Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill II
Title
Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill II
Author(s)
Ó Cléirigh, Lughaidh,
Compiler/Editor
Walsh, Paul
Composition Date
1668
Publisher
(Londain: I.T.S., 1957)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MEMORANDA GADELICA. Do neithibh tá ionchuimhne a nUlltaibh: 1. Earla Thíre Eóghain agus Earla Thíre Conuill ar bfágbháil na hErionna 14 Septembris 1607. 2. An tEarla cédna .i. Aodh mac an Bharúin ar bfagháil báis 10 Julij 1616. 3. Inghion Meagaonghusa .i. cuntaois Thíre Eóghain ar bfagháil bháis san Róimh 15 Martij 1618. 4. Art mac an Bharúin Uí Néill ar bfagháil bháis 28 Novembris 1618.
5. Bás Eóghain mic Airt Uí Néill aois mic Dé dearbhthar annséin léan Gaoidheal do éirghe as míle sé chéad a chunntas bláth na mbeachthréad a ghrádh rom ghoin is leathchéad amháin acht bliaghain. 6. Míle sé céad luatear linn aois Críosd ag luighe dFeilim urra le hiarraidh na dtrod s dá bhliaghain chorra ar chaogad.
7. Torrdhealbhach Luineach Ó Néill dfagháil bháis 1595. 8. Eóghan mac Aodh mic Néill Mhóir Uí Néill ar bhfagháil bháis lá an tsíobaidh nó an tsneachta mhóir .i. 30 Januarij 1634.
9. Aodh Óg Ó Néill mac Eóghain mic Aodh ar na mharbhadh ag Droithchead Ath an ceathramh lá do Dhecember annsa mbliaghain 1641. 10. Cathir Ó Dochartaigh do mharbhadh 1 Augustij 1608.
11. Ocht gcéad bliaghan go bás Airt s a ndúbladh an annail oirdheirc sí na riaghail chneasda creid s bliaghain theasda do thriochad. 1629. 12. Míle sé céad comhuin liom triocha a hocht annail choitcheann ó ghein Dé go hAodh do uighe dá mbeath aon dá fhiafraighe. 1638.
13. Sorcha inghean Uí Néill bean tíaghearna Ibheach dfághbháil bháis 26 Aprill ...
14. Annail Iosa is díol fiosa go bás Sheáin Mheg Aonghasa mic Rossa nar thill ó throid sé céad déag dó is triochad.
15. Aodh mac Seáin Mhegaonghusa .i. Easpug Dúin agus Cuinnir dfagháil bháis 24 Aprill 1640.
16. Catrina inghean an tSeáin chéadna ar néag 26 Augustij 1654. 17. Mairgréag inghean an tSeáin roimhe ráite ar néag 8 Aprill 1662. 18. Rughraidh mac an tSeáin chéadna do mharbhadh (a) Loch Garman. Ní fhuil an bhliadhain ainmnighthe, agus deir an sgriobhnóir ag bun an leathanaigh: mise dhearmad annalach Rughraidh mic Seáin. 19. Feidhlim mac an Rughraidh chéadna sin dfagháil bháis 19 Martij 1661. 20. Eimhear mac Feidhlim mic Briain Mhegaonghasa ar bfagháil bháis an deachmhadh lá fithcheat do mhí October 1648. 21. Brian Ruadh Mhagaonghusa mac Glaisne mic Eachmhilidh mic Domhnaill Chéir mic Aodh mic Airt an Lámhaigh mic Aodh mic Airt na Madhmann ar bfaghail bháis sa Tulach Bréifneach a gcuntaoi Liattroma a gcóigeadh Chonnacht 23 April 1663 agus ar nionnlacadh (a) dTeampall Cluana san aimsir chéadna. 22. Glaisne Óg Magaonghusa mac Glaisne mic Eachmhilidh ar bfagháil bháis (a) dtiamchioll an treas la do January 1665. 23. Emond Óg mhac Rughraidh Óig Megaonghusa ar néag 20 Jan. 1634.
24. Eimhear mac Rughraidh Oig do mharbhadh a Lios na gCearrbhach 26 Nov. 1641. 25. Aodh mac Feidhlim Mac Aonghusa do mharbhadh 1608. 26. Domhnall mac Briain Megaonghusa do mharbhadh 1589. 27. Muircheartach mac an Easpuig ar néag 1 Octobris 1631. 28. An teaspug O Dúnagán 24 9bris 1628. 29. Brian Óg mac Rughraidh Mhegaonghusa 24 8bris 1631. 30. Emonn Buidhe mac Domhnaill Oig do mharbhadh 31 9ber (sic) 1603. 31. An teaspog O Dúbheanaigh (do) chur chum báis 1 Febr. 1612. 32. Eimhear Magaonghusa mac Airt 24 Maij 1617.
33. Niall mac Briain Fhaghartaigh Ui Neill 5 Februa. 1601. 34. Eóghan mac Aodh mic Neill óig do mharbhadh 5 Maij 1601. 35. Niall mac Aodh mic Feidhlim Bhacaigh ar na mharbhadh 1 Aug. 1601. 36. Aodh mac Fedhlim Bhacaigh Ui Neill 1582. 37. Nóta san lámhsgríbhinn nach féidir a léigheamh anois. Acht do sgríobh Aodh Ó Dálaigh cuid de mar seo ina láimhsgríbhinn féin .i. H.i.6,f 8ob: Eimhear Magaonghusa (an brathair bocht) mac Briain mic Glaisne mic Eachmhilidh mic Domhnaill ...
OIRIS OIRDHEARCA TIRE CONAILL. 1. Muidhm Coilleadh na gCuiridin anno domini 1540. 2. Maoidhm na Cobharthaigh 1558. 3. Maoidhm Gleanna Seisg an céadna. 4. Maoidhm na Feirste 1570. 5. Maoidhm Baile Mic Grobhartaigh 1572. 6. Marbhadh na Mac Suibhne 1575. 7. Losgadh Dhúin Droing 1590. 8. Maoidhm Chille Tuathail 1581. 9. Maghnus Og O Domhnaill agus Alasdair mac Somhairle 1586. 10. Maoidhm na Muaidhe an céadna.
11. Maoidhm na Cairrge Léithe agus bás Néill Mhergigh Mic Suibhne 1587. 12. Bás Aodha mic an Deaganaigh is Chathaoir Uí Dhochartaigh idem. 13. Báthadh na Spáinneach 1588. 14. Maoidhm Béal Atha Cluana 1593. 15. Maoidhm Béal Atha na mBriosgadh 1592. 16. Maoidhm Casán na gCuradh 1597. 17. Muidhm Béal an Atha Buidhe 1598. 18. Teacht Saxanach go Doire agus Niall Garbh do dhul na gcionn 1600. 19. Bás Aodha mic Maghnus idem. 20. Bás Cathbharra mic Maghnus idem. 21. Bás Henraoi mic Uí Néill agus an Deaganaigh 1607.
22. Bás Sheauin Oig Uí Dhochartaigh 1601. 23. Imeacht Aodha Ruaidh don Spáin 1601. 24. Losgadh Doire 1608. 25. An samhradh te 1612. 26. An sneachta mór 1613. 27. Eóghan Mac Suibhne 1596. 28. Teacht an chogaidh a nEirinn 1641. 29. Maoidhm Ghleanna mic Cuinn 1642. 30. Maoidhm na Sgairbhe Soillse 1650. 31. Muidhm na Binne Buirbe 1646. Agus bás Maghnuis Ui Dhomhnaill 1646. 32. Domhnall Mór .i. O Domhnaill dfagháil bháis 1241. 33. Torrdhealbhach an Fhíona .i. O Domhnaill dfagháil bháis i naibíd mhanaigh a mainistir Easa Ruaidh 1423. 34. Niall Garbh mac Torrdhelbhaigh an Fhíona dfagháil bháis a Manainn 1434. 35. Neachtain O Domhnaill do mharbhadh i nDurún oidhche féile Bréanuinn .i. ceannlitir síthe agus cogaidh an Tuaisgirt an fear amháin cairt agus dinntiúr do Chenéal nEoghain ar Chenéal Moghain ar Inis Eoghain ar Thuatha Ráth agus Tuath Luirg agus do chuir cíos ar Iochtar Connacht ar gcaitheamh 18 mbliadhan dég i dtighearnus 1452.
36. Rughraidh mac Neachtain do mharbhadh le Domhnall mac Néill Ghairbh a nInis 1454. 37. Domhnall mac Néill Ghairbh .i. Domhnall Tighe Baoithín do mharbhadh le cloinn ele Neachtain agus le páirt do mharcshluagh Uí Néill agus Aodh Ruadh mac Néill Ghairbh do ghabháil an lá sin agus tighearna do dhéanamh do Thorrdhealbhach 1456. 38. Aodh Ruadh do bheith i láimh i nInis Scelinn ceithre bliadhna 1456. 39. An tAodh Ruadh céadna dfagháil bháis i nDún na nGall .i. an té as mó do chuir a neart ar choigcríochuibh do Chloinn nDálaigh 1505. 40. O Domhnaill .i. Conn Bhéal Atha Doire do mharbhadh le O Néill agus ní raibh an Conn sin na thighearna acht ó mhart cingicsi go ló fhéile Michél agus do rinne creach mac Eoghain na nGleandadh agus mac Cathaoir Mhóir a naen ló ar faithe Dún na nGall agus do bhí an tír aige a bhfad roimhe sin 1497. 41. O Domhnaill .i. Maghnus dfagháil bháis 1563. 42. O Domhnaill .i. an Calbhach a dfagháil bháis 1566: tug an Calbhach sin ceithre maidhmanna ar Sheán O Néill .i. maoidhm Baile Mic Grobhartaigh ós Doire agus maoidhm Béal Atha Croithlionn ag an allt ós cionn Tearmoinn Mic Guirc agus maoidhm ag Greanaigh Mocoill agus maoidhm na Cobharthaigh. 43. Aodh Ruadh mac Aodha mic Maghnuis dfagháil bháis sa Spáin an dara lá déag do September 1603. 44. Imeacht Aodha Ruaidh go Cionn tSáile agus a dhul as Eirinn don turas sin agus Dia Sathairn do ghluais 29 do October agus 29 mbliadhna dob aois dó an Satharn sin 1602.
45. An tAodh Ruadh céadna do ghabháil roimhe sin a gcuan na Suile agus a bhreith go Duibhlinn agus a bheith ceithre bliadhna ann agus a éalódh agus O Domhnaill do ghairm dhe 1583. 46. Conn mac an Chalbhaigh do ghabháil le Seán O Néill a nDun na nGall 1564. 47. Conn dfagháil bháis a Leifer 13 lá do Mhárta 1583. 48. Conn do ghabháil le hIarla of Eisig .i. giuistís na hEireann 1575. 49. Conn do chreachadh Iochtair Connachta agus do losgadh Sligigh ó chaisléan amach agus gan tighearna Conallach do bheith leis 1583. 50. Cathbharr mac Maghnuis dfagháil bháis 1580. 51. Cathbharr mac Aodha Duibh do mharbhadh i nDún na nGall 1551. 52. Rughraidh mac Aodha mic Maghnuis do mharbhadh i nDún na nGall 1575. 53. Maghnus mac Cuinn mic an Chalbhaigh do mharbhadh i gCois Finne 1589. 54. Bás Néill Ghairbh iar mbeith i láimh ag Rígh Séamus ocht mbliadhna déag 1626. Aois Néill féin an tam sin 57. 55. Niall do ghabháil le Saxanach (a) Rathbhoth 1608.
56. Calbhach mac Cuinn mic an Chalbhaigh do mharbhadh i gCois Finne 1507 forte 1607. 57. Imeacht na nIarladh as Eirinn 1607. 58. Bas an Iarla Ui Dhomhnaill Mic Uidhir agus Cathbharr a naen mhidh san Róimh 1608. 59. Aodh mac Aodha Duibh dfagháil bháis 1618. 60. Iarla do ghairm do Rughraidh O Dhomhnaill 1603.
FILE GAN AINM CC. Mochean don loing si tar lear iomchras sgatha mac Míleadh re gaoith-shiobhal san sál siar ó chlár maoith-iodhan Maicniadh. Mochean lucht do líon an luing roighne Ó Néill is clann gConuill tar muir linn-te ródaigh ruaidh do chódair innte i n-éanuair. Seisior uainn fa Aodh Macha do chódar dfhuil ard-fhlatha dá dheirbhfine lais san luing le hais cheinn-bhile ó gCriomhthuinn. Do chuadar fa leith san luing cúigear do chinéal gConuill mór sníomh do chuir am chroidhe dá fhuil ríogh le Rudhroighe. Atáid sa luing si tar lear dá iarla innsi Gaoidheal siar ar eachtra ó fhiadh fhuinidh is triath sleachta saor-Uidhir. Ar dtriall Aodha Í Néill anois ar n-imtheacht mic mic Maghnois na Gaoidhil aniú sa neart go fiú an aoinfhir ar n-imtheacht.
Do chuaidh oireachus bhfear bhFáil anonn uainne don Easbáin tar sál re lucht na luinge tár as a ucht oruinne. Ní mhaireann déis an eathair n-ar imthigh síol saoir-Eachach uch a Dhé as damhna cumhadh dé don Bhanbha ar beathughadh. Dá mbeith nach beidis san luing triath Ó Néill ceann ó gConuill cúis doilghe a síneadh tar sál roighne a míleadh sa macámh. Atáid san arthrach is Art Aodh Ruadh Cathbharr Cú Chonnacht ceithre beithre thoighe Táil mo chroidhe ar gceithre compáin. Dá Aodh Ó Domhnaill Doire ceithre leinbh na laochroidhe atáid daoinréim siar san sál Brian Ó Saoir-Néill is Seaán. Triúr ban duaislibh fhóid Bhanbha uainn san arthrach allmhardha na réadh-mhná ó ráth na bhfionn le dtéarná cách go coitcheann. Inghean ríogh fhréimhe Rosa inghean airdríogh Bearnosa mimneadh gan fhatha ni fhuil is inghean flatha ó bhFiamhuin.
Guidhim an Triúr is treisi laoich is leinbh na loinge-si dá ndíorghadh san iúl is fhearr san triúr ríogh-bhan do ráidhseam. A triall go dtoil don Athair slán tar bóchna mbraon-sgathaigh s dol i bpurt i ndán di-si mo ghrádh lucht na luingi-si. Ar n-imtheacht o iath Uisnigh atáid uainn san eathuir-sin dlaoithe téagair na Teamhra do mhéadaigh mo mhímheanma.
O Ruairc ríoghfhlaith a fhine Tadhg fa toghtha an toirdnidhe fa diongmhála don mhnaoi mhaith ar aoi iomrádha is ardraith. Fuair an ríoghain a Ráth Bhoth ar n-ég ardfhlatha Ruarcach daghágh gan raidhíth dá rath ag Daibhíth branán Búrcach.
An Muiris cénda do rinne don fhear remhráite: Beannacht chugaibh a Chalbhaigh ós tú as umhla d'ollamhnaibh a ghég chumhra do chrú Cuinn dar dú umhla et urruim. Slán arís do rún croidhe chugaibh a chleath chumhroidhe ráinic clú fhéile dot fhuil as tú mo chéile a Chalbhaigh. A shearc ollamhan fhuinn Bregh a fhlaith d'fhíonfhuil mac Miledh a mhílidh gan tár ó thoil slán da-ríribh dot rochtoin. A phóir na ríogh ó ráith Bregh as tú an curadh nár cáineadh a ré lán as uaisle d'fhuil slán uaimsi da bhar nadhbhuidh. Ag so an cheird da ttugais toil sásadh trénbiadh do bhochtaibh s gach aoinfear ag triall dot thoigh is riar na naoidheadh oruibh. Atáid ionnaibh druim ar dhruim a chumhdaightheóir chlann cConuill gan aisdear uaibhsi do neach gaisgeadh uaisle agus eineach. Fuarais ó Dhia do dhealbh neamh gnúis fhaoilidh aigneadh áilghean cneas shéimh thromdha da bhar ttoil méin nach dorrdha le deóraidh.
A fhlaith amhra do chrú Cuinn a mheic Maghnais Uí Dhomhnuill ge tá misi gan buar go bocht daibhsi budh buan mo bheannocht. Osí féin an chraobh chiníl beannacht uaim go hEibhilín óigbhen chaomh - céim cumhga - ní léir d'aon a heasumhla. Beannacht uaim tre dhúthracht dhi fialbhean do shaoirfhréimh Suibhni ben gan aonolc as ferr foss do mheall daonnocht ón dúthchos.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services