Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Bruach na Coille Muaire
Title
Ar Bruach na Coille Muaire
Author(s)
Ó hIfearnáin, Liam Dall,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1803
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1939)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
1. UAILL-GHUTH AN AOIBHNIS. Ar bruach na Coille Muaire fé ruadh-bhrataibh bróin Do seóladh guth im chluasaibh ba suairce liom fé dhó 'Ná ceól na cruite ag fuaimint Is 'ná glór na lon 'san uaigneas, B'é ceól ba bhinne é im chuaird liom dá gcuala dhen tsórt. 'Ná an ceól dothugaid suaidh-fhir tar muar-mhuir ón Róimh, 'Ná an spórt dodheinid gruagaigh ar gruadhlios na slógh, 'Ná an gheóin do leigid cuacha Go nódh cois coille i mbruach cnuic Is gach brón gur chuir mo chuaird díom m'reach Molly bheag Ó. Saithe beach do luadhadh linn ar thuairisc a dtreóin An foghmhar dobheadh go buaidheartha is gan suailceas ag Seón Seoirse ar lear dá ruagadh Is an chóip dobhíodh go buacach Gan ór gan bailte ar buan dóibh 's ní truagh liom a mbrón. I Srónall dá mbeinn fuaighte fé chruadh-lic i gcómhad Is an sceól do chlos mar chuala, go suanmhar ar seól, Le fórsa is neart mo ghualann An fód go gcaithfinn suas díom Is mo threóir tar n-ais ba luaimhneach fé thuairim an sceóil.
2. CAITILÍN NÍ UALLACHÁIN. Ó measaimíd nách calm rinn den bhuairt seo i Spáinn Acht mealladh slighe chum catha cloidhimh do thabhairt i dtráth; Beid galla arís dá leagadh síos le lúth ár lámh, Is mac an ríogh ag Caitilín Ní Uallacháin! Geallaim díbh nách fada arís gur buartha an gháir, Ag arm faoibhair dá gceapadh linn is fuadar lámhaigh; Is tapa cruinn do phreabfaimís 's is buacach árd, Dá mbeadh mac an ríogh ag Caitilín Ní Uallacháin! Is fada sinn ag faire arís le fuascailt dfhagháil 'N-ár stallairí gan balcaisí ná a luagh 'n-ár láimh; Beid barca líonta ar barra taoide is fuaim ar sáil, Le mac an ríogh chum Caitilín Ní Uallacháin! Ná measaidís gur caile chríon ár stuaire stáid, Ná caillichín n-a gcrapfaidís a cuail bheag cnámha; Cé fada ag luighe dhi le fearaibh coimhtheach gan suaimhneas dfhagháil, Tá sáith an ríogh i gCaitilín Ní Uallacháin! Is fada a dlaoithe casta cíortha is a scuab-fholt bán, Is a dearca righne ag amharc Gaoidheal cois cuanta breágh; Is blasta binn a chanann sí gur buan bhéas páirt Idir mhac an ríogh agus Caitilín Ní Uallacháin!
Ná measaidís na spreallairí gur buan ár bpáis, Is gur gearra bhíd na glasa á scaoile nuair is cruaidhe an cás; Go ndearna Maois roimh phobal Ísrael den mhuar-mhuir tráigh Is go bhfóire Críost ort, a Chaitilín Ní Uallacháin! A Mhuire dhílis, a chara chaoin-ruisc, gach uair 'n-ár bpáirt Agall Íosa ar son na nGaoidheal mbocht - is cruaidh é a gcás - Lucht an íspirt do chur ar díbirt, is ár stuaire mná Is a céile fíor-cheart do théacht tar taoide gan buairt 'n-a dáil. Tá gné ghlan ar Phoebus is lonnradh tríd, Tá an ré agus na réalta i gcúrsa chruinn, Tá na spéartha fé scéimh ghlan, gan smúit gan teimheal Roimh réx ceart na Féinne is a thrúp thar tuinn. Tá ár gcléire i gcaomh-ghuth ag súil le Críost Is ár n-éigse go réimeach 's a gcumha ag dul díobh, Gaedhil bhocht Inis Éilge go súgach síoch Roimh Shéamus Mac Shéamuis is an Diúic tar tuinn.
3. CAITILÍN NÍ UALLACHÁIN. Is fada mílte á chartadh síos is suas ar fán, Is clanna saoithe ar easbhaidh grinn gan chluain gan stát; Gan chanadh díodhacht gan fleadh gan fíon gan chnuas gan cheárd, Ag braith arís ar Chaitilín Ní Uallacháin. Ná measaigí gur caile chríon ná guaireachán, Ná caillichín an ainnir mhín-tais bhuacach mná; Is fada arís budh banaltra í is budh muar a hál Dá mbeadh mac an ríogh ag Caitilín Ní Uallacháin. Budh deas a gnaoi dá mairimís le ruagairt námhad, A brata síoda ag tarraingt gaoithe is buadh chum báb; Plaid go groidhe ó bhaitheas cinn anuas ag trácht Ag mac an ríogh ar Chaitilín Ní Uallacháin. Screadaimíd le hathchuinghí chum Uain na nGrás, Do cheap na tíortha, talamh trím, is cruachaibh árd; Do scaip 'na dtimcheall fairrgí geal-chuanta is trágha Ag cur malairt críche ar Chaitilín Ní Uallacháin. An Té tharraing Ísrael tarsna Taoide Ruaidhe ón námhaid Is do bheathuigh daoine dathad geimhreadh anuas le arán; Do neartuigh Maois ameasc a naímhde, fuascail tráth Is tabhair díon do Chaitilín Ní Uallacháin.
4. I nGLEANNTAIBH SÉIMH NA hÉIGSE BHÍNN. I ngleanntaibh séimh na héigse bhínn I bhfanntais péine i ngéibh gach laoi An tseang-bhean tséimh ba bhéasach gnaoi Do scannruigh mé pé in Éirinn í! Ní thráchtfa mé ar chéile Naois Tug ár na nGaedhal ar dtéacht don Chraoibh Ná an bháb ón nGréig do chéas an Traoi Le grádh mo chléibh pé in Éirinn í! Is breágh deas dréimreach réidh a dlaoi Go bárr an fhéir 'n-a slaod ar bís A tláth-fholt réidh do dhéarscnui' an flíos Ar ghrádh mo chléibh, pé in Éirinn í! Is cásmhar taodach déarach bhím Go cráidhte créimeach céasta ón mhnaoi Fánach faon gan chéill ar baois Le grádh don bhéith, pé in Éirinn í! Ar neón nuair théighim ar thaobh Suidhe Finn Fá bhrón i gcéin is gan aon dem buidhin Cé sheólfadh Aon-Mhac Dé im líon Acht stór mo chléibh pé in Éirinn í!
5. FÉ FHÓD AN RATHAIN. Sailm an Ghadhnánaigh: Fé fhód an Rathain do leagadh an tíoránach An geócach malluithe is an madra millteánaigh Tug pór na heascaine ag fealladh ar na deagh-cháirdibh An stródhaire galair gur bh'ainm dó an Gadhnánach.
6. A LIAM UÍ IFEARNAIN, AN BHFUIL TÚ IT BHEATHAIDH? Dáibhí Ó Cléirigh .i. "Mac Spotty" cct. Fonn: Póiní an chlóicín uaine. A Liam Uí Ifearnain, an bhfuil tú it bheathaidh? I Srónall tuas ar bruach na glaise Sin chughat póiní an chlóicín daithte Is cuir-se ar seól í i gcóir chum reatha. 7. LIAM Ó hIFEARNAIN, CCT., DÁ FHREAGAIRT SIN, Ar an bhfonn chéadna. Is nár an gníomh i gcríochaibh Cuanach Báb an ghrinn sa chaol-chuilc uaine I lár na draoibe sínte suaithte Is gártha ag mílte trí n-a cluasaibh! Cé thárla sí go síleach suarach Fánach fuidheach gan fís go fuar fliuch, Is náireach díbh-se, an líon do bhuair í, - Lámh do luighe ar mhnaoi is í in uaigneas.
Bhí lá go fíor ag an mnaoi seo ar buaireamh Fálach fíontach fillteach fuadrach, Gárthach gaoiseach gníomhach gruadh-ghlan, Láidir líonmhar líonta luaidhleach. Is gártha croidhe aici, maoidhim, i muar-chath Thnáithfeadh díorma i gcoimheascar buailte, Dáimh is draoithe ag sníomh a duanta, Cé thárla sí foríor go huaigneach. Bhásuigh mílte rinn a suan-ruisc Bláth an droighin is gríos 'n-a gruadhnaibh, A gáire grinn mar bhinn na cuaiche A brágha ar lí na bhfaoileann luath-fhliuch. Scáth an aoil 'n-a cíochaibh cruadh-gheal Is cráidhteacht croidhe ar an mbuidhin do bhuair í.
8. IS DUINE MÉ SHIUBHLAIDH A LÁN. Dáibhí Ó Cléirigh cct. Is duine mé shiubhlaidh a lán Fé chrosaibh atáim ó rugadh mé Ag leigean mo chumainn le mnáibh Gur ghoineadar báire is fiche orm!
9. CAR BH'IONGNADH DUINE DHET CHÁIL-SE. .i. Freagra ar an rann san tuas. Liam Dall Ó hIfearnain cct. Car bh'iongnadh duine dhet cháil Do thuitim i lár na haindeise Tré mhéid do ghliogair le mná Solamh is Dáth ó mhealladar? Tarraing go caoin an bheóir A chara bí i gcló na seanchadh, Is fearra mar ghníomh an t-ól Is seachain go deó na galair sin. Féach-se Samson ba ghroidhe Do leagadh sa bhruighin na Philistins Le méid a thaitneamh do mhnaoi Gur ab aindeis an tslighe nur imthigh sé. Tarraing go caoin srl. Féach-se Hercules líomhtha An leanbh ba ghroidhe ag Jupiter Le méid a chumainn do mhnaoi Dorinne sí spríos sa teine dhe. Tarraing go caoin srl.
Nár léighis-se ar chathair na Traoi Bhí ag aicme na gcraoiseach gcumasach Tré Hélen ghreannamhar chaoin Gur cailleadh na mílte is tuille aca? Tarraing go caoin srl. Féach-se an leanbh san Thétis - Achilles gréagach iomarach; Tré mhéid a chumainn re béith Gur imthigh sé ar thaobh na tiubaiste. Tarraing go caoin srl. Féach-se an curadh Mac Treóin Tug turas gan ghó go Banba Tré Niamh na dtriopall gcas n-óir Gur cailleadh sa ghleó le hOscar é. Tarraing go caoin srl. Féach-se an curadh Mac Cumhaill Fear cosanta is clú na Banba An t-éad nuair bhrostuigh a phudhair Gur mhairbh an fear cúil do b'fhearra aige. Tarraing go caoin srl. Féach Clann Uisnigh nár stríoc Is a d'imthigh le mnaoi go hAlbain Tré éigean chleasaibh an ríogh Dá deasca gur claoidheadh in Eamhain iad. Tarraing go caoin srl.
Dá thréineacht fearaibh na nGaoidheal Condae na Midhe níor ghlanadar Acht Turgésius aca mar rí Do cailleadh le hinghin Mhaoilsheachlainn. Tarraing go caoin srl. Cúraoi† neartmhar †Mac Dáire I gcoimheascar áir ba chalma, Pudhair nimhe gur cuireadh 'n-a lár Nuair d'imthigh le Bláthnaid Alban. Tarraing go caoin srl. Ó Mhuiris nuair rugadar sceól Tuirinn tar bórd na Banba An cluiche 'nar cuireadh an chróinn Ar dhuine de phór na Breataine. Tarraing go caoin srl. Siúd mar d'imthigheadar Gaedhil, A dhuine gan chéill ná tagair sin, An tiubaist má d'imthigh ort féin - Nár mhilleadar laochradh an aniomad? Tarraing go caoin srl.
10. CAR BH'ÍONGNADH TAOISEACH NÓ EASPOG CÓMHACHTACH. Nuair d'órduigh Rí Shasana troscadh chum buadh catha. Car bh'íongnadh taoiseach nó easpog cómhachtach Do thabhairt saoire Dia hAoine agus troscadh damh-sa Le díograis chum Stíobhairt do ghlacadh coróinneach Is gan smaoineadh go nguidhfinn le sleachta Sheóirse? An bhuidhean úd do dhíbir mo charaid rómham-sa Fé dhaoirse le dlighthibh na ngalla-chóbach Ní shílim im smaointe gur peaca dhamh-sa Gan guidhchan Dia hAoine le haicme 'en tsórt san. Gidh maoidhid sin na dlíghthe gur ceapadh rómpa Is a ngaoilta go híseal i bhfearann Fódla Má rínneadh do scaoileadh na hachtaibh leó san Ar dtigheacht dóibh go haoibhinn i gceannas gcoróineach. Bíd sin ag Laoiseach dá ngreadadh i gcómhrac Is ríghthe gach críche ag teacht i gcómhar leis, Mo phíopa do shíneadh le reamhar-chórda Dá nguidhinn-se i slighe ar bith ar mhaitheas leó san. Mar bhárr ar gach dochar tug Cromaill go crích Fódla Is gur ársa mo chogal san bpobal le taoibh Srónaill Ní thárla an donas go follus im shlighe dhamh-sa Go ránga me ag obair im throscadh do Rígh Sheóirse.
11. IS ATUIRSEACH FANN I dTEANNTA AR CAITHEAMH ME. Is atuirseach fann i dteannta ar caitheamh me Ag tionnscain galair gach lá liom féin, Tinneas gan brannda go fann ar leabain leag Gan tnúth le caraid is me ag trácht i gcéin; Ó d'imthigh an greann 'san am ar mheasas-sa Is gur milleadh an drong do shanntuigh Alba, Fuair leagadh ár bprionnsa i gceannsacht Bhreataine, Dfhág mé im chodladh gan múscailt scéil. Ó d'imir an Frangcach cam ar Charolus, Crobhaire an ghaisce do b'árd i gcéim, I siosma na lann a gcabhair ní bhraithim-se Ó d'iompa an galar so i lár mo chléibh. Tá cluiche an dá cheann ag namhaid na Banba Is dlighthibh na ngall i gciumhais gach baile againn Is ar imthigh anonn gan mheabhair ar chasadh leó Dfhág me im chodladh gan múscailt scéil. "A fhir ghasta ní ham dhuit canntladh ghlacadh anois, Is an chabhair it aice le togha gach scéil, Beidh $fanatics fann gan chabhair in Albain Is plúr na Sacsan aca 'n-a réx;
Casfaidh an Frangcach teann mear feargach, Go hacarthach bantrach campach armach, Le casmairt na lann i dteannta Charoluis, Is ní rachad a chodladh a gcúis go bpléidheadh." "Mo dhainid do cheann go fann ar mearbhall Ag tnúth le caraid tá in áit i gcéin, Glac misneach in am, bíodh greann dá spreagadh agat Go subhach mar chleachtadh 'san Mhumhain do Ghaedhil. Beidh Aifreann cantaracht i gceann gach baile againn, Is cuirfar ár namhaid i dteannta a marbhtha Is aite liom súd ná damhsa an ghadraigh, Is má cuirtar a chodladh iad ní dúbhach liom é."
12. UILL LÓ MHÉADHBH CHRUACHAN DO CHORMAC STÍOBHART. Uill ló, a thoil, ná goil go fóill Is gheóbhair gan dearmad taisce na seód Dobhí ag do shinsear ríoghdha rómhat In Éirinn iathghlais Bhriain is Eóghain. Is ó huis ó, mo leanbh, mo thaisce, mo bhrón Tu ag sileadh na súl is mo chúil gan lón. Dogheóbha tú an caol-each éadtrom óg Dogheóbha tú an srian 's an diallait óir Bhí ag Fáilbhe Fionn ba teann ar tóir Ag ruagadh danar ó Chaiseal go Bóinn. Is ó huis ó, srl. An Cloidheamh Soluis is an dornchlainn óir Dobhí ag Brian ag riar na slógh Is an bogha bhí ag Murchadh an urchair mhóir I gcath Chluain Tarbh ag treascairt na dtreón. Is ó huis ó, srl. A mhangaire bhonnaghil Shionna na seól A bhradáin Leamhna as Gleann an Óir, A éigne gheal as Abhainn Mhóir Is eó na Laoi thú ar linn ghlain Eóghain. Is ó huis ó, srl.
A árdchú an taistil ó Chaiseal na nÓrd A leóghain dhaithte Bhunraite na slógh A fhiolar Sléibhe na gcaol-gcrot gceóil Is a sheabhaic na seilge ó Sceilg na sceól. Is ó huis ó, srl.
13. CAOINEADH NA nGAEDHAL. Mo dhainid go n-éagaid na fearachoin aosta Bhí againn go séanmhar i bhFáil-chrích, Dragain na féile nár mheathta chum laochais Ar a n-airm ba léadmhach a dtrácht síos. Ba bhlasta gach bhéarsa dá dtagadh le héifeacht Is ba ghreannamhar saothar ár bhfáidhí, Gur mhalairt an saogal ar atharrach tréithe Is ná cantar le héinne acht Seán Buidhe! Starthaibh na nGréagach pé chanfadh le héifeacht Is reachta na gCaesar do b'árd gníomh, Is an gasradh léigheanta bhí ar machaire Shéanair An aicme thug saothar in ársaidheacht; Gaisce na Féinne bhí sealad go réimeach, Is an imeacht as Éire rinn Dáithí Is Clanna Lir éachtaigh fuair peannaid sa tsaogal Ní haiteas leó an méid sin gan Seán Buidhe! An chaismirt bhí ag béine ó Bhreatain le saorfhlaith Do baisteadh ó thréineacht a lámh-ghníomh Caitheamh Tuirgéisius as Teamhair na dtréan-fhear Mar gealladh dó in éiric ón Árdrígh;
Chuir Feargus Déad-dubh is a charaid chum éaga Nuair measadh leis éigean gach mná dhíobh Is geallaim gan bhréig duit nách taitneach leó an méid sin Gan reacaireacht éigin ar Sheán Buidhe! Ar leagadar laochradh i gCluain Tarbh na mbéimeann - An aiste ler saoradh ó cháin sinn - Is ar cailleadh dá éis sin de dheascaibh na béithe Do thaisteal ó Bhréifne le Mác Maoil; Elisabéata is a hathair mar shéanadar Aifreann Dé dhil, mo chrádh croidhe! Is aicme Oilbhéir sin do threascair ár gcléire Níl maitheas it scéalta gan Seán Buidhe! Má's oirfideach déanta do chanas gach aon tsult Nó reacaire léigheanta go sárchaoin, Do casfar le méirleach cois leasa nó taobh cnuic Nó ar bhealach ag téarnamh mar táimíd, Níl beannachta Dé aige ná freagra in éifeacht Ná aithris ar Shéarlas an fánaidhe Acht spalpfaidh na déithe nách cuideachta an té sin Mun spreagfaidh rud éigin ar Sheán Buidhe!
14. A PHÁDRAIG NA nÁRANN. A.D. 1760. A Phádraig na n-árann, an gcluin tú na gártha - An gcluin tú an pléráca an siosma is an gleó? Ar chualais mar tháinig Go Cúige Uladh an ghárda Thúrot 'n-a shláinte le hiomarca scóip! Preab! bí it sheasamh! glac meanmna is bíoga Gríosuigh na seabhaic tá it aice chum spóirt Beidh píbí dá shéide, Le claidheamh a mbeidh faobhar air Is racham in éinfheacht fé bhrataibh an leóghain. Éistigh, a Ghaedhla, atá cráidhte age méirligh Glacaidh bhur dtréan-airm gaisce 'nbhur ndóid; Bíodh hurrá go súgach Anois ó tá an prionnsa Is a ghárdaí go dúbalta ag tarraint 'nbhur gcómhair. Hurú gan dochma! bíodh deoch ar an mbórd agaibh Suidhgí go sochma le soilbheas ceóil Tá an báire ag ár muintir Is an lá aca ar a naímhde Is go bráth beidh ár saoithe ag imirt 's ag ól.
Tá an rúta so láidir, má's fíor gach a ráidhtar, An crobhaire cionn-árd is a bhuime gan bhrón, Seóirse go lán-lag Is Cumberland cráidhte, Pitt insa phárlimint caithte ar a thóin! Na Hielans ag tarraint fé phlaidibh 'n-a dtrúpanna Is a bpíobanna fada dá spreagadh chum ceóil Ringce ar gach maol-chnoc Le háthas na scléipe Ag cur fáilte roimh Shéarlas abhaile 'n-a choróinn. Isé an rírá dáríre é an pléráca is an t-aoibhneas, An scéal breágh le hinnsint faid mhairfeam gach ló Na cóbaigh go claoidhte Gan fóirthin gan fíonta Gan ceólta gan saoithe gan bailte gan lón Réabaidh gach galla-phoc - leagaidh is rúscaidh iad Cuiridh as talamh bhur n-aithreacha an chóip Tá Seóirse is a mhuintir Go brónach lag claoidhte Is coróinn na dtrí ríoghacht air ní chasfaidh go deó!
15. AITHRIGHE LIAM DAILL. A Íosa bheannuighthe cheannuigh me ar daor-chrois A Dhia-Mhic chailce na banaltran naomhtha Stiúruigh sínn arís ó bhaogal It chúirt aoibhinn chlúmhail ghrinn gan éalaing. A Chruthóir cháidh, a ráib na daonnacht', A Leinbh gan cháim do shlánuigh céadta Maith dhúinn ár ngeallamhna bréagach Do ráinig linn foríor do dhéanamh. Do gheallas bheith páirteach cráibhtheach daonmhar Eagnaidhe grádhmhar lán de thréithibh Fáth mo thuirse nár thuigeas a dhéanamh Acht iomarca caithidhe is peacaí chéas me. Is fíor le n'aithris gur gheallas go dtréigfinn Baois is eascaine, ragairne is craos cuirp Go mbeinn tuigsionach urramach déarcach Láidir cumasach i gcoinne na péiste. Gadaidhe an cneámhaire is gráin le féachaint - Sladaidhe smáil na dtáinte an sméirle - Cladhaire ceachartha cealgach craosach Beartaidhe fallsa do mheall na céadta.
A Uain ghil, a Athair, a dhalta na Béithe A Dhia-Mhic chailce, is a leabhair-Spirid Naomhtha Tabhair dam cródhacht scóp is réim nirt I gcoinnibh caithidhe an bheartaidhe bhréagaigh. A Mhaighdean chlúmhail cheannsa chaomhnach Mheadhrach mhúirneach mhúinte bhéasach Bí-se ag guibhe gan tuirse chum t'Aon-Mhic Me chumhdach feasta gan damaint ó dhaorbhroid. A Bhanaltra ghreadhnach bhraghaid-gheal mhaordha Ó rugadh le meadhair an Deagh-Mhac Naomhtha Téighim fí choimirc do Leinbh a céasadh Is ót chaoin-bhrat ná díbir me a Réiltean. A Mháire mhilis, a choimirc na gcéadta, A bhláth na mbroingeal, a chriostail na mbéithe A Bhanaltra ghrádhach ghrinn an Áirdríogh naomhtha A Shiúr ghlan Dháibhí, a cháidh-ríoghan mhaordha. A Mhaighdean Bheannuighthe, a thaitneamh na cléire Dfhoidhnigh masla agus tarcuisne in éinfheacht Ag taisteal triúch let Úr-Mhac Naomhtha Ar eagla badhbh in aimsir Hérod. A Dhia, a Mhic Mháire, a bhláth na féile A Rí gan cháim, a ráib na daonnacht Fáth mo cheasnaí an aithrighe thréigean Is fhaid nár leigeas fám bruinnibh do Chaomh-Chorp. Gach slighe agus bealach 'n-a rachad go n-éagad Bí-se feasta dom fhaire is dom shaoradh Ar smaointe malluighthe, ar eascaine, ar chraos cuirp, Ar ghráin, ar mhioscais, ar bhinb, ar bhréagaibh.
Bí 'om chúmhdach ón dtrúip seo léighfead - Caithidhe clamhaire na crúibe géire, Gníomhrtha baoise an tsaoghil-se chéas me Is a cholnán choimhtheach chíocrach chraosach. Maith ár gcúrsa dhúinn Lá an tSléibhe Lá n-a dtabharfar cunntas léir dhuit Lá n-a mbeidh an talamh le hanaithe ar tréin-chrith An t-aer ar lasadh is an fhairrge ag scréachaigh. Mícheál Aingeal is dearbh tan ghlaodhfa Cuirp as talamh gur tapaidh do léimfid, An trúmpa binn go caoin tráth séidfar Dá dtabhairt go cruinn ar binn an tsléibhe amuigh. Is geárr gan mhoill arís 'n-a dhéidh sin Ár gcortha, mo dhíth, is fíor go léighfar - Gach nídh dár ghlacamair caithfeam go héascaidh Cunntas dearbhtha thabhairt don Aon-Mhac. Na saoithe cáidhe ba láidir léadmhach Groidhe mear áluinn lán de laochas Taoisigh, triatha is Fiannaibh Éireann Siúd an lá nách foláir dóibh géilleadh. An bhuidhean gan ghruaim ba shuairc le n'éisteacht Draoithe is suadha is uaisle is éigse Dobhíodh de ghnáth go sáthach séadmhar Is fíor gur ab eagal dóibh anaithe an lae úd. An tan thiocfaidh Íosa Críost ag sléachtadh Na bpeacaí scríobhfar síos 'n-ár n-éadan Beidh an ghealach fé smúit is dúbhfa Phoebus, Clocha is crainn go fíor go bpléascfaid.
Tiocfaidh Eóin is a shlóighte taobh leis Go calma cródha glórmhar daonmhar Is dian do screadfaidh ar Athair na féile Ag iarraidh seasaimh do pheacaí an tsaogail. Tiocfaidh Pádraig áluinn éachtach An t-aspol árd rug bárr ó chéadta Is deórach cásmhar cráidhte éighfidh Dfhonn an tsluaigh bhoicht-se dfhuascladh saor leis. Tiocfaidh adtuaidh ar luas go saothrach Mioscaiseach fuathmhar buartha bréagach Sluaighte deamhan is a n-arm go gléasta Ag iarraidh an áil sin Ádhaimh do dhaoradh. "A Rí gan cháim" a rádhfa an méirleach "Is fíor le rádh nách deárnas aon choir Acht gur shaoileas gur chuibhe bheith éachtach - Léigtar chugham mo thrúip in éinfheacht." Do rádh Críost go caoin le dréachtaibh "A Shátain chaim, níl suim it bhréithribh; Is deimhin gur damanta an peaca doréinnis 'Ná coir shíl Ádhaimh ó tháine an chéad-neach." Tiocfa an chúilfhionn chlúmhail shéimh ghlan Mhaordha mhúinte chiúin-tais bhéasach "A Dhia-Mhic mhúirnigh, tabhair dam caomh-chead - Let aon-toil dlúth go labhrad féin leat. "Féach go cruinn na cíocha caomha Do thál ó chroidhe le díogras cléibh ort Féach na ruisc do shil na déara An tan dobhís Dia hAoine 'ot chéasadh.
"Ba bhuartha túirseach fonnlag tréith me Ar feadh na dtriúch ag siubhal gach lae leat, Go dtángaís in árd-aois is in éagnamh Chum an tsluaigh bhoicht-se dfhuascladh ó dhaorbhreith." "Spící cuireadh le fuinneamh trét ghéagaibh, Le dian-tsleagh nimhe do goineadh do thaobh deas Ag iomchar Croise go mullaigh an tsléibhe Le grádh agus cumann go follus dot thréadta. "Indiu ó táid an t-ál so ar aonchnoc A bhaoidhan 's a ghrádh ná fág i bpéin me Féach let dhearca, ná tabhair an daor-bhreith Ó's agat-sa tá gach cás a réidhteach." Is carthannach caoin ó chroidhe do ghéillfe An Leanbh geal Íosa Críost don réiltean, Dogheóbhaidh gan mhoill le díogras cléibh chirt Aithne súl ón Úr-Mhac naomhtha. A Mhaighdean mhánla, a bhláth na mbéithe A rí-bhean áluinn, Máthair Dé thu, Labhair im páirt ó thárla im méirleach Meisceamhail magamhail meascaithe bréagach. An tan dobhínn go haoibhinn aerach Ar measc na saoithe ngroidhe ar féasta Is gur mhinic me ar uireasbhaidh céille Go scléipeach sparainneach feargach scéalach. A Athair-Mhic, a Uain, a shuairc-Spirid Naomhtha Freagair mo dhuain le truagh agus éist liom, Stiúruigh m'anam ó amharc na péiste It chúirt ghlórmhar chlúmhail cheólmhar shéadmhar.
16. IS SÚGACH SOILBH MHEABHRAS. Liam Dall cct. Is súgach soilbh mheabhras An mhodhmhail mhilis bhéasach Go ceannsa tré mo néallta Is ba gheanamhail a scáil Ba bhúclach a cúl cas Go dlúth le n-a séad-choim A gnúis mar an ngéis Is a claon-dearca sámh, Ba dlúth a déad is a balsam-ghuib A cruinne-ghéara-mhama clis Do chlaoidh mo mhéinn ar mearbhall Le díogras dá rádh - Ólam a sláinte Is bé áit 'n-a ngabhann sí Mo stáid-bhroingheal mhánla í Is bláth na mban gcáidh. Chuireas-sa mo lámh Fé n-a bhrághaid mar do shaoileas Is d'fháisceas an fhíormhaith Go caoimhneach im dháil Ina brágha agam níor chásas Ar ar bh'áil leis an bhfaoileann Gur thárluigh im líon-sa í A bheith díleas go bráth.
Ba suairc mo shuan ar ghlasradh Ba ghile a géaga ar faithcheacha Ná ceileabhar éan go fonnamhar Le meadhair ghlan dá cáil Is gurab í áille na scéimhe í Le réidh-choin na Banba Tál flatha $Danes Agus réaltan na ndámh. Níor bhinne liom-sa Áirean Ag áireamh na dtéada Ná sár-ghuth na béithe Bheith taoibh liom cois triúch A dfhág Dolphin tláth tuirseach Ar lár, marbh traochta Le claon-chleas a méara Ar chaoin-chruit go ciúin. An tráth leath go mór ar m'amharc-sa Dá dearcadh dlúth níorbh fhada liom An ainnir mhodhmhail leanbach Ba léir dam fá 'n tráigh A suan-rosc ar a gruadh-luisne Agus suairceas a labhartha Do mhúscail óm shuan me Go huaigneach 'na dheáidh. Níl leasa cnuic ná sléibhe Go Gréin-Chnoc nár shiubhlas In éiric na Cúpid Is ba dubhach é mo chás Ar a tuairisc, bé in Éirinn í, d'éaluigh gan chunntas Créad é an phréimh-shliocht cirt dúthchais Ór phlannduigh an bháb
An tráth chualas í bheith atuirseach A duain go binn do thaitnigh liom Is go huaigneach sinn ar easbha suilt Is mé ag triall insan áird Ag caoineadh go híogair Mar bhíodar an ghasra Do dhíbir os Maoilre Ón bhfíor-chraig le fán. An tan scítheas ag éisteacht Is gan aon acht í taoibh liom Is tréan-luisne tríom-sa Le haoibhneas dá rádh Caoimh-ghlaisioch ? céibh-dhlathach Léi ag filleadh ag síor-chasadh, A déad druidte líonta Is a slaod-fholt go sámh An tráth shíl me suidhe 'n-a haice seal Go bhfiosrainn fáth a fine dhi Is na rosca maordha in anbhroid Is na déaraibh ag tál An tú Vénus dá ngéillid Caogad det aitheanta Nó Hélen ón nGréig thoir Ler traochadh na táint.
17. OCH! MONUAR, MO RUAIG. Do Eibhlín Ní Artnain. Och! monuar, mo ruaig mo léan tu Mo dhiombáidh mo ghearán mo ghéibhinn Mo ghreadán tré cheart-lár mo chléibh tu 'S mo cheann faille go follus don tsaoghal tu. Mo cheann faille go follus don tsaoghal thu Mo lán leoin is m'ochón léin tu Mo lá bróin a bhreódhas na céadta Cúis mo chathuighthe is m'atuirse léin tu. Mo ghreidhin tinn gan leigheas ón éag thu Mo lá cumha 's mo thúirse léin tu Mo chás dubhach 'san úir fí chré thu Mo mhíle creach gan phreab it ghéaga A chúilfhionn tais a cheap na féile. A chúilfionn tais a cheap na féile A shocair-bhean cháidh na ráidhte séimhe An bhrollach-gheal táimhe ab áilne tréithe Is dubhach atá na táinte it éagmuis Go tuirseach tláth mar táimse, déar-fhliuch. Go tuirseach tláth mar táimse, déar-fhliuch, Gur dhúisigh gleó ar phór Mhilésius Táid na scamaill 'n-a stad ar na spéartha Gaoth is fearthainn le hanaithe in éinfheacht Binb is buaidhirt ar chuanta Thétis
Binb is buaidhirt ar chuanta Thétis d'éirigh tocht go moch ar Phoebus Scéalta an Luain do bhuail go héag me Do shleinn an chluas dar m'uadhacht ba thréine Mar fhuaim tuinne an tráth bhrisidís spréidh-chnuic. Cár ghaibh dáimhe dán ba ghaol duit Filí fuighleach líomhtha léigheanta Ca bhfuil báird ná mná na saothar Táid ar a gcúl 'san úir i gcré-chuilt Do luaidhfeadh friotal ó cuireadh i gcré thu. An uair ná maireann an ghasra ghaosmhar Damh-sa is dual do dhuanta a dhéanamh Is dam is dleacht bheith seal go déar-fhliuch Déanfad marbhnadh ar fheabhas do thréithe Óir is mó liom thú 'san úir ná i ngéibheann. Is mó liom thú 'san úir ná i ngéibheann, Is mó liom tú 'ná an smúit seo ar Éire Is 'ná ar cailleadh ar lanna na scléipe Den gcrith áir 'n-ar chrádhadar Gaedhlaibh Is 'ná a ndeighidh uainn i ruaig le Séamus. Is 'ná a ndeighidh uainn i ruaig le Séamus Cé gur duaibh a gcuan 's a gcéime Is go mba shuairc a gcuaird dár bhféachain Mar a bhfuil gallaibh ag eascair in aolbhroig Go cóisreach ceannasach rabairneach réimamhail. Do shiubhlas tuatha cuanta is réidh-chnuic Bhíos i gCluain 's in uachtar Bhéarra I gcríochaibh Fáil 's i gClár Luirc Éibhir Scéal ná duain ní chuala ag éinne Acht go rabhais marbh 'san bhfearann ba ghaol duit.
Tu bheith marbh 'san bhfearann ba ghaol duit d'fhúig fá scamaill 's i ngalar na céadta 'S do mhúdar fairis ag frasadh gan faesiomh Do leanbhaí gan mhaimín is léan liom Mo cheasnaidhe-se an taithighe seo ag daeil ort. Is ceasnaidhe liom taithighe ag daeil ort In áit gach rachmus gach taitneamh is tréithe; An leógan mear cródha do chéile - An Búrcach nár chúthail a théasta Is a thúirling ó Chúchulainn na Raonach. Atáid mná sidhe na gcríoch so 'ot éileamh Marta Maoil is Clíodhna Léithchraig Marta Mhór is Róis is Céarnait Aoife is Áine ó Árdchnoc Gréine 'S an bhean dothug a cín do Dhéiseach. An bhean dothug a cín do Dhéiseach, Déirdre bhí ag Naois mar chéile, An tsidh-bhean chuir draoidheacht ar thréin-fhir Breac Breac is Machnadh ghléigeal Áine is Úna ó Dhúrlas Éile. Áine is Úna ó Dhúrlas Éile Meadhbh Chnuachna is Ruachtach Chaolla Sadhbh chrathach is eala-chruth chraobhach Ós nochtair na loiche gan faesiomh Is Eibhinn dhrolach 'n-a lagar gan traochadh.
Eibhinn dhrolach 'n-a lagar gan traochadh Juno an cheannais is Pallas na ndréachta Dido an leathar a ghearradh go néata Fós Diana do threascair Actéon 'S gan dearmad ainnir an Chairn sa' tSléibhe. Ní hé a ngol go moch is léan liom Acht gol na bhfear an bheart do chéas me Do dhaor bráithre ag ochlán 's ag éighmhinn Do chómhursain go brónach 'ot éagmuis Is mise leo go deórach déar-fhliuch. Táimse leó go brónach céasta Canntladh agus leanndubh 'om thraochadh Im chabhlach gan fonn suilt gan féasta Go fann-lag i ngleannta go héigneach Gan teannta agam chum labhartha le héinne. Scuirfead feasta is canfad mar is eol dam Ar lucht gaisce bhí i gceannas na cróinneach Ba chian dobhí ina ríghthe cródha Síolrach sleachta Airt is Eógain Triatha Gaoidhil do shín tar bóchna. Dá mba áthas liom trácht ar an gcóip úd Ba bhráithre dhuit árd-chlanna Fódla Clanna Gaoidheala Mhíleadh mór-raith Ón nDáil gCais n-a dtáinig do chómhgais 'N-a ráfla ní stánfadh i ngleó cnuic. 'N-a ráfla ní stánfadh i ngleó cnuic, Den fhíor-fhuil árd bhí i ngrádh na slóighte Do chanadh luibh 'o luite le heólas Do roinneadh pruinn a bhuird ar shlóighte 'S dobhíodh buidheanmhar fíonmhar feólmhar.
Dar Duach ní dhéanfainn bréag le mórtas Do luadhas na scéalta cé gur bhreodhais me Ní raibh flaith le ceart sa chóige Ní raibh fear fí mheas ar m'eolas Ná raibh do ghaol i dtaobh nó dhó leis. Ba shuairc do mhéara ar ghéis go seolta Do bhéal tais bhinn-bhréathrach mar cheól sidhe Ba ghlé do dhreach mar shneachta i dtóirnigh Ba shuairceach tréithe méinn is eolas Suairceas céille féile is córtas. Suairceas céille féile is córtas Gean don gcléir is réir na gcomhursan Reacht na naomh níor bhaoghal n-a cómhdach, Lonnughadh leabthan do lucht taisteal na cóige Cabhair don luige dobheireadh is fóirthin. Guidhim go beacht ar Mhac na Glóire Na naoimh a theacht go pras 'ot fhóirthin Tu bhreith don ndomhan bheannuighthe mharthannach órdha I ndún na ngrás i bpáirt na glóire Go bhfaghair dídhean ón Rí tá cómhachtach. Is beag mo pháirt le mná na Fódla Ó fuair an bás, an cneámhaire, dóigh ort, Cladhaire gartha a leagas na slóighte Treighid is trascairt is anaithe an bhróin air Nuair nár fhág an bhán-chnis beo againn.
18. CLÍODHNA NA CARRAIGE. Sealad aréir i gcéin cois leasa dham Ag déanamh leanna duibh, faon ar easbha nirt Óró fé scamallaibh bróin Do dhearcas lem thaobh cé caoch gan amharc me An spéirbhean mheasardha bheal-tais bhanamhail Óró ba taitneamhach snódh Ba daithte tiugh dréimreach néamhrach camarsach Bachallach slaodach péarlach caithiseach Craobhach casta dubh, gan chéim, a carn-fholt Léi 'n-a mbeartaibh ag téacht ar baillichrith Óró go talamh 'n-a deóidh. Bhí lasadh na gcaor 'n-a gné mar eala ar sruith Scéimh an tsneachtaidh go tréan i ndeargan Óró 'n-a leacain gan cheó 'S a mala ba chaol ar a héadan leanbach Léir-ghlan gheanamhail mhaordha mhaiseamhail Óró ba chalma a cló; Ba chealgach faobhrach gaethe a reamhar-ruisc Ag caitheamh na saeghad trím thaobh in achrann Le n-a haol-chraobh leabhair is néata tharraingeadh Faolchoin, marcaidh is laoch mear fairrge Óró ar leathan-bhrat sróill.
Do b'innealta séimh glan, réidh ó phailiris, Saor ó atuirse ar théad do spreagadh puirt Óró, le gliocas a meór 'S do scriobhadh le caol-pheann néata ar mheamram Laoithe blasta lé dréachta seanchais Óró go soilbhir sóghach A binne-ghuth caomh 's a béal gan dearmad I ndlighthe na n-éigs 'sí léigheadh na startha suilt Gaedhilge ag aithris scéal na bhfearachon Ar téacht na ndragan fí réim go Banba Óró i mbarcaibh 'n-a slógh. Aithris dam féin let aon-toil, aitchim ort Créad an fearann fá'n ngréin ar ghabhais chughainn Óró, nó ar casadh thu im chomhair Nó an tusa an bhean tséimh san Trae ler trascradh Faon na fearachoin éachtmhar acfuinneach Óró do casadh sa ghleó Nó an bhroingeal dá nglaodhtar Déirdre mhaiseamhail Ler cailleadh i gcéin na tréin-fhir chalma Nó Céarnait mheasardha tré n-ar ceapadh Le céill ar gheala-shruith ar dtéacht ó Albain Óró chuir muiltibh ar seól. Ba bhanamhail míonla caoin-tais carthannach A laoithe cneasta gan mhoill ag freagairt dam Óró le labhartha a beóil Is dearbh, ar sí, nach díobh súd dfheasrais Fíor gidh measaim gur brígh do sheanchas Óró ar ghaisce na dtreón Acht is mise Clíodhna ó thaoibh na Carraige
Do casadh it líon ag innsint startha dhuit Líontar beathuisce, díogtar baraille An phíb le meanmain bíodh it ghlacaibh-se Óró dá spreagadh gan cheó. Is gidh mustarach árd sliocht Mhártain mhalluighthe Dá rádh le sealad gur fágadh Carolus Óró fá leacaibh ag dreoghadh 'Sé chluinim ag dáimh 's ag fáidhibh leasa cnuic An tráth do ghairmthar spás chum sealad suilt Óró gur chanadar gó Is cumasach cáidheamhail an ráib dfhuil Chaisil chirt Ag druidim gach lá le clár geal Bhanba Is feárr mar mheasaim 'ná stáca an mhargaidh Is tláth bheidh galla-phuic Sheágain chealgaigh Óró dá leagadh sa ghleó. Beidh Aifreann Árd de ghnáth ag eaglais Cháidh an tseanchais ghrádhmhar gheanmnach Óró do leanbh na hóighe Is startha gan cháim 'n-a dheáidh sin agaibh-se Ar chlár an tabhairne ag trághadh gach baraille Óró le fairsinge ceóil Seinnidh go sámh gan scáth roimh ghalla-phuic Le binb gach lá gidh tláth le sealad sibh Tá bhur bpaitean le fagháil gan dearmad Is fearr le taisce gan scáth gan eagla Óró, sin deire lem sceól.
19. TÁ SCÉAL BEAG SULTMHAR AGAM-SA. Liam Dall Ó hIfearnain cct. Ag tarrtháil a ghiolla as an dtrínse. Tá scéal beag sultmhar agam-sa le scrúdadh dhaoibh Tar éis mo thurais tré imeallaibh úr na gcríoch N-ar traochadh mise is n-ar cuireadh i gcúinne chaoil Aréir gur imthigh mo ghiolla dá mhúchadh i ndraoib. Ó mhuise m'fhadchumha mo dheacair mo scéal le maoidheamh 'S gur mise bhí ar mearughadh 's nárbh fheas dam aon taobh den slighe. I mbéal na tuinne is me ag druidim im dhútha arís Mo léan tar uisce ba tirim le dúil ag tigheacht Gur phléasc mo ghiolla fá imeall na srúille thíos Do b'éachtmhar mise ar m'uillinn dá spiúnadh aníos. d'éigheas le buile is dorinneas mo liuighreach tríd Ag glaodhach ar dhuine dothiocfadh ag congnamh linn Níorbh'é siúd an tiubaist gur thuigeas go dlúth im chroidhe Gur bhaoghal na dlighthe is gan duine sa chúirt dem bhuidhin. Chuarduigheas cuise agus imeall na srúille thíos 'N-a chluais gur chuireas-sa m'ionga is é fúm sa draoib Is luaimneach innealta sciobainn é ar úrla aníos Ba truagh libh mise is mar shileadh mo shúile tríd.
Is é úire an leanna bhí ag ainnir an dlúth-fhuilt bhuidhe Is crú na seabhach, an faraire Búrcach groidhe An Róisteach cailce is an baraille ar lúith ag tigheacht Dfhúig me i nglasaibh sa lathaigh 's mo chongnadh 'om dhíth. Do ghlaodhas ar aicme gach leasa ba dúthchas linn Béithe an tsleachta do chleachtadh bheith congantach linn Do réabas cealla, do spalpas na dúile tríd Mun' réidhidís m'anacra go lasfainn a ndúnta sidhe. Tháinig ainnir na Craige ar dtúis im líon Áine chailce is an ghasra ón nDún aníos An bháb bhas-chailce tar caladh do shiubhail le Naois 'S an mhánla mhaiseach ó Laition ag congnadh linn. Do léigh gach ainnir díobh aiste ba súgach linn Gur bhaoghal do ghallaibh 'san earrach so chughainn ag tigheacht Séarlas marbh 's a charad gan chongnadh ríomh Is Gaedhil ag tarraint fá ghradam dá ndúin arís. Tar éis bheith ar mearughadh ba ghreanamhar an scéal le maoidheamh Gaedhil le neart lann ag baint a cheann de Dhéamar bhuidhe.
20. AR MAIDIN INDÉ IS ME AG DÉANAMH MACHTNAIMH. Ar maidin indé is me ag déanamh machtnaimh Ar Gheadhil mar leagadh a gcáirde Do theagmhuigh liom bé ba phéarlach cailce Ba mhaordha maiseamhail mánla A reamhar-rosc réidh is a scéimh mar eala A béal a leaca is a brághaid gheal Mar shneachta na gcraobh 's mar chaor a lasadh Is í ag déanamh aitis is gáirdis. Adubhairt ainnir an déid ghil Dé do bheatha Is éist liom tamall, a sháir-fhir Atá dalta mo chléibh 's mo chéile ag taisteal Go tréan tar caladh is a ghárda; Scaipfidh an tréad so an Bhéarla mhalluighthe Is béimíd go fleagamhail fáilteach Is go calma craobhach séanmhar seascair 'S ár gcléir go salmach sásta. Gidh fada fí dhaor-bhroid Laochra Chaisil I ngéibheann galair gan áitreabh Gan talamh gan tréad gan réim gan rachmas Gan scléip gan aiteas gan áthas
Dá ngreadadh dá gcéasadh dá gcréimeadh ag gallaibh 'S dá séideadh thar caladh ina dtáintibh Ní fada go réidhfe an laoch gan ainm Ár bpéin, ár bpeannaid 's ár ngábha-na. Ní mearathal bréige claon ná glagar Baoth do chanaim im ráidhte Go bhfuil ceathrar ar fhichid céad de thréan-truip mharcach Le héide airm is áthais; Preabfaid in éinfheacht, déanfaid argain Is séidfid aicme na cránach 'S is ceannasach craobhach bhéimíd gan mhairg Ag téacht don tseabhac so Seámus. A ainnir na gcraobh-fholt dréimreach daithte Do scéalta is greanamhar sámh liom Go mbeidh flatha agus éigse, laochra is eaglais Go saor-ghlan seascair 'n-a n-áitreabh; Go mbeidh beath-uisce á thaoscadh is daor-phunch againn Le pléireacht taitnimh is gáirdis Ó's dearbhtha an scéal gur téacht dár gcabhair Dodhéanfa an faraire fánach. Sealad dem shaoghal go haerach chaitheas Im réic ag caitheamh a bhfághainn-se Seal eile ag bréagadh béithe is bairrfhionn Le claonadh cleas agus ráfla; Ar chaitheas dem ré ní léir gur ceapadh Dham scéal do b'aite le háireamh 'Ná taisteal mo Chaesair thréan 's a ghasra Ag éileamh Bhanba an áir seo.
Tá lasair san spéir 's ar ghréin níl scamaill 'S an ré go lasamhar lánmhar Atá aiteas ar éanlaith i ngaorthaibh gleanna Is gach tréad go magamhail ceáfrach Tá an fhairrge féin go réidh gan fearg 'S an ghaoth beidh seasamhach áluinn Ar dtaiseal dom laoch le faobhar is fearg Ag léir-scrios gallaibh as Clár Luirc.
21. AN FADA SÍOS A BHÍ TÚ? Nuair theip ar Liam Dall clocháin d'aimsiughadh gurbh éigean dó siubhal tríd an tsruthán. Seán Clárach Mac Domhnaill do chuir na ceisteanna agus Liam Dall do fhreagair: S.C. An fada síos a bhí tú? L.D. Go dtí mo dhá ghlúin. S.C. Cá fhaid atá tú dall? L.D. Ó chúl mo chinn anall. S.C. An bhfuil tú abhfad it dhall? L.D. Ó mhullach mo chinn go bonn. S.C. An bhfuil tú riamh it dhall? L.D. Níl mé riamh ann. S.C. Ní fearr tu a bheith. L.D. Dá mb'fheárr dobheinn.
22. MO MHÍLE BRÓN-CHREACH. Ar bhás Sheáin Damer. Mo mhíle brón-chreach an bhuidhean tá ar feódhchain Ná meileadh bró, is ná cleachtadh í Atá ag dreoghadh fá leacaibh Shrónaill Is de mhéad bróin atáim gan brígh! Ní brón linn Cúirt Shrónaill á leagadh Gan balla gan fíodhbha le fághail; Ní brón liom an cóbach lag marbh - An ghrathain seo riamh le fán; Ní brón liom an t-ór buidhe á scaipeadh Ag an tsean-bhoc liath 'san áit, Is feóirling ní thabharfadh don tsagart Dá dtagadh dá thabhairt ón mbás! Níl éiclips ar ghréin 's tá an ghealach Go taitneamhach solusta breágh Ó chualadar bréithre na n-aspol Do chruinnigh a mheabhair ar Sheán: Siúd é is fearr linn fá leacaibh Is an tAifreann á rádh ina áit!
23. TÁID ÉIGSE AGUS UGHDAIR. Tadhg Gaedhlach cct agus is inmheasta gurbh shin í an Nóra Ní Áinle chéadna do chómhnuigh ag Gort an Bháird nó an Bóithrín Buidhe, .i. inghean dearbhráthar máthar do Liam Dall Ó hIfearnain. Táid éigse agus ughdair go trúpach ag pléireacht Go súgach go scléipeach 's a ndréachta dá sníomh Ag an spéir-choinnil mhúinte de úrshliocht na hÉireann De phlúr-chriostal Gaedhal agus réiltean na ríoghacht: Tá fionn-lile ag pléireacht mar a ndúbluighid na héiclips Go clúdaithe ag Phoebus le haon-ghile gnaoi 'S gur n-a gnúis mhilis léightar do thúirling Cupid caomh-ghlic Ag múch 's ag milleadh ár laochra le tréin-neart a saighead. Is dréimreach 's is búclach is fonnsach 's is faon-lag, Is glúineach is géagach 's is néata do figheadh A slaod-fholt go cúrsach go lúbach go haerach d'ionntuigh i gcaol-chirt ar aon-ghlaine an $fleece. Is clúmhail maise a héadain, mar dhrúcht maidne a claon-rosc A com seang caol-chuirp mar scéimh eala ar tuinn, 'S gur lúthmhar lasmhar craosach ag tnúth 's ag cath le haol-dath Go dlúth 'n-a leacain mhaordha mar ghné an tsneachta a píob.
An chraobh éachtmhar chumhra 's an t-ubhall mhúirneach órdha Siúr gaoil na leógan ba chómhachtach i ndlighe Tar béithibh tréitheach ughdar 's an triúr cúilfhionn ómrach An chiúin-bhroingeal mhódhmhrach is lóchrann an ghrinn: Ní leór linn cruit ná téada ná glórtha suilt na n-éanla Seoch ceólta binne tréitheach a caol-ghuib gan phoimp 'S gur le n-a bán-chrobh snoidhte néata gan cháim a chumas faol-choin Ar barr na tuinne ar daor-bhrat tug léir-scrios na Traoi. Dá n-amharcadh san Paris a mbreághthacht ná a mbéasa Ní thráchtfadh ar Hélen tug léir-scrios na Traoi Aicil agus Ájax, Iáson, Iaphétus Dfhágfaidís na béithe i n-a n-aonar seoch í; Níl sagart againn ionnraic ná easpog eaglais ughdar I gceap na bhflatha bhfiúntach nach sanntach a bhíd 'S is dalta bhaist na $múses an ainnir chneasta chúmtha 'S níor pheaca an carbúncail do thabhairt ar an mnaoi. Is deaghthach 's is déarcach, is naomhtha glan grádhmhar Is séimh is is áthasach páirteach i ngníomh Péarla de thréan-chuisle réxa na Spáinne Is Phoebus na n-árd-fhlatha Clár Luirc slógh bhfíon. Plannda geal áluinn de sheann-tsliocht Uí Áinle Is de leabhar-scoth na nGrádach mo stáid-bhroingheal bhinn Dfhuil ghallda gach prionnsa is gach diúic díobh dá dtáinig Ó Lonndain na n-áitreabh mar ghárda ar an rí.
'Sé an marcach fleadhach fáilteach is grádhmhar 's is féastach An rábaire léadmhar is léir-mhire chím Athair geal na báibe do sháruigh an fhéile 'S a máthair dheigh-mhéinneach ba saordha 'n-a tigheas; Is flósach fáinneach séadmhar glórmhar grásach gléasta Clódh agus cáil an naomh-leinbh phréamhuigh ón ndís 'S gur spórtmhar sásta léimfinn le sróill-fhear stáit ag réidhteach Do Nóra bláth na mbéithe 'san réim seo do ghuidhim.
24. IS AG DÚN-BHAILE SHRÓNAILL. Is ag dún-bhaile Shrónaill tá, a stóirín, me féineach, A óg-bhroingeal mhaordha do chealg me im lár, Do chaith saigheada thar meón linn le cómhachta mhic Bhénus Le mór-ghean don réiltean tig sealad roimh lá. Is múinte milis maordha tá an chúilfhionn oilte bhéaltais, Níl smúit ar a hiorradh gréagach ná aon tréith chliste ar lár, 'S gur iompuigh Márs gan bhréagnadh don chumha i mbun chách ba thréine Le grionn do thrácht 'ot fhéachaint, a ghéag chailce bhreágh. ... ... Do shádhais do lannsa trínn-na, is ar lár it chomhair-se snoidheadh me, Is beidh do ghrádh ag siubhal im thimcheall im líonta go bhfaghad bás. Is breágh é a com 's is díreach, is ealadhanta gach alt di i gceart Is breágh a leabhar-chrobh mín, a cíocha 's a mama geal Is breágh do ghabhann sí laoithe, 's a scáil mar ómra ag scíordadh 'S a brághaid go dtuiteann síos léi go fíor-dhaithte deas.
Is breágh é a cuan-mhala éadain, is aolmhar a gnaoi 's a snódh, Is breágh a luan-rosc maordha do ghéar-ghoin mo chroidhe fí bhrón, Is breágh a gruadha mar chaortha 's a láthair anuas 'n-a dhéidh sin, Is breágh a cos ag luascadh léithi, is a béal tá mar an rós. ... ... Is breágh gach buadh gach sméide - do ghárda dfhuaghais im thaobh-sa, Mo ghrádh go buan lem ré thú, is táim réidh leat, a stór. Do shiubhalfaimís gach áird leat, a ghrádh ghil go crích mo shaoghail Ó ghleannta grinne Chláir Luirc 'on Spáinn, 'on Fhraingc nó 'on Ghréig, A shiúr na ndlaoi-fholt bhfáinneach a stiúruigh saighead im lár-sa A phlúr nach íseal cáile de rás-stoc na gcléar. ... ... Is dubhach do shnoidhis mo shláinte is gach únsa dhínn do bhásais, Is buan is tu do chráidh me, is mo chéad slán leat, a stór.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services