Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Me Guidhir Fhearmanach

Title
Me Guidhir Fhearmanach
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ua Duinnín, Pádraig
Composition Date
1716
Publisher
(B.Á.C.: Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge, 1917)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



ME GUIDHIR FHEARMANACH



(Beatha mcMaghnus sonn)



(Bladh do ghabháltas agus do bheatha chloinne Dhuinn
Mhóir mic Raghnaill Mhic Guidhir .i. Maghnus agus
Giolla Íosa annso síos ar n-a thionscnamh aniodh an
seismheadh lá fithchead do mhí Mhárta 1716 agus ar n-a
scríobhadh as an seanleabhar Seanchais do Sheán Mha
Gabhran, mac Cobhthaigh etc.)



1. Maghnus agus Giolla Íosa dhá mhac Dhúinn Mhóir
mic Raghnaill mic Uidhir ó ráidhtear maca Me Guidhir
Fhearmanach mic Shearraigh mic Oirghiallaigh mic Uidhir
mic Shearraigh mic Oirghiallaigh mic Uidhir mic Chearnaigh
mic Luaghain mic Iorghalaigh; agus is é Nádhaile do
bheannuigh i gCill Nádhaile i bhFearmanach do bhaist an
Luaghan sin mac Iorghalaigh; mic Éignigh mic Chormaic
mic Fhearghusa mic Aodha mic Chormaic mic Chairbre an
daimh airgid.



2. Agus is i n-aimsir an Chormaic sin do roinn
sé féin agus a dhearbhráthair oile .i. Nadhshluaigh críoch
Oirghiall re aroile .i. ón bhFionnghlais na n-ionnladh
Eascop Eoghain i gceann Chluaineoisi go Leic na
nArm budh thuaith, agus ó Chara Leathna go dorus Átha
Seanaigh don taobh shiar d'Éirne. Agus is eadh áirmhid
cách oile agus asinne gurab don roinn sin ó Inis
Saimhéir go Drobhaois siar agus tarsna ó Scéithóig an


L. 24


Phréacháin go Béal Átha na Méirleach siar agus go
Lios na dTorc 'na gcaithidís an dias dearbhrathar sin
.i. Cormac agus Nadhshluaigh féastadha iomdha; gonadh
ó líonmhaireacht na dtorc do marbhthaidhe ann adeirthear
Lios na dTorc ris, agus ón Lios céadna sin go
Brághaid na Caoile.



3. Madh áil fhios d'fhagháil créad fa ngoirthear
Brághaid na Caoile dhí: péist éagsamhail urghránna dár
bha hainm an Chaol. Agus is amhlaidh chaitheadh an phéist
sin a haimsir: do thigeadh go Fionnloch gach maidin
agus do fhanadh ann gach laoi go tosach oidhche agus do
théigheadh dá hiomdhaidh féin go Gleann na Caoile ar a
dtugaid cách Brághaid na Caoile ó sin anuas; agus
adeirid cách gur bhánuigh si ioliomad do thíortha 'na
timcheall feadh tréimhsi fada d'aimsir nó go dtáinic
an tailgeann Pádraig go hÉirinn; agus iar gclos
iomráidh na péiste dhó ro ghluais roimhe i n-athghoirid
gach conaire go ráinig Fionnloch mar a raibh an phéist.
Agus is amhlaidh do bhí an phéist agus í ar an oileán
thall; tug aghaidh ar an loch agus a craosbheol osluighthe
agus do ghabh ag iobhadh an locha 'na thonntaidh taoscacha;
agus iar sin tug lúbadh róchruaidh ar a corp agus do
éirigh i néallaibh an aidhéir agus i bhfraoighthibh na firmameinte
ionnas nár bh'fhéidir d'aon (a fhaicsin) cár
ghabh sí go ceann tréimhse fada d'aimsir. Iar sin
do chonnacadar í ag toigheacht 'na feithide adhuathmhair
d'ionnsuidhe an locha agus dá bualadh féin
síos ós cómhair a lucht faicsiona i n-aigéan an locha
ionnas gur chomhghluais íochtar an locha for a uachtar;
agus do bhí ag síobadh ar an órdughadh sin nó go ráinic
i gcomhfhogus tíre. Annsoin do oscuil a craosbheol
agus do scéith a hurchroidhe feadh an locha mar chith


L. 25


gainnmhidhe (nó) cloichshneachta agus go formhórach fa
shúilibh an tailginn gona chléircibh, ionnas gur mhachtnuigheadar
go mór an naoimhchléir re huamhan na hiolphéiste;
agus ar n-a fhaicsin sin do Phádraig tug fíoghair na croiche
'na thimcheall féin gona chléircibh agus do athain an
Coimhdhe cumachtach re n-a ndídean ar neimh na péiste;
agus ar dteacht i gcomhfhogus do thír dhi agus a craosbheol
foscuilte ar thí sluigthe na naoimhchléire do léig an
tailgeann gona chléircibh ar a nglúinibh iad agus do
ghuidheadar Dia go dúthrachtach fa neimh na péiste do
dhul tarsa fon tráth sin. Agus a tug Pádraig rogha
an urchair dia bhachaill i gcompar a cléibh don nathair
neimhe; agus do mhíorbhuile Dé agus Pádraig tug an
nathair neimhe a cúl fúithe agus do shín ar feadh an locha
ós a gcomhair agus do bhí a d'ioliomad a fola ag tiacht
gur dhearguigh an loch ón taobh go aroile an tráth sin
amhail gach fola eile. Iar sin adubhairt Pádraig:
"budh fíor, ar sé, go madh Loch Dearg budh hainm
don lochso ó niudh go Luan an Bhrátha. Gona dhe sin
a goirthear Loch Dearg d'Fhionnloch ó sin i leith do
mhóradh ainm Dé agus Pádraig tréas na míorbhuile sin.



4. Gonadh amhlaidh sin do roinn Fhearmanach agus
chondae Mhuineacháin idir an dá righdhamhna sin .i.
Cormac ó bhfuilid Síol Uidhir agus Nadhshluaigh
ó bhfuilid Mathghamhnaigh agus na finigheacha oile táinic uatha
for gach taobh; agus do bhí for an roinn sin ó soin i leith
anuas go haimsir Mhaghnuis Mhe Guidhir; go nach
áirmhithear gur goireadh aon rígh for Oirghiallaibh ó
aimsir Mhaghnuis i leith acht Mag Uidhir for Fhearmanach
agus Mac Mathghamhna for Oirghiallaibh; agus ba ní
neamhghnáthach sin i nÉirinn fa'n tráth sin, óir is é fa
gnás ann rígh do ghairm do gach fear forba nó fearuinn


L. 26


nó do gach árdcheann cundae i nÉirinn; agus do
bhídís 'na n-oighreadha dlisteanach ar n-a dtogha re
deaghdhaoine fíréanda do thuaith agus d'eaglais ann
gach cóigeadh agus ann gach condae i nÉirinn; agus
ag sin an fhoirm óirnighthe árdfhlatha do bhíodh acu fo'n
am sin go suighe an aimsir a rabhadar an dá mhac sin
Dhuinn Mhóir mic Raghnaill adubhramar thuas .i. Maghnus
agus Giolla Íosa i gcoimhfhlaitheas na cundae so Fhearmanach.



5. Ón Ghiolla Íosa so atángadar Ríoghraidh Fhearmanach
uile; agus ó Mhaghnus do shíoladar Clann Mhaghnusa
an tSeanaidh ann gach áit a bhfuilid; agus ó's d'oighrighibh
nó do dheaghdhíoghrais na ríoghfhlatha sin dhlighfinnsi
deagheolas d'fhágbháil ar réimheas a sinnsiribh, ní
bhainim le mórmhaitheas Chlanna na gColla ná le mórronnaibh
ar bith dá raibh acu i n-aon tír oile ann a ndearnsat
gabháltas i nÉirinn i n-aimsir na n-árdrighthe, acht ar
an mionroinn bhig so Fhearmanach agus chundae Mhuineacháin;
agus ar chomhaireamh tearmannach na condae
agus a taoiseach tuaitheadh feadh na haimsire ó Nadhshluaigh
anuas go haimsir na cloinne so Dhuinn; ar bheatha agus
ar bhás Mhaghnuis mic Duinn Mhóir, ar riaghlughadh agus
fhollamhnacht Ghiolla Íosa re linn bheo agus a d'éis
bháis a dherbhráthar .i. an Maghnus céadna.



6. Is iad fa taoisigh tuaithe is an chundae san am
sin .i. Maolruanaidh ó dtáid Clanna Uí Mhaolruanaidh
for uachtar an tíre; Mac Domhnaill for Chlainn
Cheallaigh; agus Clann Mheig Uinnseannáin for Thír
Cheannada agus for Fhearann Oireachta; O Maoladúin
for Lorg; agus O Flannagáin for Thuaith Rátha; agus
Mac Giolla Fheinnéin for Mhuinntir Fhuadacháin; agus
Giolla Coimhdhe for Bhaile Mhic Ghiolla Coimhdhe.


L. 27


7. Agus is iad fa tearmannaigh eaglaisi ann .i.
Muinntear Ghabhann for Dhrom Uilche agus O Corragáin
for Shépéal Mhachaire Mhílioch a bhaineas ris an gcill
sin; agus O Coigle for Chloinn Tibhrinn; agus Mac
Uí Mhaolchuill for Ghabhail Liuin agus O Dunagáin fós
agus muinntear Chairbre; agus Clann Mhic Scolóige
for Achadh Lurchair; Muinnter Olltacháin for Achadh
Bheithe; O Luinín, O Breisléin agus Muinntear
Bhanáin for Dhoire Mhaoláin; O Cianáin agus O Corcráin
for Chlaoininis; Muinntear Mhurchadha ar Shépéal
Fhearuinn an Mhuilinn; O Taithligh, O Miotháin agus
O Caitheasaigh for Dhaimhinis; O Caiside for Bhaile
Uí Chaiside; Clann Mhic an tSagairt i mBaile Mhic
an tSagairt; Muinnter Chonghaile i mBaile Mhic
an tSagairt; Muinntear Chonghaile i mBaile Uí
Chonghaile; Muinntear Treasaigh i gCill Tighearnach;
Clann Mhe Graith i dTearmann Mhe Graith; Muinntear
Leannáin for Inis Mhuighe Samh; O Fialáin agus Clann
Mhe Garacháin for Bhoith Uí Fhialáin; Clann mhic Giolla
Lasair, agus Muinntear Bhlaithmhic for Chill Lasair
agus for Theampull an Aifrinn; Muinntear Dhroma
for Chill Nádhaile i ndioces Chille Móire; Muinntear
Ghormáin for Theampull Ghuirmín agus for Chaladhchoill;
agus re Biocaireacht Chill Nádhaile a bhaineas an dá
Shépéal sin; Muinntear Dhúnáin for Dhomhnach agus for
Thulaigh na gCaorthann; ní áirmhid mar Eaglais í acht
an biocaire Mac Murchuidh dá cur suas le toil Mhe
Guidhir ar chomhgar Chlainne Chonghaile mar nach rabhadar
uireamhnach ag na teampullaibh parráiste eile agus do
coisreagadh é re heasbogaibh chum adhnaice do dhéanamh
ann; agus Sépéal Theampuill Mhaoil an Ghleanna
bhaineas re Teampull Pharráiste Chluaineoisi. Ní
dleacht i ndearmad Muinntear Choisigile .i. tearmannaigh


L. 28


Dhoire Bhroscaidh. Ag sin an líon tearmannacha
do fil i bhFearmanach re linn na cloinne sin
Duinn Mhóir mic Raghnaill.



8. Dála na mac sin .i. Maghnus agus Giolla Íosa,
cuirfeam síos annso bladh dá n-árdnósaibh agus an
modh ar a raibh an chondae fa n-a gcíos agus fa n-a
gcánachas acu ar feadh a ré agus a n-aimsire agus ag
a n-oighreadhaibh ó sin i leith. Dála Mhaghnuis mic Duinn
Mhóir an gcéin do mhair sé do bhí 'na rígh Fhearmanach;
is amhlaidh do thógadh a chíos ríoghdha i gceann
gacha bliadhna; agus is ann do thoisigheadh sé is an
gceann thíos don chondae ag Leic na nArm .i. ar Ráith
Mhóir Mhíodhluic; do chuireadh fios uaidhe ar thaoiseachaibh
an tíre .i. ar O Fhlannagáin Thuaithe Rátha agus ar
O Maoladúin Luirg; do cuireadh mar an gcéadna
teachta ar cheann a dhearbhráthar .i. O Domhnall; óir
do b'ionann máthair dhóibh; dóigh do b'í inghean Uí
Néill a máthair ar aon; do bhí sí pósta ag Donn Mór
tar éis bháis Uí Dhomhnaill.



9. Do bhí teach aoidheadh coitcheann aige Maghnus for
Ráith Mhóir Mhíodhluic agus do chaitheadh iliomad
fleadha agus féastadh ann ris na huaisle do bhíodh
'na thimcheall an feadh do bhíodh ag tógbháil an chíosa
sin ann agus do bhronnadh iliomad ionmhusa ann do
thuaith agus d'eaglais, d'éigsibh agus d'ollamhnaibh,
agus d'ógláchaibh a thire budh dhéin. Óir áirmhid lucht
fíoreolais nach raibh i nUlltaibh 'na aimsir aon tighearna
amháin ba mhó ionmhas agus éadáil 'ná é: agus go
háiridhe i mbuar i mbótháinte i n-eallachaibh agus i
n-innilibh i gcinéal gach maoine agus gacha maitheasa
'ná é.



10. Do fhanadh feadh míosa i dtigh na Rátha ag glacadh


L. 29


a chíosa ó na ríoghthaoiseacha sin íochtair Fhearmanach;
agus i gceann na ré sin iar nglacadh a cheada ag na
huaisle do ghluaiseadh go Bun Abhann Tearmainn
mar a mbíodh Ma Graith áit a gcaitheadh fleadha ádhbhalmhóra;
agus fa gnáth dó comhnuidhe oidhche do dhéanamh
ann; gonadh ann do ghlacadh a árthrach nó a chabhlach agus
an dara háit a ndéanadh comhsanadh nó ionad cuinne
re huaisle uachtair an tíre ag glacadh a chíosa uadha
.i. i nGabhail Liuin áit a mbíodh teach aoigheadh aige ré
mhíosa. Mar an gcéadna do thigdís uaisle an tíre 'na
thimcheall ann mar a bhí Mac Domhnaill Chloinne Cheallaigh,
Mac Uí Mhaolruanaidh agus gach aon oile dá oireachtaibh.



11. Do bhí d'iomad gnáthaidh ag a thír go huilidhe
air, ionnas nach raibh i nUlltaibh aon ruire ba thairise
agus ba fearr clú ag a mhuinntir agus ag gach aon 'ná
é 'na réimheas féin; agus is é ba ríoghphort comhnuidhthe
dhó .i. Port Dobhráin i gCnoc Ninne, áit a mbíodh
Ninne mac Adhnamhain ó n-ainmnighthear an cnoc sin.
Agus do bhí ar an órdughadh sin feadh chúig mbliadhan
déag agus fithche ag riaghlughadh agus ag follamhnughadh
na seacht dtuathann so Fhearmanach mar ba dhú do
thriath agus do thighearna, gan imreasan ná easaonta
idir chill ná tuaith ann fris an ré sin.



12. Agus mar is gnáth críoch ar gach flaitheas, táinic
iomad do thinneas éagsamhail agus galar guasachtach
air dá ngoirthear galar na n-alt; ionnas gur thuit i
seirg agus i síorchnaoi ar mhodh nach dtigeadh chum
búird ná chum leabtha gan iomchar idir a dheirbhdhílis
féin; agus do bhí trí bliadhna ar an órdughadh sin
ag a chnaoi ris na galraidhibh éagsamhla sin; agus anuair
do chlos fa na tuathaibh so Fhearmanach go dtugadar a
ollamhain leighis cúl fris agus bur baineadh dúil


L. 30


dá shláinte d'aisioc chuige, agus go bhfacadar nár
tógbhadh aon phighinn do chíos a dtighearna orra le
haimsir imchéin roimhe sin, mar is gnáth sealbh ar gach
síoriasacht, do mheabhraigheadar i n-a n-inntinnibh meabhlacha
míorúnacha go rabhadar an chlann fil ag a dtighearna
maoth, óg, agus nach rabhadar ionfheadhma do láthair an
trátha sin chum an tíre do chathadh nó do chosnamh, do
smuainigheadar gan an cíos sin do thabhairt d'aon
neach eile nó go dtigeadh féin dá ghlacadh is an bhfoirm
ghnáthaigh.



13. Iar n-a chlos sin do dhruing éigin d'fhíordhíoghrais
an tighearna do fhoillsigheadar dó é. Iar sin do
órduigh a bhuannadha nó a mhaoir thabhaigh do chur do
thógbháil an chíosa ar cuairt i dtimcheall na cundae;
agus ann sin do ghluaiseadar na feadhmantaigh gan
mhoill d'ionnsuidhe Uí Fhlannagáin ar dtús. Agus do
b'í freagra Uí Fhlannagáin orra nach dtiubhradh an
cíos sin uadha nó go bhfaicfeadh féin an tighearna dá
dtiubhradh é 'na sheasamh agus nach ba dísle dhó iadsamh
dá thaisceadh 'ná é féin. Agus an tan do chualadar
na maoir thabhaigh sin .i. an freagra easumhal sin Uí
Fhlannagáin, tugadar a n-aighthe ar airgne agus ar
éadála, ar bhuar agus ar bhótháinte Thuaithe Rátha do
thiomsughadh as gach aon áird a rabhadar seachnóin an
tíre, agus do leanadar muinntear Fhlannagáin iad
go n-a lucht leanamhna tarsna Shléibhe Dhá Chon nó go
dtugadar isteach na feadhmantaigh is an Ghlaic Mhanchaigh
.i. is an áit dá ngoirthear aniodh Clais an Chairn; agus
do ionnsuidheadar na feadhmantaigh agus muinntear
Fhlannagáin a chéile; agus do marbhad iliomad eatara
ar gach taobh maille re hO Flannagáin féin mar aon
le mórán dá mhuinntir agus cúig fir dhéag do dheirbhdhílis


L. 31


dhílis an tighearna go n-iomad eile nach áirmhighthear;
agus an feadh do bhí an imreasan ar siubhal do rugadar
mná agus miondaoine Thuaithe Rátha na ceathra tar a n-ais.



14. Tugadar an líon a tháinic as an iomghuin sin
scéala go rígh Fhearmanach amhail mar tharla ann ó
thús go deireadh, agus an líon do marbhadh ar gach
taobh ann. Do hainmnigheadh fós na cúig fir dhéag
sin do marbhadh dá dheirbhdhílis féin agus ba hathtuirseach
Maghnus Ma Guidhir de sin; agus cuireas feasa
agus teachta uadha ar a phríomhchomhairleacha, mar do
bhí eaglais a thíre agus a thalaidh féin, a ollamhain
sheanchais agus leighis, agus móroireachta na cundae ó
sin amach, an mhéid do bhí 'na ghoire dhíobh; agus
do-chuaidh i gcruth ceasta agus comhairle do dhéanamh leo;
agus iar bhfoillsiughadh na heasumhlachta sin Uí Fhlannagáin
dóibh agus marbhtha a mhuinntire maille re gach
díoghbháil eile dá dtarlaidh as a bhithin, do fhiafruigh do
na móruaisle sin idir chill agus thuaith créad an
chomhairle do dhéndís um an ádhbhar sin?



15. Do fhreagair O Breisléin dó agus is eadh
adubhairt: "Atá agaibhsi, a thighearna, do láthair
annso furmhór taoiseach do thíre, an mhéid a mheasmaoid
do bheith dlisteanach dhíobh i bhféagmhais thaoiseach
íochtair na cundae, agus ní dóidhche O Flannagáin a
dhul ann bhar n-aghaidhse 'ná O Maoladúin agus na
hoireachta eile fil i n-aon chineadh leis; agus goirthear
annso i bhfód fa leith a bhfuil do láthair dot uaislibh,
idir thuaith agus eaglais, agus rannsuighthear an
t-ádhbhar acu agus féachaidís an éarach dlighthísi i mbás
bhar muinntire agus is an easumhlacht a fuarais fa do
chíos dlisteanach féin.


L. 32


16. Do moladh an chomhairle sin Uí Bhreisléin le
cách uile agus do-chuadar na huaisle sin i bhfód fo
leith agus is í comhairle ar ar cinneadh acu gach éarach
ná ionaclann do bheith ó cheachtar dhíobh go aroile, do
bhrígh gur marbhadh mórán ar gach taobh ann, agus go
háiridhe gur thuit O Flannagáin féin, acht gach aon dá
raibh beo a bheith beo; agus gach aon dár marbhadh ann
a bheith samhlaidh; agus do iarradar ar O Breisléin
an breitheamhnas sin d'fhoillsiughadh. Agus iar sin do
ghluaiseadar do láthair rígh Fhearmanach go colbha na
hiomdha 'na raibh.



17. "Iseadh, a mhórmhaithe, ar sé, créad mar a fuarabhar
an t-ádhbhar sin?" Is eadh adubhairt O Breisléin:
"A thighearna, ar sé, gibé do dhéanmaoisne ann gach
míothapaidh dá dtarlaidh ann ní thig dúinn dortadh na
fola ná éag na ndaoine do mhaitheadh; acht má chítear
dhíbhse é, is é ní ar ar fanadh againn gan éaracas ann
bhar muinntir ná ann sna cúig fearaibh déag do marbhadh
uaidh: agus do bhrígh gur leor uireasbhadh Thuaithe Rátha
.i. O Flannagáin do mharbhadh uatha, do shaoramar iad
oraibhsi acht bhar gcíos ríoghdha d'fhagháil uadha ó so suas."



18. "Ní deighbhreith sin fhoillsigheas tú, a Uí Bhreisléin,
acht leathbháid fuil agat ré hO Flannagáin, do bhrígh
gurab as Fánaid dhuit féin agus dot shinnsiribh romhat;
agus dá bhrígh sin cuireocha misi ort é i láthair go
ndearnabhar claoinbhreith; óir is dearbh go ndligheann
gach óglách urraim dá thighearna agus a cheart dlisteanach
do thabhairt dó; agus mar sin nach dearnadar umhla
ná urraim dá dtighearna an uair nach dtugadar mo
cheart féin damhsa; agus mar sin gur cóir dóibhsiomh
éarach do thabhairt dhamhsa i mbás mo mhuinntire, mar
bhéaraid go fóill."


L. 33


19. Iar sin do dáileadh fleadha agus féastadha ar
na ghárdmhaithe sin i ríoghphort Dobhráin go ceann trí
lá gona n-oidhche. Annsin do ghlacsat a gcead ag
rígh Fhearmanach agus do ghluaisset dá dtighthibh budh
dhéin. Iar n-imtheacht do na huaislibh sin do chuir
Maghnus fios uadha ós íseal ar O Luinín agus ar
O Caiside; agus ar dteacht dóibh do rug ar cholbha a
leapa chuige iad agus do fhiafruigh díobh créad an
breathnughadh do bhí acu ar gach saobhthagra dá ndearnsat
na huaisle sin ar leithscéal Uí Fhlannagáin.



20. "Is é thuigimsi, a thighearna, ar O Luinín, go
mothuighid sibh ar díth bhar sláinte agus i ngalar doleighis,
agus gurab é sin tug meisneach dhóibh gach ní dá ndearnadar
do dhéanamh, mar is iontuigthe dhuit féin agus
do gach duine eile i n-a bhfuil tuigsi; do bhrígh nár
ghabhadar do láimh éirghe oidhche ná lae do dhéanamh it
aghaidhsi a riamh roimhe an feadh do bhís ann do shláinte
nó ó do ghabhais inmhe."



21. "Taire chugat, a Uí Luinín, ar Maghnus, bíodh a
fhios agaibhsi, gion go síleann na huaisle so Fhearmanach
é, go bhfuil oighre ionfheadhma do láthair oramsa ag a
bhias follamhnughadh do láthair na cundae so go suighe
an seachtmhadh glún im dhiaidh; agus dá mbeinn ar mo
shláinte mar do bhíos teora bliadhain (ó sin) do dhéanfainn
sampladha soilléire dhíobha súd do budh follus
do na tíortha fa coimhneasa dhóibh; agus ó nach bhfuilim
mar sin, glóir do Dhia go bhfuil fear m'áite 'na oighre
dhlisteanach agam re smachtughadh na dtaoiseach so
Fhearmanach agus nach gabhann breitheamhnas Uí Bhreisléin
gan éarach d'fhagháil 'na mhuinntir uadha, mar atá mo
dhearbhráthair .i. Giolla Íosa Ma Guidhir. Agus, a Uí Luinín,
scríobh dhamhsa litreacha d'ionnsuidhe mo dhearbhrátharsi


L. 34


.i. Giolla Íosa, suas don mBréifne; agus
ag so mar scríobhas tú iad .i. tigeadh sé chugamsa
gan mhoill go suighe an baile so; agus cuir mo ghiolla
turais féin ar siubhal go luath ris na litreacha sin,
agus do thabhairt scéal na heasumhlachtasa thaoiseach
Fhearmanach dhó."



22. Iar sin téid O Luinín agus O Caiside ar fód fo
leith agus do scríobhadar na litreacha sin mar a
hórduigheadh dhóibh; agus iar n-a scríobhadh dhóibh tángadar
ar a n-ais mar a raibh a dtighearna; agus do
léig sé na litreacha agus do thaitin leis mar do cuireadh
síos iad; agus do b'éigean a lámh do chongbháil 'na
comhnuidhe an feadh do bhí sé ag scríobhadh a anma orra
do bhrígh go raibh crith ar a láimh.



23. Do goireadh iar sin ar dhias dá ghiollaibh turais
chuige agus a tug ór agus airgead dhóibh re hucht
imtheachta agus do ghluaiseadar rompa iar sin i
n-athghoirid gacha conaire ar bhfágbháil ar rightheaghlaigh
ag caitheamh fleadha agus féasta, agus urgháirdiughadh
meanman agus aigeanta i bhfochair a chéile; agus ní
haithreastar a bheag dá scéalaibh go rángadar na
teachtaibh sin go tigh Uí Raghallaigh isin mBréifne mar
a raibh Giolla Íosa Ma Guidhir .i. ádhbhar rígh Fhearmanach;
agus do thoirbhearadar na litreacha sin a
dhearbhráthar dhó agus iar n-a nglacadh do léigh iad;
agus ní luaithe do thuig brígh na litreacha ná do chlaochlaidh
a dhealbh agus a dhéanamh; agus do éirigh scoith fa ruinn
a ruisc agus a radhairc ionnas go ro chriothnuigheadar
teaghlach a sheanathar go huilidhe le huamhan an chlaochlóidh
a tháinic air do bhithin na scéal do-chuaidh chuige; agus
glaodhas ar a lucht coimhéada agus coimhideachta dá
ionnsuidhe agus fógras dóibh na heich do ghabháil agus


L. 35


a tug lámh ar armaibh agus do ghabh uime gan fhuireach.
Agus iar sin táinic a sheanathair .i. Rígh Bréifne, dá
ionnsuidhe agus ro fhiafruigh dhe créad dá dtáinic na
scéalta dá dtarlaidh an claochlódh mór do thiacht ar
a ghnúis nó ar a dheilbh.



24. "A athair ionmhuinn, ar sé, ní fhéadaim sin
d'innsin, agus ó nach féadaim, léig na litreacha so
agus doghéabha sibh gach scéala dá bhfuil agamsa ionnta."



25. Iar sin do léig rígh Bréifne na litreacha agus
adubhairt gur thruagh na reachta sin dá chuireadar a
oireachta féin righ Fhearmanach ar scíth a lúith agus a
lámhaigh i gcróthluighe leapa, "agus is uras aithne go
bhfuil samhlaidh anuair do ghluaiseadar nó do thaisbeánadar
na taoisigh sin Fhearmanach a n-easumhlacht
'na aghaidh; dóigh ní raibh i nUlltaibh ré mo linnse aon
rígh do láimheochadh a cheart féin do chongbháil uadha, nó
fós dá mbeith cáil don éagcóir féin aige, acht ní áirmhim
aon ní dhe sin; acht is iongantach liom féin agus fós is
iongnadh mór idir chách uile agus tighearnaidhe Éireann
a rádh go bhfuaradar taoisigh ar bith ionnta féin éirghe
amach i n-aghaidh a dtighearna fa n-a chíos féin d'iarraidh
orra."



26. Iar sin do dáileadh fleadha agus féasta ar an
rightheaghlach sinn uile agus go háirighe ar na giollaidhibh
turais, ionnas gur bha subhach soimheanmnach cách uile.
Iar sin do éirigh Giolla Íosa agus do léig ar a ghlúnaibh
i bhfiadhnaisi a sheanathar é agus do iarr a bheannacht,
agus a tug sé sin dó maille le deaghthoil; agus
gluaiseas roimhe i n-athghoirid gacha conaire agus ní
haithreastar a imtheacht go ráinic ríoghbhrugh comhnuidhthe
a dhearbhráthar féin .i. Port Dobhráin agus do éirgheadar
an ríoghtheaghlach sin uile 'na choinne agus 'na chómhdháil


L. 36


agus do phógadar go díl diochra deaghthairis é.
Do-chuaidh na giolladha turais mar a raibh an tighearna agus
do inniseadar dhó Giolla Íosa do theacht. "Tugaid
m'éadach chugam, ar sé, nó go ndeachainn amach i measc
an teaghlaigh 'na choinne."



27. Do ghabh dís deaghlaoch na thimcheall agus do
thógbhadar amach i measc an teaghlaigh é; agus do
éirigh Giolla Íosa 'na choinne, agus do phógadar go
dil diochra deaghthairis a chéile; agus do shuigheadar i
bhfochair a chéile; agus do dáileadh fleadh agus féasta
somhilse so-óla forra gur bha subhach soimheanmnach
uaisle agus ísle na ríoghbhruighne sin. Do labhair
Maghnus iar sin agus is eadh adubhairt: "Is mór an
biseach meisnigh agus sláinte dhamhsa do theacht, a
dhearbhráthair, ar sé, agus measaim dá mbeith níos mó
le teacht chugam dot shórt go dtiubhradh mo shláinte
uile chugam."



28. Iar sin do folcadh búird ioldathacha agus ríoghtheaghlaigh
agus do dáileadh togha gacha bídh agus gacha
dighe forra; agus an uair a tháinic am suain dóibh
do iarr Maghnus iomdha Ghiolla Íosa do dhéanamh i
n-aon seomra ris féin ionnas go ndéandís a gcomhairle
re aroile. Do rinneadh amhlaidh sin.



29. Mar sin dóibh go maidin ar n-a mhárach agus
ann sin do labhair Maghnus agus is eadh adubhairt:
"A dhearbhráthair, a Ghiolla Íosa, ar sé, do-chualais
cheana an modh ar ar eirigheadar na taoisigh so Fhearmanach
amach im aghaidhsi agus gach díoghbháil dá dtáinic dhe .i.
na cúig fir dhéag dom dheaghdhíoghrais do mharbhadh san
imreasain leo agus mo chíos do bheith dom dhíth re
tréimhsi d'aimsir; agus is uime do chuireas fios
oraibhsi, gidh gur mhaith linn th'fhaicsin, chum go ndéantá


L. 37


díoghaltas i mbás mo mhuinntire agus go bhfaghthá
éarach ionnta; agus fós chum go dtugthá mo chíos
chugam d'aimhdheoin na dtaoiseach sin."



30. "Is fíor, a dhearbhráthair, ar Giolla Íosa, gach
ní is áil leat-sa do dhéanamh is an ádhbhar sin go bhfuilimsi
réidh ullamh dochum do thola do dhéanamh."



31. "Maseadh, ar Maghnus, is í mo chomhairlesi dhuit
gan comhnuidhe do dhéanamh ar maidin amárach nó go
roighthe tú Sliabh Dhá Chon .i. sliabh a fil i gcomhfhogus
teoranna na críche so agus Bhréifne Uí Ruairc; agus,
a dhearbhráthair, do righfeása a leas a bheith eolach
neamhainbhfiosach i dteorainn na críche so Mhanach 'na
huirthimcheall gach aon áird, do bhrígh go bhfuilimsi
aosta neamhábalta chum féachain uirthe dá follamhnughadh
ar aonchor, agus mar sin gur dócha tú féin do dhéanamh
feadhma do gach ní dhlighfinnsi d'fhagháil is an chondae
'ná mé féin; agus fós dlighe tú eolas d'iarraidh go
minic ar an tí ga measfaidh tú a fhagháil; agus fios
anmann na gcnoc d'fhagháil agus gach tuaithe tíre is an
chondae; agus fós fios na seananmann oirdhheirc
bhíos ann, mar atá ann Sliabh sin Dhá Chon; óir is ó dhá
choin lé Fionn do cailleadh is an sliabh sin le diabhaltanacht
nó le heasurlaidheacht adeirthear Sliabh Dhá
Chon ris; agus ba Gleann Caoin ba hainm dhó nó gur
athbhaist Fionn an t-ainm sinn fair iar gcailleadh a dhá
chon ann le draoidheacht Chlainne Lir; agus dá bhrígh sin
gabh thusa teagasc an duine eagnaidhe adubhairt an
rannsa:





32.
"'Madh fiafruightheach budh feasach,
Glic an éigse ilchleasach,
Solus na ceasa ad chluinidh,
Dorus feasa fiafruighidh."


L. 38



33. "Mar sin nach déanta dhuitsi faillighe nó dearmad
gan an chomhairle sin do ghlacadh, agus ná déantar
comhnuidhe riot anois nó go roiche tú teagh mo dhearbhrátharsa
i mBéal Átha Seanaigh .i. teagh Uí Dhomhnaill,
agus innis dó an easumhlacht so Uí Fhlannagáin; agus
ní hé O Flannagáin amháin acht na taoisigh eile do
réir mar a thuigim ó na feadhmantaigh atá ag iarraidh
ann chíosa eatara; agus aithris dó mar an gcéadna
bás na gcúig bhfear ndéag dom mhuinntirsi do thuit re
hO Flannagáin; agus innis a n-anmanna dhó; óir
do b'eolach dhó féin iad a bhfus agus thíos; agus cuireadh
sé fios ar O Gallchabhair agus ar O mBaoighill agus
ar na trí Macaibh Suibhne agus ar gach aon chonspul
oile dá bhfuil i dtuarastal aige ó sin amach; agus
tabhairse líon sluaigh agus sochraite leat dhíobh go
Gleann Dhá Chon mar a bhfuil na seacht n-airidhe agamsa;
agus tabhair mart bainne nó samhaisc do gach aon
dhíobh sul iarrfas tú aon lá seirbhísi orra; agus dá
réir sin do gach conspul nó go rabhaid sásta; agus
cuirdís féin líon a tiomnána daoine leo go Tír
Chonaill; agus iar sin gluais leat an sluagh sin agus
ná fág taoiseach ná conspul i n-íochtar Fhearmmanach nach
dtiubhraidh tú i nglais láimhe nó i ngéibheann chugamsa
annso."



34. Iar sin do gléasadh a n-eich dhóibh .i. do Ghiolla
Íosa agus don bheagán buidhne do bhí leis agus adubhairt
Maghnus a éideadh féin do thabhairt dhó, agus do rinneadh
amhlaidh sin agus iar n-a ghabháil uime, adubhairt Maghnus:
"go meala tú an chulaith sin agus go madh for shéan
uaire agus aimsire dhuit dá ghabháil umat"; agus
annsin do fhógair don mharcshluagh togha gacha biotáille
do bhreith leo i n-oirchill na slighe; agus an tan fa


L. 39


réidh innilte iad do éirgheadar amach agus do ghlacadar
a gcead agus ní haithreastar a scéala go rángadar
Átha Seanaigh.



35. Agus an uair do chualaidh O Domhnaill Giolla
Íosa Ma Guidhir go n-a mharcshluagh do thiacht ar an
bhfaithche amuigh a táinic amach 'na gcoinne agus 'na
gcómhairchis agus do phóg do díl diochra Giolla Íosa
agus do rug leis isteach dá halla é, agus do dáileadh
fleadha somhilsi so-óla forra; agus mar sin do
chaitheadar a n-aimsear go suighe am na gnáthchomhranna,
agus annsin chuireadar a bproinn i n-áit ionchaithmhe
agus do chaitheadh leo í go soilbhir soghrádhach i bhfochair
a chéile go ham suain; agus annsin do-chuaidh O Domhnaill
féin le Giolla Íosa Ma Guidhir dá iomdhaidh
codalta agus a tángadar na dáileamhain 'na ndiaidh
le cuirm shomhilsi sho-óla. A n-iomthús go suighe sin.



36. Iar sin do labhair Giolla Íosa ris O nDomhnaill
agus do innis dó gach easumhlacht dá ndearnadar
taoisigh Fhearmanach re n-a dhearbhráthair; agus mar do
marbhadh cúig fir dhéag dá mhuinntir re hO Flannagáin.
Do fhiafruigh O Domhnaill: "cia haca do ghnáthmhuinntir
mo dhearbhráthar, ar sé, do marbhadh?"



37. Do innis Giolla Íosa a n-anmanna uile dhó.
"Dar an gCathach fa n-iadhann Tír Chonaill, ar O Domhnaill,
ní rachaidh an sárughadh sin mo dhearbhrátharsa le
taoiseachaibh Fhearmanach ná marbhadh a mhuinntire;
dóigh is iomdha oidhche agus lá do chaitheassa i measc
an teaghlaigh sin agus na gcúig bhfear ndéag sin do
marbhadh díobha; agus is deimhin liom ná raibh tighearna
i nUlltaibh nach raibh a sháith do ghuaillidhe nó d'ionnsuidheach
ann gach aon dhíobha fo leith; óir atáimsi 'na


L. 40


n-eolas ó aimsir mo naoidheandachta gus an aimsir
dhéidheannach so":



38. Agus annsin do innis Giolla Íosa dhó gach
teachtaireacht dár chuir a dhearbhráthair chuige. Annsin
do fhreagair O Domhnaill do Ghiolla Íosa is in teachtaireacht
sin, agus is eadh adubhairt go rachadh féin agus
an mhéid do-ghéabhadh ris do dhéanamh díoghaltais ar na
taoiseachaibh sin Fhearmanach is na míoghníomhaibh do
rónsat is in n-easumhlacht a tugadar dá dtighearna;
agus tar éis na mbriathar sin do rádh do O Domhnaill
cuireas feasa agus teachta ar O mBaoighill agus ar
O nGallchubhair agus ar na trí Macaibh Suibhne dá
ionnsuidhe go hÁtha Seanaigh go n-a muinntir uile do
bheith leo.



39. Do chruinnigheadar na sochraide sin gan fhuireach
go hÁtha Seanaigh agus do b'é a líon iar gcruinniughadh
dhóibh .i. seacht gcéad fear n-armtha n-éidighthe ionchómhlainn;
agus adubhairt Giolla Íosa "molaimsi an
deaghmhuinnnearsi Uí Dhomhnaill, ar sé, agus is ionmholta
iad anois ó tharla riachtanas riú do láthair."



40. Agus iar sin téid féin agus O Domhnaill an
dara feacht dá bhféachain; agus adubhairt Giolla Íosa
i measc na sluagh sin do ghuth árd mhór fhollus ghlan:
"tigidhsi liomsa, a dheaghmhuinntear, ar sé, anois ar
shéan uaire agus aimsire, óir ní iarrfadsa lá ná oidhche
do bhar seirbhís nó go dtuga mé luach bhar saothair dhíbh
roimhe a dhul chum seirbhísi dhíbh."



41. Iar sin adubhairt O Domhnaill, "gluaisidh, a
dheaghmhuinntear, ar sé, ar na coinghiollaibh úd mhic
Rígh Fhearmanach ar mo bheannachtsa agus bíodh fhios
agaibh gurab é mo theagascsa dhíbh gach comhairle dá
dtiubhraidh Giolla Íosa Ma Guidhir dhíbh go filleadh


L. 41


arís do ghabháil; amhail is mar dhéanfadh sibh im thimcheallsa
do dhéanamh uime dá bhfaghadh sibh dom ionarbadh
mé amach as Tír Chonaill."



42. Annsin adubhradar na conspuil nó na cinn
feadhna sin: "A mhic ionmhainn Dhuinn Mhe Guidhir,
ná bíodh uamhan ná imeagla ort nach biaidh sinne
fírinneach díleas dhuit; óir do-bhéaram mionna dhuit
go mbiam cóimhdhíleas dhuit agus do bheithmhís d'O
nDomhnaill an gcéin a bhiam ar aonrian leat for an
slighe so."



43. 'Na dhiaidh sinn do ghluaiseadar d'aon-aitheasc
agus a d'aon-aonta for shéan uaire agus aimsire go
Leic na nArm agus níor hoiriseadh leo nó go rángadar
Sliabh Dhá Chon airm a mbádar na ceathra agus an
áirnéis sin Mhaghnuis ag a aodhairidhe féin dá gcumhdach,
agus do fhógair Giolla Íosa dhóibh na ceathra do
thabhairt ar aon láthair; agus do rinneadar amhlaidh sin.



44. Agus a tug Giolla Íosa mart i láimh gach aoin
aca agus do seacht gcéad do bhádar 'na fhochair ann;
agus cuireas na hárdmhaithe sin lucht tuillmhe leo dá
ndúthaigh féin go Tír Chonaill; agus 'na dhiaidh sin
do ghluais féin agus a shluaghbhuidhean rompa feadh
Thuaithe Rátha ionnas nár fhágbhaidh ceann tighe san
tuaith thíre sin nár chuir i nglasaibh agus i ngéibheannaibh
go Port Dobhráin; agus adubhairt ris an mbuidhin
do-chuaidh riú a rádh re n-a dhearbhráthair gach éarach
do chífidh dhó féin do bhuain díobha sin i n-éaraic a
dheaghmhuinntire agus na heasumhlachta a tugadar dhó
"agus innsidh dó, ar sé, go ndeachassa go Tuaith Luirg
mar a bhfuilid ann chuid eile dá lucht easaonta." Agus
mar sin do cuireadh na braighde sin Thuaithe Rátha ar


L. 42


siubhal agus lucht coimhéada leo agus gluaiseas féin
agus a shluaghbhuidhean go rángadar go Tuaith Luirg
agus do rinneadar foslongphort an oidhche sin i mbarr
Ghlinn Dorcha isin bhfearann dá ngoirthear Srath na
dTarbh aniudh;



45. Agus is uime goirthear Srath na dTarbh dhe ó
chomhrac an dá tharbh do bhí i nUlltaibh, an Donn Chuailgne
's an Finnbheannach; an Donn Chuailgne ó n-a bheith
donn dia dhath, agus a bhreith i gCuailgne: an Finnbheannach
umorro .i. gilighthear re sneachta aoinoidhche na
beanna bhádar fair, gonadh Finnbheannach Mhuighe Aoi;
gona uadha sin a goirthear an dá ainm sin dhíobha .i.
an Finnbheannach agus an Donn Chuailgne; agus
léightear isin stair darab ainm Táin Bó Cuailgne
gurab ó chomhrac an dá tharbh sin re chéile i Srath na
dTarbh adeirthear Srath na dTarbh ris, agus gach ainm
eile dá bhfuil i nÉirinn nach sloinntear as tarbh ar aonchor.



46. Gleann Dorcha, fós, is uime adeirthear .i. lá
d'áirighe dá ndeachaidh Fionn ann do sheilg agus mórán
eile don bhFéin mar aon fris; agus áirmhid go raibh
an Gleann chomh dorcha agus sin nár léir dhóibh cnoc
ná cabhán dá fhoigsi dhóibh an feadh do bhádar ann; gonadh
ann do rinne Fionn an tarngaire darab tosach an rann so:




47.
Gleann Dorcha cidh dorcha, dubh,
Aoibhne a thulcha 'ná gach treabh;
Gleann garbhdharach dá lean lon,
Fa threibh scol dealbhanach ghlan.




48. Acht ní háit so don tarngaire sin, agus ní
leanta dhúinn dhí ní is sia, acht labhram ar an ádhbhar


L. 43


rígh sin Fhearmanach go n-a mhuinntir. Iar gcomhnuidhe
dhóibh ar an Srath reamhráite sin na dTarbh do chuireadar
buidhne amach as an arm for gach taobh 'na thimcheall
agus a thugadar buar agus bótháinte leo as feadhaibh
agus as fásachaibh Fhearmanach agus ó ghleanntaibh Fhear
Luirg dochum an champa; agus do marbhadh iomad
dhíobha agus do rónsat botha agus bélscátha ann agus
do chaitheadar an oidhche sin go soilbhir soghrádhach ann.



49. Agus ar n-a mhárach a táinic O Maoladúin,
Ma Graith agus uaisle an tíre ar cheana chuca, agus
iliomad do gach sórt bídh agus biotáille dá raibh
gnáthach san tír an tan sin leo; agus do fháiltigheadar
na hárdmhaithe sin timcheall roimhe Ghiolla Íosa Ma
Guidhir agus do fhuráladar miodh agus cuirm air féin
agus ar na huaisle sin Thíre Chonaill; agus do cuireadh
'na suighe iad iar sin timcheall ádhbhar an rígh sin Fhearmanach
agus do dáileadh biadha saora sochaithmhe agus
deocha míne meisceamhla forra.



50. Annsin do fhiafruigh Giolla Íosa d'O Maoladúin
créad do b'ádhbhar dhó chum na heasumhlachta do rinne
sé i n-aghaidh a thighearna fa n-a chíos féin do thabhairt
dó. Annsin adubhairt O Maoladúin nach d'easumhlacht
do rinne sé féin aon ní dá ndearna ann, acht do dhíth
nach bhfacaidh an tighearna féin 'na sheasamh le n-a
thabhairt dó, "agus anois atámaoid umhal le bhar gcíos
do thabhairt dhíbhsi i n-ionad bhar ndearbhráthar."



51. "Maseadh, a Uí Mhaoladúin, ní ghlacfaidh misi
an cíos sin uaidsi an feadh mhairfeas mo dhearbhráthair;
óir do hinnseadh mórán d'easumhlacht agus d'aimhriaghail
oraibhsi an Tuaith so Luirg, agus ortsa féin go sonnrádhach;
agus is í mo chomhairle dhuitsi thú féin d'imtheacht
anois go Port Dobhráin ris an chíos sin agus


L. 44


thú féin do ghabháil do leithscéil ris, óir ní ba réidh
misi nó go mbainidh mé bhar n-easumhlacht asaibh; dóigh
do gheall mé dom dhearbhráthair nach bhfúigfinn ceann
tighe ná tuaithe im dhiaidh i bhFearmanach nach béarainn
dá ionnsuighe maille re n-a chíos d'fhagháil uatha do
dheoin nó d'aimhdheoin. Agus dá bhrígh sin éirigh thusa,
a Uí Mhaoladúin, d'ionnsuidhe mo bhráthar agus bíodh
Ma Graith leat, óir is tromchomhairleach mór air é,
agus innseadh sé gacha slighe ann a bhfuil an tírsi."



52. Iar sin do chaitheadar seal ar ól agus ar aoibhneas
agus ar urgháirdiughadh meanman agus aigeanta.
Do fhógair Giolla Íosa do na conspulaibh sin a n-airm
do ghabháil agus adubhairt re hO Maoladúin a choinghioll
do chomhall; agus gluaiseas féin agus a shluaghbhuidhean
go tuaith Thíre Cheannada, iar nglacadh a gceada ag
uaislibh Luirg, mar a raibh Clann Mhe Guinnsionnáin
an tan sin agus gach fine eile dá raibh maille ris,
mar do bhí O Duibhín, O Seaghdhannáin, agus Clann
Mhic Anuisce agus iomad d'fhinigheachaibh uile nach
áirmhighthear sunna. Agus do rinneadar comhnuidhe ar
an gcnoc darab ainm Craobh Uí Fhuadacháin mar a
mbíodh muinntear Fhuadacháin; agus cuireas feasa
agus teachta uadha ar mhaithibh an tíre agus do órduigh
dóibh teagbháil dhó ar an gCraoibh chéadna agus a tug
O Seaghdhannáin agus O Fuadacháin cuirm na hoidhche
sin dó do bhiadhaibh saora agus do gach sórt biotáille.



53. Mar sin dóibh go héirghe gréine ar n-a mhárach;
agus do chruinnigheadar árdmhaithe an tíre sin dá
n-ionnsuidhe agus do fhiafraigh Giolla Íosa dhíobh an
dtugadar an cíos do bhí orra leo. Adubhradarsan
nach raibh sé acu do láthair, gidheadh nach lughaide do
bhádar umhal chum a dhíola gan a bheith acu an lá sin.


L. 45


Do fhógair Giolla Íosa Ma Guinnsionnáin do ghabháil
agus an mhéid do bhí i láthair dá chineadh. Iar sin do
gabhadh iad gan fhuireach. Annsin adubhairt Giolla Íosa
Ma Guidhir: "Múinfeadsa dhíbhsi gan a bheith easumhal
níos sia fa bhar gcíos do dhíol gach uair bhus cóir dhíbh;
agus do-chífe sibh féin gach áit agus gach ionad 'na
ndearnabhar éagcóir ar mo dhearbhráthair fa n-a chíos
dlisteanach féin; agus bíodh fhios agaibh go bhfoillseochadh
dhíbh fós bhar míoghníomha go hiomlán."



54. Gidheadh cheana do naisc coinghioll orra um
theagbháil dhó i bPort Dobhráin lá áirighe do hainmnigheadh
eatorra ar an láthair sin; agus a tug cead a scaoilte
nó a léigean amach. Ciodh thrácht, dála Ghiolla Íosa
féin, ní dhearnaidh oiriseadh ná comhnuidhe gur thimchill
sé na seacht dtuatha so Fhearmanach don ruathar sin
agus níor fhágbhaidh ceann tuaithe tíre innte nár chuir
i nglas láimhe nó coise nó go rángadar i bhfiadhnaisi
a dhearbhráthar go Cnoc Ninne ar n-a gcur fa ghuin
ghaoi agus chloidheimh dhóibh.



55. Mar sin do lean féin agus na maoir thabhaigh
sin do bhí ris go n-a gconspulaibh go Port Dobhráin
iad; agus do fuair na braighdibh sin roimhe ann;
agus do-chuaidh mar a raibh a dhearbhráthair gan fhuireach
agus do fháiltigh Maghnus roimhe agus adubhairt Giolla
Iosa: "créad fa bhfacas dhíbh, a dhearbhráthair, ar sé,
na braighde do chuireas chugaibh do chongbháil i ngéibheann
an fad so gan bhar gcíos d'fhagháil uatha nó gach ní dá
ndéanfaidís fa dheireadh do dhéanamh i n-am chum
sásadh do thabhairt uatha ann gach míoghníomh dá ndearnsat
bhar n-aghaidh?"



56. Do fhreagair Maghnus é agus is eadh adubhairt:
"A dhearbhráthair, ar sé, is iontuigthe dhuitsi agus do


L. 46


gach aon eile nach rabhassa ionfheadhma ris an aimsir
so a bhfuilim ag coimhéad na leapa; agus dá bhrígh sin
nach rabhas ionaighnis ris na taoiseachaibh so Fhearmanach,
níor léigeas im láthair iad nó go dtigtheá féin chucha;
agus anois gach ionaclann is toil leat féin do bhuain
dhíobh atáimsi ullamh réidh air."



57. Iar sin téid Giolla Íosa i measc an teaghlaigh
agus glaodhas ar na dáileamhain agus adubhairt riú
freastal agus fritheolamh friochnamhach do dhéanan ar
na huaislibh sin Thíre Chonaill an feadh do bheithdís san
mbaile. Do innis na dáileamhain go raibh a ndóthain
do gach sórt biotáille aca re fagháil maille re gach
sórt corma eile is riachtanas do láthair, "agus dá
bhrígh sin curthar na huaisle sin 'na suidhe in bhar dtimcheall
san ríghalla agus goirthear ar gach sórt corma
is tocha leat chuca agus do-ghéabhair é."



58. Iar sin do éirigh Giolla Íosa 'na sheasamh agus
do glaoidh féin ar O mBaoighill agus ar O nGallchubhair
agus ar na trí Macaibh Suibhne agus ar gach conspul
eile dá raibh 'na fharradh ar an slighe sin; agus 'na dhiaidh
sin ar thaoiseachaibh Fhearmanach agus do cuireadh 'na
suidhe iad uile agus do dáileadh miodh agus cuirm
forra gur bho measctha meadharchaoin uile iad .i. uaisle
agus árdmhaithe Thíre Chonaill agus Fhearmanach i bhfochair
a chéile.



59. Annsin do fhiafraigh Giolla Íosa do na taoiseachaibh
sin Fhearmanach an raibh a gcíos acu le tabhairt
dá dtighearna. Adubhradarsan go raibh. "Maseadh
tigidh, ar Giolla Íosa, tigidh liomsa do láthair mo
dhearbhráthar nó go ndíola sibh bhar gcíos ris. Agus
iar sin do ghabh a chead ag na huaisle sin Thíre Chonaill
agus fógras ar na dáileamhain mórán do dhéanamh


L. 47


dhíobh go filleadh dhó féin do rís: agus do rug na
taoisigh sin leis mar a raibh a dhearbhráthair agus do
iarr orra an cíos sin do chómhaireamh chuige.



60. Iar sin do éirigh O Maoladúin .i. taoiseach Luirg
agus do thug an cíos sin dó; agus do rinne Ma
Guinnseannáin, Mac Domhnaill, Mac Uí Mhaolruanaidh,
Mac Giolla Fheinnéin agus na ríoghthaoisigh uile an
díolaidheacht sinn go suighe O Flannagáin. A dhálasomh
ro éirigh agus ro fhuráil a chíos air ar son Thuaithe
Rátha gidh nach raibh óirnighthe 'na thaoiseach san am sin
acht 'na dhamhna flatha i n-oirchill inmhe Uí Fhlannagáin
do ghabháil chuige an uair do dhéanfadh a chor nó a
mhuinnteardhas ris an tighearna.



61. Adubhairt Giolla Íosa annsin: "A dhaoine
uaisle, ar sé, ní glacfidhear bhar gcíos féin uaibhsi
gan éaraic ann ar mharbhabhar dár muinntirne; agus
ionaclann iomchuibhidh ann gach easumhlacht dá ndearnabhar;
agus dá ndéanmaois ceart d'imirt oraibhsi
is díbh do bhainmaois díolaidheacht ann gach trioblóid
dá dtáinic orainn as easumhlacht taoiseach Fhearmanach
uile, do bhrígh gurab sibh do thosuigh an trioblóid;
agus do bheirimsi a dheimhin dhíbhsi nach scarfaidh sibh
liomsa nó go gcuirfidh mé sibh go Loch Uachtair áit a
mbiaidh sibh i dtaiscidh nó go madh lánshásta mo dhearbhráthair
ann gach míghníomh dá ndearnabhar air agus oramsa.
Acht cheana díolaidh an cíos an uair atá sé do láthair
agaibh." Agus do rinneadar amhlaidh sin; agus tar
éis an cíos sin do ghlacadh uadha do fhógair don lucht
coimhéada do bhí orra a mbreith leo gus an tigh coimhéada
a mbádar roimhe sin agus aire ghrinnghiolach do thabhairt
dóibh go maidin, "dóigh ní chuirfidh siad ní bhus faide
'ná sin do thrioblóid oraibh."


L. 48


62. Iar sin do chuir as a fhiadhnaisi iad don tigh a
rabhadar roimhe sin; agus 'na dhiaidh sin do ghoir ar
na taoiseachaibh eile sin dá ionnsuidhe agus adubhairt
leo: "tugaidh sibhsi, na taoisigh atá do láthair, cor
agus slána uaibh fa n-a bheith umhal do bhar dtighearna
budh dheasta agus fa bhar gcíos do dhíol go féileamhail
mar is dú dhíbh a dhéanamh; agus mara ndéanamh sibh
sin cuirfidh misi go Loch Uachtair sibh; agus mionnuighim
dhíbh fa na duibhmhionnaibh is dual damh nach bhfúigfe sibh
an áit sin go bráth nó go madh maith libh slánadh do
ghlacadh uaibh agus a bheith umhal do bhar dtighearna go
bráth dá éisi."



63. "Maseadh ar iadsamh do dhearbhadh go bhfuilmídne
umhal fonnmhar ar a thoil féin do thabhairt dósamh agus
duitsi, dobhéaram na mionna sin dhíbh re gach deighmhéin,
agus gan ní ar bhith do dhéanamh ann bhar n-aghaidh go
bráth." Agus iar sin tugadh an Duibhineach dia n-ionnsuidhe
agus a tugadar í i bhfiadhnaisi chille agus thuaithe
annsin re gan éirghe amach oidhche ná laoi do dhéanamh i
n-aghaidh a dtighearna an gcéin do mhairfidís.



64. Iar sin do éirigh Giolla Íosa na sheasamh agus
adubhairt: "Is fada atáimsi i bhféagmhais na ndaoine
uaisle so Thíre Chonaill, agus fanaidhsi annsin i bhfochair
mo dhearbhráthar nó go gcríochnócha sibh bhar ngnóthaidhe,
agus tugaidh slánadh aoinfhir ar a chéile dhó le
comhall bhar dtairiseachta agus bhar ndísle le a achta feasta."



65. Do rinneadar amhlaidh sin; agus do ghluais
Giolla Íosa i gceann muinntire Uí Dhomhnaill agus
do fuair iad go subhach soimheanmnach, agus ar ndul
do Ghiolla Íosa 'na measc do shuidh idir O Baoighill
agus O Gallchabhair agus do ghabh ag ól agus ag iontlás


L. 49


mar aon riú; agus do chuir d'fhiachaibh sláinte Uí
Dhomhnaill d'ól idir an gcomhluadar ar cheana.



66. Mar sin dóibh cara an chaoimhlaoi sin nó go
dtáinic am bídh do chaitheamh; agus iar sin do folcadh
búird shlimleathna an rightheaghlaigh, agus do cuireadh
togha gacha bídh agus gacha biotáille orra agus do
suigheadh gach aon dhíobh ann a ionad cinnte comórtais
féin amhail ba ghnáth do dhéanamh ris an rightheaghlach
sin ariamh roimhe. Agus iar gcaitheamh a bproinne
agus a dtomhaltais dhóibh do chaitheadar an oidhche sin
re hól agus re haoibhneas go dtáinig am suain
agus sádhaile dhóibh; agus do asluigheadar na rífhlatha
sin Thíre Chonaill cead suaimhnis dhóibh féin; agus
adubhradar muna bhfaghadaois sin nach beithdís ionastair
nó ionimtheachta ar n-a mhárach; agus do ghabhadar uile
comairce aige um a léigean dóibh chodhladh; agus iar
sin do cóirigheadh iomdhadha agus árdleabthacha dhóibh
agus do-chuadar dochum suain agus sárchodalta, agus
do bhíodar ar an órdughadh sin go ham éirghe ar n-a
mhárach. Agus ar n-éirghe dhóibh cuireas Maghnus fios
ar O Gallchubhair agus ar O mBaoighill agus ar na
trí Macaibh Suibhne agus ar gach aon chonspul eile,
agus a tángadar dá ionnsuidhe agus do rinne iomad
lúthghára rompa, agus do cuireadh 'na suidhe iad 'na
thimcheall agus do dáileadh miodh agus cuirm forra ann.



67. Annsin do labhair Maghnus re Giolla Íosa agus
adubhairt: "A dhearbhráthair, ar sé, éirighsi amach
agus cuir na buannaidhe sin do bhí leat 'na suidhe san
teagh mór sin amuich; agus tabhair fa deara aire
fhriochnamhach do thabhairt dhóibh fa mhiodh agus fa chuirm
dhóibh; dóigh ní díleas liomsa a dtaobhadh re duine ar


L. 50


bith acht leat féin; agus déantar sós gléas bídh agus
biotáille do chur orainn féin annso, óir do-dhéanadh a
dtighearna súd dithcheall chum sóláis do chur ortsa
nó ar gach aon bhainfeadh leat."



68. Iar sin do-chuaidh Giolla Íosa amach agus do
fhoráil ar an lucht fritheolmha gan biadh ná biotáille
do spáráil ar na buannadhaibh sin Thíre Chonaill nó ar
thaoiseachaibh Fhearmanach mar aon riú; agus do rinneadh
amhlaidh sin; agus is ann gcodalteach sin rígh Fhearmanach
mar an gcéadna do na huaisle sin Thíre Chonaill
agus do chaitheadar féin agus rígh Fhearmanach proinn
agus tomhaltas i bhfochair a chéile go soilbhir sólásach
feadh an chaoinlaoi.



69. Agus annsin do labhair O Baoighill agus na
huaisle sin eile Thíre Chonaill d'aontoil agus adubhradar:
"A rígh Fhearmanach, ar siad, a tángamarne,
an beagán buidhne so, re toil ar dtighearna féin agus
re méadughadh maitheasa dhuitsi do dhéanamh seirbhísi
dhíbhsi agus níor iarramar aon athchuinghe oraibhsi ó
thángamar; agus is í athchuinghe bhus mian linn d'iarraidh
anois .i. sibhsi do dhéanamh réidhdtigh re muinntir Uí
Fhlannagáin amhail do rinneabhar re bhar dtaoiseachaibh eile."



70. Annsin do fhreagair Maghnus dhóibh agus adubhairt
nár bh'ionann slighe réidhtigh do bhí ag na taoiseachaibh
sin eile agus ag muinntir Fhlannagáin; óir do rinneadar
sin gníomh nach dtig le haon taoiseach i bhformhór
Éireann do fhreagra. "Gidheadh gach réidhteach is fearr
fhéadfadsa do dhéanamh leo dhéanad é ar bhar sonsa";
agus do goireadh ar Ghiolla Íosa chughtha agus do
hinnseadh dó gach ní dár labhair O Baoighill um an
ádhbhar sin; agus adubhairt Giolla Íosa go raibh éarach


L. 51


chúig bhfear ndéag re n-a agra ar mhuinntir Uí Fhlannagáin
"do mharbhadh leo do dheirbhdhílis mo dhearbhráthar
is an chuinsgleo do rinneadar go mídhlisteanach i
n-aghaidh mo dhearbhráthar fa n-a chíos féin d'iarraidh orra."



71. Annsin adubhairt O Baoighill nach dochum dlighidh
leo ar son mhuinntire Fhlannagáin do rachfaidís féin
acht do thabhairt conganta chum réidhtigh dhóibh; gidh nár
bh'aithne dhó cionnas do fhéadfaidís sásadh do thabhairt
is na neithibh do rónsat go mídhlisteanach acht muna
bhféachaidís féin ar ainbhfhios an ghníomha go speisialta
i n-aghaidh a dtighearna.



72. Iar sin cuirthear fios ar mhuinntir Fhlannagáin;
agus ar dteacht do láthair dóibh do fhiafraigh Giolla
Íosa dhíobh créad an leathscéal do bhí acu i n-aghaidh
gach míghníomh dá ndearnsat i n-aghaidh a dtighearna;
nó créad dan éarach do bhí acu le tabhairt i mbás a
mhuinntire. "Óir ó tharla na daoine uaisle so do
láthair is ann is maith liomsa fios bhar leithscéal
d'fhagháil, nó bhar bhfreagra ann bhar míghníomhaibh;
óir do b'fhéidir ribhsi a rádh go ndearnadh éagceart
orraibh." Do fhreagair muinntear Fhlannagáin sin agus
adubhradar dar leo féin go raibh éarach nó ionaclann
acu féin re hiarraidh, dá bhfaghaidís ceart, amhail do
hiarradh orra .i. gur marbhadh O Flannagáinn agus beirt
ar fhithchid dá mhuinntir maille fris.



73. "Mo fhreagrasa air sin, ar Giolla Íosa, nach cóir
dhíbhsi éarach ná ionaclann a d'fhagháil i n-aon duine
dár marbhadh uaibh san imireasan úd, óir is mídhlisteanach
do leanabharsi mo mhuinntearsi do cheann geallta
an chíosa dhlisteanaigh budh chóir dhíbhsi a dhíol gan
easaonta do thógbháil oraibh. Agus má's éagcóir aon


L. 52


ní dá n-abraimsi, atáid uaisle Thíre Chonaill do láthair
annso agus is tuigsi dhóibh má táimsi ag rádh éigcirt;
agus mionnuighim fon Duibheineach is dual dhamh mar
a mbeith go bhfuilid na daoine uaisle sin do láthair
nach biadhmaois ag aighneas re aroile nó go mbeith
sibhsi ar Chloich Uachtair mar a bhfuigheadh sibh bhar sáith
don dligheadh; acht nár bh'áil liomsa bhar gcur ann nó
go n-éisteadh na daoine uaislesi bhar gcortha.



74. "Gidheadh ó ghlacadar na daoine uaisle céadna orra
féin labhairt ann bhar gcás, do-ghéabha sibhsi a mbreitheamhnas
is na neithibh do chualadar ar gach taobh eadrainn;
agus má fhágbhaid na daoine uaisle folamh mo dhearbhráthair
gan éaraic i mbás na gcúig bhfear ndéag sin
dá mhuinntir, bíodh sin fa n-a mbreitheamhnas féin.
Agus dar na mionnaibh reamhráidhte ní rachadh breitheamhnas
ná réidhteach eadrainne agus sibhsi muna mbeith
gur labhradarsamh ann, agus gur maith linne gach
agra dá bhfuil againn agus gach leithscéal dá bhfuil
agaibhsi do chur i n-umhail do rígh Thíre Chonaill, do bhrígh
go gcluinimsi gur minic do ní sibhsi tuaithleas ris féin
agus re gach taoiseach dia mhuinntir; agus dá bhrígh sin,
a Uí Bhaoighill, éirighsi amach agus déanaidh mar chífighthear
dhíbh ann gach ní dár éisteabhar go suighe so."



75. "Iar sin do éirigh O Baoighill agus O Gallchubhair
agus na trí Mic Suibhne agus do chuadar i bhfód fo
leith d'fhéachain créad do-dhéanaidís is san chás sin.
Agus is í breith do chonnacthas dóibh do thabhairt .i.
seacht gcéad loiligheach do dhéanamh ar mhuinntir Uí
Fhlannagáin i n-éaraic na gcúig bhfear ndéag sin do
mhuinntir rígh Fhearmanach mar gheall ar shíothcháin a
dtighearna d'fhágbháil; agus mar an gcéadna a gcur
fa mhionnaibh gan éirghe amach isin easaonta chéadna an


L. 53


gcéin do mhairfidís; agus tar éis gach breitheamhnais
dhíobh sin do-chuadar isteach is in chodalteach 'na raibh
Maghnus agus Giolla Íosa i bhfochair a chéile.



76. Agus annsin do éirigh Maghnus 'na shuidhe is an
iomdha agus do fhear fáilte friú; agus do ibh sláinte
a dtighearna forra re luinne agus re lúthgháire rompa;
agus do ghabh ag innisin dhóibh gach uirscéal taithneamhach
dá mbíodh idir é féin agus O Domhnaill ó aois a
naoidheandachta go scaramhain dóibh re aroile; agus
do iarr ar O mBaoighill a bheannacht do chuimhniughadh
dhó "agus is uras dó fhios do bheith aige nach bhfuilimsi
ionastair nó ionimtheachta le rachfainn dá fhéachainnsiomh
ní is mionca 'ná thigh seisiomh dom fhéachainsi, ós aige
atá a shláinte."



77. Agus 'na dhiaidh sin do labhair O Baoighill:
"A thighearna, ar sé, do rinneamar-ne breitheamhnas
annsúd idir sibhsi agus muinntir Fhlannagáin má's é
bhar dtoilsi a bheith samhlaidh." "Ní cuibhidh gan a bheith
réidh ar gach ní dá ndearnabhar san chás sin ó do
léigeadh dar bhar n-ionnsuidhe é."



78. "Maseadh, ar O Baoighill, do rinneamarne seacht
gcéad loiligheach ar mhuinntir Fhlannagáin i n-éaraic
na gcúig bhfear ndéag do mharbhadar go mídhlisteanach
do bhar muinntirsi." "A dhearbhráthair, a Ghiolla Íosa,
créad adeir tú ris an mbreith úd?" "Adeirim, ar
Giolla Íosa, nach gcuirfead suas go bráth do bhreitheamhnas
na ríoghthaoiseach úd Thíre Chonaill im thír féin;
agus nach molfainn dhuitsi cur suas dó; agus fós,
ar Giolla Íosa, molaim dhíbhsi fios do chur ar mhuinntir
Fhlannagáin agus a dtabhairt do láthair sunna agus a
fhios d'fhagháil an bhfuilid féin réidh ar an mbreitheamhnas úd."


L. 54



79. Do rinneadh amhlaidh sin agus ar dteacht do
láthair dhóibh do fhiafruigh Giolla Íosa dhíobh an rabhadar
réidh ar gach breitheamhnas dá ndearnadar na huaisle
sin Thíre Chonaill orra ann gach iomghuin dá raibh idir
iad féin agus a dhearbhráthair do bhí i láthar ann sin.



80. Do fhreagradarsamh agus adubhradar go rabhadar.
"Maseadh ar Giolla Íosa tabhraidh na mionna dúthchais
atá againn annso .i. an Duibheineach le cóimhlíonadh gach
neithe dár hórduigheadh oraibh is an mbreitheamhnas úd
i bhfiadhnaisi na ndaoine uaisle so agus bhar dtighearna
féin." Do rinneadar amhlaidh sin mar adubhairt Giolla
íosa leo; agus iar sin do foillsigheadh an breitheamhnas
sin dóibh amhail adubhramar agus ann sin do cheangladar
a gcor agus a muinnteardhas re n-a dtighearna agus
do rinneadar síothcháin charthannach charaideamhail re aroile.



81. Iar sin do rug Giolla Íosa ar chornfhleasc
órdha agus do iarr ar a dhearbhráthair deoch do ibhe ar
na huaisle sin do dhruim síthe agus caradraidh; agus
ann sin do rug ar an gcornfhleasc as láimh Ghiolla
Íosa agus do ól deoch ar mhac oireachta Uí Fhlannagáin
agus goireas O Flannagáin dhe ann sin. Agus is é
ba hainm baiste don tO Fhlannagáin sin do goireadh
an lá sin .i. Diarmaid an Fhíona mac Aodha Mhéith mic
Dhomhnaill an Fhíona mic Bhriain na Mudhan mic Ghiolla
Pádraig mic Lughuine (.i. Fhlannagáin) ó bhfuil an
sloinneadh mic Laoighsigh mic Artiogail mic Lochluinn
mic Mhaoilseachlainn an Fhiadhaigh mic Mhaolruanaidh na
Cara .i. is leis do rinnead Cara Dhruim an Iolair ar
dtús, mic Fhlainn mic Dhomhnaill Duinn mic Chormaic
Chaoich mic Thuathail Mhaoilghairbh mic Chairbre mic Néill
Naoighiallaigh ó ráidhtear Clanna Néill Éireann.


L. 55


82. Gonadh cóimhcheangal agus réidhteach thaoiseach
Fhearmanach re n-a dtighearna go suighe sin.



83. Iar sin do dáileadh fleadha aghus féastadha
iomdha ar uaisle agus ar ísle, ar thuaith agus ar eaglais,
agus ar dhraoithibh agus ar olamhnaibh isin rightheaghlach
sin, agus go sonnrádhach ar mhuinntir Thíre Chonaill.
Annsin do éirigh O Baoighill agus O Gallchubhair agus
na trí Mic Suibhne do ghabháil a gceada ris na huaislibh
sin Fhearmanach; agus do gabhadh a stéada dhóibh agus
do ghlacadar a n-arma; agus ba subhach soimheamhnach
an cóimhthionól sin ag scaramhain re chéile; agus iar
sin do ghabhadar na huaisle sin Thíre Chonaill a gcead
ag an rightheaghlach sin ó bheag go mór. Mar an gcéadna
do ghabh O Flannagáin, Ma Graith agus O Maoladúin a
gcead ag an gcloinn sin Duinn Mhe Guidhir, agus do
ghluaiseadar féin agus Giolla Íosa go mbeagán dá
lucht coimhéada mar aon ris agus níor fhuiridhsuiod go
rángadar Sciath Bhaile Mhic Mhurchadha agus de rinneadar
foslongphort an oidhche sin ann. Agus do cuireadh
fios fo'n tír riú d'iarraidh marthaineachta an
oidhche sin agus gach cinéal corma eile do b'éidir d'fhagháil.



84. Do chuir Mac Giolla Fheinnéin agus maithe an
tíre ar cheana a lórdhóthchain dá n-ionnsuidhe do gach
cinéal corma ba riachtanas do láthair; agus ar n-a
mhárach do fhágbhadar na huaisle sin Thíre Chonaill
agus íochtair Fhearmanach iomairce beatha agus sláinte
ag Giolla Íosa agus do ghluaiseadar rómpa gach
drong aca dá dtighthibh budh dhéin.



85. Gonadh é sin iomscaradh Ghiolla Íosa Mhic Guidhir
agus na huaisle sin Thíre Chonaill agus íochtair Fhearmanach
re aroile ar gcur seacht dtuatha Fhearmanach fa


L. 56


chíos agus fa umhla dhó féin agus dá dhearbhráthair .i.
Maghnus Ma Guidhir.



86. An lá céadna do fhill Giolla Íosa tar ais gus
an ríoghbhrogh sin Phort Dobhráin mar a raibh a dhearbhráthair,
agus ar ndul isteach dó, ní comhnuidhe do rinne
go ráinuic an codalteach i n-a roibh Maghnus agus do
shuidh ar cholbha na hiomdha aige, agus is eadh adubhairt,
"dubhruach, a dhearbhráthair," ar sé. "Is cóir sin
anois, ar an tighearna, agus tabhairse cuidiughadh
chum subháilce dhúinn," ar sé. "Dhén cheana," ar
Giolla Íosa. Agus iar sin do órduigh Giolla Íosa
an aois ealadhna ar cheana do chruinniughadh chughtha
isteach don chodalteach. Annsin tángadar draoithe
agus deaghdhaoine ealadhna, agus aois gacha dréachta,
agus lucht seanma an rightheaghlaigh, agus do shinneadar
sreatha síorbhinne taighiuire téad mbeannchroth; agus
do ghabhadar duanta agus dubhchanna a sean agus a
sinnsear dhóibh; agus do ghabhadar ag ól agus ag
aoibhneas i bhfochair a chéile ag cuimhniughhadh na deaghmhuinntire
sin do imthigh uadha an lá roimhe sin.



87. Trí lá agus teora hoidhche dhóibh ar an órdughadh
sin. Iar sin adubhairt Giolla Íosa Ma Guidhir: "A
dhearbhráthair, ar sé, anois atá do thír agus do thalamh
fad chíos agus fad chánachas féin agatsa umhal urramach
dhuit; dóigh ní mheasaimsi go láimheochaidh ceann
tuaithe nó tíre i gcrích Mhanach éirghe amach nó easumhlacht
ar bith do fhoillsiughadh i n-aghaidh do riaghla nó hórduighthe
feasta; agus bíodh agatsa feadhmantaigh a
bhias láidir ceannasach do shíorghnáth ag tabhairt cuarta
timcheall na cundae agus ag tógbháil do chíosa eatara;
agus is mithidh liom féin cuairt do thabhairt go tigh
mo sheanathar don Bhréifne, agus dá n-éirghe easaonta


L. 57


nó coinsgleo idir aon cheann tuaithe acu sin agus do
mhuinntirsi is goirid uaibhsi Cloch Uachtair re scéalaibh
do chur chugamsa agus biaidh misi agaibh gan mhoill ó
tharla dhuit fín a bheith ar díth do neirt re n-a bhfreastal."



88. "Truagh sin, a dhearbhráthair," ar Maghnus; "is
dearbh gur tír mharbh tír gan tighearna; agus ní fada
mhairfeadsa ar aonchor; agus ní fearr mo mhairshion
san riocht so, ó scaras rem luadhail. Agus do chí
tusa agus gach aon agaibh nach bhfuilid clann agam do
sílfidhe do theacht chum feadhma go gar i ndiaidh mo
bháis, acht leanbán óg éagciallaidhe inar beag suim
lucht easaonta; do bhrígh go measaim gurab ag imeartas
aonláimhe atá na taoisigh so Fhearmanach i n-aghaidh gach
aoin againn, gion nach admhaid é. Agus, a Ghiolla Íosa,"
ar sé, "ná scair thusa liomsa mar sin nó go bhfagha
mé bás, agus glac féin ceannas tar m'éisi chugat ós
cionn na tíre dá gcathamh agus dá gcosnamh; agus an
t-athghiorra mhairfeadsa ná scair riom nó go bhfagha
mé bás agus nó go gcuire riaghail órduighthe ar gach
ní dá bhfuil im dhiaidh agus go nglaca tú m'inmhe agus
m'oighreacht chugat im dhiaidh."



89. Do fhreagair Giolla Íosa dhó agus is eadh
adubhairt: "A dhearbhráthair, ar sé, do b'ádhbhar
imdheargtha agus iomthnúith dhamhsa t'inmhesi ná t'oirdhearcas
do ghabháil chugam agus oighre dlisteanach it
dhiaidh féin; agus fós ní mheasaim go mbiaidh sé
dlisteanach a dhéanamh."



90. "Léig sin seachad," ar Maghnus, "ní mó is cúram
na hoighreadha sin ormsa 'ná thusa agus is fearr
liomsa beatha shuthain shíorrthaidhe do bheith aca sin agus
agatsa iná an chundae uile do bheith 'na bhféagmhais
do dhíth thusa do bheith dá cosnamh; agus ainmneochaidh


L. 58


mé sunna an chuid ronna budh mhian (liom) do bheith
ag m'oighre féin agus na coinghill ar a dtiubhradh mo
cheart ar an tír dhuitsi; agus is iad so na coinghill sin:



91. "I má thigid m'oighreadha chum éifeachta .i. iad
féin agus a n-oighreadha do bheith 'na lucht cogair agus
comhairle agat féin agus ag hoighreadha it dhiaidh. An
dara huair, suigheamh agus riaghlughadh gach órduighthe
agus gach connartha fútsa do bheith acu.



92. "Ní iarraim don dúthaigh so Fhearmanach acht
a bhfuil ó Bhéal Átha na nGall anuas go Cunga Chaoil
Ghabhla; agus ó Charaidh Mhic Duinn againn shiar go
hAchadh na Sciath thoir; agus ó Inis Chnoca síos ar loch
go Doire Inis, agus an líon oileán beag agus mór
fil eatara sin; agus Baile Mhic Shearraigh thoir a bheith
'na fhearann búird agamsa agus an fearann barra
bhaineas re hInis Mhóir anois .i. ceathramha Bhaile an
Mhóintigh agus an Cam agus Doire Bhraghun don taobh
shuas don Abhainn Duibh; gona deich dtáite agus
cheithre fithchid an líon táiteadh fil ann.



93. "Agus fós dá marbheadh aoinneach d'fhearaibh
Eireann do mhacsa nó do bhráthair (a shlanadh?) acht
go roichfeadh leis dul isteach ar aonchuid don dúthaigh
sin; agus do chíos nó do chánachas agaibhsi orra
sin acht éirghe amach aonfhear déag d'fhearaibh dhuit
uadha i n-am sluaighidh; gan cead do bheith ag aoinneach
uirid an chopáin laoidhe do chuingbháil i n-aon áit i
gcrích Mhanach a mbiaidh m'oighreadha nó fear ionaid
aoin acu. Agus ar na coinghiolla sin do chomhall dom
oighreadhaibhsi, a dhearbhráthair, a Ghiolla Íosa, fúigfeadsa
mo cheart agus mo chumhachta féin ar an chundae so
Fhearmanach agat ó mo ló féin amach agus táthuigh
féin na tuatha re aroile agus caith agus cosain iad."


L. 59


94. "Is dearbh, ar Giolla Íosa, go dlighfinnsi do
bheith fonnmhar ar do thoilsi do dhéanamh ann gach aon
phongc dá gcuirfeá do chúram orm. Agus bíodh a
fhios agat, a dhearbhráthair, ar sé, nach bhfuil aon aistiogal
dár ainmnighis ann sin nach ndéanfadsa d'fhollamhnughadh
dot shliocht do dhiaidh, agus nach fúigfead mo dhiaidh i
bhFearmanach 'na riaghail chinnte; gidh nach bhfuilim
lánshásta nó fonnmhar ar do cheart do ghabháil chugam,
d'eagla go sílfidhe idir thighearnaidhe eile i nUlltaibh
gurab do cheann mo sheirbhísi dhuit ar na taoiseachaibh
so Fhearmanach nó do cheann go bhfuilir féin ar gcaill
do lúith agus do mheisnigh do ghlacfainn ceannas do
thíre nó an oighreacht ba dhú dot mhac féin d'fhagháil."



95. "Ní sílfighthear i n-aon áit i nUlltaibh, ar Maghnus;
dóigh ní tú atá dá iarraidh ormsa acht mé féin do
thuigeas an díoghbháil do thiocfadh gan ceannphort
ceannais do bheith ar an gcundae i ndiaidh mo bháis.
Dá bhrígh sin is córa liom an suidheamh so d'fhágbháil
im dhiaidh re linn mo bheo, ionnas go mbainfeadh
m'óighre féin agus tusa bhar sochar as, 'ná a bheith i
muinighin Uí Dhomhnaill nó aon tighearna eile i nUlltaibh
chum cearta do chongbháil ann mo thír tar m'éis. Agus
i bhfiadhnaisi na n-ollamhan atá do láthair agus a
bhfuil d'eaglais agus do thuaith annsin, atáim ag
órdughadh gach neithe dhíobha so agus ag fágbháil mo
chearta féin agus an chondae so Fhearmanach agatsa
ar na coinghiollaibh sin adubhramar shuas; agus a
Ghiolla na Naomh Uí Luinín, scríobhthar leatsa gach ní
dhíobh so." "Maseadh, ar Giolla Íosa, i n-ainm Dé
do-bhéarsa do thoil féin dhuitsi, agus gabhaim do láimh
gach coinghioll dhíobh sin do chóimhlíonadh."



96. Iar sin do-chuaidh Giolla na Naomh, an


L. 60


saor-bhreitheamh O Breisléin, agus Giolla Ma Ghúda O Caiside
ar fód fo leith agus do scríobhadar gach coinghioll agus
gach pongc dhiobh sin mar do hórduigheadh dhóibh; agus
do dhearbhadh ar na coinghiollaibh sin do rinne Giolla
na Naomh na rainnso síos:



<B 1250c <17>



97.
Buannuighe teanna ó Thír Chonaill
Tug Giolla Íosa rug gach buaidh,
Is iad táinte Mhaghnuis mhasclaigh
Tug ar dtús don ghasraidh shluaigh;



Ó Bhéal Leice go bruach Bréifne
Sna tuatha ar gach taobh do thuinn,
A mbraighdibh sa ngéill i nglasaibh
Do bhíodar ag an macsoin Duinn.



Do bhí Giolla Íosa óg uasal,
Ar na tuathaibh is é ro bhris,
Do bhí Maghnus mar Bhladh brughaidh,
Nár fhéad Ulaidh righe ris;



Do fuair Maghnus ó Ghiolla Íosa
Gach sochar ón mbeag go mór,
Go huirid an chopáin laoidhe,
Ge madh mian re gach aoighe ól.



B 1716ls 18T

98. Acht cheana do bhádar ar an órdughadh sin ag
cóimhriaghlughadh na seacht dtuathann so Fhearmanach go
ceann tri leithbhliadhan ón dtráth sin. Annsin do fhás a
thinneas agus do mhéaduigh a anbhfainne agus táinig
aithghiorra ar a laethibh; agus sul do fuair bás do órduigh
ór agus airgead, ceathra agus maoine, ionmhas agus
éadála do roinn idir órdaibh eaglaise ar dhilleachtaibh
agus ar bhaintrebhachaibh an tíre, ar bhochtaibh deireoile
ann gach aon cheard 'na ghoire. Agus ann sin


L. 61


do fuair bás unga agus aithrighe ar mbreith buaidhe ó
dheamhnaibh agus ó dhomhan.



99. Gonadh é sin an modh ar ar fhágaibh Maghnus Ma
Guidhir a thighearnas dá éisi ag a dhearbhráthair agus a
bhás féin. Gonadh annsin adubhairt an file an mhairbhne
dhéidheannach so a bháis agus do chuimhniughadh a mhaitheasa
agus a dheaghghníomh; ut dixit:



<B 1250c <17>

100
Dursan liomsa fa líg luim
Maghnus mac Duinn adearuim,
Tréinfhear nachar bh'fhallsa d'fhior,
M'annsa, m'éinshearc is m'aigniodh.



Fada bhus easbhadh oirne
A chongnamh 's a chomhairle -
Gnúis ógmhálla do b'úr dreach,
Sa rún tógbhála tinnteach.



Faire ar cheathra, comhla ar thigh,
Ní rigthe a leas re a linnsin,
Feadh an mhuighe thiormghluis, the,
Sa hoire ionnmhuis uirre.



Ba mhinic ag teacht 'na theach
Dream ó Éirne 's ó Uisneach,
Drong ó na Tuathaibh ag tocht,
Sa drong ó Chruachain Chonnocht.



Tú do thúir san tír so amháin
Ar n-aos anbhfann do thógbháil,
Re linn ar n-éigean 's ar n-olc,
Dá madh éigean sinn d'fhurtocht.


L. 62


Ar fhuilngis d'imneadh is d'olc,
Ag biathadh truagh is tárnocht,
It mhúr sriobhghlan sliomchladh gcuir,
Ní hiongnadh iomchar ionnaibh.



Do rad Dia dhuit it aois óig
Mórán toirbheart ón Tríonóid,
Gnúis roiréidh gan ghruaim, gan ghoimh,
Gan toibhéim, uaill ná antoil.



Gidh soirbh dhuitse dul ar neamh,
Iomdha anocht croidhe ad chaoineadh,
Rosc úr i n-ionadh eile,
I múr iodhan Iughaine.



Tá dírim ó bhruach Boirne,
I mbruach Bearbha is Moghairne,
Le neart cráidh claoidhte mar sin,
Sa ngáir chaointe dá cloistin.



Do b'iomdha fós, mar thigh Guaire,
Fialbhean aobhdha aonuaire,
Aniodh seachránach mar sin,
Budh creathlámhach ód chistin.



Gan do dhrochaithne ar dhuine,
Gan th'iomthnúth re haonduine,
A laoigh ba chalma in gach cath,
Ní raibh acht anam ionnat.


L. 63


Gan iomad aonlá ar th'aire
Acht rún almsa is urnaidhe,
Duit dom dhóigh do mhúin Muire
Gan dúil óil ná aonaighe.



Mar sin ba dhú dhuit amháin,
Cá bhfuighead féin fear gearáin,
A thriath finnleargthach na bhfonn,
Nár bh'imdheargthach riamh romhann.



Ar ndul dhuit i ndáil an tslóigh,
Lá cúndais Sléibhe Sióin,
Mac Dé do dheaghlabhra libh
A gné ghealamhra dhílghidh.
Dursan.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services