Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stair Éamuinn Uí Chleire

Title
Stair Éamuinn Uí Chleire
Author(s)
Ó Neachtain, Seán,
Compiler/Editor
Ó Neachtain , Eoghan
Composition Date
1700
Publisher
(B.Á.C.: Mac an Ghuill, 1918)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



STAIR ÉAMUINN UÍ CHLÉIRE.



Cuid I.



Do bhí flaith uasal, onórach, gaoiseach, grinn,
géarthuigsionach, oirdheirc, áluinn árd-mheanmnach, dá
madh comhainm Éamonn Ó Cléire, i gcríoch áluinn
fhéaruaine comhchomhthrom Chonnacht. Agus lá n-aon dar
éirigh ar thulaigh árd fhadamharcach i bhfogus dá dhún
fosgach, fionnaolta féin do chonnairc maighre maiseach
mná, ba bhreagha dreach dealbh agus déanamh dar
chruthaigh an nádúir ariamh ionna fhiadhnuise, ar ar dhoirt
tuile trom-ghrádha don chéad amharc, agus ag breith ar
bhárr cruibh uirre d'fhear fíor-chaoin fáilte fria. Do
fhreagair sisi an beannchadh céadna go mín macánta
mnámhuil agus go miochair muinteardha ag rádh:



Is ag iarraidh na fáilte sin do chuir an duileamhuin
annso mé, óir is innilt óg do mhuintir an choimhdhe mé,
Iomchuibheacht inghean Fhortúin mo ainm, agus do neasg
sé do bhaing doisheachanta orm turas agus comhnuidhe
do dhéanamh frat-sa agus fós pósadh riot, ar an
gconnradh so: thú go suthain, síorruidhe cuideachta,
combáidh agus caidreamh an chathaightheoir thásgamhuil
oirdheirc .i. Cuirm Searbhandeire agus a ghaolta do
sheachnadh, óir is fíor-bheagán (má tá aon duine ar chor
ar bith) a chumlas leis nach biaidh lán do dhinnle .i. galar
na boichtine; agus do bhrosdughadh do mhioscais agus do
mhéadughadh t'fhuatha air do dhéana mé craobhscaoileadh
ar a thuistidhthe, ar a ghaolta agus ar a chraobha
coimhneasa dhuit.


L. 2


Ar dtús ba mac brughaidh don tír é, dá rugadh
mórán cloinne, fa héagcosmhuil leis an ndraoi se.
Is é fa hainm dá athair Eorna; duine toiceamhuil,
tábhachtach, bronntach, boicheadach é. Is é fa hainm don
inghean fa sine ag Eorna Cosg Geanais, inghean Eorna.
Bairín Leathan, inghean Eorna, an dara hinghean. An
treas inghean Urthoirbheirt, inghean Eorna; an ceathramha
hinghean Déirc i bhFolach, inghean Eorna, agus mac maith
teith grádhach do lean a athair .i. Sturra fial-mhac
Eorna. An seiseadh duine do chloinn Eorna, agus
an mac déidhionach do rugadh do Eorna .i. Cuirm
Searbhandeire mac Eorna. Agus an tan do bhí máthair
Eorna torthach ar Eorna do rinneadh faistiona dhi go
mbéarfuidhe mac don ghin do bhí fa na broinn. Ba
meiste an rann Eorpa uile dá dtagadh chum aoise.
Tráth rugadh an mac so dó agus go bhfaca droch-thuar
faoi, do smuain gurab dó ráinig an faistine, agus
ar son gurab ní i n-aghaidh nádúir athair do bhásughadh
na geine do shíolruigh uaidh féin, gidheadh níos taoisge
nó thuillfeadh náire nó míochlú dhó dubhairt go gcuirfeadh
chum báis é, go n'aire sin do chuir coire mhór mheiséala
os cionn teine lasanta lán-ghéire, agus do theilg an
ghein chrosta choiripe se agus droch-bhodach eile nár
bhfeairrde tír nó talamh é a bheith ann .i. Hopa Cionnbhuidhe,
do iarr an ghein si comh doth is do rugadh é re
n-a oileamhuin, do theilg sé (adeirim) i n-éinfheacht san
gcoire romhráidhte dá mbruth agus dá dteampuirt iad,
gur shaoil go ndearna praiseach agus ola dá bhfeoil
agus dá gcnámha; gi nach amhluidh thárla, óir bhádar
d'éis gach sgalla nimhe neanta dá bhfuaradar níos
treise agus níos tréine nó bhádar ariamh roimhe.



An uair do chonnarcsan nár bh'fhéidir a mbásughadh
ar an modh so do chuir purgóid nimhe dá hollmhughadh
(do nós deasga) dhóibh. Do at agus do líon san modh
soin iad gur shaoil na huile dá bhfacuidh iad go
réabthaoi agus go sgoiltí iad os a chéile, acht do
sháruighdar an bás so mar gach bás eile. Do roinne
annso stuidéar fhada fhorusda ag smuaineadh créad ba


L. 3


déanta leo. Do mheas aige féin go madh le teann
dolpha draoidheachta agus diabhluigheacht do sháruigheadar
gach bás dár tionsgnadh dóibh. Fo dheire is é do
cinneadh ris soitheacha fairsne dhá chionn do dhéanamh
agus a dteilgean i ndiaidh a gcinn ionnta, ní do rinne
gan mhoill, agus stopadh na héadain ag na soithighibh ar
mhodh nar bh'fhéidir smide dá laghad gaoithe nó anála a
dhol asteach nó amach, acht gur oibrigh an cumhgach i
rabhadar agus an rúmail a rinneadar udhtruisge a
gcoirp, cubhar agus cuib a gcroidhe agus a gcléibh,
tré chláruibh daingne donna dairbhe i ngléas gur shaoil
amharcaigh nach raibh teacht ón túnuisg sin acu, agus
dá chur i n-iumhuil don domhan nach bás gan choir a
fuaradar. Do teilgeadh ar chartacha mar ghaduighthe
chum na croiche iad, tré gach sráid agus tré gach áit
phuiblidhe eile. Do teilgeadh dá éisi so i gcarcair
chumhang chomhdhorcha faoi thalamh iad, áit ionn nach raibh
léas léargais nó amharc gréine nó gealaighe. Ar a
shon so is uile d'éirgheadar ó gach bruid agus ó gach
gabhadh ionna dtárla iad do gheis draoidheachta agus
dolpha, níos treisi agus níos tréine agus ní ós calma
míle uair nó bhádar an chéad uair agus atáid anois
san anchumas sin nach bhfuil beant nó imtheacht ag laoch
fo neimh orra.



Anois ó chualuidh tú a dtásg go fírinneach féach a
bhfaghann tú do chlaonta deontach ar a seachnadh, agus
má gheibhir pósa mise riot; gidheadh choidhche 'rís coimhnigh
agus tuig go mbrisfidh staonadh dá laghad do do
thaobh-sa a dhul i gcleith nó i gcomhlann leo coibhreacha
ar ngrádha agus ar bpósda.



Ná bíodh sin 'na an-shocracht ort, ar Éamonn, óir
biaidh mé comh dílis duit is bhíos mé don anam atá
ann mo chliabh.



Do pósadh annso iad, agus do bhádar treall go
suaimhneach socair grádhach ré chéile, go gcualuigh
Éamonn lá n-aon trácht fada foirleathan ar neart
agus ar dho-chlaoidhteacht an fhathuigh agus gur ghlac éad
agus tnúth adhbhol é fo an gcáil agus fo an dtásg


L. 4


do bhí go generalta ar neart neamhchuimsighthe an
fhathuigh agus do chuaidh go mil-bhriathrach do fhoruid a
mhná agus do aisg cead uirre fulang dó a chumus
d'fhéachuin leis an bhfathach. Do fhreagair an macaomh
mná go sochmaidh stuama deiscréideach agus a deór
ar a gruaidh ag rádh:



Ó! a Éamuinn, an í sin do gheallamhuin dhamh-sa, a
Éamuinn?



Ar an mbachall ádruic, ar Éamonn, gibé ar bith
gealladh thug mé dhuit ní fhuileona mé sgléip an
mhéirligh úd a imtheacht gan smachtughadh.



Ar Maintin, ar ise, má ní tú sin ní thaobhochad-sa thú
go bruinne an bhrátha.



Ar Miontuin (ar eisean), má ní tú sin féin ní
stadfa sain misi agus innis dhamh cia bhfuil bunáit an
tí ar a bhfuil do thrácht.



Srathaigh síleach siubhlach siobóideach é (ar issi) bhíos
le draoidheacht agus le dolpha i n-iliomad do ionaduibh
i n-éinfheacht ar son gurab í nÁth Cliath atá a longphort
agus a rígh-theaghlach.



Ní chuirfe do chraobhscaoileadh fa deara dhamh-sa mo
thionsgnamh a chur i ndearmad agus ní mó athrochas mé
mo inntinn go comhrac dhamh leis an arrachtain sin.



Annso do bhean bruide meanman ann gur ghluais
gan mhoill i n-aithghiorra gacha conaire go húir iathbháin
leargach Laighean agus go bánta biatacha Dhroma
Chollchoille .i. Átha Cliath agus an óig-ógh sa ar láimh
ris. Is iomdha áit ar an mbealach ar shaoil an fathach
éirghe slighe do thabhairt dó. Ní raibh ráth nó baile ar
ghabh thríd nar chuir an fathach comhartha agus signe
dubhshlána an uile thaistiollach, gidheadh níor fhreagair
an curadh so é i n-aon ionad go ráinig Achadh an
Droma dá ngoirthear anois Sráid San Tomás i ndorus
Átha Cliath. Do bhí fo an am céadna a dtáinig an
curadh sa fo an Achadh iomad do chlannuibh ríogh agus
ró-fhlatha, do shaoithibh saora, seoid-bhronntacha, do
shlóightibh daora dísgearshluaigh agus do mhnáibh seanga
síotháille ar an dtulaigh, dar bheannuigh Éamonn go


L. 5


miochair muinnteardha, ag fiafruighe do gach aon fo
seach ar b'aithin dhóibh an fathach Cuirm Searbhandeire.



Is eol cheana, ar aon don chomh-chruinniughadh, créad í
do mhian leis?



Atá, ar eisean, óir fáth mo thuiris don tír si ag
comhlann leis. Óir do chualuigh mé teist mhór ar mhéad
a neirt agus a dhraoidheacht agus a mhí-mhúinteacht.



Go deimhin (ar an cathruightheoir) ní gnáth leis an
duine sin é féin do cheilt, agus mo chomhairle dhuit
gan buain uime, óir is fíor-annamh a sgarus duine ar
bioth leis gan cuid dá chomharthuibh, agus má tá dúil
agad-sa spairn nó comhrac do dhéanamh leis rachuidh
meise (go toilteanach) dá ghairm chugad.



Ná téigh (ar an chumhal do bhí na aice .i. an
Iomchuibheacht, inghean Fhortúin) agus má bhaineann don
dul so buailfear é, agus fareis sin sgarfa mise
leat.



Ar Mantuin, ar an gaiscidheach, dá mbiadh a neart
mar neart Hearcuil do thóigeadh na sléibhte, agus a
ghaois agus a ghliocas mar ghliocas Chongcoluin, do
fhéachuinn-si mo neart leis gan tlás gan time, agus
goirthear air.



Do goireadh air, ar a impidhe, agus comh doigh is
tháinig faoi an toichim agus faoi an tuarasgbháil sin,
do fhéach go claon mailíseach ar an innilt óig do bhí i
bhfochair an churuidh agus adubhairt go mbiadh aige féin
nó go dtuitfeadh leis. Tráth chonnairc an gaisgidheach
méad a shutail dubhairt do bhriathraibh árda so-chlusta
nach ba leis í gan chomhlann teann tinneasnach tar a
cionn.



Féachuim an bhfuil sin do mheisnigh agad, ar an fathach.



Atá (ar Éamonn).



Is ionnsin do ionnsuighdar an dias sin a chéile mar
dhá leomhan ligthe líomhtha ladranda, nó mar dhá
mhathghamhuin mhillteach mhór-uathbhásach, nó mar dhá easa
ruadh-thuile ag tuitim i gcionn a chéile i n-aon áill, nó
mar dhá ghribhingne mheara mhór-ghníomhacha. Tréimhse
fhada ag spairn agus ag spéirlinn, ag gabháil do


L. 6


dhórnuibh agus do dhearg-bhasuibh i n-aghaidhibh agus i
ngnúisibh a chéile, seal eile ag gabháil do sgeana géara
glasa i n-inchinnibh agus i n-asnachaibh a chéile, agus do
phreabuibh diana difreacha i n-íochtar bholg agus bhronn
a chéile, gan fios ag amharcuibh cia dhíobh is mó ar a raibh
cosamhlacht buadha ar feadh sheacht n-uaire do ló. Fa
dheoidh an tan do chonnairc an fathach anneart a chomh-chomhlonnuigh
do thug deirge ar bháine agus ar mhísgéimh
agus do ghlac brisi go tobann tinneasnach go ráinig
an abhuinn dá ngoirthear an Poiteul, i nDruim
Cholchoille, mar ar chuir cleas an ghath boilg na shuidhe,
ag lámhach, ní saighdibh mar do nídís curuidh eile, acht
cuach agus copáin i n-aghaidh an ghaluigh (mar do shaoil
é do-chlaoidhte) treall fhada; treall eile ag lámhach an
uile ghné soithighe agus bhriolláin, mar do bhí siothuluibh
fairsne fíor-dhoimhne, sgáluidhe cruaidhe comh-chruinne,
tangcairt ghallda ghlan-airgid, ladaluibh bhealuighthe
bheul-tiubh, porinnséaruibh nuadha neamh-ghnáthacha,
boicínibh fásgfhunnsach, agus meidreacha greanta
gaodhulacha; acht ní dheachuigh leis gan chúitiughadh, óir
níor caitheadh arm ar bioth leis an ngoileach so nach
gcaithfeadh ar ais go dána díbhfeirgeach, ar mhodh gur
shaoil na huile go raibh an fathach ar fágáil; gi nach
amhluidh thárla, óir do rug oide fealltach fionghalach
an fhathuigh .i. Hopa Cionnbhuidhe, greim ar mhullaigh chinn
ar an ngníomh iongantach so, agus do rug dearbhráthair
do Hopa Cionnbhuidhe .i. Brantí Loisgtheach mhic Deasga
ar a dhá chois, agus an fathach féin ar a chom feardha
fíor-áluinn air, i modh ar mhéad a n-uimhre i n-aghaidh
aonaráin go ndearnadh cime creapuillte cruadh-chuibhrighthe
dhe, gur teilgeadh síos an staighre é. Bhí
comh fada síos agus do bhí an t-aer suas, i ndeirc
dhomhuin chiar-dhuibh chomhdhorcha, mar ar briseadh a chnámha
uile gan fhuighil le fóirneart na treasgartha do thárla
dhó, áit ionna raibh aimsir imchian do gheis na healadhna
draoidheachta sin, go daingion dosgaoilte, faoi dholuibh
agus fo phianta do-leigheasta do-iongabhála agus fo
dhoightheacha diachracha do-fhulanna, mar a ndearna na
gleórána se síos:


L. 7



Uch is truagh mo chor,
Is mé go docht i n-uaigh,
Fós ní bhfuair mé bás,
Ní fearr mar táim, is truagh.



Cháill mé neart mo chnámh,
Mo chois mo lámh gan ghníomh,
Mo theanga ghasda is balbh,
Uch nach marbh ataoim.



D'imthigh ciall mo chinn,
Níl mo shuim i ngaois,
Táim gan choth gan lón,
I gcarcair chrón dhubh shíos.



A Chonnachta, úir na gcath,
A mhúir na ngalach fial,
Uch, uch gan mé san uaigh,
Tráth shíleas uait-si triall.



Dá mbiaidhinn i Gcruachain shiar,
Mar mbiaidh triall na slógh,
Gan lón ní bhiaidhinn i bhfeart,
Is mé 'mo bheatha beo.



A Ros an mhaide chaim,
Is aoibhinn crann is bláth,
Leuna is féar is mach,
Mo léan nach d'aice tá.



I nÁrd-mhoigh Átha Liag,
I mbeul Átha Liag na sreabh,
Nó i Neilfinn na gcliar,
Ní bhiaidhinn gan liaigh 'mo ghar.



A bhaile Átha Luain,
Nar chuir cluain ar aon,
B'fhearr a bheith gan lón
Nó sac óir mar taoim.


L. 8


I nGaillimh, caladh carb,
Mairg nach ann atá,
Budh híce leighis dhúinn,
Bheith na dhún go lá.



Ba fearr i Sligeach thinn,
Is tú gan ghrim 'do láimh,
Nó i nÁth Cliath na gclog
Slán is coth 'do dháil.



Tír na nÓg an tír,
Tír na gcaor 's na mbeach,
Tír na bhfiadh 's na bhfearb,
Tír na dtarbh 's na n-each.



Tír na gceall 's na gcliar,
Tír na bhfial an tír,
Tír na saoi is na suadh,
Suairc i n-aimsir bídh.



A Chonnachta táim go cráidhte tréith 'do dheoidh,
Gan chuideachta sháimh ba gnáth mar éisg ag ól,
Gan chumas 'mo láimh, mo chnámha réabtha fós,
Do chuireas mo bhláth 's is fágtha mé gan lón.




Do bhí mar so an seal do bhí san uamhuigh dá
bhréagadh féin, acht ní rug fóiríthin air, furtacht nó
fuasgladh, agus ní bhéaradh go bruinne an bhrátha muna
mbeith go dtug Dia agus deagh-chinneamhuin Aodhagán
Feartach don uaimh, mar a bhfuair an ríogh-churadh so go
huaigneach direoil, gan don dhroing dhaonna 'na fhochair
acht Easbhuidh, inghean Fhortúin .i. deirbhshiúr don óig-mhnaoi
do tháinig dá choimhdeacht as Connachta agus ad
fháguigh é an tan do chuaidh i gcleith ris an bhfathach. Ba
saoi go n-eagna a n-iomláin an tAodhagán so agus draoi
fiosach fír-ghlic do sháruigh fir ndomhain i ngaois agus i
n-ealuidh, agus go mór-mhór i ngaois na healadhna
draoidheachta, gi nár chuir a mhóir-eolus i ngníomh le
droch-bheart ariamh, acht le furtacht agus le fóiríthin


L. 9


dhronga deireoile lucht aicíde agus galar, agus ag
scaoileadh agus ag dí-chuibhreadh braighde ós carcaruibh,
daora os greamuibh agus draodhghonta ós geasa. Do
fuair an draoi so na leabhair do bhí ag Medea, le ar
chuir sean-athair Iason i n-óige agus i n-áille agus i
gcumas seacht mbliadhna fichead, agus do fhosgail
leabhar dhíobh, ag buaint fáinge le slaitín bheag na
thimchioll agus ag rádh na rann so re gcuireadh a dolpha
i n-éifeacht. Do canadh do réir na haibidhtire:




Alatrum angur arr
Ballatrum bingum barr
Colatrum clingum corr
Donatum dionguin dar
Elistra ela inn
Feilistra feala fann
Geimistra géara grinn
Hemistra hera hann
Iejunum ioncon ionn
Leprudum limpa linn
Memutum mensa minn
Nelupus nemga ninn
Omorum omnia onn
Pomorum pongia pann
Quotorum quona quonn
Rostrorum rongia rann
Stultorum stongia stinn
Teucrorum tongia tun
Ultorum ungia inn
Zonzorum zungia zunn.




Annso do chuir trí séideoga fo thrí faoi chorp an
othair agus adubhairt an oráid: pinam, panum, punum,
portum, scaruim, scaoiliom díchoibhrighim an t-othar
deireoil draodhghonta sa ón uile ghuais gheasa agus
theimhioll draodhamhuil Luicifer agus a dhubh-threabhlaigh,
ón uile olc aingcis agus urchóide Bhelsebub agus a
dheisciobail agus ón uile nimh-neart agus náimhdeanas
Cherberus Dhis agus Abiron agus ó mhoghsaine drannanach
dubh-dhóighte le ar dhealbh an fathach agus a lucht feadhma


L. 10


a ndolpha, le ar díoghbháladh an goileach oirdheirc se,
agus neasguim geis agus geasa orra go prap saoileach
sárluath a gcumas uile agus a ngliocas iomlán chur i
ngníomh ag leigheas agus ag dí-choibhreadh an othair
anbhfuinn éagcruaidh si. Neasguim fós le geasa mná
droga, i n-ainm an duibh-dhuruma Nemesis agus
Megeara theacht a dhíoghailt leatroim an churuidh so ar
lucht a inghreama. Crusda Bhíla, Bergida, Eanna,
Súda Cinerima, Catenas, Uincula, Cuibhreacha, Sanda,
dudo dodo feritatis a Móla. Amen.



Iar gcríochnughadh na horáide sin do Aodhagán draoi
do chorruigh fóch na talmhan uile, do chriothnuigh na
firmhemuinte, do bhéic na cairgeacha, do mhadhm an
mhuir tar a gnáth-thóranna, do dhorchuigh deallradh na
gréine gluaire gile agus do bhí much adhbhal coitcheann
ar feadh na cruinne ceathar-rannuighe crith-eagluighe, do
bhí criúin leomhuin agus liobaird agus gach gné fheithide
eile do hoiltear ar talamh ag comhroith faoi thearmonn
deirce diamhartha dorcha do-fhaghala agus chuaisibh crann
agus cairgeach, ag seachnadh uathbháis na stoirme agus
an troimphleisg throsamhuil thoranda do thárla. Bhí so
amhluidh teora uair gan traochadh gan laghdughadh, gan
súil ag aon san mbith atharrach garma generalta shíol
Adhamh go gleann Iosaphat do chlos, gi nach amhluidh
do bhí, óir do háinig go hobann prap ciúnas soineann
agus deallradh glé gréine do sgab agus do sgaol
gach teimhioll, gach much agus gach dubhrat dar fholuigh
na firmhemuinte fairsne fuar-fhliucha, ar mhodh nach raibh
dúl fo neimh nar ghluais as a ghnás seicréideach ag
déanamh aeir ag méad taithneamhuigh na haimsire do
thárla. Níor fhan braoighin i gcnoc, nó geilt i ngleann,
nó bádhbh i n-uaigneas, nó eun i gcoill nach dtáinig de
aon-aonta le na gceoltuibh agus le na gceileabhruibh
iomdha éagsamhla suairc síth-bhinne ar fud dhúnta, rátha
agus claich-dhíseartuibh, ag meas nach raibh dúl domhanda
beo acht iad féin.



Is annso do rinne an curadh romhráidhte teora srogh,
agus a tabhairt dtrí léim árda éadtroma eunamhuil dó


L. 11


do thuit a chuibhreacha agus a gheimhioll de agus do bhí
comh slán agus comh slán-chréachtach is do bhí ó lá a
thuismidh go so, acht amháin go raibh cnápar na
gcuibhreach ionna chnámha feardha fíor-láidre; agus
anois do bheir a mhóide agus a mhór-mhionna má bheireann
i n-árd nó i bhfána ar an bhfathach in' aoinfhear go
ndéana díoghaltas dúr díbhfeirgeach (i n-éiric a mhasla)
air, agus go háiridhe má bheireann ar mhachaire fhairsne
fheur-uaine Bhaile na Sgórnaigh air nach stadfa leis
go dteilge i ndiaidh mhulluigh a chinn i bPoll Tighe
Léabáin é áit as nach gcasa i dtaobh a chúil nó a aghaidh
go bruinne an bhrátha agus go fuinne na síoruidheachta.



Do tháinig annso dá fhéachuin an chumhal óg áluinn
do ghluais as Connachta leis agus do shuidh go
mnádhamhuil sochmadh sochaidearrtha na fhochair dá
theagasg agus dá chomhairliughadh, ag rádh go báidheamhuil
miochair leis an fathach agus a ghaolta do sheachnadh, nó
nach n-éireoghadh béim buadha nó biseach go earr a
shaoghuil leis, agus dá ndeachuidh sé go hArcadia agus
turas an tobair bheannuighthe Cristorius do thabhairt,
tobar sin ag a bhfuil do bhuadha agus do mhíorbhuile,
nach bhfuil aon dá n-ibhe dá uisge nach dtiubhradh fuath
nadúrtha do fhíon agus do bhiotáille láidre eile go
foircheann a bheatha dá éis, go gconnloghadh féin leis
go dílis do-scaoilte daingean diongbhálta choidhche
uaidh sin amach, is go mbiadh sé seasmhach do-chlaoidhte,
agus go háiridhe nach gclaoidhthidhe go bráth leis an
fhathach é. Tuilleadh eile: thug Aodhagán Feartach a
lán-mhionna ar eagla nó ar impidhe chumhachta san mbith
nach bhfuaisgeoladh go bráth arís ó gheasa nó ó dholpha é.
Uime sin is seachanta dhó an drong le ar dealbhadh
an draoidheachta. Do fhreagair an goileach gnímh-iongantach
í, ag rádh:



Admhuighim dhuit, a mhaighre maiseach mín-dhealbhach dhá
nglacuinn do chomhairle nó do theagasg go seachónainn
gach duadh agus gach dóghruinn do-fhulanga dá ndeachuidh
mé thríd, agus feasta go críoch mo bheatha ní racha mé
troigh tharsna do do neamh-thoil.


L. 12


Do chraitheadar lámha re chéile, ag tabhairt móide
dísleachta agus diongbháltacht dá chéile. Is annsin do
bhádar tréimsi i n-aice a chéile, fa sholás mhór agus fa
shuaimhneas ádhbhal agus fo lán-chiúnas meadhair agus
meanman, go ndeachadar lá n-aon ag déanamh aeir
agus aoibhnis go tuluigh árd fhad-amharcaigh dhuilligh
ghéag-ghlais fhéar-uaine dá ngoirthear Nead na nEun
Aduadhain agus dá ngoirthear go coitcheann an
Phénics, agus go dtárla dóibh go hobann mí-ádhmhail
an fathach romhráidhte san chonair sin agus é uamuighthe
ionna chaithbhert cosanta cóirighthe, ag beannughadh dóibh
go miochair gnúis-réidh geal-gháireach, ag fiafruighe dhe
cionnas ro bhí.



Tráth chonnairc an dias so é do chriothnuigheadar
mar bhoig-shibhin ar ghaisi nó mar dhuille ar chrann ar
chrith, agus go mór-mhór an bhean ar a dtáinig lí
glas-thana bán-bhuidhe an bháis, bailbhe maille agus
mearbhuil teanga friotail agus cainte; do chaill a
hiosgada a lúth a léim agus a luathghoil; do shnadhm
mímheanmna agus droich-mheisneach a croidhe gan
ghanguid gan mhairg gan fhuath gar fhormad ionna cliabh
cailcidhe cnis-gheal; do stad a hucht agus a hanál i
modh gur thuit i laige agus i lán-tsuan, san riocht gur
shaoil na huile dá bhfacuidh í gur sgar a hanam
naomhtha neimh-chionntach léithe. Tráth do chonnairc an
goileach so, nár ghlac time tlás nó toibhéim i n-airc
nó i n-éigin ariamh, a chaoimhtheach san gcróluighe sin
d'imthigh na ghaisi grod-mhear glan-ratha go hárus nó
go hadhbhuidh an fhathuigh, do dhíoghailt uamhan agus
anbhfuinne a mhná agus do bhean béim sgéithe do
chualthas idir dhá fhuinn na críche.



Is annso táinig an fathach damanta deamhnuighthe si
fa thuairim na dtrost dtoranta n-uathbhásach neimh-mheasardha
ro-chualuigh agus bluntarbuis ionna láimh
chum an mhíle mhór-ghlonnuigh si a lámhach. Acht an tan
do chonnairc an curadh so tionsgnamh mioscais agus
mí-ghean an mhéirligh do bhí gan truaighe gan trócaire
do fhuaduigh a arm as a lámh ar tí an t-urchar do


L. 13


lámhach. Gidheadh níor éirigh leis fon am a rug an fathach
aith-ghrim ar an ngunna, idir cé ar thárla giorac
spairn agus cruaidh-spéirlinn ar feadh trí n-uaire
leora lán-fhada lae. Fa dheoidh do rug an rutharach
romhráidhte greim sgóige agus scórnuigh ar an ndúl
ndiabhluidhe sin, dá phocadh dá chuirleadh agus dá
thrasgairt ó áit go hionad, ar mhodh nár fháig clúid nó
coirnéal leabuidh nó landuir san áras nár chuartuigh
leis, san riocht sin gur shaoil na huile dá bhfacuigh iad
go gclaoidhfidhe an fathach gan chontabhairt.



An tan do chonnairc Hopa Ceannbhuidhe a dhalta san
mhór-éigin sin do thóig na gártha go gclos don teagh
uile. Níor choisg dá áird-éimheacha go dtáinig Uaitéir
mac a Ghoile, Uaitéir mac Ainísi, Brantí Loisgthe,
agus bodach mór aduadhain ath-uathmhar láidir eile as
an Spáinn dá ngoirthear Sac, agus do rugadar i
n-éinfheacht air, Hopa Cionnbhuidhe grim daingean
dosgaoilte ar mhullach cinn air dá thoirneadh agus dá
thiomáin ó áit go háit. Gidheadh ní fhuaireadar a leagan
nó a chur fútha go dtáinig an bhean chuice féin as an
táimhneul ionna raibh agus go bhfacuidh san gcruadháil
si é. Annsin do sgairt go hairgneach ar dhream don
chomhursain do bhí i láthair ag iarraidh orra cuid don
leathtrom do thógbháil dá fear. Fa deacair leo a dhol
san deabhaidh acht re teann truaighe dhó do ghabhadar
cuid do na buillibh ionna scéithibh leathna lán-chruaidhe
féin, i modh gur cuireadh ó n-a chéile iad don dul sa;
acht an uair do shaoil an míle meanmnach an adhbhuidh
ghuasachtach so do fhágáil do chuaidh iomlán na námhad
romhráidhte ar an dorus agus tugadar a móide agus
a mór-mhionna nach scarfadaois leis go fágbháil cuid
dá chloinn na gheall agus na chomhartha buadha dá éis.
Tráth chonnairc an macaomh mná méad an mhí-chomhgair
dá dtiucadh dóibh comhnuidhe dá laghad do dhéanamh i
ndeirc na n-amhas n-ain-mhianach sin, agus gur chuir
Aodhagán Feartach druim-dhiúltadh le furtacht no
fóirithin do thabhairt dóibh do stríoc dóibh go huirísioll
agus do fhiafruigh go sochma foirbhthe macánta
mnádhamhuil créad ba mian dóibh.


L. 14


Is é is mian dhuinn (ar iadsan) an meicin dá
ngoirthear Ceannbheart ríogh.



Maiseadh, ar isi, atá sin agus mo chlaonta i n-aghaidh
a chéile, agus is cruadhálach an mhalairt dhamh sin agus
mé féin agus mo fhear taobh leis, óir ba comfóirt gan
áireamh dhuinn é san chonaire uaignigh lán-fhada atá re
siubhal aguinn. Acht níl neart air, is truagh ár gcor.



Maiseadh, ar an fathach, do na seacht ndiabhal féin
truaighe agam-sa dhíbh agus is niscóid chléibh gan a bhfuil
aguibh do bheith aguinn.



Do ghluais ar so Éamonn agus a bhean ar láimh leis
as an mbruídhin sin i luas a gcos, acht dubhairt an
fathach ag féachuin na ndiaidh:



Athrú, créad é an diabhal sa d'éirigh dhúinn nar
chuinge sinn an crainnmhiosan uatha. A Bhraintí, ar
sé, gluais thusa na dtóruigheacht ós tú is meisneamhla
eadruinn. Do rachuinn féin dá dtóruigheacht acht go
bhfuilim ro-lag an-shocair ionn mo bholg ó n-a bhfuil do
dhíth geir ann.



Iar so fosglus Brainti a bhrollach agus léigeas é
féin chum ratha na ndiaidh i luas fearbóige ar léana
loim lán-chruaidhe, agus gi gurbh fhada roimhe iad do
rug fa dheoidh orra, agus chomh doith is do ráinig suas
leo dubhairt do ghuth árd sochlusta:



Giní, giní, hiar, hiar, giní.



Adubhairt Éamonn annso ag féachuin tar ais: Cad é
so, cad é so?



Atá, ar a bhean, cuid do bhuidhin na mallachta táinig
a mhealladh mo chuiléin uaim-se.



Ods ucs, ar Éamonn, an féidir sin? ag tógbháil
cupla doróg agus dá stabhladh na dhiaidh gurab do lom
scíbe scirthín ratha d'imthigh uaidh mar a raibh cách agus
é ag dul i n-anbhfuinne le teann saothair, teas agus
luas anála. Do fhiafruigh an fathach annso dhe créad a
d'éirigh dhó.



Do éirigh an donus, ar eisean, óir don diabhal stad
nó tuirneadh do chuaidh ar mhac Uí Chléire ar ball a
bhfacuigh mé acht ag stabhladh cloch orm go dtáingeas


L. 15


asteach uaidh agus dá mbéarthaoi orm don diabhal deor
do fhágfadh ionnam.



Frangcach thusa, ar an fathach.



Ní headh cheana, don diabhal braon do fhuil Fhrangcach
ionn do chorp agus dá mbeith ní theichfeá roimhe a
leithide súd dho shean-bhodach. An-bhás go bhfagha tú, a
mheullacháin boduigh lobhtha.



Is dóigh go rabhamar uile go léir ag gabháil dó agus
ar fhéadamair a leagan, ar Braintí.



Ar mo choinsias, ar an fathach, ní fháigfe mé coiscéim
os so go Roscumáin nach biaidh mé na dhiaidh nó beana
mé an maidrín dhíobh.



Is annso ghluais an lánamhuin se i luas milsidhe i
ndiaidh míl ar machaire lom lán-chruaidhe i meadhoin
mísa mí-ghnéidhe Márta, tré choilltibh draoineacha
dreiseach, tré mhóintibh criarthach coimheadhacha cos-shluigtheach,
tré árduibh aibhseacha uathbhásacha agus tré
ghleannta diamhartha dorcha do-shiubhalta, ag seachnadh
na learg loma lán-réidhe, do eagla táirm an fhathuigh,
do shaoil éirghe bhealaigh do thabhairt go fíor-mhinic dóibh,
gi nár éirigh leis go ráinig Áth Thús na Seachtmhaine Baile
Átha Luain.



Is annso do chuaidh an gaiscidheach go neamh-choimhéadach
ag spaisteoireacht do shiubhal oidhche, is gan i n'aice
acht aon bhuachaill amháin darab ainm Ocht mBuinn
Liath-shúileach, agus is beag a shaoil go raibh an robuire
se ag luigheachan air, gi nach amhluidh do thárla, óir do
rug an fathach ar an mbuachuill agus do scuaib a dhá
chluais ó bhun na diúide dhe, agus muna mbeith gur
fhág do lomán ratha é ní hamhras liom nach léigfeadh
as an mball ar aon chor é; acht ba hionann é, óir níor
mhair aon tamall tar éis an bheárnaidh si.



Do fhiafruigh a chéile dhe créad a d'éirigh dá bhuachuill.



Do aithris Éamonn dhi mar do bhí.



Ní fhuighe mé uait go bráth an diabhal sin do sheachnadh
agus a fhios agad féin nach mbeanann aoinneach dhó nach
bhfaghann an chuid is measa.



Is fíor sin, ar Éamonn, agus imthighmíd go prap as


L. 16


so do eagla a theacht oruinn, agus nísa mhó díoghbhála
do dhéanamh dhúinn.



Déanam, ar ise.



Do ghluaiseadar annsin agus ní dhearnadar comhnuidhe
go rángadar Ros cochorum Comáin agus an tráth
shaoileadar foslongphort na hoidhche sin do thógbháil
ann cia chídhfédís san taobh thall don tsráid acht Cuirm
Searbhandeire, riod is beag a shaoileadar. Adubhairt
an bhean annso:



Pláigh ar an bhfear úd, bí ar nós an tsalainn shoir
agus shiar agus i gConnachta na gcliar agus ag
Ó Briain ar a chuid. Déanam as so a Éamuinn, ar sí,
óir ní háit moille dhúinn i n-aon-bhaile leis an diabhal
daonna úd.



Fíor é, ar Éamonn, agus is baoghulach liom cibé ar
bioth áit a stiúram ar seolta muna mbiaidh sinne
fraisin go mbiaidh seisean froinne. Ar a shon sin
seachónamaoid mar is fearr is féidir linn é.



Annso trialluid ar a n-aghaidh san gcríoch agus do
stad an fathach do lorgoireacht ní os sia orra, ag
meas go saoilfidís a bhráithre .i. Bulcán Buaidhearrtha
agus Sudhán Siashúileach mhac Coirce agus a dhearbhráthair
eile do bhí na lán bhéil i nIar Chonnachta gur fearann
cloidhiomh do tionsgnadh dhéanamh don fhonn bhí fo
árd-chíos acu féin ó shean agus ó shinnsear. Do smuain
fós go madh hionann rún agus inntinn, méin agus
aigne dó féin agus dóibh, agus níor bh'amhras leis go
n-imeóradaois droch-bheart díoghaltach éigin ar Éamonn
agus ar a chéile; agus uime sin do chas ar ais go
Laighinibh ag robail agus ag nochtadh a dtárla ionna
bhealach, ísiol agus árd, bocht agus saidhbhir, óg agus
sean, slán nó éagcruaidh, fa cuma leision é, ba hiasg
a gcasfadh ionna líon.



Fágamaoid ag déanamh an donuis é, mar is gnáth
leis, agus casamaoid go Éamonn a d'fhágamar ag
teicheadh ón bhfathach agus ag triall níos doimhne siar
fan gcóigeadh. An tan nach bhfacuigh an fathach roimhe
nó na dhiaidh do ghlac meisneach agus mór-mheanmna


L. 17


é agus do imthigh gan time siar san gcóigeadh go
ráinig tórannuibh fearbacha faoltacha foiríseacha fosgacha
féar-uaine contae Liathdroma.



Níor chian annsin dóibh fón am a dtárla Bulcán
Buaidheartha leo. Do fhear fíor-chaomh fáilte riú go
baidheamhail miochair muintearrach dá n-iarraidh leis dá
árus féin ó bhíodar aduain san tír. Adubhairt annso
an Iomchuibheacht le Éamonn:



Éamuinn, Éamuinn (ar an Iomchuibheacht), a mhuirnín,
ná freagair an fháilte nó an chuire, óir do chualuigh
misi tásg agus mí-chliú an mhealltóir so. Is minic le
n-a ainmhian agus le n-a olc a chuireas sé do fhiachuibh
ar lucht eoluis gabháil do mheadóguibh rinneacha rinnghéara
i n-asnacha agus i n-innmhidhe a chéile gan truaighe
gan trócaire.



Maiseadh go deimhin, ar Bulcán, má chualuigh tusa
an tásg sin orm-sa is bréag do chualuigh tú orm, agus
fáguim-se sin i leith fé; comh nimh-chionntach agus dá
madh uainín caorach é.



Ar mo bhréithir creidim, ar Éamonn.



Ar mo bhréithir-si, ar an bhean, má chreidir é go
bhfuil tú meallta, óir is duine malluighthe mí-riaghalta
é, agus do chífe tusa má bheanann tú faoi gurab
amhluidh atá.



Ar ndomhnach féacha mé leis é, ar Éamonn, ag
gluasacht leis dá árus.



An tan do chuadar asteach do fuaradar comh maith
le deichneamhar ar fhichid ann ar bhinnsibh glasa cruadh-luachra
agus bord don adhbhar céadna eattartha agus
sruthán crustálta coirce ar an mbord romhráidhte iar
n-a thimchiolladh le biolar agus le gleorán agus
measgán calcuidhe cneisgheal le hais gach srutháin dá
raibh ar an mbord gcéadna, agus an bhuidhin sin ag
ithe agus ag slugadh agus ag fuadach an chothuidh si ó
n-a chéile gur chuireadar an t-iomlán de i gceal.



Tháinig annso mar dhara cúrsa bia chuca measracha
greanta greasda luchtmhara lán-fhairsne fo mheadhg
bhlasta mhilis bheol-thaithnighthe agus miasa móra bán-ghrotha


L. 18


agus a n-urdail féin ime leo. Do bhí an
tromdháimh seo ag slugadh agus ag slabaireacht an
ghrotha agus an ime agus ag ibhe an mheidhg gur
chuireadar droch-chríoch ar an iomlán. Do bhí féin, fear
mar chách go gnathuigheach, domhuin go leor san gcíréib.
Do bhí bean Éamuinn dá bhféachain lán d'iongantas
ionna nglugaireacht agus ionna nglagaireacht agus
ionna mí-riaghaltacht, agus céad súil chruaidh agus
féachain ghruama aice ar Éamonn nach dtug silleadh
dá laghad uirre-si. Do tháinig Bulcán anuas annso
agus adharc an-mhór ionna láimh leis, agus do chuir
fáilte roimhe na huile agus do iarr orra a bheith go
súbhach.



Ar an leabhar, ar an chuideachta, do bheithmís go
go súgach ar do chuid fola.



Ar an leabhar céadna, ar Bulcán, má ní sin go
súgach sibh caithfe sibh a fagháil go roige an braon
deirionach dhi mas é bhur dtoil é.



Annsin do chuir Bulcán a chuid fola féin dá tharruin
agus tug lán na hadhairce romhráidhte fo mhaoil agus
fo mhullach do gach aon fo leith le na ól di, agus ní
ar mhaithe leo-san é, acht so an modh ar a gcuireadh a
dhraoidheachta, a gheasa agus a dholpha i bhfeidhm agus i
n-éifeacht. Bhíodar amhluidh so aimsir imchian go
ndubhairt aon ba foirbhthe nó an chuid eile go madh mithid
íoc ar son a méile.



Déantar sin, ar an t-iomlán, cia bhíos na Thadhg
Fionn? ar Maghnus Ó Callaráin.



Éisti liom-sa dhá fhocal, ar Feargal Ó Cuigle.



'Seadh, cad é sin? ar iad-san.



Atá, ar eisean, cibé dhínn is fearr a déarfas Laoi
nó Imtheacht an Amadáin Mhóir toiseach suidhe agus
beinnsi a bheith aige, agus cibé is measa déarfas í íoc
an scoit do bheith air.



Déanamaoid, ar an coimhthineol uile. Agus cia
bhíos na bhreitheamh eadrainn?



Biaidh Madam Cliér, ar iad-san, do aon-aonta.



Do thosuigheadar annso ar Imtheacht an Amadáin


L. 19


Mhóir go hórduighthe, agus níor stad siad go ndubhairt
an duine déidhionach díobh í. Annsin do fhiafruighdar
don mhnaoi cia dhíobh ar a mbiadh íoc an sguit.
Adubhairt sisi dá bhfreagradh dá mbiadh Solamh,
Orpheus agus Cnú Deireoil, crutaire Fhinn dá
n-éisteacht nach dtaibhreochuidhe barr seirbhe nó binneas
i n-aon díobh seach a chéile, agus go madh díreach an
chosamhlacht dhóibh Imtheacht an Amadáin agus nár mhó an
t-amadán é no an tí ba críonna eattorra-san.



Ar láimh Chruim thug tú h'éitheach, a chuiteléir agus a
mhada gan náire, 's a shoith ó chonuibh go daoine, a
lot, a mhéirdreach agus a ghadhair gaoithe, ós é sin do
cham-bhreith ba chóir a thabhairt ort féin íoc ar son an
iomláin.



Annso do mhionnuigh gach aon díobh nach íocfadh sé
féin aon phinninn agus gurab é is fearr adubhairt an
laoi. Annso do bhí éitheach agus bréag ó bheul go beul
eattorra agus bagar agus batalacha. Tráth chonnairc
Bulcán san imriosan sa iad do mhúch sé na coinnle
.i. a gciall. Is ionnsin do ionnsuigheadar an bhuidhin
sin nó an bunadh sin a chéile le pastanátuibh agus le
sgeana fada fíor-ghéara, ag gabháil casgairt do na
pastanátuibh céadna agus do na sgeanuibh i n-innmhe
agus i n-easnachaibh agus i mblaosguibh loma lán-chruaidhe
a chéile, i modh nár bhréine, nár bhroghuighe
agus nár bhrocuighe fairre Chromuel i n-ifreann nó
ionnsan adhbhuidh chraosta chrosda camramhuil sin. Do
bhuail Bulcán buille san leithchionn ar Éamonn, agus
gan é ar a choimhéad, do chuir galar creathach air agus
do leag chum lár agus lán-talmhan é.



Is annso do rinne beathadhach ceathar-chosach dhe re
draoidheacht an draoi dhamanta romhráidhte. Iar so
do fháguidh an coinbhliocht mar sin féin, agus do chuaidh
ar cheithre cosa go fail fhuar-fhliuch mhuc do bhí i gcionn
don árus ionnar choduil comh trom sin nár aithin
Bulcán (do bhí dá thóruigheacht) ar a chuma nó ar a
chruth, nó fós ar a shranfuidh, ba samhalta le gruntaoil


L. 20


mhuice, nár mhuc mar gach muc eile é, ar son gurab é
féin do chuir san riocht agus san chuma sin é.



d'éirigh Bulcán ar maidin laoi agus leath-shoilsi
ar n-a mhárach ag cuartughadh agus ag iarraidh Éamuinn,
gi gur fada go bhfuair ameasg na muc dá únúmhairt
é, agus a bhean na suidhe le n-a thaobh ag féachain ar
dheilbh aingil ionna línéadach geal do bhí aice. Do
thug Bulcán aire ro-gheur don deilbh agus adubhairt go
meathfadh a ghaois agus a ghliocas air nó go mbiadh aige
féin. Is annsin do fhiosruigh do Éamonn cad é an
cosdus do bhí air tar éis na hoidhche.



Atá a fhios sin agam-sa, ar an Iomchuibheacht, atá
trí sgillinge air.



Ar ndomhnach, ar Bulcán, atá trí thrí scillinge, agus
níor fhan sé air.



Do bhéirfinn-si an chuluidh Aifrinn, ar an bhean, agus
ní raibh mé ar meisge nó ar boidéis, nach raibh air
ag dul a chodladh dhó acht trí scillinge agus mas ar
son a bheith na luighe san bhfail si atá an chuid eile air
ba saoire dhó go fada bheith na luighe ar leabuidh
chlumhuigh ná ann.



Do bhéara misi agus an treabhlach uile an chuluidh
Aifrinn gurab é sin an t-éitheach, go raibh deich
sgilliona air ag fágáil na cuideachta dhó, ar Bulcán,
agus don diabhal foghnamh bhí ar mhnaoi do anama riamh
féin.



Ní hamhras liom, ar an bhean, go mionnochuid ní ar
bith a déarfus tusa, óir is daoine do do dhéanamh féin
iad.



Léig do do dhispóireacht, a mhéirdreach, ar Bulcán
agus a mhuinntir, ag fuadach na deilbhe as ochras na
mná agus annsin ag breith ar chionn agus ar chosaibh
ar Éamonn agus do fháig amuigh ar an gcárnán é.



Do lean an bhean bhocht é agus gan do mhaoin
shaoghalta aice acht an gaidhrín do fholuigh sí ionna hucht
do eagla chách dá shanntughadh, agus do bhrostuigh
Éamonn chum siubhail agus ar an mbealach dubhairt go
neimhneach feargach:


L. 21


A Éamuinn, ar sí, dá ngabhthá mo chomhairle si ní
bhiadh na neithe se mar atáid, mar ó thús ré do
dhroch-chomhairle do chaill do bhuachuill a chluasa, agus
do rinne comh neamh-spéiseamhuil sin air féin é go
madh cuma leis créad a d'éireochadh dhó i modh nach
fios dhúinn cionnas a sgar linn, agus is i n-aghaidh mo
thola fós do bhean tú don robuire si do bhean mo sheod
uasal díom.



Éist, a mhuirnín, ar Éamonn, bíodh rath i mbun a
chaithte, atá ní ag Dia 'ar gcuinne.



Is maith ceart an ní dóthchus as Dia, ar a shon sin
is gnáth go dtagann easbhuidh gan choidiughadh i ndiaidh
diombail gan riachtanas, ar an bhean. Anois cia
dtiubhram ar n-aghaidh?



Ndomhnach is cuma liom, ar Éamonn.



Ní hiongnadh liom, go deimhin, thú bheith tuirseach do
do shaoghul, ar an bhean, déanam ar ár n-aghaidh, ní
háit dhuinn annso.



Do ghluaiseadar annsin go tuirseach diombuidheach
deorach agus ní fada an fádhan do rinneadar fó an
am a dtárla fear mór árd mí-ghnéitheach orra san
gconair. Do bheannuigh go baidheamhuil muinnteardha
dhóibh.



A lánamhuin, ar sé, aithnighim ar bhur n-éadach agus
ar bhur n-innioll gurab aduainibh san áit si sibh, agus
ní dóigh liom go bhfuil dochar dhúinn fiafruighe díbh cia
as a dtángabhair nó cia bhfuil ar dtriall?



Níl dochar ar bith, ar Éamonn, as Baile Átha Cliath
tangamar anois agus don chontae si atá ár dtarruing.



Maiseadh, céad fáilte romhaibh, ar eisean, an bhfuil
nuaidheacht ar bith libh ón tír sin as a dtangabhair?



Níl go deimhin, ar iad-san.



A thriath, maisi an dóigh go bhfuil eolus aguibh ar
dhuine uasal is bráthair fogus dhamh-sa is an tír sin
thoir cóigeadh Laighean, i mBaile Átha Cliath féin is mó
choingbhios sé thoigheas .i. Alterman Cuirm Searbhandeire
a ainm, presiodúin chóigidh Laighean agus
árd-shirriam chontae agus Bhaile Átha Cliath? ar an
t-an-aitheanta so.


L. 22


Ná hiarr ní sa mhó do sheanchas dhuinn, ar iad-san,
óir atá a fhios aguinn go leoir-fheabhus cia atá romhat
.i. an sladuidhe, an robuire agus an róguire is córa
dár iarr an diabhal ionna sheirbhís ó ruaigeadh as na
flaithis é, dúl damanda nach ndeárna deigh-ghníomh dá
laghad ariamh acht amháin gur choisg tart na heagluise
gan mórán costuis, agus má tá gaol agad-sa leis
ní hamhras linn go bhfuil tú go holc, agus cá hainm
thú? ar Éamonn.



Ní riachtanas sin do fhiafruighe, ar an bhean, óir
aithnighim-si ar a bholg agus ar a ghné gurab é Sudhán
siashúileach mac Coirce é agus más é, ós é gan amhras,
ní thiubhradh sé maitheamh moide don fhear eile ar olcas
i n-olc ar bioth.



Is mise Sudhán gan amhras gan imriosán, ní shéanfainn
mo ainm don ghiúistís, ar Sudhán, agus go loisgthear
mé dá mbiadh mo ghunna agam annso muna sguabfuinn
aon urchar amháin ann do chorp.



Go loisgthear frissin thú, ar Éamonn, agus dá mbiadh
sé ido láimh agad, do dhéanamh faitchios do do eascara,
don deamhan eagla do chuirfeadh sé orm-sa, agus
dhéana mé malairt pistil uair ar bith leat.



Déanam anois maiseadh é, ar Sudhán.



Ar fia déanam, cheana, ar Éamonn.



Do chuadar annsin don arm-thor ba fuisge dóibh
agus do fuaireadar comhgar maith púdair agus
musgaid ann, agus do bhíodar ag losgadh púdair re
chéile gur dalladh Éamonn. Gidheadh níor traothadh a
mheisneach ar a shon sin; rug ar an mbodach agus do
leag faoi é. Ní raibh piléir acu, acht do choimhéad faoi
é gur fhuagair murdar, agus dubhairt an Strangach do
ghairm asteach agus a bhata constabla. Do tháinig
annso Uaitéir Strong asteach agus lorg imreamhar
ionna láimh leis, agus an uair do shaoil buille do
bhualadh san cheann ar an ngaisgidheach, ní hamhluidh thárla
dhó, óir do rug an curadh greim sgórnuigh air do bhean
tógail as, agus do chuir a thoin ós a chionn. Acht cad
é do ba aill liom a bheith leis, don deamhan sin deor


L. 23


a dfháguidh sé san Strongach nó san ochtar dearbhráthar
do bhí aige, do ba comh mór láidir leis féin, muna
raibh níos láidire, ní fháigfeadh braon i n-aon duine
díobh muna mbeith Diarmuid Ó Codhlatáin táinig sa
chíréib, agus tuairtearlín ionna láimh leis, agus gur
bhuail buille feille ar Éamonn bocht do chuir i neul
a mharbh-shuan é. Do rugadar annso air agus do
theilgeadar ar bhara é, gidheadh níor leigeadh don
mhnaoi a leanamhuin, óir do coingeadh í féin agus a
gadhairín giní i ngeall re gach foghail dá ndeárna
Éamonn.



Tráth dhúisigh an goileach as a shuan agus go dtáinig
go hiomchuibhe chuige féin, d'éirigh go prap na stuc-sheasamh,
ag bualadh a chloiginn gan fhios dó féin ar
an gcrann ós a chionn (ionnar fháguidh an drong shuas
é), nach raibh árd go leór re é seasamh go díreach ann,
gur hobair go leigfidhe a inchinn amach, acht do cuireadh
na shuidhe arís é agus do fhan amhluidh gur imthigh an
luige agus an mearbhall agus an buaidhreadh do bhí
ionna chionn as.



Annsin do chuartuigh gacha taobh dhe, agus an tan nach
bhfuair a chéile do éirigh amach as an gcuais ionna raibh,
agus do fhéach ionna thimchioll, agus an tan nach bhfacuidh
acht fiodhbhudh agus fásach, agus nach bhfuair a bhean, do
ghlac cinnmhire agus saoibh céille é, ag tarruing a
fhoilt agus a fhionnadh, ar feadh teora oidhche agus
teora lá, gan bhiadh, gan teine, gan leabuidh, gan
tsuan, gan tsocruigheacht, acht ag scairteadh agus ag
síor-ghlaodhach ar a bhean-chéile, nach raibh re fagháil i
n-aon ionad aige. Do mhalluigh annso an uair do
coimpreadh é, do geineadh agus do hoileadh é. Do
smuain annso droch-bheart éigin do imirt air féin, acht
thug trócaire doimheasta an Choimhdhe bruide ionna
chroidhe, gur smuain aige féin dá dtugadh an-bhás dó
féin go mbiadh go suthain síorruidhe i bpiantuibh ba
mhíle mó nó péin ar bith dá m'fhéidir leis do fhulann
ar an saoghul so. Do chuir so beagán forais ann (óir
ba gaoiseach fíor-fhoghluma é) i modh gur ruaig sé na


L. 24


smuaintidhe granna mí-nádúrdha do bhí ionna inntinn.
Annsin do tharraing chum a mheabhra ar éirigh dhó, comh
maith is do ba fhéidir leis, agus an tan nár bh'fhéidir
leis an ní do bhí déanta a neamh-dhéanamh do chuir
roimhe féin iar n-éirghe dhó a iomchar go foighdeach, agus
leis an inntinn sin do fháig an t-ionad uaigneach allta
so agus do ghluais ar a aghaidh, ní do thabhairt iarraidh
ar áit áiride ar bith acht an áit ar thoil leis an
chinneamhuin a threórughadh, fo íota agus fo lán-ocrus.
Do bhí ag imtheacht i luas a luaidhnidh an fhad do bhí
roimhe don lá, agus le tuitim na hoidhche do chonnairc
bothán crom deatuigh a gcaithfeadh leanbh bliadhna go
leith do aois cromadh faoi an dorus ag dul asteach
ann. Do bhuail go hairgneach an dorus agus do iarr
a léigean asteach.



Do tháinig fear mór seiricthe sia-shúileach chum an
doruis agus do fhosguil é, ag breith ar láimh ar
Éamonn, ag fáiltiughadh roimhe agus dhá shocrughadh i
n-aice na teine agus adubhairt:



A dhuine uasail, an miste dhúinn fhiafruighe dhíot cá
hainm thú?



Ní miste choidhche, ar Éamonn; Éamonn Ó Cléire
mo ainm.



An tusa Éamonn Ó Cléire, ar an fear mór? Mas
tú tá míle fáilte don toigh-si romhad, agus cia bhfuil
an bhean do chualuidh mé do bheith ad' chuideachta? Mo
chogús, níor lughuide tfháilte a beith ad'fhochair.



Do choinge robuire dá ngoirthear Sudhán sia-shúileach
í féin agus cuileán uasal do bhí agam uaim, ar
Éamonn.



Leabhar so, gi gurab é mo dhearbhráthair si é ba gnáth
leis a bheith mí-mhodhamhuil stuacach, ar fear a toighe.



Cá hainm thusa? ar Éamonn.



Uilliam Riabhach do ghoir an sagart orm, ar an fear
mór. An bhfuil fhios agad cad é táiplis imirt?



Atá go deimhin, ar Éamonn, acht níl aon ní agam a
d'imeoruinn acht mo chuid éaduigh, agus má imrionn
tusa na n-aghaidh féacha mé leat é.


L. 25


Ní féidir a fhagháil ón gcat acht a chroiceann, ar
Liam (do leath taobh), ar láimh mo charas críost imeorad
choidhche.



Do léig Éamonn annso a chóta ó thús, agus na
dhiaidh sin a chóta beag, a hata agus a charabhata, a
bhróga, a stocuidhe, an t-iomlán go nuige an léine
agus an léine féin fo dheire. Do fhiafruigh annso an
raibh éadach eile astoigh.



Níl, ar iad-san.



Atá an donus mór air sin, ar Éamonn, más éigin
dhamh a dhul amach san riocht so agus an oidhche a sioc.
As do ba éigin dhó a dhul amach agus comh doith agus
do chuir a chos taobh 'mach don dorus do buaileadh bos
leis agus do fáisgeadh maide ar an dorus. An tan
do bhí seisean réidh do ghread an dorus ag iarraidh a
léigean asteach, acht do hinnseadh dhó don diabhal a
chos, agus imtheacht le n-a ghnathuidhe.



Is cosmhail, ar sé, go madh fearr dhamh go mór go
mbeithdís gan déanamh go fóill.



Siubhail chum tórramh do dhias cloinne atá faoi chlár,
ar iad-san.



An tan chonnairc Éamonn nach léigfidhe asteach é
do fhéach 'na thimchioll agus do chonnairc crochta ar an
bhfál sean-chodogha mór do bhí ionna srathair lán do
lorg aillsi agus mairce an chapuill ar a raibh. Do
rug air agus do rinne poll ionna lár is do chuir a
chionn thríd an bpoll, i ngléas go raibh leith an chadogha
roimhe agus an leith eile na dhiaidh. Trá chonnairc
Éamonn é féin san chruth sin is é adubhairt leis féin:



Arú, Éamuinn, an féidir gurab tú Éamonn Ó Cléire?
Ndomhnach mas tú, ní tú Éamonn Ó Cléire do bhí
a n-allód aguinn; is cosmhuile le Giobun a Ghiobuin thú
nó le Éamonn Ó Cléire.



Do bhí mar so ag gnáth-dhól san mbealach, go dtárla
fear deagh-ghnúiseach, deagh-shúrrach air, ag gabháil re
hais reilge teampuill, agus an tan do chonnairc an
fear é do stad ar a chéim agus adubhairt:



Conjuro te ut narres mihi quid vis ut pro te fecero.



Adubhairt Éamonn dá fhreagradh:


L. 26


Non opus est ut me conjures, nam conjuratus et
valde turbatus sum ante.



A mhaighistir, a ghrádh, ar buachaill do bhí i bhfochair
an uasail, atámaoid ar lom-fhágáil. Cad é súd nó
créad adubhairt?



Éist, ar an t-uasal, tarruing do phaidrín amach
agus guidh Dia, óir is spiorad é agus an uair chuir
mise faoi gheasa é i Laidion do fhreagair i Laidion
agus dubhairt go raibh geasa agus buaidhreadh go leor
air féin cheana agus nachar riachtanas geasa nuadha ar
bith do chur air.



Is cóir adeirthear go mbí gach uile shórt teangan
ag spiorad. Patér, patér, a mhaighistir, a mhuirnín,
abair patér agus labhair Gaoidhiolg leis.



An uair a d'aithin Éamonn an phradhainn ionna
raibheadar do chuir búirfe an-mhór ar nós tairbh as, óir
do aithin go fíor-mhaith go madh sagart an t-uasal; do
rinn annsin meigiolla mar ghabhar, agus amhastrach mar
mhada. Do léig annso an sagart é féin ar a ghlúinibh,
agus é ar coimhchreatha, agus adubhairt:



Neasguim féin ort a innsin dhamh créad é an
buaidhreadh atá ort, nó an féidir liom-sa cabhair do
thabhairt dhuit, agus mas féidir do bhéarad gan amhras,
gan éara, gan imriosán dhuit é?



Is féidir, maiseadh, ar an spiorad, agus i ngléas
go dtuige tú siocair mo bhuaidhridh, an uair do bhí mé
saoghulta mar ibh-se do thuit mé i dtinneas an-mhór
agus thugadar mo leagha breitheamhnas báis orm, san
modh go ndubhairt na huile nach raibh dáil éirghe go
bráth agam. Do cuireadh fios ar shagart, do fuair mé
ceart na hEagluisi. Annsin do smuain mé go madh
cóir dhamh leagáid éigin do fhágáil ag an eagluiseach
mhaith do fuair an uirdil sin do mo dhochar agus fuair
seision. Ní raibh do mhaoin shaoghulta agam, dár bhfiú
dhamh lámh do shíneadh dhó-san leis, acht léine chealtrach,
nár chuir mé ar mo dhruim ariamh, agus péire bróg
agus péire stocuidhe nach deachuidh ar chosa dhuine ar
bioth ariamh. Do bhronn mé iad so dhó dá bhfaghainn


L. 27


bás. Rugsan leis iad. Tráth fuair misi saothrughadh
beag do hinnseadh dhamh go dtug an sagart an
bronntanas ris. Nár théid seisean (ar misi) go
flaitheas nó go hifrionn choidhche, nó misi fós, acht ag
léimnigh idir neulltuibh, go mbeana misi léine, bróga
agus stocuidhe dhe féin nó do shagart éigin eile ar a
son, agus anois (tré mo mhallughadh féin agus mo
dhroch-aisge) atá mé le trí bliadhnuibh 'mo gheoinneach
direoil mar chí tú, ó shagart go sagart, agus ó thom
go tom, agus anois tug mo aingeal coimhdeachta
orm-sa theacht dod' fhorruid-si ag iarraidh fóirthine ort.



Go bhfoirthear ort, is truagh do chor, agus ní
thaisteochaidh mo chongnamh uait chum do leasa agus do
shlánuighthe, ar an sagart, ag teilgean a bhróga, a
stocuidhe agus a léine chuige, ag rádh:



Ag so dhuit, agus mo mhíle beannacht chum do shláinte.



Do ghlac an spiorad iad go fonnmhar agus adubhairt.



Mar is lón anma agus cuirp dhamh-sa so go madh
lón síorruidhe dhuit-si é.



Do imthigh an sagart annso a nós a Mhaighistir, Íosa
Críost, gan bhróig, gan bhútais, dá árus féin, do bhí
a dó nó trí do mhíltibh uaidh, tré chuisne agus tré
oidhre, ag innsin dá phubal go meinic ar éirigh dhó agus
cionnus do shábháil sé anam.



Acht dála Éamuinn: ar bhfagháil an gleus so go
hamhantrach éadálach do chuir uime iad, agus do ghluais
ba cuma leis cá hionad acht imtheacht ar a aghaidh, beul
a chinn roimhe, go ráinig teagh ionna bhfacuidh soillsi
agus ionna gcualuidh comhgháir iongantach neamh-ghnáthach.
Do rinne go díreach ar an tsolus agus do fhiafruigh
do aon bhí san dorus 'na sheasamh cia ar leis an áit
sin, nó cia bhí 'na chomhnuidhe san toigh, nó cad é fáth
nó siocair an gháire do chualuidh. Do fhreagair an
t-óglach dhó agus adubhairt gurab í Maighistreas Púr
bean an toighe sin, agus gurab é fáth agus siocair
gáire an toighe .i. triúr robuiridhe do chloinn Éamuinn
Uí Chléire, gibé duine é, do éag go hobann ann, agus
is é is anmanna dóibh Misge Chiallgan, inghean
Éamuinn, Gnáthól mhac Éamuinn, agus Sgab a bhFuair,


L. 28


mac Éamuinn. Do eug an inghean don tinneas dá
ngoirthear íota, do eug Sgab a bhFuair don tinneas
dá ngoirthear pláigh na nGaodhal nó an luime, agus
do éag Gnathól don chinnmhire.



Ó, mo mhíle mallacht leo-san uaidh, ar Éamonn, is
iad do chuir san riocht sa misi ionna bhfaiceann tú
mé. Chaith mé ar thacair mo chosa agus mo lámha riamh
ag iarraidh iad-san do chothughadh, agus ní feairrde
iad-san é, agus do chuir siad an donus orm-sa. Ní
cóir a gcur i roilig choisriogtha ar bioth, acht a losgadh
agus a luaithre do theilgean re gaoth na gcnoc, agus
fágaim féin mo sheacht mallacht acu ag imtheacht dhamh.



Mo choinsias, ar an t-óglách, má imthigheann tú mar
sin is tú athair is mí-nádúrdha dá bhfaca dearca daonna
ariamh.



Ar ndomhnach, maiseadh, imtheochad, ar Éamonn, ní
ba fíor dhó, óir do ghluais as an ionad go prap, agus
níor chuir bas teath nó fhuar ó shoin i leith orra, acht
ag gluasacht roimhe, ba cuma leis cá hionad a
dtreórochadh an cheinneamhuin é, ag iarraidh Sheáin
Uí Dhéaghshaircín ó dhorus go dorus, gi nach bhfuair amach
é go ndeachuidh go baile ionn nach bhfacuidh acht beagán
toighthe ar n-a dtimchiolladh do ghortuibh móra cruithneachta,
pise, pónaire agus eorna. Do thárla duine
san mbealach air dár fhiafruigh cia bhí na chomhnuidhe san
mbaile sin.



Ní cuma sin, ar an duine, Maighistir Farmor bhíos
ann.



Mo thruagh, maiseadh, an eoluch dhuit-se duine bocht
dá ngoirthear Seán Ó Déighsheircín? ar Éamonn.



Is eol cheana, óir bhí mé seal ag siubhal leis, ar an
t-óglach, agus is deimhin liom go bhfuil 'na stábla, a
sgibeol nó i n-ionad éigin dá mbeanann leis an
dúnuidh so.



Chuaidh Éamonn iarso go dún an díolúnuigh romhráidhte,
agus do chonnairc sean-duine taobh astoigh
don ursain agus a bhearad ionna láimh agus tiach ar
a thaobh aige, dár fhiafruigh ar bhfios dó an raibh Seán
siubhlach Ó Déighsheircín san toigh sin?


L. 29


Atá, ar eisean, créad é do ghnathuidhe leis?



Ní ar tí aoinní do thabhairt dhó acht do-chum neithe
do fhagháil uaidh atá mé aga iarraidh, ar Éamonn.



Maiseadh, nár castar choidhche chugad é uaidh-san,
agus gan aige féin acht an déighsheirce, ol an t-óglách.



Is olc adeir tú sin, ar Éamonn, agus gurab cóir
an déighsheirc féin do roinn.



Is fíor sin, ar eisean, acht ní le bramaire lán do
chosa agus do lámha mar thusa is cóir a roinn, agus
fós re duine (féadfuidh) do chuir ar shaothruigh agus ar
thacair sé go díomhaoineach droch-bheartach.



Ní iarrfadh an t-athair an mac san mbacús muna
mbiadh féin roimhe ann, ar Éamonn.



Ní hamhras liom nó gur duine do chaith a sholáthar le
baos agus le saoibh-chéill thú, nó nach dtiubhrthá baramhuil
don tsórt sin do dhuine eile.



Cibé ar bith mé ní féidir le do shamhuil si caimrian
ar bith do ghabháil nach bhfaicthear dhamh é. Acht ar a shon
soin cad is mian leat do fhagháil uaim? ar eisean.



Ba mian liom congnamh comhairle do fhagháil uait-se,
ar Éamonn.



Do bhéara mé ní nach é sin féin dhuit, ar eisean,
cuirfidh mé mo dhearbhráthair féin do dhéanamh treora
dhuit ar feadh tamaill, agus is é is ainm do Luigh
Asteach, agus bí go maith leis, agus muna mbiaidh
tusa biaidh sé féin, óir is fear mór támhach é, gan
tadamh chás aige ionna náire nó i spailleadh dá
dtiubhrthar dó. Gluais anois an uair is toil leat, óir
níl ní sa mhó agam-sa dhuit, acht ná himthigh go dtiubhra
bean a toighe a beannacht dhuit. Creidim go bhfuil
ocras ort.



Atá, ar Éamonn, agus ní hiongnadh dhamh é, óir
atá sé comh fada sin ó d'ith mé aoin-ghrim nach cuimhneach
liom aoin-ghrim do ithe ar chor ar bioth.



Maiseadh, ar Seán, do bhí an t-ionad sa seal agus
ba forus biadh agus deoch do fhagháil ann: is é sin an
tan do mhair Searataoi, an tsean-bhean, acht atá a
hinghean anois, Seartaoi Bheag, os cionn an toighe,


L. 30


agus ní bhiaidh sí choidhche comh maith re n-a máthair nó
leath comh maith fós, ar son gurab di is fusa maith do
dhéanamh, óir is í is saidhbhre go fada, fada. Gidheadh
da madh léithe an saoghul uile ní bhiadh sí fial nó
farsuin, creabhdog fhuathmhar ghránna nach dtógann a
gob ón teine agus is fuaire i lár an tsamhraidh í nó
an chuisne i lár an gheimhridh. Ar a shon soin féach
léithe é.



Do chuaidh Éamonn asteach agus do bheannuigh go
hárd toranta agus níor freagradh an beannchadh, acht
do thóig sisi (croidhe cráidhte) a cionn agus tug
stuirr-fhéachuin thairste ar a gualuinn, agus do chrom
annsin go prap arís, agus tar éis a cúig nó sé do
chreaduibh do éirigh go haimhleisg 'na seasamh agus do
thug annsin raoid beag aráin agus annluisge chuige,
acht níor fhéach air. Do ith Éamonn go geanach an
mhéid do fuair, agus do ba furas dó é óir is gann
an síneadh láimhe tugadh dhó, agus adubhairt:



Leabhar so, a bhean a toighe, is cóir do rinne tú
gan napaicín nó éadach cláir do thabhairt dhúinn chum
ár lámh nó chum ar mbéil do ghlanadh tar éis bídh, óir
ní thug tú smeara ár bpuisíní dhúinn de.



Má bheirim an urad úd do gach aon do do shórt-sa
dá dtiuca dá iarraidh orm is gairid a mhairfeas ár
n-agart nó ár n-airghe leis, agus dá dtugainn gach a
bhfuil agam dhuit is é sin a bhuidheachas, ar an bhean,
agus bí ag imtheacht le do ghráthuibh.



Ná bíodh eagla ort, ar Éamonn, dá chruaidhe a rachas
sé orm ní fhuireochaidh mé agad-sa.



Annsin do imthigh is níor fháig beannacht i n-ionad a
dhéighsheirce, agus níor stad go ndeachuidh asteach i
dteagh do bhí ar bhruach coille roimhe san mbealach,
agus ní fhuair ann don díne dhaonna acht aon bhuachuill
amháin dar fhiafruigh cia raibh bean a toighe.



Do fhreagair an buachuill dó i mBéarla (is cosmhuil
go raibh glas Béarla air), ag rádh:



The house is not married to any woman.



To any woman, arú, ar Éamonn.



Yes, ar eisean.


L. 31


But where is the woman that uses to be in the
house? ar Éamonn.



She is go 'pon market, ar an fear beag.



What market? ar Éamonn.



The market of Newford, ar eisean.



Arú what market is that? ar Éamonn.



The market Nuadh-Átha in Irish, ar eisean.



What business had she there? ar Éamonn.



To buy trout going, ar eisean.



What is that? ar Éamonn.



'Tis breacán in Irish.



Arú how is it breacán, ar Éamonn.



Breac is trout and fadhan is going, ar an fear beag.



Indeed so it is, ar Éamonn. Where is the man of
the house, or what is his name? ar Éamonn.



Every man that is not on the house is off, ar eisean.



And the man of the house, what is his name? ar
Éamonn.



It is yourself should have knowledge upon that,
ar eisean, for you are the man in the house.



But who is the husband of the woman that uses to
be in the house? ar Éamonn.



Mandark from two swan, ar eisean.



Arú, ar Éamonn, what is it in Irish?



Feardorcha Ó Dála, ar eisean.



Don diabhal breug agad, ar Éamonn, and is he your
father? ar Éamonn.



I have no knowledge upon that, ar eisean, but 'tis
knowledge with me that he is married to my mother.



Ar láimh Chruim, ar Éamonn, is fíor dhuit sin, óir
is críonna an leanbh a bhfuil fios a athar aige. But
where is the man you have instead of a father gone?



By my soul he go to kill man for money, ar eisean.



Praisghé, ar Éamonn, is conntabhartach an áit si
ionnar chas mé. Arú, where is he gone you say?



To kill man for money, ar an fear beag.



Ní mór gur sgar an focul re n-a bhéal faoi an am
a bhfacuidh sé fear mór seiricthe buidhe ag teacht chum


L. 32


an doruis agus sgian lán fola ionna láimh aige agus
a lámha fós lán fola agus sraobhán fola go mór ar a
éadan, agus é tar éis a theacht ó fhionnadh mairt le
n-a charas Críost. Do bhí an t-óglach cam-shúileach fós
agus níor lughaide an t-uathbhás é. Do chuir an
t-amharc so agus mar adubhairt an buachaill beag
his father went to kill man for money, a leithid sin
do uamhuin agus do chrith-eagla i gcroidhe Éamuinn
gur shaoil gan amhras gurab ó mharbhadh duine éigin
do tháinig an fear mór, ní do thug air gur fhuagair
murdar! murdar! go hárd, agus gur roith 'na bhuinne
amach agus an fear eile ag cromadh asteach san
dorus, i modh gur theilg Éamonn, ar a dhul amach dó,
an fear eile ar a tharr i n-áirde agus do shaoil nár
dhíon coill nó currach dhó. An fear eile, an tráth do
éirigh go prap prímh-éasguidh 'na sheasamh, ag fiafruighe:



Cad é an diabhal úd?



Annsin ag tógáil trí nó ceathair do chlocha móra
garbha i mbeinn a bhruit, do lean Éamonn le hinntinn
dá madh fhéidir leis é críoch a chur ar a shaoghul. Acht
ní rug air i n-árd nó i bhfána go ráinig an choill,
ionna ndeachuidh amugha ar a thóruidheacht. Acht an
tan a dfháig an choill do thárla fear mór dhó san
chonair agus croiceann mairt ar a mhuin leis, agus
do fhiafruigh de créad é fáth a dheithnis nó an luas
anála do bhí ann. Do aithris Éamonn dó ó úd go finit
mar do chualamar cheana focal ar fhocal, comh sothuigsi
sin gur thuig an t-óglách créad ba siocair dámhna dhó,
agus dá mhéad do chuir báthadh na haon bhó (a raibh a
croiceann ar a mhuin) air, níor fhéad gan a bheith ag
réabadh a chroidhe ag gáire faoi shimplidheacht an duine.



An ag mogadh chugam-sa atá tú? ar Éamonn.



Is eadh go deimhin, ar eisean, agus ní hiongnadh dhamh
é agus biaidh tú féin ag magadh fút féin an uair a
thuigfir cionnus a d'éirigh dhuit. Caras Críost dhamh-sa
an fear sin ar a bhfuil tú ag caint, agus is é fuil
na bó ar a raibh an croiceann si an fhuil do bhí ar a
sgíon agus ar lámha an Killman sin do bhí an


L. 33


gearrabhodach innsin dhuit. Cill Mhana, an baile ionna
mbím-si é, ar sé. An bodach gearr mac mo cháirdios,
atá glas Béarla air; níl acht le mí ar scoil.



Ar fia, ar Éamonn, níor chuir aon duine riamh a
leithide do phongc diospóireacht orm-sa as do chuir sé
orm, agus ar a shon sin tabhair mo bheannacht dóibh an
uair chífeas tú iad, castar na daoine ar a chéile agus
ní castar na cnuic. Féadfuidh go bhfaicinn-si iad fós.



Do chuireadar beannacht re chéile, an t-óglách ag
síor-gháire, gidheadh ba deacair gáire bhuain as Éamonn.



Do shiubhail má ba fada nó gearr an lá agus le
tuitim na hoidhche do ráinig gráig-bhaile mhór ionna
raibh mórán toighthe agus stácuidhe arbha ar chúl gach
toighe dhíobh. Do iarr Éamonn fosgladh ag an gcéad
toigh do ráinig chuige, acht do fuair éara. Do fhiosruigh
cá hainm do bhí ar fhear an toighe.



Do Mhuinntir Dhoithfiolluigh, ar an fear astoigh, é
féin agus a bhean agus a chlann agus a mhuinntir.



Mas eadh dithfioll ag Dia roimhe ibh-se, ar Éamonn.



Do chuaidh do chorp feirge i mullach a toighe agus do
chaith steáll (d'uisge salach) síos ar mhnaoi an toighe ionna
méis mustaird do bhí sí a bhrughadh, ní do bhean gite
comh mór sin aiste gur thuit an mhias agus an mustard
uile ionnsa teine. Do thuirling, agus do fuair an
freagradh céadna ag an gcéad dorus eile chum a
ndeachuidh sé, agus ó nach raibh díoghaltas dá atharrach
aige re déanamh orra do smearuigh sluasad agus spád a
dfháig fear a toighe le dearmod don taobh amuigh don
dorus. Do ghluais roimhe dá éise so go toigh eile,
agus do chonnairc bean an toighe é (agus pál uisge
ar a cionn) ag díorughadh ar an teagh. Do leag an pál
di agus do roith i luas a cos asteach agus do dhúin
an dorus amach na aghaidh, agus é ag déanamh a dhichioll
ar a bheith astoigh comh doigh lé isi. Acht an uair do
chonnairc gur choinge amuigh é do bhean an tóin as an
bpál, agus do chuaidh go dorus eile agus fuair diúltadh
mar an gcéadna. Do chonnaircsan mar an gcéadna
sealbh mhór mhuc ar an tsráid agus ar bhfosgladh


L. 34


doruis an gháirdín do bhean leis an toigh dhó do thomáin
asteach ann iad. Acht cad ba háill liom dá chur i
liostacht, níor fháig dorus san mbaile ar fad nár
bhuail agus nár dhiúlt a leigean asteach agus nár imir
sé biarran éigin orra go ráinig an teagh is faide
amach san mbaile, ag a raibh a dhorus fosguilte, agus
fear a toighe na sheasamh san dorus. Do shíl Éamonn
a dhul asteach go ndubhairt fear an toighe:



Fóill, fóill, cá bhfuil tú a dul?



Ba mian liom a dhul asteach, ar Éamonn.



Is teann mar sin é, ar eisean, agus adubhairt:



Cia hé sin ad' chuideachta?



Is é is ainm dó Luigh Asteach, ar Éamonn.



Luigh Asteach féin? ar eisean.



Luighfead cheana, ó dubhairt fear a toighe liom é, ar
Éamonn, ag roith asteach agus ag suidhe ag an tine.



Tráth chonnairc cách nach raibh neart air chuadar chum
ciúnuis. Tar éis Éamonn a bheith tamall dá ghoradh
féin adubhairt:



Is dóigh liom gurab do Mhuinntir Dhoithfiolluigh a
bhfuil ar an mbaile si uile.



Is eadh go deimhin, ar fear a toighe, acht misi atá do
Mhuinntir Dhubhrúin.



Leabhar sa, ar Éamonn go socair, ní dona sloinne
acu.



Acht do ith Éamonn gacha bhfuair le n-a ithe agus do
luigh ar bheinnse bheag luachra do bhí le n-a thaobh, gi
nach bhfuair codladh ag méad a fhuachta agus ag iomad
a smuaintidhe. Comh luath agus do éirigh muinntir an
bhaile ar n-a mhárach agus do chualadar cár choduil an
tí do rinne gach biorrán orra dár dearnadh an oidhche
roimhe sin, do chuireadar fios ar bharántas agus ar
chonstabla agus do ghabhadar Éamonn agus é ag
cromadh amach san dorus. An uair do chonnairc
Éamonn sin do chorruigh é féin go miliota mear-chalma;
agus do aimhdheoin a gcumhachta agus neirt an iomláin
do sgaoil Éamonn as a lámha, acht do fháig an chuid
do bhí i dtaobh a chúil dá chadogha na dhiaidh. Do raith


L. 35


sé annso na ghaisithe géara groid-mheara agus na
thulcuibh teanna treun-bhorba agus na bhuinnibh beodha
bioth-bhuana, go ndeachuidh fo choill dhlúth dhorcha chomh-aimhréidh
agus gur roith ar fud na coille céadna agus
iad-san ag táirim air ar feadh draighne agus dreiseacha
go ndearna fa dheoidh geoinneach giobuch srangánach,
gan éadach dhe, agus nár fháguidh folt no fionnadh nó
croiceann air gan bhrughadh gan bhriseadh gan mhór-strócadh,
agus iad-san roimhe na dhiaidh agus ar gach
taobh dhe, gur bhean dorchacht na hoidhche dhíobh é. Thug
uamhan agus mór-eagla air gur fhan san gcoill sin ar
feadh míosa (ag teacht i dtír ar sméara, mheasóg,
áirne agus gach meas fiadhain eile thagas ar choill) fa
ghleo agus fo dhoirbh-thuirse, ag mallughadh ló a gheine,
a mhná, agus ag guidheadóireacht agus ag eascaoine
air féin nár sheachuin na lochta ba cionntach le n-a
mhnaoi sgaramhuin leis, ag tabhairt móide agus móir-mhionna
agus ag cur Dhia na urradhas air, dá dtigeadh
sí abhaile aon uair amháin chuige gan áireamh ar a
ghníomh nach ndéanfadh uiread le bréithir dá laghad i
n-aghaidh a tola go bráth. Do shuidh annso ag gul,
caoidh agus ag gnáth-dhól agus do chonnairc sgian
bheag phóca ar an talamh re n-a thaobh. Do thóig í go
luathgháireach, ag rádh go madh sona an ní iarann do
fhagháil amuigh. Do tharruing leis an sgian bheig sin
ar chrann fuinnseoige na rainn bheaga so síos: -




Och monuar mo chor,
Truagh 's is bocht mo chaoi,
Seal do bhí mé beo
Ní dhearnas stór do ní.



Mé níor smuain ar aois
Go raibh sí mo chionn,
Go teacht dhi gan fhios,
'S mé gan chiste cruinn.


L. 36


Tá mé 'nois go lag,
Tá mo dhearca caoch,
Tá mo chorp gan sgéimh,
Tá mo ghéag gan bhrígh.



Mallacht ort a dheoch,
Truagh nar crochadh thú
Suil do chailleas threod
Dia, mo stór 's mo chlú.



Misi féin an fear
Thréig mo rath ar lionn,
'bhFuaras, sean is óg,
Shluig mo sgóig gach am.



Mallacht do gach aon
Chaitheas aois mar mé,
Tug mo rath ar bheóir,
Do rac mo stór ar scléip.



Do sgar crádhbha liom,
Beag mo shuim i nDia,
Aithrighe tré mo choir
Ní dhearna misi riamh.



Aifrionn buadhach binn
Bhíodh i gcionn don teagh,
'Sa gcionn eile ag ól
Bhidhinn-si, sgóig gan rath.



Dia agus fuil a Mhic
Minic sin 'mo bheul,
Ní mar adhradh dóibh
Acht re spóirt dham féin.


L. 37


'N ionad paidre caomh,
I dtoiseach bídh is suain,
Chleachtas sgéal is práisg,
Bréag gan áird is uaill.



Ba céad binne rann
Graosta cam gan stuaim
Nó trí chaogad psalm
'N éisteacht fann mo chluas.



d'imthigh uaim mo chiall,
Deir an chliar gur cóir
Mise dhul gan sgíth
I n-éadach lín don Róimh.



Och, och, och, och, ón
M'ádhbhar bróin mar táim,
Caoch, lag, aosta, crón,
'S mé gan stór um láimh.



Dia dá dtugadh dhamh
Teacht ar ais dom' mhnaoi,
Seal do bhiad-sa beo
'S beag an t-ól do ním.




Ar gcríochnadh dhó do thuit na throm-shuan codlata,
agus so Dia Domhnuigh, tráth is gnáth leis an bpubal
sgaoileadh ó Aifreann. Do chuaidh aon do bhuidhin
adhbhal (do bhí i gcuideachta 'chéile ag teacht ó Aifrionn
dá n-árus féin) i leath taobh asteach fon gcoill (do
bhuain mhaide), agus do hárla go ndeachuidh mar a raibh
an gheilt si na shuan os comhair na gréine, na
gheoinneach lom thárnochtuighthe, taobh le lipéad beag, a
dfháig na dreiseacha aige don léine fuair ón tsagart,
agá fholach. Má (bhuain an t-óglach an maide) ar aon


L. 38


chor atá fhios agam nár fhan sé le (na géagáin a bhuain
de), agus má dfhan nár fhan le (aon ní eile) go ráinig
a chuideachta, dár aithris méad uathbhás an amhairc do
chonnairc. Dubhairt cuid díobh gurab é an tí do imir
na gámaoidh ar mhuinntir Dhoithfiolluigh agus gur cheart
a ghabháil, agus leis an inntinn sin do ghluaiseadar do
aoin-bheul agus do luigheadar shíos air agus do
cheangladar é. Tráth chonnairc Éamonn gur gabhadh
mar sin gan fhios é, do fhás uamhan agus critheagla
ar feadh a bhall feardha fíor-chalma, ag meas gurab iad
muintir Dhoithfiolluigh do tháinig air.



Do smuain annso ar bhailbhe bhréige a leigean air
féin, go m'fhéidir nach n-aithneodaois é. Do labhair
cuid díobh annso leis ag rádh:



Nach tusa an díolúnach a d'imir cleasuigheacht ar
mhuinntir Dhoithfiolluigh i mbaile na mBodach?



Do rugsan le n-a mhéar ar bharr a theangan, ag
déanamh comhartha go raibh balbh, ag tisbeánadh a
theangan dóibh, dubhairt:



Ang, ang, ang.



Ndomhnach ní hé so é, ar cuid díobh, óir is beacht an
t-urlabhara do bhí aige.



Mo bhriathar, ar cuid eile, creidim nach é. Is é is
déanta, ar iad, a bhreith a láthair an tsagairt atá ag
baisdeadh páiste i dtoigh mhic Uí Dhubhrúin.



Mo chonsias creidim gurab é, ar an t-iomlán.



Do éignídar leo annso é, agus an tan do chualuidh
Éamonn bocht iad ag rádh a thabhairt go toigh mhic
Uí Dhubhrúin, mar a raibh sár-eolus air, do bhí deimhnioch
go raibh ar lom-fhágáil, agus ní raibh neart air, fa
héigin dó gluasacht, agus an tan rugadh a láthair an
tsagairt é do léig é féin ar a ghlúinibh ionna fhiadhnuise
agus do chrom a chionn go huirísiol dó. Tráth chonnairc
an sagart so dubhairt a scaoileadh go bhfaicfidhe créad
do dhéanfadh, agus nár bh'amhrus leis gur bhang nó
geasa do bhí air. Comh doigh is do scaoileadh, do bhí
dá choisreagadh féin go teann, agus do shuidh ag an
tine tar éis an leanbh do bhaisteadh. Do shuidh an


L. 39


sagart, agus tugadh leann agus uisge beatha anuas.
Tráth chonnairc Éamonn so do chraith druim a lámh ris
an tsagart ag rádh go hárd:



Bháth, bháth, bháth.



Agus annsin ag teilgean a dó nó trí do smugshoilibh
amach, do raith chum leabhair do chonnairc ar fhuinneoig
ós a chomhair, agus comh luath agus do fhosgail an
leabhar céadna do thug teóra póg dhó. Do fhiafruigh
an sagart do fhear a toighe cad é an leabhar sin do
casadh chuige, do chuir an urad sin luathgháire air.



Atá, ar fear a toighe, Trí Bior-ghaoithe an Bháis.



Nár innis mé dhuit, ar an sagart, gurab bang do
bhí air?



Do chuartuigh Éamonn an leabhar go bhfuair an áit
do bhí uaidh, agus do leag méar air don tsagart chum
go léigheadh sé é. Do léigh an sagart tagra mór i
n-aghaidh na pótuireacht agus a liacht olc agus mí-chomhgar
a ghreamuigheas di agus ar liacht díoghaltas saoghulta
féin a leanas í, agus gan áireamh ar na piantaibh
suthain le bpréachtar lucht a gnáthaighthe i n-ifrionn.



Ar mo choinsias, ar an sagart, is duine maith an
fear úd, agus ná cuiridh saobh-nós ar bith air, agus
tugaoi ní re n-ithe dhó.



Do tugadh agus do ith go madh sáthach roilíonta é,
agus an sagart da choimhdeacht. Tar éis na proinne
sin do ithe dhó agus buidheachas do thabhairt do Dhia, do
chorruigh a chorr-mhéar ar an mbórd i bhfiadhnuise an
tsagairt dá chur i n-umhail dó gur mhian leis ní éigin
do scríobhadh. Do thuig an sagart an comhartha agus
tug peann, duibh agus páipéar dó. Do shuidhsan ag
an mbord agus do scríobh mar so:



A Athair oirmhidnigh, mas fiú leat a léaghadh, scríobhfa
misi dhuit, an uair nach féidir liom a innsin le
briathruibh béil, sgeul iongantach uathbhásach. Do bhí
mé oidhche Shamhna so chuaidh hort agus mo phaidrín ar
mo mhéir agam go huaigneach ionnsa roilic i gCluan
Mhic Noisi, ag smuainiughadh go ndoilgheas adhbhal ar
iliomad mo locht, agus i meodhain mo stuidéara do


L. 40


chonnairc mé corp ag tógáil a chinn as an bhfeart ba
neasa dhamh, agus dealbh ghaothach ghrianamhuil ós a
chionn, agus an corp céadna ag fás go méid
iongantuigh, agus do réir mar do mhéaduigh an corp
do mhéaduigh an deallradh mar an gcéadna. Do líon
mo aigne lán do iongantas agus do uathbhás agus, ní
hamhras duit, mo chroidhe agus mo chéadfa uile lán
do uamhan agus do imeagla, agus do theilg mé mé
féin ar m'éadan chum lár agus lán-talmhan, gi go
dtug an deallradh do chonnairc mé meisneach agus
méad mheanma dhamh, ag smuaineadh nach biadh deallradh
nó glé shoillsi dá shamhuil sin ag faire ar dhroch-spiorad.
Acht níor chian san mearbhall sin mé an tan do labhair
an taidhbhsi céadna agus adubhairt:



Éirigh, déan meisneach, thug aithrighe caon-dúthrachtach
na hoidhche nocht fadughadh saoghuil dhuit nár thuill do
mhí-ghníomha dhuit, acht caithfidh tú duadha saoghulta do
fhulang ar feadh dtréimsi go ndéanuidh tréaduidhe
éigin culaidh dhuit, do bhras-lomradh a thréada. Uime
sin, teilg dhíot h'éadach agus imthigh 'do gheoinneach
bhalbh go dtí sin. Agus atáim amhluidh ó shoin anall
agus mo mhíle creach biad amhluidh go fuinn mo bheatha,
óir is do-fhaghála an ní adubhairt. Agus do imthigh as
mo amharc annsin i bhfíoghair choilim. Do ghlac mo
éadach féin teine gan duine daonna ar bith a bheant
ris. Ag sin dhuit, a Athair oirmhidnigh, siocair mo
noichteacht, mo bhailbhe agus m'fhiadhántacht féin.



Thug annso an chairt le léaghadh don tsagart, is do
léigh an sagart an chairt romhráidhte go fír-mhinic agus
do mhion-sgrúd gach briathar fo leith di go fad-stuidéarach.
Annso adubhairt gur thuig diamharún na
mbriathar ndorcha sin do bhí san scríbhinn, agus
adubhairt leis an ngeoinneach meisneach do dhéanamh
agus go scaoilfeadh féin a gheasa. Do thógsan a dhá
láimh suas agus adubhairt:



Mhá, mhá, mhá.



Do rug an sagart leis abhaile dá thoigh féin é, agus
do bhí go maith leis gus an Domhnach da gcionn.


L. 41


Ionnsin do rug leis go pubal an Domhnuigh é, agus
do léigh an chairt romhráidhte agus do mhínigh an
diamharún do bhí innte .i. éadach a dhéanamh, mar
dubhradh cheana, gur bh'é féin an tréaduidhe agus gur
bh'iad an comh-chruinniughadh an tréad, gurab é an
lomradh gach toice agus gach saidhbhrios dá raibh ag an
choimhthionól chríostamhuil, agus gurab é an bras lomradh
ar a dtráchtann an scríbhinn an t-airgead brais nó
umha do bhí ag an tréad .i. an pubal.



Do mhínigh mar an gcéadna an bhang do neasg an
spiorad ar an ngeoinneach bocht bhí ós a gcomhair, agus
cionnas a coimhlíonfuidhe agus do scaoilfidhe gach
geis dár cuireadh air, is é sin gach aon do réir a
acfuinne do airgead brais do leigean amach ar éadach
dhó agus go dtiucfadh a chaint chuige. Do rinneadh
so go fonnmhar, agus go héaduigheadh é go clúthmhar
seasgair ó bhonn go baithis. I ndiaidh a bheith úmuighthe
seasgair mar sin dó do léig é féin ar a ghlúinibh,
ag tabhairt scaoi do-áireamh do bheannachtuibh dúthrachtacha
dhóibh uile, agus go mór-mhór don tsagart
agus adubhairt:



A dhaoinibh uaisle, ar sé, níl sé ceaduightheach
agam-sa ní sa mhó do chaint do dhéanamh go filleadh ó
Loch Dearg dhamh.



Annsin do chraith lámh leis an tsagart agus do imthigh
gan mhoill go Loch Dearg, agus do thug a thuras go
cráidhbheach caon-dúthrachtach, san riocht sin gur shaoil
na huile dá bhfacuidh é go raibh cosamhlacht air go
naomhthaoi é.



Fágamaoid mar so é trí mhí, ó chill go tuath ag
líonadh fuinn fódbhán Fódla do thásg agus dá theastus
agus do mhór-chlú a throisgthe, a thréithe agus a
thréidheanais, san modh go dtáinic i n-éisteacht an
draoi Aodhagán Feartach, ní do thaitin go mór leis
agus comh mór sin go ndubhairt:



Ó chím gur atharuigh sé a bhéasa agus go bhfuil ar
tí a bheatha do leasughadh, bhéara mé mo chongnamh dó
chum a mhná a fhuasgladh agus do chum a gcur a mbeith


L. 42


fuileamhnach chum a mbeatha do thabhairt i dtír go
neamh-thoileamhnach le lucht táir agus fuatha, agus leis
an inntinn sin do chuaidh go huamha uaigneach faoi
thalamh a stuidéir. Is annsin do chuir a chochall
buadhach dorcha dealbhtha draoidheachta agus dolpha
uime' chionn fiosach foghlumtha follusta fír-eolach agus
do ghlac iar sin a shlaitín bláth-bhán coimh-reamhar
coimh-réidh, lér ghnáthuigh a ghaois a gheasa a dhanainn
agus a ghliocas a dhealbhadh a shocrughadh agus a
shuidhiughadh, agus do bhean fáinne fairsing fíor-chruinn
léithe 'na thimchioll féin. Annso do thug teóra póg
ar a ghlúinibh dá shean-mháthair .i. talamh. Annsin do
cham sé a bheul agus do fhiaruigh sé a shúile ionna
chionn agus do chuir guin agus roinne fíoch agus feirge
ar a dhreich dheallruidh agus ar a gheal-ghnúis agus do
rinn é féin ar chuma uachuide do oibreochadh spaspas,
uamhan agus crith-eagla i gcroidhe an tí is dána agus
is meisneamhla do dhúluibh daonna an domhuin dá
bhfaicfeadh san riocht sin é. Do fhéach annso ionn sna
ceithre hárduibh gacha taobh dhe .i. soir agus siar, ó
dheas agus ó thuadh, do ionntuigh ma gcuairt fa thrí
agus do chuir teora glaodh feardha fuaimeamhuil fad-chlusach
as, do chualathas ag gach coirneál don chruinne
chathfuidh cheathar-rannuigh, agus do shéid punainn ionna
stoc sgairteach sgal-árd agus adubhairt an orrtha
romhuinn:



Ipse non alius per virtutem cantationis Medicae dico,
mando et impero ut huc nunc ad me veniant Reginae
Rathcruachan Síthúna Sítháine atque Cnocaiste cum suis
sequasibus et hoc sine mora, non cito, sed citissime
faciant amulo amili a molo t-ámén, go dúthrachtach
diadhanta. Annso do shinn a bhuabhall fuaimneach agus
leis sin féin do tháinig trost, torann agus tormán
do chorruigh agus do chuir na dúileibh agus na
hárd-ranna ar coimhchreathadh. Is annso táinig na
ríoghanuibh romhráidhte agus ceithre lóchruinn lasta
lán-shoillseacha (ionn a lámha míne maiseacha méirleabhra)
riu. Táinig ann mar an gcéadna Dis,


L. 43


Cerberus, Abiron, Megéara, Nemessis, Cloto,
Lachesis agus Atropos agus an chuid eile do dhuibh-
threabhlach Ghehena rompa agus droma mór-fhuaimneach
ag gach aon díobh dá chruaidh-ghreadadh, i modh go raibh
na huile cinnte dhe gurab é luan an laoi bhrátha do
thárla ann. Do labhradar na ríoghanuibh romhráidhte
leis an draoi go bhfeirg mhóir agus go mothughadh adhbhal
ag fiafruighe go géirneimhneach créad í fáth na garma
sin do chuir orra.



Atá, ar sé, ag tógáil a chinn, pradhainn gan
chompráid agam ribh, is é sin, file fír-ghéar faobhrach
darab ainm Éamonn Ó Cléire do hoileadh agus do
hailtreadh go muirneach ris na Miúsuibh ar Chnoc aoibhinn
Helicon i mullach Shléibhe Parnasus do bhronn gach ar
thacair ariamh ag toileamhuin clú dó féin do Bhacus
agus do na Miúsuibh; anois aosta anbhfann, 'na dhíol
truaighe ó do sgar a bhean mhaith ris .i. Iomchuibheacht,
inghean Fhortúin. Ba mian liom re toil bhur mórdhacht-sa
sibh do fhuasgladh na mná céadna dhó ón mbruid ionna
bhfuil, agus gach aon díbh do thabhairt tabhartas fo leith
dhóibh, agus an chéad uair ceithre buidéil, is é sin
buidéal an bhean aguibh, do uisge an tobair bheannuighthe
Crisorius atá san Arcadia do thabhairt re n-ibhe dhó.



Cóimhlíonfaimíd h'aithne, ar iad-san, do aon toil,
agus créad is riachtanas dhúinn uile dhol i gcuinne an
uisge sin?



Cuma liom, ar Aodhagán, acht go bhfuighe seisean
le n-a ól é.



Do bhí Proserpina, bainríoghan ifrinn, a láthair agus
adubhairt gi nár bh'é a gnathuidhe féin é go gcuirfeadh
aon dá cuideachta féin na gcuinne. Do thugadar
uile buidheachas di. Annso chuir aithne ar Cherberus a
thabhairt leis é.



Ní easumhlacht, ar Cerberus, do bhéaradh orm gan
do thoil do choimhlíonadh acht easbhuidh lúdh, óir níl
siubhal nó astar ionn mo luidnibh ón mbrúghadh do
thug Hercules ar mo cheathramhna an lá do mharbh mé


L. 44


Piriteus, a chompánach, i n-ifreann agus sin ar do
shon-sa, mas cuimhneach leat é?



Is cuimhneach go deimhin, ar isi. Siubhail thusa annsa
turas úd, Abiron, ar sí.



Ní rachad, don diabhal coiscéim, ar Abiron.



Amhgar ort, ar isi, is tré h'easumhlacht don
mhaighistir mhaith do bhí agad do dhíbir uaidh go hifrionn
thú, agus bhéara misi air h'easumhlacht (i n-áit aduain)
dam a chúitiughadh.



Don diabhal beann (biorráin) agam-sa ort, ar eision,
ní féidir libh misi dhéanamh ní os measa nó níos dona
nó atá mé.



Coimhnigh féin ar a bhfuil tú ag rádh, ar isi. Siubhail
annsúd a Dhis, ar sí.



Ní rachad, ar eisean, agus is iongantach liom go
bhfuair tú ionnad féin a leithide a luadh liom, agus
má tá tusa 'do ríoghan atá misi 'mo phrionnsa.



Siubhail thusa annsúd a Chlóto, ar sí.



Ní rachad, ar Clóto, is leor liom a bhfuaras do
dhochar ag cíoradh agus ag ciamáil na holla dá
ndearna mo dheirbhshiúr Laichesis snáithe a bheatha.



Tiaigh Iachesis féin ann, ar sí.



Ní rachad, ar Lachesis, agus saoilim go bhfuilim ag
déanamh go leor i n-aisge dhó, isé sin, ag tarruing
agus ag casadh snáithe a bheatha ó ló a thuismidh go so,
is gan fhios agam créad é an fáth.



Siubhail annsúd a Atropos, ar isi.



Ní rachad, ar Atropos.



Caithfidh tú dhul ann, ar isi.



Go loisgthear mé má théighim, ar Atropos, muna
ngearra mé snáithe a bheatha, a shláinte agus a shaoghuil.



Cosmhuil, ar si, gurab fearr dhúinn leigean dhuit,
ar isi. Siubhail annsúd a Nemesis agus gluais go
tapa fós, adeirim riot.



Both, both, ar Nemesis, is dóigh liom gur bagar é.
Mo chrochadh go bhfágha mé má théighim-si annsin, muna
ngabha mé do mheadóig ann san chéad áit a dteangmhuigh
sé orm, i ndíoghaltas mo thrioblóide.


L. 45


Ó, is fíor dhuit, sí sin do cheird, ar issi, agus do
ealadha, óir is tú féin beandhia an díoghaltais. A
Mhegera, an racha tusa annsúd?



Ní rachad, ar Megera, níl mé comh maith sin dhó féin
nó do dhuine ar bith eile is a dhul an fad soin ar
mhaithe leis.



A mhéirdreach dhána, ar isi, dar céird mailís,
fuath, feall agus urchóid, is díreach thig tú lead ainm
crosta, coiripe, coinneallbháite .i. díbhfeirg. Cionnus
a léigeas an dánacht dhuit a leithide do fhreagra do
thabhairt orm?



Ar Megera, dá freagradh: Ná goir méirdreach
dhíom-sa; is córa a ghairm dhíot féin é, ós tú an
malluightheoir do bhí pósta ar Orpheus agus do bhí san
am gcéadna 'do mhnaoi ag Plúto agus do fhan i
gcomhnuidhe san sglábhuigheacht céadna aige, agus níl
acht nós an choiligh gaoithe ionnad.



Cuma é, cuma é, a bhean uasal, ar issi.



Ndomhnach is cuma agus is ró-chuma, ar Megera.



Well, well, ar issi, nár ba slán na slinnéin íocfas
na cainteanna sin, agus creidim gurab é an freagradh
céadna nó freagradh comh dona a gheabhus mé ón
iomlán aguibh.



Ná déan amhras de, ar iad-san, do aon-ghuth.



An uair do chonnairc sí méad a mí-mhúinteacht do
chuir fídeog do bhí aice ionna beul agus do bhuail port
roingce uirre, do bhí comh géar comh árd agus sin go
gcualathas ar feadh na cruinne agus níos faide é.
Do tháinig annso giúrnáil throstamhuil agus girle
guairle gaoithe do rug 'na gcaoruibh lasracha tréas
na firmhemintibh iad, ag fágáil ceithre mbuidéil do
uisge an tobuir romhráidhte ionna bhfiadhnuise acu, chum
iongantais Aodhagáin agus na mbainríoghan. Tráth
chonnairc Aodhagán gach ar thárla dubhairt:



Beannacht libh, a mhná uaisle, bígidh ag imtheacht
feasta, a coimhlíonadh gach ar haisgeadh oruibh.



Do dhúin a leabhar annso, ionna raibh gach orrtha
agus gach oráid le a ndealbhadh a dholpha, agus comh


L. 46


luath agus do dúnadh é do neamh-fhaicsigheadh iad agus
do imthigh gan dubh gan dath.



Fágamaoid ar bhealach tré gach anach ar mhian leo
féin a ghabháil iad, agus mas mithid dhúinn é casamaoid
ar Éamonn. Do fhan ar Loch Dearg trí mhí comh
cráidhbheach sin gur sháruigh an uile a fhoillsiughadh. An
uair fa mhithid leis an t-ionad cráidhbheach deagh-shomplach
so ionna raibh do fhágáil do fháig beannacht ag cách
agus do bhí beannacht ó na huile leis. Do ghluais i
n-aithghiorra gach conair ag triall ar ais don ionad
ar threoruigh a aigne é. Do bhí anois, ní hionann agus
ariamh roimhe, aire aige air féin, aga chongbháil go
dathamhuil agus do cheartuigh é féin go cruinn cliste
púdarrtha bláith beárrtha beitir, ionna chuluidh chóirighthe
déanta, mar dubhradh roimhe, do bhras-lomra.



Lá n-aon dá raibh ag gabháil tré dhíthribh allta
uaigneacha na contae i dtárla, do chonnairc an bhuidhin
bhan ba bhreagha dá bhfacuidh dearca daonna ón
chruthughadh gus an lá sin, ag déanamh go díreach ar an
gcuid don mhoigh ionna raibh. Do bhí ceathrar eatorrtha
go ndeallradh n-iongantach agus ceithre coróna áluinn
aithleaghta uime a gcinn flaitheamhla fionn-fholtacha,
agus céad maighre maiseach mín-dealbhach i sról
shnuighte shnas-bhán ag faire, ag coimhéad agus ag
coimhdeacht gach aon do na ríoghanuibh Fauni, Siorruidi,
Naiades, Cnoicsith gealtáin agus Collaithidh ag
clasuigheacht agus ag comh-roingce riompa na ndiaidh
agus ar gach taobh dhíobh; bean i méad mheadhonuigh idir
na ríoghanuibh roigheamhla-sa agus brat go n-imlibh n-óir
ar a haghaidh, ag folach a deagh-ghnúise, agus na
ríoghana agus na huile eile i gcaidreamh i gcaoineas
agus i gcombáidh ria. Do fháig an t-amharc iongantach
an-annamh so Éamonn gan bhrígh, gan bhéim, gan
spiodal, gan chorrughadh i mball dá bhalluibh, gur sheas
agus gur thocht an ghasruidh nuaidh-gheal niamh-chrothach so
ar feadh dtréimsi annsin, go ndubhradar do ghuth
ghenearálta mar do thiucfadh as aon bheul go madh
dualgas fír-cheart dleachtach cochorum toiseach faire


L. 47


agus friotail a thabhairt do ríoghan réagáileach Ratha
Cruachan.



Do thochtadar an ath-uair annso agus adubhairt sisi
annsin (ag cromadh i gcomharthacht buidheachais dóibhsean):



Éamuinn Uí Chléire, is é fáth ár dturais annso
indiu, Aodhagán Feartach le n-a ghaois agus le n-a
mhóir-eolus do chuir gairm oruinne, ceathrar bainríoghan
atamaoid annso, ag aisgeadh oruinn agus ag
greamughadh dhínn theacht annso do do fhéachain agus
do do fhóirithin ón gcruadh-chás ionna bhfuil tú, má
chóimhlíonann tú na geasa a neasgfar ort: isé sin
cuideachta caidreamh agus compánas, bórd beinnse
teagh halla agus imsging Chuirm Searbhandeire, a
ghaoil a dheala agus a chombáidheacha do sheachnadh go
fuinn h'éta. Agus ionnus go madh fusaide dhuit na
geasa céadna a sheasamh gan dollrucht nó doilgheas,
ibh do na buidéil si atá lán do uisge an tobair
naomhtha Crisorius san Arcadia, ag a bhfuil do bhuadha
duine ar bith dá n-ibhe trí deocha dhe go mbiaidh fuath
an-mhór nádúrtha go críoch dheirionnach a bheatha ar
Chuirm Searbhandeire agus na huile eile dá bhfuil ar
aon aigne leis aige. Gheabhair fós ceithre geallamhna
scríobhtha faoi ár lámhuibh bu riaghail cinnte do do
threorughadh thar gach gábhadh agus tar gach cruadháil
dár féidir le do náimhde romhráidhte chur. Do gheabhair
(tuille eile) .i. do bhean i riocht is céad fearr nó
chonnairc tú riamh fós í.



Do bhí Éamonn, ar an bhfad sa, ar a ghlúinibh agus a
lámha i n-áirde aige, gan chois gan lámh gan chorp gan
bheul gan tsúil ar luasgadh aige, ag faire ar an
mbreith do bhearthaoi air, gur thóig an ríoghan 'na
sheasamh é, ag tabhairt mheisnigh dhó agus ag rádh leis
gan faitchios bheith air agus nár bhaoghulach dó. Do
thug annso cairt ionna láimh dhó i raibh na rainn so
síos:


L. 48



Ar Éamonn chlisde ó Cléire
Brunnuim-si féin gan leisge
Ciste, ceathra is eolus
Má bhíonn gan ól acht uisge.
Ráth Cruachan.



Má sheachnann beoir is bulcán
Leann is súghán súgach,
Bhéarad a bhean a bhaile,
Féach an maith sin ó Úna?
Síoth Úna.



Dhéanfad-sa 'bhean a aisiog,
Gheabhuidh caruid is clann mhaith
Ma sheachnann sé gach díoghla
Chuirfeadh saobh ionna cheann-san.
Cnoc Aiste.



Misi ríoghan Rath Áine,
Misi Áine inghean Úna,
Do bheir sonus do dhaoine
Nach déan díoghla do dhiúrna.
Rath Áine.




Do rug annso an bhean ar a raibh an aghaidh fhidil ar
lámh air agus do thug naipicín lán do ór dhearg dhó.
Annsin do neimhnigheadh gach a bhfacuidh (acht an bhean
an chairt an t-ór) le sile na súl, chum iongantais
do-innste Éamuinn nach gcreidfeadh ar aon mhodh go
raibh na neithe do chonnairc amhluidh, muna mbeith na
comharthaí do fágadh. Do chuir annso lámh fo bhrághuid
a chéile agus do fháiltigh roimpe agus do phóg í re
hiomarcuidh dioghruis agus ailgheasa, agus a d'aisg
cunntas a himtheachta agus a haistear dí ó scar
corruighe an-shocair mí-dhílis na cruinne cleasuighe
cealguighe re chéile (go mí-adhmhar) iad, agus issi
deisean mar an gcéadna:


L. 49


Tar éis a n-an-shocracht a fhoillsiughadh agus a
leor-mhíniughadh go grádhach carthannach dá chéile, do thug
an bhean ar Éamonn cosg íota do na buidéil ar ar
thrácht cheana do ibhe. Do cinneadh leo comhairle annso,
a dhearbhráthair (re buidheachas mór) do chur abhaile i
bhfáirid Sheáin shiubhluigh. Da éisi so do cheannuigh
eallach agus do chuir treabhadh agus foirseadh ar siubhal.
Níor bh'ionann agus i gcomhnuidhe, ní hé treabhadh nó
foirseadh na foidhe nó na déighsheirce do bhí ar siubhal
acu, acht treabhadh ba tuar trócaire le a gcothuidís
bochta le biadh le tine agus leabuidh.



Do chuireadar mar an gcéadna gairm scoile ar
feadh a gcomhursan agus do chruinnigh chuca as gach árd
don chóigeadh clann flatha, tighearnuigh, tanaistí agus
díscirshluagha, ar mhodh go raibh agus go bhfuil biseach
nach beag ag teacht orra do thoice spioradálta agus
teaimpearálta go laothamhuil, san riocht sin go bhfuil
tásg agus mór-chlú a n-iomchar agus a ndeagh-cháiligheacht
i bhfad agus i bhfogus.



Do tháinig chum a scoile an deispóir cruaidh do thárla
air, mas coimhneach leat é (a léaghthóir), agus comh
doith agus do tháinig asteach do rinne lúta agus
adubhairt le hÉamonn:



Nine God to you, sold Winifred.



What sense is in that? ar Éamonn.



Sense enough, ar eisean, for Nine God to you is
naoi Dia dhuit, and sold Winifred is a dhíol Úna.



Od sankins, is that you? ar Éamonn.



Yes faith, ar eisean, is not simple question that,
sure everybody is himself?



Good lad, give me your hand, ar Éamonn.



No faith, ar eisean, if I did make that I should have
but one hand and you would have three hands, but I
believe you have a mind to put a shew out, the man
with the three hands.



Give me your hand is séan do láimh, ar Éamonn.



Séan do láimh, that is John your hand, ar eisean.



I have no business to be with you, ar Éamonn.


L. 50


But if you be in my face I have no business to come
to school to you, ar eisean.



Oh, I understand you; no, I will be kind to you, ar
Éamonn.



Yes, yes, some kind of body, ar eisean.



An é a laoi, ar Éamonn.



Do not call me calf, ar eisean; 'tis bad the giving
up you has to call bad name of man.



Did your father go to kill man since? ar Éamonn.



No, he go to kill more this morning.



What news, ar Éamonn, from where you came?



Faith no bad news is with me, ar eisean.



Oh, ar Éamonn, do not be always swearing your faith.



Puh! ar eisean, if you have not faith enough you
will not see God.



Go on your news, ar Éamonn.



I have no news, but yellow with God, bread is maudlin
enough and butter is very carpenter. You get a
barrel of round snow for two shillings died, you will get
rod good of gentle cloth for half a market, you will get
a barrel of corruption for six shillings; everything is
free enough but for that there is no king or standing
with all that is asking of alms, and they have no might
upon it.



But let us loose that about us, and let us not put
horn upon it till another hour will come, let us speak
upon the school and tell me what you will take till the
head of a quarter; be as carpenter as you can, gold if
you be too dear my father will have no might to pay
for me. Tell me what I shall pay to you from the
hundred day of Tuesday till the tithe day of month
middle. If you be too steel I will not strike under
you upon any preparation. I have eye with
God that I will take anything you will teach me. If
you make readiness with me you may my name write
down, i.e., Chair from two Swan.



Fia mo aghaidh, ar Éamonn, má thuigim-si leath a
bhfuil tú a rádh, acht má anann tú dheanad mórán dhíot.


L. 51


Faith but you shall not make your song of me, ar
eisean.



Both, both, both, ar Éamonn, do rae gnathuidh agam
aon fhocul do rádh os do chuinne, ar Éamonn, ar chor
ar bioth, acht má fhanann tú suidh síos ameasg cháich
agus beir ar do leabhar agus foghluim do litreacha,
biaidh mé comh saor leat agus bhíos mé le duine ar
bioth eile.



Well, ar eisean, I will take your word one hour alone,
and I know three letters in my book already: I know
luck, butter and pay.



Then I do not know them letters, ar Éamonn.



Then there is no goodness of a scholar upon you, ar
eisean. Is not A luck, M butter, P pay?



And now it is so indeed, ar Éamonn.



Ní leanfaidh mé níos sia ar an gcomhrádh so, óir is
mian liom innsin go hathchumair cionnas atá Éamonn
anois agus annsin sgíth do leigion do mo pheann ar
feadh tréimsi.



Atá Éamonn anois fo shéan mhór agus fo lán-tsonus
bó caorach agus capuill, fo mheas agus fo mhuirnn
ag na huile, agus do rugadh triar cloinne do aon
tuisme anois dó .i. Coigilt Chríonna, Taisge a bhFuighe
agus Ciste i bhFolach; agus ar eagla go n-éagfadaois
do na galruibh dar eug clann na céad mhná .i. clann
Bhaoithe Ní Uallacháin, do rinne ceiríní agus droinnsidhi
do luibhionna agus do bhláthuibh uaisle caoin-bholacha
agus ícidhe éagcruaidheacha .i. do Meas an Thoice, don
Chruinniughadh a Láthair, agus don luibh dá ngoirtear
Leath-throsgadh, agus don Ghlas ar Dhúil, do bheir gach
aon mhaidion do na droinnsidhi se re n-a ól dóibh,
agus cuiridh ceirínidhe do na luibhionna céadna le
cliabh, le croidhe agus le láimh gach aon díobh, do
smachtuigheas ó uaill agus ó íbioll agus ó an uile
chathughadh agus aimsiughadh saoghalta iad agus go madh
buan amhluidh iad.


L. 52


Cuid II.



Do tháinic lá n-aon fleangach an Bhéarla mhóir chum
na scoile, agus gathsite agus séideán saothrach neimh-mheasardha
ann, ag rádh:



O master darling there is a little victorious wood in
here without, and you did not hear since your ear was
beat upon the ground ever sport that is mucher than
he, taling upon the luckmouths of baldslow, and 'tis the
name to him, odd hog son faol, and he is in the house
of your carr handsome seldom hundred sick, brown
battle from head armour out of the county of the board,
and Brigid's page from Cornelius out of the county of
flax seed hurl is with thems there, and I leave with my
testament he would take laughing out of the dogs would
be hearing with him, he has the ear of an oaten stream
and a little bit of go in his witness with him, and I
think there is no selling compassion in Ireland that is
bigger than he, he says he had a but coming to town
to him, and the family of the town stole him, God
never mathew it to thems.



Seathruagh, dubhairt tú go leor, arsa Éamonn. Go
loisgthear mé má tá fhios agamsa nach Eabhruis tá tú
labhairt.



The devil a goodness of English gold upon you then,
and what price of labour will you bear to him will put
it in wit to you, as yourself does to the short churls
that is learning Latin?



Bhéara mé mo sheacht mallacht (ol Éamonn), agus
mas beag leat sin, tuille tiobuisde na cheann ort.



Let your slow coming and your share of imprecations
lie upon your own pate, and let them stay there.



O ná bíodh fearg ort a bhuachaill mhaith (ol Éamonn),
mínigh gach a ndubhairt tú agus bhéara mé luach dhuit.



Put name upon the price you will give me?



Bhéara mé chúig scillinne dhuit.



That is a grey hound of shillings, I'll take it.



Thruagh ní sheadh, a dhiabhuil, acht cúig sgillinne.


L. 53


Well, I'll take that itself; 'tis yellow with poor what
he gets. There's no might upon it, 'tis better a wren
in fist than stork on trust. Give attention sharp to
the thing I say.



Master darling, a mhaighistir a mhuirnín; there is little
victorious wood in here without, tá buadhchaill beag
ionnso 'muich; and you did not hear since your ear was
beat upon the ground sport that is mucher than he,
agus ní chualuidh tú ó buaileadh do chluas ar talamh
spóirt is mó ná é. Taling upon the luckmouths of
baldslow, a sgéaluidheacht ar adhbhéil na Maoláirne; and
'tis the name to him odd hog son foal, agus isé is ainm
dhó Cormuc mac Searraigh, and he is in the house your
carr handsome seldom hundred sick, and brown battle
from armour out of the county of the board, and Brigid's
page from Cornelius out of the county of flax seed hurl
is with thems there, agus tá sé i dtigh do cháirdeas,
Anna Céidtinn, agus tá Donnchadh Ó Cinnéide ó chontae
an Chláir agus Giolla Bríde Ó Conchubhair ó chontae
Roscomáin farróbhthadh ionn. And I leave with my
testament he would take laughing out of the dogs itself
would be hearing with him, Agas fágaim lem údhachta
go mbainfeadh sé gáire os madraidhe féin do bheith ag
éisdeacht leis.



He has the ear of a stream of oats and a little bit of
go in his witness with him, agus tá cluas sruthán
choirce, agus greim beag ime in' fhiadhnuise aige. And
I think there is no selling of compassion in Ireland
that's bigger than he. Agus saoilim-se nach bhfuil díol
truaighe i nÉirinn is mó ná é. He says he had a but
and the family of the town stole it, deir sé go rabh each
aige agus gur ghoid muintir an bhaile é. God never
mathew it to them, nár mhaithe Dia dhóibh é.



There is to you now, and if I had knowledge you was
not a better English gold than you are the devil my
foot would come to school to you, and would go to the
school of short joint sell lamb, in Irish Gearalt
Díoluain.


L. 54


Well, well, call in the little boy.



Here he is here at the side of my back.



Annsin adubhairt Éamonn:



Suidh síos a bhuachaill agus ith arán agus bainne, tá
fhios agam go bhfuil ocuras ort airéis do shiubhail.



Má tá féin is beag beann agam ar do chuid arán
pise agus bláthuighe. Agus míle slán don phobul bheag
lághach bheannuighthe ann a rugadh mé; is maith an gléas
do cuirfidhe ar mhac deagh-athar ann lá sheachanta an
spódla; do cuirfidhe breac duilleach donn ar snámh le
im, agus bulastaer pirsidhle faoi n-a chionn, arán
plúir do caoin-chriathruidhe seacht n-uaire tré sháirse
síoda, agus bainne mín tiubh, caoin, te, meith, milis,
meallach, meallánach muintiorrach, ag teacht 'na
chlaganna agus 'na laganna agus na shléibhtibh áille,
an-árda agus na chnuic allta, uathbhásacha, agus na
ghleanntuibh úra uaithbhialta, agus na thonnuibh bhorba
bhorthonnacha a' bagar ar do bháthadh, 's níor bhaeghal
dhuit a shaethar. Och a lag ó, agus a leath-lag eile,
súd an áit ann a bhfuightheá an t-uasal a' bronnadh
airgid bháin 'na mhámuibh ar bhaintreibheachuibh, agus ar
dhíthshleachtuibh, ar lucht aisge almsa agus ar éagcruaidh
dheóranda; súd an áit ann a bhfaghthar an tacar is
fairsne ná an fóghmhar i n-ionaduibh eile.



Súd an t-ionad a dtiomsochadh bean díoghluma, le
beagán saothair, bairille meala do na tráithnínibh i
níos lugha d'aimsir ná bheith cú gortach a' slugan
measgáin bhuig; súd an t-ionad ann a mblighthear trí
cheud cárta leamhnacht trí huaire san ló ón luilighe
dá ngairthior an dunn fhialmhar, nach n-ithionn coth san
mbith eile acht na tráithnínidhe tuasríomhtha. Súd a'
t-ionad do sháruigh aois ciúil agus ariochuibh iomshlán
na cruinne i gceóltuibh guib agus téad, chomh fada is
do sháruigh cruit Apollo (an tan do thuirling os na
flaithios ar ghrádh Dháphne), mún an nóinín Thomáis
mhic Lobuis, agus do chruthughadh air sin: do bhí Méadhbh
Niamh-chruthach, inghean Chormuic Óig ón Maoláirne gheil
ghriain-deallruigh, ag canadh ciúl comh síthbhinn sonárd


L. 55


sin, ar bhruach srotha fíor-uisge fionn-bhán fairsinn
fíon-bhlasdach do bhí a' gnáth-rioth tré cheart-lár pháláis
aoibhinn aoldhaite (och mo nuar agus mo chreach go
buan) a hathar, go gcualaidh Ó Néill do bhí ag tuirneadh
fearuibh fóirne ar fhithchill i nDuire Choilim Cille í,
ní do thug air stad ar a láimh ag rádh gur bh'í sin
Méadhbh Óg inghean Chormuic ro bhí a clasaidheacht shiar
san Mumhain, agus go dtriallfadh go hí, ní fá fíor
dhó, óir do ghluais mar aon agus cúig chéad d'uaislibh
Uladh dá choimhdeacht, agus an tan do chualaidh Cormac
é bheith ag triall air do chuir coimhéirghe ar shaothuibh
Mhaoláirne a' fáiltiughadh Uí Néill agus a sheasnáin.



Do tháinic mar an gcéadna dá fháiltiughadh, Méadhbh
Óg agus a bantracht a' comhchantuin comh síthbhinn sin
gur thuit Ó Néill agus a shluaghta dá n-eachraidh i
dtroime-néill agus marbh-shuan le draoidh-fhuaim an
cheóil neamhdha neamhghnáthaigh a chlus, agus níor
bh'iongnadh gur thuit siadsan amhluidh, agus go dtáinic
braoidhin gach rátha agus gach cnuic san gcúigeadh go
soilbheir soiléir a' rinnce na dtimchioll. An tan do
stad an ceól agus do tháinic gach aon chum a
ghnáth-mheanma, do bheannuigheadar dá chéile go ríoghdha
reagailleach, a' gluasacht go miochair muintiorrach i
bhfochair a chéile don dún áluinn iongantach do bhí
riompa, agus Ó Néill agus Cormac (nó mar ba córa
a rádh Cormac agus Ó Néill, ós do féin an séidhneach
ba dleacht toiseach ó dtáinic fós agus ó dtiocfadh go
bráth), lámh ar láimh, agus Ó Néill a' gnáth-fhiosruigh
fáth nó diamharún na n-amharc ro chonnairc san chonair
riompa, agus don cheud fheacht cad é a' muilionn
maiseach mór-amadach bhí riompa ionn a gcosfhadhan?



Tá (ar Cormac), súd muilionn a bhíos a' gnáth-mheilt
preabuir, sinséir, iomad agus eugsamhlacht spíosaruidhe
eile.



Agus cad í an toit uaithbhialta ain-teith do chím os
cionn uisge an tsrotha?



Tá (ar Cormac), shúd anbhruith na feola bruitear
go tráthamhuil dár ngnáth-mhuintir, agus doirtior le


L. 56


taosgáin ann linn an mhoilinn a chuingbhios an muilionn
a' gnáth-mheilt.



Cad é an pálás ríoghdha úd do chím ós cionn na
habhann? (ol Ó Néill).



Súd (ol Cormac), grianán gloineach, glé-fhuinneoghach
mar a mbíonn mo bhean, agus chúig cheud atá ann a
bantracht, a' déanamh trí tréana do gach lá oibre .i.
trian le úrnuighthe agus le salmchlasadh, trian le
fuagháil agus le ceartughadh éadaigh lín agus olla do
bhochtuibh Dé, do dhíthshleachtuibh agus do bhaintreabhachuibh,
agus an treas trian le fleadha fairsine fiala fíonamhla,
le rinncidhe lúthmhara luaimneacha láin-éadtroma.



Cad é an crann úd thall, a Chormuic, a bhfuil an
balla aol-dhaite an-árd go muirneach na thimchioll?



Atá (ol eisean), súd crann do thug Naomhan
Niamhchruthach (an sinsior ó dtáinic an sliocht dár díobh
mise), os Parrdhas Adhamh.



Cad é an toradh thagus ar an gcrann céadna? (ol
Ó Néill).



Táid trí géaga ar an gcrann (ol Cormac), geug
ar a bhfásann silínidhe is mo seacht n-uaire nó ceann
tairbh dá mhéad, agus do sháruigh milseacht meala na
Cetrópia. Ar gheug eile tagaid spíonáin do leaghfadh
i mbeul duine mar shiúcra, agus gur mó gach cruinnmheall
sneacht-bhán díobh trí huaire ná adhbhar céad slat
do chirtlín olla.



An treus geug (an séineach) taguid ubhla uirre, os
a bhfáisgthear (os gach aon ubhall díobh adeirim) iomad
hogusaedsuidhe do sháruigh fíonta an bheathadh i mblas,
agus i mbrígh.



Cad iad na túir an-árda úd do chím san lubh-ghort
úd thall? (ol Ó Néill).



Tá (ol Cormac), cuiriceoga beach iad súd.



Créad an riachtanas atá iad a bheith comh mór súd?



Tá (ol Cormac), óir tá gach beach dá bhfuil ionnta
níos mó nó caidhion, nó re gé, agus an tan a múchtar
cuiriceog dhíobh, gheibhthior naoi mbairille meala innte,
agus bairille don deachmhuidh.


L. 57


Ar fiadh do thug tú h'éitheach, a bhastaird (ol Éamonn
Ó Cléire), ní bhíonn ná buiséal.



Ar fiadh, a mhaighisteir, do thug - thug - thug tú féin
h'éitheach, agus is tú thug é, agus is leat is gnáthuighe
a thabhairt; agus do chruthughadh air sin, is minic do
mharbh mé féin beach do chínn a luighe ar bhántuibh
fionnscathógach funnghlas na Maoláirne, agus an chuid
is lugha dhe (gan tada d'ádhbhéil) do gheibhinn seacht
gcárta meala ionna spursan, agus lán-phúnta céarach
ceangailte ionna chosa.



Och! ó och, ó och, fágaim agad é (arsa Éamonn), innis
romhaidh a bhuachaill mhaith.



Adubhairt Ó Néill. A Chormuic, cad í an bhó úd i
bpáirc léithe féin?



Tá (ol Cormac) annsúd an scaithfhionn fhialmhar,
agus isí sin í, a thagus trí huaire sa ló uaithe féin
le na bleachtanas. Och, a lag ón, sí féin fearb na
mbeannacht, ó mblightear dabhach gach aon tráth, má
bheirthior lacht an dhá chéad tráth do na bochtuibh, agus
mara dtugthar don rae braon a gheabhthar an treas
tráth uaithe; bleanach do bhíodh na pusóid agus na
deoch shuain ag an treabhlaigh i gcoitchinne. Agus ar
son nach dtagann tarbh saoghalda ar bith 'na gar,
chídhtear tarbh síthe gach Lughnasa na haice, ar a mbíonn
beanna óir, agus earball airgid, do bheir uirre laogh
na Beáltuine bheith go bliadhantamhuil aice, ag a
mbíonn réalt óir i gclár an éaduin, agus réalt ar
an gcuma chéadna ar a dhá thaobh agus earball airgid
aithleaghta. Laogh chuirimse gach aon bhliadhain go
ciantuibh coigcríochach na hAimerica, ó dtagann 'na
mhalaird chugam long ludálda le síoda agus le sróll
fa n-órughadh go reagailleach do bhantracht an dúin,
agus a chuirim na phresantuibh go dúntuibh mór-uaisle
Éirionn.



Dfhiosruigh Ó Néill do Chormac an fáth fa raibh an
bán i dtaobh na cléithe timchiollda re múr cómh hárd
as chím, agus gan innte acht aon each amháin?



Tá (ol Cormac), sin an tseóid is múirnighe liom


L. 58


dhá bhfuil agam ó mo mhnaoi amach, agus má shocruigheann
tú do chluas chum éisdeacht míneóghad dhuit cionnas do
fuair mé an t-each gorm úd.



Tráthnóna oidhche Shamhna bliadhantuidhe ó shoin,
d'éalaigh mé ó mo bhuime, agus do thug seachrán gan
tsrian mé go doras rátha do bhí i bhfunn fhionnscathógach
san Maoláirne, agus níor chian mo cheolán a' caoi ionn
mé, an tan do chonnairc mé na bánta foluighthe do
mharc-shluagh, nach bhfuigheadh Dallán Forgaill briathra
leóra ná fuileamhnach chum a ngusdal, a ngléis, ná'
gcoirpbheartuibh a fhoillsiughadh. Do bhí srianta óir le
na n-eachradh agus dialluididhe airgid faoi gach
stócach don mharc-shluagh chrodha, cheannárd, choirpdhíreach
sin, agus nár bhinne Méadhbh Óg a' cantuin ná gach
aithidh ciúl shonárd síthbhinn dá raibh riompa na ndiaidh
agus ar gach taobh dhíobh.



Níor bhfada dhamh san mearbhchás san do thárla an
tan do tháinic marcach eich chinn-finn ruaidh 'mo dhochum,
go n-iomchar ríoghdha roígheamhuil, ag beannughadh dham
go tárnteach soilbhir sorbh-ghnúiseach; agus dhá óige dhá
raibh mé do mheas mé ar' innioll go madh dleacht
dfhear a chaithréime agus a chrotha uachtaránacht agus
taoiseacht a bheith aige ar a leanamhantuibh. Agus níor
bh'iongnadh gur mheasas, óir do bhí coróin óir aithleaghta
um a chionn clannach comhbhuidhe ar sileadh le corbhugal;
do bhí a chulaidh déanta suas d'ór-shnáth, foluighthe le
seóide, re geamuigh agus re péarluibh iomdha éagsamhla
éagcosmhula, san riocht gur sháruigh a dheallradh
laoinior na gréine an tan is uaibhrighe agus is gleóite
a dath a stiúradh na bhfirmhamintí lá seaca nó
sneacht-leaghadh geimhridh. Do rug an t-uasal árd
oirdheirc, ónórach sa ar bhárr croibh orm agus do rug
leis go doras an rátha romhráidhte mé. Annsin do
scairt sé comh fuaimneach sonárd sin (nach amhras liom)
go gcualathas ar feadh cheara ranna an bhith bhraonuigh
bháinleirge é.



Annso do tháinic faoi a thuairim 'mach os doras an
leasa ríoghain iongantach ainglidhe, faoi choróin agus


L. 59


faoi éadaighe do bhí comh grian-dheallrach sin go
leaghaidís súile na n-amharcach dá mbeidís déanta do
dhéamuind; iar na timchiolladh re gasraidh ghluair ghlé
dhealbh-iongantach.



Do rug léithe 'steach don ráth mé, agus ní don ráth
do rug acht don phálás fa háille dhá raibh ariamh don
taobh sa do na flaitheamhnais, agus gur bh'í cloch fa
táire dhá raibh ann múr an pháláis chéadna carbhugal.
Iar nam' shocrughadh ionna cathaoir óir dhi do shuidh
m'fhochair go miochair grádhach, dom' fháiltiughadh le
corn do neachtar bhlasda mhileamhuil, deoch na ndée
a n-allód.



Acht mar do bhí misi an tan sa óg éagcríonna (óir
ní raibh mé an uair se acht trí bliadhna d'aois), do
mhaidhm mo ghul agus mo dheor, go rug sise eattair a
géaga fionna folláine orm, dom' chealgadh le iliomad
póg agus gréithibh síthe. Faoi an am ar smachtuigh mé
mo dhóluibh agus mo dheor do chím ag teacht faoi an
ríogh-halla na huaisle éidiche romhráidhte airéis túirling
dá n-eachradh seanga sár-luatha agus an taoiseach
tuasríomhtha ag breith ar láimh orm, ag rádh:



A mhicín ó, ná bíodh mímheanma ort, óir níor mhó
tfháilte do mheas ná do mhuirn i dtigh do thuisdithe
féin anocht dá mbeitheá ionn ná ionso; agus a mhic ó,
ibh deoch a ruaigfeas dóluibh ó do mheanmuin.



Do ghlac mé meisneach iar so os an mbáidh choitchinn
ro bhíodar a thaisbeánadh, agus faoi an am ar chríochnuigh
mé aon lá amháin eattara do rinn mé dearmud do
mo ghaol agus dom' dhóluibh; agus fan am ar chomhnuigh
mé seacht lá 'na measg, i ngnáth-shúgaidh, do bhí mé lán
do scléip ós an méad phearsan tháinic ionnam le
aon tseachtmhain amháin, agus iar mbeith damh sna
smuaintibh se do tháinic an rígh romhráidhte na bruighne
orm lá n-aon agus d'iarr do sheilg leis mé, acht gé
gur dheacair liom sgaramhain re gasaraidh shoilbhir
shuairc shubháilceach na cúirte ní thug mé éara dhó.


L. 60


Gléastar annso dhá each faoi shriantuibh óir agus fó
dhialluidibh airgid dhúinn .i. an t-each ruadh dhó-san agus
an t-each gorm (do chí tú thall úd) dhamh-sa.



Gluaistear iarso linn tré bhántuibh fiarach fásamhla
funnghlasa, tré choilltibh crann-árda caor-dhearga,
tré mhóintibh riasgacha ruadh-thuilteachdha, tré shléibhte
shládachdha, tré lochuibh aerachdha altachdha iasgachdha,
tré dhúntuibh cúirteachdha caisléanachdha, agus tré
chríochuibh ciana coigcríochachdha, agus a n-éis gach
taisdil mara agus tíre dá ndearnamar do fuaramar
inn féin ag doras an rátha thuasráidhte agus fad
amhairc do na machairibh foluighthe san uile thaobh le
groidhthibh scáthachdha scuab-fholtachdha, le airigheachaibh bó
agus bótháinte, agus le tréaduibh lomracha lán-bhána.
Agus an tan do chuamar asteach don ráth do scar mo
thaoiseach oirdheirc árd-ghníomhach liom comh neamh-fhaigsighthe
is dá mbeith gan a bheith ar aonchor ann, ag
fágáil na dtáinte se agam agus an t-each gorm do
bhí an uair sin a' síor-shitre i ndiaidh a gnáth-chuideachta,
gé nach bhfuair freagradh.



An tan do fágadh amhluidh so m'uath mé do bhí mé
tréimse a' meadhanughadh créad do ba déanta dhamh.
Fa dheoidh an uair nach bhfuair mé an t-iosdas ná an
pálás dubhradh cheana, do mheas mé nach raibh ann ar
taibhrigheadh dham acht siabhrrás agus taisbeánta síthe
saobha seachránacha. Do mheas arís go raibh a n-éifeacht
agus a mbrígh do réir an taisbeána, tráth do chonnairc
mé nár neimhnigheadh an t-each gorm ná an t-eallach
eile. Ní eile do mhéaduigh m'iongantas, do fuair mé
mé féin i méad agus i modhamhlacht agus i meisnigh
fir. Níor chian san mearbhchás so dhamh fon am a dtáinic
mo thriath ríoghdha romhráidhte, agus m'anga sítheach
saor-shróill faoi charbhugail aige; agus ceara cartacha
faoi cheara dabhacha áidhbhle an-mhóra faoi ór cheart-bhuidhe
chróch-dhaite spáinneach, ag rádh do bhriathruibh sonárda,
sochlusda: A Chormuic Óig, ní laghadughadh acht árdughadh
céime agus cumhachta, grádha graduim agus tiodal
flatha agus méadughadh iostais onóra agus ionnmhuis


L. 61


dhuit mise a bheith 'mo ailtire agad anois le ceara
bliadhna deug; seacht mbliadhna nár 'ríomh tusa acht
seacht lá, agus seacht mbliadhna eile do bhíomar araon
ag taisdiol cianta.



Anois a dhalta ionmhuin, ós scaramhain re chéile ar
feadh treille dhúinn, fágaim (do chomhartha mo ghrádha
ort) agad gach a bhfeicionn tú ar gach taobh dhíot,
eattar éadach, ór, ionnmhus, eallach agus uile mhaithiosa
eile, agus uair ar bith a bhias prádhainn nó easbhuidh
saoghalda ar bith ort, abair an orrtha sa agus ba
fogus duit fóirithin.




Cuimhnigh a thriath na múrrtha lán,
Gur ghealluis stór go leor do ghnáth,
Gan trághadh gan díosg i maoin nó ndáimh
Do Chormac chiúin is úire cáil.




Tri folium tristrum colluncum pelle iolatus vivamen
vestrum terrunum tergatam tirate clandestin calicen
tristrum plerumque bim conlumbas numeros clangor
sit brachia clam salmustum ridans coelibundus celsiar
est conglandas semper tumillia rungia casi nunc et
semper et in saecula saecuilorusan.



Agus iar gcríochnughadh na hóráide dhó d'imthigh sé os
m'amharc gan dubh, gan dath, ag fágáil (mar adubhart),
gach ar hainmnigheadh cheana faoi mo bhreith agus faoi
mo chumhachta. Do bhí annso ('Uí Néill), dubhbrón agus
meanmna a comhbuaireadh m'aigne, sé sin dól ádhbhail
fa scaradh le mo thriath maiseach mórdha beartach
borthabharthach; agus gárdachas meisneach agus mór-luathgháire
a' coimhrinnce (ní nár bh'iongna) ionn mo
chliabh, tré mhéad mo phearsan féin agus tré ainmhéad
mo thoice agus m'ionnmhuis agus mo mhóir-chisde. Agus
fon am ar shaoil mé gluasacht m'uath chum conganta
sholáthar chum an chúraim mhóir-si 'chur i n-órdughadh
tiomána ní raibh carr ná cairt, ór ná ionnmhus, mart
ná caora ná capull ná ní san mbith dár fágadh agam
nár lean d'éinbheul go dún m'athar mé, a' sitrigh


L. 62


a' géimnigh, a' búirfidh agus a' méiligh, san nós
uathbhásach so, i modh nár fhan óg ná ársaidh ó thaoiseach
go moghaidh, ná ó thriath-mhnaoi go hinnilt nár gheit
faoi thearmonn cuasán crann cairrgeacha agus clach-dhíseartuibh,
lán time uamhna agus critheagla, gé go
raibh mise a' gnáth-fhuagradh síthe agus meisnigh dhóibh,
agus ag síor-ainmniughadh m'athara agus mo máthar
agus dom ainmniughadh féin, gé nach bhfuair mé freagra
ó éinneach an lá sin gur ghlac mo mháthair (do bhí dána
os a crádhbhadh agus os a paidrín) misneach, ag déanamh
go faitcheach critheaglach orm, ag fiosruighe ar shaoghalta
sinn, nó cad eile, nó an geis nó draoidheacht do bhí
oruinn?



Agus an tráth do cheisdnigh go meirbh faitcheach
fannbhriathrach sinn, dfhreagair mise go mín miochair
dhi ag rádh; a mháthair ionmhuin, nach n-aithnigheann tú do
Chormac Óg dil féin, atá ar iarraidh uait corradh agus
cheara bliadhna deug?



Ó a mhicín mo sgairte (ar isi), aithnighim do ghuth bheith
cosamhuil re guth mo leineibh, gidheadh is eugcosamhuil
ar méad, ar ngné agus ar bhfoirbhtheacht, agus uime
sin is tuigthe agus is creidthe nach tusa é, acht amháin
mar b'é spiorad mo leinibh atá ar seachrán, agus ní
shé, óir ní raibh cáidh dhá laghad air.



Ó a mháthair, glac meisneach (ar mise), agus éist
re m'éachtuibh go grinn neamh-fhaitcheach, agus díbeóra
mé gach amhras ót inntinn. Dubhairt go n-éisdeach,
agus ba fíor dhi, d'éist. Annso d'aithris mé dhi ó úd
go fínit, mar a chualabhar cheana, agus iomad briathra
agus comharthaidhe eile do chleacht mé ann mo
leanabaois, do thug orra mo chreideamhuin agus an
treabhlach uile maraon. Do cuireadh cluig an bhaile agus
na cúigeadh mar an gcéadna dá mbaint, agus ceolta
agus gnáth-fhleadha ar feadh na críche go coitchionn ag
foilsiughadh le n-a dteachtuibh gach ar thárla. Ag sin
agad, 'Uí Néill, gach modh ar casadh an t-each gorm
chugamsa.



Is iongantach do sceul (ol Ó Néill), má tá fíor.


L. 63


Maise tá (ar Cormac), agus do chruthughadh air, má
deirim an órrtha thuasráidhte, ní amhras liom, chóimhlíonfaidh
m'impidhe.



Ba mór an sásughadh intinne dhúinn, an méad
atámaoid annso, ár mí-chreideamh san gcás sin a
smachtughadh, a fagháil amhairc ar chruthughadh agus air ar
aithris tú dhúinn a bheith fíor.



Cóimhlíonfa mé th'aisge (ol Cormac), san ní sin chuiris
chugam.



Leis sin féin dubhairt an órrtha, agus d'aisg ar
rígh na bruighne coirn go leor agus biotáillidhe a chur
a láthair chuige.



Go grod dá éise sin, tháinic faoi an toichim trí cheud
cairt faoi fhíon spáinneach, faoi chuirm lochlannach, agus
faoi bhrogóid, agus faoi bheath-uisge fiadha funnghlas
Fáil, agus corn greanta glan óir i láimh Chormuic, i
láimh Uí Néill agus i láimh gach taoisigh dá raibh san
mór-thionól sa, agus corn airgid i láimh gach aoin eile,
agus lucht freasdail go leor a' líonadh na gcorn
gcéadna os soithígh síthe sáir-ghleoite do gach aon don
bhiotáille ba mian leis.



Annsin do tháinic Méadhbh Óg 'gus ceara chéad
maighre maiseach míndhealbhach dá coimhdeacht agus aithidh
eugsamhuil ciúl i ndóid fionnbhán gach ailleoige dhíobh,
agus gur sháruigh an aithidh ciúil ba doicheólda dhíobh
cruit Orphéus i ndraoidheacht ciúil, agus Apolla féin
an tráth do thuirling os na flaithis ar ghrádh na hógmhná
Daiphne.



Do bhí na tuilte ceóil agus gnáth-óil se gan díosg
gan traochadh, gan trághadh, gan tiormughadh ar feadh
sé seachtmhaine fichiod, dá ghnáthughadh eattorra; sé sin
ó la buidhe Béaltaine go lá sítheach siabhrach sidheogach
samhna. Do bhí pobul áluinn órdhaite ag gach aon
fo leith dhá raibh san oiriochtas, agus cead gan chostas
gan toirmiosg ag gach aon (dá mbaineadh mearbhall
díghe nó míchomhgar ar bith eile dhó) a shuaimhnios a
ghlacadh go sat sítheach sóghamhuil.


L. 64


Na trí lá dhéidhionach i mbrollach na samhna do
chaithiodar leis an tsúgradh chuailleach sleightheagmhail
ar maraidhiocht, imirt ionn ar theasbáin curuidhe gleóchumhacht
iongantach oirdheirc onórach, le fortúnuibh
éagsamhla éagcosamhula, go ráinic an seal do Chormac
Óg. Agus (an séineach), ós dó-san fa fearr an mhaise
sin, óir ní raibh aon i bhfuisgeacht dhá chéad míle, dá
thruime a shuan, nár dhúisigh soin agus fuaim a stoc
scairteacha scal-árda, agus dá n-innsinn-se gach
teagmháil dá bhfuair, gach cumas gach cleisdeacht agus
gach calmacht, gach lúth gach luathghoil agus gach leobhéim
dár cóimhlíonadh leis an dásach dian dochlaoite se an
lá déidhionach, ba gann deich stuadha fichiod don
pháipéar is fairsine chum a leath a fhuillsiughadh. Do
sháruigh a mhór-ghníomh dhá éachta dheug Hercules, do réir
bhreathnuighthe na dtuirgne faithche agus na n-amharcach
uile go coitchionn; agus mar do bhí siad dosháruighthe
atáid mar an gcéadna do-innste, agus faruis sin
féin do-chreidthe, ar son go bhfuil 'na bhfírinne ghlain
ghan chaime gan chumadóireacht. Seacht gcéad deug
goileach gníomh-iongantach gaisge agus a n-ánnlann do
thaoiseachuibh agus d'uaisle oirdheirc Éirionn do chuirl
go neimhspéiseamhuil chum talmhan, gan bolg ar a
anáil féin ná ar anáil an eich ghoirm. Dubhairt Ó Néill
annso.



A Chormuic, nois tuigim gach ní dar hinnseadh mar
aidhbhéil bhréagach ar an Maoláirne, nár aidhbhéil acht
fírinne gan fhiar iad.



Is annso dfhear Cormac fíor-chaomh fáilte riompa
go genearálda ó thaoiseach go caimpear, agus d'iarr
leis dá dhún agus dá chúirt gan eisgiopda iad. Ar
dhul don dún dóibh dfhiosruigh Ó Néill cad é an teagh
an-mhór úd thall, tá foluighthe (mar shaoilim) le fíonnadh
agus le guaireach?



Súd craicionn torc na cuaise; torc do bhí comh
mór sin nach raibh imtheacht ag coin ná ag gadhar, ag
duine ná beathadhach dolaidh ná díoghbháil a dhéanamh dhó.
Sé ní do thionscain mé do chum an bheithigh se' bhasgadh,


L. 65


súil ribe dhéanamh do chábla luinge agus a chur ar
innioll eattair dhá dhair ionn a chosán é, agus an uair
do bheith táirim dhlúth air go dtulcadh é féin go
neamhfhaireach san bpointeal, ní do rinn go grod na
dhiaidh seo, agus an tan do mhothuigh é féin i n-achrann
do thug sídhe sáirneartmhar air féin agus do strioll
an dá dhair os a bhfréamhuibh leis go dorus na cuaise,
acht ní bhfuair é féin a dhíthcheangal ná dhul ann a
ghnáth-thearmonn, gur shíneamar an beag 's an mór dá
raibh san tseilg d'éin-bheul air, le clocha, le cuailleacha
agus le gach gné eile airm dá raibh ar fagháil aguinn,
i modh gur torchradh an torc allta aingídhe se linn,
agus go ndeárnamar ceathramhna dhe. Annso do
chuireamar na ceara ceathramhna ar cheara dhraedh, agus
sisreach ocht gcapull ag tarraing gach drae dhíobh;
chuiriomar dhá leithcionn a chinn ar dá charr a tabhairt
a sturrfhiacla .i. a fhostuidhthe, mar bhatuidhe croise
do bhacaigh, agus isé craicionn an toirc chéadna is
díon don scioból úd do chí tú faoi fhíonnadh agus faoi
ghuaireach mar dubhairt ó chiana.



Agus ní hiongantaighe an torc agus ní huaithbhialta
ná carr-fhiadh an ghleanna do mharbhamar bliadhain sa
taca sa, le táirm thrí mí a chur ar feadh choillte,
boguigh, learga, chnoic agus bánta anshocracha na críche
air, gur claoidheadh agus gur torchradh re iomad agus
re teann saothair é; agus is iongantach an rae do
fuair san tsaoghal. Sé Lughaidh Lámhfhada, ameasg gach
fuadáin eile dhá dtug as ciantuibh don chrích si, do
thug an carr-fhiadh úd an' oisín bheag os an Iottáille
é, faoi an am a dtáinig Aonghus mac Anchíses do
ruaig ratha ó scrios na Traoithe, agus tá ó sin anall
san ngleann úd thall dá ngoirthear Gleann a Tobair,
gleann ó ar gaireadh carr-fhiadh an ghleanna air.



Do chí tú beannlomáin mhóra daruigh, 'ar leat féin,
ar thaobh na leirge úd thall, agus ní dair ná crann
iad, acht beannuibh an-mhóra an charr-fhiadh chéadna
d'órduigh mé fhágail ar bhraoch an ghleanna 'na sleachta
agus mar choimhne ar an bhfiadh gcéadna. Seacht


L. 66


mbairille feóla gnáth-liúntas feóla mo threabhlaigh
gach ló go n-oidhche; agus d'innis mo ghiollanradh dhamh
go bhfuaradar cosdus feóla go sat ar feadh míosa
agus teóra lá do tharbha an charrfhiadh.



Tá tobar beag cruinn san ngleann thuas-ríomhtha
agus an seal ba beo an fiadh ní fhoileonadh duine ná
beathaidheach a theacht a ngaobhar an tobair. Do chuir
mise tor daingion do-bhrisde os cionn an tobair,
agus is fiú é sin, óir níor hibheadh uisge beatha riamh
is blasda ná é. Sé locht is mó air coimhbríoghmhar is
tá, óir do chuirfeadh lán mearagáin na mná is caoile
méar san chrích meadhar agus mór-shúgaidh ar an tí is
láidre coimpléasg don díne dhaonna dá n-ibheadh é. Is
mó sheasas an tobar sa cliú mo thighe san mbliadhain
ná sheasfadh trí cheud bairille uisge beatha atharthne na
fionnfhódla.



A Cormuic (ar Ó Néill), cad iad an sórt crann úd
do chím ionsa ngarrán coille úd hall, dfhás comh árd
sin gur sháruighdar a bhfaca mé do chrannuibh ceadair
ar Libánus ar uirde.



Uí Néill (ar Cormac), gais phónra iad súd, agus ní
fhásann siad mar súd i n-áit san mbith acht ar
ghrog-mhullaigh Shléibhe Sian agus san Maoláirne; acht
deir lucht bréag go bhfásadaois i bpárrdhas Ádhamh,
agus dá bhfásadh féin, cia dhár fios é, ó d'eug Ádhamh
is a chéile nár labhair smid dhá laghad ar a leithide?
Mo nuar, budh mhí-ádhmhar an choill do mo ghniath .i. do
mhac mo dheirbhshearthach, í an choill úd, óir san
tseachtmhuin se chuaidh thort d'éirigh stoirm agus anfadh
an-mhór, agus eisean a' gabháil treos an bpónra, do
leag go hobann gasacha air do rinn liothrach dá chuid
feóla agus sprudhall dá chnámha go léir. An gas is
lugha toradh na measg ní dhíolfadh an eagluis a gceart
féin dá thoradh ar bhairille pónra.



Cad í an tairbhe nó mhaith do ní gráinne don tsórt
sin dhuit, óir is mó ná lán beul duine nó beathaidhigh
gráinne dhá laghad di?


L. 67


Is cuma sin (ol Cormac), óir beathuighim mo mhuculach
léithe, agus ní is tarbhuighe go fada ná sin, do ním
braith agus brogóid bhríoghmhar bhiadhmhar bheol-taithneach
throm dhonn dheagh-dhaite dhi, a chuirim chum rígh na
Spáinne, agus ní bhfuil soitheach dhá laghad, no dhá
mhéad, dá gcuirim don bhiotáille si dhá fhorruid nach
gcuireann seisean ceara soithighe don tomhas chéadna
na mhalaird dfhíon spáinneach chugamsa, agus buidheachas
agus tíodhlaicdhe troma torthacha tarbhacha eile, agus
litreacha fír-intleachtacha foghlamtha, ag toirbheirt a
bháidhe agus a mhuintirios, agus ag iarraidh báidhe agus
gnáth-mhuintiris uaimse chuige-sean.



Annso an tan do chuadar asteach don dún do
chonnarcadar coire an-mhór do bhras iongantach órbhuidhe,
agus ceithre cheud giollanradh ag bruith agus ag
freasdal feóla ar bhochtuibh, agus a choimhliadhacht
céadna innilt óg ainglídhe ag roinn cácaidhe cróch agus
cáisidhe gan bhearna orra.



Ní raibh aon do na bochtuibh iomadamhuil se nach raibh
úrach nó cuirn leanna agus crúiscín meala, agus'
leithide eile uisge beatha ionn a thrasdaladh leis. Cúis
anbhruith a thabhairt do bhochtuibh i dtigh Chormuic do
saoilfídhe gur mhíchliú doileiscéalda é agus tár gan
chompráid agus uirísle mhí-fhiúghantach do thigh bhiatach
mhórdhálach Maoláirne.



Do chuaidh iarso bulsuiridhe a' cur a n-oifige i
ngníomh, sé sin a' gairm gach dreime agus dá
socrughadh ar bhóird ghleóite glan-airgid, foluighthe le
scáruididhe snasdhearg síthshróill, agus leis na huile
shórt bídh ba dleacht do dhaonda ar bith a bhlas nó
'shanntughadh, agus nach féidir go bhfuigheadh na dee
féin (an uair ba mó a n-onóir nó a n-ádhradh págánda)
locht ná mí-bhlas air. Agus gach drung ag bóird ar
leith suidhte do réir a ngraduim nó a dtiodal flatha.



Ocht míle dheug do gheibheadh ionad suidhte ionn halla
choitchionn Chormuic, agus ba mó fa thrí an seire halla
(dá ngairid Gaill dining room) ná é. Éan chéad deug
giolla cupáin agus corn do bhíodh ag meilidheadh ag


L. 68


freasdal dighe ar ghnáththreabhluigh Chormuic Óig, agus a
sheacht n-urdal sin, lá feadha nó aoidheadh aduaine.



Do bhí gnáth-cheol agus oirfide ionn a n-éisdeacht
gur tóigeadh na boird agus gur filleadh na scáraididhe,
agus gur tugadh an brusgur .i. an biadh brisde, don
chosmhuintir, agus a néis buidheachuis a thabhairt go
cráibhtheach caoin-dúthrachtach don duileamhuin, do
hibheadh deoch altuighthe re gáir throimpéid, agus
annsin do thosuigh na ceólta ag brostughadh cháich chum
rinnce, ní nár dheacair dhóibh, oir ní raibh aon san
gcoimhthionól nach raibh fiuchadh foinn chum súgaidh air,
agus níor bh'iongnadh sin, óir do bhí eugsamhlacht
biotáillidhe agus fairsne agus iomadamhlacht dhíobh
dá mbrosdughadh chum óil, ionsa riocht sin, dá mbeidís
a' snámh ionn i lochaibh leanna fíona agus uisge beatha
go smig, nach beith fairsne níos mó aca ná bhí, acht
mar mbátuidhe amuich 's amach iad.



As annso do chuaidh gach dias .i. bean agus fear,
do saoileadh foileamhnach dhá chéile san gcoimhrinnce
agus ameasg gach aoin dhá ndeachaidh san tsúgradh (do
mhéadughadh na meadhra) do chuaidh Cormac agus a chéile
ionn, agus Méadhbh Óg agus Ó Néill.



Is annso dubhairt beul na fírinne .i. Cormac Óg,
gé gur shiubhail taltuidhe agus bruighne an bhith, nach
bhfacaidh sé eatorra lúth ná lúthmhaireacht ná clisteacht
rinnce i gcoimhmheas leis an rinnce do bhí eattair
Ó Néill agus Méadhbh Óg.



A n-éis na hoidhche a chaitheamh go ham suain san
tsúgaidh ghenerálda so, do ghluais gach aon ann a
chuilt shíoda shnas-órdha a' glacadh suain agus suaimhnis
an gearr-threall do bhí gan chaitheamh don oidhche, agus
Cormac agus a chéile le muirn ar Ó Néill agus le
onóir dhó a' dul dá choimhdeacht chum a imscinge do
bhí ionsa tor (dá ngairthior go coitchionn an Tor Éabhur,
mar is d'éabhur sneacht-bhán do bhí sé déanta); agus
is geile ná fiacail chon; agus mar atá sé buailte ar
an ngréin do leagh an cionn brais do bhí na dhíon air,
le an-teas na gréine, go m'éigion díon do mharmar


L. 69


chruaidh do-leaghta a chur air, agus bhí sin féin a'
pléasgadh i dteas na míosa meodhain. Go deimhin gan
bréig dá mbeitheá do luighe go suaimhneach ionsa tigh
bárr do chluinfeá an cogar is ciúine do bheith ag
treabhlach neimhe. Agus dá chruthughadh, do thug uain
agus uaignios orm féin, le uaill na hóige, lá n-aon,
triall suas go bárr an tuir se, agus do bhí mo
luinnidhe tuirseach suil a ráinig liom a bheith shuas,
agus an tan a shocruigh mé tamall ag déanamh
iongantas do gach a bhfacaidh mé do chualuigh mé Cibel,
máthair Iuipiter, a rádh:



A mhic, a mhúirnín, ós tú féin cionntaoiseach na
ndee go huile agus nach bhfuil ní san mbith do-dhéanta
dhuit, cad as nach n-ionnarbann tú gach creidiomh nach
gcreidionn go ceart díreach dhuit féin mar d'órduigh
tú?



A mháthair, ar easan, is mall díreach mo dhíoghaltas,
agus scriosfa mé fós go léir iad, agus boladh an
tsionnuigh orra, acht fuileónaidh mé rae iomchubhaidh chum
iad féin a cheartughadh agus chum a n-earráididhe a
chlaochlodh dhóibh i modh nach biadh leithscéal aca milleán
a ndrochbheartuibh a chur 'mo leith.



A leinibh mo chléibh (ol ise), ó is duit féin is dleacht
ceart gach tíre a choingmheal i ngnáthbhun, is iongnadh
liom nach bhfóirionn tú ar na Gaedhil bhochta tá fagháil
bháis don ghorta agus a maoin agus a bhfunn, a
ndúthchas agus na huile eile dá gceart ag Gaill, re
ar díbreadh a sean agus a sinsior le feill agus le
inghreama.



A mháthair ionmhuin (ol eisean), tá gach a ndubhairt
amhlaidh, acht ar a shon sin, ar uairibh, sciúrsaim an
tí is ionmhuin liom, dá dhísliughadh dhamh féin. Acht do
gheabhaid fóirithin an uair a chítear dhamh féin é. Agus
cúis na nGall de, tá a n-am féin re teacht, ar son
go bhfuil siad mar sciúrsa agam-sa. An gcualaidh
tú mar dubhairt an file:


L. 70



Gé tá fa ghreama lag an Fhódla mhín,
Ag dáimh nach ceart, mo chreach is cró mo chlí!
Ní gnáth an tslat a ghreadas tón an naoidhin,
Acht tráth beag gar fo mheas is dóitear í.




An tan chualuigh mé Iupiter ag caint le na mháthair
ar an imtheacht so, do scannra sé mé, d'eagla go
gcuirfeadh gach a ndubhairt i ngníomh ar na Gaill le
mo linn féin, mar ba Gall ó shinsear mé agus mo
ghaolta uile i n-oifige an rígh, gan én dias díobh ar
én chreideamh.



Dubhairt tú go leor ar a n-imtheacht sin (ol Éamonn
Ó Cléire), agus cas feasda ar Chormuc agus ar
Ó Néill.



Do ghlac lung suain na hoidhche sin san tor ar ar
tráchtadh cheana, gé gur bheag do chodladar acht ag
éisteacht le aithidhe eugsamhla ciulta na ndée agus a
seasnáin niamhdha neamhdha.



Ar na mhárach, agus go cionn seachtmhaine dá éis,
do bhí an síthcheól céadna dá thaidhbhreadh dhóibh san modh
sin nach bhfuaradar sult ná greann i n-aon chaitheamh
aimsire dá shuairce ann' eugmuis, go dtug aimsir
orra dearmud agus neimhspéir a dhéanamh dhe; agus a
meanma a leagadh ar cheól agus ar shólás sochaithte
saoghalda agus a n-aire agus a n-inntinn a dhortadh ar
thaisbeántuibh daonna domhanda.



Do fuagradh go fosguilde annso gach aon ó fhear
chraithte sleighe go fear romhair le romhainn a rogha
súgradh agus súguidh ar réir a gclaonta agus a
leanta a leanamhuin. Don chéad fheacht do hórduigheadh
gach dream dár mhian goileachta a dtoil san gcás sin
a leanamhuin, agus go raibh deich gcéad cloidhiomh, deich
gcéad sleagh, deich gcéad cathbhárr agus caithbheart
ionn armthor Chormuic, deich gcéad each faoi shriantuibh
óir agus dhialluidighe airgid ionn a ghabhair-thigh; do
bhí deich gcéad gadhar seilge agus caolchú ionn a
chon-chró, trí chéad fleasgach ciúl a' sásughadh lucht
rinnce, agus deich gcéad óigh áluinn aingil-dhealbhach


L. 71


a' clasuigheacht béil-cheóil a sásughadh aois óg agus
aeta na cúirte fionn-bháine si, mar dubhairt an file:




Deich gceud cloidhiomh rinneach réidh,
deich gcéad caithbheart coimhghlé,
deich gcéad sgiath nach loitfeadh lann
i n-armthor thriath na dtreas dteann.



Deich gcéad each ba sitreach seang,
sriantadh i n-ór-dhath n-ionann,
faoi shadaluibh shnas-airgid shlim,
nár fágadh i gcath ná' gcoimhling.



Deich gcéad gadhar béil-bhinn bán,
deich gcéad caolchú comhlán,
'gconchró thriath na ngleo sna ngliadh,
chum torchradh míl is móir-fhiadh.



Deich gcéad fleasgach clisde gceól,
i gcúirt an fhir gach aon ló;
deich gcéad maighre maiseach mná,
a' canadh cor gach cionn tráth.




Do chaithiodar uile lá agus bliadhain ar an imtheacht
sa, gan ghruig gan mhíofháilte, agus riar a mhiana féin
ag gach aon ó rígh go rámhuinn, agus Cormac ar
uairibh a taisbeánadh iongantais agus mórdháil na
Maoláirne do gach aduain, agus go mórmhór
d'Ó Néill; agus ameasg gach ní do theasbeáin a
theagh columb dhó. Agus an tan do cuireadh scinneóg
ann sna coilim agus do ghlacadar ite, do bhíodar
coimh líonmhar coimh iomadamhuil sin ní feicfidhe an
t-aedhar treótha i n-aontaobh ar feadh seacht míle.
Fiche bairille pise báine a ngnáth-liúntas gach ló go
n-oidhche.



Dfhiosruigh Ó Néill go hiongantach creud é an
riachtanas do bhí leis na scatuibh an-mhóra colum sin?


L. 72


Tá (ol Cormac), óir is éigion do mo ghiolla columb
chúig míle columb (an chuid is lugha dhe) a thabhairt do
mo ghiollanradh gach én tseachtmhuin go cinnte, agus
na dhiaidh sin féin bíd a' casaoid.



A Chormuic (ar Ó Néill), an misde fhiafruigh cionnas
a cothuighthear an uimhir each úd do chím ag dol chum
uisge?



Furas go leor (ol Cormac), óir ní bhfuil aon acra
dfhearann na Maoláirne a léigtear chum féir nach
spealtar cheara chéad carr féir dhe fa dhó gach aoin
tséasún.



Ceisd ort: cionnas gheibhtear leabacha go leor do
do ghnáth-mhuintir féin an uair a bhíos iomad aduain
ar aoidheacht agad, nó an ar na machairibh is éigion
dóibh codladh?



Bíodh a fhios agad, a dhuine uasail (ol Cormac), nár
bhfiú liomsa an t-aduain is táire dá dtiocfadh chum
mo chúirte a chur na luighe ar an leabuidh is dathamhla
dá mbíonn ag mo ghnáth-mhuintior féin, gé go bhfuil
cuiltí síoda snas-bhán go leor aca (ol Cormac), agus
ní raibh mo theaghlach ariamh gan trí mhíle leaba árd
áluinn ór-dhaite ríonuighthe timchioll le meirge eugsamhla
saoithe an bheatha, agus le ríonshamhluibh do
dhúilibh éadtrochta mara agus tíre go fír-cheart
tairngthe ionn a ndathuibh eugcosamhla agus ionn a
bhfoirmibh eugsamhla.



A Chormuic (ar Ó Néill), tá th'iosdas agus do
ghléas os cionn foilsighthe, agus le do chead féin ba
mian liom trácht ar an ní a dtáinic mé faoi n-a
thuairim.



Labhair do mhian (ol Cormac), agus ba leat do thoil
gan ghruaim gan ghruig gan éara.



Maise, ar son gur dánacht os cionn cuibhis dhamh an
aisge táim ar tí iarraidh a luadh liom féin -



Craith dhíot éadánacht (ol Cormac), budh leat
h'impidhe gan durr gan diúltadh.



Maise (ol eisean), go héadána, is ag iarraidh mná
do tháinic mé don ionad sa.


L. 73


Budh marthannach th'fháilte chum do rogha do mhnáibh
an dúin se, dá madh í Méadhbh Óg féin do roghain.



Maise is í (ol easan), gé gur céim is uirde ná
fál é.



Is leat do thoil (ol Cormuc), ar son go bhfuair
oighreadha na Gearmáinne, na Spáinne agus na Fraince
diúltadh na dála san.



Iar sin do gaireadh Méadhbh; agus an tan do
músgladh an dáil si chuice, ní raibh corcarán cuain
ariamh i gcoimh-dheirge léithe; ní raibh rósa riamh ba
deise dath ná í, agus is do-chreidthe go raibh aon do
bhain-dhea na bhflaitheamhnas ionbhuailte uirre i maise
i scéimh ná i n-iomchur; agus má bhí, dearbhuim dhuit
nach í Uénus í, ar son gur breathnuigheadh ubhall na
scéimhe léithe.



Dfhreagair a hathair ag rádh:



Athair ionmhuin onóruigh, dá dtoghtha-sa mac Dhiairmín
na Scuab mar chéile dhamh budh easumhal égceart mé
mar' riarthuinn do thoil. Agus ó thogh tú rogha
árd-uaisle Éirionn dhamh, is gein gan chéill gan bhéasa
gan umhlacht mé, do thréig modh agus modhamhlacht, dá
n-obainn do thoil, nó mar' gclaonainn m'aonta agus
m'intinn chum th'airle a chóimhlíonadh.



Fáilte dhuit a inghean (ol eisean), ní fhuair mé riamh
fós tú tarsna ná teagmhálach i n-aghaidh mo thola.
Annsin a breith ar láimh urra dubhairt.



Uí Néill, comh maith is do dheónuigh an duileamhuin
an cailín se mar inghean damh-sa, deónuim-se mar
chéile dhuitsi í agus scaoi bheannacht léithe.



Annso do thoirbhir ar láimh dhó í, tabhartas do ghlac
seisean níos fonnmhaire agus le níos mó do shólás
agus do luathgháire ná dá n-órnuighthidh n'árd-fhlaith os
cionn righthe an bheatha é, nó dá dtigeadh Iupiter a
fuagradh dhó go madh leis áird-cheannas na cruinne.



Annso do cuireadh teachta foirbhthe foghluma chum
uaisle oirdheirc Éirionn, a theacht i gcionn dtrí mí
ó an am sin, isé sin ó thoiseach an Mhárta go tús na
míosa meadhonuigh san tsamhradh, chum dála agus


L. 74


dlúith-cheangail na deise gan chompráid se. Dfhanadar
an méid ro bhí san ndún fan am sa ag gnáthughadh
na huile mhiangas go críoch na raedhe romhráidhte.
Agus annsin an uair do chruinnigh uaisle Éirionn
agus a seasnáin os na huile árd don chrích don
Mhaoláirne .i. go luibhghort an uile chumhracht agus go
párrdhas torthach talmhuidhe na Heórpa, do pósadh an
dias gan chomordas sa le gach gnás dár chleacht
cairneacha foghluma Himeneus, agus le gach dualgas
agus le dleachtanas dar cleachtadh ar pósadh
rígh ná impire. Agus dá n-innsinn-se gach fleidh
agus gach féasda fialmhar fairsinn fíonamhuil, gach
goileachta agus gach gaisge lúthmhar luaimneach lánchrodha,
gach ól gach imirt gach súguidh gach suaircios
gach ruathar gach rinnce gach canadh clasaidheacht gach
ceol gach comhgháir gach fiadhach gach seilg agus gach
fianscaradh dár gnáithigheadh eatorra ar feadh ráithe
shúgach chompánach chliúiteach ghealgháireach lúthmhar
chámanach máireach bán-áluinn an tsamhraidh, do
dhéanfuinn mo staruigheacht liosda libideach liodránach;
agus foghnaigh focul ar uaire a n-ionad iomad, agus
is leor a rádh go raibh siad oirdheirc eugsamhuil
iomadamhuil.



Agus iar gcríochnughadh gach súgaidh i n-earr na ráithe
thuaisríomhtha, do ghluaiseadar i n-aonbheul agus i
n-aontoil leis an mbrídeóig go tuaith iostasach áluinn
Uladh, áit ann ar fríobh fáilte mhodhamhuil do gach aon
do réir chéime ghraduim nó tiodail flatha, agus na
huile shólás budh mian le leantuibh daonda an bhith i
gcomhgar uaisle Éirionn go coitchionn. Do rádh
Cormuc le Ó Néill:



A shaoi oirdheirc, gé go dtug onóir agus nádúr fola
na sinsear atá rioth ann do chuislionna ort gan spréidh
nó crodh iarraidh le mnaoi, ní laghdughadh acht méadughadh
ar do chisde agus ar do mhaoin é. Óir bronnuim-se
deich milliun óir, deich míle caora, ar a dtig
lomruidhe ór-dhaite, deich gcéad groidh scuab-fholtacha,
deich gceud loiligheach, deich gcéad cairt faoi shíoda,


L. 75


naoi gcairr dheug faoi charbhugail agus faoi sheóidibh
iomdha eugsamhla eile, mar adubhairt an file:




Deich milliuin d'órghlan dhearg,
do fuair Ó Néill ó Chormac,
le Méidhbh Óig an bhéildeirg bhinn,
áilleaghan eannach Éirionn.



Deich gcéad caora is dearg-bhuidhe dreach
faoi lomruibh órdha 'n aon-dath,
deich gceud groidh ba sitreach seang,
is deich gcéad bleacht-bhó bhainionn.



Deich gceud carr faoi shíoda shlim,
d'fhidh mná síth sáirbhinn,
naoi gcairr dheug faoi gheamuigh ghlé
do chuaidh le Méidhbh Mhaoláirne.




Do chomhnaigheadar uaisle Éirionn agus iliomad
danar os ciantuibh coigcríochach lá agus bliadhain i
ndún Uí Néill, ionad ionn a bhfuair gach aon gach ar
mhian leis go fial fairsinn fosguilte, san modh sin go
ndubhairt na huile dá bhfacaidh féile fairsine agus
mórdháil Uí Néill nach raibh a samhuil eile faoi
iomghabháil gréine acht amháin Cormac Óg, nach raibh
ariamh agus nach biaidh go brainne an laoi bhráith a
chomhshamhuil, mar ndéana féin an eiséirghe faoi sin.
Do scaradar iar seo re chéile go buidheach buadhach
beannachtach, gach aon mar a dtug a chúram cuireadh
dhó, lán 'dholuibh, deoraibh agus doirbhthuirse fa bheith a
scaradh re chéile. Is a' seachnadh áidhbhéile a chur 'mo
leith (ol an buachaill), nár aithris mé trian na
n-iongantas ná na dtaisbeánta agus na mórdhála do
bhí dá gcleachtadh san Maoláirne, etc.



A chairde ionmhuine a léigheas a scriobhas no chluinthias
an scéul, tuguigh beannacht don staruidh .i.
SEÁN UA NEACHTUIN.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services