Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Poems of the O'Reillys
Title
Poems of the O'Reillys
Compiler/Editor
Carney, James
Composition Date
1620
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1950)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sin deit a Maol Morrda meic Filib I Raghallaigh agus dair mo coinnsías fein dob fearr liom go ndeaneadh tigearna na Breifne dhuit cidh gur thuill tu imdeargeath dhamh air an adhbur go ttug tu orm lamh do chur a sgribhneoracht nach roibhe eolas agam inte acht narbh áil liom thusa do dhiulte an bliagainsi d'aois an tigearna 1620. Agus asi sin an aimsear fuair Aifflin Modarrda inghean Giolla Padraic meic Airt Mhaoil Meg Matgamna bas. Agus ba bean chaoin cumpanta an bhean sin. Ni beag sin acht ataim ag iarraidh air an leighoir gabhail agam fana danta sa nach fhuair me ughdar leo acht seanndhuine dall do cuir do mheabhair iad ata deich mbliaghna fithceat uadh. Agus tugadh gac aon leighfios na danta sa do sgribh me ann so agus andsa pháibear beannacht air anmanna na muintire da ndearneadh íad agus ná deaneadh dearmad don sgribneóir gun guidhe air. Ni beag sin.
Muna bheith eagla orm in duilleóg ann a roibhe an dán sin thúos do dhol amugha ní sgribeodhuinn é ar olcus na litire sin fair.
XII Cía fhíorfus fuighle na bhfádh? - cumhain leam líaide ar ttocrádh go lór d'fháisdine gach fhir ar shlógh bhfáisTighe Fuinidh. Ughdair Ghaoidheal leath ar leath, sgríobhthar leó 'san lorg dhíreach tingheall fádh um Phort na bhFionn ar ágh, ar olc na hÉireann. Léghthar 'na leabhruibh dile fáisdine fádh ngeintlidhe dár chreid Ráth fhinnshliom Énna is tinghioll fáth bhfírénda. Fáidhe agus naoimh cionn a ccionn tarfás dóibh dílgheann Éirionn le sluagh Danmarg leachtach lonn, le neartchath lanngharg Lonnonn. "D'aithle a ngliadh bhfaobhrach bhfrithir dearbh," ar cách, "go ccuirfithir trén Lochlannach tar sál soir go Clár mbothlongach mBalair." "Bíaidh," ar síad, "sealad oile, fían chniocht na gcolg n-órdhaidhe, ag créchtshnoighe an chreachshlóigh mhir seachnóin éachtMhoighe hÉibhir."
"Ní fhúigfid eanach conmháor gan chur fá chíos ndochardháor a cCrích dhaoínigh linnte Fhloinn; Gaoidhil innte bhus eachtroinn." Fáidhe geintlidhi Ghuirt Fháil, naoimh maicne Mhíleadh Easbáin, gealltur leó a bhfíochloige ar bhfear ceó a sgíothbhroide do sgaoileadh. Muna brég bríathra ar sean-naomh ní fada ón íath fhairseangshaor fagháil chabhra ón chreinn domhuin tarla ar an eing n-urbhadhaigh. Cuma dhúinne, a Dhé nimhe, gá tráth thiogfa an tairngire; d'fhéin Chunga na ttreas ttroimthe ní feas urra a fhíoruighthe. Na roighne re a roibhe ar súil d'fhurtacht oirn d'éis gach díoghbhúidh beantar dhíonn fatha forraigh! sgatha ríogh ó Raghallaigh. Do shaoil mé mana deacrach! sé dá thír gur thairngeartach, Maol Mórdha, ar meadharghrádh dil, leabharlámh chródha a chinidh.
Do chaill a thír trúagh a chor! a los díoghla Dé Athor an tairngeartaidh do bhaoí ar brath ag daighshleachtuibh Craoí Cheasrach. Ón úair teasda Maol Mórdha, beithir fhaobhrach onórdha, ní fhuil súil cháigh re cabhair; do thráigh a ndúil dearlaghaidh. Nír ghúais le cách cur an ghill as úa Aodha an fhuilt ghégshlim, um dhíon cceall, um dhál ndocar, lámh ór fhearr a n-anacal. Ní dó a-bháin do bhí ag feithimh; mór sliocht ros saoíl d'fhóirithin do ghaoldamhraidh Phuirt na bhFionn ó bhaoghalghoimh uilc Éirionn. Do bhíodh gach foghuil fúair cách um bhruach mBréithne na bhfionnráth 'na faghuil fhíochmhair bhudh-éin 'gá aghaidh shíothghloin shoiléir. Do bheireadh gríos 'na ghruaidh dhuinn foghuil tuath Tolcha Culuinn, díoth leathbhrúaigh Leargan na sroth nó treaghdadh creachshluaigh Cáochach.
Ba cúis méduighthe a mheanman gníomh mórtha a mac tighearnadh; cúis ísle d'úaill an deighfhir buaidh ón chrích-si ag coillidhibh. Gé a-tá a thír fá thoil ndeóradh do shaoíl cách go ccaibheóradh ar luigh do leathtrom orra a muigh leachtchorr Liatruma. Ceist aguinn re haimsir mbig: ó nach maireann mac Pilib, cía as earradh re hionnramh gcáigh um dhionnMhagh cceanndubh cCruacháin? Cúis bhrónach bheanus rér sgél tarla ar n-ég Airt na gCaislén 'san tír lachtmhuir shíthe sháimh ag macraidh Chríche Colmáin. Ríoghacht Midhe maith an roinn tugadh do Chonall Chríomhthoinn mur roinn ón échtchloinn oile, gégcroinn do choill chumhraidhe. Don tsliocht-soin Conuill Chriomhthain mheic Néill, airdrí ar Éirionnchaibh, táinig Art, beódhalta Breagh, fá leómhanta um Ghart nGaoidheal.
Cuirid cniochtuigh Chríche Fáil cogadh ar Chinél gColmáin, dár hionnarbadh a síol sin ó chíogh fhionnarghlan Uisnigh. Sliocht Conuil mheadhraigh mheic Néill, do-rinneadh deóraidh dhíbh-séin; súil do chabhair cuirid soin, suidhid Danair 'na ndúthaigh. Ó 'd-chí leatrom a ghég gaoíl fiuchuis Art d'fhíoch is d'fhorraoín; risan ndreim ccathbhrais cceanaigh tachrais 'mun eing n-éigneadhuigh. Trí laithe d'éis ar-oile sraoínis orlár iorghaile, lér anadhuin dá fhíoch áigh, ar Dhanaruibh Chríoch gColmáin. Ros taifneann ó thír a shean, fóir chniocht na gcúirteadh lígheal; beanuis orláimh Fhuinn Uisnigh don tromdháimh luinn líonmhuir-sin. "Filleam úatha," ar aicme Néill, "maith sén dár hathchradh iaid-séin, fonn sídh an eachshluaigh ághuigh, ón tír chleathrúaidh Cholmánuigh."
Do ráidh Art: "Nír fhóbuir mé bheith réidh gan ríoghacht Midhe dom ghaol ba seanfhonn seilbhe, fearonn sáor ar sinnsir-ne." "Tuitfead uimpe," ar Art Luighne, "nó bíaidh sí 'nar sealbhuidh-ne; mé ar ar n-inmhe-ne is fhearr ceart, dhá cheann fhinnMhidhe m'oighreacht." "Críoch bhláith na mbuinne bhfosadh bíaidh agam nó aco-san; ní mhaithfinn mír don bhiodhbhaidh don tír chaithshlim chrithearghloin." Re hucht Midhe na magh réidh do chor fán ccrúi-sin ríNéill at-bath Art, aolbhráighe thiugh, fá haonbhráighe ar Gart nGaoidheal. Do sgar Midhe, maighean Chuinn, re sliocht Maoil oirdheirc Eachluinn tré bhás ghléfhlatha Guirt Breagh; énfhatha an uilc a oidheadh. Do dhealuigh mur so saoth linn! flaitheas Bréithne an bhrúaigh aoíbhinn re féin Leamhna na lann mbleacht a n-am í Fhearghna dh'imtheacht.
Ar son nár chathaigh 'má ceann mur Art Sionna um Ráth Raoileann, rún a cabhra a ttaobh thoile tarla 'gár Maol Mórdhai-ne. Aimsear Airt thíar ó thosuigh dá mbeith 'gun Mhaol Mhórdha-soin, bíodh gur dháil docra a dhénamh, docra cháigh do chaibhéradh. 'Na chodchuibh gé a-tá a thalamh, lucht iúil dob é a mbreathnughadh a bheith 'na aonchuid uile 'gá dhreich laochbhuig leanbdhaidhe. Dob ionann leis 's a lot féin triall foghla ar dhuine dhíbh-séin, nó beann do bhúain dá thalamh; úaidh dob fhearr a n-anaghal. Nír beanadh asna dhá fhonn le cumhochtuibh chath n-eachtronn, le tórainn saoibh sluaigh Banbha, nár shaoíl d'uaim re a athardha. Do bhí sin a ndúthchas dó, fá rún d'Fhilib mac Aodho slios sgaithbheanndubh a thúath tte d'aithcheangal re bruach mBréithne.
Inntinn a athar roimhe do bhí 'gár Maol Mhórdhoi-ne; as foghuil ba losgadh lais cosgradh a dhomhuin dúthchais. Ní dhearna duine dá shliocht éinchéim d'onóir ná d'oirbhiort, ar mheas glún sósar is sean, nár rún dhó-san a dhéineamh. Frémh gach urchóide as as tig, bás Mhaoil Mhórdha mheic Fhilib; úraidh sé seincheana cáigh, eithreadha é don fhorráin. Beag admhus inntinn mbáidhe, lía 'sa lía lucht forráine, slighthi ríogh 'na raonaibh sloid, nach díon do chaomhaibh caroid. Uathaighthear ar gach muighe, lugha tarbha an treabhuire, ní truime torchar sreabha, folchar uime a aisgeadha. Aimrid an fhiodhbhadh thoraidh, beag ttarbha teacht foghamhair, glais 'gá ccor ar ghaoíbh goile ar ndol ar Maoil Mhórdhoi-ne.
Iomdha bearn do bhris seision ag cosnamh clú a thíre-sion; do-chí soin a dhoilghe dhi nach ffoil ag coimhdhe a chríchi. CIA. Sé chéad dég tríocha is dá thrí ag sin aois Íosa, ar n-airdrí, Maol Mórdha an bhliadhuin ad-bath, ríaghuil chóra do chumhdach. C A mháthair in Mheic neamhdha, fill úaim fheirg an Tighearna; féch oirne, an rér n-uicht-ne, gabh re coimhdhe ar ccumairci. CÍA.
XXIII Marbhnaidh Philip Óig Uí Raghallaigh sunn, arna cuma leisin Athair Tomás Ó Cléirigh, 1703.
As tuirseach gan dáil chabhra an chlann bhúadhach-sa fhinnFhearghna; as tuirseach 's ní hiongnadh dáibh Ultoigh uile fán díoghbháil.
As tuirseach fá bhás an fhir Leath Cuinn ón mBóinn maillghil go Doire na long 's na séud 's go Dún na nGall do choimhéud. Is tuirseach tar chách oile Clann Caoích ar líoth síorghola, as tuirseach Gaoidhil agus Goill fá luighe an laoich a n-úirchill. Tuirseach éigsi Fhuinn Banbha fá urra séud as saoitheamhla; as tuirseach go beacht dhá chrádh gach áon do chleacht a chomhrádh. Fá bhás uí Mhaoil Mhórdha tuirseach ríoghna fionnórdha, 's a mbasa gonta gan fheóil 's a ruisc ag dortadh fraisdeór. Conncus go minic a-ríamh a-noir 's a-níar ar aoinrian dronga as gach aird 'na thigh ar díth chéille ó bhoirbdhigh. Conncus imirt agus ceól, conncus cuirm agus comhól, conncus draoithe séimhe suairc' ag triall dá bhrugh ar buanchuairt.
Minic do bhí gasraidh chródha, minic teacht greagh srianórdha, ar faithche an dúin fhéurghlais ghloin gan díoth séud óna mbiodhbhaidh. Filip Óg nach óg gníomh, úa Mhaoíl Mhórdha na mórghníomh, a Magh Bolg faoi choim cloiche dhúinn is adhbhur eólchuire. As tuirseach filidh is baird, tuirseach aois téud gach aonaird, as tuirseach seanchaidh gan each, gach aon fán mbás as tuirseach. TUIRSEACH. Míle seachd gcéad is a dó, ná ceil a chur a núachló, ó theachd Críosd léar saoradh sionn go bás Filip na gcéimionn. Go seóltar thrá, le rígh na ngrás, gan ghuais gan pháis go haithghiorrach, go dún an ghrádha, gan phéin gan chrádh, an láoch nár thláith le heachtrannach; is eól do chách cé táim-si 'rádh, an ríghfhlaith ághmhar acfuinneach, Filip nár fháig a chlú gan áird, achd a dhúbladh do ghnáth go carthannach.
XXIV. Muirgheas Ó Dálaigh cc. Mo thrúaighe mur taoí, a Thulach, do mhúr ceannard comhramhach do thuitim ní hár gan oil le fán do chnuicfhinn chosgraigh. Is trúagh leum chroidhe do cheas, sáoth liom do luit gan leigheas, a threabh ríogh na Tulcha thall, díon ar mh'urchra ní fhédam. Do tolladh do tháobh greanta, dionn fásuigh bhar bhfoirgeanta, síos do ghein gúaille do thor, mo thrúaighe, ag sein an sáoghal. Do-chím ar ccneasghuin do chuirp, a bhaintreabhach áosda orrdhuirc, sgáile an laoí tréd leacuin ghloin; deacuir gan chaoí fád chréachtuibh. Gibé do-chonnairc sibh slán, a chúirt thall Tholcha Mongán, lór d'anbhúain uille do chneadh, a bhuime ghlanshlúaigh Gaoídheal.
A Thulach a-tá ream thaoíbh ararbh iomdha mná is macaoímh, fád chaithbhinn cé daoíneach dhuibh ní aithnim aoinneach oruibh. Ní fhaicim ag éirghe a-mach Áodh Cruachan, cuingidh Teamhrach, líaigh do chneadh, caomhthach do chuim, a threabh na sáorchlach séaghainn. Clann Áodha mhic Mhaoil Mhórdha, lucht arduighthe th'onóra, ar do ghlanmhuigh ní léir linn; anmhuin ream chéill do chaithfinn. Ní fhaicim clann na cloinne, macraidh fán mó mionbhuille, ag gléas sealg fád dhún ndealbhdha nó ag súr do learg loinneardha. Do-chluinim tráth fád tháobh dtais coin dá ngairm, gáirthe macnais, ort, a ghormthulach láimh linn, gáir órbh orchradhach m'inntinn. Dursan leam chroidhe a ccluin sinn, frais do theangthuibh nach ttuigim fád bháineas, a Thulach the, áineas ón dubhach daoíne.
Do-chínn ort an úair do mhair fuireann láoch leasa í Fhearghail. is é an domhnán fó seach sin do lomlán each is éididh. A threabh Aoidh mheic Mhaoil Mhórdha nach mothuigh méd h'anshódha, mur mhnaoí bhróin ba subhach sibh; dubhach budh cóir do chluinsin. Ré Giolla Íosa an fhuilt chlannuigh ort don fhréimh-sin Raghallaigh mór bhfear do deimhnigheadh dhamh, a bhean cheinnbhileadh Chrúachan. Ocht nduine dhéag druim ar dhruim, a bhean mhuirneach mhic Domhnuill, do phós tú ar úair n-anma do chrú an Ruaidh gan fhreasabhra. D'eagla go séanfá-sa sin do chuireas róm rádh deimhin! na Gaoídhil go ngairm bhisigh, ainm gan aoínfhir d'innisin. Cúig Seaáin, saoithe Banbha, dhá Áodh niata nathardha, trí hEóghain fhaithche an áir, leómhuin chaithmhe do chonáigh.
Dhá Philip, dhá Mhaol Mhórdha, Émonn neartmhur neamhónna, cúig tríatha fá aisgidh d'fhior, cliatha gaisgidh na nGaoídhiol. Slat ós coill cathál Teamhrach, Risdeard 's an tríath, Toirdhealbhach, cuimhneach libh bhar bhFearghal féin, fir le a ndearnadh bhar ndeighréir. Beagán do dhiomdha Dé mhóir tug ort cá huille seanmóir?, a dhionn seanaidh slúaigh Banbha, búain fá fhearuibh allmhurdha. A threabh Mhongáin an mhúir ghloin, 's tú an Traoí tar éis Eachtuir nó an Bhabilóin 'san tír thoir, sídh an adhbhalshlóigh éachtuigh. Nó 's tusa, a chaomhthach ó cCuinn, Dún Dealgan d'éis Chon Culainn a-nú gan aonlúadh oruibh, nó 's tú Cráobhrúadh Chonchobhuir. Nó is tusa Crúacha na ccath tar éis Oilill mhic Mághach, brugh folamh dob fhearr fá ór, nó Ceann Coradh ar ccláochlódh.
Nó is tú Durlus, dún Gúaire, nó is tú Uisneach éanúaire, is tú ar áonchor Ealmha Fhinn nó laochbhrugh Teamhra ar ttuitim. Dá mbeinn dá n-áireamh uile, seanmhúir Críche Conuire, 's tú, a threabh an ghéigleasa ghloin, bean dár chéidneasa cáomhthoigh. Cuma leat-sa lór do ghráin!, a Thulach mheabhlach Mhongáin, cá céile re a síneann sibh, a mhíneang Féine Fuinidh. Ní obann tú trom an choir! fear dhá luighionn ad leaboidh, a bhean táidhe 's cách read chois, náire gan fháth ní fhuaruis. Ort, a Thulach na ttreas tte, cúig trír dá ccuirthe a ccoisde fá na mionnuibh soin fó seach, nach bhfoil ionnuibh acht óinseach. Do bhí agad anba an col! an mac tar éis an athar mímheas nach bíam dhá bháthadh 's an tríar díleas dearbhráthar.
Iongnadh nár airigh tusa, a mheirdreach an mhacnusa dhá bhreac lúidh láir na linne a láimh a nDúin Dhuibhlinne. Nach ccluin tú do Philip féin fá choisde re cúis aigmhéil, trúagh do dhíol, a chloch na ccath más fíor, go moch a-márach. Níor chumaoín duit, doirbh an dáil, ní fhéadfadh mac meic Seaáin grádh búan do ghein ó ghrádhuibh súan ar chneidh a chompánuigh. Nach náir dhuit-si Máol Mórdha a láimh a los neamhchóra, úan don tréad dár threabh thusa, a bhean, méad do mhacnusa. Minic do caití um chúis mbig le Maol Mórdha mac Pilib gaoí thromdha um Thealaigh na Níall dod chomhdha ar fhearuibh ainmhían. Dhá choin leanta luirg a sean dá mbeantaoi dhínn fá dheireadh, doirsi gliadh Caithreach ó cCuinn, ní bhíadh a n-aithchreach aguinn.
Tiocfaid onchoin learg Leamhna sáor ó chor na cinneamhna, a bhean mhaithmheach nár ghlac gráin, budh haithreach lat do lúthgháir. Ní chuirfid choidhche ar bhar son, léigfid feasda fiú a n-adhbhar, smior cnámh an Ghaoidhil Ghlais-si, slán gach aoínfhir iomuibh-si. Treibheóbhthar dhá tháobh th'fhaithche, budh líonmhur lucht tiomsaighthe 'na mbród-dháimh ar gach láimh libh ag tógbháil gráin dod ghúaillibh. Máol Mórdha nach maoidhmheach lámh, Pilip Óg mac meic Seaán, dhá chleith le dornchlaibh docra, comhthaigh nach tréith tádhbhochta. Dhá chnaoí don chrobhuing-si Chuinn, dhá dhamh eóil Átha Conuill, dhá ghéis líoghshrotha leac bhfionn, dhá bhreac síodhLocha Saoílionn. Dhá mhionn súl fréimhe Fearghna, dhá chaoír aibche fhíneamhna, dhá sgís aigeanta gach fhir, dhá ghrís chaigiolta an chinidh.
Ní tú, a Thulach na tuirsi is ciontach re a ccanuim-si do dhealaigh mé a rílearg ruibh acht fírfhearg Dhé 'nar ndeaghaidh. Do bharruibh do ghríantor ngeal do-chínn gach tír um thimcheal re ndol faoí dod chuaine chloch; mo thrúaighe mur taoi, a Thuloch. MO THRÚAIGHE.
XXV. Dá ghrádh tréigfad Máol Mórdha - gá dulc dhá dhreich níamhórdha gan díchiol annsa don fhior! - ní míchion dhamh-sa a dhéiniomh. Atá d'fhágbháluibh orm-sa óm chinneamhuin chodarsna an té is carthanach fám cheann nach marthanach é acht aithghearr. Cía an compán do char misi, cia an tighearna tairisi nach bhfúair mé comhchrádh fá a cheann? - is tochrádh é gan fhuigheall.
Is é a bhuidhe is beirthe dhún, níor léig Día doirbh an cláochlúdh! neach dhíobh mur dhaighsheisi dhamh dhá mbíodh taireisi um thiomchal. Eóghain Mhacha dár mhó ar ccion, í Chonuill Chrúachan Lighion, í Cholla Oirghíall ro-m-ór, dronga is coimhdhían dár ccláochlódh. Do chuireas romham fó-ríor gach flaith, gach adhbhar airdríogh, gach cáomhthach dár chartha leam; báoghlach nach marfa a maireann. Deacuir leam-sa a los a ghráidh teagmháil re mac meic Seaáin; an té charuim 's é a olc, ní thaghuim é re hannsocht. d'éis cáich dobadh cúis ghábhaidh teinn doigh deilg an atháluidh dá mbeith sinn a ccás cumhadh dhá bhás linn do lúathughadh. Ná faghuim focal ciníl ná muirn ó mhac Caitilín; a mhaoín ná dearlaigeadh dhamh, dearmaideadh aoíbh ream amhar.
Ná tógbhadh riom-sa a rosg mall, ná déanadh urán oram; dom chomhuirle dhá dhreich dhuinn bheith go rodhuilghe romhuinn. Déanadh dealg dá dhreich mhálla, mo chara, mo chompána; do dhol, a dhreaguin Leamhna, eaguil cor na cinneamhna. Ní grádhuighthe dhúinn bu-dheasd, im dhiaidh ó tá an toirmeasg, búaidhreadh ban críochMhuighe Cuinn; míochroidhe dhamh dhá ndearnuinn. Ní thiubhra mh'aire d'aoínfhear d'úaislibh fhola fhionnGhaoídheal; a mharthuin dún madh doiligh mo rún carthuin comhoidhigh. Bean Phoimp Máighe fá mó buadh, Corn-élia d'aitheasg rothruagh, as an chosnaimh an tan táir do chan cosmhuil mo chomhráidh. Dá rígh do roinn an chruine, Poimp Máighe na mórchuire, rún croidheamhuil fá clíath n-áigh, 's an tríath soineamhuil Sesáir.
Lasuidh a luisne dhíomsuigh uabhar an dá airdríogh-soin; adhbhal a hucht na ronna ar hadhnadh d'ulc eatorra. Fir dhomhuin ó ur go hur tionóluid trom an pudhar! dá bhrígh go haonmhaigh n-ágha 'san ttír ttáobhghlain tTeasálda. d'úabhar na n-airdríogh n-amhra cuirthear an cath cathardha dár díoghbhadh tré uille an áir ríoghradh na cruinne a ccéadáir. Claoídhis César, 'sé a shuim, slúagh Poimp na bpobal bhfortuill; téarna gan onáir ón ár 's téarma a chonáigh ar ccláochládh. Do-chí chuice fá cheas bróin Poimp Máighe ar maidhm a mhórshlóigh a bhainchéile, bean an ríogh, dár leagh d'aithmhéile is d'imshníomh. "Sáoth liom ro-m-líon do thuirsi do chláochlódh 'sna crothuibh-si; is é an saoghal sin," ar sí, "sibh at áonar, a airdrí."
"Gidh eadh, is orm-sa 's dlighthe iomaithbhear an aimsighthe; do threisi do bhí ar an bhioth acht meisi," ar sí, "nach sóinmhioch." "Marcas Cras mo chéidfhear dil, treas úaithne talmhan toinnghil, níor bhúan," ar an fholtchas úr, "a bhúadh tré olcas mh'fhortún." "Thusa a Phoimp feart is trúaighe do chlaoí re headh aonúaire re ceinéal dár chroite dhuid, dom neimhshéan toice tánuig." "An toice go ttigeadh ría, trúagh lem chroidhe," ar Corn-elía, "ós dom bhéasaibh ar bhean rum gan Césair mur fhear agam." Ar a haisde is aghtha dhamh brath leannáin dom lucht diomdhadh; ní ba hé ar ccáomhthach ó Cuinn 's nach sáoghlach an té thoghuim. Gibé ar a mbeinn ag brath uilc budh lór linn tráth dhá thrasguirt a charthuin mur leannán linn, deambádh nach athraigh m'inntinn.
Dá ttuguinn mur nach ttug mé sgaith m'annsa d'onchoin Bréifne a n-anphudhar dhó ná digh a ccló armchuradh Oiligh. Cúis baoghuil gi-bé a-dearuir nach ccreidionn an chinneamhuin; má tám nach do tháobh toile gan grádh dár Máol Mórdhai-ne. Tar gach turbhaidh thiocfas de gúais liom go léigfe an croidhe fios fíor-rúin ar méine a-mach do chéile líoghMhúir Lughdhach. Bhénus, baindia na toile, gúais go ngoinfe ar meanmuin-ne le báothghrádh don taoíbh as-tigh, don chraoíbh ó áobhChlár Fheimhin. Do thaisbéin ar tí ar meallta clár gairthe an ghrúaidh shoineanta 's an dreich modhnáir séimh subhaigh go méin shoghráidh shíodhamhuil. Báoghal go mbréagfaid misi a thoirbhearta tairisi, a ghlór aobhdha, a aigneadh sáimh, caidreamh maordha mo mhacáimh.
Guais go ttaireónga teisd cáigh m'aigneadh-sa ar mhac mhic Seaáin, taisdeal bláithlearg mbeanndubh mBreagh, mealladh fáithcheard na bhfileadh. Éigne geal a grian sreibhe, bráon do bhalsuim ainglidhe, cosg daorchomhadh, díoghbhadh locht, naomhthoradh bríoghmhur beannocht. Lóchrann aicme Aodha Finn, airgtheóir nár fhalmhuigh airdchill, dearg fán ghégacla glúin cleath, éndalta búidh na mBréifneach. Éidioghadh cosnaimh chonáigh, guin nach éidir d'iongabháil, lámh shnadhmtha sáorchlár na sean, báothghrádh anma na n-inghean. Cuiléan na ríoghna ó Ros Cré, sás tríalla le teacht moichré, oba daorchomhadh dá dheóin, saothrughadh coda a chineóil. A Mhaol Mhórdha, a mhic ghrádhaigh, a aithghin an Ioldánuigh, an rí coimhdhe trénar chlá ná tí an Coimdhe dá chéddha.
XXVI Diarmuid Mac Muireadhaigh cc. Tugas toil do Mháol Mhórdha, tamhan na ccíabh ccráobhórdha; bláth caoimhgheal an chinidh Cuinn, grádh dom shaoirfhear ní shéanuim. Do líonus linn do bhannaibh seirce rúin an Raghallaigh; crú gnáth thuile 'na ghruaidh ghil mo ghrádh uile úaim d'éignigh. Ní tearc do thréidhibh an fhir; tig dhíobh-sumh is dá bhúaidhibh, slat sgiúrtha camracht na gclíar, gur ghad m' annsacht ar éinrian. Gruaidh ghairthe is gile ná géis, 's dearbhráthair é don mhaighnéis; ciabh míondualach shuilbhir shéimh, is líag fhíorbhúadhach eiséin.
A mbí d'iaronn thiar is thoir bréagaidh léithe an líag lóghmhor; eisean an chlach chlúanach chruinn 's as meisi an t-ualach iaruinn. A ghnúis áobhdha, a aigneadh fíal, a chomhrádh súairc 's a dheighciall, géug núaidhe dán buidheach bocht, do bhréag úaine ar n-annsocht. Eólus foirbhthe a ndiamhair ndán 's a slighthibh úaigneach' amhrán tug an beangán feólchuir fionn 'na leannán ag eólchuibh Éirionn. Trí gnée mar léughthar linn ag ughdaraibh a ccoitchinn asa bhfidior úaisle an fhir; dlighthior an úair-si a n-innsin. Búaidh crotha ar an fhear n-amhra, búaidh gotha, búaidh bionnlabhra, táid na trí sáorbhúadha soin 'san tí náomhchúanna n-úasoil.
A éigne ó Loch Uachtair anfaidh, a ghein ríoghdha Raghallaigh, is mór ndámh ndaghaolta dhuit a cClár chladháolta Cormuic. Bheith dhá ríomh is dáil docair, obair é ag ughdaraibh; 's iomdha cairt lán dá luinne a cClár Airt is Úghoine. Triallfaidh mé ós réim go racht ar sheanchus sháor na sagart, druing do shonnradh a síol soin dá gcongbhadh a ccuing ccrábhaidh. Clann Chríosd an chlann is amhra, náomhchlann an ríogh rochalma, is clann díreach líthior lais, gach ball fíre isin eaglais. An eaglais ór chin an chléir ní charann fhear acht eiséin ar aoí gomadh suairc a sliocht a ngnaoi, a n-úaim, a n-úaisliocht.
Is cóir dháibh-sion dá dhruim sin leanmhuin úaisle agus oinigh, congbháil óighe agus irsi, 'na slógh óghnáir inirsi. Gibé dhíobh nach déntur lais na neithe so 'san eaglais do chall sé a ghrádh 's a gheanus, crann gan bhláth, gan bhuidheachus. Do-chím dhíobh dréchta mára mo-núar nach meic dhiongbhála, acht tuilidh ar Mhac Muire, an tslat bhuilidh chumhruidhe. Dála an iolair ríoghdha ráin 'gon eaglais úasail fhíorbháin; ar rígh na n-én 's grúamdha gluinn do chúala sgél nach sénfuinn. A heóin féin dá bhfóbra a ngal an tan fá ttig an eatal do-bheir léithe búan buile go brúagh gréine glórmhuire.
Gibé dhíobh nach dearc go glé ar dhealradh ghlan na gréine is fíorthuilidh suaithnidh soin 's díochuiridh úaithe an aquil. Deigheóin na rosg ngleórdha ngrinn 'gá mbí an fhéaghuin fhoirtill do-bheir lais fá glan a ghaoís go mbí ar ais 'san fhoraoís. Is sí an aquil Críost cain, siad na heóin an chlíar chrábhaidh, eóin cháocha nach sill soillsi fir chláona an cháomhuird-si. Lucht an chogúis dhíadha dhil do shill ceartshoillsi an chreidimh síad na heóin gan bhréig gan bhaoís do léim 'na dheóidh fán bhforaoís. An creidiomh féin an ghrían ghlan ba túalaing íad fós féaghadh; 's foraoís úrghlan na miodh mais sé fiodh cumhra phuirt Pharthais.
'S én don ealtain n-amhra n-óig Máol Mórdha, úan gan urchóid; do char Mac muirneach Muire, an tslat chuimhneach chialluidhe. d'eagla bastard do rádh ris, ar Maol Mórdha mín milis, mo-chean don fhíorord ngrinn nglan do lean do phríomhlorg Pheadair. Adhbhal eagna, binn a bhéul ag sírsheanmóir na soisgéal, fear 'gá mbí aoingheall irsi, do lean naoimheang n-eaguilsi. Máol Mórdha, mínchiabh sgathach, ó d' ghabh an ghríobh Raghallach grádha irsi go luinn 'na láimh níor ghabh soin sligthe seachráin. Tá uaisle Choluim Chille 'san chléirioch chiúin chéillidhe, a n-eagna, a bhféile 's a bhfios ag freagra a chéile a ccunntus.
Ná curthar a ccomhar lais an tárfhuil téid 'san eagluis; an druing is uasal ó fhuil is úasal a ccuing crábhaidh. Úaisle na ngrádh do ghabh soin do chuir ar úaisle bhunoidh, criobhar glórmhar go ngné ghloin is imiol lóghmhar lánchuir. Ro char sé bochtacht a-bhus, do chuir druim risin díomus; tá glais ag an umhlacht air 's an dúthracht lais a leanmhuin. Do dháil sé a dhúil do gheanus, do throsgadh 's do thréidheanus; do-bheir déirc go búan do bhocht 's as cluthmhar úadh téid tárnocht. Go dté a mbrugh niamhghlan nimhe, sosadh na n-ord n-ainglidhe, gille gan chumus ar choir, bile dá ttugus tromthoil.
Mo ghéam chumhdaigh 's mo rún é Máol Mórdha, an ghéag chumhra don lubhghort chráobhórdha, béidh tré umhlacht do chumhacht na ríoghRómha fó shéan shúthain a ccúirt na Trínóide.
XXVII Cá bhfúair an tEineach iosdadh, nó an Úaisle án aithriosdar baintreabhthaigh ba cían a cceas rian aitreabhthaigh dá háinios? Do shirsiod míne Mumhan 's íath Laighean na lonnchuradh 's ní bhfúair in bhandála bhocht úain a n-andála d'fhurtacht. Imle Uladh aidhbhle duadh! is clár Midhe na marcshlúagh sirid an dá dheirbhshéir dhil dá ndlighid deighshén d'fhaicsin. Fochtuis an Uaisle iodhan don Eineach: "cá háitiughadh nó céile go ngus 's go nglonn a-nos a nÉire 'gá n-anfam?"
"Do-ríachtsum ó thuinn go tuinn, a chumhthaigh, is eadh chanaim," bhar an tOineach, lí gan locht, "'s fuireach ní chí 'nar ccumhacht." "Do-ghéabhthá-sa, is dál dil, cumhsanadh eidir uaislibh, 's gan meisi do theacht don tigh; beacht mo bhreis-si do bhruidhnibh." "Do-ghéabhuinn, níor dhál deacair, iosdadh eidir oireachtuibh, 's gan tusa do thocht dom ghar, olc mo chur-sa don chur-soin." "Gidh eadh, bheós, braithfidh mise cá ndéanaidh inn oirise, íath orcharthach na ttonn tte is trom torcharthach toice." "Síol Raghallaigh, ríoghdha a nós, mur théid ós droighean deargrós téid ós fholuibh úais oile; gúais dolaidh don deaghcuire." "Iomdha sgríbhinn is sgreaptra ag foillsiughadh fírchearta na n-ánradh ar Fhonn Ealga, drong is amhra ilchearda."
"Fíadhain ar oirbheart a sean, fíadhain a ngníomh, a ngaisgeadh, dáil séd is maith gan mhine, tréd do bhraith gach baidhbhfhile." "Gonadh uime is dénta ar ndáil a n-oirear chúanna an Chabháin, 'gon ríoghraidh is trén a ttreas d'fhíorluigh ar lén do leighios." "Ní haithne dhamh dhíobh díogha," bhar an Úaisle oireaghdha, "cía an deighbheangán go dron bhudh deirbhleannán díar ttéghadh." "An cumhthach is cubhaidh lat a-tá a fhírfhios agat a-táimid d'oighreacht ag Áodh oirbheart ráinig a fhréamhgháol." "Mac Toirrdhealbhaigh na séud sean, toghmuid árus 'na aigneadh, go cclú a bhféile 's a bhfios, tréidhe dána dú deighmheas." "Fear gráidh is aobhdha aigneadh Áodh 's as faoílidh fíorchaidreabh, Úa Raghallaigh, réidh im ní, tadhallaidh céim go ccaoimhlí.
"Do dhearluig Día, dáil gan ghrúaim, don chnúasfhlaith cháidh a ccomhúaim, eagna, óghdhacht is áine, mórdhacht, eagla olc-cáile." "Féighfhios a ndáluibh docra, límheas a los umhlachta, fuair ó Dhia is dealbh daighfhir; dearbh gur tríath ós trénbhuidhin." "Fear fíorchumhdaigh gach rúine, sgrúdaightheóir na sgrioptúire, gairmeadh dochtúir dhe is dleacht, ní fortúin é acht aiceacht. Fear tagra mur Thuill Sigir, fear fannbhocht do fhóiridhin, fear d'úaigh gan déine a ndáluibh, sduaigh go léire lánchrábhaidh. "Ceann cléire Chille Móire, ríaruightheóir na ríoghóighe, do shíol dá oireacht uile proigheapt Ríogh an ríoghthoighe." "Sgaoílidh gan leimhe labhra ilcheasda gach ealadhna, Mac Toirrdhealbhaigh, táobh mur chailc, an chráobh shoidhealbhaidh shonairt."
"Éidir dhúinn, ní lén linne, éirnim fios na fírinne bheith a ccádhus a ccúil chain a n-árus an úir iochtghloin." Tar éis imtheacht na deisi fúarsad, nírbh fháth aindeisi, ag an ccrobhaing mbláith go mbloidh ráith do fhulaing a n-aontaidh. Sáoghal biothfhada gan bhrón don chaoímhfhear nach ccan searbhghlór go ría agus neamh na náomh ó Dhía don gheal ghnécháomh. CA BFHÚAIR.
XXVIII Tuireamh Philip meic Aodha Uí Raghallaigh Mo chreach is mo léun thú, a Bhéul Átha na Cairrge, tairnig do ré ó thréigis h'annsacht, beannacht uaim monuar ar h'anmuin 's maith fhuairis, a nuachair Fhearghna. Ó tá gach olc, gach lot 's gach treabhlaid fá ghuin cléithe ag claoi do shláinte,
ó d'imigh thar lear fear do chabhra measuim nach taise do bhánbhruit. Do bhí falmhadh is sgannradh a ndán duit, ní bhfuil séun le tréimhsi dod leanmhuint, a phuirt na ccréacht 's na ccéud n-áladh. Iomdha fear a cceart ré a ttárluis léar sgar tú, a thrú, go haimhghlic; ní rabhais riamh gan triath do dhála do threibh Bhríain mheic Eochaidh armuigh is Chuinn an tséin Chéadchathaigh chalma gus an úair-se gur fuagradh thar fairrge na géuga ba tréine 's ba sgáth dhuit; do réabadh a bhfréamhach 's do tairngeadh ó h'édan ghléigheal go tráchtchois. Is cosmhuil leat, a bhean gan chaomhthach, gur chlaon do chiall 's gur fhíar do náire 's gur iadhadh ré siabhradh do dhá rosg. Do-rinnis mallrait is sgarmhuint mheallta, do-raduis ór ar shórt sdáin bhrais,
tuguis h'each ar thaisi gan tairbhe, do thréigis do chéile gnáthach; óinseach gach óigfhir do láthair, is cuma leat cá fear re a ttáthair, is geal gach nua in do chluain ag fásughadh; ní bhfuil éifeacht d'éinneach do cháineadh, a mhéirdreach nach saoghlach at adhbhaidh gach óigfhear dár phósais ré dánacht. Do-rinnis fáríor gníomh bocht cráite, an fhuil uasal ó Chruachain Mheadhbha do-raduis uaid, monuar, ar Ghailltreibh, ar fhuirinn sheachtair do chreach do chlár-sa. Ó a-taoi fá bhrón gan dóigh chabhra tar éis Heactoir nó Slainighnor is tusa an Traoi gan bhrígh an do mheanma; tar éis Chon Chulainn is Chonuill Chearnaigh samhuil dod mhúr-sa Dún Dealgan; tar éis Fhinn go tinn támhlag is tusa ceó fóid na hAlmhan;
is tú an Chraobhruadh gan aonluadh áigh ort, nó as tú Cruachain gan nuachar dála tar éis Oilill mhóir mheic Mághach; is tú gan Art faithche na Teamhrach gan chuirm, gan cheól, gan ghleó gháibhtheach; is tú Tailte go foirfe fánghlas tar éis Néill dá ngéilleadh Banbha; as tú truth na n-ochán n-adhbhal a ngleann na ndeór ba dóigh dáimhe. Cár ghabh do thríath, cár thriall do bhantracht, cár ghabh h'eachradh, do mhacradh, do bhárda, do chraobh chiúil, do lúthlucht seanma, do dhuanta, do dhúais gan cháirde, h'ól fleadh is do ghreagh dána, do chlíar chiallaidh is t'orda bráthar? Dún na sagart is dún na mbráthar, dún na mban mbocht is dún na ngárlach, dún réitigh éigse na Banbha, dún na mban n-uasal fá thuaith na spairne. Fá mhac Aodha, an laoch mear láidir,
do ghunnaí, do thrupaí gan áireamh, do mharcshluagh do chleachtughadh lúith láimhe, do lannsaí, do champaí, do ghárdaí, do lanna líomhtha, do mhaoithshról snáithshlim, do lúireach líneach, do sgiath bháinbhreac, do chraoíseacha righne dár bhuidheach badhbha, do dhún gan diúltadh, gan daidhbhrios a n-a riarthaidhe cliar na Banbha. Rug Philip ar imeirce a thraithe gach ar chanus do mhaithios na talmhan ar a chuairt go cuantaibh na Sbáinne is d'fhág Éire a n-éincheis támhlag mar choin ar fualang 's a cúan ag sgeamhluigh, nó mar mhnaoi d'éis fagháil fir a náire, nó mar Fhearbhlaidh fá Chearbhall Ó Dálaigh, nó mar Éimhir d'éis a caomhthaigh, nó Deirdre fheillghníomh na hEamhna. A-táim fá bhrón fár chló m'áineas, gan dúil feasda le haisiog sláinte; mo threaghda ní théid a ttráighe,
ní sguirfidh mo shúil do dhrúcht bháite; beud rem ré an méid nach ttáinig mar oigh n-allaidh ar bhfairrid fásaigh ar mbuaint a laoigh dá taobh thárnocht, nó mar Oisín ar coigcrích gan cháirdios, mar Chathbhaidh fá mhacaomh na Tána, mar Thorna do lot fá Chorc mar thárla fá ua Sheáin, tréan ánradh, ceann iarsma na Raghallach n-ághmhur; go mairfinn fá shéan d'éis an árdfhlaith ná saoileadh neach dár sheas ar talmhain. Seabhac na ruag ó bhruach Leamhna, iolar na n-én an tréun gan táir air, ar bhfiadhuidhe sgiamhach ghríanchnoc Ealga, searcgrádh síthe Aoife is Áine, cuileán úr do chrú ghlan Chairbre, buachail bó ó Bhóinn go Bearbha, aithghin Ovid, Homer, agus Matanus, do bhí 'na mhuirnín ag nuinnsius a' Phápa.
Ar ghrádh Dé, ar chreideamh, ar cháirdios níor chlaon ré haoinneach don Ádhamhfhuil; ar aonsdaid a thréartha go gnáthach, mar do bhí seasamhach a ccreideamh 's a ccrábhadh. Fuair clú mar is dúthaigh gan táir air ó chrích Saxan, Breatan is Alban; ó rí Franc fuair geall na Banbha ar iocht, ar eacht, ar gheall, ar chainntibh; fuair go haoibh ó rí na Sbáinne muirn is onóir, comhól is cádhas, nach bhfuair aoinneach don chraoi-se Chearmna ó d'imigh Ó Néill nó séun Síl Dálaigh. Is iomdha 'nocht fá lot na ndearnann ó Chiarraighe go grían Creige Fearghuis mná uaisle gan nuachar dála, mic léighinn, éigsi is aos dána, is treabha aosda nach saoghlach a-márach, ar seachrán, ag gearán, ag gárthaigh, do-gheibheadh gach seód ba cóir dhá samhlaibh ó Philip, is gan t'fhilleadh ón adhbhaidh,
gan fear dá bhfiafraighe 'san Iath Fáil-se ó sgar an Bhréifne réna céile gnáthach. MO CHREACH ET MO LEUN.
XXIX A bhaintighearna Mháire, a bhláth na Raghallach n-úr - ar mhéin, a ghlan-íarsma an chrábhaidh, a bhárr na maighreach mbúidh - go léir, breac-bhriathra maghnuis as lár mo sheilbhe chúibh-si féin, glac íad gan tár ód bhráthair dhéin nach dúr - is déin. Glan-bhriathra cáich gan tráth gur dheirbhis dúinn - mur sgél gur geal-mhíanach táith as ceardcha Dhéirdre thú - 's ar mhéin, a bhaisniamhdha thláith gan chnáimh is meirbhgheal snúdh - do mhéir nach gabh iasacht tána ó dháimh, gan cheilg, gan chlúin - gan bhréig. Do cheart-ríaghla fáidh gur sháruigh ar Meidhbh-ne i cclú - 's a sgéimh an chas-chíabhach fháinneach chabhlach dhréimneach dhlúth - go féur; gur fad-bhliadhnach slán gach tráth do dheilbh-si, a shiúr - ar bhéim ó lag-fhiabhrus bháis, ó phláigh, 's ó threaghdaibh crú. $Amén.
XXX 'Sí Máire chaomh, an tsáor Ní Geochagán tséimh, an mhánla mhín is fíor gur follus-bhreaghdha sgéimh; gér shásda shaor an Dido is solus-mhná Grég do sháraigh í 's na mílte ar bhronnadh-dháil séud. 'Sé ráite fíora a gríosghuib na bhfocal sáimh séimh do chráidh go díon mo chroídhe 's a cochollán faon; is gránna dhíbh-se, a naoidhe-si an bhrollaigh bhláith shéimh ag dáil dom chlí-si síorghuin nach ttobhair tráth éug. Ó bhán do líthe, a shaoithbhean, is corrachthláith tréith le bás do bhím-si, dídin is cobhair tráth mé; grása Chríost dot dhídion, a shocarghrádh daor, a Mháire, ar dhíth, ar chlaoi, Ní Geochagán tséimh. $Amen.
XXXI Tomás Mac Cléirigh .cct. Do chaill an Cabhán a bhláth is ní bhiaidh go bráth fó aoibh ó theastaigh urra na ndámh ba neartmhar lámh agus gníomh.
Uí Raghallaigh na ccath gcruaidh do-bheireadh buaidh in gach áird, a-táid anocht fá ghruaim, is creididh uaim nach gan fáth. Bás mic Seaán na n-each luath tug an ghruaim-se a nInis Fáil, laoch mar leómhan a ttús shluaigh is fear mar uan léna dháimh. Fear mar Mhaoise a ngrádh Dé nár char spré léna bheó, fear mar Naoise a ccruth 's a sgéimh, fear nár ér neach fá ór. Samhuil Osgair a ccath chruaidh, samhuil Guaire ag bronnadh séd, samhail Chormuic agus Airt ag seasamh cirt do mhaithibh Gaoidheal. Cá bhfuighe sgoláir táille, cá bhfuighe bráithre anáir, cá bhfuighe traibhléir fáilte, cá bhfuighe bantracht teasbháil?
Cá bhfuighe díleachta dearóil cabhair ó anshódh an Mhárta, cá bhfuighe an uaisle athóil ó seannóid go teagh Teamhrach? Is iomdha bochtán gan bhrígh ó do-chuaidh an laoch 'san uaigh gan éadach, ar beagán bídh, ó Bhóinn síos go hEas Ruaidh. Cúig déag, míle, seacht ccéad aois Mhic Dé mar dearbhthar linn go bás Aoidh mhic Seóin na séad; creach na ccéad é 'dhul a ccill. Tug Aodh searc gan stad do ghrásaibh Dé, 's a-riamh nír chleacht acht ceart don truagh, don tréan; do sgaoil a mhaith a bhfad ar nós na nGaoidheal, is le dianchur catha chuir smacht ar a bhiodhbhaidh féin.
XXXII Lá dá raibh Ruaidhrí ag tóruigheacht chreach ar fhearaibh Bréifne na ttréineach ag dol dó go fíochmhar teann siar tar Sheanbhaile na n-árdchrann, D'ionnsaigh é go rangach stuacach cailleach Raghallach ghealghruagach le cuigéal chruaidh bharrsgaoilte righin do mhaide feóighe dubhdhroighin. d'éighimh Mág Mathghamhna do ghuth fhann: "Fóill, a chailleach!", is tharraing sé a lann; d'éirigh fíoch agus meanmna na caillighe gur thuargain sí Ruaidhrí gan osadh gan fhaillighe. Fear don aicme ar a náire d'fhuagair ar Mhág Mathghamhna lé hárdghuth: "Mo thruaighe ariamh thairrngios a lann ar chailligh is ar a lámhchrann."
"Cuir as-teach do chloidheamh meirgeach do thairrngis go mear mí-thuigseach"; "Fóill! Fóill!", airse triath Oirghiall, "go ttréigfidh an chailleach a cruaidhchuigéal."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services