Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seán Clárach
Title
Seán Clárach
Author(s)
Mac Domhnaill, Seán Clárach,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1754
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1932)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gabhaim páirt le Seán Ó Tuama an Ghrinn Fám bhrataigh áluinn ádhmhraigh uaibhrigh aoird Chum seasaimh tráth ar shárfhuil sluagh agus saoi 'S mar cheap le dántaibh sláinte is suadha i gcrích. Tar fearaibh dán is tú chráidh 's do bhuair mo chroidhe Is ní scarfinn páirt let cháil go luath arís, Dalta 'en dáimh i ngábha nár dhual i dteimheal Nó ar dteacht don tráigh don táin sin uainn tar tuinn. Ní gearra-chnápach dán ná fuachaid críon Ná farcach fánach Seán Ó Tuama an Ghrinn Acht gas gealgháireach grádhmhar gruadhgheal groidhe is leabhair-ghlan dfhás gan cháim gan chruadhas 'n-a chroidhe. Is beartach bearrtha bláthcheart buan a scríobhas 'S is tapa tábhachtmhar táinmhar uaidh gach laoi 'Na srathaibh slána táid ar fuaid an tsaoighil Ó shreabhaibh Máighe go lántsruth luath na Laoi. Is ait liom trácht ar áilneacht bhuachaill bhinn 'S is maith liom fhagháil tar cách go buan dom bhuidhin Le n-a fheabhas thárla a lámh a dhuain 's a ghníomh Chum teacht go dána 'o láthair suas lem thaoibh. Dá dtagadh stráille fáin ar cuairt don tír Nó leath na sráide sáithte dfhuargairíbh Do leagfinn dán 'n-a ndáil 'is ní luaidhfinn puinn Is gheabhainn páirt le Seán Ó Tuama an Ghrinn.
A ursa nach tréith ag réidhteach gach laoi Éigsibh ealadha ársa, Scuir feasta det dhéaraibh daora is ceasnaí Cléibh, is gaibh meidhir dhásacht; Sin chugat na tréantruip bhéarfas cathmhaidhm Ar chléire Chailbhín chnápaigh, Beidh deatach le daorthaibh éiclips gan scíth Chaochfas achtaíbh námhad. Sin ullamh le caorthaibh préimhsliocht gheal-Chuinn Is Néill do smachtuigheadh áraibh, Tar tonnaibh 'na réim le draochfar creatlaighe Is plaosca dailc-bhuidhe an cháise; Is solusmhar réidh 's is aerach crannghail 'Na ngéagaibh meas tríobh dfhásfaidh Le taitneamh don scéal do réir mar dhealbhuigheadh Cléire eagnaidhe is fáidhe. Níl teimheal ar ghréin ná éin ag ceasnaghail Is séismhar fadbhinn bláthmhar I mbarra na ngéaga gcraobhghlas gach laoi In aonghuth cheart bíd fáilteach; Ar thaisteal don réx sa réim seo gheal-Chuinn Le dtraochfar gasraí gáibhtheach A gcathracha aolmhar réabfaid gan scíth I ndaorbhroid beid fí chána. A chara na héigs 'nar léir an eagnaidheacht Is do léigheas gach ealadha fáthach Sin agat mo scéal gan bhréag le tacaidheacht Is déin go ceart guidhe Mháire; Tiocfaidh an t-aon dodhéanfas taithighe Ar chéile cheart chaoin Chláir Luirc, Is do stollfas nó réabfas géibheann gan mhoill Chléire an Phaidrín Pháirtigh.
Moladh Déanfad tráchtadh go tais Dobhéarad tábhacht teastais Ar lia lóghmhar na ngníomh nglan Geilghréin eóluis na n-anmann. Risteárd Breatnach, beart gan bhréag Bile árdbheannach na nglas-ghéag Abhall úr nach tráigh toradh Fó bhláth chumhra churcora. Sagart fineamhna nach féigh I nglanórd mhór Mhelcisidéic Sás saidhbhir líonta de leas Dfhoghlaim, d'oirbheart is d'eólas. Do sin dleaghthar go dearbhtha Rosa roighne ró-tharbha Glanchnuas chíor-chumhdaigh na gceacht Is lachtbhuaine uige is intleacht.
Damhsa is feasach an fear Ó thós óige go heascar Bhámar mar aon de ghréas Ádhbhar ag raonadh róibhéas. Thugamair tréimhse nach táir Ag scolaibh saora Seanáir Ag cnuas ealadhan is oghaim Buan gan faillighe ag foghlaim. Gur thriall mo leanán thar lear Ar thuinn Téitis treismhear I bParis Laoisigh na lann Dofuair cádhas nach coitcheann. Mór-thaitneamh thionnscain dá thír Mar chasnaimh ar chéad an chathaoir Gur hoirneadh do réir reachta É ina dhochtúir diadhachta. Seal mar sin fá mhaith-mhaise I gcionn uas is eaglaise óir ba eisean scéimh na scol Fós ba dile 'n deisciobol. Do gur cinneadh leis an gcléir Dá dtug umhla is óighréir Toigheacht in Éirinn tar n-ais Do shíolchur éifeacht eólais. Táinigh tuilte de thorradh Suibhscéil agus seanmóra Mar Phól i bhfriotal forus I gcathair áluinn Ephesus. Do ghaibh air féin an cor cruaidh Tréada Tiarna an tromshluaigh d'anacal ar ghadaigh na ngon Ar fhastuighibh fiara faolchon. Do chomhaill a gheallmha glinn 'N-a mhogha sa bhfóghmhar bhfairsinn Mar a bhfuil an mheitheal mhion Is foghail ar an bhfin'mhion. Ní tuar aisce ná ionmhas Mar aois eile ar mh'aitheantas Ná taoscadh corn le craos Ná claonadh corb le comh-aos
Do thoghaidh mo chompán mar chéim Acht tuilte teagaisc gan taibhéim Díogras agus crábhadh cóir is bheith fá riaghail don ronnadóir. Ní gliocas carad ná clis Fuair dó aoirde in eagluis Fá'r commóradh go cuibhe É in' Easpog chlúmhail Chorcuighe Acht eólas fríochnamhach nach fann Glan-cheann líonta de léigheann Ceannsacht croidhe, séimhe gan sal Méinn is aigine uasal.
M'fhreagra ort, a Éamoinn a chaomhchara chaoin, A dhalta na spéirbhan ó thaobh fearann is aoird, Do raideas-sa saerghean duit féin is dot laoi Dot aiste dot thréithe dot ghné agus dot ghnaoi. Táid maithe chloinne Éibhir 's a ngéaga go críon Agus leathantsliocht Éireamhoin éachtaig is Ír, Albanaig Ghaedhlach ba thréine ar gach taoibh 'S i gcatha ná staonfadh gur traochadh an bhuidhean. Dursan déarach Dubha daol liom dam is daorbhroid I dtinneas éaga Dom bhreóidh gach laoi. 'S an curadh céamach Creathach céadfadh Chuisle chréachta Choilig thréana Och is cródha croidhe. Fuireann $Phoenix Finne is féile Fuil is faesiomh Inis Éilge Fós gan bhrigh. Lá leóin dár sórt Mánóir dár gcóir Ag gallaibh gan dóth Ná dúil 'n-ár sórt. Is fada me im aonar 's me baothghol go binn Ar sleasa gach sléibhe nó i mael-leasaibh slím, Ní fheaca de chéile do ghéarscreadfadh linn Tré easbha na Séamus go hÉamonn geal grinn. Táid flatha na Féinne agus $Phoenix na gcríoch Gan ranna gan réimeas gan réimchirt sa ríoghacht, Má chaithid bheith tréimhse gan tréineacht go tím Dar mo bhasa is mó 'e scéal san a Éamoinn 'ná sinn.
Uch mo léan Is guirt an scéal Dorug ar éigsibh Inis Éilge Bheith i gcéin Gan ól ar fhíon Mar d'imthig féile Scoith mar ba ghréas Ar bórdaibh Gaoidhal. Cuisle téad Is binne dréacht Ar dhul na laoch Dothugadh géille Leó thar tuinn. Lá an tóir ár dtreóir Fáil óir 'n-ár gcomhair Ná tigid súd chughainne Do mhúscladh ár mbrón. Cois mara na mbréid-mbarc go tréith tearc má taoir Ar gcaitheamh do spré 's tu gan réidhteach gan díon A fhir acmhaingigh éachtaigh ba saerbheartach slighe Is gairid duit faesiomh le haonta an Sprid Naoimh. I mbaile raibh Gaedhla de shléachtaibh sean-Ghaoidhal Ba flathamhail féastach ba séadmhar ba saoir Ní mhaireann díobh, Éamoinn, uch, éinne mo dhíth Acht i lagchumus léirbhriste léanmhar gach laoi. Cuirfidh Éire Seo dian-ghéibheann Rith ar éigean le toil Dé Na gcomhacht gan mhoill Tiocfa Séarlus Fuinte faobhrach Is na tréinfhir d'imigéin do bhainfeas béim Den bhruid seo 'ot chlaoidh Is bruthmhar bréideach Brogach bléideach Tu agus mé Is beam araon Gan cheó gan chíos Acht ag ól gach ló Fé shógh gach sceóil Go fleadhach gach n-oidhche 'S ag síorchanadh cheóil.
Mo chráidhteacht, mo lánchreach mo chás brónghuirt Seán† geal †Clárach† fáidh †Mac Domhnaill Marbh lag táir go brách ar feódhchant, Seabhac den dáimh dob'árd in eólus. Eólus gan mórtas dobhí sa bhfear, Treórach na n-óg is na ndraoithe sean; Dá 'neósainn a ghlórtha is a scríobh' i gcairt Budh mhó san 'ná mórchatha Traoi sa stair. Staraidhe do ghlanscríobhadh an Laidean líomhtha, 'Sé an taithighe dob'ait línn bheith seal 'na chuibhreann, 'Sé dheasuigheadh gan faillighe an teanga Ghaoidhilge, 'S biaid a bhearsaí dá dtaithighe 's dá n-aithris choidhche. Choidhche biaid gníomha suilt Sheáin i gcló Scríobhtha ag draoithibh is ag fáidhibh eóil; Príomhscoth na dtaoiseach nár stán i ngleó Díograis na saoithe agus grádh na nÓrd.
Órd na heagailse leanadh i réim na suadh Flós na Banba, cantaire léigheanta duan Ól is carbhus chleachtadh gan chraos gan bhuairt 'S go deó biaidh leaba aige i bparrthas Éabha thuas. Suas go Flaitheas beir a anam, a Dhé na gcómhacht, An t-uasal gasta gan ghangaid gan phléidh gan mhóid; Ní bhfuair masla fad sheasaimh sa tsaogal beó, 'S i dtuath na n-aspol biaidh leaba aige buan go deó. Go deó arís biaid glórtha aoibhne Sheáin tar a éis 'S is dóigh linn gur mó scríbh 'ná dáimh is éigs, Ó's fóirlíonta cóirbhinn i ndán go ndéaghaidh Gan ólbhaois gan teólaidheacht gan phlás gan bhéim. Béim ná fiar níor thriall 'na shaothar súd, $Phoenix fial mar Liathmhain laoch a ghnúis, Níor théarna riamh éintriath ba ghéire i gcúirt Ag déanamh riaghal 's ag riar ar éigsibh iúil. Umhluighim go drúcht síos don éigse is fearr Muna thionnscnuigheas go ponncdíreach séimh ar Sheán, Clú thighis é, fút thíos é, a chaomhleac tá Mo chrú chroidhe mo chúldíon mo laogh mo ghrádh. Grádh croidhe bhí ag saoithe Fáil don fhlaith Den tsárfhuil aoird nár stríoc dá náimhid i dtreas, Fear áluinn croideamhail breagh bríghmhr láidir mear; Mo chrádh gur díth liom é thíos ar lár sa bhfeart. Sa bhfeart 'na dtárla 'na luighe Is iomdha tréithe is ealadha Is iomdha feartlaoi déarguil Ar líog Sheáin Mic Domhnaill. Mac Domhnaill flaith chródha de ríghthibh Fáil Treón mear do stróicfeadh le cloidhemh a námhaid 'S an leógan do threóruigh mo dhíoghrais, Seán Go deó biad go deórach ag caoidh 'na dheáidh. 'Na dhiaidh biad feasta go hatuirseach dícháirdeach Ciachmhar dealbh gan aiteas gan puinn fagháltais, A Dhia beir a anam go Flaitheas go síothchánta, 'S 'na dhiaidh gur dalladh mo dhearca le síorchráidhteacht. An Feartlaoi: Ochra daor d'éigsibh is d'ollamhain tuaidh An soilbhfhear léigheanta saorghlan foluighthe in uaigh; Is obann do léigheadh dréachta ba dhorcha in uaim 'S ba lonnardha an laoch léidmheach i mbothaibh na suadh.
Ar Maidin Indé Ar maidin indé agus mé im shuan Le hamharc an lae is gan Phoebus suas Do dhearcas-sa féin an spéirbhean uaim Trím aisling ar bhuaic an bhánchnuic A mala ba chaol ar a héadan suairc Is a reamhar-rosc réidh do chuir gaethe uaidh A barrfhionn-fholt péarlach léi ina nduail Ag géille suas Le héigean buadha Ba chosmhail a gné le géis chois cuain Is í ag téarnadh anuas im dháil-si. An uair dhearcas-sa féin an réilteann uaim Le hanaithe i bpéin trím néallta suain Dfheasras go séimh den bhé cár ghluais Nó arbh'eagal léi buairt i gClár Luirc Dfhreagair an réilteann mé go duairc Ag greadadh na ngéag is ag éigheamh go cruaidh - "Ní heagal dam aon tar éis mo chuaird; Ní hé mo bhuairt Acht Séarlas uaim, A ghasra goléir is a chléir go fuar Ag gallaibh go buan 'n-a n-áitreabh." "Cia tu féin tá ag déanamh cumhadh An tu Pallas na scéimhe phléidh an t-ubhall Nó Minerbha shéimh do réidheadh gach cúis? - Freagair go humhal dom ráidhtibh; Ní haithnidh dam féin tu, a phéarla leabhair An tu Iúno chlaon nó Hélen mhodhmhail Nó an tu Déirdre a léim tar srúill?"
"Ní mé, ná a samhail, Acht Éire dhubhach; Isé fáth mo léin-si Gaedhil fé smúit Cé calma a gcuaird tar lánmhuir." "Má's tu Éire, céile Ír Is gach curadh ba tréan i dtréimhse Naois, Aithris gan bhréig a phéarla an ghrinn - Cá fada bheidh Gaoidhil fé ghállsmacht?" Radaim mo bhréithre in éiric daoibh Seachtmhain ó indé tar éis trí mhí Go bhfaicfe sibh Séarlas Maor 'n-a righ Gan buidheachas puinn Le faobhar-neart chloidhimh Sacsa go léir fé a chléir arís, Is aithris gan mhoill dot cháirde é. 16. - Gach Gaoidhal geal greanamhar Gach Gaoidhal geal greanamhar tachtadh le cóbaigh 'S do claoidheadh le danair mo dheacair gan fóirthin Tighidh-si feasta agus lascadh an chóip sin Tá rí ceart Shasana ag seasamh go cródha. Mar sin féin glacaidh-si meanmna is mórtas Is tagaidh in arm ar mhachaire an chomhraic Greadaidh go tapa na $fanatics chróna Is bainigidh allus as gallaibh le fóirneart.
Tá Laoiseach lasmhar go calma comhachtach Fíochmar feargach fearamhail fórsach Ag tigheacht go neartmhar chum danar a leónadh is beidh Stíobhart measaimse i gceannas na corónach. Níl saoi le haiteas ná canfa go ceólmhar Laoithe is aistí le taitneamh don treón san Is binn a ghlanfaidh na bathlaigh as Fódla Is beidh ríoghra Chaisil i mbailte na gcrónphoc. Atá báire Shasana i ngar a bheith traochta Rádh na salm dob'annamh dhá dhéanamh Atáid na fir chalma ag tarraint go hÉire Seárlas in Alba ag gearradh na méirleach. Tá míle barc is a bhfeara go seólta Le fíoch ag tarraint chum caladh tar bóchna Don tír dá dtagadh an ghasra chródha Ina bhríste do leathfadh an seanduine Seóirse. Budh saoirseach mo shamhailt go seascair go seólta I dtigheas go teaspach ag ceapadh gach cló cirt Ag scríobh' gach aiste suilt Ghearailt is Eóghain Is go críoch ár mbeathadh gan easbha ar mo shórtsa. An Ceangal: Masladh go muar, cruadhghoin, céasadh is crádh Treascairt is tuairtbhualadh baoghal is bás Fearthainn is fuacht gan fuascailt Dé le fagháil Ar ghallaibh go luath dá ruagadh as Éirinn bháin.
25. Sin Choidhche Clár Luirc Támhach gan treóir. Sin choidhche Clár Luirc támhach gan treóir, Gan fíon gan dán gan trácht ar cheól, Síolrach Mhártain lán de scóip Is sliocht Mhíleadh Spáinne báidhte i mbrón, De dhruim na scéal le tréimhse leath Do dhíbir séan do chlaochluigh raith Do mhill na héin is éisc na sreabh Do chríon gach géag 's a bpréamha mheath. Sin cás is créacht is éacht go deó Do rás na nGaedhal, an méid is beó, Don dáimh don éigs do chléir na Rómha 'S an Pápa féin níl spéis 'na ghlór. d'fhill an ré ins gach céim thar n-ais Do líon an spéir, na sléibhte las Níl brigh sa ghréin, is daol a dath 'S dochíonn an saoghal gur thréig a teacht.
Níor scríobhadh 's níor léigheadh in Éirinn fós Ná i ríoghacht fé'n ngréin an t-éacht is mó Druig-rí na naomh do chéasadh i gcoróinn 'Na luighe re heág do Shéarlus óg. De bhrigh gurab é seo an $Phoenix ceart Trí ríoghacht gan bhéim a réim 'sa reacht 'S gur díbreadh é i gcéin tar lear Fé dhaoirse i bpéin re claonadh beart. Bead ag guidhe lem námhaid gach lá go deó 'S ag luighe fé sháil an bhráca dhóibh, Glacfad céachta is déanfad rómhar Is maithim féin do scéalta nódha Mara dtighidh i gcéin i réim 's i reacht Arís dár saoradh an laoch nó a mhac; Sin cuing na cléithe ar thréad na sean Go crích an tsaogail fé n-a smacht.
28. Oidhche an aonaigh d'éis a fhliuchta Oidhche an aonaigh d'éis a fhliuchta Is mé go tuirseach támhach Do shuidheas im aonar ar thaobh an chnuic Is gan aon den chruinne láimh liom Acht mé im chodla tréan ag tuitim Ag déanamh osna gnáthach Dorinneas taedhreamh tréan an turuis Do shaor ón uile-chás me. Dobhí an spéirbhean dhéidgheal mhiochair Bhéaltais mhilis mhnámhail Is na mílte béithe aerdha ó chnuic Fé réim sa lios an tráth san Dob'é an t-amharc glé an aicme Is gach aon aca is áilne Ag breith céim i scéimh 's i gcruth Ar a chéile in iomad cáile. Dobhí ann Déirdre ghéiggheal dil Éachtach oilte is Áine Is an tsídhbhean Bhéarra ó thaobh na tuinne Is Éithne ó thigh an Dághda Meidhbhín chrothach, Eibhlín, Clothra Sadhbh is Sorcha is Dáire Is Aoibhill céile caomh na gcuradh Ba tréine ar fhuirinn Dhál gCas. Dobhí ann Bhénus, Thémis, Isis Is Hélen chliste cháirdeach Is Téon tséimh ón taobh anoir Is céad mar sin 'n-a ndáil-sean
Dob'é a labhairt scéala aitis Trén-ar ghlacas gáirdeas Go raibh Séamus ag téacht tar muir Mar aon le fuireann Spáinneach.
34. - Is fada dham in uaigneas Is fada dham in uaigneas 's is buartha bhíos m'intinn, Siosma sluagh ná cuideachta ní bhriseann ar mo bhrón; Feidhm le ceart ná fuaimint ní bhfuaireas im thimcheall - Ráidhte grinn ná guthanna, soilbhreas ná ceól, Ó himreadh beart an chruaidh-chlis ar chuallacht an ríogh chirt 'S a prionnsa gur díbreadh le díomas ón gcoróinn; A thaisteal súd tar cuantaibh ná a thuairisc ní fríoth dam an fios fá'n domhan cá ngabhann sé nó an dóigh go maireann beó, Gur thúirling romham in iarthar nóin ag gabhóil an ród le dásacht siubhail.
Aon 'na chló ní fheaca fós, ba gheal a shnódh 's ba mhear a shúil Iorradh air mar thaistealach, fear aithris na scéalta Ba bhinn a ghlór, a ghnaoi bhí óg, ba shuairc a chóir 's ba taitneamhach 'S a ráidhte beóil gur scaipeadar dem aigne gach brón. Is dfhiosruigh mé den fhánuidhe a rádh linn cá fríoth dho Fios a shlighe agus a imtheachta, a ainm is a ghnó, Dfhreagair mé go fáidheamhail go mb'fháilte ins gach tír é Dá raibh sa domhan le hinnisint is fear aithris na sceól; "Seal," ar sé, "sa Spáinn bím, is tráchtaim ón ríoghacht san Gan oireachtas, gan aoibhneas, go rángaim don Róimh, Triallaim as an áit sin go hárdchnoc na hímpire Is gach áitreabh ceart díleas ar Laoiseach na slógh, Bím mear luath fé Phrusia thuas, an rí tá ruagtha i dtaisce bhróin Gan bhuidhin, gan sluagh, gan díon ón bhfuacht i ngeimhreadh chruaidh ar easbha lóin, Go dtig Ó Domhnaill calma agus Daun an airm ghléasta Tá ag broic le treóin le héacht is gleó ag déanadh an fhóghmhair ar Hanobhar, 'S ní fiú feóirling Ferdinand dá shníomh ag galar dóghach.
"Fáth mo chúis tar sáile tráchtaim den chuaird seo Nochtfad díbh go buartha le sile tuile deór Go bhfuil Aosceó go cráidhte agus fán ar a chuallacht I ndéidh an ríogh tá in éaghmuis ríoghacht gan ceart, gan dlighe, gan chóir; Is 'na dhiaidh súd dobhí an t-ársa 'san áitreabh nur dhual do, Nach cian 'na rian go bhfeiceathar riar a shliocht arís i gcoróinn, Tiocfa chughaibh tar sáile an ráib gheal 's a chuallacht I mbun a chrích le cúram cirt ag cosnamh díbh go deó. Beidh Gaedhil arís i réim go síoch, a dtréad 's a maoin 'na mbailte cóir, Cléir cheart Chríost le spréidh an Sprid Naoimh go séimh sa tír agus teagasc dóibh, Gach géag den tréanfhuil cheannasaigh go hacmhaingeach 'na ndúnta, Beidh ríog is ruaig is díbirt uainn ar athaigh tuaith na ndealg ngéar, Is tréigfid dúthchas Bhanba go bráth gan atharrughadh cló. "Beidh trúmpa binn le muardháil le fuaim age Gaedhil chirt I gceannas chúirete an airm-chlis ag déanadh catha an ghleó; Beidh Giolladubh Ó Gluaráin is Tuathán Ó Cléirigh, Tuathal crón is anaphoc is Mleachlain Ó Feóir,
Bran gan bhrón is Ciarán, Fear-ar-fán is Maonas, Torc gan ghruaim is Duain na mbruach is Mandaraic na scód, Beidh dís deichneabhar ar armáil go buanmhar láidir éachtach Ag déanadh feidhm' i gcathaibh cnuic ag réabadh leasa is póirt, Beidh Tadhg gan ghruaim ar bínse thuas 'na ghiúistís mhórdha mhaiseach thréan, Beid Wilkes is Jones is Speed is Owens, Reed is Groves is Grant is Lane Fé haistí daora daingeana in anaithe 's i ndaorbhroid Muna gcrochfa Tadhg an bhuidhean so im radharc go pras le fill mhaith gadraigh Go gcrochtar Tadhg gan aiseag air, gan truagh dá shliocht go deó."
35. Tá Iarla Chloinne Carrtha Tá Iarla Chloinne Carrtha le hádhbhar ag teacht ón gcoróinn Rianfid cluiche ar Bharnett le háthas i mBreatain Mhóir A cháirde chroidhe nó an suairc libh An Bhlárna arís dá fuascailt 'S gach áitreabh aoibhinn snuadhghlas Cois Laoi ghil na slógh? Tá an báire arís dá luadhchant Ó tháine an tsaoi ghlan uasal Is fearrde an fine 'nur fhás an bile dfhuil ríghthe agus treóin.
Beidh Sam is Crook is Baldwin 'S na táinte aca ar díbirt fós Warren, Browne is Barnett 'S gach árdbhodach coímhtheach crón; Beidh arís fé'n mbráca dá ndíogadh a hInis Fáilbhe Gan chíos gan chuid gan cháirde gan aoibhneas gan spórt. Guidhmíd ar Mhuire Mháthair 's ar Rí na cruinne a námhaid Sceimhle teine bídh is brise ar an mbuidhin sin tar fóir. Beidh Hutchinson i dteannta ag an seabhac so nár stán i ngleó Agus Conner ó Chois Banndan go fannlag i ngeimhle bróin. Goilfidh Úna is Áine is Aoibhill chailce ón mBánchraig 'S na mílte bean le háthas dá innsint mar sceól Go mbeidh sceimhle fada fánach ar shíol na ngallachránach Go grianmhar eascair rianta rathmhar ar shínsear n-a ndeóidh. Bainfar draig a héigse cé taobhleathan toill is tón Rith go pras is léimreach ar taobh chnuic tighid tar treóir Do phreab mo chroidhe le háthas ar a dteacht arís tar sáile.
An rífhuil Chaisil Cearna is Bhéilínse na slógh, Bíocain cheart na Blárnan is fíorscoth Chloinne Carrtha An ráibh nár mheath nár stán ó chath do scaoilfeas a mbrón.
36.- Domhnall mac Carrtha na buille cct ag caoine a dhearbhráthar Donnchadh an tan dochuala Seán Clárach ag caoine Connachtach. A éigse an taoibh thuaidh éistighidh go luaith Tá scéal ar an dtaobh so 's is méin liomsa é luadh - Go bhfuil réaltann na suadh dá léirchur don uaigh An chraobh ghlan dfhuil Éibhir dfhúig Éire fé ghruaim. A Mhúscraighe na slógh nách dúbhchroidheach an sceól An fionndraoi do mhúin sinn 'n-a dhúbhluighe fén bhfód Bile búch binn gan cheó d'fhúig na cúigí fé bhrón Le tuile cumhadh tríom gan súgaidheacht i bpúicín go deó. 'Sé mo dhoilbheas go bráthach a Dhonnchadh Mic Carrtha An lonnabhile ba bog buille i bpoibleachaibh árda Níor thogras-sa an cás-san 'dir cogadh tuinne 's Clár Luirc An fostadhfile b'fhostaitheach dhul coigilte sa bhfásach.
'S ní Connachtach do chaoinim 's ní hiongna an nidh mhaoidhfhinn Acht an file sultmhar soineannta bhíodh againne 'n-a Mhuimhneach Mo thiomna-sa dhíbhse go mba ursa é i laoithibh An fear cumusach glantuigsionach tá curtha lag fé líogaibh.
39. - Dob'aisling dam trím néallta Fonn: An té ná hólfadh lionn liom Dob'aisling dam trím néallta go bhfeaca mise an réilteann I gcluais na coille craobhghlas 's í ag déanamh dobróin Dlaoithe daithte go féar léi go cíortha casta craobhach Is soillse treise a céibhe mar Phoebus ar neóin Do gheit mo chroidhe le géirshearc don mhaighre bhraghaidgheal bhéasach Chuir saighead i lár mo chléibh-se ná leigheasfar go deó Acht amháin mur bhfaghainn óm chéad searc cead luighe le n-a com le haontoil 'S gur le meidhir do mheallfainn céad óna béal balsam póg. Nach truagh san fear dem thréithe n-a mbíodh uaisle is maise is méinn ann Is Cupid deas dom thraochadh le saeghdaibh an ghrádha Is mo mhalairt-se má dhéanair in úir do chaithfeas réidheamh liom Is ná leigheasfadh leágha na hÉireann mo chréachta acht amháin Dá mbeinnse seal ag éisteacht le $rhyme do mhilisbhéarla Chuir treighid i bhfeidhm im thaobhsa ná leigheasfar go brách.
Saidhbhreas is meidhir an tsaoghail seo ní dheighilfeadh sinn ó chéile 'S go raghainnse ina déidh trí Loch Éirne de shnámh. Is búclach crathach péarlach dlúthach srathach dréimreach A cúl buidhe casta craobhach go féar ar lí an óir Is Cupid-chleas 'n-a héadan do dhlúthuigh searc na gcéadta Is drúcht na meala ag téachtain tré n-a béal mar an rós A múc 's a mala caoldeas, a gnúis 's a leaca ar aoldath Rug clú agus maise ó Bhénus i scéimh agus i gcló 'S nárbh fhada linn dár saoghal seacht mí bheith sínte léithi Sa choill tá daraighe géagach 's gan éinneach in ár gcomhair. Tá a hainm ag lucht éigse Chlár Banba le chéile Gur sháruigh sí na réalta is gach deighbhean i gcló Is má thráchtaim ar a tréithe a rug barr ó mhná na hÉireann 'S go mbainfeadh greanta ar éadach gach sómpla dá sórt Fiadh mór beannach péacach coillte is crainn na Gréige Broighill is cadhain is léithbhruic go soiléir don tslógh Conairt, seannaigh, méithphuic, marcacha fé éide Go ngearrfadh sí go gléasta ar thaobh brata sróill.
40. An aisling dorinneas ar Mhóirín An aisling dorinneas ar Mhóirín Tógfa sé tuirse agus brón díbh An bhanaltra bhréagach Do tháil ar na céadta Mar chaill sise a chéile, mo leóghan groidhe. Dobhí a cneas mar an eala go róchaoin 'S a bas le n-a leacain ag deórghail A mama chruaidh ghléigeal Dá sracadh óna chéile Ag graithin an Bhéarla mo bhrón tríom. Isé deir an macalla den ghlór chaoin - An bhfuileann tu it chodla, ariú, a Mhóirín? Siubhail cois na tuinne Agus féach ar do dhuine Atá ag teacht chughat tar uisce le mórbhuidhean. Annsan a bheidh agat it chóifrín Airgead go fairsing is ór buidhe Mar chabhair do na céadta Tá ag screadaigh 's ag béicigh Dá gcreachadh is dá gcéasadh le móirchíos. Líontar chughainn $punch agus beóir chaoin Is bímís dá dtarraint i gcomhnuidhe Cuirfeam an aindeise ar cáirde Go maidean amáireach 'S nár chasaidh go brách ná go deó arís.
An bríste go mbaintar dá thóin síos Den fhear lenár mhian bheith ag ól dighe Fé thuairim an scéil sin Is tuille ná déarfad Dá gcaillinn mo léine is mo chóitín. Atáid cnaipí dá ndéanamh do Sheóirsín Fé thuairim an éadaigh nár cóirigheadh Beidh hata breagh béabhair Ar Dhomhnall na Gréine Dá chaitheamh 's na spéartha le mórchroidhe. Tá Buller is Ranger ag deórghail Hector is Caesar ag deónuigheacht An cairrfhiadh aca ar saothar Ó Chaiseal go Béarra Ag tabhairt cuire chum féasta do Mhóirín. Atáid éanlaith na coille go róbhinn In éinfheacht ag seinm ar nótaí Dá innsint dá chéile Go meanmnach aerach Ná beidh fearg Mhic Dé linn i gcomhnuidhe. Faid mhairfidh sin scilling im póicín Ní scuirfead le cuideachtain Mhóirín Ólfimíd sláinte An fhir úd tar sáile Tadhg is a ghárlaigh i gcóistí. Tá cluiche le himirt ag Móirín Tuitfe an cuireat' 's ní brón linn Beidh aon 'e hart séidhte 'S an rí ag dul ar éigean 'S an bhainrighin 'n-a dhéidh sin dá thóruidheacht.
Is annsan a phreabfidh ar bórd síos An cíonádh le fada tá ar deóraidheacht Scuabfaid in éinfheacht Na bearta le chéile Bainfid scilling gan bhuidheachas is coróinn díobh. 41. Is fada ag taisteal rann Seán Is fada ag taisteal rann Seán I mbaile i gcleachtaidhe rangcás Ní fheacathas do chompráid De mhodhmhail bhreagh mhín Ní thagann liomsa a thabhairt slán A' seanchas na dtogha-rádh Teastas ceart na seangmhná Seach fheabhas táthaoi; Is fairsing scaipfeadh leann máirt A glaca croibhe leabharchnámh is neamhcheachartha gan drabhlás Do bhronnfá fíon, 'S gurb'é seanchas gach togha fáidh A ngairimid chum antláis An ainnir chliste ghreann-cháidh Le feabhas dá gnaoi. A bhroingeal chneasta, greann céad, A chnis mar shneachta i gcom sléibhe Is gluise deise mall claon Is leabhar cé hóg Is suidhte mama seangchléibh Is giorra cirte ceann caol Luisne ar dhath an tsobha craobh Is plannda aon rós.
Fuilt na mbeart go feann saor Go dlaoitheach bachall tromréidh Go fighte casta ag tabhairt léi Go bonn fé dhó Dhlighfeadh leat gan teannspré Righthe is flatha is togha laoch Ba chliste i gcath na lann ngéar In am lae an ghleó. A mhaighdean thuill do chlú árd Nár fhill go cinnte cúl láimhe le doighear gan riar in am gábha Nár ghann cách dóibh 'S do roinnfeadh maighre an chúil bháin Gan droighean dá bhfaghadh na cúig stáit Ba saidhbhre a bhfaghainn i Mumhain áird Gan chumhadh 'n-ár ndeóidh Gur mhill an bhraighidgheal mhodhmhail-mhná Gach oidhre groidhire ghnúis ghrádh Go mba milse teimheal di ar drúcht dfhagháil 'Ná sugha bhláith an róis Go deimhin dá seinneadh togha mná Bheidhlín ringce is tiúdán Go saighdfeadh daill chum rangcáis Le meabhrán ceóil. Glaca croibh na seangmhná Tana snoighte leabharchnámhach Bhainfeadh suilt is fonn lán Is greann dá shníomh Spreagfadh cruit is seanndán $Flageolet is teampán Racaireacht nó amhrán - Ní rabhas dá maoidheamh.
A halt 's a troigh is crann dfhás A dealbhchruith gan ansmál A mala shnoighte ghabhann bláth An iubhair bhreagh chaoil Maitheas fir an domhain dfhagháil Blaise a guib 's a comhrádh Barra aici ar fheabhas tá Gach togha fáidh díobh. A bhroingeal bháinchnis mhall réidh Nó an gcluine ar thárla 'ot chall réidh Nár chuireas-sa cáil acht seallréad Seach fheabhas
Gurb'é deir lucht dánta is
Is iomarcadh árd do labhair mé Ar do phearsa gheal tá gan fabhar claon I meabhair ná i mbaois Mar scriosfadh mo lámh le peann caol 'S a thuigsint go sármhaith i meabhair-chéill Gur duine gan tlás ar domhan mé 'Om thabhairt fé dhlighe In ionad ar básadh dot chomh séimh Le hiomad de ghrádh is de ghreann Dé Léan Prindargás na ndream dtréan Is togha bé í.
Is claoidhte me i ngalar dubhach. eagrán diop. Is claoidhte me a ngallar dubhach gan faoiseamh Óm chréachtaibh le saoidaibh a ccathamh liom Na cceathaibh teannadh tiúgh dom chéasadh A Ríogh ghloinne do ghaibh le thais a chlúdh Do ceap féile ar túis réig as gach cheasna Is déirc dhuit me ghlacadh, déin agus taisg me ad chlúid go deó 'S ó thárla an canna líonta sgaoil timpcheall an tsláinte. A rinn ruisg do bhain an barr don drúcht Is teanga bhlasta bhúig Bhéarlach Is liom í ainmniughadh 'sí Cáitín mo stór An bháinchnis as gille dá bhfuille san chruinne Tá agamsa gloinne lán go beól Sid í do shláinte, sí is fearr linn lean ól. A chaoinbhean is fearra maise is clú A bhláth na Mumhan dfhág me dubhach Na mílte fearaibh gasta marbh tu le searc dod leacain úir ghrádhmhair is coir dhuit me ghlacad steach anois Aingir gasda glic béasach ciúin Ní coinfeac amairrionn dam do bhéithibh gan tú Bheith taobh liom ar leaba fé chuiltibh cailce A réiltean mainne stiúr me anois ó thárla a ccúmh leat Siúd í do shláinte. Is breagh deas an óg bruingioll i Momhrach glan Súsan beag Ní Uilliam Lúibín mhilis múinte chumainn cubhartha Cailc is úsadh an tsuainbhean as gille As aluinn an bílle 's as breagh í snódh Súd í do shláinte sas fearde sinn í ól.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services