Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Clárach

Title
Seán Clárach
Author(s)
Mac Domhnaill, Seán Clárach,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1754
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1932)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Gabhaim páirt le Seán Ó Tuama an Ghrinn
Fám bhrataigh áluinn ádhmhraigh uaibhrigh aoird
Chum seasaimh tráth ar shárfhuil sluagh agus saoi
'S mar cheap le dántaibh sláinte is suadha i gcrích.



Tar fearaibh dán is tú chráidh 's do bhuair mo chroidhe
Is ní scarfinn páirt let cháil go luath arís,
Dalta 'en dáimh i ngábha nár dhual i dteimheal
Nó ar dteacht don tráigh don táin sin uainn tar tuinn.



Ní gearra-chnápach dán ná fuachaid críon
Ná farcach fánach Seán Ó Tuama an Ghrinn
Acht gas gealgháireach grádhmhar gruadhgheal groidhe
is leabhair-ghlan dfhás gan cháim gan chruadhas 'n-a chroidhe.
Is beartach bearrtha bláthcheart buan a scríobhas
'S is tapa tábhachtmhar táinmhar uaidh gach laoi
'Na srathaibh slána táid ar fuaid an tsaoighil
Ó shreabhaibh Máighe go lántsruth luath na Laoi.



Is ait liom trácht ar áilneacht bhuachaill bhinn
'S is maith liom fhagháil tar cách go buan dom bhuidhin
Le n-a fheabhas thárla a lámh a dhuain 's a ghníomh
Chum teacht go dána 'o láthair suas lem thaoibh.



Dá dtagadh stráille fáin ar cuairt don tír
Nó leath na sráide sáithte dfhuargairíbh
Do leagfinn dán 'n-a ndáil 'is ní luaidhfinn puinn
Is gheabhainn páirt le Seán Ó Tuama an Ghrinn.


L. 28


A ursa nach tréith ag réidhteach gach laoi
Éigsibh ealadha ársa,
Scuir feasta det dhéaraibh daora is ceasnaí
Cléibh, is gaibh meidhir dhásacht;
Sin chugat na tréantruip bhéarfas cathmhaidhm
Ar chléire Chailbhín chnápaigh,
Beidh deatach le daorthaibh éiclips gan scíth
Chaochfas achtaíbh námhad.



Sin ullamh le caorthaibh préimhsliocht gheal-Chuinn
Is Néill do smachtuigheadh áraibh,
Tar tonnaibh 'na réim le draochfar creatlaighe
Is plaosca dailc-bhuidhe an cháise;
Is solusmhar réidh 's is aerach crannghail
'Na ngéagaibh meas tríobh dfhásfaidh
Le taitneamh don scéal do réir mar dhealbhuigheadh
Cléire eagnaidhe is fáidhe.



Níl teimheal ar ghréin ná éin ag ceasnaghail
Is séismhar fadbhinn bláthmhar
I mbarra na ngéaga gcraobhghlas gach laoi
In aonghuth cheart bíd fáilteach;
Ar thaisteal don réx sa réim seo gheal-Chuinn
Le dtraochfar gasraí gáibhtheach
A gcathracha aolmhar réabfaid gan scíth
I ndaorbhroid beid fí chána.



A chara na héigs 'nar léir an eagnaidheacht
Is do léigheas gach ealadha fáthach
Sin agat mo scéal gan bhréag le tacaidheacht
Is déin go ceart guidhe Mháire;
Tiocfaidh an t-aon dodhéanfas taithighe
Ar chéile cheart chaoin Chláir Luirc,
Is do stollfas nó réabfas géibheann gan mhoill
Chléire an Phaidrín Pháirtigh.


L. 29


Moladh



Déanfad tráchtadh go tais
Dobhéarad tábhacht teastais
Ar lia lóghmhar na ngníomh nglan
Geilghréin eóluis na n-anmann.



Risteárd Breatnach, beart gan bhréag
Bile árdbheannach na nglas-ghéag
Abhall úr nach tráigh toradh
Fó bhláth chumhra churcora.



Sagart fineamhna nach féigh
I nglanórd mhór Mhelcisidéic
Sás saidhbhir líonta de leas
Dfhoghlaim, d'oirbheart is d'eólas.



Do sin dleaghthar go dearbhtha
Rosa roighne ró-tharbha
Glanchnuas chíor-chumhdaigh na gceacht
Is lachtbhuaine uige is intleacht.


L. 30


Damhsa is feasach an fear
Ó thós óige go heascar
Bhámar mar aon de ghréas
Ádhbhar ag raonadh róibhéas.



Thugamair tréimhse nach táir
Ag scolaibh saora Seanáir
Ag cnuas ealadhan is oghaim
Buan gan faillighe ag foghlaim.



Gur thriall mo leanán thar lear
Ar thuinn Téitis treismhear
I bParis Laoisigh na lann
Dofuair cádhas nach coitcheann.



Mór-thaitneamh thionnscain dá thír
Mar chasnaimh ar chéad an chathaoir
Gur hoirneadh do réir reachta
É ina dhochtúir diadhachta.



Seal mar sin fá mhaith-mhaise
I gcionn uas is eaglaise
óir ba eisean scéimh na scol
Fós ba dile 'n deisciobol.



Do gur cinneadh leis an gcléir
Dá dtug umhla is óighréir
Toigheacht in Éirinn tar n-ais
Do shíolchur éifeacht eólais.



Táinigh tuilte de thorradh
Suibhscéil agus seanmóra
Mar Phól i bhfriotal forus
I gcathair áluinn Ephesus.



Do ghaibh air féin an cor cruaidh
Tréada Tiarna an tromshluaigh
d'anacal ar ghadaigh na ngon
Ar fhastuighibh fiara faolchon.



Do chomhaill a gheallmha glinn
'N-a mhogha sa bhfóghmhar bhfairsinn
Mar a bhfuil an mheitheal mhion
Is foghail ar an bhfin'mhion.



Ní tuar aisce ná ionmhas
Mar aois eile ar mh'aitheantas
Ná taoscadh corn le craos
Ná claonadh corb le comh-aos


L. 31


Do thoghaidh mo chompán mar chéim
Acht tuilte teagaisc gan taibhéim
Díogras agus crábhadh cóir
is bheith fá riaghail don ronnadóir.



Ní gliocas carad ná clis
Fuair dó aoirde in eagluis
Fá'r commóradh go cuibhe
É in' Easpog chlúmhail Chorcuighe



Acht eólas fríochnamhach nach fann
Glan-cheann líonta de léigheann
Ceannsacht croidhe, séimhe gan sal
Méinn is aigine uasal.


L. 32


M'fhreagra ort, a Éamoinn a chaomhchara chaoin,
A dhalta na spéirbhan ó thaobh fearann is aoird,
Do raideas-sa saerghean duit féin is dot laoi
Dot aiste dot thréithe dot ghné agus dot ghnaoi.



Táid maithe chloinne Éibhir 's a ngéaga go críon
Agus leathantsliocht Éireamhoin éachtaig is Ír,
Albanaig Ghaedhlach ba thréine ar gach taoibh
'S i gcatha ná staonfadh gur traochadh an bhuidhean.



Dursan déarach
Dubha daol liom
dam is daorbhroid
I dtinneas éaga
Dom bhreóidh gach laoi.



'S an curadh céamach
Creathach céadfadh
Chuisle chréachta
Choilig thréana
Och is cródha croidhe.



Fuireann $Phoenix
Finne is féile
Fuil is faesiomh
Inis Éilge
Fós gan bhrigh.



Lá leóin dár sórt
Mánóir dár gcóir
Ag gallaibh gan dóth
Ná dúil 'n-ár sórt.



Is fada me im aonar 's me baothghol go binn
Ar sleasa gach sléibhe nó i mael-leasaibh slím,
Ní fheaca de chéile do ghéarscreadfadh linn
Tré easbha na Séamus go hÉamonn geal grinn.



Táid flatha na Féinne agus $Phoenix na gcríoch
Gan ranna gan réimeas gan réimchirt sa ríoghacht,
Má chaithid bheith tréimhse gan tréineacht go tím
Dar mo bhasa is mó 'e scéal san a Éamoinn 'ná sinn.


L. 33


Uch mo léan
Is guirt an scéal
Dorug ar éigsibh
Inis Éilge
Bheith i gcéin
Gan ól ar fhíon
Mar d'imthig féile
Scoith mar ba ghréas
Ar bórdaibh Gaoidhal.



Cuisle téad
Is binne dréacht
Ar dhul na laoch
Dothugadh géille
Leó thar tuinn.
Lá an tóir ár dtreóir
Fáil óir 'n-ár gcomhair
Ná tigid súd chughainne
Do mhúscladh ár mbrón.



Cois mara na mbréid-mbarc go tréith tearc má taoir
Ar gcaitheamh do spré 's tu gan réidhteach gan díon
A fhir acmhaingigh éachtaigh ba saerbheartach slighe
Is gairid duit faesiomh le haonta an Sprid Naoimh.



I mbaile raibh Gaedhla de shléachtaibh sean-Ghaoidhal
Ba flathamhail féastach ba séadmhar ba saoir
Ní mhaireann díobh, Éamoinn, uch, éinne mo dhíth
Acht i lagchumus léirbhriste léanmhar gach laoi.



Cuirfidh Éire
Seo dian-ghéibheann
Rith ar éigean
le toil Dé
Na gcomhacht gan mhoill
Tiocfa Séarlus
Fuinte faobhrach
Is na tréinfhir
d'imigéin do bhainfeas béim
Den bhruid seo 'ot chlaoidh
Is bruthmhar bréideach
Brogach bléideach
Tu agus mé
Is beam araon
Gan cheó gan chíos
Acht ag ól gach ló
Fé shógh gach sceóil
Go fleadhach gach n-oidhche
'S ag síorchanadh cheóil.


L. 36


Mo chráidhteacht, mo lánchreach mo chás brónghuirt
Seán† geal †Clárach† fáidh †Mac Domhnaill
Marbh lag táir go brách ar feódhchant,
Seabhac den dáimh dob'árd in eólus.



Eólus gan mórtas dobhí sa bhfear,
Treórach na n-óg is na ndraoithe sean;
Dá 'neósainn a ghlórtha is a scríobh' i gcairt
Budh mhó san 'ná mórchatha Traoi sa stair.



Staraidhe do ghlanscríobhadh an Laidean líomhtha,
'Sé an taithighe dob'ait línn bheith seal 'na chuibhreann,
'Sé dheasuigheadh gan faillighe an teanga Ghaoidhilge,
'S biaid a bhearsaí dá dtaithighe 's dá n-aithris choidhche.



Choidhche biaid gníomha suilt Sheáin i gcló
Scríobhtha ag draoithibh is ag fáidhibh eóil;
Príomhscoth na dtaoiseach nár stán i ngleó
Díograis na saoithe agus grádh na nÓrd.


L. 37


Órd na heagailse leanadh i réim na suadh
Flós na Banba, cantaire léigheanta duan
Ól is carbhus chleachtadh gan chraos gan bhuairt
'S go deó biaidh leaba aige i bparrthas Éabha thuas.



Suas go Flaitheas beir a anam, a Dhé na gcómhacht,
An t-uasal gasta gan ghangaid gan phléidh gan mhóid;
Ní bhfuair masla fad sheasaimh sa tsaogal beó,
'S i dtuath na n-aspol biaidh leaba aige buan go deó.



Go deó arís biaid glórtha aoibhne Sheáin tar a éis
'S is dóigh linn gur mó scríbh 'ná dáimh is éigs,
Ó's fóirlíonta cóirbhinn i ndán go ndéaghaidh
Gan ólbhaois gan teólaidheacht gan phlás gan bhéim.



Béim ná fiar níor thriall 'na shaothar súd,
$Phoenix fial mar Liathmhain laoch a ghnúis,
Níor théarna riamh éintriath ba ghéire i gcúirt
Ag déanamh riaghal 's ag riar ar éigsibh iúil.



Umhluighim go drúcht síos don éigse is fearr
Muna thionnscnuigheas go ponncdíreach séimh ar Sheán,
Clú thighis é, fút thíos é, a chaomhleac tá
Mo chrú chroidhe mo chúldíon mo laogh mo ghrádh.



Grádh croidhe bhí ag saoithe Fáil don fhlaith
Den tsárfhuil aoird nár stríoc dá náimhid i dtreas,
Fear áluinn croideamhail breagh bríghmhr láidir mear;
Mo chrádh gur díth liom é thíos ar lár sa bhfeart.



Sa bhfeart 'na dtárla 'na luighe
Is iomdha tréithe is ealadha
Is iomdha feartlaoi déarguil
Ar líog Sheáin Mic Domhnaill.



Mac Domhnaill flaith chródha de ríghthibh Fáil
Treón mear do stróicfeadh le cloidhemh a námhaid
'S an leógan do threóruigh mo dhíoghrais, Seán
Go deó biad go deórach ag caoidh 'na dheáidh.



'Na dhiaidh biad feasta go hatuirseach dícháirdeach
Ciachmhar dealbh gan aiteas gan puinn fagháltais,
A Dhia beir a anam go Flaitheas go síothchánta,
'S 'na dhiaidh gur dalladh mo dhearca le síorchráidhteacht.



An Feartlaoi:



Ochra daor d'éigsibh is d'ollamhain tuaidh
An soilbhfhear léigheanta saorghlan foluighthe in uaigh;
Is obann do léigheadh dréachta ba dhorcha in uaim
'S ba lonnardha an laoch léidmheach i mbothaibh na suadh.




L. 71


Ar Maidin Indé



Ar maidin indé agus mé im shuan
Le hamharc an lae is gan Phoebus suas
Do dhearcas-sa féin an spéirbhean uaim
Trím aisling ar bhuaic an bhánchnuic
A mala ba chaol ar a héadan suairc
Is a reamhar-rosc réidh do chuir gaethe uaidh
A barrfhionn-fholt péarlach léi ina nduail
Ag géille suas
Le héigean buadha
Ba chosmhail a gné le géis chois cuain
Is í ag téarnadh anuas im dháil-si.



An uair dhearcas-sa féin an réilteann uaim
Le hanaithe i bpéin trím néallta suain
Dfheasras go séimh den bhé cár ghluais
Nó arbh'eagal léi buairt i gClár Luirc
Dfhreagair an réilteann mé go duairc
Ag greadadh na ngéag is ag éigheamh go cruaidh -
"Ní heagal dam aon tar éis mo chuaird;
Ní hé mo bhuairt
Acht Séarlas uaim,
A ghasra goléir is a chléir go fuar
Ag gallaibh go buan 'n-a n-áitreabh."



"Cia tu féin tá ag déanamh cumhadh
An tu Pallas na scéimhe phléidh an t-ubhall
Nó Minerbha shéimh do réidheadh gach cúis? -
Freagair go humhal dom ráidhtibh;
Ní haithnidh dam féin tu, a phéarla leabhair
An tu Iúno chlaon nó Hélen mhodhmhail
Nó an tu Déirdre a léim tar srúill?"


L. 72


"Ní mé, ná a samhail,
Acht Éire dhubhach;
Isé fáth mo léin-si Gaedhil fé smúit
Cé calma a gcuaird tar lánmhuir."



"Má's tu Éire, céile Ír
Is gach curadh ba tréan i dtréimhse Naois,
Aithris gan bhréig a phéarla an ghrinn -
Cá fada bheidh Gaoidhil fé ghállsmacht?"
Radaim mo bhréithre in éiric daoibh
Seachtmhain ó indé tar éis trí mhí
Go bhfaicfe sibh Séarlas Maor 'n-a righ
Gan buidheachas puinn
Le faobhar-neart chloidhimh
Sacsa go léir fé a chléir arís,
Is aithris gan mhoill dot cháirde é.



16. - Gach Gaoidhal geal greanamhar



Gach Gaoidhal geal greanamhar tachtadh le cóbaigh
'S do claoidheadh le danair mo dheacair gan
fóirthin
Tighidh-si feasta agus lascadh an chóip sin
Tá rí ceart Shasana ag seasamh go cródha.



Mar sin féin glacaidh-si meanmna is mórtas
Is tagaidh in arm ar mhachaire an chomhraic
Greadaidh go tapa na $fanatics chróna
Is bainigidh allus as gallaibh le fóirneart.


L. 73


Tá Laoiseach lasmhar go calma comhachtach
Fíochmar feargach fearamhail fórsach
Ag tigheacht go neartmhar chum danar a leónadh
is beidh Stíobhart measaimse i gceannas na
corónach.



Níl saoi le haiteas ná canfa go ceólmhar
Laoithe is aistí le taitneamh don treón san
Is binn a ghlanfaidh na bathlaigh as Fódla
Is beidh ríoghra Chaisil i mbailte na gcrónphoc.



Atá báire Shasana i ngar a bheith traochta
Rádh na salm dob'annamh dhá dhéanamh
Atáid na fir chalma ag tarraint go hÉire
Seárlas in Alba ag gearradh na méirleach.



Tá míle barc is a bhfeara go seólta
Le fíoch ag tarraint chum caladh tar bóchna
Don tír dá dtagadh an ghasra chródha
Ina bhríste do leathfadh an seanduine Seóirse.



Budh saoirseach mo shamhailt go seascair go
seólta
I dtigheas go teaspach ag ceapadh gach cló cirt
Ag scríobh' gach aiste suilt Ghearailt is Eóghain
Is go críoch ár mbeathadh gan easbha ar mo
shórtsa.



An Ceangal:
Masladh go muar, cruadhghoin, céasadh is crádh
Treascairt is tuairtbhualadh baoghal is bás
Fearthainn is fuacht gan fuascailt Dé le fagháil
Ar ghallaibh go luath dá ruagadh as Éirinn bháin.


L. 90


25. Sin Choidhche Clár Luirc Támhach gan treóir.



Sin choidhche Clár Luirc támhach gan treóir,
Gan fíon gan dán gan trácht ar cheól,
Síolrach Mhártain lán de scóip
Is sliocht Mhíleadh Spáinne báidhte i mbrón,
De dhruim na scéal le tréimhse leath
Do dhíbir séan do chlaochluigh raith
Do mhill na héin is éisc na sreabh
Do chríon gach géag 's a bpréamha mheath.



Sin cás is créacht is éacht go deó
Do rás na nGaedhal, an méid is beó,
Don dáimh don éigs do chléir na Rómha
'S an Pápa féin níl spéis 'na ghlór.
d'fhill an ré ins gach céim thar n-ais
Do líon an spéir, na sléibhte las
Níl brigh sa ghréin, is daol a dath
'S dochíonn an saoghal gur thréig a teacht.


L. 91


Níor scríobhadh 's níor léigheadh in Éirinn fós
Ná i ríoghacht fé'n ngréin an t-éacht is mó
Druig-rí na naomh do chéasadh i gcoróinn
'Na luighe re heág do Shéarlus óg.
De bhrigh gurab é seo an $Phoenix ceart
Trí ríoghacht gan bhéim a réim 'sa reacht
'S gur díbreadh é i gcéin tar lear
Fé dhaoirse i bpéin re claonadh beart.



Bead ag guidhe lem námhaid gach lá go deó
'S ag luighe fé sháil an bhráca dhóibh,
Glacfad céachta is déanfad rómhar
Is maithim féin do scéalta nódha
Mara dtighidh i gcéin i réim 's i reacht
Arís dár saoradh an laoch nó a mhac;
Sin cuing na cléithe ar thréad na sean
Go crích an tsaogail fé n-a smacht.


L. 94


28. Oidhche an aonaigh d'éis a fhliuchta



Oidhche an aonaigh d'éis a fhliuchta
Is mé go tuirseach támhach
Do shuidheas im aonar ar thaobh an chnuic
Is gan aon den chruinne láimh liom
Acht mé im chodla tréan ag tuitim
Ag déanamh osna gnáthach
Dorinneas taedhreamh tréan an turuis
Do shaor ón uile-chás me.



Dobhí an spéirbhean dhéidgheal mhiochair
Bhéaltais mhilis mhnámhail
Is na mílte béithe aerdha ó chnuic
Fé réim sa lios an tráth san
Dob'é an t-amharc glé an aicme
Is gach aon aca is áilne
Ag breith céim i scéimh 's i gcruth
Ar a chéile in iomad cáile.
Dobhí ann Déirdre ghéiggheal dil
Éachtach oilte is Áine
Is an tsídhbhean Bhéarra ó thaobh na tuinne
Is Éithne ó thigh an Dághda
Meidhbhín chrothach, Eibhlín, Clothra
Sadhbh is Sorcha is Dáire
Is Aoibhill céile caomh na gcuradh
Ba tréine ar fhuirinn Dhál gCas.



Dobhí ann Bhénus, Thémis, Isis
Is Hélen chliste cháirdeach
Is Téon tséimh ón taobh anoir
Is céad mar sin 'n-a ndáil-sean


L. 95


Dob'é a labhairt scéala aitis
Trén-ar ghlacas gáirdeas
Go raibh Séamus ag téacht tar muir
Mar aon le fuireann Spáinneach.


L. 103



34. - Is fada dham in uaigneas



Is fada dham in uaigneas 's is buartha bhíos
m'intinn,
Siosma sluagh ná cuideachta ní bhriseann ar
mo bhrón;
Feidhm le ceart ná fuaimint ní bhfuaireas im
thimcheall -
Ráidhte grinn ná guthanna, soilbhreas ná ceól,
Ó himreadh beart an chruaidh-chlis ar chuallacht an
ríogh chirt
'S a prionnsa gur díbreadh le díomas ón
gcoróinn;
A thaisteal súd tar cuantaibh ná a thuairisc ní
fríoth dam
an fios fá'n domhan cá ngabhann sé nó an
dóigh go maireann beó,
Gur thúirling romham in iarthar nóin ag gabhóil
an ród le dásacht siubhail.


L. 104


Aon 'na chló ní fheaca fós, ba gheal a shnódh 's ba
mhear a shúil
Iorradh air mar thaistealach, fear aithris
na scéalta
Ba bhinn a ghlór, a ghnaoi bhí óg, ba shuairc a chóir 's
ba taitneamhach
'S a ráidhte beóil gur scaipeadar dem aigne
gach brón.



Is dfhiosruigh mé den fhánuidhe a rádh linn cá
fríoth dho
Fios a shlighe agus a imtheachta, a ainm is
a ghnó,
Dfhreagair mé go fáidheamhail go mb'fháilte
ins gach tír é
Dá raibh sa domhan le hinnisint is fear
aithris na sceól;
"Seal," ar sé, "sa Spáinn bím, is tráchtaim
ón ríoghacht san
Gan oireachtas, gan aoibhneas, go rángaim
don Róimh,
Triallaim as an áit sin go hárdchnoc na
hímpire
Is gach áitreabh ceart díleas ar Laoiseach
na slógh,
Bím mear luath fé Phrusia thuas, an rí tá
ruagtha i dtaisce bhróin
Gan bhuidhin, gan sluagh, gan díon ón bhfuacht
i ngeimhreadh chruaidh ar easbha lóin,
Go dtig Ó Domhnaill calma agus Daun
an airm ghléasta
Tá ag broic le treóin le héacht is gleó ag
déanadh an fhóghmhair ar Hanobhar,
'S ní fiú feóirling Ferdinand dá shníomh ag
galar dóghach.


L. 105


"Fáth mo chúis tar sáile tráchtaim den chuaird
seo
Nochtfad díbh go buartha le sile tuile
deór
Go bhfuil Aosceó go cráidhte agus fán ar a
chuallacht
I ndéidh an ríogh tá in éaghmuis ríoghacht gan
ceart, gan dlighe, gan chóir;
Is 'na dhiaidh súd dobhí an t-ársa 'san áitreabh
nur dhual do,
Nach cian 'na rian go bhfeiceathar riar a
shliocht arís i gcoróinn,
Tiocfa chughaibh tar sáile an ráib gheal 's a
chuallacht
I mbun a chrích le cúram cirt ag cosnamh díbh
go deó.
Beidh Gaedhil arís i réim go síoch, a dtréad 's
a maoin 'na mbailte cóir,
Cléir cheart Chríost le spréidh an Sprid Naoimh
go séimh sa tír agus teagasc dóibh,
Gach géag den tréanfhuil cheannasaigh go
hacmhaingeach 'na ndúnta,
Beidh ríog is ruaig is díbirt uainn ar athaigh
tuaith na ndealg ngéar,
Is tréigfid dúthchas Bhanba go bráth gan
atharrughadh cló.



"Beidh trúmpa binn le muardháil le fuaim age
Gaedhil chirt
I gceannas chúirete an airm-chlis ag déanadh
catha an ghleó;
Beidh Giolladubh Ó Gluaráin is Tuathán Ó
Cléirigh,
Tuathal crón is anaphoc is Mleachlain Ó
Feóir,


L. 106


Bran gan bhrón is Ciarán, Fear-ar-fán is
Maonas,
Torc gan ghruaim is Duain na mbruach is
Mandaraic na scód,
Beidh dís deichneabhar ar armáil go buanmhar
láidir éachtach
Ag déanadh feidhm' i gcathaibh cnuic ag
réabadh leasa is póirt,
Beidh Tadhg gan ghruaim ar bínse thuas 'na
ghiúistís mhórdha mhaiseach thréan,
Beid Wilkes is Jones is Speed is Owens,
Reed is Groves is Grant is Lane
Fé haistí daora daingeana in anaithe 's i
ndaorbhroid
Muna gcrochfa Tadhg an bhuidhean so im
radharc go pras le fill mhaith gadraigh
Go gcrochtar Tadhg gan aiseag air, gan
truagh dá shliocht go deó."


L. 106


35. Tá Iarla Chloinne Carrtha



Tá Iarla Chloinne Carrtha le hádhbhar ag teacht ón gcoróinn
Rianfid cluiche ar Bharnett le háthas i mBreatain Mhóir
A cháirde chroidhe nó an suairc libh
An Bhlárna arís dá fuascailt
'S gach áitreabh aoibhinn snuadhghlas
Cois Laoi ghil na slógh?
Tá an báire arís dá luadhchant
Ó tháine an tsaoi ghlan uasal
Is fearrde an fine 'nur fhás an bile dfhuil
ríghthe agus treóin.


L. 107


Beidh Sam is Crook is Baldwin
'S na táinte aca ar díbirt fós
Warren, Browne is Barnett
'S gach árdbhodach coímhtheach crón;
Beidh arís fé'n mbráca dá ndíogadh a hInis
Fáilbhe
Gan chíos gan chuid gan cháirde gan aoibhneas gan spórt.



Guidhmíd ar Mhuire Mháthair 's ar Rí na cruinne
a námhaid
Sceimhle teine bídh is brise ar an mbuidhin sin
tar fóir.
Beidh Hutchinson i dteannta ag an seabhac so
nár stán i ngleó
Agus Conner ó Chois Banndan go fannlag i
ngeimhle bróin.



Goilfidh Úna is Áine is Aoibhill chailce ón
mBánchraig
'S na mílte bean le háthas dá innsint mar
sceól
Go mbeidh sceimhle fada fánach ar shíol na
ngallachránach
Go grianmhar eascair rianta rathmhar ar
shínsear n-a ndeóidh.



Bainfar draig a héigse cé taobhleathan toill
is tón
Rith go pras is léimreach ar taobh chnuic tighid tar
treóir
Do phreab mo chroidhe le háthas ar a dteacht
arís tar sáile.


L. 108


An rífhuil Chaisil Cearna is Bhéilínse na slógh,
Bíocain cheart na Blárnan is fíorscoth Chloinne
Carrtha
An ráibh nár mheath nár stán ó chath do scaoilfeas
a mbrón.


L. 108


36.- Domhnall mac Carrtha na buille cct
ag caoine a dhearbhráthar Donnchadh an tan dochuala
Seán Clárach ag caoine Connachtach.



A éigse an taoibh thuaidh éistighidh go luaith
Tá scéal ar an dtaobh so 's is méin liomsa é
luadh -
Go bhfuil réaltann na suadh dá léirchur don uaigh
An chraobh ghlan dfhuil Éibhir dfhúig Éire fé
ghruaim.



A Mhúscraighe na slógh nách dúbhchroidheach an sceól
An fionndraoi do mhúin sinn 'n-a dhúbhluighe fén
bhfód
Bile búch binn gan cheó d'fhúig na cúigí fé bhrón
Le tuile cumhadh tríom gan súgaidheacht i bpúicín
go deó.



'Sé mo dhoilbheas go bráthach a Dhonnchadh Mic
Carrtha
An lonnabhile ba bog buille i bpoibleachaibh árda
Níor thogras-sa an cás-san 'dir cogadh tuinne 's
Clár Luirc
An fostadhfile b'fhostaitheach dhul coigilte sa
bhfásach.


L. 109


'S ní Connachtach do chaoinim 's ní hiongna an
nidh mhaoidhfhinn
Acht an file sultmhar soineannta bhíodh againne
'n-a Mhuimhneach
Mo thiomna-sa dhíbhse go mba ursa é i laoithibh
An fear cumusach glantuigsionach tá curtha lag
fé líogaibh.


L. 114


39. - Dob'aisling dam trím néallta



Fonn: An té ná hólfadh lionn liom



Dob'aisling dam trím néallta go bhfeaca mise
an réilteann
I gcluais na coille craobhghlas 's í ag déanamh
dobróin
Dlaoithe daithte go féar léi go cíortha casta
craobhach
Is soillse treise a céibhe mar Phoebus ar
neóin
Do gheit mo chroidhe le géirshearc don mhaighre
bhraghaidgheal bhéasach
Chuir saighead i lár mo chléibh-se ná leigheasfar
go deó
Acht amháin mur bhfaghainn óm chéad searc cead
luighe le n-a com le haontoil
'S gur le meidhir do mheallfainn céad óna
béal balsam póg.



Nach truagh san fear dem thréithe n-a mbíodh uaisle
is maise is méinn ann
Is Cupid deas dom thraochadh le saeghdaibh an
ghrádha
Is mo mhalairt-se má dhéanair in úir do chaithfeas
réidheamh liom
Is ná leigheasfadh leágha na hÉireann mo
chréachta acht amháin
Dá mbeinnse seal ag éisteacht le $rhyme do
mhilisbhéarla
Chuir treighid i bhfeidhm im thaobhsa ná leigheasfar
go brách.


L. 115


Saidhbhreas is meidhir an tsaoghail seo ní dheighilfeadh
sinn ó chéile
'S go raghainnse ina déidh trí Loch Éirne de
shnámh.



Is búclach crathach péarlach dlúthach srathach
dréimreach
A cúl buidhe casta craobhach go féar ar lí an
óir
Is Cupid-chleas 'n-a héadan do dhlúthuigh searc
na gcéadta
Is drúcht na meala ag téachtain tré n-a béal
mar an rós
A múc 's a mala caoldeas, a gnúis 's a leaca
ar aoldath
Rug clú agus maise ó Bhénus i scéimh agus i
gcló
'S nárbh fhada linn dár saoghal seacht mí bheith
sínte léithi
Sa choill tá daraighe géagach 's gan éinneach in
ár gcomhair.



Tá a hainm ag lucht éigse Chlár Banba le chéile
Gur sháruigh sí na réalta is gach deighbhean i gcló
Is má thráchtaim ar a tréithe a rug barr ó mhná
na hÉireann
'S go mbainfeadh greanta ar éadach gach
sómpla dá sórt
Fiadh mór beannach péacach coillte is crainn na
Gréige
Broighill is cadhain is léithbhruic go soiléir
don tslógh
Conairt, seannaigh, méithphuic, marcacha fé éide
Go ngearrfadh sí go gléasta ar thaobh brata
sróill.


L. 116


40. An aisling dorinneas ar Mhóirín



An aisling dorinneas ar Mhóirín
Tógfa sé tuirse agus brón díbh
An bhanaltra bhréagach
Do tháil ar na céadta
Mar chaill sise a chéile, mo leóghan groidhe.



Dobhí a cneas mar an eala go róchaoin
'S a bas le n-a leacain ag deórghail
A mama chruaidh ghléigeal
Dá sracadh óna chéile
Ag graithin an Bhéarla mo bhrón tríom.



Isé deir an macalla den ghlór chaoin -
An bhfuileann tu it chodla, ariú, a Mhóirín?
Siubhail cois na tuinne
Agus féach ar do dhuine
Atá ag teacht chughat tar uisce le mórbhuidhean.



Annsan a bheidh agat it chóifrín
Airgead go fairsing is ór buidhe
Mar chabhair do na céadta
Tá ag screadaigh 's ag béicigh
Dá gcreachadh is dá gcéasadh le móirchíos.



Líontar chughainn $punch agus beóir chaoin
Is bímís dá dtarraint i gcomhnuidhe
Cuirfeam an aindeise ar cáirde
Go maidean amáireach
'S nár chasaidh go brách ná go deó arís.


L. 117


An bríste go mbaintar dá thóin síos
Den fhear lenár mhian bheith ag ól dighe
Fé thuairim an scéil sin
Is tuille ná déarfad
Dá gcaillinn mo léine is mo chóitín.



Atáid cnaipí dá ndéanamh do Sheóirsín
Fé thuairim an éadaigh nár cóirigheadh
Beidh hata breagh béabhair
Ar Dhomhnall na Gréine
Dá chaitheamh 's na spéartha le mórchroidhe.



Tá Buller is Ranger ag deórghail
Hector is Caesar ag deónuigheacht
An cairrfhiadh aca ar saothar
Ó Chaiseal go Béarra
Ag tabhairt cuire chum féasta do Mhóirín.



Atáid éanlaith na coille go róbhinn
In éinfheacht ag seinm ar nótaí
Dá innsint dá chéile
Go meanmnach aerach
Ná beidh fearg Mhic Dé linn i gcomhnuidhe.



Faid mhairfidh sin scilling im póicín
Ní scuirfead le cuideachtain Mhóirín
Ólfimíd sláinte
An fhir úd tar sáile
Tadhg is a ghárlaigh i gcóistí.



Tá cluiche le himirt ag Móirín
Tuitfe an cuireat' 's ní brón linn
Beidh aon 'e hart séidhte
'S an rí ag dul ar éigean
'S an bhainrighin 'n-a dhéidh sin dá thóruidheacht.


L. 118


Is annsan a phreabfidh ar bórd síos
An cíonádh le fada tá ar deóraidheacht
Scuabfaid in éinfheacht
Na bearta le chéile
Bainfid scilling gan bhuidheachas is coróinn díobh.



41. Is fada ag taisteal rann Seán



Is fada ag taisteal rann Seán
I mbaile i gcleachtaidhe rangcás
Ní fheacathas do chompráid
De mhodhmhail bhreagh mhín
Ní thagann liomsa a thabhairt slán
A' seanchas na dtogha-rádh
Teastas ceart na seangmhná
Seach fheabhas táthaoi;
Is fairsing scaipfeadh leann máirt
A glaca croibhe leabharchnámh
is neamhcheachartha gan drabhlás
Do bhronnfá fíon,
'S gurb'é seanchas gach togha fáidh
A ngairimid chum antláis
An ainnir chliste ghreann-cháidh
Le feabhas dá gnaoi.



A bhroingeal chneasta, greann céad,
A chnis mar shneachta i gcom sléibhe
Is gluise deise mall claon
Is leabhar cé hóg
Is suidhte mama seangchléibh
Is giorra cirte ceann caol
Luisne ar dhath an tsobha craobh
Is plannda aon rós.


L. 119


Fuilt na mbeart go feann saor
Go dlaoitheach bachall tromréidh
Go fighte casta ag tabhairt léi
Go bonn fé dhó
Dhlighfeadh leat gan teannspré
Righthe is flatha is togha laoch
Ba chliste i gcath na lann ngéar
In am lae an ghleó.



A mhaighdean thuill do chlú árd
Nár fhill go cinnte cúl láimhe
le doighear gan riar in am gábha
Nár ghann cách dóibh
'S do roinnfeadh maighre an chúil bháin
Gan droighean dá bhfaghadh na cúig stáit
Ba saidhbhre a bhfaghainn i Mumhain áird
Gan chumhadh 'n-ár ndeóidh
Gur mhill an bhraighidgheal mhodhmhail-mhná
Gach oidhre groidhire ghnúis ghrádh
Go mba milse teimheal di ar drúcht dfhagháil
'Ná sugha bhláith an róis
Go deimhin dá seinneadh togha mná
Bheidhlín ringce is tiúdán
Go saighdfeadh daill chum rangcáis
Le meabhrán ceóil.



Glaca croibh na seangmhná
Tana snoighte leabharchnámhach
Bhainfeadh suilt is fonn lán
Is greann dá shníomh
Spreagfadh cruit is seanndán
$Flageolet is teampán
Racaireacht nó amhrán -
Ní rabhas dá maoidheamh.


L. 120


A halt 's a troigh is crann dfhás
A dealbhchruith gan ansmál
A mala shnoighte ghabhann bláth
An iubhair bhreagh chaoil
Maitheas fir an domhain dfhagháil
Blaise a guib 's a comhrádh
Barra aici ar fheabhas tá
Gach togha fáidh díobh.
A bhroingeal bháinchnis mhall réidh
Nó an gcluine ar thárla 'ot chall réidh
Nár chuireas-sa cáil acht seallréad
Seach fheabhas <má mhaoidhir>
Gurb'é deir lucht dánta is <oll-léighinn>
Is iomarcadh árd do labhair mé
Ar do phearsa gheal tá gan fabhar claon
I meabhair ná i mbaois
Mar scriosfadh mo lámh le peann caol
'S a thuigsint go sármhaith i meabhair-chéill
Gur duine gan tlás ar domhan mé
'Om thabhairt fé dhlighe
In ionad ar básadh dot chomh séimh
Le hiomad de ghrádh is de ghreann Dé
Léan Prindargás na ndream dtréan
Is togha bé í.


L. 125


Is claoidhte me i ngalar dubhach.
eagrán diop.



Is claoidhte me a ngallar dubhach gan faoiseamh
Óm chréachtaibh le saoidaibh a ccathamh liom
Na cceathaibh teannadh tiúgh dom chéasadh
A Ríogh ghloinne do ghaibh le thais a chlúdh
Do ceap féile ar túis réig as gach cheasna
Is déirc dhuit me ghlacadh, déin agus taisg me ad chlúid go deó
'S ó thárla an canna líonta sgaoil timpcheall an tsláinte.



A rinn ruisg do bhain an barr don drúcht
Is teanga bhlasta bhúig Bhéarlach
Is liom í ainmniughadh 'sí Cáitín mo stór
An bháinchnis as gille dá bhfuille san chruinne
Tá agamsa gloinne lán go beól
Sid í do shláinte, sí is fearr linn lean ól.



A chaoinbhean is fearra maise is clú
A bhláth na Mumhan dfhág me dubhach
Na mílte fearaibh gasta marbh tu
le searc dod leacain úir ghrádhmhair
is coir dhuit me ghlacad steach anois
Aingir gasda glic béasach ciúin
Ní coinfeac amairrionn dam do bhéithibh gan tú
Bheith taobh liom ar leaba fé chuiltibh cailce
A réiltean mainne stiúr me anois ó thárla a ccúmh leat
Siúd í do shláinte.



Is breagh deas an óg bruingioll i
Momhrach glan Súsan beag Ní Uilliam
Lúibín mhilis múinte chumainn cubhartha
Cailc is úsadh an tsuainbhean as gille
As aluinn an bílle 's as breagh í snódh
Súd í do shláinte sas fearde sinn í ól.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services