Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta Shéafraidh Uí Dhonnchadha an Ghleanna

Title
Dánta Shéafraidh Uí Dhonnchadha an Ghleanna
Author(s)
Ó Donnchadha, Séafradh,
Compiler/Editor
Ua Duinnín, Pádraig
Composition Date
1678
Publisher
(B.Á.C.: Conradh na Gaeilge, 1902)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



"A chléirigh thubaistigh, chuireas na daoine i mughadh,
Is do réab na dlighthe do rinneadh le Rígh na ndúl,
Cé gur bh'urramach sultmhar glan caoin tú ar dtúis,
Thug séideadh ó Lucifer teine dod chroidhe le drúis.


L. x


"Sin éad ag Muire leat - thugais le baois di cúis,
Is réidhis le subadaigh dhunadaigh bhuidhe gan chlú;
Ciodh éascaidh sibh-se 'sna dlighthibh do dhlighid na hÚird,
Is daor an t-ionad bhias agaibh dá íoc ag búir.



"Is baoghal gur duine re buile tar míltibh tú
'S is léir do'n iomad gur duine gan intleacht tú:
'San mhéid gur duine thú thuigeas gach pointe 'on chúis,
Is baoth an duine tú is Muire do dhíol ar drúis.



"Is baoghal go dtuitfir ó'n strubaid gan bhrígh 'san úir,
'S an tréin-fhear thiocfas id ionad beidh sí aige ar chúl;
Do chéile chumainn ó bhrisis a cuing ar dtúis,
Ná glaodhaigh ar Mhuire - ní'l duine dod bhuidhin 'san chúirt.



'San chúirt atáid grása nár smuain ar chiach
Ag Úr-Mhac cháidh Dáibhi nár dhiultaigh riamh
An chúil-fhionn bhreágh tháil ar a cíoch go dian;
Fúig an stráile mná soin, is fill ar Dhia.



"A Thaidhg, do b'feárr dhuit Cáit do léigean díot
Is do Mhaighdean mhánla a ghrádh riot féin arís,
Aghaidh do cháirde d'fhaghbháil go léir 's a nguidhe
Ná an t-oighre láidir lá na scéalta 'od dhíth.



"A Thaidhg, do b'fhearra dhuit teagasc is múnadh d'fhaghbháil,
Is labhairt go daingean ar mhaithibh Uí Shúilleabháin;
A chladhaire sagairt, ná seachnann siubhal ar mhnáibh,
I ndiaidh do theasbaidh is arm liom chugat an bás.


L. xi


"A Thaidhg, do b'fhearra dhuit satailt an-réidh ar thuaigh,
'S a dhian-fhios agat do leabaidh i n-ifreann fuar,
'Ná triall ar chaile bhig mhalluighthe bhuidhe gan stuaim,
Radharc na hEaglaise is mairg nár chuimhnigh buan."



"A Mhuircheartaigh, a mhinistéir, do bhí id bhráthair
Seal 'san Eaglais go fallsa,
Is nár fhuilingis bheith urramach do dhlighe an Phápa,
A mhadra naisc an teampuill,
Na mionna cirt ó bhrisis-se le díoth-chránais,
……………………………………………………………….
Ní miste liom an tubaist ort, a thíoránaigh,
I n-anacra fá ghlasaibh agus breall ort."


L. xii


B 1660flc 17L
U Pádraig Piarais



PÁDRAIG PIARAIS DO SHÉAFRADH UA DONNCHADHA AN GHLEANNA.



"Is cian cuirtear clú Shéafraidh,
Nár chuir suim i sáir-shéadaibh,
Tar bheannaibh bóchna na dtonn
I gcrannaibh cródha creat-lom.



"Mac Thaidg na ndearlaighthe ndaor
Bile buadha na mbreath neamh-chlaon,
Do líon an Bhanbha dá mbláth,
Gríobh fá calma i gcomhlann.



"Féinnidh, file, flaith, is fáidh,
Searc éigse, druadh, is deagh-dhámh,
Séafradh suairc nár éaraigh fear,
Fuair an fhéile mar oighreacht.



"Réilteann iuil na tíre thiar,
Grian solais Mumhan Maicniadh,
Fear crobhainge cáich do chosc,
Beo-bhainne Fáil dá furtacht.



"Crú corcra ar lí géise,
Go ndeilbh n-álainn ndéigh-bhéasaigh;
Cóir is comh-sholas scéimh dó
Fán gcéibh gcómh-sholais n-órdha.


L. xiii


"Aon-ghonta gacha cluiche,
Leomhan daingean deárscnaighthe
Fuair fír-eolas suadh na bhfionn -
Prímh-eolas druadh ar ndíoghluim.



"Tuigseach comhráidh críche Chuinn,
Is teangan chraoibhe is coinsinn;
Fear teangan 'san mBéarla mbinn,
Feasach léaghann sé 'san Laidin.



"File go milse meala,
Craobh chúmhrá ná himdhearga,
Fiaguidhe suairc saor-bhreathach sámh,
Caol cruaidh ciallaidhe an comhrádh.



"Scaoileadh sé scata laoidhthe
I gcomhthrom céill 's comh-ghaoise,
I bhfochair fear bhfeasach Dáibhi
I gceasaibh daora draoidheachta.



"Úghdar gach focail go bhfor,
Oide ógán na saor-scol,
Crann socair seoil a shleachta,
Doras eoil na hintleachta.



"Scríobhann sé samhail do chlódh,
Gan lot litire gan chlaochlódh,
Féinneadh friotail ghil nach clé,
Tréin-fhear tiomairce tréithe.



"Bíonn re bochtaibh 'na thaca,
Fear altruim na daonnachta,
Do phós an fhéile ris féin,
Córa caithréim 'na chaithréim.


L. xiv


"Seabhac saoithe sleachta Chuirc,
Dá n-árd-fhuil oirdheirc uasail,
Ónchú cabhartha na gcliar,
Mór-chlú aigeanta imchian."



"Múr Shéafraidh le céadaibh is gairid oidhche,
Múr tréitheach le téadaibh 'na gcantar laoidhthe,
Múr féastach is féile 'na gcaithtear fíonta,
Múr déarcach na héigse le taca dhíoladh.



"Dún cléire 'na léightear an Laidean líomhta,
Dún béithe le gréasaibh ar bhrataibh síoda,
Dún éascaidh fá shéadaibh do mhacaibh ríoghdha,
Dún gréithre nár téarnadh a dtabhairt d'aoidheadhaibh."



"Cúirt laochradh gan traochadh do bhagar bhíodhbha,
Cúirt éachtach an tréin-fhir nár choigil míona,
Cúirt bhéarsach 'na réim-rith ag freastal saoithe,
Cúir aereach an Gaedheal-bhrugh is fairsing aoibhinn."


L. 1



Dánta
Shéafraidh Uí Dhonnchadha
An Ghleanna.
1. - D'ÉAG AN FHÉILE I N-ÉINFHEACHT MHUIRIS.



B 1818-22ls 19T
U Anaithnid



Ar bhás Mhuiris mac Éamuinn Mic Gearailt, Chaisleáin an Lisín
i gconntae Chorcaighe, noch d'éag an seachtmhadh lá déag d'Abrán
1679, agus do hadhnadh i gCill na Mullach.



B 1679 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair



D'éag an fhéile i n-éinfheacht Mhuiris,
D'éag an uaisle ghluar gan ghliogar,
Déag an anáir cheannárd churadh,
'S d'éag an fhoighde doimhin gan duibhe.



D'éag an umhlacht ionnraic, iochtach,
'S an t-eólas gan cheo, gan chrithir,
An diadhacht nár fiartha fionnadh,
An rún fíre, díre, dile.



D'éag an bheódhacht leor gan leimhe,
'San cheannsacht sheanda gan tuisle,
D'éag an bhúidhe ciuin gan chuilg,
'San tsaoirse nár frith gur filleadh.



D'éag an eadar-ghuidhe gheanmnaidhe mhilis
'S an mheasardhacht nár meascadh le miodhgaibh
D'éag an chúmhracht chúmtha chluthmhar
Is d'éag an náire ar lár nár fionnadh.


L. 2


D'éag an daonnacht gan bhaos gan mhine,
Gan fuaim, gan uabhar, gan iomaidh;
Ó gach neach gan ar, gan ioradh,
D'éag a stór a dtreoir 'sa dturadh.



D'éag uaine fuadar is fuinneamh,
D'éag déarcach, tréadhnasach, tuigseach,
D'éag Muimhneach míleadhta, milis,
Nár smuain feall ná fallsacht cumainn.



D'éag éadach is béile na druinge
Dár chinn Dia 'san mbliadhain thubaist,
D'éag deagh-chruth le haghaidh an uile,
Is gníomh dá réir nó réid ba huille.



D'éag an cárda cráibhtheach Conaill,
'San compás nár chursáil tar chiumhsaibh,
An seol le stormaibh nár struiseadh,
'San stiúir nár túrnadh le tonnaibh.



D'éag cealltar gan chall, gtan chruime,
Gan ghual, gan ghruamacht, gan ghoinne,
D'éag, an lá le bás do biorradh,
Breitheamh cúrsa ciúil is cuilg.



D'éag stairidheacht, marcuidheacht is muirinn,
D'éag laochas, maordacht is miotal,
D'éag foghluim, modhamhaileacht is moille,
I bpearsain shéimh an tréin gan tuilg.



D'éag fiadhach, iascach is imirt,
D'éag áilneacht, áthas is urraim,
D'éag caoimhe, míne is mire,
I n-éag an tia bhiathadh iolair.


L. 3


D'éag, monuar, an fuainne d'fulaing
Antrom cháich 's a gcás go minic,
D'éag an té 's a chéile cubhaidh,
Re linn ar n-óg nach dóigh go tiocfaidh.



Créacht mo chléibh-si an t-éag do sheinneas,
Éag lé'r buaidhreadh cuan gach cille,
Éag na bhfann do scannradh scriosta,
An t-éag 'n-ar éag gach gné don ghile.



Is moigheanar finn-fheinidh fiuchair,
Nó rí 's a chríocha gan chiumhsa,
Nó ceann sluagh re cuaird na cruinne,
I rian an ghríbh-fhir ghroidhe do rithfeadh.



Ní cros-róid callóide is coire,
Ná casán crostailte cuilinn,
Ná céime do bhéimfeadh scriosta,
D'aimsigh riamh acht rian gan ride.



An gaiscidheach gan tathaoir, gan timhe,
Lé'r claoidheadh na biodhbha bunaidh,
d'aimhdheóin tíre, taoide is tinne,
Rug a b'ann 'sa bheann gan briseadh.



Rámhaidhe nár léig táclaidhe a luinge,
Ná a chrainn le nídh ar bith do mhilleadh,
Is í do ghnáth re sál ag siosmadh
Thrí bliadhna déag is trí fichid.



Ní fhaghaim aon tráth go ndeárna Pilip,
Ná Alastrom d'argain na hoirthir,
Ná Seóirse lé'r tóirneadh Turcaigh,
Cunntas ba fiú chur i rulla.


L. 4


Dá mba í an chródhacht chóir gan chumasc,
Do cuirfidhe le filidhibh i gcruinic,
d'fhéachain ar éirghidh le Muiris,
Do léig puimp is claoine is claimhe.



Do rinn éacht nár fhéadsad Oscar,
Is nach ráinig a lán do righthibh,
Do mhúch diabhal gliathach gusmhar,
Do mhúch feoil is ceo na cruinne.



Do mhúch sannt is faill na spioraide,
Bheas ag lot an bhoicht 'san bhuirb,
Do mhúch éitheach, craos is cuthach,
Do chuir drúis is tnúth dá mbunaibh.



Neamh-fhonn riartha an tia do chruthuigh
É fá mar do naisc a ngiomhal,
Rún méirleachais níor léig 'na ghoire,
Ná a haithearrach dár dealbhadh d'ulcaibh.



An té do bhrúghaidh mar súd na coiligh
Le n-a dtolltar codhnaigh gach cinidh,
Is nár léig leo dá chóir má ruibe,
Ris ní leor dar ndóigh a ndubhart.



Um an Ghréig sin d'éibil idir,
Ní dhéan plás ná ráfla sibh-se,
Acht innsint go cinnte cumeir,
Gur bh'é féin gan bhéim do chonnac.



Is ná raibh saor-chrú i gcraobh-fhonn fuinneadh,
Ná ráinig a bhárr mar bhiseach,
Mac an laoich ó Aoibh Mac Caille,
Do dháil i gcluain mar ghluasaid tonna.


L. 5


Mac Éamuinn aon-ursa is glaine
Thárla rompa ó thúis go tuitim,
Mac máthar dá ndáilid fileadha
Mír ós mnáibh a dtárthuigh isi.



Mac ná héaradh aon um ithe,
Is ná hiarradh iallspuir ná hoireadh,
Mac nár thuill a lí do luisneadh,
A los grádha ná tlás re teinidh.



Mac nár mheabhruigh meang ná mioscais,
An mac gan ghéim do néith um ithe,
Mac ó'n ród cé'r mhór a mhuirear,
Riamh nár brathadh i neamh-chulaith oinigh.



Mac a mhaoin 'sa dhíol gan fuireach,
Dár le cách nár bh'áidhbhseach gustal,
Mac 'sa lón nár leon a dtugadh,
Is é gach tráth ag tál gan tuirse.



Mac ria mbás do b'fheáirrde fine,
Mac 'sa ghlór go deo nach duibhthe,
Mac do fágaibh bláth is duille,
d'fheartaibh Dé ná tréigfeadh a shlighthe.



Síol Mhonacha conchlann a chlainne,
Síol dúthracht úrnaighthe is irse,
Síol suaithnidh dár tuaradh ithir,
As nach féidir déas gan eithne.



Cé tadhlaiceadh íoc i n'-ionad
Bhus tóirsigh do dheoin Mhic Muire,
Gan diachar 'na dhiaidh i gcroidhthibh,
Cibé fhiadfas ní hiad sain mise.


L. 6


Ní duais dá bhfuaras ó'n mbile,
Ná nídh ar a sílfinn go silfinn,
Damhna mo chantlaimh don chur-so,
Acht ró ghrádh dá mhórdháil gan mhustar.



Mo chaoi-se ní caoineadh tirim,
Acht caoi le a léigim déara guirte,
Adchaoi gan cleasuigheacht a thinneas,
Ná feodhfaidh go fóill im ghoile.



Ní maoirseacht mhínligh ná muinge,
Sioc-bháisteacht caisleán ná coille,
Dóirseóirecht sciobóil ná iothlann,
Chaoinim dá ríribh acht Muiris.



Ní chaoinim stíobhardacht a urradh,
Seiléir ná coiléir ná cufa,
Seomra ná cófra ná cupaird,
Acht m'fhad-chumhadh mo dhealughadh re duine.



Is annmhucht na bhfear úd i bhfoigsi,
Ó chríochnuigheadh na [bh]fíor-laoich ba shine,
I ndealbhadh 's i n-aindeis nár hoileadh,
Is tríotha damhsa is córa cumhadh.



Creach gach úird i n-úir don dul-so,
Téid ó ló mar lón do chrumhaibh,
Creach na n-éigeas is na n-oideadh,
Creach na bhféadhbh is cáisc a gclainne.



Cé uathmhar fuagraid na guil-si,
Lóchrann na ndeóradh is a n-ursa,
Ní chaoinfead choidhche mar thuilleas,
An caith-niadh 'san chaith-chliath nár druideadh.


L. 7


Och! mo choím-se a bhaill 'sa bhruinne,
'S a rosc nár thug toil do chiontaibh,
A mhéinn re héigean a bhfionnfainn,
I gcomhrainn chíor-dhubh chaoil 'na chime.



M'uaigneas an fhuaim-sin ad-chluinim,
Timcheall an tréin-fhir gan tuire,
Fuaim sean-dán is cannrán cruite,
Fuaim fóirne is feolmaigh is fithcheall.



Fuaim fíor i gcaoineadh ná cuirim,
Fuaim a bhéil gan bhréig gan mhionnadh,
Fuaim a ghadhar ag saigheadadh sionnach,
Is fuaim na gcliar ag triall ar a iostadh.



Fuaim rom chéas na héighmhe uime,
Fuaim na n-each gan beart chum luighe,
Fuaim do fhág ná baithfheadh briotais,
Is fuaim a chlú 'sa chúis gan chubhar.



Mo léan-sa an t-éadan gan teimheal
'San croidhe nár chuimhnigh ar chuilibh
An dóid nár fhóbair bheith liosta,
'San troigh shlím nár ling ar laige.



Is truagh liom a chuallacht ag uchbhadh,
'Sa chonnracht gan chumhdacht giolla,
A chorp seang gan cham gan chaise,
I bhfuar-chuilt fá ualach lice.



Taobh re taobh 's an déid-gheal drithleach,
Thug a hóigheacht dó is do chongaibh,
Líon uaidhe ní chuala im ghoire,
Is lia do dháil is d'fhág a gcisde.


L. 8


Ós éigean gach cré dár cumadh,
d'fhulaing bás a bearnadh ubhaill,
Cuirim féin, is léightear libh-se,
Beannacht leó go beo-bhrugh Neimhe.



Ní Saesar ná Séarlas Cuintus
Ní Aichill ná Agamemnon,
Ní Croesus ó'n saoghal d'imthigh,
Acht lámh-fhial mar mhac Láimh-fhiach lingeas.



Ní Dáibhi cé tá a dhligheadh gan chionas,
Ná Pól lér seoladh na ginte,
Ná Mac Ailphe d'fhaisnéis iomad,
A chnú chomhthrom acht Eoin maith bruinne.



Bun a phréimh ní mé ná fidir,
Bíodh ná fuabraim suas a shloinne,
Taobhaim a ghaolta re nuimhir,
Ris a ndáimh is áirde gliocas.



Is iomdha saoi líomtha re tuigse
Is fiarlaoidheach fial-scaoileas tuile,
Áidhbhéiseach le ráiméis thiocfas,
Ag éileamh a léigeadh gan tuireamh.



Scuirfeadh féin, ní fhéadaim tuilleadh,
Bíodh gur gann ar labhras roimhe,
Ó táid siud ag súil re seinm,
Fágbhaim fútha an chú 's an cluiche.



Dar an Rí do rinn a rugadh,
Ní fheaca gníomhartha dísle duine,
Ní ba fheárr ó lá mo thuismidh
Ioná ar éag 'n-a éag dar linn-ne.


L. 9


Sáth prionnsa d'iomchar is d'fhuirm,
d'inscne d'inntleacht is d'fhuinneamh,
d'arrachtas caile agus crotha,
Rug an t-éag i n-éinfheacht Mhuiris.



Coimh-cheangal.



Beidh éigse um an éag so go callóideach,
Dá bhféachain cia is léire aca d'inneósadh,
Cia an t-aon-urradh so caomhanta cinneóilsi
Tré léigtear na déara go dobrónach.



Adéar-sa do réidhteach a gcomórtais,
Gur éibil an fhéile 's an onóir ghlan,
An péarla ba chéile do lucht cró an Lis
I ngréag-Mhuiris éadocht mac Onóirín.



Dom réir-si dá éis is glic dóibh scur,
'San méid-sin mar éag-script gur bith leor d'fhios,
I réim ghil an tréin-fhir gan tuileóga,
Do naomhadh nó a ndéirim gur cupóga.



Féinnidh a phréamh-fhuil gan fuinneóga,
Nár léanadh a mhéanach le meangógaibh,
Tréan-rug mar dhréimre go dubh-chomhrainn
Bheith caoim-inneall aontadhach onórach.



Rug Dé-shearc nár créachtadh le cros-bhóithribh,
Is féile gan féire, gan fo-ghlóire,
Daonnacht nár daoladh le droich-sheólta,
Is déata d'fhear séise ba so-shómplach.



Réartha na cléire 'sna cruith-fhóirne,
Is déarcach gan déistin le dearólaibh,
Éadach is béile na sruith-gheocach,
Is aomhthacht na féinne gan furóga.


L. 10


Cá ngéabhaid ag éileamh na siobóide
Na béithe re a scéaradh a bhfir phósta
'S a réilteann do réidhfeadh a mbarróga,
Mar fhéasta re péistibh na pullóige.



Méala a mhéala do mhion-órdaibh,
Is do thréith-fhuinn cheasta gan ciollóga,
Éagna 'sa chéile nach ineolas,
Ó'n saoghal do béaradh a bheanóga.



Re tréithibh an té sin nach ionchomhraic
Céimionas aon duine is fíor damh-sa,
Níor léir dam 'n-a éagmais don onóir cuid,
Is ní ghéillfeadh i ngné ar bith do dhroch-nósaibh.



Ní fhéadaim-se, is féachaidh a dteagmhóchadh libh,
Dréachtach adéaradh níos mó ris,
Ná léir-chreach na ndéibhleann gur tionóladh,
I n-éidteacht mhic Éamainn is Onóirín.



Onóir umhal is oineach i gcré do chuaidh,
Is cuspóir curata d'fhulaing an tréan 'san truagh,
Is ucht-bhrón d'iomarca, tinneas ag cléir 's ag tuath,
An crithleon chinidh rug Muiris mac Éamuinn uainn.



B 1670c 17D
U Séafradh Ó Donnchadha



2. - CRÉAD Í AN ANBHFAINN-SE AR ÉIRINN?



Ar bhás Uí Shúilleabháin.



Créad í an anbhfainn-se ar Éirinn?
Nó créad damhna a daoir-ghéibhinn?
Inis chrann-ruadh na séad sean,
Créad an t-amhluadh fá'r hairgeadh?


L. 11


Créad dá dtáinig ceann i gceann,
Clódh sonais Rátha Raoileann?
Fairche taoibh-réidh na ngéag nglan,
Créad an t-aoin-bhéim fa'r heascradh?



Nó créad fá'r traochadh do thuirnn,
Aoibhneas mór Muighe Mumhan?
Gorm-fhonn braon-fhuar Banbha breagh,
Nó an d'aon-uaim tarla a tuiseal?



Bás Uí Shúilleabháin Siuire,
Fáth íslighthe ár n-áird-stiuire,
Rí Cliach is Cláire rom chráidh,
Dár dtáire an triath do theasdáil.



D'éag ua oirdhearc Aodha Dhuibh,
Eoghan mac Domhnaill duasaigh,
Tig do luath-bhás an tuir theinn,
Gur chuir uathbhás ar Éirinn.



Ní hiongna a héag an fhéinnidh,
Teann-chuir gliadh síl sein-Éibhir,
Fonn finn-gheal tonn-bhán an trír,
Lom-lán d'imneadh is d'eisidh.



Ní hiongna niamh gach neamhaigh,
Do dhruim dula Uí Shúilleabháin,
'S gan gnaoi ar a séan-tuathaibh sin,
Ag mnaoi thréan-Tuathail Teachtmhair.



Neimh-iongnadh fá dhíombuaidh dó,
d'aithle mhillte I Mhaolughra,
Clár aimhréidh colgach na gcon,
Forbach claidh-réidh gan chomhthrom.


L. 12


Sliocht duasach an Duinn chreachaigh,
Síol Fiacha mhir mhuilleathain,
Ní rathmhar ón daoirse an drong,
Fán gcraoibh-se i gcath Muighe Cualann.



Beag do shíl triath na dtrealamh,
Rí crot Finghinn fuilt-leabhair,
A oighre i ndí-mhiadh do dhul,
Rí-niadh fá'r dhoilghe déanamh.



Níor smuaineadar smóil na gcat,
Seachnasach mear is Maonach,
Dá rí Mumhan fá teann treoir
Dubhadh do cheann a gcineoil.



Féidhlim mac Criomhthain na gcreach,
Rí clúmhail meanma Muimhneach,
Níor shíl an tréan i dTigh Duinn,
Nár dligh a fhréamh i bhFreamhainn.



Eochaidh nár éimigh duine,
Domhnall mór mionn Maonmhuighe,
Fiann chrainn-mhear nár chinnte um chródh,
Linnte a n-'airghean dob' iongnadh.



Ní dearmad dam go buadhach,
Túir na mbratach mbeann-bhuadhach,
Dá éachtchaoi gach puirt go bproinn,
Do chréacht-chraoibh Chuirc is Chriomhthainn.



Níor shíl Damhruidh na dtreas dte,
Go mbadh í úir na Frainnce,
Dá fheol-fhuil amhra ba dhíon,
Treóruigh calma na gcaith-ghníomh.


L. 13


Níor síleadh leo re a linn sin,
Scrios a bpréamh do chlár Chaisil,
Lonn-chrainn nár teilgeadh le tóir,
Conn-chlainn na meirgeadh maoth-shróil.



Níor síleadh dúinn-ne seal éigin,
A theacht do theidhm móir-éigin,
Leomhan do nár thearc ar dtoil,
Eoghan i bhfeart i bhFranncaibh.



Níor shíleamar fós, feacht n-aill,
Ionnarbadh oighre Dhomhnaill
Theinn i gcreacht-lotaibh rom chuir,
A heing bhreac-chnocaigh bhuadhaigh.



Dursan liom an seang síthe,
I gcrioslach na coigcríche,
Is gan trom-gháir ag béine ban,
I gcomhdháil chéile Chruachan.



Dá mbadh thiar ag Leamhain Lir
d'éagfadh ceann chinéil Fhinnghin,
Adéarfaoi nár bh'iongnadh ann,
Déar-chaoi fionn-bhan na habhann.



Ba dheacair coimh-mheas cumhadh
Re hingheana Iar-mhumhan,
Dá gciach is ceann-truime mé
Fa thriath sean-tuinne Tóime.



Fá'n dtásc dtinn nach tásc mío-náir
Tar éis éaga Uí Shúilliobháin,
Ní slán aoinneach ná ullamh
I gclár daoineach Deas-mhumhan.


L. 14


Thug bás onchon Locha Léin
Ar shíol Chuirc anba an oil-bhéim
Fóir gach riain um Luimneach Luirc
Ciaidhneach cuimhneach a chómh-ghuirt.



Tháinig ní sochar sáthach
Dá éag obann antráthach
Gach báin-fhinnteach cloch gur chreach
Um Loch láin-linnteach Luigheach.



Tig do bhás an mhín-mheir-si
Clódh a ghean 'san aimsir-seo,
Ag neach an galar nár ghoin
Do mheath toradh na talmhain.



Ba ní bliochtmhar a mbronnadh
Ní héadálach iothlanna,
d'aithle an nimhnidh ar cheana
Na hinnbhir gan éigneacha.



Gan bhéith ag bruithneadh mheala
I nglotaibh an ghoirm-fheadha,
Gan maoidheamh ar mheas amuigh
Ó'n gceas naoidhean do neartuigh.



Gan seanchas glé do ghlanadh,
Gan éisteacht le healadhna,
Tig do chleith luirg Uí Logha,
Bheith gan uird gan almsona.



Síon fuar i n-aimsir teasbaidh,
Síon te an tráth nach uireasbaidh,
An cheathair-dhúil do chlaon cruth
Fá shaor treathan-mhúir Teamhrach.


L. 15


Ní beag liom ar labhras air,
Mo thuirse ní tuar sochair;
Créad acht damhna daor-bhróin dam
Labhra m'aon-ghlóir ar Eóghan?



Fá'n mbúidh mbríoghmhar nár bhris móid
Sírim féin thall an Tríonóid,
Gan baoghal cabhra 'n-a chionn,
Saoradh a anma ar ifreann.



D' Ua Súilleabháin sírim sin
Ó d'éag coill-bhile an choscair
Suas go dtí tarmann Dé
Rí dá n-adhrann gach éin-chré.



An Ceangal.



Créad óirne nach ró-luighfeadh tlacht channtlaimh
Tré fhód-chuirm Eóghain i bhfeart Franncach
Géag róis-bhile bhórd-oirir bhreac Leamhna
Re ar chóra, mo dhóchas, i dteas Teamhrach.



B 1685obc 17D
3. - SIN ORCHRADH FÁ NDOIRTIM-SE MO DHÉARA DEARC.



Ar bhás Shorcha Ní Mhic Dhomhnaill, bean Iarla Mhúscraidhe.



Sin orchradh fá ndoirtim-se mo dhéara dearc,
A Shorcha mar do dhorchuigh an t-éag do dhreach,
Olcas cur do sholas-chuirp i gcré 'san bhfeart,
'San bhfothrach i ndoircheacht fá éanaibh scart.


L. 16


A sholas-bhean ó Chéis Chorainn, fá féarmhar magh,
Don bhorb-fhuil do chothuigh ar Mhaigh Léana an cath,
d'fhuil Chormaic do shocruigh gach téarma i gceart,
Is d'fhuil Eóchach mhir ó Dhún Mheannain na mbéimeann tailc.



A ghorm-dhearcach fhorasta nár éaduigh fear,
Is nár locartha i n-am toirbhirt na séad ar teacht,
I gCorcaigh thoir go gcrochtar mé mar scéal le gad,
Do chosmhalacht má follas dam ar thréad na mban.



Dá molfainn thú níor dheacair dam muna bréag mo stair
A thoirchis mná bhrollaigh ghil d'fhuil Aodhna is Airt
Id shochraid ó's donas dam nár fhéadas teacht
Coiscfead-sa dom gholartha is mo mhéala leat.



Diarmaid Óg Ua Súilleabháin ag freagra:



Ní hí Sorcha is orchradh dom dhéaraibh dearc,
Ná d'oibrigh go brostuightheach mo léithe ag teacht,
Ná shocruigh i lár m'ochta-sa gan traochadh cnead,
Acht bás Donnchadha i gClár Chonaire dár géilleadh feacht.



Lámh oscardha na dtroma-chreach dtréan tar lear,
Ráib coscarthach na dtoirnn-bheart i dtraobhadh treas
Fáidh foilitheach árd-fhorusta i gcéill 's i smacht,
Dár chosmhalacht gan toirmeasc reacht Éibhir seal.



Is iad folanna as ar folcadh an laoch nár lag,
Fuil oirdhearc ó lochaibh Tuirc is Léin na bhflaith,
Fuil chosantach Chinn Chorainn do réab gach cath
Ar neart Lochlannach dhá bhfoscuirt soir a hÉirinn Airt.


L. 17


Lá loma-chreach go follas na nGaedheal ar fad,
Tásc Chormaic mhic Dhonncadha i gcré re n'ais,
Ráib cosantach mar Chonall mac Néill na dtreas,
d'fhág fothram a thoirbheart ag réicsibh seal.



Níor thoirbhir do sholamantacht Bhénuis gean,
Is níor bh'obair dó grod-imirt ná claon-rún as,
Acht forustacht is foirtileacht le gléas chuir cath,
'S gur chum codalta ann do shocruigh an fhéile a nead.



A Chormaic na gcoinghleac, mo mheala leat,
A thoirchis mná bhrollaigh ghil ó Léithghlinn ait,
Ní'l cosmhaileacht le comhthrom chirt dod ghaol i ngar,
Ó obainneacht bháis Donnchadha tar éis mo chreach.



Is ciodh follas duit Sorcha, a Shéafraidh, a theacht
Don bhorb-fhuil do chothuigh i Maigh Léana an cath,
Mo chrochadh-sa má's orchradh déara an bhean,
Ná golartha i gClár Chonaire le taobh na bhflaith.



Má ghoineadar turrainne tiugha tréan na dtreas,
'San ndoircheacht go folaightheach i Maigh Léana ar dteacht
A sholas-chorp gan do chosaint air acht léine lag,
Dom chosmhaileacht níor loirgthe dhuit é mar chath.



'S gur follas duit, a shoirbh-fhir, do réir gach stair,
Re coinghleacaibh coithchionna na nGaedheal gur bh'feas,
Fá'n dtoichim sin go toilteanach roimh rae na reacht,
Oscaladh gan folaightheacht an lae 'san mhaigh.


L. 18


B 1669 17D
4. - NÁR CUIRTHEAR A CHORP 'SAN UAIGH.



Ar mhac Mhaghnuis Uí Chaoimh, 1669.



Nár chuirthear a chorp 'san uaigh,
Ná raibh gan muirear a mhaoin,
Go raibh ar féasta i n-úir
Gach dúil le nach céasta Ua Caoimh.



Mór-éacht do moladh ar muir,
Mar aon is toirléan ar dtairbh,
Scéimh a cholna i gcaol-uaigh dhoirbh,
Fá stuadh Droma taobh-fhuair Tairbh.



Is é mac Maghnuis mo bhrón,
Fá shioc na Samhna so ag suan,
Tháinig do throm-gháir na scéal
Gol-gháir na dtréan is na dtruagh.



Naoi mbliadhna seascad sé chéad,
Agus míle ó ghein Chríost gan choimh-mheasc,
Cúis nach aoibh acht cás is cor,
Ua Caoimh le bhás gur bascadh.



B 1685obc 17D



5. - GO MBADH SLÁN BEÁRRTHA DO BHRIAN.



Do Bhrian Mac Suibhne.



Go mbadh slán beárrtha do Bhrian,
Slán dá ghnúis is dá ghlé-ghiall,
I ngort is i bhfán gach fuinn,
Slán dá chorp is da choluinn.


L. 19


Slán dá cheann is dá chosa,
Slán uaim don Bhrian bheárrtha-so,
Ó bhí i ndán dá mhaise mhir,
Dá shlán dá thaise dá sheasamh.



Ní tnúth ní taoma tearca,
Ní time ní tuath-bhearta,
Rug fá'n am-so ar an dtír,
Thug an smailc seo ar a smeigín.



Acht leathtrom líonmhar an Ghoill
Is buan-bhearta an bhaic geamoinn
Gach trom ar shaoir-Bhrian do shlad
Do lom caoin-ghiall ár gcarad.



Clann Éibhir ba hoirdhearc daoibh
Gus andiu nár thuill tathaoir,
Éisteacht éagcóra an Ghoill ghlais,
Eadtróra do Chloinn tSuibhne.



Ní thug i dtír Eóghain uill,
Ná i dtír chnuasabhuigh Chonaill,
Toghadh críoch nár chaill ar mhóid,
Do fríoth faill ar an bhféeasóig.



Nó i bhFánait an fhuinn uaine,
Nó ins na Tuathaibh taoibh-uaine,
Craobh aicme na gcleas nguile,
I measc saor-mhaicne na Suibhne.



Dar leat ní headtortha uile,
Do lomradh Brian bárr-bhuidhe,
Fóir-fine nár ghaibh ó Ghall,
Fá mear cróilighe cathbharr.


L. 20


A bhráthair bhunaidh, a Bhriain bhinn,
An t-aon-Dia glórmhar guidhim,
Ó tá gan cnámh geárrtha id ghar,
Slán beárrtha fád bhearradh.



An Ceangal.



Slan beárrtha dom bhráthair, do Bhrian an ghrinn,
Ráib ághmhar do shár-fhuil na Niall is Chuinn
Lámh láidir is náireach i n-iathaibh Flainn,
An cháin cráidhte-si thárla do ghiall do chinn.



Gráin bháis ar an dtáiplis lér ciapadh sinn,
An chráin áil do saghadhadh as cliabh an chrainn,
Gláimh ghártha ba ghnáthach 'na diaidh ag druing
'Na lá smáil ar ar gceárdaibh go mbiaidh re ar linn.



6. - IS BRÓNACH MO THOCHT.



B 1795-97ls 18D
U Anaithnid

Spainéirín spéir-ghéiseach sportamhail, umorro, do
bhí ag Séafradh agus thárla go raibh cruach arbhair dá
hait-dhéanamh 'san iothlainn go ndeachaidh Druimín .i.
an spainéar ag spaid-fhiadhach ar na luchaibh gur rith
ceann díobh ar theicheamh ó'n gcat noch do bhí dá tafann
i mbéal Druimín gur ro mhairbh do láthair í agus do
chan Séafradh cluiche caointe mar leanas.



Fonn: "Iom bó agus um bo."



B 1685obc 17D
U Séafradh Ó Donnchadha



Is brónach mo thocht,
Go tóirseach dom shlad,
Is crólag mo chorp,
Is deorach mo dhearc.
Iom bó agus um bó.


L. 21


Dá scóllfainn mo chruit,
Níor theoide mo chreat,
Dá ndiúgfainn an sruth,
Ní mhúchfainn mo thart.
Iom bó agus um bó.



Ní'l fuinneamh im chorp,
Mo spiorad is lag,
Dá n-ithfinn-si torc,
Ní mhuirfinn cearc.
Iom bó agus um bó.



I sceolaibh na scol,
I seodaibh na sean,
I gceoltaibh na gcrot,
Is ró-bheag mo ghean.
Iom bó agus um bó.



Is nimhneach mo ghol,
Is coimhightheach mo chnead,
Ag caoineadh mo chon,
'S is cíocrach mo scread.
Iom bó agus um bó.



Mo choileán dob óg,
Is díombáidheach a chríoch,
Cé'r ghiobanta a ghlór,
Níor dhíoghbháil a ghníomh.
Iom bó agus um bó.



A bhrúchtach níor bhorb,
A ghnúiseach níor gharbh,
Níor thútach a thorainn,
Níor ghúngach a dhealbh.
Iom bó agus um bó.


L. 22


Níor chúthail a cholg
I súgradh na sealg,
Ba lúthmhar a lorg,
I lúbaibh na learg.
Iom bó agus um bó.



Mo choileán go baois,
Mo ghreadán a bhás,
Mé im dhonán dá éis,
Ag gearán mo cháis.
Iom bó agus um bó.



Is suthrach go moch
Do ghluaiseas amach,
Go suathfadh a chorp
Ní fhuarfadh a chab.
Iom bó agus um bó.



Dob uailleach a chor
Ag scuabadh na scart,
Ag ruagadh na lon
As bhruachaibh a nead.
Iom bó agus um bó.



A thuitim le luich
Is miste mo rath,
Dob fhusaide a dhul
Dá dtuitfeadh le cat.
Iom bó agus um bó.



Le buile go moch,
Do ritheas amach,
Gur lingeas an loch
Níor fhilleas isteach.
Iom bó agus um bó


L. 23


I ndoiridhibh an Ruis
Ná i gCuimín na gCros
Ní imthighinn im chuis
Gan Druimín lem chois.
Iom bó agus um bó.



I gCathair na gCloch
Ós leacain na leacht,
I bhfarradh mo chon
Do chaithfinn mo sheal.
Iom bó agus um bó.



An tan luighinn ar mo leis,
Do shíneadh lem ais,
A dhlaoidhthe lem dheis
Do chíorainn lem bhais.
Iom bó agus um bó.



Ba theasaidhe a throid,
Gé'r thanaidhe a neart,
Ba neamh-chlaoidhte a chreat
I gcasaoid le cat.
Iom bó agus um bó.



Ní thaobhadh an torc,
'S do chéasadh an chearc,
Ní phianadh an broc,
Gé'r dhéearach an chreach.
Iom bó agus um bó.



Ní chluichfeadh an míol,
Do chlipfeadh an t-uan
Do lingfeadh tar linn
Ní thuitfeadh 'san luaith.
Iom bó agus um bó.


L. 24


Is ciach liom a chruit,
A chiabh 'gus a fholt,
Ag fiachaibh an chnuic
Dhá stialladh le hairc.
Iom bó agus um bó.



Mo dheacamhail a dhearc
Ag gealún 'na ghob,
Is ceanamhail a chreat
Ag eascuin i bport.
Iom bó aghus um bó.



Is nimhneach an bhail
Do-chím ar a chruit,
Dá scríobadh 'san scairt
Go cíocrach le circ.
Iom bó agus um bó.



A mhuineál ag muic
Dá ghabháil 'na clab,
A gheadán ní guirt
Ag fiodán ar fasc.
Iom bó agus um bó.



Dob éadtrom a thruis
'Na bhéal ag an as,
A mhéadal ag tuis
Ag féachaint a bhlais.
Iom bó agus um bó.



Do giobadh go lom
Le cuilibh a cheann,
A ghoile 'sa dhrom
Ag iolar i gcrann.
Iom bó agus um bó.


L. 25


Do shleamhnuigh an luch
'Na dhranndal isteach,
Ba gheanncach a smulc
I dteannta ag an gcat.
Iom bó agus um bó.



Mo lurán gur éag
Níor speadán i spórt,
Mo leannán, mo leán,
Mo bheagán mo bhrón.
Iom bó agus um bó.



Cóimh-cheangal.



Is brónach mise is ní hiongnadh mé tríd tréith,
I ndeoidh mo churaidh ba mhinic i ngníomhthaibh éacht,
Cé mór mo thuirse ní chuirim ar Dhruimín bréag,
Is leor do a thubaist a thuitim le luichín léith.



7. - DO BHÍODH AG LAOGHAIRE 'SAN LIOS.



Ag moladh an ghleanna.



Do bhíodh ag Laoghaire 'san lios,
Gur traochadh ar dtír tar n-ais,
Súgh caora i gcuachaibh gan ghlas,
Is luachair ghlas go caolaibh cos.



Bun-ghlaise ghrianmhar an ghleanna,
A beann aoibhinn is mian liom,
Ionann scáil a ciabh 'sa com,
Fonn fágnathach fiadh na mbeann.



Bun-ghlaise ghrianmhar an ghleanna
Ag gluaiseacht le sleasaibh na gcríoch gcor,
Ba ghnáthach ann le ceóltaibh crot
Feoil broc bradán is breach.


L. 26


Lusradh cois-mhín na ngort
Oscar, Oisín, agus Art
Clanna Rónáin na lann nglas
Im ghleann ar chonntraith ba chlos.



B 1670 17D



8. - NÍ FHULAINGID GOILL DÚINN.



A.D. 1670.



Ní fhulaingid Goill dúinn síothughadh i nÉirinn seal,
Ar gcroidhthe gan ghimhliughadh is ísliughadh fé n-a smacht
Ar gcumas do luigheadughadh is díthiughadh ar gcléir ar fad
Is fuirm a mío-rún críochnughadh ar saoghail as.



Níor shlighte dár n-ídiughadh líomhughadh bréagach beart
Gan chumas an dlighidh riu i n-aonchúis d'éileamh cheart
Tuigim gur síor-phudhar síothughadh saobh na bhfear
Le a gcuirid i gcrích dúinn gníomhughadh léir a gceast.



Dar dtubaist go laoitheamhail luighe dhúinn fé n-a smacht
Mo thuirse is nach díon dúinn aon chúil d'Éirinn Airt,
Ar gcumas is díoth-chumhang ní fiú sméar ar gceart
Muna dtige gan maill chugainn míniughadh éigin as.



Do chonnac na Gaoidhil úd síodamhail séadach seal
Cumasach cíosamhail críochnamhail céadfadhach ceart,
Soilbhir saoitheamhail míon-úr maordha mear
Fileadhta fíoramhail fíontamhail féastach feacht.



Cuirite caoineamhail draoitheamhuil daonnachtach
Bioraite bíodhgamhail gaoiseamhail Gaedhealach glan,
Go tuitim i bpríosún daoirseamhail lae na mbreath
Nár thuilleadar mí-chlú is díothughadh déarach deart.


L. 27


Goirim is guidhim súnn Críost chugaibh, caomh an flaith,
d'fulaing a chaoin-chrú i gcraoibh chumhang chéasta theacht
Go gcuireadh gan moill chugainn faoi chlú Gaedhil 'n-a gceart
S go scriosaidh na Goill úd bhí riú i gcéin tar lear.



B 1670c 17D
9. - IS BARRA AR AN GCLEAS.



'Nuair do chuir Rí Cormac II séala ar an roinnt ar
thalamh na hÉireann do rinneadh fá Chromuell.



Is barra ar an gcleas an reacht do theacht tar tuinn
Ler leagadh fá shlait an treabh sin Éibhir Fhinn,
Cama na mbeart do shlad go claon ar gcuing
Lér gearradh amach ar gceart as Éirinn uill.



Is deacair a mheas go raibh i gcéill don druing
Ceapadh na n-acht do thabhairt d'aon mhac Goill,
Go bhfeacadar breath na bhfear ar Shéarlas Rígh
Gur scaradar neart gan cheart le chéile a bhoill.



Do feannadh ar fad an feacht so i nÉirinn Gaoidhil
Is deargthar feasta feart gach éin-fhir díobh,
Nó glacaid a bpas gan stad is téid tar tuinn
Is geallaid tar ais gan teacht go h-éag arís.



Cé neartmhar an tan-so ar chlannaibh Gaedheal na Goill
Is cé rathmhar a staid le seal i bpréamhaibh Floinn
Do dheascaibh a gcast ní ghabhaid géilleadh an fhuinn,
Fearfaidh 'na frasaibh fearg Dé 'na ndruim.


L. 28


A Athair na bhfeart dod chead is déanta guidhe
Ceartuigh na leas ar fad i nÉirinn Gaoidhil,
Is leasuigh 'na gceart gan cheas gach aon don druing
Is aisigh a reacht 's a rath don chléir i gcill.



Uch is athchaoi is lag í an uaisle anois!
Cufa as calaidhe ar chailidhibh tuarastail,
Bodaigh fá hataidhe is aistidhe shuarach sin,
Is lucht oirdhearc seaghaidhe i gcaipíbh cluasacha.



B 1685obc 17D



10. - RIAGHAIL CHUM BEAN DO THOGHADH.



Ná toigh bean chos-fhada, chrúbach, cham-loirgneach, chnagartha,
ná bean cheochánach, chaol-sliastach, chrannránach,
chruinn-tseilteach, agus náa toigh ar mhíol chuna náa ar
choinín coinnle ná an riabhadh raibheadach ná an mhaoidheamh
carad, ná an bhlomannach bheag-mhaitheasach, ná
toigh na dubh-mhná beaga cor-luirgneacha, árd-ghothacha,
mion-uasacha, ná an bhuireóg mhion-uasach, ná an chaol
chlannmhar ná an bhiadán bhaoth-leamh ná bean bholg-mhór
gan geir, gan toircheas, gan tábhacht, náa samhaisc gan
soileadh gan suathadh ná fóisc gan fuinneadh gan fáscadh,
ná tuirtín tuatach, trom-éiseach ná bean aga
mbeith béal tana dubh-ghlas, srón fada crom agus
cinnigh leathta sínte, agus fós ná toigh bean coise
brice buidhe ná píse cáise clúmhuighe.



Acht toigh bean bheas maighdeanamhail, maordha, mall-thriallach,
géag-leabhair, tráthamhail, 'na mbeith craobhfholt
claonach, cuach-bhuidhe, cam-fhleascach aice, agus
éadan álainn ró-leathan is malaidhe cúmtha caola
ciar-dhona agus gorm-dhearca geanamhla glasa, dá


L. 29


ghruadhna geárrtha, griosamhla, agus srón cúmtha caol-phollach
beag, béal bórd-dhearg, binn-bhriathrach baoth-fhoclach
is dlúith-dhéad daith-gheal deagh-dhéanta is muineál
maiseach mín-ghiasach is lí-ucht lile is cruaidh-chíocha
cailcidhe is saor-chorp seang, usachtaidhe séimhe séimh-ghlaca
slíme sleamhna is flaith-mhéaracha beaga boga
bána beag-altacha is maol-ghlúine méithe 'gus colpaidhe
díreacha dathamhla agus troightheacha tanaidhe
taobh-shnuidhthe.



B 1685c 17D
U Anaithnid



11. - Marbhnadh Sheafraidh Uí Dhonnchadha.



Brúire.



'S a maireann don ghasradh gheanmnuigh ghléigil,
d'ingheanaibh fionna na gcluthmhar-chas gcraobh-fholt,
Tré bhás a n-athar go hanbhfann éignirt,
Ba ró-thruagh an ealta-so ag freagra a chéile.



A mháthair d'eascair d'fhuil Ghearaltach Ghréigeach,
Is d'árd-fhuil athardha an Bharraigh ar thaobh di,
Ba tharmann díona is coim don taobh-nocht,
Cóimh-mheas re a chaoi aga chloinn níor bh'fhéidir.



Ní fhúigeadh suan i suairceas séimh-chrot,
I gcaidreamh carad ná i dteagascaibh cléire,
Le dian-chumhadh Charrtanaigh chneasta gan chlaona,
Iar scaradh dá conách conntach réi-si.



An chathair 'nar thathaighsiod sealad go séanmhar,
'San chathair níor b'annamh lucht seanma is éigse,
An chathair seo ó theastaigh fear taistil do chéimeann,
Is cathair mar ainm tú ó's cathair gan Séafradh.


L. 30


Níor mhalartuigh aigneadh a mhathas 's a mhéine
'San mbliadhain do luadhadh bheith cruaidh san taobh-so
San lá do chuaidh 'san tuama i n-aonar
d'imthigh re n'ais ar mhair don fhéile.



Ní leanann uinn sic friotal níos faide réim-si,
S gan leigheas mo creach ar neach dá n-éagfainn,
Acht so amháin ní ráidhte saobha,
Gur buaine a bhláth tré thrácht na saoghal.



A Rí na n-aingeal do dhealbhuigh spéartha
A mbí 'san talamh, reanna 'gus réalta
Beir fuascaltha a anam ó pheannaid gan daor-bhruid
Suas go flaitheas-bhrugh arraid-Mhic Dé ar Neimh.



Is docharbhadh cléibh créacht-ghona is ciach san tír,
Ó orchradh an té b'fhéile re cian san chríoch,
Thug m'osna go tréith éignirt i mbliadhna arís
Mar chloisim an scéal déidheadach so i n-iarthar Dhruing.



Is loiscneach eimhid laochra 'gus triaithe tríot,
Is borb-ghol baoth béithe na liach do líon,
Is brostuightheach baoghal béime fá'n bhiadhtach mhaoidhim
Is nár choigilteach spré acht daonnachtach diadha síor.



Is follas gur éag saor-fhlaith na mbriathar mbinn
Ba chosnamh don chléir d'éigsibh is d'iarrach slighe
Fear foirtil gan fraoch tréan-ursa fial gan fuigheall
'S is loiscighthe an t-éacht Séafradh bheith siar 'n-a luighe.




L. 32


B 1708ls 18T
U Anaithnid
An seachtmadh lá déag do mhí Abrán na bliadhna d'aois Chríost
1679, Dardaoin na Camaoineach i méon oidhche d'éag ceann oinigh
agus eagnamha na Mumhan agus dom dhóigh na hÉireann go huile
an tan so .i. Muiris mac Éamuinn mac Sheagháin, .i. fear
Chaisleán an Lisín, iar mbuadh iongtha agus aithrighe agus a
adhlacadh i gCill na Mullach i mainistir St. Frainsias an luan dá
éis sin i n-aon-tuama re a mhnaoi mhaith pósta .i. Ónóiria
inghean Chormaic mic Dhiarmada .i. Tighearna Mhuscroidhe agus í ag
áitreabh an inid sin roimhe ó lá St. Frainsias ann san mbliadhain
1669.


L. 33



Pudhar do leath go beacht i bféar-mhaigh Flainn,
Do dhúblaigh tearcadh lachta is éisc an fhoinn,
Lúth na lag is taisce an té gan tsuim,
Is ughdar bleacht na mbeart gan bhréag do bhuing.



Tonn gan taise i dtreasaibh é do thuill
Clú nach casfaidh cealta an ché go críoch,
Dúil do chleachtadh reacht Mhic Dé do dhíon
Is nár dhiultaigh neach fá dhealbh d'fhéach um nídh.



Cnú do ghart-fhuil Ghearailt Ghréaig an ghríobh
'S do chrú na gceap i gCaiseal d'fhéadfadh puinn,
I gcúis a phearsan feasaidh féin an fíor
Ar chumpa ceart gan easbaidh éid, gan fuigheall.



Dob' iomdha rath an dreagain déid-ghil doinn
'S a chumha nach machtnamh dath go tréith i dtír.
Ní chumhgaid scata leath á scéal do ríiomh
Acht long go last don mhaith gur éag 'na dhíth.



Ní'l dúl nár athruigh dath le téarma an tsaoi,
An túr 's an sean an mear 's an méireach mín
An cú 's an cat an t-each 's t-éigne ag caoi
'S ní'l fiú na gcearc nár airigh é 'na luighe.



An com do chealg airm Déise an daill
'S an chrú do chneasaigh dearca an té-si arís
Cúigear cneadh a chreata is chréachta a chinn
Ag ionnladh a chean má d'fhan ar éileamh aoin.


L. 34


B 1669c 17D
U Anaithnid
Bíodh a fhiadhnaise id'dhiaidh i bhFlondras
Ar Albanach dho tharcuisnigh Fodhla,
Armstrong is é badh ainm dó i mórtas,
Nídh nár theasarguin ainm dó ar t-fhórsa.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services