Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Me Guidhir Fhearmanach
Title
Me Guidhir Fhearmanach
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ua Duinnín, Pádraig
Composition Date
1716
Publisher
(B.Á.C.: Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge, 1917)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ME GUIDHIR FHEARMANACH (Beatha mcMaghnus sonn) (Bladh do ghabháltas agus do bheatha chloinne Dhuinn Mhóir mic Raghnaill Mhic Guidhir .i. Maghnus agus Giolla Íosa annso síos ar n-a thionscnamh aniodh an seismheadh lá fithchead do mhí Mhárta 1716 agus ar n-a scríobhadh as an seanleabhar Seanchais do Sheán Mha Gabhran, mac Cobhthaigh etc.) 1. Maghnus agus Giolla Íosa dhá mhac Dhúinn Mhóir mic Raghnaill mic Uidhir ó ráidhtear maca Me Guidhir Fhearmanach mic Shearraigh mic Oirghiallaigh mic Uidhir mic Shearraigh mic Oirghiallaigh mic Uidhir mic Chearnaigh mic Luaghain mic Iorghalaigh; agus is é Nádhaile do bheannuigh i gCill Nádhaile i bhFearmanach do bhaist an Luaghan sin mac Iorghalaigh; mic Éignigh mic Chormaic mic Fhearghusa mic Aodha mic Chormaic mic Chairbre an daimh airgid. 2. Agus is i n-aimsir an Chormaic sin do roinn sé féin agus a dhearbhráthair oile .i. Nadhshluaigh críoch Oirghiall re aroile .i. ón bhFionnghlais na n-ionnladh Eascop Eoghain i gceann Chluaineoisi go Leic na nArm budh thuaith, agus ó Chara Leathna go dorus Átha Seanaigh don taobh shiar d'Éirne. Agus is eadh áirmhid cách oile agus asinne gurab don roinn sin ó Inis Saimhéir go Drobhaois siar agus tarsna ó Scéithóig an
Phréacháin go Béal Átha na Méirleach siar agus go Lios na dTorc 'na gcaithidís an dias dearbhrathar sin .i. Cormac agus Nadhshluaigh féastadha iomdha; gonadh ó líonmhaireacht na dtorc do marbhthaidhe ann adeirthear Lios na dTorc ris, agus ón Lios céadna sin go Brághaid na Caoile. 3. Madh áil fhios d'fhagháil créad fa ngoirthear Brághaid na Caoile dhí: péist éagsamhail urghránna dár bha hainm an Chaol. Agus is amhlaidh chaitheadh an phéist sin a haimsir: do thigeadh go Fionnloch gach maidin agus do fhanadh ann gach laoi go tosach oidhche agus do théigheadh dá hiomdhaidh féin go Gleann na Caoile ar a dtugaid cách Brághaid na Caoile ó sin anuas; agus adeirid cách gur bhánuigh si ioliomad do thíortha 'na timcheall feadh tréimhsi fada d'aimsir nó go dtáinic an tailgeann Pádraig go hÉirinn; agus iar gclos iomráidh na péiste dhó ro ghluais roimhe i n-athghoirid gach conaire go ráinig Fionnloch mar a raibh an phéist. Agus is amhlaidh do bhí an phéist agus í ar an oileán thall; tug aghaidh ar an loch agus a craosbheol osluighthe agus do ghabh ag iobhadh an locha 'na thonntaidh taoscacha; agus iar sin tug lúbadh róchruaidh ar a corp agus do éirigh i néallaibh an aidhéir agus i bhfraoighthibh na firmameinte ionnas nár bh'fhéidir d'aon (a fhaicsin) cár ghabh sí go ceann tréimhse fada d'aimsir. Iar sin do chonnacadar í ag toigheacht 'na feithide adhuathmhair d'ionnsuidhe an locha agus dá bualadh féin síos ós cómhair a lucht faicsiona i n-aigéan an locha ionnas gur chomhghluais íochtar an locha for a uachtar; agus do bhí ag síobadh ar an órdughadh sin nó go ráinic i gcomhfhogus tíre. Annsoin do oscuil a craosbheol agus do scéith a hurchroidhe feadh an locha mar chith
gainnmhidhe (nó) cloichshneachta agus go formhórach fa shúilibh an tailginn gona chléircibh, ionnas gur mhachtnuigheadar go mór an naoimhchléir re huamhan na hiolphéiste; agus ar n-a fhaicsin sin do Phádraig tug fíoghair na croiche 'na thimcheall féin gona chléircibh agus do athain an Coimhdhe cumachtach re n-a ndídean ar neimh na péiste; agus ar dteacht i gcomhfhogus do thír dhi agus a craosbheol foscuilte ar thí sluigthe na naoimhchléire do léig an tailgeann gona chléircibh ar a nglúinibh iad agus do ghuidheadar Dia go dúthrachtach fa neimh na péiste do dhul tarsa fon tráth sin. Agus a tug Pádraig rogha an urchair dia bhachaill i gcompar a cléibh don nathair neimhe; agus do mhíorbhuile Dé agus Pádraig tug an nathair neimhe a cúl fúithe agus do shín ar feadh an locha ós a gcomhair agus do bhí a d'ioliomad a fola ag tiacht gur dhearguigh an loch ón taobh go aroile an tráth sin amhail gach fola eile. Iar sin adubhairt Pádraig: "budh fíor, ar sé, go madh Loch Dearg budh hainm don lochso ó niudh go Luan an Bhrátha. Gona dhe sin a goirthear Loch Dearg d'Fhionnloch ó sin i leith do mhóradh ainm Dé agus Pádraig tréas na míorbhuile sin. 4. Gonadh amhlaidh sin do roinn Fhearmanach agus chondae Mhuineacháin idir an dá righdhamhna sin .i. Cormac ó bhfuilid Síol Uidhir agus Nadhshluaigh ó bhfuilid Mathghamhnaigh agus na finigheacha oile táinic uatha for gach taobh; agus do bhí for an roinn sin ó soin i leith anuas go haimsir Mhaghnuis Mhe Guidhir; go nach áirmhithear gur goireadh aon rígh for Oirghiallaibh ó aimsir Mhaghnuis i leith acht Mag Uidhir for Fhearmanach agus Mac Mathghamhna for Oirghiallaibh; agus ba ní neamhghnáthach sin i nÉirinn fa'n tráth sin, óir is é fa gnás ann rígh do ghairm do gach fear forba nó fearuinn
nó do gach árdcheann cundae i nÉirinn; agus do bhídís 'na n-oighreadha dlisteanach ar n-a dtogha re deaghdhaoine fíréanda do thuaith agus d'eaglais ann gach cóigeadh agus ann gach condae i nÉirinn; agus ag sin an fhoirm óirnighthe árdfhlatha do bhíodh acu fo'n am sin go suighe an aimsir a rabhadar an dá mhac sin Dhuinn Mhóir mic Raghnaill adubhramar thuas .i. Maghnus agus Giolla Íosa i gcoimhfhlaitheas na cundae so Fhearmanach. 5. Ón Ghiolla Íosa so atángadar Ríoghraidh Fhearmanach uile; agus ó Mhaghnus do shíoladar Clann Mhaghnusa an tSeanaidh ann gach áit a bhfuilid; agus ó's d'oighrighibh nó do dheaghdhíoghrais na ríoghfhlatha sin dhlighfinnsi deagheolas d'fhágbháil ar réimheas a sinnsiribh, ní bhainim le mórmhaitheas Chlanna na gColla ná le mórronnaibh ar bith dá raibh acu i n-aon tír oile ann a ndearnsat gabháltas i nÉirinn i n-aimsir na n-árdrighthe, acht ar an mionroinn bhig so Fhearmanach agus chundae Mhuineacháin; agus ar chomhaireamh tearmannach na condae agus a taoiseach tuaitheadh feadh na haimsire ó Nadhshluaigh anuas go haimsir na cloinne so Dhuinn; ar bheatha agus ar bhás Mhaghnuis mic Duinn Mhóir, ar riaghlughadh agus fhollamhnacht Ghiolla Íosa re linn bheo agus a d'éis bháis a dherbhráthar .i. an Maghnus céadna. 6. Is iad fa taoisigh tuaithe is an chundae san am sin .i. Maolruanaidh ó dtáid Clanna Uí Mhaolruanaidh for uachtar an tíre; Mac Domhnaill for Chlainn Cheallaigh; agus Clann Mheig Uinnseannáin for Thír Cheannada agus for Fhearann Oireachta; O Maoladúin for Lorg; agus O Flannagáin for Thuaith Rátha; agus Mac Giolla Fheinnéin for Mhuinntir Fhuadacháin; agus Giolla Coimhdhe for Bhaile Mhic Ghiolla Coimhdhe.
7. Agus is iad fa tearmannaigh eaglaisi ann .i. Muinntear Ghabhann for Dhrom Uilche agus O Corragáin for Shépéal Mhachaire Mhílioch a bhaineas ris an gcill sin; agus O Coigle for Chloinn Tibhrinn; agus Mac Uí Mhaolchuill for Ghabhail Liuin agus O Dunagáin fós agus muinntear Chairbre; agus Clann Mhic Scolóige for Achadh Lurchair; Muinnter Olltacháin for Achadh Bheithe; O Luinín, O Breisléin agus Muinntear Bhanáin for Dhoire Mhaoláin; O Cianáin agus O Corcráin for Chlaoininis; Muinntear Mhurchadha ar Shépéal Fhearuinn an Mhuilinn; O Taithligh, O Miotháin agus O Caitheasaigh for Dhaimhinis; O Caiside for Bhaile Uí Chaiside; Clann Mhic an tSagairt i mBaile Mhic an tSagairt; Muinnter Chonghaile i mBaile Mhic an tSagairt; Muinntear Chonghaile i mBaile Uí Chonghaile; Muinntear Treasaigh i gCill Tighearnach; Clann Mhe Graith i dTearmann Mhe Graith; Muinntear Leannáin for Inis Mhuighe Samh; O Fialáin agus Clann Mhe Garacháin for Bhoith Uí Fhialáin; Clann mhic Giolla Lasair, agus Muinntear Bhlaithmhic for Chill Lasair agus for Theampull an Aifrinn; Muinntear Dhroma for Chill Nádhaile i ndioces Chille Móire; Muinntear Ghormáin for Theampull Ghuirmín agus for Chaladhchoill; agus re Biocaireacht Chill Nádhaile a bhaineas an dá Shépéal sin; Muinntear Dhúnáin for Dhomhnach agus for Thulaigh na gCaorthann; ní áirmhid mar Eaglais í acht an biocaire Mac Murchuidh dá cur suas le toil Mhe Guidhir ar chomhgar Chlainne Chonghaile mar nach rabhadar uireamhnach ag na teampullaibh parráiste eile agus do coisreagadh é re heasbogaibh chum adhnaice do dhéanamh ann; agus Sépéal Theampuill Mhaoil an Ghleanna bhaineas re Teampull Pharráiste Chluaineoisi. Ní dleacht i ndearmad Muinntear Choisigile .i. tearmannaigh
Dhoire Bhroscaidh. Ag sin an líon tearmannacha do fil i bhFearmanach re linn na cloinne sin Duinn Mhóir mic Raghnaill. 8. Dála na mac sin .i. Maghnus agus Giolla Íosa, cuirfeam síos annso bladh dá n-árdnósaibh agus an modh ar a raibh an chondae fa n-a gcíos agus fa n-a gcánachas acu ar feadh a ré agus a n-aimsire agus ag a n-oighreadhaibh ó sin i leith. Dála Mhaghnuis mic Duinn Mhóir an gcéin do mhair sé do bhí 'na rígh Fhearmanach; is amhlaidh do thógadh a chíos ríoghdha i gceann gacha bliadhna; agus is ann do thoisigheadh sé is an gceann thíos don chondae ag Leic na nArm .i. ar Ráith Mhóir Mhíodhluic; do chuireadh fios uaidhe ar thaoiseachaibh an tíre .i. ar O Fhlannagáin Thuaithe Rátha agus ar O Maoladúin Luirg; do cuireadh mar an gcéadna teachta ar cheann a dhearbhráthar .i. O Domhnall; óir do b'ionann máthair dhóibh; dóigh do b'í inghean Uí Néill a máthair ar aon; do bhí sí pósta ag Donn Mór tar éis bháis Uí Dhomhnaill. 9. Do bhí teach aoidheadh coitcheann aige Maghnus for Ráith Mhóir Mhíodhluic agus do chaitheadh iliomad fleadha agus féastadh ann ris na huaisle do bhíodh 'na thimcheall an feadh do bhíodh ag tógbháil an chíosa sin ann agus do bhronnadh iliomad ionmhusa ann do thuaith agus d'eaglais, d'éigsibh agus d'ollamhnaibh, agus d'ógláchaibh a thire budh dhéin. Óir áirmhid lucht fíoreolais nach raibh i nUlltaibh 'na aimsir aon tighearna amháin ba mhó ionmhas agus éadáil 'ná é: agus go háiridhe i mbuar i mbótháinte i n-eallachaibh agus i n-innilibh i gcinéal gach maoine agus gacha maitheasa 'ná é. 10. Do fhanadh feadh míosa i dtigh na Rátha ag glacadh
a chíosa ó na ríoghthaoiseacha sin íochtair Fhearmanach; agus i gceann na ré sin iar nglacadh a cheada ag na huaisle do ghluaiseadh go Bun Abhann Tearmainn mar a mbíodh Ma Graith áit a gcaitheadh fleadha ádhbhalmhóra; agus fa gnáth dó comhnuidhe oidhche do dhéanamh ann; gonadh ann do ghlacadh a árthrach nó a chabhlach agus an dara háit a ndéanadh comhsanadh nó ionad cuinne re huaisle uachtair an tíre ag glacadh a chíosa uadha .i. i nGabhail Liuin áit a mbíodh teach aoigheadh aige ré mhíosa. Mar an gcéadna do thigdís uaisle an tíre 'na thimcheall ann mar a bhí Mac Domhnaill Chloinne Cheallaigh, Mac Uí Mhaolruanaidh agus gach aon oile dá oireachtaibh. 11. Do bhí d'iomad gnáthaidh ag a thír go huilidhe air, ionnas nach raibh i nUlltaibh aon ruire ba thairise agus ba fearr clú ag a mhuinntir agus ag gach aon 'ná é 'na réimheas féin; agus is é ba ríoghphort comhnuidhthe dhó .i. Port Dobhráin i gCnoc Ninne, áit a mbíodh Ninne mac Adhnamhain ó n-ainmnighthear an cnoc sin. Agus do bhí ar an órdughadh sin feadh chúig mbliadhan déag agus fithche ag riaghlughadh agus ag follamhnughadh na seacht dtuathann so Fhearmanach mar ba dhú do thriath agus do thighearna, gan imreasan ná easaonta idir chill ná tuaith ann fris an ré sin. 12. Agus mar is gnáth críoch ar gach flaitheas, táinic iomad do thinneas éagsamhail agus galar guasachtach air dá ngoirthear galar na n-alt; ionnas gur thuit i seirg agus i síorchnaoi ar mhodh nach dtigeadh chum búird ná chum leabtha gan iomchar idir a dheirbhdhílis féin; agus do bhí trí bliadhna ar an órdughadh sin ag a chnaoi ris na galraidhibh éagsamhla sin; agus anuair do chlos fa na tuathaibh so Fhearmanach go dtugadar a ollamhain leighis cúl fris agus bur baineadh dúil
dá shláinte d'aisioc chuige, agus go bhfacadar nár tógbhadh aon phighinn do chíos a dtighearna orra le haimsir imchéin roimhe sin, mar is gnáth sealbh ar gach síoriasacht, do mheabhraigheadar i n-a n-inntinnibh meabhlacha míorúnacha go rabhadar an chlann fil ag a dtighearna maoth, óg, agus nach rabhadar ionfheadhma do láthair an trátha sin chum an tíre do chathadh nó do chosnamh, do smuainigheadar gan an cíos sin do thabhairt d'aon neach eile nó go dtigeadh féin dá ghlacadh is an bhfoirm ghnáthaigh. 13. Iar n-a chlos sin do dhruing éigin d'fhíordhíoghrais an tighearna do fhoillsigheadar dó é. Iar sin do órduigh a bhuannadha nó a mhaoir thabhaigh do chur do thógbháil an chíosa ar cuairt i dtimcheall na cundae; agus ann sin do ghluaiseadar na feadhmantaigh gan mhoill d'ionnsuidhe Uí Fhlannagáin ar dtús. Agus do b'í freagra Uí Fhlannagáin orra nach dtiubhradh an cíos sin uadha nó go bhfaicfeadh féin an tighearna dá dtiubhradh é 'na sheasamh agus nach ba dísle dhó iadsamh dá thaisceadh 'ná é féin. Agus an tan do chualadar na maoir thabhaigh sin .i. an freagra easumhal sin Uí Fhlannagáin, tugadar a n-aighthe ar airgne agus ar éadála, ar bhuar agus ar bhótháinte Thuaithe Rátha do thiomsughadh as gach aon áird a rabhadar seachnóin an tíre, agus do leanadar muinntear Fhlannagáin iad go n-a lucht leanamhna tarsna Shléibhe Dhá Chon nó go dtugadar isteach na feadhmantaigh is an Ghlaic Mhanchaigh .i. is an áit dá ngoirthear aniodh Clais an Chairn; agus do ionnsuidheadar na feadhmantaigh agus muinntear Fhlannagáin a chéile; agus do marbhad iliomad eatara ar gach taobh maille re hO Flannagáin féin mar aon le mórán dá mhuinntir agus cúig fir dhéag do dheirbhdhílis
dhílis an tighearna go n-iomad eile nach áirmhighthear; agus an feadh do bhí an imreasan ar siubhal do rugadar mná agus miondaoine Thuaithe Rátha na ceathra tar a n-ais. 14. Tugadar an líon a tháinic as an iomghuin sin scéala go rígh Fhearmanach amhail mar tharla ann ó thús go deireadh, agus an líon do marbhadh ar gach taobh ann. Do hainmnigheadh fós na cúig fir dhéag sin do marbhadh dá dheirbhdhílis féin agus ba hathtuirseach Maghnus Ma Guidhir de sin; agus cuireas feasa agus teachta uadha ar a phríomhchomhairleacha, mar do bhí eaglais a thíre agus a thalaidh féin, a ollamhain sheanchais agus leighis, agus móroireachta na cundae ó sin amach, an mhéid do bhí 'na ghoire dhíobh; agus do-chuaidh i gcruth ceasta agus comhairle do dhéanamh leo; agus iar bhfoillsiughadh na heasumhlachta sin Uí Fhlannagáin dóibh agus marbhtha a mhuinntire maille re gach díoghbháil eile dá dtarlaidh as a bhithin, do fhiafruigh do na móruaisle sin idir chill agus thuaith créad an chomhairle do dhéndís um an ádhbhar sin? 15. Do fhreagair O Breisléin dó agus is eadh adubhairt: "Atá agaibhsi, a thighearna, do láthair annso furmhór taoiseach do thíre, an mhéid a mheasmaoid do bheith dlisteanach dhíobh i bhféagmhais thaoiseach íochtair na cundae, agus ní dóidhche O Flannagáin a dhul ann bhar n-aghaidhse 'ná O Maoladúin agus na hoireachta eile fil i n-aon chineadh leis; agus goirthear annso i bhfód fa leith a bhfuil do láthair dot uaislibh, idir thuaith agus eaglais, agus rannsuighthear an t-ádhbhar acu agus féachaidís an éarach dlighthísi i mbás bhar muinntire agus is an easumhlacht a fuarais fa do chíos dlisteanach féin.
16. Do moladh an chomhairle sin Uí Bhreisléin le cách uile agus do-chuadar na huaisle sin i bhfód fo leith agus is í comhairle ar ar cinneadh acu gach éarach ná ionaclann do bheith ó cheachtar dhíobh go aroile, do bhrígh gur marbhadh mórán ar gach taobh ann, agus go háiridhe gur thuit O Flannagáin féin, acht gach aon dá raibh beo a bheith beo; agus gach aon dár marbhadh ann a bheith samhlaidh; agus do iarradar ar O Breisléin an breitheamhnas sin d'fhoillsiughadh. Agus iar sin do ghluaiseadar do láthair rígh Fhearmanach go colbha na hiomdha 'na raibh. 17. "Iseadh, a mhórmhaithe, ar sé, créad mar a fuarabhar an t-ádhbhar sin?" Is eadh adubhairt O Breisléin: "A thighearna, ar sé, gibé do dhéanmaoisne ann gach míothapaidh dá dtarlaidh ann ní thig dúinn dortadh na fola ná éag na ndaoine do mhaitheadh; acht má chítear dhíbhse é, is é ní ar ar fanadh againn gan éaracas ann bhar muinntir ná ann sna cúig fearaibh déag do marbhadh uaidh: agus do bhrígh gur leor uireasbhadh Thuaithe Rátha .i. O Flannagáin do mharbhadh uatha, do shaoramar iad oraibhsi acht bhar gcíos ríoghdha d'fhagháil uadha ó so suas." 18. "Ní deighbhreith sin fhoillsigheas tú, a Uí Bhreisléin, acht leathbháid fuil agat ré hO Flannagáin, do bhrígh gurab as Fánaid dhuit féin agus dot shinnsiribh romhat; agus dá bhrígh sin cuireocha misi ort é i láthair go ndearnabhar claoinbhreith; óir is dearbh go ndligheann gach óglách urraim dá thighearna agus a cheart dlisteanach do thabhairt dó; agus mar sin nach dearnadar umhla ná urraim dá dtighearna an uair nach dtugadar mo cheart féin damhsa; agus mar sin gur cóir dóibhsiomh éarach do thabhairt dhamhsa i mbás mo mhuinntire, mar bhéaraid go fóill."
19. Iar sin do dáileadh fleadha agus féastadha ar na ghárdmhaithe sin i ríoghphort Dobhráin go ceann trí lá gona n-oidhche. Annsin do ghlacsat a gcead ag rígh Fhearmanach agus do ghluaisset dá dtighthibh budh dhéin. Iar n-imtheacht do na huaislibh sin do chuir Maghnus fios uadha ós íseal ar O Luinín agus ar O Caiside; agus ar dteacht dóibh do rug ar cholbha a leapa chuige iad agus do fhiafruigh díobh créad an breathnughadh do bhí acu ar gach saobhthagra dá ndearnsat na huaisle sin ar leithscéal Uí Fhlannagáin. 20. "Is é thuigimsi, a thighearna, ar O Luinín, go mothuighid sibh ar díth bhar sláinte agus i ngalar doleighis, agus gurab é sin tug meisneach dhóibh gach ní dá ndearnadar do dhéanamh, mar is iontuigthe dhuit féin agus do gach duine eile i n-a bhfuil tuigsi; do bhrígh nár ghabhadar do láimh éirghe oidhche ná lae do dhéanamh it aghaidhsi a riamh roimhe an feadh do bhís ann do shláinte nó ó do ghabhais inmhe." 21. "Taire chugat, a Uí Luinín, ar Maghnus, bíodh a fhios agaibhsi, gion go síleann na huaisle so Fhearmanach é, go bhfuil oighre ionfheadhma do láthair oramsa ag a bhias follamhnughadh do láthair na cundae so go suighe an seachtmhadh glún im dhiaidh; agus dá mbeinn ar mo shláinte mar do bhíos teora bliadhain (ó sin) do dhéanfainn sampladha soilléire dhíobha súd do budh follus do na tíortha fa coimhneasa dhóibh; agus ó nach bhfuilim mar sin, glóir do Dhia go bhfuil fear m'áite 'na oighre dhlisteanach agam re smachtughadh na dtaoiseach so Fhearmanach agus nach gabhann breitheamhnas Uí Bhreisléin gan éarach d'fhagháil 'na mhuinntir uadha, mar atá mo dhearbhráthair .i. Giolla Íosa Ma Guidhir. Agus, a Uí Luinín, scríobh dhamhsa litreacha d'ionnsuidhe mo dhearbhrátharsi
.i. Giolla Íosa, suas don mBréifne; agus ag so mar scríobhas tú iad .i. tigeadh sé chugamsa gan mhoill go suighe an baile so; agus cuir mo ghiolla turais féin ar siubhal go luath ris na litreacha sin, agus do thabhairt scéal na heasumhlachtasa thaoiseach Fhearmanach dhó." 22. Iar sin téid O Luinín agus O Caiside ar fód fo leith agus do scríobhadar na litreacha sin mar a hórduigheadh dhóibh; agus iar n-a scríobhadh dhóibh tángadar ar a n-ais mar a raibh a dtighearna; agus do léig sé na litreacha agus do thaitin leis mar do cuireadh síos iad; agus do b'éigean a lámh do chongbháil 'na comhnuidhe an feadh do bhí sé ag scríobhadh a anma orra do bhrígh go raibh crith ar a láimh. 23. Do goireadh iar sin ar dhias dá ghiollaibh turais chuige agus a tug ór agus airgead dhóibh re hucht imtheachta agus do ghluaiseadar rompa iar sin i n-athghoirid gacha conaire ar bhfágbháil ar rightheaghlaigh ag caitheamh fleadha agus féasta, agus urgháirdiughadh meanman agus aigeanta i bhfochair a chéile; agus ní haithreastar a bheag dá scéalaibh go rángadar na teachtaibh sin go tigh Uí Raghallaigh isin mBréifne mar a raibh Giolla Íosa Ma Guidhir .i. ádhbhar rígh Fhearmanach; agus do thoirbhearadar na litreacha sin a dhearbhráthar dhó agus iar n-a nglacadh do léigh iad; agus ní luaithe do thuig brígh na litreacha ná do chlaochlaidh a dhealbh agus a dhéanamh; agus do éirigh scoith fa ruinn a ruisc agus a radhairc ionnas go ro chriothnuigheadar teaghlach a sheanathar go huilidhe le huamhan an chlaochlóidh a tháinic air do bhithin na scéal do-chuaidh chuige; agus glaodhas ar a lucht coimhéada agus coimhideachta dá ionnsuidhe agus fógras dóibh na heich do ghabháil agus
a tug lámh ar armaibh agus do ghabh uime gan fhuireach. Agus iar sin táinic a sheanathair .i. Rígh Bréifne, dá ionnsuidhe agus ro fhiafruigh dhe créad dá dtáinic na scéalta dá dtarlaidh an claochlódh mór do thiacht ar a ghnúis nó ar a dheilbh. 24. "A athair ionmhuinn, ar sé, ní fhéadaim sin d'innsin, agus ó nach féadaim, léig na litreacha so agus doghéabha sibh gach scéala dá bhfuil agamsa ionnta." 25. Iar sin do léig rígh Bréifne na litreacha agus adubhairt gur thruagh na reachta sin dá chuireadar a oireachta féin righ Fhearmanach ar scíth a lúith agus a lámhaigh i gcróthluighe leapa, "agus is uras aithne go bhfuil samhlaidh anuair do ghluaiseadar nó do thaisbeánadar na taoisigh sin Fhearmanach a n-easumhlacht 'na aghaidh; dóigh ní raibh i nUlltaibh ré mo linnse aon rígh do láimheochadh a cheart féin do chongbháil uadha, nó fós dá mbeith cáil don éagcóir féin aige, acht ní áirmhim aon ní dhe sin; acht is iongantach liom féin agus fós is iongnadh mór idir chách uile agus tighearnaidhe Éireann a rádh go bhfuaradar taoisigh ar bith ionnta féin éirghe amach i n-aghaidh a dtighearna fa n-a chíos féin d'iarraidh orra." 26. Iar sin do dáileadh fleadha agus féasta ar an rightheaghlach sinn uile agus go háirighe ar na giollaidhibh turais, ionnas gur bha subhach soimheanmnach cách uile. Iar sin do éirigh Giolla Íosa agus do léig ar a ghlúnaibh i bhfiadhnaisi a sheanathar é agus do iarr a bheannacht, agus a tug sé sin dó maille le deaghthoil; agus gluaiseas roimhe i n-athghoirid gacha conaire agus ní haithreastar a imtheacht go ráinic ríoghbhrugh comhnuidhthe a dhearbhráthar féin .i. Port Dobhráin agus do éirgheadar an ríoghtheaghlach sin uile 'na choinne agus 'na chómhdháil
agus do phógadar go díl diochra deaghthairis é. Do-chuaidh na giolladha turais mar a raibh an tighearna agus do inniseadar dhó Giolla Íosa do theacht. "Tugaid m'éadach chugam, ar sé, nó go ndeachainn amach i measc an teaghlaigh 'na choinne." 27. Do ghabh dís deaghlaoch na thimcheall agus do thógbhadar amach i measc an teaghlaigh é; agus do éirigh Giolla Íosa 'na choinne, agus do phógadar go dil diochra deaghthairis a chéile; agus do shuigheadar i bhfochair a chéile; agus do dáileadh fleadh agus féasta somhilse so-óla forra gur bha subhach soimheanmnach uaisle agus ísle na ríoghbhruighne sin. Do labhair Maghnus iar sin agus is eadh adubhairt: "Is mór an biseach meisnigh agus sláinte dhamhsa do theacht, a dhearbhráthair, ar sé, agus measaim dá mbeith níos mó le teacht chugam dot shórt go dtiubhradh mo shláinte uile chugam." 28. Iar sin do folcadh búird ioldathacha agus ríoghtheaghlaigh agus do dáileadh togha gacha bídh agus gacha dighe forra; agus an uair a tháinic am suain dóibh do iarr Maghnus iomdha Ghiolla Íosa do dhéanamh i n-aon seomra ris féin ionnas go ndéandís a gcomhairle re aroile. Do rinneadh amhlaidh sin. 29. Mar sin dóibh go maidin ar n-a mhárach agus ann sin do labhair Maghnus agus is eadh adubhairt: "A dhearbhráthair, a Ghiolla Íosa, ar sé, do-chualais cheana an modh ar ar eirigheadar na taoisigh so Fhearmanach amach im aghaidhsi agus gach díoghbháil dá dtáinic dhe .i. na cúig fir dhéag dom dheaghdhíoghrais do mharbhadh san imreasain leo agus mo chíos do bheith dom dhíth re tréimhsi d'aimsir; agus is uime do chuireas fios oraibhsi, gidh gur mhaith linn th'fhaicsin, chum go ndéantá
díoghaltas i mbás mo mhuinntire agus go bhfaghthá éarach ionnta; agus fós chum go dtugthá mo chíos chugam d'aimhdheoin na dtaoiseach sin." 30. "Is fíor, a dhearbhráthair, ar Giolla Íosa, gach ní is áil leat-sa do dhéanamh is an ádhbhar sin go bhfuilimsi réidh ullamh dochum do thola do dhéanamh." 31. "Maseadh, ar Maghnus, is í mo chomhairlesi dhuit gan comhnuidhe do dhéanamh ar maidin amárach nó go roighthe tú Sliabh Dhá Chon .i. sliabh a fil i gcomhfhogus teoranna na críche so agus Bhréifne Uí Ruairc; agus, a dhearbhráthair, do righfeása a leas a bheith eolach neamhainbhfiosach i dteorainn na críche so Mhanach 'na huirthimcheall gach aon áird, do bhrígh go bhfuilimsi aosta neamhábalta chum féachain uirthe dá follamhnughadh ar aonchor, agus mar sin gur dócha tú féin do dhéanamh feadhma do gach ní dhlighfinnsi d'fhagháil is an chondae 'ná mé féin; agus fós dlighe tú eolas d'iarraidh go minic ar an tí ga measfaidh tú a fhagháil; agus fios anmann na gcnoc d'fhagháil agus gach tuaithe tíre is an chondae; agus fós fios na seananmann oirdhheirc bhíos ann, mar atá ann Sliabh sin Dhá Chon; óir is ó dhá choin lé Fionn do cailleadh is an sliabh sin le diabhaltanacht nó le heasurlaidheacht adeirthear Sliabh Dhá Chon ris; agus ba Gleann Caoin ba hainm dhó nó gur athbhaist Fionn an t-ainm sinn fair iar gcailleadh a dhá chon ann le draoidheacht Chlainne Lir; agus dá bhrígh sin gabh thusa teagasc an duine eagnaidhe adubhairt an rannsa:
32. "'Madh fiafruightheach budh feasach, Glic an éigse ilchleasach, Solus na ceasa ad chluinidh, Dorus feasa fiafruighidh."
33. "Mar sin nach déanta dhuitsi faillighe nó dearmad gan an chomhairle sin do ghlacadh, agus ná déantar comhnuidhe riot anois nó go roiche tú teagh mo dhearbhrátharsa i mBéal Átha Seanaigh .i. teagh Uí Dhomhnaill, agus innis dó an easumhlacht so Uí Fhlannagáin; agus ní hé O Flannagáin amháin acht na taoisigh eile do réir mar a thuigim ó na feadhmantaigh atá ag iarraidh ann chíosa eatara; agus aithris dó mar an gcéadna bás na gcúig bhfear ndéag dom mhuinntirsi do thuit re hO Flannagáin; agus innis a n-anmanna dhó; óir do b'eolach dhó féin iad a bhfus agus thíos; agus cuireadh sé fios ar O Gallchabhair agus ar O mBaoighill agus ar na trí Macaibh Suibhne agus ar gach aon chonspul oile dá bhfuil i dtuarastal aige ó sin amach; agus tabhairse líon sluaigh agus sochraite leat dhíobh go Gleann Dhá Chon mar a bhfuil na seacht n-airidhe agamsa; agus tabhair mart bainne nó samhaisc do gach aon dhíobh sul iarrfas tú aon lá seirbhísi orra; agus dá réir sin do gach conspul nó go rabhaid sásta; agus cuirdís féin líon a tiomnána daoine leo go Tír Chonaill; agus iar sin gluais leat an sluagh sin agus ná fág taoiseach ná conspul i n-íochtar Fhearmmanach nach dtiubhraidh tú i nglais láimhe nó i ngéibheann chugamsa annso." 34. Iar sin do gléasadh a n-eich dhóibh .i. do Ghiolla Íosa agus don bheagán buidhne do bhí leis agus adubhairt Maghnus a éideadh féin do thabhairt dhó, agus do rinneadh amhlaidh sin agus iar n-a ghabháil uime, adubhairt Maghnus: "go meala tú an chulaith sin agus go madh for shéan uaire agus aimsire dhuit dá ghabháil umat"; agus annsin do fhógair don mharcshluagh togha gacha biotáille do bhreith leo i n-oirchill na slighe; agus an tan fa
réidh innilte iad do éirgheadar amach agus do ghlacadar a gcead agus ní haithreastar a scéala go rángadar Átha Seanaigh. 35. Agus an uair do chualaidh O Domhnaill Giolla Íosa Ma Guidhir go n-a mharcshluagh do thiacht ar an bhfaithche amuigh a táinic amach 'na gcoinne agus 'na gcómhairchis agus do phóg do díl diochra Giolla Íosa agus do rug leis isteach dá halla é, agus do dáileadh fleadha somhilsi so-óla forra; agus mar sin do chaitheadar a n-aimsear go suighe am na gnáthchomhranna, agus annsin chuireadar a bproinn i n-áit ionchaithmhe agus do chaitheadh leo í go soilbhir soghrádhach i bhfochair a chéile go ham suain; agus annsin do-chuaidh O Domhnaill féin le Giolla Íosa Ma Guidhir dá iomdhaidh codalta agus a tángadar na dáileamhain 'na ndiaidh le cuirm shomhilsi sho-óla. A n-iomthús go suighe sin. 36. Iar sin do labhair Giolla Íosa ris O nDomhnaill agus do innis dó gach easumhlacht dá ndearnadar taoisigh Fhearmanach re n-a dhearbhráthair; agus mar do marbhadh cúig fir dhéag dá mhuinntir re hO Flannagáin. Do fhiafruigh O Domhnaill: "cia haca do ghnáthmhuinntir mo dhearbhráthar, ar sé, do marbhadh?" 37. Do innis Giolla Íosa a n-anmanna uile dhó. "Dar an gCathach fa n-iadhann Tír Chonaill, ar O Domhnaill, ní rachaidh an sárughadh sin mo dhearbhrátharsa le taoiseachaibh Fhearmanach ná marbhadh a mhuinntire; dóigh is iomdha oidhche agus lá do chaitheassa i measc an teaghlaigh sin agus na gcúig bhfear ndéag sin do marbhadh díobha; agus is deimhin liom ná raibh tighearna i nUlltaibh nach raibh a sháith do ghuaillidhe nó d'ionnsuidheach ann gach aon dhíobha fo leith; óir atáimsi 'na
n-eolas ó aimsir mo naoidheandachta gus an aimsir dhéidheannach so": 38. Agus annsin do innis Giolla Íosa dhó gach teachtaireacht dár chuir a dhearbhráthair chuige. Annsin do fhreagair O Domhnaill do Ghiolla Íosa is in teachtaireacht sin, agus is eadh adubhairt go rachadh féin agus an mhéid do-ghéabhadh ris do dhéanamh díoghaltais ar na taoiseachaibh sin Fhearmanach is na míoghníomhaibh do rónsat is in n-easumhlacht a tugadar dá dtighearna; agus tar éis na mbriathar sin do rádh do O Domhnaill cuireas feasa agus teachta ar O mBaoighill agus ar O nGallchubhair agus ar na trí Macaibh Suibhne dá ionnsuidhe go hÁtha Seanaigh go n-a muinntir uile do bheith leo. 39. Do chruinnigheadar na sochraide sin gan fhuireach go hÁtha Seanaigh agus do b'é a líon iar gcruinniughadh dhóibh .i. seacht gcéad fear n-armtha n-éidighthe ionchómhlainn; agus adubhairt Giolla Íosa "molaimsi an deaghmhuinnnearsi Uí Dhomhnaill, ar sé, agus is ionmholta iad anois ó tharla riachtanas riú do láthair." 40. Agus iar sin téid féin agus O Domhnaill an dara feacht dá bhféachain; agus adubhairt Giolla Íosa i measc na sluagh sin do ghuth árd mhór fhollus ghlan: "tigidhsi liomsa, a dheaghmhuinntear, ar sé, anois ar shéan uaire agus aimsire, óir ní iarrfadsa lá ná oidhche do bhar seirbhís nó go dtuga mé luach bhar saothair dhíbh roimhe a dhul chum seirbhísi dhíbh." 41. Iar sin adubhairt O Domhnaill, "gluaisidh, a dheaghmhuinntear, ar sé, ar na coinghiollaibh úd mhic Rígh Fhearmanach ar mo bheannachtsa agus bíodh fhios agaibh gurab é mo theagascsa dhíbh gach comhairle dá dtiubhraidh Giolla Íosa Ma Guidhir dhíbh go filleadh
arís do ghabháil; amhail is mar dhéanfadh sibh im thimcheallsa do dhéanamh uime dá bhfaghadh sibh dom ionarbadh mé amach as Tír Chonaill." 42. Annsin adubhradar na conspuil nó na cinn feadhna sin: "A mhic ionmhainn Dhuinn Mhe Guidhir, ná bíodh uamhan ná imeagla ort nach biaidh sinne fírinneach díleas dhuit; óir do-bhéaram mionna dhuit go mbiam cóimhdhíleas dhuit agus do bheithmhís d'O nDomhnaill an gcéin a bhiam ar aonrian leat for an slighe so." 43. 'Na dhiaidh sinn do ghluaiseadar d'aon-aitheasc agus a d'aon-aonta for shéan uaire agus aimsire go Leic na nArm agus níor hoiriseadh leo nó go rángadar Sliabh Dhá Chon airm a mbádar na ceathra agus an áirnéis sin Mhaghnuis ag a aodhairidhe féin dá gcumhdach, agus do fhógair Giolla Íosa dhóibh na ceathra do thabhairt ar aon láthair; agus do rinneadar amhlaidh sin. 44. Agus a tug Giolla Íosa mart i láimh gach aoin aca agus do seacht gcéad do bhádar 'na fhochair ann; agus cuireas na hárdmhaithe sin lucht tuillmhe leo dá ndúthaigh féin go Tír Chonaill; agus 'na dhiaidh sin do ghluais féin agus a shluaghbhuidhean rompa feadh Thuaithe Rátha ionnas nár fhágbhaidh ceann tighe san tuaith thíre sin nár chuir i nglasaibh agus i ngéibheannaibh go Port Dobhráin; agus adubhairt ris an mbuidhin do-chuaidh riú a rádh re n-a dhearbhráthair gach éarach do chífidh dhó féin do bhuain díobha sin i n-éaraic a dheaghmhuinntire agus na heasumhlachta a tugadar dhó "agus innsidh dó, ar sé, go ndeachassa go Tuaith Luirg mar a bhfuilid ann chuid eile dá lucht easaonta." Agus mar sin do cuireadh na braighde sin Thuaithe Rátha ar
siubhal agus lucht coimhéada leo agus gluaiseas féin agus a shluaghbhuidhean go rángadar go Tuaith Luirg agus do rinneadar foslongphort an oidhche sin i mbarr Ghlinn Dorcha isin bhfearann dá ngoirthear Srath na dTarbh aniudh; 45. Agus is uime goirthear Srath na dTarbh dhe ó chomhrac an dá tharbh do bhí i nUlltaibh, an Donn Chuailgne 's an Finnbheannach; an Donn Chuailgne ó n-a bheith donn dia dhath, agus a bhreith i gCuailgne: an Finnbheannach umorro .i. gilighthear re sneachta aoinoidhche na beanna bhádar fair, gonadh Finnbheannach Mhuighe Aoi; gona uadha sin a goirthear an dá ainm sin dhíobha .i. an Finnbheannach agus an Donn Chuailgne; agus léightear isin stair darab ainm Táin Bó Cuailgne gurab ó chomhrac an dá tharbh sin re chéile i Srath na dTarbh adeirthear Srath na dTarbh ris, agus gach ainm eile dá bhfuil i nÉirinn nach sloinntear as tarbh ar aonchor. 46. Gleann Dorcha, fós, is uime adeirthear .i. lá d'áirighe dá ndeachaidh Fionn ann do sheilg agus mórán eile don bhFéin mar aon fris; agus áirmhid go raibh an Gleann chomh dorcha agus sin nár léir dhóibh cnoc ná cabhán dá fhoigsi dhóibh an feadh do bhádar ann; gonadh ann do rinne Fionn an tarngaire darab tosach an rann so:
47. Gleann Dorcha cidh dorcha, dubh, Aoibhne a thulcha 'ná gach treabh; Gleann garbhdharach dá lean lon, Fa threibh scol dealbhanach ghlan.
48. Acht ní háit so don tarngaire sin, agus ní leanta dhúinn dhí ní is sia, acht labhram ar an ádhbhar
rígh sin Fhearmanach go n-a mhuinntir. Iar gcomhnuidhe dhóibh ar an Srath reamhráite sin na dTarbh do chuireadar buidhne amach as an arm for gach taobh 'na thimcheall agus a thugadar buar agus bótháinte leo as feadhaibh agus as fásachaibh Fhearmanach agus ó ghleanntaibh Fhear Luirg dochum an champa; agus do marbhadh iomad dhíobha agus do rónsat botha agus bélscátha ann agus do chaitheadar an oidhche sin go soilbhir soghrádhach ann. 49. Agus ar n-a mhárach a táinic O Maoladúin, Ma Graith agus uaisle an tíre ar cheana chuca, agus iliomad do gach sórt bídh agus biotáille dá raibh gnáthach san tír an tan sin leo; agus do fháiltigheadar na hárdmhaithe sin timcheall roimhe Ghiolla Íosa Ma Guidhir agus do fhuráladar miodh agus cuirm air féin agus ar na huaisle sin Thíre Chonaill; agus do cuireadh 'na suighe iad iar sin timcheall ádhbhar an rígh sin Fhearmanach agus do dáileadh biadha saora sochaithmhe agus deocha míne meisceamhla forra. 50. Annsin do fhiafruigh Giolla Íosa d'O Maoladúin créad do b'ádhbhar dhó chum na heasumhlachta do rinne sé i n-aghaidh a thighearna fa n-a chíos féin do thabhairt dó. Annsin adubhairt O Maoladúin nach d'easumhlacht do rinne sé féin aon ní dá ndearna ann, acht do dhíth nach bhfacaidh an tighearna féin 'na sheasamh le n-a thabhairt dó, "agus anois atámaoid umhal le bhar gcíos do thabhairt dhíbhsi i n-ionad bhar ndearbhráthar." 51. "Maseadh, a Uí Mhaoladúin, ní ghlacfaidh misi an cíos sin uaidsi an feadh mhairfeas mo dhearbhráthair; óir do hinnseadh mórán d'easumhlacht agus d'aimhriaghail oraibhsi an Tuaith so Luirg, agus ortsa féin go sonnrádhach; agus is í mo chomhairle dhuitsi thú féin d'imtheacht anois go Port Dobhráin ris an chíos sin agus
thú féin do ghabháil do leithscéil ris, óir ní ba réidh misi nó go mbainidh mé bhar n-easumhlacht asaibh; dóigh do gheall mé dom dhearbhráthair nach bhfúigfinn ceann tighe ná tuaithe im dhiaidh i bhFearmanach nach béarainn dá ionnsuighe maille re n-a chíos d'fhagháil uatha do dheoin nó d'aimhdheoin. Agus dá bhrígh sin éirigh thusa, a Uí Mhaoladúin, d'ionnsuidhe mo bhráthar agus bíodh Ma Graith leat, óir is tromchomhairleach mór air é, agus innseadh sé gacha slighe ann a bhfuil an tírsi." 52. Iar sin do chaitheadar seal ar ól agus ar aoibhneas agus ar urgháirdiughadh meanman agus aigeanta. Do fhógair Giolla Íosa do na conspulaibh sin a n-airm do ghabháil agus adubhairt re hO Maoladúin a choinghioll do chomhall; agus gluaiseas féin agus a shluaghbhuidhean go tuaith Thíre Cheannada, iar nglacadh a gceada ag uaislibh Luirg, mar a raibh Clann Mhe Guinnsionnáin an tan sin agus gach fine eile dá raibh maille ris, mar do bhí O Duibhín, O Seaghdhannáin, agus Clann Mhic Anuisce agus iomad d'fhinigheachaibh uile nach áirmhighthear sunna. Agus do rinneadar comhnuidhe ar an gcnoc darab ainm Craobh Uí Fhuadacháin mar a mbíodh muinntear Fhuadacháin; agus cuireas feasa agus teachta uadha ar mhaithibh an tíre agus do órduigh dóibh teagbháil dhó ar an gCraoibh chéadna agus a tug O Seaghdhannáin agus O Fuadacháin cuirm na hoidhche sin dó do bhiadhaibh saora agus do gach sórt biotáille. 53. Mar sin dóibh go héirghe gréine ar n-a mhárach; agus do chruinnigheadar árdmhaithe an tíre sin dá n-ionnsuidhe agus do fhiafraigh Giolla Íosa dhíobh an dtugadar an cíos do bhí orra leo. Adubhradarsan nach raibh sé acu do láthair, gidheadh nach lughaide do bhádar umhal chum a dhíola gan a bheith acu an lá sin.
Do fhógair Giolla Íosa Ma Guinnsionnáin do ghabháil agus an mhéid do bhí i láthair dá chineadh. Iar sin do gabhadh iad gan fhuireach. Annsin adubhairt Giolla Íosa Ma Guidhir: "Múinfeadsa dhíbhsi gan a bheith easumhal níos sia fa bhar gcíos do dhíol gach uair bhus cóir dhíbh; agus do-chífe sibh féin gach áit agus gach ionad 'na ndearnabhar éagcóir ar mo dhearbhráthair fa n-a chíos dlisteanach féin; agus bíodh fhios agaibh go bhfoillseochadh dhíbh fós bhar míoghníomha go hiomlán." 54. Gidheadh cheana do naisc coinghioll orra um theagbháil dhó i bPort Dobhráin lá áirighe do hainmnigheadh eatorra ar an láthair sin; agus a tug cead a scaoilte nó a léigean amach. Ciodh thrácht, dála Ghiolla Íosa féin, ní dhearnaidh oiriseadh ná comhnuidhe gur thimchill sé na seacht dtuatha so Fhearmanach don ruathar sin agus níor fhágbhaidh ceann tuaithe tíre innte nár chuir i nglas láimhe nó coise nó go rángadar i bhfiadhnaisi a dhearbhráthar go Cnoc Ninne ar n-a gcur fa ghuin ghaoi agus chloidheimh dhóibh. 55. Mar sin do lean féin agus na maoir thabhaigh sin do bhí ris go n-a gconspulaibh go Port Dobhráin iad; agus do fuair na braighdibh sin roimhe ann; agus do-chuaidh mar a raibh a dhearbhráthair gan fhuireach agus do fháiltigh Maghnus roimhe agus adubhairt Giolla Iosa: "créad fa bhfacas dhíbh, a dhearbhráthair, ar sé, na braighde do chuireas chugaibh do chongbháil i ngéibheann an fad so gan bhar gcíos d'fhagháil uatha nó gach ní dá ndéanfaidís fa dheireadh do dhéanamh i n-am chum sásadh do thabhairt uatha ann gach míoghníomh dá ndearnsat bhar n-aghaidh?" 56. Do fhreagair Maghnus é agus is eadh adubhairt: "A dhearbhráthair, ar sé, is iontuigthe dhuitsi agus do
gach aon eile nach rabhassa ionfheadhma ris an aimsir so a bhfuilim ag coimhéad na leapa; agus dá bhrígh sin nach rabhas ionaighnis ris na taoiseachaibh so Fhearmanach, níor léigeas im láthair iad nó go dtigtheá féin chucha; agus anois gach ionaclann is toil leat féin do bhuain dhíobh atáimsi ullamh réidh air." 57. Iar sin téid Giolla Íosa i measc an teaghlaigh agus glaodhas ar na dáileamhain agus adubhairt riú freastal agus fritheolamh friochnamhach do dhéanan ar na huaislibh sin Thíre Chonaill an feadh do bheithdís san mbaile. Do innis na dáileamhain go raibh a ndóthain do gach sórt biotáille aca re fagháil maille re gach sórt corma eile is riachtanas do láthair, "agus dá bhrígh sin curthar na huaisle sin 'na suidhe in bhar dtimcheall san ríghalla agus goirthear ar gach sórt corma is tocha leat chuca agus do-ghéabhair é." 58. Iar sin do éirigh Giolla Íosa 'na sheasamh agus do glaoidh féin ar O mBaoighill agus ar O nGallchubhair agus ar na trí Macaibh Suibhne agus ar gach conspul eile dá raibh 'na fharradh ar an slighe sin; agus 'na dhiaidh sin ar thaoiseachaibh Fhearmanach agus do cuireadh 'na suidhe iad uile agus do dáileadh miodh agus cuirm forra gur bho measctha meadharchaoin uile iad .i. uaisle agus árdmhaithe Thíre Chonaill agus Fhearmanach i bhfochair a chéile. 59. Annsin do fhiafraigh Giolla Íosa do na taoiseachaibh sin Fhearmanach an raibh a gcíos acu le tabhairt dá dtighearna. Adubhradarsan go raibh. "Maseadh tigidh, ar Giolla Íosa, tigidh liomsa do láthair mo dhearbhráthar nó go ndíola sibh bhar gcíos ris. Agus iar sin do ghabh a chead ag na huaisle sin Thíre Chonaill agus fógras ar na dáileamhain mórán do dhéanamh
dhíobh go filleadh dhó féin do rís: agus do rug na taoisigh sin leis mar a raibh a dhearbhráthair agus do iarr orra an cíos sin do chómhaireamh chuige. 60. Iar sin do éirigh O Maoladúin .i. taoiseach Luirg agus do thug an cíos sin dó; agus do rinne Ma Guinnseannáin, Mac Domhnaill, Mac Uí Mhaolruanaidh, Mac Giolla Fheinnéin agus na ríoghthaoisigh uile an díolaidheacht sinn go suighe O Flannagáin. A dhálasomh ro éirigh agus ro fhuráil a chíos air ar son Thuaithe Rátha gidh nach raibh óirnighthe 'na thaoiseach san am sin acht 'na dhamhna flatha i n-oirchill inmhe Uí Fhlannagáin do ghabháil chuige an uair do dhéanfadh a chor nó a mhuinnteardhas ris an tighearna. 61. Adubhairt Giolla Íosa annsin: "A dhaoine uaisle, ar sé, ní glacfidhear bhar gcíos féin uaibhsi gan éaraic ann ar mharbhabhar dár muinntirne; agus ionaclann iomchuibhidh ann gach easumhlacht dá ndearnabhar; agus dá ndéanmaois ceart d'imirt oraibhsi is díbh do bhainmaois díolaidheacht ann gach trioblóid dá dtáinic orainn as easumhlacht taoiseach Fhearmanach uile, do bhrígh gurab sibh do thosuigh an trioblóid; agus do bheirimsi a dheimhin dhíbhsi nach scarfaidh sibh liomsa nó go gcuirfidh mé sibh go Loch Uachtair áit a mbiaidh sibh i dtaiscidh nó go madh lánshásta mo dhearbhráthair ann gach míghníomh dá ndearnabhar air agus oramsa. Acht cheana díolaidh an cíos an uair atá sé do láthair agaibh." Agus do rinneadar amhlaidh sin; agus tar éis an cíos sin do ghlacadh uadha do fhógair don lucht coimhéada do bhí orra a mbreith leo gus an tigh coimhéada a mbádar roimhe sin agus aire ghrinnghiolach do thabhairt dóibh go maidin, "dóigh ní chuirfidh siad ní bhus faide 'ná sin do thrioblóid oraibh."
62. Iar sin do chuir as a fhiadhnaisi iad don tigh a rabhadar roimhe sin; agus 'na dhiaidh sin do ghoir ar na taoiseachaibh eile sin dá ionnsuidhe agus adubhairt leo: "tugaidh sibhsi, na taoisigh atá do láthair, cor agus slána uaibh fa n-a bheith umhal do bhar dtighearna budh dheasta agus fa bhar gcíos do dhíol go féileamhail mar is dú dhíbh a dhéanamh; agus mara ndéanamh sibh sin cuirfidh misi go Loch Uachtair sibh; agus mionnuighim dhíbh fa na duibhmhionnaibh is dual damh nach bhfúigfe sibh an áit sin go bráth nó go madh maith libh slánadh do ghlacadh uaibh agus a bheith umhal do bhar dtighearna go bráth dá éisi." 63. "Maseadh ar iadsamh do dhearbhadh go bhfuilmídne umhal fonnmhar ar a thoil féin do thabhairt dósamh agus duitsi, dobhéaram na mionna sin dhíbh re gach deighmhéin, agus gan ní ar bhith do dhéanamh ann bhar n-aghaidh go bráth." Agus iar sin tugadh an Duibhineach dia n-ionnsuidhe agus a tugadar í i bhfiadhnaisi chille agus thuaithe annsin re gan éirghe amach oidhche ná laoi do dhéanamh i n-aghaidh a dtighearna an gcéin do mhairfidís. 64. Iar sin do éirigh Giolla Íosa na sheasamh agus adubhairt: "Is fada atáimsi i bhféagmhais na ndaoine uaisle so Thíre Chonaill, agus fanaidhsi annsin i bhfochair mo dhearbhráthar nó go gcríochnócha sibh bhar ngnóthaidhe, agus tugaidh slánadh aoinfhir ar a chéile dhó le comhall bhar dtairiseachta agus bhar ndísle le a achta feasta." 65. Do rinneadar amhlaidh sin; agus do ghluais Giolla Íosa i gceann muinntire Uí Dhomhnaill agus do fuair iad go subhach soimheanmnach, agus ar ndul do Ghiolla Íosa 'na measc do shuidh idir O Baoighill agus O Gallchabhair agus do ghabh ag ól agus ag iontlás
mar aon riú; agus do chuir d'fhiachaibh sláinte Uí Dhomhnaill d'ól idir an gcomhluadar ar cheana. 66. Mar sin dóibh cara an chaoimhlaoi sin nó go dtáinic am bídh do chaitheamh; agus iar sin do folcadh búird shlimleathna an rightheaghlaigh, agus do cuireadh togha gacha bídh agus gacha biotáille orra agus do suigheadh gach aon dhíobh ann a ionad cinnte comórtais féin amhail ba ghnáth do dhéanamh ris an rightheaghlach sin ariamh roimhe. Agus iar gcaitheamh a bproinne agus a dtomhaltais dhóibh do chaitheadar an oidhche sin re hól agus re haoibhneas go dtáinig am suain agus sádhaile dhóibh; agus do asluigheadar na rífhlatha sin Thíre Chonaill cead suaimhnis dhóibh féin; agus adubhradar muna bhfaghadaois sin nach beithdís ionastair nó ionimtheachta ar n-a mhárach; agus do ghabhadar uile comairce aige um a léigean dóibh chodhladh; agus iar sin do cóirigheadh iomdhadha agus árdleabthacha dhóibh agus do-chuadar dochum suain agus sárchodalta, agus do bhíodar ar an órdughadh sin go ham éirghe ar n-a mhárach. Agus ar n-éirghe dhóibh cuireas Maghnus fios ar O Gallchubhair agus ar O mBaoighill agus ar na trí Macaibh Suibhne agus ar gach aon chonspul eile, agus a tángadar dá ionnsuidhe agus do rinne iomad lúthghára rompa, agus do cuireadh 'na suidhe iad 'na thimcheall agus do dáileadh miodh agus cuirm forra ann. 67. Annsin do labhair Maghnus re Giolla Íosa agus adubhairt: "A dhearbhráthair, ar sé, éirighsi amach agus cuir na buannaidhe sin do bhí leat 'na suidhe san teagh mór sin amuich; agus tabhair fa deara aire fhriochnamhach do thabhairt dhóibh fa mhiodh agus fa chuirm dhóibh; dóigh ní díleas liomsa a dtaobhadh re duine ar
bith acht leat féin; agus déantar sós gléas bídh agus biotáille do chur orainn féin annso, óir do-dhéanadh a dtighearna súd dithcheall chum sóláis do chur ortsa nó ar gach aon bhainfeadh leat." 68. Iar sin do-chuaidh Giolla Íosa amach agus do fhoráil ar an lucht fritheolmha gan biadh ná biotáille do spáráil ar na buannadhaibh sin Thíre Chonaill nó ar thaoiseachaibh Fhearmanach mar aon riú; agus do rinneadh amhlaidh sin; agus is ann gcodalteach sin rígh Fhearmanach mar an gcéadna do na huaisle sin Thíre Chonaill agus do chaitheadar féin agus rígh Fhearmanach proinn agus tomhaltas i bhfochair a chéile go soilbhir sólásach feadh an chaoinlaoi. 69. Agus annsin do labhair O Baoighill agus na huaisle sin eile Thíre Chonaill d'aontoil agus adubhradar: "A rígh Fhearmanach, ar siad, a tángamarne, an beagán buidhne so, re toil ar dtighearna féin agus re méadughadh maitheasa dhuitsi do dhéanamh seirbhísi dhíbhsi agus níor iarramar aon athchuinghe oraibhsi ó thángamar; agus is í athchuinghe bhus mian linn d'iarraidh anois .i. sibhsi do dhéanamh réidhdtigh re muinntir Uí Fhlannagáin amhail do rinneabhar re bhar dtaoiseachaibh eile." 70. Annsin do fhreagair Maghnus dhóibh agus adubhairt nár bh'ionann slighe réidhtigh do bhí ag na taoiseachaibh sin eile agus ag muinntir Fhlannagáin; óir do rinneadar sin gníomh nach dtig le haon taoiseach i bhformhór Éireann do fhreagra. "Gidheadh gach réidhteach is fearr fhéadfadsa do dhéanamh leo dhéanad é ar bhar sonsa"; agus do goireadh ar Ghiolla Íosa chughtha agus do hinnseadh dó gach ní dár labhair O Baoighill um an ádhbhar sin; agus adubhairt Giolla Íosa go raibh éarach
chúig bhfear ndéag re n-a agra ar mhuinntir Uí Fhlannagáin "do mharbhadh leo do dheirbhdhílis mo dhearbhráthar is an chuinsgleo do rinneadar go mídhlisteanach i n-aghaidh mo dhearbhráthar fa n-a chíos féin d'iarraidh orra." 71. Annsin adubhairt O Baoighill nach dochum dlighidh leo ar son mhuinntire Fhlannagáin do rachfaidís féin acht do thabhairt conganta chum réidhtigh dhóibh; gidh nár bh'aithne dhó cionnas do fhéadfaidís sásadh do thabhairt is na neithibh do rónsat go mídhlisteanach acht muna bhféachaidís féin ar ainbhfhios an ghníomha go speisialta i n-aghaidh a dtighearna. 72. Iar sin cuirthear fios ar mhuinntir Fhlannagáin; agus ar dteacht do láthair dóibh do fhiafraigh Giolla Íosa dhíobh créad an leathscéal do bhí acu i n-aghaidh gach míghníomh dá ndearnsat i n-aghaidh a dtighearna; nó créad dan éarach do bhí acu le tabhairt i mbás a mhuinntire. "Óir ó tharla na daoine uaisle so do láthair is ann is maith liomsa fios bhar leithscéal d'fhagháil, nó bhar bhfreagra ann bhar míghníomhaibh; óir do b'fhéidir ribhsi a rádh go ndearnadh éagceart orraibh." Do fhreagair muinntear Fhlannagáin sin agus adubhradar dar leo féin go raibh éarach nó ionaclann acu féin re hiarraidh, dá bhfaghaidís ceart, amhail do hiarradh orra .i. gur marbhadh O Flannagáinn agus beirt ar fhithchid dá mhuinntir maille fris. 73. "Mo fhreagrasa air sin, ar Giolla Íosa, nach cóir dhíbhsi éarach ná ionaclann a d'fhagháil i n-aon duine dár marbhadh uaibh san imireasan úd, óir is mídhlisteanach do leanabharsi mo mhuinntearsi do cheann geallta an chíosa dhlisteanaigh budh chóir dhíbhsi a dhíol gan easaonta do thógbháil oraibh. Agus má's éagcóir aon
ní dá n-abraimsi, atáid uaisle Thíre Chonaill do láthair annso agus is tuigsi dhóibh má táimsi ag rádh éigcirt; agus mionnuighim fon Duibheineach is dual dhamh mar a mbeith go bhfuilid na daoine uaisle sin do láthair nach biadhmaois ag aighneas re aroile nó go mbeith sibhsi ar Chloich Uachtair mar a bhfuigheadh sibh bhar sáith don dligheadh; acht nár bh'áil liomsa bhar gcur ann nó go n-éisteadh na daoine uaislesi bhar gcortha. 74. "Gidheadh ó ghlacadar na daoine uaisle céadna orra féin labhairt ann bhar gcás, do-ghéabha sibhsi a mbreitheamhnas is na neithibh do chualadar ar gach taobh eadrainn; agus má fhágbhaid na daoine uaisle folamh mo dhearbhráthair gan éaraic i mbás na gcúig bhfear ndéag sin dá mhuinntir, bíodh sin fa n-a mbreitheamhnas féin. Agus dar na mionnaibh reamhráidhte ní rachadh breitheamhnas ná réidhteach eadrainne agus sibhsi muna mbeith gur labhradarsamh ann, agus gur maith linne gach agra dá bhfuil againn agus gach leithscéal dá bhfuil agaibhsi do chur i n-umhail do rígh Thíre Chonaill, do bhrígh go gcluinimsi gur minic do ní sibhsi tuaithleas ris féin agus re gach taoiseach dia mhuinntir; agus dá bhrígh sin, a Uí Bhaoighill, éirighsi amach agus déanaidh mar chífighthear dhíbh ann gach ní dár éisteabhar go suighe so." 75. "Iar sin do éirigh O Baoighill agus O Gallchubhair agus na trí Mic Suibhne agus do chuadar i bhfód fo leith d'fhéachain créad do-dhéanaidís is san chás sin. Agus is í breith do chonnacthas dóibh do thabhairt .i. seacht gcéad loiligheach do dhéanamh ar mhuinntir Uí Fhlannagáin i n-éaraic na gcúig bhfear ndéag sin do mhuinntir rígh Fhearmanach mar gheall ar shíothcháin a dtighearna d'fhágbháil; agus mar an gcéadna a gcur fa mhionnaibh gan éirghe amach isin easaonta chéadna an
gcéin do mhairfidís; agus tar éis gach breitheamhnais dhíobh sin do-chuadar isteach is in chodalteach 'na raibh Maghnus agus Giolla Íosa i bhfochair a chéile. 76. Agus annsin do éirigh Maghnus 'na shuidhe is an iomdha agus do fhear fáilte friú; agus do ibh sláinte a dtighearna forra re luinne agus re lúthgháire rompa; agus do ghabh ag innisin dhóibh gach uirscéal taithneamhach dá mbíodh idir é féin agus O Domhnaill ó aois a naoidheandachta go scaramhain dóibh re aroile; agus do iarr ar O mBaoighill a bheannacht do chuimhniughadh dhó "agus is uras dó fhios do bheith aige nach bhfuilimsi ionastair nó ionimtheachta le rachfainn dá fhéachainnsiomh ní is mionca 'ná thigh seisiomh dom fhéachainsi, ós aige atá a shláinte." 77. Agus 'na dhiaidh sin do labhair O Baoighill: "A thighearna, ar sé, do rinneamar-ne breitheamhnas annsúd idir sibhsi agus muinntir Fhlannagáin má's é bhar dtoilsi a bheith samhlaidh." "Ní cuibhidh gan a bheith réidh ar gach ní dá ndearnabhar san chás sin ó do léigeadh dar bhar n-ionnsuidhe é." 78. "Maseadh, ar O Baoighill, do rinneamarne seacht gcéad loiligheach ar mhuinntir Fhlannagáin i n-éaraic na gcúig bhfear ndéag do mharbhadar go mídhlisteanach do bhar muinntirsi." "A dhearbhráthair, a Ghiolla Íosa, créad adeir tú ris an mbreith úd?" "Adeirim, ar Giolla Íosa, nach gcuirfead suas go bráth do bhreitheamhnas na ríoghthaoiseach úd Thíre Chonaill im thír féin; agus nach molfainn dhuitsi cur suas dó; agus fós, ar Giolla Íosa, molaim dhíbhsi fios do chur ar mhuinntir Fhlannagáin agus a dtabhairt do láthair sunna agus a fhios d'fhagháil an bhfuilid féin réidh ar an mbreitheamhnas úd."
79. Do rinneadh amhlaidh sin agus ar dteacht do láthair dhóibh do fhiafruigh Giolla Íosa dhíobh an rabhadar réidh ar gach breitheamhnas dá ndearnadar na huaisle sin Thíre Chonaill orra ann gach iomghuin dá raibh idir iad féin agus a dhearbhráthair do bhí i láthar ann sin. 80. Do fhreagradarsamh agus adubhradar go rabhadar. "Maseadh ar Giolla Íosa tabhraidh na mionna dúthchais atá againn annso .i. an Duibheineach le cóimhlíonadh gach neithe dár hórduigheadh oraibh is an mbreitheamhnas úd i bhfiadhnaisi na ndaoine uaisle so agus bhar dtighearna féin." Do rinneadar amhlaidh sin mar adubhairt Giolla íosa leo; agus iar sin do foillsigheadh an breitheamhnas sin dóibh amhail adubhramar agus ann sin do cheangladar a gcor agus a muinnteardhas re n-a dtighearna agus do rinneadar síothcháin charthannach charaideamhail re aroile. 81. Iar sin do rug Giolla Íosa ar chornfhleasc órdha agus do iarr ar a dhearbhráthair deoch do ibhe ar na huaisle sin do dhruim síthe agus caradraidh; agus ann sin do rug ar an gcornfhleasc as láimh Ghiolla Íosa agus do ól deoch ar mhac oireachta Uí Fhlannagáin agus goireas O Flannagáin dhe ann sin. Agus is é ba hainm baiste don tO Fhlannagáin sin do goireadh an lá sin .i. Diarmaid an Fhíona mac Aodha Mhéith mic Dhomhnaill an Fhíona mic Bhriain na Mudhan mic Ghiolla Pádraig mic Lughuine (.i. Fhlannagáin) ó bhfuil an sloinneadh mic Laoighsigh mic Artiogail mic Lochluinn mic Mhaoilseachlainn an Fhiadhaigh mic Mhaolruanaidh na Cara .i. is leis do rinnead Cara Dhruim an Iolair ar dtús, mic Fhlainn mic Dhomhnaill Duinn mic Chormaic Chaoich mic Thuathail Mhaoilghairbh mic Chairbre mic Néill Naoighiallaigh ó ráidhtear Clanna Néill Éireann.
82. Gonadh cóimhcheangal agus réidhteach thaoiseach Fhearmanach re n-a dtighearna go suighe sin. 83. Iar sin do dáileadh fleadha aghus féastadha iomdha ar uaisle agus ar ísle, ar thuaith agus ar eaglais, agus ar dhraoithibh agus ar olamhnaibh isin rightheaghlach sin, agus go sonnrádhach ar mhuinntir Thíre Chonaill. Annsin do éirigh O Baoighill agus O Gallchubhair agus na trí Mic Suibhne do ghabháil a gceada ris na huaislibh sin Fhearmanach; agus do gabhadh a stéada dhóibh agus do ghlacadar a n-arma; agus ba subhach soimheamhnach an cóimhthionól sin ag scaramhain re chéile; agus iar sin do ghabhadar na huaisle sin Thíre Chonaill a gcead ag an rightheaghlach sin ó bheag go mór. Mar an gcéadna do ghabh O Flannagáin, Ma Graith agus O Maoladúin a gcead ag an gcloinn sin Duinn Mhe Guidhir, agus do ghluaiseadar féin agus Giolla Íosa go mbeagán dá lucht coimhéada mar aon ris agus níor fhuiridhsuiod go rángadar Sciath Bhaile Mhic Mhurchadha agus de rinneadar foslongphort an oidhche sin ann. Agus do cuireadh fios fo'n tír riú d'iarraidh marthaineachta an oidhche sin agus gach cinéal corma eile do b'éidir d'fhagháil. 84. Do chuir Mac Giolla Fheinnéin agus maithe an tíre ar cheana a lórdhóthchain dá n-ionnsuidhe do gach cinéal corma ba riachtanas do láthair; agus ar n-a mhárach do fhágbhadar na huaisle sin Thíre Chonaill agus íochtair Fhearmanach iomairce beatha agus sláinte ag Giolla Íosa agus do ghluaiseadar rómpa gach drong aca dá dtighthibh budh dhéin. 85. Gonadh é sin iomscaradh Ghiolla Íosa Mhic Guidhir agus na huaisle sin Thíre Chonaill agus íochtair Fhearmanach re aroile ar gcur seacht dtuatha Fhearmanach fa
chíos agus fa umhla dhó féin agus dá dhearbhráthair .i. Maghnus Ma Guidhir. 86. An lá céadna do fhill Giolla Íosa tar ais gus an ríoghbhrogh sin Phort Dobhráin mar a raibh a dhearbhráthair, agus ar ndul isteach dó, ní comhnuidhe do rinne go ráinuic an codalteach i n-a roibh Maghnus agus do shuidh ar cholbha na hiomdha aige, agus is eadh adubhairt, "dubhruach, a dhearbhráthair," ar sé. "Is cóir sin anois, ar an tighearna, agus tabhairse cuidiughadh chum subháilce dhúinn," ar sé. "Dhén cheana," ar Giolla Íosa. Agus iar sin do órduigh Giolla Íosa an aois ealadhna ar cheana do chruinniughadh chughtha isteach don chodalteach. Annsin tángadar draoithe agus deaghdhaoine ealadhna, agus aois gacha dréachta, agus lucht seanma an rightheaghlaigh, agus do shinneadar sreatha síorbhinne taighiuire téad mbeannchroth; agus do ghabhadar duanta agus dubhchanna a sean agus a sinnsear dhóibh; agus do ghabhadar ag ól agus ag aoibhneas i bhfochair a chéile ag cuimhniughhadh na deaghmhuinntire sin do imthigh uadha an lá roimhe sin. 87. Trí lá agus teora hoidhche dhóibh ar an órdughadh sin. Iar sin adubhairt Giolla Íosa Ma Guidhir: "A dhearbhráthair, ar sé, anois atá do thír agus do thalamh fad chíos agus fad chánachas féin agatsa umhal urramach dhuit; dóigh ní mheasaimsi go láimheochaidh ceann tuaithe nó tíre i gcrích Mhanach éirghe amach nó easumhlacht ar bith do fhoillsiughadh i n-aghaidh do riaghla nó hórduighthe feasta; agus bíodh agatsa feadhmantaigh a bhias láidir ceannasach do shíorghnáth ag tabhairt cuarta timcheall na cundae agus ag tógbháil do chíosa eatara; agus is mithidh liom féin cuairt do thabhairt go tigh mo sheanathar don Bhréifne, agus dá n-éirghe easaonta
nó coinsgleo idir aon cheann tuaithe acu sin agus do mhuinntirsi is goirid uaibhsi Cloch Uachtair re scéalaibh do chur chugamsa agus biaidh misi agaibh gan mhoill ó tharla dhuit fín a bheith ar díth do neirt re n-a bhfreastal." 88. "Truagh sin, a dhearbhráthair," ar Maghnus; "is dearbh gur tír mharbh tír gan tighearna; agus ní fada mhairfeadsa ar aonchor; agus ní fearr mo mhairshion san riocht so, ó scaras rem luadhail. Agus do chí tusa agus gach aon agaibh nach bhfuilid clann agam do sílfidhe do theacht chum feadhma go gar i ndiaidh mo bháis, acht leanbán óg éagciallaidhe inar beag suim lucht easaonta; do bhrígh go measaim gurab ag imeartas aonláimhe atá na taoisigh so Fhearmanach i n-aghaidh gach aoin againn, gion nach admhaid é. Agus, a Ghiolla Íosa," ar sé, "ná scair thusa liomsa mar sin nó go bhfagha mé bás, agus glac féin ceannas tar m'éisi chugat ós cionn na tíre dá gcathamh agus dá gcosnamh; agus an t-athghiorra mhairfeadsa ná scair riom nó go bhfagha mé bás agus nó go gcuire riaghail órduighthe ar gach ní dá bhfuil im dhiaidh agus go nglaca tú m'inmhe agus m'oighreacht chugat im dhiaidh." 89. Do fhreagair Giolla Íosa dhó agus is eadh adubhairt: "A dhearbhráthair, ar sé, do b'ádhbhar imdheargtha agus iomthnúith dhamhsa t'inmhesi ná t'oirdhearcas do ghabháil chugam agus oighre dlisteanach it dhiaidh féin; agus fós ní mheasaim go mbiaidh sé dlisteanach a dhéanamh." 90. "Léig sin seachad," ar Maghnus, "ní mó is cúram na hoighreadha sin ormsa 'ná thusa agus is fearr liomsa beatha shuthain shíorrthaidhe do bheith aca sin agus agatsa iná an chundae uile do bheith 'na bhféagmhais do dhíth thusa do bheith dá cosnamh; agus ainmneochaidh
mé sunna an chuid ronna budh mhian (liom) do bheith ag m'oighre féin agus na coinghill ar a dtiubhradh mo cheart ar an tír dhuitsi; agus is iad so na coinghill sin: 91. "I má thigid m'oighreadha chum éifeachta .i. iad féin agus a n-oighreadha do bheith 'na lucht cogair agus comhairle agat féin agus ag hoighreadha it dhiaidh. An dara huair, suigheamh agus riaghlughadh gach órduighthe agus gach connartha fútsa do bheith acu. 92. "Ní iarraim don dúthaigh so Fhearmanach acht a bhfuil ó Bhéal Átha na nGall anuas go Cunga Chaoil Ghabhla; agus ó Charaidh Mhic Duinn againn shiar go hAchadh na Sciath thoir; agus ó Inis Chnoca síos ar loch go Doire Inis, agus an líon oileán beag agus mór fil eatara sin; agus Baile Mhic Shearraigh thoir a bheith 'na fhearann búird agamsa agus an fearann barra bhaineas re hInis Mhóir anois .i. ceathramha Bhaile an Mhóintigh agus an Cam agus Doire Bhraghun don taobh shuas don Abhainn Duibh; gona deich dtáite agus cheithre fithchid an líon táiteadh fil ann. 93. "Agus fós dá marbheadh aoinneach d'fhearaibh Eireann do mhacsa nó do bhráthair (a shlanadh?) acht go roichfeadh leis dul isteach ar aonchuid don dúthaigh sin; agus do chíos nó do chánachas agaibhsi orra sin acht éirghe amach aonfhear déag d'fhearaibh dhuit uadha i n-am sluaighidh; gan cead do bheith ag aoinneach uirid an chopáin laoidhe do chuingbháil i n-aon áit i gcrích Mhanach a mbiaidh m'oighreadha nó fear ionaid aoin acu. Agus ar na coinghiolla sin do chomhall dom oighreadhaibhsi, a dhearbhráthair, a Ghiolla Íosa, fúigfeadsa mo cheart agus mo chumhachta féin ar an chundae so Fhearmanach agat ó mo ló féin amach agus táthuigh féin na tuatha re aroile agus caith agus cosain iad."
94. "Is dearbh, ar Giolla Íosa, go dlighfinnsi do bheith fonnmhar ar do thoilsi do dhéanamh ann gach aon phongc dá gcuirfeá do chúram orm. Agus bíodh a fhios agat, a dhearbhráthair, ar sé, nach bhfuil aon aistiogal dár ainmnighis ann sin nach ndéanfadsa d'fhollamhnughadh dot shliocht do dhiaidh, agus nach fúigfead mo dhiaidh i bhFearmanach 'na riaghail chinnte; gidh nach bhfuilim lánshásta nó fonnmhar ar do cheart do ghabháil chugam, d'eagla go sílfidhe idir thighearnaidhe eile i nUlltaibh gurab do cheann mo sheirbhísi dhuit ar na taoiseachaibh so Fhearmanach nó do cheann go bhfuilir féin ar gcaill do lúith agus do mheisnigh do ghlacfainn ceannas do thíre nó an oighreacht ba dhú dot mhac féin d'fhagháil." 95. "Ní sílfighthear i n-aon áit i nUlltaibh, ar Maghnus; dóigh ní tú atá dá iarraidh ormsa acht mé féin do thuigeas an díoghbháil do thiocfadh gan ceannphort ceannais do bheith ar an gcundae i ndiaidh mo bháis. Dá bhrígh sin is córa liom an suidheamh so d'fhágbháil im dhiaidh re linn mo bheo, ionnas go mbainfeadh m'óighre féin agus tusa bhar sochar as, 'ná a bheith i muinighin Uí Dhomhnaill nó aon tighearna eile i nUlltaibh chum cearta do chongbháil ann mo thír tar m'éis. Agus i bhfiadhnaisi na n-ollamhan atá do láthair agus a bhfuil d'eaglais agus do thuaith annsin, atáim ag órdughadh gach neithe dhíobha so agus ag fágbháil mo chearta féin agus an chondae so Fhearmanach agatsa ar na coinghiollaibh sin adubhramar shuas; agus a Ghiolla na Naomh Uí Luinín, scríobhthar leatsa gach ní dhíobh so." "Maseadh, ar Giolla Íosa, i n-ainm Dé do-bhéarsa do thoil féin dhuitsi, agus gabhaim do láimh gach coinghioll dhíobh sin do chóimhlíonadh." 96. Iar sin do-chuaidh Giolla na Naomh, an
saor-bhreitheamh O Breisléin, agus Giolla Ma Ghúda O Caiside ar fód fo leith agus do scríobhadar gach coinghioll agus gach pongc dhiobh sin mar do hórduigheadh dhóibh; agus do dhearbhadh ar na coinghiollaibh sin do rinne Giolla na Naomh na rainnso síos:
97. Buannuighe teanna ó Thír Chonaill Tug Giolla Íosa rug gach buaidh, Is iad táinte Mhaghnuis mhasclaigh Tug ar dtús don ghasraidh shluaigh; Ó Bhéal Leice go bruach Bréifne Sna tuatha ar gach taobh do thuinn, A mbraighdibh sa ngéill i nglasaibh Do bhíodar ag an macsoin Duinn. Do bhí Giolla Íosa óg uasal, Ar na tuathaibh is é ro bhris, Do bhí Maghnus mar Bhladh brughaidh, Nár fhéad Ulaidh righe ris; Do fuair Maghnus ó Ghiolla Íosa Gach sochar ón mbeag go mór, Go huirid an chopáin laoidhe, Ge madh mian re gach aoighe ól.
98. Acht cheana do bhádar ar an órdughadh sin ag cóimhriaghlughadh na seacht dtuathann so Fhearmanach go ceann tri leithbhliadhan ón dtráth sin. Annsin do fhás a thinneas agus do mhéaduigh a anbhfainne agus táinig aithghiorra ar a laethibh; agus sul do fuair bás do órduigh ór agus airgead, ceathra agus maoine, ionmhas agus éadála do roinn idir órdaibh eaglaise ar dhilleachtaibh agus ar bhaintrebhachaibh an tíre, ar bhochtaibh deireoile ann gach aon cheard 'na ghoire. Agus ann sin
do fuair bás unga agus aithrighe ar mbreith buaidhe ó dheamhnaibh agus ó dhomhan. 99. Gonadh é sin an modh ar ar fhágaibh Maghnus Ma Guidhir a thighearnas dá éisi ag a dhearbhráthair agus a bhás féin. Gonadh annsin adubhairt an file an mhairbhne dhéidheannach so a bháis agus do chuimhniughadh a mhaitheasa agus a dheaghghníomh; ut dixit:
100 Dursan liomsa fa líg luim Maghnus mac Duinn adearuim, Tréinfhear nachar bh'fhallsa d'fhior, M'annsa, m'éinshearc is m'aigniodh. Fada bhus easbhadh oirne A chongnamh 's a chomhairle - Gnúis ógmhálla do b'úr dreach, Sa rún tógbhála tinnteach. Faire ar cheathra, comhla ar thigh, Ní rigthe a leas re a linnsin, Feadh an mhuighe thiormghluis, the, Sa hoire ionnmhuis uirre. Ba mhinic ag teacht 'na theach Dream ó Éirne 's ó Uisneach, Drong ó na Tuathaibh ag tocht, Sa drong ó Chruachain Chonnocht. Tú do thúir san tír so amháin Ar n-aos anbhfann do thógbháil, Re linn ar n-éigean 's ar n-olc, Dá madh éigean sinn d'fhurtocht.
Ar fhuilngis d'imneadh is d'olc, Ag biathadh truagh is tárnocht, It mhúr sriobhghlan sliomchladh gcuir, Ní hiongnadh iomchar ionnaibh. Do rad Dia dhuit it aois óig Mórán toirbheart ón Tríonóid, Gnúis roiréidh gan ghruaim, gan ghoimh, Gan toibhéim, uaill ná antoil. Gidh soirbh dhuitse dul ar neamh, Iomdha anocht croidhe ad chaoineadh, Rosc úr i n-ionadh eile, I múr iodhan Iughaine. Tá dírim ó bhruach Boirne, I mbruach Bearbha is Moghairne, Le neart cráidh claoidhte mar sin, Sa ngáir chaointe dá cloistin. Do b'iomdha fós, mar thigh Guaire, Fialbhean aobhdha aonuaire, Aniodh seachránach mar sin, Budh creathlámhach ód chistin. Gan do dhrochaithne ar dhuine, Gan th'iomthnúth re haonduine, A laoigh ba chalma in gach cath, Ní raibh acht anam ionnat.
Gan iomad aonlá ar th'aire Acht rún almsa is urnaidhe, Duit dom dhóigh do mhúin Muire Gan dúil óil ná aonaighe. Mar sin ba dhú dhuit amháin, Cá bhfuighead féin fear gearáin, A thriath finnleargthach na bhfonn, Nár bh'imdheargthach riamh romhann. Ar ndul dhuit i ndáil an tslóigh, Lá cúndais Sléibhe Sióin, Mac Dé do dheaghlabhra libh A gné ghealamhra dhílghidh. Dursan.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services