Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Bruach na Coille Muaire

Title
Ar Bruach na Coille Muaire
Author(s)
Ó hIfearnáin, Liam Dall,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1803
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1939)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1. UAILL-GHUTH AN AOIBHNIS.



Ar bruach na Coille Muaire fé ruadh-bhrataibh bróin
Do seóladh guth im chluasaibh ba suairce liom fé dhó
'Ná ceól na cruite ag fuaimint
Is 'ná glór na lon 'san uaigneas,
B'é ceól ba bhinne é im chuaird liom dá gcuala dhen
tsórt.



'Ná an ceól dothugaid suaidh-fhir tar muar-mhuir ón
Róimh,
'Ná an spórt dodheinid gruagaigh ar gruadhlios na
slógh,
'Ná an gheóin do leigid cuacha
Go nódh cois coille i mbruach cnuic
Is gach brón gur chuir mo chuaird díom m'reach
Molly bheag Ó.
Saithe beach do luadhadh linn ar thuairisc a dtreóin
An foghmhar dobheadh go buaidheartha is gan suailceas
ag Seón
Seoirse ar lear dá ruagadh
Is an chóip dobhíodh go buacach
Gan ór gan bailte ar buan dóibh 's ní truagh liom a
mbrón.



I Srónall dá mbeinn fuaighte fé chruadh-lic i gcómhad
Is an sceól do chlos mar chuala, go suanmhar ar seól,
Le fórsa is neart mo ghualann
An fód go gcaithfinn suas díom
Is mo threóir tar n-ais ba luaimhneach fé thuairim an
sceóil.


L. 40


2. CAITILÍN NÍ UALLACHÁIN.



Ó measaimíd nách calm rinn den bhuairt seo
i Spáinn
Acht mealladh slighe chum catha cloidhimh do thabhairt
i dtráth;
Beid galla arís dá leagadh síos le lúth ár lámh,
Is mac an ríogh ag Caitilín Ní Uallacháin!



Geallaim díbh nách fada arís gur buartha an gháir,
Ag arm faoibhair dá gceapadh linn is fuadar lámhaigh;
Is tapa cruinn do phreabfaimís 's is buacach árd,
Dá mbeadh mac an ríogh ag Caitilín Ní Uallacháin!



Is fada sinn ag faire arís le fuascailt dfhagháil
'N-ár stallairí gan balcaisí ná a luagh 'n-ár láimh;
Beid barca líonta ar barra taoide is fuaim ar sáil,
Le mac an ríogh chum Caitilín Ní Uallacháin!



Ná measaidís gur caile chríon ár stuaire stáid,
Ná caillichín n-a gcrapfaidís a cuail bheag cnámha;
Cé fada ag luighe dhi le fearaibh coimhtheach gan
suaimhneas dfhagháil,
Tá sáith an ríogh i gCaitilín Ní Uallacháin!



Is fada a dlaoithe casta cíortha is a scuab-fholt bán,
Is a dearca righne ag amharc Gaoidheal cois cuanta
breágh;
Is blasta binn a chanann sí gur buan bhéas páirt
Idir mhac an ríogh agus Caitilín Ní Uallacháin!


L. 41


Ná measaidís na spreallairí gur buan ár bpáis,
Is gur gearra bhíd na glasa á scaoile nuair is cruaidhe
an cás;
Go ndearna Maois roimh phobal Ísrael den mhuar-mhuir
tráigh
Is go bhfóire Críost ort, a Chaitilín Ní Uallacháin!



A Mhuire dhílis, a chara chaoin-ruisc, gach uair 'n-ár
bpáirt
Agall Íosa ar son na nGaoidheal mbocht - is cruaidh
é a gcás -
Lucht an íspirt do chur ar díbirt, is ár stuaire mná
Is a céile fíor-cheart do théacht tar taoide gan
buairt 'n-a dáil.



Tá gné ghlan ar Phoebus is lonnradh tríd,
Tá an ré agus na réalta i gcúrsa chruinn,
Tá na spéartha fé scéimh ghlan, gan smúit gan teimheal
Roimh réx ceart na Féinne is a thrúp thar tuinn.



Tá ár gcléire i gcaomh-ghuth ag súil le Críost
Is ár n-éigse go réimeach 's a gcumha ag dul díobh,
Gaedhil bhocht Inis Éilge go súgach síoch
Roimh Shéamus Mac Shéamuis is an Diúic tar tuinn.


L. 42


3. CAITILÍN NÍ UALLACHÁIN.



Is fada mílte á chartadh síos is suas ar fán,
Is clanna saoithe ar easbhaidh grinn gan chluain
gan stát;
Gan chanadh díodhacht gan fleadh gan fíon gan chnuas
gan cheárd,
Ag braith arís ar Chaitilín Ní Uallacháin.



Ná measaigí gur caile chríon ná guaireachán,
Ná caillichín an ainnir mhín-tais bhuacach mná;
Is fada arís budh banaltra í is budh muar a hál
Dá mbeadh mac an ríogh ag Caitilín Ní Uallacháin.



Budh deas a gnaoi dá mairimís le ruagairt námhad,
A brata síoda ag tarraingt gaoithe is buadh chum báb;
Plaid go groidhe ó bhaitheas cinn anuas ag trácht
Ag mac an ríogh ar Chaitilín Ní Uallacháin.



Screadaimíd le hathchuinghí chum Uain na nGrás,
Do cheap na tíortha, talamh trím, is cruachaibh árd;
Do scaip 'na dtimcheall fairrgí geal-chuanta is trágha
Ag cur malairt críche ar Chaitilín Ní Uallacháin.



An Té tharraing Ísrael tarsna Taoide Ruaidhe ón
námhaid
Is do bheathuigh daoine dathad geimhreadh anuas le arán;
Do neartuigh Maois ameasc a naímhde, fuascail tráth
Is tabhair díon do Chaitilín Ní Uallacháin.


L. 43


4. I nGLEANNTAIBH SÉIMH NA hÉIGSE BHÍNN.



I ngleanntaibh séimh na héigse bhínn
I bhfanntais péine i ngéibh gach laoi
An tseang-bhean tséimh ba bhéasach gnaoi
Do scannruigh mé pé in Éirinn í!



Ní thráchtfa mé ar chéile Naois
Tug ár na nGaedhal ar dtéacht don Chraoibh
Ná an bháb ón nGréig do chéas an Traoi
Le grádh mo chléibh pé in Éirinn í!



Is breágh deas dréimreach réidh a dlaoi
Go bárr an fhéir 'n-a slaod ar bís
A tláth-fholt réidh do dhéarscnui' an flíos
Ar ghrádh mo chléibh, pé in Éirinn í!



Is cásmhar taodach déarach bhím
Go cráidhte créimeach céasta ón mhnaoi
Fánach faon gan chéill ar baois
Le grádh don bhéith, pé in Éirinn í!



Ar neón nuair théighim ar thaobh Suidhe Finn
Fá bhrón i gcéin is gan aon dem buidhin
Cé sheólfadh Aon-Mhac Dé im líon
Acht stór mo chléibh pé in Éirinn í!


L. 44


5. FÉ FHÓD AN RATHAIN.



Sailm an Ghadhnánaigh:



Fé fhód an Rathain do leagadh an tíoránach
An geócach malluithe is an madra millteánaigh
Tug pór na heascaine ag fealladh ar na deagh-cháirdibh
An stródhaire galair gur bh'ainm dó an Gadhnánach.


L. 45


6. A LIAM UÍ IFEARNAIN, AN BHFUIL TÚ IT BHEATHAIDH?



Dáibhí Ó Cléirigh .i. "Mac Spotty" cct.



Fonn: Póiní an chlóicín uaine.



A Liam Uí Ifearnain, an bhfuil tú it bheathaidh?
I Srónall tuas ar bruach na glaise
Sin chughat póiní an chlóicín daithte
Is cuir-se ar seól í i gcóir chum reatha.



7. LIAM Ó hIFEARNAIN, CCT., DÁ FHREAGAIRT SIN,
Ar an bhfonn chéadna.



Is nár an gníomh i gcríochaibh Cuanach
Báb an ghrinn sa chaol-chuilc uaine
I lár na draoibe sínte suaithte
Is gártha ag mílte trí n-a cluasaibh!



Cé thárla sí go síleach suarach
Fánach fuidheach gan fís go fuar fliuch,
Is náireach díbh-se, an líon do bhuair í, -
Lámh do luighe ar mhnaoi is í in uaigneas.


L. 46


Bhí lá go fíor ag an mnaoi seo ar buaireamh
Fálach fíontach fillteach fuadrach,
Gárthach gaoiseach gníomhach gruadh-ghlan,
Láidir líonmhar líonta luaidhleach.



Is gártha croidhe aici, maoidhim, i muar-chath
Thnáithfeadh díorma i gcoimheascar buailte,
Dáimh is draoithe ag sníomh a duanta,
Cé thárla sí foríor go huaigneach.



Bhásuigh mílte rinn a suan-ruisc
Bláth an droighin is gríos 'n-a gruadhnaibh,
A gáire grinn mar bhinn na cuaiche
A brágha ar lí na bhfaoileann luath-fhliuch.
Scáth an aoil 'n-a cíochaibh cruadh-gheal
Is cráidhteacht croidhe ar an mbuidhin do bhuair í.


L. 47


8. IS DUINE MÉ SHIUBHLAIDH A LÁN.
Dáibhí Ó Cléirigh cct.



Is duine mé shiubhlaidh a lán
Fé chrosaibh atáim ó rugadh mé
Ag leigean mo chumainn le mnáibh
Gur ghoineadar báire is fiche orm!


L. 48


9. CAR BH'IONGNADH DUINE DHET CHÁIL-SE.
.i. Freagra ar an rann san tuas.
Liam Dall Ó hIfearnain cct.



Car bh'iongnadh duine dhet cháil
Do thuitim i lár na haindeise
Tré mhéid do ghliogair le mná
Solamh is Dáth ó mhealladar?



Tarraing go caoin an bheóir
A chara bí i gcló na seanchadh,
Is fearra mar ghníomh an t-ól
Is seachain go deó na galair sin.



Féach-se Samson ba ghroidhe
Do leagadh sa bhruighin na Philistins
Le méid a thaitneamh do mhnaoi
Gur ab aindeis an tslighe nur imthigh sé.
Tarraing go caoin srl.



Féach-se Hercules líomhtha
An leanbh ba ghroidhe ag Jupiter
Le méid a chumainn do mhnaoi
Dorinne sí spríos sa teine dhe.
Tarraing go caoin srl.


L. 49


Nár léighis-se ar chathair na Traoi
Bhí ag aicme na gcraoiseach gcumasach
Tré Hélen ghreannamhar chaoin
Gur cailleadh na mílte is tuille aca?



Tarraing go caoin srl.



Féach-se an leanbh san Thétis -
Achilles gréagach iomarach;
Tré mhéid a chumainn re béith
Gur imthigh sé ar thaobh na tiubaiste.



Tarraing go caoin srl.



Féach-se an curadh Mac Treóin
Tug turas gan ghó go Banba
Tré Niamh na dtriopall gcas n-óir
Gur cailleadh sa ghleó le hOscar é.



Tarraing go caoin srl.



Féach-se an curadh Mac Cumhaill
Fear cosanta is clú na Banba
An t-éad nuair bhrostuigh a phudhair
Gur mhairbh an fear cúil do b'fhearra aige.



Tarraing go caoin srl.



Féach Clann Uisnigh nár stríoc
Is a d'imthigh le mnaoi go hAlbain
Tré éigean chleasaibh an ríogh
Dá deasca gur claoidheadh in Eamhain iad.



Tarraing go caoin srl.


L. 50


Dá thréineacht fearaibh na nGaoidheal
Condae na Midhe níor ghlanadar
Acht Turgésius aca mar rí
Do cailleadh le hinghin Mhaoilsheachlainn.



Tarraing go caoin srl.



Cúraoi† neartmhar †Mac Dáire
I gcoimheascar áir ba chalma,
Pudhair nimhe gur cuireadh 'n-a lár
Nuair d'imthigh le Bláthnaid Alban.



Tarraing go caoin srl.



Ó Mhuiris nuair rugadar sceól
Tuirinn tar bórd na Banba
An cluiche 'nar cuireadh an chróinn
Ar dhuine de phór na Breataine.



Tarraing go caoin srl.



Siúd mar d'imthigheadar Gaedhil,
A dhuine gan chéill ná tagair sin,
An tiubaist má d'imthigh ort féin -
Nár mhilleadar laochradh an aniomad?



Tarraing go caoin srl.


L. 51


10. CAR BH'ÍONGNADH TAOISEACH NÓ
EASPOG CÓMHACHTACH.
Nuair d'órduigh Rí Shasana troscadh chum buadh catha.



Car bh'íongnadh taoiseach nó easpog cómhachtach
Do thabhairt saoire Dia hAoine agus troscadh damh-sa
Le díograis chum Stíobhairt do ghlacadh coróinneach
Is gan smaoineadh go nguidhfinn le sleachta Sheóirse?



An bhuidhean úd do dhíbir mo charaid rómham-sa
Fé dhaoirse le dlighthibh na ngalla-chóbach
Ní shílim im smaointe gur peaca dhamh-sa
Gan guidhchan Dia hAoine le haicme 'en tsórt san.



Gidh maoidhid sin na dlíghthe gur ceapadh rómpa
Is a ngaoilta go híseal i bhfearann Fódla
Má rínneadh do scaoileadh na hachtaibh leó san
Ar dtigheacht dóibh go haoibhinn i gceannas gcoróineach.



Bíd sin ag Laoiseach dá ngreadadh i gcómhrac
Is ríghthe gach críche ag teacht i gcómhar leis,
Mo phíopa do shíneadh le reamhar-chórda
Dá nguidhinn-se i slighe ar bith ar mhaitheas leó san.



Mar bhárr ar gach dochar tug Cromaill go crích Fódla
Is gur ársa mo chogal san bpobal le taoibh Srónaill
Ní thárla an donas go follus im shlighe dhamh-sa
Go ránga me ag obair im throscadh do Rígh Sheóirse.


L. 52


11. IS ATUIRSEACH FANN I dTEANNTA AR
CAITHEAMH ME.



Is atuirseach fann i dteannta ar caitheamh me
Ag tionnscain galair gach lá liom féin,
Tinneas gan brannda go fann ar leabain leag
Gan tnúth le caraid is me ag trácht i gcéin;
Ó d'imthigh an greann 'san am ar mheasas-sa
Is gur milleadh an drong do shanntuigh Alba,
Fuair leagadh ár bprionnsa i gceannsacht Bhreataine,
Dfhág mé im chodladh gan múscailt scéil.



Ó d'imir an Frangcach cam ar Charolus,
Crobhaire an ghaisce do b'árd i gcéim,
I siosma na lann a gcabhair ní bhraithim-se
Ó d'iompa an galar so i lár mo chléibh.
Tá cluiche an dá cheann ag namhaid na Banba
Is dlighthibh na ngall i gciumhais gach baile againn
Is ar imthigh anonn gan mheabhair ar chasadh leó
Dfhág me im chodladh gan múscailt scéil.



"A fhir ghasta ní ham dhuit canntladh ghlacadh anois,
Is an chabhair it aice le togha gach scéil,
Beidh $fanatics fann gan chabhair in Albain
Is plúr na Sacsan aca 'n-a réx;


L. 53


Casfaidh an Frangcach teann mear feargach,
Go hacarthach bantrach campach armach,
Le casmairt na lann i dteannta Charoluis,
Is ní rachad a chodladh a gcúis go bpléidheadh."



"Mo dhainid do cheann go fann ar mearbhall
Ag tnúth le caraid tá in áit i gcéin,
Glac misneach in am, bíodh greann dá spreagadh agat
Go subhach mar chleachtadh 'san Mhumhain do Ghaedhil.
Beidh Aifreann cantaracht i gceann gach baile againn,
Is cuirfar ár namhaid i dteannta a marbhtha
Is aite liom súd ná damhsa an ghadraigh,
Is má cuirtar a chodladh iad ní dúbhach liom é."


L. 54


12. UILL LÓ MHÉADHBH CHRUACHAN DO
CHORMAC STÍOBHART.



Uill ló, a thoil, ná goil go fóill
Is gheóbhair gan dearmad taisce na seód
Dobhí ag do shinsear ríoghdha rómhat
In Éirinn iathghlais Bhriain is Eóghain.
Is ó huis ó, mo leanbh, mo thaisce, mo bhrón
Tu ag sileadh na súl is mo chúil gan lón.



Dogheóbha tú an caol-each éadtrom óg
Dogheóbha tú an srian 's an diallait óir
Bhí ag Fáilbhe Fionn ba teann ar tóir
Ag ruagadh danar ó Chaiseal go Bóinn.
Is ó huis ó, srl.



An Cloidheamh Soluis is an dornchlainn óir
Dobhí ag Brian ag riar na slógh
Is an bogha bhí ag Murchadh an urchair mhóir
I gcath Chluain Tarbh ag treascairt na dtreón.
Is ó huis ó, srl.



A mhangaire bhonnaghil Shionna na seól
A bhradáin Leamhna as Gleann an Óir,
A éigne gheal as Abhainn Mhóir
Is eó na Laoi thú ar linn ghlain Eóghain.
Is ó huis ó, srl.


L. 55


A árdchú an taistil ó Chaiseal na nÓrd
A leóghain dhaithte Bhunraite na slógh
A fhiolar Sléibhe na gcaol-gcrot gceóil
Is a sheabhaic na seilge ó Sceilg na sceól.
Is ó huis ó, srl.


L. 56


13. CAOINEADH NA nGAEDHAL.



Mo dhainid go n-éagaid na fearachoin aosta
Bhí againn go séanmhar i bhFáil-chrích,
Dragain na féile nár mheathta chum laochais
Ar a n-airm ba léadmhach a dtrácht síos.
Ba bhlasta gach bhéarsa dá dtagadh le héifeacht
Is ba ghreannamhar saothar ár bhfáidhí,
Gur mhalairt an saogal ar atharrach tréithe
Is ná cantar le héinne acht Seán Buidhe!



Starthaibh na nGréagach pé chanfadh le héifeacht
Is reachta na gCaesar do b'árd gníomh,
Is an gasradh léigheanta bhí ar machaire Shéanair
An aicme thug saothar in ársaidheacht;
Gaisce na Féinne bhí sealad go réimeach,
Is an imeacht as Éire rinn Dáithí
Is Clanna Lir éachtaigh fuair peannaid sa tsaogal
Ní haiteas leó an méid sin gan Seán Buidhe!



An chaismirt bhí ag béine ó Bhreatain le saorfhlaith
Do baisteadh ó thréineacht a lámh-ghníomh
Caitheamh Tuirgéisius as Teamhair na dtréan-fhear
Mar gealladh dó in éiric ón Árdrígh;


L. 57


Chuir Feargus Déad-dubh is a charaid chum éaga
Nuair measadh leis éigean gach mná dhíobh
Is geallaim gan bhréig duit nách taitneach leó an
méid sin
Gan reacaireacht éigin ar Sheán Buidhe!



Ar leagadar laochradh i gCluain Tarbh na mbéimeann -
An aiste ler saoradh ó cháin sinn -
Is ar cailleadh dá éis sin de dheascaibh na béithe
Do thaisteal ó Bhréifne le Mác Maoil;
Elisabéata is a hathair mar shéanadar
Aifreann Dé dhil, mo chrádh croidhe!
Is aicme Oilbhéir sin do threascair ár gcléire
Níl maitheas it scéalta gan Seán Buidhe!



Má's oirfideach déanta do chanas gach aon tsult
Nó reacaire léigheanta go sárchaoin,
Do casfar le méirleach cois leasa nó taobh cnuic
Nó ar bhealach ag téarnamh mar táimíd,
Níl beannachta Dé aige ná freagra in éifeacht
Ná aithris ar Shéarlas an fánaidhe
Acht spalpfaidh na déithe nách cuideachta an té sin
Mun spreagfaidh rud éigin ar Sheán Buidhe!


L. 58


14. A PHÁDRAIG NA nÁRANN.
A.D. 1760.



A Phádraig na n-árann, an gcluin tú na gártha -
An gcluin tú an pléráca an siosma is an gleó?
Ar chualais mar tháinig
Go Cúige Uladh an ghárda
Thúrot 'n-a shláinte le hiomarca scóip!
Preab! bí it sheasamh! glac meanmna is bíoga
Gríosuigh na seabhaic tá it aice chum spóirt
Beidh píbí dá shéide,
Le claidheamh a mbeidh faobhar air
Is racham in éinfheacht fé bhrataibh an leóghain.



Éistigh, a Ghaedhla, atá cráidhte age méirligh
Glacaidh bhur dtréan-airm gaisce 'nbhur ndóid;
Bíodh hurrá go súgach
Anois ó tá an prionnsa
Is a ghárdaí go dúbalta ag tarraint 'nbhur gcómhair.
Hurú gan dochma! bíodh deoch ar an mbórd agaibh
Suidhgí go sochma le soilbheas ceóil
Tá an báire ag ár muintir
Is an lá aca ar a naímhde
Is go bráth beidh ár saoithe ag imirt 's ag ól.


L. 59


Tá an rúta so láidir, má's fíor gach a ráidhtar,
An crobhaire cionn-árd is a bhuime gan bhrón,
Seóirse go lán-lag
Is Cumberland cráidhte,
Pitt insa phárlimint caithte ar a thóin!
Na Hielans ag tarraint fé phlaidibh 'n-a dtrúpanna
Is a bpíobanna fada dá spreagadh chum ceóil
Ringce ar gach maol-chnoc
Le háthas na scléipe
Ag cur fáilte roimh Shéarlas abhaile 'n-a choróinn.



Isé an rírá dáríre é an pléráca is an t-aoibhneas,
An scéal breágh le hinnsint faid mhairfeam gach ló
Na cóbaigh go claoidhte
Gan fóirthin gan fíonta
Gan ceólta gan saoithe gan bailte gan lón
Réabaidh gach galla-phoc - leagaidh is rúscaidh iad
Cuiridh as talamh bhur n-aithreacha an chóip
Tá Seóirse is a mhuintir
Go brónach lag claoidhte
Is coróinn na dtrí ríoghacht air ní chasfaidh go deó!


L. 60


15. AITHRIGHE LIAM DAILL.



A Íosa bheannuighthe cheannuigh me ar daor-chrois
A Dhia-Mhic chailce na banaltran naomhtha
Stiúruigh sínn arís ó bhaogal
It chúirt aoibhinn chlúmhail ghrinn gan éalaing.



A Chruthóir cháidh, a ráib na daonnacht',
A Leinbh gan cháim do shlánuigh céadta
Maith dhúinn ár ngeallamhna bréagach
Do ráinig linn foríor do dhéanamh.



Do gheallas bheith páirteach cráibhtheach daonmhar
Eagnaidhe grádhmhar lán de thréithibh
Fáth mo thuirse nár thuigeas a dhéanamh
Acht iomarca caithidhe is peacaí chéas me.



Is fíor le n'aithris gur gheallas go dtréigfinn
Baois is eascaine, ragairne is craos cuirp
Go mbeinn tuigsionach urramach déarcach
Láidir cumasach i gcoinne na péiste.



Gadaidhe an cneámhaire is gráin le féachaint -
Sladaidhe smáil na dtáinte an sméirle -
Cladhaire ceachartha cealgach craosach
Beartaidhe fallsa do mheall na céadta.


L. 61


A Uain ghil, a Athair, a dhalta na Béithe
A Dhia-Mhic chailce, is a leabhair-Spirid Naomhtha
Tabhair dam cródhacht scóp is réim nirt
I gcoinnibh caithidhe an bheartaidhe bhréagaigh.



A Mhaighdean chlúmhail cheannsa chaomhnach
Mheadhrach mhúirneach mhúinte bhéasach
Bí-se ag guibhe gan tuirse chum t'Aon-Mhic
Me chumhdach feasta gan damaint ó dhaorbhroid.



A Bhanaltra ghreadhnach bhraghaid-gheal mhaordha
Ó rugadh le meadhair an Deagh-Mhac Naomhtha
Téighim fí choimirc do Leinbh a céasadh
Is ót chaoin-bhrat ná díbir me a Réiltean.



A Mháire mhilis, a choimirc na gcéadta,
A bhláth na mbroingeal, a chriostail na mbéithe
A Bhanaltra ghrádhach ghrinn an Áirdríogh naomhtha
A Shiúr ghlan Dháibhí, a cháidh-ríoghan mhaordha.



A Mhaighdean Bheannuighthe, a thaitneamh na cléire
Dfhoidhnigh masla agus tarcuisne in éinfheacht
Ag taisteal triúch let Úr-Mhac Naomhtha
Ar eagla badhbh in aimsir Hérod.



A Dhia, a Mhic Mháire, a bhláth na féile
A Rí gan cháim, a ráib na daonnacht
Fáth mo cheasnaí an aithrighe thréigean
Is fhaid nár leigeas fám bruinnibh do Chaomh-Chorp.



Gach slighe agus bealach 'n-a rachad go n-éagad
Bí-se feasta dom fhaire is dom shaoradh
Ar smaointe malluighthe, ar eascaine, ar
chraos cuirp,
Ar ghráin, ar mhioscais, ar bhinb, ar bhréagaibh.


L. 62


Bí 'om chúmhdach ón dtrúip seo léighfead -
Caithidhe clamhaire na crúibe géire,
Gníomhrtha baoise an tsaoghil-se chéas me
Is a cholnán choimhtheach chíocrach chraosach.



Maith ár gcúrsa dhúinn Lá an tSléibhe
Lá n-a dtabharfar cunntas léir dhuit
Lá n-a mbeidh an talamh le hanaithe ar tréin-chrith
An t-aer ar lasadh is an fhairrge ag scréachaigh.



Mícheál Aingeal is dearbh tan ghlaodhfa
Cuirp as talamh gur tapaidh do léimfid,
An trúmpa binn go caoin tráth séidfar
Dá dtabhairt go cruinn ar binn an tsléibhe amuigh.



Is geárr gan mhoill arís 'n-a dhéidh sin
Ár gcortha, mo dhíth, is fíor go léighfar -
Gach nídh dár ghlacamair caithfeam go héascaidh
Cunntas dearbhtha thabhairt don Aon-Mhac.



Na saoithe cáidhe ba láidir léadmhach
Groidhe mear áluinn lán de laochas
Taoisigh, triatha is Fiannaibh Éireann
Siúd an lá nách foláir dóibh géilleadh.



An bhuidhean gan ghruaim ba shuairc le n'éisteacht
Draoithe is suadha is uaisle is éigse
Dobhíodh de ghnáth go sáthach séadmhar
Is fíor gur ab eagal dóibh anaithe an lae úd.



An tan thiocfaidh Íosa Críost ag sléachtadh
Na bpeacaí scríobhfar síos 'n-ár n-éadan
Beidh an ghealach fé smúit is dúbhfa Phoebus,
Clocha is crainn go fíor go bpléascfaid.


L. 63


Tiocfaidh Eóin is a shlóighte taobh leis
Go calma cródha glórmhar daonmhar
Is dian do screadfaidh ar Athair na féile
Ag iarraidh seasaimh do pheacaí an tsaogail.



Tiocfaidh Pádraig áluinn éachtach
An t-aspol árd rug bárr ó chéadta
Is deórach cásmhar cráidhte éighfidh
Dfhonn an tsluaigh bhoicht-se dfhuascladh saor leis.



Tiocfaidh adtuaidh ar luas go saothrach
Mioscaiseach fuathmhar buartha bréagach
Sluaighte deamhan is a n-arm go gléasta
Ag iarraidh an áil sin Ádhaimh do dhaoradh.



"A Rí gan cháim" a rádhfa an méirleach
"Is fíor le rádh nách deárnas aon choir
Acht gur shaoileas gur chuibhe bheith éachtach -
Léigtar chugham mo thrúip in éinfheacht."



Do rádh Críost go caoin le dréachtaibh
"A Shátain chaim, níl suim it bhréithribh;
Is deimhin gur damanta an peaca doréinnis
'Ná coir shíl Ádhaimh ó tháine an chéad-neach."



Tiocfa an chúilfhionn chlúmhail shéimh ghlan
Mhaordha mhúinte chiúin-tais bhéasach
"A Dhia-Mhic mhúirnigh, tabhair dam caomh-chead -
Let aon-toil dlúth go labhrad féin leat.



"Féach go cruinn na cíocha caomha
Do thál ó chroidhe le díogras cléibh ort
Féach na ruisc do shil na déara
An tan dobhís Dia hAoine 'ot chéasadh.


L. 64


"Ba bhuartha túirseach fonnlag tréith me
Ar feadh na dtriúch ag siubhal gach lae leat,
Go dtángaís in árd-aois is in éagnamh
Chum an tsluaigh bhoicht-se dfhuascladh ó dhaorbhreith."



"Spící cuireadh le fuinneamh trét ghéagaibh,
Le dian-tsleagh nimhe do goineadh do thaobh deas
Ag iomchar Croise go mullaigh an tsléibhe
Le grádh agus cumann go follus dot thréadta.



"Indiu ó táid an t-ál so ar aonchnoc
A bhaoidhan 's a ghrádh ná fág i bpéin me
Féach let dhearca, ná tabhair an daor-bhreith
Ó's agat-sa tá gach cás a réidhteach."



Is carthannach caoin ó chroidhe do ghéillfe
An Leanbh geal Íosa Críost don réiltean,
Dogheóbhaidh gan mhoill le díogras cléibh chirt
Aithne súl ón Úr-Mhac naomhtha.



A Mhaighdean mhánla, a bhláth na mbéithe
A rí-bhean áluinn, Máthair Dé thu,
Labhair im páirt ó thárla im méirleach
Meisceamhail magamhail meascaithe bréagach.



An tan dobhínn go haoibhinn aerach
Ar measc na saoithe ngroidhe ar féasta
Is gur mhinic me ar uireasbhaidh céille
Go scléipeach sparainneach feargach scéalach.



A Athair-Mhic, a Uain, a shuairc-Spirid Naomhtha
Freagair mo dhuain le truagh agus éist liom,
Stiúruigh m'anam ó amharc na péiste
It chúirt ghlórmhar chlúmhail cheólmhar shéadmhar.


L. 65


16. IS SÚGACH SOILBH MHEABHRAS.
Liam Dall cct.



Is súgach soilbh mheabhras
An mhodhmhail mhilis bhéasach
Go ceannsa tré mo néallta
Is ba gheanamhail a scáil
Ba bhúclach a cúl cas
Go dlúth le n-a séad-choim
A gnúis mar an ngéis
Is a claon-dearca sámh,
Ba dlúth a déad is a balsam-ghuib
A cruinne-ghéara-mhama clis
Do chlaoidh mo mhéinn ar mearbhall
Le díogras dá rádh -
Ólam a sláinte
Is bé áit 'n-a ngabhann sí
Mo stáid-bhroingheal mhánla í
Is bláth na mban gcáidh.



Chuireas-sa mo lámh
Fé n-a bhrághaid mar do shaoileas
Is d'fháisceas an fhíormhaith
Go caoimhneach im dháil
Ina brágha agam níor chásas
Ar ar bh'áil leis an bhfaoileann
Gur thárluigh im líon-sa í
A bheith díleas go bráth.


L. 66


Ba suairc mo shuan ar ghlasradh
Ba ghile a géaga ar faithcheacha
Ná ceileabhar éan go fonnamhar
Le meadhair ghlan dá cáil
Is gurab í áille na scéimhe í
Le réidh-choin na Banba
Tál flatha $Danes
Agus réaltan na ndámh.



Níor bhinne liom-sa Áirean
Ag áireamh na dtéada
Ná sár-ghuth na béithe
Bheith taoibh liom cois triúch
A dfhág Dolphin tláth tuirseach
Ar lár, marbh traochta
Le claon-chleas a méara
Ar chaoin-chruit go ciúin.
An tráth leath go mór ar m'amharc-sa
Dá dearcadh dlúth níorbh fhada liom
An ainnir mhodhmhail leanbach
Ba léir dam fá 'n tráigh
A suan-rosc ar a gruadh-luisne
Agus suairceas a labhartha
Do mhúscail óm shuan me
Go huaigneach 'na dheáidh.



Níl leasa cnuic ná sléibhe
Go Gréin-Chnoc nár shiubhlas
In éiric na Cúpid
Is ba dubhach é mo chás
Ar a tuairisc, bé in Éirinn í,
d'éaluigh gan chunntas
Créad é an phréimh-shliocht cirt dúthchais
Ór phlannduigh an bháb


L. 67


An tráth chualas í bheith atuirseach
A duain go binn do thaitnigh liom
Is go huaigneach sinn ar easbha suilt
Is mé ag triall insan áird
Ag caoineadh go híogair
Mar bhíodar an ghasra
Do dhíbir os Maoilre
Ón bhfíor-chraig le fán.



An tan scítheas ag éisteacht
Is gan aon acht í taoibh liom
Is tréan-luisne tríom-sa
Le haoibhneas dá rádh
Caoimh-ghlaisioch ? céibh-dhlathach
Léi ag filleadh ag síor-chasadh,
A déad druidte líonta
Is a slaod-fholt go sámh
An tráth shíl me suidhe 'n-a haice seal
Go bhfiosrainn fáth a fine dhi
Is na rosca maordha in anbhroid
Is na déaraibh ag tál
An tú Vénus dá ngéillid
Caogad det aitheanta
Nó Hélen ón nGréig thoir
Ler traochadh na táint.


L. 68


17. OCH! MONUAR, MO RUAIG.
Do Eibhlín Ní Artnain.



Och! monuar, mo ruaig mo léan tu
Mo dhiombáidh mo ghearán mo ghéibhinn
Mo ghreadán tré cheart-lár mo chléibh tu
'S mo cheann faille go follus don tsaoghal tu.



Mo cheann faille go follus don tsaoghal thu
Mo lán leoin is m'ochón léin tu
Mo lá bróin a bhreódhas na céadta
Cúis mo chathuighthe is m'atuirse léin tu.



Mo ghreidhin tinn gan leigheas ón éag thu
Mo lá cumha 's mo thúirse léin tu
Mo chás dubhach 'san úir fí chré thu
Mo mhíle creach gan phreab it ghéaga
A chúilfhionn tais a cheap na féile.



A chúilfionn tais a cheap na féile
A shocair-bhean cháidh na ráidhte séimhe
An bhrollach-gheal táimhe ab áilne tréithe
Is dubhach atá na táinte it éagmuis
Go tuirseach tláth mar táimse, déar-fhliuch.



Go tuirseach tláth mar táimse, déar-fhliuch,
Gur dhúisigh gleó ar phór Mhilésius
Táid na scamaill 'n-a stad ar na spéartha
Gaoth is fearthainn le hanaithe in éinfheacht
Binb is buaidhirt ar chuanta Thétis


L. 69


Binb is buaidhirt ar chuanta Thétis
d'éirigh tocht go moch ar Phoebus
Scéalta an Luain do bhuail go héag me
Do shleinn an chluas dar m'uadhacht ba thréine
Mar fhuaim tuinne an tráth bhrisidís spréidh-chnuic.



Cár ghaibh dáimhe dán ba ghaol duit
Filí fuighleach líomhtha léigheanta
Ca bhfuil báird ná mná na saothar
Táid ar a gcúl 'san úir i gcré-chuilt
Do luaidhfeadh friotal ó cuireadh i gcré thu.



An uair ná maireann an ghasra ghaosmhar
Damh-sa is dual do dhuanta a dhéanamh
Is dam is dleacht bheith seal go déar-fhliuch
Déanfad marbhnadh ar fheabhas do thréithe
Óir is mó liom thú 'san úir ná i ngéibheann.



Is mó liom thú 'san úir ná i ngéibheann,
Is mó liom tú 'ná an smúit seo ar Éire
Is 'ná ar cailleadh ar lanna na scléipe
Den gcrith áir 'n-ar chrádhadar Gaedhlaibh
Is 'ná a ndeighidh uainn i ruaig le Séamus.



Is 'ná a ndeighidh uainn i ruaig le Séamus
Cé gur duaibh a gcuan 's a gcéime
Is go mba shuairc a gcuaird dár bhféachain
Mar a bhfuil gallaibh ag eascair in aolbhroig
Go cóisreach ceannasach rabairneach réimamhail.



Do shiubhlas tuatha cuanta is réidh-chnuic
Bhíos i gCluain 's in uachtar Bhéarra
I gcríochaibh Fáil 's i gClár Luirc Éibhir
Scéal ná duain ní chuala ag éinne
Acht go rabhais marbh 'san bhfearann ba ghaol duit.


L. 70


Tu bheith marbh 'san bhfearann ba ghaol duit
d'fhúig fá scamaill 's i ngalar na céadta
'S do mhúdar fairis ag frasadh gan faesiomh
Do leanbhaí gan mhaimín is léan liom
Mo cheasnaidhe-se an taithighe seo ag daeil ort.



Is ceasnaidhe liom taithighe ag daeil ort
In áit gach rachmus gach taitneamh is tréithe;
An leógan mear cródha do chéile -
An Búrcach nár chúthail a théasta
Is a thúirling ó Chúchulainn na Raonach.



Atáid mná sidhe na gcríoch so 'ot éileamh
Marta Maoil is Clíodhna Léithchraig
Marta Mhór is Róis is Céarnait
Aoife is Áine ó Árdchnoc Gréine
'S an bhean dothug a cín do Dhéiseach.



An bhean dothug a cín do Dhéiseach,
Déirdre bhí ag Naois mar chéile,
An tsidh-bhean chuir draoidheacht ar thréin-fhir
Breac Breac is Machnadh ghléigeal
Áine is Úna ó Dhúrlas Éile.



Áine is Úna ó Dhúrlas Éile
Meadhbh Chnuachna is Ruachtach Chaolla
Sadhbh chrathach is eala-chruth chraobhach
Ós nochtair na loiche gan faesiomh
Is Eibhinn dhrolach 'n-a lagar gan traochadh.


L. 71


Eibhinn dhrolach 'n-a lagar gan traochadh
Juno an cheannais is Pallas na ndréachta
Dido an leathar a ghearradh go néata
Fós Diana do threascair Actéon
'S gan dearmad ainnir an Chairn sa' tSléibhe.



Ní hé a ngol go moch is léan liom
Acht gol na bhfear an bheart do chéas me
Do dhaor bráithre ag ochlán 's ag éighmhinn
Do chómhursain go brónach 'ot éagmuis
Is mise leo go deórach déar-fhliuch.



Táimse leó go brónach céasta
Canntladh agus leanndubh 'om thraochadh
Im chabhlach gan fonn suilt gan féasta
Go fann-lag i ngleannta go héigneach
Gan teannta agam chum labhartha le héinne.



Scuirfead feasta is canfad mar is eol dam
Ar lucht gaisce bhí i gceannas na cróinneach
Ba chian dobhí ina ríghthe cródha
Síolrach sleachta Airt is Eógain
Triatha Gaoidhil do shín tar bóchna.



Dá mba áthas liom trácht ar an gcóip úd
Ba bhráithre dhuit árd-chlanna Fódla
Clanna Gaoidheala Mhíleadh mór-raith
Ón nDáil gCais n-a dtáinig do chómhgais
'N-a ráfla ní stánfadh i ngleó cnuic.



'N-a ráfla ní stánfadh i ngleó cnuic,
Den fhíor-fhuil árd bhí i ngrádh na slóighte
Do chanadh luibh 'o luite le heólas
Do roinneadh pruinn a bhuird ar shlóighte
'S dobhíodh buidheanmhar fíonmhar feólmhar.


L. 72


Dar Duach ní dhéanfainn bréag le mórtas
Do luadhas na scéalta cé gur bhreodhais me
Ní raibh flaith le ceart sa chóige
Ní raibh fear fí mheas ar m'eolas
Ná raibh do ghaol i dtaobh nó dhó leis.



Ba shuairc do mhéara ar ghéis go seolta
Do bhéal tais bhinn-bhréathrach mar cheól sidhe
Ba ghlé do dhreach mar shneachta i dtóirnigh
Ba shuairceach tréithe méinn is eolas
Suairceas céille féile is córtas.



Suairceas céille féile is córtas
Gean don gcléir is réir na gcomhursan
Reacht na naomh níor bhaoghal n-a cómhdach,
Lonnughadh leabthan do lucht taisteal na cóige
Cabhair don luige dobheireadh is fóirthin.



Guidhim go beacht ar Mhac na Glóire
Na naoimh a theacht go pras 'ot fhóirthin
Tu bhreith don ndomhan bheannuighthe mharthannach órdha
I ndún na ngrás i bpáirt na glóire
Go bhfaghair dídhean ón Rí tá cómhachtach.



Is beag mo pháirt le mná na Fódla
Ó fuair an bás, an cneámhaire, dóigh ort,
Cladhaire gartha a leagas na slóighte
Treighid is trascairt is anaithe an bhróin air
Nuair nár fhág an bhán-chnis beo againn.


L. 73


18. CLÍODHNA NA CARRAIGE.



Sealad aréir i gcéin cois leasa dham
Ag déanamh leanna duibh, faon ar easbha nirt
Óró fé scamallaibh bróin
Do dhearcas lem thaobh cé caoch gan amharc me
An spéirbhean mheasardha bheal-tais bhanamhail
Óró ba taitneamhach snódh
Ba daithte tiugh dréimreach néamhrach camarsach
Bachallach slaodach péarlach caithiseach
Craobhach casta dubh, gan chéim, a carn-fholt
Léi 'n-a mbeartaibh ag téacht ar baillichrith
Óró go talamh 'n-a deóidh.



Bhí lasadh na gcaor 'n-a gné mar eala ar sruith
Scéimh an tsneachtaidh go tréan i ndeargan
Óró 'n-a leacain gan cheó
'S a mala ba chaol ar a héadan leanbach
Léir-ghlan gheanamhail mhaordha mhaiseamhail
Óró ba chalma a cló;
Ba chealgach faobhrach gaethe a reamhar-ruisc
Ag caitheamh na saeghad trím thaobh in achrann
Le n-a haol-chraobh leabhair is néata tharraingeadh
Faolchoin, marcaidh is laoch mear fairrge
Óró ar leathan-bhrat sróill.


L. 74


Do b'innealta séimh glan, réidh ó phailiris,
Saor ó atuirse ar théad do spreagadh puirt
Óró, le gliocas a meór
'S do scriobhadh le caol-pheann néata ar mheamram
Laoithe blasta lé dréachta seanchais
Óró go soilbhir sóghach
A binne-ghuth caomh 's a béal gan dearmad
I ndlighthe na n-éigs 'sí léigheadh na startha suilt
Gaedhilge ag aithris scéal na bhfearachon
Ar téacht na ndragan fí réim go Banba
Óró i mbarcaibh 'n-a slógh.



Aithris dam féin let aon-toil, aitchim ort
Créad an fearann fá'n ngréin ar ghabhais chughainn
Óró, nó ar casadh thu im chomhair
Nó an tusa an bhean tséimh san Trae ler trascradh
Faon na fearachoin éachtmhar acfuinneach
Óró do casadh sa ghleó
Nó an bhroingeal dá nglaodhtar Déirdre mhaiseamhail
Ler cailleadh i gcéin na tréin-fhir chalma
Nó Céarnait mheasardha tré n-ar ceapadh
Le céill ar gheala-shruith ar dtéacht ó Albain
Óró chuir muiltibh ar seól.
Ba bhanamhail míonla caoin-tais carthannach
A laoithe cneasta gan mhoill ag freagairt dam
Óró le labhartha a beóil
Is dearbh, ar sí, nach díobh súd dfheasrais
Fíor gidh measaim gur brígh do sheanchas
Óró ar ghaisce na dtreón
Acht is mise Clíodhna ó thaoibh na Carraige


L. 75


Do casadh it líon ag innsint startha dhuit
Líontar beathuisce, díogtar baraille
An phíb le meanmain bíodh it ghlacaibh-se
Óró dá spreagadh gan cheó.



Is gidh mustarach árd sliocht Mhártain mhalluighthe
Dá rádh le sealad gur fágadh Carolus
Óró fá leacaibh ag dreoghadh
'Sé chluinim ag dáimh 's ag fáidhibh leasa cnuic
An tráth do ghairmthar spás chum sealad suilt
Óró gur chanadar gó
Is cumasach cáidheamhail an ráib dfhuil Chaisil chirt
Ag druidim gach lá le clár geal Bhanba
Is feárr mar mheasaim 'ná stáca an mhargaidh
Is tláth bheidh galla-phuic Sheágain chealgaigh
Óró dá leagadh sa ghleó.



Beidh Aifreann Árd de ghnáth ag eaglais
Cháidh an tseanchais ghrádhmhar gheanmnach
Óró do leanbh na hóighe
Is startha gan cháim 'n-a dheáidh sin agaibh-se
Ar chlár an tabhairne ag trághadh gach baraille
Óró le fairsinge ceóil
Seinnidh go sámh gan scáth roimh ghalla-phuic
Le binb gach lá gidh tláth le sealad sibh
Tá bhur bpaitean le fagháil gan dearmad
Is fearr le taisce gan scáth gan eagla
Óró, sin deire lem sceól.


L. 76


19. TÁ SCÉAL BEAG SULTMHAR AGAM-SA.
Liam Dall Ó hIfearnain cct.
Ag tarrtháil a ghiolla as an dtrínse.



Tá scéal beag sultmhar agam-sa le scrúdadh dhaoibh
Tar éis mo thurais tré imeallaibh úr na gcríoch
N-ar traochadh mise is n-ar cuireadh i gcúinne chaoil
Aréir gur imthigh mo ghiolla dá mhúchadh i ndraoib.



Ó mhuise m'fhadchumha mo dheacair mo scéal le
maoidheamh
'S gur mise bhí ar mearughadh 's nárbh fheas dam
aon taobh den slighe.



I mbéal na tuinne is me ag druidim im dhútha arís
Mo léan tar uisce ba tirim le dúil ag tigheacht
Gur phléasc mo ghiolla fá imeall na srúille thíos
Do b'éachtmhar mise ar m'uillinn dá spiúnadh aníos.



d'éigheas le buile is dorinneas mo liuighreach tríd
Ag glaodhach ar dhuine dothiocfadh ag congnamh linn
Níorbh'é siúd an tiubaist gur thuigeas go dlúth im
chroidhe
Gur bhaoghal na dlighthe is gan duine sa chúirt dem
bhuidhin.



Chuarduigheas cuise agus imeall na srúille thíos
'N-a chluais gur chuireas-sa m'ionga is é fúm sa
draoib
Is luaimneach innealta sciobainn é ar úrla aníos
Ba truagh libh mise is mar shileadh mo shúile tríd.


L. 77


Is é úire an leanna bhí ag ainnir an dlúth-fhuilt bhuidhe
Is crú na seabhach, an faraire Búrcach groidhe
An Róisteach cailce is an baraille ar lúith ag tigheacht
Dfhúig me i nglasaibh sa lathaigh 's mo chongnadh 'om
dhíth.



Do ghlaodhas ar aicme gach leasa ba dúthchas linn
Béithe an tsleachta do chleachtadh bheith congantach linn
Do réabas cealla, do spalpas na dúile tríd
Mun' réidhidís m'anacra go lasfainn a ndúnta sidhe.



Tháinig ainnir na Craige ar dtúis im líon
Áine chailce is an ghasra ón nDún aníos
An bháb bhas-chailce tar caladh do shiubhail le Naois
'S an mhánla mhaiseach ó Laition ag congnadh linn.



Do léigh gach ainnir díobh aiste ba súgach linn
Gur bhaoghal do ghallaibh 'san earrach so chughainn ag
tigheacht
Séarlas marbh 's a charad gan chongnadh ríomh
Is Gaedhil ag tarraint fá ghradam dá ndúin arís.



Tar éis bheith ar mearughadh ba ghreanamhar an
scéal le maoidheamh
Gaedhil le neart lann ag baint a cheann de Dhéamar
bhuidhe.


L. 78


20. AR MAIDIN INDÉ IS ME AG DÉANAMH
MACHTNAIMH.



Ar maidin indé is me ag déanamh machtnaimh
Ar Gheadhil mar leagadh a gcáirde
Do theagmhuigh liom bé ba phéarlach cailce
Ba mhaordha maiseamhail mánla
A reamhar-rosc réidh is a scéimh mar eala
A béal a leaca is a brághaid gheal
Mar shneachta na gcraobh 's mar chaor a lasadh
Is í ag déanamh aitis is gáirdis.



Adubhairt ainnir an déid ghil Dé do bheatha
Is éist liom tamall, a sháir-fhir
Atá dalta mo chléibh 's mo chéile ag taisteal
Go tréan tar caladh is a ghárda;
Scaipfidh an tréad so an Bhéarla mhalluighthe
Is béimíd go fleagamhail fáilteach
Is go calma craobhach séanmhar seascair
'S ár gcléir go salmach sásta.



Gidh fada fí dhaor-bhroid Laochra Chaisil
I ngéibheann galair gan áitreabh
Gan talamh gan tréad gan réim gan rachmas
Gan scléip gan aiteas gan áthas


L. 79


Dá ngreadadh dá gcéasadh dá gcréimeadh ag gallaibh
'S dá séideadh thar caladh ina dtáintibh
Ní fada go réidhfe an laoch gan ainm
Ár bpéin, ár bpeannaid 's ár ngábha-na.



Ní mearathal bréige claon ná glagar
Baoth do chanaim im ráidhte
Go bhfuil ceathrar ar fhichid céad de thréan-truip
mharcach
Le héide airm is áthais;
Preabfaid in éinfheacht, déanfaid argain
Is séidfid aicme na cránach
'S is ceannasach craobhach bhéimíd gan mhairg
Ag téacht don tseabhac so Seámus.



A ainnir na gcraobh-fholt dréimreach daithte
Do scéalta is greanamhar sámh liom
Go mbeidh flatha agus éigse, laochra is eaglais
Go saor-ghlan seascair 'n-a n-áitreabh;
Go mbeidh beath-uisce á thaoscadh is daor-phunch
againn
Le pléireacht taitnimh is gáirdis
Ó's dearbhtha an scéal gur téacht dár gcabhair
Dodhéanfa an faraire fánach.



Sealad dem shaoghal go haerach chaitheas
Im réic ag caitheamh a bhfághainn-se
Seal eile ag bréagadh béithe is bairrfhionn
Le claonadh cleas agus ráfla;
Ar chaitheas dem ré ní léir gur ceapadh
Dham scéal do b'aite le háireamh
'Ná taisteal mo Chaesair thréan 's a ghasra
Ag éileamh Bhanba an áir seo.


L. 80


Tá lasair san spéir 's ar ghréin níl scamaill
'S an ré go lasamhar lánmhar
Atá aiteas ar éanlaith i ngaorthaibh gleanna
Is gach tréad go magamhail ceáfrach
Tá an fhairrge féin go réidh gan fearg
'S an ghaoth beidh seasamhach áluinn
Ar dtaiseal dom laoch le faobhar is fearg
Ag léir-scrios gallaibh as Clár Luirc.


L. 81


B 1754ob 18L
21. AN FADA SÍOS A BHÍ TÚ?
Nuair theip ar Liam Dall clocháin d'aimsiughadh gurbh éigean
dó siubhal tríd an tsruthán. Seán Clárach Mac Domhnaill
do chuir na ceisteanna agus Liam Dall do fhreagair:



S.C. An fada síos a bhí tú?
L.D. Go dtí mo dhá ghlúin.
S.C. Cá fhaid atá tú dall?
L.D. Ó chúl mo chinn anall.



S.C. An bhfuil tú abhfad it dhall?



L.D. Ó mhullach mo chinn go bonn.



S.C. An bhfuil tú riamh it dhall?



L.D. Níl mé riamh ann.



S.C. Ní fearr tu a bheith.



L.D. Dá mb'fheárr dobheinn.


L. 82


22. MO MHÍLE BRÓN-CHREACH.
Ar bhás Sheáin Damer.



Mo mhíle brón-chreach an bhuidhean tá ar feódhchain
Ná meileadh bró, is ná cleachtadh í
Atá ag dreoghadh fá leacaibh Shrónaill
Is de mhéad bróin atáim gan brígh!



Ní brón linn Cúirt Shrónaill á leagadh
Gan balla gan fíodhbha le fághail;
Ní brón liom an cóbach lag marbh -
An ghrathain seo riamh le fán;
Ní brón liom an t-ór buidhe á scaipeadh
Ag an tsean-bhoc liath 'san áit,
Is feóirling ní thabharfadh don tsagart
Dá dtagadh dá thabhairt ón mbás!



Níl éiclips ar ghréin 's tá an ghealach
Go taitneamhach solusta breágh
Ó chualadar bréithre na n-aspol
Do chruinnigh a mheabhair ar Sheán:
Siúd é is fearr linn fá leacaibh
Is an tAifreann á rádh ina áit!


L. 83


23. TÁID ÉIGSE AGUS UGHDAIR.
Tadhg Gaedhlach cct agus is inmheasta gurbh shin í an Nóra
Ní Áinle chéadna do chómhnuigh ag Gort an Bháird nó an Bóithrín
Buidhe, .i. inghean dearbhráthar máthar do Liam Dall Ó hIfearnain.



Táid éigse agus ughdair go trúpach ag pléireacht
Go súgach go scléipeach 's a ndréachta dá sníomh
Ag an spéir-choinnil mhúinte de úrshliocht na hÉireann
De phlúr-chriostal Gaedhal agus réiltean na
ríoghacht:
Tá fionn-lile ag pléireacht mar a ndúbluighid na
héiclips
Go clúdaithe ag Phoebus le haon-ghile gnaoi
'S gur n-a gnúis mhilis léightar do thúirling Cupid
caomh-ghlic
Ag múch 's ag milleadh ár laochra le tréin-neart a
saighead.



Is dréimreach 's is búclach is fonnsach 's is faon-lag,
Is glúineach is géagach 's is néata do figheadh
A slaod-fholt go cúrsach go lúbach go haerach
d'ionntuigh i gcaol-chirt ar aon-ghlaine an $fleece.
Is clúmhail maise a héadain, mar dhrúcht maidne a
claon-rosc
A com seang caol-chuirp mar scéimh eala ar tuinn,
'S gur lúthmhar lasmhar craosach ag tnúth 's ag cath le
haol-dath
Go dlúth 'n-a leacain mhaordha mar ghné an tsneachta
a píob.


L. 84


An chraobh éachtmhar chumhra 's an t-ubhall mhúirneach
órdha
Siúr gaoil na leógan ba chómhachtach i ndlighe
Tar béithibh tréitheach ughdar 's an triúr cúilfhionn
ómrach
An chiúin-bhroingeal mhódhmhrach is lóchrann an ghrinn:
Ní leór linn cruit ná téada ná glórtha suilt na n-éanla
Seoch ceólta binne tréitheach a caol-ghuib gan phoimp
'S gur le n-a bán-chrobh snoidhte néata gan cháim a
chumas faol-choin
Ar barr na tuinne ar daor-bhrat tug léir-scrios na
Traoi.



Dá n-amharcadh san Paris a mbreághthacht ná a mbéasa
Ní thráchtfadh ar Hélen tug léir-scrios na Traoi
Aicil agus Ájax, Iáson, Iaphétus
Dfhágfaidís na béithe i n-a n-aonar seoch í;
Níl sagart againn ionnraic ná easpog eaglais ughdar
I gceap na bhflatha bhfiúntach nach sanntach a bhíd
'S is dalta bhaist na $múses an ainnir chneasta chúmtha
'S níor pheaca an carbúncail do thabhairt ar an
mnaoi.



Is deaghthach 's is déarcach, is naomhtha glan grádhmhar
Is séimh is is áthasach páirteach i ngníomh
Péarla de thréan-chuisle réxa na Spáinne
Is Phoebus na n-árd-fhlatha Clár Luirc slógh bhfíon.
Plannda geal áluinn de sheann-tsliocht Uí Áinle
Is de leabhar-scoth na nGrádach mo stáid-bhroingheal
bhinn
Dfhuil ghallda gach prionnsa is gach diúic díobh dá
dtáinig
Ó Lonndain na n-áitreabh mar ghárda ar an rí.


L. 85


'Sé an marcach fleadhach fáilteach is grádhmhar 's is
féastach
An rábaire léadmhar is léir-mhire chím
Athair geal na báibe do sháruigh an fhéile
'S a máthair dheigh-mhéinneach ba saordha 'n-a tigheas;
Is flósach fáinneach séadmhar glórmhar grásach gléasta
Clódh agus cáil an naomh-leinbh phréamhuigh ón ndís
'S gur spórtmhar sásta léimfinn le sróill-fhear stáit
ag réidhteach
Do Nóra bláth na mbéithe 'san réim seo do ghuidhim.


L. 86


24. IS AG DÚN-BHAILE SHRÓNAILL.



Is ag dún-bhaile Shrónaill tá, a stóirín, me féineach,
A óg-bhroingeal mhaordha do chealg me im lár,
Do chaith saigheada thar meón linn le cómhachta mhic Bhénus
Le mór-ghean don réiltean tig sealad roimh lá.



Is múinte milis maordha tá an chúilfhionn oilte bhéaltais,
Níl smúit ar a hiorradh gréagach ná aon tréith chliste
ar lár,
'S gur iompuigh Márs gan bhréagnadh don chumha i mbun
chách ba thréine
Le grionn do thrácht 'ot fhéachaint, a ghéag chailce bhreágh.



...
...
Do shádhais do lannsa trínn-na, is ar lár it chomhair-se
snoidheadh me,
Is beidh do ghrádh ag siubhal im thimcheall im líonta
go bhfaghad bás.



Is breágh é a com 's is díreach, is ealadhanta gach alt di
i gceart
Is breágh a leabhar-chrobh mín, a cíocha 's a mama geal
Is breágh do ghabhann sí laoithe, 's a scáil mar ómra ag
scíordadh
'S a brághaid go dtuiteann síos léi go fíor-dhaithte
deas.


L. 87


Is breágh é a cuan-mhala éadain, is aolmhar a gnaoi 's a
snódh,
Is breágh a luan-rosc maordha do ghéar-ghoin mo
chroidhe fí bhrón,
Is breágh a gruadha mar chaortha 's a láthair anuas 'n-a
dhéidh sin,
Is breágh a cos ag luascadh léithi, is a béal tá mar an
rós.



...
...
Is breágh gach buadh gach sméide - do ghárda dfhuaghais im
thaobh-sa,
Mo ghrádh go buan lem ré thú, is táim réidh leat, a
stór.



Do shiubhalfaimís gach áird leat, a ghrádh ghil go crích mo
shaoghail
Ó ghleannta grinne Chláir Luirc 'on Spáinn, 'on
Fhraingc nó 'on Ghréig,
A shiúr na ndlaoi-fholt bhfáinneach a stiúruigh saighead im
lár-sa
A phlúr nach íseal cáile de rás-stoc na gcléar.



...
...
Is dubhach do shnoidhis mo shláinte is gach únsa dhínn do
bhásais,
Is buan is tu do chráidh me, is mo chéad slán leat, a
stór.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services