Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra n gCuradh
Title
Eachtra n gCuradh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Chléirigh, Meadhbh
Composition Date
1761
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1941)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA NA CCURADH. AN CHÉAD-RÁIMH. Rígh rathmhar ro-chalma ró ghaibh flaitheas agus forlamhus for chríochaibh cáomh-áille na Banbha dar bhudh comhainm Cairbre Níath. Agus budh hí sin aoís agus aimsir do budh cródha curaidh agus budh féile flaith agus budh háosda seanóir agus budh búana múid agus budh ceairte bréith dá raibh san íath so roimhe, nó 'na dhíaigh, lé linn na Págántacht. Agus níorb iongnamh sin: óir do bhádar isna laéithibh sin trí dronga oirdheirc do chlannibh Mílidh san ccrích so, nach raibh a samhuil air áirachus a ccuirp, air chalmacht a ngníomh, agas air dhaingne a bhfocail don tsliocht sin Ghaoidhil Ghlais a nÉirinn aríamh. Budh díobh sin Clanna déagh-nósach Deaghaidh um Chon Raoí mhac Dáire san Múmhain, agas fir dhearsgnaithe thréan-chalma Damhnainn um Oillioll Fionn a nIorras Domhnainn a cConn- acht, agus an treas aicme dhíobh, .i. curadhaibh céad- fadhach gníomh-iongantacha na Cráobhrúaidhe
um Chonchubhar mhac Fachtna Fáitheach a n-Ulltaibh. Ro budh hiomdha na héuchta do ghníthigh idir na tréinfhearaibh sin 'na ccomhaimsir féin; agas fós do bhádar fleagha iomdha dá ndáil idir flathaibh na Fódhla an tráth sin. Budh dona flathaibh fearainn sin Conaire mhac Loingsi a ttúathaibh Uisneach, a ngar don tSionna. Do hordaigheadh fleagh ádhbhail-mhór ris an cConaire sin; agas an tan budh hullamh í, do-chúaidh d'fhuráileadh na cuirme sin air Áirdrígh Éireann, agas air úaisle na ttrí ndrongaibh réamh-ráidhte. Thángadar ann Cairbre Níath Fair an tÁirdrígh, Clanna Deaghaidh um Chon Raoí mhac Dáire, Fir Dhamhnainn um Oillioll Fionn, agus um Oillioll mór mhac Mághach, agus Mhéidhbh inghean Eochaidh Féidhlioch, dá ngoirthigh Méadhbh Chrúachain, agas curadhaibh na Cráobhruaidhe um Chonchubhar mhac Neasa. Ro shuidheadar na buidhnibh sin ré sleasaibh na bruíghne, .i. gach áon ann a ionadh cuibhe féin. Aig so an suidheadh ró bhí forra: do shuidh Cairbre Níath Fair, Rígh Teamhra, ré slios shoir na bruigh- ne, agas fir Chonnachta ris an tslios shíar, fir Mumhan ris an éadan ó dheas, agas fir Uladh ris an éadan ó thúaidh, ó súas síar agus soir
síos ró bhádar dhá éadan an toighe sin. Ró dáileadh orra íar sin bíadha sáora sóchaithmhe, agas deochaibh milsi meisgeamhla go héasgaidh urláimh, go madh míochardha meadhair-chaoín an bhruighean mun am soin, ó ól fleighe, ó sheinm ciúil, ó dhraoíghthe agas ó aoís dána aig gabháil dúain agus dréachta aig tabhairt (amach) a ngéagaibh geiniolaidh agas a ccráobhaibh coimhneasa dona flathaibh iar dtáin. Agus an tan budh láin-mheanmnach íad fán ól, do labhair an Rígh Cairbre Níath Fair, go ndubhairt: "Ó atáid bárr ágha agus iorghala na hÉireann uile um uirthimchíall an tráth sa, agas fós go bhfuil dream dhíobh ro thaisdeal urmhór chríochaibh an bheatha, budh maith linn nídh éigin dá n-imtheacht do nochtadh dhúinn, agus fós cáil d'éuchtaibh na n-úasal budh hóirdhearca dar theagaibh dhóibh isna tíorrtha shoir." Is ann sin do fhreagair Con Raoí mhac Dáire an Rígh, go ndubhairt: "Ní bhfuil dona drongaibh sin beó mur shaoílim-se anois acht an t-ochtar déighionacha chúaidh do thaisdiol na n-iolthúatha, agas do-chím an t-ochtar céadna sin san mbruighean so anocht. Gidh eadh, ní bhfuil díobh neach is feárr cuimhne agas céadfaidhe, agus fós is milse achmhuinighe urlabhra, agas is
beachta bríathra ris na sgéla sin do thabhairt amach nó Conall Ceárnach mhac Aimhirgin," air Con Raoí. Achmhuinigheas an Rígh Cairbre, Conall um nídh éigin don eachtra d'innsin, agas adubhairt an rann: -
"Aithris dhúinn, a Chonaill chúanna, A chráobh chnodhach chathbhúadhach, A ghnúis shoilbhir, a chroidhe gan tocht, Nochtaigh dhúinn bhur ccían-imtheacht."
Ciodh trácht do-chúaidh Conall a cceann na sgéal sin d'insin, géar leisg leis é ach air impidhe na n-úasal agus na ndraoíghthe nár fheud éura do thabhairt dáibh, agus adubhairt amhluidh so síos. Lá n-aoín dá raibh Con Raoí mac Dáire, an Fear Día mhac Damhain mhic Dáire, Lughaidh mhac Nóis, Oillioll Fionn, Fearghus mhac Rossa Rúaidhe, Náos mhac Uisneach, Cú Chulainn mhac Subhaltaigh, agas mise, air áonach taighleach taitneamhach Thailtean, agus dob é sin úain agus aimsir dá ttáinic an Fear Día agus Cú Chulainn a nÉirinn ó theagasg Aoífe san Chruitheantúaighe; agus níor bhudh mhíadh nó maise leó gan ní bhus mó d'aithne na n-ioltúaghtha do bheith aca, ionnas
gur ghabhadar aig míon-fhíafraigh sgéul dhíom-sa air an áonach um nósaibh na ttíorrtha shoir, amhuil atá sibh-si anois, agus do bhí mise dá thabhairt sin dáibh do réir mo theasda. Ach atá ní cheana, d'impigheadar mé um dhul leó air an eachtra sin, gur ghaibheadar féin agus an cúigear eile m'uirthimchioll, agus tairbhrid cumha móra dhamh tair cheann dul leó. Aig so páirt dona cumha sin, .i. óighréir agus urraim an ochtair do bheith agam, tús iorlabhra isna conaraibh coimh- idheacha, breith ronna gach éadála, barr cliú gach éuchta ó thosach na heachtra go teacht a nÉirinn dhúinn tair n-ais. Cinim-si air an ccomhairle sin leó; agus do hór- daigheadh againn raé naoí mí ré hullmhughadh do dhéanamh a ccomhair an turais sin; agus budh hurlamh luing againn a cceann na raé sin air Dhuibhlinn Bheann Éadair. Lá Beáltaine ro theagbhadhmar dá chéile air úir an chúain sin. Níor bhudh heagal linn neoch dhínn gan a bheith ionfhéadhma acht Cú Chulainn amháin: óir dair linne níorbh ineachtra a n-imchían é, air a óige agas air 'anáosdacht an tráth sin. Tairis sin níor mhíadh nó maise liom-sa mo dhalta d'fhágbháil 'mo dhíaigh, gan a bheith liom air muir agas air tír. Gabhthar linn íar sin leathad air mbonnaibh do dhaingean-thaiste na luinge, go ttugamar aghaidh do mhuir agus deiriogh do thír, gur ghaibh- eamar
aig taisdeal na sruth-fhairge sár-dhoimhne. Agus ró cinneadh comhairle againn air muir cía tír ann a ngéabhamaoís cúan air ttús. Agus is sé do críochnuigheadh againn an Rann Eórpa do sheachna go teacht tair n-ais dhúinn, agas an Rann Affraic do thaisdeal air ttús. Tugamaoíd íar sin lámh chlé ris an mBreatain Mhóir, agas ris an Spáinn ó dheas, agas thugamar aghaidh fó leathan-fhairge uachtarach na hEórpa, agus amach fá shrothaibh sreabh-úana na hAffraice. Dhá mhí dhúinne air sáile agas air sár-fhairge, agus a cceann na raé sin, nochtadh dhúinn Sléibhte Chríche Naithle san Affraic. Tugmaoíd aghaidh gusan tír sin, géar dheacair an dáil. Óir ní lamhaid daoíne a háitióghadh air liacht a hilphíasdaibh, do bhrígh gur líonmhar talamh, inbhear agus aéidhar na críche sin d'aithribh éagsamhla nimhe. Tairis sin do bhudh líonmhur iomadamhuil mór-lúaich a héadála: óir do-ghnídheadh na geinte ioldh- úileach clocha búadha agas líogaibh lóghmhara láin-cheárdeamhla do dhealbhughadh agas do dhéagh-chórughadh do ghaineamh agus do ghrinneall na caoímh-thíre sin. Agus fós is annsan áit sin agus annsan íath chéadna sin a fúair an Fear Día atá san mbruighean so anocht an bhúadh-líog chomh- lainn fil aige nach dteasgaid airm nó fáobhair í, agus ann a bhfuair mise féin an t-aigneal néamhanda atá agam, nach gabhann geintleacht
nó draoíghtheacht greim dhíom óna fearta; agus ní bhfuil áon againn ó shin amach gan séud úasal éigin aige d'éadáil na tíre sin. Naoí lá cona n-oídhchibh dhúinn air an ccúan, agus ní lamhamaoís dul a dtír ach gach raé n-oídhche, air mhéad a teas agas éagsamhlacht a hilphíasd; agas thugamar ocht ccinn ndreaguin thintighe, .i. ceann gach fir, linn as an tír sin; agas atáid na cinn chéadna mur chomhartha fírinne air chúaillibh coimh-reamhra cuilinn, .i. ceann air chuan d'ocht bpríomh-chuanntaibh Éirionn dhíobh sin aniogh. Seóltar linn as sin amach ó dheas go raibheamar air úir chríche Ganradhach gur gabhadh linn an leathan-shruth atá aig snoidhe ó Shléibhte Caise gusan muir; agas budh lán-obair linn an sruth sin do threabhadh air chuimse na fuirne do bhí leis. Óir is annamh gáodh fón mír sin don ccruinne. Acht do bhúaileamar an t-uisge go háireachtach ris na rámhaibh lán-dhaingne síath-rínghne; agus budh machtna mór lé lucht na tíre do bhí gár bhféuchain mur do thugamar búaidh air neart an tsrotha. Ró gabhadh tír linn a gcrích Gan- radhach íar sin. Gidh eadh, ní mór taitneamh tugamar don ccuid sin don tír. Sióbhaltar linn as sin do chois shrotha Ruisg, agus tair Shléibhte Caise soir, go ttárla sinn a ngleann
dhomhuin dhúaibhseach chloch-gharbh, gan fuinne féir nó fiodhbhuidhe. Agus a ngrinneall an ghleanna sin do bhí píasd 'na luidhe, agas a táir ós a ceann gan cossa fuirthe, agas ní fhéadfadh átharrach, ach air áon-luidhe; agus budh mhó nó béul oighin gach súil dhi, agas ceann amhuil ceann tuirc fuirthe; agas budh háirde assain a hanála nó braoích an ghleanna, agus cíocha iomdha óna guibh- linne go a hiorball, agas gan d'oileamhuin aice ach aig subha ealtain an áoidhóir chuice; agas an t-eón nó an ghein nach roigfeadh a hanál do thrasgradh léna hiorball chum a beóil é; agus budh faide í nó ó Thailtean go muir aig Reannaibh Bóinne. Agas níor mhisde lé lucht na tíre sin dá ttuiteamaoís ris an bpéisd air a n-olcas mur dhaoine. Agus an tan a-chonairc sinne an t-amharc iongantach sin, thugamar air n-aonta druim do thabhairt léi; ach budh náir linn arís go tteitheam- aoís ria gein nach bhféadfadh air leanmhuin, gur chuireamair air n-innealt cosanta umainn an tan sin; agas gabhus cearthar go háird mheadhóin an ghleanna, agus a cceithre sgéithe coimhcheangailte dá chéile, agas gan ach dís ré haon-ghúala dhíobh, agas mbuadh-líog an Fhir Dia aig dídean na sgíath don táobh amuigh; agus do ghaibh dís go leirg íochtarach an ghleanna, agas dís eile do leith
chúl a cinn; agus budh bhréine í nó cuirp mhor- caidh air an tulaidh. Agus an tan do-chonairc an phíasd an cearthar air bhrúach an ghleanna, tug fúaim agus fuirneamh fír-neartmhar dá hir- ball fá thúairim na druinge sin. Is ann sin tug an dís shíar dhá bhéidhm bheódha bhríogh- mhara ana hiorball di, agus leis sin do chaill an earr a brígh, agus gabhas an cearthar shúas an gath nimhe do bhí ann a barr san mbúaidh-líog, agus tug an dís do bhí do leith a héadain tulganna tréana do na mánaoisibh sár-leathna ro bhí aca a cceann na píasda, agas fós do ghoin an cearthar shúas lé gaéthibh 'na táir í, agas budh lán-obair linne gan air mbás agas air n-oidhe do theacht don duladh sin, ón mboladh do-fhulaingthe táinic as abach agus ass ionnathair na péisde. Agas fós do-chúalamar treimsi íar sin isna críochaibh eile na hAffraice gur éagadar drongaibh do-áirmhthe d'áitreabh- achaibh chríche Ganradh ón tsluim úathmhar táinic don il-phíasd íar morgadh dhi; agus gurab lé húamhan ríasan tsluim mharbhthach sin nár goineadh í gur theagbhadhmar uirre. Ach do shír sinne an chrích sin, agas urmhór oileáin na ccáol-mharaibh don leith sin na hAffraic. Tíaghmaoíd dár luing íar sin, agas seóltar linn tréasna sruth-mharaibh sár-cháola soirdheas go leathan-fhairge na hÁisia, air mbeith dhúinn blíadhain agas ráithe air na cáol-mharaibh sin.
Acht tárladar dhúinn murdhúchain air an bhfairge mhóir, agas níorbh eólach mo chomh- dhaltaibh-si íad féin d'adhnacal forra, ionnus gur thuiteadar drong dhíobh a ttroim-néullaibh súain agus sár-chodalta ón cceól shíansamhuil shíth- bhinn ró sheinneadar na geinte draoigheacht. Is ann sin do chuimhnigh mise air a' néamhain bhúadha gur ghabhus um bhéol í, agas dúnaim clúasa na ccuradh do tharra agus do chéir. Gabhthar linn cúan agas caladh-phurt dá éis sin a tTír thoirthach cháomh-álainn Tharngaire an tan sin. Agus ro bhí cogadh mór dá thoghamadh idir Rígh Thíre Tharnghaire, .i. Neid mhac Saidhin, agas Alasdrann mhac Cuis, Rígh na hÁisia bhudh thúaigh, isna laéithibh céadna sin, ionnus go ttug Néid mhac Saidhin gairm agus furfhógra fána hiol- túatha ró ghéill dhó, gach fear ionfhéadhma dhíobha do theacht chuige go cathair na hÉise, agas mur do-chúalamar sin, thríallamar mur áon lé cách go cathraigh an rígh, agus do bhádhmar inte mí agus teóra lá, gur thionólsad urmhór na sluagh. Is ann sin tháinic Néid mhac Saidhin air an bhfaithche gur háirmheadh na slóighte ós a chomhair; agas dob é an uimhir ro bhí san ccomhdháil sin, nóchad agas céad míle láoch infhéadhma. Ro budh luinneach láin-mheanmnach
an Rígh a haithle na ttréan-shlúagh sin. Chuadh misi d'agallamh an Rígh, agus nochtaim dhó gur bhudh lucht tuilmhe túarasdail mé féin, agas móir-sheisear láoch ligthe láineólach a ccathaibh agas a ccomhlannaibh ró bhí am fhochair. Tug an Rígh géur-aithne form-sa gur fhíafraigh dhíom an raibheadar mo champáin infhéadhma mur misi? Adubhras léis go bhfaic- feadh-san íad, agas airna bhfaicsin dó, tug tait- neamh dhúinn uile ach mac Subhaltaigh amháin; óir ad-beirt nárbh infhéadhma an macáimh máodh. Agas do-rinne tuillmhe túarasdail linn gur bhudh crích don ccogadh do bhí idir é féin agus Rígh na hÁisia. "Agas cuirfead-sa an macáimh óg sa," air an Rígh, "go cathair Ghalráin mur a bhfuil saoígh ré heólus aigá bhfuil naoí ccéad mac Rígh agas ró-thighearna aig fóghluim cleasa goile agas glan-ghaisgidh, agas ní bhfuil san domhan," air sé, "saoídh is dearsgnaidhthe iná an fear sin; agus is barramhuil dhamh gurab ó thír éigin don Eórpa dhó: is é as ainm díleas dhó Manannán mhic Lir." Ro thug mise, agas Fearghus, agas Oillioll Fionn aithne fair an tan do-chúalamar a ainm. Gidh eadh, níor léigeamar sin leis an Rígh. Agas budh náir lé Cú Chulainn an bhreith sin tug an Rígh fair; ach thugamar uile do throm-chomhairle air an cCoin dul don ccathruigh; agus d'áomh sin, géir leisg leis é.
Ciodh trácht, d'fhógair an dá rígh sin cath dá chéile air Thulaidh na Sgíath a n-imiol Thír Tharngaire don leith shoir-thúaidh dhí. CATH THULAIDH NA SGÍATH (do fearadh idir Néid mhach Saidhin Rígh Thír Thairngaire, agas Alasdrann mhac Cuis Rígh na hÁisia bhadh thúaigh, ann ar thuit iomad do shlóighte air gach leith) Táinic go Tulaidh na Sgíath a ccéadóir Néid mac Saidhin, Áird-rígh úasal oirbheartach Thír Tharngaire, agas Galach Géidghe, a mhac, do budh taoíseach air na slúaghaibh uile; agus do chuir an láoch sin taoiseach air gach fiche míle dhíobh, agas tug sé an nóchad cóir dhamh-sa le ceannus féadhna do dhéanamh forra. Agas do chuir Galach Géidghe láoch cródha cath-bhúadhach darbh ainm an Céadach mhac Rígh na tTulach, bráthair gaoíl dhó féin, 'na thaoiseach ós ceann na céad-bhuidhne, .i. fiche míle d'ógaibh Thúaghtha tTulach, agas láochraigh Leasa Léithe, agas do ghaibh an doighir dána sin láimh dheas an mhagha uile. Agus is é do budh airm dháibh túaghtha líomhtha béul-leathna, agus croim-sgíatha dubha go ndeilbh iolair ngeala 'na meadhóin. Rob íad
sin na fir budh háirachtaigh aig Rígh Thír Tharn- gaire. Tug Galach Géidghe fiche míle eile do Chorc mac Niúil, agus do ghaibh an fear sin for láimh chlé an Chéadaigh mhic Rígh na tTulach. Tug fiche míle eile fó cheannus féadhna Iola- ráin mhic Uinse, agus gabhus an fear sin for láimh Chorc mhic Niúil. Tug fiche míle eile d'Fhearghal mór mhac Seadhna, agus budh lucht saighead íad sin uile, agas ní aimsighdís nach ndiúbhracaidís cían nó gairid úatha; agus gabhus an fear sin for láimh dheis Iolaráin mhic Uinse. Gabhus Galach Géidghe féin an fiche míle déighionach do thréan-mhílidhibh Thír Tharngaire, agas lucht na n-oileán uile do bhádar gan teacht an tráth sin; óir do bhí tríochad oileán fá chíos- cháin do Rígh Thír Tharngaire, d'imlibh na hAffraice agas a hÁisia agas budh lucht carbad íad sin uile. Do bhámar trí lá dhéag air Thulaidh na Sgíath aig fuireach teacht Rígh na hÁisia bhadh thúaigh, agas dob iomdha ris an raé sin gníomha gaisgidh dá ccur a meabhair idir thréinfhearaibh Thír Tharngaire air an Tulaidh sin. Iomthúsa Alasdrainn mhic Cuis, Rígh na hÁisia, táinic don leith bhudh thúaigh don tulaidh air an ceathramh lá déag; agas do háirmheadh linne
cearchad buidhean mur shlúagh leis an Rígh sin, agus cúig mhíle san mbuidhean dhíobh, taoíseach óirdheirc éachtach a ttoiseach gach ré bhuidhne dhíobh, agas mílidh ro-chalma 'na thaoiseach air gach cúig buídhnibh dhíobh, agas curaidh ceann- árd céadfadhach do phríomh-laochraídh óirthear an bheatha mur cheannus féadhna a réamhthús gach deich mbuídhnibh dhíobh. Agas budh haithne dhamh-sa triúr dhíobh sin, mur do bhí: Siomon mhac Núain an' árd- thaoiseach air na deich mbuídhnibh táinic don tulaidh air ttús, agus budh cat gan uamhain an láoch sin air bhrígh agas air mhór-éuchta; agus ní raibh nídh ann a éidiogh uile acht muinibh gorma agus ór. Agus budh lucht túagha na buídhnibh sin agus budh mó gach ré láoch dhíobh nó na hathaigh dhá ngoireamaois na Doighir Mhóra, .i. deich míle aitheach táinic chugainn ó dheiscceart na hAffraice. Agus croicnibh beaitheach n-álta fá héideadh d'fhearuibh Shiomoin uile, agus cochaill éisg mur chathbhair forra, agas ní theasgfadh reanna nó fáobhair íad, air a ccrúas agas air a n-iomdhaingne. Agas do ghabh Siomon sosadh a phuible ós ceart-chomhair an Chéadaigh chródha mhic Rígh na tTulach; agas budh heagal ris an cCéadach na fearaibh sin air éaxamhlacht a méad, air thairpeacht a ttursgair, agas air áirde agus air urghráin a ngotha, agas fós air athláimh a
ngníomha: óir do bhí an fiodh budh coimhneasa dhóibh tríocha chéad úatha, agas do dhíonsgáoil Siomon triúr as gach tríochad dhíobh do bhúain fíodhbhaigh fán bhfiodh dochum botha agas béul-sgaláin do dhéanamh do na slóighte; agus ní teasgadh nó sgathadh do-ghnídhdís na fir sin for ghéagaibh, ach gach ré bhile 'bhuain d'áon- bhéim; agas budh luaithe ar an tulaidh íad nó na carbaite do na greadhaibh aig an íarmhair, agus budh thaoisge na fian-bhotha úirdhéanta aca nó a n-innioll do na greadhaibh aig na haradhaibh mun am soin. Badh haithne dhamh fós an dara taoíseach táinic don tulaidh .i. an Maghach mór mhac Rígh na cCaolach; agas budh hádhbhar uamhain an láoch sin d'fhaicsin a bhfeirg nó a bhfíoch, a n-innioll catha nó comhlainn; óir do budh háirde é nó Bile an tSrotha Dheirg, .i. crann beann- árd búadha do bhí a cceart-lár an mhagha mhór- fhairsing sin; agas is amhluidh do bhí an bile sin, iubhar áluinn ró bhí ann, agas tiobraid aigá bhun, agas sruth aig síor-shnoidhe ass, agus budh gile nó fionn-ghloine uisge na tiobraide don leith astoigh dhe, agas badh do bhúaidhibh an uisge ghuirm ghil sin, gach easlán dá ttigeadh gá ól feadh míosa agus naoí ttráth gur bhudh slán dá
bhíthin sin é. Agus budh deirge uisge an tsrotha ó imioll na tiobraide amach nó crú na láogh. Agus budh do bhúaidhibh an tsrotha sin, fir ghonta an domhain, ó chréuchta agas ó áladh na n-uile arm, budh slán íad ó ól agas óna bhfóthragadh as uisge an tSrotha Dheirg sin; agas ní raibhe ó imeal na tiobraide go tuitiom an tsrotha a n-úirmh- eadhóin na talmhan ach ocht ccéama déag. Agus bhí do leathad ghéagaibh an ríghbhile bhúaidhigh sin, go righfeadh a mbárr tair chríochaibh an tSrotha Dheirg. Agus budh háirde an Mághach mór nó an bile sin. Agus budh lucht lúireacha an slúagh sin; agas ní raibhe d'eideadha catha fforra ach beannaibh do bhláosgaibh na mara aig folach leath a n-aigh- thibh, agas leith a ccúil gan éidiogh; agas ní bhfuil gné do na dathaibh nach dealraighthear isna héidighthibh iongantacha sin. Agas is ionann do lingeadh bior, nó soigheadh, nó gath, do na bladhaibh sin agas d'éadan cárrtha comh- dhaingean cloiche. Agas ní a mbothaibh, nó a múiribh, do chodlaidís sin ach for na maghaibh féur-úaine, air liosdacht a ccuirp agas air dheac- racht leó foluaimneadh nó iomshiobhal da dhéanamh. Agas do roigfeadh a bhfuilt colpaibh a ccos for a ccúla; agus budh gile nó sgotha fionna na fuilt sin uile.
Agas budh do mhaodháin na n-elephant éideadh an Mhaghaidh Mhóir airna eagar do líagaibh láin-cheardamhla, agas do gheamaibh búadha na hIndia, agas budh ghile an t-éideamh sin nó sneachta attúaigh, agus gabhus an láoch sin ionadh san tulaidh ós comhair Chuirc mhic Niúil agas air laimh dheas Shiomoin mhic Núain. Budh haithne dhamh mur an ccéadna an treas árd-thaoíseach táinic ann .i. Maine Líach mhac Rígh Thír an Óir. Agas budh do dhéagh-láochuibh an domhain an fear sin, air áille a dhreach agas a dhéanamh agus air éagcosg a éidigh agas a innill: óir ní lamhaidís fir bhorba an mhagha bhráonaigh fearg leis do-chífeadh a ghnúis, air an ruithneadh taitneamhach do thigeadh dhe, ionnus go mbíodh a aghaidh gan fholach a ccathaibh agas a ccomh- lannaibh a n-aghaidh a bhíodhbhaidh. Agus is as sin a thigeadh dhó búaidh do thabhairt: óir ní lamhaidís cathugh leis, air mhéad an ghráidh do- bhéarthaoí dhó. Agus budh hór a éidiogh uile gan fhuighioll, idir chlogad agas sgíath agas lúireach, airna cceamhsugha don liafana agas do chorrmhogall bhúadha. Agas budh lucht saighead iad sin uile, agas budh hálainn na fearaibh íad, d'ógaibh fíor-úaisle Thír an Óir. Óir budh duibhe nó clúaimh na bhfíach a
bhfuilt, agas budh deirge ná partlainn a ngrúadha agas fós budh gile ná sneachta a ccuirp; agas do bhádar gan éidiogh iomchosanta forra. Agas gabhus an fear sin ionadh for láimh dheis an Mhaghaidh Mhóir, agas ós ceart-chomhair Fhearghail Mhóir mhic Seadhna; agas budh leór d'áoibhneas lé mac Seadhna agas lena mhuinntir do bheith aig féachain na ruithneadh ro-thaitneamhach thigheadh do ghnúisibh agas d'áidhthibh na láoch sin. Táinic ann an ceathramh taoíseach, agas níorbh aithne dhamh-sa é féin, nó a shlúagh; ach dob iongantach ris na slúaghaibh sin Thír Tharngaire inneall agas órdughadh na láoch sin: óir do bhí áon-óglach áidhbheil uirmheisneamhuil 'na réumh- thús; agas budh duibhe nó gúal a éidiogh, agas éideadh a láochraidhe uile mur an ccéadna; agas níorbh aithne dhúinne sgíath nó cathbhar seacha lúireach forra; agas níorbh áirde neoch nó 'chéile dhíobh. Agas is amhluidhe do bhádar uile agas bruit shíothardha umpa; agas ní chlaoífidh cath forra; agas an Ghúal Ghaoí do goirthidh dhíobh. Agas gabhus an t-árd-thaoíseach sin cona shlúagh- bhuidhean ionadh for dheasláimh Mhaine Líach mac Rígh Thír an Óir, agas ós comhair Iolaráin
mhic Uinse. Agus budh do-mheanmnach lé hIolarán gné na druinge sin; óir ní chantaigh iorlabhra na measg. Is mun am sin táinic Alasdran mhac Cuis agas a dhís mac mór-mheanmnach don tulaidh go mbuidhean tríochad céad 'na bhfochair, .i. deich ccéad fó gach fear dhíobh do phríomh-fhearaibh na hÁisia; agas gabhaid sin ionadh ríoghdha forsan magh a ngar do Bhile an tSrotha Dheirg. Agas is fán mbile, agus fán tiobraid, agus fán tsruth sin, agas fán tulaidh air a raibhe, ro bhí an coin- bhliocht agas an cogadh sin idir na ríghthe réamh- ráidhte; agas do budh crádh céadfaidh le Rígh Thír Tharngaire, Rígh na hÁisia do bheith a ccomfhogus sin dona trí rígh-sheóid shúas. Cuireas Néid mhac Saidhin íar sin draoíghthe fíre focail-cheart d'agallamh Rígh na hÁisia, gá rádh leis nár cheart agus nár chothrom an fochain catha do bhí aige; agas fós nach raibhe dúal nó dúthchas aige ó shean nó ó shinnsir lé cíos- cháin an mhagha sin, nó a theármann, d'fhagháil dhó féin; ach, tairis sin, go ttióbhradh san, sul fó ttiocfadh na mór-uilc do bhí 'ccosamhlacht
toigheacht fón nídh céadna, breith na ndraoíghthe do gach leith do Rígh na hÁisia. Cinneadh comhairle aige um an nídh sin, agas táinic chuige maithe agus mór-úaisle an tslúaigh, agas nochtus Rígh na hÁisia an t-aitheasg sin Rígh Thír Tharngaire dhóibh. Adúbhradar na húaisle agus na hurradha sin ionadh coinne do dhéanamh lé Rígh Thír Thairngaire um an bhreith, agus fios do chur air ceann a bhreitheamhnaibh agas a dhraoíghthe féin gusan Áisia bhudh thúaigh a ccomhair an laé sin, agas madh budh sochar leis an bhreith do bhéaradh na draoíghthe do gach leith fanamhuin forra, agas muna sochar an cath do thabhairt. Nochtas Rígh na hÁisia do theach- taibh Rígh Thír Tharngaire go ttiocfadh féin cona bhreitheamhnaibh d'agallamh Néid mhic Saidhin fiche lá ón lá sin, go Bile an tSrotha Dheirg bhudh dheas. Do luidh na teachta for ccúla, agas noch- taid bríathra Rígh na hÁisia don Rígh Néid. Bugh mhaith ris an Rígh an freagra sin, oir do heagladh é ría trom-shlóighte na hÁisia. Is ann sin cuireas Néid mhac Saidhin fios agas teachta do choimhthionnál dhraoíghthe agas bhreitheamhnaibh Thíre Tharngaire. Tángadar do láthair an rígh íar sin, agas ro nochtaigh an rígh fátha agus brígh a ttionóil dháibh; agas do ghealladar na draoíghte, air cclos na sgéal, fír- bhreitheamhnus do dhéanamh ann.
Gaireas an rígh air Mhananán a bhfód fó leith, agus geallus mór-chumha dhó, um fhír-fháisdine an chatha do nochtugha dhó. "Goirthear chugamsa do láthair na curaidh fil san tslúagh sa táinic ó Éirinn." Tángamair-ne do láthair an rígh agas Mhanan- náin íar sin, agas fáiltigheas Manannán romhainn go muinntearrach mór-chairthannach. "Nach bhfuil mhur ccóngnamh-sa leis an rígh?" air Manannán. Adúbhramar uile go raibh sin aige, madh bás nó beatha dhúinn. "Máiseadh," air an draoígh, "tiucfaidh lá breithe eidir an dá rígh so, agas ní bhíaidh bail fuirre: óir issí 'n bhreith íarrfas draoíghthe na hÁisia, an machaire nó an magh so cona naoí ttríocha déag d'fhearann, agas an Sruth Dearg cona theartaibh agas cona bhúadhaibh, do léigean dháibh féin, agas gan do shochar do bheith aig Rígh Thír Tharngaire ach turas an tobair amháin, agas an struth do bheith aca-san gan roinn, agas fós a bheith leitheach a bhfeartaibh na tiobraide mur áon linne." Is ann sin adubhairt Néid mhac Saidhin nach ttiúbhradh féin an bhreith sin úadha go bráth. "Máiseadh," air Manannán, "'s badh héigin duit an cath do thabhairt."
"Is eagail liom-sa an cath sin," air an rígh, "óir atá an Ghúal Ghaoí 'nair n-aghaidh, agas ní chlóthar cath forra féin nó fair an Dubh-laoch is taoíseach forra. Is ann sin adubhairt an draoígh: "Tabhair-si chugam-sa taoísighe na slúagh-sa um thráthnóna amárach air an tulaidh bhadh dheas ó amharc shlóighte na hÁisia." Cuireas an rígh, nó an draoígh, dalta draoígh- eachta do bhí an' fhochair go cathair Ghalrainn, agas tug an dalta chuige airna mhárach Carbhat Seardha síothúathmhar gusan tulaidh réamh- ráidhte; agas táinic an Rígh cona thréain- fhearaibh ann mur an ccéadna; agas tugasdar an draoígh lámh um an ccarbat gur chuir a n-innealt agas a n-órdughadh é, eidir roth agus fhearsa, idir chuing agas chlár agas théadaibh, agas budh híarann aithleidhte síth-ríghinn gach méad n-órd- laigh don ccarbad. Is ann sin d'fhógair an draoígh don rígh dhá stéad dhíana dhíomhóra dhána dhóchoisge, nach géabhadh uamhain nó imeagla, do thabhairt chuige. Gabhthar na greadha san ccarbad íar sin agas ní lamhaidís tréin-fhir an tslúaigh uile an Carbat Seardha d'urthógbháil air na greadhaibh ach an draoígh agas a dhalta amháin. Cuireas Manannán, íar sin, bruit dhúnta chomhdaighthe dhraoíghtheacht fairan eachraigh, ionnus go lin-
gidís díobh, air a n-iomdhaingne, bioranna agas bárr armaibh, saighead, agus sleaghanna, amhuil do tháith-líogaibh cloch; agus fós co nach bhfaicidís an eachraidh innilt athúathmhar an charbait. Rúaimnighthear an Carbat Seardha íar sin lé draoígheucht Mhanannáin go ndearnadh soidh- neán tineadh trithchim-rúaidhe ó'n ccuing go 'cheile dhe. Ro ghaireadh uime an tráth sin geinte gríobhacha guth-ghránna agus deamhnaibh éadúaibhseacha aéidhóir, ionnus gur bhudh lán- obair linn uile gan an tulaidh do thréigmheál air dhoilghe linn éisdeacht do thabhairt d'iorlabhra na bhfeithidibh sin. Íar sin fúagras an draoígh láoch éigin dhínn dhul d'áon-bhíogadh san ccarbat; ach is amhluidh do bhámar uile, dá ttugthaoí flaitheas an domhain d'aon againn ní thiúbhramaois tabhadh áon-uaire leis. Ach tárla Cú Chulainn air an tulaidh an tráth sin, air tteacht ós ísioll ó Chathair Ghalrainn gan fhios don draoígh; agas ó nach bhfacaidh áon aig táobhadh an charbait, tug bíogadh éanamhuil ó chleathaibh na talmhuin fair, agas gabhus an chainneal adhanta leathad a dhá bhonn do chreit-chlár an charbait don táobh astoigh, agas gabhus slat for na greadhaibh; ach fógras an draoígh dhó gan dul air amharc a bhíodhbhaidh, ach an tulaidh sin féin do thimchíalladh. Agas tug Cú Chulaind cruinn-chúairt na tulcha fá thrí,
air an órdughadh sin, ionnus nárbh aithne d'áon tús, nó deireadh, nó greadh, nó roth, nó creit, nó clár, nó láoch, don ccarbat, nó gur sguir an eachraidh. Agas tig Cú Chulainn ass íar sin, agas táinic an draoígh agas an Rígh chuige, agus toirbhreas an draoígh teóra póg go dil díochra dhó, go ndubhairt: "Mo chion do thoisg don tír-si, a dhaltáin bhúadhaigh, agus mo chion fós do chroídhe curadh, agus h'aigneadh árd dhíochra chéadfadh, agas h'éagcosg. Gach búaidh cosgair agus comh- mhaoídheamh is dlighthe do ríogh-láoch darab seilbh an Carbat Seardha, fágbhaim agad é mur áon ris an ccarbatt féin. Agas aig sa mo theagasg dhíbh a bhfuil sibh do mhíleadhaibh Thíre Tharngaire don láthair-sí," air an draoígh, "um an chath mhór ataoí chugaibh. Tugaidh an tríochad céad carbatt, .i. lucht na n-oileán, don macaoímh óg sa; agas air maidin an laé sin, tugadh an Céadach adhaigh soir go Sruth Euphráites, agas leanfa an t-úathne catha, .i. Siomon mhac Núain é; agas tugadh Corc mac Niuil tóruidheacht dhían athláimh dháibh, agas leanfa an Mághach Mór íad sin; agas ná bíodh san mbuidhean dhíobh acht a ndá ttrían, agas tugthar an treas trían do Chonall agus dá chomhdhaltaibh. Agas an tráth bhíos na slóighte air an iomrúagadh sin, bíodh aire fhriochnamhach agad-sa, a Chonaill, air Mhaine Líach mhac Rígh Thír an Óir, agas
guin do leith a chúil é; óir ní féidir a ghuin ach mur sin. Agas an tan bhus gonta é, cuir teachta gus an cCéadach, ionnus go n-iompóghthar leis fair a bhiodhbhaidh. Agas muns ttugthar cabhair athlámh dhó, ró badh marbh a ccéadóir é. Agas is íad an Ghúal Ghaoí bhus buidhean dhéigheanach do shlóighte na hÁisia an lá sin; óir ní gnáth leó cathugha do dhéanamh ach an tan do-chíd an cath dá mhaoídheamh. Agus a Chú Chulainn," air an draoí, "is dearbhráthair dhamh-sa Dubhlaoch na Gúal Ghaoí; acht tairis sin do-bhéarad teagasg búadha dhuitsi forra, .i. ling- thear leat san cCarbat Seardha an lá sin; agus déana lúath-chúairt móir-thimchioll na buidhne sin fá thrí gan mhearugh slígheadh, ach a n-áon- ráon, óir ní budh headh air lár grían agas grinneall agas fóide tailce na talmhan do ró chuireas rotha rúaimneach an charbaid a bhfridhchibh na fior- mamuinte lé déine an tsiobhail; agas déantar lé lucht na n-oileán cala-bhúaile go héasgaidh athláimh 'na n-uirthimchiall an tan sin; óir do-bhéaraidh an Dubhláoch, .i. taoíseach na Gúal Ghaoí, aithne fair an cCarbat Seardha an tráth sin, agas tuitfe a n-airm as a lámhaibh lé gráin agus lé húamhain roimhe: ach tairis sin ná gointear láoch dhíobh libh, ach gabhthar mar bhraighdibh
íad. Agas tugthar leat-sa, a Chú Chulainn," air Manannán, "tóraidheacht thréan-lúath do lucht na hÁisia; óir saoílfighthear leó gurab sibh an Ghúal Ghaoí; agus déantar libh éuchta maithe forra mun am sin. Agas, a Chonaill," air an draoí, "ná trom- ghontar leat-sa an Maine Líach, óir is dalta díoghrais dhamh-sa é, ach camhdaigh an laoch sin go maith, agas fós ná déantar libh main- neachtna um an cCéadach, óir is air a thuiteas trom-luidhe an chatha uile air ttús." D'fhág a' draoígh agus na láochraighe an tulaidh íar sin, agas tángadar gusan longphurt; agus do bhádar air an órdughadh sin go lá an bhreithe; agas dob iomhda, ris an raé sin, cleasa goile agus cruibh-nearta dá n-imeirt idir láochruidh an dá shlúaigh; agus do bheireadh Maine Líach an cosgar úainn uile. Agas an lá do ghleicfeadh féin agus an Céadach lé chéile, do chaithfidís an lá sin, ó mhaidin go neóin, gan fios time nó tláis aig ceachtar dhíobh, gur bhudh meirtnighthe insgíthe íad aráon, ionnus gur bhudh mór úamhain an tslúaigh uile roimhe an mílidh Maine Líach: óir géar mhór calmacht agus cródhacht a raibh do thréan-fhearaibh aig Rígh Thír Tharngaire, máiseadh do bheireadh an láoch sin air ccosgar uile ach an Céadach amháin. Agus bhí do mhéad reacht an Chéadaigh chródha, an tan do-chífeadh an Maine
Líach chuige d'fhéachain chleas ngoile air an tulaigh, do chuireadh an leómhan úasal driúcht fola foirúaidhe trén' fhinnleathar. Ach atá ní cheana, táinic lá na breithe chugainn íar sin, agas tángadar maithe agas mór-úaisle na slógh do gach leith go Bile an tSrotha Dheirg a ccomhair agas a ccomhdháil a chéile; agus do- chúadar na breaitheamhnuibh agas na draoíghthe a bhfód fó leith um an nídh sin. Agas ní ghéabhadh draoíghthe na hÁisia gan sochar an mhagha mhór-fhairsing sin cona naoí ttríochad déag d'fhearann agus conan Sruth Dearg gan fuigheall, gan imreasáin, agas roinn-pháirt air an tiobraid tairis sin aca gan chíos, gan cháin, gan éigin-dáil, go foircheann an bheatha. Agas níor áomhadar breitheamhnaibh Thír Tharngaire ann sin; óir do bhí a láin-fhios aca nach anfadh an Rígh air na coinghill sin; ach tairbhrid a bheith leitheach um fheartaibh na seód sáor-bhúadhach sin; agas níor gabhadh sin úatha. Tángadar na breithimh íar sin do láthair an dá rígh cona n-úaislibh agus cona n-urradha, agus nochtaid dháibh amhuil nár fhéadadar an tsíth do dhéanamh. Curthar an tsíghe ós áird íar sin, agas fógras Rígh na hÁisia chath air Rígh Thír Tharngaire air an treas lá dá éis.
Luidh gach druing for ccúla dá longphurt féin; agus airna mhárach gabhaid na taoísighe aig cur na mbuídhnibh d'inneilt a n-éidigh agus a n-earradhaibh catha, agus an dara lá ag geal-chailceadh a nglé-armaibh; agas an oí- dhche sin do budh machtna mór agus cúis criothán bháis a bheith aig féuchain na cceathair áird úainn, air liacht na n-ealtain do bhruinneóin chíocracha bhí air eiteal ris an ngaoíth air dorchadh gnúis na gréine glan-shoillsi airna seóladh gusan tulaidh go cnorcha congháireach. Agus fós budh samhuil ré ceatha réaltain ró- luinneardha súile na bhfeithidibh n-athúathmhar úalta aig teacht ó na fiodhaibh agas ó na fásaidhibh agas ó fháinnghleanntaibh na críche gusan magh, do bhrath cró-chur an chatha mhóir agas an áir éaxsamhalta do bhí chuca. Agas fós budh mór an úamhain agus an urghráin do bheith aig éisdeacht re all-ghotha na láoch ó na hamhruibh agas ó na haislingibh iongantacha taibhreadh dháibh 'na ccodladh, ag túar agas aig tarngaire na mór n-olc do bhí lé teacht do los an chatha athúathmhair sin do bhí chuca.
Taisealbhadh Mhic Rígh Thír an Óir. Budh hiongantach an nídh taibhreadh do Mhaine Líach mac Rígh Thír an Óir an oídhche sin: óir an tráth bhádar cách aig dul chum súain, do thárla Maine Líach anna phailliúin, agus é 'na shuidhe air úir a leaptha, agas lóchrann loinneardha air lasadh ós a chomhair, íar mbúain a éidigh dhe; agas sileadh dá ttug thairis do-chí chuige an deilbh athúathmhar urghránna, agas an siorraide snoidhte síabhartha gan fhuil, gan fheóil, gan fholt, gan éidiogh, ach 'na chúail chuilsge chnámh- lom, go madh léir soillsi an lóchrainn ón táobh nó chéile do cháol-chumpair na deilbhe dath- ghrúama sin. Tréigeas an rígh-mhílidh Maine Líach an deilbh dob áille don chinéul feardha air bhfaicsin an amhairc iongantaidh sin, ach do sheasaibh an searg-chruth sáobh-chranda sin a bhfioghair neamh- ghnáitheach ós comhair an taighil bheódha nár ghaibh úamhain ná imeagla aríamh roimhe sin. Gidh eadh, do labhair an cholbha úasal árrachtach do ghuth fhaiteach chrith-eaglach ris an chríon- chruth go ndubhairt: "Cía ttíaghaigh-se, a shíogaidh?" bhair Maine. "Do thabhairt oidhe agas aoín-éaga dhuit-se," bhair an deilbh.
"Ciá háit a bfuilid h'airm?" bhair Maine. "Aig súd íad," air an deilbh; agus leis sin do thóg áon-túagh áidhbheil éagsamhalta do theasg- fadh fionnadh a n-aghaidh srotha nó láin-líog agna adamaint air a háighe agas air a himghéire anna láimh cháoil-fhéithe chnáimh-lom, agas a- dubhairt: "Cidh mór do ghoil agas do ghaisgidh, agas h'éachtaibh cosgartha a ccathaibh agas a ccomh- lannaibh go n-uige sa, máiseadh goinfead-sa anois don túaigh so thú." "Ní héachta déagh-laoích sin," bhair Maine, "ach más d'úaslibh an domhain thú, atá lá an mhór-chatha chugainn amárach air an tulaidh so amuigh, agas teagmhaidh dhamh ann, mur a ccomhraicfiom air áon a bhfíadhnuise na mór- shlúagh." Agus éalóghas an taidhbhsi úadha íar sin, agas goireas Maine Líach a dhraoígh chuige, agus nochtus an teagbháil dhó. Dearcas an dráoi fair Mhaine, go ndúbhairt: "Dair liom, a thighearna," air an draoígh, "ní maith do-chúaidh dhuit do thomhaltas ó chíanaibh." "Ní headh sin," air Maine, "acht an úamhain do ghabhus ríasan dúil shíabharra tárla dhamh." "Trúagh liomsa," air an draoígh, "an nídh
thiocfas dhe sin, mar atá, thusa do thuitiom san ccath mhór sa amárach." "Créad do theagasg-sa dhamh uime sin?" bhair Maine. "Ní bhfuil a bheag agam dhe," air an draoígh, "ach dá bhfaghthá an Ghúal Ghaoí dod iom- chosnamh air chách, budh dóigh go ttiúbhraidís ass thú." "Cáid na hárrtha, nó na héuchta, nó na díthe do-áirmhthe do-dhéantaigh liom-sa san ccath íar sin?" bhair Maine. "Gaibh do rogha," bhair an draoígh. Agas fágbhas Maine fón ccruth sin. Iomthúsa Ghalach Géidghe ré moch-shoillsi an laé, suil fár fhágbhadar réaltoin aieór, gabhas lámh thapaidh láochda for 'armaibh goile, agas gabhus caismeirt catha 'na láimh dhíoghrais dheis, agas do ró sheinn sáir-ghéaim láochda lán- úathbhásach as an mbeinn ghlóruidhe gheal- airgid sin, léar dhúiseadar na catha comh-móra uile, lé fúaim na beinne báoth-airde. Is ann sin do ghaibheadar na taoísighe agas na tréinfhir aig suidhioghadh agas aig sár-chur na mbuidhnibh a n-innealt agas a n-órdughadh catha, gur ghabh gach ró-éuchtach dhíobh réumhthús a bhuidhne féin. Ach budh samhalta
lé híara idir chrannaibh Galach Geitighe 'na chéimionnaibh coslúatha aig suidhioghadh agas aig seólugh sochar an mhagha agas na tulcha do na táoighsigh iar dtáin. Agus táinic d'fhios an Chéadaigh chródha agus adubhairt: "A charaid ionmhuin," air sé, "an tan thiocfair- si fá lingeadh sleighe do Choill an Chúa air bhrúach Euphráites, tabhair h'adhaigh air lucht na hÁisia, ionnus madh shráonfar ort suil do roighfe cabhair thú, go mbíaidh an fiodh ad láimh do da dhíon air do bhíodhbhaidh." Gabhus an Céadach íar sin tús for na slúagh- aibh; agas nochtar linn na méirgibh áigh agus iarghala; agas do ríomhadh liom-sa a n-ált na húaire sin ocht ccéad déag ríoghbhratach ró- áluinn, mur áon lé cúig mhéirgibh na ccúig bpríomh-tháoiseach réamh-ráidhte, breac-lasda d'ór agas do shról agas do chormhogall, airna seólugh go réim-dhíreach lé fobhar na gaoídhthe ós na slúaghaibh. Agus budh samhalta ré fiodh ro-dhlúth dhían-leathan sleaghaibh na láoch ós a cceannaibh; agas budh samhalta fós ré gaeithibh na hilghréine, grís-thaitneamh na n-arm nglan n-órdha aig loinnreadh um na curaidhibh. Óir is amhluidh do bhí mise an tráth sin 'mo thaoíseach air an lucht a d'orduigh an draoígh do thoghadh dhamh, mur áon lé Fearghus agas ris an ccuid eile dhínn ach Cú Chulainn
agas an Fear Dia, agas sinn amach ón tslúagh aig fuireach ré focal catha an árd-thaoísigh. Níor chían amhluidh sin dhúinn an tan do síneadh leó a gcaismirtibh catha agas a ccuisleannaibh ciúil agas a mbeannaibh bláithbhinne búabhaill guil- ibhne guth-árda, go raibh an talamh trom- fhódach agas an fiormaimeint ró-dhaingean air coimhchrith umainn mádh ccúairt, ionnus go raibheamar an beagán Gaoidheal sin aig déanamh iongantuis áidhbheil-mhóir don teagbháil. Óir budh dóigh linn nach bhfacamar roimhe, nó ó shoin, a shamhuil eile. Ach atá ní cheana, níor bhudh lúaidhthe seabhac gaoídhthe, nó agh imdhísgir alla airna só-ghlúasacht do chonaibh, nó Galach Géidghe air stéad dhuibh dhían-lúath ó bhuidhean an Chéadaigh gusan mbuidhean dhéighionach do na slóighte, .i. láochruidhe na n-oileán táinic chugainn mun am sin go líon cheithre mhíle carbat: agas do bhádar a leath 'na bhfir ghorma go h-uile, agas Cú Chulainn 'na thaoíseach forra. Agas budh leisg le Rígh Thír Tharngaire an crúaidh-chéim do bhí fána chomhair do thaobhadh leis, air a óige agus air anáosdacht na Coin, ach nárbh áill leis teagasg an draoí do shárugha. Agas air ngabháil an fhuinn do'n Chéadach, fógras Galach Géidghe dhó aghaidh do thabhairt air shlóighte na hÁisia. Is ann sin brosnaigheas
agas mór-mhaoidheas an Céadach cródha cos- garthach a churaidhibh san trom-dheabhaidh gur fearadh eatorra ceatha díana dlútha soighead, agas frasa fír-nimhneacha dá ngaéthe rinn-ghéara; agas fuilingidheadh an chéad-choinsgleó sin go hárrachtach ris na tréinfhearaibh, go ndeachadar íar sin a muinchinn a ccloidhmhthe agas a ttúatha agas a luirgibh léar ghabhadar aig túargain agus aig áirleach agas aig casargain a chéile go tinneasnach tréan-abhaéil. Is ann sin tig Galach Géidghe 'na shidheadh lúaithreatha agas fógras don tslúagh fosgladh do thabhairt forra agas ráon do léigean dhamh-sa agus do mo mhuinntir tarsna tríothfa soir gach ndíreach. Óir is amhluidh do bhí Maine Líach an tráth sin, agas 'aghaidh go tulaidh na teagbhála mur a raibh an Céadach agus Siomon mhac Núain a ndeabhaidh lé chéile agas na hárd-thaoísigh aig tuiteam san ccath agas aig freasdal a chéile dá n-armaibh. Tugaim-si íar sin súil fhriochnamhach romham agas 'mo dhíaigh, gur ghabhus aithne air Mhaine Líach, go ttugus tulgann tréan-árrachtach da bhaisge don manaoís mhóir ró bhí 'mo láimhe do Mhaine do leith a chúil; agas sul do ráinic barr na sleighe a chorp ró tholl sí naoí sgéitheibh sgoith-dhearga do chuir a lucht cosanta idir é
agas í; acht tairis sin do ghuin mise an laoch sin. Agas d'éirghe deich ccéad sleagh agus gath agas cráoiseach dhíom sul do ráinic liom an tsleagh do tharraing, nó fós sul do ráinic Fearghus, nó Con Raoí, nó Oillioll Fionn, nó Náos, nó Lughaidh mhac Nóis, nó áon eile dom cháirdibh mé; ionnus go madh tréadtha tréatholta m'earradh agas m'éidioghadh, agas budh guineach créachtach mise do na frassa sin. Ach atá ní cheana, tuiteas Maine a ccosair chró air an láthair sin, agus fógraim- si d'Fearghus agus do dhroing eile Maine do thabhairt as láithreach an chatha agas a fhágbháil air chumairce an Rígh Néid. Do-roinneadh amhlaidh sin; agas air mbeith dhamh-sa aig deaghbhaidh lé láochraidh Thír an Óir, do-chúalas trom-ghárrtha éagcomhlainn aig mílidhibh an Chéadaigh mhic Rígh na tTulach. Fágbhaim-se an t-ionadh catha sin, agas tíagham a d'fhóirighin agas a d'fhurtacht an Chéadaigh an anfhorlann shúas. Agas is amhluidhe a fúaras an Céadach, .i. cneadhach créuchtach a ccosair chró air an tulaidh amach ón ccath agas leaghaibh aig ceangal a chneadhaibh. Cuirim-si Con Raoí íar sin 'na thaoiseach air mo shlúagh- bhuidhean féin, agas cuirim don chath íad do chabhair shlóighte an Chéadaigh; agas d'fhanas
féin d'agallaimh an fhir ghonta sin. D'fhíafraidh an curaidh gonta dhíom náir ghoineas Maine Líach mhac Rígh Thír an Óir. Adubhras leis gur ghoineas. Bíogas an t-úaithne iorrghala sin 'na sheasamh go huirmheisneamhuil ré méad na haigeanta ró ghaibh. Agas an fad do bhí mise air an imeagallamh sin, ró tháirngeas cúig cháoga rinn gath agas saighead as chleathaibh mo chuirp agas m'éidigh; agas ceanglaid na leaghaibh mo chréuchta mur an ccéadna, agas do-chuadhmar san ccath iar sin. Agas is áidhbheil lén' insind an t-inneall agas an t-órdughadh do bhí fáir na slúaghaibh an tan sin; óir (do bhí) drong dhíobh a bhféagmhais a ccinn 'na méaidhibh máoildhearga, agus drong airna ttolladh do rinn gath agas cráoiseach, droing agus a righthibh airna tteasgadh dá ccollaibh, drong air fíarluidhe an mhagha créachtnaigh cnáimh-gheartha gan toirmeacht air a ccumus, agas uimhir dhó-áirmhthe marbh air an magh. Agas fós, budh mór an ghráin agus an criothán úathbháis a bheith aig éisdeacht lé greann-ghotha na n-áos ngonta aigá n-athbhásugha lé bassaibh each agus lé troighthe tréan. Do bhudh húamhan fós gotha curadh agas óll-ghláodh láoch aig aith- bheódhadh agas aig mór-mholadh a ccaradh agas a ccomhgháoil, aig brosnamh agas aig comh- mháoidheamh na mbuidhnibh san ccath.
Is ann sin do-chonairc mise Fearghus airna thímchiolladh ris na Doighir Mhóra sin Shiomoin mhic Núain 'gá threabhadh agas 'gá thúargain lé túatha béil-leathna, agas Siomon féin a ndeabhaidh lé hOillioll Fionn, agas an Maghach Mór mhac Rígh na cCáolach aig túargain Chuirc mhic Níúil, agas na slóighte do gach leith aig easargoin agus aig iomáin a chéile ó tháobh go tháobh. Agas bhádar na ceapaibh catha comh dlúth sin nár fhéad an Céadach nó mise ráon d'fagháil 'na measg. Ach an tráth chúalaidh láochruidh Chrích na tTulach go raibh a ttríath agas a ttighearna aig teacht dá ccabhair, d'éirghe a n-aigneadh aig tabhairt gárrtha troma luathghára ós áird, go ttugadar ucht anbháil árrachtach uirmheisneamh- uil air churaidhibh Shiomoin mhic Núain, gur bhrúchtadar forra, agas is lé sin do fúair Fearghus mhac an Róigh ossamh ón trom-luidhe slúaigh do bhí fair. Agas budh mhór an gníomh d'Fearghus teacht beó úatha. Is ann sin tug Siomon dá aire an míochórugha catha tugadh air a mhuinntir, agas d'aomh a ccur a n-eagar, ach nár fhéad, óir do fhreasdail Oillioll Fionn go dían dúthrachtach é, go madh sár-obair dhó é féin d'iomchosnamh fair ach go ttángadar dá chabhair cáoga curaidh an Chainne Chúanna. Agas táinic mise do chabhair Oilioll Fhinn mun am sin. Ach gé do bhádar agam airm iol-ágha
air a raibhe teóra búadha níadhachuis, agas gur chomhraiceas go cródha a n-aghaidh na ccuradh ceann-árd céadfadhach sin, agas fós go raibheadar agam nóchad láoch lán-mhaith do mo dhíon do thaobh mo chúil agus do gach leith dhíom, máiseadh do goineadh mo mhuinntir uile umam dom aimhdheóin ris an ccaoga curaidh sin; agas ní thiucfainn féin as, ach go ttáinic do mo cha- bhair Náos agas Lughaidh, Fearghus agas Con Raoí, léir haithghríosadh an n-iorghail go mór fán am sin eadrainn agas na curaidhibh iar dtáin. Iomthúsa Oillioll Fhinn, fúair báoghal feacht fair Shiomon go ttug an curaidh clíathach béidhm cloidhimh go tineasnach tréan-dhúthrachtach don aitheach gur theasg an leómhan úasal leath a chinn, a ghúala, agas a dheaslámh idir earradh agas éidiogh, agus a chos óna gheal-ghlún don láoch. Tuiteas Siomon san ár íar sin, agus tógthar trom- ghárrtha éagcaoínte fá bhás na flatha san ccath. Ach atá ní cheana, do-chúalaidh an Mághach Mór, agas é a ndeabhaidh lé Corc mhac Niúil, gur thuit Siomon, agas go raibh a' cath gá chló air a láochraidh. Do ghaibh fearg mhór-aidhbhéil é, agas túairgeas Corc gur theasg a cheann dé, agas tug rúathar ró-chalma go láochraidh Shiomoin gur ghaibh aigá ngreasacht, agas aigá n-aithbheódhadh do dhíoghailt bháis a ttighearna; agas do gabhadh
an brosnamh sin go fíochta leó-san go ttugadar na Doighir Mhóra bhorba mheara sin ucht an athúair forrainn, ionnus gur mhaoígheadar san tulaidh orrainn. Agus, a Chairbre, air Conall, dá mbeitheá-sa mur a raibh mise an tráth sin, san mbeáirn ngábhaidh úd, aig freasdal fearg na bhfear-choin mbíodhbhaidh sin, agas ann so arís, 'sé mheasaim nach íarrfá amharc d'fhághail air a shamhuil, nó fós dul a ccath lé do raé. Óir, an tráth do thuit Siomon mhac Núain agas Corc mhac Niúil, ró chailleamar fearann san tulaigh. Budh liosda réna lúadh na hárra agas na heasbhadha thugadar curaidhibh Shiomoin agas an Mhágaidh Mhóir orainn, go ttángadar dar ccabhair Iolarán mhac Uinse cona fhithchid míle curaidh, agas tugadar sin ucht linn air shlóighte na hÁisia; agas táinic 'nair n-aghaidh láochruidh Thír an Óir, agas Fearghus Fachtna mhac Rígh na hÁisia 'na thaoíseach forra; agas do-ghníd sin iorghail éagsamhalta agas túargain anbháil forainn. Táinig chugainn íar sin Fearghal Mór mhac Seadhna cona líon láochruidh; agas táinic 'na n-aghaidh Galainn Gléathach mhac Sinnsir, Rígh na hÁisia; tríochad céad budh seadh a líon; agas do-rinneadar sin comhlann fuilteach, fíor-chalma. Ciodh trácht, ró bhí an cath gá
chló air shlúagh na hÁisia air ndul don ngréin síar tair mheadhóin láoi. Is ann sin brosnaigheas Rígh na hÁisia an Ghúal Ghaoí don ccath d'fhurtacht na slúagh, agas lé sin gabhas an Dubhláoch lámh for an tríocha chéad curaidh sin, agas ní ráinic leis an tulaidh do thaisdial an tan do ling Cú Chulainn san cCarbad Sheardha air bhfágbháil an Fhir Día 'na thaoíseach air lucht na n-oileán; óir ní sgaraidís an dís sin lé chéile. Is ann sin tug Cú Chulainn slat for an eachraidh, agus thug lúath-chúairt móirthimchioll na Gúal Ghaoí fó thrí a ndeilbh éagsamhalta. Gabhus úamhain agas imeagla an Dubhláoch agas an Ghúal Ghaoí uile, air bhfaicsin an Charbait Sheárdha 'teacht timchioll orra, gur thuit a n-airm as a lámha. Agas do-ghnídh an Fear Día búaile dhaingean dhósgaoílte do láochruidh na n-oileán a ttimchioll na Gcual Ghaoí, agas gabhthar leó fon ccuma sin íad; agas budh mhór athmholadh an Rígh air Chú Chulainn um an ngníomh sin. Tréigeas Cú Chulainn an Carbat Seardha, agus gabhus réumh-thús lucht na n-oileán go ttáinic a ngar don ccath. Agas ó do-chonnairc an cath gá mhaoídheamh soir, níor fháomh cungnamh
linn, acht fuireach (re) focal an árd-thaoísigh. Ní cían do bhámar amhluidh sin an tan tháinic 'nar n-aghaidh fiche míle d'fhearaibh an Ghabhra, agas Suibhne Sealgann 'na thaoíseach forra. Táinic an láoch sin lán do bharr agus do bhríghe, d'úaill agas do bharrann agas do chonfa catha, cona fhuireann tréin-fhear don ionadh iorghala a raibhe mise; agas táinic Cú Chulainn agas an Fear Dia cona sluagh-bhuidhean 'na n-aghaidh. Iomthúsa Shuibhne, thug dearg-rúathar éag- samhalta fair an tslúagh an tan sin, gur bharr- amhuil dhúinne, agus, fós, áirmhid fileadhaibh, gur torchradh míle tréin-fhear lé Suibhne don rúathar sin; agas do-chúaidh an mílidh mór- chalma tréasna ceapaibh catha aig túargain agas aig athchumadh láoch, nó gur dhían-sgaoil sé na buidhnibh cóirighthe comhdhlútha 'na sgéin- ealtain ann gach áird don magh; agas air ndol tríofa mádh gcúairt dhó mar sin, gabhus réumh- thús a láochruidh arís. Agas is iad láochruidh na n-oileán is mó do thuit léis. Is ann sin a tháinic Galach Géidghe, agas deich míle aitheach ón Affraic mur áon leis, agas tug aghaidh air Shuibhne; agus comhraicid na tréin- fhearaibh sin go beódha borb-neartmhar air an láthair sin. Ach atá ní cheana, do ró thuiteadar na deich míle aitheach lé Suibhne agas lé na
mhuinntir, agus do trom-ghoineadh Galach cródha féin san teagbháil. Táinic forainn íar sin Fearghus Fachtna agus láochraidh Thír an Óir, agas éignighid an cath forainn ó dheas, go ttáinic Fearghal Mór mhac Seadhna do chabhair na maoídhme sin; agas do-rinne Fearghal éachta maith' air tteacht dhó. Óir do mharbh an curaidh catharmach tríar tréinfhear d'fhearaibh an Ghabhra, .i. Múaidhean, Sailbhne, agas Dal, lé bhfúaramar ossamh ón anfhorlann ró bhí 'nar n-aghaidh, nó gur thimchiollsad láochraidh an Ghabhra é, agus budh mhór na héachta rinne Fearghal a n-alt na húaire sin forra; gidh eadh, bhí do líonmhaire a bhíodhbhaidh an' úirthimchioll, agas gan breith aig áon dá chabhair, gur túairgneadh a chlogad, a sgiath, agus a lúireach. Is ann sin a d'fhúagair Suibhne go mór-árrach- tach dá laochruidh Fearghal Mór do dhíth- cheannamh. Do bhí an Fear Dia, Oillioll Fionn, Fearghus, agas Náos, aig teacht tréasna slúaghaibh do chabhair Fhearghail Mhóir. Gidh eadh, díth- cheannadh Fearghal sul do ráinic, agas budh mór an béud an láoch sin. Agas do-rinneadar Gaoidhil ár mór air fhearaibh an Ghabhra a n-éiric bháis Fhearghail Mhóir go ttáinic Suibhne gá bhfurtacht, agas túairgeas an tréinfhear sin na Gaédhil go tinneasnach, agus do ró mharbh an Suibhne céadna míle láoch don rúathar sin; agus cuireas a mhuinntir
go heagartha 'n-aice 'chéile go dlúth do-sgaoílte d'aimhdheóin a námhad an ath-úair, agas gabhus féin 'na réamh-thús a ngoile an chatha an treas feacht. Is fán am sin do theagaibh Fearghus Fachtna agas an Fear Dia dá chéile, agus do ghuin an Fear Dia mac an rígh san teagbháil sin. Agas budh mór an díoth agus an dochar fúair an Fear Dia an tan sin: óir do lingeadar fair macnaidh Thír an Óir, gur thréaghdadar dá n-armaibh é. Gidh eadh, táinic an Fear Dia úatha air marbhadh móráin díobh. Táinic mise as an ccath íar sin, agas tugaim na Gaédhail liom a bhfód fó leith, agas adubhras leó gurbh eagail liom an cath do mhaoídheamh orainn muna cclaoídhtigh Suibhne Sealgan. "Agas is amhluidhe is indéanta dhúinne air ccongnamh do thabhairt lé chéile, mur áon ris an cCéadach, agas réna láochraidhe, agas lámh chlé 'thabhairt don ccath, agas iompóghadh forra do leith a ccúil." Cinneadh an chomhairle sin againn, agas táinic an Céadach cona líon laochruidh gur ghaibheamar greim fair lucht na hÁisia amhluidhe sin, lé a ttugamar dearg-ár air laochruidh an Ghabhra. Is fán am sin do bhí Cú Chulainn a ngreim aige Suibhne, agas caogad curaidh aige an' uirthim-
chiol ionnus gur ghoineadar go hádhbhael an Cú. An tráth chonairc an Cú nach raibhe air a chumas é féin do chosnamh forra, tug glún lé glíadh, agas troigh le taca, go ttug roth an urchair do Shuibhne do ghath a d'fhan aige d'íarsmaibh a airm, gur ró thréud an curaidh ón taobh nó chéile don déagh- urchar sin. Agas do bhámar aig an cCoin air ttuiteam do Shuibhne san ár. Tugamar ucht íar sin go tibhe na slúagh, air bhfágbháil Chú Chulainn a ccosair chró ó ghuin airm Shuibhne, amach ó láithreach an chatha; agus maoídhtear linn an cath bhudh thuaidh air lucht na hÁisia go cródha gur briseadh forra. Is fán am sin do theagbhaidh Galaing Gleóthach mhac Rígh na hÁisia do Chon Raoí mhac Dáire, go ndeárnadar gleic churata lé chéile, mur air thuit mac an Rígh lé Con Raoí air an rúaig sin. Agas budh háidhbheil na hárra tugadh air lucht na hÁisia san maoídhm sin; óir ní théarna beó dona slóighte iomarcach sin ach túairim air chúig mhíle láoch íar ttuiteam dá ttríatha agas dá ttighearnaidhe agas dá ttaoísighe. Ciodh trácht, fhilleamar ón rúaig um thráthnóna an laé sin go hairm a raibh Rígh Thír Tharngaire;
agas do fúaramar Manannán air air cceann ann sin agas losa íce agus sláinte aige a ccomhair chréuchta Mhaine do leighios. Táinic chugainn mun am sin Galach Géidghe agas Cú Chulainn go goineach créuchtach cróilinnteach, agas gabhaid na leaghaibh lámh for a leighios, agas fritheóladh an slúagh mar an ccéadna .i. a raibh trom-ghonta dhíobh. Agas airna mhárach do hadhnacadh na mairbh air an tulaigh. Agas do thug an rígh rathmhar ro-úasal sin an-iomad d'éadálaibh an mhagha don ochtar Gaédheal ro bhámar ann, agus fearainn sháora don droing nár chían óna ttíorrtha féin. Seachtmhuin air mhí dhúinn san longphurt fá aoíbhneas agas fá mheaghair, .i. lucht dhínn nár trom-ghoineadh, aig seilg, aig fiadhach, aig imeirt agus aig ól; agas an lucht budh trom-ghonta dhínn gá bhfothracadh san tSruth Dhearg gach lá gur bhudh slán fá dheóigh íad ó fhearthan an tsrotha bhúadhaigh sin. Iomthúsa mhacnuidh Thír an Óir, do-chúaidh buidhin dhíobh dá ttír féin, agas ró fhíafraigh an rígh sgéala Chath mhór Thulaidh na Sgíath, agas an Mhaine Líach dhíobh; agus tug draoígh Mhaine sgéula dubhach déurach don rígh; óir do shaoíl an
file gur marbhadh Maine Líach san ccath, agus do ro chan an laoígh amhluidh so síos: -
"Sgéala dhúinn, a Éimhir áigh, Créad mar do cuireadh an cath árd, Nó an mairionn Maine Líach lind, Ris nár ghaibh cath nó comhland?" "Ní maith dhúinn beacht na sgéala, A rígh úasail neart-thréithe, Goineadh san ccath mhór do mhac Lé eachtrann aineóil thréightheach. "Isan maidin badh moch éirghe Mac an Rígh, Galach Géidhghe, Lé fúaim beinne gur dhúisg na fir, Don ghleó chalma chinnmhir. "Cuireas taoísigh an dá shlúagh, Lé hucht maidne go ró-lúath, Gach buidhean (réim go rath) 'Na n-ionadh cinnte catha. "Nochtadh linne gach meirg shróil, Lé seóladh na gaoídhthe glan-ghlóir. Budh hurláimh gach taoíseach go ndil Ré hucht an chatha ghloinn-mhir.
"Tairngeas Céadach an Chloidhimh Rúaidh Fiche míle soir-thúaigh, Gan aithne do Shiomon na ttreas, Go raibh air bhrúach Euphráites. "Iompódhas forainn an curaidh cáin, An Céadach calma dreach-náir, Agus freagreas an gleó, gúaismhear linn, Dá n-armaibh leathna líath-shlim. "Leanaid soir an tréan fá seach, San rían réidh, gach ruireach, Aig lasadh na leódhacht gach leith 'S aig cosair-chrótha a náimhde. "Badh samhuil lé hagh n-alla ndían Galach Géidghe a n-áon-rían, Ó bhuidhin an Chéadaigh gan sgur Aig suidhiugh na dtréan go deireadh. "Tráth bhí Maine Mór mur chách, Is 'aghaidh soir don trom-ár, Tagasdar orainn go prab Eachtrann aineóil a bhformad.
"Tug ríogh-láoch sitheadh sanntach, Tréasna buidhnibh go rói-mheanmnach, 'S do ghuin Maine Líach dá shleagh, Sul do ráinic láoch dá chabhair. "Fothracaid a n-airm íar sin, Macnuidh Mhaine an chrotha ghil, San ccuraidh, gé do-chúaidh as Go n-iomad créucht 'na chaoímh-chnis. "D'aithle dáil an dá shlúagh, Is liosda dhúinn a n-iomlúadh, Ach clóthar an cath go dían Air shlóighte leathna na hÁisia. "Baramhuil dhamh nach ttáinic beó Taoíseach tréan ón aith-ghleó, 'S as dearg ó chrú na ttréan An fearann: sin dhuit mo cheirt-sgéal."
D'aithle Rígh Thír Tharngaire agas a shlóighte do bhádar uile ollamh uirligthe chum imtheacht do dhéanamh. Agas an oídhche ríasan tulaidh d'fhágbháil, táinic Rígh na hÁisia, maille lé cúig
ríghthe eile budh cáirdibh dhó, agas tugadar amus oídhche orainn gur mharbhadar mórán dár ndaoíne, agas ní thiocfadh neoch dhínn beó úatha muna bheith gur bhrosnaigh an draoígh an Ghúal Ghaoí 'na n-aghaidh, agus ní thiúbhradh Maine Líach lámh linn. Ciodh trácht, do-rinneamar comhrac crúaidh curata agas easargain ádhbhaeil iongantach aig treabhadh agas aig tréan-ghuin a chéile, go ttáinic soillse an laé forrainn; agas budh brisde búain-réapa air n-armaibh uile fán am soin; gurab ann sin do ghaibh aigneadh leómhanda, agas fearg fír-níata, agas buile catha, na curaidhibh aig faicsin a chéile dháibh, agas fós lé brosnamh Mhanannáin forra. Thugamar íar sin ucht anmháil árrachtach d'áon-bhaoídhm air lucht na hÁisia, aigá ttúargain dáir sgéithibh sgoith-leathna íar mbriseadh air n-armaibh uile; agas fós budh híongantach an míochórugha tug an Dubhláoch agas an Ghúal Ghaoí air na slóighte an tráth sin. Ach atá ní cheana, do bhaóidheamar an cath air lucht na hÁisia soir-thúaigh, agas do chuireamar a ngreim na sé ríghthe air bhrúach an tSrotha Euphráites, gur gabhadh linn íad air mbáthadh mórán dá sgéin-ealtain san abhainn. Agas is ón ccathughadh sin a thugamar dár sgíatha fair shlóighte na hÁisia an lá úd tugthar Tulaidh na Sgíath fair an magh ccéadna sin a leith, agas Cath Thulaidh na Sgíath dona cathaibh
sin, agas Magh Bhile an tSrotha Dheirg fa hainm dhó go n-uige sin. Ann sin tángamar for ccúla go maoídheamh cosgair agus mór-mheanmainn, air ccló an chatha, agas air mbeith dona sé ríghte a ngéibhionn linn, go harm a raibhe Rígh Thír Tharngaire; agus budh mór aigneamh an rígh um na braighdibh bíoth-úaisle sin. Gidh eadh, do-rinne Manannán mór-chumhach- tach mhaca Lir síoth shúthain agas cheangal cáirdeas idir na ríghthe iar dtain. Agas air- na mhárach ró sgaradar lé chéile, agas tug Rígh na hÁisia aghaidh soir-thúaigh dá dhúithche féin go heasbhuidheach éagcrúaidh, agas tug Rígh Thír Tharngaire ucht air imtheacht go Cathair bheann- bhláth na hÉise go subhach soimheanmnach um an ccath mhór sin do chló fair a bhíodhbhaidh bhioth-chalma cona bheagán láochruidh; óir níor mhair do shlúagh uime an tráth sin ach cúig céad déag do gach aicme dár ttáinic do chóngnamh leis. Iomthúsa Mhanannáin, tug an Dubhláoch cona Ghúal Ghaoí agus an Maine Líach mhac Rígh Thír an Óir dá dhún féin, .i. go Cathair Ghalrainn, agus d'fhógair dhúinne dul 'na dhíaigh. Ró bhámar seal a cCathair na hÉise a bhfochair an rígh ró- rathmhair sin fá mheaghair agas fá mhuirnn mhóir. Gabhamuid lámh air imtheacht fá dheóigh,
agas ro budh mhór tiodhlaictheadh an rígh mhaith sin dhúinn. Ceileabhramaoíd lé Néid mhac Saidhin íar sin agas ris na húaisle airchenna, agas táinic an Céadach cáomh curata mur áon linn go Cathair Ghalrainn, mur do gabhadh go húasal furbh- fháilteach lé Manannán agus lé maithibh na caith- reacha uile sinn. Ro bhámar raé naoí lá cona n-oídhchibh aig cuirm agas aig comhól a ndún Mhanannáin fhíal mhic Allóid. Agas air mbeith dhúinn fón ccuma sin, táinic bioth-iomrádh idir na tréinfhearaibh um éuchta an mhór-chatha sin Thulaigh na Sgíath, go ndubhairt Maine Líach gur feill-bheirt ró himreadh air féin agas air an Dubhláoch, agas muna bheith sin, nach cclóidh- fidh an cath air Rígh an hÁisia, agas go ttiúbhraidís féin búaidh air shlóighte Thír Tharngaire muna bheith gliocas Mhanannáin. "Óir níor sáraigheadh sinn a n-áon-ghníomh goile nó gaisgidhe, agas ní mó do bhí áir ccosgar gá chomhmhaoídheamh aig áon-láoch do los catha nó comhlainn aríamh go n-uige an lá úd," air Maine. Feargthar an Céadach go mór leis na bríathra sin, agas adubhairt: "A Mhaine, is fiosach mise gur mór minic na héuchta agas na hárra tugais a n-iomad do chathaibh agas do chomhlannaibh; gidh eadh, adbhuighim nach lé neart do chuirp,
nó lé goile do chroidhe, ach ris na búadha bioth- bhúana ataoí agad." Is ann sin do labhair cruitire ciúil do bhí aig Manannán, agas adubhairt, "Is íongnamh liom, a Mhaine," air sé, "nach bhfacamair-ne thusa aríamh dul do shnámh Loch na Níadh." "Ní héuchta sin," bhair Maine, "acht gníomh toirmisgthe air fhearaibh an domhain; óir ní thoirneann neoch beó ó shnámh an locha sin." Agas air cclos thúarusgbháil an locha dhúinne, na Gaédhil, ní ghéabhamaois gan dul dá fhéuchain. Is ann sin tángamar uile amach air faithche fhairsing fhód-ghlais bhí don leith thúaigh don ccathruigh, agas loch aoíbhinn geal-uisge go n-inbhear sochmuigh sír-chiúin don leith thúaigh don fhaithche, agas tríochad chéad céim air leathad ann, agas sin fá dhó air fad ann. Agus do ghaibh mise aig fíafraidhe iolbhúadha an locha do Mhanannán, nó créad an t-ádhbhar nach lamhadaoís macnuidh an linn do shnámh? "Loch na Níadh is ainm don loch sa," air an draoí, "agas is uime goirthear sin de, air a liacht do níadhaibh nó do ghaisgidhibh ro thuit ann. Óir atá san linn úd píasd éagsamhalta, agas iorball fuirre, agas gath go ccúig reanna for a bharr, agas gath eile 'na himlinn go ttríochad rinn, agas camaidh bárr gach rainne dhíobh go bun an
ghaethe mhóir mheádhónaigh ach an reann meadhóin amháin; agas is coimh-reamhar lé colpa tréinfhir bun an ghaethi sin. Agas an tan a théid neoch do thaisdeal a' locha, agas nach roigfeann a ghuin ris an ghath bulga, gabhann roimhe ré na hiorball go ngoineann amhluidh sin é." Ro bhí Cú Chulainn aig éisdeacht ré taisde Mhanannáin, agus téid ós ísioll don ccathruigh, agas tug slabhradh síth-righinn d'iarann aith- leighte agas a chloidheamh leis go húir an locha. Baineas a éideagh dhe iar sin, agas ceanglas an slabhradh fána mheadhóin, agus gabhus a chloidh- eamh ann a bhéul, agas tug ucht air an linn, go ndeachaidh d'áon-bhang an treas mír don loch, agas air an dara bang tug súil fhriochnamhach an' úirthimchioll agas do-chí earr na péisde 'teacht roimhe. Agas gabhus an lann 'na dhóid go déagh-thapaidh gur theasg an gath agus mír mhór don earr d'áon-bhéim don phíasd; agas chúaidh don treas bang don táobh eile don laoch agas an gath leis; agas air mbeith dhó amhluidh sin ceanglas dhá cheann an tslabhraidh for chaol a dhíbh chos, agas tug ucht air an loch an athúair, agas d'éirghe anfa mhór for an uisge an tráth sin;
agus air ndol don cCoin go meadhóin an locha, iompóghas an phíasd a táir ós a ceann, agas do dhírigh an gath bulga do ghoin Chon cCulainn. D'éirighe an Cú íar sin air dhruim na linneadh, agas gabhastair an slabhradh a n-uirthimchioll bhun an ghatha shíos. Is ann sin tug an Cú cosgarthach tuinnseadh tréan-dúthrachtach tair an linn, agas slaitreas an phíasd air iomramh uisge go húir an locha, agus d'éirghe an curaidh cruthach a n-aithléim na fáinnle a n-ochras an aidheóir, gur shníomh an slabhradh 'na chotcha, agas ní ráinic an phíasd tair a hais don linn an tan tug an Cú slis-bhéim shantach sháir-bheódha 'na hurbhruinn furra, gur theasg bladh mhór dá bolg, agas an gath ó fhréimh dhi, agas gabhus a ttír é air léigean a habach agas a hionathair aisde. Tángamar íar sin, na tréinfhir uile agas Manan- nán, d'fhéuchaint na n-éucht n-iongantach sin, agas do bhádar dá ccomhmhaoídheamh go mór againn. Tiaghmaoíd don ccathraigh, agas budh mór gáirdeachus na macnuidh um an bpéisd do thuiteam amhluidh sin; agas tugus Manannán teagasg rúin-díamhair an ghaéth bulga do Chú
Chulainn an tráth sin, gan fhios d'áoinneoch; agas d'fhan aige mar arm chosgartha cath- bhúadhach ó sin a leith ós fhearaibh an bheatha, ionnus nach lamhaid curaidhibh taghall leis tré úamhain an ghaéithe dhíamhair sin. TRIALL NA CCURADH DON BPERSIA. Do bhádar isna laéithibh sin dís dearbhráthar 'na ccoimh-ríghthibh a ccríochaibh na Persia, nó na Sorcha, dar bhudh comh-anmanna Palap mhac Philip, agas Goisdean. Agas do bhí inghean álainn a n-áontumha aig an Rígh Palap do chin air mhnáibh na ccríoch sin, ionnus go ndeachaidh taisde agas áird-chliú sgéimhe na hinghine fá iol- thúaghtha na hÁisia agas na hAffrica agas fá urmhór na hEórpa, ionnus nach raibhe mac rígh isna críochaibh go sunradhach nach ttáinic d'íar- raidh na hinghine. Agas tug an inghean móide nach bíadh fear air bioth aice ach an fear do- bhéaradh an Torc Fireann Fionn do bhí a nGleann Laghna air Shléibhte na hAirmenia chuice go Dún Múa san bPersia. Ach atá ní cheana, air mbeith dhúinne a cCathair Ghalrainn táinic chugainn íar sin Galach Géidghe mur áon lé beagán do sháor-mhaicne Thír Tharn- gaire,
agas budh mór lúthgháir an fhir sin mur do theagbhamar san ccathraidh fair, agas ach- mhuinnigheas sinn um dhul leis don bPeirsia d'fhéachaint na hinghine. Agas d'áomhamar sin dhó, .i. an Céadach agas a' Maine Líach agas an t-ochtar Gaédhiol ró bhámar as Éirinn. Agus ría ttríall dhúinn do-ghnídhmíd síth agas cáirdeas suthain lé chéile air chaingheall gan cathughadh a n-aghaidh a chéile do cheachtar dhínn go foir- cheann air mbeatha .i. an Dubhláoch cona Ghúal Ghaoí, Maine Líach mac Rígh Thír an Óir, Galach Géidghe mhac Rígh Thír Tharngaire, an Céadach mhac Rígh na tTulach, agus an t-ochtar Gaédhiol ró bhámar ann. Seo an dá alt sin ó L mar shompla do chaint L: Agus do bhadair isna laéthibh sin días dearbhrathair 'na ccomhrighthibh a ccríochaibh na Peairsia no na Sorcha dar bhudh comhainm Palap mac Philip agus Goisteann mac Philip agus do bhí inghean áluinn éagcosg a n- áonthumha ag an Rígh Palap do chínn air mhnábh a chomh-aimsire agus do-chúaidh taisde agus áirsgéul sgéimhe na hinghine sin fo iol-tuathaibh na hÁisia agus na hAifric agus urmhór na hEorp ionus nach roibhe mac ríogh insna chríochaibh go sunradhach nach ttainig d'íarraidh na hinghine sin agus tucc an n-inghean móide nach mbiagh fear aice ach an fear do bhearadh an Torc Fionn do bhí a nGleann Laghna air shleibhtibh na hAirméina chuice go Dún Múa san bPeirsia.
Ach atá cheana ar mbeith dhúinn a gCathar Ghalrainn tainig chugainn Galach Géidghe mur aon le beagan do shaor- mhachnaigh Thire Tharngare, agus badh mór lúathghair an fhir sin um sinne do teagmhail isan gcaraidh fair agus ach- mhuingeas sinn um dol leis don bPeirsia d'féuchain na hinghine. D'faomamur sin dó .i. an Ceadach agus Maine Liach an t-ochtar do bhamhar as Eireann agus ría ttríall dhúinn do-nímid sith agus cáirdios shúain re chéile air choingiol gan aon cathugh n-aghaidh a chéile dhinn go forcheann air mbeathadh .i. an Dubhlaoch for an Gúal Gaoíth agus Maine Liach mhac Righ Thire nOir agus Galach Géidghe mac Rígh Thíre Tarngair agus an Céadach mac Rígh tTulach agus an t-ochtar Gaoidhiol do ro bhamairne ann.
Is ann sin éagcaoineas Cú Chulaind dócamhal asdair an Charbaid Sheardha. "Ná himshnighthear uime sin thú," air Manan- nán, "óir cuirfead-sa an Carbat Seardha go Dún gríain-gheal Dealgain air do cheann." Iomthúsa an áoin-fhear déag sin, ceileabhraid do Mhanannán mhac Lir mhic Allóid, agas do ghabhamar lámh air imtheacht maille lé beagán buidhne isna ródaibh réidhe ró-shoillseacha síar gacha ndíreach go críochaibh cáomh-áille na Peirsia, go ttángamar go Dún na Beinne Brice .i. longphurt comhnuidhe Rígh Goistean, agas do gabhabh go húasal forbhfáilteach leis an rígh sin sinne. Agas do bhí mac úasal oirbheartach aige Goistean darbh ainm an Ciotach Cróidhearg, agus tug an láoch sin cion ádhbhaeil-mhór do Chú Chulainn, agas tríallus an Ciothach mur áon linne as sin go Dún Múa, mur a raibh Éithne Chruthach inghean Phalap. Agus air mbeith dhúinn air an eachtra nochtas an Ciothach do Chú Chulainn méad a ghráidh féin don inghin agus nach bhudh beó é muna bhfaghadh í; "Agus fós," air sé, "is
eagail liom, an tan do-chíthfeas an inghean cruth agas deilbh Mhaine Líach, go ttiúbhraidh mise air dearmad, ach go ttiúbhrainn táin an Tuirc Fhinn." "Atáid anso tríar tréinfhear do mhacaibh ríogh," air Cú Chulainn, "agas is eagail liom-sa go ttiúbhraidh neach éigin dhíobh an táin sin ó chách uile; agus atáid sin 'na ccáirde coimhchean- gailte agam-sa. Ach tairis sin, asan ucht chuir tusa ionnam, is badh dhuit mo chúngnamh don dul sa chun na hinghine d'fhagháil." Ní deárnadh fos nó comhnuighe linn íar sin go rochtain Dún Múa, agas budh dóigh linne go raibheadar mic ríogh an domhain uile air an láthair sin; óir ní roibhe méad n-órdlaigh don tulaidh fhairsing fhéur-úaine sin gan palliún mhic rígh cona phuball ildhealbhtha fair. Agas fós budh machtna mór agas íongantas áidhbheil líonmhaireacht na ccleas ngoile bhí gá ccomóradh idir na tréinfhearaibh sin air an magh go laéth- eamhuil. Ró shuídheamar air bpuball íar sin don táobh amuigh don tulaigh ó dheas, agus mur sin dhúinn gusan maidin airna mhárach, an dá fhear dhéag ró bhámar ann, dís air áon-leabuidh dhínn; agas ní sgaradh an Ciothach nó Cú Chulainn ó chéile air mhéad an ghrádh agas an chion tugadar día
roile. Agus níorbh aithne do neoch san domhan áon seach a chéile dhíobh, air mhéad, air dheilbh, agas air iorlabhra, agas ní raibhe d'eidirdhealbhadh eatorra ach a n-éidighibh amháin. Agas fa héigin dáibh sin féin do bheith air áon-nós fá dheóigh, ach fíoghair a sgéithe, óir samhuil tuirc do-chí a sgéithe shliocht Íre, agas samhuil leómhain airna ghoin do ghaeth do bhí dealbhtha a sgíath an Chiothaigh. Is ann sin do-chúamar go tulaigh na teagbhála mur a rabhadar na tréinfhir aig féuchain a ccumais agas a ccródhacht a n-aghaidh a chéile. Dhá lá dhéag dhúinn air an órdugh sin, agas tug Maine Líach mhac Rígh Thír an Óir cosgar agas comhmhaoídheamh na slúagh uile gach lá dhíobh sin air cclaoídh na láoch go hiomarcach dhó. Gabhas an Céadach, agas Galach Géidghe fúath agas miosgais mór do Mhaine Líach do los na n-éucht agas na mbúadh do bhudh cosmhuil dhó do bhreith air fhearaibh an domhain, agas chúadar a bhfód fó leith go ndubhairt an Céadach: "Is crádh céadfaidh agas is ró-náir dhúinn an fear do gabhadh 'na bhráighde linn, agas air ar chlódhmar cath mór Thulaigh na Sgíath, a rádh go ttiúbhradh oil ghaisgidh dhúinn a bhfiadh- nuise cháich. Agas is baramhuil dhamh-sa," air
sé, "go ttiúbhraidh sé an inghean úainn mur an ccéadna, agas ó fhearaibh an mhagha uile." "Ní maith liom-sa sin," air Galach Géidghe, "agas ní idir créad an toirmeasg do churthaigh fair; óir atáid móide fíor-láoich mur cheangal cáirdeas idir sinn agas é." "Do ró bhris féin na móide sin," air an Céadach, "an tráth do-chúaidh do thabhairt air ccosgair ón tulaigh don dul sa." "Is fíor sin," air Galach Géidghe. "Máiseadh tugamaoíd comhrainn dár ccogar agas dár ccomhairle do Chú Chulainn," air an Céadach, "óir is búadh-laoch é." Tugadar Cú Chulainn leó íar sin, agas is é an Ciothach a tárla forra, gédh do shaoíleadar gurbh é Cú Chulainn é, agas nochtaid dhó a ccomhairle, agas budh maith risan cCiothach congnamh ceilge d'fhagháil a n-aghaidh Mhaine a ndóigh an inghean d'fhagháil dhó féin; agas aseadh adubhairt: "Níor fhéuch misi nó Maine a chéile a n-áon- chluidhche goile nó gaisgidhe go fóill, ach ní badh mur sin dhúinn amárach, agus muna ttiúbhrad a chosgar do-dhéantar ceilg linn an' aghaidh dá éis." Sgaraid lé chéile íar sin agas tíaghaid gach dís dá n-ionadh súain agas sár-chodalta. Is ann sin a d'fhíafraigh an Ciothach do Chú
Chulaind nair fhéuch áon-chluidh goile lé Maine Líach aríamh? Agus adubhairt Cú Chulainn nár fhéuch. "Créad sin?" air an Ciothach. "Atá," air Cú Chulainn, "go bhfuilid mo shinsir, agas m'oideagh, agus iomad do thréinfhearaibh infhéadhma airna cclaoídh leis, agus fós, ní léigfeadh Conall nó Fearghus dhamh-sa dhul ann." "Is náir liom-sa an comhrádh adubhairt Maine Líach foraibh," air an Ciothach. "Créad sin?" air Cú Chulainn. "Gurab a bhfeill-bheart do goineadh lé Gaoidhil a ccath mór Thulaigh na Sgíath é, agas fós nárbh fhuráil dhóibh sin, nó go sráonfadh féin an cath dá n-aimdheóin forra. "Do-chúalamar an comhrádh sin aige madh go ttrásd a cCathair Ghalrainn," air Cú Chulainn, "agus muna bheadh eagla Fearghuis agas Chonaill oram-sa, agas na móide cáirdeasa a tugus dhó, ró bhudh mé an chéad duine do thaigéabhadh fair amárach san tulaigh." "Ní tú bhriseas na móide," air an Ciotach, "ach eision ró bhris íad hana, air ttabhairt cosgair bhur ttréan leis a ngeall air athais choit-
cheann a thabhairt do láochruidh an bheatha, agas fós a ndóigh an inghean d'fhagháil. Óir, an tí dá ttiúbhradh sisi taitneamh, cuirfe air shlighe táin a' Tuirc Fhinn do thabhairt é; agas ní fhaghthar an táin sin do thabhairt go bráth gan teagasg na hinghine céadna don tí do-bhéaras é." "Ní maith liom-sa Maine do thabhairt na tánadh sin, dá roigfeadh mo chumus fair, gan oil d'fhagháil tair a cheann," air Cú Chulainn. "Do-bhéarad-sa beirt theagaisg dhuit-se, a Chú Chulainn," air Ciotach, "ionnus gomadh sáor ó oil agas ó achmhusán h'oideadh thú." "Créad é an teagasg sin?" air Cú Chulainn. "Ní bhfuil san domhan dís is cosamhla ré chéile nó inne arráon, agas iomlúaidhfead-sa amárach dul d'fhéachain cleas ngoile le Maine Líach mur neoch eile. Agas tabhair thusa mo sgíath-sa leat, agas saoílfidh cách gur mise bhías ann, agas bíaidh do sgíath-sa agam-sa an feadh soin." "Is maith an teagasg sin," air Cú Chulainn, "agas racha mise a n-aghaidh Mhaine Líach san ccruth sin." Air n-éirghe dona curadhaibh airna mhárach do hiomlúaidheadh aca an Ciothach Cróidhearg do dhul a n-aghaidh Mhaine Líach air an tulaigh an lá sin. Gabhus Cú Chulainn sgíath an Chiothaigh,
agas tríallus a n-aghaidh Mhaine a bhfíadhnuise na slúagh, gur fearadh eatorra an iomad cleas ngoile. Ro fhulainn Cú Chulainn don Maine, ach géar mhór a ghoile agas a ghaisgidh a éuchta agas a chosgar, máiseadh ní raibh air a chumus an Cú do thraoíthiogha. Feargthar an curaidh calma go mór air bhfaicsin na Coin aig fulang dá neart, gur nocht íar sin airm fair, gur ro chréach- nuighe é. Ró bhámar uile gá bhféuchain, agas an tan a-chonairc an Céadach an Cú aigá ghoin do láimh Mhaine tháinic chugam-sa agas nasgas foram um fhógra don cCoin cathugh lé Maine. "Ní héadh an Cú fil ann," air mise. "Is eadh, cheana," air an Céadach; "agas gé d'fhéachamar uile air ccródhacht leis, máiseadh do nochtaigh airm air an cCoin an tan sa air 'olcas leis gan a chosgar d'fhagháil isna hil- chleasaibh ó chíanaibh." Ach atá ní cheana, ró bhí Cú Chulainn aigá iomchosnamh féin aimsir imchían air an órdugha sin a bhfíadhnuise na slúagh go bhfacamar cách an Cú aigá chréachtnugh go tinneasnach do
láimh Mhaine Líach. d'fhógramar uile d'aon- ghuth dhó a chréachta do dhíoghailt fair. Imreas Cú Chulainn airm fair Mhaine an tráth sin, go ndeárnadar comhrac crúaidh curata. Ro bhádar ré headh n-fhada aige tolladh agas aig túargain, aige tréaghdugha agas aige treabhadh a chéile fá dheóigh, go raibh an Maine Líach gá thraoíthiugh go mór aig an cCoin, ionnus tré iomad a chréacht go ttáinic airgheana báis agas búain-éaga dhó air ttréigean a chrotha chaoímh-áille. Is ann sin do luidh troim-cheó doilbhthe dúaibh- seach fán magh uile, ionus náir léur neach a chéile don ccoimhthionál. Agas do-chúalamar samhuil fúaim rotha carbait aig gabháil tréas an tulaigh seachainn. Ach atá ní cheana, gadthar Maine Líach ón magh a' tráth sin. Agas air sgaoíleadh agas air nglanadh don cceó fúaramar Cú Chulainn an' áonar air thulaigh na teagbhála. Tángamar uile chuige íar sin, agas d'athain dhúinn gurbh é féin an Ciotach, agas gurbh é an Ciotach a' Cú, ionnus go ndeachaidh oir- dhearcus an Chiothaigh do los na n-éucht sin ós áird tréasna slúaghaibh, go ccúalaidh an Rígh Palap agus Eithne Chruthach, inghean an Rígh, an
nídh sin. Agas do ró chuir an Rígh feasa agus teachta air cheann mhic a dhearbhráthara, .i. an Ciotach Cróidhearg; agus ní aomhfadh an Ciotach an turas sin gan an Cú bheith an' fhochair; agas tríallaid air áon go Dún Múa, mur do fearadh fíor-chaoín fáilte friú ón rígh agas ón inghin agas ó na húaisle aircheana. Agas do cuireadh an Cú fá leigheas a ndóigh gurbh é an Ciothach ró bhí ann. Agas táinig an inghean chuige ós ísioll, agas d'éagáoin a chréuchta go dubhach. Do labhair Cú Chulainn go ndubhairt: - "Ná caoín mo chréuchta-sa, a ríoghuin," air sé, "ach más mían leat mise mur chéile tabhair dhamh do theagasg um tháin an Tuirc Fhinn." TEASGASG ÉITHNE CHRUTHACH UM THÁIN AN TUIRC FHINN. "Is badh leat-sa sin d'fhagháil, a bhráthair ionmhuin," air an inghean, agas adubhairt: "Feacht n-áoin dá raibh meise dom oileamhain agus dom áirdleasugha aig Íarla Leasa Caoí, ró ghaibh reacht gola mé 'mo naoíghean nár sgar liom go rabhus a n-aoís mo sheacht mbliadhan. Agas Lios Gáir fa hainm don dún dhéagh-dhealbhtha úd go n-uige an tráth sin. Agas lá n-áon dá raibh
mo bhuime agas a hinnilt san lios, agas gan 'na bhfochair don teachlach ach íad féin agas mise aig ochán agas aig caoí, go ttáinic asteach don mbruighean grúagach déid-gheal déagh-chruthach, agas do ghaibh ionadh suidhe. Do labhair an grúagach íar sin aigá rádh: ""Ní Dún Gáir an dún sa," air sé, "ach Dún Caoí." ""Is seadh ón," air an ríoghain. ""Is áluinn an inghean, agas is neamh- áluind a nósa," air sé, "agus is íongnamh nach bhfaghthaigh a cosg dá síor-chaoí déar." ""Ní bhfúarus sin linn aríamh," air an ríoghuin. ""Dá ttiúbhradh a móide ris na coinghill do chuirfinn-se fuirre do chomhall," air an grúagach, "d'fhóirfinn ón doghrainn úd í." ""Más féidir a ccomhall," air an ríoghuin, "do-ghéabhair sin." ""Ní bhfuil," air an grúagach, "ach gan fear do bheith aice ach an tí do-bhéarus an Torc Firionn Fionn fil a nGleann Laghna air Shléibhte na hArménia chuigthe." ""Máiseadh," air an ríoghuin, "do-ghéabha tusa sin, óir is feárr linne í a bheith gan fhear go foir- cheann a beatha nó an leannán bróin úd do bheith aice."
"Cuireas an grúagach lámh 'na thimchioll, agas tug caim-dhéad geal néamhanda tuirc amach agas adubhairt ris an ríoghuin an déad do chumh- dach mur eó nó mur dhealg ann m' fholt féin do ghnáth, agas go sguirfeadh an caoí dhíom. Tug an ríoghuin, .i. mo bhuime, a móide tair mo cheann féin don ngrúagach, agas an tráth badh ion- núachar meise do nasg mo bhuime na móide foram; agas fós d'fhan an forainm, .i. Dún Caoí, air Lios Gáir ó sin a leith, ó mo shíor-chaoí-si. "Agas is trúagh doilghe liom-se," air Éithne Chruthach, "cosgar na tánadh sin do nochtadh dhuit, óir is é grúagach do bhí ann sin, .i. an Torc Fionn, agas bí sé lá gach naoídheadh blíadhain ann a chruth féin. Agas Cuimín Fionn mhac Rígh na Gríach is ainm díleas dhó. Agas cían ó shoin do bhí ban-draoígh a ccríochaibh Gríach darbh ainm Cainne Chnó aige raibhe macnuidh na ccríoch gá tteagasg aice, agas Cuimín Fionn mur áon leó. Agas tárla go ttug an chailleach tuile trom-ghráidh agas sruth síor- ádhbhaeil seirce do Chuimín, agas tug Cuimín éara dhi. Iar sin nasgas an chailleach geasa troma draoígheachta fair mhac an rígh go ndeárna torc tréan-áidhbhseach dhe agas do chuir a ccéin óna thír féin é a ndíamhraibh Shléibhte na hArménia.
Iomthúsa Rígh Thír Gríach, mur do-chúalaidh beairt na caillidh air a mhac, do chuir comh- chruinniogha air úaisle na ccríocha do bhí faoí agas do cinneadh comhairle aca an chailleach do losgadh. Ciodh trácht, ró nochtadh dhi-se, tré dhíamhair a healadhna, an nídh sin, agas táinic roimpe go réim-dhíreach go Tír Thargaire go Cathair Ghalraing; agas nochtadh dhi mur an ccéadna go mbeithdís clanna ríogh iomdha an domhain gá tteagasg aig saoígh lé foghluim na n-ilchéard san ccathraidh sin. Do ghaibh an uirid sin fúath agas miosgais Cainne Chnó lé macaibh rígh an bheatha bhúain go m'fheárr léi a mbás nó a mbeó do los Chuimín Fhinn. Agas do bhí loch leathan-ghlan d'fhionn-uisge a ngar don ccathair sin, agas cuireas an chailleach í féin a ndeilbh péisde san loch, agas atá ann ó sin a leith. Agas táinic dá éis sin saoígh don ccathruigh réamh-ráidhte, agas do bhí aig búan-theagasg inte, agas níor shnámh neoch an loch ó shoin aríamh gan a ghoin do ghaeth a-chí a n-urbhruinn na caillidh. Agas ní thugthar táin a' Tuirc Fhinn go bráth lé háon ach ris an tí do shnámhas an loch agas do mharbhas an phíasd agas bhéaras an gath bulga mur chosgar úaithe. Agas gibé húair do thiucfas an tí sin, mádh thig sé (agas is éadóigh a theacht go bráth), 'sbádh héigin dhamh-sa an déad a thug an grúagach dhamh do chur mur
chomhartha dearbhtha leis go Gleann Lághna mur a bhfuil an Torc Fionn. Agas aig sin mo sgéala dhuit," air an inghean. "Máiseadh," air Cú Chulainn, "do bhí mise san ccathraigh sin Ghalrainn a tTír Tharngaire, agas tugus oidhe na caillidhe; agas atá an gath bulga a ccúmhdach agam a ccathraigh m'athara, .i. a nDún na Beinne Brice. Agas air tteacht ón turus sin dhamh tháingeas gan fhuireach don choimhthionnál sa lé ceasda áon-laoch do thabhairt-si." "Beir búaidhe agas beannacht, a charaid ionmhuin," air an inghean, "is maith an séun do thoisg don ccur sa chugainn, agas aig so an déad mur chomhartha dhuit, agus cuirfead-sa an ghairm dhéigheannach amach amárach fán magh, .i. nach bíaidh fear agam ach an té do-bhéaras an Torc Fionn ó Ghleann Lághna gan fhuiliogh gan fhóirdheargadh chugam." Air mbeith slán óna chréuchta do Chú Chulainn, ceileabhras féin agas an Ciotach don Rígh agas don Ríghin, agas tagaid chugainn don tulaigh íar sin. Agas airna mhárach táinic laoch go meadhóin na slúagh gá fhógra dháibh nach bíadh fear aig Éithne Chruthach, inghean Rígh Pálap, go bráth ach an fear do-bhéaradh an Torc Fionn ó Ghleann Lághna air Shléibhte na hArménia chuice, gan fhuiliogh, gan fhoirdheargadh.
Iomthúsa na mac ríogh sin uile, gabhaid lámh air imtheacht, agas ní haithristear sgéaluidheacht forra go rángamar sléibhte corr-árda cíoch- ghéura na hArménia, agas do gabhadh leó long- phuirt agas dúnta air na sléibhte sin a ngar do Ghleann Lághna. Agas budh dorcha duaibhseach an gleann sin, airna fholach do dhubh-cheó dhraoíghtheacht' ó rinn go rinn, agas é an' áon- dhoire coilleadh comh-dhlúth ón cceann gó chéile. Is ann sin do hiomlúadhadh aig na mic ríogh cía dhíobh do rachadh do thaisdeal an ghleanna air ttús; agas do ráidheadar gur lé crannchur budh cóir dul ann. Cuireadh an crannchur íar sin. Ach atá ní cheana, ní fhillfeadh neoch air ais dá rachadh fán ngleann, nó sgéala úadha, ionnus gur fágbhadh san ghleann chéadna, do bhíthin na cúarta sin, ceárchad air chúig chéad mac ríogh agas ró-fhlaith, ionnus nach raibh air fagháil dona slóighte sin ach an t-aoín-fhear déag ró bhádhmair- ne a bpuball air leith. Óir ní léigfeadh Cú Chulainn dhúinn dul fá chrannchur leis an ccoimh- thionáll. Is ann sin do hiomlúadhadh againn cía rachadh do thaisdeal an ghleanna air na mhárach, agas
gabhus Galach Géidghe air féin an turus sin. Níor chían dhúinn amhluidh go bhfacamar chugainn um thráthnóna dís déagh-láoch, agas is íad ro bhí ann sin Manannán mhaca Lir agas Maine Líach mhac Rígh Thír an Óir; agas badh mór air lúthgháir roimhe Mhanannán an tráth sin; agas tug Manannán achmhusán crúaidh géur-cháinte dhúinn um an Mhaine Líach, léar feargadh go mór mise ris an imeagallamh, go ndúbhras, géarbh áluinn a dheilbh agas a dhreach, nach raibhe ach daoígh go ttúaibheartaibh ann, agas fós nach do ghníomharthaibh flatha nó fíor- láoich do bhí tabharthach ach do mhéad a shotail agas a mhóirmheas as féin, agas nach bhfuigheadh urruim nó onóir ó áon againne go bráth arís. Ach impidheas Manannán sinne um thaisdeal an ghleanna do léigean do Mhaine air ttús. Óir do ceileadh fós búadha na tána sin air Mhanannán féin mur chách. Tugamaoidne sin dó, agas a moch-thráth na maidne airna mhárach do ghaibh Maine Líach um an ghleann; agus d'fhan mur chách, gan fios a sgéal. Is ann sin adubhairt Cú Chulainn go rachadh féin do thaisdeal an ghleanna, go ttug ucht fán ngleann, agas gabhas déad an Tuirc tug an inghean
dó 'na láimh, ionnus gur fhosgail an ceó draoígh- theachta uime, go madh léar gach clúid agus gach ceárnasg don ghleann. Agas do fúair na mic ríogh sin uile 'na sreitheacha fáon-luidhe air fad agas air fíar-tharsna an ghleanna dhuibh dhóieóluis sin, 'na ttoircheann súain agas sár-chodalta. Níor chían dó amhluidh sin go bhfacaidh áon- torc budh taidhbhseach cruth gach ndíreach san leirg; agas go madh gile nó sneachta áon-oídhche óthúaigh gach rúainne dá fhionfa; agas táinic do láthair na Coin go ciúin ceannsaighe, agas fearas fior-chaoín fáilte leis, go ndubhairt do ghlór dháonna: "Fáilte dhuit go Gleann Lághna, a Chú Chulainn chosgarthaigh chath-bhúadhaigh. Is sona agas is séanmhar do thoisg go fáras doilbhthe draoíghtheacht Chuimín Fhinn mhic Rígh na Griach don dul sa, óir is tú a d'fhoir mo gheasa dhíom-sa. Agas fós, is duit is dúal agas is dlighthe Éithne Chruthach inghean Rígh na Persia mur chéile." "Ní hé sin budh mían linne," air Cú Chulainn, "ach an inghean sin d'fhághail don Chiothach Chróidhearg air mhéad an chion atá aige fuirre." "Do rogha dhuit-se um an nídh sin," air an Torc Fionn."
"Agas fós, is trúagh," air Cú Chulainn, "na mic ríogh ró-úaisle so uile do thuiteam um áon- mhnaoí." "Do-dhéanad-sa a so-ghlúasacht más maith leat-sa sin," air an Torc Fionn. "Ní bhfuil nídh is feárr linne nó sin," air Cú Chulainn. "Máiseadh, déan-sa imtheacht as an ghleann," air an Torc Fionn, "agas cuir an Ciotach ann do riocht féin chugam-sa ionnus go madh léar don tslúagh gurab é bhéaras an táin don chur sa." Táinic an Cú ón ngleann, agas budh mhaith linne a theacht beó, agas adubhairt nach bhfacaidh an Torc Fionn, agas go rachadh an athúair dá íarraidh. Agas nochtus don Chiothach ós ísioll agallamh an Tuirc Fhinn agas téid an Ciothach don ghleann, gur éirghe bith-iomrádh againn d'athmholadh na Coin. Do labhair an Cú caín íar sin, agas adubhairt: "Is aithmhilleadh draoíghtheactha atá oraibh," air sé, "óir ní raibh mise san ghleann, ach an Ciothach cródha cosgarthach ró chúaidh ann." Iomthúsa an Tuirc Fhinn, cuireas na mic ríogh air marrthainn, agas tángadar ón ngleann mur áon ris an cCiothach agus ris an Torc Fionn, agus budh machtna mór linn uile méad agus áille an tuirc sin.
Tríalltar linn as sin go Dún Núa san bPersia, agas do thoirbhir an Ciothach a' Torc Fionn d'Eithne Chruthach. Agas an tráth chonairc an Torc Fionn an gaeth bulga do-chúaidh ann a chruth féin do láthair, agas budh mór athmholadh cháich air Chiothach um an ghníomh sin. Ciodh trácht tug Ciothach an inghean mur chéile; agas dhíansgaoíleadar na mic rígh sin, .i. gach áon dá dhúithche féin. Agas thugamar na Gáoidhil ucht air imtheacht ass an bPersia; agas budh mór na seóid úaisle agas na tiodhlaictheadh troma fúair Cú Chulainn ón Chiothach; agas ní dhéarnamar ach comhnuigh athghairid san ccrích sin. TRIALL NA CCURADH AS AN BPERSIA DON GHRÉIG. Ní haithristear sgéulaidheacht orainn iar sin go rochtain na Gréige dhúinn, agas as sin go Cathair na hAithne mur a raibhe Phíneus saoígh lé fóghluim na cceárdaibh geintleacht', agas do bhámar seal a bhfochair an draoígh sin. Agas a ngar don ccathraigh sin do chomhnuidh rígh na críche, a nDún Colgan, darbh ainm Stairnn mhac Colgain. Agas do bhi mac mór míleata mear-
chalma aig an rígh an tan sin darbh ainm an Garbh Glúineach mac Stairne mhic Colgain. Agas do rug an fear sin barr búaidh agas cosgair air láochraidhe na Gréige go coimhiomlán; agas budh mór áthais na nGréagach don láoch sin, agas budh mhinic a chúairt go Cathair na hAithne. Budh minic fós thug an fear fíal flaitheamhuil sin an beagán Gaoídheal ró bhámairne ann do chaitheamh fleighe go Dún Colgain. Agas lá n-áoin dá raibh sinne agus mórán d'úaisle na críche aige so-chaitheamh fleaighe san ríogh-dhún, agas na Gaéidhil aig tabhairt túarasgbháil chath mór Thulaigh na Sgíath dona láochraigh Gréagach', mur áon lé Táin an Tuirc Fhinn, táinic don mbruighean macáimh óg iolchruthach a n-innealt agas a n-órdugha catha. Agas air ttoigheacht a láthair dhó, fíafruigheas an Garbh Glúineach sgéala dhe. "Ceallach mhac Rígh na Caindia m'ainm," air sé, "agas as sé ádhbhar mo thurais don Ghréig don dul sa, .i. cogadh agus coinbhliocht do bhí idir m'athair-se agas Phára, Rígh na hÉighipte, lé cían d'aimsir. Agas do ró chosainn sinne, na Caindibh, air bhfonn agus air bhfearann go cródha, aig tabhairt iomad cathaibh agas
mádhma air na hÉighiptibh lé raé fhichid blíadhain, go ttáinic orainn fá dheóigh Pháro go n-iomad Éighpteach agas Lochlannaigh agas iomad do dhrongaibh eile gur chuireadar ár na cCaindibh. Agas ní gabháil cháirdeamhuil do-rinneadar sin, óir thugadar air n-ionbhus agus air n-éadálaibh; agas níor léigeadar áon ass air feadh a n-imtheacht. Agus do chuireadar an chrích uile tré dhoighir dhearg-lasracha. Agas fós ní tháinic beó úatha do thríochad mac agas náonmhar inghean ró bhámar do chloinn aig Rígh Caindia ach mise agus áoin-ndeirbhshiúr amháin dhamh. Agas d'fhágbhas an inghean sin air chumairce Phrionnsa na Teasáile, óir is dearbhráthair máthar dhamh é. Agas tug an fhlaith sin tríochad chéad curaidh mur chongnamh slúaigh dhamh agus do ró shir mé úaisle na nGréagach uile, agas níor éur neoch mé gan cungnamh do thabhairt dhamh. Agas tugus mur an ccéadna tríochad céad Eadáilleach liom, agas ní fonnmhar na mór-shlóighte sin imtheacht do dhéanamh gan do chogar agus do chomhairle agas do chungnamh-sa a bheith aca," air sé. "Do-ghéabha tusa sin," air an Garbh, "agas déan imtheacht romhainn go Teasáil, agus bí urlámh ollamh air ar cceann maille lé do slóighte." Do luidh Ceallach for ccúla go Teasáil, agas budh mór meanmainn an fhir sin um chungnamh
a' Ghairbh d'fhághail, agas do bhí san Teasáil aig fuireach teacht na mbuidhnibh chuige. Iomthúsa an Ghairbh Ghlúinigh do-ghnídh comhchruinniogh air láochruigh Atainensi, agas na ccríoch fa coimhneasa dhó, agas do thogh deich ccéad fhichead curaidh ro-chalma as an lucht ró bhí ann. Achmhuinigheas an Garbh sinne um dhul leis, agas d'áomhamar sin. Agas tug an Garbh trí chéad curaidh mur bhuidhean do gach fear dhínn, agas trí chéad dá dhearbhráthair féin, .i. Ogna mhac Stairne, agas trí chéad dhó féin. Agas do chuir an Garbh teachta go Teasáil dá rádh ré Ceallach go ttaigéamhadh féin fair a ccríochaibh Caindi. Do ghabhamar luingeas aig cúan Chathair na hAithne, agas seóltar linn go réim-dhíreach tair dhomhain-lintibh na mara mór-áidhbheile, agas ní haithristear sgéaluidheacht orainn go ráin- geamar a ttír a ccríochaibh cáomh-áille na Caindia. Agas budh háluind fonn agas fiodhbhaidh na tíre sin, agas fós budh mór na hárra agus na heas- argain a tugadh inte; óir tugadar na hEighiph- tigh a n-ionmhus agas a n-éadála, a gcraoidhthe agas a ttáinte, agas a sréadtha uile, agas d'fhágaibh 'na háon-tuind féir agas fásaidh í.
CATH MHAGH TRÉADA SAN CCAINDIA. Lá n-aoín dá raibheamar air úir an chúain sin a ccríochaibh Caindi aig fuireach teacht an Cheallaigh, do-chímid chugainn san áird anoir gach ndíreach láoch leómhanda lán-aidhbhseach. Agus budh machtna mór linne earradh, inneall agus éideagh an fhir sin, .i. asáin a dhíbh chos déanta do chriosdal agas do chormhoguil go cuanna ceart-chumtha, agas a chos-éidiogh d'fhionn-bhruinne cheárdamhuil, go madh solus a n-oídhche raé ndorcha gach loinnreadh lán-tsoill- seach do thigeadh dona réaltain cloch-bhúadha ró bhí san ccos-éideagh sin; agas budh gile nó cubhar cúain a éidiogh uile ó sin amach, ach a sgíath agas a chlogad; agas budh deirge nó grís lasair-ghlan teineadh-bheódha an sgíath agas an cathbhar sin. Agas budh gile fós nó sgotha fionna gach cúach agas gach cam-dhlaoíth d'fholt an rígh- mhílidh sin, go roigfeadh a cholpa síar seachtair a chúla; agas stéad air dhath na hala, agas go madh lúaidhthe í nó áinnle ría ccioth ndílionn. Agas an tan táinic an láoch a ccomhfhogus eagallamh don tslúagh do ró fhíafruighe do ghuth mhór cía bhudh taoíseach fór na slúaghaibh sin.
Do freagradh an láoch, aig rádh gur bhudh hé an Garbh Glúineach mhac Stairne ón Ghréig budh taoíseach dháibh. "Máiseadh," air an láoch, "abair leis teacht d'eagallamh liom-sa don chur sa." Do-chúaidh an Garbh go hairm a raibh an láoch, agas beannuigheas dó. Freagras an láoch an beannugh mur an céadna, agas fíafruigheas de. "An bhfuil isna buidhnibh-si neoch do Gháoidhealaibh?" air sé. "Atáid ochtar Gaoidheal ann," air an Garbh. "Gair chugainn an beagán buidhne sin," air an laoch. Goirthear orainn do láthair an ghrúagaidh, gur thoirbhir póga go dil díochra dhúinn. Is ann sin tug Cú Chulainn aithne fair gurbh é Cuimín Fionn mhac Rígh na cCríach ró bhí ann. "Is mise an tí sin gan amhrus," air Cuimín, "agas do ghaibh conáilbhe leat-sa mé airna fhoil- siogha dhamh tré dhíamharúin m'ealadhna go ttiubhradh Fuinnse Folgain, .i. draoígh déigh- eólach fil aig Pháro, amus longphuirt a ndeilbh dhraoíghtheacht oraibh, gurab uime sin tángas a ccéin dá bhar ccabhair orra. Agas um thráthnóna, a ndeilbh tréada, thiucfas an draoígh sin orraibh, agas mórán do shlúagh Pháraoh uime. Ach
dhéanad-sa ceilg 'na haghaidh súd dhíbh-se," air Cuimín Fionn, "óir cuirfead a riocht fáolchoin sibh; agas tíadhaigh san bhfiogh air bhfágbháil bhur bpuiblibh agas bhar méirgibh ós áird, mar áon lé beagán do bhur láochraidh gá ttaisealbhadh féin dáibh; agus lingthear libh-se air a ccúla forra; agas déantar éachta maithe an tráth sin orra libh." Ro budh mór-mheanmnach sinne um an sgéul sin. Ach tángamar don longphurt mur áon lé Cuimín Fionn; as um thráthnóna an treas lá iar tteacht do Chuimín, do-chímíd chugainn isna maghaibh mór-fhairsinge don táobh anoir na trom-tsréada mall-shiobhail sin, agas gach ríogh raith-dhíomhór a ttoiseach a tsréada féin. Gabhthar linne isna fiodhaibh go héasgaidh ath- láimh íar sin, agas do-rinne Cuimín fáolchoin fháobhrach' fhuilteach' dhínn. Agas cuireas brat síothardha uime Chú Chulainn, ionnus náir léur d'áoinneach é, agas tug comhartha foluighthe dhó air an draoígh, go ngéabhthaigh leis é. Agas an tráth chúaidh na tsréada thorainn síar tugamar ucht do leith a ccúil orra, go ndeárnamar gleic fhuilteach fheóil-ghearrtha forra, agas dob é an
draoígh an chéad-neoch do gabhadh a mbraigh- deanas dona slóighte sin. Agas níor sguireamar don trom-thúargain sin gur ghaibh an ghrían ghnúis-sholasda dá hádhbhaidh chodalta. Agas fán am sin do bhí an magh airna fholach do chorpaibh láoch. Óir gach neoch dá ngontaigh san ngleó do thigeadh ann a rioch féin marbh air an tulaigh. Agus ní théarna beó úaind don trom- shlúagh sin Rígh Pháro ach Fuinnsi Folgain amháin. Tíaghmaoíd-ne dar bhfoslongphuirt íar sin go cosgarthach, comhmhaoídhfeach, lán d'úaill agas d'aigneadh air ccur an áir mhóir fair air mbíodh- bhaidh, gur caitheamh linn pruinn agas tomhaltas, urghnamh bídh agas leanna. Agas do canadh againn ciúil agas oirfideacht go meaghair-chaoín an oídhche sin. Agas Magh Tsréada a cCrích Caindi gairmightear don magh ccéadna ó sin anúas agas cath Mhagh Tsréada don ccath ró thugamar air an tuláigh. Is amhlaidh do bhí Pháro an tráth sin cona shlóighte iomarcach' air bhrúach shrotha Nilus atá aig snoidhe tréisan Chaindia, agas tré Thíorr- thaibh cCurach, agas síos trésan Éghipt. Agas táinic luct forfhaire Pharo gá nochtadh dhó na trom-árrtha tugadh air a láochraidh, gur ghabh tuirsi mhór uime sin. Tángadar taoísigh na
slúagh chuige mun am sin agas is í comhairle do cinneadh aca an t-ár do dhíoghailt oraind agas cath do thabhairt dhúinn. Iomthúsa an Cheallaigh táinic chugainn go Magh Tsréada maille lé slúagh líonmhar Gréagach agas Eadáilleach, agus budh mhaith an séun agas an sonus leis na hárrtha agus na heas- bhadha thugamar air láochraidh na hÉighipte. Agus airna mhárach do thríallamar ó Mhagh Tsréada go Cam-chnoc soir, agus as sin go Fiodh Forra agas go Magh Gaidion, agas go Máol-chnoc Orcha. Agus do bhámar oídhche ann sin; agas do chuireamar lucht forfhaire úainn air Chnoc Orcha an oídhche sin. Agas airna mhárach do thríallamar as sin soir go Tall-mhagh, agas go Dún Calla, agas as sin go hÁrd an Óir; agas do shuidheamar puball um thráthnóna an laoí sin fá bhonn Árd an Óir, agas do-chúaidh forfhairighe úainn air árd na tulcha taobh-úaine sin, agas níor chían dáibh go bhfacadar chuca san áird anoir gach ndíreach Pháro cona shlóighte iomarcach'; agas do gabhadh longphurt leó sin air an taobh shoir d'Árd an Óir an oídhche sin. Agas do bhádar lucht forfhaire an dá shlúagh aig imeag- allamh a chéile air an tslíabh go maidin airna mhárach.
CATH SHLÍABH AN ÓIR SAN CHAINDIA. Is ann sin do chuireadar taoísigh na slúagh do gach leith a mbuídhnibh a n-innioll agas a n-ordugha catha lé hucht na maidne moch- shoillse, agas sinneadh leó a ccaismirtibh catha, a stuic, agas a mbeannaibh bláith-bhinne búadh- bhaill, agas ní ghéabhaidís Gréagaidh gan tús iorghala 'thabhairt don Gharbh Ghlúinneach. Cromas an Garbh cona shlúagh-bhuidhean san ccath, agas do leanadar Gréagaidh go mór- mheannmnach é. Ciodh trácht, budh trom an túargain tug an Garbh air shlúagh Pháro don chéad-choinsgleó, go ttáinic Galgon, .i. taoíseach Rígh Pháro, a n-aghaidh an Ghairbh, agas do- rinneadar an dís déagh-láoch sin comhland cródha coimhneartmhar lé chéile, go ttángadar na slóighte do gach leith eatorra, agas do chromadar san ccath íar sin, .i. gach tréan aig traoíghthiugha a bhíodh- bhaidh. Iomthúsa Ghalgon, tug ucht anbháil árrachtach air Ghrégaidh an tráth sin, go ndeárna ráon ró- farsaing tré thuibhe na slúagh aige traoíghthiugh agas aig dían-chosgairt láoch do gach leith dhe, léar tógbhadh gáir éagcomhlainn aig Gréagaidhe uime ann gach conair dár ghaibh, go ttárla Oghna mhac Stairne mhic Colgain fair. Agus do thúar- gain an mílidh Galgon an láoch sin do bhéaimean-
naibh búan-bhorba, gur theasg a cheann de géar mhór an dúath agas an dochar fúaradar Gréagaidh aigá chosnamh. An tráth chúalaidh an Garbh Glúineach gur torchradh a dhearbhráthair ris an tréinfhear Galgon táinic a ccoinne agas a ccomhdháil an mhílidh sin, go ttugadar na hurradha iorghala agus na húaithneadha catha comhóra frassa fáobh- racha fír-neartmhara dá n-armaibh díobhraice dá chéile; ach géur mhór cródhacht an Ghairbh Ghlúinidh bhí do rígh-neart an mhílidh Galgon gur thraoíthigh é, agas gur thréan-chréachtnuigh san deabhaidh é. Ach tángadar Gréagaidh eatorra an ath-úair, agas tugadar an Garbh as an ccath ré ceaisd an churaidh Galgon. Agas budh doilghe dóichreidthe na díthe agas na trom-árra tug Galgon, a' tréainfhear, air shlúagh na nGréagach an tan sin, gur mhaoídh an cath san tulaigh síar fó thrí. Is ann sin a d'fhógair a' Garbh dona Gáodhail cona mbuidhnibh an mhaoídhm sin do chabhair. Do-chúadhmar san ccath íar sin, gur theagaibh mise agas an mílidh Galgon dá chéile, lé ttugamar achmhusán ainíarmartach dár sean-armaibh snasda slím-ghéura for chleaithibh agas for chompair a chéile. Aimsir imchían dhúinn mur sin aig tolladh agas aig pían-ghuin día-roile, gan fios time nó tláis
aig ceachtar dhínn. Agas ré headh na haimsire sin ro thiomáin Fearghas agas Oilioll Fionn, an Fear Día agas Con Raoí, Náos agas Lughaidh mhac Nóis agas na Gréagaidh, slúagh Pháro tair a n-ais san tulaigh soir. Is ann sin táinic Molac, a' taoíseach Eadáilleach, cona thríochad céad curaidh don ccath, agas budh maith na héuchta do-rinne an láoch sin air tteacht dhó; óir do mharbh Tanánach mac Pháro, an mílidh mór- chalma do bhí aig díothughadh na nGréagach; agas fós tug an Molac céadna maoídhm mhór air shlúagh Pháro san magh soir. Leis sin táinic úam-sa an curaidh Galgon d'iom- chosnamh shlúagh Pháro; agas do-rinne an láoch éuchta móra san teagbháil sin; agas d'aimhdheóin na nGréagach do chuir slúagh Pháro 'na n-iona- daibh catha féin arís. Is ann sin do ghoin Molac, an tEadáilleach, Galgon d'urchar gaéthe san ucht. Téid Galgon amach as galach nó as goile an chatha agas do ró cheangail an chréucht ó shileadh fola, agas táinic san ccath íar sin, aig tabhairt ucht air shlóighte na hEadáille. Agas budh machtna mór liom-sa an úamhain ro ghabhadar na slóighte roimhe an láoch sin, óir tug féidhm fíor-chuimseach catha 'na measg, léar léigeadh ráon ró-fhairsing dó, agas ní roigfeadh neoch nach marbhadh nó nach ttrom-ghoineadh; agas táinic
mur leómhan air luinne aig traoíghthiugh agas aig tréaghdagha, agas aig dían-chur áir na n-Eadáil- leach, gur theagaibh an láoch Molac dhó, agas do thrasgair go lán-talmuin é mar an ccéadna. Agas táinic tréasna slúaghaibh go tibhe na nGréagach, gur ro thrasgradh an rígh-mhéirg go lár agas go lán-talmhuin leis. Tug an rígh- mhílidh teóra trom-ghona don nGarbh Ghlúineach d'aimhdheóin na nGréagach, go madh forrúadh an talamh do chrú an churaidh. Táinic as sin gan sgíth gan sgur ag díothiogh aicmeadh Fhearghais mhic Róigh fair, agas tug béidhm cloidhimh d'Fhearghus féin gur theasg toirt mhór dá earradh agas dá éidiogh agas dá fheóil dá dheas-ghúala, gur bhudh cosair chró é. Goineas mur an ccéadna Con Raoí mhac Dáire go tinneasnach agas budh tréatholta an Fear Día dá láimh, agas tug áladh dhomhuin dhóileighis do shonnadh sleighe dhamh-sa. Ciodh trácht, níor theagmhaidh fair taoíseach nó tréinfhear nó láoch infhéadhma nach ttug an mílidh Galgon sleacht chneidhe fair, agas téid ass íar sin, agas tug don ccath tríochad céad dona Geinte Úathach', .i. lucht feóla dáoine d'ithe íad sin, agas tug ucht fair na Gréagaidh, gur ghaibh aigá ttraoíthiogh go hiomarcach. Agus an tan do-
chonairc mise na díghthe, agas na heasbhadha tug an tréinfhear Galgon air na slúaghaibh, agas fós go madh cosamhuil an cath do chló forainn, gabhaim- si sleagh choimhneartmhar chrann-reamhar chró- fhairsing chatha, agas gabhaim aig dían- sgaoíleadh agas aig treasargain na nGeinte Uathach, go ttugas ár mór forra don rúathar sin; ach tairis sin do mhaoídh Galgon an cath orrainn, agas do bhádar na Gréagaidh gá ttroíthiugh go hiomarcach san tulaidh síar. Is ann sin, do theagaibh Molach, an taoíseach Eadáilleach, oram-sa, go ndubhras leis go madh náir dhúinn an cath do dhul forainn amhluidh sin. "Máiseadh," air Molac, "dá ccoisgfidh Galgon an tréinfhear dhíomh-sa agas do ma mhuinntir, budh dóigh liom an cath do chur air na hÉighip- tigh. Agas is ró-aithreach liom teacht don ccath- raigh don turas so," air sé, "óir a tugadh ár mór air mo mhuintir, agas tairis sin, ní cosmhuil linn búaidh do thabhairt." Adubhairt mise lé Molac calmacht mhaith do dhéanamh go ttiucfainn féin don ccath arís, agas dá ma cumus dhamh go ccoisgfinn an mílidh Galgon dhe. Do-chúaidh mise íar sin go hárd na tulcha mur a raibhe Ceallach go tuirseach doimheanmnach aig faiccsin an chatha gá mhaoídheamh air Ghréagaidh,
agas Cú Chulainn an' fhochair; óir ní lamhamaoís- ne Ceallach do léigean san ccath air a óige agas a an-áosdacht. Agas tug mise Cú Chulainn cona bhuidhean don ccath, agas sileadh súl dá ttugas úaim san áird soir do-chím slúagh-bhuidhean aig teacht don ccath, agas budh dóigh liom gur bhudh lucht carbat do bhí ann. Ach tugam Cú Chulaind cona thrí mhíle láoch mur chungnamh do Mholac, agas do-rinneadar sin éuchta maithe, óir do theasgadar an eang don ccath ró bhí reompa, agas badh méud meanmainn do Mholac éuchta Cú Chulainn fair na hÉighiptigh. Is ann sin do theagbhaidh Galgon an tréinfhear dhamh-sa, agas é 'na ruisde rúaidh-dheirg ó thabhairt áir na nGréagach, agas na Geinte Úathach' do gach leith dhe mar sgíath dhídein uime, agas ní raibhe beó agam-sa an tráth sin dona trí mhíle Gréagach a thugas don ccath ach caogad air naoí ccéad. Ach tugas ucht árrachtach air Ghalgon, agas comhraiceamh go cródha leis. Tángadar na Geinnte Úathach' umam da dhíoghailt forram na hárra tugas orra roimhe san ccath. Gidh eadh, ró chosain Gréagaidh go maith mé. Is ann sin do thógbhas m'aigneadh ós áird, agas do thiomsuidheas mo bhríghe agas m'uile neart goile go hiomlán a n-aghaidh an tréinfhir, agas níorbh fhuráil sin.
Ach sonnadh sár-chalma sleaighe dá ttug mise air chaoídh an tsiain-chleas a ccleaithibh an churaidh gur chuireas feadh láimhe láoich tré na chompar síar seachtair í, agas d'fhágbhas an tsleagh gan tarraing amluidh sin; agas tugas ucht air na Geinte Úathach' co nach ndeachaidh áon a mbeathaigh úaim dhíobh. Ciodh trácht, an tan do-chúalaidh láochraidh Gréag gur thuit an mílidh Galgon, níorbh eagail leó slúagh Pharaó. Táinic chugainn íar sin an Garbh Glúineach, agas d'fhógair dhamh-sa an cath d'fhágbháil agas m'áladh do cheangal. Óir budh créachtach cróilinnteach mise do láimh Ghalgoin, an rígh- mhílidh; agas adubhairt go sráonfadh féin agas Molac an cath air shlúagh Pháro. Tréigim-si an cath íar sin, agas chúadhas go hÁrd na Tulcha mar a raibh Ceallach, .i. Rígh na Caindia, agas budh mór muirnn agas onóir an fhir sin rómham; agas d'fhógair dona leaghaibh mo chneadha agas mo chréachta do chórughadh go maith. Is ann sin tugadar Gáoidhil agas Gréagaidh agas Eadáillibh ucht uir-mheisneamhuil air shlúagh Pháro, gur bhrúchtadar forra san tulaigh síar, go ttárladar tríocha chéad carbad ón Éighipt forra; agas iompóghas slúagh Pháro cona núadh-
bhuidhean orainn, agas do-rinne Molac agas Cú Chulainn éuchta móra forra an tan sin: óir do mharbh Cú Chulainn an t-úaithne céadfadhach cródha calma Tamnas, .i. taoíseach na ccarbad, do chomhraic go cródha an' aghaidh, a ccor ndeiling san tulaidh. Agas do mharbh Molac días mac Pháro, .i. Jacas agas Jobanas. Tugadar Gréagaidh maoídhm mhór eile orra soir go Ráth Hairg, agas iompóghas slúagh Pháro orra ann sin, gur fearadh cath dúabhseach eatorra ann air marbhadh naoí míle láoch san ccoimheasgar. Tugadar Gréagaidh maoídhm eile orra ass sin soir go Camair air bhrúach Shrotha Nilus, go ttáinic an aoidhche orrainn ann sin. Airna mhárach do fúaramar an magh gan áon fair. Ro cinneadh comhairle againn um an ccath, agas as eadh do-rinneamar, conách an áir do thiom- sugha agas na mairbh d'adhlacadh, agas íar sin tugamar tóruidheacht do shlúagh Pháro lé cois Shrotha Nilus gach ndíreach don Éighipte, agas do chuireamar na slóighte a ngréim a n-imlibh na hÉiphte aig Capasnaron. Agas do fearadh cath mór againn ann sin; ach do chlódhmar an cath sin air Pháro. Agas teitheas Pháro as sin go
Slíabh Daé. Ro leanamar an slúagh ann sin gur chuireamar a ngréim íad aig bonn Shléibhe Daé san Éghipt, aig tabhairt áir mhóir orra. Gabhthar a' Rígh Pháro an' áonar ris an bhFear Día air ndul dó dá dhídion féin a n-úaimh do bhí san tslíabh. Ní mór comhnuigh do-rinneamar ann sin go rángamar Cathair Uibhne, .i. longphurt órdha uchtbhláidh Rígh Pháro, agas gabhthar linne í iar ccaitheamh tríochad lá a bhfoslongphurt ré hucht na caithreacha sin. Do bhádar fán am sin a mbraigh- deanas againn Rígh Pháro cona ríoghuin agas cona thríar mac, agas inghean óg áluinn iol- chrothach darbh ainm Cubhnora. Tángadar íar sin úaisle na hÉighipte don leith amuigh do mhúraibh na caithreacha, agas do bhádar féin agas taoísighe na nGréagach aig imeagallamh a chéile treimsi fhada. Ro bhudh mór na cumhthadh thairgeadar na hÉiphtibh tair cheann Pháro agas a chloinne, agas síth do dhéanamh; agas ní ghéabhadh an Garbh Glúineach síth nó osadh úatha, muna ttiúbhradh Pháro a inghean Cubh- nora mur mhnaoí agas mur bhainchéile do Cheal- lach Rígh Caindia, agas fós lóir-ghníomh do dhéanamh isna hárra agas isna heasbhadha tug Pháro san ccrích réamh-ráidhte. Ciodh trácht, tugadar na húaisle coraidheacht orra um
na cumhtha sin do chomhall. Agas ní lamhadh an Garbh Glúinneach an núachar sin do shnámadh san Éighipt; ach tug na bráighdibh tair a n-ais go Caindia, d'eagla tromluidhe na n-Éighipteach do theacht orainn san ccrích sin. Ach atá ní cheana, tug Ceallach, Rígh Caindi, Cubhnora, inghean Pháro Rígh na hÉiphte, mur ríoghuin; agas do ceangladh síth agas caradradh idir an dá rígh sin; agas tugadh tiodhlaicthibh troma agas iomad óir agas iolmhaoíne do Ghré- agaidh, d'Eadáillibh, agas dhúinne na Gáoidhil; agas do dháil an Rígh Ceallach fleagh mhór-lúach feadh naoí lá air mhí orainn. Agas a cceann na raé sin do ghabhamar lámh air imtheacht, agas ró chúaidh Pháró don Éighipt go heasbhuidheach athchlaoídthe, agas táinic an Ceallach linne don Ghréig, agas tug a dheirbhshiúr (Iubhar a hainm) mur mhnaoí agas mur bhain- chéile don Gharbh Ghlúineach. Rángamar as sin go Dún Colgain, go mbúaidh cosgair agas comh-mhaoídheamh linn. Seal dhúinn a nDún Colgain fá mhuirnn agas fá mheaghair mhóir go ttug an ríoghuin Iubhar tuile trom-ghráidh agus searc fír-áidhbheil do Chon Raoí mhac Dáire, go ndeárna feis agas fáodhmhadh
leis. Brathas an Garbh Glúineach an nídh sin gur feargadh go hiomarcach é. Ach fúair Con Raoí árach fair gur marbhadh an Garbh leis, agas tug Iubhar air éalógh as an Ghréig don Eadáill; agus budh mór luathgháir Mholac roimhe Chon Raoí. Iomthúsa na nGréagach an so innistear sunn seal eile. TRÍALL NA CCURADH AS AN NGRÉIG. Tiomsaighidh Gréagaidh a reannta as gach áit a raibheadar, .i. lucht na Créta, agas Chríche Noileach, agas laochraigh Chathair na hAithne, agas tugadar sin a ccúngnamh dá chéile chum Gáoidhil do dhíthcheannadh. Ach budh heólach mise go maith a ccríochaibh Gréag gurbh éigin dhúinn dul dáir ndídean féin go díabhraibh Shléibhte Riffe; agas do ró leanadar Gréagaidh go hiomarcach sinn, gur shuidheadar na mór- shlóighte sin 'na mbuídhnibh a mbéul gach conair dá raibh fóna sléibhte an tráth sin. Agas fá neóin airna mhárach do-chímid long luchtmhar lán-aidhbhseach airna seólugha do
dhruim mara go bonn Shléibhte Riffe, agas an tan do tháinic a ttír ní tháinic aisde ach áon-láoch amháin, agas ní dheárna an fear sin fos nó cómh- naigh go ttáinic go réim-dhíreach chugainn go cúas an tsléibhe mur a raibh foslongphurt againn. Agas as é an láoch ró bhí ann sin .i. Cuimín Fionn mhac Rígh na cCríach, agas do thoirbhreamur póga go dil díochra dhó. Suidheas Cuimín 'nair bhfochair agus adubhairt linn gan úamhain do bheith 'nair meanmainn um neart na nGréaccach, agas go ccoiseónadh féin air Ghréagaidhe sinn. Agas tug Cuimín íar sin brat seardha do gach áon againn, agas adubhairt linn amus longphuirt do thabhairt air na Gréagaidh agas éuchta maithe do dhéanamh orra, agas go n-fanfadh féin tair air cceann aig an luing. Do chríochnaigheadh an chomhairle sin linn. Tugamar ucht air na Gréagaidh an oídhche sin gur díthcheannadh linne uimhir dhó-áirmhthe dhíobh, ionnus gur thuiteadar deich ccéad mac ró-fhlaith d'úaislibh na nGréagach don dearg- rúathar sin linn, agas tugamar iomhus agas éadálaibh móra uatha don luing. Dála na nGréagach do chuireadar teachtaibh a d'fhios phrionnsaidhibh na Gréige, agas tángadar sin cona líon láochruidhe go hucht Shléibhte Riffe, agas tugamar amus longphuirt arís orra a
nGleann Crú, mur a ttugamar trom-argain mhór orra, ionnus go ndeárna na srotha fola foirdhearga leirg mhór san ghleann, gur dhe do ró lean an t-ainm, .i. Gleann Crú don ghleand chéadna ó sin anúas. Ach do bhúaireamar agus do bhriseamar do Ghréagaidh an tan soin, agas do leanamar an rúaig aig cur an áir go tráthnóna an lae sin. Ach atá ní cheana, thugamar seóid iomdha na ttíorr- thann sin linn don luing iar dtain, mur a bhfúara- mar Cuimínn air ar cceann. Chúadhmar air muir íar sin, agas do cinneadh comhairle againn cía conair dia ngéabhamaois; agas adubhairt Cuimín linn go raibhe Con Raoí san Eadáille a muirnn mhóir aig Molac, ach adubhairt mise go ttiubhrainn amus air thor Mhorca Mhóir a n-imlibh Chríocha Lochlann, mur a raibhe an iomad seód agas saidhbhris mur áon lé hinghean áluinn do bhí aig Morca Mór, agas ní lamhaidís slóighte iomarcach an tor sin air a iomdhaingne. Agas adubhairt Cuimín gur lé ceilg budh héigin an tor do ghabháil, "Agas is eadh is indéanta dhíbh," air sé, "inneall fheara mara do ghabháil oraibh, agas seóid iomdha na nGréagach do bheith go follus air bhrataibh san luing. Agas thusa, a Chonaill," air sé, "éidiogh ceannaigh do ghabháil ort, agas an tráth chíthfeas úaisle an tuir méad agas áille na seód, géabhaidh taitneamh dháibh
íad, agas sainntéabhaidh Morca Mór bás agas oidhe do thabhairt dhíbh, agas na seóid do bheith aige féin." Do-rinneamar amhluidh sin, agas an tráth do- choncadar lucht an tuir na hiolmhaoínibh san luing, d'fhógradar dhúinne theacht a ttír a ndóigh malairt earraidh do dhéanamh linn. Ach an tan do fúair Morca Mór sinne don táobh astoigh do mhúiribh an tuir d'fhógair dá láochraigh air cceangal agas air ccuibhreach. Act is amhluidh do bhámairne agas cloidheamh colg-fhada a n-fochras gach aoín againn, agas mur do-chúala- mar furfhógra Mhorca Mhóir, do shníomhamar sinn féin as dhóidibh na láoch go ttugamar túargain thréan thinneasnach orra. Is ann sin do ghaibh Morca Mór aithne dhamh-sa gur fhógair cumairce oram, agas sul do ráinic liom- sa a chabhair, ró theasg an Fear Dia a cheann dhe. Ach atá ní cheana, tugamar seóid an tuir linn agas an inghean mur áon leó, .i. Béanna a hainm, agas ní dheárnadh fos nó comhnuidhe linn gur ghabhamar cúan san mBreatain Mhóir. Agus is ann sin do phronn Cuimín caoímh-úasal mhac Rígh na cCríach an t-each geal, cona a earradh agas cona a éidiugha oireachtais, do Chú Chulainn, agas d'fháig iomchomairce beatha agas sláinte
againn, agas adubhairt go rachadh don Eadáill go ttiubhradh fios air n-eachtra do Chon Raoí mhac Dáire. Agas do-rinne amhluidhe sin. Agas budh tuirseach deórach Cú Chulainn a ndíaigh Chuimín Fhinn an tráth sin. Iomthúsa Chuimín Fhinn, chúaidh don Eadáill go Dún Mholac mur do nochtaigh do Chon Raoí go raibheamar san mBreatain Mhóir tair a cheann, agas budh maith na sgéala lé Con Raoí sin. Gabhus Con Raoí lámh air imtheacht as an Eadáill, agas budh tuirseach imshníomhach an tan sin é, óir do fúair an inghean Iobhar bás úadha agas dob é sin ádhbhar a thuirse an tan sin. Ciodh trácht, do thángamar ó sin go Dúin Sgathaigh a n-Albain, agas do bhámar dhá mhí san ccathraigh sin aig fuireach teacht Chon Raoí chugainn, agas ní tháinic ris an raé sin, nó sgéala úadh. Agas a cceann aimsire iar sin tángamar a ttír a tTráighe na tTréinfhear a nUlltaibh, agas ass sin go hEamhain Mhacha agas as sin gach áon dá dhúithche féin. Agas, a Chairbre, (air Conall) is iomdha na fiodha agas na fásaighibh, na hinseadha agas na hoileáin agas na hiongantais éagsamhla do-chonc- amar air muir agas air tír san eachtra sin atá ró-liosda réna n-iomlúadh an tan sa. Agas do bhí Con Raoí trí blíadhna go leith dá éis sin,
d'easbhuidh na hÉireann gan fios a oidhe, ionnus gur mheasadar Clanna Deaghaidh gur feilbheart ro imreamar air. EACHTRA CHON RAOI MHIC DÁIRE ASAN EADÁILL. Is ann sin do labhair Cairbre Nía Fair, Rígh Teamhra, agas adubhairt: "Ciar gabhadh riot a Chon Raoí mhic Dáire, ris an raé úd?" Do labhair Con Raoí, agas as eadh adubhairt: An tan a tháinic Cuimín Fionn mac Rígh na cCríach chugainn don Eadáille, agas air nochtugh thoisg na ccuradh dhamh-sa, .i. go ndeachadar dá ttír féin, agus air n-éug Iobhair úaim, do bhí mise go dubhach dubhbrónach lán-tuirseach um áon- fhear. Óir do-chúaladar Gréagaidh mo bheith san Eadáille an tan sin, ionnus gur ró chruin- nigheadar túatha agas teallaigh na Gréige go huile air áon-láthair; agas do chuireadar slóighte air muir agas air tír don Eadáill, chum báis an Ghairbh do dhíoghailt oram-sa. Agas budh headh sin úain agas aimsir do ráinic Cuimín lé sgéula na ccuraidhibh chugam, agas mur do- chonairc sé mise asan mbáoghal mbíodhbhaidh agus
isna hanadhaibh bróin sin, adubhairt liom gan úamhain do bheith oram ach go madh héigin dhamh siobhal leis féin feadh aimsire. Agas dob fheárr liom-sa sin nó mo thuitiom lé Gréagaidh, agus do thogair Molac féin ceilg do dhéanamh chugam, ach gur thoirmisg Cumín fair é. Agas is eadh thug do Chuimín mise do sháorugha ó Ghréagaidh, .i. ón ngrádh thug sé do Chú Chulainn. Ciodh trácht, d'fhágaibh Cuimín agas mise an Eadáill a ccealtair dhraoíghtheacht', agas ní dheárnamar comhnuigh go rángamar Oileán Sámais san Áisia. Do ró fhíafruigheas féin air an eachtra sin do Chuimín créad do rug na cumhachta móra sin san draoígheacht aige. Do fhreagair-sean mé, agas as eadh adubhairt: "An bhean-oide aigá raibh mise air fóghluim, .i. Cainne Chnó, ro imir sí feill-bheart oram tré gheasa troma dó-fhuilingthe, .i. a bheith 'mo thorc a nGleann Laghna san Airménia mur do-chonairc tusa mé; agas do bhí mé amhluidh sin go teacht Chú Chulainn go Cathair Ghalrainn agas gur mharbh an chailleach a Loch na Níadh. Agas as é an fad do bhí mise san ccruth sin feadh thrí nóchad do bhlíadhnaibh, agas air tteacht ann mo chruth féin dhamh d'áomhadar na dúileadh an comhfad céadna sin do raé d'fhagháil dhamh
d'éis bháis na caillighe draoídheachta céadna, gan áois gan urchradh, agus cumhachta na bandraoígh sin isan gheintleacht do bheith agam an feadh sin. Agas air mbeith dhúinn a n-Oileán Sámas do-chúadhmar go Cathair an Rígh mur do fearadh fáilte romhain, agas do-bhádhmar teóra lá cona n-oídhchibh san dún, agas budh tuirseach im- shníomhach Cuimín Fionn an feadh sin. Agas is uime do bhídh amhluidh, .i. inghean áluinn íontumha ro bhí aig Rígh Sámas do chinn air mhnáibh a comhaimsire a sgéimh, a ndéigh- bhéasaibh agus a ndéilbh, agas budh toil ris an tríath Damán a tabhairt mur chéile do Chuimín. Agus do bhí séud úasal iolbhúadhach aig an ríoghuin, .i. topaz chruthach, cloch sin ann a raibhe búadha iomdha, mur do bhí, áois gan urchradh, gan easláinte, do bheith aig an tí gá mbíadh, búaidh deilbhe agas déagh-nósa, mur áon lé feataibh iomdha eile. Agas an tráth bhí Cuimín a bhfochair na ccuradh air a n-eachtra dhéigheanaigh, ro ghadaigh Bárac, .i. mac Rígh na Sorcha, an séad úasal iolbhúadhach sin ón inghin óirdheirc iolchruthaigh úd tré éud agus tré fhormad lé Cuimín Fionn, a ccealtair dhraoígheacht', ionnus
tré sin gur ghaibh seirg-luidhe dháor-chruthach dhóileighis an inghean réamh-ráidhte. Ach tug Cuimín móide móra marbhthach' go sirfeadh sé ceithre ceárnasgaibh na cruinne ceathar- dhúil nó go bhfaghadh Bárac agus go ndíoghalfadh an gníomh anúasal sin fair. Iomthúsa Chuimín Fhinn mhic Rígh na cCríach, do ghabh lámh for imtheacht go dubhach díbh- fheirgeach, .i. dubhach d'éis na hingheine agas lán d'fheirg lé Bárac, agas mise mar aon leis. Agas is mór do dhíamharún na n-ealadhan do nochtaigh Cuimín dhamh-sa air an eachtra sin. Agas ní haithristear nídh orainn go rángamar críochaibh na Sorcha. Agas do chuireamar mór-chúairt na tíre sin, agas ní bhfúaramar áon-fhocal do sgéala Bhárac ann; óir do thréig Bárac an tSorcha d'eagla Chuimín, agas do-chúadhmar as sin don tSyria agus do ró chuireamar cúairt na tíre sin. Ach atá ní cheana, do shíreamar críochaibh, insibh agas oileáin an mhagha, agas ní bhfúaramar sgéala Bhárac. Lá n-áoin dá raibheamar air Muir thúaigh Chríochaibh na hÍoruaidhe, do-choncamar curach go ndeilbh n-iongantach, agas do ro athain Cuimín an curach sin, go ttugamar tóruidheacht dhó, agas do chuireamar a ngreim é air an aigéin don leith shíar d'Éirind, agas táinic Cuimín liom-sa gur
chuir a ttír mé a nIorras Domhnainn, air bhfágbháil iomchomhairce beatha agas sláinte dia-roile. Agas tig an Cuimín shin gach treas blíadhain d'fhéachain Chú Chulainn; agas gibé léir mían crích eachtra Chuimín Fhinn mhic Rígh na cCríach d'fhághail tugadh Cú Chulaind dhó é, óir is aige atá a hinnse. Crích don chéad-ráimh d'Eachtra na cCuradh.
EACHTRA NA CCURADH. AN DARA RÁIMH. Iomthúsa na ccuradh, air ndíansgaoíleadh dháibh ó Dhún Chonaire mhic Loingse a ttúathaibh Uisneach, agas air ndul do gach droing dá ndúithibh féin, táinic Conchubhar Rígh Uladh cona líon láochraidh go hEamhain mhín-áluind Mhacha. Agus lá dá ttug an rígh fleadh mhór- lúach gá dáil air úaisle an chóigidh, agas ró bhí Cú Chulainn san mór-dháil sin. Achmhuinigheas an Rígh Conchubhar fair nídh éigin d'eachtra Chuimín Fhinn, .i. a shíor-charaid, d'insinn dóibh. Is ann sin do-chúaidh Cú Chulainn a cceann an sgéal sin d'insinn, agas adubhairt: Air bhfágháil Bháraic mhic Rígh na Sorcha do Chuimín, agas air bhfágbháil Chon Raoí a ttír a n-Iorras Damhnain, táinic dom fhéuchain-se. Agas is amhluidhe do bhí mise an tráth sin a seirg- luidh éagcrúaidh, do los bháis m'áon-mhic féin, .i. Connladhach, íarna mharbhadh dhamh. Agas an tan do-chím Cuimín Fionn budh mhór mo lúth- gháir roimhe; agas do-ghnídh Cuimín fritheólmhadh déigheólgach dhamh, go madh slán meise a ccéadóir
ón tseirgluidhe sin; agas nochtas Cuimín dhamh-sa na dochair do fúair ó Bhárac agus go raibh aig dul an tan sin do thabhairt Níamh Chúach-fhionn, .i. inghean Rígh Sámas, mur chéile; agas impidheas mise um dhul leis do chaitheamh na fleidhe do bhí ollamh a ccomhair an núachair sin. Cuiriom-sa Laoígh mac Rígh an Ghabhra gusan Fear Día go ttagadh liom. Táinic an Fear Dia chugainn agas tríalltar linne mar áon le Cuimín Fionn mhac Rígh na cCríach, agas Bárac mhac Rígh na Sórcha a ngéibhionn againn. Agas air mbeith dhúinne air sáile na sean-mhara seóltar linn a ttír a n-oileán áluinn ró-ionghantach, óir ní raibhe crann dá fíodhbhaidhe gan a throm- úalach do mheasa milse fair. Agas do bhádar inbhir na caoímh-thíre sin airna mbrúchtadh a bhfuirnibh dona híasgaibh budh háille, agus fós budh leór d'áoibhneas a bheith aig éisdeacht ré binn- labhartha na n-éan áille ioldhathacha agas lé síansa sáoir-ghrind na mbeach mil-chnúas, agas an tír uile 'na háon-tuinn feóir agus fásuigh, agas gan méad áirde aige magh dhi air a chéile, ach áon-chnoc 'na ceart-mheadhóin. Agas budh comh-sholus lá agas oidhche innte, gan tathaigh duine nó ainmhidhe, ach fíadhach, íasg, agas éanlaithe.
Do-chúadhmar ó úir an chúain gusan ccnoc ccómh-áluinn sin, agas as seadhdo fúaramar air air cceann ann, .i. dorus áidhbheil mór-fhosgailte romhainn a mbonn na tulcha táobh-úaine. Chúadhmar asteach don mbúaidh-lios agus dob áluinn an mhúir ro bhí ann sin. Óir do bhí an dún ríoghdha ró-mhaiseach airna thógbháil do líogaibh lán-úaisle oirthear an bheatha, go ceár- damhuil clói-dhealbhtha, do lámhuibh súadh agas sáor-cheárd, gan cam nó clúid inte, ach comh-chruinn mádh ccúairt, agas úrlár na bruighne búailte do chlochaibh neámhanda níamh- gheala, agas príomh-thúarusgbháil eachtraibh na hÁdhamh-chloinne airna ttarraing a sgríbhnibh órdha, lé draoíghthe déigh-eólacha, timchiall mhúraibh mhór-lúachach na bruighne, don leith astoigh dhi. Agas dá ttagadaoís slóighte iomar- cacha innte, do-ghéabhadh gach áon ionadh suidhe air leith innte. Agas badh d'ór áluinn do bhádar na hionaduibh ríogha sin ró-dhéanta, agas bórd comh-chruinn do gheal-airgead airna cheam- sughadh do dhearg-ór don leith astoigh dona hionadaibh sin, agas áon-chornn go méad n-aidhbh- seach, dealbhtha do líog bhúadha, a cceart-lár an bhuird mhóir, agas lámh-chornn ós comhair gach ionadh nó coilche dhíobh. Agas is as an ccornn
mhór do dháilfidhe isna mion-chornnaibh a' ríarugha na slúagh do gach leanta budh mían leó. Agas budh do bhúaidhibh an phríomh- chuirnn sin, .i. a bheith lán do shíor. Agas do bhádar fós air an mbórd bhioth- bhúadhach sin míasaibh glé-gheala glan-airgid, agas a ttrom-áireamh do bhíadhaibh sáora soch- aithmhe forra, agas áon-chruit órdha ildhealbhtha 'na suidhe air líg bhúadha a ccomhfhogus an bhuird; agas budh do bhúadhaibh na cruite caoín-téadaigh sin, an tan bhudh ionchaithmhe bíadha nó bhudh meaghair-chaoín lucht na bruighne, do sheinneadh an chaoín-chruit dréachta agas síansa sáor-bhinne ann gach aisde oirfideachta dar mhían lé cách. Agas budh do bhilibh Phárr- thais crannghail na mbuadh-chruite sin. Agus budh coimh-leathan an dún ris an ccnoc, agas níorbh aithne neoch an bhruighean do thaisdeal muna ndéantaigh lé huide draoígheacht é. Agas ní raibh do lucht comhnuidhe san rígh- mhúir sin ach áon-láoch arrsuidhe cían-aosda gan lúth gan léim, 'na shuidhe a ccathaíor órdha, agas cloch chomh-chruinn ós a chomhair 'na háon-lasair thineadh ghlan-ghlóraidh, agas ní thigeadh múchadh fair an ccloich n-iongantaigh
sin. Agas budh leór do bheathadh mór-mhurair an boladh bioth-shásaidhe do thigeadh don lasair sin. Agas an tan do-chúadhmara don mbruidhean d'fhorbhfáiltigh an seanóir romhaing, agas d'fhúráil orainn comhnaigh agas sgíth do dhéanamh. Gabhthar linne ionadh suidhe san mbruighean íar sin. D'fhúagair an láoch dhúinn mar an ccéadna air ndóchain do bhíadha agas do leanta an dúin do chaitheamh. Do-ghnídhthear sin linn, agas an tráth budh coisgthe air n-ocras agas air n-íotan ró fhíafraidh an láoch arrsaidh brígh air tturais agas air n-imtheacht dhínn. Ro nochtaigh Cuimín Fionn na sgéula sin dó go faisdineach fír-ghlic. Agas ró fhíafraigh Cuimín sgéula na caoímh-thíre sin, agas fáth a húaignis mur atí don tseanóir, agas tug an fear árrsuidh na sgéala sin dó amhluidhe so síos. COMHRÁDH AN TSEANÓIR DARBH AINM ACHA NÚACH. Do labhair an seanóir iar sin agas as eadh adubhairt: Oileán na Gréine is ainm don ccrích so (air
sé), agas an Dún Úaithne is ainm don dún so ana bhfuil sibh-si anocht, agas Acha Núach is ainm díleas dhamh-sa. Agas is sé adhbhar na críche so do bheith comh úaigneach agas atá, .i. rígh ró ghabh flaitheas agas forlámhus na críche si cían aimsire ó shoin darbh ainm Fearghas Fionn; agas ní raibh do chloinn aige ach dís mac; agas do ró hoileadh an chlann sin go friochnamhach leis an Rígh Fearghas, gurbh ionnfhéadhma íad. Agas do thug fear aca inghean Rígh na hÁontuaighe mur mhnaoí agas mur bhainchéile: Déithlinn fá hainm di; agas tug an dara mac inghean Rígh na nGanradhach ón Affraic mur chéile: Callainn Níach fá hainm di. Ciodh trácht, tugadar an días mac sin Fhearghais Fhinn, do los a mban, iomad seód agas so-mhaoíne leó as na críochaibh réamh-ráidhte go hOileán na Gréine; agas is fear don chloinn sin mise. Agas do bhámar go sona sáidhbhir síothchánta san íath so lé raé imchían gur theasdaigh an rígh air n-athair úainn; agas air n-éug dhó do chomh- rannamar an chrích air dhó, agas do thárla an dún ríogha san mír don oileán do ráinic Acha Neileach, .i. mo dhearbhráthair; agas do ro cladhadh an lios sa liom-sa, agas do dhealbhas í don tsaidhbhreas a thugas liom ón Affraic, óir is mise tug inghean Rígh na Ganradhach mur chéile.
Agas lá n-áoin dá ndeachamar, an dá rígh, do sheilg agas d'fhíadhach mur áon lé buidhean d'úaisle na críche, an tan do sgaoíleadh agas do sganradh an tseilg fóna fiodhaibh agus fóna fásaighibh, do ghabh mise agas mo dhearbhráthair ionadh suidhe aig féachain meaghair na sealga, aig éisdeacht lé gotha láoch aig brosnugha gadhar fána hanadhaibh sealga; agas budh machtna mór liom-sa an tocht tuirse, agas an cláochlódh neamh-ghnáitheach táinic dom dhearbhráthair, gur fhíafruigheas fochain agas fáth an mhalairt neamhdhúalgais sin do luidh fair. Do labhair seisean agas adubhairt: "Is cosmhuil gur chóir dhamh-sa mo rún do léigean lé mo dhearbhráthair ríogha, agas ní dóigh go nochtfadh sé an rún sin do neoch eile." "Ní heagail dhuit sin," air mise. "Máiseadh, aig so ádhbhar mo thuirse," air an rígh. "An inghean chealgach tugas mur chéile ó chrích na hÁontúaighe do-ghnídh malairt oram do ghnáth lé dáoigh anúasal, .i. Olag Cne, agas atá sin aig búaireadh mo mheanmainn do shíor," air sé. "Ní maith an sgéal sin, dair leat," air mise, "agas atá a chosamhlacht sin do rún agam-sa lén' innsin dhuit-si," air mise; "óir do-ghnídh
Callainn Níach mo chéile féin an fheill-bheart chéadna oram-sa lé Togna Cnó." "Máiseadh," air Acha Neileach, "créad an chomhairle is indéanta dhúinn um an nídh sin; óir is dóigh liom nach bhfuil san domhan," air sé, "días mac ríogh is measa ágh tochmhairc nó sinn air áon, agus ní dúal feil-bheart gan díoghailt do dhéanamh ann." "Ní bhfuil do dhíoghailt léna dhéanamh ann sin," air mise, "ach an ceathrar atá coirtheach san ngníomh do bhásugha." Cinneadh air an ccomhairle sin againn, agas do-chúaidh Acha Neileach go Dún Deirg-liag; agas táinic mise go Dún Úaithne, agas gabhthar an ríoghuin cona leannán liom, .i. Togna Cnó, agas do-ghnídhthear lém úaislibh torc tineadh tricheam-rúaidh, agas ró básuigheadh an dís shúas san tine sin; agas do-ghnídhthear an ccéadna lé mo dhearbhráthair. Agas an tan do básuigheadh an días ríoghuin do-chúadhmar air áon a ccogar agas a ccomhairle lé chéile um an nídh sin: óir do budh dearbh linn an dá rígh bás a n-ingheanaibh do díoghailt orainn. Agas cinneamuid comhairle an chrích d'fhágbháil gan fhios do neoch, agas dul a n-iolaracht air feadh an domhain air an modh
so: .i. do thogh gach áon againn duine úasal árrachtach budh samhuil leis féin a bpearsa agas a n-éagcosg, agas ceannus na ccríoch d'fhágbháil aca a mbun rúin, gá rádh leó go rachamaoís do thabhairt an draoígh Ma Lua, do bhí ainmneach air feadh na ccríoch an tráth sin, linn go hOileán na Gréine, agas gan aithne do neoch san ccrích nach sinne bhí do ghnáth san ríoghacht. Agus tugadar-san móide lé sin do chomhall. D'fhágamar air n-éideagha ríogha aca íar sin, agas do ghaibheamar fo-éideagh súarrach orainn, aig tabhairt aghaidh soir-dheas; agas do bhádhmar aig taisdioll na n-ioltúatha athaidh fhada. Agas lá n-aóin dá raibheamar aig siubhal tré fhiodh áluinn coilleadh, do theagaibh orainn air an táobh eile don fhoraoís loch glé-ghlan gorm- uisge; agas is amhluidhe ró bhí an t-uisge sin, do thíaghadh a ttráighe gach n-oídhche, agas budh líonta gach lá ó mhaidin go neóin é, agas oileán áluinn a meadhóin an locha sin, agas crann comh-mór go ngéagaibh iomdha a cceart-lár an oileáin, agas do roigfeadh géaga comh-dhlútha sía-fhada an rígh-bhilesin for ciumhsaibh an oiléin mádh ccúairt, agas do gabhadh comhnuidhe air an ccaoímh-chúan sin. Agas fá neóin d'aithnigheamar an t-uisge aige
tráoithugha agas láoch lice lán-armach aig dul san loch air lorg an uisge; agus treimse dá éis sin ró leanamar an grúagach gusan oileán; agus ní bhfúaramar d'áras ann ach an bile. Agas do- chúadhmar dár ndídion féin a ngéagaibh an mhór-bhile, mur do thuit trom-thoircheann súain agas sár-chodlata orainn, co nár mhothuigheamar nídh air bioth nó gur ghaibh gaéithe glan- dhealruidheach na gréine gnúis-shoillsidhe leathad na cruinne ceathar-dhúil. Agas air ndúsgadh dhúinn as an tsúan sin, do-gheibhmíd an loch airna líonadha 'nair n-úir- thimchioll agas budh haithreach linn teacht don n-oileán an tráth sin. Ciodh trácht, do bhámar san mbile go deiriogh láoi. Agas fán am sin do-chímíd an grúagach aig teacht amach as an mbile, agas ríoghuin áluinn éagcosg air láimh leis, ionnus gur taibh- readh dhúinne nach bhfacamar gusan tráth sin, nó ó shoin, don Ádhamh-chloinn bean budh háille nó í. Tug an grúagach agas an ríoghuin mall-chúairt an chaoímh-oileáin sin. Is ann sin ceileabhras an grúagach don inghin agas chúaidh don tír asteach air bhfágbháil na ríoghuna dúnta san mbile.
Ní cían do bhámar amhluidhe sin, an tan a tháinic amach as bruinn an bhile, agas corthaire dearg-óir léi. Ocht n-oidheadh air nóchad air naoí ccéad, go líog lóghmhair eagartha go ceár- damhuil a ndruim gach oidhe rathmhar ró-áluinn dhíobh, as eadh do bhí san ccorthaire sin. Suidheas an ríoghuin air an bhfaich', agas do chuir a druim ris an mbile, agus tug leabhar as a h-ochras, agas do chuir oidhe nó fáinne a n-ionadh air leith idir gach ré leathananch don leabhar, agas íathas nasg óir go cclocha mbúadha timchioll an leabhair, agas tug feadán fionn-airgid amach íar sin, agas seinneas go síthbhinn é. Tig chuice go prab as an loch dabhar-choin áluind go n-iomad dathann n-éagsamhalta fair, agas do labhair an ríoghuin do bhríathraibh ró-cheansuidhe ris an bhfeithide agas adubhairt: "A ghein úasail," air sí, "déana-sa dísleacht um an tseód sa; agas ó nach bhfuil agam-sa do charaid beó ach Clothra an chrotha chaoímh, bean Raifle, Rígh na Dreóllainne, tabhair-si so chuice (agus aig sin do nasg ríogha féin an' uirth- thimcheall), agus déan dísleacht don mnaoí sin feadh do raé, amhuil mur do-rinnis dhamh-sa. Óir atáid airgheanadh báis agas búan-éaga a ngar dhamh agas ní bhudh beó mé teacht neóna an laoí amárach."
Ceileabhras an dabhar-chú go tuirseach déurach ris an ríoghuin agas do-chúaidh san loch. Bíogus an ríoghuin 'na seasamh, agas sinneas an feadán an ath-úair, go ttáinic an dabhar-chú tair ais dá fios arís. "Do-rinneas dearmad mór," air an inghean, "agas is é sin thusa do chur fó gheasa mo chorp do thabhairt gá adhlacadh go Tulaidh Chíach, mur a bhfuil mo shean agas mo sheinsear, a ccríochaibh Lochaill." "Máiseadh," air an dabhar-chú, "cuirim-se thusa fá gheasa mur an ccéadna éirim do bheatha (d'aithris) dhamh ó táim an' ainbhfios go n-uige so." "Ní maith liom-sa na geasa sin do chur oram, ach, tairis sin, nochtfad dhuit-si é." Eachtra na hInghine do bhí san mBile air an Loch. "Rígh do bhí air chríochaibh Lochoill," air sí, "aigá raibhe días inghean do chinn air sgéimh, air áille, air dheilbh, agas air dhreach, (air) mnáibh an domhain go coimh-iomlán. Agas tug Rígh na Dreóllainn an inghean budh sine don dís ríoghuin sin mur chéile; agas mise budh hóige dona
mnáibh. Níor sháruidh mé deich mblíadhna dom áois an tan tángadar dom íarraidh iomad do mhacaibh ríogh agas ró-fhlaithe. Ach tug mise grádh éagmhais do Chalbha Chú-álainn, .i. macáimh áluinn de Chloinn Óman Mhóir mhic Duibhe Lí, .i. taoíseach slúaigh Rígh Lochaill, agas uime sin thugus éura fair na hógaibh eile go hiomlán, gé náir léig an faitcheas dhamh an grádh sin do nochtugha d'áoin-neoch. "Agas lá n-áoin dá rabhas féin agas m'innilt coimhideacht aig gabháil áoibhnis agas aeióir thrágha na mara, do-chímid chugainn do chois na tuinne abhac nár mhór méad, agas gan rúainne fair a cheann, agas go madh gile nó sneachta áon- oídhche ó thúaigh gnúis, folt, agas croiceann na geine bige sin; agas feadán fionn-airgid mur chuisle ciúil aige. "Agas an úair a táinic a ngar dhúinn, do ró shinn an t-abhac a fheadán go síthbhinn, ionnus go ccoideólaidís fir ghonta agas mná ré naoídheadh, aoís galair agas géar-easláinte an domhain, ris an cceól sin. Tuitiom-sa agas m'innilt 'nair ttoirchim súain agas sár-chodlata air an tráighe an tan sin; agas gaduigheas an fear draoígheacht mise leis gusan ionad so a bhfuilimíd anois; agas atáim aige ó shin a leith mur chéile; agas atáid geasa oram gan an t-oileán sa d'fhágbháil lé mo raé. Agas saoíleann an fear nár fhág mise an bile so
amach aríamh ach lén' fhios féin. Gidh eadh, fosglaim-se an bile lé heite an luin léith thug tusa dhamh; agas mur chúitiogha san cceilg sin ró imir sé oram, ní tháinic neoch d'fhéachain an oileáin so ó shoin nár chiontuigh mise leis. Agas do ró chuingmheas ó gach áon díobh sin fáinne, agas do sgríobh mé ainm agus suirghe gach fir dhíobh air leith san leabhar sin a thugas dhuit-se ó chíanaibh. Agas anois ó táim aig dul a dh'éug do chuireas fáinne gach fir aca-sin ann a leathnach féin don leabhar ccéadna. Agas tabhair tusa mur shéad-chomhartha do mo dheirbhshiúir é." Chúaidh an dabhar-chú iar sin a ccruth dháonda, agas do chiontuigh ris an ríoghuin, agas téid san loch íar ttain. Tháinic an oídhche forainn mun am sin, agas tángamar a ttír ón oileán don táobh eile don loch. Agas is ann sin do hiomráidheadh againn air bheatha na hinghine ó chíanaibh; agus adúbh- ramar nach raibhe ach ceilg a mnáibh an domhain, agus gurbh éigcéillidhe an gníomh do-rinneamar féin, .i. ingheanaibh an dá rígh ro-chumhach- taigh bhí againn do chur chum báis, agas go madh dóigh air ccrích do sgrios dá ttoisg agas ós a cheann sin air ndíoghchur féin ó air bhfonn agas ó air bhfearann go bráth arís, agas air laéithe
do chaitheamh san deóraigheacht a raibheamar an tan sin. Agas as í comhairle do cinneadh againn dul tair air n-ais go hOileán na Gréine. Agas air tteacht dhúinn innte do fúaramar 'na háon-tuinn feóir agas fásaigh í, gan fear inse an sgéil beó innte, gan bhúair, gan ghroidh, gan tsréada, gan dún nó déagh-bhaile nach raibh 'na láithreach smál- dhubha ach an dá dhún ríogha, .i. an Dún Úaine so ann a bhfuil sibh-se anocht agas an Dún Deirg- líag ann a bhfuil mo dhearbhráthair 'na chomnaigh anois. Agas is amhluidhe do-chúaidh an dá dhún sin féin úatha gan aithmhilleadh .i. draoígh déagh- eólach ro bhí san ccrích ro chuir imdhídean cumhachtach for na leasaibh do cheil air shlóighte na ríghte réamh-ráidte íad. Ach atá ní cheana, ro nochtaigh an draoígh é féin dhúinn, agas gabhus gach áon againn comhnaighe an' áras féin ó sin a léith. Agas saoílidh cách gur torchradh sinne san ccogadh sin. Agas ní thathaighíd daoíne an chrích so ó sin a leith (air Acha Núach). Gabhamáoidne lámh air imtheacht airna mhárach, .i. Cuimín Fionn mhac Rígh na gCríach, an Fear Día agas mise, agus Bárac mhac Rígh na Sorcha a mbraighdeanus linn, air bhfágbháil iomchomhairc beatha agas sláinte aig an tseanóir. Agus tíaghmaoidne dár luing, agas thugamar ucht air threabhadh na bóchna, agas ní dheárnadh
fos ná comhnuidhe linn gur ghabhamar comhnuidhe a ccúan agas a ccalphurt Chrích Shámas. Agas ann sin achmhuinnigheas Bárac air Chuimín gan a thabhairt do láthair an rígh nó na hinghine, air náir leis an gníomh do-rinne. Léigeas Cuimín caoímh-úasal Bárac ass íar sin, agas tíaghmaoídne go Cathair Rígh Sámas, áit ann air gabhadh go farbhfáilteach sinn, agas budh mór gáirdeachas Níamh Chúach-fhionn ría Cuimín, agas toirbhreas Cuimín an chloch bhúadha dhí, agas d'éirghe an ríoghuin ann a crothaibh cáomh- áille mur budh gnáth, agas dá éis sin do-rinneadh núadhchar na deise déagh-ógaibh leis an rígh agas leis na húaislibh air-cheana. Agas do bhámar seal aimsire san ccathraigh sin gan easbhuidhe aoíbhnis. Agas lá n-áoin dá raibhe Cuimín Fionn, an Fear Día agas mise a ccomhrádh úaignis, go ndubhairt Cuimín: "Do rachmhuinn-si dá bhur n-imdhídean go hÉirinn tair n-ais muna bheith fuireach lé teacht Bhárac, óir do ghaibh fúath agus miosgais mór an fear sin liom-sa um inghean Rígh Sámas, go bhfuil aig tiomsughadh agas aig tionól mór-shlúaigh chum na tíre so d'argain agas do sgrios. Agas is mór na huilc is contabhairt do theacht dhe sin; óir ní bhfuil ach seasgan beag slúaigh san ccrích
so, agas fós ní bhfuil áon do mo cháirdibh-se ann a mbeathaigh a ccríochaibh Gríach do-bhearadh cabhair áon-úaire dhamh. Agus nídh eile fós is measa liom nó sin uile, is lán-eagal liom draoíghthe na Sorcha do mhúchadh m'ealadhna oram, óir is mór a ccumhachta san ngeintleacht." Do fhreagair mise Cuimín an tráth sin, aigá rádh go madh dóigh liom dá mbeith a fhios sin aig an cCiothach Chróidhearg san bPersia ó dheas go ttiúbhradh cúngnamh slúaigh chuige air bháidhe liom-sa, agas mur an ccéadna go madh cóir an tosg na sgéula sin do chur d'fhios an Chéadaigh go Críochaibh na tTulach, agas fós go Galach Géidghe go Tír Tharngaire, agas cinneadh linn air an ccomhairle sin, .i. do dhul gusan bPersia, agas an Fear Día go Tír Tharngaire, agas mise go Crích na tTulach. Agas ní haithristear sgéaluidh- eacht orainn go rochtain gach áon againn gusna críochaibh réamh-ráite. Agas air ndol damh-sa gusan dún ríogha a cCrích na tTulach, budh mhór luathgháir an Chéadaigh chródha romham-sa an tan sin. Agas fós ró fhíafraidh dhíom iomthúsa Chonaill agas na coda eile dona curaidhibh. Nochtaigh mise dhó gach air íarr sé, agas fós gur d'íarruidh cúngnamh catha tángas féin don dul sin fair. D'áomh an Céadach sin dhamh, agas do ro thionál
an láoch sin tríochad céad curaidh do mhaithibh Chrích na tTulach. Tángamar ón tír sin go Sámas. Tángadar ann fós Galach Géidghe go líon tríochad céad ó Thír Tharngaire, agas budh mór luathgháir na deise déacch-láoch sin ría chéile. Táinic ann mur an ccéadna an Ciothach Cróidh-dhearg, .i. ríogh- dhamhna na Persia ó dheas, dá ngoirid an tSorcha theas (agas is fair an tSorcha a thúaigh budh Rígh Bárac), go líon naoí ttríochad chéad d'ógaibh na Persia. Do shuidheadar sin a bpuible agas do ghabhadar longphurt air Magh Dúach, óir budh dubhach an sgéal do bhí lén' insin a ndeiriogh an mhór-chatha sin. Tángadar ann fós air bháidhe Rígh Sámas fithce céad láoch ón Easbáinn, agas an Baídhre Borb an' árd-thaoíseach orra. Agas do thionól Rígh Sámas féin seacht míle láoch do mhaithibh na críche, ionnus go raibheadar aige dhá fhithchid míle láoch san tulaidh a n-aghuidh Bhárac. Is ann sin do chuireamar luchd forfhaire úainn go Sléibhte Cadha ó thúaigh d'fhéuchain Bhárac. Agas ní cían do bhámar amhluidhe sin, an tan do-chonchadar na forfhaireadh slóighte iomarcach do láochraidhe armtha órduighthe chuca ó thúaigh gach ndíreach. Tángadar na forfhaireadh don longphurt ris na sgéala sin, agas do-chúamar, maithibh an tslúaigh, a ccogar agus a ccomhairle um
an ccath, agas as é do cinneadh againn, teachta go n-innilt neamh-ghnáitheach do chur fó shlúagh Bhárac ionnus go ttiúbhradh uimhir an tslúaigh agas aithne na ttaoíseach chugainn. Cuireas Cuimín Fionn mise a mbréig-riocht, .i. a ccruth ban-draoígh, agas tíagham go réim- dhíreach a ccomhair na slúagh n-iomarcach sin. An tráth chonairc Bárac amharc oram tug mná an domhain a ndearmad, gur thom a chéad- faidh uile san sgéimh tháinic do mo ghnúis an tan sin. Tháinic chugam, agas ro fhíafraidh m'eachtra agas m'imtheacht dhíom, agas ró thairg mór-chumha dhamh um fheis do dhéanamh leis. Adubhairt mise gur bhudh náir an gníomh sin do dhéanamh a bhfíadhnuise na mór-shlúagh, ach d'fhuráil fair teacht don bhfiodh ó dheas a n-imiol Mhagh Dubhach. Agas táinic Bárac liom san bhfiodh a ndóigh feis do dhéanamh, agas marbhaim-se Bárac san bhfiodh. Agas do ro lean Maine Líach, mhac Rígh Thír an Óir, 'bhí san ccomhdháil, mise don foraoís, mur dhúil feis do dhéanamh liom mur an ccéadna, agas theagbhaidh an fear sin oram air tteacht dhamh tair n-ais ó mharbhadh Bhárac, agas d'fhuráil tairgseana móra dhamh, agas tugaim-se Maine a ngar don ionadh a raibhe Bárac marbh, agas mharbhas an láoch sin mur an ccéadna. Ro lean Molac, an taoíseach Eadáilleach, mé
an treas feacht, mur dhúil feis do dhéanamh liom, agas do mharbhas an fear sin a ngar don dís eile. Ach atá ní cheana, ro mharbh mise tríochad taoíseach do thréinfhir an tslúaigh san mbréig- riocht sin, agus táinic an draoígh Conn Caomhdha chugam mun am sin a ndóigh feis do dhéanamh liom mur chách, agus ceangaltar an draoígh liom go ttugas a ngéibheann chrúaidh chreapailte go long- phurt Chuimín é. Agas budh mór an dúagh agas an dochar do fúair mise ó na síothbhraighibh aige gleic liom um an draoígh do bhúain díom. Agas air tteacht don longphurt dhamh, noch- taim an gníomh do-rinneas do Chuimín agas dona taoísighe aircheana. Cuireamaoíd an draoígh go Cathair Rígh Sámas, agas tugamuid ucht air an trom-shlúagh sin Bhárac, go ndeárnadh linn cosair chró dona buidhnibh bioth-eaglacha sin, ionnus nach deachaidh áon a mbeathaigh úainn díobh. Do-chúadhmar as sin go Tír an Óir, mur do marbhadh an rígh linn, agas do ghéilleadar lucht na críche sin do Chuimín Fhionn. Chúadhmar ass sin co n-air ttrom-shlóighte tarsna an Sruth Ria, agas go Dún Líain .i. Cathair Iolach mhic Líain, Rígh na bhFear bhFionn, agas táinic Iolach cían-áosda chugainn air an bhfaithche, agas d'fhorbhfáiltigh romhainn aig tabhairt coinmhe na tíre dona slúaghaibh. Agas do dháil Iolach fleagh mhór-lúach orainn a nDún Líain. Agas air mbeith dhúinn go subhach um an ól,
tháinic chugainn áoin-bhean go n-éideagh ríogha ró-mhaiseach uirre go madh gile nó laéige lí gheal a cneis, agas budh binne nó foghbhar síth- téadaibh a hurlabhra, agas a ceann ann a hucht aice; agas do bhádar fuilt air dhath an óir 'na ndlaoíghthe agas 'na ccúacha fáinuinneacha fíor- áille aig folach a cinn; agas budh samhalta lé réaltain lán-tsoillseach na dearca ro bhí san cceann cháomh-chruthach sin; agas budh deirge nó rós ríogh a grúadha. Agas do labhair do ghlór cheann- saidhe linn, go ndubhairt: - "Ná déantar libh íongnamh dhíom-sa, a dhéagh- mhuinntir," air sí, "gé táid mo chrothaibh neamh- ghnáitheach, agas is ro-thrúagh an gníomh do- rinneamhair-se oram seacha fir an bheatha," air sí. "Cá gníomh sin, agas cía d'úaislibh nó d'anúais- libh an domhain thú?" air Iolach mhac Líain. "Is liosda sin rén' iomlúadh," air sí, "ach an t-éigean do ró imir sibh-se oram, is mó atá'm imnidhe nó gach nídh, .i. m'áon-charaid Maine Líach do mharbhadh libh. Agas do chuir bás an fhir sin mórán dúagh agas dochair ann mo líon, ach mur dhíoghailt san ngníomh sin cuirim-si sibh-se fó gheasa troma draoídheachta gan comh- naigh dhá oídhche do dhéanamh a n-áon-ionadh nó
go bhfaghthar libh an t-ionadh ann a bhfuil colann Mhaine Líach gá urchoimhéad. Téid an inghean ass íar sin, agas budh dorcha dreach gach áoin againn do haithle na n-imeagallamh sin. Is ann sin do labhair Iolach mhac Líain: "An fiosach áon agaibh-se cía don chine dáonna í súd?" air sé. "Is aithne dhamh-sa an tí fil ann," air Cuimín Fionn, "eadhón, Dáilinne inghean Láimhiach, Rígh Thír an tSneachta, í súd," air sé, "agas tug sí corp Mhaine léithe go Tor Chromchúa san bPaphagóiria, aig éirghe na gréine, dá ngoirid Mochinis, tré mhéad a cumhachta ndraoígheacht, ionnus go mairfeadh do shíor gan mhorgadh ó fheartaibh oileamhna na caoímh-thíre sin. Óir atáid do mhéad búadha luibheanna íce na tíre, nó na críche, nach seargann na dúileadh innte. Agas ón ngrádh mhór-chuimseach thug Dáilinne don Mhaine Líach cían ó shoin, tug marbh don tír úd é, go mbíaghadh dá fhéuchaint do shíor. Agus fós, ní bhfuil san tor dhíamhair atá san ccrích sin achd áon-chloch chriosdail ghorm-ghloin. Agas is comhsholus lá agus oídhche ann. Agas ní thig neoch san íath ann a bhfuil gan fhios don lucht áitigheas é; óir do-chíthear fiodhair úathadh nó iomad san tor gé taoísge thig san ccrích."
TAISDE CHUIMÍN FHINN AIR CHOLUINN GAN CHEANN. "A Chuimín ionmhuin," air Iliach mhac Líain "an fiosach thusa créad fár cuireadh an tsáor- inghean úd isna crothaibh éagsamhla ann a bhfuile?" "Atá a mhór-dheimhin agam," air Cuimín Fionn, ".i. budh dalta díoghrais do Mhananán mhac Lir an Maine Líach so air a bhfuilmíd aig tráchtadh; agas as eadh do rug an ionmhuine mhór sin aig Manannán fair, .i. an tan do rugadh Maine, níorbh iontáobhtha é, air shúarraidh a éagcosg, agas do ghabh gráin mhór an ríogh agas an ríoghuin a mháthair dhe air comh olc agas do bhí an naoídhean dealbhtha. "Agas do bhí deirbhshiúir chumhachtach aige Manannán, Clochaill inghean Lir fa hainm di, agas tháinic go máthair Mhaine an tráth sin, agas d'íarr a naoídhean mur dhalta, agas thug an tsíoth- bhean a leanamh go Tor Chromchúa, agas do bhí d'fheabhus a healadhnaibh go raibhe lí-ghloine an tuir aig méadughadh déalradh a ngnúis an mhic sin ó fheartaibh na gréine moch-shoilse.
"Ach do ro oil agas do ró leasuighe Clochoill Maine Líach go raibhe a n-aoís a sheacht mbliadhan. Tug ass an tor íar sin é, agas níorbh áille neoch don chine dáonna nó Maine Líach an tráth sin. Agas d'fhagaibh air chumairce Mhan- anáin a dhearbhráthair féin an mac, agus do bhí aige a cCathair Ghalrainn gurbh ionnfhéadhma é, agus go ndeachaidh táin agas taisdeas an mhacáimh, air a áille agus air a éiffeacht, fóna hioltúaghtha go coitcheand, óir ní lamhadh deagh-láoch cathugha leis, air iomad áille agas éagcosg an mhic sin, gurab uime do lean Líach dhe, .i. ó iomad na ngnéithibh aoíbhind do thigeadh dá ghnúis. "Agas tárla fán am sin a bhuime féin, .i. Clochuill, 'na leannán lán-chumhachtach aige. Ciodh trácht, do bhádar iomad mac ríogh a cCathair Ghalrainn a tTír Tharngaire aig Manannán a' fóghluim na n-ilcheárd. Agas tárla mac oirbheartach aig Rígh Thír an tSneachta, darbh ainm Calúan, dá theagasg aig Mananán fán am sin; agas do ghrádhaigh Maine agas Calúan a chéile comh mór agas sin nach bhfághthaidh a n-iomsgarmhuin. "Aimsir áiridhe dár chuir Láimhiach feasa agas teachta go Cathair Ghalrainn air cheann a mhic Calúan, gur hollmhadh inneall asdair agas im- theacht do Chalúan, agus ní ghéabhadh Maine gan dul leis. Agas ro bhí Clochuill aig toirmeasg an tsiobhaill sin air Mhaine, agas níor ghaibh sin úaithe.
"Iomthúsa na deise déagh-ógaibh, air bhfág- bháil Thír Tharngaire tugadar aghaidh go Tír an tSneachta, agas budh hiomdha na toirmisg do chuir Clochuill fair na conairibh reompa, maille re hanaidhibh doieóluis, go ngeintibh síothbhartha, go mbáidhbh mbéil-dhearga cráos-fhoslaicthe, go ngothaibh ndúaibhseacha geinte glinne agas iomad deamhain aéidhóir a ccrothaibh n-iongantacha, maille lé iomad breislighe agas búaidhreadh mean- maind léir seóladh air seachrán go minic íad. Agas do-ghnídheadh an tsíth-bhean oídhche don lá, agas iongantais áidhbheil san oídhche dháibh, do chur mearbhaill sligheadh orra. "Agas, a measg na mór-ndúagh sin, fúaradar eólus a ngleann dhorcha, dhúaibhseach, dhoieóluis, agas budh hiongantach innioll an ghleanna sin; óir budh dorcha é nó úaimh a n-uirmheadhóin na talmhan ón cceand nó chéile dhe. Agas ní chluintigh nídh san ionadh sin ach gáirfeach agas béicfeach
agas búirfeach agas gotha greannacha guth- ghránna, agas áon-ghuth ós a cceann uile budh samhalta lé fúaim príomh-thuinne fó bheannaibh slim-leathna cúain. "Agas air ttaisdeal go híochtar an ghleanna dháibh as eadh do fúaradar air a cceann sruth sár-liosda aig síor-shnoídhe seacha grinneall an ghleanna, agas budh duibhe uisge an tsrotha sin nó gúal gabhann, agas budh tibhe é nó lathaidh mara. "Agas air mbeith air úir an locha, nó an tsrotha, dháibh, táinic don táobh thall táidhbhse díamhór dath-ghrúama, agas crann coimh-reamhar tabh- aill ann a láimh aige. Táinic chuige íar sin inghean áluinn cháomh-chruthach, agas míach lán cloch aice. Agas ní fhaicfidhe dhi ach óna cíocha súas; agas do ró thoirbhir sí cloch go méad ceann mic míosa don deilbh, agas do ghaibh an taidhbhse aig díobhraiceadh na macnaidh dhíobha sin gur bhúaidhir go mór íad. Agas as é budh soillse dháibh san ghleann an loinnreadh lí-gheal thigeadh do ghnúis an Mhaine Líach. Agas do bhí an ghein sin aige coimhshiobhal leó gá ttúargain go hiomarcach do chlochaibh as a chrann-tabhaill go ttángadar eas an tsrotha; agas fán am sin do-choncadar an deilbh 'na sheasamh a mbárr na
heassa. Is ann sin do léig an deilbh athúathmhar urghránna gláodh anbháil shearbh-ghránna ós áird as, gur ró chriothadar crainn agas clocha, tulcha agas turscar an ghleanna, mur do thuitfeadh an fiormaimeint fó thonn-ghnúis na talmhain, gur ró chruinnigheadar uime iomad dona geinte gríobhacha sin. "Agas an feadh do bhádar air an órdugha sin, do-chíd chuca san ngleann gach ndíreach stéad air eiteal, agas é air dhath na géise, agas do thuirling an stéad aig aithne dona hógaibh dul uirre. Agas do-ghníd amhluidh sin agas ní mór go ráinic ris an stéad éirghe air eitiol an tan do lingeadar 'na ndíaigh mór-shlóighte do shíabhraibh an ghleanna dhuibh, agus Clochuill 'na réamh- thús. Agas is ró-mhinic thug sí amus air an stéad do ghuin, agas fán am sin tairbhlingeas an stéad agas an días macáimh air faich chaithreach Úa, .i. dún Rígh Thír an tSneachta. Agas ní tháinic an stéad a ccrotha dáonna ach go n-uige a ghúail- libh an tan tig Clochuill do láthair, agas do nasg uirre tré dhraoíghtheacht a bheith san riocht sin do shíor. "Agas así Dáilinn an Chrotha Chaoímh, inghean Lámhiach Rígh Thír an tSneachta, do-chúaidh isna crothaibh sin d'fhurtacht a dearbhráthara ó shiathbhraibh an ghleanna dhuibh, agas d'fhan
an ríoghuin gan cheann ó sin a leith do los na ngeasa ró cheangail Clochuill uirre. Ach tairis sin thug Dáilinne sruth síor-áidhbheil seirce agas tuile trom-ghráidh do Mhaine Líach, agas thug Maine air an dara feacht móide go marthann nach bíadh bean aige go foircheann a bheatha ó cuireadh toirmeasg air Dháilinne úadha. Is tré éud leó do bhúadhair Clochuill mur sin íad. "Iomthúsa Láimhiach, is amhluidhe do bhí an tráth sin agas trom-shlúagh aige a n-oirthear Thír an tSneachta lé hucht catha do thabhairt dona Geinte Úathach, do bhí aig comhbhúaireadh na críche lé cían roimhe sin. Tríallus Calúan agas Maine Líach mur a raibhe an rígh cona shlóighthe, agas budh mór luathgháir an rígh roimhe Chalúan. "Amhluidhe sin dáibh go lá an chatha agus tugadar na Geinte Úathacha agas Rígh Thír an tSneachta cath dá chéile; agas budh mhór na héuchta agas na hárra thug Calúan agas Maine Líach fair na Geinte Úathacha; ach tairis sin an lucht do mharbhthaidh dhíobha san ccath aniodh, is íad sin an drong do thiucfadh 'na n-aghaidh san ccath airna mhárach. Agas do bhádar slóighte Thír an tSneachta gá cciorrbhadh go mór aca air an modh sin, go ttáinic Dáilinne ós ísioll go Calúan, agas do nochtaigh dhó gurab í Clochuill do- ghnídheadh a bhíodhbhaidh d'aithbheódhadh an'
aghaidh ré fúath air Mhaine Líach, "agas tré éud liom-sa," air sí. "Agus mur do-chúalaidh Calúan sin adubhairt go ndéanadh féin ceilg 'na haghaidh. Agas air thabhairt catha an laé sin dáibh do ghaibh Calúan mion-ghath nimhe, agus cuireas inneall na nGeinte Úathacha uime, agas cuireas a shíar bréig-riocht fair a dheilbh, agas táinic gusna mairbh lé cuim oídhche, agas do ghaibh aig cneadaigh agas aig uchán agas aig mion-chúartughadh air feadh an áir. Agas táinic an bhean tsíthe chuige agas ró fhíafraidh dhe créad é ádhbhar a éagcaoine. ""Dearbhráthair ionmhuin dhamh ró marbhadh san ár so ó chíanuibh," air sé, "agas atáim aig íarruidh a chuirp." "Cromus Clochuill air na mairbh, gá so- ghlúasacht maille ré deamhain do chur ionta, agas ní bhfuil áon dá n-aithbheódhadh sí nach bhfíaf- raígheadh sí do Chalúan nairbh é sin a dhearbh- ráthair. "Agas an tan do-chonairc Calúan an sgéal a dul a bhfad tug sáthadh santach don ghath nimhe san bhan-drúagh, go ndeachaidh air neimhnigh úadha do láthair, ionnus nach ccúalas nídh dá sgéula ó sin anúas. "Dála Rígh Thír an tSneachta ró chuir ár na nGeinte Úathach, agas d'fhan Dáilinne mur atá ó sin a leith."
IMTHEACHT NA TTRÉINFHEAR GO MOCHINIS. Is ann sin ro hiomráidheadh againn cía an modh air a roigfeamaoís Tor Chromchúa san Mochinsi; "óir," air Cuimín, "ní thig neoch san inse gan fhios do lucht an tuir; agas ní bhfuil do lucht ann ach Dáilinne agas Maine Líach; agas d'aithbheódhaidh an Dearg Dísgeartha Maine do los a thuigse; agus is ceilg atá ullamh aige Maine chum sinne do bhásughadh san tor; ach tairis sin ní dlitheach dhúinn gan dul ann," air sé. "Máiseadh," air an Céadach, "créad í do cheilg- si 'na haghaidh súd?" "Ní bhfuil," air Cuimín, "ach an tan do roigfeam a ngar don inse, gach áon againn é féin d'fholach lé géaga glas-úra, go madh samhalta ré fiodh chnúas-thórrthach sinn, agas is é sin inneall is feárr do-chíthear dhamh-sa aig dul don tor," air Cuimín. Is ann sin do thríallamar, an seisear ró bhámar ann, agas tugamar aghaidh soir gach ndíreach go héirghe na gréine. Agas tráthnóna air an t-ocht- mhudh lá tárla air magh mín-sgothach sinn. Budh comhchothrom an magh mór-fhairsing sin uile, agas ní raibh doss nó dídean fána cheithre ceár- nasgadh ach aon-líog comhárd cloiche, agas do- ghnídhmíd gach ndíreach gusan líog sin, agus do ghabhamar ionadh suidhe agas comhnuidhe um
dhídean na cloiche an oídhche sin. Agas do fúaramar sgríobhtha air shleasaibh na líge, mur a tugadh Cath mór Mhagh na Líog air an tulaigh sin idir Niomhrúadh agas Rolán. Agas air n-éirghe dhúinn air na mhárach, d'fhéachamar na ceithre háirdibh agas ní raibhe méad n-órdlaigh don magh nach raibhe líog lán- árd fair, agas láoch lom-nochtaigh an' úir-sheasamh lé gach líog dhíobh, agas a n-ucht air na líogaibh agas a n-aighthe uile d'áon-táobh, agas budh hí an líog aigá raibheamar bhudh háirde san magh, agas budh mhór air machtnadh-ne ón amharc sin, óir do shaoíleamar gurab aithmhilleadh draoígheacht do himreadh orainn. Níor chían dúinn amhluidhe sin an tan do- chímíd marcach aig taisdeal an mhagha air stéad ndáol-nduibh, agas miach agas cúach an' fhochair, agas níor fháig fear san magh gan tomhaltas d'fhágbháil aige. Agas ní taoísge d'fholmhadh sé an miach agas an chúach nó do thiucfadh an comhlán arís ionta; agus táinic chugainne mur chách air bhfritheólmhadh an tslúaigh dhó, agas tairbhlingeas an grúagach 'air bhfochair agas d'fhuráil orainn sgíth agus comhnaigh do dhéanamh,
agas pruinn agas tomhaltas do chaitheamh. Gabh- amaoidne an fhuráil sin. Is ann sin do labhair Cuimín Fionn, agas d'fhíafraigh don ngrúagach cía an tír í sin ann a raibhe, "nó créad fá bhfuil na láochruidh so san n-inneall neamhghnáitheach úd?" Do fhreagair an grúagach aigá rádh: Niomhrúadh do chur cogadh air Rolán, .i. impire na Fáise, air mbeith dhó aig tógbháil an tuir; agas dob é ádhbhar an chogaidh sin, mur do bhádar iomad do líogaibh lán-mhóra air an magh so, agas do shantaighe Niomhrúadh a ttabhairt gusan tor, agas ní lamhadh an t-Impire Rolán an nídh sin dhó; óir atáid do bhúadha air na líogaibh céadna cibé crích a n-aítighid ní ghabhthar lé neart eachtrann í. "Ach cheana, tugadh cath mór idir Niomhrúadh agas Rolán air an magh ccéadna so, .i. Cath Mhagh na Líog, agas briseadh do Niomhrúadh agas dá shlúagh san ccath sin. Agas ó sin anúas do heagladh lucht na críche um na líoga do ghadadh úatha. Agas as eadh do cinneadh comhairle aca láoch láidir lán-chalma do chamhdach gach raé líog dhíobh. Agas as eadh do-ghnídhid tráthnóna gach laé na líoga d'fhagbháil a loch fionn-uisge atá a ngar don magh so, agas a ttabhairt ass gach
maidin. Agus bíaidh amhluidhe sin, go ttiucfa an draoígh Ramhna chuca, agas go bhfóirfe ón dúagh so íad." "Cionnus fhóirfeas an fear sin dáibh?" air Cuimín. "Éun úasal atá aige," air an grúagach, "darab ainm Caí, agas atá iorlabhra dháonna aige, agas ní íarr nídh fair nach ccoimhlíonann an ghéin úasal é. Agas atá oileán a ngar do Phárrthas, Inis Olgaire is ainm dhó, agas ní bhfuil ann ach fiodh uile. Agas air n-éirghe don ngréin gach lá tig barr gach crainn san inse ós talmhuin, agas do réir asdair na gréine bídh an fiodh aig fás go meadhóin laé. Agas fán am sin bí tórrtha amhuil ubhla forra, agas ní thuairgfeadh uird an bheatha áon-ubhall dhíobh. Agas ó mheadhóin laé amach do réir thuiteam na gréine san áird síar bíd na crainn aig dul a ttalmhuin, agas air luidhe don ghréin ní faicear nídh dhíobh. Agas do-chúaidh an draoígh Ramhna fá thúairim an oileáin sin a ndóigh go ttióbhradh an t-éan nídh dona tórra sin chuige, agas go ttiúbhradh-san don ccrích so íad; óir dá samhaltaigh ré gach líog aca so ach áon-ubhall dhíobh sin, do-ghéabhadh na líoga nós na ccrann chuca, agas mur sin ní fhéadfaigh a ttabhairt as gan fhios." Ní mór go ráinic crích don ccomhrádh an tan
tig an draoígh agas nídh do thórrtha an oileáin leis. Ciodh trácht, do samhlaidheadh na measa iongantacha sin rís na líogaibh mádh ccúairt, agas air an úair gabhaid na nósaibh réamh- ráidhte chuca, agus do bhádar aig dul a ttalmhuin ó mheadhón laé amach, agas air luidhe don ghréin ní fhaicfidh líog dhíobh, ionnus go madh mhór aigneadh an lucht forfhaire uime sin gur dhían- sgaoíleadar gach áon dá ionadh féin. Dála an ghrúagaidh agas an draoígh thugadar cuireamh na haoídhche sin dhúinne, agas fíaf- raidheas an draoígh sgéula air n-eachtra dhínn. Ro nocht Cuimín an nídh sin dhó, .i. gur geasa do cuireadh orainn lé Dáilinne inghean Rígh Thír an tSneachta dhul go Tor Chromchúa d'fhéuchain Mhaine Líach mhic Rígh Thír an Óir do marbhadh linn a cCrích Sámas. "Is trúagh an toisg atá 'bhar cceann," air an draoígh, "óir fir an bheatha dá rachadh don tor draoígheacht sin, ní théarnó neoch beó as, ach mur is mían ris an lucht áitigheas é." "Máiseadh," air Cuimín, "dá ndéantá-sa áon- mhaith oram-sa, dob fhéidir linn teacht as." "Créad an mhaith sin?" air an draoígh. "Atá," air Cuimín, "an t-eón úasal fil agad do thabhairt dhamh-sa go teacht tair n-ais dhúinn." "Do-ghéabha tú sin," air an draoígh. Agus tug an t-eón Caí do Chuimín.
Airna mhárach do cheileabhramar don draoígh agus don ghrúagach aig tabhairt aghaidh soir go Tor Chromchúa o Chrích na Fáise gach ndíreach go Tír Dhreamhna, agas go Fiodh an Úa, agus go Crolámh, agas go hOileán na cCanach, agas go Crích na Sruth nDubh, agas go Fearann Mháolaithe, agas go Sléibhte Charann Chamhna, agas go Crích Goistean, agas go hInse Luirge Fiodh, agas go Sléibhte Lúar, agas as sin go Magh Anach, agas go Gabhra agas go Fearann Failía mur ccodlaid na dáoine san uisge, agas ass sin go Sléibhte corr-árda cíoch-ghéura Coghair atá eidir Chrích Daiein agas an Mhochinse. Do gabhadh linne dúnadh agas longphurt air an taoíbh shoir dona Sléibhte sin. Agas do budh léar dhúinn fiodhair an tuir iongantaigh shoir úainn ón ionadh sin, agas budh héagsamhalta len' fhaicsin é, óir budh hiomdha agas budh líonmhar na ceatha gaethe grís-thaitneamhacha thigeadh dhe, go madh samhalta dhúinn gur bhudh beó-lasair teineadh trichim-rúaidhe an tor do gach leith. Agas fós, ní léigfeadh draoíghthe an bheatha bhúain leith nó trían áille agas aoíbhneis an tuir bhúaidhigh bhíoth-áluind sin do thabhairt amach. Is ann sin do ráidh Cuimín ris an cCaí: "A eóin óirdheirc úasail tair ealtain an domhain, dá ndéantá-sa dhamh-sa as ucht t'fheartaibh agas
do chaoímh-eóluis, dul gusan tor gléadhathach úd shoir, agus an tan bhudh hair thú labhairt do ghuth cheansuidhe dá rádh ris an ríoghuin atá san tor mur so: "Is íongnamh liom, a inghean áluinn, créad fá bhfuil do shamhuil gan cheann, agas tú ann do bheathaigh; agas fós," air tusa, "is fiosach dhamh-sa an tí d'fhóirfeadh óna crothaibh éagsamhalta sin thú, .i. Cuimín Fionn mhac Rígh na cCríach," agas an freagra do- bhéaras an ríoghuin ort, sin do thabhairt chugam-sa annso." D'éirghe an Caí air eitiol, agas ní dheárna fos nó comhnaidhe gur ghaibh leathad a bhruinne do bheann an tuir. Féachas Dáilinne fair, agas adubhairt: "Is áluinn do ghné agas t'inneall, a eóin úasail," air sí, "agas dob annamh do shamhuil gusan dún so." Do labhair an Caí íar sin agas adubhairt: "Créad do-bheir thusa gan cheann, a inghean áluinn?" air sé. "Ní do mo dheóin féin sin," air an inghean. "Máiseadh," air an Caí, "dá bhfaghthá-sa Cuimín Fionn mac Rígh na gCríach, d'fhóirfeadh sé dhuit as na crothaibh coimhightheacha sin." "Is maith an sgéal sin, a eóin óirdheirc," air sí, "óir atá an fear sin aig tríall don dún sa, agas is mairg dhúinne d'áomh ceilg d'imeirt air an mac ríogh ro-óirdheirc sin."
Do luidh an Caí tair ais chugainn go Sléibhte Caghair, agas nochtas an toisg do Chuimín, agas budh mhaith lé Cuimín na sgéula sin; ach tairis sin, do ghaibh gach áon againn gúalaire do ghéagaibh úr-ghlasa fiodhbhuidhe uime, agas tugamar ucht air an tor, agas do bhámar aigá bhonn air n-éirghe don ghréin airna mhárach. Is ann sin tháinic Dáilinne cháomh-chruthach chugainn, agas adubhairt: "Ní heagail dhuit a Chuimín," air sí, "dá ccuirfeá mise am chruth féin." Adubhairt Cuimín dá bhfághadh úain aimsire go ccuirfeadh. "Do-ghéabhair sin," air an inghean. "Máiseadh," air Cuimín, "ghéabhad-sa dhuit a bheith ann do chruth féin gach dara mír don aimsir sin." Is ann sin do-chúaidh Cuimín a cceann a ealadhna gur chuir an ríoghuin san ccruth dob áille do mhnáibh an domhain. Ceileabhramaoíd lé Dáilinne iar sin. Agas ní haithristear sgéalaidheacht orainn go rochtain crích na Fáise dhúinn, go ttug Cuimín an Caoí don draoígh Ramhna go buidheach beannachtach. Agas do budh mór machtna an draoígh um air tteacht beó tair n-ais; agas do nochtaigh Cuimín Fionn dó amhuil do sáoradh sinn air an cceilg do bhí ollamh 'air ccomhair, gur mhol an draoígh gliocas Chuimín um an nídh sin.
Agas airna mhárach d'fhágbhamar iomchumh- airc beatha agas sláinte aige Ramhna, agas ní haithristear nídh orainn go rángamar Dún Iolach mhic Líain a ccrích na bhFear bhFionn, mur bhudh mór luathgháir an rígh sin romhainn, agas do dháil fleagh mhór-lúach orainn, mídh ón ccalann nó chéile. Is fán am sin do thionólamar air reannta as gach áird ann a rabhadar san ccrích go Dún Líain agus budh mór aigneach na slúagh um a ttríatha agas a ttighearnaibh do theacht slán chuca tair n-ais. Tríalltar linn as sin go Crích na Sorcha bhudh thúaigh, agas do marbhadh linne rígh na críche sin, agas do ghaibh an Ciotach Cróidhearg a ceannus. Do-chúadhmar as sin go Críochaibh na hEadáille, gur ghaibheamar ceannus na tíre sin; agas do ghéillsiod Eadáillidh don Bhaídhre Borb, .i. taoíseach na nEaspáinneach. Iar sin do-chúaidh Cuimín Fionn, agas an Céadach mhac Rígh na tTulach, Galach Géidghe mhac Rígh Thír Tharn- gaire, an Fear Dia, agas mise, cona air mbuidhnibh go talamh Sámas tair n-ais, go mbúaidh cosgair agas comhaoídheamh áthaise agas éadálladh. Táinic Sámas 'nair ccomhair aig fáiltioghadh go dil díochra dhúinn, agas do dháil fleagh mhór- lúach orainn. Is ann sin a d'fhógair Galach
Géidghe agas an Céadach dá mbuidhnibh tríall dá ndúithibh féin, óir gurbh fhoircheas dháibh-sean fuireach do chaitheamh na fleighe. Tríallus na buidhnibh sin go n-iomad éadála dá ttíorrthaibh féin, agas táinic an dís déagh-láoch sin go cathair an Rígh; agas do cuireadh inneal agas ordugha fleighe agas fíon-dála air an ríogh- bhruighean, mur do cuireadh gach áon ann a ionadh cuibhe do réir a úaisle agas 'árrachtais. Ro dáileadh orainn fán am sin bíadha sáora so- chaithmhe agas leanta milse meisgeamhla, agas do bhádar seóid iomdha gá ttiodhlacadh go hiomarcach ón Rígh orainn. Agas do bhádhmar tríochad lá cona n-oídhchibh aige búan-chaitheamh na fleighe sin. BÚAIREADH AN DEIRG DHÍSGEARTHA AIR THEAGHLACH RÍGH SÁMAS. Agas an tráth bhudh meaghair mór-mheanm- nach sinn um an ól, táinig chugainn asteach, gan fhios gan araidh, aitheach balc-mhór toirt- bhallach cuisleannach cnáimh-reamhar, go madh samhalta lé maoílinn cruinn-chnuic ceann garbh ríasgach an athaigh, agas áon-shúil mur leathan- lasair theineadh a cceart-lár 'éadain; budh fair- singe nó béul úamhcha móire assáin a shróna, agas
déada mar bhilibh dubh-loisge a mbéul chúas- fhairsing an athaigh, agas áon-lámh shía-reamhar as ceart-lár 'ochta, agas áon-chos chomhfhada mur chrann siúbhail luinge as a thóin, agas é dísgeartha dearg-nochtaigh, agas do roigfeadh barr a bhall feardha tairis a ghlún, agas budh maith an gúalaire fir an ball sin, agas gan d'arm aige ach áon-ghath comhfhada ann a láimh. Agas do shuidh an t-aitheach go súasda sotlach a bhfochair an bhuird mhóir, agas do ghaibh aig athlungadh bídh go hanbháil fair. Agas an tráth chonairc an bhandáil innioll an athaigh táinic cláochlódh crotha lé náire dhíobh gur thréigeadar ionadh na fleighe. Is ann sin a d'fhíafraigh an Rígh Sámas don aitheach cia haca d'fholaibh úaisle nó anúaisle an domhain é. "Ní bhfuil mían sgéaluidheacht oram go fóill," air an t-aitheach, "agus is budh leór a lúas duit-si sin d'fhagháil úam," air sé. Ciodh trácht ro hitheadh leis an aitheach pruinn chaogad láoch dona bíadhaibh, agas iar sin do thógaibh an fear mór a leathan-aghaidh ós áird, agas tug lúath-chúairt dá lasair-rosg fóna cur- aidhibh, agas adubhairt: "Ní dóigh gurab sibh-se na maodháin shíoth-
bharra bheag-neartacha léar thuit na ríoghraibh ro-chalma, .i. Bárac úasal éachtach agas Maine mór-chosgarthach nach lamhadh curaidh nó caith- mhílidh taghall nó tagra ris, cona líon láochraidh, lé draoigheacht chrosda chúaidhíamhracha an Chuimín chranda chas-chrothaidh atá lé holc agas lé formad a bhfeill agas a bhfionnghala aríamh. Is fír-bhríathar dhamh-sa, ó fúaras a n-áon-ionad sibh nach béara neart bhur lámh, nó crúas bhur ccroidhthe, nó díamhar-rúin bhur ndraoígheacht, neach dhíbh beó 'na bheathaigh úam-sa don dul sa; agas bíodh bhar rogha agaibh do láimh cathughadh slúaigh nó comhlann áoin-fhir do thabhairt dhamh-sa." Do labhair an Rígh ris na curaidhibh agas adubhairt: "Is maith an gníomh dhíbh," air sé, "an t-aitheach do chrúadh-chuibhreach." Agas lé sin d'éirghe an t-aitheach d'áon- bhíogadh 'na sheasamh go huirmheisneamhuil, agas adubhairt: "Bíodh slán fhearaibh an domhain fúm"; agas do-chúaidh don bhfaithche fán ccuma sin, agas do-rinne torann-chleas céad, agas torann- chleas dhá chéad, agas torann-chleas thrí agas cheithre ccéad, agas torann-chleas ocht ccéad;
agas d'fhógair comhrac orainn, air mbeith a n-úamhain mhór dhúinn. Agas do chuireamar an comhrac air chrannchar, agas is do Ghalach Géidghe táinic an fear mór do fhreasdal air ttús a ccomhrac áoin-fhir. Gabhus an laoch sin a earradh catha uime, agas budh do dhéagh-láochaibh an domhain an Galach Géidghe sin air chródhacht agus air dhéagh-nósaibh isna huile thréartha. COMHRAC NA CCURAIDHIBH RIS AN DEARG DÍSGEARTHA. Is ann sin do gháibh an Galach Géidghe a chath- armaibh uime agas téid air an bhfaich' go ttug féin agas an t-aitheach aghaidh anbháil árrachtach air a chéile; agas gach béidhm cloidhimh dá ttugadh an leómhan úasal arm-dhearg don aitheach is ionann do lingeadh dá sheithighe dheirg-bhuidhe agas d'éadan cairrge comhdhaingne cloiche. Agus fós, budh coimchlisde an t-aitheach do leith cúil agas aghaidh an churaidh, agas ní thiúbhradh tulgann don ghath nimhe ro bhí 'na láimh san ríogh-churaidh, nach bhfúigfeadh áladh dhomhain dhóileighis dá éis, ionnus sul do ráinic meadhón laé orra gur bhris agas gur bhúan-réab Galach Géidghe cearchad cloidheamh colg-fhada air fad agas air fíar-tharsna chuirp an athaigh, agas
fós níor fhéad fuiliughadh do fhoirdheargadh fair. Gidh eadh, do fhreasdail Galach Géidghe an comhrac go cródha go neóin an laé sin, gurab ann sin a thug an t-aitheach sonnadh thréan anbháil dá ghaeth a ccumpar an churaidh, gur chuir tré reangaibh a chaomh-chuirp an gath, agas tuiteas Galach Géidghe marbh air an tulaidh dhe sin. Íar sin tugas an t-aitheach trí eiteal-chéimibh árda éanamhla fair san magh, agas adubhairt do ghuth árd: "Ro ghoineas áon a n-éiric mo dhaltaibh," agas téid as íar sin. Tugamaoídne corp Ghalach Géidghe linn don múir asteach, gur fearadh a chluidhthe caoínte ós áird lé file an Rígh. Agas an tan bhudh mían linne feart do thochailt dhó ní lamhadh Cuimín dhúinn é, ach do chuir cumhdach íce agas losa mór- bhúadhach um an ccorp, ionnus nach morcadh sé. Agas do bhádhmar an oídhche sin go dubhach déurach fá bhás an mhic rígh oirdheirc sin. Agas airna mhárach do-chualamar cleasraidh an athaigh air an bhfaich', agas do cuireadh ar crannchur iar sin, agas is air an Fear Dia do ráinic comhrac an fhir mhóir. Gabhus an Fear Día a airm iomchosanta uime, agas do-chúaidh a ccomhdháil an aithigh, agas do-ghnídhid an dís tréinfhear sin comhrac fáobh-
rach fír-neartmhar lé chéile, agas géir mhór cal- macht agas cródhacht an Fhir Día ann gach cath agas ann gach comhlann roimhe sin aríamh, máiseadh do ró créachtnaigheadh do láimh an athaigh é, gur bhudh tréaghta tréagh-tholta a chorp uile, agas ro cheangail an fear mór 'na chime crúaidh-chuibhrighthe air an tulaidh é. Táinic íar sin an Céadach mhac Rígh na tTulach do fhreasdal comhraic an athaigh, agas tugadar an dís sin cathughagh do-fhaisnéis dá n-armaibh díobhraice fair chorpaibh a chéile. Iomthúsa an athaigh, ní thiúbhradh reanna nó fáobhair áladh nó créacht fair, ionnus gur bhris agas gur mhionuigh an Céadach a armuibh uile air an fhear mhór, agas níor fhuiligh agas níor fhoirdheargaidh áon-bhall dé. Tréigeas an curaidh clóidhearg 'armuibh, agas tug síothugh sár-chalma fán aitheach, agas íathastair na lámha leabhar-gheala um chorp an athaigh, go ttug cor curata agas fuirneamh fír-neartmhar féidhm- láidir dhó. Gidh eadh, níor fhéad áon-áomadh do chur dhe, ach amhuil príomh-chárrtha comh- dhaigne cloiche. Gabhastar an fear mór lámh um an cCéadach, agas dob é crích na teagbhála gur ceangladh an curaidh cath-armach ris an aitheach mur chách. Agas is amhluidhe do bhí meise ris an raé sin aige cosg agus aige clódhagh oill-ghrith a tsrotha do
bhí aig síor-shnoidhe seacha meadhóin an mhagha; agas fógraim iar sin don aitheach mo fhreasdal a ccleasaibh an átha agas budh leisg leisean teacht san teagbháil sin. Gidh eadh, do fhreasdail an t-aitheach mise mur a d'fhéad, ach tairis sin, dírighim-se an Gath búadha Bulga go treas- bheódha as eochair-mheadhóin na linneadh gusan aitheach, gur thréaghdas a chorp aige tolladh a chroidhe 'na chlíabh, agas táinic mise ass an linn iar sin gur bheanas an Gaéth Bulga ass an aitheach, agas dob é sin dara cosgur an ghaethe bhúadhaigh sin. "Tabhair chugam-sa annso gan fhuireach an draoígh Conn Cáomhdha," air an fear mór. Táinic an draoígh chuige iar sin, gur ghaibh aige caoí agas aig osnaidh ós a cheann, "Déan imtheacht thréan-lúath go Dún Cromhna," air an t-aitheach, "agus tabhair chugam-sa an Chorcair Chinn Chorraire ann so." "Ní bhfuil sin ar mo chumas," air an draoígh, "óir is bráighde mé aige Cuimín Fionn." "Léig as an draoígh, a Chuimín," air an t-aitheach. "Ní háill liom-sa sin," air Cuimín, "gan coraidheacht fair teacht chugam arís." Tug an draoígh sin do Chuimín agas dhamh-sa, agas do-chúaidh ass íar sin. Ro sgaoíleadh don
Fhear Dia agas don Chéadach, agas tugadh an fear mór go dúnadh Rígh Sámas an oídhche sin, agas do-chímíd chugainn um thráthnóna airna mhárach Conn Cáomhdha, agas tug an Chorcair Cinn Chorraire don aitheach. "Fosgail féin í," air an t-aitheach, "agus tabhair an íce ann mo chneadhaibh." Do-ghnídh an draoígh amhluidhe sin, agas gabhus leigheas greim dhe go madh slán ón othar sin é. Gabhaim-si an íce íar sin agas fritheóltar créachta an Fhir Dia agas an Chéadaigh liom gur bhudh slán a ccéadóir íad. Is ann sin táinic an fear mór a ccruth gaisgidh go n-inneall rígh ro-uaisail fair, agas bhudh cruthach cáomh-áluinn an mac ro bhí ann sin, go madh machtna mór ris an teaghlach uile an cláochlódh crotha táinic don aitheach an tráth sin, gur ghaibh greann agas taitneamh na húaisle don ghrúagach, agus do-ghnídh féin agas Cuimín Fionn agus an Rígh agas cách aircheana síoth shuthain charrthannach lé chéile, agas gabhaidh aig ath-chaitheamh na fleighe. Agas níor bhudh subhach an Céadach um bhás Ghalaidh Ghéidghe, ach budh dúbhach dóimheanmnach é. Is ann sin adubhairt Conn Cáomhdha ris an ngrúagach an raibhe nídh do-bhéaradh an mac rígh sin 'na bheathaigh. Adubhairt an grúagach a' corp a thabhairt do láthair; agus do-rinneadh amhluidhe sin; agas do-chúaidh an grúagach amach fón
bhfíodh budh coimhneasa don rígh-chathraidh, agas tug fiach leis don mbruighean, gur gháibh an fíach aig ól na híce aig cur a ghuibhlinne agas a chinn go n-uige áirde a eite a mbrághaid an mhairbh, aig tonnadh na híce ann a chlíabh, agas fós do-bheireadh an fíach céadna an íce ann a chneadhaibh agas ann a chréachtaibh, gur haithbheódhadh dá mhíthin sin é; agus budh mór meanmainn lucht an dúin uile fán ngníomh sin. Gabhus gach áon a ionadh féin arís fán ccomhól, ionnus nár chumhang lé háon againn dúagh nó dochar dá bhfúaramar aríamh roimhe sin. Is ann sin ro fhiafraidh an Rígh an dara feacht don ngrúagach créad bhudh hádhbhar dhó a bheith san doirbh-chruth ann a raibhe roimhe sin, nó ann dá chumhachta féin do théaghadh ionnta, nó fós, créad í a bháidhe lé Barac nó léan choimhthionál. Do fhreagair an grúagach, agas adubhairt: "Corc mhac Adhna m'ainm," air sé, "agas is dearbhráthair do Chonn Cháomhdha, draoígh Bharac mé. Agas atáid trí búadha bioth-bhúana agam, .i. cumhacht mo rogha crotha, buadha leighis na n-easlán, agas an treas búaidh, réimh- fhios agas fíor-fháisdine." D'éirghe an grúagach íar sin, agas croitheas é féin go ndeárnadh cáol-éisgeartha cranda creat-
lom dhe, go mbeirt chroicne fíadh agas fearbóg uime, agas air ndul amach fá dhoirsibh na bruíghne dhó, adubhairt na bríathra so síos.
Réumh-fháisdine Bháis Chon cCulainn. A Sonnach Sláine do-rinneas m'fhóghluim (Créad sin daoíbh-se?). Bíom gach áit dair mían liom cómhnaigh. Búairim ríghthe. Gach cruth don Ádhamh-chloinn seal bíom amhluidh (Féuch nach fíor sin). Táim-si slán ó cháin Ghaé Bulga dhaltáin Aoífe. Tiucfa táin, 's na gárrtha colgain is fort-sa íocfar. Tochla báidhbh go dána colg-rinn, colbh do chlíthe, 's badh corcra clár Mhuighe Fáil ó fheirg do dhámh um thoídh-se. Ría do bhás bíaidh fás na doilbh um dhoirbh an laoí sin. Sínfe an dámh fán cclár mac manair a shiansaibh síthe.
Téid an cearbhach as íar sin, agas air ccaitheamh na fleighe dhúinn a ccathraigh Rígh Sámas gabhamuid lámh air imtheacht, .i. An Fear Dia agus mise, agas budh tuirseach teaghlach an Rígh mhóir mhaith sin 'nair ndíaigh. Agas táinic Cuimín linn tair n-ais go hOileán na Gréine; agas do fúaramar Acha Núach air n-fhagháil bháis air ar cceann a nDún Úaine, mur do hadh- naiceadh linne an flaith sin, agas do thógamar a lía ós a leachta. Agas do-chúadhmar as sin go Dún Deirg-lía, agas do-gheibhmid Acha Neileach marbh mar an ccéadna, agas do hadhlacadh linne an fear sin. Ro cinneadh comhairle againn an tan sin, .i. Cuimín Fionn do dhul go Sámas tair n-ais, agas fuireann do sháor-chlannaibh na críche 'thabhairt go hOileán na Gréine d'áitiogha na tíre. Do-rinne Cuimínn amhluidhe sin, agas do chuireamar saoígh úasal 'na chomhnuigh ann gach rígh-dhún dhíobha, agas búannacht na míre don ccrích dar dhúal an dún aig gach saoígh dhíobh. Agas roinneas Cuimín an chrích eidir Fear Dia agas mise, agus do ráinic an Dún Úaine don ccomhroinn sin mise, agas an Dún Deirg-lía an Fear Dia, agas ainm- nithear sinne as gach ré dhún dhíobh sin a n-Oileán na Gréine aniogh. Agas tig Cuimín Fionn mhac Rígh na Gríach lé cíos-cháin na
críche sin chugam-sa gach treas blíadhain, agas dáilim-si a dhúalgus féin d'Fhear Dia dhe sin. As í sochair Chuimín don oileán, .i. slúaghadh na críche mur chungnamh aige an tan bhudh héigin-dáil dhó. Ciodh trácht, tugamar roighne seód na ndúnta réamh-ráite linn, agas tángamar ass sin don Easpáinn; agus budh mór gáirdeachas na n-Eas- páinneach romhainn, óir do theasdaigh an Baidhre Borb, a ttaoíseach, agas do bhí cogadh agas coin- bhliochta idir íad féin agas Gréagaidh an tráth sin. Achmhuingheas Rígh Easpáine sinne um air ccúngnamh do thabhairt leis a n-aghaidh Gréagach; agas fós, budh méad meanmainn ris na slúaghaibh sinne do theacht 'na ndáil. Tionólaid íar sin buidhnibh iomarcach na hEaspáinne agas na hEadáille air áon-láthair, go ndeárnadh taoíseach don Fhear Día ós Easpáinnidh agas taoíseach dhíom-sa ós Eadáil- lidh. Tríalltar linn as sin go Sléibhte Alpa, agus don táobh shoir thúaigh dona sléibhte sin ró theagbhadar Gréagaidh orainn. Ghabhadar na slóighte do gach leith dúnadh agas longphurt ós comhair a chéile. Agas bhádhmar tríochad lá cona n-oídhchibh air an órdughadh sin, gan comh- bhúaidhreadh catha nó coinsgleó ré húamhan a chéile.
Is ann sin táinic Omar an taoíseach Gréagach agus an Fear Día d'agallamh a chéile air an tulaidh idir an dá shlúagh, agas dob é deiriogh a ccomh- ráidh gur fhúagradar cath dá chéile san maidin airna mhárach. Amhluidhe sin dhúinn go ttáinic lá cona lán-tsoilse. Ro chuireamar sinn féin a n-inneall agas a n-órdughadh, agas tugamuid féin agas Gréagaidh ucht air a chéile go ndeárnadh cathugh crúaidh agas iorghail anbháil ainíarmartach agas calmacht chródha churata ris na slúaghaibh do gach leith. Is ann sin do theagbhaidh an Fear Día agas Omar an Gréagach dá chéile go ttugadar sin frassa díana do-áirmhthe dá n-armaibh ndíobh- raicce n-aithghéura dia-roile, ionnus gur bhudh trom an túargain agas gur bhudh gúaismhear an gleó do fearadh idir an dá thaoíseach sin, go ttángadar reanta do gach leith gá n-iomsgarthainn ó chéile, agas tug gach mílidh mór-chalma dhíobh ucht air a bhíodhbhaidh gá n-áirleach agas gá n-athchumadh; agas tángadar fán ccuma sin tréasna slúaghaibh gur theagbhadar dá chéile an ath-úair, gur ghaibheadar na tréinfhir aig treabhadh agas aig túargain a chéile go deiriogh laé, gur sgar an oídhche na slóighte dá n-easargain. Agus airna mhárach do comóradh cath gáibh-
theach leó. Ach atá ní cheana, do bhádar an dá shlúagh sin aig díothugha a chéile le feadh raé sheacht lá gan fios time nó tláis aig ceachtar dhíobh, go ndeárnadar osamh catha, tráthnóna an seachtmhadh lá, go ceann míosa; agas dob é crích na síthe sin gur ceangladh cáirdeas idir an dá rígh .i. Rígh Gréag agas Rígh Easpáinne. Is ann sin do dhíansgaoíleadar na slóighte do gach leith, gach rann dá ttíorra féin. Iomthúsa Omar an Gréagach, tug taitneamh agus fíor-ghrádh don Fhear Día, go ttáinic dhe a thoigheacht linn don n-Easpáinn; agas do thrial- lamar as sin, .i. Cuimín Fionn, Omar, an Fear Dia agas mise, agas níor gabhadh fos nó comhnuidh linn go rángamar Críochaibh Bhreatain. Agas d'fhágaibh Cuimín cáomh-áluinn mhac Rígh na cCríach iomchumhairce beatha agas sláinte againn, agas budh mhór mo chumha-sa a ndíaidh an mhic rígh sin, óir budh caraid dhíoghrais ann gach airc agus ann gach éigin dhamh-sa an tsaoígh oirdheirc úd. Tángamar ass sin go Túatha Fiodhaigh agas go Dún Camda, .i. longphurt comhnaigh Oileach Arm-ruadh, agas do gabhadh go húasal sinne ann sin. Agas ró bhí inghean áluinn íontumha aig an Oileach sin darbh ainm Clothra, go ttug an Fear Dia grádh éagmhais don ríoghuin iol-
chruthach agas tug Clothra searc fíor-aidhmhéil dhó-san mar an ccéadna, do críochnuigheadh leó air áon an Bhreatain d'fhágbháil; agas níor léigeadar an rún sin lé Omar nó liom-sa; agas tairis sin brathas Omar a ttoisg agas nochtas dhamh-sa í. Agas budh mhaith liom-sa na sgéala sin Omar, óir budh baoghal dhúinn Túatha Fiodhaigh do lingeadh forainn a n-úathadh slúaigh. Agas an n-oídhche chéadna tug an Fear Dia Clothra air éalogha as Dún Camda. Do-chúadh- mar air muir, agus tugamaoíd aghaidh don ccrích so; agas d'éirghe anfa mhór air a bhfairrge lé a bhfúaramar iomad dúagh agas dobhrainne sul do rángamar Éire. Agus is é ionadh dar ghaibheamar cúan a nIorras Domhnainn, agus budh mór lúthgháir Oillioll Fhinn romhainn an tráth sin. Agas dáileas fleadh orrainn, agas aseadh a tháinic don ccuirim sin go raibhe deirbhshiúr nár ghann sgéimh aig Oillioll Fionn, Clothra fa hainm dí, agus tug Omar an Gréagach grádh agas taitneamh don inghin, ionnus go ttug Clothra cháomh-chruthach mur chéile. Iomthúsa an Fhir Dia do-chúaidh ó Dhún Camda mur aon lé Clothra go hAlbain go Dún Sgáthaidh, air imdhídean Aoífe agas a chomh- dhaltaidh gaisgidh; agas éagas Clothra ghnúis- áluinn a nAlbain úadha. Agas tig an Fear Dia
chugainn a cConnachta íar sin go tuirseach dubhach d'éis bháis na hinghine. Agus do bhádh- mar mí agas ráithe aig comhól, aig fiadhach agas aig aoíbhneas a ríogh-mhúir Oillioll Fhinn, agas furáileas Omar an Gréagach deirbhshiúr dhó féin mur chéile d'Oillioll Fhionn; Fleadhais Fholt- chaoimh budh hainm dí. Agas áontuigheas Oillioll an nídh sin, agas tríallus lé Omar gusan Ghréig; agas táinic mise go Dún Dealgna íar sin. Agus gibé léar mían crích eachtra Oillioll Fhinn, agas Omar, an taoíseach Gréagach, d'fhagháil, tíaghadh go hIorras Damhnainn agas do- ghéabhaidh éirim na heachtra sin aig an ríogh- raidh Oillioll, taoíseach na nGaileóin. Guidh air an ccléireach as ucht na Tríonóide, edhain, Pádruig Úa Pronntaigh mhic Néill mhic Seadháin, etc., aníar ó Loch Éirne. Anno Dom. 1761.
EACHTRA NA CCURADH. AN TREAS RÁIMH. Feacht n-áoin dár dáileadh fleadh mhór- áidhbheil le hOillioll Fionn a nIorras Damhnainn, agas tángadar do chaitheamh na fleaighe saoíre sin Oillioll Mór mhac Mághach agas Meadhbh chaoímh-Chrúachna, mar áon lé hiomad d'úaislibh an chóigidh; agas ní ghéabhadh Oilioll Mór aoín- ní do gháirdeachas na fleidhe muna nochtadh Oillioll Fionn éirim na heachtra déigheanuidh dhó, .i. a thuras ó Éirinn don Ghréig. Is ann sin do labhair Oilioll Fionn agas adubhairt: Air ttabhairt Chlothra mur chéile d'Omar, an taoíseach Gréagach, agas air fhuráil a dheirbh- shiúra mur chéile dhamh-sa, do thríallamar ó Éire maráon lé beagán d'fhíor-úaisle air ndámh. Agus cuireadh linn luing luchtmhar lán-aidhbh- seach a n-urlámh chum astair, agas tíaghmaoid inte íar sin, agas tógthar linne na seóltaigh súaith- nigh snáith-rínghne sáir-leathna a mbarraibh na ccrann ndíreach ndéagh-árda; agas d'éirghe an gháoth ghlan-fhúair 'na caraid imtheachta agas
astair againn tair an sáile searbh-rúadh; agas ní haithristear sgéalaidheacht oraind gur ghaibh- eamar cúan san nGréig, agas do thríallamar ón ccúan go Dún Braoí, .i. longphurt Omar, agas budh forbhfáilteach Gréagaidh romhainn. Ach atá ní cheana, thug mise an ríoghuin chruthach chaoímh-dhealbhthach, .i. Fleadhais Fholt-chaoímh, deirbhshiúr Omar, mur mhnaoí agas mur chaoímh-chéile dhamh féin. Agas do bhádar fleadha iomdha gá ndáil ré headh n-imchían a nDún Braoí aig Omar an tráth sin. Agas fán am sin táinic fios agas teachta go Fleadhais, ón-a buime do bheith a luidhe éuga. Agas gabhas Fleadhais lámh air imtheacht d'fhéuchaint a buime ríana bás. Agas air ndul ann sin dí, do ghaibh aig éagcaoin agas aig caoí ós a ceand; agas adubhairt a buime léi: "A inghean ionmhuin, ná déan caoí umam-sa, ach éirghe don bhfíodh so ó dheas, agas do-ghéabhair lacht-shamhasg 'na háonar san bhfiodh, agus crú an bhúair, agas tabhair an lacht chugam-sa budh-dhéin." D'éirghe an inghean íar sin, agas do chuir a héideadh órdha dhi, agas do ghaibh foi-éideadh súarrach uimpe, agas rug soitheach léi don bhfiodh agas tárla samhaisg shochmuidh shomhaiseach go líon lachta lán-mhór fuirre, agas do ghaibh Fleadhais aig crú nó aig bleaghan na bó; agus an tan do chromadh an inghean air an mbuin, do-
bheireadh an bhó céim for ccúla. Ciodh trácht, do gaduidheadh Fleadhais air an modh sin, a ccaoí dhraoígheacht, ris an mbuin, ionnus nach raibhe áon-fhocal dá sgéala lé fagháil. Agas airna mhárach do ráinic sgéala go Dún Braoí, agas do- chúadhmar buidhean d'úaislibh na caithreacha d'íarraidh na hinghine, agus ní bhfúaramar áon- fhocal do sgéala úaithe. Is ann sin do chuireamar dronga do gach áird don Ghréig gur mhion-chúartaidh síad na críocha go huile, agas ní raibh áon-fhocal dá sgéala air fagháil, agas budh dubhach imshníomhach Omar agas mise an tráth sin a ndíaigh na hinghine, gurab ann sin adubhairt Omar: "Rachad-sa d'fhios na caillidh do ró oil mo shíar, agas do-bhéarad bás éagsamhalta dhí muna bhfaghaidh fios oidhe na hinghine dhamh; óir is ban-draoígh í." Ciodh trácht, air ndul dhúinn d'fhios na caillidhe, do fúaramar marbh air air cceann í; agas ro loisgeadh corp na ban-drúagh a tteine lé Omar, tré mhéad na feirge do ro bhí aige ris an mnaoí sin. Agas tiaghmaoíd ass sin táir n-ais go Dún Braoí go ceann-trom tuirseach. Agas do cinneadh comhairle agam-sa íar sin do dhul d'íarraidh na hinghine, agas nochtaim an nídh sin do Lughaidh Mhac Nóis. Agas d'áomh Lughaidh dul liom; agas do chuireamar an beagán Gaoidheal táinic linn
don Ghréig tair n-ais go hÉirinn, agas do-chúadh- mar a cceann air n-astair; agas tugamar air n-aghaidh soir-dheas aig mion-chúartadh agas aig úir-fhíafraidhe sgéala na hinghine ann gach conair dár ghaibheamar, géar dhíomhaoín an gníomh dhúinne sin. Agas as eadh do fúaramar eólus go críochaibh Aiffir. Agas dob é sin úain agas aimsir dá ttárla cogadh agas mór-imreasain idir Cainnir Cúar, Rígh Aiffir, agas Dolach mhac Sir, Rígh na Tráisia Móire. Agas is amhluidhe do bhí slóighte Rígh nAiffir, ro bhádar aig tuitiom do gnáth san ccathugh, agus ní gontaidh láoch do shlúagh na Tráisia nach beith ionfheadhma airna mhárach do los eóluis a ndraoíghthe. Agas do-chúadhmar do thaisdeal chríochaibh n-Aiffir agas go longphurt na slúagh, agas do láthair an Rígh, .i. Lughaidh mhac Nóis agas mise, go ndeárnamar fasdógh blíadhna lé Rígh n-Aiffir. Agas is uime d'fhanamar ann sin, do bhrígh go ccúalamar go ttiocfadh urmhór ríghthe oirthear an bheatha do chungnamh ris an dá rígh do thabhairt mór-chatha Dhearg-thrágha, .i. tráighe cáol-mhara atá idir an Aiffir ó thúaigh agas an Tráisia ó dheas. Tángadar ann do chóngnamh lé Rígh na Tráisia tríochad céad ón Iorúaidh, agas slúagh-bhuidhean
ó oirthear na Gréige, agas tríochad céad curaidh ó Thir an tSneachta, agas slúagh-bhuidhean ón tSorcha thúaigh, agas tríochad chéad ón tSorcha theas. Tángadar ann fós do chongnamh le Cainnir Cúar slóighte na hArabia, agas deich ccéad air fhichid céad ó Thír an Óir, agas an Maine Líach mur thaoíseach orra, agas slúagh-bhuidean do láochruidh Chrích na tTulach, agas ó Thír Tharn- gaire tríochad céad. Ro ghabhadar na buidhnibh sin dúnta agus longphuirt do gach leith air an ccáol-chúan; agas budh mór iomrádh aithbheódhadh na tTráisiaibh aige slóighte Chrích nAiffir. Ró bhádhmar naoí mí ós comhair a chéile .i. an dá mhór-shlúadh sin aig fuireach (re) lá an chatha, agas fós aig fuireach ris na drongaibh cunganta do bhí aig teacht do ghréis leis an raé sin. Agas dob iomdha na deabhtha agas na mádhma do-bheireadaoís na buidhnibh sin dá chéile um tháintibh na críche. Agas lá n-áoin dá ndeachaidh Lughaidh mhac Nóis agas mise mur áon lé buidhean do shlúagh n-Aiffir do thabhairt bó-tháinte don longphurt, ro chuireamar inneall agas éidiugha na tTráisiaibh orainn, agus tugamar mór-chúairt na tíre, gur tionóladh táinte iomdha na tíre linn. Theagaibh slúagh-bhuidhean do láochraidh na Tráisia orainn
agas bhreathnuigheadar gur a mbréig-riocht do bhámur, go ttugamar cathugha dá chéile um an bhúair, agas do chuireamar, nó do chuir mise, Lughaidh ris an táin gusan longphurt, agas d'fhanas féin agas corp an tslúaigh aig comórugh an chatha, ionnus go ttugas ár mór air mo bhíodh- bhaidh léir bhriseas maoídhm orra. Agas air mbeith dhamh aig tóraigheacht air na Tráisiaibh, iompóghas an tréinfhear Laire Learga, .i. taoíseach na tTráisiaibh, oram go ndearnamar comhrac cródha coimhneartmhar lé chéile nó gur luidh trom an tslúaigh agas neart na láoch um uirthimchioll lé a ttug Láire Learg trom-ghona do-fhaisnéisi oram. Gabhus cían mór mise air bhfaicsin mo bhiodhbhaidhe agas m'easccaraid gom thúargain, gan caraid dom ghar nó do mo ghoire, go ttugas sáthadh sleighe go sár-chalma don ccuraidhe léir mharbhas é. Tuiteam-sa san ár íar sin, agas budh líonmhar na háladha tugadar na Tráisiaibh ionnam air mo thuiteam, ionnus go rabhus a ccosair chró a measg na marbh amhluidhe sin go deireadh laé. Agas fán am sin do-chím tríar fear a n-éideadh drúagh, agas tríar ban a n-éideadha ban-drúagh aig teacht go láithreach an chatha, agas innilt aig iomáin buine bíoth-áille 'na ndíaigh; agas tugadar na drúagha a raibhe dona Tráisiaibh air chaoí leighis ass an ár go himiol foraoíse bhí a ngar don tulaidh; agas fothracaid sinn, agas mise
mar áon lé cách; agas beanaid air n-éadaighibh uile dhínn, agas fothracaid sinn san leamhnachta ró chrú an inghean ón mbuin; agas is meise an chéad duine so-ghlúasadh do los fheartaibh lachta na buine, óir budh slán a ccéadóir an tí dá bhfóthracfaidh a chréachta as an leamhnachta lán-bhúadhach sin. Agus an tan bhudh slán meise, tugaim aithne fair an inghin, .i. gurbh í Fleadhais Fholt-chaoímh ró bhí ann. Gabhaim m'éideadh oram íar sin, agas gabhaim greim anbháil lán-láochta air cháol dhá chos an drúagh bhadh coimhneasa dhamh, agas gaibhaim aige túargain na coda eile dhíobh, gur mharbhas an seisear amhluidhe sin agas fós an méad do ró leasuigheadh leó; agas tugaim Fleadhais Fholt- chaoín cona buin lachta liom a ngar don long- phurt, óir budh heagail liom an nídh sin d'fhoill- sioghadh san dúnadh; agas do rádhaigh Fleadhais an bhuin do chur a n-úaimh. Do-rinne mise amh- luidhe, agas tugaim an inghean liom don longphurt. Nochtaim do Lughaidh amhuil do fúarus Fleadhais, agas fós búadha na buine. Do labhair Lughaidh íar sin, go ndubhairt go raibhe Cuimín Fionn mhac Rígh na Griach san longphurt agas go ndéanamh dídean dona seóid sin tré bháidhe Chon cCulainn. Chúaidh Lughaidh d'fhios Chuimín, agas nochtas an nídh sin dó.
"Béir búaidh agus beannacht," air Cuimín: "is fada do ceileadh an bhúaidh-bhuin sin oram-sa lé draoíghthe díoghbhálacha na Tráisia, óir is fada ó do chuirfinn-se Dáiline, inghean Láimhiach Rígh Thír an tSneachta, 'na crothaibh cáomha féin muna beith easbhuidhe bleachta búadha na buine bíoth-áille sin oram; agas anois ó tá sí air m'ionchaibh ró-cheilfead orra-san go tré bhioth síor í." Táinic Cuimín chugam-sa íar sin, agas fearas fíor-chaoín fáilte dhamh, agas nasgaim-si cumairce na hinghine agas na buine fair as ucht Chon cCulainn. Do chuir Cuimín cáomh-úasal cealtair dhraoígheact um an inghin agas um an mbuin gur bhudh díon dóibh. Téid Cuimín go Maine Líach mhac Rígh Thír an Óir agas adubhairt leis Dáilinne do nochtughadh dhó; óir is amhluidhe ró bhí Dáilinne, ní theagadh a n-oireachtas ach an raé bhadh cruthach í. Agas tug Maine Líach Dáilinne go Cuimín Fionn, agas táinic íar sin mur a raibh mise, agas do-chúadhmar mur a raibhe Fleadhais Fholt-chaoímh agas an bhúadh-bhuin. Is ann sin do labhair Cuimín lé Maine Líach, go ndubhairt: "A mhic Rígh Thír an Óir," air sé, "ní chuirfead- sa an inghean 'na crothaibh muna ccoisgfir láochruidhe Thír an tSneachta dhínn san ló a ccomhraicfid na slóighte do gach leith."
Tug Maine Líach rátha gréine agas éasga agas na ndúileadh aircheana um sin do chomhall, agas fós go ttiúbhradh a lámh dhúthrachtach féin leó san ccath, agus go mbíadh 'na bhíoth-charaid do shíor aca. Íar sin cuirthear an inghean Dáilinne 'na crothaibh féin lé feartaibh na búadh-bhuine aig fóthracadh a méidhe as an leamhnachta. Is ann sin do-chúaidh Maine Líach agas Dáilinne go hairm a raibhe Cuimín Fionn mhac Rígh na gCriach agus Calúan mhac Rígh Thír an tSneachta, agas budh mór lúthgháir an fhir sin reompa agas ro fhíafraidh a n-imtheacht dhíobh. Nochtas Maine Líach éirim a n-eachtra ó thús go n-uige sin dhó, agas mur an ccéadna na coinghill do bhí d'fhíachaibh air do chomhall don tí d'fhoir dháibh, agas tug Calúan gealladh do Mhaine um an ní sin do chomhall. CATH DEIRG-THRÁGHADH A CCRÍCH N-AIFFIR. Do bhádhmar amhluidhe sin go lá an mhór- chatha, agus cuirid an dá rígh na slóighte a n-órdugha agas a n-inneall catha, agas do sinneadh leó íar sin a ccaismirtibh catha, a stuic agus a mbean- naibh bláith-bhinne búadhbhaille báoth-árda, gur chrom a ttaoíseacha lé buidhean san ccath, gur fearadh gleó cuimseach agus iorghail ainíarmartach
idir na tréinfhearaibh, ionnus go raibheadar srotha fola forrúaidhe aige síor-shnoidhe ón tráighe gusan muir, go madh cróidhearg an sáile searbh-rúadh ó chrú na láoch, gur de sin ró lean an for-ainm, .i. cath Dhearg-thrágha don ccath chéadna. Ach do bhí an cath gá chló air Dholach Rígh na Tráisia fán am sin, go ttáinic Amhlach mhac Ail go dtríochad chéad Éighphteach 'nair n-aghaidh, agas do ró iomáin an láoch sin slóighte Rígh nAiffir for ccúla, go ttáinic an Céadach san ccath; agas tug an curaidh cliathach ucht árrachtach ar Amhlach, go ndeárnadar cathughadh láochda lán-chalma lé chéile, lear thuit Amhlach do láimh an Chéadaigh chath-armaidh; agus do lán-mharbh Maine cosgarthach crann-rúadh Salgaire agas Saighean cona ndeich ccéad Amhfharaibh. Is amhluidhe do bhádar sin, óna n-imlinnibh súas budh fearaibh íad, agas ó sin go talmhuin budh greadhaibh íad. Agas d'iompógha Maine Líach go mór- mhaoídhmtheach cona thréinfhearaibh a n-aghaidh láochraidhe na nDubh-chúantaigh; agus do ró mharbh an curaidh calma Mainan an t-aitheach tréan cona a Dhubh-chúantaighibh, agas táinic as go hucht fhearaibh na hIoruaidhe, agas do ró mharbh na naoí ndúathaibh do Chloinn Shíaibh Earga cona mbuidhnibh, gur ghaibh Sáile Leamh-
na mhac Dolach Rígh na Tráisia ceannus feadhna na nÉiphtheach, agas tug maoídhm mhór air láochraidh an Chéadaigh. Táinic an Céadach an' aghaidh agas do ghoin Sáile Leamhna go mór san aghaidh d'urchar diain-ghaéthe. Gabhus confa catha agas ruireadh leómhanda agas anfa feirge an bráth-bhíodhbhaidh agas an cholbha úasal adhuaibhseach dhochlaoídhte, gur thúairg agas gur ró thréad agas gur ro theasg an Céadach cloidheamh-dhearg 'na chosair chró d'aimhdheóin a láochruidh; agas tugthar an Céadach as an ár a mairbh-riocht. Gabhus Galach Géidghe gorm-shleaghach, mhac Rígh Thír Tharngaire, láochruidh an Chéa- daigh a bhfochair a bhuidhne féin. Agas tug aghaidh gusan ionadh catha a bhfacaidh Sáile Leamhna, agas do-ghníd na tréain sin cath- iorghail go goineadh tach cniodh- chiorrbhtha dia-roile, gur trom-ghoineadh go mór Géidghe do láimh an mhílidh Sáile Leamhna. Ciodh trácht, ní tháinic taoíseach ná tréainfhear úadha gan áladh anbháil nó cneadh dhían-bháis do thabhairt ón láoch sin. Is ann sin d'fhógair Cainnir Cúar dhamh-sa ceannus slóighte Ghalach Géidghe agas an Chéa- daigh do ghabháil go teacht san ccath dháibh. Tig Sáile Leamhna a ccomhair Chainnir Rígh nAiffir budh hárd-thaoíseach fair na slúaghaibh, agas
búaileas an tréinfhear an rígh sin go talmhuin. Táinic Lughaidh d'fhóghrighthin an rígh agas tug as an ccath é. Iompóghas Sáile Leamhna foram-sa iar sin agas do heagladh mise go mór roimhe; ach tugaim roth an urchair do ghath fair, léar goineadh go mór an láoch sin. Tréigeas Sáile Leamhna goile an chatha do cheangal a chneaidhe. Táinic Lughaidh chugam, agas fágbhaim am ionadh féin é, agas gaibhim éideagh na nÉighip- teach oram agas leanam Sáile Leamhna as an ccath, go ttugas sonnadh sleighe do leith a chúil san ccuraidh gur mharbhas amhluidhe sin é; agas budh sár-obair dhamh teacht as an tráth sin, ach go ttug Lughaidh agas a láochraidh cabhair athláimh dhamh. Tángadar san ccath fán am sin an Céadach agas Galach Géidghe, agas do bhádar cúig céad mac Rígh agas ro-thighearna 'na mbraighdeibh aige Maine Líach an tráth sin. Ach atá ní cheana, tugadar ucht uirmheisneamhuil air Dholach agas air na Tráisiaibh gur bhrúchtadar orra. Dála Chaluan mhac Rígh Thír an tSneachta ro léig an mhaoidhm thairais agas tug lámh chlé ris an ccath, agas iompóghas linne orra gur thuiteadar urmhór na slúagh don choimheasgar sin linn; agas tugamar ára móra dhíobhálacha a n-áon-ló forra chois mara Noa go ttáinic an oídhche 'gár n-eadarsgarthainn.
Tángamar don longphurt íar sin, agas ró leigheasadh créachta na bhfear ngonta lé lachta na búadh-bhuine. Agas airna mhárach do ghaibh Lughaidh agas mise lámh air imtheacht mur áon lé Fleadhais Fholt-chaoímh agas leis an mbúadh- bhuin, air bhfágbháil iomchumhairc beatha agas sláinte aige Cuimín Fionn agas aig na húaisle aircheana. Agas ní haithristear air n-imtheacht go rochtain Dún Braoí san nGréig dhúinn, mur a bhfúaramar fáilte charrthannach aig Omar agas aige Clothra an tan sin, agas dáileadh fleadha forainn go cáirdeamhuil san ccathraidh sin. Is ann sin ro fhíafraidh Omar dá dheirshiúir cionnus a tugadh as í? Agas adubhairt an inghean amhluidhe so: "An tan do-chúaidh mise d'fhéuchain mo bhuime do thárla óig-bhuin lachtmhar aice, agus d'fhógair dhamh-sa a dhul dá bleaghan go n-ibheadh nídh don leamhnachta, agas do ro chuir Saine Sló, .i. ban-draoígh Rígh na Tráisia, í féin a riocht na samhuisge gur ghaduigh mise amhluidh don Tráisia, ionnus go mbéinn 'm innilt aca áig crú na búadh-bhuine, óir ní lamhann bean a crú ach bean do geinfidh a mboith airna dhíon do sheithibh eagha lachtmhair n-alla, agas is dóigh gurab ann sin do ro geineadh mise," air (Fleadhais, "óir) fuilinghean an bhuin mé dá crú." "Is fíor sin," air Omar; "is cumhand liom-sa
m'athair féin aig fíadhach a ccrích Ailmhne mí ón cCaillann nó chéile, agas gan do dhíon (ar) an fhían-bhoith ann a raibhe ach croicne eagh n-alta; agas is dóigh liom-sa gurab ann sin do fuaras thusa, a shiúr," air Omar. Ach atá ní cheana, ro bhámar mí agas ráithe a nDún Braoí fá mhuirnn mhóir, agas a cceann na haimsire sin ceileabhramaoíd d'Omar agas do Chlothra, agas tiaghmaoíd air muir agas gabha- muid an ráon síar gach ndíreach; agas éagas an inghean air muir úam, agas budh mhór mo chumha dá díth; agas tugam an bhúadh-bhuin liom go hÉirinn, agas atá inghean gá hoileamhuin agas gá hairdleasugha damh darab ainm Fleadhais Fholt-chaoímh mur dhúil a beith 'na céile agam a ccuimhne na caoímh-inghine réamhráidhte." Fínis air Eachtra na cCuradh airna sgríobhadh lé Pádhruig Úa Pronntaigh etc. chum úsáide gach léightheóra. An ceathramh lá déag don Mí October, anno Domini 1761. Guidhim beannacht gach léightheóra a n-onóir na Trínóide.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services