Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Life of St. Mochuda of Lismore agus Life of St. Declan of Ardmore
Title
Life of St. Mochuda of Lismore agus Life of St. Declan of Ardmore
Compiler/Editor
Power, Patrick
Composition Date
1629
Publisher
(Londain: I.T.S., 1914)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L275} {L 2} {B 1629 17T} {G L} {U 0083} {C Prós} {M 8} BETHA DECCLAIN. Beatissimus episcopus Declanus de nobilisimo Hiberniae regum genere .i. an tespoc naemhta re nabartar Declanus as dho chinel ro uasal riograidhe Ereann dó neoch do caith flaithes agus cioscain Ereann i ttemraigh aimsear fhada. Agus do bí Declan ar na gheinemhain mar bhus follus asa geinemhain agus asa gheineleach úasal ó fhuil, oir is amhlaidh do bhí Eochaid Feidhleach chum a mberar a gheinelach somh ina airdrigh chumhachtach for Erinn uile go hiomlán da bliadain deag agus do bhattar triur mac aige .i. Bres agus Nar agus Lothola a nanmanna agus as friu adbertí na tri Findemna, agus do gab móirsheisear agus céd rompa so, agus da sliocht ina ndiaigh agus da ccomhbrátraibh .i. sliocht Eiremhoin righe nEreann ria ccreidemh agus iar ccreidemh. Agus do luighettar an triúr mac sin in áenló lé na ndeirbhsíair féin .i. Clothra ingean Echaidh Feidhligh. Agus do toirrcedh í uathaib a ttríur agus an mac rucc si don toirrces sin do bhí roinnti ó trí sriabhaibh dercca da fhoillsiucchadh go raibhe ar na geinemhain on triúr sin. Agus do bhí deghmhaiseach do réir faicsiona agus láidir o bhríoghaibh in aimsir a lenbdachta mar nar gnáthach lenab a comhaesa do bheith. Agus is é ba hainm dó Lucchad Sriabh ndercc ona trí sriabhaibh dercca adubhramar. Agus is ann ro tionnsccain righe nEreann do gabail anbhlíadain fuair Gaius Cesair bás agus do bhí sé sé bliadhna fichet hirighe nEreann, agus do bhí mac aicce dár bó hainm Criomtan Níanair agus ní raibhe sé acht sé bliadna déag hi righe. Agus baoi mac ag Criomtan dar bainm Feradach Findfechtnach. Agus
mac doséin Fiacha Findolaidh. Agus mac doséin Túatal Techtmar. Agus do bi mac ag Tuathal dar bo comhainm Feidhlimid Rechtmar. Agus battar triur mac ag Feidhlimidh .i. Cond-céad-cathadh, agus Eochad Find agus Fiacha Suighde. Agus baoi Conn fichi bliadain hi righe nEreann agus meraidh clú agus oirdearcais thoradh an talman agus ineatha agus inblechta bói inErinn re linn Chuinn-cead-cathaig go deired an domhain. Agus do marbhadh hi Maigh Cobha re hUltoibh é .i. le Tiopritte Tireach. Agus asíad ashíol go bráth as mo gabhus righe nEreann. Agus is é Eocaid Find doba mac thanaiste ag Feidhlimidh Rectmar. Agus do chóidh iccoicceadh Laighenn. Agus is ann atád ashíol agus asliocht ó shin. Agus áirimhther mar Laignechaibh iatt. Agus atád morán do tigernaibh agus do daonibh cumachtaibh dibh iLLaighnibh. Fiacha Suighde imorro is ann dobi ferann aicce attimcell naTeamrach. Gidedh fuair se bás ní as taoscca ina dobí righe nEreann aicce. Agus do bhattar triúr mac aicce .i. Rossa agus Oengus agus Eogan agus fa gníomach, galach, gaisccemail an triur sin hi ccathaibh agus hi ccomhlannaibh. Agus do dhersgnaigh Oengus díbh ar cródhacht uile, agus as fris aderti Oengus Gaebuaibhtech. Agus is é fa rí Ereann an tansin Cormac mac Airt mic Cuinn céttchathaigh. Agus do bhí mac ag Corbmac dar bhainm Ceallach mac Corbmaic agus rucc sé inghen Eogain mic Fiacha Suighde ar aitheadh leis .i. Creidhe inghen Eoghain. Agus mar do chualadh Oengus Gaebuaibhtech sin .i. inghen adhearbratar do breith do Cheallach leis do gabh fercc mor he, agus do len Ceallach go Temhraigh agus a dhalta lais .i. Corc Duibhne mac Cairpri mic Conaire mic Moga Lamha do bí ingíallnus ag Corbmac ó Mhuimhneachaibh. Agus as dó Engus da
coimheatt tucc Corbmac é. Agus ar ndol go Temhraigh do Éngus do chonnairc Ceallach ar cúlaibh Corbmaic ina shuidhe. Agus tucc sádhadh sleighe fair gur chuir trit ón taobh go araile. Agus ag tabhairt na sleighe ass do bhen a hurlann tar súil Corbmaic go rossbriss, agus do bhen a hurlann isin reachtaire go ros marbh agus ro imhtigh fein agus adhalta slán ar chula ina diaigh sin. A cceann aimsire tucc Corbmac da aire esbaidh amheic agus a shúl agus a rechtaire ó Aengus Gaebuaibhtech agus on a brathribh agus do bretnuigh sé a nionnarbadh óna ndúthaig féin .i. ó Deisibh Temrach agus ni huaithe amáin acht ón taobh thuaid dEirind uile. Agus tuccad secht ccatha ettorra nías taoscca ina do gabhattar ionnarbadh chuca. Agus do ronsat dighbhal mór do Corbmac agus da mhuinntir sna cathaibh sin, gidhedh as iadsan do cláidhedh ann, agus dob éiccen doibh fa deoigh an duthaig dfagbhail agus ionnarbad do gabhail chuca .i. tri meic Fiacha Suighde .i. Rossa agus Oengus agus Eogan, mar a dubramar romainn. Agus ar na nionnarbudh mar sin ó righ hErenn tangattar go righ Muman go hOilill Olum ar gaol Saidhbe ingine Cuinn-ced-cathaig roba ben dó. Agus fuarattar ferann ann .i. na Déisi Mumhain, agus as da sliocht sin .i. do shliocht Eogain Mic Fiacha Suighde atád rígu agus dúthchasa na nDéisi ósin anuas. c. 2. Agus as do shliocht an Eoghain cettna sin an tespocc naemta Declan da laibheoram inar ndiaigh .i. Declan mac Eirc Mic Trein Mic Luigdeach Mic Miaich Mic Briain Mic Eogain Mic Airt Cuirp Mic Moscorb Mic Mesgedhra Mic Mhesfore Mic Cuana Cainbhreataigh Mic Conra Cathbuadaig Mic Coirpre Mic Eoghain Mic Fiachaid Suighde Mic Feidlimid Rectmair Mic Tuatal Tectmair. Eirc mac Trein imorro ri na nDéisi ase rob athair do
Déclan agus do cuaidh fein agus a bhen Deithin co teach combrathar dó dár bhainm Dobhran. Agus así sin aimser ina ttainic am tuismidh atoirrchesa do Deithin. Agus isé toirrces do bi aice Declan agus ro tuisimh é gan tindes gan dólas gan docamhal, agus aga toccbáil an diaigh abheirthe do bhen acend fri cloich móir. Agus bidh a fhis accuibh go ttucc Declan comharta naemhtacta leis, agus miorbuile a broinn a mháthar amhail atá sccriobhta on fháidh: - "De uulua sanctificaui te et prophetam in gentibus dedi te" .i. do naemhus tú imbroind do mathar agus tuccus dona cinedaibh amhail fáidh tú. Agus is amlaidh sin do bí Declan ar na naemhadh imbroinn a mathar agus ar na thabairt ó Dia dona cinedhaibh ina a faidh ler hiompoidhedh moran dona daoinibh ó gheinntlighecht agus o sechran an chreidimh co hadhradh Criost agus an creidimh Catoliche mar bus follus in ar ndiaigh óir do bhén mullach ro maeth a chind fon cloich cruaidh mar adubramar agus ar mbéin a chind fria do ronadh cabhan agus toll isin cloich do reir formu agus cumtha achinn agus nír urchoidech dó féin a modh ar bith. Agus na daoine do chonnairc sin do gabh iongantus mor iatt oir do bí Ére an tan sin in esbadh creidimh agus as annamh do cíthí comhartha naemhta no Criostaidhe ar aonduine. Agus an cloch arar thuit cend Declain isé as ainm di, Carracc Déclain. Agus an tuiscce nó an fhertain fheras isin caban a dubhramar inionadh cind Déclain sccriostar galair agus eslainte leis do grasaibh Dé agus do dherbudh anaemhtachta. C. 3. In oidhce geine Declain do taisbéanadh iongnadh mór do chach agus don droing do bi accomhgar dáit agheinemhna .i. cáer theinntidhe dfaicsin tre lasadh ó mhullach an tighe ina raibhe Declán, agus no teigedh suas go nemh agus anúas arís, agus aingil imdha na timcell. Agus hí hi fioghair
dréimire amail do taisbénadh don Patriarc Iacob naemhta. Agus na daeine do chonnairc agus do chualaidh in ní sin dob iongnadh leo he. Agus ní raibhe a fhios aca gur abe Dia do rinne foillsiuccadh a mhíorbuile fein isin naoidhin sin agus ina ócclach fein do brígh go raibhe esbaidh an creidimh orra agus ar an talamh da rabhattar uile. Agus gidhedh ar na aithris sin don fhior Chriostaidhe .i. do Cholmán, neoch do bhái an tansin ina saccart agus ina diaigh ina espoc naemtha, tainic se maille le gairdechus mór agus ar na lionadh do Spirat na Faidhettóracta chum an ionaid irraibhe Declan agus do shenmóir da tuistigibh creidemh Criost agus do fhoillsigh doibh go raibe amach lán do grasaibh, agus do foíllsighedh do mét gloire agus onóra na naidhen sin ag Dia agus ag daoinibh, agus do foillsiccedh do anaemhtacht agus achráibhtighe do bhéradh abetha ass. Agus tainic dfertaibh Dé gur creittsiot an drongsin .i. Erc agus Deithin do Dhía agus do Colmán. Agus tuccsat an mac sin da bhaisteadh do Cholmán, agus do baistt é. Agus tucc Declan dainm fair, agus ahaithle abhaistte atbert Colmán ag denam faistine don naoidhin hi fiadhnaise caich - "go firinnech, a mheic gradhaigh agus athiccearna búd árd agus budh onórach innimh agus ittalmain tú agus lionfaidher ceithre hairde Ereann do clú do naemhtacta agus do deigbhés agus sóidhfir do dhuthaig fein .i. na Déisi ó eitricecht go creidemh Críost. Agus ar an adhbar sin cenglaimsi cumann agus brathairsi riot agus aitnighim dot naemthact mé. C. 4. Agus ina diaigh sin do iompo Colmán da ionad fein agus do aithin Declán doilemhain go honorach deithitnech.
Agus a chur cum leiginn accionn asect mbliadan da ffaghtaí foghlainntidh ar bith accomhfhoccus dó do bheith ina Criostaide. Agus do foillsicchedh subhailche agus sochartanaighe mór inaccaidh Deccláin in aimsir a bhaiste asar tuiccedh go madh mór a shubhailche agus a rúna spiratalta iar ffoirbtiuccadh dó. Agus ar bfaicsin agus ar ccluinsin na neithedh sin do chombrathair Eirc .i. Dóbran, do ghuidh sé Erc agus Deithin fan mac do tabairt dó da oilemhain agus tuccadh dó é. Agus is e dob ainm don baile sin Ait Dobrain conuicce sin. Agus is e a ainm o sin amach Ait Declain. Agus tucc Dobhrán an baile sin do Déclan agus do athraigh fein abhaile ass go hionad ele. Agus ar mbeith do Déclán athaid fhada ina diaigh sin ina espoc do rinne sella onorach ann anonóir Dé. Agus is ann ata an tionadsin isin rann thes dona Deisibh don táoibh thoir do Maigh Scciath agus ní fada uadha cathair Mocuda .i. Lis mór. Agus do hoiledh Declan maille le deithitin moir ag Dobhran .i. ag brathair a athar go cenn a sheact mbliadan agus doba mór gradh Declain dó. Agus as mór do mhíorbuilibh do fhoillsigh Dia trit ar fedh na haimsire sin. Agus ar ccomhnuidhe do grasaibh an Spirat Naeimh ann do shechain gach uile locht agus gach uile mian nemhcedaighteach ris an aimsir sin amhail bad Criostaidhe cráibteach iúlmhar é. C. 5. Ar ccoimhlionadh a sheact mbliadan do Déclán do cuiredh óna tuisdigibh agus ona cháirdibh agus ona lucht oileamhna do denamh foglama amhail do aithin Colman. Agus is chuicce do cuiredh hé go neoch craibhtheach eccnaidh do bí foirfe isin ccreidemh dár bhainm Dimma. Agus tainic go nuaidhe an tan sin ó fhurailemh Dé i nEirinn ar mbeith dó aimsir fada ina heccmais ag foghlaim leighinn. Agus do rinne sella maith isin tir sin ina mbeith ag denamh foircettail do
Declan agus ina mbeith a comhnuidhe féin do gnath. Agus do cuiredh leanab ócc ele dár bhainm Cairpre mac Colmain ar aen tsliccidh le Decclan chuicce dá fhoghlaim. Agus do bi an Coirpre sin ina easpoc naemhtha onórach na dhíaigh sin. Agus do bháttar an dias sin aimser fhada affochair achele ag denamh foghlama. C. 6. Agus do battar moirseiser do daoinibh ina ccomhnuidhe isin aittreibh do bhí isin ionad sin .i. iMaigh Sciath. Agus do foillsiccedh doibh go minic an chaer theinedh a dubhramar do connarcas inam geinemhna Decláin. Agus tainic do grasaibh De gurab iadsin ced daoine dorinne faistine agus fóillsiuccadh ar an saignen sin. Agus tangattar an moirseiser so mar a raibhe Decclan, agus do gabattar é mar maighistir agus mar thigerna. Agus do fhoillsigettar hi ifiadhnuse cáich accoitcinne go madh easpoc é iar tan. Agus a dubhrattar go fáidhemhail "Tiucfa lá a mheic grádhaig agus a sherbhontaidhe Dé ina tiubhraimne sinn féin agus ar nionad dheitsi. Agus is amhlaidh sin do bhí oir do creittettar ina diaigh sin do Dia, agus do baistteadh íatt. Agus do bhattar eccnaidh craibhteach fuirechair agus do cumhdaigedh leo secht tteampuill mar onoir do Día attimcell Maighe Sciath. C. 7. Do bi Decclan aimser fhada abfochair an duine naemhtha adubhramar .i. Dimma. Agus do foghlaim sé leigheann agus crábhadh, agus écsamhlacht eladhan, agus foircettail aicce. Agus do bí iúlmhar séim acfaineach ionnta. Agus tangattar daoine iomda dar bhaithnidh uaisle Décclain do réir fhola ar na chloistin dóibh métt anaemhtacta agus a ghrás. Agus do umhlaighettar íatt féin dó. Agus do gabhattar chuca a chuing riaghla agus crábaidh do chengal orra. Agus do brethnaigh Declán dol do Roimh dfoghlaim bés agus modh eccalsa
agus do ghabháil gradh agus gradam ann agus dfagail ceda a senmhóir do rádh dona poiplibh. Agus cum go ttiubradh sé riaghla na Romha leis do reir mar do bhattar san Roimh. Agus do imtigh fein agus drong da dheisciplaibh leis agus nir an go roctain na Romha dó, agus do rinne comhnuidhe innte le haimsir. C. 8. Isi in aimser do bi espoc naemhtha .i. Ailbhe, ar ndol nuimir bliadan roimhe sin do chum na Roma agus do bí ann affochair Hilarius Papa, oir ise do rinne Espoc de. Agus ar ndol do Declán maille le na deisciplaibh chum na Romha do ghabh gairdechus agus luathgaire mór Ailbe roimhe, agus do fhoillsigh a naemhtacht agus a uaisle ó fhuil don popul Romhánach. Agus fuair onóir agus gradh fírinneach on phopul agus on chléir Romanaigh air na aithne dóibh amhail roba diongmala dó, oir do bí deas degh-dénmha o fhoirm, agus umhal ina oibrechaibh, agus milis ina bhriathraibh, agus mor ina chomhairle, agus saer ina cómhradh, agus subhailceach ina dreich, agus fairsing ina thiodhlaicthibh, naemhtha ina beatha agus taithnemach ina míorbuilibh. C. 9. Agus ar ccoimlionadh morain do laithibh do Declan isin Roimh do hordaigheadh ina Easpoc é on Papa, agus ar ttabairt leabhar agus riaglach agus uird na heccailsi dó do cuiread cum Ereann é on Papa ionnus go seanmoradh se innte. Ar cceilebhradh agus ar ffaghbáil bhennachtan an Papa do Declan do tionnsccain tect go hErinn. Agus do lenattar moran do Romancuibh é do theacht leis i nErinn do denamh anoilithre agus do tabairt ambeathad as fo chuing agus fó ríagail Espoic Declain. Agus etar gach nech da ttainic leis dibh tainic Runan mac righ Romhan. Agus rob ionmain le Decclan eisiumh. C. 10. Agus tarla da céle ar sliccidh na hEtaile, Espoc Declán agus Patruicc. Agus ní raibhe Patruic an tansin ina
epscop agus do bi ina diaigh ó Celtinus Papa agus do cuiredh é do shenmóir dona hEireanchaibh oir ase Pattruic íarffír as aird-easpoc innsi Ereann go hiomlán. Agus do ceilebhrattar da cheile, agus do cenglattar cumann agus brathairsi ettorra. Agus tuccattar pocca daroile mar comharta sithe. Agus do imtigh gach nech dibh le na toiscc fein .i. Decclán do cum nEreann agus Patruicc do chum na Romha. C. 11. Do gabh Declán da radh aifrinn in ecclais do bi remhe ar in sliccidh. Agus do cuired cloc bec dubh chuicce do nimh tre fuinneoig na heccailsi astech. Agus do an ar an altóir hi ffiadhnuse Declain. Agus do gabh gáirdechus mór Declán aga faicsin agus tucc moladh agus gloir do Chriost ara son. Agus do bi inntinn daingen aicce inaccaidh ainffesa agus mírésuin na geinntlighechta ona beith aicce. Agus tucc sé an cloccsin don Runan adubhramar .i. mac rígh Romhán da coimhett agus da iomchar. Agus ise ainm do berar air in Érinn .i. Duibhín Déclain. Agus ona dath do gabhse an tainm sin chuicce oir as dubh do réir dhatha he. Agus do foillsigeadh ó ghrásaibh Dé agus Decláin miorbuile go minic trit agus maraid fos ind ecclais Declain. C. 12. Ar ttect do Declan maille re na chuidechtain náem dochum mara hIcht nír féad se long dfaghail duiresbaidh costtais óir ní raibhe an ní do sireadh air aige. Agus do eitigh aen long dibh é arashon sin. Agus do bensan a clocc, agus do rinne urnaighe chum nDe fana fhurtacht asin cás sin. Agus as gerr ina diaigh sin de ced De go ffacattar long chuca ar barr na tuinne go chele, agus hi folamh gan aon nduini innte agus gan seol fuirre. Agus adubairt Declan in ainm Criost denam isin luing utt. Agus an ti do chuir chuccainn hí treorochaid se fein hí go hinill duinn chum an phuirt inab áil leis sinn do dhul, agus do chuatar le breithir Declain innte agus rosná an long maille le soirbheas agus re hinnillius no gur gabh port hi Saxaibh. Agus ar ndol do Declán maille re na deisciplaibh
eiste do iompó an long agus do chuaid gus an ionad asa ttainic agus na daoine do connairc agus do chuala na miorbhuile sin do mhédaigettar ainm Dé agus naomtacht Déclain. Agus do fíradh briatra Dauid an tan sin mar adubairt: "Mirabilis Deus in sanctis suis" .i. as ionganthac Dia ina naemhaibh. C. 13. Ina diaigh sin tainic Déclan chum nEreann acht aon ní robaoi Déclan glic mar nathair neimhe agus cennsa mar cholaim, agus cosmhail ris an mbeich ar sholatar, óir mar thiomaircces an bhech an mil agus sechnas na luibhe urchóideacha is amhlaidh sin do rinne Declan, oir do tiomsaigh se smir milis na ngrás agus na sccrioptúiredh ndiadha ionnus gur líonadh de é. Agus do battar cethrar despoccaibh naemta i nÉrinn maille re na ndeisciplaibh roimh Patraicc do teacht innte do rinne senmoir agus foircetal Dé innte do shíolad. Agus is iatt an cetrar sin Ailbe agus Espoc Iubair agus Declan agus Cíaran. Agus do tairrngettar so moran do dhaoinibh ó shechrán chum creidimh Críost, gidhedh ise Patraicc do shíol an creidemh i nErinn agus ise ro thionnto tigernaidhe agus ríghae na hEreann fri bathais agus creidemh agus iodhbairt agus breithemnus bratha. C. 14. Agus do rinnettar an triur so .i. Declan agus Ailbe agus Easpoc Iubhair cairdes agus cumann ettorra fein agus an drong do thiucfadh ina ndiaigh co brath innimh agus i ttalmain. Agus do bhattar go grádach fa cheile. Agus ro gradhuig Ailbe agus corrigenda Déclan acheile gomór o gradh braithremhail ionnus nar báil leó sccaradh re cheile ó méd a ngradha daroile acht le cás eiccentach ar furaileamh a ndeiscipal muna sccardais seal aithgerr re aroile. Agus do cuaidh Declan na diaigh sin da dúthaig fein dona Deisibh Muman agus do shenmóir doibh, agus do bhaistt morán dibh i nainm Críost. Agus do iompó íatt chum an creidimh Chatoilice ó chumhachtaibh an diabhail. Agus do
cumdaighedh eccalsa iomda lais in ro orduigh morán da deisciplaibh fein do denamh seirbísi agus foghanta do Dhia agus do tharraing an phopuil o nert diabhail chum Dé. C. 15. Do chuaidh Declan aimser eiccin dfios an ionaidh ina ruccadh é. Agus doroine comnuide da ficet la ann agus do chumhdaighedh leis ionad onorach ina raibhe gnatuccadh lochta crabaidh do shír. Agus is annsin tangattar an moirsheiser adubhramar romhoinn do roíne a naittrebh a ttimceall Maighe Sciath, agus do rinne an fhaidettoracht dionnsuighe Declain agus tuccattar iatt féin agus a nionadh dó mar do gheallattar agus is iad so a nanmanna .i. Mocelloc agus Riadain, Colman agus Rachtain, Findlogh, Caeman, etc. Agus do bhattar an drongso fo riaghail Espoic Declain ina diaigh sin, agus tuccattar ambetha go conaigh as, agus do rinnettar miorbuile iomda asa haithle. C. 16. A ccinn aimsire ele do cuaidh Declan mar a raibhe Aengus mac Natfraich ri Caisil agus do shenmoir dó. Agus do thaircc a chur ar creidemh na heccailsi. Agus do bhattar ag Declan dias derbhrathar do thaoibh a mathar do cloinn Aengusa .i. Colman agus Eogan ananmannae. Agus ar nadhnadh grás an Spiorait Naeimh i cColmán do chúaid mar a raibhe Ailbhe Imligh, agus do ghabh baisteadh uadha agus aibítt crabhaid agus do bí ina fharradh sealat ag foglaim leiginn, agus do rinne fear náemhta foirfe fa déoig de. Agus do bí Eochaid ina cruth fein ag fuirech le righe Muman indiaigh a athar, agus do ghuidhedh a athair fa onoir do tabairt do Declan da brathair. Agus dorinne an rí sin, óir nir toirmiscc sé Déclan ina shenmoir. Agus do thaitned ris crabhadh agus ceccuscc Decclain gidedh nír chreitt dó, agus nir gabh baistedh uadha. Agus adeiritt drong gurab edh fodera sin .i. Declan do beith dóna Déisibh, agus Leth Cuinn, agus Aengus do beith
dEoghanacht Caisil Muman as nama dona Déisibh do gnath. Agus ní do nemhthoil don creidemh nár chreitt mar derbhtar as so .i. an tan do cualaidh an ri, Patraicc airdeaspucc na hEreann do beith chuicce neoch do bí ar na gheinemhain don chinél Bretnach da nach raibhe fuath na nÉirenneach aicce ni hé amháin gur creid do act do cúaidh ina choinne ona chathair féin o Chaisiol agus do chreid dó agus do gabh baisttedh go luath. C. 17. Ina diaigh sin do cuaidh Declán ar sioladh breithre Dé agus ar senmoir don righ gion gur creid se dó dá dhúthaigh féin agus rocreittsettar sein agus ro gabhsat baistedh acht an rí amáin agus drong da muinntir do bídh gach lái ag gealladh creidimh agus baistte do ghabhail chuca agus do thiccedh ó fhurailemh an diabhail go rabhattar ag iomfuirech agus aga cur ar cáirde. C. 18. Agus adeirit drong ele go ndechaid Declan morán duairibh don Roimh, gidedh ni faghmaittne sccriobhtha ona senndaoinibh condechaid sé acht tri huaire amáin da hionnsaighid. Agus uair eiccin dibhsin do ghabh Declan ar cuairt go heaspoc naemhtha boí imBretnaibh dar bainm Dauit gus an corrigenda ecclais re raiter Ceall Muine mar a raibhe an tespoc sin a ccois tragha roinnes etar Erinn agus Bretnaibh. Agus do gabh an tespoc sin go honorach Déclan. Agus do bí da ficet la ina fhochair maille re gradh agus le gairdechus, agus do chanadh aifrionn gach lái. Agus do chenglattar cumand, agus carattradh ettorra féin agus luct an ionadh ina ndiaigh go brath. Agus ar ccoimhlionadh an dá fichet lá sin do Declan do glac a ced ag Dauit agus tucc pócc dó a ccomharta sídha. Agus do chuaidh fein agus a deiscipuil cum traga an mara do dhol illuing dionnsaighi Ereann. C. 19. Agus an clocc adubhramar do cuiredh do nimh chum Decláin do bí se an tansin ag Runán da iomchor mar adubhramar óir nír bhail le Déclan sccaradh ris ar aenchor agus tucc
Runan an lá sin hé do neoch ele da raibhe ina chuidechtain ag teact chum na luinge doibh. Agus ar ttecht chum na tragha doibh do leicc an clocc ar carraicc ar lár. Agus do dhermaitt an clocc isin ionad sin no go rabhattar leth slicchedh san ffairrge. Agus is ann sin ro cuimhnighsett he. Agus, ar ccuimhniuccadh air, do bháttar go toirrseach tre na dhermatt. Agus do bi Declan go ro thuirsech ar son an tiodlaicthe do cuiredh do nimh chuicce ona thigerna do dhermat in ionad nar saoil sé a faghail coidhce. Agus do fhech Declan osa cind ar nemh agus do rinne urnaighthe ina inntinn cum nDé. Agus adubairt ris na deisciplaibh, "Cuiridh bhar ttoirrse dibh óir as eidir le Dia do thiodhlaic an clocc utt do nimh o thosaig achur anossa illuing iongantaigh eiccin as." As mór agus as iongantach agus as degh-maisech mar do umhluigh an cretúir gan résun gan tuiccsin inacchaid nadúra da cruthuigteor féin óir do snái an characc ro throm dogluaiste go direch ionnus gur bó gerr in aimser go ffacatar cuca hí ina deaghaidh, agus an clocc uirre. Agus ar ffaicsin na neithe iongantach sin do muinntir Decláin do líonadh iatt o grádh Dé agus donóir a maigistreach .i. Declain. Agus adubairt Déclan go fáidheamhail leiccidh remhaibh an clocc ar se agus lenaidh go dírech hé, agus gibe port ingebha se is a ngoire dó bías mo cathairsi agus mo theghdais espocoide agus as eistte rachat go flaithemhnas, agus as innte bhias meiseirge. Agus do chúaid an clocc riasan luing agus do sccuir don tsiubhal mór do rinne roimhe óir do an sé beccán roimhe an luing ionnus go ffaictí este é agus nach béradh an long air. Agus do dhirigh an clocc roime cum nEreann ionnus gur gabh cuan isin taobh thes .i. is na Deisibh iMumhain ag an inis dárab ainm Inis Aird na gCcaorac an tansin. Agus do ghabh an long an port cedna amail adubairt Declan. Agus do chúaidh an fer naemhta sin i ttír agus tucc grasa agus moládh do Dhía ar son go ttainic se go hionad a eisérge.
Agus is annsan inis sin do bhattar cáoirigh mna righ na nDéisi do ghnáth aga ccoimhett. Agus is uadha sin adeirti Inis Aird na ccaorach. Agus do bí cnoc ard innte. Agus dob aoibinn deghmaisech é. Agus adubairt nech dá mhuinntir ré Declán ar ndol ar mullach an chnuic sin: - "Cionnus fheadfas an tard becc so do phopulsa do chothuccadh"? Agus adubairt Declan: "Na habair sin a mheic grádhaigh, ní hard becc hé acht ard mór. Agus do len an tainm sin don chatair .i. Airdmóir Déclain. Agus ina diaigh sin do chúaidh Declan go righ na nDéisi agus do iarr an inis adubhramar air. Agus tuccadh do hí. C. 20. Agus do iompo Declán go hAit mBresail mar ambittis loinges agus artrighe na hinnsi a port leth atuaidh anonn agus anall este. Agus do fhoilgettar muinnter na hinnsi a nartraige uile ionnus nach fedfad Déclan aittrebhad innte, óir as mór do bí eccla orra Déclan daittrebad innte deccla iatt féin do sccrios este. Agus adubhrattar a dheiscipail re Declan: "A athair," ar síad, "as mór neithe reccar ales agus as minic imlochtadh cum na hinnse so agus budh mioncu andhiaigh tusa do dol ar nemh ina anosa agus guidhmít tú go sechna tú hí nó dan go ffagha tú o Día an fhairrge so do drud amach o tir ionnus go ffeadfaidhear dol do chosaiph thiormaibh innte, oir adubairt Criost gibe ní iarrfair ar mathairsi im ainm fein do bhera daibh é oir ní héidir an tionadsin daittreabadh go hurasa acht muna druiti an fhairrge amach uaithe. Agus ar an adbar sin ni héidir duitsi do chathair do chumhdach innte." Do freccair Declan dóibh agus adubairt: "Cionnus do fhedfainnsi an tionadh do gealladh damh o Dhía agus inar gealladh madhnacal agus meiseirge do bheith do shechna? Agus an ní adeirtísi
tré dhocra aa aittreabaidh in áil libh go nguidhfinn Día inacchaid athoile .i. agluasacht nadúrta féin do búain don muir. Gidhedh ar bhar ffuráilemhsa cuirfett urnaighthe cum Dé agus gibe ní bus toil le Dia do gentar é." Agus do éirgettar muinnter Declain agus adubrattar ris: "A athair gabh do bhachall cuccat amhail do rinne Móysi, risin slait, agus búail an fhairrge dhi agus foillséochaidh Dia athoil duit mar sin." Agus do guidheattar a deisccipuil leis ar an adbar sin óir doba daoíne derbhta náemhtha íatt agus tuccadh an bhachall illamh Decláin agus do bhuail an tuiscce le in ainm an Athar agus an Mic agus an Spiorait Naeimh. Agus do chuir comarta na croiche césta lé ar an uiscce. Agus go luath ó fhuráilemh agus ó ched De do thionnsgain an fhairrge drud amach ona hionnadféin comh luath sin go rabhattar piasta an mara ag snamh agus oc rith agus gurab ar eiccin rangattar amach leis an muir. Agus do fhaccaibh iascc iomda ar an traigh tirim le na luáithe do gluais. Agus do len Déclan an fhairrge roimhe mar sin agus a bhacaill ina laimh. Agus do lenattar a deiscipail eisiumh agus do bí gáir agus foghar mór ag an muir agus ag na piastaibh ag imtecht. Agus an tan rainic Déclan an tionad ina bfuil crioch na fairrgi anossa adubairt lenab ócc da deisciplaibh re Declan dar bhainm Mainchin ar ngabháil eccla dó roimh thorann an mhara agus ria ngáir na bpiast nanaithnidh. Agus ambeoil osluiccthe ag lenmain an uiscce: "A Athair" ar sé, "ní becc duit afhad ro dhiochuiris an mhuir óir atá eccla na bpiast nadhuathmar so oruinn." Agus mar do cualaidh Declan sin agus an mhuir ar nanmhain le breithir an leinimh nir maith leis hé, agus do iompo ris agus do bhuail do bhuille bhecc ara ssoin he. Agus do fearattar tri bráoin
fhola uadha co lár fo cosaibh Declain attri hionadaibh. Agus do bheannuigh Declán ashrón agus do sccuir an fhuil go luath. Agus adubairt Déclan: "ní meisi do díchuir an fhairrge" ar sé, "acht ase Día ona chumhachtaibh mora féin do ionnarb í, agus do dhenadh ní bud mó muna abartása an dubartais." Agus an tionadh inar thuitettar na tri bráoin sin do muighettar tri topair bhecca duisge milis sholas fo chosaibh Declain. Agus maraitt na toipre sin fós. Agus do-cíther go hannamh i ndath fola iad do cuimniucchad na miorbal sin. Agus ata mile ar leithett san traigh sin do tiormaighedh on uiscce. Agus as fada an tslicche ar fad hí agus ina timcell agus as maith agus as torthach an ferann treabtha, agus feir hí sin fo mainistir Declain. Agus an bhachall do bí illáimh Décláin ag denamh na miorbal sin isé as ainm dhi .i. "an fhertach Décláin" ona fertaibh agus ona miorbuilibh dorinnedh uaithe. Agus adéram tuilledh da miorbhuilib in ionadh ele inar ndiaigh. C. 21. Agus a ndiaigh an mara do thiormuccadh mar adubramar don naomh oirderc sin edhón Declán sa ainm agus aclú do chuaidh fo Erinn ona fhiortaibh moraibh examhlaibh do thionnscain a mhainistir mór do chumhdach don taoibh thes don tsruth ata tre san inis isin fairrgi. Agus as onorach deghmaisech an mainistirsin. Agus isé as ainm dhi Airdmóir Declain, mar adubhramar. Agus na diaigh sin tangatar daoine iomda a rannaiph imchiana Ereann fo clú anaomhtachta agus a deighbhes an tí Declain agus tuccattar iatt fein ettar anam agus chorp do Día agus do Déclán. Agus do cenglattar íad féin fo chuing agus fo riaghail dó, agus do cumhdaighedh leis ina duthaig fein sna Déisibh in gach aon aird teampuil agus mainistreacha agus ni hedh amain
ina dúthaig fein acht ittíribh ele Ereann fo cuairt. Agus as mor do míltib do mnaibh agus dferaibh do bí fona cuing agus fona riaghail is na hionadaibh sin adubramar ar fud Ereann aga ttuccattar ambetha as go conaigh. Agus ro ordaigh drong da dheisciplaibh ina nespuccaibh agus do chuir íad is na hionadaibh sin do shíoladh creidmhe agus crabaidh inntu. Agus do bfollus búidhe agus socharthanaighe in epscop naemhtha Déclan an méitte sin gomadh ferr le na deiscipal a bheith fona smacht agus fona riaghail agus ina dheiscipal aicce ina neach díbh do bheith ina uachtarán imainistir ele. C. 22. Na diaigh sin tainic an tepscop naemhtha glormhar cend irse agus creidmhe insi Gaóideal in Erinn .i. Patraicc ó Chelestínus Papa, agus do chuaid Aengus mac Natfraich ina choinne mar do cualaidh a thuarusccbáil da ionnsaighidh agus tucc leis maille re gloir agus le honóir móir da catraigh rioghda féin go Caiseal hé. Agus do bhaistt Patraicc eisuimh agus do bhennuigh é féin agus a cinedh agus a chathair. Agus do cualaidh Patraicc go raibhe rí na nDéisi gan creidemh na baistedh do gabail cuicce agus gur eirigh esáenta etar he agus Déclan, agus gur eittigh foircetal do ghabhail uadha. Agus do chuáid Patraicc do shenmoir agus an cetrar easpoc adubramar do bi in Erinn roimh Patraicc, agus do bí san Roimh. Agus ní rabattar dáontoil le Patraicc acht Declan amhain gidedh do chenglattar sídh agus pairt fris iar sin. Agus do umhlaigettar do. Ciaran imorro do rinne gach uile aiditte agus umhla dó agus do bi dáontoil fris da lathair agus sechtair. Ailbe imorro
mar do connairc righa agus ticcernaidhe Ereann acc umhluccadh do Patruicc agus ag techt ina coinne tainic fein go Caisiol da ionnsaicchid. Agus do umhlaigh dó, agus do ghabh mar maighistir chuicce he hi fiadhnuise an rígh agus cáich uile. Agus biodh a fhios accaibh gurab é Ailbe do ordaighettar an drong naémheaspocc sin ina mhaighistir orra. Agus ar an adbhar sin tainic ar tús mar arraibhe Patraicc ionnus nach beittís sion asa ucht accontrardhacht do, agus go mbudh usaitte leo teacht fona smacht agus fona riaghail eisiumh ar tus do theacht ann. Espocc Iubair imorro nír fhaomh sé ar chor ar bith umlaccadh do Phatruicc óir nír báil leis cineadhaig ele do bheith ina bpatrunaibh in Erinn. Agus is amhlaidh do bai Patruicc do ba Bretnach é iar mbunadhus. Agus do hoiledh in Eirinn é ar na tabairt i mbraighdenus innte in aois a mhacdachta. Agus do bí easáenta agus cennairrce ar neirge etar Patruicc agus espocc Iubhair o tús gidhedh ar ttecht daingeal na siodha ettorra do ronsat comáenta agus braithreas do cengal ettorra; agus do bhattar reidh o sin súas. Agus nír báil le Declán contrardacht do Patruicc ar aon modh oir do cenglattar muinnterus re ceile ar slighidh na hEtaille agus is amhlaidh do aithin an taingeal de techt go Patruicc agus a thoil do dhenam. C. 23. Tainic aingeal Dé chum Declain agus adubairt ris: "Eircc go luath mar a bfuil Patruicc agus toirmiscc uime do chinedh agus duthaig do mallacadh oir ata attredhenus ar in rígh anocht san magh ra raiter an Inneoin. Agus da mallaighe sé do chinedh beitt mallaighthi go brath." Is ann sin do ghluais Declan maille re deithneiss mór ar furailemh an aingil go hInneoin .i. áit sin atá ar lar Maighe feimhin isin rann tuaidh dona Déisibh. Agus do ghab tarsna na Sleibhe Cua agus tar Síuir agus rainic isin maidin ar na marach mar a raibhe
Patruicc. Agus mar do chúalaidh Patruicc agus a dheiscipail go raibhe Declan da nionnsaicche doba forffáilidh iad roimhe, óir do chualatar nar báil leis techt. Agus do gabh Patruicc agus a phopul é maille le honóir móir. Agus do umhlaigh Declán do Phatruicc agus do ghuidh é go dútrachtac nach dernadh sé a chinedh desccaine na do mhallachadh ná an talamh da raibhe se. Agus do gheall a thoil féin dó dá chinn sin. Agus a dubairt Patruicc ar son do ghuidhesi ni hedh amháin nach mailleoch íatt acht do ghén a mbennachadh. Agus do chuaidh Declan an tan sin mar a raibhe rí na nDeisi dó bi accomhfhoccus do. Agus do thaircuisnig Patruicc agus nír fhaomh creidemh dó ar impide Décláin agus do gheall Declán luaighidheacht dó do chind dola mar a raibhe Patruicc agus baisttedh do ghabhail agus an creideamh daontucchad agus nir faomhsomh sin ar chor ar bith nó ó résun ar domhan. Agus o do chonnairc Declan sin .i. rí na nDeisi, Ledban ar nanmain, ina micreidem agus ina diabhaltacht ro iompo gus an oireachtus decccla go mailleocad Patruicc a chinedh, agus a duthaig agus do raidh riú deiliughadh ris an nech malluighthi sin cona beittís féin malluighthi ara shon, "Óir do bhaistesa sibhsi agus do bennaigheas agus teccaidh lim," ar sé, "dionnsaige Patraicc neoch do chuir Dia cuccaibh da bhar mbennucchad óir ata sein ar na togha ina airdespocc agus ina ardpatrún in Erinn uile óir dlighimse mhatharda féin agus a bheith im righ oruibh inar dligheas an fer útt". Agus leis an nguthso do eirgettar agus do leanattar Declan. Agus rucc Declan iatt dionnsaighe Patruicc, agus adubairt ris: "An ffaicenn tu
mar tangatar cinedha na nDeisi liumsa mar tigerna do tionnsaighe agus mar do faccbatar an ticcerna malluighthi aga rabhatur. Agus biodh a fhios agatt go ffuilit siatt ullamh chum onora do dénam duitsi agus chum do thola do choimhlionadh óir as uaimsi do gabhattar siatt baisteadh chuca." Agus do éirigh Phatraicc ina sesamh leis an mbreithir sin agus a dheiscipuil maille fris agus do bhennuigh cinedh na nDeisi agus ní headh amháin acht a ccoillte agus a nuiscce agus a ttalamh. Agus adubhratar maithe na nDeisi agus a núaisle an tan sin: "Cia bús rí nó bús tigerna orrain anossa"? Agus adubairt Declan: "As meisi as tigherna oraibh, agus gibe nech oirdéocas meise oruibh ina thigernae beinneochaid Patruicc hé agus do genam uile a bhennuccadh. Agus biaidh ina righ oruibh uile". Agus isé nech do ordaigh Declan annsin Fergal mac Corbmaic nech ócc do cinedh na nDeisi agus fá do gháol Déclain féin eisein. Agus do chuir sé i medhón cáich in ionad righ é. Agus do thaitin le cách uile, agus do bheannuigh Patruicc agus Declan é agus do ghoir gach nech dibh fo leith ina righ é. Agus adubhairt Patruicc ris an occlach gomadh crodha laidir i ccataibh agus go madh torthach an talamh re a lind. Agus is amhlaidh sin bíd ríghu na nDéisi do gnath. C. 24. Ina diaigh sin tucc Declan agus Fergal mac Corbmaic .i. rí na nDéisi agus a chinél ferann mor do Phatruicc accomhfoccus do Magh Feimhin agus ata aga chomharbaibh osin alle, agus tigernas mor ann. Agus ni fada on tSiuir an tionadh tuccadh dó. Ata topar mor solas ann re nabarthar topar Patruicc agus rob ionmain re Patruicc an topar sin. Agus ina dhiaigh sin ar cceilebhradh da cheile maille le bennachtain do chúaidh Patruicc go Caisiol aris accenn Aengusa mic Natfraich agus do chuaidh Declan leis. C. 25. Do rinneadh míorbuile an tan sin ar Dhéclan tre
impidhe Phatraic agus tre na guidhe, óir do bí Déclan ag siubhal go nemhaireach isin slighidh, agus tárla iarann gér fris agus do gherr a chos, agus do theilg fuil go dásachtach agus do thionnsccain Declan beith bacach agus do bí Ailbhe Imlig do lathair na miorbuile sin agus Sechnall espucc descipal Patruicc agus aderar gurab é sin ceid-espucc do cuaidh fo úir Ereann riamh. Agus do ba naemhta eccnaidh é agus do chuir orra go mór an cnedh sin tarla ar Declan. Agus do hinniseadh do Patruicc in ni sin; agus dob olc leis. Agus adubairt: "Slánuigh a thiccerna cos do sherbhontaidhe féin fhuilinges mór do dhúadh agus do dochar ar do shon." Agus do ghlac Patruicc an chos agus do chuir comharta na croiche césta ar an ccneidh agus do sccuir a fuil go luath, agus rucc bél na cneidhe chum a chéile agus ticc sele fuirre agus do bi slan agus do eirigh Declan ina sesamh agus a chos slan leis. Agus tuccatar uile moladh do Día. Na sluaigh, agus na ceiterna do bí ar an latair annsin tuccatar gáir mor os aird ag moladh Dé agus na naemh. C. 26. Ar mbeith do Patruicc agus dona naomaibh sin ar aon ris i cCaisel .i. Ailbe agus Déclan cona ndeisciplaibh i ffarradh Aengusa mic Natfraich do cuireadh leo moran do geinntlighecht agus do shechrán an creidimh ar cúl. Agus do iompóidhettar íatt cum an chreidimh Chriostaidhe. Agus do orduigh Patruicc agus Áengus mac Natfraich i fiadhnuise cáich uile a ccoitcinne airdespuccoide Muman do beith ag Ailbe, agus do órdaighettar do Dhéclan mar an ccedna a chenél fein .i. na Déisi, óir isé do iompó íad ona sechran agus ambeith aicce ina paraiste agus ina espuccoide. Agus mar do dhéndais Ére do Patruicc gur ab amhlaidh sin do dhéndáis na Déisi do Déclan da bpátrun féin agus adubairt Patraicc an rann: - {C Fil.} Ailbhe umhal; Patraicc Muman, mó gachrath, Déclan, Patraicc na nDéisi: na Déisi ag Declan gan brath.
{C Prós} Agus as ionann sin re a rádha agus gur abé Ailbhe an dara Patruicc na Muman, agus gur abé Déclan dara Patruicc na nDeisi. Ina diaig sin ar cceilebradh don righ doibh agus doibh uile le céle do chuattar na naoimhsin da níathaibh féin do shíoladh an chreidmhi. C. 27. Tarla Declan agus Fergal mac Corbmaic le ceile .i. rí na nDeisi cona sluag agus cona coimhtionol dona Déisibh ag Indeoin agus do daingnigettar an recht Criostaidhe isin popal. Agus an rí adubhramar romhainn .i. Ledban diultaightéoir anma Críost do dichuiredh o gach aon é agus do cuaidh ar neimhtní gan fios ascél mar ata scriobhtha do naimtibh an chreidimh: - "Go ttiagat a ccuimhne as mar fhoghar". Agus do ordaigh Declan agus Fergal agus maithe na nDéisoch gurab annsan ionad sin do goirfidhe rí ar na Déisibh go brath, do bríg gurab ann do bhennuigh Patruicc agus Declan an ri sin .i. Fergal agus adubhrattar na senndaoine gurb annsin doriogthaoi riogha agus do chaithdis afflaiteas roimh creidemh is na Déisibh. C. 28. Is in aimsir sin tainic plaigh gránna isin Mumain agus do bí i cCaisiol ní badh mó ina in ionad ele. Agus is amhlaidh doniodh ris na daoinibh andath do claochlad imbuidhecht ar tús agus amarbadh ainnsein. Agus do bhattar moirseiser do braigdibh uaisle ag Áengus hi cCaisiol don taoibh thiar do Chaisiol san áit re nabarthar Raith na nIrlann, agus tarla doibh oidhce ann go ffuarattar bás don pláigh adubhramar. Agus rob olc lasin rígh a mbás agus adubairt a cheilt deccla go néreochad sccannail no coccadh tríotha oir do bhátar inaccloinn dona daoinibh fa treise agus fa nertmhaire do bí san Mumain. Agus tainic Declan go Caisiol ar na márach. Agus do labhair re hAengus agus doba fáilídh an rí roimhe agus do goir chuicce he. Agus adubairt ris hi ffiadnuise druinge dá cáirdibh féin: - "Guidim tú, a Dhéclain, a searbhontuidhe Dé, go tti
diot in ainm Criost an moirsheiser braghat do bi agam imbraighdenus ó thigernadhaibh Muman anaithbéougadh damh oir atáid ar ffaghail báis don plaighsi do chluine agus is eccail lemsa anaithre do thóccbáil coccaidh agus cennairrce imagaidh, óir as dáoine nertmara láidire íatt, agus as nár linn go deimhin a mbás, óir aderaitsion gur ab dínn féin tainic a mbás." Do freaccair Declan don rígh agus adubairt: - "A leithéite sin do chas .i. daoine daithbeougadh o bhás go bethaid as ris an ccumhachta ndíadha amháin bhenus. Agus an ní bhenus rimsa de .i. dol mar a bfuilit a ccuirp agus urnaighe do chur cum Dé arason do ghen é. Agus do déna Dia mar as ferr do cífidher dó annsidhe." Agus do chúaid Déclan agus drong ele maille réna deisciplaibh agus lucht eolais an rígh rempu mar a rabattar cuirp na muinntire sin tesda. Agus do len an rí íatt ar a lorcc ionnus go ffaca se uadha cuirp na ndaoine marbh. Agus do chúaid Declan ar na lionadh on chreidimh díada isin tigh irrabhattar, agus do croith uiscce coisrecctha orra, agus do rinne urnaighe hi ffiadhnuise caich agus adubairt: - "A thiccerna, a Iosa Criost, a áoin meic De bi in onóir tanma fein dúisigh na mairbh so ionnus go ndaingnightar iad isin creidemh Chatoilice tré nar noificne." Ina dhíaigh sin do haithbheoaighedh an drong sin do Déclan agus do bhattur ag glúasacht a bfabhradh agus a dubairt Declan riú: - "In ainm Criost ar slanaighteora éirghidh in bhar sesamh agus bennaighidh Día, agus tabraid glóir do." Agus do éirghettar leis an nguth rin go luath agus do labratar ré chách agus do fóccair Declan don rígh iatt ar mbeith slan beo doibh. Agus ar ffaicsin na miorbailedh niongantach sin do chách tuccattar uile gloir agus molad do Dia agus rainic clú Decláin fo Erinn de sin agus roba fáilid an ri résan aisecc sin fuair. C. 29. Ina dhiaigh sin do ghuidhettar popal Caisil espocc De go mbennaighed sé an chathair agus go ndíochuiredh sé an
plaigh uatha agus go nguidhedh sé chum Dé air shon na ndaoine do bi eslán isin teidhm sin gan dol de. Agus air ffaicsin creidme na druinge sin do Dhéclan do ghuidh Día, agus do chomharthaigh ó comarda na croiche cesta ceithre hairde an aeoir. Agus as deimhin gur bo follus briatra Criost re na deisciplaib an tansin mar adubairt aga bfagbáil agus ag dol do chum nimhe: "Super egros manus imponent et bene habebunt", .i. cuirfead mo lamha ar na heslanaibh agus beitt slán. Agus déis an aeóir do chomhartucchadh ó chomhartha na croiche cesta do Déclan gach duine do bi easslán do bhattar slan, agus ní híad amáin do bí slan acht an tír uile ina timceall gibe hionad ina rabhattar daoine eslána do bháttar slán. Agus do dichuiredh an phlaigh sin o gach uile tír agus do ba mór gairdechus cáich tríttsin agus tres na dáoinibh marba adubhramar daithbeoucchad. Agus do orduigh an rí cíos agus onoir uadha, agus o gach rígh do ghebadh Caisiol ina diaigh do Dhéclan agus do luct a ionad. Agus ina dhiáigh sin do bhennuig an tepscop glórmhar Declan an rí Aéngus cona catair agus cona chinedh agus do iompo iassin do chum a ionaid féin. C. 30. Do bai Déclan oidhche áiridhe ar aidhigecht ittig duine saidhbhir isin rann thes do Muigh Feimhin agus is amlaidh do bí an fer sin agus é ina aincriostaidhe gan creidemh do ghabhail chuicce. Agus is é do bainm do dercan. Agus do bhrethnuigh sé fanámatt do dénamh fona criostaigibh oir adubairt re na sherbhfogantaidhe madadh do marbadh gan fhios agus a cheann agus a chosa do bhúain de agus a ffolach i ttalmain agus a fheoil do bruith go maith agus a tabairt do muinntir Décláin da caithemh agus adubairt riú an madadh do bheith meith go maith, go ngabdais a fheoil mar fheoil caorach. Agus an tan roba bruite tuccaidh hi ffiadhnaise Declain agus a mhuinntire maille re haran agus le biadhaibh ele. Agus do bí a chodladh ar ttuitim ar Declan an tan sin agus do duisccedh hé
le na deiscioplaibh do bhennachad accoda. Agus adubairt riú "Go firinnech do címse fritháilemh an díabail attimcell na feola utt." Agus do fiafraigh don luct frithólmha cred hí an fhéoil no cionnus fríth í. Agus a dubhrattar san: - "Ar tticcerna adubairt rinn reithe méith do mharbadh daibhsi agus do rinnemairne sin air." Agus adubairt Declan: "Ar ttighernaine Iosa Criost agus foillsighedh duinn créad dobheir timthirecht an diabhail attimcell na feola so agus toirmiscc do sherbontaidhe ó bhíadhaibh urcoidecha do caithemh doibh." Agus do connairc Déclan, ar na radh sin ionga an mhadaigh imescc na feola oir do bruithettar cethramha an mhadaigh cona cois féin uirre gan fios doibh féin. Agus do saoilettar gur foilghettar i ttalmain mar do ronsatt na cosa ele. Agus adubhairt Declan: - "Ní coss cáorach so acht coss mhadaigh." Agus mar do cuallattar an luct fritholm sin do chuattar go luath dionnsuighe a tticcerna agus do insettar sin dó. Agus tainic Dercan dionnsaige Declain agus do creid dó agus do gabh baistedh uadha, agus tucc é féin agus a shliocht do Declan go brath. Agus tucc an baile sin do Declan agus do baisttedh a mhuintir. Agus do iarr ar Dheclán ní eiccin do bhennachadh isin mbaile sin do hainmneochtaoi dó féin go brath. Agus do bhennaigh Declan clocc do connairc sé; agus is é as ainm dó - clocc Dercain. Agus adubhairt Declan - "Faccbaim mar bhuadaibh ar in cclocc so da ngabha rí na nDéisi na timcheall agus é ag dol do chathuccadh lé na easccairdibh nó do dioghail a indlighid go ttiucfa se slán agus go mbera buaidh." Agus do fíradh sin go minic gidhedh na daoine diomsacha tionnsgnas dol hiccath no i ndeabaidh go haindlightheach agus gabas ina thimceall ní búaid beirit síatt acht fagbhaitt buaid ga naimhdibh. Agus isé fa hainm don bhaile sin Tech Dercain. Agus isé a ainm anois Coningen ó ingin na con, nó an mhadaidh a dubhramar. Is annsin tangatar an drong naomhso mar a raibhe
Declan .i. Coman, agus Ultán mac Eirc, agus Mocoba, agus mac Laisrein, agus tuccattar iatt féin do Dia agus dochuattar fo riaghail agus fo smacht Declain. C. 31. Agus do rinne Declan mainistir isin mbaile sin a Coningin agus do órduig sé an drong naomhso innte maille le buidhin ele da deisciplaibh gidhedh ruccsé Ultán leis féin mar a ndeachaid. C. 32. Aimsir ele ina diaigh sin do cuaidh Declan go Breghaibh .i. a cédduthaigsiumh ria nionnarbadh a sinser. Agus fuair onóir mór ó rígh Temrach agus ó thiccernadhaibh na Midhe oir dob ionmain leo hé do brigh gur ab uatha fein do chuattar a shinnsir agus gur bí an tírsin a dúthaig firinnech agus gurab innte ata Temhair. Agus do cumhdaigh Déclan mainistir chanánach ann sin a bferann fuair sé ón rígh. Agus is uadha ainmnigter an tionad. Agus do facaibh mionn no leabhar cumhdaigh agus soiscél onórach do bídh aicce féin do gnath ar iomchar ann sin. Agus atá an soiscel inonoir móir isin ionadsin agus do gníther miorbuile uadha. Agus ina diaigh sin do iompó sé isin Muman. C. 33. Do bi Declan la acc siubhal tre Osraighe agus do báil leis anadh iccaislén ann. Agus tuccattar luct an chaislean. Agus tangattar na fir agus na mna sin ar na marach go humhal mar a raibhe Declan. Agus do innsettar dó a truaighe fuaratar an drong sin bás mar do afhios aicce sion. Agus do ronsatt sin aitricche agus tuccatar ionad onorach do Déclán ina nderna sé mainistir agus fuair tuilleadh ele ferainn agus tucc fo dera na mairbh sin dadhlacadh mar anderna an mainistir. Agus isé as ainm don mainistir Ceall Colaim Deircc. Agus is amhlaidh do bi an Colaim Dercc sin ina fhear búidh naomhtha do dheiscipal do Declán don rann toir do cuigedh Laighen iar mbunadhas .i. do Dál Messcorb. Agus is uadha ainmnigter an
mhainistir sin agus a ndiaigh an tionad sin do lesuccadh tainicc da ionadh fein tar a ais .i. dona Deisibh. C. 34. La náen tainic Declan gus in ionad ris araiter ait mBreasail agus nir leiccettar aittrebaigh an bhaile sin ina ccaislen hé, agus do fhoilgettar anartraighe uile ionnus nach fedfadh dol da inis féin óir tuccatar an drong sin fuáth ro mór dó, gidedh do rinne Dia na nuile chumhact ar son naomhthacta aóccláigh féin do guidh é maille le foighittin gur ionntó sé an mhuir na talamh tirim mar do chualabair thúas, agus do an Déclán an oidhce sin istápla fholamh do bí amuigh ar in ffaithce agus ní fhúair teine amáin o luct an bhaile. Agus as oirches táinic inneachadh o Dhía orrasan o nach raibhe do trocaire ionnta tene do thabairt do dheiscipal Dé óir tainic teine do nimh orrasan do loiscc iatt uile etir baile agus caislén ionnus go ffuil oshoin ina fásach mallaigti mar atá sccriobhtha on fáidh: - "Ciuitates eorum destrusti" .i. discaoiltear cathracha na ndaoine míotrócairech. C. 35. La ele do bí Declan ina duthaig fein ag siubhal Sleibhe Cúa is na Déisibh. Agus do bacaighedh aeach ó adhbhar eiccin, ionnus nar bheidir lé siubhal do dhenamh. Agus do connairc Déclan almha fhiadh acc siubhal an tsleibhe do thaobh dhe. Agus a dubairt le neach da mhuinntir: "eirig agus tabhair cuccam fíadh dibh sutt fom carpat in ionad mheich agus beir an bhraigdeach so let ar a cend." Agus do imtigh an deisciopal agus nír chuir sin a cconntabairt no go rainic an fiadhach, agus do anattar go min cendsa ris, agus do ghlac an fiadh do ba mó agus rer cosmaile beith láidir dibh. Agus tucc leis hé, agus do chuir fon carpat agus do iomchair an fiadh go cennsa láidir easpoc Declain no go rainic sé Magh Feimhin. Agus do ghabh tech leaptha ann sin agus do leicc an fiadh uadha, agus adubairt ris a denamh amhail fa gnath leis. Agus le breithir an fhíreoin do iompó an fiadh iffiadhnaise cáich
uile sin slighid cedna tar a ais. Agus an neach a dubramar tucc an fíadh chum Déclain isé fa hainm dó Dormanach agus do bhennuigh Declan hé agus tucc ferann dó isin rann tuaidh do na Deisibh leth le hEoghanact agus mairid a slioct gus aníu isin ionad sin. C. 36. La ele do baoi Declan ag siubal agus cuidecta mór maille ris mar fa gnath leis, agus do thuit neach dibh isin slighidh agus do brisedh a lurcca ar dó agus do connairc Déclan sin agus do ghabh trocaire do e agus adubart le nech ele an chos do chengal gunach faghadh se bás ó roméd a tinnis agus ateilccin fola. Agus adubhrattar uile nar fhettattar tré uathmairecht na cneidhe. Agus do bi nech ele don chuidectain dár bhainm Dalúadh agus do cuaidh go dána láidir do cum na cneidhe agus adubairt "In ainm Criost agus Declain ar bpátruin biaidh meisi im liaigh ag in ccois so" agus as dábhoct adubairt sin: gidhed do chengail go maith an chos agus do bhennaig go maith í in ainm Dé agus Declain hi fiadhnuise cáich agus fa ferr sa cách do bi sí an uair sin féin. Agus accionn tamaill bicc do chnesaigh an chnedh agus do bí slan. Agus tuccatar uile moladh do Dia, agus a dubairt Declan re Daluadh, "Do ghellais go mbeithea it liaigh ag in ccois sin in ainm Criost agus im ainmsi agus tucc Dia dhi bheith slan ris na briatraibh sin. Agus ar an adbhar sin biaidh tusa it liaigh dearbhtha, agus bhiaidh do cland agus do síol it díaigh go brath. Agus gibe do shaothrochad leighes in ainm De agus im ainmsi act nach raibhe fuath agaibh na saint iomarcach im luach leighis do bhéra Dia agus meisi furtacht dó." Agus do coimhlionadh briatra Declain don druing sin. C. 37. La ele do bi Declan ag siubhal isin rann tuaidh i Muigh Feimhin laimh le Siúr, agus tarla doibh duine aga raibhe lenab becc gá breith dia baistedh agus a dubairt Declan re na muinntir: "Anaidh ann so go mbaisttinedh an naoidhe útt,"
óir do foillsigedh dó on Srirat Naomh gur ab do do Dhía do fhoighénadh sé. Agus adubairt an tocclach ris nach raibhe soidhtech no salann aicce chum an bhaistthe. Agus a dubairt Declan, "Atá soidthech fairsing aguinn an tSiúir agus do bhéra Dia salann dúinn chum na náiden so óir bádh naemtha miorbhuilech é." Agus do thoccaibh Declan lan a dhuirn dúir na talman agus do rinne urnaighe ina inntinn cum Dé agus do chomharthaigh o chomharta na croiche cesta hí. Agus do rónadh saland tirim geal di agus tuccattar cách uile aga fhaiccsin sin moladh agus onóir do Dhia agus do Declan. Agus do basttedh an naoidhe ainnsein agus tuccadh Cíaran dainm fair. Agus a dubairt Declán: "Oilidh go friochnam an mac spioratalta so accamsa, agus cuiridh do denamh leighinn in aóis iomcubaidh é, chum duine craibhdhigh aga mbía an creidemh go maith óir bud solas dealraighteach an posta isin ecclais e." Agus dob í an naoidhe sin Ciaran mac Eachac do chumhdaigh iar ffoirbhthiugadh dó mainistir onorach as a ndeachaid fein chum nimhe agus inaid ele maille fria; agus do rinne móran do mhiorbhuilibh agus do chomharthaibh naomhtachta. Agus isé ar ainm don mainistir sin - Tiprut, agus is ann atá sí isin leith thíar dona Deisibh in Uibh Faithidh ettar Slíabh Crot agus Slíabh Cua agus is deaspuccoidecht Declain hí. C. 38. La ele tainic bean do mhainistir Déclain agus ni fada ón cháthair mar ambiodh a comnuidhe. Agus do rinne gadaighect an lá sin isin mainistir mar do rinne go minic remhe, agus ise ní do goid sí .i. habellum, agus do imtigh on mbaile agus sin lé agus tarla uirre luct sliccedh moire agus do shluicc an talamh ina fiadhnaise hí agus do teilcc si an tabellum asa huct, agus do ronadh cloch dhe go luath agus do thoccbhattar luct na sliccedh an cloch agus ruccattar leo hí chum Déclan agus do conaircc Declan féin go spioratalta gach ní da ndearnadh ann sin ar in mnaói sin in inneachadh na
gadaighecta agus as mór do méadaighead ainm Declain ona miorbuilibh sin agus do gabh eccla cách uile ina fiadhnaise agus don taoibh amuigh de. Agus maraidh fós an cloch sin irreilic Decláin ina bhaile féin in Ardmór Declain agus hí ar na suidhiuccadh in ionad ard innte accuimhniuccadh na míorbuili sin. C.39. Duine saidhbir dar bhainm Fionntan do bi gan cloinn aige dáigh ba haimritt aben aimser mór do bliadhnaibh, agus tainic féin agus abhen cum Declain, agus do gheallsat almsana iomda do, agus gnathucchad dhegh oibreach, agus eisiumh do guidhe ara son chum cloinne dfágail doibh oir doba deimhin leosam act go nguidedh Declan ara son go ttiubradh Día clann doibh. Agus adubairt Declan an sin ar nguidhe Dé agus ar mbennachad na deisi sin: "Tiaghaidh dá bhar ttigh agus do ghebtáoi clann othiodlachad Dé." Agus do imghettar an lanamhain sin maille le gairdechus mór an bhennaighthe, agus gheallta ar cloinn dá ttigh for ccúlaibh agus anoidche ina diaigh sin do chodail Fionntan a bfochair amhná agus do gabh sí toirrces chuice agus rucc dias mac .i. Fiacha agus Aodh, agus do battar síad, maille le na ccloinn agus le na slioct, fo chios agus fo mhancine do Día agus do Declan. C.40. Ar na fhios do neoch naomtha .i. dAilbhe Imligh Iubhair dardeaspoc Muman go rabattar a laithe deighioncha a bfoccus dó, adubhairt lena deiscioplaibh: "A braithre gradhacha isé do bail limsa mo chompanach rogradhach dfiosrucchad ní as taoscca ina do gébh bás .i. Declan." Ina diaigh sin do ghlúais Ailbe chum a slighedh agus tainic aingel Dé chum Déclain agus do innis dó Ailbhe do bheith ar slighidh da ionnsaighe. Agus do fhurail Declan la breithir an aingil ar na deiscioplaibh an tegh dullmugadh fa comhair Ailbe. Agus do chúaid ind airrcis Ailbhe gus an ionad re nabarthar Druim Luctraidh. Agus tangattar le ceile don bhaile agus do bás go roonórach ris ag Declan, agus aga phopul agus do bí Ailbhe ina focair ceithre la dég in onóir agus in gairdeachus. Agus ina dhiaigh sin do iompó
an sennáomh tar a ais arís da cathraigh fein go hImlech Iubhair. Agus tainic Déclan agus dáoine iomda lais go Druim Luchtaradh do thiodlacadh Ailbhe. Agus do fhurail Ailbe ar Declán iompódh da catraig féin agus do bí a fhios ag an días sin nach faicfittis a chele go brath arís ar an saoghal so. Agus ag delucchad le cele doibh do theilgettar dera treundoilge agus do chenglattar pairt agus cumann ettar luct anionad ina ndiaigh go brath. Agus do bhennaigh Ailbhe cathair Decláin agus a clíar, agus a popul agus do rinne Déclan mar sin dósan. Agus tuccattar pocca a ccomarta gradha agus sioda da ceile agus tainig gach neach aca da chatraig fein iarsin. C. 41. La náen do ghabh teine caislen righ na nDeisi .i. Cinaedh, agus do las go dasactach. Agus tarla go raibhe Declan ag dol dionnsaighe an chaislein le gnouigibh eiccin, agus rob olc leis mar do connairc an caislen ar lasadh agus tucc urchar don bachaill adubramar leis ar traighedh an muir dionnsaighe an chaislein agus do chúaidh si ona scciatanaibh diadha ar foluamhain isin aer go rainicc medhon na lasrach agus do much go hopann an lasair uaithe fein do grasaibh Dé, agus tre miorbhuilibh na bachlae agus Declain ag a raibhe sí. Agus dob fada an mile on ionadh asar chaith Declán an bhachall gus an ccaislen agus ar bfaicsin na míorbuili sin don rígh .i. do Chinaed agus do chách uile rob iongnadh leo hé. Agus tuccattar buidechus do Dhía agus do Dheclan ar na aithne doibh gur ab e do rinne sin. Agus ní fada on tSiuir an tionad ina bfuil an caislen sin .i. don taobh theas dhi. Agus is ann atá an tionadh asar chaith Declan abachall laimh ris an ath atá ar an Siuir, no sruth gabhus laimh ris an mainistir do rinneattar na hogha naomhtha ingheana righ na nDeisi, .i. Cinaodh, a nonoir do Dhia dar ab ainm Madlaca agus ata carn cloch agus cros annsan ionad sin do cuimniughad na míorbhuile sin. C. 42. Araile aimser tainic cobhlac eactrann dionnsaighe cathrach Décláin agus asé doba rún doibh an baile do milleadh
agus do creacad ettar dáoinibh agus cetruibh oir doba daoine do bí inacchaid an creidimh iatt. Agus tangattar móran do luct an baile le deibidh móir dá innsin do Dhéclán an coblach sin do bheith ag tect dionnradh an bhaile agus da rád furtact Dé diarraidh in anaghaid. Do bí a fhios ag Declán an nech doba naomhtha conaighe dá deisciplaibh féin agus tar attangamar túas .i. Ultán, agus do fhuráil air guidhe Dé do denamh in acchaid in cobhlaigh. Agus do gabh trocaire Ultan don phopal Criostaighe agus do cuaidh Ultan go luath le breithir Decláin in acchaid in chobluigh agus do togaibh a laimh clí ina nacchaid. Agus ar in lathair sin do shluig an fhairrge íatt mar shacaibh lán do luaighe. Agus do tionntóidhedh na mairnealaigh déis a mbáitte hi cclochaibh móra. Agus ní fada amach o tír an tionad ina bfuilit imbél an chuáin agus as follus iad isin bfairrge go hard ó shin anúas agus gach uile Criostaighe do connairc sin do gabh gáirdechas agus luathgaire iad, agus tuccatar moladh agus gloir do Dhia agus do Declan da bpatrún féin da ttainic na miorbuile corrigenda sin do dhénamh agus morán do mhíorbhuilibh ele maille friu. Agus do bí imresain etar Ultan agus Declan fán míorbhail sin óir is a leith Declain do chuireadh Ultán iad, agus is ar Ultan do chuireadh Declan íad. Agus ata mar shenfhocal ar cuimhne in Erinn an tan docluinit periacail no guasact con abraitt siatt: - "Lámh clé Ultáin it aghaidh." Agus do bí Ultan indiaigh báis Declain ina abb miorbhuilech ar móran do mhancaibh naomtha ele. C. 43. Do chuir an tairdespoc naomhtha glórmar .i. Patraicc neach da deiscioplaibh fein cum Declain le cumhactaibh agus le haithne an airdespuic. Agus ar ndol dó isin rann teas dona Deisibh do baidhedh in abhainn ainnsein he da mile ó chathair Declain. Agus ar na chlos sin do Declan rob olc leis agus adubairt: - "Go deimhin as olc lim deiscipal Dé agus Patraicc do chuir dom ionnsaighe é (abhann im dúthaig féin da bhathad) déis Ereann do shiubhal dó agus gabaidh mo carpat damh
go luath go ndechainn dfechain a thaise ionnus go ccluinedh Patraic deithite agus toirsi do bheith agam fa bhás a deiscipail." Agus do tóccbadh roimh Declan an corp ag daoinibh ele do bi accomhfoccas dó. Agus do cuiredh in eletrom é dá bhreith cum Ciárain da adhnacal agus tarla do Declan iátt isin sliccid. Agus do fhurail an corp do thurnamh go lar. Agus do ba doigh leosamh gur abe a ord marbh dob áil leis do radha. Agus do chuaid mar a raibe an teiletrom agus do toccaibh an brat do bi ar acchaid agus do connairc teimlighthi mignéthech í mar bíd aighthe na ndaoine báitter. Agus do rinne urnaighthe and sin cum Dé agus do dhoirt dera agus ní chúala énduine ni da ndubhairt. Agus a dubhairt ina diaigh sin: - "In ainm na Trinoide, in ainm an Athar agus an Meic agus an Spiorait Naoimh dá niomchuirimse cuing crabaidh eirigh cuccainn oir do aisic Dia do bheatha damsa." Agus do eirigh go luath leis an nguth sin agus do bhennaig do Dheclán agus do cách uile. Agus do ghabh Declan é maille le honóir agus a dheiscipuil. Agus do bí sé ann sin gan beith slan act mar dhuine ar néirge a heslainte no go ttainic se an diaigh achele chum slainte. Agus do chúaid le Declán agus do bí aimser ina fhocair agus do fhás gairdechas mór iccathair Declain dona miorbuilibh sin agus do lethnaigh a ainm agus a clú fona criocaibh accoitcinne. Agus do bé ainm an deiscipail sin Phatraic, Baillin. Agus do iompó chuicce maille le gairdechas mór agus ro innis dó Déclan día aithbhéougadh agus do innis do mhóran ele narbhé. Agus ar ccloistin na míorbhuile sin do Phatraicc hi ffiadnaise móran do dhaoinibh tucc grasa agus moladh do Dhía agus do mheádaigh ainm Declain. C. 44. An diaigh na miorbhuile nemhgnathacha sin do dhénam do Declán dob áil lind crioc do cur ar ar comrada. Agus na
miorbuile iomda do rinne sé nach scriobhthar annso do tuiccsin agus daithne as an méitt do scriobhamar dibh. Agus dob ail linn fós a fhios do bheith aguibh gur slánuigh sé daoine esslána agus gur shoillsigh sé súile daoine ndall, agus gur ghlan daoine ó lubhra agus go ttucc siubhal do bhacachaibh agus go ffuair eistect do bhodhraibh agus moran decsamlact tinnis in ionadhaibh iomda ele ar fud Erinn do shlánucchad ag nach sccriobhtar annso iatt lena ffad, agus ar a lionmairect le na scriobhadh deccla go madh eimhilt le lucht a legtha no a neistecta moran do labairt daon pearsain amháin. Agus ar an adhbhar sin leiccfem torainn íatt. C. 45. Agus ar na thuiccsin do Dheclan gur bó gerr alaithe deighioncha uadha agus go rabhattar angar dó tuccse a dhalta féin da ionnsuighe .i. Macliag as an mainistir ata san taoibh toir dona Deisibh ar chomair Fhear-nGailian ionnus go ngabadh se Corp Criost agus a Fhuil agus Sacramainti na hEcclaise asa lamhaib in uair a bháis. Agus do foillsig se la a báis da dheisciplaibh agus do fhurail a breith da catraigh fein oir ni hinnte do bí an tansin act i sella bhecc onorach do ordaigh se do denamh dó, etar an cnoc re nabarthar Árdmor Déclain agus an mhuir in ionad chumang ar bruach na fairrge agus as laimh ris gabhas an srutan glan solus on cnocán anuas chum an mhara agus atád croinn agus biledha aga timchealladh re nabartar Diseart Declain. Agus as becc an mile uadha go nuicce an cathair. Agus ise adhbhar far gnataigh Declan beith ann do theichead o trioblóid agus o chongáir, ionnus go ffetfad sé bheith ag leghadh agus acc urnaighe agus ag trédhenas ann, agus nir burasa do beith annsin fein ger buáignech e ar iomat a dheiscipal agus a bhocht agus a oilitrech agus a ceithirne do bídh ina diaigh. Agus do bí se deigheinigh búidh trocaireach, agus ar an adhbhar sin aderar ona senndaoinibh go mbíttis
slúagh mor do ghnath i ccoimhitecht Declain agus do ba ro ionmhain leis an sealla becc ar an adhbhar sin adubhramar agus aittreabait daoine iomda crabhaidh ann do gnath. C. 46. Iar mbeith do Declan easlan agus anbfann ina bhrioghaibh do leith a chuirp agus slan ó dotcus agus ó creidemh agus o gradh De tainic da chatraigh fein ar ccrunniucchadh a phopail agus a deiscipal agus a chleirech ina timhcell. Agus de shenmoir doibh aithenta Dé. Agus do teccaiscc doibh a mbetha do thabarth as go maith andiaigh a bháis féin agus beith umhal dona huactaránaibh agus a lorcc fein do lenmain mar as mó do fedfattáis agus achathair do coimhéatt i staid agus irriaghail crabaidh. Agus ar neistect an chomráid sin do cach do chuir orra go mor a fhis do beith aca go rab trit adubairt siumh sin go raibhe a fhios aicce gur gherr in aimser go rachadh sé chum nimhe uatha féin. Agus do chuir solas orra o bhriatraibh cennsa agus tuccadh chuicce ann sin an nech naomtha adubhramar .i. Macliag a dubairt fein agus do ghabh sé Corp Criost agus a Fhuil agus Sacraimint na hEcclaise da láimh etar a naomhaibh agus a dheisciplaibh agus do bhennuigh a phopul agus á serbhóntaidhe agus a dheiblein agus do pócc íatt a ccomhartha gradha agus siodha. Agus mar sin ar sccrios iomháighedh agus edbartha na na niodal agus ar hiompódh morain do phoiplibh chum creidimh agus ar norducchad mainistreach agus órd na heccailsi in ionadhaibh ecsamhlaibh agus ar ccaithemh a aimsire go conaigh agus go naomhtha do cuaid an tepscop glormar sin .i. Declan, leis na hainglibh go flaithemhnas glórmhar isin náomhadh Kl do mí August agus do naomadh a chorp agus do honóraigeadh o Aiffrionnaibh agus o channtairecht le naomhaibh agus le popal na nDéisi agus le na mhanchaibh agus lena dheisciplaibh fein ar ttiomarccain chuicce as gach aird in aimsir abhais.
Agus do hadhlaicedh go honorach e ina catraigh fein in aird Declain isin tumba do comhartaigh se fein o fhurailemh an aingil neoch do ní miorbuile agus comharthadha naomhta osin anúas agus do cuaid in áentadh an Athar agus an Mheic agus an Spirait Naoimh in scecula sceculorum, Amen. Finis. An brathair boct Michel O Clerigh ro scriobh an betaso Décclain icCaiseal an ceidfeacht as leabhar Eochada Ui Ifearnain. Aois Criost an tráth do scriobhadh an seinleabhar sin Eochada 1582. Agus ro aithsccriobhas anosa an bheta cettna i cconueint na mbrathar ag Dhrobhaoís aois an tigerna an tansa, 27 Febru 1629.
{B 1745c 18L} {U 0201} BEATHA MOCHUDA. Gloriosus Episcipus Carthagus qui uilgo uocatur Mochuta de gente Ciarraighe Luachra de nepotibus Feargusa mic Roigh. An teasbog glórmhar re nabarthar accoitchinne Mochada as de Chiaruíghe Luachra achinéol, go sunradhach do sliocht Feargusa mic Róigh, aga raib righe nUladh no go ttug sé féin attionsgna mná í go cenn bliadhna agus ní bhfuair an rioghan ar ttecht na bliadhna. Agus atá a shliocht a prouinsibh eaxamhla na hÉireann. Agus do thuit sé díntleacht Oiliolla Rígh Connacht acionaidh éada uim a mhnaoi .i. Meadhbh inghion Eochadha Feidhligh. Finghen mac Gnaoi do Chiaruighe Luachra athair Mhochuda, agus as í fá máthair do Mead inghion Fhinghín do Corca Duibhnne accomharsanacht an tsrotha ré nabarthar Leamhuin san rann tsiar dÉirinn. Do fhoillsig, umorro, an taingiol do Chomhgholl Naomhtha go ngeinfídhe Mochuda ní as túsga iná do gheineadh é. Agus adubhairt: "Geinfíghear mac san rann ntsiar dÉirinn agus budh Carthach a ainm baistíghe agus grádheochar é ó Dhia agus ó dhaoinibh aneamh agus attalamh, agus tiucfaidh sé chúghatsa agus togaróig dul chum na Rómha agus ná leig si sin do, óir do aithin do thighearna dhuit é, acht bíodh se bliadhain iomlán maille riot." Agus do bhí amhlaidh. Do tarngaireadh fós Mochuda ón aingeal do Bhréanuinn agus adubhairt: "Tiocfaidh cughad bráthair míorbhúilleach, chobharthus lead chine féin abhus agus thall; agus roinfighear Ciarraighe eadraibh; agus budh Carthach a ainm; agus as iomdha dona daoinibh bhús forbhfáilteach roimhe; agus as iomdha dona cineadhaibh bheáras chum nimhe; agus así céad cathair bias aige - Ratten; agus asé ionnadh abfhuil Raithen ameadhon Éireann san Mídhe, san talamh re nabharthar Fir-Cheall; agus budh onóirech an
ceall sin, agus budh onóirech agus budh deallraightheach an dara cathair agus an cheall bhias aige .i. Lios-Mór agá mbiaidh tighearnas agus prinsiopáltacht mhór." La éigin do bhí cóimhtionól mór do mhnaibh agus dfearaibh a cCiarúighe agus do connarcadar uile caor theineadh ag tuitim do nimh agcenn mháthar Mochuda ar mbeit di torrach air agus do chuaidh ar neimhnídh ní as túsga ioná do rinne sí urchóid do dhuine ar bith. Agus dob ionghna le gach nduine sin ag nách raibh afhios cread do foillsígheadh tríthe. Agus asé nídh do tuigeadh trid sin, gurab iad grása an Spioraid Naomhtha táinig ar cuairt chum na hinghine agus chum na geine naomhtha sin. Agus ba duine cúmhachtach saidhbhir athair Mochuda aga rabhadar dá chaisleán mhaithe .i. caislean don taoibh theas do Shliabh- Mis agus caisleán eile a ccómhfhogus na habhann ré nabarthar Maing agus annsa chaisleán sin do rugadh é, agus do bennaigheadh an dá chaisleán sin uadha ar son gurab a ccaisleán díobh do rugadh é, agus gurab san chaisleán eile do ghabh a mháthair ina broinn é, agus adeirthear nách féaduid drochdhaoine mailísiocha aitreabhadh acceachthar dhíob. Rugadh iar sin Carthach chum baistídhe agus tarla don fheadhmannach do chuaidh leis neach naomhtha dá'r bhainm Aodhán, agus do ghúidheadh é go mbaisteadh sé an naoidhean. Agus dob fhada uisge ón ionnadh sin; do mhoidh tráth tobar aluinn dóibh ann sin agus do baisteadh an naoidhean as, agus mairionn an tobar sin fós. Agus asé ainm tugadh air Carthach mar do chan an taingiol aga tharngaire mar adubhramhar, gidheadh is Mocuda do gairthí dhe ar son gurab é do ghoiredh amhaighistir dhe ar mhéad aghrádha agus dheithide uimi; agus as tearc aga raibh a fios aithearrach Mochuda do bheith d'ainm air, agus as díleas Mochuda no Carthach do sgriobh air. Adubairt Aodhgán ag déanamh fáigeórechta; "An mac so do bhaistes, ar sé, budh deallraightheach agus budh soghrádhach do Dia agus do dhaoinibh é," agus budh fíor sin, óir do bhí sé sgiamhach deaghmhaiseach mar Dháithbhí, agus do bhí sriantach ar na droicmhiannaibh mar Dhainiel agus do bhí ceannsa caenbharrach
mar Mhaoise. Agus níor bhanórach aga athair na agá mháthair é ar son nach aontaigheadh sé dá nintinn iolshaoghalta sin agus ag cóimhlíonadh briartha Dáithbhí adubairt: - Pater meus et mater mea derliquerunt me, Dominus autem assumpsit me, .i. do fhághaibh mathair agus mo mháthair me agus do ghabh an tighearna chuige me agus mar do choiméad Daibhí caora a athar as mar sin do choiméad Mochuda muca a athar féin iona mhacandacht abhfocair aodhaireadha eile na muc. Lá dhá raibh Mochuda agus na mucaigh eile ag coiméad amuc angar na habhann re nabarthar Maing, agus do chualaidh sé go raibh Rígh Chiarúighe Luachra accomhfogus do san ccaisleán dá ngeirthi Achadh-di, agus do chuaidh ar cuairt chuige agus fuair grása agus onóir uaidh. Agus asé dob ainm do, Maoltuile, agus adubhtairt an Rígh ris teacht maille ris na muicthibh eile gach laoi agus go ttíubhradh onór ara shon sin, agus gur mhiann leis afaicsin go minic. Oidhche dá ttáinic Mochuda mar a raibh an Rígh agus do shuigh ina fhiaghnaise, agus do bhí an Rígh an chomhfhaid sin agá fhéachuin ionnus gur himdheargadh ó na mhnaoi é .i. le Dand, inghean Mhaoilduinn mhic Aodha Beannain Rígh Mumhan, agus adubhairt ciodh uime ambí ag sírfhéachuin an leinbh sin gach noidhche, "Abhean," ar sé, "dá bhfictheása an nídh do chímsi ní fhéachfa ar duine acht air, óir do chim iodh ionganntach ordha a ttímpceall amhuinghíl magcuairt, agus colamhuin téintíghe ó na cheann suas go neamh, agus ód chonnarc na comharthadha sin de do grádhas é go mór." Adubhairt an ríoghan, "Súigheadh sé abhus láimh riot," agus do rinn amhlaidh. Agus uairiona do theigheadh le na mhuchaibh fó na coilltibh, agus uair eile do anadh abhfochar an Rígh ina bhailtibh se. Lá dá raibh Mochuda ag coimhéad a mhuc cois na habhann adubhramar, agus do chualaidh sé an teasbog ag gabháil tairis agus achléirig ina fhochair agus iad ag gabháil asalm, agus ar na gclos dosan do thadhaill an Spiorad Naomhtha ina chroidhe agus do fháguibh amhuca agus do lean na cléirig gus an mainistir ré nabarthar Tuaim, agus ar suíghe dhon easbog agus dá mhuinntir chum accoda, do suigh
Mochuda amuich ar sgáth na hursan gan fhios don easbog ná dho neac eile dá raibh san tigh. Agus do ghabh eagla an Righ .i. Maoltuile, ar na faicsin do nách táinigh Mochuda an oidhche sin, óir níor thuig créad tug sin. Agus do cuir sé teachta air fuaid na tíre dá iarraidh, agus fuair neach díobh é na shuighe ar sgáth na hursan ag an tigh araibh an teasbog agus tug leis é. Agus dfhiafhrigh an Rí dhe: "A mheic créad uim ar fhanais amuigh mar siúd." Adubairt Mochuda: "A thighearna," ar sé, "as uimi do anas - grádh tugas don leigheann diadha do cuala ag an easbog agus agá chléireachaibh agá chanadh, agus ní chuala ríamh nídh budh bhinne liom ná é, agus do bhadarsad agá rádh ar fud na slíghe riompa, nó go rangadar an teagh agus ann sin ré dul do codhla dóibh, agus do bhí fós an teasbog ina aonar abhfad don oidhche ag rádh an léighinn sin tar éis cháich, agus do bhudh fearr leamsa, a thighearna, go mbeinn féin ag foghluim." Ód chuala an Rígh na briathra sin chuir neach go luath mar araibh an teasbog agus adubhairt ris teacht cuige. Iar sin tráth do hullmúigheadh suipear onóireach ag athair Mochuda don Rígh, do Maoltuile, agus ar mbeidh bo chách ag caithiomh an tsuipéir, do goir an Rígh Mochuda ina fhiaghnaise, agus adubhairt ris: - "Gabh chúghat an sgiath, agus an claidheamh agus an gai agus na héadúighe ríoghdha so, agus bí ad ridire ó shin amach agus bí agamsa amhail do bhí tathair romhat." Do diuilt Mochuda sin. Adubhairt an Rígh, "Créad eile an nídh as áil leat go ttugainnse dhuit é." Adubhairt Mochuda, "Ní háil liom aoin-nídh do neithibh an domhain so, acht do budh maith leam an nídh ad chuala ag na cléireachaibh dá chantainn do bheith agam agus a fhoghluim dhamh." Agus do thuig an Rígh grása an Spioraid Naoimh ann. Agus do gheall do an nídh do iarr. Táinig iar sin an teasbog adubhramar air na gairm ón Rígh .i. Cárthac easbog, agus daithin an Rígh Mochuda dhe agus adubhairt ris léigheann agus sgríbhinn dfoghluim dho. Agus do ghabh an teasbog é, maille ré lúthgáir mhóir, óir do aithin go raibh sé lán do rath an Spioraid Naoimh. Agus do bhí mar sin fó fhorceadal agus fó mhúnadh an easboig no gur ghabh gradha shagairt uadha.
Do bhí Mochuda sgothamhuil go mó mór ionnus gur ghráideadar X nóga XX é aláithibh eaxamhla a naimisir anóige an ghradh corparadha ionnus nár bhfeidir leó cceilt an ghrádh sin. Agus do ghuidh Mochuda ara son ionnus go cclaochlaighthi an grádh corparadha sin angrádh spioradáilta. Agus do rinneadh amhlaidh tré ghuidhe Mochuda ionnus go rabhadhar ina hóghaibh naomtha go ndearnadh selli agus mainistreacha leó atá ar na súighiogeadh aniogh abporraiste Mhochuda, agus tugadar na hóga sin iad féin agus a mainistreacha fo bhreith agus fó chumhachtaibh Mochuda. Táinig Fionntain mac Cartain le mac dá bhaiste cum an easboig, cum Charthaig. Adubairt an teasbog ris, "Tabhair do mhac dá bhaiste don tsagart óg sin laimh riot dá ndearnna sagart aniugh," agus do rinneadh amhlaidh. Agus dfiafraidh Mochuda ca hainm do bhearthaoi air. Adubairt a athair, Fodhran do tabhairt air. Agus ar mbaiste an leinbh do Mochuda do rin corrigenda tarngaire do. Agus do ghlac alámh agus adubhairt: - "Budh cródha an lámh so, gebhaidh braighde agus neart sleachta Tórna, (agus as ann atá an cineadh sin ameadhon Ciarraighe .i. ó Sliabh Luachra go muir), agus biaidh ríghe aga chloinn na dheaig go bráth muna ndearnaid mo mhíréirsi: agus dá ndearnaid míréir mo chomharba a ndhiaig maimsire rachaidh a righe agus attighearnas uatha." Agus do fioradh an fháisdine sin. Lá éigin do chuaidh Mochuda agus amhaigistir Cartach easbog mar araibh an tighearna adubramar .i. Maoltuile. Agus as ann fuaireadh é is an ionnad re nabarthar Feorainn, láimh ré Tráighlí agus as ón ionnad sin ainmníghthear taoisighe agus tighnearnidhe Ciarrúighe. Adubhairt an teasbog Carthach: - "Ag so, a tighearna, an mac tugais damhsa; as maith léighios agus as maith dorin a fhoghluim is an sgrioptúir dhiadha agus do ghabh sé gradha sagairt uaimse agus as follus grása a mórán do chinéalaibh." Adubhairt an tighearna: - "Créad as áil leatsa ar son do shaothair"? "Dob áil liom tusa dod thabhairt féin agus do thabhairt do chloinne go brách don tsagart óg so as óglach do
Dhia." Do bhí an Rígh aga cur sin ar cáirde agus an fhoirbhthechta Mochuda do réir aois. Agus mar do chonnairc an teasbog sin do chlaoin é féin agus do leig a ghlúine faoi a bhfiadhnaise Mochuda agus a dubhairt: - "Tabhroim me féin agus mo phorraiste agus mo mhainistir do Dhia agus duit a mheic nó go ttígh an bráith." Ód chonnairc an Rígh rin do leig é féin fo chosaibh Mochuda agus tug a anam agus a chorp agus a chlann na dheaig go síorraidhe do Dia agus do Mhochuda. Agus do saltair Mochuda air muinel an Rígh agus do bhí aga thomhus dá throigh. Adubhairt nech do mhuinntir an Rígh go tarcuisnech gruama re Mocuda "As diomasach duit bheith ag saltradh ar muinél an Rígh, agus bíodh a fhios agad gurab onórach an corp sin ara saltrach." Ar na chlos sin dho Mochuda do leigh an Rígh uadha agus adubhairt: - "An muinéal so air ar saltrais corrigenda ní díthcheanfaigher go bráth é, agus an corp do thómhaiseas dom throighthibh ní créachtnochar é, agús muna ccrónaightheasa mé ní bheidh nídh a n-uireasbhaidh dho féin ná dhá shliocht go bráth." Agus dubhairt ris an neach úd do sbreag do é: - "Biaidh tusa agus do shíol deróil choidhche ider na cineadha." Agus do bheannaigh an Rígh agus do geall nemh agus talamh dho agus adubhairt ris "Gibe dod tsíol do dhéanadh aindlighe air mo chomharbasa agus ná tiobhra mo chóir féin damh ní bia rígh Ciarraighe aige." Agus do fíoradh amhlaidh. Iar sin trath, do rin Mochuda ar fhuraileamh a mháighistreach an easbuig agus an Rígh Maoltuile sealla onóireach is an rann tseas do Chiarraighe idir Sliabh Mis agus Maing Ceall Tulach adeirthar ria. Agus do rinn mórán míorbhuilleadha ann sinn, agus do honóireadh é ó gach aonduine ann. Agus bhádar dias easbog is na hionadaibh sin, Dibhilin agus Domailgigh ananmana agus ba tnúthach leó onóir agus grása Mochuda agus do ghnídís néithe ba holc leis. Do chuaidh sin mar a raibh Maoltuile agus do innis an nídh sin do, agus mar do chuala an Rígh sin táinig le Mochuda, agus as ann do bhí sé antan sin a ccaisleán ar bruach Luimnigh, agus ní anmuin do rin go riacht mullach Sleibhe Mis, agus adubhairt ré Mochuda: - "A mhic ionmhuin, fágaibh an fearann beag cumhang so do thnúith agus
dformad na neasbog úd go ceann sealaid, agus tar arís ann agus biaidh agad féin agus ag ad chomharba ad dhiaig." Agus ba maith le Mochuda an chómhairle sin, agus diompuig an rígh maille re beannochtuin, agus do fháguibh sion a sealla dona heasbogaibh adubhramar. Agus do bhreithnig dul dá oilithre a naonar agus imtheacht ón rann tuaidh dÉirinn. Táinig an taingeal mar a raibh ab Bheannchair .i. Comhgholl, agus adubhairt ris mar adubhairt roimhe, go ttiocfadh chuige sagart óg le mbudh áil dul dá oilithre tar muir soir ar son Chríost, agus gan a leigeann ann acht achongmháil bliadhain ina fhochair a mBeannchair. "Cionnus aithnéod é?" ar Comhgholl. Adubhairt an taingeal "Gibé do chífe tú ag gabháil ón eaglais go teagh na naidheadh budh hé sin é," óir as ann ba ghnáth lé Mochuda an eaglais ar ttús dionnsaighe. Adubhairt Comhgholl re na dheisgioblaibh: - "Tiucfa chughainn aoide onóirigh ann so as ionmhuin le Dia óir táinig an taingeal fá dhó dá fhoillsioghadh dhamhsa." Táinig iar sin Mochuda don bhaile agus do chuaidh don mhainistir air ttús agus do aithin Comhgholl é, agus budh fáilteach do bhí roimhe. Agus do shost ina fhochair go ceann bliadhna é mar adubhtairt an taingeal, agus air ccriochnúgadh na bliadhna do iompuig go ccead do Chomhgholl dá dhuthaigh féin agus do chúmhdaigheadh mórán do cheallaibh agus do theampollaibh leis innte agus do rin miorbhuilleadha iomdha, agus do tharaing daoine iomdha chum crábacht agus deadhoibreach. Agus tugadar mórán do dhaoinibh iad féin agus acclann agus accine dho agus do hórdúigheadh porraistí mora a ndúthaighe féin do agus do bhí easbogoideacht Chiarraighe fá dheireadh aige. As ahaithle sin daithin Mochuda a phorráiste agus a chealla dona daoinibh is crábhuighe agus as fioraonta fuair sé, agus do chuaidh féin maille re beagán dá dheisgioblaibh is an rann teas don Mhumhain mar a raibh Ciarán mac Fionntain lear cúmhdaigheadh mainistir Rosa Giallain. Agus dfiafraigh de cá áit ann so iona mbia an eaglais bhus mó agus bhus onóiríghe dona
cellaibhsi oir adubhairt an taingiol re Comhgholl go ccúmhdóigfídhe liomsa eaglais onóireach is an rann teas don Mhumhain. Do bhí spioraid na fáidheamhlachta a cCiarán, agus adubhairt "Racha tusa ar ttús don Mhidhe agus do dhéantar eaglais onóireach leat ann andúthaigh í Neill agus biaidh tú daithchiod bliadhain ann agus do dhéantar hionnarbadh as agus iompódh tú chum Mhumhan arís agus as ann bhias an eaglais bhús mó agus bhús onóirídhe agad." Adubhairt Mochuda re Ciarán - "Geabhadsa thusa agam mar phatrún agus mar uactarán choidhche." "Ní hamhlaidh bhias," ar Ciarán, "acht do bheirimsi me féin agus mo cheall duitsi go síorraidhe agus adeirim riot bíodh Fuadhran mo mhac féin ac dhiaig san ionnad sa." Agus do cheadaig Mocuda sin óir do bhí Fuadhran naomhtha XX bliadhain an diaigh Chiarain an abdhaine na cathrach sin. As ahaithle sin do chuaidh Mochuda is na Déisibh Mumhain mar araibh Clann Ruadhain agus tugadar sin iad féin agus a neaglais uile dho, agus tug Colmán mac Cobhthaigh do bhí na thigearna saidhbhir is an talamh sin fearainn iomdha do Mochuda agus tugsan sin uile do dhaoinibh cráibhtheacha as a ucht féin. Agus do ghabh féin roimhe tré mhullach Shléibhe gCua, agus do fhéach ina thímpcheall agus do chonnairc uime bruach na habhann re nabarthar Némh aingil iomhda ag dul suas agus anuas go neamh. Agus do thógbhadar leo cathaoir airgid agus iomháigh óir innte go neamh. Agus as an san ionad sin do rin Mochuda aimsear fhada na dhiaig sin an eaglais onóireach as andeachaidh sé air neamh. Iar sin tráth do chuaidh Mochuda chum an fhir naeimh re nabarthar Molbha mac Choinche ina chathair féin a cCluain Fearta a ccoigcrioch Laighen agus Mumhan. Agus fuair sé Molbha abhfochair a mheithle do bhí ag buain arbha. Agus ag teacht do Mochuda ar a eachtra do leig uadha a dheisgiobuil uile dá nionnadaibh féin óir níor bhail leis dul go sochraidheach is na tíorthaibh coimhightheacha acht aon duine amháin. Agus do shanntaig an taoinfhear sin anmhuin ag Molbha 'na mhainistir féin, agus adubhairt ris, "A athair naomhtha," ar sé, "dob áil leamsa anadh
annso ad tfochair." Adubhairt Molbha, "Madh cead dod mháighistir féin sin is cead liomsa é." Agus do bhí Mochuda ar leigion a dheisgiobal uile uadha níor bháil leis cointinn do dhéanadh a ttimpceall an aoinfhir, agus do aontuig do anmhuin uaidh agus do bhí ag imtheacht ina aonar. Agus od choncadar manaigh Molbha ina aonar é do ghabhsad ag fanamhad faoi agus adubhradar do budh mhithid don duine ársaidh úd anmhuin amainistir éigin óir ní deaghmhaiseach do bheith ag siobhal ina aonar. Agus ní raibh a fhios aco gurb é Mocuda do bhí ann, óir fá tearc neach da ninnisedh é. "Ná habraidh sin," ar Molbha, "óir tiocfa lá agus budh dimbríghmhar ár ccoimhthionól agus ár ccathairne ag féachuin an choimhthionóil agus na cathrach bhias aige siúd, cia atá sé aniugh ina aonar, agus ní bfuil afhios aguibh gurab é siúd Mochuda agá bhfuil mórán daoine umhal do annois agus agá mbia ní as mó san aimsir atá cugainn"? Ar mbeith do Mochuda ag siobhal na slíghe ina aonar mar sin tárla dias bhráthar do agus dfiafraigheadar de cá áit a raibh sé ag dul. "Dob áil liom," ar sé, "dul mar abhfuil Colmán Eile." Adubhairt neach díobh sin - "Gabh sinne agad mar mhanchaibh agus mar shearbhóntuighthe," óir ba follus dóibh gur fa diadha é ina dhreich. Agus do ghabh Mochuda iad agus do ghluaiseadar riompa nó go rángadar Colmán agus adubhairt Mochuda ris: "A athair," ar sé, "dob áil liomsa anmhuin agudsa annso." "Ní hamhlaidh bhias," ar Colmhán, "acht racha tú dhon ionnad ata accomhfhogus dúinn ann so re nabarthar Raithein, óir do geall Dia dhuit aitreabhadh ann agus beid manaig agus cóimhthionól íomdha agud ann ag seirbhís do Dhia agus as ón ionnad sin ainmneocar air ttús tú .i. Mocuda Raithin." Ar ngabhail beannochtun Colmáin agus air cceileabhradh dho do, do chuaidh Mochuda agus a dhias manach cum an ionnaid adubhramar agus do rin sealla bheag ann ar ttús, agus as minic do thagadh sé féin agus Colmán chum a chéile. Do bhreathnuigh umorro Colmán céad aitreabhadh do déanamh a Raithen aimsear roimhe sin, agus do fhágase da mharchleath nó trí
caoiligh san ionnadh ar bhrithnig sé sealla do dhéan adh agus adubhairt ré na dheisgiobal, "Tiucfa neach eile am dhiaig annso agus as do dheonóchaidh Dia an tionnad so ní damhsa." Agus is don chaolach sin do thionsgain Mochuda an sealla do dheanamh mar do fhaistin Colmán acceadóir. Agus do sinneadh mainistir mhór na dhiaig sin le Mochuda araibh se dha XX bliadhan ina chómhnúighe agus araibh morsheisear agus cheithre fhithchid agus ocht ccéad do mhanchaibh aige fó na fhoirceadal agus fó na riaghuil. Ar gcumhdach mainistreach Raithin do Mochuda do rinne fearta agus míorbuilleadha iomdha uadha agus do líon a chlú Éire agus Bhratainn agus tángadar daoine iomdha arannaibh examhla Éireann agus Bratan dá ttabhart féin mar mhanchaibh do Dhia agus do Mochuda go bráth. Agus do dhiult se ar ttús a spreidh shaoghalta ar na daoinibh, gidheadh do honórúigheadh agus do cúmhdaigheadh an eaglais óna Rioghaibh agus na tighearnaoibh budh coimhfhogus do ar ttabhairt fearainn agus spreidh agus airgid agus gach ofrála eile dhi, agus do chuireadh Mochuda amhanaigh do dheanamh oibre agus tsaothair agus do treabhadh an talmhan óir níor bháil leis gan ambeith umhal do shíor. Agus do bhadar dronga eile do naomhaibh Eireann leis nár bháil go ndiongnaidis a manaig saothar na talmhan mar sin. Agus do bhí Mocuda ó mhórán do naomhaibh ar na oirdugadh ina easbog, agus do fhiosrúigheadh sé uairanna pharráiste féin, .i. Ciarraighe, agus do bhiodh do gnáth idir a manachaig féin a Raithean, óir as manaigh do bhí aige agus ní cléirig. Lá éigin an aimsear earaig táinig draoi mar a raibh Mochuda do dheanamh adhbhairseorachta air agus adubhairt ris, "An ainm do thighearna féin déana an abhall so ionnus go mbudh duílle nua uirthe." Agus do bhí a fhios ag Mochuda gurab do thathaoir na cumachta diadha adubhairt sion sin, agus do bhí an crann ar an láthar fó duille. Adubhairt an draoi, "An ainm do thighearna féin tabhar bláith ar an abhall." Do chuir Mochuda comhartha na croiche ceasda uirthe agus tug bláth go luath tríthe. a dubhairt an draoi: - "Cá tarbha an bláth muna rabhadar ubhla uirthe"?
Do bheannaigh Mochuda an abhall an treas uair, agus tanghadar ubhla iomdha dhi. Adubhairt an draoi: - "A Chriosdaighe, déana na hubhla daibchíugheadh annois." Do bheannaigh Mochuda an crann, agus do bhadar na hubhla ag tuitim go talamh ar anaibchíghe, agus do thóguibh an draoi ubhall do thalamh díobh agus do fhéach é agus do bhí searbh go romhór agus adubhairt, "Ní maith na miorbhuille so agus amheád is searbh na hubhla." Do bheannaig Mochuda na hubhla agus do fhagaibh a mblas meala iad uile, agus andioghuil adhbhirséorachta an druadh do beanadh solas ashúl de agus do bhí dall go ceann bliadhna. Agus tainig a ccion bhliadhna mar a raibh Mochuda, agus do ghabh aithríghe agus tugadh a radharc dho agus do impuig maille le gáirdeachus. Lá eile táinig neach saoghalta dionnsuidhe Mochuda agus amhac leis balbh-boghar agus do ghuigh Mochuda fó na shlánúghadh, agus do rin Mochuda urnaighthe chum Dia ara shon agus adubhairt: - "Amhac," ar se, "éist agus labhair nídh." Dfreagair an mac go luath agus adubhairt: - "A dhuine Dé, bronnaimme féin agus moighreacht go bráth dhuit," agus do bhí slán ó shin amach iona bhallaibh agus ina chéadfadhaibh. Lá eile tháinig duine óg ar ttuitim is an luibhre chum Mochuda agus dfoillsig atruadha agus abhoctacht dho, agus do ghuigh sion ara shon agus do bhí slán. Lá eile tháinig duine go Mochuda agus a aghaidh na haonchlár agus do ghuigh Mocuda ara shon agus bhí sochraidh a aghaidh iar sin. Lá eile a naimsir earaigh tháinig duine bocht go Mochuda go raibh a mainistir Raithin agus do iar ar dá dhamh agus treabhach an lá sin do threabhadh, agus do bhí Mochuda mar adubhramar - ní ghabhadh sé ainmhighthe ar bith aige is an mainistir, óir asiad amhanaigh do bhíodh a rómhar agus ag freacar na talamhan do. Agus do gair neach dá searbhontaoibh chuige dar b'ainm Aodhán, agus adubhairt, "Eirigh fón ccoill is neasa duit," ar sé, "agus tabhair dá fhiadh leat aiste agus eirigh leis an duine úd, agus bí féin agus iad ag treabhadh dó ar an earach so." Agus do rin Aodhán go humhal mar adubhairt Mochuda ris, óir tug an dá fhiadh leis agus
do chuaidh leis an duine mbocht agus do bhádar ag treabhadh no go tarnic dhoibh agus dimthig an fiadhach dá nionnadaibh féin agus do iompuig Aodhán go Mochuda. Lá eile táinig duine ar na bhuaidhreadh ó na deamhnuibh go Mochuda agus do shlánuigh Mochuda go luath é ar ndíothchuir na ndeamhan uadha agus dimthig ar ttabhairt grása do Dia agus do Mochuda. Lá eile ar mbeith dona manchaigh uile ag deanamh saothair agus ullmhóide, agus do chuaidh Mochuda don mhuileann le cuid na manach da mheilt agus do concadar naonmhar gadaighthe sin agá raibh fuath dosan, agus do leansad é dá mharbhadh agus do chuir an ceann do bhí orrtha gach neach díobh do reir úird chum an mhuilinn. Agus níor fhiad aoineach díobh dul asteach ann ar na ttoirmeasg ó lasair dásachtaig theinntíghe do thimpchealluigh an muileann fá gcuairt, ar tteacht ó ghrasaibh De do shaora Mochuda ar na sladaighthibh. Agus do bhídis ga fheáchuin tré dhorus an mhuilinn agus é uaireanna ina chodla agus uair eile a neamhchodla. Agus anuair do sháraig an codla do sgur an muileann uaidh fhéin agus anuair do eirgeadh as a chodla do ghluais an muillean uaidh féin. Agus diompúigeadar an droing sin cum a ttighearna agus do inniseadar do gach nídh adchonarcadar, agus ód chuala sium sin do ghabh fearg mór é, agus déirigh chum an mhuilinn do mharbhadh Mochuda. Agus do chonnairc mar do choncadar cách agus níor bhfeidir leis urchóideadh do, agus do iompuig mar a raibh a mhuintear agus a dubhairt ríu, "Anam ann so no go bhfagham amach é oir heagal duinn go ngairfeadh sé coimirce agus ní mó atá eagla aláimhe oruinn." Agus táinig Mochuda gairid na dhiaig sin amach agus aeire air. Agus do ritheadar na gadhaighithe chuige agus níor fhead siad urchóid ar bith do dheanamh dho, óir mar do thairgead fear díobh arm do gluasacht do sheacaidís a lámha agus ní fhiadadh aon chor do cuir díobh. Agus do ghuig Mochuda iad go leigidís do dul le na eiri, agus do gheall fó na chreidiomh agus fó na breithir go ttiocfadh chúca arís air ttiodhlacan a eiri. Agus do
chreideadar ar sin do, agus dimthigsion agus dhfáguibh a chuid mine isin cuchtar, agus diompuig féin go húmhal arís accoinne amhartra, agus ba doig le na deisgioblaibh gurab anionnadh uaigneach do chuaidh do dheanamh urnaighthe mar fá gnáth leis. Agus ar tteacht chum na ngaduighthe dho, do thairgeadar a mharbhadh ar mhórán do choruibh agus níor fhéadsad e, agus mar do conarcadar na míorbhuille sin do ronsat aithrighe agus tugadar iad féin do Dia agus do Mochuda go bráth agus do bhadar go haimsir a mbáis fá foirceadail agus fá riaghail Mochuda agus do haithriseadh mórán doibrighthibh glórmhara naomhtha ortha iar sin. Lá eile táinig an taingeal chum Mochuda ina mhainistir féin a Raithean agus adubhairt ris: - Do aithin do thigearna dhuit dul aniogh dionnsuidhe mhic Fíodhaig, Rígh Ciarraighe Luachra dod dhúthaigh féin ionnus go ttugthá comaoin agus sacarbha dho oir as deireadh dá bheatha shaoghalta. Dfiafruigh Mochuda don aingeal cionnus do rachadh an lá sin acCiarraighe ó Raithin agus do thoguibh an taingel leis é a ccarbat teinntighe is an aer no go rainig an tionnad araibh an Rígh agus tug Mochuda comaoin agus sacarbha do, agus tug an Rígh do san almsana iomdha agus do chuaidh chum nimhe. Agus do chuaidh Mochuda an lá ceádna tar ais go Raithin agus fuair na bráthre ag ceileabhradh aneasbharta innte. Lá eile táinig Mochuda ar cuairt chum Colmáin Eile da mhainistir féin .i. Lánn Ela dá iarraidh leis do chómharthúghadh tumba dho ina mhainistir féin .i. a Raitean, óir fá beas do Cholmán go ccómharthúigeadh sé maille ré hainglibh na fhochair tumbadha iomdha agus fuair ó Dhia gibe tumba chomharthóchadh sé nách rachadh anifrionn neach dá nadhlaicfídhe ann. Adubhairt Colmán ré Mochuda: - "Eirigh dod tionnadh féin agus leanfadsa tu an 5mhadh la o aniugh." Agus táinig Mochuda dá thígh féin agus do bhí ann go ceann an cúigmheadh lá, agus ní tháinig Colmán an lá sin agus do chuaidh sin arís go Colmán agus adubhairt: - "A athair, créad uime nár chómhaillis mar do gheallais." Adubhairt
Colmán: - "Do chuadhusa aingiol maille riom an lá sin agus do chómharthúighios tumba agus iompuighsi, agus do gheabha tú is an cceann teas dod tsealla féin ar na chomharthúgadh é, agus déin féin do reir mar atá sin comharthuighthe é, agus nár ab aidhbhseach leat alúighiod óir cómharthóchar tuama as mó iná sin duit ó na haingiolaibh is an mainistir chúmhdóchar duit is an rann teas dÉirinn .i. a Lios-Mór." Agus do iompuigh Mochuda agus do fuair tumba ar na chomharthúghadh mar adubhairt Colmán. Sa naimsir sin táingeadar cléirigh tar Sliabh Luachra a gcoigcrích Chiarraighe cum na heagailse araibh an óig naomhtha .i. Ite a n-Aoibh onórach Conall Gabhra. Agus do bhí leanbh óg ina cuidheachtain agus mar do conairc Ite an leanbh óg do chaoidh go searbh. Agus dfiafreadar na cléirigh dhi créad uim a raibh ag caoi agá bfaicsin féin. Adubhairt sisi: - "As conách anuair do geineadh an mac óg só inbhúr bfochair óir as ann adhlócthar é attuama as nách racha neach anifrionn, agus as olc liomsa nách ann sin bhiad féin adhlaicthe." Dfiagfruigheadar na cleirigh, cia an tumba anadhlaicfíghear e. "Attuaim Muchuda," ar sí, "nách fuil fós ar na chómhartúghadh, antan bhias budh glórmhar onóireach é." Agus do cóimhlíonadh sin, óir do bhi an leanbh sin na manach ag Mochuda fa dheóig agus do hadhlacadh é attuaim mainistreach Leasa Mhóir mar adubhairt Ite. Lá eile do thuit leanbh do droichead Raitheann is an abhuinn agus do báthadh é, agus do bhí a chorp lá agus oidhche gan fághail agus ar na fhághail do tiodhlacadh go Mochuda é. Agus do ghabh trócaire dho é óir ní raibh aon mac aga athair acht é, agus daithbhéodhaidh ó bhás é. Agus do oil féin iar sin re haimsir fhada é agus ar mbeith na mhac amhfoirbhthi do dochuir da dúthaigh féin, .i. go Dealbhna, é. Agus do geineadh meic agus ingeana uaidh agus tug sé é féin agus achlann do Dhia agus do Mochuda agus tug aoighreacht, agus mairidh fós a shliocht ag déanamh fóghanta na mainistreach agus aseirbhíse. Lá éigin táinig Mochuda ó Chiarraighe agus almsana iomdha leis go Raithen agus ag teacht do a gcoigcric Dealbhna láim ris an loch
re nabarthar Loch Muincine do thuit an oidhche ortha. Agus fuaradar riompa air an slíghe rotha soghluaiste do rinne saor do bhí ag deanamh muilinn air an uisge do thigeadh ón loch adubhramar tré dhiomaoineas. Agus mar do ghluaiseadh an roth adubhramar do ghníodh foghar mór-iongantach agus do cualadh é ó mhuintir Mochuda. Agus budh clos afoghar is na bailtibh budh comhfhogus do agus deirgeadar daoine iomdha amach fón bhfoghar sin maille re coimircibh agus re gothaibh móra dá fhios créad do rín é. Do ghaibh eagla mhór muinntear Mochuda roimhe na gáiribh sin do chualadar agus do chuadar a neich agus a ccapuill féin uatha, agus do chuireadar a neireadha díobh agus as ar éigin do rugadar ortha. Agus do thuig Mochuda adhbhar na neithe sin agus adubhairt ris na saoraibh do rin an sás díomhaoineach sin, go mbeidís sgaoilte a rannaibh eaxamhla Éireann agus nách beadh feidhm ná tairbhe dhíobh agus nách críochnóidis an muileann do thionsgnadar agus go madh neamhthorthach miotharbheach a sliocht dá ndéis. Hí Eanna adearthar riu aniugh. Lá éigin táinig Mochuda gus an ionnad re nabhartar Cluain Brennainn agus do bhádar ubhla iomdha is an bhaile sin, agus diarradar deisgiobail Mochuda nídh dona hubhlaibh dho, agus do éar an lubhghuirteóir iad. Adubhairt Mochuda: - "Ón mbliadhain so amach ní fhásfaid úbhla air an lubhghort so go bráth." Agus do fioradh amhail do gheall. Do bhadar da dheisgiobal X ag Mochuda agus budh mór anúmhla is an mainistir .i. Caoinche mac Meallain do b'e ba chéadmhanach a Raithin, agus Cnucoinoc, agus trí mic Nascainn .i. Goban agus Sraphan agus Laisren, agus Mulua Lughair, agus Mocomóc eile, agus Aodhan, agus Fachtna, agus Coincheann, agus Fionnlogh, agus Mocomoc do bhí ina hEasbog fá dheoigh. Agus do budh doichreidte a mhéad dob umhal an droingso agus do bhreathnagh Mochuda edtromúgadh ar a nere so roimh ambás agus do chúmhdaig sealladha iomdha dhoibh ionnus go mbeadh sólás éigin acu anaimsir aseanórdachta ara mhéad dob umhal iad ina nóige. Agus do tharngairsé mórán do mhaith dhóibh. Agus do rin ( )
don neach adubhramar thuas .i. Mochae mac Melláin da ndearna se sealla maith san ionnad ré nabarthar Cluain da Chrann. Agus adubhairt ris: - "Ní hann so bhias teiséirghe acht an ionnad eile ionar dhéonaig Dia dhuit." Agus do fioradh sin. Adubhairt fós Mochuda ré deisgiobal eile dho .i. ré Fiacha: - "Ni hann so bhias teiséirghe gé do rinneasa sealla dhuit ann, óir beid trí hinid eile agad, gidheadh is abhfochair compánaigh duit féin diobh .i. Aodhán, do thaisi, agus biaidh teiserghe a ccoigcrich Ó Torna agus as uait féin ainmneochar an tionnad sin." Agus do chumhdaidh Mochuda sealla eile don Aegán sin accrioc Ó Torna láimh re Sliabh Luachra. Agus adubhairt Mochuda ris go fáidhemhúil "Tioccfead taise do chóimhdheiscipbail chugad ann so .i. Fiachna agus as uada ainmneócar an ionnad so." Agus do fioradh na fuighle sin, óir as Ceall-Fiachna adearthar ris an ccill sin aniugh, agus ceall Aegáin adubhartaoi ria ar ttús. Agus do rín fáidheoirecht do droing eile diobh agus do fíoradh iad. Aimsear eile do fagbhadh leanbh bocht do rineadh anadaltarnus agus go folach láimh re mainistir Raithin, agus do hoileadh an leanbh sin ag Muchuda go beith na easbug do, agus ní raibh a fhios aige an duine cread an tainm do garfídhe dhe ná fios atuismightheóiridhe. Adubhairt Mochuda, "An leanbh so," ar sé, "Dioma is ainm dho, agus Cormac ainm a athar dho shíol Eachach Eachaigh," ó nabarthar clann nEachac Eochaidh. Agus do mhóradar cach uile faidhiteoireacht Mochuda de sin óir ní ó neach eile fuair sin acht as ón Spiorad Naomh. Adubhairt Mochuda re Dioma ar mbeith na easbog dho: - "Eirig go luath ad dhúithidh féin an Aoibh Eachach san rann tiar theas don Mhumhan óir as ann bhias teiséirghe, agus eireochaidh cogadh agus ceannairic mhór idir do chinead agus do bhraithreacha muna ndeathar go luath da teasargoin." Do gluais Dioma agus easpog eile dár bhainm Cuana leis budh deisciobal do Mochuda, agus do chuadar a nIbh Eachach, agus do seanmór Dioma ar rochtuin do ann briathra Dé dá bráthraibh agus da chlannmhaicne, agus do rin síodhach iad agus do cúmhduigheadh mainistir leis innte
agus tug sé féin agus achine agus aphairaiste í dá mhaighistir roghradhach do Mochuda agus do chriochnaigh a bheatha go conáicc. Aimsir eile táinig Mochuda ó Raithean abhprouinsibh Mumhan agus táinig a cCiarraighe Chuirche. Agus tarla do Cairbire mac Criomhthain do ba Ríg Mumhan go raibh se antan sin aMuighe Chuirche san ionad andeachaidh Mochuda. Táinig antan sin caor thintíghe agus do leag caisleán do caisleánaibh an Rígh agus do marbhadh a ríoghan ann agus mórán dá mhuinntir agus amhac Aodh mac Cairbre ar ttuitim an chaisleáin ortha. Agus do marbhadh ann dá each maithe do bhíodh ag iomchur carbaid an ríg. Do ghuidh Cairbre Mochuda ann sin fá aithbheódchan na ríoghna agus an mheic, agus ód chonnairc Mochuda creideamh an rígh do rin úrnuighthe cum Dia ara son agus adubhairt ríu: - "Eírghe." Agus déirgeadar agus tug Mochuda slán don rígh iad, agus tugadar uile glóire agus mola do Dhia agus do Mochuda. Agus tug an rígh ofrála iomhda do dfhearann agus do shearbhóntuighthibh. Agus do bhí neach díobh sin leis nár bháil úmhlúghadh do Mochuda an aghaidh aithne an rígh tré fhormad agus tré dhíomus. Adubhairt Mochuda: - "Rachaidh do shíolsa ambáthadh agus anoighreacht fá atathaighe riomsa, beidh sí go síorruidhe agum; agus gibé neach bheanfus díom an nídh do gheabh ó neach eile beanfar neamh agus talamh dhe." Agus do chuaidh an fear sin agus ashíol go luath don bhith. Uair eile do chuir Mochuda crios órdha chum Feargusa mic Criomhthain araibh salchar croicinn le teinneas árann air agus ar ngabhail an chreasa taris do, maille re beannochtuin Mochuda, do bhí slán. Aimsear eile do bhí rígh Mumhan, .i. Cathal mac Aodha is an talamh Chuirche, ar na easlánúghadh o ghalaraibh éaxamhla, do rín boghar, bhacach, dall de, agus táinig Mochuda mar araibh sé, agus do ghuidh an rígh agus acharaid é uimi ashlánúgadh. Agus do guidh, iomorro, Mochuda chum Dia ara shon agus do chuir cómhartha na croiche ceasta ar ashúilibh agus ara chluasaibh agus do bhí slán ó gach uile docamhuil, agus do chluineadh agus do chídheach go foirbhthe, agus tug Cathal
fearainn mhóra do Dhia agus do Mochuda go bráth, .i. Oilean Cathail agus Ros Beag agus Ros Mór agus Inis Píc. Agus do chuir Mochuda a Ros Beag bráithre naomhtha do dheanamh eaglaisi ann anonóir Dé, agus do thionsgain Mochuda féin mainistear do dheanamh an Inis Pic agus do bhí ann sin bliadhain iomlán. Do chuir iarumh Mochuda triur dona deisgioblaibh adubhramar thuas .i. tri mic Nascainn .i. Goban easpog, agus Srafan sagart, agus Laicren Naomh agus an teaspog naomhtha Dardomaighin (tug gradha don droing sa a bhfiagnaise Mochuda) dá ccoiméad so agus da ccongbháil astaid fhoirbhthe, agus da XX eile do bráithribh a mainistir Inis Píc ina ionnad féin. Agus diompuig Mochuda iar sin go Raitheann. Agus an inis sin a dubhramar, Inis Pic, is ionnad rónaomhtha í, agus bíd daoine rócráibhtheach innte do ghnáth. Agus do bhí Mochuda ag siobhal na Mumhan soir agus do ghabh tar an abhainn re nabartaoi Neimh antan sin agus re nabhartar Abhainn Mhór annois, agus do chonnairc sé ubhall mór air lár an atha tar a raibh sé ag gabháil. Agus do thóguibh é agus rug leis iona láimh. Gurab de atá, Áth Ubhla a bhFearuibh Muighe. Agus diarr an giolla an tubhall ar Mochuda agus ní thug do é, agus adubhairt, "Do dhéana Dia réad míorbhuilleach don ubhall so triomsa aniugh óir teangmhuidh dhuinn inghion Cuana mic Cailcín agus a lámh dheas easbadhthach da nách fhéidir le aonchor do chur di acht a beith sínte ré na taobh. Agus slánóchar í maille re grásaibh Dé tríd an ubhall." Agus do fíoradh sin. Agus do chonnairc Mochuda an inghean ag súgra agus ag cluithe ris na hingheanaibh eile ar faithche an baile. Agus do chuaidh dá hionnsuidhe agus adubhairt ria: "Gabh an tubhall so agad," ar sé. Agus do sín sí alámh clé chum an ubhaill mar do ghnáthuigheadh. Adubhairt sion: "Ní bhfúighthe thu is an láimh sin é acht sín an lámh eile chuige." Agus ar mbeith don inghin lán don chreidiomh do thairg an lámh dheas do ghluaisiocht. Agus do bhí ar an láthair sin lán do neart, do fhuil, agus do ghluaiseacht, agus do ghlac an túbhall lé. Badh fáilteach go mór cách de sin agus dob iongantach
iad is an míorbhúill sin. Adubhairt Cuana an oidhche sin ris an inghin: - "Tóg féin do rogha do mhacaibh rígh na Mumhan agus do gheabhsa dhuit é." Adubhairt an inghean: - "Ní bhia fear agamsa acht an fear do shlánuigh mo lámh." "An cluine siud, a Mhochuda," ar Cuana. "Tabhairsi an inghean damhsa," ar Mochuda, "agus do béarsa í na mnaoi phósta do Dhia leár slánadh a lámh." Agus tug Cuana an inghion .i. Flandnait, maille re na hoighreacht agus ré na fearann atá ar bruach na habhann re nabarthar Nemh, do Dia agus do Mochuda go bráth. Agus ba dothuarusgbhala mete inigh Cuana. Agus do rug Mochuda an ingean leis go Raithin agus tug a beatha go rochonách as abhfochair na ccailleach ndubh ann nó gur hionarbadh ó ríoghaibh Teamhrach Mochuda as achathair féin amhail do cluinfídhe. Agus rug leis Flandnait maille ré cách, agus ar ccumhdach acathrach féin a Lios Mór do chuir Flandnait da dúthaigh ionus go ccumhdochadh sí sealla di féin ann. Agus do chumhdaig sealla deallraightheach a cCluain Dalláin, agus a porraiste Mochuda atá. Do bhí Mochuda san ionnad ionar chúmhdaigh se Lios Mór, sul do tionsgain aitreabadh ann, agus do chuala guth na ndaoine do bhí ag léaghthoireacht a Raithin, agus adubhairt re na deisgiobal: - "Aithním gurab annsan ionad so do dhéonaigh Dia duinn ár mainistir do deanamh." Agus ba fíor sin iardain. Lá da ttainig Columcille go Raithin mar araibh Mochuda agus adubhairt ris: - "As ionmhuin leatsa an tionad so abhfuile"? "As ionmhuin, go deimhin," ar Mochuda. Adubhairt Columcille: - "Ná cuireadh ortsa an nídh adéarsa riot .i. nach ann so bhias teiséirghe, oir eíreochaidh formad rígh Éireann agus achloinne riot, ar fhuráileamh droinge do chléirchibh Éirionn. Agus do dheanaid tusa dionarbadh as an ionnad so." Agus dfiafruigh Mochuda do Columcille do bhí na fháidh fíreannach: - "Cá hionnadh eile ambeadh a aiseírghe"? Adubhairt Columcille: - "An tionnad abhfaca tú an sluagh aingeal do mhullach Sléibhe gCua agus an chathaoir airgid acu aghá tógbháil leó, agus an iomháigh óir innte, ar
bruach na habhann re nabarthar Neimh; as ann bhias teiséirghe agus así an cathaoir airgid - teaglaisi, ameadhon eatortha." Do thug Mochuda gur bhfíor sin agus tug moladh agus glóire do Dia. Lá eile do bhí Mochuda a Raithin agus tainig cléireach agus manach dá mhuintir féin asteach do bhí intan sin san rann tuaidh don Mhumhain; agus do shléact a bhfiaghnaise Mochuda mar fá béas dona manchaibh; agus adubhairt: - "A athair," ar sé, "do choimhlíonus gach nídh adúbhrais liom ó an uair dfagbhus tu aRaithin, agus aitheannta an Tighearna do réir úird, acht amháin go ttugas leam bráthair dhamh féin ón mbeatha saoghalta a raibh sé gan cead duitsi." "Adeirimsi riot go fírinneach," ar Mochuda, "dá ndeachthása ar mullach cnuic áird comhárd lead ghlao do leigean dá ttugthá cughamsa gach nduine do chluinsin do ghlaodh, nách diultfainnsi roimhe neach díobh gan an gabháil uile a naibíd an chrabhaidh." Agus ar ccluinsin na mbriathar sin do chách, do thuigeadar méid agus leithead grása Mochuda agus tugadar grása do Dia. Lá eile attráth easpairt le na naomhthacht uair do ló adubhairt Mochuda re na mancaibh: - "Ní chaithfeam nídh aniugh no go néisteadsa faoisdin gach aoin fá leith aguibh óir do thuig sion go raibh eascáirdeas aig neach díobh re neach eile don chóimhthionól." Agus tugsad na bráithre abhfaoisdine uile dho. Adubhairt neach díobh re Mochuda ina fhaoisdin: - "Ní hionmhuin liom féin do mhuilleóir si, agus asé adhbhar mo neamhghrádh dho antan théim don mhuileann ní háil leis aneireadha do thogbháil dona capuillibh agus ní háil ná na saic do líonadh don mhin ná cughnamh uimi agcur suas. Agus ní headh amháin acht do ghúidh sé gach nídh as anait liom agus ní fheadarsa acht do fhidir Dia créad uim a ndeínionn sé sin. Agus as minic smuainim abhuala nó a easonórughadh go fághail bháis do." Adubhairt Mochuda, "A bhráthair ghrádhaigh, adeir an fáigh, "declina a malo et fac bonum" .i. seachain an tolc agus déana an mhaith; da reir sin déinsi maith don mhuilleóir agus tiocfaigh don mhaith sin go ndiongna sin
maith dhuitsi, agus go mbeithíghe in bhúr ccáirdibh gradhach da chéile." Mar sin dóibh, go ceann trí lá, agus gach nídh as fearr dféad an bráthair ga dhéanamh aige don mhuilleóir. Gidheadh níor sheachain an muilleóir adhroichbhéasa féin, agus níor sheachain an bráthair a fhuath do san. Adubhairt Mochuda an treas lá ris an mbráthair, a fhaoisdin do thabhairt do. Adubhairt an bráthair: - "Así so mfaoisdin a athair; ní hionmhuin liom an muilleóir fós." Adubhairt Mochuda, "Claochlócaidh anocht agus ní chaithfidh biadh amairioch nó go ndeacha dá ionnsuidhe agus caithfídhe ar aon súidhe air aon bhórd agus beithídhe in bhur ccáirdibh grádhacha ó sin amach." Agus do fíoradh sin; óir do líonadh an manach sin ó grásaibh an Sbioraid Naomhtha tré fhoirceadal Mochuda. Agus tug glóir agus moladh do Mochuda mar do chonnairc é ar na shoirbhiugadh ó ghrásaibh an Sbioraid Naoimh. Lá eile do bhadar dias mhanach do mhainistir Mochuda ag chomhradh ré chéile, agus don chinéal Breatnach iad. "Atá," ar siad, "Mochuda ársaidh go mór, gidheadh ní gar do bás dfághail. Agus as deimhin nách faghthar aleithéad choidhche an umlacht na andeadhoibreachaibh. Agus dá mbeadh sé gan bheith ann as neach aguinne do toghfaoi ina ionnad agus ar an adhbhar sin marbhamna é, óir ní bfuíghe féin bás go luath." Agus bá hí accomhairle abhreith andeireadh na hoidhche sin cum na habhann agus abháthadh agus a fholach mar nach faghthaoi a fhios go bráth. Agus fuaradar na dhiaig sin é an ionnad uaigneach ag déanamh a úrnaighe mar fá béas do. Agus do cheangladar go docamhlach é, agus rugadar ara muin eatortha cum na habhann é. Agus tarla dhóibh dá bhreith chum na habhann manach cráibhdeach dár béas an reilg choisreagtha do thimpcheallughadh gach noidhche. Agus adubhairt riú sin, "Créad sin bheirthíghe libh"? Adubhradar gurab éaduighe droinge dona manchaibh da mbreith dá níghe cum na habhann. Agus níor creidsiom sin ar na ghuin ón Sbiorad Naoimh. Agus adubhairt, "Cuiridh díbh búr nere go bhfaicimís é." Agus dob éigion dóibh, agus asé eire fríth ann sin Mochuda. Agus dob é an manach
sin dob fheadmannach is an mbaile sin. Agus adubhairt go tursioch, "A Dé as olc an obuir sin do thiosgainbhúir." Adubhairt Mochuda go ciuin, "A mhic do budh mhaith damhsa siud dimirt orm óir do harmhéoighthaoi me idir na mairtíreacha naomhtha. Agus do budh olc dóibh sion é, óir as abhfochar Iudais do reac aTighearna féin do bheidís ag fághail peine do shíor óir dob áil leo misi do chur cum báis ionnus go mbeidís am ionnad ós cionn mo mhanach. Agus ní hiad na daoine malluighthe úd, ná daoine don chine dá bhfuil siad, bhus comharbadha damhsa go bráth, acht as do cenél an neich tré ar shaor dia me bhias fear mionnaid dom éisi. Agus ní bhia mo chathair go bráth gan drong éigin don chine Breathnach innte fá na ndiongantar gáire agus fanamhad agus dá nác bia maoin na tarbha acht sin." Agus an neach sin do shaor Mochuda ara mhilleadh as don chine Ciarrúigheac é, agus as díobh atáid comharbadha agus lucht ionnaid Mocuda do ghréas. Do bhí Mochuda abhfad daimsir mar adubhramar thuas nár bháil leis ba na capuill do thógbhail cuige óna daoinibh acht asiad a manaigh do bhíodh ag romhar agus ag freacar na talmhan do agus asiad diompcharadh gach nídh beirthíghe cum na mainistreach ara muin féin. Táinig Fionan Naomh ar chuairt chum Mochuda ar tteacht do ón Róimh antan sin agus fá bráthair do Mochuda é. Agus do spreag sé Mochuda agus adubhairt: - "A Mochuda," ar sé, "créad uim a ccuirirsi moghsaine bhur nainmíoltadh brúideamhal ar na daoinibh atá na nainmhioltaibh réasúnta? Agus gur ar ason do chruthuigh Dia gach ainmhilte eile? Agus, as deimhin, nách caithfeadsa biadh is an mbaile so nó go ttógbhar an dochar úd díobh." Agus do aontuig Mochuda anonóir Fhionain dona manchaibh daimh agus capaill chucha ó na daoinibh agus iad féin do bheith raor ón moghsuine adubhramar. Na diaig sin iomorro do ghabh trócaire an tAb Naomhtha Lachtaoin do Mochuda agus dá mhanchaibh ar son ná gabhaidís ba ná spréidh chuca, agus táinig go Raithin agus tug X mba fithchead agus tarbh agus dís rachtaireadha agus dís
bhanrachtaireadha leis. Agus ar ndul agcómhgar an bhaile dho, do fhágaibh abha anionnad uaigneach óir níor bháil leis abhfaicsin aige. Agus do chuaidh féin don mhainistir, agus do leig teinneas mar badh eadh chuige agus diarr bainne. Agus do chuaidh an miniostrálúighe do fhoillsiugheadh do Mochuda go raibh Lachtaein teinn agus gur iarr bainne dá ól. Adubhairt Mochuda, soightheach do líonadh duisge; agus do rinneadh amhlaidh. Agus do bheannaigh an tuisge agus do chlaochlo a mbainne mhilis nua é amhail ba í anuair sin do bleadfaighe é. Agus do cuireadh cum Lachtaoin é agus do aithin gus bainne fríth go diadha é. Agus do bheannaigh arís an bainne é agus do chlaochlo an uisge é mar do bhí roimhe. Agus adubhairt: - "Ní uisge acht bainne do iarras." Agus daithris an teachtaire abhfiaghnaise cháich uile an nídh sin. Agus adubhairt Lactaoin: - "As maith an manach Mochuda gidheadh ní dhiongnaid a chomharba bainne don uisge." Agus adubhairt ris an teachtaire: - "Éirigh go Mochuda agus innis do nách caithfeadsa biadh is an bhaile so nó go ngeabhaidh sé chuige an deirc tugasa chum na manach." Do gheall Mochuda go ngeabadh, agus do tugadh na ba agus na reachtaireadha do mhanchaibh Mochuda agus do chomharthuigheadar na reachtaireadha dóibh iad. Agus adubhairt Mochuda ná geabhag se sin chuige acht anonóir Lachtaoin go geabhadh iad. Adubhairt Lachtaoin: "Biaidh saidhbhreas, agus iomad spréidhe agus maoine domhanda ag lucht tionnaid do ghréas ó aniugh amach agus biaid iomad daoine crábhaidh tré bhiotha is an cathair as aragha tú chum nimhe, óir do dheántar hionnarbadh as an ionnad so." Agus dfagaibh Lactaoin an baile iar ttabairt beannochtuin féin dá chéile agus iar cceileabradh agus iar cceangal cáirdeasa agus cumainn dóibh. An aimsir fhoghmair, iomorro, táinig a fheadhmhanach go Mochuda agus dinnis do go rabhadar na guirt ag dul deasbuidh a mbuana agus nach faghadh meithiol. Adubhairt Mochuda: - "Imthig maille re síodh, a bhráthair, agus do bhéara Dia buanuidhthe maithe duit." Agus ba fíor sin, óir tangadar aingil De iomdha chum
an ghuirt dob aibchíge agus do ba mhó dona gortaibh agus do bheansat é go luath, agus do thiomargadar an aon ionnad. Agus dob ionngantach leis namanchaibh sin, gidheadh do thuigeadar gurab ó Dia táinig sin. Agus tugadar grása agus moladh do Dhia agus do Mochuda. Do bhí umláid manach Mochuda an mhéad sin da nabradh an neach budh sine no bfearr aco ris an neach eile luighe ar an tteine go ndiongnadh sé sin. Dá dhearbhadh sin do bhádar droing dona bráithribh lá re haghaidh aráin dollmhúghadh is an uamha agus adubhairt bráthair díobh re bráthair dob óige iná é féin: - "Atá an tarán dá losgadh agus friotháil é go luath." Agus do bhí sluasad iaruinn aco le ttógbhaidís an tarán as an uamha agus níor fríth an tráth sin í. Agus níor fhéach iomorro an bráthair óg don teine do bhí ar lasadh ambeal na huamha acht do ghlac an tarán agus do athruig é da lámhaibh agus ní dhearnaig urchóid ar domhan do. Lá eile do bhadar mancaigh Mochuda ag deanamh umuloidi láimh ris an abhuinn do bhí tríd an mbaile. Agus do gair neach ársaidh aco bráthair óg dar bhainm Colmán chum oibre éigin. Déirgheadar dá Cholmán deag leis an aonghuth sin chum na hábhann ar son Cholmán do ghairm agus nách dubhradh Colmán dáirighthe aco. Agus dob fhollus umhlacht mhanach Mochuda de sin. Agus badh mór an umhla agus abhfoighde ina tteineasaibh agus ina easláintibh mar dearbhtar amanach díobh aga silidís crumha a créachtaibh a chuirp is an tslíge ina dhéaig agus nár éagaon agus nar innis é do neach agus nar sguir dá obuir da noimint, gideadh dob fhollus ara fhíoghair go raibh sé easláinteach óir do chuaidh achorp accaoile go mór. Agus do ghabh trúagha agus trocáire mhór na bráithre dho. Agus dfiafruigh Mochuda dhe, fá phéin a úmhla agus ariaghla, cúis a easláinte. Do thaisbeáin an bráthair athaoibh dho, agus iad ar na ngearradh le gad do bhí rochruaidh tairis. Dfiafraigh Mochuda cia do rín an rod neamhthrócaireach dofulaing so ort. Adubhairt an manach: - "Lá do bhamar ag
taraing maide rómhóir ón ccoill agus do bhris mo chrios lé méad na feadhma do bhí orm agus do thuit mo léine rém chosaibh; do chonnairc neach dá raibh am dhiaigh sin, agus dfáisg an gad so tar mo thaobhaibh coimhteann sin ionnus gur mhorgaidh feoil mo thaoibh uaidh." Adubhairt Mochuda: - "Cread uim nár sgaoilis féin an gad"? Adubhairt an manach, "Nách liom féin an corp so agus an neach do chuir orm é nár sgaoil é." Agus do bhí bliadhain iomlán ó do cuireadh an gad tairis gus anuair sin. Adubhairt Mochuda: - "As mór an pian dfuilingis, a bhráthair, agus ara shon sin bíodh do rogha agad sláinte cuirp nó anma dfaghail annois le dul chum na beatha síorrúighe." Adubhairt sion: - "Créad dob áil liomsa do bheith ar an saoghal so"! Agus do thogh dul chum nimhe. Agus ar ngabháil tsacraimint agus coimaoineach dho do chuaidh do chum nimhe. Táinig lá eile go Mochuda bean dár bhainm Brigh agus a lámh éislingthe aice nár bhféidir lé atógbháil ó na thaobh, agus a fear lé. Agus do ghuidheadar Mochuda fón láimh do shlánughadh. Agus do bhí an bhean torrach antan sin. Agus do shín Mochuda a lámh le húbhall chúice mar do rín le hinghin Chuana, re Fhlandnait. Agus adubhairt "Aeleauá," ar sé, "cuir an lámh easlán ar cheann an úbhaill so." Agus do cuir mar adubhairt Mochuda. Agus do ghlac an túbhall as aláimh agus do bhí slán agus mar do bhlais sí an túbhall do thuismigh a toirrcheas gan teinneas, gan docamhal. Agus do chuadar na ttig maille gairdeachus. Amhuil do tharngair an fáidh Colum Cuille agus mórán do naomhaibh eile do Mochuda a ionnarbadh a Raithin, táinig Rígh Teamhrac, Bláthmhac mac Aodha Sláine, agus Diarmuid abhráthair, agus cléirigh eile do mhuintir Cluana hEaraird do fhuráil ortha Mochuda do ionnarbadh. Agus adubhradar ris: - "Fágaibhsi an baile so agus an talamh uile, agus deana ionnad duit féin." Adubhairt Mochuda: - "As ann so budh áil damhsa mo bheatha do críochnughadh agus atáim mórán do bhliadhnaibh a seirbhís do Dia ann nach (beag?) ranagsa crioch modh bheathadh. Agus (ar) an
adhbhar sin ní fhuigheamh an tionnadsa muna ttaraingthear ar lámhaibh go haimhdhéonach as me, óir ní deaghmhaiseach do sheanóir andeireadh abheatha go nathróchadh sé dá dhéoin as an ionnad ambeadh sé re haimsir fhada." Diompúigheadar na huaisle sin go Bláthmac agus do rinsiad casaoid Mhochuda go fallsa accásaibh iomdha ris. Agus do ghúigheadar é go ttiocfadh féin do sgrios Mochuda, ó nách dearrnaidh orthasan a fhágbháil. Táinig iomorro an rígh go sochraid mhór. Adubhairt Mochuda re na manchaibh amhail fáidh, re tteacht don rígh, "A bhraithre grádhacha," ar sé, "ollmhúighidh bhúr neireadha agus ceanglaidh iad, as gearr (go dtiocfaidh) fíréigion agus gluaisiocht oruibh ó thighearnaoibh an talmhan so, do dhéanaid bhur nionarbadh agus búr ndiothchur as bhúr nionnad féin." Táinig iarum an rígh agus abhráithir agus mórán dúaislibh eile léo. Agus dorineadar cómhnuide accomhfhoghus Raithin. Agus do chuir an rígh a bhráithir, .i. Diarmuid, maille mórán eile dionnarbadh Mochuda, agus dá chur as an mbaile dá aimhdéoin, óir do ghabh Diarmuid do láimh go ndiongnadh sé sin. Agus as amhlaidh fuair sé Mochuda ag úrnaighthe is an coirin agus dfiarruigh Mochuda dhe cid uim attáinig sé cé do bhí afhios aige. Adubhairt Diarmuid gurab é Bláthmac an rígh do chuir é dá ghabháil sion ar láimh da bhreith as an ccathair agus dá ionnarbadh as an Mídhe uile. "Déana mádh áil duit," ar Mochuda, "óir atámaoidne ollamh chum gach nídh dfulang ar grádh Chríost." Adubhairt Dairmuid: - "As deimhin nách diongansa go bráth a leitheid daindlíghe; déinedh an té thoigéoras." Adubhairt Mochuda: - "Do gheabha tusa flaitheas Dé, agus biaidh tú ad righ go luath anionnad do bhráthar, agus an aghaidh iompúigheas tú úaimsi ní diultfaidhsí re haoidhe go bráth, agus an t-imdheargadh agus an aithis do bhéaradh an rígh dhuit amuich annois ar son nár críochnuidhis an nídh cum attangais rachaidh sí a moladh agus ácclú dhuitsi, agus ar son gur smuainis olc do dheanamh damhsa agus gur bhollmhughta chuige thú iná chách ní gheabha do mhac ríghe tar théis." Do chuaidh Diarmuid gus an rígh agus do innis nár fhéad urchóid ar domhan do dheanamh do Mochuda. Adubhairt an
rígh go feargach: - "Ruanaidh sin a Dhiarmuid." Adubhairt Diarmuid: - "As mar sin do gheall Mochuda, óghlách Dé, dhamh." Diarmuid Ruanaidh adeirthíghe ris ó sin suas óir adubhradar uile mar mholadh dho aneinfheacht as fíor gurab Ruanaidh. As ann do cuireadar na huaisle sin crannchur eadartha féin, dá fheachuin cia díobh dá roicheadh lámh do cur a Mochuda farais an rígh da tharraingt amach as an mainistir. Agus do thuit an crannchur air airchinneach Chluana hIoraird. Agus do chuaidh an rígh agus é féin agus mórán do dhaoinibh láidre léo san mainistir. Agus fuaradar Mochuda agus a bhráithre go huile san eaglais. Adubhairt neach saidhbhir aco dar bhainm Cronán do ghuth árd: - "Déanaidh go luath an nídh chum a ttángabhar." Adubhairt Mochuda: - "Do gheabha tusa bás go luath gidheadh ar ar son go ttugais almsa iomdha dhamhsa ar ghrádh Chriost agus go raibh tu ceannsa caonbharach riom gus aniugh biaidh do shíol saidhbhir go brách." Agus do fíoradh andubhairt. Fear eile dár ainm Dulach do iadhaig sé súil dá súilibh. Agus do ghabh ag gáire agus a fanamhad fa Mochuda. Adubhairt Mochuda: - "As mar sin bhias tú go crich do bheatha ar leathshúil agus tú ag gáire do ghnáith agus biaidh mórán dod tsliocht mar sin." Neach eile díobh dár bhainm Cailche do rin aidhbhirséoireacht agus conntrácht ar Mochuda. Adubhairt Mochuda: - "Geabhaidh disinteria go luath tú agus galar fuail agus do gheabhair bás." Agus tarla sin mar sin, agus as iomdha díobh dhá ttarla olc agus drochfhagbhala tré na naindlighthe féin budh chóir do chaoi antan sin. Agus mar do chonnairc an ríg sin do ghabh fearg mór é agus do chuaidh féin agus Ab Chluana hEaraird, agus do ghlacadar lámh gacha nduine do Mochuda, agus do tharaingeadar léo é as a cathair amach go heasonóirach, míomhodhamhuil, agus do rineadar amhuinntear an nídh ceadhna ré muinntir Mhochuda. Agus do bhádar idir fhir agus mhnaoi ag caoi agus ag osnadhail agus a nuallghúbha seachnóin an bhaile in gach náird ar na nionnarbadh go heasonórach as a ccathar agus as a mbaile féin. Gidheadh dob iomdha dona sluaghaibh agá raibh
truagh agus trócaire mhór do Mhochuda, agus dá mhuinntir gabhaig sin mar sin. Do bhí manach do mhuinntir Mochuda aga raibh potagra ina chois agus do ghuig Mochuda an rígh agus a chomhairle uile go leigfidís is an mainistir é ó nách raibh siubhal aige, agus do eitígheadar uile é. Do ghair Mochuda an manach chuige agus dfógair anainm Chriost don tinneas cos an mhanaigh dfágbháil agus dul accois Cholmáin .i. prionnsa do bhí ag cathughadh ina aghaidh go mór. Agus do mhair an teinnios na chois an feadh do bhí na beatha. Agus déirigh an manach agus do chsiubhail agus do chuaidh le na mhaighistir. Do bhí bráthair ársaídh do mhuíntir Mochuda, agus do thogh sé a adhlachadh do beith a Raithin agus tug Mochuda cead do agus do ghabh comaoine agus sárchrábhadh do láimh Mochuda. Agus do chuaidh chum nimhe abhfiaghnaise cáich agus do hadhlaichead a chorp a Raitin amhuil do thogh féin. Ag imtheacht do Mochuda a Raithin do ghabh do reilg na mbráthar ar cuairt agus do chaoidh agá faicsin; do iarr beannocht a raibh adhlaicthe innte agus do rin úrnaighthe ara son. Agus táinig do chead De gur osguil uaidh mhanaigh díobh abhfiaghnaise cháic uile agus ba fada roime sin ó do hadhlaiceadh é, agus do thóguibh a cheann as an uaigh, agus adubhairt do ghuth árd: - "A dhuine naomhtha agus acharaid Dé, beannaigh sinne agus tigeadh do brigh do bheannocht ar néirghe agus ár ndul leat mar arachaidh tú." Adubhairt Mochuda: - "Ní dhingeansa obair nua óir ní bheanabh eiséirghe as anurdail sin do dhaoinibh roimhe eiséirghe an chine dhaonna uile." Adubhairt an manach arís: - "Cread uim a bhfágbha sinn agus gurab amhalaidh do gheallamar (ar) mhbeith an aoinionnadh riot go brách agus do bheith an aoin ionnadh rinn"? Adubhairt Mochuda: - "A manaigh an ccuala tú an proibherb so "necessitas movet decretum et consilium" .i. tormisgionn an téigionntus toil agus comhairle na ndaoine. Agus déanaidh si comhnuidhe annso an búr nionnadaibh féin agus iompóigh mise maille rém uile mhanchaibh chúghaibh lá eiseírghe cháich, agus rachamaoid gus an ccrois úd atá an dorus na
heaglaise amuich re nabarthar "cros na naingeal" agus imteóighmíd re chéile chum an breitheamhnuis." Agus ar rádh na mbriathar sin do Mochuda do luig mar a raibh ina uaidh féin agus do daingnígheadh an chómhra. Agus dimthig Mochuda agus a phobal gur an ccrois adubhramar agus diompuig cum an rígh arís agus adubhairt ris - "Féach ós do chionn an neamh agus féach síos ar talamh." Agus dféach an rígh. Adubhairt Mochuda: - "Nár sealbha tusa neamh agus talamh agus go sgriostar go luath ód ríghe agus ód fhlaitheamhnus féin tu agus an bráthair úd agad do imdheargais tré nár chuir sé lámh ionnamse budh rígh é ar do bheathasa agus rachaidh do chion agus tonóir dhíot in méad sin ionnus go ndearmadfar tu fá bhiadh na thigh; agus rachaidh tu féin agus do chlann do drochbhás agus ní bhiaidh duine ar do shliocht o aimsir ghiorra amach." Agus do malluigh Mochuda é, agus do bhain clog beag do bhí na láimh air féin agus ar a shíol agus asé ainm an chluig sin ó sin ale "clog díotha Blaithmaic" no "clog báidhte Blaithmaic" ar son gur bháthaidh agus gur dhiothaigh Blátmac gona shíol ó na bhuain ortha. Do bhí, iomorro, clann mhór mhac agus ingion ag Blathmac agus do chuadar ar neimhnídh maille ris féin tré mhallochtuin Mochuda. Adubhairt fós ris an bprionnsa úd Cluana hEarráird do ghlac ar láimh é. "Biadh tusa ad searbhóntaighe agus ad mhoghaidh dhaor sul ndeachaidh tú déag. Agus sgriosfuighear ód thighearnas tu agus ní bhia fóghnamh ar do shíol." Agus do fióradh sin uile. Adubhairt Mochuda re neach eile dár tharaing ar láimh é; - "Créad tug ortsa mo ghlacasa ar láimh dom breith as mo chathair féin"? Adubhairt sion: - "Níor bháil liom go mbeadh Muimneach fo onóir aleitheide síud is an Mídhe." "As cead liomsa," ar Mochuda, "an lámh do chuiris ionnamsa abeith mallaighthe do shíor agus an aghaidh do chuiris orm dom dhíothcur óm ionnad féin a beith salach teimhleach do shíor." Agus do fíoradh sin, óir do bhris a shúl na chionn an tráith sin. Do chonairc Mochuda go raibh cuid do chomharbaibh agus do phobal Dairmhaighe .i. baile do bhailtibh
Cholumcille na ionnarbadh. Agus adubhairt riú: - "Biaidh cogadh agus ceannaraic aguibhse do ghnáth agus do dhéantaoi dochar agus díth a cheile, óir do bhí pairt mhór dhibh is an ccogadh so do chur ormsa." Agus bá fíor sin. Do brostaigeadh tra Mochuda ann sin ón rígh agus ón bpobal accoitchinne cum imtheachta as an mbaile. Agus do ghluais Mochuda gona dheisciobalaibh .i. mór-sheisear agus trí fithchid agus ocht ccéad; agus dfáguibh an oiread céadhna a Raithin ar na nadlacan. Agus do bhadar mórán eile béo dá dheisgiobalaibh arannaibh éaxamhla Éireann iar bhfághail bháis. Agus an drong sin do bhí air láthair dhíobh do bhádar lán do grásaibh an Sbioraid Naoimh agus as iomdha dhiobh na dhiaig sin do bhí na neasbogaibh agus na bpápadhaibh agus do cúmhdaigheadh léo féin eaglaise iomdha do Dia. Agus bíodh a fhios agud gur mhór umhlacht an easboig naomhtha .i. Mochuda, mar dearbhthar is an sgéal so - .i. go rabhadar ceithearn mhór lobhar aige an onóir agus andíghníte a sealla do leath-taoibh na cathrach .i. Raithin, agus do théigheadh go minic dá bhfios agus dá bhfriothólaimh ann sin gan tabhairt taoibhe do neach eile riu. Agus do chualadar na lobair accoitchinne air fuid Éirionn gur ghabh Mochuda cúram agus muirear na lobhar sin. Agus do thiomairgeadar as gach áird chuige ionnus go raibh nuimhear doáirmhighthe dhíobh ina fhochair. Agus antan dfágaibh sé Raithin tug leis iad go Lios-Mór agus do rín ionnad dairíghthe dóibh ann ina bhfuilid ó shoin fó onóir agus fá dhíghnite do réir aithne Mhochuda. Ag imtheacht na slíghe do Mochuda agus dá dheisgioblaibh ó Raithin maille re carbudaibh agus re reasaibh tárladh dhóibh air an slíghe crann mór na lúighe. Agus níor fhéadsad dul tairis do bhrígh dlúis na coille na thimpchioll. Agus adubhairt neach diobh: - "Atá crann reomhuinn ar an slíghe nách léigean tairis sinn." Adubhairt Mochuda: - "An ainm Chriost, achroinnse, éirigh ad seasamh ad tionnadh féin." Agus déirigh an crann accéadóir le mbreithir Mochuda an astaid féin agus mairidh
ó sin na chruth féin, agus atáid clocha iomdha fóna bhun a ccuimhniúgadh na míorbhuille se. Acht dob éigion do imteacht; agus an oidhche dfágaibh Mochuda Raithin is ann do bhí is an ccill re nabartar Druim Cuilinn agcoigcrich Mumhan agus Laighean agus Chlanna Néill, gidheadh is andúthaig Chlanna Néill atá sí a bFearaibh Ceall agus as innte atá Raithin. Agus as ann sa Druim Cuilinn sin do bhí an tab naomhtha do deallraigheadh do mhíorbhuillibh .i. Barr-Fhinn. Agus ar na márach do Mochuda aSaighir Chiaráin, agus an oidhche ina dhiaig is an chathair a bhfuil Cronán annois .i. Ros Cré. Agus do bhí an oidhche sin ann gan aoidheacht gé do bhí cuire aige ó Cronan, oir do ullmhuigh Cronan a suipéar do. Agus do éimghidh sin dul dá chaithiomh óir adubhairt: - "An té do seachain na háoighidh agus do rin sealla dho ar móin fhásaig abhfad ó chách, nách rachadh dá slíghe chuige acht gur chóra dho piasdaoi an fhásaig do bheith mar aoidhibh aige an áit dhaoine." Ód chualaidh Cronan sin táinig go Mochuda agus do sheachain (do chomhairle Mochuda) an tionnad araibh sé ar an móin, agus do chomharthuig sé féin agus Mocuda mainistir agus eaglaise dho aRos Cré. Agus do rin cathair mhór ann abfuil féin adhlaicthe. Do cheilebhair Mochuda do Chronan agus do ghabh tré Éile agus táinig chum na cathrach ríoga re nabarthar Caisiol. Ar na mhárach táinig an rígh .i. Failbhe, mar araibh Mochuda agus do thairg ionnad do a ndiongnadh sé eaglais do chúmhdach. Adubhairt Mochuda: - "Ní ceadúighthear dhuinn ó Dia cómhnuidhe do dhéanamh an aoin ionnadh no go roichiom an tionnad do gealladh dhuinn ó na naomhaibh." As annsin tángadar teachta ó rígh Laighean go rígh Mumhan, agus do ghúidheadar é do bhrígh a chumainn agus aroinn le rígh Laighean dul do chughnamh dho. Agus go rabhadar Leath-Cuinn agus an rann tuaidh dEirinn ag teacht agus mórshluagh leo do mhilleadh Laighion. As amhlaidh do bhí Failbhe ann sin agus ashúl ina eágmuis agus níor leig an náire do dul accóigcrích agus é leathchaoch. Ód chonnairc Mochuda méad náire an rígh do bheannaigh ashúl agus do chuir
comhartha na croiche céasta uirthe, agus do bhí slán abhfiaghnaise cháich. Agus do cheileabhair Mochuda agus an rígh dhá chéile agus do chuaidh gac nduine dáoibh ara chonair féin. Táinig an rígh agus tionól ashluaigh dfortacht Laigean ó na néigean. Agus do ráinig Mochuda roimhe tré Musgraoi Oirthir, agus do ghabh tighearna na tíre sin é maille honóir mhóir, Aodhán aainm, agus tug an baile re nabarthar Isil do, agus do bheannaigh Mochuda é, agus a shíol. Agus táinig ann séin is na Déisibh. Agus do ghabh tré Mhúige Féimionn, agus do rin cómhnúidhe an Árd Bréanuinn ar bruach na Siúire. Agus táinig chuige ann sin Maolochtair rígh na nDéisi agus na huasail eile da mhuinntir do bhí agcogadh agus aneasaonta mhór ris atímpceall fhuinn. Agus do shíodhuig Mochuda do chead Dé eatortha, agus do leig réig ag imtheacht iad. Agus tug Maolochtair an fearann sin do Mochuda. Agus do chómhartaigh sealla ann agus atá aniugh na bhaile mhór ré nabarthar Árd Fhíonnáin agá bfuil porráiste mhór agus onóir anainm Mochuda. Do chonairc bean Mhaoloctair aisling agus así fá bean do Cuciniceas ingean rígh Mumhan, Fáilbhe Flann, .i. ealta déanach ró áille ag eitiolladh ósa cionn, agus éan aco budh mó agus ba háille ina acheile. Agus do leanaidís na héoin eile é, agus do thúrn sé an ucht an rígh, Maolochtair. Agus ar neirghe as a codhla dhi do aithris don rígh gach nídh ad chonairc. Adubhairt an rígh: - "A bhean, is maith an aisling ad chonnaircis agus as geárr go ccoimhlíonfar í; asiad an eanluith ad chonaicis is an aer - Mochuda agus amhanaig air siobhal ó Raitin. Agus asé an téan as onóiríghe dhiobh, Mochuda. Agus asé mar do shuig sé am uchtsa, ionnad a eiséirghe bhias agumsa am talamh. Agus biaidh grása móra dhuinne agus dár ttalamh de sin." Agus do fíoradh amhail adubhairt an rígh fíoraonda aisling amhná fíoraonda. Lá eile táinig Mochuda mar araibh Maolochtair dá íarraidh air ionnad andiongnadh se réig leis a mainistir do chúmhdach. Adubhairt Maolochtair: - "Ní héidir lé pobal mór aitreabadh
ann so ara chúmhainge." Adubhairt Mochuda: - "Dia do chuir sinne agadsa agus foillseochaidh duitsi an tionnad bhus iomchubaidh duinne." Adubhairt an rígh: - "Atá ionnad agum do leathtaoibh Sleibhe gCua ar bruach na Neimhe agus is gar iasg agus coill do, agus atá eagla orm go bfuil sé chúmhang." Adubhairt Mochuda: - "Ní bfuil sé cumang agus atá abhainn agus iasg ann, agus atá dá tharngaire dhuinne ré haimsir fhada gurab ann bhias ár neiséirghe." As ann sin tug Maolochtair an fearann sin do Dhia agus do Mhochuda abhfiaghnaise mhórán daoine .i. Lios-Mór. Agus is ann do chumhdaig Mochuda a chathair iardain. Agus do bheannaigh Mochuda an rígh agus a bhean agus anuaisle agus abpobuil, agus ar cceileabhradh dóibh agus ar na onórúghadh uatha uile do dhirigh dionnsuighe a shlíghe tarsna Sléibhe gCua agus chum na cille re nabartar Ceall Clochair. Agus do ullmhuig naomh na cille sin suipéar do réir adhíchill do Mochuda .i. Muchua Mhianain, agus ní raibh do dhig aige da raibh do manchaibh ag Mochuda acht bairille leanna. Agus do bhí Mochuda gona mhuinntir trí la agus trí hoidhche ann sin agus do tharaingeadh an tab naómhtha, .i. Mochua, in lind as an mbairille asoighthíbh beaga don lucht friothaluimh do réir mar rángadar a leas, agus níor lúghaide an baraille fós acht do bhí ag fás amhuil do bhí anola ó bheanachtain Eleas. As ann sin adubhairt neach dá mhanchaibh lé Mochuda: - "Dá bhfuirigheadh sibh ris an bhfleadh so do chaithiomh budh fada bur ccómhnúidhe ann so, óir táinig do thíodhlaicibh Dé nách lúghaide í accaithtear di." "As fíor sin, a bhráthair," ar Mochuda, "agus as mithid duinn imtheacht." Agus do ghluaiseadar chum na slíghe, agus tug Muchua Mianain é féin agus aionnadh do Dhia agus do Mhochuda go brách. Agus ar immtheacht do Mhochuda do thráig an bairille go deasgaibh. Agus do ghluais Mochuda roimhe chum na habhann re nabarthar Néimh agus chum an átha re nabarthar Áth-Mhéadhoin agus ní fhéadfadh duine a dhul acht snámhuídhe no duine ró láidir an aimsir thiormaig mhóir agus atteasbach samhraidh agus attráigh mhara
óir téid an lán mara an aghaidh an tsrotha sin go Lios-Mhór chúig mhíle angar do. Agus do bhí an lán mara antan sin ann. Agus asiad ba túsga chum an átha dá mhanach do mhuintir Mhochuda .i. Mulua agus Colmán agus do bhí Mochuda ar deireadh cháich; agus diompúigheadar chuige agus adubhradar nár bfhéidir an abhuinn do dhul gus an tráig. Adubhairt Mochuda: - "Tigidh an ainm bhúr ttighearna Iosa Críost roimh cháich tríd an muir óir ase fein an tslíghe agus an fhírinne agus an bheatha." Mar do chualadar sin aithne Mochuda dhíobh adubhairt Molua ré Colmán: - "Cia díobh dhionghabhas tusa an sruith anuas nó sruith an mhara aníos"? Adubhairt Colmán: - "Coisgeadh gach neach an nídh bhús gar dho"; agus do bhí Molua don taobh shuas aleith an tsrotha agus Colman do leith an mhara. Adubhairt Molua re Colmán: - "Toirmisgsi an mhuir dá siobhal nádúrtha agus turméosgadsa an sruith." Agus do chuadar do dul na habhann maillé creidiomh daingean agus do chomhárthuigheadar ó chomhartha na croiche naomh an tuisge agus do dhealuigheadar na huisgeadha do gach taoibh ó ceile ionnus gur léir an talamh tirm tríthe. Agus ba haoirde na huisgeadha do gach ttaoibh ar son ná raibh siobhal aco ionnus gur fhásadar na colbadhaibh róárda do leith an mhara agus an tsrotha. Agus do anadar mar sin go ndeachaidh pobal Mhochuda go huile. Agus bá hé féin neach deadhnách do chuaidh cum na habhann díobh agus do bhí an tslíghe comhmaith sin ionnus nár thormisg sí coisighthe na carbaid acht amhuil budh machaire réig go ndeachadar do chosaibh tiorma thairis amhuil do rin sruith Iordane re Iesau mac Nun. An ndul do Mhochuda anonn, do bheannuigh na huisgeadha agus do cheaduig dhóibh dul ina cheile agus cursa nádúrtha do thabhairt. Agus ar ndul dona huisgeada sin acceann achéile do rinneadar torann agus foghar mór agus asé ainm an ionnaid sin Ionnad na mBeannoct, ó bheannochtaibh Mhochudha agus amhuinntire. As ann sin do chuaidh an teasbog glórmhar sin, .i. Mochuda, chum an ionnaid do gealladh dho ó Dhia agus ó na fáidhibh agus as ann
atá an tionnad sin ar an machaire re nabarthar Maigh-Sgiath. Agus do bheannaig Mochuda maille na naomhaibh an fearann sin agus do chomharthúigheadar ionnad eaglaise ann fa cuairt amodh ciorcaille. Agus táinig chúca ann bean naomh do bhí air an mágh sin dár bhainm Caeimell agá raibh sealla agus áitreabh ann, agus dfiafruigh díobh san: - "Cread dob áil libh do dhéanamh, a shearbhóntaighthe De." "Dob áil linn," ar Mochuda, "lios beag do dhéanamh a ttímpchioll ár nárnéisi ann so." Adubhairt Caeimell: - "Ní bá lios beag acht lios mór." "As fíor, a ógh," ar Mochuda, "budh Lios Mór a ainm tré bhiotha." Agus tug an ógh sin í féin agus a sealla do Dia agus do Mochuda, go brách, mar a bhfuil mainistir chailleach ndubh ar na dheanamh accathair Leasa Mhóir. Agus mar do gheall Colmán Éile, mar adubhramar, do Mochuda, fuair sé tumba ar na cómharthúghadh ó na haingeallaibh mar a bhfuil féin adhlaicthe agus mórán do naomhaibh eile a Lios Mór, agus do foillsígheadh dho san ón Eagna Dhiadha an líon naomh do hadhlaicfídhe go deireadh an domhain is an tumba sin. Agus as onóireach an cathair sin - Lios-Mór, oir atá cuid di nách lámhaid mná do chsíubhal ná dhimtheacht agus atá mórán do shéipéalaibh agus do mhainistreachaibh innte, agus bíd mórán do dhaoinibh naomhtha cráibhtheacha do ghnáth innte, agus ní headh amháin a hÉirinn acht a Saxaibh agus a Breathnaig agus a tiorthaibh eile. Agus is ann atá sí is na Déisibh don taoibh theas dAbhuinn Móir. Lá éigín dá ttáinig draoi go Mochuda daidhbhirseoreacht agus do conntracht do. Agus a dubhairt ris "Más searbhóntaighe do Dhia thu, tabhair atora nádúrtha trés an ccraoibh chríon so." Do thuig Mochuda gur do tharcaisníoghadh na ccomhachtain diadha adubhairt an draoi sin. Agus do bheannaigh an chraobh agus táinig croiceann ar ttús uirthe agus duille ainseín agus bláth agus toradh fá dhéoig mar do iarr an draoi. Do iongantaig an draoi go mór uim an míorbhuill sin agus dimthigh roimhe. Lá eile tháinig duine bocht go Mochuda agus diarr se go coimthigeach bainne agus leanna anéineacht air. Agus do bhí
Mochuda antansin láim ris an ttobar re nabarthar Tobar Mhochuda aniugh. Do bheannaig iomorro Mochuda an tobar agus do chlaochló a mbainne é ar ttús aindsein alionn, agus fá dhéoigh abhfíon, agus adubhairt ris an nduine mbocht an méad budh áil leis do gach nídh dhíobh do breith as. Agus do fhan an tobar mar sin go ndearna Mochuda úrnnuighthe dá cur na cruith féin aris. Táinig aingeal do neamh go Mochuda ann sin agus adubhairt ris: - "Biaidh an tobar so lán do grásaibh na sláinte agus na subhailceadha agus na míorbhúilleadha agus atá cumhachta slánuighthe gach galair ann agus ann gach tobar eile dár bheannaigh túsa, a Mhochuda." Ar gcumhdach teaghdhaiseadh na mainistreach dona bráithribh agus don chóimhthionól go neamhthoirseach gan sgís gan cómhnúidhe, do ghabh tuirse agus athmhúltus Mochuda ó shaothar iomarcach cloch agus crann na mainistreach dhá nórdúghadh agus é féin anaois mhóir agus é ag treigean a nirt agus abhrigh ón ársadhacht. Agus do chuaidh do chead agus do comhairle na mbráthar agus an choimhthionóil an ionnad uaigneach deirid atá an gleann isiol fón mainistir móir re nabarthar Inis Mochuda aniugh. Agus rug leis beagán dá mhanchaibh ann agus do rín mainistir dheallraightheach agus do bhí bliadhain na chómhnúide san ionad sin agus sé mhí ní as mó, agus tug abheatha dhíthreabhachta mar sin. Agus do thigidís bráitre agus seanóradha an chóimhtionoil ar cuairt chuige agus do teagaisgadh iad dfoirceadal róimhilis. Agus do beanadh moid abheatha féin do choimhéad do gach aon fo leith diobh, óir do thógbhadh sé na seandaoine agus do bheireadh sláinte dona daonaibh easláinte, agus do shólásaigheadh lucht an dobróin, agus do dhothchasadh lucht an mhíodóthchuis, agus do dhaingníghead an creidiomh is na daoinibh conntabharthacha agus do cheannsaigheadh agus do chonnlaigheadh na daoine óga. Agus mar do chonnairc Mochuda saothar agus aistear na mbráthar agus na seanóradha suas agus anuas ó Lios Mór dá fhiosrúghadh agus gur thuig sé aláithe déadhnacha angar do dfuráil a
bhreith suas ameasg cháic ionnus nach budh toirseach léo teacht dá fhios. Ba mithid iomorro le Dia ann sin ashearbhontúighe féin do bhreith leis ó dhocamhal an tsaoghail agus luadhacht a deaghoibreacha do thabhairt dó. Agus do hosgladh doirse nimhe ann sin. Agus do cuireadh sluagh aingeal maille glóir agus re buaidh do aithriste dá ionnsuighe. Agus ód chonnarc Mochuda neamh osgailte ós achionn agus aingil iomdha ag teacht na chómhdáil do fhuráil é féin do chur ameadhon an ghleanna, agus dinnis dona seanóireadha naomhtha an nídh ad chonairc agus dfuráil Corp Chriost do tabhairt chuige dá chaithiomh, agus do theagaisg dona bráithribh agus don cóimhthionól tiomna Dé agus a aitheanta do chómhaill. As ann do bhí Mochuda antan sin amuith ag an ccrois re nabartar aniugh "Crux Migracionis" .i. an cros dá ndeachaidh Mochuda chum nimhe. Agus ar ngabháil Cuirp Criost agus a fhola dho agus ar tteagasg na bhfoircéadal ndiadha idir choraibh naomh agus mórán do bráithribh agus do mhanchaibh agus ar ttabhairt a bheannochtuin dóibh, agus ar na bpógadh do réir úird fa seach do chuaidh an teaspog glórmhar naomhtha sin maille re sluagaibh aingeal chum nimhe isin dara hidus do mí Mai a naonta na Naomh Trionóide, Athair agus Mac agus Spiorad Naomh a saogal na saoghal. Amen. Finit 7ber 4th, 1741.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services