Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Irish Chiefs and Leaders
Title
Irish Chiefs and Leaders
Compiler/Editor
Walsh, Paul
Composition Date
1625
Publisher
(B.Á.C.: Comhartha na dTrí gCoinneall, 1960)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L265} {L 58} {B 1625c 17T} {G L} {U 0001} {C Prós} {M 8} ANNÁLA BEAGA FEAR MANACH. AOIS Chríosd an uair do fuair gach duine da bfuil mo dhiaidh annso bás: 1
1566. O Domhnaill .i. an Calbhach fear lán do mhaith agus
dhaonnacht agus Róisi inghean Mheguidhir .i. Seán mac Conchonnacht m Conchonnacht m Briain m Philip m Tomáis Mhóir srl. aon bharr áigh Leithe Cuinn ar uaisle ar oineach agus ar dhaonnacht agus ar dheaghaithne agus ar gach deghealadhain dég an bhliadhuin si. Aois Chríosd 1567. O Néill .i. Seán an t-aonduine dob uaisle agus dob oirbheartaigh agus as mó do chuir a neart ar na cóigeadhachaibh ar gach taoibh dá ttáinic do Chinél Eoghain mic Néill ó do sgar an ríghtheacht riú do mharbhadh le Albanachaibh ar ndol dó ar a niocht agus ní raibhe a nÉirinn san am sin sgél bu mó ná sin. An bhliadhain 1568. Droicheat Átha Luain do dhéanamh le Iusdís na hÉirionn .i. Sir Henri Seinnidh. Aois Chríosd 1568. Caitilín inghean Mheguidhir bean dhéirceach dhaonnachtach agus do bhí na mnaoi ag O mBaoighill dég iar mbuaidh ongtha agus aithrighe. Aois Chríosd 1573. Domhnach Inide agus Féil Brighde ar aon lá an bhliadhain si ag
Sanais iar cCáisg
Deas- ghabháil a nEarrach.
Aois Chríosd 1583. Conn mac an Chalbhaigh .i. Ua Domhnaill dég an 13 don Márta agus O Raghallaigh .i. Aodh Conallach dég an bhliadhuin chénna. Aois Chríosd 1593. An uair do marbhadh príomhfháidh na hÉirionn agus an tAb Mhaguidhir agus Mac Cafraigh ar Machaire Chonnacht ar ndol ar sluaghadh a ccuideachta Mheguidhir .i. Aodh mac Conchonnacht. Aois Chríosd 1594. Corbmac mac Emuinn m Néill m an Ghiolla Dhuibh m Gilla Phádraicc m Aodha ó n-ainm- nighthear Sliocht Aodh Fhearmanach marcach maith beódha deaghláimhe do chaith a aois agus
aimsir re buanbheódhacht agus re díolmhuntus a ttús
aimsire agus do chaith deireadh agus lár a aimsire re teagh naoi
agus hospiotaile bídh agus dighe do gach duine dá rug air go haimsir a bháis dég fa bhuaidh ongtha agus aithrighe 1594.
Aois Chríosd 1587. Sémus mac Duinn m Tomáis m Toirrdhealbhaigh m Philip ceann cuideacht
agus comh- luadair agus biatach maith agus fear tighe
coitchionn dég iar mbuaidh n-aithrighe. Aois Chríosd 1588. Matha O Luinín ollamh Mheguidhir re seanchus máighistir maith agus oide foghlama do sgolaibh Eirionn a seanchus agus a bhfilidheacht agus fear tighe aoidheadh agus congmhálach maith daois ealadhna agus do dhaoinibh díomhaoin dég 4 May. Anno Christi 1595. Cogadh déirghe a nEirinn an bhliadhuin si. Anno Christi 1596. O Raghallaigh .i. Seán Ruadh dég an bhliadhuin si. Aois Chríosd 1595 leg. 1601. Maidhm Chionntsáile an bhliadhuin si. Aois Chríosd 1602. Cing Sémus do ríoghadh a Saxaibh an bhliadhuin si 24 Márta. Aois Chríosd 1604. O Ruairc dég an bhliadhuin si .i. Brian Og mac Briain 28 Ianuari. Aois Chríosd 1607. Na hIarladh
dimtheacht as Éirinn an bhliadhuin si. Aois Chríosd 1608. Cogadh Uí Dhochartaigh agus a bhás an bhliadhuin si. Aois Chríosd 1609. Iarla Thíre Conaill .i. Rughraidh O Domhnaill Maguidhir .i. Cúchonnacht Óg mac Cúchon- nacht agus Sémus mac Eimhir Mag Mhathghamhna agus Cathbharra O Domhnaill agus Aodh mac Uí Néill fuaradar dúrbhás uile an bhliadhuin si. Aois Chríosd 1609. Cathbharra Óg mac Cathbharra agus Brian na Samhthach Mhag Mhathghamhna agus Mac an Bhaird Thíre Conaill .i. Eóghan daoidhidh uile an bhliadhnia si.
Aois Chríosd 1611. Conchobar O Duibheanaidh easpog Dúin dég an bhliadhuin si. Aois Chríosd 1612. Cormac Óg mac Seáin m Cormaic m Emuinn dég an 9
Mhárta na bliadhna sa agus do ba mór an dioghbháil a bFearmanach uile a chomhmaith sin do bhiatach agus do chongmhálaidh tighe agus áite dimtheacht don tsaoghal fan am sin agus O hEóghusa darbh ainm Eochaidh ardollamh oirdheirc a ndán agus a bfoghluim agus a ngér- inntleacht na healadhna Gaoidheilge agus biatach maith agus fear tighe aoidheadh go comchoitchionn agus duine mórainm- neach ag Gaoidhealaibh agus ag Gallaibh dég an naomhadh lá do mhí Júne. Aois Chríosd 1513. Seaán mac Cormaic m Emuinn m Néill m an Ghiolla Dhuibh m Ghiolla Phádraicc m Aodha .i. duine maith lán do shonus agus do shaibhrios agus do dhaon- nacht agus do bhí urrumhanta uasal neamhthláith re na easccairdibh agus do bhí onórach re na chairdibh agus re deaghdhaoinibh go haimsir a bháis oidhche fhéil na Marbh rug an duine maith so buaidh ó dheamhan agus ó dhomhan. Aois Chríosd 1598. Mac Maghnusa .i. Giolla Pádraicc Óg mac Giolla Phádraicc m Aodha m Feidhlimidh m Cathail Mheadhónaigh m Cathail Mhóir .i. ceann a chinidh agus a aicme féin agus fear diadha déirceach lán do shonus agus do dhaonnacht agus biatach do rug geall biatachais agus tighe aoidheadh ó mhórán do chill agus do thuaith na hEirionn ina aimsir féin an 6 do Mhárta fuair bás iar mbuaidh ongtha agus aithrighe. Ní bfuarus an bhliadhuin daois Chríosd. Mag Mhathghamhna .i. Brian mac Aodha Óig dég an bhliadhuin si síos a mí Desember 1622. Sar Conchobhar Mhaguidhir dég a mí December an bhliadhiun si aois Chríosd 1625.
{B 1660c 17L} {U 0001} {C Fil.} SEÁN Ó SUILLEABHÁIN NA MBUANNAOI CCT. Níorbh fhoirtile Solamh mac Dáth rí i gcéill Is níorbh oirdheirce Conall Gulban do láimh gníomh éacht Ná Cormac na gCormac - mo ghrádh croidhe an laoch - Le n-ar cosamhuil gur toirrcheas mná ríogh é. Oirbheartach osgurdha nach tláthuigheann d'aon I ngoradh ghonta troda nuair árduigheann sé Cosmhultar a thorainn-mhisneach d'árdPhríomh Gréag Lér cosgaradh na crobhainn-choin ó bhláth-bhuidhin Trao. Ag teacht oruinne do Lochlonnaibh i láinslíghe i ngléadh I gcogadh linn go sollamanta d'fhagháil chríoch Chéin Dá mbeadh donna-mhac Donncha ó lánLaoi an éisg Ag forfhaire ortha is forbach do fágfuidhe an réim. Ar nochtadh a loinne gorma le mbearrfuidhe an féar Don ullamh-churadh is togartha i mbearaoíbh baoghail Ni coisgithear a dhortadh fola ar chách roimhe i bpéin Go soicheann leis a dtolgadh nó a ndáil faoi ghéill. Is an tsolus-bhean ó Phoirt-Iomna is dearsgnaidhe gné Re bhfuil formad fochmhuididh ag mnáibh groidhe Gaodhal Dar Gobnait! is sonas di le hádh síor séin Oirdhearcas an fhir chonaire do ghnáth-luighe lé.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services