Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Micheál Óg Ó Longáin
Title
Micheál Óg Ó Longáin
Author(s)
Ó Longáin, Micheál Óg,
Compiler/Editor
Ó Murchadha, Tadhg
Composition Date
1810
Publisher
(Tráchtas neamhfhoilsithe, 1940)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Micheál Ó Longáin cct. d' Eoin Baiste Naomhtha san mbliadhain 1810 i nGleann Maighir. June 24th. Mo bhrón-sgíos deacrach fad-tuirseach fír-dhéarach Me im'dheoraidhe dhealbh ar mhachaire an chlaoin-tsaoguil Gan stór puinn agam ná caruid ar tí a dhéanta Is Eoin Binn Baiste bí'm aice le linn m'éaga.
A Shagairt chiste charthannaigh is cumtha caomh Do tharraingeas ar maidin ort ó chiubhais an tsléibhe Do leabhar-ghlac do thabhairt ós mo chionn má ghnéir Bead scartha le gach peaca aca le congnamh Dé. Athchuingim an t-arradh-mhac fuair sciúirse 's péinn d'ár dtabhairt-na ó'n bpeaca agus ó'n gcúrsa gclé Maithfeachas do thabhairt dom is congnamh déar Is ár sagart maith go maire againn mar chúl dá thréad.
Ní Cathach liom-sa ceatha teine ad dhóith a shaoghail A sheana-shionnaig chealguigh gan chóir gan chrích, Le ngreadathar na flatha so nách d'fhoirfeadh sinn Is le a nglacathar an aicme sin nách fóghanta croidhe. Dearbhaim gur cleachtais-se i dtóis do shaoghail An charthanacht do dhearamad is do sheólad síos, An faruire mear meanamnach 'san óigbhean chaoin A leagadh sin gan tearmain gan sogh gan suim. Cé gheallair cion is macnais go leór is maoin Do'n amuid bhuile bharbartha 's don chóbach chríon A nglacaid-sion ded' mhaitheas-sa is glóir bheag bhaoith Sgaruid leis is rachuid uile ag dreogh san gcill. Is gairid maireas rachmas beag is lóch an tsaoghail Mar lasair suip don easgartach roimh lóithne dhon ghaoith Cí fada bhías a mhairg sin, a bhrón, 'sa dhíth, Ar an anam mbocht in eacarann dá dhóigh 'na dhíoghal. Gabhaim-se is glacaim-se mar lón do shíor Leanbh Mhuire bheannuighthe 'sa chomhachta am' dhíon Taramuin na n-apstal ngeal, na n-órd 's a nguidhe Dom'sheachnadh ar an bpeacadh agus dom sheoladh i shíth. Síothcháin Dé na naomh is na napstal n-uasal Daor-pháis ghéar an aenmhic cheannaigh sluaighte Micheál maor is tréan i bhfeartaibh muara Dár ndíon lá an tsléibhe fá sgéith na n-aingeal n-uachtarach. Amen.
Maidean dom im aonar i nGaorthadh cois Brighde Ag machtnamh cleas is claonbheart an tsaoghail dona chinnte 'S mar mheathsat Clanna Gaedheal ghluis in Éirinn gan Saoirse Acht ar aghad ag aicme an bhéarla dá mb'éigin dóibh stríocadh. Níor bhfada dham fá'n nGaortha ag déanamh mo smaointe Go bhfeaca áinnir Mhaordha ag téachtuin lem' thaoibh-se Ba casta ceathach Péarlach a Craobh-fholt go bís léi A dearca glasa gléine's ba caol deas a braoithe. Ba tana deas a béal beag tais craobh-dearg mar ghríosuigh 'S ba cailce deas a déid sin na gcéirmhion gan aoinlocht A leaca leabhair aolda mar réilltín na Síonta Acht Nár bh'fheas cia aca dá ngeilleadh do chaora no lítis. Aithris dam a Spéirbhean ar mési cá mbíonn sibh Nó an bhean de threabhaidh Éireann so d'aontuigh teacht taoibh liom An feas gur tusa Deirdre nach d'éaluigh le Naoise, Nó an bhean do chas na Gréaguigh tug léir sgrios na Traoi Thoir. Ní ceachtar aca mési dar léigheadh leat id' laoithe Acht Seanabhean gan sgléip suilt iar néaga dom dhaoinibh Is í m'ainm cheana Éire céile na Righthe De mhaithibh Chlainne Eiriomhóin Éibhir is Ithe.
Gealluim duit a shéimh-fhir cé sgéala ná síltar Go mbeidh scaipeadh ar aicme an bhéarla da dtréan-chur thar taoide Go gcasfaid Clanna Gaedheal Gluis in Éirinn mar bhíodar Cé fada dóibh dá gcéasadh fá daor-smacht bhfear gcoimhtheach. Stad a bhean ní ghéillim ar aon chor dod laoithibh Is go gcaithfain feasta staonadh don claon-bhruscar mhillteach An Creideamh ceart do shéanadh tar breithribh an Bhíobla Nó ár gcartadh amach as Éirinn le méirligh an aimhlis. Tá an dá bhéarsa so sa bhreis i Lss 23F 18; 96. Na bacaidh feasta an sgéal soin is ná géill-si dho it'intinn Ní ar ghainimh scartha bréagach tá an chléir seo na suidhe againn Acht ar Charraig Peadair déanta fá scéith mhilis Íosa Is go lasthathar na spéartha níl baoghal ar a ndíbirt. A dtairngreacht na Naomh is eadh léightar le saoithe Cabhair do theacht ar ghaodhlaibh cé céasta atá an Croidhe aca, A seacht is leath-chuid gléasta de bhliantaibh mar innsid Sin caithte amach a dtéarma ar Éirinn na Míleach. Tá an bhéarsa so sa bhreis i Lss Mur; vi 157. Sin seascadh ar dhís miltibh go ngneithibh mbuaidh Go ngeala cruth ngnaoi naoidheanda 's go neata snuadh d'ainniribh sidhe ndlaoifholt gan éadach uaim Don tSagart mhear groidhe an Cuinntheach breágh léigheanta suairc.
An Pósadh úd bhí ag Ánet Cánadh Bhí Rí na nGrás ann i bpearsain Do bhí agus Muire mháthair, Is nár bh'áluinn í a mbainis Na daoine úd bhí ar chlár ann Bhí biotaille aca gan easnamh Is na huiscidhe bhí 's na háthraighe Go mbadh aluinn a mblasadh. Do rin Rí na nGrás dá mháthair Mar ghárda ar na peacaidh Le linn agus na ngrása bheith A táil air na srotha Chuim go ngeillfimís dá ghlóire Mar threóir do'n mhailís S gurab í fuil Ríogh na Glóire Bhionn go deó againn sa chailís. Sí maighdean na cabhrach í S nír meabhair dis 'an peacadh An plannda do shíolraidh ón Rígh úd do b'fhearra Cuir t'athchuingí le díograis Chun rígh geal na n-aingeal Cun go mbeadh sé deanamh treóir dúinn San ród dul abhaile. A Thighearna agus a Íosa agus a Rí gheal na cruinne d'fhuiling coróin spíona Agus ísbirt na croise 'Od stracadh od' straoilleadh.
Idir dhaoine gan chumann Is ná rabhmíd-ne choidhche Gan do ghrásta bheith againne. Cuim na nglas úd do scaoileadh Bhí choidhche i nár gcoinne Ó reidh tusa an tslighe dhúinn Déin díon dúinn a cumainn Cuir spreagadh nár gcroidhe 'stigh' Cun ár ndroich-ghníomhartha tuigsint Cun go mbeimís de ló 's d'oidhche Deanamh lórgníomha nár gcurtha. A Mhuire a mháthair chaoin tréitheach Leigim taobh leat mo pheacaidhe Guidh-se chun t'aen-mhic Sinn do shaoradh ó 'sna caithidhe An diabhal; 's an tsaogail úd Go ndéinim díobh taithighe Ó Íosa a Mic Dé Gur daor bocht do cheannuighis A Íosa a Mhic Dé Gur daor bocht do cheannuighis Clann Adhaim agus Éibh Led chuid fola n-a caisí Sínte ar an mbráca Beidh na ceadta 's na mílte Is mar lasair na ceardchan Gur fútha sin scaoiltar.
Cuir fút séala An tslanuighteora adeir Íosa Nó aibíd mo mháthar Is caith í le diograis Mo gheallamhain ní fhéadair Gan í do chóimhlíonadh Siúd é do luach saothair Is lean féin an tslighe úd. O a Shlánuightheóir ghlégil Iarraim ort mar athcuingí Gan sinne do thréigean Agus tabhair dúinn an aithrighe Go hIfreann na leig sinn A séide fé choiridhe Mar bheadh mactire i measc caorach No uan idir conairt. Á strachadh as achéile ag Uallghuirt sa stolladh Bíd siad air áraigh úd Go brath agus coidhche Gan suaimhneas le fagháil aca Ná scíth ar bith Nach bocht an cás ná tuigimíd Ar ndroich-ghníomhartha 'S go bhfuil ar rogha le fagháil againn Ceactar den dá nídh sin Go bhfuil lacuna Flaitheas na ngrás n-geal. No Ifreann coidhche.
Moladh do Íosa Críost; Moladh do shior is do ghnáith Moladh dhuit a Mhuire ró ghlan Do geineadh gan a peacadh Moladh dhuit. O a Íosa Chríost a theampuill na ró-dhiadha ? a iodhbairt naomhtha an aifrinn, dein trócaire orrainn.
Tá an foghmhar so go haorach céad baodhchus le hÍosa Tá eorna n-a slaodaibh is caomh-chruithneacht thíortha Tá cnó buidhe ar na craobhcha agus sméar ar an bhfhir-dhris Is céad glóire dhon aon-Mhac le ndeant gach-nidh aca. Ogh fhleadh-bhreagh threightheach is léigheanta 's is liomhtha Is comhachtaighe 'sis tréine is féile 's is fíre Tá ceól ag na héanlaith gan traocha dá innsin Gur lem stór-sa is breith baodhchus don tsaoghal eile timcheall. Sé sheolann na réalta teacht gréine agus taoide Bheir neóla na spéire an ghaoth is na sionta Eóin bhinne an aéir uile is eise ins an mín-mhuir Is fós cuireann feár glas cun treadtha na dtiortha 'S gur dá comhacta teacht lae cugainn déis nealta na hoidhche. Mo bhrón-chreach go n-éagad mo scéan is mo sceimhleadh Gach ló thig dem ré 's mé reabadh do dhlighe chirt. Ach a stóir ghil ná tréig-si is ná séanaidh sinn tríd sin 'S ar mhór-cruis gur shaorais sliocht Ébha let fíor-fhuil Tá óg-shagart léigheanta anois taobh liom san tír seo Is doigh liom gurab aodhaire é mhaor mhaith nó stíobhart Sé fhóirfidh mo ghéibhinn is réidhfidh mo snaidhm dam Is do thógfaidh go héasca gach daorscamall nimhe dhíom Is go deo arís ní dhéanfad aon daorbheart mar ghnínn seal.
Sean-oidhche Lughnasa beartuigheadh linn cúl do chur Le haindlighe na trú-cholladh d'fiúg me gan treoir Do leag sí me cionntach gan neart breatha ná lúith ionnam Am raispín bocht spriúnlaithe dúr lag fá bhrón. Athchiunghim gan diúllta do cheart dlighe na n-ughdar Ná faillighe do thabhairt an aon phunnc de go deo, Go ccneasuigheadh gach dúircneadh do lean díom fan ccúis sin Le haithrighe glan ionnruic mar múineadh le Pól.
Is doilig liom a olcas chuireas aois m'óige 'S nár soicheadh liom an obair seo go gcríochnóchainn Gur doircheadh an solas ar mo righin ró-ruisg Tug follamh mé gan sochar ar mo sgríbhneoireacht. A Lonna-Mhic do crochadh dam ar thrí tháirne 'S ler doirteadh fuil go fonnamhar do shíol Ádhaim Óis follus duit me i mbochtaine 'si bhfíor-ghábha Fortuigh sinn a chogair dhil do chaóin-mháthar. A Mhaighdean gheal ghréinneach 's a mháthair mhaith A Dhéighbhean ná deighiul me ód' cháirde amach Acht leighis-se mo theinn-lot is fág me glan Go raghuinn ar do theaghlach-sa lá na gcreach. Amen.
Truagh nach tuigir a dhuine bhocht chríona léith Cruadhas an ionaid 'na gcuirfear thu sínte i gcré Fuacht na lice sin iomarca cruimhe agus daol Anuas id' mhullach dod' ithe go cíochrach géar.
Lá is mé ag taisteal cois taoibh an tsrotha chiúin, Ba crábhfeach éin ag cannain go h-aoibhinn ós mo chionn, Is eadh shín lem' ais an ainnir dheas dob' aille gnaoi 's gnúis Is gáire gasta geanmhail do rin sí liom. Do labhair mé go cneasta ceart caoin lem' rún, Is d'fhreagair sinn an ainnir ghasta mhín tais modhmhail Cé fada dhuitse ag taisteal cnoc gan nídh fáth bonn Is gearr anois go mbeidh tú againn ag díbirt Gall. Ainnir dheas gan chealg cleas it' croidhe nó it' labhairt, Aithris ceart an eagal seal i gcuimheascar lann Cár ghabhais chun an ghleanna so nó an fíor gur cabhair Tá ag Carolas ag taisdeal chughainn ar drim na nGall. A Sháirfhir shéimh is meabhair liom sin d'aithris duit go grádhach le fonn, Go bhfuil gárda thréan ag Carolas ag taisdeal ribhe ar bhárr na dtonn Beidh báire is céad ar Sasanaig is Fanatics dhá gcrádh gan cabhair Is gearr go mbeidh Rex in Albain is Aifrinn do rádh gach am.
I nGaorthadh Ghlas Choille Im' aonar gan duine 'Om' éisteacht acht druide Gríbh agus leoghain, Is mé faon-lag gan fuinneamh Taonmhar ag sileadh Déara n-a srothaibh Síos liom go feór 'Seadh d'aontuigh im' coinnibh Bé mhiochair mhilis Ghlé ghonta suidhthe Aoil-chnis gan smól, 'S da caomhnadh bhí giolla Chéas mé le tritheamh Saegheada dá gcur Im' chroidhe-se thar fóir. A slaodh-fholt ag tuitim Léi-se go troighthibh Craobhach cas cluthmhar Trínnseach 'n-a deóidh, A h-éadan ba ghile A claon-rosc ba ghluise, A déid deas ba ghluine, A gnaoi agus a clódh A scéimh-chruth gan milleadh A caomh-chorp ba shuidhte A haol-chrobh ba shnuidhte 'S a braoithe gan smól, A caol-mhama cruinne Mar ghéis ar an uisce Chuir géir-shearc n-a rith Im' chroidhe-se dhon óigh.
Sléachtaim le binneas d'on spéir-bhruinnil mhilis, Caidé an áird d'en chruinne Ar shíoruigh im' chomhair, "Nó an féidir gur sibh-se Léir-chuir gan fuinneamh An Trae thoir 's a fuireann I bhfír-cheathaibh smóil, Nó Céarnait ar uisce Chéad-chuir an muillean Ba shéadmhar ba shnuidhte 'S ba shíoch snasta snódh; Nó Déirdre ler milleadh Céadtha gan cumas I gCraeibh dheirg uladh Is draoidheachta gan chóir. An féidir gur sibh-se Do chéimeadh ar muir Ler aomhuigh sin Conall Triall seal 'n-a deóidh; Nó an bhé mhiochair mhilis Thug léir-scrios ar mullaibh Aol-bhroghaibh Innse. Nó an réaltean ler chumaisc Tréan- mhars na croise; Nó Médea ler cuireadh Flíos seal ar bórd; Nó an spéir-bhruinneal shnuidhte Thraochadh san gcoinne; Nó an caomh-eala dhil d'fúig Gaoidhil seal fé bhrón?"
Is léir gasta cliste Géar d'fhreagair sise Mé-se le binneas Bhinn-ghuib i gcóir, Dá léigheamh dham nach duine Ar éan-chor aca-san d'éilimh me im' laoithibh I ar an bhfeór, Acht Éire bhíos sinnil Chéile na righte Ba thréanmhar gan time Ar mhaoilinn le slógh; 'S go séidfam an fhuireann Éithigh seo as Innis Éilige le fuinneamh Míleadh agus treón.
Aréir dam go déidheannach ag siubhal na gceacht, Go faonmhar im' aonar gan subhchas seal, Ba glé-ghartha aol-daichte ciúin gan snas Bé mhiocair mhaordha gheal bhúch ag teacht. Is éadtrom deas néata do siubhail im' ghar An spéir-bhruinneal maordha dob' ionnruic dreach, A slaodh-fholt ar saobh-chrith go búclach cas, 'S a claon-rosc mear péarlach mar dhrucht na dtreabh. Dob aerach ag pléireacht n-a gnúis ghil ait An chaor agus caomh-lile bhúidh na mbeach; 'S dá caomhnadh ar gach éan-olc badh dhubhach le teacht Bhí caoch-ghiolla claon-bheartach cúinneach cas. An tan d'fhéachas an spéir-choinneal ionnraic gheal Do chlaochlaidh mo chéadfaidh mo riún 's mo rath; A scéimh-chruith thug daol-dhreach ar ghnúis na mban, Is chuir Phoébus fé néaltaibh go dúbhach gan phreab. Sléachtaim do'n bhéith mhilis chubharthaigh dheas, Cad é seo thug faon í san nús so seal; "An léir gur tú Délla do thionnscain creach Actéon dá ghéar-ghoin ag dubh-choin ait?" Nó an phéarla thug Gréagaigh n-a dtrúip thar nais, Nó an chaomh-eala ghléigeal ler túrnadh Tailc, Nó an bhé mhiochair Éithne ler múscladh cath, Is ler traochadh na céadtha gan lúth ná preab. Nó Déirdre ler traochadh an triúr nár lag, Nó Céarnait an ghéar-sruth do thionnscain seal, Saor-mhilte a dhéanamh i ndún mhic airt, Nó an péarla ba shéadmar noch d'umhluigh cait.
Nó an spéar-bhean do éaluigh thar srúill 'n-ar measc Ler traochadh an laoch mear nár dhiúltuigh neach, Nó dé-bhean na céille, n'an bhúidh-bhean tais Thug tréin-fhir na Féinne go dubhach bocht seal?". Is géar gasta béasach deagh-mhúinte chan An bhé sin go sléachtach dham cunntas ceart; "Ní héinne dhe'n méid sin mé dúbhradh leat, Le scéaltaibh bhur Séarlais mo chúrsa is feas". Ar éisteacht na scéal soin ba shúgach dham, 'S do léimeas go héadtrom lúthmhar mear, Gur shléachtas go héascaidh do'n chúilfhionn tais; An raibh Séarlus fé réim cheart mar dubhradh seal. "Tá Séarlus go réimeach, mar dubhradh seal, Go tréan-truipeach céimneach cughaibh ag teacht, Ní staonfaidh dh'en scléip sin go dúthchas Airt Ag léir-scaipeadh méirleach a fionn-bhrógh Chais. An Ceangal. Sin Cunntas ceart thar caladh chughaibh go cruinn, Go siubhalfaidh an fear cé fada dhúinn é ríomh, Do bhrúdhfidh Galla feasta i gcumhangras claidhimh, Gan lúth gan phreab gan rath gan fonn gan chrích.
Araoir is me ag smaoineamh gach seana-nóis chirt, Ba chuimhin liom san tír seo go bhfeas do'n chóige Gur dísceadh ár saoithe as fearann Fódla Le coimhidhthigh gan caoineas, sin beart do bhreóidh me. An díoghluim bheag díobh siúd san mbaile beó againn Dá ndíbírt le dlighthibh thar sleasaibh bóchna; A gcríocha dá líonadh de Ghalla-nósaibh, 'S gan puinn mheas ar Gheoidhilg ná ar sheana-ghlórthaibh. Gach laoidh ar bith dá líomhthacht i gceartas cómhaidh, Badh dhícheall do dhraoi ghlic do cheapadh i n-eólas, Do scaoilim ó oidhche go maidin doibh-sean, Acht níl brigh ann, táim millte ag na seana-bhróga.
Ar anfhorlann Éireann le n-a linn féin. Maidean aoibhinn bhíos im' aonarón Le sleasaibh Laoi na mín-bhreac ngléigeal mbeó, Ag machtnamh gníomharta claoina an tsaogail dh'reóil Ler leagadh prímh-shliocht Ír is Eireamhóin. Maicne Chríomhtain d'fhíor-fhuil Éibhir Mhóir, Is aicme Íthe an ghrinn nár staon i ngleó; Mo chreach mo dhíth mo líonruith léin gach ló, A maireann díobh gan suim gan séad gan sógh. Ar meas na ngníomh soin suidhim ag déanamh bhróin, Fé tharadh chruinn ghluis aoibhinn ghéagaigh mhóir, Gur sheasaimh taoibh liom caoin-bhean bheasach óg, Ba mhaiseach gnaoi 's ba naoidheanta néata clódh. Ba chasta cíortha a cíp go féar n-a deóidh, Ba ghlas ba ghlinn a rinn-ruisc réigh mar reóth, Ba cheart a braoi, ba mhín a déid gan smól, 'S ba bhlasta fuighle a gríosghuib shéimh gan mhóid. Ag deabhadh díchill bíd le chéile i gcómhair Sneachtadh 's lítis mhín is caor go leór N-a leacain aoird gan timheal gan éalaing fós, San ceachtar díobh ag scríocadh an scéil so'n chóir. A mama chruinn ar líth na géise um nóin, Nár ghaibh go fíor ó dhlíghtibh Bhéunus clódh; Ceathra 's coillte, teoide is éisc is eóin Do faictar suidhte ar mhín-bhruit saor n-a deóidh.
Ba thana taoibh-gheal mín a caomh-troigh chóir, Ba shlachtmhar síoch ba mhíonla maordha módhmhail A pearsa chaoin gan timheall gan éan-rud smóil Ler leagadh saoithe tím le géir-shearc dóibh. Fachtaimíd go caoin de'n bhéith bhig sceól A dearbh-shinsear d'innsint léi gan ghó, An treabh 's an tír ór shíolruigh féin im' chómhair, Nó an d'aicme Geoidheal na gcraoiseach ngéar a pór. "Abair linn an díbh do traochadh treóin I dTeagh na Craoibhe thíos ag éad led' chlódh? Nó an bhean tug druim le Rígh na Féinne, is ghlóis Le Mac uí Dhuibhinn' fé choill ghluis chraobhaigh cheóidh? Nó an bhean ar linn do scaoil go gléasta an bhró? Nó an bhean trer chlaoidheadh san inse tréan-mhac Treóin? Nó an bhean ó'n mbinn nar shín Mac Néill 'n-a deóidh Ag argain críoch gur mhill an saoghal mór? Nó an eala mhíonla Aoife an chaemh-chnus chóir? Nó an bhean tsidhe do bhíodh san Léith-chraig romhainn? Nó an fear gurab í seo Clíodna mhaordha im' chomhair Do radadh díon dá mbí go faon gan stór? Nó Pallas mhín, nó an Bhrídeach Bhénus mhódhmhail? Nó an bhean tar tuinn do scaoil Mac Éason leó Trer ghaibh n-a luing gan choimheascar caora an óir, Is athair críona arís go ndéineadh óg? Nó an fear gur tríot, mar innstar scéal le heól, Do leagadh síos an Traoi fé chaoraibh smóil, 'S an mac soin Phrím, do-ghníodh ar Ghréagaigh leógh, Leagtha ó chraoisigh nimhe mhic Tétis Mhóir?".
Do fhreagair sí go líomhtha léir ar cóir, Ba bhlasta bhí fé thrí 'ná caomh-cruit cheóil: "Ní neach de'n bhuidhin sin ríomhais féin me fós, Acht bean Mhic Chuill, is bhíos ag Eireamhóin. Seal dom' aois ag Críomhthain caomh na slógh, Ag Feargus groidhe, 's ag Síorna saoghlach sóghach, Ag Art Mac Chuinn, an míleadh éachtach eóil Do leag an Muimhneach síos i n-éigen gleóidh. Do caitheadh linn go haoibhinn tréimhse mhór Ar halla Ríogh na nInseach Séamus óg, Mar a ndearcainn fíonta ag saoithibh saora 's Beóir Is spreagadh caoin-chrot binn ag éigsibh ceóil." "A shearc mo chroidhe 's a dhiograis chléibh go deó, Fanaidh linn," ar sinn "is réidh dam sceól, An gcasfaid Gaoidhil arís, nó an féidir leó, I mbeathaidh a sinnsear choidhche i nÉirinn óig?" Do fhreagair sí me arís, is réidh mo bhrón, Is d'aithris míle nídh nár léir dam'shórd: "Beidh Clanna Gaoidheal gan moill i réim go mór, is Danair díscthe a hInse Éilge fós." Beannacht Chríost go síor i ndéidh do bheóil, Is aitchim fín gura fíor, go léir do ghlór: Go bhfaiceam claoidhte brígh gach sméirle dhe'n chóip, 'S nár ghabhaid díon i gcoill ná ar shleibhtibh cheóidh.
An tam cuireadh suas me san mbliadhain 1797, i gCorcaigh móir Mumhan is eadh chumas an t-amhrán beag so síos do ghríosughadh fear Éireann de gach éin-chreideamh, agus go háirithe Clanna Gaedheal fé bheith díleas deagh-rúin deiscréideach, i gcóimh-cheangal grádh pháirte cumainn agus lán-mhuinntearais, agus i ngrádh dearbhráithreachais le chéile, ionnus go mb'fhusaide dhóibh an cluithche seo do bhreith agus iad féin do shaoradh ó'n ndaor-chuing sclábhuidheachta fe n-a bhfuilid le cian d'aimsir fóríor. I dtairngreacht naomh is léir go bhfeacadh Scéal beag deas le luadh Ar leathan-tsliocht Ébha theacht go tapaidh Tréan i dtreasaibh tuadha, Go nglanfaid sin Éire mhaordha bhuadhach Ó scamallaibh daora an chlaon-truip chruaidh, Go mbeidh mar a chéile i gcéim 's i gcnuas Gan tnúth gan srath go deó. A Chlanna bhocht Gaedheal 'tá i bpéinn le fada, Éirighidh feasta suas, Is gabhaidh go géar ag gléas bhúr n-arm, Is déinidh treas gan truagh; M'ás Sasannach é no Quaker cruaidh, Ná glacaidh-se féin leis éad ná fuath, Acht preabaidh le chéile i n-éinfheacht suas, Ag túrnadh Danar dóibh. Is 'mdhó faraire tréitheach éadtrom tapaidh, Do léim le tamall suas, Is dearbh go ndéanfaidh claon-tsliocht Chailbhin, Bhréin do leagadh anuas; Ní deachmhaidhthe a laogh atá ar éan-chor uainn, Ná tacsanna cé gur méala muar, Acht an talamh go léir bheith saor go buan, Ag crú na bhfhear ó'n mBóinn.
Beidh an fearann so Eibhir saor ó doléite Is Gaedhil i ngradam muar, 'S gach scramaire bréan ler mhéinn ár mealladh, Tréith ar easbaidh luais, Mo chara is mo laogh-se an Saesar suairc, An Faraire séimh gan claon gan cruadhas Gura fada bheidh féin 's a ghaolta suas, 'S gach trúp dá ngabhann leó. Ceangal. Innsim díbh le díogras dlúth A mhuinntir úd i ndaor-bhruid, Go bhfeicfimíd-na scaoilte an punc Is míle búr ag béicidh. Líonaidh canna fíona amach, Tá an bhuidhean so ag taisteal taobh linn, Mar innstear stair le saoithibh sean I scríbhinn blasta Gaedhilge.
Beir litir uainn do'n Mhumhain leat A riúin ghil 's a stóir, Is aithris tre riún dóibh Go bhfuil an cúrsa 'n-a gcomhair, Gur 'mdhó ainnir mhilis mhúinte Agus leanbh firionn fionn leis, Is fear breágh cliste cumtha Do fúigead ar feódh.
Fiafruigh cad chuige ná héirighid Is teacht linn san ngleó, I n-arm greanta greadhnach, Bheadh faghartha go leór; Cé táimíd brúidhte millte 'S go léor dár namhaid 'nár dtimcheall, Innis go bhfuil na Laighnigh Ag adhaint na teine leó. Do ghluais ó Chúige Chonnacht chughainn Tuilleadh 's deich míle laoch, 'S adtuaidh ó chuantaibh Uladh An oiread eile i bhfíoch 's i bhfaobhar; Ní bhfuaireamair fuaradh ar bith aca Gur thugamar bualadh is fiche ortha, 'S badh thruagh mar bhídís cuirp againn Is fuil i ndeireadh an lae. Acht cá bhfuil an congnamh Muimhneach Nó an fíor go mairid beó, A n-arm lonnrach líomhtha Ná tigid linn san ngleó, A ndeacair-phúir a dhíoghailt, Is Galla-bhúir a dhíbirt A fearann-dúthcais díleas Ár sinnsear go deó?
Is dubhach liom scéal na n-úir-fhear séimh Ag Búir go claon dá gcéasadh shíor, Gan cúl gan céim gan rún gan réim, Acht dúbailt dhaor gach féile ar chíos. Mo phúir mo phéinn no thúirse cléibh sin, Crú glan éachtach Éibhir Fhinn Da mbrudh gach lae 'n-a ndúthaigh féin Le Brúscar bréan do leím thar tuinn. Is 'mdhó cú mhear mhaordha lúthmhar léigheanta d'umhluigh téacht linn féin san tslighe d'fhonn Búir do thraochadh ar chunntas éigin, 'S ar Thúr na Naomh nár théidhidh soin díobh. Níl cúil ná craobh ná cúinne d' Éirinn Gan trúp breágh gléasta réidh dár mbuidhin; Is brúdh agus baoghal 's gura dubhach a shaoghal Ag aon spriúnlach bréan ler mhéinn ár ndíol.
líne ar lár Le spás do dhaor lucht bréige 's fill. 'Chionn a rádh go ngéillid pháirt 'nár dtaobh, Is mo náire shaoghail má théidhid gan díoghal. Tá gárda thréan tar sáile ag téacht, Bainfidh sásamh géar gan séanadh dhíobh; 'S cé cásmhar mé dhom' chrádh ag an saoghal Géarrfad tréin le faobhar mo chlaidhim. Is cathach mé fé dhaithnid ghéar Ar gclos na scéal so ag téacht san dtír, Is aicme an Bhéarla bhracaigh bhréin Ag tachtadh Gaedheal le claonta dlighe; 'S ar Pheadar ghléigeal flaith na féile Gur gearradh Féithe a chléibh 's a chuim, An Sagart séimh de Chlannaibh Néill Do b'fhearra tréithe méinn is gnaoi. Is léan liom an séimh-fhear deas cúmtha caoin I ndaor-ghlas na bhfaol-chon so shiubhail tar tuinn; Récs ceart na naomh ngeal dá dtúrnamh síos, Is do reidhteach do ghéibeann-sa, a riúin mo chroidhe.
A Chumainn ghil cháidh chraibhthigh Is suairc socharach sians, 'S le gcumtar go bláith dánta I n-uaim shocair gan chiach, Ná tuigidh gur gráin gháibhtheach Ná fuath fochmhaideach fiar Do choingibh me spás lá annso Gan suas oraibh-se thriall. An gcluinir mar d'fhág táin chliste Cuan Bhrollaigh go dian, 'S go hInnis ghluis Fáil táid-san Go luath lonnardha ag triall; Níl duine de'n ghráin-ghráscar so Thuair m'osná le bliadhain Ná cuirfam chun fáin láithreach Gan luadh ar chostas ná ar bhiadh. Sin chugaibh-se táin staíd-bhruinneal Suairc soilbhir siar, Is le hiomarca grádh dháibh-sean Is duairc doilbhir cliar; Cuiridh-se tráth scáth bheag Ar fhuacht ortha go fial, A Mhuircheartaigh bháin, d'fhágas I gCluain Droichead im' dhiaidh.
Mo láin-tsearc thar cách sibh a Bhreathnaigh binn búidh, Is do tháinig ó'd mháthair de mhaithibh Gaoidheal Fionn, Ó's áitighthe gráidhtar leat seanachaidheacht iúil, Ní cás leat bheith páirteach le fear do-ghní siúd. Ó's áil leat an táin sin do chasadh arís chughat Ní fuláir dam a bhfagháil duit go hacmuinidheach umhal, Acht an cáirde ró-gheárr agus faid na slighe annsúd Agus gráscar na ngárlach so 'om chaitheamh trím' ughaim. Gach árd-scamall gránda dar stad ar Chrích Lughaidh; An cárnadh so ar árd-fhuil gach sleachta saoitheamhail', Ní áirímhim mar táid-sean ar easbhaidh bídh 's búird, Dá gcrádh agus dá gcáibleadh le fada fí bhúir. A ráib ghil ná gráidh bheith i n-earraid síor liúm, Tá an Grásach dá rádh go bhfuil a theacht arís chughainn Ar árd-chnoc idir tháintibh, is eagal díbh siúd I lá beortha an bhrátha nach startha is díon dúinn. Dá bhfágthá iad spás beag mar achúingím sonn, Go ndéarnainn a mbláth-san do bhreacadh síos chugham, Níl fáidh fir i gCláir Luirc ná seanachuidhe subhach Nach breagh cuirfeadh dán duit is aiste trí riún. Ceangal A fhir shúgaigh shnuidhte soineanda slachtmhar slíom-ghlan De chrú na righte dar chuibhe an Bhreatain aoibhinn, San úir nár chuirtar sinn singil fé leacaibh sínte, Go ndiúgfam gloine gan mhioscais go blasta i gcuibhreann.
Déinidh go súgach a Ghaedheala, Tá an cabhair ag teacht gan mhoill Do bhrúidhfidh aicme an Bhéarla, Is do thabharfaidh saor bhur dtír; Níl cú na croipidhe gléigeal Ar fuaid na hÉireann díobh Nach dlúth a ghearrfadh méirleach I gcaismirt pléar is claidheamh. Brughaidh bascaidh réabaidh Leagaidh séididh síos Trúp na nOrange mbréana Do mheas bhur dtraochadh roimhe; Congnaídh ceart le chéile, Ná fuigidh éinne dhíobh, Do shúil go bhfeicfam saor sibh 'Nbhur ndúthchas féin arís.
Is iomdhó dragan déid-gheal Is fear breagh Gaedhealach groidhe Ó'n tSiúir go sleasaibh Bhéara 'S ar fad cois taobh na Laoi Ag braith ar Ghalla a thraochadh. 'S iad aicme chlaon an fhill, 'S is gearr go bhfeicfam Éire Ag Clannaibh Gaedheal gan chíos. 'S cé scíosmhar dealbh tréith me Gan meas ar scéaltaibh grinn, Gan tuinnte umam de'n éadach Acht balcais réabtha chríon, Níl síobhradh Sag bheadh claon dam Na raspar bréan san dtír, Nach mín do chaithfidh géilleadh Ar dteacht dom' laogh thar tuinn. A caoinbhean stuamdha mhaordha, Tar liom féin fé'n gcoill, Mar a bhfuigheam cnó buidhe agus caora Agus cantain éan go binn, Síodaí uaithne daora, Agus tarraing thréan ar fhíon, Idir dhaoinibh uaisle ag pléireacht Ar theacht an scéil chum cínn.
Aisling chonnac trem' néal Im' leabaidh dham aréir Is me im' aonar im' luighe, Go raibh gan amhras tóir Ag teacht im' dheabhaidh san ród, 'S gur thuit an bonn dem' bróig Le daordhacht na slighe; Dar liom gur shuidheamair síos Ar faithche ghluis cois Laoi I ndaor-chreathaibh bróin, Ag déanamh iomad cumhad, Gan éinne ghoilfeadh liúm, 'S gur mhéinn liom bheith ar siubhal Acht ná feadar cá ngeobhainn.
Tig bé bheag mhilis mín Lem' thaobh ó'n lios aníos, Ba chéad deise clódh Na mna na cruinne cé, 'S a mbeith i n-iomaidh léi Do bheadh a gcruith mar sméar Ag féachaint a snódh; A cíp go casta claon Lag trínseach fada faon Ar thréan dath an óir, A rinn-ruisc ramhra réidhe, A braoi 's a mala chaol, Is lígh n-a leacain tséimh Ag géilleadh do'n rós. lacuna de 3 líne "A mhaordhach mhilis bhúidh Na gclaon-rosc glas mar dhrúcht 'S na gcraobh-fholt mar ór, Léig-se linn a riúin Do chéim do chine dhlúth, Déin is innis dúinn Cár eascair do phór; An tu Déirdre an chrotha chaoin d'éaluig seal le Naois As Éirinn go hóg, Nó an bhé do ghlac mac Prím Go séimh isteach n-a luing, 'S ó'n nGréig gur leanadh í Go saothrach le treóin?"
Do fhreagair sí go séimh; "Ní ceachtar díobh-san mé Cé léir dam a sórd; Is me bean tsighe shlachtmhar chaoin An leasa ghluis úd thíos N-a bhfuil draguin chuthaigh ghroidhe Agus taoscadh aca ar bheóir; Innsim duit-se féin Le díogras iomad scéal Badh chéim ar lucht eóil, Go mbeidh síol na ndanair tréith, Is Gaoidhil i gceannas tréan Gan chíos gan srath gan phéinn Gan daor-smacht go deó". "Is déarach dealbh sinn Gan réim gan aiteas púinn Gan faobhar is gan fonn, Do shúil le Rígh na bhFeart Ar thabhairt na gaoithe andeas Le siubhal na taoide isteach Go séidfead an chabhair; A bhé bheag mhilis mhín Is séimhe gile gnaoi Ler scaipeadh mo bhrón, Ó táid na Búir im' dhiaidh, 'S an tóir ag teacht go dian, Is ná feadar soir seoch siar, Innis dam cá ngeobhad."
Tá áit bheag aerach ait Le fágháil i nÉirinn Airt, Is céad gluise fonn 'Na éan-bhall eile chím Ar an dtaobh so abhfus do thuinn, A laogh 's a mhic mo chroidhe 'Sé mo léan gan tu ann; 'Se deir lucht léighte stair Go rug ó Éirinn Barra I bhféile 's i bhfeabhas; Bí-se feasta ar siubhal Mar a mbíonn do charaid dlúth Gheóbhair díon is fascadh annsúd Gan buidheachas dod' namhaid.
Is atuirseach léanmhar mé le sealad 'S is céasta cathach gan éann-rad aitis, I mbrón mór, a charaid, it' dheóidh; A fharaire shéimh bhí béasach blasta Mear treitheach tapaidh, 's nár staon ó sparainn Na dtreón-tslógh, 's ba thaca dho'd phór, Ní bladar ná bréag dam féin a labhairt Go rabhais rabairneach saor f'n méid do ghlacais d'en tsaoghal bhocht mheabhail, 's id' chéile ghaisce Ar éan-tsórt airm le héinne sheasaimh I mbróig nóidh dá bhfeacadh-sa fós. Is cathach liom féin do scaodh bocht leanbh Bheith faon ar scaipeadh, go déarach dealbh, Gan ró-chóir id' easbhaid-sa a stóir, 'S a maireann dá ngaolta cléibh fé mhairg Ag déanamh leanna gach lae san mbaile Gan seól spóirt ó scarais-se leó; Aitchim ar Éan-mhac Dé na bhFlaitheas Go n-amharcad féin gan réim na Galla Go héigneach easbathach créachtach greadathe Traochta treascartha tréith gan mheabhair Fé bhrón-smóil gan tapaidh gan treóir.
Tá mo shúil-se le Récs na Naomh go gcasfaidh Mo laogh chun baile gan béim gan bascadh Le cóir ghleóidh go Banba fós, Go mbeidh Búir bhuirb-bhéarla faon gan seasamh Gan réiteach ceasna, gan béile beathadh, Acht ar lón d'reóil ag grafadh 's ag rómhar; Sin congnamh ag téacht chughainn féin tar caise, 'S beidh cúiteamh 'nár gcréachta geara againn; Gach séimh-fhear slachtmhar de'n Gaedheal-fhuil cheannais Is tréan é a ngradam i nÉirinn feasta, 'S an tÓrd beó ag spreagadh ao'n chóip.
Gluaisídh a Chlanna Gaedheal, Ná stuanaídh go teacht an lae; Múchaidh millidh brisidh reábaidh Dúnta 's tighthe chine an Bhéarla, An daor-bhruscar d'reóil Ler traochadh bhur bpór; 'S mo náire shaoghail-se sibh-se Atá de phréimh-shliocht righthe, Má ghéilleann sibh dhóibh. Mo léan-bhruid lem' ló An Gaedheal-fhuil fé cheó, An sluagh aoibhinn aerach Go fuarlaoídeach faon lag Gan éadach gan lón Gan éan-rud i gcóir; 'S mar táid na Búir go seascair Sámh-ghlan subhach 'nár mBailtibh, 'Sé do chéas me thar fóir.
Éistídh go fóill, 'S ná héirigheadh bhur nglór, Táid raspars nimhe iomad taobh libh 'S ná cloiseadh duine ar bith uaibh éan rud, Do scéithfeadh bhur sceól, Bídh gléasta n-a gcómhair; 'S tá trúip chomh tréan le tuile Chughaibh ag téacht tar uisce Do réidhfidh bhur mbrón. Céad buidhe le Mac na hÓighe An méid seo dhínn bheith beó, Dearbhuighe anois dá chéile, Gan stad gan filleadh ó iomad géar-bheart Ná staonadh san ngleó, Go réidhfam gach ród, 'S go gcuirfam Búir chun reatha Ag caoidh 's ag liugha go fairsing As Éirinn go deó.
Aitchim tráth ar Cheárd na bFlaitheas 'S ar Mhac ghil Mháire an bhláth-fhuilt chasta, Bascadh 's beárna ar námhaid mo charad 'S go gcasfaidh slán Mac Sheagháin Mhic Pheadair. Fear feasach fáith-ghlic fáilteach fairsing Cneasta cráibhtheach deághthach daingean Gartha grádhmhar sásta slachtmhar; 'S go dtagaidh slán mac Sheagháin Mhic Pheadair.
Ag taisteal seal im' aonar Le sleasaibh réidhe na Laoi 'S me ag machtnamh cleas an tsaogail 'S an mheath so ar phréimh-shliocht Ghaoidheal, Bhí cantain cas ag éanlaith, An breac 's an t-éigne ar linn, An bheach ag stad go céireach Ar bharra shéimh gach luibhe. Do stadas seal á bhféachaint Le taithneamh d'aer an Fhuinn Gur ghabhas tathamh taomhach Is aisling éachtach tríd, 'Nar dhearcas ainnir bhéasach Ag teacht am ghaor san tslighe Do rug barra maise ó Hélen Trér lasadh tréan na Traoi. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Ba bhlasta beacht a béal tais, Ba shlachtmhar séismhar binn; Ba chailce deas a déide, Agus lasair chaor n-a gnaoi; Bhí a mama gearra caomha I meas do'n géis ar linn, Do chuir scamall fada is éiclips 'N-a stad ar ghréin an laoi. . . . . . . . . . . . . . . . .
Fachtaim dearbh-scéalta De bhean na gcraobh-fholt mbuidhe, A hainm ceart do léigheadh dhamh Cá treabh dh'en tsaoghal n-a mbíodh; Ar b'í an ainnir ghasta séimh í Do lean Mac Néill tar tuinn, Nó an mhaiseach ghartha Déirdre Thug searc a cléibh do Naois. Do fhreagair dam an spéir-bhean: "Ní neach de'n méid sin sinn, Acht bean bhocht caithte chéasta Ná maireann éinne 'á buidhin; Bhíos tamall fada im' chéile Ag Mac maith Gréine an ghrinn, Is do ghabhas seal n-a dhéidh san Ag Clanna Ghaedhil ghluis ghroidhe. Mar sin dam gach téarma Gur baineadh Gaedhil dá gcraoibh, Gur scaradar le chéile Go meathta maol mar chír; Gur ghabhsat Danair dhaora Ceannas caomh ár gcríoch, Aithigh ghearra chlaona Do ghread gach taobh d-ár gcroidhe. Is mar chreach soin maicne Éibhir Clanna Néill is Ír, Geallaid teacht i n-éinfheacht 'S na bathlaigh bhréana chlaoidhe; Acht níor ghabhadar le chéile Cé cailleadh céadtha dhíobh, Is de dheascaibh meath dá laochra Gur scarais féin led' Stíl.
Fear mear aibidh éadtrom Bhí tapa tréan i mbruighin, Nár chleacht bheith leamh ná bréagach Cas ná claon dar linn, Gur ghreadsat aicme an Bhéarla Amach i gcéin tar tuinn Gan teacht tar n-ais go héag do, Sin beart do réab mo chroidhe." Is ar gclos na searbh-scéal som Do ghlacas léan is biodhg, 'S ar machtnamh cheart a thréithe A mhaith a mhéinn 's a ghníomh, Níor chan me ar feadh an lae sin Acht screadach éigheamh is caoidh Fém' shearc-sa d'fhearaibh Éireann Bheith scartha réidh liom síor. Ar Cheárd na bhFlaitehas naomhtha 'S an Mac fuair péinn 'nár dtaoibh, Go raibh námhaid mo charad cléibh-se Lag marbh traochta tím; 'S mac Sheaghain mhic Pheadair ghléigil An fear dá nglaodhtar Stíl Do theacht slán tar nais go hÉirinn Gan bascadh béim ná díth.
Mo bhrón, mo mhairg, mo scallad, mo scíos diacrach, Na hóig nár mheatha, ba fearamhail fíor-niata, Ler hóbradh Banba tharraing a daoir-phiantaibh, Bheith leóinte marbh gan cara gan caoin-chliaraibh. Is dóigh nár ghasta dho'n ghasraidh ghníomh-ghliadhach A sceóil do scaipeadh idir Dhanair go baoith-chialldha, A gcomhairle ghlacadh ná a ngairm 'n-a gcaoin-chliathaibh, Acht Seóin do leagadh 's gach madradh mí-riaghalta.
Le hais na Sionnan séadaighe Indé dham um nóin, 'S me ag machtnamh slighthe saobha An tsaoghail dhona dh'reóil, Mar mheathsat fine Ghaedhil ghluis Gan neach in' inead féin díobh 'S a mbailte puirt ag daor-scur An Bhéarla, mo bhrón. Is atuirseach an scéal é 'S is déarach dar ndóth, An tseana-mhioscais chlaon so Idir Ghaedhealaibh gach ló, Gan ceangal cumainn cléibhe Ná caradas a dhéanamh Acht ag slad 's ag milleadh a chéile Gan géilleadh dho'n chóir. Gach margadh agus aonach 'N-a dtéidhid le n-a ngnó, Nuair a thagaid chun a chéile 'Sé is céird anois dóibh Gearradh briseadh pléascadh Agus acharann do dhéanamh, Agus fanatics an Bhéarla Fé'n scéal soin go sóghach. Cleachtaid sin gan séanadh Craos agus ól, Barbaracht is bréaga Agus éigean ban óg, Tabhairt mionna i n-éitheach 'San taifreann do thréigean, Is stad san bpeacadh bréan so 'Seadh léir-bhris ár slóigh.
Ar machtnamh ceart na scéal soin Do mhéaduigh mo bhrón, 'S do ghlacas tathamh néalas Fé ghéar-shlait Morpóis; Go bhfeacadh im' aisling caol-bharc Go leabhar chrannach teádach Ag teacht go beannach éadtrom I raon mara ar seól. Bhí ainnir ghartha ghléigeal 'N-a haonar ar bórd, Ba shlachtmhar searcach séimh-ghlan Mar hélén i gclódh; Do phreab amach go héascaidh Ar talamh tarthach taobh-ghlas, 'S do cheangail Barc na nglé-bhrat 'N-a déidh mar badh chóir. Do bh'fhada crathac slaodach A craobh-fholt mar ór; A mala gearra caol-cheart Ar a héadan gan smól; A dearca meara maordha mar sheamair glais na Féithe; 'S ba chailce suidhte a déide N-a saor-ghob gan móid. Is fachtaim dearbhscéala d'on bhéith mhilis mhódhmhail: Cad as ar las an spéir-choinneal im chomhair; "An tu a scar gan cheart led' chéile, Is do leanadar na Gréagaigh, 'S ar faithche ghlais na Trae thoir Gur traochadar treóin?
An feas gur sibh-se Déirdre Do éaluigh go hóg Le seabhac suilt na mbéimeann Cé traochadh san tóir; Nó an ainnir mhilis Éithne Do bradadh soir a hÉirinn, Is d'fhág a gile chéile I mBinn Éadair n-a deóidh?" Is do fhreagair dom an spéir-bhean Deas bhéal-mhiochair mhódhmhail: "Ní neach de'n iomad bé sin Do réamhais me id sceól; Is me bean is buime Shéarlais Ag teacht anois le scéala Gur gearr go mbrisfam géibhinn Na nGaedheal mbocht gan ghó." "Is bean ar mire i gcéill tu 'S níl éifeacht id' ghlór; Ní meastar liom go saorfar An tréad soin go deó; Táid scartha briste ó chéile Gan searc ná eagla Dé ortha, Is beidh mar sin go n-éagaid Fé ghéar-smacht na Sión".
Tig fuacht i ngaoith gheimhridh is caise trí ghleann; Tig cuach ar craoibh, faoileann ar fairrgí tonn; Tig suan ar mhnaoi oidhche ar leabaidh Ríogh Frannc; 'S monuar ná tigheann díbirt an mhacraidhe Gall. Tig cnuas ar choill, fhír-mhil ag beacha fí chrann; Tig ualach tuighe líonta dh'on bhaile a mbím ann; Tig gruaim ar ghnaoi daoithe ná hadamuigheann greann; 'S mo thruagh ná tigheann dío-chur ar aicme an fhill teann. Tig muar-chuid Fraoigh trí chnoc na ngarbh-líog ramhar; Tig buachaill groidhe timcheall go ceanna-bhaoith fann; Tig gual i luing taoibh liom thar fairrgí anall; 'S mo bhuaidhirt ná tigheann Saoirse do Chlanna Gaoidheal donn. A Uain ghil mhín Mhuire is a Araid-rígh an Domhain, Dár mbuaint a cuing daoirse go ndeachais fí'n gcrann, Ruaig-se síol coimhidhtheach na Sasanníoch gcam Uainn tar tuinn, 's coidhche ná casaidís ann.
Tagraim libh, a Chlann Éibhir, Leath bhur lúith nach láin-léir libh; Méala dhíbh tar aoin eile Ag dul d'éag do'n Ghaoidheilge. Féachaidh a shliocht Chormaic Chais, nach doiligh mar bhíom 'n-a n-éagmais! Ar scríobhadh ar Bhrian Bhanba Dul uainn fá bhrón scamalda. Féachaidh chugaibh a shliocht Ír, d'imthigh uile ar neimh-bhrígh, ar scríobhadh ar Chú Chuailgne, cé dhíbh leis nach lán-truaighe! Féachaidh féin a shliocht Íthe, ua is préamh na sean-righthe, aimrid an crann sin Mhic Con Mairg do-ghní dhóibh duthrocht! Caidhe síol Éireamhóin mhóir, Do thréigsat iath is onóir; ná fuil laoi ná luadh ar ghoil I ninnis aoibhinn Iúgoin. C'áit ar ghaibh Niall mac Eachach ná tig go tric tréin-chreachach, iar bhfagháil géill an taoibh thall chugainn d'ionnarbadh eachtrann.
Nó Dáití mac Fiacha féin go raibh Banba dá dheigh-réir, ná tig do chosnamh chóra chlainn dhílis na Sean- Fódla. Féachaidh, d'imthigheadar uile a dhearbhráithre ionmhuine, Is mun' ndéanfam calmacht 'nois níor fhan a luath 'n-a láthoir. ní'l oc le habairt gluin-eóil, ná seancuidhe suairc saoir-chineóil noch badh chliste cib ar peann, re fagháil i n-iathaibh Éireann. Dá bhrígh sin, féachaimís féin cionnus chuirfam i ndeigh-chéill An méid 'tá dár dteangain dil 'nois le fagháil i nÉirinn. Deanam, mar adubhairt O Dála' ó's é ba tharbh teangmhála, Bain an fáith is cneasta as; "gnáthamh na hoibre an t-eolas." Gach suairc-fhear slachtmhar seólta gá bhfuil puinn dár sean-scéalta, má tá gur gábhadh a ngraphadh, tugadh iad dá n-ath-ghraphadh.
Gach breallsún bréan gan mheabhair gá bhfuil puinn dár sean-leabhair, 'S ná tiubhradh le scríobh' iad-san, diorma deamhan dá nghéar-ghoin. Amhail reacach criun faoi oí ? Mar sin damh-sa gan ró-dhoi, ? Ag dul lem choigne fá seach Dá n-oidheadh 'gus dá n-oirleach. Ní bheadh bhur dteanga fuar fann, n'n aois ealadhan comh-ghann, Dá mbeadh sibh uile chun dáin mar Micheál Óg Ó Longáin.
Atáid usisle Banban an anfadh an tsaéthair Ag iaruigh na seannuide do thabhairt go h-Éirinn Acht as iad siannsa na Breataine go lasfuid na spéartha Nách fiadfuid a chasa agus ná sgarfuid siad féin leis. Is ólaimis ár ccrúisgín lán. As é deir ciarspruit chealgach Chailbhin an éithig Go mbiadhmna faid mhairfeam faoi ghlasaibh gan réidhteach As as iat briathra a ccarad do Chaitlicibh Éireann No go mbiaidh an tiarann dearg nach bhfuil maitheas bheith dá phléasgadh. Is ólaimís etc. Atá fiadh beag beannach ag tarrang tar tréanmhar Is rianfuidh spáruinn anns na fearuinnsi Éibhir Beidh gach spriata Sagsanuig a sgreaduig 'sa bpéicig Ag iaraidh a nglacuighthe chuim an aifrinn déisteacht. Is ólaimís etc. An tiarmhar so mhairionn do chlannaibh Miléisius Och! Dia le na n-anam tá Banba réidh leó Iad féin bheith ag fealladh is gan seasamh dá chéile Bheir iasacht a bhfearann ag feanatics an Bhéarla. Is ólaimís an etc. Uch! diachair fhada oruibh staduigh anois féinig Iaghuidhe bhúr nglaca agus ceangaluigh le chéile Bídh diagha carthannach is na hathannta ná raobaidh Is ní fhiadfuid na Sagsanuig búr ccreacha cnuic do dhéanamh. Cúrfá
Iaruim feasta oruibh os nách meathach bhúr ttréine Atáid na bliaghanta san mbaile agus do chaitheamar a ttéarma An tighearna dfhuiling peannuid ghuirt air gharbhchrois dar saoradh As é fhiadfaidh bhur nglasta agus bhur ndeacra raoba. Is annsin ólfaimíd an crúisgín lán. Ar thuath Dhúin Builg iar ndruidim le féil Bríghde Gan chruaich gan chuigionn go sinnil a ccéim daoirse Air uan geal Mhuire an fhuirionnso chéas Gaoídhil bhoicht A ruaga uile gan fille tar tréan taoide.
Is mithid dam fáinig éirighe feasta Is dul dot' fhéachaint-se a laogh na gcarad, Dá fhios ar éagais Nó an maireann tú ar éan-chor, Ar ndalladh do chlaon-ruisc caoch gan amharc. Cé'r bh'fhada do léim i gcéin tar caise 'S gan charaid gan ghaol it' ghaor ná it' aice, Níor bh'eagal duit éagadh Bascadh ná baogal Guir chasais go hÉirinn claon abhaile. Greadadh agus léan ar an méirdrigh mhagaidh, Seana-bhean aosta bhréagach mhearbhail, Cé'r bhfhada fear Gaedhealach Aici mar chéile, Do sheachain sí é 's ní séimh an mhalairt. 'S mar bharra ar gach scéal guirt éigneach cathach Gach fainitic bréan go séanmhar seascair, Is clanna ban Gaedheal 'N-a mbíodh fairsinge 's féile Go dealbh gan éan-rad spré ná eallaigh. Tá gasra laoch mear éadtrom tapa Ag taisteal i gcéin go gléasta i n-airm; Beidh na Danair seo traochta Cartuighthe as Éirinn, Is clanna na nGaedheal go saor n-a mbailte.
Ní Sasannach claon ná sméirle magaidh Fé ndneara thu caochadh a shéimh-fhir gasta, Acht fearg Mhic Dé Fén bpeacadh do dhéanamh Is mearathal baoth na mbraon soin bhlaisis. Mo theagasc duit féin a shéimh-fhir chneasta, Paidir is cré id bhéal bíodh agat, Na haitheanta naomhtha Feasta ná reáb, Is Aifreann Dé ná tréig fad mhairfir. Is díth liom na Gaoidhil seo bheith tláth lag fann 'S gan dilseacht i ndís aca bádh ná beann, Sír-bhriseadh síthe agus crádh na gceall Do bheir críocha a sinsear ar láimh na nGall. Na rígh-fhir do shíolruigh ón Spáinn anall, Do dhó-chuir Mac Coill is a cháirde gann, Ghaibh saoirse san tír seo de bhárr a lann, 'S do bhí fírinneach muinnteartha lán de ghreann. A Rígh ghil na righthe fuair bás ar chrann, Ó chír-se Sliocht Mhíleadh mar atáid gan teann, Scaoil-se an tsnaidhm seo agus dáil dóibh cabhair Agus díbir na Gaill seo tar sáile anonn.
Gura fada buan bheas Domhnall I ngradam mór 's i gcomhachtaibh, An seabhac suairc Nar chleacht bheith gruamdha Cas ná cruaidh lem' shórt-sa; Gas de mhuar-tsliocht Eóghain Crannach cuardach cóisreach, Searcach suaimhneach Rathmhar ruagach Tapaidh tuarthach treórach, Aibidh uasal Blasta buacach Cneasta cuachach ceólmhar, Deabhthach dualach Frasach fuadrach Gartha gruadh-ghlan gleóidhte; Fear dar dhual an chródhacht I gcathaibh cruadha nár leóntar, 'S a namhaid buailte Amach gan luadhail, Sin bail is buadh gach gleó leis. An fear so mhaoidhim im' bhéarsa Is gasta scaoileann géibhinn Na banna bhíonn I nglasaidh righne Is Lear ar tí a ndaortha; Gura fada fíor Chun aicme an fhill do thraochadh, I mbeartaibh dlighe 'S i gcathaibh claidheamh 'S i spairinnibh dá ghéire; Gas de ríogh-fhuil Clanna Míleadh, Dalta dílis d' Éirinn, 'S a theacht de'n líne Leabhair mhín sin Airt is Ír is Eibhir; Aitchim Rí na gréine, 'S nar bhainidh díth ná léan do, Go ngabhaidh críocha Cearta a shinsear Ó'n gcaladh thíos go Claonghluis.
Díbh-se a Dhómhnaill dáileach Rí na glóire an t-ál sin, Groidhe-fhir chródha Líomhtha leoghanta Is fíor nach dóith dá námhaid; 'S cé scíosmhar leó mar tá sibh Gach oidhche is ló gan áireamh Ag innsint sceól Ar chríochaidh Fódla Ag maoidheamh a bróin 's a gábhtair, Táid Gaoidhil i ndóthchas láidir Go scaoilfar fós an phráinn sin, 'S gan aoin-chead dóibh Go bhfuighid ár dtreóin-ne Cubhreann comhar is cáirdeas; Go mbeidh Tadhg is Eoghan is Pádraig 'N-a suidhe ag an mbórd gan spleádhchas Go greadhnach seólta Feidhm-ghlan fórsach Ag aighneas leó go láidir.
A theachtaire shéimh-se theid san nduthaigh atá Beannacht is céad léigim dlúth chun Dáith; Abair leis scéala léigean chughainn i dtráith, An scaipfar de Ghaedhealaibh daor-smacht Búr go bráth?
Cois Faoinseann do ghabhas go hatuirseach léanmhar Ag smaoineamh mar creachadh na Gaedhil go tláth, 'S me im shuidhe go cathach, fém' leacain mo réidh-ghlac, Ag síor-chur frasa go féar an bháin, 'Seadh shín lem' thaobh an spéir-bhean mhascallach Mhín-tais mhaordha ghné-gheal gheanamhail, A píp mar aol 's a scéimh ba ghreannamhar Ler claoidheadh gan acmhuin me faon-lag támhach. A dlaoi-fholt daithte go craipinneach péarlach Ag tigheacht n-a mBeartaibh tiugha léi go sáil; A rinn-rosc aibidh, a mama 's a caol-troigh, A braoithe cailce 's a déid gan cháim; A mín-chrobh aolta is néata thairrngeadh Cuimheascar tréan na Saesar gceannasach Crainn is éanlaith faol-choin seanga-phuic Caoin gan easbha ar bith séanmhar sámh. Le díogras daingean do'n ainnir do léimeas Im shuidhe go seasamhach éadtrom árd, Is íseal gasta do'n talamh do léigeas Díom mo hata go séimh do'n bháb; Is fíor-ghlic éascaidh i gcéill gan mearathall d'fhiafruigheas féin dé'n bheith a hainm ceart: "An tu 'n ríoghain Déirdre mhaordha mheanamnach Thug Naois na n-arm nglan faon ar lár? An fíor gur leat-sa do cailleadh na céadtha Ar binn an mhachaire faon lag támhach, Ler claoidheadh i dtreasaibh an seabhac ba thréine I gcuimheascar daingean le Caol na gceárd? Nó an ríogain Céarnait mhaordha mhuirearach, Chuir cruinn le céill ar ghéar-tsruith muileann ceart, Nó an bhrighdeach shéimh chuir tréith Cuchullainn seal Nó an fhaoileann chailce chuir Gaedhil go tláth? An fíor gur tusa an bhruinneal deas Hélen Ler claoidheadh na dragain ba thréine lámh? Nó an ríogain chailce dar bh'ainm di Médea Chuir flíos ó Chalcos do'n Ghréig ar láimh? Nó Dido shéimh-ghlan bhéasach shultmhar ghlic, Nó Diana dhéid-gheal mhaordha shoineanda Nó an bhrighdeach Bhénus céile Ainchises Nó Délia chneasta thug laoch n-a láimh?"
Is cruinn do fhreagair i dteangain deas Gaedhilge "Ní díobh me is dearbh cé tréith atáim; Is tím me greadathe ag graithin an Bhéarla An bhuidhean so tharraing gach daor-cheas smáil; Is me buime chaoin mhaordha Shéarluis chalma An seabhac groidhe séanmhar ba thréan i gcleasa goil, An righ-fhlaith éachtach caomh ceart curanta Tá ag tigheacht go ceannasach faobhrach slán. Beidh Gaoidhil gan easbha a mbailte 's a n-aol-bhrogh Is fíon dá chaitheamh ar Éigse Fáil; Is binn bheidh canamhain sagart is cléireach Ag guidhe na n-aingeal go séanmhar sámh; Is fíor-ghlic aoibhinn cruinn gan eagla Ag tigheacht go fíochmhar líonmhar lannamhar Buidhean ghlan chlí-gheal chaoin cheart acmhuineach Ag síor-chur Sasannach faon ar lár."
A Thaidhg a chroidhe na páirte, Gaibh an chláirseach dhúinne Agus seinn go binn le gáirdeas Greas ar bhás an diúic seo; Beidh meidhir go deimhin ar Phádraig Fé chloistint tásc an phrionnsa, Agus adhanfar teinte cnámha I nInnis Fáil go súgach. Céad buidhe le Rígh na nGrás ngeal, Mar is fíor gurab árd é a chongnamh Chun cladhairí fill do thnáthadh Gan suim ná tábhacht ar gcúlaibh, 'S a gcur thar Styx le Cáron Go gcroithfid lámh le Plúto, Gan teacht thar n-ais go bráth dhóibh Ná neach de'n cháil sin chughainne. Tá an tAráiste go claoidhte Ní'l brigh ná maith go bráth ann, Ó thuit an chraobh do b'aoirde air Do chríon ar fad a bhláth-san; Thug sé an leabhar ar binnse, Agus míle pearsa láithreach, Ná tabharfad ceart ná cuibhreann Do'n bhuidhin seo lean an pápa. Guidhmís uile i n-éinfheacht Rí na naomh 's a mháthair, Dár ndíon ó thuilleadh baogail 'S ó chlis an tsaogail smáil seo, Do scaoileadh glas is géibheann Na hÉireann so 's a cáirde, 'S gach nduine do bheadh claon dóibh Do chur gan saoghal gan sláinte.
Táid slóighte ag teacht tar doimhin-tuinn is taidhbhsighe 's is trúpach táin, Treóin nach meathta i bhfeidhm chlaidhimh Chun claidhrí agus búir do chrádh; Is ceólmhar glan do seinnfidhear An adharc linn ar chiumhais gach trágha Ar seóladh isteach do Roidhrí Chun Meidhbhín Ní Shúilleabháin. Is óigbhean chneasta dheagh-chroidheach Seadh Meidhbhín Ní Shúilleabháin, Go bhfuil a hór-fholt cas n-a threillsíbh Ag teidheacht síos go cum n-a deáidh; A beól tais blasta is beinn fuighe, 'S a saidhbhir-bhraoi ar a húr-dhearc sámh, Is rós le sneachtadh ag éirighe 'N-a greadhn-ghnaoi go lonnrach lán. Flós na bhfear le deagh-ghníomh Ba dheagh-ríghthe ar úr-mháigh Fáil, d'fhuil Eoghain is Airt is deagh- Chuinn 'S gach feadhn díobh do shiubhail ó'n Spáinn; Ní phósfadh fear acht Roidhrí, A graidhn croidhe 's a rún tar cách; Is ní dóigh go nglacfadh Roidhrí Acht Meidhbhín Ní Shúilleabháin. Badh spórtmhar seascair saidhbhir sinn, 'S níor thinn linn na búir ar lár Le gleó agus caismirt fághairt chlaidhimh Dá ndeimhin-díbirt siúd tar sáil; Beidh ceól dá spreagadh ar bheidhlín Is geil-fhíon dá dhiúgadh ar clár, Is go deó fad mhairfidh Roidhrí Beidh Meidhbhín go súgach sámh. Is brónach liom feasta Meidhbhín Gan Roidhrí do thabhairt n-a dáil Ag Seóin go lag gan éirighe, N-a leadhb sínte fútha ar lár; Tá Domhnall geal 's a dheagh-bhuidhean I bhfeidhil críche is cúil do chách, 'S is dóigh go scarfa an ghrinn-bhrighid Le greim duighe na mbúr dhom chrádh.
Táid triatha Bhanba i n-anfhaithe an tsaothair Ag iarraidh na Seanaide thabhairt go hÉirinn, Acht siad Briathra na Breatan go lasfaidh na spéartha Ná fiadfaid a chasadh 's ná scarfaid siad féin leis, Is ólfaimíd an crúiscín, etc. 'Sé deir ciar-spruit Chailbhin mhalluighthe an éithigh, Go mbeam-na faid mhairfam fí ghlasaibh gan réidhteach; 'Siad siansa a gcarad do chaitlicighe Éireann - Go mbeidh an t-iarann dearg ná fuil maitheas a phléascadh Is ólfaimíd, etc. Tá fiadh beag beannach ag taisteal tar tréan-mhuir, Is srianfaidh sin spairinn 'sna fearainn seo Eibhir; Beidh gach spriata Sasannaigh ag screadaigh 's ag béicidh Ag iarraidh a ghlactha chun an Aifrinn d'éisteacht. Is ólfaimíd, etc. An t-iarmhar so mhaireann de Chlanna Mhilésius, Uch Dia le n-a n-anam, tá Banba réidh leó; Iad féin beith ag fealladh 's gan seasamh dá chéile Bheir iasacht a bhfearann ag gramaisc an Bhéarla. Is ólfaimíd, etc. Diachair fhada oraibh, stadaidh anois féinídh; Iadhaidh bhur nglaca agus ceanglaidh le chéile; Bídh riaghalta carthannach, 's na haitheanta ná réabaidh, 'S ní fhiadfaidh na Sasannaigh bhur gcreachadh chnuic a dhéanamh. Is ólfaimíd, etc. Iarraim feasta oraibh 's ná meathadh bhur dtréine, Táid na bliadhanta 'san mbaile 's do chaitheadar a dtéarma; An Tighearna d'fhuiling peannaid ghuirt ar gharbh-chrois d'bhur saoradh Is é fhiadfaidh bhur nglasa 's bhur ndeacra réabadh. Is ólfaimíd, etc.
Tá bé mhiochair mhaiseach shéimh shultmhar chneasta Léir-chuir i ngalar dubhac me, 'S le géir-iomad taithnimh cléibh dhi gur mheathas Faon lag ar easbaidh shubhchais; A craobh-folt is cas, a claon-roscaibh glasa Gléinneacha ar dhath an drúchta, A caol-mhiona-mhala saor-shuidhte i gceart A héadain is gartha gnúis-gheal. A béal milis meala craorac is blasta Béasach mar mheasaid ughdair; A déid chirt is cailce néata do ceapadh d'aon-toil go daingean dlúth deas; I n-éanfheacht n-a leacain mhaordha go lastar Caora le sneachta ag súgradh; 's a caomh-ghiorra-mhama ghléigeal tug masla 'Ghéise ar na sreabha Siúire. Is caomh snuidhte a pearsa is néata ar an dtalamh Daonda 's is fearra cúmhtha; Is naomhathe a seasamh a féachaint 's a meas, A caol-troigh is tana túirling; A haol-crobh is leabhair léir-chuireas scata Faol-chon go deas ar úr-bhruit, Éanlaith ar chrannaibh, éisc ar na heasaibh, Réalta agus ranna rúnda.
Do bhéarfainn di bailte réim agus rachmas Saoghalta go fairsing flúirseach, Glaodhach agus gradam, céim agus ceannas Éireann da mb'acmhuin dúinne; Do bhréagfainn mo shearc go haerach chun baile Néata go seascair súgach; N-a dhéidh sin is blasta léighfinn di startha Gaedhilge ar a sean-dhúthchas. Do ghéilleas di searc i n-éinfheacht go feas, Do chlaochluigh i gcreathaibh cumhadh me Dá meinn is dá meas dá scéimh is dá creat Dá tréithe 's dá phearsain cúmhtha; I mbéasa 's i mblas ní léir dam go bhfeaca Bé do rug barra clú uirthi; Sí Mary bheag dheas Ní Néill ghil do chanaim Féinig im' starthaibh chúichi.
'S is dubhach le seal fé smúid me im' spreas Gan súgradh gean ná gáire, Dom' thúrnadh i gcreathaibh cumhadh gan phreab Gan siubhal gan seadh gan sláinte; Tá lionndubh creatha im' chom 's im' chreat 'S mo ghnúis ar fad ag bánadh Le rúin-searc daingean dlúth mear d'ainnir Chiúin darab ainm Máire. 'S dar liúm ní haithreach dhúinne gean Do thabhairt dod' chreat a ghrádh ghil Dod' chúl is cas, dod' shúil is glas, Dod' ghnúis is greanta gáire, Dod' chom is cailce ciumhais mar eala Ar srúillibh sreabh ag snámha, 'S cé dubhach me im spreas bheinn lúthmhar tapa Liúm dá dtagadh Máire. A bhúidh-bhean tais dar dhúblas taithneamh Rúin is greadadh grádh duit, Ná fúig me i ngalar dubhach i bhfad Acht tabhair is glac mo lámh dheas, 'S nach rúcach leamh ná scrúille scraiste Dúr gan mhaith me a ghrádh dhil, Acht buachaill tapa lúthmhar mear Do scrúdfadh startha ar phár dhuit.
Téanam liúm a spéir-bhean búidh, Tá an cogadh so ag téacht san saoghal ar gcúl; 'S gach séimh-fhear subhach de'n Ghaodhal-fhuil úir Beidh socair fé réim 's an léan ar bhúir. A chúilfhionn tsóghmhail druid liúm go fóill, Leig liom-sa do rún is tabhair dham póg; 'S cé cumhang sin fós gan congnamh stóir, Nuair bheam-na go subhach beidh Blute fé bhrón. Sin treóin ag tigheacht le seól tar tuinn Is cuirfid sin gheóc ar chóip an fhill, Beidh ól an fhíon ag fóirne Gaoidheal Is fuireann na póite ag rómhar san ndíg. Éaluig liúm, a spéir-bhean ciúin, Fé dhuille na gcraobh-ghlas ngéagach n-úr; Éist a riúin, go réidh, dar liúm Cluinid na héin duine éigin chughainn. Fuaim na long is cuaird na dtrúp Atá ag druidim le bruach na gcuan so chughainn, Is cruaidh dar liúm don chuainne chlúmhach Ler cuireadh mo ghruadh fé ghruaim gan cúis. A spéir-bhean mhín na gcraobhfholt mbuidhe, Ní heagal duit féinig éinne dhíobh; Téanaimís araon do'n choill Mar a bhfagham cnó agus caora is céirseach binn.
Ní raghad-sa leat fé'n gcoill isteach, Do gheobhadh mo mhuinntir sinn amach; Is deimhin nár mhaith leó m'fheidhm le fear Gan chró gan saidhbhreas baill ná ba. A shéimhfhir bhinn, má's méinn leat sin Bheith muirinneach buidheach ar éan-chor dhíot, Ná héilimh sinn go héag arís, Tá an fhuireann so claon 's cad déarfaidís. A rígh-bhean óg ler claoidheadh mo thréoir, Ná cuiridh-se choidhche suim n-a sórd; 'S cad é sin dóibh, a bhuidhean 's a stóir, Dá mbaininn-se dhíoth na mílte póg. Nár mheasa liom féin 'n-a dhéidh sin tú Ná le duine san tsaoghal a laogh 's a riún, Och, léigidh dhúinn a shéimh-fhir bhúidh Ná cluineadh mo ghaolta ar éan-chor thú. Mhuise 'neósad féin duit scéal a riún, 'S is tairbhe saoghail duit éisteacht líum; Nós an tsaoghail bhocht bhréagaigh úd Is meón liom féin do léigean chugat. Is minic, dá dtéidheadh dhod' fhéachaint fear Ar chaol-each ghléasta éadtrom mhear, Go mbrisfadh sé gan bhréag led' dhaid Ar bhonn gan spré nó i dtaobh na gcearc. Is fada liúm go bhfeacadh thú, A ainnir mhúinte mhaordha, Is caise cúl 's is glaise súil 'S is gile gnúis 'ná Hélen; Tá galar dubhach dom' leanamhaint dlúth Ná scarann liúm ar éan-chor, 'S mara dtagaidh tú go tapaidh liúm Ní fada dhod' chumhadh go n-éagfad.
Is buachaill singil sár-ghlan Súgach sásta sínn Do bhuailfeadh buille i mbeárnain is chumfadh dánta grinn A stuaire mhilis mhnámhail Is búidh 's is breághtha gnaoi Gluaiseacht líum dá mb'áil liot Bhí an lúb so láithreach linn. Do chuala duine ag trácht ort Nár shubhach do cháil sa tír 'S gur fuadrach sibh sa tábhairne Ag diúgadh an cháirt go sieidhir Gur ghluais leat bruinneal mhánla 'S gur túirseach d'fhágais í Beir uaim do chlis ní háil liom Taoi giongach gránna buidhe. A chuach na dtriopall dtáclach Is fiúntach fáinneach fighe 'S ler buaireadh sinn go cásmhar Gan súil i ráidhtibh grinn Má luadhasfa libh go stárla Dubhach le páirt dot gnaoi Smuain anois a ghrádh ghil Nach d'fhonn 's me cháineadh thríd.
Badh shuarach thu lem cháirbidh Dúinn mar ádhbhar slighe Gan chruacha cnuic ná cáruid is tu gan cheárd gan chrích Ar uairibh sin tu it mháighistir Ag múineadh gárlach bhír Is tuas i dtigh an tábhairne Go bhfuígir d'fhaghálthas cruinn. Gaibh mar sin gan cháirde Le rúcach gránna righin A bhuailfidh thu 's a cháinfidh Is thabharfaidh náire dhíbh Geóbhad-sa anois le báinchnis Mhúinte mhánla mhín Is roinnfead léi go gradhmhar A bhfaighidh mo lámh sa tsaoighal. A shuaircfhir ghasta ghrádhmhar Is cumtha cráibhtheach caoin Ná himthigh uaim, ní gadh dhuit Gheobhair cúinse lártha is laoigh Má luadhas-sa leat nár bh'áil liom Tu mar ádhbhar slighe Dar an leabar so im' ghlacaibh bana 'S ag magadh a ghrádh do bhíos. 'S do ghluais sí liom an óigbhean Deas mhúinte mhódhmharach bhínn Ar hallaí geala an ósta Go subhach ag ól na dighe Do luigheamair seal ar stródhaireacht 'S is binn do phógainn í 'S ní duine me do 'neósfadh Má bhí níos mó sa tslighe.
Go réidh a bhean, ná daor me ar fad, Ní léir dhuit ceart na cúise, Cad é bheir dealbh mé gan teacht Is éadach glan 'om chumhdach; Féachtar leat na Gaedhil mo lagar Léin dá gcartadh ag Búiribh, Gurab é sin raid me taobh-nocht tearc Im' strae bhocht leamh im' dúthaigh. Récs na bhFeart thug rae agus ranna Tréadtha treabh is triúcha, Go ndéinidh daingean scéithe dham Is réidhteach beart i gcumhangrach; Gach n-aon de Chlannaibh Gaedheal do phreab I bplé na dtreas le Búiribh Go ndéinidh 'n tAthair naomhtha a gcabhair Féin ar aicme Liútair. Do ghlaodhas i measc sliocht Chéin is Chais Néill is Airt is Iúghain Ag léigheamh 's ag spreagadh scéalta i gceart 'S ag déanamh startha a scrúdadh; Cad é an mhaith seoch déanamh creach Is éirighe amach ar Bhúiribh, 'S a séideadh ar fad i gcéin tar lear Do shaoradh ar mBailte dúthchais. Ceangal Is é adeir Aoibhill chaoin adthuaidh Ag glaodhach na saoithe 's cinn an tsluaigh; Féachaidh Clíodna an tsídh-bhean tsuairc Le scéalta ag tigheacht is binn le luadh. Cuirfead hussá 's is árd mo liugh; Ní scuirfad go bhfágfad báire an Bhúir, Ler cuireadh chun fáin sin sáir-shliocht Néill, Chonaire, is Fáilbhe, Táil is Chéin.
Indé is me ag taisteal triúch, Go faon ag machtnamh dlúth Ar féibh mar mheath sliocht Néill na gcreach is Chéin is Airt is Lughaidh, Gan aon dá maicne siúd I gcéim ná i gceannas úr, Acht tréigthe tearc gan réim gan preab Go céasta creachta ag Búir. 'S ar léigheamh na mbeart mar dubhart Ba dhéarach dealbh dúinn, Gur ghlaodhas i measc na séimh-fhear nglan Bhí saordha cneasta liúm; Bhí daor-phuins bhlasta annsúd Ag téacht mar chaise chughainn Is éisteacht startha Gaedhilge glana Ar thréithibh Chlanna Niúil. Fé mhéinn na bhflaith mar dubhart Is léir gur scaip mo chumhadh, Gur éaluigh bean aréir lem' ais Go taobh na leapthan chugham; Ba chaol a mala siúd, 'Sa claon-rosc glas mar dhrúcht, 'S a déide deasa géara geala I mbéal ba bhlasta búidh.
Bhí a craobh-fholt casta dlúth Go féar ag teacht lem' riún, Is caor ar lasadh ag éad le sneachtadh Sléibhe n-a leacain úir; Ba chaol ba cailce a com Mar ghéis ar sreabha siubhail, S ba chaomh a mama ghléigeal deas Nar aontuigh d'fhear a mbrúdh. A haol-chrobh leabhair úr Ar dhaor-bhruit bhaineas dúinn Réalta 's ranna faol-choin mheara Éisc is ealtain colúr; Ba mhaol ba gheal a glúin 'S a réidh-chos deas gan smúit, 'S a caol-troigh thana is néata meas De'n bhféar ná scaipeann drúcht. Ar dtéacht lem' ais ann-súd Do'n réilthinn mhaisigh bhúid, Do b'aerach phearssa scéimh is creat Is gné dá bhfeacadh im' shiubhal, Do léir-chuir scamaill dhubha Ar bhéithe deasa Muman, 'S le héigean taithnimh cléibh do'n ainnir Féach gur mheath mo lúth. Is éascaidh raideadh liom A céim 's a hainm dlúth De bhéith na nglan-rosc néamhrach nglas Dar ghéilleas taithneamh rúin: "An tú Céarnait dheas na lúb Thug séad ar sreabhaibh dúinn, No Hélen gheal ler traóchadh treabh Na Trae 's do las a túir.
Is béasach blasta búidh In-éinfheacht d'fhreagair dúinn Ní haon d'en aicme mé-se chanais, Léig dod' mhagadh fúm; Mo ghné do mheas níor bh'fhiú Le béithe deasa Mumhan, Éistidh feasta, is bréag do stair, Tá claonta 's cleasa id' riún." "Táid scéalta is measa liúm Dom' léir-chur dealbh dubhach, Mo ghaolta ar fad go faon fé leacaibh Léigthe lag san úir, Is saegheada ceatha im brúdh Le héigean searc dod' ghnúis, 'S a laogh ná meas gur bréag ná bladar Léigheas im' starthaibh chughat. A laogh 's a shearc na rún, Éaluigh feasta liúm, Téanam leat, ní dhéanfam stad Go dtéidheam ar fad anonn; Tá baoghal ag bagairt cughainn Is Gaedhil ar ghad ag Búir, 'S is léir nach ceart dúinn bheith n-a measc, Tá an saogal fairsing fúinn." Dá ngéillfinn d'fhear mar thú Agus éalódh leat chun siubhail, Cionnus a réidhfinn beart gan réal im' ghlaic Ná spré ná talamh liúm; Is baoghal go scarfá liúm Ar bhéith na ngarbh-phúnt, Is mé-se ag teacht go faon tar m'ais Is mo ghaolta i n-earraid liúm.
Is léir go mb'fhearra liúm-sa Saor-fhear slachtmhar subhach Do ghléasfadh sleagh go séimh 'n-a ghlaic 'S ná léigfadh ceart le Búir, Do bheadh Éadtrom tapa ar stiúir, Aorach aibidh umhal, Do léighfadh stair ar Éirinn Airt 'S do dhéanfadh cleas na lúb. "Ná géill ná meas id' riún Go dtréigfinn mar sin tú Ar spré ná ar bha ná ar shaoghaltacht ban 'San taobh so theas de'n Mhumhain. Téanam leat chun siubhail Go dtéidheam gonuig sagairt subhach Do bhéarfas ceangal Cléire arainn Féibh mar cheap na húird." "A radharc 's a stóir mo chroidhe, Do raghainn leat fós thar tuinn, Acht mar gheibhim, gach coróin dá bhfaghair id' dóid Gur deimhin go n-ólair í; Tá saidhbhr-fhear seólta síoch 'Om' fheidhil gach ló le mí, Is taidhbhseach tóstalach meidhreach módhmharach Greidhnach gleóidhte groidhe."
A spéirbhean dheas mhaordha na ccuach ceas mbán Is léun liom nach feaduim ón bhfuacht tú dhíon Acht an taonmhac dár saoradh do chúaidh san chraoibh Dam léigean gan éisling go buan dom chloinn. Is léir libh le tréimhse gan fuaimiontaghus Is gan éadach dod' chaomhna air fhuacht ná síon Re geal na Naomh leat go luath mar ghuidhim 'S do réightheach do ghéibhionn-sa a shuairc-bhean chaoin. Na séimhfheara saor-ghlana soilbhire sóghach Ler méaladh mo chaomthroightheach goirtitheach ón ród Ar aonmhac na Féile do crochadh gan chóir A Saora ar dhaorbhruid s gur a b'fhada bheid beo. An séimhfhear mear maordha nach ceacharthadh meon Lér mealadh mo chaomthroightheach greaduightheac ón ród Haon toil an Dé mhic do cheannuigh na slóigh A chaomhna air bhaoghalacuibh basga agus brón. Muire mháthair na ngrás do shaothruigh neamh Is d'fhuiling táir is neimchion d'fhagháil san Éigipt seal Iar ndul do chách go tulach láthair laé na mbreath Ón uile chás go hiomlán sinn saor beir leat.
Fá lic duit a' Sheagháin id' luighe Ó taoi gan chasadh as an uaigh Righ neimhe dod' sheoladh isteach Leis gan ceas 'na dhún gan fuath. Mallacht is céad do'n bhás Is leis rinneadh mo dhian-chrádh; Is cér bhog mé i gcéill 's i gcruith, Níor ob gan fealladh oruinn. Is muar an léan liom cruadhas an scéil seo Ag trácht tar lear, 'S is duairc an Chréim é buailte i dtaobh dheas Na dáimhe ar fad, Buachaill Gaedhealach uasal aerach, Do bhí grádhmhar geal, Do bheith uainn ag daolaibh i n-uaigh in' aonar 'S gan fagháil ar theacht.
Go bhfeiceam i bhFlaitheas an cailm-fhear cráibhtheach cirt Is deise ler grapadh an leabhar so im' láimh istig, Fear geili-chnis geanamhail greannamhar grádhmhar dil, 'S is teinneas lem' anam ná maireann an mál so anois.
Is cráidhte ceasnaitheach atuirseach fíor-dheórach Atáid ár bhflatha ar seana 's ár n-aois óga, I ndeáidh an easpuig seo d'eascair de Shíol Eógain, 'S bhí grádhmhar carthannach beannuighthe binn-ghlórach. Ní cás a aithint gur fearg an Ríogh chomhachtaigh Atá le Banba mhalartach mhí-threórach, 'S ar bharr gach aindeise theangmhaidh san tslighe fós di Sé bás an easpuig seo laguigh a brigh is dóigh liom. Ní gábhadh dham labhairt ar mhaitheas an traoí óirdheirc, Tá a fhios cheana ag fearannaibh Foinn Fódla; Acht gur bh'áil liom mairbhne tharrang i ngaois ró-ghlain d'on Chárrthach Easpog is danaid 'n-a luighe ar feodhchan. Bláth ár nEaglaise is gradam ár gcinn-chomhairle, Fál ár mbailte agus ceannas an aois eólaigh. Tá a fhios i leabharaibh seanchais Chrích Fódla Gur d'ard-fhuil Chaisil do scaghadh a phríomh-comhfogais. Is 'mdhó mná dealbha ag screadaidh ar thaoibh bóithre, Is páiste galair gan athair ar mhí-sheóladh, Go scáinte scaipithe anacrach aoird-gheónach Tré bhás an fhlatha so chleachtadh a bhfíor-fhóirithin. A Bháis, uch greadadh ort, a chastaire chraois-bheolaigh, Nár fhágais tamall an faraire fír-ghleóidhte Do dháilfeadh cabhair do'n bhanna so ar mhí-chómhthrom A bheidh Fánach feasta gan taca dhá ndíon ó bhroid.
Ní mhaoidheadh an aicme seo gasra thigheacht 'n-a gcómhair, Suidhe na sagart, is tearamonn daoine d'reóil, An díleacht dealbh gan athair, is buidhean badh mhó, Is tigheas ba sheascair do sheasaimh le taoibh an róid. Is ó ródaibh dá ngeóbadh soin an iomad 'n-a gceann, Níor óbradh dhóibh-sean bheith sinnil ná gann, Gur leónadh ár móir-fhir le dlighthibh na nGall, 'S gur seóladh fé fhódaibh le ciumhsaibh na habhann. 'S le ciumhsaibh na habhann so is lom 's is diombádh liúm, Dibirt mo rogha-sa an crobhaire ceannárd clumhail; Fear tuigsionach tabharthach, is foghail a bhuint dá bhonn, Is Muire go ngabhaidh leis am na ndioscán siubhail.
M'uchlán mo dhiombádh mo chiach mo chreach, Ribeárd mac Thomáis gan rian san bhfeart, Flaith furánta fulláin fliuch ciallmhar ceart, 'S ar dheas-láimh na nGeal-ghrás go dtrialla an fear. Fear gaeth-ghlic greannmhar acmhuinneach aoird-chéimeach Tréanmhar tapa mear meanmnach mín maordha, Fear béasach barramhail berrfhion tais binn-tréitheach, Fear dréachta 's ranna do cheapadh 's do scribhe i nGaedhilg. Gaedhilg do léigheadh soin ar mhaithibh na Mumhan, Is Béarla n-a dhéidh sin go blasta gan smúit; Ba mhéinn leis na méirligh seo leagadh ar a gcúl. Is Éire do shaoradh ó ghlasaibh na mBúr. Búir ní taithneadh le haigne an tséimh-fhir ghrádhaigh Bhí rún do b'fhearra aige, carthannacht féile 's pháirt; Is úr do scaipeadh san tabhairne an saogal smáil, Is níor dhún a dhearca ar charaid ná ar aonarán. In' aonar is léan liom fé leacaobh ar lár An séimh-fhear breágh Gaedhealach nár cheachardha cáil, I dtréithibh i mbéasaibh 's i maitheas rug Barr, De phréimh-shliocht na dtréan-fhear soin Breathnaigh an Bháid. Breathnaigh an Bháid do b'fheárr le sleasaibh na Laoi, Na fearaibh nar stán dá námhaid i gcaismirt na gclaidheamh, Ná feacathas tláth ar lár i spáruinn ná i mbruighin, 'S do ghlanfadh san tábhairne táibhle fairsing gan maoidheamh.
Mar is feas damh-sa gan gó gan bladar Go rabhadar uasal buacach beannach, Go rabhadar séimh-ghlan saerdha slachtmhar, 'S go rabhadar dána láidir tapaidh. Ní raibh a gcroidhe san tsaoighal so ar éan-chor, 'S níor chuireadar suim n-a mhaoin bheag bhréige, Dar mo chúis is dubhach an scéal liom, A ndul san úir i dtúis a réime. A Uain ghil sin d'fhuascail sliocht Ébha, Buanaidh, gan uamhan gan éigean, Risteárd gan diombádh gan daor-bhroid, Is Micheál do thigheacht slán tar trean-mhuir.
Is muar an easbha feasta i gcríochaibh Fáil, An suairc-fhear slachtmhar gasta gaoismhar grádhach, Do bhí buacach beacht i starthaibh grinn na ndámh, Is uasal-shagart cneasta caoin gan cháim. Ua na bhfear nar chleacht bheith íseal táir, 'S dar dhual soin flaitheas fairsing Innse Fáil, Do ruaig na Danair ghlasa arís thar sáil, I gCuain an Tairbh, antreas do chlaoidh a mbláth. Fuath is fala is fearg nimhe gach lá, Ag Uan na bhfeart le bean Mhic Choill na ngceárd, Tre'r fhuaduigh aiste an fear ba líomhtha cáil, Thug uaim na sean gan mheas is Gaoidhilg ar lár. Suairceas seanachus carthannacht comhairle is ciall, Uaisleacht aigne is fairsinge fóghanta fial, Buadh agus beannuightheacht a eagna is eólas dian, Do chuaidh i dtalamh gan aiseag le Pól Ó Briain.
Is aithreach liúm 's is dubhach lem' shaoghal ar fad, An ainnir dheas úd dá cumadh gur scéidh me dhearc Do bheith bascaithe brúidhte múchta tréith gan phreab, Is go Flaithis na ndúl gan púir go dtéidh isteach. Do bhí cneastacht is ciúineas múineadh méinn is meas Le faicsint n-a hiomchur, búidheacht béasa 's blas; Dá mairfinn gan túrnamh dúbailt aos na sean Ní scairfead a cumhadh lem' chúm go dtéidhinn san bhfeart. Athchuingim siúd ar Úr-mhac Dé na bfheart, Fuair peannaid gan chúis dár dtabhairt-na saor thar n-ais, An ainnir dheas úd fé a ndubhart an méid seo im' ghlaic, Do ghlacadh na chúirt gan phúir gan phéin gan céas. Mo chráidhteacht go bráth agus m'uaill chaoidh is chumhaidh An lá soin de lán-leigeas uaim- í- íar siubhal, Grádh geal a máthar is duairc-chroidheach dubhach, Máire beag bhreágh deas Ní Chruadhlaoichúd.
Ar maidean Dia Luain timcheall a deich a chlog is eadh do mharbhadh agus do bháthadh Máire Ní Chruadhlaoich ar an Laoi i gCorcaigh. Do b'é sin an dara lá d'Abrán san mbliadhain 1821. Do bhí sí timcheall 24 bliadhna d'aois an tan sin. Do bhí sí mar an gcéadna deagh-cháileach, agus níor bh'iongnadh soin oir do bhí sí go blasta binn-bhriathrach béasach beacht-mhúinte, cneasta ciallmhar, diadha deagh-shomplach, éifeachtach. Fírinneach gasata grádhmhar gáireach geal-ghnúiseach, luinneach lúth-gháireach, múinte milis modhmhail, miochair, naoidheanta nuadh-chrothach, oilte áluinn oirdeirc, páirteach, ríoghdha rosc-ghorm, súgach soilbhir séimh suairc so-chroidheach so-chaidrimhthe le deagh-dhaoinibh, agus do-chaidrimhthe le droch-dhaoinibh, tuigseach truaighmhéileach trócaireach, umhal urramach uasal-aigeantach, déarcamhail daondachtach do bhochtaibh De; go raibh Dia le n-a hanam. Maidin Luain im' shuan do ghlacas bíodhgadh Tre aisling dhuairc do fuaireas tamall roimhe sin; Dar liom suas go buaic gur las im' thimcheall, An teagh go luaimneach luath n-a leathan-sceimhealtaibh. Preabaim suas go buadhartha cneadach scíosmhar, 'S níor bh'fhada an uain go bhfuaireas adhbhar lín-ruith, Fear fem' thuairm ghluais n-a reathaibh righne, Is d'aithris cluain go luath dhom' mhealladh síos leis. An tan do chuadhas níor shuairc an seal do bhí agam, Ag amharc uaim chun cuain ar bharra taoide Creach do bhuair mo shuan fad mhairfad choidhche, Mo leanbh uasal truagh gan anam innti.
Bean na scuab-fholt ndualach ndaithe ndlaoitheach, Cneasta cuachach buacach blasta binn-ghuib, Aibidh uasal muardha maiseach míonla Slachtmhar suairc gan bhuaidhirt gan bhearta puimpe.
Do chualadh tásg do cráidh go léir me Is thug me buartha a ngruaim faoi mhéala Tug mo shúile múchta a ndéaruibh Is thug mo lígh air ghnaoi nách gléigeal. Créad nách caoinfinn díbh san méid-si Fear dá ghníomh dá ghnaoi 's dá mhéinn mhaith Ba cneasta croidhe glan líonta dhaonnacht 'Sé Donnchadh Ó Floinn an tsaoi gan éaluing. Is dubhach sis doilbhíos doilg an sgéal liom A nDún Bolg fé chlochaibh ag déaluibh. An fiailfear fearamhail carthannach céim leasg Is ar thriaith na n-aingeal a tearmainn taobh leis. Is gasda cruinn do sgríobhach an Ghaedheilge Do labhrach Frainncis bhinn is Béarla An cluithe fithchile is clisde do ghléasfadh Is ní ghnéidheach mustar as iomad a thréithe. Acht ós é is críoch don chloinn-se Éabha A ttuitim uile fé chumas an éaga Laraim itchim ar Mhuire 'sar Naomhaibh A nguidhe chur chun Íosa ár saoradh. An deaghbhean déaghthach mhánla mhaordha Do chrú na mbarach bhí a ngradam in Éirinn Is teinn lem' aigne ar mhasgalach bhéaltais 'Na luighe ar a leabuigh gan tapa 'na géagaibh. As é Donnchadh Óg an tóigfhear tréitheach Aithchim an t-athair a Laidin sa nGaédheilghe Is air atá suas gurab buan a shaoghal Mar cheann urruidh do'n fhuirinn a ttaobh leis.
Bathlach beag buidhe fíochmhar tá tuilthe de scléip, Do ghlanfadh an claidhe is aoirde go hinnealta léim, Is blasta do scríbhann Gaoidhilg, 's milis do léigheann Seanchas ar Chloinn Mhilidh, is nidhthe nach é. A shoilbhfhir de thoirrcheas na ndréacht do shnuidhe, Is do foilceadh ins an dtobar soin na mbéithe mín, Is doilbheas tar doilbheas do réab mo chroidhe Nár stopas ar an ndoras tu indé san tslighe. Oidhche Shamhna i nGleann an Ghrágaire 'S eadh bhíos i dteamhaint ag camtha an smálaire, Críost 'san crann do bhloghadh a chnámh 's do bhrus Dár ndíon gach am ar dhream an chneadhaire sin.
A fharaire ghil eagnaigh dar dhligheas mo rún Is taithneamh uile mh'anma fé chuing chirt dlúith, Cé deacair sin bheith scartha libh a shaoi ghluin bhúigh, Slán feasta agat, ar maidin is eadh bhím-se ar siubhal. Rachad-sa dh'on bhaile thoir 'n-a mbínn-se ar dtúis Marar haltromadh im' leanbh me gan daoirse dúr; Taiscidh-se mo leabhair dam go bhfillfad chughaibh, Nó go leagathar fé leacaibh me gan brigh san úir. Mo leabhair uile is ceanemhail do dhíonfaidh dúinn An faraire mear meanmnach gan puimp gan trúth d'eascair d'fhuil na bhfearachon do b'aoirde clú, Le n-abarthar Sliocht Chaisil is ba righthe Mumhan. Do Sheaghán Ó Dubhghail. A Sheagháin, a chara 's a dhalta mo chroidhe dhil-se 'Fhir ghrádhmhair chneasta atá fearamhail fírinneach, Is gránda an mhaise d'fhear thapaidh mhear bhinn mar me Ná rángadh dha'n scathamh so eatortha im píobaire. Níor cháim ná aithis ná easmailte choidhche dham Mná is fir mhaithe bheith tamall ag rinnce againn, Dánta a cheapadh 's do tharraing i scríbhinn chirt Ó thárladh im' racaire bhlasta san nGaoidhilg seo.
Lá Samhna dá rabhas-sa le sleasaibh Laoi theas Lán d'amhgar fá channtlamh ar easbaidh maoine; Pláigh reamhar ar an ndream soin do ghread na Gaoidhil bhocht 'S iad do dhall me san am so, uch peannaid nimhe ortha! Is méinn liom innsint díbh gan bladar láithreach Cad é bheir sínn-na timcheall chapaill Mhártain, Éag mo dhaoine is laighead mo charad láimh liom S an saoghal bocht cinnte 'om stríocadh ar easbhaidh fagháltais. Mo scéan mo sceimhleadh scís, mo scalladh cráidhte, Mo chreacht, mo chaoidh, mo dhíth, mo dhanaid cásmhar, Éire i ndaoirse arís gan casadh i ndán di, 'S san aol 'n-a luighe 's eadh chím-se sreath dá cáirdibh. Má ghéillimíd do laoidh dar chansat fáidhe, Tá tréin-fhir ghroidhe le tigheacht gan stad tar sáile Do réidhfidh snaidhm do'n bhuidhin seo i nglasaibh thárlaidh, 'S do shaorfaidh sinn ó chuing na nDanar ngáibhtheach. Mo scéal chun cinn dá dtigheadh badh sheascair sámh sinn, Beadh léigheamh ar laoithibh linn is leabhair ársa; Féasta is fíonta is draoithe ag spreaghadh sár-chrot; Is tréadtha an fhill gan ríoghacht gan rath i gClár Luirc.
Aréir im' leabaidh 's me atuirseach scíosmhar duairc, Mo chéile chneasta do mheasas gur shín liom suas, A taobh 's a mama 's a leaca mar shíleas fuar, 'S is léir gur ghlacas tríd eagla 's bíodhg ró-mhuar. Baodhchas radaim do'n araid-mhac aoibhinn thuas Le ndéintar fearta 's ler ceapadh an saoigal suairc, Mo bhé bheag mhaiseach go maireann, cé bhíos i mbuaidhirt, Gan bhéim gan bhascadh gan mhairg gan snaidhm gan guais.
A Chumainn mar mh'anam 's a chara na naoi Muses Is tá soineanta searcamhail maiseamhail mín múinte Sin triochadh ar sheascaid do raidim ó chroidhe chughaibh-se De bhruinnealaibh cailce gan faice dá ndíon-chumhdach. Is tuirseach 's is fada mo thaisteal fá Thír Fhionntain Ag tiomargadh leabhar ceart seanchais Chloinn Niúil ghluin, Ionnus go gcasfainn an teanga do bhí múchta, 'S go gcuirfinn n-a beathaidh go haibidh arís chucha í. Níl duine 'n-a ngabhann, cé deacair a gcruinn-chuntas, Do cheileann a dadamh dá leabharaibh gaois-iomdha; Is deimhin a chara fá starthaibh nach fíor-lughaide Eisean dá dtairnginn-se asta a mbíodh ionnta. Is deimhin gur mheasas leis taisteal san tslighe chughat-sa Go bhfionainn go bhfeasainn go bhfaicinn do shaoitheamh lacht, S dá mbeadh siolla nó aiste dheas agat nár fríth liúm-sa Go ndeininn a ngraphadh go slachtmhar fé aoin-lúitrigh. Sirim-se feasta agus aitchim i bhfíor-chongnamh Gach siollaire slachtmhar le dtaithneann mo chaoin-tsúgra, Ionnus go gcasfadh an t-aitheasc badh chuibhe dhúinne Do scriosadh le Danair 's do scaipeadh le daoitheamhlacht. Tá fuireann ag taisteal tar caladh go Tír Iúgain Is fuinneamhail fearamhail draganta díoghlúnta; Brisfar ar Ghallaibh, 's beidh scaipeadh ortha 'dhruim tonnthach, Is cion ar ár dteangain bhuig bhlasta gan daoirsiughadh aca.
Ar n-a thuigsint do go dtugadar Muinntir a athar taothnasc nó neamh-shuim ann, d'éis dó teacht ó Chorcaigh dá n-ionnsaighe san mbliadhain 1802. Táim, Dia linn, dealbh gan earradh gan eadach bláith, Is taid thiar mo leanbh beag mar me 's mo chéile ghrádhach; Tá an bhliadhain seo chaithte 's ní bhraithim me féin níos fearr, Acht tá Dia neartmhar is glacfaidh go séimh ár bpáirt. Mo chiach ná mairid na flatha ba léigheanta tásc, 'S bhí riaghalta rabairneach carthannach déarach sámh, 'Gá dtrialladh sagairt is easpuig is éigse is dáimh, 'S ní bhiainn-se dealbh 'n-a aice ná ar éan-chor tláth. Is liach nár fhanas san mbaile 'n-ar léigheas a lán, 'S gan iarracht fhada do thabhairt i gcéin ar chách; Acht dian-tsearc daingean is taithneamh mo chléibh thar barr, Do ghrian-treibh m'athar, sliocht Pheadair ó thaobh na trágha.
A Dhia na n-aingeal do cheannuigh na slóighte 'S fuair pian is peannaid ar gharbh-chrois dóibh-sean Triall do'n Fhlaitheas gheal bheannuighthe ghlórmhar An triath ler graphadh an leabhar so 'im dhóid-se. Ámen.
Aitchim fín an Rí geal acmhuineach árd, Do cheannuigh síth san gcraoibh do leathan-tsliocht Ádhaimh, A cheana clídh san tsaoigheal do mhaitheamh i dtráith Do'n bhfear deagh-chroidheach do scríobh an leabhar so im' láimh. A Shagairt d'fhuil Eochaidh is forusta fír-léigheanta Is ceannasach cosantach cobharthach caoin-tréitheach, Tré charthannacht fhoirtill an tsolais-mhic aoird naomhtha Ceaduigh mé oscailt na scoile san tsípéal thoir. Ó's dearbh gur follus me follamh ó mhaoin tsaoghalta Gan charaid im' fhogus gan chostas chun tighe dhéanamh, Ag teagasc do phobail s ag fortacht gach fír-ghéibhinn Gura fada fé chothrom tu 's oscail dam slighe éigin. Oighre is lorg is sonas is ádh gach bliadhain Go dtadhallaibh ort-sa a fhir shochma atá grádhmhar fial, Feidhm is fortacht is cobhair is grásta ó Dhia; Is éirigh a chogair dhil, brostuigh is bearr mo ghiall.
A chaoin-bhean de phrímh-shliocht na n-árd-fhlaith n-úr 'S na dtigheasach nár cinnte le fáidhibh iúil, Sin brighdeach dheas aoil-chnis gan scáth ar dhrúcht Do scaoilim tré dhíogras le Máire chughaibh. Innsean mar bhím-se gan fagháltas liúm, Is líon beag mo thighe uile tár-nocht dúr, Acht tá Íosa, céad buidhe leis, go grádhmhar búidh, Is scaoilfidh gan puinn moille an phoráinn sin dúinn. Mar fhillfidh an bhrighdeach im' dháil ar gcúl Innsidh arís dam mar tá gach cúis, Ag muinntir do thighe-se, 's ar fhág do dhún Ded' chloinn mhaith, 's gan fuighealach a n-áireamh dhúinn. I dtuaith Dhún Bolg ag ndruidim le Féil Bhrighde, Gan chruaich gan chuigin go sinnil i gcéim daoirse; Ar Uan gheal Mhuire an fhuireann so a chéas Gaoidhil bhocht, Á ruagadh uile gan filleadh thar tréan-taoide.
Is fada liom go n-amharcaim ag téacht im' chuan Peadar beag le bacalaidh de scéaltaibh nua, Go n-aithrisfadh go blasta dham tar éis a chuard An mairid uile a charaid sin san taobh soin tuaidh. Athchuingim an tÁrraid-mhac do shaor na sluaigh Ar gharbh-chrois go peannaideach i ngéibhinn chruadha, An teachtaire seo chasadh orm go héascaidh suairc, 'S a thearmonn gan bascadh ar bith gan baoghal gan buaidhirt. A-bhaile anois mara dtagaidh-sean fém' dhéin go luath 'S go dtairgidh a bhanaltra a n-a dhéidh ó thuaidh, Ar fhearta Mhuire bheannuighte 's na naomh ngeal tuas Go dtagaidh-sean go hathchumair i ngné gan ghruaim.
Is cé gasta mise ar leabharaibh na bhfáidh do léigheadh 'S ar gach aiste shuilt do cheapadh le mac d'áithrigh Gréig Do mealladh mé le h-ainnir dheas na mbán gcíoch gcaomh Is nach mairg fear dhem'shamhailt bheir a shlán fí'n saoghal. Is lem' chaol-pheann do dhéanfainn-se aiste tré rún 'S mo chéachta is deas ghléusfainn ar mhaidin i dtiúin Le h-éifeacht mo bhréithreadh 'sé mheallaim-se í siúd Gach spéir-bhruinneal mhaordha budh thaithniomhuigheach liom. I dtig an tabháirne níor bh'anamh me ag glaodhach 's ag díol Is ainir dheas chaomh cailce agam ream thaobh 'na suidhe Idir fhearaibh ar an machaire ba thréan mo ghníomh Is goin bara aca ní fheachathas fós aon phuth puinn. An Béarla-so léighim go blasta breagh búch Nó caomh-startha Ghaedhilge ar seann-mhnaoi Lughaidh Thar tréunmhuir seadh bhéurfainn gan bhasga mo long 'S ar théudaibh na caomh-chruite spreagfainn díbh fonn. Is d'ár bhfeuchain tar tréunmhuir dá dtigeadh le cóir An taon so faoi néalaibh nach meastar bheith beo 'San sgléip seo 'dir Gaodhalaidh do bhfearra mé fós Ná sméirle leamh baoth ag a mbeadh machairidhe bó. I gcaitheamh na gcloch-charraige idir bhuidhin bhréagh fear De gheata nó de chladhthachail do'n síoch-tháin go pras 'Sé dearbhaidh gach aicme aca "mo chroidhe-chrádh ar fad Do shamhuel-se níor casadh linn acht Micheál Long". An Ceangal Is eol dam laoithe do chumadh go dlúth gan cháim Ar bhórd na himirthe tuigim glan-chúrsa an chláir Ólaim gloinne go clisde agus diúgaim cárt Is pógaim bruinneal go milis le ciumhais na trágha.
Go bhfeiceam i bhflaitheas an cailm-fhear cráibhtheach cirt Is deise ler grafadh an leabhar so im láimh istigh Fer geilichnis geanamhail greannmhar grádhmhar dil 'S is teinnios rem' anam nách maireann an mál so anois.
Fuacht na scailpe seo deatach is gaoth gheimhridh, Cruadhas na leapthan so 's easbha bhruit lae is oidhche, Muar-chuid srathanna deachmhaidhthe is glaodhach cíosa, Thug buartha cathach me easbathach éagcaointeach. Mo scuaine leanbh go dealbh gan éin-nídh aca, 'S an tsuairc-bhean chneasta a mbanartla bhéil-bhinn sin, Cruadhas an reachta so ag Gallaibh dár ngéir-dhíbirt, Do bhuair do mheathluigh do mhairbh go léir m'intinn. Ar cuaird dá dtagadh san cara dom' fhéafraighe-se Níor thualang m'acmhuin a fhreastal ná a chaomh-dhion liom, Acht sluaighte danar ag taisteal gach éan-oidhche Ar fuaid ár mbailte 's ag bagairt an chlaon-dlighe orainn. Uain ná aga ní'l agam do ghléas caoil-phinn Le luaidhfinn graphadh mo leabhar i saor-scríbhinn; Táid uaim ar scaipeadh go seachmallach saobhnoíseach Suarach searbh ar aiste nár chéim chuibhe dham. A uain ghil bhanaltran bheannuighthe an chaemh-ríogh so, d'fhuascail scata ó pheannaid na ndaor-chlaoin-bheart, Ruaig-se Gallaibh a fearannaibh saor- Chríomhthain Uainn tar caise, 's nár chasaid go héag choidhche.
Le léithe mo chéibhe 's le duille mo dhearc Is féidir a léir-mheas go bhfuilim ag meath; Ní léightar liom bhéarsa ná siolla n-a cheart, 'S is méala do'n Ghaedhilg mar scuireas le seal.
Seóid bheag gheallas do charaid na hÉigse, Do stiúir na ndámh dar dháileas gear-shearc; Starthóir grinn de phrímh-shliocht Éibhir, Do ghrádhann a thír 's go fhíor an Ghaedhilg.
Ar nglacadh na speaclaí do Mhicheál Óg ó Dhonnchadh Ó Floinn. Do fuaireas seóid dheas ghleóidhte ghreanta ghreadhnach, Is cé duairc mo shnódh, thug spórtmhar seascair saidhbhir me; Ní'l buaidhirt ná breódh ná brón nach blasta leighiseann, 'S is nuadh-ghlan córach dhamh-sa a chasann radharc maith. An suairc-fhear snódh-gheal móinte maiseach meidhreach Thug uaidh an tseóid sin damh-sa, 's dearbh deimhintheach Gur ghluais de phór-shliocht treón bhí i gceannas feadhna Uair i bhFódla fód-ghlais fairsing Feidhlim. Is tuar chun eólais mhóir is gastacht gaoise Do thuabhairt do'n óige leóinte leamh gan chríonnacht, Fuaim a bheóil dá mheóraibh geala míne, Nó ag bualadh cló ar sceól badh mhaith le hinnsint. Is buartha an sceól go deó 's is adhbhar maoithe Nach muar dá shórt-san beó san chathair chaoin seo, Ar uaisleacht meóinn ar chóir ar cheart ar chaoimhe; 'S ar a bhuan-tsearc drólann deóil do'n teangain Ghaoidhilge. A Uain ghil Óighe na trócaire cheannuigh daoine, Buanuigh beó go fóill an fhlaith so mhaoidhim-se, Gan bhuaidhirt gan bhrón gan bhreódh gan easbha mhaoine, Acht suaimhneach spórtmhar ceólmhar fleadhach fíontach. An gloine seo nuair chuirim-se ar m'aghaidh go deas Is cliste ceart ag tiomargadh a radharc dom' dearc; Na nidhthe beaga is mine ar bith bheir taidhbhseach glan, Is dá dhithin sin is minic mise i bhfeidhil mo cheacht.
Caogad ar éin-deich dem' bhliadhantaibh atá Ar léithe mo chéibhe, is mo chiall ag trághadh; Ó'n gcraos-chorp ó'n saoghal is ó'n ndiabhal im'dhéaidh, 'Saor me ded' naomh-thoil a Dhia na nGrás.
Is gránda an meon d'fhear leointe dhealbh mar iad Le grádh do phórtar dhól go ccaillionn a chiall Is a rádh ná tógfach comhairle carad na cliar Acht a mháthair dh'fhágaint fós is aithir sa diabhal! Mo náire mhór a stóir má leanfair-se iad 'S gan gabháil le'm chomhairle chóir-se feasta mar riaghail 'S a liacht sáirfhear seolta leoin an mearathal riamh Is d'fhág an t-ól air thóin sa laithicc 'na dhiaigh. atáim bocht buartha Ós folamh dhuit-se a chogair ghil sa ghrádh na rún Gan chostas leat ad' scolaire bhocht chráidhte dhúr Dar goballach ba scornn sin 's ba náireach liom Tu ad ghrogaire lochartha 'na spleadheas súd. Cuirionn an t-ólsa brón is mearuidhe oruinn Is cuirionn an óige a ccló 'na seandaoine Is cuirionn ár ngnó go mór chuim faillighthe Is tá an donas go deo adtóinse Uí Fheardhallaidh ?. Crádh don tsaoghal taodach is gan guideach cáil Is crádh do'n té ghéillfeadh dá raemus go bráith Sgáil bheag bhaoth 'éadtrom nach maireann acht spás Mar bláith na ccraobh léigtear le fearthuinne ar lár.
Nách taobhuigh bheith éadmhar ná an earruid le neach Nách taobhuigh bheith faobhrach feargach feacht Nách taobhuigh bheith bréagach barbartha leamh Is ná taobhuig bheith claonmhar cealgach cas. Taobhuig an fhéile air aithris na sean Tréig cleasa an tsaoghuil si agus casuig air neamh Taobhuig an daonnacht sa charthannacht ghlan Is taobhuig bheith déarcach cneasta le lag. Taobhuig bheith saermhilis cneasta le neach Do mhéinn bheith dhá réir sin is t-aigne mhaith Taobhuig an réighteach do ghlaca gan cheas Is ná héimigse géille don eagluis cheart. Taobhuig gach féile na sagairt 'sa reacht Déin mar a déarfuid is cas ar do leas Glaodhfuidh an téag ort sis gairid do sheal Is éistse le bréithre is le teagasg na sean. A laeghdhil mo chléibh is a dhálta mo sgart Bí gaosmhar 'san léaghann agus gasta air gach stair Pé holc maith t-éadach a bhfaisionn no a ndaith Taobhuig dul d'éisteacht na naifreann ngeal. Taobhuigh an Ghaedhilg do labhairt go maith Taobhuigh an Béurla go blasta is go beacht Taobhuigh an fhéile ar aithris na sean Is taobhuigh dul d'éisteacht na nAifreann ngeal.
Micheál Mac Phartholáin Uí Chaoimh cct. chun Michíl Óig. Imblíadhna gheallais dam cabhair a shíoguidhe úd, Le riaghail na naithreach mbeannaighthe mbinn gcaoin gciúin Go rianfam feasta a fearannaibh aoird-mhín Lughaidh An ciarsprit d'aistrigh reachta gach fír-dhlighe ar dtúis. Dia lem' anam, ní fheadar cá slighe is díon dúinn Ar dian-bhroid Danar fér leagadh gach Gaoidheal groidhe i n-úir, Acht triall a Bhanbain mhalartaigh chlaoin-chroidhigh dhúir I ndiaidh na ndragan ná tagann, bheir sinn fí chumhadh. A charaid chlúmhail ionnraic ghasta ghrinn-ghluin, Is maiseach múinte blúth a cheapann laoithe, Tabhair dúinne cunntas ceart is innsidh An mbeidh an trú bhocht bhúr so i gceannas choidhche.
Freagra Mhichíl Óig ar Mhac Uí Chaoimh. A ghliadhaire ghasta ghluin chalma chaoin mhín bhúidh, Do bhriathra blasta ba thaithneamhach fír-bhinn lúim; Ní cian go leagfam le cabhair an Ríogh Nimhe úd Na diabhail seo i gceannas do tharraing gach daoir-dhlighe dhúinn. Sin cliar ag taisteal na mara go Crích Chuinn chughainn, An Brianach calma i gceannas na míltí long; Beidh iarsma ar Ghallaibh gan rachmas, ar dith ghrinn, dubhach, 'S an pian so 'om sheargadh scaipidh gan moill mí ar siubhal. Ciach do leathnuigh go fairsing fém' mhín-chlí ionnúm Nach fiar mo thairngreacht ghartha do'n chlaoin-bhuidhin úd; Acht biam-na feasta ar ár bpaidir 's ag guidhe trí rún, A ghliadhaire ghasta ghluin chaoin mhín bhúidh. A ghliadhaire chlúmhail chumtha chneasta chaoin-ghlic, Is riaghalta rún ag scrúdadh startha ghrinn-ghluin, Do rian suilt stiúruigh chugham-sa, a charaid dhíograis, Mar badh mhian liom sugradh subhach i measc na saoithe.
Chun an Athar Domhnall Mac Cárrthaigh, Sagart Paróiste Ghleann an Phréacháin. Molaim do thrus anois a Ríogh- Chárrthaigh Oirdheirc oilte chliste chaoin-cháiligh, Ó rugais an cluithche sinn ar fhíor-námhaid, Borb-choin bhuile is truip na díoghbhála. Tá an pobal mar me go huile i bhfíor-ghairdeas Soilbhir sultmhar sona síothchánta, Ó chonncadar sibh-se ag tiocht go príomhláideach, Is bronnaim air sin duit fiche caoin-fháilte. Is follus gur muirinn linn do shíothcháin-se A lonna-mhic mhir is loinne líobrálta, Do foilceadh go cliste i bhfuil na gcaoin gCárthach, 'S na gCormac ndil dar chuibhe Crích Fáilbhe. Aitchim an Buinne d'fhulaing daoir-pháis ghuirt 'S ler scaipeadh a fhuil go dil ar chloinn Ádaim, Tu sheasamh againn anois gan fíoch námhad, A fharaire an tsuilt is fuinte fíor-áluinn.
Micheál Mac Phartholáin Uí Chaoimh cct. ar ndul dá charaid ionmhuin do'n Talamh Nuadh .i. Micheál Óg Ó Longáin. Is creach 's is cumhadh 's is túirse croidhe is clí liom, An bheart do dhúbhail smúit ar Chloinn Chaoimh seo, Fear dar liúm dob' ughdar gaois-laoithe Thar sreabh na dtonn ag siubhal go tír coimhidhthigh. A ríogh-ráib dar dhligheas grádh mo chléibh istigh Dod' chaoin-rádh nach righin-ráidhte bréige soin, Ó scríbhis tráth na díodhacht-dhánta léightar linn, Guidhim sláinte is síothcháin mar aon is libh. Mo chroidhe athá le mí is ráithe réabtha ionnum, Gan puinn sáimhe im' clí a ghrádh ná sléachtadh suilt, Ó Mhicheal do fhíor-thracht i gcéin tar muir, Tug síon trágha an scríbhadh dhánta Gaedhilge linn. Ar ngabháil a chead leis an bhfear thuas. Dá mbiainn le fanamhaint san bhfearann so Féidhlim Do bhiaidh mo leabhair mo chaisc is mo ghréithre Gach bliadhain dod' cabhair-se, a fharaire ghléigil, 'S ó's triall dam feasta thar caise ná daor me. Is mo cháirde chléibh go léir fé'n bhfód Is mar táim dá néis gan éan-rad stóir, Bheir spás me féin ag gléas mo sheóil, Tar sáile i gcéin go dtéidhinn go fóill. Dá ndáilfadh Éan-mhac Dé na gcomhacht Mo slán a théacht go hÉirinn óig Bheadh cárt is céad dá nglaodhach dhe'n bheóir, 'S ár sláinte araon dá thaoscadh ar bórd.
I n-iathaibh allmhurach ainbhfiosach éigcirt Ó's mian liom tarraing ann sealad ó'n dtaobh so, 'S gur bian a dhearbh nach aithnid dóibh Gaedhilg, Is grian lem' aigne amharc na ndréacht so. Dáibhidh Ó Duibhluachra cct. Do Mhicheál Óg Ó Longáin an tan do smaoin dul go Americá .i. An Talamh Nuadh. Glac-si mo theagasg gan chealg a Mhichíl óig Is ná seasamh ar machaire cathana choidhche dhóibh Leansa na bearta do chleachtach na saoithe romhad Ag aithris startha air ghaisge 'gus gíoch na dtreon. Féach gur leagadh le sealad na mílte 'n chóip D'á acfuine i gcathaibh 's in airm do bhí 'gá slóigh Is feara dhuit fanamhain feasta 'gus tíocht' nár gcomhair Ná do threascairt-se marbh gan tapadh na brigh fán bhfobhair. Stadfad dom theagasg, a chara, cidh síor mo dheoir, Is ní bhreacfad-sa leabhar fad mhairfios gan críona feor Bead feasta mar allamhuic treascartha tim gan treoir, Indeabhaidh dhalta na bhflathadh do dhíogach beoir.
O's duine thu nach soineanta le saoithibh táisc 'S nach tuigsionach ar imirt cluithche draoi ná bárd, Cluinim-se go scuirfir-se ded' laoithibh phláis Go gcuirfar libh gach pinginn bheag dem' chíos im' láimh. Nach iongantach an gliogar duit a mhaoidheamh le cách Go gcuirfadh sibh ar mire sinn nó ar baois chun fáin; Gan Muiris liom má tuigthar dham gur fíor do rádh, Nach ursa leis do chumas ná do dhícheall báis. Ní file thu do chuirfadh siolla síos ar phár; Ní cliste sibh ar laoithe chur i ngaois le dáimh Ní'l tuigsint chirt id' inchinn ná inntleacht árd, Is dá bhithin sin badh scurtha dhuit ded' bhaois, a Sheagháin. Nuair chuireann sibh chun imeartha le Buidhin ghlan ghrádhach, Ní laoithe suilt is ionmhuin libh do scríbhadh 'n-a ndáil, Acht gliogaireacht gan innealthacht gan bhrigh gan áird, Le nidhthibh eile im' chluithche-se nár dhligheadh a dtrácht. A óigfir mhilis tá soineanta séimhidhe suairc 'S dar bh'eól gach siolla do shnaidhmeadh go céillidhe in-uaim, Cóir ar laoithe má's deimhin gurab é bhí uait, Fóill ná tuigidh go ndruidfinn ar éin-tslighe suas.
A sháir-fhir shéimh céadfadh is carthannach caoin, Is dar thálsat nae mbéithe searc taithneamh is gnaoi, Dáilim féin spéir-bhean deas gheanamhail díbh, De bharr mo mhéar léigim ar ghailleamh gan díon. Chun Liam Uí Ríordáin Dá bhfiadfainn laoithe líomhtha léigean lán Le riaghail mhaith dhíreach draoithe éigse is dáimh, Badh mhian liom scríbhinn chaoin do dhéanamh tráth Do Liam Ó Ríordáin, saoi gheal tséimh gan cháimh. A ghrian mo chroidhe 's a dhíograis cléibh thar cách, Iarraimís-na guidhe na naomh i dtráth, Fiabhras nimhe de shíor ar thaobh ár námhad 'S go riantar slighe do'n bhuidhin seo ag pléidhe ár gcás Nótaí Mhíchíl Óig: A shoilbhfhir do shocaruigh na bhearsaí i n-uaim Led' chrobhaibh-se go soirbh sona i ndréacht grinn suadh, Dar Ghobnait is doilbh liom do shéaluidheacht uainn I n-oircheadas ag bodaigh chuthaigh chlaon-chuim chruaidh.
Chun Sheagháin Uí Chonaill, go Tuath na nDromann. Dá mb'acmhain le ráidhte blátha binne luadh me, 'S a dtarraing ar phár go sásta i bhfuirim duanta, Do bheadh ranna gan ráfla dánta is laoithe luatha Dá scaipeadh idir dháimh ar Sheaghán Ó Conaill uaim-se. Is measa mar atáim gan fáth ná fios na gcruadh-cheacht. Is m'athair ar lár 's an táin ba thuigseach tuairim, De dheascaibh an cháis ní gnáth me idir na suadhaibh Ná ag grafadh na lán-star mbreághtha mar ba dhual dam. Ba mheanmnach linne ruith id' chomhair a laoigh Ag radaireacht suilt 's ag cur na sceól i suim, Acht graithin an uilc anois i bhFódla Chuinn, Ár bhfearainn aca agus sinn go mór n-a ndíth. Ná bhacaidh-se soin, tá fuireann chóir ag tigheacht Go gearannaibh Luirc le gcuirfar gleó nach tím; Scaipfid ár mbruid, is brisfid fós ár gcuing, Is beidh Danair ag ruith go sinnil fód mar bhíos.
Chun Conchubhair Óig Uí Dhálaigh, i mBaile Mhistéala. A shéimh-fhir ghlic Ghaedhealaigh 's a charaid dhíograis, Dod' fhéachaint go héascaidh do rachaimis-na Le saor-chumann cléibh dhuit tar fearaibh Chrích Luirc, Acht claon-bhearta an tsaoghail is na nDanar ndíoghaltach. 'Om chéasadh 'om thraocadh 's 'om ghreadadh bhídh-sean, Gan réidhteach ar ghéibheann na scaipeadh daoirse; Acht dá n-aomhad an Dé-mhac mo ghlasa scaoileadh Badh shaothrach me taobh leat ag cantain laoithe. Bheadh saor-chlanna Éireann i gceart a sinsear, Is téada go gléasta le spreagadh caoin-phort, Is dréachta 'gá ndéanamh i seana-Ghaoidhilg, 'S an Éigse uile i gcéimibh ná measaid daoithe. Mo léir-chreach mo léan is mo lagar nimhneach, An Ghaedhilg fé eiclips gan ceannas choidhche; Mar éagsat an laochra do chasfadh í sin, Is dá saoradh badh néata ghlacfadh caoil-pheann. Gach sméirle leamh baoth chun ar theangmhaidh puinn di Ní méinn leis a leaigean do ghraphadh arís linn; Is féachaidh a shéimh-fhir, cé beart nár cuibhe dhuit, Gur léigis-se féin mise i n-aistear roimhe seo. San tsaogal so tréimhse dá ngabhaimís-ne 'N-ár réimibh fé Éirinn chun t'athar dílis, Níor bhaoghal dam mo éaradh fé leabhar Gaoidhilge, 'S gurab éascaidh do dhéanfainn a chasadh arís air.
Freagra Mhichíl Óig ar Mhac Uí Chaoimh. A leitir bheag bhláith slán leat go gcasair arís; Is déin deifir le bárr ghárdais chun faraire an ghrinn; Reicidh leis tráth cáile na haiste ar a mbím, Chun gleice le námhaid láidir nach acmhuineach sinn. Gur leigeas ar lár ceárda 'n-ar cleachtamair suim, Eiteal tar fál báire agus blaiseadh na dighe; Ni deirtear liom dán sásta, agus stadas de scríbhe, 'S is meirgeach támhach thárlaidh soin barra mo phinn. Leigim 'n-a dáil báin-chnis gan faic ar a taoibh, Geil-chnis ghrádhach áluinn tais mhaiseamhail mhín, Ar ceilg-ghoin námhad ngáibhtheach dhá sheachnadh síor; Go bhfeicidh go sámh sár-churtha a leanbh i dtigheas. Chun Sheagháin Uí Mhuláin i gCorcaigh Sin stáidbhruinneal mhnámhail is geanamhail gnaoi, Is tá tár-nocht gan scáth uirthi ar ghailleamh ná ar shíon, Le barr cumainn grádh dho thar fearaibh na gcríoch, Chun Sheagháin ghil mhic Phádraig go sleasaibh na Laoi. Ní áirímhim-se Cáit chneasta charthannach chaoin, An mhánla dheas ghrádhmhar gan magadh gan puimp, Badh náireach an cheárd soin a dearmad linn Gan tracht uirthi im' ráidhtibh at recte ar nglacadh mo phinn.
Chun Donnchadh Ó Floinn, i gCorcaigh. A fharaire dhil eagnaigh is gaoismhar grádhach Is d'eascair d'fhuil na bhfearachon do b'aoirde cáil, Glac-se anois mo scata bruinneal binn tais bláith Gan beanna bruit dá dtearamonn ó rinn go sáil. Cleasa nimhe cealgacha an tsaoighail smáil Dom' chaitheamh as mo bheartaibh is dom' chlaoidhe thar barr, Fé ndeara dham ná deachadar-san roimhe seo id' dháil Graphaithe go slachtmhar cliste caoin gan cháim. Is aitchim sibh a dhragain mhilis chaoin-tais cháidh, Ó's agaibh-se is maith fhios iad a scríbhe ar phár, Gan tarcaisne do thabhairt ann dom' dhícheall báis, Acht gabhaidh lem' bheag-acmhuin-se mar dhíol san dáil. Tá mearathal ar m'aigne agus líon-ruith lán Mar mheathadar an t-arraid-shliocht soin Mhílidh bháin, A maireann díobh go scaipithe gan chrích gan áird, 'S a bhfearainn uile sealbhuighthe ag druing tar sáil. Níl leabhar suilt dá graphadh againn ná scríbhinn bhláith; Ní mhaireann file feasach fuinte a shníomhfadh dán; Níl meas anois ar chantain mhilis bhinn na ndámh; Acht glamharnach an Ghalla-ghiolla bhuidhe 'sé is fearr!" Is leath-chothruim an aiste seo ar a mbím-se is cách; Ní gheabhainn-se a leabhair-sean im' shlighe as a n-áit, Is mo leabhair-se bíd aca-san seacht mí agus lá, Cé feas go bhfuilid dafhichid seana-mhíle óm' thráigh.
Acht geabhad-sa ar eachtradh fe Chríochaibh Fáil, Ag racaireacht 'sag rannaireacht 's ag scríobhadh gach dáin, Dá gcasfar liom san mBanban ghluis aoibhinn bhreágh, 'S beidh leabhair agam startha suilt is laoithe a lán. A fharaire an ghrinn is gaoismhar Gaedhealach glan, Is dathamhail díreach díleas déid-gheal deas, Abair-se linn, nó an sílir féin a shearc Go gcarsfar ár náimh arís a hÉire amach. 'Sé meastar le druíng san tír seo i ndéinim stad, 'S do chluinim-se, a laoich, dá ríomh é i mBéal na bhFear, Dá dtagadh an bhuidhean gur scaoil a scéal tar lear, Go mbeadh Danair ar tí ár millte in-éiric as. Go mbeadh scaipeadh agus sceimhleadh nimhe aca ar Ghaedheal-fhuil ghlan Gearradh agus díoghaltas timcheall Éireann Airt, An cailm-fhear groidhe an naoidhean 's an bhé bheag dheas, An tseana-bhean chríona fior-bhocht aosta lag.
Chun Diarmaid Ó Longaidh i Maghchromdha. Sin duine ler dhaithnid ceasna is díth na nGaedheal, 'S tá urramach aibidh cneasta caoin le cléir; A shloinneadh agus a ainm geabhthar linn ar mhaor, Biorar is barc 's a dteacht i gcuing maraon.
Freagradh Dhiarmada ar Mhicheál Óg. A Chumainn ar fad 's a dhalta chroidhe mo chleíbh, Tuigim go ceart do dhearbh-intleacht léighinn; Urraim an aingil, neart na diadhachta féin, Go fuinneamhail barc ar eas le gaoith i gcéin. Tuigfir-se m'ainm gasta i gcrích 's i gcéill, Mar gourthar me i gceart ó arm Ríogh na naomh; Mo shloinneadh len' ais ó mhac an chinn nár ghéill, Fuireann i gCaiseal daingean díon buidéil.
Chun Seagháin Uí Choileáin i bParóiste Míorois i gCairbreachaibh. Ó's duine thu mar chluinim-se 'tá léigheanta suairc, Tuigsionach i laoithibh suilt 's i ndréachtaibh suadh, File maith do chuirfadh siolla i gcéill 's i n-uaim, Id' chuideachtain níor mhisde liom dá dtaoscfainn cuach. Sin Finne-bhean deas mhiochair mhilis bhéal tais bhuan, Bruinneal bheag na muirear-fholt is néata snuadh, Gan foithin bruit mar innisim dá gcaomhnadh ar fhuacht, Do leigim-se go hinnealta dod' fhéachaint uaim. Chum am Athar Seaghán Ó Néill i gCill na Mullach. Le mórdháil le sólás le taithneamh trí ghreann Do'n Óghán gheal cóir-cháileach gheanmnaidhe mhodhmhail, Cé leór-lán feadh an fhódáin seo i bhfuilimíd sonn, I gcómh-dháil ár gcómh-scoláire rachaimíd ann. A chumainn mo chroidhe 's a dhíograis thaisce mo riúin, A ruire na Ríogh 's a Rígh ghil Fhlaitheas na ndúl, Ó's tusa do scaoileann oidhche is eadarshuth chughainn Coimirc is díon de shíor an sagairt so dhúinn.
Litir a chuir Seaghán Ó Braonáin, ó Bhaile Mhic Aindriais, i gConntae Chiarraighe, ag triall ar Mhicheál Óg, go Cill Uí Mhurchadha i n-aice Corcaighe. A bhile de'n dáimh rug barr ó éigse an ghrinn Is binneamhail rádh 's is áilne bréithre binn, An bhruinneal do rádhais-se, d'fhág go déarach sinn Ó Cheangail sí páirt le náimhde Cléire Chríost. Muna dtigir im' dháil, ar bhán-bhrat aoldha uait scríobh Gach laoithe agus dán ghníonn dáimh id' thaobh-sa dhe'n chrích, Oir is binne le Seaghán do ráidhte i n-éifeacht cruinn 'Ná cruitire clár is gáir na n-éan ar chraoibh. Mo mhilleadh go bráth mo chrádh go n-éagfaidh sinn, Mar cuireadh chun fáin sliocht áluinn Éibhir Fhinn Do bhí i gceannas go hárd i gcáil 's i gcéim san gcrích Gur thaisteal tar sáil tréibh Mhártain shéan an rí.
Chun Sheagháin Uí Bhraonáin, Baile Mhic Aindréis, i gCo. Chiarruidhe. A fharaire shéimh thréithigh ná feacadh-sa riamh, Is d'eascair d'fhuil trein tsaor-fhlaith bhí carthannach fial Mara raidfir-se dréacht éigin dom' cabhair aniar Ní bhacfad lem' rae shaoghail tu ná caitheamh it' dhiaidh.
Chum Mhichíl Uí Longáin láimh le Corcaigh. A chaith-bhile cháidh d'fhuil láidir laochda laoich Ba lannamhar tráth ag tnáth go tréith a náimhad; Ní'lir-se táir, is tu is fearr 's is léigheanta laoi Ó Chorcaigh na mbád go mághaibh deigh-réidhe na Midhe. Cuirim-se id' dháil, a ráib, ar chaomh-bhrat chaoin Go dtiocfaidh thar sáil mór-tháin a dhéanfaidh díth; Goinfar do námhaid, sliocht Mártain shéan an Rí Is d'aistrigh tráth ó ráidhte naomhtha Chríost. 'Sé deir laoithe na bhfáidhe ráidhte 's dréacht gach draoi Ar mheamraim bhán ó ár na nGaedheal do scríobhadh, Fé Nodlaig gan phlás go mbeidh rás le Faobhar-ghuib claidhimh Ar a maireann ded' námhaid ag sáir-shliocht Éibhir Fhinn. Ceangailte ag báb níor thárladh féin go fíor, 'S ní meabhair le Seaghán go bráth ag béith bheith síor; Ní'l maitheas i mnáibh, 's iad d'fhág go tréith mo dhíth Gach a maireann de'n dáimh fé cháin ag Béaraibh fhill. Gloine badh chumhang liom le diúgadh ná an cnagaire 'S má castar me is tú-sa fé subhchas i dtabhairne Beidh fáidhe gach cúige go humhal ann 'n-ár bhfarraidh-na 'S ní fhágfam an dún soin go ndiúgfam an baraille. Seaghán Ó Braonáin. An Dara Freagradh I mbeó-cruth gan breóiteacht im' ballaibh atáim, Céad glóire le comachta an té dhealbhuigh bán; Sómnus 'om fhóigse nuair thagann gach tráth Níor leóir leis me leónadh go treascartha acht spás. A leógain is eólgusach radaireacht dáin Is glóire dod' chóige thu i gceannas mar táir, Led' ghlórthaibh a bheó-ghoin gach Sasannach sámh De'n chóip seo nár órduigh Rí rathmhar na ngrást. Géillim a shéimh-fhir is binneamhail rádh As naomh-shruth na Raomann gur ibhis do sháith, Mar is tréan tigeann dréachta go milis ód' láimh Ar aol-bhrat dom' fhéachaint go sultmharach sámh.
Ar éan-chor ná déinidh-se mise d'iomcháin' Mar nach léim d'ibheas éan-rud as srothaibh na mbáb; Ní héigeas deigh-léigheanta ná tuigsionach dámh Me féinig acht réice leamh liosta gan áird. Is fada mise ar mearathal Cé deacair liom duit innsint, A bhile mhilis mhíonla De shíolrach na leoghan Ba lannamhar i dtreasannaibh Gan eagla roimh náimhdibh, Ag leagadh marbh mílte Le fíoch-nimh i ngleó; Ciaca b'fhearra dham bheith ceangailte Le mascallach, de'n fhíor-fhuil, Ghasta ghreanta ghrinnmhar Gan maoine gan ór, Nó caille dhubh do shnaidhmeadh liom Nar chleachtadar a sinsir Acht ceachardhacht is cinnteacht; Sin scríbhte mo bhrón.
Micheál Ó Caoimh cct. do Mhicheál Óg. Dá mbadh mise an file amra Dhéanfadh ranna creanna i gclódh, Do scaoilfinn laoithe i bhfuirm dána Le ró-ghrádh do Mhicheál Óg. Ní mhaoidhfinn feacht ar mac an eólaigh Ba ghaoismhar cóir le seóladh peann Uaim is aiste ar fheabhas Éireann, Slat gheal chaomh do phréimh ó'n nGleann. Do leitir dá bhfághainn im' láimh a Mhichíl Is deimhin go ndáilfinn fáilte fíor-chaoin; Deirim a ghrádh, 's ní ráfla maoidhmíd, Gur cheileadh do pháirt le Seaghán an ríghnuidhe.
Chun Phartholáin Uí Longáin go Caisleán an Phúca láimh le Dún ar Aill. 'S cé cuireadh me i gcéin seal i bhfad om' mhuinntir 'S gan duine 'em chaomh-ghaolta lem' ais san dtír seo, Is milis glé an scéal liom le clas 's is aoibhinn Go bhfuil slisne 'en ghéig chéadna n-a stad san gcrích sin. Nár chuirtar mé i n-éagcruth fé leacaibh sínte, 'S nár chluinidh mé scéal ort nár mhaith le hinnsint, Sinn araon i n-éin-tigh go gcaithfam oidhche 'S an gloine i gcéim gléasta dá bhlaiseadh timcheall.
Chun Donnchadh Ó Floinn i gCorcaigh. A Dhonnchadh go saor-ghnúis ngil, Léig-se chugainn i scríbhinn Cad is riocht dár gcáirdibh thall Do réir teasta na mór-Ghall. No an fríth an freagradh fós Ó'n gcoiste gclaon gan deagh-nós Ar an mbile milis mbocht Do chursam uainn gan éan-locht. Aithris dúinn gan bhleid gan bhaois An mbeimíd mar a dubhraois, Is duanta ár sinsear sár sean Dá n-ath-chur linn ar mheamram. Táim-se mar an bhfáidh fítheal 'Graphadh ar mo lán-dicheall, Chur bhur dteangan mar sin beó Gan urdhubhadh gan aith-cheó.
Chun Eoghain Tóibín, Sráid na Blárnan i gCorcaigh. Is é bhreóidh sinn gan gnó linn gan meidhir gan áird Eoghan croidhe-gheal Tóibín bheith tinn mar atá; A Mhóir-Chríost do fhóir sinn ó threighead-goin plágh, Deonuighidh an leoghan groidhe seo leigheas i dtráith.
Chun Eoghain Uí Shúilleabháin, Oide Scoile, i gCorcaigh. A Eoghain ghil ghasta 's a dhalta na Muses mbán, A Leogain chailce de mhaithibh Shíol Shuilleabháin, Le mór-ghean daingean dot' ainm dot' chlú 's doth' cháil Tá Pól beag agam dá thabhairt go humhal fed' láimh.
Micheál Óg Ó Longáin cct. Chun Seagháin Uí Dheasmhumha, máighistir scoile do bhí i nInnis Eoghnáin, aga raibh a mhac Pól, ar scoil. Beannacht is céad uaim féin le taithneamh díograis, Do'n bhfaraire shéimh de phréimh-shliocht Chlanna Mileadh, Is blasta do léighfadh Gaedhilg, 's is deas do scríbhfadh, Is labharann Béarla géar go gasta gaoismhar. A dhaltha mo chléibh, má's méinn leat seanachaidheacht ghlan, Imtheachta Déirdre léigheamh is mac beag Aoife, Startha na Féinne, is éachta Clanna Baoiscne, Nó beatha na naomh ngeal nGaedhealach neartmhar ndíleas. Tá agam-sa féin gan séanadh startha sinsear, Seanchus séimh ar Éirinn fhairsing aoibhinn, An fhaid mhairfam araon san taobh so d'fhearann Chríomhthain Do gheabhair do dhaethin dréacht ndeas aiste is laoithe.
Ag cur a mhic Pádraig ar scoil go hInnis Eoganáin, chun Sheagháin Uí Dheasmhumhna san mbliadhain 1818. Séamus Ó Cruadhlaoich do b'ainm do Shagart na paróiste sin. Gluais ort a bhuachaill bhig aeraigh óig Fé thuairim na n-uasal nach claonmhar nós, Is cé muar í do chuaird-se thar Éirinn mhór Ní bhfuairis chomh suairc iad i n-éan-bhall fós. Suairc-shagart suadh-suilt i gcéill 's i gcló, Buan-oide buacach dhon aos bheag óg; Ar Uan gheal na muar-fheart, tug saor na slóigh, Buanuigh gan buaireamh na séimh-fhir sóghmhail. Sluaighte ban uasal na gcraobh-fholt n-óir Beir uaim leat mar dhualgas le géir-shearc dóibh; Is dá chruaidhe 'n cuisne bhuailfidh ar thaobh na n-ógh Ní'l ruainne ó'n bhfuacht soin ná eadach leó.
Freagradh Sheagháin Uí Dheasmhumhna. A shuairc-fhir chaoin stuamdha 's a bhile léigheanta, Do fuaireas uait sluagh bruinneal milis maordha; Bhí gach stuaire aca i nuadh-bhrat 's i n-iorradh néata, 'S níor bhaoghal fuacht dóibh ruathar ná fearthainn spéartha. Nuair fuaireas an sluagh soin ag teacht 'om éileamh 'S me ag gluaiseacht le fuadar ó theagh an Éin mhic, Ghaibh muardhacht go gruadh me 's do chroitheas géaga Seacht n-uaire gan fuaradh le'n bhfuirinn gcéadna. Cé gur mhuar dóibh a n-ualach fé theas na gréine, Le cluan-stair gur luadhadar liom easbhaidh éadaigh, An uaill sin im' chuan-sa níor ghaibh acht éaradh Trém chruadhtan i n-uan-bhruit ná bearradh caorách. Id bhuachaill tá suairceas is geallaim féin duit An cnuasach do fuaireas go scaipfad é leis, Ní n-a chruadh-shreabh bheag shuarach acht n-a thuile ag géimreach N-a muar-shrothaibh buana gan eagal éaga. Caraid Phóil, is dar ndóigh ní dearmhadtar, Tu chur san chomhar ag Seón Ó Deasmhumha.
Do'n Athair Domhnall Ó Súilleabháin, ar dteacht do ó Mhagh Nuadhat go Corcaigh san mbliadhain d'Aois Chríost 1820. Cluinim féin go dtáinig sonn A críoch Laighean na Laoch-Lonn go príomh-phort Mumhan Mic Con, An tsaoi do chrú na n-onchon. Domhnall dreach-ghlan déid-gheal dil de dheigh-shliocht oirdhearc Éibhir, craobh ós cach is lonnrach las, saoi i n-eagnaidh 's i n-eólas. Dual do'n té seo ráim im' rainn filidheacht féile foghlaim, gaisce uaisle clisteacht ciúil, saordhacht suaircis gan ain-iúil. Míle fáilte d'ua Eoghain go hor cuilinn caoin-cheolaigh, minic bhí san taobh so theas, a theacht narab 'aimhleas. Sul líonsat danair tar tuinn go hiaith ghlais Éireann áluinn, is gur ghabhsat sealbh ár bhfonn le gaoi feall agus for-lonn. Do rachainn-se féin 'n-a dháil go meadhair is go mórdháil, do chur fáilte rem' chara mun' mbeadh nimh ár n-eascara. Is an saoghal saobh gan iocht dom' rad go taomach tár-nocht, gan buar gan buailte gan brígh, gan ionnmhus árd go ndímbrigh. Cuirim ar Mhicheál an Maor mo chur ar Neamh na nÁrd-naomh, gan daoirse doilgheas gan duigh, maraon 's an té seo ch l u i n i m. An Ceangal. Cluinim go dtáinig tráth san mbaile seo thíos Siollaire sár-mhaith sásta searcamhail síoch, Bile do dhearscuigh d'ard-fuil Chaisil na ríogh, 'S ar Mhac Mhuire na ngrás an ráib do thearmonn síor.
Don Athair Ó Meádhra. Micheál Ó Longáin cct. Tá áthas cléibh ar Ghaedhealaibh Banba, Idir dháimh is chléir is Éigse seanchuis An Ó'n sairfear séimh do theacht in' easbog Sé Liam geal calma Ó Meaghra. Fear fearamhail fíontach súgach súil-ghlas Carthannach cumtha lúthmhar láidir Ceannasach clumhail múinte meanmnach Searcamhail suairc gan gruaim in aigne Gura fada bhéidh suas go buan gan mhairg Gan bhuaidhirt gan bhascadh gan bhearna. I meabhair i léigheann i méinn 's i maitheas I bPearsain 's i scéimh i gcéill 's i gcneastacht Ní fheadar cá mb'éidir d'aon dul thairis Sin céim is barra ag an mbráthair Acht baodhcas buan le h-uan na bhFlaitheas A theacht de mhuar-thoil thuath is Eaglais An chraobh gur bhuaidh ó Chluain go Caisiol Gan phlé gan bhuaireamh bhuairt ná eacharann I Luimneach thuaidh gur luadh an Easbog An suairc-fhear carthannach grádhmhar. Is fearrde Ó Tuathaig muar fad mhairifidh sé N-a pháirt gur gluais an buacaill blasta so Is áilim uaim ar Uan na Banaltran Buan go rabhuid i gClár Luirc Ní'l eiriceach baoth ná fanatic claon Do thiocfadh i ngaor a dtreadhta súd Ná go mbuailfidhear caoch gach n-aon de'n aicme sin Le fearta Phroinséis ar ghlaodhach a dhalta leis Biaidh Óileán na Naomh ar Éirinn gairmthe Is aifreann Dé dá léigheadh i nGach Mainistir Sgéal nach taithneann le Sátan.
Micheál Óg Ó Longáin cct. Sin feasta cuis áthais ábhacht is aitis I bfearántaibh Áilbhe 's Chaisil go deó In' Easbog mat thárla an bráthar beannuighthe Is grádhmhar cráibhtheach carthannach cóir Faraire fáithghlic fáilteach fearamhail d'eascair d'fhuil Mheádra mheamnaigh mhóir Na flatha ba gnáthách deaghthach fairsing fliuch Táin is árd tug taithneamh do' Órd Ba cheannasach clumhail maiseamhail muinte Searcamhail súgach siubhlach feasamhach Fiúntach fliúrseach ghnúisgheal greannamhar Caithiseach congantach muirneach meacanta An fhuireann ba chliste nár dóith bheith Dearóil i dtreasaibh na dtreón. Ní'l eiriceach smáil ná stráille fanatic Cé fada dho'n Táin ar mearathall mhór Ná casfaidh i dtráith ar Cheárd na bhFlaitheas Le ráidhte breaghtha blasta an fhir óig Is dearbh gur fearrde Clár glas Banba Teastas is cáil is acfuin san eól Sagairt is bráithre táid go deingean I bpáirt an tsáir-fhir chneasta gan go d'fheartaibh an úir-mhic cheannuigh go humhal sínn Is fearra sín congnamh cúl is oraaid dho Do stiúr go múirneach cugainn in' Easbog é Cúis fá ndiúgfam lionnta 's beathuisce Go múinte marthannach spreagam ar sámhchruit Le dlúith-shearc dearbh do ráibh na nÓrd,
Ó Tuaithigh féach gur céim is ceannus do Gradam is séan fad mhairfid sin beó Dalta Próinséis a laogh 's a leanabh Do thaisteal go héasca feasta na chomhair Dá ndeascaibh araon is é do mheasaim Le h-aon toil Dé 's le feartaibh a comhacht Go mbeidh Oileán na Naomh ar Eirinn gairmthe Is Cléir go scleipeach salmach soghach I Luimneach longmhar suidhte na Dhúthaigh Dlighthar gan diúlta an t-úrghas múinte clumhail carthannach Liam Ó Meádhra an mál do chanaim-se Bliadhntach láidir slán go rabhaidh-sean Ag riar ar chách 's n-a bhláth ar Eaglais Is linn ní deacair a shláinte dh'ól.
Do'n Athair Micheál Ó Fithcheallaigh. Cé thaistealas ó Chaiseal toir go Béara ar fad Ag machtnamh slighte 's bearta buile shaoghail na gcleas, Ní fhacadh-sa dá sagartaibh do b'fhéile neach Ná is blasta binne labharann an Ghaedhilg 'ná an fear. Is deimhin gur thriall m'iarracht ó'n Sionainn 'n-a dháil Le meidhir is mian 'fhiafhraighthe 's 'fheicsint tar cách, Greadhan-fhlaith fial ciallmhar is cliste ar bith cáil, 'S é deagh-mhac dian Diarmada Uí Fhithcheallaigh an ráib.
Chun Donnchadh Ó Floinn i gCorcaigh, ar bhfagháil scéala uaidh gur tuigeadh dho féin go raibh ag druidim le ceann a théarma ar mbeith dá céadfaidhe uile agus dá neart ag dul ar gcúl uaidh. Is atuirse géar cléibh liom 's is barra ar mo bhrón A fhir charthannaigh shéimh thréithigh nár cheachardha meóin, Mar bhraithim ar scéal éigin dá dtagann im' threó Go meastar id'chéill féin leat nach fada bheir beó. Go bhfuil dalladh agus daor-chlaochladh ar do dhearcaibh gan ghó, 'S gur laguigh do ghéag ghléigeal ba neartmhar ar ghnó, Ná tagair do chéim chaomh-choise trasna an róid, Is gur mheathais go léir 's é sin dearbhadh an sceóil. Stad-se go réidh éist agus fanaidh go fóill Ag seasamh go tréan fé choimirc Athar na gcomhacht, Ód' leanbh is é chaomhnuigh len' fheartaibh thu fós, Is feasta ó's faon aosta dhuit glacaidh do dheóir. Ná mealladh thu an saoghal claon-so, tá a atharrach romhat, 'N-a gcaithfidh gach n-aon géilleadh agus freagairt do'n chóir, Do chaithis do shaer-thréimhse go seascair le sógh, 'S dod' leanbh ní baoghal daor-mheas ná aithis it' dheóidh. Ní seanduine baoth aosta thu meathta gan gnó; Níor chaithis do ré, b'éidir duit seasamh go fóill; Acht casachtach ghéar bhaoghlach do laguigh do threóir, Le'r bhascadh do chaomh-chéadfadh idir achmhuin is eól. Aitchim go tréan saothrach ar leanbh na hÓighe I ngarbh-chrois daer chéasta do cheannuigh na slóigh, Ó's fada an t-aon tréimhse ná feacadh thu a stóir, Go ndearcam go léir a chéile i bParrathas fós.
D. Ó Floinn, cct. chun Mh. Uí Longáin. Dá mbeadh fhios ag Micheál an earráid 'nar thuiteas-sa Agus fáth rúin mo dhiombháidh is mo ghearán chroidhe uime sin Mar chailleas tré bhaothnasc an téud dob ionmhuin liom Iar dhraoi na héigse mo chaomna ba mhinic linn. Do dhealuigh óm chaomhthacht-sa an t-éigeas gan imreas Gidheadh d'fhuathuigh me is m'árus an lá úd do chionnta-sa ? Acht d'á maithfeadh an daoi-si mo ghniomhartha go huile dam Do gheallfuinn go fíor do an tsuim sin uaim d'ionnarbadh. Oir admhuim mo bhaethmheas iar ndéanamh an ghníomha Gur thuigeas gur tréin tsearc ba mhéinn liom do shíolchur Go marthannach nó mise agus gol ghean na ndaoine Gur mealladh me as m'éirim d'fhúig me go neamhghaoismhear. An freagra ar sin. A Dhonnchadh a chogair ghil 'sa ghrádh mo scart Air m'fhocal duit gur doilig liom do chás le seal Is an tsolas-bhean dheas bhrollach-gheal bhí grádhmhar glan Bheith goirtighthe mar chloisim-se sna sláinte lag. An bhoichtineacht lér clogadh me is lé'r cruadhadh ar fad Thug folamh mé gan costas cear gan áird gan raith Nó is brostathach do rachmhun-se 'sis dána deas Do t'fachair-se a racaireacht mo ráidhte leat.
Freagra ar an rann so do chuir Donnchadh Ó Floinn ag triall air. Tuigim gur tearcsa maoine do dhíbir sibh-se Óm' theagh óm' chaomhtacht 's gur thréigeabhair mise; Dearbhaim díbh nár ghaois me thréigean Ná chur i ndearmad ar gcaitheamh mo théarma. Sid é freagra Mhichíl Óig: Beannacht is céad léigim-se feasta chun siubhail Le taithneamh ceart saor cléibh do'n fharaire chlumhail; Greadadh ar an saoghal claon so atá dhom' chaitheamh ar gcúl, Fé ndeara ná glaodhaim féin mar do chleachtainn n-a dhún. Is fada ná déintar aonach ná margadh liúm, 'S is annamh a théidhim ag éisteacht an aifrinn riú; Acht im' shean duine bhaoth aosta bhocht dealbh gan fonn Ná earradh dheas ghlé néata badh mhaise dhom' chom. Ag machtnamh ghach scéil léightar i leabharaibh liúm, 'S ar thairngreacht Naomh Éireann 'nar ghealladh ar dtúis Scaipeadh ar an bhféinn gcaemhtheach thar fairrge anonn, 'S is dearbh go lae m'éaga ná hamharcfad siúd. 'S é mheasaim gur bréag baothacht is bladar ba rún Do'n aicme ler léir-leigeadh na startha soin chughainn, Acht aitchim an Récs naomhtha a mhaitheamh soin dúinn, 'S go bhfaiceam go léir a chéile gan mhairg na dhún.
Chun Dhonnchadh Uí Fhloinn, Micheál Óg Ó Longáin, cct. M'fhad-chuma mo chathugha mo chás mo dhíth An cheaschumhang so ag neadúgha le spás ad chroidhe Acht an Mac úd do ghaibh púir is páis nar ttaoibh Do chneasúgha gach cnead dubhach atá dod chlaóidhe. Seanúghdar dheaghchlúmhala atá dá mhaóidheam Gur dleacht dúinne deachmhúgha na sláinte dhíol A shearcrúin o's mar siúd do thárla dhíbh Dar liom is maith súil le na fághuil arís. Geanaire an 4 lá 1824.
Risteárd Mac Coitir, ó'n gCladh-choill ar bhruach na Brighde le hais Ráth Chormaic, cct. do Mhicheál Óg Ó Longáin, i nGleann Maghair. Bliadhain fé pheannaid ar leabaidh is me tinn breóidhte Fé chiach gan aistear is mo bhallaibh go críon feóidhte, Mo scéal cé haindeis tá agam-sa fíor-dhóthcas Go sciathfar Banba ó reachtaibh na claoin-chomhairle. Tá Ó Conaill gan mhairg 'n-aghaidh namhaide Chláir Féidhlim Le cumas ghá leagadh gan arm ná scáth scéithe, Acht friotal a theangan mar Shalamh na sár-chéille, Nó an duine do tharraing cun fearainn sliocht Árd- Éacob. Sin míle bruinneal gan foithin gan scáth éadaigh, Acht dlaoi-fholt cluthmhara cruipinneach cáidh-chraobhach, Le díogras cumainn ó imeall ghlas Ráith Shéarlais Chun Mhichíl mhilis ghlain mhiochair Uí Longáin léigthe. Sin spéir-bhean gan chéile uaim chughat a shearc, Acht sméirle dhein éigean ar phlúr na mban; Gléas-se do chaol-pheann go lúthmhar pras, Ó'n gclaon-bhodach saor í agus tabhair di fear.
Ag freagradh ar Risteárd Mac Coitir. A shéimh-fhir is léigheanta 's is núinte meas, Is léan liom do ghéag gheal gan luth gan phreab, Do chéile dheas mhaordha go dubhach fed' cheas Mar aon le n-a caomh-shliocht, 's gan a súil-sean leat. An bhé úd gan chéile, acht rúcach leamh, Do léigis fém' dhéin-se ag tnúth le fear, 'S é badh mhéinn liom dá bréagadh 'n-a dhúthchas ceart An Saesar tá ag plé dhi nach rún le Sag. 14 Trogháin 1833.
Dar mo láimh-sa a leabhráin bháin Tiocfaidh lá agus badh fíor Go ndéarfaidh neach ós cionn mo chláir Ní mhaireann an lámh do scríobh. Dá bhrigh sin a léightheoir bhig ionmhuin Sirim do ghuidhe chun Dé ar mo shon.
Chun Conchubhair Uí Iarfhlaithe, ag iarraidh iasacht leabhair air. A fhir shoineanda shlachtmhair tá carthannach séimh go leór, 'S do thuigeann gach aiste do cheapadh san nGaedhilg romhainn, Ó's ionmhuin libh startha do scaipeadh le réic dhem' shórd Cuirfad-sa a-bhaile do leabhar is buidheachas mor. Siosma agus agall na leanbh mbeag mbaoth so im' chomhair, Is dlighthe na Sacsan ler creachadh na Gaedhil mo bhrón, Tuitim na seabhac ba thaca 's ba chéim do'n eól, Bheir mise go balbh gan aiteas i mbréithribh beóil. Sin triochad is daifhichid is seascad is caogad fós De bhruinnealaibh bharrfhionna dheasa gan bhéim 'n-a gclódh, Le hiomarca taithneamh do raidim-se féin id' chomhair Gan timheall gan ainnimh gan earradh gan éadach leó.
Tar éis do "Eachtradh an Mhadraidh Mhaoil" do scríbhadh i gCúil Uí Mhurchadha, i dtigh Sheagháin Uí Dhubhghaill. Dá n-innsinn Eachtradh an Mhadraidh Mhaoil im' scéal, Nó an Ghoill san gcarraig ler cailleadh na mílte laoch, Nó an cuimheascar catha thug clanna Mhic Chuinn do'n bhFéinn, Aoin mhac fleascaigh ní abair gur bhinn leis é.
Chun Máire Ní Bhriain i Maghchromdha. Iasacht leabhair do fuair uaithi roimhe sin, agus do gheall Micheál di a chur a-bhaile chúichi. A gheil-chnis tséimh is béasach beacht-mhúinte, Ní reicfinn leat bréag i gcéim nár cheart dúinne; Gan deifir gan phléidhe gan baoghal ná mearughadh ar bith, Bead-sa fe'n scéal so do réir mo gheallamhna.
Chun Sheagháin Uí Mhuláin i gCorcaigh, dá iarraidh air, Aodh Mac Aingil do tugadh ar iasacht dó tamall roimhe sin do chur thar n-ais. Sin scaodh beag bairrfhionn do raidim go saordha sóghmhail Do'n Gaedhilgeach ghasta soin d'eascair de phréimh-shliocht treón, Is cé léir dá maireann gurab aicme iad nár aosuigh fós Táid maordha maiseach 's gan earradh gan éadach leó. Tá a gcraobhfuilt casta 'n-a mbeartaibh ar néimh ar óir, 'S a gclaon-ruisc ghlasa go ramhar glan péarlach beó, Is caol deas mala ar aighthe gach béithe 'on choip, Is déide cailce i mbalsam-ghob craorac cóir. A gcaomh-chnuic ghearra nár glacadh le héinne fós, A réidh-chruibh leabhaire bhaineas ar dhaor-bhruit sróill Gné gach ealtan is abhalla is craobhcha cnódh Éise ar easaibh is caismirt na dtréan-fhear romhainn. Is léir dá n-amharcadh Aicil thoir gné agus clódh Éinne 'en banna so ag taisteal go saor id' chomhair, Go léigfadh thairis an ainnir bheag béaltais mhódhmhail Trer traochadh acmhuin an dragain mhir éachtaigh mhóir. A shéimh-fhir chneasta atá carthannach céim-ghlan cóir Is léigheanta teagasc i startaibh i gcéill 's i gcómhad, Má's méinn leat caradas cheangal le haon dem' shórd Cuir Aodh Mac Aingil a-bhaile go héascaidh im' threó. Léigidh seachat an scata fad th'aol-bhruigh romhat Go ndéinid caradas ceangal is céad-ghean cóir Led' chéile cneasta is led leanbhaí ba shaordha nós Dá éis sin glacaidh-se an aicme gheal tséimh fé dheóidh.
Ag iarraidh iasacht "Eachtra Thriúr mac Ríogh na hIoruaidhe" ar Mhicheál mac Taidhg Micheál Mac Ionnrachtaigh, 23N32, 10 i gCnoc na gCóirneach. A fhir chiúin shocair shona shíothchánta 'S tá fuinneamhail foirtill sochma caoin grádhmhar, Druid liom, bog mo dhochta is bí'om páirteach, Cuir chugham Cod Lan Locht 's a dhís bhráthar.
Do Dhiarmaid mhaith Ó Longaidhe i Maghchromdha. Bearta baotha is cleasa claona An chama-shaogail smáil seo Ler caitheadh faon gan treabh gan tréad Gach flaith de'n Ghaedheal-fhuil ársaidh Fé ndeara mé-se ag stad i gcéin Gan teacht le tréimhse id' dháil dam, 'S go mb'fhearra scéal liom bheith led' thaobh 'Ná spreagadh saor na sámh-chrot. Is fada géar atáim-se féin Gan teacht ag féachaint Mháire 'S an leabhar saor darab ainm Aodh Do chasadh ar phéarla an bháin-chnis, Ainnir aobhdha bhlasta bhéaltais Ghasta Ghaedhealach ghrádhmhar, Is cneasta méinn dá bhfeacaidh mé 'S is fearra tréithe is ráidhte.
Ag iarraidh iasacht an "Chronicum Scotorum" ar Sheaghán O Coileáin, i bparóiste Míorois i gCairbreachaibh. Is fada mo chuaird ar uathadh cluithche ná ceóil, Ag tarraing adtuaidh ó bhruachaibh Sionann na seól, Le taithneamh is muar-thuairim tar iomarca slógh Do'n dragan gheal uais shuairc seo ná feicim-se fós. 'S má's pearsa cheart chnuais suadh-oilte soilbhir Seón; 'S go bhfreagrann dá mhuar-thuairisc i bhfuinneamh 's i n-eól; Raidfid go luath suaimhneach mear soineanda romhainn Luis tairngthe anuas ar chruadh-theine chliste gan smól. Sin seascad is buan buadh buille ceannas is comhacht d'ainniribh cuach-chuanda is cailce cruth beó Do raidathar suas uainne, le taithneamh dil dóibh, Gan daingean ar fhuacht duartan ar ghailleamh ná ar cheó. A shoilbhfhir dhil oirdheirc is riaghalta reacht, Is ná togarann bheith goirgeách ná dian le neach, Tobhair dham an Cronicum ar iasacht seal Is bíodh orm-sa i n-obantacht a thriall tar n-ais.
Chun Sheagháin Uí Chaoimh go Teampoll Mhichíl, ar bhás Michíl Uí Chaoimh san mbliadhain 1806, ag iarraidh iasacht "Lóchrann na gCreid- eamhach" air. A Sheóin a chara a dhalta 's a ghrian mo scart, A fhir ghleóidhte chneasta ler cheanglas mian is searc, Is brón lem' aigne adhbhar do liach le seal, Ar dtreón nár mheathta bheith marbh gan rian i bhfeart. Oigfear acmhuineach araid .. iadhain ait Beódha barramhail beannuighthe briathrach beacht Córach caithiseach carthannach ciallmhar ceart Dóid-gheal dathamhail daingean dil diadha deas. Fórsach fearamhail flaitheamhail fial go feas Gleóidhte geanamhail greannamhar grianmhar glan Leoghanta leabhar-chruibh lannamhar liadmhach lear Móinte meanmnach meacanta mian le maith. Cé brónach bascaithe deascadh agus rian na gcneadh Beith ag beodhacht cathuighthe, feasta n-a dhiaidh ní ceart, S gur dóigh le a maireann do thaithigh a riaghail 's a reacht I gcómhair na n-aingeal a anam gur thriall ar neamh. Ó seóladh seacat it' aice san mbliadhain seo me Gan cheól gan charaid gan leabhar lem' riar agam, Is cóir dhuit, a fharaire eagnaigh chiallmhair ghlic, An "Lochrann" lasmhar úd a thabhairt ar iasacht dam.
A ghrian-fhlaith bhreágh ciallmhair nach goirgeach gnúis Is tá fial fairsing fiafraightheach forasta fionn, Is diadha glan riaras ar bhochtaibh id' dhún, Tabhair iasacht, mar iarras, an bhosca soin dúinn.
Dá iarraidh ar Ribeárd Breathnach cúpla sean-leabhar do bhí ar iasacht aige uaidh d'fhágáil aige chun go n-aithscríobhfadh sé iad uile. A bhile mhiochair mhilis shnuidhte shéimh-ghluin tsuairc, Cár mhisde sin dá scribhinn-se an méid sin uait! Do bheadh guidhbhe an Leinbh Bhig 's A bhuime i n-éinfheacht suas Chun Muire sibh-se choimirc is do léigean buan. Ní'l file fuinte chuirfeadh siolla i gcéill 's i n-uaim Mar rithid sin ó'n tSionainn ghil go Béara an chuain, Má leigir-se na nidhthe seo do dhéanamh nuadh, Ná cuirfidh laoithe i bhfuirm chirt dod' shaoradh ar ghuais. Ní'l cion anois ar laoidhthibh suilt ná ar dhréachtaibh druadh Ná ar fhriotalaibh na fuirinne bhí i réim ghluin uair; 'S é thuigim go bhfuil tubaist thuirseach dhaor, monuar, Ar gach nduine aca ler bh'ionmhuin an Ghaedhilg a luadh. Tuilleadh dhe mar thuigim-se is daordha snuadh 'Ná ar inniseas a Ruibirt ghil san méid seo luadhas, Go mbeidh sibh-se is mise ciorrbhuighthe nó saor ó ghuais I nIfreann nó i gcuideachtain na naomh ngeal thuas. Ní'l duine ar bith san Innis seo do bhéarfadh duais, Is d'imthigh sin chun ghliogair uile an Éigse uainn, Fuireann gheal an oinigh is lucht déanta duan Gur thuiteadar 's go bhfuilid sin go léir san uaigh. Fiche ceart ar thriochaid de gheal-bheithibh uaim Gan foithin bhruit dá gcoimirc ná dá gcaomhnadh ar fhuacht, Le cumann dil do'n tsiollaire mhear éadtrom shuairc Nar chrith roimh imirt luinne guirme géire cruaidhe. Ceangal. Breathnach beódha beóltais blasta béasach Shlachtmhar seólta córach cneasta céim-ghlan, Aitchim dó ar an gComhachtach geal do shaor sinn A chasadh fós i ród a leasa dhéanamh.
Chun Pádraig Uí Cuannaigh. A scríbhinn beir míle geal-bheannacht uaim leat Le díogras do'n tsaol ghlan is cneasta tuairisc, Groidhe-fhear gan chinnteacht do char an suairceas Mar sloinntear ó'n gcraoibh sin de mhaithibh Cuannaigh. Innsidh gan righnas dom' charaid uasail Go mbím-se ar mo dhicheall ag graphadh stuanna, Ag cur laoithe Seana-Ghaoidhilge is startha is duanta Go gaoismhar i scríbhinn ar aithris suadh suilt.
Do'n Athair Pól Ó Briain is eadh adubradh an cúpla rann so, ag gabháil buidheachais leis fá'n nGramat graiméar do chum sé san mbliadhain 1809. Cé fada ar lár bláth geal ár dteangan dúthchais Gan mheas gan tabhacht, scáinte gan ceannar recte ceannas? conganta, Tá seabhac sámh sár-oilte is maiseach múinte De Chlannaibh Táil ársaidh do chasfaidh 'n cúrsa. Beart tug bárr áthais ar feadh na Mumhan, An leabhar breágh atá againn chun teagaisc múinte; 'S an fear do dáil an áis sin go cneasta clúmhail Ar cheap na nGrás ngrádhmhar a dhaingean-chumhdach.
Chun Seagháin mac Muiris Uí Chaoilte i mbaile Cathrach Druinge. Beannacht óm chroidhe le díogras cléibh chun Seagháin d'eascair d'fhuil Chaoilte an groidhe-fhear Gaedhealach grádhach; Flaith charthannach chaoin nach cinnte méinn is cáil, Is aithchim-se ar Chríost a dhíon fé scéith na ngrás. Táid leabhair dheas' Ghaoidhilge linne féin a lán, Startha agus laoithe draoithe éigse is dámh, Racaireacht ghrinn ar ghníomhartha Féinne Fáil, Is do gheabhair do dhaoithin díobh go héag a Sheagháin. Adamhaim gur gheallas-sa go séimh-ráidhtheach Gramad beag do thabhairt duit um Fhéil Phádraig, Níor mheasadh liom an teachtaire do ghlaodhach láithreach Fé ndeara dham ná grafainn-se gan éan-cháirde.
Gidheadh, ní bhéarfar im' chodladh orm arís, oir dá nglaodhfadh do theachtaire i gcionn seachtmhaine beidh sé roimhe agam le n-a léigean chugat.
Scríbhneóir an leabhair seo cct. cun an léightheóra agus go háirithe cun a cloinne féin. A séimh-fhir ghil go bhfuil an leabhar so id' dhóid, Má léighir-se anois ar chuireas ann de'n eól Is léir go gcuirfidh sibh i n-am san ród Chun naomh-bhrogh Nimhe is cuir do mheabhair a ghlór. Éighim is itchim, sirim ceann na Órd Go saoraidh sibh-se is sinne i n-am an ghleóidh, An Gaedheal-fhuil uile thiocht go ceannsa cóir Fé scéith Mhic Mhuire is coimirc geallta dhóibh. A laogh na gcumann fuiridh leam go fóill, Tá an t-éag ag druidim linn gach am de'n ló 'S me i mbaoghal bheith curtha singil seang fé'n bhfód, Camhain-se na dlighthe mheabhruigh Pól. .i. Aitheanta Dé is na hEaglaise.
Chun Airt Uí Laoghaire, dá iarraidh air tamall de'n mór-leabhar do thug sé féin ar iasacht do roimhe sin do chur chuige le Pól ba theachtaire chuige an turas soin. A fhiail-fhir ghasta tá searcamhail seólta subhach De ghrian-tsliocht fearachon calma cródha clumhail, Triall-se an leabhar a-bhaile le Pól beag chugham, 'S ní cian go gcasfaidh ort geallaim gan gó dhuit súd. Sin triaith-bhean chneasta is cailce 's is gleóidhte gnúis, Is riaghalta i mbeartaibh, 's is cartannach córach ciúin, Gan cliabh-bhrat ceatha má's fearthainn má's reódh má's drúcht, Ag triall chughat feasta agus fanadh id' chómhair go dlúth.
Chun Airt Uí Laoghaire. Sin seascad glan saor-bheithe gan faid ar a gcom Le taitneamh ceart géar cléibh do'n fharaire chlumhail Do eascair de phréimh Laoghaire ba rabairneach rún, Lem' Peadar beag féin leigim-se feasta chun siubhail. Raideadh an scaodh séimh-bhruinneal marthannach búch Do'n cheathrar chaomh chéim-chliste carthannach úd, Is aithriseadh sé i n-éifeacht do'n ghasraidh chlumhail, Gur gairid bheidh Gaedhil Éireann fé ghlasaibh na mBúr.
Ag cur fáilte roimh an Athair Pól Ó Briain go Corcaigh, san mbliadhain 1815. Ad-chluinim go dtáinig sonn chugainn go deisceart Éireann, fír-fhile faobhrach re fios, saoi nach éadtrom san oidios. Pól a ainm ceart le cóir, Aithghein díleas an cheád- Phóil, Dochtúir Diadhachta dian dil, tréaduidhe tréan an Dúilimh. Bile beódha bríoghmhar buan, breitheamh blasta na saor-dhuan, de deigh-shliocht Lugh' Meann na n-each do bhí 'n-a Árd-rígh Muimhneach. Cé Laighneach do gairmthar de is Muimhneach d'iocht is d'fhéile; gach ríogh-fhuil rathmhar fil ann dar dhúthchas Teagh Chinn Chorann. Mór chomaoin tar cách eile ar an dTeangain Ghaedhilge; do chum Gramat, lór a mhéid, nár frith roimhe a leithéid. Míle fáilte d'Ua na mBrian go Crích Éibhir na n-óir-shrian; iomdha neach anois i bhfus ler fearrde a thíocht n-a bhfogus. Aithbhir orm-sa ná tabhair A' Fhir iúil 'san ealadhain, ar son gach béime dá bhfuil san mbeag-shaothar im'dheabhuidh. Saoradh sinne Maor an Ríogh Ar gach olc, ar gach ain-fhíor, go rabhsam uile 'n-a thigh mar aon 's an té ad ch l u i n i m.
Chum Mhichil Uí Longáin an dara lá do Nodhlaig na bliadhna MDcccxiiiii. D. Ó Floinn cct. Más guilimne an fáth fár thráig do chaomthaed No fuath do ghlacais do dharadh na Gaoidheilge Ní dual do t-amhail a dtasisge ar aon mhodh A truailiughadh t-anma, a damaint do dhreachda. As mithid má ail leat fáth an réabadh So d'arguin-charaduis, theagbhuidh re tréimhse, Do dheilig sibh-se re duine, dá bhféadfadh Bhíodh arachdach urraimeach ursonta d'éigsibh. d'aithris rinn re h-iogras breithre Tré labhartha beoil 's dod' dheoin dhá ngéasadh Óir ní fhaicim gur foghanta deoir óm mhéara Dod' spreagadh chum aithris fairce do chréachda .i. méid do chréachda má goineadh tu. Bí beo nó marbh dein deabhaidh dom fhéachain Go bhfeicfir am dhóid-se óir-cheárd léigheanta, Do theagbhuig lan d'oirtheas fá'm chomairc go déanach. Do chinnfeas mór mheanmuin ar sheanchaidhthe Gaedhilge. Do thuigim go sonnradhach priomh-chlú d' Éirinn 'S do nochtas go grinn dinn fíor-thinnis Fénus 'S gach géag is bláth uaig d'fhás go h-éibhir Mac Tanaiste Gholloimh do bhrostuigh go hÉirinn. As ionmhuin liom taithniomh is caradas éigse Ós cionn na haicme ghrádhas rachmus is réim-se Ná smuain gurab' airgiod cealg an tsaoghail Do badh áil linn taraint od' chófra shéighion.
Do Pheadar Breathnach, Baile Fhinn. I mBaile Fhinn thoir is fíor go bhfuil An caoin-fhear cliste caomh-ghlan, Breathnach beódha slachtmhar seóltha Tapaidh treórach tréin-mhear; Saoi le suairceas, croidhe gan cruadhtan, Gnaoi gan gruaim roimh chéadtha; 'S ar an Rígh atá thuas a dhíon gach uair Go bríoghmhar buan gan éislinn. Labharann Gaedhilg ar mhaithibh na hÉireann, Is taithneamh leis dréachta is dánta, De Bhreathnaigh an tsléibhe 'seadh an cailm-fhear séimh An gasradh léigheanta láin-cheart; Tá rabairne is réim ann, fairsinge is féile, Is aigne déarcach deaghtach, An faraire gléigeal achmhuineach aerach Ceannasach céim-ghlan cráibhtheach. 'Sé Peadar mo rún tar fhearaibh na Mumhan, Fear searcamhail súgach sásta; Is dearbhaim sonn dá gcuireadh-san liúm Nár bh'eagal linn púir ó náimhaid. N-a scaipeann gach smúit dem aigne ar dtúis Nuair amharcaim gnúis an tsáir-fhir, 'S má theagmhann dúinn dón tabhairne shiubhal Go mblaisfam le fonn a shlainte. An Ceangal. Díolfaidh an faraire cneasta mo dhorn laoithe Le píosa tailimh do thabhairt ar chothrom cíosa; Le taoibh na fairrge feasta go socair síoch dham; Is cruinn 's is blasta do ghlanfad gach costas tríd leis.
Do'n Athair Seagháin Ó Murchadha, Easpog Chorcaighe. A Uain ghil fheartaigh tug fairsinge Shíol Ádaim, Buanuigh feasta agus neartuigh gan díth sláinte Suas ár nEaspuig go hacmhuineach fíor láidir Chun fuascladh thabhairt ar lagaibh gan puinn fagháltais. Ní'l fagháltas ar fagháil dam ná sealbh saoghalta, Is mo cháirde uile táid-san i nglasaibh éaga, Gártha na ngárlach mbeag ndealbh ndéarach Seadh d'fhág mise an tráth so ar easbhaidh éadaigh. Le suairceas urrama cuirim i suim dom' thriaith An fuacht ag druidim linn tuigidh 's an Geimhreadh ar dtiacht, Ba dhual fine dho file gan mhoill do riar, Níor muar dam culaidh dheas chluthair badh dhíon dom' chliabh. "Agus fuaras í".
Chun an Athar Seaghán Ó Murchadha .i. Easpog Chorcaighe dá iarraigh air "Scáthán an Chrábhaidh" do fuair sé ar iasacht uaidh roimhe sin d'fhagáil aige chun go scríbhfadh Peadar é. Is é an leabhairín seo 's taithneamhaighe dá rángadh fós, Is gasta gaois 's is leathan líonmhar lán de'n eól; Táid ceasta críonna is glas ar mhíltibh go craíbhtheach cóir 'S a bhfreagarthaí go feasach fíor ann dáilte dhóibh. Athchuingim i nAinm Íosa, a sháir-fhir mhóir, Ná fearguighthar feasta linn tu, acht fág go fóill, Tá Peadairín dá ghraphadh síos ar lán an tseóil, 'S ní fada an mhoill go gcasfaidh arís id' dháil gan smól. "Thángadar a lán leabhar ó Áth Cliath chuige roimhe sin agus n-a dhiaidh soin".
Ag iarraidh iasacht "Bheatha Chríost" ar an dTighearna Easpuig i gCorcaigh .i. an tAthair Seaghán Ó Murchadha, san mbliadhain 1819. Itche is áil liom d'iarraidh I n-onóir Íosa chruth-niamhdha, má's dleaghthach le hiarraidh soin, A Easpuig uasail ionmhoin. An ainim sirthear linne beatha Mhic na Maighdine, d'fhonn ár maitheasa theacht de 's maith na comhursan bochte. Ní fhaca, níor theangmhaidh liom I dteangaidh ársaidh Éirionn, Laoi ná aiste dréacht ná duain Is fearr bhogfadh croidhe claon cruaidh. Croidhe gan truaighe agus gan taise, súil nach suairc le so-mhaise, ar a leagadh i n-ucht Mhuire ná caoinfadh Mac na Trócaire. Ár mbeannacht mar is cuibhe d'Easpog chlumhail Chorcaighe, tug an tseóid sin a sleadh cuinn an tsaoi noch d'fhóir ár ndoghruinn.
A Dhomhnaill a stóir ghil 's a thaisce thar cách, De phór-sliocht na leogan nár cheachardha cáil, Fóir-se ar ár ndó-fhulang ó's agat atá Mór-chosnamh eólais is seanchais Fáil.
Ag iarraidh iasacht leabhair ar Sheaghán Ó Muláin agus ghá thabhairt ar an teachtaire dul dá iarraidh. A ghiolla bhig óig chóraigh is Gaedhealach grádhach Imthigh-se romhat treóruighthe tréan do'n tsráid; Innis do sceól do'n eólach gan bhéim 'n-a cháil Is cuirfidh an tseóid gleóidhte sin saor im' dháil. File glan mór-eólais is léigheanta tásc, Soineanta seól-chóirighthe saordha sámh, Do gheineadh de phór treón-fhlaith is Laochra Fáil Is do hoileadh ar bhórd ordha na mbéithe mbán. Do-chítar i gclódh óirdheirc tar éis a lámh Laoithe 'gus comhaid chomhfhocail na héigse b'fhearr, Fuinneamh is treóir lóchrann is phoenics árd, Mo chumann go deó deónach go n-éagfad Seaghán.
A phobail na Curradh mar thuigim 's nár dibh-se, 'S ó Chorcaigh go Luimneach rithfidh bhur gcáil timcheall; A Dhia cár mhiste ba muca nó bán-chaoira Seoch leabhar bhur n-oide dá imirt i gcás cíosa!"
Freagradh ar Labhrás Ó Buachallaigh. Dearbhaim duit-se a chumainn 's a mhíle stór, Mo leabhar dá imirt ná cuirfinn ar shlíghe dá shórd, Acht mo charaid go bhfuilid sin uile san chill ar feódh, 'S me dealbh gan ghustal ná pinginn de'n chíos im' dhóid.
Do Liam ó Duinnim tréis 23B15 .i. an Fiannaidhe - Scéalta Fiannuidheachta - do scríobhadh dho. An leoghan groidhe dar chóirigheas an méid seo im' láimh A speóis ní'l i sógh an tsaoighil bhocht bhréagaigh smáil; N-a nódh-thigheas go gcomhnuidhidh go saordha sáimh, Is ar Mhór-Chríost a chomh-dhíon fé scéith na ngrás.
A Chumainn dil nó'n misde libh mé théacht arís Go scribhfinn cuid ded fhriotalaibh i n-éifeacht ghrinn, 'S go n-innisinn gur duine thu bhí déarcach caoin Ler bh'ionmhuin lucht luithe chur is dréacht mar sinn. Ní misde sibh-se cumann glan a dhéanamh linn, Nuair is sinnil tusa id' chuisleanna, 's go dtéidhir do'n chill, Guibhfam chun Mhic Mhuire libh tar th'éis má bhím, Ó's duine thu tá tuigseanach i gcéill 's i gcrích.
Chun Shéamuis Uí Bhriain go Baile hInndean. A Shéamuis a laogh ghil 's a bhuan-díograis Do léigheann Seana-Ghaedhilg go buadhach binn beacht, Léigim dot' fhéachaint-se sluagh sídh-bhan Gan éadach dá gcaomhnadh go bruach Faoinseann. Dob' aithreach dá ndearmhadfainn Pádraig Óg, 'S a bhanaltra mhaith mharthannach nár cháineadh fós, Ná an ainnir mhilis mhascallach do táitheadh leó Gan mo scata bruinneal barrfhionna do dháil n-a gcómhair. A fhir cheannsa chliste charthannaigh 's a shearc mo chléibh-se, Is d'eascair d'fhuil na bhfearachon de mhaithibh Gaedheal glan, Sin Peadar beag chun reatha chugat go haibidh éadtrom; Cuir a-bhaile leis mo leabhar chugham, is bead-sa buidheach dhíot.
Mithid damh-sa triall trátha d'fhéachain fir na fíor-fhátha; ar mhaith ar mórdhacht ar mheas níor frith liom fós a chóimh-mheas. Gall Gaedhlach gasta grianach; saoi go séimhe sáir-mhianach; dar thálsat naoi mbéithe mbán lacht a gcíoch go ceart comh-lán. Ní bhfuil puinn dá mhianach linn san taobh so theas de'n Éirinn ler bh'annsa séimh-ghuth ár sean ná'n tsaoi cheannsa le saer-ghean. Hannraoi gléigeal grádhmar Heard, gan mhóid gan bhaois gan mhóir-bhleid; buan go raibh gan taom tuirse Ar Bhaile Bhreac dubh-ghluise.
Do Phádraig Ó hIongurdail, i gCarraig na bhFear. A fhlaith chaoin shúgaigh thréithigh De cheart-chraoibh chumhra Ghaedhealaigh Na ngaiscidheach bhfionn De ghlan-tsíol Niúil Do ghaibh fíor-chlú le daondacht. Beartuighidh siud, is féachaidh Cé lag-bhrigheach túirseach tréith me, Gur bhailigheas chughaibh Go deagh-chroidheach dluth Na haistí cumhaidh so ar Éirinn.
Do chuireadh an giota so ag triall ar Chonchubhar Óg Ó Dálaigh, i mBaile Mhistéala. Ó thuigim nach fear thu charas gaois ná greann, 'S nach ionmhuin leat na flatha ag tigheacht id' cheann, Muna gcuirir dhá ngraphadh feasta arís do leabhair Go hifreann leat i measc na mílte deamhan. Is dursan ná maireann flaith na mín-chrobh leabhair Do bhí soineanda slachtmhar treabhach tigheasmhar teann; Is muilthinneach ghlacfadh fear dem' shighe-se i n-am, Ní hionann 's a mhac sé an raille righin gan greann. .i. Conchubhar Críona Ó Dálaigh.
Chun Aindrias Mac Sheagháin Uí Shúilleabháin. Idir dhá Nodlaig dá dtograinn triall n-a dháil 'S go dtiocfadh go molfainn i gcothrom a chiall 's a cháil, Fear soineanta soilbhir sochma nár iaidh a lámh, Slisne d'fhuil Eochaidh dar dh'obair bheith fial le dáimh. An cine san chogadh nár thogair bheith riamh go tláth Ag ionnarbadh Lochlann ndoirbh a hiathaibh Fáil, Níor scriosadh níor lomadh níor torcradh iad tar barr Gur cuireadh le Cromail na pobail fé riaghail mar táid. Mac Dé ler ghlan-tsaoradh úir-shliocht Ádhaimh, Do cheap réalta is teacht éisc ar srúill ag snámh, Do cheart-chaomhnadh i stad shaor go súgach slán, An fhlaith shéimh seo Aindréas Ó Suilleabháin.
D' Aindrias Ó Súilleabháin, ar dtéarnamh dho ó'n dtrom-tinneas do bhí air i gCorcaigh san mbliadhain 1828. Baodhchas go sléachtach le hUan na nGrás, Ler saoradh sliocht Ébha go buan san pháis, Nár éagais den taom soin cér chruaidh an cás, A sheimh-fhir nár éimigh bheith suairc le dáimh. An saoghal dona daor so dom' buaireamh tráth, Gan gréithre gan éadach ná a luach im' láimh, Ná léigeann me i néan-bhall n-a luaidhfinn trácht Ná dhot' fhéachaint-se féin dul cé duairc an dáil, Ná géill-se dá réir sin 's ná smuain go bráth, Gur taothnaisc chas chlaon duit ná fuath thar grádh, Ná teídinn seal dhot' fheachaint gach uair mar chách, 'S ná haomhuigh bheith éadmhar le suadh dem' cháil.
Eoin Ó Comraighe, cct. A bhille gan bhéim, 'sa réaltain solais na ndruadh Do fuineadh go léir as saorfhuil Ghollaimh na mbuadh Do chumas a reamhchur dréachta a bhfoirim 's duain. Do bhrosta fád' ghéin le méin an duille seo uaim. Uaim sin chúibh-se air siubhal gan spás thar lear Nuadh-ghein cumtha is chúilfhionn, bhláthmhar mhear Bhuadhaich-ghil mhúinte, an ubhairchruit álain dheas Gan truaill gan cionnta, cclúid, ccáil, ná ccleas. An cleasa béithe, géirscrios gallaibh, nó droigheacht, No fheas gur éag an eigse b'fearra san rígheacht Bheir teast do thréithe, gléire t'fheartha sa ligheacht Air feagh mo rae 's mo shaoghail am aice gan tigheacht. Gan tigheacht am' ghlacaibh is dearbh gur díth mhór liom Do laoithe gasta glic ceapaighthe a bhfíor-fhoghlaim Acht bíodh ? doléite air m'fhalaing gur easnamh is dith eólais d'fhág sinn gan caidreamh flatha na foinn oidis. Oideas na ndréacht is léir gur chleachtais go beacht Is ó bhrollach na naoí mbean séibh do ghabhais a lacht Forastacht céile, éifeacht, eagnadh is dleacht Le cothrom is féile, is caoimhe, a t'aice is feacht. Ós feacht gur dhíosadh Clió a lacht ad bhrágaid-si, Is gur las do chroidhe le díoghrais gean d'á cáil-se Is eagal sinn nár ghrinn leat searc ár bpáirte Gé b'aitios linn bheith ríomhtha ameasg do cháirde. A ccáirdeas cumain leat b'ionmhuin liom tréimse teacht, Is ná cáin mo thuigsin tré laige mo dhréacht gan slacht, Gé sámh do chuirfir-se friotal na néigse air cart, Do'n dáimh-shriuth, mionaim, nár fliuchadh le braon mo thart. Tart an óil mo bhrón! do chleachtas le seal Sa measg na neólgach chóir bíon m'ainm air ceal, Fear dam shórt más dóith, gur thaithneamhach leat Sin feas mo mheodhain, 's mo chlódh gan easnamh agat Sin agat go dearbh an teasdas do dhlighid cách d'am. Is aicim má thaisgid mo reanna dhuit poinn sásaimh, Ceartaigh air leabhair-bhrat meamraim laoi táite 'S air ccasa do'n teachtaire glacfad uaig í is fáilte.
Taisdil gan spás a bhláith-ghein chailce gan cheas 'S na hadmhadh fáith do réais na taisge do chneas Go tabhair 'na láimh mo pháirt mo thaithneamh 's mo mheas 'S mo bheannacht le grádh de Mhicheál Ó Longáin theas. Aig seo comhartha cumain agus caradais ó Éoghan Ó Comhraoidhe a Luinmeach sic Mumhan chum Mhichíl Uí Longáin Charaig na bhFear i CConntae Chorcaidhe 27 June aois an Tighearna 1829.
Do'n Tighearna Easbog .i. a tAthair Seaghán Ó Murchadha i gCorcaigh. Go mBeannuighe Dia duit anois A shaoi ghluin na mbeart mbuadh Sirim beath' agus sláinte dhuit Is grása go fíor bhuan. Seachtmhoghat bliaghan m'aois anois Sine go foirbhte lag liath Tanag ón mbaile im rith d'fhéachaint cionnus bhí mo thriath. A bheith beó rómham anois Do bheirim a bhuidhe sin re Dia Is iomdha neach ann dar bh'olc A chorp do dhul fá chriaidh.
Do Mháire Ní Bhriain. "A ainnir mhilis mhartanach is maordha modhmhail 'S is cneasta cliste carthanach gan bhreág gan mhóid Admhuimh gur fada mé gan teacht it' chomhair Do leabhar suilt go gcasainn ort is biodhchas mór. Cama-shlighte cealgacha an tsaoghail dearóil Ler cathach as mo bheartaibh mé gan séan gan sógh 'S mar caithinn-se bheith seasamhach go géir im ghnó Fá deara dham ná graphainn de acht page san ló. An leabhar eile gheallas duit ná glaédh go fóill Go dtarrainginn a shamhail sin dam féin i gcló Go dearbhtha ní abraim ar aon chor gó Casuig sin abhaile ort mar Aodha na scéol. Ar an adhbhar sin ná masluigh mé a spéir-bhean óg Tré fhaid go dtig abhaile me fad dhein let shéoid Ar leabharaibh na Banban dam féin go deó Níor cheannuighthe liom fearg cur ar aon dot shórt.
Beannacht Mhichíl Uí Longáin chum Risteard Beara Tooker. Céad beannacht uaim siar cois Laoi Do shaorfhlaith shuairc an deagh-chroidhe Ógán ionnruic séimh gan locht Saoi air dhiadhacht 'sar dhaonnacht. Clisde córach ceolmhar cuardach Bríoghmhar beodha fós fíor-uasal Leaganta líomhtha saoitheamhail séimh Lámhcheart líonta do dheighmhéinn. Is feas gur dhual do maoin is maith Sonas séan agus deaghraith 'S a theacht ó'n lánmhúin uasail chaoimh Ubhall é d'fhás ar bhárr fíonnchraobh. Risteard Tooker mo charuid Dia dá dhíon air fhuath eascarad Go bhfaghuidh sin saoghal slán Nochad bliaghan go h-iomlán.
Do Pádraig Mhaith Ó Longardail san áit cheadna. A fhlaith chaoin shúgaigh thréithigh De cheart-chraoibh chumhartha Gaodhluigh Na ngaisgidheach bhfonn de ghlan tsíol Niúil. De ghaibh fíor-chlú le daondacht Beartuighidh siúd is féachaidh Cé bhailigheas chughaibh go deagh chroidheach dlúth Na haistí cumha so ar Éirinn.
Do chum Pilib de Barún Saoi a ccontae Phortlairge. Beannacht is céad uaim féin do'n Bharúnach Fear carthannach caemh-cheart déidgheal deaghrúnach Is caruid do'n Ghaedheilg-si é dá glandhúiseacht Is gurab' fada bhiodh-se gan léun ná lagúdha nirt.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services