Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta Shéafraidh Uí Dhonnchadha an Ghleanna
Title
Dánta Shéafraidh Uí Dhonnchadha an Ghleanna
Author(s)
Ó Donnchadha, Séafradh,
Compiler/Editor
Ua Duinnín, Pádraig
Composition Date
1678
Publisher
(B.Á.C.: Conradh na Gaeilge, 1902)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"A chléirigh thubaistigh, chuireas na daoine i mughadh, Is do réab na dlighthe do rinneadh le Rígh na ndúl, Cé gur bh'urramach sultmhar glan caoin tú ar dtúis, Thug séideadh ó Lucifer teine dod chroidhe le drúis.
"Sin éad ag Muire leat - thugais le baois di cúis, Is réidhis le subadaigh dhunadaigh bhuidhe gan chlú; Ciodh éascaidh sibh-se 'sna dlighthibh do dhlighid na hÚird, Is daor an t-ionad bhias agaibh dá íoc ag búir. "Is baoghal gur duine re buile tar míltibh tú 'S is léir do'n iomad gur duine gan intleacht tú: 'San mhéid gur duine thú thuigeas gach pointe 'on chúis, Is baoth an duine tú is Muire do dhíol ar drúis. "Is baoghal go dtuitfir ó'n strubaid gan bhrígh 'san úir, 'S an tréin-fhear thiocfas id ionad beidh sí aige ar chúl; Do chéile chumainn ó bhrisis a cuing ar dtúis, Ná glaodhaigh ar Mhuire - ní'l duine dod bhuidhin 'san chúirt. 'San chúirt atáid grása nár smuain ar chiach Ag Úr-Mhac cháidh Dáibhi nár dhiultaigh riamh An chúil-fhionn bhreágh tháil ar a cíoch go dian; Fúig an stráile mná soin, is fill ar Dhia. "A Thaidhg, do b'feárr dhuit Cáit do léigean díot Is do Mhaighdean mhánla a ghrádh riot féin arís, Aghaidh do cháirde d'fhaghbháil go léir 's a nguidhe Ná an t-oighre láidir lá na scéalta 'od dhíth. "A Thaidhg, do b'fhearra dhuit teagasc is múnadh d'fhaghbháil, Is labhairt go daingean ar mhaithibh Uí Shúilleabháin; A chladhaire sagairt, ná seachnann siubhal ar mhnáibh, I ndiaidh do theasbaidh is arm liom chugat an bás.
"A Thaidhg, do b'fhearra dhuit satailt an-réidh ar thuaigh, 'S a dhian-fhios agat do leabaidh i n-ifreann fuar, 'Ná triall ar chaile bhig mhalluighthe bhuidhe gan stuaim, Radharc na hEaglaise is mairg nár chuimhnigh buan." "A Mhuircheartaigh, a mhinistéir, do bhí id bhráthair Seal 'san Eaglais go fallsa, Is nár fhuilingis bheith urramach do dhlighe an Phápa, A mhadra naisc an teampuill, Na mionna cirt ó bhrisis-se le díoth-chránais, ………………………………………………………………. Ní miste liom an tubaist ort, a thíoránaigh, I n-anacra fá ghlasaibh agus breall ort."
PÁDRAIG PIARAIS DO SHÉAFRADH UA DONNCHADHA AN GHLEANNA. "Is cian cuirtear clú Shéafraidh, Nár chuir suim i sáir-shéadaibh, Tar bheannaibh bóchna na dtonn I gcrannaibh cródha creat-lom. "Mac Thaidg na ndearlaighthe ndaor Bile buadha na mbreath neamh-chlaon, Do líon an Bhanbha dá mbláth, Gríobh fá calma i gcomhlann. "Féinnidh, file, flaith, is fáidh, Searc éigse, druadh, is deagh-dhámh, Séafradh suairc nár éaraigh fear, Fuair an fhéile mar oighreacht. "Réilteann iuil na tíre thiar, Grian solais Mumhan Maicniadh, Fear crobhainge cáich do chosc, Beo-bhainne Fáil dá furtacht. "Crú corcra ar lí géise, Go ndeilbh n-álainn ndéigh-bhéasaigh; Cóir is comh-sholas scéimh dó Fán gcéibh gcómh-sholais n-órdha.
"Aon-ghonta gacha cluiche, Leomhan daingean deárscnaighthe Fuair fír-eolas suadh na bhfionn - Prímh-eolas druadh ar ndíoghluim. "Tuigseach comhráidh críche Chuinn, Is teangan chraoibhe is coinsinn; Fear teangan 'san mBéarla mbinn, Feasach léaghann sé 'san Laidin. "File go milse meala, Craobh chúmhrá ná himdhearga, Fiaguidhe suairc saor-bhreathach sámh, Caol cruaidh ciallaidhe an comhrádh. "Scaoileadh sé scata laoidhthe I gcomhthrom céill 's comh-ghaoise, I bhfochair fear bhfeasach Dáibhi I gceasaibh daora draoidheachta. "Úghdar gach focail go bhfor, Oide ógán na saor-scol, Crann socair seoil a shleachta, Doras eoil na hintleachta. "Scríobhann sé samhail do chlódh, Gan lot litire gan chlaochlódh, Féinneadh friotail ghil nach clé, Tréin-fhear tiomairce tréithe. "Bíonn re bochtaibh 'na thaca, Fear altruim na daonnachta, Do phós an fhéile ris féin, Córa caithréim 'na chaithréim.
"Seabhac saoithe sleachta Chuirc, Dá n-árd-fhuil oirdheirc uasail, Ónchú cabhartha na gcliar, Mór-chlú aigeanta imchian." "Múr Shéafraidh le céadaibh is gairid oidhche, Múr tréitheach le téadaibh 'na gcantar laoidhthe, Múr féastach is féile 'na gcaithtear fíonta, Múr déarcach na héigse le taca dhíoladh. "Dún cléire 'na léightear an Laidean líomhta, Dún béithe le gréasaibh ar bhrataibh síoda, Dún éascaidh fá shéadaibh do mhacaibh ríoghdha, Dún gréithre nár téarnadh a dtabhairt d'aoidheadhaibh." "Cúirt laochradh gan traochadh do bhagar bhíodhbha, Cúirt éachtach an tréin-fhir nár choigil míona, Cúirt bhéarsach 'na réim-rith ag freastal saoithe, Cúir aereach an Gaedheal-bhrugh is fairsing aoibhinn."
Dánta Shéafraidh Uí Dhonnchadha An Ghleanna. 1. - D'ÉAG AN FHÉILE I N-ÉINFHEACHT MHUIRIS.
Ar bhás Mhuiris mac Éamuinn Mic Gearailt, Chaisleáin an Lisín i gconntae Chorcaighe, noch d'éag an seachtmhadh lá déag d'Abrán 1679, agus do hadhnadh i gCill na Mullach.
D'éag an fhéile i n-éinfheacht Mhuiris, D'éag an uaisle ghluar gan ghliogar, Déag an anáir cheannárd churadh, 'S d'éag an fhoighde doimhin gan duibhe. D'éag an umhlacht ionnraic, iochtach, 'S an t-eólas gan cheo, gan chrithir, An diadhacht nár fiartha fionnadh, An rún fíre, díre, dile. D'éag an bheódhacht leor gan leimhe, 'San cheannsacht sheanda gan tuisle, D'éag an bhúidhe ciuin gan chuilg, 'San tsaoirse nár frith gur filleadh. D'éag an eadar-ghuidhe gheanmnaidhe mhilis 'S an mheasardhacht nár meascadh le miodhgaibh D'éag an chúmhracht chúmtha chluthmhar Is d'éag an náire ar lár nár fionnadh.
D'éag an daonnacht gan bhaos gan mhine, Gan fuaim, gan uabhar, gan iomaidh; Ó gach neach gan ar, gan ioradh, D'éag a stór a dtreoir 'sa dturadh. D'éag uaine fuadar is fuinneamh, D'éag déarcach, tréadhnasach, tuigseach, D'éag Muimhneach míleadhta, milis, Nár smuain feall ná fallsacht cumainn. D'éag éadach is béile na druinge Dár chinn Dia 'san mbliadhain thubaist, D'éag deagh-chruth le haghaidh an uile, Is gníomh dá réir nó réid ba huille. D'éag an cárda cráibhtheach Conaill, 'San compás nár chursáil tar chiumhsaibh, An seol le stormaibh nár struiseadh, 'San stiúir nár túrnadh le tonnaibh. D'éag cealltar gan chall, g[t]an chruime, Gan ghual, gan ghruamacht, gan ghoinne, D'éag, an lá le bás do biorradh, Breitheamh cúrsa ciúil is cuilg. D'éag stairidheacht, marcuidheacht is muirinn, D'éag laochas, maordacht is miotal, D'éag foghluim, modhamhaileacht is moille, I bpearsain shéimh an tréin gan tuilg. D'éag fiadhach, iascach is imirt, D'éag áilneacht, áthas is urraim, D'éag caoimhe, míne is mire, I n-éag an tia bhiathadh iolair.
D'éag, monuar, an fuainne d'fulaing Antrom cháich 's a gcás go minic, D'éag an té 's a chéile cubhaidh, Re linn ar n-óg nach dóigh go tiocfaidh. Créacht mo chléibh-si an t-éag do sheinneas, Éag lé'r buaidhreadh cuan gach cille, Éag na bhfann do scannradh scriosta, An t-éag 'n-ar éag gach gné don ghile. Is moigheanar finn-fheinidh fiuchair, Nó rí 's a chríocha gan chiumhsa, Nó ceann sluagh re cuaird na cruinne, I rian an ghríbh-fhir ghroidhe do rithfeadh. Ní cros-róid callóide is coire, Ná casán crostailte cuilinn, Ná céime do bhéimfeadh scriosta, D'aimsigh riamh acht rian gan ride. An gaiscidheach gan tathaoir, gan timhe, Lé'r claoidheadh na biodhbha bunaidh, d'aimhdheóin tíre, taoide is tinne, Rug a b'ann 'sa bheann gan briseadh. Rámhaidhe nár léig táclaidhe a luinge, Ná a chrainn le nídh ar bith do mhilleadh, Is í do ghnáth re sál ag siosmadh Thrí bliadhna déag is trí fichid. Ní fhaghaim aon tráth go ndeárna Pilip, Ná Alastrom d'argain na hoirthir, Ná Seóirse lé'r tóirneadh Turcaigh, Cunntas ba fiú chur i rulla.
Dá mba í an chródhacht chóir gan chumasc, Do cuirfidhe le filidhibh i gcruinic, d'fhéachain ar éirghidh le Muiris, Do léig puimp is claoine is claimhe. Do rinn éacht nár fhéadsad Oscar, Is nach ráinig a lán do righthibh, Do mhúch diabhal gliathach gusmhar, Do mhúch feoil is ceo na cruinne. Do mhúch sannt is faill na spioraide, Bheas ag lot an bhoicht 'san bhuirb, Do mhúch éitheach, craos is cuthach, Do chuir drúis is tnúth dá mbunaibh. Neamh-fhonn riartha an tia do chruthuigh É fá mar do naisc a ngiomhal, Rún méirleachais níor léig 'na ghoire, Ná a haithearrach dár dealbhadh d'ulcaibh. An té do bhrúghaidh mar súd na coiligh Le n-a dtolltar codhnaigh gach cinidh, Is nár léig leo dá chóir má ruibe, Ris ní leor dar ndóigh a ndubhart. Um an Ghréig sin d'éibil idir, Ní dhéan plás ná ráfla sibh-se, Acht innsint go cinnte cumeir, Gur bh'é féin gan bhéim do chonnac. Is ná raibh saor-chrú i gcraobh-fhonn fuinneadh, Ná ráinig a bhárr mar bhiseach, Mac an laoich ó Aoibh Mac Caille, Do dháil i gcluain mar ghluasaid tonna.
Mac Éamuinn aon-ursa is glaine Thárla rompa ó thúis go tuitim, Mac máthar dá ndáilid fileadha Mír ós mnáibh a dtárthuigh isi. Mac ná héaradh aon um ithe, Is ná hiarradh iallspuir ná hoireadh, Mac nár thuill a lí do luisneadh, A los grádha ná tlás re teinidh. Mac nár mheabhruigh meang ná mioscais, An mac gan ghéim do néith um ithe, Mac ó'n ród cé'r mhór a mhuirear, Riamh nár brathadh i neamh-chulaith oinigh. Mac a mhaoin 'sa dhíol gan fuireach, Dár le cách nár bh'áidhbhseach gustal, Mac 'sa lón nár leon a dtugadh, Is é gach tráth ag tál gan tuirse. Mac ria mbás do b'fheáirrde fine, Mac 'sa ghlór go deo nach duibhthe, Mac do fágaibh bláth is duille, d'fheartaibh Dé ná tréigfeadh a shlighthe. Síol Mhonacha conchlann a chlainne, Síol dúthracht úrnaighthe is irse, Síol suaithnidh dár tuaradh ithir, As nach féidir déas gan eithne. Cé tadhlaiceadh íoc i n'-ionad Bhus tóirsigh do dheoin Mhic Muire, Gan diachar 'na dhiaidh i gcroidhthibh, Cibé fhiadfas ní hiad sain mise.
Ní duais dá bhfuaras ó'n mbile, Ná nídh ar a sílfinn go silfinn, Damhna mo chantlaimh don chur-so, Acht ró ghrádh dá mhórdháil gan mhustar. Mo chaoi-se ní caoineadh tirim, Acht caoi le a léigim déara guirte, Adchaoi gan cleasuigheacht a thinneas, Ná feodhfaidh go fóill im ghoile. Ní maoirseacht mhínligh ná muinge, Sioc-bháisteacht caisleán ná coille, Dóirseóirecht sciobóil ná iothlann, Chaoinim dá ríribh acht Muiris. Ní chaoinim stíobhardacht a urradh, Seiléir ná coiléir ná cufa, Seomra ná cófra ná cupaird, Acht m'fhad-chumhadh mo dhealughadh re duine. Is annmhucht na bhfear úd i bhfoigsi, Ó chríochnuigheadh na [bh]fíor-laoich ba shine, I ndealbhadh 's i n-aindeis nár hoileadh, Is tríotha damhsa is córa cumhadh. Creach gach úird i n-úir don dul-so, Téid ó ló mar lón do chrumhaibh, Creach na n-éigeas is na n-oideadh, Creach na bhféadhbh is cáisc a gclainne. Cé uathmhar fuagraid na guil-si, Lóchrann na ndeóradh is a n-ursa, Ní chaoinfead choidhche mar thuilleas, An caith-niadh 'san chaith-chliath nár druideadh.
Och! mo choím-se a bhaill 'sa bhruinne, 'S a rosc nár thug toil do chiontaibh, A mhéinn re héigean a bhfionnfainn, I gcomhrainn chíor-dhubh chaoil 'na chime. M'uaigneas an fhuaim-sin ad-chluinim, Timcheall an tréin-fhir gan tuire, Fuaim sean-dán is cannrán cruite, Fuaim fóirne is feolmaigh is fithcheall. Fuaim fíor i gcaoineadh ná cuirim, Fuaim a bhéil gan bhréig gan mhionnadh, Fuaim a ghadhar ag saigheadadh sionnach, Is fuaim na gcliar ag triall ar a iostadh. Fuaim rom chéas na héighmhe uime, Fuaim na n-each gan beart chum luighe, Fuaim do fhág ná baithfheadh briotais, Is fuaim a chlú 'sa chúis gan chubhar. Mo léan-sa an t-éadan gan teimheal 'San croidhe nár chuimhnigh ar chuilibh An dóid nár fhóbair bheith liosta, 'San troigh shlím nár ling ar laige. Is truagh liom a chuallacht ag uchbhadh, 'Sa chonnracht gan chumhdacht giolla, A chorp seang gan cham gan chaise, I bhfuar-chuilt fá ualach lice. Taobh re taobh 's an déid-gheal drithleach, Thug a hóigheacht dó is do chongaibh, Líon uaidhe ní chuala im ghoire, Is lia do dháil is d'fhág a gcisde.
Ós éigean gach cré dár cumadh, d'fhulaing bás a bearnadh ubhaill, Cuirim féin, is léightear libh-se, Beannacht leó go beo-bhrugh Neimhe. Ní Saesar ná Séarlas Cuintus Ní Aichill ná Agamemnon, Ní Croesus ó'n saoghal d'imthigh, Acht lámh-fhial mar mhac Láimh-fhiach lingeas. Ní Dáibhi cé tá a dhligheadh gan chionas, Ná Pól lér seoladh na ginte, Ná Mac Ailphe d'fhaisnéis iomad, A chnú chomhthrom acht Eoin maith bruinne. Bun a phréimh ní mé ná fidir, Bíodh ná fuabraim suas a shloinne, Taobhaim a ghaolta re nuimhir, Ris a ndáimh is áirde gliocas. Is iomdha saoi líomtha re tuigse Is fiarlaoid[h]each fial-scaoileas tuile, Áidhbhéiseach le ráiméis thiocfas, Ag éileamh a léigeadh gan tuireamh. Scuirfeadh féin, ní fhéadaim tuilleadh, Bíodh gur gann ar labhras roimhe, Ó táid siud ag súil re seinm, Fágbhaim fútha an chú 's an cluiche. Dar an Rí do rinn a rugadh, Ní fheaca gníomhartha dísle duine, Ní ba fheárr ó lá mo thuismidh Ioná ar éag 'n-a éag dar linn-ne.
Sáth prionnsa d'iomchar is d'fhuirm, d'inscne d'inntleacht is d'fhuinneamh, d'arrachtas caile agus crotha, Rug an t-éag i n-éinfheacht Mhuiris. Coimh-cheangal. Beidh éigse um an éag so go callóideach, Dá bhféachain cia is léire aca d'inneósadh, Cia an t-aon-urradh so caomhanta cinneóilsi Tré léigtear na déara go dobrónach. Adéar-sa do réidhteach a gcomórtais, Gur éibil an fhéile 's an onóir ghlan, An péarla ba chéile do lucht cró an Lis I ngréag-Mhuiris éadocht mac Onóirín. Dom réir-si dá éis is glic dóibh scur, 'San méid-sin mar éag-script gur bith leor d'fhios, I réim ghil an tréin-fhir gan tuileóga, Do naomhadh nó a ndéirim gur cupóga. Féinnidh a phréamh-fhuil gan fuinneóga, Nár léanadh a mhéanach le meangógaibh, Tréan-rug mar dhréimre go dubh-chomhrainn Bheith caoim-inneall aontadhach onórach. Rug Dé-shearc nár créachtadh le cros-bhóithribh, Is féile gan féire, gan fo-ghlóire, Daonnacht nár daoladh le droich-sheólta, Is déata d'fhear séise ba so-shómplach. Réartha na cléire 'sna cruith-fhóirne, Is déarcach gan déistin le dearólaibh, Éadach is béile na sruith-gheocach, Is aomhthacht na féinne gan furóga.
Cá ngéabhaid ag éileamh na siobóide Na béithe re a scéaradh a bhfir phósta 'S a réilteann do réidhfeadh a mbarróga, Mar fhéasta re péistibh na pullóige. Méala a mhéala do mhion-órdaibh, Is do thréith-fhuinn cheasta gan ciollóga, Éagna 'sa chéile nach ineolas, Ó'n saoghal do béaradh a bheanóga. Re tréithibh an té sin nach ionchomhraic Céimionas aon duine is fíor damh-sa, Níor léir dam 'n-a éagmais don onóir cuid, Is ní ghéillfeadh i ngné ar bith do dhroch-nósaibh. Ní fhéadaim-se, is féachaidh a dteagmhóchadh libh, Dréachtach adéaradh níos mó ris, Ná léir-chreach na ndéibhleann gur tionóladh, I n-éidteacht mhic Éamainn is Onóirín. Onóir umhal is oineach i gcré do chuaidh, Is cuspóir curata d'fhulaing an tréan 'san truagh, Is ucht-bhrón d'iomarca, tinneas ag cléir 's ag tuath, An crithleon chinidh rug Muiris mac Éamuinn uainn.
2. - CRÉAD Í AN ANBHFAINN-SE AR ÉIRINN? Ar bhás Uí Shúilleabháin. Créad í an anbhfainn-se ar Éirinn? Nó créad damhna a daoir-ghéibhinn? Inis chrann-ruadh na séad sean, Créad an t-amhluadh fá'r hairgeadh?
Créad dá dtáinig ceann i gceann, Clódh sonais Rátha Raoileann? Fairche taoibh-réidh na ngéag nglan, Créad an t-aoin-bhéim fa'r heascradh? Nó créad fá'r traochadh do thuirnn, Aoibhneas mór Muighe Mumhan? Gorm-fhonn braon-fhuar Banbha breagh, Nó an d'aon-uaim tarla a tuiseal? Bás Uí Shúilleabháin Siuire, Fáth íslighthe ár n-áird-stiuire, Rí Cliach is Cláire rom chráidh, Dár dtáire an triath do theasdáil. D'éag ua oirdhearc Aodha Dhuibh, Eoghan mac Domhnaill duasaigh, Tig do luath-bhás an tuir theinn, Gur chuir uathbhás ar Éirinn. Ní hiongna a héag an fhéinnidh, Teann-chuir gliadh síl sein-Éibhir, Fonn finn-gheal tonn-bhán an trír, Lom-lán d'imneadh is d'eisidh. Ní hiongna niamh gach neamhaigh, Do dhruim dula Uí Shúilleabháin, 'S gan gnaoi ar a séan-tuathaibh sin, Ag mnaoi thréan-Tuathail Teachtmhair. Neimh-iongnadh fá dhíombuaidh dó, d'aithle mhillte I Mhaolughra, Clár aimhréidh colgach na gcon, Forbach claidh-réidh gan chomhthrom.
Sliocht duasach an Duinn chreachaigh, Síol Fiacha mhir mhuilleathain, Ní rathmhar ón daoirse an drong, Fán gcraoibh-se i gcath Muighe Cualann. Beag do shíl triath na dtrealamh, Rí crot Finghinn fuilt-leabhair, A oighre i ndí-mhiadh do dhul, Rí-niadh fá'r dhoilghe déanamh. Níor smuaineadar smóil na gcat, Seachnasach mear is Maonach, Dá rí Mumhan fá teann treoir Dubhadh do cheann a gcineoil. Féidhlim mac Criomhthain na gcreach, Rí clúmhail meanma Muimhneach, Níor shíl an tréan i dTigh Duinn, Nár dligh a fhréamh i bhFreamhainn. Eochaidh nár éimigh duine, Domhnall mór mionn Maonmhuighe, Fiann chrainn-mhear nár chinnte um chródh, Linnte a n-'airghean dob' iongnadh. Ní dearmad dam go buadhach, Túir na mbratach mbeann-bhuadhach, Dá éachtchaoi gach puirt go bproinn, Do chréacht-chraoibh Chuirc is Chriomhthainn. Níor shíl Damhruidh na dtreas dte, Go mbadh í úir na Frainnce, Dá fheol-fhuil amhra ba dhíon, Treóruigh calma na gcaith-ghníomh.
Níor síleadh leo re a linn sin, Scrios a bpréamh do chlár Chaisil, Lonn-chrainn nár teilgeadh le tóir, Conn-chlainn na meirgeadh maoth-shróil. Níor síleadh dúinn-ne seal éigin, A theacht do theidhm móir-éigin, Leomhan do nár thearc ar dtoil, Eoghan i bhfeart i bhFranncaibh. Níor shíleamar fós, feacht n-aill, Ionnarbadh oighre Dhomhnaill Theinn i gcreacht-lotaibh rom chuir, A heing bhreac-chnocaigh bhuadhaigh. Dursan liom an seang síthe, I gcrioslach na coigcríche, Is gan trom-gháir ag béine ban, I gcomhdháil chéile Chruachan. Dá mbadh thiar ag Leamhain Lir d'éagfadh ceann chinéil Fhinnghin, Adéarfaoi nár bh'iongnadh ann, Déar-chaoi fionn-bhan na habhann. Ba dheacair coimh-mheas cumhadh Re hingheana Iar-mhumhan, Dá gciach is ceann-truime mé Fa thriath sean-tuinne Tóime. Fá'n dtásc dtinn nach tásc mío-náir Tar éis éaga Uí Shúilliobháin, Ní slán aoinneach ná ullamh I gclár daoineach Deas-mhumhan.
Thug bás onchon Locha Léin Ar shíol Chuirc anba an oil-bhéim Fóir gach riain um Luimneach Luirc Ciaidhneach cuimhneach a chómh-ghuirt. Tháinig ní sochar sáthach Dá éag obann antráthach Gach báin-fhinnteach cloch gur chreach Um Loch láin-linnteach Luigheach. Tig do bhás an mhín-mheir-si Clódh a ghean 'san aimsir-seo, Ag neach an galar nár ghoin Do mheath toradh na talmhain. Ba ní bliochtmhar a mbronnadh Ní héadálach iothlanna, d'aithle an nimhnidh ar cheana Na hinnbhir gan éigneacha. Gan bhéith ag bruithneadh mheala I nglotaibh an ghoirm-fheadha, Gan maoidheamh ar mheas amuigh Ó'n gceas naoidhean do neartuigh. Gan seanchas glé do ghlanadh, Gan éisteacht le healadhna, Tig do chleith luirg Uí Logha, Bheith gan uird gan almsona. Síon fuar i n-aimsir teasbaidh, Síon te an tráth nach uireasbaidh, An cheathair-dhúil do chlaon cruth Fá shaor treathan-mhúir Teamhrach.
Ní beag liom ar labhras air, Mo thuirse ní tuar sochair; Créad acht damhna daor-bhróin dam Labhra m'aon-ghlóir ar Eóghan? Fá'n mbúidh mbríoghmhar nár bhris móid Sírim féin thall an Tríonóid, Gan baoghal cabhra 'n-a chionn, Saoradh a anma ar ifreann. D' Ua Súilleabháin sírim sin Ó d'éag coill-bhile an choscair Suas go dtí tarmann Dé Rí dá n-adhrann gach éin-chré. An Ceangal. Créad óirne nach ró-luighfeadh tlacht channtlaimh Tré fhód-chuirm Eóghain i bhfeart Franncach Géag róis-bhile bhórd-oirir bhreac Leamhna Re ar chóra, mo dhóchas, i dteas Teamhrach.
3. - SIN ORCHRADH FÁ NDOIRTIM-SE MO DHÉARA DEARC. Ar bhás Shorcha Ní Mhic Dhomhnaill, bean Iarla Mhúscraidhe. Sin orchradh fá ndoirtim-se mo dhéara dearc, A Shorcha mar do dhorchuigh an t-éag do dhreach, Olcas cur do sholas-chuirp i gcré 'san bhfeart, 'San bhfothrach i ndoircheacht fá éanaibh scart.
A sholas-bhean ó Chéis Chorainn, fá féarmhar magh, Don bhorb-fhuil do chothuigh ar Mhaigh Léana an cath, d'fhuil Chormaic do shocruigh gach téarma i gceart, Is d'fhuil Eóchach mhir ó Dhún Mheannain na mbéimeann tailc. A ghorm-dhearcach fhorasta nár éaduigh fear, Is nár locartha i n-am toirbhirt na séad ar teacht, I gCorcaigh thoir go gcrochtar mé mar scéal le gad, Do chosmhalacht má follas dam ar thréad na mban. Dá molfainn thú níor dheacair dam muna bréag mo stair A thoirchis mná bhrollaigh ghil d'fhuil Aodhna is Airt Id shochraid ó's donas dam nár fhéadas teacht Coiscfead-sa dom gholartha is mo mhéala leat. Diarmaid Óg Ua Súilleabháin ag freagra: Ní hí Sorcha is orchradh dom dhéaraibh dearc, Ná d'oibrigh go brostuightheach mo léithe ag teacht, Ná shocruigh i lár m'ochta-sa gan traochadh cnead, Acht bás Donnchadha i gClár Chonaire dár géilleadh feacht. Lámh oscardha na dtroma-chreach dtréan tar lear, Ráib coscarthach na dtoirnn-bheart i dtraobhadh treas Fáidh foilitheach árd-fhorusta i gcéill 's i smacht, Dár chosmhalacht gan toirmeasc reacht Éibhir seal. Is iad folanna as ar folcadh an laoch nár lag, Fuil oirdhearc ó lochaibh Tuirc is Léin na bhflaith, Fuil chosantach Chinn Chorainn do réab gach cath Ar neart Lochlannach dhá bhfoscuirt soir a hÉirinn Airt.
Lá loma-chreach go follas na nGaedheal ar fad, Tásc Chormaic mhic Dhonncadha i gcré re n'ais, Ráib cosantach mar Chonall mac Néill na dtreas, d'fhág fothram a thoirbheart ag réicsibh seal. Níor thoirbhir do sholamantacht Bhénuis gean, Is níor bh'obair dó grod-imirt ná claon-rún as, Acht forustacht is foirtileacht le gléas chuir cath, 'S gur chum codalta ann do shocruigh an fhéile a nead. A Chormaic na gcoinghleac, mo mheala leat, A thoirchis mná bhrollaigh ghil ó Léithghlinn ait, Ní'l cosmhaileacht le comhthrom chirt dod ghaol i ngar, Ó obainneacht bháis Donnchadha tar éis mo chreach. Is ciodh follas duit Sorcha, a Shéafraidh, a theacht Don bhorb-fhuil do chothuigh i Maigh Léana an cath, Mo chrochadh-sa má's orchradh déara an bhean, Ná golartha i gClár Chonaire le taobh na bhflaith. Má ghoineadar turrainne tiugha tréan na dtreas, 'San ndoircheacht go folaightheach i Maigh Léana ar dteacht A sholas-chorp gan do chosaint air acht léine lag, Dom chosmhaileacht níor loirgthe dhuit é mar chath. 'S gur follas duit, a shoirbh-fhir, do réir gach stair, Re coinghleacaibh coithchionna na nGaedheal gur bh'feas, Fá'n dtoichim sin go toilteanach roimh rae na reacht, Oscaladh gan folaightheacht an lae 'san mhaigh.
4. - NÁR CUIRTHEAR A CHORP 'SAN UAIGH. Ar mhac Mhaghnuis Uí Chaoimh, 1669. Nár chuirthear a chorp 'san uaigh, Ná raibh gan muirear a mhaoin, Go raibh ar féasta i n-úir Gach dúil le nach céasta Ua Caoimh. Mór-éacht do moladh ar muir, Mar aon is toirléan ar dtairbh, Scéimh a cholna i gcaol-uaigh dhoirbh, Fá stuadh Droma taobh-fhuair Tairbh. Is é mac Maghnuis mo bhrón, Fá shioc na Samhna so ag suan, Tháinig do throm-gháir na scéal Gol-gháir na dtréan is na dtruagh. Naoi mbliadhna seascad sé chéad, Agus míle ó ghein Chríost gan choimh-mheasc, Cúis nach aoibh acht cás is cor, Ua Caoimh le bhás gur bascadh.
5. - GO MBADH SLÁN BEÁRRTHA DO BHRIAN. Do Bhrian Mac Suibhne. Go mbadh slán beárrtha do Bhrian, Slán dá ghnúis is dá ghlé-ghiall, I ngort is i bhfán gach fuinn, Slán dá chorp is da choluinn.
Slán dá cheann is dá chosa, Slán uaim don Bhrian bheárrtha-so, Ó bhí i ndán dá mhaise mhir, Dá shlán dá thaise dá sheasamh. Ní tnúth ní taoma tearca, Ní time ní tuath-bhearta, Rug fá'n am-so ar an dtír, Thug an smailc seo ar a smeigín. Acht leathtrom líonmhar an Ghoill Is buan-bhearta an bhaic geamoinn Gach trom ar shaoir-Bhrian do shlad Do lom caoin-ghiall ár gcarad. Clann Éibhir ba hoirdhearc daoibh Gus andiu nár thuill tathaoir, Éisteacht éagcóra an Ghoill ghlais, Eadtróra do Chloinn tSuibhne. Ní thug i dtír Eóghain uill, Ná i dtír chnuasabhuigh Chonaill, Toghadh críoch nár chaill ar mhóid, Do fríoth faill ar an bhfé[e]asóig. Nó i bhFánait an fhuinn uaine, Nó ins na Tuathaibh taoibh-uaine, Craobh aicme na gcleas nguile, I measc saor-mhaicne na Suibhne. Dar leat ní headtortha uile, Do lomradh Brian bárr-bhuidhe, Fóir-fine nár ghaibh ó Ghall, Fá mear cróilighe cathbharr.
A bhráthair bhunaidh, a Bhriain bhinn, An t-aon-Dia glórmhar guidhim, Ó tá gan cnámh geárrtha id ghar, Slán beárrtha fád bhearradh. An Ceangal. Slan beárrtha dom bhráthair, do Bhrian an ghrinn, Ráib ághmhar do shár-fhuil na Niall is Chuinn Lámh láidir is náireach i n-iathaibh Flainn, An cháin cráidhte-si thárla do ghiall do chinn. Gráin bháis ar an dtáiplis lér ciapadh sinn, An chráin áil do saghadhadh as cliabh an chrainn, Gláimh ghártha ba ghnáthach 'na diaidh ag druing 'Na lá smáil ar ar gceárdaibh go mbiaidh re ar linn. 6. - IS BRÓNACH MO THOCHT.
Spainéirín spéir-ghéiseach sportamhail, umorro, do bhí ag Séafradh agus thárla go raibh cruach arbhair dá hait-dhéanamh 'san iothlainn go ndeachaidh Druimín .i. an spainéar ag spaid-fhiadhach ar na luchaibh gur rith ceann díobh ar theicheamh ó'n gcat noch do bhí dá tafann i mbéal Druimín gur ro mhairbh do láthair í agus do chan Séafradh cluiche caointe mar leanas. Fonn: "Iom bó agus um bo."
Is brónach mo thocht, Go tóirseach dom shlad, Is crólag mo chorp, Is deorach mo dhearc. Iom bó agus um bó.
Dá scóllfainn mo chruit, Níor theoide mo chreat, Dá ndiúgfainn an sruth, Ní mhúchfainn mo thart. Iom bó agus um bó. Ní'l fuinneamh im chorp, Mo spiorad is lag, Dá n-ithfinn-si torc, Ní mhuirfinn cearc. Iom bó agus um bó. I sceolaibh na scol, I seodaibh na sean, I gceoltaibh na gcrot, Is ró-bheag mo ghean. Iom bó agus um bó. Is nimhneach mo ghol, Is coimhightheach mo chnead, Ag caoineadh mo chon, 'S is cíocrach mo scread. Iom bó agus um bó. Mo choileán dob óg, Is díombáidheach a chríoch, Cé'r ghiobanta a ghlór, Níor dhíoghbháil a ghníomh. Iom bó agus um bó. A bhrúchtach níor bhorb, A ghnúiseach níor gharbh, Níor thútach a thorainn, Níor ghúngach a dhealbh. Iom bó agus um bó.
Níor chúthail a cholg I súgradh na sealg, Ba lúthmhar a lorg, I lúbaibh na learg. Iom bó agus um bó. Mo choileán go baois, Mo ghreadán a bhás, Mé im dhonán dá éis, Ag gearán mo cháis. Iom bó agus um bó. Is suthrach go moch Do ghluaiseas amach, Go suathfadh a chorp Ní fhuarfadh a chab. Iom bó agus um bó. Dob uailleach a chor Ag scuabadh na scart, Ag ruagadh na lon As bhruachaibh a nead. Iom bó agus um bó. A thuitim le luich Is miste mo rath, Dob fhusaide a dhul Dá dtuitfeadh le cat. Iom bó agus um bó. Le buile go moch, Do ritheas amach, Gur lingeas an loch Níor fhilleas isteach. Iom bó agus um bó
I ndoiridhibh an Ruis Ná i gCuimín na gCros Ní imthighinn im chuis Gan Druimín lem chois. Iom bó agus um bó. I gCathair na gCloch Ós leacain na leacht, I bhfarradh mo chon Do chaithfinn mo sheal. Iom bó agus um bó. An tan luighinn ar mo leis, Do shíneadh lem ais, A dhlaoidhthe lem dheis Do chíorainn lem bhais. Iom bó agus um bó. Ba theasaidhe a throid, Gé'r thanaidhe a neart, Ba neamh-chlaoidhte a chreat I gcasaoid le cat. Iom bó agus um bó. Ní thaobhadh an torc, 'S do chéasadh an chearc, Ní phianadh an broc, Gé'r dhé[e]arach an chreach. Iom bó agus um bó. Ní chluichfeadh an míol, Do chlipfeadh an t-uan Do lingfeadh tar linn Ní thuitfeadh 'san luaith. Iom bó agus um bó.
Is ciach liom a chruit, A chiabh 'gus a fholt, Ag fiachaibh an chnuic Dhá stialladh le hairc. Iom bó agus um bó. Mo dheacamhail a dhearc Ag gealún 'na ghob, Is ceanamhail a chreat Ag eascuin i bport. Iom bó ag[h]us um bó. Is nimhneach an bhail Do-chím ar a chruit, Dá scríobadh 'san scairt Go cíocrach le circ. Iom bó agus um bó. A mhuineál ag muic Dá ghabháil 'na clab, A gheadán ní guirt Ag fiodán ar fasc. Iom bó agus um bó. Dob éadtrom a thruis 'Na bhéal ag an as, A mhéadal ag tuis Ag féachaint a bhlais. Iom bó agus um bó. Do giobadh go lom Le cuilibh a cheann, A ghoile 'sa dhrom Ag iolar i gcrann. Iom bó agus um bó.
Do shleamhnuigh an luch 'Na dhranndal isteach, Ba gheanncach a smulc I dteannta ag an gcat. Iom bó agus um bó. Mo lurán gur éag Níor speadán i spórt, Mo leannán, mo leán, Mo bheagán mo bhrón. Iom bó agus um bó. Cóimh-cheangal. Is brónach mise is ní hiongnadh mé tríd tréith, I ndeoidh mo churaidh ba mhinic i ngníomhthaibh éacht, Cé mór mo thuirse ní chuirim ar Dhruimín bréag, Is leor do a thubaist a thuitim le luichín léith. 7. - DO BHÍODH AG LAOGHAIRE 'SAN LIOS. Ag moladh an ghleanna. Do bhíodh ag Laoghaire 'san lios, Gur traochadh ar dtír tar n-ais, Súgh caora i gcuachaibh gan ghlas, Is luachair ghlas go caolaibh cos. Bun-ghlaise ghrianmhar an ghleanna, A beann aoibhinn is mian liom, Ionann scáil a ciabh 'sa com, Fonn fágnathach fiadh na mbeann. Bun-ghlaise ghrianmhar an ghleanna Ag gluaiseacht le sleasaibh na gcríoch gcor, Ba ghnáthach ann le ceóltaibh crot Feoil broc bradán is breac[h].
Lusradh cois-mhín na ngort Oscar, Oisín, agus Art Clanna Rónáin na lann nglas Im ghleann ar chonntraith ba chlos.
8. - NÍ FHULAINGID GOILL DÚINN. A.D. 1670. Ní fhulaingid Goill dúinn síothughadh i nÉirinn seal, Ar gcroidhthe gan ghimhliughadh is ísliughadh fé n-a smacht Ar gcumas do luigheadughadh is díthiughadh ar gcléir ar fad Is fuirm a mío-rún críochnughadh ar saoghail as. Níor shlighte dár n-ídiughadh líomhughadh bréagach beart Gan chumas an dlighidh riu i n-aonchúis d'éileamh cheart Tuigim gur síor-phudhar síothughadh saobh na bhfear Le a gcuirid i gcrích dúinn gníomhughadh léir a gceast. Dar dtubaist go laoitheamhail luighe dhúinn fé n-a smacht Mo thuirse is nach díon dúinn aon chúil d'Éirinn Airt, Ar gcumas is díoth-chumhang ní fiú sméar ar gceart Muna dtige gan maill chugainn míniughadh éigin as. Do chonnac na Gaoidhil úd síodamhail séadach seal Cumasach cíosamhail críochnamhail céadfadhach ceart, Soilbhir saoitheamhail míon-úr maordha mear Fileadhta fíoramhail fíontamhail féastach feacht. Cuirite caoineamhail draoitheamhuil daonnachtach Bioraite bíodhgamhail gaoiseamhail Gaedhealach glan, Go tuitim i bpríosún daoirseamhail lae na mbreath Nár thuilleadar mí-chlú is díothughadh déarach deart.
Goirim is guidhim súnn Críost chugaibh, caomh an flaith, d'fulaing a chaoin-chrú i gcraoibh chumhang chéasta theacht Go gcuireadh gan moill chugainn faoi chlú Gaedhil 'n-a gceart S go scriosaidh na Goill úd bhí riú i gcéin tar lear.
9. - IS BARRA AR AN GCLEAS. 'Nuair do chuir Rí Cormac II séala ar an roinnt ar thalamh na hÉireann do rinneadh fá Chromuell. Is barra ar an gcleas an reacht do theacht tar tuinn Ler leagadh fá shlait an treabh sin Éibhir Fhinn, Cama na mbeart do shlad go claon ar gcuing Lér gearradh amach ar gceart as Éirinn uill. Is deacair a mheas go raibh i gcéill don druing Ceapadh na n-acht do thabhairt d'aon mhac Goill, Go bhfeacadar breath na bhfear ar Shéarlas Rígh Gur scaradar neart gan cheart le chéile a bhoill. Do feannadh ar fad an feacht so i nÉirinn Gaoidhil Is deargthar feasta feart gach éin-fhir díobh, Nó glacaid a bpas gan stad is téid tar tuinn Is geallaid tar ais gan teacht go h-éag arís. Cé neartmhar an tan-so ar chlannaibh Gaedheal na Goill Is cé rathmhar a staid le seal i bpréamhaibh Floinn Do dheascaibh a gcast ní ghabhaid géilleadh an fhuinn, Fearfaidh 'na frasaibh fearg Dé 'na ndruim.
A Athair na bhfeart dod chead is déanta guidhe Ceartuigh na leas ar fad i nÉirinn Gaoidhil, Is leasuigh 'na gceart gan cheas gach aon don druing Is aisigh a reacht 's a rath don chléir i gcill. Uch is athchaoi is lag í an uaisle anois! Cufa as calaidhe ar chailidhibh tuarastail, Bodaigh fá hataidhe is aistidhe shuarach sin, Is lucht oirdhearc seaghaidhe i gcaipíbh cluasacha.
10. - RIAGHAIL CHUM BEAN DO THOGHADH. Ná toigh bean chos-fhada, chrúbach, cham-loirgneach, chnagartha, ná bean cheochánach, chaol-sliastach, chrannránach, chruinn-tseilteach, agus ná[a] toigh ar mhíol chuna ná[a] ar choinín coinnle ná an riabhadh raibheadach ná an mhaoidheamh carad, ná an bhlomannach bheag-mhaitheasach, ná toigh na dubh-mhná beaga cor-luirgneacha, árd-ghothacha, mion-uasacha, ná an bhuireóg mhion-uasach, ná an chaol chlannmhar ná an bhiadán bhaoth-leamh ná bean bholg-mhór gan geir, gan toircheas, gan tábhacht, ná[a] samhaisc gan soileadh gan suathadh ná fóisc gan fuinneadh gan fáscadh, ná tuirtín tuatach, trom-éiseach ná bean aga mbeith béal tana dubh-ghlas, srón fada crom agus cinnigh leathta sínte, agus fós ná toigh bean coise brice buidhe ná píse cáise clúmhuighe. Acht toigh bean bheas maighdeanamhail, maordha, mall-thriallach, géag-leabhair, tráthamhail, 'na mbeith craobhfholt claonach, cuach-bhuidhe, cam-fhleascach aice, agus éadan álainn ró-leathan is malaidhe cúmtha caola ciar-dhona agus gorm-dhearca geanamhla glasa, dá
ghruadhna geárrtha, griosamhla, agus srón cúmtha caol-phollach beag, béal bórd-dhearg, binn-bhriathrach baoth-fhoclach is dlúith-dhéad daith-gheal deagh-dhéanta is muineál maiseach mín-ghiasach is lí-ucht lile is cruaidh-chíocha cailcidhe is saor-chorp seang, usachtaidhe séimhe séimh-ghlaca slíme sleamhna is flaith-mhéaracha beaga boga bána beag-altacha is maol-ghlúine méithe 'gus colpaidhe díreacha dathamhla agus troightheacha tanaidhe taobh-shnuidhthe.
11. - Marbhnadh Sheafraidh Uí Dhonnchadha. Brúire. 'S a maireann don ghasradh gheanmnuigh ghléigil, d'ingheanaibh fionna na gcluthmhar-chas gcraobh-fholt, Tré bhás a n-athar go hanbhfann éignirt, Ba ró-thruagh an ealta-so ag freagra a chéile. A mháthair d'eascair d'fhuil Ghearaltach Ghréigeach, Is d'árd-fhuil athardha an Bharraigh ar thaobh di, Ba tharmann díona is coim don taobh-nocht, Cóimh-mheas re a chaoi aga chloinn níor bh'fhéidir. Ní fhúigeadh suan i suairceas séimh-chrot, I gcaidreamh carad ná i dteagascaibh cléire, Le dian-chumhadh Charrtanaigh chneasta gan chlaona, Iar scaradh dá conách conntach réi-si. An chathair 'nar thathaighsiod sealad go séanmhar, 'San chathair níor b'annamh lucht seanma is éigse, An chathair seo ó theastaigh fear taistil do chéimeann, Is cathair mar ainm tú ó's cathair gan Séafradh.
Níor mhalartuigh aigneadh a mhathas 's a mhéine 'San mbliadhain do luadhadh bheith cruaidh san taobh-so San lá do chuaidh 'san tuama i n-aonar d'imthigh re n'ais ar mhair don fhéile. Ní leanann uinn sic friotal níos faide réim-si, S gan leigheas mo creach ar neach dá n-éagfainn, Acht so amháin ní ráidhte saobha, Gur buaine a bhláth tré thrácht na saoghal. A Rí na n-aingeal do dhealbhuigh spéartha A mbí 'san talamh, reanna 'gus réalta Beir fuascaltha a anam ó pheannaid gan daor-bhruid Suas go flaitheas-bhrugh arraid-Mhic Dé ar Neimh. Is docharbhadh cléibh créacht-ghona is ciach san tír, Ó orchradh an té b'fhéile re cian san chríoch, Thug m'osna go tréith éignirt i mbliadhna arís Mar chloisim an scéal déidheadach so i n-iarthar Dhruing. Is loiscneach eimhid laochra 'gus triaithe tríot, Is borb-ghol baoth béithe na liach do líon, Is brostuightheach baoghal béime fá'n bhiadhtach mhaoidhim Is nár choigilteach spré acht daonnachtach diadha síor. Is follas gur éag saor-fhlaith na mbriathar mbinn Ba chosnamh don chléir d'éigsibh is d'iarrach slighe Fear foirtil gan fraoch tréan-ursa fial gan fuigheall 'S is loiscighthe an t-éacht Séafradh bheith siar 'n-a luighe.
An seachtmadh lá déag do mhí Abrán na bliadhna d'aois Chríost 1679, Dardaoin na Camaoineach i méon oidhche d'éag ceann oinigh agus eagnamha na Mumhan agus dom dhóigh na hÉireann go huile an tan so .i. Muiris mac Éamuinn mac Sheagháin, .i. fear Chaisleán an Lisín, iar mbuadh iongtha agus aithrighe agus a adhlacadh i gCill na Mullach i mainistir St. Frainsias an luan dá éis sin i n-aon-tuama re a mhnaoi mhaith pósta .i. Ónóiria inghean Chormaic mic Dhiarmada .i. Tighearna Mhuscroidhe agus í ag áitreabh an inid sin roimhe ó lá St. Frainsias ann san mbliadhain 1669.
Pudhar do leath go beacht i bféar-mhaigh Flainn, Do dhúblaigh tearcadh lachta is éisc an fhoinn, Lúth na lag is taisce an té gan tsuim, Is ughdar bleacht na mbeart gan bhréag do bhuing. Tonn gan taise i dtreasaibh é do thuill Clú nach casfaidh cealta an ché go críoch, Dúil do chleachtadh reacht Mhic Dé do dhíon Is nár dhiultaigh neach fá dhealbh d'fhéach um nídh. Cnú do ghart-fhuil Ghearailt Ghréaig an ghríobh 'S do chrú na gceap i gCaiseal d'fhéadfadh puinn, I gcúis a phearsan feasaidh féin an fíor Ar chumpa ceart gan easbaidh éid, gan fuigheall. Dob' iomdha rath an dreagain déid-ghil doinn 'S a chumha nach machtnamh dath go tréith i dtír. Ní chumhgaid scata leath á scéal do rí[i]omh Acht long go last don mhaith gur éag 'na dhíth. Ní'l dúl nár athruigh dath le téarma an tsaoi, An túr 's an sean an mear 's an méireach mín An cú 's an cat an t-each 's t-éigne ag caoi 'S ní'l fiú na gcearc nár airigh é 'na luighe. An com do chealg airm Déise an daill 'S an chrú do chneasaigh dearca an té-si arís Cúigear cneadh a chreata is chréachta a chinn Ag ionnladh a chean má d'fhan ar éileamh aoin.
Bíodh a fhiadhnaise id'dhiaidh i bhFlondras Ar Albanach dho tharcuisnigh Fodhla, Armstrong is é badh ainm dó i mórtas, Nídh nár theasarguin ainm dó ar t-fhórsa.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services