Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stair Éamuinn Uí Chleire
Title
Stair Éamuinn Uí Chleire
Author(s)
Ó Neachtain, Seán,
Compiler/Editor
Ó Neachtain , Eoghan
Composition Date
1700
Publisher
(B.Á.C.: Mac an Ghuill, 1918)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
STAIR ÉAMUINN UÍ CHLÉIRE. Cuid I. Do bhí flaith uasal, onórach, gaoiseach, grinn, géarthuigsionach, oirdheirc, áluinn árd-mheanmnach, dá madh comhainm Éamonn Ó Cléire, i gcríoch áluinn fhéaruaine comhchomhthrom Chonnacht. Agus lá n-aon dar éirigh ar thulaigh árd fhadamharcach i bhfogus dá dhún fosgach, fionnaolta féin do chonnairc maighre maiseach mná, ba bhreagha dreach dealbh agus déanamh dar chruthaigh an nádúir ariamh ionna fhiadhnuise, ar ar dhoirt tuile trom-ghrádha don chéad amharc, agus ag breith ar bhárr cruibh uirre d'fhear fíor-chaoin fáilte fria. Do fhreagair sisi an beannchadh céadna go mín macánta mnámhuil agus go miochair muinteardha ag rádh: Is ag iarraidh na fáilte sin do chuir an duileamhuin annso mé, óir is innilt óg do mhuintir an choimhdhe mé, Iomchuibheacht inghean Fhortúin mo ainm, agus do neasg sé do bhaing doisheachanta orm turas agus comhnuidhe do dhéanamh frat-sa agus fós pósadh riot, ar an gconnradh so: thú go suthain, síorruidhe cuideachta, combáidh agus caidreamh an chathaightheoir thásgamhuil oirdheirc .i. Cuirm Searbhandeire agus a ghaolta do sheachnadh, óir is fíor-bheagán (má tá aon duine ar chor ar bith) a chumlas leis nach biaidh lán do dhinnle .i. galar na boichtine; agus do bhrosdughadh do mhioscais agus do mhéadughadh t'fhuatha air do dhéana mé craobhscaoileadh ar a thuistidhthe, ar a ghaolta agus ar a chraobha coimhneasa dhuit.
Ar dtús ba mac brughaidh don tír é, dá rugadh mórán cloinne, fa héagcosmhuil leis an ndraoi se. Is é fa hainm dá athair Eorna; duine toiceamhuil, tábhachtach, bronntach, boicheadach é. Is é fa hainm don inghean fa sine ag Eorna Cosg Geanais, inghean Eorna. Bairín Leathan, inghean Eorna, an dara hinghean. An treas inghean Urthoirbheirt, inghean Eorna; an ceathramha hinghean Déirc i bhFolach, inghean Eorna, agus mac maith teith grádhach do lean a athair .i. Sturra fial-mhac Eorna. An seiseadh duine do chloinn Eorna, agus an mac déidhionach do rugadh do Eorna .i. Cuirm Searbhandeire mac Eorna. Agus an tan do bhí máthair Eorna torthach ar Eorna do rinneadh faistiona dhi go mbéarfuidhe mac don ghin do bhí fa na broinn. Ba meiste an rann Eorpa uile dá dtagadh chum aoise. Tráth rugadh an mac so dó agus go bhfaca droch-thuar faoi, do smuain gurab dó ráinig an faistine, agus ar son gurab ní i n-aghaidh nádúir athair do bhásughadh na geine do shíolruigh uaidh féin, gidheadh níos taoisge nó thuillfeadh náire nó míochlú dhó dubhairt go gcuirfeadh chum báis é, go n'aire sin do chuir coire mhór mheiséala os cionn teine lasanta lán-ghéire, agus do theilg an ghein chrosta choiripe se agus droch-bhodach eile nár bhfeairrde tír nó talamh é a bheith ann .i. Hopa Cionnbhuidhe, do iarr an ghein si comh doth is do rugadh é re n-a oileamhuin, do theilg sé (adeirim) i n-éinfheacht san gcoire romhráidhte dá mbruth agus dá dteampuirt iad, gur shaoil go ndearna praiseach agus ola dá bhfeoil agus dá gcnámha; gi nach amhluidh thárla, óir bhádar d'éis gach sgalla nimhe neanta dá bhfuaradar níos treise agus níos tréine nó bhádar ariamh roimhe. An uair do chonnarcsan nár bh'fhéidir a mbásughadh ar an modh so do chuir purgóid nimhe dá hollmhughadh (do nós deasga) dhóibh. Do at agus do líon san modh soin iad gur shaoil na huile dá bhfacuidh iad go réabthaoi agus go sgoiltí iad os a chéile, acht do sháruighdar an bás so mar gach bás eile. Do roinne annso stuidéar fhada fhorusda ag smuaineadh créad ba
déanta leo. Do mheas aige féin go madh le teann dolpha draoidheachta agus diabhluigheacht do sháruigheadar gach bás dár tionsgnadh dóibh. Fo dheire is é do cinneadh ris soitheacha fairsne dhá chionn do dhéanamh agus a dteilgean i ndiaidh a gcinn ionnta, ní do rinne gan mhoill, agus stopadh na héadain ag na soithighibh ar mhodh nar bh'fhéidir smide dá laghad gaoithe nó anála a dhol asteach nó amach, acht gur oibrigh an cumhgach i rabhadar agus an rúmail a rinneadar udhtruisge a gcoirp, cubhar agus cuib a gcroidhe agus a gcléibh, tré chláruibh daingne donna dairbhe i ngléas gur shaoil amharcaigh nach raibh teacht ón túnuisg sin acu, agus dá chur i n-iumhuil don domhan nach bás gan choir a fuaradar. Do teilgeadh ar chartacha mar ghaduighthe chum na croiche iad, tré gach sráid agus tré gach áit phuiblidhe eile. Do teilgeadh dá éisi so i gcarcair chumhang chomhdhorcha faoi thalamh iad, áit ionn nach raibh léas léargais nó amharc gréine nó gealaighe. Ar a shon so is uile d'éirgheadar ó gach bruid agus ó gach gabhadh ionna dtárla iad do gheis draoidheachta agus dolpha, níos treisi agus níos tréine agus ní ós calma míle uair nó bhádar an chéad uair agus atáid anois san anchumas sin nach bhfuil beant nó imtheacht ag laoch fo neimh orra. Anois ó chualuidh tú a dtásg go fírinneach féach a bhfaghann tú do chlaonta deontach ar a seachnadh, agus má gheibhir pósa mise riot; gidheadh choidhche 'rís coimhnigh agus tuig go mbrisfidh staonadh dá laghad do do thaobh-sa a dhul i gcleith nó i gcomhlann leo coibhreacha ar ngrádha agus ar bpósda. Ná bíodh sin 'na an-shocracht ort, ar Éamonn, óir biaidh mé comh dílis duit is bhíos mé don anam atá ann mo chliabh. Do pósadh annso iad, agus do bhádar treall go suaimhneach socair grádhach ré chéile, go gcualuigh Éamonn lá n-aon trácht fada foirleathan ar neart agus ar dho-chlaoidhteacht an fhathuigh agus gur ghlac éad agus tnúth adhbhol é fo an gcáil agus fo an dtásg
do bhí go generalta ar neart neamhchuimsighthe an fhathuigh agus do chuaidh go mil-bhriathrach do fhoruid a mhná agus do aisg cead uirre fulang dó a chumus d'fhéachuin leis an bhfathach. Do fhreagair an macaomh mná go sochmaidh stuama deiscréideach agus a deór ar a gruaidh ag rádh: Ó! a Éamuinn, an í sin do gheallamhuin dhamh-sa, a Éamuinn? Ar an mbachall ádruic, ar Éamonn, gibé ar bith gealladh thug mé dhuit ní fhuileona mé sgléip an mhéirligh úd a imtheacht gan smachtughadh. Ar Maintin, ar ise, má ní tú sin ní thaobhochad-sa thú go bruinne an bhrátha. Ar Miontuin (ar eisean), má ní tú sin féin ní stadfa sain misi agus innis dhamh cia bhfuil bunáit an tí ar a bhfuil do thrácht. Srathaigh síleach siubhlach siobóideach é (ar issi) bhíos le draoidheacht agus le dolpha i n-iliomad do ionaduibh i n-éinfheacht ar son gurab í nÁth Cliath atá a longphort agus a rígh-theaghlach. Ní chuirfe do chraobhscaoileadh fa deara dhamh-sa mo thionsgnamh a chur i ndearmad agus ní mó athrochas mé mo inntinn go comhrac dhamh leis an arrachtain sin. Annso do bhean bruide meanman ann gur ghluais gan mhoill i n-aithghiorra gacha conaire go húir iathbháin leargach Laighean agus go bánta biatacha Dhroma Chollchoille .i. Átha Cliath agus an óig-ógh sa ar láimh ris. Is iomdha áit ar an mbealach ar shaoil an fathach éirghe slighe do thabhairt dó. Ní raibh ráth nó baile ar ghabh thríd nar chuir an fathach comhartha agus signe dubhshlána an uile thaistiollach, gidheadh níor fhreagair an curadh so é i n-aon ionad go ráinig Achadh an Droma dá ngoirthear anois Sráid San Tomás i ndorus Átha Cliath. Do bhí fo an am céadna a dtáinig an curadh sa fo an Achadh iomad do chlannuibh ríogh agus ró-fhlatha, do shaoithibh saora, seoid-bhronntacha, do shlóightibh daora dísgearshluaigh agus do mhnáibh seanga síotháille ar an dtulaigh, dar bheannuigh Éamonn go
miochair muinnteardha, ag fiafruighe do gach aon fo seach ar b'aithin dhóibh an fathach Cuirm Searbhandeire. Is eol cheana, ar aon don chomh-chruinniughadh, créad í do mhian leis? Atá, ar eisean, óir fáth mo thuiris don tír si ag comhlann leis. Óir do chualuigh mé teist mhór ar mhéad a neirt agus a dhraoidheacht agus a mhí-mhúinteacht. Go deimhin (ar an cathruightheoir) ní gnáth leis an duine sin é féin do cheilt, agus mo chomhairle dhuit gan buain uime, óir is fíor-annamh a sgarus duine ar bioth leis gan cuid dá chomharthuibh, agus má tá dúil agad-sa spairn nó comhrac do dhéanamh leis rachuidh meise (go toilteanach) dá ghairm chugad. Ná téigh (ar an chumhal do bhí na aice .i. an Iomchuibheacht, inghean Fhortúin) agus má bhaineann don dul so buailfear é, agus fareis sin sgarfa mise leat. Ar Mantuin, ar an gaiscidheach, dá mbiadh a neart mar neart Hearcuil do thóigeadh na sléibhte, agus a ghaois agus a ghliocas mar ghliocas Chongcoluin, do fhéachuinn-si mo neart leis gan tlás gan time, agus goirthear air. Do goireadh air, ar a impidhe, agus comh doigh is tháinig faoi an toichim agus faoi an tuarasgbháil sin, do fhéach go claon mailíseach ar an innilt óig do bhí i bhfochair an churuidh agus adubhairt go mbiadh aige féin nó go dtuitfeadh leis. Tráth chonnairc an gaisgidheach méad a shutail dubhairt do bhriathraibh árda so-chlusta nach ba leis í gan chomhlann teann tinneasnach tar a cionn. Féachuim an bhfuil sin do mheisnigh agad, ar an fathach. Atá (ar Éamonn). Is ionnsin do ionnsuighdar an dias sin a chéile mar dhá leomhan ligthe líomhtha ladranda, nó mar dhá mhathghamhuin mhillteach mhór-uathbhásach, nó mar dhá easa ruadh-thuile ag tuitim i gcionn a chéile i n-aon áill, nó mar dhá ghribhingne mheara mhór-ghníomhacha. Tréimhse fhada ag spairn agus ag spéirlinn, ag gabháil do
dhórnuibh agus do dhearg-bhasuibh i n-aghaidhibh agus i ngnúisibh a chéile, seal eile ag gabháil do sgeana géara glasa i n-inchinnibh agus i n-asnachaibh a chéile, agus do phreabuibh diana difreacha i n-íochtar bholg agus bhronn a chéile, gan fios ag amharcuibh cia dhíobh is mó ar a raibh cosamhlacht buadha ar feadh sheacht n-uaire do ló. Fa dheoidh an tan do chonnairc an fathach anneart a chomh-chomhlonnuigh do thug deirge ar bháine agus ar mhísgéimh agus do ghlac brisi go tobann tinneasnach go ráinig an abhuinn dá ngoirthear an Poiteul, i nDruim Cholchoille, mar ar chuir cleas an ghath boilg na shuidhe, ag lámhach, ní saighdibh mar do nídís curuidh eile, acht cuach agus copáin i n-aghaidh an ghaluigh (mar do shaoil é do-chlaoidhte) treall fhada; treall eile ag lámhach an uile ghné soithighe agus bhriolláin, mar do bhí siothuluibh fairsne fíor-dhoimhne, sgáluidhe cruaidhe comh-chruinne, tangcairt ghallda ghlan-airgid, ladaluibh bhealuighthe bheul-tiubh, porinnséaruibh nuadha neamh-ghnáthacha, boicínibh fásgfhunnsach, agus meidreacha greanta gaodhulacha; acht ní dheachuigh leis gan chúitiughadh, óir níor caitheadh arm ar bioth leis an ngoileach so nach gcaithfeadh ar ais go dána díbhfeirgeach, ar mhodh gur shaoil na huile go raibh an fathach ar fágáil; gi nach amhluidh thárla, óir do rug oide fealltach fionghalach an fhathuigh .i. Hopa Cionnbhuidhe, greim ar mhullaigh chinn ar an ngníomh iongantach so, agus do rug dearbhráthair do Hopa Cionnbhuidhe .i. Brantí Loisgtheach mhic Deasga ar a dhá chois, agus an fathach féin ar a chom feardha fíor-áluinn air, i modh ar mhéad a n-uimhre i n-aghaidh aonaráin go ndearnadh cime creapuillte cruadh-chuibhrighthe dhe, gur teilgeadh síos an staighre é. Bhí comh fada síos agus do bhí an t-aer suas, i ndeirc dhomhuin chiar-dhuibh chomhdhorcha, mar ar briseadh a chnámha uile gan fhuighil le fóirneart na treasgartha do thárla dhó, áit ionna raibh aimsir imchian do gheis na healadhna draoidheachta sin, go daingion dosgaoilte, faoi dholuibh agus fo phianta do-leigheasta do-iongabhála agus fo dhoightheacha diachracha do-fhulanna, mar a ndearna na gleórána se síos:
Uch is truagh mo chor, Is mé go docht i n-uaigh, Fós ní bhfuair mé bás, Ní fearr mar táim, is truagh. Cháill mé neart mo chnámh, Mo chois mo lámh gan ghníomh, Mo theanga ghasda is balbh, Uch nach marbh ataoim. D'imthigh ciall mo chinn, Níl mo shuim i ngaois, Táim gan choth gan lón, I gcarcair chrón dhubh shíos. A Chonnachta, úir na gcath, A mhúir na ngalach fial, Uch, uch gan mé san uaigh, Tráth shíleas uait-si triall. Dá mbiaidhinn i Gcruachain shiar, Mar mbiaidh triall na slógh, Gan lón ní bhiaidhinn i bhfeart, Is mé 'mo bheatha beo. A Ros an mhaide chaim, Is aoibhinn crann is bláth, Leuna is féar is mach, Mo léan nach d'aice tá. I nÁrd-mhoigh Átha Liag, I mbeul Átha Liag na sreabh, Nó i Neilfinn na gcliar, Ní bhiaidhinn gan liaigh 'mo ghar. A bhaile Átha Luain, Nar chuir cluain ar aon, B'fhearr a bheith gan lón Nó sac óir mar taoim.
I nGaillimh, caladh carb, Mairg nach ann atá, Budh híce leighis dhúinn, Bheith na dhún go lá. Ba fearr i Sligeach thinn, Is tú gan ghrim 'do láimh, Nó i nÁth Cliath na gclog Slán is coth 'do dháil. Tír na nÓg an tír, Tír na gcaor 's na mbeach, Tír na bhfiadh 's na bhfearb, Tír na dtarbh 's na n-each. Tír na gceall 's na gcliar, Tír na bhfial an tír, Tír na saoi is na suadh, Suairc i n-aimsir bídh. A Chonnachta táim go cráidhte tréith 'do dheoidh, Gan chuideachta sháimh ba gnáth mar éisg ag ól, Gan chumas 'mo láimh, mo chnámha réabtha fós, Do chuireas mo bhláth 's is fágtha mé gan lón.
Do bhí mar so an seal do bhí san uamhuigh dá bhréagadh féin, acht ní rug fóiríthin air, furtacht nó fuasgladh, agus ní bhéaradh go bruinne an bhrátha muna mbeith go dtug Dia agus deagh-chinneamhuin Aodhagán Feartach don uaimh, mar a bhfuair an ríogh-churadh so go huaigneach direoil, gan don dhroing dhaonna 'na fhochair acht Easbhuidh, inghean Fhortúin .i. deirbhshiúr don óig-mhnaoi do tháinig dá choimhdeacht as Connachta agus ad fháguigh é an tan do chuaidh i gcleith ris an bhfathach. Ba saoi go n-eagna a n-iomláin an tAodhagán so agus draoi fiosach fír-ghlic do sháruigh fir ndomhain i ngaois agus i n-ealuidh, agus go mór-mhór i ngaois na healadhna draoidheachta, gi nár chuir a mhóir-eolus i ngníomh le droch-bheart ariamh, acht le furtacht agus le fóiríthin
dhronga deireoile lucht aicíde agus galar, agus ag scaoileadh agus ag dí-chuibhreadh braighde ós carcaruibh, daora os greamuibh agus draodhghonta ós geasa. Do fuair an draoi so na leabhair do bhí ag Medea, le ar chuir sean-athair Iason i n-óige agus i n-áille agus i gcumas seacht mbliadhna fichead, agus do fhosgail leabhar dhíobh, ag buaint fáinge le slaitín bheag na thimchioll agus ag rádh na rann so re gcuireadh a dolpha i n-éifeacht. Do canadh do réir na haibidhtire:
Alatrum angur arr Ballatrum bingum barr Colatrum clingum corr Donatum dionguin dar Elistra ela inn Feilistra feala fann Geimistra géara grinn Hemistra hera hann Iejunum ioncon ionn Leprudum limpa linn Memutum mensa minn Nelupus nemga ninn Omorum omnia onn Pomorum pongia pann Quotorum quona quonn Rostrorum rongia rann Stultorum stongia stinn Teucrorum tongia tun Ultorum ungia inn Zonzorum zungia zunn.
Annso do chuir trí séideoga fo thrí faoi chorp an othair agus adubhairt an oráid: pinam, panum, punum, portum, scaruim, scaoiliom díchoibhrighim an t-othar deireoil draodhghonta sa ón uile ghuais gheasa agus theimhioll draodhamhuil Luicifer agus a dhubh-threabhlaigh, ón uile olc aingcis agus urchóide Bhelsebub agus a dheisciobail agus ón uile nimh-neart agus náimhdeanas Cherberus Dhis agus Abiron agus ó mhoghsaine drannanach dubh-dhóighte le ar dhealbh an fathach agus a lucht feadhma
a ndolpha, le ar díoghbháladh an goileach oirdheirc se, agus neasguim geis agus geasa orra go prap saoileach sárluath a gcumas uile agus a ngliocas iomlán chur i ngníomh ag leigheas agus ag dí-choibhreadh an othair anbhfuinn éagcruaidh si. Neasguim fós le geasa mná droga, i n-ainm an duibh-dhuruma Nemesis agus Megeara theacht a dhíoghailt leatroim an churuidh so ar lucht a inghreama. Crusda Bhíla, Bergida, Eanna, Súda Cinerima, Catenas, Uincula, Cuibhreacha, Sanda, dudo dodo feritatis a Móla. Amen. Iar gcríochnughadh na horáide sin do Aodhagán draoi do chorruigh fóch na talmhan uile, do chriothnuigh na firmhemuinte, do bhéic na cairgeacha, do mhadhm an mhuir tar a gnáth-thóranna, do dhorchuigh deallradh na gréine gluaire gile agus do bhí much adhbhal coitcheann ar feadh na cruinne ceathar-rannuighe crith-eagluighe, do bhí criúin leomhuin agus liobaird agus gach gné fheithide eile do hoiltear ar talamh ag comhroith faoi thearmonn deirce diamhartha dorcha do-fhaghala agus chuaisibh crann agus cairgeach, ag seachnadh uathbháis na stoirme agus an troimphleisg throsamhuil thoranda do thárla. Bhí so amhluidh teora uair gan traochadh gan laghdughadh, gan súil ag aon san mbith atharrach garma generalta shíol Adhamh go gleann Iosaphat do chlos, gi nach amhluidh do bhí, óir do háinig go hobann prap ciúnas soineann agus deallradh glé gréine do sgab agus do sgaol gach teimhioll, gach much agus gach dubhrat dar fholuigh na firmhemuinte fairsne fuar-fhliucha, ar mhodh nach raibh dúl fo neimh nar ghluais as a ghnás seicréideach ag déanamh aeir ag méad taithneamhuigh na haimsire do thárla. Níor fhan braoighin i gcnoc, nó geilt i ngleann, nó bádhbh i n-uaigneas, nó eun i gcoill nach dtáinig de aon-aonta le na gceoltuibh agus le na gceileabhruibh iomdha éagsamhla suairc síth-bhinne ar fud dhúnta, rátha agus claich-dhíseartuibh, ag meas nach raibh dúl domhanda beo acht iad féin. Is annso do rinne an curadh romhráidhte teora srogh, agus a tabhairt dtrí léim árda éadtroma eunamhuil dó
do thuit a chuibhreacha agus a gheimhioll de agus do bhí comh slán agus comh slán-chréachtach is do bhí ó lá a thuismidh go so, acht amháin go raibh cnápar na gcuibhreach ionna chnámha feardha fíor-láidre; agus anois do bheir a mhóide agus a mhór-mhionna má bheireann i n-árd nó i bhfána ar an bhfathach in' aoinfhear go ndéana díoghaltas dúr díbhfeirgeach (i n-éiric a mhasla) air, agus go háiridhe má bheireann ar mhachaire fhairsne fheur-uaine Bhaile na Sgórnaigh air nach stadfa leis go dteilge i ndiaidh mhulluigh a chinn i bPoll Tighe Léabáin é áit as nach gcasa i dtaobh a chúil nó a aghaidh go bruinne an bhrátha agus go fuinne na síoruidheachta. Do tháinig annso dá fhéachuin an chumhal óg áluinn do ghluais as Connachta leis agus do shuidh go mnádhamhuil sochmadh sochaidearrtha na fhochair dá theagasg agus dá chomhairliughadh, ag rádh go báidheamhuil miochair leis an fathach agus a ghaolta do sheachnadh, nó nach n-éireoghadh béim buadha nó biseach go earr a shaoghuil leis, agus dá ndeachuidh sé go hArcadia agus turas an tobair bheannuighthe Cristorius do thabhairt, tobar sin ag a bhfuil do bhuadha agus do mhíorbhuile, nach bhfuil aon dá n-ibhe dá uisge nach dtiubhradh fuath nadúrtha do fhíon agus do bhiotáille láidre eile go foircheann a bheatha dá éis, go gconnloghadh féin leis go dílis do-scaoilte daingean diongbhálta choidhche uaidh sin amach, is go mbiadh sé seasmhach do-chlaoidhte, agus go háiridhe nach gclaoidhthidhe go bráth leis an fhathach é. Tuilleadh eile: thug Aodhagán Feartach a lán-mhionna ar eagla nó ar impidhe chumhachta san mbith nach bhfuaisgeoladh go bráth arís ó gheasa nó ó dholpha é. Uime sin is seachanta dhó an drong le ar dealbhadh an draoidheachta. Do fhreagair an goileach gnímh-iongantach í, ag rádh: Admhuighim dhuit, a mhaighre maiseach mín-dhealbhach dhá nglacuinn do chomhairle nó do theagasg go seachónainn gach duadh agus gach dóghruinn do-fhulanga dá ndeachuidh mé thríd, agus feasta go críoch mo bheatha ní racha mé troigh tharsna do do neamh-thoil.
Do chraitheadar lámha re chéile, ag tabhairt móide dísleachta agus diongbháltacht dá chéile. Is annsin do bhádar tréimsi i n-aice a chéile, fa sholás mhór agus fa shuaimhneas ádhbhal agus fo lán-chiúnas meadhair agus meanman, go ndeachadar lá n-aon ag déanamh aeir agus aoibhnis go tuluigh árd fhad-amharcaigh dhuilligh ghéag-ghlais fhéar-uaine dá ngoirthear Nead na nEun Aduadhain agus dá ngoirthear go coitcheann an Phénics, agus go dtárla dóibh go hobann mí-ádhmhail an fathach romhráidhte san chonair sin agus é uamuighthe ionna chaithbhert cosanta cóirighthe, ag beannughadh dóibh go miochair gnúis-réidh geal-gháireach, ag fiafruighe dhe cionnas ro bhí. Tráth chonnairc an dias so é do chriothnuigheadar mar bhoig-shibhin ar ghaisi nó mar dhuille ar chrann ar chrith, agus go mór-mhór an bhean ar a dtáinig lí glas-thana bán-bhuidhe an bháis, bailbhe maille agus mearbhuil teanga friotail agus cainte; do chaill a hiosgada a lúth a léim agus a luathghoil; do shnadhm mímheanmna agus droich-mheisneach a croidhe gan ghanguid gan mhairg gan fhuath gar fhormad ionna cliabh cailcidhe cnis-gheal; do stad a hucht agus a hanál i modh gur thuit i laige agus i lán-tsuan, san riocht gur shaoil na huile dá bhfacuidh í gur sgar a hanam naomhtha neimh-chionntach léithe. Tráth do chonnairc an goileach so, nár ghlac time tlás nó toibhéim i n-airc nó i n-éigin ariamh, a chaoimhtheach san gcróluighe sin d'imthigh na ghaisi grod-mhear glan-ratha go hárus nó go hadhbhuidh an fhathuigh, do dhíoghailt uamhan agus anbhfuinne a mhná agus do bhean béim sgéithe do chualthas idir dhá fhuinn na críche. Is annso táinig an fathach damanta deamhnuighthe si fa thuairim na dtrost dtoranta n-uathbhásach neimh-mheasardha ro-chualuigh agus bluntarbuis ionna láimh chum an mhíle mhór-ghlonnuigh si a lámhach. Acht an tan do chonnairc an curadh so tionsgnamh mioscais agus mí-ghean an mhéirligh do bhí gan truaighe gan trócaire do fhuaduigh a arm as a lámh ar tí an t-urchar do
lámhach. Gidheadh níor éirigh leis fon am a rug an fathach aith-ghrim ar an ngunna, idir cé ar thárla giorac spairn agus cruaidh-spéirlinn ar feadh trí n-uaire leora lán-fhada lae. Fa dheoidh do rug an rutharach romhráidhte greim sgóige agus scórnuigh ar an ndúl ndiabhluidhe sin, dá phocadh dá chuirleadh agus dá thrasgairt ó áit go hionad, ar mhodh nár fháig clúid nó coirnéal leabuidh nó landuir san áras nár chuartuigh leis, san riocht sin gur shaoil na huile dá bhfacuigh iad go gclaoidhfidhe an fathach gan chontabhairt. An tan do chonnairc Hopa Ceannbhuidhe a dhalta san mhór-éigin sin do thóig na gártha go gclos don teagh uile. Níor choisg dá áird-éimheacha go dtáinig Uaitéir mac a Ghoile, Uaitéir mac Ainísi, Brantí Loisgthe, agus bodach mór aduadhain ath-uathmhar láidir eile as an Spáinn dá ngoirthear Sac, agus do rugadar i n-éinfheacht air, Hopa Cionnbhuidhe grim daingean dosgaoilte ar mhullach cinn air dá thoirneadh agus dá thiomáin ó áit go háit. Gidheadh ní fhuaireadar a leagan nó a chur fútha go dtáinig an bhean chuice féin as an táimhneul ionna raibh agus go bhfacuidh san gcruadháil si é. Annsin do sgairt go hairgneach ar dhream don chomhursain do bhí i láthair ag iarraidh orra cuid don leathtrom do thógbháil dá fear. Fa deacair leo a dhol san deabhaidh acht re teann truaighe dhó do ghabhadar cuid do na buillibh ionna scéithibh leathna lán-chruaidhe féin, i modh gur cuireadh ó n-a chéile iad don dul sa; acht an uair do shaoil an míle meanmnach an adhbhuidh ghuasachtach so do fhágáil do chuaidh iomlán na námhad romhráidhte ar an dorus agus tugadar a móide agus a mór-mhionna nach scarfadaois leis go fágbháil cuid dá chloinn na gheall agus na chomhartha buadha dá éis. Tráth chonnairc an macaomh mná méad an mhí-chomhgair dá dtiucadh dóibh comhnuidhe dá laghad do dhéanamh i ndeirc na n-amhas n-ain-mhianach sin, agus gur chuir Aodhagán Feartach druim-dhiúltadh le furtacht no fóirithin do thabhairt dóibh do stríoc dóibh go huirísioll agus do fhiafruigh go sochma foirbhthe macánta mnádhamhuil créad ba mian dóibh.
Is é is mian dhuinn (ar iadsan) an meicin dá ngoirthear Ceannbheart ríogh. Maiseadh, ar isi, atá sin agus mo chlaonta i n-aghaidh a chéile, agus is cruadhálach an mhalairt dhamh sin agus mé féin agus mo fhear taobh leis, óir ba comfóirt gan áireamh dhuinn é san chonaire uaignigh lán-fhada atá re siubhal aguinn. Acht níl neart air, is truagh ár gcor. Maiseadh, ar an fathach, do na seacht ndiabhal féin truaighe agam-sa dhíbh agus is niscóid chléibh gan a bhfuil aguibh do bheith aguinn. Do ghluais ar so Éamonn agus a bhean ar láimh leis as an mbruídhin sin i luas a gcos, acht dubhairt an fathach ag féachuin na ndiaidh: Athrú, créad é an diabhal sa d'éirigh dhúinn nar chuinge sinn an crainnmhiosan uatha. A Bhraintí, ar sé, gluais thusa na dtóruigheacht ós tú is meisneamhla eadruinn. Do rachuinn féin dá dtóruigheacht acht go bhfuilim ro-lag an-shocair ionn mo bholg ó n-a bhfuil do dhíth geir ann. Iar so fosglus Brainti a bhrollach agus léigeas é féin chum ratha na ndiaidh i luas fearbóige ar léana loim lán-chruaidhe, agus gi gurbh fhada roimhe iad do rug fa dheoidh orra, agus chomh doith is do ráinig suas leo dubhairt do ghuth árd sochlusta: Giní, giní, hiar, hiar, giní. Adubhairt Éamonn annso ag féachuin tar ais: Cad é so, cad é so? Atá, ar a bhean, cuid do bhuidhin na mallachta táinig a mhealladh mo chuiléin uaim-se. Ods ucs, ar Éamonn, an féidir sin? ag tógbháil cupla doróg agus dá stabhladh na dhiaidh gurab do lom scíbe scirthín ratha d'imthigh uaidh mar a raibh cách agus é ag dul i n-anbhfuinne le teann saothair, teas agus luas anála. Do fhiafruigh an fathach annso dhe créad a d'éirigh dhó. Do éirigh an donus, ar eisean, óir don diabhal stad nó tuirneadh do chuaidh ar mhac Uí Chléire ar ball a bhfacuigh mé acht ag stabhladh cloch orm go dtáingeas
asteach uaidh agus dá mbéarthaoi orm don diabhal deor do fhágfadh ionnam. Frangcach thusa, ar an fathach. Ní headh cheana, don diabhal braon do fhuil Fhrangcach ionn do chorp agus dá mbeith ní theichfeá roimhe a leithide súd dho shean-bhodach. An-bhás go bhfagha tú, a mheullacháin boduigh lobhtha. Is dóigh go rabhamar uile go léir ag gabháil dó agus ar fhéadamair a leagan, ar Braintí. Ar mo choinsias, ar an fathach, ní fháigfe mé coiscéim os so go Roscumáin nach biaidh mé na dhiaidh nó beana mé an maidrín dhíobh. Is annso ghluais an lánamhuin se i luas milsidhe i ndiaidh míl ar machaire lom lán-chruaidhe i meadhoin mísa mí-ghnéidhe Márta, tré choilltibh draoineacha dreiseach, tré mhóintibh criarthach coimheadhacha cos-shluigtheach, tré árduibh aibhseacha uathbhásacha agus tré ghleannta diamhartha dorcha do-shiubhalta, ag seachnadh na learg loma lán-réidhe, do eagla táirm an fhathuigh, do shaoil éirghe bhealaigh do thabhairt go fíor-mhinic dóibh, gi nár éirigh leis go ráinig Áth Thús na Seachtmhaine Baile Átha Luain. Is annso do chuaidh an gaiscidheach go neamh-choimhéadach ag spaisteoireacht do shiubhal oidhche, is gan i n'aice acht aon bhuachaill amháin darab ainm Ocht mBuinn Liath-shúileach, agus is beag a shaoil go raibh an robuire se ag luigheachan air, gi nach amhluidh do thárla, óir do rug an fathach ar an mbuachuill agus do scuaib a dhá chluais ó bhun na diúide dhe, agus muna mbeith gur fhág do lomán ratha é ní hamhras liom nach léigfeadh as an mball ar aon chor é; acht ba hionann é, óir níor mhair aon tamall tar éis an bheárnaidh si. Do fhiafruigh a chéile dhe créad a d'éirigh dá bhuachuill. Do aithris Éamonn dhi mar do bhí. Ní fhuighe mé uait go bráth an diabhal sin do sheachnadh agus a fhios agad féin nach mbeanann aoinneach dhó nach bhfaghann an chuid is measa. Is fíor sin, ar Éamonn, agus imthighmíd go prap as
so do eagla a theacht oruinn, agus nísa mhó díoghbhála do dhéanamh dhúinn. Déanam, ar ise. Do ghluaiseadar annsin agus ní dhearnadar comhnuidhe go rángadar Ros cochorum Comáin agus an tráth shaoileadar foslongphort na hoidhche sin do thógbháil ann cia chídhfédís san taobh thall don tsráid acht Cuirm Searbhandeire, riod is beag a shaoileadar. Adubhairt an bhean annso: Pláigh ar an bhfear úd, bí ar nós an tsalainn shoir agus shiar agus i gConnachta na gcliar agus ag Ó Briain ar a chuid. Déanam as so a Éamuinn, ar sí, óir ní háit moille dhúinn i n-aon-bhaile leis an diabhal daonna úd. Fíor é, ar Éamonn, agus is baoghulach liom cibé ar bioth áit a stiúram ar seolta muna mbiaidh sinne fraisin go mbiaidh seisean froinne. Ar a shon sin seachónamaoid mar is fearr is féidir linn é. Annso trialluid ar a n-aghaidh san gcríoch agus do stad an fathach do lorgoireacht ní os sia orra, ag meas go saoilfidís a bhráithre .i. Bulcán Buaidhearrtha agus Sudhán Siashúileach mhac Coirce agus a dhearbhráthair eile do bhí na lán bhéil i nIar Chonnachta gur fearann cloidhiomh do tionsgnadh dhéanamh don fhonn bhí fo árd-chíos acu féin ó shean agus ó shinnsear. Do smuain fós go madh hionann rún agus inntinn, méin agus aigne dó féin agus dóibh, agus níor bh'amhras leis go n-imeóradaois droch-bheart díoghaltach éigin ar Éamonn agus ar a chéile; agus uime sin do chas ar ais go Laighinibh ag robail agus ag nochtadh a dtárla ionna bhealach, ísiol agus árd, bocht agus saidhbhir, óg agus sean, slán nó éagcruaidh, fa cuma leision é, ba hiasg a gcasfadh ionna líon. Fágamaoid ag déanamh an donuis é, mar is gnáth leis, agus casamaoid go Éamonn a d'fhágamar ag teicheadh ón bhfathach agus ag triall níos doimhne siar fan gcóigeadh. An tan nach bhfacuigh an fathach roimhe nó na dhiaidh do ghlac meisneach agus mór-mheanmna
é agus do imthigh gan time siar san gcóigeadh go ráinig tórannuibh fearbacha faoltacha foiríseacha fosgacha féar-uaine contae Liathdroma. Níor chian annsin dóibh fón am a dtárla Bulcán Buaidheartha leo. Do fhear fíor-chaomh fáilte riú go baidheamhail miochair muintearrach dá n-iarraidh leis dá árus féin ó bhíodar aduain san tír. Adubhairt annso an Iomchuibheacht le Éamonn: Éamuinn, Éamuinn (ar an Iomchuibheacht), a mhuirnín, ná freagair an fháilte nó an chuire, óir do chualuigh misi tásg agus mí-chliú an mhealltóir so. Is minic le n-a ainmhian agus le n-a olc a chuireas sé do fhiachuibh ar lucht eoluis gabháil do mheadóguibh rinneacha rinnghéara i n-asnacha agus i n-innmhidhe a chéile gan truaighe gan trócaire. Maiseadh go deimhin, ar Bulcán, má chualuigh tusa an tásg sin orm-sa is bréag do chualuigh tú orm, agus fáguim-se sin i leith fé; comh nimh-chionntach agus dá madh uainín caorach é. Ar mo bhréithir creidim, ar Éamonn. Ar mo bhréithir-si, ar an bhean, má chreidir é go bhfuil tú meallta, óir is duine malluighthe mí-riaghalta é, agus do chífe tusa má bheanann tú faoi gurab amhluidh atá. Ar ndomhnach féacha mé leis é, ar Éamonn, ag gluasacht leis dá árus. An tan do chuadar asteach do fuaradar comh maith le deichneamhar ar fhichid ann ar bhinnsibh glasa cruadh-luachra agus bord don adhbhar céadna eattartha agus sruthán crustálta coirce ar an mbord romhráidhte iar n-a thimchiolladh le biolar agus le gleorán agus measgán calcuidhe cneisgheal le hais gach srutháin dá raibh ar an mbord gcéadna, agus an bhuidhin sin ag ithe agus ag slugadh agus ag fuadach an chothuidh si ó n-a chéile gur chuireadar an t-iomlán de i gceal. Tháinig annso mar dhara cúrsa bia chuca measracha greanta greasda luchtmhara lán-fhairsne fo mheadhg bhlasta mhilis bheol-thaithnighthe agus miasa móra bán-ghrotha
agus a n-urdail féin ime leo. Do bhí an tromdháimh seo ag slugadh agus ag slabaireacht an ghrotha agus an ime agus ag ibhe an mheidhg gur chuireadar droch-chríoch ar an iomlán. Do bhí féin, fear mar chách go gnathuigheach, domhuin go leor san gcíréib. Do bhí bean Éamuinn dá bhféachain lán d'iongantas ionna nglugaireacht agus ionna nglagaireacht agus ionna mí-riaghaltacht, agus céad súil chruaidh agus féachain ghruama aice ar Éamonn nach dtug silleadh dá laghad uirre-si. Do tháinig Bulcán anuas annso agus adharc an-mhór ionna láimh leis, agus do chuir fáilte roimhe na huile agus do iarr orra a bheith go súbhach. Ar an leabhar, ar an chuideachta, do bheithmís go go súgach ar do chuid fola. Ar an leabhar céadna, ar Bulcán, má ní sin go súgach sibh caithfe sibh a fagháil go roige an braon deirionach dhi mas é bhur dtoil é. Annsin do chuir Bulcán a chuid fola féin dá tharruin agus tug lán na hadhairce romhráidhte fo mhaoil agus fo mhullach do gach aon fo leith le na ól di, agus ní ar mhaithe leo-san é, acht so an modh ar a gcuireadh a dhraoidheachta, a gheasa agus a dholpha i bhfeidhm agus i n-éifeacht. Bhíodar amhluidh so aimsir imchian go ndubhairt aon ba foirbhthe nó an chuid eile go madh mithid íoc ar son a méile. Déantar sin, ar an t-iomlán, cia bhíos na Thadhg Fionn? ar Maghnus Ó Callaráin. Éisti liom-sa dhá fhocal, ar Feargal Ó Cuigle. 'Seadh, cad é sin? ar iad-san. Atá, ar eisean, cibé dhínn is fearr a déarfas Laoi nó Imtheacht an Amadáin Mhóir toiseach suidhe agus beinnsi a bheith aige, agus cibé is measa déarfas í íoc an scoit do bheith air. Déanamaoid, ar an coimhthineol uile. Agus cia bhíos na bhreitheamh eadrainn? Biaidh Madam Cliér, ar iad-san, do aon-aonta. Do thosuigheadar annso ar Imtheacht an Amadáin
Mhóir go hórduighthe, agus níor stad siad go ndubhairt an duine déidhionach díobh í. Annsin do fhiafruighdar don mhnaoi cia dhíobh ar a mbiadh íoc an sguit. Adubhairt sisi dá bhfreagradh dá mbiadh Solamh, Orpheus agus Cnú Deireoil, crutaire Fhinn dá n-éisteacht nach dtaibhreochuidhe barr seirbhe nó binneas i n-aon díobh seach a chéile, agus go madh díreach an chosamhlacht dhóibh Imtheacht an Amadáin agus nár mhó an t-amadán é no an tí ba críonna eattorra-san. Ar láimh Chruim thug tú h'éitheach, a chuiteléir agus a mhada gan náire, 's a shoith ó chonuibh go daoine, a lot, a mhéirdreach agus a ghadhair gaoithe, ós é sin do cham-bhreith ba chóir a thabhairt ort féin íoc ar son an iomláin. Annso do mhionnuigh gach aon díobh nach íocfadh sé féin aon phinninn agus gurab é is fearr adubhairt an laoi. Annso do bhí éitheach agus bréag ó bheul go beul eattorra agus bagar agus batalacha. Tráth chonnairc Bulcán san imriosan sa iad do mhúch sé na coinnle .i. a gciall. Is ionnsin do ionnsuigheadar an bhuidhin sin nó an bunadh sin a chéile le pastanátuibh agus le sgeana fada fíor-ghéara, ag gabháil casgairt do na pastanátuibh céadna agus do na sgeanuibh i n-innmhe agus i n-easnachaibh agus i mblaosguibh loma lán-chruaidhe a chéile, i modh nár bhréine, nár bhroghuighe agus nár bhrocuighe fairre Chromuel i n-ifreann nó ionnsan adhbhuidh chraosta chrosda camramhuil sin. Do bhuail Bulcán buille san leithchionn ar Éamonn, agus gan é ar a choimhéad, do chuir galar creathach air agus do leag chum lár agus lán-talmhan é. Is annso do rinne beathadhach ceathar-chosach dhe re draoidheacht an draoi dhamanta romhráidhte. Iar so do fháguidh an coinbhliocht mar sin féin, agus do chuaidh ar cheithre cosa go fail fhuar-fhliuch mhuc do bhí i gcionn don árus ionnar choduil comh trom sin nár aithin Bulcán (do bhí dá thóruigheacht) ar a chuma nó ar a chruth, nó fós ar a shranfuidh, ba samhalta le gruntaoil
mhuice, nár mhuc mar gach muc eile é, ar son gurab é féin do chuir san riocht agus san chuma sin é. d'éirigh Bulcán ar maidin laoi agus leath-shoilsi ar n-a mhárach ag cuartughadh agus ag iarraidh Éamuinn, gi gur fada go bhfuair ameasg na muc dá únúmhairt é, agus a bhean na suidhe le n-a thaobh ag féachain ar dheilbh aingil ionna línéadach geal do bhí aice. Do thug Bulcán aire ro-gheur don deilbh agus adubhairt go meathfadh a ghaois agus a ghliocas air nó go mbiadh aige féin. Is annsin do fhiosruigh do Éamonn cad é an cosdus do bhí air tar éis na hoidhche. Atá a fhios sin agam-sa, ar an Iomchuibheacht, atá trí sgillinge air. Ar ndomhnach, ar Bulcán, atá trí thrí scillinge, agus níor fhan sé air. Do bhéirfinn-si an chuluidh Aifrinn, ar an bhean, agus ní raibh mé ar meisge nó ar boidéis, nach raibh air ag dul a chodladh dhó acht trí scillinge agus mas ar son a bheith na luighe san bhfail si atá an chuid eile air ba saoire dhó go fada bheith na luighe ar leabuidh chlumhuigh ná ann. Do bhéara misi agus an treabhlach uile an chuluidh Aifrinn gurab é sin an t-éitheach, go raibh deich sgilliona air ag fágáil na cuideachta dhó, ar Bulcán, agus don diabhal foghnamh bhí ar mhnaoi do anama riamh féin. Ní hamhras liom, ar an bhean, go mionnochuid ní ar bith a déarfus tusa, óir is daoine do do dhéanamh féin iad. Léig do do dhispóireacht, a mhéirdreach, ar Bulcán agus a mhuinntir, ag fuadach na deilbhe as ochras na mná agus annsin ag breith ar chionn agus ar chosaibh ar Éamonn agus do fháig amuigh ar an gcárnán é. Do lean an bhean bhocht é agus gan do mhaoin shaoghalta aice acht an gaidhrín do fholuigh sí ionna hucht do eagla chách dá shanntughadh, agus do bhrostuigh Éamonn chum siubhail agus ar an mbealach dubhairt go neimhneach feargach:
A Éamuinn, ar sí, dá ngabhthá mo chomhairle si ní bhiadh na neithe se mar atáid, mar ó thús ré do dhroch-chomhairle do chaill do bhuachuill a chluasa, agus do rinne comh neamh-spéiseamhuil sin air féin é go madh cuma leis créad a d'éireochadh dhó i modh nach fios dhúinn cionnas a sgar linn, agus is i n-aghaidh mo thola fós do bhean tú don robuire si do bhean mo sheod uasal díom. Éist, a mhuirnín, ar Éamonn, bíodh rath i mbun a chaithte, atá ní ag Dia 'ar gcuinne. Is maith ceart an ní dóthchus as Dia, ar a shon sin is gnáth go dtagann easbhuidh gan choidiughadh i ndiaidh diombail gan riachtanas, ar an bhean. Anois cia dtiubhram ar n-aghaidh? Ndomhnach is cuma liom, ar Éamonn. Ní hiongnadh liom, go deimhin, thú bheith tuirseach do do shaoghul, ar an bhean, déanam ar ár n-aghaidh, ní háit dhuinn annso. Do ghluaiseadar annsin go tuirseach diombuidheach deorach agus ní fada an fádhan do rinneadar fó an am a dtárla fear mór árd mí-ghnéitheach orra san gconair. Do bheannuigh go baidheamhuil muinnteardha dhóibh. A lánamhuin, ar sé, aithnighim ar bhur n-éadach agus ar bhur n-innioll gurab aduainibh san áit si sibh, agus ní dóigh liom go bhfuil dochar dhúinn fiafruighe díbh cia as a dtángabhair nó cia bhfuil ar dtriall? Níl dochar ar bith, ar Éamonn, as Baile Átha Cliath tangamar anois agus don chontae si atá ár dtarruing. Maiseadh, céad fáilte romhaibh, ar eisean, an bhfuil nuaidheacht ar bith libh ón tír sin as a dtangabhair? Níl go deimhin, ar iad-san. A thriath, maisi an dóigh go bhfuil eolus aguibh ar dhuine uasal is bráthair fogus dhamh-sa is an tír sin thoir cóigeadh Laighean, i mBaile Átha Cliath féin is mó choingbhios sé thoigheas .i. Alterman Cuirm Searbhandeire a ainm, presiodúin chóigidh Laighean agus árd-shirriam chontae agus Bhaile Átha Cliath? ar an t-an-aitheanta so.
Ná hiarr ní sa mhó do sheanchas dhuinn, ar iad-san, óir atá a fhios aguinn go leoir-fheabhus cia atá romhat .i. an sladuidhe, an robuire agus an róguire is córa dár iarr an diabhal ionna sheirbhís ó ruaigeadh as na flaithis é, dúl damanda nach ndeárna deigh-ghníomh dá laghad ariamh acht amháin gur choisg tart na heagluise gan mórán costuis, agus má tá gaol agad-sa leis ní hamhras linn go bhfuil tú go holc, agus cá hainm thú? ar Éamonn. Ní riachtanas sin do fhiafruighe, ar an bhean, óir aithnighim-si ar a bholg agus ar a ghné gurab é Sudhán siashúileach mac Coirce é agus más é, ós é gan amhras, ní thiubhradh sé maitheamh moide don fhear eile ar olcas i n-olc ar bioth. Is mise Sudhán gan amhras gan imriosán, ní shéanfainn mo ainm don ghiúistís, ar Sudhán, agus go loisgthear mé dá mbiadh mo ghunna agam annso muna sguabfuinn aon urchar amháin ann do chorp. Go loisgthear frissin thú, ar Éamonn, agus dá mbiadh sé ido láimh agad, do dhéanamh faitchios do do eascara, don deamhan eagla do chuirfeadh sé orm-sa, agus dhéana mé malairt pistil uair ar bith leat. Déanam anois maiseadh é, ar Sudhán. Ar fia déanam, cheana, ar Éamonn. Do chuadar annsin don arm-thor ba fuisge dóibh agus do fuaireadar comhgar maith púdair agus musgaid ann, agus do bhíodar ag losgadh púdair re chéile gur dalladh Éamonn. Gidheadh níor traothadh a mheisneach ar a shon sin; rug ar an mbodach agus do leag faoi é. Ní raibh piléir acu, acht do choimhéad faoi é gur fhuagair murdar, agus dubhairt an Strangach do ghairm asteach agus a bhata constabla. Do tháinig annso Uaitéir Strong asteach agus lorg imreamhar ionna láimh leis, agus an uair do shaoil buille do bhualadh san cheann ar an ngaisgidheach, ní hamhluidh thárla dhó, óir do rug an curadh greim sgórnuigh air do bhean tógail as, agus do chuir a thoin ós a chionn. Acht cad é do ba aill liom a bheith leis, don deamhan sin deor
a dfháguidh sé san Strongach nó san ochtar dearbhráthar do bhí aige, do ba comh mór láidir leis féin, muna raibh níos láidire, ní fháigfeadh braon i n-aon duine díobh muna mbeith Diarmuid Ó Codhlatáin táinig sa chíréib, agus tuairtearlín ionna láimh leis, agus gur bhuail buille feille ar Éamonn bocht do chuir i neul a mharbh-shuan é. Do rugadar annso air agus do theilgeadar ar bhara é, gidheadh níor leigeadh don mhnaoi a leanamhuin, óir do coingeadh í féin agus a gadhairín giní i ngeall re gach foghail dá ndeárna Éamonn. Tráth dhúisigh an goileach as a shuan agus go dtáinig go hiomchuibhe chuige féin, d'éirigh go prap na stuc-sheasamh, ag bualadh a chloiginn gan fhios dó féin ar an gcrann ós a chionn (ionnar fháguidh an drong shuas é), nach raibh árd go leór re é seasamh go díreach ann, gur hobair go leigfidhe a inchinn amach, acht do cuireadh na shuidhe arís é agus do fhan amhluidh gur imthigh an luige agus an mearbhall agus an buaidhreadh do bhí ionna chionn as. Annsin do chuartuigh gacha taobh dhe, agus an tan nach bhfuair a chéile do éirigh amach as an gcuais ionna raibh, agus do fhéach ionna thimchioll, agus an tan nach bhfacuidh acht fiodhbhudh agus fásach, agus nach bhfuair a bhean, do ghlac cinnmhire agus saoibh céille é, ag tarruing a fhoilt agus a fhionnadh, ar feadh teora oidhche agus teora lá, gan bhiadh, gan teine, gan leabuidh, gan tsuan, gan tsocruigheacht, acht ag scairteadh agus ag síor-ghlaodhach ar a bhean-chéile, nach raibh re fagháil i n-aon ionad aige. Do mhalluigh annso an uair do coimpreadh é, do geineadh agus do hoileadh é. Do smuain annso droch-bheart éigin do imirt air féin, acht thug trócaire doimheasta an Choimhdhe bruide ionna chroidhe, gur smuain aige féin dá dtugadh an-bhás dó féin go mbiadh go suthain síorruidhe i bpiantuibh ba mhíle mó nó péin ar bith dá m'fhéidir leis do fhulann ar an saoghul so. Do chuir so beagán forais ann (óir ba gaoiseach fíor-fhoghluma é) i modh gur ruaig sé na
smuaintidhe granna mí-nádúrdha do bhí ionna inntinn. Annsin do tharraing chum a mheabhra ar éirigh dhó, comh maith is do ba fhéidir leis, agus an tan nár bh'fhéidir leis an ní do bhí déanta a neamh-dhéanamh do chuir roimhe féin iar n-éirghe dhó a iomchar go foighdeach, agus leis an inntinn sin do fháig an t-ionad uaigneach allta so agus do ghluais ar a aghaidh, ní do thabhairt iarraidh ar áit áiride ar bith acht an áit ar thoil leis an chinneamhuin a threórughadh, fo íota agus fo lán-ocrus. Do bhí ag imtheacht i luas a luaidhnidh an fhad do bhí roimhe don lá, agus le tuitim na hoidhche do chonnairc bothán crom deatuigh a gcaithfeadh leanbh bliadhna go leith do aois cromadh faoi an dorus ag dul asteach ann. Do bhuail go hairgneach an dorus agus do iarr a léigean asteach. Do tháinig fear mór seiricthe sia-shúileach chum an doruis agus do fhosguil é, ag breith ar láimh ar Éamonn, ag fáiltiughadh roimhe agus dhá shocrughadh i n-aice na teine agus adubhairt: A dhuine uasail, an miste dhúinn fhiafruighe dhíot cá hainm thú? Ní miste choidhche, ar Éamonn; Éamonn Ó Cléire mo ainm. An tusa Éamonn Ó Cléire, ar an fear mór? Mas tú tá míle fáilte don toigh-si romhad, agus cia bhfuil an bhean do chualuidh mé do bheith ad' chuideachta? Mo chogús, níor lughuide tfháilte a beith ad'fhochair. Do choinge robuire dá ngoirthear Sudhán sia-shúileach í féin agus cuileán uasal do bhí agam uaim, ar Éamonn. Leabhar so, gi gurab é mo dhearbhráthair si é ba gnáth leis a bheith mí-mhodhamhuil stuacach, ar fear a toighe. Cá hainm thusa? ar Éamonn. Uilliam Riabhach do ghoir an sagart orm, ar an fear mór. An bhfuil fhios agad cad é táiplis imirt? Atá go deimhin, ar Éamonn, acht níl aon ní agam a d'imeoruinn acht mo chuid éaduigh, agus má imrionn tusa na n-aghaidh féacha mé leat é.
Ní féidir a fhagháil ón gcat acht a chroiceann, ar Liam (do leath taobh), ar láimh mo charas críost imeorad choidhche. Do léig Éamonn annso a chóta ó thús, agus na dhiaidh sin a chóta beag, a hata agus a charabhata, a bhróga, a stocuidhe, an t-iomlán go nuige an léine agus an léine féin fo dheire. Do fhiafruigh annso an raibh éadach eile astoigh. Níl, ar iad-san. Atá an donus mór air sin, ar Éamonn, más éigin dhamh a dhul amach san riocht so agus an oidhche a sioc. As do ba éigin dhó a dhul amach agus comh doith agus do chuir a chos taobh 'mach don dorus do buaileadh bos leis agus do fáisgeadh maide ar an dorus. An tan do bhí seisean réidh do ghread an dorus ag iarraidh a léigean asteach, acht do hinnseadh dhó don diabhal a chos, agus imtheacht le n-a ghnathuidhe. Is cosmhail, ar sé, go madh fearr dhamh go mór go mbeithdís gan déanamh go fóill. Siubhail chum tórramh do dhias cloinne atá faoi chlár, ar iad-san. An tan chonnairc Éamonn nach léigfidhe asteach é do fhéach 'na thimchioll agus do chonnairc crochta ar an bhfál sean-chodogha mór do bhí ionna srathair lán do lorg aillsi agus mairce an chapuill ar a raibh. Do rug air agus do rinne poll ionna lár is do chuir a chionn thríd an bpoll, i ngléas go raibh leith an chadogha roimhe agus an leith eile na dhiaidh. Trá chonnairc Éamonn é féin san chruth sin is é adubhairt leis féin: Arú, Éamuinn, an féidir gurab tú Éamonn Ó Cléire? Ndomhnach mas tú, ní tú Éamonn Ó Cléire do bhí a n-allód aguinn; is cosmhuile le Giobun a Ghiobuin thú nó le Éamonn Ó Cléire. Do bhí mar so ag gnáth-dhól san mbealach, go dtárla fear deagh-ghnúiseach, deagh-shúrrach air, ag gabháil re hais reilge teampuill, agus an tan do chonnairc an fear é do stad ar a chéim agus adubhairt: Conjuro te ut narres mihi quid vis ut pro te fecero. Adubhairt Éamonn dá fhreagradh:
Non opus est ut me conjures, nam conjuratus et valde turbatus sum ante. A mhaighistir, a ghrádh, ar buachaill do bhí i bhfochair an uasail, atámaoid ar lom-fhágáil. Cad é súd nó créad adubhairt? Éist, ar an t-uasal, tarruing do phaidrín amach agus guidh Dia, óir is spiorad é agus an uair chuir mise faoi gheasa é i Laidion do fhreagair i Laidion agus dubhairt go raibh geasa agus buaidhreadh go leor air féin cheana agus nachar riachtanas geasa nuadha ar bith do chur air. Is cóir adeirthear go mbí gach uile shórt teangan ag spiorad. Patér, patér, a mhaighistir, a mhuirnín, abair patér agus labhair Gaoidhiolg leis. An uair a d'aithin Éamonn an phradhainn ionna raibheadar do chuir búirfe an-mhór ar nós tairbh as, óir do aithin go fíor-mhaith go madh sagart an t-uasal; do rinn annsin meigiolla mar ghabhar, agus amhastrach mar mhada. Do léig annso an sagart é féin ar a ghlúinibh, agus é ar coimhchreatha, agus adubhairt: Neasguim féin ort a innsin dhamh créad é an buaidhreadh atá ort, nó an féidir liom-sa cabhair do thabhairt dhuit, agus mas féidir do bhéarad gan amhras, gan éara, gan imriosán dhuit é? Is féidir, maiseadh, ar an spiorad, agus i ngléas go dtuige tú siocair mo bhuaidhridh, an uair do bhí mé saoghulta mar ibh-se do thuit mé i dtinneas an-mhór agus thugadar mo leagha breitheamhnas báis orm, san modh go ndubhairt na huile nach raibh dáil éirghe go bráth agam. Do cuireadh fios ar shagart, do fuair mé ceart na hEagluisi. Annsin do smuain mé go madh cóir dhamh leagáid éigin do fhágáil ag an eagluiseach mhaith do fuair an uirdil sin do mo dhochar agus fuair seision. Ní raibh do mhaoin shaoghulta agam, dár bhfiú dhamh lámh do shíneadh dhó-san leis, acht léine chealtrach, nár chuir mé ar mo dhruim ariamh, agus péire bróg agus péire stocuidhe nach deachuidh ar chosa dhuine ar bioth ariamh. Do bhronn mé iad so dhó dá bhfaghainn
bás. Rugsan leis iad. Tráth fuair misi saothrughadh beag do hinnseadh dhamh go dtug an sagart an bronntanas ris. Nár théid seisean (ar misi) go flaitheas nó go hifrionn choidhche, nó misi fós, acht ag léimnigh idir neulltuibh, go mbeana misi léine, bróga agus stocuidhe dhe féin nó do shagart éigin eile ar a son, agus anois (tré mo mhallughadh féin agus mo dhroch-aisge) atá mé le trí bliadhnuibh 'mo gheoinneach direoil mar chí tú, ó shagart go sagart, agus ó thom go tom, agus anois tug mo aingeal coimhdeachta orm-sa theacht dod' fhorruid-si ag iarraidh fóirthine ort. Go bhfoirthear ort, is truagh do chor, agus ní thaisteochaidh mo chongnamh uait chum do leasa agus do shlánuighthe, ar an sagart, ag teilgean a bhróga, a stocuidhe agus a léine chuige, ag rádh: Ag so dhuit, agus mo mhíle beannacht chum do shláinte. Do ghlac an spiorad iad go fonnmhar agus adubhairt. Mar is lón anma agus cuirp dhamh-sa so go madh lón síorruidhe dhuit-si é. Do imthigh an sagart annso a nós a Mhaighistir, Íosa Críost, gan bhróig, gan bhútais, dá árus féin, do bhí a dó nó trí do mhíltibh uaidh, tré chuisne agus tré oidhre, ag innsin dá phubal go meinic ar éirigh dhó agus cionnus do shábháil sé anam. Acht dála Éamuinn: ar bhfagháil an gleus so go hamhantrach éadálach do chuir uime iad, agus do ghluais ba cuma leis cá hionad acht imtheacht ar a aghaidh, beul a chinn roimhe, go ráinig teagh ionna bhfacuidh soillsi agus ionna gcualuidh comhgháir iongantach neamh-ghnáthach. Do rinne go díreach ar an tsolus agus do fhiafruigh do aon bhí san dorus 'na sheasamh cia ar leis an áit sin, nó cia bhí 'na chomhnuidhe san toigh, nó cad é fáth nó siocair an gháire do chualuidh. Do fhreagair an t-óglach dhó agus adubhairt gurab í Maighistreas Púr bean an toighe sin, agus gurab é fáth agus siocair gáire an toighe .i. triúr robuiridhe do chloinn Éamuinn Uí Chléire, gibé duine é, do éag go hobann ann, agus is é is anmanna dóibh Misge Chiallgan, inghean Éamuinn, Gnáthól mhac Éamuinn, agus Sgab a bhFuair,
mac Éamuinn. Do eug an inghean don tinneas dá ngoirthear íota, do eug Sgab a bhFuair don tinneas dá ngoirthear pláigh na nGaodhal nó an luime, agus do éag Gnathól don chinnmhire. Ó, mo mhíle mallacht leo-san uaidh, ar Éamonn, is iad do chuir san riocht sa misi ionna bhfaiceann tú mé. Chaith mé ar thacair mo chosa agus mo lámha riamh ag iarraidh iad-san do chothughadh, agus ní feairrde iad-san é, agus do chuir siad an donus orm-sa. Ní cóir a gcur i roilig choisriogtha ar bioth, acht a losgadh agus a luaithre do theilgean re gaoth na gcnoc, agus fágaim féin mo sheacht mallacht acu ag imtheacht dhamh. Mo choinsias, ar an t-óglách, má imthigheann tú mar sin is tú athair is mí-nádúrdha dá bhfaca dearca daonna ariamh. Ar ndomhnach, maiseadh, imtheochad, ar Éamonn, ní ba fíor dhó, óir do ghluais as an ionad go prap, agus níor chuir bas teath nó fhuar ó shoin i leith orra, acht ag gluasacht roimhe, ba cuma leis cá hionad a dtreórochadh an cheinneamhuin é, ag iarraidh Sheáin Uí Dhéaghshaircín ó dhorus go dorus, gi nach bhfuair amach é go ndeachuidh go baile ionn nach bhfacuidh acht beagán toighthe ar n-a dtimchiolladh do ghortuibh móra cruithneachta, pise, pónaire agus eorna. Do thárla duine san mbealach air dár fhiafruigh cia bhí na chomhnuidhe san mbaile sin. Ní cuma sin, ar an duine, Maighistir Farmor bhíos ann. Mo thruagh, maiseadh, an eoluch dhuit-se duine bocht dá ngoirthear Seán Ó Déighsheircín? ar Éamonn. Is eol cheana, óir bhí mé seal ag siubhal leis, ar an t-óglach, agus is deimhin liom go bhfuil 'na stábla, a sgibeol nó i n-ionad éigin dá mbeanann leis an dúnuidh so. Chuaidh Éamonn iarso go dún an díolúnuigh romhráidhte, agus do chonnairc sean-duine taobh astoigh don ursain agus a bhearad ionna láimh agus tiach ar a thaobh aige, dár fhiafruigh ar bhfios dó an raibh Seán siubhlach Ó Déighsheircín san toigh sin?
Atá, ar eisean, créad é do ghnathuidhe leis? Ní ar tí aoinní do thabhairt dhó acht do-chum neithe do fhagháil uaidh atá mé aga iarraidh, ar Éamonn. Maiseadh, nár castar choidhche chugad é uaidh-san, agus gan aige féin acht an déighsheirce, ol an t-óglách. Is olc adeir tú sin, ar Éamonn, agus gurab cóir an déighsheirc féin do roinn. Is fíor sin, ar eisean, acht ní le bramaire lán do chosa agus do lámha mar thusa is cóir a roinn, agus fós re duine (féadfuidh) do chuir ar shaothruigh agus ar thacair sé go díomhaoineach droch-bheartach. Ní iarrfadh an t-athair an mac san mbacús muna mbiadh féin roimhe ann, ar Éamonn. Ní hamhras liom nó gur duine do chaith a sholáthar le baos agus le saoibh-chéill thú, nó nach dtiubhrthá baramhuil don tsórt sin do dhuine eile. Cibé ar bith mé ní féidir le do shamhuil si caimrian ar bith do ghabháil nach bhfaicthear dhamh é. Acht ar a shon soin cad is mian leat do fhagháil uaim? ar eisean. Ba mian liom congnamh comhairle do fhagháil uait-se, ar Éamonn. Do bhéara mé ní nach é sin féin dhuit, ar eisean, cuirfidh mé mo dhearbhráthair féin do dhéanamh treora dhuit ar feadh tamaill, agus is é is ainm do Luigh Asteach, agus bí go maith leis, agus muna mbiaidh tusa biaidh sé féin, óir is fear mór támhach é, gan tadamh chás aige ionna náire nó i spailleadh dá dtiubhrthar dó. Gluais anois an uair is toil leat, óir níl ní sa mhó agam-sa dhuit, acht ná himthigh go dtiubhra bean a toighe a beannacht dhuit. Creidim go bhfuil ocras ort. Atá, ar Éamonn, agus ní hiongnadh dhamh é, óir atá sé comh fada sin ó d'ith mé aoin-ghrim nach cuimhneach liom aoin-ghrim do ithe ar chor ar bioth. Maiseadh, ar Seán, do bhí an t-ionad sa seal agus ba forus biadh agus deoch do fhagháil ann: is é sin an tan do mhair Searataoi, an tsean-bhean, acht atá a hinghean anois, Seartaoi Bheag, os cionn an toighe,
agus ní bhiaidh sí choidhche comh maith re n-a máthair nó leath comh maith fós, ar son gurab di is fusa maith do dhéanamh, óir is í is saidhbhre go fada, fada. Gidheadh da madh léithe an saoghul uile ní bhiadh sí fial nó farsuin, creabhdog fhuathmhar ghránna nach dtógann a gob ón teine agus is fuaire i lár an tsamhraidh í nó an chuisne i lár an gheimhridh. Ar a shon soin féach léithe é. Do chuaidh Éamonn asteach agus do bheannuigh go hárd toranta agus níor freagradh an beannchadh, acht do thóig sisi (croidhe cráidhte) a cionn agus tug stuirr-fhéachuin thairste ar a gualuinn, agus do chrom annsin go prap arís, agus tar éis a cúig nó sé do chreaduibh do éirigh go haimhleisg 'na seasamh agus do thug annsin raoid beag aráin agus annluisge chuige, acht níor fhéach air. Do ith Éamonn go geanach an mhéid do fuair, agus do ba furas dó é óir is gann an síneadh láimhe tugadh dhó, agus adubhairt: Leabhar so, a bhean a toighe, is cóir do rinne tú gan napaicín nó éadach cláir do thabhairt dhúinn chum ár lámh nó chum ar mbéil do ghlanadh tar éis bídh, óir ní thug tú smeara ár bpuisíní dhúinn de. Má bheirim an urad úd do gach aon do do shórt-sa dá dtiuca dá iarraidh orm is gairid a mhairfeas ár n-agart nó ár n-airghe leis, agus dá dtugainn gach a bhfuil agam dhuit is é sin a bhuidheachas, ar an bhean, agus bí ag imtheacht le do ghráthuibh. Ná bíodh eagla ort, ar Éamonn, dá chruaidhe a rachas sé orm ní fhuireochaidh mé agad-sa. Annsin do imthigh is níor fháig beannacht i n-ionad a dhéighsheirce, agus níor stad go ndeachuidh asteach i dteagh do bhí ar bhruach coille roimhe san mbealach, agus ní fhuair ann don díne dhaonna acht aon bhuachuill amháin dar fhiafruigh cia raibh bean a toighe. Do fhreagair an buachuill dó i mBéarla (is cosmhuil go raibh glas Béarla air), ag rádh: The house is not married to any woman. To any woman, arú, ar Éamonn. Yes, ar eisean.
But where is the woman that uses to be in the house? ar Éamonn. She is go 'pon market, ar an fear beag. What market? ar Éamonn. The market of Newford, ar eisean. Arú what market is that? ar Éamonn. The market Nuadh-Átha in Irish, ar eisean. What business had she there? ar Éamonn. To buy trout going, ar eisean. What is that? ar Éamonn. 'Tis breacán in Irish. Arú how is it breacán, ar Éamonn. Breac is trout and fadhan is going, ar an fear beag. Indeed so it is, ar Éamonn. Where is the man of the house, or what is his name? ar Éamonn. Every man that is not on the house is off, ar eisean. And the man of the house, what is his name? ar Éamonn. It is yourself should have knowledge upon that, ar eisean, for you are the man in the house. But who is the husband of the woman that uses to be in the house? ar Éamonn. Mandark from two swan, ar eisean. Arú, ar Éamonn, what is it in Irish? Feardorcha Ó Dála, ar eisean. Don diabhal breug agad, ar Éamonn, and is he your father? ar Éamonn. I have no knowledge upon that, ar eisean, but 'tis knowledge with me that he is married to my mother. Ar láimh Chruim, ar Éamonn, is fíor dhuit sin, óir is críonna an leanbh a bhfuil fios a athar aige. But where is the man you have instead of a father gone? By my soul he go to kill man for money, ar eisean. Praisghé, ar Éamonn, is conntabhartach an áit si ionnar chas mé. Arú, where is he gone you say? To kill man for money, ar an fear beag. Ní mór gur sgar an focul re n-a bhéal faoi an am a bhfacuidh sé fear mór seiricthe buidhe ag teacht chum
an doruis agus sgian lán fola ionna láimh aige agus a lámha fós lán fola agus sraobhán fola go mór ar a éadan, agus é tar éis a theacht ó fhionnadh mairt le n-a charas Críost. Do bhí an t-óglach cam-shúileach fós agus níor lughaide an t-uathbhás é. Do chuir an t-amharc so agus mar adubhairt an buachaill beag his father went to kill man for money, a leithid sin do uamhuin agus do chrith-eagla i gcroidhe Éamuinn gur shaoil gan amhras gurab ó mharbhadh duine éigin do tháinig an fear mór, ní do thug air gur fhuagair murdar! murdar! go hárd, agus gur roith 'na bhuinne amach agus an fear eile ag cromadh asteach san dorus, i modh gur theilg Éamonn, ar a dhul amach dó, an fear eile ar a tharr i n-áirde agus do shaoil nár dhíon coill nó currach dhó. An fear eile, an tráth do éirigh go prap prímh-éasguidh 'na sheasamh, ag fiafruighe: Cad é an diabhal úd? Annsin ag tógáil trí nó ceathair do chlocha móra garbha i mbeinn a bhruit, do lean Éamonn le hinntinn dá madh fhéidir leis é críoch a chur ar a shaoghul. Acht ní rug air i n-árd nó i bhfána go ráinig an choill, ionna ndeachuidh amugha ar a thóruidheacht. Acht an tan a dfháig an choill do thárla fear mór dhó san chonair agus croiceann mairt ar a mhuin leis, agus do fhiafruigh de créad é fáth a dheithnis nó an luas anála do bhí ann. Do aithris Éamonn dó ó úd go finit mar do chualamar cheana focal ar fhocal, comh sothuigsi sin gur thuig an t-óglách créad ba siocair dámhna dhó, agus dá mhéad do chuir báthadh na haon bhó (a raibh a croiceann ar a mhuin) air, níor fhéad gan a bheith ag réabadh a chroidhe ag gáire faoi shimplidheacht an duine. An ag mogadh chugam-sa atá tú? ar Éamonn. Is eadh go deimhin, ar eisean, agus ní hiongnadh dhamh é agus biaidh tú féin ag magadh fút féin an uair a thuigfir cionnus a d'éirigh dhuit. Caras Críost dhamh-sa an fear sin ar a bhfuil tú ag caint, agus is é fuil na bó ar a raibh an croiceann si an fhuil do bhí ar a sgíon agus ar lámha an Killman sin do bhí an
gearrabhodach innsin dhuit. Cill Mhana, an baile ionna mbím-si é, ar sé. An bodach gearr mac mo cháirdios, atá glas Béarla air; níl acht le mí ar scoil. Ar fia, ar Éamonn, níor chuir aon duine riamh a leithide do phongc diospóireacht orm-sa as do chuir sé orm, agus ar a shon sin tabhair mo bheannacht dóibh an uair chífeas tú iad, castar na daoine ar a chéile agus ní castar na cnuic. Féadfuidh go bhfaicinn-si iad fós. Do chuireadar beannacht re chéile, an t-óglách ag síor-gháire, gidheadh ba deacair gáire bhuain as Éamonn. Do shiubhail má ba fada nó gearr an lá agus le tuitim na hoidhche do ráinig gráig-bhaile mhór ionna raibh mórán toighthe agus stácuidhe arbha ar chúl gach toighe dhíobh. Do iarr Éamonn fosgladh ag an gcéad toigh do ráinig chuige, acht do fuair éara. Do fhiosruigh cá hainm do bhí ar fhear an toighe. Do Mhuinntir Dhoithfiolluigh, ar an fear astoigh, é féin agus a bhean agus a chlann agus a mhuinntir. Mas eadh dithfioll ag Dia roimhe ibh-se, ar Éamonn. Do chuaidh do chorp feirge i mullach a toighe agus do chaith steáll (d'uisge salach) síos ar mhnaoi an toighe ionna méis mustaird do bhí sí a bhrughadh, ní do bhean gite comh mór sin aiste gur thuit an mhias agus an mustard uile ionnsa teine. Do thuirling, agus do fuair an freagradh céadna ag an gcéad dorus eile chum a ndeachuidh sé, agus ó nach raibh díoghaltas dá atharrach aige re déanamh orra do smearuigh sluasad agus spád a dfháig fear a toighe le dearmod don taobh amuigh don dorus. Do ghluais roimhe dá éise so go toigh eile, agus do chonnairc bean an toighe é (agus pál uisge ar a cionn) ag díorughadh ar an teagh. Do leag an pál di agus do roith i luas a cos asteach agus do dhúin an dorus amach na aghaidh, agus é ag déanamh a dhichioll ar a bheith astoigh comh doigh lé isi. Acht an uair do chonnairc gur choinge amuigh é do bhean an tóin as an bpál, agus do chuaidh go dorus eile agus fuair diúltadh mar an gcéadna. Do chonnaircsan mar an gcéadna sealbh mhór mhuc ar an tsráid agus ar bhfosgladh
doruis an gháirdín do bhean leis an toigh dhó do thomáin asteach ann iad. Acht cad ba háill liom dá chur i liostacht, níor fháig dorus san mbaile ar fad nár bhuail agus nár dhiúlt a leigean asteach agus nár imir sé biarran éigin orra go ráinig an teagh is faide amach san mbaile, ag a raibh a dhorus fosguilte, agus fear a toighe na sheasamh san dorus. Do shíl Éamonn a dhul asteach go ndubhairt fear an toighe: Fóill, fóill, cá bhfuil tú a dul? Ba mian liom a dhul asteach, ar Éamonn. Is teann mar sin é, ar eisean, agus adubhairt: Cia hé sin ad' chuideachta? Is é is ainm dó Luigh Asteach, ar Éamonn. Luigh Asteach féin? ar eisean. Luighfead cheana, ó dubhairt fear a toighe liom é, ar Éamonn, ag roith asteach agus ag suidhe ag an tine. Tráth chonnairc cách nach raibh neart air chuadar chum ciúnuis. Tar éis Éamonn a bheith tamall dá ghoradh féin adubhairt: Is dóigh liom gurab do Mhuinntir Dhoithfiolluigh a bhfuil ar an mbaile si uile. Is eadh go deimhin, ar fear a toighe, acht misi atá do Mhuinntir Dhubhrúin. Leabhar sa, ar Éamonn go socair, ní dona sloinne acu. Acht do ith Éamonn gacha bhfuair le n-a ithe agus do luigh ar bheinnse bheag luachra do bhí le n-a thaobh, gi nach bhfuair codladh ag méad a fhuachta agus ag iomad a smuaintidhe. Comh luath agus do éirigh muinntir an bhaile ar n-a mhárach agus do chualadar cár choduil an tí do rinne gach biorrán orra dár dearnadh an oidhche roimhe sin, do chuireadar fios ar bharántas agus ar chonstabla agus do ghabhadar Éamonn agus é ag cromadh amach san dorus. An uair do chonnairc Éamonn sin do chorruigh é féin go miliota mear-chalma; agus do aimhdheoin a gcumhachta agus neirt an iomláin do sgaoil Éamonn as a lámha, acht do fháig an chuid do bhí i dtaobh a chúil dá chadogha na dhiaidh. Do raith
sé annso na ghaisithe géara groid-mheara agus na thulcuibh teanna treun-bhorba agus na bhuinnibh beodha bioth-bhuana, go ndeachuidh fo choill dhlúth dhorcha chomh-aimhréidh agus gur roith ar fud na coille céadna agus iad-san ag táirim air ar feadh draighne agus dreiseacha go ndearna fa dheoidh geoinneach giobuch srangánach, gan éadach dhe, agus nár fháguidh folt no fionnadh nó croiceann air gan bhrughadh gan bhriseadh gan mhór-strócadh, agus iad-san roimhe na dhiaidh agus ar gach taobh dhe, gur bhean dorchacht na hoidhche dhíobh é. Thug uamhan agus mór-eagla air gur fhan san gcoill sin ar feadh míosa (ag teacht i dtír ar sméara, mheasóg, áirne agus gach meas fiadhain eile thagas ar choill) fa ghleo agus fo dhoirbh-thuirse, ag mallughadh ló a gheine, a mhná, agus ag guidheadóireacht agus ag eascaoine air féin nár sheachuin na lochta ba cionntach le n-a mhnaoi sgaramhuin leis, ag tabhairt móide agus móir-mhionna agus ag cur Dhia na urradhas air, dá dtigeadh sí abhaile aon uair amháin chuige gan áireamh ar a ghníomh nach ndéanfadh uiread le bréithir dá laghad i n-aghaidh a tola go bráth. Do shuidh annso ag gul, caoidh agus ag gnáth-dhól agus do chonnairc sgian bheag phóca ar an talamh re n-a thaobh. Do thóig í go luathgháireach, ag rádh go madh sona an ní iarann do fhagháil amuigh. Do tharruing leis an sgian bheig sin ar chrann fuinnseoige na rainn bheaga so síos: -
Och monuar mo chor, Truagh 's is bocht mo chaoi, Seal do bhí mé beo Ní dhearnas stór do ní. Mé níor smuain ar aois Go raibh sí mo chionn, Go teacht dhi gan fhios, 'S mé gan chiste cruinn.
Tá mé 'nois go lag, Tá mo dhearca caoch, Tá mo chorp gan sgéimh, Tá mo ghéag gan bhrígh. Mallacht ort a dheoch, Truagh nar crochadh thú Suil do chailleas threod Dia, mo stór 's mo chlú. Misi féin an fear Thréig mo rath ar lionn, 'bhFuaras, sean is óg, Shluig mo sgóig gach am. Mallacht do gach aon Chaitheas aois mar mé, Tug mo rath ar bheóir, Do rac mo stór ar scléip. Do sgar crádhbha liom, Beag mo shuim i nDia, Aithrighe tré mo choir Ní dhearna misi riamh. Aifrionn buadhach binn Bhíodh i gcionn don teagh, 'Sa gcionn eile ag ól Bhidhinn-si, sgóig gan rath. Dia agus fuil a Mhic Minic sin 'mo bheul, Ní mar adhradh dóibh Acht re spóirt dham féin.
'N ionad paidre caomh, I dtoiseach bídh is suain, Chleachtas sgéal is práisg, Bréag gan áird is uaill. Ba céad binne rann Graosta cam gan stuaim Nó trí chaogad psalm 'N éisteacht fann mo chluas. d'imthigh uaim mo chiall, Deir an chliar gur cóir Mise dhul gan sgíth I n-éadach lín don Róimh. Och, och, och, och, ón M'ádhbhar bróin mar táim, Caoch, lag, aosta, crón, 'S mé gan stór um láimh. Dia dá dtugadh dhamh Teacht ar ais dom' mhnaoi, Seal do bhiad-sa beo 'S beag an t-ól do ním.
Ar gcríochnadh dhó do thuit na throm-shuan codlata, agus so Dia Domhnuigh, tráth is gnáth leis an bpubal sgaoileadh ó Aifreann. Do chuaidh aon do bhuidhin adhbhal (do bhí i gcuideachta 'chéile ag teacht ó Aifrionn dá n-árus féin) i leath taobh asteach fon gcoill (do bhuain mhaide), agus do hárla go ndeachuidh mar a raibh an gheilt si na shuan os comhair na gréine, na gheoinneach lom thárnochtuighthe, taobh le lipéad beag, a dfháig na dreiseacha aige don léine fuair ón tsagart, agá fholach. Má (bhuain an t-óglach an maide) ar aon
chor atá fhios agam nár fhan sé le (na géagáin a bhuain de), agus má dfhan nár fhan le (aon ní eile) go ráinig a chuideachta, dár aithris méad uathbhás an amhairc do chonnairc. Dubhairt cuid díobh gurab é an tí do imir na gámaoidh ar mhuinntir Dhoithfiolluigh agus gur cheart a ghabháil, agus leis an inntinn sin do ghluaiseadar do aoin-bheul agus do luigheadar shíos air agus do cheangladar é. Tráth chonnairc Éamonn gur gabhadh mar sin gan fhios é, do fhás uamhan agus critheagla ar feadh a bhall feardha fíor-chalma, ag meas gurab iad muintir Dhoithfiolluigh do tháinig air. Do smuain annso ar bhailbhe bhréige a leigean air féin, go m'fhéidir nach n-aithneodaois é. Do labhair cuid díobh annso leis ag rádh: Nach tusa an díolúnach a d'imir cleasuigheacht ar mhuinntir Dhoithfiolluigh i mbaile na mBodach? Do rugsan le n-a mhéar ar bharr a theangan, ag déanamh comhartha go raibh balbh, ag tisbeánadh a theangan dóibh, dubhairt: Ang, ang, ang. Ndomhnach ní hé so é, ar cuid díobh, óir is beacht an t-urlabhara do bhí aige. Mo bhriathar, ar cuid eile, creidim nach é. Is é is déanta, ar iad, a bhreith a láthair an tsagairt atá ag baisdeadh páiste i dtoigh mhic Uí Dhubhrúin. Mo chonsias creidim gurab é, ar an t-iomlán. Do éignídar leo annso é, agus an tan do chualuidh Éamonn bocht iad ag rádh a thabhairt go toigh mhic Uí Dhubhrúin, mar a raibh sár-eolus air, do bhí deimhnioch go raibh ar lom-fhágáil, agus ní raibh neart air, fa héigin dó gluasacht, agus an tan rugadh a láthair an tsagairt é do léig é féin ar a ghlúinibh ionna fhiadhnuise agus do chrom a chionn go huirísiol dó. Tráth chonnairc an sagart so dubhairt a scaoileadh go bhfaicfidhe créad do dhéanfadh, agus nár bh'amhrus leis gur bhang nó geasa do bhí air. Comh doigh is do scaoileadh, do bhí dá choisreagadh féin go teann, agus do shuidh ag an tine tar éis an leanbh do bhaisteadh. Do shuidh an
sagart, agus tugadh leann agus uisge beatha anuas. Tráth chonnairc Éamonn so do chraith druim a lámh ris an tsagart ag rádh go hárd: Bháth, bháth, bháth. Agus annsin ag teilgean a dó nó trí do smugshoilibh amach, do raith chum leabhair do chonnairc ar fhuinneoig ós a chomhair, agus comh luath agus do fhosgail an leabhar céadna do thug teóra póg dhó. Do fhiafruigh an sagart do fhear a toighe cad é an leabhar sin do casadh chuige, do chuir an urad sin luathgháire air. Atá, ar fear a toighe, Trí Bior-ghaoithe an Bháis. Nár innis mé dhuit, ar an sagart, gurab bang do bhí air? Do chuartuigh Éamonn an leabhar go bhfuair an áit do bhí uaidh, agus do leag méar air don tsagart chum go léigheadh sé é. Do léigh an sagart tagra mór i n-aghaidh na pótuireacht agus a liacht olc agus mí-chomhgar a ghreamuigheas di agus ar liacht díoghaltas saoghulta féin a leanas í, agus gan áireamh ar na piantaibh suthain le bpréachtar lucht a gnáthaighthe i n-ifrionn. Ar mo choinsias, ar an sagart, is duine maith an fear úd, agus ná cuiridh saobh-nós ar bith air, agus tugaoi ní re n-ithe dhó. Do tugadh agus do ith go madh sáthach roilíonta é, agus an sagart da choimhdeacht. Tar éis na proinne sin do ithe dhó agus buidheachas do thabhairt do Dhia, do chorruigh a chorr-mhéar ar an mbórd i bhfiadhnuise an tsagairt dá chur i n-umhail dó gur mhian leis ní éigin do scríobhadh. Do thuig an sagart an comhartha agus tug peann, duibh agus páipéar dó. Do shuidhsan ag an mbord agus do scríobh mar so: A Athair oirmhidnigh, mas fiú leat a léaghadh, scríobhfa misi dhuit, an uair nach féidir liom a innsin le briathruibh béil, sgeul iongantach uathbhásach. Do bhí mé oidhche Shamhna so chuaidh hort agus mo phaidrín ar mo mhéir agam go huaigneach ionnsa roilic i gCluan Mhic Noisi, ag smuainiughadh go ndoilgheas adhbhal ar iliomad mo locht, agus i meodhain mo stuidéara do
chonnairc mé corp ag tógáil a chinn as an bhfeart ba neasa dhamh, agus dealbh ghaothach ghrianamhuil ós a chionn, agus an corp céadna ag fás go méid iongantuigh, agus do réir mar do mhéaduigh an corp do mhéaduigh an deallradh mar an gcéadna. Do líon mo aigne lán do iongantas agus do uathbhás agus, ní hamhras duit, mo chroidhe agus mo chéadfa uile lán do uamhan agus do imeagla, agus do theilg mé mé féin ar m'éadan chum lár agus lán-talmhan, gi go dtug an deallradh do chonnairc mé meisneach agus méad mheanma dhamh, ag smuaineadh nach biadh deallradh nó glé shoillsi dá shamhuil sin ag faire ar dhroch-spiorad. Acht níor chian san mearbhall sin mé an tan do labhair an taidhbhsi céadna agus adubhairt: Éirigh, déan meisneach, thug aithrighe caon-dúthrachtach na hoidhche nocht fadughadh saoghuil dhuit nár thuill do mhí-ghníomha dhuit, acht caithfidh tú duadha saoghulta do fhulang ar feadh dtréimsi go ndéanuidh tréaduidhe éigin culaidh dhuit, do bhras-lomradh a thréada. Uime sin, teilg dhíot h'éadach agus imthigh 'do gheoinneach bhalbh go dtí sin. Agus atáim amhluidh ó shoin anall agus mo mhíle creach biad amhluidh go fuinn mo bheatha, óir is do-fhaghála an ní adubhairt. Agus do imthigh as mo amharc annsin i bhfíoghair choilim. Do ghlac mo éadach féin teine gan duine daonna ar bith a bheant ris. Ag sin dhuit, a Athair oirmhidnigh, siocair mo noichteacht, mo bhailbhe agus m'fhiadhántacht féin. Thug annso an chairt le léaghadh don tsagart, is do léigh an sagart an chairt romhráidhte go fír-mhinic agus do mhion-sgrúd gach briathar fo leith di go fad-stuidéarach. Annso adubhairt gur thuig diamharún na mbriathar ndorcha sin do bhí san scríbhinn, agus adubhairt leis an ngeoinneach meisneach do dhéanamh agus go scaoilfeadh féin a gheasa. Do thógsan a dhá láimh suas agus adubhairt: Mhá, mhá, mhá. Do rug an sagart leis abhaile dá thoigh féin é, agus do bhí go maith leis gus an Domhnach da gcionn.
Ionnsin do rug leis go pubal an Domhnuigh é, agus do léigh an chairt romhráidhte agus do mhínigh an diamharún do bhí innte .i. éadach a dhéanamh, mar dubhradh cheana, gur bh'é féin an tréaduidhe agus gur bh'iad an comh-chruinniughadh an tréad, gurab é an lomradh gach toice agus gach saidhbhrios dá raibh ag an choimhthionól chríostamhuil, agus gurab é an bras lomradh ar a dtráchtann an scríbhinn an t-airgead brais nó umha do bhí ag an tréad .i. an pubal. Do mhínigh mar an gcéadna an bhang do neasg an spiorad ar an ngeoinneach bocht bhí ós a gcomhair, agus cionnas a coimhlíonfuidhe agus do scaoilfidhe gach geis dár cuireadh air, is é sin gach aon do réir a acfuinne do airgead brais do leigean amach ar éadach dhó agus go dtiucfadh a chaint chuige. Do rinneadh so go fonnmhar, agus go héaduigheadh é go clúthmhar seasgair ó bhonn go baithis. I ndiaidh a bheith úmuighthe seasgair mar sin dó do léig é féin ar a ghlúinibh, ag tabhairt scaoi do-áireamh do bheannachtuibh dúthrachtacha dhóibh uile, agus go mór-mhór don tsagart agus adubhairt: A dhaoinibh uaisle, ar sé, níl sé ceaduightheach agam-sa ní sa mhó do chaint do dhéanamh go filleadh ó Loch Dearg dhamh. Annsin do chraith lámh leis an tsagart agus do imthigh gan mhoill go Loch Dearg, agus do thug a thuras go cráidhbheach caon-dúthrachtach, san riocht sin gur shaoil na huile dá bhfacuidh é go raibh cosamhlacht air go naomhthaoi é. Fágamaoid mar so é trí mhí, ó chill go tuath ag líonadh fuinn fódbhán Fódla do thásg agus dá theastus agus do mhór-chlú a throisgthe, a thréithe agus a thréidheanais, san modh go dtáinic i n-éisteacht an draoi Aodhagán Feartach, ní do thaitin go mór leis agus comh mór sin go ndubhairt: Ó chím gur atharuigh sé a bhéasa agus go bhfuil ar tí a bheatha do leasughadh, bhéara mé mo chongnamh dó chum a mhná a fhuasgladh agus do chum a gcur a mbeith
fuileamhnach chum a mbeatha do thabhairt i dtír go neamh-thoileamhnach le lucht táir agus fuatha, agus leis an inntinn sin do chuaidh go huamha uaigneach faoi thalamh a stuidéir. Is annsin do chuir a chochall buadhach dorcha dealbhtha draoidheachta agus dolpha uime' chionn fiosach foghlumtha follusta fír-eolach agus do ghlac iar sin a shlaitín bláth-bhán coimh-reamhar coimh-réidh, lér ghnáthuigh a ghaois a gheasa a dhanainn agus a ghliocas a dhealbhadh a shocrughadh agus a shuidhiughadh, agus do bhean fáinne fairsing fíor-chruinn léithe 'na thimchioll féin. Annso do thug teóra póg ar a ghlúinibh dá shean-mháthair .i. talamh. Annsin do cham sé a bheul agus do fhiaruigh sé a shúile ionna chionn agus do chuir guin agus roinne fíoch agus feirge ar a dhreich dheallruidh agus ar a gheal-ghnúis agus do rinn é féin ar chuma uachuide do oibreochadh spaspas, uamhan agus crith-eagla i gcroidhe an tí is dána agus is meisneamhla do dhúluibh daonna an domhuin dá bhfaicfeadh san riocht sin é. Do fhéach annso ionn sna ceithre hárduibh gacha taobh dhe .i. soir agus siar, ó dheas agus ó thuadh, do ionntuigh ma gcuairt fa thrí agus do chuir teora glaodh feardha fuaimeamhuil fad-chlusach as, do chualathas ag gach coirneál don chruinne chathfuidh cheathar-rannuigh, agus do shéid punainn ionna stoc sgairteach sgal-árd agus adubhairt an orrtha romhuinn: Ipse non alius per virtutem cantationis Medicae dico, mando et impero ut huc nunc ad me veniant Reginae Rathcruachan Síthúna Sítháine atque Cnocaiste cum suis sequasibus et hoc sine mora, non cito, sed citissime faciant amulo amili a molo t-ámén, go dúthrachtach diadhanta. Annso do shinn a bhuabhall fuaimneach agus leis sin féin do tháinig trost, torann agus tormán do chorruigh agus do chuir na dúileibh agus na hárd-ranna ar coimhchreathadh. Is annso táinig na ríoghanuibh romhráidhte agus ceithre lóchruinn lasta lán-shoillseacha (ionn a lámha míne maiseacha méirleabhra) riu. Táinig ann mar an gcéadna Dis,
Cerberus, Abiron, Megéara, Nemessis, Cloto, Lachesis agus Atropos agus an chuid eile do dhuibh- threabhlach Ghehena rompa agus droma mór-fhuaimneach ag gach aon díobh dá chruaidh-ghreadadh, i modh go raibh na huile cinnte dhe gurab é luan an laoi bhrátha do thárla ann. Do labhradar na ríoghanuibh romhráidhte leis an draoi go bhfeirg mhóir agus go mothughadh adhbhal ag fiafruighe go géirneimhneach créad í fáth na garma sin do chuir orra. Atá, ar sé, ag tógáil a chinn, pradhainn gan chompráid agam ribh, is é sin, file fír-ghéar faobhrach darab ainm Éamonn Ó Cléire do hoileadh agus do hailtreadh go muirneach ris na Miúsuibh ar Chnoc aoibhinn Helicon i mullach Shléibhe Parnasus do bhronn gach ar thacair ariamh ag toileamhuin clú dó féin do Bhacus agus do na Miúsuibh; anois aosta anbhfann, 'na dhíol truaighe ó do sgar a bhean mhaith ris .i. Iomchuibheacht, inghean Fhortúin. Ba mian liom re toil bhur mórdhacht-sa sibh do fhuasgladh na mná céadna dhó ón mbruid ionna bhfuil, agus gach aon díbh do thabhairt tabhartas fo leith dhóibh, agus an chéad uair ceithre buidéil, is é sin buidéal an bhean aguibh, do uisge an tobair bheannuighthe Crisorius atá san Arcadia do thabhairt re n-ibhe dhó. Cóimhlíonfaimíd h'aithne, ar iad-san, do aon toil, agus créad is riachtanas dhúinn uile dhol i gcuinne an uisge sin? Cuma liom, ar Aodhagán, acht go bhfuighe seisean le n-a ól é. Do bhí Proserpina, bainríoghan ifrinn, a láthair agus adubhairt gi nár bh'é a gnathuidhe féin é go gcuirfeadh aon dá cuideachta féin na gcuinne. Do thugadar uile buidheachas di. Annso chuir aithne ar Cherberus a thabhairt leis é. Ní easumhlacht, ar Cerberus, do bhéaradh orm gan do thoil do choimhlíonadh acht easbhuidh lúdh, óir níl siubhal nó astar ionn mo luidnibh ón mbrúghadh do thug Hercules ar mo cheathramhna an lá do mharbh mé
Piriteus, a chompánach, i n-ifreann agus sin ar do shon-sa, mas cuimhneach leat é? Is cuimhneach go deimhin, ar isi. Siubhail thusa annsa turas úd, Abiron, ar sí. Ní rachad, don diabhal coiscéim, ar Abiron. Amhgar ort, ar isi, is tré h'easumhlacht don mhaighistir mhaith do bhí agad do dhíbir uaidh go hifrionn thú, agus bhéara misi air h'easumhlacht (i n-áit aduain) dam a chúitiughadh. Don diabhal beann (biorráin) agam-sa ort, ar eision, ní féidir libh misi dhéanamh ní os measa nó níos dona nó atá mé. Coimhnigh féin ar a bhfuil tú ag rádh, ar isi. Siubhail annsúd a Dhis, ar sí. Ní rachad, ar eisean, agus is iongantach liom go bhfuair tú ionnad féin a leithide a luadh liom, agus má tá tusa 'do ríoghan atá misi 'mo phrionnsa. Siubhail thusa annsúd a Chlóto, ar sí. Ní rachad, ar Clóto, is leor liom a bhfuaras do dhochar ag cíoradh agus ag ciamáil na holla dá ndearna mo dheirbhshiúr Laichesis snáithe a bheatha. Tiaigh Iachesis féin ann, ar sí. Ní rachad, ar Lachesis, agus saoilim go bhfuilim ag déanamh go leor i n-aisge dhó, isé sin, ag tarruing agus ag casadh snáithe a bheatha ó ló a thuismidh go so, is gan fhios agam créad é an fáth. Siubhail annsúd a Atropos, ar isi. Ní rachad, ar Atropos. Caithfidh tú dhul ann, ar isi. Go loisgthear mé má théighim, ar Atropos, muna ngearra mé snáithe a bheatha, a shláinte agus a shaoghuil. Cosmhuil, ar si, gurab fearr dhúinn leigean dhuit, ar isi. Siubhail annsúd a Nemesis agus gluais go tapa fós, adeirim riot. Both, both, ar Nemesis, is dóigh liom gur bagar é. Mo chrochadh go bhfágha mé má théighim-si annsin, muna ngabha mé do mheadóig ann san chéad áit a dteangmhuigh sé orm, i ndíoghaltas mo thrioblóide.
Ó, is fíor dhuit, sí sin do cheird, ar issi, agus do ealadha, óir is tú féin beandhia an díoghaltais. A Mhegera, an racha tusa annsúd? Ní rachad, ar Megera, níl mé comh maith sin dhó féin nó do dhuine ar bith eile is a dhul an fad soin ar mhaithe leis. A mhéirdreach dhána, ar isi, dar céird mailís, fuath, feall agus urchóid, is díreach thig tú lead ainm crosta, coiripe, coinneallbháite .i. díbhfeirg. Cionnus a léigeas an dánacht dhuit a leithide do fhreagra do thabhairt orm? Ar Megera, dá freagradh: Ná goir méirdreach dhíom-sa; is córa a ghairm dhíot féin é, ós tú an malluightheoir do bhí pósta ar Orpheus agus do bhí san am gcéadna 'do mhnaoi ag Plúto agus do fhan i gcomhnuidhe san sglábhuigheacht céadna aige, agus níl acht nós an choiligh gaoithe ionnad. Cuma é, cuma é, a bhean uasal, ar issi. Ndomhnach is cuma agus is ró-chuma, ar Megera. Well, well, ar issi, nár ba slán na slinnéin íocfas na cainteanna sin, agus creidim gurab é an freagradh céadna nó freagradh comh dona a gheabhus mé ón iomlán aguibh. Ná déan amhras de, ar iad-san, do aon-ghuth. An uair do chonnairc sí méad a mí-mhúinteacht do chuir fídeog do bhí aice ionna beul agus do bhuail port roingce uirre, do bhí comh géar comh árd agus sin go gcualathas ar feadh na cruinne agus níos faide é. Do tháinig annso giúrnáil throstamhuil agus girle guairle gaoithe do rug 'na gcaoruibh lasracha tréas na firmhemintibh iad, ag fágáil ceithre mbuidéil do uisge an tobuir romhráidhte ionna bhfiadhnuise acu, chum iongantais Aodhagáin agus na mbainríoghan. Tráth chonnairc Aodhagán gach ar thárla dubhairt: Beannacht libh, a mhná uaisle, bígidh ag imtheacht feasta, a coimhlíonadh gach ar haisgeadh oruibh. Do dhúin a leabhar annso, ionna raibh gach orrtha agus gach oráid le a ndealbhadh a dholpha, agus comh
luath agus do dúnadh é do neamh-fhaicsigheadh iad agus do imthigh gan dubh gan dath. Fágamaoid ar bhealach tré gach anach ar mhian leo féin a ghabháil iad, agus mas mithid dhúinn é casamaoid ar Éamonn. Do fhan ar Loch Dearg trí mhí comh cráidhbheach sin gur sháruigh an uile a fhoillsiughadh. An uair fa mhithid leis an t-ionad cráidhbheach deagh-shomplach so ionna raibh do fhágáil do fháig beannacht ag cách agus do bhí beannacht ó na huile leis. Do ghluais i n-aithghiorra gach conair ag triall ar ais don ionad ar threoruigh a aigne é. Do bhí anois, ní hionann agus ariamh roimhe, aire aige air féin, aga chongbháil go dathamhuil agus do cheartuigh é féin go cruinn cliste púdarrtha bláith beárrtha beitir, ionna chuluidh chóirighthe déanta, mar dubhradh roimhe, do bhras-lomra. Lá n-aon dá raibh ag gabháil tré dhíthribh allta uaigneacha na contae i dtárla, do chonnairc an bhuidhin bhan ba bhreagha dá bhfacuidh dearca daonna ón chruthughadh gus an lá sin, ag déanamh go díreach ar an gcuid don mhoigh ionna raibh. Do bhí ceathrar eatorrtha go ndeallradh n-iongantach agus ceithre coróna áluinn aithleaghta uime a gcinn flaitheamhla fionn-fholtacha, agus céad maighre maiseach mín-dealbhach i sról shnuighte shnas-bhán ag faire, ag coimhéad agus ag coimhdeacht gach aon do na ríoghanuibh Fauni, Siorruidi, Naiades, Cnoicsith gealtáin agus Collaithidh ag clasuigheacht agus ag comh-roingce riompa na ndiaidh agus ar gach taobh dhíobh; bean i méad mheadhonuigh idir na ríoghanuibh roigheamhla-sa agus brat go n-imlibh n-óir ar a haghaidh, ag folach a deagh-ghnúise, agus na ríoghana agus na huile eile i gcaidreamh i gcaoineas agus i gcombáidh ria. Do fháig an t-amharc iongantach an-annamh so Éamonn gan bhrígh, gan bhéim, gan spiodal, gan chorrughadh i mball dá bhalluibh, gur sheas agus gur thocht an ghasruidh nuaidh-gheal niamh-chrothach so ar feadh dtréimsi annsin, go ndubhradar do ghuth ghenearálta mar do thiucfadh as aon bheul go madh dualgas fír-cheart dleachtach cochorum toiseach faire
agus friotail a thabhairt do ríoghan réagáileach Ratha Cruachan. Do thochtadar an ath-uair annso agus adubhairt sisi annsin (ag cromadh i gcomharthacht buidheachais dóibhsean): Éamuinn Uí Chléire, is é fáth ár dturais annso indiu, Aodhagán Feartach le n-a ghaois agus le n-a mhóir-eolus do chuir gairm oruinne, ceathrar bainríoghan atamaoid annso, ag aisgeadh oruinn agus ag greamughadh dhínn theacht annso do do fhéachain agus do do fhóirithin ón gcruadh-chás ionna bhfuil tú, má chóimhlíonann tú na geasa a neasgfar ort: isé sin cuideachta caidreamh agus compánas, bórd beinnse teagh halla agus imsging Chuirm Searbhandeire, a ghaoil a dheala agus a chombáidheacha do sheachnadh go fuinn h'éta. Agus ionnus go madh fusaide dhuit na geasa céadna a sheasamh gan dollrucht nó doilgheas, ibh do na buidéil si atá lán do uisge an tobair naomhtha Crisorius san Arcadia, ag a bhfuil do bhuadha duine ar bith dá n-ibhe trí deocha dhe go mbiaidh fuath an-mhór nádúrtha go críoch dheirionnach a bheatha ar Chuirm Searbhandeire agus na huile eile dá bhfuil ar aon aigne leis aige. Gheabhair fós ceithre geallamhna scríobhtha faoi ár lámhuibh bu riaghail cinnte do do threorughadh thar gach gábhadh agus tar gach cruadháil dár féidir le do náimhde romhráidhte chur. Do gheabhair (tuille eile) .i. do bhean i riocht is céad fearr nó chonnairc tú riamh fós í. Do bhí Éamonn, ar an bhfad sa, ar a ghlúinibh agus a lámha i n-áirde aige, gan chois gan lámh gan chorp gan bheul gan tsúil ar luasgadh aige, ag faire ar an mbreith do bhearthaoi air, gur thóig an ríoghan 'na sheasamh é, ag tabhairt mheisnigh dhó agus ag rádh leis gan faitchios bheith air agus nár bhaoghulach dó. Do thug annso cairt ionna láimh dhó i raibh na rainn so síos:
Ar Éamonn chlisde ó Cléire Brunnuim-si féin gan leisge Ciste, ceathra is eolus Má bhíonn gan ól acht uisge. Ráth Cruachan. Má sheachnann beoir is bulcán Leann is súghán súgach, Bhéarad a bhean a bhaile, Féach an maith sin ó Úna? Síoth Úna. Dhéanfad-sa 'bhean a aisiog, Gheabhuidh caruid is clann mhaith Ma sheachnann sé gach díoghla Chuirfeadh saobh ionna cheann-san. Cnoc Aiste. Misi ríoghan Rath Áine, Misi Áine inghean Úna, Do bheir sonus do dhaoine Nach déan díoghla do dhiúrna. Rath Áine.
Do rug annso an bhean ar a raibh an aghaidh fhidil ar lámh air agus do thug naipicín lán do ór dhearg dhó. Annsin do neimhnigheadh gach a bhfacuidh (acht an bhean an chairt an t-ór) le sile na súl, chum iongantais do-innste Éamuinn nach gcreidfeadh ar aon mhodh go raibh na neithe do chonnairc amhluidh, muna mbeith na comharthaí do fágadh. Do chuir annso lámh fo bhrághuid a chéile agus do fháiltigh roimpe agus do phóg í re hiomarcuidh dioghruis agus ailgheasa, agus a d'aisg cunntas a himtheachta agus a haistear dí ó scar corruighe an-shocair mí-dhílis na cruinne cleasuighe cealguighe re chéile (go mí-adhmhar) iad, agus issi deisean mar an gcéadna:
Tar éis a n-an-shocracht a fhoillsiughadh agus a leor-mhíniughadh go grádhach carthannach dá chéile, do thug an bhean ar Éamonn cosg íota do na buidéil ar ar thrácht cheana do ibhe. Do cinneadh leo comhairle annso, a dhearbhráthair (re buidheachas mór) do chur abhaile i bhfáirid Sheáin shiubhluigh. Da éisi so do cheannuigh eallach agus do chuir treabhadh agus foirseadh ar siubhal. Níor bh'ionann agus i gcomhnuidhe, ní hé treabhadh nó foirseadh na foidhe nó na déighsheirce do bhí ar siubhal acu, acht treabhadh ba tuar trócaire le a gcothuidís bochta le biadh le tine agus leabuidh. Do chuireadar mar an gcéadna gairm scoile ar feadh a gcomhursan agus do chruinnigh chuca as gach árd don chóigeadh clann flatha, tighearnuigh, tanaistí agus díscirshluagha, ar mhodh go raibh agus go bhfuil biseach nach beag ag teacht orra do thoice spioradálta agus teaimpearálta go laothamhuil, san riocht sin go bhfuil tásg agus mór-chlú a n-iomchar agus a ndeagh-cháiligheacht i bhfad agus i bhfogus. Do tháinig chum a scoile an deispóir cruaidh do thárla air, mas coimhneach leat é (a léaghthóir), agus comh doith agus do tháinig asteach do rinne lúta agus adubhairt le hÉamonn: Nine God to you, sold Winifred. What sense is in that? ar Éamonn. Sense enough, ar eisean, for Nine God to you is naoi Dia dhuit, and sold Winifred is a dhíol Úna. Od sankins, is that you? ar Éamonn. Yes faith, ar eisean, is not simple question that, sure everybody is himself? Good lad, give me your hand, ar Éamonn. No faith, ar eisean, if I did make that I should have but one hand and you would have three hands, but I believe you have a mind to put a shew out, the man with the three hands. Give me your hand is séan do láimh, ar Éamonn. Séan do láimh, that is John your hand, ar eisean. I have no business to be with you, ar Éamonn.
But if you be in my face I have no business to come to school to you, ar eisean. Oh, I understand you; no, I will be kind to you, ar Éamonn. Yes, yes, some kind of body, ar eisean. An é a laoi, ar Éamonn. Do not call me calf, ar eisean; 'tis bad the giving up you has to call bad name of man. Did your father go to kill man since? ar Éamonn. No, he go to kill more this morning. What news, ar Éamonn, from where you came? Faith no bad news is with me, ar eisean. Oh, ar Éamonn, do not be always swearing your faith. Puh! ar eisean, if you have not faith enough you will not see God. Go on your news, ar Éamonn. I have no news, but yellow with God, bread is maudlin enough and butter is very carpenter. You get a barrel of round snow for two shillings died, you will get rod good of gentle cloth for half a market, you will get a barrel of corruption for six shillings; everything is free enough but for that there is no king or standing with all that is asking of alms, and they have no might upon it. But let us loose that about us, and let us not put horn upon it till another hour will come, let us speak upon the school and tell me what you will take till the head of a quarter; be as carpenter as you can, gold if you be too dear my father will have no might to pay for me. Tell me what I shall pay to you from the hundred day of Tuesday till the tithe day of month middle. If you be too steel I will not strike under you upon any preparation. I have eye with God that I will take anything you will teach me. If you make readiness with me you may my name write down, i.e., Chair from two Swan. Fia mo aghaidh, ar Éamonn, má thuigim-si leath a bhfuil tú a rádh, acht má anann tú dheanad mórán dhíot.
Faith but you shall not make your song of me, ar eisean. Both, both, both, ar Éamonn, do rae gnathuidh agam aon fhocul do rádh os do chuinne, ar Éamonn, ar chor ar bioth, acht má fhanann tú suidh síos ameasg cháich agus beir ar do leabhar agus foghluim do litreacha, biaidh mé comh saor leat agus bhíos mé le duine ar bioth eile. Well, ar eisean, I will take your word one hour alone, and I know three letters in my book already: I know luck, butter and pay. Then I do not know them letters, ar Éamonn. Then there is no goodness of a scholar upon you, ar eisean. Is not A luck, M butter, P pay? And now it is so indeed, ar Éamonn. Ní leanfaidh mé níos sia ar an gcomhrádh so, óir is mian liom innsin go hathchumair cionnas atá Éamonn anois agus annsin sgíth do leigion do mo pheann ar feadh tréimsi. Atá Éamonn anois fo shéan mhór agus fo lán-tsonus bó caorach agus capuill, fo mheas agus fo mhuirnn ag na huile, agus do rugadh triar cloinne do aon tuisme anois dó .i. Coigilt Chríonna, Taisge a bhFuighe agus Ciste i bhFolach; agus ar eagla go n-éagfadaois do na galruibh dar eug clann na céad mhná .i. clann Bhaoithe Ní Uallacháin, do rinne ceiríní agus droinnsidhi do luibhionna agus do bhláthuibh uaisle caoin-bholacha agus ícidhe éagcruaidheacha .i. do Meas an Thoice, don Chruinniughadh a Láthair, agus don luibh dá ngoirtear Leath-throsgadh, agus don Ghlas ar Dhúil, do bheir gach aon mhaidion do na droinnsidhi se re n-a ól dóibh, agus cuiridh ceirínidhe do na luibhionna céadna le cliabh, le croidhe agus le láimh gach aon díobh, do smachtuigheas ó uaill agus ó íbioll agus ó an uile chathughadh agus aimsiughadh saoghalta iad agus go madh buan amhluidh iad.
Cuid II. Do tháinic lá n-aon fleangach an Bhéarla mhóir chum na scoile, agus gathsite agus séideán saothrach neimh-mheasardha ann, ag rádh: O master darling there is a little victorious wood in here without, and you did not hear since your ear was beat upon the ground ever sport that is mucher than he, taling upon the luckmouths of baldslow, and 'tis the name to him, odd hog son faol, and he is in the house of your carr handsome seldom hundred sick, brown battle from head armour out of the county of the board, and Brigid's page from Cornelius out of the county of flax seed hurl is with thems there, and I leave with my testament he would take laughing out of the dogs would be hearing with him, he has the ear of an oaten stream and a little bit of go in his witness with him, and I think there is no selling compassion in Ireland that is bigger than he, he says he had a but coming to town to him, and the family of the town stole him, God never mathew it to thems. Seathruagh, dubhairt tú go leor, arsa Éamonn. Go loisgthear mé má tá fhios agamsa nach Eabhruis tá tú labhairt. The devil a goodness of English gold upon you then, and what price of labour will you bear to him will put it in wit to you, as yourself does to the short churls that is learning Latin? Bhéara mé mo sheacht mallacht (ol Éamonn), agus mas beag leat sin, tuille tiobuisde na cheann ort. Let your slow coming and your share of imprecations lie upon your own pate, and let them stay there. O ná bíodh fearg ort a bhuachaill mhaith (ol Éamonn), mínigh gach a ndubhairt tú agus bhéara mé luach dhuit. Put name upon the price you will give me? Bhéara mé chúig scillinne dhuit. That is a grey hound of shillings, I'll take it. Thruagh ní sheadh, a dhiabhuil, acht cúig sgillinne.
Well, I'll take that itself; 'tis yellow with poor what he gets. There's no might upon it, 'tis better a wren in fist than stork on trust. Give attention sharp to the thing I say. Master darling, a mhaighistir a mhuirnín; there is little victorious wood in here without, tá buadhchaill beag ionnso 'muich; and you did not hear since your ear was beat upon the ground sport that is mucher than he, agus ní chualuidh tú ó buaileadh do chluas ar talamh spóirt is mó ná é. Taling upon the luckmouths of baldslow, a sgéaluidheacht ar adhbhéil na Maoláirne; and 'tis the name to him odd hog son foal, agus isé is ainm dhó Cormuc mac Searraigh, and he is in the house your carr handsome seldom hundred sick, and brown battle from armour out of the county of the board, and Brigid's page from Cornelius out of the county of flax seed hurl is with thems there, agus tá sé i dtigh do cháirdeas, Anna Céidtinn, agus tá Donnchadh Ó Cinnéide ó chontae an Chláir agus Giolla Bríde Ó Conchubhair ó chontae Roscomáin farróbhthadh ionn. And I leave with my testament he would take laughing out of the dogs itself would be hearing with him, Agas fágaim lem údhachta go mbainfeadh sé gáire os madraidhe féin do bheith ag éisdeacht leis. He has the ear of a stream of oats and a little bit of go in his witness with him, agus tá cluas sruthán choirce, agus greim beag ime in' fhiadhnuise aige. And I think there is no selling of compassion in Ireland that's bigger than he. Agus saoilim-se nach bhfuil díol truaighe i nÉirinn is mó ná é. He says he had a but and the family of the town stole it, deir sé go rabh each aige agus gur ghoid muintir an bhaile é. God never mathew it to them, nár mhaithe Dia dhóibh é. There is to you now, and if I had knowledge you was not a better English gold than you are the devil my foot would come to school to you, and would go to the school of short joint sell lamb, in Irish Gearalt Díoluain.
Well, well, call in the little boy. Here he is here at the side of my back. Annsin adubhairt Éamonn: Suidh síos a bhuachaill agus ith arán agus bainne, tá fhios agam go bhfuil ocuras ort airéis do shiubhail. Má tá féin is beag beann agam ar do chuid arán pise agus bláthuighe. Agus míle slán don phobul bheag lághach bheannuighthe ann a rugadh mé; is maith an gléas do cuirfidhe ar mhac deagh-athar ann lá sheachanta an spódla; do cuirfidhe breac duilleach donn ar snámh le im, agus bulastaer pirsidhle faoi n-a chionn, arán plúir do caoin-chriathruidhe seacht n-uaire tré sháirse síoda, agus bainne mín tiubh, caoin, te, meith, milis, meallach, meallánach muintiorrach, ag teacht 'na chlaganna agus 'na laganna agus na shléibhtibh áille, an-árda agus na chnuic allta, uathbhásacha, agus na ghleanntuibh úra uaithbhialta, agus na thonnuibh bhorba bhorthonnacha a' bagar ar do bháthadh, 's níor bhaeghal dhuit a shaethar. Och a lag ó, agus a leath-lag eile, súd an áit ann a bhfuightheá an t-uasal a' bronnadh airgid bháin 'na mhámuibh ar bhaintreibheachuibh, agus ar dhíthshleachtuibh, ar lucht aisge almsa agus ar éagcruaidh dheóranda; súd an áit ann a bhfaghthar an tacar is fairsne ná an fóghmhar i n-ionaduibh eile. Súd an t-ionad a dtiomsochadh bean díoghluma, le beagán saothair, bairille meala do na tráithnínibh i níos lugha d'aimsir ná bheith cú gortach a' slugan measgáin bhuig; súd an t-ionad ann a mblighthear trí cheud cárta leamhnacht trí huaire san ló ón luilighe dá ngairthior an dunn fhialmhar, nach n-ithionn coth san mbith eile acht na tráithnínidhe tuasríomhtha. Súd a' t-ionad do sháruigh aois ciúil agus ariochuibh iomshlán na cruinne i gceóltuibh guib agus téad, chomh fada is do sháruigh cruit Apollo (an tan do thuirling os na flaithios ar ghrádh Dháphne), mún an nóinín Thomáis mhic Lobuis, agus do chruthughadh air sin: do bhí Méadhbh Niamh-chruthach, inghean Chormuic Óig ón Maoláirne gheil ghriain-deallruigh, ag canadh ciúl comh síthbhinn sonárd
sin, ar bhruach srotha fíor-uisge fionn-bhán fairsinn fíon-bhlasdach do bhí a' gnáth-rioth tré cheart-lár pháláis aoibhinn aoldhaite (och mo nuar agus mo chreach go buan) a hathar, go gcualaidh Ó Néill do bhí ag tuirneadh fearuibh fóirne ar fhithchill i nDuire Choilim Cille í, ní do thug air stad ar a láimh ag rádh gur bh'í sin Méadhbh Óg inghean Chormuic ro bhí a clasaidheacht shiar san Mumhain, agus go dtriallfadh go hí, ní fá fíor dhó, óir do ghluais mar aon agus cúig chéad d'uaislibh Uladh dá choimhdeacht, agus an tan do chualaidh Cormac é bheith ag triall air do chuir coimhéirghe ar shaothuibh Mhaoláirne a' fáiltiughadh Uí Néill agus a sheasnáin. Do tháinic mar an gcéadna dá fháiltiughadh, Méadhbh Óg agus a bantracht a' comhchantuin comh síthbhinn sin gur thuit Ó Néill agus a shluaghta dá n-eachraidh i dtroime-néill agus marbh-shuan le draoidh-fhuaim an cheóil neamhdha neamhghnáthaigh a chlus, agus níor bh'iongnadh gur thuit siadsan amhluidh, agus go dtáinic braoidhin gach rátha agus gach cnuic san gcúigeadh go soilbheir soiléir a' rinnce na dtimchioll. An tan do stad an ceól agus do tháinic gach aon chum a ghnáth-mheanma, do bheannuigheadar dá chéile go ríoghdha reagailleach, a' gluasacht go miochair muintiorrach i bhfochair a chéile don dún áluinn iongantach do bhí riompa, agus Ó Néill agus Cormac (nó mar ba córa a rádh Cormac agus Ó Néill, ós do féin an séidhneach ba dleacht toiseach ó dtáinic fós agus ó dtiocfadh go bráth), lámh ar láimh, agus Ó Néill a' gnáth-fhiosruigh fáth nó diamharún na n-amharc ro chonnairc san chonair riompa, agus don cheud fheacht cad é a' muilionn maiseach mór-amadach bhí riompa ionn a gcosfhadhan? Tá (ar Cormac), súd muilionn a bhíos a' gnáth-mheilt preabuir, sinséir, iomad agus eugsamhlacht spíosaruidhe eile. Agus cad í an toit uaithbhialta ain-teith do chím os cionn uisge an tsrotha? Tá (ar Cormac), shúd anbhruith na feola bruitear go tráthamhuil dár ngnáth-mhuintir, agus doirtior le
taosgáin ann linn an mhoilinn a chuingbhios an muilionn a' gnáth-mheilt. Cad é an pálás ríoghdha úd do chím ós cionn na habhann? (ol Ó Néill). Súd (ol Cormac), grianán gloineach, glé-fhuinneoghach mar a mbíonn mo bhean, agus chúig cheud atá ann a bantracht, a' déanamh trí tréana do gach lá oibre .i. trian le úrnuighthe agus le salmchlasadh, trian le fuagháil agus le ceartughadh éadaigh lín agus olla do bhochtuibh Dé, do dhíthshleachtuibh agus do bhaintreabhachuibh, agus an treas trian le fleadha fairsine fiala fíonamhla, le rinncidhe lúthmhara luaimneacha láin-éadtroma. Cad é an crann úd thall, a Chormuic, a bhfuil an balla aol-dhaite an-árd go muirneach na thimchioll? Atá (ol eisean), súd crann do thug Naomhan Niamhchruthach (an sinsior ó dtáinic an sliocht dár díobh mise), os Parrdhas Adhamh. Cad é an toradh thagus ar an gcrann céadna? (ol Ó Néill). Táid trí géaga ar an gcrann (ol Cormac), geug ar a bhfásann silínidhe is mo seacht n-uaire nó ceann tairbh dá mhéad, agus do sháruigh milseacht meala na Cetrópia. Ar gheug eile tagaid spíonáin do leaghfadh i mbeul duine mar shiúcra, agus gur mó gach cruinnmheall sneacht-bhán díobh trí huaire ná adhbhar céad slat do chirtlín olla. An treus geug (an séineach) taguid ubhla uirre, os a bhfáisgthear (os gach aon ubhall díobh adeirim) iomad hogusaedsuidhe do sháruigh fíonta an bheathadh i mblas, agus i mbrígh. Cad iad na túir an-árda úd do chím san lubh-ghort úd thall? (ol Ó Néill). Tá (ol Cormac), cuiriceoga beach iad súd. Créad an riachtanas atá iad a bheith comh mór súd? Tá (ol Cormac), óir tá gach beach dá bhfuil ionnta níos mó nó caidhion, nó re gé, agus an tan a múchtar cuiriceog dhíobh, gheibhthior naoi mbairille meala innte, agus bairille don deachmhuidh.
Ar fiadh do thug tú h'éitheach, a bhastaird (ol Éamonn Ó Cléire), ní bhíonn ná buiséal. Ar fiadh, a mhaighisteir, do thug - thug - thug tú féin h'éitheach, agus is tú thug é, agus is leat is gnáthuighe a thabhairt; agus do chruthughadh air sin, is minic do mharbh mé féin beach do chínn a luighe ar bhántuibh fionnscathógach funnghlas na Maoláirne, agus an chuid is lugha dhe (gan tada d'ádhbhéil) do gheibhinn seacht gcárta meala ionna spursan, agus lán-phúnta céarach ceangailte ionna chosa. Och! ó och, ó och, fágaim agad é (arsa Éamonn), innis romhaidh a bhuachaill mhaith. Adubhairt Ó Néill. A Chormuic, cad í an bhó úd i bpáirc léithe féin? Tá (ol Cormac) annsúd an scaithfhionn fhialmhar, agus isí sin í, a thagus trí huaire sa ló uaithe féin le na bleachtanas. Och, a lag ón, sí féin fearb na mbeannacht, ó mblightear dabhach gach aon tráth, má bheirthior lacht an dhá chéad tráth do na bochtuibh, agus mara dtugthar don rae braon a gheabhthar an treas tráth uaithe; bleanach do bhíodh na pusóid agus na deoch shuain ag an treabhlaigh i gcoitchinne. Agus ar son nach dtagann tarbh saoghalda ar bith 'na gar, chídhtear tarbh síthe gach Lughnasa na haice, ar a mbíonn beanna óir, agus earball airgid, do bheir uirre laogh na Beáltuine bheith go bliadhantamhuil aice, ag a mbíonn réalt óir i gclár an éaduin, agus réalt ar an gcuma chéadna ar a dhá thaobh agus earball airgid aithleaghta. Laogh chuirimse gach aon bhliadhain go ciantuibh coigcríochach na hAimerica, ó dtagann 'na mhalaird chugam long ludálda le síoda agus le sróll fa n-órughadh go reagailleach do bhantracht an dúin, agus a chuirim na phresantuibh go dúntuibh mór-uaisle Éirionn. Dfhiosruigh Ó Néill do Chormac an fáth fa raibh an bán i dtaobh na cléithe timchiollda re múr cómh hárd as chím, agus gan innte acht aon each amháin? Tá (ol Cormac), sin an tseóid is múirnighe liom
dhá bhfuil agam ó mo mhnaoi amach, agus má shocruigheann tú do chluas chum éisdeacht míneóghad dhuit cionnas do fuair mé an t-each gorm úd. Tráthnóna oidhche Shamhna bliadhantuidhe ó shoin, d'éalaigh mé ó mo bhuime, agus do thug seachrán gan tsrian mé go doras rátha do bhí i bhfunn fhionnscathógach san Maoláirne, agus níor chian mo cheolán a' caoi ionn mé, an tan do chonnairc mé na bánta foluighthe do mharc-shluagh, nach bhfuigheadh Dallán Forgaill briathra leóra ná fuileamhnach chum a ngusdal, a ngléis, ná' gcoirpbheartuibh a fhoillsiughadh. Do bhí srianta óir le na n-eachradh agus dialluididhe airgid faoi gach stócach don mharc-shluagh chrodha, cheannárd, choirpdhíreach sin, agus nár bhinne Méadhbh Óg a' cantuin ná gach aithidh ciúl shonárd síthbhinn dá raibh riompa na ndiaidh agus ar gach taobh dhíobh. Níor bhfada dhamh san mearbhchás san do thárla an tan do tháinic marcach eich chinn-finn ruaidh 'mo dhochum, go n-iomchar ríoghdha roígheamhuil, ag beannughadh dham go tárnteach soilbhir sorbh-ghnúiseach; agus dhá óige dhá raibh mé do mheas mé ar' innioll go madh dleacht dfhear a chaithréime agus a chrotha uachtaránacht agus taoiseacht a bheith aige ar a leanamhantuibh. Agus níor bh'iongnadh gur mheasas, óir do bhí coróin óir aithleaghta um a chionn clannach comhbhuidhe ar sileadh le corbhugal; do bhí a chulaidh déanta suas d'ór-shnáth, foluighthe le seóide, re geamuigh agus re péarluibh iomdha éagsamhla éagcosmhula, san riocht gur sháruigh a dheallradh laoinior na gréine an tan is uaibhrighe agus is gleóite a dath a stiúradh na bhfirmhamintí lá seaca nó sneacht-leaghadh geimhridh. Do rug an t-uasal árd oirdheirc, ónórach sa ar bhárr croibh orm agus do rug leis go doras an rátha romhráidhte mé. Annsin do scairt sé comh fuaimneach sonárd sin (nach amhras liom) go gcualathas ar feadh cheara ranna an bhith bhraonuigh bháinleirge é. Annso do tháinic faoi a thuairim 'mach os doras an leasa ríoghain iongantach ainglidhe, faoi choróin agus
faoi éadaighe do bhí comh grian-dheallrach sin go leaghaidís súile na n-amharcach dá mbeidís déanta do dhéamuind; iar na timchiolladh re gasraidh ghluair ghlé dhealbh-iongantach. Do rug léithe 'steach don ráth mé, agus ní don ráth do rug acht don phálás fa háille dhá raibh ariamh don taobh sa do na flaitheamhnais, agus gur bh'í cloch fa táire dhá raibh ann múr an pháláis chéadna carbhugal. Iar nam' shocrughadh ionna cathaoir óir dhi do shuidh m'fhochair go miochair grádhach, dom' fháiltiughadh le corn do neachtar bhlasda mhileamhuil, deoch na ndée a n-allód. Acht mar do bhí misi an tan sa óg éagcríonna (óir ní raibh mé an uair se acht trí bliadhna d'aois), do mhaidhm mo ghul agus mo dheor, go rug sise eattair a géaga fionna folláine orm, dom' chealgadh le iliomad póg agus gréithibh síthe. Faoi an am ar smachtuigh mé mo dhóluibh agus mo dheor do chím ag teacht faoi an ríogh-halla na huaisle éidiche romhráidhte airéis túirling dá n-eachradh seanga sár-luatha agus an taoiseach tuasríomhtha ag breith ar láimh orm, ag rádh: A mhicín ó, ná bíodh mímheanma ort, óir níor mhó tfháilte do mheas ná do mhuirn i dtigh do thuisdithe féin anocht dá mbeitheá ionn ná ionso; agus a mhic ó, ibh deoch a ruaigfeas dóluibh ó do mheanmuin. Do ghlac mé meisneach iar so os an mbáidh choitchinn ro bhíodar a thaisbeánadh, agus faoi an am ar chríochnuigh mé aon lá amháin eattara do rinn mé dearmud do mo ghaol agus dom' dhóluibh; agus fan am ar chomhnuigh mé seacht lá 'na measg, i ngnáth-shúgaidh, do bhí mé lán do scléip ós an méad phearsan tháinic ionnam le aon tseachtmhain amháin, agus iar mbeith damh sna smuaintibh se do tháinic an rígh romhráidhte na bruighne orm lá n-aon agus d'iarr do sheilg leis mé, acht gé gur dheacair liom sgaramhain re gasaraidh shoilbhir shuairc shubháilceach na cúirte ní thug mé éara dhó.
Gléastar annso dhá each faoi shriantuibh óir agus fó dhialluidibh airgid dhúinn .i. an t-each ruadh dhó-san agus an t-each gorm (do chí tú thall úd) dhamh-sa. Gluaistear iarso linn tré bhántuibh fiarach fásamhla funnghlasa, tré choilltibh crann-árda caor-dhearga, tré mhóintibh riasgacha ruadh-thuilteachdha, tré shléibhte shládachdha, tré lochuibh aerachdha altachdha iasgachdha, tré dhúntuibh cúirteachdha caisléanachdha, agus tré chríochuibh ciana coigcríochachdha, agus a n-éis gach taisdil mara agus tíre dá ndearnamar do fuaramar inn féin ag doras an rátha thuasráidhte agus fad amhairc do na machairibh foluighthe san uile thaobh le groidhthibh scáthachdha scuab-fholtachdha, le airigheachaibh bó agus bótháinte, agus le tréaduibh lomracha lán-bhána. Agus an tan do chuamar asteach don ráth do scar mo thaoiseach oirdheirc árd-ghníomhach liom comh neamh-fhaigsighthe is dá mbeith gan a bheith ar aonchor ann, ag fágáil na dtáinte se agam agus an t-each gorm do bhí an uair sin a' síor-shitre i ndiaidh a gnáth-chuideachta, gé nach bhfuair freagradh. An tan do fágadh amhluidh so m'uath mé do bhí mé tréimse a' meadhanughadh créad do ba déanta dhamh. Fa dheoidh an uair nach bhfuair mé an t-iosdas ná an pálás dubhradh cheana, do mheas mé nach raibh ann ar taibhrigheadh dham acht siabhrrás agus taisbeánta síthe saobha seachránacha. Do mheas arís go raibh a n-éifeacht agus a mbrígh do réir an taisbeána, tráth do chonnairc mé nár neimhnigheadh an t-each gorm ná an t-eallach eile. Ní eile do mhéaduigh m'iongantas, do fuair mé mé féin i méad agus i modhamhlacht agus i meisnigh fir. Níor chian san mearbhchás so dhamh fon am a dtáinic mo thriath ríoghdha romhráidhte, agus m'anga sítheach saor-shróill faoi charbhugail aige; agus ceara cartacha faoi cheara dabhacha áidhbhle an-mhóra faoi ór cheart-bhuidhe chróch-dhaite spáinneach, ag rádh do bhriathruibh sonárda, sochlusda: A Chormuic Óig, ní laghadughadh acht árdughadh céime agus cumhachta, grádha graduim agus tiodal flatha agus méadughadh iostais onóra agus ionnmhuis
dhuit mise a bheith 'mo ailtire agad anois le ceara bliadhna deug; seacht mbliadhna nár 'ríomh tusa acht seacht lá, agus seacht mbliadhna eile do bhíomar araon ag taisdiol cianta. Anois a dhalta ionmhuin, ós scaramhain re chéile ar feadh treille dhúinn, fágaim (do chomhartha mo ghrádha ort) agad gach a bhfeicionn tú ar gach taobh dhíot, eattar éadach, ór, ionnmhus, eallach agus uile mhaithiosa eile, agus uair ar bith a bhias prádhainn nó easbhuidh saoghalda ar bith ort, abair an orrtha sa agus ba fogus duit fóirithin.
Cuimhnigh a thriath na múrrtha lán, Gur ghealluis stór go leor do ghnáth, Gan trághadh gan díosg i maoin nó ndáimh Do Chormac chiúin is úire cáil.
Tri folium tristrum colluncum pelle iolatus vivamen vestrum terrunum tergatam tirate clandestin calicen tristrum plerumque bim conlumbas numeros clangor sit brachia clam salmustum ridans coelibundus celsiar est conglandas semper tumillia rungia casi nunc et semper et in saecula saecuilorusan. Agus iar gcríochnughadh na hóráide dhó d'imthigh sé os m'amharc gan dubh, gan dath, ag fágáil (mar adubhart), gach ar hainmnigheadh cheana faoi mo bhreith agus faoi mo chumhachta. Do bhí annso ('Uí Néill), dubhbrón agus meanmna a comhbuaireadh m'aigne, sé sin dól ádhbhail fa scaradh le mo thriath maiseach mórdha beartach borthabharthach; agus gárdachas meisneach agus mór-luathgháire a' coimhrinnce (ní nár bh'iongna) ionn mo chliabh, tré mhéad mo phearsan féin agus tré ainmhéad mo thoice agus m'ionnmhuis agus mo mhóir-chisde. Agus fon am ar shaoil mé gluasacht m'uath chum conganta sholáthar chum an chúraim mhóir-si 'chur i n-órdughadh tiomána ní raibh carr ná cairt, ór ná ionnmhus, mart ná caora ná capull ná ní san mbith dár fágadh agam nár lean d'éinbheul go dún m'athar mé, a' sitrigh
a' géimnigh, a' búirfidh agus a' méiligh, san nós uathbhásach so, i modh nár fhan óg ná ársaidh ó thaoiseach go moghaidh, ná ó thriath-mhnaoi go hinnilt nár gheit faoi thearmonn cuasán crann cairrgeacha agus clach-dhíseartuibh, lán time uamhna agus critheagla, gé go raibh mise a' gnáth-fhuagradh síthe agus meisnigh dhóibh, agus ag síor-ainmniughadh m'athara agus mo máthar agus dom ainmniughadh féin, gé nach bhfuair mé freagra ó éinneach an lá sin gur ghlac mo mháthair (do bhí dána os a crádhbhadh agus os a paidrín) misneach, ag déanamh go faitcheach critheaglach orm, ag fiosruighe ar shaoghalta sinn, nó cad eile, nó an geis nó draoidheacht do bhí oruinn? Agus an tráth do cheisdnigh go meirbh faitcheach fannbhriathrach sinn, dfhreagair mise go mín miochair dhi ag rádh; a mháthair ionmhuin, nach n-aithnigheann tú do Chormac Óg dil féin, atá ar iarraidh uait corradh agus cheara bliadhna deug? Ó a mhicín mo sgairte (ar isi), aithnighim do ghuth bheith cosamhuil re guth mo leineibh, gidheadh is eugcosamhuil ar méad, ar ngné agus ar bhfoirbhtheacht, agus uime sin is tuigthe agus is creidthe nach tusa é, acht amháin mar b'é spiorad mo leinibh atá ar seachrán, agus ní shé, óir ní raibh cáidh dhá laghad air. Ó a mháthair, glac meisneach (ar mise), agus éist re m'éachtuibh go grinn neamh-fhaitcheach, agus díbeóra mé gach amhras ót inntinn. Dubhairt go n-éisdeach, agus ba fíor dhi, d'éist. Annso d'aithris mé dhi ó úd go fínit, mar a chualabhar cheana, agus iomad briathra agus comharthaidhe eile do chleacht mé ann mo leanabaois, do thug orra mo chreideamhuin agus an treabhlach uile maraon. Do cuireadh cluig an bhaile agus na cúigeadh mar an gcéadna dá mbaint, agus ceolta agus gnáth-fhleadha ar feadh na críche go coitchionn ag foilsiughadh le n-a dteachtuibh gach ar thárla. Ag sin agad, 'Uí Néill, gach modh ar casadh an t-each gorm chugamsa. Is iongantach do sceul (ol Ó Néill), má tá fíor.
Maise tá (ar Cormac), agus do chruthughadh air, má deirim an órrtha thuasráidhte, ní amhras liom, chóimhlíonfaidh m'impidhe. Ba mór an sásughadh intinne dhúinn, an méad atámaoid annso, ár mí-chreideamh san gcás sin a smachtughadh, a fagháil amhairc ar chruthughadh agus air ar aithris tú dhúinn a bheith fíor. Cóimhlíonfa mé th'aisge (ol Cormac), san ní sin chuiris chugam. Leis sin féin dubhairt an órrtha, agus d'aisg ar rígh na bruighne coirn go leor agus biotáillidhe a chur a láthair chuige. Go grod dá éise sin, tháinic faoi an toichim trí cheud cairt faoi fhíon spáinneach, faoi chuirm lochlannach, agus faoi bhrogóid, agus faoi bheath-uisge fiadha funnghlas Fáil, agus corn greanta glan óir i láimh Chormuic, i láimh Uí Néill agus i láimh gach taoisigh dá raibh san mór-thionól sa, agus corn airgid i láimh gach aoin eile, agus lucht freasdail go leor a' líonadh na gcorn gcéadna os soithígh síthe sáir-ghleoite do gach aon don bhiotáille ba mian leis. Annsin do tháinic Méadhbh Óg 'gus ceara chéad maighre maiseach míndhealbhach dá coimhdeacht agus aithidh eugsamhuil ciúl i ndóid fionnbhán gach ailleoige dhíobh, agus gur sháruigh an aithidh ciúil ba doicheólda dhíobh cruit Orphéus i ndraoidheacht ciúil, agus Apolla féin an tráth do thuirling os na flaithis ar ghrádh na hógmhná Daiphne. Do bhí na tuilte ceóil agus gnáth-óil se gan díosg gan traochadh, gan trághadh, gan tiormughadh ar feadh sé seachtmhaine fichiod, dá ghnáthughadh eattorra; sé sin ó la buidhe Béaltaine go lá sítheach siabhrach sidheogach samhna. Do bhí pobul áluinn órdhaite ag gach aon fo leith dhá raibh san oiriochtas, agus cead gan chostas gan toirmiosg ag gach aon (dá mbaineadh mearbhall díghe nó míchomhgar ar bith eile dhó) a shuaimhnios a ghlacadh go sat sítheach sóghamhuil.
Na trí lá dhéidhionach i mbrollach na samhna do chaithiodar leis an tsúgradh chuailleach sleightheagmhail ar maraidhiocht, imirt ionn ar theasbáin curuidhe gleóchumhacht iongantach oirdheirc onórach, le fortúnuibh éagsamhla éagcosamhula, go ráinic an seal do Chormac Óg. Agus (an séineach), ós dó-san fa fearr an mhaise sin, óir ní raibh aon i bhfuisgeacht dhá chéad míle, dá thruime a shuan, nár dhúisigh soin agus fuaim a stoc scairteacha scal-árda, agus dá n-innsinn-se gach teagmháil dá bhfuair, gach cumas gach cleisdeacht agus gach calmacht, gach lúth gach luathghoil agus gach leobhéim dár cóimhlíonadh leis an dásach dian dochlaoite se an lá déidhionach, ba gann deich stuadha fichiod don pháipéar is fairsine chum a leath a fhuillsiughadh. Do sháruigh a mhór-ghníomh dhá éachta dheug Hercules, do réir bhreathnuighthe na dtuirgne faithche agus na n-amharcach uile go coitchionn; agus mar do bhí siad dosháruighthe atáid mar an gcéadna do-innste, agus faruis sin féin do-chreidthe, ar son go bhfuil 'na bhfírinne ghlain ghan chaime gan chumadóireacht. Seacht gcéad deug goileach gníomh-iongantach gaisge agus a n-ánnlann do thaoiseachuibh agus d'uaisle oirdheirc Éirionn do chuirl go neimhspéiseamhuil chum talmhan, gan bolg ar a anáil féin ná ar anáil an eich ghoirm. Dubhairt Ó Néill annso. A Chormuic, nois tuigim gach ní dar hinnseadh mar aidhbhéil bhréagach ar an Maoláirne, nár aidhbhéil acht fírinne gan fhiar iad. Is annso dfhear Cormac fíor-chaomh fáilte riompa go genearálda ó thaoiseach go caimpear, agus d'iarr leis dá dhún agus dá chúirt gan eisgiopda iad. Ar dhul don dún dóibh dfhiosruigh Ó Néill cad é an teagh an-mhór úd thall, tá foluighthe (mar shaoilim) le fíonnadh agus le guaireach? Súd craicionn torc na cuaise; torc do bhí comh mór sin nach raibh imtheacht ag coin ná ag gadhar, ag duine ná beathadhach dolaidh ná díoghbháil a dhéanamh dhó. Sé ní do thionscain mé do chum an bheithigh se' bhasgadh,
súil ribe dhéanamh do chábla luinge agus a chur ar innioll eattair dhá dhair ionn a chosán é, agus an uair do bheith táirim dhlúth air go dtulcadh é féin go neamhfhaireach san bpointeal, ní do rinn go grod na dhiaidh seo, agus an tan do mhothuigh é féin i n-achrann do thug sídhe sáirneartmhar air féin agus do strioll an dá dhair os a bhfréamhuibh leis go dorus na cuaise, acht ní bhfuair é féin a dhíthcheangal ná dhul ann a ghnáth-thearmonn, gur shíneamar an beag 's an mór dá raibh san tseilg d'éin-bheul air, le clocha, le cuailleacha agus le gach gné eile airm dá raibh ar fagháil aguinn, i modh gur torchradh an torc allta aingídhe se linn, agus go ndeárnamar ceathramhna dhe. Annso do chuireamar na ceara ceathramhna ar cheara dhraedh, agus sisreach ocht gcapull ag tarraing gach drae dhíobh; chuiriomar dhá leithcionn a chinn ar dá charr a tabhairt a sturrfhiacla .i. a fhostuidhthe, mar bhatuidhe croise do bhacaigh, agus isé craicionn an toirc chéadna is díon don scioból úd do chí tú faoi fhíonnadh agus faoi ghuaireach mar dubhairt ó chiana. Agus ní hiongantaighe an torc agus ní huaithbhialta ná carr-fhiadh an ghleanna do mharbhamar bliadhain sa taca sa, le táirm thrí mí a chur ar feadh choillte, boguigh, learga, chnoic agus bánta anshocracha na críche air, gur claoidheadh agus gur torchradh re iomad agus re teann saothair é; agus is iongantach an rae do fuair san tsaoghal. Sé Lughaidh Lámhfhada, ameasg gach fuadáin eile dhá dtug as ciantuibh don chrích si, do thug an carr-fhiadh úd an' oisín bheag os an Iottáille é, faoi an am a dtáinig Aonghus mac Anchíses do ruaig ratha ó scrios na Traoithe, agus tá ó sin anall san ngleann úd thall dá ngoirthear Gleann a Tobair, gleann ó ar gaireadh carr-fhiadh an ghleanna air. Do chí tú beannlomáin mhóra daruigh, 'ar leat féin, ar thaobh na leirge úd thall, agus ní dair ná crann iad, acht beannuibh an-mhóra an charr-fhiadh chéadna d'órduigh mé fhágail ar bhraoch an ghleanna 'na sleachta agus mar choimhne ar an bhfiadh gcéadna. Seacht
mbairille feóla gnáth-liúntas feóla mo threabhlaigh gach ló go n-oidhche; agus d'innis mo ghiollanradh dhamh go bhfuaradar cosdus feóla go sat ar feadh míosa agus teóra lá do tharbha an charrfhiadh. Tá tobar beag cruinn san ngleann thuas-ríomhtha agus an seal ba beo an fiadh ní fhoileonadh duine ná beathaidheach a theacht a ngaobhar an tobair. Do chuir mise tor daingion do-bhrisde os cionn an tobair, agus is fiú é sin, óir níor hibheadh uisge beatha riamh is blasda ná é. Sé locht is mó air coimhbríoghmhar is tá, óir do chuirfeadh lán mearagáin na mná is caoile méar san chrích meadhar agus mór-shúgaidh ar an tí is láidre coimpléasg don díne dhaonna dá n-ibheadh é. Is mó sheasas an tobar sa cliú mo thighe san mbliadhain ná sheasfadh trí cheud bairille uisge beatha atharthne na fionnfhódla. A Cormuic (ar Ó Néill), cad iad an sórt crann úd do chím ionsa ngarrán coille úd hall, dfhás comh árd sin gur sháruighdar a bhfaca mé do chrannuibh ceadair ar Libánus ar uirde. Uí Néill (ar Cormac), gais phónra iad súd, agus ní fhásann siad mar súd i n-áit san mbith acht ar ghrog-mhullaigh Shléibhe Sian agus san Maoláirne; acht deir lucht bréag go bhfásadaois i bpárrdhas Ádhamh, agus dá bhfásadh féin, cia dhár fios é, ó d'eug Ádhamh is a chéile nár labhair smid dhá laghad ar a leithide? Mo nuar, budh mhí-ádhmhar an choill do mo ghniath .i. do mhac mo dheirbhshearthach, í an choill úd, óir san tseachtmhuin se chuaidh thort d'éirigh stoirm agus anfadh an-mhór, agus eisean a' gabháil treos an bpónra, do leag go hobann gasacha air do rinn liothrach dá chuid feóla agus sprudhall dá chnámha go léir. An gas is lugha toradh na measg ní dhíolfadh an eagluis a gceart féin dá thoradh ar bhairille pónra. Cad í an tairbhe nó mhaith do ní gráinne don tsórt sin dhuit, óir is mó ná lán beul duine nó beathaidhigh gráinne dhá laghad di?
Is cuma sin (ol Cormac), óir beathuighim mo mhuculach léithe, agus ní is tarbhuighe go fada ná sin, do ním braith agus brogóid bhríoghmhar bhiadhmhar bheol-taithneach throm dhonn dheagh-dhaite dhi, a chuirim chum rígh na Spáinne, agus ní bhfuil soitheach dhá laghad, no dhá mhéad, dá gcuirim don bhiotáille si dhá fhorruid nach gcuireann seisean ceara soithighe don tomhas chéadna na mhalaird dfhíon spáinneach chugamsa, agus buidheachas agus tíodhlaicdhe troma torthacha tarbhacha eile, agus litreacha fír-intleachtacha foghlamtha, ag toirbheirt a bháidhe agus a mhuintirios, agus ag iarraidh báidhe agus gnáth-mhuintiris uaimse chuige-sean. Annso an tan do chuadar asteach don dún do chonnarcadar coire an-mhór do bhras iongantach órbhuidhe, agus ceithre cheud giollanradh ag bruith agus ag freasdal feóla ar bhochtuibh, agus a choimhliadhacht céadna innilt óg ainglídhe ag roinn cácaidhe cróch agus cáisidhe gan bhearna orra. Ní raibh aon do na bochtuibh iomadamhuil se nach raibh úrach nó cuirn leanna agus crúiscín meala, agus' leithide eile uisge beatha ionn a thrasdaladh leis. Cúis anbhruith a thabhairt do bhochtuibh i dtigh Chormuic do saoilfídhe gur mhíchliú doileiscéalda é agus tár gan chompráid agus uirísle mhí-fhiúghantach do thigh bhiatach mhórdhálach Maoláirne. Do chuaidh iarso bulsuiridhe a' cur a n-oifige i ngníomh, sé sin a' gairm gach dreime agus dá socrughadh ar bhóird ghleóite glan-airgid, foluighthe le scáruididhe snasdhearg síthshróill, agus leis na huile shórt bídh ba dleacht do dhaonda ar bith a bhlas nó 'shanntughadh, agus nach féidir go bhfuigheadh na dee féin (an uair ba mó a n-onóir nó a n-ádhradh págánda) locht ná mí-bhlas air. Agus gach drung ag bóird ar leith suidhte do réir a ngraduim nó a dtiodal flatha. Ocht míle dheug do gheibheadh ionad suidhte ionn halla choitchionn Chormuic, agus ba mó fa thrí an seire halla (dá ngairid Gaill dining room) ná é. Éan chéad deug giolla cupáin agus corn do bhíodh ag meilidheadh ag
freasdal dighe ar ghnáththreabhluigh Chormuic Óig, agus a sheacht n-urdal sin, lá feadha nó aoidheadh aduaine. Do bhí gnáth-cheol agus oirfide ionn a n-éisdeacht gur tóigeadh na boird agus gur filleadh na scáraididhe, agus gur tugadh an brusgur .i. an biadh brisde, don chosmhuintir, agus a néis buidheachuis a thabhairt go cráibhtheach caoin-dúthrachtach don duileamhuin, do hibheadh deoch altuighthe re gáir throimpéid, agus annsin do thosuigh na ceólta ag brostughadh cháich chum rinnce, ní nár dheacair dhóibh, oir ní raibh aon san gcoimhthionól nach raibh fiuchadh foinn chum súgaidh air, agus níor bh'iongnadh sin, óir do bhí eugsamhlacht biotáillidhe agus fairsne agus iomadamhlacht dhíobh dá mbrosdughadh chum óil, ionsa riocht sin, dá mbeidís a' snámh ionn i lochaibh leanna fíona agus uisge beatha go smig, nach beith fairsne níos mó aca ná bhí, acht mar mbátuidhe amuich 's amach iad. As annso do chuaidh gach dias .i. bean agus fear, do saoileadh foileamhnach dhá chéile san gcoimhrinnce agus ameasg gach aoin dhá ndeachaidh san tsúgradh (do mhéadughadh na meadhra) do chuaidh Cormac agus a chéile ionn, agus Méadhbh Óg agus Ó Néill. Is annso dubhairt beul na fírinne .i. Cormac Óg, gé gur shiubhail taltuidhe agus bruighne an bhith, nach bhfacaidh sé eatorra lúth ná lúthmhaireacht ná clisteacht rinnce i gcoimhmheas leis an rinnce do bhí eattair Ó Néill agus Méadhbh Óg. A n-éis na hoidhche a chaitheamh go ham suain san tsúgaidh ghenerálda so, do ghluais gach aon ann a chuilt shíoda shnas-órdha a' glacadh suain agus suaimhnis an gearr-threall do bhí gan chaitheamh don oidhche, agus Cormac agus a chéile le muirn ar Ó Néill agus le onóir dhó a' dul dá choimhdeacht chum a imscinge do bhí ionsa tor (dá ngairthior go coitchionn an Tor Éabhur, mar is d'éabhur sneacht-bhán do bhí sé déanta); agus is geile ná fiacail chon; agus mar atá sé buailte ar an ngréin do leagh an cionn brais do bhí na dhíon air, le an-teas na gréine, go m'éigion díon do mharmar
chruaidh do-leaghta a chur air, agus bhí sin féin a' pléasgadh i dteas na míosa meodhain. Go deimhin gan bréig dá mbeitheá do luighe go suaimhneach ionsa tigh bárr do chluinfeá an cogar is ciúine do bheith ag treabhlach neimhe. Agus dá chruthughadh, do thug uain agus uaignios orm féin, le uaill na hóige, lá n-aon, triall suas go bárr an tuir se, agus do bhí mo luinnidhe tuirseach suil a ráinig liom a bheith shuas, agus an tan a shocruigh mé tamall ag déanamh iongantas do gach a bhfacaidh mé do chualuigh mé Cibel, máthair Iuipiter, a rádh: A mhic, a mhúirnín, ós tú féin cionntaoiseach na ndee go huile agus nach bhfuil ní san mbith do-dhéanta dhuit, cad as nach n-ionnarbann tú gach creidiomh nach gcreidionn go ceart díreach dhuit féin mar d'órduigh tú? A mháthair, ar easan, is mall díreach mo dhíoghaltas, agus scriosfa mé fós go léir iad, agus boladh an tsionnuigh orra, acht fuileónaidh mé rae iomchubhaidh chum iad féin a cheartughadh agus chum a n-earráididhe a chlaochlodh dhóibh i modh nach biadh leithscéal aca milleán a ndrochbheartuibh a chur 'mo leith. A leinibh mo chléibh (ol ise), ó is duit féin is dleacht ceart gach tíre a choingmheal i ngnáthbhun, is iongnadh liom nach bhfóirionn tú ar na Gaedhil bhochta tá fagháil bháis don ghorta agus a maoin agus a bhfunn, a ndúthchas agus na huile eile dá gceart ag Gaill, re ar díbreadh a sean agus a sinsior le feill agus le inghreama. A mháthair ionmhuin (ol eisean), tá gach a ndubhairt amhlaidh, acht ar a shon sin, ar uairibh, sciúrsaim an tí is ionmhuin liom, dá dhísliughadh dhamh féin. Acht do gheabhaid fóirithin an uair a chítear dhamh féin é. Agus cúis na nGall de, tá a n-am féin re teacht, ar son go bhfuil siad mar sciúrsa agam-sa. An gcualaidh tú mar dubhairt an file:
Gé tá fa ghreama lag an Fhódla mhín, Ag dáimh nach ceart, mo chreach is cró mo chlí! Ní gnáth an tslat a ghreadas tón an naoidhin, Acht tráth beag gar fo mheas is dóitear í.
An tan chualuigh mé Iupiter ag caint le na mháthair ar an imtheacht so, do scannra sé mé, d'eagla go gcuirfeadh gach a ndubhairt i ngníomh ar na Gaill le mo linn féin, mar ba Gall ó shinsear mé agus mo ghaolta uile i n-oifige an rígh, gan én dias díobh ar én chreideamh. Dubhairt tú go leor ar a n-imtheacht sin (ol Éamonn Ó Cléire), agus cas feasda ar Chormuc agus ar Ó Néill. Do ghlac lung suain na hoidhche sin san tor ar ar tráchtadh cheana, gé gur bheag do chodladar acht ag éisteacht le aithidhe eugsamhla ciulta na ndée agus a seasnáin niamhdha neamhdha. Ar na mhárach, agus go cionn seachtmhaine dá éis, do bhí an síthcheól céadna dá thaidhbhreadh dhóibh san modh sin nach bhfuaradar sult ná greann i n-aon chaitheamh aimsire dá shuairce ann' eugmuis, go dtug aimsir orra dearmud agus neimhspéir a dhéanamh dhe; agus a meanma a leagadh ar cheól agus ar shólás sochaithte saoghalda agus a n-aire agus a n-inntinn a dhortadh ar thaisbeántuibh daonna domhanda. Do fuagradh go fosguilde annso gach aon ó fhear chraithte sleighe go fear romhair le romhainn a rogha súgradh agus súguidh ar réir a gclaonta agus a leanta a leanamhuin. Don chéad fheacht do hórduigheadh gach dream dár mhian goileachta a dtoil san gcás sin a leanamhuin, agus go raibh deich gcéad cloidhiomh, deich gcéad sleagh, deich gcéad cathbhárr agus caithbheart ionn armthor Chormuic, deich gcéad each faoi shriantuibh óir agus dhialluidighe airgid ionn a ghabhair-thigh; do bhí deich gcéad gadhar seilge agus caolchú ionn a chon-chró, trí chéad fleasgach ciúl a' sásughadh lucht rinnce, agus deich gcéad óigh áluinn aingil-dhealbhach
a' clasuigheacht béil-cheóil a sásughadh aois óg agus aeta na cúirte fionn-bháine si, mar dubhairt an file:
Deich gceud cloidhiomh rinneach réidh, deich gcéad caithbheart coimhghlé, deich gcéad sgiath nach loitfeadh lann i n-armthor thriath na dtreas dteann. Deich gcéad each ba sitreach seang, sriantadh i n-ór-dhath n-ionann, faoi shadaluibh shnas-airgid shlim, nár fágadh i gcath ná' gcoimhling. Deich gcéad gadhar béil-bhinn bán, deich gcéad caolchú comhlán, 'gconchró thriath na ngleo sna ngliadh, chum torchradh míl is móir-fhiadh. Deich gcéad fleasgach clisde gceól, i gcúirt an fhir gach aon ló; deich gcéad maighre maiseach mná, a' canadh cor gach cionn tráth.
Do chaithiodar uile lá agus bliadhain ar an imtheacht sa, gan ghruig gan mhíofháilte, agus riar a mhiana féin ag gach aon ó rígh go rámhuinn, agus Cormac ar uairibh a taisbeánadh iongantais agus mórdháil na Maoláirne do gach aduain, agus go mórmhór d'Ó Néill; agus ameasg gach ní do theasbeáin a theagh columb dhó. Agus an tan do cuireadh scinneóg ann sna coilim agus do ghlacadar ite, do bhíodar coimh líonmhar coimh iomadamhuil sin ní feicfidhe an t-aedhar treótha i n-aontaobh ar feadh seacht míle. Fiche bairille pise báine a ngnáth-liúntas gach ló go n-oidhche. Dfhiosruigh Ó Néill go hiongantach creud é an riachtanas do bhí leis na scatuibh an-mhóra colum sin?
Tá (ol Cormac), óir is éigion do mo ghiolla columb chúig míle columb (an chuid is lugha dhe) a thabhairt do mo ghiollanradh gach én tseachtmhuin go cinnte, agus na dhiaidh sin féin bíd a' casaoid. A Chormuic (ar Ó Néill), an misde fhiafruigh cionnas a cothuighthear an uimhir each úd do chím ag dol chum uisge? Furas go leor (ol Cormac), óir ní bhfuil aon acra dfhearann na Maoláirne a léigtear chum féir nach spealtar cheara chéad carr féir dhe fa dhó gach aoin tséasún. Ceisd ort: cionnas gheibhtear leabacha go leor do do ghnáth-mhuintir féin an uair a bhíos iomad aduain ar aoidheacht agad, nó an ar na machairibh is éigion dóibh codladh? Bíodh a fhios agad, a dhuine uasail (ol Cormac), nár bhfiú liomsa an t-aduain is táire dá dtiocfadh chum mo chúirte a chur na luighe ar an leabuidh is dathamhla dá mbíonn ag mo ghnáth-mhuintior féin, gé go bhfuil cuiltí síoda snas-bhán go leor aca (ol Cormac), agus ní raibh mo theaghlach ariamh gan trí mhíle leaba árd áluinn ór-dhaite ríonuighthe timchioll le meirge eugsamhla saoithe an bheatha, agus le ríonshamhluibh do dhúilibh éadtrochta mara agus tíre go fír-cheart tairngthe ionn a ndathuibh eugcosamhla agus ionn a bhfoirmibh eugsamhla. A Chormuic (ar Ó Néill), tá th'iosdas agus do ghléas os cionn foilsighthe, agus le do chead féin ba mian liom trácht ar an ní a dtáinic mé faoi n-a thuairim. Labhair do mhian (ol Cormac), agus ba leat do thoil gan ghruaim gan ghruig gan éara. Maise, ar son gur dánacht os cionn cuibhis dhamh an aisge táim ar tí iarraidh a luadh liom féin - Craith dhíot éadánacht (ol Cormac), budh leat h'impidhe gan durr gan diúltadh. Maise (ol eisean), go héadána, is ag iarraidh mná do tháinic mé don ionad sa.
Budh marthannach th'fháilte chum do rogha do mhnáibh an dúin se, dá madh í Méadhbh Óg féin do roghain. Maise is í (ol easan), gé gur céim is uirde ná fál é. Is leat do thoil (ol Cormuc), ar son go bhfuair oighreadha na Gearmáinne, na Spáinne agus na Fraince diúltadh na dála san. Iar sin do gaireadh Méadhbh; agus an tan do músgladh an dáil si chuice, ní raibh corcarán cuain ariamh i gcoimh-dheirge léithe; ní raibh rósa riamh ba deise dath ná í, agus is do-chreidthe go raibh aon do bhain-dhea na bhflaitheamhnas ionbhuailte uirre i maise i scéimh ná i n-iomchur; agus má bhí, dearbhuim dhuit nach í Uénus í, ar son gur breathnuigheadh ubhall na scéimhe léithe. Dfhreagair a hathair ag rádh: Athair ionmhuin onóruigh, dá dtoghtha-sa mac Dhiairmín na Scuab mar chéile dhamh budh easumhal égceart mé mar' riarthuinn do thoil. Agus ó thogh tú rogha árd-uaisle Éirionn dhamh, is gein gan chéill gan bhéasa gan umhlacht mé, do thréig modh agus modhamhlacht, dá n-obainn do thoil, nó mar' gclaonainn m'aonta agus m'intinn chum th'airle a chóimhlíonadh. Fáilte dhuit a inghean (ol eisean), ní fhuair mé riamh fós tú tarsna ná teagmhálach i n-aghaidh mo thola. Annsin a breith ar láimh urra dubhairt. Uí Néill, comh maith is do dheónuigh an duileamhuin an cailín se mar inghean damh-sa, deónuim-se mar chéile dhuitsi í agus scaoi bheannacht léithe. Annso do thoirbhir ar láimh dhó í, tabhartas do ghlac seisean níos fonnmhaire agus le níos mó do shólás agus do luathgháire ná dá n-órnuighthidh n'árd-fhlaith os cionn righthe an bheatha é, nó dá dtigeadh Iupiter a fuagradh dhó go madh leis áird-cheannas na cruinne. Annso do cuireadh teachta foirbhthe foghluma chum uaisle oirdheirc Éirionn, a theacht i gcionn dtrí mí ó an am sin, isé sin ó thoiseach an Mhárta go tús na míosa meadhonuigh san tsamhradh, chum dála agus
dlúith-cheangail na deise gan chompráid se. Dfhanadar an méid ro bhí san ndún fan am sa ag gnáthughadh na huile mhiangas go críoch na raedhe romhráidhte. Agus annsin an uair do chruinnigh uaisle Éirionn agus a seasnáin os na huile árd don chrích don Mhaoláirne .i. go luibhghort an uile chumhracht agus go párrdhas torthach talmhuidhe na Heórpa, do pósadh an dias gan chomordas sa le gach gnás dár chleacht cairneacha foghluma Himeneus, agus le gach dualgas agus le dleachtanas dar cleachtadh ar pósadh rígh ná impire. Agus dá n-innsinn-se gach fleidh agus gach féasda fialmhar fairsinn fíonamhuil, gach goileachta agus gach gaisge lúthmhar luaimneach lánchrodha, gach ól gach imirt gach súguidh gach suaircios gach ruathar gach rinnce gach canadh clasaidheacht gach ceol gach comhgháir gach fiadhach gach seilg agus gach fianscaradh dár gnáithigheadh eatorra ar feadh ráithe shúgach chompánach chliúiteach ghealgháireach lúthmhar chámanach máireach bán-áluinn an tsamhraidh, do dhéanfuinn mo staruigheacht liosda libideach liodránach; agus foghnaigh focul ar uaire a n-ionad iomad, agus is leor a rádh go raibh siad oirdheirc eugsamhuil iomadamhuil. Agus iar gcríochnughadh gach súgaidh i n-earr na ráithe thuaisríomhtha, do ghluaiseadar i n-aonbheul agus i n-aontoil leis an mbrídeóig go tuaith iostasach áluinn Uladh, áit ann ar fríobh fáilte mhodhamhuil do gach aon do réir chéime ghraduim nó tiodail flatha, agus na huile shólás budh mian le leantuibh daonda an bhith i gcomhgar uaisle Éirionn go coitchionn. Do rádh Cormuc le Ó Néill: A shaoi oirdheirc, gé go dtug onóir agus nádúr fola na sinsear atá rioth ann do chuislionna ort gan spréidh nó crodh iarraidh le mnaoi, ní laghdughadh acht méadughadh ar do chisde agus ar do mhaoin é. Óir bronnuim-se deich milliun óir, deich míle caora, ar a dtig lomruidhe ór-dhaite, deich gcéad groidh scuab-fholtacha, deich gceud loiligheach, deich gcéad cairt faoi shíoda,
naoi gcairr dheug faoi charbhugail agus faoi sheóidibh iomdha eugsamhla eile, mar adubhairt an file:
Deich milliuin d'órghlan dhearg, do fuair Ó Néill ó Chormac, le Méidhbh Óig an bhéildeirg bhinn, áilleaghan eannach Éirionn. Deich gcéad caora is dearg-bhuidhe dreach faoi lomruibh órdha 'n aon-dath, deich gceud groidh ba sitreach seang, is deich gcéad bleacht-bhó bhainionn. Deich gceud carr faoi shíoda shlim, d'fhidh mná síth sáirbhinn, naoi gcairr dheug faoi gheamuigh ghlé do chuaidh le Méidhbh Mhaoláirne.
Do chomhnaigheadar uaisle Éirionn agus iliomad danar os ciantuibh coigcríochach lá agus bliadhain i ndún Uí Néill, ionad ionn a bhfuair gach aon gach ar mhian leis go fial fairsinn fosguilte, san modh sin go ndubhairt na huile dá bhfacaidh féile fairsine agus mórdháil Uí Néill nach raibh a samhuil eile faoi iomghabháil gréine acht amháin Cormac Óg, nach raibh ariamh agus nach biaidh go brainne an laoi bhráith a chomhshamhuil, mar ndéana féin an eiséirghe faoi sin. Do scaradar iar seo re chéile go buidheach buadhach beannachtach, gach aon mar a dtug a chúram cuireadh dhó, lán 'dholuibh, deoraibh agus doirbhthuirse fa bheith a scaradh re chéile. Is a' seachnadh áidhbhéile a chur 'mo leith (ol an buachaill), nár aithris mé trian na n-iongantas ná na dtaisbeánta agus na mórdhála do bhí dá gcleachtadh san Maoláirne, etc. A chairde ionmhuine a léigheas a scriobhas no chluinthias an scéul, tuguigh beannacht don staruidh .i. SEÁN UA NEACHTUIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services