Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Poems of the O'Reillys

Title
Poems of the O'Reillys
Compiler/Editor
Carney, James
Composition Date
1620
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1950)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Sin deit a Maol Morrda meic Filib I Raghallaigh agus dair mo coinnsías
fein dob fearr liom go ndeaneadh tigearna na Breifne dhuit cidh gur
thuill tu imdeargeath dhamh air an adhbur go ttug tu orm lamh do
chur a sgribhneoracht nach roibhe eolas agam inte acht narbh áil liom
thusa do dhiulte an bliagainsi d'aois an tigearna 1620. Agus
asi sin an aimsear fuair Aifflin Modarrda inghean Giolla Padraic
meic Airt Mhaoil Meg Matgamna bas. Agus ba bean chaoin cumpanta
an bhean sin. Ni beag sin acht ataim ag iarraidh air an leighoir
gabhail agam fana danta sa nach fhuair me ughdar leo acht seanndhuine
dall do cuir do mheabhair iad ata deich mbliaghna fithceat uadh. Agus
tugadh gac aon leighfios na danta sa do sgribh me ann so agus andsa
pháibear beannacht air anmanna na muintire da ndearneadh íad agus ná
deaneadh dearmad don sgribneóir gun guidhe air. Ni beag sin.


L. xiv


B 1639 17L
Muna bheith eagla orm in duilleóg ann a roibhe an dán sin thúos do
dhol amugha ní sgribeodhuinn é ar olcus na litire sin fair.


L. 63


B 1636 17L

XII



Cía fhíorfus fuighle na bhfádh? -
cumhain leam líaide ar ttocrádh
go lór d'fháisdine gach fhir
ar shlógh bhfáisTighe Fuinidh.



Ughdair Ghaoidheal leath ar leath,
sgríobhthar leó 'san lorg dhíreach
tingheall fádh um Phort na bhFionn
ar ágh, ar olc na hÉireann.



Léghthar 'na leabhruibh dile
fáisdine fádh ngeintlidhe
dár chreid Ráth fhinnshliom Énna
is tinghioll fáth bhfírénda.



Fáidhe agus naoimh cionn a ccionn
tarfás dóibh dílgheann Éirionn
le sluagh Danmarg leachtach lonn,
le neartchath lanngharg Lonnonn.



"D'aithle a ngliadh bhfaobhrach bhfrithir
dearbh," ar cách, "go ccuirfithir
trén Lochlannach tar sál soir
go Clár mbothlongach mBalair."



"Bíaidh," ar síad, "sealad oile,
fían chniocht na gcolg n-órdhaidhe,
ag créchtshnoighe an chreachshlóigh mhir
seachnóin éachtMhoighe hÉibhir."


L. 64


"Ní fhúigfid eanach conmháor
gan chur fá chíos ndochardháor
a cCrích dhaoínigh linnte Fhloinn;
Gaoidhil innte bhus eachtroinn."



Fáidhe geintlidhi Ghuirt Fháil,
naoimh maicne Mhíleadh Easbáin,
gealltur leó a bhfíochloige ar bhfear
ceó a sgíothbhroide do sgaoileadh.



Muna brég bríathra ar sean-naomh
ní fada ón íath fhairseangshaor
fagháil chabhra ón chreinn domhuin
tarla ar an eing n-urbhadhaigh.



Cuma dhúinne, a Dhé nimhe,
gá tráth thiogfa an tairngire;
d'fhéin Chunga na ttreas ttroimthe
ní feas urra a fhíoruighthe.



Na roighne re a roibhe ar súil
d'fhurtacht oirn d'éis gach díoghbhúidh
beantar dhíonn fatha forraigh!
sgatha ríogh ó Raghallaigh.



Do shaoil mé mana deacrach!
sé dá thír gur thairngeartach,
Maol Mórdha, ar meadharghrádh dil,
leabharlámh chródha a chinidh.


L. 65


Do chaill a thír trúagh a chor!
a los díoghla Dé Athor
an tairngeartaidh do bhaoí ar brath
ag daighshleachtuibh Craoí Cheasrach.



Ón úair teasda Maol Mórdha,
beithir fhaobhrach onórdha,
ní fhuil súil cháigh re cabhair;
do thráigh a ndúil dearlaghaidh.



Nír ghúais le cách cur an ghill
as úa Aodha an fhuilt ghégshlim,
um dhíon cceall, um dhál ndocar,
lámh ór fhearr a n-anacal.



Ní dó a-bháin do bhí ag feithimh;
mór sliocht ros saoíl d'fhóirithin
do ghaoldamhraidh Phuirt na bhFionn
ó bhaoghalghoimh uilc Éirionn.



Do bhíodh gach foghuil fúair cách
um bhruach mBréithne na bhfionnráth
'na faghuil fhíochmhair bhudh-éin
'gá aghaidh shíothghloin shoiléir.



Do bheireadh gríos 'na ghruaidh dhuinn
foghuil tuath Tolcha Culuinn,
díoth leathbhrúaigh Leargan na sroth
nó treaghdadh creachshluaigh Cáochach.


L. 66


Ba cúis méduighthe a mheanman
gníomh mórtha a mac tighearnadh;
cúis ísle d'úaill an deighfhir
buaidh ón chrích-si ag coillidhibh.



Gé a-tá a thír fá thoil ndeóradh
do shaoíl cách go ccaibheóradh
ar luigh do leathtrom orra
a muigh leachtchorr Liatruma.



Ceist aguinn re haimsir mbig:
ó nach maireann mac Pilib,
cía as earradh re hionnramh gcáigh
um dhionnMhagh cceanndubh cCruacháin?



Cúis bhrónach bheanus rér sgél
tarla ar n-ég Airt na gCaislén
'san tír lachtmhuir shíthe sháimh
ag macraidh Chríche Colmáin.



Ríoghacht Midhe maith an roinn
tugadh do Chonall Chríomhthoinn
mur roinn ón échtchloinn oile,
gégcroinn do choill chumhraidhe.



Don tsliocht-soin Conuill Chriomhthain
mheic Néill, airdrí ar Éirionnchaibh,
táinig Art, beódhalta Breagh,
fá leómhanta um Ghart nGaoidheal.


L. 67


Cuirid cniochtuigh Chríche Fáil
cogadh ar Chinél gColmáin,
dár hionnarbadh a síol sin
ó chíogh fhionnarghlan Uisnigh.



Sliocht Conuil mheadhraigh mheic Néill,
do-rinneadh deóraidh dhíbh-séin;
súil do chabhair cuirid soin,
suidhid Danair 'na ndúthaigh.



Ó 'd-chí leatrom a ghég gaoíl
fiuchuis Art d'fhíoch is d'fhorraoín;
risan ndreim ccathbhrais cceanaigh
tachrais 'mun eing n-éigneadhuigh.



Trí laithe d'éis ar-oile
sraoínis orlár iorghaile,
lér anadhuin dá fhíoch áigh,
ar Dhanaruibh Chríoch gColmáin.



Ros taifneann ó thír a shean,
fóir chniocht na gcúirteadh lígheal;
beanuis orláimh Fhuinn Uisnigh
don tromdháimh luinn líonmhuir-sin.



"Filleam úatha," ar aicme Néill,
"maith sén dár hathchradh iaid-séin,
fonn sídh an eachshluaigh ághuigh,
ón tír chleathrúaidh Cholmánuigh."


L. 68


Do ráidh Art: "Nír fhóbuir mé
bheith réidh gan ríoghacht Midhe
dom ghaol ba seanfhonn seilbhe,
fearonn sáor ar sinnsir-ne."



"Tuitfead uimpe," ar Art Luighne,
"nó bíaidh sí 'nar sealbhuidh-ne;
mé ar ar n-inmhe-ne is fhearr ceart,
dhá cheann fhinnMhidhe m'oighreacht."



"Críoch bhláith na mbuinne bhfosadh
bíaidh agam nó aco-san;
ní mhaithfinn mír don bhiodhbhaidh
don tír chaithshlim chrithearghloin."



Re hucht Midhe na magh réidh
do chor fán ccrúi-sin ríNéill
at-bath Art, aolbhráighe thiugh,
fá haonbhráighe ar Gart nGaoidheal.



Do sgar Midhe, maighean Chuinn,
re sliocht Maoil oirdheirc Eachluinn
tré bhás ghléfhlatha Guirt Breagh;
énfhatha an uilc a oidheadh.



Do dhealuigh mur so saoth linn!
flaitheas Bréithne an bhrúaigh aoíbhinn
re féin Leamhna na lann mbleacht
a n-am í Fhearghna dh'imtheacht.


L. 69


Ar son nár chathaigh 'má ceann
mur Art Sionna um Ráth Raoileann,
rún a cabhra a ttaobh thoile
tarla 'gár Maol Mórdhai-ne.



Aimsear Airt thíar ó thosuigh
dá mbeith 'gun Mhaol Mhórdha-soin,
bíodh gur dháil docra a dhénamh,
docra cháigh do chaibhéradh.



'Na chodchuibh gé a-tá a thalamh,
lucht iúil dob é a mbreathnughadh
a bheith 'na aonchuid uile
'gá dhreich laochbhuig leanbdhaidhe.



Dob ionann leis 's a lot féin
triall foghla ar dhuine dhíbh-séin,
nó beann do bhúain dá thalamh;
úaidh dob fhearr a n-anaghal.



Nír beanadh asna dhá fhonn
le cumhochtuibh chath n-eachtronn,
le tórainn saoibh sluaigh Banbha,
nár shaoíl d'uaim re a athardha.



Do bhí sin a ndúthchas dó,
fá rún d'Fhilib mac Aodho
slios sgaithbheanndubh a thúath tte
d'aithcheangal re bruach mBréithne.


L. 70


Inntinn a athar roimhe
do bhí 'gár Maol Mhórdhoi-ne;
as foghuil ba losgadh lais
cosgradh a dhomhuin dúthchais.



Ní dhearna duine dá shliocht
éinchéim d'onóir ná d'oirbhiort,
ar mheas glún sósar is sean,
nár rún dhó-san a dhéineamh.



Frémh gach urchóide as as tig,
bás Mhaoil Mhórdha mheic Fhilib;
úraidh sé seincheana cáigh,
eithreadha é don fhorráin.



Beag admhus inntinn mbáidhe,
lía 'sa lía lucht forráine,
slighthi ríogh 'na raonaibh sloid,
nach díon do chaomhaibh caroid.



Uathaighthear ar gach muighe,
lugha tarbha an treabhuire,
ní truime torchar sreabha,
folchar uime a aisgeadha.



Aimrid an fhiodhbhadh thoraidh,
beag ttarbha teacht foghamhair,
glais 'gá ccor ar ghaoíbh goile
ar ndol ar Maoil Mhórdhoi-ne.


L. 71


Iomdha bearn do bhris seision
ag cosnamh clú a thíre-sion;
do-chí soin a dhoilghe dhi
nach ffoil ag coimhdhe a chríchi.



CIA.



Sé chéad dég tríocha is dá thrí
ag sin aois Íosa, ar n-airdrí,
Maol Mórdha an bhliadhuin ad-bath,
ríaghuil chóra do chumhdach.



C



A mháthair in Mheic neamhdha,
fill úaim fheirg an Tighearna;
féch oirne, an rér n-uicht-ne,
gabh re coimhdhe ar ccumairci.



CÍA.


L. 111


B 1703 18T

XXIII



Marbhnaidh Philip Óig Uí Raghallaigh sunn, arna cuma
leisin Athair Tomás Ó Cléirigh, 1703.



U Tomás Mac Cléirigh



As tuirseach gan dáil chabhra
an chlann bhúadhach-sa fhinnFhearghna;
as tuirseach 's ní hiongnadh dáibh
Ultoigh uile fán díoghbháil.


L. 112


As tuirseach fá bhás an fhir
Leath Cuinn ón mBóinn maillghil
go Doire na long 's na séud
's go Dún na nGall do choimhéud.



Is tuirseach tar chách oile
Clann Caoích ar líoth síorghola,
as tuirseach Gaoidhil agus Goill
fá luighe an laoich a n-úirchill.



Tuirseach éigsi Fhuinn Banbha
fá urra séud as saoitheamhla;
as tuirseach go beacht dhá chrádh
gach áon do chleacht a chomhrádh.



Fá bhás uí Mhaoil Mhórdha
tuirseach ríoghna fionnórdha,
's a mbasa gonta gan fheóil
's a ruisc ag dortadh fraisdeór.



Conncus go minic a-ríamh
a-noir 's a-níar ar aoinrian
dronga as gach aird 'na thigh
ar díth chéille ó bhoirbdhigh.



Conncus imirt agus ceól,
conncus cuirm agus comhól,
conncus draoithe séimhe suairc'
ag triall dá bhrugh ar buanchuairt.


L. 113


Minic do bhí gasraidh chródha,
minic teacht greagh srianórdha,
ar faithche an dúin fhéurghlais ghloin
gan díoth séud óna mbiodhbhaidh.



Filip Óg nach óg gníomh,
úa Mhaoíl Mhórdha na mórghníomh,
a Magh Bolg faoi choim cloiche
dhúinn is adhbhur eólchuire.



As tuirseach filidh is baird,
tuirseach aois téud gach aonaird,
as tuirseach seanchaidh gan each,
gach aon fán mbás as tuirseach.



TUIRSEACH.



Míle seachd gcéad is a dó,
ná ceil a chur a núachló,
ó theachd Críosd léar saoradh sionn
go bás Filip na gcéimionn.



Go seóltar thrá, le rígh na ngrás,
gan ghuais gan pháis go haithghiorrach,
go dún an ghrádha, gan phéin gan chrádh,
an láoch nár thláith le heachtrannach;
is eól do chách cé táim-si 'rádh,
an ríghfhlaith ághmhar acfuinneach,
Filip nár fháig a chlú gan áird,
achd a dhúbladh do ghnáth go carthannach.


L. 114


B 1630c 17T
U Muirgheas Ó Dálaigh
XXIV.



Muirgheas Ó Dálaigh cc.



Mo thrúaighe mur taoí, a Thulach,
do mhúr ceannard comhramhach
do thuitim ní hár gan oil
le fán do chnuicfhinn chosgraigh.



Is trúagh leum chroidhe do cheas,
sáoth liom do luit gan leigheas,
a threabh ríogh na Tulcha thall,
díon ar mh'urchra ní fhédam.



Do tolladh do tháobh greanta,
dionn fásuigh bhar bhfoirgeanta,
síos do ghein gúaille do thor,
mo thrúaighe, ag sein an sáoghal.



Do-chím ar ccneasghuin do chuirp,
a bhaintreabhach áosda orrdhuirc,
sgáile an laoí tréd leacuin ghloin;
deacuir gan chaoí fád chréachtuibh.



Gibé do-chonnairc sibh slán,
a chúirt thall Tholcha Mongán,
lór d'anbhúain uille do chneadh,
a bhuime ghlanshlúaigh Gaoídheal.


L. 115


A Thulach a-tá ream thaoíbh
ararbh iomdha mná is macaoímh,
fád chaithbhinn cé daoíneach dhuibh
ní aithnim aoinneach oruibh.



Ní fhaicim ag éirghe a-mach
Áodh Cruachan, cuingidh Teamhrach,
líaigh do chneadh, caomhthach do chuim,
a threabh na sáorchlach séaghainn.



Clann Áodha mhic Mhaoil Mhórdha,
lucht arduighthe th'onóra,
ar do ghlanmhuigh ní léir linn;
anmhuin ream chéill do chaithfinn.



Ní fhaicim clann na cloinne,
macraidh fán mó mionbhuille,
ag gléas sealg fád dhún ndealbhdha
nó ag súr do learg loinneardha.



Do-chluinim tráth fád tháobh dtais
coin dá ngairm, gáirthe macnais,
ort, a ghormthulach láimh linn,
gáir órbh orchradhach m'inntinn.



Dursan leam chroidhe a ccluin sinn,
frais do theangthuibh nach ttuigim
fád bháineas, a Thulach the,
áineas ón dubhach daoíne.


L. 116


Do-chínn ort an úair do mhair
fuireann láoch leasa í Fhearghail.
is é an domhnán fó seach sin
do lomlán each is éididh.



A threabh Aoidh mheic Mhaoil Mhórdha
nach mothuigh méd h'anshódha,
mur mhnaoí bhróin ba subhach sibh;
dubhach budh cóir do chluinsin.



Ré Giolla Íosa an fhuilt chlannuigh
ort don fhréimh-sin Raghallaigh
mór bhfear do deimhnigheadh dhamh,
a bhean cheinnbhileadh Chrúachan.



Ocht nduine dhéag druim ar dhruim,
a bhean mhuirneach mhic Domhnuill,
do phós tú ar úair n-anma
do chrú an Ruaidh gan fhreasabhra.



D'eagla go séanfá-sa sin
do chuireas róm rádh deimhin!
na Gaoídhil go ngairm bhisigh,
ainm gan aoínfhir d'innisin.



Cúig Seaáin, saoithe Banbha,
dhá Áodh niata nathardha,
trí hEóghain fhaithche an áir,
leómhuin chaithmhe do chonáigh.


L. 117


Dhá Philip, dhá Mhaol Mhórdha,
Émonn neartmhur neamhónna,
cúig tríatha fá aisgidh d'fhior,
cliatha gaisgidh na nGaoídhiol.



Slat ós coill cathál Teamhrach,
Risdeard 's an tríath, Toirdhealbhach,
cuimhneach libh bhar bhFearghal féin,
fir le a ndearnadh bhar ndeighréir.



Beagán do dhiomdha Dé mhóir
tug ort cá huille seanmóir?,
a dhionn seanaidh slúaigh Banbha,
búain fá fhearuibh allmhurdha.



A threabh Mhongáin an mhúir ghloin,
's tú an Traoí tar éis Eachtuir
nó an Bhabilóin 'san tír thoir,
sídh an adhbhalshlóigh éachtuigh.



Nó 's tusa, a chaomhthach ó cCuinn,
Dún Dealgan d'éis Chon Culainn
a-nú gan aonlúadh oruibh,
nó 's tú Cráobhrúadh Chonchobhuir.



Nó is tusa Crúacha na ccath
tar éis Oilill mhic Mághach,
brugh folamh dob fhearr fá ór,
nó Ceann Coradh ar ccláochlódh.


L. 118


Nó is tú Durlus, dún Gúaire,
nó is tú Uisneach éanúaire,
is tú ar áonchor Ealmha Fhinn
nó laochbhrugh Teamhra ar ttuitim.



Dá mbeinn dá n-áireamh uile,
seanmhúir Críche Conuire,
's tú, a threabh an ghéigleasa ghloin,
bean dár chéidneasa cáomhthoigh.



Cuma leat-sa lór do ghráin!,
a Thulach mheabhlach Mhongáin,
cá céile re a síneann sibh,
a mhíneang Féine Fuinidh.



Ní obann tú trom an choir!
fear dhá luighionn ad leaboidh,
a bhean táidhe 's cách read chois,
náire gan fháth ní fhuaruis.



Ort, a Thulach na ttreas tte,
cúig trír dá ccuirthe a ccoisde
fá na mionnuibh soin fó seach,
nach bhfoil ionnuibh acht óinseach.



Do bhí agad anba an col!
an mac tar éis an athar
mímheas nach bíam dhá bháthadh
's an tríar díleas dearbhráthar.


L. 119


Iongnadh nár airigh tusa,
a mheirdreach an mhacnusa
dhá bhreac lúidh láir na linne
a láimh a nDúin Dhuibhlinne.



Nach ccluin tú do Philip féin
fá choisde re cúis aigmhéil,
trúagh do dhíol, a chloch na ccath
más fíor, go moch a-márach.



Níor chumaoín duit, doirbh an dáil,
ní fhéadfadh mac meic Seaáin
grádh búan do ghein ó ghrádhuibh
súan ar chneidh a chompánuigh.



Nach náir dhuit-si Máol Mórdha
a láimh a los neamhchóra,
úan don tréad dár threabh thusa,
a bhean, méad do mhacnusa.



Minic do caití um chúis mbig
le Maol Mórdha mac Pilib
gaoí thromdha um Thealaigh na Níall
dod chomhdha ar fhearuibh ainmhían.



Dhá choin leanta luirg a sean
dá mbeantaoi dhínn fá dheireadh,
doirsi gliadh Caithreach ó cCuinn,
ní bhíadh a n-aithchreach aguinn.


L. 120


Tiocfaid onchoin learg Leamhna
sáor ó chor na cinneamhna,
a bhean mhaithmheach nár ghlac gráin,
budh haithreach lat do lúthgháir.



Ní chuirfid choidhche ar bhar son,
léigfid feasda fiú a n-adhbhar,
smior cnámh an Ghaoidhil Ghlais-si,
slán gach aoínfhir iomuibh-si.



Treibheóbhthar dhá tháobh th'fhaithche,
budh líonmhur lucht tiomsaighthe
'na mbród-dháimh ar gach láimh libh
ag tógbháil gráin dod ghúaillibh.



Máol Mórdha nach maoidhmheach lámh,
Pilip Óg mac meic Seaán,
dhá chleith le dornchlaibh docra,
comhthaigh nach tréith tádhbhochta.



Dhá chnaoí don chrobhuing-si Chuinn,
dhá dhamh eóil Átha Conuill,
dhá ghéis líoghshrotha leac bhfionn,
dhá bhreac síodhLocha Saoílionn.



Dhá mhionn súl fréimhe Fearghna,
dhá chaoír aibche fhíneamhna,
dhá sgís aigeanta gach fhir,
dhá ghrís chaigiolta an chinidh.


L. 121


Ní tú, a Thulach na tuirsi
is ciontach re a ccanuim-si
do dhealaigh mé a rílearg ruibh
acht fírfhearg Dhé 'nar ndeaghaidh.



Do bharruibh do ghríantor ngeal
do-chínn gach tír um thimcheal
re ndol faoí dod chuaine chloch;
mo thrúaighe mur taoi, a Thuloch.



MO THRÚAIGHE.



B 1612obc 17T
U Eochaidh Ó hEoghusa
XXV.



Dá ghrádh tréigfad Máol Mórdha -
gá dulc dhá dhreich níamhórdha
gan díchiol annsa don fhior! -
ní míchion dhamh-sa a dhéiniomh.



Atá d'fhágbháluibh orm-sa
óm chinneamhuin chodarsna
an té is carthanach fám cheann
nach marthanach é acht aithghearr.



Cía an compán do char misi,
cia an tighearna tairisi
nach bhfúair mé comhchrádh fá a cheann? -
is tochrádh é gan fhuigheall.


L. 122


Is é a bhuidhe is beirthe dhún,
níor léig Día doirbh an cláochlúdh!
neach dhíobh mur dhaighsheisi dhamh
dhá mbíodh taireisi um thiomchal.



Eóghain Mhacha dár mhó ar ccion,
í Chonuill Chrúachan Lighion,
í Cholla Oirghíall ro-m-ór,
dronga is coimhdhían dár ccláochlódh.



Do chuireas romham fó-ríor
gach flaith, gach adhbhar airdríogh,
gach cáomhthach dár chartha leam;
báoghlach nach marfa a maireann.



Deacuir leam-sa a los a ghráidh
teagmháil re mac meic Seaáin;
an té charuim 's é a olc,
ní thaghuim é re hannsocht.



d'éis cáich dobadh cúis ghábhaidh
teinn doigh deilg an atháluidh
dá mbeith sinn a ccás cumhadh
dhá bhás linn do lúathughadh.



Ná faghuim focal ciníl
ná muirn ó mhac Caitilín;
a mhaoín ná dearlaigeadh dhamh,
dearmaideadh aoíbh ream amhar.


L. 123


Ná tógbhadh riom-sa a rosg mall,
ná déanadh urán oram;
dom chomhuirle dhá dhreich dhuinn
bheith go rodhuilghe romhuinn.



Déanadh dealg dá dhreich mhálla,
mo chara, mo chompána;
do dhol, a dhreaguin Leamhna,
eaguil cor na cinneamhna.



Ní grádhuighthe dhúinn bu-dheasd,
im dhiaidh ó tá an toirmeasg,
búaidhreadh ban críochMhuighe Cuinn;
míochroidhe dhamh dhá ndearnuinn.



Ní thiubhra mh'aire d'aoínfhear
d'úaislibh fhola fhionnGhaoídheal;
a mharthuin dún madh doiligh
mo rún carthuin comhoidhigh.



Bean Phoimp Máighe fá mó buadh,
Corn-élia d'aitheasg rothruagh,
as an chosnaimh an tan táir
do chan cosmhuil mo chomhráidh.



Dá rígh do roinn an chruine,
Poimp Máighe na mórchuire,
rún croidheamhuil fá clíath n-áigh,
's an tríath soineamhuil Sesáir.


L. 124


Lasuidh a luisne dhíomsuigh
uabhar an dá airdríogh-soin;
adhbhal a hucht na ronna
ar hadhnadh d'ulc eatorra.



Fir dhomhuin ó ur go hur
tionóluid trom an pudhar!
dá bhrígh go haonmhaigh n-ágha
'san ttír ttáobhghlain tTeasálda.



d'úabhar na n-airdríogh n-amhra
cuirthear an cath cathardha
dár díoghbhadh tré uille an áir
ríoghradh na cruinne a ccéadáir.



Claoídhis César, 'sé a shuim,
slúagh Poimp na bpobal bhfortuill;
téarna gan onáir ón ár
's téarma a chonáigh ar ccláochládh.



Do-chí chuice fá cheas bróin
Poimp Máighe ar maidhm a mhórshlóigh
a bhainchéile, bean an ríogh,
dár leagh d'aithmhéile is d'imshníomh.



"Sáoth liom ro-m-líon do thuirsi
do chláochlódh 'sna crothuibh-si;
is é an saoghal sin," ar sí,
"sibh at áonar, a airdrí."


L. 125


"Gidh eadh, is orm-sa 's dlighthe
iomaithbhear an aimsighthe;
do threisi do bhí ar an bhioth
acht meisi," ar sí, "nach sóinmhioch."



"Marcas Cras mo chéidfhear dil,
treas úaithne talmhan toinnghil,
níor bhúan," ar an fholtchas úr,
"a bhúadh tré olcas mh'fhortún."



"Thusa a Phoimp feart is trúaighe
do chlaoí re headh aonúaire
re ceinéal dár chroite dhuid,
dom neimhshéan toice tánuig."



"An toice go ttigeadh ría,
trúagh lem chroidhe," ar Corn-elía,
"ós dom bhéasaibh ar bhean rum
gan Césair mur fhear agam."



Ar a haisde is aghtha dhamh
brath leannáin dom lucht diomdhadh;
ní ba hé ar ccáomhthach ó Cuinn
's nach sáoghlach an té thoghuim.



Gibé ar a mbeinn ag brath uilc
budh lór linn tráth dhá thrasguirt
a charthuin mur leannán linn,
deambádh nach athraigh m'inntinn.


L. 126


Dá ttuguinn mur nach ttug mé
sgaith m'annsa d'onchoin Bréifne
a n-anphudhar dhó ná digh
a ccló armchuradh Oiligh.



Cúis baoghuil gi-bé a-dearuir
nach ccreidionn an chinneamhuin;
má tám nach do tháobh toile
gan grádh dár Máol Mórdhai-ne.



Tar gach turbhaidh thiocfas de
gúais liom go léigfe an croidhe
fios fíor-rúin ar méine a-mach
do chéile líoghMhúir Lughdhach.



Bhénus, baindia na toile,
gúais go ngoinfe ar meanmuin-ne
le báothghrádh don taoíbh as-tigh,
don chraoíbh ó áobhChlár Fheimhin.



Do thaisbéin ar tí ar meallta
clár gairthe an ghrúaidh shoineanta
's an dreich modhnáir séimh subhaigh
go méin shoghráidh shíodhamhuil.



Báoghal go mbréagfaid misi
a thoirbhearta tairisi,
a ghlór aobhdha, a aigneadh sáimh,
caidreamh maordha mo mhacáimh.


L. 127


Guais go ttaireónga teisd cáigh
m'aigneadh-sa ar mhac mhic Seaáin,
taisdeal bláithlearg mbeanndubh mBreagh,
mealladh fáithcheard na bhfileadh.



Éigne geal a grian sreibhe,
bráon do bhalsuim ainglidhe,
cosg daorchomhadh, díoghbhadh locht,
naomhthoradh bríoghmhur beannocht.



Lóchrann aicme Aodha Finn,
airgtheóir nár fhalmhuigh airdchill,
dearg fán ghégacla glúin cleath,
éndalta búidh na mBréifneach.



Éidioghadh cosnaimh chonáigh,
guin nach éidir d'iongabháil,
lámh shnadhmtha sáorchlár na sean,
báothghrádh anma na n-inghean.



Cuiléan na ríoghna ó Ros Cré,
sás tríalla le teacht moichré,
oba daorchomhadh dá dheóin,
saothrughadh coda a chineóil.



A Mhaol Mhórdha, a mhic ghrádhaigh,
a aithghin an Ioldánuigh,
an rí coimhdhe trénar chlá
ná tí an Coimdhe dá chéddha.


L. 128


B 1680c 17D
U Diarmuid Mac Muireadhaigh
XXVI



Diarmuid Mac Muireadhaigh cc.



Tugas toil do Mháol Mhórdha,
tamhan na ccíabh ccráobhórdha;
bláth caoimhgheal an chinidh Cuinn,
grádh dom shaoirfhear ní shéanuim.



Do líonus linn do bhannaibh
seirce rúin an Raghallaigh;
crú gnáth thuile 'na ghruaidh ghil
mo ghrádh uile úaim d'éignigh.



Ní tearc do thréidhibh an fhir;
tig dhíobh-sumh is dá bhúaidhibh,
slat sgiúrtha camracht na gclíar,
gur ghad m' annsacht ar éinrian.



Gruaidh ghairthe is gile ná géis,
's dearbhráthair é don mhaighnéis;
ciabh míondualach shuilbhir shéimh,
is líag fhíorbhúadhach eiséin.


L. 129


A mbí d'iaronn thiar is thoir
bréagaidh léithe an líag lóghmhor;
eisean an chlach chlúanach chruinn
's as meisi an t-ualach iaruinn.



A ghnúis áobhdha, a aigneadh fíal,
a chomhrádh súairc 's a dheighciall,
géug núaidhe dán buidheach bocht,
do bhréag úaine ar n-annsocht.



Eólus foirbhthe a ndiamhair ndán
's a slighthibh úaigneach' amhrán
tug an beangán feólchuir fionn
'na leannán ag eólchuibh Éirionn.



Trí gnée mar léughthar linn
ag ughdaraibh a ccoitchinn
asa bhfidior úaisle an fhir;
dlighthior an úair-si a n-innsin.



Búaidh crotha ar an fhear n-amhra,
búaidh gotha, búaidh bionnlabhra,
táid na trí sáorbhúadha soin
'san tí náomhchúanna n-úasoil.


L. 130


A éigne ó Loch Uachtair anfaidh,
a ghein ríoghdha Raghallaigh,
is mór ndámh ndaghaolta dhuit
a cClár chladháolta Cormuic.



Bheith dhá ríomh is dáil docair,
obair é ag ughdaraibh;
's iomdha cairt lán dá luinne
a cClár Airt is Úghoine.



Triallfaidh mé ós réim go racht
ar sheanchus sháor na sagart,
druing do shonnradh a síol soin
dá gcongbhadh a ccuing ccrábhaidh.



Clann Chríosd an chlann is amhra,
náomhchlann an ríogh rochalma,
is clann díreach líthior lais,
gach ball fíre isin eaglais.



An eaglais ór chin an chléir
ní charann fhear acht eiséin
ar aoí gomadh suairc a sliocht
a ngnaoi, a n-úaim, a n-úaisliocht.


L. 131


Is cóir dháibh-sion dá dhruim sin
leanmhuin úaisle agus oinigh,
congbháil óighe agus irsi,
'na slógh óghnáir inirsi.



Gibé dhíobh nach déntur lais
na neithe so 'san eaglais
do chall sé a ghrádh 's a gheanus,
crann gan bhláth, gan bhuidheachus.



Do-chím dhíobh dréchta mára
mo-núar nach meic dhiongbhála,
acht tuilidh ar Mhac Muire,
an tslat bhuilidh chumhruidhe.



Dála an iolair ríoghdha ráin
'gon eaglais úasail fhíorbháin;
ar rígh na n-én 's grúamdha gluinn
do chúala sgél nach sénfuinn.



A heóin féin dá bhfóbra a ngal
an tan fá ttig an eatal
do-bheir léithe búan buile
go brúagh gréine glórmhuire.


L. 132


Gibé dhíobh nach dearc go glé
ar dhealradh ghlan na gréine
is fíorthuilidh suaithnidh soin
's díochuiridh úaithe an aquil.



Deigheóin na rosg ngleórdha ngrinn
'gá mbí an fhéaghuin fhoirtill
do-bheir lais fá glan a ghaoís
go mbí ar ais 'san fhoraoís.



Is sí an aquil Críost cain,
siad na heóin an chlíar chrábhaidh,
eóin cháocha nach sill soillsi
fir chláona an cháomhuird-si.



Lucht an chogúis dhíadha dhil
do shill ceartshoillsi an chreidimh
síad na heóin gan bhréig gan bhaoís
do léim 'na dheóidh fán bhforaoís.



An creidiomh féin an ghrían ghlan
ba túalaing íad fós féaghadh;
's foraoís úrghlan na miodh mais
sé fiodh cumhra phuirt Pharthais.


L. 133


'S én don ealtain n-amhra n-óig
Máol Mórdha, úan gan urchóid;
do char Mac muirneach Muire,
an tslat chuimhneach chialluidhe.



d'eagla bastard do rádh ris,
ar Maol Mórdha mín milis,
mo-chean don fhíorord ngrinn nglan
do lean do phríomhlorg Pheadair.



Adhbhal eagna, binn a bhéul
ag sírsheanmóir na soisgéal,
fear 'gá mbí aoingheall irsi,
do lean naoimheang n-eaguilsi.



Máol Mórdha, mínchiabh sgathach,
ó d' ghabh an ghríobh Raghallach
grádha irsi go luinn 'na láimh
níor ghabh soin sligthe seachráin.



Tá uaisle Choluim Chille
'san chléirioch chiúin chéillidhe,
a n-eagna, a bhféile 's a bhfios
ag freagra a chéile a ccunntus.


L. 134


Ná curthar a ccomhar lais
an tárfhuil téid 'san eagluis;
an druing is uasal ó fhuil
is úasal a ccuing crábhaidh.



Úaisle na ngrádh do ghabh soin
do chuir ar úaisle bhunoidh,
criobhar glórmhar go ngné ghloin
is imiol lóghmhar lánchuir.



Ro char sé bochtacht a-bhus,
do chuir druim risin díomus;
tá glais ag an umhlacht air
's an dúthracht lais a leanmhuin.



Do dháil sé a dhúil do gheanus,
do throsgadh 's do thréidheanus;
do-bheir déirc go búan do bhocht
's as cluthmhar úadh téid tárnocht.



Go dté a mbrugh niamhghlan nimhe,
sosadh na n-ord n-ainglidhe,
gille gan chumus ar choir,
bile dá ttugus tromthoil.


L. 135


Mo ghéam chumhdaigh 's mo rún é Máol Mórdha,
an ghéag chumhra don lubhghort chráobhórdha,
béidh tré umhlacht do chumhacht na ríoghRómha
fó shéan shúthain a ccúirt na Trínóide.



B 1650-1700c 17L
U Anaithnid
XXVII



Cá bhfúair an tEineach iosdadh,
nó an Úaisle án aithriosdar
baintreabhthaigh ba cían a cceas
rian aitreabhthaigh dá háinios?



Do shirsiod míne Mumhan
's íath Laighean na lonnchuradh
's ní bhfúair in bhandála bhocht
úain a n-andála d'fhurtacht.



Imle Uladh aidhbhle duadh!
is clár Midhe na marcshlúagh
sirid an dá dheirbhshéir dhil
dá ndlighid deighshén d'fhaicsin.



Fochtuis an Uaisle iodhan
don Eineach: "cá háitiughadh
nó céile go ngus 's go nglonn
a-nos a nÉire 'gá n-anfam?"


L. 136


"Do-ríachtsum ó thuinn go tuinn,
a chumhthaigh, is eadh chanaim,"
bhar an tOineach, lí gan locht,
"'s fuireach ní chí 'nar ccumhacht."



"Do-ghéabhthá-sa, is dál dil,
cumhsanadh eidir uaislibh,
's gan meisi do theacht don tigh;
beacht mo bhreis-si do bhruidhnibh."



"Do-ghéabhuinn, níor dhál deacair,
iosdadh eidir oireachtuibh,
's gan tusa do thocht dom ghar,
olc mo chur-sa don chur-soin."



"Gidh eadh, bheós, braithfidh mise
cá ndéanaidh inn oirise,
íath orcharthach na ttonn tte
is trom torcharthach toice."



"Síol Raghallaigh, ríoghdha a nós,
mur théid ós droighean deargrós
téid ós fholuibh úais oile;
gúais dolaidh don deaghcuire."



"Iomdha sgríbhinn is sgreaptra
ag foillsiughadh fírchearta
na n-ánradh ar Fhonn Ealga,
drong is amhra ilchearda."


L. 137


"Fíadhain ar oirbheart a sean,
fíadhain a ngníomh, a ngaisgeadh,
dáil séd is maith gan mhine,
tréd do bhraith gach baidhbhfhile."



"Gonadh uime is dénta ar ndáil
a n-oirear chúanna an Chabháin,
'gon ríoghraidh is trén a ttreas
d'fhíorluigh ar lén do leighios."



"Ní haithne dhamh dhíobh díogha,"
bhar an Úaisle oireaghdha,
"cía an deighbheangán go dron
bhudh deirbhleannán díar ttéghadh."



"An cumhthach is cubhaidh lat
a-tá a fhírfhios agat
a-táimid d'oighreacht ag Áodh
oirbheart ráinig a fhréamhgháol."



"Mac Toirrdhealbhaigh na séud sean,
toghmuid árus 'na aigneadh,
go cclú a bhféile 's a bhfios,
tréidhe dána dú deighmheas."



"Fear gráidh is aobhdha aigneadh
Áodh 's as faoílidh fíorchaidreabh,
Úa Raghallaigh, réidh im ní,
tadhallaidh céim go ccaoimhlí.


L. 138


"Do dhearluig Día, dáil gan ghrúaim,
don chnúasfhlaith cháidh a ccomhúaim,
eagna, óghdhacht is áine,
mórdhacht, eagla olc-cáile."



"Féighfhios a ndáluibh docra,
límheas a los umhlachta,
fuair ó Dhia is dealbh daighfhir;
dearbh gur tríath ós trénbhuidhin."



"Fear fíorchumhdaigh gach rúine,
sgrúdaightheóir na sgrioptúire,
gairmeadh dochtúir dhe is dleacht,
ní fortúin é acht aiceacht.



Fear tagra mur Thuill Sigir,
fear fannbhocht do fhóiridhin,
fear d'úaigh gan déine a ndáluibh,
sduaigh go léire lánchrábhaidh.



"Ceann cléire Chille Móire,
ríaruightheóir na ríoghóighe,
do shíol dá oireacht uile
proigheapt Ríogh an ríoghthoighe."



"Sgaoílidh gan leimhe labhra
ilcheasda gach ealadhna,
Mac Toirrdhealbhaigh, táobh mur chailc,
an chráobh shoidhealbhaidh shonairt."


L. 139


"Éidir dhúinn, ní lén linne,
éirnim fios na fírinne
bheith a ccádhus a ccúil chain
a n-árus an úir iochtghloin."



Tar éis imtheacht na deisi
fúarsad, nírbh fháth aindeisi,
ag an ccrobhaing mbláith go mbloidh
ráith do fhulaing a n-aontaidh.



Sáoghal biothfhada gan bhrón
don chaoímhfhear nach ccan searbhghlór
go ría agus neamh na náomh
ó Dhía don gheal ghnécháomh.



CA BFHÚAIR.



B 1653 17L
XXVIII



Tuireamh Philip meic Aodha Uí Raghallaigh



Mo chreach is mo léun thú, a Bhéul Átha na Cairrge,
tairnig do ré ó thréigis h'annsacht,
beannacht uaim monuar ar h'anmuin
's maith fhuairis, a nuachair Fhearghna.
Ó tá gach olc, gach lot 's gach treabhlaid
fá ghuin cléithe ag claoi do shláinte,


L. 140


ó d'imigh thar lear fear do chabhra
measuim nach taise do bhánbhruit.
Do bhí falmhadh is sgannradh a ndán duit,
ní bhfuil séun le tréimhsi dod leanmhuint,
a phuirt na ccréacht 's na ccéud n-áladh.
Iomdha fear a cceart ré a ttárluis
léar sgar tú, a thrú, go haimhghlic;
ní rabhais riamh gan triath do dhála
do threibh Bhríain mheic Eochaidh armuigh
is Chuinn an tséin Chéadchathaigh chalma
gus an úair-se gur fuagradh thar fairrge
na géuga ba tréine 's ba sgáth dhuit;
do réabadh a bhfréamhach 's do tairngeadh
ó h'édan ghléigheal go tráchtchois.
Is cosmhuil leat, a bhean gan chaomhthach,
gur chlaon do chiall 's gur fhíar do náire
's gur iadhadh ré siabhradh do dhá rosg.
Do-rinnis mallrait is sgarmhuint mheallta,
do-raduis ór ar shórt sdáin bhrais,


L. 141


tuguis h'each ar thaisi gan tairbhe,
do thréigis do chéile gnáthach;
óinseach gach óigfhir do láthair,
is cuma leat cá fear re a ttáthair,
is geal gach nua in do chluain ag fásughadh;
ní bhfuil éifeacht d'éinneach do cháineadh,
a mhéirdreach nach saoghlach at adhbhaidh
gach óigfhear dár phósais ré dánacht.
Do-rinnis fáríor gníomh bocht cráite,
an fhuil uasal ó Chruachain Mheadhbha
do-raduis uaid, monuar, ar Ghailltreibh,
ar fhuirinn sheachtair do chreach do chlár-sa.
Ó a-taoi fá bhrón gan dóigh chabhra
tar éis Heactoir nó Slainighnor
is tusa an Traoi gan bhrígh an do mheanma;
tar éis Chon Chulainn is Chonuill Chearnaigh
samhuil dod mhúr-sa Dún Dealgan;
tar éis Fhinn go tinn támhlag
is tusa ceó fóid na hAlmhan;


L. 142


is tú an Chraobhruadh gan aonluadh áigh ort,
nó as tú Cruachain gan nuachar dála
tar éis Oilill mhóir mheic Mághach;
is tú gan Art faithche na Teamhrach
gan chuirm, gan cheól, gan ghleó gháibhtheach;
is tú Tailte go foirfe fánghlas
tar éis Néill dá ngéilleadh Banbha;
as tú truth na n-ochán n-adhbhal
a ngleann na ndeór ba dóigh dáimhe.
Cár ghabh do thríath, cár thriall do bhantracht,
cár ghabh h'eachradh, do mhacradh, do bhárda,
do chraobh chiúil, do lúthlucht seanma,
do dhuanta, do dhúais gan cháirde,
h'ól fleadh is do ghreagh dána,
do chlíar chiallaidh is t'orda bráthar?
Dún na sagart is dún na mbráthar,
dún na mban mbocht is dún na ngárlach,
dún réitigh éigse na Banbha,
dún na mban n-uasal fá thuaith na spairne.
Fá mhac Aodha, an laoch mear láidir,


L. 143


do ghunnaí, do thrupaí gan áireamh,
do mharcshluagh do chleachtughadh lúith láimhe,
do lannsaí, do champaí, do ghárdaí,
do lanna líomhtha, do mhaoithshról snáithshlim,
do lúireach líneach, do sgiath bháinbhreac,
do chraoíseacha righne dár bhuidheach badhbha,
do dhún gan diúltadh, gan daidhbhrios
a n-a riarthaidhe cliar na Banbha.
Rug Philip ar imeirce a thraithe
gach ar chanus do mhaithios na talmhan
ar a chuairt go cuantaibh na Sbáinne
is d'fhág Éire a n-éincheis támhlag
mar choin ar fualang 's a cúan ag sgeamhluigh,
nó mar mhnaoi d'éis fagháil fir a náire,
nó mar Fhearbhlaidh fá Chearbhall Ó Dálaigh,
nó mar Éimhir d'éis a caomhthaigh,
nó Deirdre fheillghníomh na hEamhna.
A-táim fá bhrón fár chló m'áineas,
gan dúil feasda le haisiog sláinte;
mo threaghda ní théid a ttráighe,


L. 144


ní sguirfidh mo shúil do dhrúcht bháite;
beud rem ré an méid nach ttáinig
mar oigh n-allaidh ar bhfairrid fásaigh
ar mbuaint a laoigh dá taobh thárnocht,
nó mar Oisín ar coigcrích gan cháirdios,
mar Chathbhaidh fá mhacaomh na Tána,
mar Thorna do lot fá Chorc mar thárla
fá ua Sheáin, tréan ánradh,
ceann iarsma na Raghallach n-ághmhur;
go mairfinn fá shéan d'éis an árdfhlaith
ná saoileadh neach dár sheas ar talmhain.
Seabhac na ruag ó bhruach Leamhna,
iolar na n-én an tréun gan táir air,
ar bhfiadhuidhe sgiamhach ghríanchnoc Ealga,
searcgrádh síthe Aoife is Áine,
cuileán úr do chrú ghlan Chairbre,
buachail bó ó Bhóinn go Bearbha,
aithghin Ovid, Homer, agus Matanus,
do bhí 'na mhuirnín ag nuinnsius a' Phápa.


L. 145


Ar ghrádh Dé, ar chreideamh, ar cháirdios
níor chlaon ré haoinneach don Ádhamhfhuil;
ar aonsdaid a thréartha go gnáthach,
mar do bhí seasamhach a ccreideamh 's a ccrábhadh.
Fuair clú mar is dúthaigh gan táir air
ó chrích Saxan, Breatan is Alban;
ó rí Franc fuair geall na Banbha
ar iocht, ar eacht, ar gheall, ar chainntibh;
fuair go haoibh ó rí na Sbáinne
muirn is onóir, comhól is cádhas,
nach bhfuair aoinneach don chraoi-se Chearmna
ó d'imigh Ó Néill nó séun Síl Dálaigh.
Is iomdha 'nocht fá lot na ndearnann
ó Chiarraighe go grían Creige Fearghuis
mná uaisle gan nuachar dála,
mic léighinn, éigsi is aos dána,
is treabha aosda nach saoghlach a-márach,
ar seachrán, ag gearán, ag gárthaigh,
do-gheibheadh gach seód ba cóir dhá samhlaibh
ó Philip, is gan t'fhilleadh ón adhbhaidh,


L. 146


gan fear dá bhfiafraighe 'san Iath Fáil-se
ó sgar an Bhréifne réna céile gnáthach.



MO CHREACH ET MO LEUN.



B 1698ls 17D
XXIX



A bhaintighearna Mháire, a bhláth na Raghallach n-úr - ar
mhéin,
a ghlan-íarsma an chrábhaidh, a bhárr na maighreach mbúidh - go
léir,
breac-bhriathra maghnuis as lár mo sheilbhe chúibh-si féin,
glac íad gan tár ód bhráthair dhéin nach dúr - is déin.



Glan-bhriathra cáich gan tráth gur dheirbhis dúinn - mur sgél
gur geal-mhíanach táith as ceardcha Dhéirdre thú - 's ar mhéin,
a bhaisniamhdha thláith gan chnáimh is meirbhgheal snúdh - do
mhéir
nach gabh iasacht tána ó dháimh, gan cheilg, gan chlúin - gan
bhréig.



Do cheart-ríaghla fáidh gur sháruigh ar Meidhbh-ne i cclú - 's
a sgéimh
an chas-chíabhach fháinneach chabhlach dhréimneach dhlúth - go
féur;
gur fad-bhliadhnach slán gach tráth do dheilbh-si, a shiúr - ar
bhéim
ó lag-fhiabhrus bháis, ó phláigh, 's ó threaghdaibh crú. $Amén.


L. 147


XXX



'Sí Máire chaomh, an tsáor Ní Geochagán tséimh,
an mhánla mhín is fíor gur follus-bhreaghdha sgéimh;
gér shásda shaor an Dido is solus-mhná Grég
do sháraigh í 's na mílte ar bhronnadh-dháil séud.



'Sé ráite fíora a gríosghuib na bhfocal sáimh séimh
do chráidh go díon mo chroídhe 's a cochollán faon;
is gránna dhíbh-se, a naoidhe-si an bhrollaigh bhláith shéimh
ag dáil dom chlí-si síorghuin nach ttobhair tráth éug.



Ó bhán do líthe, a shaoithbhean, is corrachthláith tréith
le bás do bhím-si, dídin is cobhair tráth mé;
grása Chríost dot dhídion, a shocarghrádh daor,
a Mháire, ar dhíth, ar chlaoi, Ní Geochagán tséimh. $Amen.



B 1715 18T
U Tomás Mac Cléirigh
XXXI



Tomás Mac Cléirigh .cct.



Do chaill an Cabhán a bhláth
is ní bhiaidh go bráth fó aoibh
ó theastaigh urra na ndámh
ba neartmhar lámh agus gníomh.


L. 148


Uí Raghallaigh na ccath gcruaidh
do-bheireadh buaidh in gach áird,
a-táid anocht fá ghruaim,
is creididh uaim nach gan fáth.



Bás mic Seaán na n-each luath
tug an ghruaim-se a nInis Fáil,
laoch mar leómhan a ttús shluaigh
is fear mar uan léna dháimh.



Fear mar Mhaoise a ngrádh Dé
nár char spré léna bheó,
fear mar Naoise a ccruth 's a sgéimh,
fear nár ér neach fá ór.



Samhuil Osgair a ccath chruaidh,
samhuil Guaire ag bronnadh séd,
samhail Chormuic agus Airt
ag seasamh cirt do mhaithibh Gaoidheal.



Cá bhfuighe sgoláir táille,
cá bhfuighe bráithre anáir,
cá bhfuighe traibhléir fáilte,
cá bhfuighe bantracht teasbháil?


L. 149


Cá bhfuighe díleachta dearóil
cabhair ó anshódh an Mhárta,
cá bhfuighe an uaisle athóil
ó seannóid go teagh Teamhrach?



Is iomdha bochtán gan bhrígh
ó do-chuaidh an laoch 'san uaigh
gan éadach, ar beagán bídh,
ó Bhóinn síos go hEas Ruaidh.



Cúig déag, míle, seacht ccéad
aois Mhic Dé mar dearbhthar linn
go bás Aoidh mhic Seóin na séad;
creach na ccéad é 'dhul a ccill.



Tug Aodh searc gan stad do ghrásaibh Dé,
's a-riamh nír chleacht acht ceart don truagh, don tréan;
do sgaoil a mhaith a bhfad ar nós na nGaoidheal,
is le dianchur catha chuir smacht ar a bhiodhbhaidh féin.


L. 150


B 1720lsc 18T
U Anaithnid
XXXII



Lá dá raibh Ruaidhrí ag tóruigheacht chreach
ar fhearaibh Bréifne na ttréineach
ag dol dó go fíochmhar teann
siar tar Sheanbhaile na n-árdchrann,



D'ionnsaigh é go rangach stuacach
cailleach Raghallach ghealghruagach
le cuigéal chruaidh bharrsgaoilte righin
do mhaide feóighe dubhdhroighin.



d'éighimh Mág Mathghamhna do ghuth fhann:
"Fóill, a chailleach!", is tharraing sé a lann;
d'éirigh fíoch agus meanmna na caillighe
gur thuargain sí Ruaidhrí gan osadh gan fhaillighe.



Fear don aicme ar a náire
d'fhuagair ar Mhág Mathghamhna lé hárdghuth:
"Mo thruaighe ariamh thairrngios a lann
ar chailligh is ar a lámhchrann."


L. 151


"Cuir as-teach do chloidheamh meirgeach
do thairrngis go mear mí-thuigseach";
"Fóill! Fóill!", airse triath Oirghiall,
"go ttréigfidh an chailleach a cruaidhchuigéal."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services