Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Irish Chiefs and Leaders

Title
Irish Chiefs and Leaders
Compiler/Editor
Walsh, Paul
Composition Date
1625
Publisher
(B.Á.C.: Comhartha na dTrí gCoinneall, 1960)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


ANNÁLA BEAGA FEAR MANACH.



AOIS Chríosd an uair do fuair gach duine da bfuil mo dhiaidh annso
bás:



1 <Aois Chríosd> 1566. O Domhnaill .i. an Calbhach fear lán
do mhaith agus <do> dhaonnacht agus Róisi inghean Mheguidhir
.i. Seán mac Conchonnacht m Conchonnacht m Briain m
Philip m Tomáis Mhóir srl. aon bharr áigh Leithe Cuinn
ar uaisle ar oineach agus ar dhaonnacht agus ar dheaghaithne
agus ar gach deghealadhain dég an bhliadhuin si.



Aois Chríosd 1567. O Néill .i. Seán an t-aonduine dob
uaisle agus dob oirbheartaigh agus as mó do chuir a neart ar na
cóigeadhachaibh ar gach taoibh dá ttáinic do Chinél
Eoghain mic Néill ó do sgar an ríghtheacht riú do mharbhadh
le Albanachaibh ar ndol dó ar a niocht agus ní raibhe a
nÉirinn san am sin sgél bu mó ná sin.



An bhliadhain 1568. Droicheat Átha Luain do dhéanamh
le Iusdís na hÉirionn .i. Sir Henri Seinnidh.



Aois Chríosd 1568. Caitilín inghean Mheguidhir bean
dhéirceach dhaonnachtach agus do bhí na mnaoi ag O
mBaoighill dég iar mbuaidh ongtha agus aithrighe.



Aois Chríosd 1573. Domhnach Inide agus Féil Brighde ar
aon lá an bhliadhain si ag<us> Sanais iar cCáisg <agus> Deas-
ghabháil a nEarrach.


L. 60


Aois Chríosd 1583. Conn mac an Chalbhaigh .i. Ua
Domhnaill dég an 13 don Márta agus O Raghallaigh .i.
Aodh Conallach dég an bhliadhuin chénna.



Aois Chríosd 1593. An uair do marbhadh príomhfháidh
na hÉirionn agus an tAb Mhaguidhir agus Mac Cafraigh ar
Machaire Chonnacht ar ndol ar sluaghadh a ccuideachta
Mheguidhir .i. Aodh mac Conchonnacht.



Aois Chríosd 1594. Corbmac mac Emuinn m Néill m an
Ghiolla Dhuibh m Gilla Phádraicc m Aodha ó n-ainm-
nighthear Sliocht Aodh Fhearmanach marcach maith
beódha deaghláimhe do chaith a aois agus <a> aimsir re
buanbheódhacht agus re díolmhuntus a ttús <a> aimsire agus do
chaith deireadh agus lár a aimsire re teagh naoi<gheadh> agus
hospiotaile bídh agus dighe do gach duine dá rug air go
haimsir a bháis dég fa bhuaidh ongtha agus aithrighe 1594.


L. 62


Aois Chríosd 1587. Sémus mac Duinn m Tomáis m
Toirrdhealbhaigh m Philip ceann cuideacht<a> agus comh-
luadair agus biatach maith agus fear tighe <aoigheadh go>
coitchionn dég iar mbuaidh n-aithrighe.



Aois Chríosd 1588. Matha O Luinín ollamh Mheguidhir
re seanchus máighistir maith agus oide foghlama do sgolaibh
Eirionn a seanchus agus a bhfilidheacht agus fear tighe aoidheadh
agus congmhálach maith daois ealadhna agus do dhaoinibh
díomhaoin dég 4 May.



Anno Christi 1595. Cogadh déirghe a nEirinn an bhliadhuin si.



Anno Christi 1596. O Raghallaigh .i. Seán Ruadh dég an
bhliadhuin si.



Aois Chríosd 1595 leg. 1601. Maidhm Chionntsáile an
bhliadhuin si.



Aois Chríosd 1602. Cing Sémus do ríoghadh a Saxaibh
an bhliadhuin si 24 Márta.



Aois Chríosd 1604. O Ruairc dég an bhliadhuin si .i.
Brian Og mac Briain 28 Ianuari.



Aois Chríosd 1607. Na hIarladh<a> dimtheacht as Éirinn
an bhliadhuin si.



Aois Chríosd 1608. Cogadh Uí Dhochartaigh agus a bhás
an bhliadhuin si.



Aois Chríosd 1609. Iarla Thíre Conaill .i. Rughraidh
O Domhnaill Maguidhir .i. Cúchonnacht Óg mac Cúchon-
nacht agus Sémus mac Eimhir Mag Mhathghamhna agus
Cathbharra O Domhnaill agus Aodh mac Uí Néill fuaradar
dúrbhás uile an bhliadhuin si.



Aois Chríosd 1609. Cathbharra Óg mac Cathbharra agus
Brian na Samhthach Mhag Mhathghamhna agus Mac an Bhaird
Thíre Conaill .i. Eóghan daoidhidh uile an bhliadhnia si.


L. 64


Aois Chríosd 1611. Conchobar O Duibheanaidh easpog
Dúin dég an bhliadhuin si.



Aois Chríosd 1612. Cormac Óg mac Seáin m Cormaic m
Emuinn dég an 9 <do> Mhárta na bliadhna sa agus do ba mór
an dioghbháil a bFearmanach uile a chomhmaith sin do
bhiatach agus do chongmhálaidh tighe agus áite dimtheacht don
tsaoghal fan am sin agus O hEóghusa darbh ainm Eochaidh
ardollamh oirdheirc a ndán agus a bfoghluim agus a ngér-
inntleacht na healadhna Gaoidheilge agus biatach maith agus
fear tighe aoidheadh go comchoitchionn agus duine mórainm-
neach ag Gaoidhealaibh agus ag Gallaibh dég an naomhadh
lá do mhí Júne.



Aois Chríosd 1513. Seaán mac Cormaic m Emuinn m
Néill m an Ghiolla Dhuibh m Ghiolla Phádraicc m Aodha
.i. duine maith lán do shonus agus do shaibhrios agus do dhaon-
nacht agus do bhí urrumhanta uasal neamhthláith re na
easccairdibh agus do bhí onórach re na chairdibh agus re
deaghdhaoinibh go haimsir a bháis oidhche fhéil na Marbh
rug an duine maith so buaidh ó dheamhan agus ó dhomhan.



Aois Chríosd 1598. Mac Maghnusa .i. Giolla Pádraicc Óg
mac Giolla Phádraicc m Aodha m Feidhlimidh m Cathail
Mheadhónaigh m Cathail Mhóir .i. ceann a chinidh agus a
aicme féin agus fear diadha déirceach lán do shonus agus do
dhaonnacht agus biatach do rug geall biatachais agus tighe
aoidheadh ó mhórán do chill agus do thuaith na hEirionn ina
aimsir féin an 6 do Mhárta fuair bás iar mbuaidh ongtha agus
aithrighe. Ní bfuarus an bhliadhuin daois Chríosd.



Mag Mhathghamhna .i. Brian mac Aodha Óig dég an
bhliadhuin si síos a mí Desember 1622.



Sar Conchobhar Mhaguidhir dég a mí December an
bhliadhiun si aois Chríosd 1625.


L. 136


B 1660c 17L
U 0001

SEÁN Ó SUILLEABHÁIN NA MBUANNAOI CCT.



Níorbh fhoirtile Solamh mac Dáth rí i gcéill
Is níorbh oirdheirce Conall Gulban do láimh gníomh éacht
Ná Cormac na gCormac - mo ghrádh croidhe an laoch -
Le n-ar cosamhuil gur toirrcheas mná ríogh é.



Oirbheartach osgurdha nach tláthuigheann d'aon
I ngoradh ghonta troda nuair árduigheann sé
Cosmhultar a thorainn-mhisneach d'árdPhríomh Gréag
Lér cosgaradh na crobhainn-choin ó bhláth-bhuidhin Trao.



Ag teacht oruinne do Lochlonnaibh i láinslíghe i ngléadh
I gcogadh linn go sollamanta d'fhagháil chríoch Chéin
Dá mbeadh donna-mhac Donncha ó lánLaoi an éisg
Ag forfhaire ortha is forbach do fágfuidhe an réim.



Ar nochtadh a loinne gorma le mbearrfuidhe an féar
Don ullamh-churadh is togartha i mbearaoíbh baoghail
Ni coisgithear a dhortadh fola ar chách roimhe i bpéin
Go soicheann leis a dtolgadh nó a ndáil faoi ghéill.



Is an tsolus-bhean ó Phoirt-Iomna is dearsgnaidhe gné
Re bhfuil formad fochmhuididh ag mnáibh groidhe Gaodhal
Dar Gobnait! is sonas di le hádh síor séin
Oirdhearcas an fhir chonaire do ghnáth-luighe lé.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services