Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tomás Ó Conchubhair agus a chuid Filidheachta

Title
Tomás Ó Conchubhair agus a chuid Filidheachta
Author(s)
Ó Conchubhair, Tomás,
Compiler/Editor
Ní Dhonnchadha, Eibhlín
Composition Date
1865
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1953)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



TOMÁS Ó CONCHUBHAIR



1 - IS TRUAGH É MO CHÁS



Fonn - "Tá mo shláinte go fann ó ráinig mé i ngabhann".



Is truagh é mo chás
Is time ag an mbás
ritheas-sa chum fáin ó Éirinn,
Ag smaoineamh gach tráth
De shíor is de ghnáth
Ar ghníomhartha is ar cháil na séimhfhear
Do ghabhadh liom ag triall
Dia Domhnaigh im choimh-rian
Ar mhachaire ag déanamh pléisiúir
Do'n Mhóin bhinn nó don loch
Ag cur seólta le poc
Is ag imirt ár gcor le chéile.



Mo shlán chum na hAbhann
Fuinnsean na dtonn
dTaoscach ó Ghleann an Ghaothraidh,
Slán agus fiche
Chum Cárthach an Doire
An séimhfhear ba chliste tréitheach,
Slán uaim siar
Tar sál-mhuir do'n chliar
Atá grádhmhar fial treas séanmhar,
Slán agus céad
Le lán-searc mo chléibh
Le páirt agus méin dom ghaolta.



Slán chum na cille
Taobh leis an dtuile
An úir sin a bhfuil mo ghaolta,
Slán leis gach drong
Ar dhá thaobh den ghleann


L. 20


Ó Chillighe go hAbha na gCaorach.
Slán le gach duine
Síolradh de'n chine
Ó phréimhshliocht na Cloiche Léithe
'S go scaraidh na cnuic
Is críoch Inis Luirc
bhúr bpáirt is bhúr gcion ní thréigfead.



Monuar! Mar atá
An chríoch ghlas i ngádh
Dá gcreachadh dá gcrádh is dá ndíbirt
Fá chíos 'gus cáin
'S dá seóladh chum fáin
'S dá gcéasadh gach lá le daoirse.
Tá móirchnead im chroidhe
Tré bhrón na bhfear ngroidhe
Ar n-ionnarba tar toinn go chéile,
Pláigh ar a mbuidhean
Gan fuithin gan díon
Tá ag claonbhrathadh críoch na hÉireann.



Ó táim anois go fann
Is gur léithe mo cheann
'S tá scaipeadh ar mo mheabhair le tréimhse
Do chlaochaidh mo chruth
Mo léim 'gus mo rith
'Gus tá mé i ndochar éaga,
bhúr ndian-ghrádh is bhur gcion
Go deó ní scarfaidh liom
Go gcuirfear i gclúid fé'n gcré mé.
Bead ag guidhe buadha libh
Ar múigh 'gus ar muir
Ag tréanchur na bpoc as Éirinn.


L. 21


B 1845 19L
2 - AR BHÁS CAITLÍN NÍ THOMÁIS UÍ CHONCHUBHAIR
NOCH D'ÉAG MÍ MAOI 19, 1845 A.D.



Éistidh feasta, a charaidh, go scéithfead
Éacht is easba is measa dá mb'fhéidir
Créacht is creachadh is frasa dá dtréanchur
Níl spéis feasta ó sladadh go haei mé.



Chuala tásc a chráidh go léir mé,
Bhuail um chluais fuaim is séideadh,
Mar stoirm cheatha roimh fhearthainn ar thaobh chnuic
Le teinte is tóirneach is fóirneart tréine.



Tásg mo leinbh chluineas go héigneach
Na cheithre dúile go humhal dá scéaladh
Mná sídhe Banban ag stathadh a gcéibhe
Le cumha tré'm ainnir is daltán mo chléibhe.



Mo bhrón! Mo dhainid! Mo dheacair! Mo ghéarghoin!
Shlad an bás mo ghrádh go léir uaim,
Caitlín ghrádhmhar stádmhar bhéasach
Bhanamhail náireach chraibhtheach dhéarcach.



Ba ghlaise do shúil ná drúcht na spéire,
Ba ghlaine do ghnúis gan smúit ná réalta,
Do bhéilín dlúth ba mhúinte bréithre,
Gan mhóid, gan bhinib, gan fheirg, gan chlaonta.



Do chrobh leabhair le fonn do ghléasfadh
Blátha ar chrannaibh ar lasadh le gréin ghloin
Faoileann, seabhac is gach ealtain dá mb'fhéidir
Glé-chipe Aicill d'éis leagadh na Trae dho.


L. 22


Faolchoin allaidh is tapa do ghléasfadh
Péiste mara tarraingthe ar bhréide,
Éanlaith neamhdha gan deabhadh do dhéanamh,
Éacht is eascar is casmairt na Féinne.



Loingeas ar fairrge, cairbh is caol-bharc
Faoi sheól-chrannaibh dá mbascadh is dá raobadh
Splannca is lasair dá gcartadh as spéirthe
Teinte chreasa 'gus frasa na néalta.



Ba lúbach dualach cuachach craobhach
T'fholt led ghuailnibh go scuabach dréimreach
Cíortha crathach snamhach slaodach,
Ag fighe is ag feascadh go halta lem chaomhghein.



Do bhéal tais ciúin béasach buacach binn-bhréithreach
Fuilteach friotalach guth-bhinneach bhéarsach,
Do dhéid mhion dlúth gan chur le chéile,
'S is osnadh trom trém chom thú iar n-éagadh.



Tá do mháthair bhocht go docht ag géarghol
Ag bualadh basa 's a stathadh a céibhe,
Mar gheilt gleanna nó amaid gan chéadfadh
'S ní feas go mairfeadh sí seachtmhain ón lae seo.



Guidhim an tAthair, an Leanbh is an Naomh Spiorad,
Guidhim-se Banaltra Beannuighthe an Aoin-Mhic,
Guidhim leo Peadar 's na hAspail mar aon leis,
Coimhdeacht t'anam go Flaitheas an Aosair.


L. 23


B 1865obc 19L
3 - TRÁTH INDÉ IS MÉ I GCEASNADH



Fonn - "Seán Ó Duibhir an Ghleanna"



Tráth indé is mé i gceasnadh,
Claoidhte tréith in-easba,
Shuidheas in-uaigneas faille
Go scíosmhar lag faon,
Chluin mé fuaim in-uaim ó ealtain,
Ar lúb na bhfiodhbhadh ag cantain,
Mar cheól binn sídhe dá chasadh
Ó shámh-chruit Orphéus.
Níor chian gur dhearcas bruinneall,
Im rian go dian ar inneal,
Shuidh sí lem thaobh ar fhearann
Úr-shlios na réidhe,
A folt mar ór-bhuidhe daithte,
Go caol a coim ag casadh,
Gach dlaoi ag fighe is ag feacadh
'S ar luascadh le gaoth.



Bhí scáil na gcaor 'na leaca
Tré dhíbhe ghlé an tsneachta,
A brágha 's a píop mar eala
Ag snámh ar an sréabh,
A fíoghair, a gnaoi is a pearsa
A com caol seang 's a mama,
A déid, a braoi 's a dearca
Mall chriothnaigh réidh,
A béal binn bréithreach blasta
Séimh caoin béasach cneasta,
Do fhág mé tréimhse i gceasna,
Ar fán seal óm chéill,
'S gur sciob an bárr ón ainnir
Thréig a céile is tharraing
Éag na laoch i sparainn
Árghuil an Trae.


L. 24


Smaoineas féin gur mhasla
d'fhear dom aois bheith meathta
Shléacht mé síos gan hata
Ag umhlú don bhéith,



Do fhiafruigheas séimh a hainm,
A dún, a tír 's a fearann
Nó an sídh-bhean í ón gCarn,
Thárla ar strae,



Nó an réaltann óg lé'r mealladh
Tailc mac Treóin do cailleadh
Le hOscar, leoghan an ghaisce,
I gcoimhghleic an tsléibhe,



Nó Déirdre aobhdha Mhacha
Thug searc a cléibh 's a hacfuinn
Do bhláth na Craoibhe ó Eamhain
Árus na Laoch.



"Monuar!" ar sí, "mo dhainid!
Ní haon díobh mé ach amaid,
Gan stór, gan bhuidhean, gan charaid
Áird-mheas ná réim,



Tá cnead im chroidhe ag frasa
Díle deór óm dhearca,
i lúib nó im shuidhe cois scairte
Gan sámhbhrogh ón spéir,



Tré cheilg daoirse is reachta
An fáth do fhág Éire creachta
Is rás na nGaodhal in-easba
Is fán ar a gcraeibh



Ó tháinig cóip na Sacsain
Ghaibh stáit is áruis dragan
A roinneadh proinn is flagain
Is leighisfeadh mo chréim.


L. 25


Gach tráth Ort, a Íosa, aithchim,
A chíonn sinn féin gan acfuinn
Ná sógh san tsaoghal so againn
Fuascail ár gcréim
As ucht Do Pháise ar sparra
Dá saoradh ó smúit an pheactha
Déin do Ghaoidhil bhoicht taca
Tá i gClár Luirc go faon.
Cuir ár ar ál na fala
Rin a ndúnta leagadh
is chuir a saoithe i nglasaibh
I mbraighdeanas go daor,
'Nois seól chughainn Seón chum baile
Le slógh lán d'uabhar chum catha,
Dá ruagadh ar muir 's ar macha
Is Clár Luirc bíodh saor.



Triallfaidh Ó Briain tar calladh
Le cliar tar maoil na mara
'S déanfaidh búir a chartadh
le púdar is le pléir.
Ó Donnchadha is Ó Meachair,
Ar mhéirligh déanfaid mangar
'S beidh gach laoch go seascair
'Na bhláth-bhaile féin.
Beidh fíon is beóir dá scaipeadh
Is fuaim gach ceóil dá spreagadh
Teinte chnámh ar lasadh
Ar mhaoilinn gach sléibhe,
Cóige Mumhan go huile
Is sógh i snuadh gach duine
An ruire ó thárla filleadh
Tar sál-mhuir i gcéin."


L. 26


B 1850 19L
4 - CATH CHNUIC AN FHIOLAIR September 1850 A.D.



Fonn - "An Giolla Ruadh"



I gcian 's mé seal ar thaoibh chnuic anall
Im dhíbeartach go doilbh diamhair,
Gur sceinn in-iorradh catha sídh-bhean chum reatha
Ar chaoil-each tréan garg ruadh,
Ba ghliadhrach an bhruinneall aerdha ar inneal
'Gus mise gan duine im aonar 's im uath,
Le dian-rachta chuthaigh bhíodhg sí mar luisne,
Do théarnuigh ón maoil don tuath
Maille le Muirinn, Meadhbh is a fuireann
'S a n-ollchearn greanta gléasta go mbuadh;
As carn Lios na mBan thriall Aoibheall is a clann
Dá bhfuadach ar mharca luath,
Bhí Úna an Bharraigh agus Clíona ón gCarraig
An ríoghan ró-reachtmhar aosta,
'S do théarnuigh le Pilib céad tailc ar bhinib
Taoiseach is dáimh an tsluaigh.



Sheólamar-na linn ag leónadh is ag goin
Míolta 'gus loin na sléibhte,
Ó Léith-ghlinn an Chairn do Réidhchoill is go Callainn
Ag léirscrios 's ag déanamh dluadh,
Ba scianmhar na tuirc ag tréigean na gcnuic
Sionnaigh ruadh is puic as céadthaibh le duadh
Níor sosadh dhúinn ón rith tríd daingean-dúna is frith
Gur shoillsigh anoir an gluadh,
Bhí táin sídhe na mBreatan ar léirbhlosc na maidne
Trí néalta mar scata éanlaith ar luadhail
Ar eitil éan-ghol dian i bhfogus dúinn san rian
Tar maoilibh na ngarbh-chruach,
'Tan d'árduigh ár bpúir theascadar mar chubhar
Ar innse d'éis tonna tréana,


L. 27


Thuit míle 'gus fiche i gcoimheascar na cluiche
Ar láith reach cois taoibh na gcluach.



'Sí Uathach an Ghleanna ráinig na catha,
Mar aon léi bhí Scáthach aosta,
Is na mílte sídh-bhruinneall in-éide gan diomailt
Dá gcoimhdeacht go rinn an tsluaigh,
Ba líomhtha gach buille is béimeann gan time
Ag cíoradh is ag briseadh glé-chipe gan truagh
'S le luath-bhuillí Scáthaigh thuit Ríoghan na mBreatan
Bóidicia an chatha mhuair,
Tháinig Ártúr go tapa an bhoird chruinn sa cheapa
Ag sraonadh is ag gearradh le faobhar gath is tuagh,
Mar laom lasair chuthaigh bhí an naomh agus Pilib
Gur thraochadar uile an méid sin go luath,
Do bhrúig siad na catha fá chéile ar ann bhfaithche
Is níorbh fhéidir a n-amharc gléire,
'Sí Aoife 'gus Boghmhuin a síor-chuir an ghleo-ghoin
Le dian-scrios is ár ann tsluaigh.



Ba dhíoghraiseach linn Béara ón dtoinn
Is Aodhán leannán caomhna
Eoghan na bhflaith do turnadh san gcath
Le Conn ar léana an truagha,
Bhí annsúd go mbuadh Macha mongruadh
Go líomhtha 's a sluagh léadmhar
Le fíoch is le buile gnímh ghoile ag briseadh
Cinnbheirt gan tuisle is éide gan duadh,
Níl siabhra ná spioraid a thriall chughainn anoir
Tar dhromchla na tuile ar éigin
Ná séidfeam go huile i ngleintibh le teine
'Na mblodhaibh as Inis naomhtha na luan,
Beidh síth gan tuirse do shíor againn-ne,
Is ár saoithe go sultmhar séadmhar,
Gaill gan strus is an ríoghacht 'na bhrus,
Is gan feis aca ná sluagh.


L. 28


Bhí 'nár mbuidhin Clanna Chalaitín
Dream aingidhe tuath-chaocha,
Tuilte de dhraoidheacht fromhadh san ríoghacht
Acheron an tsrutha fuair,
'Siad rug buadh cleasa goile is dluadh
Ar Choin Culainn cruaidh na ngéar-lann
Gur dísceadh insan gleó an mír-churadh leo
I mBrisleach Mhór Mhuirtheimhne,
Tuille eile fós an Chéarnait óg
Ba dheise clódh-chruit scéimhe
A chuir muillte go cóir ar uisce le seol
Ba linn-ne a fóirneart tréan,
Tháinig adtuaidh Déirdre is a sluagh,
Chuir Conchubhar ar stuadh-éada,
Is cuireadh léi an gleó ó Chúil an Cheo
Go leabadh na Caillighe cruaidhe.



Do phreab sí 'na seasamh go héascadh is go hathlamh
Iar gcloistin an gháir adtuaidh,
Ghlac a tuagh gaisce is b'áidhbhéil a cleasa
Is claidheamh líomhtha cleachta buadh,
Ghaibh confadh catha is íota an chailleach
Mar onchoin ag scaipeadh an tréada go luath
Is ghaibh rian madhma anonn tar calladh
'Na bíodhbhadh go tapa ar luas,
Thóg an créice le lúth a géaga
Líog go héascadh in-áirde as an uaigh
Is diubhragadh léi go díreach glé,
Gur leag sí céad san gcuan,
Tá ann go fíor annsan an líog,
Le taoibh an Bhulláin Ruaidh
Is beidh go foirceann san Áth mar chómhartha
An choscair mhóir go mbuadh.


L. 29


Tar éis ár-churtha an chatha ba thamhach gach taca
Is árd-churadh ag casadh ón éirleach
Ba scíosmhar gach bruinneall is mír-churadh banscal
'S a n-ollghonta liom ba thruagh,
Mar thréan-thorann tuinne le fánaidh na beinne
Lá Márta le fuinneamh gaoithe glan ruadh.
Bhí dian-chaise dearg faoidhteach le fearg,
Glórach mar eas dá gcrú,
Bhíos-sa 'gus Guilean ar árd-chnoc an Iolair
Ag éisteacht le friotal is fuighle gach druadh
Go dtáinig chughainn Pilib 'na tháin-rith ar bhinneas
Dá rádh linn gur cuireadh tar lán-mhuir an ruag
Ba ghárdach an giolla ag tál ar na dronga
Meadh agus iomad beórach gan duais,
Is go n-áirmhíthear ranna i néaltaibh na bhFlaitheas
Ní féidir a n-easba d'áirimh ná luadh.



Ba thrompach ár gcliar le meanmain ag triall
Gur shroiseamar-na rian Mhóin Éile
Ag déanamh ár scíth, bhí míle bean-sídhe,
'Gus díbhe mar an ré 'na ngruadh;
Gidh breóite bhí mise taomach le tuirse
Beóghainte ar easba céille 'na luas
Ní staonfainn ón spairn lem ghéaga dá scarfainn
Tré bhéimeanna na n-arm gcruaidh.
Níl rangaill ná fear théarnaidh tar lear,
Ghaibh árus i bhfearann Éibhir uais,
Gan bhrón-bhruid le gath nío créim-loit le sleagh
Ba líomhtha a nimh ár n-uabhair ?
Seólfam tar tuile na crónsproit le buile
'S beidh Fódla is a leinbh séanmhar go luath,
Siad ráidhte gach file is dáimh insan gcruinne
Go bhfuil an t-ár so le seal dá luadh.


L. 30



AN CEANGAL



Sin díbh-se gan gó fíor-theist an ghleó,
Mar díbreadh an slógh caomhthach,
Tá mo shúil-se go humhal le hAosar na ndúl
Ná fillfid chughainn go luath,
Guidhim-se 'gus sibh-se chum Áird-Rí neimhe
Sceimhle, scaipeadh is traochadh
Ar chlaon-shliocht na fealla rin dian-scrios ár gcealla
Is dhíbir ár bhflaithe uainn,
Do chreachadar ár gcliar le hachtanna dian,
Le seacht gcéad bliain is ár n-áitribh,
Acht deir Colum caomh 'gus Bearchán naomh
Go mbeidh a ndaingin go faon 's a bhfairgnimh,
Beidh Sacsan go luath dá mhéid a dtrom-shluagh
Gan fearantas go buan i gClár Luirc
Is beidh cúiteadha fós ins gach mío-chóir
Dorinneadar na cróin san áit sin.



B 1865obc 19L
5 - MO MHÍLE STÓR



Maidin chiúin tsamhraidh ghabhas-sa na bánta réidhe
'S an machaire cumhra glan-ruithneach le blátha is féar,
'S chluin mise ainnir go fadtuirseach dubhach i mbrón
Dá síor-rádh, "Cá rachad ó chailleas mo mhíle stór?



Trí choillte dubha is gleannta gan amhras chuaidh mo dheór
Ar nós an mhacalla athchasas fuinn do ghlóir
Ó cuireadh tar caladh ag namhaid an saoi gan chóir
Le lionndubh ní mhairfidh mé seachtmhain óm mhíle stór."


L. 31


Do stadas, do phreabas, do chasas le sceimhle an ghlóir
Bhí líonrith am anam is chailleas mo bhrígh is mo threóir
Tráigh ghlan na mara ag freagairt cá caoi is dá brón
'S na héin bheaga ar chrannaibh ag cantain "Mo mhíle stór."



Anmhaoin is mioscais le binb is gaoi 'gus móid
Fealladh 'gus dalladh ar an aicme do dhíol mo leoghan,
Le deónadh Mhic Muire beidh briseadh ortha is scaoileadh fós
'S mé i dtosach an chatha dá strathadh lem mhíle stór.



Tá Fódla le fada dá slad is dá cíoradh ar feódh
'S a saoithe faoi ghlasaibh gan chasadh fá chiach is ceó,
Dá mba bríoghmhar mear tapa a gaisce 'gus líon a slógh
Bheinn-se go seascair gan easba lem mhíle stór.



Mar Pháiris dorachainn i gcathaibh ag síor-chur gleó
'S ní staonfainn lem mharthain ón spairn i gcoimheascar leó,
Bheinn-se i gculaith chatha go tapa san bhfiadhach mar leóghan
'S na mílte do leagadh san deabhadh 'gum mhíle stór.



6 - CUMHA AN RÉICE



Is tinn bocht atáimse is is cásmhar mo phian,
Gan únsa de'n tsláinte ach an láinchnead seo am chliabh
Gan súgradh, gan fagháil suilt, gan ráidhte, gan riaghail,
Gan annsacht, gan árus, gan cháirde, gan chliar,
Mo chonntlamh go bráth dona mnáibh seo atá im dhiaidh,
Is gan amhras don bháb úd do chráidh mé is do chiap.
Ní dubhach bocht lem cháirde mé am cháibleadh go dian,
Ó dhiúgas i dtig an tábhairne mo sholáthar le bliain.


L. 32


Le bliain is trí ráithe seo atáim ar mo fhréic
Ó d'imthigheas óm mháithrín ar m'ádhbhar liom féin
Níor iarras riamh d'fhagháltas ar mo sholáthar mar do-néinn
Ach ag riaradh ar mhná an tábhairne, is ba ghearr liom dotheigheadh.
Dobhí cliar do na sáirfhir dob áilne lem thaobh
'Sé mo chumha mar do fhágas go bráth iad tar m'éis
Céad léan ar an mbáb úd do fhág mo chroidhe i bpéin
Is gur siad liom an lá indiu ná a dtáinig dem shaoghal.



Slán leat, a chara, is don ghasradh ghrádhmhar
Ba mhinic im pháirt i dtigh an tábhairne ag triall
Slán chum na bhfear maith a leanfadh san ár mé,
Is do dhíolfadh an táille gan mhairg im dhiaidh,
Slán agus dathad chum gach ainnir chiúin mhánla
Nár dhíth léi mo chnámha-sa lag marbh i bpian
Is anois ó taoim dealbh is mé ar easbadh na sláinte
Mo mhallacht go bráth don té leanfadh mo riaghail.



7 - SEALAD ARAOIR DHAM I GCRUADH-CHÁS



Fonn - "Seanbhean Chríona an Dranntáin"



Sealad araoir dham i gcruadh-chás
Ag machtnamh an díne dofuair bás,
I n-uaigneas cille i Roilig na líoga
Gan fuithin, acht síonta am fhuar-chrádh.



Bhí torann na gaoithe i ngach cuasán,
Is duilleabhar na craoibhe ar diascán
Ag caoi cois na haille gur amharcas sídhbhean
Is a carn-fholt scaoilte 'na dtrilseáin.


L. 33


'Tan dhearcas an ríoghan deas mhodhamhail mhná
Go doilbh dubhach nímhneach ag diadán
Dhá rádh go bhfillfeadh a cumann geal Stíobhard
Ná stadfadh sí choidhche dá cannrán.



Is doilbh dobhíos-sa ar meabhrán
Le soillse na hoidhche i measc liagán
Gan duine san gcruinne dothabharfadh díon dam
Acht lúb lag bhí agam den mheangán.



Ag machtnamh dobhíos-sa ar feadh seadhláin
Ar chnámhaibh na ndaoine 'na gcarnáin
'S go gcaithfeadh gach mustaire mursanta píleir
Codladh 'measc daoilibh gan rócán.



Annsan chuimhnigh mise ar an seandán
An chircín sin Máiréad Ní Ógáin
An mheascalach mhaiseamhail mhodhamhail mhíochar mhín mhilis
Sin agaibh críoch ar mo strangcán.



8 - AR UAIR NA MAIDNE AG TAISTEAL TRÁTH DHAM THAR AN RÉIDH.



Fonn - "An Súisín Bán"



Ar uair na maidne ag taisteal tráth dham thar an réidh
Is tuar na scamall ag bagairt síonta cruadha an lae
Ba bhínn guth ealtain i mothar uaigneach na gcraobh
In-uaim ag freagairt easaibh uaibhreach na sréabh.


L. 34


Níor chian gur dhearcas ainnir mhódhamhail mhiochair shéimh
San rian 'na reathaibh tarsna taoibh-shleasa an tsléibhe
Ag bualadh a basa geala míne ró-réidh
Is a hór-fholt crathach treasach trinnseach cas léi.



Ba ghlaise a súil ná drúcht ar úr-bhárr an fhéir,
Is aoibhe an tsneachta i ngleic 'na gnaoi leis an gcaor
Ba shoillse um neóin gach seód ar a sról-bhrat uais daor
Is fáinní órdha móra ar bhánlach a méar.



I dtocht dobhíos le díoghrais láin-shearc don bhé
Áluinn aoibhinn mhín tais chráibhtheach mhodhamhail ghlé
Am ghoin le saigheada chlaoidh mé i lár ucht mo chléibh
Le gean don mhnaoi ba mhíonla mánla ar bith scéimh.



Dhruideas léi sin ag sléachtadh síos di go feór
Is fiosraim scéal don bhéith go mín milis cóir
A treibh, a buidhean, a tír, a préimh-shliocht is a pór,
Nó créad an díth thug í 'na fánaidhe gan treóir.



"Monuar! Mo dhíth!" ar sí, "Mo chás guirt! Mo bhrón!
Mar táim i bpian le cian i gClár† oinigh †Eoghain
Gan chlú, gan chuid, gan chiste, áirdmheas ná sógh,
Ná súbháilce ar bith, acht doigh is diachair dam breódh.



Is mé an bhean ghaibh seal le hAonghus deas óg
Is le Fáilbhe Fionn ba thréan in-am churtha gleó
Buime Bhriain, ceann riain ar Dhál gCais na dtreón
Gidh go bhfuil, mo chiach! a chliar fá lán-ghlas gan chóir.



Dá bhfeicinn feasta ag seasamh Gaoidhil mar ba chóir
Bhéadh Dia 'na measc ag scaipeadh namhad insan tóir
Ó Briain iar gcasadh, Ó Meachair binn-shruthach óg
Is maidhm is scaipeadh ar Ghallaibh cinnte gan sógh."


L. 35


9 - SEALAD IS MÉ AG MACHTNAMH I GCAOL-DHOIRE



Fonn - "Cnocáinín Aerach na Biolaraighe"



Sealad is mé ag machtnamh i gcaol-dhoire,
I mothar dubh-chraobhach ar thairp im shuidhe,
Ar chealgaibh cleasa 'gus claon-bhearta
Dothug easba na hÉireann a ceas is a díth
d'amharcas ainnir dheas mhaordha
Mhodhamhail mhiochair bhéasach d'fhág cnead im chroidhe
Is a carn-fholt bachalach dréimreach
Ó bhaitheas ag téacht léi go halt a troighe.



Bhí luisne 'gus gile ag tréinghleic
Is ag siosmadh le chéile gan ob 'na gnaoi,
Ceachtar ón gcaismirt ní staonfadh,
Is níorbh fheasach cé ghéill díobh in-aighthe an naoidhe
Gan truailleacht bhí a mama ar a glé-ucht,
Is a leabhair-phíp aoltha mar eala ar linn,
A pearsa gan easba ná aon locht
'S mar dhrúcht ar an bhféar bhí a dearca righin.



Do ritheas 'na coinne is do shléachtas
Go talamh go béasach is mo hata dhíom
I gcrathaibh go tapa mo ghéaga
Is fiosraim séimh dhí a treibh is a buidhean,
Arbh ise do thréig Rí na Bréifne
Dothug ceannas na hÉireann ag Sacsanaighe
Le dlighthe dár milleadh is dár gcéasadh
Fá lom-smacht is claon-reacht na n-eachtrannaighe.



Nó Déirdre, thriall seal le Naoise,
Tar bhárr na dtonn dtaoscach go hAlbain aoird,
Nó Hélen an Trae chuir tré spríos dubh
Dothug treascartha is dío-churtha alla-choin nimhe.


L. 36


Do fhreagair an ainnir i nGaedhilg chaoin
Nár cheachtar den mhéid sin do chanas í,
Acht bruinneall tá singil do théarna id líon
Ó Chnocán† glas aerach †na Biolaraighe.



Siubhal liom, a mhúirnín, do chráidh mé
Cois Fuinnseana bán glas is deise gnaoi,
Gheobhair marcaidheacht ar each graoidhe mear ceáfrach
Is saoithe Chlainne Dál gCais ag freastal díbh
I síodh-bhrogaibh ársa, má's toil leat sin
Is togha chéile de ghnáth leat ar leabaidh luighe,
Ceól pípe oirfideadh is cláirseach chaoin
Beóir mhilis, brannda is fíon Spáinneach díbh



"Stad feasta," arsa'n ainnir mhodhamhail bhéasach,
"Gan amhras tá miangus ad labhartha grinn
Is anamh gan ainimh caoin-bhréithre
Bíonn an seascaidhe gan chéile fá mhanmhuinighe,
A leinbh ní cluintear ag géar-ghol
I ngalar dubhach éaga tré easba bídh,
Is ní rachad óm charaid lem shaor-thoil
Ó Chnocáinín† Aerach †na Biolaraighe."



10 - SEAL IS MÉ AM CHRÁDH.



Fonn - "San Mainistir Lá"



Seal is mé am chrádh tinn tláth gan teimheal ón síon
Is mé ruagtha chum fáin gach tráth i gcéim óm buidhean
I ngleann doilbh fáis chonnarc bláth na gcraobh ag caoidhe
Ar charn cois trágha, gan scáth ón spéir 'na suidhe.


L. 37


Ba chamarsach cáblach táclach léi gach dlaoi,
Dá carn-fholt fáinneach scáinneach dréimreach buidhe
'na dtriopaill trom slámach ag fás go méir a troighe
'Gus dibhe geal-bhláth tré scáil na gcaor 'na gnaoi.



Do fhiafruigheas scéal don ghlé-ghein mhánla mhín,
A fearann, a réim, a craobh, a pór is a buidhean,
Nó arbh ise an bhéith ón nGréig thug ár na Traoi
Caismirt is éag na bhfaolchon láidir groidhe.



"Mo cheansa! Mo léan! Mo chréim!" go bráth ar sí,
Ní caismirt ná éag na laochra ar mháigh na Traoi
Is dainid liom féin, ach Éire tláth gan bhrígh
Agus calm-shliocht Gaodhail gan réim ná báin sa gcrích.



A Mhic Mhuire na ngrás do fhulaing Páis i séag ar maoil
An bhfeiceann tú an t-ár 's an phláigh seo ag céasadh Gaoidheal,
A leinbh 's a mná ar fán an tsaoghail ag caoi
Gan fuithin dá n-ál fá scáth na gcraobh 'na luighe?



Tá a saoithe gan áird de ghnáth i gcéin de shíor
'S i ngéibhinn go tláth tá bláth-scoth tréan na nGaoidheal
Gan filleadh go bráth ná fagháil ar théarnadh arís
d'fhearann tais Fáil i dtaobh grádh do thabhairt dá dtír.



Go bhfeicead-sa an lá a mbeidh bárr gach séan ag Ghaoidhil
'Gus saoirse ó cháin, ó ár is fraoch-nimh maoir,
Flaigín ar chlár is dán ag éigs dá scríobhadh
Agus scaipeadh ar a námhaid mar bhláth le gaoth don chraoibh.


L. 38



TRÁTH INDÉ IS MÉ TLÁTH LAG TRÉITH



Fonn - "Lá is mé amuigh ar Maoil an Chnuic"



Tráth indé is mé tláth lag tréith,
In-uaigneas taobh le buaile
Dochonnairc an bhé dob áilne gné
'S a gnaoi mar naomh-bhean stuaire.
Bhí a ciabh léi ar leathadh go búclach daithte
Dréimreach casta cíortha,
'S a píop mar eala taobh le caladh
Nó lí an tsneachta ar maoil chnuic.



Le gean don mhnaoi, dá scéimh is dá gnaoi,
Dobhíos i líontaibh éaga.
Go prap den mhaoil mo hata bhí
Ag sléacht don ainnir mhaordha,
Do fhiafruigheas caoin a pór 's a buidhean,
A treibh, a tír is a gaolta,
Nó créad an scamal do sheóil a samhail
Gan treóraidhe gasta i ngaothraibh.



Do fhreagair an spéirbhean mhodhamhail tais bhéasach
Na mbán-chrobh réidh is na ríghin-rosc
I nGaedhilge phras is gach nod i gceart
De réir riaghail is reacht na ndraoithe,
"Gidh táim gan aen, am ghárda ar chlaon,
Ní dhéanfadh Gaodhal aon díth dham
Cé gur gean leó mná is treise a ngrádh
Do chlú is do cháil a ngníomhartha."


L. 39


"Monuar! Tá Gaodhail," ar sí, "gan séan
Fá lom-reacht chlaon na daoirse.
A Rí na bhFeart, stiúir gach cheart
Thabhairfidh faghail dóibh saoirse
Bíodh ruaig ar thuirc ar mhuigh is ar chnuic
Ní díon dóibh muir ná taoide
le comhachta an Leinbh Aen-Mhac Mhuire
Do shaor bhúr gcine, a Íosa."



AN CEANGAL.



Sirim is éighim ar Aen-Mhac dalta na hÓighe
Ar aingil is naoimh tá i ríoghacht na bhFlaitheas ar sógh
Déan ruathar is díbirt tar taoide ar gach eachtrannach crón
Dothug dealbh ár dtír, mná tighe agus leinbh gan lón.



12 - TRÁTH IS MÉ AG TAISTEAL COIS MOTHAR GLAS DIAMHAIR.



Fonn - An Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.



Tráth is mé ag taisteal cois mothar glas diamhair
In-úir-chrích aoibhinn Choinn is Eoghain
Chluin mé ainnir ag canadh laoi léanmhar
Ar charn 'na haonar i ngéar-thocht bróin
Ag bualadh a basa is ag frasadh na ndéara
Ó na dearca ba ghlaise ná réalta
Bhí a píp mín leabhair mar sneachta na sléibhte
Nó an eala ar an sréabh cois trágha un neóin.


L. 40


Le gean don ainnir do shearg mo chéadfadh
Is dhruideas-sa léi tré ghrádh dá snódh,
Do fhiafruigheas den ríoghan mhín uais mhaordha
A thír, a craobh nó fáth a gleódh,
Bás a daoine nó muigh a céile,
Pláigh nó galar nó easba na cléire,
An tré na reachta dothug in-anbhroid Éire
'S a leinbh ag caoi gan díon ón reódh.



"Is fada tá tréinfhir ag géilleadh do dhaoirse
Blátha chraobh faolchoin léadmhar cródha
Gan chiste, gan charaid fán ama gan saoirse,
Gan bhaile, gan bhuidhean, gan díon, gan sógh
Ó thaisteal eachtrannaigh thar tuile na sáile
'S ghabhadar talamh i gcaladh Phort Láirge
'S fuair Rí Sacsan bulla ón bPápa
Sin fáth mo dhéara i ngéibhinn beó.



Tá nuadh-chrú Éibhir créimreach claoidhte,
Gan cheannas, gan bhríogh, gan chríoch, gan lón,
Dá ndíbirt le fán tar bárr na taoide,
Gan filleadh dhóibh choidhche agus caoi is brón,
Dá dtugaidís grádh le páirt dá chéile,
Dá dhoirtfeadh an tÁrd-Mhac ádh ar Éirinn
Beidh bodaigh an charnadh dá gcáibleadh inéinfheacht,"
Ars 'an Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.



Cealg is feall le meang is éigin
Bladaireacht bréaga is fraochnimh mór
Tharraing an t-ár is a phláigh seo ar Éirinn
Bás na ndaoine is díth na dtreón
Nár thigidh an bás go bráth dom éileamh
Go bhfeiceadh an mádh is an t-ádh ar Ghaodhlaibh
Is a namhaid 'sa bhfán tar bárr na sléibhte
Is ní dainid liom créim ar chlaon-chlann chrón.


L. 41



13 - SEALAD INDÉ IS MÉ I gCAOL-DOIRE IM SHUIDHE.



Fonn - "Réidh-Chnoc Mná Duibhe".



Sealad indé is mé i gcaol-doire im shuidhe
Fá dhuilleabhar na gcraobh nglas ag déanamh mo scíth
Ag machtnamh ar chlaon-chleasa bréagacha an tsaoighil
Is cam-dhlighthe géara do fhúig éagnach na Gaoidheal.



Do amharcas glé-bhruinneall mhaordha mhodhamhail mhín
I mothar dubh-chraobhach fá éd tuir ón síon,
Ba chamarsach dréimreach a céibh chrothach bhuidhe
Ar gach taobh dá guailne ghá luascadh le gaoith.



Bhí a dís mhalla caol ar a héadan geal mín,
Is mar dhrúcht ar an bhféar ghlas bhí a claen-dhearca righin
A píop leabhair aolmhar mar ghéis ar an linn,
'Gus lasadh na gcaora 'na glé-aighthe chaoin.



Is tapa do shléachtas lem béabhar dom mhaoil
'Gus do fhiafruigheas séimh dí a préimh-shliocht is a gaoil,
Cá hinis, cá céim di, cá haol-bhrog a díon,
An sídhe nó bean-naomh í do théarnaidh im líon.



An tú an rígh-bhean Hélen do fhúig an Trae thoir 'na spríos,
Nó an chaoin-bhruinneall do éaluigh thar tréan-mhuir le Naois,
Nó an ainnir ón mBréifne do fhág Éire fá scíos
Agus Clanna Milésuis go héagnach gan tígheas.



Is do labhair an réaltan, "Ní haon mé dár mhaoidhis
Ach caoin-chailín Gaodhlach de thréin-shliocht Phort Laoighis
Nár nasc riamh le chéile is nár théarna in-aois
An tan bhíos ann mo shaoghalta níor ghéilleas do bhaois.


L. 42


Is ó Chonall na mbéimeann is léir dhuit do shíol
Mac Aimhirgin Éachtaigh den tréan-stoc san Ír
Is ó Chóige Uladh léimeas ag glaodhach ar na Gaoidhil
Chum iadh lena chéile is na méirligh do chlaoidhe.



Tá Ó Briain léidmheach fá ghéar-ghluais gan bhrígh
'San mál san Mac Maonais ná staonfadh san tslighe
Ó Meachair binn-bhréithreach mar aon leis an dís
Mártan an séimhfhear, is mo léan! Mac Michíl.



Gabhaidhí le chéile gan phléidhreacht gan bhuairt
Cuiridh scaipeadh ar na faolchoinn as Éirinn mágcuairt
Go ndéanaidh mac naomhtha na hAonta libh buadha
Is mo bheannacht go héag dhíbh is Dia do réidhteach bhúr nguais.



Iar gcanadh na mbréithre don Réaltan so mhaoidheas
Is a gruadh fliuch fá dhéara 'na dtréan-shruth léi síos
Nuair shíleas a bréagadh ní a saoradh óna caoi
Do sceinn sí mar éan uaim go Réidh-Chnoc Mná Duibhe.



14 - LÁ AOIBHINN IS MÉ ANN CHAOI CHUNNAIL FAON.



Fonn - "Binn Lisín Aerach an Bhrogha"



Lá aoibhinn is mé am chaoi chunnail faon
Cois Fuinnsean na nglé-thonnadh tonn
Ag smaoineamh ar dhíomas is ar chlaon,
Shuidheas seal fá ghéaga na gcrann
Ag clos ealtan i mothar lem thaobh,
Ag cantan in-aonghuth binn lonn
Chonnarc stáidbhean i rath-chluthar craobh
'Sí ag filleadh ó aodhaireacht san ngleann.


L. 43


Le hinneall do ritheas 'na cóir
Tré thaithneamh dá snódh is dá gnaoi
Iarras scéala ar bhéith na gciabh n-óir
Do fhúig éigneach tinn breóite mo chroidhe,
Do fhiafruigheas arbh í an ógh do thréig
A baile, 's a céile is a buidhean
'Gus do éaluigh le Páiris ón nGréig
Fáth gur cailleadh na faolchoin san mbruidhean.



Nó an bhruinneall chuir Conall chum suain
An suairc-fhear ar árd-mhaoil an tsléibhe
An tan thaisteal an dragan san gcuan,
Is ón gcuradh gur fhuaduigh an bhéith,
Ar tú Déirdre do éaluigh le Naois
Tar tonna na díleann roimh lá,
Is do árduigh ruathar Chonchubhair le baois
Chum curaidhe na Craoibhe do bhádh.



A ghlé-bhean na dtriopall gcas mbuidhe
Is ró-dheise fíoghar agus snódh,
Tabhair faoseamh ón séideadh seo im chroidhe
'S ná fulaing mé i dtreabhlaidh níos mó,
Dom shaor-thoil lem ré leat ag guidhe
Chum an Aoin-Mhic sin, Íosa na hÓighe
Tú shaoradh ar gach daor-ghalar nimhe
'S gan bhéim ort-sa d'oidhche ná de ló.



"Go deimhin duit, is oth liom do thaom,
Is nach taithneamh liom aon neach i mbrón,
Má thuitis i ngalar trém scéimh
B'fhearr as an saoghal thú ná beó,
Thugas taithneamh do fharaire séimh
Do cuireadh i gcéin uaim go deó
Is go scarfaidh an t-anam d'aon-bhéad
Beidh m'inntinn 'na dhéigh sin fá cheó."


L. 44


Féach ar chruth Déhlia san úir
Dobhí réaltach i ngnúis is i gcáil
Dá raobadh ag daolaibh san úir,
Gan aon dlaodh dá cúl cas le fagháil.
Tá an duine mar choipe den chubhar
Do silleadh ón long ar an sáil,
Nó mar an ga gréine lá smúit,
Thigeann is mhúchas mar scáil.



15 - TRÁTH IS MÉ INDÉ AR NEÓIN.



Fonn - "Cáit ó Gharrán an Bhile"



Tráth is mé indé ar neóin,
Claoidhte tréith cois taobh an doire
Dochonnarcas béith ag déanamh bróin
Is a ciabh-fholt órdha léi ar sileadh,
Bhí díon-bhrat glé
Go lúbach léi,
Is a píop mar ghéis ar bhléin na tuinne,
Ag troid 'na gnaoi
Bhí an rós le lí
Tré áilne a scéimh ba thréith mo chuisle



'Tan dhearc mé an stáid-bhean bhláthmhar mhín
Thriall mé spás go tláth 'na coinne
Do fhiafruigheas scéal don réaltain chaoin,
A dún, a tír, a craobh is a cine.
"Mo chrádh!" ar sí.
"Mo dhíth! Mo thuirse!
Táim gann tír is do éag mo chine
Ag aodhaireacht uan
Bhím go buan
Cois taobh an chuain nó lámh le doire.


L. 45


Bronnfad súd dom ghnúis gan smól
Gúna, clóca is ór mar chiste
Togha gach bídh is fíon le n-ól,
Is rogha gach seóid má's áil leat mise,
Fiadhach ar mhóin,
Rinnce um neóin,
'Gus suidhe ar sógh in-aol-bhrog cluthar
Suan trom sóghmhail
Fá mhín-bhrat sróil
Gan aon id chomhair ach óg ghlan mhiochair."



"Ná bí dá luadh go bhfuil tú faon
Is ná mol do scéimh tar mná na cruinne
Níl áilne gné gan chám is chlaon
Go cluain fé shéala i méin an duine.
Ar feadh mo shaoghail
Dhuit ní baoghal;
A bhláth na gcraobh, ní thréigfead thusa,
Saor mo chás
Ó phianta an bháis
Ní baoghal duit gádh má's áil leat mise."



"Ní racha mé le haon cois trágha
Go maoil an tsléibhe nó taobh le tuile
'Sé chluininn dá rádh gur suathantach grádh
'S gur fuiris cáil glan mná do bhriseadh
Ní gean liom ór
Maoin ná stór,
Tá séan is sógh go leór am chiste
Ní ghlacfadh seóid
Duais ná móid
Ní bhéadh dá bhárr ach gur náir a bhriseadh.


L. 46


Is iomdha stáid-bhean bhláthmhar mhodhamhail
Ó thúis an domhain dá aoirde cine
Le fuighle béil is claon fir foghail
'Na geilt gan mheabhair ag rith ar buile,
Ná bí am chrádh
Ní bhéarfad grádh
Dhuit ná d'aon faoi'n ngréin go huile
Ní bhéadh dhá rádh
Ach gur chríon mo bhláth
Sin críoch le Cáit ó Gharrán an Bhile."



16 - AR ÚIR-SHLIOS NA RÉIDHE IS MÉ AG TAISTEAL INDÉ



Fonn - "Péarla an Chúil Chraobhaigh"



An úir-shlios na réidhe is mé ag taiteal indé
I ndíbhtreabh fhásaigh chonnarc stád-bhruinneall ghlé,
Bhí a ciabh chrathach bhidhe ar luadhail leis an ngaoith
Trom triopallach fáinneach go hárd-truip a troighe.



Tan dhearcas an bhéith dob áilne ar bith gné
Do shaighid Cúipid le grádh mé do bháin-chnis na gcraobh,
Bhí díon-bhrat daor sróil léi scaoilte go feór
Is gach dall dá cuid éadaigh ag blaodhmadh le hór.



Bhí a pearsa gan chéim, gan easba, gan bhéim,
'S a píp aolmhar leabhair mar eala ar an sréibh,
A dhá mhalla chaol is a ramhar-rosc réidh,
De réir starthaibh 'sí a samhail do fhúig caismirt na Trae.


L. 47


Fá eadh scátha ón sín shuidh an réaltan mhodhamhail mhín
Ag síor-fhrasadh déara tré léan-chnead a croidhe,
Do fhiafruigheas go caoin a hainm 's a buidhean,
A fuireann, a fearann, a caraid 's a gaoil.



"Mo cheasna!" ar sí, "mo dhainid! Mo dhíth!
Mar dhísc crú na Sacsan mo charaid gan bhrígh
Fá chíos is fá cháin is dá ndíbirt san bhfán
Is cuid díobh i ngéibhinn ó réim Inis Fáil.



Ó chaismirt na Bóinne tá ár dtréinshliocht fá bhrón
Gan chiste, gan cheannas, gan fhearann, gan lón,
Dá gcéasadh 's dá mbreódh 's dá síor-chur ar feódh,
Saothar do mhéirligh do fhág Éire gan sógh.



Dá bhfeicinn-se fós scaipeadh ar na cróin
Dá ruagadh ar fuaid gleannta gan teinte fá cheó
Bhéadh míle husá ón Rúth go Fionn Tráigh,
Treascairt is traochadh ar an bréan dá gcrádh."



17 - SEALAD INDÉ AGUS MÉ IM SHUIDHE



Fonn - "An Bhéith pé'n Éirinn í"



Sealad indé agus mé im shuidhe
An fearann an tsléibhe gan téimh ón ngaoith
Ag machtnamh ar chlaonta géara an tsaoghail,
Easba na cléire is créim na nGaoidheal,



Ar charn chonnarc béith ag éigheamh is ag caoi,
'S a dlaoithe cas dréimreach péarlach buidhe,
Ag tuitim go trom léi go céim a troighe,
'Gus luisne na gcaor tré aon 'na gnaoi.


L. 48


le taithneamh don ghlé-ghein mhaordha mhín
Do fhiafruigheas scéal dí i nGaedhilg chaoin,
Arbh ise an bhéith dothug créim na Traoi
An chathair 'na laom 's a craobh gan bhrígh.



Nó an ainnir do thriall i gcian le Naois,
Nó inghean Pháoro thárrthuigh Maois,
Eithne mhíochar bhí ag Conall ar mhaoil,
Nó céile Uí Ruairc do fhág buartha Gaoidhil.



Do fhreagair an bhéith go séimh tais mín,
"Ní ceachtar mé den mhéid dár mhaoidhis
Ach amaid gan chéill le tréimhse ar bhaois
Gan chiste, gan fhéis, gan aobh, gan bhuidhin.



Mo cheasna! Mo chréim! Mo léan!" ar sí,
"Ní hé caismirt na laoch ar réidh na Traoi
Is dainid liom féin ach Éire i ndíth
'S a dragain go faon gan fhéibh sa gcrích."



18 - IM AISLING ARÉIR TRÉM NÉALTA SUAIN



Fonn - "Ó Bhean an Tighe, cad í an bhuairt sin ort?"



Im aisling aréir trém néalta suain,
Chonnarc ainnir ag éigheamh cois taobh an chuain
I mothar 'na suidhe go doilbh ag caoi
'Gus osna 'na croidhe 's a gnaoi fá ghruaim.
'Gus ó bhean an tighe, cad í an bhuairt sin ort?


L. 49


Mo hata dom mhaoil dobhí go pras
Ag sléachtadh do naoidhe na mbuidhe-fholt gcas,
Dhruideas-sa léi le taithneamh dá gné,
'Gus do fhiafruigheas scéal don ghlé-ghein deas,
A caraid, a craoibh, a tír 's a cóip.



Do fhreagair sí mé i nGaedhilg ghlic
d'eascair mo shíol i gcrích† ghlais †Luirc
Ó rígh-fhuil ón Spáinn noch do imthigh chum fáin
Ach ruagfar an t-ál tar sáile soir,
'Gus ó bhean an tighe, ná bíodh buaidhreadh ort.



Is dainid d'Éirinn éag na bhFiann,
Conn 'gus Eoghan 's an breo treas Brian,
An Ruire Ó Néill dá namhaid nár ghéill,
Mág Uidhir is Maol, an laoch ba dhian,
Ar mhacha is ar mhaigh do fhúig tnáithte a gcliar.



Is crathach lem chroidhe an díth sin ort,
Do cheasna, do chréim, do léan 's do lot
Fulang na bpian fán ama le cian,
Gan fheisteas do thriatha ná riar ar nod
Gan fearann, gan réim ná fréimh ar mhóin.



Triallfaidh an t-ál tar sáile anoir,
Déanfaid súd ár ar mhaigh is ar muir
Beidh bodaigh dá gcrádh, dá gcrochadh is dá mbádh
'Gus Inis† ghlas †Fáil gan cháin againn
As Gallaibh dá dtraochadh ar sléibhte cnuic."



Dhruideas-sa léi cois taobh na trágha,
'Gus atuirse nimhe dá claoidhe chum bádh,
Mar thréan-ghal den ghaoith gur eitil an sídhe,
Tré'r ghlacas-sa bíodhg 's chonnarc teimheal don lá
'S do phreabas óm néalta claonta suain.


L. 50


19 - TRÁTH AGUS MÉ COIS TAOBH CHNUIC INDÉ



Fonn - Éamonn an Chnuic



Tráth agus mé
Cois taobh chnuic indé
Go connail fá éadh ó shíonta,
I ndothair-chluthar craobh
Gan aon san gcruinne am ghaor
Go huaigneach ag déanamh mo smaointe,
Lem thaoibh gur shuidh bean
Do fhág saighead am chroidhe dá gean,
Go faon tré thaisteal tíortha,
'S a daor-bhrat léithe ar leathadh
'S a hór-fholt búclach ag casadh,
Trinnseach 'na triopall cíortha.



Ba mhodhamhail glas a súil
Mar réalt neimhe san tsrúill
Nó cruinne den drúcht ó spéartha,
Dob éadtrom deas a siubhal
Mar chág ag trácht ón gcúil,
'Gus luisne 'na gnúis mar chaortha,
Dob áilne í dar ndóin
Ná an bhean thug díth na dtreón
Ar mhachaire i ngleó na Trae thoir,
'S an bhen tré éad do chlaoidh
Clanna Lir le draoidheacht
Ar loch ruadh na Maoile tréimhse.



Ag sléachtadh don mhnaoi
Do fhúig créimeach mo chroidhe,
Mo hata bhí domhaoil go héasca
Do fhiafruigheas go caoin
Don ainnir mhilis mhín,
A fearantas, a tír 's a gaolta,


L. 51


Nó ar bhruinneal í ón mbruidhin
Do thaistgeal im líon,
Tar éis caismirt ar mhaoilinn sléibhe.
"Nó an sibh dorug buadh
Ar Mheidhbh is ar a sluagh
Go trúmpach ar thuath-Chnoc Gréine.



An tú Clíona ón gCarraig
Nó Úna an Bharraigh
Dorinne ruathar is bagar léana,
Áine nó Muirinn,
Ba ghnáth lena bhfuirinn
I ngleó-ghoin na sceana géara,
Nó Aoibheal ba teann
I gcaismirt na lann,
Deineadh trealla agus foghail gach féile,
Nó an bhean tré ghrádh 'gus baois
Do thriall tar sáil le Naois,
Do fhág curaidhe na Craoibhe traochta."



Do fhreagair an bhé
Dhá rádh "Ná bí baoth,
Ní ceachtar don méid d'áirmhís mé
Acht bean atá le cian
In-anbhroid ís i bpian,
Go seachmallach fá chiach na daoirse.
Monuar! Atáim gan fhleisc
Go scíosmhar ar leisc,
Fá bhrón dubh am amaid ríoghdha,
Gan éadach gan chuid
I ndiaidh Éamonn an Chnuic,
Ó ruagadh tar muir é ag bíodhbha.


L. 52


Is iomdha fear groidhe
Tá créimeach 'na chroidhe
Ag fulang mo dhíth! fá ghéar-ghlais,
Dá seóladh óna mbuidhin,
Gan fuithin ón sín,
Fá bhuaidhreadh ó chloinn 's ó chéile,
Ó tá sinn gan neart,
Níl fagháil againn ar cheart
Is cóir dhúinn ó's lag bheith géilleach
Má raobam an reacht
Beidh cuadhaire 'nár measc
'S ní fuirist dhúinn aon chluain i nÉirinn.



A Uilliam dhil 's a ghrádh,
Go bhfeicidh mé is tú an lá
Go mbeidh briseadh agus tnáthadh is díbirt,
Ar Ghallaibh an smáil
Bhraduigh uainn ár gcáil,
'S ghaibh seilbh ár n-áitribh dhílis,
Go mbeidh fearg na nGaodhal
Ar lasadh le faobhar
Chum díbheirg is léirscrios díoghaltais
Ó Dhoire Chuilm chaomh
Go Daingean na séis theas,
Guidhim Dia leo maraon san choimheascar.



Ba ghnáth mé is mo shearc
Ar mhaoil chnuic gan mharc,
Go huaigneach ó bhraith na hoidhche,
Gan chlúid orainn ná brat,
Ná time fá thart
Dár mbeo-ghuin ó ghoimh na gaoithe,
Nó go dtiocfaidh na fir
Ón Spáinn anoir
Ollthrúipeach tar druim na taoide
Ruagfaid siad tuirc
As crích oinigh Luirc
'S beidh buadh catha ag Clanna Míleadh."


L. 53



20 - ARÉIR IS MÉ AG MACHTNAMH AR BHRUACH FUINNSION NIAMH-GHLAS



Fonn - "An Bhoineannach Aerach"



Aréir is mé ag machtnamh ar bhruach Fuinnsion niamh-ghlas
I gcluain coille craobhach is soineanda fás,
Im rian chonnairc ainnir ag taisteal lem thaobh-sa
Mhodhamhail mhiochair mhéar-lag mhín mhaiseamhail mhnámhail,
Bhí an rós leis an sneachta ag deabhadh 'na gnaoi
Ní raibh éalaing ó bhathas go haltaibh a troighe
Im chúrsa níor dhearcas samhail an naoidhe,
Is a cliabh chrathach bhuidhe léi ag sileadh go sáil.



Le dian-ghean don ghlé-ghein chlaochaidh mo shnódh,
Chailleas mo threóir is níor ghasta mo chiall,
Mo bhás ná mo bheatha níor léir dam go fóil,
Cé dhruideas 'na cóir níor thapa mo thriall,
Fiosram i nGaedhilg don réaltan arbh í
Las cathair na Trae is a laochra fá smál,
Nó an ríoghan ón mBréifne do fhág Éire fá dhíth,
Is thug eachtrannaighe go réim Inis Fáil.



Do fhreagair an spéirbhean go séimh mé ag rádh,
"Ní ceachtar mé ar aon chor don méid sin mhaoidhis,
Ach is mise agat Éire tá im chéasadh is im chrádh
Gan cheannas, gan chairde, im amaid gan ghaois,
Gan éadach, gan fuithin, gan chiste, gan lón,
Fá chlaon-dlighthe Sacsan an ghraithin-sprot chrón,
Do chlaochlaidh mo ghradam 's do mhéaduigh mo bhrón,
Is mo cháirde uile ar feodh faoi leacaibh 'na luighe.


L. 54


Monuar! 's mo cheansa! Mar chailleamar Eoghan
An curadh treas cródha, Fabius Chrích Fáil,
I ngéar-chath Bheinn-Buirb ba dhraganta an leoghan
I gcaismirt an ghleó san ba chalma a cháil,
Ar Mhunró is ar Ghallaibh chuir scaipeadh 'gus ruaig,
Is do sheóil é chum reatha gan hata ar a bhuaic,
'S a leabadh Chaillighe 'seadh shrathuigh an sluagh
Ar $Vavasour nuadh cois Maininn 'san áth.



Claon-chleasa Shéarlais do bheó-ghuin mo chroidhe
Bhronn paitinn dom náimhid ar fhearantas stáit
Do dhíbir tar chaladh na fearachoin ghroidhe
Ó thalamh a sinnsir gan chiste, gan áit,
Dá gcuireadh mo ghaolta le chéile i dtráth
An tan bhuaidh an Barrach is Muscraidhe an lá,
'S ghabhadar Luimneach, Lios Cearbhaill is an Ráth,
Bheadh Coote 'gus Ormond gan fearann dá mbuidhin.



Tá préimh-shliocht na hÉireann dá dtraochadh ag an dtáin,
Gan talamh, gan árus, gan fuithin ón ngaoith
An té dhíobh nár cailleadh tá ag teicheadh chum fáin
A leinbh 's a máithreacha i ngalar ag caoi,
Is iomdha triath calma, curadh 'gus fian
I ndaoirse fá ghlasaibh is i gcarcair le cian
Ionnarbadh is scaipeadh ar mhaithibh 's ar chliar,
Do fhág easba le cian ar Inis† ghlas †Fáil."



nó mar seo:



Is ár gcaraid Ó Briain ag námhaid ar láimh.


L. 55



21 - TÁ SPÉIRBHEAN MHILIS BHEANAMHAIL.



Tá spéirbhean mhilis bheanamhail tharraing uaim thar sháile siar
Tá mo chroidhe in-earaid léi go bhfillidh sí arís aniar,
A cuacha cíortha barra-chas ag feacadh léi go bárr a traoigh,
Gur thug sí mise in-anabhruid gan aiseag ar mo shláinte arís.



Ba mhíonla maordha measamhail gan bhladaireacht gan
uabhar gan phoimp
Gan bhaois gan uaill gan mhasla ar bith gan gangaineacht
ná tnúth le saint,
Do réidhfeadh dhíom gach anacra dá dteangmhadh liom de
ló ist oidhche
Seo mar lámh mar thaca dhuit ná mairfinnse ad dheoigh-se mí.



Thar sáile siar mo bheannacht chughat le biseach mór i lár mo chroidhe
Go hInis† aoibhinn †bhanba mar a gcleachtadaís mo cháirde gaoil,
Ba fáilteach fuinteach freastalach le taistealach nó fánach slighe,
Is crádh lem chroidhe iad trascartha faoi ghalla-phuic ar lár gan
bhrigh.



Is cásmhar scíosmhar ceasnathach lag easbathach le tréimhse sinn
Ó thárla uainn thar caladhphort ar seachtaireach do cháirde gaoil.
Lán-chorn díghe gan easba ar bith de bheatha-uisce ód bhánchrobh
mín
Do thógfadh an smúit de'm aigne le haiseag ar mo shláinte arís.


L. 56


Grádh lem chroidhe is lem anam thú is ní scarfainn leat ar ór an
tsaoighil,
Is go ndéanfainn duain do cheapadh dhuit i ranna suilt 's i gcomhad
laoidh,
Dodhéanfainn laoidhthe seanachais do scanadh dhuit i réimheas Gaoidhil
Is 'nois ó thárla thar caladh thú céad beannacht leat go filleadh arís.



B 1861 19L



22 - CÓIMHGHLEIC AN BHÁIS



A.D. 1861



Araoir am aonar 's mé sínte tréith-lag
Ar leabthain aerach go seascair bláth,
Mo smuainte im thréigion 's mé ar dhíth mo chéadfadh
Gan neach im ghar-sa ach Rí na nGrás,
Gur thuirling taobh liom go fíor an séighleach
Gan gein dá chaomhna is a shleagh 'na láimh,
'Sé dubhairt i nGailge gan tuisle bréithre,
"Preab go éasca, créad an suan seo id dháil?



Is mé threascair Caesar is Samson tréanmhar,
Hector éachtach, Maois is Dáith,
Goll an laochais, mac Lugha na mBéimionn,
Fionn na Féine agus Oscar áigh,
Diarmaid déidgheal fíorshearc na mbéithe
Fiadhach an tréan-tuirc go dtug a bhás,
Is chughatsa théarnadh anois le scéaladh,
Gur mise an t-éag is ná glac rómham scáth."


L. 57


Ar gclos na mbréithre seo im chluais le séide
Nimhe, do léimeas annsan 'na dháil,
Do radas béim do i gclár an éadain
Do chuir do phléisc é go prab ar lár,
Is gearr gur eirghidh arís an séalach
Le fíoch chum éirligh 's a thuagh 'na láimh,
Go dtug buille tréanmhar do leag go faon mé
Gur shíl gur éagas go fíor iomlán.



d'eirghios féin arís chum scléipe
Go fíor a dhéanadh leis an gciarmhac smál
Níor scur de'n réim sin smearadh a chéile
Go bhfuaras cae air cos 'as lámh.
Do scread an créice le hanbhfann éachtach
Is d'iarr sé faosadh orm gan spás.
'Sé an connradh déannach do gheall an créimeach
Gan teacht am éiliomh arís go bráth.



B 1865obc 19L
U Anaithnid



23 - ÉAMON CÁIPLIS CCT



Dá charaid ionmhuin, eadhon, Tomás Ua Conchubhair.



A chara mo chléibh do phríomh-fhuil chalma,
Néill is Chairbre léadmhar lannamhar,
Óró fuair gradam go mór,
Dragain nár staon in-éachtaibh gaisce,
Thug maedhm a namhad go tréanmhar treasamhail,
Óró is ba ghallartha i ngleó.
Seachain ná géilligh féin do mheabhail-chis
Grathain an éithig do thréig an tAifreann,
Is Muire, Banaltra an Áird-Mhic cneasta
Gach tráth dá hainm le gráin thug aithis di,
Óró 'gus masla go mór,


L. 58


An feallaire faon Luthérus ceannann,
Do shéan na reachta maraon is Cailbhin uilc,
Óró 'gus tuille den chóip,
Dá gcabhair ba shaothrach Récs na Sacsan
Ghaibh céim is ceannas ós cheann na hEaglaise,
Óró is ba dhainid sin dóibh.
Do tharraing na tréada is léir i neamhriocht
Damanta daor ar shéala ceangailte,
'Na daolaibh malluighthe ag céasadh a n-anma
Le caora is lasair-nimh thíos inAcheron,
Óró dhá loscadh go deó.



Féach aiste na nGaedheal tar éis na mbearta so
Is léir gur caitheadh as réimheas Banba iad,
Óró gan filleadh go fóil.
An eaglais naomhtha réabaid eatortha
'Gus séadaibh beannuighthe cléir na psalmnach
Óró do stracadar leo.
Tá flathaibh is éigse tréimhse ar mearbhal
'S na sagairt i gcéin gan réim go seachmalach
Níl técs 'na rannaibh le scléip dá chantain
Ach éclips scamail do fhág Gaedhilg ar dearmad
Óró dá mealladh gach ló.



Gach seabhac suilt saor don éigs ba ghasta ag cur
Léigheann is aiste go réidh ar mheamram,
Óró go frithir i gcomhad,
Casaidh liom féin is géillidh feasta,
Nach bréag ná bladar an méid seo chanaim libh,
Óró is nach magadh nó móid,
Le feartaibh Mhic Dé 'nA Chéasadh cheannuigh sinn
Fuair peannaid is péin gan spéis idir namhaid
Beidh traochadh is teascadh le béim na n-aingeal
Ar thréad na $bhfanatics craosaigh cealgaigh,
Óróthug masla don Órd.


L. 59


Aithchim go héagnach an Glé-Spioraid Beannuighthe
Gan naomh is Aspal tá i réim na bhFlaitheasaibh
Óró idir aingil is óghaibh,
Go bhfeicimíd Gaedhil i réimeas rathmhar
Go féiseach flaitheamhail féastach freastalach,
Óró is na danair gan fód.
Bíodh fuireann na dtéad le méara ar seanga-chruit
Ag seinnim $TéDeum le méinn ag cantaireacht,
'S bíodh saoithe is sagairt go saoirseach seascair
Gan chíos, gan mhairg is Críost dá dtaramain,
Óró sin críoch ar mo scéol.



An Ceangal.



A chlann do tháil-fhuil ársa tréan na laoch
Ba thaca gan tlás chum táin an Bhéarla a chlaoidhe
Tagaid i bpáirt go grádhach le chéile ag guidhe
'Gus Muire na nGrás go bráth ná tréigidhí.



B 1848 19L



24 - AN BUACHAILL BÁN.



Sept. 1848



UILLIAM UA LOINSIGH cct
An rann deiridh le Tomás Ua Conchubhair



Tráth indé dham go doilbh déamhair,
Dobhíos im aonar cois taoibh na trágha,
Do dhearc mé an caol-bharc ar thonnta taoscach
'Gus é ag téarnadh chum cuain im dháil,
Ar bhórd ag géar-ghleos bhí an ainnir mhaordha
Le táin na hÉireann bhí an cabhlach lán,
Ag gol i ngéibhinn 's ag freasadh déara
Dhá rádh, "Cár théarnaidh mo Bhuachaill Bán?"


L. 60


Do dhruideas léi-se le truagh dá géar-ghol,
Is do fhiafruigheas scéal don aoil-chneis mhná,
A buidhean, a gaolta, a craoibh nó a prímhshliocht
Nó créad an t-éigen sheóil í ar fán,
Ba bhinn a béal-ghuth ag aithris scéil dam,
Gur claoidheadh a gaolta i nInse Fáil;
Is go raibh na céadta míle i ndaor-bhroid
Ó dhíbir béaraibh mo Bhuachaill Bán.



Ar sí, "Is léan liom críoch na hÉireann
Líonta ag tréinfhir ag fulang báis,
Is na mílte séimh-bhruinneall mhín tais mhaordha,
Ag caoineadh a gcéile. Monuar! A gcás!
Tá dlighthe claona gach lá dá ngéar-ghoin,
Fá láimh ar éigin do shíor dá gcrádh,
Is na táinte i ngéibhinn gan scáth a n-aol-chneis;
Siúd nídh nár éimigh mo Bhuachaill Bán.



I dtúis mo shaoghail an tan bhíos im aontumha,
Do radas léar-chumann, searc is grádh,
d'óigfhear léigheanta gan cháim ná claonta
Cráibhtheach déirceach fíor-ghlan 'na cháil.
Gan toil na méith-phoc ach cead mo ghaolta,
Do nasc an chléir sinn i nInis Fáil,
Is go bráth ní staonfad ó thál na ndéara,
Is mo ghrádh ní thréigfidh dom Buachaill Bán."



U Tomás Ó Conchubhair



"Éist a chéibhfhionn is scuir dod ghéar-ghol,
Cé fada ár dtréigint is do bhuidhean ar fán,
Beidh slóighte tréinfhear le hairm ghéara
Ag ruagadh béaraibh arís tar sáil,
Beidh maidhm is raobadh ar Ghoill an éirligh
Dá scuabadh in-éinfheacht as críochaibh Fáil,
Is go deo 'na dhéigh sin beidh Uilliam fá shaor-chion
Is chífir Éire aged Bhuachaill Bán."



Finis.


L. 61


B 1865obc 19L
25 - TOMÁS Ó CONCHUBHAIR cct chun UILLIAM UÍ LOINSIGH.



Chum dalta na naoi mbéithe, eadhon, Tomás† binn-bhréithreach
†Ua Conchubhair, le na thurnaídhe umhail díoghraiseach go
hilbheacht Uilliam Ó Loinsigh: -



A chailm-fhir shéimh do chléir na mbeol mbinn
d'eascair ó chraobh-chruth Gaodhal ba mhór buidhean,
Tá parailis éaga im ghéaga clódh críon
Is ní tapa mo mhéara ar théada an cheóil chaoin.



U Anaithnid
26 - UILLIAM UA LOINSIGH cct



Ag Scríobhadh gus a Charaid .i.



TOMÁS UA CONCHUBHAIR.



Mo scríbhinn chughat ar laoidh, a shuadh na ndánta,
Do chrú na ndragan bhí i gceannas i gClár Luirc,
Clúmhail calma lannamhar láidir
Ba chneasta le faon 's ba thréan ar námhaid,
Gur sheóil Luicifer fuireann tar sáile
Do raob gach acht is ceart-dlighe an Phápa
Le fórsa is feall, le cam is ár cnuic,
Do ghaibh ár ndaingin is d'ár mbailte rin fásach.
Dá maireadh Goll, ba theann ar námhaid,
Nó Cú Chulainn an ursa ba láidir,
Nó Diarmaid an triath do thriall le Gráinne,
Dobhéadh ár is scaipeadh ar an ngrathain as Clár Luirc.
Táimse aosta ar an saoghal so im cháibleadh
Fá iomad cíosa gan puinn fagháltais
Gan choróinn im spaga le scaipeadh i dtigh an tábhairne
Ag so fá ndeara gan taistil id dháil-si.


L. 62


U Tomás Ó Conchubhair
27 - TOMÁS UA CONCHUBHAR cct CHUM UILLIAM UÍ LOINSIGH.



A naomh dhil an fríth dhuit an Ríoghacht traochta
Is nach cuimhin leis ar Ríogh-Mhac an Rí caomhnadh
I dteannta go dteannta go dteanntar gan díth péinne
Gach fealltach is fallsa don Rí chéadna.



B 1832 19T
28 - TOMÁS UA CONCHUBHAIR cct DÁ DHEARBHRÁTHAIR.



A dhearbhráthair dob fhearr fós dá bhfaca mé riamh
Cúis gáir-ghuil ochlánach is atuirse cian,
Cúis do fhág mé gach lá dubhach doilbh fá chiach
Ó do fhágais mé, a Phádraig, ag dul ar mhairbh na gcliar.



Ó chliar Cruachna ba dhual duit, a shaoi gan cheas.
Ó Fhearghas mac Róigh thug an Táin Bó ar Ultaibh san treas
Is Conall Ceárnach thug lán gaid de cheannaibh mic ríogh
I n-éiric bháis a dhalta ar Muigh Muirtheimhne mar dhíol.



Mar dhíol im dhalta-sa ní ghlacfainn-se ór ná pláta,
Mianach airgid ná ceachtar den nidh dá dtána
Bean is leanbh agus cara dogheobhainn amáireach,
Acht an fhaid a mhairfead ar an dtalamh so ní bhfaighead bráthair.



Atá bean sídhe Chonchubhair go dubhach ag sileadh na ndeór
Is Áine chiúin fá smúit ag frasadh 'na cómhair
Aoibheall chlúmhail na Mumhan fá scamalaibh bróin
Cois Fuinnsean úir mo phúir! mar ar feartuigheadh an leoghan.


L. 63



An Cóimhcheangal nó an Feartlaoi



Fáisc, a líog, fád dhíon an leoghan so fút
Is congaibh i dtaisce gan scaipeadh an luaithreadh id chlúid
Luan na Breithe ar sméideadh Ríogh na ndúil
Pádraig Apstal is Molaga ag díon an cholúir.



U Anaithnid
29 - UILLIAM UA LOINSIGH cct DO PHÁDRAIG UA CONCHUBHAIR.



Noch do chuaidh d'éag, Aos an Tighearna, 1832.



Mo chumha, mo cheasna, mo dhainid, mo lán-doigh,
Mo léan, mo cheasta, mo chreach, mo chás guirt
Mo leoghan meanamnach lannmhar láidir
Colum na bhflaith i bhfeart faoi láin-lic.



Mac a shamhail ní fhaca-sa i gClár Luirc
Ná insa Bhreatain cia fairsing le rádh í,
Fial-ghas soilbh sochma gan dárdal
Ceart na bhFlaitheas go bhfeicidh tú, a Phádraig.



An Cóimhcheanngal



Sin i bhfeart fá leac go faon 'na luighe
Plúr na bhflaith ba ghal gan chréim 'na chroidhe
Dochuaidh ar meath, mo chreach! sul a dtéarna in-aois
Is do fhág a charaid ag freasadh guirt-dhéara tríd.


L. 64



30 - AN FER CÉADNA AG SCRÍOBHADH CHUM THOMÁIS UÍ CHONCHUBHAIR, AR
BHÁS A DHEARBHRÁTHAR, EADHON, PÁDRAIG.



A chalm-fhir shéimh ó Éirinn iathghlais Eoghain
Do foilceadh i léighinn idir bhéithe is cliar na slógh,
An dtuigir gurab é toil Dé, Mac riamh na hÓighe,
Do fhúig flatha go faon 's an claon-sprot ag riar ar sódh?



31 - CEATHRAMHNA ÉAGSAMHLA



B 1848 19L
U Tomás Ó Conchubhair
1. Dlighe na Sacsan dothug easba na nGaodhal le cian,
Gach pláigh, gach galar, gach ceasna, gach créim is pian,
Tré chlaon is cealg i gcarcair do fhúig laoch, Ua Briain,
Do fhág Éire i ndainid is fealladh na cléire ar Uilliam. 1848



B 1865obc 19L



2. An Pápa is Diarmaid túis bhúr n-easba
Fáth bhúr mbróin, bhur ndeór 's bhur gceasna.



3. Reachtaire diadhachta mar phríomh i bhfeis
Ag cumadh dlighe ríoghachta dothug díth 'gus breis.



A divine as a lawgiver hath caused an overbearing burden on a country.



4. A chara dhil aoibhinn 's a naoimh dáimh
Gur mhinic mé taoibh leat go sítheach sámh,
'Gus seanchas fada ar chalm-shliocht Gaoidhil ghlais
As leabhar na sinsear gan mheabhrán.


L. 65


Bhíodh ragairne oidhche 'gus áirneán
Imirt ag saoithe agus stranncáin,
Ólachán fada le namhaid dá síneadh.
Go tapa le righin dair is cruadhas lámh.



Anois ó táim críona 's gan bhrigh am cháil
'S is fada mo chéadfadh-sa ar meabhrán
Ceist agam feast ort ó's follus gach nídh dhuit
An fada bheidh Gaoidhil bhocht dá ndian-chrádh?



A cholm na saoithe is mó cáil,
Den bhorb-fhuil ríoghdha ó Chrích Fáil
Ceartuighe is cneasuigh 'gus leasuigh mo laoi liosta,
Bead ag agall chum Íosa tú thártháil.



B 1840 19L



Ó! ná luadh amháin a ainm, léig do codladh 'san scáth
Mar a bhfuil go fuar neamh-aineamhach a thaibhse ar lár
Ciúin ceasnuightheach dubhach bíodh ár ndeóra go trom
Mar an drúcht oidhche thuiteann ar an bhféar ós a chionn.



Acht an drúcht oidhche thuiteas gé i gciúineas ag caoi
Déanfaidh lonnradh na ré glaise ar an úr 'na gcodluigheann
'Gus an deór a shileam, cé go rúnmhar ag frasadh
Déanfaidh a úr-chuimhne bithbhuan 'nár n-anam air go fada.


L. 66


B 1865obc 19L
33 - TUAMA NEAMH-SCRÍOBHTHA EIMIT



"Guidhim thú" dubhairt mé le seanoir ar seachmall
Cromtha ós cionn na huaighe dorinn a lámha féin a thochailt
Asluighim ort ainm an bhasoil 'na scíth
Faoi'n uath-scáth úd thall mar a bhfuil an tsail dubhach ag caoi.
Tá gach cloch greanta le hainm an mhairbh
Acht an chiar-liag thall ní innseann an teisteas.
I gciúineas do shléacht is do sméid orm an fear so
Gur thárlamair ós an úir, annsan dubhairt tré ró-osna,
"$Ah! ní féidir leo amháin brian a thrácht ar an líog
Chum cian-chuimhne an té atá 'na aonar 'na luighe.
Dubhairt riú d'aithin dóibh an líntibh ar shlios Fáil ?
Ná caithfí go bráth do thrácht le lámhaibh tráil
Dubhairt riú timcheó do ró-chur ar a ainm
Go dtige maidin an tsaoirse an úir chum taithneamh
Nuair a bheidh meirge mo thíre le saoirse ar luascadh
Annsan déin mo laoidh 'gus mo leacht inOgham air
Feách le hocht mbliadhna is dhá dheich dorinneadar go cóir
Agus tagaid fós ag úrughadh a leacht lena ndeóir
Dobhí óg mar thú féin agus cascar chum buadha
Ar na daoithibh do líon a shearc-oileán le truagh
Do chlaoidheadar a spriod cródha, bhí an talamh ró-ghann do
Go cumhang mar fhlaitheas dá aigne lonnrach
Dotháinig tocht air agus d'imthigh go mall chum na slighe
Agus do mhothuigheas ar n-imtheacht uaim fonnmhar chum guidhe.
A Dhia! déana go bhfeicidh roim ceann mo shaoghail-se
Colomhuin cóimhdhíreach ar an mac san mo thíre
Agus ó! bíodh ormsa an obair gan mhaoidheamh
An cian-dhualgas chaithfidh saoirfhear do scríobhadh
Ionad cómhnuighthe dá ainm im ucht bheith le fagháil
Síth chum do shuan-shoradh dhuit, a shearc-scáil.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services