Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Smuain go Maith air

Title
Smuain go Maith air
Author(s)
Ó Caomhánach, Eoghan,
Composition Date
1820
Publisher
(B.Á.C.: Seon Coyne, 1820)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TEAGAISG
Chum Sochair do dheanamh dona
Machtnaimh do leanas.



1. Déin rogha d'am agus d'ionad iomchubhaidh
chum léar smuaineadh; agus iadhaidh
dorus do chroidhe mar is fearr d'fheádfair, anaghaidh
an tsaoghail agus a thaithnímh tóirmiosgeacha.
2. Aitigh thu fein a bfiaghnaise Dé agus
tairigh dod' inntin é le béodh chreidiomh.
amhail ag lionadh Neimhe agus talmhan le na
Mhórdhacht neamhchuimsíghthe; no amhail
do bheidh se na chomhnuighe le hiomlán a
chailigheachta a gceart lár tanma. Sléucht
thu féin a Spioraid ina lathair chum an tard Thighearna
so d'adhrughadh, dein foráil dhiot
fein go hiomlán dho, agus iar go humhal maithfeachus
ad coirthidh uile.
3. Guidh le dúthracht agus le húmhlúigheacht
solus a ghrása ionus go ndeanfadh fírinídhe
móra an tsaoibhsgeil cosamhlacht iomchubhaidh
ar tanam, agus go bfóghlamóthadha go
heifeachtamhuil eagla agus gradh bheith dho.
4. Leaghadh go neamhdheithionsach agus le
haireachus thromdha air chaibidil an lae. Tabhair
am do tanam chum gach nidh leaghfair
do chur anórdúghadh, agus meabhraigh go
grinn na poinc is mo bhaineas leat fein.


L. vi


5. Ionus gur mó an rannpháirt do bheith
ag do léightheoireacht le urnaigh meanmain,
feuch le na samhail do mheodhanaibh do tharraing
ad smuaintibh do bheidh oireamhneach don
adhbhar air a dtráchtair, le griosúghadh, iodhoin,
ann tanam eagla agus gradh Dé, muinghín
ina mhaithios, buídheachus ina thiodhlacthíghe,
uamhain an pheacaidh; agus a samhail
sin; Oscuil do chróidhe cómh maith agus
dfeudfair chum no mianaibhsi, ionus gur doimhne
do ghlacfadis na Subhailceadha riachtanacha
sa préumh ann.
6. Críochnaigh do smuainte le díanfhonn
naomhtha do bheatha leasúghadh, agus ag
seasamh go sunnrádhach, air na claontadh is
mo dá bfuilir tugtha, agus gaibh ort fein go
diongmhalta an fonn so do choimliona, an gach
uain da dtairgthear dhuit an lá san féin.
7. Meabhraigh go minic air ardphoncaibh do
smuainte ann rith an lae; d'eagla go sladfadh
an namhaid tanam ag breith an tsiol dhíadha
so uait, le na chur dfiachaibh ort an nidh
do leighis agus do mheambrúighis do dhearmad
go héasga.


L. 8



SMUAIN GO MAITH AIR;
NO,
LEARSMUAINTEADH
air
Mhorfhirinnidhe an Chreidimh,
etc. etc. etc.
AN CHEUD CHAIBIDIL,
Do Riachtanas Learsmuaineadh.
An Cheud La.



Smuain, air dtúis Na bríathra so an Fháigh
Jeremiah; "Le léirsgrios do fasuídheadh an
Talamh uile; do bhrígh nach bhfuil aoinneach
a smuaineas ann a chroidhe, Jerem.12.
v.11. agus mheas cómh-fior agus ata, gur
uireasba léarsmuaineadh air mhoirfhirinibh
na Críostamhlacht, ard phreimh iomlan ár
ndochair. Faraoir! 'táid úrmhór na ndaoine
agus is ró anamh do smuainíghíd air a gceud thuis
na air a gcrich dhéigheanach. Ni
thuigid cia do chuir air an saoghal iad, na


L. 10


cread fath, na machtnamh air an tsioruigheacht
ann a bhfuilid go direach air ti dul asteach.
Uime sin, ata a saothar uile talamhuighe agus
aimsiordha, amhail agus nách deunfuidhe iád
achd don tsaoghalso, no go mbeidis le fuireach
ann so do ghnath. Bás, Breitheamhnas, Neamh
agus Ithfrionn, ní ghnidhid ach beagshuim
diobh; do bhrigh nách tugaid aga dhóibh air
lúighe go doimhin iona nanamnaibh le gleusaibh
learsmuaineadh tromdhá. Rithid air
lúas chum fánadh na sioruigheachta le na suilibh
iádhta; agus annsan amháin thiongsnaid
smuaineadh, 'nuair gheibhid iad féin san ionad
dobrónachso, san ait ná fághadh a bpiast bás,
agus nách múchfar a dteine go sioruighe. O! a
Dhalta gradhach tabhar aire nách e so do dhan.
Smuain, san dara ait, nách fheidir sinn do
shlánúghadh gan aithne air Dhía agus a ghrádhúghadh
os cionn na nuile nídhthe. Maiseadh, ní
feider linn a aithne ná a ghrádhughadh mar budh
chuíbhe gan congnamh learsmuaineadh. Ag so
dfoillsigheas dhúinn deaghcháilígheáchta do-aírmhíghthe
an bhith oírdheirc, a áileacht
neamhdha, a ghrádh, shiórúighe dhuinn, agus
na húile thiodhlaicthe dár bhron sé orrainne na
truaileanaighthe is taire agus is neamh chumannaighe
dá bhfuil aíge, agus nách deanaid úile
a bheag do bhiódha orainn gan learsmuaineadh
tromdha. Ná huíle nidhthe dá bfuil nár
dtimpchioll na Flaithis, an Talamh agus gach
nidhe da bfuil ionta gan traochadh ag searmoin


L. 12


De dhuinn, agus ag tabhart cuire dhuinn
chum a ghradhughadh. Achd gan learsmuaine
bíodham bóghar d'an ghuithsi an domhain uile:
's cosmhail sinn leoso aga bfuilid suile agus
nách feicion; agus cluasa agus nách cluinion.
Och! na dochair mhora uáthbhásacha leanas
o uireasba fioraithne De, darab e is toradh do
gnath learsmuaineadh. Nách air an adhbharso
atá an saoghal uile tuilte do mhalaightheacht?
agus ithfrionn craososgailte, ag fuadughadh
gan chríoch gan airiomh clann mhidhsheunmhár
Adhaimh, mar ata Dia air na dearmad
mar nách bhfuil eolas air Dhia air Talamh -
Osea c.4.v.1.



Smuaín, san treas ait, gur b'égion dhuinn
chum ár nanma do shlanúghadh sinn fein d'aithint
mar an gceadna, Is eigion ár ndíth agus
ár dtruailleacht d'aithint, ionas go mo humhal
sinn agus go monéamhdhothchaíseach ionnainn
fein sin. Is eigíon dhuínn ar míanta agus ar gclaontadh
neamhríaghalta d'aithint, ionus go
dtroidfamaois iona naghaidh, agus go dtreiseomaois
orrtha. Is eígion dhúinn gluaiseacht air gcroidhthe
féin do thuigsínt agus do fhaire, ionas
nách bearfaidhe gearr orainn san bpeacadh,
agus codla san mbás. Agus cionas is feidir an
teolus riachtanach so dfághúil orainn fein, an ealadhan
so na naomh gan chóngnam learsmuáineadh
laetheamhuil? A! chomh mídhsheúnmar
agus ataid siad thuigeas gach nídhe eile agus
nách tuigion iad fein! uime sin guidhmid go


L. 14


laetheamhaíl le Naomh Augustin, Noverim te
noverim me. A Thiagharna, tabhair do ghrasa
dham t'aithint. A Thiagharna tabhar do
ghrasa dham me fein d'aithint agus feucham
maille le dualgas teacht air an dá ealadhain
ro riachtanachaso le learsmuaineadh ghnath.
Smuaín, san gceathramhadh ait air chor go
gcothochamaois in ar nanamnabh eagla fuláin
De, nóch is toiseach de'n eagna fhírineach, agus
sinn do bhrosdughadh a slighe na subhailcidhe,
is eígion dhuinn air gceudna, machtnamh go
tromdha air adhfhuathmhaireacht an pheacaidh,
agus an ghrain ata ag Dia air; air chomhachtaibh
uathbhasacha an pheacaidh air an anam
agus iomadamhlacht ar bpeacuidhe féin go
sonnradhach, air neamthairbhe, anacra agus
cealg an tsaoghaíl, air an bfortacht agus an
taoibhneas leanas do bheatha shubhailceach;
air ghiorra na haimsire agus faidiongantach na
sioruigheachta; air chinteacht agus neamhchinteacht
an bháis, agus an bharamhail do
bhias aguinn an am an bhais, air bheagnuimhir
na bfiréun, etc. A! a Chriostaighthe, na deunam
failithe don mhóradhbhar so ar slánaighthe!
Is le learsmuaineadh na bhfirinidhe so
do rinneadh a noiread Naomh, d'athglaodhaigh
fiú na bpeacach bo droichmhianamhla. -
Uch! cread an trommshuan iomlan iona bfuil
an tanam san nách músglaighthear le torman
na bhfirinnidhe uathbhasacha so. - Bás,
Breitheamhnas, Ithfrionn, Sioruigheacht.


L. 16


Smuain, san gcúigeadh ait air shearbhadas
neamthorach na daordruinge, a ciontughadh
an ollbhaoise fein tre na loighead dothabhacht
do rinneadar dona neithibh sin, ar nár bo egion
doibh smuaineadh anois air feadh na sióruigheachta.
Donain neamhchialmhar mar atamaoid
do bhi ar seal agunin tamall, 'nuair le smuaineadh
air an tsióruigheacht anacrach so
nar bfeidir linn a seachnadh. No sóláis dochriochnaighthe
sin Fhlaitheamhnas do thairgeadh
dhuinn air bheagluadhach; anuair do bfheidir
linn le beagan Machtnaimh ortha a seilbh shioruighe
a thuilliomh dhuinn fein. Acht faraoir!
ní smuaineomaois anuair sin, agus anois 'ta se
rodheighionach. O mo Dhian ghradh, foghluimsi
a bheith eagnaidh tre na ndonas san;
machtnaigh san lá so agad, air na nithi do bhaineas
led shiocháin shiorruighe; Smuain go
maith air do chrioch dhéaghanaidh; Machtnaigh
ar na mor fhirinidh so an tsaoibhsgeil. Is eigion
dhuit Smuaineadh orrtha anois, no ina
dhiagh so, an trath nach deanfadh a smuaineadh
dho mhaith dhuit acht meadúghadh air
tanacra air feadh na siorruigheachta.



AN 11. CAIB.
Air Chrioch ar gcruthaighthe.
An Dara La.



Smuain, air dtuis, a Anam Chriostamhail
nách tangais san tsaoghal fos, airiomh bliaghan
o shoin, agus nách raibh ann do bhith acht
firneamhnidh. Do sheasaigh an Saoghal tuarim
agus sé mhíle blíaghain, le aithghníomarthaibh


L. 18


agus siothbhuaireadh do airmhighthe ann
gacha tir, agus cá rabhaisi air feadh na haimsire
sin? Faraoir! do bhís a ngeibhin a ndubhaighein
dhoimhin an neimhnídhe, go dochumsightheach
a gcoinghiol ni bhus isle ína an phéist
is súathrúighe ar talamh, agus Creid dfeudfadha
a dheanamh dá bfantadha ann? Uime
sin umhlaigh thu fein ge be tairbhe do Shealbhochair
ó nádúir no ó ghrasadh, ó nách fuil ionat
fein acht Neimhnídhe; agus gach a bhfuil agad
os cionn neimhnidhe isé do Chrughthaighthoir
do bhronn no do thug air iasacht dhuit
e. Uch! a thruaileanaigh bhoicht, creud as
a bfuil tu uaibhreach? no creud air a nglaoghfair
do chuid fein; acht neimhnidhe agus peacadh,
is measa iona neimhnidh?
Smuain, san dara ait, gur'bi lámh uileachomhachtach
De, air ndul síos san ndubhaighein
sin an neimhnídh, do tharraing tusa as súd
agus thug dhuit an bhithsi shealbhuighean
tu anois, nóch is deaghmhaisídhe agus is iomlaine
dá bfuil san saoghal so-fhaicsiona so.
Cumusach air Dhia d'aithint agus do ghradhughadh
san mbeathaso agus air intinn aoibhneas
sióruíghe do bhuadh an fharraid san mbeatha
le teacht. Adharaigh agus dein iongantas
d'fhialmhaithios do Dhe do thionsgain an bhith
so dhuit ón uile Shiorruigheacht, toghtha tar
an oiread do mhilliunaibh eile dfag se iona
dhiaigh aga raibh tiodal chómhcbeart air bhith
agus do bhí agadsa. Breithnigh romhad an


L. 20


tsiorriugheacht aibhseach so do chum ar cruthuigheadh
thu agus admhaigh go buidheach go
bfuil an gradh atá agad Dhia dhuit gan tuís, gan
deire acht o Shiorriugheacht go Siorruigheacht.
Smuain, san treas ait, air mbeith cruthaighthe
aig Dia uileachomhachtach, agus gur uaidh ata
do bhith iomlan agad, do réir ceirte gach tiodal
is leis fein thu, agus ata do fhiachaibh ort
iomlán do chómhachta do chumais agus do
cheadfadh do thoirbhirt ionna Sheirbhis; agus
o taoir ciontach anaindlighe ro-eilightheach
chomh minic agus do tharcuisnighir aon roinn
dod bhith, le na chur ag leanmhain ollbhaoise
agus peacadh. Och! a anam bhoicht cread
coimh beag agus dothuígeamair di si gus anois?
a loighead dár smuaíne, dár mbriathra agus
dár ngníomhartha do chuireamair a suim don
te ud is ceud thuis dhuinn, agus dá bhrígh sin
gur chum na críche sin budh chóir dhuinn ar
ngníomhartha eile do stíurughadh! bí maslaightheach
trídh tharcaisne chómh mór so:
leasaigh agus dein aithrídhe.
Smuain, san gceathramhadh ait, an Dia sin
thug do bhith dhuit agus do chruthaigh uile
nidhthe an tsaoghailsi chum do Sheirbhise, gur bo
dho féin amháin do cruthaigh se thu. Ní
he go raibh ríachtanas aige leat, ná tairbhe ná
breis air bith aoibhnis le na fhághail uait, acht
gur mhían leis a ghrasadh do bhronnadh ort san
mbeatha so, agus sólás neimchríochnaighthe a
Righeachta san mbeatha thall. Stad le iongantas
a anam chríostaighe ag fialmharacht do


L. 22


chruthaightheora, ann do dheanamh chum
críche chomh aluin sin, agus ó do rinneadh thu
do Dhia bíodh naire ort fuireach sásta le aoinidh
is lúghadh iona Dia. Uime sin, foghluim dímheas
do dheanamh do gach nídhe ata talamhuíghe
agus aímsiórdha, mar nídhthe fad bhun
agus neimhfhiuntach dod ghradh. Caoin do
dhith ceilidh atá thort, agus san d'iomadamhlacht
an Chinne-dhaona, nóch do chaith a laethe
a saobhnós shúarach, ag curaim mhíoshuaimhneasacha
timpchioll breugain dathanacha agus
nidhthe neamhthabhachtacha, agus gur ro anamh
do chuimhníd air an gcrích mhór nóch,
amhain chum a dtangadar air an tsaoghal.
Smuain, san gcúigeadh ait, An uile bhrígh
agus comhachta tanama, do thoile, do chuimhne,
do thuigsiona, agus an uile cheadfadh agus
boill do cholna, gur bo é fath fa bfuairis ód
cruthaightheoír iad amhail an oiread san meodhanaibh
chum crich do chruthaighthe, do
bhúadh, chum a gcur an gniomh feadh do
ghearr Chomhnáighe san saoghal so-ghluaiste
si a seirbhís do Dhe, agus mur sin tusa thabhairt
chum seilbhe siórruighe a shuaimhneas mhilis
a ríoghachta beannaighthe. Faraoir! a anam
bhoicht, nách ar churamairne toirmiosg air
na tabharthaisighe uile si ar gcruthaightheora
le na niompogha uile anaghaidh an té óna bfuaireamair
iad? bídh trocaireach orainn a Thighearna,
bidh trocaireach orainn, maith dhuinn
air neasumhluigheacht, agus tabhair grása
dhuinn anois a bheith eagnaidh don tsiorruigheacht.


L. 24



AN III. CAIB.
Air Thiodhlaicidhe De.
An Treas La.



Smuain, air dtúis a m'anam, na dualgasaidh
fá na bfuilir o Fhialmhaithios De!
Do chúimhne sé ort o'n tsíorruigheacht; do
ghradhaigh se thu o'n tsiorrúigheacht. An uile
bheanúghadh agus cumaoin dhíobhso dár bhronn
se ort, do bhádar a dtaisge aige fá do chomhair
o'n tsioruigheacht; iaragair iad uile da
ghradh siorrúighe dhuit. An bbfeidir go gcurfeadh
Dia chómh mór so, an té is ró airde agus
is ró-naomtha, do chomhnuigheas san tsiorraigheacht
mian a bpeist bhoicht thalmhaidhe,
pheacamhail. An bhfeídir a dhalta ionmhuin, go
raibh ionad agad on uile shiorruigheacht a
gcroidhe do Dhe, agus na beidh amhain a intinn
shiorruigh a noiread le preap na súl do aimsir
gan a bheith smuaineadh ort. Och! a thrúiléanaigh
bhoicht, cread an cuitiogh do rinnis
ar son an mhór ghrádh so! Chómh deighionach
agus do grádhais é, nóch do gradhaigh thu ó'n
tsiórruigheacht; chómh beag do smuainíghis
air an te ata ag siór smuaineadh ort.
Smuain san dara aít, nách é amháin go
dtug Dia dhuit led' cruthúghadh tanam agus
do chorp; maille le na gcómhachtaibh agus
a mballaibh, agus an aonfhocal, bé nídhe atá
agad agus bé nídhe thu fein: acht mar an
gcéadna coimhéudan iád gach am le buádh
a chosanta, air ar bhfeidir síorchrúthúghadh do


L. 26


gháirm. Do bhrígh nách ar bféidir le haoinnidhe
acht le na lámh uilechómhachthach féin an
bhithsi do thabhairt dhuit; leis sin ní fhéudfadh
aonnidhe dá eágmais thu chomeúd o thutim tar
hais san neimhnídh o dtangais: nóch do theagmhoghadh
dhuit gan amhras dá ndéunadh Día
acht a lámh chongantach do tharraing uaith fiu
aon mhomaid amhain. A Pheacaidh bhocht;
creud fáth nár smuainíghis ar so an trath bhís
ag fuagairt cogadh air do Dhia tréd choirthibh
gnáthamhla, agus é sin, le grádh neamhchómórtais
d'oidhche agus do lá ag fairé ort?
Cionas do léig an sgannradh dhuit leis an fhaidsi
aimsire an te do chongamh snáithe do bheatha
iona lamh do ghreasacht chómh mhinic sin,
agus fós an te le ár bféidir gach mómaid tu chur
a neimhnidhe, nó thu theilgion ceann air aghaidh
go hithfrion? O! go mbeannaigh an uile
nidhe a throcaire go siorruighe mar dfoighnídh
se leat an fhadso!
Smuain san treas ait, Tiodhlaice do-mheasda
ar bfuasgalta, le ar shaor ar nDia ghrádhach
sinn o pheacadh agus o Ithfrion luach saothair
ceart an pheacaidh. Faraoír! anam bhoicht
do bhámairne caillte go siórrúighe muna
mbeith gur ghrádhaigh an tArd-chruthaightheoir
agus an tArd-thighearna so neimhe agus
talmhan comh mór san sin, go dtúg se e fein
suas chum bais na Croiche, chum ar bfuasgaltá,
an bás ba pheannaidíghe agus ba thárcuisnighe
dob fheidir a thionsgain. "Gradh is mo iona
so, ní bfuil ag aoineach, duine do thabhairt a


L. 28


anama fein air shon a Charaid." Eoin 15.C.13.
Rann. Acht a Thíghearna ionmhúin do rugaise
do ghrádh móran níbhus faide iona só, ann
bás dfulaing air son na droinge nóch tri pheacfadh
do bhi ionna namhaid fhosgailte agad, ag
fulaing bás or son a samhail do thruailleanaibh
neamchumannacha agus gur tearc d'altadhaid
choidhche leat adtaobh do ghrádh na fiu do
pheannaide d'eagcaoine acht go hanamh, madh
ghnídhid air aonchor, no aire air bith do thabhairt
dhoibh. Uch a chriostaighe creud is mó
fá ndeunfam iongna ná an Rígh mor so Neimhe
agus talmhan nách bhfuil san chruinne beannaighthe
acht neimhnidhe no fós nidhe is lughadh
iona neimhnidhe ina aice) ag euga air an
gcroich dár sabhailne do phiastaibh anacracha;
no feuchain oirthe so do chreidios an
fhirinne uathbhásacha so, agus nách déin tabhacht
don grádh eugmhaiseach so do bhias ina
cheart chosboir iongantais d'fearaibh agus do
ainglibh go síorruighe.
Smuain, san gceathramhadh ait, meud na
bfiacha ata ag Dia orainn a dtaobh sin do
ghairm chum an Chreidimh fhírrinnigh iontoghtha
do mhoran milliuin do fhag se air deire andorchadas
agus a sgáilebh an bhais. Faraoir!
is diombuadhach coinghiol na nanamna bochta
follamh mar 'táid gan eolus Iosa Chriosd na a
cheile aonránach an Eaglais Chatoilce fhirinneach!
chómh beag agus thuigid an bheatha le
teacht. Do chomh beag d'eagla ná do dhoilghíos
agus do rithid O pheacadh go Peacadh, agus


L. 30


bás neamhaithrígheach d'faghail! A! mhormhaitheas
De, nách ar fhulaing duine tuitim iona
na leithéid d'anacra, gé gur rugadh agus gur
tugadh súas sinn ameasg daoine do mealladh le
hearráid! No fós madh thig dhuinn air gceudna
bheith dho dhonas orainn air aisde ar gcomharsan,
dul air seachrán o'n mbroinn, gur tharraing
sé le trocaire ní bhus bfollasa sinn amach
as ghiallachaibh an aidhbheirseora, air ar dtabhairt
chum a threuda, eadhon, an Eaglais
Chatoilce, Gur bo beanuighthe ar nDia go
siorruighe, ar son a uile thrócaire. O creud an
taoibhneas do-mheasda a bheith tre thoradh
grásadh an gharmaso in ar gclann ag Dia agus
ag an naomh Eaglais. Chum an bheatha shoghluaiste
si do chaitheamh a gcuideachta shonadh
aoin cheile aoinmhic De; abheith go laetheamhail
rainphairteach ansna sacraimeintidhe
neamhdha so na ngrasadh ndiadha; maireachtain
agus bás d'fághail a gcuman na naomh etc.
A! is beannaighthe an pobal agá bfuil an Tighearna
mar Dhia. 143 Salm.
Smuain san gcuigeadh ait, A anam Chriostamhail,
gé bé thu, áirdreímheas Dé ad chionn,
cámheud grasa lér toirmiosg se thu ó aois t'oige?
camheud donas o'r choimheud se thu? Náchar
fhoighne se leat, lé haimsir imchián, an am
ar gearradh síos daoine eile ann a bpeacuidhe.
Nách bhfuilid milliuin air an uairsi ag losgadh
an Ithfrionn tré pheacaidhe níbhus lúghadh
iona mur rinnise? Machtnaigh air gach tairbhe
dá bhfuairis tar mhiltibh: creud an


L. 32


comhgair beatha, creud an charaid, creud an
tslainte, etc. an feadh ataid anoiread tréigthe
chum bochtaine agus anacra. O! bidh iongantas
ort fá mhaithios do-labhartha do Dhe
dhuit, biódh uathbfas agus náire ort triad
mhiodhchumann, biodh rún agad o so Suas,
gan stadadh o altughadh leis agus a Ainim
do naomhughadh.



AN IV. CAIB.
Air Mhorluadhach agus air Choinghiollacha
Criostaighe.
An Ceathramhadh La.



Smuain, air dtuis, gach uile chrióstaighe o nadúir,
agus an mheúd go bfuil sé ina dhuine, gur ab
é is cóiridhe agus is iomlaine dona creatúiridhe
sofhaicsiona uile, go lionmhar a dtuigsint
agus a gciall cumtha do chollain ina bfuil dealbh
ro adhbhail, agus anam spioraideamhail, domharbhtha;
cruthaighthe an dealbadh agus a
gcosamhalacht Dé, agus ionamhail chum é do
shealbhughadh go síorruighe; iontsaidhbhrighthe
le saorthoil; agus ordaighthe aga chruthaightheor
chum abheith ina Thighearna agus
ina Thaoiseach air gach uile nídh air san nách
le mían teagmhail le na shonas anaon dióbh,
acht ann a Chruthaightheor amhaín, A! m'anam,
an bhfuarais fios inmhe do nádura go nuige
si? Nách, rabhais go romhinic gan féuchain ní bhus
sia iná an talamh so, air nós na mbeathadhach
éigchéillighe? is é sin ná neithe so-fhaicsiona,
so-laimhte si leathreach. Nách romhinic


L. 34


do rinnis sglábhúidhe dhiot fein, do na
neithe do rinneadh chum do sheirbhise fein
amhain.



Smuain san dara ait. Go bfuil gacha críostaighe,
do réir grásadh, agus an mhéid go bfuil
iona chríostaighe, tré shacreimint an bhaiste,
ceim air aghaidh chum rannpháirtigheacht san
náduir dhiadha, glacadh le clann De, oighre
De agus comhoighre Chriosd, ata sé deunta ina
theampoll don Mhóraird, coisreaghtha ré haonchraithe
fola chriosd, agus unga aghrása, agus
air an am ceadna, ceart agus tiodal neamh amhraseach
air rióghacht shiorruidhe glacaidhthe
aigi. O! a Chríostaígh ghrádhach, an rinnis riámh
fós smuaineadh thromdha air mhórdhacht na
ceime si chum air hárduigheadh thu ag ad bhaisde?
Cionnas do thig do bheatha ris an gceimsi?
O, a leinibh Fhlaitheamhnais, cá fad do bheith
tu ad sclabhúidhe agan dtalamh?
Smuain san treas ait ó tá mordháil an chrióstaighe
chomh mór san, mar an gcéadna atáid na
dúalgaisidhe bheanas leis an mhórdhailsi níbhus
mo iona mheasaid úrmhó na gCríostaighthe.
Ataid na dualgaisídhesi anaithghiorra
airmhaighthe inár ngeallamhnacha baistighe.
An cheud choinghiol air ar glacadh sinn asteach
ambuidhin Dé, budh hé an Creidiomh.
Do sgrúdaigh fear ionaide Chriósd sin agan
dtobar an gach alt da'r gcreidiomh; agus d'fhreagramairne
gach ceist tri bheulaibh ár naithreacha
agus ár maithreacha baistigh. "Credo


L. 36


(iodhon) creidim." Cread e do chreidiomh a
ruin? An bhuil se do réir t'admhaighthe? an
bhfuil se daingion neimhsheachránach? an
bhfuil se foscailte gan a bheith náireach tre
theagasg do thighearna neámhdha no riághalacha
a Shoibhsgeil? Ar thaisbeánaise ad
ghniomhartha? No an bhfuil tu air uimhir na
droinge dá bhfuil ambeatha anaghaigh agcreidimh,
"air andeunan an Teasbol, gearán, do admhuigheas
eolus air Dhia, acht sheunas e lena
ngniomhartha." Tit.1.



Smuain san gceathramhadh ait, Go dtugamair,
diulta solamanta don Diabhal inar mbaiste,
agus da oibreacha agus da mhórdháil uile.
Ar mhachtnuigheamair riamh go tromdha air
an ndiultaso? No an dtuigeamaoid agceart a
dhualgus? Agus fós atá ar gceart chum oighreacht
ar nathar neamhdha air na bréugnúghadh
san am gceadna abhfuileamaoidne breugach
don gheallamhain si. A'a ghrádh madh ta
gur dhiultaighis don Diabhal, tabhair aire angnath
do bheatha fuireach a bfád uadh, Tabhair
aire gan abheith nibhus sia ad sglabhuidhe
aige leis an bpeacadh. Teith ona oibreacha uile,
oibreacha an dorchadais. Na leig dho aoinidhe
dfaghail ionat o so suas lér bfeider leis achuid
féin do gairm de, agus tré ar bféidir leis achuid
féin a dhéiliogh, agus le nar bfheidir leis tusa
d'eiliomh air gceadna. Tarcaisnaigh a Mhordháil
dhíomhaoin, an chosamhlacht fhallsa onora,
an díoblás, an neamhthanacraidh agus an subhachus
Peacamhail, le na meallan se saoghaltánaigh


L. 38


bhochta ionna liontaibh. Agus,
madh do gheibh cuireadh air am air bith chum
a bheith pairteach san ndiomhaioneas so, meamhraigh
go hínmheadhanach na briathra so N.
Augustin. Cread an cur ata agadsa andiaigh
mordhail an Diabhail, an te ud dar dhiúiltaighis?



Smuain, san gcuigeadh áit, gur headaigh
gach naon aguinn ag ar mbaisde le brat gleigeal
do reir seanghnais foirmraidhte na heaglaise
catoilceadha do thug fear ionaide Chriósd
dhúinn leis na braithra so, glac an brat gleigeal
so, is egion dhuit a bhreith leat gan truaille
gan salcha, alathair chathaoir bhreitheamhnais
Chríosd. Is sonadh na hanamna chóimhliónas
na dualgaisidhe si! Cread an fhortacht dhoibh
é ambeatha agus an lúthgháir agus an sásamh
ambás, an bratso na neimhchiontacha do
chongbháil neamhthruaillighthe! Acht O '
a neimhchionta bhaisteamhail ca ait a bhfaghamaoid
tu san aois dhonadhso? O a dhaille
agus a neamh-mhothughadh chloinne Adhaimh,
do sgaras chómh bog san le cisde chómh domheasda.
Faraoir! a dhiánghradh, nách ar bhe'
do mhidhsheunsa fein é? O dein deifer
agus glan uait sal graineamhail an pheacaidh le
déuradh aithrighe nóch air oile bhias ina chothughadh
siorruighe do lasarachaibh neamhthrocaireach
Ithfrinn.


L. 40



AN V. CAIB.
Air Dhiodhmhaoineas an Tsaoghail.
An Cuigeadh La.



Smuain, air dtuis, Na briathraso an té dob
eagnaidhe don treibh dhuinnionda Neimnidhe
na neimhnidhthe, agus is neimhnidhe an tiomlán,
Eccles 1. agus machtnaigh chom fiorollbhaoiseach
agus na nidhthesi do chuarduigheas
saoghaltanaigh mhealta chomh diograiseach so.
Onoir, saidhbhrios agus rachtmus saoghalta, n'il
annta uile acht daithiona meabhlacha, do dhealraidheas
tamal uait mar gur nidhe eigin iád. Gidheadh,
n'il brígh firineach ionta agus anáit
sásamh no sólás bríoghmhar ni bheir leo acht
sásamh suaithreach aonuaire, air na leanamhaint
le cúram míodhshúaimhneas, eagla agus doilghíos.
Och! abhréigníamha go deimhin, do
theighios air neimhnídhe chómh luaith agus
as doith leo sa lear bo taithniomhach iad, angabhail,
agus fágbhaid alámha follamh. O! is ceart
do bhi an uile sheilbh saoghalta ag an Bhfáigh
rióghthamhail samhlaighthe le Briongloíd?
Dormierunt sommum suum et nihil invenerunt
omnes viri divitiarum in manibus suis. Salm 76.
Do chodhladar amach angearrchodla, agus an
tráth dhúsgaid ní bhfaghaid a bheag ina lamhaibh
dona neithisi do shaoileadar ionna mbriongloid
do shealbhúghadh. O sibhse adhaoine!



This may be, Elobhaois na Neolbhaoisi agus
is eolbhaois an tiomlán or diómhaoineas na
ndioimhaoineas agus is diomhaoineas an tiomlán.


L. 42


an fada bheadh sibh angradh le diómhaoineas no
ag leanmhain breúg. Salm, 4.
Smuain, san dára ait, Na ráidhtesi Naomh
Augustine. Do chruthaigh tu sinn, a Thighearna,
dhuit fein: agus ní bheid ár gcroidhthe Suaimhneach
go nátaíghídh tu ionta, L.1. Confess.
c.1. agus machtnaigh go dtug ar Gcruthaightheoir
anam ro aluin dhuinn deunta do reir a
dheilbhe féin, agus dá réir sin spriodamhail
agus do mharbhtha; dá bhríghe sin nibhfághadh
a shonas choídhche a'neithi talmhuidhe ná diombúan.
Ní bhfághadh m'anam, atáid agad tuigsin
agus toil cumusach chum reimhfeuchain
don áileadh agus don fhirinne ardchomhachtach,
agus an taon mhaithios ro áirdchéimeach
do-chuimsighthe do shealbhughadh: agus ni fiu
aoinnidhe is taire ina e tu shealbhúghadh. A!
beartaigh uime sin gan tu fein do sharughadh ni bhus
faide ina do spioraid do chlaoidhe,
mar leanabh ag rith an díaigh nabh feiliocáinsi:
Acht, ó nách féidir leat gan abheith ag lorg
aoibhnis, loirg é, an ainim De mur abfuil se le
fághail (eadhoin) a slíghe na súbhailcídhe agus
an chraibhaidh agus ni ansna breug chosánaibh
do threorúigheas chum anacra gan chrioch.
Smuain, san treas ait, Giorracht an uile
sheilbh shaoghalta; ataid latehe an duine
rogharraid. Atá an Saoghal as síadh nibhus giorra
na aonmhóimeid a niomarbhaidh leis an
tsiórruighéacht. Ni bhfuil an mile bliághain
abfhiághnaise Dé (eadhon a gceart firinne,


L. 44


acht mar an lá aniadh ata thort agus imighthe.
Salm,49. Faraoir! nách taisbeanadh gnaithéolus
laetheamhail dhuinn, go bfuilleamaoid annso
aniugh agus imighthe air na mhárach, agus
fós ní tuisge sin as radharc na as intinn leis;
óir ní luaithe bhídhmid san uáigh iona dhearmodan
an Mhuintir d'fhagbhamaoid inár
ndiáigh sinn go síorrúidhe. Is Feur an uile
Fheoil, adeir an Faigh Isaias, agus ní bfhuil
ann a ghlór uile, acht mar bhlaith an mhachaire,
C.40. Agus creud é sin, acht ag blathúghadh
air maidin agus agus féodhchan Tráthnóna? O!
nách firinneach ata ar mbeatha ag N. Seum C.
4. Samhlaighthe le ceo sgáineach deataigh, do
sgaipthear leis an gcéud Phuth gaoithe, agus
ní fheiceam nibhus mó dhe! chomh comhthrom
agus atá se compraidighthe ag Solamh.
Eagna c.5. le sgail, no le thimtheacht eoin
air eitiola, no le gaidh laimhte as bhógha, nach
fagbhan sliocht air bith iona dhiáigh! Och! nách
diomhaoin dhuinn ar gcroidhthe cur an neithe
is eigion dhuinn do threigion chomh luath sin.
Smuain, san gceathramhadh áit, creud is
crioch dona daoine móra san an tsaoibhsgeil, na
Riághlaighthéoirighe eagnaidh, na háilne oirdheirc
do rin fioghair chómheagsamhail sin, céad
bliaghain o shoin, Och! ataid uile marbh,
imighthe fada ó, agus anois ní mór gur cuimhin
le haoinneach íad, na go raibh aleitheidíghe
riamh ann; is fior gur mar so bhi'as aguinne


L. 46


am beagan eile bliaghan; A! a shaoltanacha
tabhair aire tamall beag dhóibhsi d'imthigh
rómhaibh, agus do ghlaodhan orraibh óna
dtuámbaoidhe ciúine, anait alúighean fuighioll
a lúaithreamhain, air gcumasg ris an gcré
choitchion, ambriathraibh an eagnaigh, Memento
Judicii mei; Sic enim erit et tuum, mihi horis
tibi hodie. Eccles. c.88. Cúimhnigh créud an
chríoch chum a dtángamairne gurab amhlaidh
dhuitsi, ané aguinne, aniugh agadsa. Do bhi
seal aguinne chum ár ngníomha chur abfeídhim
air an saoghal, do bhadhmair seal óg, laidir,
slainteamhail, mar a tairsi anois, agus niór
chúimhnídhemair acht chómh beag leatsa, air an
nidhsi chum a dtángamar, agus mar thusa chuireamair
ár mían ansna suáthránachaibh agus
ansna solaisibhsi nách feádfamaois do shealbhúghadh
air feadh mhion thamail bhig? Agus uime
sin do rinneamair neamh shuim don tsiorruigheacht.
Truaileánacha díthcéillídhe mar do
bhadhmair, do thoghamair bheith inár sglabhaidhthe
ag an Saoghal cealgach, do nidhthe
neamh chomhachtacha so-bhasaighthe, do threig
sinn chómh luaith sin roimh reir an Tighearna
agus an uáchdarain, sin do dheanamh ag nach
básaighean aoinnidh. O a Chríostáighe gabhamaoid
an rogha so. Múineadh droichiompchar
an oiread úd eile, cíall dhúinne. Ná léigeomaoid
ár gcroidhthe air an Saoghal anacrachso;
ná aoinnidhe do mheas abheith fiórthábhachtach
acht é sin ata siorruighe.


L. 48



AN VI. CAIB.
Air Shonas reir De do dheanamh.
An Seisiugha La.



Smuain, san gcéad ait, Na briathra so an
Fháigh Isaias, Abair leis an Bhfioreun, atá go
maith, Isaiah,3. Agus machtnaigh air ná tairbhidhe
niomdha do chiallan agus do dheimhnios
an gearrfhocalso don bfireun, do lathair agus
san tsiorruigheacht. Ag so no neithe air ar
mó abhfuil meas agan Saoghal, ónoir, saidhbhrios
agus sólás; acht ni bfuilid le fagháil sa
nait, ag cuarduigheann íad, acht amhain ann
séirbhis De. An a bhfághadh aon onoir air talamh
dul anioma le bheith ina óglaoch, ina
charaid agus ina mhac ionghghabhtha ag
Aírdríghe na bhflaithchios. Is mo is ionmheasda
a shamhail sin d'anam aradharc Dé agus
na naingiol iona an Timmpire is mó san
gcruinne. Is leanabh don Athair siorrúighe i,
céile don mhac siorrúidhe, oighre air rígheacht
neimhe deirbhshiur agus comhlocaidh dona
hainghil. A Chuisle mo chroidhe, go mo hiad
a samhuilsi d'onoraibh fá cosboir dod mhíanaibh.
Smuain, san dara ait go bhfuil an saidhbrios
is firinnidhe, le'n fhaghail a seirbhis Dé; go
deimhin ni hiad do gnáith na sealbhaithe saoghaltaso
do tharraingios an oiread san sgime
agus éagla; ata go laetheamhail chómh mor
san a nguaiseacht agus a bpeiriacail, nách bhfuil


L. 50


air gcumus dhoibh an cróidhe do shásamh:
acht sasdhbhrios do-mheasda ghrásadh Dé, is
siól don ghloíre shiorrúidhe; tiohlaicídhe
an spioraid naomh, grádh Dé; a naonfhocal
Dia fein, nách bhfuil air gcumus don domhan
uile a sgaradh leis an anam muna mbeidh sé
chómh-hanndall san, agus a dhíbert chum siubhail
leis an bpeacadh marbh. Cuir leis seo,
aírdréimheas aithreamhail Dé ós na
fireunaibh, go bhfuilid a shuile ortha do gnaith
ag tabhairt aire da ndeigh-sheun, go bfuilid a
Aingiolla do gnáith a bhfoslongphort ina dtimpchioll
dá gcoimhéad d'oidhce agus do lo, Salm,
33, rann 38. Do réir mar a dúbhairt se le
Habraham anallód, Gen.15. Is é fein a sgiathdhighin
agus a luach saothair anmhor. Is
é a gcarad é agus togha na gcarad, aodhaire
a nanama do threoghruigheas iad ona Mhaghadhabh
iongantacha chum tiobraidibh d'uisgidhibh
marthanacha. Saruíghean a chion
dóibh cion an Athar no fós cion na Mathar is
gradhmhaire air bith. Os.c.49.15,16,v.
Go hathchumair, is é Dia an uile neithe doibhsi
aga bhfuil eagla roimhe. O! a dhian ghradh
na loirg saídhbhrios eile air bith acht é - Ná
biodh eagla ort nídhe air bith eile do chailleamhain
acht é, Má tá sésion agad, ni dheunfadh
nidh air bith anacrach thu, acht an eúgmais ní
dheanfadh nídh air bith seúnmnhar thu.
Smuain, san treas ait, An t'aoibhneas do
ghluaisean le beatha subhailcioch an sasamh


L. 52


agus suilt siotchain cogúais maith, do shamhlúighean
an Teagnach le fleadh shíorbhuan;
sólaisighe an spioraid naoimh tnuth-samhasach le
siorruigheacht shonaidh déis dhuinn an gleann
so na ndéur d'fagbhail. O Anaomh-dhánacht adtarmain
agus anáirdreimheas Dé, agus a gceart oireamhuint
dá naomhthoil ansna huile nidhthe.
Ona tiobruidighsi lingid na soláis seo nách feidir
le seaghaltanaigh a thuigsint ag nách bhfuil
aoin éirim ionta, aoibhnois ghlana spioraideamhla
do mhillsígheas an uile chrosa na beathaso,
is cómhfhortacht do-labhartha ambás iad,
agus beireas leo reamhbhlas dheimhneach dho
luathgharaibh do-mharbhtha na bhflaithios.
Gidheadh, aoibhneas uile an tsaoighil, amhail
an saoghal fein, atáid cealgach, cailleamhnach,
spreuchta do ghnaith le nídh eígin seirbhígheacht,
feithmhe lé míoshuaimhneas faoi dheoigh
le dobrón siorrúighe.



Smuain, san gceathramhadh ait, An ráidhteachas
san ar slanaightheora, "Ata aoinnidh
ríochtánach." Agus creud e an tsaoinnidhe
sin, O m'anam, nóch amhain léar feidir thu
dheúnamh sonaidh annso agus ina dhiaigh so?
Is e réir Dé do dheunamh, agus saláthar dariribh
do dhéunamh don tsiorrúigheacht. An
uile aimsir agcomhortas ris an tsiorrúigheacht
is lúghadh é ina neimhnidhe. Is marsan don
uile chúram aimsiordha ma samhluighthear e
leis an tsiorruigheacht. Agso go firínneach d'aon
gnó madh thugair faillíghe ann atá an


L. 54


uile nidh caillte, agus caillte go bráth, acht a
dtaobh na huile nidhthe eile léna bhfuil féidhm
agad san mbeatha so, tabhair eisdeacht
arís don Slanaightheoir ceádna, "Iarruighe
air dtuis Flaithios Dé, agus afhireuntacht
san, agus is eigion dibh na neithesi uile d'faghail
do bhreis. Matha 6. r.33. Anois, a leinibh
mo chleibh, críochnaigh, ós le reir Dé
do dhéunamh ata do leas aimsiordha agus siorruighe,
chum d'aon churam do dheanamh de si
feasda, leis seo amháin gheabhair teangmhail
le fortacht eigin annso, leis seo amhain thiucfair
chum aoibhnis siorruighe ina dhiaighse.



AN VII. CAIB.
Air an Mbas.
An Seachtmhadh La.



Smuain, air dtuis nách bhfuil air bith aoinnidhe
is dearbhtha iná an Bás, Atá se cinte don
uile dhuine bás dfághail uair eigin, agus ina
dhiagh san Breithheamhnas. Atá an bhreith
choitchion, ata si fuagartha air chlann Adhaimh
go huilidh. Ní shaorfadh saidhbhrios, na neart;
na eagna: na cómhachta an tsaoghail uile aon
duine ón mbreith coitchion so. On gceud mhoimeid
dár mbeatha atamaoid ag luathúghadh
chum bais, Tugan an uile mhoimeid níbhus
fuigse dhuinn é. Tiocfaidh an Lá, is dearbhtha
go dtiucfadh sé, agus ag Dia amhain 'ta fios a
luáidthe, anuair 'na faicfioim go brath an oidhche.
No tiocfaidh an oidhche nuair nach faicfiom
go brath an mhaidin air na mhárach.


L. 56


Tiocfaidh an lá go ro-dhearbhtha, anuair, caithfirse
(a chuisle mo chroidhe) slán fada chuir leis an
saoghal meangach so, agus an uile nídh lenar
ghabhais páirt ann: agus fiu do chodlan fein,
compánach do-dhéighilte do bheatha, agus do
thuras do ghabhail chum tíre eile an áit a
ndeallrochas gach nidh do bhí taithniomhach
agad air an saoghalso mar dheatach. Uime
sin foghluim an saoghal anacrach so do tharcuisniughadh,
agus a shealbhuighthe uile lear ab
eigionn dhuit sgaramhuint chomh luaith ce
olc maith leat e.



Smuain, san dara ait, O nách fuil aoinnidhe
is dearbhtha, agus is do-sheachanta iona an bás
air gceadna ní bhfuil aoinidhe is neimhdheimhnidhe
iona an t'am, an ait, an modh agus an
uile ghné oile d'ar mbás. "O m'anam ar
naomh Proinnsias de Sales," dar bo eigíon sgaramhuin
lá eigin leis an gcodlanso acht ca
am do bhíadh an Lá san? Cia aco san ngeimhre
nó san tsamhra? san Gcathair no air
tuaithe. San ló nó san oidhche? An mbeadh
obain no an dtiubhradh forogra? an mbiadh
am agad chum tsfaoisidín do dheunamh?
An mbiadh congnamh tathar spioradalta agad?
Faraoir! ní bhfuil fios aoinnidhe dhiobh so agad.
Acht amháin go bfuil se chinnte dhuit bás dfaghail,
agus san mar is gnáthach, abhfad nibhus
luaithe ina shaoilean tu.



Smuain, san treas ait, o ta an bás chomh
deimhneach san, agus an tam agus an modh


L. 58


chomh héidimhin nar bheag an sasamh aigne
dá dtigeadh le duine bas d'faghail níbhus mionca
iona aon uair, ionas da mbiadh se do
dhonas air drochbhás d'faghail aon uair amhain
go dtigeadh leis alocht do leasughadh le aire
nibhus fearr do thabhairt an dara úair, Acht
Faraoir! ní bhfuigham bás acht aon uair amhain,
agus 'nuair chuirfiom ar gcois taobh a stigh
do gheata na siorrúigheachta ní bhfuil aon
fhaghail casta. Má gheibhmid bás maith aon
uair amhain biadh go maith do shíor. Gidheadh
aon uair amhain go holc agus biadh go holc air
feadh na siorrúigheachta. Och! a phoinc uathbhásaighe
air a seasuighean an tsiorruigheacht
gan chrioch. Och! a Thíghearna naomhtha
ollamh sinn don uair chineamhnaigh sin.



Smuain, san gceathramhadh ait Dithceile
agus neimhthuigsin ná druinge is mo do dhaoinibh
air son go bhfaicid cuid eigin dá gcaraid, dá
gcaidreamh no da gcomharsain dá sguabadh
don tsaoghal ag an mbás, agus san go romhinic,
le bas obann: go dtuigid féin go bfuil
an bás tamal uatha: chomh maith is nach
roigfeadh na soidheada so an bháis atá ag tuitim
air gach taobh dhíobh, iad fein mar chách;
no go mbiadh uirúigheacht aca féin do bhreis
air an oiread san do fuadáighthear chum siubhail
go laetheamhail. A shaoltanacha gan
chéil, creud uime nách fosglan sibh bhur suile.
Creud fath a meastar dhíbh bheith as baoghal
ón urchur san an bháis an trath nách féidir libh


L. 60


anoiread le aon lá amhain saoghail do gheallamhaint
dhibh fein? ca mheid do gheabha bás
á gcionn an mhidh so, ata chómh hóg chómh
laidir chomh slainteamhail leatsa ca fios nach
beirsi don uimhar san? A! a Chrióstaíghthe tugaidhe
aire nách bearfaidhe gearr oraibh biódh
bhur dteaghllach an ordúghadh; agus o so
suas, teith ón bpeacadh, an taon olc do ghnidh
an bás uathbfhasach, cómhnaigh do ghnáith ann
sna hinntinnibh si 'nar mhían leat do bheith an
am do bháis; do ghniómhadh air mhalairt
so do mhodh is ionnan agus diulta do chreidiomh
agus do chiall.



Smuain, san gcúigeadh ait, staid agus coinghiol
an chorpain so thrúaillighthe so aguinne,
chomh luath agus do gheabham bás. Faraoir!
iompiúghean gan mhoill liathbhan, leacanta,
fuathmhar agus graineamhail, chomh mór san
agus gur tearc fhuilingeochas a'r bfhíorcharaid
aon oidhche amhain do thabhairt ag faire
an aon tseomra léis: nibhus lúghadh go m'or
luighe an aoinleabain leis. Agus luaithighean
chomh mor san chum breuntais agus truaillightheachta,
gur ab iad a ghaodhalta is fuigsi is
luaithe d'iaras a bhreith amach as an dtigh,
agus a chur go doimhin fá thalamh ionas nách
galarochadh an taodhar. Achd creud iád an companaigh,
creud an lucht fritheoilte theangmhus
air annso? Piastaidhe, agus cnuimh. Doibhsi,
O! a dhuine ataoir ag gleus fleadh an feadh
atá tu ag ardchothughadh do chodluinne. Agso


L. 62


iád toighrigheacht, no is iad san fós do shealbhóchas
tusa. Ge be thu aniugh ata tu amaireach
chum abheith ad chothughadh Piast. A!
a shaoltanacha, ata fá throm ghradh do bhur
sgeimh fein do sgeimh daoine eile agus go
romhinic tríd air seachran o bhur nDía deonaidh
aon uair amhain machtnamh air an gcoingíol
chum a nglaodhfar tusa agus iad san an gearraimsir,
agus chidhfir féin chomh beag 'gus an
fáth ata agad tinntinn do dhorta air na salacháin
daitheannacha so, d'foillsigheas iad fein,
agus do chriochnochas ambreuntas agus loghfacht.
Leighmid go raibh N. Proinsias Borgia
chomh bíodhgaighthe sin le feicsin, amhain,
gnuis sgannraightheach na beanimpre Issabella
air eis a báis, noch do chonairc se aga bheag
roimhe sin coirighthe an iomlán a hornailleach
flaitheasa agus ameodhan a huile aileachta, ionas
gur glac se gnaith fhuath siorruidhe don saoghalso
agus inntinn shonúidhe e fein do thabhairt
suas go hiomlán a nógláchas an Rígh nách
bhfaghan bás choidhche. Deineadh a shamhuil
sin do learsmuaine inntin don tsamhailsin d'oibriúghadh
ionnainne.



AN VIII. CAIB.
Air an Mbaramhuil do bheadh aguinn air uair
ar mbais.
An Tochtmadh La.



Smuain, air dtuis a Chríostaighe ionmhuin,
cread an bharamhail do bhiadh agad an am do
bháis a dtaobh an tsaoghailsi agus a ionmhuis


L. 64


shoghluaiste uile, a onóir dhíomhaoin, a shaidhbhrios
bhreugach agus a ghreanta meabhlacha.
Faraoir! biadh deire le'd chuidsi don tsaoghal
ann san. Iompogha se cu'l ar aghaidh,
as comhair do shúl, agus an san thosanochairse
air fheicsin go sóléir neimhnídhe
na neithisi air ar thugais do chroidhe. -
Cionas ann san mar bhearfair dímheas do gach
uile onoír agus uachtarantacht shaoghalta an tan
chidhfir thu fein air bhruach na huaigh, a nait
nách déunfadh ná Píasta edirgheilt ider an
Righe seach an Deircoir! Nach beag an tabhacht
do deunfair anuair san do mheas na
ndaoine ort, noch d'faillighthean go hiomlan thu
anois? Cionas mur do thaircuisneóchair do
shaidhbhrios, noch is eigion dhuit anois do
threigion no do fhagbhail tair heis 'nuair gur 'be
do sheilbh iomlan se troighthe fearain,
comhradh agus aisleine! Nách suathrach do
thiugfir do gach uile ghreann saoghalta noch san
am dobfhearr nach tuibhradh fiorshasamh
dhuit go brath agus anois lingios uaith agus
leighios san aodhar mar dheatach ad tfhiaghnaisi.
A! m'anam bhoicht, eirighe a steach
anois ansna baramhlaibh do bhiadh agad gan
amhras air uair do bháis. Marso, agus mar so
amhain do bheir as baoghal do mhealta leis an
saoghal cealgach.



Smuain, san dara ait creud iad do smuainte
an úair sin a dtaobh do pheacúidhe! anuair
thoisighid na sgaitheadh, air dtarraing do


L. 66


cheill go toirbheartach do dhian ghradh gnóthach
fein, graineamhlacht agus máilís do choirtheacha;
agus cuirfear os comhar do shúl iad
go fior shoillsighthe iona angneithibh fein:
núair thaisbeanas an oiread san neithe iád fein
os do chomhair ina dtromchortha adhmhalmhóra,
noch araibhsi toiltionach gonuigisi a
shuidheabh ort fein nách raibh ionta acht beigchionta
no neamh chionta air fad, 'nuair nách
feudfadh an coguas fallsa san do chruthaighis
dhuit fein agus ar ghabhais tar mhorán neithe
fana chlúid ann tfaoisidin mur neithe saomhnosacha,
neamhthabhachtacha bo naireach
leatd'faisnéis no nar b'ail leat adtreigion e fein
d'imdhion le linn ionsaighe an bháis nibhus
sia. Och! creud an tamhneuil, creud an
buaireadh, creud na caithighe critheaglacha,
eudóchuis nách fulair da shamhuilsi do radharc
do chur air an bpeacach air uair a bhais! Foghluimsi
anois m'anam slíghe nios fearr do ghlacadh
an am, agus amhlaidh san toirmiosg do
chur air anacra chomh mor so.



Smuain, san treas ait, Agus dein amharc ní bhus
geire air staid dhólasach an Pheacaidh air
uair an bháis 'núair chómhobrúighean na huile
nidhthe, go baramhlach an aghaidh; agus gé bé
conaire óná sílean súaimhneas no fortacht
d'faghail ní bfaghan e. Os comhair a shúl chidhfidh
slúaigh do pheacadhaibh cruinnighthe ina
aghaidh; cuaineadh nathrach neimhe da
threibh fein do cheanglas go dlúith dhe agus da


L. 68


aimsiughadh le na bfoirneart aonda, ag cur
treighde na peiste domharbhtha san a choguais,
a bfeidhm, air cheana fein nóch do bhiadh ina
pheanaid siorruighe dona Hiffrionnaigh, (eadhoin
an drong daor, no damanta) O! creud chomh
luathghaireach agus do sgarfadh sé leis an gcuideachta
chulóideachso, acht is ollbhaois do sin;
n'il dúil acasan deighilt leis. Ma fheuchan
tareis san mbeatha do caithse ag lorg roinn
deaghoibreacha chum cur anaghaidh an tsluagh
aoigir peacadh so. Faraoir! do gheibh se na
deaghoibreacha do rinn go bfhuilid chómh
neamhthabhachthach san, chómh suathrach
san, nách tugaid dochus air bith go nisleochaid
an mheadh an trath comhthromóchar í le
na churthachaibh iomadamhla (no ann-mhéudaighthe).
A urnaighthe féin, a fhaoisidinighe
agus a chumaoineacha, do rineadh ag eitiola
anois ina aghaidh agus ag deunamh casaoide
leis air a fhailíth ro-tháirr agus a aithis
naomhbhradamhail air na moirmheodhannaibh sin a
shlánaighthe. Radharc an uile ncithe ina thimpchiol,
a bhean, a chlann; a charaid amhaoin
tsaoghalta do ghradhaigh sé níbhus mo na Dhia,
ni fhonaid anois acht chum a pheánaid do
mhéudughadh; agus creud an anacra is mó ata
air, eadhoin, nách tugaid taimhneula a thinnis
a bheag dh'am na do chumus do air e fein do
thabhairt go dáiriribh air na gnothaibh is mó
agus is docamhla isé sin iompógha iomlán chum
De, taireis gnath fhada an pheacadh. O!


L. 70


creud coimh firinneach agus d'eudfadh an peacach
anois na briathra so, an Tsalmádóra d'aithfhriotal
"Do thimchiolladar doilghis an bhais me,
agus do fuaradar peiriacla ifrinn me," Ps.114.
O! creud an pheanaid dolabhartha nách fulair do
bheith oir, air na fheicsin do e fein ag glacadh
a loinge chum na siorruigheachta, buanas dochoimsighthe,
do-chriochnithe, aigean gan
teorain, go na thraigh thall nách feudfadh an
seoltoir bocht roigsin go bráth, ag a bhfuil an
oiread san adhbhair eagla gur siorruigheacht
mhairgeach do é!



Smuain, san gceathramhadh ait, M'anamsa,
creud é do bharamhail air uair do bháis, a
dtaobh oglachuis Dé subhailcidhe agus crabhadh.
Creud coimh taithniomhach agus dhealróchadh
slighe na subhailceadh dhuit? Creud mar
do bfearr leat go leantadha an choistlighe aoibhin
úd! O! creud e an sásamh do dhuine air fhághail
báis do a bheatha do chaithiomh go maith!
Creud an fortacht dho é féin do bfeidir anois a
gcrióch a dhaorobair agus a ghuaiseachtaidh, é
féin dfaghail anois ag geata suain síorrúighe
siócháin marthanacha, taireis cogadh fhada
amhraiseach! Is feidir leis anois, Is feidir leis
teacht anuas óna thur-fhaire gan baoghal, agus
suamhnughadh go siorruighe a rioghacht a Athair.
O! creud an taoibhneas, creud an luthghair,
feuchain roimhe san tsiorruigheacht cheannaighthe
sin! O! creud chomh morluach a radharc
Dé agus ata bás a naoimh. Salm, 115. O


L. 72


deonaigh dhom anam bás na bfhíréun, agus bíodh
mo chrioch cosmhuil lena gcriochsan, nuimh,
23. A! a Chriostaighthe más mian libh bás na
bhfireun d'faghail, is deagh bheatha an taonuradh
chum deaghbháis.



Smuain, san gcuigeadh ait, No go ma rogha
leat a thabhairt chum críche as na smuainte
reamhraidhte air an mbás, iomlán gnódh do
bheatha dheanamh chum thu fein d'olmhughadh
dho. Ni bhfuil nídhe is lughadh ina siorruigheacht
ag seasamh air deagh bhás d'faghail; Má
gheibhmid droch bhás a tamaoid caillte, agus
caillte go deoigh, deoigh. Is uime sin ó nách
tangamair san tsaoghal so chum aoinnidhe oile
acht chum a fhoghluim bás d'fhaghail go maith,
agso an teagasg mór is eigion duinn uile do
mheabhrughadh. Faraoir! má theibion san
orainn, an trath glaodhfar sinn chum na trealach,
is ríochtanach gur dolas shíorruighe, an tiaragair
do thiucfas de. Och! creud é chómh docamhuil
agus a fhóghluim an nídhe sin do
chóimhlionadh go maith, nách eídir a theacht
acht aon uair amhain.



AN IX. CAIB.
Air an Mbreitheamhnas leithleasach, d'eis Bais.
An Naomhadh La.



Smuain, air dtuis, Nách luaithe sgarfar an
tanam leis an gcodlain ina suighthear i gan
mhoill alathair an Bhreithimh, chum tuarasgabhail
do thabhairt air iomlan a beatha, an
gach uile nídhe dar smaoineadh, da ndubhairt


L. 74


agus da ndearnadh, air feadh a chomnaighthe
san gcodlain, agus breith do ghlacadh dá
réir. Oir isé tuigthear dhuinn as eisiomlair
Dives agus Lasarus san sgribhin dhiadha, go
bhfuil cineamhuin shiorruidhe gach aon anma
a leath taobh le breitheamhnas air bith gan
stad taireis báis. Agus an bhreith tugthar annso
daingneochar ag an mbreithamhnas choitchion
an tlá déighionach í! A Chriostaighthe,
cionas asheasúighean síbh a lathair Dé! Creud
d'feúdfadh sibh aradh dhibh fein, dá nglaodhfúidhe
chum an bharra anochtsibh? Dob eidir
gur ab é bhur ndán e. Cuimhnigh go dtiocfadh
bhur dtighearna an uair is lúghadh bhiadh smuaine
agaibh air. Tabhair aire dá bhrighe sin a
bheith ollamh do shiór.



Smuain, san dara áit, chómh spriocalta
chómh daordhálach agus bheadh an breitheamhnas
so, anait nách fagha fiu an fhocail dhimhaoin
is lúghaidh dul as o gheárrchuardúghadh an
Bhreithimh. O creud an tionmhus mhalluightheacht
do thiocfas chum solais annso, an
tráth aisdríochar an folacha, do fhuiligheas
anois úrmhór ar bpeacaidhe o shuilibh an
tsaoghail agus ó ar suilibh fein amhain, agus
fhosclochar ionnar radharc stair iomlán ar
mbeatha. A Dhé mhóir! cia fheudfas an radharc
sganramhailsi d'fulang? Annso bheurfar
an t'anam bocht chum sgrúdadh ró gheire air
gach nídh da rinn, no dfág gan deunamh ag
caitheamh iomlan a aimsire, a hoilearthaidh san


L. 76


gcodlain somharbhtha so; cionas do choimhreagair
si do na spreaganaibh dhiádha: creud an
an fheidhm do rinneadh si do ghrasaibh Dé; creud
tairbhe do bhuain si ona sacrameintidh do ghlac
si: o bhriathar De, do chualadh no leaghadh.
Creud an tairbhe do rinn dona slighthibh sobhéusacha
so ann do chur Dia uileachómhachtach
í; Cionas do chuir sí abhféidhm na tiodhlaicthe
le'ar aontaobhaidh se í. Fiu na noibreacha
is fearr dá rinn sí criárthóchar go
glan íad; a hurnaighthe, atrosgadha, a deircghniomha;
an intinn lenar ghaibh si le a hais
iád; an módh ionnar choimhlion si iád, meadhfar
iad uile; ni a gcothrom cealgach breitheamhnais
daoine, acht a gcothram na coisreagan.
A! creud an mhéid dár ngniomhartha
do gheabhthar an uair sin air easbadh meadhchain,
do réir rádh an Fhaigh Domhnald. Do
meadhaigh thu san meadh; agus do frith air
bheaganmheadhachain thu. Cab 5. O! na teigh
ambreitheamhnas le t'oglách; oir ad lathairse
ni fireúntar aoinneach ina bheatha.



Smuain, san treas ait, cáil an Bhreithimh nar
eigion dhuinn teacht ina lathair. Ata se dochuimsighthe
an eagna, agus dá brígh sin ni feidir a
mhealladh. Atá se dochuimsighthe a gcómhacht;
uime sin ní féidir seasamh an aghaidh; Ata
se dochuimsighthe a gceart; agus dá brigh
sin, "iocfadh le gach naon do reir a oibreacha."
Ni bhfuil maith abeith ag suil le cairdeas an
lá san. Atá aimsir an luacht saogthair ionghabhtha


L. 78


gcrioch. A! a Chríostaighe, smuain go
maith air anois, an fhad agus gur ab é do lá é.
Is feidir leat anois do pheacuidhe do níghe
dhiot le dearaibh aithrighe; agus mar so iad
d'follacha o shuilibh an bhreithimh bhias ort
fós. Is eidir leat anois lathair le hurnaighthe
umhla a lamha do chúibhreach; Is feidir leat
thu féin do chur air aith-eisteacht ona cheart
go cathaoir a thrócaire, agus a chur d'fhiachaibh
air an bhreith ata le ad haghaidh do chur
air neimhnidhe. Achd an la san do gheabhair
e neamhshuimeamhuil ann tathchuinge -
Tiocfadh do dheora agus t'urnaighthe annsan
ro dheighionach.



Smuain, san gceathramhadh ait, an fortacht
do-mheasda do gheabhadh anamna na bhfireun
an la so o chómluadhar andeagh oibreacha, do
thimchiollochus iad air gach uile thaobh mar
bhabhdhunn dochlaoidhte ag congbhail anamhaid
ifrionda amach uatha. O m'anam tugamaoidne
aire a samhuilsea do chómlúadar do
'shaláthar dúinn féin agcuinne na huaire sin
atá chum ar gcineamhuin siorrúighe do chur a
gcrích. Is caraid dearbhtha, iadso nách treigfeadh
sinn san mbás fein, agus bhuaidhfeadh ár
gcuis go heifiochtach ós comhair cathaoir
bhreitheamhnais Dé, anáit nách beadh tabhacht
anaon chaoinrádh eile.



Smuain, san gcúigeadh ait, creud an riocht
anachruitheamhuil iona mbíadh an peacach
nách rinn sgim d'aon ionmhus deaghoibreacha


L. 80


don tsamhuilsi do chnuasach, ag seasamh do
lathair an Bhreithimh O! creud mar labhras
an uile nídhe anois don cheacht dhólasach so,
atá go díreach chum tuitim air a cheann cionntach.
Gé bé ait ionna bféuchfadh, ní fhaicfeadh
aoinnidh do bhéurfadh fortacht do; acht anádhaigh
sin, an uile nídhe do bheir cóngnamh chuma
dhólais, agus a sgannra do mhéudúghadh. Fá
na chosaibh do chídh ifrionn fhosgailte olamh
chum a shloigthe siós; os a chionn breithiomh
feargach ag olmhúghadh chum na daorbhreithe
síorrúighe, gan chasadh do phleusgadh amach
anághadh. Air a lámh dheis do chidh a aingiol
cosanta anois dá thréigion, air a laimh chlí, na
Díabhail, a namhuide neamhthrócairighe,
olamh glan chum beartha air, agus gan do
mhoill orrtha acht sméide on Bhreithimh. -
Mádh fhéuchan ina dhíagh nochtan an saoghal
cealgach e fein do, nóch do theithionn uaigh
anois. Mádh fheuchan roimhe, ní theangbhas
aoinnidhe leis acht siorrúigheacht dhíamhair,
ann a stigh airighionn soigheada dofhulaingthe
coguais ciontach; agus air an uile thaobh de
mothaighean slúagh athach úrghrána, a pheacadha
fein níbhus uathbhásáidhe do anois, ina
Diabhail ifrinn. A Dhé mhoir, saor mise o
bheith rannphairteach chaoidhche ann a leitheid
do radharc anacrach.



Smuain, san séisiughadh ait, Air mhodh go
gcoisgfeadhmaois breitheamhnas Dé, o thuitim
orainn go trom tairéis báis, caithfeadhmaoid
aire do thabhairt anois feadh ár ré, sinn féin


L. 82


do smachtughadh agus do dhaoradh le deunamh
aithríghe dhúthrachtach ionár bpeacúidhe. -
Mar so, agus mar so amháin, feudfamaoid
ceartbhreitheamhnas Dé do dhiotharmúghadh
do faidígheadh le nár bpeacúidhe. Leanam
comhairle an te úd do bhias mar Bhreithiomh
orainn, nóch do ghlaodhan orainn uile chum
faire agus urnaighthe do dhéunamh anúile
amm; ionas go measfuidhe go mfiú sin dul as
os na peiríacailighe sgannramhalla so; agus
seasamh go dóchuiseach alathair mac an duine.
Luc 21, f.36. A! biodh an breitheamhnas so
ós cómhair ar sul do ghnaith. Machtnúighmid
go laetheamhail air an gcuntas ata lá eigin aguinn
le tabhairt. Ná dearmámaoid choidhche
go bfuil súil shuas do chídh an uile nídh; go
bhfuil lámh do sgríobhus, ar smuainte, ar mbriathra
agus ar ngníomhartha uile, ann Leabhar
an mhorchuntais; go ngluaision ar ngniomhartha
uile ó ar lamhaibhne chum lamhaibh nDé; an
nidhe deuntar anaimsir, nách imthidheadh le
haimsir; acht go seasuidhean d'eis an uile aimsir
d'imtheacht. O gan na daoine eagnadha, agus
na firinnidhe so do thuigsin, agus solathar do
dheunamh da gcríoch dheighionnach. Deut.32.



AN X. CAIB.
Air La an mhorchuntais.
An Deachmhadh La.



Smuain, air dtuis, Nách eídir aoinnidh do
mheas ní bhus uathbhásaighe iona an teasbeanadh
do bheir an sgribhin diádha air lá an
chuntais dhéighonaigh, maille le gach iongantas


L. 84


dá ngeabhadh roimhe, an grian air ndorchúdhadh
an gheallach chómh dearg le fuil; na réulta
gan solus; agus a gcosmhúlacht tuitioma ón
spéir; an talamh air bailichrith le madhmannaibh
fíochmhara; an fhairge ag at, agus a
geimionaigh le hanfadh neamhghnáthach, na
dúile uile ag cómhbhúaireadh, agus an chruinne
iomlán air mearúghadh. Lá an tighearna,
adeir an Fáigh Joel, Caib 2. lá dorchadas agus
díamhaireacht, lá néulta agus gaoth-ghuairnein.
Roimhe teíne léirsgriosach; agus iona dhíaigh
lasaracha loisgidhtheach, crithfeadh an talamh
air thaidhbhseadh na neithe sí: agus gluaisfid
na Flaithehis leis an radharc; ataid an ghrían
agus an gheallach iar ndorchúghadh, agus do chúaidh
iomlán solais na réulta air gcul. Agus
eighmhion an Fhaidh Sophonias amach, an lá
san, lá díbheirge; lá búartha agus peannaide;
lá díombhuadh agus anacra; lá dorchadais agus
duaibhsighthe; ceofhearthain agus anfadh,
Caib 1. An feidir le haonnidhe bheith níbhus
sgannramhla iona an turasgabhailse. A! creud
íad smuainte an duine pheacamhuil an lá san,
an tráth chídhfeadh sé na cómharthaoise
ag bagairt air? Faraoir! feóchadh sé go hiomlán
le heagla, ag feithiomh leis an aoidheadh,
nách fulair go leanfas na samhuilte sgeimhleachso.



Smuain, san dara ait, Air dteacht an lae
dheíghionnaigh, go loisgfeadh teinne cuthaigh,
mar thuile bhorb, le hórdúghadh Dé, uachdar na
talmhan go hiomlán, agus an uile nídhe dá bfuil


L. 86


air: ní rachfadh aoinnidhe as úadhh, O a
shaoghaltanaigh, cá bfhuil do dhúnta uaisle
uile an tan san, do shuigheacháin aoibhinne,
do gharaidhthe, dolingtheacha agus t'foirisidhe.
Cá bhfuil do chuid óir, airgid, agus clocha
úaisle? srl. Faraoir! an uile nídhe air ar
dhoirtis do chroidhe san saoghalso, fágfar na
luaithre a bhfeoithne aimsire; chum ollbhaoise
na neithe do ghradhaidheas do theasbeanadh
dhuit, agus do díthceillidhe fein, an taigne
do dhortadh air a samhuil do níamhsgaile, do
bhreúgan dathanacha. Foghluim uime sin,
m'anam bocht an saoghalso do tharcaisníughadh
agus a ulmhaithios uile, os luaithre, agus
deatach an deíre uile; agus leag súas dhuit
fein saidhbhrios air neamh, os air amháin nách
biaidh cumus agan dteine dhéighionnaigh se.



Smuain, san treas ait, Air mbeith dho
chríoch dhéighionnach an tsaoighilse, anois air
dteacht, séidfeadh an tArdaingiol an stoc
déighionnach; agus ardóchadh a ghuith le
Surgite Mortui - "Eirighidhe amhairbh, agus
tigídhe chum bhreitheamhnais:" Guith do
chluinfear an einfeacht tríd an gcruinne, agus
rachas tríd an bhflathas is aoirde agus thollfas
siós tríos an bpoll is doimhne anifrion. Leis
an nguithse tré ardchomhachta nDé eireochadh
clann Adhaimh uile d'aon bhig, an chéud duine
agus an duine deighionnach o'n lúaithre; agus
ceangléochar gach aon anam dá chodluin cheart
fein arís; go siorruighe arís, gan sgaramhaint
air feadh na síorruigheachta. O! m'anam biodh


L. 88


fuaim an stoic so ad chluásaibh do shíor! A!
tabhair aire d'uathbhfás an órdúghadh so do chosg,
le eístiocht anois le ordúghadh oile mhór stoic
an spioraid Naoimh, do ghlaodhas ort tré bhéul
an Absdail; músgail suas tusa chodlas, eirghe
o'n marbh (omharbhaibh an pheacadh) agus soillséochadh
Críosd tu, Eph.5. Is mur so o bheith
pairteach san gcéud eiseirghe, dhéunfair solathar
a gcoinne na huaire uathbhasaighe sin.
Ní bhíadh aimsir ann ní bhus mó. Apoc.10 -
Is marso racha tu as o'n dara bás.



Smuain, san gceathramhadh ait, An neamhchosamhlacht
iongantach do bhías, anam an
eiseirghe choitchion, idir chodlannaibh na
bfireun agus na malaightheoirighe. Eirgheochaid
na fíreun a gcodlanaibh ró-aluinne níbhus
glainne iona na reulta, ní bhus taithneamhúidhe
iona an ghrian; do-mharbhtha agus do-fhulaingthe;
acht eirgheochaidh codlana na malaigh theoírighe
ariocht oireamhnach dá dtuiliomh;
truaillighthe; dubh, gráineamhail, agus fuathmhar
agus do-fhoighnighthe ann gach aon
tslighe: do-mharbhtha, is fiór, acht gé gur
a beadh, ní chum aon chríche, acht chum pianta
do-mharbhtha d'fhulaing. Creud an pheánaid
do-labhartha dona hanamnaibh truaghacha so,
an éiginiughadh a steach ag conabluighibh do'n
tsamhuilsi, do bheith daortha chum géibhionn
siorruighe, adteaghalach chómh graineamhail
chómh salach so! A! tabhairse aire m'anam
sa do chodlain a choimheud glan anois o
thruailligheacht, drúis-pheacadh, air eagla


L. 90


go mbíadh sé ina adhbhar méudaighthe dod
anacra lá eile air a mhalairt.



Smuain, san gcuigeadh ait, méud an
tsasaimh agus an luathgháradh le a ngeabhaid
anamna na bfireun seilbh ionna gcodlannaibh
arís, ní do shanntúigheadar an fhaid sin; creud
é 'ghradhmhaireacht agus d'fhailteochaid roimh
a gcómhpháirtighe ionna saothar agus a
dtreaghnas uíle, agus anois a nairighthe, tre
chuiduighadh anghloire Shion neamhdha, chum
breise do chur air a sonas síorrúighe. Acht,
O! creud iád na heascuinne uathbhásacha do
bhías ag teagbháil na mallaightheoiríghe. -
Achorpain mhaluighthe, a dearfadh an t'anam,
an chum do shásaighthe, chum toil do thabhairt
do tainmhiántaibh do dhíolasa aoibhneas mharthannach
na Bhflaithchios? A a thruaghnáin!
chum sásamh salach móimeide do thabhairt
dhuitsi, is eadh, do dhaor misi agus tusa air
feadh na síorruigheacht. O! malacht fá thri ort
a spaid! is ceart tusa ós tu dob adhbhar damanta
dhamhsa, abheith ad pháirtighe agam,
an amhgar siorrúighe! Acht nár chirte dhuitsi,
fós a anam dhona, míle malacht d'fhaghail o'n
gcodluin, o dob é do ghnódh, agus e ad chomhacht
a hainmhianta agus a drúise do chlaoidh,
chum umhluigheacht, ceile agus creidimh: agus
fós, do thoigise mar rogha air son moimeid
sgléipe, leadrán do dheúnamh dhíot féin dá
claontaibh toilteneacha, agus mur sin ifrion do
shaorthuagha dhuit fein agus dod chodlain? A
chriostaighthe! foghlamúighmidne a bheith
eagnaidh tre learsmuaine air dhonas daoine eile.


L. 92



AN XI. CAIB.
Air an Mbreitheamhnas Coitchionn.
A t'aonmhadh La deug.



Smuain, air dtúis, na mairbh uile do bheith
eírighthe, beid gan stad tionólta abhfochair a
cheile, san ionad cínnte chum an Breitheamhnais
dheionnaigh, sí an cheadfadh choitchion
gur 'be gleann Josaphat lámh le Híarusalem, a
radharc sleíbhthe Olibhet agus Chalbhair, san
ait ar dhoirt ar Dtighearna a chuid fola chéana
chum ar bfuasgalta. Creud an radharc é clann
Adhaímh uile d'fhaicsin anso, an sluágh do-airmhighthe
sin dona n'uile chinne, aois agus
céim ag seasamh le chéile gan eidirgheilt air
bith anois, do shaidhbhir na do bhocht, do
mhór 'na do bheag, do Thighearna 'na d'oglach,
do Fhlaith 'na d'fhomósach; acht amhain
deighilt an uilc agus an mhaith, do bhíos iongantach
agus siorruighe; Faraoir! chómh suathrach
'gus an teasbanadh do dhéunfadh Alasdrom,
no Caesar ag an dtionolso, na aoinneach do
na currádháibh móra so analód, na gcuireadh
a nainim amháin críocha iomlaine air crith:
Na Flaithe comhachtacha san agá raibh an
Dómhan mhor ag a gcuil seal, ataid anois
leagtha chómhísioll leis na moghaibh is taire
dá raibh aca, agus go m'fearr leo míle úair nách
air iomcharúighdear riamh antslat riogha, agus
nár chaithidear an choroin.



Smuain, san dara ait, Air mbeadh dona
marbhaibh anois tionólta a bfhochair a cheile,


L. 94


tiocfadh an breithiomh mór anuas o neamh, le
glóire agus cómhachta mhor, air dtimchiollúghadh
leis an mbúidhionn neamhdha agus
sluaighte uile na naingiol. O chomhneamhchosámhuil
le na chéud theacht agus bhías an dára
tiosbánadhso aige. Do bhí a cheud theacht
agceannsacht agus a núirísleadh mhór, mar
dob é sin ar la 'ne, iona dtáinig chum sinn
d'fhuasgla léna thrócaire. Acht air an dára
taisbeanadh aige, bo he sin a la san, an tráth
choireochadh sé é fein le sgeimhlibh uile acheirt
chum sasaimh do bhuaint don pheacach i.e.
adhbhar tar cuisne a thrócaire, maille lé dioghaltas
déighionnách aonaranach air shon an
iomlán. A pheacaidh anacracha cionas do bheirsi
cumusach air theacht iona lathair, chum
a ghnúis fheargach d'fhulaing. A! an san
ghairfir air na sleíbhthe agus air na cairgíbh
tuitim ort agus tu d'folacha, ó ghnúis an té
shúigheas air an riogh-chathaoir agus ó fhearg
an uain. Ni headh amhain bearfadh fiu radharc
an Breithimh fheargach a leithéid d'eagla agus
sganradh leis go m'fearr leat mile úair go
bfeudfadha do bhathas ciontach d'falacha san
ifrionn is iochtarrúighe níbhus luaithe iona
fhulaingeofadh an taidhbhse geiteamhuilsi;
acht ní bhfuil tabhacht ann, caithfir a sheasamh
amach.



Smuain, san treas ait, go niomchurochar
roimh an mbreithiomh méirge ríghtheamhuil
na croise níbhus soillsíghe go mór iona an


L. 96


ghrian chum fortacht mhór do na fiérin, agus
peannaide agus comhbhuaireadh dolabhartha
na malaightheoirighe, adtaobh loighead an
tairbhe do rinneadar do thiodhlaicthe do-mheasda
a bfhúasgalta. An so chídhfid go follus, creud
é mheid d'fulaing a Ndia air son a slanaighthe;
chómh mór agus an grádh do chríochnaighthe:
do-shámhailte úd do thug anúas o riogh shuighcuchain
na gloire é, agus do chúibhraigh air an
gcrois é. Och! mar do dhaorfaidh anduircacht
fein anois san bpeacadh, a ndailleadh agus a
miochuman; cionas mar do dheunfadh an
cómhartha glórmharso, leith sgeul, bhreitheamhnais
Dé, agus siorrúigheacht pianta ithfrinn do
ghábhail alathair an domhain mhoir! creud
níbhus lúghadh, iona siorruigheacht anacrach
is lor mar phionos don anoiread san olc, deis
anoiread sau grádh.



Smuain, san gceathramhadh ait, Mar do thoghfar
muintir dhílis Dé as ceartlar an tslúaigh
mhóir sin le aithne an airdbhreithibh, nóch dá
ngeilfear gan mhoill agus suighfear go honoireach
air a laimh dheis; an trath tiománfar na
malaightheoirighe leis na hannspioraidibh sin
uile le ar thaobhúigheadar, go míodhchlúdhach
chum an taoibh clé. O! adhealúghadh sganramhaill
shiorrúighe! tairéis nách teagmhochadh
an dá chuideachta so go síorruighe arís. Agus
tusa m'anam, cá bhfuil suil agad seasamh ar an
lá san? Cia aca don dá chuideachta iona súighfear
tu? Atá anois do roghadh agad. Togh
anois an chuid ud is fearr, nách béurfar uait


L. 98


choidhche, Luathaidh anois as lár Bhabilon.
Duiltaigh anois do riaghalachaibh breugacha, do
cleachtaibh truaillighthe, agus do sgléipibh
peacamhla na saoghaltanacha. Deighil tu fein
ó na mallaightheoiribh, anam, ionas nách
tuitfeadh asteach ionna ndamaint shiorruighe.



Smuain, san gcúigeadh ait, Creud na
smuainte bhias san am san ag daoine mora an
tsaoighilsi; creud an cuthach, creud an tnuth
creud an pheanaid sgalaoideach, agus an cómhbhúaireadh
lúighfeadh air a nanamnaibh an
trath chíghfid na boicht a spioraid, na ceannsaighthe
agus an lucht úiriosal, do dhimheasadar
cómhmor san an feadh do bhádar san mbeatha
sobhásaighthesi anois, air nónórúghadh
agus n'ardúghadh a radharc an dómhain uile,
agus iád fein dá dtarcuisniúghadh le na uiread
san droichmhais, Eist le na ngearán do reir
mur do chuireadh síos iad leis an eagnach; ag
so an mhuintir fána ndearnamair gáire roimhisi,
agus dá ndearnamair cosbóir ar míghrinn. -
Budh sinne na donáin gan chéil; Do mheasamar
gur bhaois a mbeatha, agus a gcríoch gan
onoir; Feuch mar d'airmhighthear iad anois
ameasg chloinne Dé, agus leis na naomhaibh ann
a mir shiorrúighe. Ergo erravimus a via veritas.
Eag.5. Faraoir! Tairéis gach uile nidhe, is
sinne na daoine do bhi meallta, is sinne go
misheunmhar do rith san tslighe aincheart, agus
'siad san do bhí eagnaidh go firinneach a dtaobh
rogha níbhus fearr do dheunamh nóch, do thug


L. 100


fortacht ambeatha dhoibh; agus anois do bheir
ceart dhoibh air luathgháir gan críoch.



Smuain, san séisiughadh ait, chomh mór agus
meudóchar peannaid, agus cómhbhuaireadh na
mallaightheoirighe air fhoscladh leabhair na
gcoguas, an tráth nochtfar cionta iomlán a
mbeatha a radharc an tsaoghail uile ós árd. A
pheacaidh bhoicht! creud iad do smuainte anuair
nochtfar do choirthe do rinis san uaignios is
mo agus nách foillseochadh, air an saoghal 'na
gniomhartha san do bhraithis abheith clúdaighthe
le díamhaireacht oídhche, agus dorchadais,
agus ar bhreúgais tu fein nách fagha do chairde
na do lucht comhluadair fios choidhche ortha. -
Na hoibreacha eugchoracha san go mbfeidir
nách faighfea ód chróidhe aninnsin d'aoinneach
amhuil do bheith fá chuíbhreach an uile dhlíghe
chum gnath-ruin iona ndathanna firinneach
anois foillsighthe dho shuile an domhain go
leir, aingil agus daoine, maith agus olc, chum
do naire shiorruidhe: A chríostaighthe! ata
anois ann bhur gcómhachta le haithrighe agus
faoisidin fhirrinnighe an comhbhuaireadh so do
theibeádh nóch do caithfir a fhulang lá eigin
air amhalairt.



AN XII. CAIB.
Air bhreith dheighionnaigh an uile agus an
Mhaith.
A dara la deug.



Smuain, air dtuis, mar do criochnochar an
triail mhór so le saoir bhreith suidhte, gan


L. 102


chasa air thaobh na bfhireun, agus daoir bhreith
damainteach air thaobh na mallaightheoirighe,
agus air dtuis, an tard bhreithiomh agá iompoghadh
fein air a thogha, le gnúis ro-mhilis
ro-gheannamhuil, bhféurfadh cuireadh dhoibhsi
dul a steach a dteaghlach shonaidh an aoibhnis
shiorruighe (ag radh) Tigidhe a lucht
beannaighthe m'athar, gabhaguighe seilbh san
righeacht do hollmhuigheadh dhíbh ó thosach
an domhain, Matha 25. O a chuireadh shonuidhe!
is sonuidhe, fá thrí an drong do gheibhthear
fiuntach chum an bhreith chomhfhortamhuilse
do chluisdin, creud an sásamh do-aithriste,
creud na tuiltighe lúathghara agus
aoibhnis do bheúra a chlos don drong beannaighthe
san. Ataim air lionadh le luathgháir
adeir an Fháidh, rightheamhail, Salm, 121,
ag an sgeul sonaidh do chualas, atamaoid le
dul a steach a dtigh ar dtighearna. Acht mo
bhrón! creud an tnúth, creud an fioch, agus
an mhiosgais d'aíreochaid nu mallaightheorighe
air chlos na cuireadh so, an tráth chidhfid
mórán dá lucht aitheanta gairmthe chum seilbhe
na righeachta síorruidhe sin, nóch ar bhféidir
leo a cheannach chómh saordhalach; acht tre
na ndíth ceile agus a mairinntinne fein do
mhalartuigheadar go dall é air lasrachaibh ifrinn.



Smuain, san dara áit, agus meas ar do shocaracht
an bhreath shonnaidhse, Tigidh (adeir
an breithiomh) alucht beannaighthe m'athar,
srl, Tigídh ó ghleann na ndéor a náit le


L. 104


hordúghadh m'airdreimheasa, do bhadbhar fa
chrúadhas agus fá bhuaireadh; feadh tamail
bhig chum ríoghachta luthghára do-chriochnaighthe,
an áit nách beadh cumhadh na brón
ni bhus mó. Tigidh ó ionad na hionarbadh,
anáit arabhabhar sealead ag osnadhail agus ag
cneadaigh a bhfad o bhur dtir neamhdha, chum
bhur ndúthchais bhuaintseasamhaighe, anáit
a dteangmhochadh sibh le gach uile nidh bo
mhian le bhur gcroidhthe chum bur naoibhneas
do leiriúghadh, anáit ambiadh sibh go siorruighe
sásaighthe le hiomad mo thighe, agus
anolfadh sibh coidhche aig tobar na beatha,
Eirighe a chuisle mo chleibh! 'ta an geimhre
anois imighthe 'taid na tuilighe agus na hanfaidh
sgaipighthe, Eirighe, agus gluais leat. O a
bheannocht choitchion, shíorruidhe! Cionas
mar do tharcnisnighean m'anam bocht an uile
aoibhneas oile an doith go bhfaghadh pairt lá
eigin san mbreith bheannaighthe se.



Smuain, san treas ait, Taireis d'on
mhor bhreithiomh cuireadh do thabhairt dona firéin
teacht dá rioghact ghlórmhar, mar do chasadh
se efein air na mallaightheoríghe air a lamh
chlí, le teinne ionna shúile agus sgannra iona
ghnúis. Blaomfaidh amach ina nádhaigh breathúaimhneach
a gcríche síorróidhe ansna briathra
so, Imthighe uaim a lucht na mallacht go teine
siorruidhe ollmhaighthe don Diabhal, agus dá
ainglibh. A chriostaighthe m'anma, meadhaighidh
go maith gach focal don bhreith dhíamhairsi,


L. 106


Imthighe go siorruidhe uaim, agús o
aoibhneas mo rioghachta bhioth bhuan. Och!
a choingiollbháthadh sgannramhuil! Och a
dheighilt chruadhalaighe! och a ionarbadh
shiorruidhe! Cia fheudfas a aithris, cía dheudfas
a smuaineadh creud a bheith deighilte chaoidhche
ó ar nDiá, ar gcéud chuis, ar gcrioch dheidheanach,
ár nárd mhor mhaitheas? Trúaileanaighthe!
do rinn anois cómhbeag san do bhúr
nDía do chailleamhuin le peacadh marbhtha,
creud air a smuaineochasibh an tráth daorfar sibh
chum a bheith dióbartha go siorruidhe uaigh,
a bheith ag cinneamhuin dhibh a lorg airfeadh na
siorruidhe achta, agus fos gan teagmhail leis
an aon dá chailligheachta acht ionna cheart
dhioghaltaiseach amheadhchansan do aireoghcha
sibh go siorrúidhe. Acht tabhair, dod
taire cabhfuil re dul, an tráth dhimtheochaidh
ó sibh Dhía, faraoir! a dteine bhiothbhúan chum
beatha siórbháis do chaithiomh ann, chum bás
gan chríoch dfulaing ann, a gcuideachta an
Diabhail agus a aingiolla. dá ndearnabhar
sglabhaighthe dhibh fein agus dheunfas anois
gan toirmiosg a mhoghsuinne dhimirt oraibh
go siorruidhe.



Smuain, san gceathramhadh áit, An mhallacht
choitchion uamhannach san do cheanglas
an bhreith cheart gidh diamhairsin. Imthighe
uainn, alucht na mallacht adeir an tárd bhreithiomh.
Amhuil agus do dhearfadh; Imthighe,
bighidhe air siubhal úaim, acht go nimthighe


L. 108


mo mhallacht libh. Do bheurfainnsi mo
bheannacht dhíbh, acht nior bh'ail libh í. -
Malacht do thoghabhar; agus isí an Mhalacht
san bhur noighreacht shiorruidhe, leanfadh si
dhíbh mar bhrat air feadh na síorrúigheachta.
Rachfadh sí a steach tri bhur ninidhibh; agus
cúardochadh fiu smior bhur gcnamha, malacht
air bhur súile, choidhche gan lias dá loíghead
do sholus fortachta d'faicsin. Malacht air
bhúr gcluasa chum abheith oidheachtaigthe
air feadh na siorruigheachta le gárthaibh agus
le sgreadacha sganramhla. Malacht air bhur
gcluasa chum abheith oídheachtaighthe air
feadh na síorrúigheachta le gárthaibh agus le
sgriadacha sganramhla. Malacht air bhur mbolaith,
chum bheith píanta do ghnaith le bolath
graineamhuil phoill ifrinn, Malacht air bhur
mothúghadh agus air an uile bhall do bhur
mothúghadh agus air an uile bhall do bhur
gcorpaibh chum losgagh agus chaoidhche gan
oidhdiúghadh, san dteinne sin nacht múchtar
chaoidhche, Malacht air bhúr dtuicsin gan
a bheith soillsighthe caoidhche le deallraibh na
fírrinne, Malacht air bhur gcúimhne chum a
bheith ag athchasa do ghnaith air shearbhas
aithríghe dheighionnach, neamthearbhaigh,
giorra agus ollbhaoisi an ghrinn 'ta imighthe,
Malacht air chur dtúairim, chaoidhche ag cur
a niul dhíbh na hanacra laithreach agus le
teacht Malacht air bhur dtoil seasamhach anolc,
stialta na mbloghnaibh le mile mian d'asachtoch,


L. 110


agus iad uile buinoscionn agus gan ar gcumus
aon díobh do chur abhfeidhim. Malacht faoidéoigh
air iomlán bhur nanma, chum a bheith a
nIfrionn di féin air feadh na síorrúigheachta! A
Dhé mhaith, nár budh hé ár ndonasne go
bráth an mhalacht uamhanach so do thuilliomh.
Smuain, san gcuigeadh ait, Tairéis na
breithese do thabhairt, mar do rachadh an
togha gan mhoill a steach a seilbh na righeachta
biothbhuaine, a tá ollamh aig Dia do'n mhuintir
do ghnidh a réir, anáit nách bhfuil aon ionad
ag an dobrón. Acht a dtaobh na mallaightheoirighe
fosgalocha an talamh agus sloigfeadh si síos
aneinfeacht iad uile, mar aon leis na Díabhail
do mheall iad, san duibheagan gan bhonn agus
íathfar na doirse chum gan an osgla níbhus mó
go déoigh, déoigh. Agso deire an uile shúbhachas
na colna. Och! nach uathbhasach an nídh
tuitim a lámhaibh an Dé bhithbheo.



AN XIII. CAIB.
Air Ifrionn.
An treas la deug.



Smuain, air dtúis, O tá sé ráidhte san
sgríbhin diadha, nách feacadh suil, agus nách
cualadh cluas, agus nách tainig a gcroidhe an
duine, na neithe ollmhuigheas Dia do'n droing
ghradhuígheas é; uime sin is éidir linne a rádh
go firinneach, a dtaobh peannaid Ifrinn nách
féidir le teangadh dhaonaidhe a bhfriotal, nó
le croidhthe a dtuigsin. Do réir díaghairidhe


L. 112


an staid iomlán do-chriochnaighthe bheannaightheacht,
ag fóirlíona an aon tsuim gach uile
mhaithios, gan aon mheasga oilc. Uime sin, más
buinnsgionn do bheannaightheacht ata an
damnúghadh, ní fulair gur d'aoin shion shíorruidhe
é do gach uile olc, gan a bheag d'on
mhaith tríd, gan a bheag do dheallra saimhe,
sgaramhuin go hiomlán o an uile shonas; agus
meall dona n'uile anacra.



Smuain, san dara ait, níbhus cinnte. Creud
é an nidh é damnúghadh; agus cá lía agus cá
mhéad, na nanacradha do sheolann sé, beatha
mharbhthach, no fós bás mharthanach. Braighdionas
dorcha, carcair dheistionach; Cuibhreach
lámha agus cosa a slabhraidhibh síorruidhe',
talamh úrghrain agus anacra; loch teine
agus ruimhe; clais gan íochtar; lasaracha
sgriosta; oilphéist ag síorchnaoi; cnudha nách
basuighthear; corp ag síorlosgadh agus go deoigh
gan aoidiughadh caitheamh; ollamh do ghnath
chum fulaingthe; síoriota gan chosg; síorchaoidhe
ochlán agus giosgan fiacal, gan aon
chuideachta acht Diabhail agus donáin dhamanta,
atá go huile ag fuathúghadh agus ag
malúghadh De: Spioraid do ghnath an daoirpheannaid
agus a dtinnios Bais; acht chaoidhche
gan teagmhail leis an mbás so do iarraid choimh
diánsan: teilgthe amach ó ghnuis Dé, go tir
an dearmaid: air bhfuathúghadh agus air
naithisiughadh ag Dia agus aga naomhaibh:
gan aon chum fortachta, gan aon chum truaighe


L. 114


do dheunamh dhóibh, gontadh go croidh
re smuaineadh air shonas caillte; agus cómhbhuadhartha
le hairiughadh an anacra laithreach;
agus na fulaingthe si uile gnathbhuan, gan
suil dá loigheadh le deireadh le spail, ná le
laigheadúghadh. Atá an tuarasgbhail aithghearr
so, an chuid is mó dhe, tarraingthe ó
bhreithir dearbhtha Dé, air an anacra do
chialluighean damnúghadh síorruighe. Is é so
an corn searbh úd dar ab éigion do pheachaibh
uile na Talmhan ól dé. S.74. v.8.



Smuain, san treas ait, Go bhfuil Dia dochuimsighthe
ann a chailligheachtaibh uile;
amhuil ionna chómhachta, a eagna, a mhaithios,
srl. mar sin dó ionna bhreith díoghaltais air
ceadna. Atá sé ina Dhia an ifrion chómh
maith agus 'ta se an neamh. Ionas tré mhéud
a ghráidh, a thrócaire agus a fhoighne ann so,
d'fheadfamaois méad a fheirge agus a dhíoghaltais
ina dhiaigh so an aghaidh pheacadhaibh
neamhaithrígheacha do thomhas. Tré na
mhaithios do-chuimsighthe do tharraing sé iad
as neimhnidhe. Do chomhéudaidh agus do
chongmhaidh suas iád tréimhse fhada. Do
thainig sé anuas amhain óna ríoghchathaoir
glórmhar, agus d'foighneadh e féin do thathúghadh
air chrois amhnáireach chum a slánúghadh
síorruighe. Do shaor se iád go minic óna
contabhairtibh dá rabhadar go laetheamhuil a
mbaoghal: d'fhulaing go foighideach lena mi-iomchar,
agus lena meirliochas ghnath ag


L. 116


síor thabhairt cuireadh dhóibh go grásamhuil
chum aithríghe. A! nách ceart dhiompuigheas a
fhoighide deis a fhaid do tharcuisne, fá dheoigh
chum feirge. Faraoir! do bheir trócaire ionad
do'n cheart, agus míle mairg air na mallaightheoirighe
do chaithfeas meadhachan uadhbhasaidh
lámh dhíoghaltais Dé d'iomchar go
síorrúidhe.



Smuain, san gceathramhadh ait, agus air
mhódh go dtuigfeadhmaois nios fearr creud an
nidh Ifrionn, cur ós cómhar do shul duine
bocht, tinn, ina luighe air a leabadh, ag losgadh
le fiabhras plaghach, líonta le pian choitchion
an iomlán a chuirp, a cheann go huile raobtha ó
chéile, a shúile réigh chum sginnte amach, a
fhiacla air cuthach, a chlíabh thollta le greamanaibh
uathbhásacha; a uchd go léir air lasadh,
a bholg dá thnáithe le tréighid ró ghéur; a
dhúbhain raobtha leis an gloich, nó an garbhual;
a gheuga uile a dtáimhe le pían reumadh
agus a altaibh go léir, a chroidhe do ghnaíth
dhá losgadh le daorpheanaid, agus é ag sgreadadh
amach ag iaradh braon uisge chum a
theangan d'fúaradh. Air bhféidir aoinnídhe
amheas ní bhus anacradha? Agus fós innsíghim
dhuit, nách bhfuil annso, acht lagchosmhulacht,
sgaile dona neithibh is éigion do'n
drong damánta a fhulaing go síorruighe; anáit
ambeidh na conablaighesi atá iodhbartha dho
bhreitheamhnas Dé, soillte tríotha agus tarsa
le teinne: agus ag fulaing a gceadfadhaibh agus


L. 118


a mballuibh uile a gcuirp, agus a gcomhachtaibh
uile anamna pianta ro-mhóra.



Smuain, san gcúigeadh áit, Dá thrúaghanta
d'feuchann staid an duine bhoicht thinn
air ar labhramair anois a bheith, gidheadh do b'féidir
súil bheith lena thinneas do loigheadúghadh
no do shaoradh, no fortacht éigin do
thabhairt dó. Leabadh mhaith le luighe uirthe:
cáraid mhaith chum misnigh do chur air no,
achlan do dheanamh tríd: coguas maith chum
é do neartúghadh; toil tugtha do thoil Dé
agus fá dhéoigh, fios deimhneach go loigheadochaidh
a phianta go luaith, no go
gcuirfid deireadh le na bheatha. Acht ni bhfuil
dada dhi so ag an drong damánta. Is é is
leabadh dhóibh a nifrion loch no clais ag
dothadh le tinne agus ruimh, dá bfuilid daingnithe
le slabhrúighibh síorrúighe. Is é is
cuideachta dhóibh Diabhail neamhthrócaireacha,
no ní bhus measa, dhóibh sin, ina Diabhail,
eadhoin pairtighthe misheunmhara a bpeacadha.
Ataid a gcógúais air dtnaithe go bráth leis an
bpéist nách básuigthear caoidhche. Atá a
dtoil air seachrán ó Dhiá, agus ag síor chómhrac
gan tairbhe le na thoil dhíadha. Agus is é
nídhe, thagan chum a ndamnúghadh d'foirlíona,
eudochus ann teagbháil chaoidhche air chríoch
na lagsaine ionna bpeannaid. O Dhia! creud an
nídhe nách déunfadh duine glic chum dul as
o luighe acht feadh aon oidhche, a bpiantaibh
san mbeatha so? agus uime sin, cá bhfuil ar


L. 120


creidiomh agus ar gcíall an trath ghnídnhmid
chómh beag san, chum dul as o óidhche sganramhuil
lasracha neamthrócaireacha Ifrinn.



AN XIV. CAIB.
Air Phiantaibh foiriomlach Ifrinn.
An Ceathramhadh la deug.



Smuain, air dtuis, An tuarasgbháil do bheir
Jób naomtha air Ifrinn, (Job, 10) an tán goireas
se dhe "talamh dhorchadh, follaighthe le díamhaireacht
an bháis; duithche anacra agus dorchadais,
anáit nách cómhnúighean ordúghadh
air bith acht sgannradh, bíothbhuan." Annsa
Crioch dhubhach so, ní thaisbeannan grian
na rae na reulta ann, gan aon lonnra soláis,
gan flosg dá loighead le faicsin go síorruidhe
ann. An teine fein do dhóghas ann, buinsgionn
dá cailidheacht nadúrtha, ata si dubh dorchadh;
agus ní bheir si solas air bith dona donánaibh
a bpéin acht chum a nochta dhóibh na neithe
sin mheuduigheas a nanacra. A a Chriostaighe,
creud iad bhúr smuainte, dá má é bhur mbreath
an chuid eile do bhúr laithibh do chaithiomh a
gcarcair, na a bpoll éigin fhúathamhar dhoimhinn
fá thallamh anáit nách faicfeadh an solus
go síorruidhe? Nách tóghfadha bás féin roimh
a leitheid do phionos? Agus creud é so anaice
leis an oidhche shíorruidhe úd dá bfuilid ná
mallaightheoirídhe fá bhreath. Do bhádar
na Hegipti a gcoinghiol dhona, an tráth do bhí
adtalamh go hiomlán a ndorchadas ghráineamhail


L. 122


air feadh trí Lá, do bhidh tiubhas na sgamal
chómh mór san go nairighedis le na lámhaibh
íad. Acht do bhí an donus so tarsa go luaith,
agus do fuairedar sáimhe trí chasa an tsolus. -
Ni mur sin do bhudhionn ifrinn, aga noidhche
nách biadh maidin chaoidche, na súil go síorruidhe
le heirghe lae.



Smuain, san dara áit, go madh uathbhfás
na hoidhche síorrúidhe meudaighthe tar meodhain
leis an gceol dolásach do sinnfear do na
donánaibh bochta so san tígheas diamhairse, nách
é a mhalairt acht mallachtaighe millteacha agus
Diamhasla, aithiseacha na gcéastánach, agus
ualfurta osnacha agus sgreada na droinge
ceusda, brosgar slabhradha, greada laisg, srl.
Agus ionnas go dtigidís na ceudfadha oile a steach,
air a gcuid do'n anacra, biadh an bolath
go deoigh grainighthe le sgamallaibh déisdionach
na gcarcara ifriunda agus le breuntas do-fhulaingthe
no gconablach leathloghtha atá
ag fiucha ann. Béidh an blas fá daoirbhruid
le hocras agus le tart ro chiocrach, agus an
mothughadh le teine do-iomchair.



Smuain, san treas áit, Tar a bhfuil do phíonos
chorpardha dár bhfeidir a fhulaing san saoghalso,
nách bhfuil aon díobh chómh úathbhfásach
le losgadh beo. Acht Faraoir! ní bhfuil aon
iomarbhaidh idir losgadh annso agus losgadh an
Ifrionn. Ni'l an iomlán ar dteinte air talamh
acht cosmhulacht sgaile, dá gcuirfidhe íad
aniomadh le teine Ifrinn. Do rinneadh teine


L. 124


an tsaoghailsi chum maithiosa dhuinne agus chum
ar gcómhfhortúghadh: do cruthuigheadh
teinne ifrinn mar oirnéis do dhioltas Dé, air
Pheacachaibh. Ní mhairion teine an tsaoghailso
gan a cothúghadh le nídh eígin iondoighte,
nóch bhrostuigheann agus caithionn go heusgadh.
Teine ifrinn, air na fhadúghadh le
hanál Dé feargaidh, ní iaran cothúghadh air
bith acht an peacadh; agus mairionn air so
gan meath gan caitheamh go déoigh, O! a
shal ghraineamhuil an pheacadh, nóch is leor
chum teine bhiothbhuan do chothúghadh. Ní
éidir le teine an tsaoghail so buaint acht leis
an gcorp, síneas teine Ifrinn chum an anama
fein, agus líonan é le pianta ro anbhuainneach.
Och! a pheacacha, cia aguibh uile
fhéudfas cómhnuidhe a bhfochair na teine ainmheasardha
so? Cia aguibh uile fhuilingeochas
an losgadh síorruidhe so?



Smuain, san gceathramhadh áit, Agus air
mhodh baramhail éigin níos fearr do chumadh
air phiantaibh ifrinn, tabhair éisdeacht do
aisling ró-fhirinneach aithriste le N. Teresa,
"La n'aon dá rabhas ag urnaigh, (ar an naomh)
air obainne do fuaras me féin an ifrionn. Ní
feas dhamh cionnas do rugadh ann mé: acht do
thuigios gur b'e toil ar dTighearna go bhfeicin
an ionad do bhí ag na deamhnaibh ann ollamh,
agus do thuillios adtaobh mo pheacúidhe. An
tráth do theangmhadh dhamh annso níor sheas
sé acht tamal beag, acht gidheadh, dá mbéidís


L. 126


agam le maíreachtain, ní chreidim go rangóchadh
liom a dhearmad caoidhche. Do taidhbhreadh
agam gur chosmhuil adhul a steach
le dorus bacúis, ró-iseal, ro-chúmhaing agus
ro dhorchadh. Budh ro chosmhuil an talamh le
múileach, go niomad salachair breuntais, agus
do-iomchair, agus líonta le hiliomad d'aithídighe
fuathmhara; Aga eudan do bhi ionad
airighe folamh, amhuil agus gur faisgeán beagan
balla é, anáit abhfuarasa mi féin sathaidhte
agus faisgthe suas go dluith. Anois air son go
raibh so uile abhfad níos sgannramhla ann féin
ionna mar d'aithris mise é; gidheadh ní raibh
ann acht samhachas a gcómhórtas leis an nídhe
d'fhulaingis san gceantuir so. Do bhí an
daorphian chómh uathbhasach san nách feidir
le haon bhríathra an chuid is lughadh dhe d'aithris.
d'arrigheas m'anam dá losgadh adteine
chómh uathbhásach san agus nách feudaim
achur a gcéil. Dob'eol damh na pianta is
do-iomchara, do reír tuairim Leagha dar ab
éidir a fhulaing san tsaoghal so, go corpordha,
chómh maith o shreangadh suas mo fheitheacha
uile, le an iliomad peanaide oile a mórán do
ghneithibh. Acht bo neimhnídhe iad so uile
anaice na bpianta d'fhulaing me san bforculair
sud a gcómhpharaid, leis na smuainte sgannraightheach
nach raibh deire na sgíth le bheith
leis air feadh na síorruigheachta, agus is beag
so féin anaice na treabhluighide ina raibh an
t'anam; chidhtear dhi go bhfuil se múchda,


L. 128


agus trid abuaireadh agus a peannaid a gcéim
chómh dioblasach san nách éidir a labhairt.
Ata se ro bheag le na radha go dtuigthear dí
go bfhuil si tnaghaighthe agus sracaighthe ina
greamanaibh; air an adhbhar go dtiucfuidhe
go mbeith eascáraid éigin leith amuigh do
thrialas chum a leirsgrios; acht annso is í féin
a ceustunach féin, agus shracan í féin ina greamanaibh.
Anois maille ris an dteine inmheodhanach
san, agus an teudochus dolabhartha
noch do thig chum an oiread peanaide ghraineamhla
do chóimhlíona; admhaim nách
acfuinneach me chum a ninnsint. Ní fhacas
an te do cheus me, acht do bhreithnidheas me
féin ag dothadh, agus san am gcéadna, do
bheith gearrtha, leadartha mar bheith ann
spoluidhe. Anáit chómh geitreamhail agus
nách raibh suil saimhe da loighead, suidhe na
luighe sios, ní raibh trácht air le leitheid. Do
bhádhas sásaighte a bpoll do bhi san mballatha,
agus luighid na balluidhe so a steach air na
príosúnúibh bochta agus faisgid agus múchaid
iad. N'il dadamh acht dorchadas tiugh, gan
aon tsolus thrid: agus fós ní feas dhamh
cionnas atá, agus ar son nách bhfuil aon tsolus
ann, chidhean duine an uile nídhe ata gráineamhail
do'n radharc. Air son go bhfuil sí a
dtimpchioll sé bliaghna o do thuit an nídhe so
d'innsíghim annso amach, atáim anois féin, air
sgríobh dhamh air, chómh sganraighthe sin,
ionus go bhfhuaram m'fhuil am fheitheachaibh
ionus gé bi olc ná annró, d'fhulangaim anois,


L. 130


muna ndeinim acht ar fhulang mé an uair sin de
do ghlaodhach chum mo chuimhne, ní taidhbhrightheach
dhamh an iomlán abhfeudfuidhe
a fhulang anso, acht neimhnídhe." Chomh
fadaso an Naomh, dá dtuilleann a friotal
a mhachtnamh le suaimhneas. Oir ma do
hollmhúigheadh a samhail agus a nainmhéid sin
do phiantaibh d'isi aga raibh beatha óna cliabhán,
acht amhain beagán ollbhaoise shaoghalta do
chleacht sí treimsi ghairid do beagan a leath taobh,
chomh neimhchiontach san, creud is
dóigh le peacaidh a gheabhaid fein lá éigin?



Smuain, san gcuígeadh ait, nach bhfuil
aoin fhear air talamh nár chaill go hiomlán a
chiall do bheirfadh a thoill, fiu air thighearnas
an tsaoghail do bheith bruighte air ghreidiol
amhuil Labhrás, no bruighte air feadh leath uaire
air theinne mhall, sud is go mbeadh deimhneach
air theacht as iona bheatha. Ní headh,
acht cá bhfuil an duine dfeuchadh amhairc lena
mheur do chongmhail ann lasair coinnle feadh
ceathramhadh uaire, air aon luadhacht d'fhéadfadh
an saoghal do bhronnadh? Uime sin cá
bhfuil eirim na coda is mo do chriostaighthe, do
leigean ortha féin geile go bhfuil Ifrion ann,
agus fós do mhairionn feadh iomad bliaghanta
gan móran smuaine na sgeime, a gciontadh an
pheacadh mhairbh, a gcontabhairt shíor thuitim
san dteinne úathbhfasach shíorruidhe so, gan
ní bhus mo iona treas na ruibe (is é) sin snaithe
caol eídimhneach na beatha idir ananmnaibh


L. 132


agus síorruigheacht anacrach? A Dhé mhaith!
saor sinn an daille misheunmhar so, ón amaideacht
agus ón mbainnídhe éugdhochmharso.



AN XV. CAIB.
Air phiantaibh inmheadhanach Ifrinn.
An Cuigeadh la deug.



Smuain, air dtúis, Go bhfuil teine Ifrinn,
maille leis an gcuid eile dona piantaibh foirimliocha
fuilingthear ann, uathbhfasach go deimhin:
acht neamhchosmhuil ar aon mhodh le piantaibh
an anma: an "Poena Domini," sin, no dith
síorruidhe Dé, agus anuile mhaithios; an
bhuaireadh gan teoruinn do leanas an dithsi; an
doilghíos fad chómhnach san; d'aithrighe ghéir
acht neamhthairbheach, a bhfaraid eúdochuis
agus bainídhe shíorruidhe; an foirlíonad sin
air gach uile dhaoirphian diobh sud, air gach
cáil agus gach cómhachta inmheodhanach an
anma, is planta iad nách sámhlaigtheach le
haoinidhe dár fhéidir a fhulaing san gcodlain.



Smuain, san dara áit, An phian san na
dithe air beith, nóch is mó do phiantaibh uile
ifrinn, do reir baramhuil díadhaighrighe, ar son
gur docamhuil le saoghaltánaigh annso a thuigsin
cionus dob' éidir sin. Faraoir! na peacaigh
bhochta, ata a dtuairim chómh beagsan a dtaobh
eadail síorruighe, agus atáid basgaighthe chómh
doimhin sin aneithibh an tsaoghail so, dá
mealladh féin le heugsamhlacht chas-boiribh
chruthaighthe, d'iompúighionn a smuainte ó


L. 134


mhórmhaithios Dé, ionnus nách cuirid agcéil
dóibh féin go bhfuil an chailleamhuinse Dé ina
pheanaid chómh mór agus chómh doilbhir sin,
a deirid naoimh agus seirbhiseacha uile Dé, 'ta
treoruighthe le soillse nibhus fearr, noch do
thig le chéile go beacht. Acht beidh a mhalairt
do cheudfadh aco an tan gheabhaid iad fein a
nIfrionn. Ann san do dheimhneochas a neirim
fein doibh go danaideach, creud an dochar
dóibh a nDia do chailleamhuin go hiomlán; a
chailleamhuin gan athghlaodhach tair ais; a
chailleamhuin go síorruighe, a chailleamhain
ann féin, a chailleamhuin iona chreuturaibh uile;
do bheith diobartha go síorruighe uaidh sin,
do b'aon tsonas dóibh, a gcríoch dhéighionnach,
agus a mórmhaithios, tiobruid líonmhar na
maithiosa: agus ionna chailleamhuin sin, an uile
nidhe atá maith do chailleamhuin, agus san go
deoigh. An fhaid agus bhíd peacaigh san
mbeatha shobhásaighthe so, rannphairtíghid
a móran slighthe do mhaithios Dé, an té thugan
fa ndearra air a ghrían eirighe air an maith
agus air an olc, agus fhearthanan air an bhfíoreun
agus air an eugchórach. An uile nidhe
ata taithniomhach san saoghalso,, an uile nidh
ta soilbhreach a gcreutuiribh, an uile nidhe 'ta
sámh ambeatha, is cuidiughadh amodh éigin
do'n mhaithios dhiagha. Ni hiongnadh, dá brigh
sin, go mbeith an peacach an feadh do chuidighionn
sé ann a noiread san slighte do mhaithios
Dé, anainbhfios san mbeatha so, cia an nidh


L. 136


a bheith go síorruidhe a neugmhais. Acht an
ifrion, Faraoir! do ghebhid na donáin so, a
gcailleamhuin a nDé gur chailleadar mar angceudna
an uile chineul maithiosa na fortachta,
da raibh air chumus dá chreutuiribh do thabhairt
go nuige so; anionad san do gheibhid anois an
uile nidh ag eirghe ina nadhaigh, agus gan aoin
tslighe fágtha chum a smuainte do mhealladh
ón dith so; ata do lathair an inntine do ghnaith,
agus chealgas iad le piantaibh do-inniste.



Smuain, san treas áit, Go mbiadh gach aon
anam damánta ina ifrionn di féin, agus go
mbeidh a ifrinn féin fó leith ag gach aon dá
comhachtaibh, agus dá brioghaibh. Biadh a
meabhair go brath buadhartha, ag athchasa
gan sgith air a dithcéile analód, a mairinntinne
agus a bainídhe ann aoibhneas shiorruidhe
na Bhflaithios do mhalartughadh an Fhairge
shéin sin noch a bféidir leó do shealbhughadh
chómh saorluach san, agus abhfuil anoiread
san do caidreabh anois ina seilbh, air shult
fholamh, shuathrach, nár sheas acht mómaid
agus nár fhág aoinnidh ina dhiaigh acht salpheacadh
doilghios choguais chionntaigh, no air
son beagthairbhe éigin, no saoibhmhian onóra,
le ar sladagh an uair sin í dá hionmhas uile agus
dá honóir uile, agus air son abhfuil si anois
chómh hanchruthamhlach bocht san agus chómh
tair, cosarálta go síorruidhe fá chosaibh diabhal
mhaslaightheach. O! creud é a breitheamhnas
féin ansan air an saoghal so-ghluaiste so


L. 138


agus a hoilbhaoisidhe meabhlacha uile, nuair
bhiadh si tairéis miliuin do shaoghalaibh a
nIfrionn, air fhéuchain tar a háis di ón tsíorruigheacht
fhoirleathann, agus ni maith do gheibh
amach, san aimsir imchian san, an ponc
beagso na beatha mharbhthaigh, samhlóchadh
si aimsir síorruigheacht, aoibhneas imighthe
agus pianta láithreach, subhailce agus dubhailce,
Neamh agus Ifrionn.



Smuain, san gceathramhadh ait, Go mbiadh
a hifrionn ag an dtuigsin air gcéadna, air
mbeith dhi sgartha go brath re solas na firinne,
toigthe suas do shíor a mbreitheamhnás bhreugacha
dhiamhaslaightheacha, agus a mbaramhlacha
a dtimchioll Dé agus a chirt, chum móir
mheudaighthe a hanacra féin: agus go brath
ag machtnamh air smuaintibh na pianta láithreach
agus le teacht, gan air gcur di smuaineadh
feadh aon tuslóg amhain air aoinnidh eile:
ionnas go mbid uile agus gach aon dona piantaibh
fhuilingid agus fhulaingeochaid an drong damánta
air feadh na síorruigheachta, do ghnath
ós comhair sul a dtuigsiona; agus is mar so
iomcharaighid ualach do-iomchair síorruigheachta
anacraigh gacha mómaid.



Smuain, san gcuigeadh áit, O sé toil
duir an Pheacaigh is cionntaighe, gur ab í an
chomhachtaso an anma is mo fhulaingeochas
pianta dá réir, go deoigh ag iarradh na neithe
nach fágha si choidhche; agus ag teithe do
shíor ón nidh chaithfeadh si fhulaing choidhche.


L. 140


A! go dé an tnuthán gan tairbhe, go dé an
mian dhiomhaoineach le a mbiadh si toigthe
suas do ghnaith, an feadh ata si fá bhreith
choidhche gan da loighead mir dá mianaibh do
shealbhughadh air feadh na siorruigheachta.
Och! cia fhéadfas a fhriotal an mhire bhoirb
sin le a ngluaistear toil na ndonán so anois chum
Dé, feasach mar atáid dá sheilbh sin! Acht,
Faraoir! do gheibhid agcómhnuidhe lamh dofhaicsigthe
thiománas tar 'nais iad, no fós,
gheibhid iad féin do ghnaith fá chuibhreach
dhaingionn sios a slabhradhaibh síorruidhe, ag
comhrag gan fath ris an lamh ud nách féadaid
a chosg, agus gan air gcur dhóibh ionnsaighe
dá loighead a gcionn cosbóir amiana mishuaimhneasacha.
Uime sin sgartaid amach a mile
easgáine. Is uime sin ata an tanam sracaighthe
go hiomlán ina mionrannaibh le harmáil iomlán
boirbe, agus le anuile ainmhian feirge, tnuth,
fuaith, éudochas, srl. Atáid na pianta so
comhachta innmheodhnacha an anma a gcomhdhail
na peiste sin an chuguais, nach básuighthear
tuibisteoiribh so: leis so cialluighthear
doilghios shíorruidhe, aithrighe gheur acht
neamhtharbhach, ata go deoigh ag cnaoidh a
nanam eudóchaiseach. A Iosa mhilis saor sinn
ona shamhuil do chruiniughadh uamhanach oilc.


L. 142


AN XVI. CAIB.
Air shiorruigheacht anacrach.
An seisughadh la deug.



Smuain, air dtúis, Gur ab i síorruigheacht
a phianta, tar anuile nidh, do ghnidh Ifrionn
do-fhulaingthe. Sí an tsíorruigheachtso is mór
mheudúghadh do-chuimsighthe dóibh uile agus
do gach naon aca. 'Sí an suaiteamán searbhso
do ghnidh gach aon bhraon do'n chorn úd an
díoghaltais diagha darab éigionn do gach aon
pheacach ól de, chomh do-iomchair sin. Dá
mbiadh aon mhuinghin go mbeith críoch lá
éigin air anacra na droinge damanta, siud is
gur ab tairéis miliuin d'aoisibh, níor budh
Ifrionn, Ifrionn ní bhus siadh; óir do
braithfidhe roint comhfhortachta ann. Acht na
pianta do-fháisnéise seo uile do bheith bíothbhuan,
an fhaid agus a bheidh Dia ina Dhia,
gan a bheag do shuil le críoch d'faicsin ortha!
Och! ag so an pian is mó dona mallaightheoiribh!
O a shíorruigheacht! a shíorruigheacht!
go dé chomh beag agus a thuigid
saoghaltánacha dhuit anois! Go dé chomh huathbhásach
agus mheasfaid tu lá éigin, 'nuair
gheabhaid iad féin sloigthe ad uaigh gan íochtar,
chum bheith ad chuaile agus ad chomhartha
ag gaotha chirt, díoltaiseach Dé ann go brath.



Smuain, san dara áit, Mádh thaidhbhrionn
aon oidhche amhain ghairid chomh fada agus
chomh sáraightheach san ag duine bocht tinn


L. 144


o bhfiabhras loisgtheach; madh ghnidh iompoghadh
agus unfairt, agus nach fágha suaimhneas
a naonáit; mádh airmhidheann gach aon
uair, agus má tá cur andiaigh aige comh míofhoighneach
san an mhaidin d'faicsin, nach
tiubhradh fós agus beagán cabhra no fortachta
chuige; creud thuigir don oidhche uamhanach
so na síorruigheacht, a gcuideachta phianta
ionmheodhannacha agus foirimiolacha uile
Ifrinn. Ní cheannóchadh aoinfhear ionna
chiall righeacht air acht luighe air leabadh
shámh feadh deich mbliadhna gan a fagbháil.
A! nach anacrach an nidh uime sin do bheith
ceangailte síos do leabadh theine agus neimhe,
ni air feadh deich mbliadhna amháin, ná fós
air feadh deich míle fó dheich; acht air feadh
anoiread do chéadaibh milte miliuin saoghalta
agus ata do dhéaraibh uisge san bhfairge, no
cáinthinidhe san aodhar, a naonfhocal, air feadh
síorruigheachta gan teóruin.



Smuain, san treas áit, Agus chum gur fearrde
bhréithneochamaois cia an nidh an tsíorruigheachtso,
tuig dhuit féin dá mbiadh aoinneach
dona damántachaibh gan a shileadh acht aoindéor
amhain agcionn gacha mile bliaghain; no
go silfeadh anoiread agus do líonfadh an fhairge
nach do-airmhighthe an aimsir nach fulair a dearfadhsa.
Nil sé mhile bliaghain fós ó thosach
an domhain, ionas nach roigfeadh leis an gcead
duine do damnuigheadh sé dheor do sgeith,
agus fos, a shíorruigheacht uathbhásaigh! -


L. 146


Tiucfadh an t'am go firinneach, ionna bhfeadfadh
aoinneach don drong dona so a nifrionn,
a rádh le ceart, go mbeith an fhairsinge mhór
slighe ata idir an talamh agus neamh líonta agus
an saoghal bathaidhte le na dheoraibh, do réir
aoindeoir amhain ann mile bliaghain. Agus
budh sonaidhe é, dá mbeith críoch air a phianta
an uair sin. Acht, faraoir! tar éis anoiread so
miliúin do mhiliúnaibh bliaghan, biadh sé an
fhaid o chríoch a bheith air a anacra agus do
bhi sé an chéud lá do thuit sé a steach a
nifrionn. Airmhigh ina dhiaigh so, má's áil
leat, a noiread ceud míle milliún do bhliaghnaibh
agus is féidir le'd smuaintibh a roicsin; ni
héadh amháin, acht cuir agcás dá mbeith iomlán
na talmhan fuilighthe le fiogharaibh comháirimh,
caith suas madh fhéudair an suim do-áirmhighthe
bliaghan so, agus ann san meudaigh
iad féin arís fo chéile an dara uair; agus
ann san ag cos an chontuis iongantach soin, sgríobhadidh
síos, annso thuisiodhas an tsíorruigheacht.
O a shíorruigheacht uathbhásach!
an bhféidir go mbeith sé do dhánacht san muintir
aga bhfuil eagla romhad, peacúghadh.



Smuain, san gceathramhadh áit, go mó
fortacht bheag san tsíorruigheacht so dhon
drong Damánta dá mbeith spáil na suaimhneas
air a bpiantaibh mar bhíos air phiantaibh an
tsaoghailse. Acht, faraoir is ionann a bpianta
do ghnath; ni bhíos spáil choidhche ó'n
bhfiabhras shíorruighe so. Oir do réir mar is


L. 148


ionann a bpeacadha do ghnath, agus go bhfuil
geata na trócaire agus an mhaithfeadhchuis
iadhta ina gcuinne go síorruighe, leis sin
biadh pionós a bpeacadha do ghnath a naoinchéim
daordhálaigh, gan a bheag do réighteach
ná do loigheadúghadh. Ní thig leis an Craosaire
saidhbhir a nifrionn, Luc.16. teacht fós
air an taon bhraon amháin uisge sin d'fághail,
noch diarr sé chómh dá rírbheach san, ná ni
bhfagha sé é ag caitheamh na síorruigheachta.
Ná fós ni dhéunfadh faid aimsire deimhniúghadh
dona donánaibhse, ionas go mo so-fhulaingthe
an tanacra a ngabhaid thríd, ná ni chruaidhfeadh
taithidhe na gnathamh iad ina gcuinne:
acht tar éis miliúin do saoghalaibh, biadh a
bpianta chómh nuadh agus a mothughadh
cómhionann ina dtaobh leis an gcéad la. O a
Dhé mhóir! cia fheadfas do láimh díoghaltaiseach
d'fulaing? O a oilc uamhánach an pheaca
mharbhthaich, noch fhéadfas an lasair shíorruighe
so d'fadúghadh!



AN XVII. CAIB.
Air Fhlaitheamhnas.
An seachtmhadh la deug.



Smuain, air dtúis, mádh tá cóir Dé chómh
uathbhásach soin do thaobh a námhaid, cá
mhéud níos mó fhoillseochas a thrócaire, a
mbaithios agus a fhéile iad féin do leith a cháraid.
Is trócaire agus maithios is cáiliochta
cáirdeamhla dho, inar mó a bhfuil a ghreann.


L. 150


Adeir an Fháidh Rígheamhuil, Atáid a thrócairighe
os cionn a oibreacha uile, Salm, 144.
Uime sin creud an nidh an rígheacht beannaighthe
so, noch ata ollamh aige ionna mhór-mhaithios
dá chloinn ghrádhach, no foillsiughadh
a shaidhbhrios, a ghlóire agus a mhórdhaile
air feadh na síorruigheachta? Rígheacht,
noch do cheannaigh Mac dé féin duinn, ni
air luach is lugha iona a fhuil mhórluach féin.
Dá bhrigh sin ni hiongna mar eighmhios an
tEasbul amach. Nách facaigh súil, nach
cualadh cluas, agus nach deachaidh ag croidhe
duine, creud ta ollamh ag Dia, dhon drong
ghrádhuigheas é, 1 Cor.v.9. Ni hiongna go
bhfuil an bheannaightheacht so tugtha suas ag
diaghairibh, Ina stáid iomlán, bhiothbhuain,
foirlíonta dona nuile nidh maith, gan a bheag
d'olc thríd, S.35. Maithios choitchionn, gan
teoruin, ag líonadh go bruach cumas anmhór
ar searca agus ar miana, agus d'ar dtarmain go
síorruidhe o an uile eagla agus contabhairt
uireasbadh ná aistriughadh. Och! ag so an
tionaid ina mbéid seirbhiseacha Dé mar adeir
an Salmadóir, air na sasughadh, S.35. f.8.
no air meisge le méitheas do thighe, agus go
mbéuradh sé ortha ól d'aibhnibh a aoibhnis,
amháin do'n tobar ud na beatha noch atá maille
ris, agus ghluaisionn uaigh ionna nanamnaibh
shonnaidhe go deoigh agus choidhche.



Smuain, san dara áit, Biodh go bhfuil fairsinge
do gach nidh air ar féidir smuaineadh


L. 152


bheith maith na greannamhar, annsa Rígheacht
Bheannaighthe so, gidheadh, ata aon mhaith
amháin chaithréimeach san amharc, gradh agus
sealbhughadh, noch is beannaightheacht firinneach
do'n anam, agus is é sin Dia féin agus re
feithiomh air an sgeimh ró áluinn so (noch do
chidh an drong beannaighthe do shíor aghaidh
air aghaidh) curthar tre theine iad le lasair
ghrádhach ainglidhe, agus air na gcruthrúghadh
air mhodh amhuil agus Dia féin re
haondacht ro ghlan, ro gheanamhuil; amhuil
do bheith fionnbhruinn no iarann treathollta
le teine san bhfoirnéis, caillionn sé a nadúir
féin agus deunann lasir theintidhe dhé. A! a
chreutuirigh shonnaidhe, creud ta air iarraidh
uaibh chum bhur luthgháir do bheith iomlán?
Sibhse ata a seilbh bhur nDe tobar sruithlíonmhar
an uile mhaithios, ata ionnaibh a stigh
agus a muigh an taigéan do airmhighthe sin
an tsoilbhrios dó-chríochnaighthe. O nach ro
iomarcach fialmhaithios ar nDia, noch do bheir
dá shearbhfóghantaibh a los andíliseacht maith
chóimh mór ni aoinnidh is lughadh ioná é féin,
luthgháir do labhartha na nAingiol! O! m'anam
nach leor san chum do shonais, noch do ghnidh
Dia féin sonnaidhe.



Smuain, san treas áit, gloire agus aileadh
an Jarusalem neamhdha, noch d'foillsighios
an sgríbhinn dhiadha, chum í féin do chur a
noireamhuin d'ar lagacharne, dhuinne fá ghneithibh
na neithe is mo d'ar ab annsa linne annso


L. 154


shíos. Mar dheimhnios N. Eoin duinn san
tiosbánadh ag deunamh léirnochta air an gcathair
bheannaighthe so, gur ab do chlochaibh
uaisle a balladhaibh, agus a sráide air 'nurúghadh
le habhuinn d'uisge na beatha, chómh
soillsioch le Criostal, noch do ritheann ó ríogh-chathaoir
Dé; agus go bhfásann crann na
beatha air Phortaibh na habhann air gach taobh;
nach solus ann ni bhus mo, na grian na éusg,
agus gur ab é an Tighearna Dia a solus go
bráth, A a Jarusalem bheannaighthe! ó go
dé chómh glórmhar agus na neithe ata ráidhte
dhiot, a Chathair Dé! Acht creud an tiongantas,
oir mádh thug ar nDia a shamhuil sin,
agus ionad chómh honóireach so dhuinn annso
shíos sa nionad ionarbach so, sgiamhaighthe
le na ghrian, a ghealach agus a réulta; coimhlíonta
agus lán diairbhis eugsamhuil, do-chríochnaighthe
fáis, blaithe, crainn agus creutuir
bheodha dona nuiread cineul, an tiomlán fá
smacht an duine. Madh shalathair sé dhuinn,
a deirim, chómh foirlíonta san sa ngleann so
na ndeor, agus a gcríoch sgáile an bháis, créad
is féidir a mheas d'ar náitreabh síorruidhe a
dtír na mbeo? Anáit a bhfuil sé chómh fial san
dho fiu a námhuid ann ionad cómhnaighthe
chómh hoireamhnach, chómh huasal san do
thabhairt dóibh, créud leis a mbiadh suil agá
cháirdibh agus agá shearbhfóghantaibh ionna
ríoghacht shíorruidhe, ionnar agus tre ar mian
leis a mhórdhacht agus aghlóire d'foillsiughadh


L. 156


dhóibh feadh saoghaltaibh do-chríochnaighthe
a bhfleadh síorruidhe noch ata ollamh aige
ann dhá dheaghlucht fein? Go mo beannaighthe
treas an uile chreutuir a mhaithios go
síorruighe.



Smuain, san gceathramhadh áit, Aitightheoirighe
beannaighthe a rígheachta neamhdha,
na miliuin do mhiliunaibh do Aingiolaibh,
da nabarann an Fhaidh Dómhall, noch do chonairc
Dia uile-chomhachtach a naisling,
linn, go rabhadar milte do mhiltibh a ministrealacht
dó, agas gur sheasadar deithionna
do mhiltibh do chéadaibh do mhiltibh ina
lathair, D. 7.Caib. An nuimhir dó-chuimsighthe
sin naoimh agus martardha, searbhfoghantadha
oile Dé; cruinnighthe as gach
uile chríoch, treabh agus teanga, do gach
cineul; agus os a gcionn uile, Maighdionn
bheannaighthe Mathair Dé; bannrioghan na
naomh agus na naingiol: atá a nuimhir do-airmhighthe.
Acht, O! cia hé ar féidir leis suil
do bheith aige le bheith ameasg na cuideachtan
bheannaighthe so! Ataid uile ró uasal, ró
ghlórmhar ró eagnaidhe, ró naomhtha -
Ataid uile d'fuil rioghthamhuil, riogha agus
rioghbhan uile; iad uile ina gclann agus ina
noighreadhaibh do'n Dia ró-árd: áluinn agus
óg do shíor: coróineacha do ghéugaibh blathmhora
an glóire mharthannaich, agus ag taithniomh
nios ro-ghile iona an ghrian. Ata a
gcarrthanachd agus a ngrádh dá chéile ni sa


L. 158


mho iona is féidir a thuigsin. Nil aca uile acht
aon chroidhe, aon toil, agus aon anam: Dá
bhrigh sin ata luthgháir agus sásamh gach
naoin méadaighthe fó chéile chómh ionadamhuil
agus ataid anamna beannaighthe agus aingil
a Bhflaitheamhnas. Trid an aoibhneas dofhaisneise
do ghlacas gach naon aco a naoibhneas
an iomlán, agus gach neach fó leith do'n
chuid oile go léir. Uime sin a Chriostaighthe,
deunamaoidne aithris annso air a subhailcibh,
ionas go dtiucfamaois chum a gcaidreamh shonnaidhe
ina dhiaigh so, agus maille riu san,
abhrán mharrthanach Shíon do chantain chum
ar nDé.



Smuain, san gcúigeadh áit, Gur ab é
do ghnidh luthgháir agus soilbhrios na Flaithios
agus na droinge beannaighthe ceart-iomlán
síorruigheacht anaoibhnis, agus deimhniughadh
agus fírinne do-mheallta ina seilbh go bhfuil
anaoibhneas agcómh-cheangal le síorruigheacht
Dé, an fhaid agus do bhiadh Dia ina Dhia go
mbeid siad fairis ionna ríoghacht naomhtha.
O m'anam! nach sásamhuil, nach aoibhin an
nidh feuchain reomhuin san tsíorruigheacht
mhórsa, agus tu féin do léigionn a mughadh
san radharc seunmhar san na saoghal gan
chríoch. O beannaigh do Dhia, d'ollmhaigh na
luthghair mharrthannacha so, mar luachsaothair
air son na seirbhise suathrach san, agus do
theasg duit iad o'n tsíorruigheacht! Ná ni
dheunfadh an tsíorruigheacht so gan teoruin, na


L. 160


sealbhaighthe, miothaithniomhach na túirseach
tré fhaid na seilbhighe: acht ós aigean dothraighte
Dia dona nuile mhaithios, agus a
chumas dhiagha ina oirchiste do chaiththe, do
choimsighthe suaircis, uime sin biadh sonas na
droinge shealbhuighean é, úr do ghnáth agus
nuadh do ghnath. Críochnaigh do bhrigh
sin, a Anam Chriostaighe, an uile nidh ata
aimsiordha, talmhuighe, do thréigion agus do
tharcuisniughadh; agus o'n uair so do thuras
do thoisiughadh agcionn na ríoghachta glormhara,
néamhdha agus síorruighe. Ann san
iseadh gheabhair an uile nidh is mian lead
chroidhe; onóir mharrthanach, saidhbhrios gan
chuimsiughadh, sultghlan, shíorruighe, beatha,
sláinte, áileacht gan tréigionn, srl. Och! isé
so amhain do bhaile duthchais ceart, talamh
na mbeó.



AN XVIII. CAIB.
Air bheag Nuimhir na Droinge Toghtha.
An tochtmhadh la deug.



Smuain, air dtúis, Na briathra so Chríost,
Glaodhthar mórán, acht is beagán a toghthar;
noch d'foillsighios fírinne mhór, uamhanach,
air na chur a niuil go minic le beul na fírinne
féin; chum peacuigh neamhthuigsionacha do
dhusga ó'n marbhshuan inar shaltaigh anámhaid
iad. Agso aon dona teagasgaibh do leag sé
síos mar bhunadhas do'n deighbheus Chríostamhuil,
iona sheanmóir dhiadha air an sliabh,


L. 162


an áit andeir sé linn: gabhaigh a steach san
ngeata chumhaing, óir is leathann an geata agus
is fairsing an tslighe threoruigheas chum damánta,
agus is iomdha iad do ghabhann a steach
ann. Och! is cumhaing an geata agus is
díreach an tslighe threoruigheas chum na
beatha, agus is beag do gheibh eolus air. Matha
7. f.13,14. Is uime sin do sgrúdann sé
dhuinn san suibhsgeul céadna "nách é gach
aon adeir liomsa, a Thighearna, a Thighearna,
rachas a steach go Rígheacht Neimhe; acht
an té do ghnidh toil M'athar ata a bhFlaitheamhnas.
Sé sin, tre úmhaile dhílios do dhlighe
Dé agus dá theagasg. Gan so, deimhnighion
sé dhuinn nach bhfuil aon tairbhe dhuinn siud,
agus go ndeunfamaois miorbhuileadha ina ainm.
Deurfaid mórán liomsa an lá san, (lá an Bhreitheamhnais)
A Thighearna, nachar rineamair
Faidhideoireacht ann t'ainm; agus nachar
theilgeamair amach na Diabhail ann t'ainm;
agus nachar rineamair mórán iongantais ann
t'ainm? Agus annsan admhóchadsa nar aithin
me riamh sibh: imthighidhe uaim alucht deunta
an uilc." A Dhé mhaith! créud deunfadhar
linne madh diultaighthear do rígheacht síorruighe
air fiu na muintire so noch do rineadh
miorbhuileadha ad th'ainm!



Smuain, san dara áit, A liacht slighe a bhfuil
an fhirinne uathbhásach so-foillsighthe no tiosbanta
san tseanthiomna. d'aiteoiribh uile na
talmhan, nior saoradh ó uisgeadhaibh na dile


L. 164


san Arc, acht amhain ochtar; sé sin, Naoi
agus a mhuintir. Do shé chéad míle do chlainn
Israel, do thainig as thír na hEigipte fa threoir
Mhaoise, ni thainig chum talamh Chanain,
talamh na geallamhna, acht dís amhain, Josua
agus Caileb; fioghair noch do chuirionn an
tEasbol Pol naomh a gcosmhulacht linne na
Críostaighthe go fírinneach. 1 Cor. 10. Air
an nós céadna cuirionn an Fhaidh Isaias an
drong do rachas as o'n díoghaltas diadha leis
an mbeagan torrtha oluidhe d'fanas air na
crannaibh tar éis na dtoirrthe do chruinniughadh,
Caib, 24. f.13,14. no leis an mbeagán
craithin grapadh do gheibhthear air na fíonoiribh
tár éis fíonfhoghmhar deaghchruinnighthe.
Ah! a Chríostaighthe, cluinighidhe dá bhrigh
sin, agus úmhluighidhe do ghuith ar Slánaightheora
an trath adeir sé libh dul a nioma (isé
sin, dithchioll do dhéunamh le hiomlán bhur
neirt) chum dul a steach san ngeata chumhaing:
oir deimhnighim díbh go niarrfadh mórán dul
a steach: agus nach beid siad ábalta. Luc.13.
c.24.f. Air an adhbhar nach déinid urmhór
na gcríostaighthe andithchioll le hiomlán a neirt
(biodh agus go gcuirid roint duaigh orrtha féin.)
Ni bhfuilid a ndáiriribh go hiomlán ionna lorgaireacht
agus dá bhrigh sin ni bhfaghaidh choidhche.
Cluin aris le crith agus eagla an tEasbal
mór, Peadar, an trath fhiafruighean dinn.
Más air éigionn do slánóchar na firein cá a
dtiosbánfadh an peacach é féin. 1. Peadar c.4.


L. 166


d.18. O m'anam, tugamaoidne aire uime sin,
do réir mar theagasgas an tEasbol céadna, Ar
dtogha do bheith diongmhalta le deaghoibreachaibh:
2 Peadar, 1.c. agus madh théid
daoine oile ina sloightibh go Hifrionn, gabhamoidne
orainn féin gan a leanmhuint do ghrádh
cuideachtan.



Smuain, san treas áit, Ceadfadh na n'Aithreach
naomhtha air an gcosboir so, aithriste
ionna sgríbhinn, acht níos mo go mór ionna
mbeatha aithrigheach agus san eagla ud, ionn ar
mháireadar agus ionna bhfuaradar bás, roimh
bhreitheamhnais Dé, noch a raibh a fhios aco
bheith neimhionann agus breitheamhnais na
ndaoine. A Chríostaighthe, biodh ní bhus
mó mheas aguibh air cheadfadhaibh na Clainne
sin an tsoluis, ioná air bharamhlaibh olbhaoiseacha,
neamhthabhachtacha saoghaltanaigh
mheallta, noch déimhios amach, "Síothchain
agus neamheagla," an tráth bhíos léirsgrios
obann ag tuirling air a gceannaibh. Och!
tabhair éistiocht aon uaire do'n mhórnaomh
Eoin Criosostom, aon do phriomh dhochtúiribh
Eaglaise Dé, noch do rin a dhianghnodh do
mheabhrúghadh na sgríbhinne diagha, agus
agá raibh congnamh spioraid Dé go leithleasach
chum athuigsiona san, eist, a deirim
leis an nidh do labhrann sé go deimhneach ann
aon dá shearmonaibh do phobal Chonstaintinóple,
do bhi san am san ina Ceannchathair
air an saoghal, agus air na haitreabhughadh le


L. 168


mórán do chéadaibh mile do Chríostaighthibh,
agá raibh beatha do réir gach aon deallra
chomh riaghalta linne. Cá mhéud is doigh
libh (ar sé) slanóchar san gcathraigh so? - An
nidh atáim air ti a rádha sgannrogha sé sibh;
acht fós caithfeadh me é labhairt. As anoiread
miltibh is air éigion slanóchar aon chéud amháin;
agus fós atáim a namhras ortha so féin."
Briathra an Naoimh go nuige sin. Agus an
bhfuileamaoidne, m'anam, a gcontabhairt bheith
do'n uimhir is mo? An bhfuil ár mbeathane
a slighe go mbeith muinghin aguinn muna
slánóchar acht chómh fíor-bheag san go mbiadhmaoid
féin air an lucht sonaidh.



Smuain, san gceathramhadh áit, Air son
nách dubhairt an sgríbhinn dhiagha ná na
hAithreacha aoinnidh air bheagnuimhir na
droinge tóghtha; Gidheadh caithfeadh an
fhírinne so bheith dearbh aguinn, madh
ghnídhmid iomarbhádh idir bheatha, urmhór
na gChríostaighthe agus suibhisgeul Chríost
agus a Aitheanta naomhtha. Más áil leat an
bheatha mharrthanach d'fághail, a deir an
dTighearna, coimheud na hAitheanta. Ni'l
amhalairt do shlighe chum na beatha shíorruidhe.
Agus agso an chéud Aithne agus an
Aithne is mó, graidhfeadh tú do Thighearna
Dia le hiomlán do chroidhe le hiomlán t'anma
agus do neirt. Matha.22. Anois nach beag ata
choingmheas an Aithne so? Is furus arádh le
urmhór na gCríostaighthe, go ngrádhamaoid


L. 170


Dia le hiomlán ar gcroidhe; Acht creud é
gnathamh ar mbeatha uile? Nach teighionn
a ngrádh féin, glóir, dhiomhaoin, drúiseamhlacht,
srl. air taobh a stigh dho Dhia? Mádh
tá san mar sin, is diomhaoin arádh, ata grádh
aguinn dó ós cionn an uile nídh. Agus fos
ni'l aon tslánúghadh gan an grádh so.



Smuain, go maith air so. Tairis sin, a deir
an tEasbal N. Séum. Gidh bé bhias ina cháraid
ag an saoghal go mbiadh sé ina námhaid
ag Diá. Caib.4. f.4. Agus N. Eoin. Madh
ghrádhuidheann aoinneach an saoghal ni'l
grádh de ann. Eoin. c.2. f.15. Agus deir
Críost féin nach féidir linn dhá Thighearna
d'friotholamh. Matha. 6. 24. Uime sin cionas
fhéadfamoid smuaineadh air iomchur urmhór
na muintire so ghairmios Críostaighte dhiobh
fein do chlodhúghadh? (dar ab é a meabhrughadh
go léir an saoghal do shasamh agus
iad féin do chur anoireamhaint do chéadfadhaibh
mealltacha, béusaibh truaillighthe agus
ollbhaoisibh seachránacha.) Le na suiligheacht
le righeacht Fhlaitheamhnais, nidh, nach bhfuil
le fághail gan feidhm éigin orainn féin, leis an
saoghal peacamhuil so do sheunadh, agus le
beatha chraibhtheach, gan mheas orainn féin.



Smuain, san gcuigeadh áit, Meud na ndroichbheus
is gnathach a fhaghail a measg urmhór
na gCríostaighthe deighchreidmhach féin; agus
uaidh sin déin faistine dá gcineamhain san
saoghal re teacht. A loighead do dhiultaidheam


L. 172


do mhéas daonaidhe, agus eagla urchoideach
an ní a déarfadh an saoghal? Faraoir! Créud
é nuimhir na muintire do bheir suas a slainte
shíorruidhe do'n eagla mhaluighthesi le athógbhail
do rogha grasa Dé do thabhairt suas air
son na honóra breige sin, meas an tsaoghail
so. Cá lia duine dhon drong san noch
dhárduigheas a bhfuil agus a maoin shaoghalta
os cionn na codach oile dá gcomharsan, mhaireas
do ghnath a gcleachtaibh damanta tre mheodhain
chuiripe gan masla d'fulaing choidhche,
agus ag tabhairt tosach dá meas saoghalta air
agcuguas! Daoine dona! dheunfar a chosarail
le diabhlaibh aithiseacha air feadh na síorruigheachta,
tré oireamhuin do chéadfadhaibh
bréige saoghaltánacha meallta? Cá loighead
do chinn-uradh muintire bhios sgimeamhuil
dáiriribh san lucht bhios fá na gcuram, ann
aireachas do thabhairt gan teagasg do bheith
dhuireasba ortha ná crabhacht do d'failith, srl.
agus gan aoinnidh oillbhéimtheach ná peacamhuil
d'fuireach air sgath abhfailith ná a neamhshuim?
Gidheadh dearbhann an tEasbal duinn
madh ghnidh aoinneach failith d'haireachas a
churaim, gur measa é iona ainchríostaighe.
1. Tim. f.8. Go dé loighead d'aithreachaibh
do ghnidh sgim dáiriribh dá gclann do thabhairt
suas óna noige a neagla Dé, agus fuath an
pheacadh tar gach nidh do chur a gcéill doibh
go luath. A! is fíor go ndiongnaid an urmhúr
an damnúghadh do dhublughadh tré na nanamnach


L. 174


bog óga do iodhbairt do'n diabhal
agus do'n saoghal, an tráth bféidir leo a
dtoirbhirt chómh aomh san do neamh! Faoi
dheoigh, gan rith tar gach aon chéim don bheatha
fó leith, nach folas gur ab éagcóir, neamhghlaine,
díomas, aithis, srl. do ríaghluigheas
ameasg Críostaighthibh, agus gur beag é uimhir
na droinge chaitheas a mbeatha do réir an
tsoisgeil? A Dhé mhoir déin trócaire orainn;
agus tabhair grása dhuinn bheith air nuimhir
an bheagáin; ionas go roigfeadh linn bheith
do'n uimhir shlán.



AN XIX. CAIB.
Air an Bpeacadh marbhthach.
An naomhadh la deug.



Smuain, air dtúis, Nach bhfuil air Talamh,
ná fós a nifrionn féin, ainmhidhe is graineamhla,
is sailighthe agus is aghfhuathmhaire, ioná an
peacadh: ainmhidhe noch is céidghin do'n diabhal,
no le labhairt níos ceirte, is é is tuismhightheoir
dhon diabhal agus d'ifrionn.
Ni raibh sé san domhuin uile, créutuir dob
áilleadh, budh shuighte ná budh líonmhaire
ionna nuile chinéul do thiodhlaicthibh do náduir
agus do ghrásaibh, ioná bhi an taingiol soillseach,
úd eadhoin, Lucifer agus a chuideachta:
Gidheadh d'athraigh aon pheaca amhain marbhthach
iad, agus gan acht toil anaigne thabhairt
leis sin féin tré smuaineadh, do chlaochladh
d'aon bhig, ionna ndiabhlaibh grána, cosboirighe


L. 176


fuathmhara, gráineamhla do Dhia is
do dhuine. Creud an taistriughadh, ionn bhur
muinghinse, dhéunfas an peacadh air an duine,
nach bhfuil ann acht smoit agus luaithre, madh
mheathan sé chómh foghtach san réultana na
bhFlaithios? Dob é an tainmhidhe so, an
peacadh, do theilg ar dtuismhitheoirighe amach
as Pharrathas; agus do dhamnaigh iad féin
agus a sliocht chum anacair do-airmhighthe,
agus chum báis aimsiordha agus shíorruighe.
Isé an peacadh do bháigh an domhain le huisge
na dile'agus dhingios ifrionn go laetheamhuil
le miliunaibh danamnaibh bochta, chum bheith
mar sprios ag lasrachaibh gan chríoch. A Dhé
mhóir! saor sinn o'n olc mhalachtachso.



Smuain, san dara áit, Gur ab é an peacadh
bás an anama. Oir ó sé ánam an duine do bheir
beatha do'n cholainn; agus dá bhrigh sin, ata
an choluinn sin marbh, óna nimthighionn an
t'anam, mar an gcéadna, is é grasa Dé is beatha
do'n anam; agus ata an tanam san marbh noch
do chaillionn Dia agus a ghrása tre pheacadh
mharbhthach. Uime sin, madh tá corp marbh
ona nimthighionn an tanam, chómh déisdionach
chómh geiteamhuil sin gur ró bheag
fheadhfadh aon oidhche amhain do chaitheamh
air aon leabuin, le na shamhuil sin do chaomhnuidhe;
cionas is féidir leatsa, a pheacaigh
dhona, conablach anama ata marbh a bpeacadh,
d'foighneadh agus d'iomchur do ghnath ad
thimchioll, noch ata abhfad nios déisdionamhla


L. 178


agus ní bhus fuathmhaire. A! sirimh air Dhia
go nosgla se do shuile chum do sdaid aindeas
féin d'faicsin; an táracht ifrionda san, an peacadh,
d'fuathughadh, noch d'oilis ann t'ucht an fhaid
sin, agus noch is cuis fhírinneach diomlán
tanacra.



Smuain, san treas ait, Creud do chailleann
an tanam le peacadh, agus creud do thairbhigheann
sé anaghaidh an chailleamhuin so. Cailleann
sé grása Dé, noch is mó do stóirchisdighibh;
agus san gcailleamhuin so cailleann sé Dia
féin. Cailleann sé tearmainn agus muintearas
aithreamhuil Dé. Caillionn sé meas leinibh do
Dhia agus ceile do Chríost. Caillionn sé ceart
agus teidiol Righeachta shíorruidhe. Nochtar
í do thiodhlaicthibh uile an spioraid Naoimh:
Sladta as luacht saothair iomlán a bheatha:
tigionn sí chum bheith ina leanabh d'ifrionn
agus ina sglábhuidhe dhon diabhal; sealbhuighthe
a spioraid aige, agus mar aoin leis fá
bhreith dhamaint shíorruidhe. Agus ag so
a dtairbhighionn sé do'n pheacadh: do bhrigh
gur bás is tuarasdal do'n pheacadh. Romh. 6. Bás
an anama annso, agus an dara bás, bás shíorruighe
ina dhiaigh so. Och! a pheacaigheadh
dhona, fosglaighe bhur suile chum feuchain agus
achlán do dheunamh tre bhur ndailleacht
dhubhach, ann Dia do mhalartughadh air an
diabhal; Flaitheas air ifrionn.



Smuain, san gceathramhadh áit, Go bhfuil
an peacadh, fíorfhuathmhar, gráineamhuil ann


L. 180


radharc Dé, bheith agceartaigh a mhormhaithiosa.
Fuaithigheann sé é le fuaith riachtannach
síorruighe, agus ni mó fhéadfadh sé staonadh
do fhuaith dho ioná fhéadfadh sé staonadh o
bheith ina Dhia. Leis sin, dá mbeith sé dhe
dhonas air an te is fioreunda air talamh, tuitim
ann aon pheaca marbhthach dá loighead, do
bheith sé san am cheadna ina námhuid ag Dia:
agus dá bhfaghadh bás san gcoir sin, is dearbh
go naireochadh sé troime ceirt díoltaiseach Dé
air feadh na síorruigheachta. Och a Chriostaighthe!
ná biodhmaoidne choidhche chómh
mór san air buile, agus dul a gconntabhairt
choga le Dia, Faraoir! cá lia agus cá uathbhasach
agus na Breitheamhnais dimireann
Dia go laetheamhuil air pheacadh agus air pheacachaibh!
cá lia duine sgiubtar chum siubhail
a mblaith a nóige le bás obann, anaba, mar
phionos dá bpeacadhaibh! Cá lia duine gheibh
bás a neudóchais! Ca lia duine, taireis iomad
masla thabhairt do ghrásaibh Dé, do bhearthar
suas do thuairim dichreidmheach, do chruadhas
croidhe, noch is measa agus is sgannramhla
da bhreitheamhnasaibh uile! Och! critheamaois
le smuain air aleitheid daindeise! Biodhmaois
deimhneach, nách féidir aon anacra bheith
chómh mór leis sin do thuilleamaoid le peacadh
marbhthach; agus gur ab mó atamaoid inar
námhaid duinn féin, agus gur ab mó dhar
ndochar féin do ghnidhmid tre thoil do thabhairt
d'aon pheaca marbhthach, iona bhféidir le


L. 182


fearaibh na cruinne agus diabhalaibh ifrinn go
huile a dheanamh dhuinn, biodh go mbeidis
uile d'aon-intinn air a ndithchioll chum ar
ndiobhála: Oir gach abhfeadfadaois sin, do
dheunamh, an fhaid nach aontochamaois do'n
pheacadh, ni dheanfadaois dochar do'n anam,
gídheadh, tarraingeamaoid fein air ar nanamnaibh
fein, bás uamhanach, síorruidhe, tre
thoil do thabhairt d'aon pheaca amhain marbhthach.
A Dhe mhaith! ná foighnidh dhuinne
choidhche bheith chómh dall san agus ar nanamna
fein do shlaodmharbhadh.



Smuain, san gcúigeadh áit, O m'anam! agus
bi air baill chrith tré iomadamhlacht t'easumhluigheacht
anaghaidh do Dhé dfaicsin, tre ar
dhárduighis a fhearg air feadh iomláine do
bheatha. Faraoir! nach bhfuil sé ró-fhíor,
nach luaithe thangais chum aois tuigsiona na
thréigis do Rígh agus do Dhia, an té ar chaithis
go sonaidhe laethe do naoidheandachta fá na
sgiathánaibh? A! nach luaith do rithis air
siubhal ó'n te is fearr d'aithribh; agus mar an
leanabh dioblásach, ag caitheadh do spré a
dtalamh choimhightheach, ag iarradh go hollbhaoiseach
t'aigne shasamh le measaibh inar
na toirc? Gabh tar bhliaghnaibh do bheatha
ann do chuimhne le doilghios t'anma; agus
feic an storús mallaightheacht a smuaineadh
a mbréithios agus a ngníomh thaisbeanfas iad
féin dod shúilibh. Feuch chomhfada agus
chómh neamhthabhachtach agus rinnis do sgléip


L. 184


air bhruach faille adhfhuathmhaire: Gan ní bhus
mó ioná tarsna ruibe idir t'anam agus
ifrionn. Bi maslaighthe a dtaobh do dhithcéile
fán aimsir ata thort, adhraigh agus biodh iongantas
ort tre mhaitheas do Dhia, agus anois
féin, gabh ort a thrócaire do ghlacadh.



AN XX. CAIB.
Air an Bpeacach ath-thuitimeach.
An Fithcheamhadh La.



Smuain, air dtúis, Madh ta aon pheacadh
amháin marbhthach ina choir chómh fuathmhar
san anaghaidh áirdréimheas Mórdhachta Dé
agus do choncas duinn sa gcaib: dheighionnaigh,
madh ta gach peacadh do'n tsámhuil sin
ina dhiabhaileacht, dar dTighearna, agus ina
bhás d'anam an pheacaigh dhona ata cionntach
ann; créud do thuigfiom do choingiol anacrach
an pheacaigh ath-thuitimeach? eadhoin, dona
Críostaighthibh do thuitios do ghnath arís agus
arís annsna peacadhaibh marbhthacha a céadna,
tairéis a nathfhaoisidne agus a ngeallamhnacha
diongmhalta, leasúghadh. Faraoir! créud is
féidir linn a thuigsin, acht trid an mhodh bheatha
so, go bhfuilid ag coigilt dóibh féin díoghaltas
fó chomhair lae an díoghaltais: agus
do réir gach aon chosmhulacht tarraingeochaid,
luaith no déighionnach, trom-dhíoghaltas air a
mullaighibh féin! Do bhrigh go bhfuil a gcoir
méudaighthe tré gach ath-thuitim, agus is
measa bhíos a gcoingiol fá dheire ioná a dtosach.


L. 186


Smuain, sandára áit, An díombuidheachas,
an meabhail, an tarcaisne a nDia, a bhfuil an
peacach ath-thuitimeach cionntach ann; chómh
minic agus chasan sé arís tairéis a athcháirdis,
air nós an mhadra air a sgaithreach. Ata sé
cionntach a míobhuidheachas anmhór tre ghrása
an cháradais do chosaráil lear togbhadh aga
bheag roimhe sin é as chárnaoiligh an pheacadh
agus fós a tharraing as ghiallachaibh ifrinn;
agus le trócaire suthantaiseach a naithsheilbh
cháradais Dé chum meas leinbh do Dhia agus
oighre air Fhlaitheamhnas. Ata sé cionntach
a neamhdhiliseacht tháir a mbrise fhocail
naomhtha Dé ionna Fhaoisidin. Ata sé cionntach
a dtarcaisne dhrochmheastamhuil san mhórdhacht
Dhiagha tre Dhia do dhibirt óna anam
agus an taidhbhirseoir do thabhairt a steach a
nionad: agus so tairéis lán fhios agus éirim ann
gach taobh. A Dhé mhaith! Budh ró mhor
an taithfear an chruinne go léir do chur a
gcomhthrom leat, ós lugha iona gráinne gainmhidhe
na Flaithis agus a gcomhachta uile, an
talamh agus an fhairge agus gach nidh da bhfuil
ionnta a gcomhmortas leatsa. Leis sin créad
tuigfear don dóchar eugsamhuil déuntar dhuit
leis an bpeacach ath-thuitimeach, 'nuair chuireann
tusa agus Satan ann na comhthrom, do bheir
sé tosach do'n diabhal.



Smuain, san treas áit, An chontabhairt uamhannach
ionna mbíonn an peacach ath-thuitimeach
go laetheamhuil, ag cloidheamh an chirt


L. 188


dhiagha air croithe ós cionn a chinn cionntach,
air na fheargúghadh go laetheamhuil le na
míobhuidheachas agus a aithis. Faraoir! atamaoid
uile so-mharbhthach. Ni aithnid dhuinn
an uair ná an mhomaid dheighionnach aguinn.
Madh thig an bás orainn san bpeacadh marbhthach
do thig do mhiliúnaibh, atamaoid caillte
gan fághail tar nais. Uime sin más báinidhe air
aon am contabhairt na síorruigheachta do rith,
le toil do thabhirt do pheacadh mharbhthach;
nach mó go mór do fearguigthear an tUileachomhachtach
le síor ath-thuitim agus le
cleachta easmuilt do thabhairt dá ghrásaibh agus
dá thrócaire le gach nuair? A! nach iomdha
anam a mealltar mar so annsa chlais diamhairse
ná conntrachta gan chríoch, a nait nach fághann
an phiast cás choidhche, agus nach muchtar
an teine choidhche! Donáin aindeasa! Atáid
siad air intinn iad féin do dhamhnúghadh chómh
beag le haonduine aguinne! Acht ni deuntar
magadh fá Dhia.



Smuain, san gceathramhadh áit, Olc oile a
bhfuil cuis ag an bpeacach do thuiteas tar áis
san bpeacadh chéadna, a thuigsin gur baoghal
do é, isé si fallsacht na haithrighe do rin sé
chéana. Oir, a bhfirinne, cá bhfuil a chosmhulacht
go raibh a thuirse agus a intinn leasaighthe
air an modh dhiarrann Dia, 'nuair isé
an duine céadna é tairéis anoiread san Faoisidinighe?
Is doilghios árdchómhachtach croidhebhrughadh
fhírinneach, le abhfuathuigheann


L. 190


an peacach a pheacadh ós gach uile olc; le lánintinn
agus le rún daingionn gan casa air ní bhus
mo. Anois cionas ata sé cosmhulacht go
bhfuathuigheann an peacach ath-thuitimeach a
pheacadh go firinneach ós gach uile nidh, le
rún diongmhalta a leas do dhéunamh, 'nuair
buaidhtear air chómh haomh san leis an gcéud
chathúghadh chum fille air arís.



Smuain, san gcúigeadh áit, Na liaghais agus
na slighthe le a gcoiméadtar sinn ó'n olc urchoideach
so, eadhoin ath-thuitim a bpeacadh
marbhthach. Isé an chéud nidh, gach feadhaim
chonntabhairteach do sheachna, noch do tharraing
nó roicfeach sinn do tharraing annsna
peacadhaibh céadna. Gan an taireachas so dhe
rith ó fheidhm an pheacadh ni bhiadh éifiocht
ann rún leasaighthe dá láidre mar chidhmid go
laetheamhuil le héirim mhairgeach. Oir an te
ghrádhuigheas an chontabhairt caillfidhear ann
é. Eccl.3. Ni chaithfear aon leithsgeul gnodh
shaoghalta do chur ag cómhthrom leis an tsíorruigheacht
annso. Is eigionn duinn sgára le
lámh no súil ní bhus tuisge ioná chaillfeadhmaois
ar nanamna. Mor-choimead oile ó ath-thuitim
duaigh do chur orainn féin le hurnaighthibh
duthrachtacha agus taithidhe na sácramaintidhe,
na claonta aindeasa do chloidheadh,
noch do tharraingeas ann sinn go neamhfháireamhuil,
an cheud chorruidhe chum oilc; do
throid go calma, agus dithchioll do dheunamh
le hiomad dúthracht, claonta dona pheacadh


L. 192


do thochla amach, noch d'fágsad san anam
a nallod. O! nach deacair caisléan do chosnamh,
anáit ambéid na Geatadha gabhtha
chéana féin ag an námhaid, agus drong láidir
a stigh aige ollamh chum na ndoirse dfosgla
dho? Isé an treas agus an priomh liaghas
anaghaidh ath thuitim, eadhoin, an peacach do
chothughadh spioraid fhirinneach aithrigheach
ionna chroidhe: a dhobrón d'athnúghadh go
laetheamhuil ionna pheacadhaibh; agus ath chomhairiomh
do dheunamh a láthair Dé agus
a ngeurdhoilghios a anama ionnsa naindlighe
do rinn; iongantas do dheunamh san dtrócaire
sin agus é adhradh, noch d'fulang leis an fhaid
sin; agus a mheas ós gach ionmhus oile ná
grása san an ath-cháraduis lear tarraingeadh as
a noiread san anacra; a shíreádh go laetheamhuil
air Dhia le dianneart a anama, a bhreith as
an saoghal ni bhus luaithe ioná léigfeadh sé
dho bás d'fághail ní bhus mó tré pheacadh
marbhthach. A Dhé mhaith, aontaigh gur ab
é so meodhain ar nanama do ghnath. Amen.



AN XXI. CAIB.
Air ndeunamh aithrighe inar Bpeacadhaibh.
An Taonmhadh la fithghiod.



Smuain, air dtúis, Na Briathra so Chríost:
Muna ndeunfadh sibh aithrighe biadh sibh uile
caillte. Luc.13. f.3,6. Feuch annso riaghail
choitchionn: Oir ni dheunan ar dTighearna
aon idirgheilt. Uime sin ata aithrighe


L. 194


riachtanach, air dtuis, do gach naon a gciontuigheann,
a choinsias é a bpeacadh marbhthach;
Faraoir! caithfid a leithéidighe so aithrighe do
dhéunamh ionna bpeacadhaibh, no losgadh,
air a son air feadh na síorruigheachta. Peacaigh
bhochta! ata a slighe ro dhólásach, atáid ag
sugra air fhíorbhruach ifrinn; agus gach aon
mhomaid ata duine éigin díobh aga theilgionn
síos san gclais gan íochtar; agus an féidir go
bhfuilid chomh neimhsgimeamhuil sin fá chontabhairt
chómh mór agus chómh dearbhtha?
Uime sin caidhe nach greamuighid grasa na
hAithrighe? an taon chlár air abhfuil a slánughadh
a ndiaigh loingbhrise; an taon mheodhain
ata aca chum slánughadh a nanama. Arís, ata
aithrighe riachtannach dóibh sud, noch biodh
agus nach cionntuigheann a gcoguas do lathair
iad, gidheadh do bhi cionntach san mbeatha do
chaitheadar ann a samhuil do choirtheachaibh.
Och! a Chríostaighthe! ata aon pheacadh
amháin marbhthach ina ádhbhar go leor dhuinn
chum aithrighe do dhéunamh air feadh ar
saoghail. Agus cionas dheunfamoid ni bhus
lughadh, madh smuaineamoid go ceart créud
an nidh é peacadh marbhthach; Creud é bheith
mar námhaid ag Dia; Creud é bheith fá bhreath
damaint shiorruidhe; agus gan fíos deimhneach
d'fághail choidhche ar maitheadh an bhreathadh
so? Nach leor so chum beatha aithrigheach do
chur do dhualgas orainn? An bhféudfam a rádh
go mbiadhmaoidas baoghal air a mhalairt? Fiu


L. 196


iad san féin, agus is ag Dia féin is fearr ata fios
an uimhire, ag nach bhfuil tuairim gur chionntuigheadar
a gcaitheamh a mbeatha a naon
pheacadh ni leoidhfid uime sin, e chruthúghadh
dhóibh féin go bhfuilid saor ó dhualgas aithrighe:
Chómh maith a dtaobh a bpeacadha
follamhtheacha, no na peacadha do rinn daoine
oile dá ndeasga, oir ni feas daoinneach cia aca
grádh no fuath do thuillionn sé, agus mar an
gcéadna, gur beatha aithrigheach deimhin is
fearr anaghaidh an pheacadh, noch do threiseóchas
orainn gan fhios duinn, gan a bhasgadh
le nar séuna féin le treaghanas agus le léoirghniomh.



Smuain, san dara áit, Gur ab éigionn, a
dtaobh aithrighe, riaghalacha airighthe do thionsgaint
do dhaoinibh airighthe. Iad súd atá
chómh haindeas san agus bheith cionntach a
ngníomh pheacadh mharbhthach, no, an nidh
is dona fós abheith treasgartha a gcleachta aon
ghné no ni bhus oile do pheacadhaibh marbhthacha;
chomh luaith agus foisgeolfaidhe a
súile chum an ainmhidhe ifrionda dfaicsin, noch
do bheirid leó thimchioll; air nós an leinibh
dhioblásaigh, is éigionn dóibh eirghe gan mhoill
chum filleadh air a nAthair. Iodhbairt croidhe
umhail, chomhbruighte, is é éilmhíghionn Dia
ortha tar gach nidh. Agso an nidh budh chóir
a bheith ina bhunadhas agá 'naithrighe uile.
Gan so, is beag an tabhacht dian-chruadhail
colna. Níor chóir go dtiubhradh a leitheidighe


L. 198


sin do pheacachaibh aon tsuaimhneas dóibh
féin, go mbeadh a síothcháin deunta le na nDia.
Budh chóir dá bpeacadhaibh a bheith do ghnath
ós comhair a súl. Budh choir gur ab é a nannacra
a gcéad smuaineadh air maidin, tré bheith
an fhaid do shlighe óna nDia, a mbraighdionas
ag an diabhal, agus fá fhiachaibh bheith ina
gcomhdhail chuideachtain aige ann anacra
shíorruighe. Isé a shamhuil budh chóir a bheith
ina smuaintibh déighionnacha aca a stoidhche,
'nuair budh chóir doibh, anós an áithrigheach
Dáibhi, a leaba d'ionnla le na ndéoraibh, chómh
minic agus thiosbánamaoid sinn féin a lathair
Dé la hurnaighthibh, is a spioraid umhal an
Phuibliocánaigh budh chóir do bheith; da meas
féin air mhodh nar bhfiu iad a suile do thógbhail
suas chum Fhlaitheamhnais na a gcionn altorach
Dé: agus mar ésion ag bualadh a nuchta; le,
A Thighearna bi trócaireach, oram an peacach!
Is mar so gheabhaid trócaire gan ámhrus ó'n
te is Athair do'n trócaire.



Smuain, san treas áit, Tairéis do'n pheacach
a dhithchioll do dheunamh chum athcháraideas
do dhéunamh le na Dhia fheargach, tre áithrighe
fhírinneach, agus admhail a pheacadha, ni
chaithfeadh sé a chruthúghadh dho féin go bhfuil
sé ó dhualgas a thuile áithrighe: Chómh maith
anois agus nach biadh fiacha air bith air ag
ceart bhreitheamhnais Dé, ná dualgas le díoghal
a nionad a pheacadha, le hoibreachaibh aithrigheacha
agus le torrtha fiuntnch na haithrighe.


L. 200


Budh mhór agus budh chonntabhairteach an
earáid é so. Ná ni ceart do bheith sásta le lomchomhlíonadh
an bhreitheamhnais áithrighe do
chuir a oide Faoisidin air: nidh is baoghalach
gur anamh is leor é chum ceart Dé do shásamh.
Faraoir! dá mbeith fios deimhneach ag peacachaibh
air an urchóid tar meodhain do ghnidhthear
do Dhia le peacadh marbhthach mar is
éigionn d'aithrigheachaibh fhírinneach do
bheith, do dhéunfádaois áithrighe gan amhrus
air mhodh do mhalairt mar do ghnidhionn
mórán. Do bhéidis ní bhus dá rirbhe ann a
bhfeoil pheacamhuil do smachtughadh le hoibreachaibh
áithrigheacha; agus mar so leorghníomh
chómhthrom da dhéunamh le Dia annsna
coirthibh do rinneadar.



Smuain, san gceathramhadh áit, Gur fearr
fhoghlamuighthear an tslighe fhírinneach chum
leoirghníomha do dhéunamh ionnár bpeacadhaibh
óna tAithreachaibh naomhtha agus ó theagasgoiribh
na hEaglaise, iona ó chéufadhaibh
aimhrianta saoghaltánach, no gnáthamh mhóráin
d'aithrigheachaibh san aimsir éugcosmhuil
so. Uime sin tugamaoid a dteagaisg air an
gcómhradh tábhachtach so. "Do mhuin Dia
féin duinn," a deir N. Cyprian. "Creud an
modh air ar chóir dhuinn trócaire diarradh air.
A deir sé féin, filligh orm le hiomlán bhur
gcroidhe, a dtrosga, a ngul, agus a nochlan,
Joel,2. Dá bhrigh sin, filliomne air an dTighearna
le hiomlán ar gcroidhe, cuireamaoid a


L. 202


chuthach air gcúl, le trosga, le caoi agus le
hochlán: do reir mar chruthuigheann duinn.
Biodh méud ar gcumhadh a gcomhthrom le
adhfhuathmhaireacht ar bpeacadha. Is éigionn
duinn guidhe go dúthrachtach. Is éigionn
duinn an lá chaitheamh a nochlán agus an oidhche
abhfaire agus a ngeurghúl; ag caitheamh
iomlán ar naimsire a ndéuraibh aithrigheach.
Budh chóir gur ab é an túrlár ár leabadh, air
na fholacha le luaithre; agus éudach ruaineach
ar gcludamh, srl. Tairéis brat Chríost do
chaitheamh dínn, níor cheart duinn anois aon
éudach saoghalta do lorg. Ni fuláir duinn anois
sinn féin do chur ambun deagh-oibreacha do
dhéunamh le a nglanfuidhe amach ar bpeacadha.
Ni fuláir duinn bheith síor dheurcach, le saorfuidhe
ar nanamna ó bhás." Ceudfadh N.
Cyprian go nuige sin, le a dtig N. Pavian ionna
ghriosaibh chum áithrighe. (L. De lapsis).
"Madh ghlaodhann aoinneach diultamh dhona
shamhuil do mheidhir. Mádh thugann aoinneach
cuireadh fleadh dhuit, ni fuláir dhuit
a rádh gur ab do dhaoinibh nach raibhse dhe
mhio-ágha orra a nDia do chailleamhuin atáid
na cuirighe sin oireamhnach. Do pheacaigh
mise anaghaidh an Tighearna'agus táim a
gconntabhairt bheith caillte go síorruidhe;
creud an ghlaodhach atá agamsa chum féustadhaibh
tairéis feirge do chur air mo Dhia?
Caithfeadh tu muintearas do dheunamh ris na


L. 204


bochtaibh. Caithfeadh tu guidhe na mbaintreabhach
do shireadh. Caithfeadh tu eadarghuidhe
na hEaglaise d'aithchuingeadh. Caithfeadh
tu gach aon tslighe do lorg noch do
theibfeadh do bhuan-chailleamhuin. Agus
Naomh Ambrós, 2. L. aithrighaoch, caib.10.
"An féidir le haoinneach a chur a niuil do féin
go bhfuil sé ag déunamh áithrighe an feadh atá
sé dhá fhulaing féin a ngradam: an feadh ata
sé dhá fhulaing féin a ngradam: an feadh ata
sé ag leanmhuint d'fíon, srl. Caithfeadh an
táithrigheach fírinneach an saoghal do thréigionn;
fiu an aimsir atá riachtannach chum
chodalta do ghiorrúghadh; a bheith mío-shuaimhneach
le hosnadhaibh; agus a ghearra le
na urnaighthibh," Agus N. Caesarius de Arles.
Hom.8. "Chómh minic agus ghnidhmid
cuairt do'n droing ata a ngéibhionn, no tinn,
no muintearas do dheunamh idir dhaoinibh bhíos
a neascáirdeas re cheile, chómh minic agus
throisgeamaoid air laethibh órdaighthe ó'n Eaglais,
thugamaoid déirc do'n mbochtan do ghabhann
tar ár ndoras, srl. Leo so agus le na samhuil
atáid ar mion-pheacadha air na maitheamh
dhuinn go laetheamhuil. Acht ni leor so dho
choirthibh troma. Caithfiom cur leis, maille
re déuraibh, géurchaoine, agus troimdhéirc do
réir ar gcumuis, agus trosgadha fada." Mar
so, do réir mar a deir an Naomh céadna linn,
"le smacht láithreach na colna, coisgfear an
bhreath bháis shíorruidhe, ata fár gcomhair.
Mar so treas an gcionntach d'umhlúghadh,
múchfar an cionnta, agus treas an daordháil


L. 206


thoiltionnach so, maolfar fearg uamhannach
an Bhreithimh. Iocfaid na hoibreacha gairide
so na fiacha mora ud, noch air a mhalairt, nach
iocfadh losgadh síorruidhe." Hom. 1. A Chríostaighthe,
leanamaoidne a gcleachta na stiuir
threoiridhe ró mhaithe so.



AN XXII. CAIB.
Anaghaidh moille na hAithrighe.
An dara la fithchiod.



Smuain, air dtúis, Tar chealgaibh uile an
Aibhirseora, le na meallann sé peacaigh bhochta
chum a gcreach síorruidhe, gur ab é so is mó
agus is conntabhairtighe eadhoin a chur a niuil
dóibh a náithrighe agus a niompódha do chur
tar ceal ó am go ham, go nach biadh ní bhus
mó aimsire dhóibh. Faraoir! ataid na milte
agus na miliuin d'anamnaibh bochta mar so air
na mealla go lasrachaibh síorruidhe nár bh'intinn
leo riamh iad féin do dhamnúghadh le bás
d'fághail a bpeacadh, acht a noiread le haon
duine aguinne anois. Acht tré náithrighe do
chur air ceal, go bhfuaradar bás anaba le ceart
bhreitheamhnais Dé, an uair is lughadh bhi
cuimhne aca air; agus air bhfághail bháis dóibh
mar do mhaireadar, gur tugadh breath cheart
ortha an dara bás síorruidhe úd d'fulaing.
Truaileánacha aindeasa! nach géillfeadh dá
mbreitheamh ceart, noch dfóghair dóibh chómh
minic sin ionna Shoibhsgéul faire do dhéunamh;
agus dheimhnigheas dóibh muna ndéunfaid go


L. 208


dtiocfadh sé san am is lughadh a mbiadh
súil aca leis. Ah! nach sgannrach agus nach
coitchionn iad na báis anaba so!



Smuain, san dara áit, An t'andóchus mór
san na bpeacach noch do chuireas a nathmhuintearas
re Dia feargach tar ceal go huair oile,
ag iathadh a gcluas dá ghuth, le anglaodhann
sé orra do lathair, agus ag diultadh doras a
gcroidhe dho mar sheasann agus bhuaileann
sé. Faraoir! madh fhágann sé iad táid caillte
go deoigh, Cionas léigfeadh eagla dhóibh.
Uime sin, a noiread san tarcaisne do thabhairt
dó. Nach do-chríochnaighthe an mhaithios,
an uirisle do-aithriste san Ardfhlaith óirdhearc,
glaodhach ina ndiaigh, an trath atáid siad ag
rith uaigh, agus sárúghadh ortha chómh
dá rírbheachsan, gan aon tairbhe air a thaobhsan,
chum filleadh air, noch anaonar is maith agus
sonas dóibh? Uime sin, creud is cóir dhóibh
a bhraith óna cheart. Madh chuirid suas go
ceann-dána, tarcaisneach dá thrócaire do
ghlacadh cionas is féidir leo an aimsir atá le
teacht do ghealleamhuin dóibh féin ina dhiaigh
so ioná iad so air a dtugaid dímheas anois?
Nach aithnid dóibh gur ab é Dia amháin is
Tighearna air aimsir agus air ghrásaibh, agus
le na cheart-bhreath gur ró ghnathach go
bhfaghann an drong úd chuirionn cathúghadh
go dána san tslighe so air, bás ann a bpeacadhaibh?
Ah! is ró fhíor, nach tug an té úd do bheir
maithfeachus do'n bpeacach d'iompuigheas


L. 210


go dúthrachtach, geallamhuin air am, ná grása
éifeachtamhla dóibh súd do chuireann a
náithrighe air Cairde.



Smuain, san treas áit, Mór dhíthcéile na
bpeacach noch do chuireann air ceal fileadh air
Dhia go hám oile, le leithsgeul go roichfeadh
leo a dhéunamh ni bhus socra ina dhiaigh so.
Agus go ndearbhann ciall agus éirim dóibh,
nach bhfuil dá fhaid agus léigfid an obair so
társa, nach ámhlaidh is dócamhla a thabhairt
timchioll, agus cionas is féidir leis abheith air
a mhalairt? ó'n tis agus leis an fhailith so, agus
le cur pheacadh a gcionn pheacadh go laetheamhuil,
neartuigheann cleachta peacamhla go laetheamhuil,
méuduigheann comhachta an diabhail
ós a gcionn; agus atá Dia uile chomhachtach,
air na fheargúghadh ni bhus mó go
laetheamhuil, ni bhus neamhfhiálmhaire fá na
ghrásaibh; ionas go dtigid so ni bhus neamhghnathuighe
agus ni bhus failithighe; go dtuitid
fá dheoigh, tre gnathsheasamh anaghaidh
ghrásaibh Dé, ann staid anacrach dailleadh
agus cruadhas croidhe bothar foirleathan an
neamháithrighe dhéighionnaigh.



Smuain, san gceathramhadh áit, Earáid
eugsamhlach na droinge chuireann a náithrighe
air ceal, le muinghín an aithrighe do dhéunamh
air leaba a mbáis; le hintinn ceart Dé do
mhealla le cleachta an pheacadh do leanmhuin
air feadh a saoghail agus annsan, an trath nach
biadh ionnta an pheacadh do dhéunamh, a


L. 212


siothcháin do dheunamh re Dia. Donáin aindeasa!
nach measann nach féidir magadh
dhéunamh fá Dhia; gur ab é an nidh céadna
chuireas duine bhainfeadh sé: Gur ab í an
cheadfadh choitchionn gur mar mhairionn duine
is gnathach leis bád d'fághail. Ceadfadh chómh
coitchionn agus san, nach bhfuil a niomlán na
sgribhinne dhiagha aguinn acht aon eisiomláir
amhain air dhuine fuair deaghbhás tar éis droch bheatha;
eadhoin an bitheamhnach maith;
eisiomláir chómh leithleasach san ionna nuile
ghné, nach bheir a bheag do mhisneach dhaonduine
do'n t'samhuil sin agá bhfuil réimhinntinn
sleamhnúghadh ó cheart Dé, chum filleadh air
a leaba a mbás. Ah! nach uathbhasach dócamhal
noch fulair do bheith air pheacach air
uair a bháis, ionns bhfuil cleachta an pheacadh
tre thathaighe fhada, claochlaighthe chum
athnadúra, an tathrúghadh croidhe iomlán, an
doilghios fírinneach agus fuath do'n pheacadh
tar gach olc, an grádh san dhia tar an uile nidh
do rochtain, nach smuaineadh sé air feadh a
shaoghail; agus atá riachtanach, an chuid is
lughadh dhe anois. Ah! go dé chómh meallta
agus bhíd na deura so go ró minic, noch do
shilid peacacha le linn a mbáis! Mar is follas
a gcás an Righ Antiochus, noch do bhi gabhtha
suas go hiomlán le heagla an bháis, ni raibh
éifiocht ann a laithir an Bhreithibh cheirt. Agus
má tá anoiread san contabhairt an tán léigthear
deura go fairsing, cionas do bhiaidh an sgéul,


L. 214


an tráth, mar is gnáthach leis tuitim amach, go
mbidhionn anbhfáine agus mairinntinne, no
pianta, agus soigheada na colna agus na meanma,
chómh mór san agus do dteibid féidhm
thromdha na smuainte do chaithiomh air an
gcuram is mó dá bhfuil orainn: Oir más leor
tineas cinn beag chum ar dtoirmiosg air urnaighthe
do dhéunamh le chaonduthracht,
creud is coir a thuigsint d'airgionaibh an bháis?
Ni hiongna dá bhrigh sin, loíghead an éifiocht
do ghnidhid na naoimh agus lucht leanamhna
Dé do ghnothaibh leaba an bháis: go mórmhór
ó chimid le gnaitheolus laetheamhuil, an drong
is mó thaisbeánas doilghíos a gcontabhairt sin
ioná bhíd air an tslighe chéadna a rabhadar
roimhe. Och! a Chríostaighthe, ná biodhmaoidne,
uime sin, air ár mealla le cómhráidhtibh
fallsa, bladaracha, dhaoine, noch do bheir
saor-bhreith chómh fonmhar san air an
mhuintir so do thiosbánas gné bheag éigin
áithrighe le linn a mbáis, tairéis beatha pheacamhuil.
Gur mó bhiadh criothnúghadh orainn
a dtaobh an choinghiol dona ionna bhfuilid a
samhuil sin; agus a chuimhne go bhfuil breitheamhnas
Dé ró neamhchosmhuil le breitheamhnas
na ndaoine.


L. 216



CAIB. XXIII.
Air Am agus Siorruigheacht.
An treas la fithchiod.



Smuain, air dtuis, Chómh mórluach agus
atá aimsir le na meas, noch do léigeamaoidne
thorainn chómh neamhbhfáireamhuil agus nár bhfiu
aoinnidh é: Isí an aimsir tuiseadh ar
mbeatha, agus an oiread agus chailleamoid dár
náimsir, atá anoiread céadna dár saoghal caillte
go hiomlán. Is chum na síorruigheachta do
ghnódhúghadh do tugadh ár naimsir duinn;
agus ni'l aon mhomaid amháin dár naimsir ionn
náchar bhféidir linn oibriúghadh, agus ionn
náchar bhféidir linn ionmhus dó-chuimsighthe
do choigilt a gcómhair síorruigheacht shéunmhar.
Dá bhrigh sin ni'l aon mhomaid mhorluach
díobh so chailleamaoid ná chailleamaoid síorruigheacht.
Isé an tam so láithreach amháin
aon am na hoibre. Isé an tam is féidir linn a
áiriomh dhuinn féin; agus ag Dia amháin atá
fios ca faid do bhiaidh san amhlaidh. Atá sí
gairid, eitiolann si chum súil do phreib; agus
aon uair amháin imighthe, ni'l gairm tár a áis
go bráth. An tám céadna a bhfuileamaoid ag
léaghadh an líne so, atá sí ag gluaiseacht chum
gan filleadh go bráth, bráth. Atá gach aon
uair ag luaith gluaiseacht gan stad air bith nó go
sloigfear í anduibhéigin ádhbhal mhór na síorruigheachta,
agus gach a gcaillfear dona huairibh


L. 218


nó dona mómaidibhse atáid caillte go síorruighe.
Atá an chailleamhuin do-leasaighthe. Fóghluim
ó so, o m'anam, meas ceart do chur air
t'aimsir atá láithreach. Fóghluim á chur a
dtairbhe go maith, le a chur a bhfeidhm an
deaghoibreacha.



Smuain san dara áit, A anam Chríostamhuil,
créad iad do smuainte air uair do bháis, air
luach na haimsiresi, nách déinirse acht dimheas
de do láthair? Créud nách béurfádha, ann
san, air chuid dona huairibhse noch do chaillir
anois a nolbhaois agus a bpeaca? Och! an
daoirchnead le a bpianfar anam an pheacaigh
le lin a bháis, an tráth chidhfeadh sé é féin air
bhruach síorruigheachta anacraigh, do b'fhéarr
leis mile uair, acht gan tairbhe, go mbeith
breith aige air aon lá, nó fós aon uair amháin
don aimsir a dimthigh, agus an neart agus an
tsláinte chéadna do bheith aige, do bhi chéudna,
chum feidhm grádh Dé agus áithrighe fhírinneach
do dhéunamh de, tre na pheacadhaibh.
A, a shaoghaltánacha! créad uime a bhfuilti
chómh dall san, agus gan a mheas gur mó is
fiu aon uair amháin dona huairibhse noch do
chaithionn sibh a múghadh go laetheamhuil,
ioná deich mile saoghal?



Smuain, san treas áit, Créud an chéudfadh
bhias ag an lucht damánta a nifrionn, air luacht
aimsire, an tan nach beidh aimsir ni bhus mó;
chomh cruaidh agus chaoinfid air feadh na
síorruigheachta, gach uile uair, lá, mi, agus


L. 220


bhliaghain, noch do thug fiallmhaithios Dé
dhóibh air feadh a mbeatha shaoghalta, lear bhféidir
leó an tanacra úd do chosg, tre fheidhm
ionbhuidhe do dhéunamh de, dá bhfuil siad
daortha anois gan athghlaodhach, agus a mbéidir
leó iad féin do dhéunamh sonaidhe go síorruighe,
éigcríochnaighthe. Acht, faraoir! ní
dhéunfadaois obair an feadh do bhi an tam; an
feadh do bhi solus an lae ós a gcómhair. Anois
do thuit an oidhche, an oidhche dhúbhach,
shíorruighe, iona bhfuil sé ró dhéighionnach
chum oibre, agus ionna ndaorfaid go síorruighe
a ndithcéille agus a mbaois a nallód, tre dhroichmheas
agus faillith do dheunamh dá naimsir
mhórluach! A, a chriostaighthe biodhmaoidne
críona air a ndonas súd. Acht créud é céadfadh
na droinge beannaighthe do réir bhur
meas, air an aimsir dhaorso? go fírinneach dá
ma nídhe é go ngéillfeadh a staid shéunmhar do
dhobrón, ni'l aoinnídh is mó chaoinfidís na
hanamna beannaighthe úd ioná cailleamhuin
aon mhomaid díobh súd air nách dearnadar
bainistíghe maith feadh a saoghail, an tan chídhfid
go soléir ann soillse Dé an bhreis dó-chuimsighthe
ghlóire agus aoibhnis do bféidir leó a
riochtain, le feidhm ionbhuidhe do dhéunamh
do'n aimsir dhaor úd.



Smuain, san gceathramhadh áit, ó ta an uile
aimsir géarr, agus go ngluaisionn thorainn go
hobann atá mar an gcéudna a nuile sheilbh,
onóir, ionmhus, agus greann aimsiordha,


L. 222


soghluaiste, éideimhin agus neamhsheasmhach.
Acht amháin an tsíorruigheacht, agus an mhaith
no an tolc do tuigthear dhi atá fíorshuimeamhail,
mar bhídhid gan chríoch, gan chlaochloghadh,
gan cómhshamhuil, gan a léigionn
d'aon cháil oilc tréana mhaithiosaibh, na fortacht
ionna olcaibh. Och is ollbhaoiseach gach
mórdháil aimsiordha, nách fuláir a chur san
gcaifrín chómh luaith sin? Och nách éusga
dhimthíghios glóire an tsaoghailse chum siubhail!
Ni bhfághadh aoinneach a noiread le
beagán bliaghanta gearra féin do gheallamh dó
féin: agus ionna dhiaigh sin, a pheacaigh
bhoicht, créud is críoch dhuit? Faraoir! deunfaid
na piasta éirlioch air do chorp agus diabhail
neamhthrócaireacha air tanam neamháithrígheach.
Dearmudfaid do cháirde shaoghalta
thú. Fiu na cloiche, air a bhfuairis tainim
géarrtha, is gairid mhairfidh sí ad dhiaigh. O
go dé chómh fírinneach agus an chómhradh
úd Olbhaois na nOlbhaois, agus is olbhaois an
uile; acht amháin Dia a ghradhúghadh agus a
fhritheolamh. A Kempis. Is mar so amháin
bheidhmíd críona go síorruighe. Is amuideacht
gach eagna oile.



AN CAIB. XXIV.
Air Fhiaghnaise De.
An ceathramhadh la fithchiod.



Smuain, air dtúis, Go bhfuil Dia san uile
áit. Mádh theighim suas air Neamh adeir an
Salmadóir, atá tú ann. Mádh theighim síos


L. 224


go ifrionn atá tú ann. Salm, 138. Líonann sé
Neamh agus talamh, agus ni'l aoinnidh cruthaighthe
gibé é. ionn nách bhfuil sé alathair go
fírinneach agus go hiomlán. Is ann do mhaireamaoid.
Is ann do ghluaiseamaoid. Fiu ár
mbeatha is ann atá. Mar do theagmhaid na
héunlaith ris an aedhear ann ge bé áit a neitiollaid,
noch do thimchiollas iád air gach aon
taobh; agus na héisg air shnámh san bhfairge,
teagmhaid ris na tonnaibh san uile áit: mar sin
dúinne, gé bé áit ambiadhmaoid, gé bé áit
a dteighmíd, teagmamaoid le Dia. Biodhann
sé ar bhfochair do shíor. Atá sé ni bhus
dlúthfhuigse dár nanamnaibh, ioná atáid ár
nanamna dár gcorpaibh féin ionna bhfiaghnaise.
Faraoir! a anam bhoichtsi agamsa, nách beag
cuimhne bhi agad air si, agus fós gur airtiogal
dár gcreidiomh é,, atá air na theagasgúghadh
dhúinn ó dfágbhamaois an cliabhán. Machtnaigheamoid
air an bhfírinne si feasta. Déunam
dithchioll air a bheith do ghnath a bhfochair an
ti ud, noch atá do ghnaith inár bhfochairne.



Smuain, san dara áit, Air mbeith dho Dhia
ann gach uile áit, bhfaicionn sinne ann gi bé
áit a mbiamaoid. Is ionn a radharc do déuntar
ár ngníomhartha uile. Ar bhfíorsmuainte, fiú
no gcor agus na gclaonta is uaignidhe ionnár
gcroidhthibh, ni féudfar agceilt ó na shúil
geur-radharcach. Is díomhaoin do'n pheacach é
féin do bhladarúghadh ionn a choirthibh, amhuil
agus an tanriantach air a labharann an
teagnach, go dtimchiollann an dorchadas é:


L. 226


agus go bhfoillighionn balladha é, agus nách
faicionn aoinneach é an tan bhidhionn sé eaglach.
Eccl.23. Faraoir is soillsíghe súile an
tighearna go do-chríochnaighthe ioná an Gai
Gréine, agus ni fheudfadh dorchadas, néulta,
balladha ná sgáth air bith an radharc ghuibhamhuil
so do chosg, noch do chidhionn go grinn
ceartlár an anama: agus ní hiongna go bhfeicfeadh
go soléir an nidh thuitionn amach ann
anáit bhfuilsé láithreach do ghnath.



Smuain, san treas áit, Go bhfuil Dia, noch
atá ionna nuile ionad, agus ann a nuile nidh,
ionnta so uile go hiomlán gan roint: do bhrigh
go bhfuil sé dó-rannta. Atá sé ann gach áit
le hiomlán a chómhachta, le na cháilidhibh
uile, le na shár-fheabhas uile. Uime sin atá
ionnainn a stigh, ó m'anam, an tighearna siorruighe,
gan teoruin, uileachómhachtach, neamhspleadhach,
agus Déuntóir éigcríochnaighthe
an uile nidh, agus atámaoidne a stigh san neach
dochuimsighthe so. Gé bé áit a dteighmid,
atá sé maille rinn: Atá sé san uile áit re na
mhórchómhacht, dá bhfuil an uile nidh fá
smacht: leis sin créud is baoghal dá cháirdibh?
Atá sé san uile áit le na cheart do-chuimsighthe:
leis sin cionas is éidir dá námhuid do
bheith as baoghal? Atá sé gan téoruin le na
fheabhas dá chloinn ann gach áit. Sáruigheann
sé an mháthair is ceanamhla air bith le na ghrádh
agus le na chion ortha. Fairionn sé ortha le na
áirdréimheas. Déinionn a chríonacht bainistighe


L. 228


iongantach air na huile neithe chum a
dtairbhe. Leis sin nách mór an sáimhe do bheir
sé dá shearbhfóghantaibh agus do'n lucht
air a bhfuil a ghrádh agus a eagla, smuaine air
a bheith ionna láthair.



Smuain, san gcéathramhadh ait, Go niarrann
Dia, noch atá ann gach uile áit, oráinne aire do
thabhairt dá fhiaghnaise. An éidir aoinnidh
bheith is mó air ar chóir ár ninntinn do bheith
ioná é? agus an mbiadhmaoidne chómh tubuisteach
dall san agus bheith ag súghradh le
gach bréugáinín dá dtagadh reomhainn, agus
ar nDia, an bhreádhthacht, agus an tairbhe
óirdheirc, do léigionn tharrainn gan suim? Ah!
nách biodh doilghios choidhche orainn tré
bheith inár naonar, ó tá againn 'san neach
dochuimsighthe úd, radharc agus sealbh do
ghnath, an té noch is caidreamh síorruidhe
d'Ainglibh. Muna bhfeiciom é le súilibh na
colna, an lúghaide sin atá sé láithreach? Agus
nách bhfuilid ionnainn a stigh súile oile, is
uaisle ioná iad, eadhoin, súile na tuigse, dár bhféidir,
maille re congnamh creidimh dhíagha,
agus dár chóir rinnfheithiomh air a nDia, atá
do ghnath ionnár gceartlar? Ah, is ann san
atá an suaimhneas is millse le fághail. Atá
gach aon mhacnaois oile gan tabhacht, le a
chur a niomdha leis so.



Smuain, san gcuigeadh áit, go niarrann Dia,
noch atá ann gach uile áit, orainne sinn féin
d'iomchar go hinmheódhnach agus go foiriomalach


L. 230


mar is cuibhe do'n lucht do sheasas
ina radharc. Is léor do chum sinn do thoirmiosg
air aoinnidh ualach ná mi-mhodhamhuil
do dhéunamh, a bheith a láthair duine da
mbiadh fhomós againn: Agus nách coiméadfadh
mórchómhacht nDé sinn, an té úd ar lúghadh
iona neamhnídh árdfhlatha an domhain ionna
láthair, le na fhiaghnaise san mhacántacht
fhoirimealach agus san oidhréir inmheodhanach
úd is taithniomhach le na shúil? Náchar chóir
dhúinn fós, sinn féin do chur air neimhnídh a
radharc na diaghachta ro-iomarcach so? Acht,
a Dhé ró-mhaith! Cá faid atamaoidne óna
coinghiallachaibhse, chómh minic agus pheacaidheamaoid
a láthair do mhórchómhacht, gan
eagla air bithh, agus eitiol anaghaidh do
mhórdhachta óirdheirc? Faraoir! a anam
bhoicht so agamsa, náchar mór e ár naire dá
mbeith rún agá leitheidsi agus agá leitheid siúd
eile do dhuine air ar bpeacadhaibh, dár mhian
linn meas do bheith aca orainn, do bhiadhmaois
a riocht báis féin d'fághail le náire a dtaobh a
mbeith foillsighthe do'n domhuin uile. Do
bhiadhmaois ró mhioshásta fós a dtaobh macnaois
shuathrach, fhonomhaideach, gidh neamhurchoideach
air a mhalairt, do nochta a láthair
ar gcómharsain, agus cá nách tuigfeamaois
grinn-shúil ar nDé mhóir, noch atá orainn do
ghnath, agus chídhionn go follus gach nidh
thuiteann amach san ionad is uaignidhe dár
gcroidhe? Caidhe, nách machtnaidheamaoid


L. 232


gur mó náire, gur mó an dóchar dar gclú
fhirinneach, ar ndroch smuainte, air mbeith
dhóibh follas do Dhia, iona dá mbeidís fuagartha
le fuaim stoic treas an domhain.



Smuain, san seisiúghadh áit, Air mbeith dho
Dhia ann gach áit láithreach, go niarrann ar
ngrádh ann gach áit. Atá sé ann gach aon áit
geanamhuil, áluinn, maith, agus cúmtha go
do-chríochnaighthe, agus ge bé áit a mbiadhmaoidne,
atá sé do-chriochnaighthe ionna fheabhas
dúinn. Dá bhrigh sin cread uime nách
gradhaighmid é. Is grádh é féin uile. Deus
charitas est, a N. Eoin.caib.1. f.4. Is Grádh
é Dia. Atá an Dia grádhmhar ro-gheanamhuilsi
aguinn do ghnath inár bhfochar, agus
ionnainn do ghnath: Caidhe nach ritheamoid
ionna ghabháilidh? Is tinne é loisgeann do
shíor, atá an tinne so a gceartlár ar nanamna:
Uime sin cionas mhothuigheamoid chomh beag
san dá lasrachaibh? Isé an fath mar nach
congmhamaoid ar nanamna ag baile le haireachas
air an aoidheachtach mór úd do chomhnaigheann
ionnainn a stigh, acht léigionn dóibh
imtheacht a mach air fághan a ndiaigh neithe
olbhaoiseacha, talamhuidhe. O convertere anima
meo, in requiem tuam! Salm, 144. Fill
amach, O m'anam, ó na bréagánaibh talamhaighe
so uile noch chuingmheas tú ó'd Dhia,
agus iompaigh air an taon tsonas fhírinneach;
agus glac suaimhneas ann go bráth.


L. 234



AN XXV. CAIB.
Air fhulaing Chriost: Agus air dtuis; air ar
Slanaightheoir a nGardha Gethsemani.
Ad cuigeadh la fithchiod.



Smuain, air dtúis, Mar budh thoil le Mac
Dé, noch do thuirling ó Neamh, agus déidigh
é féin le ar ndaonnachtne, le hinntinn bheith ina
Shagairt, agus ina Iodhbairt againn, agus é
féin dforálughadh mar iodhbairt fuilteach dá
Athair shíorruidhe air son ar bpeacadha, a
pháis do thoisiughadh le hallus, agus airgiona
fuilteach a ngaradha Gethsemani an oidhche
roimh a bhás. Annso, iar bhfágbhail na codach
oile dá dheisgioblaibh aga éigin uaidh, agus air
mbreith Pheadair, Shéumuis, agus Eoin leis,
noch budh fhiaghnaighthe air an athrúghadh
glórmhar dealbha do rinn roimhe sine air shliabh
Tabor, tionnsgnann a sgrúda dhóibh an doilghios
an eagla agus an mairinntinne básamhuil
noch do chlaoigheadh a chroídhe. "Atá m'anam
(ar sé) dobrónach go soiche an bháis," Matha.
26. Dobrón do leagfadh marbh anois féin, muna
ndéinim me féin do chómhdacht do chum tuile
fós d'fulaing dibh. A Iosa mhilis creud do
chialluigheann so? Nachar éimhis a mach go
déighionnach ag labhairt air do pháis, agus air
an miann do bhi agad fulaing air ar son. "Atá
Baiste agam le a mbaistfear me: agus créud
é mhéud chuibhrighthear mé go gcríochnuighthear
é." Lucas,12. Uime sin créud
ó bhfuil an tuirse so anois? Nách tusa


L. 236


noch do thug an neart, agus an misneach
úd dona mairtiribh, chum gan súgha siar ó'n
phionós budh mheasa? Agus an bhfuilir féin
eaglach? Acht, ó a Thighearna ionmhuin,
tuigim go maith gur bhé do rogha féin an uiread
san uirísle do ghlaca, agus léigionn tú féin do
chlaoidheadh leis an doilghios marbhthach so.
Do ba chum mise do theagasgúghadh; agus
cionas go bhfulaingeófadha, an oiread san tar
mo chionn. Adhraim tú fán anbhfainesi, (Más
ceart damhsa san do ghairm de) cóimhionann
agus air do shuidheachán ghlórmhar: air an
ádhbhar gur ab annso is fearr foillsíghthear do
ghrádh éugchuimsighthe dham.



Smuain, san dara áit, Náchar bhféidir le ar
slánaighthéoir, an té ar shealbhuigh a anam
deallra beannaighthe na diaghachta do ghnath;
a shamhuil si do dhobrón ná do dhiachair iomarcach
do theacht air; muna mbeith gur chuir
sé cosg míorbhuileach air chumann na ranna
dob uaisle agus dob uirísle re chéile, a dtaobh
na ndoilghís, na neagla, agus na ngéur-phianta
uile, noch do gheirfeadh a shamhuil do léirthiosbánadh
do réir nadúra air a noiread san
d'adharthaibh uilc. Uime sin is cóir dhúinne é
mheas annso, amhuil, agus ann gach céim oile
dá pháis, ag fulaing air an modh céadna, mar
fhear daondha do ghné chuirp éugcruadh,
neamhacfuinneach, agus fá chumas agar bpiantaibhne,
agus ar nanacraibh uile, acht amháin
an peacadh. Mar is follas ó'n mian cuideachtan
do bhi aige (aicid leanamhnach do bhuairt agus


L. 238


d'eagla) mar a deir le na dheisgioblaibh, "Fanaidhe
annso, agus fairíghidhe mar aon liomsa"
Matha,26. Nár mhór an tiongna do'n triúr
easbolsa, an nuadh-ghlórsa do chlos óna dTighearna
agus a fhaigsin go huile míghnéitheach,
agus a bhfuar-allas le hiomad diachair! Agus tusa,
a Iosa mhílis, nách mór an truaigh thu fána
tuiltibh doilghís si: an tráth do traochadh
thu chómh mór san agus gur phráin duit fortacht
diarraidh air do dheisgioblaibh bochta, agus
nách fulair gur uaitse do bheith a gcothúghadh
san agus a bhfortacht go hiomlán! Acht faraoir!
chómh beag agus an chabhair dhéunfas
a gcuideachta dhuit anois, nach atá ina gcodla
an feadh táirse a bpéin fuilteach, agus rithfeas
chum síubhail an tráth giollachtochar tusa do chum
do chéusta air son a bpeacadha san!



Smuain, san treas áit, Mar do ghnídh ar
Slánaighthéoir mhíochair fán dteinios agus fán
ndiachairse, é féin da thabhairt air úrnaighthibh,
is aon ionghabháil deimhneach a nam buairigh,
an taon sgiathchosanta lá an chatha. Acht
tabhair do taire ó m'anam, créud an toghmós
le a nguidheann sé chum a Athar síorruidhe,
Sleachta air an dtalamh lom, créud an díograis,
le hárdgháir agus le Déuraibh (a deir an tEasbol)
Eabhra 5.6. agus foghluimsi aithris do
dhéunamh air. San urnaighsi, d'uirísligh sé é
féin chómh mór san, agus léigionn do'n roint
táir, guidhe chum corn searbh na páise dáisdriughadh
uaidh: Acht air sin adúbhairt go grod,
Acht na déuntar mo thoilse acht do thoilsi,


L. 240


chum a mhúnadh dhúinn bheith úmhal, uireamhnach
fá gach siothbhuaireadh agus dualgas,
do thoil Dé.



Smuain, san gcéathramhadh áit, Mar do rinn
ar Slánaightheoir stad fá dhó ionna úrnaigh
chum teacht ag féuchain a dheisgiobal; acht
do fuair sé iad ina gcodla gach uair díobh.
Ah! m'anam, nach é do chás sa, bheith mar
na heasboilsi, codla, sé sin, tu féin d'fulaing a
mbeatha dhíomhaoin, leamh: gidh gur ag saothrúghadh
do shláinte si do caitheadh iomlán
beatha do Shlánaightheora, agus gach a bhfuil
sé ag fulaing anois, is air do shonsa é! Ah!
bíodh truaigh agat anois, an chuid is lúgha dhé,
dá choinghioll dhólásach, an tráth thaisbéanann
a Athair a bheith boghar dá úrnaighthibh,
air an gcéud láimh, agus air an láimh oile ataid
a dheisgiobail ro-chodlatach chum aon tsuim
do chur ann. San gcoinghioll diamhair so, do
thig aingiol ó neamh do chum fortacht do thabhairt
dá son, noch is lúthgháir dona hainglibh!
O! Créud an úmhluigheacht! acht cia an ghné
fortachta is dóigh leat do bheir an taingioll so
leis? gan amhrus, ní hé a mhalairt acht toil
an Athar síorruighe do chur a niuil do, agus ag
athchuinge air go húmhal, a nainim neimhe agus
talmhánn, gan claonadh ó'n fhuasgailt líonmhar
úd, do phartúghadh do pheacachaibh bochta
tré na ghrádh do-chríochnaighthe, an nidh tré
a dtáinig sé air an saoghal, agus tarcaisne agus
peanaid aon lae amháin ghairid d'fulaing andóigh


L. 242


na eine dhaona do shlánúghadh, agus air son
na glóire, agus na honóra do gheabha an diaghacht
air son a dhualgais uile. Déunaigh
a shamhuilsi do machtnamh air thoil Dé, air
mhéudughadh a onóra agus a ghlóire, agus
tairbhe tanama féin, fortacht dhuitsi air gcéudna,
fád dhaorphian, agus fád chrosaibh: Ní
bhfuil fortacht is diongmhalta.



Smuain, san gcuigeadh áit, An diachair
marbhthach noch d'fulaing ar slánaightheoir
ina anam, air feadh úrnaigh na hoidhchesi.
d'féudfamaois airgiona, agus duaigh a anama
do mheas, treas an táimhe éugsamhlach do
thuit air a choluinn dá bhithin, le a theilgionn
san allus ró-iomarcach fola úd san riocht gur
fliuchadh an talamh féin air luigh sé sléachta.
A Iosa mhilis! cia chualadh trácht riamh air
aleithéid sin do dhuaigh? Acht, O m'anam!
créud is dóigh leatsa dob fhíorádhbhar dona
mhairgibh uile, agus do ghéur dhuaigh do
Shlánaightheora? Go háirighthe an triar so,
Air dtúis, amharc shoilléir, agus taisbeánadh
bíogamhuil air iomlán a raibh le fulaing aige
air feadh a pháise go léir: ionas go raibh gach
aon tarcaisne agus diachair dár bhain do ina
dhiaigh sin, diaigh andiaigh anois a néinfheacht
leagtha a láthair súile a anama, maille re gach
nidh fó leith do ghríosfadh iad: air an adhbhar
san gur fhulaing sé hiomlán a pháise fá dhó
tríd, agus tairis, sé sin, uair ó lámhaibh a námhad,
agus uair oile do réir mar do thiosbáin a


L. 244


aigne féin go soilléir beómhar do, gach uile
nidh dá raibh le fulaing aige. Acht a Iosa
ionmhuin, créud fáth na húirphianta breiseamhla
so? Ni fhéudfadh aoinnidh acht amháin do
ghrádh mé fhreagairt. Adhbhar oile do chuidigh
le doilghíos ar Slánaightheóra, se sin,
amharc idirdhealbhthach air pheacadhaibh an
domhain uile, ó thuis gu deire; air choirthibh,
agus air ghníomharthaibh sgannramhla, ghraineamhla
na cine daona, iad go léir anois dá gcur
ina leith chum a nglanadh amach le na fhuil.
Ah, nách gráineamhuil dféuch na hathaigh
ifrionda so a súilibh ar Slánaightheóra, an té
amháin agá raibh baramhuil ceart air a mórthroimead,
tre ghlan radharc do bheith aige do
ghnath ós a chomhair, air an ardfhlaith
éig-críochnaighthe do masluigheadh triotha. O a
Thighearna nách mór an pháirt do bhi ag mo
pheacadhaibhsi san radharc dobrónach so?
Nách mór, faraoir, do pháirtigheadar chum do
phiantaibh agus do dhobróin? An treas nidh
dob ádhbhar doilghis dár Slánaightheóir, sé sin,
an fhios do bhi aige loighead an tabhacht
do dheunfadh na Críostaighthe féin dá dhocharaibh
uile; air fheicsin a ndailleacht, agus a gcruadhas
croidhe, le a niompóchadaois an léighios
so ina nimh mharbhthach, agus a fhuil uasal
do shaltairt fána gcosaibh. Ag feicsin cailleamhain
síorruighe an oiread do mhilliunaibh
anam, tré a raibh sé le a chur chum báis;
agus beagnuimhir na droinge do rachadh as


L. 246


ó bhás shíorruidhe tre thoradh a pháise, agus
a bháis. Na smuainte dubhacha dobrónacha
so uile ag ciorrbhadh anam ar hFuasglaitheora
anaoinfheacht, dá ghairm chum an duaigh do
fhulaingthe sin, agus do chuir le héigionn na
sruthadha fola úd uaidh. A Chríostaighthe
biodh truaigh aguibh anois do dhaornead bhur
Slánaightheora, agus bíodh rún aguibh gan
lámh do chur go bráth arís ann a anam dilis
do bhuaireadh le peacadh.



AN XXVI. CAIB.
Ar Slanaightheoir a Gcairt Chaiphais.
An seisiughadha la fithchiod.



Smuain, Air dtúis, Air neirghe dár Slánaightheoir
óna úrnaigh, tairéis a eagla uile do
chlaoidheadh, do thig chum a dheisgiobal, dá
rádh riu codla leó, agus a suaimhneas do ghlacadh,
go dtainig a ám agus go raibh an fealltóir
le anais. Acht tusa, a Thighearna ionmhuin
cá choin a dhéunfair codla na suan? Ni
dhéunfair go codla déighionnach an bháis air
leaba chruaidh na croise. Meabhraidhighe,
a Chríostaighthe, le súilibh bhur nanama, an
misneach agus an éusguigheacht thaisbéanas
bhur Slánaightheóir air an dtriallsi chum fulaing
air bhur son, ag ímtheacht roimhe chum
teagbháil ris an bhfealltóir, agus re na chómhlucht:
dearc air an gceannsacht re a nglacann
sé póg cealgach na siothchán. Agus fós chum
a dhearbhadh, nách féudfadh cómhacht air bith


L. 248


aghabháil acht le na shaorthoil féin, le dhá
fhocal, "Ego sum," "Is mise é," do léag sé chum
láir an sluaigh uile do tháinig chum a ghabhtha,
dá gcur air gcúl, agus ag tuitim go fann chum
talmhan. Tairéise sin do chuir sé é féin ionna
lámhaibh, agus tairéis iad dá cheangal do
shraoilleadar leó é a steach do'n gcathair tre árd
agus ísioll, an tan air dtréigionn dá dheisgioblaibh
uile é, do ritheadar air siubhal, dá fhágbhail
sin a lámhaibh anámhad, noch do rug air
dtúis alathair Annais, sé sin, athair céile an
árdshagairt mar a bhfuair aithfear ó bhráidh
ghiolla mhallaighthe do thug bas do air an
gcluais. As san do threoruigheadar é go cúirt
Chaiphais an áit a rabhadar taoisigh na sagart
agus na hársadha cruinnighthe ag feithiomh
leis an mbraigh nuadh so fhaicsin ina láthair
agus leagtha amach air dhéunamh chum siubhail
leis do chóir nó dhéugcóir. Leansa anois do
Shlánaightheoir, ó m'anam, gach aon choiscéim
do'n tslighe, tréigthe anois aga cháraid
uile. Machtnaigh an tuan ceannsa so ameasg
na bhfaolchon chiocracha so. Fá thromualach
ag cuid sgige agus tarcaisne: Acht beir leat
súile do thuigsiona fós ni bhus sia, dearc air
inmheódhain a anma agus faic an luthgháir agus
an sásamh do ghlacan sé ag ciómhlíonadh toil
a Athar síorruidhe, agus ag fulaing air do
shonsa: Agus foghluim uaighsi a samhuil do
inntinn ad dhaordhualgaisibh uile.


L. 250


Smuain, san dara áit, Nach tuisge tugadh
ar dTighearna go dún Chaiaphais an tárdshagairt,
mar a raibh tionól air chómhairle na
seachtmodh cinniúdaigh, ioná thionnsgnadar
a Thriaill gan mhoill tairéis fáilte tharcaisnigh,
agus na bhfiaghnaise bréige do ghairm do bhi
chum cur air. Acht féuch áirdréimheas Dé,
féuch neart na firinne, agus neimhchionnta
iongantach an uainsi ó Dhia: Daimhdheóin
urchóide na cúirte mallaighthe so, agus a
bhfiaghnaidhe, daoine gan onóir, chreideamhuint,
seiniodh gach abhfághdaois a chur ina
leith do bhí sé gan éifiocht nó ní thigeadh a
sgéulta le chéile ceachtar aca, noch do rin a
bhfiaghnaise neamhthabhachtach. Acht an
feadh do ghnídh tu ádhradh do'n réimheas so,
feuch, agus déin iongantas do cheannsacht,
agus d'foighne do Shlánaightheóra, noch do
bhi ina thost faoi gach imdhearga dá ndeárnadar
na fiaghnaisighe bréugacha so air, ag tabhairt
dá réir sin deimhniughadh ró dhearbhtha
go raibh sé cáiléigin ni bhus mó ioná duine,
noch dféudfadh éistiocht chómh ciúin sin an
feadh do bhi a chlú agus a anam a gcontabhairt
a naoinfheacht le masla follus. Air mbeith dho
námhuid ar Slánaightheóra air na gcómhmheasga,
eirghios an tárdshagairt agus cuireas fá
gheasaibh é a nainim Dé bhí, a inisin do má
budh é an Críost mac Dé é? A nóghmós
d'ainim chómh adharamhuil leis, do rinn ar
dTighearna admháil agus foillsiughadh solamanta


L. 252


air an bhfírinne; ag teagasgúghadh, a
lucht léanamhna, le na shompla an tráth glaodhfuidhe
air a dtriaill iad, gan náire bheith ortha
choidhche é féin, agus a chreidiomh d'admháil.
Air sin raobas Caiphas a bhrat ag éimhe amach
Diamhasla! Agus dfógruigheadar uile é Cionntach
chum báis! Acht tusa, m'anam, fógair
amach buinsgionn dóibh, mar aon ris na hainglibh.
Is fiu an Tuan do marbhadh, cómhacht,
agus saidhbhrios, agus eagna, agus neart, agus
onóir, agus glóire, agus beannúghadh, Taisbeana,
f.12. d'fághail ó an uile chréatuir go bráth.



Smuain, san treas áit, Nách túisge tugadh
an daoirbhreath air ar Slánaightheóir, leis an
mórchómhairle, ioná ionnsuigheadar uile é le
barbardhacht do chloiste, mar an spioradaibh
ifrionda, agus ni mar dhaoinibh, agus leagadar
air anuile ghné éugcóra, buileadha, aithfir, agus
diamhasla. Féuch, m'anam, mar chaithid na
hannchoin ifrinn úd sílidhe san aghaidh air do
Shlánaightheoir, agus a réuma ghráineamhuil
daisiog air an éudan naomhtha úd air ar shuigh
áileacht agus árdfhlaithios. Féuch mar chórnásgaid,
mar chosrálaid, agus mar bhuailid é
le cuthach neamhthrócaireach, agus é sin le na
lámhaibh ceangailte air an dtaobh shiar de, gan
air gcumas do aon bhuile amháin do chosnamh,
ná aon cháraid aige do ghlanfadh a aghaidh, ná
mar chasaid seanna cheirt éigin salach timchioll
a shuilibh, agus annsan le droichmheas (chómh


L. 254


maith is gur Bhfáigh magadh no mealltóir é)
le gach buile fiafruighid de a innsin cia bhuail
é? Mar aon le hiliomad oile aitbhior, noch
d'fulaing sé le foighid agus le ciunas dochlaoidhte.



Smuain, san gceathramhadh áit, Tar gach
nidh dár fhulaing ár Slánaightheoir a ndún
Chaiphas, gur mó do chuaidh sé air an mbeó
aige ioná iad uile, an tuitim conntabhairteach
do rin Peadar, taoiseach a Easboil uile, agus
an té fuair na gréirthe budh dheargsnaithe
uaidh, an té do mhoigh an oidhche chéadna san,
dá mbeith go dtréigfidís an tiomlán eile dona
deisgioblaibh a dTighearna, nách tréigfeadh
féin choidhche é, agus gurab luaithe do gheabhadh
féin bás maille ris ioná do shéunfadh sé é:
Gidheadh, dearc air laige agus neamh-sheasmhacht
an nádúir dhaona, le guith chailín shuathrach
séunan sé a Thighearna gan stad, agus
séunann an dára uair agus an treas uair, agus
fós do ghnídh é féin d'easguin agus dearbhann
nách raibh aithne riamh aige air an duine. A
Iosa mhilis! Créud é an nidh duine! O a Thighearna
féuch ormsa, agus congbhaigh suas me
lead ghrásaibh, no séunfad tu mar an gcéudna.
Dob iad ádhbhair tuitim Pheadair, ó thuis,
díomas agus anndóthchas áirighthe ionna neart
féin. A rís, a fhaillith a dteagasg ár Slánaightheóra,
ann codla dhéunamh an tráth budh
chóir dhó faire agus guidhe do dhéunamh. Agus
fó thri, dá rith féin a gconntabhairt tré thuitim


L. 256


go toiltionach a ndroch chuideachta. Feuchsa
ar bhain a leithéidibhsi dhuit féin chum a leithéid
do dhochar duit, tré do tharraing chum a
shéunta air gcéudna, agus fós chum a chéusda
le peacadh, Foghluim aithris do dhéunamh air
áithríghe éusga an easboilsi, noch dimthigh amach
gan mhoill agus ghuil go géur tairéis a
thuitim. Nidh a déarthar do chleachtaigh sé
riamh ina dhiaigh sin chómh minic agus chuala
sé gairm an choiligh.



Smuain, san gcúigeadh áit, Mar do chuadar
na hárdshagairt agus na sgríobaidheadh chum
suain, iar dtabhairt breithe bháis air ár Slánaighthéoir,
dá fhágbháil sin air lámhaibh náchar
chosmhuil do léigfeadh aon tsuaimhnios dó. O!
Créud an tsamhuil oidhche do chaith ár Slánaighthéoir
ameasg na haicmesi, iad súd noch
chum a ndroichbheart féin agus maillís a dTriatha
do shásamh, gur chuireadar a ngníomh arís
agus arís an radharc neamhdhaonachtamhail úd
noch do thionnsgnúigheadar an tan do bhádar
a nurradha do láthair, ag leagann air an uile
ghné mínághaireacht agus diamhasla: Ionas
gur féidir linn a dheimhniughadh go dána noch
foillseochar leath ar fhulaing ár Slánaightheoir
an oidhche sin, go lá an bhreitheamhnais. Iomlán
an mhiomhodh gur fhulaing go ciuin; agus
an uair sin féin, an tan bhádar dá aithisiughadh,
go raibh sé ag guidhe ortha, agus ag gabháil
a leithsgéil re na Athair, agus ag tairgsin suas


L. 258


a dhuaigh go léir a ndioghaluigheacht air son a
bpeacadha. A Iosa mhilis, tabhair grása
dhúinne aithris do dhéunamh ort.



AN XXVII. CAIB.
Ata ar Slanaightheoir air dtabhairt do lathair
Phiolaid agus Herod.
An seachtamhadh la fithchiod.



Smuain, air dtúis, Chómh moch air maidin,
agus d'éirghe an tárdshagairt agus a chómhlucht
uile, tairéis déighionaoidheacht anáirneádhain,
do chruinniughadh cóimhthionóil ni bhus iomadamhla
dona Sanhédrim, agus ann soin, arís
cuirid an cheist chéadna chum ár Slánaighthéora,
Dá ma é Mac Dé? Agus air fhághail an
fhreagra chéadna, daingnid an bhreath reamhráidhte.
Gídheadh, ó náchar thuigeadar a
slánadh féin tre bhreath do chur a bhfeidhm gan
toil Phoint Phioláid, sé sin, an riaghlaighthéoir,
air mbeith dhóibh féin fá smacht na Rómhánach
do rineadar cómhairle a bhreith chum Phioláid,
agus tré na ughdarás san é chéusa, modh bháis
noch do thogh a mailís, mar go raibh sé san
am céudna ró tháir, air mbeith dho fá leith dona
moghaibh budh dhí-mheasda: agus dona cionntachaibh
budh shuathantuisighe; agus an bás
budh dhaordhálaidhe air mbeith dho mall, mí-éusga
fána diachairibh budh ghéire, neimhnighe.
Gluais, anois, a anam chríostamhuil,
agus meabhraigh do Shlánaighthéoir mar
bhrostuighthear é air lorg na sráideadh le na


L. 260


lámhaibh cuibhrighthe, o thigh an Ardshagart
go dún Phioláid, agcuideachta na cómhairle go
huile, agus a ministéirighe malluighthe, da
fhógra le hárdghuth do réir mar ghluaisighid,
gur ab anois do bhádar a bhreug-ghnodhtha
uile nochtaighthe, a shaobhchrádhbha so fhaicsighthe,
agus é féin daortha a dtaobh diamhasla.
Féuch an pobal luaithaigionta, noch d'onóroigh
é mar Fháidh, aga bheag roimhe sin, mar
chuirid anois go prab le na námhaid dá leanmhuin
le gáir fochmaide, dá áithisiúghadh air
feadh na slighe do ghabhann sé, agus ag teilgionn
an uile ghné tharcuisne agus dochair air.



Smuain, san dara áit, Agus dearc go grinn,
breitheamh na mbeó agus na marbh, ag seasamh
re na lámhaibh cuibhrighthe mar chionntach
a láthair bheag fhlaith, agus féuch an dearbhadh.
Tairéis dona taoiseachaibh sagart agus d'uachtaránaibh
an phobail é thabhairt suas, agus air
fhiafradh dho Phioláid dhíobh cia na cuir fá leith
do bhi aca ina aghaidh, ní dhearnadar aon
chadhas do chumadóireacht nuadh do thionnsgna
dhó, go raibh sé ina dhuine bhuaidheartha,
urchóideach, ina mhéirleach, agus ina ghliadhaire
easúmhal don dlíghe, agus ag toirmiosg
cáin do dhíoghal le Saesar; agus cur suas chum
bheith ina Rígh air na Iudaighibh. Tabhair fá
taire aon uair amháin oile foighne do-chlaoidhte
do Shlánaighthéora, ag éistiocht go ciuin le
gach éugcóir follus dár chuireadar ina leith,
ionas go raibh iongantus air an mbreithiomh


L. 262


go bhféudfadh aon duine bheith ina thocht fá
na samhuil do dhaorshaoibh, nár shanntuigh
nídh budh lúghadh ioná a dhamnúghadh don
mbás dob aindeise. Air a shon son mar do chonairc
sé go follus tré bhréigriocht na nárdshagart
agus sgríobuíghe, do mhínigh sé an
sost so chum saortha ár Slánaightheora; acht
ag amhrasúghadh beagán air an bhfocal so,
Righ; acht air bhfaghail iomlán sásaimh san
gcás so, air na chur agcéil do nach ba dhon
saoghal so rígheacht ár Slánaighthéora, agus dá
bhrígh sin nár bhaoghal do Fhlaithios Shaesair
é, do mheas sé é léigionn fó réir. Bíodh uathbhfás
ort fá chómhacht an neimhchionnta, noch
dféudfadh fós págánach, agus aon dona fearaibh
budh mheasa, mar do bhi Pioláid; agus bi
deimhneach, le labhairt agcoitchine, gur fearr
do dhearbha air do neimhchionnta, foighne agus
suaimhneas, ioná olc anaghaidh an oilc agus
cosnamh béul-láidir garóideach.



Smuain, san treas áit, Air mbeith do Phioláid
deimhneach do neimhchionnta ár Slánaightheora,
agus mian do bheith air é léigionn fá réir,
do thárla aighneas ceanndána dho óna huachtaránaibh
agus ó'n bpobal dithcéilighe, agus
uime sin air dtuigsin do ár Slánaightheoir
do bheith ina áitightheóir san nGaililíghe,
fá smacht Joruath, noch budh Thetrarc
san nGaililighe, as san do mheas sé eirghe
as a sírriarratus, le a chur chum Joruath.
Gluais led' Dhia, ó m'anamsa, san nuadhshlíghsi,


L. 264


agus bréithnigh a cheannsacht éugsamhlach,
an feadh do ghluaisionn treas ná
ráidibh, fál do shluaidhtibh maslaightheach
air an uile thaobh le gárthaibh casaoide, agus
árdghlor. Budh ro uthgháireach Joruath tré
na theacht, a ndóigh go bhfaicfeadh miorbhuil
éigin, agus uime sin do chuir mile ceist air;
an feadh do bhádar na cinniúdaigh le aoin inntinn
mailíse ag aithfhriotal a bhfiaghnaise
bhréige ina aghaidh: acht do bhi ár dTighearna
fós ina shost, ná ni sháiseócha mian dhíomhaoin
Joruath, ná ni dhéunfa aoinnidh le a gclaonfadh
an taoiseach san chum a shaortha ó'n mbás úd
noch do iarr sé chómh dian san, ó sé tré órdúghadh
na bhflaithios, dob aoinmhéadhain
fuasgalta dhúinn. Go ma beannaighthe a
mhaithios go tráth tré na chréatuiribh uile.
Smuain, san gcéathramhadh áit, Mar diarr
Joruaith, air nglacadh feirge dhó tre nár bháil le
ár Slánaightheoir a aigne do shásamh ann míorbhuil
do thiosbánadh dhó é féin do dhíoghalt
air le fonómhaid agus tarcaisne do thabhairt do,
agus órdúghadh thabhairt a éidiúghadh go
fochmaideach le brat bán, amhuil culaith amadáin,
nó b'éidir righ bréige; agus do chuir tar
a ais arís chum Phioláid san gcórúghadh so é,
san gcuideachta chéudna ionna dtáinig, maille
re céardshluaigh maslaightheach, fá thaoiseachaibh
Sgríobuidhe agus Phairisíneach. Seas
fá iongantas, d'feicsin eagna síorruighe an


L. 266


Athar, air na fhriothálamh mar so amhuil
óinbhid; agus foghluim ó so, gan bheith buaidheartha
na cúramach timchioll breitheamhnais an
tsaoghail.



Smuain, san gcúigeadh áit, Mar cheap Pioláit
air fheicsin ár Slánaightheora tabhartha tar
áis arís chum a bhreitheamhnais féin, slíghe
oile chum a shaortha, acht air mhodh gan cúis
ghearáin do thabhairt don árdshagairt ná dona
cinniúdaidhibh acht chomhbeag is dob éidir. Dob
é béus na críche sin air lá fhéile na Cásga,
(noch do solamnuigheadh an lá céadna san,)
air gcuimhniúghadh abhfuasglaighthe a hannbhroid
na hEigipte, aon chionntach do léigionn
fó réir, dá niarradh an pobal; uime sin air
nglacadh na huanach so do Phioláid, do thairg
sé a rogha dhóibh, eadhoin, ár Slánaightheoir
air láimh, agus Barabas feill-bheartadha, sladadha
agus dúnmharbhthóir, air an láimh oile;
mar do bhí sé deimhneach go mbfheárr leó dho
rogha uan neamhchionntach Dé d'fuasgladh,
ioná Barrabas, an cionntach budh mheasa le
fághail, do dhul, ó phionós iómchubhaidh. Och!
a Phioláid, nách taodach an taithfear so do bheirir
dho Mhac Dé, an tráth shaoileas tu
congnamh saortha do thabhairt do? Go dé si!
an gcaithfeadh Tighearna na beatha, agus na
bithbhuaineadh, seasamh agcóimhéiliomh ris
an té budh tháire dhon drong daona, Rígh na
bhflaithíos, ris an gcorthóir budh shuthantaisighe
dár bh'éidir smuaineadh air? An fá


L. 268


rádh na leadrán a fágfar cia aca dhon dís fear
is fearr, agus cia is mó thuill a chur chum báis?
O uirisleadh eugsamhlach mo Shlánaighthéora!
O a Rígh na glóire, nách ísiol do chromais
chum mise do thógbháil ó'n gcarnaoiligh?



Smuain, san séisiúghadh áit, Munar aithis
do-fhulaingthe ár Slánaightheoir do chur a
gcomórtas le Barrabas, créud é ar dtuairim, no
créud an tainim do bhéuram do rogha na ndallacán
úd, an tráth thoghadar Barrabas róimh
Chríost, agus a iarradh é si do chéusadh, agus
é súd do shaoradh. O! m'anam, féuch san
uirísle iongantach so do Thighearna, chomh
doimhinn, chómh conntabhairteach le cneadh
an uabhair, nár bhféidir a léighios gan ísliúghadh
chómh mór san: O! féuch an bhfuil do
chneadh féin léighiosta fós. Cuardaigh tu féin
mar an gcéadna, muna rabhais go minic, amhuil
na Iudaighthe dhalla so, cionntach ann rogha do
dhéunamh dho Bharrabas do thógbháil roimh
do Shlánaightheoir, le casa do chuil leis air son
beagán éigin sochair, nó sásamh aigne salach?
Más amhlaidh san atá, is lúgha a táirse ionnleithsgeil
ioná iad san, do bhrigh go bhfuil a fhios
agadsa gur ab é Tighearna an uile ghlóire é, air
an am céadna a ndéinir inghreim air le peacadh;
anaghaidh sin, dá mbiadh a fhios aca san
a bheith amhlaidh, ni thogfadaois aon Bharrabas
choidhche roimhe.


L. 270



AN XXVIII. CAIB.
Ar Slanaightheoir air na sgiursadh ag an gcolamhain,
agus coroinighthe le Deilgnibh.
Ad ochtmhadh la fithchiod.



Smuain, air dtúis, Mar d'éimhiodar na Iudaigh
gan traochadh anaghaidh ár dTighearna,
agus a slíghe gháróideach ag éiliomh a chéusta,
do ghabh Pioláid slíghe oile chum gabháil timchioll
a léigionn fó réir, eadhoin, ag féuchain
le na naigne díoghaltaiseach do shásamh, tre
órdúghadh thabhairt é sgiursadh go ro dhian.
Och! a Phioláid, nách cruadhálach é do thrócaire!
an amhlaidh so do ghníthir leis an té úd
d'admhais neimhchionntach? An é si do chóir?
Acht níor bhfuláir le ár bpeacadhaibhne, ó
m'anam, gur ab mar so do geabhthaoi go
cruadhalach chum Thighearna na glóire, agus a
thabhairt fá smacht an phionóis anuasailsi, nách
himeórfuidhe air aoinneach acht na braighde
budh choitchine, agus na haindeiseóiridhe bo
tháire. Seasaighse, agus féuch, O m'anam an
modh air a gcurthar an bhreachtso a bhfeidhm.
Féuch mar lámhairthídhid na soighdiuiríghe
fuilteacha an tuan Dé si, mar nochtaid é dá
éadach uile, agus a cheangal go daingionn do
chollamhuin chloiche: féuch mar leagaid air a
dhrom agus air a shlinneanaibh choisreagtha
greadóga, laisgionna agus sgiuirsíghe do-airmhighthe:
féuch mar do thig an fhuil ag


L. 272


spreucha amach air gach aon taobh: féuch mar
atá a chorp raobtha briste la na gcruadháltacht,
agus an fheoil sgaoilte a steach gus na cnámha:
féuch a námhuid air feadh na haimsire dá mhaslúghadh
agus ag déunamh luthgháire, tré na
phiantaibh sin, an feadh atá sésion le na shúilibh
tóighthe suas chum na bhflaithios ag tairgsin
gacha bhfuil sé a fhulaing, air son a
bpeacadhaibh sin, agus peacuighe an domhain
uile. Ah! a Pheacacha, bréithníghídhe go
cruinn bhúr bhfuasglaightheóir anois, agus
feic urchóid an pheacaidh iona chorp raobtha
brúighte, agus foghluim an tainmhidhe ifrionnda
so dfuathúghadh, noch do thug an Mac so
Dé chum an churaidh so uile.



Smuain, san dara áit, Mar, sgaoileadar na
dailtínídhe fuilteacha so ár Slánaightheóir, air
ndéunamh aoinchréucht dá choluin ó bhonn go
bathus leis an sgiúrsáil dhaor so, ó'n gcolamhuin
faoi dheóigh, dá fhágbháil féin ag cuidiúghadh
chum a éidigh chur uime chómh maith
agus dféudfadh. A! a Chriostaighthe! bíodh
truaigh aguibh anois do choinghíol uaigneach
bhúr Slánaightheóra; ag nách bhfuil duine do
bhféurfadh lámh chonganta dho chum a
chréuchta béulosgailte do cheangal, no an fhuil
do thig ina srothaibh asta do chosg. O léig tú
féin ina láthair anois, agus tairg dho an méid
congnamh atá air do chur, tairg dho air a
loighead, congnamh ag chur a éide air, chum a
nuadhloit do chlúdamh ó'n aodhar fuar. Acht


L. 274


oh! nách garg iad na héuduighe ollainne si air
a dhrom créuchtnaighthe! Faraoir! anionad
aon tsuaimhnis ná fortacht do thabhairt do, isé
ghnídhid a dhoilghíos do mhéudúghadh ag
coimilt diobh.



Smuain, san treas áit, Nách mór go dtugadar
na soighdiúirídhe folamhla sgith ghairid dár
Slánaightheóir tairéis a sgiúrsálta, an tráth do
shéid an diabhal iad chum radharc oile dá
ndroichbheart do chur a ngníomh, nídh nách
cualaigheas a shamhuil roimhe sin ná ó shoin,
agus dob é sin subhachus barbartha do dhéunamh
dhóibh féin, ann coróinn do chur air mar
Righ. Uime sin do shracadar leó é a steach
go cúirt an dlíghe, agus cruinníghid agcionn
a chéile iomlán an chathbhuidhin, agus annsan
bainid de arís, go cómhéigneach, a chuid
éudaigh, noch do thoisigh anois air cheangal
go daingionn dá chorp créuchtnaighthe, cuirid
ina shuighe é air bhinnse nó stól; teilgid seancheirt
éigin chorcair timchioll air, casaid lúbóg
do dheilgnibh leabhaire, géura, cruadha, agus
fáisgid síos air a cheann naomhtha é, cuirid feóig
nó giolcach ionna láimh mar shlat ríogha: annsan
le aithis, air dteacht ina láthair dóibh, duine
air dhuine, fillid a nglúine le fáilte tharcuisnigh,
"Go mbeannaighthear dhuit a Righ na nJúdaigh,"
do chaitheadar silíghe air a eudann, buailid é,
agus air nglacadh na giolcaighe nó na féige as
a láimh, buailid air a cheann é, dá bhrigh sin
tiománaid na deilgnídhe a steach ni bhus doimhne,


L. 276


an feadh ritheas an fhuil go mear óna
créuchtaibh iomdha do ghnídh a reanna air. A
Iosa mhilis, creud déarfam annso, nó creud is
mó dá ndéunfamoid iongantas, meang na feadhmanaigh
si an áidhbhirseóra, nó an charthanacht
neamh-ionann noch do sháraigh ort a leithéidsi
do phionós agus do mhasla d'fulaing do pheacachaibh
miochumannacha. Go ma beannaighthe
do mhaithios go síorruighe.



Smuain, san gceáthramhadh áit, Mar threóraigh
Pioláid ár Slánaightheoir mar do bhi
sé, le na choróin spíne air a cheann, agus a
cheirt chorcair air a ghuailibh, air dhóigh go
raibh meang agus fearg na nIudaigh sásta anois,
fá gan a bhás diarraigh ni bhus mó, 'nuair chífidís
an tiarántacht agus an tarcaisne do himireadh
air le géille dá gcuthach san, agus ó
ionad árd taisbéanann do'n bpobal é, le Ecce
Homo. Féuch an Duine. Féuch an modh air
a bhfuil sé láimhrighthe anois, stad dá bhrígh
sin, do na bhás diarraidh ní bhus siad. Cuiridh
a chorp comh chréuchtnaighthe ó bhonn go
bathas, do thrúaighbhéil anáirighthe. Acht
tusa, a anam Chríostamhuil, féuch an Duine
le gné oile do shúilibh seach na truaighleanacha
cruaidh chroidheacha so! Agus féuch chómh
hísiol, agus thug do pheacaidhse, agus a Charthanacht
do-chriochnaighthe féin é. Féuch
air a cheann coróinnighthe le lúbóg do dheilgnibh
géura, ag tolladh a ghruadh naomhtha air
gach uile thaobh le mór pheanaid. Féuch


L. 278


aghaidh gné-mhillte go léir le daitheanna dúbha,
gorma, agus sraolighthe go léir le silíghibh agus
fuil. Féuch a chorp go hiomlán srácaighthe,
stróicthe go neamhdhaonachtach le laisgibh agus
sgiúirsídhibh, agus anois follaighthe le brat
cruaidh, garbh, giobógach, gach mómaid ag
méudúgha a chréuchta le hiomchoimilt diobh;
agus annsan féuch suas, agus meabhraigh é air
a Chathaoir glórmhar, agus féuch créud an
cuitiughadh fhéudfair dodhéunamh ris treas an
ainriocht so ionnar chuir sé é féin le grádh
dhuit. Ni iarrann sé a thuile ort acht aithris
do dhéunamh air a fhoighne agus a úmhluigheacht:
uime sin feuch créud an modh air a
bhfuilir chum na dteagasg so do chleachda.



AN XXIX. CAIB.
Iomchrann ar Slanaightheoir a Chrois, agus
taithighthear le tairinge die.
An naomhadh la fithchiod.



Smuain, air dtúis, Mar nár ghlacadar na
Júdaigh taiseadh air bith ag faicsin Uain Dé
ag cur fola air son pheacadh an domhain, acht
ag síor-iarraigh go gáróideach, tre mhéud a
bhfala, go gcéusfaidhe é, acht faoi dheóigh do
chlaon Pioláid dá niarratas, agus anaghaidh a
aigne féin do thug breath chéusta air ár Slanaightheoir.
Ah! a Chriostaighthe, nách raibh
sé riamh do dhonas oraibhse bhur Slánaightheóir
agus a theagasg do dhaoradh tre na


L. 280


shamhuil sin do mheathtachus, agus diultadh
go táir, a gcleachta bhur mbeatha, do riaghlachaibh
a shoibhsgéil; le heagla roimh an nídh
a déarfadh an saoghal. Nách ró mhinic daontadhabhair
Mac Dé do chéusadh tre adhbhar
budh lúghadh ioná cailleamhuin charadais
Shaosair? Dá bhrígh sin bi claoidhte agus
déin áithríghe.



Smuain, san dara áit, Mar do glacadh an
bhreath so an bháis, da éugcóireadh agus do
bhi sí ó Phioláid, gidheadh ó do bhí sí ró cheart
ó na Athair síorruidhe agus riachtanach chum
ár slánaighthe, le fíor-umhluigheacht, carthannacht
agus ceannsacht, le bhúr bhfuasglaightheoir;
noch air sin do nochtadh gan mhoill
arís dá bhrat corcair, agus cóirighthe le na
éudaighibh féin, agus do leaghad air a ghuailibh
créuchtnaighthe cros throm, inniúil air
fhaid agus air mheud chum fir diomchar: agus
dís bhitheamhnach no sladuighthe beartaighthe
chum cuideachtan do chóimheud do, agus
a gcur chum báis maille ris, chum an tarrangaireacht
úd do chiomhlíonadh, eadhoin,
"Ameasg na gcionntach do háirmhígheadh é,"
Isai.35. Tigídhe anois, a anamna cráibhtheacha,
agus bréithnídhe bhúr Tighearna san
dturas nó san saothar déighionnach so aige.
Gluaisionn clámaire roimhe ag fógra ós árd a
choirthe bréige agus diamhasladh an fheillbheartadha
so nách cualas trácht riamh air.
Ann san leanas na soighdiúiridhe agus an lucht


L. 282


díthcheannta, eadhoin, na céusdúnaigh, maille
re téudaibh casúiribh, tairngnibh, srl. Ina
ndiaigh sin gluaisios, nó fós snámhas air a
chruibh, ár nArdshagairt agus ár niodhbairt, go
léir brúighte, fuilteach, le bitheamhnach air
gach láimh leis, agus an chroich air a ghuailibh
dá tharraing air aghaidh coiscéim air choiscéim;
leanta, agus timchiollta air gach aon taobh leis
na sagartaibh, agus leis na sgríobuidhibh, agus
iomlán an tsluaigh choitchion uile, ag eascaine,
ag casaoid agus ag aithisiughadh air; an feadh
atáid na crochairidhe tiaránta dá bhrostúghadh
leó ag gabhail do chosaibh agus do bhuilídhibh
air! Ah! a Chríostaighthe, biodh truaigh
agaibh, anois féin, do dhochar bhur Slánaightheóra,
agus méudaighe a ualach le peacadh.



Smuain, san treas áit, Air niomchur a
Chroise dár Tighearna beannaighthe feadh aga
éigin le duaigh agus dochar do-labhartha, treas
na Sráidibh, faoi dheóigh go dtuitionn fá'n
ualach, gan ann a bhreith ni bhus siadh leis.
Ná bíodh iongantas ort, m'anamsa, ina thaobh
so, ó léag a Athair neamhdha air a ghuailigh
ualach ni bhus do-iomchair ioná ualach na
croise, bíodh gur sháraigh sí a cholainn do bhí
cortha, loitighthe ann gach aon áit, agus
traochta tre chailleamhuin a noiread fola;
eadhoin: ualach peacadha an domhain uile.
Ah! a Chríostaighthe, is fán ualach uathbhásach
so do thuitionn bhur Slánaightheoir agus
theighionn sé a laige. Na a bhfuil aon fhuara


L. 284


aige óna ualach mhiothrócaireach a dtaobh mar
do cuireadh dfiachaibh air Shíomon Cyréne, an
chrois do thógbháil suas, acht níor iomchair sé
aon roinn dualach ár malaightheachtne, an
tiomlán noch do léag an tathair neámhdha air
a Mhac ionmhuin, chum a nglanta amach le na
bhás. O a mhaithios do-chríochnaighthe an
Athar! O a Charthanacht do-chríochnaighthe
an Mhic! anoiread san do dhéunamh agus
d'fulaing air son an daonuighe aindeas. O!
m'anamsa, féuch ná bí go bráth arís míochumanach
do Dhia chómh grádhmhar san.



Smuain, san gceáthramhadh áit, Air mbeith
dár Slánaightheoir anois iar riochtain Shliabh
Calbhair, go léir sáraighthe, caithte amach,
mar ghéirleanaid ministéirídhe ifrinn fós é le
droichbheart neamhthuirseach agus do bhrígh
go raibh sé dho nós deoch neirt do thabhairt
dona cionntachaibh do bhíodh fá bhreith bháis,
fíona suathaighthe le mirr, féuchaid le domblas
do chur san ndigh do bhí le naghaidh éision. Iar
san nochtaid go hanbhorb dá éudach é, noch
fá namso do lean go daingionn dá chneadhachaibh
agus fhosgail a loit go léir a rís, agus dá thaisbeanadh
nochtaighthe, le náire agus le fuacht, a
radharc sluaigh do-áirmhighthe. Druid a leith
anois, m'anamsa, agus feic é ag cur fola go
húr le grádh dhuit. O féuch an feadh atá an
chrois dá hollmhúghadh, mar shleachtan sé air
a ghluinibh, agus thairgionn é féin dá Athair
síorruighe, mar iodhbhairt fuilteach chum a
fheirge, noch do fodaighthe tre ár bpeacadhaibhne
d'fuarúghadh.


L. 286


Smuain, san gcúigeadh áit, Mar do luigh an
chrois air chómhthrom talmhan, leagaid ár
bfhuasgluightheóir sínte amach rithe, an té nách
déin cur ina naghaidh acht mar uan ceannuis.
Agus air dtúis air dtarraing a láimhe deise chum
na hionaide air ar chinneadar chum a socraighthe,
tiomanaid le na gcasúr, tarrainge mor,
géur tre na dheárnain, ag déunamh a shlíghe
le diachair dí-chreidte, treas na feirsibh, na
féithibh, na tarsnanaibh agus na cnámhaibh
dá bhfuil an lámh cumtha, a steach a nadhmad
cruaidh na croise: san am céadna chum géilleadh
dhon lot san, agus dona feirsibh do bhí
air dtolladh, do tarraingeadh dho réir nádúra
iomlán na Colna a gcionn an taoibh deis: acht
níor bhfada fulaingeadh dhi fuireach mar sin;
óir áir nglacadh a rígh, agus a láimhe oile dona
búistéiribh daordhálacha so, srácaid go héigneach
é chum an taoibh clé, air inntinn na
láimhe sin do spíceághail don ionad do cinneadh
dhi. Annsan ag tarraing achosa síos, do cheangladar
a throighthe naomhtha air an modh
céadna le tairngibh don adhmad: agus so uile
le daordháil chómh dian san, go saoilfear le
síneadh agus tarraing gur ro mhór leónadar
iomlán a cholaine, agus gur chuireadar na
hailt as a nionad a mórán dáitibh, do réir an
Fháidh rightheamhuil, "Do tholladar mo
Lámha agus mo Chosa; d'airmhigheadar mo
chnámha uile." Salm, 21. Och! a Chríostaighthe,


L. 288


mádh ghnídh cnapa ná tolla aoinfheirse
no aonchuislean amháin; mádh ghnídh
aon chnáimh amháin dá loighead do chur as a
alt no as a ionad diachair chómhcruadhálach
san, créud do mheasamaoid dona daorpheanadaibh
noch d'fulaing ár Slánaightheóir ionna
choluinn cíorbhaighthe? Créud nách fuláir
dhúinn a smuaineadh air ar fhulaing sé an tráth
polladh a lámha agus a chosa tríotha le tairgnibh
móra, áit a dteagmhaid a noiread san
féithe, cuisleanna, tarsnáin agus cnámha a
naoinfheacht? O ná dearmadamaoid choidhche
a phianta: O ná déunamaois sgith chaoidhche
dá thrócaire do ghrádhúghadh, d'adhradh
agus do thabhairt fá iongantas.



AN XXX. CAIB.
Ar Slanaightheoir air an Gcrois.
An tríochadmhada la.



Smuain, air dtúis, Iar mbeith dhár Slánaightheoir
anois ceangailte go daingionn don
chrois leis na crochairighibh folamhla so mar
thionsgnaid air a árdúghadh san aedhear le
téudaibh é. O créud iad na gártha do rineadar
a námhuid anois an tráth do concus os cionn
na ndaoine é! Créud an diamhasla le ar bheannuigheadar
dho? An feadh atá a mháthair ró
dhobrónach, agus daoine cráibhtheacha oile,
gonta go croidhe ag an radharc. Faoi dheóigh
léigid cois na croise a thuitim san bpoll do
hollmhuigheadh dhi, agus san le preab ionas


L. 290


nách beag an dochar dfulaing corp treasbhrúighte
ar Slánaightheóra uaidh, agus do
méuduigheadh luit a lámha agus a chos. Agus
is mar so do crochann sé anois air comhthrom
san aedhear a ndiachair agus a bpeanaid ro
uathbhásach, iomlán meádhachain a choirp air
niomchur agá chosaibh treathollta, le a bhfuilid
a chneádhacha gach mómaid air na méudúghadh.
Gan aon áit air a nglacadh a cheann
suaimhneas, acht air dheilgnibh: gan leabadh
air bith aga choluinn tuirseach, créuchtnaighthe,
acht adhmad cruaidh na croise.



Smaoin, san dara áit Carthannacht do
chrióchnaighthe ár Slánaightheora, agus malluightheacht
eugsamhuil a námhuid. Eimhionn
sésion amach a meodhain a dhoilghís, "a Athair
maith dhóibh, óir ni theadaid créud táid do
dhéunamh." Do chrothadarsan a gcinn air ag
dranadh, ag rádh, "vah! do threasgrais Teampoll
Dé, agus dféudfair a thógbháil arís ann
tri lá, anois anaic tú féin. Más tú Mac Dé,
tarr anuas ón Gcrois." Maille re míle casaoid
agus masla oile do cuireadh air, ní amháin o na
daoinibh coitchine ná ó na soighdiúiribh, acht
fós ó uachtaránaibh na sagart, ó na sgríobúighibh.
agus ó na sinsioraibh, noch do chloinionn
agus d'fulaingionn le foighid agus le sost. Acht,
O! cia fheudfas gnodh inmheadhanach a anma
beannaighthe dfaisnéis dúinn, air feadh na haimsire
si atá sé air liobarna as an gcroich? A inntinn
síothcháin dúinne, a úrnaighthe dhúinn,


L. 292


diachair agus airgeana uathbhásacha na ranna
inmheódhanacha dá anam, agus lúthgháir dofhaisnéise
an árdranna dhe a nglóire a Athar,
noch do bhí le heirghe ón bhfuasgladh fhialmhar,
noch bhí sé ag cuidiughadh fa nam san
do pheacachaibh bochta.



Smuain, san treas áit, An cuidiúghadh do
rin an Mhaighdion bheannaighthe Muire ag
iomchar deacracha a Mic: agus chómh fírinneach
agus do cóimhlíonadh an Fhaistine úd shean
Shíomoin. "Go ngoinfeadh an Cloidheamh a
hanam féin." O nách marbhthach an cómhadh
nách fuláir lear traochadh an mhathairse noch
budh cheanamhla, agus budh ghrádhmhaire do
mháithreachaibh, 'nuair do bhi radharc súl
aice air feadh iomlán páise a Mic Múirnigh,
noch do ghrádhaigh sí le grádh neamhchomórtais,
air gach uile dhochar, éugcóir agus
diachair dár fhulaing sé. Ah! a Bhaintighearna
bheannaighthe, nách féidir linne a radh go
firinneach go ndeárrnadar na laisgionna, na
deilgnidhe, agus na tarngnídhe lear tolladh
feoil do mhic, cneadh chómh doimhinn ann do
chroidhe gheanamnuighe féin; agus nách féadfadh
aoinnidh acht míorbhúile do bheatha
chongbháil suas, fá phian chómh iomarcach leis?
Acht, O! go dé chomh doimhinn agus an
chneadh d'airís ann tanam, an tan thiodhlaic
do Mhac, air fhághail bháis do, tusa dhá
dheisgiobal ionmhuin, eadhoin, N. Eoin; ag
tabhairt mic Sebéide dhuit mar mhalairt air


L. 294


Mhac Dé? A Mhaighdin bheannaighthe, is
gáirdeach admhaigheamaoid tu mar Mháthair,
fágtha le húghacht againn a bpearsain N. Eoin.
O! tre t'uile dheacrachaibh, cuimhnigh orainne
clann bhocht dibeartha Eadhbha, a láthair
Chathaoir na ngrás. A Chríostaighthe, foghlamuighidhe
na teagaisg iongantacha noch
mhuineas bhúr Mbaintighearna dhibh ag bun
na croise, foghluim a creidiomh beó agus a
dóthchus láidir; foghluim a sástacht aigne
iomlán, a foighne agus a cumas. O! foghluim
uaithe Iosa do ghrádhúghadh, agus peacadh
dfuathúghadh, ádhbhar firinneach a dheacracha
uile.



Smuain, san gceathramhadh áit, Mar atáid an
uile neithe anois chosmhuileach air eirghe
anaghaidh ár dTighearna ró-ionmhuin. Budh
chosmhuil le na Athair gur thréig sé é: goineas
radharc agus brón Mháthar go croidhe é. Air
son a easboil féin, do dhíoghal duine aca é, do
shéun duine oile é, d'fágbhadar uile é. Atáid a
cháirde agus an drong is mó dár roinn sé maith,
agus ar leighios sé go míorbhúileach, ag cur
le na lucht céusta nó an chuid is lúghadh dhe
is nár leó é admháil: atáid anámhaid ag breith
buadh air agus dá aithisiúghadh. Is daoirphian
do a choluinn féin, le na mheádhachann. Acht
an nidh is mó dá gcuirionn doilghios air,
eadhoin, míochomann na gCríostaighthe, an
bheag thairbhe dhéunfaid dá bháis agus dá pháis;
agus cailleamhuin a noiread anam fuasgalta


L. 296


le na fhuil mhorluach. Ah! a Iosa mhilis, ná
foighnigh dhamhsa bheith chomh hanacrach san,
agus cur lead námhdaibh dhod chéusa le
peacadh.



Smuain, san gcúigeadh áit, An teagasg do-bheir
ar Slánaightheoir dúinn tre na bhriathraibh
deighionnacha air an gcrois. Air dtúis,
de ghradh agus de Charrthannacht fhírinneach
dá námhaid, le guidhe ortha, agus a leithsgéil
do ghabháil le na Athair síorruidhe: "A Athair
maith dhóibh, óir ni feas dóibh créud do ghnídhid."
O foghlumaois ó ár Slánaightheoir air
uair a bháis an teagasg riachtanach so, gradh
bheith aguinn agus guidhe ortha súd dfuathuigheann,
agus do ghéirleanann sinn: agus a
nionad eugcoir do dhéunamh ni bhus troime, a
leithsgéul do ghabháil agus a chur a leith a
nainbhfios. O nách fíor an nídh a dtaobh gach
aon pheacach, "ni feas do créud do ghnidh sé:"
air a mhalairt ni leóifeadh eitiol anaghaidh an
mhórdhacht do-chríochnaighthe; ni bheith sé
choidhche chómh mór san air buile, agus Neamh
do thréigionn air shuathrachas, agus é féin do
theilgionn síos leis an aill do threóruigheas go
hIfrionn. Arís, Foghluim éifiocht aithríghe
fhírinneach, agus faoisidin umhal na bpeacadha
san logha líonmhar do tugadh le ár Slánaightheoir
ag fagháil bháis do, don ghaduidhe maith,
"Amen, a deirim riot, biadh tu aniugh maille
riomsas a Bparrathas." San treas áit, Foghluim
caoindúthracht do'n ógh-mháthair mar is dua


L. 298


dá clann a thabhairt do, air na fágbháil aguinn
uile le na Mac a bpearsain N. Eoin, "Feuch do
Mháthair." San gceathramhadh áit, Foghluim
méud diachair inmheadhanachanama do Shlánaightheora
óna briathraibhsi, "Mo Dhia, mo
Dhia, créud fath ar thréigis mé?" Faraoir!
níor bhu aon ádhbhar acht chum nách tréigfidhe
an duine bocht peacamhuil. San gcúigeadh
áit, O'n bhfocal san an Iosa chéusta, "Atá tart
orm." Tabhair fá ndeara dhá threun-íota noch
d'fulaing do Shlánaightheoir air an gcrois, iota
dhíobh corpordha, do thig ó na bheith an fhaid
ina throsgadh, ghabháil tre na noiread daoirpheanaide,
agus dorta anoiread fola: an íota
oile, spioradálta ionna anam, tre mhian fhóirneartmhar
ár maithiosa agus ár slánaighthe.
Acht, O! a aindeiseoirighe drochaigionta nách
béurfadh aoinnidh acht fínéigre chum a thart
corpardha do mhúchadh; a pheacacha ni bhus
drochaigionta, a nionad a thart spioradálta do
shásamh le buidheachas agus le caoinduthracht
nách tugann dadamh dhó acht domblas agus
bhinéigre an pheacadh agus na maluightheacht.



San séisiughadh áit, Ona briathraibhsi ár Slánaightheora
air fhághail bhais do "Ata sé cóimhlíontadh,"
foghluim bheith luthghaireach tre mar
atá obair fhuasglaighthe na cine daonadh go hiomlán
anois criochnaighthe; go bhfuil fioghaire
agus fáighideóireacht na dlíghe uile coimhlionta;
agus láimhsgribhinn do sheasaigh inár naghaidh,
ata anois sgriosta amach go falláin le fuil ár
bhfuasglaightheóra. Fa seacht, O na briathraibh


L. 300


déighionnach so ár dTighearna air uair a bháis.
"A Athair, tiodhlaicim mo Spiorad ad Lámhaibh,"
foghluim a mbeatha agus a mbás tu féin do
thoirbhirt suas go hiomlán dhod Dhia. Is
sonaidhe iad so noch do mheabhruigheann go
maith na teagaisg si mhúineas an oide oirdheirc
doibh ó chathaoir a chroise.



AN XXXI. CAIB.
Air Bhas ar Slanaightheora.
An taonmhadh la triochaid.



Smuain, Air dtuis, Iar rádh na mbriathar
ndéighionaigh úd dár dTighearna, eadhoin, "A
Athair tiodhlacaim mo Spiorad ad lámhaibh," le
guth ard, láidir, mar do luigh a cheann sios a
númluigheacht cheart do thoil a Athar, agus
a bhfíorghrádh dhuinne na peacaigh bhochta,
dár thairg sé air an suigheachann so mar eadh
póg na siothchána, do léig amach a anam glan,
agus is mar so do chríochnaigh a bheatha shaoghalta,
ionn nách raibh on gcéud mhómaid gus
anois, acht síor-dheacracha fulaingthe dhúinne.
Rith anois, O m'anam agus ionnsaigh tfuasglaightheoir
go dána, póg a chosa naomhtha, amharc
a ghéuga liathbhána, áirmhigh a chneadha
uile go foirtil, agus caoin do pheacadha tre ar
fhulaing sé iad.



Smuain, a rís, Ann Páis ár Slánaightheora,
firinne na neithe úd noch do labhair sé fein fá
ádhbhar oile, eadhóin, "An té úmhluigheann é


L. 302


féin áirdeochar é: Agus feuch, iar na úmhlúghadh
féin dár dTighearna chum bás na croise
gur hárduigheadh agus gur honóireadh é san am
san féin le na Athair neámhdha, agus san a niomad
slighthibh. Oir air feadh na haimsire
do bhi sé air an gcrois níor thaithnigh an ghrian
feadh tri huaire iomlána, agus le linn a bháis
do chrith an talamh, do sgoilteadar na carraigeacha,
agus do hosgladh na huaigheana. Do
raobadh folacha an teampoill (noch do bhi air
aghaidh an choisreagadh) ó mhulach go lar.
Do spreagadh na daoine ris na hiongantais si,
agus do chuadar a bhaile ag bualadh a nuchta,
agus d'admhaigh an taoiseach-céid, eadhoin,
ceann-uraidh an ghárda, ós árd, gur bhé Mac
Dé é. Bí luthgháireach a anam, Chriostamhuil,
air fhaicsin báis do Shlánaightheora onórtha
mar so; agus foghluim muinghin do chur a
nDia ann gach aon phonc, noch diompóchas
mailis do námhuid fá dheoigh chum t'onóra,
agus do thairbhe: Suigh síos, anois ag cois na
croiche, agus ann san go suaimhneasach ...



Smuain, san treas áit, Agus athsgrúdaigh
ann t'ínntinn iomadamhlacht, agus éugsamhlacht
mhór na ndeacracha noch dfulaing do
Shlánaightheoir dhuit, ó na dhul a steach a ngort
Ghetsemani go na éug air an gcroich. Amharc
iad ceann air cheann, agus chidhfir nach deachaidh
aoinionad amháin dá chollan naomhtha
saor ó na dhiachair féin air leith, (noch do bhi
ró mhaiseach roimhe sin, agus air gcéudna an


L. 304


corp budh éugcruaidh, agus budh airighe air
phian dá dtainig riamh.) Do bhi coróin spíne
um a cheann; a Aghaidh sailighthe le silighibh,
bruighte go leir, agus dubh gorm le builíghibh;
a Fholt, agus a Fhéasóig tarraingthe, sraoilte;
a Bhéul fliuchta le domblas agus bhinéigre;
Ghuaile breóite ó mheádhachan na croise; a
Lámha, agus a chosa tollta le tairrngnibh; a
chorp cneisghearrtha, fhosgailte le laisgibh
agus le sgiursadhaibh; a Ghéuga tuirsighthe,
leóinte go léir, air an gcrois. Ni raibh a fhulaing
aon phioc amháin ni sa lugha ionna anam,
acht fós abhfad ni sa mhó ioná dfulaing sé
ionn a chorp. Biodh a fhiaghnaise air an doilghios
marbhthach úd do theilg ionn a mhordhuaigh
sa ngáirdín é; air an ngearán cruaidh úd air an
gcroich, eadhoin, "Mo Dhia, mo Dhia creud
far thréigis mé?" d'fulaing sé go mórmhór
ionn a chlú, (noch is measa le duine go minic
ioná a bheatha,) le fiaghnaisibh bréige, agus
masla, ithiomrádh agus éugcóir. d'fulaing sé
ionn a onóir le a nuile ghné chasaoide agus tarcuisne.
d'fulaing sé ionn a mhaoin, tre mar do
creachadh é ó fiu a chuid éudaigh, agus a chrochadh
nochtaighthe do air an chrois. d'fulaing
sé ionna cháidribh, tre mar do thréigeadar uile
é; gan trácht air dhocharaibh oile noch is
gnáthnighe agus is somhothaighthe dfeóil agus
dfuil, eadhoin. Miochumann na droinge úd


L. 306


dá dtug sochar a mhiórbhuileadha, mordháil a
námhad, a naithis air a dheisgioblaibh, srl.
Agus ionn sna docharaibh si uile do dhiultaigh
sé air féin an fortacht úd noch is gnáth leis do
thabhairt dá sheirbhiseachaibh fá na ndeacrachaibh,
agus do rin na diachair budh mhór dár
fhulaingeadar na martardha, ni hé amháin sofhulaingthe,
acht fós, go minic milis agus
sámh. Acht ni aomaigh sé dho féin fortacht
air bith acht toil a Athar do dhéunamh, agus ár
bhfuasglaine do shaotharughadh.



Smuain, san gceathramhadh áit, Cia é si
fhulaingeas so uile? agus do gheabhair amach
gur ab é Mac síorruidhe De: Coimhionann
agus a gcómhchumas le na Athair; Tighearna
mór agus Cruthaightheoir Nimhe agus Talmhan;
dó-chriochnaighthe a gcómhacht, a neagna,
agus ionn a nuile dheaghcháil. Acht cia dho
fhulaingeann sé so uile? Do dhuine bhocht,
piast anacrach do'n dtalamh; do pheacachaibh
gan chumann, méirligh dá Athair síorruidhe,
agus dho féin; dona Judaigh cheadna so do
chéus é; dhuinne na somharbhthacha, nachar
chosmhuil go mbéarfadh a nurmhór buidheachas
choidhche leis, ná anoiread le cuimhneadh
amháin air a dheacrachaibh. O! a Thighearna
créud é chómh iongantach, agus tu ann do
shlightibh uile, acht ann tionsngamh do thrócaire
tar gach nidh oile! O go de mar do thiosbánann,
agus mar chóirigheann an pháis si ár
bhfuasgaltóra cáilígheachtaibh uile Dé! Is


L. 308


annso do chimid a ghrádh agus a mhaithios
do-chríochnaighthe, a dtaobh é dha chomannúghadh
féin linn mar so go hiongantach, agus a
bheatha féin do leagann síos duinn. Is annso
do chimid a thrócaire gan chuimsiughadh ionn ár
nanacraine do ghabháil air féin, agus an pionos
budh dhual dar bpeacadha dfulaing. Annso
do chimid ciall iongantach a shaláthair, tre
thobar na beatha dfosgladh dhuinn le na bhás
féin. Sunn dfoghlamaoid eagla bheith roimh
a bhreith noch do thuit chomh trom san air a
Mhac féin, nách deárna acht é féin déidiughadh
a gcosmhúlacht pheacaigh chum sásamh do
thabhairt ionnár bpeacaighne. O! créud an
nidh is baoghal dona cionntachaibh lá éigin
ó na lamhaibh muna dteibid sgeimhle a bhreatha
tre na thrócaire láithreach do ghreadhmúghadh!
Smuain, san gcuigeadh áit, A ndeacrachaibh
do Shlánaightheora, mailis do-chríochnaighthe,
mórthroime neamh-ionann an pheacadh mharbhthach,
nár bhféidir a ghlanadh acht le fuil mhórluach
Mhic Dé. Ag so aon dona priomh theagasgaibh
budh mhian le'd Shlánaightheoir
a leagh dhuit de'n gcrois. Ni fhéudfairse a
shásamh ni bhus fearr ioná an teagasg so do
mheabhrúghadh go maith. O! ná bi choidhche
cómh miochumanach san, agus é chéusadh le
peacadh marbhthach. Och! ná léig don áracht
san cómhnaighe ionat, dár bhéigionn do Chríost
féin bás diachrach dfulaing chum a sgriosta.


L. 310


RIACHLACHA
DO BHEATHA CHRIOSTAMHUIL,
Re a dtabhairt fa ndeara dona huilibh le'r mhian
Siorruigheacht Shonaidhe do chur a nairighthe
doibh fein.



1. Socaraigh ann t'inntinn run daingionn
gan aontugadh do pheacadh mharbhthach air
chor air bith. Ag so fíorbhunúdhas bheatha
shubhailceach, agus gibé nách deachadh a
chómhfhaidsi, níor thoiseadh sé fós air Dhia
dfritheolamh. Gan an rún so is diomhaoin do
neach air bith é féin do mhealla le muinghin
go bhféudfadh beatha bheith naomhtha ná bás
shéunmhar dfághail.



2. Air gcor go bhfeudfádha congnamh leat
féin chum an rún si do chongbháil, bi dithchiollach
ann gach uile shlighe chontabhairteach
do sheachna, mar atá, droch-chuideachta,
Leabhartha gáirseamhla nó dímheasta, sugarthaighe
mi-dhiscréideacha agus a samhuil; "Oir
an té ghrádhuidheas an chontabhairt caillfidhear
ann é." Eccl. 3.c.5.f.


L. 312



3. Fair an uile ghluaiseacht do chroidhe,
agus claoidhigh an chéad chomhartha uilc.
Cuingeadh faire air do cheudfadhaibh agus air
do smuaintibh ionas nách tiocfadh leis an namhaid
éalógha ort treas na Bóithribh si. Ná biodh
neamhshuim agad a lochtaibh beaga, d'eagla
go dtuitfeadh a mórlochtaibh a náit achéile.



4. Seachain beatha dhiomhaoin mar Mháthair
an uile uilc: agus gaibh mar fhirinne
dhearbhtha nach tiubhradh beatha dhiomhaoin
Críostaighe go Flaitheamhnas choidhche.



5. Ná déin failith air aon adhbhar, do urnaighthibh
maidne agus tráthnóna. Cuimhnigh
air maidin, ceud thoirthibh an Lae do thairgsin
do Dhia do ghnath, le'd chéud smaointibh
do thabhairt do: Déin fóráil air ghniomharthaibh
uile an Lae dho, agus déin an iodhbairtsi
dathnuadhadh air dtionsgnadh gach neith dá
ndéunair. "Gibé ithe nó ól," adeir N. Pol, "no
nidh air bith eile dá ndéin tu, déin an tiomlán
chum glóire Dé." 1.Cor.c.10. f.8.



6. Déin do choinsias do sgrúdadh air t'urnaighthibh
Trathnóna, dhod thabhairt féin chum
cuntais cionas do chaithis an lá, agus gibé peacadh,
tiosbáinter dhuit, feuch le na nglanadh
amach le déuraibh aithrigheacha sul luighfir
chum suain. Cá bhfios nach í an oidhche sin
t'oidhche dhéighionnach? Air ndul chum
leaban cuimhnigh air an Uaigh; Glac do shuaineas
a ngeugaibh do Thighearna: agus mádh
mhusgluighir san oidhche árdaigh t'aigne chum
an te úd atá ag faire ort do Shíor.


L. 314


7. Do bhár air t'urnaighthibh máidne agus
oidhche, déin am éigin don lá do bheartughadh
chum urnaighthibh, go mórmhór urnaighthe
meanma, le comhluadar inmheodhanaigh t'anama
le Dia, noch is maithios fhíre agus iomlán do.
A measg do ghnodhaibh uile, cuingeadh tu féin
a láthair Dé, mar is feárr dféudfair, agus biodh
cur ina dhiaigh agat do shíor le gearr-úrnaighibh
diograis. Léagh Leabhartha spioradalta go
minic, amhuil Litreacha no Teachtaireacht
chugat ó Neamh; agus éist Aifrionn go laetheamhuil
mádh ta go léigfeadh do Phráinneacha
dhuit.



8. Táithigh na Sácramainte uair san midhe
an chuid is lugha, agus tabhair áire mhaith tu
féin d'olmhúghadh, do chum a nglacadh go
fiuntach.



9. Biodh caoindúthracht mhór agat do Pháis
Chríost; agus machtnaigh go minic air a dheacrachaibh.



10. Biodh crábhacht air leith agad don
Naomhmháthair, agus iarr a Tearmoinn agus
hurnaighthe ann gach uile ghábha; acht foghluim
air gcéadna aithris do dhéunamh Air a
subhailcibh.



11. Meabhraigh do chlaonta is treise dfághail
amach, agus saothraigh le hiomlán do chomhacht
chum iad do dhibirt uait.



12. Ná léig aon lá amháin thort gan gníomhartha
éigin croidhe-bhrúghadh dforálughadh
chum Dé, a dtaobh na bpeacadha do rinis


L. 316


chéudna; agus cothaigh go díthchilleach spiorad
áithrígheach ann t'anam.



13. Coimheud go maith air do dhianghrádh
féin amhuil agus an námhaid is mó agat, agus
déin foiréigionn ort féin go minic le corp-sheunadh
agus tréaghnas. Cuimhnigh nách féidir
Righeacht Nimhe do ghabháil gan coimhéigionn.
Matha. c.11.f.12.



14. Bi déirceach do réir t'acfuineadh. "Oir,
is Breiheamhnas gan Trócaire do gheibh an te
náchar thiosbáin Trócaire." N. Séum. c.2. f.
13. Biodh meas mór agad air dhéirc spioradálta,
le bheith dian, dithchiollach chum peacacha
anacracha do chur air aleas; agus chum na
críocha sin, caoin go laetheamhuil a naindeise a
lathair do Dhia.



15. Bi Spriocalta ionn gach dhualgas bheanas
le'd ghnodh, air mbeith dfiachaibh ort cóimhriomh
lá éigin leis an Airdthighearna úd noch
do bheartaigh a shlighe féin do gach aon air
leith a measg a mhuintire.



16. "Cuimhnigh air do chríochaibh déighionnacha
do ghnáith, agus ni pheacóchair choidhche."
Eccl.7.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services