Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Micheál Óg Ó Longáin

Title
Micheál Óg Ó Longáin
Author(s)
Ó Longáin, Micheál Óg,
Compiler/Editor
Ó Murchadha, Tadhg
Composition Date
1810
Publisher
(Tráchtas neamhfhoilsithe, 1940)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Micheál Ó Longáin cct. d' Eoin Baiste Naomhtha san mbliadhain 1810
i nGleann Maighir. June 24th.



Mo bhrón-sgíos deacrach fad-tuirseach fír-dhéarach
Me im'dheoraidhe dhealbh ar mhachaire an chlaoin-tsaoguil
Gan stór puinn agam ná caruid ar tí a dhéanta
Is Eoin Binn Baiste bí'm aice le linn m'éaga.


L. 152


A Shagairt chiste charthannaigh is cumtha caomh
Do tharraingeas ar maidin ort ó chiubhais an tsléibhe
Do leabhar-ghlac do thabhairt ós mo chionn má ghnéir
Bead scartha le gach peaca aca le congnamh Dé.



Athchuingim an t-arradh-mhac fuair sciúirse 's péinn
d'ár dtabhairt-na ó'n bpeaca agus ó'n gcúrsa gclé
Maithfeachas do thabhairt dom is congnamh déar
Is ár sagart maith go maire againn mar chúl dá thréad.


L. 153


Ní Cathach liom-sa ceatha teine ad dhóith a shaoghail
A sheana-shionnaig chealguigh gan chóir gan chrích,
Le ngreadathar na flatha so nách d'fhoirfeadh sinn
Is le a nglacathar an aicme sin nách fóghanta croidhe.



Dearbhaim gur cleachtais-se i dtóis do shaoghail
An charthanacht do dhearamad is do sheólad síos,
An faruire mear meanamnach 'san óigbhean chaoin
A leagadh sin gan tearmain gan sogh gan suim.



Cé gheallair cion is macnais go leór is maoin
Do'n amuid bhuile bharbartha 's don chóbach chríon
A nglacaid-sion ded' mhaitheas-sa is glóir bheag bhaoith
Sgaruid leis is rachuid uile ag dreogh san gcill.



Is gairid maireas rachmas beag is lóch an tsaoghail
Mar lasair suip don easgartach roimh lóithne dhon ghaoith
Cí fada bhías a mhairg sin, a bhrón, 'sa dhíth,
Ar an anam mbocht in eacarann dá dhóigh 'na dhíoghal.



Gabhaim-se is glacaim-se mar lón do shíor
Leanbh Mhuire bheannuighthe 'sa chomhachta am' dhíon
Taramuin na n-apstal ngeal, na n-órd 's a nguidhe
Dom'sheachnadh ar an bpeacadh agus dom sheoladh i shíth.



Síothcháin Dé na naomh is na napstal n-uasal
Daor-pháis ghéar an aenmhic cheannaigh sluaighte
Micheál maor is tréan i bhfeartaibh muara
Dár ndíon lá an tsléibhe fá sgéith na n-aingeal n-uachtarach.



Amen.


L. 154


Maidean dom im aonar i nGaorthadh cois Brighde
Ag machtnamh cleas is claonbheart an tsaoghail dona chinnte
'S mar mheathsat Clanna Gaedheal ghluis in Éirinn gan Saoirse
Acht ar aghad ag aicme an bhéarla dá mb'éigin dóibh stríocadh.



Níor bhfada dham fá'n nGaortha ag déanamh mo smaointe
Go bhfeaca áinnir Mhaordha ag téachtuin lem' thaoibh-se
Ba casta ceathach Péarlach a Craobh-fholt go bís léi
A dearca glasa gléine's ba caol deas a braoithe.



Ba tana deas a béal beag tais craobh-dearg mar ghríosuigh
'S ba cailce deas a déid sin na gcéirmhion gan aoinlocht
A leaca leabhair aolda mar réilltín na Síonta
Acht Nár bh'fheas cia aca dá ngeilleadh do chaora no lítis.



Aithris dam a Spéirbhean ar mési cá mbíonn sibh
Nó an bhean de threabhaidh Éireann so d'aontuigh teacht taoibh liom
An feas gur tusa Deirdre nach d'éaluigh le Naoise,
Nó an bhean do chas na Gréaguigh tug léir sgrios na Traoi Thoir.



Ní ceachtar aca mési dar léigheadh leat id' laoithe
Acht Seanabhean gan sgléip suilt iar néaga dom dhaoinibh
Is í m'ainm cheana Éire céile na Righthe
De mhaithibh Chlainne Eiriomhóin Éibhir is Ithe.


L. 155


Gealluim duit a shéimh-fhir cé sgéala ná síltar
Go mbeidh scaipeadh ar aicme an bhéarla da dtréan-chur thar taoide
Go gcasfaid Clanna Gaedheal Gluis in Éirinn mar bhíodar
Cé fada dóibh dá gcéasadh fá daor-smacht bhfear gcoimhtheach.



Stad a bhean ní ghéillim ar aon chor dod laoithibh
Is go gcaithfain feasta staonadh don claon-bhruscar mhillteach
An Creideamh ceart do shéanadh tar breithribh an Bhíobla
Nó ár gcartadh amach as Éirinn le méirligh an aimhlis.



Tá an dá bhéarsa so sa bhreis i Lss 23F 18; 96.



Na bacaidh feasta an sgéal soin is ná géill-si dho it'intinn
Ní ar ghainimh scartha bréagach tá an chléir seo na suidhe againn
Acht ar Charraig Peadair déanta fá scéith mhilis Íosa
Is go lasthathar na spéartha níl baoghal ar a ndíbirt.



A dtairngreacht na Naomh is eadh léightar le saoithe
Cabhair do theacht ar ghaodhlaibh cé céasta atá an Croidhe aca,
A seacht is leath-chuid gléasta de bhliantaibh mar innsid
Sin caithte amach a dtéarma ar Éirinn na Míleach.



Tá an bhéarsa so sa bhreis i Lss Mur; vi 157.



Sin seascadh ar dhís miltibh go ngneithibh mbuaidh
Go ngeala cruth ngnaoi naoidheanda 's go neata snuadh
d'ainniribh sidhe ndlaoifholt gan éadach uaim
Don tSagart mhear groidhe an Cuinntheach breágh léigheanta suairc.


L. 156


An Pósadh úd bhí ag Ánet Cánadh
Bhí Rí na nGrás ann i bpearsain
Do bhí agus Muire mháthair,
Is nár bh'áluinn í a mbainis
Na daoine úd bhí ar chlár ann
Bhí biotaille aca gan easnamh
Is na huiscidhe bhí 's na háthraighe
Go mbadh aluinn a mblasadh.



Do rin Rí na nGrás dá mháthair
Mar ghárda ar na peacaidh
Le linn agus na ngrása bheith
A táil air na srotha
Chuim go ngeillfimís dá ghlóire
Mar threóir do'n mhailís
S gurab í fuil Ríogh na Glóire
Bhionn go deó againn sa chailís.



Sí maighdean na cabhrach í
S nír meabhair dis 'an peacadh
An plannda do shíolraidh ón
Rígh úd do b'fhearra
Cuir t'athchuingí le díograis
Chun rígh geal na n-aingeal
Cun go mbeadh sé deanamh treóir dúinn
San ród dul abhaile.



A Thighearna agus a Íosa agus a Rí gheal na cruinne
d'fhuiling coróin spíona
Agus ísbirt na croise
'Od stracadh od' straoilleadh.


L. 157


Idir dhaoine gan chumann
Is ná rabhmíd-ne choidhche
Gan do ghrásta bheith againne.



Cuim na nglas úd do scaoileadh
Bhí choidhche i nár gcoinne
Ó reidh tusa an tslighe dhúinn
Déin díon dúinn a cumainn
Cuir spreagadh nár gcroidhe 'stigh'
Cun ár ndroich-ghníomhartha tuigsint
Cun go mbeimís de ló 's d'oidhche
Deanamh lórgníomha nár gcurtha.



A Mhuire a mháthair chaoin tréitheach
Leigim taobh leat mo pheacaidhe
Guidh-se chun t'aen-mhic
Sinn do shaoradh ó 'sna caithidhe
An diabhal; 's an tsaogail úd
Go ndéinim díobh taithighe
Ó Íosa a Mic Dé
Gur daor bocht do cheannuighis



A Íosa a Mhic Dé
Gur daor bocht do cheannuighis
Clann Adhaim agus Éibh
Led chuid fola n-a caisí
Sínte ar an mbráca
Beidh na ceadta 's na mílte
Is mar lasair na ceardchan
Gur fútha sin scaoiltar.


L. 158


Cuir fút séala
An tslanuighteora adeir Íosa
Nó aibíd mo mháthar
Is caith í le diograis
Mo gheallamhain ní fhéadair
Gan í do chóimhlíonadh
Siúd é do luach saothair
Is lean féin an tslighe úd.



O a Shlánuightheóir ghlégil
Iarraim ort mar athcuingí
Gan sinne do thréigean
Agus tabhair dúinn an aithrighe
Go hIfreann na leig sinn
A séide fé choiridhe
Mar bheadh mactire i measc caorach
No uan idir conairt.
Á strachadh as achéile ag
Uallghuirt sa stolladh
Bíd siad air áraigh úd
Go brath agus coidhche
Gan suaimhneas le fagháil aca
Ná scíth ar bith
Nach bocht an cás ná tuigimíd
Ar ndroich-ghníomhartha
'S go bhfuil ar rogha le fagháil againn
Ceactar den dá nídh sin
Go bhfuil lacuna Flaitheas na ngrás n-geal.
No Ifreann coidhche.


L. 159


Moladh do Íosa Críost;
Moladh do shior is do ghnáith
Moladh dhuit a Mhuire ró ghlan
Do geineadh gan a peacadh
Moladh dhuit.



O a Íosa Chríost a theampuill na ró-dhiadha ? a iodhbairt
naomhtha an aifrinn, dein trócaire orrainn.


L. 160


Tá an foghmhar so go haorach céad baodhchus le hÍosa
Tá eorna n-a slaodaibh is caomh-chruithneacht thíortha
Tá cnó buidhe ar na craobhcha agus sméar ar an bhfhir-dhris
Is céad glóire dhon aon-Mhac le ndeant gach-nidh aca.



Ogh fhleadh-bhreagh threightheach is léigheanta 's is liomhtha
Is comhachtaighe 'sis tréine is féile 's is fíre
Tá ceól ag na héanlaith gan traocha dá innsin
Gur lem stór-sa is breith baodhchus don tsaoghal eile timcheall.



Sé sheolann na réalta teacht gréine agus taoide
Bheir neóla na spéire an ghaoth is na sionta
Eóin bhinne an aéir uile is eise ins an mín-mhuir
Is fós cuireann feár glas cun treadtha na dtiortha
'S gur dá comhacta teacht lae cugainn déis nealta na hoidhche.



Mo bhrón-chreach go n-éagad mo scéan is mo sceimhleadh
Gach ló thig dem ré 's mé reabadh do dhlighe chirt.
Ach a stóir ghil ná tréig-si is ná séanaidh sinn tríd sin
'S ar mhór-cruis gur shaorais sliocht Ébha let fíor-fhuil



Tá óg-shagart léigheanta anois taobh liom san tír seo
Is doigh liom gurab aodhaire é mhaor mhaith nó stíobhart
Sé fhóirfidh mo ghéibhinn is réidhfidh mo snaidhm dam
Is do thógfaidh go héasca gach daorscamall nimhe dhíom
Is go deo arís ní dhéanfad aon daorbheart mar ghnínn seal.


L. 162



Sean-oidhche Lughnasa beartuigheadh linn cúl do chur
Le haindlighe na trú-cholladh d'fiúg me gan treoir
Do leag sí me cionntach gan neart breatha ná lúith ionnam
Am raispín bocht spriúnlaithe dúr lag fá bhrón.



Athchiunghim gan diúllta do cheart dlighe na n-ughdar
Ná faillighe do thabhairt an aon phunnc de go deo,
Go ccneasuigheadh gach dúircneadh do lean díom fan ccúis sin
Le haithrighe glan ionnruic mar múineadh le Pól.


L. 163


Is doilig liom a olcas chuireas aois m'óige
'S nár soicheadh liom an obair seo go gcríochnóchainn
Gur doircheadh an solas ar mo righin ró-ruisg
Tug follamh mé gan sochar ar mo sgríbhneoireacht.



A Lonna-Mhic do crochadh dam ar thrí tháirne
'S ler doirteadh fuil go fonnamhar do shíol Ádhaim
Óis follus duit me i mbochtaine 'si bhfíor-ghábha
Fortuigh sinn a chogair dhil do chaóin-mháthar.



A Mhaighdean gheal ghréinneach 's a mháthair mhaith
A Dhéighbhean ná deighiul me ód' cháirde amach
Acht leighis-se mo theinn-lot is fág me glan
Go raghuinn ar do theaghlach-sa lá na gcreach.
Amen.


L. 164


Truagh nach tuigir a dhuine bhocht chríona léith
Cruadhas an ionaid 'na gcuirfear thu sínte i gcré
Fuacht na lice sin iomarca cruimhe agus daol
Anuas id' mhullach dod' ithe go cíochrach géar.


L. 165


Lá is mé ag taisteal cois taoibh an tsrotha chiúin,
Ba crábhfeach éin ag cannain go h-aoibhinn ós mo chionn,
Is eadh shín lem' ais an ainnir dheas dob' aille gnaoi 's gnúis
Is gáire gasta geanmhail do rin sí liom.



Do labhair mé go cneasta ceart caoin lem' rún,
Is d'fhreagair sinn an ainnir ghasta mhín tais modhmhail
Cé fada dhuitse ag taisteal cnoc gan nídh fáth bonn
Is gearr anois go mbeidh tú againn ag díbirt Gall.



Ainnir dheas gan chealg cleas it' croidhe nó it' labhairt,
Aithris ceart an eagal seal i gcuimheascar lann
Cár ghabhais chun an ghleanna so nó an fíor gur cabhair
Tá ag Carolas ag taisdeal chughainn ar drim na nGall.
A Sháirfhir shéimh is meabhair liom sin d'aithris duit go grádhach le fonn,
Go bhfuil gárda thréan ag Carolas ag taisdeal ribhe ar bhárr na dtonn
Beidh báire is céad ar Sasanaig is Fanatics dhá gcrádh gan cabhair
Is gearr go mbeidh Rex in Albain is Aifrinn do rádh gach am.


L. 167


I nGaorthadh Ghlas Choille
Im' aonar gan duine
'Om' éisteacht acht druide
Gríbh agus leoghain,
Is mé faon-lag gan fuinneamh
Taonmhar ag sileadh
Déara n-a srothaibh
Síos liom go feór
'Seadh d'aontuigh im' coinnibh
Bé mhiochair mhilis
Ghlé ghonta suidhthe
Aoil-chnis gan smól,
'S da caomhnadh bhí giolla
Chéas mé le tritheamh
Saegheada dá gcur
Im' chroidhe-se thar fóir.



A slaodh-fholt ag tuitim
Léi-se go troighthibh
Craobhach cas cluthmhar
Trínnseach 'n-a deóidh,
A h-éadan ba ghile
A claon-rosc ba ghluise,
A déid deas ba ghluine,
A gnaoi agus a clódh
A scéimh-chruth gan milleadh
A caomh-chorp ba shuidhte
A haol-chrobh ba shnuidhte
'S a braoithe gan smól,
A caol-mhama cruinne
Mar ghéis ar an uisce
Chuir géir-shearc n-a rith
Im' chroidhe-se dhon óigh.


L. 168


Sléachtaim le binneas
d'on spéir-bhruinnil mhilis,
Caidé an áird d'en chruinne
Ar shíoruigh im' chomhair,
"Nó an féidir gur sibh-se
Léir-chuir gan fuinneamh
An Trae thoir 's a fuireann
I bhfír-cheathaibh smóil,
Nó Céarnait ar uisce
Chéad-chuir an muillean
Ba shéadmhar ba shnuidhte
'S ba shíoch snasta snódh;
Nó Déirdre ler milleadh
Céadtha gan cumas
I gCraeibh dheirg uladh
Is draoidheachta gan chóir.



An féidir gur sibh-se
Do chéimeadh ar muir
Ler aomhuigh sin Conall
Triall seal 'n-a deóidh;
Nó an bhé mhiochair mhilis
Thug léir-scrios ar mullaibh
Aol-bhroghaibh Innse.



Nó an réaltean ler chumaisc
Tréan- mhars na croise;
Nó Médea ler cuireadh
Flíos seal ar bórd;
Nó an spéir-bhruinneal shnuidhte
Thraochadh san gcoinne;
Nó an caomh-eala dhil
d'fúig Gaoidhil seal fé bhrón?"


L. 169


Is léir gasta cliste
Géar d'fhreagair sise
Mé-se le binneas
Bhinn-ghuib i gcóir,
Dá léigheamh dham nach duine
Ar éan-chor aca-san
d'éilimh me im' laoithibh
I ar an bhfeór,
Acht Éire bhíos sinnil
Chéile na righte
Ba thréanmhar gan time
Ar mhaoilinn le slógh;
'S go séidfam an fhuireann
Éithigh seo as Innis
Éilige le fuinneamh
Míleadh agus treón.


L. 170


Aréir dam go déidheannach ag siubhal na gceacht,
Go faonmhar im' aonar gan subhchas seal,
Ba glé-ghartha aol-daichte ciúin gan snas
Bé mhiocair mhaordha gheal bhúch ag teacht.



Is éadtrom deas néata do siubhail im' ghar
An spéir-bhruinneal maordha dob' ionnruic dreach,
A slaodh-fholt ar saobh-chrith go búclach cas,
'S a claon-rosc mear péarlach mar dhrucht na dtreabh.



Dob aerach ag pléireacht n-a gnúis ghil ait
An chaor agus caomh-lile bhúidh na mbeach;
'S dá caomhnadh ar gach éan-olc badh dhubhach le teacht
Bhí caoch-ghiolla claon-bheartach cúinneach cas.



An tan d'fhéachas an spéir-choinneal ionnraic gheal
Do chlaochlaidh mo chéadfaidh mo riún 's mo rath;
A scéimh-chruith thug daol-dhreach ar ghnúis na mban,
Is chuir Phoébus fé néaltaibh go dúbhach gan phreab.



Sléachtaim do'n bhéith mhilis chubharthaigh dheas,
Cad é seo thug faon í san nús so seal;
"An léir gur tú Délla do thionnscain creach
Actéon dá ghéar-ghoin ag dubh-choin ait?"



Nó an phéarla thug Gréagaigh n-a dtrúip thar nais,
Nó an chaomh-eala ghléigeal ler túrnadh Tailc,
Nó an bhé mhiochair Éithne ler múscladh cath,
Is ler traochadh na céadtha gan lúth ná preab.



Nó Déirdre ler traochadh an triúr nár lag,
Nó Céarnait an ghéar-sruth do thionnscain seal,
Saor-mhilte a dhéanamh i ndún mhic airt,
Nó an péarla ba shéadmar noch d'umhluigh cait.


L. 171


Nó an spéar-bhean do éaluigh thar srúill 'n-ar measc
Ler traochadh an laoch mear nár dhiúltuigh neach,
Nó dé-bhean na céille, n'an bhúidh-bhean tais
Thug tréin-fhir na Féinne go dubhach bocht seal?".



Is géar gasta béasach deagh-mhúinte chan
An bhé sin go sléachtach dham cunntas ceart;
"Ní héinne dhe'n méid sin mé dúbhradh leat,
Le scéaltaibh bhur Séarlais mo chúrsa is feas".



Ar éisteacht na scéal soin ba shúgach dham,
'S do léimeas go héadtrom lúthmhar mear,
Gur shléachtas go héascaidh do'n chúilfhionn tais;
An raibh Séarlus fé réim cheart mar dubhradh seal.



"Tá Séarlus go réimeach, mar dubhradh seal,
Go tréan-truipeach céimneach cughaibh ag teacht,
Ní staonfaidh dh'en scléip sin go dúthchas Airt
Ag léir-scaipeadh méirleach a fionn-bhrógh Chais.



An Ceangal.
Sin Cunntas ceart thar caladh chughaibh go cruinn,
Go siubhalfaidh an fear cé fada dhúinn é ríomh,
Do bhrúdhfidh Galla feasta i gcumhangras claidhimh,
Gan lúth gan phreab gan rath gan fonn gan chrích.


L. 172


Araoir is me ag smaoineamh gach seana-nóis chirt,
Ba chuimhin liom san tír seo go bhfeas do'n chóige
Gur dísceadh ár saoithe as fearann Fódla
Le coimhidhthigh gan caoineas, sin beart do bhreóidh me.



An díoghluim bheag díobh siúd san mbaile beó againn
Dá ndíbírt le dlighthibh thar sleasaibh bóchna;
A gcríocha dá líonadh de Ghalla-nósaibh,
'S gan puinn mheas ar Gheoidhilg ná ar sheana-ghlórthaibh.



Gach laoidh ar bith dá líomhthacht i gceartas cómhaidh,
Badh dhícheall do dhraoi ghlic do cheapadh i n-eólas,
Do scaoilim ó oidhche go maidin doibh-sean,
Acht níl brigh ann, táim millte ag na seana-bhróga.


L. 173


Ar anfhorlann Éireann le n-a linn féin.



Maidean aoibhinn bhíos im' aonarón
Le sleasaibh Laoi na mín-bhreac ngléigeal mbeó,
Ag machtnamh gníomharta claoina an tsaogail dh'reóil
Ler leagadh prímh-shliocht Ír is Eireamhóin.



Maicne Chríomhtain d'fhíor-fhuil Éibhir Mhóir,
Is aicme Íthe an ghrinn nár staon i ngleó;
Mo chreach mo dhíth mo líonruith léin gach ló,
A maireann díobh gan suim gan séad gan sógh.



Ar meas na ngníomh soin suidhim ag déanamh bhróin,
Fé tharadh chruinn ghluis aoibhinn ghéagaigh mhóir,
Gur sheasaimh taoibh liom caoin-bhean bheasach óg,
Ba mhaiseach gnaoi 's ba naoidheanta néata clódh.



Ba chasta cíortha a cíp go féar n-a deóidh,
Ba ghlas ba ghlinn a rinn-ruisc réigh mar reóth,
Ba cheart a braoi, ba mhín a déid gan smól,
'S ba bhlasta fuighle a gríosghuib shéimh gan mhóid.



Ag deabhadh díchill bíd le chéile i gcómhair
Sneachtadh 's lítis mhín is caor go leór
N-a leacain aoird gan timheal gan éalaing fós,
San ceachtar díobh ag scríocadh an scéil so'n chóir.



A mama chruinn ar líth na géise um nóin,
Nár ghaibh go fíor ó dhlíghtibh Bhéunus clódh;
Ceathra 's coillte, teoide is éisc is eóin
Do faictar suidhte ar mhín-bhruit saor n-a deóidh.


L. 174


Ba thana taoibh-gheal mín a caomh-troigh chóir,
Ba shlachtmhar síoch ba mhíonla maordha módhmhail
A pearsa chaoin gan timheall gan éan-rud smóil
Ler leagadh saoithe tím le géir-shearc dóibh.



Fachtaimíd go caoin de'n bhéith bhig sceól
A dearbh-shinsear d'innsint léi gan ghó,
An treabh 's an tír ór shíolruigh féin im' chómhair,
Nó an d'aicme Geoidheal na gcraoiseach ngéar a pór.



"Abair linn an díbh do traochadh treóin
I dTeagh na Craoibhe thíos ag éad led' chlódh?
Nó an bhean tug druim le Rígh na Féinne, is ghlóis
Le Mac uí Dhuibhinn' fé choill ghluis chraobhaigh cheóidh?



Nó an bhean ar linn do scaoil go gléasta an bhró?
Nó an bhean trer chlaoidheadh san inse tréan-mhac Treóin?
Nó an bhean ó'n mbinn nar shín Mac Néill 'n-a deóidh
Ag argain críoch gur mhill an saoghal mór?



Nó an eala mhíonla Aoife an chaemh-chnus chóir?
Nó an bhean tsidhe do bhíodh san Léith-chraig romhainn?
Nó an fear gurab í seo Clíodna mhaordha im' chomhair
Do radadh díon dá mbí go faon gan stór?



Nó Pallas mhín, nó an Bhrídeach Bhénus mhódhmhail?
Nó an bhean tar tuinn do scaoil Mac Éason leó
Trer ghaibh n-a luing gan choimheascar caora an óir,
Is athair críona arís go ndéineadh óg?



Nó an fear gur tríot, mar innstar scéal le heól,
Do leagadh síos an Traoi fé chaoraibh smóil,
'S an mac soin Phrím, do-ghníodh ar Ghréagaigh leógh,
Leagtha ó chraoisigh nimhe mhic Tétis Mhóir?".


L. 175


Do fhreagair sí go líomhtha léir ar cóir,
Ba bhlasta bhí fé thrí 'ná caomh-cruit cheóil:
"Ní neach de'n bhuidhin sin ríomhais féin me fós,
Acht bean Mhic Chuill, is bhíos ag Eireamhóin.



Seal dom' aois ag Críomhthain caomh na slógh,
Ag Feargus groidhe, 's ag Síorna saoghlach sóghach,
Ag Art Mac Chuinn, an míleadh éachtach eóil
Do leag an Muimhneach síos i n-éigen gleóidh.



Do caitheadh linn go haoibhinn tréimhse mhór
Ar halla Ríogh na nInseach Séamus óg,
Mar a ndearcainn fíonta ag saoithibh saora 's Beóir
Is spreagadh caoin-chrot binn ag éigsibh ceóil."



"A shearc mo chroidhe 's a dhiograis chléibh go deó,
Fanaidh linn," ar sinn "is réidh dam sceól,
An gcasfaid Gaoidhil arís, nó an féidir leó,
I mbeathaidh a sinnsear choidhche i nÉirinn óig?"



Do fhreagair sí me arís, is réidh mo bhrón,
Is d'aithris míle nídh nár léir dam'shórd:
"Beidh Clanna Gaoidheal gan moill i réim go mór,
is Danair díscthe a hInse Éilge fós."



Beannacht Chríost go síor i ndéidh do bheóil,
Is aitchim fín gura fíor, go léir do ghlór:
Go bhfaiceam claoidhte brígh gach sméirle dhe'n chóip,
'S nár ghabhaid díon i gcoill ná ar shleibhtibh cheóidh.


L. 176


An tam cuireadh suas me san mbliadhain 1797,
i gCorcaigh móir Mumhan is eadh chumas an t-amhrán beag so síos
do ghríosughadh fear Éireann de gach éin-chreideamh, agus go
háirithe Clanna Gaedheal fé bheith díleas deagh-rúin deiscréideach,
i gcóimh-cheangal grádh pháirte cumainn agus lán-mhuinntearais,
agus i ngrádh dearbhráithreachais le chéile, ionnus go
mb'fhusaide dhóibh an cluithche seo do bhreith agus iad féin do
shaoradh ó'n ndaor-chuing sclábhuidheachta fe n-a bhfuilid
le cian d'aimsir fóríor.



I dtairngreacht naomh is léir go bhfeacadh
Scéal beag deas le luadh
Ar leathan-tsliocht Ébha theacht go tapaidh
Tréan i dtreasaibh tuadha,
Go nglanfaid sin Éire mhaordha bhuadhach
Ó scamallaibh daora an chlaon-truip chruaidh,
Go mbeidh mar a chéile i gcéim 's i gcnuas
Gan tnúth gan srath go deó.



A Chlanna bhocht Gaedheal 'tá i bpéinn le fada,
Éirighidh feasta suas,
Is gabhaidh go géar ag gléas bhúr n-arm,
Is déinidh treas gan truagh;
M'ás Sasannach é no Quaker cruaidh,
Ná glacaidh-se féin leis éad ná fuath,
Acht preabaidh le chéile i n-éinfheacht suas,
Ag túrnadh Danar dóibh.



Is 'mdhó faraire tréitheach éadtrom tapaidh,
Do léim le tamall suas,
Is dearbh go ndéanfaidh claon-tsliocht Chailbhin,
Bhréin do leagadh anuas;
Ní deachmhaidhthe a laogh atá ar éan-chor uainn,
Ná tacsanna cé gur méala muar,
Acht an talamh go léir bheith saor go buan,
Ag crú na bhfhear ó'n mBóinn.


L. 177


Beidh an fearann so Eibhir saor ó doléite
Is Gaedhil i ngradam muar,
'S gach scramaire bréan ler mhéinn ár mealladh,
Tréith ar easbaidh luais,
Mo chara is mo laogh-se an Saesar suairc,
An Faraire séimh gan claon gan cruadhas
Gura fada bheidh féin 's a ghaolta suas,
'S gach trúp dá ngabhann leó.



Ceangal.



Innsim díbh le díogras dlúth
A mhuinntir úd i ndaor-bhruid,
Go bhfeicfimíd-na scaoilte an punc
Is míle búr ag béicidh.
Líonaidh canna fíona amach,
Tá an bhuidhean so ag taisteal taobh linn,
Mar innstear stair le saoithibh sean
I scríbhinn blasta Gaedhilge.


L. 178


Beir litir uainn do'n Mhumhain leat
A riúin ghil 's a stóir,
Is aithris tre riún dóibh
Go bhfuil an cúrsa 'n-a gcomhair,
Gur 'mdhó ainnir mhilis mhúinte
Agus leanbh firionn fionn leis,
Is fear breágh cliste cumtha
Do fúigead ar feódh.


L. 179


Fiafruigh cad chuige ná héirighid
Is teacht linn san ngleó,
I n-arm greanta greadhnach,
Bheadh faghartha go leór;
Cé táimíd brúidhte millte
'S go léor dár namhaid 'nár dtimcheall,
Innis go bhfuil na Laighnigh
Ag adhaint na teine leó.



Do ghluais ó Chúige Chonnacht chughainn
Tuilleadh 's deich míle laoch,
'S adtuaidh ó chuantaibh Uladh
An oiread eile i bhfíoch 's i bhfaobhar;
Ní bhfuaireamair fuaradh ar bith aca
Gur thugamar bualadh is fiche ortha,
'S badh thruagh mar bhídís cuirp againn
Is fuil i ndeireadh an lae.



Acht cá bhfuil an congnamh Muimhneach
Nó an fíor go mairid beó,
A n-arm lonnrach líomhtha
Ná tigid linn san ngleó,
A ndeacair-phúir a dhíoghailt,
Is Galla-bhúir a dhíbirt
A fearann-dúthcais díleas
Ár sinnsear go deó?


L. 180


Is dubhach liom scéal na n-úir-fhear séimh
Ag Búir go claon dá gcéasadh shíor,
Gan cúl gan céim gan rún gan réim,
Acht dúbailt dhaor gach féile ar chíos.
Mo phúir mo phéinn no thúirse cléibh sin,
Crú glan éachtach Éibhir Fhinn
Da mbrudh gach lae 'n-a ndúthaigh féin
Le Brúscar bréan do leím thar tuinn.



Is 'mdhó cú mhear mhaordha lúthmhar léigheanta
d'umhluigh téacht linn féin san tslighe
d'fhonn Búir do thraochadh ar chunntas éigin,
'S ar Thúr na Naomh nár théidhidh soin díobh.
Níl cúil ná craobh ná cúinne d' Éirinn
Gan trúp breágh gléasta réidh dár mbuidhin;
Is brúdh agus baoghal 's gura dubhach a shaoghal
Ag aon spriúnlach bréan ler mhéinn ár ndíol.


L. 181


líne ar lár
Le spás do dhaor lucht bréige 's fill.
'Chionn a rádh go ngéillid pháirt 'nár dtaobh,
Is mo náire shaoghail má théidhid gan díoghal.
Tá gárda thréan tar sáile ag téacht,
Bainfidh sásamh géar gan séanadh dhíobh;
'S cé cásmhar mé dhom' chrádh ag an saoghal
Géarrfad tréin le faobhar mo chlaidhim.



Is cathach mé fé dhaithnid ghéar
Ar gclos na scéal so ag téacht san dtír,
Is aicme an Bhéarla bhracaigh bhréin
Ag tachtadh Gaedheal le claonta dlighe;
'S ar Pheadar ghléigeal flaith na féile
Gur gearradh Féithe a chléibh 's a chuim,
An Sagart séimh de Chlannaibh Néill
Do b'fhearra tréithe méinn is gnaoi.



Is léan liom an séimh-fhear deas cúmtha caoin
I ndaor-ghlas na bhfaol-chon so shiubhail tar tuinn;
Récs ceart na naomh ngeal dá dtúrnamh síos,
Is do reidhteach do ghéibeann-sa, a riúin mo chroidhe.


L. 182



A Chumainn ghil cháidh chraibhthigh
Is suairc socharach sians,
'S le gcumtar go bláith dánta
I n-uaim shocair gan chiach,
Ná tuigidh gur gráin gháibhtheach
Ná fuath fochmhaideach fiar
Do choingibh me spás lá annso
Gan suas oraibh-se thriall.



An gcluinir mar d'fhág táin chliste
Cuan Bhrollaigh go dian,
'S go hInnis ghluis Fáil táid-san
Go luath lonnardha ag triall;
Níl duine de'n ghráin-ghráscar so
Thuair m'osná le bliadhain
Ná cuirfam chun fáin láithreach
Gan luadh ar chostas ná ar bhiadh.



Sin chugaibh-se táin staíd-bhruinneal
Suairc soilbhir siar,
Is le hiomarca grádh dháibh-sean
Is duairc doilbhir cliar;
Cuiridh-se tráth scáth bheag
Ar fhuacht ortha go fial,
A Mhuircheartaigh bháin, d'fhágas
I gCluain Droichead im' dhiaidh.


L. 183



Mo láin-tsearc thar cách sibh a Bhreathnaigh binn búidh,
Is do tháinig ó'd mháthair de mhaithibh Gaoidheal Fionn,
Ó's áitighthe gráidhtar leat seanachaidheacht iúil,
Ní cás leat bheith páirteach le fear do-ghní siúd.



Ó's áil leat an táin sin do chasadh arís chughat
Ní fuláir dam a bhfagháil duit go hacmuinidheach umhal,
Acht an cáirde ró-gheárr agus faid na slighe annsúd
Agus gráscar na ngárlach so 'om chaitheamh trím' ughaim.



Gach árd-scamall gránda dar stad ar Chrích Lughaidh;
An cárnadh so ar árd-fhuil gach sleachta saoitheamhail',
Ní áirímhim mar táid-sean ar easbhaidh bídh 's búird,
Dá gcrádh agus dá gcáibleadh le fada fí bhúir.



A ráib ghil ná gráidh bheith i n-earraid síor liúm,
Tá an Grásach dá rádh go bhfuil a theacht arís chughainn
Ar árd-chnoc idir tháintibh, is eagal díbh siúd
I lá beortha an bhrátha nach startha is díon dúinn.



Dá bhfágthá iad spás beag mar achúingím sonn,
Go ndéarnainn a mbláth-san do bhreacadh síos chugham,
Níl fáidh fir i gCláir Luirc ná seanachuidhe subhach
Nach breagh cuirfeadh dán duit is aiste trí riún.



Ceangal
A fhir shúgaigh shnuidhte soineanda slachtmhar slíom-ghlan
De chrú na righte dar chuibhe an Bhreatain aoibhinn,
San úir nár chuirtar sinn singil fé leacaibh sínte,
Go ndiúgfam gloine gan mhioscais go blasta i gcuibhreann.


L. 184


Déinidh go súgach a Ghaedheala,
Tá an cabhair ag teacht gan mhoill
Do bhrúidhfidh aicme an Bhéarla,
Is do thabharfaidh saor bhur dtír;
Níl cú na croipidhe gléigeal
Ar fuaid na hÉireann díobh
Nach dlúth a ghearrfadh méirleach
I gcaismirt pléar is claidheamh.



Brughaidh bascaidh réabaidh
Leagaidh séididh síos
Trúp na nOrange mbréana
Do mheas bhur dtraochadh roimhe;
Congnaídh ceart le chéile,
Ná fuigidh éinne dhíobh,
Do shúil go bhfeicfam saor sibh
'Nbhur ndúthchas féin arís.


L. 185


Is iomdhó dragan déid-gheal
Is fear breagh Gaedhealach groidhe
Ó'n tSiúir go sleasaibh Bhéara
'S ar fad cois taobh na Laoi
Ag braith ar Ghalla a thraochadh.
'S iad aicme chlaon an fhill,
'S is gearr go bhfeicfam Éire
Ag Clannaibh Gaedheal gan chíos.



'S cé scíosmhar dealbh tréith me
Gan meas ar scéaltaibh grinn,
Gan tuinnte umam de'n éadach
Acht balcais réabtha chríon,
Níl síobhradh Sag bheadh claon dam
Na raspar bréan san dtír,
Nach mín do chaithfidh géilleadh
Ar dteacht dom' laogh thar tuinn.



A caoinbhean stuamdha mhaordha,
Tar liom féin fé'n gcoill,
Mar a bhfuigheam cnó buidhe agus caora
Agus cantain éan go binn,
Síodaí uaithne daora,
Agus tarraing thréan ar fhíon,
Idir dhaoinibh uaisle ag pléireacht
Ar theacht an scéil chum cínn.


L. 186


Aisling chonnac trem' néal
Im' leabaidh dham aréir
Is me im' aonar im' luighe,
Go raibh gan amhras tóir
Ag teacht im' dheabhaidh san ród,
'S gur thuit an bonn dem' bróig
Le daordhacht na slighe;
Dar liom gur shuidheamair síos
Ar faithche ghluis cois Laoi
I ndaor-chreathaibh bróin,
Ag déanamh iomad cumhad,
Gan éinne ghoilfeadh liúm,
'S gur mhéinn liom bheith ar siubhal
Acht ná feadar cá ngeobhainn.


L. 187


Tig bé bheag mhilis mín
Lem' thaobh ó'n lios aníos,
Ba chéad deise clódh
Na mna na cruinne cé,
'S a mbeith i n-iomaidh léi
Do bheadh a gcruith mar sméar
Ag féachaint a snódh;
A cíp go casta claon
Lag trínseach fada faon
Ar thréan dath an óir,
A rinn-ruisc ramhra réidhe,
A braoi 's a mala chaol,
Is lígh n-a leacain tséimh
Ag géilleadh do'n rós.
lacuna de 3 líne



"A mhaordhach mhilis bhúidh
Na gclaon-rosc glas mar dhrúcht
'S na gcraobh-fholt mar ór,
Léig-se linn a riúin
Do chéim do chine dhlúth,
Déin is innis dúinn
Cár eascair do phór;
An tu Déirdre an chrotha chaoin
d'éaluig seal le Naois
As Éirinn go hóg,
Nó an bhé do ghlac mac Prím
Go séimh isteach n-a luing,
'S ó'n nGréig gur leanadh í
Go saothrach le treóin?"


L. 188


Do fhreagair sí go séimh;
"Ní ceachtar díobh-san mé
Cé léir dam a sórd;
Is me bean tsighe shlachtmhar chaoin
An leasa ghluis úd thíos
N-a bhfuil draguin chuthaigh ghroidhe
Agus taoscadh aca ar bheóir;
Innsim duit-se féin
Le díogras iomad scéal
Badh chéim ar lucht eóil,
Go mbeidh síol na ndanair tréith,
Is Gaoidhil i gceannas tréan
Gan chíos gan srath gan phéinn
Gan daor-smacht go deó".



"Is déarach dealbh sinn
Gan réim gan aiteas púinn
Gan faobhar is gan fonn,
Do shúil le Rígh na bhFeart
Ar thabhairt na gaoithe andeas
Le siubhal na taoide isteach
Go séidfead an chabhair;
A bhé bheag mhilis mhín
Is séimhe gile gnaoi
Ler scaipeadh mo bhrón,
Ó táid na Búir im' dhiaidh,
'S an tóir ag teacht go dian,
Is ná feadar soir seoch siar,
Innis dam cá ngeobhad."


L. 189


Tá áit bheag aerach ait
Le fágháil i nÉirinn Airt,
Is céad gluise fonn
'Na éan-bhall eile chím
Ar an dtaobh so abhfus do thuinn,
A laogh 's a mhic mo chroidhe
'Sé mo léan gan tu ann;
'Se deir lucht léighte stair
Go rug ó Éirinn Barra
I bhféile 's i bhfeabhas;
Bí-se feasta ar siubhal
Mar a mbíonn do charaid dlúth
Gheóbhair díon is fascadh annsúd
Gan buidheachas dod' namhaid.


L. 190


Is atuirseach léanmhar mé le sealad
'S is céasta cathach gan éann-rad aitis,
I mbrón mór, a charaid, it' dheóidh;
A fharaire shéimh bhí béasach blasta
Mear treitheach tapaidh, 's nár staon ó sparainn
Na dtreón-tslógh, 's ba thaca dho'd phór,
Ní bladar ná bréag dam féin a labhairt
Go rabhais rabairneach saor f'n méid do ghlacais
d'en tsaoghal bhocht mheabhail, 's id' chéile ghaisce
Ar éan-tsórt airm le héinne sheasaimh
I mbróig nóidh dá bhfeacadh-sa fós.



Is cathach liom féin do scaodh bocht leanbh
Bheith faon ar scaipeadh, go déarach dealbh,
Gan ró-chóir id' easbhaid-sa a stóir,
'S a maireann dá ngaolta cléibh fé mhairg
Ag déanamh leanna gach lae san mbaile
Gan seól spóirt ó scarais-se leó;
Aitchim ar Éan-mhac Dé na bhFlaitheas
Go n-amharcad féin gan réim na Galla
Go héigneach easbathach créachtach greadathe
Traochta treascartha tréith gan mheabhair
Fé bhrón-smóil gan tapaidh gan treóir.


L. 191


Tá mo shúil-se le Récs na Naomh go gcasfaidh
Mo laogh chun baile gan béim gan bascadh
Le cóir ghleóidh go Banba fós,
Go mbeidh Búir bhuirb-bhéarla faon gan seasamh
Gan réiteach ceasna, gan béile beathadh,
Acht ar lón d'reóil ag grafadh 's ag rómhar;
Sin congnamh ag téacht chughainn féin tar caise,
'S beidh cúiteamh 'nár gcréachta geara againn;
Gach séimh-fhear slachtmhar de'n Gaedheal-fhuil cheannais
Is tréan é a ngradam i nÉirinn feasta,
'S an tÓrd beó ag spreagadh ao'n chóip.


L. 192


Gluaisídh a Chlanna Gaedheal,
Ná stuanaídh go teacht an lae;
Múchaidh millidh brisidh reábaidh
Dúnta 's tighthe chine an Bhéarla,
An daor-bhruscar d'reóil
Ler traochadh bhur bpór;
'S mo náire shaoghail-se sibh-se
Atá de phréimh-shliocht righthe,
Má ghéilleann sibh dhóibh.



Mo léan-bhruid lem' ló
An Gaedheal-fhuil fé cheó,
An sluagh aoibhinn aerach
Go fuarlaoídeach faon lag
Gan éadach gan lón
Gan éan-rud i gcóir;
'S mar táid na Búir go seascair
Sámh-ghlan subhach 'nár mBailtibh,
'Sé do chéas me thar fóir.


L. 193


Éistídh go fóill,
'S ná héirigheadh bhur nglór,
Táid raspars nimhe iomad taobh libh
'S ná cloiseadh duine ar bith uaibh éan rud,
Do scéithfeadh bhur sceól,
Bídh gléasta n-a gcómhair;
'S tá trúip chomh tréan le tuile
Chughaibh ag téacht tar uisce
Do réidhfidh bhur mbrón.



Céad buidhe le Mac na hÓighe
An méid seo dhínn bheith beó,
Dearbhuighe anois dá chéile,
Gan stad gan filleadh ó iomad géar-bheart
Ná staonadh san ngleó,
Go réidhfam gach ród,
'S go gcuirfam Búir chun reatha
Ag caoidh 's ag liugha go fairsing
As Éirinn go deó.


L. 194


Aitchim tráth ar Cheárd na bFlaitheas
'S ar Mhac ghil Mháire an bhláth-fhuilt chasta,
Bascadh 's beárna ar námhaid mo charad
'S go gcasfaidh slán Mac Sheagháin Mhic Pheadair.



Fear feasach fáith-ghlic fáilteach fairsing
Cneasta cráibhtheach deághthach daingean
Gartha grádhmhar sásta slachtmhar;
'S go dtagaidh slán mac Sheagháin Mhic Pheadair.


L. 195


Ag taisteal seal im' aonar
Le sleasaibh réidhe na Laoi
'S me ag machtnamh cleas an tsaogail
'S an mheath so ar phréimh-shliocht Ghaoidheal,
Bhí cantain cas ag éanlaith,
An breac 's an t-éigne ar linn,
An bheach ag stad go céireach
Ar bharra shéimh gach luibhe.



Do stadas seal á bhféachaint
Le taithneamh d'aer an Fhuinn
Gur ghabhas tathamh taomhach
Is aisling éachtach tríd,
'Nar dhearcas ainnir bhéasach
Ag teacht am ghaor san tslighe
Do rug barra maise ó Hélen
Trér lasadh tréan na Traoi.
. . . . . . . . . . . . . . .
. . . . . . . . . . . . . . .
Ba bhlasta beacht a béal tais,
Ba shlachtmhar séismhar binn;
Ba chailce deas a déide,
Agus lasair chaor n-a gnaoi;
Bhí a mama gearra caomha
I meas do'n géis ar linn,
Do chuir scamall fada is éiclips
'N-a stad ar ghréin an laoi.
. . . . . . . . . . . . . . . .


L. 196


Fachtaim dearbh-scéalta
De bhean na gcraobh-fholt mbuidhe,
A hainm ceart do léigheadh dhamh
Cá treabh dh'en tsaoghal n-a mbíodh;
Ar b'í an ainnir ghasta séimh í
Do lean Mac Néill tar tuinn,
Nó an mhaiseach ghartha Déirdre
Thug searc a cléibh do Naois.



Do fhreagair dam an spéir-bhean:
"Ní neach de'n méid sin sinn,
Acht bean bhocht caithte chéasta
Ná maireann éinne 'á buidhin;
Bhíos tamall fada im' chéile
Ag Mac maith Gréine an ghrinn,
Is do ghabhas seal n-a dhéidh san
Ag Clanna Ghaedhil ghluis ghroidhe.



Mar sin dam gach téarma
Gur baineadh Gaedhil dá gcraoibh,
Gur scaradar le chéile
Go meathta maol mar chír;
Gur ghabhsat Danair dhaora
Ceannas caomh ár gcríoch,
Aithigh ghearra chlaona
Do ghread gach taobh d-ár gcroidhe.



Is mar chreach soin maicne Éibhir
Clanna Néill is Ír,
Geallaid teacht i n-éinfheacht
'S na bathlaigh bhréana chlaoidhe;
Acht níor ghabhadar le chéile
Cé cailleadh céadtha dhíobh,
Is de dheascaibh meath dá laochra
Gur scarais féin led' Stíl.


L. 197


Fear mear aibidh éadtrom
Bhí tapa tréan i mbruighin,
Nár chleacht bheith leamh ná bréagach
Cas ná claon dar linn,
Gur ghreadsat aicme an Bhéarla
Amach i gcéin tar tuinn
Gan teacht tar n-ais go héag do,
Sin beart do réab mo chroidhe."



Is ar gclos na searbh-scéal som
Do ghlacas léan is biodhg,
'S ar machtnamh cheart a thréithe
A mhaith a mhéinn 's a ghníomh,
Níor chan me ar feadh an lae sin
Acht screadach éigheamh is caoidh
Fém' shearc-sa d'fhearaibh Éireann
Bheith scartha réidh liom síor.



Ar Cheárd na bhFlaitehas naomhtha
'S an Mac fuair péinn 'nár dtaoibh,
Go raibh námhaid mo charad cléibh-se
Lag marbh traochta tím;
'S mac Sheaghain mhic Pheadair ghléigil
An fear dá nglaodhtar Stíl
Do theacht slán tar nais go hÉirinn
Gan bascadh béim ná díth.


L. 198


Mo bhrón, mo mhairg, mo scallad, mo scíos diacrach,
Na hóig nár mheatha, ba fearamhail fíor-niata,
Ler hóbradh Banba tharraing a daoir-phiantaibh,
Bheith leóinte marbh gan cara gan caoin-chliaraibh.



Is dóigh nár ghasta dho'n ghasraidh ghníomh-ghliadhach
A sceóil do scaipeadh idir Dhanair go baoith-chialldha,
A gcomhairle ghlacadh ná a ngairm 'n-a gcaoin-chliathaibh,
Acht Seóin do leagadh 's gach madradh mí-riaghalta.


L. 199


Le hais na Sionnan séadaighe
Indé dham um nóin,
'S me ag machtnamh slighthe saobha
An tsaoghail dhona dh'reóil,
Mar mheathsat fine Ghaedhil ghluis
Gan neach in' inead féin díobh
'S a mbailte puirt ag daor-scur
An Bhéarla, mo bhrón.



Is atuirseach an scéal é
'S is déarach dar ndóth,
An tseana-mhioscais chlaon so
Idir Ghaedhealaibh gach ló,
Gan ceangal cumainn cléibhe
Ná caradas a dhéanamh
Acht ag slad 's ag milleadh a chéile
Gan géilleadh dho'n chóir.



Gach margadh agus aonach
'N-a dtéidhid le n-a ngnó,
Nuair a thagaid chun a chéile
'Sé is céird anois dóibh
Gearradh briseadh pléascadh
Agus acharann do dhéanamh,
Agus fanatics an Bhéarla
Fé'n scéal soin go sóghach.



Cleachtaid sin gan séanadh
Craos agus ól,
Barbaracht is bréaga
Agus éigean ban óg,
Tabhairt mionna i n-éitheach
'San taifreann do thréigean,
Is stad san bpeacadh bréan so
'Seadh léir-bhris ár slóigh.


L. 200


Ar machtnamh ceart na scéal soin
Do mhéaduigh mo bhrón,
'S do ghlacas tathamh néalas
Fé ghéar-shlait Morpóis;
Go bhfeacadh im' aisling caol-bharc
Go leabhar chrannach teádach
Ag teacht go beannach éadtrom
I raon mara ar seól.



Bhí ainnir ghartha ghléigeal
'N-a haonar ar bórd,
Ba shlachtmhar searcach séimh-ghlan
Mar hélén i gclódh;
Do phreab amach go héascaidh
Ar talamh tarthach taobh-ghlas,
'S do cheangail Barc na nglé-bhrat
'N-a déidh mar badh chóir.



Do bh'fhada crathac slaodach
A craobh-fholt mar ór;
A mala gearra caol-cheart
Ar a héadan gan smól;
A dearca meara maordha
mar sheamair glais na Féithe;
'S ba chailce suidhte a déide
N-a saor-ghob gan móid.



Is fachtaim dearbhscéala
d'on bhéith mhilis mhódhmhail:
Cad as ar las an spéir-choinneal im chomhair;
"An tu a scar gan cheart led' chéile,
Is do leanadar na Gréagaigh,
'S ar faithche ghlais na Trae thoir
Gur traochadar treóin?


L. 201


An feas gur sibh-se Déirdre
Do éaluigh go hóg
Le seabhac suilt na mbéimeann
Cé traochadh san tóir;
Nó an ainnir mhilis Éithne
Do bradadh soir a hÉirinn,
Is d'fhág a gile chéile
I mBinn Éadair n-a deóidh?"



Is do fhreagair dom an spéir-bhean
Deas bhéal-mhiochair mhódhmhail:
"Ní neach de'n iomad bé sin
Do réamhais me id sceól;
Is me bean is buime Shéarlais
Ag teacht anois le scéala
Gur gearr go mbrisfam géibhinn
Na nGaedheal mbocht gan ghó."



"Is bean ar mire i gcéill tu
'S níl éifeacht id' ghlór;
Ní meastar liom go saorfar
An tréad soin go deó;
Táid scartha briste ó chéile
Gan searc ná eagla Dé ortha,
Is beidh mar sin go n-éagaid
Fé ghéar-smacht na Sión".


L. 202


Tig fuacht i ngaoith gheimhridh is caise trí ghleann;
Tig cuach ar craoibh, faoileann ar fairrgí tonn;
Tig suan ar mhnaoi oidhche ar leabaidh Ríogh Frannc;
'S monuar ná tigheann díbirt an mhacraidhe Gall.



Tig cnuas ar choill, fhír-mhil ag beacha fí chrann;
Tig ualach tuighe líonta dh'on bhaile a mbím ann;
Tig gruaim ar ghnaoi daoithe ná hadamuigheann greann;
'S mo thruagh ná tigheann dío-chur ar aicme an fhill teann.



Tig muar-chuid Fraoigh trí chnoc na ngarbh-líog ramhar;
Tig buachaill groidhe timcheall go ceanna-bhaoith fann;
Tig gual i luing taoibh liom thar fairrgí anall;
'S mo bhuaidhirt ná tigheann Saoirse do Chlanna Gaoidheal donn.



A Uain ghil mhín Mhuire is a Araid-rígh an Domhain,
Dár mbuaint a cuing daoirse go ndeachais fí'n gcrann,
Ruaig-se síol coimhidhtheach na Sasanníoch gcam
Uainn tar tuinn, 's coidhche ná casaidís ann.


L. 203


Tagraim libh, a Chlann Éibhir,
Leath bhur lúith nach láin-léir libh;
Méala dhíbh tar aoin eile
Ag dul d'éag do'n Ghaoidheilge.



Féachaidh a shliocht Chormaic Chais,
nach doiligh mar bhíom 'n-a n-éagmais!
Ar scríobhadh ar Bhrian Bhanba
Dul uainn fá bhrón scamalda.



Féachaidh chugaibh a shliocht Ír,
d'imthigh uile ar neimh-bhrígh,
ar scríobhadh ar Chú Chuailgne,
cé dhíbh leis nach lán-truaighe!



Féachaidh féin a shliocht Íthe,
ua is préamh na sean-righthe,
aimrid an crann sin Mhic Con
Mairg do-ghní dhóibh duthrocht!



Caidhe síol Éireamhóin mhóir,
Do thréigsat iath is onóir;
ná fuil laoi ná luadh ar ghoil
I ninnis aoibhinn Iúgoin.



C'áit ar ghaibh Niall mac Eachach
ná tig go tric tréin-chreachach,
iar bhfagháil géill an taoibh thall
chugainn d'ionnarbadh eachtrann.


L. 204


Nó Dáití mac Fiacha féin
go raibh Banba dá dheigh-réir,
ná tig do chosnamh chóra
chlainn dhílis na Sean- Fódla.



Féachaidh, d'imthigheadar uile
a dhearbhráithre ionmhuine,
Is mun' ndéanfam calmacht 'nois
níor fhan a luath 'n-a láthoir.



ní'l oc le habairt gluin-eóil,
ná seancuidhe suairc saoir-chineóil
noch badh chliste cib ar peann,
re fagháil i n-iathaibh Éireann.



Dá bhrígh sin, féachaimís féin
cionnus chuirfam i ndeigh-chéill
An méid 'tá dár dteangain dil
'nois le fagháil i nÉirinn.



Deanam, mar adubhairt O Dála'
ó's é ba tharbh teangmhála,
Bain an fáith is cneasta as;
"gnáthamh na hoibre an t-eolas."



Gach suairc-fhear slachtmhar seólta
gá bhfuil puinn dár sean-scéalta,
má tá gur gábhadh a ngraphadh,
tugadh iad dá n-ath-ghraphadh.


L. 205


Gach breallsún bréan gan mheabhair
gá bhfuil puinn dár sean-leabhair,
'S ná tiubhradh le scríobh' iad-san,
diorma deamhan dá nghéar-ghoin.



Amhail reacach criun faoi oí ?
Mar sin damh-sa gan ró-dhoi, ?
Ag dul lem choigne fá seach
Dá n-oidheadh 'gus dá n-oirleach.



Ní bheadh bhur dteanga fuar fann,
n'n aois ealadhan comh-ghann,
Dá mbeadh sibh uile chun dáin
mar Micheál Óg Ó Longáin.


L. 206


Atáid usisle Banban an anfadh an tsaéthair
Ag iaruigh na seannuide do thabhairt go h-Éirinn
Acht as iad siannsa na Breataine go lasfuid na spéartha
Nách fiadfuid a chasa agus ná sgarfuid siad féin leis.
Is ólaimis ár ccrúisgín lán.



As é deir ciarspruit chealgach Chailbhin an éithig
Go mbiadhmna faid mhairfeam faoi ghlasaibh gan réidhteach
As as iat briathra a ccarad do Chaitlicibh Éireann
No go mbiaidh an tiarann dearg nach bhfuil maitheas bheith
dá phléasgadh.
Is ólaimís etc.



Atá fiadh beag beannach ag tarrang tar tréanmhar
Is rianfuidh spáruinn anns na fearuinnsi Éibhir
Beidh gach spriata Sagsanuig a sgreaduig 'sa bpéicig
Ag iaraidh a nglacuighthe chuim an aifrinn déisteacht.
Is ólaimís etc.



An tiarmhar so mhairionn do chlannaibh Miléisius
Och! Dia le na n-anam tá Banba réidh leó
Iad féin bheith ag fealladh is gan seasamh dá chéile
Bheir iasacht a bhfearann ag feanatics an Bhéarla.
Is ólaimís an etc.



Uch! diachair fhada oruibh staduigh anois féinig
Iaghuidhe bhúr nglaca agus ceangaluigh le chéile
Bídh diagha carthannach is na hathannta ná raobaidh
Is ní fhiadfuid na Sagsanuig búr ccreacha cnuic do dhéanamh.
Cúrfá


L. 207


Iaruim feasta oruibh os nách meathach bhúr ttréine
Atáid na bliaghanta san mbaile agus do chaitheamar a ttéarma
An tighearna dfhuiling peannuid ghuirt air gharbhchrois dar saoradh
As é fhiadfaidh bhur nglasta agus bhur ndeacra raoba.
Is annsin ólfaimíd an crúisgín lán.



Ar thuath Dhúin Builg iar ndruidim le féil Bríghde
Gan chruaich gan chuigionn go sinnil a ccéim daoirse
Air uan geal Mhuire an fhuirionnso chéas Gaoídhil bhoicht
A ruaga uile gan fille tar tréan taoide.


L. 208


Is mithid dam fáinig éirighe feasta
Is dul dot' fhéachaint-se a laogh na gcarad,
Dá fhios ar éagais
Nó an maireann tú ar éan-chor,
Ar ndalladh do chlaon-ruisc caoch gan amharc.



Cé'r bh'fhada do léim i gcéin tar caise
'S gan charaid gan ghaol it' ghaor ná it' aice,
Níor bh'eagal duit éagadh
Bascadh ná baogal
Guir chasais go hÉirinn claon abhaile.



Greadadh agus léan ar an méirdrigh mhagaidh,
Seana-bhean aosta bhréagach mhearbhail,
Cé'r bhfhada fear Gaedhealach
Aici mar chéile,
Do sheachain sí é 's ní séimh an mhalairt.



'S mar bharra ar gach scéal guirt éigneach cathach
Gach fainitic bréan go séanmhar seascair,
Is clanna ban Gaedheal
'N-a mbíodh fairsinge 's féile
Go dealbh gan éan-rad spré ná eallaigh.



Tá gasra laoch mear éadtrom tapa
Ag taisteal i gcéin go gléasta i n-airm;
Beidh na Danair seo traochta
Cartuighthe as Éirinn,
Is clanna na nGaedheal go saor n-a mbailte.


L. 209


Ní Sasannach claon ná sméirle magaidh
Fé ndneara thu caochadh a shéimh-fhir gasta,
Acht fearg Mhic Dé
Fén bpeacadh do dhéanamh
Is mearathal baoth na mbraon soin bhlaisis.



Mo theagasc duit féin a shéimh-fhir chneasta,
Paidir is cré id bhéal bíodh agat,
Na haitheanta naomhtha
Feasta ná reáb,
Is Aifreann Dé ná tréig fad mhairfir.



Is díth liom na Gaoidhil seo bheith tláth lag fann
'S gan dilseacht i ndís aca bádh ná beann,
Sír-bhriseadh síthe agus crádh na gceall
Do bheir críocha a sinsear ar láimh na nGall.



Na rígh-fhir do shíolruigh ón Spáinn anall,
Do dhó-chuir Mac Coill is a cháirde gann,
Ghaibh saoirse san tír seo de bhárr a lann,
'S do bhí fírinneach muinnteartha lán de ghreann.



A Rígh ghil na righthe fuair bás ar chrann,
Ó chír-se Sliocht Mhíleadh mar atáid gan teann,
Scaoil-se an tsnaidhm seo agus dáil dóibh cabhair
Agus díbir na Gaill seo tar sáile anonn.


L. 210


Gura fada buan bheas Domhnall
I ngradam mór 's i gcomhachtaibh,
An seabhac suairc
Nar chleacht bheith gruamdha
Cas ná cruaidh lem' shórt-sa;
Gas de mhuar-tsliocht Eóghain
Crannach cuardach cóisreach,
Searcach suaimhneach
Rathmhar ruagach
Tapaidh tuarthach treórach,
Aibidh uasal
Blasta buacach
Cneasta cuachach ceólmhar,
Deabhthach dualach
Frasach fuadrach
Gartha gruadh-ghlan gleóidhte;
Fear dar dhual an chródhacht
I gcathaibh cruadha nár leóntar,
'S a namhaid buailte
Amach gan luadhail,
Sin bail is buadh gach gleó leis.



An fear so mhaoidhim im' bhéarsa
Is gasta scaoileann géibhinn
Na banna bhíonn
I nglasaidh righne
Is Lear ar tí a ndaortha;
Gura fada fíor
Chun aicme an fhill do thraochadh,
I mbeartaibh dlighe
'S i gcathaibh claidheamh
'S i spairinnibh dá ghéire;
Gas de ríogh-fhuil
Clanna Míleadh,
Dalta dílis d' Éirinn,
'S a theacht de'n líne
Leabhair mhín sin
Airt is Ír is Eibhir;
Aitchim Rí na gréine,
'S nar bhainidh díth ná léan do,
Go ngabhaidh críocha
Cearta a shinsear
Ó'n gcaladh thíos go Claonghluis.


L. 211


Díbh-se a Dhómhnaill dáileach
Rí na glóire an t-ál sin,
Groidhe-fhir chródha
Líomhtha leoghanta
Is fíor nach dóith dá námhaid;
'S cé scíosmhar leó mar tá sibh
Gach oidhche is ló gan áireamh
Ag innsint sceól
Ar chríochaidh Fódla
Ag maoidheamh a bróin 's a gábhtair,
Táid Gaoidhil i ndóthchas láidir
Go scaoilfar fós an phráinn sin,
'S gan aoin-chead dóibh
Go bhfuighid ár dtreóin-ne
Cubhreann comhar is cáirdeas;
Go mbeidh Tadhg is Eoghan is Pádraig
'N-a suidhe ag an mbórd gan spleádhchas
Go greadhnach seólta
Feidhm-ghlan fórsach
Ag aighneas leó go láidir.


L. 212


A theachtaire shéimh-se theid san nduthaigh atá
Beannacht is céad léigim dlúth chun Dáith;
Abair leis scéala léigean chughainn i dtráith,
An scaipfar de Ghaedhealaibh daor-smacht Búr go bráth?


L. 213


Cois Faoinseann do ghabhas go hatuirseach léanmhar
Ag smaoineamh mar creachadh na Gaedhil go tláth,
'S me im shuidhe go cathach, fém' leacain mo réidh-ghlac,
Ag síor-chur frasa go féar an bháin,
'Seadh shín lem' thaobh an spéir-bhean mhascallach
Mhín-tais mhaordha ghné-gheal gheanamhail,
A píp mar aol 's a scéimh ba ghreannamhar
Ler claoidheadh gan acmhuin me faon-lag támhach.



A dlaoi-fholt daithte go craipinneach péarlach
Ag tigheacht n-a mBeartaibh tiugha léi go sáil;
A rinn-rosc aibidh, a mama 's a caol-troigh,
A braoithe cailce 's a déid gan cháim;
A mín-chrobh aolta is néata thairrngeadh
Cuimheascar tréan na Saesar gceannasach
Crainn is éanlaith faol-choin seanga-phuic
Caoin gan easbha ar bith séanmhar sámh.



Le díogras daingean do'n ainnir do léimeas
Im shuidhe go seasamhach éadtrom árd,
Is íseal gasta do'n talamh do léigeas
Díom mo hata go séimh do'n bháb;
Is fíor-ghlic éascaidh i gcéill gan mearathall
d'fhiafruigheas féin dé'n bheith a hainm ceart:
"An tu 'n ríoghain Déirdre mhaordha mheanamnach
Thug Naois na n-arm nglan faon ar lár?



An fíor gur leat-sa do cailleadh na céadtha
Ar binn an mhachaire faon lag támhach,
Ler claoidheadh i dtreasaibh an seabhac ba thréine
I gcuimheascar daingean le Caol na gceárd?
Nó an ríogain Céarnait mhaordha mhuirearach,
Chuir cruinn le céill ar ghéar-tsruith muileann ceart,
Nó an bhrighdeach shéimh chuir tréith Cuchullainn seal
Nó an fhaoileann chailce chuir Gaedhil go tláth?



An fíor gur tusa an bhruinneal deas Hélen
Ler claoidheadh na dragain ba thréine lámh?
Nó an ríogain chailce dar bh'ainm di Médea
Chuir flíos ó Chalcos do'n Ghréig ar láimh?
Nó Dido shéimh-ghlan bhéasach shultmhar ghlic,
Nó Diana dhéid-gheal mhaordha shoineanda
Nó an bhrighdeach Bhénus céile Ainchises
Nó Délia chneasta thug laoch n-a láimh?"


L. 214


Is cruinn do fhreagair i dteangain deas Gaedhilge
"Ní díobh me is dearbh cé tréith atáim;
Is tím me greadathe ag graithin an Bhéarla
An bhuidhean so tharraing gach daor-cheas smáil;
Is me buime chaoin mhaordha Shéarluis chalma
An seabhac groidhe séanmhar ba thréan i gcleasa goil,
An righ-fhlaith éachtach caomh ceart curanta
Tá ag tigheacht go ceannasach faobhrach slán.



Beidh Gaoidhil gan easbha a mbailte 's a n-aol-bhrogh
Is fíon dá chaitheamh ar Éigse Fáil;
Is binn bheidh canamhain sagart is cléireach
Ag guidhe na n-aingeal go séanmhar sámh;
Is fíor-ghlic aoibhinn cruinn gan eagla
Ag tigheacht go fíochmhar líonmhar lannamhar
Buidhean ghlan chlí-gheal chaoin cheart acmhuineach
Ag síor-chur Sasannach faon ar lár."


L. 215


A Thaidhg a chroidhe na páirte,
Gaibh an chláirseach dhúinne
Agus seinn go binn le gáirdeas
Greas ar bhás an diúic seo;
Beidh meidhir go deimhin ar Phádraig
Fé chloistint tásc an phrionnsa,
Agus adhanfar teinte cnámha
I nInnis Fáil go súgach.



Céad buidhe le Rígh na nGrás ngeal,
Mar is fíor gurab árd é a chongnamh
Chun cladhairí fill do thnáthadh
Gan suim ná tábhacht ar gcúlaibh,
'S a gcur thar Styx le Cáron
Go gcroithfid lámh le Plúto,
Gan teacht thar n-ais go bráth dhóibh
Ná neach de'n cháil sin chughainne.



Tá an tAráiste go claoidhte
Ní'l brigh ná maith go bráth ann,
Ó thuit an chraobh do b'aoirde air
Do chríon ar fad a bhláth-san;
Thug sé an leabhar ar binnse,
Agus míle pearsa láithreach,
Ná tabharfad ceart ná cuibhreann
Do'n bhuidhin seo lean an pápa.



Guidhmís uile i n-éinfheacht
Rí na naomh 's a mháthair,
Dár ndíon ó thuilleadh baogail
'S ó chlis an tsaogail smáil seo,
Do scaoileadh glas is géibheann
Na hÉireann so 's a cáirde,
'S gach nduine do bheadh claon dóibh
Do chur gan saoghal gan sláinte.


L. 216


Táid slóighte ag teacht tar doimhin-tuinn
is taidhbhsighe 's is trúpach táin,
Treóin nach meathta i bhfeidhm chlaidhimh
Chun claidhrí agus búir do chrádh;
Is ceólmhar glan do seinnfidhear
An adharc linn ar chiumhais gach trágha
Ar seóladh isteach do Roidhrí
Chun Meidhbhín Ní Shúilleabháin.



Is óigbhean chneasta dheagh-chroidheach
Seadh Meidhbhín Ní Shúilleabháin,
Go bhfuil a hór-fholt cas n-a threillsíbh
Ag teidheacht síos go cum n-a deáidh;
A beól tais blasta is beinn fuighe,
'S a saidhbhir-bhraoi ar a húr-dhearc sámh,
Is rós le sneachtadh ag éirighe
'N-a greadhn-ghnaoi go lonnrach lán.



Flós na bhfear le deagh-ghníomh
Ba dheagh-ríghthe ar úr-mháigh Fáil,
d'fhuil Eoghain is Airt is deagh- Chuinn
'S gach feadhn díobh do shiubhail ó'n Spáinn;
Ní phósfadh fear acht Roidhrí,
A graidhn croidhe 's a rún tar cách;
Is ní dóigh go nglacfadh Roidhrí
Acht Meidhbhín Ní Shúilleabháin.



Badh spórtmhar seascair saidhbhir sinn,
'S níor thinn linn na búir ar lár
Le gleó agus caismirt fághairt chlaidhimh
Dá ndeimhin-díbirt siúd tar sáil;
Beidh ceól dá spreagadh ar bheidhlín
Is geil-fhíon dá dhiúgadh ar clár,
Is go deó fad mhairfidh Roidhrí
Beidh Meidhbhín go súgach sámh.



Is brónach liom feasta Meidhbhín
Gan Roidhrí do thabhairt n-a dáil
Ag Seóin go lag gan éirighe,
N-a leadhb sínte fútha ar lár;
Tá Domhnall geal 's a dheagh-bhuidhean
I bhfeidhil críche is cúil do chách,
'S is dóigh go scarfa an ghrinn-bhrighid
Le greim duighe na mbúr dhom chrádh.


L. 217


Táid triatha Bhanba i n-anfhaithe an tsaothair
Ag iarraidh na Seanaide thabhairt go hÉirinn,
Acht siad Briathra na Breatan go lasfaidh na spéartha
Ná fiadfaid a chasadh 's ná scarfaid siad féin leis,
Is ólfaimíd an crúiscín, etc.



'Sé deir ciar-spruit Chailbhin mhalluighthe an éithigh,
Go mbeam-na faid mhairfam fí ghlasaibh gan réidhteach;
'Siad siansa a gcarad do chaitlicighe Éireann -
Go mbeidh an t-iarann dearg ná fuil maitheas a phléascadh
Is ólfaimíd, etc.



Tá fiadh beag beannach ag taisteal tar tréan-mhuir,
Is srianfaidh sin spairinn 'sna fearainn seo Eibhir;
Beidh gach spriata Sasannaigh ag screadaigh 's ag béicidh
Ag iarraidh a ghlactha chun an Aifrinn d'éisteacht.
Is ólfaimíd, etc.



An t-iarmhar so mhaireann de Chlanna Mhilésius,
Uch Dia le n-a n-anam, tá Banba réidh leó;
Iad féin beith ag fealladh 's gan seasamh dá chéile
Bheir iasacht a bhfearann ag gramaisc an Bhéarla.
Is ólfaimíd, etc.



Diachair fhada oraibh, stadaidh anois féinídh;
Iadhaidh bhur nglaca agus ceanglaidh le chéile;
Bídh riaghalta carthannach, 's na haitheanta ná réabaidh,
'S ní fhiadfaidh na Sasannaigh bhur gcreachadh chnuic a dhéanamh.
Is ólfaimíd, etc.



Iarraim feasta oraibh 's ná meathadh bhur dtréine,
Táid na bliadhanta 'san mbaile 's do chaitheadar a dtéarma;
An Tighearna d'fhuiling peannaid ghuirt ar gharbh-chrois d'bhur saoradh
Is é fhiadfaidh bhur nglasa 's bhur ndeacra réabadh.
Is ólfaimíd, etc.


L. 218


Tá bé mhiochair mhaiseach shéimh shultmhar chneasta
Léir-chuir i ngalar dubhac me,
'S le géir-iomad taithnimh cléibh dhi gur mheathas
Faon lag ar easbaidh shubhchais;
A craobh-folt is cas, a claon-roscaibh glasa
Gléinneacha ar dhath an drúchta,
A caol-mhiona-mhala saor-shuidhte i gceart
A héadain is gartha gnúis-gheal.
A béal milis meala craorac is blasta
Béasach mar mheasaid ughdair;
A déid chirt is cailce néata do ceapadh
d'aon-toil go daingean dlúth deas;
I n-éanfheacht n-a leacain mhaordha go lastar
Caora le sneachta ag súgradh;
's a caomh-ghiorra-mhama ghléigeal tug masla
'Ghéise ar na sreabha Siúire.



Is caomh snuidhte a pearsa is néata ar an dtalamh
Daonda 's is fearra cúmhtha;
Is naomhathe a seasamh a féachaint 's a meas,
A caol-troigh is tana túirling;
A haol-crobh is leabhair léir-chuireas scata
Faol-chon go deas ar úr-bhruit,
Éanlaith ar chrannaibh, éisc ar na heasaibh,
Réalta agus ranna rúnda.


L. 219


Do bhéarfainn di bailte réim agus rachmas
Saoghalta go fairsing flúirseach,
Glaodhach agus gradam, céim agus ceannas
Éireann da mb'acmhuin dúinne;
Do bhréagfainn mo shearc go haerach chun baile
Néata go seascair súgach;
N-a dhéidh sin is blasta léighfinn di startha
Gaedhilge ar a sean-dhúthchas.



Do ghéilleas di searc i n-éinfheacht go feas,
Do chlaochluigh i gcreathaibh cumhadh me
Dá meinn is dá meas dá scéimh is dá creat
Dá tréithe 's dá phearsain cúmhtha;
I mbéasa 's i mblas ní léir dam go bhfeaca
Bé do rug barra clú uirthi;
Sí Mary bheag dheas Ní Néill ghil do chanaim
Féinig im' starthaibh chúichi.


L. 220


'S is dubhach le seal fé smúid me im' spreas
Gan súgradh gean ná gáire,
Dom' thúrnadh i gcreathaibh cumhadh gan phreab
Gan siubhal gan seadh gan sláinte;
Tá lionndubh creatha im' chom 's im' chreat
'S mo ghnúis ar fad ag bánadh
Le rúin-searc daingean dlúth mear d'ainnir
Chiúin darab ainm Máire.



'S dar liúm ní haithreach dhúinne gean
Do thabhairt dod' chreat a ghrádh ghil
Dod' chúl is cas, dod' shúil is glas,
Dod' ghnúis is greanta gáire,
Dod' chom is cailce ciumhais mar eala
Ar srúillibh sreabh ag snámha,
'S cé dubhach me im spreas bheinn lúthmhar tapa
Liúm dá dtagadh Máire.



A bhúidh-bhean tais dar dhúblas taithneamh
Rúin is greadadh grádh duit,
Ná fúig me i ngalar dubhach i bhfad
Acht tabhair is glac mo lámh dheas,
'S nach rúcach leamh ná scrúille scraiste
Dúr gan mhaith me a ghrádh dhil,
Acht buachaill tapa lúthmhar mear
Do scrúdfadh startha ar phár dhuit.


L. 221


Téanam liúm a spéir-bhean búidh,
Tá an cogadh so ag téacht san saoghal ar gcúl;
'S gach séimh-fhear subhach de'n Ghaodhal-fhuil úir
Beidh socair fé réim 's an léan ar bhúir.



A chúilfhionn tsóghmhail druid liúm go fóill,
Leig liom-sa do rún is tabhair dham póg;
'S cé cumhang sin fós gan congnamh stóir,
Nuair bheam-na go subhach beidh Blute fé bhrón.
Sin treóin ag tigheacht le seól tar tuinn
Is cuirfid sin gheóc ar chóip an fhill,
Beidh ól an fhíon ag fóirne Gaoidheal
Is fuireann na póite ag rómhar san ndíg.



Éaluig liúm, a spéir-bhean ciúin,
Fé dhuille na gcraobh-ghlas ngéagach n-úr;
Éist a riúin, go réidh, dar liúm
Cluinid na héin duine éigin chughainn.



Fuaim na long is cuaird na dtrúp
Atá ag druidim le bruach na gcuan so chughainn,
Is cruaidh dar liúm don chuainne chlúmhach
Ler cuireadh mo ghruadh fé ghruaim gan cúis.



A spéir-bhean mhín na gcraobhfholt mbuidhe,
Ní heagal duit féinig éinne dhíobh;
Téanaimís araon do'n choill
Mar a bhfagham cnó agus caora is céirseach binn.


L. 222


Ní raghad-sa leat fé'n gcoill isteach,
Do gheobhadh mo mhuinntir sinn amach;
Is deimhin nár mhaith leó m'fheidhm le fear
Gan chró gan saidhbhreas baill ná ba.



A shéimhfhir bhinn, má's méinn leat sin
Bheith muirinneach buidheach ar éan-chor dhíot,
Ná héilimh sinn go héag arís,
Tá an fhuireann so claon 's cad déarfaidís.



A rígh-bhean óg ler claoidheadh mo thréoir,
Ná cuiridh-se choidhche suim n-a sórd;
'S cad é sin dóibh, a bhuidhean 's a stóir,
Dá mbaininn-se dhíoth na mílte póg.



Nár mheasa liom féin 'n-a dhéidh sin tú
Ná le duine san tsaoghal a laogh 's a riún,
Och, léigidh dhúinn a shéimh-fhir bhúidh
Ná cluineadh mo ghaolta ar éan-chor thú.



Mhuise 'neósad féin duit scéal a riún,
'S is tairbhe saoghail duit éisteacht líum;
Nós an tsaoghail bhocht bhréagaigh úd
Is meón liom féin do léigean chugat.



Is minic, dá dtéidheadh dhod' fhéachaint fear
Ar chaol-each ghléasta éadtrom mhear,
Go mbrisfadh sé gan bhréag led' dhaid
Ar bhonn gan spré nó i dtaobh na gcearc.



Is fada liúm go bhfeacadh thú,
A ainnir mhúinte mhaordha,
Is caise cúl 's is glaise súil
'S is gile gnúis 'ná Hélen;



Tá galar dubhach dom' leanamhaint dlúth
Ná scarann liúm ar éan-chor,
'S mara dtagaidh tú go tapaidh liúm
Ní fada dhod' chumhadh go n-éagfad.


L. 223


Is buachaill singil sár-ghlan
Súgach sásta sínn
Do bhuailfeadh buille i mbeárnain
is chumfadh dánta grinn
A stuaire mhilis mhnámhail
Is búidh 's is breághtha gnaoi
Gluaiseacht líum dá mb'áil liot
Bhí an lúb so láithreach linn.



Do chuala duine ag trácht ort
Nár shubhach do cháil sa tír
'S gur fuadrach sibh sa tábhairne
Ag diúgadh an cháirt go sieidhir
Gur ghluais leat bruinneal mhánla
'S gur túirseach d'fhágais í
Beir uaim do chlis ní háil liom
Taoi giongach gránna buidhe.



A chuach na dtriopall dtáclach
Is fiúntach fáinneach fighe
'S ler buaireadh sinn go cásmhar
Gan súil i ráidhtibh grinn
Má luadhasfa libh go stárla
Dubhach le páirt dot gnaoi
Smuain anois a ghrádh ghil
Nach d'fhonn 's me cháineadh thríd.


L. 224


Badh shuarach thu lem cháirbidh
Dúinn mar ádhbhar slighe
Gan chruacha cnuic ná cáruid
is tu gan cheárd gan chrích
Ar uairibh sin tu it mháighistir
Ag múineadh gárlach bhír
Is tuas i dtigh an tábhairne
Go bhfuígir d'fhaghálthas cruinn.



Gaibh mar sin gan cháirde
Le rúcach gránna righin
A bhuailfidh thu 's a cháinfidh
Is thabharfaidh náire dhíbh
Geóbhad-sa anois le báinchnis
Mhúinte mhánla mhín
Is roinnfead léi go gradhmhar
A bhfaighidh mo lámh sa tsaoighal.



A shuaircfhir ghasta ghrádhmhar
Is cumtha cráibhtheach caoin
Ná himthigh uaim, ní gadh dhuit
Gheobhair cúinse lártha is laoigh
Má luadhas-sa leat nár bh'áil liom
Tu mar ádhbhar slighe
Dar an leabar so im' ghlacaibh bana
'S ag magadh a ghrádh do bhíos.



'S do ghluais sí liom an óigbhean
Deas mhúinte mhódhmharach bhínn
Ar hallaí geala an ósta
Go subhach ag ól na dighe
Do luigheamair seal ar stródhaireacht
'S is binn do phógainn í
'S ní duine me do 'neósfadh
Má bhí níos mó sa tslighe.


L. 225


Go réidh a bhean, ná daor me ar fad,
Ní léir dhuit ceart na cúise,
Cad é bheir dealbh mé gan teacht
Is éadach glan 'om chumhdach;
Féachtar leat na Gaedhil mo lagar
Léin dá gcartadh ag Búiribh,
Gurab é sin raid me taobh-nocht tearc
Im' strae bhocht leamh im' dúthaigh.



Récs na bhFeart thug rae agus ranna
Tréadtha treabh is triúcha,
Go ndéinidh daingean scéithe dham
Is réidhteach beart i gcumhangrach;
Gach n-aon de Chlannaibh Gaedheal do phreab
I bplé na dtreas le Búiribh
Go ndéinidh 'n tAthair naomhtha a gcabhair
Féin ar aicme Liútair.



Do ghlaodhas i measc sliocht Chéin is Chais
Néill is Airt is Iúghain
Ag léigheamh 's ag spreagadh scéalta i gceart
'S ag déanamh startha a scrúdadh;
Cad é an mhaith seoch déanamh creach
Is éirighe amach ar Bhúiribh,
'S a séideadh ar fad i gcéin tar lear
Do shaoradh ar mBailte dúthchais.



Ceangal
Is é adeir Aoibhill chaoin adthuaidh
Ag glaodhach na saoithe 's cinn an tsluaigh;
Féachaidh Clíodna an tsídh-bhean tsuairc
Le scéalta ag tigheacht is binn le luadh.
Cuirfead hussá 's is árd mo liugh;
Ní scuirfad go bhfágfad báire an Bhúir,
Ler cuireadh chun fáin sin sáir-shliocht Néill,
Chonaire, is Fáilbhe, Táil is Chéin.


L. 226


Indé is me ag taisteal triúch,
Go faon ag machtnamh dlúth
Ar féibh mar mheath sliocht Néill na gcreach
is Chéin is Airt is Lughaidh,
Gan aon dá maicne siúd
I gcéim ná i gceannas úr,
Acht tréigthe tearc gan réim gan preab
Go céasta creachta ag Búir.



'S ar léigheamh na mbeart mar dubhart
Ba dhéarach dealbh dúinn,
Gur ghlaodhas i measc na séimh-fhear nglan
Bhí saordha cneasta liúm;
Bhí daor-phuins bhlasta annsúd
Ag téacht mar chaise chughainn
Is éisteacht startha Gaedhilge glana
Ar thréithibh Chlanna Niúil.



Fé mhéinn na bhflaith mar dubhart
Is léir gur scaip mo chumhadh,
Gur éaluigh bean aréir lem' ais
Go taobh na leapthan chugham;
Ba chaol a mala siúd,
'Sa claon-rosc glas mar dhrúcht,
'S a déide deasa géara geala
I mbéal ba bhlasta búidh.


L. 227


Bhí a craobh-fholt casta dlúth
Go féar ag teacht lem' riún,
Is caor ar lasadh ag éad le sneachtadh
Sléibhe n-a leacain úir;
Ba chaol ba cailce a com
Mar ghéis ar sreabha siubhail,
S ba chaomh a mama ghléigeal deas
Nar aontuigh d'fhear a mbrúdh.



A haol-chrobh leabhair úr
Ar dhaor-bhruit bhaineas dúinn
Réalta 's ranna faol-choin mheara
Éisc is ealtain colúr;
Ba mhaol ba gheal a glúin
'S a réidh-chos deas gan smúit,
'S a caol-troigh thana is néata meas
De'n bhféar ná scaipeann drúcht.



Ar dtéacht lem' ais ann-súd
Do'n réilthinn mhaisigh bhúid,
Do b'aerach phearssa scéimh is creat
Is gné dá bhfeacadh im' shiubhal,
Do léir-chuir scamaill dhubha
Ar bhéithe deasa Muman,
'S le héigean taithnimh cléibh do'n ainnir
Féach gur mheath mo lúth.



Is éascaidh raideadh liom
A céim 's a hainm dlúth
De bhéith na nglan-rosc néamhrach nglas
Dar ghéilleas taithneamh rúin:
"An tú Céarnait dheas na lúb
Thug séad ar sreabhaibh dúinn,
No Hélen gheal ler traóchadh treabh
Na Trae 's do las a túir.


L. 228


Is béasach blasta búidh
In-éinfheacht d'fhreagair dúinn
Ní haon d'en aicme mé-se chanais,
Léig dod' mhagadh fúm;
Mo ghné do mheas níor bh'fhiú
Le béithe deasa Mumhan,
Éistidh feasta, is bréag do stair,
Tá claonta 's cleasa id' riún."



"Táid scéalta is measa liúm
Dom' léir-chur dealbh dubhach,
Mo ghaolta ar fad go faon fé leacaibh
Léigthe lag san úir,
Is saegheada ceatha im brúdh
Le héigean searc dod' ghnúis,
'S a laogh ná meas gur bréag ná bladar
Léigheas im' starthaibh chughat.



A laogh 's a shearc na rún,
Éaluigh feasta liúm,
Téanam leat, ní dhéanfam stad
Go dtéidheam ar fad anonn;
Tá baoghal ag bagairt cughainn
Is Gaedhil ar ghad ag Búir,
'S is léir nach ceart dúinn bheith n-a measc,
Tá an saogal fairsing fúinn."



Dá ngéillfinn d'fhear mar thú
Agus éalódh leat chun siubhail,
Cionnus a réidhfinn beart gan réal im' ghlaic
Ná spré ná talamh liúm;
Is baoghal go scarfá liúm
Ar bhéith na ngarbh-phúnt,
Is mé-se ag teacht go faon tar m'ais
Is mo ghaolta i n-earraid liúm.


L. 229


Is léir go mb'fhearra liúm-sa
Saor-fhear slachtmhar subhach
Do ghléasfadh sleagh go séimh 'n-a ghlaic
'S ná léigfadh ceart le Búir,
Do bheadh Éadtrom tapa ar stiúir,
Aorach aibidh umhal,
Do léighfadh stair ar Éirinn Airt
'S do dhéanfadh cleas na lúb.



"Ná géill ná meas id' riún
Go dtréigfinn mar sin tú
Ar spré ná ar bha ná ar shaoghaltacht ban
'San taobh so theas de'n Mhumhain.
Téanam leat chun siubhail
Go dtéidheam gonuig sagairt subhach
Do bhéarfas ceangal Cléire arainn
Féibh mar cheap na húird."



"A radharc 's a stóir mo chroidhe,
Do raghainn leat fós thar tuinn,
Acht mar gheibhim, gach coróin dá bhfaghair id' dóid
Gur deimhin go n-ólair í;
Tá saidhbhr-fhear seólta síoch
'Om' fheidhil gach ló le mí,
Is taidhbhseach tóstalach meidhreach módhmharach
Greidhnach gleóidhte groidhe."


L. 230


A spéirbhean dheas mhaordha na ccuach ceas mbán
Is léun liom nach feaduim ón bhfuacht tú dhíon
Acht an taonmhac dár saoradh do chúaidh san chraoibh
Dam léigean gan éisling go buan dom chloinn.



Is léir libh le tréimhse gan fuaimiontaghus
Is gan éadach dod' chaomhna air fhuacht ná síon
Re geal na Naomh leat go luath mar ghuidhim
'S do réightheach do ghéibhionn-sa a shuairc-bhean chaoin.



Na séimhfheara saor-ghlana soilbhire sóghach
Ler méaladh mo chaomthroightheach goirtitheach ón ród
Ar aonmhac na Féile do crochadh gan chóir
A Saora ar dhaorbhruid s gur a b'fhada bheid beo.



An séimhfhear mear maordha nach ceacharthadh meon
Lér mealadh mo chaomthroightheach greaduightheac ón ród
Haon toil an Dé mhic do cheannuigh na slóigh
A chaomhna air bhaoghalacuibh basga agus brón.



Muire mháthair na ngrás do shaothruigh neamh
Is d'fhuiling táir is neimchion d'fhagháil san Éigipt seal
Iar ndul do chách go tulach láthair laé na mbreath
Ón uile chás go hiomlán sinn saor beir leat.


L. 231


Fá lic duit a' Sheagháin id' luighe
Ó taoi gan chasadh as an uaigh
Righ neimhe dod' sheoladh isteach
Leis gan ceas 'na dhún gan fuath.
Mallacht is céad do'n bhás
Is leis rinneadh mo dhian-chrádh;
Is cér bhog mé i gcéill 's i gcruith,
Níor ob gan fealladh oruinn.



Is muar an léan liom cruadhas an scéil seo
Ag trácht tar lear,
'S is duairc an Chréim é buailte i dtaobh dheas
Na dáimhe ar fad,
Buachaill Gaedhealach uasal aerach,
Do bhí grádhmhar geal,
Do bheith uainn ag daolaibh i n-uaigh in' aonar
'S gan fagháil ar theacht.


L. 232


Go bhfeiceam i bhFlaitheas an cailm-fhear cráibhtheach cirt
Is deise ler grapadh an leabhar so im' láimh istig,
Fear geili-chnis geanamhail greannamhar grádhmhar dil,
'S is teinneas lem' anam ná maireann an mál so anois.


L. 233


Is cráidhte ceasnaitheach atuirseach fíor-dheórach
Atáid ár bhflatha ar seana 's ár n-aois óga,
I ndeáidh an easpuig seo d'eascair de Shíol Eógain,
'S bhí grádhmhar carthannach beannuighthe binn-ghlórach.



Ní cás a aithint gur fearg an Ríogh chomhachtaigh
Atá le Banba mhalartach mhí-threórach,
'S ar bharr gach aindeise theangmhaidh san tslighe fós di
Sé bás an easpuig seo laguigh a brigh is dóigh liom.



Ní gábhadh dham labhairt ar mhaitheas an traoí óirdheirc,
Tá a fhios cheana ag fearannaibh Foinn Fódla;
Acht gur bh'áil liom mairbhne tharrang i ngaois ró-ghlain
d'on Chárrthach Easpog is danaid 'n-a luighe ar feodhchan.



Bláth ár nEaglaise is gradam ár gcinn-chomhairle,
Fál ár mbailte agus ceannas an aois eólaigh.
Tá a fhios i leabharaibh seanchais Chrích Fódla
Gur d'ard-fhuil Chaisil do scaghadh a phríomh-comhfogais.



Is 'mdhó mná dealbha ag screadaidh ar thaoibh bóithre,
Is páiste galair gan athair ar mhí-sheóladh,
Go scáinte scaipithe anacrach aoird-gheónach
Tré bhás an fhlatha so chleachtadh a bhfíor-fhóirithin.



A Bháis, uch greadadh ort, a chastaire chraois-bheolaigh,
Nár fhágais tamall an faraire fír-ghleóidhte
Do dháilfeadh cabhair do'n bhanna so ar mhí-chómhthrom
A bheidh Fánach feasta gan taca dhá ndíon ó bhroid.


L. 234


Ní mhaoidheadh an aicme seo gasra thigheacht 'n-a gcómhair,
Suidhe na sagart, is tearamonn daoine d'reóil,
An díleacht dealbh gan athair, is buidhean badh mhó,
Is tigheas ba sheascair do sheasaimh le taoibh an róid.



Is ó ródaibh dá ngeóbadh soin an iomad 'n-a gceann,
Níor óbradh dhóibh-sean bheith sinnil ná gann,
Gur leónadh ár móir-fhir le dlighthibh na nGall,
'S gur seóladh fé fhódaibh le ciumhsaibh na habhann.



'S le ciumhsaibh na habhann so is lom 's is diombádh liúm,
Dibirt mo rogha-sa an crobhaire ceannárd clumhail;
Fear tuigsionach tabharthach, is foghail a bhuint dá bhonn,
Is Muire go ngabhaidh leis am na ndioscán siubhail.


L. 235


M'uchlán mo dhiombádh mo chiach mo chreach,
Ribeárd mac Thomáis gan rian san bhfeart,
Flaith furánta fulláin fliuch ciallmhar ceart,
'S ar dheas-láimh na nGeal-ghrás go dtrialla an fear.



Fear gaeth-ghlic greannmhar acmhuinneach aoird-chéimeach
Tréanmhar tapa mear meanmnach mín maordha,
Fear béasach barramhail berrfhion tais binn-tréitheach,
Fear dréachta 's ranna do cheapadh 's do scribhe i nGaedhilg.



Gaedhilg do léigheadh soin ar mhaithibh na Mumhan,
Is Béarla n-a dhéidh sin go blasta gan smúit;
Ba mhéinn leis na méirligh seo leagadh ar a gcúl.
Is Éire do shaoradh ó ghlasaibh na mBúr.



Búir ní taithneadh le haigne an tséimh-fhir ghrádhaigh
Bhí rún do b'fhearra aige, carthannacht féile 's pháirt;
Is úr do scaipeadh san tabhairne an saogal smáil,
Is níor dhún a dhearca ar charaid ná ar aonarán.



In' aonar is léan liom fé leacaobh ar lár
An séimh-fhear breágh Gaedhealach nár cheachardha cáil,
I dtréithibh i mbéasaibh 's i maitheas rug Barr,
De phréimh-shliocht na dtréan-fhear soin Breathnaigh an Bháid.



Breathnaigh an Bháid do b'fheárr le sleasaibh na Laoi,
Na fearaibh nar stán dá námhaid i gcaismirt na gclaidheamh,
Ná feacathas tláth ar lár i spáruinn ná i mbruighin,
'S do ghlanfadh san tábhairne táibhle fairsing gan maoidheamh.


L. 236


Mar is feas damh-sa gan gó gan bladar
Go rabhadar uasal buacach beannach,
Go rabhadar séimh-ghlan saerdha slachtmhar,
'S go rabhadar dána láidir tapaidh.



Ní raibh a gcroidhe san tsaoighal so ar éan-chor,
'S níor chuireadar suim n-a mhaoin bheag bhréige,
Dar mo chúis is dubhach an scéal liom,
A ndul san úir i dtúis a réime.



A Uain ghil sin d'fhuascail sliocht Ébha,
Buanaidh, gan uamhan gan éigean,
Risteárd gan diombádh gan daor-bhroid,
Is Micheál do thigheacht slán tar trean-mhuir.


L. 237


Is muar an easbha feasta i gcríochaibh Fáil,
An suairc-fhear slachtmhar gasta gaoismhar grádhach,
Do bhí buacach beacht i starthaibh grinn na ndámh,
Is uasal-shagart cneasta caoin gan cháim.



Ua na bhfear nar chleacht bheith íseal táir,
'S dar dhual soin flaitheas fairsing Innse Fáil,
Do ruaig na Danair ghlasa arís thar sáil,
I gCuain an Tairbh, antreas do chlaoidh a mbláth.



Fuath is fala is fearg nimhe gach lá,
Ag Uan na bhfeart le bean Mhic Choill na ngceárd,
Tre'r fhuaduigh aiste an fear ba líomhtha cáil,
Thug uaim na sean gan mheas is Gaoidhilg ar lár.



Suairceas seanachus carthannacht comhairle is ciall,
Uaisleacht aigne is fairsinge fóghanta fial,
Buadh agus beannuightheacht a eagna is eólas dian,
Do chuaidh i dtalamh gan aiseag le Pól Ó Briain.


L. 238


Is aithreach liúm 's is dubhach lem' shaoghal ar fad,
An ainnir dheas úd dá cumadh gur scéidh me dhearc
Do bheith bascaithe brúidhte múchta tréith gan phreab,
Is go Flaithis na ndúl gan púir go dtéidh isteach.



Do bhí cneastacht is ciúineas múineadh méinn is meas
Le faicsint n-a hiomchur, búidheacht béasa 's blas;
Dá mairfinn gan túrnamh dúbailt aos na sean
Ní scairfead a cumhadh lem' chúm go dtéidhinn san bhfeart.



Athchuingim siúd ar Úr-mhac Dé na bfheart,
Fuair peannaid gan chúis dár dtabhairt-na saor thar n-ais,
An ainnir dheas úd fé a ndubhart an méid seo im' ghlaic,
Do ghlacadh na chúirt gan phúir gan phéin gan céas.
Mo chráidhteacht go bráth agus m'uaill chaoidh is chumhaidh
An lá soin de lán-leigeas uaim- í- íar siubhal,
Grádh geal a máthar is duairc-chroidheach dubhach,
Máire beag bhreágh deas Ní Chruadhlaoichúd.


L. 239


Ar maidean Dia Luain timcheall a deich a chlog is eadh do
mharbhadh agus do bháthadh Máire Ní Chruadhlaoich ar an Laoi i
gCorcaigh. Do b'é sin an dara lá d'Abrán san mbliadhain 1821. Do
bhí sí timcheall 24 bliadhna d'aois an tan sin. Do bhí sí mar an
gcéadna deagh-cháileach, agus níor bh'iongnadh soin oir do bhí sí
go blasta binn-bhriathrach béasach beacht-mhúinte, cneasta ciallmhar,
diadha deagh-shomplach, éifeachtach. Fírinneach gasata grádhmhar
gáireach geal-ghnúiseach, luinneach lúth-gháireach, múinte milis
modhmhail, miochair, naoidheanta nuadh-chrothach, oilte áluinn oirdeirc,
páirteach, ríoghdha rosc-ghorm, súgach soilbhir séimh suairc so-chroidheach
so-chaidrimhthe le deagh-dhaoinibh,
agus do-chaidrimhthe le droch-dhaoinibh, tuigseach truaighmhéileach
trócaireach, umhal urramach uasal-aigeantach, déarcamhail daondachtach
do bhochtaibh De; go raibh Dia le n-a hanam.



Maidin Luain im' shuan do ghlacas bíodhgadh
Tre aisling dhuairc do fuaireas tamall roimhe sin;
Dar liom suas go buaic gur las im' thimcheall,
An teagh go luaimneach luath n-a leathan-sceimhealtaibh.



Preabaim suas go buadhartha cneadach scíosmhar,
'S níor bh'fhada an uain go bhfuaireas adhbhar lín-ruith,
Fear fem' thuairm ghluais n-a reathaibh righne,
Is d'aithris cluain go luath dhom' mhealladh síos leis.



An tan do chuadhas níor shuairc an seal do bhí agam,
Ag amharc uaim chun cuain ar bharra taoide
Creach do bhuair mo shuan fad mhairfad choidhche,
Mo leanbh uasal truagh gan anam innti.


L. 240


Bean na scuab-fholt ndualach ndaithe ndlaoitheach,
Cneasta cuachach buacach blasta binn-ghuib,
Aibidh uasal muardha maiseach míonla
Slachtmhar suairc gan bhuaidhirt gan bhearta puimpe.


L. 242


Do chualadh tásg do cráidh go léir me
Is thug me buartha a ngruaim faoi mhéala
Tug mo shúile múchta a ndéaruibh
Is thug mo lígh air ghnaoi nách gléigeal.



Créad nách caoinfinn díbh san méid-si
Fear dá ghníomh dá ghnaoi 's dá mhéinn mhaith
Ba cneasta croidhe glan líonta dhaonnacht
'Sé Donnchadh Ó Floinn an tsaoi gan éaluing.



Is dubhach sis doilbhíos doilg an sgéal liom
A nDún Bolg fé chlochaibh ag déaluibh.
An fiailfear fearamhail carthannach céim leasg
Is ar thriaith na n-aingeal a tearmainn taobh leis.



Is gasda cruinn do sgríobhach an Ghaedheilge
Do labhrach Frainncis bhinn is Béarla
An cluithe fithchile is clisde do ghléasfadh
Is ní ghnéidheach mustar as iomad a thréithe.



Acht ós é is críoch don chloinn-se Éabha
A ttuitim uile fé chumas an éaga
Laraim itchim ar Mhuire 'sar Naomhaibh
A nguidhe chur chun Íosa ár saoradh.



An deaghbhean déaghthach mhánla mhaordha
Do chrú na mbarach bhí a ngradam in Éirinn
Is teinn lem' aigne ar mhasgalach bhéaltais
'Na luighe ar a leabuigh gan tapa 'na géagaibh.



As é Donnchadh Óg an tóigfhear tréitheach
Aithchim an t-athair a Laidin sa nGaédheilghe
Is air atá suas gurab buan a shaoghal
Mar cheann urruidh do'n fhuirinn a ttaobh leis.


L. 243


Bathlach beag buidhe fíochmhar tá tuilthe de scléip,
Do ghlanfadh an claidhe is aoirde go hinnealta léim,
Is blasta do scríbhann Gaoidhilg, 's milis do léigheann
Seanchas ar Chloinn Mhilidh, is nidhthe nach é.
A shoilbhfhir de thoirrcheas na ndréacht do shnuidhe,
Is do foilceadh ins an dtobar soin na mbéithe mín,
Is doilbheas tar doilbheas do réab mo chroidhe
Nár stopas ar an ndoras tu indé san tslighe.



Oidhche Shamhna i nGleann an Ghrágaire
'S eadh bhíos i dteamhaint ag camtha an smálaire,
Críost 'san crann do bhloghadh a chnámh 's do bhrus
Dár ndíon gach am ar dhream an chneadhaire sin.


L. 244


A fharaire ghil eagnaigh dar dhligheas mo rún
Is taithneamh uile mh'anma fé chuing chirt dlúith,
Cé deacair sin bheith scartha libh a shaoi ghluin bhúigh,
Slán feasta agat, ar maidin is eadh bhím-se ar siubhal.



Rachad-sa dh'on bhaile thoir 'n-a mbínn-se ar dtúis
Marar haltromadh im' leanbh me gan daoirse dúr;
Taiscidh-se mo leabhair dam go bhfillfad chughaibh,
Nó go leagathar fé leacaibh me gan brigh san úir.



Mo leabhair uile is ceanemhail do dhíonfaidh dúinn
An faraire mear meanmnach gan puimp gan trúth
d'eascair d'fhuil na bhfearachon do b'aoirde clú,
Le n-abarthar Sliocht Chaisil is ba righthe Mumhan.



Do Sheaghán Ó Dubhghail.



A Sheagháin, a chara 's a dhalta mo chroidhe dhil-se
'Fhir ghrádhmhair chneasta atá fearamhail fírinneach,
Is gránda an mhaise d'fhear thapaidh mhear bhinn mar me
Ná rángadh dha'n scathamh so eatortha im píobaire.



Níor cháim ná aithis ná easmailte choidhche dham
Mná is fir mhaithe bheith tamall ag rinnce againn,
Dánta a cheapadh 's do tharraing i scríbhinn chirt
Ó thárladh im' racaire bhlasta san nGaoidhilg seo.


L. 245


Lá Samhna dá rabhas-sa le sleasaibh Laoi theas
Lán d'amhgar fá channtlamh ar easbaidh maoine;
Pláigh reamhar ar an ndream soin do ghread na Gaoidhil bhocht
'S iad do dhall me san am so, uch peannaid nimhe ortha!



Is méinn liom innsint díbh gan bladar láithreach
Cad é bheir sínn-na timcheall chapaill Mhártain,
Éag mo dhaoine is laighead mo charad láimh liom
S an saoghal bocht cinnte 'om stríocadh ar easbhaidh fagháltais.



Mo scéan mo sceimhleadh scís, mo scalladh cráidhte,
Mo chreacht, mo chaoidh, mo dhíth, mo dhanaid cásmhar,
Éire i ndaoirse arís gan casadh i ndán di,
'S san aol 'n-a luighe 's eadh chím-se sreath dá cáirdibh.



Má ghéillimíd do laoidh dar chansat fáidhe,
Tá tréin-fhir ghroidhe le tigheacht gan stad tar sáile
Do réidhfidh snaidhm do'n bhuidhin seo i nglasaibh thárlaidh,
'S do shaorfaidh sinn ó chuing na nDanar ngáibhtheach.



Mo scéal chun cinn dá dtigheadh badh sheascair sámh sinn,
Beadh léigheamh ar laoithibh linn is leabhair ársa;
Féasta is fíonta is draoithe ag spreaghadh sár-chrot;
Is tréadtha an fhill gan ríoghacht gan rath i gClár Luirc.


L. 246


Aréir im' leabaidh 's me atuirseach scíosmhar duairc,
Mo chéile chneasta do mheasas gur shín liom suas,
A taobh 's a mama 's a leaca mar shíleas fuar,
'S is léir gur ghlacas tríd eagla 's bíodhg ró-mhuar.



Baodhchas radaim do'n araid-mhac aoibhinn thuas
Le ndéintar fearta 's ler ceapadh an saoigal suairc,
Mo bhé bheag mhaiseach go maireann, cé bhíos i mbuaidhirt,
Gan bhéim gan bhascadh gan mhairg gan snaidhm gan guais.


L. 247


A Chumainn mar mh'anam 's a chara na naoi Muses
Is tá soineanta searcamhail maiseamhail mín múinte
Sin triochadh ar sheascaid do raidim ó chroidhe chughaibh-se
De bhruinnealaibh cailce gan faice dá ndíon-chumhdach.



Is tuirseach 's is fada mo thaisteal fá Thír Fhionntain
Ag tiomargadh leabhar ceart seanchais Chloinn Niúil ghluin,
Ionnus go gcasfainn an teanga do bhí múchta,
'S go gcuirfinn n-a beathaidh go haibidh arís chucha í.



Níl duine 'n-a ngabhann, cé deacair a gcruinn-chuntas,
Do cheileann a dadamh dá leabharaibh gaois-iomdha;
Is deimhin a chara fá starthaibh nach fíor-lughaide
Eisean dá dtairnginn-se asta a mbíodh ionnta.



Is deimhin gur mheasas leis taisteal san tslighe chughat-sa
Go bhfionainn go bhfeasainn go bhfaicinn do shaoitheamh lacht,
S dá mbeadh siolla nó aiste dheas agat nár fríth liúm-sa
Go ndeininn a ngraphadh go slachtmhar fé aoin-lúitrigh.



Sirim-se feasta agus aitchim i bhfíor-chongnamh
Gach siollaire slachtmhar le dtaithneann mo chaoin-tsúgra,
Ionnus go gcasfadh an t-aitheasc badh chuibhe dhúinne
Do scriosadh le Danair 's do scaipeadh le daoitheamhlacht.



Tá fuireann ag taisteal tar caladh go Tír Iúgain
Is fuinneamhail fearamhail draganta díoghlúnta;
Brisfar ar Ghallaibh, 's beidh scaipeadh ortha 'dhruim tonnthach,
Is cion ar ár dteangain bhuig bhlasta gan daoirsiughadh aca.


L. 248


Ar n-a thuigsint do go dtugadar Muinntir a athar taothnasc nó neamh-shuim
ann, d'éis dó teacht ó Chorcaigh dá n-ionnsaighe san mbliadhain
1802.



Táim, Dia linn, dealbh gan earradh gan eadach bláith,
Is taid thiar mo leanbh beag mar me 's mo chéile ghrádhach;
Tá an bhliadhain seo chaithte 's ní bhraithim me féin níos fearr,
Acht tá Dia neartmhar is glacfaidh go séimh ár bpáirt.



Mo chiach ná mairid na flatha ba léigheanta tásc,
'S bhí riaghalta rabairneach carthannach déarach sámh,
'Gá dtrialladh sagairt is easpuig is éigse is dáimh,
'S ní bhiainn-se dealbh 'n-a aice ná ar éan-chor tláth.



Is liach nár fhanas san mbaile 'n-ar léigheas a lán,
'S gan iarracht fhada do thabhairt i gcéin ar chách;
Acht dian-tsearc daingean is taithneamh mo chléibh thar barr,
Do ghrian-treibh m'athar, sliocht Pheadair ó thaobh na trágha.



<L 1803 19T>
A Dhia na n-aingeal do cheannuigh na slóighte
'S fuair pian is peannaid ar gharbh-chrois dóibh-sean
Triall do'n Fhlaitheas gheal bheannuighthe ghlórmhar
An triath ler graphadh an leabhar so 'im dhóid-se.
Ámen.


L. 249


Aitchim fín an Rí geal acmhuineach árd,
Do cheannuigh síth san gcraoibh do leathan-tsliocht Ádhaimh,
A cheana clídh san tsaoigheal do mhaitheamh i dtráith
Do'n bhfear deagh-chroidheach do scríobh an leabhar so im' láimh.



A Shagairt d'fhuil Eochaidh is forusta fír-léigheanta
Is ceannasach cosantach cobharthach caoin-tréitheach,
Tré charthannacht fhoirtill an tsolais-mhic aoird naomhtha
Ceaduigh mé oscailt na scoile san tsípéal thoir.



Ó's dearbh gur follus me follamh ó mhaoin tsaoghalta
Gan charaid im' fhogus gan chostas chun tighe dhéanamh,
Ag teagasc do phobail s ag fortacht gach fír-ghéibhinn
Gura fada fé chothrom tu 's oscail dam slighe éigin.



Oighre is lorg is sonas is ádh gach bliadhain
Go dtadhallaibh ort-sa a fhir shochma atá grádhmhar fial,
Feidhm is fortacht is cobhair is grásta ó Dhia;
Is éirigh a chogair dhil, brostuigh is bearr mo ghiall.


L. 250


A chaoin-bhean de phrímh-shliocht na n-árd-fhlaith n-úr
'S na dtigheasach nár cinnte le fáidhibh iúil,
Sin brighdeach dheas aoil-chnis gan scáth ar dhrúcht
Do scaoilim tré dhíogras le Máire chughaibh.



Innsean mar bhím-se gan fagháltas liúm,
Is líon beag mo thighe uile tár-nocht dúr,
Acht tá Íosa, céad buidhe leis, go grádhmhar búidh,
Is scaoilfidh gan puinn moille an phoráinn sin dúinn.



Mar fhillfidh an bhrighdeach im' dháil ar gcúl
Innsidh arís dam mar tá gach cúis,
Ag muinntir do thighe-se, 's ar fhág do dhún
Ded' chloinn mhaith, 's gan fuighealach a n-áireamh dhúinn.



I dtuaith Dhún Bolg ag ndruidim le Féil Bhrighde,
Gan chruaich gan chuigin go sinnil i gcéim daoirse;
Ar Uan gheal Mhuire an fhuireann so a chéas Gaoidhil bhocht,
Á ruagadh uile gan filleadh thar tréan-taoide.


L. 251


Is fada liom go n-amharcaim ag téacht im' chuan
Peadar beag le bacalaidh de scéaltaibh nua,
Go n-aithrisfadh go blasta dham tar éis a chuard
An mairid uile a charaid sin san taobh soin tuaidh.



Athchuingim an tÁrraid-mhac do shaor na sluaigh
Ar gharbh-chrois go peannaideach i ngéibhinn chruadha,
An teachtaire seo chasadh orm go héascaidh suairc,
'S a thearmonn gan bascadh ar bith gan baoghal gan buaidhirt.



A-bhaile anois mara dtagaidh-sean fém' dhéin go luath
'S go dtairgidh a bhanaltra a n-a dhéidh ó thuaidh,
Ar fhearta Mhuire bheannuighte 's na naomh ngeal tuas
Go dtagaidh-sean go hathchumair i ngné gan ghruaim.


L. 252


Is cé gasta mise ar leabharaibh na bhfáidh do léigheadh
'S ar gach aiste shuilt do cheapadh le mac d'áithrigh Gréig
Do mealladh mé le h-ainnir dheas na mbán gcíoch gcaomh
Is nach mairg fear dhem'shamhailt bheir a shlán fí'n saoghal.



Is lem' chaol-pheann do dhéanfainn-se aiste tré rún
'S mo chéachta is deas ghléusfainn ar mhaidin i dtiúin
Le h-éifeacht mo bhréithreadh 'sé mheallaim-se í siúd
Gach spéir-bhruinneal mhaordha budh thaithniomhuigheach liom.



I dtig an tabháirne níor bh'anamh me ag glaodhach 's ag díol
Is ainir dheas chaomh cailce agam ream thaobh 'na suidhe
Idir fhearaibh ar an machaire ba thréan mo ghníomh
Is goin bara aca ní fheachathas fós aon phuth puinn.



An Béarla-so léighim go blasta breagh búch
Nó caomh-startha Ghaedhilge ar seann-mhnaoi Lughaidh
Thar tréunmhuir seadh bhéurfainn gan bhasga mo long
'S ar théudaibh na caomh-chruite spreagfainn díbh fonn.



Is d'ár bhfeuchain tar tréunmhuir dá dtigeadh le cóir
An taon so faoi néalaibh nach meastar bheith beo
'San sgléip seo 'dir Gaodhalaidh do bhfearra mé fós
Ná sméirle leamh baoth ag a mbeadh machairidhe bó.



I gcaitheamh na gcloch-charraige idir bhuidhin bhréagh fear
De gheata nó de chladhthachail do'n síoch-tháin go pras
'Sé dearbhaidh gach aicme aca "mo chroidhe-chrádh ar fad
Do shamhuel-se níor casadh linn acht Micheál Long".



An Ceangal
Is eol dam laoithe do chumadh go dlúth gan cháim
Ar bhórd na himirthe tuigim glan-chúrsa an chláir
Ólaim gloinne go clisde agus diúgaim cárt
Is pógaim bruinneal go milis le ciumhais na trágha.


L. 253


Go bhfeiceam i bhflaitheas an cailm-fhear cráibhtheach cirt
Is deise ler grafadh an leabhar so im láimh istigh
Fer geilichnis geanamhail greannmhar grádhmhar dil
'S is teinnios rem' anam nách maireann an mál so anois.


L. 254


Fuacht na scailpe seo deatach is gaoth gheimhridh,
Cruadhas na leapthan so 's easbha bhruit lae is oidhche,
Muar-chuid srathanna deachmhaidhthe is glaodhach cíosa,
Thug buartha cathach me easbathach éagcaointeach.



Mo scuaine leanbh go dealbh gan éin-nídh aca,
'S an tsuairc-bhean chneasta a mbanartla bhéil-bhinn sin,
Cruadhas an reachta so ag Gallaibh dár ngéir-dhíbirt,
Do bhuair do mheathluigh do mhairbh go léir m'intinn.



Ar cuaird dá dtagadh san cara dom' fhéafraighe-se
Níor thualang m'acmhuin a fhreastal ná a chaomh-dhion liom,
Acht sluaighte danar ag taisteal gach éan-oidhche
Ar fuaid ár mbailte 's ag bagairt an chlaon-dlighe orainn.



Uain ná aga ní'l agam do ghléas caoil-phinn
Le luaidhfinn graphadh mo leabhar i saor-scríbhinn;
Táid uaim ar scaipeadh go seachmallach saobhnoíseach
Suarach searbh ar aiste nár chéim chuibhe dham.



A uain ghil bhanaltran bheannuighthe an chaemh-ríogh so,
d'fhuascail scata ó pheannaid na ndaor-chlaoin-bheart,
Ruaig-se Gallaibh a fearannaibh saor- Chríomhthain
Uainn tar caise, 's nár chasaid go héag choidhche.


L. 256


Le léithe mo chéibhe 's le duille mo dhearc
Is féidir a léir-mheas go bhfuilim ag meath;
Ní léightar liom bhéarsa ná siolla n-a cheart,
'S is méala do'n Ghaedhilg mar scuireas le seal.


L. 257


Seóid bheag gheallas do charaid na hÉigse,
Do stiúir na ndámh dar dháileas gear-shearc;
Starthóir grinn de phrímh-shliocht Éibhir,
Do ghrádhann a thír 's go fhíor an Ghaedhilg.


L. 258


Ar nglacadh na speaclaí do Mhicheál Óg ó
Dhonnchadh Ó Floinn.



Do fuaireas seóid dheas ghleóidhte ghreanta ghreadhnach,
Is cé duairc mo shnódh, thug spórtmhar seascair saidhbhir me;
Ní'l buaidhirt ná breódh ná brón nach blasta leighiseann,
'S is nuadh-ghlan córach dhamh-sa a chasann radharc maith.



An suairc-fhear snódh-gheal móinte maiseach meidhreach
Thug uaidh an tseóid sin damh-sa, 's dearbh deimhintheach
Gur ghluais de phór-shliocht treón bhí i gceannas feadhna
Uair i bhFódla fód-ghlais fairsing Feidhlim.



Is tuar chun eólais mhóir is gastacht gaoise
Do thuabhairt do'n óige leóinte leamh gan chríonnacht,
Fuaim a bheóil dá mheóraibh geala míne,
Nó ag bualadh cló ar sceól badh mhaith le hinnsint.



Is buartha an sceól go deó 's is adhbhar maoithe
Nach muar dá shórt-san beó san chathair chaoin seo,
Ar uaisleacht meóinn ar chóir ar cheart ar chaoimhe;
'S ar a bhuan-tsearc drólann deóil do'n teangain Ghaoidhilge.



A Uain ghil Óighe na trócaire cheannuigh daoine,
Buanuigh beó go fóill an fhlaith so mhaoidhim-se,
Gan bhuaidhirt gan bhrón gan bhreódh gan easbha mhaoine,
Acht suaimhneach spórtmhar ceólmhar fleadhach fíontach.



An gloine seo nuair chuirim-se ar m'aghaidh go deas
Is cliste ceart ag tiomargadh a radharc dom' dearc;
Na nidhthe beaga is mine ar bith bheir taidhbhseach glan,
Is dá dhithin sin is minic mise i bhfeidhil mo cheacht.


L. 259



Caogad ar éin-deich dem' bhliadhantaibh atá
Ar léithe mo chéibhe, is mo chiall ag trághadh;
Ó'n gcraos-chorp ó'n saoghal is ó'n ndiabhal im'dhéaidh,
'Saor me ded' naomh-thoil a Dhia na nGrás.


L. 260


Is gránda an meon d'fhear leointe dhealbh mar iad
Le grádh do phórtar dhól go ccaillionn a chiall
Is a rádh ná tógfach comhairle carad na cliar
Acht a mháthair dh'fhágaint fós is aithir sa diabhal!



Mo náire mhór a stóir má leanfair-se iad
'S gan gabháil le'm chomhairle chóir-se feasta mar riaghail
'S a liacht sáirfhear seolta leoin an mearathal riamh
Is d'fhág an t-ól air thóin sa laithicc 'na dhiaigh.
atáim bocht buartha



Ós folamh dhuit-se a chogair ghil sa ghrádh na rún
Gan chostas leat ad' scolaire bhocht chráidhte dhúr
Dar goballach ba scornn sin 's ba náireach liom
Tu ad ghrogaire lochartha 'na spleadheas súd.



Cuirionn an t-ólsa brón is mearuidhe oruinn
Is cuirionn an óige a ccló 'na seandaoine
Is cuirionn ár ngnó go mór chuim faillighthe
Is tá an donas go deo adtóinse Uí Fheardhallaidh ?.



Crádh don tsaoghal taodach is gan guideach cáil
Is crádh do'n té ghéillfeadh dá raemus go bráith
Sgáil bheag bhaoth 'éadtrom nach maireann acht spás
Mar bláith na ccraobh léigtear le fearthuinne ar lár.


L. 261


Nách taobhuigh bheith éadmhar ná an earruid le neach
Nách taobhuigh bheith faobhrach feargach feacht
Nách taobhuigh bheith bréagach barbartha leamh
Is ná taobhuig bheith claonmhar cealgach cas.



Taobhuig an fhéile air aithris na sean
Tréig cleasa an tsaoghuil si agus casuig air neamh
Taobhuig an daonnacht sa charthannacht ghlan
Is taobhuig bheith déarcach cneasta le lag.



Taobhuig bheith saermhilis cneasta le neach
Do mhéinn bheith dhá réir sin is t-aigne mhaith
Taobhuig an réighteach do ghlaca gan cheas
Is ná héimigse géille don eagluis cheart.



Taobhuig gach féile na sagairt 'sa reacht
Déin mar a déarfuid is cas ar do leas
Glaodhfuidh an téag ort sis gairid do sheal
Is éistse le bréithre is le teagasg na sean.



A laeghdhil mo chléibh is a dhálta mo sgart
Bí gaosmhar 'san léaghann agus gasta air gach stair
Pé holc maith t-éadach a bhfaisionn no a ndaith
Taobhuig dul d'éisteacht na naifreann ngeal.



Taobhuigh an Ghaedhilg do labhairt go maith
Taobhuigh an Béurla go blasta is go beacht
Taobhuigh an fhéile ar aithris na sean
Is taobhuigh dul d'éisteacht na nAifreann ngeal.


L. 262


Micheál Mac Phartholáin Uí Chaoimh cct. chun Michíl Óig.



Imblíadhna gheallais dam cabhair a shíoguidhe úd,
Le riaghail na naithreach mbeannaighthe mbinn gcaoin gciúin
Go rianfam feasta a fearannaibh aoird-mhín Lughaidh
An ciarsprit d'aistrigh reachta gach fír-dhlighe ar dtúis.



Dia lem' anam, ní fheadar cá slighe is díon dúinn
Ar dian-bhroid Danar fér leagadh gach Gaoidheal groidhe i n-úir,
Acht triall a Bhanbain mhalartaigh chlaoin-chroidhigh dhúir
I ndiaidh na ndragan ná tagann, bheir sinn fí chumhadh.



A charaid chlúmhail ionnraic ghasta ghrinn-ghluin,
Is maiseach múinte blúth a cheapann laoithe,
Tabhair dúinne cunntas ceart is innsidh
An mbeidh an trú bhocht bhúr so i gceannas choidhche.


L. 263


Freagra Mhichíl Óig ar Mhac Uí Chaoimh.



A ghliadhaire ghasta ghluin chalma chaoin mhín bhúidh,
Do bhriathra blasta ba thaithneamhach fír-bhinn lúim;
Ní cian go leagfam le cabhair an Ríogh Nimhe úd
Na diabhail seo i gceannas do tharraing gach daoir-dhlighe dhúinn.



Sin cliar ag taisteal na mara go Crích Chuinn chughainn,
An Brianach calma i gceannas na míltí long;
Beidh iarsma ar Ghallaibh gan rachmas, ar dith ghrinn, dubhach,
'S an pian so 'om sheargadh scaipidh gan moill mí ar siubhal.



Ciach do leathnuigh go fairsing fém' mhín-chlí ionnúm
Nach fiar mo thairngreacht ghartha do'n chlaoin-bhuidhin úd;
Acht biam-na feasta ar ár bpaidir 's ag guidhe trí rún,
A ghliadhaire ghasta ghluin chaoin mhín bhúidh.



A ghliadhaire chlúmhail chumtha chneasta chaoin-ghlic,
Is riaghalta rún ag scrúdadh startha ghrinn-ghluin,
Do rian suilt stiúruigh chugham-sa, a charaid dhíograis,
Mar badh mhian liom sugradh subhach i measc na saoithe.


L. 264


Chun an Athar Domhnall Mac Cárrthaigh, Sagart Paróiste Ghleann
an Phréacháin.



Molaim do thrus anois a Ríogh- Chárrthaigh
Oirdheirc oilte chliste chaoin-cháiligh,
Ó rugais an cluithche sinn ar fhíor-námhaid,
Borb-choin bhuile is truip na díoghbhála.



Tá an pobal mar me go huile i bhfíor-ghairdeas
Soilbhir sultmhar sona síothchánta,
Ó chonncadar sibh-se ag tiocht go príomhláideach,
Is bronnaim air sin duit fiche caoin-fháilte.



Is follus gur muirinn linn do shíothcháin-se
A lonna-mhic mhir is loinne líobrálta,
Do foilceadh go cliste i bhfuil na gcaoin gCárthach,
'S na gCormac ndil dar chuibhe Crích Fáilbhe.



Aitchim an Buinne d'fhulaing daoir-pháis ghuirt
'S ler scaipeadh a fhuil go dil ar chloinn Ádaim,
Tu sheasamh againn anois gan fíoch námhad,
A fharaire an tsuilt is fuinte fíor-áluinn.


L. 265


Micheál Mac Phartholáin Uí Chaoimh cct. ar ndul dá charaid ionmhuin
do'n Talamh Nuadh .i. Micheál Óg Ó Longáin.



Is creach 's is cumhadh 's is túirse croidhe is clí liom,
An bheart do dhúbhail smúit ar Chloinn Chaoimh seo,
Fear dar liúm dob' ughdar gaois-laoithe
Thar sreabh na dtonn ag siubhal go tír coimhidhthigh.



A ríogh-ráib dar dhligheas grádh mo chléibh istigh
Dod' chaoin-rádh nach righin-ráidhte bréige soin,
Ó scríbhis tráth na díodhacht-dhánta léightar linn,
Guidhim sláinte is síothcháin mar aon is libh.



Mo chroidhe athá le mí is ráithe réabtha ionnum,
Gan puinn sáimhe im' clí a ghrádh ná sléachtadh suilt,
Ó Mhicheal do fhíor-thracht i gcéin tar muir,
Tug síon trágha an scríbhadh dhánta Gaedhilge linn.



Ar ngabháil a chead leis an bhfear thuas.



Dá mbiainn le fanamhaint san bhfearann so Féidhlim
Do bhiaidh mo leabhair mo chaisc is mo ghréithre
Gach bliadhain dod' cabhair-se, a fharaire ghléigil,
'S ó's triall dam feasta thar caise ná daor me.



Is mo cháirde chléibh go léir fé'n bhfód
Is mar táim dá néis gan éan-rad stóir,
Bheir spás me féin ag gléas mo sheóil,
Tar sáile i gcéin go dtéidhinn go fóill.



Dá ndáilfadh Éan-mhac Dé na gcomhacht
Mo slán a théacht go hÉirinn óig
Bheadh cárt is céad dá nglaodhach dhe'n bheóir,
'S ár sláinte araon dá thaoscadh ar bórd.


L. 266


I n-iathaibh allmhurach ainbhfiosach éigcirt
Ó's mian liom tarraing ann sealad ó'n dtaobh so,
'S gur bian a dhearbh nach aithnid dóibh Gaedhilg,
Is grian lem' aigne amharc na ndréacht so.



Dáibhidh Ó Duibhluachra cct. Do Mhicheál Óg Ó Longáin an
tan do smaoin dul go Americá .i. An Talamh Nuadh.



Glac-si mo theagasg gan chealg a Mhichíl óig
Is ná seasamh ar machaire cathana choidhche dhóibh
Leansa na bearta do chleachtach na saoithe romhad
Ag aithris startha air ghaisge 'gus gíoch na dtreon.



Féach gur leagadh le sealad na mílte 'n chóip
D'á acfuine i gcathaibh 's in airm do bhí 'gá slóigh
Is feara dhuit fanamhain feasta 'gus tíocht' nár gcomhair
Ná do threascairt-se marbh gan tapadh na brigh fán bhfobhair.



Stadfad dom theagasg, a chara, cidh síor mo dheoir,
Is ní bhreacfad-sa leabhar fad mhairfios gan críona feor
Bead feasta mar allamhuic treascartha tim gan treoir,
Indeabhaidh dhalta na bhflathadh do dhíogach beoir.


L. 267


O's duine thu nach soineanta le saoithibh táisc
'S nach tuigsionach ar imirt cluithche draoi ná bárd,
Cluinim-se go scuirfir-se ded' laoithibh phláis
Go gcuirfar libh gach pinginn bheag dem' chíos im' láimh.



Nach iongantach an gliogar duit a mhaoidheamh le cách
Go gcuirfadh sibh ar mire sinn nó ar baois chun fáin;
Gan Muiris liom má tuigthar dham gur fíor do rádh,
Nach ursa leis do chumas ná do dhícheall báis.



Ní file thu do chuirfadh siolla síos ar phár;
Ní cliste sibh ar laoithe chur i ngaois le dáimh
Ní'l tuigsint chirt id' inchinn ná inntleacht árd,
Is dá bhithin sin badh scurtha dhuit ded' bhaois, a Sheagháin.



Nuair chuireann sibh chun imeartha le Buidhin ghlan ghrádhach,
Ní laoithe suilt is ionmhuin libh do scríbhadh 'n-a ndáil,
Acht gliogaireacht gan innealthacht gan bhrigh gan áird,
Le nidhthibh eile im' chluithche-se nár dhligheadh a dtrácht.



A óigfir mhilis tá soineanta séimhidhe suairc
'S dar bh'eól gach siolla do shnaidhmeadh go céillidhe in-uaim,
Cóir ar laoithe má's deimhin gurab é bhí uait,
Fóill ná tuigidh go ndruidfinn ar éin-tslighe suas.


L. 268


A sháir-fhir shéimh céadfadh is carthannach caoin,
Is dar thálsat nae mbéithe searc taithneamh is gnaoi,
Dáilim féin spéir-bhean deas gheanamhail díbh,
De bharr mo mhéar léigim ar ghailleamh gan díon.



Chun Liam Uí Ríordáin



Dá bhfiadfainn laoithe líomhtha léigean lán
Le riaghail mhaith dhíreach draoithe éigse is dáimh,
Badh mhian liom scríbhinn chaoin do dhéanamh tráth
Do Liam Ó Ríordáin, saoi gheal tséimh gan cháimh.



A ghrian mo chroidhe 's a dhíograis cléibh thar cách,
Iarraimís-na guidhe na naomh i dtráth,
Fiabhras nimhe de shíor ar thaobh ár námhad
'S go riantar slighe do'n bhuidhin seo ag pléidhe ár gcás
Nótaí Mhíchíl Óig:



A shoilbhfhir do shocaruigh na bhearsaí i n-uaim
Led' chrobhaibh-se go soirbh sona i ndréacht grinn suadh,
Dar Ghobnait is doilbh liom do shéaluidheacht uainn
I n-oircheadas ag bodaigh chuthaigh chlaon-chuim chruaidh.


L. 269


Chun Sheagháin Uí Chonaill, go Tuath na nDromann.



Dá mb'acmhain le ráidhte blátha binne luadh me,
'S a dtarraing ar phár go sásta i bhfuirim duanta,
Do bheadh ranna gan ráfla dánta is laoithe luatha
Dá scaipeadh idir dháimh ar Sheaghán Ó Conaill uaim-se.



Is measa mar atáim gan fáth ná fios na gcruadh-cheacht.
Is m'athair ar lár 's an táin ba thuigseach tuairim,
De dheascaibh an cháis ní gnáth me idir na suadhaibh
Ná ag grafadh na lán-star mbreághtha mar ba dhual dam.



Ba mheanmnach linne ruith id' chomhair a laoigh
Ag radaireacht suilt 's ag cur na sceól i suim,
Acht graithin an uilc anois i bhFódla Chuinn,
Ár bhfearainn aca agus sinn go mór n-a ndíth.



Ná bhacaidh-se soin, tá fuireann chóir ag tigheacht
Go gearannaibh Luirc le gcuirfar gleó nach tím;
Scaipfid ár mbruid, is brisfid fós ár gcuing,
Is beidh Danair ag ruith go sinnil fód mar bhíos.


L. 270



Chun Conchubhair Óig Uí Dhálaigh, i mBaile Mhistéala.



A shéimh-fhir ghlic Ghaedhealaigh 's a charaid dhíograis,
Dod' fhéachaint go héascaidh do rachaimis-na
Le saor-chumann cléibh dhuit tar fearaibh Chrích Luirc,
Acht claon-bhearta an tsaoghail is na nDanar ndíoghaltach.



'Om chéasadh 'om thraocadh 's 'om ghreadadh bhídh-sean,
Gan réidhteach ar ghéibheann na scaipeadh daoirse;
Acht dá n-aomhad an Dé-mhac mo ghlasa scaoileadh
Badh shaothrach me taobh leat ag cantain laoithe.



Bheadh saor-chlanna Éireann i gceart a sinsear,
Is téada go gléasta le spreagadh caoin-phort,
Is dréachta 'gá ndéanamh i seana-Ghaoidhilg,
'S an Éigse uile i gcéimibh ná measaid daoithe.



Mo léir-chreach mo léan is mo lagar nimhneach,
An Ghaedhilg fé eiclips gan ceannas choidhche;
Mar éagsat an laochra do chasfadh í sin,
Is dá saoradh badh néata ghlacfadh caoil-pheann.



Gach sméirle leamh baoth chun ar theangmhaidh puinn di
Ní méinn leis a leaigean do ghraphadh arís linn;
Is féachaidh a shéimh-fhir, cé beart nár cuibhe dhuit,
Gur léigis-se féin mise i n-aistear roimhe seo.



San tsaogal so tréimhse dá ngabhaimís-ne
'N-ár réimibh fé Éirinn chun t'athar dílis,
Níor bhaoghal dam mo éaradh fé leabhar Gaoidhilge,
'S gurab éascaidh do dhéanfainn a chasadh arís air.


L. 271


Freagra Mhichíl Óig ar Mhac Uí Chaoimh.



A leitir bheag bhláith slán leat go gcasair arís;
Is déin deifir le bárr ghárdais chun faraire an ghrinn;
Reicidh leis tráth cáile na haiste ar a mbím,
Chun gleice le námhaid láidir nach acmhuineach sinn.



Gur leigeas ar lár ceárda 'n-ar cleachtamair suim,
Eiteal tar fál báire agus blaiseadh na dighe;
Ni deirtear liom dán sásta, agus stadas de scríbhe,
'S is meirgeach támhach thárlaidh soin barra mo phinn.



Leigim 'n-a dáil báin-chnis gan faic ar a taoibh,
Geil-chnis ghrádhach áluinn tais mhaiseamhail mhín,
Ar ceilg-ghoin námhad ngáibhtheach dhá sheachnadh síor;
Go bhfeicidh go sámh sár-churtha a leanbh i dtigheas.



Chun Sheagháin Uí Mhuláin i gCorcaigh



Sin stáidbhruinneal mhnámhail is geanamhail gnaoi,
Is tá tár-nocht gan scáth uirthi ar ghailleamh ná ar shíon,
Le barr cumainn grádh dho thar fearaibh na gcríoch,
Chun Sheagháin ghil mhic Phádraig go sleasaibh na Laoi.



Ní áirímhim-se Cáit chneasta charthannach chaoin,
An mhánla dheas ghrádhmhar gan magadh gan puimp,
Badh náireach an cheárd soin a dearmad linn
Gan tracht uirthi im' ráidhtibh at recte ar nglacadh mo phinn.


L. 272


Chun Donnchadh Ó Floinn, i gCorcaigh.



A fharaire dhil eagnaigh is gaoismhar grádhach
Is d'eascair d'fhuil na bhfearachon do b'aoirde cáil,
Glac-se anois mo scata bruinneal binn tais bláith
Gan beanna bruit dá dtearamonn ó rinn go sáil.



Cleasa nimhe cealgacha an tsaoighail smáil
Dom' chaitheamh as mo bheartaibh is dom' chlaoidhe thar barr,
Fé ndeara dham ná deachadar-san roimhe seo id' dháil
Graphaithe go slachtmhar cliste caoin gan cháim.



Is aitchim sibh a dhragain mhilis chaoin-tais cháidh,
Ó's agaibh-se is maith fhios iad a scríbhe ar phár,
Gan tarcaisne do thabhairt ann dom' dhícheall báis,
Acht gabhaidh lem' bheag-acmhuin-se mar dhíol san dáil.



Tá mearathal ar m'aigne agus líon-ruith lán
Mar mheathadar an t-arraid-shliocht soin Mhílidh bháin,
A maireann díobh go scaipithe gan chrích gan áird,
'S a bhfearainn uile sealbhuighthe ag druing tar sáil.



Níl leabhar suilt dá graphadh againn ná scríbhinn bhláith;
Ní mhaireann file feasach fuinte a shníomhfadh dán;
Níl meas anois ar chantain mhilis bhinn na ndámh;
Acht glamharnach an Ghalla-ghiolla bhuidhe 'sé is fearr!"



Is leath-chothruim an aiste seo ar a mbím-se is cách;
Ní gheabhainn-se a leabhair-sean im' shlighe as a n-áit,
Is mo leabhair-se bíd aca-san seacht mí agus lá,
Cé feas go bhfuilid dafhichid seana-mhíle óm' thráigh.


L. 273


Acht geabhad-sa ar eachtradh fe Chríochaibh Fáil,
Ag racaireacht 'sag rannaireacht 's ag scríobhadh gach dáin,
Dá gcasfar liom san mBanban ghluis aoibhinn bhreágh,
'S beidh leabhair agam startha suilt is laoithe a lán.



A fharaire an ghrinn is gaoismhar Gaedhealach glan,
Is dathamhail díreach díleas déid-gheal deas,
Abair-se linn, nó an sílir féin a shearc
Go gcarsfar ár náimh arís a hÉire amach.



'Sé meastar le druíng san tír seo i ndéinim stad,
'S do chluinim-se, a laoich, dá ríomh é i mBéal na bhFear,
Dá dtagadh an bhuidhean gur scaoil a scéal tar lear,
Go mbeadh Danair ar tí ár millte in-éiric as.



Go mbeadh scaipeadh agus sceimhleadh nimhe aca ar Ghaedheal-fhuil
ghlan
Gearradh agus díoghaltas timcheall Éireann Airt,
An cailm-fhear groidhe an naoidhean 's an bhé bheag dheas,
An tseana-bhean chríona fior-bhocht aosta lag.


L. 274


Chun Diarmaid Ó Longaidh i Maghchromdha.



Sin duine ler dhaithnid ceasna is díth na nGaedheal,
'S tá urramach aibidh cneasta caoin le cléir;
A shloinneadh agus a ainm geabhthar linn ar mhaor,
Biorar is barc 's a dteacht i gcuing maraon.



U 0401
Freagradh Dhiarmada ar Mhicheál Óg.



A Chumainn ar fad 's a dhalta chroidhe mo chleíbh,
Tuigim go ceart do dhearbh-intleacht léighinn;
Urraim an aingil, neart na diadhachta féin,
Go fuinneamhail barc ar eas le gaoith i gcéin.



Tuigfir-se m'ainm gasta i gcrích 's i gcéill,
Mar gourthar me i gceart ó arm Ríogh na naomh;
Mo shloinneadh len' ais ó mhac an chinn nár ghéill,
Fuireann i gCaiseal daingean díon buidéil.


L. 275


Chun Seagháin Uí Choileáin i bParóiste Míorois i gCairbreachaibh.



Ó's duine thu mar chluinim-se 'tá léigheanta suairc,
Tuigsionach i laoithibh suilt 's i ndréachtaibh suadh,
File maith do chuirfadh siolla i gcéill 's i n-uaim,
Id' chuideachtain níor mhisde liom dá dtaoscfainn cuach.



Sin Finne-bhean deas mhiochair mhilis bhéal tais bhuan,
Bruinneal bheag na muirear-fholt is néata snuadh,
Gan foithin bruit mar innisim dá gcaomhnadh ar fhuacht,
Do leigim-se go hinnealta dod' fhéachaint uaim.



Chum am Athar Seaghán Ó Néill i gCill na Mullach.



Le mórdháil le sólás le taithneamh trí ghreann
Do'n Óghán gheal cóir-cháileach gheanmnaidhe mhodhmhail,
Cé leór-lán feadh an fhódáin seo i bhfuilimíd sonn,
I gcómh-dháil ár gcómh-scoláire rachaimíd ann.



A chumainn mo chroidhe 's a dhíograis thaisce mo riúin,
A ruire na Ríogh 's a Rígh ghil Fhlaitheas na ndúl,
Ó's tusa do scaoileann oidhche is eadarshuth chughainn
Coimirc is díon de shíor an sagairt so dhúinn.


L. 276


Litir a chuir Seaghán Ó Braonáin, ó
Bhaile Mhic Aindriais, i gConntae Chiarraighe,
ag triall ar Mhicheál Óg, go Cill Uí Mhurchadha
i n-aice Corcaighe.



A bhile de'n dáimh rug barr ó éigse an ghrinn
Is binneamhail rádh 's is áilne bréithre binn,
An bhruinneal do rádhais-se, d'fhág go déarach sinn
Ó Cheangail sí páirt le náimhde Cléire Chríost.



Muna dtigir im' dháil, ar bhán-bhrat aoldha uait scríobh
Gach laoithe agus dán ghníonn dáimh id' thaobh-sa dhe'n chrích,
Oir is binne le Seaghán do ráidhte i n-éifeacht cruinn
'Ná cruitire clár is gáir na n-éan ar chraoibh.



Mo mhilleadh go bráth mo chrádh go n-éagfaidh sinn,
Mar cuireadh chun fáin sliocht áluinn Éibhir Fhinn
Do bhí i gceannas go hárd i gcáil 's i gcéim san gcrích
Gur thaisteal tar sáil tréibh Mhártain shéan an rí.


L. 277


Chun Sheagháin Uí Bhraonáin, Baile Mhic
Aindréis, i gCo. Chiarruidhe.



A fharaire shéimh thréithigh ná feacadh-sa riamh,
Is d'eascair d'fhuil trein tsaor-fhlaith bhí carthannach fial
Mara raidfir-se dréacht éigin dom' cabhair aniar
Ní bhacfad lem' rae shaoghail tu ná caitheamh it' dhiaidh.


L. 278


Chum Mhichíl Uí Longáin láimh le Corcaigh.



A chaith-bhile cháidh d'fhuil láidir laochda laoich
Ba lannamhar tráth ag tnáth go tréith a náimhad;
Ní'lir-se táir, is tu is fearr 's is léigheanta laoi
Ó Chorcaigh na mbád go mághaibh deigh-réidhe na Midhe.



Cuirim-se id' dháil, a ráib, ar chaomh-bhrat chaoin
Go dtiocfaidh thar sáil mór-tháin a dhéanfaidh díth;
Goinfar do námhaid, sliocht Mártain shéan an Rí
Is d'aistrigh tráth ó ráidhte naomhtha Chríost.



'Sé deir laoithe na bhfáidhe ráidhte 's dréacht gach draoi
Ar mheamraim bhán ó ár na nGaedheal do scríobhadh,
Fé Nodlaig gan phlás go mbeidh rás le Faobhar-ghuib claidhimh
Ar a maireann ded' námhaid ag sáir-shliocht Éibhir Fhinn.



Ceangailte ag báb níor thárladh féin go fíor,
'S ní meabhair le Seaghán go bráth ag béith bheith síor;
Ní'l maitheas i mnáibh, 's iad d'fhág go tréith mo dhíth
Gach a maireann de'n dáimh fé cháin ag Béaraibh fhill.



Gloine badh chumhang liom le diúgadh ná an cnagaire
'S má castar me is tú-sa fé subhchas i dtabhairne
Beidh fáidhe gach cúige go humhal ann 'n-ár bhfarraidh-na
'S ní fhágfam an dún soin go ndiúgfam an baraille.
Seaghán Ó Braonáin.



An Dara Freagradh



I mbeó-cruth gan breóiteacht im' ballaibh atáim,
Céad glóire le comachta an té dhealbhuigh bán;
Sómnus 'om fhóigse nuair thagann gach tráth
Níor leóir leis me leónadh go treascartha acht spás.



A leógain is eólgusach radaireacht dáin
Is glóire dod' chóige thu i gceannas mar táir,
Led' ghlórthaibh a bheó-ghoin gach Sasannach sámh
De'n chóip seo nár órduigh Rí rathmhar na ngrást.



Géillim a shéimh-fhir is binneamhail rádh
As naomh-shruth na Raomann gur ibhis do sháith,
Mar is tréan tigeann dréachta go milis ód' láimh
Ar aol-bhrat dom' fhéachaint go sultmharach sámh.


L. 279


Ar éan-chor ná déinidh-se mise d'iomcháin'
Mar nach léim d'ibheas éan-rud as srothaibh na mbáb;
Ní héigeas deigh-léigheanta ná tuigsionach dámh
Me féinig acht réice leamh liosta gan áird.



Is fada mise ar mearathal
Cé deacair liom duit innsint,
A bhile mhilis mhíonla
De shíolrach na leoghan
Ba lannamhar i dtreasannaibh
Gan eagla roimh náimhdibh,
Ag leagadh marbh mílte
Le fíoch-nimh i ngleó;
Ciaca b'fhearra dham bheith ceangailte
Le mascallach, de'n fhíor-fhuil,
Ghasta ghreanta ghrinnmhar
Gan maoine gan ór,
Nó caille dhubh do shnaidhmeadh liom
Nar chleachtadar a sinsir
Acht ceachardhacht is cinnteacht;
Sin scríbhte mo bhrón.


L. 280


Micheál Ó Caoimh cct. do Mhicheál Óg.



Dá mbadh mise an file amra
Dhéanfadh ranna creanna i gclódh,
Do scaoilfinn laoithe i bhfuirm dána
Le ró-ghrádh do Mhicheál Óg.



Ní mhaoidhfinn feacht ar mac an eólaigh
Ba ghaoismhar cóir le seóladh peann
Uaim is aiste ar fheabhas Éireann,
Slat gheal chaomh do phréimh ó'n nGleann.



Do leitir dá bhfághainn im' láimh a Mhichíl
Is deimhin go ndáilfinn fáilte fíor-chaoin;
Deirim a ghrádh, 's ní ráfla maoidhmíd,
Gur cheileadh do pháirt le Seaghán an ríghnuidhe.


L. 281


Chun Phartholáin Uí Longáin go Caisleán
an Phúca láimh le Dún ar Aill.



'S cé cuireadh me i gcéin seal i bhfad om' mhuinntir
'S gan duine 'em chaomh-ghaolta lem' ais san dtír seo,
Is milis glé an scéal liom le clas 's is aoibhinn
Go bhfuil slisne 'en ghéig chéadna n-a stad san gcrích sin.



Nár chuirtar mé i n-éagcruth fé leacaibh sínte,
'S nár chluinidh mé scéal ort nár mhaith le hinnsint,
Sinn araon i n-éin-tigh go gcaithfam oidhche
'S an gloine i gcéim gléasta dá bhlaiseadh timcheall.


L. 282


Chun Donnchadh Ó Floinn i gCorcaigh.



A Dhonnchadh go saor-ghnúis ngil,
Léig-se chugainn i scríbhinn
Cad is riocht dár gcáirdibh thall
Do réir teasta na mór-Ghall.



No an fríth an freagradh fós
Ó'n gcoiste gclaon gan deagh-nós
Ar an mbile milis mbocht
Do chursam uainn gan éan-locht.



Aithris dúinn gan bhleid gan bhaois
An mbeimíd mar a dubhraois,
Is duanta ár sinsear sár sean
Dá n-ath-chur linn ar mheamram.



Táim-se mar an bhfáidh fítheal
'Graphadh ar mo lán-dicheall,
Chur bhur dteangan mar sin beó
Gan urdhubhadh gan aith-cheó.


L. 283


Chun Eoghain Tóibín, Sráid na Blárnan i gCorcaigh.



Is é bhreóidh sinn gan gnó linn gan meidhir gan áird
Eoghan croidhe-gheal Tóibín bheith tinn mar atá;
A Mhóir-Chríost do fhóir sinn ó threighead-goin plágh,
Deonuighidh an leoghan groidhe seo leigheas i dtráith.


L. 284


Chun Eoghain Uí Shúilleabháin, Oide Scoile, i gCorcaigh.



A Eoghain ghil ghasta 's a dhalta na Muses mbán,
A Leogain chailce de mhaithibh Shíol Shuilleabháin,
Le mór-ghean daingean dot' ainm dot' chlú 's doth' cháil
Tá Pól beag agam dá thabhairt go humhal fed' láimh.


L. 285


Micheál Óg Ó Longáin cct.
Chun Seagháin Uí Dheasmhumha, máighistir
scoile do bhí i nInnis Eoghnáin, aga raibh a
mhac Pól, ar scoil.



Beannacht is céad uaim féin le taithneamh díograis,
Do'n bhfaraire shéimh de phréimh-shliocht Chlanna Mileadh,
Is blasta do léighfadh Gaedhilg, 's is deas do scríbhfadh,
Is labharann Béarla géar go gasta gaoismhar.



A dhaltha mo chléibh, má's méinn leat seanachaidheacht ghlan,
Imtheachta Déirdre léigheamh is mac beag Aoife,
Startha na Féinne, is éachta Clanna Baoiscne,
Nó beatha na naomh ngeal nGaedhealach neartmhar ndíleas.
Tá agam-sa féin gan séanadh startha sinsear,
Seanchus séimh ar Éirinn fhairsing aoibhinn,
An fhaid mhairfam araon san taobh so d'fhearann Chríomhthain
Do gheabhair do dhaethin dréacht ndeas aiste is laoithe.


L. 286


Ag cur a mhic Pádraig ar scoil go
hInnis Eoganáin, chun Sheagháin Uí Dheasmhumhna
san mbliadhain 1818. Séamus Ó Cruadhlaoich
do b'ainm do Shagart na paróiste sin.



Gluais ort a bhuachaill bhig aeraigh óig
Fé thuairim na n-uasal nach claonmhar nós,
Is cé muar í do chuaird-se thar Éirinn mhór
Ní bhfuairis chomh suairc iad i n-éan-bhall fós.



Suairc-shagart suadh-suilt i gcéill 's i gcló,
Buan-oide buacach dhon aos bheag óg;
Ar Uan gheal na muar-fheart, tug saor na slóigh,
Buanuigh gan buaireamh na séimh-fhir sóghmhail.



Sluaighte ban uasal na gcraobh-fholt n-óir
Beir uaim leat mar dhualgas le géir-shearc dóibh;
Is dá chruaidhe 'n cuisne bhuailfidh ar thaobh na n-ógh
Ní'l ruainne ó'n bhfuacht soin ná eadach leó.


L. 287


Freagradh Sheagháin Uí Dheasmhumhna.



A shuairc-fhir chaoin stuamdha 's a bhile léigheanta,
Do fuaireas uait sluagh bruinneal milis maordha;
Bhí gach stuaire aca i nuadh-bhrat 's i n-iorradh néata,
'S níor bhaoghal fuacht dóibh ruathar ná fearthainn spéartha.



Nuair fuaireas an sluagh soin ag teacht 'om éileamh
'S me ag gluaiseacht le fuadar ó theagh an Éin mhic,
Ghaibh muardhacht go gruadh me 's do chroitheas géaga
Seacht n-uaire gan fuaradh le'n bhfuirinn gcéadna.



Cé gur mhuar dóibh a n-ualach fé theas na gréine,
Le cluan-stair gur luadhadar liom easbhaidh éadaigh,
An uaill sin im' chuan-sa níor ghaibh acht éaradh
Trém chruadhtan i n-uan-bhruit ná bearradh caorách.



Id bhuachaill tá suairceas is geallaim féin duit
An cnuasach do fuaireas go scaipfad é leis,
Ní n-a chruadh-shreabh bheag shuarach acht n-a thuile ag géimreach
N-a muar-shrothaibh buana gan eagal éaga.



Caraid Phóil, is dar ndóigh ní dearmhadtar,
Tu chur san chomhar ag Seón Ó Deasmhumha.


L. 288


Do'n Athair Domhnall Ó Súilleabháin, ar
dteacht do ó Mhagh Nuadhat go Corcaigh san
mbliadhain d'Aois Chríost 1820.



Cluinim féin go dtáinig sonn
A críoch Laighean na Laoch-Lonn
go príomh-phort Mumhan Mic Con,
An tsaoi do chrú na n-onchon.



Domhnall dreach-ghlan déid-gheal dil
de dheigh-shliocht oirdhearc Éibhir,
craobh ós cach is lonnrach las,
saoi i n-eagnaidh 's i n-eólas.



Dual do'n té seo ráim im' rainn
filidheacht féile foghlaim,
gaisce uaisle clisteacht ciúil,
saordhacht suaircis gan ain-iúil.



Míle fáilte d'ua Eoghain
go hor cuilinn caoin-cheolaigh,
minic bhí san taobh so theas,
a theacht narab 'aimhleas.



Sul líonsat danair tar tuinn
go hiaith ghlais Éireann áluinn,
is gur ghabhsat sealbh ár bhfonn
le gaoi feall agus for-lonn.



Do rachainn-se féin 'n-a dháil
go meadhair is go mórdháil,
do chur fáilte rem' chara
mun' mbeadh nimh ár n-eascara.



Is an saoghal saobh gan iocht
dom' rad go taomach tár-nocht,
gan buar gan buailte gan brígh,
gan ionnmhus árd go ndímbrigh.



Cuirim ar Mhicheál an Maor
mo chur ar Neamh na nÁrd-naomh,
gan daoirse doilgheas gan duigh,
maraon 's an té seo ch l u i n i m.



An Ceangal.



Cluinim go dtáinig tráth san mbaile seo thíos
Siollaire sár-mhaith sásta searcamhail síoch,
Bile do dhearscuigh d'ard-fuil Chaisil na ríogh,
'S ar Mhac Mhuire na ngrás an ráib do thearmonn síor.


L. 289


Don Athair Ó Meádhra.
Micheál Ó Longáin cct.



Tá áthas cléibh ar Ghaedhealaibh Banba,
Idir dháimh is chléir is Éigse seanchuis
An Ó'n sairfear séimh do theacht in' easbog
Sé Liam geal calma Ó Meaghra.
Fear fearamhail fíontach súgach súil-ghlas
Carthannach cumtha lúthmhar láidir
Ceannasach clumhail múinte meanmnach
Searcamhail suairc gan gruaim in aigne
Gura fada bhéidh suas go buan gan mhairg
Gan bhuaidhirt gan bhascadh gan bhearna.



I meabhair i léigheann i méinn 's i maitheas
I bPearsain 's i scéimh i gcéill 's i gcneastacht
Ní fheadar cá mb'éidir d'aon dul thairis
Sin céim is barra ag an mbráthair
Acht baodhcas buan le h-uan na bhFlaitheas
A theacht de mhuar-thoil thuath is Eaglais
An chraobh gur bhuaidh ó Chluain go Caisiol
Gan phlé gan bhuaireamh bhuairt ná eacharann
I Luimneach thuaidh gur luadh an Easbog
An suairc-fhear carthannach grádhmhar.



Is fearrde Ó Tuathaig muar fad mhairifidh sé
N-a pháirt gur gluais an buacaill blasta so
Is áilim uaim ar Uan na Banaltran
Buan go rabhuid i gClár Luirc
Ní'l eiriceach baoth ná fanatic claon
Do thiocfadh i ngaor a dtreadhta súd
Ná go mbuailfidhear caoch gach n-aon de'n aicme sin
Le fearta Phroinséis ar ghlaodhach a dhalta leis
Biaidh Óileán na Naomh ar Éirinn gairmthe
Is aifreann Dé dá léigheadh i nGach Mainistir
Sgéal nach taithneann le Sátan.


L. 290



Micheál Óg Ó Longáin cct.



Sin feasta cuis áthais ábhacht is aitis
I bfearántaibh Áilbhe 's Chaisil go deó
In' Easbog mat thárla an bráthar beannuighthe
Is grádhmhar cráibhtheach carthannach cóir
Faraire fáithghlic fáilteach fearamhail
d'eascair d'fhuil Mheádra mheamnaigh mhóir
Na flatha ba gnáthách deaghthach fairsing fliuch
Táin is árd tug taithneamh do' Órd
Ba cheannasach clumhail maiseamhail muinte
Searcamhail súgach siubhlach feasamhach
Fiúntach fliúrseach ghnúisgheal greannamhar
Caithiseach congantach muirneach meacanta
An fhuireann ba chliste nár dóith bheith
Dearóil i dtreasaibh na dtreón.



Ní'l eiriceach smáil ná stráille fanatic
Cé fada dho'n Táin ar mearathall mhór
Ná casfaidh i dtráith ar Cheárd na bhFlaitheas
Le ráidhte breaghtha blasta an fhir óig
Is dearbh gur fearrde Clár glas Banba
Teastas is cáil is acfuin san eól
Sagairt is bráithre táid go deingean
I bpáirt an tsáir-fhir chneasta gan go
d'fheartaibh an úir-mhic cheannuigh go humhal sínn
Is fearra sín congnamh cúl is oraaid dho
Do stiúr go múirneach cugainn in' Easbog é
Cúis fá ndiúgfam lionnta 's beathuisce
Go múinte marthannach spreagam ar sámhchruit
Le dlúith-shearc dearbh do ráibh na nÓrd,


L. 291


Ó Tuaithigh féach gur céim is ceannus do
Gradam is séan fad mhairfid sin beó
Dalta Próinséis a laogh 's a leanabh
Do thaisteal go héasca feasta na chomhair
Dá ndeascaibh araon is é do mheasaim
Le h-aon toil Dé 's le feartaibh a comhacht
Go mbeidh Oileán na Naomh ar Eirinn gairmthe
Is Cléir go scleipeach salmach soghach
I Luimneach longmhar suidhte na Dhúthaigh
Dlighthar gan diúlta an t-úrghas múinte clumhail carthannach
Liam Ó Meádhra an mál do chanaim-se
Bliadhntach láidir slán go rabhaidh-sean
Ag riar ar chách 's n-a bhláth ar Eaglais
Is linn ní deacair a shláinte dh'ól.


L. 292


Do'n Athair Micheál Ó Fithcheallaigh.



Cé thaistealas ó Chaiseal toir go Béara ar fad
Ag machtnamh slighte 's bearta buile shaoghail na gcleas,
Ní fhacadh-sa dá sagartaibh do b'fhéile neach
Ná is blasta binne labharann an Ghaedhilg 'ná an fear.



Is deimhin gur thriall m'iarracht ó'n Sionainn 'n-a dháil
Le meidhir is mian 'fhiafhraighthe 's 'fheicsint tar cách,
Greadhan-fhlaith fial ciallmhar is cliste ar bith cáil,
'S é deagh-mhac dian Diarmada Uí Fhithcheallaigh an ráib.


L. 293


Chun Donnchadh Ó Floinn i gCorcaigh, ar
bhfagháil scéala uaidh gur tuigeadh dho féin go
raibh ag druidim le ceann a théarma ar mbeith
dá céadfaidhe uile agus dá neart ag dul ar
gcúl uaidh.



Is atuirse géar cléibh liom 's is barra ar mo bhrón
A fhir charthannaigh shéimh thréithigh nár cheachardha meóin,
Mar bhraithim ar scéal éigin dá dtagann im' threó
Go meastar id'chéill féin leat nach fada bheir beó.



Go bhfuil dalladh agus daor-chlaochladh ar do dhearcaibh gan ghó,
'S gur laguigh do ghéag ghléigeal ba neartmhar ar ghnó,
Ná tagair do chéim chaomh-choise trasna an róid,
Is gur mheathais go léir 's é sin dearbhadh an sceóil.



Stad-se go réidh éist agus fanaidh go fóill
Ag seasamh go tréan fé choimirc Athar na gcomhacht,
Ód' leanbh is é chaomhnuigh len' fheartaibh thu fós,
Is feasta ó's faon aosta dhuit glacaidh do dheóir.
Ná mealladh thu an saoghal claon-so, tá a atharrach romhat,
'N-a gcaithfidh gach n-aon géilleadh agus freagairt do'n chóir,
Do chaithis do shaer-thréimhse go seascair le sógh,
'S dod' leanbh ní baoghal daor-mheas ná aithis it' dheóidh.



Ní seanduine baoth aosta thu meathta gan gnó;
Níor chaithis do ré, b'éidir duit seasamh go fóill;
Acht casachtach ghéar bhaoghlach do laguigh do threóir,
Le'r bhascadh do chaomh-chéadfadh idir achmhuin is eól.



Aitchim go tréan saothrach ar leanbh na hÓighe
I ngarbh-chrois daer chéasta do cheannuigh na slóigh,
Ó's fada an t-aon tréimhse ná feacadh thu a stóir,
Go ndearcam go léir a chéile i bParrathas fós.


L. 295


D. Ó Floinn, cct. chun Mh. Uí Longáin.



Dá mbeadh fhios ag Micheál an earráid 'nar thuiteas-sa
Agus fáth rúin mo dhiombháidh is mo ghearán chroidhe uime sin
Mar chailleas tré bhaothnasc an téud dob ionmhuin liom
Iar dhraoi na héigse mo chaomna ba mhinic linn.



Do dhealuigh óm chaomhthacht-sa an t-éigeas gan imreas
Gidheadh d'fhuathuigh me is m'árus an lá úd do chionnta-sa ?
Acht d'á maithfeadh an daoi-si mo ghniomhartha go huile dam
Do gheallfuinn go fíor do an tsuim sin uaim d'ionnarbadh.



Oir admhuim mo bhaethmheas iar ndéanamh an ghníomha
Gur thuigeas gur tréin tsearc ba mhéinn liom do shíolchur
Go marthannach nó mise agus gol ghean na ndaoine
Gur mealladh me as m'éirim d'fhúig me go neamhghaoismhear.



An freagra ar sin.



A Dhonnchadh a chogair ghil 'sa ghrádh mo scart
Air m'fhocal duit gur doilig liom do chás le seal
Is an tsolas-bhean dheas bhrollach-gheal bhí grádhmhar glan
Bheith goirtighthe mar chloisim-se sna sláinte lag.
An bhoichtineacht lér clogadh me is lé'r cruadhadh ar fad
Thug folamh mé gan costas cear gan áird gan raith
Nó is brostathach do rachmhun-se 'sis dána deas
Do t'fachair-se a racaireacht mo ráidhte leat.


L. 296


Freagra ar an rann so do chuir Donnchadh Ó
Floinn ag triall air.



Tuigim gur tearcsa maoine do dhíbir sibh-se
Óm' theagh óm' chaomhtacht 's gur thréigeabhair mise;
Dearbhaim díbh nár ghaois me thréigean
Ná chur i ndearmad ar gcaitheamh mo théarma.



Sid é freagra Mhichíl Óig:
Beannacht is céad léigim-se feasta chun siubhail
Le taithneamh ceart saor cléibh do'n fharaire chlumhail;
Greadadh ar an saoghal claon so atá dhom' chaitheamh ar gcúl,
Fé ndeara ná glaodhaim féin mar do chleachtainn n-a dhún.



Is fada ná déintar aonach ná margadh liúm,
'S is annamh a théidhim ag éisteacht an aifrinn riú;
Acht im' shean duine bhaoth aosta bhocht dealbh gan fonn
Ná earradh dheas ghlé néata badh mhaise dhom' chom.



Ag machtnamh ghach scéil léightar i leabharaibh liúm,
'S ar thairngreacht Naomh Éireann 'nar ghealladh ar dtúis
Scaipeadh ar an bhféinn gcaemhtheach thar fairrge anonn,
'S is dearbh go lae m'éaga ná hamharcfad siúd.



'S é mheasaim gur bréag baothacht is bladar ba rún
Do'n aicme ler léir-leigeadh na startha soin chughainn,
Acht aitchim an Récs naomhtha a mhaitheamh soin dúinn,
'S go bhfaiceam go léir a chéile gan mhairg na dhún.


L. 297


Chun Dhonnchadh Uí Fhloinn, Micheál Óg Ó
Longáin, cct.



M'fhad-chuma mo chathugha mo chás mo dhíth
An cheaschumhang so ag neadúgha le spás ad chroidhe
Acht an Mac úd do ghaibh púir is páis nar ttaoibh
Do chneasúgha gach cnead dubhach atá dod chlaóidhe.



Seanúghdar dheaghchlúmhala atá dá mhaóidheam
Gur dleacht dúinne deachmhúgha na sláinte dhíol
A shearcrúin o's mar siúd do thárla dhíbh
Dar liom is maith súil le na fághuil arís.



Geanaire an 4 lá 1824.


L. 298


Risteárd Mac Coitir, ó'n gCladh-choill ar
bhruach na Brighde le hais Ráth Chormaic, cct. do
Mhicheál Óg Ó Longáin, i nGleann Maghair.



Bliadhain fé pheannaid ar leabaidh is me tinn breóidhte
Fé chiach gan aistear is mo bhallaibh go críon feóidhte,
Mo scéal cé haindeis tá agam-sa fíor-dhóthcas
Go sciathfar Banba ó reachtaibh na claoin-chomhairle.



Tá Ó Conaill gan mhairg 'n-aghaidh namhaide Chláir Féidhlim
Le cumas ghá leagadh gan arm ná scáth scéithe,
Acht friotal a theangan mar Shalamh na sár-chéille,
Nó an duine do tharraing cun fearainn sliocht Árd- Éacob.



Sin míle bruinneal gan foithin gan scáth éadaigh,
Acht dlaoi-fholt cluthmhara cruipinneach cáidh-chraobhach,
Le díogras cumainn ó imeall ghlas Ráith Shéarlais
Chun Mhichíl mhilis ghlain mhiochair Uí Longáin léigthe.



Sin spéir-bhean gan chéile uaim chughat a shearc,
Acht sméirle dhein éigean ar phlúr na mban;
Gléas-se do chaol-pheann go lúthmhar pras,
Ó'n gclaon-bhodach saor í agus tabhair di fear.


L. 299


Ag freagradh ar Risteárd Mac Coitir.



A shéimh-fhir is léigheanta 's is núinte meas,
Is léan liom do ghéag gheal gan luth gan phreab,
Do chéile dheas mhaordha go dubhach fed' cheas
Mar aon le n-a caomh-shliocht, 's gan a súil-sean leat.



An bhé úd gan chéile, acht rúcach leamh,
Do léigis fém' dhéin-se ag tnúth le fear,
'S é badh mhéinn liom dá bréagadh 'n-a dhúthchas ceart
An Saesar tá ag plé dhi nach rún le Sag.



14 Trogháin 1833.


L. 300


Dar mo láimh-sa a leabhráin bháin
Tiocfaidh lá agus badh fíor
Go ndéarfaidh neach ós cionn mo chláir
Ní mhaireann an lámh do scríobh.



Dá bhrigh sin a léightheoir bhig ionmhuin
Sirim do ghuidhe chun Dé ar mo shon.


L. 301


Chun Conchubhair Uí Iarfhlaithe, ag iarraidh
iasacht leabhair air.



A fhir shoineanda shlachtmhair tá carthannach séimh go leór,
'S do thuigeann gach aiste do cheapadh san nGaedhilg romhainn,
Ó's ionmhuin libh startha do scaipeadh le réic dhem' shórd
Cuirfad-sa a-bhaile do leabhar is buidheachas mor.



Siosma agus agall na leanbh mbeag mbaoth so im' chomhair,
Is dlighthe na Sacsan ler creachadh na Gaedhil mo bhrón,
Tuitim na seabhac ba thaca 's ba chéim do'n eól,
Bheir mise go balbh gan aiteas i mbréithribh beóil.



Sin triochad is daifhichid is seascad is caogad fós
De bhruinnealaibh bharrfhionna dheasa gan bhéim 'n-a gclódh,
Le hiomarca taithneamh do raidim-se féin id' chomhair
Gan timheall gan ainnimh gan earradh gan éadach leó.


L. 302


Tar éis do "Eachtradh an Mhadraidh Mhaoil"
do scríbhadh i gCúil Uí Mhurchadha, i dtigh
Sheagháin Uí Dhubhghaill.



Dá n-innsinn Eachtradh an Mhadraidh Mhaoil im' scéal,
Nó an Ghoill san gcarraig ler cailleadh na mílte laoch,
Nó an cuimheascar catha thug clanna Mhic Chuinn do'n bhFéinn,
Aoin mhac fleascaigh ní abair gur bhinn leis é.


L. 303


Chun Máire Ní Bhriain i Maghchromdha. Iasacht
leabhair do fuair uaithi roimhe sin, agus do
gheall Micheál di a chur a-bhaile chúichi.



A gheil-chnis tséimh is béasach beacht-mhúinte,
Ní reicfinn leat bréag i gcéim nár cheart dúinne;
Gan deifir gan phléidhe gan baoghal ná mearughadh ar bith,
Bead-sa fe'n scéal so do réir mo gheallamhna.


L. 304


Chun Sheagháin Uí Mhuláin i gCorcaigh, dá
iarraidh air, Aodh Mac Aingil do tugadh ar
iasacht dó tamall roimhe sin do chur thar
n-ais.



Sin scaodh beag bairrfhionn do raidim go saordha sóghmhail
Do'n Gaedhilgeach ghasta soin d'eascair de phréimh-shliocht treón,
Is cé léir dá maireann gurab aicme iad nár aosuigh fós
Táid maordha maiseach 's gan earradh gan éadach leó.



Tá a gcraobhfuilt casta 'n-a mbeartaibh ar néimh ar óir,
'S a gclaon-ruisc ghlasa go ramhar glan péarlach beó,
Is caol deas mala ar aighthe gach béithe 'on choip,
Is déide cailce i mbalsam-ghob craorac cóir.



A gcaomh-chnuic ghearra nár glacadh le héinne fós,
A réidh-chruibh leabhaire bhaineas ar dhaor-bhruit sróill
Gné gach ealtan is abhalla is craobhcha cnódh
Éise ar easaibh is caismirt na dtréan-fhear romhainn.



Is léir dá n-amharcadh Aicil thoir gné agus clódh
Éinne 'en banna so ag taisteal go saor id' chomhair,
Go léigfadh thairis an ainnir bheag béaltais mhódhmhail
Trer traochadh acmhuin an dragain mhir éachtaigh mhóir.



A shéimh-fhir chneasta atá carthannach céim-ghlan cóir
Is léigheanta teagasc i startaibh i gcéill 's i gcómhad,
Má's méinn leat caradas cheangal le haon dem' shórd
Cuir Aodh Mac Aingil a-bhaile go héascaidh im' threó.



Léigidh seachat an scata fad th'aol-bhruigh romhat
Go ndéinid caradas ceangal is céad-ghean cóir
Led' chéile cneasta is led leanbhaí ba shaordha nós
Dá éis sin glacaidh-se an aicme gheal tséimh fé dheóidh.


L. 305


Ag iarraidh iasacht "Eachtra Thriúr mac
Ríogh na hIoruaidhe" ar Mhicheál mac Taidhg
Micheál Mac Ionnrachtaigh, 23N32, 10 i gCnoc
na gCóirneach.



A fhir chiúin shocair shona shíothchánta
'S tá fuinneamhail foirtill sochma caoin grádhmhar,
Druid liom, bog mo dhochta is bí'om páirteach,
Cuir chugham Cod Lan Locht 's a dhís bhráthar.


L. 306


Do Dhiarmaid mhaith Ó Longaidhe i Maghchromdha.



Bearta baotha is cleasa claona
An chama-shaogail smáil seo
Ler caitheadh faon gan treabh gan tréad
Gach flaith de'n Ghaedheal-fhuil ársaidh
Fé ndeara mé-se ag stad i gcéin
Gan teacht le tréimhse id' dháil dam,
'S go mb'fhearra scéal liom bheith led' thaobh
'Ná spreagadh saor na sámh-chrot.



Is fada géar atáim-se féin
Gan teacht ag féachaint Mháire
'S an leabhar saor darab ainm Aodh
Do chasadh ar phéarla an bháin-chnis,
Ainnir aobhdha bhlasta bhéaltais
Ghasta Ghaedhealach ghrádhmhar,
Is cneasta méinn dá bhfeacaidh mé
'S is fearra tréithe is ráidhte.


L. 307


Ag iarraidh iasacht an "Chronicum Scotorum"
ar Sheaghán O Coileáin, i bparóiste Míorois i
gCairbreachaibh.



Is fada mo chuaird ar uathadh cluithche ná ceóil,
Ag tarraing adtuaidh ó bhruachaibh Sionann na seól,
Le taithneamh is muar-thuairim tar iomarca slógh
Do'n dragan gheal uais shuairc seo ná feicim-se fós.



'S má's pearsa cheart chnuais suadh-oilte soilbhir Seón;
'S go bhfreagrann dá mhuar-thuairisc i bhfuinneamh 's i n-eól;
Raidfid go luath suaimhneach mear soineanda romhainn
Luis tairngthe anuas ar chruadh-theine chliste gan smól.



Sin seascad is buan buadh buille ceannas is comhacht
d'ainniribh cuach-chuanda is cailce cruth beó
Do raidathar suas uainne, le taithneamh dil dóibh,
Gan daingean ar fhuacht duartan ar ghailleamh ná ar cheó.



A shoilbhfhir dhil oirdheirc is riaghalta reacht,
Is ná togarann bheith goirgeách ná dian le neach,
Tobhair dham an Cronicum ar iasacht seal
Is bíodh orm-sa i n-obantacht a thriall tar n-ais.


L. 308


Chun Sheagháin Uí Chaoimh go Teampoll
Mhichíl, ar bhás Michíl Uí Chaoimh san mbliadhain
1806, ag iarraidh iasacht "Lóchrann na gCreid-
eamhach" air.



A Sheóin a chara a dhalta 's a ghrian mo scart,
A fhir ghleóidhte chneasta ler cheanglas mian is searc,
Is brón lem' aigne adhbhar do liach le seal,
Ar dtreón nár mheathta bheith marbh gan rian i bhfeart.



Oigfear acmhuineach araid .. iadhain ait
Beódha barramhail beannuighthe briathrach beacht
Córach caithiseach carthannach ciallmhar ceart
Dóid-gheal dathamhail daingean dil diadha deas.



Fórsach fearamhail flaitheamhail fial go feas
Gleóidhte geanamhail greannamhar grianmhar glan
Leoghanta leabhar-chruibh lannamhar liadmhach lear
Móinte meanmnach meacanta mian le maith.



Cé brónach bascaithe deascadh agus rian na gcneadh
Beith ag beodhacht cathuighthe, feasta n-a dhiaidh ní ceart,
S gur dóigh le a maireann do thaithigh a riaghail 's a reacht
I gcómhair na n-aingeal a anam gur thriall ar neamh.



Ó seóladh seacat it' aice san mbliadhain seo me
Gan cheól gan charaid gan leabhar lem' riar agam,
Is cóir dhuit, a fharaire eagnaigh chiallmhair ghlic,
An "Lochrann" lasmhar úd a thabhairt ar iasacht dam.


L. 309


A ghrian-fhlaith bhreágh ciallmhair nach goirgeach gnúis
Is tá fial fairsing fiafraightheach forasta fionn,
Is diadha glan riaras ar bhochtaibh id' dhún,
Tabhair iasacht, mar iarras, an bhosca soin dúinn.


L. 310


Dá iarraidh ar Ribeárd Breathnach cúpla
sean-leabhar do bhí ar iasacht aige uaidh d'fhágáil
aige chun go n-aithscríobhfadh sé iad uile.



A bhile mhiochair mhilis shnuidhte shéimh-ghluin tsuairc,
Cár mhisde sin dá scribhinn-se an méid sin uait!
Do bheadh guidhbhe an Leinbh Bhig 's A bhuime i n-éinfheacht suas
Chun Muire sibh-se choimirc is do léigean buan.



Ní'l file fuinte chuirfeadh siolla i gcéill 's i n-uaim
Mar rithid sin ó'n tSionainn ghil go Béara an chuain,
Má leigir-se na nidhthe seo do dhéanamh nuadh,
Ná cuirfidh laoithe i bhfuirm chirt dod' shaoradh ar ghuais.



Ní'l cion anois ar laoidhthibh suilt ná ar dhréachtaibh druadh
Ná ar fhriotalaibh na fuirinne bhí i réim ghluin uair;
'S é thuigim go bhfuil tubaist thuirseach dhaor, monuar,
Ar gach nduine aca ler bh'ionmhuin an Ghaedhilg a luadh.



Tuilleadh dhe mar thuigim-se is daordha snuadh
'Ná ar inniseas a Ruibirt ghil san méid seo luadhas,
Go mbeidh sibh-se is mise ciorrbhuighthe nó saor ó ghuais
I nIfreann nó i gcuideachtain na naomh ngeal thuas.



Ní'l duine ar bith san Innis seo do bhéarfadh duais,
Is d'imthigh sin chun ghliogair uile an Éigse uainn,
Fuireann gheal an oinigh is lucht déanta duan
Gur thuiteadar 's go bhfuilid sin go léir san uaigh.



Fiche ceart ar thriochaid de gheal-bheithibh uaim
Gan foithin bhruit dá gcoimirc ná dá gcaomhnadh ar fhuacht,
Le cumann dil do'n tsiollaire mhear éadtrom shuairc
Nar chrith roimh imirt luinne guirme géire cruaidhe.



Ceangal.



Breathnach beódha beóltais blasta béasach
Shlachtmhar seólta córach cneasta céim-ghlan,
Aitchim dó ar an gComhachtach geal do shaor sinn
A chasadh fós i ród a leasa dhéanamh.


L. 311


Chun Pádraig Uí Cuannaigh.



A scríbhinn beir míle geal-bheannacht uaim leat
Le díogras do'n tsaol ghlan is cneasta tuairisc,
Groidhe-fhear gan chinnteacht do char an suairceas
Mar sloinntear ó'n gcraoibh sin de mhaithibh Cuannaigh.



Innsidh gan righnas dom' charaid uasail
Go mbím-se ar mo dhicheall ag graphadh stuanna,
Ag cur laoithe Seana-Ghaoidhilge is startha is duanta
Go gaoismhar i scríbhinn ar aithris suadh suilt.


L. 312


Do'n Athair Pól Ó Briain is eadh adubradh
an cúpla rann so, ag gabháil buidheachais leis
fá'n nGramat graiméar do chum sé san mbliadhain
1809.



Cé fada ar lár bláth geal ár dteangan dúthchais
Gan mheas gan tabhacht, scáinte gan ceannar recte ceannas? conganta,
Tá seabhac sámh sár-oilte is maiseach múinte
De Chlannaibh Táil ársaidh do chasfaidh 'n cúrsa.



Beart tug bárr áthais ar feadh na Mumhan,
An leabhar breágh atá againn chun teagaisc múinte;
'S an fear do dáil an áis sin go cneasta clúmhail
Ar cheap na nGrás ngrádhmhar a dhaingean-chumhdach.


L. 313


Chun Seagháin mac Muiris Uí Chaoilte i
mbaile Cathrach Druinge.



Beannacht óm chroidhe le díogras cléibh chun Seagháin d'eascair
d'fhuil Chaoilte an groidhe-fhear Gaedhealach grádhach;
Flaith charthannach chaoin nach cinnte méinn is cáil,
Is aithchim-se ar Chríost a dhíon fé scéith na ngrás.



Táid leabhair dheas' Ghaoidhilge linne féin a lán,
Startha agus laoithe draoithe éigse is dámh,
Racaireacht ghrinn ar ghníomhartha Féinne Fáil,
Is do gheabhair do dhaoithin díobh go héag a Sheagháin.



Adamhaim gur gheallas-sa go séimh-ráidhtheach
Gramad beag do thabhairt duit um Fhéil Phádraig,
Níor mheasadh liom an teachtaire do ghlaodhach láithreach
Fé ndeara dham ná grafainn-se gan éan-cháirde.




Gidheadh, ní bhéarfar im' chodladh orm arís,
oir dá nglaodhfadh do theachtaire i gcionn
seachtmhaine beidh sé roimhe agam le n-a léigean
chugat.


L. 314


Scríbhneóir an leabhair seo
cct. cun an léightheóra agus go háirithe cun
a cloinne féin.



A séimh-fhir ghil go bhfuil an leabhar so id' dhóid,
Má léighir-se anois ar chuireas ann de'n eól
Is léir go gcuirfidh sibh i n-am san ród
Chun naomh-bhrogh Nimhe is cuir do mheabhair a ghlór.



Éighim is itchim, sirim ceann na Órd
Go saoraidh sibh-se is sinne i n-am an ghleóidh,
An Gaedheal-fhuil uile thiocht go ceannsa cóir
Fé scéith Mhic Mhuire is coimirc geallta dhóibh.



A laogh na gcumann fuiridh leam go fóill,
Tá an t-éag ag druidim linn gach am de'n ló
'S me i mbaoghal bheith curtha singil seang fé'n bhfód,
Camhain-se na dlighthe mheabhruigh Pól.



.i. Aitheanta Dé is na hEaglaise.


L. 315


Chun Airt Uí Laoghaire, dá iarraidh air
tamall de'n mór-leabhar do thug sé féin ar
iasacht do roimhe sin do chur chuige le Pól
ba theachtaire chuige an turas soin.



A fhiail-fhir ghasta tá searcamhail seólta subhach
De ghrian-tsliocht fearachon calma cródha clumhail,
Triall-se an leabhar a-bhaile le Pól beag chugham,
'S ní cian go gcasfaidh ort geallaim gan gó dhuit súd.



Sin triaith-bhean chneasta is cailce 's is gleóidhte gnúis,
Is riaghalta i mbeartaibh, 's is cartannach córach ciúin,
Gan cliabh-bhrat ceatha má's fearthainn má's reódh má's drúcht,
Ag triall chughat feasta agus fanadh id' chómhair go dlúth.


L. 316


Chun Airt Uí Laoghaire.



Sin seascad glan saor-bheithe gan faid ar a gcom
Le taitneamh ceart géar cléibh do'n fharaire chlumhail
Do eascair de phréimh Laoghaire ba rabairneach rún,
Lem' Peadar beag féin leigim-se feasta chun siubhail.



Raideadh an scaodh séimh-bhruinneal marthannach búch
Do'n cheathrar chaomh chéim-chliste carthannach úd,
Is aithriseadh sé i n-éifeacht do'n ghasraidh chlumhail,
Gur gairid bheidh Gaedhil Éireann fé ghlasaibh na mBúr.


L. 317


Ag cur fáilte roimh an Athair Pól Ó
Briain go Corcaigh, san mbliadhain 1815.



Ad-chluinim go dtáinig sonn
chugainn go deisceart Éireann,
fír-fhile faobhrach re fios,
saoi nach éadtrom san oidios.



Pól a ainm ceart le cóir,
Aithghein díleas an cheád- Phóil,
Dochtúir Diadhachta dian dil,
tréaduidhe tréan an Dúilimh.



Bile beódha bríoghmhar buan,
breitheamh blasta na saor-dhuan,
de deigh-shliocht Lugh' Meann na n-each
do bhí 'n-a Árd-rígh Muimhneach.



Cé Laighneach do gairmthar de
is Muimhneach d'iocht is d'fhéile;
gach ríogh-fhuil rathmhar fil ann
dar dhúthchas Teagh Chinn Chorann.



Mór chomaoin tar cách eile
ar an dTeangain Ghaedhilge;
do chum Gramat, lór a mhéid,
nár frith roimhe a leithéid.



Míle fáilte d'Ua na mBrian
go Crích Éibhir na n-óir-shrian;
iomdha neach anois i bhfus
ler fearrde a thíocht n-a bhfogus.



Aithbhir orm-sa ná tabhair
A' Fhir iúil 'san ealadhain,
ar son gach béime dá bhfuil
san mbeag-shaothar im'dheabhuidh.



Saoradh sinne Maor an Ríogh
Ar gach olc, ar gach ain-fhíor,
go rabhsam uile 'n-a thigh
mar aon 's an té ad ch l u i n i m.


L. 318


Chum Mhichil Uí Longáin an dara lá do
Nodhlaig na bliadhna MDcccxiiiii.
D. Ó Floinn cct.



Más guilimne an fáth fár thráig do chaomthaed
No fuath do ghlacais do dharadh na Gaoidheilge
Ní dual do t-amhail a dtasisge ar aon mhodh
A truailiughadh t-anma, a damaint do dhreachda.



As mithid má ail leat fáth an réabadh
So d'arguin-charaduis, theagbhuidh re tréimhse,
Do dheilig sibh-se re duine, dá bhféadfadh
Bhíodh arachdach urraimeach ursonta d'éigsibh.



d'aithris rinn re h-iogras breithre
Tré labhartha beoil 's dod' dheoin dhá ngéasadh
Óir ní fhaicim gur foghanta deoir óm mhéara
Dod' spreagadh chum aithris fairce do chréachda
.i. méid do chréachda má goineadh tu.



Bí beo nó marbh dein deabhaidh dom fhéachain
Go bhfeicfir am dhóid-se óir-cheárd léigheanta,
Do theagbhuig lan d'oirtheas fá'm chomairc go déanach.
Do chinnfeas mór mheanmuin ar sheanchaidhthe Gaedhilge.



Do thuigim go sonnradhach priomh-chlú d' Éirinn
'S do nochtas go grinn dinn fíor-thinnis Fénus
'S gach géag is bláth uaig d'fhás go h-éibhir
Mac Tanaiste Gholloimh do bhrostuigh go hÉirinn.



As ionmhuin liom taithniomh is caradas éigse
Ós cionn na haicme ghrádhas rachmus is réim-se
Ná smuain gurab' airgiod cealg an tsaoghail
Do badh áil linn taraint od' chófra shéighion.


L. 319


Do Pheadar Breathnach, Baile Fhinn.



I mBaile Fhinn thoir is fíor go bhfuil
An caoin-fhear cliste caomh-ghlan,
Breathnach beódha slachtmhar seóltha
Tapaidh treórach tréin-mhear;
Saoi le suairceas, croidhe gan cruadhtan,
Gnaoi gan gruaim roimh chéadtha;
'S ar an Rígh atá thuas a dhíon gach uair
Go bríoghmhar buan gan éislinn.



Labharann Gaedhilg ar mhaithibh na hÉireann,
Is taithneamh leis dréachta is dánta,
De Bhreathnaigh an tsléibhe 'seadh an cailm-fhear séimh
An gasradh léigheanta láin-cheart;
Tá rabairne is réim ann, fairsinge is féile,
Is aigne déarcach deaghtach,
An faraire gléigeal achmhuineach aerach
Ceannasach céim-ghlan cráibhtheach.



'Sé Peadar mo rún tar fhearaibh na Mumhan,
Fear searcamhail súgach sásta;
Is dearbhaim sonn dá gcuireadh-san liúm
Nár bh'eagal linn púir ó náimhaid.
N-a scaipeann gach smúit dem aigne ar dtúis
Nuair amharcaim gnúis an tsáir-fhir,
'S má theagmhann dúinn dón tabhairne shiubhal
Go mblaisfam le fonn a shlainte.



An Ceangal.



Díolfaidh an faraire cneasta mo dhorn laoithe
Le píosa tailimh do thabhairt ar chothrom cíosa;
Le taoibh na fairrge feasta go socair síoch dham;
Is cruinn 's is blasta do ghlanfad gach costas tríd leis.


L. 320


Do'n Athair Seagháin Ó Murchadha, Easpog
Chorcaighe.



A Uain ghil fheartaigh tug fairsinge Shíol Ádaim,
Buanuigh feasta agus neartuigh gan díth sláinte
Suas ár nEaspuig go hacmhuineach fíor láidir
Chun fuascladh thabhairt ar lagaibh gan puinn fagháltais.



Ní'l fagháltas ar fagháil dam ná sealbh saoghalta,
Is mo cháirde uile táid-san i nglasaibh éaga,
Gártha na ngárlach mbeag ndealbh ndéarach
Seadh d'fhág mise an tráth so ar easbhaidh éadaigh.



Le suairceas urrama cuirim i suim dom' thriaith
An fuacht ag druidim linn tuigidh 's an Geimhreadh ar dtiacht,
Ba dhual fine dho file gan mhoill do riar,
Níor muar dam culaidh dheas chluthair badh dhíon dom' chliabh.
"Agus fuaras í".


L. 321


Chun an Athar Seaghán Ó Murchadha .i.
Easpog Chorcaighe dá iarraigh air "Scáthán
an Chrábhaidh" do fuair sé ar iasacht uaidh
roimhe sin d'fhagáil aige chun go scríbhfadh
Peadar é.



Is é an leabhairín seo 's taithneamhaighe dá rángadh fós,
Is gasta gaois 's is leathan líonmhar lán de'n eól;
Táid ceasta críonna is glas ar mhíltibh go craíbhtheach cóir
'S a bhfreagarthaí go feasach fíor ann dáilte dhóibh.



Athchuingim i nAinm Íosa, a sháir-fhir mhóir,
Ná fearguighthar feasta linn tu, acht fág go fóill,
Tá Peadairín dá ghraphadh síos ar lán an tseóil,
'S ní fada an mhoill go gcasfaidh arís id' dháil gan smól.



"Thángadar a lán leabhar ó Áth Cliath chuige
roimhe sin agus n-a dhiaidh soin".


L. 322


Ag iarraidh iasacht "Bheatha Chríost" ar
an dTighearna Easpuig i gCorcaigh .i. an
tAthair Seaghán Ó Murchadha, san mbliadhain 1819.



Itche is áil liom d'iarraidh
I n-onóir Íosa chruth-niamhdha,
má's dleaghthach le hiarraidh soin,
A Easpuig uasail ionmhoin.



An ainim sirthear linne
beatha Mhic na Maighdine,
d'fhonn ár maitheasa theacht de
's maith na comhursan bochte.



Ní fhaca, níor theangmhaidh liom
I dteangaidh ársaidh Éirionn,
Laoi ná aiste dréacht ná duain
Is fearr bhogfadh croidhe claon cruaidh.



Croidhe gan truaighe agus gan taise,
súil nach suairc le so-mhaise,
ar a leagadh i n-ucht Mhuire
ná caoinfadh Mac na Trócaire.



Ár mbeannacht mar is cuibhe
d'Easpog chlumhail Chorcaighe,
tug an tseóid sin a sleadh cuinn
an tsaoi noch d'fhóir ár ndoghruinn.


L. 323


A Dhomhnaill a stóir ghil 's a thaisce thar cách,
De phór-sliocht na leogan nár cheachardha cáil,
Fóir-se ar ár ndó-fhulang ó's agat atá
Mór-chosnamh eólais is seanchais Fáil.


L. 324


Ag iarraidh iasacht leabhair ar Sheaghán
Ó Muláin agus ghá thabhairt ar an teachtaire
dul dá iarraidh.



A ghiolla bhig óig chóraigh is Gaedhealach grádhach
Imthigh-se romhat treóruighthe tréan do'n tsráid;
Innis do sceól do'n eólach gan bhéim 'n-a cháil
Is cuirfidh an tseóid gleóidhte sin saor im' dháil.



File glan mór-eólais is léigheanta tásc,
Soineanta seól-chóirighthe saordha sámh,
Do gheineadh de phór treón-fhlaith is Laochra Fáil
Is do hoileadh ar bhórd ordha na mbéithe mbán.



Do-chítar i gclódh óirdheirc tar éis a lámh
Laoithe 'gus comhaid chomhfhocail na héigse b'fhearr,
Fuinneamh is treóir lóchrann is phoenics árd,
Mo chumann go deó deónach go n-éagfad Seaghán.


L. 325


A phobail na Curradh mar thuigim 's nár dibh-se,
'S ó Chorcaigh go Luimneach rithfidh bhur gcáil timcheall;
A Dhia cár mhiste ba muca nó bán-chaoira
Seoch leabhar bhur n-oide dá imirt i gcás cíosa!"


L. 326


Freagradh ar Labhrás Ó Buachallaigh.



Dearbhaim duit-se a chumainn 's a mhíle stór,
Mo leabhar dá imirt ná cuirfinn ar shlíghe dá shórd,
Acht mo charaid go bhfuilid sin uile san chill ar feódh,
'S me dealbh gan ghustal ná pinginn de'n chíos im' dhóid.


L. 327


Do Liam ó Duinnim tréis 23B15 .i. an
Fiannaidhe - Scéalta Fiannuidheachta - do
scríobhadh dho.



An leoghan groidhe dar chóirigheas an méid seo im' láimh
A speóis ní'l i sógh an tsaoighil bhocht bhréagaigh smáil;
N-a nódh-thigheas go gcomhnuidhidh go saordha sáimh,
Is ar Mhór-Chríost a chomh-dhíon fé scéith na ngrás.


L. 328


A Chumainn dil nó'n misde libh mé théacht arís
Go scribhfinn cuid ded fhriotalaibh i n-éifeacht ghrinn,
'S go n-innisinn gur duine thu bhí déarcach caoin
Ler bh'ionmhuin lucht luithe chur is dréacht mar sinn.



Ní misde sibh-se cumann glan a dhéanamh linn,
Nuair is sinnil tusa id' chuisleanna, 's go dtéidhir do'n chill,
Guibhfam chun Mhic Mhuire libh tar th'éis má bhím,
Ó's duine thu tá tuigseanach i gcéill 's i gcrích.


L. 329


Chun Shéamuis Uí Bhriain go Baile hInndean.



A Shéamuis a laogh ghil 's a bhuan-díograis
Do léigheann Seana-Ghaedhilg go buadhach binn beacht,
Léigim dot' fhéachaint-se sluagh sídh-bhan
Gan éadach dá gcaomhnadh go bruach Faoinseann.



Dob' aithreach dá ndearmhadfainn Pádraig Óg,
'S a bhanaltra mhaith mharthannach nár cháineadh fós,
Ná an ainnir mhilis mhascallach do táitheadh leó
Gan mo scata bruinneal barrfhionna do dháil n-a gcómhair.



A fhir cheannsa chliste charthannaigh 's a shearc mo chléibh-se,
Is d'eascair d'fhuil na bhfearachon de mhaithibh Gaedheal glan,
Sin Peadar beag chun reatha chugat go haibidh éadtrom;
Cuir a-bhaile leis mo leabhar chugham, is bead-sa buidheach dhíot.


L. 330


Mithid damh-sa triall trátha
d'fhéachain fir na fíor-fhátha;
ar mhaith ar mórdhacht ar mheas
níor frith liom fós a chóimh-mheas.



Gall Gaedhlach gasta grianach;
saoi go séimhe sáir-mhianach;
dar thálsat naoi mbéithe mbán
lacht a gcíoch go ceart comh-lán.



Ní bhfuil puinn dá mhianach linn
san taobh so theas de'n Éirinn
ler bh'annsa séimh-ghuth ár sean
ná'n tsaoi cheannsa le saer-ghean.



Hannraoi gléigeal grádhmar Heard,
gan mhóid gan bhaois gan mhóir-bhleid;
buan go raibh gan taom tuirse
Ar Bhaile Bhreac dubh-ghluise.


L. 331


Do Phádraig Ó hIongurdail, i gCarraig
na bhFear.



A fhlaith chaoin shúgaigh thréithigh
De cheart-chraoibh chumhra Ghaedhealaigh
Na ngaiscidheach bhfionn
De ghlan-tsíol Niúil
Do ghaibh fíor-chlú le daondacht.



Beartuighidh siud, is féachaidh
Cé lag-bhrigheach túirseach tréith me,
Gur bhailigheas chughaibh
Go deagh-chroidheach dluth
Na haistí cumhaidh so ar Éirinn.


L. 332


Do chuireadh an giota so ag triall ar
Chonchubhar Óg Ó Dálaigh, i mBaile Mhistéala.



Ó thuigim nach fear thu charas gaois ná greann,
'S nach ionmhuin leat na flatha ag tigheacht id' cheann,
Muna gcuirir dhá ngraphadh feasta arís do leabhair
Go hifreann leat i measc na mílte deamhan.



Is dursan ná maireann flaith na mín-chrobh leabhair
Do bhí soineanda slachtmhar treabhach tigheasmhar teann;
Is muilthinneach ghlacfadh fear dem' shighe-se i n-am,
Ní hionann 's a mhac sé an raille righin gan greann.



.i. Conchubhar Críona Ó Dálaigh.


L. 333


Chun Aindrias Mac Sheagháin Uí Shúilleabháin.



Idir dhá Nodlaig dá dtograinn triall n-a dháil
'S go dtiocfadh go molfainn i gcothrom a chiall 's a cháil,
Fear soineanta soilbhir sochma nár iaidh a lámh,
Slisne d'fhuil Eochaidh dar dh'obair bheith fial le dáimh.



An cine san chogadh nár thogair bheith riamh go tláth
Ag ionnarbadh Lochlann ndoirbh a hiathaibh Fáil,
Níor scriosadh níor lomadh níor torcradh iad tar barr
Gur cuireadh le Cromail na pobail fé riaghail mar táid.



Mac Dé ler ghlan-tsaoradh úir-shliocht Ádhaimh,
Do cheap réalta is teacht éisc ar srúill ag snámh,
Do cheart-chaomhnadh i stad shaor go súgach slán,
An fhlaith shéimh seo Aindréas Ó Suilleabháin.


L. 334


D' Aindrias Ó Súilleabháin, ar dtéarnamh
dho ó'n dtrom-tinneas do bhí air i gCorcaigh san
mbliadhain 1828.



Baodhchas go sléachtach le hUan na nGrás,
Ler saoradh sliocht Ébha go buan san pháis,
Nár éagais den taom soin cér chruaidh an cás,
A sheimh-fhir nár éimigh bheith suairc le dáimh.



An saoghal dona daor so dom' buaireamh tráth,
Gan gréithre gan éadach ná a luach im' láimh,
Ná léigeann me i néan-bhall n-a luaidhfinn trácht
Ná dhot' fhéachaint-se féin dul cé duairc an dáil,



Ná géill-se dá réir sin 's ná smuain go bráth,
Gur taothnaisc chas chlaon duit ná fuath thar grádh,
Ná teídinn seal dhot' fheachaint gach uair mar chách,
'S ná haomhuigh bheith éadmhar le suadh dem' cháil.


L. 335


Eoin Ó Comraighe, cct.



A bhille gan bhéim, 'sa réaltain solais na ndruadh
Do fuineadh go léir as saorfhuil Ghollaimh na mbuadh
Do chumas a reamhchur dréachta a bhfoirim 's duain.
Do bhrosta fád' ghéin le méin an duille seo uaim.



Uaim sin chúibh-se air siubhal gan spás thar lear
Nuadh-ghein cumtha is chúilfhionn, bhláthmhar mhear
Bhuadhaich-ghil mhúinte, an ubhairchruit álain dheas
Gan truaill gan cionnta, cclúid, ccáil, ná ccleas.



An cleasa béithe, géirscrios gallaibh, nó droigheacht,
No fheas gur éag an eigse b'fearra san rígheacht
Bheir teast do thréithe, gléire t'fheartha sa ligheacht
Air feagh mo rae 's mo shaoghail am aice gan tigheacht.



Gan tigheacht am' ghlacaibh is dearbh gur díth mhór liom
Do laoithe gasta glic ceapaighthe a bhfíor-fhoghlaim
Acht bíodh ? doléite air m'fhalaing gur easnamh is dith eólais
d'fhág sinn gan caidreamh flatha na foinn oidis.



Oideas na ndréacht is léir gur chleachtais go beacht
Is ó bhrollach na naoí mbean séibh do ghabhais a lacht
Forastacht céile, éifeacht, eagnadh is dleacht
Le cothrom is féile, is caoimhe, a t'aice is feacht.



Ós feacht gur dhíosadh Clió a lacht ad bhrágaid-si,
Is gur las do chroidhe le díoghrais gean d'á cáil-se
Is eagal sinn nár ghrinn leat searc ár bpáirte
Gé b'aitios linn bheith ríomhtha ameasg do cháirde.



A ccáirdeas cumain leat b'ionmhuin liom tréimse teacht,
Is ná cáin mo thuigsin tré laige mo dhréacht gan slacht,
Gé sámh do chuirfir-se friotal na néigse air cart,
Do'n dáimh-shriuth, mionaim, nár fliuchadh le braon mo thart.



Tart an óil mo bhrón! do chleachtas le seal
Sa measg na neólgach chóir bíon m'ainm air ceal,
Fear dam shórt más dóith, gur thaithneamhach leat
Sin feas mo mheodhain, 's mo chlódh gan easnamh agat



Sin agat go dearbh an teasdas do dhlighid cách d'am.
Is aicim má thaisgid mo reanna dhuit poinn sásaimh,
Ceartaigh air leabhair-bhrat meamraim laoi táite
'S air ccasa do'n teachtaire glacfad uaig í is fáilte.


L. 336


Taisdil gan spás a bhláith-ghein chailce gan cheas
'S na hadmhadh fáith do réais na taisge do chneas
Go tabhair 'na láimh mo pháirt mo thaithneamh 's mo mheas
'S mo bheannacht le grádh de Mhicheál Ó Longáin theas.



Aig seo comhartha cumain agus caradais ó Éoghan
Ó Comhraoidhe a Luinmeach sic Mumhan chum Mhichíl Uí Longáin
Charaig na bhFear i CConntae Chorcaidhe 27 June
aois an Tighearna 1829.


L. 337


Do'n Tighearna Easbog .i. a tAthair Seaghán
Ó Murchadha i gCorcaigh.



Go mBeannuighe Dia duit anois
A shaoi ghluin na mbeart mbuadh
Sirim beath' agus sláinte dhuit
Is grása go fíor bhuan.



Seachtmhoghat bliaghan m'aois anois
Sine go foirbhte lag liath
Tanag ón mbaile im rith
d'fhéachaint cionnus bhí mo thriath.



A bheith beó rómham anois
Do bheirim a bhuidhe sin re Dia
Is iomdha neach ann dar bh'olc
A chorp do dhul fá chriaidh.


L. 338


Do Mháire Ní Bhriain.



"A ainnir mhilis mhartanach is maordha modhmhail
'S is cneasta cliste carthanach gan bhreág gan mhóid
Admhuimh gur fada mé gan teacht it' chomhair
Do leabhar suilt go gcasainn ort is biodhchas mór.



Cama-shlighte cealgacha an tsaoghail dearóil
Ler cathach as mo bheartaibh mé gan séan gan sógh
'S mar caithinn-se bheith seasamhach go géir im ghnó
Fá deara dham ná graphainn de acht page san ló.



An leabhar eile gheallas duit ná glaédh go fóill
Go dtarrainginn a shamhail sin dam féin i gcló
Go dearbhtha ní abraim ar aon chor gó
Casuig sin abhaile ort mar Aodha na scéol.



Ar an adhbhar sin ná masluigh mé a spéir-bhean óg
Tré fhaid go dtig abhaile me fad dhein let shéoid
Ar leabharaibh na Banban dam féin go deó
Níor cheannuighthe liom fearg cur ar aon dot shórt.


L. 339


Beannacht Mhichíl Uí Longáin chum Risteard
Beara Tooker.



Céad beannacht uaim siar cois Laoi
Do shaorfhlaith shuairc an deagh-chroidhe
Ógán ionnruic séimh gan locht
Saoi air dhiadhacht 'sar dhaonnacht.



Clisde córach ceolmhar cuardach
Bríoghmhar beodha fós fíor-uasal
Leaganta líomhtha saoitheamhail séimh
Lámhcheart líonta do dheighmhéinn.



Is feas gur dhual do maoin is maith
Sonas séan agus deaghraith
'S a theacht ó'n lánmhúin uasail chaoimh
Ubhall é d'fhás ar bhárr fíonnchraobh.



Risteard Tooker mo charuid
Dia dá dhíon air fhuath eascarad
Go bhfaghuidh sin saoghal slán
Nochad bliaghan go h-iomlán.


L. 340


Do Pádraig Mhaith Ó Longardail san áit cheadna.



A fhlaith chaoin shúgaigh thréithigh
De cheart-chraoibh chumhartha Gaodhluigh
Na ngaisgidheach bhfonn de ghlan tsíol Niúil.
De ghaibh fíor-chlú le daondacht
Beartuighidh siúd is féachaidh
Cé bhailigheas chughaibh go deagh chroidheach dlúth
Na haistí cumha so ar Éirinn.


L. 341


Do chum Pilib de Barún Saoi a ccontae
Phortlairge.



Beannacht is céad uaim féin do'n Bharúnach
Fear carthannach caemh-cheart déidgheal deaghrúnach
Is caruid do'n Ghaedheilg-si é dá glandhúiseacht
Is gurab' fada bhiodh-se gan léun ná lagúdha nirt.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services