Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill II

Title
Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill II
Author(s)
Ó Cléirigh, Lughaidh,
Compiler/Editor
Walsh, Paul
Composition Date
1668
Publisher
(Londain: I.T.S., 1957)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



MEMORANDA GADELICA.



Do neithibh tá ionchuimhne a nUlltaibh:



1. Earla Thíre Eóghain agus Earla Thíre Conuill ar bfágbháil
na hErionna 14 Septembris 1607.



2. An tEarla cédna .i. Aodh mac an Bharúin ar bfagháil
báis 10 Julij 1616.



3. Inghion Meagaonghusa .i. cuntaois Thíre Eóghain ar
bfagháil bháis san Róimh 15 Martij 1618.



4. Art mac an Bharúin Uí Néill ar bfagháil bháis 28 Novembris
1618.




5. Bás Eóghain mic Airt Uí Néill
aois mic Dé dearbhthar annséin
léan Gaoidheal do éirghe as
míle sé chéad a chunntas
bláth na mbeachthréad a ghrádh rom ghoin
is leathchéad amháin acht bliaghain.



6. Míle sé céad luatear linn
aois Críosd ag luighe dFeilim
urra le hiarraidh na dtrod
s dá bhliaghain chorra ar chaogad.




7. Torrdhealbhach Luineach Ó Néill dfagháil bháis 1595.



8. Eóghan mac Aodh mic Néill Mhóir Uí Néill ar bhfagháil
bháis lá an tsíobaidh nó an tsneachta mhóir .i. 30 Januarij
1634.


L. 78


9. Aodh Óg Ó Néill mac Eóghain mic Aodh ar na mharbhadh
ag Droithchead Ath an ceathramh lá do Dhecember annsa
mbliaghain 1641.



10. Cathir Ó Dochartaigh do mharbhadh 1 Augustij 1608.




11. Ocht gcéad bliaghan go bás Airt
s a ndúbladh an annail oirdheirc
sí na riaghail chneasda creid
s bliaghain theasda do thriochad. 1629.



12. Míle sé céad comhuin liom
triocha a hocht annail choitcheann
ó ghein Dé go hAodh do uighe
dá mbeath aon dá fhiafraighe. 1638.




13. Sorcha inghean Uí Néill bean tíaghearna Ibheach dfághbháil
bháis 26 Aprill ...




14. Annail Iosa is díol fiosa
go bás Sheáin Mheg Aonghasa
mic Rossa nar thill ó throid
sé céad déag dó is triochad.




15. Aodh mac Seáin Mhegaonghusa .i. Easpug Dúin agus Cuinnir
dfagháil bháis 24 Aprill 1640.


L. 80


16. Catrina inghean an tSeáin chéadna ar néag 26 Augustij
1654.



17. Mairgréag inghean an tSeáin roimhe ráite ar néag 8 Aprill
1662.



18. Rughraidh mac an tSeáin chéadna do mharbhadh (a)
Loch Garman. Ní fhuil an bhliadhain ainmnighthe, agus
deir an sgriobhnóir ag bun an leathanaigh: mise dhearmad
annalach Rughraidh mic Seáin.



19. Feidhlim mac an Rughraidh chéadna sin dfagháil bháis
19 Martij 1661.



20. Eimhear mac Feidhlim mic Briain Mhegaonghasa ar
bfagháil bháis an deachmhadh lá fithcheat do mhí October
1648.



21. Brian Ruadh Mhagaonghusa mac Glaisne mic Eachmhilidh
mic Domhnaill Chéir mic Aodh mic Airt an
Lámhaigh mic Aodh mic Airt na Madhmann ar bfaghail
bháis sa Tulach Bréifneach a gcuntaoi Liattroma a gcóigeadh
Chonnacht 23 April 1663 agus ar nionnlacadh (a) dTeampall
Cluana san aimsir chéadna.



22. Glaisne Óg Magaonghusa mac Glaisne mic Eachmhilidh
ar bfagháil bháis (a) dtiamchioll an treas la do January
1665.



23. Emond Óg mhac Rughraidh Óig Megaonghusa ar néag
20 Jan. 1634.


L. 82


24. Eimhear mac Rughraidh Oig do mharbhadh a Lios na
gCearrbhach 26 Nov. 1641.



25. Aodh mac Feidhlim Mac Aonghusa do mharbhadh 1608.



26. Domhnall mac Briain Megaonghusa do mharbhadh 1589.



27. Muircheartach mac an Easpuig ar néag 1 Octobris 1631.



28. An teaspug O Dúnagán 24 9bris 1628.



29. Brian Óg mac Rughraidh Mhegaonghusa 24 8bris 1631.



30. Emonn Buidhe mac Domhnaill Oig do mharbhadh 31
9ber (sic) 1603.



31. An teaspog O Dúbheanaigh (do) chur chum báis 1 Febr.
1612.



32. Eimhear Magaonghusa mac Airt 24 Maij 1617.


L. 84


33. Niall mac Briain Fhaghartaigh Ui Neill 5 Februa. 1601.



34. Eóghan mac Aodh mic Neill óig do mharbhadh 5 Maij
1601.



35. Niall mac Aodh mic Feidhlim Bhacaigh ar na mharbhadh
1 Aug. 1601.



36. Aodh mac Fedhlim Bhacaigh Ui Neill 1582.



37. Nóta san lámhsgríbhinn nach féidir a léigheamh anois. Acht
do sgríobh Aodh Ó Dálaigh cuid de mar seo ina láimhsgríbhinn
féin .i. H.i.6,f 8ob: Eimhear Magaonghusa (an brathair
bocht) mac Briain mic Glaisne mic Eachmhilidh mic
Domhnaill ...


L. 86


OIRIS OIRDHEARCA TIRE CONAILL.



1. Muidhm Coilleadh na gCuiridin anno domini 1540.



2. Maoidhm na Cobharthaigh 1558.



3. Maoidhm Gleanna Seisg an céadna.



4. Maoidhm na Feirste 1570.



5. Maoidhm Baile Mic Grobhartaigh 1572.



6. Marbhadh na Mac Suibhne 1575.



7. Losgadh Dhúin Droing 1590.



8. Maoidhm Chille Tuathail 1581.



9. Maghnus Og O Domhnaill agus Alasdair mac Somhairle 1586.



10. Maoidhm na Muaidhe an céadna.


L. 88


11. Maoidhm na Cairrge Léithe agus bás Néill Mhergigh Mic
Suibhne 1587.



12. Bás Aodha mic an Deaganaigh is Chathaoir Uí Dhochartaigh
idem.



13. Báthadh na Spáinneach 1588.



14. Maoidhm Béal Atha Cluana 1593.



15. Maoidhm Béal Atha na mBriosgadh 1592.



16. Maoidhm Casán na gCuradh 1597.



17. Muidhm Béal an Atha Buidhe 1598.



18. Teacht Saxanach go Doire agus Niall Garbh do dhul na
gcionn 1600.



19. Bás Aodha mic Maghnus idem.



20. Bás Cathbharra mic Maghnus idem.



21. Bás Henraoi mic Uí Néill agus an Deaganaigh 1607.


L. 90


22. Bás Sheauin Oig Uí Dhochartaigh 1601.



23. Imeacht Aodha Ruaidh don Spáin 1601.



24. Losgadh Doire 1608.



25. An samhradh te 1612.



26. An sneachta mór 1613.



27. Eóghan Mac Suibhne 1596.



28. Teacht an chogaidh a nEirinn 1641.



29. Maoidhm Ghleanna mic Cuinn 1642.



30. Maoidhm na Sgairbhe Soillse 1650.



31. Muidhm na Binne Buirbe 1646. Agus bás Maghnuis
Ui Dhomhnaill 1646.



32. Domhnall Mór .i. O Domhnaill dfagháil bháis 1241.



33. Torrdhealbhach an Fhíona .i. O Domhnaill dfagháil bháis
i naibíd mhanaigh a mainistir Easa Ruaidh 1423.



34. Niall Garbh mac Torrdhelbhaigh an Fhíona dfagháil bháis
a Manainn 1434.



35. Neachtain O Domhnaill do mharbhadh i nDurún oidhche
féile Bréanuinn .i. ceannlitir síthe agus cogaidh an Tuaisgirt
an fear amháin cairt agus dinntiúr do Chenéal nEoghain
ar Chenéal Moghain ar Inis Eoghain ar Thuatha Ráth
agus Tuath Luirg agus do chuir cíos ar Iochtar Connacht ar
gcaitheamh 18 mbliadhan dég i dtighearnus 1452.


L. 92


36. Rughraidh mac Neachtain do mharbhadh le Domhnall
mac Néill Ghairbh a nInis 1454.



37. Domhnall mac Néill Ghairbh .i. Domhnall Tighe Baoithín
do mharbhadh le cloinn ele Neachtain agus le páirt do mharcshluagh
Uí Néill agus Aodh Ruadh mac Néill Ghairbh do
ghabháil an lá sin agus tighearna do dhéanamh do Thorrdhealbhach
1456.



38. Aodh Ruadh do bheith i láimh i nInis Scelinn ceithre
bliadhna 1456.



39. An tAodh Ruadh céadna dfagháil bháis i nDún na nGall
.i. an té as mó do chuir a neart ar choigcríochuibh do
Chloinn nDálaigh 1505.



40. O Domhnaill .i. Conn Bhéal Atha Doire do mharbhadh
le O Néill agus ní raibh an Conn sin na thighearna acht
ó mhart cingicsi go ló fhéile Michél agus do rinne creach
mac Eoghain na nGleandadh agus mac Cathaoir Mhóir a
naen ló ar faithe Dún na nGall agus do bhí an tír aige a
bhfad roimhe sin 1497.



41. O Domhnaill .i. Maghnus dfagháil bháis 1563.



42. O Domhnaill .i. an Calbhach a dfagháil bháis 1566: tug
an Calbhach sin ceithre maidhmanna ar Sheán O Néill
.i. maoidhm Baile Mic Grobhartaigh ós Doire agus maoidhm
Béal Atha Croithlionn ag an allt ós cionn Tearmoinn
Mic Guirc agus maoidhm ag Greanaigh Mocoill agus maoidhm
na Cobharthaigh.



43. Aodh Ruadh mac Aodha mic Maghnuis dfagháil bháis
sa Spáin an dara lá déag do September 1603.



44. Imeacht Aodha Ruaidh go Cionn tSáile agus a dhul as Eirinn
don turas sin agus Dia Sathairn do ghluais 29 do October agus
29 mbliadhna dob aois dó an Satharn sin 1602.


L. 94


45. An tAodh Ruadh céadna do ghabháil roimhe sin a gcuan
na Suile agus a bhreith go Duibhlinn agus a bheith ceithre
bliadhna ann agus a éalódh agus O Domhnaill do ghairm dhe
1583.



46. Conn mac an Chalbhaigh do ghabháil le Seán O Néill
a nDun na nGall 1564.



47. Conn dfagháil bháis a Leifer 13 lá do Mhárta 1583.



48. Conn do ghabháil le hIarla of Eisig .i. giuistís na
hEireann 1575.



49. Conn do chreachadh Iochtair Connachta agus do losgadh
Sligigh ó chaisléan amach agus gan tighearna Conallach do
bheith leis 1583.



50. Cathbharr mac Maghnuis dfagháil bháis 1580.



51. Cathbharr mac Aodha Duibh do mharbhadh i nDún na
nGall 1551.



52. Rughraidh mac Aodha mic Maghnuis do mharbhadh i
nDún na nGall 1575.



53. Maghnus mac Cuinn mic an Chalbhaigh do mharbhadh
i gCois Finne 1589.



54. Bás Néill Ghairbh iar mbeith i láimh ag Rígh Séamus
ocht mbliadhna déag 1626. Aois Néill féin an tam sin 57.



55. Niall do ghabháil le Saxanach (a) Rathbhoth 1608.


L. 96


56. Calbhach mac Cuinn mic an Chalbhaigh do mharbhadh
i gCois Finne 1507 forte 1607.



57. Imeacht na nIarladh as Eirinn 1607.



58. Bas an Iarla Ui Dhomhnaill Mic Uidhir agus Cathbharr
a naen mhidh san Róimh 1608.



59. Aodh mac Aodha Duibh dfagháil bháis 1618.



60. Iarla do ghairm do Rughraidh O Dhomhnaill 1603.




L. 118


FILE GAN AINM CC.



Mochean don loing si tar lear
iomchras sgatha mac Míleadh
re gaoith-shiobhal san sál siar
ó chlár maoith-iodhan Maicniadh.



Mochean lucht do líon an luing
roighne Ó Néill is clann gConuill
tar muir linn-te ródaigh ruaidh
do chódair innte i n-éanuair.



Seisior uainn fa Aodh Macha
do chódar dfhuil ard-fhlatha
dá dheirbhfine lais san luing
le hais cheinn-bhile ó gCriomhthuinn.



Do chuadar fa leith san luing
cúigear do chinéal gConuill
mór sníomh do chuir am chroidhe
dá fhuil ríogh le Rudhroighe.



Atáid sa luing si tar lear
dá iarla innsi Gaoidheal
siar ar eachtra ó fhiadh fhuinidh
is triath sleachta saor-Uidhir.



Ar dtriall Aodha Í Néill anois
ar n-imtheacht mic mic Maghnois
na Gaoidhil aniú sa neart
go fiú an aoinfhir ar n-imtheacht.


L. 120


Do chuaidh oireachus bhfear bhFáil
anonn uainne don Easbáin
tar sál re lucht na luinge
tár as a ucht oruinne.



Ní mhaireann déis an eathair
n-ar imthigh síol saoir-Eachach
uch a Dhé as damhna cumhadh
dé don Bhanbha ar beathughadh.



Dá mbeith nach beidis san luing
triath Ó Néill ceann ó gConuill
cúis doilghe a síneadh tar sál
roighne a míleadh sa macámh.



Atáid san arthrach is Art
Aodh Ruadh Cathbharr Cú Chonnacht
ceithre beithre thoighe Táil
mo chroidhe ar gceithre compáin.



Dá Aodh Ó Domhnaill Doire
ceithre leinbh na laochroidhe
atáid daoinréim siar san sál
Brian Ó Saoir-Néill is Seaán.



Triúr ban duaislibh fhóid Bhanbha
uainn san arthrach allmhardha
na réadh-mhná ó ráth na bhfionn
le dtéarná cách go coitcheann.



Inghean ríogh fhréimhe Rosa
inghean airdríogh Bearnosa
mimneadh gan fhatha ni fhuil
is inghean flatha ó bhFiamhuin.


L. 122


Guidhim an Triúr is treisi
laoich is leinbh na loinge-si
dá ndíorghadh san iúl is fhearr
san triúr ríogh-bhan do ráidhseam.



A triall go dtoil don Athair
slán tar bóchna mbraon-sgathaigh
s dol i bpurt i ndán di-si
mo ghrádh lucht na luingi-si.



Ar n-imtheacht o iath Uisnigh
atáid uainn san eathuir-sin
dlaoithe téagair na Teamhra
do mhéadaigh mo mhímheanma.


L. 132


O Ruairc ríoghfhlaith a fhine
Tadhg fa toghtha an toirdnidhe
fa diongmhála don mhnaoi mhaith
ar aoi iomrádha is ardraith.



Fuair an ríoghain a Ráth Bhoth
ar n-ég ardfhlatha Ruarcach
daghágh gan raidhíth dá rath
ag Daibhíth branán Búrcach.


L. 152


An Muiris cénda do rinne don fhear remhráite:



Beannacht chugaibh a Chalbhaigh
ós tú as umhla d'ollamhnaibh
a ghég chumhra do chrú Cuinn
dar dú umhla et urruim.



Slán arís do rún croidhe
chugaibh a chleath chumhroidhe
ráinic clú fhéile dot fhuil
as tú mo chéile a Chalbhaigh.



A shearc ollamhan fhuinn Bregh
a fhlaith d'fhíonfhuil mac Miledh
a mhílidh gan tár ó thoil
slán da-ríribh dot rochtoin.



A phóir na ríogh ó ráith Bregh
as tú an curadh nár cáineadh
a ré lán as uaisle d'fhuil
slán uaimsi da bhar nadhbhuidh.



Ag so an cheird da ttugais toil
sásadh trénbiadh do bhochtaibh
s gach aoinfear ag triall dot thoigh
is riar na naoidheadh oruibh.



Atáid ionnaibh druim ar dhruim
a chumhdaightheóir chlann cConuill
gan aisdear uaibhsi do neach
gaisgeadh uaisle agus eineach.



Fuarais ó Dhia do dhealbh neamh
gnúis fhaoilidh aigneadh áilghean
cneas shéimh thromdha da bhar ttoil
méin nach dorrdha le deóraidh.


L. 154


A fhlaith amhra do chrú Cuinn
a mheic Maghnais Uí Dhomhnuill
ge tá misi gan buar go bocht
daibhsi budh buan mo bheannocht.



Osí féin an chraobh chiníl
beannacht uaim go hEibhilín
óigbhen chaomh - céim cumhga -
ní léir d'aon a heasumhla.



Beannacht uaim tre dhúthracht dhi
fialbhean do shaoirfhréimh Suibhni
ben gan aonolc as ferr foss
do mheall daonnocht ón dúthchos.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services