Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fr John Colgan OFM 1592-1658

Title
Fr John Colgan OFM 1592-1658
Author(s)
Mag Colgan, Seán,
Compiler/Editor
O'Donnell, Terence
Composition Date
1607
Publisher
(B.Á.C.: Assisi Press, 1959)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Seaán Mhág Colgan cct



Rob soraidh an séad-sa soir
'nar ghluais rí fhréimhe hEoghain
go crích Saghsan na sreabh seang
ó ghasraidh fhear na hÉireann.



Do ghluais tar an sál-sa soir
oighre sleachta Néill náraigh,
bas taoibhréidh na dtachar dte,
ó achadh gcraoibhréidh gCairbre.



Do-chuaidh go Lundain tar lear
d'fhagháil oighreachta a shinnsear,
tar glasmhuir fa thuinn dtuile,
ó ghasraidh fhuinn Úghaine.



Críoch Chuinn ní chuala gur chleacht
go roibhe riamh 'na dílleacht
acht ón turus-sa ar sál soir:
dál nach urusa d'Ultoibh.



Re headh iomagallmha an ríogh
rob ionann d'ua na n-airdríogh,
slat na bhfírfhreagra ngeal nglan,
's d'fhear na síreagna, Solamh.


L. 64


Go ngabha rí Sagsan soin
briathra millsi ua Eoghain;
cisde chliar bhfíorghlan na bhFionn
dá riar fa ríoghmhagh Raoilionn.



Gur ionann a eachtra soin
is turas Tuathuil Teachtmhuir
tar ghlasmhuir 'na óigrígh fhionn
go gasraidh fhóidmhín Éirionn.



Nó go madh céim i gcianaibh
don ua-sa Néill Naoighiallaigh
's do mhac Earca tar sál sean:
lán dá eachtra gach oirear!



Nar thí rena dhreich ndealbhghloin,
mac Airt óig mhic Toirrdhealbhaigh,
éachta na bhfírén ó bhfuil
nó créachta cinél gCobhthaigh.



Ruathair mhionca Néill Uí Néill,
dó dá dtaoibh nar thí oilbhéim;
nó éachta Airt uair oile
nó an chairt uair Úghoine.



Nár thí choidhche re a dhreich nduinn
d'iomthnúth na laoch ó Lunnuinn
éag nó feilghníomh nó folta,
neimhdhíon na séad saoghalta.



Toirrdhealbhach oile ór fhás sé
is dearbhtha é mur fhínné
cuid dá chéim fhéile re headh
go n-éir ós ghléire Gaoidheal.



Do thairngir Pádraig Puirt Breagh:
tiocfa go mórchlainn Mhíleadh,
ar feadh Banbha ó mhuir go muir,
fear a gcabhra, d'fhuil Eoghain.


L. 65


Atá an tairngire ar dtocht:
dlighthear dhóibh, déanaid umhlocht
gach maicne dá uaisle d'fhuil,
an uair-si, d'aicme Eoghain.



Toirrdhealbhach Ó Néill anos
rachaidh sé ós cách i gceannos;
fear a chaithmhe - budh céim gar -
do réir aithne na n-érlamh.



Ré toil Dé dá chur i gcéill,
ós cloinn Eoghain mac móirNéill
dobhiaidh leannán leasa Breagh,
sgeallán feasa na bhféinneadh.



Dlighidh Éire ó mhuir go muir
go mac Airt d'iul gach ughdair
- do cheart ón chuire gan locht -
a dteacht uile re humhlocht.



Ó do lean an lorg roimhe,
ní misde é d'fhiafroighe
caidhe, d'fhalaigh chéibhinn Chuinn,
a shamhail d'Éirinn aguinn?
Iomdha fuil ag fiuchadh faoi
d'uaislibh Fódla an ghuirt ghéagnaoi,
fá ndligh anáir uaisle Cuinn
d'fhagháil an uair-si d'urruim.



Atáid uile san taobh tais
aicme Chonaill Chláir Bhearnais
's dream ríogh fan créachtghalach cair
do shíol éachtghonach Eoghain.



Fuil Cholla na ruathar rod,
fuil Mhodha neimhnigh Nuadhod,
's teora do ríoghuibh go rath
d'fhíorfhuil bheodha na mBreatnach.


L. 66


Atáid uime cionn i gcionn,
fa mhac Airt ó Ráth Raoilionn,
fir ba saothroighe glór nglan,
do phór laochroidhe Lundan.



A n-áiriomh ní héidir liom
a n-uil d'fhíonfhuil 'na thimchioll
fir gár thuirinn slat na sean
fa ndligh uirrim mhac Míleadh.
Dósan go madh réim ratha,
mac Airt, ua gach ardfhlatha,
fíorrún chléire chláir Logha;
lán Éire dá énrogha.



Oighre sleachta Néill náraigh,
mac ionaidh an Ioldánaigh,
géag caomhabhla Chláir na bhFionn,
aondamhna áigh na hÉirionn.



Brath díleas Leasa Logha,
mac ionaidh Bhriain Bóromha,
aithghin do Chormac ó Chuinn,
flaithghin na ndonnbhrat ndíoghuinn.



Cormac le fuighlibh fíre,
Art ag riaghladh ríghthíre,
Conn re ceart catha is cogaidh,
teacht na flatha fuarodair.



ROB SORAIDH.



Sorcha, inghean Énrí óig,
a cobhair go dtí ón Tríonóid;
gnúis go n-aigneadh maordha mall,
aobhdha a caidreabh 's a cumann.



Ua Aodha agus Énrí Uí Néill,
méin aobhdha, aigneadh soilléir,
cneas maoithréidh ós béinne bhan,
aoinchéim fhéile na n-ollamh.


L. 67


D'éis gach éanchráidh dá n-uair sí,
go dtí go hinghin Énrí,
'sa slighe go slán tar lear,
grádh a cridhe 's a céidfhear.



ROB SORAIDH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services