Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Smuain go Maith air
Title
Smuain go Maith air
Author(s)
Ó Caomhánach, Eoghan,
Composition Date
1820
Publisher
(B.Á.C.: Seon Coyne, 1820)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L211} {L iv} {B 1820 19T} {G L} {U 0423} {C Prós} {M 8} TEAGAISG Chum Sochair do dheanamh dona Machtnaimh do leanas. 1. Déin rogha d'am agus d'ionad iomchubhaidh chum léar smuaineadh; agus iadhaidh dorus do chroidhe mar is fearr d'fheádfair, anaghaidh an tsaoghail agus a thaithnímh tóirmiosgeacha. 2. Aitigh thu fein a bfiaghnaise Dé agus tairigh dod' inntin é le béodh chreidiomh. amhail ag lionadh Neimhe agus talmhan le na Mhórdhacht neamhchuimsíghthe; no amhail do bheidh se na chomhnuighe le hiomlán a chailigheachta a gceart lár tanma. Sléucht thu féin a Spioraid ina lathair chum an tard Thighearna so d'adhrughadh, dein foráil dhiot fein go hiomlán dho, agus iar go humhal maithfeachus ad coirthidh uile. 3. Guidh le dúthracht agus le húmhlúigheacht solus a ghrása ionus go ndeanfadh fírinídhe móra an tsaoibhsgeil cosamhlacht iomchubhaidh ar tanam, agus go bfóghlamóthadha go heifeachtamhuil eagla agus gradh bheith dho. 4. Leaghadh go neamhdheithionsach agus le haireachus thromdha air chaibidil an lae. Tabhair am do tanam chum gach nidh leaghfair do chur anórdúghadh, agus meabhraigh go grinn na poinc is mo bhaineas leat fein. {L vi} 5. Ionus gur mó an rannpháirt do bheith ag do léightheoireacht le urnaigh meanmain, feuch le na samhail do mheodhanaibh do tharraing ad smuaintibh do bheidh oireamhneach don adhbhar air a dtráchtair, le griosúghadh, iodhoin, ann tanam eagla agus gradh Dé, muinghín ina mhaithios, buídheachus ina thiodhlacthíghe, uamhain an pheacaidh; agus a samhail sin; Oscuil do chróidhe cómh maith agus dfeudfair chum no mianaibhsi, ionus gur doimhne do ghlacfadis na Subhailceadha riachtanacha sa préumh ann. 6. Críochnaigh do smuainte le díanfhonn naomhtha do bheatha leasúghadh, agus ag seasamh go sunnrádhach, air na claontadh is mo dá bfuilir tugtha, agus gaibh ort fein go diongmhalta an fonn so do choimliona, an gach uain da dtairgthear dhuit an lá san féin. 7. Meabhraigh go minic air ardphoncaibh do smuainte ann rith an lae; d'eagla go sladfadh an namhaid tanam ag breith an tsiol dhíadha so uait, le na chur dfiachaibh ort an nidh do leighis agus do mheambrúighis do dhearmad go héasga.
SMUAIN GO MAITH AIR; NO, LEARSMUAINTEADH air Mhorfhirinnidhe an Chreidimh, etc. etc. etc. AN CHEUD CHAIBIDIL, Do Riachtanas Learsmuaineadh. An Cheud La. Smuain, air dtúis Na bríathra so an Fháigh Jeremiah; "Le léirsgrios do fasuídheadh an Talamh uile; do bhrígh nach bhfuil aoinneach a smuaineas ann a chroidhe, Jerem.12. v.11. agus mheas cómh-fior agus ata, gur uireasba léarsmuaineadh air mhoirfhirinibh na Críostamhlacht, ard phreimh iomlan ár ndochair. Faraoir! 'táid úrmhór na ndaoine agus is ró anamh do smuainíghíd air a gceud thuis na air a gcrich dhéigheanach. Ni thuigid cia do chuir air an saoghal iad, na
cread fath, na machtnamh air an tsioruigheacht ann a bhfuilid go direach air ti dul asteach. Uime sin, ata a saothar uile talamhuighe agus aimsiordha, amhail agus nách deunfuidhe iád achd don tsaoghalso, no go mbeidis le fuireach ann so do ghnath. Bás, Breitheamhnas, Neamh agus Ithfrionn, ní ghnidhid ach beagshuim diobh; do bhrigh nách tugaid aga dhóibh air lúighe go doimhin iona nanamnaibh le gleusaibh learsmuaineadh tromdhá. Rithid air lúas chum fánadh na sioruigheachta le na suilibh iádhta; agus annsan amháin thiongsnaid smuaineadh, 'nuair gheibhid iad féin san ionad dobrónachso, san ait ná fághadh a bpiast bás, agus nách múchfar a dteine go sioruighe. O! a Dhalta gradhach tabhar aire nách e so do dhan. Smuain, san dara ait, nách fheidir sinn do shlánúghadh gan aithne air Dhía agus a ghrádhúghadh os cionn na nuile nídhthe. Maiseadh, ní feider linn a aithne ná a ghrádhughadh mar budh chuíbhe gan congnamh learsmuaineadh. Ag so dfoillsigheas dhúinn deaghcháilígheáchta do-aírmhíghthe an bhith oírdheirc, a áileacht neamhdha, a ghrádh, shiórúighe dhuinn, agus na húile thiodhlaicthe dár bhron sé orrainne na truaileanaighthe is taire agus is neamh chumannaighe dá bhfuil aíge, agus nách deanaid úile a bheag do bhiódha orainn gan learsmuaineadh tromdha. Ná huíle nidhthe dá bfuil nár dtimpchioll na Flaithis, an Talamh agus gach nidhe da bfuil ionta gan traochadh ag searmoin
De dhuinn, agus ag tabhart cuire dhuinn chum a ghradhughadh. Achd gan learsmuaine bíodham bóghar d'an ghuithsi an domhain uile: 's cosmhail sinn leoso aga bfuilid suile agus nách feicion; agus cluasa agus nách cluinion. Och! na dochair mhora uáthbhásacha leanas o uireasba fioraithne De, darab e is toradh do gnath learsmuaineadh. Nách air an adhbharso atá an saoghal uile tuilte do mhalaightheacht? agus ithfrionn craososgailte, ag fuadughadh gan chríoch gan airiomh clann mhidhsheunmhár Adhaimh, mar ata Dia air na dearmad mar nách bhfuil eolas air Dhia air Talamh - Osea c.4.v.1. Smuaín, san treas ait, gur b'égion dhuinn chum ár nanma do shlanúghadh sinn fein d'aithint mar an gceadna, Is eigion ár ndíth agus ár dtruailleacht d'aithint, ionas go mo humhal sinn agus go monéamhdhothchaíseach ionnainn fein sin. Is eigíon dhuínn ar míanta agus ar gclaontadh neamhríaghalta d'aithint, ionus go dtroidfamaois iona naghaidh, agus go dtreiseomaois orrtha. Is eígion dhúinn gluaiseacht air gcroidhthe féin do thuigsínt agus do fhaire, ionas nách bearfaidhe gearr orainn san bpeacadh, agus codla san mbás. Agus cionas is feidir an teolus riachtanach so dfághúil orainn fein, an ealadhan so na naomh gan chóngnam learsmuáineadh laetheamhuil? A! chomh mídhsheúnmar agus ataid siad thuigeas gach nídhe eile agus nách tuigion iad fein! uime sin guidhmid go
laetheamhaíl le Naomh Augustin, Noverim te noverim me. A Thiagharna, tabhair do ghrasa dham t'aithint. A Thiagharna tabhar do ghrasa dham me fein d'aithint agus feucham maille le dualgas teacht air an dá ealadhain ro riachtanachaso le learsmuaineadh ghnath. Smuaín, san gceathramhadh ait air chor go gcothochamaois in ar nanamnabh eagla fuláin De, nóch is toiseach de'n eagna fhírineach, agus sinn do bhrosdughadh a slighe na subhailcidhe, is eígion dhuinn air gceudna, machtnamh go tromdha air adhfhuathmhaireacht an pheacaidh, agus an ghrain ata ag Dia air; air chomhachtaibh uathbhasacha an pheacaidh air an anam agus iomadamhlacht ar bpeacuidhe féin go sonnradhach, air neamthairbhe, anacra agus cealg an tsaoghaíl, air an bfortacht agus an taoibhneas leanas do bheatha shubhailceach; air ghiorra na haimsire agus faidiongantach na sioruigheachta; air chinteacht agus neamhchinteacht an bháis, agus an bharamhail do bhias aguinn an am an bhais, air bheagnuimhir na bfiréun, etc. A! a Chriostaighthe, na deunam failithe don mhóradhbhar so ar slánaighthe! Is le learsmuaineadh na bhfirinidhe so do rinneadh a noiread Naomh, d'athglaodhaigh fiú na bpeacach bo droichmhianamhla. - Uch! cread an trommshuan iomlan iona bfuil an tanam san nách músglaighthear le torman na bhfirinnidhe uathbhasacha so. - Bás, Breitheamhnas, Ithfrionn, Sioruigheacht.
Smuain, san gcúigeadh ait air shearbhadas neamthorach na daordruinge, a ciontughadh an ollbhaoise fein tre na loighead dothabhacht do rinneadar dona neithibh sin, ar nár bo egion doibh smuaineadh anois air feadh na sióruigheachta. Donain neamhchialmhar mar atamaoid do bhi ar seal agunin tamall, 'nuair le smuaineadh air an tsióruigheacht anacrach so nar bfeidir linn a seachnadh. No sóláis dochriochnaighthe sin Fhlaitheamhnas do thairgeadh dhuinn air bheagluadhach; anuair do bfheidir linn le beagan Machtnaimh ortha a seilbh shioruighe a thuilliomh dhuinn fein. Acht faraoir! ní smuaineomaois anuair sin, agus anois 'ta se rodheighionach. O mo Dhian ghradh, foghluimsi a bheith eagnaidh tre na ndonas san; machtnaigh san lá so agad, air na nithi do bhaineas led shiocháin shiorruighe; Smuain go maith air do chrioch dhéaghanaidh; Machtnaigh ar na mor fhirinidh so an tsaoibhsgeil. Is eigion dhuit Smuaineadh orrtha anois, no ina dhiagh so, an trath nach deanfadh a smuaineadh dho mhaith dhuit acht meadúghadh air tanacra air feadh na siorruigheachta. AN 11. CAIB. Air Chrioch ar gcruthaighthe. An Dara La. Smuain, air dtuis, a Anam Chriostamhail nách tangais san tsaoghal fos, airiomh bliaghan o shoin, agus nách raibh ann do bhith acht firneamhnidh. Do sheasaigh an Saoghal tuarim agus sé mhíle blíaghain, le aithghníomarthaibh
agus siothbhuaireadh do airmhighthe ann gacha tir, agus cá rabhaisi air feadh na haimsire sin? Faraoir! do bhís a ngeibhin a ndubhaighein dhoimhin an neimhnídhe, go dochumsightheach a gcoinghiol ni bhus isle ína an phéist is súathrúighe ar talamh, agus Creid dfeudfadha a dheanamh dá bfantadha ann? Uime sin umhlaigh thu fein ge be tairbhe do Shealbhochair ó nádúir no ó ghrasadh, ó nách fuil ionat fein acht Neimhnídhe; agus gach a bhfuil agad os cionn neimhnidhe isé do Chrughthaighthoir do bhronn no do thug air iasacht dhuit e. Uch! a thruaileanaigh bhoicht, creud as a bfuil tu uaibhreach? no creud air a nglaoghfair do chuid fein; acht neimhnidhe agus peacadh, is measa iona neimhnidh? Smuain, san dara ait, gur'bi lámh uileachomhachtach De, air ndul síos san ndubhaighein sin an neimhnídh, do tharraing tusa as súd agus thug dhuit an bhithsi shealbhuighean tu anois, nóch is deaghmhaisídhe agus is iomlaine dá bfuil san saoghal so-fhaicsiona so. Cumusach air Dhia d'aithint agus do ghradhughadh san mbeathaso agus air intinn aoibhneas sióruíghe do bhuadh an fharraid san mbeatha le teacht. Adharaigh agus dein iongantas d'fhialmhaithios do Dhe do thionsgain an bhith so dhuit ón uile Shiorruigheacht, toghtha tar an oiread do mhilliunaibh eile dfag se iona dhiaigh aga raibh tiodal chómhcbeart air bhith agus do bhí agadsa. Breithnigh romhad an
tsiorriugheacht aibhseach so do chum ar cruthuigheadh thu agus admhaigh go buidheach go bfuil an gradh atá agad Dhia dhuit gan tuís, gan deire acht o Shiorriugheacht go Siorruigheacht. Smuain, san treas ait, air mbeith cruthaighthe aig Dia uileachomhachtach, agus gur uaidh ata do bhith iomlan agad, do réir ceirte gach tiodal is leis fein thu, agus ata do fhiachaibh ort iomlán do chómhachta do chumais agus do cheadfadh do thoirbhirt ionna Sheirbhis; agus o taoir ciontach anaindlighe ro-eilightheach chomh minic agus do tharcuisnighir aon roinn dod bhith, le na chur ag leanmhain ollbhaoise agus peacadh. Och! a anam bhoicht cread coimh beag agus dothuígeamair di si gus anois? a loighead dár smuaíne, dár mbriathra agus dár ngníomhartha do chuireamair a suim don te ud is ceud thuis dhuinn, agus dá bhrígh sin gur chum na críche sin budh chóir dhuinn ar ngníomhartha eile do stíurughadh! bí maslaightheach trídh tharcaisne chómh mór so: leasaigh agus dein aithrídhe. Smuain, san gceathramhadh ait, an Dia sin thug do bhith dhuit agus do chruthaigh uile nidhthe an tsaoghailsi chum do Sheirbhise, gur bo dho féin amháin do cruthaigh se thu. Ní he go raibh ríachtanas aige leat, ná tairbhe ná breis air bith aoibhnis le na fhághail uait, acht gur mhían leis a ghrasadh do bhronnadh ort san mbeatha so, agus sólás neimchríochnaighthe a Righeachta san mbeatha thall. Stad le iongantas a anam chríostaighe ag fialmharacht do
chruthaightheora, ann do dheanamh chum críche chomh aluin sin, agus ó do rinneadh thu do Dhia bíodh naire ort fuireach sásta le aoinidh is lúghadh iona Dia. Uime sin, foghluim dímheas do dheanamh do gach nídhe ata talamhuíghe agus aímsiórdha, mar nídhthe fad bhun agus neimhfhiuntach dod ghradh. Caoin do dhith ceilidh atá thort, agus san d'iomadamhlacht an Chinne-dhaona, nóch do chaith a laethe a saobhnós shúarach, ag curaim mhíoshuaimhneasacha timpchioll breugain dathanacha agus nidhthe neamhthabhachtacha, agus gur ro anamh do chuimhníd air an gcrích mhór nóch, amhain chum a dtangadar air an tsaoghal. Smuain, san gcúigeadh ait, An uile bhrígh agus comhachta tanama, do thoile, do chuimhne, do thuigsiona, agus an uile cheadfadh agus boill do cholna, gur bo é fath fa bfuairis ód cruthaightheoír iad amhail an oiread san meodhanaibh chum crich do chruthaighthe, do bhúadh, chum a gcur an gniomh feadh do ghearr Chomhnáighe san saoghal so-ghluaiste si a seirbhís do Dhe, agus mur sin tusa thabhairt chum seilbhe siórruighe a shuaimhneas mhilis a ríoghachta beannaighthe. Faraoir! a anam bhoicht, nách ar churamairne toirmiosg air na tabharthaisighe uile si ar gcruthaightheora le na niompogha uile anaghaidh an té óna bfuaireamair iad? bídh trocaireach orainn a Thighearna, bidh trocaireach orainn, maith dhuinn air neasumhluigheacht, agus tabhair grása dhuinn anois a bheith eagnaidh don tsiorruigheacht.
AN III. CAIB. Air Thiodhlaicidhe De. An Treas La. Smuain, air dtúis a m'anam, na dualgasaidh fá na bfuilir o Fhialmhaithios De! Do chúimhne sé ort o'n tsíorruigheacht; do ghradhaigh se thu o'n tsiorrúigheacht. An uile bheanúghadh agus cumaoin dhíobhso dár bhronn se ort, do bhádar a dtaisge aige fá do chomhair o'n tsioruigheacht; iaragair iad uile da ghradh siorrúighe dhuit. An bbfeidir go gcurfeadh Dia chómh mór so, an té is ró airde agus is ró-naomtha, do chomhnuigheas san tsiorraigheacht mian a bpeist bhoicht thalmhaidhe, pheacamhail. An bhfeídir a dhalta ionmhuin, go raibh ionad agad on uile shiorruigheacht a gcroidhe do Dhe, agus na beidh amhain a intinn shiorruigh a noiread le preap na súl do aimsir gan a bheith smuaineadh ort. Och! a thrúiléanaigh bhoicht, cread an cuitiogh do rinnis ar son an mhór ghrádh so! Chómh deighionach agus do grádhais é, nóch do gradhaigh thu ó'n tsiórruigheacht; chómh beag do smuainíghis air an te ata ag siór smuaineadh ort. Smuain san dara aít, nách é amháin go dtug Dia dhuit led' cruthúghadh tanam agus do chorp; maille le na gcómhachtaibh agus a mballaibh, agus an aonfhocal, bé nídhe atá agad agus bé nídhe thu fein: acht mar an gcéadna coimhéudan iád gach am le buádh a chosanta, air ar bhfeidir síorchrúthúghadh do
gháirm. Do bhrígh nách ar bféidir le haoinnidhe acht le na lámh uilechómhachthach féin an bhithsi do thabhairt dhuit; leis sin ní fhéudfadh aonnidhe dá eágmais thu chomeúd o thutim tar hais san neimhnídh o dtangais: nóch do theagmhoghadh dhuit gan amhras dá ndéunadh Día acht a lámh chongantach do tharraing uaith fiu aon mhomaid amhain. A Pheacaidh bhocht; creud fáth nár smuainíghis ar so an trath bhís ag fuagairt cogadh air do Dhia tréd choirthibh gnáthamhla, agus é sin, le grádh neamhchómórtais d'oidhche agus do lá ag fairé ort? Cionas do léig an sgannradh dhuit leis an fhaidsi aimsire an te do chongamh snáithe do bheatha iona lamh do ghreasacht chómh mhinic sin, agus fós an te le ár bféidir gach mómaid tu chur a neimhnidhe, nó thu theilgion ceann air aghaidh go hithfrion? O! go mbeannaigh an uile nidhe a throcaire go siorruighe mar dfoighnídh se leat an fhadso! Smuain san treas ait, Tiodhlaice do-mheasda ar bfuasgalta, le ar shaor ar nDia ghrádhach sinn o pheacadh agus o Ithfrion luach saothair ceart an pheacaidh. Faraoír! anam bhoicht do bhámairne caillte go siórrúighe muna mbeith gur ghrádhaigh an tArd-chruthaightheoir agus an tArd-thighearna so neimhe agus talmhan comh mór san sin, go dtúg se e fein suas chum bais na Croiche, chum ar bfuasgaltá, an bás ba pheannaidíghe agus ba thárcuisnighe dob fheidir a thionsgain. "Gradh is mo iona so, ní bfuil ag aoineach, duine do thabhairt a
anama fein air shon a Charaid." Eoin 15.C.13. Rann. Acht a Thíghearna ionmhúin do rugaise do ghrádh móran níbhus faide iona só, ann bás dfulaing air son na droinge nóch tri pheacfadh do bhi ionna namhaid fhosgailte agad, ag fulaing bás or son a samhail do thruailleanaibh neamchumannacha agus gur tearc d'altadhaid choidhche leat adtaobh do ghrádh na fiu do pheannaide d'eagcaoine acht go hanamh, madh ghnídhid air aonchor, no aire air bith do thabhairt dhoibh. Uch a chriostaighe creud is mó fá ndeunfam iongna ná an Rígh mor so Neimhe agus talmhan nách bhfuil san chruinne beannaighthe acht neimhnidhe no fós nidhe is lughadh iona neimhnidhe ina aice) ag euga air an gcroich dár sabhailne do phiastaibh anacracha; no feuchain oirthe so do chreidios an fhirinne uathbhásacha so, agus nách déin tabhacht don grádh eugmhaiseach so do bhias ina cheart chosboir iongantais d'fearaibh agus do ainglibh go síorruighe. Smuain, san gceathramhadh ait, meud na bfiacha ata ag Dia orainn a dtaobh sin do ghairm chum an Chreidimh fhírrinnigh iontoghtha do mhoran milliuin do fhag se air deire andorchadas agus a sgáilebh an bhais. Faraoir! is diombuadhach coinghiol na nanamna bochta follamh mar 'táid gan eolus Iosa Chriosd na a cheile aonránach an Eaglais Chatoilce fhirinneach! chómh beag agus thuigid an bheatha le teacht. Do chomh beag d'eagla ná do dhoilghíos agus do rithid O pheacadh go Peacadh, agus
bás neamhaithrígheach d'faghail! A! mhormhaitheas De, nách ar fhulaing duine tuitim iona na leithéid d'anacra, gé gur rugadh agus gur tugadh súas sinn ameasg daoine do mealladh le hearráid! No fós madh thig dhuinn air gceudna bheith dho dhonas orainn air aisde ar gcomharsan, dul air seachrán o'n mbroinn, gur tharraing sé le trocaire ní bhus bfollasa sinn amach as ghiallachaibh an aidhbheirseora, air ar dtabhairt chum a threuda, eadhon, an Eaglais Chatoilce, Gur bo beanuighthe ar nDia go siorruighe, ar son a uile thrócaire. O creud an taoibhneas do-mheasda a bheith tre thoradh grásadh an gharmaso in ar gclann ag Dia agus ag an naomh Eaglais. Chum an bheatha shoghluaiste si do chaitheamh a gcuideachta shonadh aoin cheile aoinmhic De; abheith go laetheamhail rainphairteach ansna sacraimeintidhe neamhdha so na ngrasadh ndiadha; maireachtain agus bás d'fághail a gcuman na naomh etc. A! is beannaighthe an pobal agá bfuil an Tighearna mar Dhia. 143 Salm. Smuain san gcuigeadh ait, A anam Chriostamhail, gé bé thu, áirdreímheas Dé ad chionn, cámheud grasa lér toirmiosg se thu ó aois t'oige? camheud donas o'r choimheud se thu? Náchar fhoighne se leat, lé haimsir imchián, an am ar gearradh síos daoine eile ann a bpeacuidhe. Nách bhfuilid milliuin air an uairsi ag losgadh an Ithfrionn tré pheacaidhe níbhus lúghadh iona mur rinnise? Machtnaigh air gach tairbhe dá bhfuairis tar mhiltibh: creud an
comhgair beatha, creud an charaid, creud an tslainte, etc. an feadh ataid anoiread tréigthe chum bochtaine agus anacra. O! bidh iongantas ort fá mhaithios do-labhartha do Dhe dhuit, biódh uathbfas agus náire ort triad mhiodhchumann, biodh rún agad o so Suas, gan stadadh o altughadh leis agus a Ainim do naomhughadh. AN IV. CAIB. Air Mhorluadhach agus air Choinghiollacha Criostaighe. An Ceathramhadh La. Smuain, air dtuis, gach uile chrióstaighe o nadúir, agus an mheúd go bfuil sé ina dhuine, gur ab é is cóiridhe agus is iomlaine dona creatúiridhe sofhaicsiona uile, go lionmhar a dtuigsint agus a gciall cumtha do chollain ina bfuil dealbh ro adhbhail, agus anam spioraideamhail, domharbhtha; cruthaighthe an dealbadh agus a gcosamhalacht Dé, agus ionamhail chum é do shealbhughadh go síorruighe; iontsaidhbhrighthe le saorthoil; agus ordaighthe aga chruthaightheor chum abheith ina Thighearna agus ina Thaoiseach air gach uile nídh air san nách le mían teagmhail le na shonas anaon dióbh, acht ann a Chruthaightheor amhaín, A! m'anam, an bhfuarais fios inmhe do nádura go nuige si? Nách, rabhais go romhinic gan féuchain ní bhus sia iná an talamh so, air nós na mbeathadhach éigchéillighe? is é sin ná neithe so-fhaicsiona, so-laimhte si leathreach. Nách romhinic
do rinnis sglábhúidhe dhiot fein, do na neithe do rinneadh chum do sheirbhise fein amhain. Smuain san dara ait. Go bfuil gacha críostaighe, do réir grásadh, agus an mhéid go bfuil iona chríostaighe, tré shacreimint an bhaiste, ceim air aghaidh chum rannpháirtigheacht san náduir dhiadha, glacadh le clann De, oighre De agus comhoighre Chriosd, ata sé deunta ina theampoll don Mhóraird, coisreaghtha ré haonchraithe fola chriosd, agus unga aghrása, agus air an am ceadna, ceart agus tiodal neamh amhraseach air rióghacht shiorruidhe glacaidhthe aigi. O! a Chríostaígh ghrádhach, an rinnis riámh fós smuaineadh thromdha air mhórdhacht na ceime si chum air hárduigheadh thu ag ad bhaisde? Cionnas do thig do bheatha ris an gceimsi? O, a leinibh Fhlaitheamhnais, cá fad do bheith tu ad sclabhúidhe agan dtalamh? Smuain san treas ait ó tá mordháil an chrióstaighe chomh mór san, mar an gcéadna atáid na dúalgaisidhe bheanas leis an mhórdhailsi níbhus mo iona mheasaid úrmhó na gCríostaighthe. Ataid na dualgaisídhesi anaithghiorra airmhaighthe inár ngeallamhnacha baistighe. An cheud choinghiol air ar glacadh sinn asteach ambuidhin Dé, budh hé an Creidiomh. Do sgrúdaigh fear ionaide Chriósd sin agan dtobar an gach alt da'r gcreidiomh; agus d'fhreagramairne gach ceist tri bheulaibh ár naithreacha agus ár maithreacha baistigh. "Credo
(iodhon) creidim." Cread e do chreidiomh a ruin? An bhuil se do réir t'admhaighthe? an bhfuil se daingion neimhsheachránach? an bhfuil se foscailte gan a bheith náireach tre theagasg do thighearna neámhdha no riághalacha a Shoibhsgeil? Ar thaisbeánaise ad ghniomhartha? No an bhfuil tu air uimhir na droinge dá bhfuil ambeatha anaghaigh agcreidimh, "air andeunan an Teasbol, gearán, do admhuigheas eolus air Dhia, acht sheunas e lena ngniomhartha." Tit.1. Smuain san gceathramhadh ait, Go dtugamair, diulta solamanta don Diabhal inar mbaiste, agus da oibreacha agus da mhórdháil uile. Ar mhachtnuigheamair riamh go tromdha air an ndiultaso? No an dtuigeamaoid agceart a dhualgus? Agus fós atá ar gceart chum oighreacht ar nathar neamhdha air na bréugnúghadh san am gceadna abhfuileamaoidne breugach don gheallamhain si. A'a ghrádh madh ta gur dhiultaighis don Diabhal, tabhair aire angnath do bheatha fuireach a bfád uadh, Tabhair aire gan abheith nibhus sia ad sglabhuidhe aige leis an bpeacadh. Teith ona oibreacha uile, oibreacha an dorchadais. Na leig dho aoinidhe dfaghail ionat o so suas lér bfeider leis achuid féin do gairm de, agus tré ar bféidir leis achuid féin a dhéiliogh, agus le nar bfheidir leis tusa d'eiliomh air gceadna. Tarcaisnaigh a Mhordháil dhíomhaoin, an chosamhlacht fhallsa onora, an díoblás, an neamhthanacraidh agus an subhachus Peacamhail, le na meallan se saoghaltánaigh
bhochta ionna liontaibh. Agus, madh do gheibh cuireadh air am air bith chum a bheith pairteach san ndiomhaioneas so, meamhraigh go hínmheadhanach na briathra so N. Augustin. Cread an cur ata agadsa andiaigh mordhail an Diabhail, an te ud dar dhiúiltaighis? Smuain, san gcuigeadh áit, gur headaigh gach naon aguinn ag ar mbaisde le brat gleigeal do reir seanghnais foirmraidhte na heaglaise catoilceadha do thug fear ionaide Chriósd dhúinn leis na braithra so, glac an brat gleigeal so, is egion dhuit a bhreith leat gan truaille gan salcha, alathair chathaoir bhreitheamhnais Chríosd. Is sonadh na hanamna chóimhliónas na dualgaisidhe si! Cread an fhortacht dhoibh é ambeatha agus an lúthgháir agus an sásamh ambás, an bratso na neimhchiontacha do chongbháil neamhthruaillighthe! Acht O ' a neimhchionta bhaisteamhail ca ait a bhfaghamaoid tu san aois dhonadhso? O a dhaille agus a neamh-mhothughadh chloinne Adhaimh, do sgaras chómh bog san le cisde chómh domheasda. Faraoir! a dhiánghradh, nách ar bhe' do mhidhsheunsa fein é? O dein deifer agus glan uait sal graineamhail an pheacaidh le déuradh aithrighe nóch air oile bhias ina chothughadh siorruighe do lasarachaibh neamhthrocaireach Ithfrinn.
AN V. CAIB. Air Dhiodhmhaoineas an Tsaoghail. An Cuigeadh La. Smuain, air dtuis, Na briathraso an té dob eagnaidhe don treibh dhuinnionda Neimnidhe na neimhnidhthe, agus is neimhnidhe an tiomlán, Eccles 1. agus machtnaigh chom fiorollbhaoiseach agus na nidhthesi do chuarduigheas saoghaltanaigh mhealta chomh diograiseach so. Onoir, saidhbhrios agus rachtmus saoghalta, n'il annta uile acht daithiona meabhlacha, do dhealraidheas tamal uait mar gur nidhe eigin iád. Gidheadh, n'il brígh firineach ionta agus anáit sásamh no sólás bríoghmhar ni bheir leo acht sásamh suaithreach aonuaire, air na leanamhaint le cúram míodhshúaimhneas, eagla agus doilghíos. Och! abhréigníamha go deimhin, do theighios air neimhnídhe chómh luaith agus as doith leo sa lear bo taithniomhach iad, angabhail, agus fágbhaid alámha follamh. O! is ceart do bhi an uile sheilbh saoghalta ag an Bhfáigh rióghthamhail samhlaighthe le Briongloíd? Dormierunt sommum suum et nihil invenerunt omnes viri divitiarum in manibus suis. Salm 76. Do chodhladar amach angearrchodla, agus an tráth dhúsgaid ní bhfaghaid a bheag ina lamhaibh dona neithisi do shaoileadar ionna mbriongloid do shealbhúghadh. O sibhse adhaoine! This may be, Elobhaois na Neolbhaoisi agus is eolbhaois an tiomlán or diómhaoineas na ndioimhaoineas agus is diomhaoineas an tiomlán.
an fada bheadh sibh angradh le diómhaoineas no ag leanmhain breúg. Salm, 4. Smuain, san dára ait, Na ráidhtesi Naomh Augustine. Do chruthaigh tu sinn, a Thighearna, dhuit fein: agus ní bheid ár gcroidhthe Suaimhneach go nátaíghídh tu ionta, L.1. Confess. c.1. agus machtnaigh go dtug ar Gcruthaightheoir anam ro aluin dhuinn deunta do reir a dheilbhe féin, agus dá réir sin spriodamhail agus do mharbhtha; dá bhríghe sin nibhfághadh a shonas choídhche a'neithi talmhuidhe ná diombúan. Ní bhfághadh m'anam, atáid agad tuigsin agus toil cumusach chum reimhfeuchain don áileadh agus don fhirinne ardchomhachtach, agus an taon mhaithios ro áirdchéimeach do-chuimsighthe do shealbhughadh: agus ni fiu aoinnidhe is taire ina e tu shealbhúghadh. A! beartaigh uime sin gan tu fein do sharughadh ni bhus faide ina do spioraid do chlaoidhe, mar leanabh ag rith an díaigh nabh feiliocáinsi: Acht, ó nách féidir leat gan abheith ag lorg aoibhnis, loirg é, an ainim De mur abfuil se le fághail (eadhoin) a slíghe na súbhailcídhe agus an chraibhaidh agus ni ansna breug chosánaibh do threorúigheas chum anacra gan chrioch. Smuain, san treas ait, Giorracht an uile sheilbh shaoghalta; ataid latehe an duine rogharraid. Atá an Saoghal as síadh nibhus giorra na aonmhóimeid a niomarbhaidh leis an tsiórruighéacht. Ni bhfuil an mile bliághain abfhiághnaise Dé (eadhon a gceart firinne,
acht mar an lá aniadh ata thort agus imighthe. Salm,49. Faraoir! nách taisbeanadh gnaithéolus laetheamhail dhuinn, go bfuilleamaoid annso aniugh agus imighthe air na mhárach, agus fós ní tuisge sin as radharc na as intinn leis; óir ní luaithe bhídhmid san uáigh iona dhearmodan an Mhuintir d'fhagbhamaoid inár ndiáigh sinn go síorrúidhe. Is Feur an uile Fheoil, adeir an Faigh Isaias, agus ní bfhuil ann a ghlór uile, acht mar bhlaith an mhachaire, C.40. Agus creud é sin, acht ag blathúghadh air maidin agus agus féodhchan Tráthnóna? O! nách firinneach ata ar mbeatha ag N. Seum C. 4. Samhlaighthe le ceo sgáineach deataigh, do sgaipthear leis an gcéud Phuth gaoithe, agus ní fheiceam nibhus mó dhe! chomh comhthrom agus atá se compraidighthe ag Solamh. Eagna c.5. le sgail, no le thimtheacht eoin air eitiola, no le gaidh laimhte as bhógha, nach fagbhan sliocht air bith iona dhiáigh! Och! nách diomhaoin dhuinn ar gcroidhthe cur an neithe is eigion dhuinn do threigion chomh luath sin. Smuain, san gceathramhadh áit, creud is crioch dona daoine móra san an tsaoibhsgeil, na Riághlaighthéoirighe eagnaidh, na háilne oirdheirc do rin fioghair chómheagsamhail sin, céad bliaghain o shoin, Och! ataid uile marbh, imighthe fada ó, agus anois ní mór gur cuimhin le haoinneach íad, na go raibh aleitheidíghe riamh ann; is fior gur mar so bhi'as aguinne
am beagan eile bliaghan; A! a shaoltanacha tabhair aire tamall beag dhóibhsi d'imthigh rómhaibh, agus do ghlaodhan orraibh óna dtuámbaoidhe ciúine, anait alúighean fuighioll a lúaithreamhain, air gcumasg ris an gcré choitchion, ambriathraibh an eagnaigh, Memento Judicii mei; Sic enim erit et tuum, mihi horis tibi hodie. Eccles. c.88. Cúimhnigh créud an chríoch chum a dtángamairne gurab amhlaidh dhuitsi, ané aguinne, aniugh agadsa. Do bhi seal aguinne chum ár ngníomha chur abfeídhim air an saoghal, do bhadhmair seal óg, laidir, slainteamhail, mar a tairsi anois, agus niór chúimhnídhemair acht chómh beag leatsa, air an nidhsi chum a dtángamar, agus mar thusa chuireamair ár mían ansna suáthránachaibh agus ansna solaisibhsi nách feádfamaois do shealbhúghadh air feadh mhion thamail bhig? Agus uime sin do rinneamair neamh shuim don tsiorruigheacht. Truaileánacha díthcéillídhe mar do bhadhmair, do thoghamair bheith inár sglabhaidhthe ag an Saoghal cealgach, do nidhthe neamh chomhachtacha so-bhasaighthe, do threig sinn chómh luaith sin roimh reir an Tighearna agus an uáchdarain, sin do dheanamh ag nach básaighean aoinnidh. O a Chríostáighe gabhamaoid an rogha so. Múineadh droichiompchar an oiread úd eile, cíall dhúinne. Ná léigeomaoid ár gcroidhthe air an Saoghal anacrachso; ná aoinnidhe do mheas abheith fiórthábhachtach acht é sin ata siorruighe.
AN VI. CAIB. Air Shonas reir De do dheanamh. An Seisiugha La. Smuain, san gcéad ait, Na briathra so an Fháigh Isaias, Abair leis an Bhfioreun, atá go maith, Isaiah,3. Agus machtnaigh air ná tairbhidhe niomdha do chiallan agus do dheimhnios an gearrfhocalso don bfireun, do lathair agus san tsiorruigheacht. Ag so no neithe air ar mó abhfuil meas agan Saoghal, ónoir, saidhbhrios agus sólás; acht ni bfuilid le fagháil sa nait, ag cuarduigheann íad, acht amhain ann séirbhis De. An a bhfághadh aon onoir air talamh dul anioma le bheith ina óglaoch, ina charaid agus ina mhac ionghghabhtha ag Aírdríghe na bhflaithchios. Is mo is ionmheasda a shamhail sin d'anam aradharc Dé agus na naingiol iona an Timmpire is mó san gcruinne. Is leanabh don Athair siorrúighe i, céile don mhac siorrúidhe, oighre air rígheacht neimhe deirbhshiur agus comhlocaidh dona hainghil. A Chuisle mo chroidhe, go mo hiad a samhuilsi d'onoraibh fá cosboir dod mhíanaibh. Smuain, san dara ait go bhfuil an saidhbrios is firinnidhe, le'n fhaghail a seirbhis Dé; go deimhin ni hiad do gnáith na sealbhaithe saoghaltaso do tharraingios an oiread san sgime agus éagla; ata go laetheamhail chómh mor san a nguaiseacht agus a bpeiriacail, nách bhfuil
air gcumus dhoibh an cróidhe do shásamh: acht sasdhbhrios do-mheasda ghrásadh Dé, is siól don ghloíre shiorrúidhe; tiohlaicídhe an spioraid naomh, grádh Dé; a naonfhocal Dia fein, nách bhfuil air gcumus don domhan uile a sgaradh leis an anam muna mbeidh sé chómh-hanndall san, agus a dhíbert chum siubhail leis an bpeacadh marbh. Cuir leis seo, aírdréimheas aithreamhail Dé ós na fireunaibh, go bhfuilid a shuile ortha do gnaith ag tabhairt aire da ndeigh-sheun, go bfuilid a Aingiolla do gnáith a bhfoslongphort ina dtimpchioll dá gcoimhéad d'oidhce agus do lo, Salm, 33, rann 38. Do réir mar a dúbhairt se le Habraham anallód, Gen.15. Is é fein a sgiathdhighin agus a luach saothair anmhor. Is é a gcarad é agus togha na gcarad, aodhaire a nanama do threoghruigheas iad ona Mhaghadhabh iongantacha chum tiobraidibh d'uisgidhibh marthanacha. Saruíghean a chion dóibh cion an Athar no fós cion na Mathar is gradhmhaire air bith. Os.c.49.15,16,v. Go hathchumair, is é Dia an uile neithe doibhsi aga bhfuil eagla roimhe. O! a dhian ghradh na loirg saídhbhrios eile air bith acht é - Ná biodh eagla ort nídhe air bith eile do chailleamhain acht é, Má tá sésion agad, ni dheunfadh nidh air bith anacrach thu, acht an eúgmais ní dheanfadh nídh air bith seúnmnhar thu. Smuain, san treas ait, An t'aoibhneas do ghluaisean le beatha subhailcioch an sasamh
agus suilt siotchain cogúais maith, do shamhlúighean an Teagnach le fleadh shíorbhuan; sólaisighe an spioraid naoimh tnuth-samhasach le siorruigheacht shonaidh déis dhuinn an gleann so na ndéur d'fagbhail. O Anaomh-dhánacht adtarmain agus anáirdreimheas Dé, agus a gceart oireamhuint dá naomhthoil ansna huile nidhthe. Ona tiobruidighsi lingid na soláis seo nách feidir le seaghaltanaigh a thuigsint ag nách bhfuil aoin éirim ionta, aoibhnois ghlana spioraideamhla do mhillsígheas an uile chrosa na beathaso, is cómhfhortacht do-labhartha ambás iad, agus beireas leo reamhbhlas dheimhneach dho luathgharaibh do-mharbhtha na bhflaithios. Gidheadh, aoibhneas uile an tsaoighil, amhail an saoghal fein, atáid cealgach, cailleamhnach, spreuchta do ghnaith le nídh eígin seirbhígheacht, feithmhe lé míoshuaimhneas faoi dheoigh le dobrón siorrúighe. Smuain, san gceathramhadh ait, An ráidhteachas san ar slanaightheora, "Ata aoinnidh ríochtánach." Agus creud e an tsaoinnidhe sin, O m'anam, nóch amhain léar feidir thu dheúnamh sonaidh annso agus ina dhiaigh so? Is e réir Dé do dheunamh, agus saláthar dariribh do dhéunamh don tsiorrúigheacht. An uile aimsir agcomhortas ris an tsiorrúigheacht is lúghadh é ina neimhnidhe. Is marsan don uile chúram aimsiordha ma samhluighthear e leis an tsiorruigheacht. Agso go firínneach d'aon gnó madh thugair faillíghe ann atá an
uile nidh caillte, agus caillte go bráth, acht a dtaobh na huile nidhthe eile léna bhfuil féidhm agad san mbeatha so, tabhair eisdeacht arís don Slanaightheoir ceádna, "Iarruighe air dtuis Flaithios Dé, agus afhireuntacht san, agus is eigion dibh na neithesi uile d'faghail do bhreis. Matha 6. r.33. Anois, a leinibh mo chleibh, críochnaigh, ós le reir Dé do dhéunamh ata do leas aimsiordha agus siorruighe, chum d'aon churam do dheanamh de si feasda, leis seo amháin gheabhair teangmhail le fortacht eigin annso, leis seo amhain thiucfair chum aoibhnis siorruighe ina dhiaighse. AN VII. CAIB. Air an Mbas. An Seachtmhadh La. Smuain, air dtuis nách bhfuil air bith aoinnidhe is dearbhtha iná an Bás, Atá se cinte don uile dhuine bás dfághail uair eigin, agus ina dhiagh san Breithheamhnas. Atá an bhreith choitchion, ata si fuagartha air chlann Adhaimh go huilidh. Ní shaorfadh saidhbhrios, na neart; na eagna: na cómhachta an tsaoghail uile aon duine ón mbreith coitchion so. On gceud mhoimeid dár mbeatha atamaoid ag luathúghadh chum bais, Tugan an uile mhoimeid níbhus fuigse dhuinn é. Tiocfaidh an Lá, is dearbhtha go dtiucfadh sé, agus ag Dia amhain 'ta fios a luáidthe, anuair 'na faicfioim go brath an oidhche. No tiocfaidh an oidhche nuair nach faicfiom go brath an mhaidin air na mhárach.
Tiocfaidh an lá go ro-dhearbhtha, anuair, caithfirse (a chuisle mo chroidhe) slán fada chuir leis an saoghal meangach so, agus an uile nídh lenar ghabhais páirt ann: agus fiu do chodlan fein, compánach do-dhéighilte do bheatha, agus do thuras do ghabhail chum tíre eile an áit a ndeallrochas gach nidh do bhí taithniomhach agad air an saoghalso mar dheatach. Uime sin foghluim an saoghal anacrach so do tharcuisniughadh, agus a shealbhuighthe uile lear ab eigionn dhuit sgaramhuint chomh luaith ce olc maith leat e. Smuain, san dara ait, O nách fuil aoinnidhe is dearbhtha, agus is do-sheachanta iona an bás air gceadna ní bhfuil aoinidhe is neimhdheimhnidhe iona an t'am, an ait, an modh agus an uile ghné oile d'ar mbás. "O m'anam ar naomh Proinnsias de Sales," dar bo eigíon sgaramhuin lá eigin leis an gcodlanso acht ca am do bhíadh an Lá san? Cia aco san ngeimhre nó san tsamhra? san Gcathair no air tuaithe. San ló nó san oidhche? An mbeadh obain no an dtiubhradh forogra? an mbiadh am agad chum tsfaoisidín do dheunamh? An mbiadh congnamh tathar spioradalta agad? Faraoir! ní bhfuil fios aoinnidhe dhiobh so agad. Acht amháin go bfuil se chinnte dhuit bás dfaghail, agus san mar is gnáthach, abhfad nibhus luaithe ina shaoilean tu. Smuain, san treas ait, o ta an bás chomh deimhneach san, agus an tam agus an modh
chomh héidimhin nar bheag an sasamh aigne dá dtigeadh le duine bas d'faghail níbhus mionca iona aon uair, ionas da mbiadh se do dhonas air drochbhás d'faghail aon uair amhain go dtigeadh leis alocht do leasughadh le aire nibhus fearr do thabhairt an dara úair, Acht Faraoir! ní bhfuigham bás acht aon uair amhain, agus 'nuair chuirfiom ar gcois taobh a stigh do gheata na siorrúigheachta ní bhfuil aon fhaghail casta. Má gheibhmid bás maith aon uair amhain biadh go maith do shíor. Gidheadh aon uair amhain go holc agus biadh go holc air feadh na siorrúigheachta. Och! a phoinc uathbhásaighe air a seasuighean an tsiorruigheacht gan chrioch. Och! a Thíghearna naomhtha ollamh sinn don uair chineamhnaigh sin. Smuain, san gceathramhadh ait Dithceile agus neimhthuigsin ná druinge is mo do dhaoinibh air son go bhfaicid cuid eigin dá gcaraid, dá gcaidreamh no da gcomharsain dá sguabadh don tsaoghal ag an mbás, agus san go romhinic, le bas obann: go dtuigid féin go bfuil an bás tamal uatha: chomh maith is nach roigfeadh na soidheada so an bháis atá ag tuitim air gach taobh dhíobh, iad fein mar chách; no go mbiadh uirúigheacht aca féin do bhreis air an oiread san do fuadáighthear chum siubhail go laetheamhail. A shaoltanacha gan chéil, creud uime nách fosglan sibh bhur suile. Creud fath a meastar dhíbh bheith as baoghal ón urchur san an bháis an trath nách féidir libh
anoiread le aon lá amhain saoghail do gheallamhaint dhibh fein? ca mheid do gheabha bás á gcionn an mhidh so, ata chómh hóg chómh laidir chomh slainteamhail leatsa ca fios nach beirsi don uimhar san? A! a Chrióstaíghthe tugaidhe aire nách bearfaidhe gearr oraibh biódh bhur dteaghllach an ordúghadh; agus o so suas, teith ón bpeacadh, an taon olc do ghnidh an bás uathbfhasach, cómhnaigh do ghnáith ann sna hinntinnibh si 'nar mhían leat do bheith an am do bháis; do ghniómhadh air mhalairt so do mhodh is ionnan agus diulta do chreidiomh agus do chiall. Smuain, san gcúigeadh ait, staid agus coinghiol an chorpain so thrúaillighthe so aguinne, chomh luath agus do gheabham bás. Faraoir! iompiúghean gan mhoill liathbhan, leacanta, fuathmhar agus graineamhail, chomh mór san agus gur tearc fhuilingeochas a'r bfhíorcharaid aon oidhche amhain do thabhairt ag faire an aon tseomra léis: nibhus lúghadh go m'or luighe an aoinleabain leis. Agus luaithighean chomh mor san chum breuntais agus truaillightheachta, gur ab iad a ghaodhalta is fuigsi is luaithe d'iaras a bhreith amach as an dtigh, agus a chur go doimhin fá thalamh ionas nách galarochadh an taodhar. Achd creud iád an companaigh, creud an lucht fritheoilte theangmhus air annso? Piastaidhe, agus cnuimh. Doibhsi, O! a dhuine ataoir ag gleus fleadh an feadh atá tu ag ardchothughadh do chodluinne. Agso
iád toighrigheacht, no is iad san fós do shealbhóchas tusa. Ge be thu aniugh ata tu amaireach chum abheith ad chothughadh Piast. A! a shaoltanacha, ata fá throm ghradh do bhur sgeimh fein do sgeimh daoine eile agus go romhinic tríd air seachran o bhur nDía deonaidh aon uair amhain machtnamh air an gcoingíol chum a nglaodhfar tusa agus iad san an gearraimsir, agus chidhfir féin chomh beag 'gus an fáth ata agad tinntinn do dhorta air na salacháin daitheannacha so, d'foillsigheas iad fein, agus do chriochnochas ambreuntas agus loghfacht. Leighmid go raibh N. Proinsias Borgia chomh bíodhgaighthe sin le feicsin, amhain, gnuis sgannraightheach na beanimpre Issabella air eis a báis, noch do chonairc se aga bheag roimhe sin coirighthe an iomlán a hornailleach flaitheasa agus ameodhan a huile aileachta, ionas gur glac se gnaith fhuath siorruidhe don saoghalso agus inntinn shonúidhe e fein do thabhairt suas go hiomlán a nógláchas an Rígh nách bhfaghan bás choidhche. Deineadh a shamhuil sin do learsmuaine inntin don tsamhailsin d'oibriúghadh ionnainne. AN VIII. CAIB. Air an Mbaramhuil do bheadh aguinn air uair ar mbais. An Tochtmadh La. Smuain, air dtuis a Chríostaighe ionmhuin, cread an bharamhail do bhiadh agad an am do bháis a dtaobh an tsaoghailsi agus a ionmhuis
shoghluaiste uile, a onóir dhíomhaoin, a shaidhbhrios bhreugach agus a ghreanta meabhlacha. Faraoir! biadh deire le'd chuidsi don tsaoghal ann san. Iompogha se cu'l ar aghaidh, as comhair do shúl, agus an san thosanochairse air fheicsin go sóléir neimhnídhe na neithisi air ar thugais do chroidhe. - Cionas ann san mar bhearfair dímheas do gach uile onoír agus uachtarantacht shaoghalta an tan chidhfir thu fein air bhruach na huaigh, a nait nách déunfadh ná Píasta edirgheilt ider an Righe seach an Deircoir! Nach beag an tabhacht do deunfair anuair san do mheas na ndaoine ort, noch d'faillighthean go hiomlan thu anois? Cionas mur do thaircuisneóchair do shaidhbhrios, noch is eigion dhuit anois do threigion no do fhagbhail tair heis 'nuair gur 'be do sheilbh iomlan se troighthe fearain, comhradh agus aisleine! Nách suathrach do thiugfir do gach uile ghreann saoghalta noch san am dobfhearr nach tuibhradh fiorshasamh dhuit go brath agus anois lingios uaith agus leighios san aodhar mar dheatach ad tfhiaghnaisi. A! m'anam bhoicht, eirighe a steach anois ansna baramhlaibh do bhiadh agad gan amhras air uair do bháis. Marso, agus mar so amhain do bheir as baoghal do mhealta leis an saoghal cealgach. Smuain, san dara ait creud iad do smuainte an úair sin a dtaobh do pheacúidhe! anuair thoisighid na sgaitheadh, air dtarraing do
cheill go toirbheartach do dhian ghradh gnóthach fein, graineamhlacht agus máilís do choirtheacha; agus cuirfear os comhar do shúl iad go fior shoillsighthe iona angneithibh fein: núair thaisbeanas an oiread san neithe iád fein os do chomhair ina dtromchortha adhmhalmhóra, noch araibhsi toiltionach gonuigisi a shuidheabh ort fein nách raibh ionta acht beigchionta no neamh chionta air fad, 'nuair nách feudfadh an coguas fallsa san do chruthaighis dhuit fein agus ar ghabhais tar mhorán neithe fana chlúid ann tfaoisidin mur neithe saomhnosacha, neamhthabhachtacha bo naireach leatd'faisnéis no nar b'ail leat adtreigion e fein d'imdhion le linn ionsaighe an bháis nibhus sia. Och! creud an tamhneuil, creud an buaireadh, creud na caithighe critheaglacha, eudóchuis nách fulair da shamhuilsi do radharc do chur air an bpeacach air uair a bhais! Foghluimsi anois m'anam slíghe nios fearr do ghlacadh an am, agus amhlaidh san toirmiosg do chur air anacra chomh mor so. Smuain, san treas ait, Agus dein amharc ní bhus geire air staid dhólasach an Pheacaidh air uair an bháis 'núair chómhobrúighean na huile nidhthe, go baramhlach an aghaidh; agus gé bé conaire óná sílean súaimhneas no fortacht d'faghail ní bfaghan e. Os comhair a shúl chidhfidh slúaigh do pheacadhaibh cruinnighthe ina aghaidh; cuaineadh nathrach neimhe da threibh fein do cheanglas go dlúith dhe agus da
aimsiughadh le na bfoirneart aonda, ag cur treighde na peiste domharbhtha san a choguais, a bfeidhm, air cheana fein nóch do bhiadh ina pheanaid siorruighe dona Hiffrionnaigh, (eadhoin an drong daor, no damanta) O! creud chomh luathghaireach agus do sgarfadh sé leis an gcuideachta chulóideachso, acht is ollbhaois do sin; n'il dúil acasan deighilt leis. Ma fheuchan tareis san mbeatha do caithse ag lorg roinn deaghoibreacha chum cur anaghaidh an tsluagh aoigir peacadh so. Faraoir! do gheibh se na deaghoibreacha do rinn go bfhuilid chómh neamhthabhachthach san, chómh suathrach san, nách tugaid dochus air bith go nisleochaid an mheadh an trath comhthromóchar í le na churthachaibh iomadamhla (no ann-mhéudaighthe). A urnaighthe féin, a fhaoisidinighe agus a chumaoineacha, do rineadh ag eitiola anois ina aghaidh agus ag deunamh casaoide leis air a fhailíth ro-tháirr agus a aithis naomhbhradamhail air na moirmheodhannaibh sin a shlánaighthe. Radharc an uile ncithe ina thimpchiol, a bhean, a chlann; a charaid amhaoin tsaoghalta do ghradhaigh sé níbhus mo na Dhia, ni fhonaid anois acht chum a pheánaid do mhéudughadh; agus creud an anacra is mó ata air, eadhoin, nách tugaid taimhneula a thinnis a bheag dh'am na do chumus do air e fein do thabhairt go dáiriribh air na gnothaibh is mó agus is docamhla isé sin iompógha iomlán chum De, taireis gnath fhada an pheacadh. O!
creud coimh firinneach agus d'eudfadh an peacach anois na briathra so, an Tsalmádóra d'aithfhriotal "Do thimchiolladar doilghis an bhais me, agus do fuaradar peiriacla ifrinn me," Ps.114. O! creud an pheanaid dolabhartha nách fulair do bheith oir, air na fheicsin do e fein ag glacadh a loinge chum na siorruigheachta, buanas dochoimsighthe, do-chriochnithe, aigean gan teorain, go na thraigh thall nách feudfadh an seoltoir bocht roigsin go bráth, ag a bhfuil an oiread san adhbhair eagla gur siorruigheacht mhairgeach do é! Smuain, san gceathramhadh ait, M'anamsa, creud é do bharamhail air uair do bháis, a dtaobh oglachuis Dé subhailcidhe agus crabhadh. Creud coimh taithniomhach agus dhealróchadh slighe na subhailceadh dhuit? Creud mar do bfearr leat go leantadha an choistlighe aoibhin úd! O! creud e an sásamh do dhuine air fhághail báis do a bheatha do chaithiomh go maith! Creud an fortacht dho é féin do bfeidir anois a gcrióch a dhaorobair agus a ghuaiseachtaidh, é féin dfaghail anois ag geata suain síorrúighe siócháin marthanacha, taireis cogadh fhada amhraiseach! Is feidir leis anois, Is feidir leis teacht anuas óna thur-fhaire gan baoghal, agus suamhnughadh go siorruighe a rioghacht a Athair. O! creud an taoibhneas, creud an luthghair, feuchain roimhe san tsiorruigheacht cheannaighthe sin! O! creud chomh morluach a radharc Dé agus ata bás a naoimh. Salm, 115. O
deonaigh dhom anam bás na bfhíréun, agus bíodh mo chrioch cosmhuil lena gcriochsan, nuimh, 23. A! a Chriostaighthe más mian libh bás na bhfireun d'faghail, is deagh bheatha an taonuradh chum deaghbháis. Smuain, san gcuigeadh ait, No go ma rogha leat a thabhairt chum críche as na smuainte reamhraidhte air an mbás, iomlán gnódh do bheatha dheanamh chum thu fein d'olmhughadh dho. Ni bhfuil nídhe is lughadh ina siorruigheacht ag seasamh air deagh bhás d'faghail; Má gheibhmid droch bhás a tamaoid caillte, agus caillte go deoigh, deoigh. Is uime sin ó nách tangamair san tsaoghal so chum aoinnidhe oile acht chum a fhoghluim bás d'fhaghail go maith, agso an teagasg mór is eigion duinn uile do mheabhrughadh. Faraoir! má theibion san orainn, an trath glaodhfar sinn chum na trealach, is ríochtanach gur dolas shíorruighe, an tiaragair do thiucfas de. Och! creud é chómh docamhuil agus a fhóghluim an nídhe sin do chóimhlionadh go maith, nách eídir a theacht acht aon uair amhain. AN IX. CAIB. Air an Mbreitheamhnas leithleasach, d'eis Bais. An Naomhadh La. Smuain, air dtuis, Nách luaithe sgarfar an tanam leis an gcodlain ina suighthear i gan mhoill alathair an Bhreithimh, chum tuarasgabhail do thabhairt air iomlan a beatha, an gach uile nídhe dar smaoineadh, da ndubhairt
agus da ndearnadh, air feadh a chomnaighthe san gcodlain, agus breith do ghlacadh dá réir. Oir isé tuigthear dhuinn as eisiomlair Dives agus Lasarus san sgribhin dhiadha, go bhfuil cineamhuin shiorruidhe gach aon anma a leath taobh le breitheamhnas air bith gan stad taireis báis. Agus an bhreith tugthar annso daingneochar ag an mbreithamhnas choitchion an tlá déighionach í! A Chriostaighthe, cionas asheasúighean síbh a lathair Dé! Creud d'feúdfadh sibh aradh dhibh fein, dá nglaodhfúidhe chum an bharra anochtsibh? Dob eidir gur ab é bhur ndán e. Cuimhnigh go dtiocfadh bhur dtighearna an uair is lúghadh bhiadh smuaine agaibh air. Tabhair aire dá bhrighe sin a bheith ollamh do shiór. Smuain, san dara áit, chómh spriocalta chómh daordhálach agus bheadh an breitheamhnas so, anait nách fagha fiu an fhocail dhimhaoin is lúghaidh dul as o gheárrchuardúghadh an Bhreithimh. O creud an tionmhus mhalluightheacht do thiocfas chum solais annso, an tráth aisdríochar an folacha, do fhuiligheas anois úrmhór ar bpeacaidhe o shuilibh an tsaoghail agus ó ar suilibh fein amhain, agus fhosclochar ionnar radharc stair iomlán ar mbeatha. A Dhé mhóir! cia fheudfas an radharc sganramhailsi d'fulang? Annso bheurfar an t'anam bocht chum sgrúdadh ró gheire air gach nídh da rinn, no dfág gan deunamh ag caitheamh iomlan a aimsire, a hoilearthaidh san
gcodlain somharbhtha so; cionas do choimhreagair si do na spreaganaibh dhiádha: creud an an fheidhm do rinneadh si do ghrasaibh Dé; creud tairbhe do bhuain si ona sacrameintidh do ghlac si: o bhriathar De, do chualadh no leaghadh. Creud an tairbhe do rinn dona slighthibh sobhéusacha so ann do chur Dia uileachómhachtach í; Cionas do chuir sí abhféidhm na tiodhlaicthe le'ar aontaobhaidh se í. Fiu na noibreacha is fearr dá rinn sí criárthóchar go glan íad; a hurnaighthe, atrosgadha, a deircghniomha; an intinn lenar ghaibh si le a hais iád; an módh ionnar choimhlion si iád, meadhfar iad uile; ni a gcothrom cealgach breitheamhnais daoine, acht a gcothram na coisreagan. A! creud an mhéid dár ngniomhartha do gheabhthar an uair sin air easbadh meadhchain, do réir rádh an Fhaigh Domhnald. Do meadhaigh thu san meadh; agus do frith air bheaganmheadhachain thu. Cab 5. O! na teigh ambreitheamhnas le t'oglách; oir ad lathairse ni fireúntar aoinneach ina bheatha. Smuain, san treas ait, cáil an Bhreithimh nar eigion dhuinn teacht ina lathair. Ata se dochuimsighthe an eagna, agus dá brígh sin ni feidir a mhealladh. Atá se dochuimsighthe a gcómhacht; uime sin ní féidir seasamh an aghaidh; Ata se dochuimsighthe a gceart; agus dá brigh sin, "iocfadh le gach naon do reir a oibreacha." Ni bhfuil maith abeith ag suil le cairdeas an lá san. Atá aimsir an luacht saogthair ionghabhtha
gcrioch. A! a Chríostaighe, smuain go maith air anois, an fhad agus gur ab é do lá é. Is feidir leat anois do pheacuidhe do níghe dhiot le dearaibh aithrighe; agus mar so iad d'follacha o shuilibh an bhreithimh bhias ort fós. Is eidir leat anois lathair le hurnaighthe umhla a lamha do chúibhreach; Is feidir leat thu féin do chur air aith-eisteacht ona cheart go cathaoir a thrócaire, agus a chur d'fhiachaibh air an bhreith ata le ad haghaidh do chur air neimhnidhe. Achd an la san do gheabhair e neamhshuimeamhuil ann tathchuinge - Tiocfadh do dheora agus t'urnaighthe annsan ro dheighionach. Smuain, san gceathramhadh ait, an fortacht do-mheasda do gheabhadh anamna na bhfireun an la so o chómluadhar andeagh oibreacha, do thimchiollochus iad air gach uile thaobh mar bhabhdhunn dochlaoidhte ag congbhail anamhaid ifrionda amach uatha. O m'anam tugamaoidne aire a samhuilsea do chómlúadar do 'shaláthar dúinn féin agcuinne na huaire sin atá chum ar gcineamhuin siorrúighe do chur a gcrích. Is caraid dearbhtha, iadso nách treigfeadh sinn san mbás fein, agus bhuaidhfeadh ár gcuis go heifiochtach ós comhair cathaoir bhreitheamhnais Dé, anáit nách beadh tabhacht anaon chaoinrádh eile. Smuain, san gcúigeadh ait, creud an riocht anachruitheamhuil iona mbíadh an peacach nách rinn sgim d'aon ionmhus deaghoibreacha
don tsamhuilsi do chnuasach, ag seasamh do lathair an Bhreithimh O! creud mar labhras an uile nídhe anois don cheacht dhólasach so, atá go díreach chum tuitim air a cheann cionntach. Gé bé ait ionna bféuchfadh, ní fhaicfeadh aoinnidh do bhéurfadh fortacht do; acht anádhaigh sin, an uile nídhe do bheir cóngnamh chuma dhólais, agus a sgannra do mhéudúghadh. Fá na chosaibh do chídh ifrionn fhosgailte olamh chum a shloigthe siós; os a chionn breithiomh feargach ag olmhúghadh chum na daorbhreithe síorrúighe, gan chasadh do phleusgadh amach anághadh. Air a lámh dheis do chidh a aingiol cosanta anois dá thréigion, air a laimh chlí, na Díabhail, a namhuide neamhthrócairighe, olamh glan chum beartha air, agus gan do mhoill orrtha acht sméide on Bhreithimh. - Mádh fhéuchan ina dhíagh nochtan an saoghal cealgach e fein do, nóch do theithionn uaigh anois. Mádh fheuchan roimhe, ní theangbhas aoinnidhe leis acht siorrúigheacht dhíamhair, ann a stigh airighionn soigheada dofhulaingthe coguais ciontach; agus air an uile thaobh de mothaighean slúagh athach úrghrána, a pheacadha fein níbhus uathbhásáidhe do anois, ina Diabhail ifrinn. A Dhé mhoir, saor mise o bheith rannphairteach chaoidhche ann a leitheid do radharc anacrach. Smuain, san séisiughadh ait, Air mhodh go gcoisgfeadhmaois breitheamhnas Dé, o thuitim orainn go trom tairéis báis, caithfeadhmaoid aire do thabhairt anois feadh ár ré, sinn féin
do smachtughadh agus do dhaoradh le deunamh aithríghe dhúthrachtach ionár bpeacúidhe. - Mar so, agus mar so amháin, feudfamaoid ceartbhreitheamhnas Dé do dhiotharmúghadh do faidígheadh le nár bpeacúidhe. Leanam comhairle an te úd do bhias mar Bhreithiomh orainn, nóch do ghlaodhan orainn uile chum faire agus urnaighthe do dhéunamh anúile amm; ionas go measfuidhe go mfiú sin dul as os na peiríacailighe sgannramhalla so; agus seasamh go dóchuiseach alathair mac an duine. Luc 21, f.36. A! biodh an breitheamhnas so ós cómhair ar sul do ghnaith. Machtnúighmid go laetheamhail air an gcuntas ata lá eigin aguinn le tabhairt. Ná dearmámaoid choidhche go bfuil súil shuas do chídh an uile nídh; go bhfuil lámh do sgríobhus, ar smuainte, ar mbriathra agus ar ngníomhartha uile, ann Leabhar an mhorchuntais; go ngluaision ar ngniomhartha uile ó ar lamhaibhne chum lamhaibh nDé; an nidhe deuntar anaimsir, nách imthidheadh le haimsir; acht go seasuidhean d'eis an uile aimsir d'imtheacht. O gan na daoine eagnadha, agus na firinnidhe so do thuigsin, agus solathar do dheunamh da gcríoch dheighionnach. Deut.32. AN X. CAIB. Air La an mhorchuntais. An Deachmhadh La. Smuain, air dtuis, Nách eídir aoinnidh do mheas ní bhus uathbhásaighe iona an teasbeanadh do bheir an sgribhin diádha air lá an chuntais dhéighonaigh, maille le gach iongantas
dá ngeabhadh roimhe, an grian air ndorchúdhadh an gheallach chómh dearg le fuil; na réulta gan solus; agus a gcosmhúlacht tuitioma ón spéir; an talamh air bailichrith le madhmannaibh fíochmhara; an fhairge ag at, agus a geimionaigh le hanfadh neamhghnáthach, na dúile uile ag cómhbhúaireadh, agus an chruinne iomlán air mearúghadh. Lá an tighearna, adeir an Fáigh Joel, Caib 2. lá dorchadas agus díamhaireacht, lá néulta agus gaoth-ghuairnein. Roimhe teíne léirsgriosach; agus iona dhíaigh lasaracha loisgidhtheach, crithfeadh an talamh air thaidhbhseadh na neithe sí: agus gluaisfid na Flaithehis leis an radharc; ataid an ghrían agus an gheallach iar ndorchúghadh, agus do chúaidh iomlán solais na réulta air gcul. Agus eighmhion an Fhaidh Sophonias amach, an lá san, lá díbheirge; lá búartha agus peannaide; lá díombhuadh agus anacra; lá dorchadais agus duaibhsighthe; ceofhearthain agus anfadh, Caib 1. An feidir le haonnidhe bheith níbhus sgannramhla iona an turasgabhailse. A! creud íad smuainte an duine pheacamhuil an lá san, an tráth chídhfeadh sé na cómharthaoise ag bagairt air? Faraoir! feóchadh sé go hiomlán le heagla, ag feithiomh leis an aoidheadh, nách fulair go leanfas na samhuilte sgeimhleachso. Smuain, san dara ait, Air dteacht an lae dheíghionnaigh, go loisgfeadh teinne cuthaigh, mar thuile bhorb, le hórdúghadh Dé, uachdar na talmhan go hiomlán, agus an uile nídhe dá bfuil
air: ní rachfadh aoinnidhe as úadhh, O a shaoghaltanaigh, cá bfhuil do dhúnta uaisle uile an tan san, do shuigheacháin aoibhinne, do gharaidhthe, dolingtheacha agus t'foirisidhe. Cá bhfuil do chuid óir, airgid, agus clocha úaisle? srl. Faraoir! an uile nídhe air ar dhoirtis do chroidhe san saoghalso, fágfar na luaithre a bhfeoithne aimsire; chum ollbhaoise na neithe do ghradhaidheas do theasbeanadh dhuit, agus do díthceillidhe fein, an taigne do dhortadh air a samhuil do níamhsgaile, do bhreúgan dathanacha. Foghluim uime sin, m'anam bocht an saoghalso do tharcaisníughadh agus a ulmhaithios uile, os luaithre, agus deatach an deíre uile; agus leag súas dhuit fein saidhbhrios air neamh, os air amháin nách biaidh cumus agan dteine dhéighionnaigh se. Smuain, san treas ait, Air mbeith dho chríoch dhéighionnach an tsaoighilse, anois air dteacht, séidfeadh an tArdaingiol an stoc déighionnach; agus ardóchadh a ghuith le Surgite Mortui - "Eirighidhe amhairbh, agus tigídhe chum bhreitheamhnais:" Guith do chluinfear an einfeacht tríd an gcruinne, agus rachas tríd an bhflathas is aoirde agus thollfas siós tríos an bpoll is doimhne anifrion. Leis an nguithse tré ardchomhachta nDé eireochadh clann Adhaimh uile d'aon bhig, an chéud duine agus an duine deighionnach o'n lúaithre; agus ceangléochar gach aon anam dá chodluin cheart fein arís; go siorruighe arís, gan sgaramhaint air feadh na síorruigheachta. O! m'anam biodh
fuaim an stoic so ad chluásaibh do shíor! A! tabhair aire d'uathbhfás an órdúghadh so do chosg, le eístiocht anois le ordúghadh oile mhór stoic an spioraid Naoimh, do ghlaodhas ort tré bhéul an Absdail; músgail suas tusa chodlas, eirghe o'n marbh (omharbhaibh an pheacadh) agus soillséochadh Críosd tu, Eph.5. Is mur so o bheith pairteach san gcéud eiseirghe, dhéunfair solathar a gcoinne na huaire uathbhasaighe sin. Ní bhíadh aimsir ann ní bhus mó. Apoc.10 - Is marso racha tu as o'n dara bás. Smuain, san gceathramhadh ait, An neamhchosamhlacht iongantach do bhías, anam an eiseirghe choitchion, idir chodlannaibh na bfireun agus na malaightheoirighe. Eirgheochaid na fíreun a gcodlanaibh ró-aluinne níbhus glainne iona na reulta, ní bhus taithneamhúidhe iona an ghrian; do-mharbhtha agus do-fhulaingthe; acht eirgheochaidh codlana na malaigh theoírighe ariocht oireamhnach dá dtuiliomh; truaillighthe; dubh, gráineamhail, agus fuathmhar agus do-fhoighnighthe ann gach aon tslighe: do-mharbhtha, is fiór, acht gé gur a beadh, ní chum aon chríche, acht chum pianta do-mharbhtha d'fhulaing. Creud an pheánaid do-labhartha dona hanamnaibh truaghacha so, an éiginiughadh a steach ag conabluighibh do'n tsamhuilsi, do bheith daortha chum géibhionn siorruighe, adteaghalach chómh graineamhail chómh salach so! A! tabhairse aire m'anam sa do chodlain a choimheud glan anois o thruailligheacht, drúis-pheacadh, air eagla
go mbíadh sé ina adhbhar méudaighthe dod anacra lá eile air a mhalairt. Smuain, san gcuigeadh ait, méud an tsasaimh agus an luathgháradh le a ngeabhaid anamna na bfireun seilbh ionna gcodlannaibh arís, ní do shanntúigheadar an fhaid sin; creud é 'ghradhmhaireacht agus d'fhailteochaid roimh a gcómhpháirtighe ionna saothar agus a dtreaghnas uíle, agus anois a nairighthe, tre chuiduighadh anghloire Shion neamhdha, chum breise do chur air a sonas síorrúighe. Acht, O! creud iád na heascuinne uathbhásacha do bhías ag teagbháil na mallaightheoiríghe. - Achorpain mhaluighthe, a dearfadh an t'anam, an chum do shásaighthe, chum toil do thabhairt do tainmhiántaibh do dhíolasa aoibhneas mharthannach na Bhflaithchios? A a thruaghnáin! chum sásamh salach móimeide do thabhairt dhuitsi, is eadh, do dhaor misi agus tusa air feadh na síorruigheacht. O! malacht fá thri ort a spaid! is ceart tusa ós tu dob adhbhar damanta dhamhsa, abheith ad pháirtighe agam, an amhgar siorrúighe! Acht nár chirte dhuitsi, fós a anam dhona, míle malacht d'fhaghail o'n gcodluin, o dob é do ghnódh, agus e ad chomhacht a hainmhianta agus a drúise do chlaoidh, chum umhluigheacht, ceile agus creidimh: agus fós, do thoigise mar rogha air son moimeid sgléipe, leadrán do dheúnamh dhíot féin dá claontaibh toilteneacha, agus mur sin ifrion do shaorthuagha dhuit fein agus dod chodlain? A chriostaighthe! foghlamúighmidne a bheith eagnaidh tre learsmuaine air dhonas daoine eile.
AN XI. CAIB. Air an Mbreitheamhnas Coitchionn. A t'aonmhadh La deug. Smuain, air dtúis, na mairbh uile do bheith eírighthe, beid gan stad tionólta abhfochair a cheile, san ionad cínnte chum an Breitheamhnais dheionnaigh, sí an cheadfadh choitchion gur 'be gleann Josaphat lámh le Híarusalem, a radharc sleíbhthe Olibhet agus Chalbhair, san ait ar dhoirt ar Dtighearna a chuid fola chéana chum ar bfuasgalta. Creud an radharc é clann Adhaímh uile d'fhaicsin anso, an sluágh do-airmhighthe sin dona n'uile chinne, aois agus céim ag seasamh le chéile gan eidirgheilt air bith anois, do shaidhbhir na do bhocht, do mhór 'na do bheag, do Thighearna 'na d'oglach, do Fhlaith 'na d'fhomósach; acht amhain deighilt an uilc agus an mhaith, do bhíos iongantach agus siorruighe; Faraoir! chómh suathrach 'gus an teasbanadh do dhéunfadh Alasdrom, no Caesar ag an dtionolso, na aoinneach do na currádháibh móra so analód, na gcuireadh a nainim amháin críocha iomlaine air crith: Na Flaithe comhachtacha san agá raibh an Dómhan mhor ag a gcuil seal, ataid anois leagtha chómhísioll leis na moghaibh is taire dá raibh aca, agus go m'fearr leo míle úair nách air iomcharúighdear riamh antslat riogha, agus nár chaithidear an choroin. Smuain, san dara ait, Air mbeadh dona marbhaibh anois tionólta a bfhochair a cheile,
tiocfadh an breithiomh mór anuas o neamh, le glóire agus cómhachta mhor, air dtimchiollúghadh leis an mbúidhionn neamhdha agus sluaighte uile na naingiol. O chomhneamhchosámhuil le na chéud theacht agus bhías an dára tiosbánadhso aige. Do bhí a cheud theacht agceannsacht agus a núirísleadh mhór, mar dob é sin ar la 'ne, iona dtáinig chum sinn d'fhuasgla léna thrócaire. Acht air an dára taisbeanadh aige, bo he sin a la san, an tráth choireochadh sé é fein le sgeimhlibh uile acheirt chum sasaimh do bhuaint don pheacach i.e. adhbhar tar cuisne a thrócaire, maille lé dioghaltas déighionnách aonaranach air shon an iomlán. A pheacaidh anacracha cionas do bheirsi cumusach air theacht iona lathair, chum a ghnúis fheargach d'fhulaing. A! an san ghairfir air na sleíbhthe agus air na cairgíbh tuitim ort agus tu d'folacha, ó ghnúis an té shúigheas air an riogh-chathaoir agus ó fhearg an uain. Ni headh amhain bearfadh fiu radharc an Breithimh fheargach a leithéid d'eagla agus sganradh leis go m'fearr leat mile úair go bfeudfadha do bhathas ciontach d'falacha san ifrionn is iochtarrúighe níbhus luaithe iona fhulaingeofadh an taidhbhse geiteamhuilsi; acht ní bhfuil tabhacht ann, caithfir a sheasamh amach. Smuain, san treas ait, go niomchurochar roimh an mbreithiomh méirge ríghtheamhuil na croise níbhus soillsíghe go mór iona an
ghrian chum fortacht mhór do na fiérin, agus peannaide agus comhbhuaireadh dolabhartha na malaightheoirighe, adtaobh loighead an tairbhe do rinneadar do thiodhlaicthe do-mheasda a bfhúasgalta. An so chídhfid go follus, creud é mheid d'fulaing a Ndia air son a slanaighthe; chómh mór agus an grádh do chríochnaighthe: do-shámhailte úd do thug anúas o riogh shuighcuchain na gloire é, agus do chúibhraigh air an gcrois é. Och! mar do dhaorfaidh anduircacht fein anois san bpeacadh, a ndailleadh agus a miochuman; cionas mar do dheunfadh an cómhartha glórmharso, leith sgeul, bhreitheamhnais Dé, agus siorrúigheacht pianta ithfrinn do ghábhail alathair an domhain mhoir! creud níbhus lúghadh, iona siorruigheacht anacrach is lor mar phionos don anoiread san olc, deis anoiread sau grádh. Smuain, san gceathramhadh ait, Mar do thoghfar muintir dhílis Dé as ceartlar an tslúaigh mhóir sin le aithne an airdbhreithibh, nóch dá ngeilfear gan mhoill agus suighfear go honoireach air a laimh dheis; an trath tiománfar na malaightheoirighe leis na hannspioraidibh sin uile le ar thaobhúigheadar, go míodhchlúdhach chum an taoibh clé. O! adhealúghadh sganramhaill shiorrúighe! tairéis nách teagmhochadh an dá chuideachta so go síorruighe arís. Agus tusa m'anam, cá bhfuil suil agad seasamh ar an lá san? Cia aca don dá chuideachta iona súighfear tu? Atá anois do roghadh agad. Togh anois an chuid ud is fearr, nách béurfar uait
choidhche, Luathaidh anois as lár Bhabilon. Duiltaigh anois do riaghalachaibh breugacha, do cleachtaibh truaillighthe, agus do sgléipibh peacamhla na saoghaltanacha. Deighil tu fein ó na mallaightheoiribh, anam, ionas nách tuitfeadh asteach ionna ndamaint shiorruighe. Smuain, san gcúigeadh ait, Creud na smuainte bhias san am san ag daoine mora an tsaoighilsi; creud an cuthach, creud an tnuth creud an pheanaid sgalaoideach, agus an cómhbhúaireadh lúighfeadh air a nanamnaibh an trath chíghfid na boicht a spioraid, na ceannsaighthe agus an lucht úiriosal, do dhimheasadar cómhmor san an feadh do bhádar san mbeatha sobhásaighthesi anois, air nónórúghadh agus n'ardúghadh a radharc an dómhain uile, agus iád fein dá dtarcuisniúghadh le na uiread san droichmhais, Eist le na ngearán do reir mur do chuireadh síos iad leis an eagnach; ag so an mhuintir fána ndearnamair gáire roimhisi, agus dá ndearnamair cosbóir ar míghrinn. - Budh sinne na donáin gan chéil; Do mheasamar gur bhaois a mbeatha, agus a gcríoch gan onoir; Feuch mar d'airmhighthear iad anois ameasg chloinne Dé, agus leis na naomhaibh ann a mir shiorrúighe. Ergo erravimus a via veritas. Eag.5. Faraoir! Tairéis gach uile nidhe, is sinne na daoine do bhi meallta, is sinne go misheunmhar do rith san tslighe aincheart, agus 'siad san do bhí eagnaidh go firinneach a dtaobh rogha níbhus fearr do dheunamh nóch, do thug
fortacht ambeatha dhoibh; agus anois do bheir ceart dhoibh air luathgháir gan críoch. Smuain, san séisiughadh ait, chomh mór agus meudóchar peannaid, agus cómhbhuaireadh na mallaightheoirighe air fhoscladh leabhair na gcoguas, an tráth nochtfar cionta iomlán a mbeatha a radharc an tsaoghail uile ós árd. A pheacaidh bhoicht! creud iad do smuainte anuair nochtfar do choirthe do rinis san uaignios is mo agus nách foillseochadh, air an saoghal 'na gniomhartha san do bhraithis abheith clúdaighthe le díamhaireacht oídhche, agus dorchadais, agus ar bhreúgais tu fein nách fagha do chairde na do lucht comhluadair fios choidhche ortha. - Na hoibreacha eugchoracha san go mbfeidir nách faighfea ód chróidhe aninnsin d'aoinneach amhuil do bheith fá chuíbhreach an uile dhlíghe chum gnath-ruin iona ndathanna firinneach anois foillsighthe dho shuile an domhain go leir, aingil agus daoine, maith agus olc, chum do naire shiorruidhe: A chríostaighthe! ata anois ann bhur gcómhachta le haithrighe agus faoisidin fhirrinnighe an comhbhuaireadh so do theibeádh nóch do caithfir a fhulang lá eigin air amhalairt. AN XII. CAIB. Air bhreith dheighionnaigh an uile agus an Mhaith. A dara la deug. Smuain, air dtuis, mar do criochnochar an triail mhór so le saoir bhreith suidhte, gan
chasa air thaobh na bfhireun, agus daoir bhreith damainteach air thaobh na mallaightheoirighe, agus air dtuis, an tard bhreithiomh agá iompoghadh fein air a thogha, le gnúis ro-mhilis ro-gheannamhuil, bhféurfadh cuireadh dhoibhsi dul a steach a dteaghlach shonaidh an aoibhnis shiorruighe (ag radh) Tigidhe a lucht beannaighthe m'athar, gabhaguighe seilbh san righeacht do hollmhuigheadh dhíbh ó thosach an domhain, Matha 25. O a chuireadh shonuidhe! is sonuidhe, fá thrí an drong do gheibhthear fiuntach chum an bhreith chomhfhortamhuilse do chluisdin, creud an sásamh do-aithriste, creud na tuiltighe lúathghara agus aoibhnis do bheúra a chlos don drong beannaighthe san. Ataim air lionadh le luathgháir adeir an Fháidh, rightheamhail, Salm, 121, ag an sgeul sonaidh do chualas, atamaoid le dul a steach a dtigh ar dtighearna. Acht mo bhrón! creud an tnúth, creud an fioch, agus an mhiosgais d'aíreochaid nu mallaightheorighe air chlos na cuireadh so, an tráth chidhfid mórán dá lucht aitheanta gairmthe chum seilbhe na righeachta síorruidhe sin, nóch ar bhféidir leo a cheannach chómh saordhalach; acht tre na ndíth ceile agus a mairinntinne fein do mhalartuigheadar go dall é air lasrachaibh ifrinn. Smuain, san dara áit, agus meas ar do shocaracht an bhreath shonnaidhse, Tigidh (adeir an breithiomh) alucht beannaighthe m'athar, srl, Tigídh ó ghleann na ndéor a náit le
hordúghadh m'airdreimheasa, do bhadbhar fa chrúadhas agus fá bhuaireadh; feadh tamail bhig chum ríoghachta luthghára do-chriochnaighthe, an áit nách beadh cumhadh na brón ni bhus mó. Tigidh ó ionad na hionarbadh, anáit arabhabhar sealead ag osnadhail agus ag cneadaigh a bhfad o bhur dtir neamhdha, chum bhur ndúthchais bhuaintseasamhaighe, anáit a dteangmhochadh sibh le gach uile nidh bo mhian le bhur gcroidhthe chum bur naoibhneas do leiriúghadh, anáit ambiadh sibh go siorruighe sásaighthe le hiomad mo thighe, agus anolfadh sibh coidhche aig tobar na beatha, Eirighe a chuisle mo chleibh! 'ta an geimhre anois imighthe 'taid na tuilighe agus na hanfaidh sgaipighthe, Eirighe, agus gluais leat. O a bheannocht choitchion, shíorruidhe! Cionas mar do tharcnisnighean m'anam bocht an uile aoibhneas oile an doith go bhfaghadh pairt lá eigin san mbreith bheannaighthe se. Smuain, san treas ait, Taireis d'on mhor bhreithiomh cuireadh do thabhairt dona firéin teacht dá rioghact ghlórmhar, mar do chasadh se efein air na mallaightheoríghe air a lamh chlí, le teinne ionna shúile agus sgannra iona ghnúis. Blaomfaidh amach ina nádhaigh breathúaimhneach a gcríche síorróidhe ansna briathra so, Imthighe uaim a lucht na mallacht go teine siorruidhe ollmhaighthe don Diabhal, agus dá ainglibh. A chriostaighthe m'anma, meadhaighidh go maith gach focal don bhreith dhíamhairsi,
Imthighe go siorruidhe uaim, agús o aoibhneas mo rioghachta bhioth bhuan. Och! a choingiollbháthadh sgannramhuil! Och a dheighilt chruadhalaighe! och a ionarbadh shiorruidhe! Cia fheudfas a aithris, cía dheudfas a smuaineadh creud a bheith deighilte chaoidhche ó ar nDiá, ar gcéud chuis, ar gcrioch dheidheanach, ár nárd mhor mhaitheas? Trúaileanaighthe! do rinn anois cómhbeag san do bhúr nDía do chailleamhuin le peacadh marbhtha, creud air a smuaineochasibh an tráth daorfar sibh chum a bheith dióbartha go siorruidhe uaigh, a bheith ag cinneamhuin dhibh a lorg airfeadh na siorruidhe achta, agus fos gan teagmhail leis an aon dá chailligheachta acht ionna cheart dhioghaltaiseach amheadhchansan do aireoghcha sibh go siorrúidhe. Acht tabhair, dod taire cabhfuil re dul, an tráth dhimtheochaidh ó sibh Dhía, faraoir! a dteine bhiothbhúan chum beatha siórbháis do chaithiomh ann, chum bás gan chríoch dfulaing ann, a gcuideachta an Diabhail agus a aingiolla. dá ndearnabhar sglabhaighthe dhibh fein agus dheunfas anois gan toirmiosg a mhoghsuinne dhimirt oraibh go siorruidhe. Smuain, san gceathramhadh áit, An mhallacht choitchion uamhannach san do cheanglas an bhreith cheart gidh diamhairsin. Imthighe uainn, alucht na mallacht adeir an tárd bhreithiomh. Amhuil agus do dhearfadh; Imthighe, bighidhe air siubhal úaim, acht go nimthighe
mo mhallacht libh. Do bheurfainnsi mo bheannacht dhíbh, acht nior bh'ail libh í. - Malacht do thoghabhar; agus isí an Mhalacht san bhur noighreacht shiorruidhe, leanfadh si dhíbh mar bhrat air feadh na síorrúigheachta. Rachfadh sí a steach tri bhur ninidhibh; agus cúardochadh fiu smior bhur gcnamha, malacht air bhur súile, choidhche gan lias dá loíghead do sholus fortachta d'faicsin. Malacht air bhúr gcluasa chum abheith oidheachtaigthe air feadh na siorruigheachta le gárthaibh agus le sgreadacha sganramhla. Malacht air bhur gcluasa chum abheith oídheachtaighthe air feadh na síorrúigheachta le gárthaibh agus le sgriadacha sganramhla. Malacht air bhur mbolaith, chum bheith píanta do ghnaith le bolath graineamhuil phoill ifrinn, Malacht air bhur mothúghadh agus air an uile bhall do bhur mothúghadh agus air an uile bhall do bhur gcorpaibh chum losgagh agus chaoidhche gan oidhdiúghadh, san dteinne sin nacht múchtar chaoidhche, Malacht air bhúr dtuicsin gan a bheith soillsighthe caoidhche le deallraibh na fírrinne, Malacht air bhur gcúimhne chum a bheith ag athchasa do ghnaith air shearbhas aithríghe dheighionnach, neamthearbhaigh, giorra agus ollbhaoisi an ghrinn 'ta imighthe, Malacht air chur dtúairim, chaoidhche ag cur a niul dhíbh na hanacra laithreach agus le teacht Malacht air bhur dtoil seasamhach anolc, stialta na mbloghnaibh le mile mian d'asachtoch,
agus iad uile buinoscionn agus gan ar gcumus aon díobh do chur abhfeidhim. Malacht faoidéoigh air iomlán bhur nanma, chum a bheith a nIfrionn di féin air feadh na síorrúigheachta! A Dhé mhaith, nár budh hé ár ndonasne go bráth an mhalacht uamhanach so do thuilliomh. Smuain, san gcuigeadh ait, Tairéis na breithese do thabhairt, mar do rachadh an togha gan mhoill a steach a seilbh na righeachta biothbhuaine, a tá ollamh aig Dia do'n mhuintir do ghnidh a réir, anáit nách bhfuil aon ionad ag an dobrón. Acht a dtaobh na mallaightheoirighe fosgalocha an talamh agus sloigfeadh si síos aneinfeacht iad uile, mar aon leis na Díabhail do mheall iad, san duibheagan gan bhonn agus íathfar na doirse chum gan an osgla níbhus mó go déoigh, déoigh. Agso deire an uile shúbhachas na colna. Och! nach uathbhasach an nídh tuitim a lámhaibh an Dé bhithbheo. AN XIII. CAIB. Air Ifrionn. An treas la deug. Smuain, air dtúis, O tá sé ráidhte san sgríbhin diadha, nách feacadh suil, agus nách cualadh cluas, agus nách tainig a gcroidhe an duine, na neithe ollmhuigheas Dia do'n droing ghradhuígheas é; uime sin is éidir linne a rádh go firinneach, a dtaobh peannaid Ifrinn nách féidir le teangadh dhaonaidhe a bhfriotal, nó le croidhthe a dtuigsin. Do réir díaghairidhe
an staid iomlán do-chriochnaighthe bheannaightheacht, ag fóirlíona an aon tsuim gach uile mhaithios, gan aon mheasga oilc. Uime sin, más buinnsgionn do bheannaightheacht ata an damnúghadh, ní fulair gur d'aoin shion shíorruidhe é do gach uile olc, gan a bheag d'on mhaith tríd, gan a bheag do dheallra saimhe, sgaramhuin go hiomlán o an uile shonas; agus meall dona n'uile anacra. Smuain, san dara ait, níbhus cinnte. Creud é an nidh é damnúghadh; agus cá lía agus cá mhéad, na nanacradha do sheolann sé, beatha mharbhthach, no fós bás mharthanach. Braighdionas dorcha, carcair dheistionach; Cuibhreach lámha agus cosa a slabhraidhibh síorruidhe', talamh úrghrain agus anacra; loch teine agus ruimhe; clais gan íochtar; lasaracha sgriosta; oilphéist ag síorchnaoi; cnudha nách basuighthear; corp ag síorlosgadh agus go deoigh gan aoidiughadh caitheamh; ollamh do ghnath chum fulaingthe; síoriota gan chosg; síorchaoidhe ochlán agus giosgan fiacal, gan aon chuideachta acht Diabhail agus donáin dhamanta, atá go huile ag fuathúghadh agus ag malúghadh De: Spioraid do ghnath an daoirpheannaid agus a dtinnios Bais; acht chaoidhche gan teagmhail leis an mbás so do iarraid choimh diánsan: teilgthe amach ó ghnuis Dé, go tir an dearmaid: air bhfuathúghadh agus air naithisiughadh ag Dia agus aga naomhaibh: gan aon chum fortachta, gan aon chum truaighe
do dheunamh dhóibh, gontadh go croidh re smuaineadh air shonas caillte; agus cómhbhuadhartha le hairiughadh an anacra laithreach; agus na fulaingthe si uile gnathbhuan, gan suil dá loigheadh le deireadh le spail, ná le laigheadúghadh. Atá an tuarasgbhail aithghearr so, an chuid is mó dhe, tarraingthe ó bhreithir dearbhtha Dé, air an anacra do chialluighean damnúghadh síorruighe. Is é so an corn searbh úd dar ab éigion do pheachaibh uile na Talmhan ól dé. S.74. v.8. Smuain, san treas ait, Go bhfuil Dia dochuimsighthe ann a chailligheachtaibh uile; amhuil ionna chómhachta, a eagna, a mhaithios, srl. mar sin dó ionna bhreith díoghaltais air ceadna. Atá sé ina Dhia an ifrion chómh maith agus 'ta se an neamh. Ionas tré mhéud a ghráidh, a thrócaire agus a fhoighne ann so, d'fheadfamaois méad a fheirge agus a dhíoghaltais ina dhiaigh so an aghaidh pheacadhaibh neamhaithrígheacha do thomhas. Tré na mhaithios do-chuimsighthe do tharraing sé iad as neimhnidhe. Do chomhéudaidh agus do chongmhaidh suas iád tréimhse fhada. Do thainig sé anuas amhain óna ríoghchathaoir glórmhar, agus d'foighneadh e féin do thathúghadh air chrois amhnáireach chum a slánúghadh síorruighe. Do shaor se iád go minic óna contabhairtibh dá rabhadar go laetheamhuil a mbaoghal: d'fhulaing go foighideach lena mi-iomchar, agus lena meirliochas ghnath ag
síor thabhairt cuireadh dhóibh go grásamhuil chum aithríghe. A! nách ceart dhiompuigheas a fhoighide deis a fhaid do tharcuisne, fá dheoigh chum feirge. Faraoir! do bheir trócaire ionad do'n cheart, agus míle mairg air na mallaightheoirighe do chaithfeas meadhachan uadhbhasaidh lámh dhíoghaltais Dé d'iomchar go síorrúidhe. Smuain, san gceathramhadh ait, agus air mhódh go dtuigfeadhmaois nios fearr creud an nidh Ifrionn, cur ós cómhar do shul duine bocht, tinn, ina luighe air a leabadh, ag losgadh le fiabhras plaghach, líonta le pian choitchion an iomlán a chuirp, a cheann go huile raobtha ó chéile, a shúile réigh chum sginnte amach, a fhiacla air cuthach, a chlíabh thollta le greamanaibh uathbhásacha; a uchd go léir air lasadh, a bholg dá thnáithe le tréighid ró ghéur; a dhúbhain raobtha leis an gloich, nó an garbhual; a gheuga uile a dtáimhe le pían reumadh agus a altaibh go léir, a chroidhe do ghnaíth dhá losgadh le daorpheanaid, agus é ag sgreadadh amach ag iaradh braon uisge chum a theangan d'fúaradh. Air bhféidir aoinnídhe amheas ní bhus anacradha? Agus fós innsíghim dhuit, nách bhfuil annso, acht lagchosmhulacht, sgaile dona neithibh is éigion do'n drong damánta a fhulaing go síorruighe; anáit ambeidh na conablaighesi atá iodhbartha dho bhreitheamhnas Dé, soillte tríotha agus tarsa le teinne: agus ag fulaing a gceadfadhaibh agus
a mballuibh uile a gcuirp, agus a gcomhachtaibh uile anamna pianta ro-mhóra. Smuain, san gcúigeadh áit, Dá thrúaghanta d'feuchann staid an duine bhoicht thinn air ar labhramair anois a bheith, gidheadh do b'féidir súil bheith lena thinneas do loigheadúghadh no do shaoradh, no fortacht éigin do thabhairt dó. Leabadh mhaith le luighe uirthe: cáraid mhaith chum misnigh do chur air no, achlan do dheanamh tríd: coguas maith chum é do neartúghadh; toil tugtha do thoil Dé agus fá dhéoigh, fios deimhneach go loigheadochaidh a phianta go luaith, no go gcuirfid deireadh le na bheatha. Acht ni bhfuil dada dhi so ag an drong damánta. Is é is leabadh dhóibh a nifrion loch no clais ag dothadh le tinne agus ruimh, dá bfuilid daingnithe le slabhrúighibh síorrúighe. Is é is cuideachta dhóibh Diabhail neamhthrócaireacha, no ní bhus measa, dhóibh sin, ina Diabhail, eadhoin pairtighthe misheunmhara a bpeacadha. Ataid a gcógúais air dtnaithe go bráth leis an bpéist nách básuigthear caoidhche. Atá a dtoil air seachrán ó Dhiá, agus ag síor chómhrac gan tairbhe le na thoil dhíadha. Agus is é nídhe, thagan chum a ndamnúghadh d'foirlíona, eudochus ann teagbháil chaoidhche air chríoch na lagsaine ionna bpeannaid. O Dhia! creud an nídhe nách déunfadh duine glic chum dul as o luighe acht feadh aon oidhche, a bpiantaibh san mbeatha so? agus uime sin, cá bhfuil ar
creidiomh agus ar gcíall an trath ghnídnhmid chómh beag san, chum dul as o óidhche sganramhuil lasracha neamthrócaireacha Ifrinn. AN XIV. CAIB. Air Phiantaibh foiriomlach Ifrinn. An Ceathramhadh la deug. Smuain, air dtuis, An tuarasgbháil do bheir Jób naomtha air Ifrinn, (Job, 10) an tán goireas se dhe "talamh dhorchadh, follaighthe le díamhaireacht an bháis; duithche anacra agus dorchadais, anáit nách cómhnúighean ordúghadh air bith acht sgannradh, bíothbhuan." Annsa Crioch dhubhach so, ní thaisbeannan grian na rae na reulta ann, gan aon lonnra soláis, gan flosg dá loighead le faicsin go síorruidhe ann. An teine fein do dhóghas ann, buinsgionn dá cailidheacht nadúrtha, ata si dubh dorchadh; agus ní bheir si solas air bith dona donánaibh a bpéin acht chum a nochta dhóibh na neithe sin mheuduigheas a nanacra. A a Chriostaighe, creud iad bhúr smuainte, dá má é bhur mbreath an chuid eile do bhúr laithibh do chaithiomh a gcarcair, na a bpoll éigin fhúathamhar dhoimhinn fá thallamh anáit nách faicfeadh an solus go síorruidhe? Nách tóghfadha bás féin roimh a leitheid do phionos? Agus creud é so anaice leis an oidhche shíorruidhe úd dá bfuilid ná mallaightheoirídhe fá bhreath. Do bhádar na Hegipti a gcoinghiol dhona, an tráth do bhí adtalamh go hiomlán a ndorchadas ghráineamhail
air feadh trí Lá, do bhidh tiubhas na sgamal chómh mór san go nairighedis le na lámhaibh íad. Acht do bhí an donus so tarsa go luaith, agus do fuairedar sáimhe trí chasa an tsolus. - Ni mur sin do bhudhionn ifrinn, aga noidhche nách biadh maidin chaoidche, na súil go síorruidhe le heirghe lae. Smuain, san dara áit, go madh uathbhfás na hoidhche síorrúidhe meudaighthe tar meodhain leis an gceol dolásach do sinnfear do na donánaibh bochta so san tígheas diamhairse, nách é a mhalairt acht mallachtaighe millteacha agus Diamhasla, aithiseacha na gcéastánach, agus ualfurta osnacha agus sgreada na droinge ceusda, brosgar slabhradha, greada laisg, srl. Agus ionnas go dtigidís na ceudfadha oile a steach, air a gcuid do'n anacra, biadh an bolath go deoigh grainighthe le sgamallaibh déisdionach na gcarcara ifriunda agus le breuntas do-fhulaingthe no gconablach leathloghtha atá ag fiucha ann. Béidh an blas fá daoirbhruid le hocras agus le tart ro chiocrach, agus an mothughadh le teine do-iomchair. Smuain, san treas áit, Tar a bhfuil do phíonos chorpardha dár bhfeidir a fhulaing san saoghalso, nách bhfuil aon díobh chómh úathbhfásach le losgadh beo. Acht Faraoir! ní bhfuil aon iomarbhaidh idir losgadh annso agus losgadh an Ifrionn. Ni'l an iomlán ar dteinte air talamh acht cosmhulacht sgaile, dá gcuirfidhe íad aniomadh le teine Ifrinn. Do rinneadh teine
an tsaoghailsi chum maithiosa dhuinne agus chum ar gcómhfhortúghadh: do cruthuigheadh teinne ifrinn mar oirnéis do dhioltas Dé, air Pheacachaibh. Ní mhairion teine an tsaoghailso gan a cothúghadh le nídh eígin iondoighte, nóch bhrostuigheann agus caithionn go heusgadh. Teine ifrinn, air na fhadúghadh le hanál Dé feargaidh, ní iaran cothúghadh air bith acht an peacadh; agus mairionn air so gan meath gan caitheamh go déoigh, O! a shal ghraineamhuil an pheacadh, nóch is leor chum teine bhiothbhuan do chothúghadh. Ní éidir le teine an tsaoghail so buaint acht leis an gcorp, síneas teine Ifrinn chum an anama fein, agus líonan é le pianta ro anbhuainneach. Och! a pheacacha, cia aguibh uile fhéudfas cómhnuidhe a bhfochair na teine ainmheasardha so? Cia aguibh uile fhuilingeochas an losgadh síorruidhe so? Smuain, san gceathramhadh áit, Agus air mhodh baramhail éigin níos fearr do chumadh air phiantaibh ifrinn, tabhair éisdeacht do aisling ró-fhirinneach aithriste le N. Teresa, "La n'aon dá rabhas ag urnaigh, (ar an naomh) air obainne do fuaras me féin an ifrionn. Ní feas dhamh cionnas do rugadh ann mé: acht do thuigios gur b'e toil ar dTighearna go bhfeicin an ionad do bhí ag na deamhnaibh ann ollamh, agus do thuillios adtaobh mo pheacúidhe. An tráth do theangmhadh dhamh annso níor sheas sé acht tamal beag, acht gidheadh, dá mbéidís
agam le maíreachtain, ní chreidim go rangóchadh liom a dhearmad caoidhche. Do taidhbhreadh agam gur chosmhuil adhul a steach le dorus bacúis, ró-iseal, ro-chúmhaing agus ro dhorchadh. Budh ro chosmhuil an talamh le múileach, go niomad salachair breuntais, agus do-iomchair, agus líonta le hiliomad d'aithídighe fuathmhara; Aga eudan do bhi ionad airighe folamh, amhuil agus gur faisgeán beagan balla é, anáit abhfuarasa mi féin sathaidhte agus faisgthe suas go dluith. Anois air son go raibh so uile abhfad níos sgannramhla ann féin ionna mar d'aithris mise é; gidheadh ní raibh ann acht samhachas a gcómhórtas leis an nídhe d'fhulaingis san gceantuir so. Do bhí an daorphian chómh uathbhasach san nách feidir le haon bhríathra an chuid is lughadh dhe d'aithris. d'arrigheas m'anam dá losgadh adteine chómh uathbhásach san agus nách feudaim achur a gcéil. Dob'eol damh na pianta is do-iomchara, do reír tuairim Leagha dar ab éidir a fhulaing san tsaoghal so, go corpordha, chómh maith o shreangadh suas mo fheitheacha uile, le an iliomad peanaide oile a mórán do ghneithibh. Acht bo neimhnídhe iad so uile anaice na bpianta d'fhulaing me san bforculair sud a gcómhpharaid, leis na smuainte sgannraightheach nach raibh deire na sgíth le bheith leis air feadh na síorruigheachta, agus is beag so féin anaice na treabhluighide ina raibh an t'anam; chidhtear dhi go bhfuil se múchda,
agus trid abuaireadh agus a peannaid a gcéim chómh dioblasach san nách éidir a labhairt. Ata se ro bheag le na radha go dtuigthear dí go bfhuil si tnaghaighthe agus sracaighthe ina greamanaibh; air an adhbhar go dtiucfuidhe go mbeith eascáraid éigin leith amuigh do thrialas chum a leirsgrios; acht annso is í féin a ceustunach féin, agus shracan í féin ina greamanaibh. Anois maille ris an dteine inmheodhanach san, agus an teudochus dolabhartha noch do thig chum an oiread peanaide ghraineamhla do chóimhlíona; admhaim nách acfuinneach me chum a ninnsint. Ní fhacas an te do cheus me, acht do bhreithnidheas me féin ag dothadh, agus san am gcéadna, do bheith gearrtha, leadartha mar bheith ann spoluidhe. Anáit chómh geitreamhail agus nách raibh suil saimhe da loighead, suidhe na luighe sios, ní raibh trácht air le leitheid. Do bhádhas sásaighte a bpoll do bhi san mballatha, agus luighid na balluidhe so a steach air na príosúnúibh bochta agus faisgid agus múchaid iad. N'il dadamh acht dorchadas tiugh, gan aon tsolus thrid: agus fós ní feas dhamh cionnas atá, agus ar son nách bhfuil aon tsolus ann, chidhean duine an uile nídhe ata gráineamhail do'n radharc. Air son go bhfuil sí a dtimpchioll sé bliaghna o do thuit an nídhe so d'innsíghim annso amach, atáim anois féin, air sgríobh dhamh air, chómh sganraighthe sin, ionus go bhfhuaram m'fhuil am fheitheachaibh ionus gé bi olc ná annró, d'fhulangaim anois,
muna ndeinim acht ar fhulang mé an uair sin de do ghlaodhach chum mo chuimhne, ní taidhbhrightheach dhamh an iomlán abhfeudfuidhe a fhulang anso, acht neimhnídhe." Chomh fadaso an Naomh, dá dtuilleann a friotal a mhachtnamh le suaimhneas. Oir ma do hollmhúigheadh a samhail agus a nainmhéid sin do phiantaibh d'isi aga raibh beatha óna cliabhán, acht amhain beagán ollbhaoise shaoghalta do chleacht sí treimsi ghairid do beagan a leath taobh, chomh neimhchiontach san, creud is dóigh le peacaidh a gheabhaid fein lá éigin? Smuain, san gcuígeadh ait, nach bhfuil aoin fhear air talamh nár chaill go hiomlán a chiall do bheirfadh a thoill, fiu air thighearnas an tsaoghail do bheith bruighte air ghreidiol amhuil Labhrás, no bruighte air feadh leath uaire air theinne mhall, sud is go mbeadh deimhneach air theacht as iona bheatha. Ní headh, acht cá bhfuil an duine dfeuchadh amhairc lena mheur do chongmhail ann lasair coinnle feadh ceathramhadh uaire, air aon luadhacht d'fhéadfadh an saoghal do bhronnadh? Uime sin cá bhfuil eirim na coda is mo do chriostaighthe, do leigean ortha féin geile go bhfuil Ifrion ann, agus fós do mhairionn feadh iomad bliaghanta gan móran smuaine na sgeime, a gciontadh an pheacadh mhairbh, a gcontabhairt shíor thuitim san dteinne úathbhfasach shíorruidhe so, gan ní bhus mo iona treas na ruibe (is é) sin snaithe caol eídimhneach na beatha idir ananmnaibh
agus síorruigheacht anacrach? A Dhé mhaith! saor sinn an daille misheunmhar so, ón amaideacht agus ón mbainnídhe éugdhochmharso. AN XV. CAIB. Air phiantaibh inmheadhanach Ifrinn. An Cuigeadh la deug. Smuain, air dtúis, Go bhfuil teine Ifrinn, maille leis an gcuid eile dona piantaibh foirimliocha fuilingthear ann, uathbhfasach go deimhin: acht neamhchosmhuil ar aon mhodh le piantaibh an anma: an "Poena Domini," sin, no dith síorruidhe Dé, agus anuile mhaithios; an bhuaireadh gan teoruinn do leanas an dithsi; an doilghíos fad chómhnach san; d'aithrighe ghéir acht neamhthairbheach, a bhfaraid eúdochuis agus bainídhe shíorruidhe; an foirlíonad sin air gach uile dhaoirphian diobh sud, air gach cáil agus gach cómhachta inmheodhanach an anma, is planta iad nách sámhlaigtheach le haoinidhe dár fhéidir a fhulaing san gcodlain. Smuain, san dara áit, An phian san na dithe air beith, nóch is mó do phiantaibh uile ifrinn, do reir baramhuil díadhaighrighe, ar son gur docamhuil le saoghaltánaigh annso a thuigsin cionus dob' éidir sin. Faraoir! na peacaigh bhochta, ata a dtuairim chómh beagsan a dtaobh eadail síorruighe, agus atáid basgaighthe chómh doimhin sin aneithibh an tsaoghail so, dá mealladh féin le heugsamhlacht chas-boiribh chruthaighthe, d'iompúighionn a smuainte ó
mhórmhaithios Dé, ionnus nách cuirid agcéil dóibh féin go bhfuil an chailleamhuinse Dé ina pheanaid chómh mór agus chómh doilbhir sin, a deirid naoimh agus seirbhiseacha uile Dé, 'ta treoruighthe le soillse nibhus fearr, noch do thig le chéile go beacht. Acht beidh a mhalairt do cheudfadh aco an tan gheabhaid iad fein a nIfrionn. Ann san do dheimhneochas a neirim fein doibh go danaideach, creud an dochar dóibh a nDia do chailleamhuin go hiomlán; a chailleamhuin gan athghlaodhach tair ais; a chailleamhuin go síorruighe, a chailleamhain ann féin, a chailleamhuin iona chreuturaibh uile; do bheith diobartha go síorruighe uaidh sin, do b'aon tsonas dóibh, a gcríoch dhéighionnach, agus a mórmhaithios, tiobruid líonmhar na maithiosa: agus ionna chailleamhuin sin, an uile nidhe atá maith do chailleamhuin, agus san go deoigh. An fhaid agus bhíd peacaigh san mbeatha shobhásaighthe so, rannphairtíghid a móran slighthe do mhaithios Dé, an té thugan fa ndearra air a ghrían eirighe air an maith agus air an olc, agus fhearthanan air an bhfíoreun agus air an eugchórach. An uile nidhe ata taithniomhach san saoghalso,, an uile nidh ta soilbhreach a gcreutuiribh, an uile nidhe 'ta sámh ambeatha, is cuidiughadh amodh éigin do'n mhaithios dhiagha. Ni hiongnadh, dá brigh sin, go mbeith an peacach an feadh do chuidighionn sé ann a noiread san slighte do mhaithios Dé, anainbhfios san mbeatha so, cia an nidh
a bheith go síorruidhe a neugmhais. Acht an ifrion, Faraoir! do ghebhid na donáin so, a gcailleamhuin a nDé gur chailleadar mar angceudna an uile chineul maithiosa na fortachta, da raibh air chumus dá chreutuiribh do thabhairt go nuige so; anionad san do gheibhid anois an uile nidh ag eirghe ina nadhaigh, agus gan aoin tslighe fágtha chum a smuainte do mhealladh ón dith so; ata do lathair an inntine do ghnaith, agus chealgas iad le piantaibh do-inniste. Smuain, san treas áit, Go mbiadh gach aon anam damánta ina ifrionn di féin, agus go mbeidh a ifrinn féin fó leith ag gach aon dá comhachtaibh, agus dá brioghaibh. Biadh a meabhair go brath buadhartha, ag athchasa gan sgith air a dithcéile analód, a mairinntinne agus a bainídhe ann aoibhneas shiorruidhe na Bhflaithios do mhalartughadh an Fhairge shéin sin noch a bféidir leó do shealbhughadh chómh saorluach san, agus abhfuil anoiread san do caidreabh anois ina seilbh, air shult fholamh, shuathrach, nár sheas acht mómaid agus nár fhág aoinnidh ina dhiaigh acht salpheacadh doilghios choguais chionntaigh, no air son beagthairbhe éigin, no saoibhmhian onóra, le ar sladagh an uair sin í dá hionmhas uile agus dá honóir uile, agus air son abhfuil si anois chómh hanchruthamhlach bocht san agus chómh tair, cosarálta go síorruidhe fá chosaibh diabhal mhaslaightheach. O! creud é a breitheamhnas féin ansan air an saoghal so-ghluaiste so
agus a hoilbhaoisidhe meabhlacha uile, nuair bhiadh si tairéis miliuin do shaoghalaibh a nIfrionn, air fhéuchain tar a háis di ón tsíorruigheacht fhoirleathann, agus ni maith do gheibh amach, san aimsir imchian san, an ponc beagso na beatha mharbhthaigh, samhlóchadh si aimsir síorruigheacht, aoibhneas imighthe agus pianta láithreach, subhailce agus dubhailce, Neamh agus Ifrionn. Smuain, san gceathramhadh ait, Go mbiadh a hifrionn ag an dtuigsin air gcéadna, air mbeith dhi sgartha go brath re solas na firinne, toigthe suas do shíor a mbreitheamhnás bhreugacha dhiamhaslaightheacha, agus a mbaramhlacha a dtimchioll Dé agus a chirt, chum móir mheudaighthe a hanacra féin: agus go brath ag machtnamh air smuaintibh na pianta láithreach agus le teacht, gan air gcur di smuaineadh feadh aon tuslóg amhain air aoinnidh eile: ionnas go mbid uile agus gach aon dona piantaibh fhuilingid agus fhulaingeochaid an drong damánta air feadh na síorruigheachta, do ghnath ós comhair sul a dtuigsiona; agus is mar so iomcharaighid ualach do-iomchair síorruigheachta anacraigh gacha mómaid. Smuain, san gcuigeadh áit, O sé toil duir an Pheacaigh is cionntaighe, gur ab í an chomhachtaso an anma is mo fhulaingeochas pianta dá réir, go deoigh ag iarradh na neithe nach fágha si choidhche; agus ag teithe do shíor ón nidh chaithfeadh si fhulaing choidhche.
A! go dé an tnuthán gan tairbhe, go dé an mian dhiomhaoineach le a mbiadh si toigthe suas do ghnaith, an feadh ata si fá bhreith choidhche gan da loighead mir dá mianaibh do shealbhughadh air feadh na siorruigheachta. Och! cia fhéadfas a fhriotal an mhire bhoirb sin le a ngluaistear toil na ndonán so anois chum Dé, feasach mar atáid dá sheilbh sin! Acht, Faraoir! do gheibhid agcómhnuidhe lamh dofhaicsigthe thiománas tar 'nais iad, no fós, gheibhid iad féin do ghnaith fá chuibhreach dhaingionn sios a slabhradhaibh síorruidhe, ag comhrag gan fath ris an lamh ud nách féadaid a chosg, agus gan air gcur dhóibh ionnsaighe dá loighead a gcionn cosbóir amiana mishuaimhneasacha. Uime sin sgartaid amach a mile easgáine. Is uime sin ata an tanam sracaighthe go hiomlán ina mionrannaibh le harmáil iomlán boirbe, agus le anuile ainmhian feirge, tnuth, fuaith, éudochas, srl. Atáid na pianta so comhachta innmheodhnacha an anma a gcomhdhail na peiste sin an chuguais, nach básuighthear tuibisteoiribh so: leis so cialluighthear doilghios shíorruidhe, aithrighe gheur acht neamhtharbhach, ata go deoigh ag cnaoidh a nanam eudóchaiseach. A Iosa mhilis saor sinn ona shamhuil do chruiniughadh uamhanach oilc.
AN XVI. CAIB. Air shiorruigheacht anacrach. An seisughadh la deug. Smuain, air dtúis, Gur ab i síorruigheacht a phianta, tar anuile nidh, do ghnidh Ifrionn do-fhulaingthe. Sí an tsíorruigheachtso is mór mheudúghadh do-chuimsighthe dóibh uile agus do gach naon aca. 'Sí an suaiteamán searbhso do ghnidh gach aon bhraon do'n chorn úd an díoghaltais diagha darab éigionn do gach aon pheacach ól de, chomh do-iomchair sin. Dá mbiadh aon mhuinghin go mbeith críoch lá éigin air anacra na droinge damanta, siud is gur ab tairéis miliuin d'aoisibh, níor budh Ifrionn, Ifrionn ní bhus siadh; óir do braithfidhe roint comhfhortachta ann. Acht na pianta do-fháisnéise seo uile do bheith bíothbhuan, an fhaid agus a bheidh Dia ina Dhia, gan a bheag do shuil le críoch d'faicsin ortha! Och! ag so an pian is mó dona mallaightheoiribh! O a shíorruigheacht! a shíorruigheacht! go dé chomh beag agus a thuigid saoghaltánacha dhuit anois! Go dé chomh huathbhásach agus mheasfaid tu lá éigin, 'nuair gheabhaid iad féin sloigthe ad uaigh gan íochtar, chum bheith ad chuaile agus ad chomhartha ag gaotha chirt, díoltaiseach Dé ann go brath. Smuain, san dara áit, Mádh thaidhbhrionn aon oidhche amhain ghairid chomh fada agus chomh sáraightheach san ag duine bocht tinn
o bhfiabhras loisgtheach; madh ghnidh iompoghadh agus unfairt, agus nach fágha suaimhneas a naonáit; mádh airmhidheann gach aon uair, agus má tá cur andiaigh aige comh míofhoighneach san an mhaidin d'faicsin, nach tiubhradh fós agus beagán cabhra no fortachta chuige; creud thuigir don oidhche uamhanach so na síorruigheacht, a gcuideachta phianta ionmheodhannacha agus foirimiolacha uile Ifrinn. Ní cheannóchadh aoinfhear ionna chiall righeacht air acht luighe air leabadh shámh feadh deich mbliadhna gan a fagbháil. A! nach anacrach an nidh uime sin do bheith ceangailte síos do leabadh theine agus neimhe, ni air feadh deich mbliadhna amháin, ná fós air feadh deich míle fó dheich; acht air feadh anoiread do chéadaibh milte miliuin saoghalta agus ata do dhéaraibh uisge san bhfairge, no cáinthinidhe san aodhar, a naonfhocal, air feadh síorruigheachta gan teóruin. Smuain, san treas áit, Agus chum gur fearrde bhréithneochamaois cia an nidh an tsíorruigheachtso, tuig dhuit féin dá mbiadh aoinneach dona damántachaibh gan a shileadh acht aoindéor amhain agcionn gacha mile bliaghain; no go silfeadh anoiread agus do líonfadh an fhairge nach do-airmhighthe an aimsir nach fulair a dearfadhsa. Nil sé mhile bliaghain fós ó thosach an domhain, ionas nach roigfeadh leis an gcead duine do damnuigheadh sé dheor do sgeith, agus fos, a shíorruigheacht uathbhásaigh! -
Tiucfadh an t'am go firinneach, ionna bhfeadfadh aoinneach don drong dona so a nifrionn, a rádh le ceart, go mbeith an fhairsinge mhór slighe ata idir an talamh agus neamh líonta agus an saoghal bathaidhte le na dheoraibh, do réir aoindeoir amhain ann mile bliaghain. Agus budh sonaidhe é, dá mbeith críoch air a phianta an uair sin. Acht, faraoir! tar éis anoiread so miliúin do mhiliúnaibh bliaghan, biadh sé an fhaid o chríoch a bheith air a anacra agus do bhi sé an chéud lá do thuit sé a steach a nifrionn. Airmhigh ina dhiaigh so, má's áil leat, a noiread ceud míle milliún do bhliaghnaibh agus is féidir le'd smuaintibh a roicsin; ni héadh amháin, acht cuir agcás dá mbeith iomlán na talmhan fuilighthe le fiogharaibh comháirimh, caith suas madh fhéudair an suim do-áirmhighthe bliaghan so, agus ann san meudaigh iad féin arís fo chéile an dara uair; agus ann san ag cos an chontuis iongantach soin, sgríobhadidh síos, annso thuisiodhas an tsíorruigheacht. O a shíorruigheacht uathbhásach! an bhféidir go mbeith sé do dhánacht san muintir aga bhfuil eagla romhad, peacúghadh. Smuain, san gceathramhadh áit, go mó fortacht bheag san tsíorruigheacht so dhon drong Damánta dá mbeith spáil na suaimhneas air a bpiantaibh mar bhíos air phiantaibh an tsaoghailse. Acht, faraoir is ionann a bpianta do ghnath; ni bhíos spáil choidhche ó'n bhfiabhras shíorruighe so. Oir do réir mar is
ionann a bpeacadha do ghnath, agus go bhfuil geata na trócaire agus an mhaithfeadhchuis iadhta ina gcuinne go síorruighe, leis sin biadh pionós a bpeacadha do ghnath a naoinchéim daordhálaigh, gan a bheag do réighteach ná do loigheadúghadh. Ní thig leis an Craosaire saidhbhir a nifrionn, Luc.16. teacht fós air an taon bhraon amháin uisge sin d'fághail, noch diarr sé chómh dá rírbheach san, ná ni bhfagha sé é ag caitheamh na síorruigheachta. Ná fós ni dhéunfadh faid aimsire deimhniúghadh dona donánaibhse, ionas go mo so-fhulaingthe an tanacra a ngabhaid thríd, ná ni chruaidhfeadh taithidhe na gnathamh iad ina gcuinne: acht tar éis miliúin do saoghalaibh, biadh a bpianta chómh nuadh agus a mothughadh cómhionann ina dtaobh leis an gcéad la. O a Dhé mhóir! cia fheadfas do láimh díoghaltaiseach d'fulaing? O a oilc uamhánach an pheaca mharbhthaich, noch fhéadfas an lasair shíorruighe so d'fadúghadh! AN XVII. CAIB. Air Fhlaitheamhnas. An seachtmhadh la deug. Smuain, air dtúis, mádh tá cóir Dé chómh uathbhásach soin do thaobh a námhaid, cá mhéud níos mó fhoillseochas a thrócaire, a mbaithios agus a fhéile iad féin do leith a cháraid. Is trócaire agus maithios is cáiliochta cáirdeamhla dho, inar mó a bhfuil a ghreann.
Adeir an Fháidh Rígheamhuil, Atáid a thrócairighe os cionn a oibreacha uile, Salm, 144. Uime sin creud an nidh an rígheacht beannaighthe so, noch ata ollamh aige ionna mhór-mhaithios dá chloinn ghrádhach, no foillsiughadh a shaidhbhrios, a ghlóire agus a mhórdhaile air feadh na síorruigheachta? Rígheacht, noch do cheannaigh Mac dé féin duinn, ni air luach is lugha iona a fhuil mhórluach féin. Dá bhrigh sin ni hiongna mar eighmhios an tEasbul amach. Nách facaigh súil, nach cualadh cluas, agus nach deachaidh ag croidhe duine, creud ta ollamh ag Dia, dhon drong ghrádhuigheas é, 1 Cor.v.9. Ni hiongna go bhfuil an bheannaightheacht so tugtha suas ag diaghairibh, Ina stáid iomlán, bhiothbhuain, foirlíonta dona nuile nidh maith, gan a bheag d'olc thríd, S.35. Maithios choitchionn, gan teoruin, ag líonadh go bruach cumas anmhór ar searca agus ar miana, agus d'ar dtarmain go síorruidhe o an uile eagla agus contabhairt uireasbadh ná aistriughadh. Och! ag so an tionaid ina mbéid seirbhiseacha Dé mar adeir an Salmadóir, air na sasughadh, S.35. f.8. no air meisge le méitheas do thighe, agus go mbéuradh sé ortha ól d'aibhnibh a aoibhnis, amháin do'n tobar ud na beatha noch atá maille ris, agus ghluaisionn uaigh ionna nanamnaibh shonnaidhe go deoigh agus choidhche. Smuain, san dara áit, Biodh go bhfuil fairsinge do gach nidh air ar féidir smuaineadh
bheith maith na greannamhar, annsa Rígheacht Bheannaighthe so, gidheadh, ata aon mhaith amháin chaithréimeach san amharc, gradh agus sealbhughadh, noch is beannaightheacht firinneach do'n anam, agus is é sin Dia féin agus re feithiomh air an sgeimh ró áluinn so (noch do chidh an drong beannaighthe do shíor aghaidh air aghaidh) curthar tre theine iad le lasair ghrádhach ainglidhe, agus air na gcruthrúghadh air mhodh amhuil agus Dia féin re haondacht ro ghlan, ro gheanamhuil; amhuil do bheith fionnbhruinn no iarann treathollta le teine san bhfoirnéis, caillionn sé a nadúir féin agus deunann lasir theintidhe dhé. A! a chreutuirigh shonnaidhe, creud ta air iarraidh uaibh chum bhur luthgháir do bheith iomlán? Sibhse ata a seilbh bhur nDe tobar sruithlíonmhar an uile mhaithios, ata ionnaibh a stigh agus a muigh an taigéan do airmhighthe sin an tsoilbhrios dó-chríochnaighthe. O nach ro iomarcach fialmhaithios ar nDia, noch do bheir dá shearbhfóghantaibh a los andíliseacht maith chóimh mór ni aoinnidh is lughadh ioná é féin, luthgháir do labhartha na nAingiol! O! m'anam nach leor san chum do shonais, noch do ghnidh Dia féin sonnaidhe. Smuain, san treas áit, gloire agus aileadh an Jarusalem neamhdha, noch d'foillsighios an sgríbhinn dhiadha, chum í féin do chur a noireamhuin d'ar lagacharne, dhuinne fá ghneithibh na neithe is mo d'ar ab annsa linne annso
shíos. Mar dheimhnios N. Eoin duinn san tiosbánadh ag deunamh léirnochta air an gcathair bheannaighthe so, gur ab do chlochaibh uaisle a balladhaibh, agus a sráide air 'nurúghadh le habhuinn d'uisge na beatha, chómh soillsioch le Criostal, noch do ritheann ó ríogh-chathaoir Dé; agus go bhfásann crann na beatha air Phortaibh na habhann air gach taobh; nach solus ann ni bhus mo, na grian na éusg, agus gur ab é an Tighearna Dia a solus go bráth, A a Jarusalem bheannaighthe! ó go dé chómh glórmhar agus na neithe ata ráidhte dhiot, a Chathair Dé! Acht creud an tiongantas, oir mádh thug ar nDia a shamhuil sin, agus ionad chómh honóireach so dhuinn annso shíos sa nionad ionarbach so, sgiamhaighthe le na ghrian, a ghealach agus a réulta; coimhlíonta agus lán diairbhis eugsamhuil, do-chríochnaighthe fáis, blaithe, crainn agus creutuir bheodha dona nuiread cineul, an tiomlán fá smacht an duine. Madh shalathair sé dhuinn, a deirim, chómh foirlíonta san sa ngleann so na ndeor, agus a gcríoch sgáile an bháis, créad is féidir a mheas d'ar náitreabh síorruidhe a dtír na mbeo? Anáit a bhfuil sé chómh fial san dho fiu a námhuid ann ionad cómhnaighthe chómh hoireamhnach, chómh huasal san do thabhairt dóibh, créud leis a mbiadh suil agá cháirdibh agus agá shearbhfóghantaibh ionna ríoghacht shíorruidhe, ionnar agus tre ar mian leis a mhórdhacht agus aghlóire d'foillsiughadh
dhóibh feadh saoghaltaibh do-chríochnaighthe a bhfleadh síorruidhe noch ata ollamh aige ann dhá dheaghlucht fein? Go mo beannaighthe treas an uile chreutuir a mhaithios go síorruighe. Smuain, san gceathramhadh áit, Aitightheoirighe beannaighthe a rígheachta neamhdha, na miliuin do mhiliunaibh do Aingiolaibh, da nabarann an Fhaidh Dómhall, noch do chonairc Dia uile-chomhachtach a naisling, linn, go rabhadar milte do mhiltibh a ministrealacht dó, agas gur sheasadar deithionna do mhiltibh do chéadaibh do mhiltibh ina lathair, D. 7.Caib. An nuimhir dó-chuimsighthe sin naoimh agus martardha, searbhfoghantadha oile Dé; cruinnighthe as gach uile chríoch, treabh agus teanga, do gach cineul; agus os a gcionn uile, Maighdionn bheannaighthe Mathair Dé; bannrioghan na naomh agus na naingiol: atá a nuimhir do-airmhighthe. Acht, O! cia hé ar féidir leis suil do bheith aige le bheith ameasg na cuideachtan bheannaighthe so! Ataid uile ró uasal, ró ghlórmhar ró eagnaidhe, ró naomhtha - Ataid uile d'fuil rioghthamhuil, riogha agus rioghbhan uile; iad uile ina gclann agus ina noighreadhaibh do'n Dia ró-árd: áluinn agus óg do shíor: coróineacha do ghéugaibh blathmhora an glóire mharthannaich, agus ag taithniomh nios ro-ghile iona an ghrian. Ata a gcarrthanachd agus a ngrádh dá chéile ni sa
mho iona is féidir a thuigsin. Nil aca uile acht aon chroidhe, aon toil, agus aon anam: Dá bhrigh sin ata luthgháir agus sásamh gach naoin méadaighthe fó chéile chómh ionadamhuil agus ataid anamna beannaighthe agus aingil a Bhflaitheamhnas. Trid an aoibhneas dofhaisneise do ghlacas gach naon aco a naoibhneas an iomlán, agus gach neach fó leith do'n chuid oile go léir. Uime sin a Chriostaighthe, deunamaoidne aithris annso air a subhailcibh, ionas go dtiucfamaois chum a gcaidreamh shonnaidhe ina dhiaigh so, agus maille riu san, abhrán mharrthanach Shíon do chantain chum ar nDé. Smuain, san gcúigeadh áit, Gur ab é do ghnidh luthgháir agus soilbhrios na Flaithios agus na droinge beannaighthe ceart-iomlán síorruigheacht anaoibhnis, agus deimhniughadh agus fírinne do-mheallta ina seilbh go bhfuil anaoibhneas agcómh-cheangal le síorruigheacht Dé, an fhaid agus do bhiadh Dia ina Dhia go mbeid siad fairis ionna ríoghacht naomhtha. O m'anam! nach sásamhuil, nach aoibhin an nidh feuchain reomhuin san tsíorruigheacht mhórsa, agus tu féin do léigionn a mughadh san radharc seunmhar san na saoghal gan chríoch. O beannaigh do Dhia, d'ollmhaigh na luthghair mharrthannacha so, mar luachsaothair air son na seirbhise suathrach san, agus do theasg duit iad o'n tsíorruigheacht! Ná ni dheunfadh an tsíorruigheacht so gan teoruin, na
sealbhaighthe, miothaithniomhach na túirseach tré fhaid na seilbhighe: acht ós aigean dothraighte Dia dona nuile mhaithios, agus a chumas dhiagha ina oirchiste do chaiththe, do choimsighthe suaircis, uime sin biadh sonas na droinge shealbhuighean é, úr do ghnáth agus nuadh do ghnath. Críochnaigh do bhrigh sin, a Anam Chriostaighe, an uile nidh ata aimsiordha, talmhuighe, do thréigion agus do tharcuisniughadh; agus o'n uair so do thuras do thoisiughadh agcionn na ríoghachta glormhara, néamhdha agus síorruighe. Ann san iseadh gheabhair an uile nidh is mian lead chroidhe; onóir mharrthanach, saidhbhrios gan chuimsiughadh, sultghlan, shíorruighe, beatha, sláinte, áileacht gan tréigionn, srl. Och! isé so amhain do bhaile duthchais ceart, talamh na mbeó. AN XVIII. CAIB. Air bheag Nuimhir na Droinge Toghtha. An tochtmhadh la deug. Smuain, air dtúis, Na briathra so Chríost, Glaodhthar mórán, acht is beagán a toghthar; noch d'foillsighios fírinne mhór, uamhanach, air na chur a niuil go minic le beul na fírinne féin; chum peacuigh neamhthuigsionacha do dhusga ó'n marbhshuan inar shaltaigh anámhaid iad. Agso aon dona teagasgaibh do leag sé síos mar bhunadhas do'n deighbheus Chríostamhuil, iona sheanmóir dhiadha air an sliabh,
an áit andeir sé linn: gabhaigh a steach san ngeata chumhaing, óir is leathann an geata agus is fairsing an tslighe threoruigheas chum damánta, agus is iomdha iad do ghabhann a steach ann. Och! is cumhaing an geata agus is díreach an tslighe threoruigheas chum na beatha, agus is beag do gheibh eolus air. Matha 7. f.13,14. Is uime sin do sgrúdann sé dhuinn san suibhsgeul céadna "nách é gach aon adeir liomsa, a Thighearna, a Thighearna, rachas a steach go Rígheacht Neimhe; acht an té do ghnidh toil M'athar ata a bhFlaitheamhnas. Sé sin, tre úmhaile dhílios do dhlighe Dé agus dá theagasg. Gan so, deimhnighion sé dhuinn nach bhfuil aon tairbhe dhuinn siud, agus go ndeunfamaois miorbhuileadha ina ainm. Deurfaid mórán liomsa an lá san, (lá an Bhreitheamhnais) A Thighearna, nachar rineamair Faidhideoireacht ann t'ainm; agus nachar theilgeamair amach na Diabhail ann t'ainm; agus nachar rineamair mórán iongantais ann t'ainm? Agus annsan admhóchadsa nar aithin me riamh sibh: imthighidhe uaim alucht deunta an uilc." A Dhé mhaith! créud deunfadhar linne madh diultaighthear do rígheacht síorruighe air fiu na muintire so noch do rineadh miorbhuileadha ad th'ainm! Smuain, san dara áit, A liacht slighe a bhfuil an fhirinne uathbhásach so-foillsighthe no tiosbanta san tseanthiomna. d'aiteoiribh uile na talmhan, nior saoradh ó uisgeadhaibh na dile
san Arc, acht amhain ochtar; sé sin, Naoi agus a mhuintir. Do shé chéad míle do chlainn Israel, do thainig as thír na hEigipte fa threoir Mhaoise, ni thainig chum talamh Chanain, talamh na geallamhna, acht dís amhain, Josua agus Caileb; fioghair noch do chuirionn an tEasbol Pol naomh a gcosmhulacht linne na Críostaighthe go fírinneach. 1 Cor. 10. Air an nós céadna cuirionn an Fhaidh Isaias an drong do rachas as o'n díoghaltas diadha leis an mbeagan torrtha oluidhe d'fanas air na crannaibh tar éis na dtoirrthe do chruinniughadh, Caib, 24. f.13,14. no leis an mbeagán craithin grapadh do gheibhthear air na fíonoiribh tár éis fíonfhoghmhar deaghchruinnighthe. Ah! a Chríostaighthe, cluinighidhe dá bhrigh sin, agus úmhluighidhe do ghuith ar Slánaightheora an trath adeir sé libh dul a nioma (isé sin, dithchioll do dhéunamh le hiomlán bhur neirt) chum dul a steach san ngeata chumhaing: oir deimhnighim díbh go niarrfadh mórán dul a steach: agus nach beid siad ábalta. Luc.13. c.24.f. Air an adhbhar nach déinid urmhór na gcríostaighthe andithchioll le hiomlán a neirt (biodh agus go gcuirid roint duaigh orrtha féin.) Ni bhfuilid a ndáiriribh go hiomlán ionna lorgaireacht agus dá bhrigh sin ni bhfaghaidh choidhche. Cluin aris le crith agus eagla an tEasbal mór, Peadar, an trath fhiafruighean dinn. Más air éigionn do slánóchar na firein cá a dtiosbánfadh an peacach é féin. 1. Peadar c.4.
d.18. O m'anam, tugamaoidne aire uime sin, do réir mar theagasgas an tEasbol céadna, Ar dtogha do bheith diongmhalta le deaghoibreachaibh: 2 Peadar, 1.c. agus madh théid daoine oile ina sloightibh go Hifrionn, gabhamoidne orainn féin gan a leanmhuint do ghrádh cuideachtan. Smuain, san treas áit, Ceadfadh na n'Aithreach naomhtha air an gcosboir so, aithriste ionna sgríbhinn, acht níos mo go mór ionna mbeatha aithrigheach agus san eagla ud, ionn ar mháireadar agus ionna bhfuaradar bás, roimh bhreitheamhnais Dé, noch a raibh a fhios aco bheith neimhionann agus breitheamhnais na ndaoine. A Chríostaighthe, biodh ní bhus mó mheas aguibh air cheadfadhaibh na Clainne sin an tsoluis, ioná air bharamhlaibh olbhaoiseacha, neamhthabhachtacha saoghaltanaigh mheallta, noch déimhios amach, "Síothchain agus neamheagla," an tráth bhíos léirsgrios obann ag tuirling air a gceannaibh. Och! tabhair éistiocht aon uaire do'n mhórnaomh Eoin Criosostom, aon do phriomh dhochtúiribh Eaglaise Dé, noch do rin a dhianghnodh do mheabhrúghadh na sgríbhinne diagha, agus agá raibh congnamh spioraid Dé go leithleasach chum athuigsiona san, eist, a deirim leis an nidh do labhrann sé go deimhneach ann aon dá shearmonaibh do phobal Chonstaintinóple, do bhi san am san ina Ceannchathair air an saoghal, agus air na haitreabhughadh le
mórán do chéadaibh mile do Chríostaighthibh, agá raibh beatha do réir gach aon deallra chomh riaghalta linne. Cá mhéud is doigh libh (ar sé) slanóchar san gcathraigh so? - An nidh atáim air ti a rádha sgannrogha sé sibh; acht fós caithfeadh me é labhairt. As anoiread miltibh is air éigion slanóchar aon chéud amháin; agus fós atáim a namhras ortha so féin." Briathra an Naoimh go nuige sin. Agus an bhfuileamaoidne, m'anam, a gcontabhairt bheith do'n uimhir is mo? An bhfuil ár mbeathane a slighe go mbeith muinghin aguinn muna slánóchar acht chómh fíor-bheag san go mbiadhmaoid féin air an lucht sonaidh. Smuain, san gceathramhadh áit, Air son nách dubhairt an sgríbhinn dhiagha ná na hAithreacha aoinnidh air bheagnuimhir na droinge tóghtha; Gidheadh caithfeadh an fhírinne so bheith dearbh aguinn, madh ghnídhmid iomarbhádh idir bheatha, urmhór na gChríostaighthe agus suibhisgeul Chríost agus a Aitheanta naomhtha. Más áil leat an bheatha mharrthanach d'fághail, a deir an dTighearna, coimheud na hAitheanta. Ni'l amhalairt do shlighe chum na beatha shíorruidhe. Agus agso an chéud Aithne agus an Aithne is mó, graidhfeadh tú do Thighearna Dia le hiomlán do chroidhe le hiomlán t'anma agus do neirt. Matha.22. Anois nach beag ata choingmheas an Aithne so? Is furus arádh le urmhór na gCríostaighthe, go ngrádhamaoid
Dia le hiomlán ar gcroidhe; Acht creud é gnathamh ar mbeatha uile? Nach teighionn a ngrádh féin, glóir, dhiomhaoin, drúiseamhlacht, srl. air taobh a stigh dho Dhia? Mádh tá san mar sin, is diomhaoin arádh, ata grádh aguinn dó ós cionn an uile nídh. Agus fos ni'l aon tslánúghadh gan an grádh so. Smuain, go maith air so. Tairis sin, a deir an tEasbal N. Séum. Gidh bé bhias ina cháraid ag an saoghal go mbiadh sé ina námhaid ag Diá. Caib.4. f.4. Agus N. Eoin. Madh ghrádhuidheann aoinneach an saoghal ni'l grádh de ann. Eoin. c.2. f.15. Agus deir Críost féin nach féidir linn dhá Thighearna d'friotholamh. Matha. 6. 24. Uime sin cionas fhéadfamoid smuaineadh air iomchur urmhór na muintire so ghairmios Críostaighte dhiobh fein do chlodhúghadh? (dar ab é a meabhrughadh go léir an saoghal do shasamh agus iad féin do chur anoireamhaint do chéadfadhaibh mealltacha, béusaibh truaillighthe agus ollbhaoisibh seachránacha.) Le na suiligheacht le righeacht Fhlaitheamhnais, nidh, nach bhfuil le fághail gan feidhm éigin orainn féin, leis an saoghal peacamhuil so do sheunadh, agus le beatha chraibhtheach, gan mheas orainn féin. Smuain, san gcuigeadh áit, Meud na ndroichbheus is gnathach a fhaghail a measg urmhór na gCríostaighthe deighchreidmhach féin; agus uaidh sin déin faistine dá gcineamhain san saoghal re teacht. A loighead do dhiultaidheam
do mhéas daonaidhe, agus eagla urchoideach an ní a déarfadh an saoghal? Faraoir! Créud é nuimhir na muintire do bheir suas a slainte shíorruidhe do'n eagla mhaluighthesi le athógbhail do rogha grasa Dé do thabhairt suas air son na honóra breige sin, meas an tsaoghail so. Cá lia duine dhon drong san noch dhárduigheas a bhfuil agus a maoin shaoghalta os cionn na codach oile dá gcomharsan, mhaireas do ghnath a gcleachtaibh damanta tre mheodhain chuiripe gan masla d'fulaing choidhche, agus ag tabhairt tosach dá meas saoghalta air agcuguas! Daoine dona! dheunfar a chosarail le diabhlaibh aithiseacha air feadh na síorruigheachta, tré oireamhuin do chéadfadhaibh bréige saoghaltánacha meallta? Cá loighead do chinn-uradh muintire bhios sgimeamhuil dáiriribh san lucht bhios fá na gcuram, ann aireachas do thabhairt gan teagasg do bheith dhuireasba ortha ná crabhacht do d'failith, srl. agus gan aoinnidh oillbhéimtheach ná peacamhuil d'fuireach air sgath abhfailith ná a neamhshuim? Gidheadh dearbhann an tEasbal duinn madh ghnidh aoinneach failith d'haireachas a churaim, gur measa é iona ainchríostaighe. 1. Tim. f.8. Go dé loighead d'aithreachaibh do ghnidh sgim dáiriribh dá gclann do thabhairt suas óna noige a neagla Dé, agus fuath an pheacadh tar gach nidh do chur a gcéill doibh go luath. A! is fíor go ndiongnaid an urmhúr an damnúghadh do dhublughadh tré na nanamnach
bog óga do iodhbairt do'n diabhal agus do'n saoghal, an tráth bféidir leo a dtoirbhirt chómh aomh san do neamh! Faoi dheoigh, gan rith tar gach aon chéim don bheatha fó leith, nach folas gur ab éagcóir, neamhghlaine, díomas, aithis, srl. do ríaghluigheas ameasg Críostaighthibh, agus gur beag é uimhir na droinge chaitheas a mbeatha do réir an tsoisgeil? A Dhé mhoir déin trócaire orainn; agus tabhair grása dhuinn bheith air nuimhir an bheagáin; ionas go roigfeadh linn bheith do'n uimhir shlán. AN XIX. CAIB. Air an Bpeacadh marbhthach. An naomhadh la deug. Smuain, air dtúis, Nach bhfuil air Talamh, ná fós a nifrionn féin, ainmhidhe is graineamhla, is sailighthe agus is aghfhuathmhaire, ioná an peacadh: ainmhidhe noch is céidghin do'n diabhal, no le labhairt níos ceirte, is é is tuismhightheoir dhon diabhal agus d'ifrionn. Ni raibh sé san domhuin uile, créutuir dob áilleadh, budh shuighte ná budh líonmhaire ionna nuile chinéul do thiodhlaicthibh do náduir agus do ghrásaibh, ioná bhi an taingiol soillseach, úd eadhoin, Lucifer agus a chuideachta: Gidheadh d'athraigh aon pheaca amhain marbhthach iad, agus gan acht toil anaigne thabhairt leis sin féin tré smuaineadh, do chlaochladh d'aon bhig, ionna ndiabhlaibh grána, cosboirighe
fuathmhara, gráineamhla do Dhia is do dhuine. Creud an taistriughadh, ionn bhur muinghinse, dhéunfas an peacadh air an duine, nach bhfuil ann acht smoit agus luaithre, madh mheathan sé chómh foghtach san réultana na bhFlaithios? Dob é an tainmhidhe so, an peacadh, do theilg ar dtuismhitheoirighe amach as Pharrathas; agus do dhamnaigh iad féin agus a sliocht chum anacair do-airmhighthe, agus chum báis aimsiordha agus shíorruighe. Isé an peacadh do bháigh an domhain le huisge na dile'agus dhingios ifrionn go laetheamhuil le miliunaibh danamnaibh bochta, chum bheith mar sprios ag lasrachaibh gan chríoch. A Dhé mhóir! saor sinn o'n olc mhalachtachso. Smuain, san dara áit, Gur ab é an peacadh bás an anama. Oir ó sé ánam an duine do bheir beatha do'n cholainn; agus dá bhrigh sin, ata an choluinn sin marbh, óna nimthighionn an t'anam, mar an gcéadna, is é grasa Dé is beatha do'n anam; agus ata an tanam san marbh noch do chaillionn Dia agus a ghrása tre pheacadh mharbhthach. Uime sin, madh tá corp marbh ona nimthighionn an tanam, chómh déisdionach chómh geiteamhuil sin gur ró bheag fheadhfadh aon oidhche amhain do chaitheamh air aon leabuin, le na shamhuil sin do chaomhnuidhe; cionas is féidir leatsa, a pheacaigh dhona, conablach anama ata marbh a bpeacadh, d'foighneadh agus d'iomchur do ghnath ad thimchioll, noch ata abhfad nios déisdionamhla
agus ní bhus fuathmhaire. A! sirimh air Dhia go nosgla se do shuile chum do sdaid aindeas féin d'faicsin; an táracht ifrionda san, an peacadh, d'fuathughadh, noch d'oilis ann t'ucht an fhaid sin, agus noch is cuis fhírinneach diomlán tanacra. Smuain, san treas ait, Creud do chailleann an tanam le peacadh, agus creud do thairbhigheann sé anaghaidh an chailleamhuin so. Cailleann sé grása Dé, noch is mó do stóirchisdighibh; agus san gcailleamhuin so cailleann sé Dia féin. Cailleann sé tearmainn agus muintearas aithreamhuil Dé. Caillionn sé meas leinibh do Dhia agus ceile do Chríost. Caillionn sé ceart agus teidiol Righeachta shíorruidhe. Nochtar í do thiodhlaicthibh uile an spioraid Naoimh: Sladta as luacht saothair iomlán a bheatha: tigionn sí chum bheith ina leanabh d'ifrionn agus ina sglábhuidhe dhon diabhal; sealbhuighthe a spioraid aige, agus mar aoin leis fá bhreith dhamaint shíorruidhe. Agus ag so a dtairbhighionn sé do'n pheacadh: do bhrigh gur bás is tuarasdal do'n pheacadh. Romh. 6. Bás an anama annso, agus an dara bás, bás shíorruighe ina dhiaigh so. Och! a pheacaigheadh dhona, fosglaighe bhur suile chum feuchain agus achlán do dheunamh tre bhur ndailleacht dhubhach, ann Dia do mhalartughadh air an diabhal; Flaitheas air ifrionn. Smuain, san gceathramhadh áit, Go bhfuil an peacadh, fíorfhuathmhar, gráineamhuil ann
radharc Dé, bheith agceartaigh a mhormhaithiosa. Fuaithigheann sé é le fuaith riachtannach síorruighe, agus ni mó fhéadfadh sé staonadh do fhuaith dho ioná fhéadfadh sé staonadh o bheith ina Dhia. Leis sin, dá mbeith sé dhe dhonas air an te is fioreunda air talamh, tuitim ann aon pheaca marbhthach dá loighead, do bheith sé san am cheadna ina námhuid ag Dia: agus dá bhfaghadh bás san gcoir sin, is dearbh go naireochadh sé troime ceirt díoltaiseach Dé air feadh na síorruigheachta. Och a Chriostaighthe! ná biodhmaoidne choidhche chómh mór san air buile, agus dul a gconntabhairt choga le Dia, Faraoir! cá lia agus cá uathbhasach agus na Breitheamhnais dimireann Dia go laetheamhuil air pheacadh agus air pheacachaibh! cá lia duine sgiubtar chum siubhail a mblaith a nóige le bás obann, anaba, mar phionos dá bpeacadhaibh! Cá lia duine gheibh bás a neudóchais! Ca lia duine, taireis iomad masla thabhairt do ghrásaibh Dé, do bhearthar suas do thuairim dichreidmheach, do chruadhas croidhe, noch is measa agus is sgannramhla da bhreitheamhnasaibh uile! Och! critheamaois le smuain air aleitheid daindeise! Biodhmaois deimhneach, nách féidir aon anacra bheith chómh mór leis sin do thuilleamaoid le peacadh marbhthach; agus gur ab mó atamaoid inar námhaid duinn féin, agus gur ab mó dhar ndochar féin do ghnidhmid tre thoil do thabhairt d'aon pheaca marbhthach, iona bhféidir le
fearaibh na cruinne agus diabhalaibh ifrinn go huile a dheanamh dhuinn, biodh go mbeidis uile d'aon-intinn air a ndithchioll chum ar ndiobhála: Oir gach abhfeadfadaois sin, do dheunamh, an fhaid nach aontochamaois do'n pheacadh, ni dheanfadaois dochar do'n anam, gídheadh, tarraingeamaoid fein air ar nanamnaibh fein, bás uamhanach, síorruidhe, tre thoil do thabhairt d'aon pheaca amhain marbhthach. A Dhe mhaith! ná foighnidh dhuinne choidhche bheith chómh dall san agus ar nanamna fein do shlaodmharbhadh. Smuain, san gcúigeadh áit, O m'anam! agus bi air baill chrith tré iomadamhlacht t'easumhluigheacht anaghaidh do Dhé dfaicsin, tre ar dhárduighis a fhearg air feadh iomláine do bheatha. Faraoir! nach bhfuil sé ró-fhíor, nach luaithe thangais chum aois tuigsiona na thréigis do Rígh agus do Dhia, an té ar chaithis go sonaidhe laethe do naoidheandachta fá na sgiathánaibh? A! nach luaith do rithis air siubhal ó'n te is fearr d'aithribh; agus mar an leanabh dioblásach, ag caitheadh do spré a dtalamh choimhightheach, ag iarradh go hollbhaoiseach t'aigne shasamh le measaibh inar na toirc? Gabh tar bhliaghnaibh do bheatha ann do chuimhne le doilghios t'anma; agus feic an storús mallaightheacht a smuaineadh a mbréithios agus a ngníomh thaisbeanfas iad féin dod shúilibh. Feuch chomhfada agus chómh neamhthabhachtach agus rinnis do sgléip
air bhruach faille adhfhuathmhaire: Gan ní bhus mó ioná tarsna ruibe idir t'anam agus ifrionn. Bi maslaighthe a dtaobh do dhithcéile fán aimsir ata thort, adhraigh agus biodh iongantas ort tre mhaitheas do Dhia, agus anois féin, gabh ort a thrócaire do ghlacadh. AN XX. CAIB. Air an Bpeacach ath-thuitimeach. An Fithcheamhadh La. Smuain, air dtúis, Madh ta aon pheacadh amháin marbhthach ina choir chómh fuathmhar san anaghaidh áirdréimheas Mórdhachta Dé agus do choncas duinn sa gcaib: dheighionnaigh, madh ta gach peacadh do'n tsámhuil sin ina dhiabhaileacht, dar dTighearna, agus ina bhás d'anam an pheacaigh dhona ata cionntach ann; créud do thuigfiom do choingiol anacrach an pheacaigh ath-thuitimeach? eadhoin, dona Críostaighthibh do thuitios do ghnath arís agus arís annsna peacadhaibh marbhthacha a céadna, tairéis a nathfhaoisidne agus a ngeallamhnacha diongmhalta, leasúghadh. Faraoir! créud is féidir linn a thuigsin, acht trid an mhodh bheatha so, go bhfuilid ag coigilt dóibh féin díoghaltas fó chomhair lae an díoghaltais: agus do réir gach aon chosmhulacht tarraingeochaid, luaith no déighionnach, trom-dhíoghaltas air a mullaighibh féin! Do bhrigh go bhfuil a gcoir méudaighthe tré gach ath-thuitim, agus is measa bhíos a gcoingiol fá dheire ioná a dtosach.
Smuain, sandára áit, An díombuidheachas, an meabhail, an tarcaisne a nDia, a bhfuil an peacach ath-thuitimeach cionntach ann; chómh minic agus chasan sé arís tairéis a athcháirdis, air nós an mhadra air a sgaithreach. Ata sé cionntach a míobhuidheachas anmhór tre ghrása an cháradais do chosaráil lear togbhadh aga bheag roimhe sin é as chárnaoiligh an pheacadh agus fós a tharraing as ghiallachaibh ifrinn; agus le trócaire suthantaiseach a naithsheilbh cháradais Dé chum meas leinbh do Dhia agus oighre air Fhlaitheamhnas. Ata sé cionntach a neamhdhiliseacht tháir a mbrise fhocail naomhtha Dé ionna Fhaoisidin. Ata sé cionntach a dtarcaisne dhrochmheastamhuil san mhórdhacht Dhiagha tre Dhia do dhibirt óna anam agus an taidhbhirseoir do thabhairt a steach a nionad: agus so tairéis lán fhios agus éirim ann gach taobh. A Dhé mhaith! Budh ró mhor an taithfear an chruinne go léir do chur a gcomhthrom leat, ós lugha iona gráinne gainmhidhe na Flaithis agus a gcomhachta uile, an talamh agus an fhairge agus gach nidh da bhfuil ionnta a gcomhmortas leatsa. Leis sin créad tuigfear don dóchar eugsamhuil déuntar dhuit leis an bpeacach ath-thuitimeach, 'nuair chuireann tusa agus Satan ann na comhthrom, do bheir sé tosach do'n diabhal. Smuain, san treas áit, An chontabhairt uamhannach ionna mbíonn an peacach ath-thuitimeach go laetheamhuil, ag cloidheamh an chirt
dhiagha air croithe ós cionn a chinn cionntach, air na fheargúghadh go laetheamhuil le na míobhuidheachas agus a aithis. Faraoir! atamaoid uile so-mharbhthach. Ni aithnid dhuinn an uair ná an mhomaid dheighionnach aguinn. Madh thig an bás orainn san bpeacadh marbhthach do thig do mhiliúnaibh, atamaoid caillte gan fághail tar nais. Uime sin más báinidhe air aon am contabhairt na síorruigheachta do rith, le toil do thabhirt do pheacadh mharbhthach; nach mó go mór do fearguigthear an tUileachomhachtach le síor ath-thuitim agus le cleachta easmuilt do thabhairt dá ghrásaibh agus dá thrócaire le gach nuair? A! nach iomdha anam a mealltar mar so annsa chlais diamhairse ná conntrachta gan chríoch, a nait nach fághann an phiast cás choidhche, agus nach muchtar an teine choidhche! Donáin aindeasa! Atáid siad air intinn iad féin do dhamhnúghadh chómh beag le haonduine aguinne! Acht ni deuntar magadh fá Dhia. Smuain, san gceathramhadh áit, Olc oile a bhfuil cuis ag an bpeacach do thuiteas tar áis san bpeacadh chéadna, a thuigsin gur baoghal do é, isé si fallsacht na haithrighe do rin sé chéana. Oir, a bhfirinne, cá bhfuil a chosmhulacht go raibh a thuirse agus a intinn leasaighthe air an modh dhiarrann Dia, 'nuair isé an duine céadna é tairéis anoiread san Faoisidinighe? Is doilghios árdchómhachtach croidhebhrughadh fhírinneach, le abhfuathuigheann
an peacach a pheacadh ós gach uile olc; le lánintinn agus le rún daingionn gan casa air ní bhus mo. Anois cionas ata sé cosmhulacht go bhfuathuigheann an peacach ath-thuitimeach a pheacadh go firinneach ós gach uile nidh, le rún diongmhalta a leas do dhéunamh, 'nuair buaidhtear air chómh haomh san leis an gcéud chathúghadh chum fille air arís. Smuain, san gcúigeadh áit, Na liaghais agus na slighthe le a gcoiméadtar sinn ó'n olc urchoideach so, eadhoin ath-thuitim a bpeacadh marbhthach. Isé an chéud nidh, gach feadhaim chonntabhairteach do sheachna, noch do tharraing nó roicfeach sinn do tharraing annsna peacadhaibh céadna. Gan an taireachas so dhe rith ó fheidhm an pheacadh ni bhiadh éifiocht ann rún leasaighthe dá láidre mar chidhmid go laetheamhuil le héirim mhairgeach. Oir an te ghrádhuigheas an chontabhairt caillfidhear ann é. Eccl.3. Ni chaithfear aon leithsgeul gnodh shaoghalta do chur ag cómhthrom leis an tsíorruigheacht annso. Is eigionn duinn sgára le lámh no súil ní bhus tuisge ioná chaillfeadhmaois ar nanamna. Mor-choimead oile ó ath-thuitim duaigh do chur orainn féin le hurnaighthibh duthrachtacha agus taithidhe na sácramaintidhe, na claonta aindeasa do chloidheadh, noch do tharraingeas ann sinn go neamhfháireamhuil, an cheud chorruidhe chum oilc; do throid go calma, agus dithchioll do dheunamh le hiomad dúthracht, claonta dona pheacadh
do thochla amach, noch d'fágsad san anam a nallod. O! nach deacair caisléan do chosnamh, anáit ambéid na Geatadha gabhtha chéana féin ag an námhaid, agus drong láidir a stigh aige ollamh chum na ndoirse dfosgla dho? Isé an treas agus an priomh liaghas anaghaidh ath thuitim, eadhoin, an peacach do chothughadh spioraid fhirinneach aithrigheach ionna chroidhe: a dhobrón d'athnúghadh go laetheamhuil ionna pheacadhaibh; agus ath chomhairiomh do dheunamh a láthair Dé agus a ngeurdhoilghios a anama ionnsa naindlighe do rinn; iongantas do dheunamh san dtrócaire sin agus é adhradh, noch d'fulang leis an fhaid sin; agus a mheas ós gach ionmhus oile ná grása san an ath-cháraduis lear tarraingeadh as a noiread san anacra; a shíreádh go laetheamhuil air Dhia le dianneart a anama, a bhreith as an saoghal ni bhus luaithe ioná léigfeadh sé dho bás d'fághail ní bhus mó tré pheacadh marbhthach. A Dhé mhaith, aontaigh gur ab é so meodhain ar nanama do ghnath. Amen. AN XXI. CAIB. Air ndeunamh aithrighe inar Bpeacadhaibh. An Taonmhadh la fithghiod. Smuain, air dtúis, Na Briathra so Chríost: Muna ndeunfadh sibh aithrighe biadh sibh uile caillte. Luc.13. f.3,6. Feuch annso riaghail choitchionn: Oir ni dheunan ar dTighearna aon idirgheilt. Uime sin ata aithrighe
riachtanach, air dtuis, do gach naon a gciontuigheann, a choinsias é a bpeacadh marbhthach; Faraoir! caithfid a leithéidighe so aithrighe do dhéunamh ionna bpeacadhaibh, no losgadh, air a son air feadh na síorruigheachta. Peacaigh bhochta! ata a slighe ro dhólásach, atáid ag sugra air fhíorbhruach ifrinn; agus gach aon mhomaid ata duine éigin díobh aga theilgionn síos san gclais gan íochtar; agus an féidir go bhfuilid chomh neimhsgimeamhuil sin fá chontabhairt chómh mór agus chómh dearbhtha? Uime sin caidhe nach greamuighid grasa na hAithrighe? an taon chlár air abhfuil a slánughadh a ndiaigh loingbhrise; an taon mheodhain ata aca chum slánughadh a nanama. Arís, ata aithrighe riachtannach dóibh sud, noch biodh agus nach cionntuigheann a gcoguas do lathair iad, gidheadh do bhi cionntach san mbeatha do chaitheadar ann a samhuil do choirtheachaibh. Och! a Chríostaighthe! ata aon pheacadh amháin marbhthach ina ádhbhar go leor dhuinn chum aithrighe do dhéunamh air feadh ar saoghail. Agus cionas dheunfamoid ni bhus lughadh, madh smuaineamoid go ceart créud an nidh é peacadh marbhthach; Creud é bheith mar námhaid ag Dia; Creud é bheith fá bhreath damaint shiorruidhe; agus gan fíos deimhneach d'fághail choidhche ar maitheadh an bhreathadh so? Nach leor so chum beatha aithrigheach do chur do dhualgas orainn? An bhféudfam a rádh go mbiadhmaoidas baoghal air a mhalairt? Fiu
iad san féin, agus is ag Dia féin is fearr ata fios an uimhire, ag nach bhfuil tuairim gur chionntuigheadar a gcaitheamh a mbeatha a naon pheacadh ni leoidhfid uime sin, e chruthúghadh dhóibh féin go bhfuilid saor ó dhualgas aithrighe: Chómh maith a dtaobh a bpeacadha follamhtheacha, no na peacadha do rinn daoine oile dá ndeasga, oir ni feas daoinneach cia aca grádh no fuath do thuillionn sé, agus mar an gcéadna, gur beatha aithrigheach deimhin is fearr anaghaidh an pheacadh, noch do threiseóchas orainn gan fhios duinn, gan a bhasgadh le nar séuna féin le treaghanas agus le léoirghniomh. Smuain, san dara áit, Gur ab éigionn, a dtaobh aithrighe, riaghalacha airighthe do thionsgaint do dhaoinibh airighthe. Iad súd atá chómh haindeas san agus bheith cionntach a ngníomh pheacadh mharbhthach, no, an nidh is dona fós abheith treasgartha a gcleachta aon ghné no ni bhus oile do pheacadhaibh marbhthacha; chomh luaith agus foisgeolfaidhe a súile chum an ainmhidhe ifrionda dfaicsin, noch do bheirid leó thimchioll; air nós an leinibh dhioblásaigh, is éigionn dóibh eirghe gan mhoill chum filleadh air a nAthair. Iodhbairt croidhe umhail, chomhbruighte, is é éilmhíghionn Dia ortha tar gach nidh. Agso an nidh budh chóir a bheith ina bhunadhas agá 'naithrighe uile. Gan so, is beag an tabhacht dian-chruadhail colna. Níor chóir go dtiubhradh a leitheidighe
sin do pheacachaibh aon tsuaimhneas dóibh féin, go mbeadh a síothcháin deunta le na nDia. Budh chóir dá bpeacadhaibh a bheith do ghnath ós comhair a súl. Budh choir gur ab é a nannacra a gcéad smuaineadh air maidin, tré bheith an fhaid do shlighe óna nDia, a mbraighdionas ag an diabhal, agus fá fhiachaibh bheith ina gcomhdhail chuideachtain aige ann anacra shíorruighe. Isé a shamhuil budh chóir a bheith ina smuaintibh déighionnacha aca a stoidhche, 'nuair budh chóir doibh, anós an áithrigheach Dáibhi, a leaba d'ionnla le na ndéoraibh, chómh minic agus thiosbánamaoid sinn féin a lathair Dé la hurnaighthibh, is a spioraid umhal an Phuibliocánaigh budh chóir do bheith; da meas féin air mhodh nar bhfiu iad a suile do thógbhail suas chum Fhlaitheamhnais na a gcionn altorach Dé: agus mar ésion ag bualadh a nuchta; le, A Thighearna bi trócaireach, oram an peacach! Is mar so gheabhaid trócaire gan ámhrus ó'n te is Athair do'n trócaire. Smuain, san treas áit, Tairéis do'n pheacach a dhithchioll do dheunamh chum athcháraideas do dhéunamh le na Dhia fheargach, tre áithrighe fhírinneach, agus admhail a pheacadha, ni chaithfeadh sé a chruthúghadh dho féin go bhfuil sé ó dhualgas a thuile áithrighe: Chómh maith anois agus nach biadh fiacha air bith air ag ceart bhreitheamhnais Dé, ná dualgas le díoghal a nionad a pheacadha, le hoibreachaibh aithrigheacha agus le torrtha fiuntnch na haithrighe.
Budh mhór agus budh chonntabhairteach an earáid é so. Ná ni ceart do bheith sásta le lomchomhlíonadh an bhreitheamhnais áithrighe do chuir a oide Faoisidin air: nidh is baoghalach gur anamh is leor é chum ceart Dé do shásamh. Faraoir! dá mbeith fios deimhneach ag peacachaibh air an urchóid tar meodhain do ghnidhthear do Dhia le peacadh marbhthach mar is éigionn d'aithrigheachaibh fhírinneach do bheith, do dhéunfádaois áithrighe gan amhrus air mhodh do mhalairt mar do ghnidhionn mórán. Do bhéidis ní bhus dá rirbhe ann a bhfeoil pheacamhuil do smachtughadh le hoibreachaibh áithrigheacha; agus mar so leorghníomh chómhthrom da dhéunamh le Dia annsna coirthibh do rinneadar. Smuain, san gceathramhadh áit, Gur fearr fhoghlamuighthear an tslighe fhírinneach chum leoirghníomha do dhéunamh ionnár bpeacadhaibh óna tAithreachaibh naomhtha agus ó theagasgoiribh na hEaglaise, iona ó chéufadhaibh aimhrianta saoghaltánach, no gnáthamh mhóráin d'aithrigheachaibh san aimsir éugcosmhuil so. Uime sin tugamaoid a dteagaisg air an gcómhradh tábhachtach so. "Do mhuin Dia féin duinn," a deir N. Cyprian. "Creud an modh air ar chóir dhuinn trócaire diarradh air. A deir sé féin, filligh orm le hiomlán bhur gcroidhe, a dtrosga, a ngul, agus a nochlan, Joel,2. Dá bhrigh sin, filliomne air an dTighearna le hiomlán ar gcroidhe, cuireamaoid a
chuthach air gcúl, le trosga, le caoi agus le hochlán: do reir mar chruthuigheann duinn. Biodh méud ar gcumhadh a gcomhthrom le adhfhuathmhaireacht ar bpeacadha. Is éigionn duinn guidhe go dúthrachtach. Is éigionn duinn an lá chaitheamh a nochlán agus an oidhche abhfaire agus a ngeurghúl; ag caitheamh iomlán ar naimsire a ndéuraibh aithrigheach. Budh chóir gur ab é an túrlár ár leabadh, air na fholacha le luaithre; agus éudach ruaineach ar gcludamh, srl. Tairéis brat Chríost do chaitheamh dínn, níor cheart duinn anois aon éudach saoghalta do lorg. Ni fuláir duinn anois sinn féin do chur ambun deagh-oibreacha do dhéunamh le a nglanfuidhe amach ar bpeacadha. Ni fuláir duinn bheith síor dheurcach, le saorfuidhe ar nanamna ó bhás." Ceudfadh N. Cyprian go nuige sin, le a dtig N. Pavian ionna ghriosaibh chum áithrighe. (L. De lapsis). "Madh ghlaodhann aoinneach diultamh dhona shamhuil do mheidhir. Mádh thugann aoinneach cuireadh fleadh dhuit, ni fuláir dhuit a rádh gur ab do dhaoinibh nach raibhse dhe mhio-ágha orra a nDia do chailleamhuin atáid na cuirighe sin oireamhnach. Do pheacaigh mise anaghaidh an Tighearna'agus táim a gconntabhairt bheith caillte go síorruidhe; creud an ghlaodhach atá agamsa chum féustadhaibh tairéis feirge do chur air mo Dhia? Caithfeadh tu muintearas do dheunamh ris na
bochtaibh. Caithfeadh tu guidhe na mbaintreabhach do shireadh. Caithfeadh tu eadarghuidhe na hEaglaise d'aithchuingeadh. Caithfeadh tu gach aon tslighe do lorg noch do theibfeadh do bhuan-chailleamhuin. Agus Naomh Ambrós, 2. L. aithrighaoch, caib.10. "An féidir le haoinneach a chur a niuil do féin go bhfuil sé ag déunamh áithrighe an feadh atá sé dhá fhulaing féin a ngradam: an feadh ata sé dhá fhulaing féin a ngradam: an feadh ata sé ag leanmhuint d'fíon, srl. Caithfeadh an táithrigheach fírinneach an saoghal do thréigionn; fiu an aimsir atá riachtannach chum chodalta do ghiorrúghadh; a bheith mío-shuaimhneach le hosnadhaibh; agus a ghearra le na urnaighthibh," Agus N. Caesarius de Arles. Hom.8. "Chómh minic agus ghnidhmid cuairt do'n droing ata a ngéibhionn, no tinn, no muintearas do dheunamh idir dhaoinibh bhíos a neascáirdeas re cheile, chómh minic agus throisgeamaoid air laethibh órdaighthe ó'n Eaglais, thugamaoid déirc do'n mbochtan do ghabhann tar ár ndoras, srl. Leo so agus le na samhuil atáid ar mion-pheacadha air na maitheamh dhuinn go laetheamhuil. Acht ni leor so dho choirthibh troma. Caithfiom cur leis, maille re déuraibh, géurchaoine, agus troimdhéirc do réir ar gcumuis, agus trosgadha fada." Mar so, do réir mar a deir an Naomh céadna linn, "le smacht láithreach na colna, coisgfear an bhreath bháis shíorruidhe, ata fár gcomhair. Mar so treas an gcionntach d'umhlúghadh, múchfar an cionnta, agus treas an daordháil
thoiltionnach so, maolfar fearg uamhannach an Bhreithimh. Iocfaid na hoibreacha gairide so na fiacha mora ud, noch air a mhalairt, nach iocfadh losgadh síorruidhe." Hom. 1. A Chríostaighthe, leanamaoidne a gcleachta na stiuir threoiridhe ró mhaithe so. AN XXII. CAIB. Anaghaidh moille na hAithrighe. An dara la fithchiod. Smuain, air dtúis, Tar chealgaibh uile an Aibhirseora, le na meallann sé peacaigh bhochta chum a gcreach síorruidhe, gur ab é so is mó agus is conntabhairtighe eadhoin a chur a niuil dóibh a náithrighe agus a niompódha do chur tar ceal ó am go ham, go nach biadh ní bhus mó aimsire dhóibh. Faraoir! ataid na milte agus na miliuin d'anamnaibh bochta mar so air na mealla go lasrachaibh síorruidhe nár bh'intinn leo riamh iad féin do dhamnúghadh le bás d'fághail a bpeacadh, acht a noiread le haon duine aguinne anois. Acht tré náithrighe do chur air ceal, go bhfuaradar bás anaba le ceart bhreitheamhnais Dé, an uair is lughadh bhi cuimhne aca air; agus air bhfághail bháis dóibh mar do mhaireadar, gur tugadh breath cheart ortha an dara bás síorruidhe úd d'fulaing. Truaileánacha aindeasa! nach géillfeadh dá mbreitheamh ceart, noch dfóghair dóibh chómh minic sin ionna Shoibhsgéul faire do dhéunamh; agus dheimhnigheas dóibh muna ndéunfaid go
dtiocfadh sé san am is lughadh a mbiadh súil aca leis. Ah! nach sgannrach agus nach coitchionn iad na báis anaba so! Smuain, san dara áit, An t'andóchus mór san na bpeacach noch do chuireas a nathmhuintearas re Dia feargach tar ceal go huair oile, ag iathadh a gcluas dá ghuth, le anglaodhann sé orra do lathair, agus ag diultadh doras a gcroidhe dho mar sheasann agus bhuaileann sé. Faraoir! madh fhágann sé iad táid caillte go deoigh, Cionas léigfeadh eagla dhóibh. Uime sin, a noiread san tarcaisne do thabhairt dó. Nach do-chríochnaighthe an mhaithios, an uirisle do-aithriste san Ardfhlaith óirdhearc, glaodhach ina ndiaigh, an trath atáid siad ag rith uaigh, agus sárúghadh ortha chómh dá rírbheachsan, gan aon tairbhe air a thaobhsan, chum filleadh air, noch anaonar is maith agus sonas dóibh? Uime sin, creud is cóir dhóibh a bhraith óna cheart. Madh chuirid suas go ceann-dána, tarcaisneach dá thrócaire do ghlacadh cionas is féidir leo an aimsir atá le teacht do ghealleamhuin dóibh féin ina dhiaigh so ioná iad so air a dtugaid dímheas anois? Nach aithnid dóibh gur ab é Dia amháin is Tighearna air aimsir agus air ghrásaibh, agus le na cheart-bhreath gur ró ghnathach go bhfaghann an drong úd chuirionn cathúghadh go dána san tslighe so air, bás ann a bpeacadhaibh? Ah! is ró fhíor, nach tug an té úd do bheir maithfeachus do'n bpeacach d'iompuigheas
go dúthrachtach, geallamhuin air am, ná grása éifeachtamhla dóibh súd do chuireann a náithrighe air Cairde. Smuain, san treas áit, Mór dhíthcéile na bpeacach noch do chuireann air ceal fileadh air Dhia go hám oile, le leithsgeul go roichfeadh leo a dhéunamh ni bhus socra ina dhiaigh so. Agus go ndearbhann ciall agus éirim dóibh, nach bhfuil dá fhaid agus léigfid an obair so társa, nach ámhlaidh is dócamhla a thabhairt timchioll, agus cionas is féidir leis abheith air a mhalairt? ó'n tis agus leis an fhailith so, agus le cur pheacadh a gcionn pheacadh go laetheamhuil, neartuigheann cleachta peacamhla go laetheamhuil, méuduigheann comhachta an diabhail ós a gcionn; agus atá Dia uile chomhachtach, air na fheargúghadh ni bhus mó go laetheamhuil, ni bhus neamhfhiálmhaire fá na ghrásaibh; ionas go dtigid so ni bhus neamhghnathuighe agus ni bhus failithighe; go dtuitid fá dheoigh, tre gnathsheasamh anaghaidh ghrásaibh Dé, ann staid anacrach dailleadh agus cruadhas croidhe bothar foirleathan an neamháithrighe dhéighionnaigh. Smuain, san gceathramhadh áit, Earáid eugsamhlach na droinge chuireann a náithrighe air ceal, le muinghín an aithrighe do dhéunamh air leaba a mbáis; le hintinn ceart Dé do mhealla le cleachta an pheacadh do leanmhuin air feadh a saoghail agus annsan, an trath nach biadh ionnta an pheacadh do dhéunamh, a
siothcháin do dheunamh re Dia. Donáin aindeasa! nach measann nach féidir magadh dhéunamh fá Dhia; gur ab é an nidh céadna chuireas duine bhainfeadh sé: Gur ab í an cheadfadh choitchionn gur mar mhairionn duine is gnathach leis bád d'fághail. Ceadfadh chómh coitchionn agus san, nach bhfuil a niomlán na sgribhinne dhiagha aguinn acht aon eisiomláir amhain air dhuine fuair deaghbhás tar éis droch bheatha; eadhoin an bitheamhnach maith; eisiomláir chómh leithleasach san ionna nuile ghné, nach bheir a bheag do mhisneach dhaonduine do'n t'samhuil sin agá bhfuil réimhinntinn sleamhnúghadh ó cheart Dé, chum filleadh air a leaba a mbás. Ah! nach uathbhasach dócamhal noch fulair do bheith air pheacach air uair a bháis, ionns bhfuil cleachta an pheacadh tre thathaighe fhada, claochlaighthe chum athnadúra, an tathrúghadh croidhe iomlán, an doilghios fírinneach agus fuath do'n pheacadh tar gach olc, an grádh san dhia tar an uile nidh do rochtain, nach smuaineadh sé air feadh a shaoghail; agus atá riachtanach, an chuid is lughadh dhe anois. Ah! go dé chómh meallta agus bhíd na deura so go ró minic, noch do shilid peacacha le linn a mbáis! Mar is follas a gcás an Righ Antiochus, noch do bhi gabhtha suas go hiomlán le heagla an bháis, ni raibh éifiocht ann a laithir an Bhreithibh cheirt. Agus má tá anoiread san contabhairt an tán léigthear deura go fairsing, cionas do bhiaidh an sgéul,
an tráth, mar is gnáthach leis tuitim amach, go mbidhionn anbhfáine agus mairinntinne, no pianta, agus soigheada na colna agus na meanma, chómh mór san agus do dteibid féidhm thromdha na smuainte do chaithiomh air an gcuram is mó dá bhfuil orainn: Oir más leor tineas cinn beag chum ar dtoirmiosg air urnaighthe do dhéunamh le chaonduthracht, creud is coir a thuigsint d'airgionaibh an bháis? Ni hiongna dá bhrigh sin, loíghead an éifiocht do ghnidhid na naoimh agus lucht leanamhna Dé do ghnothaibh leaba an bháis: go mórmhór ó chimid le gnaitheolus laetheamhuil, an drong is mó thaisbeánas doilghíos a gcontabhairt sin ioná bhíd air an tslighe chéadna a rabhadar roimhe. Och! a Chríostaighthe, ná biodhmaoidne, uime sin, air ár mealla le cómhráidhtibh fallsa, bladaracha, dhaoine, noch do bheir saor-bhreith chómh fonmhar san air an mhuintir so do thiosbánas gné bheag éigin áithrighe le linn a mbáis, tairéis beatha pheacamhuil. Gur mó bhiadh criothnúghadh orainn a dtaobh an choinghiol dona ionna bhfuilid a samhuil sin; agus a chuimhne go bhfuil breitheamhnas Dé ró neamhchosmhuil le breitheamhnas na ndaoine.
CAIB. XXIII. Air Am agus Siorruigheacht. An treas la fithchiod. Smuain, air dtuis, Chómh mórluach agus atá aimsir le na meas, noch do léigeamaoidne thorainn chómh neamhbhfáireamhuil agus nár bhfiu aoinnidh é: Isí an aimsir tuiseadh ar mbeatha, agus an oiread agus chailleamoid dár náimsir, atá anoiread céadna dár saoghal caillte go hiomlán. Is chum na síorruigheachta do ghnódhúghadh do tugadh ár naimsir duinn; agus ni'l aon mhomaid amháin dár naimsir ionn náchar bhféidir linn oibriúghadh, agus ionn náchar bhféidir linn ionmhus dó-chuimsighthe do choigilt a gcómhair síorruigheacht shéunmhar. Dá bhrigh sin ni'l aon mhomaid mhorluach díobh so chailleamaoid ná chailleamaoid síorruigheacht. Isé an tam so láithreach amháin aon am na hoibre. Isé an tam is féidir linn a áiriomh dhuinn féin; agus ag Dia amháin atá fios ca faid do bhiaidh san amhlaidh. Atá sí gairid, eitiolann si chum súil do phreib; agus aon uair amháin imighthe, ni'l gairm tár a áis go bráth. An tám céadna a bhfuileamaoid ag léaghadh an líne so, atá sí ag gluaiseacht chum gan filleadh go bráth, bráth. Atá gach aon uair ag luaith gluaiseacht gan stad air bith nó go sloigfear í anduibhéigin ádhbhal mhór na síorruigheachta, agus gach a gcaillfear dona huairibh
nó dona mómaidibhse atáid caillte go síorruighe. Atá an chailleamhuin do-leasaighthe. Fóghluim ó so, o m'anam, meas ceart do chur air t'aimsir atá láithreach. Fóghluim á chur a dtairbhe go maith, le a chur a bhfeidhm an deaghoibreacha. Smuain san dara áit, A anam Chríostamhuil, créad iad do smuainte air uair do bháis, air luach na haimsiresi, nách déinirse acht dimheas de do láthair? Créud nách béurfádha, ann san, air chuid dona huairibhse noch do chaillir anois a nolbhaois agus a bpeaca? Och! an daoirchnead le a bpianfar anam an pheacaigh le lin a bháis, an tráth chidhfeadh sé é féin air bhruach síorruigheachta anacraigh, do b'fhéarr leis mile uair, acht gan tairbhe, go mbeith breith aige air aon lá, nó fós aon uair amháin don aimsir a dimthigh, agus an neart agus an tsláinte chéadna do bheith aige, do bhi chéudna, chum feidhm grádh Dé agus áithrighe fhírinneach do dhéunamh de, tre na pheacadhaibh. A, a shaoghaltánacha! créad uime a bhfuilti chómh dall san, agus gan a mheas gur mó is fiu aon uair amháin dona huairibhse noch do chaithionn sibh a múghadh go laetheamhuil, ioná deich mile saoghal? Smuain, san treas áit, Créud an chéudfadh bhias ag an lucht damánta a nifrionn, air luacht aimsire, an tan nach beidh aimsir ni bhus mó; chomh cruaidh agus chaoinfid air feadh na síorruigheachta, gach uile uair, lá, mi, agus
bhliaghain, noch do thug fiallmhaithios Dé dhóibh air feadh a mbeatha shaoghalta, lear bhféidir leó an tanacra úd do chosg, tre fheidhm ionbhuidhe do dhéunamh de, dá bhfuil siad daortha anois gan athghlaodhach, agus a mbéidir leó iad féin do dhéunamh sonaidhe go síorruighe, éigcríochnaighthe. Acht, faraoir! ní dhéunfadaois obair an feadh do bhi an tam; an feadh do bhi solus an lae ós a gcómhair. Anois do thuit an oidhche, an oidhche dhúbhach, shíorruighe, iona bhfuil sé ró dhéighionnach chum oibre, agus ionna ndaorfaid go síorruighe a ndithcéille agus a mbaois a nallód, tre dhroichmheas agus faillith do dheunamh dá naimsir mhórluach! A, a chriostaighthe biodhmaoidne críona air a ndonas súd. Acht créud é céadfadh na droinge beannaighthe do réir bhur meas, air an aimsir dhaorso? go fírinneach dá ma nídhe é go ngéillfeadh a staid shéunmhar do dhobrón, ni'l aoinnídh is mó chaoinfidís na hanamna beannaighthe úd ioná cailleamhuin aon mhomaid díobh súd air nách dearnadar bainistíghe maith feadh a saoghail, an tan chídhfid go soléir ann soillse Dé an bhreis dó-chuimsighthe ghlóire agus aoibhnis do bféidir leó a riochtain, le feidhm ionbhuidhe do dhéunamh do'n aimsir dhaor úd. Smuain, san gceathramhadh áit, ó ta an uile aimsir géarr, agus go ngluaisionn thorainn go hobann atá mar an gcéudna a nuile sheilbh, onóir, ionmhus, agus greann aimsiordha,
soghluaiste, éideimhin agus neamhsheasmhach. Acht amháin an tsíorruigheacht, agus an mhaith no an tolc do tuigthear dhi atá fíorshuimeamhail, mar bhídhid gan chríoch, gan chlaochloghadh, gan cómhshamhuil, gan a léigionn d'aon cháil oilc tréana mhaithiosaibh, na fortacht ionna olcaibh. Och is ollbhaoiseach gach mórdháil aimsiordha, nách fuláir a chur san gcaifrín chómh luaith sin? Och nách éusga dhimthíghios glóire an tsaoghailse chum siubhail! Ni bhfághadh aoinneach a noiread le beagán bliaghanta gearra féin do gheallamh dó féin: agus ionna dhiaigh sin, a pheacaigh bhoicht, créud is críoch dhuit? Faraoir! deunfaid na piasta éirlioch air do chorp agus diabhail neamhthrócaireacha air tanam neamháithrígheach. Dearmudfaid do cháirde shaoghalta thú. Fiu na cloiche, air a bhfuairis tainim géarrtha, is gairid mhairfidh sí ad dhiaigh. O go dé chómh fírinneach agus an chómhradh úd Olbhaois na nOlbhaois, agus is olbhaois an uile; acht amháin Dia a ghradhúghadh agus a fhritheolamh. A Kempis. Is mar so amháin bheidhmíd críona go síorruighe. Is amuideacht gach eagna oile. AN CAIB. XXIV. Air Fhiaghnaise De. An ceathramhadh la fithchiod. Smuain, air dtúis, Go bhfuil Dia san uile áit. Mádh theighim suas air Neamh adeir an Salmadóir, atá tú ann. Mádh theighim síos
go ifrionn atá tú ann. Salm, 138. Líonann sé Neamh agus talamh, agus ni'l aoinnidh cruthaighthe gibé é. ionn nách bhfuil sé alathair go fírinneach agus go hiomlán. Is ann do mhaireamaoid. Is ann do ghluaiseamaoid. Fiu ár mbeatha is ann atá. Mar do theagmhaid na héunlaith ris an aedhear ann ge bé áit a neitiollaid, noch do thimchiollas iád air gach aon taobh; agus na héisg air shnámh san bhfairge, teagmhaid ris na tonnaibh san uile áit: mar sin dúinne, gé bé áit ambiadhmaoid, gé bé áit a dteighmíd, teagmamaoid le Dia. Biodhann sé ar bhfochair do shíor. Atá sé ni bhus dlúthfhuigse dár nanamnaibh, ioná atáid ár nanamna dár gcorpaibh féin ionna bhfiaghnaise. Faraoir! a anam bhoichtsi agamsa, nách beag cuimhne bhi agad air si, agus fós gur airtiogal dár gcreidiomh é,, atá air na theagasgúghadh dhúinn ó dfágbhamaois an cliabhán. Machtnaigheamoid air an bhfírinne si feasta. Déunam dithchioll air a bheith do ghnath a bhfochair an ti ud, noch atá do ghnaith inár bhfochairne. Smuain, san dara áit, Air mbeith dho Dhia ann gach uile áit, bhfaicionn sinne ann gi bé áit a mbiamaoid. Is ionn a radharc do déuntar ár ngníomhartha uile. Ar bhfíorsmuainte, fiú no gcor agus na gclaonta is uaignidhe ionnár gcroidhthibh, ni féudfar agceilt ó na shúil geur-radharcach. Is díomhaoin do'n pheacach é féin do bhladarúghadh ionn a choirthibh, amhuil agus an tanriantach air a labharann an teagnach, go dtimchiollann an dorchadas é:
agus go bhfoillighionn balladha é, agus nách faicionn aoinneach é an tan bhidhionn sé eaglach. Eccl.23. Faraoir is soillsíghe súile an tighearna go do-chríochnaighthe ioná an Gai Gréine, agus ni fheudfadh dorchadas, néulta, balladha ná sgáth air bith an radharc ghuibhamhuil so do chosg, noch do chidhionn go grinn ceartlár an anama: agus ní hiongna go bhfeicfeadh go soléir an nidh thuitionn amach ann anáit bhfuilsé láithreach do ghnath. Smuain, san treas áit, Go bhfuil Dia, noch atá ionna nuile ionad, agus ann a nuile nidh, ionnta so uile go hiomlán gan roint: do bhrigh go bhfuil sé dó-rannta. Atá sé ann gach áit le hiomlán a chómhachta, le na cháilidhibh uile, le na shár-fheabhas uile. Uime sin atá ionnainn a stigh, ó m'anam, an tighearna siorruighe, gan teoruin, uileachómhachtach, neamhspleadhach, agus Déuntóir éigcríochnaighthe an uile nidh, agus atámaoidne a stigh san neach dochuimsighthe so. Gé bé áit a dteighmid, atá sé maille rinn: Atá sé san uile áit re na mhórchómhacht, dá bhfuil an uile nidh fá smacht: leis sin créud is baoghal dá cháirdibh? Atá sé san uile áit le na cheart do-chuimsighthe: leis sin cionas is éidir dá námhuid do bheith as baoghal? Atá sé gan téoruin le na fheabhas dá chloinn ann gach áit. Sáruigheann sé an mháthair is ceanamhla air bith le na ghrádh agus le na chion ortha. Fairionn sé ortha le na áirdréimheas. Déinionn a chríonacht bainistighe
iongantach air na huile neithe chum a dtairbhe. Leis sin nách mór an sáimhe do bheir sé dá shearbhfóghantaibh agus do'n lucht air a bhfuil a ghrádh agus a eagla, smuaine air a bheith ionna láthair. Smuain, san gcéathramhadh ait, Go niarrann Dia, noch atá ann gach uile áit, oráinne aire do thabhairt dá fhiaghnaise. An éidir aoinnidh bheith is mó air ar chóir ár ninntinn do bheith ioná é? agus an mbiadhmaoidne chómh tubuisteach dall san agus bheith ag súghradh le gach bréugáinín dá dtagadh reomhainn, agus ar nDia, an bhreádhthacht, agus an tairbhe óirdheirc, do léigionn tharrainn gan suim? Ah! nách biodh doilghios choidhche orainn tré bheith inár naonar, ó tá againn 'san neach dochuimsighthe úd, radharc agus sealbh do ghnath, an té noch is caidreamh síorruidhe d'Ainglibh. Muna bhfeiciom é le súilibh na colna, an lúghaide sin atá sé láithreach? Agus nách bhfuilid ionnainn a stigh súile oile, is uaisle ioná iad, eadhoin, súile na tuigse, dár bhféidir, maille re congnamh creidimh dhíagha, agus dár chóir rinnfheithiomh air a nDia, atá do ghnath ionnár gceartlar? Ah, is ann san atá an suaimhneas is millse le fághail. Atá gach aon mhacnaois oile gan tabhacht, le a chur a niomdha leis so. Smuain, san gcuigeadh áit, go niarrann Dia, noch atá ann gach uile áit, orainne sinn féin d'iomchar go hinmheódhnach agus go foiriomalach
mar is cuibhe do'n lucht do sheasas ina radharc. Is léor do chum sinn do thoirmiosg air aoinnidh ualach ná mi-mhodhamhuil do dhéunamh, a bheith a láthair duine da mbiadh fhomós againn: Agus nách coiméadfadh mórchómhacht nDé sinn, an té úd ar lúghadh iona neamhnídh árdfhlatha an domhain ionna láthair, le na fhiaghnaise san mhacántacht fhoirimealach agus san oidhréir inmheodhanach úd is taithniomhach le na shúil? Náchar chóir dhúinn fós, sinn féin do chur air neimhnídh a radharc na diaghachta ro-iomarcach so? Acht, a Dhé ró-mhaith! Cá faid atamaoidne óna coinghiallachaibhse, chómh minic agus pheacaidheamaoid a láthair do mhórchómhacht, gan eagla air bithh, agus eitiol anaghaidh do mhórdhachta óirdheirc? Faraoir! a anam bhoicht so agamsa, náchar mór e ár naire dá mbeith rún agá leitheidsi agus agá leitheid siúd eile do dhuine air ar bpeacadhaibh, dár mhian linn meas do bheith aca orainn, do bhiadhmaois a riocht báis féin d'fághail le náire a dtaobh a mbeith foillsighthe do'n domhuin uile. Do bhiadhmaois ró mhioshásta fós a dtaobh macnaois shuathrach, fhonomhaideach, gidh neamhurchoideach air a mhalairt, do nochta a láthair ar gcómharsain, agus cá nách tuigfeamaois grinn-shúil ar nDé mhóir, noch atá orainn do ghnath, agus chídhionn go follus gach nidh thuiteann amach san ionad is uaignidhe dár gcroidhe? Caidhe, nách machtnaidheamaoid
gur mó náire, gur mó an dóchar dar gclú fhirinneach, ar ndroch smuainte, air mbeith dhóibh follas do Dhia, iona dá mbeidís fuagartha le fuaim stoic treas an domhain. Smuain, san seisiúghadh áit, Air mbeith dho Dhia ann gach áit láithreach, go niarrann ar ngrádh ann gach áit. Atá sé ann gach aon áit geanamhuil, áluinn, maith, agus cúmtha go do-chríochnaighthe, agus ge bé áit a mbiadhmaoidne, atá sé do-chriochnaighthe ionna fheabhas dúinn. Dá bhrigh sin cread uime nách gradhaighmid é. Is grádh é féin uile. Deus charitas est, a N. Eoin.caib.1. f.4. Is Grádh é Dia. Atá an Dia grádhmhar ro-gheanamhuilsi aguinn do ghnath inár bhfochar, agus ionnainn do ghnath: Caidhe nach ritheamoid ionna ghabháilidh? Is tinne é loisgeann do shíor, atá an tinne so a gceartlár ar nanamna: Uime sin cionas mhothuigheamoid chomh beag san dá lasrachaibh? Isé an fath mar nach congmhamaoid ar nanamna ag baile le haireachas air an aoidheachtach mór úd do chomhnaigheann ionnainn a stigh, acht léigionn dóibh imtheacht a mach air fághan a ndiaigh neithe olbhaoiseacha, talamhuidhe. O convertere anima meo, in requiem tuam! Salm, 144. Fill amach, O m'anam, ó na bréagánaibh talamhaighe so uile noch chuingmheas tú ó'd Dhia, agus iompaigh air an taon tsonas fhírinneach; agus glac suaimhneas ann go bráth.
AN XXV. CAIB. Air fhulaing Chriost: Agus air dtuis; air ar Slanaightheoir a nGardha Gethsemani. Ad cuigeadh la fithchiod. Smuain, air dtúis, Mar budh thoil le Mac Dé, noch do thuirling ó Neamh, agus déidigh é féin le ar ndaonnachtne, le hinntinn bheith ina Shagairt, agus ina Iodhbairt againn, agus é féin dforálughadh mar iodhbairt fuilteach dá Athair shíorruidhe air son ar bpeacadha, a pháis do thoisiughadh le hallus, agus airgiona fuilteach a ngaradha Gethsemani an oidhche roimh a bhás. Annso, iar bhfágbhail na codach oile dá dheisgioblaibh aga éigin uaidh, agus air mbreith Pheadair, Shéumuis, agus Eoin leis, noch budh fhiaghnaighthe air an athrúghadh glórmhar dealbha do rinn roimhe sine air shliabh Tabor, tionnsgnann a sgrúda dhóibh an doilghios an eagla agus an mairinntinne básamhuil noch do chlaoigheadh a chroídhe. "Atá m'anam (ar sé) dobrónach go soiche an bháis," Matha. 26. Dobrón do leagfadh marbh anois féin, muna ndéinim me féin do chómhdacht do chum tuile fós d'fulaing dibh. A Iosa mhilis creud do chialluigheann so? Nachar éimhis a mach go déighionnach ag labhairt air do pháis, agus air an miann do bhi agad fulaing air ar son. "Atá Baiste agam le a mbaistfear me: agus créud é mhéud chuibhrighthear mé go gcríochnuighthear é." Lucas,12. Uime sin créud ó bhfuil an tuirse so anois? Nách tusa
noch do thug an neart, agus an misneach úd dona mairtiribh, chum gan súgha siar ó'n phionós budh mheasa? Agus an bhfuilir féin eaglach? Acht, ó a Thighearna ionmhuin, tuigim go maith gur bhé do rogha féin an uiread san uirísle do ghlaca, agus léigionn tú féin do chlaoidheadh leis an doilghios marbhthach so. Do ba chum mise do theagasgúghadh; agus cionas go bhfulaingeófadha, an oiread san tar mo chionn. Adhraim tú fán anbhfainesi, (Más ceart damhsa san do ghairm de) cóimhionann agus air do shuidheachán ghlórmhar: air an ádhbhar gur ab annso is fearr foillsíghthear do ghrádh éugchuimsighthe dham. Smuain, san dara áit, Náchar bhféidir le ar slánaighthéoir, an té ar shealbhuigh a anam deallra beannaighthe na diaghachta do ghnath; a shamhuil si do dhobrón ná do dhiachair iomarcach do theacht air; muna mbeith gur chuir sé cosg míorbhuileach air chumann na ranna dob uaisle agus dob uirísle re chéile, a dtaobh na ndoilghís, na neagla, agus na ngéur-phianta uile, noch do gheirfeadh a shamhuil do léirthiosbánadh do réir nadúra air a noiread san d'adharthaibh uilc. Uime sin is cóir dhúinne é mheas annso, amhuil, agus ann gach céim oile dá pháis, ag fulaing air an modh céadna, mar fhear daondha do ghné chuirp éugcruadh, neamhacfuinneach, agus fá chumas agar bpiantaibhne, agus ar nanacraibh uile, acht amháin an peacadh. Mar is follas ó'n mian cuideachtan do bhi aige (aicid leanamhnach do bhuairt agus
d'eagla) mar a deir le na dheisgioblaibh, "Fanaidhe annso, agus fairíghidhe mar aon liomsa" Matha,26. Nár mhór an tiongna do'n triúr easbolsa, an nuadh-ghlórsa do chlos óna dTighearna agus a fhaigsin go huile míghnéitheach, agus a bhfuar-allas le hiomad diachair! Agus tusa, a Iosa mhílis, nách mór an truaigh thu fána tuiltibh doilghís si: an tráth do traochadh thu chómh mór san agus gur phráin duit fortacht diarraidh air do dheisgioblaibh bochta, agus nách fulair gur uaitse do bheith a gcothúghadh san agus a bhfortacht go hiomlán! Acht faraoir! chómh beag agus an chabhair dhéunfas a gcuideachta dhuit anois, nach atá ina gcodla an feadh táirse a bpéin fuilteach, agus rithfeas chum síubhail an tráth giollachtochar tusa do chum do chéusta air son a bpeacadha san! Smuain, san treas áit, Mar do ghnídh ar Slánaighthéoir mhíochair fán dteinios agus fán ndiachairse, é féin da thabhairt air úrnaighthibh, is aon ionghabháil deimhneach a nam buairigh, an taon sgiathchosanta lá an chatha. Acht tabhair do taire ó m'anam, créud an toghmós le a nguidheann sé chum a Athar síorruidhe, Sleachta air an dtalamh lom, créud an díograis, le hárdgháir agus le Déuraibh (a deir an tEasbol) Eabhra 5.6. agus foghluimsi aithris do dhéunamh air. San urnaighsi, d'uirísligh sé é féin chómh mór san, agus léigionn do'n roint táir, guidhe chum corn searbh na páise dáisdriughadh uaidh: Acht air sin adúbhairt go grod, Acht na déuntar mo thoilse acht do thoilsi,
chum a mhúnadh dhúinn bheith úmhal, uireamhnach fá gach siothbhuaireadh agus dualgas, do thoil Dé. Smuain, san gcéathramhadh áit, Mar do rinn ar Slánaightheoir stad fá dhó ionna úrnaigh chum teacht ag féuchain a dheisgiobal; acht do fuair sé iad ina gcodla gach uair díobh. Ah! m'anam, nach é do chás sa, bheith mar na heasboilsi, codla, sé sin, tu féin d'fulaing a mbeatha dhíomhaoin, leamh: gidh gur ag saothrúghadh do shláinte si do caitheadh iomlán beatha do Shlánaightheora, agus gach a bhfuil sé ag fulaing anois, is air do shonsa é! Ah! bíodh truaigh agat anois, an chuid is lúgha dhé, dá choinghioll dhólásach, an tráth thaisbéanann a Athair a bheith boghar dá úrnaighthibh, air an gcéud láimh, agus air an láimh oile ataid a dheisgiobail ro-chodlatach chum aon tsuim do chur ann. San gcoinghioll diamhair so, do thig aingiol ó neamh do chum fortacht do thabhairt dá son, noch is lúthgháir dona hainglibh! O! Créud an úmhluigheacht! acht cia an ghné fortachta is dóigh leat do bheir an taingioll so leis? gan amhrus, ní hé a mhalairt acht toil an Athar síorruighe do chur a niuil do, agus ag athchuinge air go húmhal, a nainim neimhe agus talmhánn, gan claonadh ó'n fhuasgailt líonmhar úd, do phartúghadh do pheacachaibh bochta tré na ghrádh do-chríochnaighthe, an nidh tré a dtáinig sé air an saoghal, agus tarcaisne agus peanaid aon lae amháin ghairid d'fulaing andóigh
na eine dhaona do shlánúghadh, agus air son na glóire, agus na honóra do gheabha an diaghacht air son a dhualgais uile. Déunaigh a shamhuilsi do machtnamh air thoil Dé, air mhéudughadh a onóra agus a ghlóire, agus tairbhe tanama féin, fortacht dhuitsi air gcéudna, fád dhaorphian, agus fád chrosaibh: Ní bhfuil fortacht is diongmhalta. Smuain, san gcuigeadh áit, An diachair marbhthach noch d'fulaing ar slánaightheoir ina anam, air feadh úrnaigh na hoidhchesi. d'féudfamaois airgiona, agus duaigh a anama do mheas, treas an táimhe éugsamhlach do thuit air a choluinn dá bhithin, le a theilgionn san allus ró-iomarcach fola úd san riocht gur fliuchadh an talamh féin air luigh sé sléachta. A Iosa mhilis! cia chualadh trácht riamh air aleithéid sin do dhuaigh? Acht, O m'anam! créud is dóigh leatsa dob fhíorádhbhar dona mhairgibh uile, agus do ghéur dhuaigh do Shlánaightheora? Go háirighthe an triar so, Air dtúis, amharc shoilléir, agus taisbeánadh bíogamhuil air iomlán a raibh le fulaing aige air feadh a pháise go léir: ionas go raibh gach aon tarcaisne agus diachair dár bhain do ina dhiaigh sin, diaigh andiaigh anois a néinfheacht leagtha a láthair súile a anama, maille re gach nidh fó leith do ghríosfadh iad: air an adhbhar san gur fhulaing sé hiomlán a pháise fá dhó tríd, agus tairis, sé sin, uair ó lámhaibh a námhad, agus uair oile do réir mar do thiosbáin a
aigne féin go soilléir beómhar do, gach uile nidh dá raibh le fulaing aige. Acht a Iosa ionmhuin, créud fáth na húirphianta breiseamhla so? Ni fhéudfadh aoinnidh acht amháin do ghrádh mé fhreagairt. Adhbhar oile do chuidigh le doilghíos ar Slánaightheóra, se sin, amharc idirdhealbhthach air pheacadhaibh an domhain uile, ó thuis gu deire; air choirthibh, agus air ghníomharthaibh sgannramhla, ghraineamhla na cine daona, iad go léir anois dá gcur ina leith chum a nglanadh amach le na fhuil. Ah, nách gráineamhuil dféuch na hathaigh ifrionda so a súilibh ar Slánaightheóra, an té amháin agá raibh baramhuil ceart air a mórthroimead, tre ghlan radharc do bheith aige do ghnath ós a chomhair, air an ardfhlaith éig-críochnaighthe do masluigheadh triotha. O a Thighearna nách mór an pháirt do bhi ag mo pheacadhaibhsi san radharc dobrónach so? Nách mór, faraoir, do pháirtigheadar chum do phiantaibh agus do dhobróin? An treas nidh dob ádhbhar doilghis dár Slánaightheóir, sé sin, an fhios do bhi aige loighead an tabhacht do dheunfadh na Críostaighthe féin dá dhocharaibh uile; air fheicsin a ndailleacht, agus a gcruadhas croidhe, le a niompóchadaois an léighios so ina nimh mharbhthach, agus a fhuil uasal do shaltairt fána gcosaibh. Ag feicsin cailleamhain síorruighe an oiread do mhilliunaibh anam, tré a raibh sé le a chur chum báis; agus beagnuimhir na droinge do rachadh as
ó bhás shíorruidhe tre thoradh a pháise, agus a bháis. Na smuainte dubhacha dobrónacha so uile ag ciorrbhadh anam ar hFuasglaitheora anaoinfheacht, dá ghairm chum an duaigh do fhulaingthe sin, agus do chuir le héigionn na sruthadha fola úd uaidh. A Chríostaighthe biodh truaigh aguibh anois do dhaornead bhur Slánaightheora, agus bíodh rún aguibh gan lámh do chur go bráth arís ann a anam dilis do bhuaireadh le peacadh. AN XXVI. CAIB. Ar Slanaightheoir a Gcairt Chaiphais. An seisiughadha la fithchiod. Smuain, Air dtúis, Air neirghe dár Slánaightheoir óna úrnaigh, tairéis a eagla uile do chlaoidheadh, do thig chum a dheisgiobal, dá rádh riu codla leó, agus a suaimhneas do ghlacadh, go dtainig a ám agus go raibh an fealltóir le anais. Acht tusa, a Thighearna ionmhuin cá choin a dhéunfair codla na suan? Ni dhéunfair go codla déighionnach an bháis air leaba chruaidh na croise. Meabhraidhighe, a Chríostaighthe, le súilibh bhur nanama, an misneach agus an éusguigheacht thaisbéanas bhur Slánaightheóir air an dtriallsi chum fulaing air bhur son, ag ímtheacht roimhe chum teagbháil ris an bhfealltóir, agus re na chómhlucht: dearc air an gceannsacht re a nglacann sé póg cealgach na siothchán. Agus fós chum a dhearbhadh, nách féudfadh cómhacht air bith
aghabháil acht le na shaorthoil féin, le dhá fhocal, "Ego sum," "Is mise é," do léag sé chum láir an sluaigh uile do tháinig chum a ghabhtha, dá gcur air gcúl, agus ag tuitim go fann chum talmhan. Tairéise sin do chuir sé é féin ionna lámhaibh, agus tairéis iad dá cheangal do shraoilleadar leó é a steach do'n gcathair tre árd agus ísioll, an tan air dtréigionn dá dheisgioblaibh uile é, do ritheadar air siubhal, dá fhágbhail sin a lámhaibh anámhad, noch do rug air dtúis alathair Annais, sé sin, athair céile an árdshagairt mar a bhfuair aithfear ó bhráidh ghiolla mhallaighthe do thug bas do air an gcluais. As san do threoruigheadar é go cúirt Chaiphais an áit a rabhadar taoisigh na sagart agus na hársadha cruinnighthe ag feithiomh leis an mbraigh nuadh so fhaicsin ina láthair agus leagtha amach air dhéunamh chum siubhail leis do chóir nó dhéugcóir. Leansa anois do Shlánaightheoir, ó m'anam, gach aon choiscéim do'n tslighe, tréigthe anois aga cháraid uile. Machtnaigh an tuan ceannsa so ameasg na bhfaolchon chiocracha so. Fá thromualach ag cuid sgige agus tarcaisne: Acht beir leat súile do thuigsiona fós ni bhus sia, dearc air inmheódhain a anma agus faic an luthgháir agus an sásamh do ghlacan sé ag ciómhlíonadh toil a Athar síorruidhe, agus ag fulaing air do shonsa: Agus foghluim uaighsi a samhuil do inntinn ad dhaordhualgaisibh uile.
Smuain, san dara áit, Nach tuisge tugadh ar dTighearna go dún Chaiaphais an tárdshagairt, mar a raibh tionól air chómhairle na seachtmodh cinniúdaigh, ioná thionnsgnadar a Thriaill gan mhoill tairéis fáilte tharcaisnigh, agus na bhfiaghnaise bréige do ghairm do bhi chum cur air. Acht féuch áirdréimheas Dé, féuch neart na firinne, agus neimhchionnta iongantach an uainsi ó Dhia: Daimhdheóin urchóide na cúirte mallaighthe so, agus a bhfiaghnaidhe, daoine gan onóir, chreideamhuint, seiniodh gach abhfághdaois a chur ina leith do bhí sé gan éifiocht nó ní thigeadh a sgéulta le chéile ceachtar aca, noch do rin a bhfiaghnaise neamhthabhachtach. Acht an feadh do ghnídh tu ádhradh do'n réimheas so, feuch, agus déin iongantas do cheannsacht, agus d'foighne do Shlánaightheóra, noch do bhi ina thost faoi gach imdhearga dá ndeárnadar na fiaghnaisighe bréugacha so air, ag tabhairt dá réir sin deimhniughadh ró dhearbhtha go raibh sé cáiléigin ni bhus mó ioná duine, noch dféudfadh éistiocht chómh ciúin sin an feadh do bhi a chlú agus a anam a gcontabhairt a naoinfheacht le masla follus. Air mbeith dho námhuid ar Slánaightheóra air na gcómhmheasga, eirghios an tárdshagairt agus cuireas fá gheasaibh é a nainim Dé bhí, a inisin do má budh é an Críost mac Dé é? A nóghmós d'ainim chómh adharamhuil leis, do rinn ar dTighearna admháil agus foillsiughadh solamanta
air an bhfírinne; ag teagasgúghadh, a lucht léanamhna, le na shompla an tráth glaodhfuidhe air a dtriaill iad, gan náire bheith ortha choidhche é féin, agus a chreidiomh d'admháil. Air sin raobas Caiphas a bhrat ag éimhe amach Diamhasla! Agus dfógruigheadar uile é Cionntach chum báis! Acht tusa, m'anam, fógair amach buinsgionn dóibh, mar aon ris na hainglibh. Is fiu an Tuan do marbhadh, cómhacht, agus saidhbhrios, agus eagna, agus neart, agus onóir, agus glóire, agus beannúghadh, Taisbeana, f.12. d'fághail ó an uile chréatuir go bráth. Smuain, san treas áit, Nách túisge tugadh an daoirbhreath air ar Slánaightheóir, leis an mórchómhairle, ioná ionnsuigheadar uile é le barbardhacht do chloiste, mar an spioradaibh ifrionda, agus ni mar dhaoinibh, agus leagadar air anuile ghné éugcóra, buileadha, aithfir, agus diamhasla. Féuch, m'anam, mar chaithid na hannchoin ifrinn úd sílidhe san aghaidh air do Shlánaightheoir, agus a réuma ghráineamhuil daisiog air an éudan naomhtha úd air ar shuigh áileacht agus árdfhlaithios. Féuch mar chórnásgaid, mar chosrálaid, agus mar bhuailid é le cuthach neamhthrócaireach, agus é sin le na lámhaibh ceangailte air an dtaobh shiar de, gan air gcumas do aon bhuile amháin do chosnamh, ná aon cháraid aige do ghlanfadh a aghaidh, ná mar chasaid seanna cheirt éigin salach timchioll a shuilibh, agus annsan le droichmheas (chómh
maith is gur Bhfáigh magadh no mealltóir é) le gach buile fiafruighid de a innsin cia bhuail é? Mar aon le hiliomad oile aitbhior, noch d'fulaing sé le foighid agus le ciunas dochlaoidhte. Smuain, san gceathramhadh áit, Tar gach nidh dár fhulaing ár Slánaightheoir a ndún Chaiphas, gur mó do chuaidh sé air an mbeó aige ioná iad uile, an tuitim conntabhairteach do rin Peadar, taoiseach a Easboil uile, agus an té fuair na gréirthe budh dheargsnaithe uaidh, an té do mhoigh an oidhche chéadna san, dá mbeith go dtréigfidís an tiomlán eile dona deisgioblaibh a dTighearna, nách tréigfeadh féin choidhche é, agus gurab luaithe do gheabhadh féin bás maille ris ioná do shéunfadh sé é: Gidheadh, dearc air laige agus neamh-sheasmhacht an nádúir dhaona, le guith chailín shuathrach séunan sé a Thighearna gan stad, agus séunann an dára uair agus an treas uair, agus fós do ghnídh é féin d'easguin agus dearbhann nách raibh aithne riamh aige air an duine. A Iosa mhilis! Créud é an nidh duine! O a Thighearna féuch ormsa, agus congbhaigh suas me lead ghrásaibh, no séunfad tu mar an gcéudna. Dob iad ádhbhair tuitim Pheadair, ó thuis, díomas agus anndóthchas áirighthe ionna neart féin. A rís, a fhaillith a dteagasg ár Slánaightheóra, ann codla dhéunamh an tráth budh chóir dhó faire agus guidhe do dhéunamh. Agus fó thri, dá rith féin a gconntabhairt tré thuitim
go toiltionach a ndroch chuideachta. Feuchsa ar bhain a leithéidibhsi dhuit féin chum a leithéid do dhochar duit, tré do tharraing chum a shéunta air gcéudna, agus fós chum a chéusda le peacadh, Foghluim aithris do dhéunamh air áithríghe éusga an easboilsi, noch dimthigh amach gan mhoill agus ghuil go géur tairéis a thuitim. Nidh a déarthar do chleachtaigh sé riamh ina dhiaigh sin chómh minic agus chuala sé gairm an choiligh. Smuain, san gcúigeadh áit, Mar do chuadar na hárdshagairt agus na sgríobaidheadh chum suain, iar dtabhairt breithe bháis air ár Slánaighthéoir, dá fhágbháil sin air lámhaibh náchar chosmhuil do léigfeadh aon tsuaimhnios dó. O! Créud an tsamhuil oidhche do chaith ár Slánaighthéoir ameasg na haicmesi, iad súd noch chum a ndroichbheart féin agus maillís a dTriatha do shásamh, gur chuireadar a ngníomh arís agus arís an radharc neamhdhaonachtamhail úd noch do thionnsgnúigheadar an tan do bhádar a nurradha do láthair, ag leagann air an uile ghné mínághaireacht agus diamhasla: Ionas gur féidir linn a dheimhniughadh go dána noch foillseochar leath ar fhulaing ár Slánaightheoir an oidhche sin, go lá an bhreitheamhnais. Iomlán an mhiomhodh gur fhulaing go ciuin; agus an uair sin féin, an tan bhádar dá aithisiughadh, go raibh sé ag guidhe ortha, agus ag gabháil a leithsgéil re na Athair, agus ag tairgsin suas
a dhuaigh go léir a ndioghaluigheacht air son a bpeacadha. A Iosa mhilis, tabhair grása dhúinne aithris do dhéunamh ort. AN XXVII. CAIB. Ata ar Slanaightheoir air dtabhairt do lathair Phiolaid agus Herod. An seachtamhadh la fithchiod. Smuain, air dtúis, Chómh moch air maidin, agus d'éirghe an tárdshagairt agus a chómhlucht uile, tairéis déighionaoidheacht anáirneádhain, do chruinniughadh cóimhthionóil ni bhus iomadamhla dona Sanhédrim, agus ann soin, arís cuirid an cheist chéadna chum ár Slánaighthéora, Dá ma é Mac Dé? Agus air fhághail an fhreagra chéadna, daingnid an bhreath reamhráidhte. Gídheadh, ó náchar thuigeadar a slánadh féin tre bhreath do chur a bhfeidhm gan toil Phoint Phioláid, sé sin, an riaghlaighthéoir, air mbeith dhóibh féin fá smacht na Rómhánach do rineadar cómhairle a bhreith chum Phioláid, agus tré na ughdarás san é chéusa, modh bháis noch do thogh a mailís, mar go raibh sé san am céudna ró tháir, air mbeith dho fá leith dona moghaibh budh dhí-mheasda: agus dona cionntachaibh budh shuathantuisighe; agus an bás budh dhaordhálaidhe air mbeith dho mall, mí-éusga fána diachairibh budh ghéire, neimhnighe. Gluais, anois, a anam chríostamhuil, agus meabhraigh do Shlánaighthéoir mar bhrostuighthear é air lorg na sráideadh le na
lámhaibh cuibhrighthe, o thigh an Ardshagart go dún Phioláid, agcuideachta na cómhairle go huile, agus a ministéirighe malluighthe, da fhógra le hárdghuth do réir mar ghluaisighid, gur ab anois do bhádar a bhreug-ghnodhtha uile nochtaighthe, a shaobhchrádhbha so fhaicsighthe, agus é féin daortha a dtaobh diamhasla. Féuch an pobal luaithaigionta, noch d'onóroigh é mar Fháidh, aga bheag roimhe sin, mar chuirid anois go prab le na námhaid dá leanmhuin le gáir fochmaide, dá áithisiúghadh air feadh na slighe do ghabhann sé, agus ag teilgionn an uile ghné tharcuisne agus dochair air. Smuain, san dara áit, Agus dearc go grinn, breitheamh na mbeó agus na marbh, ag seasamh re na lámhaibh cuibhrighthe mar chionntach a láthair bheag fhlaith, agus féuch an dearbhadh. Tairéis dona taoiseachaibh sagart agus d'uachtaránaibh an phobail é thabhairt suas, agus air fhiafradh dho Phioláid dhíobh cia na cuir fá leith do bhi aca ina aghaidh, ní dhearnadar aon chadhas do chumadóireacht nuadh do thionnsgna dhó, go raibh sé ina dhuine bhuaidheartha, urchóideach, ina mhéirleach, agus ina ghliadhaire easúmhal don dlíghe, agus ag toirmiosg cáin do dhíoghal le Saesar; agus cur suas chum bheith ina Rígh air na Iudaighibh. Tabhair fá taire aon uair amháin oile foighne do-chlaoidhte do Shlánaighthéora, ag éistiocht go ciuin le gach éugcóir follus dár chuireadar ina leith, ionas go raibh iongantus air an mbreithiomh
go bhféudfadh aon duine bheith ina thocht fá na samhuil do dhaorshaoibh, nár shanntuigh nídh budh lúghadh ioná a dhamnúghadh don mbás dob aindeise. Air a shon son mar do chonairc sé go follus tré bhréigriocht na nárdshagart agus sgríobuíghe, do mhínigh sé an sost so chum saortha ár Slánaightheora; acht ag amhrasúghadh beagán air an bhfocal so, Righ; acht air bhfaghail iomlán sásaimh san gcás so, air na chur agcéil do nach ba dhon saoghal so rígheacht ár Slánaighthéora, agus dá bhrígh sin nár bhaoghal do Fhlaithios Shaesair é, do mheas sé é léigionn fó réir. Bíodh uathbhfás ort fá chómhacht an neimhchionnta, noch dféudfadh fós págánach, agus aon dona fearaibh budh mheasa, mar do bhi Pioláid; agus bi deimhneach, le labhairt agcoitchine, gur fearr do dhearbha air do neimhchionnta, foighne agus suaimhneas, ioná olc anaghaidh an oilc agus cosnamh béul-láidir garóideach. Smuain, san treas áit, Air mbeith do Phioláid deimhneach do neimhchionnta ár Slánaightheora, agus mian do bheith air é léigionn fá réir, do thárla aighneas ceanndána dho óna huachtaránaibh agus ó'n bpobal dithcéilighe, agus uime sin air dtuigsin do ár Slánaightheoir do bheith ina áitightheóir san nGaililíghe, fá smacht Joruath, noch budh Thetrarc san nGaililighe, as san do mheas sé eirghe as a sírriarratus, le a chur chum Joruath. Gluais led' Dhia, ó m'anamsa, san nuadhshlíghsi,
agus bréithnigh a cheannsacht éugsamhlach, an feadh do ghluaisionn treas ná ráidibh, fál do shluaidhtibh maslaightheach air an uile thaobh le gárthaibh casaoide, agus árdghlor. Budh ro uthgháireach Joruath tré na theacht, a ndóigh go bhfaicfeadh miorbhuil éigin, agus uime sin do chuir mile ceist air; an feadh do bhádar na cinniúdaigh le aoin inntinn mailíse ag aithfhriotal a bhfiaghnaise bhréige ina aghaidh: acht do bhi ár dTighearna fós ina shost, ná ni sháiseócha mian dhíomhaoin Joruath, ná ni dhéunfa aoinnidh le a gclaonfadh an taoiseach san chum a shaortha ó'n mbás úd noch do iarr sé chómh dian san, ó sé tré órdúghadh na bhflaithios, dob aoinmhéadhain fuasgalta dhúinn. Go ma beannaighthe a mhaithios go tráth tré na chréatuiribh uile. Smuain, san gcéathramhadh áit, Mar diarr Joruaith, air nglacadh feirge dhó tre nár bháil le ár Slánaightheoir a aigne do shásamh ann míorbhuil do thiosbánadh dhó é féin do dhíoghalt air le fonómhaid agus tarcaisne do thabhairt do, agus órdúghadh thabhairt a éidiúghadh go fochmaideach le brat bán, amhuil culaith amadáin, nó b'éidir righ bréige; agus do chuir tar a ais arís chum Phioláid san gcórúghadh so é, san gcuideachta chéudna ionna dtáinig, maille re céardshluaigh maslaightheach, fá thaoiseachaibh Sgríobuidhe agus Phairisíneach. Seas fá iongantas, d'feicsin eagna síorruighe an
Athar, air na fhriothálamh mar so amhuil óinbhid; agus foghluim ó so, gan bheith buaidheartha na cúramach timchioll breitheamhnais an tsaoghail. Smuain, san gcúigeadh áit, Mar cheap Pioláit air fheicsin ár Slánaightheora tabhartha tar áis arís chum a bhreitheamhnais féin, slíghe oile chum a shaortha, acht air mhodh gan cúis ghearáin do thabhairt don árdshagairt ná dona cinniúdaidhibh acht chomhbeag is dob éidir. Dob é béus na críche sin air lá fhéile na Cásga, (noch do solamnuigheadh an lá céadna san,) air gcuimhniúghadh abhfuasglaighthe a hannbhroid na hEigipte, aon chionntach do léigionn fó réir, dá niarradh an pobal; uime sin air nglacadh na huanach so do Phioláid, do thairg sé a rogha dhóibh, eadhoin, ár Slánaightheoir air láimh, agus Barabas feill-bheartadha, sladadha agus dúnmharbhthóir, air an láimh oile; mar do bhí sé deimhneach go mbfheárr leó dho rogha uan neamhchionntach Dé d'fuasgladh, ioná Barrabas, an cionntach budh mheasa le fághail, do dhul, ó phionós iómchubhaidh. Och! a Phioláid, nách taodach an taithfear so do bheirir dho Mhac Dé, an tráth shaoileas tu congnamh saortha do thabhairt do? Go dé si! an gcaithfeadh Tighearna na beatha, agus na bithbhuaineadh, seasamh agcóimhéiliomh ris an té budh tháire dhon drong daona, Rígh na bhflaithíos, ris an gcorthóir budh shuthantaisighe dár bh'éidir smuaineadh air? An fá
rádh na leadrán a fágfar cia aca dhon dís fear is fearr, agus cia is mó thuill a chur chum báis? O uirisleadh eugsamhlach mo Shlánaighthéora! O a Rígh na glóire, nách ísiol do chromais chum mise do thógbháil ó'n gcarnaoiligh? Smuain, san séisiúghadh áit, Munar aithis do-fhulaingthe ár Slánaightheoir do chur a gcomórtas le Barrabas, créud é ar dtuairim, no créud an tainim do bhéuram do rogha na ndallacán úd, an tráth thoghadar Barrabas róimh Chríost, agus a iarradh é si do chéusadh, agus é súd do shaoradh. O! m'anam, féuch san uirísle iongantach so do Thighearna, chomh doimhinn, chómh conntabhairteach le cneadh an uabhair, nár bhféidir a léighios gan ísliúghadh chómh mór san: O! féuch an bhfuil do chneadh féin léighiosta fós. Cuardaigh tu féin mar an gcéadna, muna rabhais go minic, amhuil na Iudaighthe dhalla so, cionntach ann rogha do dhéunamh dho Bharrabas do thógbháil roimh do Shlánaightheoir, le casa do chuil leis air son beagán éigin sochair, nó sásamh aigne salach? Más amhlaidh san atá, is lúgha a táirse ionnleithsgeil ioná iad san, do bhrigh go bhfuil a fhios agadsa gur ab é Tighearna an uile ghlóire é, air an am céadna a ndéinir inghreim air le peacadh; anaghaidh sin, dá mbiadh a fhios aca san a bheith amhlaidh, ni thogfadaois aon Bharrabas choidhche roimhe.
AN XXVIII. CAIB. Ar Slanaightheoir air na sgiursadh ag an gcolamhain, agus coroinighthe le Deilgnibh. Ad ochtmhadh la fithchiod. Smuain, air dtúis, Mar d'éimhiodar na Iudaigh gan traochadh anaghaidh ár dTighearna, agus a slíghe gháróideach ag éiliomh a chéusta, do ghabh Pioláid slíghe oile chum gabháil timchioll a léigionn fó réir, eadhoin, ag féuchain le na naigne díoghaltaiseach do shásamh, tre órdúghadh thabhairt é sgiursadh go ro dhian. Och! a Phioláid, nách cruadhálach é do thrócaire! an amhlaidh so do ghníthir leis an té úd d'admhais neimhchionntach? An é si do chóir? Acht níor bhfuláir le ár bpeacadhaibhne, ó m'anam, gur ab mar so do geabhthaoi go cruadhalach chum Thighearna na glóire, agus a thabhairt fá smacht an phionóis anuasailsi, nách himeórfuidhe air aoinneach acht na braighde budh choitchine, agus na haindeiseóiridhe bo tháire. Seasaighse, agus féuch, O m'anam an modh air a gcurthar an bhreachtso a bhfeidhm. Féuch mar lámhairthídhid na soighdiuiríghe fuilteacha an tuan Dé si, mar nochtaid é dá éadach uile, agus a cheangal go daingionn do chollamhuin chloiche: féuch mar leagaid air a dhrom agus air a shlinneanaibh choisreagtha greadóga, laisgionna agus sgiuirsíghe do-airmhighthe: féuch mar do thig an fhuil ag
spreucha amach air gach aon taobh: féuch mar atá a chorp raobtha briste la na gcruadháltacht, agus an fheoil sgaoilte a steach gus na cnámha: féuch a námhuid air feadh na haimsire dá mhaslúghadh agus ag déunamh luthgháire, tré na phiantaibh sin, an feadh atá sésion le na shúilibh tóighthe suas chum na bhflaithios ag tairgsin gacha bhfuil sé a fhulaing, air son a bpeacadhaibh sin, agus peacuighe an domhain uile. Ah! a Pheacacha, bréithníghídhe go cruinn bhúr bhfuasglaightheóir anois, agus feic urchóid an pheacaidh iona chorp raobtha brúighte, agus foghluim an tainmhidhe ifrionnda so dfuathúghadh, noch do thug an Mac so Dé chum an churaidh so uile. Smuain, san dara áit, Mar, sgaoileadar na dailtínídhe fuilteacha so ár Slánaightheóir, air ndéunamh aoinchréucht dá choluin ó bhonn go bathus leis an sgiúrsáil dhaor so, ó'n gcolamhuin faoi dheóigh, dá fhágbháil féin ag cuidiúghadh chum a éidigh chur uime chómh maith agus dféudfadh. A! a Chriostaighthe! bíodh truaigh aguibh anois do choinghíol uaigneach bhúr Slánaightheóra; ag nách bhfuil duine do bhféurfadh lámh chonganta dho chum a chréuchta béulosgailte do cheangal, no an fhuil do thig ina srothaibh asta do chosg. O léig tú féin ina láthair anois, agus tairg dho an méid congnamh atá air do chur, tairg dho air a loighead, congnamh ag chur a éide air, chum a nuadhloit do chlúdamh ó'n aodhar fuar. Acht
oh! nách garg iad na héuduighe ollainne si air a dhrom créuchtnaighthe! Faraoir! anionad aon tsuaimhnis ná fortacht do thabhairt do, isé ghnídhid a dhoilghíos do mhéudúghadh ag coimilt diobh. Smuain, san treas áit, Nách mór go dtugadar na soighdiúirídhe folamhla sgith ghairid dár Slánaightheóir tairéis a sgiúrsálta, an tráth do shéid an diabhal iad chum radharc oile dá ndroichbheart do chur a ngníomh, nídh nách cualaigheas a shamhuil roimhe sin ná ó shoin, agus dob é sin subhachus barbartha do dhéunamh dhóibh féin, ann coróinn do chur air mar Righ. Uime sin do shracadar leó é a steach go cúirt an dlíghe, agus cruinníghid agcionn a chéile iomlán an chathbhuidhin, agus annsan bainid de arís, go cómhéigneach, a chuid éudaigh, noch do thoisigh anois air cheangal go daingionn dá chorp créuchtnaighthe, cuirid ina shuighe é air bhinnse nó stól; teilgid seancheirt éigin chorcair timchioll air, casaid lúbóg do dheilgnibh leabhaire, géura, cruadha, agus fáisgid síos air a cheann naomhtha é, cuirid feóig nó giolcach ionna láimh mar shlat ríogha: annsan le aithis, air dteacht ina láthair dóibh, duine air dhuine, fillid a nglúine le fáilte tharcuisnigh, "Go mbeannaighthear dhuit a Righ na nJúdaigh," do chaitheadar silíghe air a eudann, buailid é, agus air nglacadh na giolcaighe nó na féige as a láimh, buailid air a cheann é, dá bhrigh sin tiománaid na deilgnídhe a steach ni bhus doimhne,
an feadh ritheas an fhuil go mear óna créuchtaibh iomdha do ghnídh a reanna air. A Iosa mhilis, creud déarfam annso, nó creud is mó dá ndéunfamoid iongantas, meang na feadhmanaigh si an áidhbhirseóra, nó an charthanacht neamh-ionann noch do sháraigh ort a leithéidsi do phionós agus do mhasla d'fulaing do pheacachaibh miochumannacha. Go ma beannaighthe do mhaithios go síorruighe. Smuain, san gceáthramhadh áit, Mar threóraigh Pioláid ár Slánaightheoir mar do bhi sé, le na choróin spíne air a cheann, agus a cheirt chorcair air a ghuailibh, air dhóigh go raibh meang agus fearg na nIudaigh sásta anois, fá gan a bhás diarraigh ni bhus mó, 'nuair chífidís an tiarántacht agus an tarcaisne do himireadh air le géille dá gcuthach san, agus ó ionad árd taisbéanann do'n bpobal é, le Ecce Homo. Féuch an Duine. Féuch an modh air a bhfuil sé láimhrighthe anois, stad dá bhrígh sin, do na bhás diarraidh ní bhus siad. Cuiridh a chorp comh chréuchtnaighthe ó bhonn go bathas, do thrúaighbhéil anáirighthe. Acht tusa, a anam Chríostamhuil, féuch an Duine le gné oile do shúilibh seach na truaighleanacha cruaidh chroidheacha so! Agus féuch chómh hísiol, agus thug do pheacaidhse, agus a Charthanacht do-chriochnaighthe féin é. Féuch air a cheann coróinnighthe le lúbóg do dheilgnibh géura, ag tolladh a ghruadh naomhtha air gach uile thaobh le mór pheanaid. Féuch
aghaidh gné-mhillte go léir le daitheanna dúbha, gorma, agus sraolighthe go léir le silíghibh agus fuil. Féuch a chorp go hiomlán srácaighthe, stróicthe go neamhdhaonachtach le laisgibh agus sgiúirsídhibh, agus anois follaighthe le brat cruaidh, garbh, giobógach, gach mómaid ag méudúgha a chréuchta le hiomchoimilt diobh; agus annsan féuch suas, agus meabhraigh é air a Chathaoir glórmhar, agus féuch créud an cuitiughadh fhéudfair dodhéunamh ris treas an ainriocht so ionnar chuir sé é féin le grádh dhuit. Ni iarrann sé a thuile ort acht aithris do dhéunamh air a fhoighne agus a úmhluigheacht: uime sin feuch créud an modh air a bhfuilir chum na dteagasg so do chleachda. AN XXIX. CAIB. Iomchrann ar Slanaightheoir a Chrois, agus taithighthear le tairinge die. An naomhadh la fithchiod. Smuain, air dtúis, Mar nár ghlacadar na Júdaigh taiseadh air bith ag faicsin Uain Dé ag cur fola air son pheacadh an domhain, acht ag síor-iarraigh go gáróideach, tre mhéud a bhfala, go gcéusfaidhe é, acht faoi dheóigh do chlaon Pioláid dá niarratas, agus anaghaidh a aigne féin do thug breath chéusta air ár Slanaightheoir. Ah! a Chriostaighthe, nách raibh sé riamh do dhonas oraibhse bhur Slánaightheóir agus a theagasg do dhaoradh tre na
shamhuil sin do mheathtachus, agus diultadh go táir, a gcleachta bhur mbeatha, do riaghlachaibh a shoibhsgéil; le heagla roimh an nídh a déarfadh an saoghal. Nách ró mhinic daontadhabhair Mac Dé do chéusadh tre adhbhar budh lúghadh ioná cailleamhuin charadais Shaosair? Dá bhrígh sin bi claoidhte agus déin áithríghe. Smuain, san dara áit, Mar do glacadh an bhreath so an bháis, da éugcóireadh agus do bhi sí ó Phioláid, gidheadh ó do bhí sí ró cheart ó na Athair síorruidhe agus riachtanach chum ár slánaighthe, le fíor-umhluigheacht, carthannacht agus ceannsacht, le bhúr bhfuasglaightheoir; noch air sin do nochtadh gan mhoill arís dá bhrat corcair, agus cóirighthe le na éudaighibh féin, agus do leaghad air a ghuailibh créuchtnaighthe cros throm, inniúil air fhaid agus air mheud chum fir diomchar: agus dís bhitheamhnach no sladuighthe beartaighthe chum cuideachtan do chóimheud do, agus a gcur chum báis maille ris, chum an tarrangaireacht úd do chiomhlíonadh, eadhoin, "Ameasg na gcionntach do háirmhígheadh é," Isai.35. Tigídhe anois, a anamna cráibhtheacha, agus bréithnídhe bhúr Tighearna san dturas nó san saothar déighionnach so aige. Gluaisionn clámaire roimhe ag fógra ós árd a choirthe bréige agus diamhasladh an fheillbheartadha so nách cualas trácht riamh air. Ann san leanas na soighdiúiridhe agus an lucht
díthcheannta, eadhoin, na céusdúnaigh, maille re téudaibh casúiribh, tairngnibh, srl. Ina ndiaigh sin gluaisios, nó fós snámhas air a chruibh, ár nArdshagairt agus ár niodhbairt, go léir brúighte, fuilteach, le bitheamhnach air gach láimh leis, agus an chroich air a ghuailibh dá tharraing air aghaidh coiscéim air choiscéim; leanta, agus timchiollta air gach aon taobh leis na sagartaibh, agus leis na sgríobuidhibh, agus iomlán an tsluaigh choitchion uile, ag eascaine, ag casaoid agus ag aithisiughadh air; an feadh atáid na crochairidhe tiaránta dá bhrostúghadh leó ag gabhail do chosaibh agus do bhuilídhibh air! Ah! a Chríostaighthe, biodh truaigh agaibh, anois féin, do dhochar bhur Slánaightheóra, agus méudaighe a ualach le peacadh. Smuain, san treas áit, Air niomchur a Chroise dár Tighearna beannaighthe feadh aga éigin le duaigh agus dochar do-labhartha, treas na Sráidibh, faoi dheóigh go dtuitionn fá'n ualach, gan ann a bhreith ni bhus siadh leis. Ná bíodh iongantas ort, m'anamsa, ina thaobh so, ó léag a Athair neamhdha air a ghuailigh ualach ni bhus do-iomchair ioná ualach na croise, bíodh gur sháraigh sí a cholainn do bhí cortha, loitighthe ann gach aon áit, agus traochta tre chailleamhuin a noiread fola; eadhoin: ualach peacadha an domhain uile. Ah! a Chríostaighthe, is fán ualach uathbhásach so do thuitionn bhur Slánaightheoir agus theighionn sé a laige. Na a bhfuil aon fhuara
aige óna ualach mhiothrócaireach a dtaobh mar do cuireadh dfiachaibh air Shíomon Cyréne, an chrois do thógbháil suas, acht níor iomchair sé aon roinn dualach ár malaightheachtne, an tiomlán noch do léag an tathair neámhdha air a Mhac ionmhuin, chum a nglanta amach le na bhás. O a mhaithios do-chríochnaighthe an Athar! O a Charthanacht do-chríochnaighthe an Mhic! anoiread san do dhéunamh agus d'fulaing air son an daonuighe aindeas. O! m'anamsa, féuch ná bí go bráth arís míochumanach do Dhia chómh grádhmhar san. Smuain, san gceáthramhadh áit, Air mbeith dár Slánaightheoir anois iar riochtain Shliabh Calbhair, go léir sáraighthe, caithte amach, mar ghéirleanaid ministéirídhe ifrinn fós é le droichbheart neamhthuirseach agus do bhrígh go raibh sé dho nós deoch neirt do thabhairt dona cionntachaibh do bhíodh fá bhreith bháis, fíona suathaighthe le mirr, féuchaid le domblas do chur san ndigh do bhí le naghaidh éision. Iar san nochtaid go hanbhorb dá éudach é, noch fá namso do lean go daingionn dá chneadhachaibh agus fhosgail a loit go léir a rís, agus dá thaisbeanadh nochtaighthe, le náire agus le fuacht, a radharc sluaigh do-áirmhighthe. Druid a leith anois, m'anamsa, agus feic é ag cur fola go húr le grádh dhuit. O féuch an feadh atá an chrois dá hollmhúghadh, mar shleachtan sé air a ghluinibh, agus thairgionn é féin dá Athair síorruighe, mar iodhbhairt fuilteach chum a fheirge, noch do fodaighthe tre ár bpeacadhaibhne d'fuarúghadh.
Smuain, san gcúigeadh áit, Mar do luigh an chrois air chómhthrom talmhan, leagaid ár bfhuasgluightheóir sínte amach rithe, an té nách déin cur ina naghaidh acht mar uan ceannuis. Agus air dtúis air dtarraing a láimhe deise chum na hionaide air ar chinneadar chum a socraighthe, tiomanaid le na gcasúr, tarrainge mor, géur tre na dheárnain, ag déunamh a shlíghe le diachair dí-chreidte, treas na feirsibh, na féithibh, na tarsnanaibh agus na cnámhaibh dá bhfuil an lámh cumtha, a steach a nadhmad cruaidh na croise: san am céadna chum géilleadh dhon lot san, agus dona feirsibh do bhí air dtolladh, do tarraingeadh dho réir nádúra iomlán na Colna a gcionn an taoibh deis: acht níor bhfada fulaingeadh dhi fuireach mar sin; óir áir nglacadh a rígh, agus a láimhe oile dona búistéiribh daordhálacha so, srácaid go héigneach é chum an taoibh clé, air inntinn na láimhe sin do spíceághail don ionad do cinneadh dhi. Annsan ag tarraing achosa síos, do cheangladar a throighthe naomhtha air an modh céadna le tairngibh don adhmad: agus so uile le daordháil chómh dian san, go saoilfear le síneadh agus tarraing gur ro mhór leónadar iomlán a cholaine, agus gur chuireadar na hailt as a nionad a mórán dáitibh, do réir an Fháidh rightheamhuil, "Do tholladar mo Lámha agus mo Chosa; d'airmhigheadar mo chnámha uile." Salm, 21. Och! a Chríostaighthe,
mádh ghnídh cnapa ná tolla aoinfheirse no aonchuislean amháin; mádh ghnídh aon chnáimh amháin dá loighead do chur as a alt no as a ionad diachair chómhcruadhálach san, créud do mheasamaoid dona daorpheanadaibh noch d'fulaing ár Slánaightheóir ionna choluinn cíorbhaighthe? Créud nách fuláir dhúinn a smuaineadh air ar fhulaing sé an tráth polladh a lámha agus a chosa tríotha le tairgnibh móra, áit a dteagmhaid a noiread san féithe, cuisleanna, tarsnáin agus cnámha a naoinfheacht? O ná dearmadamaoid choidhche a phianta: O ná déunamaois sgith chaoidhche dá thrócaire do ghrádhúghadh, d'adhradh agus do thabhairt fá iongantas. AN XXX. CAIB. Ar Slanaightheoir air an Gcrois. An tríochadmhada la. Smuain, air dtúis, Iar mbeith dhár Slánaightheoir anois ceangailte go daingionn don chrois leis na crochairighibh folamhla so mar thionsgnaid air a árdúghadh san aedhear le téudaibh é. O créud iad na gártha do rineadar a námhuid anois an tráth do concus os cionn na ndaoine é! Créud an diamhasla le ar bheannuigheadar dho? An feadh atá a mháthair ró dhobrónach, agus daoine cráibhtheacha oile, gonta go croidhe ag an radharc. Faoi dheóigh léigid cois na croise a thuitim san bpoll do hollmhuigheadh dhi, agus san le preab ionas
nách beag an dochar dfulaing corp treasbhrúighte ar Slánaightheóra uaidh, agus do méuduigheadh luit a lámha agus a chos. Agus is mar so do crochann sé anois air comhthrom san aedhear a ndiachair agus a bpeanaid ro uathbhásach, iomlán meádhachain a choirp air niomchur agá chosaibh treathollta, le a bhfuilid a chneádhacha gach mómaid air na méudúghadh. Gan aon áit air a nglacadh a cheann suaimhneas, acht air dheilgnibh: gan leabadh air bith aga choluinn tuirseach, créuchtnaighthe, acht adhmad cruaidh na croise. Smaoin, san dara áit Carthannacht do chrióchnaighthe ár Slánaightheora, agus malluightheacht eugsamhuil a námhuid. Eimhionn sésion amach a meodhain a dhoilghís, "a Athair maith dhóibh, óir ni theadaid créud táid do dhéunamh." Do chrothadarsan a gcinn air ag dranadh, ag rádh, "vah! do threasgrais Teampoll Dé, agus dféudfair a thógbháil arís ann tri lá, anois anaic tú féin. Más tú Mac Dé, tarr anuas ón Gcrois." Maille re míle casaoid agus masla oile do cuireadh air, ní amháin o na daoinibh coitchine ná ó na soighdiúiribh, acht fós ó uachtaránaibh na sagart, ó na sgríobúighibh. agus ó na sinsioraibh, noch do chloinionn agus d'fulaingionn le foighid agus le sost. Acht, O! cia fheudfas gnodh inmheadhanach a anma beannaighthe dfaisnéis dúinn, air feadh na haimsire si atá sé air liobarna as an gcroich? A inntinn síothcháin dúinne, a úrnaighthe dhúinn,
diachair agus airgeana uathbhásacha na ranna inmheódhanacha dá anam, agus lúthgháir dofhaisnéise an árdranna dhe a nglóire a Athar, noch do bhí le heirghe ón bhfuasgladh fhialmhar, noch bhí sé ag cuidiughadh fa nam san do pheacachaibh bochta. Smuain, san treas áit, An cuidiúghadh do rin an Mhaighdion bheannaighthe Muire ag iomchar deacracha a Mic: agus chómh fírinneach agus do cóimhlíonadh an Fhaistine úd shean Shíomoin. "Go ngoinfeadh an Cloidheamh a hanam féin." O nách marbhthach an cómhadh nách fuláir lear traochadh an mhathairse noch budh cheanamhla, agus budh ghrádhmhaire do mháithreachaibh, 'nuair do bhi radharc súl aice air feadh iomlán páise a Mic Múirnigh, noch do ghrádhaigh sí le grádh neamhchomórtais, air gach uile dhochar, éugcóir agus diachair dár fhulaing sé. Ah! a Bhaintighearna bheannaighthe, nách féidir linne a radh go firinneach go ndeárrnadar na laisgionna, na deilgnidhe, agus na tarngnídhe lear tolladh feoil do mhic, cneadh chómh doimhinn ann do chroidhe gheanamnuighe féin; agus nách féadfadh aoinnidh acht míorbhúile do bheatha chongbháil suas, fá phian chómh iomarcach leis? Acht, O! go dé chomh doimhinn agus an chneadh d'airís ann tanam, an tan thiodhlaic do Mhac, air fhághail bháis do, tusa dhá dheisgiobal ionmhuin, eadhoin, N. Eoin; ag tabhairt mic Sebéide dhuit mar mhalairt air
Mhac Dé? A Mhaighdin bheannaighthe, is gáirdeach admhaigheamaoid tu mar Mháthair, fágtha le húghacht againn a bpearsain N. Eoin. O! tre t'uile dheacrachaibh, cuimhnigh orainne clann bhocht dibeartha Eadhbha, a láthair Chathaoir na ngrás. A Chríostaighthe, foghlamuighidhe na teagaisg iongantacha noch mhuineas bhúr Mbaintighearna dhibh ag bun na croise, foghluim a creidiomh beó agus a dóthchus láidir; foghluim a sástacht aigne iomlán, a foighne agus a cumas. O! foghluim uaithe Iosa do ghrádhúghadh, agus peacadh dfuathúghadh, ádhbhar firinneach a dheacracha uile. Smuain, san gceathramhadh áit, Mar atáid an uile neithe anois chosmhuileach air eirghe anaghaidh ár dTighearna ró-ionmhuin. Budh chosmhuil le na Athair gur thréig sé é: goineas radharc agus brón Mháthar go croidhe é. Air son a easboil féin, do dhíoghal duine aca é, do shéun duine oile é, d'fágbhadar uile é. Atáid a cháirde agus an drong is mó dár roinn sé maith, agus ar leighios sé go míorbhúileach, ag cur le na lucht céusta nó an chuid is lúghadh dhe is nár leó é admháil: atáid anámhaid ag breith buadh air agus dá aithisiúghadh. Is daoirphian do a choluinn féin, le na mheádhachann. Acht an nidh is mó dá gcuirionn doilghios air, eadhoin, míochomann na gCríostaighthe, an bheag thairbhe dhéunfaid dá bháis agus dá pháis; agus cailleamhuin a noiread anam fuasgalta
le na fhuil mhorluach. Ah! a Iosa mhilis, ná foighnigh dhamhsa bheith chomh hanacrach san, agus cur lead námhdaibh dhod chéusa le peacadh. Smuain, san gcúigeadh áit, An teagasg do-bheir ar Slánaightheoir dúinn tre na bhriathraibh deighionnacha air an gcrois. Air dtúis, de ghradh agus de Charrthannacht fhírinneach dá námhaid, le guidhe ortha, agus a leithsgéil do ghabháil le na Athair síorruidhe: "A Athair maith dhóibh, óir ni feas dóibh créud do ghnídhid." O foghlumaois ó ár Slánaightheoir air uair a bháis an teagasg riachtanach so, gradh bheith aguinn agus guidhe ortha súd dfuathuigheann, agus do ghéirleanann sinn: agus a nionad eugcoir do dhéunamh ni bhus troime, a leithsgéul do ghabháil agus a chur a leith a nainbhfios. O nách fíor an nídh a dtaobh gach aon pheacach, "ni feas do créud do ghnidh sé:" air a mhalairt ni leóifeadh eitiol anaghaidh an mhórdhacht do-chríochnaighthe; ni bheith sé choidhche chómh mór san air buile, agus Neamh do thréigionn air shuathrachas, agus é féin do theilgionn síos leis an aill do threóruigheas go hIfrionn. Arís, Foghluim éifiocht aithríghe fhírinneach, agus faoisidin umhal na bpeacadha san logha líonmhar do tugadh le ár Slánaightheoir ag fagháil bháis do, don ghaduidhe maith, "Amen, a deirim riot, biadh tu aniugh maille riomsas a Bparrathas." San treas áit, Foghluim caoindúthracht do'n ógh-mháthair mar is dua
dá clann a thabhairt do, air na fágbháil aguinn uile le na Mac a bpearsain N. Eoin, "Feuch do Mháthair." San gceathramhadh áit, Foghluim méud diachair inmheadhanachanama do Shlánaightheora óna briathraibhsi, "Mo Dhia, mo Dhia, créud fath ar thréigis mé?" Faraoir! níor bhu aon ádhbhar acht chum nách tréigfidhe an duine bocht peacamhuil. San gcúigeadh áit, O'n bhfocal san an Iosa chéusta, "Atá tart orm." Tabhair fá ndeara dhá threun-íota noch d'fulaing do Shlánaightheoir air an gcrois, iota dhíobh corpordha, do thig ó na bheith an fhaid ina throsgadh, ghabháil tre na noiread daoirpheanaide, agus dorta anoiread fola: an íota oile, spioradálta ionna anam, tre mhian fhóirneartmhar ár maithiosa agus ár slánaighthe. Acht, O! a aindeiseoirighe drochaigionta nách béurfadh aoinnidh acht fínéigre chum a thart corpardha do mhúchadh; a pheacacha ni bhus drochaigionta, a nionad a thart spioradálta do shásamh le buidheachas agus le caoinduthracht nách tugann dadamh dhó acht domblas agus bhinéigre an pheacadh agus na maluightheacht. San séisiughadh áit, Ona briathraibhsi ár Slánaightheora air fhághail bhais do "Ata sé cóimhlíontadh," foghluim bheith luthghaireach tre mar atá obair fhuasglaighthe na cine daonadh go hiomlán anois criochnaighthe; go bhfuil fioghaire agus fáighideóireacht na dlíghe uile coimhlionta; agus láimhsgribhinn do sheasaigh inár naghaidh, ata anois sgriosta amach go falláin le fuil ár bhfuasglaightheóra. Fa seacht, O na briathraibh
déighionnach so ár dTighearna air uair a bháis. "A Athair, tiodhlaicim mo Spiorad ad Lámhaibh," foghluim a mbeatha agus a mbás tu féin do thoirbhirt suas go hiomlán dhod Dhia. Is sonaidhe iad so noch do mheabhruigheann go maith na teagaisg si mhúineas an oide oirdheirc doibh ó chathaoir a chroise. AN XXXI. CAIB. Air Bhas ar Slanaightheora. An taonmhadh la triochaid. Smuain, Air dtuis, Iar rádh na mbriathar ndéighionaigh úd dár dTighearna, eadhoin, "A Athair tiodhlacaim mo Spiorad ad lámhaibh," le guth ard, láidir, mar do luigh a cheann sios a númluigheacht cheart do thoil a Athar, agus a bhfíorghrádh dhuinne na peacaigh bhochta, dár thairg sé air an suigheachann so mar eadh póg na siothchána, do léig amach a anam glan, agus is mar so do chríochnaigh a bheatha shaoghalta, ionn nách raibh on gcéud mhómaid gus anois, acht síor-dheacracha fulaingthe dhúinne. Rith anois, O m'anam agus ionnsaigh tfuasglaightheoir go dána, póg a chosa naomhtha, amharc a ghéuga liathbhána, áirmhigh a chneadha uile go foirtil, agus caoin do pheacadha tre ar fhulaing sé iad. Smuain, a rís, Ann Páis ár Slánaightheora, firinne na neithe úd noch do labhair sé fein fá ádhbhar oile, eadhóin, "An té úmhluigheann é
féin áirdeochar é: Agus feuch, iar na úmhlúghadh féin dár dTighearna chum bás na croise gur hárduigheadh agus gur honóireadh é san am san féin le na Athair neámhdha, agus san a niomad slighthibh. Oir air feadh na haimsire do bhi sé air an gcrois níor thaithnigh an ghrian feadh tri huaire iomlána, agus le linn a bháis do chrith an talamh, do sgoilteadar na carraigeacha, agus do hosgladh na huaigheana. Do raobadh folacha an teampoill (noch do bhi air aghaidh an choisreagadh) ó mhulach go lar. Do spreagadh na daoine ris na hiongantais si, agus do chuadar a bhaile ag bualadh a nuchta, agus d'admhaigh an taoiseach-céid, eadhoin, ceann-uraidh an ghárda, ós árd, gur bhé Mac Dé é. Bí luthgháireach a anam, Chriostamhuil, air fhaicsin báis do Shlánaightheora onórtha mar so; agus foghluim muinghin do chur a nDia ann gach aon phonc, noch diompóchas mailis do námhuid fá dheoigh chum t'onóra, agus do thairbhe: Suigh síos, anois ag cois na croiche, agus ann san go suaimhneasach ... Smuain, san treas áit, Agus athsgrúdaigh ann t'ínntinn iomadamhlacht, agus éugsamhlacht mhór na ndeacracha noch dfulaing do Shlánaightheoir dhuit, ó na dhul a steach a ngort Ghetsemani go na éug air an gcroich. Amharc iad ceann air cheann, agus chidhfir nach deachaidh aoinionad amháin dá chollan naomhtha saor ó na dhiachair féin air leith, (noch do bhi ró mhaiseach roimhe sin, agus air gcéudna an
corp budh éugcruaidh, agus budh airighe air phian dá dtainig riamh.) Do bhi coróin spíne um a cheann; a Aghaidh sailighthe le silighibh, bruighte go leir, agus dubh gorm le builíghibh; a Fholt, agus a Fhéasóig tarraingthe, sraoilte; a Bhéul fliuchta le domblas agus bhinéigre; Ghuaile breóite ó mheádhachan na croise; a Lámha, agus a chosa tollta le tairrngnibh; a chorp cneisghearrtha, fhosgailte le laisgibh agus le sgiursadhaibh; a Ghéuga tuirsighthe, leóinte go léir, air an gcrois. Ni raibh a fhulaing aon phioc amháin ni sa lugha ionna anam, acht fós abhfad ni sa mhó ioná dfulaing sé ionn a chorp. Biodh a fhiaghnaise air an doilghios marbhthach úd do theilg ionn a mhordhuaigh sa ngáirdín é; air an ngearán cruaidh úd air an gcroich, eadhoin, "Mo Dhia, mo Dhia creud far thréigis mé?" d'fulaing sé go mórmhór ionn a chlú, (noch is measa le duine go minic ioná a bheatha,) le fiaghnaisibh bréige, agus masla, ithiomrádh agus éugcóir. d'fulaing sé ionn a onóir le a nuile ghné chasaoide agus tarcuisne. d'fulaing sé ionn a mhaoin, tre mar do creachadh é ó fiu a chuid éudaigh, agus a chrochadh nochtaighthe do air an chrois. d'fulaing sé ionna cháidribh, tre mar do thréigeadar uile é; gan trácht air dhocharaibh oile noch is gnáthnighe agus is somhothaighthe dfeóil agus dfuil, eadhoin. Miochumann na droinge úd
dá dtug sochar a mhiórbhuileadha, mordháil a námhad, a naithis air a dheisgioblaibh, srl. Agus ionn sna docharaibh si uile do dhiultaigh sé air féin an fortacht úd noch is gnáth leis do thabhairt dá sheirbhiseachaibh fá na ndeacrachaibh, agus do rin na diachair budh mhór dár fhulaingeadar na martardha, ni hé amháin sofhulaingthe, acht fós, go minic milis agus sámh. Acht ni aomaigh sé dho féin fortacht air bith acht toil a Athar do dhéunamh, agus ár bhfuasglaine do shaotharughadh. Smuain, san gceathramhadh áit, Cia é si fhulaingeas so uile? agus do gheabhair amach gur ab é Mac síorruidhe De: Coimhionann agus a gcómhchumas le na Athair; Tighearna mór agus Cruthaightheoir Nimhe agus Talmhan; dó-chriochnaighthe a gcómhacht, a neagna, agus ionn a nuile dheaghcháil. Acht cia dho fhulaingeann sé so uile? Do dhuine bhocht, piast anacrach do'n dtalamh; do pheacachaibh gan chumann, méirligh dá Athair síorruidhe, agus dho féin; dona Judaigh cheadna so do chéus é; dhuinne na somharbhthacha, nachar chosmhuil go mbéarfadh a nurmhór buidheachas choidhche leis, ná anoiread le cuimhneadh amháin air a dheacrachaibh. O! a Thighearna créud é chómh iongantach, agus tu ann do shlightibh uile, acht ann tionsngamh do thrócaire tar gach nidh oile! O go de mar do thiosbánann, agus mar chóirigheann an pháis si ár bhfuasgaltóra cáilígheachtaibh uile Dé! Is
annso do chimid a ghrádh agus a mhaithios do-chríochnaighthe, a dtaobh é dha chomannúghadh féin linn mar so go hiongantach, agus a bheatha féin do leagann síos duinn. Is annso do chimid a thrócaire gan chuimsiughadh ionn ár nanacraine do ghabháil air féin, agus an pionos budh dhual dar bpeacadha dfulaing. Annso do chimid ciall iongantach a shaláthair, tre thobar na beatha dfosgladh dhuinn le na bhás féin. Sunn dfoghlamaoid eagla bheith roimh a bhreith noch do thuit chomh trom san air a Mhac féin, nách deárna acht é féin déidiughadh a gcosmhúlacht pheacaigh chum sásamh do thabhairt ionnár bpeacaighne. O! créud an nidh is baoghal dona cionntachaibh lá éigin ó na lamhaibh muna dteibid sgeimhle a bhreatha tre na thrócaire láithreach do ghreadhmúghadh! Smuain, san gcuigeadh áit, A ndeacrachaibh do Shlánaightheora, mailis do-chríochnaighthe, mórthroime neamh-ionann an pheacadh mharbhthach, nár bhféidir a ghlanadh acht le fuil mhórluach Mhic Dé. Ag so aon dona priomh theagasgaibh budh mhian le'd Shlánaightheoir a leagh dhuit de'n gcrois. Ni fhéudfairse a shásamh ni bhus fearr ioná an teagasg so do mheabhrúghadh go maith. O! ná bi choidhche cómh miochumanach san, agus é chéusadh le peacadh marbhthach. Och! ná léig don áracht san cómhnaighe ionat, dár bhéigionn do Chríost féin bás diachrach dfulaing chum a sgriosta.
RIACHLACHA DO BHEATHA CHRIOSTAMHUIL, Re a dtabhairt fa ndeara dona huilibh le'r mhian Siorruigheacht Shonaidhe do chur a nairighthe doibh fein. 1. Socaraigh ann t'inntinn run daingionn gan aontugadh do pheacadh mharbhthach air chor air bith. Ag so fíorbhunúdhas bheatha shubhailceach, agus gibé nách deachadh a chómhfhaidsi, níor thoiseadh sé fós air Dhia dfritheolamh. Gan an rún so is diomhaoin do neach air bith é féin do mhealla le muinghin go bhféudfadh beatha bheith naomhtha ná bás shéunmhar dfághail. 2. Air gcor go bhfeudfádha congnamh leat féin chum an rún si do chongbháil, bi dithchiollach ann gach uile shlighe chontabhairteach do sheachna, mar atá, droch-chuideachta, Leabhartha gáirseamhla nó dímheasta, sugarthaighe mi-dhiscréideacha agus a samhuil; "Oir an té ghrádhuidheas an chontabhairt caillfidhear ann é." Eccl. 3.c.5.f.
3. Fair an uile ghluaiseacht do chroidhe, agus claoidhigh an chéad chomhartha uilc. Cuingeadh faire air do cheudfadhaibh agus air do smuaintibh ionas nách tiocfadh leis an namhaid éalógha ort treas na Bóithribh si. Ná biodh neamhshuim agad a lochtaibh beaga, d'eagla go dtuitfeadh a mórlochtaibh a náit achéile. 4. Seachain beatha dhiomhaoin mar Mháthair an uile uilc: agus gaibh mar fhirinne dhearbhtha nach tiubhradh beatha dhiomhaoin Críostaighe go Flaitheamhnas choidhche. 5. Ná déin failith air aon adhbhar, do urnaighthibh maidne agus tráthnóna. Cuimhnigh air maidin, ceud thoirthibh an Lae do thairgsin do Dhia do ghnath, le'd chéud smaointibh do thabhairt do: Déin fóráil air ghniomharthaibh uile an Lae dho, agus déin an iodhbairtsi dathnuadhadh air dtionsgnadh gach neith dá ndéunair. "Gibé ithe nó ól," adeir N. Pol, "no nidh air bith eile dá ndéin tu, déin an tiomlán chum glóire Dé." 1.Cor.c.10. f.8. 6. Déin do choinsias do sgrúdadh air t'urnaighthibh Trathnóna, dhod thabhairt féin chum cuntais cionas do chaithis an lá, agus gibé peacadh, tiosbáinter dhuit, feuch le na nglanadh amach le déuraibh aithrigheacha sul luighfir chum suain. Cá bhfios nach í an oidhche sin t'oidhche dhéighionnach? Air ndul chum leaban cuimhnigh air an Uaigh; Glac do shuaineas a ngeugaibh do Thighearna: agus mádh mhusgluighir san oidhche árdaigh t'aigne chum an te úd atá ag faire ort do Shíor.
7. Do bhár air t'urnaighthibh máidne agus oidhche, déin am éigin don lá do bheartughadh chum urnaighthibh, go mórmhór urnaighthe meanma, le comhluadar inmheodhanaigh t'anama le Dia, noch is maithios fhíre agus iomlán do. A measg do ghnodhaibh uile, cuingeadh tu féin a láthair Dé, mar is feárr dféudfair, agus biodh cur ina dhiaigh agat do shíor le gearr-úrnaighibh diograis. Léagh Leabhartha spioradalta go minic, amhuil Litreacha no Teachtaireacht chugat ó Neamh; agus éist Aifrionn go laetheamhuil mádh ta go léigfeadh do Phráinneacha dhuit. 8. Táithigh na Sácramainte uair san midhe an chuid is lugha, agus tabhair áire mhaith tu féin d'olmhúghadh, do chum a nglacadh go fiuntach. 9. Biodh caoindúthracht mhór agat do Pháis Chríost; agus machtnaigh go minic air a dheacrachaibh. 10. Biodh crábhacht air leith agad don Naomhmháthair, agus iarr a Tearmoinn agus hurnaighthe ann gach uile ghábha; acht foghluim air gcéadna aithris do dhéunamh Air a subhailcibh. 11. Meabhraigh do chlaonta is treise dfághail amach, agus saothraigh le hiomlán do chomhacht chum iad do dhibirt uait. 12. Ná léig aon lá amháin thort gan gníomhartha éigin croidhe-bhrúghadh dforálughadh chum Dé, a dtaobh na bpeacadha do rinis
chéudna; agus cothaigh go díthchilleach spiorad áithrígheach ann t'anam. 13. Coimheud go maith air do dhianghrádh féin amhuil agus an námhaid is mó agat, agus déin foiréigionn ort féin go minic le corp-sheunadh agus tréaghnas. Cuimhnigh nách féidir Righeacht Nimhe do ghabháil gan coimhéigionn. Matha. c.11.f.12. 14. Bi déirceach do réir t'acfuineadh. "Oir, is Breiheamhnas gan Trócaire do gheibh an te náchar thiosbáin Trócaire." N. Séum. c.2. f. 13. Biodh meas mór agad air dhéirc spioradálta, le bheith dian, dithchiollach chum peacacha anacracha do chur air aleas; agus chum na críocha sin, caoin go laetheamhuil a naindeise a lathair do Dhia. 15. Bi Spriocalta ionn gach dhualgas bheanas le'd ghnodh, air mbeith dfiachaibh ort cóimhriomh lá éigin leis an Airdthighearna úd noch do bheartaigh a shlighe féin do gach aon air leith a measg a mhuintire. 16. "Cuimhnigh air do chríochaibh déighionnacha do ghnáith, agus ni pheacóchair choidhche." Eccl.7.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services