Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Iomarbhágh na bhFileadh II
Title
Iomarbhágh na bhFileadh II
Author(s)
Mac Bruaideadha, Tadhg mac Dáire,
Compiler/Editor
McKenna, Lambert
Composition Date
1604
Publisher
(Londain: I.T.S., 1918)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ní breith orm do bhreith a Aodh. Tadhg Mc Dáire cct. Ní breith orm do bhreith a Aodh do nochtais t'aigne d'aon-taobh teacht faim cheann do léigis ris ní breitheamh thú acht fear aighnis. Dá dhearbhadh nach é as mheasa ní fhuighe-se im aighneas-a a bhfuair mé i dtagra Torna ná a luach d'éagcóir agallmha. Go mbé a mhairg don tí as chionntach re heissíodh d'adhnadh ionnta triall éigceirt i nglór nó i ngníomh ós é adhnas gach éissíodh. Tús gníomh n-éigceirt do dhéinimh maoidhtear libh le goin Éibhir tús éigceirt briathar a-mach do thionnsgain Niall mac Eachach. Ní cúis do dhul fá chéile don dá dhreim dár dhual Éire fios a gceirt féin ag gach fhear nó fios soi-ghníomh a shinnsear. Gidh gur throidsead a sinnsir rompa fa Éirinn innsigh ní throidfid uaisle dom chead go bhfionnaid créad fá dtroidfead. Anaid na huaisle go ciúin go bhfuighead uainn fios a n-iúil Faobhar a sleagh ná a lann nglas ní hiad na hairm don tseanchas. Ós ar lorg dána an bhráthar atá an glór sin id dhán-sa tugtha dhamh na aghaidh soin cuid dom fhreagra ar an mbráthair. Acht go labhrainn go ceart fíor is tabhairt ughdar dom dhíon níor mhaith an teisd ar chloinn Chuinn sgáth fam ghlór do chur oruinn. Ní héin-neach dá ndeachaidh soir fa heolach sa tagra soin acht sibh-se an drong atá i bhfus ghabhas do láimh an t-eolas. Ag sin agaibh cead freagra anois gan sgáth gan eagla 's gan ní dhé do chur ar gcúl muna mbeith cóir dá chlaochlúdh. Iongnadh an cúis náire a Aodh tagra fheasach gan bheith claon do thagras ar cheann Mumhan nach tig dhíbh-se a bhréagnughadh. Níor mhisde an fhírinne riamh follus don druing do char Dia beag bhfoirne dá síoladh soin mórán puibleach na n-aghaidh. Ní meath orm-sa an chóir do ráidh do chosg iomad labhra láin 's do dhíorghadh seachráin fa seach chuirthi-se i gcluasaibh puibleach.
Aithcheodh na leabhar go léir ní triallta do neach fan ngréin triallta do neach dá mbadh eol gach ní badh ainbhfíor d'aithcheodh. Aithcheo a mbiadh na mbréagaibh dhíobh cothughadh gach neith bhadh fíor fearr d'fhior ioná bheith ná thosd 's a mbeith lé chéile i gcomosg. Díoth eoluis fa-deara a rádh go bhfuil seanchas cam im dhán slán a shuidhighthe orm d'fhior agaibh d'uasal ná d'ísiol. Is dearbh gur léigheas díobh sin ní as mhó ná mar as mhaith libh dearbhadh ar a léigheadh dhamh toghaim cruithneacht is cogal. Dá ní as lia ar a mbí dearbhadh gach ní neimh-dhearbhtha neamhghlan na leabhair na dteagmhaid so eatorra do ním togha. Cosmhail nár léigh tusa féin na leabhair áirmhe go léir cuid dá gcuir bhar ndáil na n-ucht is í an taidhbhse gan tábhacht. T-iomad leabhar t-iomad naomh do shlán as a n-ucht ar aon im fhreagra idir Niall 's Corc fa bhréagnughadh a ndubhart. Ní fiú allghlór an tsaoghail bréag do chur ar na naomhaibh ní fhéadfa a thaisbéanadh dhamh an bhreith cáit cia lé rugadh. Dar liom a Aodh 's é as náir tógbháil móir bhfiadhan ar dáil 's gan a bheag díobh do theacht leis i n-am cruthuighthe an aighnis. Ní chreidim-se sin go mór acht mar chuid eile dod ghlór diomdha an dá thaobh thuaidh is theas cuirfead oraibh go hoircheas. Diomdha na dtuigfead d'fhuil Chuinn bíodh oraibh fam fhreagra thruim óir ní orm-sa bhias a throm fa bhuain dom aim-dheoin asam. Sliocht Oilealla móide a searc dom bheith ag dídean a gceart is nochtadh a soi-ghníomh soin múchtar libh-se na n-aghaidh. Mar sin fós nach creidim uaibh binneas im ghlór don taoibh thuaidh ní dearbh leo is ní dearbh dháibh clódh nach fuil aca d'urláimh. Ní bristear orm le bagar ní bhiodhgaim lém dhíubhragadh le harm arab eolach mé ní as mhó ná fear mo chaithmhe. Más dearbh leat briathra dom chlódh amhail chuire amach id ghlór dar liom ní maith an mhalairt cur do chuirp i gcontabhairt. Cúis seanchais do chur ar arm ní ciall do neach nach biadh balbh cosmhail go dtuigthear as soin gur sgar do dhóigh réd bhriathraibh.
Na leabhair sin labhras sibh tuigidh ar aird má táid libh riú bhaineas bríogh ar seasaimh is iad airm ar n-imreasain. Dúthchas re gaisgeadh a Aodh atá agaibh as bhar ngaol ní bhéarthaoi a ngeall i ngníomh gha Murchadh Eoghan Lugh Lágha. Dóigh gaisgidh do neach dá fhréimh níor dhéanta dhuit asat féin an tobar ór shil an sruth ní hé as dhóigh do bhiadh folamh. Mar mhaoidheas tú saobh an nós oirne an t-éacht nach dearnais fós gach masla nach bia ar do chur ro-luath mhaoidhe léd bhagar. Dá mbeath an ní láimh ar láimh idir Eoghan is Conn cáidh ní iarrfadh Conn air ré linn braon dá fhuil ná a chuid d'Éirinn. Muna mbeath a shluagh leis go léir níor shlán ó láimh Eoghain féin gion go ráinig na hairm ann Conn agus Goll is Conall. Ag soin na briathra searbha chuireas d'aimh-dheoin mo mheanma dá bhfreagra mar as éigean mé do labhra a leithéideadh. Dá ndearna orm am tualaing maoidheamh éacht ar a ngualainn gach neach le mbadh doi-bhinn so oruibh-se as chóir a dhiomdha. Tuig gurb é an díol sin labhra thugsad clann Éibhir amhra gér liach a bhuain don deagh-fhóir ar trí macaibh Éireamhóin. Is é an díol soin shloinnim daoibh thug ar Fhollach lámh Chonmhaoil tug an díol céadna cneadh throm Eochaidh Faobhar ar Smiorghall. An díol céadna-sa a los gliadh mac mhic Éireamhóin Eitrial dá dhúsacht níor dhulta dhaoibh fuair ó láimh chosgraigh Chonmhaoil. Eochaidh Mumho tolg tuinne tug ar Fiachaidh Labhruinne bhar rígh Éireann go n-aoibhe an díol céadna comhmaoidhe. An díol céadna cruaidh an bhreath tug an fhlaith Eanna Airgtheach ar bhar rígh Éireann iar soin dárbh ainm Aonghus Ol-mhuchaidh. An díol céadna céim díoghla ar bhar rígh shochruidh Síorna mar leantar lorg an chleachtaidh tug ar rí-ne Roitheachtaigh.
Bhar rí Éireann aithne dhaoibh Giallchaidh mac Oilill Olchaoin an díol céadna sgéal do leath tugadh air le hArt Imleach. Bar rí oile bhar mbarr ráidh dar bha hainm Nuadha Fionn Fáil fuair díol a mhac-samhla sin le Breisrigh mac Airt Imligh. A-déaruinn go mór ní as lia acht nach leanaim air níos sia olc liom do bhriathra dom chur do luaidh a leithéid d'adhbhar. Briathra nach briathra séimhe cúis cuirthe cáich fá chéile uaibh-se a dtuaidh triallaid soin éigean freagra na n-aghaidh. Ní fuighthear id leabhraibh libh ainm aon duine d'fhuil Éibhir do mhionnuigh an mhóid labhra fa mhaitheamh a n-athardha. Sompla ar nach tugsad luighe Meilge mac mhic Iughoine rug rí d'fhuil Éibhir dhé a cheann mar aon is ríoghacht Éireann. Rí gach éin-fhear maith an iocht feadh sé nglún na dhiaidh dá shliocht gan agra i gcás luighe 's gan cead d'aicme Iughoine. As soin as tuigthe do chách nach éidir gur fíor a rádh gur dh'ísligh fuil Éibhir Fhinn do shíol Iughoine i nÉirinn. Níor sháith d'Iughoine d'eighre rí do roinn leath a sheilbhe re comh-fhlaith tar chlár a-nonn 's nach coisgfeadh ainbhreath eachtronn. Na flaithe uaibh do níodh sin níor sháith d'Iughoine d'oighir má deire nach fuilid ann do bhéar uaim fios a n-anmann. An rí deire Dia dhá dhíon fada go léigfinn duit díom d'fhuil Mhaine Leamhna mhic Chuirc Leamhnach Alban go hordhuirc. Linn go hiomlán gan buain ruibh do thaoibh a athar a fhuil muna leantaoi iar máithribh soin comh-fhogus dúinn a mháthair. Mairg dhuit a Aodh nach cumhain leat ar labhras le Lughaidh im cheann Fiachaidh Fir mara is fa choimpeart Chonaire. Cuid do na críochaibh ráidhe d'fhonn críoch do chur id tháille ní do shíol Iughoine a-nos a n-uaisle sin go follus. Déisigh Músgraidhe is Baisgnigh a n-anmanna ré gcloistin is é a bhfuil dá ngaol uile anois le sliocht Iughoine. Fíor gur threabhsad uair oile an sliocht shloinne ó Iughoine na críocha soin luaidhtear libh ar throim-chíos ó rígh Caisil. d'eagla nach creididís cách gur fíor an glór soin ré rádh do bhéar fios a gcíosa soin mar do sgríobhadh i leabhraibh.
Cíos na nDéise trí céad brat trí céad agus leith-chéad damh trí céad go leith muc go meadh trí céad is leith-chéad loilgheach. Cíos na mBaisgneach is é a ríomh trí caogait da gach short díobh mairt daimh is méath-thuirc breaca is loilgheacha lán-lachta. Músgraidhe Deas-Mumhan thiar trí céad bó trí céad damh ndian trí céad brat a gcíos cána do rígh Chaisil comh-shlána. Seasga loilgheach seasga brat seasga muc is seasga mart cíos ríogh Chaisil na gcuire ó Músgraidhe Órbhuidhe. Trí céad da ghach sort díobh mart brat loilgheach badh lór líon trí céad go leith torc mar sin cíos na Músgraidhe oirthir. A fhir do ní taidhbhse thuaidh a los críoch do sloinneadh uaibh treabhadh críoch ar chíos mar sin dom aithne ní cúis maoidhimh. Do bhádar linn san taoibh thuaidh críocha mar sin sloinntear uain Cuircne Dealbhna gan lochta Gaileang Luighne Ciannachta Sul do chéid-bhris cuing a ngaoil síol Laoghaire is Cobhthaigh Chaoil comhthrom is iomáin a sean do bhain ar fhás ó Éibhear. Lia rígh tháinig don taoibh theas lia a soi-gníomh badh cóir a mheas do rónsad na rígh ré linn lugha d'olc do bhean d'Éirinn. Níor choisgsead Laighnigh díobh féin neart na Muimhneach ba mear méin dol ré gcosg do chlannaibh Cuinn fa feidhm ós cionn a bhfuluing. Coimhmeas airde idir naomhaibh níor mhol mé i gcúis an tsaoghail fios cia dhíobh as airde ar nimh ní fhuil ar talmhain thoinnghil. Acht gairm Ard-mhacha go mbuaidh tré theacht Pádraig ar dtús thuaidh féach cá ceall gá dtiubhradh fear gairm chinn-litre tar Chaiseal. Más iad t-ughdair léd rannaibh t'éighis anois 's an-allain mór an toibhéim ar a bhfios a gcluintear uaibh-se d'ainbhios. Gach ar labhras ima raon ar an dá leith-sin a Aodh fa hé bríogh ar labhras ann dá chur i gcéill nárbh ionann. Séanaim do bhéar bunadh ris an glór sin labhra i riocht fis do bhéar uaim dearbhadh gur mhair an roinn níos sia ná bliadhain.
I dtreas bliadhain ríghe Cuinn tarla Éire do roinn ruinn cúig bliadhna déag na dhiaidh sa moch-amus Maighe Léana. Bíodh go bhfuil ré léigheamh libh ní i nbhar sdair na aghaidh sin ós é a cheart coimhéad na bhfios córa creideamh don oireas. Do ghéabhthar uaim ní fios díosg i n-am na ranna aois Críost i gcairt ionmholta fhollais is aois trátha an mhoch-amuis. Teachta Chuinn ar dteacht ar séad gibé fáth fár thuillsea éag fógra catha san madain re hEoghan níor labhradair. Mar sin nach oircheas cath d'ionnsaighe Chuinn ciabh na sgath i gceann Eoghain na gcuradh 's é na shuan gan ollmhughadh. Níor thriall mise táinseamh riamh ar shíol gCuinn na gcroidheadh bhfial acht tagra ceart dhá gclódh soin éagcóir glór gach aoin agaibh. Gibé táinseamh thig dá thaoibh gach freagra do bheirim dhaoibh sibh-se as chiontach re buain ris ní dom dheoin thigim thairis. Gidh fogus bhar ngaol dóibh sin d'éis gach saobh-ghlóir dá gcan sibh ní nár do mhaithibh Muimhneach gan tú orra id chomhairleach. Ní im leith-se ba churtha bréag acht i leith cáich uaibh nach féad bar nglóir do bhreith go bunadh badh bun cóir re cothughadh. Ní abraim ní hionrádha dhamh ní acht do réir leabhar nglan dod nós féin ní fhuighe im beol ughdair nach ceisd a n-aithcheodh. Madh áil leat mo bheith im thosd is é a dhéanamh sibh do chosg do mhóir-bhriathraibh ar bheag bhfis ag tagra i n-aghaidh oirchis. Lughaidh Torna ar dhoimhne a bhfis leasg leo buain acht go séimh ris sibh-se an taobh tana don tsruth uaibh do chluintear bhar dteann-ghuth. Torna is Lughaidh fa leasg dhóibh bheith ag tagra neith ón gcóir sibh-se 's an drong nuadh ag teacht cuma libh ceart nó éigceart. T-athair is Lughaidh a Aodh ní ar sgáth a máithreadh ar aon téid díon onóra an taoibh theas ní hé a gcosnamh bhar gcairdeas. Éisdeacht do neach do badh ciall re glór nach ró a fhios go grian gomadh feas dó créad an chóir ní fheadair créad an éagcóir. An bhreis mheasaid cách do rígh ón lucht bhíos ré linn i dtír dá ndeachainn a meas orra ní shéanaim í eatorra.
Do bhí ag Conmhaol breis mar sin ó bhar bhFollach ór fhás sibh 's do bhí aga mhac Eochaidh barr ód Sheanbhoith is ód Shmiorghall. Do bhí dá bhféachthá ar gach leath breis mhór ag Eanna Airgtheach tar an tí ór fhás tusa dárbh ainm Maon mac Aonghusa. Do bhí breis mar sin ré linn ag Roitheachtaigh 's ag Féidhlim gidh searbh leat a sloinneadh dhaoibh ód shinnsear Oilill Olchaoin. Macsamhla don bhreis chéadna do bhí ag ar sinnsear Séadna créad fá n-iarrthar orm a rádh ó bhar n-athair-se ó Aodhán. Mar sin do bhádar a Aodh gach rí againn ar gach taobh mar nárbh iongnadh ag breith ghill ó mbíodh ré linn i nÉirinn. Tugas ceirt-fhreagra cubhaidh i gcás Tuathail ar Lughaidh ós aon-chúis labharthar libh is éin-fhreagra dhíbh dlighthir. Maoidheamh Conaire is Cuinn mar do níthí druim ar dhruim gár bheag dhaoibh dá maoidheamh soin thú féin a Aodh nó Lughaidh. Cuiridh bhar maoidheamh mórdha na luighe ar dhaoinibh ónda aithne dhamh réim na feadhna a mbáis is a ngeineamhna. Dámadh libh Eanna Airgtheach do bhronnadh mór sgiath d'airgead cosmhail go maoidfeadh sibh soin nó an drong a-déar im dheaghaidh. Ó nach áil sgur dá maoidheamh sloinn-se uait d'uaislibh Gaoidheal na gníomha a ndearnsad ré linn sochar ná onóir d'Éirinn. Muineamhón na muincheadh n-óir nó an t-ór-fhailgheach Ailldeargóid do thuill onóir dá sleachtaibh nó an roth-chairptheach Roitheachtaigh. A maoidheamh do b'fhiú a ngníomha nó Breisrigh rathmhar ríoghdha dá ndiongbháil tar bhroinn mbóchna tug iol-chatha ar fomórcha. Nó Cas do chumhdaigh caingne filidheacht gacha buidhne nó fear na bhféineadh d'fhosdadh Séadna ar dtús thug tuarasdal. Nó Eoghan do fhóir gorta nó Brian lér díbreadh docra méad a ngníomh soin féachtar libh ón droing ataoi do mhaoidhimh. Ní labhraim gabhail coire gidh eadh fa bhreith a thoile rugadh géill Chormaic go a thoigh le mac Eoghain le Fiachaidh.
Cormac acht cuid dá labhra ní hinghill d'uaislibh Banbha gar go bhfuighthí a dhí-mhiadh soin i gcuid oile dá ghníomaibh. Tuigfid an lucht léigheas é leigheas Lughaidh 's Taidhg mhic Chéin iar gcath Crionna le hua gCuinn nach glór gan fháth a n-abraim. Dearbhadh as a dtuigfid cách nach glór gan adhbhar mo rádh do ghéabhthá má léaghthar lat tagra Fhíthil le Cormac. Gach ar thriall na thoigh gaoise d'inntleacht fa hinntleacht baoise níor ghníomh flatha inghill soin a gheall ainbhreath ar Mumhain. Gach ní ainbhfíor dár léaghas a mbunadh mar do fhéaghas ní díobh ní droch-aithne dhamh do ním rém aighneas bunadh. Ní bhíom dá cur i bhfad-dháil duain Cionnaoith Uí hArtagáin don ghlór sin ós í as bhunadh lór í féin dá bhréagnughadh. Muna meastaoi Cairbre a-mháin ar mbeith na mhac ag flaith Fáil ní raibh i nbhar dteaghlach thoir éin-neach comhmaith re Fiachaidh. Moladh budh mhó réd linn féin tug fear dána ar fhear d'Íbh Néill mar sin nach cúis iongnadh dhuit file do mholadh Cormaic. Do bhris Fiachaidh fada an ruaig cath ó Ghláire go Sliabh Fuaid do chosg bhar n-ainbhreath-se dhé do stiúir go sámh a ríghe. Gidh ard labhra do theann-ghuith nach fríth i Saltair Caisil do ghéabhthaoi níor dheacair dhí ní innte gan fhios duit-se. Ní mheastaoi-se ar rígh mar rath acht buar toghail adhnadh cath ní mheastaoi a mbí do mhaith idir thár-fhlaith is fhíor-fhlaith. Don tár-fhlaith is eadh as ghnáth ruagadh ruathar gach ré dtráth claoitear é agus claoidh neach a ríghe ní sámh suaimhneach. Fíor-fhlaith ní déantar dhé dóigh ní dhóighidh sin neach tar chóir ceirt-riaghladh a chríoch mar soin dá réir sin do níodh Fiachaidh. Gach siabhradh dár trialladh ann ós é bhar gCormac-sa thall do thionnsgain é misde a bhladh do bhris dá ruaig dá shiabhradh.
Criomhthann rí d'fhuil Éibhir Fhinn do chuaidh roimh Niall soir tar linn dá dtug leis anoir dá thoigh maoine bráighde buaidh cosgair. Ar aithris Chriomhthainn go lí do chuaidh Niall soir is Dá Thí ní thángadar beo tar ais níorbh ionann a dtrí turais. Muna marbhthaoi do neimh féin Criomhthann le mnaoi athar Néill ní bhiadh Niall i bhfus ná thoir ann san oirbheart a ndeachaidh. A Aodh cá fáth fá maoidhe Conall Eoghan go saoire cá breis rugsad ón dtaoibh theas féach a ré is a reimheas. Na sochair iomdha áirmhe do rinne ar dtréin-shliocht Táil-ne deacraide dhaoibh coimhmeas rinn maith nach dearnadar d'Éirinn. Triath d'fhéin Danar ar gach tuaith loingeas uatha ós chionn gach chuain maor 'sgach bhaile ab 'sgach chill gur sgrios Dál gCais iad d'Éirinn. An seanchas do labhair mé ar dhruing ria dTorna is Néill teacht tar druing mhaireas a-niogh mar fhreagra dhomh ní dlighthear. Súil lém bhreith aith-fhreagra truim áirmhe saoir-ghéaga clann gCuinn dá dtíosadh as aon-ghlór uilc níorbh í m'inntinn a fhóbairt. Ós é an seanchas fios na sean is í a gcuimhne dhíom dlighthear is ní coimhmeas drong mharas dá mbrosdúdh i bhfaltanas. Ar áireamh ní fhághaim blas d'eagla buaidhreadh do theacht as na géaga mhaireas a-niogh d'fhuil an dá mac-soin Míleadh. Aithne d'eolchaibh Fóid Fhéidhlim fios clann nÉibhir fo Éirinn dá leantar a lorg tar muir níor dearmadadh iad i nAlbain. Binn liom-sa gach maith dá mhéad do rádh re sliocht Cuinn na séad acht nach chuige a-déarthaoi sin do tháinseamh fola Éibhir. Na frasa ó n-ainmnighe Niall nár liom mar eolus uait iad ní hiad-sin na frasa fagh 's ní i bhflaitheas Néill do fearadh. Níor fearadh fós ar gach dionn na frasa mar ráidhe riom acht fras d'fhuil is fras do mhil ar ghleann Laighean ar Fhoithin.
A-deirim fós gur chríochnuigh flaitheas sé ríogh dod ríoghraidh ó chur na bhfras sin ad feas go teacht do Niall i bhflaitheas. Cúis ainmnighthe Néill Fhrasaigh oidhche cora na bhfras-soin Niall is innte do geineadh 's é uatha gur hainmnigheadh. Dubhadh éasga na cúig déag meas it aigne féin is féag tarla i dtráth na bhfras do chur an é fuair é mar shochar. Mar sin nach déanta acht go réidh maoidheamh mór a frasaibh Néill ó nach sa modh maoidhtear libh fuair sé ainmniughadh uaithibh. Ughdar mór agaibh-se thuaidh bliadhain do chuala cian uaibh ughdar oile a shamhail soin áladh baichle i mbonn Eoghain. Tagra a hucht ughdar n-amhghlan nach amais préamh na n-adhbhar mairg bhíos i dtráth an chosnaimh taobh re díon na n-ughdar-soin. Tuig gur ghlac Aonghus gan chiaigh tuarasdal Murchadha mhic Bhriain níor mheadh Murchadh dho mar chuing 's níor mheadh do Bhrian Maoil-sheachluinn. Acht gér dheacair geall Guaire ar dháil séad do bhreith uaidhe ní faighthear leat a chara oineach mar fhuil Eochadha. Mar fhéacha ar do shinnsear féin Éigneachán go n-aigne séimh créad nach tugtar leat mar sin súil ar Cheallachán Caisil. Nocha n-aicthear dhuit-se a Aodh tug th'aire nach amharc claon maith ó neoch fo neithibh acht ó neoch dot shinnseiribh. Dámadh seanchaidh a-déaradh do bhéarainn air a shéanadh mar dearbhthar libh-se nach fuil dár ríoghaibh acht seacht gceathrair. Ar son seacht gceathrar do luaidh dhamh-sa ní beartha dhuit uaim nach féadfainn ní do chur ris fáth mo labhra níor thuigis. Mo fhreagra is an gcás soin ar Lughaidh 's ar an mbráthair saoilim dá léighe tú soin gur lór uaim é ar do ríoghraidh. An t-ughdar ó labhra an glór ós í sin an Éire ógh mór ndearbhadh na haghaidh sin i nGaoidhilg is i Laidin. Atáid liom fiadhain i gcéin as fhearr 's as lia ná í féin as a n-ucht soin mar bhunadh téighim dhaoibh ré bhréagnughadh.
Do ghabhsad rígh nach iad sin Éire iar dtoigheacht creidimh do réir fiadhan ughdar nglan nach tiocfadh dhíot-sa a ndiúltadh. Gibé do bhiadh na n-ainbhios na rígh labhraim im aighneas fios a ré 's a n-anmann soin do ghéabha im fhreagra ar Lughaidh. Taosga m'Eochaidh m'Airt m'Fhéidhlim romhaibh na ríoghaibh ar Éirinn dearbh nach fuair an inis-se gairm tarrsa ó bhar bhfuirinn-se. Do bhréagnughadh a n-abra gion gurbh fhiú an chúis a tagra gairmthear ór ríoghraidh mar sin Banbha Briain Inis Éibhir. Anmanna ghairmid fili mar fhairsinge dá slighe mó as anbhfann an tagra soin mar aighneas ceart ar dhúthaigh. Do nós an dána a Aodh ós aos dána sinn ar aon do fhéadfainn dámadh áil linn Tír Aodha do ghairm d'Éirinn. Mór an seachrán sin a Aodh mar as ghnáth an seanchas claon ní i dtreas aois an domhain duibh do rinneadh teampall Solaimh. Mó do roinnsead bhar rígh féin tháinig romhaibh do shliocht Néill Banbha ionás do roinn Brian ní ná fhlaitheas fuair dí-mhiadh. Níor díbreadh síol Mogha riamh libh-se aicme Chuinn na gcliar gach tráth nár leo thall 's i bhfus ba leo an Mhumha a ndúthchas. Fa rí Mumhan na múr gcorr mac Mogha Oilill Ólum rígh na dhiaidh a mhac 's a ua a iarmhua fós 's a ionnua. Mar sin dá shíol diaidh i ndiaidh go teacht Chriomhthainn go teacht Bhriain cuid ar Mumhain na magh bhfionn cuid oile ar urmhór Éireann. Iar dteacht Chriomhthainn iar dteacht Bhriain iar dteacht Toirdhealbhaigh ná ndiaidh iar dteacht Mhuircheartaigh go n-ádh fa leo Éire go hiomlán. Mar sin gur follus an bhréag ceithre fichid ceithre céad gur díbreadh sliocht Mogha amuigh libh-se síol gCuinn Chéadchathaigh. Do díbreadh ó thoigh Teamhrach sibh 's bhar gCormac móirmheadhrach muna mbeith bhar bhfurtacht rinn ní bhiadh bhar mbuain re hÉirinn. Do fhóireamar dána an chuing sibh trér ngaol re hinghin Chuinn tar bhar gceann ar gcur trí gcath nár thuitsead trí rígh Ulltach.
Do haithleagadh bhar gcríoch féin daoibh le Lugh 's le Tadhg Mac Céin olc an luach fuairsead air soin cur daoil is cuilg na gcneadhaibh. Má bhí ní nua leat ré rádh créad nach é do chuir tú id dhán i n-áit glóir do chansad soin Lughaidh romhaibh 's an bráthair. Cuir do bhagar i gcéill thuaidh más ann creidfidhear é uaibh bríogh sonn id bhagar ní fhuil ard-fhuaim an tsrotha fholaimh. Ní fearr a fhios agat féin a bhfuil ar do chur go léir ré rádh san modh soin mar soin ná dhamh-sa ar mo leabaidh. Ní breith orm.
A Aodh Óig na n-Each Luaith. Toirdhealbhach Ó Briain cct. A Aodh Óg na n-each luaith ní canta dhuit 's truagh do dháil glór nach tuilleann i gceann 's gan tú teann ar chlannaibh Táil. Ní glór laoich re ndul i dtreas go marfadh fear ar gach n-áth i n-iorghail budh dolta dhuit sul do bhéartha troid do chách. Ní abraim gur maith an chiall ó chaithis dá dtrian do ré a rádh go marfaidhe an fear tá ar an dtaoibh theas don ghréin. Teanna le cró na gcrann do chleachtdaois clann Éibhir Fhinn urchar neamh-chruinn uaibh i bhfad ba cleachta lat i Leath Chuinn. Mise féin is ní mé a-mháin do gheabhainn do láimh gan cheilg crú mo chroidhe dod ghadh ghlas do bhreith uait gan bhlas dot fheirg. Ní tusa amháin don taoibh thuaidh acht gibé racha uaibh na sheilbh an gadh as a bhfuil do dhóigh do gheabhadh sé cóir it fheirg Muna bhféachuinn d'inghin Chuinn ba searbh le Leith Chuinn mo ghlór 's d'inghin Í Bhriain leath ar leath ní labhraim ar chairt níos mó. Más trom leat ar labhair mé bíodh a aithbhior ort a Aodh 's gach neach léigfeas ar dhá ndán breithnigheadh rádh an dá thaobh. A Aodh.
Mairg darab féicheamh fear gaoil.Baothghalach Ruadh McAodhagáin cct. Mairg darab féicheamh fear gaoil go dol an aighnis d'éan-taoibh ag séana a ghráidh is dleacht dol madh áil an ceart do chosnamh. Gibé fhuilngeas anba an bhroid meath a chúise dá charaid nocha cás cleith a dhlighidh tlás na leith ó luaidhfidhir. Eagail dó díochra an pudhar go mbia a chúis gan cothughadh muna bhfreagra an dál do dhligh gan ghrádh gan eagla éin-fhir. Dá dtagra duine gá dás tallann d'ainbhios nó d'fhorbhthas do dheagh-aighne 's dleacht an modh neamh-ainmhe um cheart do chosnamh. Tarla idir dís díochra an oil riú bheanas brígh an adhbhair file a Mumhain Éibhir Fhinn 's Lughaidh Ó Cléirigh coinntinn. Tadhg Mac Dáire gá dám dó tug geall do mhóir-Leith Mogha tar tréad caith-leomhan ó gCuinn créad acht aith-leonadh oruinn. Do bhuain béime ar chlannaibh Cuinn do chum sé seanchas fábhaill i nduain mhaoil gan buain re bun nach fuair i laoidh ná i leabhar. Atáid más fhíor re hathaidh sliocht uaibhreach Chuinn Chéadchathaigh ríoghradh chonfadhach Chraoi Airt urchradhach ar aoi a n-éabhairt. Cuiris Lughaidh sa leith thiar go ríoghraidh Mumhan Maicniadh freagra sgríobhtha ar a sgolaibh líomhtha d'eagna 's d'ealodhain. Aithcheodh ollaimh aicme Táil fríoth ón ollamh 's níorbh éagcáir béim éagnaigh truim ní thard air 's do bhuing do Thadhg ar thagair. Ríoghradh Tighe na dtrí bhFionn dar leo ní dhearna dícheall oide sgol bláith-Leasa Breagh ar son bráithreasa braithtear. Nár leision a los a ghaoil gé do fhéad Tadhg do thathaoir gach arbh ionráidh do rádh ris nó glár budh iomnáir d'aithris. Mo nuar tráth nach tarla ris neach nach biadh i mbun bráithris lé budh dil díoth an ollaimh ag sin críoch ar chanomair. Mairg.
A dhuine labhras an laoidh. Tadhg McDáire cct. A dhuine labhras an laoidh mé an Tadhg ataoi do thathaoir mo ghairm ni cheilim fa choim do bheirim m'ainm ré n-abraim. Soighin orra níorbh í ar dtoil gruaidh gach aoin d'aos ar n-ionnloigh, ní héadóigh na doighir dhuinn tré shoighin n-éagcóir orruinn. Ní maiseach liom do labhra ó neach i n-ainm ealadhna boirb-bhriathra go mbriocht ré gcois nach loirgiarfa ar sliocht seanchais. Acht ar labhair Lughaidh d'fhios nár dá bhfuil uaibh re haighnios mar lucht eagna do thairg teacht gan fhreagra ar aird ná éifeacht. Inis uait domh a dhuine créad dom briathraibh bhréagnuighe dá n-iomrádh gidh bé ré mbí an é an t-iomlán nó an éinní. Fan seanchas chuirim chugaibh congbhaidh é nó urlagaidh fa a rádh níorbh éagnuighthe inn slán a bhréagnuighthe bheirim. Ag so suim ar seanchais daoibh um dhuain neimh-bhréagaigh neamh-mhaoil téighim gan chleith dhaoibh nó dhamh fa a bheith i laoidh nó i leabhar. Slán a bhréagnuighthe orm d'fhear sinnsear Éireamhóin Éibhear ní bhiadh dhósan acht uaill ann nach ó shósar fuair fearann. Atá aniu i sein-leabhraibh sean ainm Hibernia ó Éibhear sgriosadh é as lár na leabhar gidh bé lén hál mh'éileaghadh. Traothadh Mhic Chuill d'Éibhear Fhionn fuair roimhe i ríoghacht Éireann fa chlár Éibhir na n-eathar slán éinfhir da éileachadh. Slán fós a bhréagnuighthe soin ríoghradh shíl Éibhir éachtaigh gasradh armraithe óg fhionn nárbh anfhlaithe d'fhód Éirionn. Gach ar ríomhas dá ríoghaibh a ndubhart dá ndeigh-ghníomhaibh sgríbhne liom i nÉirinn air téighim ós chionn a chosnaimh. Na héachta do háirmheadh leam i ngné fhreagra ar rígh Éireann an té déara a shéana sin do ghéabha a sgéala i sgríbhnibh. Bíodh gomadh searbh a rádh ruibh géill Chormaic d'fhagháil d'Fhiachaidh ní fhuil sé i leabhar ná i laoidh gidh bé déaradh is díomhaoin.
Easgar Riada na ród bhfionn nach leath chomhthrom d'fód Éirionn an taobh dhí ronnas rinne follas gurb í an fhírinne. Más é as fhíor-oighre ar gach fhuil sliocht a sinnsir dá sleachtaibh ní fhéad maicne Míleadh mhir síneadh tar aicme Éibhir. Nach í an fhian a-bháin do bhris cath Gabhra ní gheabh thairis tar neart ríogh mín-eang Mumhan sgríbheann bhfíor ar bhfiadhnughadh. Riom i dtagra ós tú raghas ag sin suim ar chéad-chanas féach cá mhéad éilighfe ann nó créad th-éilighthe oram. Níom comh-ghaol níom cara dhuibh tarsa ná tathaoir Lughaidh bréagnuigh féin an mhéid-se a-mháin nó is béim ar th-éigse éagcóir. Taisbeán th-ainm agus th-aghaidh cosain th-aighneas d'ealadhain nó bí go hadhnár umhal tréd cham-dhán gan chothughadh. Ní do réir shuadh so sheoluis do dhán bréagach beg-eoluis ní ceisd d'caon th-ainbhios d'aithne trét aighnios maol mearaighthe. Beir dá leigheas óm labhra luibh dom briathraibh barbardha leigheas neimhe neimh eile neimh ar gcneidhe coinnteine. Anfad gan iomad do rádh do chur críche ar an gcomhrádh mar sgéith chosnaimh dar canadh i n-orsain ar n-ealadhan. Deacraide ní do rádh riom más fiadhain sgéala sgríbhionn ós dó tám ní thagraim ruibh glár dá n-abraim gan fhiadhuin. A dhuine.
Féach orm a fhir na laoidhe. Fearfeasa Ó An Cháinte cct. Féach orm a fhir na laoidhe fogus duit díol t'fhar-aoire tig nimh gach chatha ré chois ní racha libh ar labhrais. Faiceam thú tar do láthair sgaoil do bholg fhis iongnáthaigh bí it fhuibhdhidh ná tréig do theas séid fa fhuighlibh na n-éigeas. Labhair ní éigin uait féin a linntibh íochtair th'aigéin ar chreich ar chomha nó ar chath gan a chora i leith Lughdhach. Bréagnuigh do bhriathraibh doimhne síorruigheacht ar sochair-ne gach ní as ?ar a dtigtir lét thoil 's ní as na litribh do láthair. Muna bhfuil ughdar agaibh rét urlabhra n-anabaigh buain dá hoil is diombhail ?diombail duit ní fhoil ionnaibh acht óinmhid. Ar fhuighlis dá n-admha sibh má tá sé d'acfuinn ionnaibh cruaidh th-eagna adhain do ghoimh tabhair fhreagra ar mo fhriotail. Créad fár aorais gan fhátha an file áith iongnátha fan roinn gcéillidh do chruthadh fa chloinn Éibhir d'ardachadh. Níorbh fhatha imdheargtha dhaoibh ar labhair sé ar chloinn Chonmhaoil 'sé ré chighsiom ar Chró nAirt mó ar dhlighseam ná a ndubhairt. Atáid litre ó lámhaibh naomh atáid laoidhthe luach ro-dhaor mar fhiadhna leath ar leath lais agus diamhra sreath seanchais. Le bréig dá mbréagnuighthe sinn deacraide aithcheo m'fhuighill do chiú na rolla 's an roinn aniú io-morra gan mearbhaill. Ós aniú as ísle a dtionóil clann Chonmhaoil clann Éireamhóin aniú féin féaghthar na fir léaghthar gach céim dá gcéimibh. A fhir dhealbhtha an dréachta bhuig do Thadhg fós niat fear comhraig mairg dot shamhail do shir cath is nach faghair sibh seasmhach.
Ní hionann is th'oige féin gé thug tú ar Thadhg toibhéim sa ghréas laoidhe ar ar luigh san ní fhuil maoile ná mearbhal. Ní fhuil aoin-tslighe ndiamhair air san éigse il-rianaigh sé na rómh-oide is na shruth córaide gan é d'ionnlach. Fán bhfreagra nár thaithin ruinn ní thiubhradh aoin-neach againn le fuath ná le foiléim goimh toibhéim ar luach do Lughaidh. Dá mbeimís gan bheith láin-dil ní léamhthaoi a los iomcháinidh fa labhairt re cineadh Chuinn adhaint an fhileadh eadruinn. D'iarraidh anma nach ainm duit do ghluais tusa toisg aimh-ghlic d'fhior th'oige gér leasg labhra i measg n-oide n-ealadhna. Mar dhearbhadh bhforbhtha ar a bhfios dá ndearndaois oididh aignios clú aighnis do chreic i gcéin ar ainbhis deit na dhéidh-séin. Níor chóir do thoghadh re Tadhg acht fear gabhtha grádh ro-ard tar doirr troide ná tairche ní cuing oide iomairche. Béasgnadha tuinighthe Taidhg ná gluaisidh trá dá dtiomairg cuimilt riú mar mhairneas mé ní fiú th'aighneas ná th'éigse. Dá ndearná aighneas gan aoir ní tairgfidhe do thathaoir le buain d'fhoirm aighnis gan aird do thairngis oirbh an iomairg. Do ghéabhthair sonn seasamh rut i gceardaibh fis na bhfealmac reacaim ruibh gomadh searbh sionn do dhealbh ge chuin do chíchsiom.
Am fealmac-sa trá do Thadhg géabhad orsain don iomarg mar tharraing gidh tais domh-sa gabhaim re hais th'orrach-sa. I ndoimhneas seanchais na sean i n-iomarbháigh na n-éigseadh ná ins na sochraibh thuaidh is theas ba suaill um fhochraibh th'aighneas. Dá dhearbhadh nach abaidh taoi 's nach fuil tú acht it fhás aonlaoi ciall t'oibre níor earmais neach ní dhearnais t'oigdhe d'inneach. Féach gur suidhigheadh sonn na cath nach claoifidís céadtha teacht ar cheann t'fhoilighthe inn do b'fhearr oilithre a hÉirinn. Dul na gcinnsioll níor chóir deit raoin uaigneacha an iúil deireit léig do na saoidhibh a súr ná séid aoibhil gan fhadúdh. Bíodh gurb ionmhuin leat Lughaidh ná gabh ort feidhm documhail dá thairsin ná cuir do chois i muir aibhsigh an iomuis. Bí mithis i measg sgoile idir an aos eagnuidhe deilbh oige ní hobair dhuit lodair go t-oide a fhocluic. Ré bréagnughadh na mbalg bhfis a bhfuil uaibh i n-ainm oidis d'éis ar luaidhsead a los truim a bhfos fuairsead a bhfoghluim. Níor cheanglais críoch do chomhráidh ní fhuil feidhm ar th'iomarbháigh dom fhreagra trá ná toirche a-tá th'eagna neamh-fhoirfe. Féach orm.
Fuirigh rém thagra-sa a Thaidhg. Baothghalach McAodhagáin cct. Fuirigh rém thagra-sa a Thaidhg ar chan tusa is tuar fodhoird béad-mhasla do chuaidh tar chéill buain re m'éagnach-sa is aighbhéil. Modh tagra tabhair-se dhamh gabh chugad céill mo bhriathar borb gach aighne lé badh áil gan ord caingne do chongbháil. An rinn ar rádh na leabhar damh ón cheart do choireaghadh nó ar chan sinn cuiridh ar gcúl 's ná fuirigh rinn ar réasún. Ná han ar riaghail ná ar reacht fuathaigh ceart cumhdaigh éigceart ná samhail réd lá a locadh labhair trá do theann-fhocal. Ní don tromdhacht tárraidh sibh rith teangadh re toil n-aignidh teacht le céim dian ní dleaghair srian léd chéill níor chuireabhair. Ciontuigh thú féin fill tar ais déine lóir-ghníomh nar labhrais sibh féin fo thár ná tuill-se glár gan chéill ná caomhuin-se. Dréim rinn is caingean gan chéill dhuit nó is anfhuise aigéin iomlán ór dtroid ní teagar iomnár dhoid ar ndísbeagadh. Urraim dam deifrigh rét ais adaimh thú i n-easbaidh eolais tabhair is ná tairg mo chosg adhair a Thaidhg dom theagasg. Dob' iomdha neach gus a-nois do shaoil gurbh aigéan iomuis gur bhréagabhair inn rét ais do linn éadomhain eolais. Mar bhíos linn fo lán foghair nach bí fúithe fodhomhain neach san ló as líonmhaire caint ní dó as shíor-ghoire substaint. Gidh é an sionnach sloinnfead dhe nó go bhfaghann cú a chroithte faill ar a chlódh dá chonfadh is mór glaim ná greadhan-chon. An chú fhíochmhar do shoich sibh an tan-sa fad ghlaim gháibhthigh eagail deit confadh na con gleic ré borrfadh is baoghal. Gidh iomdha lucht do laoidheadh i gceann con do chomh-maoidheamh breith do bhuaidh creid-se don choin uaill deid-se nocha dleaghair.
Do iarrais orm 's níor mhol mé ar tús taisbéanadh mh'aighthe na dhiaidh do bhagrais bogha biaidh far thagrais trom-fhola. Fearr dhuit gan a silleadh sin fuireach ria ní rún d'éigsibh ní dáibh nach fatha falaidh gráin catha ar mo cheann-aghaidh. Taobh re heolus mhic Mhic Chon má tharla tusa it aonar ná tuig-se riamh go raibhe an chuid-se d'Fhiadh Iughoine. Atá riamh go soiche so ní guth dod mhóir-Leith Mogha Leath Chuinn na cearchuill sgoile tar leath-roinn Fhuinn Iughoine. Id bhogha ní beithte suim is ní ró acht urchar n-iomruill ná maoidh an bogha-sa a-bháin dhaoibh ní horusa a admháil. Soighde an bhogha bhíos mar soin éacht dá dtaoibh nocha dtorchuir mairg do ghríos gleo na troide leo síos acht le sochraide. Do chongnamh liom acht mé a-mháin i n-am do chlaoidhte a chompáin d'uainibh sgoile an Chraoi Chuinn-se saoi oile ní iarrfainn-se. Mh'ainbhios dhuit-se gá dám ris a fhir chléibh cia do innis go lá an luain ná luaidh-se mh'eol do chuaidh uaibh-se gan aithcheodh. Gidh eadh ní léigthe fa lár an chúis fá bhfuarais iomrádh gá hagra re measga mir rém thagra feasda fuirigh. Fuirigh.
Ní theichim re Tagra mBaoith Tadhg McDáire cct. Ní theichim re tagra mbaoith bagar gáibhtheach glóir neamhghaoith na cúis amh-luaidh ní fhuil d'fhear ní chuir an-bhuain ar m'aigneadh. Toibhéim gan cheart um cheird féin tugais orm anba an doimhéin do ghlór féin do éagnuigh ibh céim do bhréagnuigh do bhréithir. Díon do chéad-ghlóir mar badh cóir ní hé éifeacht bhar n-ath-ghlóir ní hé an t-ord caingne cubhaidh aighne borb do bharamhail. Mé dot ath-ghoin san alt-sa ní tathaoir dom thromdhacht-sa mo chéad-ghoin is tú do thairg crú bhar n-éagnaigh ní hiomaird. Dána dhuit-se déanamh truim fa éadoimhne iúil oruinn srian réd chéad-ghlár do chuireas do bhréag-rádh do bhréagnuigheas. Mo linn eoluis d'fhios na sean fuarais oilbhéim na himeal grian ar bhfis is dál domhain gá dtám ris ní rángabhair. Ní ar bhladh éan urlaimh rom alt minic do chiú 's do chonnarc fios nach léir dhuid-se acht mar dhall nach éir léd thuigse a thacmhang. Do cheird féin ní chuire i gcion cuirim-se an cheird óm shloinntior go bhfuil gan chlaochlódh om chaint ní baoth-ghlór soin acht substaint. Nach tú an chú do croitheadh leam go follus d'éigsibh Éireann re bualadh do bhréag id bheol nar fhéag d'uamhan fad aithcheodh. Do bhréagnuigheas bíom na bhun tusa i dtosach do bhriathar nocho gcaigéal a rádh ribh do shlán fá n-aibéar d'fhuighlibh. Ní leanabh acht lorg leabhar ní bhia dál gan deimhneaghadh ná mealladh ar bith im béal ná rith teangadh na dtaigéar. d'éis a fiadhaigh do dhol dí amhasdrach d'fhógra a claoidhte do ní cú anbhfann mar ibh as a labhrann tú tuigthir. Bréagnachadh nach bí ar do chor imdheargadh aoin gan adhbhar mar do rinnis iad gan fhios is iad do innis th-ainbhios.
Moladh iomarcrach ort féin cuid d'fhiadhnaibh th-ainbhis eiséin toibhéim id chainnt re confadh mar fhoiléim drainnt dobharchon. Gan leanmhuin luirg bhar n-agra cúl do chor réd chéad-thagra maoidhimh dhuit as diamhraibh th'fhis is cuid d'fhiadhnaibh bhar n-ainbhis. Fearr ar labhair mac Mhic Con dá bhféadthaoi an chúis do chosnamh ioná a gcloistir uaibh uile coisgidh d'uaill is d'éadmhaire. Ar n-iarraidh th-aighthe 's th-anma fa hé ath-ghlór mh'agallmha teacht do chosnamh ar chan sibh ná tar gan chosnamh cuimhnidh. Dearbh más troduire tusa gur bhagras mo bhogha-sa soirbh geall do bhreith ón bhuidhin 's bheith go teann ar thruduiribh. An dream sin munab díobh dhuid dol dá ndídean ní mholmuid béim dá ghnaoi tagra trom-locht dá n-admha saoi saothamhlacht. Bagair do gráin chatha ar chách gá mbia rét aghaidh ur-sgáth coisg na goimhe is dúil dise i ngloine úir mh'aighthe-se. Cosmhail ar ar chanais rum nach fuair tú móide an mearbhall a fhir thuaidh do thagair ruinn uain cadail ar do chearchuill. Dá ndeachadhaois uile as ní tusa tá gan th'amas ní id chás féine fuair tusa buain béime ar mo bhogha-sa. Ná bí dá cheilt léd cham-dhán níor chanas um chéad-chomhrádh glór ribh acht do reacht leabhar ní dhligh ceart do choireaghadh. Ná bí re bagar th'aighthe an i mbun do bhréagnuighthe a ndubhairt tú seasaimh soin nó leasuigh clú do chumhthaigh. Ní riú as chóra cúl do chur tús is tábhacht ar mbriathar le cam-rannaibh ní cheileam a ndubhramair deimhnigheam. Ní bhiam re freagra feasda dod ghlór fhaobhrach éig-cneasda bheith dhí más daoibh as ragha ní hí an aoir an ealadha. Breith barr i mbriathraibh gonta gan aon aighneas ionmholta an barr asa teann tusa ní hann as fhearr m'eolusa. Ní theichim
Is ait an obair-se ar Thadhg. Anluan McAodhagáin cct. Is ait an obair-se ar Thadhg ag buain fa bheith i n-easard re dagh-bhun eoil ar n-anma adhbhar ceoil ar gcomh-labhra. Nach greannmhar ghabhas do láimh re daoine tromdha teangbháil 's gan acht sdán i gcuid dá cheird le lán a ghuib do Ghaoidheilg. Dá mbeith áineas Banbha ar bun do dhéandaois daoine súgradh i n-iath choill-gheal na gclár sean fa ghlár ain-mhear an fhileadh. Is glór gan chéill cuirthear air más é Tadhg thiar do thagair is glór tré dhlús dighe soin nó is tús mire ros mhearaigh. Más fíor rinn do ráidh ro-ghuth i ndán bhog do Bhaothghalach lán súl is croidheadh ó gCuinn glún fár hoileadh an fhoghluim. Do ráidh go mbéaradh a bharr le lán duirn do dhán éadtrom file neamh-fhoirbhthe Craoi Chuirc mearuighthe an draoi a-dubhairt. Do lean Tadhg ní triall síodha aigneadh an ois éig-críona a n-airneal gion go n-éir sin bheireas léim ain-mhear inntibh. A thuile boirb-bhriathar dte ní bhia madh beo na daoine ag Mac Dáire acht na ghlóir ghirr gáire ba cóir fá choinntinn. Mór n-oideadh do gach aicme mór bhfoghlaintidh bhfosgailte a n-éir brígh bréagnuighthe an fhir i dtír ghéag-shnuighthe Gaoidhil. Mac Aodha aighne go dtreoir gríos oireas d'fhuacht fhear n-ain-eoil beag dhe ré n-áireamh na aghaidh dáileamh é don ealadhain. Badh gleic leinibh is laoich luinn do Thadhg an eoluis iomruill spairnn fa dheoidh ré dhuanaibh sin nó is luamhain eoin gan eitibh.
Gort iad nach roich a robáil a chineadh clann Aodhagáin maith treoir a so-ghaoise so eoin foraoise na heagna. Díobh fríoth an t-iúl gá dás de iad féin fréamha na tuigse ionnlach na mbalg mboig-ghéar bhfis do Thadhg is oigéan ainbhis. Is ait.
Do bhéarmaois dá n-aimh-dheoin féin. McDiarmuda cct. Do bhéarmaois dá n-aimh-dheoin féin go gcead don rígh is dá réim a gcinn le cois a gcána ó Leath Mogha mhór-dhála. Do bhéarmaois.
A Fhir thagras an chaint bhaoth. Art Óg Ó Caoimh cct. A fhir thagras an chaint bhaoth ainic leat nach saobh dod chéill caint gan tábhacht acht a fuaim i mbéalaibh cáich uaibh i gcéin. Is dearbh dámadh deimhin leat go bhfaightheá-sa cead ón rígh nach cian do haithreostaoi uaibh cinn ná cána do bhuain dinn. Ó taoi-se ag adhradh don tsíoth gidh ro-bheag ar mbríogh id neart badh lugha id chogadh ar suim is Leath Chuinn ag congnamh leat. Glór an tsionnaigh ris an gclog ní beag nod dá chur i suim go leigfeadh Leath Mogha mhór a gcána le slógh ó gCuinn. Gníomh ain-nirt ag ollamh mhear gnáth ag neach gan neart ná cóir an t-uisge tana as mhó fuaim samhail sin re huaill do ghlóir. A Mhic Dhiarmuda ó Mhuigh Luirg bíodh gur do chuirm tháinig sé le comhrádh badh cóir do cheilt níor chubhaidh dheit bheith id fhréimh. An tan do labhrais an glór atáid cách go mór dá mheas gur dhearbh libh nach biadh do gheall le tagra ar gceann do bhreith leat. Ar a rádh go mbéartha ar ngeall gé bheitheá teann as a los níor churtha dhuit dar mo mhóid i n-ionad Aodha óig do chos. Mac Í Dhomhnaill an saoi glic níor dhulta dhuit i na ghlas sean-fhocal ré rádh i n-am ní hionann dul ann is as. Más tusa ar Aodh óg is ua mac Í Dhomhnaill na gcuach nocht fogus mo ghaol-sa d'fhuil Bhriain mo lámh-sa réd ghliaidh do chosg. Má tá tusa a Bhriain mhic Bhriain it urradh gliadh ag Leath Chuinn atám do Mhumhain Mhic Chon gabhaim do chosg ar mo chuing. A fhir chroidhe don taoibh thuaidh nar chan sibh gidh suaill mo bhríogh gibé do choisgfeadh do ghlór gabhaim re hais clódh do ghníomh.
Ort is an chéim-se a fhir thuaidh atá breith buaidh ar mo láimh mo ghlór ní comhrádh le cleith ná measaidh gur breith le báidh. Muna maireadh acht mé féin do shíol Éibhir is é a fhíor ar do shíothcháin gidh beag troigh ní thiubhrainn duibh don taoibh thíos. Iomdha fáth nar dhéanta dhíbh saobh an ní fá dtugais láimh urruinn an mhadra don mheall is é sin do cheann don dáil. Ní leanta ar chomhrádh do shíor i síodh ná i gcogadh gan cheilg go samlam iomghuin fa seach nocha mbia teacht tar ar bhfeirg. Ó taoi-se ar shíothcháin an ríogh a fhir thíos a-dubhairt ró uch dámadh é an cogadh ann ní chuiriobh barr air as mhó. (Ar Leath Chuinn gidh cruaidh an cheisd ag soin uaim mo cheisd gan chailg rugadh m'athair róm im ré sloinntear mar sin mé gan mairg. Cú Chuluinn bhar dtíre thuaidh Aodh Ó Domhnaill sultmhar rú mac Í Bhriain ar a bholg do ghaibh re hais tolg a crú.) A fhir thagras.
Éisdidh a éigse Banbha. Seán Ó Cléirigh cct. Éisdidh a éigse Banbha tabhraidh dhúinn uain agallmha go labhra sinn sunna seal do shliocht Ír mhóir mhic Mhíleadh. Do tógbhadh iomarbháidh uaibh a éigse Banbha theas is thuaidh eatorra féin 's a síol seal Éireamhón ard is Éibhear. Tabhraidh dhóibh-se a seal féin do chlannaibh Rudhraidhe réidh congbhaid anos an-allan tosach éigse is ealadhan. Comaoin d'éigsibh Inse Fáil báidh re clainn Rudhraidhe ráin mar thugsad dóibh ima le tós is deireadh gach duaine. Dá dtugdaois fós do shliocht Ír éigse Banbha níor thathaoir tús agus deireadh gan chleith is rann láir gacha duaine. Muna mbeidís is dearbh sin síol Rudhraidhe roighne an ghaisgidh ní bhiadh dhíobh-san go bráth mbinn fiú na crithre san choigill. Do chruinnigh go Ceann Trágha dá chéad déag d'éigsibh ána dá gcur tar sáil eing a heing 's gan tocht tar ais go hÉirinn. Tiaghaid Clann Rudhraidhe ruaidh eidir a ndeas is a dtuaidh d'fhosdadh na bhfileadh fíor soin d'aimh-dheoin a raibh na n-aghaidh. Eidir-ghleo na cúise sin do fosdadh fós na filidh coinnmheadh trí mbliadhan iar soin do radadh dhóibh ar Ulltaibh. Feacht oile d'Athairne ard an t-ollamh glan gréasach garg i mBeinn Éadair do ghabh teach láimh re leath-bhord na Laighneach. Fa chosaibh a chaorach soin do rónadh cliatha caolaigh le laighnibh do láimh Lighean Áth Cliath uadh do hainmnigheadh. Ag Athairne thall na theach bádar trí chaogait loilgheach 's ní raibh do theaghlach na thig acht madh uathadh dia éigsibh. Fuighleach a lachta gach laoi ris an mbeinn do bhuí ré thaoibh d'eagla sásaidh aoin oile do dhoirteadh uaidh Athairne. Ar mbreith ainbhreath ar Laighne d'Athairne nár cheil ainmhe do chruinnighsead thiar is thoir dá dhíochur a Beinn Éadair. Cuiris Athairne ba thuaidh fios ar chloinn Rudhraidhe ruaidh dia rádh riú ag a dtighibh teacht a dtuaidh dia fhóiridhin. Tig Conchobhar ceann an tsluaigh gluaisid Ulltaigh leis ar n-uair go Beinn Éadair níor hanadh cian bhus buan a bhioth-ghalar. Cuirthear seacht gcatha cródha re seacht láithibh lán-mhóra eidir Ullta iolar cneadh is laochraidh láimh-dhearg Laighean.
Do loiteadh tra san toghail óg-mhac do chloinn Chonchobhair 's a lán dá macaibh míolla dá n-aos óg nárbh inghníomha. Cuiris Fínghin fáith-liaigh uaidh teachta go hAthairne ar n-uair ian do lacht gur ro-fhaoidhte gus na hóga ath-ghaoithte. Mar do chuala an aisgidh gabhais fearg dá fhíor-chlaisdin doirtis an leamhlacht go luath síos gus an sáile searbh-ruadh. A-dubhairt fós go frithir dá dtigdís dom fhóirithin nocha dtiubhrainn mír dom biadh d'fhearaibh Éireann ar aoin-rian. Nochar thuill Athairne cruaidh cumann na laoch ón Chraobh-ruaidh an éigse bhí leis go glan 's ní hé féin do chosnadar. Ag sin fachain an chatha do thugsad mór-shluagh Macha ag Beinn Éadair go líon sleagh is laochradh loinn-mhear Laighean. Ríomh réadlann nó gainimh ghil feoir faithche duille ar dhairghibh lámh fa ríomh a sochar sin deigh-shliocht Ír do na héigsibh. Sul tángadar tar sáile ocht mic Mhíleadh Easpáine le hÍr do chosnamh cána tosach troda is teagbhála. An tan tángadar ar tós mic Mhíleadh fa hoirdhearc nós trí fichid long líon an tsluaigh ag teacht go hÉirinn arm-ruaidh. Deich longa fichead go fíor buí fa lucht gaisgidh dá ndíon tríocha long luchtmhar oile fa mhoghadhaibh mór-oibre. Dá fhichid taoiseach gan léan ag triall dóibh-sean nocha chéal do chosnamh Éireann an-all re Tuaith dealbhdha Dé Danann. Ar dteacht ar radharc Banbha do rónsad coimhling chalma 's rug ar ráimh léim go luinne taoiseach gacha tréan-luinge. Do ling long Ír rompa i bhfad mar urchar saighde a fiodhbhac gur chronaigh súil Éibhir Dhuinn lúth na luinge ar an luath-thuinn. Más tré thnúth a-dubhairt Donn nó do bhrosdadh na laoch lonn biaidh uainne go bráth ag Íor tús ar gcreach is ar gcaithghníomh. Brisis Ír an ráimh reamhair tuitis siar fán luing leabhair le n-a bharc mar sin sínidh gur bhrúidh corp an chaith-mhílídh. Téid d'éag an oidhche sin féin Ír mac Mílidh an airm ghéir 's do claoidheadh feart dá thaoibh thais i Sgeillig adh-fhuair Iorrais.
Is é sin fá deara dhó gan a ainm do dhol níos mó fa Inis Fáil na bhfleadh-ól mar Éibhear mar Éireamhón. Éibhear mac Ír ard a bhladh gérbh óg iar n-éag a athar rug ó chloinn Míleadh a-mach cóigeadh Uladh oll-bhladhach. Éibrioc mac Éibhir mhic Íor ba dia chloinn an dias deigh-ríogh Cearmna 's Sobhairce go ngoil dá chéid-ríogh Éireann d'Ulltaibh. Cóigear ar fhichid uile ó Ír san Réim Ríoghraidhe oiread ré dhá n-urdail soin fuairsead do théarma ar Teamhraigh . Móir-sheisear dhíobh dearbh an dáil do ghabh ríghe ar Banbha bháin mar áirmheas réim an rolla gan neach oile eatorra. Ollamh Fionnachta go rath Slánoll Géidhe Oll-ghothach Fiachaidh Oilill Armghaoth ros ghabh agus an badhbh-laoch Bearnghal. A seacht tríochad 's céad bliadhan do bhí Banba gá riaghladh ag an ndroing-se do shliocht Ír gan teacht eatorra d'éin-rígh. Mar do ríomh sibh go hiodhan áiréomhadh uathadh d'iolar gidh aithnidh d' Éirinn uile do shochar shíl Rudhraidhe. Ollamh Fódla feardha i gcath do chéad-chumhdaigh Feis Teamhrach is céadfaidh d'ughdaraibh soin gur uaidh ainmnighthear Ulaidh. Géidhe Oll-ghothach go n-aoibh ar a ghlór níor thuill tathaoir guth gach fhir ré linn gan locht binnithir téada meann-chrot. Slánoll mac Ollaimh amhra an feadh fuair flaitheas Banbha níor ghabh aoin-neach re a linn saoth ná galar i nÉirinn. Fionnachta Fionn fear an raith sneachta fíona fríoth na fhlaith nachar shíon fhuar ná fhrithir gonadh uadha ainmnighthir. Is é do chreid i gCuinn chóir ar tús riamh i nÉirinn óigh Conchobhar ceann an chuire dár shleacht sé Magh Lamhraighe. Cia hí an éin-bhean don deagh-fhóir d'fhuil Éibhir nó Éireamhóin Fuair flaitheas Éireann ar n-uair mar fríoth le Macha Mong-ruaidh. Is í do thórainn Eamhain mar do thórainn Tea Teamhair nach béarthaoi a barr ar theagh le mnaoi do macaibh Míleadh. Naoi gcéad bliadhan buí Eamhain lán do mhuirn is do mheadhair ó ré Mhacha mór an rath go ré Fearghusa Fhogha. Ní clos re neach ríogh-ráith riamh i gcrích Fhódla thoir is thiar i gcoimhmeas ann re hEamhain ar eineach ar fhín-fhleadhaibh.
Ar ghreadhaibh meara míne ar chairpteachaibh coigcríche ar éigsibh ar aos gaisgidh ar aos tuillmhe 's tréan-aisdir. Ar shíoda ar shiric ar shról ar éadach dathta go n-ór ar ghasraidh gan fhuath gan fheall ar ól ar imbeirt fithcheall. Níor diúltadh riamh i nEamhain éin-neach um dhuais ná um dheabhaidh 's níor hiarradh troid uatha ar fhear leo riamh ar chuaird ná ar chuireadh. Áirmhim-se drong do shliocht Ír do neoch nár ghabh ríghe dhíbh as mhó luadh gach laoi dar leam ná bladh d'aird-ríoghaibh Éireann. Conchobhar is Cormac cóir Conall is Fearghus Mac Róigh Cumhsgraigh Cuchulainn nár clódh Írial is Laoiseach leann-mhór. Laoghaire Buadhach go rath Rossa Feargna Fear-adhach Fionntain is Furbhaidhe Fionn Cealtchair Conghal is Ceithiorn. Fa díobh Bla bhrugha nar bhaoth Seancha Cathbhadh is Conlaoch Aonghus agus Eoghan án Naoise Ainnle is Ardán. Ní cás dó tagra go teann dá mhéad bhíos ag cor na cheann gibé d'éigsibh le na háil as deigh-shliocht Ír iomarbháidh. Fuasglaidh an cheisd chuirfeas sinn gibé uaibh lén háil coinntinn cá trian dob fhearr don deagh-fhóir síol Ír Éibhir Éireamhóin. Cia dhíobh fa cruaidhe i gcath cia dhíobh fa buga i mbronnadh cia dhíobh dá ngoirthear ma le ordóg i n-aghaidh glaice. Ní cóir Ulltaigh do ghairm díbh ní hiad fhuair ar tús an tír gé táid innte re hathaidh an sliocht-sa Chuinn Chéad-chathaigh. Faiceam i n-aoin-tsliocht oile calmacht cloinne Rudhraidhe cá bhfuil fós caomhnuime gcuir anos i n-aon druing agaibh. Eineach is cumhdach cléire 's gaisgeadh glan a ngnáith-thréidhe dá mbeith moladh níos mó linn ar domhan dóibh do dháilfinn. Is iomdha cairt ag cloinn Ír ar chrích Uladh an fheoir mhín na fir nar ob gealladh gleodh nach tig d'éin-neach d'aithcheodh. Gach ríogh-ráith ó Thoraigh thuaidh go Loc Laoigh na mbarc mbeann-chruaidh is ó Bhóinn go Drobhaois ngil leo do tógbhadh fá dtighibh. Sídh Aodha ós chionn an chuain is Eas áluinn Aodha Ruaidh ainmnighthear ó aon don druing Aodh Ruadh bruthmhar mac Badhairn.
Do goireadh Eas Craoibhe ó Chraoibh seanchas fior a bhfuighlim dhaoibh dár thathuigh an linn gan locht inghean Eoghain mhic Dhurthacht. Soir ó Bhladhma go Bearbha do dhúthchas óg na hEamhna is ó Uisneach na gcnoc bhfionn go Loch n-uar-thonnach nAinionn. Le cloinn Fearghusa Mhic Róigh cúig Ciarraidhe i Mumhain mhóir no cóig Conmaicne go ceart 's na cóig Ciarraidhe Connacht. Corc Modhruadh ó Chorc nár ghann Corca Oiche Corca Achlann triúr mac Meadhbha fir go ngart Ciar is Corc is Conmac. Go ngabhthar mo dhuan sa tós ós é sin ó chéin ar nós d'iomarbháidh thall i nbhar dtigh a éigse Éireann éisdidh. Éisdidh.
Fagham ceart a chlann Éibhir. T. McDáire cct. Fagham ceart a chlann Éibhir ó tá ar n-agra indéinimh mo dháil dá ndagh-admha sibh ní dáil an-agra a haithghin. Oraibh idir mhaith is saith idir urradh is ard-fhlaith a chlann fhinn-Éibhir uile indéinimh ar n-agraine. An tuarasdal thuilleas neach do ní a dheigh-sheirbhís dhlightheach dóigh dá ndagh-agra sé sin nach an-agra é ar uaislibh. Do rinneas do rún cridhe feidhm díbh i n-earr m'aimsire do cháidh ar dheigh-sheirbhís damh teine-ghrís gráidh dam ghríosadh. Ón ló do loiteadh bhar bhfuil i ndán Torna is Néill náraigh do chóidh bhar lot gan leigheas a fhóir Chrot gur chuimhnigheas. Gach glór do chansad tar cóir ba oilbhéim da bhar n-onóir do chuir mé le ceart ar gcúl do badh reacht gan é d'iompúdh. Slighthe ba dorcha díbh féin do osgail sinn go soiléir gan ghlór chlaon gan fhoirbhríogh d'fhior im thaobh soi-ghníomh bhar sinnsear. Ní glór leath-taoibh ar bhar leas ní rith teangadh ar thuirmheas acht raon sean-sgríbhneadh na sean lér cneas-dírgheadh gaol Gaoidheal. Má do chíthí a chlann Éibhir ar laoidh fheasach fhír-chéillidh bhar n-anáir suas ar a son a duas d'fhagháil ní hiongnadh. An éiric do b'fhiú bhar bhfuil ná léigeann tréan fa thalmhain an ní dirim gidh docar dlighim í ar a hanacal. Gidh mór fuair Mac Liag Luimnigh níor thuill ón bhféin bhfinn-Mhuimhnigh leath a bhfuarasdar ní feas tuarasdal mar do thuilleas. Do bhéar le beagán brosdaigh cuaird ar cheann mo thuarasdail ní ar chuaird fholaimh fhionnfam sin oraibh a fhionn-chlann Éibhir. An ghasradh laochdha ón Leamhain go n-a ngéagaibh geinealaigh gan bhríogh i mbeag-carthain séad síol deagh-Carthaigh ní dheirméad. Ní saor ón gcuaird chuirfeas sinn fian mhaordha Maighe gCoinchinn ní neamh-lón d'airdibh oile Cairbrigh mear-shlógh Músgraidhe.
Mac Donnchaidh deigh-thriath Ealla fír-ghéag d'aicme Oilealla dream nach ónna i gcaoir chath-áigh Í Caoimh cródha Í Cheallachain. Í Mháthghamhna 's mic Ionáidh Í saoir sochruidh Súilleabháin Mac Giolla calma Coda giolla armdha ánroda. Mac Amhlaoibh iomchras sgola Í dreach-náraigh Dhonnchadha craobh barr-dheigh-shleagh a barr sin is clann airm-neimhneach Fhínghin. Í Aithghir don fhuil chéadna Í Mhuircheartaigh mhóir-dhéadla maoidh Í Dhonnabháin don druing don chraoibh chomh-iomláin cnuas-truim. Iar gceileabhradh d'fhuil Eoghain triallfad ní triall aineolaigh céim i ndáil caoimh-shleachta Cais ar ghráidh saoir-leanta a seanchais. Sleacht Bloid bunadh na fola ó dtáid síol mBriain mBóromha gá branáin fhoirneadh as fhearr dár choimhlean anáir Éireann. Gé chlaochláidh claochlódh anma d'fhuil Bhriain maicne Mathghamhna 's clann Thaidhg a hÁrainn iubhraigh an bán-fhuinn aird oirear-ghlain. Do fhássad fós fóir ó Bhlod dream ar nach díol a ndearmad gion gur comh-ard le cloinn Bhriain an choill fhor-ard ó Fhinn-Chliaigh. Í Chinnéidigh Chuain Deirg-dheirc clann Chraith chrodha i gcruaidh-fheirg-bheirt Í Mheadhra as chruth-ghlaine cáil Í Urthuile is Í Ógáin. Sleacht Caisin clann Chon Mara géag díobh-san síol bhFlannchadha síol Aodha ó fhionn-Mhaigh Eachtgha craobha d'fhiodhbhaidh inleanta. Sleacht Dealbhaoith deagh-mhac Cochlán síol nDeaghaidh dream súghach-nár daigh-fhréamh do chlann-mhaicne Cais sparnn-aicme airm-ghéar Aonghuis. Síol gCearbhaill maicne ba maith síol gCéin ba caomh d'éileachaibh Í Eaghra ó fhód-mhaigh Luighne ógbhaidh fheardha ion-bhruighne. Anmhuin ré n-áireamh uile fíor-ghabhláin ar bhfiodhbhaidhe nach abraid cách ro-mhall ruinn na sgáth oram ní fhéadaim.
Gach a bhfúigeam díobh am dhiaidh bíodh ar Donnchadh Ua ndeigh-Bhriain ceann roi-riaghla fréimhe Cais daigh-Iarla féine Forgais. Ní mairg d'fhuil Éibhir dá fhás cneas séimh nár sheachain uathbhás glún altruim anára a gclann baránda an antruim d'fhulang. An gcéin mhairfeas sin mairfidh rath mairfidh gairm ceannas cumhdach an fhuil do oirdhearchaidh sin ag fuil oirbheartaigh Éibhir. Do fhássad ard-chrainn oile a fréimh ar gcrann gcumhrai-ne ní choisg mé dá maoidheamh sin nach i ngné Gaoidheal gairmthir. Búrcaigh Buitléirigh Barraigh Róisdigh gidh do río-ghallaibh cuir as a sean-mháithribh sin na ndeagh-bhráithribh d'fhuil Éibhir. Do thaoibh ban is dar mbunadh Tomás Iarla Urmhumhan mó as teann a neart-chuaine a-nos an seang dreach-nuaidhe ó Dhurlas. Do fhássad fós don bhfiodhbhaidh drong do fhás ór n-ingheanraidh dá mín-fhéachtair maicne Luirc d'aicme ghnímh-éachtaigh Gearailt. Dá mbeath Riocard flaith Fhorbuir acu i nÉirinn iubhar-ghlain gá géaga d'fhiodhbhaidh as fhearr dá bhféaga um fhionn-mhaigh Éireann. Teach Nimhe go ranna rinn ós tuarasdal nach tuillim ós é ar ngaol gaol gan báthadh a Dhé gaol do ghlan-mháthar. Ar mbeith d'aon-fhuil ós fiú libh nár thugar-sa a Rí an ríchidh cúis ar sgartha ar thaoibh thall ar an maoin nach anfa agam. Fagham ceart.
Mairg Uaisligheas an Éigse. Mairg uaisligheas an éigse saobh an cheard a coimhéidse d'uaislibh an tsluaigh bhladh-aird bhinn ra-mhairg do chuaidh na coinntinn. Olc chuimhnighid na cliara a muirn méad a soi-mhiadha a ró dísle ag díon gach fhir do shíol an Ír-se ar uairibh. Éagcóir d'fhearaibh an fheasa nár chuirsead cuid coimhmeasa síl an phór-chroinn ó Phurt Breagh na n-ucht mar mhór-chloinn Míleadh. Do bhean Ír díobh deimhin leam tosach ag tadhall Éireann ag tocht sonn tar goirm-linn gloin coimhling long ag na laochaibh. Don bhaoghal do bhí san ráimh do báidheadh fa beart dhiombáidh rí a aicme an glan-fhallán geal Manannán maicne Míleadh. Éan-mhac Ír d'éis a athar beag nár bhuan an deonachadh fan mBanba ag déineamh a ndál tarla Éibhear na ógán. Do léigeadh dhó dia do mhaoin an cóigeadh mar chuid macaoimh ar síodh do dhéanamh don droing 's ní ghéabhadh Íor a n-abraim. Ér Orba Fearghna Fearón Lughaidh Éibhear Éireamhón d'fheidhm comhlainn re ceathaibh sleagh ag comhroinn ceathair gcóigeadh. Sliocht Ír bhós do bhídís sin ós cionn Éireann ar uairibh sgéal na n-óig-fhear gach laoi linn 's do bhaoi a gcóigeadh gan choinntinn. Ar chloinn Ír do léaghadh leam móide as ciontach cliar Éireann fa chrích shrothaigh Bhanba Breagh sochair amhra lé n-áireamh. Sgotha fíona i ngach fairche fiche bliadhain buan-fhoirfe d'Fhiacha Fhíonsgothach i dteann níor dhíosgothach iatha Éireann. Leis do rinneadh ní rún tim feis Teamhra ar tús i nÉirinn Ollamh Fódla flaith shochair maith lé fógra ar Ulltachaibh. Múr d'ollamhnaibh innse Fáil leis do tógbhadh tuar iomráidh snaidhm na bruighne buan an mhaoin truagh gan chuimhne ar an gcomhmaoin. Cách gan teidhm galair gan ghoimh fiche bliadhan beart sochair maith do chuaidh do bán-fhonn Breagh Slánoll an uair do hoirdneadh. Goirtear ón lá-soin a le tar an gcloinn oirdeirc oile Íorland don tír ghlaisigh ghrinn tre thaisibh Ír i n-Éirinn.
Foghar téad i dteangthaibh cáigh ocht mbliadhna déag ní diombáidh Éire tonn-shrothach dá thoil Géidhe Ollghothach d'Ulltaibh. Fiche bliadhan is báidh leam Fionnachta i bhflaitheas Éireann tráth gan deacra síona sonn sneachta fíona ar gach fearann. Seasga bliadhan do bhí soin re linn trí n-airdríogh d'Ulltaibh gan bhéad ngéir-imnimh gan ghoimh gan éin-inghin d'éag d'iodhnaibh. Gan mheath cnuais ar choll ndatha treabhtha tortha céadacha seal Díothorba ar gach dionn fa críoch-fhorba fhear nÉirionn. Bean a hUlltaibh na n-eas bhfionn do ghabh aird-cheannas Éireann a los catha ar bhuadh ar bhlaidh Macha ruadh ós na ríoghaibh. Ní chlos éin-bhean aca sin síol Éireamhóin ná Éibhir le neart-ghoil céimeann nó cean ós breac-mhoigh Éireann d'áireamh. Tús ealadhna ar uaisle sean i bhfiadhnaise mac Míleadh do chím ó chiort na gcuradh ag sliocht Ír a n-ordughadh. Rann ar gach duain deimhin linn duain ar gach ollamh d'Éirinn tugadh lionn a luagh molta uan do chionn ar gcosanta. An lá nach leo teagh an trír dlighid curaidh chlann sheimh-Ír gasradh moirneach mhoighe Rath roinn-leath toighe na Teamhrach. An leath oile ag aird-rígh Breagh 's ag ríoghaibh ceithre gcóigeadh leath na Teamhra ní lór linn do shlógh Eamhna mar uirrim. Dá chéad bliadhan d'fhine Ír ós chionn Bhanbha an fhuinn fhóid-mhín gan acht neart aoidheadh orra gan teacht d'aoin-fhear eatorra. Gach díon clú gach céim sochair dar áirmheas ar Ulltachaibh 's na crothaibh a gcuala sinn ní sochair fhuara d'Éirinn. Sochair na saor-chlann oile loch-mhaidhm millte machaire síoth-mhagh gá tarbha na thuinn do dhíoth-chor arbha an fhearainn. Gibé a deir gur sochair sin tomhaidhm locha léim inbhir d'fhéachain buadh na saobh-shroth sonn truagh nach aon-loch a fhearann.
Dá mbeith gomadh sochair sin catha nó comhraic aoin-fhir a los céimeann dteann dtachair geall Éireann ag Ulltachaibh. Cinnid a sluaighte ar séan gcneadh tóicheasdal ceithre gcóigeadh níor maoidheadh Ulltaigh san ágh aoin-fhear d'Ulltaibh gá n-iompádh. Slán cáigh go gcualadar soin gur filleadh éan-shluagh d'Ulltaibh ag dol siar ar séad n-eachtra riamh le céad do chuideachta. Airgthear le hUlltaibh na n-each Dún Con Raoi fa réim uaibhreach Durlas na gcliar Cruacha Chuinn 's na tuatha siar go Sionainn. Níor hairgeadh Eamhain Mhacha le neart ríogh ná ro-fhlatha iomdha fáidh ga dhearbhadh dhamh nach dearnadh dáigh don dúnadh. Mó as beag lé burba na bhfear feidhm láimhe ceithre gcóigeadh i rinn ghliadh i ngalaibh cath riamh i n-aghaidh na nUlltach. Ní beag leam do luadh a gcath lámh dhearg Éireann Í Eachach mór ngleodh gcinnte do canadh innte d'eol na n-ollamhan. Leath a gcuala níor chan mé d'áireamh a n-éacht 's a n-uaisle bláth na gcleath ó Chlár Chumair leath a n-ágh ní fhacamair. Mairg.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services