Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fr John Colgan OFM 1592-1658
Title
Fr John Colgan OFM 1592-1658
Author(s)
Mag Colgan, Seán,
Compiler/Editor
O'Donnell, Terence
Composition Date
1607
Publisher
(B.Á.C.: Assisi Press, 1959)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seaán Mhág Colgan cct Rob soraidh an séad-sa soir 'nar ghluais rí fhréimhe hEoghain go crích Saghsan na sreabh seang ó ghasraidh fhear na hÉireann. Do ghluais tar an sál-sa soir oighre sleachta Néill náraigh, bas taoibhréidh na dtachar dte, ó achadh gcraoibhréidh gCairbre. Do-chuaidh go Lundain tar lear d'fhagháil oighreachta a shinnsear, tar glasmhuir fa thuinn dtuile, ó ghasraidh fhuinn Úghaine. Críoch Chuinn ní chuala gur chleacht go roibhe riamh 'na dílleacht acht ón turus-sa ar sál soir: dál nach urusa d'Ultoibh. Re headh iomagallmha an ríogh rob ionann d'ua na n-airdríogh, slat na bhfírfhreagra ngeal nglan, 's d'fhear na síreagna, Solamh.
Go ngabha rí Sagsan soin briathra millsi ua Eoghain; cisde chliar bhfíorghlan na bhFionn dá riar fa ríoghmhagh Raoilionn. Gur ionann a eachtra soin is turas Tuathuil Teachtmhuir tar ghlasmhuir 'na óigrígh fhionn go gasraidh fhóidmhín Éirionn. Nó go madh céim i gcianaibh don ua-sa Néill Naoighiallaigh 's do mhac Earca tar sál sean: lán dá eachtra gach oirear! Nar thí rena dhreich ndealbhghloin, mac Airt óig mhic Toirrdhealbhaigh, éachta na bhfírén ó bhfuil nó créachta cinél gCobhthaigh. Ruathair mhionca Néill Uí Néill, dó dá dtaoibh nar thí oilbhéim; nó éachta Airt uair oile nó an chairt uair Úghoine. Nár thí choidhche re a dhreich nduinn d'iomthnúth na laoch ó Lunnuinn éag nó feilghníomh nó folta, neimhdhíon na séad saoghalta. Toirrdhealbhach oile ór fhás sé is dearbhtha é mur fhínné cuid dá chéim fhéile re headh go n-éir ós ghléire Gaoidheal. Do thairngir Pádraig Puirt Breagh: tiocfa go mórchlainn Mhíleadh, ar feadh Banbha ó mhuir go muir, fear a gcabhra, d'fhuil Eoghain.
Atá an tairngire ar dtocht: dlighthear dhóibh, déanaid umhlocht gach maicne dá uaisle d'fhuil, an uair-si, d'aicme Eoghain. Toirrdhealbhach Ó Néill anos rachaidh sé ós cách i gceannos; fear a chaithmhe - budh céim gar - do réir aithne na n-érlamh. Ré toil Dé dá chur i gcéill, ós cloinn Eoghain mac móirNéill dobhiaidh leannán leasa Breagh, sgeallán feasa na bhféinneadh. Dlighidh Éire ó mhuir go muir go mac Airt d'iul gach ughdair - do cheart ón chuire gan locht - a dteacht uile re humhlocht. Ó do lean an lorg roimhe, ní misde é d'fhiafroighe caidhe, d'fhalaigh chéibhinn Chuinn, a shamhail d'Éirinn aguinn? Iomdha fuil ag fiuchadh faoi d'uaislibh Fódla an ghuirt ghéagnaoi, fá ndligh anáir uaisle Cuinn d'fhagháil an uair-si d'urruim. Atáid uile san taobh tais aicme Chonaill Chláir Bhearnais 's dream ríogh fan créachtghalach cair do shíol éachtghonach Eoghain. Fuil Cholla na ruathar rod, fuil Mhodha neimhnigh Nuadhod, 's teora do ríoghuibh go rath d'fhíorfhuil bheodha na mBreatnach.
Atáid uime cionn i gcionn, fa mhac Airt ó Ráth Raoilionn, fir ba saothroighe glór nglan, do phór laochroidhe Lundan. A n-áiriomh ní héidir liom a n-uil d'fhíonfhuil 'na thimchioll fir gár thuirinn slat na sean fa ndligh uirrim mhac Míleadh. Dósan go madh réim ratha, mac Airt, ua gach ardfhlatha, fíorrún chléire chláir Logha; lán Éire dá énrogha. Oighre sleachta Néill náraigh, mac ionaidh an Ioldánaigh, géag caomhabhla Chláir na bhFionn, aondamhna áigh na hÉirionn. Brath díleas Leasa Logha, mac ionaidh Bhriain Bóromha, aithghin do Chormac ó Chuinn, flaithghin na ndonnbhrat ndíoghuinn. Cormac le fuighlibh fíre, Art ag riaghladh ríghthíre, Conn re ceart catha is cogaidh, teacht na flatha fuarodair. ROB SORAIDH. Sorcha, inghean Énrí óig, a cobhair go dtí ón Tríonóid; gnúis go n-aigneadh maordha mall, aobhdha a caidreabh 's a cumann. Ua Aodha agus Énrí Uí Néill, méin aobhdha, aigneadh soilléir, cneas maoithréidh ós béinne bhan, aoinchéim fhéile na n-ollamh.
D'éis gach éanchráidh dá n-uair sí, go dtí go hinghin Énrí, 'sa slighe go slán tar lear, grádh a cridhe 's a céidfhear. ROB SORAIDH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services