfaidh an
malluightheóir an tEiséirghe chomh maith leis an bhfíréan, i ngleann Iosafat
'san ló chéadna in-a gcuirfear gairm choitcheann orainn as na huaighibh, dá
dhoimhne dhiamhra, ag séideadh na céad fuaime do'n stoc dhéidheanach
dhubrónach, chum seasamh os comhair an domhain mhóir le chéile, agus chum na
cionnta cuirpthe do mheasamar do bheith múchta coigilte an t-am so do
léir-spíonadh do láthair an chinidh daonda.



Uch! mo thruagh, cionntóchaidh m'anam mé ar feadh na síorraidheachta ins na
peacaidhibh do shaoil mé bheith i ndearmad! Fóiríor, ní dhéanfaidh bliadhna
ná aimseara,


L. 96


ná deóra troma, ná gul, ná liúghradh, ná teine, ná uisge, ná na pianta as
nimhnighe agus as guasachtaighe, lochtaí mo bheathadh do léirsgrios! Níl
peacadh dá ndearna mé riamh le smuaineamh le bréithir ná lé gníomh, ná
déanfar a chraobhsgaoileadh os mo choinne do láthair ilchréatúirí an
tshaoghail, ar mbeith dhóibh sgríobhtha i gclódh bhuain-tsheasmhach le
cleite chruaidh iarainn i leabhar chunntais feirge an Tighearna, mar adeir
Iób beannuighthe - in stylo ferreo (Iób xix. 24). Cionnas do leómhfaidh mé
teacht chomh truaillighthe so do-chum an bhreitheamhnais chirt chruadhálaigh
seo, nó créad é an dánacht dam bheith ag déanamh peacaidhe ar an saoghal so,
chum an oiread anró is mallachta do thuilleamhain dam féin? Ó a Dhia
ghléigil, uile-chumhachtaigh, ó táid m'uile smuainte, m'uile bhriathra,
m'uile mhiangasa agus m'uile oibreacha chum teacht dod' láthair le saoghal
na saoghal, deónaigh anois m'fhanntaise do neartughadh, mo dhóchas do
chorrughadh suas, agus a chur in-umhail dam, ó badh thoil leat críostaidhe
is catoiliceach do dhéanamh dhíom, gan éin-nídh do dhéanamh go lá mo bháis
badh neimh-fhiúntach chum teacht dod'láthair, ná do chongbhadh do
mhór-ghrása agus do leathain-bheannacht ó thuirling anuas orm.



Cuireann Eiséirghe Íosa Chríost compórd agus sólás ar ár ndóchas, ag
laighdiughadh ár n-ainmhian agus ár mbuadhartha saoghalta; óir, má tá a
dhiachair 's a dhócamhlacht féin ag an gcreideamh chríostamhail, níl sé gan
a mhilseacht 's a chompórda féin. Táid a chrosa féin ag an gcríostaidhe,
gan éan-chontabhairt, le fulang is le gabháil tríotha, óir is oircheas 's is


L. 97


iomchubhaidh dhó buan-chosnamh i ngrásaibh Dé, a fhíréantacht do chothughadh
suas go slán folláin dá chruthuightheóir, glan-bhuaidh do bhreith ar gach
toirmeasg bhíos i mbealach a shlánuighthe, agus é féin do chosaint ar thaobh
na gcréatúirí, agus ar thaobh a dhroch-chlaonta féin. Ní fuláir dhó, mar
sin, faire go fríochnamhach dícheallach, agus cathughadh go cródha
neamh-thuirseamhal, do bhrígh nach mbuaidhtear 'san mbualadh acht le hiomad
aireachais agus le dian-chomhrac. Má tugtar sosadh troda ná tréin-imris ar
feadh lae ná trátha, dá athghairid, tuiteann an críostaidhe in-urlár na
haindeise. Má stadann suas ó na subhailcíbh do ghrádhchant, tuiteann 'san
bpeacadh; imthigheann a spiorad ar seachrán; laguighthear a chroidhe, agus
is é an bás, fá dheóidh, chuirfidh deireadh len-a anró agus len-a
thubaist. Acht cá bhfuil ní ar bith le faghbháil chomh mór-luaigheach,
chomh tairbheach le smuaineamh ar an Eiséirghe, chum dóchas an
fhír-chreidmhigh do chothughadh i gcleachtadh pheannadamhail na subhailcí,
in-aghaidh fóirnirt is gnáth-chathaidhe an diabhail, an tshaoghail is na
colna? Bíonn an t-anam úir-líonta do'n dóchas rómhilis seo, lán do mheidhir
agus do gháirdeachas, ar bhfaicsin dó go bhfuil an corp atá anois 'n-a
throm-ualach air, lán do chuirptheacht, ullamh chum an Eiséirghe do dhéanamh
gan mórán moille ar mhodh ghlórmhar cosmhail le corp fíor-uasal Mhic Dé. Dá
mhéid géir-leanamhna, dá mhéid diachair, dá mhéid céasadh is anacra do-bheir
aingeal an aidhbherseóra dhó, is dá mhó an grádh 's an cheanamhlacht bhíonn
aige do Dhia, is móide a ghreann ar a dhligheadh agus ar a naomh-aitheantaibh,
agus is ró-mhóide admhuigheann ós árd is ós íseal, gurab é Íosa Críost
an t-éan-mhaighistir go haonracánta dár meabhair leis géilleadh is
foghnamh. Dá mhéid bhíd droch-chlaonta


L. 98


agus ainmhiana na colna dhá ghrod-bhrostughadh chum uilc agus ag cathughadh
in-aghaidh a spioraide, is mó 'ná sin an dúil ghlacann sé chum iad do
smachtughadh is do shrianadh, agus chum glan-bhuaidh do bhreith orra. I
n-éan-fhocal, a chríostaidhthe, níl peannaid ná diachair, dá ghéire, le
faghbháil nach ndéanann dóchas an Eiséirghe neamhthábhachtach. Is amhlaidh
sin dochonnairc Iób le socracht aignidh agus le suaimhneas, agus é sínte go
traochta laig-bhrígheach tréith-leóinte ar a charn aoiligh féin, agus a
chuid feóla ag tuitim in-a stráiceannaibh ó chéile, agus soin uile thríd an
machtnamh do-rigne ar an Eiséirghe. Ag so mar adubhairt fáidh oirdhearc na
foighde - “Tá a sháir-fhios agam go bhfuil m'Fhuasgaltóir in-a bheathaidh,
go n-éireóchaidh mé an lá déidheanach as an uaigh, go gclúideóchar mé leis
an gcroiceann chéadna so agus go bhfeicfead mo Shlánuightheóir agus mo Dhia
féin lem' shúile féin; atá an dóchas milis so ar folach i meadhón mo
chroidhe.” - Scio enim quod Redemptor meus vivit, et in novissimo die
de terra surrecturus sum: et rursum circumdabor pelle mea, et in carne
mea videbo Deum meum ... reposita est haec spes mea in sinu meo (Iób
xix.25-7).



Is mar sin badh chóir dhúinn-ne labhairt, agus badh leór dhúinn é chum
luthgháire do bheith orainn ins na géir-leanamhnaibh as amhgaraighe, agus
ins na cathaidhibh as déine dítheamhla ar son an chreidimh. Agus go
fírinneach is amhlaidh do labhradar na creidmheacha i bhfíorthosach na
hEaglaise.



Béidh sólás mór orainn, ar siad, ins gach mórghuasacht agus aindeise as
gábhadh dhúinn d'fhulang, do bhrígh gur eiséirigh Críost agus go
ndéanfamaoid-ne féin an t-eiséirghe mar aon leis; tugthar míle mallacht
dúinn, ní ghabhmuid mío-thapa thríd; déantar magadh is


L. 99


fonomhaid fúinn, ní chuirfimíd spéis ar bith ann; tugthar ár gcolann do na
leómhnaibh agus do na beathaidhighibh éigciallta, gidheadh, geabhaidh an
Tighearna trócaireach seilbh ionainn, agus aithbheódhfaidh sé ár gcuirp go
glórmhar mar a chorp féin. Uime sin, bheirimid ár mbeannacht do'n mhuinntir
do mhalluigheas sinn; guidhmid ar son na druinge do chionntuigheas agus do
mhasluigheas sinn, agus déanamaoid gach gné maitheasa dá bhfuil in-ár
gcumhachtaibh do lucht ár n-ingreamtha is ár ngéir-leanta. Is féidir libh
sinn do thabhairt suas chum báis. Gidheadh, cuimhnighidh go bhfuilingmid é
ar son Dé dodhéanfaidh glórmhar onórach fós sinn, ar chor go n-iompóchar
bhur masladh agus bhur mbuillí 'n-a meadhachain glóire agus onóra dhúinn
agus dorchadas bhur mbraighdeanais agus cruadhálacht bhur ngeimhleach 'n-a
lonnradh soillse chum lasadh dhúinn le saoghal na saoghal.



Fá dheóidh, smachtuigheann agus stiúruigheann Eiséirghe Chríost ár ndóchas;
óir go fírinneach, a dhearbhráithreacha, is é as ádhbhar príomh-bhunadhasach
dár dtuitim 'san pheacadh, go gcuirimid a n-aithne dhúinn féin, go mbéidh
Dia fabharach dhúinn, go bhfillfidh sé orainn, ar mhodh go ngabhamaoid mar
sin andóchas agus muinighin fhallsa. Acht leasuigheann Eiséirghe an
tSlánuightheóra na saobh-nósa soin; óir múineann an Rúindiamhair
ró-oirdhearc so dhúinn, gurab iomchuibhe chum tigheacht i seilbh na beathadh
síorraidhe an saoghal cailleamhnach so do thréigean, agus sin do bhrígh gur
ól seisean domblas is fínéigre sul do bhlais sé milseacht Fhlaitheamhnais,
agus gur fhulaing sé ó na droch-dhaoinibh iomad droich-mheasa is
mór-mhaslaidh, ionnas gur gairmeadh dhe “Fear na n-anró agus na


L. 100


ndoilgheas,” sul do ghabh sé ionad go mórdhálach moladh-chrothach ar
dheas-láimh an Athar Uile-chumhachtaigh. Níl, a cháirde, in-eiséirghe an
pheacthaigh acht téarnadh ó staid an pheacaidh chum beathadh na ngrás: 's é
sin le rádh, má thuitimid tar éis beathadh na ngrás 'sa bpeacadh, is éigean
dúinn é d'fhaghbháil tar n-ais arís le hiomad duaidh agus athtuirse, óir is
dócamhla an t-aththuitim do leigheas 'ná an peacadh féin ó thúis; agus do
bhrígh gur fír-bheagán do ghlacann an duadh so orra, mar sin, níl ann acht
fír-bheagán dodhéanann an t-eiséirghe. Agus a chríostaidhe bhoicht, cá
bhfios duit go dtabharfaidh Dia dhuit, gan duaidhnéis gan anró, an ní do
chosain an oiread soin foiréigin agus aithrighe, an oiread martra agus
umhlachta do Shlánuightheóir an chinidh daonda? Cá bhfios duit nach
bhfágfaidh thú go tráighte meirbh lag i gcréidh na talmhan, tar éis thú
'bhasgadh chomh amaideamhail sin an dara huair? Cá bhfios duit nach é an
t-ath-chasadh déidheanach so do-rigne tú 'san pheacadh an uaigh shíorraidhe
'n-ar dual thú d'adhlacadh, mar adeir Esechiel: in circuitu
illius sepulchrum ejus? (Esech.xxxii.22).



Léighimid, go deimhin, 'san Sgríbhinn Diadha gur aithbheódhadh ó mharbhaibh
éan-uair amháin Lasarus, inghean Iárius agus inghean na baintreabhaighe
boichte i Náim, agus gur tugadh beatha nua dhóibh tar éis a gcéadbháis.
Gidheadh, ní fhaghmuid amach in-éin-ionad gur tugadh an t-eiséirghe dhóibh
ó'n gcéad chuairt sin amach. Ó ní thug an Tighearna riamh, agus ní
thabharfaidh go bráth, an t-eiséirghe fá dhó d'éinneach, leis sin gur mian
leis a chur in-umhail dúinn, nach bhfuil ní ar bith níos annmha 'ná
eiséirghe an ath-uair chum beathadh na ngrás, ar an ádhbhar nach dtugadh
eiséirghe chum beathadh na nádúire d'éan-duine dár mhair ar an saoghal
riamh.


L. 101


Déanamaois, dá bhrígh sin, a cháirde ró-ghrádhacha, úsáid mhaith do'n
cheacht ró-éifeachtamhail sin, agus bímís buain-tsheasmhach díleas i
mbeathaidh na ngrás atá chomh dócamhail le faghbháil tar n-ais, agus má
bhíobhar chomh mí-ághmharach agus a chailleamhain, cuimhnighidh gurab iad
luach fola uaisle ár Slánuightheóra iad, agus gur mó cailleamhain an chisde
mhór-luaigheach soin na ngrás 'ná cailleamhain na gcréatúirí uile le chéile
agus cailleamhain an domhain mhóir mar aon leó, do bhrígh nach bhfuil sé
in-a chumhachta go léir ar éin-rian bhur ndíoghbhála do leigheas ná do
dhéanamh suas.



Dá bhrígh sin, dar ndóigh, badh chóir dhaoibh machtnamh níbhus truime ar an
bhfírinne sin, bheith aireach fríochnamhach feasta, cathudhadh go cródha
cosantach in-aghaidh námhad bhur slánuighthe, agus buan-chosnamh do
dhéanamh i ngrásaibh Dé, d'eagla tabhartas chomh mór-luaigheach, chomh
trom-éadálach leis, do chailleamhain ar feadh na síorraidheachta.



Acht anois ó do thaisbeán mé dhaoibh, na príomh-ádhbhair atá againn ó
Eiséirghe Íosa Chríost chum buan-chosnaimh i ngrásaibh an
tSlánuighteóra, ní mór dham anois a chruthughadh 's a chraobhsgaoileadh
dhaoibh an eisiompláir oirdhearc do-bheir sé fós dúinn ins an dara roinn
dom' chomhrádh.



An Dara Roinn.



Ní fhuighidh Íosa Críost bás an ath-uair tar éis a aithbheódhchain ó
mharbhaibh. Mar adubhairt an tEasbol, ní bhéidh uachtaránacht ar bith ag an
mbás air feasta, ar an ádhbhar go gcialluigheann Eiséirghe Mhic Dé
athnuadhachan beathadh iomshlán, ionnas nach bhfuil éin-ní talmhaidhe le
faghbháil ann. Agus ó d'éirigh sé éan-uair amháin as an tuamba, níl ní ar
bith bhaineas le créidh


L. 102


na talmhan ag roinn leis. Ag so, a chríostaidhthe, bhur n-eisiompláir
oirdhearc, óir chum eiséirghe fírinneach do dhéanamh, ní mór dhaoibh
sgaramhain le gach nídh thig ó'n saoghal malluighthe agus ó'n gcréidh
chailleamhnaigh. Ní mór dhaoibh beatha nua do cheapadh dhaoibh féin bhíos
tógtha suas i ngnóthaíbh na Ríoghachta Neamhdha, ar mhodh go ndéanfar daoine
spioradálta dhíobh: óir má oileann sibh éan-cheann amháin d'bhur
ndroch-chlaontaibh gan a léirsgrios 's a ruagadh as bhur gcroidhthibh,
árdóchaidh agus brostóchaidh sé na hainmhiana uile le chéile chum éirghe suas
agus chum buadhchain oraibh, go díreach mar déanann éan-lot nó éin-nioscóid
amháin, muna gcuirtear ceirín leis go hobann, uile dhroich-leanna an chuirp do
tharraing chuige: 's é sin le rádh, gur cóir dhaoibh bhur n-aireachas do
mhéadughadh tar éis éirghe as an bpeacadh. Agus fá mar nach raibh Íosa
Críost go hiomshlán nó gur bhuaidh sé ar an mbás gan caoi aisig d'fhágbháil
aige, mar an gcéadna ní bhíonn iompodh an chríostaidhe ar Dhia foir-líonta,
nó go mbuaidhfidh sé go caithréimeamhail ar uile náimhdibh a anma. Go
fírinneach, a dhearbhráithreacha, an fhaid is atáid iomad subhailcí fós le
cleachtadh, agus iomad dubhailcí le seachaint, níl bhur n-iompodh ar Dhia
acht leóinte neamhthairbheach. Tar a cheann soin, is earráid ró-choitcheann
i measg na gcríostaidhthe go bhféachaid ar aimsir na Cásga mar aimsir róigh
agus súgraidh, chum biadh agus deoch do chaitheamh. acht adeirim-se libh,
má's meabhair libh buain-tsheasamh i ngrásaibh Dé, is dual daoibh am bhur
n-eiséirghe do bheith 'n-a aimsir teas-ghrádha agus ionnracais chum tuilleadh
deagh-oibreach do chleachtadh, agus chum bheith níos dílse feasta ag
dlúth-choimhéad na n-aitheanta.



Atá sé ró-chinnte go measaid urmhór na gcríostaidhthe


L. 103


tar éis a mbreitheamhnais aithrighe do choimhlíonadh, go bhfuil ceart
dlisteanach aca stad suas ó na deaghoibreachaibh, ar mhodh gur dóigh leó go
mbaineann sé le haimsir na Cásga súgradh agus aoibhneas do chleachtadh,
bheith ag ithe agus ag ól i dtighthibh an tábhairne, agus bheith ró-fhánach
ag guidhe Dé, ag éisteacht Aifrinn, ná ag déanamh mórán naomh-oibreach eile
d'oireas do staid bheathadh agus do dhualgas an chríostaidhe. Chum go
mbreithneóchadh sibh go cruinn ar mhéid agus ar fhuathmhaireacht na
hearráide seo, is leór dham a innsint daoibh nach bhfágbhann an claon-nós úd
idir-dhealughadh ar bith idir chaon-dúthracht na bhfír-chreidmheach ag
onórughadh aon do na Rúindiamhraibh as áilne in-ár gcreideamh, agus cleasa
dia-mhaslaidhtheacha agus súgartha puiblidhe malluighthe na bpágánach ag
adhradh agus ag onórughadh a ndéithe bhfallsa. Is leór dham a mhíniughadh
dhaoibh gurab é as ádhbhar bunaidh do'n luthgháir thaisbeánann an Eaglais le
n-a héadaighibh, len-a ceólmhaireacht agus len-a síor-chantain sailm is
oráidí, an buaidh leathan-chosgarach glórmhar rug Íosa Críost ar an mbás,
mar aon le buadhachan saordhálach na gcríostaidhthe thríd sin ar an
bpeacadh. Uime sin, má bhíobhar in-bhur mbraighdibh mí-ághmharacha ag bhur
ndroch-chlaontaibh, tá an Eaglais fós n-a héideadh dobróin dá bhur
gcaoineadh, ar chor nach ngeabhaidh luthgháir, nó go bhfillfidh sibh tar
n-ais as cruaidh-cheangal na ngeimhleach ndochrach len-a gcuibhrighthear
sibh.



Arís, ní iarrfaidh mé acht bhur n-admhála chum a chruthuighthe go bhfuil an
earráid, trén-a bhféachamaid ar an gCáisg mar leathnadh luthgháire agus
caitheamh aimsire, in-aghaidh naomthachta an chríostaidhe, óir má badh
dheónaightheach le Dia tar éis bhur dtuitim go minic i b-peacaidhibh, grása
na haithrighe do thabhairt daoibh 'san


L. 104


aimsir bheannuighthe seo na Cásga, níl ionnaibh mar sin acht aithrighigh
nua; níl sibh acht dá bhur n-ullmhughadh féin chum bhur mbeatha do
leasughadh agus bhur ndroich-chleachttha do thréigean, mar aon le rún
daingean do bheith agaibh chum leór-shásaimh ar son na bpeacaidhe d'imthigh
tharaibh, agus aithrighe ghlan do dhéanamh ionnta.



Ní chreideann sibh gurab inneamhail fóghantach dhaoibh fo-dheóra troma,
osnaidhe áirithe agus admhála fánacha chum oiread cionnta is do-rigneabhar
do léirsgrios, agus go bhfuil ceart dlisteanach agaibh chum filleadh arís ar
bhur sean-oibreachaibh, agus gach éin-mhilseacht saoghalta do bhlaiseadh dár
gheall sibh do thréigean ar feadh bhur mbeathadh. Ó, ní mar sin do-rigne an
Sailmidhe Ríoghamhail. Ó ní hamhlaidh! Ní raibh sásta le rádh tré
chroidhe-bhrúghadh trom-osnaidhtheach, agus caise do dheóraibh géara ag
sileadh ón-a rosgaibh: “a Thighearna, do pheacaidh mé in-aghaidh do
mhórdhachta,” acht fós, ba mhór é faid agus cruadhálacht na haithrighe
do-rigne. Tar 'éis sin, dob'fhéidir gur mó do pheacabhar-sa 'ná an
Ríogh-fháidh naomhtha so, Ní hamhlaidh fós do-rigne an tEaspol oirdhearc,
Pól, tar éis an tshaothair iongantaigh agus na mbaoghal ndo-innste dár
ghabh thríd. Do dhearmaid sé an aimsir d'imthigh thairis agus do chomhairmhigh
mar neimhnídh a dhuaidhnéis agus a shaothair uile, ar chor ná raibh do
smuaineamh aige acht cionnas dothiocfadh leis tuilleadh anró agus anacra
d'fhulang chum glóire Dé do mhéadughadh, agus chum é féin do dhéanamh
fiúntach ins an mhiniostrálacht bheannuighthe chum ar gairmeadh le hÍosa
Críost é: quae quidem retro sunt obliviscens, . . . extendens meipsum ...
ad bravium supernae vocationis Dei in Christo Jesu (Pilip.iii.13-14).



Do badh leór dhaoibh bhur dtaithighe féin ar an saoghal


L. 105


so chum a dheimhniughadh dhaoibh, ó nach bhfuil éan-aimsear ann 'n-ar tréine
agus 'n-ar iomadamhla bhíd na drochchlaonta ag iarraidh uachtaránacht do
bhreith oraibh 'ná i dtosach bhur slánuighthe, agus mar sin gur dual daoibh
bhur n-aireachas do mhéadughadh; óir is 'san aimsir sin féin do ghléasann an
mac mallachtain atá ag forcamás do ló is d'oidhche chum bhur ndíoghbhála, a
chealga uile chum sibh do ghabháil in-a líontaibh malluighthe. Agus anois,
ó gheibheann sé amach gurab iad grása Dé atá dá bhur dtreórughadh agus dá
bhur gcoimhdeacht chum bhur leasa, cuireann sé os comhair bhur súl na
comhluadair chéadna, an caitheamh aimsire céadna, na cealga díoghbhálacha
céadna trén-ar mealladh agus ar milleadh roimhe sibh. Is é seo an t-am
'n-a ngabhann sé chuige seacht ndeamhain eile chum bhur n-anma
d'fhoslongphort agus d'ionghabháil trí chéadfadha bhur gcuirp, d'fhonn
seilbhe do ghlacadh arís ins na croidhthibh as ar díbreadh go cathaiseach é
le mór-ghrásaib Íosa Chríost. In-éanfhocal, a chríostaidhthe, táid na
grása fuarabhar 'san Cháisg bheannuighthe seo, ró-fhuras le cailleamhain.
Is cosmhail iad le spréidh bheag teineadh nár coigleadh go maith, agus ar
chóir aire mhaith do thabhairt dá séideadh; nó le gas do chrann óg nár ghabh
préamh dhaingean 'san chréidh fós, dár dual a oileamhain agus a neartughadh
ar feadh tamaill; nó, fá dheóidh, is deallrach iad le harbhar ghlan
cruithneachta do shíol-chuirtear 'san talamh agá ndéanfadh an cogal as míne
do mhúchadh, gan iomad aireachais do ghlacadh 'n-a thimcheall. Tá sibh
in-bhur leanbhánaibh nuaidh-bheirthe, -sicut modo geniti infantes,
- mar adeir an naomh-easbol, Peadar. (I.Pead.ii.2). Tá gábhadh
agaibh dá bhur neart agus dá bhur gcumhachtaibh uile chum sibh do
chosaint ó'n oiread soin námhad. Do-chíonn sibh gurab ó éan-
chlaon-amharc amháin ar bhean


L. 106


Urias do thuit Dáibhí i bpeacaidhibh adhaltranais agus dúnmharbhtha. Is ar
éigean do luigh Solomh, mac Dáibhí Rí, súil ar na mnáibh coigcríche tháinig
dá ionnsaighe, nach raibh sé do mhío-thapa ann túis do losgadh dá
n-íodhalaibh agus adhradh dá ndéithibh fallsa; óir ní iarraid na subhailcí
nach mbíonn acht 'n-a bhfíor-thosach acht cathaidhe ró-laga chum iad do
chailleamhain go bráth. Dá bhrígh sin, badh chóir dhúinn breitheamhain go
glinn gurab é an t-amaideacht as mó do-rigneabhar riamh, sibh féin do
thabhairt suas arís go náireach dá bhur ndroch-chlaontaibh, bhur ngrása nua
do thréigean, ná géilleadh ar chor ar bith dá bhur náimhdibh spioradálta
atá mar leómhain chraosacha ullamh chum sibh d'alpadh agus do stolladh ó
chéile.



In-éaghmais na n-ádhbhar so uile, breathnuighidh fós, ó do-bheir an Eaglais
naomhtha dá clannaibh toghtha níos lúgha cabhair istigh 's amuigh 'san
Cháisg 'ná in-aimsir an Charghais, badh chóir dhaoibh-se sin do dhéanamh
suas tré mhéid agus iomadamhlacht bhur dteas-ghrádha is bhur n-aithrighe:
óir ins na laethibh úd tréadhanais agus aithrighe an Charghais, do hoileadh
go mór agus do cothuigheadh bhur naomhthacht ó'n dtaobh amuigh. Dobhíodar
coimhthionóil ghnáthacha agus comhluadair bheannuighthe ins na teampallaibh,
ionad déirce dá thabhairt do bhochtaibh Dé, trosgadh, tréadhanas agus
urnaighthe dá ngnáithchleachtadh, bheith d'fhiachaibh ar a malluightheacht
géilleadh nó dul i bhfolach, mar aon le seanmóra agus craobhsgaoileadh
focail Dé, chum a dtigidís na creidmheacha go léir, acht fír-bheagán do
pheacthachaibh cruadh-mhuinéalacha. Dobhíodar so uile fóghanta inneamhail
chum srian do chur leis na droch-chlaonta agus chum neart agus brígh do
thabhairt do'n chríostaidhe chum eiséirghe as an bpeacadh. Gidheadh, 'san
aimsir atámuid ar tí a caitheamh ní


L. 107


fhaghmuid an oiread conganta chum sinn do chosaint, do neartughadh ná
d'oileamhain; agus go hinmheadhónach tá sgéimhe agus deise na hinghine
ríoghamhla so na hEaglaise i bhfolach le feicsin.



Smuaineann sí go bhfuilid a clann tar éis an eiséirghe do dhéanamh; agus tré
bhrígh na ngrás fuaradar, go bhfuilid 'n-a ndaoinibh spioradálta. Mar, ní
thabhrann sí dhóibh acht roinn do'n chabhair ba ghnáthach léi do thabhairt
aimsir an Charghais; óir anois tá críoch ar a dtrosgadh, ní fhuilid na
hurnaighthe puiblidhe chomh coitcheann. Tá coimhthionóil na gcreidmheach
níos annmha. Níl na seanmóra dhá gcraobhsgaoileadh chomh minic, ar an
ádhbhar go measann an Eaglais sibh do bheith láidir i ngrásaibh Dé agus nach
bhfuil riachtanas agaibh feasta le bainne leanbháin chum bhur gcothuighthe.



Críochnughadh.



Ag sin, a cháirde, ádhbhair agus eisiompláir bhur mbuan-chosnamha i
ngrásaibh Dé le feicsin Eiséirghe Íosa Chríost. Uime sin, stiúruighim
chughaibh na briathra aoibhne úd adubhairt an tEaspol leis na cineadhacha
bhí nuaidh-bheirthe 'san gcreideamh:



“A dhearbhráithreacha,” ar sé, “seasmhaidh go daingean ins na grásaibh
fuarabhar, agus ná fulangaidh bheith gabhtha an ath-uair fá dhaoirse agus fá
thromsglábhacht an diabhail.” - Fratres, state et nolite iterum jugo
servitutis contineri (Gal.v.1). Díbridh as bhur gcroidhthibh gach éin-ní
do cheanglann do'n tshaoghal chailleamhnach sibh. Sgriosaidh is ruagaidh
ó n-bhur gcogcubhas gach droich-chleachtadh agus claon-nós, chum riaghalacha
Chríost do gheineamhain ionnta. Cuiridh suas dá bhur ndroch-chomhluadar, dá
bhur n-éigceart, agus do'n onóir fhallsa agus do'n tshaidhbhreas
fheall-tamhail


L. 108


atá an saoghal ag geallamhain daoibh. Ná meallaidh sibh féin. Ná bainidh
dhíobh toradh an oirid sin do dheóraibh so shileabhar i gcathaoir na
faoisdine, agus ná leigidh an oiread soin trosgadh agus tréadhanais, déirce
agus urnaighthe do dhul chum droich-chríche agus neamh-thairbhe dhaoibh:
tanta passi estis sine causa?, mar adeir an t-easbol céadna.



Ná congbhaidh feasta an droch-chuideachta chéadna, ag ithe agus ag ól
agus ag cearrbhachas i dtigh an tábhairne ná in-ionadaibh toirmisgthe eile.
Tréigidh go hiomshlán iad, óir ní dhéanfaid uile le chéile anam
glórmhar an chríostaidhe do léar-shásamh: state et nolite iterum
jugo servitutis contineri. Déanaidh amháin cosamhlacht idir an staid shocair
shásta in-a bhfuil sibh anois tré ghrása mhór-luaigh na Sacramainte
beannuighthe, agus an stáid bhuadhartha in-a bhí sibh roimh seo; idir
shuaimhneas bhur n-anma anois, adeir libh go bhfuil Íosa Críost 'n-a
chomhnaidhe ionnaibh, an an-shocracht bhur gcogcubhais bhí dá bhur
gcéasadh roimhe seo tré mhéid agus tré iomadamhlacht bhur gcoirtheach.
Aithrisidh dhúinn dá bhrígh sin, a anamanna na bhfíréan, an n-eadh
nach bhfeiceann sibh le haoibhneas mhór intinne, na haltóra naomhtha ar
a n-íodhbarthar dhaoibh gach lá an t-uan gan teimheal? - an n-eadh nach
bhfuil meadhair oraibh nuair dochluineann sibh ceólmhaireacht lughthára
na hEaglaise mar bhinn-channtain Sléibhe Síon? - an n-eadh nach
lántoilteanach éisteann sibh anois le craobhsgaoileadh focal Dé, thar cheann
gur éisteabhar roimhe seo leó, mar chlaidheamh géar líomhtha ag treighdeadh
meadhón bhur gcroidhe i lár bhur bhfleadh mór is bhur gcóisir?
Cuimhnighidh ar aimsir bhur gcionnta le doilgheas croidhe,


L. 109


agus aithrisidh dhúinn má bhlaiseabhar éin-ní i gcosamhlacht do'n mhilseacht
do mhothuigheann sibh i staid na ngrás?



Ná bíodh leisge ná mío-thapa oraibh saothar dícheallach do dhéanamh
chum an tabhartas beannuighthe seo na ngrás do chothughadh agus d'oileamhain
ionnaibh, agus ná mealltar ar chor ar bith sibh leis na náimhdibh fealltamhla.



Do-rigneadh oighridhe Fhlaitheamhnais díobh leis an Eiséirghe. Bíodh
fuath agus droich-mheas agaibh ar gach nídh do chuirfeadh bun-os-cionn ar
bhur ndóchas sibh. Do-rigneadh clann toghtha Íosa Chríost díobh, agus
seasmhaidh amach go húr-mhisneamhail cródha ag cosaint na cáilidheachta
naomhtha soin. In-éan-fhocal, a chríostaidhthe, do chuireabhar luthgháir
ar ainglibh Fhlaitheamhnais ag iompodh ó bhur gcoirtheachaibh go staid na
ngrás; cuiridh fós luthgháir ar ainglibh na talmhan. Cuiridh mórchompórd
ar shagartaibh Dé atá 'n-a bhfiadhnaidhthibh ar bhur ndoilgheas
croidhe agus 'n-a lucht rúin ar bhur smuaintibh ins an bhfaoisdin. Do
ghabhadar bhur n-osnaidhe. Do chuimileadar bhur ndeóra. Do réidheadar
dhaoibh slighthe na haithrighe. d'ionnladar sibh ó n-bhur gcoirtheachaibh,
agus do-rigneadar bhur síothcháin le n-bhur mBreitheamh Uile-chumhachtach
dobhí i bhfeirg libh.



Stiúraid fós lena gcomhairle sibh, agus déanaid impidhe ar bhur son
len-a ndeóra. Iodhbraid i lamhaibh an Athar shíorraidhe Aifrinn go
laetheamhail daoibh, agus neartuighid fós len-a n-urnaighthe agus len-a
ndeaghoibreacha sibh. Uch! uch! a cháirde, ná déanaidh-se tré bhur
bhfaillighe an ní do-rigneadar-san do chur ar bun daoibh le hiomad teasghrádha
do mhilleadh. Ná bídhidh chomh cruadh-chroidheach soin daoibh
féin agus a saothar do


L. 110


dhéanamh neamh-thairbheach, agus ná cuiridh d'fhiachaibh orra, tar éis
trócaire an tSlánuightheóra d'iarraidh dhaoibh, díoghaltas agus díbhfearg
Íosa Chríost d'iarraidh anois i dtaobh a chuid fola uaisle do shatalabhar fá
n-bhur gcosaibh, i dtaobh a mhór-luaigheachta do chuireabhar i neamh-shuim,
i dtaobh a Shacramuinte dorigneabhar do naomh-aithisiughadh agus a ghrása
mór-luaigh nárbh'áil libh.



Tá siad anois dá bhur neartughadh ins na geallamhnaibh do-bheir bhur
nDia trócaireach dhaoibh chum Ríoghacht Fhlaitheamhnais d'fhághbháil.
Dá bhrígh sin, déanaidh sibh féin fiúntach ins na geallamhnaibh
beannuighthe sin, ag buan-chosnamh go dílis ionnraic i ngrásaibh bhur
n-eiséirghe, ar an ádhbhar gurab é an t-éin-mheadhón d'fhanas againn
'san ghleann so na ndeór, chum an choróin ghlórmhar do gheall Íosa
Chríost dá fhíréanaibh do shaothrughadh dhúinn 'san Ríoghacht Neamhdha;
agus is é sin iarraim daoibh-se agus dam féin - InAinm an Athar, agus an
Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 111


B 1817ls
U 0401
Seanmóir a Seacht.



Íodhbairt an Aifrinn.



Ní bhlaisfidh aon dosna daoinibh sin mo shuipéar-sa.
- Lúcás xiv.24.



Thug duine mór, adeir Íosa Críost ins an tSoisgéal, órdughadh dá
sheirbhísighibh mórán daoine a dtug sé cuireadh dhóibh do ghlaodhach
chum teacht go suipéar mór dobhí ag tabhairt uaidh. Ní thángadar.
Thugadar leithsgéala móra fallsa uatha. Do ghlac fearg an prionnsa, agus
thug sé órdughadh dá sheirbhísigh a bhoicht agus a dheibhléana féin do
thabhairt isteach 'n-a chuireadh; agus do dhearbhuigh sé ná blaisfeadh
éan-duine dá bhfuair cuireadh blúire dá shuipéar go bráth.



Cia hé an prionnsa mór so thug an cuireadh uaidh? Íosa Críost, an
Dara Pearsa do'n Tríonóid Ró-Naomhtha. Cia an suipéar é seo dothugann
sé uaidh? Tá, a chríostaidhthe, a chorp agus a anam, a chuid fola agus
feóla, a dhiadhacht agus a dhaondacht, in-éan-fhocal, Sacraimint
bheannuighthe na hAltórach. Cia hiad na seirbhísigh iad so 'n-a dtugann
sé órdughadh dhóibh, glaodhach ar na daoinibh? Na heasbuig agus na
sagairt do chraobhsgaoileann a chreideamh ar feadh


L. 112


an domhain. Cia hiad na daoine iad so 'n-a dtugann sé cuireadh dhóibh?
Sibh-se agus an saoghal uile go léir. Cuireann an méad sin do'n tSoisgéal
luthgháir orm, a chríostaidhthe, acht critheann mo chroidhe nuair smuainim
ar na foclaibh déidheanacha. Tá Íosa Críost i Sacraimint na hAltórach mar
bhreitheamh ar an mbinnse i dTigh na Cúirte. Tugann sé an breitheamhnas
marbhthach so, “ní bhlaisfid mo shuipéar-sa go bráth,” ar na daoinibh seo
thugann neamh-shuim 'san Aifreann; ná tigeann ag triall air, nó má thigid,
ná héisteann é mar as cóir Sul fá chuirfinn éin-riaghail daoibh chum an
Aifreann d'éisteacht ar an gcuma 'n-ar maith le Dia é, míneóchad daoibh
créad é an ní an tAifreann.



Is é an ní an tAifreann, íodhbairt Íosa Chríost. Iodhbrann sé é
féin suas do Dia ar ár n-altóraibh. Is é féin an íodhbairt agus an
t-árd-shagart in-éinfheacht. Is é an ní d'ofráilimíd fuil agus feóil
ar Slánuighteóra. Cia dhó? Do Dhia mór na cruinne. Is iad na sagairt
ministéirí na híodhbarta; agus ofráilid na críostaidhthe bhíonn
láithreach, suas do Dhia í in-einfheacht leis an sagart. Ar an ádhbhar
soin, níl éin-tshlighe chomh maith chum an Aifreann d'éisteacht mar as
ceart, len-ár gcroidhe, len-ár n-intinn agus len-ár n-aigneadh, do
bheith in-éinfheacht ar éan-ghuith le croidhe, le hintinn agus le haigneadh an
tshagairt, ag tabhairt molaidh agus glóire do Dhia. Má leanmaoid an
riaghail seo, is féidir linn trí codcha do dhéanamh do'n Aifreann. An
chéad chuid, ón-a thosach go dtí an aimsir 'n-a n-ofrálam suas do Dhia
an t-arán agus an fíon. Ar feadh na haimsire sin, badh cheart dúinn
smuaineamh ná fuil éin-pheacthaigh chomh mór linn féin; badh cheart
dár gcroidhe bheith


L. 113


líonta do chathughadh agus do dhubrón mar gheall ar shailcheacht ár
bpeacaidhe. An dara chuid, ó'n uair 'n-a n-ofrálam an t-arán agus an fíon go
soinnseáltar iad i bhfuil agus i bhfeóil ár Slánuightheóra. Ar feadh na
haimsire seo, badh cheart dúinn sinn féin do thabhairt suas do Dhia mar
íodhbairt in-éinfheacht le Íosa Críost. An treas chuid, ó'n aimsir 'n-a
soinnseáltar an t-arán agus an fíon i bhfuil agus i bhfeóil ár
Slánuightheóra go dtí an t-am a n-itheam a chuid feóla agus go n-ólam a
chuid fola. Badh cheart dúinn sinn féin d'ullmhughadh ar feadh na haimsire
seo, i gcomhair na ngrás dothabharfaidh Dia dhúinn.



I gcás gur fearr do thuigfeadh sibh na neithe seo, tabharfaidh mé
dhaoibh trí somplaí fuaras ins an Scrioptúir, do thaisbeánfaidh go soiléir
dhaoibh cionnas as ceart daoibh an tAifreann d'éisteacht. Is é an chéad
sompla, sompla an phuibliocánaigh. An dara sompla, an bitheamhnach do
chéasadh in-éinfheacht len-ár Slánuightheóir. An treas sompla,
captaon na saighdiúirí 'n-ar leighiseadh a mhac dó. Taisbeánfaidh an
puibliocánach dhaoibh créad as ceart daoibh do dhéanamh ar feadh na céad
coda; an bitheamhnach, ar feadh na dara coda; agus an captaoin créad as
ceart daoibh do dhéanamh ar feadh na treas coda do'n Aifreann.



An uair thiocfaidh sibh do'n tshéipéal, cuimhnighidh, a chlann ó,
créad do-rigne an puibliocánach nuair a tháinig sé isteach do'n
tshéipéal chum a urnaighthe do chur suas chum Dé. Dochuaidh sé isteach
i gcúinne leis féin. Ní léigfeadh náire ná eagla dhó a shúile
d'árdughadh suas chum na hAltórach. Do bhuail sé a ucht agus adubhairt
sé: “O a Thighearna! bí trócaireach orm, mar is peacthach mór mé”.
Ní tháinig sé isteach go ceann-dána 'san tshéipéal chomh maith is ná


L. 114


dearnaidh sé éin-pheacadh riamh. Ní dhearnaidh. Do shíl sé nárbh'fhiú é
seasamh do láthair Dé. Do chuir méad a pheacaidhe an oiread soin náire air,
nár thóg sé suas a shúile amháin chum na bhflaitheas. Do bhuail sé a ucht,
mar is annsoin dobhí a chroidhe; agus mar do tarraingeóchthaidhe teine as
clocha le hiad do bhualadh ar a chéile, do tharraing sé ón-a chroidhe na
focail oirdhearca so: “A Thighearna, bí trócaireach orm, mar is peacthach
bocht mé”. O! créad é an sólás síorraidhe dogheabhmuis ins na flaitheasaibh
dá ndéanfamuis aithris ar an bpiubliocánach so, dá gcaithfimís sinn féin ar
ár nglúinibh ar thosnughadh an Aifrinn, dá líonfadh ár gcroidhtheacha do
dhubrón agus do chathughadh, agus dá n-iarrfamuis ar Dhia len-ár n-osnaidhe
agus len-ár ndeóra, párdún agus maithmheachas do thabhairt dúinn 'n-ár
bpeacaidhibh?



Nach é seo an ní do chuirenn an sagart in-iúl dúinn nuair do
dhruideann sé ó'n Altóir? Nuair thigeann sé anuas go dtí an chéim
íochtarach chum an Fhaoisdin Choitcheann do dhéanamh os comhair Dé agus an
tshaoghail, bíonn trom-ualach peacaidhe a phobail ar a ghuailnibh; iarrann
párdún agus maithmheachas ar Dhia dhóibh-sean agus dó féin.



Taisbeánfaidh mé dhaoibh anois sompla an bhitheamhnaigh, do thaisbeánfaidh
dhaoibh cionnas is cóir daoibh sibh féin d'iomchur ó aimsir na
hIodhbarta go dtógtar suas fuil agus feóil ár Slánuightheóra.



Féachaidh ar an mbitheamhnach foirtiúnach sínte ar chrann na croise.
Féachaidh cionnas d'osglann sé súile a chroidhe chum a Shlánuightheóra
d'aithint agus d'admháil. Nach fada an tshlighe go ríoghacht na bhFlaitheas
d'imthigheann sé ar feadh na trí huaire do chaitheann sé i bpiantaibh ar
chrann na croise in-éinfheacht le


L. 115


Íosa Críost? Tugann sé an méad as féidir leis dá Shlánuightheóir. Tugann
sé a chroidhe dhó. Iarrann sé go húir-íseal air ionad do thabhairt dó i
ríoghacht na glóire. Tugann sé a theanga dhó ag craobhsgaoileadh a
bheannaightheachta agus a neimh-chionntachta. Ins an aimsir 'n-a ndearnaidh
gach n-aon dá raibh láithreach, Íosa Críost do shéanadh, d'admhuigh seisean
go hárd gurbh'é árd-mhaighistir neimhe agus talmhan é. An uair dobhí gach
n-aon eile ag tabhairt masla dho., thug seisean moladh agus glóire dhó.
Nuair d'fhág a dheisciobail uile go léir é, tógann an teirceán bocht so a
pháirt. Tá carthannacht chomh mór soin 'n-a chroidhe go ndéanann sé a
dhícheall chum an droich-bhitheamhnaigh dobhí ar an taobh eile dhe do
thabhairt chum aithrighe do dhéanamh. Ná bíodh iongnadh oraibh, a
dhearbhráithreacha, má ghabh an oiread so tréithe an bitheamhnach bocht so.
Dochonnaic sé a Shlánuightheoir dá chéasadh, agus níl éin-ní as mó
shoinnseálann ár gcroidhe 'ná radharc Íosa Chríost ar chrann na croise. A!
is mó an fortún dobhéadh 'n-bhur gcomhair dá mb'áil libh, ar árdughadh an
Chuirp Naomhtha, súile bhur gcreidimh do chaitheamh ar chnámha Ein-Mhic Dé,
agus machtnamh do dhéanamh ar a mhórcharthannacht daoibh-se agus do'n
tshaoghal go léir. O! is é seo an t-am 'n-ar ceart daoibh sgreadadh agus
glaodhach ar Dhia mór na gcumhacht, agus a rádh ó n-bhur gcroidhe, “O, a
Thighearna, ofrálaim suas duit mé féin in-éinfheacht lem' Shlánuightheóir.
O! ná dearmaid mé, mar is peacthacht bocht mé. Tabhair maithmheachas agus
pardún dam agus ionad i ríoghacht na bhflaitheas!” Bíodh carthannacht mór
agaibh; guidhidh ní headh amháin daoibh féin, acht fós do'n tshaoghal uile
go léir, agus go speisialta ar na hanmannaibh atá ag fulang pianta na
Purgadóireachta.


L. 116


Tabharfaidh mé anois daoibh an treas sompla; an captaon; sompla as
ceart daoibh a leanmhain go deireadh an Aifrinn, nuair do ghlacann an
sagart comaoine; 's é sin, nuair d'itheann agus d'ólann sé cuid fola agus
feóla ár Slánuightheóra. Tá an sompla so chomh oirdhearc sin gur lean
an Eaglais riamh é. Deireann gach sagart sula nglacann sé comaoine,
na focail chéadna adubhairt an captaon le Íosa Críost, nuair d'iarr sé
mar athchuinge air a mhac do leigheas dó: “A Thighearna, ní fiú mé go
dtiocfá fám' dhíon”. An uair do ghlacais colann daonda i mbroinn na
Maighdine Muire, dobhí iongnadh ar na hainglibh; dobhí iongnadh ar na
flaitheasaibh. Ní rabhais sásta leis an umhlacht so. Ba mhaith leat fós
maireachtain 'n-ár measg. O! a Thighearna, tagann tú chugham-sa; tusa
atá id' Dhia ar bheódhaibh agus ar mharbhaibh, tusa atá id' Dhia ar
bheódhaibh agus ar mharbhaibh, tusa atá id' mhaighistir ar neamh agus ar
talamh, tagann tú chugham-sa, an peacthacht as mó fá'n spéir. O! ní
fiú mise go dtabharfá-sa biadh na n-aingeal le n'ithe dham; mise
d'árduigh suas mo lámha go minic i reibiliúntacht id' choinnibh. Acht
ó's maith leat teacht chugham, dá mhéid mo pheacaidhe, ní iarraim éin-ní
saoghalta ort. Dob'fhéidir go ndamnóchaidís m'anam. Acht iarraim go
humhal ort sláinte m'anma, coinsias glan, agus maithmheachas im' pheacaidhibh.
Ag so iad na somplaí thugann an Scrioptuir daoibh chum a chur in-umhail
daoibh cionnas as ceart daoibh an tAifreann d'éisteacht.



Acht fiafruighim daoibh an leanann sibh na somplaí seo. A! is fada
uaidh sibh. In-ionad sompla an phuibliocánaigh, an bhitheamhnaigh mhath,
agus an chaptaoin do leanmhain, leanann sibh, ar feadh an Aifrinn, sompla


L. 117


an droich-bhitheamhnaigh, Iúdás, agus na bhFairisíneach. Chum na fírinne
seo do chur i dtuigsint daoibh, níl agam acht a thaisbeáint daoibh cionnas
d'éisteann sibh é.



Is é an ní an tAifreann, íodhbairt déantar ar chuimhniughadh Páise
agus Báis Íosa Chríost ar chrann na croise. Acht tuiteann sé amach go
minic, go ndéinid mórán do na críostaidhthibh an masla d'athnuadhchan, thug
na Iúdaidhigh agus na crochairí d'Íosa Críost, nuair a dhéanaid na
sagairt cuimhniughadh na bpianta d'fhulaing sé d'athnuadhchan ar na
haltórachaibh. I gcás go ndéanfadh sibh bun-os-cionn leis an droing
mhalluighthe, sibh féin dothugann masla dár Mistéiríbh Naomhtha,
cuimhnighidh go raibh trí sórt daoine timcheall ar bhur Slánuightheóir
nuair do cuireadh chum báis é. d'imthigh an chéad drong thar a chrois.
Níor stadadar. Níor ghlac cathughadh ná doilgheas croidhe iad mar gheall
ar a bhás. Dobhí a gcroidhe ní ba chruaidhe 'ná na cairrgeacha.
Tháinig an dara drong in-aice na Croise. Do-chonncadar é ag fulang pian.
Níor ghlacadar éan-truagh dhó. Do chromadar ar gháiridhe agus ar
mhagadh faoi. Ní raibh an tríomhadh drong sásta le masla do thabhairt
dó. Do bhuaileadar agus do bhasgadar é. Do chaitheadar cioth do mhionnaíbh
móra agus d'easgainíbh 'n-a choinnibh sin atá beanuighthe ar feadh saoghal
na saoghal.



Aithneóchaidh sibh ar na comharthaíbh seo an méad malluightheachta do
dhéanamh mórán agaibh féin ar feadh na haimsire bhíonn an tAifreann dá
rádh. Connas as féidir leis na cuirptheóirí seo bheith páirteach i
nAifreann Dé, ná déanann faoisdin acht uair 'sa mbliadhain agus ná
déanfadh go bráth é muna gcuirfidhe d'fhiachaibh orra é? Nach iomdha
duine agaibh ná tagann ar éan-chor acht go ró-annamh go


L. 118


dtí an tAifreann. “Tá páistí óga agam,” adeireann duine. “Bhí an Domhnach
fliuch,” adeireann an dara duine. Agus is dóigh leó go nglacfaidh Dia na
leithsgéil seo uatha. A! fóiríor, tá siad meallta. Do réir mar atá
siad-san ag magadh fá Dhia le'n-a leithsgéalaibh, béidh Dia ag magadh
fútha-san lá a mbáis. Féachaidh ar chuid eile aca: in-ionad deithnis do
dhéanamh chum an Aifrinn, caithid an aimsir 'san mbaile dá gcórughadh féin;
in-ionad cuimhneamh ar Dhia ná ar a bpeacaidhibh ar feadh an bhóthair,
caithidh an aimsir ag cainnt agus ag comhrádh, ag guidheóireacht agus ag
barbardhacht; in-ionad teacht isteach in-éinfheacht liom féin go dtí
séipéal Dé, nach amhlaidh d'fhanaid cois na gcladhthacha ag díol agus ag
ceannach, ag cúl-chainnt agus ag munabar, ag reic bréag agus éithigh ar na
comhursanaibh?



An uair thagaid isteach, cionnas d'iomchraid iad féin? In-ionad
bheith go húir-íseal ar a nglúinibh mar dobhí an puibliocánach, ag
iarraidh maithmheachais agus párdúin ar Dhia, seasaid suas go dána drochmhúinte
os comhair na hAltórach. Cromaid ar chainnt agus ar chomhrádh
agus ar dhligheadh 'thabhairt do'n tshagart - fear ionaid Dé ar an talamh.
Caithid cuid eile aca iad féin i gcúinníbh. Cuirid coiste ar chreideamhaint
an fhir seo agus na mná úd. In-éan-fhocal, iomchraid iad féin i
séipéal Dé mar dodhéanfadh aos óg ar sgoil rinnce, agus ní bhíonn níos
mó do mheas aca ar Dhia 'ná bhéadh aca ar bhuachaill díomhaoin. Bíonn
a gcroidhe chomh fada ó Íosa Críost is atá ifreann ó fhlaitheas na
glóire. In-ionad moladh agus buidheachas do thabhairt dá Slánuightheóir,
i dtaobh é féin d'ofráil suas ar a son, cromaid na cuirptheóirí
malluighthe seo ar gháiridhe agus ar mhagadh faoi. Brughadh


L. 119


agus bruigheanáil, geóin agus siosma, fir i measg ban agus mná i measg fear,
amhairc drúiseamhla, smuainte saoghalta. Ní bhíonn beann aca ar na
mistéiribh. Cainnteanna díomhaoine fuara peacthamhla, agus é sin go léir
gan sgáth, gan eagla, gan cheist, gan náire, os comhair Dé agus duine, os
comhair Íosa Chríost agus sluaigh na bhflaitheas atá ag féachaint le
doilgheas orra ar an Altóir.



Fiafruighim daoibh an mar so d'iomcharfadh sibh sibh féin dá mbéadh
athchuinge agaibh le hiarraidh ar rígh nó ar phrionnsa? A! ní headh
ar éan-chor. Is umhal úir-íseal dothiocfadh sibh dá láthair; agus nuair
thagann sibh isteach go séipéal Dé, ag iarraidh ar Aird-rígh na
nAingeal, párdúin in-bhur bpeacaidhibh, an athchuinge as mó as féidir
d'iarraidh, ní thugann sibh dhó acht easurraim agus easonóir. Ná
tabharfadh béas sgannalach do'n tshórt so le rádh do Shacsanach, ná
creideann sibh Íosa Críost do bheith láithreach i Sacraimint na hAltórach?
Is fíor é seo, a chríostaidhthe gan chreideamh. Tugann sibh masla dá
bhur Slánuightheóir mar thug an droich-bhitheamhnach ar an Aird-íodhbairt.
Dá dtabharfadh duine droch-chainnt nó masla ar an mbóthar dhúinn,
b'fhéidir go mbéadh foighne againn; acht a shlán fútha teacht isteach
'n-ár dtigh féin, chum masla do chaitheamh 'n-ár n-aghaidh ann: badh
dheacair dhúinn cur suas leis. O! nach mór an fhoighne atá ag ár
Slánuightheóir, do dhoirt an braon déidheanach dá chuid fola ar chrann
na croise chum sinn so shaoradh ó shlabhraidhibh an diabhail, - nach mór
an fhoighne dho, adeirim, é féin d'fheicsint masluighthe ar Altóir a
charthannachta ag créatúir malluighthe ceann-dána, ag piastaibh brocacha
do geineadh ó'n talamh? Nach mór an t-iongnadh ná


L. 120


hórduigheann sé ó'n talamh osgailt agus iad do shlogadh suas idir chorp agus
anam go fíoríochtar ifrinn. O! ná himthighmís amach as an séipéal gan
párdún agus maithmheachas d'iarraidh ar Dhia. Ná coisgeadh éin-ní sinn as
so suas ar ár mbeathaidh do leasughadh. Cuirimís ár lámha ar an bhfann-lag.
Bíodh truagh againn dó ón-ár gcroidhe agus ón-ár n-aigneadh. Tugann Dia
aimsear fós dúinn. Ná goidmís feasta len-ár malluightheacht éin-phioc do'n
ghlóire thuilleann sé i dtaobh é féin d'ofráil suas dá Athair Shíorraidhe.
Tugamaois dó, ar feadh an Aifrinn, ár n-anam, ár gcorp, ár n-intinn, ár
n-aigneadh agus ár gcroidhtheacha. Ní dhéanfaidh sé éan-ghnó dhúinn ár gcorp
do bheith láithreach. Ní fuláir dhúinn smuainte diadha do bheith 'n-ár
n-aigneadh. Ní fuláir dhúinn smuainte saoghalta do dhíbirt go glan.
Cuimhnighmís ar Dhia, ar Íosa Críost, ar an Spiorad Naomh, ar ár n-anam agus
ar ghlóire na bhflaitheas. Cuimhnighmís go speisialta ar ár bpeacaidhibh,
agus iarramaois párdún agus maithmheachas ar Dhia le cathughadh agus le
dubrón.



Má ghnímíd, a dhearbhráithreacha, na neithe seo mar as cóir,
béimíd páirteach gan amhras i ríoghacht na bhflaitheas, leis na naomha agus
leis na haingeala ar feadh na síorraidheachta: ní atáim ag iarraidh
dhaoibh-se agus dam féin - InAinm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid
Naoimh. Amen.


L. 121


B 1818ls
U 0401
Seanmóir a hOcht.



Ar Ifrionn.



Annsin dubhairt an rí len-a ghiollaíbh: Ceanglaidh a chosa agus a lámha,
agus teilgidh i ndorchadas Ifrinn é, mar a bhfuil gul agus díoscán fiacal.



Is iongantach scannramhal an chreath í seo, a chríostaidhthe, thug ár
dTighearna, i gcosamhlacht an tSoisgéil, ar dhuine áirithe fuair cuireadh,
agus tháinig gan ullmhughadh, gan culaidh an phósta, go dtí an bhainis.
Do dhíbir Dia as a radharc é go dorchadas na bpian.



Fá scéimh na cainnte agus an tshompla so, cuirtear in-umhail dúinn-ne,
créad mar fuaramar go léir cuireadh 'n-ár mbaisteadh agus 'n-ár dtabhairt
suas in-ucht an chreidimh chóir, chum triall do chaitheamh na glóire agus
an fhéasta shíorraidhe, agus an bhreath atá i ndán dúinn má gheibhtear
sinn gan ullmhughadh, gan an chulaidh phósta: is é sin, má scaramuid
leis an saoghal so fá pheacadh, gan muinnteardhas Dé, gan róba na
carthannachta, díbhreann Dia as a radharc sinn. Teilgfear sinn, mar do
rigneadh leis an duine n-uaibhreach úd, go dorchadas Ifrinn.



Uch! a chríostaidhe chroidhe, is aindeis an chríoch í seo. Is
díombádhach é deireadh saoghail an pheacthaigh, ag


L. 122


imtheacht ó Dhia d'éis báis, do réir mar d'imthigh an feadh dobhí sé beó.
Acht dá mbéadh a phionós daor leis sin, dá mbféidir leis an mbrughach
dona a rádh: “bím réidh le Dia agus ná bíodh éin-díol eile orm i
ndiaidh mo mhalluightheachta,” bhéadh compórd éigin aige; acht ní mar
sin é. Dobhí a lá féin aige. Dobhí sé ag faghbháil a thoile féin
tamall, agus dob'fhéidir leis imtheacht nó stad. Acht d'imthigh a am;
luigh an ghrian. Toil Dé, ní fuláir dhó dul go hifrionn, nuair nár
shaothruigh an peacthach go toilteanach na flaithis ar chomhairle Dé, ná
Scrioptúirí, agus ráidhte na nAithreach Naomhtha. Níl éan-alt dár
gcreideamh nísa phrionnsapálta ná nísa shoiléire 'ná é seo; óir
nuair sháruigheann an peacthach trócaire Dé, ní féidir len-a cheart é
d'fhoighidneamh, ní féidir leis gan é do dhaoradh go teinidh shíorraidhe,
in caminum ignis, agus, dá éaghmais sin, ní bhéadh rogha idir olc agus
maith. Ní hiomdha duilleóg 'san Sgrioptúir nach ndéanann finnéidh ar an
árus so na bpian, ionad comhnaidhthe na n-anam ndamanta. Is é as mian le
n-ár dTighearna in-aghaidh gach uair dá dtráchtann air. Ceangal agus
céasadh na malluightheóirí a thairgeann Naomh Pól do chur i gcéill
dúinn nuair innseann dúinn go mbéidh seo nach ngéilleann do'n tSoisgéal
ag fulang i lasrachaibh teintidhe síorraidhe; agus glaodhann ar ifrionn áit
teineadh agus chrádha, foirnéis do-fhuilingthe, linn teineadh agus
briomstóin ag síor-lasadh gan dóghadh le brígh feirge Dé. Mo thruagh
an t-anam bocht atá daor chum na síorraidheachta do chaitheamh ann gan
sólás, gan subhailceas, gan fíor-chompórd, réidh nó scartha le Dia agus


L. 123


len-a aingle, scartha le muinnteardhas an tshaoghail, cuibhrighthe,
cráidhte, i lár léigiún deamhan agus nathrach neimhe. (Aibhistín).



O! dá bhfaghbhadh sé cead, is éasgaidh ghéillfeadh an t-anam damanta so do
chúrsa cruaidh aithrighe, d'éisteacht Aifrinn, do throsgadh an Teampuill
agus do dhéirc na mbocht; is éasgaidh rachadh sé ar a ghlúinibh ag iarraidh
beannachtan Dé, agus ag tabhairt glóire dhó ar maidin agus um thráthnóna. O
! b'fhada uaidh neamhshuim do thabhairt 'san bhfaoisdin um Nodlaig, ná um
Cháisg, ná éan-uair eile 'n-a luighfeadh éin-pheacadh marbh ar a choinsias.
Is beag an chuimhne dobhéadh air a pheacaidhe do cheilt nó an náire iad
d'innsint le chéile; agus is luath dodhéanfadh sé leóir-ghníomh i gcuid a
chomharsan , 'san nídh fuair sé go holc. O! dá bhfaghbhadh sé cead! Acht
níl sin ar a chumas, mar ná fuil éan-fhuasgladh as ifrionn: in inferno
nulla est redemptio (Oiffig na Marbh). Nuair bhí sé ar shlighidh na
haithrighe do leig sé thairis í. Ní rigne sé éan-dualgas díobh seo do
choimhlíonadh, agus an té againn-ne dhéanfaidh an ní céadna ar an saoghal
so, béidh sé mar siúd 'san tshaoghal eile, dá chéasadh 'san teinidh nach
féidir do mhúchadh; óir adeir Críost; “gach crann nach dtiubhraidh toradh
maith uaidh, gearrfar anuas é agus teilgfear 'san teinidh é”.



Aithrisid na diadhairí go bhfuil dhá shórt péine go speisialta ag
crádh na n-anam ndamanta; ceann aca, radharc Dé agus na bhflaitheas do
ró-chailleamhain; agus ceann eile dhíobh, radharc na ndeamhan ngránda
gcíor-dhubh gcrith-eaglach, agus na pianta Ifreannda.



Ní fhuil éan-rud cruthuighthe, ná fuil dúil agus leigean nó
claonadh aige chum na críche do ró-cheap Dia dhó; agus nuair nach righean
sé an chríoch sin, ní féidir


L. 124


leis gan bheith mí-shásta agus buaidhreamh do bheith air, má tá éan-
mhothughadh ann. Is mar sin do'n anam n-uaibhreach atá tabhartha do'n olc
ón-a dhrochnádúir féin, agus do chruthuigh Dia ar a sheilbh féin i
bParrthas. Nuair chíonn sé é féin teilgthe ó'n gcrích sin, scartha uaithi go
toilteanach gan fóirithin, ná faghbháil ar chasadh, buaileann tuirse agus
dólás agus dubrón é, fraochmhaireacht intinne agus mire mí-dhóchais, nach
scarann ó bheith dhá thnáthadh go deó; agus is air seo ghlaodhann an
Sgrioptúir an phiast ná faghbhann bás choidhche.



O! cad é an díth chéille dobhí ar an anam dhona nár chuimhnigh í
féin do choimhéad ar an mbuaidhreamh shíorraidhe seo, an feadh thug sé i
ndearmad Dia d'adhradh agus d'onórughadh, agus thug adhradh do'n tshaoghal
agus toil do pheacaidhibh na hintinne, - tnúth, fuath agus fearg; óir an
sólás dobhí aice dá dhéanamh iompuighthear, adeir Aibhistín, 'n-a
dhólás dá phianughadh: ut quae fuerunt delectammmenta homini peccanti,
sint instrumenta Domino punienti. An pionós eile atá in'aice seo, gé
nach bhfuil sé chomh géar leis, gluaiseann ó fhulangthaibh an anma is gach
céadfaidh le hoibriughadh agus nádúir péine ifrinn. Is fíor, go deimhin,
leis an oireamhain thug Dia dár nádúir, an feadh dobhíonn an t-anam
ceangailte do'n cholainn, gurab le teannta agus cáilidheachta an chuirp go
hiomshlán do ghluaiseann a thiorrachtain, ar shlighidh, má's pian nó
pléisiúr dhóibhsean leath-is-muigh orainn, gurab é an clódh agus an
phian chéadna bhíonn leath-istigh ar an anam, ar a shon, is ó'n anam
beódhacht an chuirp, agus radharc, éisteacht agus blas;


L. 125


óir dá éaghmais, ní bhéadh ceachtar dhíobh ann, mar ní mhothuigheann corp an
mhairbh éan-rud, acht is spioraid do-mharbhtha é an t-anam, agus ní
chailleann sé na cumhachta céadna.



é agus airigheann agus éisteann ar shlighidh éigin spioradálta agus
sin a bhfad níos géire ná mar airigheann i bpríosún na colna, óir, ar
nós na mhairtírigh gheibheann luach a chneadh go hobann, nó an té
sgaoilfidhe ó ghlas agus ualach trom, ní luaithe sgaoiltear an t-anam
ó ghlas agus ó mheadhachain na colna 'ná brathann sí saoirse, luas, agus
a gníomhaidheacht nádúrtha féin. As so tuigimid nach bhfuil éan-bhall
gan a phian nó a luach saothair féin 'n-a chomhair, do réir mar do-rigne
olc nó maith; agus as so tuigimid nach bhfuil éan-bhall, céadfaidh, ná
cumhachta, dá mbaineann leis an anam, ná fuil a phian féin nó a luach
saothair féin 'n-a chomhair do réir mar do-rigne olc nó maith, agus é
'n-a sheilbh sin i slighidh ró-iomlán ó'n mbás go dtí an eiséirghe, agus
gan aige 'n-a dhiaidh.



Is mar sin do'n tshúil agus do'n chluais dobhíodh tabhartha do radharc
agus d'éisteacht an pheacaidh, do-gheibhidh a bpionós féin. Crádhfar iad
tar meadhón le dubhsholas agus uallfairt Ifrinn; gus aireóchaidh sí siúd
ná leigfeadh bonn a coise ar an talamh a phian féin i ndíol a peacaidh.
Ní gan cosamhlacht nó ughdarthás an chainnt seo, mar is iontuigthe as an
eágcaoineadh chráidhte do-rigne craosach an tSoisgéil nuair do ghuidh
sé Abram, agus é féin dá chéasadh, trócaire do dhéanamh air, agus
Lásaras do chuir chuige chum braon uisge do leigean do bhárr a mhéire ar a
theangain mar fhionnfhuaradh dhi, ar mbeith scólta: crucior in hac
flamma.



O! cia fhoighdeóchaidh an tart síorraidhe? Cia


L. 126


fhoighdeóchaidh an phian fá leith? Cia fhoighdeóchaidh craos na teineadh as
treise loisgnighe 'ná gach teine: quis poterit habitae de vobis cum igne
devorante? Deir San Aibhistín nach bhfuil i dteintibh an tshaoghail seo
go léir le chéile acht sgáil 'n-a h-aice; agus muna bhfuilingeóchthá tú
'dhóghadh leis sin, dála nach ndéanfá ar an domhan go léir ná fós fiú do mhéire
do choimhéad sgathamh os a cionn, créad dhéanfaidh tú an uair úd, nuair bhéidh
an Tighearna ag caoineadh na gcaorach, agus an t-anam bocht ar nós na tuighe
agus an adhmaid tirim: quasi lignum et stipula - ar dearg-lasadh go
síorraidhe. Agus dá fhaid dorachmuis, a chríostaidhthe, le solas ár
gcreidimh agus ár réasúin ar lorg na neithe dubhraca bhaineann le Dia agus
an saoghal atá le teacht, dobhéadh go leór 'n-a dhiaidh sin gan a rádh, agus
a n-abróchamuis a bhfad fá bhun mar atá neithe; óir in-éaghmais lagachair
ár dtuigseana, adeir Naomh Pól na feicimid neith ar an taobh so i bhfus acht
tré sgáil agus tré ghloine: per speculum. Ní beag, ar a shon, a dtuigimid
agus a bhfeicimid chum sinn do mhúsgailt ó shuan an pheacaidh. Agus adeir
Aibhistín, an té nach músclóchadh torainn do'n tshórt so nach 'n-a
chodladh atá, acht marbh; qui non, etc. Tá an-roinnt do'n tshaoghal,
cé nach iad as fairsinge, agus ní gnáth iad do bheith 'n-a suan. Ní gan
fírinne adeirtear gur dathnaid dóibh imtheacht; mar dobhí neithe maithe
annso aca, agus contabhairt ar a mhalairt annsúd. Nuair rachaidh an duine
saidhbhir a chodladh, - is é sin, nuair gheóbhaidh an duine saidhbhir bás, -
ní thiubhraidh éan-rud leis. Adeir Iob: “Fosclóchaidh sé a shúile, agus
gheobhaidh sé é fein folamh,” .i. Dives cum dormierit, nihil secum
auferet; aperiet oculos suos et nil inveniet.


L. 127


Ó! mo sgéal, an imirce dhéidheanach so ó shonas go donas, ó shonas agus
ó shubhachas go nuige anacra agus anró, ó aoibhneásaibh an tshaoghail go
pianta síorraidhe. Acht gé gur dólásach an sgéal é, ní leath
iongantais iad so do bheith caillte 'n-a bhfuil ócáidí an pheacaidh ar gach
taobh dhíobh, agus é ar a gcumas caitheamh aimsire do dhéanamh gach uair.
Ní mar sin do'n dá leór do chaithfidh maireachtain go beó bocht gan mórán
compóird saoghalta. Dar leat, is in-aisgidh agus d'éan-uaim dhamnaid iad
féin! Níl taidhbhse an tshaoghail, caithréim ná buaidhreamh onóra ag
déanamh toirmisg do'n duine bhocht; acht ní háil leis, ó dhiultuigh Dia
an comhgar so ar mhaithe leis, gan a iompódh ar gach rud do chleachtann daoine
eile, agus luach saothair a bhochtaineachta do chailleamhain.



Cad é an mhaith dhuit buaidhreamh do bheith ort i dtaobh do luige 'san
tshaoghal so, agus tú saor, b'fhéidir, mar gheall air ar ádhbhar do
dhamanta? Ná bíodh, mar sin, tnúth, fuath, fearg, ná mí-shásamh ag
siubhal leat; óir níl tairbhe ionnta acht olc mór, mar is peacadh ceist
nó locht d'fhaghbháil ar thrócaire an Tighearna. Is mór gur fearr roinn
foighde anois agus do chrosa d'iomchur go foighdeach anois i ndíol do
pheacaidhe 'ná bheith 'na dhiaidh so, agus sin go díomhaoin, ag caoineadh
do dhíth céille. Tá go leór anois fá phian, b'fhéidir, agá raibh
aithne agat féin orra - do pháirtidhthe, b'fhéidir, 'san pheacadh. Dá
mbéidís ag labhairt leat, dob'é a gcomhairle dhuit: “cuir scéal go
nuige mo mhuinntear atá beó i m'dhiaidh,” ar Díbhes le hAbram, agus é
dá chéasadh in-ifrionn, “chum go seachnóchaidís an árus so na bpian.”
“O!” ar Abram, “tá Maoise agus na


L. 128


fáidhe aca agus muna dtiubhraid aire dhóibh sin, ní chreidfidís éin-
teachtaire dorachadh chúcha ó na marbhaibh”. Ní foir-leathnughadh cainnte,
ar an ádhbhar sin, sgéal Fiannaidheachta, ná tionnsgnadh sagart an
for-fhógradh agus an bhagairt seo déantar ó'n altóir ar na malluightheóiribh
agus clann an pheacaidh: Dia féin as ughdar leis. Innseann an Scrioptúir
go dtuilleann an peacthach é.



O! a Thighearna dochum na flaithis do na fíréanaibh agus ifreann do'n
pheacthach, sábháil do dhaoine. Tabhair do'n phobal do bheith ullamh
nuair ghlaodhfaidh tú orra ionnas go mbéidís ar an taobh dheas díot lá
na breithe déidheanaighe.



An n-áil leat bheith saor ar an léirsgrios atá fá chomhair an
pheacthaigh, agus ar bhreith na teineadh, Lá an tSléibhe? Cuimhnigh anois
orra. Smuain ar phionós an pheacaidh, má's gan ullmhughadh d'imtheóchair.
Mar sin, déanfair diúltadh dod' chlaontaibh, cibé díobh, drúis, craos,
tnúth nó fearg. Déan aithrighe, mar is beó, is ní marbh, as maith an
aithrighe.


L. 129


B 1819ls
U 0401
SEANMOIR A NAOI.



AR AN LEOIR-GHNÍOMH.



Tabhair do Shaesar cuid Saesair, agus a chuid féin do Dhia
- (Matha xxii.21)



Ag sin mar adubhairt ár Slánuightheóir, an uair d'fhiafruigh dream do na
Iúdaidheachaibh dhe go mailíseach, an raibh sé dlightheach cíos do dhíol le
Saesar. Dá n-abradh sé na raibh, do shaoileadar Saesar do chur 'n-a choinne
; agus dá n-abradh go raibh, do shaoileadar na daoine do bheith 'n-a námhaid
aige, mar ná raibh éin-ghreann aca ar Shaesar ná ar na Rómhánachaibh tháinig
isteach orra is na laethibh sin mar mhaighistirí aca.



Acht do mheall sé thall agus i bhfus iad, agus ní bhfuaradh buntáiste
air in-éan-taobh, óir d'iarr sé orra píosa d'airgead na dúithche do
thaisbeáint dó, agus nuair dorigneadar, d'fhiafruigh sé dhíobh, cé dhó
buaileadh é, nó créad an íomháigh sin dobhí air, agus adubhradar
íomháigh Shaesair. Annsoin do chuir ár Slánuightheóir deireadh ar a
gcomhrádh, ag rádh leó, a cheart féin do thabhairt do Shaesar agus a
cheart féin do Dhia.



Ba ró-chéillidhe an rádh é sin, agus ní an ádhbhar haithristear é
mar shean-fhocal chirt: “a cheart féin do Shaesar.” Is é, gan
amhras, a chríostaidhthe, atá ó bhéal


L. 130


Dé, a gceart féin dlighte do phrionnsaíbh agus d'uachtaránaibh na talmhan,
ar shlighidh, an té chuireann 'n-a gcoinne, mar adeir naomh Pól, go
gcuireann i gcoinne órdughadh Dé féin; agus sin é an chiall 'n-a bhfuil
cumhachta pionóis ar a lámhaibh. Ní in-aisgidh, adeir an tEaspol,
d'iomchrann an prionnsa a lámh nó a chlaidheamh; óir is é ministéir Dé
'n-a cháil féin é, ní amháin chum cosanta nó cosnaimh do dhéanamh ar an té
atá umhal macánta, acht pionós do bhualadh ar an é atá bun-os-cionn leis
'n-a mhalluightheóir.



Atá a bhfiacha féin, ar an ádhbhar soin, bainte ag prionnsaíbh
saoghalta orainn noch is ceart do dhíol, ní amháin d'bhur n-aimhdheóin
acht le n-bhur dtoil; óir is éigean daoibh, mar adeir an tApstal, bheith
urramach ní amháin le h-eagla acht le coinsias: non porpter
iram sed propter conscientiam.



Dá meabhruigheadh Clanna Gaedheal féin 'n-a sgairt ar an bpoinnte
seo, ní bhéadh, mar atá, claidheamh an dlighidh dearg craorag len-a bhfuil
ag tabhairt gearrshaoghail agus anbháis dóibh. Ní amháin i dtaoibh an
duine mhóir acht i dtaobh do chomharsan, is é sin gach éan-duine, atá
ceart agus macántacht bainte ort, óir gan sin ní bheadh an saoghal buan.
Ní fhaghbhadh na daoine maireachtain dá mbéadh neart dóibh lámh-láidir,
goid, ná rógaireacht d'imirt ar a chéile.



Do-bhéarfadh gach éan-duine, neamh-shuim i gcostas na beathadh do
shaothrughadh, nuair ná béadh sé siúráilte go mbadh leis féin obair
a lámh gus toradh a shaothair. Coisgeann, ar an ádhbhar soin, Digheadh
na Nádúra orainn, dul tar teórain ár gcoda féin, ná baint len-a gcuid
siúd gan ughdarthás ná cead, mar ná fuil


L. 131


éan-rud níos riachtanaighe ná níos doimhne sgríobhtha 'n-ár gcroidhthibh,
'ná riaghail na macántachta, ná éan-rud in-aghaidh réasúin níos solasmhaire
'ná mí-cheart. Fá dobhí líne de dhligheadh Dé sgríobhtha, dobhí a fhios
ag lucht na haimsire sin, mar is iontuigthe ó ghaduidheacht Rachel agus
dearbhráithreach Ióseph, nár cheart goid ná robáil do dhéanamh; agus níl
éan-lá ó thúis an tshaoghail go nuige seo ná fuil a fhios ag an rógaire ná
fuil sé féin ar dheagh-staid.



In-éaghmais ár solais nádúrtha, ins an seachtmhadh haithne thug
Dia do Mhaoise, do thoirmisg sé gach gadaidheacht agus gach beart eile
éagcórach; agus 'san deachmhadh haithne, chum go mbéadh an duine
folláin istigh agus amuigh, do choisg sé fonn a dhéanta. Atá dúil
ainchirt agus tógbháil coda do chomharsan, dá réir sin, coisgthe ort le
dligheadh Dé agus na nádúra; gus mar nach in-aisgidh ná gan chúis atá
an dligheadh so againn, ní in-aisgidh ná gan trom-dhíoghaltas bristear
í, mar innseann an Scrioptúir in go leór d'áitibh. Atá sé aithriste
is an dara Leabhar do na Righthibh, nuair d'innis an fáidh Natan do Dháith
Rí, gur thóg duine saidhbhir caora le héagcóir ó dhuine bhocht, go dtug
an rí breith bháis ar an nduine saidhbhir; ins an leabhar soin Iossue, mar
an céadna, gur cheaduigh Dia trí mhíle do phobal Israel do bheith
treasgartha ag beagán dá náimhdibh i bpionós do ghadaidheacht Achan, agus
ná raibh fearg na bhflaitheas múchta, nó gur loisgeadh a raibh 'n-a sheilbh,
agus gur gabhadh do chlochaibh air féin, ar shlighidh nach raibh fear, bean,
ná páiste 'san gcoimhthionól, nár chaith carraig chloiche air le gráin
dá chóir!



Is iomdha sompla eile sgannramhail 'san Sgríbhinn Diadha do thaisbeánann
dúinn fearg agus fuath agus


L. 132


díoghaltas an Aird-ríogh ar an té dhéanann goid ná slad ná feall ar an
gcomhursain. Ní rachaidh, adeir Naomh Pól, an gaduidhe ná fear sainnte (agus
a chonách soin air!), ná an té d'fhaisgeann chuige go héagcórach, choidhche
go ríoghacht na bhflaitheas, agus arís 'n-a Litir gus na Teassalónacánacha,
do cuireadh gach éan-duine ar a aireachas, gan mealladh, ná gabháil
timcheall, ná lúbáireacht clis ná calaois d'imirt ar an comharsain, “mar is é
an Tighearna” adeir-sean, “do-ghní díoghaltas do bhaint amach ins na
neithibh seo.”



Créad dodhéanfaidh, ar an ádhbhar sin, an dá leór ná fuil a
gcoinsias glan, ná a lámha, 'san tshlighidh seo, atá truaillighthe le
substaint agus damáiste a gcomhursan, gan leigheas, gan leóir-ghníomh do
dhéanamh ann, siúd is go n-imtheóchaidís saor ó phionós ná ó
dhligheadh an shaoghail ar an taobh so do'n uaigh. Dar ndóigh, tabharfar
chum cunntais, agus chum pionóis iad Lá an Luain do láthair an tshaoghail,
lá 'n-a mbéidh a leóir-ghníomh déidheanach! Ní fheadar goidé é an
mire atá ar an daoinibh, nó goidé an suan marbhthach míághmharach so
do bhuaileann go leór ar bhruach na síorraidheachta. Ní homdha lá ná
hairighmíd, pé beag mór é, nídh éigin dá thógbháil, ag imtheacht
gan tuairisg, díoghbháil éigin dá dhéanamh, agus ní mór go n-airighmíd
choidhche éan-trácht ar an leóir-ghníomh in'áit sin go léir. Ní'l
éan-rud níos riachtanaighe, cé nach bhfuil, fóiríor, éan-rud níos
fánaighe ná an leóir-ghníomh!



Is ionann le fear na sainnte, mar is í, do réir na Sgrioptúra,
“máthair an uilc ar fad í”, mar is í chuireann d'fhiachaibh ar dhuine a
anam do reic nó do dhíol leis an aidhbheirseóir, is ionann leis agus
sgaramhant leis an anam, sgaramhaint


L. 133


leis an seilbh atá aige anois, pé cunntas ar a bhfuair í. Go bhfóiridh Dia
air an tan chaithfidh sé sgarmhant leis dá aimhdheóin! Ní bhéidh sé
follamh, mar béidh mallacht síorraidhe aige in-áit luach saothair a
dhroich-ghníomh, págh an pheacaidh: stipendia peccati mors.



Is iomdha slighe 'n-a dtuiteann leóir-ghníomh ar dhuine, mar is iomdha
slighe chum éagcóra do dhéanamh. Ní lia uair do bhrisimíd éin-cheann
do na haitheantaibh 'ná bímíd ceangailte chum leóir-ghníomh, mar coisgid
orainn, ní amháin gan aithris do thabhairt do Dhia, acht fós gan díoghbháil
do dhéanamh dár gcomhursain, 'n-a chuid, 'n-a phearsain, ná 'n-a chlú.



Acht is fá líon na seachtmhadh haithne, go speisialta thuiteann an
leóir-ghníomh ar a bhfuilim ag trácht, agus 'n-ar dh'oireann a cheart féin
do thabhairt do gach éan-duine i dtaobh a shubstainte saoghalta: Furtum
non facies .i. “ní dhéanfaidh tú goid” adeir an Tighearna. “Ná dein
goid” .i. aithne choisgeann gan éan-rud do thógbháil 'ná do choimhéad go
bhfios ná a gan-fhios, le gliocas ná tréine, acht an rud 'n-a bhfuil ceart
againn air, agus do bhaineann linn féin. Is minic nár mheasa gadaidhe na
hoidhche, 'ná an té do mheallfadh as do chuid thú go mailíseach i lár
an lae, óir is comh-chailleamhaint duit-se é.



Agus is baoghlach go bhfuil iomad fallsachta agus mailíse measgtha
le margáineacht an tshaoghail, i ndíol agus i gceannach tar luach, i
gcomhaireamh agus i dtomhas bréige agus i reic calaoise nó ceilt lochtaí
ró-phrionsapálta, atá in-aghaidh coingheallach agus substainte margaidh.



Ní mór duine i ndéileáil an tshaoghail dhéanann éan-rud malíseach
ná neimh-cheart a gan-fhios dó; agus,


L. 134


dá réir sin, ó choirigheann a choinsias féin é, ní ró-ghábhadh dhamh-sa,
agus níorbh'fhéidir liom, trácht ar gach éin-iompodh fá leith. Tá an
Sgrioptúir, ar a shon soin, an-daor orra so dhíolann aniasacht, d'fháisgeann
an bhochtaine, nó thugann daoirse ná ganntar beathadh uirri, ar mhaithe leó
féin. Fógróchthar brón arís orra so do-ghní clampar nó gearradh nó coimhéad
ar dhualgas nó ar thuarastal an tsheirbhísigh, agus an sglábhaidhe do thuill
é le macántacht, agus bíonn a ngearán-san, agus osnaí na baintreabhaighe agus
an dílleachtaidhe ar a ndéanfaidhe éagcóir, ag éigheamh ar na flaitheasaibh
ag iarraidh díoghaltais.



Ní bheidh arís, adeir an Sgrioptúir, fá mhúr do thighe buiséal mór agus
ceann beag, ná comhthrom fallsa mailíseach ... óir is fuathmhar leis an
Tighearna, an té dodhéanann na neithe sin uile. Ar nós an té do chuireann
os cionn a chéile go mion


L. 135


agus go minic cuid na ndaoine eile is dóigh le go leór, an tan ná tógfaidís
éin-téagar in-éinfheacht nó ó éan-duine amháin, ná béadh leath díoghbha.la
ann; leis sin, ni. chuireann cailín ná buachaill an mhargaidh spéis i
leith-phinginn nó pinginn do choimhéad, uair nó dhó 'san tsheachtmhain;
agus an ceárdaidhe fá mar dobhéadh an figheadóir, an táilliúr, nó an gabha,
má bhíonn rud beag spárálta aige, ní héan-rud leis é. Is é an cás céadna é
i dtaobh go leór eile. Ní héan-rud le bean na leanna nó na leamhnachta, rud
beag dá comaoine féin do chur ar an earradh soin; agus bhfaghbhadh an té
do cheannóchadh é tomhas beag breise do chur leis gan díol, is minic do
dhéanfadh, go bhfóiridh Dia air!



Acht ní chomh suarach sin do ghlacaid leabhra diadhachta an sgéal
so, óir tagann an beagán in-áit a chéile chum móráin, agus an tan do
bhíonn éan-rud téagartha nó suimeamhail id' sheilbh nach leat féin,
atá sé follas go bhfuil tú freagarthach ann, agus cionntach, ar a mhór,
i gcoir an iomláin do thógbháil in-éinfheacht.



I gcás gadaidheachta úrláir dodhéanfadh bean-tighe nó clann nó seirbhísigh,
níl amhras ná fuil sé coisgthe go comh-choitcheann, óir adeir an Sgríbhinn
Diadha; “an leanbh ghoideann ó n-athair agus ón-a mháthair, agus adeir ná
fuil éin-díoghbháil ann, go bhfuil sé rannpháirteach 'n-a chóir
mharbhthach”.



Ní leithsgéal duit chum éan rud do thógbháil, a rádh, go bhfuil
do shláinte ar leath-luath ná an oiread dod' chuid ag an té sin, óir
atá toradh do mhargaidh agat, agus céad sligheadh eile chum do chirt
d'fhaghbháil in-éaghmais é 'ghoid. Ní ghábhadh dham 'innsint, éan-duine
atá in-oifig phuiblidhe, nó i gcúram speisialta ghnótha duine
eile go bhfuil sé freagarthach in-éin-mhí-árdughadh ná díoghbháil
ná coisgfeadh nuair d'fhéadfadh; agus, dá réir sin, ní


L. 136


féidir leat bheith 'n-a fhinnéidh dhíomhaoin, ná rún díoghbhála do bheith
aige, an ceart agus carthannacht do réabadh. Ní mar sin do dhaoinibh eile ná
béadh an cúram soin orra, gé go mbéadh a gcongnamh nó a gcionnta féin leis.
Níl siad ceangailt chum leóirghníomha. Ar a shon soin, cionntuigheann duine,
leis, in-aghaidh Charthannachta chomh minic agus d'fhéadfadh gan
éin-mhío-chomhgar ná costas mór dó féin, agus ná déanfadh, díoghbháil
a chomharsan do chosg.



Sin duine, mar shompla ag gabháil an bhóthair nó treasna na páirce,
do-chí beathaidheach a chomharsan i nguais nó i gcontabhairt a chaillte, agus
fágbhann sé mar sin é. Ní fearr leis ní d'éireóchadh dhó. Anois is
é leóir-ghníomh atá aige sin le déanamh ná leóir-ghníomh le Dia leis
an aithrighe, agus go deimhin is mór soin i dtaobh a mhío-charthannachta.
Níorbh'é sin cás an aodhaire dobhéadh 'n-a bhfeidhil: dobhéadh
leóir-ghníomh aige le déanamh le Dia agus le duine.



Do-chíonn duine eile, buachaill nó cailín do bheith ag robáil
a maghistir, nó tá rún aige air. d'iarrfadh carthanacht a chur in-iúl
uair nó dhó. Agus muna ndéanfadh sin a gnó, slighe éigin eile
dhiscréideach do ghlacadh chum a chosg. Dá éaghmais sin, ní bhéadh sé
saor ó pheacadh, gé ná béadh sé ceangailte chum leóir-ghníomha,
muna mbéadh sé i gcúram an nídhe sin do chosaint nó do choimhéad.
Tá céad cás eile ann do'n tshórt soin do-gheóbhadh duine a réidhteach
le solas a réasúin nádúrtha féin, agus 'n-a ndéanfadh amach má bhí
nó muna raibh coir leóir-ghníomha air.



Acht ní in'aithint sin acht 'san leóir-ghníomh do dheanamh atá an
dócamhal. Tá sé anois a cúig nó a deich nó b'fhéidir fiche éigin
bliadhan ó gheallais do Dhia agus


L. 137


dod' oide faoisdine an leóir-ghníomh do dhéanamh, an maighistir leis an
mbuachaill, nó an buachaill leis an maighistir, an feirmeóir leis an
gceannaidhe nó leis an gceárdaidhe, agus iad-san arís leis sin, nó tusa eile
pé coingheall 'n-a bhfuilir ann; agus ó shin anuas do bhuail suan
marbhthach thú len-ar fhágbhais gan déanamh é, mar urchall ar do choinsias,
beó nó marbh.



Is baoghlach ar feadh na haimsire seo ná raibh t'fhaoisdin glan
folláin nó fíor-aithrigheach, ná an t-oide 'thugadh faoisdin agus
absolóid duit saor ó ghuais nó ó chionnta; óir adeir Naomh Aibhistín,
nach dáríribh acht fallsa, nach fírinneach acht bréagach, bíonn n
aithrighe, nuair ná cuirtear abhaile cuid na ndaoine eile an tan as
féidir é, agus arís deir an Dochtúir naomhtha céadna, ná maithtear an
peacadh go bráth go ndéantar an leóir-ghníomh atá ar do chumas.



Cuimhnigh ort féin, ar an ádhbhar soin, agus ná fan níos sia i
gcodhladh an bháis; óir dá fhaid do cháirde, is amhlaidh as cruaidhe
an cás agus is mó do dhiútéidh. An chéad dá uair do chuir a náimhde
cíomhlóga roimh Shampson, do bhris sé tríotha, acht do cailleadh an treas
uair é. Ná fan-sa leis an treas uair. Béidh malairt sgéimhe ort uair na
hola, agus ní dócha, muna ndéanfaidh tú féin leóir-ghníomh, go
mbacfaidh d'oighridhe leis, gé go mbadh cheart dóibh é.



Is measa leó iad féin, agus dob'fhearr dhuit-se, ó's goire dhuit tú
féin 'ná éan-duine, do bhean agus do chlann do bheith bocht id' dhiaidh,
'ná tú féin do bheith damanta, gus is damanta bhéidh an té ná
déanann an leóir-ghníomh as acfuinn dó; óir adeir Dia i Leabhar
Esechiel, “má iompuighean an malluightheóir ar bhreithniughadh, agus ceart
agus a gheall agus a robáil do chur abhaile, go mairfidh sé agus ná
faighbhidh


L. 138


sé bás,” ceacht do thaisbeánann, muna ndéanfaidh, go bhfuil bás síorraidhe i
ndán dó.



Ní heól dam éan-chás 'n-a mbéadh duine saor ó leóir-ghníomh, acht amháin
muna dtuitfeadh sé i mbochtaine, ar shlighidh ná faghbhadh sé é 'dhéanamh;
agus annsoin ní hiarrtar air acht rún a dhéanta do bheith aige, dá mbéadh ar
a chumas; nó arís dá mbadh go maithfeadh an té ag ar chionntuighis i
n'aghaidh dhuit, táir saor; óir atá a thoil féin ar a chuid féin i slighidh
réasúnta ag gach éan-duine, má's eadh, níor mhór dhuit bheith ró-dheimhneach
dhe sin, go speisialta i nídh suimeamhail; óir ní hionann an rud do
dhéanfadh duine agus dhéanann sé. Ní mar a chéile a rádh, “maithim dhuit,”
agus “mhaithfinn dhuit”; agus is baoghlach le tuataighe nár mhisde dhóibh é
i dtaobh gaoil nó muinteardhais, go mbaineann go leór le neithe nár cheart
dóibh, rud d'inneósadh do cháirdeas Críost nó dearbhráthair do mháthar dhuit,
dá bhfiafróchthá dhe, ar mhór leis duit an nídh sin.



Dubhras nár mhór do'n té 'n-a mbéadh leóir-ghníomh bainte air, é'
dhéanamh i dtráth; óir, dá éaghmais sin, bhéadh sé freagarthach i
bpé díoghbháil dodhéanfadh easnamh a choda do'n té 'n-a mbéadh sé
uaidh. Ní airighim go mbéadh sé sír-chionntach i bpeacadh, rud nach
féidir do rádh le héin-ghníomh uilc eile; óir má's craos nó drúis
é, imthigheann sé thart an uair sin, acht an fhaid d'fhanann an tshealbh
neimh-cheart, fanann an t-olc 'n-a choimhdeacht.



Ní amháin i dtráth, acht ní fuláir leóir-ghníomh do dhéanamh go foir-líonta
agus do'n té 'n-a bhfuil sé dlisteanach. Má thógbhais coróin nó dhó nó a
trí, ní fuláir an oiread céadna do chur 'n-a n-áit, ní fuláir an oiread
céadna do chur 'n-a n-áit, agus an t-easnamh do-rigne sé, leis. Ní fuláir
bheith láithreach ar an bpuinnte seo agus a rádh mar adubhairt


L. 139


Sachaeus: “Ó, a Thighearna, má rigneas éagcóir ar éan-duine, ag seo ceithre
hoiread in'áit”. Agus i dtuairim Naoimh Chriosostom, dobhí sórt annsin
féin, ar shlighidh go mb'fhearr agus go mbadh dheimhnighthighe do dhuine,
bheith os a chionn 'ná bheith fán-a bhun. Agus is amhlaidh dobhéadh
éan-duine coinsíseach ar nós an stíobhaird sin dobhí ag Asar ná faghbhadh
codladh go socair nó gur chas sé ar na daoine nísa mhó 'ná do choimhéid sé
uatha.



Ní dhéanfadh déarc ná Aifreann an gnó dhuit, dá mbéadh an t-oighreadh le
faghbháil, nó muna mbéadh an ní chomh suarach 's nárbh'fhiú é d'fhilleadh
ná d'éileamh; óir is é ainm dothugaid na hAithreacha Naomhtha ar an sórt
soin déirce ná 'déirc Iúdáis agus an aidhbheirseóra.” Do shaoil an duine
sona so, nuair ná glacfaidís uachtaráin an dlighidh thar n-ais an t-airgead
fuair i ndíol a thréatúrachta, é 'chaitheamh 'san teampall i gcionn bhosga
na déirce. Acht cé dona dobhíodar, do dhiúltuigheadar na sagairt dó, ag
rádh nach raibh sé dleaghthach ná ceaduightheach aca, luach fola do chur i
gcionn na déirce. Is é an freagra céadna d'oireann fós. Bronn do chuid
féin ar Dhia agus an dteampall, agus do-gheóbhaidh tú ar a thairbhe. Acht i
dtaobh an chuid siúd do chur ann, dob'é luach na fola é.



Go comh-choitcheann an té is mó cionnta is é as daoire truime leóir-ghníomh;
acht an té atá i seilbh an nídhe tógbhadh nó dofuaradh, is é atá
ceangailt chum an leóir-ghníomh do dhéanamh ar dtúis; an t-ughdar nó an té
is cionntach leis 'n-a dhiaidh sin; agus as soin amach an mhuinntear eile
'n-a raibh éan-lámh aca ann, atáid coimhcheangailte, gach n-aon, ar a
shon soin,


L. 140


in-easbaidh na coda eile; óir ní leithsgéal duit a rádh, mar adeirid go
leór; “níor thairbhigh orm-sa acht an méad so; ní mise do-rigne an
díoghbháil ar fad.”



Ní beag má bhí éan-lámh agat ann, mar déanann do chuideachta, do
shompla agus t'fhinnéidheacht do pháirtidhthe éasgaidh dána chum uilc,
agus, leis sin, leóir-ghníomh an iomshlán do thabhairt ort-sa má chuirid
sin suas, rud nár cheart dóibh, dá gcuid féin de.



Féach, ar an ádhbhar soin, goidé an díoghbháil atá déanta, ag coimhéad na
droch-chuideachtan; óir cionnas a leighisfidh tusa an díoghbháil sin, agus
gan sin cionnas do-chífidh tú na flaithis? Oireann an chainnt seo go
ró-chruaidh do'n aicme mhí-ághmharaigh dobhíonn go táir ag faire agus ag
tnáthadh a chéile, nó ag cur sgaipeadh le fuarfhánaidhthe gaisgidh ar shonas
aonaigh; nó, níos measa, gan truaighmhéil, gan trócaire, ag fiosrughadh a
gcomh-chréatúra fá sgáil na hoidhche, ag réabadh a theaghlaigh bhig, ag
sgeónadh a mhuinntire, agus ag tabhairt a bháis le heagla; óir an té atá ar
deireadh nó as sia amach do'n chuideachtain naomhtha so, atá rann-pháirteach
'san gcoir déantar i dtosach, ar shlighidh, má bhaineann leónadh nó milleadh
nó marbhughadh do dhuine nó beithidheach, má gearrtar crann, má bristear
doras, má déantar réabadh ná fealladh, go bhfuil sé sin i ngeall leis an
díoghbháil go síorraidhe, muna ndéanfaidh sé féin nó éan-duine ba threise
'ná é 'san olc réamhfhuasgailt leóir-ghníomha air. Ní neamh-chosmhail leis
seo cás na muinntire eile úd, má tá éan-duine aca ar an láthair, bhíonn go
mí-nádúrtha ag tnúth le fóghmhar an gheimhridh, ag comhrás chum na trágha,
nó ag faire ar nós na bhfiach ndubh ar bhruach na faille, ní chum cabhrach
ná congnaimh in-aghaidh stoirme Dé agus na fairrge, acht chum sluid agus
slad agus breith ar éigin.


L. 141


Ní gan ádhbhar, adeirtear go dtagann go luath nó go mall mío-rath agus
leaghadh an tshneachta, lá gréine, ar an tshlad-shaothar seo; óir is é sin
guidhe agus breath an teampaill. Fá dheireadh is gné dubh-robála do dhuine
dul i bhfiachaibh gan rún ná intinn iad do dhíol; agus ní mó is féidir a
leithsgéal so do ghabháil do luigheann go socair fán-a bhfiachaibh, nuair
dob'fhéidir leó iad do chur dhíobh, iad so dobhíonn go mín miochair
muinteardha éasgaidh chum do chuid d'iarraidh le linn an ghábhaidh, agus
righin, b'fhéidir go drochmhúinte, le linn a lorg. Fós atá ceangal cirt ort
i dtaobh do gheallamhna; óir is fear gan fírinne, dála gurab eadh, bhriseann
a fhocal, agus is fear gan ceart do bhriseann a gheallamhaint.




Táim réidh anois acht amháin d'iarraidh, má bhraitheann tú do chogcubhas ag
troid leat i dtaobh éin-bheart éagcóra i rith do shaoghail, i dtaobh
éan-tógbháil ná coimhéad ná díoghbháil neimh-cheart dorignis gan leigheas,
leóir-ghníomh iomshlán do dhéanamh ann i dtráth, chum ná béadh sé ag
déanamh buadhartha annso dhuit, ná fád' bhrághaid ad' chrádh ar feadh na
síorraidheachta. Iarrann Dia agus an teampall é. Iarrann dligheadh na
nádúra é, agus do réasún féin. Gan sin, níl éin-éifeacht 'san absolóid.
Gan sin níl éan-mhaith 'san ola. Gidheadh, má tugthar a cheart féin do
Shaesar, is mór an réidhteach é ar uair do bháis agus an congnamh chum na
glóire síorraidhe n-a dhiaidh sin. Amen.


L. 142


B 1724
U 0201
SEANMOIR A DEICH.



AR AN bPEACADH.



Seachain an peacadh amhail dodhéanfá gnúis nathrach nimhe
- (Eccles.xxi.2).



Is mór an daille agus an dí-chéille do shíol Adhaimh agus Eabha, go
nglacaid an oiread sin cúraim agus imshnímh fá'n uile nídh bhaineas le sochar
nó le so-mhaoin an chuirp chlaoin chealgaigh, agus go dtugaid faillighe
ró-mhór i sláinte an anma. Chum sláinte an chuirp ní choigleann siad ór ná
airgead ná ilmhaoine. Níl leigheas ná luibh dá seirbhe nach nglacfaidís
chum maitheasa an chuirp. Gidheadh, ní chuirid seadh ná suim in-aicídibh
gráineamhla an anma, amhail mar adeir an file laidne,



Ut corpus redimas, ferrum patiens et ignem;
Ut valeas animo quidquam tollerare negabis.



Iodhon, chum do chuirp do shlánughadh d'fhuilingeóchadh tú a ghearradh
le harm agus a losgadh le teinidh; gidheadh, tar cheann go bhfuil míle
othras agus easláinte ar an anam, ní chuirfidh tú rómhat éan-leath-uair
amháin aithrighe do dhéanamh ar a shon.



Cujus vestrum bos aut asinus in puteum cadet et non continuo extrahet
illum? - “Cia agaibh go mbéadh bó nó capall aige agus go dtuitfeadh
éin-cheann díobh i bpoll, nach dtógfadh é gan mhoill?” Ag


L. 143


siúd an t-anam dá bháthadh i bpoll duibheagáin agus i nguairneáin na
bpeacaidhe, créad fáth nach dtógann tú é? Dá mbéadh do léine salach, do
chuirfeá dá nighe í. Dá mbéadh claimhe ar do chapall, do chuirfeá dá
leigheas é. Ag siúd d'anam lán do chlaimhe na cladhaireachta agus na
camastaoidheala. Créad fáth nach gcuireann céiridhe leighis air?



Quid prodest homini si universum mundum lucretur, animae vero suae
detrimentum patiatur. - “Créad an tairbhe do dhuine an saoghal uile do
bheith fán-a chumas agus a anam do chailleamhain tré thréatúireacht na
bpeacaidhe?” Créad é an ní an peacadh? Do réir San Aibhistín, atá
smuaineadh nó briathar nó gníomh in-aghaidh dlighidh Dé. Créad é an
ní an peacadh. Est aversio a Deo et conversio ad creaturam, .i.
cúil-iompodh ó Dia agus gnúis-fhilleadh ar an gcréatúir. Le congnamh Dé
agus le grása an Spioraid Naoimh taisbeánfad trí réasúin speisialta
in-a suidhighthear gur cóir gráin do bheith ar an bpeacadh. An céad
réasún, nach bhfuil ní ar bith as díoghbháilighe do'n anam 'ná é; an
dara réasún, nach bhfuil ní ar bith as taithneamhaighe leis an diabhal
'ná é; an treas réasún, gur ní fuathmhar gráineamhal i láthair Dé é.
Is iad sin trí roinnte nó trí puinntí an chomhráidh seo.



An t-anam do chruthuigh Dia ar a íomháigh agus ar a chosamhlacht féin,
tá sé chomh lonnrach agus chomh taithneamhach sin agus chomh cóirighthe
chomh sgiamhach sin le beannuightheacht spioradálta, ionnas go nglacann Dia
féin compórd mór, comhluadar agus comhnaidhe do dhéanamh ann, an fhaid
fhanas ar staid na ngrás. Gidheadh, 'san luas in-a dtabharann an t-anam
aontughadh do'n pheacadh, bíonn chomh salach sin agus chomh gráineamhail
i gcruith nárbh'fhéidir leis an bpeacthach féin féachain air gan
uathbhás, dá


L. 144


mbéadh sé ceaduightheach aige é 'fheicsin; óir do láthair, iar dtuitim 'san
bpeacadh dhó, cailleann a mhaoin agus a mhaitheas eile agus in-a chionn
sin, tuiteann sé 'san uile shórt uilc agus urchóide. Ar dtúis, tréigeann Dia
an t-anam agus baineann de comharthaí a mhuinntearthais .i. solus na ngrás
agus compórd an Spioraid Naoimh. Cailleann, mar an gcéadna, an t-anam an
roinn dobhí aige i luach fola Chríost. Cailleann comairce agus tearmann an
Aird-ríogh. Cailleann tabhartais an Spioraid Naoimh. Cailleann na geallta
agus na mór-gáiste dobhí aige ar fhlaithis Dé. Cailleann an chomhroinn agus
an cumann dobhí aige le hurnaighthe na hEaglaise. Cailleann suaimhneas
agus síothcháin a chogcubhais, agus fá dheóidh, cailleann toraidh a
dheagh-oibreach go huile, agus, dá réir sin, an ghlóire shíorraidhe.



Is iomdha foghail, agus anfhorlann éagcoimseach do-ghní an peacadh
marbhthach do'n anam. An chéad fhoghail, díbreann Dia as an anam agus dobheir
seilbh do'n diabhal ann: Deus caritas est, et qui manet in caritate,
in eo manet et Deus in eo, dá réir sin, an tan dhíbreann sé an charthannacht
díbreann Dia, agus baineann beatha na ngrás de, an ní as anam do'n anam.
An dara fhoghail, cailleann an t-anam toradh a dheagh-oibreach mar adeir
an fáidh Esechiel 'san 18 caib: Si averterit se justus a justitia
sua et fecerit iniquitatem .. omnes justitiae ejus quas fecert on
recordabuntur, .i. má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus an t-olc do dhéanamh,
do-bheirthear i ndíoth-chuimhne agus i ndearmad an méad maitheasa do-rigne
sé. An treas fhoghail, cailleann sé tabhartais agus tiodhlaicthe an
Spioraid Naoimh, amhail mar adeir Solamh i leabhar na hEagna: In
malevolam animam non introibit sapientia, nec habitabit in corpore
subdito peccatis,


L. 145


.i. ní thuirlingeóchaidh eagna an Spioraid Naoimh ins an anam
mhíchoinghealach agus ní dhéanfaidh comhnaidhe 'san cholainn atá tugtha do
na peacaidhibh. Nihil est peccante pauperius, adeir San Criosostom 'san
Criosostom 'san 5adh seanmóir, .i. níl éinneach níos boichte 'ná an
peacthach. An 4mhadh fhoghail, cailleann an ceart atá aige ar an mbeathaidh
shíorraidhe, amhail léightear i n-Ecsodus, an 32 caib. rann 33. Qui
peccaverit mihi, delebo eum de libro meo, .i. an té bhriseas m'aitheanta
cuirfear amach as leabhar na beathadh é; agus amhail do léightear 'san
chéad litir chum na gCorintianach: Iniqui regnum Dei non possidebunt, .i.
ní abhaidh na droch-dhaoine do'n fhlaitheas neamhdha. An 5adh fhoghail,
cailleann tearmann agus comairce speisialta Dé uile-chumhachtaigh amhail
léightear 'san 32 Sailm, 18 rann, Oculi Domini super metuentes eum ...
ut eruat a morte animas eorum, .i. bíonn súile an Tighearna ar an droing
bhíos eaglach roimhe féin, chum a n-anam do shaoradh ó bhás; agus, dá bhrígh
sin, an mhuinntear nach mbíonn eagla Dé orra,, mar do-bheirid-sin faillighe i
nDia, do-bheir Dia faillighe ionnta-san. An 6adh fhoghail, cailleann an
t-anam coimhdeacht an Spioraid Naoimh, agus coimhdeacht agus coimhéad an
aingil choimhdeachta, amhail adeir an dochtúir naomhtha, San Basilus: Velut
fumus fugat apes, sraveolens peccatis fugat angelum vitae nostrae
custodem .i. amhail díbhearthar na beacha le deatach, is mar sin dhíbreas
droch-bholadh an pheacaidh ár n-aingeal coimhdeachta uainn. An 7mhadh
fhoghail, cailleann sé a chomh-roinn agus an pháirtidheacht dobhí aige le
críostaidhthibh an domhain, do bhrígh, an fhaid bhíos ar staid na ngrás, gur
féidir leis a rádh le Dáibhídh: Particeps ego sum omnium timentium
te et custodientium mandata


L. 146


tua. - “A Thighearna táim rannpháirteach leis an muinntir a mbíonn
t-eagla-sa orra agus do choimhéadann d'aitheanta.” Gidheadh, caillimid an
pháirtidheacht sin leis an bpeacadh mharbhthach. An 8mhadh fhoghail,
caillimid luach-saothair ár ndeagh-oibreach mar dhearbhas an fáidh Isaias
'san 59 caib. 6 rann, mar a n-abrann: opera enim illorum inutilia et opus
iniquitatis in manibus eorum, .i. atá a n-oibreacha neamh-thairbheach agus
obair na hurchóide 'n-a lámhaibh. Dá bhrígh sin, dá ndéanfadh tú trosgadh,
déarc agus urnaighthe an domhain, níl tairbhe dhuit ionnta an fhaid bhíos tú
ar staid mhalluighthe na míoghrás. An 9mhadh fhoghail, atá tú damanta
chum pianta síorraidhe d'fhagháil in-ifrionn do réir Dáibhídh 'san 20
Sailm 10 rann mar a n-abrann: Ignis devorabit vos. Is é sin, “sloigfidh
teinte sibh”; agus arís, “béidh a roinn siúd 'san loch atá ar dearg-lasadh
le teinidh agus le briomstón”. An 10mhadh fhoghail, bíonn an peacthach
'n-a sglábhaidhe ag an diabhal, dá ghearradh agus dá chreimeadh le péist an
chogcubhais, amhail mar do-gheibhmid 'san 6mhadh caib. chum na Rómhánach
(16 rann): “Nach bhfuil a fhios agaibh gur seirbhísigh sibh do'n té dá
ngéilleann sibh;” agus, dá bhrígh sin, má ghéilleann sibh do'n diabhal,
gur seirbhísigh do'n diabhal sibh. Ag sin daoibh, a chríostaidhthe, na
díotha, agus na dochair mhóra do-ghní an peacadh marbhthach do'n anam.



Anois, iomorro, tráchtfamuid ar an dara réasún fá'r chóir fuath
do bheith do pheacadh, 'sé sin, nach bhfuil ní ar bith as milse leis an
diabhal 'ná é; agus atá trí réasúin dá áiteamh sin. Ar dtúis, ní
ór ná airgead ná péarlaí, fleadha ná féastaí bhíos ag an aidhbheirseóir
dá n-iarraidh acht anmanna na ndaoine go haonaránach; agus is i
bhfíoghair an neith sin atá an ní léightear i nGenesis: Da mihi
animas, ceter tolle


L. 147


tibi. “Tabhair damhsa na h-anmanna agus bíodh an chuid eile agat féin.”
Agus mar nach bhfuil ní ar bith as mó chuireas luthgháir ar an diabhal ná
anam fíréanach do tharraing 'n-a líonta, is dearbh nach bhfuil ní ar bith as
taithneamhaighe leis ná gaethe cró an pheacaidh.



Is amhlaidh do-ghní an diabhal le h-anam an pheacthaigh, amhail do-ghní an
cat leis an luich; óir an tan ghabhas í, sgaoileann uaidh í tamall, casann
arís í, léimeann uirri agus léimeann uirri arís agus bíonn mar sin ag gabháil
léi; gidheadh, an tan do-bheir an luch iarracht ar dhul 'san daingean
uaidh, do-bheir crobh dá créachtnughadh dhí. A shamhail chéadna. do-ghní an
fearchat fealltamhal úd, an diabhal, leis an bpeacthach dá mhealladh agus dá
bhréagadh go dtairngeann, fá dheóidh, go hifrionn é. An dara réasún, is
maith an suigheamh ar an nídh seo mar bhíos an diabhal ag síor-dhéanamh
buaidheartha gan scur gan sgíth le ceithre míle bliadhain, agus os a chionn,
gan do chúram ná do chaitheamh aimsire air, acht ag tionsgnadh cleas agus
claon-mhailíse chum na bpeacthach do tharraing in-a líonta, amhail
léightear ag Iob, mar d'fhiafruigh Dia de'n aidhbheirseóir an dtug sé
timcheall na cruinne go comhlán, agus mar d'fhreagair seisean dó ag rádh,
nár fágadh ionad ná órdlach di gan cuardughadh. An treas réasún, go bhfuil
an peacadh ró-shuairc ró-thaithneamhach ag an mac mallachtain, do bhrígh
nach féidir a mhian ná a chíocras do shásamh; agus tar chean gur tharraing
agus gur threasgair sé míle milliún anam go hifrionn, dá éis sin, ní
lúghaide a chíocras agus a chonfadh é; óir bíonn sé do ló agus d'oidhche
amhail dobhéadh leómhan buile ag búithrigh agus ag iarraidh cia do
chraos-tshloigfeadh sé. Adeir Peadar apstal nach ndéanfadh an diabhal
tábhacht do chorp na habhann do shlogadh 'n-a chraos. Is é an craos úd
ifrionn, agus is í abha sloigtear


L. 148


ann .i. na táinte peacthach teilgear ann chomh tréan agus do rithfeadh tuile
sléibhe le fán-ghleannta.



An treas roinn do'n chomhrádh so, gur cóir an peacadh do sheachnadh, do
bhrígh gur iad fuathmhar gráineamhail do láthair Dé é. Is usaide sin do
thuigsin as na piantaibh troma lér smachtuigh sé an treas chuid do na
hainglibh agus an cineadh daonda. Do chruthuigh Dia na haingil agus thug
dóibh an uile bhreághthacht agus beannuightheacht; thug sé dhóibh an uile
shórt tabhartais, nádúir agus grása, agus dá n-éis sin uile, do teilgeadh
síos iad i bpiantaibh uathbhásacha ifrinn tré éin-pheacadh amháin uabhair,
an tan do smuaineadar iad féin do chur i gcoimheas le Dia; i gcruith gur
cuireadh iad i staid chomh uathbhásach sin, ionnas nach féidir leó
éan-tshórt maitheasa do dhéanamh; gidheadh, bídh ró-fhonnmhar chum na huile
urchóide. An canncar agus an crádh croidhe atá orra tré chailleamhain na
glóire síorraidhe, cuireann d'fhiachaibh orra bheith lán do chongfadh agus do
chíocras chum na gcríostaidhthe. Is leis sin nach bhfuil éan-tshórt coire
ná clis ná calaoise nach ndéanaid úsáid díobh chum na ndaoine as naomhtha ar
bith do threasgairt, agus mar bhárr ar gach anfhochain, bíonn teine ifrinn
dá losgadh i ngach ball dá ngabhaid; agus sin go léir mar gheall ar
éan-pheacadh amháin.



Tabhraidh bhur n-aire go fríochnamhach dó so, a lucht nach ndéanann
scrupall do pheacadh do dhéanamh ar mhuin peacaidh, agus bheith ag filleadh
agus ag aith-fhilleadh agus ag treisfhilleadh ar na peacaidhibh, agus dá
bhur n-únfairt féin ionnta amhal dobhéadh muc i láib. Is baoghal
daoibh, muna ndéanann sibh sibh féin do ghlanadh le h-uisge na haithrighe, go
dtuitfidh díoghaltas agus díbhfearg Dé oraibh, óir tar cheann gur
foighidneach fad-aradhnach bhíos Dia ag éisteacht leis na doi-bhearta agus
leis na


L. 149


dubhailcí, is ró-throm thuiteas a cheart-bhreitheamhnais 'san
tshaoghal so féin ar lucht na hiomarcadh agus na héagcóra.



Tuilleadh eile fós, is furus fuathmharacht an pheacaidh d'aithint as an
díoghaltas dorigne Dia ar ár gcéad áthair Adhamh, óir tar cheann gurab é
Dia do chruthuigh é len-a láimh féin agus do shocruigh i bParrthas é, áit
budh mhó aoibhneas agus aiteas do'n domhan daonda, thug uachtaránacht na
cruinne dhó agus thug cumhachta iomshlán dó ar an uile nídh fá neimh; ní
raibh fós, éan-tabhartas dob'fhéidir d'fhaghbháil ó nádúir ná ó ghrásaibh
nach bhfuair sé, mar aon le geallamhan ar roinn do'n ghlóire fhlaitheastha;
gidheadh, mo thruagh! an duine dona ar shon nach ndearnaidh acht an toradh
toirmisgthe d'fhromhadh éan-uair amháin, do baineadh dhe in-éan-nóiméad
amháin na tiodhlaicthe sin go léir. Do díbreadh as Parrthas an aoibhneasa é
; agus ó bheith 'n-a rígh do thuit sé chum bochtaineachta; agus tar cheann
go raibh an uile shórt tomhaltais agus sóláis aige roimhe sin, dob'éigean
dó, trés an bpeacadh, a chuid aráin do shaothrughadh le hallus a ghnúise
agus le saothar a lámh; agus ní headh sin amháin, acht a dtáinig uaidh do
dhaoinibh riamh, atá ann anois agus dothiocfas go deireadh an domhain, do
thuiteadar 'san aindeise chéadna maille leis; óir gach éan-tshórt peacaidh
eile, bochtaineacht, gorta, cogadh, aicíd agus éagcruas, bás agus damnughadh
síorraidhe, níl ionnta uile acht treilisí tubaiste agus urnaighthe
urchóideacha tháinig as peacadh an tshinnsir.



Féachaidh i ndligheadh na nádúire créad dorigne Dia tré pheacaidhibh
na ndaoine an tan dochonnaic sé go raibh an domhan uile líonta d'urchóid:
Repleta est terra iniquitate. Adeir an Scrioptúir gur chuir sé fógradh
ar an mhuir mhóir, gur ghluais 'n-a tonnaibh tolgánacha tar bhruachaibh agus
tar imeallaibh


L. 150


chuirp-leathna na cruinne le rabharta ró-fheargach agus le hanfadh
uathbhásach gur éirigh an t-uisge cúig chúibit déag os cionn maoilinn na
gcnoc dob'aoirde do'n chruinne.



Mo thruagh! is iomdha dún agus deagh-bhaile, cathair agu caisleán, port
agus pálás do cailleadh leis an ruathar sin, in-éaghmuis an chinidh daonna
uile do bháthadh acht éan-ochtar amháin, agus sin go léir do theacht orra
trén-a bpeacaidhibh. Nach dtug Dia, mar an gcéadna, sgrios ar an dá
chathair thásgamhla Sodom agus Gomóra? Tá somplaí iongantacha 'san
dligheadh sgríobhtha féin, mar atá an pionós tugadh do Dhátan agus
d'Abíron, gur shloigh an talamh iad; agus pionós an dá rígh oirdhearc,
Saul agus Dáibhídh. Táid againn, mar an gcéadna i ndligheadh na ngrás,
cionnas mar fuair Ananias agus Safíra bás obann tré éin-bhréig amháin.



A Chríostaidhthe, ag sin somplaí uathbhásacha agaibh as corp na Scrioptúra
ar sgiúirsíbh díbhfeirgeacha Dé, agus is ró-bhaoghlach gur gearr ó na
daoinibh anois féin tóirneacha, teintrighe agus trom-dhíoghaltas Dé do
thuitim orra; óir atá an oiread sin uilc agus éagcóra, earráide agus
ainghníomh eatorra, nach raibh riamh níos lúgha do charthannacht idir na
críostaidhthe. Ní raibh riamh níos lúgha do chumann idir na lánamhnacha
pósta. Ní raibh riamh níos lugha d'umhla in-a mbéasaibh, níos lúgha do
chríostamhlacht 'n-a ngníomhaibh, níos lúgha do stuamacht 'n-a n-iomchur,
níos lúgha do dheagh-chreideamh 'n-a gcroidhthibh 'ná 'n-a gcomhráidhtibh.



Ar chlos daoibh riamh níos mó do ghangaid idir na daoine; níos mó
do shéitéireacht i reic agus i gceannacht; níos mo do phóitireacht agus
d'ólachán; níos mó do chlaidhaireacht


L. 151


agus do chailleamhain dá chur i ngníomh; níos mó teasbhaigh agus an-uabhair
i ndaoinibh úir-ílse; níos mó d'easgaire agus do dhia-mhasladh agus do
chainntibh diablaidhe ag daoinibh? O, na déataoibh damanta! O, na
gníomha gráineamhla! O, na peacaidhe marbhthacha! Créad tharraingeas gráin
Dé orainn? An peacadh marbhthach! Créad líonas ár n-anmanna do
mhórgaidhtheacht agus do shalachar? An peacadh marbhthach! Créad
chuireas fá sglábhaidheacht an diabhail sinn? An peacadh marbhthach!
Créad do sgriosas ár n-ainmneacha as leabhar na beathadh? An peacadh
marbhthach! Créad bhaineas coimhéad agus cumhdach Dé dhínn? An peacadh
marbhthach! Créad bhaineas tearmann agus comairce na n-aingeal dínn? An
peacadh marbhthach! Créad bhaineas grása an Spioraid Naoimh dhínn? An
peacadh marbhthach! Créad thairngeas bochtaineacht agus gearr-shaoghal
orainn? An peacadh marbhthach! Créad thairngeas treabhlóide agus tinnis
orainn? An peacadh marbhthach! Créad do chuir le fuacht agus le fán
sinn? An peacadh marbhthach! Créad bhain daoibh sealbh bhur bhfearann
ndúthchais, agus fá bhfuilid ar láimh Allmharach? An peacadh marbhthach,
amhail mar adeir an file diadha 'san rann so:





“Peacadh na sinnsear, uabhar is díomas, feall is cionntacht, craos is ól;



“Creachadh na mbochtán, cealla do robáil, fórsa is fiarsáil, puimp is
póit;



“Easumhla d'óirdibh, sír-bhriseadh pósta, ionntodh na gcóta i
n-aghaidh dlighidh Phóil;



“Do dhíbir ár bhflatha, do bhain díobh a mbailte, d'fhág sinn i
leathtrom fá sgíos is fá bhrón.”





- dá chur i gcéill gurab iad peacaidhe na ndaoine


L. 152


chuaidh romhainn, atá ag tarrang gach éan-uilc agus urchóide orainn. Créad
an leigheas atá air seo go léir? Déanaidh comhairle an fháidh naomhtha
Isaias 'san chéad chaib: Lavamini, mundi, estote, auferte malum
cogitationum vestratrum ab oculis meis. “Ionnluidh sibh féin, bíodh sibh
glan, díbrighidh olcas bhur ndroch-smuainte óm' radharc”; ionann sin
len-a rádh, gach uile dhuine do-rigne peacadh, an aithrighe do dhéanamh
gan mhoill, má's áil leis gan bheith damanta. Ná bíodh éan-leithsgéal
aige, ná habradh sé go bhfuil sé óg ná go bhfuil a sháith aimsire aige fós.
Ná h-abradh sé go mbaineann cúram saoghalta dhe gan an aithrighe do
dhéanamh. Ná bíodh sé ag seasamh ar ghrásaibh Dé. Do-chímíd na daoine óga
ag faghbháil bháis go laetheamhal. Do-chímíd go dtig an bás an uair is
lúgha saoiltear é. Tá a dhearbhadh againn, nach bhfuil 'san domhan cúram as
mó 'ná cúram na síorraidheachta. Má tá Dia trócaireach, do-bheir sé a
cheart féin do gach n-aon do réir a oibreach - Reddet unicuique secundum
opera sua. Dá réir sin, anois gan stad, gan leithsgéal, gan cháirde,
déanaidh an aithrighe; agus chuige sin do dhéanamh go fíreannach ní fuláir
daoibh seacht nídhthe do dhéanamh.



An céad ní, ní fuláir daoibh siocracha na bpeacaidhe do sheachnadh,
amhail léightear 'san treas caib. do'n leabhar sin Ecclesiasticus: Qui
periculum amat peribit in illo, .i. “An té bhíos teangmhálach 'san
dainnséar teangmhaidh an dainnséar leis.” An dara ní, tosach na ndrochsmuainte
do stopadh mar adeir an sean-fhile Laidne: Principiis obsta; sero
medicina paratur, cum mala per longas invaluert moras. Is ionann sin len-a
rádh, leigheas do ghlacadh i dtosach an éagcruais agus féachain chuige i
dtráth sul do


L. 153


rachadh an aicíd i bpréimh. An treas ní, díomhaoineas agus droch-ghnótha do
sheachnadh, óir atá sgríobhtha, gurab é an díomhaoineas máthair áil agus
oide mhúinte na mailíse. An ceathramhadh ní, an droch-chomhluadar do
sheachnadh, amhail adeir an Sailm-chiallaidhe; cum electo electus eris,
cum perverso perverteris; i bhfarradh deagh-dhuine béidh tú go maith; i
bhfarradh droch-dhuine béidh tú go holc. Dá raibh duine i gcaomhthach agus i
gcomhluadar bitheamhnaigh, béidh féin 'n-a bhitheamhnach. Mar an gcéadna, an
té bhíos i gcomhluadar na póitearachta, agus mar sin dóibh. Do bhrígh nach
tógbhálaighe an phláigh ná éan-tshort aicíde 'ná an peacadh agus na
droch-oibreacha, cuimhnighidh go meastar gach duine do réir a chomhluadair.
An cúigeadh ní, faoisdin ghlan gheinearálta do dhéanamh uair 'san mbliadhain,
óir atá sé sgríobhtha 'san 18 caib. (13 rann) i Leabhar na Sean-fhocal:
Qui abscondit scelera sua, non dirigetur; qui autem confessus fuerit, et
reliquerit ea, misericordiam consequetur - “An té do cheileas a pheacaidhe
ní fhéanfaidh a leas; gidheadh, an té doghní a bhfaoisdin go glan agus do
thréigeas iad, do-gheóbhaidh sé trócaire”. Is follas as an áit seo gur mór
an riachtanas atá leis an bhfaoisdin agus nach bhfuil teacht as 'n-a
héaghmais. An seiseadh ní, cathughadh agus comh-bhrúghadh croidhe agus
leóir-ghníomh do dhéanamh le Dia agus leis an gcomharsain i ngach leathtrom
agus i ngach éagcóir da ndearnamar riamh: Cor contritum et humiliatum
Deus non despicies. Adeir Dáibhídh rí nach dtréigeann Dia an croidhe
comh-bhrúighte umhal. Non dimittitur peccatum, misi restituatur oblatum.
Adeir San Aibhistín nach bhfuil faghbháil párdún 'san bpeacadh muna ndéantar
leóir-ghníomh 'san lot do-rigne an peacadh. An seachtmhadh ní, sacramaint
Chuirp Naomhtha


L. 154


an Tighearna do ghlacadh go minic, óir díbreann an tshacramaint seo na
peacaidhe, laguigheann na cathaidhe, soillsigheann an creideamh, daingneann
an dóchas, lasann an charthannacht, méaduigheann an diadhacht, agus cuireann
compórd agus sólás ar chroidhe an chríostaidhe. A cháirde ionmhuine, ag sin
na seacht leighiseanna as riachtanach do'n pheacthach bhocht chum leasa a
anma do dhéanamh, chum na bpeacaidhe do fheachnadh, chum síothchána do
dhéanamh le Dia uile-chumhachtach ar an tshaoghal so agus chum na beathadh
síorraidhe d'fhaghbháil ar an tshaoghal so agus chum na beathadh síorraidhe
d'fhaghbháil ar an tshaoghal eile; an ní iarraimse dhaoibh-se agus dom féin
- InAinm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 155


B 1739
U 0201
SEANMOIR A hEIN-DEAG.



AR AN bPEACADH MARBHTHACH.



Do chailleamar pléasúr ár gcroidhe, d'iompuigheadh ár luthgháir i ndubrón.
Do thuit an choróin dobhí ar ár gceann fán-ár gcosaibh; tá an léan orainn
do bhrígh gur pheacuigheamar.
- (Triamhna Ieremias fáidh, v.,15 & 16).



Do chailleamar pléasúr ár gcroidhe, d'iompuigheadh ár luthgháir i
ndubrón. Do thuit an choróin dobhí ar ár gceann fá n-ár gcosaibh;
tá an léan orainn do bhrígh gur pheacuigheamar.



Cia do-bhéarfaidh briathra dom' bhéal, smuainte dom' anam, solus dom'
thuigse, eas dom' thoil, neart dom' intinn, agus caon-dúthracht dom'
chroidhe, chum na neithe do ghlacas do láimh do chraobhsgaoileadh go
fiúntach, agus do chur i dtuigsin daoibh mar is iomchubhaidh?
Is ní é an peacadh nárbh'fhéidir le fáidhe an tsheanreachta do
thoirmeasg len-a ndeagh-labhairt diadha, ná leis na hEasbola, ar mbeith
dhóibh lán do ghrásaibh an Spioraid Naoimh, a chur ar gcúl, ná leis
na mairtírí a mhúchadh len-a gcuid fola. Is ní é nár dhíbir Íosa
Críost go hiomshlán, ar shon go mb'fhéidir leis a dheánamh maille le
duadh agus tuirse na dtrí mbliadhan déag ar fhichid le pianaibh éagsamhla
a bháis agus a pháise. Is ní é nár chuir Dia ar gcúl le sé mhíle
bliadhan le grása a chreidimh, le subhailce a shacramaintí, agus le
naomhthacht a Eaglaise! A cháirde, is mian liom labhairt air indiu, ionnus
go dtiubhradh sibh fuath, miosgais, agus uile ghráin bhur gcroidhe dhó.


L. 156


O, a pheacaidh, a pheacaidh mhairbh, atá chomh muinteardha so ag na
daoinibh, gidh nach bhfuil aithne aca ort! A pheacaidh mhairbh do dhíbreas
na grása, do leagas na subhailcí, do-ghní réabadh reilge ar an
gcreideamh, a mhuirdireóir uathbhásaigh na n-uile mhian, a splannc
ghráineamhla ó Ifrionn, a rílé na ndeamhan, a nimh diabluidhe, a gheamhair
na mallachtan, a eascara na bhflaitheas, a dhubróin na talmhan, a oillphiast
na nádúire, a phréamh an uile uilc, a thréatúir thug bás do Íosa
Críost, agus a mhór-námhaid na diadhachta, is ort fhógraim cogadh!



Ins an chomhrádh so is mian liom labhairt ar nádúir an pheacaidh mhairbh;
as sin tuigfidh sibh a thruimideacht, agus cionnas mar atá sé contrárdha
do Dia agus Dia contrárdha dhó.



An fuath atá ag an bpeacadh mharbh do Dhia, 'sé sin mo chéad phoinnte,
agus an fuath atá ag Dia air, is é sin an dara phoinnte dom' chomhrádh.



Iarramuid cabhair an Spioraid Naoimh le himpidhe na Maighdine Muire,
Ave Maria, etc. Go mbeannuighthear dhuit, a Mhuire, srl.



Defecit gaudium cordis nostri, etc. Do chailleamar pléasúr ár
gcroidhe srl. Créad é an ní an peacadh marbh? Cúil-iompodh na toile ó
Dhia, agus filleadh mí-riaghalta ar an gcréatúir; mar adeir San Aibhistín,
Aversio voluntatis a Deo seu conversio indebita ad creaturam. Ar an modh so,
dhá ní dhéineann an nádúir, druidim ó Dhia agus fuath do bheith air;
taithneamh do thabhairt do'n chréatúir agus a ghrádhchan os cionn Dé.
An féidir smuaineamh ar mhailís as mó. Adeirim gurab é an cúil-iompodh
so ó Dhia do-ghní nádúir an pheacaidh, aversio voluntatis a Deo. Is
féidir an focal so, cúil-iompodh, do ghlacadh ar mhórán do mhodhaibh. An


L. 157


céad mhodh, ar chontrárdhacht na toile cruthuighthe in-aghaidh na toile
neamh-chruthuighthe .i. is mian leat-sa, agus ní mian liom-sa é;
órduigheann tú dham so do dhéanamh agus ní dhéanfaidh mise é;
contrárdhacht toile an duine do thoil Dé; cinn-tréineacht toilteanach
an pheacthaigh in-aghaidh órduighthe a naomhthachta agus ceartachta a
dhlighthe! Is dá réir sin ainmnigheas an fáidh Isaias na peacthaigh,
réabthóirí an dlighidh; agus do bhrígh gurab in-ifrionn coimhlíontar
mailís an pheacaidh, is uime sin adeir San Béarnáird, gur contráil
síorraidhe do-bhuadhchanta na toile cruthuighthe in-aghaidh na toile
neamh-chruthuighthe do-ghní substaint ifrinn; agus fá mar atá toil Dé
'n-a hárd-dligheadh do-sgaoilte, drong na mallacht, do bhrígh nach féidir
leóa lúbadh ná a bhriseadh, is áil leó do ghnáth an ní ná tiocfaidh
go bráth, agus ní háil leó, ar chor ar bith, an ní bhíos ann do shíor!
Quod nunquam erit semper velle, et nunquam velle quod semper erit - creud é
an chiall sin? Do bhrígh gurab é nádúir an pheacaidh bheith ag cur
in-aghaidh tola Dé.



An dara modh glactar an focal so, cúil-iompodh, ní headh amháin go
bhfuil sé ag cur in-aghaidh Dé, ach fós, do-bheir sé gean agus gradh
croidhe an chréatúra ar an bpeacadh; bíonn tuirseach do Dhia, do-gheibh
mío-bhlas ar naomhthacht a dhlighidh, ar oilithre, ar throsgadh, ar
urnaighthibh, ar na buadhaibh nach fuláir do bhreith ar na hainmhianaibh,
agus ar na deagh-oibreachaibh eile; tugann fuath a chroidhe do Dhia; bíthear
mío-shásta dhe; ní féidir a fhulang; cuirtear i bhfaillighe agus i
mí-ghean é, fá mar thug pobal Israel mí-ghean do'n phlúr neamhdha thug
Dia dhóibh, ar mbeith dhóibh ar an bhfásach: anima nostra jam
nauseat super cibo isto.



An treas modh ar a nglactar an focal so, cúil-iompodh,


L. 158


an tan dobheirtear do rogha an créatúir thar Dhia. Is air do labhras mé 'san
gcéad roinn dom' chomhrádh .i. d'fhuath an pheacaidh in-aghaidh Dé! Is
minic ná tugtar fá deara an chontrárdhacht so na toile in-aghaidh Dé, nó is
minic nach áil leó a thabhairt fá deara. Is lúgha 'ná sin áirmthear an
croidhe ag cur in'aghaidh, do bhrígh go ndéanann pléasúr agus sástacht, dar
leó féin, dóibh. Acht creud do-ghníd nuair pheacuighid? Cuirid an
créatúir roimh an Cruthuightheóir! Uir-íslighid é fán-a gcosaibh leis an
rogha neimh-cheart do-bheirid, ag tabhairt tarcuisne, mío-onóra agus
easmuilte do'n Té do chruthuigh, d'fhuasgail agus do dhealbhuigh iad! Is
airteagal do'n chreideamh nach féidir le nídh ar bith eile bheith 'n-a
chrích againn acht le Dia amháin; gurab é féin ár n-árd-shaidhbhreas, ár
gceart-naomhthacht, agus ár ndóchas go hiomshlán, agus gur chruthuigh na
créatúirí eile mar mheadhón oireamhnach chum ár stiúruighthe chum na críche
seo. Acht do bhrígh gur mhill an peacadh cumhachta an anma, amhail atá ár
dtuigsin, ag nach bhfuil a dóithin solus chum eidir-dhealughadh do dhéanamh
idir an gcrích agus na meadhóin, agus nach bhfuil ár dtoil neartmhar a
dóithin chum mian na maitheasa do thabhairt orainn, agus fuath an uilc,
créad do-rigne Dia? Thug sé dlighthe dhúinn chum go n-aithneóchamuis an
tshlighe as cóir dhúinn do leanmhaint, agus an úsáid as cóir dhúinn do
dhéanamh do na créatúiríbh, ag amharc orra mar mheadhónaibh chum sinne do
stiúradh chum ár gCruthuightheóra, an té as críoch dhéidheanach dhúinn.
Acht do leag an peacthach an t-ordughadh so. Déanann a chríoch dá mheadhón,
agus a mheadhón dá chrích! Gabhann sé seilbh do na neithibh nach bhfuil
acht in-úsáid aige, agus déanann úsáid do na neithibh as cóir do
shealbhughadh, mar adeir San Aibhistín. Féach anois, a cháirde, cá
mbeireann a mhailís agus a


L. 159


thruaillidheacht an duine, an tan do-bheir sé an créatúir do rogha thar
Dhia! Chuige seo do cur i dtuigsin daoibh, níorbh'fhuláir dhaoibh fios
do bheith agaibh cia hé Dia, agus créad é an ní na créatúirí. Agus is
ródheacair gach aon díobh do thuigsint, Dia do réir a uathbhásaighe, a
thruaighmhéileachta, agus na créatúirí do réir a bhochtaineachta. An
Cruthuightheóir do bhrígh gurab é as Aird-Tighearna uile-chumhachtach, Dia,
Cruthuightheóir, Riaghluightheóir agus Stiúruightheóir an uile nídh é! An
créatúir do bhrígh nach bhfuil acht ceó, sgáil nó gósda ann, agus do réir an
fháidh, is neimhní é: Quasi nihilum reputati sunt. Tar a cheann sin, isé
an ceó, an sgáil agus an neimhní so, glactar do rogha thar an Rígh
uile-chumhachtach, Cruthuightheóir agus Slánuightheóir an chinidh daonda!
O, a fhlaithis, dá mb'fhéidir theóir an chinidh daonda! O, a fhlaithis, dá
mb'fhéidir libh iongnadh do ghlacadh, agus so ádhbhar iongnaidh, uathbháis
agus crith-eagla!



Obstupescite coeli hoc! Créad é an fáth? Me deleliquerunt fontem
aquae vivae, et foderunt sibi cisternas, cisternas dissipatas quae continere
non valent aquas, .i. do thréigeadar na peacthaigh mé, mise atá im'
shruith uisge bheó, agus do rómharadar puachaisí briste le nach féidir
na huisgí do thuiteas ionnta do chongbháil. Cuireann Dia é féin i
gcompráid le sruith uisge bheó, le trí réasúin, mar adeir San Denis.
An céad réasún, propter eminentiam, do thaobh oirdhearcais agus
uaisleachta a nádúire. Do-gheibh an sruthán so a chuid uisge ann féin.
Tá a líonmhaireacht ann féin, agus ní ghlacann é acht uaidh féin. Ar
an modh gcéadna tá an uile mhaitheas gan áireamh ag Dia ann féin, agus
dogheibh sé iad ann féin, in sua essentia; agus atá a líonmhaireacht
uile aige uaidh féin gan a glacadh ó ádhbhar nó ó chúis ar bith eile.


L. 160


An dara réasún, i dtaobh na líonmhaireachta ar an dtaobh amuigh.
Mar dobhéadh tobar lán d'uisge ag cur thairis, mar sin glacann Dia aige
féin an uile líonmhaireacht, pléasúir agus subhailcidhe diadha do
dhortadh ar na créatúiríbh, nach nglacann iad acht ó líonmhaireacht agus
ó thorthamhlacht a bhrollaigh sin: de cujus plenitudine accepimus.



An treas réasún, ainmigheann Dia é féin 'san Sgrioptúir 'n-a shruith
uisge bheó do thaobh an ath-chruthuighthe, propter reproductionem;
do réir San Denis, fá mar atáid toibreacha ná bíd sásta len-a gcuid féin
d'uisge do chur uatha go líonmhar, acht fós, aith-bhrisid toibreacha eile
tamall uatha chuireas a gcuid uisge níosa shia, mar an gcéadna, ní bhíonn
Dia sásta le hé féin amháin do dhortadh a ghrása ar an eaglais, acht
fós cruthuigheann nó déineann toibreacha eile, na deisciobail, maille le
huaisleacht a gcumais agus glaineacht a dteagaisg do dhoirteas srotha a
ghrása ar fuaid an domhain. Dá bhrígh sin, is sruth uisge bheó é, do
bhrigh go bhfuil líonmhaireacht an uile mhaitheasa aige, agus go ndoirteann
iad, agus go dtéidhid srotha a ghrása agus a thrócaire seo, agu chum
srotháin na beathadh síorruidhe do leanmhaint? Agus, ar a shon sin uile,
nuair pheacuighmíd, is é an tobar bith-bheó so thréigmíd, agus leanmuid
créatúirí bochta truaillighthe mar sinn féin, toibreacha tiorma le nach
féidir éan-bhraon do'n uisge do chongbháil: me dereliquerunt fontem, etc.
Créad é an t-adhbhar 'n-a gcuirtear na créatúirí i gcompráid leis na
puachaisí talmhan? Do bhrígh ná faghbhann siad an t-uisge acht ó na
flaithis, agus nach féidir leó a chongbháil a bhfad. Ar an modh gcéadna,
níl subhailcidhe


L. 161


ar bith ag na créatúirí ionnta féin, acht is ó Dhia amháin atáid aca, an té
dhoirteas roinn éigin dá líonmhaireacht orra, subhailcidhe nach féidir leó do
chongbháil a bhfad, do bhrígh nach mairfid féin acht go gearr; subhailcidhe
do-bheir taithneamh éigin do chroidhe an duine, gé nach líonann é.
Cailleann é agus feódhchann agus críonann leis an ndroch-úsáid déantar dhe;
agus, tar a cheann so (ó a neimh-chirt uathbhásaigh!) is ar an
ndroichphléasúr mhalluighthe dhíomhaoin aithghearr so, do-bheirid na
créatúirí a ngean. Is leis as mian leó a gcailleamhain: Obstupescite coeli
super hoc! Ní headh amháin go mbeireann an peacthach an créatúir do rogha
thar mhórdhacht Dé; acht fós, cuireann a phaisiún tar a chumhacht, tar a
mhóir-eagna, tar a mhaitheas, ins an méad 'n-a bhfuil sé ar a chumas! Cia
creidfeadh é, muna mbéadh ughdarthas an Sgrioptúra agus na nAithreach
Naomhtha leis?



An tan labhraim ar an bpaisiún, ní glacaim annso é go símplidhe mar
mhothughadh na n-ainmhian thugas é féin ar an nídh so-mhothtach, acht ar
mhothughadh na nadúire loitighthe do-bheir é féin go toilteanach ar an
gcréatúir. Glacann an paisiún so ar uairibh an peacadh mar athair; uair
eile mar leanbh, nó mar a thoradh féin. Agus gach uair pheacuigheas an
duine, déanann a dhícheall ar é féin do chur os cionn De, agus Dia
malluighthe do dhéanamh de! Ag so an cúis do-bheir ar an Easbol, San.
Séam a rádh, nach bhfuil éan-duine saor ó chathuighthibh na hainmhiana so:
cum conceperit, parit peccatum. “An tan do ghabhas, beireann an peacadh.” An
tan bhuaidheas an cholann ar an spioraid insan gcogadh shíorraidhe bhíos
eatorra, an tan géilltear do mhothughadh na nádúire lotigthe thar
mhothughadh ghrása Íosa Chríost insan chath dubrónach


L. 162


so, dearmadtar Dia, gabhtar do chosaibh 'n-a ghrásaibh. Déantar neimhní dá
naomh-spioraid, cuirtear na mí-bhéas 'n-a n-ionad, an mhéad as féidir leó
é! Cia adeir é? Naomh Aibhistín ag a raibh a fhios go maith.



Aithrighidh, a cháirde, agus tagadh luisne teintighe asaibh, ins an am
chéadna, i dtaobh bhur ndroich-bhéas, bíodh a fhios agaibh go bhfuil an
urdháil do dhéibh fhallsa dá n-adhradh agaibh, agus atá do lochtaibh ag
a bhfuil sibh tabhartha, ag a bhfuil sibh tabhartha, ag a bhfuil sibh in bhur
sglábhaidhthibh aca, ag tabhairt easonóra agus imdhearga do'n Dia fhíre!
An nglacann tú fearg? Is í an fhearg so do Dhia. Ar ghlacais grádh
mí-riaghalta do'n mhnaoi so? An paisiún agus an créatúir so do Dhia.
Créad é an fáth? - Cibé rud as mian le héan-duine agus dá dtabharfann
sé grádh, sin é a Dhia. O, créad í an náire? Créad é an neimhcheart?
Na mí-ghníomhartha sgannlacha do chur os cionn Dé; na pléasúir
bhrúideamhla, ghráineamhla shalacha do ghrádhchan os cionn an uile ghráidh.



Is iad so gníomhartha an pheacaidh ghránda thruaillighthe. Deir San
Aibhistín: “Créad é an ní an duine feargach? Créatúir do chuireas
splangcacha teintighe as a shúilibh agus as pollaibh a shróin! Créad é an
ní an formadach? Créatúir bhíos ag faghbháil bháis le tnúth! Créad é an
ní an duine mórdhálach iomarcach? Deatach óir! Cá gcuirid na peacthaigh
Dia? In-a súilibh? Níos ísle 'ná sin. 'N-a gcroidhe? Níos ísle 'ná
sin. In-íochtar na talmhan? Níos ísle fós 'ná sin. Insan dubhagán?
Níos ísle 'ná sin. Créad é an áit? Fá'n gcúbhar thuiteas as béal luchta
na feirge; fá úsúireacht luchta an úsúir, fá thnúth luchta an fhormaid; fá
dheatach luchta na mórdhála; fá shailcheacht agus brocghail na striapach!”


L. 163


Do léigheas ins an Sgrioptúir nárbh'fhéidir leis na flaithis ná
leis na dtalamh Dia do chongbháil; do léigheas go bhfuil a shuidheachán
ins an ngréin, agus go bhfuil an uile shoillse 'n-a thimcheal; acht níor
léigheas riamh go raibh a Dhiadhacht salach ó bhrocghail, dubh ó'n
deatach; go ndeachaidh sí ar neimhnídh fá'n gcréatúir thruaillighthe.
O, a pheacaidh, a pheacaidh ghráineamhail, taisbeánann tú dhá nídh
nach féidir do thuigsint - do stoth an Diadhacht as a cathaoir chum a cur
fád' chosaibh mar stól. Deir Pól Easbal, ag labhairt ar pheacadh
ghráineamhail na colna, briathra ró-iongantacha, ar chor, dá dtuigfidhe
iad mar ba chóir, nach measaim go dtuitfeadh an té is brúideamhla ar
domhan go bráth insan pheacadh so. “Nach bhfuil fhios agaibh,” adeir sé,
“gur géag do ghéagaibh Íosa Chríost bhur gcorp, agus má dhruideann
sibh leis an méirdrigh go ndéanann sibh corp na méirdrighe dhe?” Tá
dhá fhírinne mhóra i mbriathraibh an Easbail. An chéad fhírinne; gur
géag go ghéagaibh Íosa Chríost sibh. An dara fhírinne: má dhruideann
sibh leis an meirdrigh, agus dá bhrígh sin nuair thuiteas tú ins an
pheacadh so, go ndéanann tú corp na méirdrighe do ghéig Íosa Chríost!
Dá dtuigfidhe na briathra so mar ba chuibhe, do-bhearfainn slán fá'n
ndroch-dhuine as mó ar bith tuitim i bpeacadh mharbh.



Fiafruighim díobh, dá mbéadh duine chómh buileamhal chómh
hanbhfhiosach sin, agus fuil thruaillighthe neamh-ghlan do mheasgadh tré
fhuil Íosa Chríost ins an chailís naomhtha, créad é an t-uathbhás do
chuirfeadh oraibh? Ní labhraim níosa mhó, acht táid na briathra so
riachtanach chum focail an Easbail do thuigsint. Créad é an áit as ísle
'ná sin arbh'fhéidir an Diadhacht do chur? Ní bhíonn an peacthacht
sásta leis an gcréatúir do chur os


L. 164


cionn Dé, agus Dia do chur fán-a phaisiún, acht fós, do-bheir sé an diabhal
do rogha thar Mhac Dé, agus mothughadh an deamhain tar mhothughadh grása
Íosa Chríost. Ní cás an fhírinne do chur i dtuigsin; do bhrígh an té
thugas do rogha an créatúir agus a phaisiún tar Dhia, do-bheir tosach an
uilc agus ughdar an pheacaidh do rogha thairis. Céad locht an pheacaidh
(adeir Tertullianus), tarcuisne do thabhairt do Dhia: Deum despicit! An
dara locht, go dtugann easmuilt do thabhartas agus do ghrásaibh Dé: dono
Dei contumeliam facit. An treas locht: go ndiúltuigheann do Dhia agus go
dtréigeann é: Deum deserit, eum demum relinquit. An ceathramhadh locht;
go dtugann do rogha an diabhal thar Dhia: etiam diabolum Deo praeponit. O,
dá mbéadh fios na fírinne so agam, ar feadh na haimsire sin in-ar chuireas
Dia fá chosaibh an diabhail, ar feadh an oirid sin do bhliadhnaibh do
chríonas ins an bpeacadh, ar b'fhéidir do aontadh do thabhairt do'n pheacadh?
Ba dheónach leis an Spiorad Naomh sompla dobrónach d'fhágbháil againn ar
an nídh chéadna i bpearsain an chéad pheacthaigh, Adhamh, ar an thoirmisg
Dia baint le chéad pheacthaigh, Adhaimh, ar ar thoirmisg Dia baint le toradh
an chrainn. In-éan-pheacadh amháin do-rigne trí peacaidhe uathbhásacha!
d'fhéach ar an ubhall agus ar aithne Dé, agus do mheas gach cuid díobh;
gidheadh, fá dheireadh d'ith an t-ubhall agus do bhris an aithne! Féach an
créatúir aige dá chur os cionn Dé! Do ghlac dúil agus ainmhian é chum an
ubhaill d'ithe. Ag so an paisiún aige dá chur ós cionn aithne Dé, ar shon ná
raibh an paisiún mí-riaghalta ann an tan sin, acht gríosacht an diabhail
agus breághthacht an ubhaill dochonnaic sé. An treas ní: do chuir an
diabhal cathughadh air, agus do claoidheadh leis é. d'éist sé le Dia agus
thug tarcuisne dhó, agus thug sé do rogha an diabhal! Trí rogha do-rigne:
an


L. 165


créatúir, an paisiún, agus an diabhal; ag so trí rogha easmuilteacha do
bheireas an créatúir Adhamh thar mhórdhacht agus uile-chumhachta Dé i
n-éan-pheacadh. Go mbadh toil leis an Tighearna trócaireach, a cháirde
ghrádhacha, sibh do thabhairt aire fhírinneach, shochrach do na bhriathraibh
seo! Gach uair thuiteann sibh i bpeacadh, ná tugann sibh an tarcuisne
chéadna do Dhia? Dá dtugadh duine easonóir do dhuine cháileamhail, do
bhéadh náire air; dorachadh ag gabháil a leithsgéil. Dá dtabharthá
easmuilt do'n duine dob'ísle, níor mhaith leat go bhfeicfeadh tú, agus ba
mhian leat ócáid d'fhaghbháil ar sheirbhís do dhéanamh dhó, chum ná
cuimhneóchadh ar an easmuilt chéadna níos mó. Acht id' thaobh-sa, a
Thighearna Dia, id' thaobh-sa, dá ndlighthear an uile onóir, an uile fhómós;
id' thaobh-sa len-a muinighmid féin agus an uile, do líonais sinn led'
mhaitheas, arbh'fhéidir linn a chur in-umhail dúinn féin cia mhéad
easmuilte thugamar dhuit, ad' chur fá chosaibh an diabhail, an chréatúir
agus ár bpaisiún, gan ár gcroidhe do réabadh le cathughadh, le haithreachas
agus le deóra nimhe; gan sinn féin do theilgean fád' chosaibh dá athchuir
ort an sásamh as mian leat do bhaint dínn? - Quis dabit capiti meo aquam
.. et plorabo. Cia bhéarfas deóra dam mo dhóthain, cia bhéarfas srotha
searbha dom' shúilibh chum aithrighe do dhéanamh in mo pheacaidhibh? Dá
bhfeicfeá an urdháil cneadha ar mo chorp agus atá mo pheacaidhibh ar m'anam,
dobhéadh truagh agat dom. Dá mbéadh a fhios agat méad truimideachta an
pheacaidh, bhéadh do chroidhe briste le doilgheas. Gidheadh, ní féidir a
thuigsint. Níl acht Dia amháin ag a bhfuil fios créad é an tarcuisne agus
an mhiosgais do-gheibh ó'n bpeacadh, mar nach bhfuil acht Dia amháin ag a
bhfuil fios méad na gráine atá aige air! Déanfam ár ndícheall ar a


L. 166


chur i dtuigsin daoibh ins an dara roinn dom' chomhrádh.



Do'n uile nídh dá raibh riamh, dá bhfuil anois agus dá mbéidh choidhche agus
go bráth, is deimhin nach bhfuil éin-ní aca, agus nach féidir a bheith,
in'ádhbhar fuatha agus gráine ag Dia acht an peacadh, do bhrígh gurab í
mór-chumhachta Dé do chruthuigh an uile ní; gurab í a mhaitheas do
chumhduigheas iad; gurab í a eagna stiúruigheas iad; agus gurab í a cheart
chongbhuigheas in-órdughadh agus i ngéilleamh iad. Ní fuath leis éin-ní
aca: Nihil odisti eorum quae fecisti. An dóigh libh go bhfuil ifrionn
féin, cé gurab é ionad an uilc é, in'adhbhar fuatha ag Dia, mar adeir San
Aibhistín. Ar shon gurab é an peacadh cúis a dhéanta, is é Dia do-rigne é
mar ionad díoghaltais, agus is í a ghaoth fearg an Tighearna, amhail sruith
briomstóin nó ruibhe do lasas a theinte: flatus Domini sicut
torrens sulphuris succendens eam.



Tar éis an pheacaidh bheith ag cur in-aghaidh a ghrása ar feadh
móráin aimsire, bíonn sólásach do thaobh pionóis na malluightheóirí,
mar bhíonn i dtaobh sóláis na naomh i bhflaitheas Dé. Níl éin-ní,
adeir San Criosostom, idir na neithe chruthuighthe fuathmhar ag Dia. Níl
éin-ní na feiceann agus nach ionmhain leis. Níl foirnéis na Bablóine
fuathmhar aige. Téid 'n-a lasrach leis ar dtriúr leanbh mholas é. Níl
puachais na leómhan fuathmhar aige. Téidh ann le Daniel fáidh. Níl bolg
an mhíl mhóir, óir sábhálann Ionas uaidh. Níl tobar Ierúsalem, óir
sábhálann Ieremias as. Níl an carn aoiligh, óir fanann ann i bhfochair
Iob mholas é. Fá dheóidh, níl éin-ní fuathmhar ag Dia acht tusa,
a athaigh Ifrennamhail, a nimh dhiablaidhe, a pheacaidh mhairbh! Níl acht
tusa ná grádhann agus ná haithnigheann sé, do bhrígh


L. 167


nach bhfuil acht tusa ná dearna sé, agus nach bhfuil acht tusa nach bhfuil
grádh aige dhuit leis an réasún céadna fá ngrádhann sé é féin.



Is uime sin adeirid na Diadhairí, gurab é miosúr an ghrádha atá ag
Dia air féin as miosúr do'n fhuath atá aige ar an bpeacadh; agus mar is í
an chosamhlacht as fundaimint do'n ghrádh, an chontrárdhacht as fundaimint
do'n fhuath; óir níl éin-ní, mar adubhairt cheana, chuireas in-aghaidh
Dé acht an peacadh, agus, dá bhrígh sin, ní fhuil éin-ní as lugha air
'ná é. Craobhsgaoilfeam an nídh céadna.



An chéad cháilidheacht do ghrádh Dé; do bheith riachtanach; grádhann Dia é
féin go riachtanach, agus ní féidir leis gan a ghrádhchan; agus i é as
réasún leis sin, gurab ionann a nádúir dhiadha is a ghrádh diadha. Ar an
modh gcéadna mar atá a nádúir dhiadha riachtanach, tá a ghrádh diadha
riachtanach; óir is as sin leanas an riachtanas céadna len-a bhfuil Dia
ann, is leis sin fuathuigheann an peacadh. Agus do bhrígh nach féidir leis
gan a bheith ann, ní féidir leis gan fuath do bheith aige ar an bpeacadh.
Odit et amat. Bíonn fuath agus grádh aige 'san am gcéadna. Odit et amat
te. Tá fuath agus grádh aige dhuit, a pheacthaigh. Cionnus sin? Odit
quae fecisti et amat quod fecit. Is mian leis an ngrádh agus leis an
bhfuath go contrárdha, agus réidhtigheann an ceart iad. Is le hobair Dé
bhaineas an grádh, agus le hobair an pheacthaigh bhaineas an fuath.



An dara cháilidheacht do ghrádh Dé; a bheith síorraidhe. Ní túisge Dia 'ná
a ghrádh, agus do bhrígh go bhfuil ann ó'n uile shíorraidheacht, grádhann é
féin ó'n uile shíorraidheacht. An dara cháilidheacht d'fhuath Dé
in-aghaidh an pheacaidh: a bheith síorraidhe mar an gcéadna. Ní


L. 168


tháinig nóimeant riamh saor ó dhíbhfeirg Dé in-aghaidh an pheacaidh. Ní
raibh a fhios agat, a dhuine thruaillighthe neamh-ghlain, an ghráin atá ag
Dia ar do pheacaidhibh salcha ó'n uile shíorraidheacht. Ní raibh a fhios
agat, a dhuine shanntaigh, an ghráin atá ag Dia ar t'úsúireacht. Ní raibh a
fhios agat, a ghiolla an díoghaltais, gach uair do thairngis fearg Dé ort
mar gheall ar do bhuile agus ar do dhíoghaltas. Is é réasún sin, gach ní
atá déanta 'san aimsir go bhfuil a Dhia go síorraidhe ann; óir is airteagal
do'n chreideamh, ar shon nach bhfuil an peacadh go síorraidhe ann, go bhfuil
'n-a ádhbhar fuatha ag Dia 'san aimsir, agus, dá bhrígh sin, go bhfuil gráin
aige air ó'n uile shíorraidheacht.



An treas cháilidheacht do ghrádh Dé: a bheith doi-chríochnuighthe. Grádhann
Dia é féin chomh mór agus atá sé so-ghrádhach; agus do bhrígh go bhfuil sé
doi-chríochnuighthe so-ghrádhach, grádhann é féin ar an modh gcéadna, óir do
bhrígh go bhfuil sé so-ghrádhach gan áireamh, atá ceart, atá naomhtha gan
áireamh. As sin leanas go bhfuil fuath gan áireamh aige ar an bpeacadh, do
bhrígh go bhfuil doi-chríochnuighthe, contrárdha dá naomhthacht. Ag so an ní
thaisbeánas an creideamh dam; an uile fhuath dá raibh, dá bhfuil agus dá
mbéidh go bráth ins na daoinibh, nárbh'éin-ní é i gcompráid d'fhuath Dé ar
an bpeacadh. Adeirim nísa mhó. Dá mbéadh a bhfuil d'fhuath ag na
diabhlaibh in-aghaidh Íosa Chríost, in-aghaidh a Eaglaise agus in-aghaidh
na ndaoine uile, cruinnighthe in-éan-chroidhe amháin, ní héin-ní i
gcompráid d'fhuath Dé ar an bpeacadh. Creud é an fáth? Do bhrígh go
bhfuil fuath na ndiabhal soichríochnuighthe agus fuath Dé
doi-chríochnuighthe.



Innsim duit, a fhir nó a bhean, má tá tú ar staid an pheacaidh
mharbhthaigh, gurab mó an fuath atá ag Dia dhuit


L. 169


'ná dá mbeidhtheá id' ádhbhar fuatha ag a bhfuil do dhiabhlaibh in-ifrionn,
id' ádhbhar miosgaise, eascáirdeasa agus ollghráineach ag an uile chréatúir.



An ceathramhadh cháilidheacht do ghrádh Dé: a bheith substainteamhail.
Grádhann Dia é féin le líonmhaireacht a shubstainte. Dá bhrígh sin, tá a
fhuath substainteamhail. O nach bhfuil éin-ní aca sgartha i nDia, tá a
fhuath 'n-a shubstaint. Ní mar sin d'fhuath na ndaoine. Ní bhaineann sí
acht le'n-a dtoil amháin, acht ní mar sin di i nDia. Ní len-a thoil
amháin do bhaineann sí, mar adubhramar, acht len-a chumhachta. Eagna,
naomhthacht, trócaire, agus an uile pherfecsion nó iomláine dá bhfuil ann,
ar mbeith dhóibh 'n-a substaint aige, fuathuigheann an peacadh leó. Mar
adeir San Criosostom, cuireann an peacadh Dia i staid fórsa nó buadhchana.



Créad í an staid í seo? Tá, neithe do dhéanamh in-aghaidh claona. Agus
nach mór go gcuireann Dia 'san staid seo? Do bhrígh trócaire Dé iarras a
sgaipeadh ar na daoinibh go dtoirmeasgann an peacadh í, ní iarrann an
trócaire so acht grása do thabhairt dúinn. Gidheadh, cuireann an peacadh
d'ualach uirre díoghaltas do dhéanamh. A pheacthaigh, ataoi damanta. Do
chaillis do ríoghacht. Do chailleas t'anam. Do chaillis flaitheas Dé. Is
tusa do chuir d'ualach orm a dhéanamh: Coegisti me. Ag so an staid i
ndéanann an peacthach fórsa ar an dtrócaire.



Créad adeir sibh anois leis an bhfírinne seo, a chríostaidhthe? An
gcreideann sibh na neithe so, nó nach gcreideann? Muna gcreideann sibh
anois iad, do-chífidh sibh go soiléir lá bhur mbáis iad. O, toisighmid iad
do chreideamhaint agus d'aithint! Créad é an fáth nach raibh a bhfios agam
óm' aois óig? Créad é an fáth


L. 170


nár hinnseadh dhom iad in-aois mo dheich mbliadhan? A athair fhaillighigh,
cá bhfuil tú? Créad é an fáth nár innsis dam go mbéinn im' ádhbhar fuatha
agus díbhfeirge ag Dia mar gheall ar éin-pheacadh amháin; fuath riachtanach,
fuath síorraidhe, fuath doi-chríochnuighthe, substainteamhail! A shainnt,
a fhearg, a dhrúis agus a dhíoghaltais, créad é an fáth nár thaisbeánabhar
sibh fein dom' shúilibh ins an staid uathbhásaigh seo? Créad é an fáth ar
lean cúis a fheirge agus a uathbháis sibh chum mé do mharbhadh? Do
b'fhéidir go mbéinn deighbheathach agus go bhfaghainn bás i neamh-urchóid.
Níorbh'fhéidir liom a thuigsin cionnas tá an peacadh in'ádhbhar díbhfeirge
agus gráineach ag Dia chomh mór so. Acht anois airighim é. Anois tuigim é,
agus cráidheann mo chroidhe ar son gur ró-dhéidheanach é.



A aithreacha agus a mháithreacha, tá ró-chúramach chum saidhbhir
d'fhaghbháil dá bhur gcloinn, agus chum foghlama do thabhairt dóibh, is
maith do-ghní sibh é; acht ná dearmadaidh léigheann agus foghlaim na naomh
do thabhairt dóibh. Innsidh dóibh an ghráin atá ag Dia ar an bpeacadh, agus
gur chóir gráin do bheith air. Cuimhnighidh nach bhfuil do chreideamh ag an
gcríostaidhe acht ins an méad a bhfuil fuath aige do'n pheacadh, agus gurab
é an fuath so, do réir na n-Aithreach Naomhtha, as fundaimint ag an
gcríostamhlacht. Ea summa ratio religionis, peccati odium. Is é
Cassianus adeir é. An tan bhíos cathughadh ort, smuainigh ar an modh so:
Táim do láthair Dé do-chíonn cionnas mar pheacuighim 'n-a fhiadhnaise.
Peacuighim 'n-a aghaidh atá ag amharc orm ag déanamh oibre an diabhail. Is
uathbhásach an malluightheóir mé. Is diabhlaidhe mo choir agus fuath mo
Thighearna agus a dhíbhfearg do thuilleamhain! Osglaidh bhur súile, a
dhearbhráithreacha, agus tugaidh fá ndeara


L. 171


na briathra dochualabhair 'san tsheanmóir seo. Meadhaidh na réasúin; agus
ar mbeith daoibh lán do dhoilgheas agus do dhubrón do thaobh bhur
bpeacaidhe, cuiridh romhaibh ró-dhícheallach bhur mbeatha do leasughadh.
Abraidh le Dia, le spiorad crábhaidh aithrigheach - Ó a Dhia ghrádhmhair, a
phréamh an uile charthannachta agus an uile mhaitheasa, a líonmhaireacht na
ngrás agus na gloire, an féidir go rabhas chomh mí-bhéasach, chomh
drochmhúinte, chomh mí-náireach agus peacadh do dhéanamh id' aghaidh? Uch!
créad do-rignis orm mar go dtiubhrainn fuath dhuit, agus créad é an ní ná
deárna chum do dhíbhfeirge do thuilleamh agus t'fhuath do tharrang orm? An
mar gheall gur ghrádhais mé; mar thugais chum báis t'Éan-Mhac ar mo shon;
mar ba dheónach leat mo choimhéad agus mo shábháil ar an uile dhainnséar;
mar d'fhuasglais ó sglábhaidheacht an diabhail mé: mar thugais do ghrása
dhom; mar tugais saoghal agus sláinte dhom tar éis gach éagcruais in-a
rabhas i riocht báis? An i dtaobh na maitheasa so thugas tarcuisne dhuit,
gus rugas na créatúirí do rogha; thugas m'ainmhian truaillighthe agus
thugas fós an diabhal do rogha? An n-iad do ghrása agus t'fhabhar fá
ndeara dhom bheith chomh buileamhail, chomh hainbhfiosach in-aghaidh do
dhaonnachta rónaomhtha? O, a Dhia mhóir, iarraim párdún ort. Tabhair i
ndearmad agus mí-chuimhne mo pheacaidhe. Déan trócaire orm. Tabhair grása
dham len-a ngrádhfad ins an uile shíorraidheacht thú - an ní ghuidhim-se
dhaoibh-se agus damh-sa, In-Ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid
Naoimh. Amen.


L. 172


B 1814ls
U 0401
SEANMOIR A DO-DHEAG.



AR AN bhFAOISDIN.



Dobhí timcheall an tobair seo uimhir mhór do dhaoinibh tinne, do dhallaibh,
do bhacaighibh, agus do dhaoinibh bochta ag a raibh a mbaill uile
seargtha, tirim le pairilis, ag súil le corraighe an uisge.
- (Briathra léightear ag Eóin v.3.)



Is míorbhaileach an tobar é seo bhí le taobh cathair Ierúsalem. Is mór
an buaidh agus an bhrígh so dobhí in-a chuid uisge. Thigeadh aingeal as
na flaitheasaibh in-am áirithe do'n ló, agus do chorruigheadh an tobar
so, agus cibé duine as luaithe do tumthaoi ins an tobar tar éis a chorraighe,
do leigheastaoi é gan mhoill ó'n uile shórt galair agus easláinte: sanus
fiebat a quacunque detinebatur infirmitate.



Ní neamh-chosmhail, a cháirde, an tobar so le Sacramaint naomhtha na
Faoisdine, ar an ádhbhar, do réir mar nach raibh maith in-uisge an tobair
úd acht muna dtigeadh aingeal dá chorraighe, mar an gcéadna, níl maith
'san bhfaoisdin acht muna dtigidh aingeal Dé, 's é sin, grása neamhdha do
chorraighe agus do spreagadh coinsiasa an pheacthaigh; agus do réir mar do
leigheasadh uisge an tobair úd gach easláinte dobhíodh ar an gcolainn,
leigheasann tobar na faoisdine an t-anam ó gach lubhra, ó gach lot agus
ó gach easláinte mharbhthaigh bhíos air: confitemini erga alterutrum
peccata vestra ... ut salvemini.


L. 173


I measg an iomaid daoine tinne dobhí ar bhruach an tobair úd Ierúsalem,
ní fheicim Críost ag leigheas éan-duine aca, acht éan-duine amháin dobhí
i bpairilis mharbhthaigh ar feadh ocht mbliadhan déag ar fhichid, agus chím
an ní céadna ag tuitim amach ag tobar glórmhar na faoisdine. Chím na
mílte duine ag teacht go laetheamhail chum na Sacramainte seo, ag súil le
leigheas d'fhaghbháil ar easláinte a n-anma; acht do-chím iad ag filleadh
ar a n-ais agus a gcneadha níos dainnséaraighe 'ná mar dobhí siad roimhe:
et fiunt novissima hominis illius pejora prioribus. Goidé as ciall do so,
a cháirde? An é sin le rádh nach bhfuil oiread luaigheachta nó buadha
ag an bhfaoisdin anois is do-bhí innti i dtúis na hEaglaise - nó gur chaill
sí a brígh anois nuair as mó a riachtanas? Arbh'fhéidir faoisdin nó
aithrighe do bheith riamh níos riachtanaighe 'ná ar an uair seo? Ar
bh'fhéidir lubhra an pheacaidh do bheith riamh níos leitheadaighe 'ná ar
an uair seo? An rabhadar in-am ar bith na bréaga níos iomadamhla, na
mionnaí móra níos minice, drúis agus adhaltranas níos madramhla, craos
agus meisge níos mó ar ghnáthamh nó i bhfaisiún, gaduidheacht agus
éagcóir agus leathtrom na gcomhursan níos coitchinne idir an uile shórt
drong daoine 'ná ar an uair seo?



O, ní raibh gan amhras, a cháirde! Acht i measg an aoir galair úd
dobhí ar bhruach tobair Ierúsalem, chím cuid díobh bacach, cuid dall,
agus cuid eile agá raibh a mbaill críon tirim ó'n easláinte; agus is é
mheasaim, gur fioghair nó sompla iad ar an muinntir thig go laetheamhail
chum faoisdine mar dhaill, 's é sin, nach léir dhóibh a bpeacaidhe, do
bhrígh nach gcuairdighid agus nach sgrúdaid a gcoinsias - caecorum; mar
bhacaigh, do bhrigh go ndéinid faoisdin cham, bhacach, ag folach is ag ceilt


L. 174


cneadh a n-anma - claudroum. Agus do-chím iad ag teacht gan dólás, gan
tuirse, le croidhe tirim, seargtha, mar an mhuinntir úd na pairilise -
aridorum. So an t-ádhbhar, a cháirde, fhágbhas faoisdin an iomaid gan
toradh, gan tairbhe. So an ní do-bheir ar thobar mhíor-bhaileach na
haithrighe gan cneadha ár n-anma do leigheas; gus ag so an ní ar ar mian
liom-sa trácht indiu, tar éis mo chomhrádh do roinn i dtrí phoinntibh.
Bíonn an fhaoisdin gan tairbhe nuair do-ghníthear í gan sgrúdadh coinsiasa:
ag sin an céad phoinnte. Bíonn sí gan tairbhe nuair ná haithristear na
peacaidhe go hiomshlán; sin an dara poinnte. Bíonn sí gan tairbhe nuair
nach ndéantar í le dólás, le cathughadh, agus le tuirse croidhe: sin an
treas poinnte. Ave Maria, etc.



I. Amhail as atáid na mílte gné aicíde ag braith ar an colainn thairngeas í
chum na huaighe, tá, mar an gcéadna, míle gné pheacaidh ag braith ar an
anam thairngeas í go hifreann: multiplicate sunt infirmitates eorum.
“Táid a ndeacracha arn-a méadughadh”. Achta tá o do dheifir idir
aicídeacha an chuirp agus an anma, nach lia aicíd chorpordha ann 'ná
leigheas fá leith orra; acht in-aghaidh gach luit agus gach aicíde dá dtig
ar an anam, d'órduigh Críost Sacramaint na Faoisdine, nó na hAithrighe,
amháin mar leigheas agus mar íoc-shláinte: confitemini erga alterutrim
peccata vestra, .. ut salvemini. - “Admhaidh bhur bpeacaidhe dá chéile,
...ionnas go mbadh slán sibh dá éis”. Íoc-shláinte í seo, adeirim, ar nach
sáruigheann easláinte ar bith dá dhainnséaraighe, agus ó ná téid gan
leigheas. Marbh, goid, robáil, loisg mainistreacha agus teampuill, déan mar
as cóir í, agus gheóbhaidh tú párdún agus maitheamhnas


L. 175


ó Dia ionnta. Ná glac m'fhocal-sa air seo, a chríostaidhe, acht glac focal
Chríost ag Eóin ins an bhficheadh caibidil, mar a ngeallann do'n Eaglais i
bpearsain na nEasbol, nach bhfuil peacadh ar bith mhaitheann siad-san ar
thalamh, nach bhfuil peacadh ar bith mhaitheann siad-san ar thalamh, nach
maitheann seisean ins na Flaitheasaibh: quorum remiseritis peccata,
remittuntur eis. “Cibé ar bith dá maithfidh sibh a bpeacaidhe, atáid
maithte dhóibh”.



Maiseadh, do réir mar as leigheas éifeachtach an fhaoisdin in-aghaidh
nimhe an pheacaidh, is leigheas í atá chomh riachtanach sin ag an anam,
ar mhodh, dá roinnfeadh an peacthach a shubstaint uile ar na bochtaibh, dá
silfeadh sé deóra fola na haithreachas, dá dtroisgfeadh sé ar feadh a
shaoghail, dá mbéadh sé ag urnaighthe nó go gcaithfeadh a theanga,
- so agus a mhíle oiread dá ndéanfadh sé, ní fhuil maith ná tairbhe dhó
ann gan an fhaoisdin, má's féidir í d'fhaghbháil, nó má á in-a
chumhachta a dhéanamh. Muna gcreidfidh tú mise annso, creid an Dochtúir
naomhtha, San Aibhistín, ag dearbhadh nach bhfuil gan ná maith i ndólás
an chroidhe muna raibh admháil an bhéil in'aice: nihil tibi proderit
contritio cordis nisi sequatur confessio oris, si possis.



Dá mbéimís saor uile ó'n bpeacadh, ní bhéadh Sacramaint na
hAithrighe riachtanach againn; acht mar nach lia duine ar an saoghal so 'ná
peacthach, ní thig le héan-duine a rádh go bhfuil sé saor ó oibliogáid
agus ó ualach na haithrighe. Is deimhin go dtéid an iomad chum faoisdine;
acht, fóiríor, is beag aca do-gheibh a toradh. Bídh mar na daill úd an
tSoisgéil, ag súil le leigheas ar bhruach an tobair, acht ní léir dhóibh
an tobar: caecorum. Téid chum faoisdin do dhéanamh; acht ní dhéanaid
í acht go hanbhfann, lag, fuar, easbaidheach. Ní bhíonn aca acht taidhbhse
agus sgáile na


L. 176


faoisdine. O, ná mealltar thú, a pheacthaigh! Ní sgriosann faoisdin mar so
an peacadh, acht a mhéadughadh. Ní thairngeann grádh Dé orainn, acht a
fhuath. Ní dhéanann ár síothcháin leis, acht a fhearg do mhéadughadh; ar an
ádhbhar, do réir mar nach nglacann fear na bhfiach airgead fallsa nó
drochairgead uainn mar dhíolaidheacht, mar an gcéadna, ní ghlacann Dia
faoisdin fhuar, fhallsa, bhréagach uainn mar éiric in-ár bpeacaidhibh:
maledictus qui facit opus Domini fraudulenter. - “Is malluighthe an té
do-ghní oibreacha an Tighearna go mainneachtnach”.



Maiseadh, nach faoisdin bhréige do-ghní an té atá tugtha d'ól agus do
mheisge, do bhréagaibh agus do mhionnaíbh móra; do-ghní míle smuaineamh
ndrúiseamhail salach agus nach stopann ón-a gcur i ngníomh; nach stopann a
lámh ó ghlacaireacht thruaillighthe, ná a bhéal ó phógaibh mailíseacha ná ó
bhriathraibh malluighthe baotha barbardha; nach dtig smuaineamh in'intinn
acht ar an saoghal; atá díorraisg, feargach, díoghaltach. Tar éis beathadh
mí-riaghalta do'n tshórt so, tar éis a bheith bliadhain, b'fhéidir, agus a
thuilleadh gan faoisdin, an féidir leis an bhfear so i nóimeant nó dhó,
sgrúdadh coinsiais do dhéanamh, na mór-pheacaidhe seo do chuimsiughadh ná
a gcur in-órdughadh, ionnas go mb'fhéidir leis a gur síos dá oide
faoisdine? O, ní féidir; acht muna nglacfaidh sé aimsir áirithe chum a
choinsias do chuardach, ní dhéanann sé faoisdin acht faoisdin lochtach
bhíos gan bhrígh, gan toradh, gan tairbhe: maledictus qui facit,
etc.


L. 177


An té do-ghní faoisdin mhinic, choingbhuigheas gárda ar a chéadfadhaibh,
sgrúdas a choinsias gach oidhche ionnas go ndéanfadh aithrighe i ngach olc
do-rigne an lá sin, bíonn, 'n-a dhiaidh seo agus uile, crith cos agus lámh
air, ag dul ar a choinsias ar eagla nach nglanfaidhe é i gceart.



Maise, goidé éireóchas do'n té leigeas srian len-a ainmhianta, nach
stopann ó ach olc, nach gcuimhnigheann ar a pheacaidhibh nó go dtig an
nóimeant úd 'n-a dtéidh sé chum faoisdine? O! tá, go gcuireann sé síos
go minic ar nídh nach ndéanann sé, agus nach gcuimhnigheann ar leath a
ndéanann sé. Ní léir dhó na móir-shléibhte úd atá ar a choinsias. Bíonn sé
mar na daill an tSoisgéil ag súil le cabhair le linn corraighe an uisge,
acht is é gheibh sé go minic i dtobar na ngrás, a dhamnughadh go síorraidhe
jacebat multitudo ... caecorum ... expectantium aquae motum. - “Bhí
timcheall an tobair seo uimhir .. do dhallaibh ... ag súil le corraighe an
uisge”.



Cuir coiste 'n-a shuidhe ar do choinsias, adeir an Dochtúir naomhtha,
San Aibhistín; ná fág clúid ná coirnéal de gan chuartughadh, ní go
fuar ná go fallsa, ní go spadánta ná go neamh-shuimeamhail: ascende
tribunal mentis tuae. Dearc ar gach droch-smuaineamh do-rigne do chroidhe,
ar gach droch-fhocal adubhairt do theanga, ar gach droich-ghníomh do-righne
tú in-aghaidh Dé nó do chomhursan. Tar éis a n-áireamh agus á gcur
in-órdughadh, sgéith iad ag bara na faoisdine; ná ceil éin-pheacadh aca
tré náire ná tré mhailís, nó, ma ghnír, ní bheidh brígh id' fhaoisdin,
acht is eadh mhéadóchas tú do pheacaidh do réir mar thairgfear mé 'san
dara puinnte.



II. Is eadh as faoisdin ann, a chríostaidhe, casaoid


L. 178


do-ghní an peacthach air féin le Dia, i bpearsain an tshagairt, agá mbíonn
cumhachta absolóid nó párdún do thabhairt dó in-a choirthibh. Maiseadh,
má's casaoid í as cóir do dhéanamh le sagart agá mbéidh cumhachta faoisdin
d'éisteacht, goidé do-bheir sinn dá déanamh go minic le ruagaire reatha, le
sean-bhuachaillí agus le deóraidhthe nó strainnséirí? Dá mbéadh lot nó
tinneas marbhthach ar do cholainn, ní hé an liaigh as measa do thoighfeá
chum do leigheas; agus toghann tú an liaigh as táir agus as measa chum
cneadha díoghbhálacha t'anma do leigheas, agus nach móide go mbíonn
ughdarthás ná cumhachta ó'n Eaglais aige absolóid do thabhairt duit.
Do-bheir tú le tuigsin leis seo, gurab annsa leat do cholann 'ná an péarla
uasal, t'anam, agus go bhfuil tú neamhshuimeamhail i do shlánughadh.



Má's gearán an fhaoisdin do-ghnímid orainn féin, goidé do-bheir
sinn, in-áit casaoide, ag gabháil ar leithsgéil? Goidé do-bheir sinn ag
cur clóca agus atharrach datha ar ár bpeacaidhibh? Cad as nach nochtamuid
créachta ár gcroidhe do liaigh ár n-anma, má tá súil againn leigheas
d'fhaghbháil uaidh? chífidh tú an iomad bhíos mí-riaghalta lochtach,
nach mbíonn le hadmháil aca nuair thig siad chum faoisdine acht neithe
éadtroma suaracha; agus má chreideann tú a sgéal féin, ní hiad as
cionntach 'san olc do-rigneadh, acht fágbhaid go formhór a throm ar dhuine
éigin eile. Má bheir siad mionna móra, ní raibh ann acht le linn lasáin
nó feirge, agus is iad an chlann nó an chomhursa do bhain asta iad. Má
bhíonn siad a bhfad i dtigh an o.il, ní mar gheall ar an digh, acht i
ngeall ar an gcuideachtain d'éirigh sin dóibh. Má chuir siad bréag ar an
gcomhursain in-a chlú nó in-a mhaoin, ní raibh sé acht éadtrom. An
ní céadna d'éirigh do na bacaighibh úd


L. 179


dobhí ag súil le leigheas le taobh tobair Ierúsalem agus nach bhfuair é,
éireóchaidh do'n droing seo thig le faoisdin bhacaigh go bara na Tríonóide,
thigh chum faoisdine gan ullmhughadh gan strúdadh do dhéanamh orra féin. Má
thigh leó, leis na leithsgéala cama so, clóca do chur ar shúilibh an
tshagairt, ní fhéadfaid a chur ar shúilibh an Aird-bhreithimh, do-chí, ní
hé amháin an droichghníomh, acht fós an smuaineamh as uaignighe agus as
seicréidighe bhíos 'n-a gcroidhthibh: jacebat multitudo magna ...
claudorum ... espectantium aquae motum. “Dobhí annso uimhir mhór ...
do bhacaighibh ... ag súil le corrughadh an uisge”.



Is gnáth leis an mac-tíre nuair théid sé fá'n tréad, breith ar sgornaigh ar
an gcaoirigh agus an teanga do ghearradh aisti gan mhoill, ar eagla go
ndéanfadh sí méileach nó tormán do mhúisgeóladh an tréadaidhe, do-bhéarfadh
cabhair dhi. Mar an gcéadna, do-ghní an mac-tíre gan trócaire .i. an
diabhal, leis an iomad, agus go speisialta le daoine óga claon-náireacha ,
ag dul dóibh chum faoisdine. Ar eagla go múisgeóladh siad tréadaidhe an
anma, Críost, len-a ndeóra nó len-a n-osnaidhe, do-bheir sé ar sgórnaigh
orra. Cuireann glas ar a dteangthaibh, ar mhodh nach nochtaid a gcroidhthe.
Ceilid locht a anma. Do-ghníd bréag le Dia, agus ní le duine; má tá nach
ndéanann Dia sompla follas díobh ar an mball, ag faghbháil bháis obainn mar
fuair Ananias agus Saphíra do chionn gur cheil siad cuid do luach an
fhearainn do bhronn siad ar na hEasbolaibh, do-gheibh siad, ar a shon sin,
bás ar measa míle uair, mar atá a ndamnughadh go síorraidhe. Dia linn, a
ghrádh!



Ní héan-bhuntáiste amháin ghlacas an mac-tíre malluighthe seo ar an
duine, acht an iomad. An náire badh


L. 180


chóir dhó do bheith air, fá ghníomh ghlonnmhar, ghráineamhail, shalach
mar an peacadh do dhéanamh, goideann sé uaidh í. Acht chomh luath is do-ghní sé
an peacadh agus gur mian leis a innsin do'n tshagart, do-bheir sé ar ais an
náire dhó go dúbalta; ar mhodh, an peacthach so do-rigne an droich-
ghníomh gan náire, gan cathughadh, nuair as éisean a admháil ní leigeann an
náire dhó a innsin do'n liaigh, agus gan an leigheas i ndán dó gan a innsin:
quod ignorat medicina, non sanat. - “An ní nach feas do'n liaigh, ní
leigheasann é”.



O! a pheacthaigh bhoicht, fosgail do shúile agus seachain líonta an
spioraid mhalluighthe seo. Sgéith nimh an pheacaidh as do chroidhe gan
mhoill, nó bhéarfaidh sé bás dod' anam. Nocht go fosgailte, gan fuigheall,
gan leithsgéal, cneadha th'anma; acht nocht iad le croidhebhrughadh agus
tuirse, nó béid gan leigheas, do réir mar thairgfeas mé 'san treas phoinnte.



III. An té lér mhian íodhbairt do dhéanamh do'n Tighearna 'san tSean-reacht,
do réir mar léighmid i Leabhar Leuiticus, do bhaineadh an croiceann do mhart
nó do bhulán, do nigheadh an fheóil go glan le h-uisge, agus tar éis a
gearradh 'n-a mion-spólaíbh, do chuireadh ar altóir í, do chuireadh an
sagart a lámha os a cionn, do chuireadh teine fúithe agus do loisgfidhe í.
Do-ghníodh íodhbairt do'n tshórt so síothcháin an phobuil le Dia, do
ró-mhaoladh a fhearg agus do thionntuigheadh gach sgiúrsa uatha:
ponetque manum super caput hostiae, et acceptabilis erit, atque in
expiationem ejus proficiens.



Mar an gcéadna, gach peacthach lér mian a shíothcháin do dhéanamh le Dia,
déanadh sé íodhbairt dá anam ar altóir na faoisdine; acht sgriosadh sé dhi
ar dtúis an sgamal salach, agus sean-chroiceann seargtha an pheacaidh.


L. 181


Nigheadh sé í go glan le trom-dheóra na haithrighe. Déanadh sé mion-spólaí
dhi le croidhe-bhrughadh agus dólás intinne fá fheirg do chur ar Dhia, agus
ag éirghe nó ag tógbháil a láimhe do'n tshagart os a chinn, ag rádh na
mbriathar so: Ego te absolvo, etc. “Maithim dhuit,” etc., - déanfaidh an
tAthair síorraidhe síothcháin leis, saorfaidh é ó'n mór-dhíoghaltas dobhí
'n-a chionn, múchfaidh na boirb-theinte úd ifrinn dobhí ar lasadh fá n-a
chomhair, adhanfaidh teine na ngrás in-a chroidhe, déanfaidh sé a anam do
bhí chomh salach dubh glonnmhar leis an diabhal, chomh lonnrach, chomh
deallrach agus chomh geal le haingeal: acceptabilis erit, atque in
expiationem ejus proficiens.



Is féidir leis an dólás so atá riachtanach ag an bhfaoisdin, do bheith
ag an duine ar dhá mhodh. An céad mhodh dhíobh: nuair thaisbeánas a
thuirse agus a dhubrón ar an dtaobh amuigh len-a dhéora agus len'osnaidhe.
An dara modh: nuair ghoilleas air ó chroidhe an peacadh do dhéanamh, ar
son nach dtaisbeánann é ar an dtaobh amuigh.



Tá an céad dólás díobh so ion-mholta agus ró-thairbheach, acht níl sé
riachtanach, do bhrígh nach é gach n-aon len-a dtig a dheóir do shileadh
nuair badh mhian leis; acht tá an dara modh, 's é sin, dólás an chroidhe,
chomh riachtanach sin i Sacramaint na Faoisdine, ar mhodh, muna raibh dólás
agus tuirse an chroidhe 'n-a haice, nach faoisdin í acht faoisdin mhagaidh,
faoisdin gan bhrígh, gan toradh: doleat et ingemiscat peccator,
necesse est.



Uch! a cháirde, goidé a laighead agaibh thig ar an uair seo chum na
faoisdine le dólás ceart? Goidé mhéad agaibh do-ghní aithris ar lucht
phairilise an tobair úd Ierúsalem, agus thig ar bhur gcunntas le croidhe
críon ró-thirim - aridourum? Goidé mhéad agaibh théid chum


L. 182


faoisdine gan athmhaoltas, gan faitcheas, gan criothnughadh, acht mar do
bhéadh sibh ag dul i gceann bhur ngnóthaidhe saoghalta? Measann sibh gur
leór dhaoibh bhur bpeacaidhe do chur síos ar sgáth dólása nó tuirse croidhe.
Ní bhíonn a leithéid do chúis ann, ní as furas 'aithint ar olcas do-ghní
sibh bhur mbeatha do leasughadh tar éis faoisdine, agus ar éasgaidheacht is
thuiteas sibh ins na coirthe céadna in-a raibh cionntach roimhe.



Nach bhfeicimid go laetheamhail lucht na mionna mór chomh tugtha chum an
pheacaidh seo, agus do ghnáth tar éis faoisdine, is dobhíodar riamh roimhe
sin? Nach bhfeicimid lucht na drúise chomh claon chum an pheacaidh seo i
ndiaidh faoisdine is dobhíodar riamh roimhe sin? Nach bhfeicimid lucht na
mealltóireachta agus na gadaidheachta chomh leigthe chum cuid na comhursan
tar éis faoisdine is bhí stad riamh roimhe? Goidé as ciall dó so, a
cháirde? O! tá easbaidh dóláis do bheith orra ó chroidhe. Dá mbéadh fuath
díreach aca ar an bpeacadh do réir mar órduigheas an aithrighe fhírinneach,
níor bhaoghal dóibh tuitim ann chomh luath so.



Acht goidé éireóchas do'n mhuinntir seo do-bheir easonóir do'n fhaoisdin,
ag dul ar sheilbh a déanta gan ullmhughadh, gan tuirse croidhe, gan dólás?
Nó goidé éireóchas do'n mhuinntir seo gheallas go minic do Dhia le linn
faoisdine, cúl do thabhairt do'n pheacadh agus a mbeatha go leasughadh? O
! tá, an tSacramaint seo d'órduigh Críost chum bheith 'n-a híoc-shláinte ag
an anama, go n-ionntuigheann sí chum bheith 'n-a nimh mharbhthaigh aici.
Do-ghní Dia foighde leó, mar adeir an Fáidh Ríoghamhal, ar feadh tamaill,
acht do-bheir sé iad chum cunntais fá dheireadh: inimici Domini
mentiti sunt ei, et erit tempus eorum in saecula. Amhail is mar
adéaradh sé: “An


L. 183


mhuinntear so do-ghní bréaga liom-sa anois, agus gheallas a mbeatha do
leasughadh agus nach ndéanann é, éistfidh mise leó ar feadh tamaill:
leigfidh mé ar a n-aghaidh iad ins an olc; acht tiocfaidh an t-am in-a
gcuirfidh mé iad in-a bpríosún duaibhseach dhorca dhoimhin mar nach mbéidh
do chuideachtain aca acht diabhail agus deamhain; nach gcluinfidh a gcluasa
acht mallachta agus dia-mhasladh; nach mbéidh do bhiadh aca acht teine,
ruibh agus nathracha nimhe; nach mbéidh do dhigh aca acht domblas, gafann
agus gach ní da sheirbhe; mar a mbéidh teinte dá losgadh, teanachra dá
stracadh, diabhail dá súistriughadh, nathracha nimhe dá n-ithe, agus sin
uile gan fóirithin, gan furtacht chomh fada is bhéas Dia ag caitheamh na
glóire: in ignem aeternum.



O! a chríostaidhe, ar a raibh do mhío-fhortún tuitim i lubhra an pheacaidh,
ná codail ar chneadhaibh t'anma. Imthigh gan mhoill go tobar na ngrás .i.
an fhaoisdin, mar a bhfaighidh tú íoc-shláinte in-aghaidh gach lubhra agus
gach luit do-rigne an peacadh ar t'anam. Ná habair mar an duine mbocht
úd an tSoisgéil, nach bhfuil duine agat do chuirfeadh ins an tobar thú:
hominem non habeo. So Íosa Críost i gcrann na Croise, agus a lámha sínte
amach fád' chomhair chum do ghlacadh chomh luath is thionntochas air:
sumat crucem. So aingeal Dé, .i. an Eaglais, réidh chum an uisge do
chorrughadh fád' chomhair. Tar, mar sin, le dóchas agus le misneach, acht
tar le dólás agus le tuirse croidhe. Admhuigh do pheacaidhe gan leithsgéal,
gan fuigheall, agus gheóbhaidh tú ó Dia leigheas na ngrás ins an tshaoghal
so agus an ghlóire shíorraidhe ins an tshaoghal eile. Amen.


L. 184


B 1724
U 0201
SEANMOIR A TRI-DEAG.



AR AN gCEATHRAMHADH hAITHNE.



Tabhair dod' athair agus dod' mháthair onóir, ionnas go mbadh
fad-shaoghalach thú ar thalamh.
- (Ecsod. xx.12).



A aithreacha agus a mháithreacha - Ná bíodh iongnadh oraibh má labhraim libh
go dian ins an chomhrádh so, do bhrígh go dtig sonas nó donas dúithchi go
léir as an tabhairt suas maith, nó as an droch-oileamhain, len-a
riaruigheann sibh agus len-a gceapann sibh bhur gclann i dtúis a n-óige. Fá
mar órduigh Dia do'n chloinn grádh agus géilleadh, urraim agus onóir,
cabhair agus congnamh do thabhairt dá n-aithreachaibh agus dá
máithreachaibh, agus a réir do dhéanamh ins gach nídh bhaineas le réasún
agus le dligheadh Dé; mar an gcéadna, d'órduigh do na haithreachaibh agus
do na máithreachaibh cion agus grádh do thabhairt dá gcloinn, agus iad do
thabhairt suas do réir a n-acfuinne ins an uile nídh as riachtanach i
dtaobh sláinte cuirp agus anma; agus is iad an dá oibliogáid réamhráidhte
sin, dodhéanfaidh dá roinn do'n chomhrádh so.



I. Léighmíd 'san ochtmhadh caib. déag do Ghenesis na bréithre adeir
Dia le hAbram: Num celare potero Abraham quae gesturus sum: cum
futurus sit in gentem magnam ac robustissimam, et benedicendae sint in
illo omnes nationes terrae. Scio enim quod praecepturus


L. 185


sit filiis suis, et domnui sae post se, ut costodiant viam Domini, et
faciant judicium et justitiam. Féachaidh, a chríostaidhthe, gur mór an luach
saothair do gheallas Dia d'Abram ar son a chur d'fhiachaibh ar a chloinn
agus ar a mhuinntir, aitheanta agus dligheadh Dé do choimhéad. Geallann dó
go mbéidh a shliocht tar 'éis go líonmhar cumasach, agus go mbéidh rath
orra ar fuaid náisiún an domhain. Cuirfidh Dia, mar an gcéadna, rath
oraibh-se agus ar bhur sliocht, má's áil libh bhur gclann do thabhairt suas
i ngrádh agus in-eagla Dé, mar do-rigne Abram.



Léightear 'san leabhar soin Ecclesiasticus, pasáiste breagh ar an nídh
gcéadna: Fillii tibi sunt? erudi illos, et curva illos a pueritia
illorum. “Má tá clann gaibh, teagasgaidh iad agus cromaidh a gceann i
dtúis a n-óige”. Et vos, patres, nolite ad iracundiam provocare filos
vestris, sed educate illos in disciplina et correptione Domini. “Sibh-se,
a aithreacha agus a mháithreacha, tugaidh deigh-eólas dá bhur gcloinn, agus
smachtuighidh iad”: is é a chiall sin, tugaidh suas bhur gclann in-eólas,
i ngrádh, in-eagla, agus i seirbís Dé. Tá pasáiste breágh eile 'san
seiseadh caib. déag d'Ecclesiasticus: Melior est enim unus timens Deum
quam mille filii impii, et utile est mori sine filiis quam relinquere
filios impios. - “Is fearr éan-mhac amháin ar a mbéadh eagla Dé 'ná míle
droch-mhac; agus is fearr do neach bás d'fhaghbháil gan cloinn 'ná
droch-chlann d'fhágbháil tar 'éis.” Qui diligit filium suum, assiduat
illi flagella ... Qui docet filium suum, laudabitur in illo, et in medio
domesticorum in illo gloriabitur. - “An té ghrádhuigheas a mhac,
smachtuigheann sé go fríochnamhail é ... An té theagasgas a mhac, molfar
é, agus béidh mórdháil air i measg a mhuinntire”. Ar an ádhbhar sin, is
é cúraim as prionnsapálta as


L. 186


cóir do na haithreachaibh agus do na máithreachaibh do bheith orra, subhailcí
agus soi-ghníomhartha agus soibhéasa do mhúnadh dá gcloinn.



Deir Tobias len-a mhac 'san gceathramhaidh caib. Multa bona havebimus si
timuerimus Deum et recesserimus ab omni peccato et fecerimus bene. - “Béidh
ár ndóthain maoin saoghalta againn, má bhíonn eagla Dé orainn, agus má
ghnímíd na peacaidhe do sheachnadh agus na deagh-oibreacha do
chomhlíonadh.” Ní fuláir dá réir sin, adeir San Basilus, na leinbh do
cheapadh agus do cheartughadh i dtúis a n-óige. An feadh bhíos an chéir
bog, is féidir clódh duine nó aingil nó diabhail do chur uirri. An crann
óg, is féidir é chúbadh, é do chromadh agus d'iompodh cibé taobh 'n-ar maith
leat; gidheadh, má fhanann tú go mbéidh an crann mór, láidir, ní féidir
feacadh ar bith do bhaint as: adolescens juxta viam suam; etiam cum
senuerit non recedet ab ea; nó, mar adeir an sean-fhocal 'san
bhFrainncis: ce qu'on apprend au ber, on retient jusqu'au ver, .i. an
ní tóighthear 'san óige, fanann go heisléine.



Mo thruagh sin! is cruaidh an cunntas bhainfidh Dia do na haithreachaibh
agus do na máithreachaibh do mhúineas dá gcloinn easgaine agus anghuidhe
agus cainnt an diabhal. Dob'fhearr dhóibh na teangtha do ghearradh as a
mbéalaibh amach, agus bheith balbh, ná dul go hifrionn dá ndeasgaibh. Níl
éan-náisiún 'sa chríostaidheacht as mó atá tugtha do chainntibh ghránda
dhiablaidhe 'ná an t-oileán bocht so na hEireann. Go n-oibrighidh Dia
in-a gcroidhthibh iad do sheachaint agus do thréigean as so suas!



A aithreacha agus a mháithreacha, oraibh-se d'aigeóraidh Dia go cruaidh
gach éin-pheacadh dhéanfas bhur gclann an feadh bhéidh fá n-bhur smacht.
Is cruaidh an cunntas do bainfear dhíbh, muna gcuirfidh sibh grádh agus
eagla Dé in-a


L. 187


gcroidhthibh. Tá d'ualach oraibh-se Paidir agus Cré, Aitheanta Dé agus na
hEaglaise, puinnc agus airteagail a gcreidimh do mhúnadh nó do chur dá
múnadh dhóibh, agus a chur fá deara orra a gcoimhlíonadh, ar an ádhbhar ná
fuil sábháil 'n-a gcionn 'n-a n-éagmhais siúd. Ar an ádhbhar sin, tá sé
ceangailte oraibh bhur gclann do chur ar sgoil chum aitheanta Dé agus
riaghlacha a gcreidimh do mhúnadh agus do theagasg dóibh.



Nach mór an bharbardhacht do'n athair ná do'n óglách bhíos ag
gearán i dtaobh sé pingne 'san mí do dhíol a sgolaidheacht a mhic, agus
ná déanfadh an fear céadna suim ná dócamhal ar bith, tuistiún do
thabhairt ar phota boisinne nó leith-réal ar cheathramhain manglaim 'san
tsheachtmhain, chum sásuighthe na colna ainmhianaighe?



Tar éis sgríobhadh agus léigheamh dhóibh, cuiridh le céird éigin
a mbeathadh iad. Ní náireach do dhuine dá fheabhas é, bheith 'n-a
tháilliúir, in'úcaire, nó in'fhigheadóir, nó céird éigin eile do
bheith aige; gidheadh, is náireach dhó bheith 'n-a chladhaire, 'n-a
dhéirceóir, nó 'n-a bhitheamhnach. Ní fhuil ní 'sa domhan as mó
bhoichtnigheas na hEireannaigh agus do-ghní déireacháin díobh 'ná
easbaidh céirde a mbeathadh. I náisiúnaibh eile, dá mb'fhiú míle púnt
an páirtidhe 'san mbliadhain, ní scorn ná náire leó céird a mbeathadh,
mar atá figheadóireacht nó gréasaidheacht nó gaibhneacht, do mhúnadh
dá gcloinn, ar an ádhbhar atá a fhios aca, dá chruadhacht do cuirfear
chuige iad, go mbainfid beatha as a sláinte mar gheal ar an gcéird;
gidheadh, eadrainne, na hEireannaigh, roimh an aimsir seo, dobhí an
oiread sin do thubaist, d'anuabhar agus d'uireasbaidh céille orainn, gur
mhór an náire le mac sgolóige nó díolmhanaigh, ní airmhim fear stáit
nó tighearnais, a gclann do chur le ceannaidheacht nó le céird éigin eile
ar bith do na céardaibh réamh-ráidhte. Créad


L. 188


d'imthigheas orra 'n-a dhiaidh sin, nuair théid siad chum bochtaineachta?
Imthighidh 'n-a mbitheamhnachaibh agus 'n-a mbuachaillíbh díomhaoine, agus
tigid 'n-a dhiaidh sin chum na croiche. Bhíodh sibh-se níos gasda 'ná bhur
sinnsir. Múinidh céird a mbeathadh dá bhur gcloinn. Bainidh an díomhaoineas
as a gcnámhaibh. Ceapaidh agus ceartuighidh iad, i bhfíor-thosach a n-óige,
chum duaidh agus saothair, agus chum beatha do tharrang go macánta mar gheall
ar a sláinte. Ná tugaid droichchleachtadh ná droch-shompla dhóibh, óir gach
ní chífid agaibh-se dhá dhéanamh, agus chluinfid agaibh dá labhairt,
foghlamuid na neithe céadna agus do-ghníd aithris orra.



Smachtuighidh iad, mar an gcéadna. Ní bhíonn an rath acht mar a
mbíonn an smacht. Qui parcit virgam, natum non diligit ille, mar adeir an
file Laidine: “an té spárálas an sgiúirse, ní hionmhain leis an
leanbh.” Deir San Criosostom, na haithreacha agus na máithreacha ná
smachtuighean a gclann mar as cóir, gur measa iad 'ná murduiréirí .i.
fionghalaigh, do bhrígh, na fionghalaigh ná déanaid acht an t-anam do
sgaramhain leis an gcorp, gé go dtig, do dheasgaibh faillighe na n-aithreach
agus na máithreach, go gcaillid a gclann a gcorp agus a n-anam, agus go
ndóightear i dteintibh síorraidhe Ifrinn iad.



Créad an léigheas atá air seo? Éist leis an Eagnaidheach 'san
Sgrioptúir mar a n-abair: Tu virga percuties eum; et animam ejus de
inferno liberabis, .i. “gaibh-se do sgiúirsíbh air, agus saorfaidh tú a
anam ar ifrionn agus ó dhamaint shíorraidhe” (Seanráidhte xxxiii.14).
Tá stair uathbhásach 'san Sgrioptúir 'san treas caibidil agus 'san
gceathramhadh caib, do'n chéad leabhar do leabhraibh na Righthe ar
Heli, an t-áird-chléireach, ar shon go raibh sé féin 'n-a
dhuine naomhtha, dobhíodar a chlann


L. 189


tugtha do chraos agus do dhrúis, agus dar leat thug seisean faillighe
ionnta. Créad d'imthigh air? Do dalladh an duine maith. Do chaill sé a
radharc. Do marbhadh deich míle fichead dá mhuinntir in-éan-ló amháin air.
Do ghabhadar a náimhde é. Ophni agus Phinís dob'ainm dá dhís mhac. Do
marbhadh in-éan-ló iad. Nuair chualaidh sé féin na sgéalta sin, do thuit
thairis siar, agus do briseadh a mhuinéal. Bean a mhic, rug sí clann mharbh,
agus fuair sí bás mar an gcéadna.



O! a Dhia uile-chumhachtaigh, créad an treilis mhíofhoirtiúin seo
thig a holc agus a hearráid na cloinne, agus as an bhfaillighe thug a
n-athair iad so smachtughadh!



Cuireann San Béarnárd síos a leithéid eile d'eachtra an droch-mhac
dobhí ag dul dá chrochadh. Do ghlaodhuigh sé a athair chuige, agus
adubhairt go raibh sgéal príomháideach aige le n'innsint dó; agus iar
ndruidim a bhéil len-a chluais do, do ghearr an chluas amach ó'n gceann
len-a fhiaclaibh dhe. “Bíodh sin agat, a mhalluightheóir,” ar sé;
“dá smachtuightheá mise an tan bhíos óg, ní thiocfainn chum na críche
seo indiu.”



O! a aithreacha agus a mháithreacha, bíodh cuimhne agaibh ar na
somplaíbh seo, agus innsidh dá bhur gcloinn iad.



II. Ins an dara roinn do'n chomhrádh so, labharfamuid as an úsáid agus ar
an iomchur as cóir do'n chloinn do thabhairt dá n-aithreachaibh agus dá
máithreachaibh. Honora patrem tuum et matrem tuam, ut sis longaevus super
terram, .i. “onóruigh t'athair agus do mháthair chum go mbéadh saoghal
fada agat.” Cuireann an aithne trí oibliogáidí ar an gcloinn. An chéad
oibliogáid .i. grádh, onóir agus urraim do thabhairt dá n-aithreachaibh
agus dá máithreachaibh. An dara oibliogáid, a dtoil agus a réir do
dhéanamh 'san uile nídh bhaineas le réasún agus le dligheadh Dé. An
treas oibliogáid, cabhair agus congnamh


L. 190


do thabhairt dóibh in-a riachtanas. Táid na hoibliogáidí seo chomh
ceangailte sin ar an gcloinn, go dtugann Dia a mhallacht dóibh, má ghníd
bun-os-cionn nó contrárdha leó.



Eistidh leis na briathraibh atá 'san Sgrioptúir ar an ngnó sin, ins an
aonmhadh caib. fichead do Dheutoronomi: Si genuerit homo filium
contumacem et protervum, qui non audiat patris aut matris imperium ...;
apprehendent eum et ducent ad seniores civitatis illus et ad portam
judicii, etc. Is é a chiall sin, má tá do chlann cinn-tréan neamh-
urramamhail, ionnas nach áil leó do réir ná do thoil do dhéanamh, ceangail
iad, agus beir iad do láthair ceann-urraid an bhaile, chum dorais cúirte an
bhreitheamhnais, agus innis dóibh go bhfuil an té sin dod' chloinn
easurramamhail mío-náireach, agus ná déanfadh do chomhairle, agus go bhfuil
sé tugtha d'olc agus d'earráid. Annsin gaibhdís muinntear an bhaile go
huile rúsgadh do chlochaibh air nó go mbainid an t-anam as.



A chríostaidhthe croidhe, féachaidh créad é gréine an smachta agus
uathbhásaighe an phionóis d'órduigh Dia féin do thabhairt do'n
droch-chloinn. Adeir an Sgrioptúir in-áit eile: qui percusserit
patrem suum aut matrem, morte moriatur, .i. “an té bhuaileas a athair
ná a mháthair, cuiridh chum báis é” (Ecsod. xxi.15); agus 'san áit chéadna:
qui maledixerit patri suo vel matri, morte mortiatur, .i. “an té labhras
go holc len-a athair nó len-a mháthair, cuirthear chum báis é”. Adeir
Solamh mac Dáibhí; oculum, qui subsannat patrem, et qui despicit
partum matris suae, effodiant eum corbi de torrentibus, et comedant
eum filii aquilae, .i. “an té do-bheir táir nó tarcaisne dá athair
nó dá mháthair, go mbainid na fionnóga a shúile amach, go n-ithid
fiolair


L. 191


agus fiacha dubha an aeir a chonablach” (Seanráidhte xxx.17). Nach
uathbhásadh na bréithre agus na breitheamhnais iad so go léir ag gluaiseacht
a béal Dé uilechumhachtaigh!



Ag so síos na cáis in-ar gnáthach leis an gcloinn peacadh marbhthach
do dhéanamh. An té bhuaileas a athair nó a mháthair, do-ghní bagairt
orra, dothugann easurraim dóibh, do chuireann fearg orra, d'órduigheann
a mbás, muna mbeathuighidh iad an tan bhíos bocht, nó má théid ag cur
orra do láthair an bhreithimh, nó má thugann tarcaisne dhóibh, - i
n-eán-chás díobh so, do-ghní an chlann peacadh mór damanta marbhthach.
Agus is é réasún atá leis seo, gur mór an díombuidheachas agus an
neamh-mhothughadh, gan coimhéad, gan cuimhne do bheith ar an muinntir fá
bhun Dé thug ar an saoghal thú, agus fuair mórán dod' chúram dod'
chothughadh agus dod' bheathughadh nuair bhís óg. Dá réir sin, bhí
siúrálta gur mór an sonas agus an séan saoghalta dhuit maireachtain chum
chumais do bheith agat comaoine agus cúiteach (dá mhéad fhéadfair) do
thabhairt dod' athair agus dod' mháthair, agus gur dóichíde rath Dé agus
an tshaoghal do bheith ort; agus má thuilleann tú a mallacht, ná béidh
fos ná fóghnamh ort go bráth.



Bíodh a fhinnéidh sin ar Cham mac Naoi, do mhalluigh a athair i dtaobh
bheith ag magadh faoi. Bíodh a fhinnéidh, mar an gcéadna, ar Absalom,
dár crochadh a crann é len-a ghruaig féin, agus 'gár cuireadh trí
saighde do ghai trén-a chroidhe i dtaobh éirghe i reibilliontacht nó i
méirleachas in-aghaidh a athar féin, Dáith Rí, fá mar léightear
'san dara leabhar do leabhraibh na Righthe.


L. 192


Cuireann Ualerius Macsimus agus Plinius somplaí breaghtha síos ar dhís
óg-bhan dár daoradh a n-athair agus a máthair chum báis d'fhaghbháil do
ghorta i bpríosún. Dothéidhidís an dís óg-bhan gach éan-lá do'n
phríosún; agus ó ná leigfidhe éan-tshórt bídh ná dighe isteach leó,
is é seift do-ghnídís, a mbainne cíche do thabhairt dá n-athair agus dá
máthair a gan-fhios. Dobhíodar mar sin dá mbeathughadh a bhfad d'aimsir,
gur fríth amach fá dheireadh é, agus, dá dhruim sin, go rugadh do láthair
an uachtaráin iad. Agus is é breitheamhnas rugadh orra, an lánamha
chríonna do shaoradh agus a n-anam do thabhairt dóibh, agus suim áirithe
airgid do ghearradh ar an mbaile in-aghaidh na bliadhna mar luach saothair
do'n dís óg-bhan i dtaobh a gciníl agus a gcarthannachta dá n-athair agus
dá máthair. Féachaidh, a cháirde ghrádhacha, an foirtiún saoghalta
sin féin do-bheir Dia do'n deagh-chloinn!



Tráchtann Stair na Seapáine ins an 25adh leabhar, caibidil a hocht, go
rabhadar triúr dearbhráthar ann, 'sa mbliadhain 1604, dobhí lán do
chinéal agus do charthannacht dá máthair. Thángadar chum bheith bocht
uireasbach, ar mhodh nach raibh ar a gcumas dóibh congnamh ar bith do
thabhairt dá máthair. Um an am sin, do chuir rí na dúithche sin fógra
amach, go dtiubhradh suim mhór airgid do'n té bhéarfadh fear gearrtha
sparán chuige, ar an ádhbhar ba chúis bháis ins an dúthaigh sin é.
Imthigheann an fear dob'óige do'n triúr dearbhráthar, agus do leig sé
air go mb'fhear gearrtha sparán é fein, agus thug sé cead do'n dís eile
breith air agus é do bhreith ceangailte leó do láthair an uachtaráin, agus
cur air. Tar éis sin do dhéanamh dhóibh, fuaradar suim áirithe airgid
ar son a saothair; gidheadh, ar n-imtheacht dóibh níorbh'fhéidir leó
gan bheith ag gol. Nuair chonnairc an breitheamh sin, adubhairt sé len-a
sheirbhíseachaibh iad do leanmhain go


L. 193


príomháideach, agus aire do thabhairt créad adéarfaidís. Do leanadh amhlaidh
sin iad gus an áit a raibh a máthair. Nuair chualaidh an bhean chríonna
turas an mhic dob'óige, do bhuail sí ar chaoi agus ar ghol go
truaighmhéileach, dá rádh gurbh'usa léi fein bás d'fhaghbháil 'na a mac do
chur 'san gcás sin chum beatha d'fhaghbháil di féin. Ráinig an sgéal sin
chum an bhreithimh, ba rí ar an tír sin. Thug sé cúig céad déag coróin d'ór
do'n ógánach dochuaidh i gcontabhairt ar son a mháthar, agus thug céad
coróin do'n dís eile.



Fiafruighim díbh, a chríostaidhthe, nárbh'é an mac úd corp an
chiníl? arbh'fhéidir dhó díogras ba mhó do thaisbeánadh dá mháthair
'ná é féin do thabhairt suas chum báis ar a son? Féachaidh, mar an
gcéadna, cionnas mar do chúitigh Dia leis a dheigh-ghníomhartha!



Ní fhuil éinneach annso do láthair, ná ar fuaid an domhain, ná fuil,
do réir dlighidh Dé, d'fhiachaibh air gach éan-tshórt urrama agus onóra,
cabhrach agus conganta, ceana agus ciníl, do thabhairt dá athair agus dá
mháthair. Má táid d'éis bháis féin, ní lúghaide atá sé d'fhiachaibh
ar gach éan-chríostaidhe maith agus maoin do dhéanamh dhóibh. Cionnas?
Le trosgadh, le déirc, le hurnaighthe, agus le hAifrinn do chur dá rádh
ar a n-anamnaibh.



Má fhiafruigheann fear earráide nó magaidh, créad é an maitheas as
féidir e hAifreann ná le hOrd Mairbh do dhéanamh do na daoinibh atá
tar éis bháis le cian do bhliadhnaibh, m'fhreagradh air, gurab é creideamh
na gcataoiliceach Rómhánach ar fuaid an domhain le tuilleadh agus seacht
gcéad déag bliadhan, gach deagh-obair agus gach deigh-ghníomh do-ghní an
críostaidhe ar an saoghal so ar son na marbh, go dtéid chum sochair agus
chum so-mhaoine do na hanmannaibh fíréanda ins an tshaoghal eile. Dá
bhrígh sin, cuiridh Uird agus Aifrinn dá rádh ar


L. 194


amannaibh bhur marbh, agus go speisialta ar anamnaibh bhur n-aithreach agus
bhur máithreach. Bídís an chlann lán d'urraim, d'onóir agus d'umhlacht,
do chion agus do ghrádh dá n-aithreachaibh agus dá máithreachaibh. Tugaidís
na haithreacha agus na máithreacha a gclann suas i ngrádh agus in-eagla,
chum grása agus greann Dé 'fhaghbháil ar an saoghal so, agus an bheatha
shíorraidhe ar an saoghal eile - an ní iarraim-se dhaoibh-se go léir agus
dam féin - InAinm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 195


B 1817ls
U 0401
SEANMOIR A CEATHAIR-DEAG.



BEATHA, PÁIS AGUS BÁS ÁR SLÁNUIGHTHEÓRA ÍOSA CHRIOST.



Arn-a fheicsin do'n Tríonóid ró-naomhtha, éan-Dia uile-chumhachtach,
go dtuitfead an cineadh daonda ó'n staid ró-chonáigh in-ar cruthuigheadh
iad, i truaghántacht neimh-chríochnuighthe in-ar chailleadar dearlaicthe
Dé tré bhriseadh na haithne, agus, do'n leath eile, teangbhail i bpeacadh,
i mbás agus i ndamnughadh síorraidhe, agus nárbh'fhéidir aisiog na
céad-staide do thabhairt do'n chineadh daonda tré ghniomh ná tré
shubhailce duine 'san mbioth, nó aingil, nó glain-chréatura eile, do
bhreithnigh an tAthair uile-chumhachtach, dá mhaith diadha féin, Mac Dé,
an Dara Pearsa do'n Tríonóid ró-naomhtha, do ghabháil nádúir daonda
uime, ionnas, iar mbeith 'n-a dhuine dhó, go ndíolfadh fuasgladh an duine
len-a bhás 'san gCrois, agus mar sin, ní headh amháin do dhío-chur
an pheacaidh ar an domhan, acht, mar an gcéadna, do bhreith na bhfíréan
gus an mbeathaidh mharthannaigh gus ar chruthuigheadh iad ar dtúis, gach
n-aon díobh len-a dtáithtear go cneasta an leigheas luachmhar soin a
pháise.



Do chuir an t-Athair uile-chumhachtach an t-aingeal Gábriel gus an maighdin
ró-ghlain, Muire, do bheannughadh dhi, ag rádh: “Dia do bheatha, a Mhuire,
atá lán do ghrásaibh; atá an Tighearna maille leat, ataoi beannuighthe idir
mhnáibh”. Do meidhreadh an ógh


L. 196


ró-umhal trés an aitheasg soin, agá mheas aici féin créad dob'fháth do'n
bheannachadh so, óir ní lúgha len-a raibh a súil, 'ná í féin do chlos
iarn-a moladh chomh mór sin. “Ní heagal duit, a Mhuire” ars' an
t-aingeal, “óir fuair tú grása do thaoibh Dé. Féach, geinfir agus béarfaidh
tú mac, agus do-bhéarfaidh tú Íosa d'ainm air” (Lúcás i.30,31).
D'fhiafruigh sisi, cionnas, nó créad an modh in-a ndéanfaidhe sin, “óir ní
fhuil fios fir agam,” iar dtabhairt móide dhi roimhe sin a hóghacht
shíorraidhe 'choimhéad. d'fhreagair an t-aingeal, ag rádh: “Tiocfaidh an
Spiorad Naomh. Díonfaidh cumhachta an tí as ró-aoirde thú. Dá bhrígh
sin, an tí geinfear go ró-naomhtha, budh Mac Dé bhéas d'ainm air.
Féach Eliosabet, do shiúr, do ghabh sí, mar an gcéadna, mac in-a haois
ársaidh, agus is é seo an seiseadh mhí torthach aici-si dá ngoirthear
aimrid, óir ní bíonn éin-ní doi-dhéanta ag Dia.” d'fhreagair an ógh
choisreagtha, ag rádh: “Féach inilt an Tighearna. Déantar dhíom-sa do réir
do bhréithir-se”. Agus do-rigneadh colann do'n Bhriathar, agus d'áitigh
mar aon linn-ne, Dia agus duine in-Éin-Phearsain Diadha.



Téid an Mhaighdean ró-naomhtha d'fhios a sean-mhná gaoil .i. Eliosabet,
go cathair dá ngoirthear Hebron, agus téid go tigh Sacarias. Beannuigheas
dá siúir Eliosabet, ag comh-gháirdiughadh léi tré mhac do ghabháil in-a
broinn tré charadas speisialta Dé. An tan dochualaidh Eliosabet
beannachadh na Maighdine Coisreagtha dhi, do ling an naoidhean dobhí i n-a
broinn le luthgháir, agus fós do naomhadh i mbroinn a mháthar é. Iar mbeith
fós do Eliosabet coimhlíonta do'n Spiorad Naomh, do-rigne éighmhe go
hárd, ag rádh: “Is beannuighthe thú idir mhnáibh, agus is beannuighthe
toradh do bhroinne”.


L. 197


Iar ndéanamh tuillidh measta dhi ar mhórdhacht na hóige, a humhla agus a
dearóile féin, adubhairt, ag déanamh iongantais, “Créad as a dtárla dhamh-sa
máthair mo Thighearna do theacht im' dháil?” Do-rigne an Mhaighdean
fáistine, agus do mhol Dia tré laoidh, agá rádh: “Tá m'anam ag móradh an
Tighearna, agus tá mo spioraid ag gáirdiughadh i nDia, mo Shlánuightheóir”.



Tar éis mar d'fhill an Ógh Bheannuighthe go Nasaret ó fhiosrughadh
a seathrach, an tan do mhothuigh a fear pósta Iósep a bheith torthach
do ghabh buaidhreamh meanman é, agus dobhí i gcontabhairt créad
dob'indéanta dhó, óir dobhí eagla an dlighidh do thaobh air, dá
gceilfeadh nach uaidh dobhí an Mhaighdean torthach; agus, do'n leith eile,
dobhí a fhios aige a bheith diadha geanmnaidhe, gan smál ar a beathaidh,
agus uime sin nár dhána é ar chasaoid do dhéanamh uirri, ná drochbharamhail
dá leithéid do bhaint aisti, agus ise fós ró-umhal, róchain-bheartach
macánta; agus níor nocht sí dá fear pósta fein a chomh mór sin do
dhiamharún do dhealbhughadh innti do chumhachtaibh Dé.



Ar mbeith do Iósep fíréanda, naomhtha, do sheachnadh buaidheartha
do mheas a tréigean go foilightheach. Acht chéana, féach aingeal dá
thaisbeánadh féin dó trén-a shuan, ag rádh: “A Iósep, a mhic
Dáibhí, nárab eagal leat fuireach i bhfochair do mhná Muire, óir an
ghein do ghabh sí, is ó'n Spiorad Naomh atá, agus béarfaidh sí mac,
agus do-bhearfaidh tú Íosa d'ainm air, óir fóirfidh sé a phobal féin
ón-a bpeacaidhibh”.



Tré fhógradh Saesar Agustus, dob'éigean gach n-aon do chur i
leabhar, agus gan n-aon in-a ionad nó in-a athardha féin. Téid
Iósep agus a bhean gus an mBeithil, cathair Dháibhí , do
bhrígh gurab dá threibh iad. Ar


L. 198


mbeith annsoin dóibh, trén-a mbochtacht féin agus tré iomad comhdhála
pobail ann, ní fhuaradar ionad in-éin-tigh ósda, acht do ghabhadar ionad
mar ar fhéadadar i stábla. 'San áit seo rugadh ár dTighearna agus ár
Slánuightheóir, Rí na n-uile ríogh, Mac Dé. Is ann do ceangladh é, do luigh
i gcró láimh le damh agus le hasal, agus do gorthaoi dá n-análaibh é, do
láthair iarn-a breith.



Do thaisbeán an t-aingeal é féin do haodhairíbh, ag rádh leo:
“Rugadh dhaoibh Slanuightheóir, Críost ár dTighearna, i gcathair Dháibhí,
agus do-gheabhthaoi ceangailte in-éadaighibh agus in-a ionar i mainséar
é. Tárla go hobann sluagh neamhdha mar aon eis an aingeal sin, ag guidhe
Dé agus cantain ceóil: “Glóire do Dia is na hionadaibh ró-árda agus
síoth i dtalmhain do dhaoinibh deagh-thoile”. Annsin adubhradar na
haodhairí: “Triallam gus an mBeithil agus féacham an nídh seo do-rigne
Dia agus do thaisbeán dúinn”. Agus iar n-imtheacht go ndeifir dhóibh,
fuaradar an leanbh in-a luighe i mainséar, agus leis sin, thugadar onóir
do Dhia. I gcionn an t-ochtmhadh lá do-rigneadh timchill-theasgadh ar an
leanbh, agus tugadh Íosa d'ainm air; ionann soin agus Slánuightheóir,
do réir mar do chuir an t-aingeal i gcéill roimhe sin do'n Mháthair
mhaighdeana agus do Iósep naomhtha.



Arn-a fhios do'n Triúr Ríogh, len-ar taisbeánadh réaltanna
glórmhara dhóibh, an tairngireacht len-a raibh a súil, thángadar
ó'n Ard Thoir go Ierusalem uile iar gclos na nuaidh-sgéal so. Do lorgadar
na Trí Righthe sin ar na hArd-shagartaibh, agus fuaradar a fhios uatha
gurab 'san mBeithil do geinfidhe Críost. Agus le triall do na Righthibh
do'n Bheithil, do threóruigh an réaltan iad gus an teach in-a bhfuaradar
an leanbh, agus


L. 199


d'adhradar é, gach n-aon díobh ag ofráil dó .i. miorr, túis agus ór. Dobhí
an rí, Ioruaidh, ag feitheamh le filleadh na ndruadh tar a n-ais do réir mar
d'fhuráil sé féin orra a iarraidh go fríochnamhach, agus an tan
do-gheabhaidís é teacht le deimhin chuige féin, go rachadh d'adhradh an Ríogh
nua sin, óir is é sin do leig sé air féin do dhéanamh. Gidheadh, is é ba
rún dó dáríribh, Críost do thultnáith 'san chliabhán. Gidheadh, thug Dia
rabhadh maille leis an aingeal do na righthibh in-a suan agus filleadh go
hIoruaidh, agus mar sin d'fhilleadar dá ndúthaigh féin i slighidh eile.



Triallas an Mháthair mhaighdeanda, tar éis a coisrigthe do réir
an dlighidh, go Ierusalem, agus Iósep, a fear, dobhí ar sgáith bheith
in-a athair ag Íosa, in-a cuideachtain, ag congnamh léi. Do dhearlaic
an Ogh Choisreagtha a mac do Dhia 'san teampall, i gcionn dá-fhichid lá
iarn-a bhreith; agus tar éis mar do choimhlíonadar gach éin-ní do
réir an dlighidh, d'fhilleadar dá n-árus féin. Agus níor leig Dia
do Ioruaidh baramhail do bhuain, gurab é an leanbh soin an tí dobhí sé
féin a d'iarraidh le marbhadh, agus ba heagal leis féin. Arn-a thigsin
do'n rígh, Ioruaidh, cionnas mar do mealladh leis na righthibh é, do
ghabh fearg é; agus do chuir iomad marcshluagh agus díolmhaineach do
mharbh a raibh do naoidheanaibh fear 'san mBeithil uile agus in-a
chomhfhogas, do leith dhi, ó aois éan-oidhche go haois dá bhliadhain déag,
agus is é líon leanbh do marbhadh .i. ceithre míle déag. Agus fuaradar tré
phrimhléid speisialta coróin mhartra gach n-aon díobh. Acht cheana, fuair
Iósep do rabhadh an leanbh do bhreith leis, agus imtheacht as an gcathair
an oidhche sin, agus teincheadh insan Eigipt, agus is mar sin do
coimhlíonadh fáistine Isaias, mar a ndubhairt: “Rachaidh an Tighearna suas
ar néal éadtrom, agus rachaidh isteach do'n


L. 200


Eigipt, agus toirnfear in-a láthair láimh-dhéithe, nó bréigdhealbha na
hEigipte.” Ecce Dominus ascendet super numbem levem, et
ingredietur Egyptum, et commovebuntur simulacra Egypti a facie ejus.



Ar mbeith do Chríost timcheall sé bhliadhna déag innti, tar éis bháis
Ioruaidh d'fhilleadar go talamh Israel, agus dochuadar as sain go
críochaibh na Galilee, agus do-rigneadar comhnaidhe i Nasaret, agus is de
sin do goirthear Íosa ó Nasaret dár dtighearna. Iar ngabháil foirme
moghadh nó sglábha do Mhac Dé, dobhí arn-a mheas go coitcheann in-a
shaor nó in-a mhac saoir agus tríd neamh-fhoghlamtha, 'san deachmhadh
bliadhain fichead dá aois, iar gceileabhradh dá Mháthair gan a bhara faoi
bheith in-a caidreamh ní ba mhó, dochuaidh i ndáil Eóin Baistidh, agus
do ghabh baisteadh uaidh i sruth Iordain, agus do thriall do láthair, gan
bhiadh, gan digh ar chor ar bith, dá-fhichid lá agus dá-fhichid oidhche.
Agus dá éis sin, do ghabh an diabhal dá bhuaidhreadh, agus do chloidhigh
seisean é; agus in-a dhiaidh sin d'fhoillsigh sé é fein do'n domhan, agus
do sheanmhóir a aithrighe.



Do thoghairm deisciobail, agus tré ghlaine a bheathadh agus tré neamhdhacht
a fhoirceadail agus a mhíorbhail, do tharraing chuige iliomad do lucht
leanamhna. d'órduigh Sacraimint an Bhaistidh le maitheamh na bpeacaidhe. Do
theagaisg iomshláine na fíréantachta, go háirithe an déarc, na hurnaighthe
agus an troscadh. Bhí na hárd-shagairt, na dlightheóirí, na Fairisínigh,
agus an chuid eile do na millteachaibh agus iomad do thriaithibh tríd sin,
ag inghreim air. Gidheadh, thairis sin, do bhuaintsheasaimh ag déanamh
maitheasa gach n-aoin, ag clódh a seachráin, ag dío-mholadh a bpeacaidhe, ag
fuasgladh a gceast meabhlach, ag nochtadh a dtuaithleasa, agus fós ag
smuaineadh go hinmheadhónach agus ag seachnadh na rún


L. 201


ndroch-chroidheach ndéisteanach dobhíodh aca, ag iarraidh a dhúnmharbhtha.
d'éaluigheadh go minic uatha, agus ar uairibh go míorbhaileach. Gá dtáim ris?
Iar mbeith 'san riocht soin dó ar an saoghal trí bliadhna ar fhichid agus
beagán níos mó, fá dheireadh dochuaidh isteach go cathair Ierusalem ar
mhuin bromaigh asail, a dheisciobail agus an pobal ag leathadh a mbrat agus
ag stracadh géag pailme agus crann eile 'san slighidh. Do ghabhadar leis
mar rígh maille le chomh-gháir gáirdeachais; na leinbh, mar an gcéadna, ag
éigheamh 'san teampall, ag rádh: “Hósanna do Mhac Dáibhí; is beannuighthe
an tí thig i nAinm an Tighearna. Hósanna is na háitibh ró-árda, a Rí
Israel”.



Ar n-ithe an Uan Cásga dár dTighearna agus dár Slánuightheoir, do ghlac
tubháille le hionnladh a cos uile, agus in-a dhiaidh sin do ghabh agá
dteagasg len-a mbeith umhal glan. d'órduigh agus d'fhreastail Sacraimint
ró-bheannuighthe agus Iodhbairt a Chuirp agus a Fhola féin i bhfoirm aráin
agus fíona; agus, mar an gcéadna, d'órduigh Sacraimint naomhtha na nGrádh
nEaglaise. d'fhógair dá Easbalaibh ( agus dá gcomharbaibh) an ní céadna do
dhéanamh, mar atá Coisreagadh agus Iodhbairt a Chuirp agus a Fhola in-a
hIodhbairt an Nuaidh-reachta do réir Uird Mheilchisedeic go teacht dó fein
arís do dhéanamh breitheamhnais ar an domhan.



Téid Iúdás Iscariótes an tráth sin amach, agus d'fhan an Tighearna
ag teagasg cách, agus do gheall dóibh an Spiorad Naomh, agus do ghuidh an
tAthair uile-chumhachtach ar


L. 202


son an uile fhíréin. Agus, leis sin, do thriall mar aon leis an Éan-Easbol
Déag go gardha Gethsemani, áit dob'aithnid do Iúdás, óir do gnáthuigheadh
an Tighearna go minic dul annsoin mar aon len-a dheiscioblaibh.



Iar ndul do'n Tighearna isteach do'n ghardha len-a dheiscioblaibh,
adubhairt leó: “Suidhtear libh annsúd, go ndeachad-sa do ghuidhe”.
Adubhairt Íosa beagán dá éis sin, agus é tuirseach doilgheasach: “Atá
m'anam dólásach le hucht an bháis” agus: “Déinidh faire im' fhochair.”
Do-rigne guidhe annsoin arís, ag rádh: “'Athair ionmhain, má's féidir
é, téidheadh an corn so tharm; gidheadh thairis sin, nárab í mo thoil-se
acht do thoil-se go raibh déanta”.



Tig Íosa i ndáil a dheisbiobal, agus iarn-a bhfaghbhail in-a gcodladh,
adubhairt le Peadar: “An amhlaidh atá, a Shíomain? An codladh dhuit?
An n-eadh ná féadfá faire éan-uaire do dhéanamh mar aon liom-sa? Déanaidh
faire agus urnaighthe ionnas nach lingfeadh sibh i mbuaidhreamh”. Téid
uatha arís, agus guidheas amhail do-rigne an chéad uair. Fuair iad-san arís
n-a gcodladh, agus dobhíodar a súile róthrom. Téid an treas feacht ag
guidhe, agus do taidhbhsigheadh dhó aingeal ó Neamh dá neartughadh ó
umhlacht aonaránach: Tighearna na n-uile dá chomhfhurtacht len-a óglaoch
féin, agus an Cruthuightheóir leis an gcréatúir! Agus iar mbeith a bhfad
ag guidhe dhó i bhfulang, tháinig a allas amhail braona fola, ag snighe síos
uaidh ar an talmhain. Ar dteacht an treas feacht, adubhairt len-a
dheiscioblaibh: “Codlaidh anois, agus glacaidh suaimhneas”. Go grod dá éis
sin, adubhairt: “Tháinig an uair; féach, feallfar ar Mhac an Duine, dá
thiodhlacadh i lámhaibh na bpeacthach; éirghidh, bíom ag imtheacht; féach


L. 203


an tan tí len-a mbrathfar mise; atá é do láthair”.



An tan do labhair ár dTighearna agus ár Slánuightheóir, féach an méirleach
Iúdás, duine do'n dá fhear déag, ag teacht, agus drong mhór mar aon leis, le
lóchrannaibh agus le táprachaibh, le claidhmhthibh agus le harmaibh eile,
agus le glór Íosa dá rádh, “Is mise é”, do thuiteadar ar a gcúlaibh go
talmhain. Gidheadh, d'fhulaing sé dhóibh éirghe arís, agus ar mbeannughadh
dá Mhaighistir do Iúdás le póig, ba chomhartha do chách le sheisean
d'aithneadh tar na hEasbolaibh, do chuireadar a lámha inÍosa. Do nocht
Peadar a chlaidheamh, agus do ghearr an chluas dheas do Mhalcus .i. óglách
do mhuinntir an Ard-shagairt. Do tháith agus do leighis an Slánuightheóir
do láthair í, agus adubhairt le Peadar a chlaidheamh do chur n-a thruaill
taisgidh, do bhrígh gurab í toil a Athar é féin d'fhulang báis ar son an
chinidh daonda, agus, muna mbéadh soin, go bhfaghbhadh iomad léigiún aingeal
dá chosnamh, dá mbadh amhlaidh dob'oireamhnaighe do mhaith Dé agus do
shlánughadh na ndaoine é. An tan sin, iar dtréigean a Maighistir do na
deiscioblaibh, do ritheadar uile rómpa, agus is mar sin do coimhlíonadh an
fháistine seo: “Buailfear an t-aodhaire, agus déanfar na caoirigh do
sgannradh”.



Ar mbeith d'Íosa ceangailte, rugadh go hAnnanias agus sain go
Caiphas é. Do bhaineadar - san forthann de do thaoibh a dheisciobal agus
do leith a fhoirceadail. Do-rigneadar casaoid bhréige air, agus do
buaileadh ar a dheilbh le dóirnibh é. Do chuir Caiphas do gheasaibh air
a innsin dó arbh'é Críost, Mac Dé, é. An tan d'fhreagair, agá rádh
gurab é, do mhalluigh na diamhasluightheóirí é, da rádh gur chionntach
le bás d'fhulang


L. 204


é, dá ghreamughadh go ró-tharcaisneach agus go cruadhálach. Do ghabhadar
daoine ró-úir-ísle do chrain-tsheilíbh i ndeilbh Chríost. Do bhuaileadar
do dhóirnibh é; agus iar bhfolach a shúl dóibh, do ghabhadar air, dá
fhiafraighe dhe, cia do bhuail é. Annsin do shéan Peadar fá thrí an
Tighearna. Gidheadh, le silleadh do Íosa air, dochuaidh amach as an
bpálás, agus do ghuil go searbh.



Ar gcomhdháil comhairle do na hUidhlibh, do damnadh Íosa leó mar chionntach
le básughadh go moch arn-a bháireach. Thugadar Íosa in-a bhraighid go
Píoláit, fear ionaid Saesair annsin. Nuair do-chonnairc Iúdás Íosa
damanta len-a bhásughadh, do chroch é féin tré éadóchas. An tan
d'fhiafruigh Píoláit díobh, créad é an gearán dobhí aca le cur
in'aghaidh, d'fhreagradar-san: “muna mbéadh sé 'n-a dhroichbheartach, ní
dháilfimís duit-se é. An tan do reic Píoláit a neimhchionnta, níor
ghabhadar-san gan a chrochadh. Do ghabhadar ag casaoid air, an tráth sin,
tré bheith agá thoirmeasg orra cíos-cháin d'íoc le Saesar, agus tré rígh
do ghairm de féin. Arn-a leigean dó freagra do thabhairt ar an gcéad
nídh, iar mbeith fuar-chúiseach dhó, d'admhuigh sé bheith 'n-a rígh, gé
nach do'n tshaoghal so a fhlaitheas.



An tan do thuig Píoláit gurab ó'n nGalilee Críost, cuireas go
hIoruaidh é, mar a bhfuair iomad do cheastaibh géar-chúiseacha do chur
air; magadh do dhéanamh faoi mar amadán, agus a chur tar a ais go Píoláit.
d'fhuráil Píoláit ar an bpobal a thoghadh, cia aca do dhís amháin,
Barrabas nó Íosa, do dáilfidhe saor dhóibh. Rugadar-san do rogha
Barrabas. Thug Píoláit fá deara ár Slanuightheóir do sgiúirseadh chomh
cruadhálach sin, ionnas gur réabadh ó bhathas go bonn a chorp go


L. 205


huile. Iar nglacadh, amhail adeirthear do bheith arn-a thaisbeánadh do
Bhríghid naomhtha, 5490 do chréachtaibh i n-éan-ló amháin, rugadar leó é
iar sin go Píoláit. Do ghabhadar ag fochmhaideadh faoi. Do stuiseadar a
éadach dhe, agus do chuireadar ar a chorp, dobhí foirlíonta d'fhuil, ionar
purpair, agus do chuir siad coróin do dheilgnibh láidre géara fán-a cheann.
Do chuireadar búdán in-a láimh dheis. Iarn-a chur i n-ionad árd, maille
le feacadh a nglún tré fhonamhaid, do bheannuigh siad dó, agá rádh: “Dia
do bheatha, a Rí na nGiúdaidheach”; agus fós do salchadh leó, tré iomad
tarcaisne le crain-tsheilí déisteanacha, a ghnúis ró-choisreagtha. Do
bhaineadar as a lámhaibh agus do bhuaileadar um a cheann an choróin
deilgneach, do choimh-éigniughadh a Fhola le lingeadh amach, agus tré
shnighe feadh a Chuirp go huile.



Iarn-a mheas do Phíoláit, le feicsin an radhairc sin go ngeabhadh an
oiread soin truagha na hUidhil dó, go n-ainicfidís a bheatha, rugadh amach
ár Slánuightheóir gus an áitreabh imeallach ar an órdughadh sin; iarn-a
thaisbeánadh mar sin in-a earradh purpair len-a choróin deilgnigh
um a cheann, len-a bhúdán in-a láimh, a chorp uile go locardha, leadhbach,
foir-líonta d'fhuil, adubhairt leis na hUidhlibh, “Féach an duine!” Do
gháireadar na hárd-shagairt agus an pobal uile, ag rádh: “Croch, croch é!”
Iar ngabháil feirge do Phíoláit trés an gcruadháil sin, adubhairt:
“Beiridh libh é agus crochaidh é, óir ní fhaghbhaim éin-ní len-a
dhéanamh air”. d'fhreagair siad gurbh'éigean a bhásughadh, mar do
chonnarcadar na hUidhil tar cheann a leadráin nach raibh mian ar


L. 206


Phíoláit Críost do chrochadh. Do bhagair siad air, aindísleacht do bheith
ann do Shaesar, ag rádh: “Má sgaoileann tú do'n fhear so, ní cara do
Shaesar thú”.



Arn-a chlos sin do Phíoláit, rug Íosa amach leis, agus suigheas arís
in-a chathaoir bhreitheamhnais; óir dob'fhearr leis cinneadh ar Críost
do bhásughadh, bíodh gurbh'fheasach dhó a bheith neimh-chionntach, 'ná
a iocht do chur i nguais do thaoibh Saesair. Gidheadh, éin-fheacht
amháin do thaisbeán sé Críost do na hUidhlibh, agá n-iomcháineadh, agus
adubhairt: “Féachaidh bhur rí féin annso!”. Do gháireadar, ag rádh:
“Beir uainn é agus croch é, ní fhuil éin-ní againn acht Saesar”.
Nuair dochonnairc Píoláit nárbh'fhearrde éin-ní dhíobh so, d'ionnail
sé a lámha, agá admháil do láthair an phobail: “Atáim neimh-chionntach,”
ar sé, “tré fhuil an fhíréin seo: tabhraidh-se bhur n-aire dhaoibh féin.
Do gháir an pobal, agá rádh: “Bíodh a fhuil orainn-ne agus ar ár
gcloinn 'n-ár ndiaidh”.



Ar mbeith do Phíoláit arn-a shárughadh le héigheamh an phobail agus
le heagla Saesair, rug breath go gcuirfidhe Íosa a Nasaret, Rí na
nIúdaidheach, ar chrois go faghbháil bháis dó. Rugadar na ceitheirne ár
Slánuightheóir leó, iar mbeith damanta len-a bhásughadh, ó shuidheachán
an bhreitheamhnais go cúirt an pháláis, áit in-ar thoghairm siad i
gceann a chéile an tshluagh-bhuidhean uile; agus iar mbuain a ionair dhe,
dobhí ag leanmhain go docht in-a chréachtaibh, do tharraing siad amach
tuile fola agus feóla, agus do chuireadar a éadach féin air. Gidheadh,
d'fhágbhadar an choróin deilgneach ar a cheann do mhéadughadh a phéin;
agus iar n-ullmhughadh croise uathbhásaighe , do chuireadar ar a ghualainn í
len-a hiomchur


L. 207


go Cnoc Calbhaire. Sul do cuireadh na tairngí ann uirre, ar ndul amach
d'Íosa as an gcathraigh agus é fá'n gcrois, d'fhág 'san tshlighidh ar
mbeith ag triall dó, sliocht lorg a Fhola, ionnas, gibé dobhéadh in-a
leanmhain, go bhféadfadh gan dul i múgha do lorg a chéimeann. Tárla an
Mháthair ró-choisreagtha dhó, agus do mhéaduigh a feicsin agus a teacht
in-a láthair, an doilgheas agus an phian dobhí roimhe sin air.



Ar mbeith dár dTighearna annsin anbhfann in-a Chorp, agus cortha tar éis a
chomh mór sin do thriall uile agus tréigthe a Fhola, tuiteas i dtáimh-néal
ar an talmhain. Do thuit go faon fán-a Chrois. Buailid na céastúnaigh
chruadhálacha ár Slánuightheóir milis, agus sporaid len-a gcosaibh é.
Gidheadh, d'eagla go bhfaghbhadh bás 'san tshlighidh, agus mar sin go
rachadh ó bhás d'faghbhadh ar an gCrois, d'éignigh siad Síomon Curanaeus le
hiomchur Croise Chríost an chuid eile do'n tshlighidh. Do leanadar drong
mhór do'n phobal Íosa, agus tárla dhóibh drong mhór do'n phobal Íosa,
agus tárla dhóibh drong d'áirithe do mhnáibh chraibhtheacha agus iad agá
chaoineadh, feasach ar a éigcirte do cuireadh dá chéasadh eisean. Ar
bhfilleadh do Chríost orra, adubhairt: “a ingheana Ierusalem, ná guiltear
libh ar mo shon-sa, acht caointear sibh féin libh, agus gur gclann; óir
tiocfaidh an lá an tan bhéas Ierusalem uile níbhus truaghánta 'ná mar
síltear libh mise do bheith”. Soicheas bean chráibhtheach d'áirithe
dárbh'ainm Ueronica a láimh-ghiobal do thiormughadh a dheilbhe leis; agus
ar mbeith lán d'allas agus d'fhuil agus do chrain-tsheilíbh déisteanacha ó na
céastúnachaibh, do-bheir an Tighearna dhi a láimh-éadach gan é salach amhail
do salach amhail do sílfidhe a bheith, acht é maiseach uile, agus íomháigh
ró-shochma a ghnúise geanamhla féin ann.



Tig ár Slánuightheóir go Cnoc Calbhaire .i. ionad


L. 208


neamh-shona lán d'ablachaibh agus do thaisíbh marbha; áit is nár ghnáth
éan-duine 'chrochadh acht feill-bheartaidhe fógartha; agus iomad fíona
sobhlasta ba ghnáth do thabhairt do chur meisnigh agus nirt i gcroidhthibh
na droing dobhíodh le bás d'fhulang. Do-bheirid sámhchaoin lán d'fhínéigre
arn-a chumasg tré dhomblas ae; agus arn-a fhromhadh dhó, níorbh'áil leis
a ól. Agus do cuireadh ar an gCrois é maille le sreang-tharraing a lámha
agus a chos tré fhóiréigean mhór, dá gcoimh-shíneadh i n-oireamhain d'fhaid
na Croise. Maille le hórdluighe iomad órd do dhaingnid le tairngíbh é ar an
gCrois, ag tolladh a chuisleann agus a chos le tairngíbh gharbha; agus mar
mhéadughadh masla, dob'éigean dár Slánuightheóir suidhe idir dhá
bhitheamhnach, mar ba hé féin doba mheasa dhíobh. Agus do chuireadar
tiodal garma os a chionn in-a raibh a Ainm, a dhúthaigh, agus ádhbhar a
bháis sgríobhtha i nEabhra, i nGréigis, agus i Laidin .i. Íosa Nasardha Rí
na nIúdaidheach. Agus, leis sin, do thógbhadar suas an Chros, agus do
leigeadar ar a bonn í i bpoll do-rigneadh d'éan-toisg.



Breithnigh anois, Ó a mh'anam féin, agus meas leat féin cionnas mar
atá a Chorp uile ar chrith go truaghánta, na tonna dá Fhuil luachmhar
atá ag snáimh-rith amach thar na ceithre lám-chréachtaibh úd! Créad
é a mhéid do dhoilgheas do'n tSlánuightheóir, na sagairt, na seanmóiridhthe
agus na dlightheóirí agá dhia-mhaslughadh, iar mbeith anois
ar chrochadh ar an gCrois ar ár son-sa, agus ar son an chinidh daonda?
Smuain, mar an gcéadna, ar a ghrádh ró-iomshlán, mar nach eadh amháin
gur ghuidh sé ar son an domhain, acht fós, ar son na droinge dobhí agá
chrochadh an tan sin, agus agá dhia-mhaslughadh, ag rádh: “'Athair, maith
dhóibh seo, óir ni feas dóibh créad do-ghníd”. Breithnigh, mar an
gcéadna, agus cuir


L. 209


i n-iongantas doimhneas a ghrádha, agus a thrócaire do thaoibh na
n-aithrigheach, mar gur thoirbhir chomh grásamhail sin do'n ghadaidhe
aithrigheach níos mó 'ná d'iarr air, agá rádh: “Béidh tú indiu mar aon
liom-sa i bParrthas”. Is mó an ionchurtha dhuit i n-iongantas doimhne a
ghrádha do'n uile fhíréan, agus go háirithe dá Mháthair ionmhain agus dá
Dheisciobal dhíl, agár aithin sé féin dá chéile iad, agá rádh léi-se, “Féach
do mhac,” agus leisean “Féach do mháthair”.



Ar marthainn dorchadais feadh trí n-uaire as a chéile, do ghabh machtnamh
mór iad uile. d'ofráil Críost é féin d'íodhbairt do Dia, agus sin go
ró-éagcuimseach, nídh d'fhoillsigh sé féin fá dheireadh, ag rádh: “Ó mo Dhia,
mo Dhia, créad fár threigis mé”. Ar mbeith do'n Tighearna imshníomhach le
tiormacht cuirp agus le fríochnamh slánuighthe an chinidh daonda, adubhairt,
“atá tart orm”. Ar mbith dá cholainn dáríribh fonnmhar le hionnfhuaradh
d'fhaghbháil le digh, agus n-anmann, do tomadh leó spoinge lán d'fhínéigre
go n-iosóip, agus do shoich in-a bhéal é. Iarn-a ghlacadh go ceannsa
do'n Tighearna mhilis, adubhairt: “Atá sé críochnuighthe!”. Mar sin, ag
cuimling leis an mbás, bíodh go bhféadfadh marthainn ní badh shia, le
claonadh a chinn do thoirbhir a Spioraid.



An tráth fuair Mac Dé bás ar an Crois d'fhuasgladh an chinidh daonda,
ba thoil leis a gCumhacht nDiadha, mar fhiadhnaise agus mar dhearbhadh ar a
chomh iongantach sin do dhiamharún, míorgbhaile éagsamhla agus dearbhuighthe
iongantacha do thaisbeánadh; agus b'fhollas do'n domhan uile ar dtúis,
iar mbeith do Chruthuightheóir neimhe agus talmhan le haindligheadh a
chréatúirí féin arn-a


L. 210


chrochadh ar an gCrois. Do dhorchuigh an talamh i meadhón lae feadh trí
n-uaire, tré urdhubhadh na gréine, agus sin 'san éasga lán. Dá éis sin, ar
mbeith d'Ughdar na beathadh rés an nádúir iarn-a coimh-éigniughadh, do
thiodhlaic uaidh a Spioraid dá aontadh féin, ní ná féadann créatúir eile ar
bith do dhéanamh.



Do sgoilteadh brat an teampuill 'n-a dhá roinn ó bhuaic go lár.
Do chrithnigh an talamh. Do réabadh na cairrge in-a blódhaibh. Do
hosgladh na huaighe, tar éis eiséirghe an Tighearna, agus d'éirgheadar
iomad do chorpaibh na naomh dobhí in-a gcodladh, agus do taidhbhsigheadh
do mhórán iad. An captaon agus na saighdiúirí agá rabhadar a gcroidhthe
iarn-a gcruadhughadh le mailís, roimh imtheacht dóibh d'admhuigh siad go
hosgailte gurab é sin dáríribh Mac an Duine; agus mórán do lucht ba
haindiúide do na hUidhlibh, d'imthigheadar go haithrigheach, agus iad ag
bualadh a mbas.



Ar dtolladh taoibh Chríost le gai do dhíolmhanach, tig go hobann fuil
agus uisge as. Téid Iósep ó Aramataea, nár lámh roimhe sin é féin do
bheith 'n-a dheisciobal ag Críost, - téid anois go dána go Píoláit, agus
athchuingigheas an corp, agus bheireas leis ó'n gCrois é. 'San obair
naomhtha sin dobhí duine prionnsapálta do na hUidhlibh dárbh'ainm
Nicodemus, len-ar ghnáth dul d'fhios Chríost 'san oidhche, ní nach
lámhadh ar ló di dhéanamh. Do tháith é féin leis. Thug leis cumasg
miorr agus aloe, tuairim céad púnt. Do thóg an Mháthair mhaighdeanda
'n-a hucht corp a céad-áineasa agus a beathadh. Do thoirbhir uaithi arís
é. Do-rigne feitheamh ar a adhlacadh; agus iar sin, ar mbeith do'n
Chorp mhórluaigh iarn-a chórughadh le spíosairí agus arn-a cheangal le
héadach líoth-shnasta lín, do hadhlaiceadh i dtuamba nua do-rigneadh i
gcarraig é, mar nár cuireadh éan-duine


L. 211


roimhe; agus do hiompuigheadh liag mhór leis an doras do chead
Phíoláit, agus 'n-ar chuireadar na hUidhil séala. Agus do
chuireadar lucht faire do choimhéad an tuamba, d'eagla a
dheisciobail dá ghoid leó, agus dá rádh gur éirigh ó bhás.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services