Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Life of St. Mochuda of Lismore agus Life of St. Declan of Ardmore

Title
Life of St. Mochuda of Lismore agus Life of St. Declan of Ardmore
Compiler/Editor
Power, Patrick
Composition Date
1629
Publisher
(Londain: I.T.S., 1914)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BETHA DECCLAIN.



Beatissimus episcopus Declanus de nobilisimo Hiberniae
regum genere .i. an tespoc naemhta re nabartar Declanus as
dho chinel ro uasal riograidhe Ereann dó neoch do caith flaithes
agus cioscain Ereann i ttemraigh aimsear fhada.
Agus do bí Declan ar na gheinemhain mar bhus follus asa
geinemhain agus asa gheineleach úasal ó fhuil, oir is amhlaidh do bhí
Eochaid Feidhleach chum a mberar a gheinelach somh ina airdrigh
chumhachtach for Erinn uile go hiomlán da bliadain deag agus
do bhattar triur mac aige .i. Bres agus Nar agus Lothola a
nanmanna agus as friu adbertí na tri Findemna, agus do gab
móirsheisear agus céd rompa so, agus da sliocht ina ndiaigh
agus da ccomhbrátraibh .i. sliocht Eiremhoin righe nEreann ria
ccreidemh agus iar ccreidemh. Agus do luighettar an triúr
mac sin in áenló lé na ndeirbhsíair féin .i. Clothra ingean
Echaidh Feidhligh. Agus do toirrcedh í uathaib a ttríur agus
an mac rucc si don toirrces sin do bhí roinnti ó trí sriabhaibh
dercca da fhoillsiucchadh go raibhe ar na geinemhain on triúr
sin. Agus do bhí deghmhaiseach do réir faicsiona agus láidir
o bhríoghaibh in aimsir a lenbdachta mar nar gnáthach lenab a
comhaesa do bheith. Agus is é ba hainm dó Lucchad Sriabh
ndercc ona trí sriabhaibh dercca adubhramar. Agus is ann
ro tionnsccain righe nEreann do gabail anbhlíadain fuair
Gaius Cesair bás agus do bhí sé sé bliadhna fichet hirighe
nEreann, agus do bhí mac aicce dár bó hainm Criomtan Níanair
agus ní raibhe sé acht sé bliadna déag hi righe. Agus baoi mac
ag Criomtan dar bainm Feradach Findfechtnach. Agus


L. 4


mac doséin Fiacha Findolaidh. Agus mac doséin Túatal
Techtmar. Agus do bi mac ag Tuathal dar bo comhainm
Feidhlimid Rechtmar. Agus battar triur mac ag Feidhlimidh
.i. Cond-céad-cathadh, agus Eochad Find agus Fiacha Suighde. Agus
baoi Conn fichi bliadain hi righe nEreann agus meraidh clú
agus oirdearcais thoradh an talman agus ineatha agus inblechta bói
inErinn re linn Chuinn-cead-cathaig go deired an domhain.
Agus do marbhadh hi Maigh Cobha re hUltoibh é .i. le Tiopritte
Tireach. Agus asíad ashíol go bráth as mo gabhus righe nEreann.
Agus is é Eocaid Find doba mac thanaiste ag Feidhlimidh
Rectmar. Agus do chóidh iccoicceadh Laighenn. Agus is ann
atád ashíol agus asliocht ó shin. Agus áirimhther mar Laignechaibh
iatt. Agus atád morán do tigernaibh agus do daonibh
cumachtaibh dibh iLLaighnibh. Fiacha Suighde imorro is ann
dobi ferann aicce attimcell naTeamrach. Gidedh fuair se
bás ní as taoscca ina dobí righe nEreann aicce. Agus do
bhattar triúr mac aicce .i. Rossa agus Oengus agus Eogan
agus fa gníomach, galach, gaisccemail an triur sin hi ccathaibh
agus hi ccomhlannaibh. Agus do dhersgnaigh Oengus díbh
ar cródhacht uile, agus as fris aderti Oengus Gaebuaibhtech.
Agus is é fa rí Ereann an tansin Cormac mac Airt mic Cuinn
céttchathaigh. Agus do bhí mac ag Corbmac dar bhainm
Ceallach mac Corbmaic agus rucc sé inghen Eogain mic
Fiacha Suighde ar aitheadh leis .i. Creidhe inghen Eoghain. Agus
mar do chualadh Oengus Gaebuaibhtech sin .i. inghen adhearbratar
do breith do Cheallach leis do gabh fercc mor he,
agus do len Ceallach go Temhraigh agus a dhalta lais .i. Corc
Duibhne mac Cairpri mic Conaire mic Moga Lamha do bí ingíallnus
ag Corbmac ó Mhuimhneachaibh. Agus as dó Engus da


L. 6


coimheatt tucc Corbmac é. Agus ar ndol go Temhraigh do
Éngus do chonnairc Ceallach ar cúlaibh Corbmaic ina
shuidhe. Agus tucc sádhadh sleighe fair gur chuir trit ón taobh
go araile. Agus ag tabhairt na sleighe ass do bhen a hurlann
tar súil Corbmaic go rossbriss, agus do bhen a hurlann
isin reachtaire go ros marbh agus ro imhtigh fein agus adhalta
slán ar chula ina diaigh sin. A cceann aimsire tucc Corbmac
da aire esbaidh amheic agus a shúl agus a rechtaire ó Aengus
Gaebuaibhtech agus on a brathribh agus do bretnuigh sé a nionnarbadh
óna ndúthaig féin .i. ó Deisibh Temrach agus ni huaithe
amáin acht ón taobh thuaid dEirind uile. Agus tuccad
secht ccatha ettorra nías taoscca ina do gabhattar ionnarbadh
chuca. Agus do ronsat dighbhal mór do Corbmac agus da
mhuinntir sna cathaibh sin, gidhedh as iadsan do cláidhedh
ann, agus dob éiccen doibh fa deoigh an duthaig dfagbhail
agus ionnarbad do gabhail chuca .i. tri meic Fiacha Suighde
.i. Rossa agus Oengus agus Eogan, mar a dubramar romainn.
Agus ar na nionnarbudh mar sin ó righ hErenn tangattar
go righ Muman go hOilill Olum ar gaol Saidhbe ingine
Cuinn-ced-cathaig roba ben dó. Agus fuarattar ferann ann .i. na
Déisi Mumhain, agus as da sliocht sin .i. do shliocht Eogain Mic
Fiacha Suighde atád rígu agus dúthchasa na nDéisi ósin anuas.



c. 2. Agus as do shliocht an Eoghain cettna sin an
tespocc naemta Declan da laibheoram inar ndiaigh .i.
Declan mac Eirc Mic Trein Mic Luigdeach Mic Miaich Mic
Briain Mic Eogain Mic Airt Cuirp Mic Moscorb Mic
Mesgedhra Mic Mhesfore Mic Cuana Cainbhreataigh Mic
Conra Cathbuadaig Mic Coirpre Mic Eoghain Mic Fiachaid
Suighde Mic Feidlimid Rectmair Mic Tuatal Tectmair.
Eirc mac Trein imorro ri na nDéisi ase rob athair do


L. 8


Déclan agus do cuaidh fein agus a bhen Deithin co teach combrathar
dó dár bhainm Dobhran. Agus así sin aimser ina
ttainic am tuismidh atoirrchesa do Deithin. Agus isé toirrces
do bi aice Declan agus ro tuisimh é gan tindes gan dólas gan
docamhal, agus aga toccbáil an diaigh abheirthe do bhen acend
fri cloich móir. Agus bidh a fhis accuibh go ttucc Declan
comharta naemhtacta leis, agus miorbuile a broinn a mháthar
amhail atá sccriobhta on fháidh: - "De uulua sanctificaui te et
prophetam in gentibus dedi te" .i. do naemhus tú imbroind do
mathar agus tuccus dona cinedaibh amhail fáidh tú. Agus is
amlaidh sin do bí Declan ar na naemhadh imbroinn a mathar
agus ar na thabairt ó Dia dona cinedhaibh ina a faidh ler
hiompoidhedh moran dona daoinibh ó gheinntlighecht agus o
sechran an chreidimh co hadhradh Criost agus an creidimh
Catoliche mar bus follus in ar ndiaigh óir do bhén mullach
ro maeth a chind fon cloich cruaidh mar adubramar agus ar
mbéin a chind fria do ronadh cabhan agus toll isin cloich do reir
formu agus cumtha achinn agus nír urchoidech dó féin a modh ar
bith. Agus na daoine do chonnairc sin do gabh iongantus mor iatt
oir do bí Ére an tan sin in esbadh creidimh agus as annamh do
cíthí comhartha naemhta no Criostaidhe ar aonduine. Agus
an cloch arar thuit cend Declain isé as ainm di, Carracc
Déclain. Agus an tuiscce nó an fhertain fheras isin caban
a dubhramar inionadh cind Déclain sccriostar galair agus
eslainte leis do grasaibh Dé agus do dherbudh anaemhtachta.



C. 3. In oidhce geine Declain do taisbéanadh iongnadh
mór do chach agus don droing do bi accomhgar dáit agheinemhna
.i. cáer theinntidhe dfaicsin tre lasadh ó mhullach an tighe ina
raibhe Declán, agus no teigedh suas go nemh agus anúas
arís, agus aingil imdha na timcell. Agus hí hi fioghair


L. 10


dréimire amail do taisbénadh don Patriarc Iacob naemhta.
Agus na daeine do chonnairc agus do chualaidh in ní sin dob
iongnadh leo he. Agus ní raibhe a fhios aca gur abe Dia
do rinne foillsiuccadh a mhíorbuile fein isin naoidhin sin
agus ina ócclach fein do brígh go raibhe esbaidh an creidimh
orra agus ar an talamh da rabhattar uile. Agus gidhedh
ar na aithris sin don fhior Chriostaidhe .i. do Cholmán, neoch do
bhái an tansin ina saccart agus ina diaigh ina espoc naemtha,
tainic se maille le gairdechus mór agus ar na lionadh do
Spirat na Faidhettóracta chum an ionaid irraibhe Declan agus
do shenmóir da tuistigibh creidemh Criost agus do fhoillsigh
doibh go raibe amach lán do grasaibh, agus do foíllsighedh do
mét gloire agus onóra na naidhen sin ag Dia agus ag
daoinibh, agus do foillsiccedh do anaemhtacht agus achráibhtighe
do bhéradh abetha ass. Agus tainic dfertaibh Dé gur
creittsiot an drongsin .i. Erc agus Deithin do Dhía agus do
Colmán. Agus tuccsat an mac sin da bhaisteadh do Cholmán,
agus do baistt é. Agus tucc Declan dainm fair, agus
ahaithle abhaistte atbert Colmán ag denam faistine don
naoidhin hi fiadhnaise caich - "go firinnech, a mheic gradhaigh
agus athiccearna búd árd agus budh onórach innimh agus
ittalmain tú agus lionfaidher ceithre hairde Ereann do clú
do naemhtacta agus do deigbhés agus sóidhfir do dhuthaig
fein .i. na Déisi ó eitricecht go creidemh Críost. Agus ar
an adhbar sin cenglaimsi cumann agus brathairsi riot agus
aitnighim dot naemthact mé.



C. 4. Agus ina diaigh sin do iompo Colmán da ionad fein
agus do aithin Declán doilemhain go honorach deithitnech.


L. 12


Agus a chur cum leiginn accionn asect mbliadan da ffaghtaí foghlainntidh
ar bith accomhfhoccus dó do bheith ina Criostaide. Agus
do foillsicchedh subhailche agus sochartanaighe mór inaccaidh
Deccláin in aimsir a bhaiste asar tuiccedh go madh mór a
shubhailche agus a rúna spiratalta iar ffoirbtiuccadh dó.
Agus ar bfaicsin agus ar ccluinsin na neithedh sin do chombrathair
Eirc .i. Dóbran, do ghuidh sé Erc agus Deithin fan
mac do tabairt dó da oilemhain agus tuccadh dó é. Agus
is e dob ainm don baile sin Ait Dobrain conuicce sin. Agus
is e a ainm o sin amach Ait Declain. Agus tucc Dobhrán an
baile sin do Déclan agus do athraigh fein abhaile ass go
hionad ele. Agus ar mbeith do Déclán athaid fhada ina
diaigh sin ina espoc do rinne sella onorach ann anonóir Dé.
Agus is ann ata an tionadsin isin rann thes dona Deisibh don
táoibh thoir do Maigh Scciath agus ní fada uadha cathair Mocuda
.i. Lis mór. Agus do hoiledh Declan maille le deithitin moir
ag Dobhran .i. ag brathair a athar go cenn a sheact mbliadan
agus doba mór gradh Declain dó. Agus as mór do mhíorbuilibh do
fhoillsigh Dia trit ar fedh na haimsire sin. Agus ar ccomhnuidhe
do grasaibh an Spirat Naeimh ann do shechain gach uile
locht agus gach uile mian nemhcedaighteach ris an aimsir sin
amhail bad Criostaidhe cráibteach iúlmhar é.



C. 5. Ar ccoimhlionadh a sheact mbliadan do Déclán do
cuiredh óna tuisdigibh agus ona cháirdibh agus ona lucht
oileamhna do denamh foglama amhail do aithin Colman. Agus
is chuicce do cuiredh hé go neoch craibhtheach eccnaidh do
bí foirfe isin ccreidemh dár bhainm Dimma. Agus tainic
go nuaidhe an tan sin ó fhurailemh Dé i nEirinn ar mbeith dó
aimsir fada ina heccmais ag foghlaim leighinn. Agus do rinne
sella maith isin tir sin ina mbeith ag denamh foircettail do


L. 14


Declan agus ina mbeith a comhnuidhe féin do gnath. Agus
do cuiredh leanab ócc ele dár bhainm Cairpre mac Colmain
ar aen tsliccidh le Decclan chuicce dá fhoghlaim. Agus do bi
an Coirpre sin ina easpoc naemhtha onórach na dhíaigh sin. Agus
do bháttar an dias sin aimser fhada affochair achele ag denamh
foghlama.



C. 6. Agus do battar moirseiser do daoinibh ina ccomhnuidhe
isin aittreibh do bhí isin ionad sin .i. iMaigh Sciath. Agus do
foillsiccedh doibh go minic an chaer theinedh a dubhramar
do connarcas inam geinemhna Decláin. Agus tainic do
grasaibh De gurab iadsin ced daoine dorinne faistine
agus fóillsiuccadh ar an saignen sin. Agus tangattar an
moirseiser so mar a raibhe Decclan, agus do gabattar é mar
maighistir agus mar thigerna. Agus do fhoillsigettar hi
ifiadhnuse cáich accoitcinne go madh easpoc é iar tan. Agus
a dubhrattar go fáidhemhail "Tiucfa lá a mheic grádhaig agus
a sherbhontaidhe Dé ina tiubhraimne sinn féin agus ar nionad
dheitsi. Agus is amhlaidh sin do bhí oir do creittettar ina
diaigh sin do Dia, agus do baistteadh íatt. Agus do
bhattar eccnaidh craibhteach fuirechair agus do cumhdaigedh leo
secht tteampuill mar onoir do Día attimcell Maighe Sciath.



C. 7. Do bi Decclan aimser fhada abfochair an duine naemhtha
adubhramar .i. Dimma. Agus do foghlaim sé leigheann agus
crábhadh, agus écsamhlacht eladhan, agus foircettail aicce.
Agus do bí iúlmhar séim acfaineach ionnta. Agus tangattar
daoine iomda dar bhaithnidh uaisle Décclain do réir fhola
ar na chloistin dóibh métt anaemhtacta agus a ghrás. Agus
do umhlaighettar íatt féin dó. Agus do gabhattar chuca a
chuing riaghla agus crábaidh do chengal orra. Agus do brethnaigh
Declán dol do Roimh dfoghlaim bés agus modh eccalsa


L. 16


agus do ghabháil gradh agus gradam ann agus dfagail ceda a
senmhóir do rádh dona poiplibh. Agus cum go ttiubradh sé
riaghla na Romha leis do reir mar do bhattar san Roimh.
Agus do imtigh fein agus drong da dheisciplaibh leis agus nir
an go roctain na Romha dó, agus do rinne comhnuidhe innte
le haimsir.



C. 8. Isi in aimser do bi espoc naemhtha .i. Ailbhe, ar ndol
nuimir bliadan roimhe sin do chum na Roma agus do bí ann affochair
Hilarius Papa, oir ise do rinne Espoc de. Agus ar
ndol do Declán maille le na deisciplaibh chum na Romha do ghabh
gairdechus agus luathgaire mór Ailbe roimhe, agus do fhoillsigh
a naemhtacht agus a uaisle ó fhuil don popul Romhánach.
Agus fuair onóir agus gradh fírinneach on phopul agus on
chléir Romanaigh air na aithne dóibh amhail roba diongmala dó,
oir do bí deas degh-dénmha o fhoirm, agus umhal ina oibrechaibh,
agus milis ina bhriathraibh, agus mor ina chomhairle, agus saer
ina cómhradh, agus subhailceach ina dreich, agus fairsing ina
thiodhlaicthibh, naemhtha ina beatha agus taithnemach ina míorbuilibh.



C. 9. Agus ar ccoimlionadh morain do laithibh do Declan
isin Roimh do hordaigheadh ina Easpoc é on Papa, agus ar ttabairt
leabhar agus riaglach agus uird na heccailsi dó do cuiread
cum Ereann é on Papa ionnus go seanmoradh se innte. Ar
cceilebhradh agus ar ffaghbáil bhennachtan an Papa do Declan
do tionnsccain tect go hErinn. Agus do lenattar moran
do Romancuibh é do theacht leis i nErinn do denamh anoilithre
agus do tabairt ambeathad as fo chuing agus fó ríagail
Espoic Declain. Agus etar gach nech da ttainic leis dibh
tainic Runan mac righ Romhan. Agus rob ionmain le Decclan
eisiumh.



C. 10. Agus tarla da céle ar sliccidh na hEtaile, Espoc
Declán agus Patruicc. Agus ní raibhe Patruic an tansin ina


L. 18


epscop agus do bi ina diaigh ó Celtinus Papa agus do cuiredh
é do shenmóir dona hEireanchaibh oir ase Pattruic íarffír as
aird-easpoc innsi Ereann go hiomlán. Agus do ceilebhrattar
da cheile, agus do cenglattar cumann agus brathairsi ettorra.
Agus tuccattar pocca daroile mar comharta sithe. Agus
do imtigh gach nech dibh le na toiscc fein .i. Decclán do cum
nEreann agus Patruicc do chum na Romha.



C. 11. Do gabh Declán da radh aifrinn in ecclais do bi remhe
ar in sliccidh. Agus do cuired cloc bec dubh chuicce do nimh
tre fuinneoig na heccailsi astech. Agus do an ar an altóir hi
ffiadhnuse Declain. Agus do gabh gáirdechus mór Declán
aga faicsin agus tucc moladh agus gloir do Chriost ara son.
Agus do bi inntinn daingen aicce inaccaidh ainffesa agus
mírésuin na geinntlighechta ona beith aicce. Agus tucc sé an
cloccsin don Runan adubhramar .i. mac rígh Romhán da
coimhett agus da iomchar. Agus ise ainm do berar air in
Érinn .i. Duibhín Déclain. Agus ona dath do gabhse an tainm sin
chuicce oir as dubh do réir dhatha he. Agus do foillsigeadh ó
ghrásaibh Dé agus Decláin miorbuile go minic trit agus maraid
fos ind ecclais Declain.



C. 12. Ar ttect do Declan maille re na chuidechtain náem
dochum mara hIcht nír féad se long dfaghail duiresbaidh costtais
óir ní raibhe an ní do sireadh air aige. Agus do eitigh aen long
dibh é arashon sin. Agus do bensan a clocc, agus do rinne
urnaighe chum nDe fana fhurtacht asin cás sin. Agus as gerr
ina diaigh sin de ced De go ffacattar long chuca ar barr na
tuinne go chele, agus hi folamh gan aon nduini innte agus gan
seol fuirre. Agus adubairt Declan in ainm Criost denam
isin luing utt. Agus an ti do chuir chuccainn hí treorochaid
se fein hí go hinill duinn chum an phuirt inab áil leis sinn do
dhul, agus do chuatar le breithir Declain innte agus rosná an
long maille le soirbheas agus re hinnillius no gur gabh port
hi Saxaibh. Agus ar ndol do Declán maille re na deisciplaibh


L. 20


eiste do iompó an long agus do chuaid gus an ionad asa
ttainic agus na daoine do connairc agus do chuala na miorbhuile
sin do mhédaigettar ainm Dé agus naomtacht Déclain. Agus
do fíradh briatra Dauid an tan sin mar adubairt: "Mirabilis
Deus in sanctis suis" .i. as ionganthac Dia ina naemhaibh.



C. 13. Ina diaigh sin tainic Déclan chum nEreann acht aon
ní robaoi Déclan glic mar nathair neimhe agus cennsa mar
cholaim, agus cosmhail ris an mbeich ar sholatar, óir mar
thiomaircces an bhech an mil agus sechnas na luibhe urchóideacha
is amhlaidh sin do rinne Declan, oir do tiomsaigh se smir milis
na ngrás agus na sccrioptúiredh ndiadha ionnus gur líonadh
de é. Agus do battar cethrar despoccaibh naemta i nÉrinn
maille re na ndeisciplaibh roimh Patraicc do teacht innte
do rinne senmoir agus foircetal Dé innte do shíolad. Agus
is iatt an cetrar sin Ailbe agus Espoc Iubair agus Declan
agus Cíaran. Agus do tairrngettar so moran do dhaoinibh
ó shechrán chum creidimh Críost, gidhedh ise Patraicc do shíol an
creidemh i nErinn agus ise ro thionnto tigernaidhe agus ríghae
na hEreann fri bathais agus creidemh agus iodhbairt agus breithemnus
bratha.



C. 14. Agus do rinnettar an triur so .i. Declan agus
Ailbe agus Easpoc Iubhair cairdes agus cumann ettorra fein
agus an drong do thiucfadh ina ndiaigh co brath innimh agus i
ttalmain. Agus do bhattar go grádach fa cheile. Agus ro
gradhuig Ailbe agus corrigenda Déclan acheile
gomór o gradh braithremhail ionnus
nar báil leó sccaradh re cheile ó méd a ngradha daroile acht le
cás eiccentach ar furaileamh a ndeiscipal muna sccardais seal
aithgerr re aroile. Agus do cuaidh Declan na diaigh sin da
dúthaig fein dona Deisibh Muman agus do shenmóir doibh,
agus do bhaistt morán dibh i nainm Críost. Agus do iompó íatt
chum an creidimh Chatoilice ó chumhachtaibh an diabhail. Agus do


L. 22


cumdaighedh eccalsa iomda lais in ro orduigh morán da
deisciplaibh fein do denamh seirbísi agus foghanta do Dhia agus
do tharraing an phopuil o nert diabhail chum Dé.



C. 15. Do chuaidh Declan aimser eiccin dfios an ionaidh ina
ruccadh é. Agus doroine comnuide da ficet la ann agus do
chumhdaighedh leis ionad onorach ina raibhe gnatuccadh lochta
crabaidh do shír. Agus is annsin tangattar an moirsheiser
adubhramar romhoinn do roíne a naittrebh a ttimceall Maighe
Sciath, agus do rinne an fhaidettoracht dionnsuighe Declain
agus tuccattar iatt féin agus a nionadh dó mar do
gheallattar agus is iad so a nanmanna .i. Mocelloc agus
Riadain, Colman agus Rachtain, Findlogh, Caeman, etc.
Agus do bhattar an drongso fo riaghail Espoic Declain ina
diaigh sin, agus tuccattar ambetha go conaigh as, agus
do rinnettar miorbuile iomda asa haithle.



C. 16. A ccinn aimsire ele do cuaidh Declan mar a raibhe
Aengus mac Natfraich ri Caisil agus do shenmoir dó. Agus do
thaircc a chur ar creidemh na heccailsi. Agus do bhattar ag
Declan dias derbhrathar do thaoibh a mathar do cloinn Aengusa
.i. Colman agus Eogan ananmannae. Agus ar nadhnadh grás
an Spiorait Naeimh i cColmán do chúaid mar a raibhe Ailbhe
Imligh, agus do ghabh baisteadh uadha agus aibítt crabhaid agus
do bí ina fharradh sealat ag foglaim leiginn, agus do rinne
fear náemhta foirfe fa déoig de. Agus do bí Eochaid ina
cruth fein ag fuirech le righe Muman indiaigh a athar, agus
do ghuidhedh a athair fa onoir do tabairt do Declan da brathair.
Agus dorinne an rí sin, óir nir toirmiscc sé Déclan ina
shenmoir. Agus do thaitned ris crabhadh agus ceccuscc
Decclain gidedh nír chreitt dó, agus nir gabh baistedh uadha.
Agus adeiritt drong gurab edh fodera sin .i. Declan do
beith dóna Déisibh, agus Leth Cuinn, agus Aengus do beith


L. 24


dEoghanacht Caisil Muman as nama dona Déisibh do gnath.
Agus ní do nemhthoil don creidemh nár chreitt mar derbhtar as
so .i. an tan do cualaidh an ri, Patraicc airdeaspucc na
hEreann do beith chuicce neoch do bí ar na gheinemhain don
chinél Bretnach da nach raibhe fuath na nÉirenneach aicce ni
hé amháin gur creid do act do cúaidh ina choinne ona chathair
féin o Chaisiol agus do chreid dó agus do gabh baisttedh
go luath.



C. 17. Ina diaigh sin do cuaidh Declán ar sioladh breithre
Dé agus ar senmoir don righ gion gur creid se dó dá
dhúthaigh féin agus rocreittsettar sein agus ro gabhsat baistedh
acht an rí amáin agus drong da muinntir do bídh gach lái
ag gealladh creidimh agus baistte do ghabhail chuca agus do
thiccedh ó fhurailemh an diabhail go rabhattar ag iomfuirech agus
aga cur ar cáirde.



C. 18. Agus adeirit drong ele go ndechaid Declan
morán duairibh don Roimh, gidedh ni faghmaittne sccriobhtha
ona senndaoinibh condechaid sé acht tri huaire amáin da
hionnsaighid. Agus uair eiccin dibhsin do ghabh Declan ar
cuairt go heaspoc naemhtha boí imBretnaibh dar bainm Dauit
gus an corrigenda ecclais re raiter Ceall Muine mar a raibhe an
tespoc sin a ccois tragha roinnes etar Erinn agus Bretnaibh.
Agus do gabh an tespoc sin go honorach Déclan. Agus do bí da
ficet la ina fhochair maille re gradh agus le gairdechus,
agus do chanadh aifrionn gach lái. Agus do chenglattar
cumand, agus carattradh ettorra féin agus luct an ionadh
ina ndiaigh go brath. Agus ar ccoimhlionadh an dá fichet lá
sin do Declan do glac a ced ag Dauit agus tucc pócc dó a
ccomharta sídha. Agus do chuaidh fein agus a deiscipuil cum
traga an mara do dhol illuing dionnsaighi Ereann.



C. 19. Agus an clocc adubhramar do cuiredh do nimh chum
Decláin do bí se an tansin ag Runán da iomchor mar adubhramar
óir nír bhail le Déclan sccaradh ris ar aenchor agus tucc


L. 26


Runan an lá sin hé do neoch ele da raibhe ina chuidechtain ag
teact chum na luinge doibh. Agus ar ttecht chum na tragha
doibh do leicc an clocc ar carraicc ar lár. Agus do
dhermaitt an clocc isin ionad sin no go rabhattar leth
slicchedh san ffairrge. Agus is ann sin ro cuimhnighsett he.
Agus, ar ccuimhniuccadh air, do bháttar go toirrseach tre na
dhermatt. Agus do bi Declan go ro thuirsech ar son an
tiodlaicthe do cuiredh do nimh chuicce ona thigerna do dhermat in
ionad nar saoil sé a faghail coidhce. Agus do fhech Declan osa
cind ar nemh agus do rinne urnaighthe ina inntinn cum nDé.
Agus adubairt ris na deisciplaibh, "Cuiridh bhar ttoirrse dibh
óir as eidir le Dia do thiodhlaic an clocc utt do nimh o
thosaig achur anossa illuing iongantaigh eiccin as." As mór
agus as iongantach agus as degh-maisech mar do umhluigh
an cretúir gan résun gan tuiccsin inacchaid nadúra da
cruthuigteor féin óir do snái an characc ro throm dogluaiste
go direch ionnus gur bó gerr in aimser go ffacatar cuca hí
ina deaghaidh, agus an clocc uirre. Agus ar ffaicsin na neithe
iongantach sin do muinntir Decláin do líonadh iatt o grádh Dé
agus donóir a maigistreach .i. Declain. Agus adubairt Déclan
go fáidheamhail leiccidh remhaibh an clocc ar se agus lenaidh go
dírech hé, agus gibe port ingebha se is a ngoire dó bías mo
cathairsi agus mo theghdais espocoide agus as eistte rachat go
flaithemhnas, agus as innte bhias meiseirge. Agus do chúaid
an clocc riasan luing agus do sccuir don tsiubhal mór
do rinne roimhe óir do an sé beccán roimhe an luing ionnus go
ffaictí este é agus nach béradh an long air. Agus do
dhirigh an clocc roime cum nEreann ionnus gur gabh cuan
isin taobh thes .i. is na Deisibh iMumhain ag an inis dárab
ainm Inis Aird na gCcaorac an tansin. Agus do ghabh an
long an port cedna amail adubairt Declan. Agus
do chúaidh an fer naemhta sin i ttír agus tucc grasa agus
moládh do Dhía ar son go ttainic se go hionad a eisérge.


L. 28


Agus is annsan inis sin do bhattar cáoirigh mna righ na nDéisi
do ghnáth aga ccoimhett. Agus is uadha sin adeirti Inis Aird
na ccaorach. Agus do bí cnoc ard innte. Agus dob aoibinn
deghmaisech é. Agus adubairt nech dá mhuinntir ré Declán
ar ndol ar mullach an chnuic sin: - "Cionnus fheadfas an
tard becc so do phopulsa do chothuccadh"? Agus adubairt
Declan: "Na habair sin a mheic grádhaigh, ní hard becc
hé acht ard mór. Agus do len an tainm sin don chatair .i.
Airdmóir Déclain. Agus ina diaigh sin do chúaidh Declan go
righ na nDéisi agus do iarr an inis adubhramar air. Agus
tuccadh do hí.



C. 20. Agus do iompo Declán go hAit mBresail mar
ambittis loinges agus artrighe na hinnsi a port leth atuaidh
anonn agus anall este. Agus do fhoilgettar muinnter
na hinnsi a nartraige uile ionnus nach fedfad Déclan
aittrebhad innte, óir as mór do bí eccla orra Déclan
daittrebad innte deccla iatt féin do sccrios este.
Agus adubhrattar a dheiscipail re Declan: "A athair," ar síad,
"as mór neithe reccar ales agus as minic imlochtadh cum
na hinnse so agus budh mioncu andhiaigh tusa do dol ar
nemh ina anosa agus guidhmít tú go sechna tú hí nó dan
go ffagha tú o Día an fhairrge so do drud amach o tir ionnus
go ffeadfaidhear dol do chosaiph thiormaibh innte, oir adubairt
Criost gibe ní iarrfair ar mathairsi im ainm fein do bhera daibh
é oir ní héidir an tionadsin daittreabadh go hurasa acht
muna druiti an fhairrge amach uaithe. Agus ar an adbar sin ni
héidir duitsi do chathair do chumhdach innte." Do freccair
Declan dóibh agus adubairt: "Cionnus do fhedfainnsi an
tionadh do gealladh damh o Dhía agus inar gealladh madhnacal
agus meiseirge do bheith do shechna? Agus an ní adeirtísi


L. 30


tré dhocra aa aittreabaidh in áil libh go nguidhfinn Día
inacchaid athoile .i. agluasacht nadúrta féin do búain don
muir. Gidhedh ar bhar ffuráilemhsa cuirfett urnaighthe
cum Dé agus gibe ní bus toil le Dia do gentar é." Agus
do éirgettar muinnter Declain agus adubrattar ris:
"A athair gabh do bhachall cuccat amhail do rinne Móysi, risin
slait, agus búail an fhairrge dhi agus foillséochaidh Dia athoil
duit mar sin." Agus do guidheattar a deisccipuil leis ar an
adbar sin óir doba daoíne derbhta náemhtha íatt agus tuccadh
an bhachall illamh Decláin agus do bhuail an tuiscce le
in ainm an Athar agus an Mic agus an Spiorait Naeimh.
Agus do chuir comarta na croiche césta lé ar an uiscce.
Agus go luath ó fhuráilemh agus ó ched De do thionnsgain an
fhairrge drud amach ona hionnadféin comh luath sin go
rabhattar piasta an mara ag snamh agus oc rith agus
gurab ar eiccin rangattar amach leis an muir. Agus
do fhaccaibh iascc iomda ar an traigh tirim le na luáithe
do gluais. Agus do len Déclan an fhairrge roimhe mar sin
agus a bhacaill ina laimh. Agus do lenattar a deiscipail
eisiumh agus do bí gáir agus foghar mór ag an muir agus ag
na piastaibh ag imtecht. Agus an tan rainic Déclan an tionad
ina bfuil crioch na fairrgi anossa adubairt lenab ócc da
deisciplaibh re Declan dar bhainm Mainchin ar ngabháil eccla dó
roimh thorann an mhara agus ria ngáir na bpiast nanaithnidh.
Agus ambeoil osluiccthe ag lenmain an uiscce: "A Athair"
ar sé, "ní becc duit afhad ro dhiochuiris an mhuir óir atá eccla
na bpiast nadhuathmar so oruinn." Agus mar do cualaidh
Declan sin agus an mhuir ar nanmhain le breithir an leinimh
nir maith leis hé, agus do iompo ris agus do bhuail do
bhuille bhecc ara ssoin he. Agus do fearattar tri bráoin


L. 32


fhola uadha co lár fo cosaibh Declain attri hionadaibh. Agus
do bheannuigh Declán ashrón agus do sccuir an fhuil go luath.
Agus adubairt Déclan: "ní meisi do díchuir an fhairrge" ar sé,
"acht ase Día ona chumhachtaibh mora féin do ionnarb í, agus do
dhenadh ní bud mó muna abartása an dubartais." Agus an
tionadh inar thuitettar na tri bráoin sin do muighettar tri
topair bhecca duisge milis sholas fo chosaibh Declain.
Agus maraitt na toipre sin fós. Agus do-cíther go hannamh
i ndath fola iad do cuimniucchad na miorbal sin. Agus
ata mile ar leithett san traigh sin do tiormaighedh on
uiscce. Agus as fada an tslicche ar fad hí agus ina
timcell agus as maith agus as torthach an ferann treabtha,
agus feir hí sin fo mainistir Declain. Agus an bhachall do
bí illáimh Décláin ag denamh na miorbal sin isé as ainm dhi .i.
"an fhertach Décláin" ona fertaibh agus ona miorbuilibh
dorinnedh uaithe. Agus adéram tuilledh da miorbhuilib in
ionadh ele inar ndiaigh.



C. 21. Agus a ndiaigh an mara do thiormuccadh mar
adubramar don naomh oirderc sin edhón Declán sa ainm
agus aclú do chuaidh fo Erinn ona fhiortaibh moraibh examhlaibh
do thionnscain a mhainistir mór do chumhdach don taoibh thes
don tsruth ata tre san inis isin fairrgi. Agus as onorach
deghmaisech an mainistirsin. Agus isé as ainm dhi Airdmóir
Declain, mar adubhramar. Agus na diaigh sin tangatar
daoine iomda a rannaiph imchiana Ereann fo clú
anaomhtachta agus a deighbhes an tí Declain agus tuccattar
iatt fein ettar anam agus chorp do Día agus do Déclán.
Agus do cenglattar íad féin fo chuing agus fo riaghail dó,
agus do cumhdaighedh leis ina duthaig fein sna Déisibh in gach
aon aird teampuil agus mainistreacha agus ni hedh amain


L. 34


ina dúthaig fein acht ittíribh ele Ereann fo cuairt. Agus
as mor do míltib do mnaibh agus dferaibh do bí fona cuing
agus fona riaghail is na hionadaibh sin adubramar ar fud
Ereann aga ttuccattar ambetha as go conaigh. Agus ro
ordaigh drong da dheisciplaibh ina nespuccaibh agus do chuir íad
is na hionadaibh sin do shíoladh creidmhe agus crabaidh inntu.
Agus do bfollus búidhe agus socharthanaighe in epscop naemhtha
Déclan an méitte sin gomadh ferr le na deiscipal a bheith
fona smacht agus fona riaghail agus ina dheiscipal aicce ina
neach díbh do bheith ina uachtarán imainistir ele.



C. 22. Na diaigh sin tainic an tepscop naemhtha glormhar
cend irse agus creidmhe insi Gaóideal in Erinn .i. Patraicc
ó Chelestínus Papa, agus do chuaid Aengus mac Natfraich
ina choinne mar do cualaidh a thuarusccbáil da ionnsaighidh agus
tucc leis maille re gloir agus le honóir móir da catraigh rioghda
féin go Caiseal hé. Agus do bhaistt Patraicc eisuimh agus do
bhennuigh é féin agus a cinedh agus a chathair. Agus do cualaidh
Patraicc go raibhe rí na nDéisi gan creidemh na baistedh do
gabail cuicce agus gur eirigh esáenta etar he agus Déclan,
agus gur eittigh foircetal do ghabhail uadha. Agus do chuáid
Patraicc do shenmoir agus an cetrar easpoc adubramar do bi in
Erinn roimh Patraicc, agus do bí san Roimh. Agus ní rabattar
dáontoil le Patraicc acht Declan amhain gidedh do chenglattar
sídh agus pairt fris iar sin. Agus do umhlaigettar do.
Ciaran imorro do rinne gach uile aiditte agus umhla dó agus
do bi dáontoil fris da lathair agus sechtair. Ailbe imorro


L. 36


mar do connairc righa agus ticcernaidhe Ereann acc umhluccadh
do Patruicc agus ag techt ina coinne tainic fein go Caisiol
da ionnsaicchid. Agus do umhlaigh dó, agus do ghabh mar
maighistir chuicce he hi fiadhnuise an rígh agus cáich uile. Agus
biodh a fhios accaibh gurab é Ailbe do ordaighettar an drong
naémheaspocc sin ina mhaighistir orra. Agus ar an adbhar sin
tainic ar tús mar arraibhe Patraicc ionnus nach beittís sion
asa ucht accontrardhacht do, agus go mbudh usaitte leo teacht
fona smacht agus fona riaghail eisiumh ar tus do theacht ann.
Espocc Iubair imorro nír fhaomh sé ar chor ar bith umlaccadh do
Phatruicc óir nír báil leis cineadhaig ele do bheith ina bpatrunaibh
in Erinn. Agus is amhlaidh do bai Patruicc do ba Bretnach é
iar mbunadhus. Agus do hoiledh in Eirinn é ar na tabairt
i mbraighdenus innte in aois a mhacdachta. Agus do bí easáenta
agus cennairrce ar neirge etar Patruicc agus espocc Iubhair
o tús gidhedh ar ttecht daingeal na siodha ettorra do
ronsat comáenta agus braithreas do cengal ettorra; agus do
bhattar reidh o sin súas. Agus nír báil le Declán contrardacht
do Patruicc ar aon modh oir do cenglattar muinnterus re
ceile ar slighidh na hEtaille agus is amhlaidh do aithin an
taingeal de techt go Patruicc agus a thoil do dhenam.



C. 23. Tainic aingeal Dé chum Declain agus adubairt
ris: "Eircc go luath mar a bfuil Patruicc agus toirmiscc uime
do chinedh agus duthaig do mallacadh oir ata attredhenus ar
in rígh anocht san magh ra raiter an Inneoin. Agus da
mallaighe sé do chinedh beitt mallaighthi go brath." Is ann sin
do ghluais Declan maille re deithneiss mór ar furailemh an
aingil go hInneoin .i. áit sin atá ar lar Maighe feimhin isin rann
tuaidh dona Déisibh. Agus do ghab tarsna na Sleibhe Cua agus
tar Síuir agus rainic isin maidin ar na marach mar a raibhe


L. 38


Patruicc. Agus mar do chúalaidh Patruicc agus a
dheiscipail go raibhe Declan da nionnsaicche doba forffáilidh
iad roimhe, óir do chualatar nar báil leis techt. Agus do gabh
Patruicc agus a phopul é maille le honóir móir. Agus do
umhlaigh Declán do Phatruicc agus do ghuidh é go dútrachtac
nach dernadh sé a chinedh desccaine na do mhallachadh ná an
talamh da raibhe se. Agus do gheall a thoil féin dó dá chinn sin.
Agus a dubairt Patruicc ar son do ghuidhesi ni hedh amháin nach
mailleoch íatt acht do ghén a mbennachadh. Agus do chuaidh
Declan an tan sin mar a raibhe rí na nDeisi dó bi
accomhfhoccus do. Agus do thaircuisnig Patruicc agus nír
fhaomh creidemh dó ar impide Décláin agus do gheall Declán
luaighidheacht dó do chind dola mar a raibhe Patruicc
agus baisttedh do ghabhail agus an creideamh daontucchad agus
nir faomhsomh sin ar chor ar bith nó ó résun ar domhan. Agus
o do chonnairc Declan sin .i. rí na nDeisi, Ledban ar nanmain,
ina micreidem agus ina diabhaltacht ro iompo gus an oireachtus
decccla go mailleocad Patruicc a chinedh, agus a duthaig
agus do raidh riú deiliughadh ris an nech malluighthi sin cona
beittís féin malluighthi ara shon, "Óir do bhaistesa sibhsi agus do
bennaigheas agus teccaidh lim," ar sé, "dionnsaige Patraicc
neoch do chuir Dia cuccaibh da bhar mbennucchad óir ata sein
ar na togha ina airdespocc agus ina ardpatrún in Erinn uile
óir dlighimse mhatharda féin agus a bheith im righ oruibh inar
dligheas an fer útt". Agus leis an nguthso do eirgettar
agus do leanattar Declan. Agus rucc Declan iatt
dionnsaighe Patruicc, agus adubairt ris: "An ffaicenn tu


L. 40


mar tangatar cinedha na nDeisi liumsa mar tigerna do
tionnsaighe agus mar do faccbatar an ticcerna malluighthi
aga rabhatur. Agus biodh a fhios agatt go ffuilit siatt ullamh
chum onora do dénam duitsi agus chum do thola do choimhlionadh
óir as uaimsi do gabhattar siatt baisteadh chuca." Agus do
éirigh Phatraicc ina sesamh leis an mbreithir sin agus a dheiscipuil
maille fris agus do bhennuigh cinedh na nDeisi agus ní headh
amháin acht a ccoillte agus a nuiscce agus a ttalamh. Agus
adubhratar maithe na nDeisi agus a núaisle an tan sin: "Cia
bús rí nó bús tigerna orrain anossa"? Agus adubairt
Declan: "As meisi as tigherna oraibh, agus gibe nech oirdéocas
meise oruibh ina thigernae beinneochaid Patruicc hé agus
do genam uile a bhennuccadh. Agus biaidh ina righ oruibh uile".
Agus isé nech do ordaigh Declan annsin Fergal mac Corbmaic
nech ócc do cinedh na nDeisi agus fá do gháol Déclain féin
eisein. Agus do chuir sé i medhón cáich in ionad righ é.
Agus do thaitin le cách uile, agus do bheannuigh Patruicc agus
Declan é agus do ghoir gach nech dibh fo leith ina righ é.
Agus adubhairt Patruicc ris an occlach gomadh crodha laidir
i ccataibh agus go madh torthach an talamh re a lind. Agus
is amhlaidh sin bíd ríghu na nDéisi do gnath.



C. 24. Ina diaigh sin tucc Declan agus Fergal mac
Corbmaic .i. rí na nDéisi agus a chinél ferann mor do Phatruicc
accomhfoccus do Magh Feimhin agus ata aga chomharbaibh osin
alle, agus tigernas mor ann. Agus ni fada on tSiuir an
tionadh tuccadh dó. Ata topar mor solas ann re nabarthar
topar Patruicc agus rob ionmain re Patruicc an topar sin.
Agus ina dhiaigh sin ar cceilebhradh da cheile maille le
bennachtain do chúaidh Patruicc go Caisiol aris accenn
Aengusa mic Natfraich agus do chuaidh Declan leis.



C. 25. Do rinneadh míorbuile an tan sin ar Dhéclan tre


L. 42


impidhe Phatraic agus tre na guidhe, óir do bí Déclan ag siubhal
go nemhaireach isin slighidh, agus tárla iarann gér fris agus do
gherr a chos, agus do theilg fuil go dásachtach agus do thionnsccain
Declan beith bacach agus do bí Ailbhe Imlig do lathair na
miorbuile sin agus Sechnall espucc descipal Patruicc agus
aderar gurab é sin ceid-espucc do cuaidh fo úir Ereann riamh.
Agus do ba naemhta eccnaidh é agus do chuir orra go mór an
cnedh sin tarla ar Declan. Agus do hinniseadh do Patruicc
in ni sin; agus dob olc leis. Agus adubairt: "Slánuigh a
thiccerna cos do sherbhontaidhe féin fhuilinges mór do dhúadh
agus do dochar ar do shon." Agus do ghlac Patruicc an chos
agus do chuir comharta na croiche césta ar an ccneidh agus do
sccuir a fuil go luath, agus rucc bél na cneidhe chum a chéile
agus ticc sele fuirre agus do bi slan agus do eirigh Declan
ina sesamh agus a chos slan leis. Agus tuccatar uile moladh
do Día. Na sluaigh, agus na ceiterna do bí ar an latair annsin
tuccatar gáir mor os aird ag moladh Dé agus na naemh.



C. 26. Ar mbeith do Patruicc agus dona naomaibh sin ar
aon ris i cCaisel .i. Ailbe agus Déclan cona ndeisciplaibh i
ffarradh Aengusa mic Natfraich do cuireadh leo moran do
geinntlighecht agus do shechrán an creidimh ar cúl. Agus do
iompóidhettar íatt cum an chreidimh Chriostaidhe. Agus do
orduigh Patruicc agus Áengus mac Natfraich i fiadhnuise cáich
uile a ccoitcinne airdespuccoide Muman do beith ag Ailbe,
agus do órdaighettar do Dhéclan mar an ccedna a chenél
fein .i. na Déisi, óir isé do iompó íad ona sechran agus
ambeith aicce ina paraiste agus ina espuccoide. Agus mar
do dhéndais Ére do Patruicc gur ab amhlaidh sin do dhéndáis na
Déisi do Déclan da bpátrun féin agus adubairt Patraicc
an rann: -




Ailbhe umhal; Patraicc Muman, mó gachrath,
Déclan, Patraicc na nDéisi: na Déisi ag Declan gan brath.


L. 44



Agus as ionann sin re a rádha agus gur abé Ailbhe an dara
Patruicc na Muman, agus gur abé Déclan dara Patruicc
na nDeisi. Ina diaig sin ar cceilebradh don righ doibh agus
doibh uile le céle do chuattar na naoimhsin da níathaibh féin do
shíoladh an chreidmhi.



C. 27. Tarla Declan agus Fergal mac Corbmaic le
ceile .i. rí na nDeisi cona sluag agus cona coimhtionol dona
Déisibh ag Indeoin agus do daingnigettar an recht Criostaidhe
isin popal. Agus an rí adubhramar romhainn .i. Ledban
diultaightéoir anma Críost do dichuiredh o gach aon é agus
do cuaidh ar neimhtní gan fios ascél mar ata scriobhtha do
naimtibh an chreidimh: - "Go ttiagat a ccuimhne as mar
fhoghar". Agus do ordaigh Declan agus Fergal agus
maithe na nDéisoch gurab annsan ionad sin do goirfidhe rí
ar na Déisibh go brath, do bríg gurab ann do bhennuigh
Patruicc agus Declan an ri sin .i. Fergal agus adubhrattar
na senndaoine gurb annsin doriogthaoi riogha agus do chaithdis
afflaiteas roimh creidemh is na Déisibh.



C. 28. Is in aimsir sin tainic plaigh gránna isin Mumain
agus do bí i cCaisiol ní badh mó ina in ionad ele. Agus is
amhlaidh doniodh ris na daoinibh andath do claochlad imbuidhecht
ar tús agus amarbadh ainnsein. Agus do bhattar moirseiser do
braigdibh uaisle ag Áengus hi cCaisiol don taoibh thiar do
Chaisiol san áit re nabarthar Raith na nIrlann, agus tarla doibh
oidhce ann go ffuarattar bás don pláigh adubhramar. Agus
rob olc lasin rígh a mbás agus adubairt a cheilt deccla go
néreochad sccannail no coccadh tríotha oir do bhátar inaccloinn
dona daoinibh fa treise agus fa nertmhaire do bí san Mumain.
Agus tainic Declan go Caisiol ar na márach. Agus do labhair
re hAengus agus doba fáilídh an rí roimhe agus do goir chuicce
he. Agus adubairt ris hi ffiadnuise druinge dá cáirdibh
féin: - "Guidim tú, a Dhéclain, a searbhontuidhe Dé, go tti


L. 46


diot in ainm Criost an moirsheiser braghat do bi agam
imbraighdenus ó thigernadhaibh Muman anaithbéougadh damh oir
atáid ar ffaghail báis don plaighsi do chluine agus is eccail
lemsa anaithre do thóccbáil coccaidh agus cennairrce imagaidh,
óir as dáoine nertmara láidire íatt, agus as nár linn go
deimhin a mbás, óir aderaitsion gur ab dínn féin tainic a
mbás." Do freaccair Declan don rígh agus adubairt: - "A
leithéite sin do chas .i. daoine daithbeougadh o bhás go bethaid
as ris an ccumhachta ndíadha amháin bhenus. Agus an ní bhenus
rimsa de .i. dol mar a bfuilit a ccuirp agus urnaighe do chur
cum Dé arason do ghen é. Agus do déna Dia mar as ferr
do cífidher dó annsidhe." Agus do chúaid Déclan agus
drong ele maille réna deisciplaibh agus lucht eolais an
rígh rempu mar a rabattar cuirp na muinntire sin
tesda. Agus do len an rí íatt ar a lorcc ionnus go
ffaca se uadha cuirp na ndaoine marbh. Agus do chúaid
Declan ar na lionadh on chreidimh díada isin tigh irrabhattar,
agus do croith uiscce coisrecctha orra, agus do rinne urnaighe
hi ffiadhnuise caich agus adubairt: - "A thiccerna, a Iosa
Criost, a áoin meic De bi in onóir tanma fein dúisigh na mairbh
so ionnus go ndaingnightar iad isin creidemh Chatoilice tré nar
noificne." Ina dhíaigh sin do haithbheoaighedh an drong sin do
Déclan agus do bhattur ag glúasacht a bfabhradh agus a
dubairt Declan riú: - "In ainm Criost ar slanaighteora éirghidh
in bhar sesamh agus bennaighidh Día, agus tabraid glóir do."
Agus do éirghettar leis an nguth rin go luath agus do labratar
ré chách agus do fóccair Declan don rígh iatt ar mbeith
slan beo doibh. Agus ar ffaicsin na miorbailedh niongantach
sin do chách tuccattar uile gloir agus molad do Dia agus
rainic clú Decláin fo Erinn de sin agus roba fáilid an ri
résan aisecc sin fuair.



C. 29. Ina dhiaigh sin do ghuidhettar popal Caisil espocc
De go mbennaighed sé an chathair agus go ndíochuiredh sé an


L. 48


plaigh uatha agus go nguidhedh sé chum Dé air shon na ndaoine
do bi eslán isin teidhm sin gan dol de. Agus air ffaicsin
creidme na druinge sin do Dhéclan do ghuidh Día, agus do
chomharthaigh ó comarda na croiche cesta ceithre hairde an
aeoir. Agus as deimhin gur bo follus briatra Criost re na
deisciplaib an tansin mar adubairt aga bfagbáil agus ag dol
do chum nimhe: "Super egros manus imponent et bene habebunt",
.i. cuirfead mo lamha ar na heslanaibh agus beitt slán.
Agus déis an aeóir do chomhartucchadh ó chomhartha na croiche
cesta do Déclan gach duine do bi easslán do bhattar slan,
agus ní híad amáin do bí slan acht an tír uile ina timceall
gibe hionad ina rabhattar daoine eslána do bháttar slán.
Agus do dichuiredh an phlaigh sin o gach uile tír agus do ba mór
gairdechus cáich tríttsin agus tres na dáoinibh marba adubhramar
daithbeoucchad. Agus do orduigh an rí cíos agus onoir
uadha, agus o gach rígh do ghebadh Caisiol ina diaigh do Dhéclan
agus do luct a ionad. Agus ina dhiáigh sin do bhennuig an
tepscop glórmhar Declan an rí Aéngus cona catair agus cona
chinedh agus do iompo iassin do chum a ionaid féin.



C. 30. Do bai Déclan oidhche áiridhe ar aidhigecht ittig
duine saidhbhir isin rann thes do Muigh Feimhin agus is amlaidh
do bí an fer sin agus é ina aincriostaidhe gan creidemh do
ghabhail chuicce. Agus is é do bainm do dercan. Agus
do bhrethnuigh sé fanámatt do dénamh fona criostaigibh oir
adubairt re na sherbhfogantaidhe madadh do marbadh gan fhios
agus a cheann agus a chosa do bhúain de agus a ffolach i ttalmain
agus a fheoil do bruith go maith agus a tabairt do muinntir
Décláin da caithemh agus adubairt riú an madadh do bheith
meith go maith, go ngabdais a fheoil mar fheoil caorach. Agus
an tan roba bruite tuccaidh hi ffiadhnaise Declain agus a
mhuinntire maille re haran agus le biadhaibh ele. Agus do bí a
chodladh ar ttuitim ar Declan an tan sin agus do duisccedh hé


L. 50


le na deiscioplaibh do bhennachad accoda. Agus adubairt riú
"Go firinnech do címse fritháilemh an díabail attimcell na
feola utt." Agus do fiafraigh don luct frithólmha cred hí an
fhéoil no cionnus fríth í. Agus a dubhrattar san: - "Ar
tticcerna adubairt rinn reithe méith do mharbadh daibhsi agus
do rinnemairne sin air." Agus adubairt Declan: "Ar
ttighernaine Iosa Criost agus foillsighedh duinn créad dobheir
timthirecht an diabhail attimcell na feola so agus toirmiscc
do sherbontaidhe ó bhíadhaibh urcoidecha do caithemh doibh." Agus
do connairc Déclan, ar na radh sin ionga an mhadaigh imescc na
feola oir do bruithettar cethramha an mhadaigh cona cois féin
uirre gan fios doibh féin. Agus do saoilettar gur foilghettar
i ttalmain mar do ronsatt na cosa ele. Agus adubhairt
Declan: - "Ní coss cáorach so acht coss mhadaigh." Agus
mar do cuallattar an luct fritholm sin do chuattar go luath
dionnsuighe a tticcerna agus do insettar sin dó. Agus tainic
Dercan dionnsaige Declain agus do creid dó agus do gabh
baistedh uadha, agus tucc é féin agus a shliocht do Declan go
brath. Agus tucc an baile sin do Declan agus do baisttedh
a mhuintir. Agus do iarr ar Dheclán ní eiccin do bhennachadh
isin mbaile sin do hainmneochtaoi dó féin go brath. Agus do
bhennaigh Declan clocc do connairc sé; agus is é as ainm dó -
clocc Dercain. Agus adubhairt Declan - "Faccbaim mar
bhuadaibh ar in cclocc so da ngabha rí na nDéisi na timcheall
agus é ag dol do chathuccadh lé na easccairdibh nó do dioghail
a indlighid go ttiucfa se slán agus go mbera buaidh." Agus
do fíradh sin go minic gidhedh na daoine diomsacha tionnsgnas
dol hiccath no i ndeabaidh go haindlightheach agus gabas ina
thimceall ní búaid beirit síatt acht fagbhaitt buaid ga naimhdibh.
Agus isé fa hainm don bhaile sin Tech Dercain. Agus isé a
ainm anois Coningen ó ingin na con, nó an mhadaidh
a dubhramar. Is annsin tangatar an drong naomhso mar a raibhe


L. 52


Declan .i. Coman, agus Ultán mac Eirc, agus Mocoba, agus
mac Laisrein, agus tuccattar iatt féin do Dia agus dochuattar
fo riaghail agus fo smacht Declain.



C. 31. Agus do rinne Declan mainistir isin mbaile sin a
Coningin agus do órduig sé an drong naomhso innte maille le
buidhin ele da deisciplaibh gidhedh ruccsé Ultán leis féin mar a
ndeachaid.



C. 32. Aimsir ele ina diaigh sin do cuaidh Declan go
Breghaibh .i. a cédduthaigsiumh ria nionnarbadh a sinser.
Agus fuair onóir mór ó rígh Temrach agus ó thiccernadhaibh na
Midhe oir dob ionmain leo hé do brigh gur ab uatha fein
do chuattar a shinnsir agus gur bí an tírsin a dúthaig firinnech
agus gurab innte ata Temhair. Agus do cumhdaigh Déclan
mainistir chanánach ann sin a bferann fuair sé ón rígh. Agus is
uadha ainmnigter an tionad. Agus do facaibh mionn no leabhar
cumhdaigh agus soiscél onórach do bídh aicce féin do gnath ar
iomchar ann sin. Agus atá an soiscel inonoir móir isin
ionadsin agus do gníther miorbuile uadha. Agus ina diaigh sin
do iompó sé isin Muman.



C. 33. Do bi Declan la acc siubhal tre Osraighe agus do báil
leis anadh iccaislén ann. Agus tuccattar luct an chaislean.
Agus tangattar na fir agus na mna sin ar na marach go humhal
mar a raibhe Declan. Agus do innsettar dó a truaighe fuaratar
an drong sin bás mar do afhios aicce sion. Agus do ronsatt
sin aitricche agus tuccatar ionad onorach do Déclán ina
nderna sé mainistir agus fuair tuilleadh ele ferainn agus tucc
fo dera na mairbh sin dadhlacadh mar anderna an mainistir.
Agus isé as ainm don mainistir Ceall Colaim Deircc. Agus
is amhlaidh do bi an Colaim Dercc sin ina fhear búidh naomhtha do
dheiscipal do Declán don rann toir do cuigedh Laighen iar
mbunadhas .i. do Dál Messcorb. Agus is uadha ainmnigter an


L. 54


mhainistir sin agus a ndiaigh an tionad sin do lesuccadh tainicc
da ionadh fein tar a ais .i. dona Deisibh.



C. 34. La náen tainic Declan gus in ionad ris araiter
ait mBreasail agus nir leiccettar aittrebaigh an bhaile sin ina
ccaislen hé, agus do fhoilgettar anartraighe uile ionnus nach
fedfadh dol da inis féin óir tuccatar an drong sin fuáth ro
mór dó, gidedh do rinne Dia na nuile chumhact ar son naomhthacta
aóccláigh féin do guidh é maille le foighittin gur ionntó sé an
mhuir na talamh tirim mar do chualabair thúas, agus do an
Déclán an oidhce sin istápla fholamh do bí amuigh ar in ffaithce
agus ní fhúair teine amáin o luct an bhaile. Agus as oirches
táinic inneachadh o Dhía orrasan o nach raibhe do trocaire
ionnta tene do thabairt do dheiscipal Dé óir tainic teine do
nimh orrasan do loiscc iatt uile etir baile agus caislén ionnus
go ffuil oshoin ina fásach mallaigti mar atá sccriobhtha on
fáidh: - "Ciuitates eorum destrusti" .i. discaoiltear
cathracha na ndaoine míotrócairech.



C. 35. La ele do bí Declan ina duthaig fein ag siubhal
Sleibhe Cúa is na Déisibh. Agus do bacaighedh aeach ó adhbhar
eiccin, ionnus nar bheidir lé siubhal do dhenamh. Agus do
connairc Déclan almha fhiadh acc siubhal an tsleibhe do thaobh
dhe. Agus a dubairt le neach da mhuinntir: "eirig agus
tabhair cuccam fíadh dibh sutt fom carpat in ionad mheich agus
beir an bhraigdeach so let ar a cend." Agus do imtigh an
deisciopal agus nír chuir sin a cconntabairt no go rainic an
fiadhach, agus do anattar go min cendsa ris, agus do ghlac
an fiadh do ba mó agus rer cosmaile beith láidir dibh. Agus
tucc leis hé, agus do chuir fon carpat agus do iomchair an
fiadh go cennsa láidir easpoc Declain no go rainic sé Magh
Feimhin. Agus do ghabh tech leaptha ann sin agus do leicc an
fiadh uadha, agus adubairt ris a denamh amhail fa gnath leis.
Agus le breithir an fhíreoin do iompó an fiadh iffiadhnaise cáich


L. 56


uile sin slighid cedna tar a ais. Agus an neach a dubramar
tucc an fíadh chum Déclain isé fa hainm dó Dormanach agus
do bhennuigh Declan hé agus tucc ferann dó isin rann tuaidh
do na Deisibh leth le hEoghanact agus mairid a slioct gus aníu
isin ionad sin.



C. 36. La ele do baoi Declan ag siubal agus cuidecta
mór maille ris mar fa gnath leis, agus do thuit neach dibh isin
slighidh agus do brisedh a lurcca ar dó agus do connairc
Déclan sin agus do ghabh trocaire do e agus adubart le nech
ele an chos do chengal gunach faghadh se bás ó roméd a tinnis
agus ateilccin fola. Agus adubhrattar uile nar fhettattar
tré uathmairecht na cneidhe. Agus do bi nech ele don
chuidectain dár bhainm Dalúadh agus do cuaidh go dána láidir
do cum na cneidhe agus adubairt "In ainm Criost agus
Declain ar bpátruin biaidh meisi im liaigh ag in ccois so" agus
as dábhoct adubairt sin: gidhed do chengail go maith an chos
agus do bhennaig go maith í in ainm Dé agus Declain hi fiadhnuise
cáich agus fa ferr sa cách do bi sí an uair sin féin. Agus
accionn tamaill bicc do chnesaigh an chnedh agus do bí slan.
Agus tuccatar uile moladh do Dia, agus a dubairt Declan re
Daluadh, "Do ghellais go mbeithea it liaigh ag in ccois sin in
ainm Criost agus im ainmsi agus tucc Dia dhi bheith slan ris na
briatraibh sin. Agus ar an adbhar sin biaidh tusa it liaigh
dearbhtha, agus bhiaidh do cland agus do síol it díaigh go brath.
Agus gibe do shaothrochad leighes in ainm De agus im ainmsi
act nach raibhe fuath agaibh na saint iomarcach im luach leighis
do bhéra Dia agus meisi furtacht dó." Agus do coimhlionadh
briatra Declain don druing sin.



C. 37. La ele do bi Declan ag siubhal isin rann tuaidh
i Muigh Feimhin laimh le Siúr, agus tarla doibh duine aga raibhe
lenab becc gá breith dia baistedh agus a dubairt Declan re
na muinntir: "Anaidh ann so go mbaisttinedh an naoidhe útt,"


L. 58


óir do foillsigedh dó on Srirat Naomh gur ab do do Dhía do
fhoighénadh sé. Agus adubairt an tocclach ris nach raibhe
soidhtech no salann aicce chum an bhaistthe. Agus a dubairt Declan,
"Atá soidthech fairsing aguinn an tSiúir agus do bhéra Dia salann
dúinn chum na náiden so óir bádh naemtha miorbhuilech é." Agus
do thoccaibh Declan lan a dhuirn dúir na talman agus do rinne
urnaighe ina inntinn cum Dé agus do chomharthaigh o chomharta
na croiche cesta hí. Agus do rónadh saland tirim geal di
agus tuccattar cách uile aga fhaiccsin sin moladh agus onóir
do Dhia agus do Declan. Agus do basttedh an naoidhe
ainnsein agus tuccadh Cíaran dainm fair. Agus a dubairt
Declán: "Oilidh go friochnam an mac spioratalta so accamsa,
agus cuiridh do denamh leighinn in aóis iomcubaidh é, chum duine
craibhdhigh aga mbía an creidemh go maith óir bud solas
dealraighteach an posta isin ecclais e." Agus dob í an naoidhe
sin Ciaran mac Eachac do chumhdaigh iar ffoirbhthiugadh dó
mainistir onorach as a ndeachaid fein chum nimhe agus inaid
ele maille fria; agus do rinne móran do mhiorbhuilibh agus do
chomharthaibh naomhtachta. Agus isé ar ainm don mainistir sin -
Tiprut, agus is ann atá sí isin leith thíar dona Deisibh in Uibh
Faithidh ettar Slíabh Crot agus Slíabh Cua agus is deaspuccoidecht
Declain hí.



C. 38. La ele tainic bean do mhainistir Déclain agus ni
fada ón cháthair mar ambiodh a comnuidhe. Agus do rinne
gadaighect an lá sin isin mainistir mar do rinne go minic
remhe, agus ise ní do goid sí .i. habellum, agus do imtigh on
mbaile agus sin lé agus tarla uirre luct sliccedh moire agus
do shluicc an talamh ina fiadhnaise hí agus do teilcc si an
tabellum asa huct, agus do ronadh cloch dhe go luath agus do
thoccbhattar luct na sliccedh an cloch agus ruccattar leo hí
chum Déclan agus do conaircc Declan féin go spioratalta
gach ní da ndearnadh ann sin ar in mnaói sin in inneachadh na


L. 60


gadaighecta agus as mór do méadaighead ainm Declain ona
miorbuilibh sin agus do gabh eccla cách uile ina fiadhnaise agus
don taoibh amuigh de. Agus maraidh fós an cloch sin irreilic
Decláin ina bhaile féin in Ardmór Declain agus hí ar na
suidhiuccadh in ionad ard innte accuimhniuccadh na míorbuili sin.



C.39. Duine saidhbir dar bhainm Fionntan do bi gan
cloinn aige dáigh ba haimritt aben aimser mór do bliadhnaibh,
agus tainic féin agus abhen cum Declain, agus do gheallsat
almsana iomda do, agus gnathucchad dhegh oibreach, agus
eisiumh do guidhe ara son chum cloinne dfágail doibh oir doba
deimhin leosam act go nguidedh Declan ara son go ttiubradh
Día clann doibh. Agus adubairt Declan an sin ar nguidhe Dé
agus ar mbennachad na deisi sin: "Tiaghaidh dá bhar ttigh agus
do ghebtáoi clann othiodlachad Dé." Agus do imghettar an
lanamhain sin maille le gairdechus mór an bhennaighthe, agus
gheallta ar cloinn dá ttigh for ccúlaibh agus anoidche ina
diaigh sin do chodail Fionntan a bfochair amhná agus do gabh sí
toirrces chuice agus rucc dias mac .i. Fiacha agus Aodh, agus
do battar síad, maille le na ccloinn agus le na slioct, fo
chios agus fo mhancine do Día agus do Declan.



C.40. Ar na fhios do neoch naomtha .i. dAilbhe Imligh
Iubhair dardeaspoc Muman go rabattar a laithe deighioncha a
bfoccus dó, adubhairt lena deiscioplaibh: "A braithre gradhacha
isé do bail limsa mo chompanach rogradhach dfiosrucchad ní
as taoscca ina do gébh bás .i. Declan." Ina diaigh sin do
ghlúais Ailbe chum a slighedh agus tainic aingel Dé chum Déclain
agus do innis dó Ailbhe do bheith ar slighidh da ionnsaighe. Agus
do fhurail Declan la breithir an aingil ar na deiscioplaibh an
tegh dullmugadh fa comhair Ailbe. Agus do chúaid ind airrcis
Ailbhe gus an ionad re nabarthar Druim Luctraidh. Agus
tangattar le ceile don bhaile agus do bás go roonórach ris
ag Declan, agus aga phopul agus do bí Ailbhe ina focair ceithre la
dég in onóir agus in gairdeachus. Agus ina dhiaigh sin do iompó


L. 62


an sennáomh tar a ais arís da cathraigh fein go hImlech Iubhair.
Agus tainic Déclan agus dáoine iomda lais go Druim
Luchtaradh do thiodlacadh Ailbhe. Agus do fhurail Ailbe ar
Declán iompódh da catraig féin agus do bí a fhios ag an días
sin nach faicfittis a chele go brath arís ar an saoghal so. Agus
ag delucchad le cele doibh do theilgettar dera treundoilge
agus do chenglattar pairt agus cumann ettar luct anionad
ina ndiaigh go brath. Agus do bhennaigh Ailbhe cathair Decláin
agus a clíar, agus a popul agus do rinne Déclan mar sin
dósan. Agus tuccattar pocca a ccomarta gradha agus sioda
da ceile agus tainig gach neach aca da chatraig fein iarsin.



C. 41. La náen do ghabh teine caislen righ na nDeisi .i.
Cinaedh, agus do las go dasactach. Agus tarla go raibhe
Declan ag dol dionnsaighe an chaislein le gnouigibh eiccin,
agus rob olc leis mar do connairc an caislen ar lasadh agus
tucc urchar don bachaill adubramar leis ar traighedh an muir
dionnsaighe an chaislein agus do chúaidh si ona scciatanaibh diadha
ar foluamhain isin aer go rainicc medhon na lasrach agus do
much go hopann an lasair uaithe fein do grasaibh Dé, agus tre
miorbhuilibh na bachlae agus Declain ag a raibhe sí. Agus dob
fada an mile on ionadh asar chaith Declán an bhachall gus an
ccaislen agus ar bfaicsin na míorbuili sin don rígh .i. do Chinaed
agus do chách uile rob iongnadh leo hé. Agus tuccattar
buidechus do Dhía agus do Dheclan ar na aithne doibh gur ab e
do rinne sin. Agus ní fada on tSiuir an tionad ina bfuil an
caislen sin .i. don taobh theas dhi. Agus is ann atá an tionadh
asar chaith Declan abachall laimh ris an ath atá ar an Siuir, no
sruth gabhus laimh ris an mainistir do rinneattar na hogha
naomhtha ingheana righ na nDeisi, .i. Cinaodh, a nonoir do Dhia
dar ab ainm Madlaca agus ata carn cloch agus cros annsan ionad
sin do cuimniughad na míorbhuile sin.



C. 42. Araile aimser tainic cobhlac eactrann dionnsaighe
cathrach Décláin agus asé doba rún doibh an baile do milleadh


L. 64


agus do creacad ettar dáoinibh agus cetruibh oir doba daoine
do bí inacchaid an creidimh iatt. Agus tangattar móran do
luct an baile le deibidh móir dá innsin do Dhéclán an coblach
sin do bheith ag tect dionnradh an bhaile agus da rád furtact
Dé diarraidh in anaghaid. Do bí a fhios ag Declán an nech
doba naomhtha conaighe dá deisciplaibh féin agus tar attangamar
túas .i. Ultán, agus do fhuráil air guidhe Dé do denamh in
acchaid in cobhlaigh. Agus do gabh trocaire Ultan don phopal
Criostaighe agus do cuaidh Ultan go luath le breithir Decláin
in acchaid in chobluigh agus do togaibh a laimh clí ina nacchaid.
Agus ar in lathair sin do shluig an fhairrge íatt mar shacaibh lán
do luaighe. Agus do tionntóidhedh na mairnealaigh déis a
mbáitte hi cclochaibh móra. Agus ní fada amach o tír an
tionad ina bfuilit imbél an chuáin agus as follus iad isin
bfairrge go hard ó shin anúas agus gach uile Criostaighe
do connairc sin do gabh gáirdechas agus luathgaire iad, agus
tuccatar moladh agus gloir do Dhia agus do Declan da
bpatrún féin da ttainic na miorbuile corrigenda sin do dhénamh agus
morán do mhíorbhuilibh ele maille friu. Agus do bí imresain
etar Ultan agus Declan fán míorbhail sin óir is a leith
Declain do chuireadh Ultán iad, agus is ar Ultan do chuireadh
Declan íad. Agus ata mar shenfhocal ar cuimhne in Erinn an
tan docluinit periacail no guasact con abraitt siatt: - "Lámh
clé Ultáin it aghaidh." Agus do bí Ultan indiaigh báis Declain
ina abb miorbhuilech ar móran do mhancaibh naomtha ele.



C. 43. Do chuir an tairdespoc naomhtha glórmar .i.
Patraicc neach da deiscioplaibh fein cum Declain le cumhactaibh
agus le haithne an airdespuic. Agus ar ndol dó isin rann
teas dona Deisibh do baidhedh in abhainn ainnsein he da mile ó
chathair Declain. Agus ar na chlos sin do Declan rob olc leis
agus adubairt: - "Go deimhin as olc lim deiscipal Dé agus
Patraicc do chuir dom ionnsaighe é (abhann im dúthaig féin da
bhathad) déis Ereann do shiubhal dó agus gabaidh mo carpat damh


L. 66


go luath go ndechainn dfechain a thaise ionnus go ccluinedh
Patraic deithite agus toirsi do bheith agam fa bhás a deiscipail."
Agus do tóccbadh roimh Declan an corp ag daoinibh ele do bi
accomhfoccas dó. Agus do cuiredh in eletrom é dá bhreith cum
Ciárain da adhnacal agus tarla do Declan iátt isin sliccid.
Agus do fhurail an corp do thurnamh go lar. Agus do ba doigh
leosamh gur abe a ord marbh dob áil leis do radha. Agus
do chuaid mar a raibe an teiletrom agus do toccaibh an brat do
bi ar acchaid agus do connairc teimlighthi mignéthech í mar bíd
aighthe na ndaoine báitter. Agus do rinne urnaighthe and sin
cum Dé agus do dhoirt dera agus ní chúala énduine ni da
ndubhairt. Agus a dubhairt ina diaigh sin: - "In ainm na
Trinoide, in ainm an Athar agus an Meic agus an Spiorait
Naoimh dá niomchuirimse cuing crabaidh eirigh cuccainn oir do
aisic Dia do bheatha damsa." Agus do eirigh go luath leis an
nguth sin agus do bhennaig do Dheclán agus do cách uile. Agus
do ghabh Declan é maille le honóir agus a dheiscipuil. Agus
do bí sé ann sin gan beith slan act mar dhuine ar néirge a
heslainte no go ttainic se an diaigh achele chum slainte. Agus
do chúaid le Declán agus do bí aimser ina fhocair agus do
fhás gairdechas mór iccathair Declain dona miorbuilibh sin
agus do lethnaigh a ainm agus a clú fona criocaibh accoitcinne.
Agus do bé ainm an deiscipail sin Phatraic, Baillin. Agus do
iompó chuicce maille le gairdechas mór agus ro innis dó
Déclan día aithbhéougadh agus do innis do mhóran ele narbhé.
Agus ar ccloistin na míorbhuile sin do Phatraicc hi ffiadnaise
móran do dhaoinibh tucc grasa agus moladh do Dhía agus do
mheádaigh ainm Declain.



C. 44. An diaigh na miorbhuile nemhgnathacha sin do dhénam
do Declán dob áil lind crioc do cur ar ar comrada. Agus na


L. 68


miorbuile iomda do rinne sé nach scriobhthar annso do tuiccsin
agus daithne as an méitt do scriobhamar dibh. Agus dob ail
linn fós a fhios do bheith aguibh gur slánuigh sé daoine esslána
agus gur shoillsigh sé súile daoine ndall, agus gur ghlan daoine
ó lubhra agus go ttucc siubhal do bhacachaibh agus go ffuair
eistect do bhodhraibh agus moran decsamlact tinnis in
ionadhaibh iomda ele ar fud Erinn do shlánucchad ag nach
sccriobhtar annso iatt lena ffad, agus ar a lionmairect le na
scriobhadh deccla go madh eimhilt le lucht a legtha no a neistecta
moran do labairt daon pearsain amháin. Agus ar an adhbhar
sin leiccfem torainn íatt.



C. 45. Agus ar na thuiccsin do Dheclan gur bó gerr
alaithe deighioncha uadha agus go rabhattar angar dó tuccse a
dhalta féin da ionnsuighe .i. Macliag as an mainistir ata san
taoibh toir dona Deisibh ar chomair Fhear-nGailian ionnus go
ngabadh se Corp Criost agus a Fhuil agus Sacramainti na
hEcclaise asa lamhaib in uair a bháis. Agus do foillsig se la
a báis da dheisciplaibh agus do fhurail a breith da catraigh fein
oir ni hinnte do bí an tansin act i sella bhecc onorach do
ordaigh se do denamh dó, etar an cnoc re nabarthar Árdmor
Déclain agus an mhuir in ionad chumang ar bruach na fairrge
agus as laimh ris gabhas an srutan glan solus on cnocán anuas
chum an mhara agus atád croinn agus biledha aga timchealladh
re nabartar Diseart Declain. Agus as becc an mile uadha
go nuicce an cathair. Agus ise adhbhar far gnataigh Declan
beith ann do theichead o trioblóid agus o chongáir, ionnus go
ffetfad sé bheith ag leghadh agus acc urnaighe agus ag trédhenas
ann, agus nir burasa do beith annsin fein ger buáignech e ar
iomat a dheiscipal agus a bhocht agus a oilitrech agus a ceithirne
do bídh ina diaigh. Agus do bí se deigheinigh búidh trocaireach,
agus ar an adhbhar sin aderar ona senndaoinibh go mbíttis


L. 70


slúagh mor do ghnath i ccoimhitecht Declain agus do ba ro
ionmhain leis an sealla becc ar an adhbhar sin adubhramar agus
aittreabait daoine iomda crabhaidh ann do gnath.



C. 46. Iar mbeith do Declan easlan agus anbfann ina
bhrioghaibh do leith a chuirp agus slan ó dotcus agus ó creidemh
agus o gradh De tainic da chatraigh fein ar ccrunniucchadh a
phopail agus a deiscipal agus a chleirech ina timhcell. Agus
de shenmoir doibh aithenta Dé. Agus do teccaiscc doibh a
mbetha do thabarth as go maith andiaigh a bháis féin agus beith
umhal dona huactaránaibh agus a lorcc fein do lenmain mar as
mó do fedfattáis agus achathair do coimhéatt i staid agus
irriaghail crabaidh. Agus ar neistect an chomráid sin do cach
do chuir orra go mor a fhis do beith aca go rab trit adubairt
siumh sin go raibhe a fhios aicce gur gherr in aimser go rachadh
sé chum nimhe uatha féin. Agus do chuir solas orra o bhriatraibh
cennsa agus tuccadh chuicce ann sin an nech naomtha adubhramar
.i. Macliag a dubairt fein agus do ghabh sé Corp Criost
agus a Fhuil agus Sacraimint na hEcclaise da láimh etar a
naomhaibh agus a dheisciplaibh agus do bhennuigh a phopul agus á
serbhóntaidhe agus a dheiblein agus do pócc íatt a ccomhartha
gradha agus siodha. Agus mar sin ar sccrios iomháighedh agus
edbartha na na niodal agus ar hiompódh morain do phoiplibh
chum creidimh agus ar norducchad mainistreach agus órd na
heccailsi in ionadhaibh ecsamhlaibh agus ar ccaithemh a aimsire
go conaigh agus go naomhtha do cuaid an tepscop glormar sin
.i. Declan, leis na hainglibh go flaithemhnas glórmhar isin náomhadh
Kl do mí August agus do naomadh a chorp agus do honóraigeadh
o Aiffrionnaibh agus o channtairecht le naomhaibh agus le
popal na nDéisi agus le na mhanchaibh agus lena dheisciplaibh
fein ar ttiomarccain chuicce as gach aird in aimsir abhais.


L. 72


Agus do hadhlaicedh go honorach e ina catraigh fein in aird
Declain isin tumba do comhartaigh se fein o fhurailemh an aingil
neoch do ní miorbuile agus comharthadha naomhta osin anúas
agus do cuaid in áentadh an Athar agus an Mheic agus an
Spirait Naoimh in scecula sceculorum, Amen. Finis.



An brathair boct Michel O Clerigh ro scriobh an betaso
Décclain icCaiseal an ceidfeacht as leabhar Eochada Ui
Ifearnain. Aois Criost an tráth do scriobhadh an seinleabhar sin
Eochada 1582. Agus ro aithsccriobhas anosa an bheta cettna
i cconueint na mbrathar ag Dhrobhaoís aois an tigerna an
tansa, 27 Febru 1629.


L. 74


B 1745c 18L
U 0201
BEATHA MOCHUDA.



Gloriosus Episcipus Carthagus qui uilgo uocatur
Mochuta de gente Ciarraighe Luachra de nepotibus Feargusa
mic Roigh.



An teasbog glórmhar re nabarthar accoitchinne Mochada
as de Chiaruíghe Luachra achinéol, go sunradhach do sliocht
Feargusa mic Róigh, aga raib righe nUladh no go ttug sé féin
attionsgna mná í go cenn bliadhna agus ní bhfuair an rioghan
ar ttecht na bliadhna. Agus atá a shliocht a prouinsibh eaxamhla
na hÉireann. Agus do thuit sé díntleacht Oiliolla Rígh
Connacht acionaidh éada uim a mhnaoi .i. Meadhbh inghion Eochadha
Feidhligh. Finghen mac Gnaoi do Chiaruighe Luachra athair
Mhochuda, agus as í fá máthair do Mead inghion Fhinghín do Corca
Duibhnne accomharsanacht an tsrotha ré nabarthar Leamhuin san
rann tsiar dÉirinn. Do fhoillsig, umorro, an taingiol do
Chomhgholl Naomhtha go ngeinfídhe Mochuda ní as túsga iná do
gheineadh é. Agus adubhairt: "Geinfíghear mac san rann ntsiar
dÉirinn agus budh Carthach a ainm baistíghe agus grádheochar é ó
Dhia agus ó dhaoinibh aneamh agus attalamh, agus tiucfaidh sé chúghatsa
agus togaróig dul chum na Rómha agus ná leig si sin do, óir do aithin
do thighearna dhuit é, acht bíodh se bliadhain iomlán maille riot."
Agus do bhí amhlaidh. Do tarngaireadh fós Mochuda ón aingeal
do Bhréanuinn agus adubhairt: "Tiocfaidh cughad bráthair
míorbhúilleach, chobharthus lead chine féin abhus agus thall; agus
roinfighear Ciarraighe eadraibh; agus budh Carthach a ainm; agus as iomdha
dona daoinibh bhús forbhfáilteach roimhe; agus as iomdha dona
cineadhaibh bheáras chum nimhe; agus así céad cathair bias aige -
Ratten; agus asé ionnadh abfhuil Raithen ameadhon Éireann san
Mídhe, san talamh re nabharthar Fir-Cheall; agus budh onóirech an


L. 76


ceall sin, agus budh onóirech agus budh deallraightheach an dara cathair
agus an cheall bhias aige .i. Lios-Mór agá mbiaidh tighearnas agus
prinsiopáltacht mhór."



La éigin do bhí cóimhtionól mór do mhnaibh agus dfearaibh a
cCiarúighe agus do connarcadar uile caor theineadh ag tuitim do
nimh agcenn mháthar Mochuda ar mbeit di torrach air agus
do chuaidh ar neimhnídh ní as túsga ioná do rinne sí urchóid do
dhuine ar bith. Agus dob ionghna le gach nduine sin ag nách raibh
afhios cread do foillsígheadh tríthe. Agus asé nídh do tuigeadh
trid sin, gurab iad grása an Spioraid Naomhtha táinig ar cuairt
chum na hinghine agus chum na geine naomhtha sin.



Agus ba duine cúmhachtach saidhbhir athair Mochuda aga rabhadar
dá chaisleán mhaithe .i. caislean don taoibh theas do Shliabh-
Mis agus caisleán eile a ccómhfhogus na habhann ré nabarthar
Maing agus annsa chaisleán sin do rugadh é, agus do bennaigheadh
an dá chaisleán sin uadha ar son gurab a ccaisleán díobh do
rugadh é, agus gurab san chaisleán eile do ghabh a mháthair ina broinn
é, agus adeirthear nách féaduid drochdhaoine mailísiocha aitreabhadh
acceachthar dhíob. Rugadh iar sin Carthach chum baistídhe agus tarla
don fheadhmannach do chuaidh leis neach naomhtha dá'r bhainm
Aodhán, agus do ghúidheadh é go mbaisteadh sé an naoidhean. Agus
dob fhada uisge ón ionnadh sin; do mhoidh tráth tobar aluinn
dóibh ann sin agus do baisteadh an naoidhean as, agus mairionn an
tobar sin fós. Agus asé ainm tugadh air Carthach mar do chan
an taingiol aga tharngaire mar adubhramhar, gidheadh is Mocuda
do gairthí dhe ar son gurab é do ghoiredh amhaighistir dhe ar
mhéad aghrádha agus dheithide uimi; agus as tearc aga raibh a fios
aithearrach Mochuda do bheith d'ainm air, agus as díleas Mochuda no
Carthach do sgriobh air. Adubairt Aodhgán ag déanamh
fáigeórechta; "An mac so do bhaistes, ar sé, budh deallraightheach
agus budh soghrádhach do Dia agus do dhaoinibh é," agus budh fíor sin, óir
do bhí sé sgiamhach deaghmhaiseach mar Dháithbhí, agus do bhí sriantach
ar na droicmhiannaibh mar Dhainiel agus do bhí ceannsa caenbharrach


L. 78


mar Mhaoise. Agus níor bhanórach aga athair na agá mháthair é
ar son nach aontaigheadh sé dá nintinn iolshaoghalta sin agus ag
cóimhlíonadh briartha Dáithbhí adubairt: - Pater meus et mater mea
derliquerunt me, Dominus autem assumpsit me, .i. do fhághaibh
mathair agus mo mháthair me agus do ghabh an tighearna chuige me agus mar
do choiméad Daibhí caora a athar as mar sin do choiméad
Mochuda muca a athar féin iona mhacandacht abhfocair aodhaireadha
eile na muc.



Lá dhá raibh Mochuda agus na mucaigh eile ag coiméad amuc
angar na habhann re nabarthar Maing, agus do chualaidh sé
go raibh Rígh Chiarúighe Luachra accomhfogus do san ccaisleán dá
ngeirthi Achadh-di, agus do chuaidh ar cuairt chuige agus fuair grása agus
onóir uaidh. Agus asé dob ainm do, Maoltuile, agus adubhtairt
an Rígh ris teacht maille ris na muicthibh eile gach laoi agus
go ttíubhradh onór ara shon sin, agus gur mhiann leis afaicsin go
minic. Oidhche dá ttáinic Mochuda mar a raibh an Rígh agus do
shuigh ina fhiaghnaise, agus do bhí an Rígh an chomhfhaid sin agá fhéachuin
ionnus gur himdheargadh ó na mhnaoi é .i. le Dand, inghean
Mhaoilduinn mhic Aodha Beannain Rígh Mumhan, agus adubhairt
ciodh uime ambí ag sírfhéachuin an leinbh sin gach noidhche,
"Abhean," ar sé, "dá bhfictheása an nídh do chímsi ní fhéachfa ar
duine acht air, óir do chim iodh ionganntach ordha a ttímpceall
amhuinghíl magcuairt, agus colamhuin téintíghe ó na cheann suas go
neamh, agus ód chonnarc na comharthadha sin de do grádhas é
go mór." Adubhairt an ríoghan, "Súigheadh sé abhus láimh riot,"
agus do rinn amhlaidh. Agus uairiona do theigheadh le na mhuchaibh fó
na coilltibh, agus uair eile do anadh abhfochar an Rígh ina bhailtibh se.



Lá dá raibh Mochuda ag coimhéad a mhuc cois na habhann
adubhramar, agus do chualaidh sé an teasbog ag gabháil tairis agus
achléirig ina fhochair agus iad ag gabháil asalm, agus ar na gclos dosan
do thadhaill an Spiorad Naomhtha ina chroidhe agus do fháguibh amhuca
agus do lean na cléirig gus an mainistir ré nabarthar Tuaim,
agus ar suíghe dhon easbog agus dá mhuinntir chum accoda, do suigh


L. 80


Mochuda amuich ar sgáth na hursan gan fhios don easbog ná dho
neac eile dá raibh san tigh. Agus do ghabh eagla an Righ .i.
Maoltuile, ar na faicsin do nách táinigh Mochuda an oidhche sin,
óir níor thuig créad tug sin. Agus do cuir sé teachta air
fuaid na tíre dá iarraidh, agus fuair neach díobh é na shuighe ar sgáth
na hursan ag an tigh araibh an teasbog agus tug leis é. Agus
dfhiafhrigh an Rí dhe: "A mheic créad uim ar fhanais amuigh mar
siúd." Adubairt Mochuda: "A thighearna," ar sé, "as uimi do
anas - grádh tugas don leigheann diadha do cuala ag an easbog
agus agá chléireachaibh agá chanadh, agus ní chuala ríamh nídh budh bhinne
liom ná é, agus do bhadarsad agá rádh ar fud na slíghe riompa, nó
go rangadar an teagh agus ann sin ré dul do codhla dóibh, agus do bhí
fós an teasbog ina aonar abhfad don oidhche ag rádh an léighinn
sin tar éis cháich, agus do bhudh fearr leamsa, a thighearna, go mbeinn
féin ag foghluim." Ód chuala an Rígh na briathra sin chuir neach
go luath mar araibh an teasbog agus adubhairt ris teacht cuige.



Iar sin tráth do hullmúigheadh suipear onóireach ag athair
Mochuda don Rígh, do Maoltuile, agus ar mbeidh bo chách ag caithiomh
an tsuipéir, do goir an Rígh Mochuda ina fhiaghnaise, agus adubhairt
ris: - "Gabh chúghat an sgiath, agus an claidheamh agus an gai agus na
héadúighe ríoghdha so, agus bí ad ridire ó shin amach agus bí agamsa
amhail do bhí tathair romhat." Do diuilt Mochuda sin. Adubhairt
an Rígh, "Créad eile an nídh as áil leat go ttugainnse dhuit é."
Adubhairt Mochuda, "Ní háil liom aoin-nídh do neithibh an domhain
so, acht do budh maith leam an nídh ad chuala ag na cléireachaibh
dá chantainn do bheith agam agus a fhoghluim dhamh." Agus do
thuig an Rígh grása an Spioraid Naoimh ann. Agus do gheall do
an nídh do iarr. Táinig iar sin an teasbog adubhramar air na
gairm ón Rígh .i. Cárthac easbog, agus daithin an Rígh Mochuda dhe agus
adubhairt ris léigheann agus sgríbhinn dfoghluim dho. Agus do
ghabh an teasbog é, maille ré lúthgáir mhóir, óir do aithin go raibh
sé lán do rath an Spioraid Naoimh. Agus do bhí mar sin fó
fhorceadal agus fó mhúnadh an easboig no gur ghabh gradha shagairt
uadha.


L. 82


Do bhí Mochuda sgothamhuil go mó mór ionnus gur ghráideadar
X nóga XX é aláithibh eaxamhla a naimisir anóige an ghradh
corparadha ionnus nár bhfeidir leó cceilt an ghrádh sin. Agus
do ghuidh Mochuda ara son ionnus go cclaochlaighthi an grádh
corparadha sin angrádh spioradáilta. Agus do rinneadh
amhlaidh tré ghuidhe Mochuda ionnus go rabhadhar ina hóghaibh
naomtha go ndearnadh selli agus mainistreacha leó atá ar na
súighiogeadh aniogh abporraiste Mhochuda, agus tugadar na hóga
sin iad féin agus a mainistreacha fo bhreith agus fó chumhachtaibh
Mochuda.



Táinig Fionntain mac Cartain le mac dá bhaiste cum an
easboig, cum Charthaig. Adubairt an teasbog ris, "Tabhair do
mhac dá bhaiste don tsagart óg sin laimh riot dá ndearnna
sagart aniugh," agus do rinneadh amhlaidh. Agus dfiafraidh
Mochuda ca hainm do bhearthaoi air. Adubairt a athair, Fodhran
do tabhairt air. Agus ar mbaiste an leinbh do Mochuda do rin corrigenda
tarngaire do. Agus do ghlac alámh agus adubhairt: - "Budh cródha
an lámh so, gebhaidh braighde agus neart sleachta Tórna, (agus as ann
atá an cineadh sin ameadhon Ciarraighe .i. ó Sliabh Luachra go
muir), agus biaidh ríghe aga chloinn na dheaig go bráth muna
ndearnaid mo mhíréirsi: agus dá ndearnaid míréir mo
chomharba a ndhiaig maimsire rachaidh a righe agus attighearnas uatha."
Agus do fioradh an fháisdine sin.



Lá éigin do chuaidh Mochuda agus amhaigistir Cartach easbog
mar araibh an tighearna adubramar .i. Maoltuile. Agus as ann
fuaireadh é is an ionnad re nabarthar Feorainn, láimh ré Tráighlí
agus as ón ionnad sin ainmníghthear taoisighe agus tighnearnidhe
Ciarrúighe. Adubhairt an teasbog Carthach: - "Ag so, a
tighearna, an mac tugais damhsa; as maith léighios agus as maith
dorin a fhoghluim is an sgrioptúir dhiadha agus do ghabh sé gradha
sagairt uaimse agus as follus grása a mórán do chinéalaibh."
Adubhairt an tighearna: - "Créad as áil leatsa ar son do
shaothair"? "Dob áil liom tusa dod thabhairt féin agus do
thabhairt do chloinne go brách don tsagart óg so as óglach do


L. 84


Dhia." Do bhí an Rígh aga cur sin ar cáirde agus an fhoirbhthechta
Mochuda do réir aois. Agus mar do chonnairc an teasbog sin do
chlaoin é féin agus do leig a ghlúine faoi a bhfiadhnaise Mochuda
agus a dubhairt: - "Tabhroim me féin agus mo phorraiste agus mo
mhainistir do Dhia agus duit a mheic nó go ttígh an bráith." Ód
chonnairc an Rígh rin do leig é féin fo chosaibh Mochuda agus tug a
anam agus a chorp agus a chlann na dheaig go síorraidhe do Dia agus
do Mhochuda. Agus do saltair Mochuda air muinel an Rígh agus
do bhí aga thomhus dá throigh. Adubhairt nech do mhuinntir an Rígh
go tarcuisnech gruama re Mocuda "As diomasach duit bheith ag
saltradh ar muinél an Rígh, agus bíodh a fhios agad gurab onórach an
corp sin ara saltrach." Ar na chlos sin dho Mochuda do leigh an
Rígh uadha agus adubhairt: - "An muinéal so air ar saltrais corrigenda
ní díthcheanfaigher go bráth é, agus an corp do thómhaiseas dom
throighthibh ní créachtnochar é, agús muna ccrónaightheasa mé ní
bheidh nídh a n-uireasbhaidh dho féin ná dhá shliocht go bráth."
Agus dubhairt ris an neach úd do sbreag do é: - "Biaidh tusa agus do
shíol deróil choidhche ider na cineadha." Agus do bheannaigh an Rígh
agus do geall nemh agus talamh dho agus adubhairt ris "Gibe dod tsíol
do dhéanadh aindlighe air mo chomharbasa agus ná tiobhra mo chóir
féin damh ní bia rígh Ciarraighe aige." Agus do fíoradh amhlaidh.



Iar sin trath, do rin Mochuda ar fhuraileamh a mháighistreach
an easbuig agus an Rígh Maoltuile sealla onóireach is an rann tseas
do Chiarraighe idir Sliabh Mis agus Maing Ceall Tulach adeirthar
ria. Agus do rinn mórán míorbhuilleadha ann sinn, agus do
honóireadh é ó gach aonduine ann. Agus bhádar dias easbog is
na hionadaibh sin, Dibhilin agus Domailgigh ananmana agus ba tnúthach
leó onóir agus grása Mochuda agus do ghnídís néithe ba holc leis.
Do chuaidh sin mar a raibh Maoltuile agus do innis an nídh sin do,
agus mar do chuala an Rígh sin táinig le Mochuda, agus as ann do
bhí sé antan sin a ccaisleán ar bruach Luimnigh, agus ní anmuin
do rin go riacht mullach Sleibhe Mis, agus adubhairt ré Mochuda: - "A
mhic ionmhuin, fágaibh an fearann beag cumhang so do thnúith agus


L. 86


dformad na neasbog úd go ceann sealaid, agus tar arís ann agus
biaidh agad féin agus ag ad chomharba ad dhiaig." Agus ba maith le
Mochuda an chómhairle sin, agus diompuig an rígh maille re
beannochtuin, agus do fháguibh sion a sealla dona heasbogaibh
adubhramar. Agus do bhreithnig dul dá oilithre a naonar agus
imtheacht ón rann tuaidh dÉirinn.



Táinig an taingeal mar a raibh ab Bheannchair .i. Comhgholl,
agus adubhairt ris mar adubhairt roimhe, go ttiocfadh chuige sagart
óg le mbudh áil dul dá oilithre tar muir soir ar son Chríost,
agus gan a leigeann ann acht achongmháil bliadhain ina fhochair a
mBeannchair. "Cionnus aithnéod é?" ar Comhgholl. Adubhairt
an taingeal "Gibé do chífe tú ag gabháil ón eaglais go teagh na
naidheadh budh hé sin é," óir as ann ba ghnáth lé Mochuda an
eaglais ar ttús dionnsaighe. Adubhairt Comhgholl re na
dheisgioblaibh: - "Tiucfa chughainn aoide onóirigh ann so as
ionmhuin le Dia óir táinig an taingeal fá dhó dá fhoillsioghadh
dhamhsa." Táinig iar sin Mochuda don bhaile agus do chuaidh don
mhainistir air ttús agus do aithin Comhgholl é, agus budh fáilteach do bhí
roimhe. Agus do shost ina fhochair go ceann bliadhna é mar
adubhtairt an taingeal, agus air ccriochnúgadh na bliadhna do
iompuig go ccead do Chomhgholl dá dhuthaigh féin agus do
chúmhdaigheadh mórán do cheallaibh agus do theampollaibh leis innte agus
do rin miorbhuilleadha iomdha, agus do tharaing daoine iomdha chum
crábacht agus deadhoibreach. Agus tugadar mórán do dhaoinibh iad
féin agus acclann agus accine dho agus do hórdúigheadh porraistí mora
a ndúthaighe féin do agus do bhí easbogoideacht Chiarraighe fá
dheireadh aige.



As ahaithle sin daithin Mochuda a phorráiste agus a chealla
dona daoinibh is crábhuighe agus as fioraonta fuair sé, agus
do chuaidh féin maille re beagán dá dheisgioblaibh is an rann teas
don Mhumhain mar a raibh Ciarán mac Fionntain lear
cúmhdaigheadh mainistir Rosa Giallain. Agus dfiafraigh de
cá áit ann so iona mbia an eaglais bhus mó agus bhus onóiríghe dona


L. 88


cellaibhsi oir adubhairt an taingiol re Comhgholl go ccúmhdóigfídhe
liomsa eaglais onóireach is an rann teas don Mhumhain.
Do bhí spioraid na fáidheamhlachta a cCiarán, agus adubhairt "Racha
tusa ar ttús don Mhidhe agus do dhéantar eaglais onóireach leat
ann andúthaigh í Neill agus biaidh tú daithchiod bliadhain ann agus
do dhéantar hionnarbadh as agus iompódh tú chum Mhumhan arís agus
as ann bhias an eaglais bhús mó agus bhús onóirídhe agad." Adubhairt
Mochuda re Ciarán - "Geabhadsa thusa agam mar phatrún agus mar
uactarán choidhche." "Ní hamhlaidh bhias," ar Ciarán, "acht
do bheirimsi me féin agus mo cheall duitsi go síorraidhe agus adeirim riot
bíodh Fuadhran mo mhac féin ac dhiaig san ionnad sa." Agus
do cheadaig Mocuda sin óir do bhí Fuadhran naomhtha XX bliadhain
an diaigh Chiarain an abdhaine na cathrach sin.



As ahaithle sin do chuaidh Mochuda is na Déisibh Mumhain
mar araibh Clann Ruadhain agus tugadar sin iad féin agus a neaglais
uile dho, agus tug Colmán mac Cobhthaigh do bhí na thigearna saidhbhir
is an talamh sin fearainn iomdha do Mochuda agus tugsan sin uile
do dhaoinibh cráibhtheacha as a ucht féin. Agus do ghabh féin roimhe
tré mhullach Shléibhe gCua, agus do fhéach ina thímpcheall agus
do chonnairc uime bruach na habhann re nabarthar Némh aingil iomhda
ag dul suas agus anuas go neamh. Agus do thógbhadar leo
cathaoir airgid agus iomháigh óir innte go neamh. Agus as an san
ionad sin do rin Mochuda aimsear fhada na dhiaig sin an eaglais
onóireach as andeachaidh sé air neamh.



Iar sin tráth do chuaidh Mochuda chum an fhir naeimh re
nabarthar Molbha mac Choinche ina chathair féin a cCluain Fearta
a ccoigcrioch Laighen agus Mumhan. Agus fuair sé Molbha
abhfochair a mheithle do bhí ag buain arbha. Agus ag teacht do
Mochuda ar a eachtra do leig uadha a dheisgiobuil uile dá
nionnadaibh féin óir níor bhail leis dul go sochraidheach is na
tíorthaibh coimhightheacha acht aon duine amháin. Agus do shanntaig
an taoinfhear sin anmhuin ag Molbha 'na mhainistir féin, agus
adubhairt ris, "A athair naomhtha," ar sé, "dob áil leamsa anadh


L. 90


annso ad tfochair." Adubhairt Molbha, "Madh cead dod
mháighistir féin sin is cead liomsa é." Agus do bhí Mochuda ar
leigion a dheisgiobal uile uadha níor bháil leis cointinn
do dhéanadh a ttimpceall an aoinfhir, agus do aontuig do anmhuin uaidh
agus do bhí ag imtheacht ina aonar. Agus od choncadar manaigh
Molbha ina aonar é do ghabhsad ag fanamhad faoi agus adubhradar
do budh mhithid don duine ársaidh úd anmhuin amainistir éigin óir
ní deaghmhaiseach do bheith ag siobhal ina aonar. Agus ní raibh a
fhios aco gurb é Mocuda do bhí ann, óir fá tearc neach da
ninnisedh é. "Ná habraidh sin," ar Molbha, "óir tiocfa lá agus budh
dimbríghmhar ár ccoimhthionól agus ár ccathairne ag féachuin an
choimhthionóil agus na cathrach bhias aige siúd, cia atá sé aniugh ina
aonar, agus ní bfuil afhios aguibh gurab é siúd Mochuda agá
bhfuil mórán daoine umhal do annois agus agá mbia ní as mó san
aimsir atá cugainn"?



Ar mbeith do Mochuda ag siobhal na slíghe ina aonar mar
sin tárla dias bhráthar do agus dfiafraigheadar de cá áit a raibh sé
ag dul. "Dob áil liom," ar sé, "dul mar abhfuil Colmán Eile."
Adubhairt neach díobh sin - "Gabh sinne agad mar mhanchaibh agus mar
shearbhóntuighthe," óir ba follus dóibh gur fa diadha é ina dhreich.
Agus do ghabh Mochuda iad agus do ghluaiseadar riompa nó go
rángadar Colmán agus adubhairt Mochuda ris: "A athair," ar sé,
"dob áil liomsa anmhuin agudsa annso." "Ní hamhlaidh bhias,"
ar Colmhán, "acht racha tú dhon ionnad ata accomhfhogus dúinn
ann so re nabarthar Raithein, óir do geall Dia dhuit aitreabhadh
ann agus beid manaig agus cóimhthionól íomdha agud ann ag seirbhís
do Dhia agus as ón ionnad sin ainmneocar air ttús tú .i. Mocuda
Raithin." Ar ngabhail beannochtun Colmáin agus air cceileabhradh
dho do, do chuaidh Mochuda agus a dhias manach cum an ionnaid
adubhramar agus do rin sealla bheag ann ar ttús, agus as minic do
thagadh sé féin agus Colmán chum a chéile.



Do bhreathnuigh umorro Colmán céad aitreabhadh do déanamh
a Raithen aimsear roimhe sin, agus do fhágase da mharchleath nó trí


L. 92


caoiligh san ionnadh ar bhrithnig sé sealla do dhéan adh agus adubhairt
ré na dheisgiobal, "Tiucfa neach eile am dhiaig annso agus as do
dheonóchaidh Dia an tionnad so ní damhsa." Agus is don chaolach
sin do thionsgain Mochuda an sealla do dheanamh mar do fhaistin
Colmán acceadóir. Agus do sinneadh mainistir mhór na dhiaig
sin le Mochuda araibh se dha XX bliadhan ina chómhnúighe agus araibh
morsheisear agus cheithre fhithchid agus ocht ccéad do mhanchaibh aige fó
na fhoirceadal agus fó na riaghuil.



Ar gcumhdach mainistreach Raithin do Mochuda do rinne
fearta agus míorbuilleadha iomdha uadha agus do líon a chlú Éire agus
Bhratainn agus tángadar daoine iomdha arannaibh examhla Éireann
agus Bratan dá ttabhart féin mar mhanchaibh do Dhia agus do Mochuda
go bráth. Agus do dhiult se ar ttús a spreidh shaoghalta ar na
daoinibh, gidheadh do honórúigheadh agus do cúmhdaigheadh an eaglais
óna Rioghaibh agus na tighearnaoibh budh coimhfhogus do ar ttabhairt
fearainn agus spreidh agus airgid agus gach ofrála eile dhi, agus do
chuireadh Mochuda amhanaigh do dheanamh oibre agus tsaothair agus do
treabhadh an talmhan óir níor bháil leis gan ambeith umhal do shíor.
Agus do bhadar dronga eile do naomhaibh Eireann leis nár bháil
go ndiongnaidis a manaig saothar na talmhan mar sin.



Agus do bhí Mocuda ó mhórán do naomhaibh ar na oirdugadh
ina easbog, agus do fhiosrúigheadh sé uairanna pharráiste féin, .i.
Ciarraighe, agus do bhiodh do gnáth idir a manachaig féin a Raithean,
óir as manaigh do bhí aige agus ní cléirig.



Lá éigin an aimsear earaig táinig draoi mar a raibh
Mochuda do dheanamh adhbhairseorachta air agus adubhairt ris, "An
ainm do thighearna féin déana an abhall so ionnus go mbudh
duílle nua uirthe." Agus do bhí a fhios ag Mochuda gurab do
thathaoir na cumachta diadha adubhairt sion sin, agus do bhí an crann ar
an láthar fó duille. Adubhairt an draoi, "An ainm do thighearna
féin tabhar bláith ar an abhall." Do chuir Mochuda comhartha
na croiche ceasda uirthe agus tug bláth go luath tríthe. a dubhairt
an draoi: - "Cá tarbha an bláth muna rabhadar ubhla uirthe"?


L. 94


Do bheannaigh Mochuda an abhall an treas uair, agus tanghadar ubhla
iomdha dhi. Adubhairt an draoi: - "A Chriosdaighe, déana na
hubhla daibchíugheadh annois." Do bheannaigh Mochuda an crann,
agus do bhadar na hubhla ag tuitim go talamh ar anaibchíghe, agus do
thóguibh an draoi ubhall do thalamh díobh agus do fhéach é agus do bhí
searbh go romhór agus adubhairt, "Ní maith na miorbhuille so agus amheád is
searbh na hubhla." Do bheannaig Mochuda na hubhla agus do fhagaibh
a mblas meala iad uile, agus andioghuil adhbhirséorachta an druadh
do beanadh solas ashúl de agus do bhí dall go ceann bliadhna. Agus
tainig a ccion bhliadhna mar a raibh Mochuda, agus do ghabh aithríghe agus
tugadh a radharc dho agus do impuig maille le gáirdeachus.



Lá eile táinig neach saoghalta dionnsuidhe Mochuda agus amhac
leis balbh-boghar agus do ghuigh Mochuda fó na shlánúghadh, agus do rin
Mochuda urnaighthe chum Dia ara shon agus adubhairt: - "Amhac," ar
se, "éist agus labhair nídh." Dfreagair an mac go luath agus
adubhairt: - "A dhuine Dé, bronnaimme féin agus moighreacht go
bráth dhuit," agus do bhí slán ó shin amach iona bhallaibh agus ina
chéadfadhaibh.



Lá eile tháinig duine óg ar ttuitim is an luibhre chum
Mochuda agus dfoillsig atruadha agus abhoctacht dho, agus do ghuigh sion
ara shon agus do bhí slán.



Lá eile tháinig duine go Mochuda agus a aghaidh na haonchlár
agus do ghuigh Mocuda ara shon agus bhí sochraidh a aghaidh iar sin.



Lá eile a naimsir earaigh tháinig duine bocht go Mochuda
go raibh a mainistir Raithin agus do iar ar dá dhamh agus treabhach an
lá sin do threabhadh, agus do bhí Mochuda mar adubhramar - ní
ghabhadh sé ainmhighthe ar bith aige is an mainistir, óir asiad
amhanaigh do bhíodh a rómhar agus ag freacar na talamhan do. Agus
do gair neach dá searbhontaoibh chuige dar b'ainm Aodhán, agus
adubhairt, "Eirigh fón ccoill is neasa duit," ar sé, "agus tabhair
dá fhiadh leat aiste agus eirigh leis an duine úd, agus bí féin agus
iad ag treabhadh dó ar an earach so." Agus do rin Aodhán
go humhal mar adubhairt Mochuda ris, óir tug an dá fhiadh leis agus


L. 96


do chuaidh leis an duine mbocht agus do bhádar ag treabhadh no go
tarnic dhoibh agus dimthig an fiadhach dá nionnadaibh féin agus do
iompuig Aodhán go Mochuda.



Lá eile táinig duine ar na bhuaidhreadh ó na deamhnuibh go
Mochuda agus do shlánuigh Mochuda go luath é ar ndíothchuir na
ndeamhan uadha agus dimthig ar ttabhairt grása do Dia agus do
Mochuda.



Lá eile ar mbeith dona manchaigh uile ag deanamh saothair agus
ullmhóide, agus do chuaidh Mochuda don mhuileann le cuid na manach
da mheilt agus do concadar naonmhar gadaighthe sin agá raibh
fuath dosan, agus do leansad é dá mharbhadh agus do chuir an ceann
do bhí orrtha gach neach díobh do reir úird chum an mhuilinn.
Agus níor fhiad aoineach díobh dul asteach ann ar na ttoirmeasg
ó lasair dásachtaig theinntíghe do thimpchealluigh an muileann
fá gcuairt, ar tteacht ó ghrasaibh De do shaora Mochuda ar na
sladaighthibh. Agus do bhídis ga fheáchuin tré dhorus an mhuilinn agus
é uaireanna ina chodla agus uair eile a neamhchodla. Agus anuair do
sháraig an codla do sgur an muileann uaidh fhéin agus anuair do
eirgeadh as a chodla do ghluais an muillean uaidh féin. Agus
diompúigeadar an droing sin cum a ttighearna agus do inniseadar
do gach nídh adchonarcadar, agus ód chuala sium sin do ghabh
fearg mór é, agus déirigh chum an mhuilinn do mharbhadh Mochuda.
Agus do chonnairc mar do choncadar cách agus níor bhfeidir leis
urchóideadh do, agus do iompuig mar a raibh a mhuintear agus
a dubhairt ríu, "Anam ann so no go bhfagham amach é oir heagal
duinn go ngairfeadh sé coimirce agus ní mó atá eagla aláimhe
oruinn." Agus táinig Mochuda gairid na dhiaig sin amach agus
aeire air. Agus do ritheadar na gadhaighithe chuige agus níor fhead
siad urchóid ar bith do dheanamh dho, óir mar do thairgead fear
díobh arm do gluasacht do sheacaidís a lámha agus ní fhiadadh aon
chor do cuir díobh. Agus do ghuig Mochuda iad go leigidís
do dul le na eiri, agus do gheall fó na chreidiomh agus fó na breithir
go ttiocfadh chúca arís air ttiodhlacan a eiri. Agus do


L. 98


chreideadar ar sin do, agus dimthigsion agus dhfáguibh a chuid mine isin
cuchtar, agus diompuig féin go húmhal arís accoinne amhartra,
agus ba doig le na deisgioblaibh gurab anionnadh uaigneach
do chuaidh do dheanamh urnaighthe mar fá gnáth leis. Agus ar
tteacht chum na ngaduighthe dho, do thairgeadar a mharbhadh ar
mhórán do choruibh agus níor fhéadsad e, agus mar do conarcadar na
míorbhuille sin do ronsat aithrighe agus tugadar iad féin do Dia agus
do Mochuda go bráth agus do bhadar go haimsir a mbáis fá
foirceadail agus fá riaghail Mochuda agus do haithriseadh mórán
doibrighthibh glórmhara naomhtha ortha iar sin.



Lá eile táinig an taingeal chum Mochuda ina mhainistir
féin a Raithean agus adubhairt ris: - Do aithin do thigearna dhuit dul
aniogh dionnsuidhe mhic Fíodhaig, Rígh Ciarraighe Luachra dod
dhúthaigh féin ionnus go ttugthá comaoin agus sacarbha dho oir
as deireadh dá bheatha shaoghalta. Dfiafruigh Mochuda don
aingeal cionnus do rachadh an lá sin acCiarraighe ó Raithin
agus do thoguibh an taingel leis é a ccarbat teinntighe is an
aer no go rainig an tionnad araibh an Rígh agus tug Mochuda
comaoin agus sacarbha do, agus tug an Rígh do san almsana iomdha
agus do chuaidh chum nimhe. Agus do chuaidh Mochuda an lá ceádna
tar ais go Raithin agus fuair na bráthre ag ceileabhradh aneasbharta
innte.



Lá eile táinig Mochuda ar cuairt chum Colmáin Eile da
mhainistir féin .i. Lánn Ela dá iarraidh leis do chómharthúghadh
tumba dho ina mhainistir féin .i. a Raitean, óir fá beas do
Cholmán go ccómharthúigeadh sé maille ré hainglibh na fhochair
tumbadha iomdha agus fuair ó Dhia gibe tumba chomharthóchadh sé nách
rachadh anifrionn neach dá nadhlaicfídhe ann. Adubhairt
Colmán ré Mochuda: - "Eirigh dod tionnadh féin agus leanfadsa
tu an 5mhadh la o aniugh." Agus táinig Mochuda dá thígh féin agus
do bhí ann go ceann an cúigmheadh lá, agus ní tháinig Colmán an lá
sin agus do chuaidh sin arís go Colmán agus adubhairt: - "A athair,
créad uime nár chómhaillis mar do gheallais." Adubhairt


L. 100


Colmán: - "Do chuadhusa aingiol maille riom an lá sin agus do
chómharthúighios tumba agus iompuighsi, agus do gheabha tú is an cceann
teas dod tsealla féin ar na chomharthúgadh é, agus déin féin do
reir mar atá sin comharthuighthe é, agus nár ab aidhbhseach leat
alúighiod óir cómharthóchar tuama as mó iná sin duit ó na
haingiolaibh is an mainistir chúmhdóchar duit is an rann teas
dÉirinn .i. a Lios-Mór." Agus do iompuigh Mochuda agus do
fuair tumba ar na chomharthúghadh mar adubhairt Colmán.



Sa naimsir sin táingeadar cléirigh tar Sliabh Luachra a
gcoigcrích Chiarraighe cum na heagailse araibh an óig naomhtha .i.
Ite a n-Aoibh onórach Conall Gabhra. Agus do bhí leanbh óg ina
cuidheachtain agus mar do conairc Ite an leanbh óg do chaoidh go
searbh. Agus dfiafreadar na cléirigh dhi créad uim a raibh ag
caoi agá bfaicsin féin. Adubhairt sisi: - "As conách anuair do
geineadh an mac óg só inbhúr bfochair óir as ann adhlócthar é
attuama as nách racha neach anifrionn, agus as olc liomsa nách
ann sin bhiad féin adhlaicthe." Dfiagfruigheadar na cleirigh,
cia an tumba anadhlaicfíghear e. "Attuaim Muchuda," ar sí,
"nách fuil fós ar na chómhartúghadh, antan bhias budh glórmhar
onóireach é." Agus do cóimhlíonadh sin, óir do bhi an leanbh sin
na manach ag Mochuda fa dheóig agus do hadhlacadh é attuaim
mainistreach Leasa Mhóir mar adubhairt Ite.



Lá eile do thuit leanbh do droichead Raitheann is an abhuinn
agus do báthadh é, agus do bhí a chorp lá agus oidhche gan fághail agus
ar na fhághail do tiodhlacadh go Mochuda é. Agus do ghabh trócaire
dho é óir ní raibh aon mac aga athair acht é, agus daithbhéodhaidh ó bhás
é. Agus do oil féin iar sin re haimsir fhada é agus ar mbeith na
mhac amhfoirbhthi do dochuir da dúthaigh féin, .i. go Dealbhna, é.
Agus do geineadh meic agus ingeana uaidh agus tug sé é féin agus
achlann do Dhia agus do Mochuda agus tug aoighreacht, agus mairidh fós
a shliocht ag déanamh fóghanta na mainistreach agus aseirbhíse.



Lá éigin táinig Mochuda ó Chiarraighe agus almsana iomdha leis
go Raithen agus ag teacht do a gcoigcric Dealbhna láim ris an loch


L. 102


re nabarthar Loch Muincine do thuit an oidhche ortha. Agus
fuaradar riompa air an slíghe rotha soghluaiste do rinne saor
do bhí ag deanamh muilinn air an uisge do thigeadh ón loch
adubhramar tré dhiomaoineas. Agus mar do ghluaiseadh an roth
adubhramar do ghníodh foghar mór-iongantach agus do cualadh é ó
mhuintir Mochuda. Agus budh clos afoghar is na bailtibh budh
comhfhogus do agus deirgeadar daoine iomdha amach fón bhfoghar
sin maille re coimircibh agus re gothaibh móra dá fhios créad do rín
é. Do ghaibh eagla mhór muinntear Mochuda roimhe na gáiribh sin
do chualadar agus do chuadar a neich agus a ccapuill féin uatha, agus do
chuireadar a neireadha díobh agus as ar éigin do rugadar ortha.
Agus do thuig Mochuda adhbhar na neithe sin agus adubhairt ris na
saoraibh do rin an sás díomhaoineach sin, go mbeidís sgaoilte a
rannaibh eaxamhla Éireann agus nách beadh feidhm ná tairbhe dhíobh agus
nách críochnóidis an muileann do thionsgnadar agus go madh neamhthorthach
miotharbheach a sliocht dá ndéis. Hí Eanna adearthar
riu aniugh.



Lá éigin táinig Mochuda gus an ionnad re nabhartar
Cluain Brennainn agus do bhádar ubhla iomdha is an bhaile sin, agus
diarradar deisgiobail Mochuda nídh dona hubhlaibh dho, agus do éar
an lubhghuirteóir iad. Adubhairt Mochuda: - "Ón mbliadhain so
amach ní fhásfaid úbhla air an lubhghort so go bráth." Agus do
fioradh amhail do gheall.



Do bhadar da dheisgiobal X ag Mochuda agus budh mór anúmhla
is an mainistir .i. Caoinche mac Meallain do b'e ba chéadmhanach
a Raithin, agus Cnucoinoc, agus trí mic Nascainn .i. Goban agus
Sraphan agus Laisren, agus Mulua Lughair, agus Mocomóc eile,
agus Aodhan, agus Fachtna, agus Coincheann, agus
Fionnlogh, agus Mocomoc do bhí ina hEasbog fá dheoigh.
Agus do budh doichreidte a mhéad dob umhal an droingso agus do
bhreathnagh Mochuda edtromúgadh ar a nere so roimh ambás agus do
chúmhdaig sealladha iomdha dhoibh ionnus go mbeadh sólás éigin
acu anaimsir aseanórdachta ara mhéad dob umhal iad ina nóige.
Agus do tharngairsé mórán do mhaith dhóibh. Agus do rin ( )


L. 104


don neach adubhramar thuas .i. Mochae mac Melláin da ndearna
se sealla maith san ionnad ré nabarthar Cluain da Chrann. Agus
adubhairt ris: - "Ní hann so bhias teiséirghe acht an ionnad eile
ionar dhéonaig Dia dhuit." Agus do fioradh sin. Adubhairt fós
Mochuda ré deisgiobal eile dho .i. ré Fiacha: - "Ni hann so bhias
teiséirghe gé do rinneasa sealla dhuit ann, óir beid trí hinid
eile agad, gidheadh is abhfochair compánaigh duit féin diobh .i.
Aodhán, do thaisi, agus biaidh teiserghe a ccoigcrich Ó Torna agus as
uait féin ainmneochar an tionnad sin." Agus do chumhdaidh
Mochuda sealla eile don Aegán sin accrioc Ó Torna láimh re
Sliabh Luachra. Agus adubhairt Mochuda ris go fáidhemhúil
"Tioccfead taise do chóimhdheiscipbail chugad ann so .i. Fiachna
agus as uada ainmneócar an ionnad so." Agus do fioradh na
fuighle sin, óir as Ceall-Fiachna adearthar ris an ccill sin
aniugh, agus ceall Aegáin adubhartaoi ria ar ttús. Agus do rín
fáidheoirecht do droing eile diobh agus do fíoradh iad.



Aimsear eile do fagbhadh leanbh bocht do rineadh anadaltarnus
agus go folach láimh re mainistir Raithin, agus do hoileadh an leanbh
sin ag Muchuda go beith na easbug do, agus ní raibh a fhios aige an
duine cread an tainm do garfídhe dhe ná fios atuismightheóiridhe.
Adubhairt Mochuda, "An leanbh so," ar sé, "Dioma is ainm dho,
agus Cormac ainm a athar dho shíol Eachach Eachaigh," ó nabarthar
clann nEachac Eochaidh. Agus do mhóradar cach uile faidhiteoireacht
Mochuda de sin óir ní ó neach eile fuair sin acht as ón
Spiorad Naomh. Adubhairt Mochuda re Dioma ar mbeith na easbog
dho: - "Eirig go luath ad dhúithidh féin an Aoibh Eachach san
rann tiar theas don Mhumhan óir as ann bhias teiséirghe, agus
eireochaidh cogadh agus ceannairic mhór idir do chinead agus do
bhraithreacha muna ndeathar go luath da teasargoin." Do gluais
Dioma agus easpog eile dár bhainm Cuana leis budh deisciobal do
Mochuda, agus do chuadar a nIbh Eachach, agus do seanmór Dioma
ar rochtuin do ann briathra Dé dá bráthraibh agus da chlannmhaicne,
agus do rin síodhach iad agus do cúmhduigheadh mainistir leis innte


L. 106


agus tug sé féin agus achine agus aphairaiste í dá mhaighistir
roghradhach do Mochuda agus do chriochnaigh a bheatha go conáicc.



Aimsir eile táinig Mochuda ó Raithean abhprouinsibh Mumhan
agus táinig a cCiarraighe Chuirche. Agus tarla do Cairbire mac
Criomhthain do ba Ríg Mumhan go raibh se antan sin aMuighe
Chuirche san ionad andeachaidh Mochuda. Táinig antan sin caor
thintíghe agus do leag caisleán do caisleánaibh an Rígh agus do marbhadh
a ríoghan ann agus mórán dá mhuinntir agus amhac Aodh mac
Cairbre ar ttuitim an chaisleáin ortha. Agus do marbhadh ann
dá each maithe do bhíodh ag iomchur carbaid an ríg. Do ghuidh
Cairbre Mochuda ann sin fá aithbheódchan na ríoghna agus an
mheic, agus ód chonnairc Mochuda creideamh an rígh do rin úrnuighthe
cum Dia ara son agus adubhairt ríu: - "Eírghe." Agus déirgeadar
agus tug Mochuda slán don rígh iad, agus tugadar uile glóire agus
mola do Dhia agus do Mochuda. Agus tug an rígh ofrála iomhda
do dfhearann agus do shearbhóntuighthibh. Agus do bhí neach díobh sin
leis nár bháil úmhlúghadh do Mochuda an aghaidh aithne an rígh tré
fhormad agus tré dhíomus. Adubhairt Mochuda: - "Rachaidh do
shíolsa ambáthadh agus anoighreacht fá atathaighe riomsa, beidh sí go
síorruidhe agum; agus gibé neach bheanfus díom an nídh do gheabh ó
neach eile beanfar neamh agus talamh dhe." Agus do chuaidh an fear
sin agus ashíol go luath don bhith.



Uair eile do chuir Mochuda crios órdha chum Feargusa mic
Criomhthain araibh salchar croicinn le teinneas árann air agus ar
ngabhail an chreasa taris do, maille re beannochtuin Mochuda,
do bhí slán.



Aimsear eile do bhí rígh Mumhan, .i. Cathal mac Aodha is an
talamh Chuirche, ar na easlánúghadh o ghalaraibh éaxamhla, do rín
boghar, bhacach, dall de, agus táinig Mochuda mar araibh sé, agus do
ghuidh an rígh agus acharaid é uimi ashlánúgadh. Agus do guidh,
iomorro, Mochuda chum Dia ara shon agus do chuir cómhartha na
croiche ceasta ar ashúilibh agus ara chluasaibh agus do bhí slán ó gach uile
docamhuil, agus do chluineadh agus do chídheach go foirbhthe, agus tug
Cathal


L. 108


fearainn mhóra do Dhia agus do Mochuda go bráth, .i. Oilean Cathail
agus Ros Beag agus Ros Mór agus Inis Píc. Agus do chuir Mochuda
a Ros Beag bráithre naomhtha do dheanamh eaglaisi ann anonóir
Dé, agus do thionsgain Mochuda féin mainistear do dheanamh
an Inis Pic agus do bhí ann sin bliadhain iomlán. Do chuir iarumh
Mochuda triur dona deisgioblaibh adubhramar thuas .i. tri mic
Nascainn .i. Goban easpog, agus Srafan sagart, agus Laicren
Naomh agus an teaspog naomhtha Dardomaighin (tug gradha don droing sa a
bhfiagnaise Mochuda) dá ccoiméad so agus da ccongbháil astaid
fhoirbhthe, agus da XX eile do bráithribh a mainistir Inis Píc ina
ionnad féin. Agus diompuig Mochuda iar sin go Raitheann.
Agus an inis sin a dubhramar, Inis Pic, is ionnad rónaomhtha í,
agus bíd daoine rócráibhtheach innte do ghnáth.



Agus do bhí Mochuda ag siobhal na Mumhan soir agus do ghabh
tar an abhainn re nabartaoi Neimh antan sin agus re nabhartar
Abhainn Mhór annois, agus do chonnairc sé ubhall mór air lár an
atha tar a raibh sé ag gabháil. Agus do thóguibh é agus rug leis
iona láimh. Gurab de atá, Áth Ubhla a bhFearuibh Muighe. Agus
diarr an giolla an tubhall ar Mochuda agus ní thug do é, agus
adubhairt, "Do dhéana Dia réad míorbhuilleach don ubhall so
triomsa aniugh óir teangmhuidh dhuinn inghion Cuana mic Cailcín
agus a lámh dheas easbadhthach da nách fhéidir le aonchor do chur di
acht a beith sínte ré na taobh. Agus slánóchar í maille re
grásaibh Dé tríd an ubhall." Agus do fíoradh sin. Agus
do chonnairc Mochuda an inghean ag súgra agus ag cluithe ris na
hingheanaibh eile ar faithche an baile. Agus do chuaidh dá
hionnsuidhe agus adubhairt ria: "Gabh an tubhall so agad," ar sé.
Agus do sín sí alámh clé chum an ubhaill mar do ghnáthuigheadh.
Adubhairt sion: "Ní bhfúighthe thu is an láimh sin é acht sín an
lámh eile chuige." Agus ar mbeith don inghin lán don chreidiomh
do thairg an lámh dheas do ghluaisiocht. Agus do bhí ar an láthair
sin lán do neart, do fhuil, agus do ghluaiseacht, agus do ghlac an
túbhall lé. Badh fáilteach go mór cách de sin agus dob iongantach


L. 110


iad is an míorbhúill sin. Adubhairt Cuana an oidhche sin ris an
inghin: - "Tóg féin do rogha do mhacaibh rígh na Mumhan agus
do gheabhsa dhuit é." Adubhairt an inghean: - "Ní bhia fear agamsa
acht an fear do shlánuigh mo lámh." "An cluine siud, a Mhochuda,"
ar Cuana. "Tabhairsi an inghean damhsa," ar Mochuda, "agus
do béarsa í na mnaoi phósta do Dhia leár slánadh a lámh."
Agus tug Cuana an inghion .i. Flandnait, maille re na hoighreacht
agus ré na fearann atá ar bruach na habhann re nabarthar Nemh,
do Dia agus do Mochuda go bráth. Agus ba dothuarusgbhala
mete inigh Cuana. Agus do rug Mochuda an ingean leis go
Raithin agus tug a beatha go rochonách as abhfochair na ccailleach
ndubh ann nó gur hionarbadh ó ríoghaibh Teamhrach Mochuda as
achathair féin amhail do cluinfídhe. Agus rug leis Flandnait
maille ré cách, agus ar ccumhdach acathrach féin a Lios Mór do chuir
Flandnait da dúthaigh ionus go ccumhdochadh sí sealla di féin
ann. Agus do chumhdaig sealla deallraightheach a cCluain
Dalláin, agus a porraiste Mochuda atá.



Do bhí Mochuda san ionnad ionar chúmhdaigh se Lios Mór,
sul do tionsgain aitreabadh ann, agus do chuala guth na ndaoine do
bhí ag léaghthoireacht a Raithin, agus adubhairt re na deisgiobal: -
"Aithním gurab annsan ionad so do dhéonaigh Dia duinn ár
mainistir do deanamh." Agus ba fíor sin iardain.



Lá da ttainig Columcille go Raithin mar araibh Mochuda
agus adubhairt ris: - "As ionmhuin leatsa an tionad so abhfuile"?
"As ionmhuin, go deimhin," ar Mochuda. Adubhairt Columcille: -
"Ná cuireadh ortsa an nídh adéarsa riot .i. nach ann so bhias
teiséirghe, oir eíreochaidh formad rígh Éireann agus achloinne
riot, ar fhuráileamh droinge do chléirchibh Éirionn. Agus
do dheanaid tusa dionarbadh as an ionnad so." Agus dfiafruigh
Mochuda do Columcille do bhí na fháidh fíreannach: - "Cá hionnadh
eile ambeadh a aiseírghe"? Adubhairt Columcille: - "An tionnad
abhfaca tú an sluagh aingeal do mhullach Sléibhe gCua agus an
chathaoir airgid acu aghá tógbháil leó, agus an iomháigh óir innte, ar


L. 112


bruach na habhann re nabarthar Neimh; as ann bhias teiséirghe agus
así an cathaoir airgid - teaglaisi, ameadhon eatortha." Do thug
Mochuda gur bhfíor sin agus tug moladh agus glóire do Dia.



Lá eile do bhí Mochuda a Raithin agus tainig cléireach agus manach
dá mhuintir féin asteach do bhí intan sin san rann tuaidh don
Mhumhain; agus do shléact a bhfiaghnaise Mochuda mar fá béas dona
manchaibh; agus adubhairt: - "A athair," ar sé, "do choimhlíonus
gach nídh adúbhrais liom ó an uair dfagbhus tu aRaithin, agus
aitheannta an Tighearna do réir úird, acht amháin go ttugas
leam bráthair dhamh féin ón mbeatha saoghalta a raibh sé gan
cead duitsi." "Adeirimsi riot go fírinneach," ar Mochuda, "dá
ndeachthása ar mullach cnuic áird comhárd lead ghlao do leigean
dá ttugthá cughamsa gach nduine do chluinsin do ghlaodh, nách
diultfainnsi roimhe neach díobh gan an gabháil uile a naibíd an
chrabhaidh." Agus ar ccluinsin na mbriathar sin do chách, do
thuigeadar méid agus leithead grása Mochuda agus tugadar grása
do Dia.



Lá eile attráth easpairt le na naomhthacht uair do ló
adubhairt Mochuda re na mancaibh: - "Ní chaithfeam nídh aniugh no
go néisteadsa faoisdin gach aoin fá leith aguibh óir do thuig sion
go raibh eascáirdeas aig neach díobh re neach eile don chóimhthionól."
Agus tugsad na bráithre abhfaoisdine uile dho.
Adubhairt neach díobh re Mochuda ina fhaoisdin: - "Ní hionmhuin
liom féin do mhuilleóir si, agus asé adhbhar mo neamhghrádh dho antan
théim don mhuileann ní háil leis aneireadha do thogbháil dona
capuillibh agus ní háil ná na saic do líonadh don mhin ná cughnamh
uimi agcur suas. Agus ní headh amháin acht do ghúidh sé gach nídh
as anait liom agus ní fheadarsa acht do fhidir Dia créad uim a
ndeínionn sé sin. Agus as minic smuainim abhuala nó a
easonórughadh go fághail bháis do." Adubhairt Mochuda, "A
bhráthair ghrádhaigh, adeir an fáigh, "declina a malo et fac bonum"
.i. seachain an tolc agus déana an mhaith; da reir sin déinsi
maith don mhuilleóir agus tiocfaigh don mhaith sin go ndiongna sin


L. 114


maith dhuitsi, agus go mbeithíghe in bhúr ccáirdibh gradhach da chéile."
Mar sin dóibh, go ceann trí lá, agus gach nídh as fearr dféad
an bráthair ga dhéanamh aige don mhuilleóir. Gidheadh níor
sheachain an muilleóir adhroichbhéasa féin, agus níor sheachain an
bráthair a fhuath do san. Adubhairt Mochuda an treas lá ris
an mbráthair, a fhaoisdin do thabhairt do. Adubhairt an
bráthair: - "Así so mfaoisdin a athair; ní hionmhuin liom an
muilleóir fós." Adubhairt Mochuda, "Claochlócaidh anocht agus ní
chaithfidh biadh amairioch nó go ndeacha dá ionnsuidhe agus caithfídhe
ar aon súidhe air aon bhórd agus beithídhe in bhur ccáirdibh grádhacha
ó sin amach." Agus do fíoradh sin; óir do líonadh an manach
sin ó grásaibh an Sbioraid Naomhtha tré fhoirceadal Mochuda.
Agus tug glóir agus moladh do Mochuda mar do chonnairc é ar na
shoirbhiugadh ó ghrásaibh an Sbioraid Naoimh.



Lá eile do bhadar dias mhanach do mhainistir Mochuda ag
chomhradh ré chéile, agus don chinéal Breatnach iad. "Atá," ar
siad, "Mochuda ársaidh go mór, gidheadh ní gar do bás dfághail.
Agus as deimhin nách faghthar aleithéad choidhche an umlacht na
andeadhoibreachaibh. Agus dá mbeadh sé gan bheith ann as neach
aguinne do toghfaoi ina ionnad agus ar an adhbhar sin marbhamna é,
óir ní bfuíghe féin bás go luath." Agus bá hí accomhairle
abhreith andeireadh na hoidhche sin cum na habhann agus abháthadh agus a
fholach mar nach faghthaoi a fhios go bráth. Agus fuaradar na
dhiaig sin é an ionnad uaigneach ag déanamh a úrnaighe mar fá béas
do. Agus do cheangladar go docamhlach é, agus rugadar ara
muin eatortha cum na habhann é. Agus tarla dhóibh dá bhreith
chum na habhann manach cráibhdeach dár béas an reilg choisreagtha
do thimpcheallughadh gach noidhche. Agus adubhairt riú sin, "Créad
sin bheirthíghe libh"? Adubhradar gurab éaduighe droinge
dona manchaibh da mbreith dá níghe cum na habhann. Agus níor
creidsiom sin ar na ghuin ón Sbiorad Naoimh. Agus adubhairt,
"Cuiridh díbh búr nere go bhfaicimís é." Agus dob éigion dóibh,
agus asé eire fríth ann sin Mochuda. Agus dob é an manach


L. 116


sin dob fheadmannach is an mbaile sin. Agus adubhairt go
tursioch, "A Dé as olc an obuir sin do thiosgainbhúir."
Adubhairt Mochuda go ciuin, "A mhic do budh mhaith damhsa siud
dimirt orm óir do harmhéoighthaoi me idir na mairtíreacha
naomhtha. Agus do budh olc dóibh sion é, óir as abhfochar Iudais
do reac aTighearna féin do bheidís ag fághail peine do shíor óir
dob áil leo misi do chur cum báis ionnus go mbeidís am
ionnad ós cionn mo mhanach. Agus ní hiad na daoine malluighthe
úd, ná daoine don chine dá bhfuil siad, bhus comharbadha
damhsa go bráth, acht as do cenél an neich tré ar shaor dia
me bhias fear mionnaid dom éisi. Agus ní bhia mo chathair go
bráth gan drong éigin don chine Breathnach innte fá na ndiongantar
gáire agus fanamhad agus dá nác bia maoin na tarbha acht sin."
Agus an neach sin do shaor Mochuda ara mhilleadh as don chine
Ciarrúigheac é, agus as díobh atáid comharbadha agus lucht ionnaid
Mocuda do ghréas.



Do bhí Mochuda abhfad daimsir mar adubhramar thuas
nár bháil leis ba na capuill do thógbhail cuige óna daoinibh acht asiad
a manaigh do bhíodh ag romhar agus ag freacar na talmhan do agus
asiad diompcharadh gach nídh beirthíghe cum na mainistreach ara
muin féin. Táinig Fionan Naomh ar chuairt chum Mochuda ar
tteacht do ón Róimh antan sin agus fá bráthair do Mochuda é.
Agus do spreag sé Mochuda agus adubhairt: - "A Mochuda," ar
sé, "créad uim a ccuirirsi moghsaine bhur nainmíoltadh
brúideamhal ar na daoinibh atá na nainmhioltaibh réasúnta?
Agus gur ar ason do chruthuigh Dia gach ainmhilte eile? Agus,
as deimhin, nách caithfeadsa biadh is an mbaile so nó go
ttógbhar an dochar úd díobh." Agus do aontuig Mochuda
anonóir Fhionain dona manchaibh daimh agus capaill chucha ó na daoinibh
agus iad féin do bheith raor ón moghsuine adubhramar. Na diaig sin
iomorro do ghabh trócaire an tAb Naomhtha Lachtaoin do Mochuda
agus dá mhanchaibh ar son ná gabhaidís ba ná spréidh chuca, agus táinig
go Raithin agus tug X mba fithchead agus tarbh agus dís rachtaireadha
agus dís


L. 118


bhanrachtaireadha leis. Agus ar ndul agcómhgar an bhaile dho,
do fhágaibh abha anionnad uaigneach óir níor bháil leis abhfaicsin
aige. Agus do chuaidh féin don mhainistir, agus do leig teinneas
mar badh eadh chuige agus diarr bainne. Agus do chuaidh an
miniostrálúighe do fhoillsiugheadh do Mochuda go raibh Lachtaein
teinn agus gur iarr bainne dá ól. Adubhairt Mochuda, soightheach
do líonadh duisge; agus do rinneadh amhlaidh. Agus do bheannaigh
an tuisge agus do chlaochlo a mbainne mhilis nua é amhail ba í anuair
sin do bleadfaighe é. Agus do cuireadh cum Lachtaoin é agus
do aithin gus bainne fríth go diadha é. Agus do bheannaigh arís
an bainne é agus do chlaochlo an uisge é mar do bhí roimhe. Agus
adubhairt: - "Ní uisge acht bainne do iarras." Agus daithris an
teachtaire abhfiaghnaise cháich uile an nídh sin. Agus adubhairt
Lactaoin: - "As maith an manach Mochuda gidheadh ní dhiongnaid
a chomharba bainne don uisge." Agus adubhairt ris an teachtaire: -
"Éirigh go Mochuda agus innis do nách caithfeadsa biadh is
an bhaile so nó go ngeabhaidh sé chuige an deirc tugasa chum na
manach." Do gheall Mochuda go ngeabadh, agus do tugadh na ba
agus na reachtaireadha do mhanchaibh Mochuda agus do chomharthuigheadar
na reachtaireadha dóibh iad. Agus adubhairt Mochuda ná geabhag
se sin chuige acht anonóir Lachtaoin go geabhadh iad. Adubhairt
Lachtaoin: "Biaidh saidhbhreas, agus iomad spréidhe agus maoine
domhanda ag lucht tionnaid do ghréas ó aniugh amach agus biaid
iomad daoine crábhaidh tré bhiotha is an cathair as aragha tú chum
nimhe, óir do dheántar hionnarbadh as an ionnad so." Agus
dfagaibh Lactaoin an baile iar ttabairt beannochtuin féin dá
chéile agus iar cceileabradh agus iar cceangal cáirdeasa agus cumainn
dóibh.



An aimsir fhoghmair, iomorro, táinig a fheadhmhanach go
Mochuda agus dinnis do go rabhadar na guirt ag dul deasbuidh
a mbuana agus nach faghadh meithiol. Adubhairt Mochuda: - "Imthig
maille re síodh, a bhráthair, agus do bhéara Dia buanuidhthe maithe
duit." Agus ba fíor sin, óir tangadar aingil De iomdha chum


L. 120


an ghuirt dob aibchíge agus do ba mhó dona gortaibh agus do bheansat
é go luath, agus do thiomargadar an aon ionnad. Agus dob
ionngantach leis namanchaibh sin, gidheadh do thuigeadar gurab
ó Dia táinig sin. Agus tugadar grása agus moladh do Dhia agus
do Mochuda.



Do bhí umláid manach Mochuda an mhéad sin da nabradh an
neach budh sine no bfearr aco ris an neach eile luighe ar an
tteine go ndiongnadh sé sin. Dá dhearbhadh sin do bhádar
droing dona bráithribh lá re haghaidh aráin dollmhúghadh is an
uamha agus adubhairt bráthair díobh re bráthair dob óige iná
é féin: - "Atá an tarán dá losgadh agus friotháil é go luath."
Agus do bhí sluasad iaruinn aco le ttógbhaidís an tarán as
an uamha agus níor fríth an tráth sin í. Agus níor fhéach iomorro
an bráthair óg don teine do bhí ar lasadh ambeal na huamha acht
do ghlac an tarán agus do athruig é da lámhaibh agus ní dhearnaig
urchóid ar domhan do. Lá eile do bhadar mancaigh Mochuda ag
deanamh umuloidi láimh ris an abhuinn do bhí tríd an mbaile.
Agus do gair neach ársaidh aco bráthair óg dar bhainm Colmán
chum oibre éigin. Déirgheadar dá Cholmán deag leis an aonghuth
sin chum na hábhann ar son Cholmán do ghairm agus nách dubhradh
Colmán dáirighthe aco. Agus dob fhollus umhlacht mhanach
Mochuda de sin.



Agus badh mór an umhla agus abhfoighde ina tteineasaibh agus
ina easláintibh mar dearbhtar amanach díobh aga silidís crumha
a créachtaibh a chuirp is an tslíge ina dhéaig agus nár éagaon agus nar
innis é do neach agus nar sguir dá obuir da noimint, gideadh dob
fhollus ara fhíoghair go raibh sé easláinteach óir do chuaidh
achorp accaoile go mór. Agus do ghabh trúagha agus trocáire
mhór na bráithre dho. Agus dfiafruigh Mochuda dhe, fá phéin a
úmhla agus ariaghla, cúis a easláinte. Do thaisbeáin an bráthair
athaoibh dho, agus iad ar na ngearradh le gad do bhí rochruaidh tairis.
Dfiafraigh Mochuda cia do rín an rod neamhthrócaireach dofulaing
so ort. Adubhairt an manach: - "Lá do bhamar ag


L. 122


taraing maide rómhóir ón ccoill agus do bhris mo chrios lé méad na
feadhma do bhí orm agus do thuit mo léine rém chosaibh;
do chonnairc neach dá raibh am dhiaigh sin, agus dfáisg an gad so
tar mo thaobhaibh coimhteann sin ionnus gur mhorgaidh feoil mo
thaoibh uaidh." Adubhairt Mochuda: - "Cread uim nár sgaoilis
féin an gad"? Adubhairt an manach, "Nách liom féin an corp
so agus an neach do chuir orm é nár sgaoil é." Agus do bhí
bliadhain iomlán ó do cuireadh an gad tairis gus anuair sin.
Adubhairt Mochuda: - "As mór an pian dfuilingis, a bhráthair,
agus ara shon sin bíodh do rogha agad sláinte cuirp nó anma
dfaghail annois le dul chum na beatha síorrúighe." Adubhairt
sion: - "Créad dob áil liomsa do bheith ar an saoghal so"!
Agus do thogh dul chum nimhe. Agus ar ngabháil tsacraimint
agus coimaoineach dho do chuaidh do chum nimhe.



Táinig lá eile go Mochuda bean dár bhainm Brigh agus a lámh
éislingthe aice nár bhféidir lé atógbháil ó na thaobh, agus a fear
lé. Agus do ghuidheadar Mochuda fón láimh do shlánughadh. Agus
do bhí an bhean torrach antan sin. Agus do shín Mochuda a lámh
le húbhall chúice mar do rín le hinghin Chuana, re Fhlandnait.
Agus adubhairt "Aeleauá," ar sé, "cuir an lámh easlán ar
cheann an úbhaill so." Agus do cuir mar adubhairt Mochuda.
Agus do ghlac an túbhall as aláimh agus do bhí slán agus mar do bhlais
sí an túbhall do thuismigh a toirrcheas gan teinneas, gan
docamhal. Agus do chuadar na ttig maille gairdeachus.



Amhuil do tharngair an fáidh Colum Cuille agus mórán do
naomhaibh eile do Mochuda a ionnarbadh a Raithin, táinig Rígh
Teamhrac, Bláthmhac mac Aodha Sláine, agus Diarmuid abhráthair, agus
cléirigh eile do mhuintir Cluana hEaraird do fhuráil ortha
Mochuda do ionnarbadh. Agus adubhradar ris: - "Fágaibhsi an
baile so agus an talamh uile, agus deana ionnad duit féin."
Adubhairt Mochuda: - "As ann so budh áil damhsa mo bheatha do
críochnughadh agus atáim mórán do bhliadhnaibh a seirbhís do Dia
ann nach (beag?) ranagsa crioch modh bheathadh. Agus (ar) an


L. 124


adhbhar sin ní fhuigheamh an tionnadsa muna ttaraingthear ar
lámhaibh go haimhdhéonach as me, óir ní deaghmhaiseach do sheanóir
andeireadh abheatha go nathróchadh sé dá dhéoin as an ionnad
ambeadh sé re haimsir fhada." Diompúigheadar na huaisle sin
go Bláthmac agus do rinsiad casaoid Mhochuda go fallsa accásaibh
iomdha ris. Agus do ghúigheadar é go ttiocfadh féin do sgrios
Mochuda, ó nách dearrnaidh orthasan a fhágbháil. Táinig iomorro
an rígh go sochraid mhór. Adubhairt Mochuda re na manchaibh
amhail fáidh, re tteacht don rígh, "A bhraithre grádhacha," ar sé,
"ollmhúighidh bhúr neireadha agus ceanglaidh iad, as gearr (go dtiocfaidh)
fíréigion agus gluaisiocht oruibh ó thighearnaoibh an talmhan so,
do dhéanaid bhur nionarbadh agus búr ndiothchur as bhúr nionnad féin."
Táinig iarum an rígh agus abhráithir agus mórán dúaislibh eile léo. Agus
dorineadar cómhnuide accomhfhoghus Raithin. Agus do chuir an
rígh a bhráithir, .i. Diarmuid, maille mórán eile dionnarbadh
Mochuda, agus dá chur as an mbaile dá aimhdéoin, óir do ghabh
Diarmuid do láimh go ndiongnadh sé sin. Agus as amhlaidh fuair
sé Mochuda ag úrnaighthe is an coirin agus dfiarruigh Mochuda dhe
cid uim attáinig sé cé do bhí afhios aige. Adubhairt Diarmuid
gurab é Bláthmac an rígh do chuir é dá ghabháil sion ar láimh da
bhreith as an ccathair agus dá ionnarbadh as an Mídhe uile. "Déana
mádh áil duit," ar Mochuda, "óir atámaoidne ollamh chum gach
nídh dfulang ar grádh Chríost." Adubhairt Dairmuid: - "As
deimhin nách diongansa go bráth a leitheid daindlíghe; déinedh an
té thoigéoras." Adubhairt Mochuda: - "Do gheabha tusa flaitheas
Dé, agus biaidh tú ad righ go luath anionnad do bhráthar, agus an aghaidh
iompúigheas tú úaimsi ní diultfaidhsí re haoidhe go bráth, agus
an t-imdheargadh agus an aithis do bhéaradh an rígh dhuit amuich
annois ar son nár críochnuidhis an nídh cum attangais rachaidh sí
a moladh agus ácclú dhuitsi, agus ar son gur smuainis olc do dheanamh
damhsa agus gur bhollmhughta chuige thú iná chách ní gheabha do mhac
ríghe tar théis." Do chuaidh Diarmuid gus an rígh agus do innis nár
fhéad urchóid ar domhan do dheanamh do Mochuda. Adubhairt an


L. 126


rígh go feargach: - "Ruanaidh sin a Dhiarmuid." Adubhairt
Diarmuid: - "As mar sin do gheall Mochuda, óghlách Dé, dhamh."
Diarmuid Ruanaidh adeirthíghe ris ó sin suas óir adubhradar
uile mar mholadh dho aneinfheacht as fíor gurab Ruanaidh.



As ann do cuireadar na huaisle sin crannchur eadartha
féin, dá fheachuin cia díobh dá roicheadh lámh do cur a Mochuda
farais an rígh da tharraingt amach as an mainistir. Agus do thuit
an crannchur air airchinneach Chluana hIoraird. Agus
do chuaidh an rígh agus é féin agus mórán do dhaoinibh láidre léo san
mainistir. Agus fuaradar Mochuda agus a bhráithre go huile san
eaglais. Adubhairt neach saidhbhir aco dar bhainm Cronán do
ghuth árd: - "Déanaidh go luath an nídh chum a ttángabhar."
Adubhairt Mochuda: - "Do gheabha tusa bás go luath gidheadh ar
ar son go ttugais almsa iomdha dhamhsa ar ghrádh Chriost agus go
raibh tu ceannsa caonbharach riom gus aniugh biaidh do shíol
saidhbhir go brách." Agus do fíoradh andubhairt. Fear eile
dár ainm Dulach do iadhaig sé súil dá súilibh. Agus do ghabh
ag gáire agus a fanamhad fa Mochuda. Adubhairt Mochuda: - "As
mar sin bhias tú go crich do bheatha ar leathshúil agus tú ag gáire
do ghnáith agus biaidh mórán dod tsliocht mar sin." Neach eile díobh
dár bhainm Cailche do rin aidhbhirséoireacht agus conntrácht ar
Mochuda. Adubhairt Mochuda: - "Geabhaidh disinteria go luath
tú agus galar fuail agus do gheabhair bás." Agus tarla sin mar
sin, agus as iomdha díobh dhá ttarla olc agus drochfhagbhala tré na
naindlighthe féin budh chóir do chaoi antan sin. Agus mar
do chonnairc an ríg sin do ghabh fearg mór é agus do chuaidh féin agus
Ab Chluana hEaraird, agus do ghlacadar lámh gacha nduine do
Mochuda, agus do tharaingeadar léo é as a cathair amach go
heasonóirach, míomhodhamhuil, agus do rineadar amhuinntear an nídh
ceadhna ré muinntir Mhochuda. Agus do bhádar idir fhir agus
mhnaoi ag caoi agus ag osnadhail agus a nuallghúbha seachnóin an bhaile in
gach náird ar na nionnarbadh go heasonórach as a ccathar agus as
a mbaile féin. Gidheadh dob iomdha dona sluaghaibh agá raibh


L. 128


truagh agus trócaire mhór do Mhochuda, agus dá mhuinntir gabhaig
sin mar sin.



Do bhí manach do mhuinntir Mochuda aga raibh potagra ina
chois agus do ghuig Mochuda an rígh agus a chomhairle uile go leigfidís
is an mainistir é ó nách raibh siubhal aige, agus do eitígheadar uile
é. Do ghair Mochuda an manach chuige agus dfógair anainm Chriost
don tinneas cos an mhanaigh dfágbháil agus dul accois Cholmáin
.i. prionnsa do bhí ag cathughadh ina aghaidh go mór. Agus do mhair
an teinnios na chois an feadh do bhí na beatha. Agus déirigh an
manach agus do chsiubhail agus do chuaidh le na mhaighistir.



Do bhí bráthair ársaídh do mhuíntir Mochuda, agus do thogh sé a
adhlachadh do beith a Raithin agus tug Mochuda cead do agus do ghabh
comaoine agus sárchrábhadh do láimh Mochuda. Agus do chuaidh chum
nimhe abhfiaghnaise cáich agus do hadhlaichead a chorp a Raitin
amhuil do thogh féin.



Ag imtheacht do Mochuda a Raithin do ghabh do reilg na
mbráthar ar cuairt agus do chaoidh agá faicsin; do iarr beannocht a
raibh adhlaicthe innte agus do rin úrnaighthe ara son. Agus táinig
do chead De gur osguil uaidh mhanaigh díobh abhfiaghnaise cháic uile
agus ba fada roime sin ó do hadhlaiceadh é, agus do thóguibh a cheann as
an uaigh, agus adubhairt do ghuth árd: - "A dhuine naomhtha agus acharaid
Dé, beannaigh sinne agus tigeadh do brigh do bheannocht ar néirghe
agus ár ndul leat mar arachaidh tú." Adubhairt Mochuda: - "Ní
dhingeansa obair nua óir ní bheanabh eiséirghe as anurdail sin do
dhaoinibh roimhe eiséirghe an chine dhaonna uile." Adubhairt an
manach arís: - "Cread uim a bhfágbha sinn agus gurab amhalaidh do
gheallamar (ar) mhbeith an aoinionnadh riot go brách agus do bheith
an aoin ionnadh rinn"? Adubhairt Mochuda: - "A manaigh
an ccuala tú an proibherb so "necessitas movet decretum et
consilium" .i. tormisgionn an téigionntus toil agus comhairle na
ndaoine. Agus déanaidh si comhnuidhe annso an búr nionnadaibh
féin agus iompóigh mise maille rém uile mhanchaibh chúghaibh lá
eiseírghe cháich, agus rachamaoid gus an ccrois úd atá an dorus na


L. 130


heaglaise amuich re nabarthar "cros na naingeal" agus imteóighmíd
re chéile chum an breitheamhnuis." Agus ar rádh na mbriathar
sin do Mochuda do luig mar a raibh ina uaidh féin agus do daingnígheadh
an chómhra.



Agus dimthig Mochuda agus a phobal gur an ccrois adubhramar
agus diompuig cum an rígh arís agus adubhairt ris - "Féach ós do
chionn an neamh agus féach síos ar talamh." Agus dféach an rígh.
Adubhairt Mochuda: - "Nár sealbha tusa neamh agus talamh agus go
sgriostar go luath ód ríghe agus ód fhlaitheamhnus féin tu agus an
bráthair úd agad do imdheargais tré nár chuir sé lámh ionnamse
budh rígh é ar do bheathasa agus rachaidh do chion agus tonóir dhíot
in méad sin ionnus go ndearmadfar tu fá bhiadh na thigh; agus
rachaidh tu féin agus do chlann do drochbhás agus ní bhiaidh duine
ar do shliocht o aimsir ghiorra amach." Agus do malluigh
Mochuda é, agus do bhain clog beag do bhí na láimh air féin agus
ar a shíol agus asé ainm an chluig sin ó sin ale "clog díotha
Blaithmaic" no "clog báidhte Blaithmaic" ar son gur bháthaidh agus
gur dhiothaigh Blátmac gona shíol ó na bhuain ortha. Do bhí,
iomorro, clann mhór mhac agus ingion ag Blathmac agus do chuadar ar
neimhnídh maille ris féin tré mhallochtuin Mochuda. Adubhairt
fós ris an bprionnsa úd Cluana hEarráird do ghlac ar láimh é.
"Biadh tusa ad searbhóntaighe agus ad mhoghaidh dhaor sul ndeachaidh
tú déag. Agus sgriosfuighear ód thighearnas tu agus ní bhia
fóghnamh ar do shíol." Agus do fióradh sin uile. Adubhairt
Mochuda re neach eile dár tharaing ar láimh é; - "Créad tug
ortsa mo ghlacasa ar láimh dom breith as mo chathair féin"?
Adubhairt sion: - "Níor bháil liom go mbeadh Muimneach fo onóir
aleitheide síud is an Mídhe." "As cead liomsa," ar Mochuda,
"an lámh do chuiris ionnamsa abeith mallaighthe do shíor agus an
aghaidh do chuiris orm dom dhíothcur óm ionnad féin a beith salach
teimhleach do shíor." Agus do fíoradh sin, óir do bhris a shúl
na chionn an tráith sin. Do chonairc Mochuda go raibh cuid
do chomharbaibh agus do phobal Dairmhaighe .i. baile do bhailtibh


L. 132


Cholumcille na ionnarbadh. Agus adubhairt riú: - "Biaidh cogadh
agus ceannaraic aguibhse do ghnáth agus do dhéantaoi dochar agus díth a
cheile, óir do bhí pairt mhór dhibh is an ccogadh so do chur ormsa."
Agus bá fíor sin.



Do brostaigeadh tra Mochuda ann sin ón rígh agus ón bpobal
accoitchinne cum imtheachta as an mbaile. Agus do ghluais
Mochuda gona dheisciobalaibh .i. mór-sheisear agus trí fithchid agus
ocht ccéad; agus dfáguibh an oiread céadhna a Raithin ar na
nadlacan. Agus do bhadar mórán eile béo dá dheisgiobalaibh
arannaibh éaxamhla Éireann iar bhfághail bháis. Agus an drong
sin do bhí air láthair dhíobh do bhádar lán do grásaibh an
Sbioraid Naoimh agus as iomdha dhiobh na dhiaig sin do bhí
na neasbogaibh agus na bpápadhaibh agus do cúmhdaigheadh léo
féin eaglaise iomdha do Dia. Agus bíodh a fhios agud gur
mhór umhlacht an easboig naomhtha .i. Mochuda, mar dearbhthar
is an sgéal so - .i. go rabhadar ceithearn mhór lobhar aige an onóir
agus andíghníte a sealla do leath-taoibh na cathrach .i. Raithin,
agus do théigheadh go minic dá bhfios agus dá bhfriothólaimh ann sin gan
tabhairt taoibhe do neach eile riu. Agus do chualadar na
lobair accoitchinne air fuid Éirionn gur ghabh Mochuda cúram
agus muirear na lobhar sin. Agus do thiomairgeadar as gach áird
chuige ionnus go raibh nuimhear doáirmhighthe dhíobh ina fhochair.
Agus antan dfágaibh sé Raithin tug leis iad go Lios-Mór agus
do rín ionnad dairíghthe dóibh ann ina bhfuilid ó shoin fó onóir
agus fá dhíghnite do réir aithne Mhochuda.



Ag imtheacht na slíghe do Mochuda agus dá dheisgioblaibh ó
Raithin maille re carbudaibh agus re reasaibh tárladh dhóibh air
an slíghe crann mór na lúighe. Agus níor fhéadsad dul tairis
do bhrígh dlúis na coille na thimpchioll. Agus adubhairt neach
diobh: - "Atá crann reomhuinn ar an slíghe nách léigean tairis
sinn." Adubhairt Mochuda: - "An ainm Chriost, achroinnse,
éirigh ad seasamh ad tionnadh féin." Agus déirigh an crann
accéadóir le mbreithir Mochuda an astaid féin agus mairidh


L. 134


ó sin na chruth féin, agus atáid clocha iomdha fóna bhun a
ccuimhniúgadh na míorbhuille se.



Acht dob éigion do imteacht; agus an oidhche dfágaibh Mochuda
Raithin is ann do bhí is an ccill re nabartar Druim Cuilinn
agcoigcrich Mumhan agus Laighean agus Chlanna Néill, gidheadh is
andúthaig Chlanna Néill atá sí a bFearaibh Ceall agus as innte
atá Raithin. Agus as ann sa Druim Cuilinn sin do bhí an tab
naomhtha do deallraigheadh do mhíorbhuillibh .i. Barr-Fhinn. Agus
ar na márach do Mochuda aSaighir Chiaráin, agus an oidhche ina dhiaig
is an chathair a bhfuil Cronán annois .i. Ros Cré. Agus do bhí
an oidhche sin ann gan aoidheacht gé do bhí cuire aige ó Cronan,
oir do ullmhuigh Cronan a suipéar do. Agus do éimghidh sin
dul dá chaithiomh óir adubhairt: - "An té do seachain na háoighidh
agus do rin sealla dho ar móin fhásaig abhfad ó chách, nách rachadh
dá slíghe chuige acht gur chóra dho piasdaoi an fhásaig do bheith
mar aoidhibh aige an áit dhaoine." Ód chualaidh Cronan sin
táinig go Mochuda agus do sheachain (do chomhairle Mochuda) an
tionnad araibh sé ar an móin, agus do chomharthuig sé féin agus
Mocuda mainistir agus eaglaise dho aRos Cré. Agus
do rin cathair mhór ann abfuil féin adhlaicthe. Do cheilebhair
Mochuda do Chronan agus do ghabh tré Éile agus táinig chum na cathrach
ríoga re nabarthar Caisiol. Ar na mhárach táinig an rígh .i.
Failbhe, mar araibh Mochuda agus do thairg ionnad do a ndiongnadh
sé eaglais do chúmhdach. Adubhairt Mochuda: - "Ní ceadúighthear
dhuinn ó Dia cómhnuidhe do dhéanamh an aoin ionnadh no
go roichiom an tionnad do gealladh dhuinn ó na naomhaibh."



As annsin tángadar teachta ó rígh Laighean go rígh Mumhan, agus do
ghúidheadar é do bhrígh a chumainn agus aroinn le rígh Laighean
dul do chughnamh dho. Agus go rabhadar Leath-Cuinn agus an rann
tuaidh dEirinn ag teacht agus mórshluagh leo do mhilleadh Laighion.
As amhlaidh do bhí Failbhe ann sin agus ashúl ina eágmuis agus níor
leig an náire do dul accóigcrích agus é leathchaoch. Ód chonnairc
Mochuda méad náire an rígh do bheannaigh ashúl agus do chuir


L. 136


comhartha na croiche céasta uirthe, agus do bhí slán abhfiaghnaise
cháich. Agus do cheileabhair Mochuda agus an rígh dhá chéile agus
do chuaidh gac nduine dáoibh ara chonair féin. Táinig an rígh
agus tionól ashluaigh dfortacht Laigean ó na néigean.



Agus do ráinig Mochuda roimhe tré Musgraoi Oirthir,
agus do ghabh tighearna na tíre sin é maille honóir mhóir,
Aodhán aainm, agus tug an baile re nabarthar Isil do, agus do
bheannaigh Mochuda é, agus a shíol. Agus táinig ann séin is
na Déisibh. Agus do ghabh tré Mhúige Féimionn, agus do rin
cómhnúidhe an Árd Bréanuinn ar bruach na Siúire. Agus táinig
chuige ann sin Maolochtair rígh na nDéisi agus na huasail eile
da mhuinntir do bhí agcogadh agus aneasaonta mhór ris atímpceall
fhuinn. Agus do shíodhuig Mochuda do chead Dé eatortha,
agus do leig réig ag imtheacht iad. Agus tug Maolochtair an
fearann sin do Mochuda. Agus do chómhartaigh sealla ann
agus atá aniugh na bhaile mhór ré nabarthar Árd Fhíonnáin agá
bfuil porráiste mhór agus onóir anainm Mochuda. Do chonairc
bean Mhaoloctair aisling agus así fá bean do Cuciniceas ingean
rígh Mumhan, Fáilbhe Flann, .i. ealta déanach ró áille ag eitiolladh
ósa cionn, agus éan aco budh mó agus ba háille ina acheile. Agus do
leanaidís na héoin eile é, agus do thúrn sé an ucht an rígh,
Maolochtair. Agus ar neirghe as a codhla dhi do aithris don rígh
gach nídh ad chonairc. Adubhairt an rígh: - "A bhean, is maith an
aisling ad chonnaircis agus as geárr go ccoimhlíonfar í; asiad an
eanluith ad chonaicis is an aer - Mochuda agus amhanaig air siobhal ó
Raitin. Agus asé an téan as onóiríghe dhiobh, Mochuda. Agus
asé mar do shuig sé am uchtsa, ionnad a eiséirghe bhias agumsa
am talamh. Agus biaidh grása móra dhuinne agus dár ttalamh de
sin." Agus do fíoradh amhail adubhairt an rígh fíoraonda
aisling amhná fíoraonda.



Lá eile táinig Mochuda mar araibh Maolochtair dá íarraidh
air ionnad andiongnadh se réig leis a mainistir do chúmhdach.
Adubhairt Maolochtair: - "Ní héidir lé pobal mór aitreabadh


L. 138


ann so ara chúmhainge." Adubhairt Mochuda: - "Dia do chuir
sinne agadsa agus foillseochaidh duitsi an tionnad bhus iomchubaidh
duinne." Adubhairt an rígh: - "Atá ionnad agum do leathtaoibh
Sleibhe gCua ar bruach na Neimhe agus is gar iasg agus coill do, agus
atá eagla orm go bfuil sé chúmhang." Adubhairt Mochuda: -
"Ní bfuil sé cumang agus atá abhainn agus iasg ann, agus atá dá
tharngaire dhuinne ré haimsir fhada gurab ann bhias ár neiséirghe."
As ann sin tug Maolochtair an fearann sin do Dhia
agus do Mhochuda abhfiaghnaise mhórán daoine .i. Lios-Mór.
Agus is ann do chumhdaig Mochuda a chathair iardain. Agus do
bheannaigh Mochuda an rígh agus a bhean agus anuaisle agus abpobuil, agus
ar cceileabhradh dóibh agus ar na onórúghadh uatha uile do dhirigh
dionnsuighe a shlíghe tarsna Sléibhe gCua agus chum na cille re
nabartar Ceall Clochair. Agus do ullmhuig naomh na cille
sin suipéar do réir adhíchill do Mochuda .i. Muchua Mhianain,
agus ní raibh do dhig aige da raibh do manchaibh ag Mochuda acht
bairille leanna. Agus do bhí Mochuda gona mhuinntir trí la
agus trí hoidhche ann sin agus do tharaingeadh an tab naómhtha, .i.
Mochua, in lind as an mbairille asoighthíbh beaga don lucht
friothaluimh do réir mar rángadar a leas, agus níor lúghaide an
baraille fós acht do bhí ag fás amhuil do bhí anola ó bheanachtain
Eleas. As ann sin adubhairt neach dá mhanchaibh lé Mochuda: -
"Dá bhfuirigheadh sibh ris an bhfleadh so do chaithiomh budh fada bur
ccómhnúidhe ann so, óir táinig do thíodhlaicibh Dé nách lúghaide
í accaithtear di." "As fíor sin, a bhráthair," ar Mochuda, "agus as
mithid duinn imtheacht." Agus do ghluaiseadar chum na slíghe,
agus tug Muchua Mianain é féin agus aionnadh do Dhia agus do
Mhochuda go brách. Agus ar immtheacht do Mhochuda do thráig
an bairille go deasgaibh.



Agus do ghluais Mochuda roimhe chum na habhann re
nabarthar Néimh agus chum an átha re nabarthar Áth-Mhéadhoin agus ní
fhéadfadh duine a dhul acht snámhuídhe no duine ró láidir an
aimsir thiormaig mhóir agus atteasbach samhraidh agus attráigh mhara


L. 140


óir téid an lán mara an aghaidh an tsrotha sin go Lios-Mhór chúig
mhíle angar do. Agus do bhí an lán mara antan sin ann. Agus
asiad ba túsga chum an átha dá mhanach do mhuintir Mhochuda
.i. Mulua agus Colmán agus do bhí Mochuda ar deireadh cháich; agus
diompúigheadar chuige agus adubhradar nár bfhéidir an abhuinn do
dhul gus an tráig. Adubhairt Mochuda: - "Tigidh an ainm
bhúr ttighearna Iosa Críost roimh cháich tríd an muir óir ase
fein an tslíghe agus an fhírinne agus an bheatha." Mar do chualadar
sin aithne Mochuda dhíobh adubhairt Molua ré Colmán: - "Cia
díobh dhionghabhas tusa an sruith anuas nó sruith an mhara aníos"?
Adubhairt Colmán: - "Coisgeadh gach neach an nídh bhús gar dho";
agus do bhí Molua don taobh shuas aleith an tsrotha agus Colman
do leith an mhara. Adubhairt Molua re Colmán: - "Toirmisgsi an
mhuir dá siobhal nádúrtha agus turméosgadsa an sruith." Agus
do chuadar do dul na habhann maillé creidiomh daingean agus do
chomhárthuigheadar ó chomhartha na croiche naomh an tuisge agus do
dhealuigheadar na huisgeadha do gach taoibh ó ceile ionnus gur
léir an talamh tirm tríthe. Agus ba haoirde na huisgeadha
do gach ttaoibh ar son ná raibh siobhal aco ionnus gur fhásadar
na colbadhaibh róárda do leith an mhara agus an tsrotha. Agus
do anadar mar sin go ndeachaidh pobal Mhochuda go huile.
Agus bá hé féin neach deadhnách do chuaidh cum na habhann
díobh agus do bhí an tslíghe comhmaith sin ionnus nár thormisg sí
coisighthe na carbaid acht amhuil budh machaire réig go ndeachadar
do chosaibh tiorma thairis amhuil do rin sruith Iordane re Iesau
mac Nun. An ndul do Mhochuda anonn, do bheannuigh na
huisgeadha agus do cheaduig dhóibh dul ina cheile agus cursa
nádúrtha do thabhairt. Agus ar ndul dona huisgeada sin
acceann achéile do rinneadar torann agus foghar mór agus asé ainm
an ionnaid sin Ionnad na mBeannoct, ó bheannochtaibh Mhochudha
agus amhuinntire.



As ann sin do chuaidh an teasbog glórmhar sin, .i. Mochuda,
chum an ionnaid do gealladh dho ó Dhia agus ó na fáidhibh agus as ann


L. 142


atá an tionnad sin ar an machaire re nabarthar Maigh-Sgiath.
Agus do bheannaig Mochuda maille na naomhaibh an fearann
sin agus do chomharthúigheadar ionnad eaglaise ann fa cuairt amodh
ciorcaille. Agus táinig chúca ann bean naomh do bhí air an
mágh sin dár bhainm Caeimell agá raibh sealla agus áitreabh ann,
agus dfiafruigh díobh san: - "Cread dob áil libh do dhéanamh,
a shearbhóntaighthe De." "Dob áil linn," ar Mochuda, "lios
beag do dhéanamh a ttímpchioll ár nárnéisi ann so." Adubhairt
Caeimell: - "Ní bá lios beag acht lios mór." "As fíor, a ógh,"
ar Mochuda, "budh Lios Mór a ainm tré bhiotha." Agus tug an
ógh sin í féin agus a sealla do Dia agus do Mochuda, go brách, mar
a bhfuil mainistir chailleach ndubh ar na dheanamh accathair
Leasa Mhóir. Agus mar do gheall Colmán Éile, mar adubhramar, do
Mochuda, fuair sé tumba ar na cómharthúghadh ó na haingeallaibh
mar a bhfuil féin adhlaicthe agus mórán do naomhaibh eile a Lios
Mór, agus do foillsígheadh dho san ón Eagna Dhiadha an líon naomh
do hadhlaicfídhe go deireadh an domhain is an tumba sin. Agus
as onóireach an cathair sin - Lios-Mór, oir atá cuid di nách
lámhaid mná do chsíubhal ná dhimtheacht agus atá mórán do
shéipéalaibh agus do mhainistreachaibh innte, agus bíd mórán do dhaoinibh
naomhtha cráibhtheacha do ghnáth innte, agus ní headh amháin a
hÉirinn acht a Saxaibh agus a Breathnaig agus a tiorthaibh eile.
Agus is ann atá sí is na Déisibh don taoibh theas dAbhuinn Móir.



Lá éigín dá ttáinig draoi go Mochuda daidhbhirseoreacht
agus do conntracht do. Agus a dubhairt ris "Más searbhóntaighe
do Dhia thu, tabhair atora nádúrtha trés an ccraoibh chríon so."
Do thuig Mochuda gur do tharcaisníoghadh na ccomhachtain diadha
adubhairt an draoi sin. Agus do bheannaigh an chraobh agus táinig
croiceann ar ttús uirthe agus duille ainseín agus bláth agus toradh fá
dhéoig mar do iarr an draoi. Do iongantaig an draoi go
mór uim an míorbhuill sin agus dimthigh roimhe.



Lá eile tháinig duine bocht go Mochuda agus diarr se go
coimthigeach bainne agus leanna anéineacht air. Agus do bhí


L. 144


Mochuda antansin láim ris an ttobar re nabarthar Tobar
Mhochuda aniugh. Do bheannaig iomorro Mochuda an tobar agus
do chlaochló a mbainne é ar ttús aindsein alionn, agus fá dhéoigh
abhfíon, agus adubhairt ris an nduine mbocht an méad budh áil
leis do gach nídh dhíobh do breith as. Agus do fhan an tobar
mar sin go ndearna Mochuda úrnnuighthe dá cur na cruith féin
aris. Táinig aingeal do neamh go Mochuda ann sin agus
adubhairt ris: - "Biaidh an tobar so lán do grásaibh na sláinte agus
na subhailceadha agus na míorbhúilleadha agus atá cumhachta slánuighthe
gach galair ann agus ann gach tobar eile dár bheannaigh túsa, a
Mhochuda."



Ar gcumhdach teaghdhaiseadh na mainistreach dona bráithribh agus
don chóimhthionól go neamhthoirseach gan sgís gan cómhnúidhe, do
ghabh tuirse agus athmhúltus Mochuda ó shaothar iomarcach cloch
agus crann na mainistreach dhá nórdúghadh agus é féin anaois mhóir
agus é ag treigean a nirt agus abhrigh ón ársadhacht. Agus do chuaidh
do chead agus do comhairle na mbráthar agus an choimhthionóil an
ionnad uaigneach deirid atá an gleann isiol fón mainistir
móir re nabarthar Inis Mochuda aniugh. Agus rug leis beagán
dá mhanchaibh ann agus do rín mainistir dheallraightheach agus do bhí
bliadhain na chómhnúide san ionad sin agus sé mhí ní as mó, agus tug
abheatha dhíthreabhachta mar sin. Agus do thigidís bráitre agus
seanóradha an chóimhtionoil ar cuairt chuige agus do teagaisgadh
iad dfoirceadal róimhilis. Agus do beanadh moid abheatha
féin do choimhéad do gach aon fo leith diobh, óir do thógbhadh sé
na seandaoine agus do bheireadh sláinte dona daonaibh easláinte,
agus do shólásaigheadh lucht an dobróin, agus do dhothchasadh lucht an
mhíodóthchuis, agus do dhaingníghead an creidiomh is na daoinibh
conntabharthacha agus do cheannsaigheadh agus do chonnlaigheadh na
daoine óga.



Agus mar do chonnairc Mochuda saothar agus aistear na mbráthar
agus na seanóradha suas agus anuas ó Lios Mór dá fhiosrúghadh
agus gur thuig sé aláithe déadhnacha angar do dfuráil a


L. 146


bhreith suas ameasg cháic ionnus nach budh toirseach léo teacht
dá fhios. Ba mithid iomorro le Dia ann sin ashearbhontúighe
féin do bhreith leis ó dhocamhal an tsaoghail agus luadhacht a
deaghoibreacha do thabhairt dó. Agus do hosgladh doirse nimhe
ann sin. Agus do cuireadh sluagh aingeal maille glóir agus re
buaidh do aithriste dá ionnsuighe. Agus ód chonnarc Mochuda
neamh osgailte ós achionn agus aingil iomdha ag teacht na chómhdáil
do fhuráil é féin do chur ameadhon an ghleanna, agus dinnis dona
seanóireadha naomhtha an nídh ad chonairc agus dfuráil Corp Chriost
do tabhairt chuige dá chaithiomh, agus do theagaisg dona bráithribh agus
don cóimhthionól tiomna Dé agus a aitheanta do chómhaill. As ann
do bhí Mochuda antan sin amuith ag an ccrois re nabartar
aniugh "Crux Migracionis" .i. an cros dá ndeachaidh Mochuda
chum nimhe. Agus ar ngabháil Cuirp Criost agus a fhola dho agus ar
tteagasg na bhfoircéadal ndiadha idir choraibh naomh agus mórán
do bráithribh agus do mhanchaibh agus ar ttabhairt a bheannochtuin dóibh,
agus ar na bpógadh do réir úird fa seach do chuaidh an
teaspog glórmhar naomhtha sin maille re sluagaibh aingeal chum
nimhe isin dara hidus do mí Mai a naonta na Naomh Trionóide,
Athair agus Mac agus Spiorad Naomh a saogal na saoghal. Amen.
Finit 7ber 4th, 1741.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services