Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra n gCuradh

Title
Eachtra n gCuradh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Chléirigh, Meadhbh
Composition Date
1761
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1941)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



EACHTRA NA CCURADH.



AN CHÉAD-RÁIMH.



Rígh rathmhar ro-chalma ró ghaibh flaitheas agus
forlamhus for chríochaibh cáomh-áille na Banbha
dar bhudh comhainm Cairbre Níath. Agus budh
hí sin aoís agus aimsir do budh cródha curaidh agus
budh féile flaith agus budh háosda seanóir agus budh
búana múid agus budh ceairte bréith dá raibh san
íath so roimhe, nó 'na dhíaigh, lé linn na
Págántacht. Agus níorb iongnamh sin: óir do
bhádar isna laéithibh sin trí dronga oirdheirc do
chlannibh Mílidh san ccrích so, nach raibh a
samhuil air áirachus a ccuirp, air chalmacht a
ngníomh, agas air dhaingne a bhfocail don tsliocht
sin Ghaoidhil Ghlais a nÉirinn aríamh. Budh
díobh sin Clanna déagh-nósach Deaghaidh um
Chon Raoí mhac Dáire san Múmhain, agas fir
dhearsgnaithe thréan-chalma Damhnainn um
Oillioll Fionn a nIorras Domhnainn a cConn-
acht, agus an treas aicme dhíobh, .i. curadhaibh céad-
fadhach gníomh-iongantacha na Cráobhrúaidhe


L. 2


um Chonchubhar mhac Fachtna Fáitheach a
n-Ulltaibh.



Ro budh hiomdha na héuchta do ghníthigh
idir na tréinfhearaibh sin 'na ccomhaimsir féin;
agas fós do bhádar fleagha iomdha dá ndáil idir
flathaibh na Fódhla an tráth sin. Budh dona
flathaibh fearainn sin Conaire mhac Loingsi a
ttúathaibh Uisneach, a ngar don tSionna. Do
hordaigheadh fleagh ádhbhail-mhór ris an cConaire
sin; agas an tan budh hullamh í, do-chúaidh
d'fhuráileadh na cuirme sin air Áirdrígh Éireann,
agas air úaisle na ttrí ndrongaibh réamh-ráidhte.



Thángadar ann Cairbre Níath Fair an tÁirdrígh,
Clanna Deaghaidh um Chon Raoí mhac Dáire,
Fir Dhamhnainn um Oillioll Fionn, agus um Oillioll
mór mhac Mághach, agus Mhéidhbh inghean
Eochaidh Féidhlioch, dá ngoirthigh Méadhbh
Chrúachain, agas curadhaibh na Cráobhruaidhe
um Chonchubhar mhac Neasa. Ro shuidheadar
na buidhnibh sin ré sleasaibh na bruíghne, .i.
gach áon ann a ionadh cuibhe féin. Aig so an
suidheadh ró bhí forra: do shuidh Cairbre Níath
Fair, Rígh Teamhra, ré slios shoir na bruigh-
ne, agas fir Chonnachta ris an tslios shíar, fir
Mumhan ris an éadan ó dheas, agas fir Uladh
ris an éadan ó thúaidh, ó súas síar agus soir


L. 3


síos ró bhádar dhá éadan an toighe sin. Ró
dáileadh orra íar sin bíadha sáora sóchaithmhe,
agas deochaibh milsi meisgeamhla go héasgaidh
urláimh, go madh míochardha meadhair-chaoín
an bhruighean mun am soin, ó ól fleighe, ó sheinm
ciúil, ó dhraoíghthe agas ó aoís dána aig gabháil
dúain agus dréachta aig tabhairt (amach) a ngéagaibh
geiniolaidh agas a ccráobhaibh coimhneasa dona
flathaibh iar dtáin.



Agus an tan budh láin-mheanmnach íad fán
ól, do labhair an Rígh Cairbre Níath Fair, go
ndubhairt: "Ó atáid bárr ágha agus iorghala na
hÉireann uile um uirthimchíall an tráth sa,
agas fós go bhfuil dream dhíobh ro thaisdeal
urmhór chríochaibh an bheatha, budh maith
linn nídh éigin dá n-imtheacht do nochtadh
dhúinn, agus fós cáil d'éuchtaibh na n-úasal budh
hóirdhearca dar theagaibh dhóibh isna tíorrtha
shoir."



Is ann sin do fhreagair Con Raoí mhac Dáire
an Rígh, go ndubhairt: "Ní bhfuil dona drongaibh
sin beó mur shaoílim-se anois acht an t-ochtar
déighionacha chúaidh do thaisdiol na n-iolthúatha,
agas do-chím an t-ochtar céadna sin san
mbruighean so anocht. Gidh eadh, ní bhfuil
díobh neach is feárr cuimhne agas céadfaidhe,
agus fós is milse achmhuinighe urlabhra, agas is


L. 4


beachta bríathra ris na sgéla sin do thabhairt
amach nó Conall Ceárnach mhac Aimhirgin," air
Con Raoí.



Achmhuinigheas an Rígh Cairbre, Conall um
nídh éigin don eachtra d'innsin, agas adubhairt
an rann: -




"Aithris dhúinn, a Chonaill chúanna,
A chráobh chnodhach chathbhúadhach,
A ghnúis shoilbhir, a chroidhe gan tocht,
Nochtaigh dhúinn bhur ccían-imtheacht."




Ciodh trácht do-chúaidh Conall a cceann na
sgéal sin d'insin, géar leisg leis é ach air impidhe
na n-úasal agus na ndraoíghthe nár fheud éura do
thabhairt dáibh, agus adubhairt amhluidh so síos.



Lá n-aoín dá raibh Con Raoí mac Dáire, an
Fear Día mhac Damhain mhic Dáire, Lughaidh
mhac Nóis, Oillioll Fionn, Fearghus mhac Rossa
Rúaidhe, Náos mhac Uisneach, Cú Chulainn mhac
Subhaltaigh, agas mise, air áonach taighleach
taitneamhach Thailtean, agus dob é sin úain agus
aimsir dá ttáinic an Fear Día agus Cú Chulainn a
nÉirinn ó theagasg Aoífe san Chruitheantúaighe;
agus níor bhudh mhíadh nó maise leó gan ní bhus
mó d'aithne na n-ioltúaghtha do bheith aca, ionnas


L. 5


gur ghabhadar aig míon-fhíafraigh sgéul dhíom-sa
air an áonach um nósaibh na ttíorrtha shoir,
amhuil atá sibh-si anois, agus do bhí mise dá
thabhairt sin dáibh do réir mo theasda. Ach atá
ní cheana, d'impigheadar mé um dhul leó air an
eachtra sin, gur ghaibheadar féin agus an cúigear
eile m'uirthimchioll, agus tairbhrid cumha móra
dhamh tair cheann dul leó. Aig so páirt dona
cumha sin, .i. óighréir agus urraim an ochtair do
bheith agam, tús iorlabhra isna conaraibh coimh-
idheacha, breith ronna gach éadála, barr cliú gach
éuchta ó thosach na heachtra go teacht a nÉirinn
dhúinn tair n-ais.



Cinim-si air an ccomhairle sin leó; agus do hór-
daigheadh againn raé naoí mí ré hullmhughadh
do dhéanamh a ccomhair an turais sin; agus budh
hurlamh luing againn a cceann na raé sin air
Dhuibhlinn Bheann Éadair. Lá Beáltaine ro
theagbhadhmar dá chéile air úir an chúain sin.
Níor bhudh heagal linn neoch dhínn gan a bheith
ionfhéadhma acht Cú Chulainn amháin: óir dair
linne níorbh ineachtra a n-imchían é, air a óige
agas air 'anáosdacht an tráth sin. Tairis sin níor
mhíadh nó maise liom-sa mo dhalta d'fhágbháil
'mo dhíaigh, gan a bheith liom air muir agas air
tír. Gabhthar linn íar sin leathad air mbonnaibh
do dhaingean-thaiste na luinge, go ttugamar
aghaidh do mhuir agus deiriogh do thír, gur ghaibh-
eamar


L. 6


aig taisdeal na sruth-fhairge sár-dhoimhne.
Agus ró cinneadh comhairle againn air muir cía tír
ann a ngéabhamaoís cúan air ttús. Agus is sé do
críochnuigheadh againn an Rann Eórpa do
sheachna go teacht tair n-ais dhúinn, agas an
Rann Affraic do thaisdeal air ttús.



Tugamaoíd íar sin lámh chlé ris an mBreatain
Mhóir, agas ris an Spáinn ó dheas, agas thugamar
aghaidh fó leathan-fhairge uachtarach na hEórpa,
agus amach fá shrothaibh sreabh-úana na
hAffraice.



Dhá mhí dhúinne air sáile agas air sár-fhairge,
agus a cceann na raé sin, nochtadh dhúinn Sléibhte
Chríche Naithle san Affraic. Tugmaoíd aghaidh
gusan tír sin, géar dheacair an dáil. Óir ní lamhaid
daoíne a háitióghadh air liacht a hilphíasdaibh, do
bhrígh gur líonmhar talamh, inbhear agus aéidhar
na críche sin d'aithribh éagsamhla nimhe. Tairis
sin do bhudh líonmhur iomadamhuil mór-lúaich
a héadála: óir do-ghnídheadh na geinte ioldh-
úileach clocha búadha agas líogaibh lóghmhara
láin-cheárdeamhla do dhealbhughadh agas do
dhéagh-chórughadh do ghaineamh agus do ghrinneall
na caoímh-thíre sin. Agus fós is annsan áit sin agus
annsan íath chéadna sin a fúair an Fear Día atá
san mbruighean so anocht an bhúadh-líog chomh-
lainn fil aige nach dteasgaid airm nó fáobhair
í, agus ann a bhfuair mise féin an t-aigneal
néamhanda atá agam, nach gabhann geintleacht


L. 7


nó draoíghtheacht greim dhíom óna fearta; agus
ní bhfuil áon againn ó shin amach gan séud úasal
éigin aige d'éadáil na tíre sin.



Naoí lá cona n-oídhchibh dhúinn air an ccúan,
agus ní lamhamaoís dul a dtír ach gach raé n-oídhche,
air mhéad a teas agas éagsamhlacht a hilphíasd;
agas thugamar ocht ccinn ndreaguin thintighe, .i.
ceann gach fir, linn as an tír sin; agas atáid na
cinn chéadna mur chomhartha fírinne air chúaillibh
coimh-reamhra cuilinn, .i. ceann air chuan d'ocht
bpríomh-chuanntaibh Éirionn dhíobh sin aniogh.



Seóltar linn as sin amach ó dheas go raibheamar
air úir chríche Ganradhach gur gabhadh linn an
leathan-shruth atá aig snoidhe ó Shléibhte Caise
gusan muir; agas budh lán-obair linn an sruth
sin do threabhadh air chuimse na fuirne do bhí
leis. Óir is annamh gáodh fón mír sin don ccruinne.
Acht do bhúaileamar an t-uisge go háireachtach
ris na rámhaibh lán-dhaingne síath-rínghne; agus
budh machtna mór lé lucht na tíre do bhí gár
bhféuchain mur do thugamar búaidh air neart
an tsrotha. Ró gabhadh tír linn a gcrích Gan-
radhach íar sin. Gidh eadh, ní mór taitneamh
tugamar don ccuid sin don tír.



Sióbhaltar linn as sin do chois shrotha Ruisg,
agus tair Shléibhte Caise soir, go ttárla sinn a ngleann


L. 8


dhomhuin dhúaibhseach chloch-gharbh, gan
fuinne féir nó fiodhbhuidhe. Agus a ngrinneall an
ghleanna sin do bhí píasd 'na luidhe, agas a táir
ós a ceann gan cossa fuirthe, agas ní fhéadfadh
átharrach, ach air áon-luidhe; agus budh mhó nó
béul oighin gach súil dhi, agas ceann amhuil ceann
tuirc fuirthe; agas budh háirde assain a hanála nó
braoích an ghleanna, agus cíocha iomdha óna guibh-
linne go a hiorball, agas gan d'oileamhuin aice
ach aig subha ealtain an áoidhóir chuice; agas
an t-eón nó an ghein nach roigfeadh a hanál do
thrasgradh léna hiorball chum a beóil é; agus budh
faide í nó ó Thailtean go muir aig Reannaibh
Bóinne. Agas níor mhisde lé lucht na tíre sin dá
ttuiteamaoís ris an bpéisd air a n-olcas mur
dhaoine. Agus an tan a-chonairc sinne an t-amharc
iongantach sin, thugamar air n-aonta druim do
thabhairt léi; ach budh náir linn arís go tteitheam-
aoís ria gein nach bhféadfadh air leanmhuin, gur
chuireamair air n-innealt cosanta umainn an
tan sin; agas gabhus cearthar go háird mheadhóin
an ghleanna, agus a cceithre sgéithe coimhcheangailte
dá chéile, agas gan ach dís ré haon-ghúala dhíobh,
agas mbuadh-líog an Fhir Dia aig dídean na sgíath
don táobh amuigh; agus do ghaibh dís go leirg
íochtarach an ghleanna, agas dís eile do leith


L. 9


chúl a cinn; agus budh bhréine í nó cuirp mhor-
caidh air an tulaidh. Agus an tan do-chonairc
an phíasd an cearthar air bhrúach an ghleanna,
tug fúaim agus fuirneamh fír-neartmhar dá hir-
ball fá thúairim na druinge sin. Is ann sin tug
an dís shíar dhá bhéidhm bheódha bhríogh-
mhara ana hiorball di, agus leis sin do chaill an
earr a brígh, agus gabhas an cearthar shúas an gath
nimhe do bhí ann a barr san mbúaidh-líog, agus
tug an dís do bhí do leith a héadain tulganna tréana
do na mánaoisibh sár-leathna ro bhí aca a cceann
na píasda, agas fós do ghoin an cearthar shúas lé
gaéthibh 'na táir í, agas budh lán-obair linne gan
air mbás agas air n-oidhe do theacht don duladh
sin, ón mboladh do-fhulaingthe táinic as abach agus
ass ionnathair na péisde. Agas fós do-chúalamar
treimsi íar sin isna críochaibh eile na hAffraice
gur éagadar drongaibh do-áirmhthe d'áitreabh-
achaibh chríche Ganradh ón tsluim úathmhar
táinic don il-phíasd íar morgadh dhi; agus gurab lé
húamhan ríasan tsluim mharbhthach sin nár
goineadh í gur theagbhadhmar uirre.



Ach do shír sinne an chrích sin, agas urmhór
oileáin na ccáol-mharaibh don leith sin na hAffraic.



Tíaghmaoíd dár luing íar sin, agas seóltar linn
tréasna sruth-mharaibh sár-cháola soirdheas go
leathan-fhairge na hÁisia, air mbeith dhúinn
blíadhain agas ráithe air na cáol-mharaibh sin.


L. 10


Acht tárladar dhúinn murdhúchain air an
bhfairge mhóir, agas níorbh eólach mo chomh-
dhaltaibh-si íad féin d'adhnacal forra, ionnus gur
thuiteadar drong dhíobh a ttroim-néullaibh súain
agus sár-chodalta ón cceól shíansamhuil shíth-
bhinn ró sheinneadar na geinte draoigheacht.
Is ann sin do chuimhnigh mise air a' néamhain
bhúadha gur ghabhus um bhéol í, agas dúnaim
clúasa na ccuradh do tharra agus do chéir.



Gabhthar linn cúan agas caladh-phurt dá éis
sin a tTír thoirthach cháomh-álainn Tharngaire
an tan sin. Agus ro bhí cogadh mór dá thoghamadh
idir Rígh Thíre Tharnghaire, .i. Neid mhac Saidhin,
agas Alasdrann mhac Cuis, Rígh na hÁisia bhudh
thúaigh, isna laéithibh céadna sin, ionnus go ttug
Néid mhac Saidhin gairm agus furfhógra fána hiol-
túatha ró ghéill dhó, gach fear ionfhéadhma
dhíobha do theacht chuige go cathair na hÉise,
agas mur do-chúalamar sin, thríallamar mur áon
lé cách go cathraigh an rígh, agus do bhádhmar inte
mí agus teóra lá, gur thionólsad urmhór na sluagh.



Is ann sin tháinic Néid mhac Saidhin air an
bhfaithche gur háirmheadh na slóighte ós a
chomhair; agas dob é an uimhir ro bhí san
ccomhdháil sin, nóchad agas céad míle láoch
infhéadhma. Ro budh luinneach láin-mheanmnach


L. 11


an Rígh a haithle na ttréan-shlúagh sin.
Chuadh misi d'agallamh an Rígh, agus nochtaim
dhó gur bhudh lucht tuilmhe túarasdail mé
féin, agas móir-sheisear láoch ligthe láineólach
a ccathaibh agas a ccomhlannaibh ró bhí
am fhochair. Tug an Rígh géur-aithne form-sa
gur fhíafraigh dhíom an raibheadar mo champáin
infhéadhma mur misi? Adubhras léis go bhfaic-
feadh-san íad, agas airna bhfaicsin dó, tug tait-
neamh dhúinn uile ach mac Subhaltaigh amháin;
óir ad-beirt nárbh infhéadhma an macáimh máodh.
Agas do-rinne tuillmhe túarasdail linn gur bhudh
crích don ccogadh do bhí idir é féin agus Rígh na
hÁisia. "Agas cuirfead-sa an macáimh óg sa,"
air an Rígh, "go cathair Ghalráin mur a bhfuil
saoígh ré heólus aigá bhfuil naoí ccéad mac Rígh
agas ró-thighearna aig fóghluim cleasa goile agas
glan-ghaisgidh, agas ní bhfuil san domhan," air
sé, "saoídh is dearsgnaidhthe iná an fear sin; agus
is barramhuil dhamh gurab ó thír éigin don Eórpa
dhó: is é as ainm díleas dhó Manannán mhic Lir."



Ro thug mise, agas Fearghus, agas Oillioll Fionn
aithne fair an tan do-chúalamar a ainm. Gidh
eadh, níor léigeamar sin leis an Rígh. Agas budh
náir lé Cú Chulainn an bhreith sin tug an Rígh
fair; ach thugamar uile do throm-chomhairle air
an cCoin dul don ccathruigh; agus d'áomh sin, géir
leisg leis é.


L. 12


Ciodh trácht, d'fhógair an dá rígh sin cath
dá chéile air Thulaidh na Sgíath a n-imiol Thír
Tharngaire don leith shoir-thúaidh dhí.



CATH THULAIDH NA SGÍATH



(do fearadh idir Néid mhach Saidhin Rígh Thír
Thairngaire, agas Alasdrann mhac Cuis Rígh na
hÁisia bhadh thúaigh, ann ar thuit iomad do
shlóighte air gach leith)



Táinic go Tulaidh na Sgíath a ccéadóir Néid
mac Saidhin, Áird-rígh úasal oirbheartach Thír
Tharngaire, agas Galach Géidghe, a mhac, do
budh taoíseach air na slúaghaibh uile; agus do
chuir an láoch sin taoiseach air gach fiche míle
dhíobh, agas tug sé an nóchad cóir dhamh-sa le
ceannus féadhna do dhéanamh forra. Agas do
chuir Galach Géidghe láoch cródha cath-bhúadhach
darbh ainm an Céadach mhac Rígh na tTulach,
bráthair gaoíl dhó féin, 'na thaoiseach ós ceann
na céad-bhuidhne, .i. fiche míle d'ógaibh Thúaghtha
tTulach, agas láochraigh Leasa Léithe, agas do
ghaibh an doighir dána sin láimh dheas an mhagha
uile. Agus is é do budh airm dháibh túaghtha
líomhtha béul-leathna, agus croim-sgíatha dubha
go ndeilbh iolair ngeala 'na meadhóin. Rob íad


L. 13


sin na fir budh háirachtaigh aig Rígh Thír Tharn-
gaire.



Tug Galach Géidghe fiche míle eile do Chorc mac
Niúil, agus do ghaibh an fear sin for láimh chlé an
Chéadaigh mhic Rígh na tTulach.



Tug fiche míle eile fó cheannus féadhna Iola-
ráin mhic Uinse, agus gabhus an fear sin for láimh
Chorc mhic Niúil.



Tug fiche míle eile d'Fhearghal mór mhac
Seadhna, agus budh lucht saighead íad sin uile, agas
ní aimsighdís nach ndiúbhracaidís cían nó gairid
úatha; agus gabhus an fear sin for láimh dheis
Iolaráin mhic Uinse.



Gabhus Galach Géidghe féin an fiche míle
déighionach do thréan-mhílidhibh Thír Tharngaire,
agas lucht na n-oileán uile do bhádar gan teacht
an tráth sin; óir do bhí tríochad oileán fá chíos-
cháin do Rígh Thír Tharngaire, d'imlibh na
hAffraice agas a hÁisia agas budh lucht carbad
íad sin uile.



Do bhámar trí lá dhéag air Thulaidh na Sgíath
aig fuireach teacht Rígh na hÁisia bhadh thúaigh,
agas dob iomdha ris an raé sin gníomha gaisgidh
dá ccur a meabhair idir thréinfhearaibh Thír
Tharngaire air an Tulaidh sin.



Iomthúsa Alasdrainn mhic Cuis, Rígh na hÁisia,
táinic don leith bhudh thúaigh don tulaidh air
an ceathramh lá déag; agas do háirmheadh linne


L. 14


cearchad buidhean mur shlúagh leis an Rígh sin,
agus cúig mhíle san mbuidhean dhíobh, taoíseach
óirdheirc éachtach a ttoiseach gach ré bhuidhne
dhíobh, agas mílidh ro-chalma 'na thaoiseach air
gach cúig buídhnibh dhíobh, agas curaidh ceann-
árd céadfadhach do phríomh-laochraídh óirthear
an bheatha mur cheannus féadhna a réamhthús
gach deich mbuídhnibh dhíobh.



Agas budh haithne dhamh-sa triúr dhíobh sin,
mur do bhí: Siomon mhac Núain an' árd-
thaoiseach air na deich mbuídhnibh táinic don
tulaidh air ttús, agus budh cat gan uamhain an
láoch sin air bhrígh agas air mhór-éuchta; agus ní
raibh nídh ann a éidiogh uile acht muinibh gorma
agus ór. Agus budh lucht túagha na buídhnibh sin
agus budh mó gach ré láoch dhíobh nó na hathaigh
dhá ngoireamaois na Doighir Mhóra, .i. deich míle
aitheach táinic chugainn ó dheiscceart na hAffraice.
Agus croicnibh beaitheach n-álta fá héideadh
d'fhearuibh Shiomoin uile, agus cochaill éisg mur
chathbhair forra, agas ní theasgfadh reanna nó
fáobhair íad, air a ccrúas agas air a n-iomdhaingne.



Agas do ghabh Siomon sosadh a phuible ós
ceart-chomhair an Chéadaigh chródha mhic Rígh
na tTulach; agas budh heagal ris an cCéadach
na fearaibh sin air éaxamhlacht a méad, air
thairpeacht a ttursgair, agas air áirde agus air
urghráin a ngotha, agas fós air athláimh a


L. 15


ngníomha: óir do bhí an fiodh budh coimhneasa
dhóibh tríocha chéad úatha, agas do dhíonsgáoil
Siomon triúr as gach tríochad dhíobh do bhúain
fíodhbhaigh fán bhfiodh dochum botha agas
béul-sgaláin do dhéanamh do na slóighte; agus ní
teasgadh nó sgathadh do-ghnídhdís na fir sin
for ghéagaibh, ach gach ré bhile 'bhuain d'áon-
bhéim; agas budh luaithe ar an tulaidh íad nó
na carbaite do na greadhaibh aig an íarmhair, agus
budh thaoisge na fian-bhotha úirdhéanta aca nó
a n-innioll do na greadhaibh aig na haradhaibh
mun am soin.



Badh haithne dhamh fós an dara taoíseach
táinic don tulaidh .i. an Maghach mór mhac Rígh
na cCaolach; agas budh hádhbhar uamhain an
láoch sin d'fhaicsin a bhfeirg nó a bhfíoch,
a n-innioll catha nó comhlainn; óir do budh
háirde é nó Bile an tSrotha Dheirg, .i. crann beann-
árd búadha do bhí a cceart-lár an mhagha mhór-
fhairsing sin; agas is amhluidh do bhí an bile
sin, iubhar áluinn ró bhí ann, agas tiobraid aigá
bhun, agas sruth aig síor-shnoidhe ass, agus budh
gile nó fionn-ghloine uisge na tiobraide don leith
astoigh dhe, agas badh do bhúaidhibh an uisge
ghuirm ghil sin, gach easlán dá ttigeadh gá ól
feadh míosa agus naoí ttráth gur bhudh slán dá


L. 16


bhíthin sin é. Agus budh deirge uisge an tsrotha
ó imioll na tiobraide amach nó crú na láogh. Agus
budh do bhúaidhibh an tsrotha sin, fir ghonta an
domhain, ó chréuchta agas ó áladh na n-uile
arm, budh slán íad ó ól agas óna bhfóthragadh
as uisge an tSrotha Dheirg sin; agas ní raibhe ó
imeal na tiobraide go tuitiom an tsrotha a n-úirmh-
eadhóin na talmhan ach ocht ccéama déag. Agus
bhí do leathad ghéagaibh an ríghbhile bhúaidhigh
sin, go righfeadh a mbárr tair chríochaibh an
tSrotha Dheirg. Agus budh háirde an Mághach mór
nó an bile sin.



Agus budh lucht lúireacha an slúagh sin; agas
ní raibhe d'eideadha catha fforra ach beannaibh
do bhláosgaibh na mara aig folach leath a n-aigh-
thibh, agas leith a ccúil gan éidiogh; agas ní
bhfuil gné do na dathaibh nach dealraighthear
isna héidighthibh iongantacha sin. Agas is
ionann do lingeadh bior, nó soigheadh, nó gath,
do na bladhaibh sin agas d'éadan cárrtha comh-
dhaingean cloiche. Agas ní a mbothaibh, nó a
múiribh, do chodlaidís sin ach for na maghaibh
féur-úaine, air liosdacht a ccuirp agas air dheac-
racht leó foluaimneadh nó iomshiobhal da
dhéanamh. Agas do roigfeadh a bhfuilt colpaibh
a ccos for a ccúla; agus budh gile nó sgotha fionna
na fuilt sin uile.


L. 17


Agas budh do mhaodháin na n-elephant
éideadh an Mhaghaidh Mhóir airna eagar do
líagaibh láin-cheardamhla, agas do gheamaibh
búadha na hIndia, agas budh ghile an t-éideamh
sin nó sneachta attúaigh, agus gabhus an láoch sin
ionadh san tulaidh ós comhair Chuirc mhic Niúil
agas air laimh dheas Shiomoin mhic Núain.



Budh haithne dhamh mur an ccéadna an treas
árd-thaoíseach táinic ann .i. Maine Líach mhac
Rígh Thír an Óir. Agas budh do dhéagh-láochuibh
an domhain an fear sin, air áille a dhreach agas a
dhéanamh agus air éagcosg a éidigh agas a innill:
óir ní lamhaidís fir bhorba an mhagha bhráonaigh
fearg leis do-chífeadh a ghnúis, air an ruithneadh
taitneamhach do thigeadh dhe, ionnus go mbíodh
a aghaidh gan fholach a ccathaibh agas a ccomh-
lannaibh a n-aghaidh a bhíodhbhaidh. Agus is as
sin a thigeadh dhó búaidh do thabhairt: óir ní
lamhaidís cathugh leis, air mhéad an ghráidh do-
bhéarthaoí dhó. Agus budh hór a éidiogh uile
gan fhuighioll, idir chlogad agas sgíath agas
lúireach, airna cceamhsugha don liafana agas do
chorrmhogall bhúadha.



Agas budh lucht saighead iad sin uile, agas budh
hálainn na fearaibh íad, d'ógaibh fíor-úaisle Thír
an Óir. Óir budh duibhe nó clúaimh na bhfíach a


L. 18


bhfuilt, agas budh deirge ná partlainn a ngrúadha
agas fós budh gile ná sneachta a ccuirp; agas
do bhádar gan éidiogh iomchosanta forra.



Agas gabhus an fear sin ionadh for láimh dheis
an Mhaghaidh Mhóir, agas ós ceart-chomhair
Fhearghail Mhóir mhic Seadhna; agas budh
leór d'áoibhneas lé mac Seadhna agas lena
mhuinntir do bheith aig féachain na ruithneadh
ro-thaitneamhach thigheadh do ghnúisibh agas
d'áidhthibh na láoch sin.



Táinic ann an ceathramh taoíseach, agas níorbh
aithne dhamh-sa é féin, nó a shlúagh; ach dob
iongantach ris na slúaghaibh sin Thír Tharngaire
inneall agas órdughadh na láoch sin: óir do bhí
áon-óglach áidhbheil uirmheisneamhuil 'na réumh-
thús; agas budh duibhe nó gúal a éidiogh, agas
éideadh a láochraidhe uile mur an ccéadna; agas
níorbh aithne dhúinne sgíath nó cathbhar seacha
lúireach forra; agas níorbh áirde neoch nó 'chéile
dhíobh. Agas is amhluidhe do bhádar uile agas
bruit shíothardha umpa; agas ní chlaoífidh cath
forra; agas an Ghúal Ghaoí do goirthidh dhíobh.
Agas gabhus an t-árd-thaoíseach sin cona shlúagh-
bhuidhean ionadh for dheasláimh Mhaine Líach
mac Rígh Thír an Óir, agas ós comhair Iolaráin


L. 19


mhic Uinse. Agus budh do-mheanmnach lé hIolarán
gné na druinge sin; óir ní chantaigh iorlabhra
na measg.



Is mun am sin táinic Alasdran mhac Cuis agas a
dhís mac mór-mheanmnach don tulaidh go
mbuidhean tríochad céad 'na bhfochair, .i. deich
ccéad fó gach fear dhíobh do phríomh-fhearaibh na
hÁisia; agas gabhaid sin ionadh ríoghdha
forsan magh a ngar do Bhile an tSrotha Dheirg.
Agas is fán mbile, agus fán tiobraid, agus fán tsruth
sin, agas fán tulaidh air a raibhe, ro bhí an coin-
bhliocht agas an cogadh sin idir na ríghthe réamh-
ráidhte; agas do budh crádh céadfaidh le Rígh
Thír Tharngaire, Rígh na hÁisia do bheith a
ccomfhogus sin dona trí rígh-sheóid shúas.



Cuireas Néid mhac Saidhin íar sin draoíghthe
fíre focail-cheart d'agallamh Rígh na hÁisia, gá
rádh leis nár cheart agus nár chothrom an fochain
catha do bhí aige; agas fós nach raibhe dúal nó
dúthchas aige ó shean nó ó shinnsir lé cíos-
cháin an mhagha sin, nó a theármann, d'fhagháil
dhó féin; ach, tairis sin, go ttióbhradh san, sul
fó ttiocfadh na mór-uilc do bhí 'ccosamhlacht


L. 20


toigheacht fón nídh céadna, breith na ndraoíghthe
do gach leith do Rígh na hÁisia.



Cinneadh comhairle aige um an nídh sin, agas
táinic chuige maithe agus mór-úaisle an tslúaigh,
agas nochtus Rígh na hÁisia an t-aitheasg sin
Rígh Thír Tharngaire dhóibh. Adúbhradar na
húaisle agus na hurradha sin ionadh coinne do
dhéanamh lé Rígh Thír Thairngaire um an bhreith,
agus fios do chur air ceann a bhreitheamhnaibh
agas a dhraoíghthe féin gusan Áisia bhudh thúaigh
a ccomhair an laé sin, agas madh budh sochar leis
an bhreith do bhéaradh na draoíghthe do gach
leith fanamhuin forra, agas muna sochar an cath
do thabhairt. Nochtas Rígh na hÁisia do theach-
taibh Rígh Thír Tharngaire go ttiocfadh féin cona
bhreitheamhnaibh d'agallamh Néid mhic Saidhin
fiche lá ón lá sin, go Bile an tSrotha Dheirg bhudh
dheas. Do luidh na teachta for ccúla, agas noch-
taid bríathra Rígh na hÁisia don Rígh Néid.
Bugh mhaith ris an Rígh an freagra sin, oir do
heagladh é ría trom-shlóighte na hÁisia.



Is ann sin cuireas Néid mhac Saidhin fios agas
teachta do choimhthionnál dhraoíghthe agas
bhreitheamhnaibh Thíre Tharngaire. Tángadar
do láthair an rígh íar sin, agas ro nochtaigh an
rígh fátha agus brígh a ttionóil dháibh; agas do
ghealladar na draoíghte, air cclos na sgéal, fír-
bhreitheamhnus do dhéanamh ann.


L. 21


Gaireas an rígh air Mhananán a bhfód fó leith,
agus geallus mór-chumha dhó, um fhír-fháisdine
an chatha do nochtugha dhó.



"Goirthear chugamsa do láthair na curaidh fil
san tslúagh sa táinic ó Éirinn."



Tángamair-ne do láthair an rígh agas Mhanan-
náin íar sin, agas fáiltigheas Manannán romhainn
go muinntearrach mór-chairthannach.



"Nach bhfuil mhur ccóngnamh-sa leis an rígh?"
air Manannán.



Adúbhramar uile go raibh sin aige, madh bás
nó beatha dhúinn.



"Máiseadh," air an draoígh, "tiucfaidh lá
breithe eidir an dá rígh so, agas ní bhíaidh bail
fuirre: óir issí 'n bhreith íarrfas draoíghthe na
hÁisia, an machaire nó an magh so cona naoí
ttríocha déag d'fhearann, agas an Sruth Dearg
cona theartaibh agas cona bhúadhaibh, do léigean
dháibh féin, agas gan do shochar do bheith aig
Rígh Thír Tharngaire ach turas an tobair amháin,
agas an struth do bheith aca-san gan roinn, agas
fós a bheith leitheach a bhfeartaibh na tiobraide
mur áon linne."



Is ann sin adubhairt Néid mhac Saidhin nach
ttiúbhradh féin an bhreith sin úadha go bráth.



"Máiseadh," air Manannán, "'s badh héigin
duit an cath do thabhairt."


L. 22


"Is eagail liom-sa an cath sin," air an rígh,
"óir atá an Ghúal Ghaoí 'nair n-aghaidh, agas
ní chlóthar cath forra féin nó fair an Dubh-laoch
is taoíseach forra.



Is ann sin adubhairt an draoígh: "Tabhair-si
chugam-sa taoísighe na slúagh-sa um thráthnóna
amárach air an tulaidh bhadh dheas ó amharc
shlóighte na hÁisia."



Cuireas an rígh, nó an draoígh, dalta draoígh-
eachta do bhí an' fhochair go cathair Ghalrainn,
agas tug an dalta chuige airna mhárach Carbhat
Seardha síothúathmhar gusan tulaidh réamh-
ráidhte; agas táinic an Rígh cona thréain-
fhearaibh ann mur an ccéadna; agas tugasdar an
draoígh lámh um an ccarbat gur chuir a n-innealt
agas a n-órdughadh é, eidir roth agus fhearsa, idir
chuing agas chlár agas théadaibh, agas budh
híarann aithleidhte síth-ríghinn gach méad n-órd-
laigh don ccarbad.



Is ann sin d'fhógair an draoígh don rígh dhá
stéad dhíana dhíomhóra dhána dhóchoisge, nach
géabhadh uamhain nó imeagla, do thabhairt
chuige. Gabhthar na greadha san ccarbad íar
sin agas ní lamhaidís tréin-fhir an tslúaigh uile
an Carbat Seardha d'urthógbháil air na greadhaibh
ach an draoígh agas a dhalta amháin. Cuireas
Manannán, íar sin, bruit dhúnta chomhdaighthe
dhraoíghtheacht fairan eachraigh, ionnus go lin-


L. 23


gidís díobh, air a n-iomdhaingne, bioranna agas
bárr armaibh, saighead, agus sleaghanna, amhuil do
tháith-líogaibh cloch; agus fós co nach bhfaicidís
an eachraidh innilt athúathmhar an charbait.
Rúaimnighthear an Carbat Seardha íar sin lé
draoígheucht Mhanannáin go ndearnadh soidh-
neán tineadh trithchim-rúaidhe ó'n ccuing go
'cheile dhe. Ro ghaireadh uime an tráth sin
geinte gríobhacha guth-ghránna agus deamhnaibh
éadúaibhseacha aéidhóir, ionnus gur bhudh lán-
obair linn uile gan an tulaidh do thréigmheál air
dhoilghe linn éisdeacht do thabhairt d'iorlabhra
na bhfeithidibh sin.



Íar sin fúagras an draoígh láoch éigin dhínn
dhul d'áon-bhíogadh san ccarbat; ach is amhluidh
do bhámar uile, dá ttugthaoí flaitheas an domhain
d'aon againn ní thiúbhramaois tabhadh áon-uaire
leis. Ach tárla Cú Chulainn air an tulaidh an
tráth sin, air tteacht ós ísioll ó Chathair Ghalrainn
gan fhios don draoígh; agas ó nach bhfacaidh
áon aig táobhadh an charbait, tug bíogadh
éanamhuil ó chleathaibh na talmhuin fair, agas
gabhus an chainneal adhanta leathad a dhá bhonn
do chreit-chlár an charbait don táobh astoigh,
agas gabhus slat for na greadhaibh; ach fógras
an draoígh dhó gan dul air amharc a bhíodhbhaidh,
ach an tulaidh sin féin do thimchíalladh. Agas
tug Cú Chulaind cruinn-chúairt na tulcha fá thrí,


L. 24


air an órdughadh sin, ionnus nárbh aithne d'áon
tús, nó deireadh, nó greadh, nó roth, nó creit,
nó clár, nó láoch, don ccarbat, nó gur sguir an
eachraidh. Agas tig Cú Chulainn ass íar sin, agas
táinic an draoígh agas an Rígh chuige, agus toirbhreas
an draoígh teóra póg go dil díochra dhó, go ndubhairt:



"Mo chion do thoisg don tír-si, a dhaltáin
bhúadhaigh, agus mo chion fós do chroídhe curadh,
agus h'aigneadh árd dhíochra chéadfadh, agas
h'éagcosg. Gach búaidh cosgair agus comh-
mhaoídheamh is dlighthe do ríogh-láoch darab
seilbh an Carbat Seardha, fágbhaim agad é mur
áon ris an ccarbatt féin.



Agas aig sa mo theagasg dhíbh a bhfuil sibh
do mhíleadhaibh Thíre Tharngaire don láthair-sí,"
air an draoígh, "um an chath mhór ataoí chugaibh.
Tugaidh an tríochad céad carbatt, .i. lucht na
n-oileán, don macaoímh óg sa; agas air maidin
an laé sin, tugadh an Céadach adhaigh soir go
Sruth Euphráites, agas leanfa an t-úathne catha,
.i. Siomon mhac Núain é; agas tugadh Corc mac
Niuil tóruidheacht dhían athláimh dháibh, agas
leanfa an Mághach Mór íad sin; agas ná bíodh san
mbuidhean dhíobh acht a ndá ttrían, agas tugthar
an treas trían do Chonall agus dá chomhdhaltaibh.
Agas an tráth bhíos na slóighte air an iomrúagadh
sin, bíodh aire fhriochnamhach agad-sa, a Chonaill,
air Mhaine Líach mhac Rígh Thír an Óir, agas


L. 25


guin do leith a chúil é; óir ní féidir a ghuin ach
mur sin. Agas an tan bhus gonta é, cuir teachta
gus an cCéadach, ionnus go n-iompóghthar leis
fair a bhiodhbhaidh. Agas muns ttugthar cabhair
athlámh dhó, ró badh marbh a ccéadóir é.



Agas is íad an Ghúal Ghaoí bhus buidhean
dhéigheanach do shlóighte na hÁisia an lá sin;
óir ní gnáth leó cathugha do dhéanamh ach an
tan do-chíd an cath dá mhaoídheamh. Agus a
Chú Chulainn," air an draoí, "is dearbhráthair
dhamh-sa Dubhlaoch na Gúal Ghaoí; acht tairis sin
do-bhéarad teagasg búadha dhuitsi forra, .i. ling-
thear leat san cCarbat Seardha an lá sin; agus
déana lúath-chúairt móir-thimchioll na buidhne
sin fá thrí gan mhearugh slígheadh, ach a n-áon-
ráon, óir ní budh headh air lár grían agas grinneall
agas fóide tailce na talmhan do ró chuireas rotha
rúaimneach an charbaid a bhfridhchibh na fior-
mamuinte lé déine an tsiobhail; agas déantar lé
lucht na n-oileán cala-bhúaile go héasgaidh
athláimh 'na n-uirthimchiall an tan sin; óir
do-bhéaraidh an Dubhláoch, .i. taoíseach na Gúal
Ghaoí, aithne fair an cCarbat Seardha an tráth
sin, agas tuitfe a n-airm as a lámhaibh lé gráin
agus lé húamhain roimhe: ach tairis sin ná gointear
láoch dhíobh libh, ach gabhthar mar bhraighdibh


L. 26


íad. Agas tugthar leat-sa, a Chú Chulainn," air
Manannán, "tóraidheacht thréan-lúath do lucht
na hÁisia; óir saoílfighthear leó gurab sibh an
Ghúal Ghaoí; agus déantar libh éuchta maithe forra
mun am sin.



Agas, a Chonaill," air an draoí, "ná trom-
ghontar leat-sa an Maine Líach, óir is dalta
díoghrais dhamh-sa é, ach camhdaigh an laoch
sin go maith, agas fós ná déantar libh main-
neachtna um an cCéadach, óir is air a thuiteas
trom-luidhe an chatha uile air ttús."



D'fhág a' draoígh agus na láochraighe an tulaidh
íar sin, agas tángadar gusan longphurt; agus
do bhádar air an órdughadh sin go lá an bhreithe;
agas dob iomhda, ris an raé sin, cleasa goile agus
cruibh-nearta dá n-imeirt idir láochruidh an dá
shlúaigh; agus do bheireadh Maine Líach an cosgar
úainn uile. Agas an lá do ghleicfeadh féin agus an
Céadach lé chéile, do chaithfidís an lá sin, ó
mhaidin go neóin, gan fios time nó tláis aig
ceachtar dhíobh, gur bhudh meirtnighthe insgíthe
íad aráon, ionnus gur bhudh mór úamhain an
tslúaigh uile roimhe an mílidh Maine Líach: óir
géar mhór calmacht agus cródhacht a raibh do
thréan-fhearaibh aig Rígh Thír Tharngaire, máiseadh
do bheireadh an láoch sin air ccosgar uile ach an
Céadach amháin. Agus bhí do mhéad reacht an
Chéadaigh chródha, an tan do-chífeadh an Maine


L. 27


Líach chuige d'fhéachain chleas ngoile air an
tulaigh, do chuireadh an leómhan úasal driúcht
fola foirúaidhe trén' fhinnleathar.



Ach atá ní cheana, táinic lá na breithe chugainn
íar sin, agas tángadar maithe agas mór-úaisle na
slógh do gach leith go Bile an tSrotha Dheirg a
ccomhair agas a ccomhdháil a chéile; agus do-
chúadar na breaitheamhnuibh agas na draoíghthe
a bhfód fó leith um an nídh sin. Agas ní
ghéabhadh draoíghthe na hÁisia gan sochar an
mhagha mhór-fhairsing sin cona naoí ttríochad
déag d'fhearann agus conan Sruth Dearg gan
fuigheall, gan imreasáin, agas roinn-pháirt air an
tiobraid tairis sin aca gan chíos, gan cháin, gan
éigin-dáil, go foircheann an bheatha. Agas níor
áomhadar breitheamhnaibh Thír Tharngaire ann
sin; óir do bhí a láin-fhios aca nach anfadh an
Rígh air na coinghill sin; ach tairbhrid a bheith
leitheach um fheartaibh na seód sáor-bhúadhach
sin; agas níor gabhadh sin úatha.



Tángadar na breithimh íar sin do láthair an
dá rígh cona n-úaislibh agus cona n-urradha, agus
nochtaid dháibh amhuil nár fhéadadar an tsíth
do dhéanamh. Curthar an tsíghe ós áird íar sin,
agas fógras Rígh na hÁisia chath air Rígh Thír
Tharngaire air an treas lá dá éis.


L. 28


Luidh gach druing for ccúla dá longphurt
féin; agus airna mhárach gabhaid na taoísighe
aig cur na mbuídhnibh d'inneilt a n-éidigh
agus a n-earradhaibh catha, agus an dara lá
ag geal-chailceadh a nglé-armaibh; agas an oí-
dhche sin do budh machtna mór agus cúis
criothán bháis a bheith aig féuchain na
cceathair áird úainn, air liacht na n-ealtain do
bhruinneóin chíocracha bhí air eiteal ris an ngaoíth
air dorchadh gnúis na gréine glan-shoillsi airna
seóladh gusan tulaidh go cnorcha congháireach.
Agus fós budh samhuil ré ceatha réaltain ró-
luinneardha súile na bhfeithidibh n-athúathmhar
úalta aig teacht ó na fiodhaibh agas ó na fásaidhibh
agas ó fháinnghleanntaibh na críche gusan magh,
do bhrath cró-chur an chatha mhóir agas an áir
éaxsamhalta do bhí chuca. Agas fós budh mór
an úamhain agus an urghráin do bheith aig
éisdeacht re all-ghotha na láoch ó na hamhruibh
agas ó na haislingibh iongantacha taibhreadh
dháibh 'na ccodladh, ag túar agas aig tarngaire
na mór n-olc do bhí lé teacht do los an chatha
athúathmhair sin do bhí chuca.


L. 29


Taisealbhadh Mhic Rígh Thír an Óir.



Budh hiongantach an nídh taibhreadh do
Mhaine Líach mac Rígh Thír an Óir an oídhche
sin: óir an tráth bhádar cách aig dul chum súain,
do thárla Maine Líach anna phailliúin, agus é 'na
shuidhe air úir a leaptha, agas lóchrann loinneardha
air lasadh ós a chomhair, íar mbúain a éidigh dhe;
agas sileadh dá ttug thairis do-chí chuige an
deilbh athúathmhar urghránna, agas an siorraide
snoidhte síabhartha gan fhuil, gan fheóil, gan
fholt, gan éidiogh, ach 'na chúail chuilsge chnámh-
lom, go madh léir soillsi an lóchrainn ón táobh
nó chéile do cháol-chumpair na deilbhe dath-
ghrúama sin.



Tréigeas an rígh-mhílidh Maine Líach an
deilbh dob áille don chinéul feardha air bhfaicsin
an amhairc iongantaidh sin, ach do sheasaibh an
searg-chruth sáobh-chranda sin a bhfioghair neamh-
ghnáitheach ós comhair an taighil bheódha nár
ghaibh úamhain ná imeagla aríamh roimhe sin.
Gidh eadh, do labhair an cholbha úasal árrachtach
do ghuth fhaiteach chrith-eaglach ris an chríon-
chruth go ndubhairt:



"Cía ttíaghaigh-se, a shíogaidh?" bhair Maine.



"Do thabhairt oidhe agas aoín-éaga dhuit-se,"
bhair an deilbh.


L. 30


"Ciá háit a bfuilid h'airm?" bhair Maine.



"Aig súd íad," air an deilbh; agus leis sin do
thóg áon-túagh áidhbheil éagsamhalta do theasg-
fadh fionnadh a n-aghaidh srotha nó láin-líog
agna adamaint air a háighe agas air a himghéire
anna láimh cháoil-fhéithe chnáimh-lom, agas a-
dubhairt:



"Cidh mór do ghoil agas do ghaisgidh, agas
h'éachtaibh cosgartha a ccathaibh agas a ccomh-
lannaibh go n-uige sa, máiseadh goinfead-sa anois
don túaigh so thú."



"Ní héachta déagh-laoích sin," bhair Maine,
"ach más d'úaslibh an domhain thú, atá lá an
mhór-chatha chugainn amárach air an tulaidh so
amuigh, agas teagmhaidh dhamh ann, mur a
ccomhraicfiom air áon a bhfíadhnuise na mór-
shlúagh."



Agus éalóghas an taidhbhsi úadha íar sin, agas
goireas Maine Líach a dhraoígh chuige, agus nochtus
an teagbháil dhó.



Dearcas an dráoi fair Mhaine, go ndúbhairt:
"Dair liom, a thighearna," air an draoígh, "ní
maith do-chúaidh dhuit do thomhaltas ó chíanaibh."



"Ní headh sin," air Maine, "acht an úamhain
do ghabhus ríasan dúil shíabharra tárla dhamh."



"Trúagh liomsa," air an draoígh, "an nídh


L. 31


thiocfas dhe sin, mar atá, thusa do thuitiom san
ccath mhór sa amárach."



"Créad do theagasg-sa dhamh uime sin?" bhair Maine.



"Ní bhfuil a bheag agam dhe," air an draoígh,
"ach dá bhfaghthá an Ghúal Ghaoí dod iom-
chosnamh air chách, budh dóigh go ttiúbhraidís
ass thú."



"Cáid na hárrtha, nó na héuchta, nó na díthe
do-áirmhthe do-dhéantaigh liom-sa san ccath íar
sin?" bhair Maine.



"Gaibh do rogha," bhair an draoígh. Agas
fágbhas Maine fón ccruth sin.



Iomthúsa Ghalach Géidghe ré moch-shoillsi an
laé, suil fár fhágbhadar réaltoin aieór, gabhas
lámh thapaidh láochda for 'armaibh goile, agas
gabhus caismeirt catha 'na láimh dhíoghrais
dheis, agas do ró sheinn sáir-ghéaim láochda lán-
úathbhásach as an mbeinn ghlóruidhe gheal-
airgid sin, léar dhúiseadar na catha comh-móra
uile, lé fúaim na beinne báoth-airde.



Is ann sin do ghaibheadar na taoísighe agas
na tréinfhir aig suidhioghadh agas aig sár-chur
na mbuidhnibh a n-innealt agas a n-órdughadh
catha, gur ghabh gach ró-éuchtach dhíobh
réumhthús a bhuidhne féin. Ach budh samhalta


L. 32


lé híara idir chrannaibh Galach Geitighe 'na
chéimionnaibh coslúatha aig suidhioghadh agas
aig seólugh sochar an mhagha agas na tulcha
do na táoighsigh iar dtáin. Agus táinic d'fhios
an Chéadaigh chródha agus adubhairt:



"A charaid ionmhuin," air sé, "an tan thiocfair-
si fá lingeadh sleighe do Choill an Chúa air bhrúach
Euphráites, tabhair h'adhaigh air lucht na hÁisia,
ionnus madh shráonfar ort suil do roighfe cabhair
thú, go mbíaidh an fiodh ad láimh do da
dhíon air do bhíodhbhaidh."



Gabhus an Céadach íar sin tús for na slúagh-
aibh; agas nochtar linn na méirgibh áigh agus
iarghala; agas do ríomhadh liom-sa a n-ált na
húaire sin ocht ccéad déag ríoghbhratach ró-
áluinn, mur áon lé cúig mhéirgibh na ccúig
bpríomh-tháoiseach réamh-ráidhte, breac-lasda
d'ór agas do shról agas do chormhogall,
airna seólugh go réim-dhíreach lé fobhar na
gaoídhthe ós na slúaghaibh. Agus budh samhalta
ré fiodh ro-dhlúth dhían-leathan sleaghaibh na
láoch ós a cceannaibh; agas budh samhalta fós
ré gaeithibh na hilghréine, grís-thaitneamh na
n-arm nglan n-órdha aig loinnreadh um na
curaidhibh. Óir is amhluidh do bhí mise an tráth
sin 'mo thaoíseach air an lucht a d'orduigh an
draoígh do thoghadh dhamh, mur áon lé Fearghus
agas ris an ccuid eile dhínn ach Cú Chulainn


L. 33


agas an Fear Dia, agas sinn amach ón tslúagh
aig fuireach ré focal catha an árd-thaoísigh. Níor
chían amhluidh sin dhúinn an tan do síneadh leó
a gcaismirtibh catha agas a ccuisleannaibh ciúil
agas a mbeannaibh bláithbhinne búabhaill guil-
ibhne guth-árda, go raibh an talamh trom-
fhódach agas an fiormaimeint ró-dhaingean air
coimhchrith umainn mádh ccúairt, ionnus go
raibheamar an beagán Gaoidheal sin aig déanamh
iongantuis áidhbheil-mhóir don teagbháil. Óir
budh dóigh linn nach bhfacamar roimhe, nó ó
shoin, a shamhuil eile. Ach atá ní cheana, níor
bhudh lúaidhthe seabhac gaoídhthe, nó agh
imdhísgir alla airna só-ghlúasacht do chonaibh,
nó Galach Géidghe air stéad dhuibh dhían-lúath
ó bhuidhean an Chéadaigh gusan mbuidhean
dhéighionach do na slóighte, .i. láochruidhe
na n-oileán táinic chugainn mun am sin go líon
cheithre mhíle carbat: agas do bhádar a leath 'na
bhfir ghorma go h-uile, agas Cú Chulainn 'na
thaoíseach forra. Agas budh leisg le Rígh Thír
Tharngaire an crúaidh-chéim do bhí fána chomhair
do thaobhadh leis, air a óige agus air anáosdacht na
Coin, ach nárbh áill leis teagasg an draoí do
shárugha.



Agas air ngabháil an fhuinn do'n Chéadach,
fógras Galach Géidghe dhó aghaidh do thabhairt
air shlóighte na hÁisia. Is ann sin brosnaigheas


L. 34


agas mór-mhaoidheas an Céadach cródha cos-
garthach a churaidhibh san trom-dheabhaidh gur
fearadh eatorra ceatha díana dlútha soighead,
agas frasa fír-nimhneacha dá ngaéthe rinn-ghéara;
agas fuilingidheadh an chéad-choinsgleó sin go
hárrachtach ris na tréinfhearaibh, go ndeachadar
íar sin a muinchinn a ccloidhmhthe agas a
ttúatha agas a luirgibh léar ghabhadar aig
túargain agus aig áirleach agas aig casargain a
chéile go tinneasnach tréan-abhaéil.



Is ann sin tig Galach Géidghe 'na shidheadh
lúaithreatha agas fógras don tslúagh fosgladh
do thabhairt forra agas ráon do léigean dhamh-sa
agus do mo mhuinntir tarsna tríothfa soir gach
ndíreach. Óir is amhluidh do bhí Maine Líach
an tráth sin, agas 'aghaidh go tulaidh na teagbhála
mur a raibh an Céadach agus Siomon mhac Núain
a ndeabhaidh lé chéile agas na hárd-thaoísigh
aig tuiteam san ccath agas aig freasdal a chéile
dá n-armaibh.



Tugaim-si íar sin súil fhriochnamhach romham
agas 'mo dhíaigh, gur ghabhus aithne air Mhaine
Líach, go ttugus tulgann tréan-árrachtach da
bhaisge don manaoís mhóir ró bhí 'mo láimhe
do Mhaine do leith a chúil; agas sul do ráinic
barr na sleighe a chorp ró tholl sí naoí sgéitheibh
sgoith-dhearga do chuir a lucht cosanta idir é


L. 35


agas í; acht tairis sin do ghuin mise an laoch
sin. Agas d'éirghe deich ccéad sleagh agus gath
agas cráoiseach dhíom sul do ráinic liom an tsleagh
do tharraing, nó fós sul do ráinic Fearghus, nó
Con Raoí, nó Oillioll Fionn, nó Náos, nó Lughaidh
mhac Nóis, nó áon eile dom cháirdibh mé; ionnus
go madh tréadtha tréatholta m'earradh agas
m'éidioghadh, agas budh guineach créachtach
mise do na frassa sin. Ach atá ní cheana, tuiteas
Maine a ccosair chró air an láthair sin, agus fógraim-
si d'Fearghus agus do dhroing eile Maine do thabhairt
as láithreach an chatha agas a fhágbháil air
chumairce an Rígh Néid.



Do-roinneadh amhlaidh sin; agas air mbeith
dhamh-sa aig deaghbhaidh lé láochraidh Thír an
Óir, do-chúalas trom-ghárrtha éagcomhlainn aig
mílidhibh an Chéadaigh mhic Rígh na tTulach.
Fágbhaim-se an t-ionadh catha sin, agas tíagham
a d'fhóirighin agas a d'fhurtacht an Chéadaigh
an anfhorlann shúas. Agas is amhluidhe a
fúaras an Céadach, .i. cneadhach créuchtach a
ccosair chró air an tulaidh amach ón ccath agas
leaghaibh aig ceangal a chneadhaibh. Cuirim-si
Con Raoí íar sin 'na thaoiseach air mo shlúagh-
bhuidhean féin, agas cuirim don chath íad do
chabhair shlóighte an Chéadaigh; agas d'fhanas


L. 36


féin d'agallaimh an fhir ghonta sin. D'fhíafraidh
an curaidh gonta dhíom náir ghoineas Maine
Líach mhac Rígh Thír an Óir. Adubhras leis gur
ghoineas. Bíogas an t-úaithne iorrghala sin 'na
sheasamh go huirmheisneamhuil ré méad na
haigeanta ró ghaibh. Agas an fad do bhí mise
air an imeagallamh sin, ró tháirngeas cúig cháoga
rinn gath agas saighead as chleathaibh mo chuirp
agas m'éidigh; agas ceanglaid na leaghaibh mo
chréuchta mur an ccéadna, agas do-chuadhmar
san ccath iar sin.



Agas is áidhbheil lén' insind an t-inneall agas
an t-órdughadh do bhí fáir na slúaghaibh an tan
sin; óir (do bhí) drong dhíobh a bhféagmhais a
ccinn 'na méaidhibh máoildhearga, agus drong
airna ttolladh do rinn gath agas cráoiseach,
droing agus a righthibh airna tteasgadh dá ccollaibh,
drong air fíarluidhe an mhagha créachtnaigh
cnáimh-gheartha gan toirmeacht air a ccumus,
agas uimhir dhó-áirmhthe marbh air an magh.
Agas fós, budh mór an ghráin agus an criothán
úathbháis a bheith aig éisdeacht lé greann-ghotha
na n-áos ngonta aigá n-athbhásugha lé bassaibh
each agus lé troighthe tréan. Do bhudh húamhan
fós gotha curadh agas óll-ghláodh láoch aig aith-
bheódhadh agas aig mór-mholadh a ccaradh agas
a ccomhgháoil, aig brosnamh agas aig comh-
mháoidheamh na mbuidhnibh san ccath.


L. 37


Is ann sin do-chonairc mise Fearghus airna
thímchiolladh ris na Doighir Mhóra sin Shiomoin
mhic Núain 'gá threabhadh agas 'gá thúargain lé
túatha béil-leathna, agas Siomon féin a ndeabhaidh
lé hOillioll Fionn, agas an Maghach Mór mhac
Rígh na cCáolach aig túargain Chuirc mhic Níúil,
agas na slóighte do gach leith aig easargoin agus
aig iomáin a chéile ó tháobh go tháobh. Agas
bhádar na ceapaibh catha comh dlúth sin nár
fhéad an Céadach nó mise ráon d'fagháil 'na
measg. Ach an tráth chúalaidh láochruidh Chrích
na tTulach go raibh a ttríath agas a ttighearna
aig teacht dá ccabhair, d'éirghe a n-aigneadh aig
tabhairt gárrtha troma luathghára ós áird, go
ttugadar ucht anbháil árrachtach uirmheisneamh-
uil air churaidhibh Shiomoin mhic Núain, gur
bhrúchtadar forra, agas is lé sin do fúair Fearghus
mhac an Róigh ossamh ón trom-luidhe slúaigh do
bhí fair. Agas budh mhór an gníomh d'Fearghus
teacht beó úatha.



Is ann sin tug Siomon dá aire an míochórugha
catha tugadh air a mhuinntir, agas d'aomh a ccur
a n-eagar, ach nár fhéad, óir do fhreasdail Oillioll
Fionn go dían dúthrachtach é, go madh sár-obair
dhó é féin d'iomchosnamh fair ach go ttángadar
dá chabhair cáoga curaidh an Chainne Chúanna.
Agas táinic mise do chabhair Oilioll Fhinn mun
am sin. Ach gé do bhádar agam airm iol-ágha


L. 38


air a raibhe teóra búadha níadhachuis, agas gur
chomhraiceas go cródha a n-aghaidh na ccuradh
ceann-árd céadfadhach sin, agas fós go raibheadar
agam nóchad láoch lán-mhaith do mo dhíon do
thaobh mo chúil agus do gach leith dhíom,
máiseadh do goineadh mo mhuinntir uile umam
dom aimhdheóin ris an ccaoga curaidh sin; agas
ní thiucfainn féin as, ach go ttáinic do mo cha-
bhair Náos agas Lughaidh, Fearghus agas Con
Raoí, léir haithghríosadh an n-iorghail go mór fán
am sin eadrainn agas na curaidhibh iar dtáin.



Iomthúsa Oillioll Fhinn, fúair báoghal feacht
fair Shiomon go ttug an curaidh clíathach béidhm
cloidhimh go tineasnach tréan-dhúthrachtach don
aitheach gur theasg an leómhan úasal leath a
chinn, a ghúala, agas a dheaslámh idir earradh
agas éidiogh, agus a chos óna gheal-ghlún don láoch.
Tuiteas Siomon san ár íar sin, agus tógthar trom-
ghárrtha éagcaoínte fá bhás na flatha san ccath.



Ach atá ní cheana, do-chúalaidh an Mághach
Mór, agas é a ndeabhaidh lé Corc mhac Niúil, gur
thuit Siomon, agas go raibh a' cath gá chló air
a láochraidh. Do ghaibh fearg mhór-aidhbhéil é,
agas túairgeas Corc gur theasg a cheann dé, agas tug
rúathar ró-chalma go láochraidh Shiomoin gur
ghaibh aigá ngreasacht, agas aigá n-aithbheódhadh
do dhíoghailt bháis a ttighearna; agas do gabhadh


L. 39


an brosnamh sin go fíochta leó-san go ttugadar
na Doighir Mhóra bhorba mheara sin ucht an
athúair forrainn, ionnus gur mhaoígheadar san
tulaidh orrainn.



Agus, a Chairbre, air Conall, dá mbeitheá-sa
mur a raibh mise an tráth sin, san mbeáirn
ngábhaidh úd, aig freasdal fearg na bhfear-choin
mbíodhbhaidh sin, agas ann so arís, 'sé mheasaim
nach íarrfá amharc d'fhághail air a shamhuil, nó
fós dul a ccath lé do raé. Óir, an tráth do thuit
Siomon mhac Núain agas Corc mhac Niúil, ró
chailleamar fearann san tulaigh.



Budh liosda réna lúadh na hárra agas na
heasbhadha thugadar curaidhibh Shiomoin agas
an Mhágaidh Mhóir orainn, go ttángadar dar
ccabhair Iolarán mhac Uinse cona fhithchid míle
curaidh, agas tugadar sin ucht linn air shlóighte
na hÁisia; agas táinic 'nair n-aghaidh láochruidh
Thír an Óir, agas Fearghus Fachtna mhac Rígh
na hÁisia 'na thaoíseach forra; agas do-ghníd
sin iorghail éagsamhalta agas túargain anbháil
forainn. Táinig chugainn íar sin Fearghal Mór
mhac Seadhna cona líon láochruidh; agas táinic
'na n-aghaidh Galainn Gléathach mhac Sinnsir,
Rígh na hÁisia; tríochad céad budh seadh a
líon; agas do-rinneadar sin comhlann fuilteach,
fíor-chalma. Ciodh trácht, ró bhí an cath gá


L. 40


chló air shlúagh na hÁisia air ndul don ngréin
síar tair mheadhóin láoi.



Is ann sin brosnaigheas Rígh na hÁisia an
Ghúal Ghaoí don ccath d'fhurtacht na slúagh,
agas lé sin gabhas an Dubhláoch lámh for an
tríocha chéad curaidh sin, agas ní ráinic leis an
tulaidh do thaisdial an tan do ling Cú Chulainn
san cCarbad Sheardha air bhfágbháil an Fhir
Día 'na thaoíseach air lucht na n-oileán; óir ní
sgaraidís an dís sin lé chéile.



Is ann sin tug Cú Chulainn slat for an eachraidh,
agus thug lúath-chúairt móirthimchioll na Gúal
Ghaoí fó thrí a ndeilbh éagsamhalta. Gabhus
úamhain agas imeagla an Dubhláoch agas an
Ghúal Ghaoí uile, air bhfaicsin an Charbait
Sheárdha 'teacht timchioll orra, gur thuit a
n-airm as a lámha. Agas do-ghnídh an Fear Día
búaile dhaingean dhósgaoílte do láochruidh na
n-oileán a ttimchioll na Gcual Ghaoí, agas
gabhthar leó fon ccuma sin íad; agas budh mhór
athmholadh an Rígh air Chú Chulainn um an
ngníomh sin.



Tréigeas Cú Chulainn an Carbat Seardha, agus
gabhus réumh-thús lucht na n-oileán go ttáinic
a ngar don ccath. Agas ó do-chonnairc an cath
gá mhaoídheamh soir, níor fháomh cungnamh


L. 41


linn, acht fuireach (re) focal an árd-thaoísigh.
Ní cían do bhámar amhluidh sin an tan tháinic
'nar n-aghaidh fiche míle d'fhearaibh an Ghabhra,
agas Suibhne Sealgann 'na thaoíseach forra.
Táinic an láoch sin lán do bharr agus do bhríghe,
d'úaill agas do bharrann agas do chonfa catha,
cona fhuireann tréin-fhear don ionadh iorghala
a raibhe mise; agas táinic Cú Chulainn agas an
Fear Dia cona sluagh-bhuidhean 'na n-aghaidh.



Iomthúsa Shuibhne, thug dearg-rúathar éag-
samhalta fair an tslúagh an tan sin, gur bharr-
amhuil dhúinne, agus, fós, áirmhid fileadhaibh,
gur torchradh míle tréin-fhear lé Suibhne don
rúathar sin; agas do-chúaidh an mílidh mór-
chalma tréasna ceapaibh catha aig túargain agas
aig athchumadh láoch, nó gur dhían-sgaoil sé na
buidhnibh cóirighthe comhdhlútha 'na sgéin-
ealtain ann gach áird don magh; agas air ndol
tríofa mádh gcúairt dhó mar sin, gabhus réumh-
thús a láochruidh arís. Agas is iad láochruidh na
n-oileán is mó do thuit léis.



Is ann sin a tháinic Galach Géidghe, agas deich
míle aitheach ón Affraic mur áon leis, agas tug
aghaidh air Shuibhne; agus comhraicid na tréin-
fhearaibh sin go beódha borb-neartmhar air an
láthair sin. Ach atá ní cheana, do ró thuiteadar
na deich míle aitheach lé Suibhne agas lé na


L. 42


mhuinntir, agus do trom-ghoineadh Galach cródha
féin san teagbháil.



Táinic forainn íar sin Fearghus Fachtna agus
láochraidh Thír an Óir, agas éignighid an cath
forainn ó dheas, go ttáinic Fearghal Mór mhac
Seadhna do chabhair na maoídhme sin; agas
do-rinne Fearghal éachta maith' air tteacht dhó.
Óir do mharbh an curaidh catharmach
tríar tréinfhear d'fhearaibh an Ghabhra, .i.
Múaidhean, Sailbhne, agas Dal, lé bhfúaramar
ossamh ón anfhorlann ró bhí 'nar n-aghaidh, nó
gur thimchiollsad láochraidh an Ghabhra é, agus
budh mhór na héachta rinne Fearghal a n-alt na
húaire sin forra; gidh eadh, bhí do líonmhaire a
bhíodhbhaidh an' úirthimchioll, agas gan breith
aig áon dá chabhair, gur túairgneadh a chlogad,
a sgiath, agus a lúireach.



Is ann sin a d'fhúagair Suibhne go mór-árrach-
tach dá laochruidh Fearghal Mór do dhíth-
cheannamh. Do bhí an Fear Dia, Oillioll Fionn,
Fearghus, agas Náos, aig teacht tréasna slúaghaibh
do chabhair Fhearghail Mhóir. Gidh eadh, díth-
cheannadh Fearghal sul do ráinic, agas budh mór
an béud an láoch sin. Agas do-rinneadar Gaoidhil
ár mór air fhearaibh an Ghabhra a n-éiric bháis
Fhearghail Mhóir go ttáinic Suibhne gá bhfurtacht,
agas túairgeas an tréinfhear sin na Gaédhil go
tinneasnach, agus do ró mharbh an Suibhne céadna
míle láoch don rúathar sin; agus cuireas a mhuinntir


L. 43


go heagartha 'n-aice 'chéile go dlúth do-sgaoílte
d'aimhdheóin a námhad an ath-úair, agas gabhus
féin 'na réamh-thús a ngoile an chatha an treas
feacht.



Is fán am sin do theagaibh Fearghus Fachtna
agas an Fear Dia dá chéile, agus do ghuin an Fear
Dia mac an rígh san teagbháil sin. Agas budh
mór an díoth agus an dochar fúair an Fear Dia an
tan sin: óir do lingeadar fair macnaidh Thír an
Óir, gur thréaghdadar dá n-armaibh é. Gidh eadh,
táinic an Fear Dia úatha air marbhadh móráin
díobh.



Táinic mise as an ccath íar sin, agas tugaim na
Gaédhail liom a bhfód fó leith, agas adubhras leó
gurbh eagail liom an cath do mhaoídheamh
orainn muna cclaoídhtigh Suibhne Sealgan. "Agas
is amhluidhe is indéanta dhúinne air ccongnamh
do thabhairt lé chéile, mur áon ris an cCéadach,
agas réna láochraidhe, agas lámh chlé 'thabhairt
don ccath, agas iompóghadh forra do leith a ccúil."



Cinneadh an chomhairle sin againn, agas táinic
an Céadach cona líon laochruidh gur ghaibheamar
greim fair lucht na hÁisia amhluidhe sin, lé a
ttugamar dearg-ár air laochruidh an Ghabhra.



Is fán am sin do bhí Cú Chulainn a ngreim aige
Suibhne, agas caogad curaidh aige an' uirthim-


L. 44


chiol ionnus gur ghoineadar go hádhbhael an Cú.
An tráth chonairc an Cú nach raibhe air a chumas
é féin do chosnamh forra, tug glún lé glíadh, agas
troigh le taca, go ttug roth an urchair do Shuibhne
do ghath a d'fhan aige d'íarsmaibh a airm, gur ró
thréud an curaidh ón taobh nó chéile don déagh-
urchar sin. Agas do bhámar aig an cCoin air
ttuiteam do Shuibhne san ár. Tugamar ucht íar
sin go tibhe na slúagh, air bhfágbháil Chú
Chulainn a ccosair chró ó ghuin airm Shuibhne,
amach ó láithreach an chatha; agus maoídhtear linn
an cath bhudh thuaidh air lucht na hÁisia go
cródha gur briseadh forra.



Is fán am sin do theagbhaidh Galaing Gleóthach
mhac Rígh na hÁisia do Chon Raoí mhac Dáire,
go ndeárnadar gleic churata lé chéile, mur air
thuit mac an Rígh lé Con Raoí air an rúaig sin.
Agas budh háidhbheil na hárra tugadh air lucht
na hÁisia san maoídhm sin; óir ní théarna beó
dona slóighte iomarcach sin ach túairim air chúig
mhíle láoch íar ttuiteam dá ttríatha agas dá
ttighearnaidhe agas dá ttaoísighe.



Ciodh trácht, fhilleamar ón rúaig um thráthnóna
an laé sin go hairm a raibh Rígh Thír Tharngaire;


L. 45


agas do fúaramar Manannán air air cceann ann
sin agas losa íce agus sláinte aige a ccomhair chréuchta
Mhaine do leighios. Táinic chugainn mun am sin
Galach Géidghe agas Cú Chulainn go goineach
créuchtach cróilinnteach, agas gabhaid na
leaghaibh lámh for a leighios, agas fritheóladh
an slúagh mar an ccéadna .i. a raibh trom-ghonta
dhíobh. Agas airna mhárach do hadhnacadh na
mairbh air an tulaigh. Agas do thug an rígh
rathmhar ro-úasal sin an-iomad d'éadálaibh an
mhagha don ochtar Gaédheal ro bhámar ann,
agus fearainn sháora don droing nár chían óna
ttíorrtha féin.



Seachtmhuin air mhí dhúinn san longphurt fá
aoíbhneas agas fá mheaghair, .i. lucht dhínn nár
trom-ghoineadh, aig seilg, aig fiadhach, aig imeirt
agus aig ól; agas an lucht budh trom-ghonta dhínn
gá bhfothracadh san tSruth Dhearg gach lá gur
bhudh slán fá dheóigh íad ó fhearthan an tsrotha
bhúadhaigh sin.



Iomthúsa mhacnuidh Thír an Óir, do-chúaidh
buidhin dhíobh dá ttír féin, agas ró fhíafraigh an
rígh sgéala Chath mhór Thulaidh na Sgíath, agas
an Mhaine Líach dhíobh; agus tug draoígh Mhaine
sgéula dubhach déurach don rígh; óir do shaoíl an


L. 46


file gur marbhadh Maine Líach san ccath, agus do
ro chan an laoígh amhluidh so síos: -




"Sgéala dhúinn, a Éimhir áigh,
Créad mar do cuireadh an cath árd,
Nó an mairionn Maine Líach lind,
Ris nár ghaibh cath nó comhland?"



"Ní maith dhúinn beacht na sgéala,
A rígh úasail neart-thréithe,
Goineadh san ccath mhór do mhac
Lé eachtrann aineóil thréightheach.



"Isan maidin badh moch éirghe
Mac an Rígh, Galach Géidhghe,
Lé fúaim beinne gur dhúisg na fir,
Don ghleó chalma chinnmhir.



"Cuireas taoísigh an dá shlúagh,
Lé hucht maidne go ró-lúath,
Gach buidhean (réim go rath)
'Na n-ionadh cinnte catha.



"Nochtadh linne gach meirg shróil,
Lé seóladh na gaoídhthe glan-ghlóir.
Budh hurláimh gach taoíseach go ndil
Ré hucht an chatha ghloinn-mhir.


L. 47


"Tairngeas Céadach an Chloidhimh Rúaidh
Fiche míle soir-thúaigh,
Gan aithne do Shiomon na ttreas,
Go raibh air bhrúach Euphráites.



"Iompódhas forainn an curaidh cáin,
An Céadach calma dreach-náir,
Agus freagreas an gleó, gúaismhear linn,
Dá n-armaibh leathna líath-shlim.



"Leanaid soir an tréan fá seach,
San rían réidh, gach ruireach,
Aig lasadh na leódhacht gach leith
'S aig cosair-chrótha a náimhde.



"Badh samhuil lé hagh n-alla ndían
Galach Géidghe a n-áon-rían,
Ó bhuidhin an Chéadaigh gan sgur
Aig suidhiugh na dtréan go deireadh.



"Tráth bhí Maine Mór mur chách,
Is 'aghaidh soir don trom-ár,
Tagasdar orainn go prab
Eachtrann aineóil a bhformad.


L. 48


"Tug ríogh-láoch sitheadh sanntach,
Tréasna buidhnibh go rói-mheanmnach,
'S do ghuin Maine Líach dá shleagh,
Sul do ráinic láoch dá chabhair.



"Fothracaid a n-airm íar sin,
Macnuidh Mhaine an chrotha ghil,
San ccuraidh, gé do-chúaidh as
Go n-iomad créucht 'na chaoímh-chnis.



"D'aithle dáil an dá shlúagh,
Is liosda dhúinn a n-iomlúadh,
Ach clóthar an cath go dían
Air shlóighte leathna na hÁisia.



"Baramhuil dhamh nach ttáinic beó
Taoíseach tréan ón aith-ghleó,
'S as dearg ó chrú na ttréan
An fearann: sin dhuit mo cheirt-sgéal."




D'aithle Rígh Thír Tharngaire agas a shlóighte
do bhádar uile ollamh uirligthe chum imtheacht
do dhéanamh. Agas an oídhche ríasan tulaidh
d'fhágbháil, táinic Rígh na hÁisia, maille lé cúig


L. 49


ríghthe eile budh cáirdibh dhó, agas tugadar
amus oídhche orainn gur mharbhadar mórán dár
ndaoíne, agas ní thiocfadh neoch dhínn beó úatha
muna bheith gur bhrosnaigh an draoígh an Ghúal
Ghaoí 'na n-aghaidh, agus ní thiúbhradh Maine
Líach lámh linn. Ciodh trácht, do-rinneamar
comhrac crúaidh curata agas easargain ádhbhaeil
iongantach aig treabhadh agas aig tréan-ghuin a
chéile, go ttáinic soillse an laé forrainn; agas
budh brisde búain-réapa air n-armaibh uile fán
am soin; gurab ann sin do ghaibh aigneadh
leómhanda, agas fearg fír-níata, agas buile catha,
na curaidhibh aig faicsin a chéile dháibh, agas
fós lé brosnamh Mhanannáin forra. Thugamar
íar sin ucht anmháil árrachtach d'áon-bhaoídhm air
lucht na hÁisia, aigá ttúargain dáir sgéithibh
sgoith-leathna íar mbriseadh air n-armaibh uile;
agas fós budh híongantach an míochórugha tug
an Dubhláoch agas an Ghúal Ghaoí air na slóighte
an tráth sin. Ach atá ní cheana, do bhaóidheamar
an cath air lucht na hÁisia soir-thúaigh, agas do
chuireamar a ngreim na sé ríghthe air bhrúach
an tSrotha Euphráites, gur gabhadh linn íad air
mbáthadh mórán dá sgéin-ealtain san abhainn.
Agas is ón ccathughadh sin a thugamar dár
sgíatha fair shlóighte na hÁisia an lá úd tugthar
Tulaidh na Sgíath fair an magh ccéadna sin a
leith, agas Cath Thulaidh na Sgíath dona cathaibh


L. 50


sin, agas Magh Bhile an tSrotha Dheirg fa hainm
dhó go n-uige sin.



Ann sin tángamar for ccúla go maoídheamh
cosgair agus mór-mheanmainn, air ccló an chatha,
agas air mbeith dona sé ríghte a ngéibhionn linn,
go harm a raibhe Rígh Thír Tharngaire; agus
budh mór aigneamh an rígh um na braighdibh
bíoth-úaisle sin.



Gidh eadh, do-rinne Manannán mór-chumhach-
tach mhaca Lir síoth shúthain agas cheangal
cáirdeas idir na ríghthe iar dtain. Agas air-
na mhárach ró sgaradar lé chéile, agas tug Rígh
na hÁisia aghaidh soir-thúaigh dá dhúithche féin
go heasbhuidheach éagcrúaidh, agas tug Rígh Thír
Tharngaire ucht air imtheacht go Cathair bheann-
bhláth na hÉise go subhach soimheanmnach um
an ccath mhór sin do chló fair a bhíodhbhaidh
bhioth-chalma cona bheagán láochruidh; óir
níor mhair do shlúagh uime an tráth sin ach cúig
céad déag do gach aicme dár ttáinic do chóngnamh
leis.



Iomthúsa Mhanannáin, tug an Dubhláoch cona
Ghúal Ghaoí agus an Maine Líach mhac Rígh Thír
an Óir dá dhún féin, .i. go Cathair Ghalrainn, agus
d'fhógair dhúinne dul 'na dhíaigh. Ró bhámar
seal a cCathair na hÉise a bhfochair an rígh ró-
rathmhair sin fá mheaghair agas fá mhuirnn
mhóir. Gabhamuid lámh air imtheacht fá dheóigh,


L. 51


agas ro budh mhór tiodhlaictheadh an rígh mhaith
sin dhúinn.



Ceileabhramaoíd lé Néid mhac Saidhin íar sin
agas ris na húaisle airchenna, agas táinic an
Céadach cáomh curata mur áon linn go Cathair
Ghalrainn, mur do gabhadh go húasal furbh-
fháilteach lé Manannán agus lé maithibh na caith-
reacha uile sinn. Ro bhámar raé naoí lá cona
n-oídhchibh aig cuirm agas aig comhól a ndún
Mhanannáin fhíal mhic Allóid. Agas air mbeith
dhúinn fón ccuma sin, táinic bioth-iomrádh idir
na tréinfhearaibh um éuchta an mhór-chatha
sin Thulaigh na Sgíath, go ndubhairt Maine Líach
gur feill-bheirt ró himreadh air féin agas air an
Dubhláoch, agas muna bheith sin, nach cclóidh-
fidh an cath air Rígh an hÁisia, agas go ttiúbhraidís
féin búaidh air shlóighte Thír Tharngaire muna
bheith gliocas Mhanannáin. "Óir níor sáraigheadh
sinn a n-áon-ghníomh goile nó gaisgidhe, agas ní
mó do bhí áir ccosgar gá chomhmhaoídheamh aig
áon-láoch do los catha nó comhlainn aríamh go
n-uige an lá úd," air Maine.



Feargthar an Céadach go mór leis na bríathra
sin, agas adubhairt: "A Mhaine, is fiosach mise
gur mór minic na héuchta agas na hárra tugais a
n-iomad do chathaibh agas do chomhlannaibh;
gidh eadh, adbhuighim nach lé neart do chuirp,


L. 52


nó lé goile do chroidhe, ach ris na búadha bioth-
bhúana ataoí agad."



Is ann sin do labhair cruitire ciúil do bhí aig
Manannán, agas adubhairt, "Is íongnamh liom,
a Mhaine," air sé, "nach bhfacamair-ne thusa
aríamh dul do shnámh Loch na Níadh."



"Ní héuchta sin," bhair Maine, "acht gníomh
toirmisgthe air fhearaibh an domhain; óir ní
thoirneann neoch beó ó shnámh an locha sin."



Agas air cclos thúarusgbháil an locha dhúinne,
na Gaédhil, ní ghéabhamaois gan dul dá fhéuchain.



Is ann sin tángamar uile amach air faithche
fhairsing fhód-ghlais bhí don leith thúaigh don
ccathruigh, agas loch aoíbhinn geal-uisge go
n-inbhear sochmuigh sír-chiúin don leith thúaigh
don fhaithche, agas tríochad chéad céim air
leathad ann, agas sin fá dhó air fad ann. Agus
do ghaibh mise aig fíafraidhe iolbhúadha an
locha do Mhanannán, nó créad an t-ádhbhar nach
lamhadaoís macnuidh an linn do shnámh?



"Loch na Níadh is ainm don loch sa," air an
draoí, "agas is uime goirthear sin de, air a liacht
do níadhaibh nó do ghaisgidhibh ro thuit ann.
Óir atá san linn úd píasd éagsamhalta, agas iorball
fuirre, agas gath go ccúig reanna for a bharr, agas
gath eile 'na himlinn go ttríochad rinn, agas
camaidh bárr gach rainne dhíobh go bun an


L. 53


ghaethe mhóir mheádhónaigh ach an reann
meadhóin amháin; agas is coimh-reamhar lé
colpa tréinfhir bun an ghaethi sin. Agas an
tan a théid neoch do thaisdeal a' locha, agas
nach roigfeann a ghuin ris an ghath bulga,
gabhann roimhe ré na hiorball go ngoineann
amhluidh sin é."



Ro bhí Cú Chulainn aig éisdeacht ré taisde
Mhanannáin, agus téid ós ísioll don ccathruigh,
agas tug slabhradh síth-righinn d'iarann aith-
leighte agas a chloidheamh leis go húir an locha.
Baineas a éideagh dhe iar sin, agas ceanglas an
slabhradh fána mheadhóin, agus gabhus a chloidh-
eamh ann a bhéul, agas tug ucht air an linn, go
ndeachaidh d'áon-bhang an treas mír don loch,
agas air an dara bang tug súil fhriochnamhach
an' úirthimchioll agas do-chí earr na péisde
'teacht roimhe. Agas gabhus an lann 'na dhóid
go déagh-thapaidh gur theasg an gath agus mír
mhór don earr d'áon-bhéim don phíasd; agas
chúaidh don treas bang don táobh eile don laoch
agas an gath leis; agas air mbeith dhó amhluidh
sin ceanglas dhá cheann an tslabhraidh for chaol
a dhíbh chos, agas tug ucht air an loch an athúair,
agas d'éirghe anfa mhór for an uisge an tráth sin;


L. 54


agus air ndol don cCoin go meadhóin an locha,
iompóghas an phíasd a táir ós a ceann, agas do
dhírigh an gath bulga do ghoin Chon cCulainn.
D'éirighe an Cú íar sin air dhruim na linneadh,
agas gabhastair an slabhradh a n-uirthimchioll
bhun an ghatha shíos. Is ann sin tug an Cú
cosgarthach tuinnseadh tréan-dúthrachtach tair
an linn, agas slaitreas an phíasd air iomramh
uisge go húir an locha, agus d'éirghe an curaidh
cruthach a n-aithléim na fáinnle a n-ochras an
aidheóir, gur shníomh an slabhradh 'na chotcha,
agas ní ráinic an phíasd tair a hais don linn an
tan tug an Cú slis-bhéim shantach sháir-bheódha
'na hurbhruinn furra, gur theasg bladh mhór dá
bolg, agas an gath ó fhréimh dhi, agas gabhus a
ttír é air léigean a habach agas a hionathair
aisde.



Tángamar íar sin, na tréinfhir uile agas Manan-
nán, d'fhéuchaint na n-éucht n-iongantach sin,
agas do bhádar dá ccomhmhaoídheamh go mór
againn.



Tiaghmaoíd don ccathraigh, agas budh mór
gáirdeachus na macnuidh um an bpéisd do
thuiteam amhluidh sin; agas tugus Manannán
teagasg rúin-díamhair an ghaéth bulga do Chú


L. 55


Chulainn an tráth sin, gan fhios d'áoinneoch;
agas d'fhan aige mar arm chosgartha cath-
bhúadhach ó sin a leith ós fhearaibh an bheatha,
ionnus nach lamhaid curaidhibh taghall leis tré
úamhain an ghaéithe dhíamhair sin.



TRIALL NA CCURADH DON BPERSIA.



Do bhádar isna laéithibh sin dís dearbhráthar
'na ccoimh-ríghthibh a ccríochaibh na Persia, nó
na Sorcha, dar bhudh comh-anmanna Palap
mhac Philip, agas Goisdean. Agas do bhí inghean
álainn a n-áontumha aig an Rígh Palap do chin
air mhnáibh na ccríoch sin, ionnus go ndeachaidh
taisde agas áird-chliú sgéimhe na hinghine fá iol-
thúaghtha na hÁisia agas na hAffrica agas fá
urmhór na hEórpa, ionnus nach raibhe mac rígh
isna críochaibh go sunradhach nach ttáinic d'íar-
raidh na hinghine. Agas tug an inghean móide
nach bíadh fear air bioth aice ach an fear do-
bhéaradh an Torc Fireann Fionn do bhí a nGleann
Laghna air Shléibhte na hAirmenia chuice go
Dún Múa san bPersia.



Ach atá ní cheana, air mbeith dhúinne a cCathair
Ghalrainn táinic chugainn íar sin Galach Géidghe
mur áon lé beagán do sháor-mhaicne Thír Tharn-
gaire,


L. 56


agas budh mór lúthgháir an fhir sin mur do
theagbhamar san ccathraidh fair, agas ach-
mhuinnigheas sinn um dhul leis don bPeirsia
d'fhéachaint na hinghine. Agas d'áomhamar sin
dhó, .i. an Céadach agas a' Maine Líach agas an
t-ochtar Gaédhiol ró bhámar as Éirinn. Agus ría
ttríall dhúinn do-ghnídhmíd síth agas cáirdeas
suthain lé chéile air chaingheall gan cathughadh
a n-aghaidh a chéile do cheachtar dhínn go foir-
cheann air mbeatha .i. an Dubhláoch cona Ghúal
Ghaoí, Maine Líach mac Rígh Thír an Óir,
Galach Géidghe mhac Rígh Thír Tharngaire, an
Céadach mhac Rígh na tTulach, agus an t-ochtar
Gaédhiol ró bhámar ann.



Seo an dá alt sin ó L mar shompla do chaint L:



Agus do bhadair isna laéthibh sin días dearbhrathair
'na ccomhrighthibh a ccríochaibh na Peairsia no na Sorcha
dar bhudh comhainm Palap mac Philip agus Goisteann mac
Philip agus do bhí inghean áluinn éagcosg a n-
áonthumha ag an Rígh Palap do chínn air mhnábh a
chomh-aimsire agus do-chúaidh taisde agus áirsgéul sgéimhe na
hinghine sin fo iol-tuathaibh na hÁisia agus na hAifric
agus urmhór na hEorp ionus nach roibhe mac ríogh insna
chríochaibh go sunradhach nach ttainig d'íarraidh na hinghine
sin agus tucc an n-inghean móide nach mbiagh fear aice ach
an fear do bhearadh an Torc Fionn do bhí a nGleann
Laghna air shleibhtibh na hAirméina chuice go Dún Múa
san bPeirsia.


L. 57


Ach atá cheana ar mbeith dhúinn a gCathar Ghalrainn
tainig chugainn Galach Géidghe mur aon le beagan do shaor-
mhachnaigh Thire Tharngare, agus badh mór lúathghair an
fhir sin um sinne do teagmhail isan gcaraidh fair agus ach-
mhuingeas sinn um dol leis don bPeirsia d'féuchain na
hinghine. D'faomamur sin dó .i. an Ceadach agus Maine
Liach an t-ochtar do bhamhar as Eireann agus ría ttríall
dhúinn do-nímid sith agus cáirdios shúain re chéile air choingiol
gan aon cathugh n-aghaidh a chéile dhinn go forcheann air
mbeathadh .i. an Dubhlaoch for an Gúal Gaoíth agus Maine
Liach mhac Righ Thire nOir agus Galach Géidghe mac Rígh
Thíre Tarngair agus an Céadach mac Rígh tTulach agus an
t-ochtar Gaoidhiol do ro bhamairne ann.


L. 57


Is ann sin éagcaoineas Cú Chulaind dócamhal
asdair an Charbaid Sheardha.



"Ná himshnighthear uime sin thú," air Manan-
nán, "óir cuirfead-sa an Carbat Seardha go Dún
gríain-gheal Dealgain air do cheann."



Iomthúsa an áoin-fhear déag sin, ceileabhraid
do Mhanannán mhac Lir mhic Allóid, agas do
ghabhamar lámh air imtheacht maille lé beagán
buidhne isna ródaibh réidhe ró-shoillseacha síar
gacha ndíreach go críochaibh cáomh-áille na
Peirsia, go ttángamar go Dún na Beinne Brice .i.
longphurt comhnuidhe Rígh Goistean, agas do
gabhabh go húasal forbhfáilteach leis an rígh sin
sinne.



Agas do bhí mac úasal oirbheartach aige
Goistean darbh ainm an Ciotach Cróidhearg, agus
tug an láoch sin cion ádhbhaeil-mhór do Chú
Chulainn, agas tríallus an Ciothach mur áon linne
as sin go Dún Múa, mur a raibh Éithne Chruthach
inghean Phalap. Agus air mbeith dhúinn air an
eachtra nochtas an Ciothach do Chú Chulainn
méad a ghráidh féin don inghin agus nach bhudh
beó é muna bhfaghadh í; "Agus fós," air sé, "is


L. 58


eagail liom, an tan do-chíthfeas an inghean cruth
agas deilbh Mhaine Líach, go ttiúbhraidh mise air
dearmad, ach go ttiúbhrainn táin an Tuirc Fhinn."



"Atáid anso tríar tréinfhear do mhacaibh
ríogh," air Cú Chulainn, "agas is eagail liom-sa
go ttiúbhraidh neach éigin dhíobh an táin sin ó
chách uile; agus atáid sin 'na ccáirde coimhchean-
gailte agam-sa. Ach tairis sin, asan ucht chuir
tusa ionnam, is badh dhuit mo chúngnamh don
dul sa chun na hinghine d'fhagháil."



Ní deárnadh fos nó comhnuighe linn íar sin
go rochtain Dún Múa, agas budh dóigh linne go
raibheadar mic ríogh an domhain uile air an
láthair sin; óir ní roibhe méad n-órdlaigh don
tulaidh fhairsing fhéur-úaine sin gan palliún mhic
rígh cona phuball ildhealbhtha fair. Agas fós
budh machtna mór agas íongantas áidhbheil
líonmhaireacht na ccleas ngoile bhí gá ccomóradh
idir na tréinfhearaibh sin air an magh go laéth-
eamhuil.



Ró shuídheamar air bpuball íar sin don táobh
amuigh don tulaigh ó dheas, agus mur sin dhúinn
gusan maidin airna mhárach, an dá fhear dhéag
ró bhámar ann, dís air áon-leabuidh dhínn; agas
ní sgaradh an Ciothach nó Cú Chulainn ó chéile
air mhéad an ghrádh agas an chion tugadar día


L. 59


roile. Agus níorbh aithne do neoch san domhan
áon seach a chéile dhíobh, air mhéad, air dheilbh,
agas air iorlabhra, agas ní raibhe d'eidirdhealbhadh
eatorra ach a n-éidighibh amháin. Agas fa héigin
dáibh sin féin do bheith air áon-nós fá dheóigh,
ach fíoghair a sgéithe, óir samhuil tuirc do-chí
a sgéithe shliocht Íre, agas samhuil leómhain
airna ghoin do ghaeth do bhí dealbhtha a sgíath
an Chiothaigh.



Is ann sin do-chúamar go tulaigh na teagbhála
mur a rabhadar na tréinfhir aig féuchain a ccumais
agas a ccródhacht a n-aghaidh a chéile. Dhá
lá dhéag dhúinn air an órdugh sin, agas tug
Maine Líach mhac Rígh Thír an Óir cosgar agas
comhmhaoídheamh na slúagh uile gach lá dhíobh
sin air cclaoídh na láoch go hiomarcach dhó.
Gabhas an Céadach, agas Galach Géidghe fúath
agas miosgais mór do Mhaine Líach do los na
n-éucht agas na mbúadh do bhudh cosmhuil dhó
do bhreith air fhearaibh an domhain, agas chúadar
a bhfód fó leith go ndubhairt an Céadach:



"Is crádh céadfaidh agas is ró-náir dhúinn an
fear do gabhadh 'na bhráighde linn, agas air ar
chlódhmar cath mór Thulaigh na Sgíath, a rádh
go ttiúbhradh oil ghaisgidh dhúinn a bhfiadh-
nuise cháich. Agas is baramhuil dhamh-sa," air


L. 60


sé, "go ttiúbhraidh sé an inghean úainn mur an
ccéadna, agas ó fhearaibh an mhagha uile."



"Ní maith liom-sa sin," air Galach Géidghe,
"agas ní idir créad an toirmeasg do churthaigh
fair; óir atáid móide fíor-láoich mur cheangal
cáirdeas idir sinn agas é."



"Do ró bhris féin na móide sin," air an Céadach,
"an tráth do-chúaidh do thabhairt air ccosgair ón
tulaigh don dul sa."



"Is fíor sin," air Galach Géidghe.



"Máiseadh tugamaoíd comhrainn dár ccogar
agas dár ccomhairle do Chú Chulainn," air an
Céadach, "óir is búadh-laoch é."



Tugadar Cú Chulainn leó íar sin, agas is é an
Ciothach a tárla forra, gédh do shaoíleadar gurbh
é Cú Chulainn é, agas nochtaid dhó a ccomhairle,
agas budh maith risan cCiothach congnamh ceilge
d'fhagháil a n-aghaidh Mhaine a ndóigh an inghean
d'fhagháil dhó féin; agas aseadh adubhairt:



"Níor fhéuch misi nó Maine a chéile a n-áon-
chluidhche goile nó gaisgidhe go fóill, ach ní badh
mur sin dhúinn amárach, agus muna ttiúbhrad a
chosgar do-dhéantar ceilg linn an' aghaidh dá
éis."



Sgaraid lé chéile íar sin agas tíaghaid gach dís
dá n-ionadh súain agas sár-chodalta.



Is ann sin a d'fhíafraigh an Ciothach do Chú


L. 61


Chulaind nair fhéuch áon-chluidh goile lé Maine
Líach aríamh? Agus adubhairt Cú Chulainn nár
fhéuch.



"Créad sin?" air an Ciothach.



"Atá," air Cú Chulainn, "go bhfuilid mo shinsir,
agas m'oideagh, agus iomad do thréinfhearaibh
infhéadhma airna cclaoídh leis, agus fós, ní léigfeadh
Conall nó Fearghus dhamh-sa dhul ann."



"Is náir liom-sa an comhrádh adubhairt Maine
Líach foraibh," air an Ciothach.



"Créad sin?" air Cú Chulainn.



"Gurab a bhfeill-bheart do goineadh lé Gaoidhil
a ccath mór Thulaigh na Sgíath é, agas fós nárbh
fhuráil dhóibh sin, nó go sráonfadh féin an
cath dá n-aimdheóin forra.



"Do-chúalamar an comhrádh sin aige madh
go ttrásd a cCathair Ghalrainn," air Cú Chulainn,
"agus muna bheadh eagla Fearghuis agas
Chonaill oram-sa, agas na móide cáirdeasa a tugus
dhó, ró bhudh mé an chéad duine do thaigéabhadh
fair amárach san tulaigh."



"Ní tú bhriseas na móide," air an Ciotach,
"ach eision ró bhris íad hana, air ttabhairt
cosgair bhur ttréan leis a ngeall air athais choit-


L. 62


cheann a thabhairt do láochruidh an bheatha, agas
fós a ndóigh an inghean d'fhagháil. Óir, an tí dá
ttiúbhradh sisi taitneamh, cuirfe air shlighe táin
a' Tuirc Fhinn do thabhairt é; agas ní fhaghthar
an táin sin do thabhairt go bráth gan teagasg na
hinghine céadna don tí do-bhéaras é."



"Ní maith liom-sa Maine do thabhairt na
tánadh sin, dá roigfeadh mo chumus fair, gan oil
d'fhagháil tair a cheann," air Cú Chulainn.



"Do-bhéarad-sa beirt theagaisg dhuit-se, a
Chú Chulainn," air Ciotach, "ionnus gomadh
sáor ó oil agas ó achmhusán h'oideadh thú."



"Créad é an teagasg sin?" air Cú Chulainn.



"Ní bhfuil san domhan dís is cosamhla ré chéile nó
inne arráon, agas iomlúaidhfead-sa amárach
dul d'fhéachain cleas ngoile le Maine Líach mur
neoch eile. Agas tabhair thusa mo sgíath-sa leat,
agas saoílfidh cách gur mise bhías ann, agas bíaidh
do sgíath-sa agam-sa an feadh soin."



"Is maith an teagasg sin," air Cú Chulainn,
"agas racha mise a n-aghaidh Mhaine Líach san
ccruth sin."



Air n-éirghe dona curadhaibh airna mhárach do
hiomlúaidheadh aca an Ciothach Cróidhearg do
dhul a n-aghaidh Mhaine Líach air an tulaigh an
lá sin. Gabhus Cú Chulainn sgíath an Chiothaigh,


L. 63


agas tríallus a n-aghaidh Mhaine a bhfíadhnuise
na slúagh, gur fearadh eatorra an iomad cleas
ngoile. Ro fhulainn Cú Chulainn don Maine, ach
géar mhór a ghoile agas a ghaisgidh a éuchta
agas a chosgar, máiseadh ní raibh air a chumus an
Cú do thraoíthiogha. Feargthar an curaidh
calma go mór air bhfaicsin na Coin aig fulang dá
neart, gur nocht íar sin airm fair, gur ro chréach-
nuighe é.



Ró bhámar uile gá bhféuchain, agas an tan
a-chonairc an Céadach an Cú aigá ghoin do láimh
Mhaine tháinic chugam-sa agas nasgas foram um
fhógra don cCoin cathugh lé Maine.



"Ní héadh an Cú fil ann," air mise.



"Is eadh, cheana," air an Céadach; "agas
gé d'fhéachamar uile air ccródhacht leis, máiseadh
do nochtaigh airm air an cCoin an tan sa
air 'olcas leis gan a chosgar d'fhagháil isna hil-
chleasaibh ó chíanaibh."



Ach atá ní cheana, ró bhí Cú Chulainn aigá
iomchosnamh féin aimsir imchían air an órdugha
sin a bhfíadhnuise na slúagh go bhfacamar cách
an Cú aigá chréachtnugh go tinneasnach do


L. 64


láimh Mhaine Líach. d'fhógramar uile d'aon-
ghuth dhó a chréachta do dhíoghailt fair. Imreas
Cú Chulainn airm fair Mhaine an tráth sin, go
ndeárnadar comhrac crúaidh curata. Ro bhádar
ré headh n-fhada aige tolladh agas aig túargain,
aige tréaghdugha agas aige treabhadh a chéile fá
dheóigh, go raibh an Maine Líach gá thraoíthiugh
go mór aig an cCoin, ionnus tré iomad a chréacht
go ttáinic airgheana báis agas búain-éaga dhó
air ttréigean a chrotha chaoímh-áille.



Is ann sin do luidh troim-cheó doilbhthe dúaibh-
seach fán magh uile, ionus náir léur neach a chéile
don ccoimhthionál. Agas do-chúalamar samhuil
fúaim rotha carbait aig gabháil tréas an tulaigh
seachainn. Ach atá ní cheana, gadthar Maine
Líach ón magh a' tráth sin. Agas air sgaoíleadh
agas air nglanadh don cceó fúaramar Cú Chulainn
an' áonar air thulaigh na teagbhála.



Tángamar uile chuige íar sin, agas d'athain
dhúinn gurbh é féin an Ciotach, agas gurbh é
an Ciotach a' Cú, ionnus go ndeachaidh oir-
dhearcus an Chiothaigh do los na n-éucht sin
ós áird tréasna slúaghaibh, go ccúalaidh an Rígh
Palap agus Eithne Chruthach, inghean an Rígh, an


L. 65


nídh sin. Agas do ró chuir an Rígh feasa agus teachta
air cheann mhic a dhearbhráthara, .i. an Ciotach
Cróidhearg; agus ní aomhfadh an Ciotach an
turas sin gan an Cú bheith an' fhochair; agas
tríallaid air áon go Dún Múa, mur do fearadh
fíor-chaoín fáilte friú ón rígh agas ón inghin agas
ó na húaisle aircheana. Agas do cuireadh an Cú
fá leigheas a ndóigh gurbh é an Ciothach ró bhí
ann. Agas táinig an inghean chuige ós ísioll,
agas d'éagáoin a chréuchta go dubhach. Do
labhair Cú Chulainn go ndubhairt: -



"Ná caoín mo chréuchta-sa, a ríoghuin," air
sé, "ach más mían leat mise mur chéile tabhair
dhamh do theagasg um tháin an Tuirc Fhinn."



TEASGASG ÉITHNE CHRUTHACH UM
THÁIN AN TUIRC FHINN.



"Is badh leat-sa sin d'fhagháil, a bhráthair
ionmhuin," air an inghean, agas adubhairt:



"Feacht n-áoin dá raibh meise dom oileamhain
agus dom áirdleasugha aig Íarla Leasa Caoí, ró
ghaibh reacht gola mé 'mo naoíghean nár sgar
liom go rabhus a n-aoís mo sheacht mbliadhan. Agas
Lios Gáir fa hainm don dún dhéagh-dhealbhtha
úd go n-uige an tráth sin. Agas lá n-áon dá raibh


L. 66


mo bhuime agas a hinnilt san lios, agas gan 'na
bhfochair don teachlach ach íad féin agas mise
aig ochán agas aig caoí, go ttáinic asteach don
mbruighean grúagach déid-gheal déagh-chruthach,
agas do ghaibh ionadh suidhe. Do labhair an
grúagach íar sin aigá rádh:



""Ní Dún Gáir an dún sa," air sé, "ach Dún
Caoí."



""Is seadh ón," air an ríoghain.



""Is áluinn an inghean, agas is neamh-
áluind a nósa," air sé, "agus is íongnamh nach
bhfaghthaigh a cosg dá síor-chaoí déar."



""Ní bhfúarus sin linn aríamh," air an ríoghuin.



""Dá ttiúbhradh a móide ris na coinghill do
chuirfinn-se fuirre do chomhall," air an grúagach,
"d'fhóirfinn ón doghrainn úd í."



""Más féidir a ccomhall," air an ríoghuin,
"do-ghéabhair sin."



""Ní bhfuil," air an grúagach, "ach gan fear do
bheith aice ach an tí do-bhéarus an Torc Firionn
Fionn fil a nGleann Laghna air Shléibhte na
hArménia chuigthe."



""Máiseadh," air an ríoghuin, "do-ghéabha tusa
sin, óir is feárr linne í a bheith gan fhear go foir-
cheann a beatha nó an leannán bróin úd do bheith
aice."


L. 67


"Cuireas an grúagach lámh 'na thimchioll,
agas tug caim-dhéad geal néamhanda tuirc amach
agas adubhairt ris an ríoghuin an déad do chumh-
dach mur eó nó mur dhealg ann m' fholt féin do
ghnáth, agas go sguirfeadh an caoí dhíom. Tug
an ríoghuin, .i. mo bhuime, a móide tair mo cheann
féin don ngrúagach, agas an tráth badh ion-
núachar meise do nasg mo bhuime na móide
foram; agas fós d'fhan an forainm, .i. Dún Caoí,
air Lios Gáir ó sin a leith, ó mo shíor-chaoí-si.



"Agas is trúagh doilghe liom-se," air Éithne
Chruthach, "cosgar na tánadh sin do nochtadh
dhuit, óir is é grúagach do bhí ann sin, .i. an
Torc Fionn, agas bí sé lá gach naoídheadh
blíadhain ann a chruth féin. Agas Cuimín Fionn
mhac Rígh na Gríach is ainm díleas dhó. Agas
cían ó shoin do bhí ban-draoígh a ccríochaibh
Gríach darbh ainm Cainne Chnó aige raibhe
macnuidh na ccríoch gá tteagasg aice, agas
Cuimín Fionn mur áon leó. Agas tárla go ttug
an chailleach tuile trom-ghráidh agas sruth síor-
ádhbhaeil seirce do Chuimín, agas tug Cuimín
éara dhi. Iar sin nasgas an chailleach geasa
troma draoígheachta fair mhac an rígh go ndeárna
torc tréan-áidhbhseach dhe agas do chuir a ccéin
óna thír féin é a ndíamhraibh Shléibhte na
hArménia.


L. 68


Iomthúsa Rígh Thír Gríach, mur do-chúalaidh
beairt na caillidh air a mhac, do chuir comh-
chruinniogha air úaisle na ccríocha do bhí faoí
agas do cinneadh comhairle aca an chailleach do
losgadh. Ciodh trácht, ró nochtadh dhi-se, tré
dhíamhair a healadhna, an nídh sin, agas táinic
roimpe go réim-dhíreach go Tír Thargaire go
Cathair Ghalraing; agas nochtadh dhi mur an
ccéadna go mbeithdís clanna ríogh iomdha an
domhain gá tteagasg aig saoígh lé foghluim na
n-ilchéard san ccathraidh sin. Do ghaibh an
uirid sin fúath agas miosgais Cainne Chnó lé
macaibh rígh an bheatha bhúain go m'fheárr léi
a mbás nó a mbeó do los Chuimín Fhinn.



Agas do bhí loch leathan-ghlan d'fhionn-uisge a
ngar don ccathair sin, agas cuireas an chailleach
í féin a ndeilbh péisde san loch, agas atá ann ó sin
a leith. Agas táinic dá éis sin saoígh don ccathruigh
réamh-ráidhte, agas do bhí aig búan-theagasg
inte, agas níor shnámh neoch an loch ó shoin
aríamh gan a ghoin do ghaeth a-chí a n-urbhruinn
na caillidh. Agas ní thugthar táin a' Tuirc Fhinn
go bráth lé háon ach ris an tí do shnámhas an
loch agas do mharbhas an phíasd agas bhéaras an
gath bulga mur chosgar úaithe. Agas gibé húair
do thiucfas an tí sin, mádh thig sé (agas is éadóigh
a theacht go bráth), 'sbádh héigin dhamh-sa
an déad a thug an grúagach dhamh do chur mur


L. 69


chomhartha dearbhtha leis go Gleann Lághna mur
a bhfuil an Torc Fionn. Agas aig sin mo sgéala
dhuit," air an inghean.



"Máiseadh," air Cú Chulainn, "do bhí mise
san ccathraigh sin Ghalrainn a tTír Tharngaire,
agas tugus oidhe na caillidhe; agas atá an gath
bulga a ccúmhdach agam a ccathraigh m'athara,
.i. a nDún na Beinne Brice. Agas air tteacht ón
turus sin dhamh tháingeas gan fhuireach don
choimhthionnál sa lé ceasda áon-laoch do
thabhairt-si."



"Beir búaidhe agas beannacht, a charaid
ionmhuin," air an inghean, "is maith an séun
do thoisg don ccur sa chugainn, agas aig so an
déad mur chomhartha dhuit, agus cuirfead-sa an
ghairm dhéigheannach amach amárach fán magh,
.i. nach bíaidh fear agam ach an té do-bhéaras
an Torc Fionn ó Ghleann Lághna gan fhuiliogh
gan fhóirdheargadh chugam."



Air mbeith slán óna chréuchta do Chú Chulainn,
ceileabhras féin agas an Ciotach don Rígh agas don
Ríghin, agas tagaid chugainn don tulaigh íar sin.
Agas airna mhárach táinic laoch go meadhóin na
slúagh gá fhógra dháibh nach bíadh fear aig Éithne
Chruthach, inghean Rígh Pálap, go bráth ach an
fear do-bhéaradh an Torc Fionn ó Ghleann Lághna
air Shléibhte na hArménia chuice, gan fhuiliogh,
gan fhoirdheargadh.


L. 70


Iomthúsa na mac ríogh sin uile, gabhaid lámh
air imtheacht, agas ní haithristear sgéaluidheacht
forra go rángamar sléibhte corr-árda cíoch-
ghéura na hArménia, agas do gabhadh leó long-
phuirt agas dúnta air na sléibhte sin a ngar do
Ghleann Lághna. Agas budh dorcha duaibhseach
an gleann sin, airna fholach do dhubh-cheó
dhraoíghtheacht' ó rinn go rinn, agas é an' áon-
dhoire coilleadh comh-dhlúth ón cceann gó chéile.



Is ann sin do hiomlúadhadh aig na mic ríogh
cía dhíobh do rachadh do thaisdeal an ghleanna
air ttús; agas do ráidheadar gur lé crannchur
budh cóir dul ann. Cuireadh an crannchur íar
sin.



Ach atá ní cheana, ní fhillfeadh neoch air ais
dá rachadh fán ngleann, nó sgéala úadha, ionnus
gur fágbhadh san ghleann chéadna, do bhíthin na
cúarta sin, ceárchad air chúig chéad mac ríogh
agas ró-fhlaith, ionnus nach raibh air fagháil dona
slóighte sin ach an t-aoín-fhear déag ró bhádhmair-
ne a bpuball air leith. Óir ní léigfeadh Cú
Chulainn dhúinn dul fá chrannchur leis an ccoimh-
thionáll.



Is ann sin do hiomlúadhadh againn cía rachadh
do thaisdeal an ghleanna air na mhárach, agas


L. 71


gabhus Galach Géidghe air féin an turus
sin.



Níor chían dhúinn amhluidh go bhfacamar
chugainn um thráthnóna dís déagh-láoch, agas is
íad ro bhí ann sin Manannán mhaca Lir agas
Maine Líach mhac Rígh Thír an Óir; agas badh
mór air lúthgháir roimhe Mhanannán an tráth
sin; agas tug Manannán achmhusán crúaidh
géur-cháinte dhúinn um an Mhaine Líach, léar
feargadh go mór mise ris an imeagallamh, go
ndúbhras, géarbh áluinn a dheilbh agas a dhreach,
nach raibhe ach daoígh go ttúaibheartaibh ann,
agas fós nach do ghníomharthaibh flatha nó fíor-
láoich do bhí tabharthach ach do mhéad a
shotail agas a mhóirmheas as féin, agas nach
bhfuigheadh urruim nó onóir ó áon againne go
bráth arís. Ach impidheas Manannán sinne um
thaisdeal an ghleanna do léigean do Mhaine air
ttús. Óir do ceileadh fós búadha na tána sin air
Mhanannán féin mur chách. Tugamaoidne sin
dó, agas a moch-thráth na maidne airna mhárach
do ghaibh Maine Líach um an ghleann; agus d'fhan
mur chách, gan fios a sgéal.



Is ann sin adubhairt Cú Chulainn go rachadh
féin do thaisdeal an ghleanna, go ttug ucht fán
ngleann, agas gabhas déad an Tuirc tug an inghean


L. 72


dó 'na láimh, ionnus gur fhosgail an ceó draoígh-
theachta uime, go madh léar gach clúid agus gach
ceárnasg don ghleann. Agas do fúair na mic ríogh
sin uile 'na sreitheacha fáon-luidhe air fad agas
air fíar-tharsna an ghleanna dhuibh dhóieóluis
sin, 'na ttoircheann súain agas sár-chodalta.



Níor chían dó amhluidh sin go bhfacaidh áon-
torc budh taidhbhseach cruth gach ndíreach san
leirg; agas go madh gile nó sneachta áon-oídhche
óthúaigh gach rúainne dá fhionfa; agas táinic
do láthair na Coin go ciúin ceannsaighe, agas
fearas fior-chaoín fáilte leis, go ndubhairt do
ghlór dháonna:



"Fáilte dhuit go Gleann Lághna, a Chú
Chulainn chosgarthaigh chath-bhúadhaigh. Is
sona agas is séanmhar do thoisg go fáras doilbhthe
draoíghtheacht Chuimín Fhinn mhic Rígh na
Griach don dul sa, óir is tú a d'fhoir mo gheasa
dhíom-sa. Agas fós, is duit is dúal agas is dlighthe
Éithne Chruthach inghean Rígh na Persia mur
chéile."



"Ní hé sin budh mían linne," air Cú Chulainn,
"ach an inghean sin d'fhághail don Chiothach
Chróidhearg air mhéad an chion atá aige fuirre."



"Do rogha dhuit-se um an nídh sin," air an
Torc Fionn."


L. 73


"Agas fós, is trúagh," air Cú Chulainn, "na
mic ríogh ró-úaisle so uile do thuiteam um áon-
mhnaoí."



"Do-dhéanad-sa a so-ghlúasacht más maith
leat-sa sin," air an Torc Fionn.



"Ní bhfuil nídh is feárr linne nó sin," air Cú
Chulainn.



"Máiseadh, déan-sa imtheacht as an ghleann,"
air an Torc Fionn, "agas cuir an Ciotach ann do
riocht féin chugam-sa ionnus go madh léar don
tslúagh gurab é bhéaras an táin don chur sa."



Táinic an Cú ón ngleann, agas budh mhaith
linne a theacht beó, agas adubhairt nach bhfacaidh
an Torc Fionn, agas go rachadh an athúair dá
íarraidh. Agas nochtus don Chiothach ós ísioll
agallamh an Tuirc Fhinn agas téid an Ciothach
don ghleann, gur éirghe bith-iomrádh againn
d'athmholadh na Coin. Do labhair an Cú caín
íar sin, agas adubhairt:



"Is aithmhilleadh draoíghtheactha atá oraibh,"
air sé, "óir ní raibh mise san ghleann, ach an
Ciothach cródha cosgarthach ró chúaidh ann."



Iomthúsa an Tuirc Fhinn, cuireas na mic ríogh
air marrthainn, agas tángadar ón ngleann mur
áon ris an cCiothach agus ris an Torc Fionn, agus
budh machtna mór linn uile méad agus áille an
tuirc sin.


L. 74


Tríalltar linn as sin go Dún Núa san bPersia,
agas do thoirbhir an Ciothach a' Torc Fionn
d'Eithne Chruthach. Agas an tráth chonairc an
Torc Fionn an gaeth bulga do-chúaidh ann a chruth
féin do láthair, agas budh mór athmholadh
cháich air Chiothach um an ghníomh sin.



Ciodh trácht tug Ciothach an inghean mur
chéile; agas dhíansgaoíleadar na mic rígh sin, .i.
gach áon dá dhúithche féin. Agas thugamar na
Gáoidhil ucht air imtheacht ass an bPersia; agas
budh mór na seóid úaisle agas na tiodhlaictheadh
troma fúair Cú Chulainn ón Chiothach; agas ní
dhéarnamar ach comhnuigh athghairid san ccrích
sin.



TRIALL NA CCURADH AS AN BPERSIA
DON GHRÉIG.



Ní haithristear sgéulaidheacht orainn iar sin go
rochtain na Gréige dhúinn, agas as sin go Cathair
na hAithne mur a raibhe Phíneus saoígh lé
fóghluim na cceárdaibh geintleacht', agas do
bhámar seal a bhfochair an draoígh sin. Agas a
ngar don ccathraigh sin do chomhnuidh rígh na
críche, a nDún Colgan, darbh ainm Stairnn mhac
Colgain. Agas do bhi mac mór míleata mear-


L. 75


chalma aig an rígh an tan sin darbh ainm an
Garbh Glúineach mac Stairne mhic Colgain.
Agas do rug an fear sin barr búaidh agas cosgair
air láochraidhe na Gréige go coimhiomlán; agas
budh mór áthais na nGréagach don láoch sin, agas
budh mhinic a chúairt go Cathair na hAithne.
Budh minic fós thug an fear fíal flaitheamhuil
sin an beagán Gaoídheal ró bhámairne ann do
chaitheamh fleighe go Dún Colgain. Agas lá
n-áoin dá raibh sinne agus mórán d'úaisle na críche
aige so-chaitheamh fleaighe san ríogh-dhún, agas
na Gaéidhil aig tabhairt túarasgbháil chath mór
Thulaigh na Sgíath dona láochraigh Gréagach',
mur áon lé Táin an Tuirc Fhinn, táinic don
mbruighean macáimh óg iolchruthach a
n-innealt agas a n-órdugha catha. Agas air
ttoigheacht a láthair dhó, fíafruigheas an Garbh
Glúineach sgéala dhe.



"Ceallach mhac Rígh na Caindia m'ainm," air
sé, "agas as sé ádhbhar mo thurais don Ghréig
don dul sa, .i. cogadh agus coinbhliocht do bhí
idir m'athair-se agas Phára, Rígh na hÉighipte,
lé cían d'aimsir. Agas do ró chosainn sinne,
na Caindibh, air bhfonn agus air bhfearann
go cródha, aig tabhairt iomad cathaibh agas


L. 76


mádhma air na hÉighiptibh lé raé fhichid
blíadhain, go ttáinic orainn fá dheóigh
Pháro go n-iomad Éighpteach agas Lochlannaigh
agas iomad do dhrongaibh eile gur chuireadar
ár na cCaindibh. Agas ní gabháil cháirdeamhuil
do-rinneadar sin, óir thugadar air n-ionbhus agus
air n-éadálaibh; agas níor léigeadar áon ass air
feadh a n-imtheacht. Agus do chuireadar an chrích
uile tré dhoighir dhearg-lasracha. Agas fós ní
tháinic beó úatha do thríochad mac agas náonmhar
inghean ró bhámar do chloinn aig Rígh Caindia
ach mise agus áoin-ndeirbhshiúr amháin dhamh. Agas
d'fhágbhas an inghean sin air chumairce Phrionnsa
na Teasáile, óir is dearbhráthair máthar dhamh
é. Agas tug an fhlaith sin tríochad chéad curaidh
mur chongnamh slúaigh dhamh agus do ró shir mé
úaisle na nGréagach uile, agas níor éur neoch mé
gan cungnamh do thabhairt dhamh. Agas tugus
mur an ccéadna tríochad céad Eadáilleach liom,
agas ní fonnmhar na mór-shlóighte sin imtheacht
do dhéanamh gan do chogar agus do chomhairle
agas do chungnamh-sa a bheith aca," air sé.



"Do-ghéabha tusa sin," air an Garbh, "agas
déan imtheacht romhainn go Teasáil, agus bí urlámh
ollamh air ar cceann maille lé do slóighte."



Do luidh Ceallach for ccúla go Teasáil, agas
budh mór meanmainn an fhir sin um chungnamh


L. 77


a' Ghairbh d'fhághail, agas do bhí san Teasáil aig
fuireach teacht na mbuidhnibh chuige.



Iomthúsa an Ghairbh Ghlúinigh do-ghnídh
comhchruinniogh air láochruigh Atainensi, agas
na ccríoch fa coimhneasa dhó, agas do thogh deich
ccéad fhichead curaidh ro-chalma as an lucht ró
bhí ann. Achmhuinigheas an Garbh sinne um
dhul leis, agas d'áomhamar sin. Agas tug an Garbh
trí chéad curaidh mur bhuidhean do gach fear
dhínn, agas trí chéad dá dhearbhráthair féin, .i.
Ogna mhac Stairne, agas trí chéad dhó féin. Agas
do chuir an Garbh teachta go Teasáil dá rádh ré
Ceallach go ttaigéamhadh féin fair a ccríochaibh
Caindi.



Do ghabhamar luingeas aig cúan Chathair na
hAithne, agas seóltar linn go réim-dhíreach tair
dhomhain-lintibh na mara mór-áidhbheile, agas
ní haithristear sgéaluidheacht orainn go ráin-
geamar a ttír a ccríochaibh cáomh-áille na Caindia.
Agas budh háluind fonn agas fiodhbhaidh na tíre
sin, agas fós budh mór na hárra agus na heas-
argain a tugadh inte; óir tugadar na hEighiph-
tigh a n-ionmhus agas a n-éadála, a gcraoidhthe
agas a ttáinte, agas a sréadtha uile, agas d'fhágaibh
'na háon-tuind féir agas fásaidh í.


L. 78


CATH MHAGH TRÉADA SAN CCAINDIA.



Lá n-aoín dá raibheamar air úir an chúain sin
a ccríochaibh Caindi aig fuireach teacht an
Cheallaigh, do-chímid chugainn san áird anoir
gach ndíreach láoch leómhanda lán-aidhbhseach.
Agus budh machtna mór linne earradh, inneall
agus éideagh an fhir sin, .i. asáin a dhíbh chos
déanta do chriosdal agas do chormhoguil go
cuanna ceart-chumtha, agas a chos-éidiogh
d'fhionn-bhruinne cheárdamhuil, go madh solus
a n-oídhche raé ndorcha gach loinnreadh lán-tsoill-
seach do thigeadh dona réaltain cloch-bhúadha ró
bhí san ccos-éideagh sin; agas budh gile nó cubhar
cúain a éidiogh uile ó sin amach, ach a sgíath agas
a chlogad; agas budh deirge nó grís lasair-ghlan
teineadh-bheódha an sgíath agas an cathbhar
sin. Agas budh gile fós nó sgotha fionna gach
cúach agas gach cam-dhlaoíth d'fholt an rígh-
mhílidh sin, go roigfeadh a cholpa síar seachtair
a chúla; agas stéad air dhath na hala, agas go
madh lúaidhthe í nó áinnle ría ccioth ndílionn.
Agas an tan táinic an láoch a ccomhfhogus
eagallamh don tslúagh do ró fhíafruighe do ghuth
mhór cía bhudh taoíseach fór na slúaghaibh sin.


L. 79


Do freagradh an láoch, aig rádh gur bhudh hé
an Garbh Glúineach mhac Stairne ón Ghréig
budh taoíseach dháibh.



"Máiseadh," air an láoch, "abair leis teacht
d'eagallamh liom-sa don chur sa."



Do-chúaidh an Garbh go hairm a raibh an
láoch, agas beannuigheas dó.



Freagras an láoch an beannugh mur an céadna,
agas fíafruigheas de. "An bhfuil isna buidhnibh-si
neoch do Gháoidhealaibh?" air sé.



"Atáid ochtar Gaoidheal ann," air an Garbh.
"Gair chugainn an beagán buidhne sin," air an
laoch.



Goirthear orainn do láthair an ghrúagaidh, gur
thoirbhir póga go dil díochra dhúinn. Is ann sin
tug Cú Chulainn aithne fair gurbh é Cuimín
Fionn mhac Rígh na cCríach ró bhí ann.



"Is mise an tí sin gan amhrus," air Cuimín,
"agas do ghaibh conáilbhe leat-sa mé airna fhoil-
siogha dhamh tré dhíamharúin m'ealadhna go
ttiubhradh Fuinnse Folgain, .i. draoígh déigh-
eólach fil aig Pháro, amus longphuirt a ndeilbh
dhraoíghtheacht oraibh, gurab uime sin tángas a
ccéin dá bhar ccabhair orra. Agas um thráthnóna,
a ndeilbh tréada, thiucfas an draoígh sin orraibh,
agas mórán do shlúagh Pháraoh uime. Ach


L. 80


dhéanad-sa ceilg 'na haghaidh súd dhíbh-se,"
air Cuimín Fionn, "óir cuirfead a riocht fáolchoin
sibh; agas tíadhaigh san bhfiogh air bhfágbháil
bhur bpuiblibh agas bhar méirgibh ós áird, mar
áon lé beagán do bhur láochraidh gá ttaisealbhadh
féin dáibh; agus lingthear libh-se air a ccúla
forra; agas déantar éachta maithe an tráth
sin orra libh."



Ro budh mór-mheanmnach sinne um an sgéul
sin. Ach tángamar don longphurt mur áon lé
Cuimín Fionn; as um thráthnóna an treas lá
iar tteacht do Chuimín, do-chímíd chugainn isna
maghaibh mór-fhairsinge don táobh anoir na
trom-tsréada mall-shiobhail sin, agas gach ríogh
raith-dhíomhór a ttoiseach a tsréada féin.
Gabhthar linne isna fiodhaibh go héasgaidh ath-
láimh íar sin, agas do-rinne Cuimín fáolchoin
fháobhrach' fhuilteach' dhínn. Agas cuireas brat
síothardha uime Chú Chulainn, ionnus náir léur
d'áoinneach é, agas tug comhartha foluighthe dhó
air an draoígh, go ngéabhthaigh leis é. Agas an
tráth chúaidh na tsréada thorainn síar tugamar
ucht do leith a ccúil orra, go ndeárnamar gleic
fhuilteach fheóil-ghearrtha forra, agas dob é an


L. 81


draoígh an chéad-neoch do gabhadh a mbraigh-
deanas dona slóighte sin. Agas níor sguireamar
don trom-thúargain sin gur ghaibh an ghrían
ghnúis-sholasda dá hádhbhaidh chodalta. Agas
fán am sin do bhí an magh airna fholach do
chorpaibh láoch. Óir gach neoch dá ngontaigh
san ngleó do thigeadh ann a rioch féin marbh air
an tulaigh. Agus ní théarna beó úaind don trom-
shlúagh sin Rígh Pháro ach Fuinnsi Folgain
amháin.



Tíaghmaoíd-ne dar bhfoslongphuirt íar sin go
cosgarthach, comhmhaoídhfeach, lán d'úaill agas
d'aigneadh air ccur an áir mhóir fair air mbíodh-
bhaidh, gur caitheamh linn pruinn agas tomhaltas,
urghnamh bídh agas leanna. Agas do canadh
againn ciúil agas oirfideacht go meaghair-chaoín
an oídhche sin. Agas Magh Tsréada a cCrích
Caindi gairmightear don magh ccéadna ó sin
anúas agas cath Mhagh Tsréada don ccath ró
thugamar air an tuláigh.



Is amhlaidh do bhí Pháro an tráth sin cona
shlóighte iomarcach' air bhrúach shrotha Nilus
atá aig snoidhe tréisan Chaindia, agas tré Thíorr-
thaibh cCurach, agas síos trésan Éghipt. Agas
táinic luct forfhaire Pharo gá nochtadh dhó na
trom-árrtha tugadh air a láochraidh, gur ghabh
tuirsi mhór uime sin. Tángadar taoísigh na


L. 82


slúagh chuige mun am sin agas is í comhairle
do cinneadh aca an t-ár do dhíoghailt oraind
agas cath do thabhairt dhúinn.



Iomthúsa an Cheallaigh táinic chugainn
go Magh Tsréada maille lé slúagh líonmhar
Gréagach agas Eadáilleach, agus budh mhaith an
séun agas an sonus leis na hárrtha agus na heas-
bhadha thugamar air láochraidh na hÉighipte.
Agus airna mhárach do thríallamar ó Mhagh
Tsréada go Cam-chnoc soir, agus as sin go Fiodh Forra
agas go Magh Gaidion, agas go Máol-chnoc
Orcha. Agus do bhámar oídhche ann sin; agas
do chuireamar lucht forfhaire úainn air Chnoc
Orcha an oídhche sin. Agas airna mhárach do
thríallamar as sin soir go Tall-mhagh, agas go
Dún Calla, agas as sin go hÁrd an Óir; agas do
shuidheamar puball um thráthnóna an laoí sin fá
bhonn Árd an Óir, agas do-chúaidh forfhairighe
úainn air árd na tulcha taobh-úaine sin, agas níor
chían dáibh go bhfacadar chuca san áird anoir
gach ndíreach Pháro cona shlóighte iomarcach';
agas do gabhadh longphurt leó sin air an taobh
shoir d'Árd an Óir an oídhche sin. Agas do
bhádar lucht forfhaire an dá shlúagh aig imeag-
allamh a chéile air an tslíabh go maidin airna
mhárach.


L. 83


CATH SHLÍABH AN ÓIR SAN CHAINDIA.



Is ann sin do chuireadar taoísigh na slúagh
do gach leith a mbuídhnibh a n-innioll agas
a n-ordugha catha lé hucht na maidne moch-
shoillse, agas sinneadh leó a ccaismirtibh catha,
a stuic, agas a mbeannaibh bláith-bhinne búadh-
bhaill, agas ní ghéabhaidís Gréagaidh gan tús
iorghala 'thabhairt don Gharbh Ghlúinneach.
Cromas an Garbh cona shlúagh-bhuidhean san
ccath, agas do leanadar Gréagaidh go mór-
mheannmnach é. Ciodh trácht, budh trom an
túargain tug an Garbh air shlúagh Pháro don
chéad-choinsgleó, go ttáinic Galgon, .i. taoíseach
Rígh Pháro, a n-aghaidh an Ghairbh, agas do-
rinneadar an dís déagh-láoch sin comhland cródha
coimhneartmhar lé chéile, go ttángadar na slóighte
do gach leith eatorra, agas do chromadar san ccath
íar sin, .i. gach tréan aig traoíghthiugha a bhíodh-
bhaidh.



Iomthúsa Ghalgon, tug ucht anbháil árrachtach
air Ghrégaidh an tráth sin, go ndeárna ráon ró-
farsaing tré thuibhe na slúagh aige traoíghthiugh
agas aig dían-chosgairt láoch do gach leith dhe,
léar tógbhadh gáir éagcomhlainn aig Gréagaidhe
uime ann gach conair dár ghaibh, go ttárla Oghna
mhac Stairne mhic Colgain fair. Agus do thúar-
gain an mílidh Galgon an láoch sin do bhéaimean-


L. 84


naibh búan-bhorba, gur theasg a cheann de géar
mhór an dúath agas an dochar fúaradar Gréagaidh
aigá chosnamh.



An tráth chúalaidh an Garbh Glúineach gur
torchradh a dhearbhráthair ris an tréinfhear
Galgon táinic a ccoinne agas a ccomhdháil an
mhílidh sin, go ttugadar na hurradha iorghala agus
na húaithneadha catha comhóra frassa fáobh-
racha fír-neartmhara dá n-armaibh díobhraice dá
chéile; ach géur mhór cródhacht an Ghairbh
Ghlúinidh bhí do rígh-neart an mhílidh Galgon
gur thraoíthigh é, agas gur thréan-chréachtnuigh
san deabhaidh é. Ach tángadar Gréagaidh eatorra
an ath-úair, agas tugadar an Garbh as an ccath
ré ceaisd an churaidh Galgon. Agas budh doilghe
dóichreidthe na díthe agas na trom-árra tug
Galgon, a' tréainfhear, air shlúagh na nGréagach
an tan sin, gur mhaoídh an cath san tulaigh síar
fó thrí.



Is ann sin a d'fhógair a' Garbh dona Gáodhail
cona mbuidhnibh an mhaoídhm sin do chabhair.
Do-chúadhmar san ccath íar sin, gur theagaibh
mise agas an mílidh Galgon dá chéile, lé ttugamar
achmhusán ainíarmartach dár sean-armaibh snasda
slím-ghéura for chleaithibh agas for chompair a
chéile. Aimsir imchían dhúinn mur sin aig tolladh
agas aig pían-ghuin día-roile, gan fios time nó tláis


L. 85


aig ceachtar dhínn. Agas ré headh na haimsire
sin ro thiomáin Fearghas agas Oilioll Fionn, an
Fear Día agas Con Raoí, Náos agas Lughaidh
mhac Nóis agas na Gréagaidh, slúagh Pháro tair
a n-ais san tulaigh soir. Is ann sin táinic Molac,
a' taoíseach Eadáilleach, cona thríochad céad
curaidh don ccath, agas budh maith na héuchta
do-rinne an láoch sin air tteacht dhó; óir do
mharbh Tanánach mac Pháro, an mílidh mór-
chalma do bhí aig díothughadh na nGréagach;
agas fós tug an Molac céadna maoídhm mhór
air shlúagh Pháro san magh soir.



Leis sin táinic úam-sa an curaidh Galgon d'iom-
chosnamh shlúagh Pháro; agas do-rinne an láoch
éuchta móra san teagbháil sin; agas d'aimhdheóin
na nGréagach do chuir slúagh Pháro 'na n-iona-
daibh catha féin arís. Is ann sin do ghoin Molac,
an tEadáilleach, Galgon d'urchar gaéthe san ucht.
Téid Galgon amach as galach nó as goile an
chatha agas do ró cheangail an chréucht ó shileadh
fola, agas táinic san ccath íar sin, aig tabhairt
ucht air shlóighte na hEadáille. Agas budh
machtna mór liom-sa an úamhain ro ghabhadar
na slóighte roimhe an láoch sin, óir tug féidhm
fíor-chuimseach catha 'na measg, léar léigeadh
ráon ró-fhairsing dó, agas ní roigfeadh neoch nach
marbhadh nó nach ttrom-ghoineadh; agas táinic


L. 86


mur leómhan air luinne aig traoíghthiugh agas aig
tréaghdagha, agas aig dían-chur áir na n-Eadáil-
leach, gur theagaibh an láoch Molac dhó, agas
do thrasgair go lán-talmuin é mar an ccéadna.
Agas táinic tréasna slúaghaibh go tibhe na
nGréagach, gur ro thrasgradh an rígh-mhéirg go
lár agas go lán-talmhuin leis. Tug an rígh-
mhílidh teóra trom-ghona don nGarbh Ghlúineach
d'aimhdheóin na nGréagach, go madh forrúadh
an talamh do chrú an churaidh. Táinic as sin gan
sgíth gan sgur ag díothiogh aicmeadh Fhearghais
mhic Róigh fair, agas tug béidhm cloidhimh
d'Fhearghus féin gur theasg toirt mhór dá earradh
agas dá éidiogh agas dá fheóil dá dheas-ghúala,
gur bhudh cosair chró é. Goineas mur an ccéadna
Con Raoí mhac Dáire go tinneasnach agas budh
tréatholta an Fear Día dá láimh, agas tug áladh
dhomhuin dhóileighis do shonnadh sleighe
dhamh-sa.



Ciodh trácht, níor theagmhaidh fair taoíseach nó
tréinfhear nó láoch infhéadhma nach ttug an
mílidh Galgon sleacht chneidhe fair, agas téid
ass íar sin, agas tug don ccath tríochad céad dona
Geinte Úathach', .i. lucht feóla dáoine d'ithe íad
sin, agas tug ucht fair na Gréagaidh, gur ghaibh
aigá ttraoíthiogh go hiomarcach. Agus an tan do-


L. 87


chonairc mise na díghthe, agas na heasbhadha tug an
tréinfhear Galgon air na slúaghaibh, agas fós go
madh cosamhuil an cath do chló forainn, gabhaim-
si sleagh choimhneartmhar chrann-reamhar chró-
fhairsing chatha, agas gabhaim aig dían-
sgaoíleadh agas aig treasargain na nGeinte
Uathach, go ttugas ár mór forra don rúathar sin;
ach tairis sin do mhaoídh Galgon an cath orrainn,
agas do bhádar na Gréagaidh gá ttroíthiugh go
hiomarcach san tulaidh síar.



Is ann sin, do theagaibh Molach, an taoíseach
Eadáilleach, oram-sa, go ndubhras leis go madh
náir dhúinn an cath do dhul forainn amhluidh sin.



"Máiseadh," air Molac, "dá ccoisgfidh Galgon
an tréinfhear dhíomh-sa agas do ma mhuinntir,
budh dóigh liom an cath do chur air na hÉighip-
tigh. Agas is ró-aithreach liom teacht don ccath-
raigh don turas so," air sé, "óir a tugadh ár mór air
mo mhuintir, agas tairis sin, ní cosmhuil linn
búaidh do thabhairt."



Adubhairt mise lé Molac calmacht mhaith do
dhéanamh go ttiucfainn féin don ccath arís, agas
dá ma cumus dhamh go ccoisgfinn an mílidh
Galgon dhe.



Do-chúaidh mise íar sin go hárd na tulcha mur
a raibhe Ceallach go tuirseach doimheanmnach aig
faiccsin an chatha gá mhaoídheamh air Ghréagaidh,


L. 88


agas Cú Chulainn an' fhochair; óir ní lamhamaoís-
ne Ceallach do léigean san ccath air a óige agas a
an-áosdacht. Agas tug mise Cú Chulainn cona
bhuidhean don ccath, agas sileadh súl dá ttugas
úaim san áird soir do-chím slúagh-bhuidhean aig
teacht don ccath, agas budh dóigh liom gur bhudh
lucht carbat do bhí ann. Ach tugam Cú Chulaind
cona thrí mhíle láoch mur chungnamh do Mholac,
agas do-rinneadar sin éuchta maithe, óir do
theasgadar an eang don ccath ró bhí reompa,
agas badh méud meanmainn do Mholac éuchta
Cú Chulainn fair na hÉighiptigh.



Is ann sin do theagbhaidh Galgon an tréinfhear
dhamh-sa, agas é 'na ruisde rúaidh-dheirg ó
thabhairt áir na nGréagach, agas na Geinte
Úathach' do gach leith dhe mar sgíath dhídein
uime, agas ní raibhe beó agam-sa an tráth sin
dona trí mhíle Gréagach a thugas don ccath ach
caogad air naoí ccéad. Ach tugas ucht árrachtach
air Ghalgon, agas comhraiceamh go cródha leis.
Tángadar na Geinnte Úathach' umam da dhíoghailt
forram na hárra tugas orra roimhe san ccath.
Gidh eadh, ró chosain Gréagaidh go maith mé.



Is ann sin do thógbhas m'aigneadh ós áird, agas
do thiomsuidheas mo bhríghe agas m'uile neart
goile go hiomlán a n-aghaidh an tréinfhir, agas
níorbh fhuráil sin.


L. 89


Ach sonnadh sár-chalma sleaighe dá ttug mise
air chaoídh an tsiain-chleas a ccleaithibh an
churaidh gur chuireas feadh láimhe láoich tré na
chompar síar seachtair í, agas d'fhágbhas an
tsleagh gan tarraing amluidh sin; agas tugas ucht
air na Geinte Úathach' co nach ndeachaidh áon a
mbeathaigh úaim dhíobh.



Ciodh trácht, an tan do-chúalaidh láochraidh
Gréag gur thuit an mílidh Galgon, níorbh eagail leó
slúagh Pharaó.



Táinic chugainn íar sin an Garbh Glúineach, agas
d'fhógair dhamh-sa an cath d'fhágbháil agas
m'áladh do cheangal. Óir budh créachtach
cróilinnteach mise do láimh Ghalgoin, an rígh-
mhílidh; agas adubhairt go sráonfadh féin agas
Molac an cath air shlúagh Pháro. Tréigim-si
an cath íar sin, agas chúadhas go hÁrd na Tulcha
mar a raibh Ceallach, .i. Rígh na Caindia, agas budh
mór muirnn agas onóir an fhir sin rómham; agas
d'fhógair dona leaghaibh mo chneadha agas mo
chréachta do chórughadh go maith.



Is ann sin tugadar Gáoidhil agas Gréagaidh agas
Eadáillibh ucht uir-mheisneamhuil air shlúagh
Pháro, gur bhrúchtadar forra san tulaigh síar, go
ttárladar tríocha chéad carbad ón Éighipt forra;
agas iompóghas slúagh Pháro cona núadh-


L. 90


bhuidhean orainn, agas do-rinne Molac agas Cú
Chulainn éuchta móra forra an tan sin: óir do
mharbh Cú Chulainn an t-úaithne céadfadhach
cródha calma Tamnas, .i. taoíseach na ccarbad,
do chomhraic go cródha an' aghaidh, a ccor
ndeiling san tulaidh. Agas do mharbh Molac
días mac Pháro, .i. Jacas agas Jobanas.



Tugadar Gréagaidh maoídhm mhór eile orra
soir go Ráth Hairg, agas iompóghas slúagh Pháro
orra ann sin, gur fearadh cath dúabhseach
eatorra ann air marbhadh naoí míle láoch san
ccoimheasgar. Tugadar Gréagaidh maoídhm eile
orra ass sin soir go Camair air bhrúach Shrotha
Nilus, go ttáinic an aoidhche orrainn ann sin.



Airna mhárach do fúaramar an magh gan áon
fair. Ro cinneadh comhairle againn um an ccath,
agas as eadh do-rinneamar, conách an áir do thiom-
sugha agas na mairbh d'adhlacadh, agas íar sin
tugamar tóruidheacht do shlúagh Pháro lé cois
Shrotha Nilus gach ndíreach don Éighipte, agas
do chuireamar na slóighte a ngréim a n-imlibh na
hÉiphte aig Capasnaron. Agas do fearadh cath
mór againn ann sin; ach do chlódhmar an cath
sin air Pháro. Agas teitheas Pháro as sin go


L. 91


Slíabh Daé. Ro leanamar an slúagh ann sin gur
chuireamar a ngréim íad aig bonn Shléibhe Daé
san Éghipt, aig tabhairt áir mhóir orra. Gabhthar
a' Rígh Pháro an' áonar ris an bhFear Día air
ndul dó dá dhídion féin a n-úaimh do bhí san
tslíabh.



Ní mór comhnuigh do-rinneamar ann sin go
rángamar Cathair Uibhne, .i. longphurt órdha
uchtbhláidh Rígh Pháro, agas gabhthar linne í iar
ccaitheamh tríochad lá a bhfoslongphurt ré hucht na
caithreacha sin. Do bhádar fán am sin a mbraigh-
deanas againn Rígh Pháro cona ríoghuin agas
cona thríar mac, agas inghean óg áluinn iol-
chrothach darbh ainm Cubhnora. Tángadar íar
sin úaisle na hÉighipte don leith amuigh do
mhúraibh na caithreacha, agas do bhádar féin
agas taoísighe na nGréagach aig imeagallamh a
chéile treimsi fhada. Ro bhudh mór na cumhthadh
thairgeadar na hÉiphtibh tair cheann Pháro agas
a chloinne, agas síth do dhéanamh; agas ní
ghéabhadh an Garbh Glúineach síth nó osadh
úatha, muna ttiúbhradh Pháro a inghean Cubh-
nora mur mhnaoí agas mur bhainchéile do Cheal-
lach Rígh Caindia, agas fós lóir-ghníomh do
dhéanamh isna hárra agas isna heasbhadha tug
Pháro san ccrích réamh-ráidhte. Ciodh trácht,
tugadar na húaisle coraidheacht orra um


L. 92


na cumhtha sin do chomhall. Agas ní lamhadh
an Garbh Glúinneach an núachar sin do
shnámadh san Éighipt; ach tug na bráighdibh
tair a n-ais go Caindia, d'eagla tromluidhe na
n-Éighipteach do theacht orainn san ccrích sin.
Ach atá ní cheana, tug Ceallach, Rígh Caindi,
Cubhnora, inghean Pháro Rígh na hÉiphte, mur
ríoghuin; agas do ceangladh síth agas caradradh
idir an dá rígh sin; agas tugadh tiodhlaicthibh
troma agas iomad óir agas iolmhaoíne do Ghré-
agaidh, d'Eadáillibh, agas dhúinne na Gáoidhil;
agas do dháil an Rígh Ceallach fleagh mhór-lúach
feadh naoí lá air mhí orainn.



Agas a cceann na raé sin do ghabhamar lámh
air imtheacht, agas ró chúaidh Pháró don Éighipt
go heasbhuidheach athchlaoídthe, agas táinic an
Ceallach linne don Ghréig, agas tug a dheirbhshiúr
(Iubhar a hainm) mur mhnaoí agas mur bhain-
chéile don Gharbh Ghlúineach. Rángamar as
sin go Dún Colgain, go mbúaidh cosgair agas
comh-mhaoídheamh linn.



Seal dhúinn a nDún Colgain fá mhuirnn agas fá
mheaghair mhóir go ttug an ríoghuin Iubhar
tuile trom-ghráidh agus searc fír-áidhbheil do Chon
Raoí mhac Dáire, go ndeárna feis agas fáodhmhadh


L. 93


leis. Brathas an Garbh Glúineach an nídh sin gur
feargadh go hiomarcach é. Ach fúair Con Raoí
árach fair gur marbhadh an Garbh leis, agas
tug Iubhar air éalógh as an Ghréig don Eadáill;
agus budh mór luathgháir Mholac roimhe Chon
Raoí.



Iomthúsa na nGréagach an so innistear sunn
seal eile.



TRÍALL NA CCURADH AS AN NGRÉIG.



Tiomsaighidh Gréagaidh a reannta as gach
áit a raibheadar, .i. lucht na Créta, agas Chríche
Noileach, agas laochraigh Chathair na hAithne,
agas tugadar sin a ccúngnamh dá chéile chum
Gáoidhil do dhíthcheannadh. Ach budh heólach
mise go maith a ccríochaibh Gréag gurbh éigin
dhúinn dul dáir ndídean féin go díabhraibh
Shléibhte Riffe; agas do ró leanadar Gréagaidh
go hiomarcach sinn, gur shuidheadar na mór-
shlóighte sin 'na mbuídhnibh a mbéul gach conair
dá raibh fóna sléibhte an tráth sin.



Agas fá neóin airna mhárach do-chímid long
luchtmhar lán-aidhbhseach airna seólugha do


L. 94


dhruim mara go bonn Shléibhte Riffe, agas an
tan do tháinic a ttír ní tháinic aisde ach áon-láoch
amháin, agas ní dheárna an fear sin fos nó cómh-
naigh go ttáinic go réim-dhíreach chugainn go
cúas an tsléibhe mur a raibh foslongphurt againn.
Agas as é an láoch ró bhí ann sin .i. Cuimín Fionn
mhac Rígh na cCríach, agas do thoirbhreamur
póga go dil díochra dhó.



Suidheas Cuimín 'nair bhfochair agus adubhairt
linn gan úamhain do bheith 'nair meanmainn um
neart na nGréaccach, agas go ccoiseónadh féin
air Ghréagaidhe sinn. Agas tug Cuimín íar sin
brat seardha do gach áon againn, agas adubhairt
linn amus longphuirt do thabhairt air na Gréagaidh
agas éuchta maithe do dhéanamh orra, agas go
n-fanfadh féin tair air cceann aig an luing. Do
chríochnaigheadh an chomhairle sin linn.



Tugamar ucht air na Gréagaidh an oídhche sin
gur díthcheannadh linne uimhir dhó-áirmhthe
dhíobh, ionnus gur thuiteadar deich ccéad mac
ró-fhlaith d'úaislibh na nGréagach don dearg-
rúathar sin linn, agas tugamar iomhus agas
éadálaibh móra uatha don luing.



Dála na nGréagach do chuireadar teachtaibh a
d'fhios phrionnsaidhibh na Gréige, agas tángadar
sin cona líon láochruidhe go hucht Shléibhte
Riffe, agas tugamar amus longphuirt arís orra a


L. 95


nGleann Crú, mur a ttugamar trom-argain mhór
orra, ionnus go ndeárna na srotha fola foirdhearga
leirg mhór san ghleann, gur dhe do ró lean an
t-ainm, .i. Gleann Crú don ghleand chéadna ó sin
anúas. Ach do bhúaireamar agus do bhriseamar
do Ghréagaidh an tan soin, agas do leanamar an
rúaig aig cur an áir go tráthnóna an lae sin. Ach
atá ní cheana, thugamar seóid iomdha na ttíorr-
thann sin linn don luing iar dtain, mur a bhfúara-
mar Cuimínn air ar cceann.



Chúadhmar air muir íar sin, agas do cinneadh
comhairle againn cía conair dia ngéabhamaois;
agas adubhairt Cuimín linn go raibhe Con Raoí san
Eadáille a muirnn mhóir aig Molac, ach adubhairt
mise go ttiubhrainn amus air thor Mhorca Mhóir
a n-imlibh Chríocha Lochlann, mur a raibhe an
iomad seód agas saidhbhris mur áon lé hinghean
áluinn do bhí aig Morca Mór, agas ní lamhaidís
slóighte iomarcach an tor sin air a iomdhaingne.



Agas adubhairt Cuimín gur lé ceilg budh héigin
an tor do ghabháil, "Agas is eadh is indéanta
dhíbh," air sé, "inneall fheara mara do ghabháil
oraibh, agas seóid iomdha na nGréagach do bheith
go follus air bhrataibh san luing. Agas thusa, a
Chonaill," air sé, "éidiogh ceannaigh do ghabháil
ort, agas an tráth chíthfeas úaisle an tuir méad
agas áille na seód, géabhaidh taitneamh dháibh


L. 96


íad, agas sainntéabhaidh Morca Mór bás agas
oidhe do thabhairt dhíbh, agas na seóid do bheith
aige féin."



Do-rinneamar amhluidh sin, agas an tráth do-
choncadar lucht an tuir na hiolmhaoínibh san
luing, d'fhógradar dhúinne theacht a ttír a ndóigh
malairt earraidh do dhéanamh linn. Ach
an tan do fúair Morca Mór sinne don táobh astoigh
do mhúiribh an tuir d'fhógair dá láochraigh air
cceangal agas air ccuibhreach. Act is amhluidh
do bhámairne agas cloidheamh colg-fhada a
n-fochras gach aoín againn, agas mur do-chúala-
mar furfhógra Mhorca Mhóir, do shníomhamar
sinn féin as dhóidibh na láoch go ttugamar túargain
thréan thinneasnach orra.



Is ann sin do ghaibh Morca Mór aithne dhamh-sa
gur fhógair cumairce oram, agas sul do ráinic liom-
sa a chabhair, ró theasg an Fear Dia a cheann
dhe.



Ach atá ní cheana, tugamar seóid an tuir linn
agas an inghean mur áon leó, .i. Béanna a hainm,
agas ní dheárnadh fos nó comhnuidhe linn gur
ghabhamar cúan san mBreatain Mhóir. Agus
is ann sin do phronn Cuimín caoímh-úasal mhac
Rígh na cCríach an t-each geal, cona a earradh
agas cona a éidiugha oireachtais, do Chú Chulainn,
agas d'fháig iomchomairce beatha agas sláinte


L. 97


againn, agas adubhairt go rachadh don Eadáill
go ttiubhradh fios air n-eachtra do Chon Raoí
mhac Dáire. Agas do-rinne amhluidhe sin. Agas
budh tuirseach deórach Cú Chulainn a ndíaigh
Chuimín Fhinn an tráth sin.



Iomthúsa Chuimín Fhinn, chúaidh don Eadáill
go Dún Mholac mur do nochtaigh do Chon Raoí
go raibheamar san mBreatain Mhóir tair a cheann,
agas budh maith na sgéala lé Con Raoí sin.
Gabhus Con Raoí lámh air imtheacht as an
Eadáill, agas budh tuirseach imshníomhach an
tan sin é, óir do fúair an inghean Iobhar bás
úadha agas dob é sin ádhbhar a thuirse an tan
sin.



Ciodh trácht, do thángamar ó sin go Dúin
Sgathaigh a n-Albain, agas do bhámar dhá mhí
san ccathraigh sin aig fuireach teacht Chon Raoí
chugainn, agas ní tháinic ris an raé sin, nó sgéala
úadh. Agas a cceann aimsire iar sin tángamar a
ttír a tTráighe na tTréinfhear a nUlltaibh, agas
ass sin go hEamhain Mhacha agas as sin gach áon
dá dhúithche féin.



Agas, a Chairbre, (air Conall) is iomdha na
fiodha agas na fásaighibh, na hinseadha agas na
hoileáin agas na hiongantais éagsamhla do-chonc-
amar air muir agas air tír san eachtra sin atá
ró-liosda réna n-iomlúadh an tan sa. Agas do
bhí Con Raoí trí blíadhna go leith dá éis sin,


L. 98


d'easbhuidh na hÉireann gan fios a oidhe, ionnus
gur mheasadar Clanna Deaghaidh gur feilbheart
ro imreamar air.



EACHTRA CHON RAOI MHIC DÁIRE
ASAN EADÁILL.



Is ann sin do labhair Cairbre Nía Fair, Rígh
Teamhra, agas adubhairt: "Ciar gabhadh riot
a Chon Raoí mhic Dáire, ris an raé úd?"



Do labhair Con Raoí, agas as eadh adubhairt:



An tan a tháinic Cuimín Fionn mac Rígh na
cCríach chugainn don Eadáille, agas air nochtugh
thoisg na ccuradh dhamh-sa, .i. go ndeachadar dá
ttír féin, agus air n-éug Iobhair úaim, do bhí mise
go dubhach dubhbrónach lán-tuirseach um áon-
fhear. Óir do-chúaladar Gréagaidh mo bheith
san Eadáille an tan sin, ionnus gur ró chruin-
nigheadar túatha agas teallaigh na Gréige go
huile air áon-láthair; agas do chuireadar slóighte
air muir agas air tír don Eadáill, chum báis an
Ghairbh do dhíoghailt oram-sa. Agas budh
headh sin úain agas aimsir do ráinic Cuimín lé
sgéula na ccuraidhibh chugam, agas mur do-
chonairc sé mise asan mbáoghal mbíodhbhaidh agus


L. 99


isna hanadhaibh bróin sin, adubhairt liom gan
úamhain do bheith oram ach go madh héigin
dhamh siobhal leis féin feadh aimsire. Agas dob
fheárr liom-sa sin nó mo thuitiom lé Gréagaidh,
agus do thogair Molac féin ceilg do dhéanamh chugam,
ach gur thoirmisg Cumín fair é. Agas is eadh
thug do Chuimín mise do sháorugha ó Ghréagaidh,
.i. ón ngrádh thug sé do Chú Chulainn.



Ciodh trácht, d'fhágaibh Cuimín agas mise an
Eadáill a ccealtair dhraoíghtheacht', agas ní
dheárnamar comhnuigh go rángamar Oileán
Sámais san Áisia. Do ró fhíafruigheas féin air an
eachtra sin do Chuimín créad do rug na cumhachta
móra sin san draoígheacht aige.



Do fhreagair-sean mé, agas as eadh adubhairt:
"An bhean-oide aigá raibh mise air fóghluim, .i.
Cainne Chnó, ro imir sí feill-bheart oram tré gheasa
troma dó-fhuilingthe, .i. a bheith 'mo thorc a
nGleann Laghna san Airménia mur do-chonairc
tusa mé; agas do bhí mé amhluidh sin go teacht
Chú Chulainn go Cathair Ghalrainn agas gur
mharbh an chailleach a Loch na Níadh. Agas as
é an fad do bhí mise san ccruth sin feadh thrí
nóchad do bhlíadhnaibh, agas air tteacht ann
mo chruth féin dhamh d'áomhadar na dúileadh
an comhfad céadna sin do raé d'fhagháil dhamh


L. 100


d'éis bháis na caillighe draoídheachta céadna,
gan áois gan urchradh, agus cumhachta na bandraoígh
sin isan gheintleacht do bheith agam an feadh
sin.



Agas air mbeith dhúinn a n-Oileán Sámas
do-chúadhmar go Cathair an Rígh mur do fearadh
fáilte romhain, agas do-bhádhmar teóra lá cona
n-oídhchibh san dún, agas budh tuirseach im-
shníomhach Cuimín Fionn an feadh sin. Agas
is uime do bhídh amhluidh, .i. inghean áluinn
íontumha ro bhí aig Rígh Sámas do chinn air
mhnáibh a comhaimsire a sgéimh, a ndéigh-
bhéasaibh agus a ndéilbh, agas budh toil ris
an tríath Damán a tabhairt mur chéile do
Chuimín.



Agus do bhí séud úasal iolbhúadhach aig an
ríoghuin, .i. topaz chruthach, cloch sin ann a
raibhe búadha iomdha, mur do bhí, áois gan
urchradh, gan easláinte, do bheith aig an tí gá
mbíadh, búaidh deilbhe agas déagh-nósa, mur
áon lé feataibh iomdha eile. Agas an tráth bhí
Cuimín a bhfochair na ccuradh air a n-eachtra
dhéigheanaigh, ro ghadaigh Bárac, .i. mac Rígh
na Sorcha, an séad úasal iolbhúadhach sin ón inghin
óirdheirc iolchruthaigh úd tré éud agus tré fhormad
lé Cuimín Fionn, a ccealtair dhraoígheacht', ionnus


L. 101


tré sin gur ghaibh seirg-luidhe dháor-chruthach
dhóileighis an inghean réamh-ráidhte.



Ach tug Cuimín móide móra marbhthach' go
sirfeadh sé ceithre ceárnasgaibh na cruinne ceathar-
dhúil nó go bhfaghadh Bárac agus go ndíoghalfadh
an gníomh anúasal sin fair.



Iomthúsa Chuimín Fhinn mhic Rígh na cCríach,
do ghabh lámh for imtheacht go dubhach díbh-
fheirgeach, .i. dubhach d'éis na hingheine agas lán
d'fheirg lé Bárac, agas mise mar aon leis. Agas is
mór do dhíamharún na n-ealadhan do nochtaigh
Cuimín dhamh-sa air an eachtra sin. Agas ní
haithristear nídh orainn go rángamar críochaibh
na Sorcha. Agas do chuireamar mór-chúairt na
tíre sin, agas ní bhfúaramar áon-fhocal do sgéala
Bhárac ann; óir do thréig Bárac an tSorcha
d'eagla Chuimín, agas do-chúadhmar as sin don
tSyria agus do ró chuireamar cúairt na tíre sin.
Ach atá ní cheana, do shíreamar críochaibh, insibh
agas oileáin an mhagha, agas ní bhfúaramar
sgéala Bhárac.



Lá n-áoin dá raibheamar air Muir thúaigh
Chríochaibh na hÍoruaidhe, do-choncamar curach
go ndeilbh n-iongantach, agas do ro athain Cuimín
an curach sin, go ttugamar tóruidheacht dhó, agas
do chuireamar a ngreim é air an aigéin don leith
shíar d'Éirind, agas táinic Cuimín liom-sa gur


L. 102


chuir a ttír mé a nIorras Domhnainn, air bhfágbháil
iomchomhairce beatha agas sláinte dia-roile.



Agas tig an Cuimín shin gach treas blíadhain
d'fhéachain Chú Chulainn; agas gibé léir mían
crích eachtra Chuimín Fhinn mhic Rígh na
cCríach d'fhághail tugadh Cú Chulaind dhó é,
óir is aige atá a hinnse.



Crích don chéad-ráimh d'Eachtra na cCuradh.


L. 103


EACHTRA NA CCURADH.



AN DARA RÁIMH.



Iomthúsa na ccuradh, air ndíansgaoíleadh
dháibh ó Dhún Chonaire mhic Loingse a ttúathaibh
Uisneach, agas air ndul do gach droing dá
ndúithibh féin, táinic Conchubhar Rígh Uladh
cona líon láochraidh go hEamhain mhín-áluind
Mhacha. Agus lá dá ttug an rígh fleadh mhór-
lúach gá dáil air úaisle an chóigidh, agas ró bhí
Cú Chulainn san mór-dháil sin. Achmhuinigheas
an Rígh Conchubhar fair nídh éigin d'eachtra
Chuimín Fhinn, .i. a shíor-charaid, d'insinn dóibh.



Is ann sin do-chúaidh Cú Chulainn a cceann
an sgéal sin d'insinn, agas adubhairt:



Air bhfágháil Bháraic mhic Rígh na Sorcha do
Chuimín, agas air bhfágbháil Chon Raoí a ttír a
n-Iorras Damhnain, táinic dom fhéuchain-se.
Agas is amhluidhe do bhí mise an tráth sin a seirg-
luidh éagcrúaidh, do los bháis m'áon-mhic féin, .i.
Connladhach, íarna mharbhadh dhamh. Agas an
tan do-chím Cuimín Fionn budh mhór mo lúth-
gháir roimhe; agas do-ghnídh Cuimín fritheólmhadh
déigheólgach dhamh, go madh slán meise a ccéadóir


L. 104


ón tseirgluidhe sin; agas nochtas Cuimín dhamh-sa
na dochair do fúair ó Bhárac agus go raibh aig dul
an tan sin do thabhairt Níamh Chúach-fhionn, .i.
inghean Rígh Sámas, mur chéile; agas impidheas
mise um dhul leis do chaitheamh na fleidhe do
bhí ollamh a ccomhair an núachair sin.



Cuiriom-sa Laoígh mac Rígh an Ghabhra
gusan Fear Día go ttagadh liom. Táinic an
Fear Dia chugainn agas tríalltar linne mar áon
le Cuimín Fionn mhac Rígh na cCríach, agas
Bárac mhac Rígh na Sórcha a ngéibhionn againn.



Agas air mbeith dhúinne air sáile na sean-mhara
seóltar linn a ttír a n-oileán áluinn ró-ionghantach,
óir ní raibhe crann dá fíodhbhaidhe gan a throm-
úalach do mheasa milse fair. Agas do bhádar
inbhir na caoímh-thíre sin airna mbrúchtadh a
bhfuirnibh dona híasgaibh budh háille, agus fós budh
leór d'áoibhneas a bheith aig éisdeacht ré binn-
labhartha na n-éan áille ioldhathacha agas lé
síansa sáoir-ghrind na mbeach mil-chnúas, agas
an tír uile 'na háon-tuinn feóir agus fásuigh, agas
gan méad áirde aige magh dhi air a chéile, ach
áon-chnoc 'na ceart-mheadhóin. Agas budh
comh-sholus lá agas oidhche innte, gan tathaigh
duine nó ainmhidhe, ach fíadhach, íasg, agas
éanlaithe.


L. 105


Do-chúadhmar ó úir an chúain gusan ccnoc
ccómh-áluinn sin, agas as seadhdo fúaramar air
air cceann ann, .i. dorus áidhbheil mór-fhosgailte
romhainn a mbonn na tulcha táobh-úaine.
Chúadhmar asteach don mbúaidh-lios agus dob
áluinn an mhúir ro bhí ann sin. Óir do bhí an
dún ríoghdha ró-mhaiseach airna thógbháil do
líogaibh lán-úaisle oirthear an bheatha, go ceár-
damhuil clói-dhealbhtha, do lámhuibh súadh
agas sáor-cheárd, gan cam nó clúid inte, ach
comh-chruinn mádh ccúairt, agas úrlár na
bruighne búailte do chlochaibh neámhanda níamh-
gheala, agas príomh-thúarusgbháil eachtraibh na
hÁdhamh-chloinne airna ttarraing a sgríbhnibh
órdha, lé draoíghthe déigh-eólacha, timchiall
mhúraibh mhór-lúachach na bruighne, don leith
astoigh dhi. Agas dá ttagadaoís slóighte iomar-
cacha innte, do-ghéabhadh gach áon ionadh suidhe
air leith innte. Agas badh d'ór áluinn do bhádar
na hionaduibh ríogha sin ró-dhéanta, agas bórd
comh-chruinn do gheal-airgead airna cheam-
sughadh do dhearg-ór don leith astoigh dona
hionadaibh sin, agas áon-chornn go méad n-aidhbh-
seach, dealbhtha do líog bhúadha, a cceart-lár an
bhuird mhóir, agas lámh-chornn ós comhair gach
ionadh nó coilche dhíobh. Agas is as an ccornn


L. 106


mhór do dháilfidhe isna mion-chornnaibh a'
ríarugha na slúagh do gach leanta budh mían
leó. Agas budh do bhúaidhibh an phríomh-
chuirnn sin, .i. a bheith lán do shíor.



Agas do bhádar fós air an mbórd bhioth-
bhúadhach sin míasaibh glé-gheala glan-airgid,
agas a ttrom-áireamh do bhíadhaibh sáora soch-
aithmhe forra, agas áon-chruit órdha ildhealbhtha
'na suidhe air líg bhúadha a ccomhfhogus an
bhuird; agas budh do bhúadhaibh na cruite
caoín-téadaigh sin, an tan bhudh ionchaithmhe
bíadha nó bhudh meaghair-chaoín lucht na
bruighne, do sheinneadh an chaoín-chruit dréachta
agas síansa sáor-bhinne ann gach aisde oirfideachta
dar mhían lé cách. Agas budh do bhilibh Phárr-
thais crannghail na mbuadh-chruite sin.



Agus budh coimh-leathan an dún ris an ccnoc,
agas níorbh aithne neoch an bhruighean do
thaisdeal muna ndéantaigh lé huide draoígheacht é.



Agas ní raibh do lucht comhnuidhe san rígh-
mhúir sin ach áon-láoch arrsuidhe cían-aosda
gan lúth gan léim, 'na shuidhe a ccathaíor órdha,
agas cloch chomh-chruinn ós a chomhair 'na
háon-lasair thineadh ghlan-ghlóraidh, agas ní
thigeadh múchadh fair an ccloich n-iongantaigh


L. 107


sin. Agas budh leór do bheathadh mór-mhurair
an boladh bioth-shásaidhe do thigeadh don lasair
sin.



Agas an tan do-chúadhmara don mbruidhean
d'fhorbhfáiltigh an seanóir romhaing, agas
d'fhúráil orainn comhnaigh agas sgíth do dhéanamh.
Gabhthar linne ionadh suidhe san mbruighean
íar sin. D'fhúagair an láoch dhúinn mar an
ccéadna air ndóchain do bhíadha agas do leanta
an dúin do chaitheamh. Do-ghnídhthear sin
linn, agas an tráth budh coisgthe air n-ocras agas
air n-íotan ró fhíafraidh an láoch arrsaidh brígh
air tturais agas air n-imtheacht dhínn. Ro
nochtaigh Cuimín Fionn na sgéula sin dó go
faisdineach fír-ghlic. Agas ró fhíafraigh Cuimín
sgéula na caoímh-thíre sin, agas fáth a húaignis
mur atí don tseanóir, agas tug an fear árrsuidh
na sgéala sin dó amhluidhe so síos.



COMHRÁDH AN TSEANÓIR DARBH AINM ACHA NÚACH.



Do labhair an seanóir iar sin agas as eadh
adubhairt:



Oileán na Gréine is ainm don ccrích so (air


L. 108


sé), agas an Dún Úaithne is ainm don dún so
ana bhfuil sibh-si anocht, agas Acha Núach
is ainm díleas dhamh-sa. Agas is sé adhbhar na
críche so do bheith comh úaigneach agas atá,
.i. rígh ró ghabh flaitheas agas forlámhus na
críche si cían aimsire ó shoin darbh ainm Fearghas
Fionn; agas ní raibh do chloinn aige ach dís
mac; agas do ró hoileadh an chlann sin go
friochnamhach leis an Rígh Fearghas, gurbh
ionnfhéadhma íad. Agas do thug fear aca inghean
Rígh na hÁontuaighe mur mhnaoí agas mur
bhainchéile: Déithlinn fá hainm di; agas tug
an dara mac inghean Rígh na nGanradhach ón
Affraic mur chéile: Callainn Níach fá hainm di.



Ciodh trácht, tugadar an días mac sin Fhearghais
Fhinn, do los a mban, iomad seód agas so-mhaoíne
leó as na críochaibh réamh-ráidhte go hOileán na
Gréine; agas is fear don chloinn sin mise.
Agas do bhámar go sona sáidhbhir síothchánta
san íath so lé raé imchían gur theasdaigh an rígh
air n-athair úainn; agas air n-éug dhó do chomh-
rannamar an chrích air dhó, agas do thárla an
dún ríogha san mír don oileán do ráinic Acha
Neileach, .i. mo dhearbhráthair; agas do ro
cladhadh an lios sa liom-sa, agas do dhealbhas í
don tsaidhbhreas a thugas liom ón Affraic, óir is
mise tug inghean Rígh na Ganradhach mur chéile.


L. 109


Agas lá n-áoin dá ndeachamar, an dá rígh, do
sheilg agas d'fhíadhach mur áon lé buidhean
d'úaisle na críche, an tan do sgaoíleadh agas
do sganradh an tseilg fóna fiodhaibh agus fóna
fásaighibh, do ghabh mise agas mo dhearbhráthair
ionadh suidhe aig féachain meaghair na sealga,
aig éisdeacht lé gotha láoch aig brosnugha gadhar
fána hanadhaibh sealga; agas budh machtna
mór liom-sa an tocht tuirse, agas an cláochlódh
neamh-ghnáitheach táinic dom dhearbhráthair,
gur fhíafruigheas fochain agas fáth an mhalairt
neamhdhúalgais sin do luidh fair.



Do labhair seisean agas adubhairt: "Is
cosmhuil gur chóir dhamh-sa mo rún do léigean
lé mo dhearbhráthair ríogha, agas ní dóigh go
nochtfadh sé an rún sin do neoch eile."



"Ní heagail dhuit sin," air mise.



"Máiseadh, aig so ádhbhar mo thuirse," air
an rígh. "An inghean chealgach tugas mur chéile
ó chrích na hÁontúaighe do-ghnídh malairt
oram do ghnáth lé dáoigh anúasal, .i. Olag Cne,
agas atá sin aig búaireadh mo mheanmainn do
shíor," air sé.



"Ní maith an sgéal sin, dair leat," air mise,
"agas atá a chosamhlacht sin do rún agam-sa
lén' innsin dhuit-si," air mise; "óir do-ghnídh


L. 110


Callainn Níach mo chéile féin an fheill-bheart
chéadna oram-sa lé Togna Cnó."



"Máiseadh," air Acha Neileach, "créad an
chomhairle is indéanta dhúinn um an nídh sin;
óir is dóigh liom nach bhfuil san domhan," air
sé, "días mac ríogh is measa ágh tochmhairc
nó sinn air áon, agus ní dúal feil-bheart gan díoghailt
do dhéanamh ann."



"Ní bhfuil do dhíoghailt léna dhéanamh ann
sin," air mise, "ach an ceathrar atá coirtheach
san ngníomh do bhásugha."



Cinneadh air an ccomhairle sin againn, agas
do-chúaidh Acha Neileach go Dún Deirg-liag;
agas táinic mise go Dún Úaithne, agas gabhthar
an ríoghuin cona leannán liom, .i. Togna Cnó,
agas do-ghnídhthear lém úaislibh torc tineadh
tricheam-rúaidh, agas ró básuigheadh an dís
shúas san tine sin; agas do-ghnídhthear an
ccéadna lé mo dhearbhráthair.



Agas an tan do básuigheadh an días ríoghuin
do-chúadhmar air áon a ccogar agas a ccomhairle
lé chéile um an nídh sin: óir do budh dearbh
linn an dá rígh bás a n-ingheanaibh do díoghailt
orainn. Agas cinneamuid comhairle an chrích
d'fhágbháil gan fhios do neoch, agas dul a
n-iolaracht air feadh an domhain air an modh


L. 111


so: .i. do thogh gach áon againn duine úasal
árrachtach budh samhuil leis féin a bpearsa agas
a n-éagcosg, agas ceannus na ccríoch d'fhágbháil
aca a mbun rúin, gá rádh leó go rachamaoís do
thabhairt an draoígh Ma Lua, do bhí ainmneach
air feadh na ccríoch an tráth sin, linn go hOileán
na Gréine, agas gan aithne do neoch san ccrích
nach sinne bhí do ghnáth san ríoghacht. Agus
tugadar-san móide lé sin do chomhall.



D'fhágamar air n-éideagha ríogha aca íar sin,
agas do ghaibheamar fo-éideagh súarrach orainn,
aig tabhairt aghaidh soir-dheas; agas do bhádhmar
aig taisdioll na n-ioltúatha athaidh fhada.



Agas lá n-aóin dá raibheamar aig siubhal tré
fhiodh áluinn coilleadh, do theagaibh orainn air an
táobh eile don fhoraoís loch glé-ghlan gorm-
uisge; agas is amhluidhe ró bhí an t-uisge sin,
do thíaghadh a ttráighe gach n-oídhche, agas
budh líonta gach lá ó mhaidin go neóin é, agas
oileán áluinn a meadhóin an locha sin, agas crann
comh-mór go ngéagaibh iomdha a cceart-lár an
oileáin, agas do roigfeadh géaga comh-dhlútha
sía-fhada an rígh-bhilesin for ciumhsaibh an
oiléin mádh ccúairt, agas do gabhadh comhnuidhe
air an ccaoímh-chúan sin.



Agas fá neóin d'aithnigheamar an t-uisge aige


L. 112


tráoithugha agas láoch lice lán-armach aig dul
san loch air lorg an uisge; agus treimse dá éis sin
ró leanamar an grúagach gusan oileán; agus ní
bhfúaramar d'áras ann ach an bile. Agas do-
chúadhmar dár ndídion féin a ngéagaibh an
mhór-bhile, mur do thuit trom-thoircheann súain
agas sár-chodlata orainn, co nár mhothuigheamar
nídh air bioth nó gur ghaibh gaéithe glan-
dhealruidheach na gréine gnúis-shoillsidhe leathad
na cruinne ceathar-dhúil.



Agas air ndúsgadh dhúinn as an tsúan sin,
do-gheibhmíd an loch airna líonadha 'nair n-úir-
thimchioll agas budh haithreach linn teacht
don n-oileán an tráth sin.



Ciodh trácht, do bhámar san mbile go deiriogh
láoi. Agas fán am sin do-chímíd an grúagach
aig teacht amach as an mbile, agas ríoghuin
áluinn éagcosg air láimh leis, ionnus gur taibh-
readh dhúinne nach bhfacamar gusan tráth
sin, nó ó shoin, don Ádhamh-chloinn bean budh
háille nó í. Tug an grúagach agas an ríoghuin
mall-chúairt an chaoímh-oileáin sin. Is ann sin
ceileabhras an grúagach don inghin agas chúaidh
don tír asteach air bhfágbháil na ríoghuna dúnta
san mbile.


L. 113


Ní cían do bhámar amhluidhe sin, an tan a
tháinic amach as bruinn an bhile, agas corthaire
dearg-óir léi. Ocht n-oidheadh air nóchad air
naoí ccéad, go líog lóghmhair eagartha go ceár-
damhuil a ndruim gach oidhe rathmhar ró-áluinn
dhíobh, as eadh do bhí san ccorthaire sin. Suidheas
an ríoghuin air an bhfaich', agas do chuir a druim
ris an mbile, agus tug leabhar as a h-ochras, agas
do chuir oidhe nó fáinne a n-ionadh air leith idir
gach ré leathananch don leabhar, agas íathas nasg
óir go cclocha mbúadha timchioll an leabhair,
agas tug feadán fionn-airgid amach íar sin, agas
seinneas go síthbhinn é. Tig chuice go prab as
an loch dabhar-choin áluind go n-iomad dathann
n-éagsamhalta fair, agas do labhair an ríoghuin
do bhríathraibh ró-cheansuidhe ris an bhfeithide
agas adubhairt:



"A ghein úasail," air sí, "déana-sa dísleacht
um an tseód sa; agas ó nach bhfuil agam-sa do
charaid beó ach Clothra an chrotha chaoímh, bean
Raifle, Rígh na Dreóllainne, tabhair-si so chuice
(agus aig sin do nasg ríogha féin an' uirth-
thimcheall), agus déan dísleacht don mnaoí sin
feadh do raé, amhuil mur do-rinnis dhamh-sa.
Óir atáid airgheanadh báis agas búan-éaga a ngar
dhamh agas ní bhudh beó mé teacht neóna an
laoí amárach."


L. 114


Ceileabhras an dabhar-chú go tuirseach déurach
ris an ríoghuin agas do-chúaidh san loch. Bíogus
an ríoghuin 'na seasamh, agas sinneas an feadán
an ath-úair, go ttáinic an dabhar-chú tair ais dá
fios arís.



"Do-rinneas dearmad mór," air an inghean,
"agas is é sin thusa do chur fó gheasa mo chorp
do thabhairt gá adhlacadh go Tulaidh Chíach,
mur a bhfuil mo shean agas mo sheinsear, a
ccríochaibh Lochaill."



"Máiseadh," air an dabhar-chú, "cuirim-se
thusa fá gheasa mur an ccéadna éirim do bheatha
(d'aithris) dhamh ó táim an' ainbhfios go n-uige
so."



"Ní maith liom-sa na geasa sin do chur oram,
ach, tairis sin, nochtfad dhuit-si é."



Eachtra na hInghine do bhí san mBile air
an Loch.



"Rígh do bhí air chríochaibh Lochoill," air sí,
"aigá raibhe días inghean do chinn air sgéimh,
air áille, air dheilbh, agas air dhreach, (air) mnáibh an
domhain go coimh-iomlán. Agas tug Rígh na
Dreóllainn an inghean budh sine don dís ríoghuin
sin mur chéile; agas mise budh hóige dona


L. 115


mnáibh. Níor sháruidh mé deich mblíadhna dom
áois an tan tángadar dom íarraidh iomad do
mhacaibh ríogh agas ró-fhlaithe. Ach tug mise
grádh éagmhais do Chalbha Chú-álainn, .i. macáimh
áluinn de Chloinn Óman Mhóir mhic Duibhe Lí,
.i. taoíseach slúaigh Rígh Lochaill, agas uime sin
thugus éura fair na hógaibh eile go hiomlán, gé
náir léig an faitcheas dhamh an grádh sin do
nochtugha d'áoin-neoch.



"Agas lá n-áoin dá rabhas féin agas m'innilt
coimhideacht aig gabháil áoibhnis agas aeióir
thrágha na mara, do-chímid chugainn do chois na
tuinne abhac nár mhór méad, agas gan rúainne
fair a cheann, agas go madh gile nó sneachta áon-
oídhche ó thúaigh gnúis, folt, agas croiceann na
geine bige sin; agas feadán fionn-airgid mur
chuisle ciúil aige.



"Agas an úair a táinic a ngar dhúinn, do ró
shinn an t-abhac a fheadán go síthbhinn, ionnus
go ccoideólaidís fir ghonta agas mná ré naoídheadh,
aoís galair agas géar-easláinte an domhain, ris an
cceól sin. Tuitiom-sa agas m'innilt 'nair ttoirchim
súain agas sár-chodlata air an tráighe an tan sin;
agas gaduigheas an fear draoígheacht mise leis
gusan ionad so a bhfuilimíd anois; agas atáim
aige ó shin a leith mur chéile; agas atáid geasa
oram gan an t-oileán sa d'fhágbháil lé mo raé.
Agas saoíleann an fear nár fhág mise an bile so


L. 116


amach aríamh ach lén' fhios féin. Gidh eadh,
fosglaim-se an bile lé heite an luin léith thug tusa
dhamh; agas mur chúitiogha san cceilg sin ró
imir sé oram, ní tháinic neoch d'fhéachain an
oileáin so ó shoin nár chiontuigh mise leis. Agas
do ró chuingmheas ó gach áon díobh sin fáinne,
agas do sgríobh mé ainm agus suirghe gach fir
dhíobh air leith san leabhar sin a thugas dhuit-se
ó chíanaibh. Agas anois ó táim aig dul a
dh'éug do chuireas fáinne gach fir aca-sin ann a
leathnach féin don leabhar ccéadna. Agas tabhair
tusa mur shéad-chomhartha do mo dheirbhshiúir
é."



Chúaidh an dabhar-chú iar sin a ccruth dháonda,
agas do chiontuigh ris an ríoghuin, agas téid san
loch íar ttain.



Tháinic an oídhche forainn mun am sin, agas
tángamar a ttír ón oileán don táobh eile don loch.
Agas is ann sin do hiomráidheadh againn air
bheatha na hinghine ó chíanaibh; agus adúbh-
ramar nach raibhe ach ceilg a mnáibh an domhain,
agus gurbh éigcéillidhe an gníomh do-rinneamar
féin, .i. ingheanaibh an dá rígh ro-chumhach-
taigh bhí againn do chur chum báis, agas go
madh dóigh air ccrích do sgrios dá ttoisg agas
ós a cheann sin air ndíoghchur féin ó air bhfonn
agas ó air bhfearann go bráth arís, agas air laéithe


L. 117


do chaitheamh san deóraigheacht a raibheamar
an tan sin.



Agas as í comhairle do cinneadh againn dul tair
air n-ais go hOileán na Gréine. Agas air tteacht
dhúinn innte do fúaramar 'na háon-tuinn feóir
agas fásaigh í, gan fear inse an sgéil beó innte, gan
bhúair, gan ghroidh, gan tsréada, gan dún nó
déagh-bhaile nach raibh 'na láithreach smál-
dhubha ach an dá dhún ríogha, .i. an Dún Úaine
so ann a bhfuil sibh-se anocht agas an Dún Deirg-
líag ann a bhfuil mo dhearbhráthair 'na chomnaigh
anois. Agas is amhluidhe do-chúaidh an dá dhún
sin féin úatha gan aithmhilleadh .i. draoígh déagh-
eólach ro bhí san ccrích ro chuir imdhídean
cumhachtach for na leasaibh do cheil air shlóighte
na ríghte réamh-ráidte íad. Ach atá ní cheana,
ro nochtaigh an draoígh é féin dhúinn, agas
gabhus gach áon againn comhnaighe an' áras féin
ó sin a léith. Agas saoílidh cách gur torchradh
sinne san ccogadh sin. Agas ní thathaighíd
daoíne an chrích so ó sin a leith (air Acha Núach).



Gabhamáoidne lámh air imtheacht airna
mhárach, .i. Cuimín Fionn mhac Rígh na gCríach,
an Fear Día agas mise, agus Bárac mhac Rígh na
Sorcha a mbraighdeanus linn, air bhfágbháil
iomchomhairc beatha agas sláinte aig an tseanóir.
Agus tíaghmaoidne dár luing, agas thugamar ucht
air threabhadh na bóchna, agas ní dheárnadh


L. 118


fos ná comhnuidhe linn gur ghabhamar comhnuidhe
a ccúan agas a ccalphurt Chrích Shámas. Agas
ann sin achmhuinnigheas Bárac air Chuimín gan
a thabhairt do láthair an rígh nó na hinghine,
air náir leis an gníomh do-rinne. Léigeas
Cuimín caoímh-úasal Bárac ass íar sin, agas
tíaghmaoídne go Cathair Rígh Sámas, áit ann air
gabhadh go farbhfáilteach sinn, agas budh mór
gáirdeachas Níamh Chúach-fhionn ría Cuimín,
agas toirbhreas Cuimín an chloch bhúadha dhí,
agas d'éirghe an ríoghuin ann a crothaibh cáomh-
áille mur budh gnáth, agas dá éis sin do-rinneadh
núadhchar na deise déagh-ógaibh leis an rígh
agas leis na húaislibh air-cheana.



Agas do bhámar seal aimsire san ccathraigh sin
gan easbhuidhe aoíbhnis. Agas lá n-áoin dá raibhe
Cuimín Fionn, an Fear Día agas mise a ccomhrádh
úaignis, go ndubhairt Cuimín:



"Do rachmhuinn-si dá bhur n-imdhídean go
hÉirinn tair n-ais muna bheith fuireach lé teacht
Bhárac, óir do ghaibh fúath agus miosgais mór
an fear sin liom-sa um inghean Rígh Sámas, go
bhfuil aig tiomsughadh agas aig tionól mór-shlúaigh
chum na tíre so d'argain agas do sgrios. Agas is
mór na huilc is contabhairt do theacht dhe sin;
óir ní bhfuil ach seasgan beag slúaigh san ccrích


L. 119


so, agas fós ní bhfuil áon do mo cháirdibh-se ann
a mbeathaigh a ccríochaibh Gríach do-bhearadh
cabhair áon-úaire dhamh. Agus nídh eile fós is
measa liom nó sin uile, is lán-eagal liom draoíghthe
na Sorcha do mhúchadh m'ealadhna oram, óir is
mór a ccumhachta san ngeintleacht."



Do fhreagair mise Cuimín an tráth sin, aigá rádh
go madh dóigh liom dá mbeith a fhios sin aig
an cCiothach Chróidhearg san bPersia ó dheas go
ttiúbhradh cúngnamh slúaigh chuige air bháidhe
liom-sa, agas mur an ccéadna go madh cóir an tosg
na sgéula sin do chur d'fhios an Chéadaigh go
Críochaibh na tTulach, agas fós go Galach Géidghe
go Tír Tharngaire, agas cinneadh linn air an
ccomhairle sin, .i. do dhul gusan bPersia, agas
an Fear Día go Tír Tharngaire, agas mise go
Crích na tTulach. Agas ní haithristear sgéaluidh-
eacht orainn go rochtain gach áon againn gusna
críochaibh réamh-ráite.



Agas air ndol damh-sa gusan dún ríogha a
cCrích na tTulach, budh mhór luathgháir an
Chéadaigh chródha romham-sa an tan sin.
Agas fós ró fhíafraidh dhíom iomthúsa Chonaill
agas na coda eile dona curaidhibh. Nochtaigh
mise dhó gach air íarr sé, agas fós gur d'íarruidh
cúngnamh catha tángas féin don dul sin fair.
D'áomh an Céadach sin dhamh, agas do ro thionál


L. 120


an láoch sin tríochad céad curaidh do mhaithibh
Chrích na tTulach.



Tángamar ón tír sin go Sámas. Tángadar ann
fós Galach Géidghe go líon tríochad céad ó Thír
Tharngaire, agas budh mór luathgháir na deise
déacch-láoch sin ría chéile. Táinic ann mur an
ccéadna an Ciothach Cróidh-dhearg, .i. ríogh-
dhamhna na Persia ó dheas, dá ngoirid an tSorcha
theas (agas is fair an tSorcha a thúaigh budh Rígh
Bárac), go líon naoí ttríochad chéad d'ógaibh na
Persia. Do shuidheadar sin a bpuible agas do
ghabhadar longphurt air Magh Dúach, óir budh
dubhach an sgéal do bhí lén' insin a ndeiriogh
an mhór-chatha sin. Tángadar ann fós air bháidhe
Rígh Sámas fithce céad láoch ón Easbáinn, agas
an Baídhre Borb an' árd-thaoíseach orra. Agas
do thionól Rígh Sámas féin seacht míle láoch do
mhaithibh na críche, ionnus go raibheadar aige
dhá fhithchid míle láoch san tulaidh a n-aghuidh
Bhárac.



Is ann sin do chuireamar luchd forfhaire úainn
go Sléibhte Cadha ó thúaigh d'fhéuchain Bhárac.
Agas ní cían do bhámar amhluidhe sin, an tan
do-chonchadar na forfhaireadh slóighte iomarcach
do láochraidhe armtha órduighthe chuca ó thúaigh
gach ndíreach. Tángadar na forfhaireadh don
longphurt ris na sgéala sin, agas do-chúamar,
maithibh an tslúaigh, a ccogar agus a ccomhairle um


L. 121


an ccath, agas as é do cinneadh againn, teachta
go n-innilt neamh-ghnáitheach do chur fó shlúagh
Bhárac ionnus go ttiúbhradh uimhir an tslúaigh
agas aithne na ttaoíseach chugainn.



Cuireas Cuimín Fionn mise a mbréig-riocht, .i.
a ccruth ban-draoígh, agas tíagham go réim-
dhíreach a ccomhair na slúagh n-iomarcach
sin. An tráth chonairc Bárac amharc oram tug
mná an domhain a ndearmad, gur thom a chéad-
faidh uile san sgéimh tháinic do mo ghnúis an
tan sin. Tháinic chugam, agas ro fhíafraidh
m'eachtra agas m'imtheacht dhíom, agas ró thairg
mór-chumha dhamh um fheis do dhéanamh leis.
Adubhairt mise gur bhudh náir an gníomh sin do
dhéanamh a bhfíadhnuise na mór-shlúagh,
ach d'fhuráil fair teacht don bhfiodh ó
dheas a n-imiol Mhagh Dubhach. Agas táinic
Bárac liom san bhfiodh a ndóigh feis do dhéanamh,
agas marbhaim-se Bárac san bhfiodh.



Agas do ro lean Maine Líach, mhac Rígh Thír
an Óir, 'bhí san ccomhdháil, mise don foraoís,
mur dhúil feis do dhéanamh liom mur an ccéadna,
agas theagbhaidh an fear sin oram air tteacht
dhamh tair n-ais ó mharbhadh Bhárac, agas
d'fhuráil tairgseana móra dhamh, agas tugaim-se
Maine a ngar don ionadh a raibhe Bárac marbh,
agas mharbhas an láoch sin mur an ccéadna.



Ro lean Molac, an taoíseach Eadáilleach, mé


L. 122


an treas feacht, mur dhúil feis do dhéanamh liom,
agas do mharbhas an fear sin a ngar don dís eile.
Ach atá ní cheana, ro mharbh mise tríochad
taoíseach do thréinfhir an tslúaigh san mbréig-
riocht sin, agus táinic an draoígh Conn Caomhdha
chugam mun am sin a ndóigh feis do dhéanamh
liom mur chách, agus ceangaltar an draoígh liom go
ttugas a ngéibheann chrúaidh chreapailte go long-
phurt Chuimín é. Agas budh mór an dúagh agas
an dochar do fúair mise ó na síothbhraighibh aige
gleic liom um an draoígh do bhúain díom.



Agas air tteacht don longphurt dhamh, noch-
taim an gníomh do-rinneas do Chuimín agas dona
taoísighe aircheana. Cuireamaoíd an draoígh go
Cathair Rígh Sámas, agas tugamuid ucht air an
trom-shlúagh sin Bhárac, go ndeárnadh linn cosair
chró dona buidhnibh bioth-eaglacha sin, ionnus
nach deachaidh áon a mbeathaigh úainn díobh.



Do-chúadhmar as sin go Tír an Óir, mur do
marbhadh an rígh linn, agas do ghéilleadar lucht
na críche sin do Chuimín Fhionn.



Chúadhmar ass sin co n-air ttrom-shlóighte
tarsna an Sruth Ria, agas go Dún Líain .i. Cathair
Iolach mhic Líain, Rígh na bhFear bhFionn, agas
táinic Iolach cían-áosda chugainn air an bhfaithche,
agas d'fhorbhfáiltigh romhainn aig tabhairt
coinmhe na tíre dona slúaghaibh. Agas do dháil
Iolach fleagh mhór-lúach orainn a nDún Líain.
Agas air mbeith dhúinn go subhach um an ól,


L. 123


tháinic chugainn áoin-bhean go n-éideagh ríogha
ró-mhaiseach uirre go madh gile nó laéige lí
gheal a cneis, agas budh binne nó foghbhar síth-
téadaibh a hurlabhra, agas a ceann ann a hucht
aice; agas do bhádar fuilt air dhath an óir 'na
ndlaoíghthe agas 'na ccúacha fáinuinneacha fíor-
áille aig folach a cinn; agas budh samhalta lé
réaltain lán-tsoillseach na dearca ro bhí san cceann
cháomh-chruthach sin; agas budh deirge nó rós
ríogh a grúadha. Agas do labhair do ghlór cheann-
saidhe linn, go ndubhairt: -



"Ná déantar libh íongnamh dhíom-sa, a dhéagh-
mhuinntir," air sí, "gé táid mo chrothaibh neamh-
ghnáitheach, agas is ro-thrúagh an gníomh do-
rinneamhair-se oram seacha fir an bheatha," air
sí.



"Cá gníomh sin, agas cía d'úaislibh nó d'anúais-
libh an domhain thú?" air Iolach mhac Líain.



"Is liosda sin rén' iomlúadh," air sí, "ach an
t-éigean do ró imir sibh-se oram, is mó atá'm
imnidhe nó gach nídh, .i. m'áon-charaid Maine
Líach do mharbhadh libh. Agas do chuir bás an
fhir sin mórán dúagh agas dochair ann mo líon,
ach mur dhíoghailt san ngníomh sin cuirim-si
sibh-se fó gheasa troma draoídheachta gan comh-
naigh dhá oídhche do dhéanamh a n-áon-ionadh nó


L. 124


go bhfaghthar libh an t-ionadh ann a bhfuil colann
Mhaine Líach gá urchoimhéad. Téid an inghean
ass íar sin, agas budh dorcha dreach gach áoin
againn do haithle na n-imeagallamh sin.



Is ann sin do labhair Iolach mhac Líain:



"An fiosach áon agaibh-se cía don chine dáonna
í súd?" air sé.



"Is aithne dhamh-sa an tí fil ann," air Cuimín
Fionn, "eadhón, Dáilinne inghean Láimhiach,
Rígh Thír an tSneachta, í súd," air sé, "agas tug
sí corp Mhaine léithe go Tor Chromchúa san
bPaphagóiria, aig éirghe na gréine, dá ngoirid
Mochinis, tré mhéad a cumhachta ndraoígheacht,
ionnus go mairfeadh do shíor gan mhorgadh ó
fheartaibh oileamhna na caoímh-thíre sin. Óir
atáid do mhéad búadha luibheanna íce na tíre,
nó na críche, nach seargann na dúileadh innte.
Agas ón ngrádh mhór-chuimseach thug Dáilinne
don Mhaine Líach cían ó shoin, tug marbh don
tír úd é, go mbíaghadh dá fhéuchaint do shíor.
Agus fós, ní bhfuil san tor dhíamhair atá san ccrích
sin achd áon-chloch chriosdail ghorm-ghloin. Agas
is comhsholus lá agus oídhche ann. Agas ní thig
neoch san íath ann a bhfuil gan fhios don lucht
áitigheas é; óir do-chíthear fiodhair úathadh nó
iomad san tor gé taoísge thig san ccrích."


L. 125


TAISDE CHUIMÍN FHINN AIR CHOLUINN GAN CHEANN.



"A Chuimín ionmhuin," air Iliach mhac Líain
"an fiosach thusa créad fár cuireadh an tsáor-
inghean úd isna crothaibh éagsamhla ann a
bhfuile?"



"Atá a mhór-dheimhin agam," air Cuimín
Fionn, ".i. budh dalta díoghrais do Mhananán
mhac Lir an Maine Líach so air a bhfuilmíd aig
tráchtadh; agas as eadh do rug an ionmhuine
mhór sin aig Manannán fair, .i. an tan do rugadh
Maine, níorbh iontáobhtha é, air shúarraidh a
éagcosg, agas do ghabh gráin mhór an ríogh agas
an ríoghuin a mháthair dhe air comh olc agas do
bhí an naoídhean dealbhtha.



"Agas do bhí deirbhshiúir chumhachtach aige
Manannán, Clochaill inghean Lir fa hainm di,
agas tháinic go máthair Mhaine an tráth sin, agas
d'íarr a naoídhean mur dhalta, agas thug an tsíoth-
bhean a leanamh go Tor Chromchúa, agas do bhí
d'fheabhus a healadhnaibh go raibhe lí-ghloine
an tuir aig méadughadh déalradh a ngnúis an mhic
sin ó fheartaibh na gréine moch-shoilse.


L. 126


"Ach do ro oil agas do ró leasuighe Clochoill
Maine Líach go raibhe a n-aoís a sheacht
mbliadhan. Tug ass an tor íar sin é, agas níorbh
áille neoch don chine dáonna nó Maine Líach an
tráth sin. Agas d'fhagaibh air chumairce Mhan-
anáin a dhearbhráthair féin an mac, agus do bhí
aige a cCathair Ghalrainn gurbh ionnfhéadhma
é, agus go ndeachaidh táin agas taisdeas an mhacáimh,
air a áille agus air a éiffeacht, fóna hioltúaghtha
go coitcheand, óir ní lamhadh deagh-láoch cathugha
leis, air iomad áille agas éagcosg an mhic sin,
gurab uime do lean Líach dhe, .i. ó iomad na
ngnéithibh aoíbhind do thigeadh dá ghnúis.



"Agas tárla fán am sin a bhuime féin, .i. Clochuill,
'na leannán lán-chumhachtach aige. Ciodh trácht,
do bhádar iomad mac ríogh a cCathair Ghalrainn
a tTír Tharngaire aig Manannán a' fóghluim na
n-ilcheárd. Agas tárla mac oirbheartach aig Rígh
Thír an tSneachta, darbh ainm Calúan, dá theagasg
aig Mananán fán am sin; agas do ghrádhaigh
Maine agas Calúan a chéile comh mór agas sin
nach bhfághthaidh a n-iomsgarmhuin.



"Aimsir áiridhe dár chuir Láimhiach feasa agas
teachta go Cathair Ghalrainn air cheann a mhic
Calúan, gur hollmhadh inneall asdair agas im-
theacht do Chalúan, agus ní ghéabhadh Maine gan
dul leis. Agas ro bhí Clochuill aig toirmeasg an
tsiobhaill sin air Mhaine, agas níor ghaibh sin
úaithe.


L. 127


"Iomthúsa na deise déagh-ógaibh, air bhfág-
bháil Thír Tharngaire tugadar aghaidh go Tír an
tSneachta, agas budh hiomdha na toirmisg do
chuir Clochuill fair na conairibh reompa, maille
re hanaidhibh doieóluis, go ngeintibh síothbhartha,
go mbáidhbh mbéil-dhearga cráos-fhoslaicthe, go
ngothaibh ndúaibhseacha geinte glinne agas iomad
deamhain aéidhóir a ccrothaibh n-iongantacha,
maille lé iomad breislighe agas búaidhreadh mean-
maind léir seóladh air seachrán go minic íad.
Agas do-ghnídheadh an tsíth-bhean oídhche don
lá, agas iongantais áidhbheil san oídhche dháibh,
do chur mearbhaill sligheadh orra.



"Agas, a measg na mór-ndúagh sin, fúaradar
eólus a ngleann dhorcha, dhúaibhseach, dhoieóluis,
agas budh hiongantach innioll an ghleanna sin;
óir budh dorcha é nó úaimh a n-uirmheadhóin na
talmhan ón cceand nó chéile dhe. Agas ní chluintigh
nídh san ionadh sin ach gáirfeach agas béicfeach


L. 128


agas búirfeach agas gotha greannacha guth-
ghránna, agas áon-ghuth ós a cceann uile budh
samhalta lé fúaim príomh-thuinne fó bheannaibh
slim-leathna cúain.



"Agas air ttaisdeal go híochtar an ghleanna
dháibh as eadh do fúaradar air a cceann sruth
sár-liosda aig síor-shnoídhe seacha grinneall an
ghleanna, agas budh duibhe uisge an tsrotha sin
nó gúal gabhann, agas budh tibhe é nó lathaidh
mara.



"Agas air mbeith air úir an locha, nó an tsrotha,
dháibh, táinic don táobh thall táidhbhse díamhór
dath-ghrúama, agas crann coimh-reamhar tabh-
aill ann a láimh aige. Táinic chuige íar sin inghean
áluinn cháomh-chruthach, agas míach lán cloch
aice. Agas ní fhaicfidhe dhi ach óna cíocha súas;
agas do ró thoirbhir sí cloch go méad ceann mic
míosa don deilbh, agas do ghaibh an taidhbhse aig
díobhraiceadh na macnaidh dhíobha sin gur
bhúaidhir go mór íad. Agas as é budh soillse
dháibh san ghleann an loinnreadh lí-gheal thigeadh
do ghnúis an Mhaine Líach. Agas do bhí an
ghein sin aige coimhshiobhal leó gá ttúargain go
hiomarcach do chlochaibh as a chrann-tabhaill
go ttángadar eas an tsrotha; agas fán am sin
do-choncadar an deilbh 'na sheasamh a mbárr na


L. 129


heassa. Is ann sin do léig an deilbh athúathmhar
urghránna gláodh anbháil shearbh-ghránna ós áird
as, gur ró chriothadar crainn agas clocha, tulcha
agas turscar an ghleanna, mur do thuitfeadh an
fiormaimeint fó thonn-ghnúis na talmhain, gur
ró chruinnigheadar uime iomad dona geinte
gríobhacha sin.



"Agas an feadh do bhádar air an órdugha sin,
do-chíd chuca san ngleann gach ndíreach stéad
air eiteal, agas é air dhath na géise, agas do
thuirling an stéad aig aithne dona hógaibh dul
uirre. Agas do-ghníd amhluidh sin agas ní mór
go ráinic ris an stéad éirghe air eitiol an tan do
lingeadar 'na ndíaigh mór-shlóighte do shíabhraibh
an ghleanna dhuibh, agus Clochuill 'na réamh-
thús. Agas is ró-mhinic thug sí amus air an stéad
do ghuin, agas fán am sin tairbhlingeas an stéad
agas an días macáimh air faich chaithreach Úa,
.i. dún Rígh Thír an tSneachta. Agas ní tháinic
an stéad a ccrotha dáonna ach go n-uige a ghúail-
libh an tan tig Clochuill do láthair, agas do nasg
uirre tré dhraoíghtheacht a bheith san riocht sin
do shíor.



"Agas así Dáilinn an Chrotha Chaoímh, inghean
Lámhiach Rígh Thír an tSneachta, do-chúaidh
isna crothaibh sin d'fhurtacht a dearbhráthara ó
shiathbhraibh an ghleanna dhuibh, agas d'fhan


L. 130


an ríoghuin gan cheann ó sin a leith do los na
ngeasa ró cheangail Clochuill uirre. Ach tairis
sin thug Dáilinne sruth síor-áidhbheil seirce agas
tuile trom-ghráidh do Mhaine Líach, agas thug
Maine air an dara feacht móide go marthann nach
bíadh bean aige go foircheann a bheatha ó
cuireadh toirmeasg air Dháilinne úadha. Is
tré éud leó do bhúadhair Clochuill mur sin íad.



"Iomthúsa Láimhiach, is amhluidhe do bhí an
tráth sin agas trom-shlúagh aige a n-oirthear Thír
an tSneachta lé hucht catha do thabhairt dona
Geinte Úathach, do bhí aig comhbhúaireadh na
críche lé cían roimhe sin. Tríallus Calúan agas
Maine Líach mur a raibhe an rígh cona shlóighthe,
agas budh mór luathgháir an rígh roimhe Chalúan.



"Amhluidhe sin dáibh go lá an chatha agus
tugadar na Geinte Úathacha agas Rígh Thír an
tSneachta cath dá chéile; agas budh mhór na
héuchta agas na hárra thug Calúan agas Maine
Líach fair na Geinte Úathacha; ach tairis sin an
lucht do mharbhthaidh dhíobha san ccath aniodh,
is íad sin an drong do thiucfadh 'na n-aghaidh san
ccath airna mhárach. Agas do bhádar slóighte
Thír an tSneachta gá cciorrbhadh go mór aca air
an modh sin, go ttáinic Dáilinne ós ísioll go Calúan,
agas do nochtaigh dhó gurab í Clochuill do-
ghnídheadh a bhíodhbhaidh d'aithbheódhadh an'


L. 131


aghaidh ré fúath air Mhaine Líach, "agas tré éud
liom-sa," air sí.



"Agus mur do-chúalaidh Calúan sin adubhairt
go ndéanadh féin ceilg 'na haghaidh. Agas air
thabhairt catha an laé sin dáibh do ghaibh Calúan
mion-ghath nimhe, agus cuireas inneall na nGeinte
Úathacha uime, agas cuireas a shíar bréig-riocht
fair a dheilbh, agas táinic gusna mairbh lé cuim
oídhche, agas do ghaibh aig cneadaigh agas aig
uchán agas aig mion-chúartughadh air feadh an
áir. Agas táinic an bhean tsíthe chuige agas ró
fhíafraidh dhe créad é ádhbhar a éagcaoine.



""Dearbhráthair ionmhuin dhamh ró marbhadh
san ár so ó chíanuibh," air sé, "agas atáim aig
íarruidh a chuirp."



"Cromus Clochuill air na mairbh, gá so-
ghlúasacht maille ré deamhain do chur ionta, agas
ní bhfuil áon dá n-aithbheódhadh sí nach bhfíaf-
raígheadh sí do Chalúan nairbh é sin a dhearbh-
ráthair.



"Agas an tan do-chonairc Calúan an sgéal a
dul a bhfad tug sáthadh santach don ghath nimhe
san bhan-drúagh, go ndeachaidh air neimhnigh
úadha do láthair, ionnus nach ccúalas nídh dá
sgéula ó sin anúas.



"Dála Rígh Thír an tSneachta ró chuir ár na
nGeinte Úathach, agas d'fhan Dáilinne mur atá ó
sin a leith."


L. 132


IMTHEACHT NA TTRÉINFHEAR GO
MOCHINIS.



Is ann sin ro hiomráidheadh againn cía an
modh air a roigfeamaoís Tor Chromchúa san
Mochinsi; "óir," air Cuimín, "ní thig neoch
san inse gan fhios do lucht an tuir; agas ní bhfuil
do lucht ann ach Dáilinne agas Maine Líach;
agas d'aithbheódhaidh an Dearg Dísgeartha Maine
do los a thuigse; agus is ceilg atá ullamh aige Maine
chum sinne do bhásughadh san tor; ach tairis
sin ní dlitheach dhúinn gan dul ann," air sé.



"Máiseadh," air an Céadach, "créad í do cheilg-
si 'na haghaidh súd?"



"Ní bhfuil," air Cuimín, "ach an tan do
roigfeam a ngar don inse, gach áon againn é féin
d'fholach lé géaga glas-úra, go madh samhalta
ré fiodh chnúas-thórrthach sinn, agas is é sin
inneall is feárr do-chíthear dhamh-sa aig dul don
tor," air Cuimín.



Is ann sin do thríallamar, an seisear ró bhámar
ann, agas tugamar aghaidh soir gach ndíreach go
héirghe na gréine. Agas tráthnóna air an t-ocht-
mhudh lá tárla air magh mín-sgothach sinn. Budh
comhchothrom an magh mór-fhairsing sin uile,
agas ní raibh doss nó dídean fána cheithre ceár-
nasgadh ach aon-líog comhárd cloiche, agas do-
ghnídhmíd gach ndíreach gusan líog sin, agus do
ghabhamar ionadh suidhe agas comhnuidhe um


L. 133


dhídean na cloiche an oídhche sin. Agas do
fúaramar sgríobhtha air shleasaibh na líge, mur
a tugadh Cath mór Mhagh na Líog air an tulaigh
sin idir Niomhrúadh agas Rolán.



Agas air n-éirghe dhúinn air na mhárach,
d'fhéachamar na ceithre háirdibh agas ní raibhe
méad n-órdlaigh don magh nach raibhe líog lán-
árd fair, agas láoch lom-nochtaigh an' úir-sheasamh
lé gach líog dhíobh, agas a n-ucht air na líogaibh
agas a n-aighthe uile d'áon-táobh, agas budh hí
an líog aigá raibheamar bhudh háirde san magh,
agas budh mhór air machtnadh-ne ón amharc
sin, óir do shaoíleamar gurab aithmhilleadh
draoígheacht do himreadh orainn.



Níor chían dúinn amhluidhe sin an tan do-
chímíd marcach aig taisdeal an mhagha air stéad
ndáol-nduibh, agas miach agas cúach an' fhochair,
agas níor fháig fear san magh gan tomhaltas
d'fhágbháil aige. Agas ní taoísge d'fholmhadh
sé an miach agas an chúach nó do thiucfadh an
comhlán arís ionta; agus táinic chugainne mur
chách air bhfritheólmhadh an tslúaigh dhó, agas
tairbhlingeas an grúagach 'air bhfochair agas
d'fhuráil orainn sgíth agus comhnaigh do dhéanamh,


L. 134


agas pruinn agas tomhaltas do chaitheamh. Gabh-
amaoidne an fhuráil sin.



Is ann sin do labhair Cuimín Fionn, agas
d'fhíafraigh don ngrúagach cía an tír í sin ann a
raibhe, "nó créad fá bhfuil na láochruidh so san
n-inneall neamhghnáitheach úd?"



Do fhreagair an grúagach aigá rádh:



Niomhrúadh do chur cogadh air Rolán, .i.
impire na Fáise, air mbeith dhó aig tógbháil an
tuir; agas dob é ádhbhar an chogaidh sin, mur
do bhádar iomad do líogaibh lán-mhóra air an
magh so, agas do shantaighe Niomhrúadh a
ttabhairt gusan tor, agas ní lamhadh an t-Impire
Rolán an nídh sin dhó; óir atáid do bhúadha air
na líogaibh céadna cibé crích a n-aítighid ní
ghabhthar lé neart eachtrann í.



"Ach cheana, tugadh cath mór idir Niomhrúadh
agas Rolán air an magh ccéadna so, .i. Cath
Mhagh na Líog, agas briseadh do Niomhrúadh
agas dá shlúagh san ccath sin. Agas ó sin anúas
do heagladh lucht na críche um na líoga do ghadadh
úatha. Agas as eadh do cinneadh comhairle aca
láoch láidir lán-chalma do chamhdach gach raé
líog dhíobh. Agas as eadh do-ghnídhid tráthnóna
gach laé na líoga d'fhagbháil a loch fionn-uisge
atá a ngar don magh so, agas a ttabhairt ass gach


L. 135


maidin. Agus bíaidh amhluidhe sin, go ttiucfa
an draoígh Ramhna chuca, agas go bhfóirfe ón
dúagh so íad."



"Cionnus fhóirfeas an fear sin dáibh?" air
Cuimín.



"Éun úasal atá aige," air an grúagach, "darab
ainm Caí, agas atá iorlabhra dháonna aige, agas
ní íarr nídh fair nach ccoimhlíonann an ghéin
úasal é. Agas atá oileán a ngar do Phárrthas,
Inis Olgaire is ainm dhó, agas ní bhfuil ann ach
fiodh uile. Agas air n-éirghe don ngréin gach lá
tig barr gach crainn san inse ós talmhuin, agas
do réir asdair na gréine bídh an fiodh aig fás go
meadhóin laé. Agas fán am sin bí tórrtha amhuil
ubhla forra, agas ní thuairgfeadh uird an
bheatha áon-ubhall dhíobh. Agas ó mheadhóin laé
amach do réir thuiteam na gréine san áird síar bíd
na crainn aig dul a ttalmhuin, agas air luidhe don
ghréin ní faicear nídh dhíobh. Agas do-chúaidh
an draoígh Ramhna fá thúairim an oileáin sin a
ndóigh go ttióbhradh an t-éan nídh dona tórra
sin chuige, agas go ttiúbhradh-san don ccrích so
íad; óir dá samhaltaigh ré gach líog aca so ach
áon-ubhall dhíobh sin, do-ghéabhadh na líoga nós
na ccrann chuca, agas mur sin ní fhéadfaigh
a ttabhairt as gan fhios."



Ní mór go ráinic crích don ccomhrádh an tan


L. 136


tig an draoígh agas nídh do thórrtha an oileáin
leis. Ciodh trácht, do samhlaidheadh na measa
iongantacha sin rís na líogaibh mádh ccúairt,
agas air an úair gabhaid na nósaibh réamh-
ráidhte chuca, agus do bhádar aig dul a ttalmhuin
ó mheadhón laé amach, agas air luidhe don ghréin
ní fhaicfidh líog dhíobh, ionnus go madh mhór
aigneadh an lucht forfhaire uime sin gur dhían-
sgaoíleadar gach áon dá ionadh féin.



Dála an ghrúagaidh agas an draoígh thugadar
cuireamh na haoídhche sin dhúinne, agas fíaf-
raidheas an draoígh sgéula air n-eachtra dhínn.
Ro nocht Cuimín an nídh sin dhó, .i. gur geasa
do cuireadh orainn lé Dáilinne inghean Rígh Thír
an tSneachta dhul go Tor Chromchúa d'fhéuchain
Mhaine Líach mhic Rígh Thír an Óir do marbhadh
linn a cCrích Sámas.



"Is trúagh an toisg atá 'bhar cceann," air an
draoígh, "óir fir an bheatha dá rachadh don tor
draoígheacht sin, ní théarnó neoch beó as, ach
mur is mían ris an lucht áitigheas é."



"Máiseadh," air Cuimín, "dá ndéantá-sa áon-
mhaith oram-sa, dob fhéidir linn teacht as."



"Créad an mhaith sin?" air an draoígh.



"Atá," air Cuimín, "an t-eón úasal fil agad do
thabhairt dhamh-sa go teacht tair n-ais dhúinn."



"Do-ghéabha tú sin," air an draoígh. Agus
tug an t-eón Caí do Chuimín.


L. 137


Airna mhárach do cheileabhramar don draoígh
agus don ghrúagach aig tabhairt aghaidh soir go Tor
Chromchúa o Chrích na Fáise gach ndíreach go
Tír Dhreamhna, agas go Fiodh an Úa, agus go
Crolámh, agas go hOileán na cCanach, agas go
Crích na Sruth nDubh, agas go Fearann Mháolaithe,
agas go Sléibhte Charann Chamhna, agas go
Crích Goistean, agas go hInse Luirge Fiodh, agas
go Sléibhte Lúar, agas as sin go Magh Anach, agas
go Gabhra agas go Fearann Failía mur ccodlaid
na dáoine san uisge, agas ass sin go Sléibhte
corr-árda cíoch-ghéura Coghair atá eidir Chrích
Daiein agas an Mhochinse.



Do gabhadh linne dúnadh agas longphurt air
an taoíbh shoir dona Sléibhte sin. Agas do budh
léar dhúinn fiodhair an tuir iongantaigh shoir
úainn ón ionadh sin, agas budh héagsamhalta len'
fhaicsin é, óir budh hiomdha agas budh líonmhar
na ceatha gaethe grís-thaitneamhacha thigeadh
dhe, go madh samhalta dhúinn gur bhudh beó-lasair
teineadh trichim-rúaidhe an tor do gach leith.
Agas fós, ní léigfeadh draoíghthe an bheatha
bhúain leith nó trían áille agas aoíbhneis an tuir
bhúaidhigh bhíoth-áluind sin do thabhairt amach.



Is ann sin do ráidh Cuimín ris an cCaí:



"A eóin óirdheirc úasail tair ealtain an domhain,
dá ndéantá-sa dhamh-sa as ucht t'fheartaibh agas


L. 138


do chaoímh-eóluis, dul gusan tor gléadhathach
úd shoir, agus an tan bhudh hair thú labhairt
do ghuth cheansuidhe dá rádh ris an ríoghuin
atá san tor mur so: "Is íongnamh liom, a inghean
áluinn, créad fá bhfuil do shamhuil gan cheann,
agas tú ann do bheathaigh; agas fós," air tusa,
"is fiosach dhamh-sa an tí d'fhóirfeadh óna
crothaibh éagsamhalta sin thú, .i. Cuimín Fionn
mhac Rígh na cCríach," agas an freagra do-
bhéaras an ríoghuin ort, sin do thabhairt chugam-sa
annso."



D'éirghe an Caí air eitiol, agas ní dheárna fos
nó comhnaidhe gur ghaibh leathad a bhruinne do
bheann an tuir. Féachas Dáilinne fair, agas
adubhairt:



"Is áluinn do ghné agas t'inneall, a eóin
úasail," air sí, "agas dob annamh do shamhuil
gusan dún so."



Do labhair an Caí íar sin agas adubhairt:



"Créad do-bheir thusa gan cheann, a inghean
áluinn?" air sé.



"Ní do mo dheóin féin sin," air an inghean.



"Máiseadh," air an Caí, "dá bhfaghthá-sa
Cuimín Fionn mac Rígh na gCríach, d'fhóirfeadh
sé dhuit as na crothaibh coimhightheacha sin."



"Is maith an sgéal sin, a eóin óirdheirc," air
sí, "óir atá an fear sin aig tríall don dún sa, agas
is mairg dhúinne d'áomh ceilg d'imeirt air an mac
ríogh ro-óirdheirc sin."


L. 139


Do luidh an Caí tair ais chugainn go Sléibhte
Caghair, agas nochtas an toisg do Chuimín, agas
budh mhaith lé Cuimín na sgéula sin; ach tairis
sin, do ghaibh gach áon againn gúalaire do
ghéagaibh úr-ghlasa fiodhbhuidhe uime, agas
tugamar ucht air an tor, agas do bhámar aigá
bhonn air n-éirghe don ghréin airna mhárach.



Is ann sin tháinic Dáilinne cháomh-chruthach
chugainn, agas adubhairt:



"Ní heagail dhuit a Chuimín," air sí, "dá
ccuirfeá mise am chruth féin."



Adubhairt Cuimín dá bhfághadh úain aimsire
go ccuirfeadh.



"Do-ghéabhair sin," air an inghean.



"Máiseadh," air Cuimín, "ghéabhad-sa dhuit
a bheith ann do chruth féin gach dara mír don
aimsir sin."



Is ann sin do-chúaidh Cuimín a cceann a
ealadhna gur chuir an ríoghuin san ccruth dob
áille do mhnáibh an domhain.



Ceileabhramaoíd lé Dáilinne iar sin. Agas ní
haithristear sgéalaidheacht orainn go rochtain
crích na Fáise dhúinn, go ttug Cuimín an Caoí don
draoígh Ramhna go buidheach beannachtach.
Agas do budh mór machtna an draoígh um air
tteacht beó tair n-ais; agas do nochtaigh Cuimín
Fionn dó amhuil do sáoradh sinn air an cceilg do
bhí ollamh 'air ccomhair, gur mhol an draoígh
gliocas Chuimín um an nídh sin.


L. 140


Agas airna mhárach d'fhágbhamar iomchumh-
airc beatha agas sláinte aige Ramhna, agas ní
haithristear nídh orainn go rángamar Dún Iolach
mhic Líain a ccrích na bhFear bhFionn, mur
bhudh mór luathgháir an rígh sin romhainn,
agas do dháil fleagh mhór-lúach orainn, mídh ón
ccalann nó chéile.



Is fán am sin do thionólamar air reannta as
gach áird ann a rabhadar san ccrích go Dún Líain
agus budh mór aigneach na slúagh um a ttríatha
agas a ttighearnaibh do theacht slán chuca tair
n-ais. Tríalltar linn as sin go Crích na Sorcha bhudh
thúaigh, agas do marbhadh linne rígh na críche sin,
agas do ghaibh an Ciotach Cróidhearg a ceannus.
Do-chúadhmar as sin go Críochaibh na hEadáille,
gur ghaibheamar ceannus na tíre sin; agas do
ghéillsiod Eadáillidh don Bhaídhre Borb, .i.
taoíseach na nEaspáinneach. Iar sin do-chúaidh
Cuimín Fionn, agas an Céadach mhac Rígh na
tTulach, Galach Géidghe mhac Rígh Thír Tharn-
gaire, an Fear Dia, agas mise, cona air mbuidhnibh
go talamh Sámas tair n-ais, go mbúaidh cosgair
agas comhaoídheamh áthaise agas éadálladh.



Táinic Sámas 'nair ccomhair aig fáiltioghadh
go dil díochra dhúinn, agas do dháil fleagh mhór-
lúach orainn. Is ann sin a d'fhógair Galach


L. 141


Géidghe agas an Céadach dá mbuidhnibh tríall dá
ndúithibh féin, óir gurbh fhoircheas dháibh-sean
fuireach do chaitheamh na fleighe.



Tríallus na buidhnibh sin go n-iomad éadála
dá ttíorrthaibh féin, agas táinic an dís déagh-láoch
sin go cathair an Rígh; agas do cuireadh inneal
agas ordugha fleighe agas fíon-dála air an ríogh-
bhruighean, mur do cuireadh gach áon ann a
ionadh cuibhe do réir a úaisle agas 'árrachtais.
Ro dáileadh orainn fán am sin bíadha sáora so-
chaithmhe agas leanta milse meisgeamhla, agas
do bhádar seóid iomdha gá ttiodhlacadh go
hiomarcach ón Rígh orainn. Agas do bhádhmar
tríochad lá cona n-oídhchibh aige búan-chaitheamh
na fleighe sin.



BÚAIREADH AN DEIRG DHÍSGEARTHA
AIR THEAGHLACH RÍGH SÁMAS.



Agas an tráth bhudh meaghair mór-mheanm-
nach sinn um an ól, táinig chugainn asteach, gan
fhios gan araidh, aitheach balc-mhór toirt-
bhallach cuisleannach cnáimh-reamhar, go madh
samhalta lé maoílinn cruinn-chnuic ceann garbh
ríasgach an athaigh, agas áon-shúil mur leathan-
lasair theineadh a cceart-lár 'éadain; budh fair-
singe nó béul úamhcha móire assáin a shróna, agas


L. 142


déada mar bhilibh dubh-loisge a mbéul chúas-
fhairsing an athaigh, agas áon-lámh shía-reamhar
as ceart-lár 'ochta, agas áon-chos chomhfhada mur
chrann siúbhail luinge as a thóin, agas é dísgeartha
dearg-nochtaigh, agas do roigfeadh barr a bhall
feardha tairis a ghlún, agas budh maith an
gúalaire fir an ball sin, agas gan d'arm aige ach
áon-ghath comhfhada ann a láimh. Agas do
shuidh an t-aitheach go súasda sotlach a bhfochair
an bhuird mhóir, agas do ghaibh aig athlungadh
bídh go hanbháil fair. Agas an tráth chonairc
an bhandáil innioll an athaigh táinic cláochlódh
crotha lé náire dhíobh gur thréigeadar ionadh na
fleighe.



Is ann sin a d'fhíafraigh an Rígh Sámas don
aitheach cia haca d'fholaibh úaisle nó anúaisle
an domhain é.



"Ní bhfuil mían sgéaluidheacht oram go fóill,"
air an t-aitheach, "agus is budh leór a lúas duit-si
sin d'fhagháil úam," air sé.



Ciodh trácht ro hitheadh leis an aitheach pruinn
chaogad láoch dona bíadhaibh, agas iar sin do
thógaibh an fear mór a leathan-aghaidh ós áird,
agas tug lúath-chúairt dá lasair-rosg fóna cur-
aidhibh, agas adubhairt:



"Ní dóigh gurab sibh-se na maodháin shíoth-


L. 143


bharra bheag-neartacha léar thuit na ríoghraibh
ro-chalma, .i. Bárac úasal éachtach agas Maine
mór-chosgarthach nach lamhadh curaidh nó caith-
mhílidh taghall nó tagra ris, cona líon láochraidh,
lé draoigheacht chrosda chúaidhíamhracha an
Chuimín chranda chas-chrothaidh atá lé holc agas
lé formad a bhfeill agas a bhfionnghala aríamh.
Is fír-bhríathar dhamh-sa, ó fúaras a n-áon-ionad
sibh nach béara neart bhur lámh, nó crúas bhur
ccroidhthe, nó díamhar-rúin bhur ndraoígheacht,
neach dhíbh beó 'na bheathaigh úam-sa don
dul sa; agas bíodh bhar rogha agaibh do láimh
cathughadh slúaigh nó comhlann áoin-fhir do
thabhairt dhamh-sa."



Do labhair an Rígh ris na curaidhibh agas
adubhairt:



"Is maith an gníomh dhíbh," air sé, "an
t-aitheach do chrúadh-chuibhreach."



Agas lé sin d'éirghe an t-aitheach d'áon-
bhíogadh 'na sheasamh go huirmheisneamhuil,
agas adubhairt:



"Bíodh slán fhearaibh an domhain fúm";
agas do-chúaidh don bhfaithche fán ccuma sin,
agas do-rinne torann-chleas céad, agas torann-
chleas dhá chéad, agas torann-chleas thrí agas
cheithre ccéad, agas torann-chleas ocht ccéad;


L. 144


agas d'fhógair comhrac orainn, air mbeith a
n-úamhain mhór dhúinn.



Agas do chuireamar an comhrac air chrannchar,
agas is do Ghalach Géidghe táinic an fear mór
do fhreasdal air ttús a ccomhrac áoin-fhir. Gabhus
an laoch sin a earradh catha uime, agas budh do
dhéagh-láochaibh an domhain an Galach Géidghe
sin air chródhacht agus air dhéagh-nósaibh isna huile
thréartha.



COMHRAC NA CCURAIDHIBH RIS AN DEARG DÍSGEARTHA.



Is ann sin do gháibh an Galach Géidghe a chath-
armaibh uime agas téid air an bhfaich' go ttug
féin agas an t-aitheach aghaidh anbháil árrachtach
air a chéile; agas gach béidhm cloidhimh dá
ttugadh an leómhan úasal arm-dhearg don
aitheach is ionann do lingeadh dá sheithighe
dheirg-bhuidhe agas d'éadan cairrge comhdhaingne
cloiche. Agus fós, budh coimchlisde an t-aitheach
do leith cúil agas aghaidh an churaidh, agas ní
thiúbhradh tulgann don ghath nimhe ro bhí 'na
láimh san ríogh-churaidh, nach bhfúigfeadh áladh
dhomhain dhóileighis dá éis, ionnus sul do ráinic
meadhón laé orra gur bhris agas gur bhúan-réab
Galach Géidghe cearchad cloidheamh colg-fhada air
fad agas air fíar-tharsna chuirp an athaigh, agas


L. 145


fós níor fhéad fuiliughadh do fhoirdheargadh fair.
Gidh eadh, do fhreasdail Galach Géidghe an
comhrac go cródha go neóin an laé sin, gurab ann
sin a thug an t-aitheach sonnadh thréan anbháil
dá ghaeth a ccumpar an churaidh, gur chuir tré
reangaibh a chaomh-chuirp an gath, agas tuiteas
Galach Géidghe marbh air an tulaidh dhe sin.
Íar sin tugas an t-aitheach trí eiteal-chéimibh
árda éanamhla fair san magh, agas adubhairt do
ghuth árd:



"Ro ghoineas áon a n-éiric mo dhaltaibh," agas
téid as íar sin.



Tugamaoídne corp Ghalach Géidghe linn don
múir asteach, gur fearadh a chluidhthe caoínte
ós áird lé file an Rígh. Agas an tan bhudh mían
linne feart do thochailt dhó ní lamhadh Cuimín
dhúinn é, ach do chuir cumhdach íce agas losa mór-
bhúadhach um an ccorp, ionnus nach morcadh sé.



Agas do bhádhmar an oídhche sin go dubhach
déurach fá bhás an mhic rígh oirdheirc sin. Agas
airna mhárach do-chualamar cleasraidh an
athaigh air an bhfaich', agas do cuireadh ar
crannchur iar sin, agas is air an Fear Dia do
ráinic comhrac an fhir mhóir.



Gabhus an Fear Día a airm iomchosanta uime,
agas do-chúaidh a ccomhdháil an aithigh, agas
do-ghnídhid an dís tréinfhear sin comhrac fáobh-


L. 146


rach fír-neartmhar lé chéile, agas géir mhór cal-
macht agas cródhacht an Fhir Día ann gach cath
agas ann gach comhlann roimhe sin aríamh,
máiseadh do ró créachtnaigheadh do láimh an
athaigh é, gur bhudh tréaghta tréagh-tholta a
chorp uile, agas ro cheangail an fear mór 'na
chime crúaidh-chuibhrighthe air an tulaidh é.



Táinic íar sin an Céadach mhac Rígh na tTulach
do fhreasdal comhraic an athaigh, agas tugadar
an dís sin cathughagh do-fhaisnéis dá n-armaibh
díobhraice fair chorpaibh a chéile. Iomthúsa an
athaigh, ní thiúbhradh reanna nó fáobhair áladh
nó créacht fair, ionnus gur bhris agas gur mhionuigh
an Céadach a armuibh uile air an fhear mhór, agas
níor fhuiligh agas níor fhoirdheargaidh áon-bhall dé.
Tréigeas an curaidh clóidhearg 'armuibh, agas tug
síothugh sár-chalma fán aitheach, agas íathastair na
lámha leabhar-gheala um chorp an athaigh, go ttug
cor curata agas fuirneamh fír-neartmhar féidhm-
láidir dhó. Gidh eadh, níor fhéad áon-áomadh
do chur dhe, ach amhuil príomh-chárrtha comh-
dhaigne cloiche. Gabhastar an fear mór lámh
um an cCéadach, agas dob é crích na teagbhála
gur ceangladh an curaidh cath-armach ris an
aitheach mur chách.



Agas is amhluidhe do bhí meise ris an raé sin
aige cosg agus aige clódhagh oill-ghrith a tsrotha do


L. 147


bhí aig síor-shnoidhe seacha meadhóin an mhagha;
agas fógraim iar sin don aitheach mo fhreasdal
a ccleasaibh an átha agas budh leisg leisean teacht
san teagbháil sin. Gidh eadh, do fhreasdail an
t-aitheach mise mur a d'fhéad, ach tairis sin,
dírighim-se an Gath búadha Bulga go treas-
bheódha as eochair-mheadhóin na linneadh gusan
aitheach, gur thréaghdas a chorp aige tolladh a
chroidhe 'na chlíabh, agas táinic mise ass an linn
iar sin gur bheanas an Gaéth Bulga ass an aitheach,
agas dob é sin dara cosgur an ghaethe bhúadhaigh
sin.



"Tabhair chugam-sa annso gan fhuireach an
draoígh Conn Cáomhdha," air an fear mór.



Táinic an draoígh chuige iar sin, gur ghaibh aige
caoí agas aig osnaidh ós a cheann,



"Déan imtheacht thréan-lúath go Dún
Cromhna," air an t-aitheach, "agus tabhair
chugam-sa an Chorcair Chinn Chorraire ann so."



"Ní bhfuil sin ar mo chumas," air an draoígh,
"óir is bráighde mé aige Cuimín Fionn."



"Léig as an draoígh, a Chuimín," air an
t-aitheach.



"Ní háill liom-sa sin," air Cuimín, "gan
coraidheacht fair teacht chugam arís."



Tug an draoígh sin do Chuimín agas dhamh-sa,
agas do-chúaidh ass íar sin. Ro sgaoíleadh don


L. 148


Fhear Dia agas don Chéadach, agas tugadh an
fear mór go dúnadh Rígh Sámas an oídhche sin,
agas do-chímíd chugainn um thráthnóna airna
mhárach Conn Cáomhdha, agas tug an Chorcair
Cinn Chorraire don aitheach.



"Fosgail féin í," air an t-aitheach, "agus
tabhair an íce ann mo chneadhaibh."



Do-ghnídh an draoígh amhluidhe sin, agas
gabhus leigheas greim dhe go madh slán ón othar
sin é. Gabhaim-si an íce íar sin agas fritheóltar
créachta an Fhir Dia agas an Chéadaigh liom gur
bhudh slán a ccéadóir íad.



Is ann sin táinic an fear mór a ccruth gaisgidh
go n-inneall rígh ro-uaisail fair, agas bhudh
cruthach cáomh-áluinn an mac ro bhí ann sin,
go madh machtna mór ris an teaghlach uile an
cláochlódh crotha táinic don aitheach an tráth
sin, gur ghaibh greann agas taitneamh na húaisle
don ghrúagach, agus do-ghnídh féin agas Cuimín
Fionn agus an Rígh agas cách aircheana síoth
shuthain charrthannach lé chéile, agas gabhaidh
aig ath-chaitheamh na fleighe. Agas níor bhudh
subhach an Céadach um bhás Ghalaidh Ghéidghe,
ach budh dúbhach dóimheanmnach é. Is ann
sin adubhairt Conn Cáomhdha ris an ngrúagach
an raibhe nídh do-bhéaradh an mac rígh sin 'na
bheathaigh. Adubhairt an grúagach a' corp a
thabhairt do láthair; agus do-rinneadh amhluidhe
sin; agas do-chúaidh an grúagach amach fón


L. 149


bhfíodh budh coimhneasa don rígh-chathraidh,
agas tug fiach leis don mbruighean, gur gháibh an
fíach aig ól na híce aig cur a ghuibhlinne agas a
chinn go n-uige áirde a eite a mbrághaid an
mhairbh, aig tonnadh na híce ann a chlíabh, agas
fós do-bheireadh an fíach céadna an íce ann
a chneadhaibh agas ann a chréachtaibh, gur
haithbheódhadh dá mhíthin sin é; agus budh
mór meanmainn lucht an dúin uile fán ngníomh
sin. Gabhus gach áon a ionadh féin arís fán
ccomhól, ionnus nár chumhang lé háon againn
dúagh nó dochar dá bhfúaramar aríamh roimhe sin.



Is ann sin ro fhiafraidh an Rígh an dara feacht
don ngrúagach créad bhudh hádhbhar dhó a
bheith san doirbh-chruth ann a raibhe roimhe
sin, nó ann dá chumhachta féin do théaghadh
ionnta, nó fós, créad í a bháidhe lé Barac nó léan
choimhthionál.



Do fhreagair an grúagach, agas adubhairt:



"Corc mhac Adhna m'ainm," air sé, "agas is
dearbhráthair do Chonn Cháomhdha, draoígh
Bharac mé. Agas atáid trí búadha bioth-bhúana
agam, .i. cumhacht mo rogha crotha, buadha
leighis na n-easlán, agas an treas búaidh, réimh-
fhios agas fíor-fháisdine."



D'éirghe an grúagach íar sin, agas croitheas é
féin go ndeárnadh cáol-éisgeartha cranda creat-


L. 150


lom dhe, go mbeirt chroicne fíadh agas fearbóg
uime, agas air ndul amach fá dhoirsibh na bruíghne
dhó, adubhairt na bríathra so síos.




Réumh-fháisdine Bháis Chon cCulainn.



A Sonnach Sláine do-rinneas m'fhóghluim
(Créad sin daoíbh-se?).
Bíom gach áit dair mían liom cómhnaigh.
Búairim ríghthe.



Gach cruth don Ádhamh-chloinn seal bíom
amhluidh
(Féuch nach fíor sin).
Táim-si slán ó cháin Ghaé Bulga
dhaltáin Aoífe.



Tiucfa táin, 's na gárrtha colgain
is fort-sa íocfar.
Tochla báidhbh go dána colg-rinn,
colbh do chlíthe,
's badh corcra clár Mhuighe Fáil ó fheirg
do dhámh um thoídh-se.



Ría do bhás bíaidh fás na doilbh
um dhoirbh an laoí sin.
Sínfe an dámh fán cclár mac manair
a shiansaibh síthe.


L. 151



Téid an cearbhach as íar sin, agas air ccaitheamh
na fleighe dhúinn a ccathraigh Rígh Sámas
gabhamuid lámh air imtheacht, .i. An Fear Dia
agus mise, agas budh tuirseach teaghlach an Rígh
mhóir mhaith sin 'nair ndíaigh. Agas táinic
Cuimín linn tair n-ais go hOileán na Gréine;
agas do fúaramar Acha Núach air n-fhagháil
bháis air ar cceann a nDún Úaine, mur do hadh-
naiceadh linne an flaith sin, agas do thógamar
a lía ós a leachta. Agas do-chúadhmar as sin go
Dún Deirg-lía, agas do-gheibhmid Acha Neileach
marbh mar an ccéadna, agas do hadhlacadh linne
an fear sin.



Ro cinneadh comhairle againn an tan sin, .i.
Cuimín Fionn do dhul go Sámas tair n-ais, agas
fuireann do sháor-chlannaibh na críche 'thabhairt
go hOileán na Gréine d'áitiogha na tíre. Do-rinne
Cuimínn amhluidhe sin, agas do chuireamar saoígh
úasal 'na chomhnuigh ann gach rígh-dhún dhíobha,
agas búannacht na míre don ccrích dar dhúal an
dún aig gach saoígh dhíobh. Agas roinneas
Cuimín an chrích eidir Fear Dia agas mise, agus
do ráinic an Dún Úaine don ccomhroinn sin mise,
agas an Dún Deirg-lía an Fear Dia, agas ainm-
nithear sinne as gach ré dhún dhíobh sin a
n-Oileán na Gréine aniogh. Agas tig Cuimín
Fionn mhac Rígh na Gríach lé cíos-cháin na


L. 152


críche sin chugam-sa gach treas blíadhain, agas
dáilim-si a dhúalgus féin d'Fhear Dia dhe sin.
As í sochair Chuimín don oileán, .i. slúaghadh
na críche mur chungnamh aige an tan bhudh
héigin-dáil dhó.



Ciodh trácht, tugamar roighne seód na ndúnta
réamh-ráite linn, agas tángamar ass sin don
Easpáinn; agus budh mór gáirdeachas na n-Eas-
páinneach romhainn, óir do theasdaigh an Baidhre
Borb, a ttaoíseach, agas do bhí cogadh agas coin-
bhliochta idir íad féin agas Gréagaidh an tráth
sin. Achmhuingheas Rígh Easpáine sinne um
air ccúngnamh do thabhairt leis a n-aghaidh
Gréagach; agas fós, budh méad meanmainn ris
na slúaghaibh sinne do theacht 'na ndáil.



Tionólaid íar sin buidhnibh iomarcach na
hEaspáinne agas na hEadáille air áon-láthair,
go ndeárnadh taoíseach don Fhear Día ós
Easpáinnidh agas taoíseach dhíom-sa ós Eadáil-
lidh. Tríalltar linn as sin go Sléibhte Alpa,
agus don táobh shoir thúaigh dona sléibhte sin
ró theagbhadar Gréagaidh orainn. Ghabhadar
na slóighte do gach leith dúnadh agas longphurt
ós comhair a chéile. Agas bhádhmar tríochad
lá cona n-oídhchibh air an órdughadh sin, gan comh-
bhúaidhreadh catha nó coinsgleó ré húamhan
a chéile.


L. 153


Is ann sin táinic Omar an taoíseach Gréagach
agus an Fear Día d'agallamh a chéile air an tulaidh
idir an dá shlúagh, agas dob é deiriogh a ccomh-
ráidh gur fhúagradar cath dá chéile san maidin
airna mhárach. Amhluidhe sin dhúinn go ttáinic
lá cona lán-tsoilse.



Ro chuireamar sinn féin a n-inneall agas a
n-órdughadh, agas tugamuid féin agas Gréagaidh
ucht air a chéile go ndeárnadh cathugh crúaidh
agas iorghail anbháil ainíarmartach agas calmacht
chródha churata ris na slúaghaibh do gach leith.



Is ann sin do theagbhaidh an Fear Día agas
Omar an Gréagach dá chéile go ttugadar sin
frassa díana do-áirmhthe dá n-armaibh ndíobh-
raicce n-aithghéura dia-roile, ionnus gur bhudh
trom an túargain agas gur bhudh gúaismhear
an gleó do fearadh idir an dá thaoíseach sin, go
ttángadar reanta do gach leith gá n-iomsgarthainn
ó chéile, agas tug gach mílidh mór-chalma dhíobh
ucht air a bhíodhbhaidh gá n-áirleach agas gá
n-athchumadh; agas tángadar fán ccuma sin
tréasna slúaghaibh gur theagbhadar dá chéile
an ath-úair, gur ghaibheadar na tréinfhir aig
treabhadh agas aig túargain a chéile go deiriogh
laé, gur sgar an oídhche na slóighte dá n-easargain.



Agus airna mhárach do comóradh cath gáibh-


L. 154


theach leó. Ach atá ní cheana, do bhádar an
dá shlúagh sin aig díothugha a chéile le feadh
raé sheacht lá gan fios time nó tláis aig ceachtar
dhíobh, go ndeárnadar osamh catha, tráthnóna
an seachtmhadh lá, go ceann míosa; agas dob
é crích na síthe sin gur ceangladh cáirdeas idir
an dá rígh .i. Rígh Gréag agas Rígh Easpáinne.



Is ann sin do dhíansgaoíleadar na slóighte do
gach leith, gach rann dá ttíorra féin.



Iomthúsa Omar an Gréagach, tug taitneamh agus
fíor-ghrádh don Fhear Día, go ttáinic dhe a
thoigheacht linn don n-Easpáinn; agas do thrial-
lamar as sin, .i. Cuimín Fionn, Omar, an Fear Dia
agas mise, agas níor gabhadh fos nó comhnuidh
linn go rángamar Críochaibh Bhreatain. Agas
d'fhágaibh Cuimín cáomh-áluinn mhac Rígh na
cCríach iomchumhairce beatha agas sláinte againn,
agas budh mhór mo chumha-sa a ndíaidh an mhic
rígh sin, óir budh caraid dhíoghrais ann gach airc
agus ann gach éigin dhamh-sa an tsaoígh oirdheirc
úd.



Tángamar ass sin go Túatha Fiodhaigh agas go
Dún Camda, .i. longphurt comhnaigh Oileach
Arm-ruadh, agas do gabhadh go húasal sinne
ann sin. Agas ró bhí inghean áluinn íontumha
aig an Oileach sin darbh ainm Clothra, go ttug
an Fear Dia grádh éagmhais don ríoghuin iol-


L. 155


chruthach agas tug Clothra searc fíor-aidhmhéil
dhó-san mar an ccéadna, do críochnuigheadh leó
air áon an Bhreatain d'fhágbháil; agas níor
léigeadar an rún sin lé Omar nó liom-sa; agas tairis
sin brathas Omar a ttoisg agas nochtas dhamh-sa í.
Agas budh mhaith liom-sa na sgéala sin Omar, óir
budh baoghal dhúinn Túatha Fiodhaigh do
lingeadh forainn a n-úathadh slúaigh.



Agas an n-oídhche chéadna tug an Fear Dia
Clothra air éalogha as Dún Camda. Do-chúadh-
mar air muir, agus tugamaoíd aghaidh don ccrích
so; agas d'éirghe anfa mhór air a bhfairrge lé
a bhfúaramar iomad dúagh agas dobhrainne sul
do rángamar Éire.



Agus is é ionadh dar ghaibheamar cúan
a nIorras Domhnainn, agus budh mór lúthgháir
Oillioll Fhinn romhainn an tráth sin. Agas dáileas
fleadh orrainn, agas aseadh a tháinic don ccuirim
sin go raibhe deirbhshiúr nár ghann sgéimh aig
Oillioll Fionn, Clothra fa hainm dí, agus tug Omar
an Gréagach grádh agas taitneamh don inghin,
ionnus go ttug Clothra cháomh-chruthach mur
chéile.



Iomthúsa an Fhir Dia do-chúaidh ó Dhún
Camda mur aon lé Clothra go hAlbain go Dún
Sgáthaidh, air imdhídean Aoífe agas a chomh-
dhaltaidh gaisgidh; agas éagas Clothra ghnúis-
áluinn a nAlbain úadha. Agas tig an Fear Dia


L. 156


chugainn a cConnachta íar sin go tuirseach
dubhach d'éis bháis na hinghine. Agus do bhádh-
mar mí agas ráithe aig comhól, aig fiadhach agas
aig aoíbhneas a ríogh-mhúir Oillioll Fhinn, agas
furáileas Omar an Gréagach deirbhshiúr dhó féin
mur chéile d'Oillioll Fhionn; Fleadhais Fholt-
chaoimh budh hainm dí. Agas áontuigheas
Oillioll an nídh sin, agas tríallus lé Omar gusan
Ghréig; agas táinic mise go Dún Dealgna íar sin.



Agus gibé léar mían crích eachtra Oillioll Fhinn,
agas Omar, an taoíseach Gréagach, d'fhagháil,
tíaghadh go hIorras Damhnainn agas do-
ghéabhaidh éirim na heachtra sin aig an ríogh-
raidh Oillioll, taoíseach na nGaileóin.



Guidh air an ccléireach as ucht na Tríonóide,
edhain, Pádruig Úa Pronntaigh mhic Néill
mhic Seadháin, etc., aníar ó Loch Éirne.
Anno Dom. 1761.


L. 157


EACHTRA NA CCURADH.



AN TREAS RÁIMH.



Feacht n-áoin dár dáileadh fleadh mhór-
áidhbheil le hOillioll Fionn a nIorras Damhnainn,
agas tángadar do chaitheamh na fleaighe saoíre
sin Oillioll Mór mhac Mághach agas Meadhbh
chaoímh-Chrúachna, mar áon lé hiomad d'úaislibh
an chóigidh; agas ní ghéabhadh Oilioll Mór aoín-
ní do gháirdeachas na fleidhe muna nochtadh
Oillioll Fionn éirim na heachtra déigheanuidh
dhó, .i. a thuras ó Éirinn don Ghréig.



Is ann sin do labhair Oilioll Fionn agas
adubhairt:



Air ttabhairt Chlothra mur chéile d'Omar, an
taoíseach Gréagach, agas air fhuráil a dheirbh-
shiúra mur chéile dhamh-sa, do thríallamar
ó Éire maráon lé beagán d'fhíor-úaisle air ndámh.
Agus cuireadh linn luing luchtmhar lán-aidhbh-
seach a n-urlámh chum astair, agas tíaghmaoid
inte íar sin, agas tógthar linne na seóltaigh súaith-
nigh snáith-rínghne sáir-leathna a mbarraibh na
ccrann ndíreach ndéagh-árda; agas d'éirghe an
gháoth ghlan-fhúair 'na caraid imtheachta agas


L. 158


astair againn tair an sáile searbh-rúadh; agas
ní haithristear sgéalaidheacht oraind gur ghaibh-
eamar cúan san nGréig, agas do thríallamar ón
ccúan go Dún Braoí, .i. longphurt Omar, agas budh
forbhfáilteach Gréagaidh romhainn.



Ach atá ní cheana, thug mise an ríoghuin
chruthach chaoímh-dhealbhthach, .i. Fleadhais
Fholt-chaoímh, deirbhshiúr Omar, mur mhnaoí
agas mur chaoímh-chéile dhamh féin. Agas do
bhádar fleadha iomdha gá ndáil ré headh n-imchían
a nDún Braoí aig Omar an tráth sin. Agas fán
am sin táinic fios agas teachta go Fleadhais, ón-a
buime do bheith a luidhe éuga. Agas gabhas
Fleadhais lámh air imtheacht d'fhéuchaint a
buime ríana bás. Agas air ndul ann sin dí, do
ghaibh aig éagcaoin agas aig caoí ós a ceand;
agas adubhairt a buime léi: "A inghean ionmhuin,
ná déan caoí umam-sa, ach éirghe don bhfíodh so
ó dheas, agas do-ghéabhair lacht-shamhasg 'na
háonar san bhfiodh, agus crú an bhúair, agas
tabhair an lacht chugam-sa budh-dhéin."



D'éirghe an inghean íar sin, agas do chuir a
héideadh órdha dhi, agas do ghaibh foi-éideadh
súarrach uimpe, agas rug soitheach léi don bhfiodh
agas tárla samhaisg shochmuidh shomhaiseach
go líon lachta lán-mhór fuirre, agas do ghaibh
Fleadhais aig crú nó aig bleaghan na bó; agus an
tan do chromadh an inghean air an mbuin, do-


L. 159


bheireadh an bhó céim for ccúla. Ciodh trácht,
do gaduidheadh Fleadhais air an modh sin, a
ccaoí dhraoígheacht, ris an mbuin, ionnus nach
raibhe áon-fhocal dá sgéala lé fagháil. Agas airna
mhárach do ráinic sgéala go Dún Braoí, agas do-
chúadhmar buidhean d'úaislibh na caithreacha
d'íarraidh na hinghine, agus ní bhfúaramar áon-
fhocal do sgéala úaithe.



Is ann sin do chuireamar dronga do gach áird
don Ghréig gur mhion-chúartaidh síad na críocha
go huile, agas ní raibh áon-fhocal dá sgéala air
fagháil, agas budh dubhach imshníomhach Omar
agas mise an tráth sin a ndíaigh na hinghine,
gurab ann sin adubhairt Omar:



"Rachad-sa d'fhios na caillidh do ró oil mo
shíar, agas do-bhéarad bás éagsamhalta dhí muna
bhfaghaidh fios oidhe na hinghine dhamh; óir is
ban-draoígh í."



Ciodh trácht, air ndul dhúinn d'fhios na caillidhe,
do fúaramar marbh air air cceann í; agas ro
loisgeadh corp na ban-drúagh a tteine lé Omar,
tré mhéad na feirge do ro bhí aige ris an mnaoí
sin.



Agas tiaghmaoíd ass sin táir n-ais go Dún Braoí
go ceann-trom tuirseach. Agas do cinneadh
comhairle agam-sa íar sin do dhul d'íarraidh na
hinghine, agas nochtaim an nídh sin do Lughaidh
Mhac Nóis. Agas d'áomh Lughaidh dul liom; agas
do chuireamar an beagán Gaoidheal táinic linn


L. 160


don Ghréig tair n-ais go hÉirinn, agas do-chúadh-
mar a cceann air n-astair; agas tugamar air
n-aghaidh soir-dheas aig mion-chúartadh agas aig
úir-fhíafraidhe sgéala na hinghine ann gach conair
dár ghaibheamar, géar dhíomhaoín an gníomh
dhúinne sin.



Agas as eadh do fúaramar eólus go críochaibh
Aiffir. Agas dob é sin úain agas aimsir dá ttárla
cogadh agas mór-imreasain idir Cainnir Cúar,
Rígh Aiffir, agas Dolach mhac Sir, Rígh na Tráisia
Móire. Agas is amhluidhe do bhí slóighte Rígh
nAiffir, ro bhádar aig tuitiom do gnáth san
ccathugh, agus ní gontaidh láoch do shlúagh na
Tráisia nach beith ionfheadhma airna mhárach
do los eóluis a ndraoíghthe.



Agas do-chúadhmar do thaisdeal chríochaibh
n-Aiffir agas go longphurt na slúagh, agas do
láthair an Rígh, .i. Lughaidh mhac Nóis agas
mise, go ndeárnamar fasdógh blíadhna lé Rígh
n-Aiffir. Agas is uime d'fhanamar ann sin, do
bhrígh go ccúalamar go ttiocfadh urmhór ríghthe
oirthear an bheatha do chungnamh ris an dá rígh
do thabhairt mór-chatha Dhearg-thrágha, .i.
tráighe cáol-mhara atá idir an Aiffir ó thúaigh
agas an Tráisia ó dheas.



Tángadar ann do chóngnamh lé Rígh na Tráisia
tríochad céad ón Iorúaidh, agas slúagh-bhuidhean


L. 161


ó oirthear na Gréige, agas tríochad céad curaidh
ó Thir an tSneachta, agas slúagh-bhuidhean ón
tSorcha thúaigh, agas tríochad chéad ón tSorcha
theas.



Tángadar ann fós do chongnamh le Cainnir
Cúar slóighte na hArabia, agas deich ccéad air
fhichid céad ó Thír an Óir, agas an Maine Líach
mur thaoíseach orra, agas slúagh-bhuidean do
láochruidh Chrích na tTulach, agas ó Thír Tharn-
gaire tríochad céad.



Ro ghabhadar na buidhnibh sin dúnta agus
longphuirt do gach leith air an ccáol-chúan; agas
budh mór iomrádh aithbheódhadh na tTráisiaibh
aige slóighte Chrích nAiffir.



Ró bhádhmar naoí mí ós comhair a chéile .i.
an dá mhór-shlúadh sin aig fuireach (re) lá an
chatha, agas fós aig fuireach ris na drongaibh
cunganta do bhí aig teacht do ghréis leis an raé
sin. Agas dob iomdha na deabhtha agas na
mádhma do-bheireadaoís na buidhnibh sin dá
chéile um tháintibh na críche.



Agas lá n-áoin dá ndeachaidh Lughaidh mhac
Nóis agas mise mur áon lé buidhean do shlúagh
n-Aiffir do thabhairt bó-tháinte don longphurt,
ro chuireamar inneall agas éidiugha na tTráisiaibh
orainn, agus tugamar mór-chúairt na tíre, gur
tionóladh táinte iomdha na tíre linn. Theagaibh
slúagh-bhuidhean do láochraidh na Tráisia orainn


L. 162


agas bhreathnuigheadar gur a mbréig-riocht do
bhámur, go ttugamar cathugha dá chéile um
an bhúair, agas do chuireamar, nó do chuir mise,
Lughaidh ris an táin gusan longphurt, agas
d'fhanas féin agas corp an tslúaigh aig comórugh
an chatha, ionnus go ttugas ár mór air mo bhíodh-
bhaidh léir bhriseas maoídhm orra.



Agas air mbeith dhamh aig tóraigheacht air na
Tráisiaibh, iompóghas an tréinfhear Laire Learga,
.i. taoíseach na tTráisiaibh, oram go ndearnamar
comhrac cródha coimhneartmhar lé chéile nó gur
luidh trom an tslúaigh agas neart na láoch um
uirthimchioll lé a ttug Láire Learg trom-ghona
do-fhaisnéisi oram. Gabhus cían mór mise air
bhfaicsin mo bhiodhbhaidhe agas m'easccaraid gom
thúargain, gan caraid dom ghar nó do mo ghoire, go
ttugas sáthadh sleighe go sár-chalma don ccuraidhe
léir mharbhas é. Tuiteam-sa san ár íar sin, agas
budh líonmhar na háladha tugadar na Tráisiaibh
ionnam air mo thuiteam, ionnus go rabhus a ccosair
chró a measg na marbh amhluidhe sin go deireadh laé.



Agas fán am sin do-chím tríar fear a n-éideadh
drúagh, agas tríar ban a n-éideadha ban-drúagh
aig teacht go láithreach an chatha, agas innilt aig
iomáin buine bíoth-áille 'na ndíaigh; agas
tugadar na drúagha a raibhe dona Tráisiaibh air
chaoí leighis ass an ár go himiol foraoíse bhí a
ngar don tulaidh; agas fothracaid sinn, agas mise


L. 163


mar áon lé cách; agas beanaid air n-éadaighibh
uile dhínn, agas fothracaid sinn san leamhnachta
ró chrú an inghean ón mbuin; agas is meise an
chéad duine so-ghlúasadh do los fheartaibh
lachta na buine, óir budh slán a ccéadóir an tí
dá bhfóthracfaidh a chréachta as an leamhnachta
lán-bhúadhach sin. Agus an tan bhudh slán meise,
tugaim aithne fair an inghin, .i. gurbh í Fleadhais
Fholt-chaoímh ró bhí ann.



Gabhaim m'éideadh oram íar sin, agas gabhaim
greim anbháil lán-láochta air cháol dhá chos an
drúagh bhadh coimhneasa dhamh, agas gaibhaim
aige túargain na coda eile dhíobh, gur mharbhas
an seisear amhluidhe sin agas fós an méad do ró
leasuigheadh leó; agas tugaim Fleadhais Fholt-
chaoín cona buin lachta liom a ngar don long-
phurt, óir budh heagail liom an nídh sin d'fhoill-
sioghadh san dúnadh; agas do rádhaigh Fleadhais
an bhuin do chur a n-úaimh. Do-rinne mise amh-
luidhe, agas tugaim an inghean liom don longphurt.



Nochtaim do Lughaidh amhuil do fúarus
Fleadhais, agas fós búadha na buine. Do labhair
Lughaidh íar sin, go ndubhairt go raibhe Cuimín
Fionn mhac Rígh na Griach san longphurt agas
go ndéanamh dídean dona seóid sin tré bháidhe
Chon cCulainn. Chúaidh Lughaidh d'fhios
Chuimín, agas nochtas an nídh sin dó.


L. 164


"Béir búaidh agus beannacht," air Cuimín: "is
fada do ceileadh an bhúaidh-bhuin sin oram-sa
lé draoíghthe díoghbhálacha na Tráisia, óir is
fada ó do chuirfinn-se Dáiline, inghean Láimhiach
Rígh Thír an tSneachta, 'na crothaibh cáomha
féin muna beith easbhuidhe bleachta búadha na
buine bíoth-áille sin oram; agas anois ó tá sí
air m'ionchaibh ró-cheilfead orra-san go tré bhioth
síor í."



Táinic Cuimín chugam-sa íar sin, agas fearas
fíor-chaoín fáilte dhamh, agas nasgaim-si cumairce
na hinghine agas na buine fair as ucht Chon
cCulainn. Do chuir Cuimín cáomh-úasal cealtair
dhraoígheact um an inghin agas um an mbuin
gur bhudh díon dóibh. Téid Cuimín go Maine
Líach mhac Rígh Thír an Óir agas adubhairt leis
Dáilinne do nochtughadh dhó; óir is amhluidhe
ró bhí Dáilinne, ní theagadh a n-oireachtas ach
an raé bhadh cruthach í. Agas tug Maine Líach
Dáilinne go Cuimín Fionn, agas táinic íar sin mur
a raibh mise, agas do-chúadhmar mur a raibhe
Fleadhais Fholt-chaoímh agas an bhúadh-bhuin.



Is ann sin do labhair Cuimín lé Maine Líach,
go ndubhairt:



"A mhic Rígh Thír an Óir," air sé, "ní chuirfead-
sa an inghean 'na crothaibh muna ccoisgfir
láochruidhe Thír an tSneachta dhínn san ló a
ccomhraicfid na slóighte do gach leith."


L. 165


Tug Maine Líach rátha gréine agas éasga agas
na ndúileadh aircheana um sin do chomhall, agas
fós go ttiúbhradh a lámh dhúthrachtach féin leó
san ccath, agus go mbíadh 'na bhíoth-charaid do
shíor aca. Íar sin cuirthear an inghean Dáilinne
'na crothaibh féin lé feartaibh na búadh-bhuine
aig fóthracadh a méidhe as an leamhnachta.



Is ann sin do-chúaidh Maine Líach agas Dáilinne
go hairm a raibhe Cuimín Fionn mhac Rígh na
gCriach agus Calúan mhac Rígh Thír an tSneachta,
agas budh mór lúthgháir an fhir sin reompa agas
ro fhíafraidh a n-imtheacht dhíobh. Nochtas Maine
Líach éirim a n-eachtra ó thús go n-uige sin dhó,
agas mur an ccéadna na coinghill do bhí
d'fhíachaibh air do chomhall don tí d'fhoir dháibh,
agas tug Calúan gealladh do Mhaine um an ní
sin do chomhall.



CATH DEIRG-THRÁGHADH A CCRÍCH N-AIFFIR.



Do bhádhmar amhluidhe sin go lá an mhór-
chatha, agus cuirid an dá rígh na slóighte a
n-órdugha agas a n-inneall catha, agas do sinneadh
leó íar sin a ccaismirtibh catha, a stuic agus a mbean-
naibh bláith-bhinne búadhbhaille báoth-árda,
gur chrom a ttaoíseacha lé buidhean san ccath,
gur fearadh gleó cuimseach agus iorghail ainíarmartach


L. 166


idir na tréinfhearaibh, ionnus go raibheadar srotha
fola forrúaidhe aige síor-shnoidhe ón tráighe gusan
muir, go madh cróidhearg an sáile searbh-rúadh ó
chrú na láoch, gur de sin ró lean an for-ainm, .i. cath
Dhearg-thrágha don ccath chéadna.



Ach do bhí an cath gá chló air Dholach Rígh na
Tráisia fán am sin, go ttáinic Amhlach mhac Ail
go dtríochad chéad Éighphteach 'nair n-aghaidh,
agas do ró iomáin an láoch sin slóighte Rígh
nAiffir for ccúla, go ttáinic an Céadach san ccath;
agas tug an curaidh cliathach ucht árrachtach
ar Amhlach, go ndeárnadar cathughadh láochda
lán-chalma lé chéile, lear thuit Amhlach do láimh
an Chéadaigh chath-armaidh; agus do lán-mharbh
Maine cosgarthach crann-rúadh Salgaire agas
Saighean cona ndeich ccéad Amhfharaibh. Is
amhluidhe do bhádar sin, óna n-imlinnibh súas
budh fearaibh íad, agas ó sin go talmhuin budh
greadhaibh íad.



Agas d'iompógha Maine Líach go mór-
mhaoídhmtheach cona thréinfhearaibh a n-aghaidh
láochraidhe na nDubh-chúantaigh; agus do ró
mharbh an curaidh calma Mainan an t-aitheach
tréan cona a Dhubh-chúantaighibh, agas táinic
as go hucht fhearaibh na hIoruaidhe, agas do ró
mharbh na naoí ndúathaibh do Chloinn Shíaibh
Earga cona mbuidhnibh, gur ghaibh Sáile Leamh-


L. 167


na mhac Dolach Rígh na Tráisia ceannus feadhna
na nÉiphtheach, agas tug maoídhm mhór air
láochraidh an Chéadaigh. Táinic an Céadach an'
aghaidh agas do ghoin Sáile Leamhna go mór
san aghaidh d'urchar diain-ghaéthe. Gabhus confa
catha agas ruireadh leómhanda agas anfa feirge
an bráth-bhíodhbhaidh agas an cholbha úasal
adhuaibhseach dhochlaoídhte, gur thúairg agas
gur ró thréad agas gur ro theasg an Céadach
cloidheamh-dhearg 'na chosair chró d'aimhdheóin
a láochruidh; agas tugthar an Céadach as an ár
a mairbh-riocht.



Gabhus Galach Géidghe gorm-shleaghach,
mhac Rígh Thír Tharngaire, láochruidh an Chéa-
daigh a bhfochair a bhuidhne féin. Agas tug
aghaidh gusan ionadh catha a bhfacaidh Sáile
Leamhna, agas do-ghníd na tréain sin cath-
iorghail go goineadh tach cniodh-
chiorrbhtha dia-roile, gur trom-ghoineadh go mór
Géidghe do láimh an mhílidh Sáile Leamhna.



Ciodh trácht, ní tháinic taoíseach ná tréainfhear
úadha gan áladh anbháil nó cneadh dhían-bháis
do thabhairt ón láoch sin.



Is ann sin d'fhógair Cainnir Cúar dhamh-sa
ceannus slóighte Ghalach Géidghe agas an Chéa-
daigh do ghabháil go teacht san ccath dháibh. Tig
Sáile Leamhna a ccomhair Chainnir Rígh nAiffir
budh hárd-thaoíseach fair na slúaghaibh, agas


L. 168


búaileas an tréinfhear an rígh sin go talmhuin.
Táinic Lughaidh d'fhóghrighthin an rígh agas tug
as an ccath é. Iompóghas Sáile Leamhna foram-sa
iar sin agas do heagladh mise go mór roimhe; ach
tugaim roth an urchair do ghath fair, léar
goineadh go mór an láoch sin. Tréigeas Sáile
Leamhna goile an chatha do cheangal a chneaidhe.
Táinic Lughaidh chugam, agas fágbhaim am
ionadh féin é, agas gaibhim éideagh na nÉighip-
teach oram agas leanam Sáile Leamhna as an
ccath, go ttugas sonnadh sleighe do leith a chúil
san ccuraidh gur mharbhas amhluidhe sin é; agas
budh sár-obair dhamh teacht as an tráth sin, ach
go ttug Lughaidh agas a láochraidh cabhair
athláimh dhamh.



Tángadar san ccath fán am sin an Céadach
agas Galach Géidghe, agas do bhádar cúig céad
mac Rígh agas ro-thighearna 'na mbraighdeibh
aige Maine Líach an tráth sin. Ach atá ní cheana,
tugadar ucht uirmheisneamhuil air Dholach agas
air na Tráisiaibh gur bhrúchtadar orra.



Dála Chaluan mhac Rígh Thír an tSneachta ro
léig an mhaoidhm thairais agas tug lámh chlé
ris an ccath, agas iompóghas linne orra gur
thuiteadar urmhór na slúagh don choimheasgar
sin linn; agas tugamar ára móra dhíobhálacha
a n-áon-ló forra chois mara Noa go ttáinic an
oídhche 'gár n-eadarsgarthainn.


L. 169


Tángamar don longphurt íar sin, agas ró
leigheasadh créachta na bhfear ngonta lé lachta
na búadh-bhuine. Agas airna mhárach do ghaibh
Lughaidh agas mise lámh air imtheacht mur áon
lé Fleadhais Fholt-chaoímh agas leis an mbúadh-
bhuin, air bhfágbháil iomchumhairc beatha agas
sláinte aige Cuimín Fionn agas aig na húaisle
aircheana. Agas ní haithristear air n-imtheacht
go rochtain Dún Braoí san nGréig dhúinn, mur
a bhfúaramar fáilte charrthannach aig Omar
agas aige Clothra an tan sin, agas dáileadh fleadha
forainn go cáirdeamhuil san ccathraidh sin.



Is ann sin ro fhíafraidh Omar dá dheirshiúir
cionnus a tugadh as í? Agas adubhairt an
inghean amhluidhe so:



"An tan do-chúaidh mise d'fhéuchain mo
bhuime do thárla óig-bhuin lachtmhar aice, agus
d'fhógair dhamh-sa a dhul dá bleaghan go
n-ibheadh nídh don leamhnachta, agas do ro
chuir Saine Sló, .i. ban-draoígh Rígh na Tráisia, í
féin a riocht na samhuisge gur ghaduigh mise
amhluidh don Tráisia, ionnus go mbéinn 'm innilt
aca áig crú na búadh-bhuine, óir ní lamhann bean
a crú ach bean do geinfidh a mboith airna dhíon
do sheithibh eagha lachtmhair n-alla, agas is
dóigh gurab ann sin do ro geineadh mise," air
(Fleadhais, "óir) fuilinghean an bhuin mé dá crú."



"Is fíor sin," air Omar; "is cumhand liom-sa


L. 170


m'athair féin aig fíadhach a ccrích Ailmhne mí
ón cCaillann nó chéile, agas gan do dhíon (ar) an
fhían-bhoith ann a raibhe ach croicne eagh
n-alta; agas is dóigh liom-sa gurab ann sin do
fuaras thusa, a shiúr," air Omar.



Ach atá ní cheana, ro bhámar mí agas ráithe
a nDún Braoí fá mhuirnn mhóir, agas a cceann
na haimsire sin ceileabhramaoíd d'Omar agas do
Chlothra, agas tiaghmaoíd air muir agas gabha-
muid an ráon síar gach ndíreach; agas éagas an
inghean air muir úam, agas budh mhór mo
chumha dá díth; agas tugam an bhúadh-bhuin
liom go hÉirinn, agas atá inghean gá hoileamhuin
agas gá hairdleasugha damh darab ainm Fleadhais
Fholt-chaoímh mur dhúil a beith 'na céile agam
a ccuimhne na caoímh-inghine réamhráidhte."



Fínis air Eachtra na cCuradh airna sgríobhadh
lé Pádhruig Úa Pronntaigh etc. chum úsáide gach
léightheóra. An ceathramh lá déag don Mí October, anno
Domini 1761.



Guidhim beannacht gach léightheóra
a n-onóir na Trínóide.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services