Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tomás Ó Conchubhair agus a chuid Filidheachta
Title
Tomás Ó Conchubhair agus a chuid Filidheachta
Author(s)
Ó Conchubhair, Tomás,
Compiler/Editor
Ní Dhonnchadha, Eibhlín
Composition Date
1865
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1953)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TOMÁS Ó CONCHUBHAIR 1 - IS TRUAGH É MO CHÁS Fonn - "Tá mo shláinte go fann ó ráinig mé i ngabhann". Is truagh é mo chás Is time ag an mbás ritheas-sa chum fáin ó Éirinn, Ag smaoineamh gach tráth De shíor is de ghnáth Ar ghníomhartha is ar cháil na séimhfhear Do ghabhadh liom ag triall Dia Domhnaigh im choimh-rian Ar mhachaire ag déanamh pléisiúir Do'n Mhóin bhinn nó don loch Ag cur seólta le poc Is ag imirt ár gcor le chéile. Mo shlán chum na hAbhann Fuinnsean na dtonn dTaoscach ó Ghleann an Ghaothraidh, Slán agus fiche Chum Cárthach an Doire An séimhfhear ba chliste tréitheach, Slán uaim siar Tar sál-mhuir do'n chliar Atá grádhmhar fial treas séanmhar, Slán agus céad Le lán-searc mo chléibh Le páirt agus méin dom ghaolta. Slán chum na cille Taobh leis an dtuile An úir sin a bhfuil mo ghaolta, Slán leis gach drong Ar dhá thaobh den ghleann
Ó Chillighe go hAbha na gCaorach. Slán le gach duine Síolradh de'n chine Ó phréimhshliocht na Cloiche Léithe 'S go scaraidh na cnuic Is críoch Inis Luirc bhúr bpáirt is bhúr gcion ní thréigfead. Monuar! Mar atá An chríoch ghlas i ngádh Dá gcreachadh dá gcrádh is dá ndíbirt Fá chíos 'gus cáin 'S dá seóladh chum fáin 'S dá gcéasadh gach lá le daoirse. Tá móirchnead im chroidhe Tré bhrón na bhfear ngroidhe Ar n-ionnarba tar toinn go chéile, Pláigh ar a mbuidhean Gan fuithin gan díon Tá ag claonbhrathadh críoch na hÉireann. Ó táim anois go fann Is gur léithe mo cheann 'S tá scaipeadh ar mo mheabhair le tréimhse Do chlaochaidh mo chruth Mo léim 'gus mo rith 'Gus tá mé i ndochar éaga, bhúr ndian-ghrádh is bhur gcion Go deó ní scarfaidh liom Go gcuirfear i gclúid fé'n gcré mé. Bead ag guidhe buadha libh Ar múigh 'gus ar muir Ag tréanchur na bpoc as Éirinn.
2 - AR BHÁS CAITLÍN NÍ THOMÁIS UÍ CHONCHUBHAIR NOCH D'ÉAG MÍ MAOI 19, 1845 A.D. Éistidh feasta, a charaidh, go scéithfead Éacht is easba is measa dá mb'fhéidir Créacht is creachadh is frasa dá dtréanchur Níl spéis feasta ó sladadh go haei mé. Chuala tásc a chráidh go léir mé, Bhuail um chluais fuaim is séideadh, Mar stoirm cheatha roimh fhearthainn ar thaobh chnuic Le teinte is tóirneach is fóirneart tréine. Tásg mo leinbh chluineas go héigneach Na cheithre dúile go humhal dá scéaladh Mná sídhe Banban ag stathadh a gcéibhe Le cumha tré'm ainnir is daltán mo chléibhe. Mo bhrón! Mo dhainid! Mo dheacair! Mo ghéarghoin! Shlad an bás mo ghrádh go léir uaim, Caitlín ghrádhmhar stádmhar bhéasach Bhanamhail náireach chraibhtheach dhéarcach. Ba ghlaise do shúil ná drúcht na spéire, Ba ghlaine do ghnúis gan smúit ná réalta, Do bhéilín dlúth ba mhúinte bréithre, Gan mhóid, gan bhinib, gan fheirg, gan chlaonta. Do chrobh leabhair le fonn do ghléasfadh Blátha ar chrannaibh ar lasadh le gréin ghloin Faoileann, seabhac is gach ealtain dá mb'fhéidir Glé-chipe Aicill d'éis leagadh na Trae dho.
Faolchoin allaidh is tapa do ghléasfadh Péiste mara tarraingthe ar bhréide, Éanlaith neamhdha gan deabhadh do dhéanamh, Éacht is eascar is casmairt na Féinne. Loingeas ar fairrge, cairbh is caol-bharc Faoi sheól-chrannaibh dá mbascadh is dá raobadh Splannca is lasair dá gcartadh as spéirthe Teinte chreasa 'gus frasa na néalta. Ba lúbach dualach cuachach craobhach T'fholt led ghuailnibh go scuabach dréimreach Cíortha crathach snamhach slaodach, Ag fighe is ag feascadh go halta lem chaomhghein. Do bhéal tais ciúin béasach buacach binn-bhréithreach Fuilteach friotalach guth-bhinneach bhéarsach, Do dhéid mhion dlúth gan chur le chéile, 'S is osnadh trom trém chom thú iar n-éagadh. Tá do mháthair bhocht go docht ag géarghol Ag bualadh basa 's a stathadh a céibhe, Mar gheilt gleanna nó amaid gan chéadfadh 'S ní feas go mairfeadh sí seachtmhain ón lae seo. Guidhim an tAthair, an Leanbh is an Naomh Spiorad, Guidhim-se Banaltra Beannuighthe an Aoin-Mhic, Guidhim leo Peadar 's na hAspail mar aon leis, Coimhdeacht t'anam go Flaitheas an Aosair.
3 - TRÁTH INDÉ IS MÉ I GCEASNADH Fonn - "Seán Ó Duibhir an Ghleanna" Tráth indé is mé i gceasnadh, Claoidhte tréith in-easba, Shuidheas in-uaigneas faille Go scíosmhar lag faon, Chluin mé fuaim in-uaim ó ealtain, Ar lúb na bhfiodhbhadh ag cantain, Mar cheól binn sídhe dá chasadh Ó shámh-chruit Orphéus. Níor chian gur dhearcas bruinneall, Im rian go dian ar inneal, Shuidh sí lem thaobh ar fhearann Úr-shlios na réidhe, A folt mar ór-bhuidhe daithte, Go caol a coim ag casadh, Gach dlaoi ag fighe is ag feacadh 'S ar luascadh le gaoth. Bhí scáil na gcaor 'na leaca Tré dhíbhe ghlé an tsneachta, A brágha 's a píop mar eala Ag snámh ar an sréabh, A fíoghair, a gnaoi is a pearsa A com caol seang 's a mama, A déid, a braoi 's a dearca Mall chriothnaigh réidh, A béal binn bréithreach blasta Séimh caoin béasach cneasta, Do fhág mé tréimhse i gceasna, Ar fán seal óm chéill, 'S gur sciob an bárr ón ainnir Thréig a céile is tharraing Éag na laoch i sparainn Árghuil an Trae.
Smaoineas féin gur mhasla d'fhear dom aois bheith meathta Shléacht mé síos gan hata Ag umhlú don bhéith, Do fhiafruigheas séimh a hainm, A dún, a tír 's a fearann Nó an sídh-bhean í ón gCarn, Thárla ar strae, Nó an réaltann óg lé'r mealladh Tailc mac Treóin do cailleadh Le hOscar, leoghan an ghaisce, I gcoimhghleic an tsléibhe, Nó Déirdre aobhdha Mhacha Thug searc a cléibh 's a hacfuinn Do bhláth na Craoibhe ó Eamhain Árus na Laoch. "Monuar!" ar sí, "mo dhainid! Ní haon díobh mé ach amaid, Gan stór, gan bhuidhean, gan charaid Áird-mheas ná réim, Tá cnead im chroidhe ag frasa Díle deór óm dhearca, i lúib nó im shuidhe cois scairte Gan sámhbhrogh ón spéir, Tré cheilg daoirse is reachta An fáth do fhág Éire creachta Is rás na nGaodhal in-easba Is fán ar a gcraeibh Ó tháinig cóip na Sacsain Ghaibh stáit is áruis dragan A roinneadh proinn is flagain Is leighisfeadh mo chréim.
Gach tráth Ort, a Íosa, aithchim, A chíonn sinn féin gan acfuinn Ná sógh san tsaoghal so againn Fuascail ár gcréim As ucht Do Pháise ar sparra Dá saoradh ó smúit an pheactha Déin do Ghaoidhil bhoicht taca Tá i gClár Luirc go faon. Cuir ár ar ál na fala Rin a ndúnta leagadh is chuir a saoithe i nglasaibh I mbraighdeanas go daor, 'Nois seól chughainn Seón chum baile Le slógh lán d'uabhar chum catha, Dá ruagadh ar muir 's ar macha Is Clár Luirc bíodh saor. Triallfaidh Ó Briain tar calladh Le cliar tar maoil na mara 'S déanfaidh búir a chartadh le púdar is le pléir. Ó Donnchadha is Ó Meachair, Ar mhéirligh déanfaid mangar 'S beidh gach laoch go seascair 'Na bhláth-bhaile féin. Beidh fíon is beóir dá scaipeadh Is fuaim gach ceóil dá spreagadh Teinte chnámh ar lasadh Ar mhaoilinn gach sléibhe, Cóige Mumhan go huile Is sógh i snuadh gach duine An ruire ó thárla filleadh Tar sál-mhuir i gcéin."
4 - CATH CHNUIC AN FHIOLAIR September 1850 A.D. Fonn - "An Giolla Ruadh" I gcian 's mé seal ar thaoibh chnuic anall Im dhíbeartach go doilbh diamhair, Gur sceinn in-iorradh catha sídh-bhean chum reatha Ar chaoil-each tréan garg ruadh, Ba ghliadhrach an bhruinneall aerdha ar inneal 'Gus mise gan duine im aonar 's im uath, Le dian-rachta chuthaigh bhíodhg sí mar luisne, Do théarnuigh ón maoil don tuath Maille le Muirinn, Meadhbh is a fuireann 'S a n-ollchearn greanta gléasta go mbuadh; As carn Lios na mBan thriall Aoibheall is a clann Dá bhfuadach ar mharca luath, Bhí Úna an Bharraigh agus Clíona ón gCarraig An ríoghan ró-reachtmhar aosta, 'S do théarnuigh le Pilib céad tailc ar bhinib Taoiseach is dáimh an tsluaigh. Sheólamar-na linn ag leónadh is ag goin Míolta 'gus loin na sléibhte, Ó Léith-ghlinn an Chairn do Réidhchoill is go Callainn Ag léirscrios 's ag déanamh dluadh, Ba scianmhar na tuirc ag tréigean na gcnuic Sionnaigh ruadh is puic as céadthaibh le duadh Níor sosadh dhúinn ón rith tríd daingean-dúna is frith Gur shoillsigh anoir an gluadh, Bhí táin sídhe na mBreatan ar léirbhlosc na maidne Trí néalta mar scata éanlaith ar luadhail Ar eitil éan-ghol dian i bhfogus dúinn san rian Tar maoilibh na ngarbh-chruach, 'Tan d'árduigh ár bpúir theascadar mar chubhar Ar innse d'éis tonna tréana,
Thuit míle 'gus fiche i gcoimheascar na cluiche Ar láith reach cois taoibh na gcluach. 'Sí Uathach an Ghleanna ráinig na catha, Mar aon léi bhí Scáthach aosta, Is na mílte sídh-bhruinneall in-éide gan diomailt Dá gcoimhdeacht go rinn an tsluaigh, Ba líomhtha gach buille is béimeann gan time Ag cíoradh is ag briseadh glé-chipe gan truagh 'S le luath-bhuillí Scáthaigh thuit Ríoghan na mBreatan Bóidicia an chatha mhuair, Tháinig Ártúr go tapa an bhoird chruinn sa cheapa Ag sraonadh is ag gearradh le faobhar gath is tuagh, Mar laom lasair chuthaigh bhí an naomh agus Pilib Gur thraochadar uile an méid sin go luath, Do bhrúig siad na catha fá chéile ar ann bhfaithche Is níorbh fhéidir a n-amharc gléire, 'Sí Aoife 'gus Boghmhuin a síor-chuir an ghleo-ghoin Le dian-scrios is ár ann tsluaigh. Ba dhíoghraiseach linn Béara ón dtoinn Is Aodhán leannán caomhna Eoghan na bhflaith do turnadh san gcath Le Conn ar léana an truagha, Bhí annsúd go mbuadh Macha mongruadh Go líomhtha 's a sluagh léadmhar Le fíoch is le buile gnímh ghoile ag briseadh Cinnbheirt gan tuisle is éide gan duadh, Níl siabhra ná spioraid a thriall chughainn anoir Tar dhromchla na tuile ar éigin Ná séidfeam go huile i ngleintibh le teine 'Na mblodhaibh as Inis naomhtha na luan, Beidh síth gan tuirse do shíor againn-ne, Is ár saoithe go sultmhar séadmhar, Gaill gan strus is an ríoghacht 'na bhrus, Is gan feis aca ná sluagh.
Bhí 'nár mbuidhin Clanna Chalaitín Dream aingidhe tuath-chaocha, Tuilte de dhraoidheacht fromhadh san ríoghacht Acheron an tsrutha fuair, 'Siad rug buadh cleasa goile is dluadh Ar Choin Culainn cruaidh na ngéar-lann Gur dísceadh insan gleó an mír-churadh leo I mBrisleach Mhór Mhuirtheimhne, Tuille eile fós an Chéarnait óg Ba dheise clódh-chruit scéimhe A chuir muillte go cóir ar uisce le seol Ba linn-ne a fóirneart tréan, Tháinig adtuaidh Déirdre is a sluagh, Chuir Conchubhar ar stuadh-éada, Is cuireadh léi an gleó ó Chúil an Cheo Go leabadh na Caillighe cruaidhe. Do phreab sí 'na seasamh go héascadh is go hathlamh Iar gcloistin an gháir adtuaidh, Ghlac a tuagh gaisce is b'áidhbhéil a cleasa Is claidheamh líomhtha cleachta buadh, Ghaibh confadh catha is íota an chailleach Mar onchoin ag scaipeadh an tréada go luath Is ghaibh rian madhma anonn tar calladh 'Na bíodhbhadh go tapa ar luas, Thóg an créice le lúth a géaga Líog go héascadh in-áirde as an uaigh Is diubhragadh léi go díreach glé, Gur leag sí céad san gcuan, Tá ann go fíor annsan an líog, Le taoibh an Bhulláin Ruaidh Is beidh go foirceann san Áth mar chómhartha An choscair mhóir go mbuadh.
Tar éis ár-churtha an chatha ba thamhach gach taca Is árd-churadh ag casadh ón éirleach Ba scíosmhar gach bruinneall is mír-churadh banscal 'S a n-ollghonta liom ba thruagh, Mar thréan-thorann tuinne le fánaidh na beinne Lá Márta le fuinneamh gaoithe glan ruadh. Bhí dian-chaise dearg faoidhteach le fearg, Glórach mar eas dá gcrú, Bhíos-sa 'gus Guilean ar árd-chnoc an Iolair Ag éisteacht le friotal is fuighle gach druadh Go dtáinig chughainn Pilib 'na tháin-rith ar bhinneas Dá rádh linn gur cuireadh tar lán-mhuir an ruag Ba ghárdach an giolla ag tál ar na dronga Meadh agus iomad beórach gan duais, Is go n-áirmhíthear ranna i néaltaibh na bhFlaitheas Ní féidir a n-easba d'áirimh ná luadh. Ba thrompach ár gcliar le meanmain ag triall Gur shroiseamar-na rian Mhóin Éile Ag déanamh ár scíth, bhí míle bean-sídhe, 'Gus díbhe mar an ré 'na ngruadh; Gidh breóite bhí mise taomach le tuirse Beóghainte ar easba céille 'na luas Ní staonfainn ón spairn lem ghéaga dá scarfainn Tré bhéimeanna na n-arm gcruaidh. Níl rangaill ná fear théarnaidh tar lear, Ghaibh árus i bhfearann Éibhir uais, Gan bhrón-bhruid le gath nío créim-loit le sleagh Ba líomhtha a nimh ár n-uabhair ? Seólfam tar tuile na crónsproit le buile 'S beidh Fódla is a leinbh séanmhar go luath, Siad ráidhte gach file is dáimh insan gcruinne Go bhfuil an t-ár so le seal dá luadh.
AN CEANGAL Sin díbh-se gan gó fíor-theist an ghleó, Mar díbreadh an slógh caomhthach, Tá mo shúil-se go humhal le hAosar na ndúl Ná fillfid chughainn go luath, Guidhim-se 'gus sibh-se chum Áird-Rí neimhe Sceimhle, scaipeadh is traochadh Ar chlaon-shliocht na fealla rin dian-scrios ár gcealla Is dhíbir ár bhflaithe uainn, Do chreachadar ár gcliar le hachtanna dian, Le seacht gcéad bliain is ár n-áitribh, Acht deir Colum caomh 'gus Bearchán naomh Go mbeidh a ndaingin go faon 's a bhfairgnimh, Beidh Sacsan go luath dá mhéid a dtrom-shluagh Gan fearantas go buan i gClár Luirc Is beidh cúiteadha fós ins gach mío-chóir Dorinneadar na cróin san áit sin.
5 - MO MHÍLE STÓR Maidin chiúin tsamhraidh ghabhas-sa na bánta réidhe 'S an machaire cumhra glan-ruithneach le blátha is féar, 'S chluin mise ainnir go fadtuirseach dubhach i mbrón Dá síor-rádh, "Cá rachad ó chailleas mo mhíle stór? Trí choillte dubha is gleannta gan amhras chuaidh mo dheór Ar nós an mhacalla athchasas fuinn do ghlóir Ó cuireadh tar caladh ag namhaid an saoi gan chóir Le lionndubh ní mhairfidh mé seachtmhain óm mhíle stór."
Do stadas, do phreabas, do chasas le sceimhle an ghlóir Bhí líonrith am anam is chailleas mo bhrígh is mo threóir Tráigh ghlan na mara ag freagairt cá caoi is dá brón 'S na héin bheaga ar chrannaibh ag cantain "Mo mhíle stór." Anmhaoin is mioscais le binb is gaoi 'gus móid Fealladh 'gus dalladh ar an aicme do dhíol mo leoghan, Le deónadh Mhic Muire beidh briseadh ortha is scaoileadh fós 'S mé i dtosach an chatha dá strathadh lem mhíle stór. Tá Fódla le fada dá slad is dá cíoradh ar feódh 'S a saoithe faoi ghlasaibh gan chasadh fá chiach is ceó, Dá mba bríoghmhar mear tapa a gaisce 'gus líon a slógh Bheinn-se go seascair gan easba lem mhíle stór. Mar Pháiris dorachainn i gcathaibh ag síor-chur gleó 'S ní staonfainn lem mharthain ón spairn i gcoimheascar leó, Bheinn-se i gculaith chatha go tapa san bhfiadhach mar leóghan 'S na mílte do leagadh san deabhadh 'gum mhíle stór. 6 - CUMHA AN RÉICE Is tinn bocht atáimse is is cásmhar mo phian, Gan únsa de'n tsláinte ach an láinchnead seo am chliabh Gan súgradh, gan fagháil suilt, gan ráidhte, gan riaghail, Gan annsacht, gan árus, gan cháirde, gan chliar, Mo chonntlamh go bráth dona mnáibh seo atá im dhiaidh, Is gan amhras don bháb úd do chráidh mé is do chiap. Ní dubhach bocht lem cháirde mé am cháibleadh go dian, Ó dhiúgas i dtig an tábhairne mo sholáthar le bliain.
Le bliain is trí ráithe seo atáim ar mo fhréic Ó d'imthigheas óm mháithrín ar m'ádhbhar liom féin Níor iarras riamh d'fhagháltas ar mo sholáthar mar do-néinn Ach ag riaradh ar mhná an tábhairne, is ba ghearr liom dotheigheadh. Dobhí cliar do na sáirfhir dob áilne lem thaobh 'Sé mo chumha mar do fhágas go bráth iad tar m'éis Céad léan ar an mbáb úd do fhág mo chroidhe i bpéin Is gur siad liom an lá indiu ná a dtáinig dem shaoghal. Slán leat, a chara, is don ghasradh ghrádhmhar Ba mhinic im pháirt i dtigh an tábhairne ag triall Slán chum na bhfear maith a leanfadh san ár mé, Is do dhíolfadh an táille gan mhairg im dhiaidh, Slán agus dathad chum gach ainnir chiúin mhánla Nár dhíth léi mo chnámha-sa lag marbh i bpian Is anois ó taoim dealbh is mé ar easbadh na sláinte Mo mhallacht go bráth don té leanfadh mo riaghail. 7 - SEALAD ARAOIR DHAM I GCRUADH-CHÁS Fonn - "Seanbhean Chríona an Dranntáin" Sealad araoir dham i gcruadh-chás Ag machtnamh an díne dofuair bás, I n-uaigneas cille i Roilig na líoga Gan fuithin, acht síonta am fhuar-chrádh. Bhí torann na gaoithe i ngach cuasán, Is duilleabhar na craoibhe ar diascán Ag caoi cois na haille gur amharcas sídhbhean Is a carn-fholt scaoilte 'na dtrilseáin.
'Tan dhearcas an ríoghan deas mhodhamhail mhná Go doilbh dubhach nímhneach ag diadán Dhá rádh go bhfillfeadh a cumann geal Stíobhard Ná stadfadh sí choidhche dá cannrán. Is doilbh dobhíos-sa ar meabhrán Le soillse na hoidhche i measc liagán Gan duine san gcruinne dothabharfadh díon dam Acht lúb lag bhí agam den mheangán. Ag machtnamh dobhíos-sa ar feadh seadhláin Ar chnámhaibh na ndaoine 'na gcarnáin 'S go gcaithfeadh gach mustaire mursanta píleir Codladh 'measc daoilibh gan rócán. Annsan chuimhnigh mise ar an seandán An chircín sin Máiréad Ní Ógáin An mheascalach mhaiseamhail mhodhamhail mhíochar mhín mhilis Sin agaibh críoch ar mo strangcán. 8 - AR UAIR NA MAIDNE AG TAISTEAL TRÁTH DHAM THAR AN RÉIDH. Fonn - "An Súisín Bán" Ar uair na maidne ag taisteal tráth dham thar an réidh Is tuar na scamall ag bagairt síonta cruadha an lae Ba bhínn guth ealtain i mothar uaigneach na gcraobh In-uaim ag freagairt easaibh uaibhreach na sréabh.
Níor chian gur dhearcas ainnir mhódhamhail mhiochair shéimh San rian 'na reathaibh tarsna taoibh-shleasa an tsléibhe Ag bualadh a basa geala míne ró-réidh Is a hór-fholt crathach treasach trinnseach cas léi. Ba ghlaise a súil ná drúcht ar úr-bhárr an fhéir, Is aoibhe an tsneachta i ngleic 'na gnaoi leis an gcaor Ba shoillse um neóin gach seód ar a sról-bhrat uais daor Is fáinní órdha móra ar bhánlach a méar. I dtocht dobhíos le díoghrais láin-shearc don bhé Áluinn aoibhinn mhín tais chráibhtheach mhodhamhail ghlé Am ghoin le saigheada chlaoidh mé i lár ucht mo chléibh Le gean don mhnaoi ba mhíonla mánla ar bith scéimh. Dhruideas léi sin ag sléachtadh síos di go feór Is fiosraim scéal don bhéith go mín milis cóir A treibh, a buidhean, a tír, a préimh-shliocht is a pór, Nó créad an díth thug í 'na fánaidhe gan treóir. "Monuar! Mo dhíth!" ar sí, "Mo chás guirt! Mo bhrón! Mar táim i bpian le cian i gClár† oinigh †Eoghain Gan chlú, gan chuid, gan chiste, áirdmheas ná sógh, Ná súbháilce ar bith, acht doigh is diachair dam breódh. Is mé an bhean ghaibh seal le hAonghus deas óg Is le Fáilbhe Fionn ba thréan in-am churtha gleó Buime Bhriain, ceann riain ar Dhál gCais na dtreón Gidh go bhfuil, mo chiach! a chliar fá lán-ghlas gan chóir. Dá bhfeicinn feasta ag seasamh Gaoidhil mar ba chóir Bhéadh Dia 'na measc ag scaipeadh namhad insan tóir Ó Briain iar gcasadh, Ó Meachair binn-shruthach óg Is maidhm is scaipeadh ar Ghallaibh cinnte gan sógh."
9 - SEALAD IS MÉ AG MACHTNAMH I GCAOL-DHOIRE Fonn - "Cnocáinín Aerach na Biolaraighe" Sealad is mé ag machtnamh i gcaol-dhoire, I mothar dubh-chraobhach ar thairp im shuidhe, Ar chealgaibh cleasa 'gus claon-bhearta Dothug easba na hÉireann a ceas is a díth d'amharcas ainnir dheas mhaordha Mhodhamhail mhiochair bhéasach d'fhág cnead im chroidhe Is a carn-fholt bachalach dréimreach Ó bhaitheas ag téacht léi go halt a troighe. Bhí luisne 'gus gile ag tréinghleic Is ag siosmadh le chéile gan ob 'na gnaoi, Ceachtar ón gcaismirt ní staonfadh, Is níorbh fheasach cé ghéill díobh in-aighthe an naoidhe Gan truailleacht bhí a mama ar a glé-ucht, Is a leabhair-phíp aoltha mar eala ar linn, A pearsa gan easba ná aon locht 'S mar dhrúcht ar an bhféar bhí a dearca righin. Do ritheas 'na coinne is do shléachtas Go talamh go béasach is mo hata dhíom I gcrathaibh go tapa mo ghéaga Is fiosraim séimh dhí a treibh is a buidhean, Arbh ise do thréig Rí na Bréifne Dothug ceannas na hÉireann ag Sacsanaighe Le dlighthe dár milleadh is dár gcéasadh Fá lom-smacht is claon-reacht na n-eachtrannaighe. Nó Déirdre, thriall seal le Naoise, Tar bhárr na dtonn dtaoscach go hAlbain aoird, Nó Hélen an Trae chuir tré spríos dubh Dothug treascartha is dío-churtha alla-choin nimhe.
Do fhreagair an ainnir i nGaedhilg chaoin Nár cheachtar den mhéid sin do chanas í, Acht bruinneall tá singil do théarna id líon Ó Chnocán† glas aerach †na Biolaraighe. Siubhal liom, a mhúirnín, do chráidh mé Cois Fuinnseana bán glas is deise gnaoi, Gheobhair marcaidheacht ar each graoidhe mear ceáfrach Is saoithe Chlainne Dál gCais ag freastal díbh I síodh-bhrogaibh ársa, má's toil leat sin Is togha chéile de ghnáth leat ar leabaidh luighe, Ceól pípe oirfideadh is cláirseach chaoin Beóir mhilis, brannda is fíon Spáinneach díbh "Stad feasta," arsa'n ainnir mhodhamhail bhéasach, "Gan amhras tá miangus ad labhartha grinn Is anamh gan ainimh caoin-bhréithre Bíonn an seascaidhe gan chéile fá mhanmhuinighe, A leinbh ní cluintear ag géar-ghol I ngalar dubhach éaga tré easba bídh, Is ní rachad óm charaid lem shaor-thoil Ó Chnocáinín† Aerach †na Biolaraighe." 10 - SEAL IS MÉ AM CHRÁDH. Fonn - "San Mainistir Lá" Seal is mé am chrádh tinn tláth gan teimheal ón síon Is mé ruagtha chum fáin gach tráth i gcéim óm buidhean I ngleann doilbh fáis chonnarc bláth na gcraobh ag caoidhe Ar charn cois trágha, gan scáth ón spéir 'na suidhe.
Ba chamarsach cáblach táclach léi gach dlaoi, Dá carn-fholt fáinneach scáinneach dréimreach buidhe 'na dtriopaill trom slámach ag fás go méir a troighe 'Gus dibhe geal-bhláth tré scáil na gcaor 'na gnaoi. Do fhiafruigheas scéal don ghlé-ghein mhánla mhín, A fearann, a réim, a craobh, a pór is a buidhean, Nó arbh ise an bhéith ón nGréig thug ár na Traoi Caismirt is éag na bhfaolchon láidir groidhe. "Mo cheansa! Mo léan! Mo chréim!" go bráth ar sí, Ní caismirt ná éag na laochra ar mháigh na Traoi Is dainid liom féin, ach Éire tláth gan bhrígh Agus calm-shliocht Gaodhail gan réim ná báin sa gcrích. A Mhic Mhuire na ngrás do fhulaing Páis i séag ar maoil An bhfeiceann tú an t-ár 's an phláigh seo ag céasadh Gaoidheal, A leinbh 's a mná ar fán an tsaoghail ag caoi Gan fuithin dá n-ál fá scáth na gcraobh 'na luighe? Tá a saoithe gan áird de ghnáth i gcéin de shíor 'S i ngéibhinn go tláth tá bláth-scoth tréan na nGaoidheal Gan filleadh go bráth ná fagháil ar théarnadh arís d'fhearann tais Fáil i dtaobh grádh do thabhairt dá dtír. Go bhfeicead-sa an lá a mbeidh bárr gach séan ag Ghaoidhil 'Gus saoirse ó cháin, ó ár is fraoch-nimh maoir, Flaigín ar chlár is dán ag éigs dá scríobhadh Agus scaipeadh ar a námhaid mar bhláth le gaoth don chraoibh.
TRÁTH INDÉ IS MÉ TLÁTH LAG TRÉITH Fonn - "Lá is mé amuigh ar Maoil an Chnuic" Tráth indé is mé tláth lag tréith, In-uaigneas taobh le buaile Dochonnairc an bhé dob áilne gné 'S a gnaoi mar naomh-bhean stuaire. Bhí a ciabh léi ar leathadh go búclach daithte Dréimreach casta cíortha, 'S a píop mar eala taobh le caladh Nó lí an tsneachta ar maoil chnuic. Le gean don mhnaoi, dá scéimh is dá gnaoi, Dobhíos i líontaibh éaga. Go prap den mhaoil mo hata bhí Ag sléacht don ainnir mhaordha, Do fhiafruigheas caoin a pór 's a buidhean, A treibh, a tír is a gaolta, Nó créad an scamal do sheóil a samhail Gan treóraidhe gasta i ngaothraibh. Do fhreagair an spéirbhean mhodhamhail tais bhéasach Na mbán-chrobh réidh is na ríghin-rosc I nGaedhilge phras is gach nod i gceart De réir riaghail is reacht na ndraoithe, "Gidh táim gan aen, am ghárda ar chlaon, Ní dhéanfadh Gaodhal aon díth dham Cé gur gean leó mná is treise a ngrádh Do chlú is do cháil a ngníomhartha."
"Monuar! Tá Gaodhail," ar sí, "gan séan Fá lom-reacht chlaon na daoirse. A Rí na bhFeart, stiúir gach cheart Thabhairfidh faghail dóibh saoirse Bíodh ruaig ar thuirc ar mhuigh is ar chnuic Ní díon dóibh muir ná taoide le comhachta an Leinbh Aen-Mhac Mhuire Do shaor bhúr gcine, a Íosa." AN CEANGAL. Sirim is éighim ar Aen-Mhac dalta na hÓighe Ar aingil is naoimh tá i ríoghacht na bhFlaitheas ar sógh Déan ruathar is díbirt tar taoide ar gach eachtrannach crón Dothug dealbh ár dtír, mná tighe agus leinbh gan lón. 12 - TRÁTH IS MÉ AG TAISTEAL COIS MOTHAR GLAS DIAMHAIR. Fonn - An Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg. Tráth is mé ag taisteal cois mothar glas diamhair In-úir-chrích aoibhinn Choinn is Eoghain Chluin mé ainnir ag canadh laoi léanmhar Ar charn 'na haonar i ngéar-thocht bróin Ag bualadh a basa is ag frasadh na ndéara Ó na dearca ba ghlaise ná réalta Bhí a píp mín leabhair mar sneachta na sléibhte Nó an eala ar an sréabh cois trágha un neóin.
Le gean don ainnir do shearg mo chéadfadh Is dhruideas-sa léi tré ghrádh dá snódh, Do fhiafruigheas den ríoghan mhín uais mhaordha A thír, a craobh nó fáth a gleódh, Bás a daoine nó muigh a céile, Pláigh nó galar nó easba na cléire, An tré na reachta dothug in-anbhroid Éire 'S a leinbh ag caoi gan díon ón reódh. "Is fada tá tréinfhir ag géilleadh do dhaoirse Blátha chraobh faolchoin léadmhar cródha Gan chiste, gan charaid fán ama gan saoirse, Gan bhaile, gan bhuidhean, gan díon, gan sógh Ó thaisteal eachtrannaigh thar tuile na sáile 'S ghabhadar talamh i gcaladh Phort Láirge 'S fuair Rí Sacsan bulla ón bPápa Sin fáth mo dhéara i ngéibhinn beó. Tá nuadh-chrú Éibhir créimreach claoidhte, Gan cheannas, gan bhríogh, gan chríoch, gan lón, Dá ndíbirt le fán tar bárr na taoide, Gan filleadh dhóibh choidhche agus caoi is brón, Dá dtugaidís grádh le páirt dá chéile, Dá dhoirtfeadh an tÁrd-Mhac ádh ar Éirinn Beidh bodaigh an charnadh dá gcáibleadh inéinfheacht," Ars 'an Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg. Cealg is feall le meang is éigin Bladaireacht bréaga is fraochnimh mór Tharraing an t-ár is a phláigh seo ar Éirinn Bás na ndaoine is díth na dtreón Nár thigidh an bás go bráth dom éileamh Go bhfeiceadh an mádh is an t-ádh ar Ghaodhlaibh Is a namhaid 'sa bhfán tar bárr na sléibhte Is ní dainid liom créim ar chlaon-chlann chrón.
13 - SEALAD INDÉ IS MÉ I gCAOL-DOIRE IM SHUIDHE. Fonn - "Réidh-Chnoc Mná Duibhe". Sealad indé is mé i gcaol-doire im shuidhe Fá dhuilleabhar na gcraobh nglas ag déanamh mo scíth Ag machtnamh ar chlaon-chleasa bréagacha an tsaoighil Is cam-dhlighthe géara do fhúig éagnach na Gaoidheal. Do amharcas glé-bhruinneall mhaordha mhodhamhail mhín I mothar dubh-chraobhach fá éd tuir ón síon, Ba chamarsach dréimreach a céibh chrothach bhuidhe Ar gach taobh dá guailne ghá luascadh le gaoith. Bhí a dís mhalla caol ar a héadan geal mín, Is mar dhrúcht ar an bhféar ghlas bhí a claen-dhearca righin A píop leabhair aolmhar mar ghéis ar an linn, 'Gus lasadh na gcaora 'na glé-aighthe chaoin. Is tapa do shléachtas lem béabhar dom mhaoil 'Gus do fhiafruigheas séimh dí a préimh-shliocht is a gaoil, Cá hinis, cá céim di, cá haol-bhrog a díon, An sídhe nó bean-naomh í do théarnaidh im líon. An tú an rígh-bhean Hélen do fhúig an Trae thoir 'na spríos, Nó an chaoin-bhruinneall do éaluigh thar tréan-mhuir le Naois, Nó an ainnir ón mBréifne do fhág Éire fá scíos Agus Clanna Milésuis go héagnach gan tígheas. Is do labhair an réaltan, "Ní haon mé dár mhaoidhis Ach caoin-chailín Gaodhlach de thréin-shliocht Phort Laoighis Nár nasc riamh le chéile is nár théarna in-aois An tan bhíos ann mo shaoghalta níor ghéilleas do bhaois.
Is ó Chonall na mbéimeann is léir dhuit do shíol Mac Aimhirgin Éachtaigh den tréan-stoc san Ír Is ó Chóige Uladh léimeas ag glaodhach ar na Gaoidhil Chum iadh lena chéile is na méirligh do chlaoidhe. Tá Ó Briain léidmheach fá ghéar-ghluais gan bhrígh 'San mál san Mac Maonais ná staonfadh san tslighe Ó Meachair binn-bhréithreach mar aon leis an dís Mártan an séimhfhear, is mo léan! Mac Michíl. Gabhaidhí le chéile gan phléidhreacht gan bhuairt Cuiridh scaipeadh ar na faolchoinn as Éirinn mágcuairt Go ndéanaidh mac naomhtha na hAonta libh buadha Is mo bheannacht go héag dhíbh is Dia do réidhteach bhúr nguais. Iar gcanadh na mbréithre don Réaltan so mhaoidheas Is a gruadh fliuch fá dhéara 'na dtréan-shruth léi síos Nuair shíleas a bréagadh ní a saoradh óna caoi Do sceinn sí mar éan uaim go Réidh-Chnoc Mná Duibhe. 14 - LÁ AOIBHINN IS MÉ ANN CHAOI CHUNNAIL FAON. Fonn - "Binn Lisín Aerach an Bhrogha" Lá aoibhinn is mé am chaoi chunnail faon Cois Fuinnsean na nglé-thonnadh tonn Ag smaoineamh ar dhíomas is ar chlaon, Shuidheas seal fá ghéaga na gcrann Ag clos ealtan i mothar lem thaobh, Ag cantan in-aonghuth binn lonn Chonnarc stáidbhean i rath-chluthar craobh 'Sí ag filleadh ó aodhaireacht san ngleann.
Le hinneall do ritheas 'na cóir Tré thaithneamh dá snódh is dá gnaoi Iarras scéala ar bhéith na gciabh n-óir Do fhúig éigneach tinn breóite mo chroidhe, Do fhiafruigheas arbh í an ógh do thréig A baile, 's a céile is a buidhean 'Gus do éaluigh le Páiris ón nGréig Fáth gur cailleadh na faolchoin san mbruidhean. Nó an bhruinneall chuir Conall chum suain An suairc-fhear ar árd-mhaoil an tsléibhe An tan thaisteal an dragan san gcuan, Is ón gcuradh gur fhuaduigh an bhéith, Ar tú Déirdre do éaluigh le Naois Tar tonna na díleann roimh lá, Is do árduigh ruathar Chonchubhair le baois Chum curaidhe na Craoibhe do bhádh. A ghlé-bhean na dtriopall gcas mbuidhe Is ró-dheise fíoghar agus snódh, Tabhair faoseamh ón séideadh seo im chroidhe 'S ná fulaing mé i dtreabhlaidh níos mó, Dom shaor-thoil lem ré leat ag guidhe Chum an Aoin-Mhic sin, Íosa na hÓighe Tú shaoradh ar gach daor-ghalar nimhe 'S gan bhéim ort-sa d'oidhche ná de ló. "Go deimhin duit, is oth liom do thaom, Is nach taithneamh liom aon neach i mbrón, Má thuitis i ngalar trém scéimh B'fhearr as an saoghal thú ná beó, Thugas taithneamh do fharaire séimh Do cuireadh i gcéin uaim go deó Is go scarfaidh an t-anam d'aon-bhéad Beidh m'inntinn 'na dhéigh sin fá cheó."
Féach ar chruth Déhlia san úir Dobhí réaltach i ngnúis is i gcáil Dá raobadh ag daolaibh san úir, Gan aon dlaodh dá cúl cas le fagháil. Tá an duine mar choipe den chubhar Do silleadh ón long ar an sáil, Nó mar an ga gréine lá smúit, Thigeann is mhúchas mar scáil. 15 - TRÁTH IS MÉ INDÉ AR NEÓIN. Fonn - "Cáit ó Gharrán an Bhile" Tráth is mé indé ar neóin, Claoidhte tréith cois taobh an doire Dochonnarcas béith ag déanamh bróin Is a ciabh-fholt órdha léi ar sileadh, Bhí díon-bhrat glé Go lúbach léi, Is a píop mar ghéis ar bhléin na tuinne, Ag troid 'na gnaoi Bhí an rós le lí Tré áilne a scéimh ba thréith mo chuisle 'Tan dhearc mé an stáid-bhean bhláthmhar mhín Thriall mé spás go tláth 'na coinne Do fhiafruigheas scéal don réaltain chaoin, A dún, a tír, a craobh is a cine. "Mo chrádh!" ar sí. "Mo dhíth! Mo thuirse! Táim gann tír is do éag mo chine Ag aodhaireacht uan Bhím go buan Cois taobh an chuain nó lámh le doire.
Bronnfad súd dom ghnúis gan smól Gúna, clóca is ór mar chiste Togha gach bídh is fíon le n-ól, Is rogha gach seóid má's áil leat mise, Fiadhach ar mhóin, Rinnce um neóin, 'Gus suidhe ar sógh in-aol-bhrog cluthar Suan trom sóghmhail Fá mhín-bhrat sróil Gan aon id chomhair ach óg ghlan mhiochair." "Ná bí dá luadh go bhfuil tú faon Is ná mol do scéimh tar mná na cruinne Níl áilne gné gan chám is chlaon Go cluain fé shéala i méin an duine. Ar feadh mo shaoghail Dhuit ní baoghal; A bhláth na gcraobh, ní thréigfead thusa, Saor mo chás Ó phianta an bháis Ní baoghal duit gádh má's áil leat mise." "Ní racha mé le haon cois trágha Go maoil an tsléibhe nó taobh le tuile 'Sé chluininn dá rádh gur suathantach grádh 'S gur fuiris cáil glan mná do bhriseadh Ní gean liom ór Maoin ná stór, Tá séan is sógh go leór am chiste Ní ghlacfadh seóid Duais ná móid Ní bhéadh dá bhárr ach gur náir a bhriseadh.
Is iomdha stáid-bhean bhláthmhar mhodhamhail Ó thúis an domhain dá aoirde cine Le fuighle béil is claon fir foghail 'Na geilt gan mheabhair ag rith ar buile, Ná bí am chrádh Ní bhéarfad grádh Dhuit ná d'aon faoi'n ngréin go huile Ní bhéadh dhá rádh Ach gur chríon mo bhláth Sin críoch le Cáit ó Gharrán an Bhile." 16 - AR ÚIR-SHLIOS NA RÉIDHE IS MÉ AG TAISTEAL INDÉ Fonn - "Péarla an Chúil Chraobhaigh" An úir-shlios na réidhe is mé ag taiteal indé I ndíbhtreabh fhásaigh chonnarc stád-bhruinneall ghlé, Bhí a ciabh chrathach bhidhe ar luadhail leis an ngaoith Trom triopallach fáinneach go hárd-truip a troighe. Tan dhearcas an bhéith dob áilne ar bith gné Do shaighid Cúipid le grádh mé do bháin-chnis na gcraobh, Bhí díon-bhrat daor sróil léi scaoilte go feór Is gach dall dá cuid éadaigh ag blaodhmadh le hór. Bhí a pearsa gan chéim, gan easba, gan bhéim, 'S a píp aolmhar leabhair mar eala ar an sréibh, A dhá mhalla chaol is a ramhar-rosc réidh, De réir starthaibh 'sí a samhail do fhúig caismirt na Trae.
Fá eadh scátha ón sín shuidh an réaltan mhodhamhail mhín Ag síor-fhrasadh déara tré léan-chnead a croidhe, Do fhiafruigheas go caoin a hainm 's a buidhean, A fuireann, a fearann, a caraid 's a gaoil. "Mo cheasna!" ar sí, "mo dhainid! Mo dhíth! Mar dhísc crú na Sacsan mo charaid gan bhrígh Fá chíos is fá cháin is dá ndíbirt san bhfán Is cuid díobh i ngéibhinn ó réim Inis Fáil. Ó chaismirt na Bóinne tá ár dtréinshliocht fá bhrón Gan chiste, gan cheannas, gan fhearann, gan lón, Dá gcéasadh 's dá mbreódh 's dá síor-chur ar feódh, Saothar do mhéirligh do fhág Éire gan sógh. Dá bhfeicinn-se fós scaipeadh ar na cróin Dá ruagadh ar fuaid gleannta gan teinte fá cheó Bhéadh míle husá ón Rúth go Fionn Tráigh, Treascairt is traochadh ar an bréan dá gcrádh." 17 - SEALAD INDÉ AGUS MÉ IM SHUIDHE Fonn - "An Bhéith pé'n Éirinn í" Sealad indé agus mé im shuidhe An fearann an tsléibhe gan téimh ón ngaoith Ag machtnamh ar chlaonta géara an tsaoghail, Easba na cléire is créim na nGaoidheal, Ar charn chonnarc béith ag éigheamh is ag caoi, 'S a dlaoithe cas dréimreach péarlach buidhe, Ag tuitim go trom léi go céim a troighe, 'Gus luisne na gcaor tré aon 'na gnaoi.
le taithneamh don ghlé-ghein mhaordha mhín Do fhiafruigheas scéal dí i nGaedhilg chaoin, Arbh ise an bhéith dothug créim na Traoi An chathair 'na laom 's a craobh gan bhrígh. Nó an ainnir do thriall i gcian le Naois, Nó inghean Pháoro thárrthuigh Maois, Eithne mhíochar bhí ag Conall ar mhaoil, Nó céile Uí Ruairc do fhág buartha Gaoidhil. Do fhreagair an bhéith go séimh tais mín, "Ní ceachtar mé den mhéid dár mhaoidhis Ach amaid gan chéill le tréimhse ar bhaois Gan chiste, gan fhéis, gan aobh, gan bhuidhin. Mo cheasna! Mo chréim! Mo léan!" ar sí, "Ní hé caismirt na laoch ar réidh na Traoi Is dainid liom féin ach Éire i ndíth 'S a dragain go faon gan fhéibh sa gcrích." 18 - IM AISLING ARÉIR TRÉM NÉALTA SUAIN Fonn - "Ó Bhean an Tighe, cad í an bhuairt sin ort?" Im aisling aréir trém néalta suain, Chonnarc ainnir ag éigheamh cois taobh an chuain I mothar 'na suidhe go doilbh ag caoi 'Gus osna 'na croidhe 's a gnaoi fá ghruaim. 'Gus ó bhean an tighe, cad í an bhuairt sin ort?
Mo hata dom mhaoil dobhí go pras Ag sléachtadh do naoidhe na mbuidhe-fholt gcas, Dhruideas-sa léi le taithneamh dá gné, 'Gus do fhiafruigheas scéal don ghlé-ghein deas, A caraid, a craoibh, a tír 's a cóip. Do fhreagair sí mé i nGaedhilg ghlic d'eascair mo shíol i gcrích† ghlais †Luirc Ó rígh-fhuil ón Spáinn noch do imthigh chum fáin Ach ruagfar an t-ál tar sáile soir, 'Gus ó bhean an tighe, ná bíodh buaidhreadh ort. Is dainid d'Éirinn éag na bhFiann, Conn 'gus Eoghan 's an breo treas Brian, An Ruire Ó Néill dá namhaid nár ghéill, Mág Uidhir is Maol, an laoch ba dhian, Ar mhacha is ar mhaigh do fhúig tnáithte a gcliar. Is crathach lem chroidhe an díth sin ort, Do cheasna, do chréim, do léan 's do lot Fulang na bpian fán ama le cian, Gan fheisteas do thriatha ná riar ar nod Gan fearann, gan réim ná fréimh ar mhóin. Triallfaidh an t-ál tar sáile anoir, Déanfaid súd ár ar mhaigh is ar muir Beidh bodaigh dá gcrádh, dá gcrochadh is dá mbádh 'Gus Inis† ghlas †Fáil gan cháin againn As Gallaibh dá dtraochadh ar sléibhte cnuic." Dhruideas-sa léi cois taobh na trágha, 'Gus atuirse nimhe dá claoidhe chum bádh, Mar thréan-ghal den ghaoith gur eitil an sídhe, Tré'r ghlacas-sa bíodhg 's chonnarc teimheal don lá 'S do phreabas óm néalta claonta suain.
19 - TRÁTH AGUS MÉ COIS TAOBH CHNUIC INDÉ Fonn - Éamonn an Chnuic Tráth agus mé Cois taobh chnuic indé Go connail fá éadh ó shíonta, I ndothair-chluthar craobh Gan aon san gcruinne am ghaor Go huaigneach ag déanamh mo smaointe, Lem thaoibh gur shuidh bean Do fhág saighead am chroidhe dá gean, Go faon tré thaisteal tíortha, 'S a daor-bhrat léithe ar leathadh 'S a hór-fholt búclach ag casadh, Trinnseach 'na triopall cíortha. Ba mhodhamhail glas a súil Mar réalt neimhe san tsrúill Nó cruinne den drúcht ó spéartha, Dob éadtrom deas a siubhal Mar chág ag trácht ón gcúil, 'Gus luisne 'na gnúis mar chaortha, Dob áilne í dar ndóin Ná an bhean thug díth na dtreón Ar mhachaire i ngleó na Trae thoir, 'S an bhen tré éad do chlaoidh Clanna Lir le draoidheacht Ar loch ruadh na Maoile tréimhse. Ag sléachtadh don mhnaoi Do fhúig créimeach mo chroidhe, Mo hata bhí domhaoil go héasca Do fhiafruigheas go caoin Don ainnir mhilis mhín, A fearantas, a tír 's a gaolta,
Nó ar bhruinneal í ón mbruidhin Do thaistgeal im líon, Tar éis caismirt ar mhaoilinn sléibhe. "Nó an sibh dorug buadh Ar Mheidhbh is ar a sluagh Go trúmpach ar thuath-Chnoc Gréine. An tú Clíona ón gCarraig Nó Úna an Bharraigh Dorinne ruathar is bagar léana, Áine nó Muirinn, Ba ghnáth lena bhfuirinn I ngleó-ghoin na sceana géara, Nó Aoibheal ba teann I gcaismirt na lann, Deineadh trealla agus foghail gach féile, Nó an bhean tré ghrádh 'gus baois Do thriall tar sáil le Naois, Do fhág curaidhe na Craoibhe traochta." Do fhreagair an bhé Dhá rádh "Ná bí baoth, Ní ceachtar don méid d'áirmhís mé Acht bean atá le cian In-anbhroid ís i bpian, Go seachmallach fá chiach na daoirse. Monuar! Atáim gan fhleisc Go scíosmhar ar leisc, Fá bhrón dubh am amaid ríoghdha, Gan éadach gan chuid I ndiaidh Éamonn an Chnuic, Ó ruagadh tar muir é ag bíodhbha.
Is iomdha fear groidhe Tá créimeach 'na chroidhe Ag fulang mo dhíth! fá ghéar-ghlais, Dá seóladh óna mbuidhin, Gan fuithin ón sín, Fá bhuaidhreadh ó chloinn 's ó chéile, Ó tá sinn gan neart, Níl fagháil againn ar cheart Is cóir dhúinn ó's lag bheith géilleach Má raobam an reacht Beidh cuadhaire 'nár measc 'S ní fuirist dhúinn aon chluain i nÉirinn. A Uilliam dhil 's a ghrádh, Go bhfeicidh mé is tú an lá Go mbeidh briseadh agus tnáthadh is díbirt, Ar Ghallaibh an smáil Bhraduigh uainn ár gcáil, 'S ghaibh seilbh ár n-áitribh dhílis, Go mbeidh fearg na nGaodhal Ar lasadh le faobhar Chum díbheirg is léirscrios díoghaltais Ó Dhoire Chuilm chaomh Go Daingean na séis theas, Guidhim Dia leo maraon san choimheascar. Ba ghnáth mé is mo shearc Ar mhaoil chnuic gan mharc, Go huaigneach ó bhraith na hoidhche, Gan chlúid orainn ná brat, Ná time fá thart Dár mbeo-ghuin ó ghoimh na gaoithe, Nó go dtiocfaidh na fir Ón Spáinn anoir Ollthrúipeach tar druim na taoide Ruagfaid siad tuirc As crích oinigh Luirc 'S beidh buadh catha ag Clanna Míleadh."
20 - ARÉIR IS MÉ AG MACHTNAMH AR BHRUACH FUINNSION NIAMH-GHLAS Fonn - "An Bhoineannach Aerach" Aréir is mé ag machtnamh ar bhruach Fuinnsion niamh-ghlas I gcluain coille craobhach is soineanda fás, Im rian chonnairc ainnir ag taisteal lem thaobh-sa Mhodhamhail mhiochair mhéar-lag mhín mhaiseamhail mhnámhail, Bhí an rós leis an sneachta ag deabhadh 'na gnaoi Ní raibh éalaing ó bhathas go haltaibh a troighe Im chúrsa níor dhearcas samhail an naoidhe, Is a cliabh chrathach bhuidhe léi ag sileadh go sáil. Le dian-ghean don ghlé-ghein chlaochaidh mo shnódh, Chailleas mo threóir is níor ghasta mo chiall, Mo bhás ná mo bheatha níor léir dam go fóil, Cé dhruideas 'na cóir níor thapa mo thriall, Fiosram i nGaedhilg don réaltan arbh í Las cathair na Trae is a laochra fá smál, Nó an ríoghan ón mBréifne do fhág Éire fá dhíth, Is thug eachtrannaighe go réim Inis Fáil. Do fhreagair an spéirbhean go séimh mé ag rádh, "Ní ceachtar mé ar aon chor don méid sin mhaoidhis, Ach is mise agat Éire tá im chéasadh is im chrádh Gan cheannas, gan chairde, im amaid gan ghaois, Gan éadach, gan fuithin, gan chiste, gan lón, Fá chlaon-dlighthe Sacsan an ghraithin-sprot chrón, Do chlaochlaidh mo ghradam 's do mhéaduigh mo bhrón, Is mo cháirde uile ar feodh faoi leacaibh 'na luighe.
Monuar! 's mo cheansa! Mar chailleamar Eoghan An curadh treas cródha, Fabius Chrích Fáil, I ngéar-chath Bheinn-Buirb ba dhraganta an leoghan I gcaismirt an ghleó san ba chalma a cháil, Ar Mhunró is ar Ghallaibh chuir scaipeadh 'gus ruaig, Is do sheóil é chum reatha gan hata ar a bhuaic, 'S a leabadh Chaillighe 'seadh shrathuigh an sluagh Ar $Vavasour nuadh cois Maininn 'san áth. Claon-chleasa Shéarlais do bheó-ghuin mo chroidhe Bhronn paitinn dom náimhid ar fhearantas stáit Do dhíbir tar chaladh na fearachoin ghroidhe Ó thalamh a sinnsir gan chiste, gan áit, Dá gcuireadh mo ghaolta le chéile i dtráth An tan bhuaidh an Barrach is Muscraidhe an lá, 'S ghabhadar Luimneach, Lios Cearbhaill is an Ráth, Bheadh Coote 'gus Ormond gan fearann dá mbuidhin. Tá préimh-shliocht na hÉireann dá dtraochadh ag an dtáin, Gan talamh, gan árus, gan fuithin ón ngaoith An té dhíobh nár cailleadh tá ag teicheadh chum fáin A leinbh 's a máithreacha i ngalar ag caoi, Is iomdha triath calma, curadh 'gus fian I ndaoirse fá ghlasaibh is i gcarcair le cian Ionnarbadh is scaipeadh ar mhaithibh 's ar chliar, Do fhág easba le cian ar Inis† ghlas †Fáil." nó mar seo: Is ár gcaraid Ó Briain ag námhaid ar láimh.
21 - TÁ SPÉIRBHEAN MHILIS BHEANAMHAIL. Tá spéirbhean mhilis bheanamhail tharraing uaim thar sháile siar Tá mo chroidhe in-earaid léi go bhfillidh sí arís aniar, A cuacha cíortha barra-chas ag feacadh léi go bárr a traoigh, Gur thug sí mise in-anabhruid gan aiseag ar mo shláinte arís. Ba mhíonla maordha measamhail gan bhladaireacht gan uabhar gan phoimp Gan bhaois gan uaill gan mhasla ar bith gan gangaineacht ná tnúth le saint, Do réidhfeadh dhíom gach anacra dá dteangmhadh liom de ló ist oidhche Seo mar lámh mar thaca dhuit ná mairfinnse ad dheoigh-se mí. Thar sáile siar mo bheannacht chughat le biseach mór i lár mo chroidhe Go hInis† aoibhinn †bhanba mar a gcleachtadaís mo cháirde gaoil, Ba fáilteach fuinteach freastalach le taistealach nó fánach slighe, Is crádh lem chroidhe iad trascartha faoi ghalla-phuic ar lár gan bhrigh. Is cásmhar scíosmhar ceasnathach lag easbathach le tréimhse sinn Ó thárla uainn thar caladhphort ar seachtaireach do cháirde gaoil. Lán-chorn díghe gan easba ar bith de bheatha-uisce ód bhánchrobh mín Do thógfadh an smúit de'm aigne le haiseag ar mo shláinte arís.
Grádh lem chroidhe is lem anam thú is ní scarfainn leat ar ór an tsaoighil, Is go ndéanfainn duain do cheapadh dhuit i ranna suilt 's i gcomhad laoidh, Dodhéanfainn laoidhthe seanachais do scanadh dhuit i réimheas Gaoidhil Is 'nois ó thárla thar caladh thú céad beannacht leat go filleadh arís.
22 - CÓIMHGHLEIC AN BHÁIS A.D. 1861 Araoir am aonar 's mé sínte tréith-lag Ar leabthain aerach go seascair bláth, Mo smuainte im thréigion 's mé ar dhíth mo chéadfadh Gan neach im ghar-sa ach Rí na nGrás, Gur thuirling taobh liom go fíor an séighleach Gan gein dá chaomhna is a shleagh 'na láimh, 'Sé dubhairt i nGailge gan tuisle bréithre, "Preab go éasca, créad an suan seo id dháil? Is mé threascair Caesar is Samson tréanmhar, Hector éachtach, Maois is Dáith, Goll an laochais, mac Lugha na mBéimionn, Fionn na Féine agus Oscar áigh, Diarmaid déidgheal fíorshearc na mbéithe Fiadhach an tréan-tuirc go dtug a bhás, Is chughatsa théarnadh anois le scéaladh, Gur mise an t-éag is ná glac rómham scáth."
Ar gclos na mbréithre seo im chluais le séide Nimhe, do léimeas annsan 'na dháil, Do radas béim do i gclár an éadain Do chuir do phléisc é go prab ar lár, Is gearr gur eirghidh arís an séalach Le fíoch chum éirligh 's a thuagh 'na láimh, Go dtug buille tréanmhar do leag go faon mé Gur shíl gur éagas go fíor iomlán. d'eirghios féin arís chum scléipe Go fíor a dhéanadh leis an gciarmhac smál Níor scur de'n réim sin smearadh a chéile Go bhfuaras cae air cos 'as lámh. Do scread an créice le hanbhfann éachtach Is d'iarr sé faosadh orm gan spás. 'Sé an connradh déannach do gheall an créimeach Gan teacht am éiliomh arís go bráth.
23 - ÉAMON CÁIPLIS CCT Dá charaid ionmhuin, eadhon, Tomás Ua Conchubhair. A chara mo chléibh do phríomh-fhuil chalma, Néill is Chairbre léadmhar lannamhar, Óró fuair gradam go mór, Dragain nár staon in-éachtaibh gaisce, Thug maedhm a namhad go tréanmhar treasamhail, Óró is ba ghallartha i ngleó. Seachain ná géilligh féin do mheabhail-chis Grathain an éithig do thréig an tAifreann, Is Muire, Banaltra an Áird-Mhic cneasta Gach tráth dá hainm le gráin thug aithis di, Óró 'gus masla go mór,
An feallaire faon Luthérus ceannann, Do shéan na reachta maraon is Cailbhin uilc, Óró 'gus tuille den chóip, Dá gcabhair ba shaothrach Récs na Sacsan Ghaibh céim is ceannas ós cheann na hEaglaise, Óró is ba dhainid sin dóibh. Do tharraing na tréada is léir i neamhriocht Damanta daor ar shéala ceangailte, 'Na daolaibh malluighthe ag céasadh a n-anma Le caora is lasair-nimh thíos inAcheron, Óró dhá loscadh go deó. Féach aiste na nGaedheal tar éis na mbearta so Is léir gur caitheadh as réimheas Banba iad, Óró gan filleadh go fóil. An eaglais naomhtha réabaid eatortha 'Gus séadaibh beannuighthe cléir na psalmnach Óró do stracadar leo. Tá flathaibh is éigse tréimhse ar mearbhal 'S na sagairt i gcéin gan réim go seachmalach Níl técs 'na rannaibh le scléip dá chantain Ach éclips scamail do fhág Gaedhilg ar dearmad Óró dá mealladh gach ló. Gach seabhac suilt saor don éigs ba ghasta ag cur Léigheann is aiste go réidh ar mheamram, Óró go frithir i gcomhad, Casaidh liom féin is géillidh feasta, Nach bréag ná bladar an méid seo chanaim libh, Óró is nach magadh nó móid, Le feartaibh Mhic Dé 'nA Chéasadh cheannuigh sinn Fuair peannaid is péin gan spéis idir namhaid Beidh traochadh is teascadh le béim na n-aingeal Ar thréad na $bhfanatics craosaigh cealgaigh, Óróthug masla don Órd.
Aithchim go héagnach an Glé-Spioraid Beannuighthe Gan naomh is Aspal tá i réim na bhFlaitheasaibh Óró idir aingil is óghaibh, Go bhfeicimíd Gaedhil i réimeas rathmhar Go féiseach flaitheamhail féastach freastalach, Óró is na danair gan fód. Bíodh fuireann na dtéad le méara ar seanga-chruit Ag seinnim $TéDeum le méinn ag cantaireacht, 'S bíodh saoithe is sagairt go saoirseach seascair Gan chíos, gan mhairg is Críost dá dtaramain, Óró sin críoch ar mo scéol. An Ceangal. A chlann do tháil-fhuil ársa tréan na laoch Ba thaca gan tlás chum táin an Bhéarla a chlaoidhe Tagaid i bpáirt go grádhach le chéile ag guidhe 'Gus Muire na nGrás go bráth ná tréigidhí.
24 - AN BUACHAILL BÁN. Sept. 1848 UILLIAM UA LOINSIGH cct An rann deiridh le Tomás Ua Conchubhair Tráth indé dham go doilbh déamhair, Dobhíos im aonar cois taoibh na trágha, Do dhearc mé an caol-bharc ar thonnta taoscach 'Gus é ag téarnadh chum cuain im dháil, Ar bhórd ag géar-ghleos bhí an ainnir mhaordha Le táin na hÉireann bhí an cabhlach lán, Ag gol i ngéibhinn 's ag freasadh déara Dhá rádh, "Cár théarnaidh mo Bhuachaill Bán?"
Do dhruideas léi-se le truagh dá géar-ghol, Is do fhiafruigheas scéal don aoil-chneis mhná, A buidhean, a gaolta, a craoibh nó a prímhshliocht Nó créad an t-éigen sheóil í ar fán, Ba bhinn a béal-ghuth ag aithris scéil dam, Gur claoidheadh a gaolta i nInse Fáil; Is go raibh na céadta míle i ndaor-bhroid Ó dhíbir béaraibh mo Bhuachaill Bán. Ar sí, "Is léan liom críoch na hÉireann Líonta ag tréinfhir ag fulang báis, Is na mílte séimh-bhruinneall mhín tais mhaordha, Ag caoineadh a gcéile. Monuar! A gcás! Tá dlighthe claona gach lá dá ngéar-ghoin, Fá láimh ar éigin do shíor dá gcrádh, Is na táinte i ngéibhinn gan scáth a n-aol-chneis; Siúd nídh nár éimigh mo Bhuachaill Bán. I dtúis mo shaoghail an tan bhíos im aontumha, Do radas léar-chumann, searc is grádh, d'óigfhear léigheanta gan cháim ná claonta Cráibhtheach déirceach fíor-ghlan 'na cháil. Gan toil na méith-phoc ach cead mo ghaolta, Do nasc an chléir sinn i nInis Fáil, Is go bráth ní staonfad ó thál na ndéara, Is mo ghrádh ní thréigfidh dom Buachaill Bán."
"Éist a chéibhfhionn is scuir dod ghéar-ghol, Cé fada ár dtréigint is do bhuidhean ar fán, Beidh slóighte tréinfhear le hairm ghéara Ag ruagadh béaraibh arís tar sáil, Beidh maidhm is raobadh ar Ghoill an éirligh Dá scuabadh in-éinfheacht as críochaibh Fáil, Is go deo 'na dhéigh sin beidh Uilliam fá shaor-chion Is chífir Éire aged Bhuachaill Bán." Finis.
25 - TOMÁS Ó CONCHUBHAIR cct chun UILLIAM UÍ LOINSIGH. Chum dalta na naoi mbéithe, eadhon, Tomás† binn-bhréithreach †Ua Conchubhair, le na thurnaídhe umhail díoghraiseach go hilbheacht Uilliam Ó Loinsigh: - A chailm-fhir shéimh do chléir na mbeol mbinn d'eascair ó chraobh-chruth Gaodhal ba mhór buidhean, Tá parailis éaga im ghéaga clódh críon Is ní tapa mo mhéara ar théada an cheóil chaoin.
26 - UILLIAM UA LOINSIGH cct Ag Scríobhadh gus a Charaid .i. TOMÁS UA CONCHUBHAIR. Mo scríbhinn chughat ar laoidh, a shuadh na ndánta, Do chrú na ndragan bhí i gceannas i gClár Luirc, Clúmhail calma lannamhar láidir Ba chneasta le faon 's ba thréan ar námhaid, Gur sheóil Luicifer fuireann tar sáile Do raob gach acht is ceart-dlighe an Phápa Le fórsa is feall, le cam is ár cnuic, Do ghaibh ár ndaingin is d'ár mbailte rin fásach. Dá maireadh Goll, ba theann ar námhaid, Nó Cú Chulainn an ursa ba láidir, Nó Diarmaid an triath do thriall le Gráinne, Dobhéadh ár is scaipeadh ar an ngrathain as Clár Luirc. Táimse aosta ar an saoghal so im cháibleadh Fá iomad cíosa gan puinn fagháltais Gan choróinn im spaga le scaipeadh i dtigh an tábhairne Ag so fá ndeara gan taistil id dháil-si.
27 - TOMÁS UA CONCHUBHAR cct CHUM UILLIAM UÍ LOINSIGH. A naomh dhil an fríth dhuit an Ríoghacht traochta Is nach cuimhin leis ar Ríogh-Mhac an Rí caomhnadh I dteannta go dteannta go dteanntar gan díth péinne Gach fealltach is fallsa don Rí chéadna.
28 - TOMÁS UA CONCHUBHAIR cct DÁ DHEARBHRÁTHAIR. A dhearbhráthair dob fhearr fós dá bhfaca mé riamh Cúis gáir-ghuil ochlánach is atuirse cian, Cúis do fhág mé gach lá dubhach doilbh fá chiach Ó do fhágais mé, a Phádraig, ag dul ar mhairbh na gcliar. Ó chliar Cruachna ba dhual duit, a shaoi gan cheas. Ó Fhearghas mac Róigh thug an Táin Bó ar Ultaibh san treas Is Conall Ceárnach thug lán gaid de cheannaibh mic ríogh I n-éiric bháis a dhalta ar Muigh Muirtheimhne mar dhíol. Mar dhíol im dhalta-sa ní ghlacfainn-se ór ná pláta, Mianach airgid ná ceachtar den nidh dá dtána Bean is leanbh agus cara dogheobhainn amáireach, Acht an fhaid a mhairfead ar an dtalamh so ní bhfaighead bráthair. Atá bean sídhe Chonchubhair go dubhach ag sileadh na ndeór Is Áine chiúin fá smúit ag frasadh 'na cómhair Aoibheall chlúmhail na Mumhan fá scamalaibh bróin Cois Fuinnsean úir mo phúir! mar ar feartuigheadh an leoghan.
An Cóimhcheangal nó an Feartlaoi Fáisc, a líog, fád dhíon an leoghan so fút Is congaibh i dtaisce gan scaipeadh an luaithreadh id chlúid Luan na Breithe ar sméideadh Ríogh na ndúil Pádraig Apstal is Molaga ag díon an cholúir.
29 - UILLIAM UA LOINSIGH cct DO PHÁDRAIG UA CONCHUBHAIR. Noch do chuaidh d'éag, Aos an Tighearna, 1832. Mo chumha, mo cheasna, mo dhainid, mo lán-doigh, Mo léan, mo cheasta, mo chreach, mo chás guirt Mo leoghan meanamnach lannmhar láidir Colum na bhflaith i bhfeart faoi láin-lic. Mac a shamhail ní fhaca-sa i gClár Luirc Ná insa Bhreatain cia fairsing le rádh í, Fial-ghas soilbh sochma gan dárdal Ceart na bhFlaitheas go bhfeicidh tú, a Phádraig. An Cóimhcheanngal Sin i bhfeart fá leac go faon 'na luighe Plúr na bhflaith ba ghal gan chréim 'na chroidhe Dochuaidh ar meath, mo chreach! sul a dtéarna in-aois Is do fhág a charaid ag freasadh guirt-dhéara tríd.
30 - AN FER CÉADNA AG SCRÍOBHADH CHUM THOMÁIS UÍ CHONCHUBHAIR, AR BHÁS A DHEARBHRÁTHAR, EADHON, PÁDRAIG. A chalm-fhir shéimh ó Éirinn iathghlais Eoghain Do foilceadh i léighinn idir bhéithe is cliar na slógh, An dtuigir gurab é toil Dé, Mac riamh na hÓighe, Do fhúig flatha go faon 's an claon-sprot ag riar ar sódh? 31 - CEATHRAMHNA ÉAGSAMHLA
1. Dlighe na Sacsan dothug easba na nGaodhal le cian, Gach pláigh, gach galar, gach ceasna, gach créim is pian, Tré chlaon is cealg i gcarcair do fhúig laoch, Ua Briain, Do fhág Éire i ndainid is fealladh na cléire ar Uilliam. 1848
2. An Pápa is Diarmaid túis bhúr n-easba Fáth bhúr mbróin, bhur ndeór 's bhur gceasna. 3. Reachtaire diadhachta mar phríomh i bhfeis Ag cumadh dlighe ríoghachta dothug díth 'gus breis. A divine as a lawgiver hath caused an overbearing burden on a country. 4. A chara dhil aoibhinn 's a naoimh dáimh Gur mhinic mé taoibh leat go sítheach sámh, 'Gus seanchas fada ar chalm-shliocht Gaoidhil ghlais As leabhar na sinsear gan mheabhrán.
Bhíodh ragairne oidhche 'gus áirneán Imirt ag saoithe agus stranncáin, Ólachán fada le namhaid dá síneadh. Go tapa le righin dair is cruadhas lámh. Anois ó táim críona 's gan bhrigh am cháil 'S is fada mo chéadfadh-sa ar meabhrán Ceist agam feast ort ó's follus gach nídh dhuit An fada bheidh Gaoidhil bhocht dá ndian-chrádh? A cholm na saoithe is mó cáil, Den bhorb-fhuil ríoghdha ó Chrích Fáil Ceartuighe is cneasuigh 'gus leasuigh mo laoi liosta, Bead ag agall chum Íosa tú thártháil.
Ó! ná luadh amháin a ainm, léig do codladh 'san scáth Mar a bhfuil go fuar neamh-aineamhach a thaibhse ar lár Ciúin ceasnuightheach dubhach bíodh ár ndeóra go trom Mar an drúcht oidhche thuiteann ar an bhféar ós a chionn. Acht an drúcht oidhche thuiteas gé i gciúineas ag caoi Déanfaidh lonnradh na ré glaise ar an úr 'na gcodluigheann 'Gus an deór a shileam, cé go rúnmhar ag frasadh Déanfaidh a úr-chuimhne bithbhuan 'nár n-anam air go fada.
33 - TUAMA NEAMH-SCRÍOBHTHA EIMIT "Guidhim thú" dubhairt mé le seanoir ar seachmall Cromtha ós cionn na huaighe dorinn a lámha féin a thochailt Asluighim ort ainm an bhasoil 'na scíth Faoi'n uath-scáth úd thall mar a bhfuil an tsail dubhach ag caoi. Tá gach cloch greanta le hainm an mhairbh Acht an chiar-liag thall ní innseann an teisteas. I gciúineas do shléacht is do sméid orm an fear so Gur thárlamair ós an úir, annsan dubhairt tré ró-osna, "$Ah! ní féidir leo amháin brian a thrácht ar an líog Chum cian-chuimhne an té atá 'na aonar 'na luighe. Dubhairt riú d'aithin dóibh an líntibh ar shlios Fáil ? Ná caithfí go bráth do thrácht le lámhaibh tráil Dubhairt riú timcheó do ró-chur ar a ainm Go dtige maidin an tsaoirse an úir chum taithneamh Nuair a bheidh meirge mo thíre le saoirse ar luascadh Annsan déin mo laoidh 'gus mo leacht inOgham air Feách le hocht mbliadhna is dhá dheich dorinneadar go cóir Agus tagaid fós ag úrughadh a leacht lena ndeóir Dobhí óg mar thú féin agus cascar chum buadha Ar na daoithibh do líon a shearc-oileán le truagh Do chlaoidheadar a spriod cródha, bhí an talamh ró-ghann do Go cumhang mar fhlaitheas dá aigne lonnrach Dotháinig tocht air agus d'imthigh go mall chum na slighe Agus do mhothuigheas ar n-imtheacht uaim fonnmhar chum guidhe. A Dhia! déana go bhfeicidh roim ceann mo shaoghail-se Colomhuin cóimhdhíreach ar an mac san mo thíre Agus ó! bíodh ormsa an obair gan mhaoidheamh An cian-dhualgas chaithfidh saoirfhear do scríobhadh Ionad cómhnuighthe dá ainm im ucht bheith le fagháil Síth chum do shuan-shoradh dhuit, a shearc-scáil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services