Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Séamas Mac Giolla Choille
Title
Séamas Mac Giolla Choille
Author(s)
Mac Giolla Choille, Séamas,
Compiler/Editor
Ó Duibhginn, Seosamh
Composition Date
1828
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1972)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A Thulaigh Aird ar ghnách na mílte Theacht gach lá d'uaisle ríora, Fá do chum is fá bhruach do bhruíne, Áit a mbíodh gach flaith mar mhian leis Ag éisteacht le príomhdhámha Íre Ag sárú gach eagna le meanmain líofa. Is iomaí seanaí is déise shaoithiúil, Míle tréitheach, is uachtarán tíre, Bhíodh cruinn le huaill san dúnlios aobhdha, I gceacht gan fuath, gan ghruaim, gan díomá, Is gach díorma nua á dtigeadh don chrích seo, Go diocsa ag uabhar fán mhá shnuamhar céanna. Is mór an crá 's an mhairgne shíoraí d'fheicsin in éagmhais na dtriath-sa shíolaigh Ó Eoghan Mhór a chuir gleo ar ríthe, Is bhain urraim, is Conn 'na cheann ar mhílte, Gan fréamh ar fáil díobh fá dheas nó chlí díot, Ach faofa táir gan bhláth gan daoine.
Méadú sáir is tréaghdaí croí Theagmhaigh don Fháil-threibh fháil is iomghoin, Fán fhile eolach, bheolbhinn, chaoimhiúil, Fhiosach, cheolmhar, oscách, shaoithiúil, Fhialmhar, charthanach, thaitneamhach dhaonnúil A claochladh d'aicese a thulaigh na niamhghoil. B'é seo an bard den Fháil-threibh ríora d'ibh as Castalia a sháith de fhaobhrú Óir-chomhdháil dhána oiriúnach, líonta, Ní raibh in Ealga nó in aird sna críocha Nach raibh comhaontach go fíor le chéile Gurbh é Art Mac Cúdhaidh Horatius Éireann. Ba soilbhir gach lá é, is b'ealaíonta, céillí, Ag freachnú gach laoi a chumfeadh gan léithbhe; Léifeadh an fear díor go fíorghlic Céitinn, Is gach saltair dár scríobhadh i bhfilíocht Ghaeilge 'S ar fáistineadh de ghníomha le draoithe eagnaí Thigeadh le ria gan fiar ina chéadfa. Ba eolgach a cháil mar airiú draoithe, Ag ransú cló gach eagna diamhartha, Níl mír den sórt ar uain nach scaoilfeadh Go soilseach, eolgach, loinnireach, líonmhar, Do na díormaí a ghluaisfeadh chuige le díochra, Is líonfadh tré shuáilce an file do rímhim.
Chuaigh le hAine ón Fháilchrích aíoch Go Parnassus na mbláth-naoi lán de shaoithe, Go bhfaigheadh a ndaíf ón tsaorshruth aoibhinn As cornaibh álainn', nuagheal, aolga, Ghríosfadh a gcáil is d'fhágfadh líofa A gcéadfaí arda chun na grádha mhíniú. Is deimhin le rá gur tharla an saoi seo, 'S an uimhir réamhráite fá ábhair iomaí, Óir riaradh go sách de lá 's d'oíche é Le fíon-bheor álainn leis mar íce d'fhábhar is d'fhág dearscnaithe críonna é, Is ina loinnir go brách in Inis na bhFíobhaí. Fuair na grádha d'fhág go fíor é I meán na ndáimh san spéir go haoibhinn, Ó iníonacha álainn glé Mhnémosine; Thug Clio agus Talia óna lámha míne Aíocht mar aisce dó le déimhe Chun loinn agus áineas i gCrích Fáil a scaoileadh. Thug Calliope ábhar débhriathrach céillí, Is Erata bhláthgheal álainn shéide Le Melpomene na n-órghréas 's na gcornanna saibhir, Mír de gach eol a bhí acu féin dó, Go bhfaigheadh riartha a chiall 's a chéadfaí 'S ina shearthon shíoraí san fheadh gan éicliops. Thug Euterpe áil is Poliuimnia mhíonla, Is Terpsicore a sháith dó as Castília líonta, Níor cheil Urania go soilbhir íce d'fháil dó lena méara aolga, 'S a dhearbhadh fós gan chóic gan chlaonadh Gur ibh Art óg stór na mílte.
Thug Iupiter ard a ghnáthaigh an chaoimhghné, Agus Píerius álainn tallana iomaí, Don ghrinnfhlaith ághmhar a d'fhabhair go fíor é, Is a mhóidigh fós trí shruth na Stigia I ndiaidh a bhfuair sé ó na suadha ríora Go dtógfadh suas ar na plainéid naofa é. Ní raibh ón tráth fuair daíf le díle Ó na deirfiúreacha sáimhe ar fhé an tsíchnoic Triath nó bandia, nymph nó rí-ghein, Fán Oilimpic ainmní fhlaitheasaí fhír-dhín, Nach raibh comhshaothrach trí mhian gan éigin An réalt seo chríochnaithe d'uaisle Éireann. Is deimhin le rá ó riaradh an saoi seo Leis na hiníonacha álainn a luaigh mé díbhse, Go raibh a cháil gach lá do-chríochtha Tiomsú ábhar is á scaradh arís uaidh, Is gach flaith san Fháilchríoch lán de dhíochra A chaomhtha arga fháil gan chlaochladh. Ní raibh sin bard ó Chír Mac Císe, Ollamh sáimh nó dáimh dár líomhadh Ag Helicon ard le lámha ríthe, Ba soilbhrí a bhfaigheadh dán is laoi uaidh, Nó ina loinnir a dtráchtar uaim gan chlí air, Is bheidh bithbhuan áithigheac go deo sa chrí seo.
A shamhail ní áirítear ar dhámha Íre Ach Ó Cuilleanáin ard an príomhollamh ríora, Óir siolla níor scaradh le hAdhamhchlann iomaí Fán chruinne nó in aon-ard dar gabhadh le draoithe, Nach dtiocfadh le saine gan obadh le fíre Tríd go dána mar thuile san Faoillí. Shíolraigh ár mbard a fuair grá na mílte Ó fhlatha ró-argdha armtha dhíochra Tháinig a mbairc ón tor i nGalicía Chugainn fán ngábhmhuir áibhéisí bhaolaí Faoi Aimhirgin ághmhar, an muiríoch ríora Gur ghabh flaitheas san Fháilchríoch in aimhdheoin don draoi. Ba chara gach lá an file glic céanna, Ba gheanúil a gháire in uimhir na ndaoine, B'acmhainneach a rá gan stá ag gríosadh; Loinnear is áineas fá chlár an fhíona, Mhéadódh an grá gach tráth is líonfadh An comhthionól ard le suáilce eolach. B'é Artur an bard a bhí airceach críonna, Soineanta, grách, tabharthach, gníomhach, Oiriúnach, suaimhneach, uaigneach, aoibheall, Solasach, eolgach, ainmneach, daonnúil, Comhfhreagrach, ceansa, caradach, ríúil, Cosantach, meanmnach, dea-labhrach, saoithiúil.
Ní raibh ón triath tráth hardaíodh an saoi seo Go flaitheas na ndáimh, gairdiú daoine Fá do thaobh, nó taithí na ndíorfhear, Laochra dá ndeasú i gcomhair na ríogun, Nó caismirt curaí chomhshaothrach dá ngríosadh, Ach diamhair cheasnaíoch, easba, is iarcra. Thréigeadar na lachain oileán Uí Néill dhin, Na hiasca a mbeathra, is níl duilliúr ar craobh ann, Na riasca go huile, gan ealta, gan éanlaith, Na magha dá thimpeall 'na macalla réabtha, Na fatha gan toradh is ceasnaí ar éigsí, Ó claochladh leannán agus searc na naoi maighdean. Tá Inis Fáil ina draoi go cloíte Fán táimh neamhfháilteach a d'athraigh léi A maoin, a ceol, a hór, 's a saibhreas, A searc, a dóigh, a só, 's a heagmais, A hársacht eoil gach ló, 's a créachtlus, Go neamh mar stór mar bhfuil ina lóchrann shéiseach. Tá Parnassus go taí sa teimheal mar an gcéanna, d'oíche 's do ló fá ghéaga ag críonadh, Taithí na mbard is na ndáimh dá líomhadh, Ní fheicthear go brách ann, mo dhóigh, is ní hionadh; Chuaigh an tiobrad i dtrá a dtráchtfaidh draoithe air, Is Múse ní áirítear ag Cyrra na naoi ghlan.
Annálach Seacht gcéad ar mhíle, gan díth gan chlaonadh, An deichiú ar thrí fichead 's an trí gan íneadh, Aois an Rí, an cúigiú lá de Ghionbhair, A tháinig dár ndíth chun síol Ádhaimh a shaoradh, Gur theagmhaigh don phríomhollamh líofa eolgach Art bhí díor Mac Cúdhaidh a chlaochladh.
Tráth sínfear tú 'gus mise leat I gcarcair chúing faoi úrbhrat, Is dóigh go ndéarfar os ár gcionn - Seo deireadh Ard-Éigse Éireann. Slán le duain na nduar ceart, Slán le cuaine na ndrua-bheart, Slán le Pádraig, slán le Pól, Slán le daltáin na mbinn-cheol.
Is doilbh do thost, a Éire cháidh, Is dubhach do chlann fé dhíomá, Is tromchroíoch, faraoir, do chléir, d'iompaigh a nduairceas do ghnáth-réir.
Goidé an ghruaim nó an teimheal neamhghlé seo A chiar, monuar, ar shnua na héigse, Ó chualadar lua ar a n-uachtarán Gaelach, Pól breá, uasal, uabha, céillí, Cara na slua san ghuais-bhaoil dhéanaí A chlaochladh uathu ó stua-mhír an teampaill. Ba shagart glan stuama é bhí suáilceach aoibheal Oiriúnach, uaigneach, suaimhneach, céimiúil, Solasach, dealrathach, ainmneach, daonnúil, Comhfhreagrach, eolgach, ceannasach, tréanúil, Dea-labhrach, eolach, carthanach, méiniúil, Cosantach, meanmnach, caradach, réimiúil.
Ba taitneamhach a shnua is ba mhómhar eagnaí, Eisean ag fuagradh uaidh mar Elias Na reachta a fuair anuas ón Aon-mhac Do na díorma a ghluaisfeadh go neamhshuaimhneach éiglí Chuige faoi ualaigh uafar dhaortha Gur haistríodh uathu é fá shuan an éaga. Ba bhuach a mheabhair i meán na héigse Thigeadh chun comhagail chuige mar mbeadh sé Ag scaoileadh na nod is gach deacair dholéite Ar aiste na n-aspal a bhí ann le linn Chéasair, Do na saoithe i gcomhthionól le forchroí a chéadfaí Tá ag caoi go seachantach ó chaill siad an t-éigeas. Ní aithristear duar i laoi nó i gcroinic Ar aon de shliocht Gaeil Ghlais ba soilbhir oirbheart, Nó an loinnir ghlan shéimh sheathartha róghlic In oideas gach léinn is gach canúna dár seoladh Le Niúl mac Feanas is le mac Eochair a bhí eolach, An t-óirghréas gan oilbhéim a bhí oischéimneach oirirc, Fuair cumhacht ón Rí mar Mhaoise eargnaí Na reachta naofa mhíníodh go dearscnaithe Do na díormaí a bhíodh san tsaol sa deibheadh; Is réimhlón síoraí, go fíor a dhéanamh Don uimhir a ghlac gríosadh faol is rialadh, Is choimheádfas an tslí a dhírigh an sréadaí.
B'é an dara Pól é ag seoladh an tsréada, Is dá gcoimheád go heolach ar fhaol-chúnna an tsléibhe; Bíobha dá gcomhair nó leo ní ligfeadh Ach dá bhfaire le tócha, i neoin, is le deiádhe Go forchraidh maidne mar Aron aireach Thug a chúram slán leis neamhdheoin don Éigipteach. Ag Cyrra na niamhshruth fuair an seanaí Na tallana iomaí ler faobhradh a chéadfaí Dháileann gach naoi den chlann sin Mnémosine Mír de gach eol d'fhág líofa céillí An fealsúnach saoithiúil bhí ina phríomhghéag seo Ar óige na críche atá ag caoi ina dhiaidhsean. 'Sa ghaoil gan bhréig a chuir léan ar naimhde Íre chraobhghlais is ar na hallmharaigh dhána Thigeadh thar bhaolmhuir ó chríocha Dhánair I mbarca gléasta chun díth a dhéanamh Do ríthe tréana is do fhlaithe Chríoch Fódla Ónar shíolraigh Ó Briain darb ainm dó Pól dhin. Ní raibh sin sua nó uaisfhear éachtach Iarla, prionsa, nó barn eolach Flaith rófhíorghlic ná míle tréitheach Den aicme phríomha, ríora, céanna A thionscnaigh an lígh in aghaidh bhrí Thuatha Dé Danann Nach tríothu go fíor tháinig an saoi seo thréig sinn.
Tá Saltair fhoghlamtha Chaisil is ar scríobhadh Le Cuileanán stuama an príomhollamh ríora, Le draoithe snuagheal is le hollúna líofa, Is gach saoi a bhí uachtrach, ealaíonta, críonna, Dá dhearbhú uathu gur den treibh úd ón Scitia, Ghabh flaitheas go huaiseach ar gach mír san chrích seo é. Ó tháinig dár gcuan ón tor i nGallicia An macra glan suall sin feardha Mhilésius, Ní raibh i bhFáil-chrích shuamhar, uaithneach, aoidheach, Uair, nó uain, gan rí róchéimiúil Den phór uasal, uaiseach, réimiúil Tá dár shíolraigh an sua ár n-uachtarán céillí. Seasca ar aon le cúig fhichid de ríthe Fuair ceannas le uaill in Inis na bhFíobhaí Den fhine ghlan shuall ónar tháinig an saoi seo, Go Brian na mBua a chuir dlúimh is dhíbir Eachtrannaigh thuatha, uafar' dhaortha, Ón gcrích go suthain i bhfeascar a shaoil sin. Is fiosach don tsaol gan chlí gan chlaonadh, Gurb ón mBrian seo a bhí ina rí le réamhain, Mac Chinnéidigh fhíorghlic an prionsa tréitheach Mhic Lorcáin ríora mhic Lachna réimiúil Bhí i dTuamhumhain i mbrí is i gceannas go réixiúil Tháinig an fear díor fuair ón Rí bheith eagnaí.
Ba gheanúil a ghrua gach uair le féachain, Ba cheanúil, uaigneach, uaiseach, niamhúil, d'aithneofaí ar shluaite uabha Éabha é, Ar a dheise, ar a shuairceas, ar a shnua, 's ar a dhéanamh; A shamhail ní luaitear uainn san réim seo Ach Augustun uaisgheal a bhí suall sa daonnacht. Níor fritheadh go fíor sna críocha aonfhear Ba taitneamhaí gnaoi ná an saoi glan céanna; Thug sé an chraobh ó Naoise déadgheal, Is ó Pharis mac Priam bhí ar thaobh Shliabh Ída, Ó Absalam an saoi, mac rí na gcreidmheach, Is ó Narcissus chuaigh i mbligh tráth chonaic sé a ghné mhaith. Ní furas, monuar, do uaisle na críche seo A bheith soilbhir go luath nó dréachtach a choíche Ó chuaigh sé fá shuan an caomh seo d'fhág cloíte Maithe na Mumhan is Chonnacht ríora Is Laighnigh 'tá suall thug searcghrá a gcroí dó Is choinnigh go buan acadh ó Reillie, na righ é. Tá Ealga luachmhar is a huaisle tréaghdaithe Gan taithí na ndrua ann nó reabhradh téada Gach teach-lucht gan suan go buan is go heiglí Ag frasghol dá ngruanna ar uain go tréithlag Ó chaill siad a n-uais-shaoi, a n-uaill, is a n-éadáil, Dáimh-oide na mbua, an sua is an naomhfhear.
Tá an coláiste snuamhar lómhar gléasta, Ina raibh sé ar shluaite ina cheann-athair naofa, I dteimheal is i mua is ina bhloghanna réabtha Ó claochladh uaidh an laoi-réalt aobha Bhí dícheallach uaigneach, uachtrach, féidhmiúil Is ina eiseamláir scolártha do mhacra Chríoch Éireann. Tá tuirse agus gruaim ar shnua gach aon fhir Thaithigh nó chuala lua ina shaol air; Óir choinneodh sé suáilce suas is aoibheal I mbruíona suanaí do-bhrónach séibhbhir Dhíbreodh an duáilce uathu is réabfadh Lionn trína shuairceas ar ghruanna buartha. Tá an eaglais monuar neamhshuaimhneach tréaghdaithe Ó chaill siad an t-uasal, a n-uachtarán céillí Tháinig mar luaigh muid le huais trí réixí Bhí ceannasach, uaibhreach, uaisgheal, réimiúil, Flaitheasach, luaimneach, suáilceach, daonnúil, Is níor scar siad dá ghuaillí gur cuireadh fá líog é. Annálach Trí choll le dair gan díth, míle annaid dá dtaobh clí, Dhá dheich in aontacht ghrinn, le cúig mhí ach deich lá den tsuim Aois an triaith a dhíol ár gcáin tráth cuireadh fá líog Pól Ó Briain.
Tráth bhí mé aréir le Moirféas sínte Thaibhrigh an neamhain mhéarlag dhiocsa 'Mo chomhair faoi léan fá scéin ina croí-sa, Péarlaí glégheal saibhir scaoilte Fána braoithe caola, aolga, míne Is í ag sileadh deora go tréith is ag caoineadh. Bhí loinnir ag éirí de scéimh a gnaoi-sa Chuirfeadh teimheal is éiclips ar an ghréin mar oíche, A rósa fá chaor fána héagcosc caomhghlé A dreach-lí, a leithéid níor fritheadh sa tsaol seo, Ach Hélen ón Ghréig ler tréaghdadh laochra, Nó bean Naoise dhéadghil a thóg drean na mílí. Aitchim thú a ghéag a fuair scéimh na mílte, A chom chaol aolga mar shneachta aon oíche, A phéarla luachmhar uaisgheal, aobha, A naoi ró-uachtrach shnuamhar ghnaoi-gheal An chugamsa anusa ó Iové le díle Tháinig nó ghluais tú an uair seo 'ríoghain?
Is ionadh mór liom d'urlabhra a dhíorfhir, Is nach n-aithneann tú ó do chomharsa i ndaor-bhroid, Thusa a fuair fá bhruach mo bhruíne Meidhir gan uaill gan ghruaim gan díomá, Fiosraíonn tú monuair, cé mé atá gríosta Fá bhás mo Ghuaire d'fhág mo ghrua-sa cnoíte. Ar sin d'éigheamh sí go léanúil cloíte, Is dúirt gan léithbhe a bhfuil ina dhiaidh seo scríofa, Nárbh fhusa an céile fuair ó thogha gach líne Dar tháinig ó Éireamhon, mac éachtach Mhíle, An t-ainm a dtéim faoi .i. Baile an Átha na míne, Riarfadh gan eisceacht na hachrannaigh iothmhar. Créad fáth ar thréig an mac feasach caomh seo An flaitheas is an réim a bhí i m'aol-lios príomha, Gaol na dtréanfhear is na réix i Scitia D'fhíor-shliocht Ghaeil Ghlais fuair céim sa chrích seo, Dalta na héigse is searc chléibh gach saoi é Gurbh é a chlaochladh gan bhréig d'fhág buartha an tír seo. Óir ní raibh gan uaill aon sua nó míle, Taoiseach slua nó príomhfhlaith aoibheal, Curadh lómhar oirirc croíúil, Dar tháinig fán ghuaismhuir uaimhní, bhaolaigh Le Bratha ón Ghotia a rinne fos san í seo Nach tríothu le huais tháinig an mac labhrais shaoithiúil.
Bhí an díorfhear céillí a luaim ríúil, Ar aon nós gan bhréig le gach saoi ór shíolraigh, Riaradh an triath na díormaí iomaí Thigeadh fá shiar, fá dheas nó fá chlí dó, Is gach saoi dea-bhriathrach nó file glic líofa Go gcloífeadh an fial iad le haíocht is le íce. B'é searcghréith na nGael go léir an saoi seo Le heineach, le féile, le céill, is le dílseacht, A shamhail san réim seo ní fhéadaim a mhíniú, Ach Cuana chloch liathbhán a réiteodh na mílte d'aicmí na cé seo le saibhreas a mhaoine, Nó mac Cholmáin, rí eolach a bhí daonnach mar an gcéanna. Tháinig an t-oidhre trí chéimeanna ríora, Ó fhlaithe ró-réimiúl' de thogha Chlainne Mhíle, Bhí i gceannas go réixiúil is i gcéim san chrích seo, A chuir dlúimh is éiclips ar shluaite díblí Thurgesius uaibhrí uaimhní bhaolaí Gur threascraigh an duairc gona thaoisigh iomaí. Ba chuibhe go fíor don díorfhlaith céanna, A bheith i dTeamhair ina shuí 'gabháil cíosa is géilleadh, Is dearfa gan chlí gur faoi a ghéimfeadh An Fháil-líog bhríomhar, chinniúnach, aonta; Ollúin na críche ina thimpeall go mbeadh siad, Is Pádraig le brí dá ndíol go réixiúil.
B'é Sir Énrí Ó Néill a bhí i gcéim go ríora Gar-athair an dea-mhic a luaim díbhse Mac Eoghain an tséin mhic Fhéilime caomhúil Mhic Néill Óig mhic Néill mhic Aoidh dhil Mhic Dhónaill gan bhród mhic Bhriain mhic Néill dhin Mhic Aoidh na só mhic Mhuircheartaigh aoibheil. Bhí scatha d'fhuil Néill fuair gialla ó naimhde, Ag dealrú mar ghréin ann tríd ghéaga bhláthgheal Mhic Eochaidh na réim, mhic Mhuireadhaigh álainn, Mhic Fhiacha na n-éacht mhic Chairbre ghráí, Mhic Cormaic eolaí ulchfada chataí, Mhic Airt Aoinfhir mhic Choinn Chéadchathaigh. Seasca ar chéad gan bhréig de ríthe, Is naonúr ina ndiaidh bhí le réim san tír seo, Ó Éireamhon shéimh a chuir léan ar dhraoithe Go Ruairí an fear tréith thug Éire bhríomhar Don Bhriotánach tréitheach eolach ríora Is gur tríothu go léir tháinig an fear cléibh seo chaoinim. Tá'n Feadh ina dhiaidh-san tréaghdaimh cnaíte Gan taithí na héigse nó na n-ollún líofa, Gnaoi na gréine sa lae ghil claochta, Na hiasca féin gan dé san oíche, Na mágha réabtha is gné na tíre, Ó d'imigh an fear fial d'fhág mo dheora síos liom.
Tá uaisbhean tséimhí an dea-fhlaith chéanna De mhaithe na nGael i gcéim sa chrí seo, Is a dhís mhac eolgach oischéimneach príomha Labhrás glégeal is Uilliam gníomh glan, Ag caill' a gcéille fána n-ionmhus saolta, D'fhág siad, mo léin faoi líog-ghall sínte. Tá a ghaoil go léir gan réamhain cloíte A dheartháir ag éagaoin leis féin is ní hionadh Éllen is Ester fá léan dá chaoineadh Róis i gcéin léi féin go croí-dhubh, Peigí an neamhain mhéiniúil mhúinte Tarraing a céibhe ó cuireadh ina chaol-thigh úr é. Tá na Ciaránaigh chléibh atá i gcéim mar chí sibh, Is tháinig le réim ón fhiniúin chéanna; Mar dhearbhtar le Céitinn an príomhollamh críonna, Go bhfuaireadar saibhreas, flaitheas is aoibhneas I dTír Eoghain na nGael is in Eamhain go ríora Go bhfuilid go léir ó thréig sé iad i ndíomá. Tá na Branaigh ghlan séimhí bhí ina sciathda fán tsaoi seo De mhaithe Chríoch Laighean a tháinig le díle Ó chathaoir na n-éacht bhí i dTeamhair go ríora, Fuair urraim gan eisíoth ó fhlaithe gach tíre, Go bhfuilid i ndéimhe is i dteimheal go daortha, Ó d'imigh an fear céille is d'fhág sé an saol seo.
Annálach Trí choll is duar gan díth, Míle annaid don taobh clí, 3.7. go beacht sa do go grinn Is trí mhí leo féin gan roinn, Aois an tríath do shaoraigh sinn, Go dul Phatruic Dughdal fa lig a gcill.
Iomad fáilte ó chrích na Spáinne, Chun na hí seo Phádraig na cléire, Don chaomhfhlaith álainn atá anois go haireach Ina cheann ar ardeaglais Éireann; Tá taoma grá lí trí dhuille bhrá chaoin Ire bhláith dhin is ní hionadh, Mar fuair siad sámh-shaoi is comh-iathach áirithe A scaoilfeas aidhchleadh a bpéine.
Nach mór an t-ádh ar theampall Ard Mhacha An saoi seo a fháil di mar chéile, Fuair clú is taireadh i ngach crích dar tharla ann Ina phríomh ar ardscolta léighinn; Ag míniú nádúr na ndúileamh ard ann, Is le ria na haisce á riaradh, Mar Mhaoise an tráth sin thug na mílte slán leis In aimhdheoin do Pharo ón ngéibheann. Fuair an lóchrann algach de threibh na Teamhrach A bheith ina cheannfort ar Ghaela Gan chlí gan mheangbhreith ach ina rí do gheallamhain Don ailgean almchadha, céillí; Níl ní dár sorchaíodh den eagna dhorcha Faoi Niúl órga i Má Séanair, Nach bhfuil ag reabhradh go fíor gan seargadh Fá bhraoithe ain líofa a chéadfaí. Tá loinnir ghairdis trí chríocha áille Ealga bhláfair, is Aoibheall, Mar fuair ón Ardrí trí ghuí an Phápa Saoi a shásfaidh an Ghael-threibh; Is líonfas áit Uí Reilligh ghráígh A chuaigh go Parthas á naomhadh, Is chuirfeas áineas ar eaglais Fháil dhín Ina phríomh mar Aron á rialadh. Beidh an t-eagnaí ághmhar gan scíth ina gharda, In aghaidh na sárghoine is na claoine
A thig gan áireamh trí aimsiú ábhal Dár ndí ónár naimhde chun tréadaí; Mar chuir an tArdrí a chonaic áibheis Cionta Adhaimh agus Éabha, An laoi-réalt álainn uaidh go tráthúil Chun na mílte a shábháil ón ngeimheal. Ó treabhadh an tsáile le macra argtha Mhíle oirircigh thréithigh Chun a ndíoghla an tráth sin, is iad féin a shásamh Fá Íth a mbráthair-sean a tréaghdadh; Ní raibh ón lá sin, sua san Fháil-chrích Anuas ón ardcheannas éigsiúil Ní ba suaimhní tháinig chun na stuaí seo is airde, Ná Cruitín sámhgheal de shliocht Éimhir.
Sláinte fá bhrí don ardfhlaith atá i dtír, A tháinig ón uíbh iarthair, Go brá-ucht na gcríoch ór athraíodh an saoi Lán de ghoil, muin, is éifeacht; Is grá le gach croí a ghnáthaíodh é go fíor A fháil ina chaomh-uasghrinn, Slán ina thír ó ghá mara is lí, San áras ar thaobh mhá uathdhín. A Bheartomoin, a dhea-fhir, de threibh na n-ardrí Gan mheabhail bhí i gcrích Oirghialla; 'S i gceannas le brí i dTeamhair gan díth Go hoiriúnach, fíor, oirirc; Seacht mbliana fichead gan freasúra, fhir chaoimh, A chaithis i dtír nua uainn; 'S, a ghaiscigh, glac síth in d'aol-lios arís, Gan bheith in achrann ann, nó in uamhan. Is ádhmhar go fíor dá lán fá Ionascaoin, An dea-fhear tá ciúin céillí, A theacht chucu aniar ó Cholumbia na nglia, A mharthain gan fiamh éigní; Sliocht Mhathúna a ghlac cíos ar ailchais na rí, Chuir Danair i mblí is thréaghdaigh Ag Sulchóid an fear clí, Toirioll, 'sa raibh faoi, Le Muiris bhí ina cheann ar chéadtaí. Ní tháinig go fíor go hInis Fáil riamh saoi Ó aird ar bith den chruinne cé sin,
Is gráthaí gan fiar i gcathú ná an triath I ndála leis an gcine Gaelach; Óir níl ard-bharún díor nó seanaí sa tír, Tréanfhlaith nó míle éachtach, Nach bhfáiltíonn le mian an sámh-mhac gan chlaon, Bhfuil a dhreach-san ar lí na géise. A mhacaoimh, a ghlac scíth i gcéin uainn thar lí, San í sin nach cruinn gné di, Den dream a chuir Íth a theastú na gcríoch 'S a tháinig chun a dhíoghal a dhéanamh, A threibh Colla an Dá Chríoch, Mhic Eochaidh Doibhléin, Mhic Chairbre na mbruíon luaimneacha, Mhic Cormaic an dea-rí, nach n-umhlódh don draoi, Mhic airt Mhic Choinn na gcéadchatha. Is follas do gach saoi gan mheabhra gan chlí Den chine seo Íre snua-ghin, Gurbh ó ríthe breas' a bhí i bhflaitheas na crích' A shíolraigh an fial a luaim; Níorbh ionadh linn go fíor, é bheith in Eamhain Mhacha ina shuí, 'S an septer ar a dhea-thaobhsan 'S an uaisle 'lig ina suí 's ag sléachtadh do gach saoi Oiriunach dá dtigeadh uaidhsean.
Céad fáilte chun tíre don sármhac aniar Ón gcrích úd an chine nua, Slán arais arís d'ainneoin gach draoi Le nár mhian gach ardchéim a fuair sé; Nach tráth dó anois scíth a dhéanamh sa tír Chun tabhach ar a chíos a thurgnadh Mar mbeidh orgain, a's píoba ag seinm dó fá aoibh Ina aol-teach breá, ardgheal, suaithní. Bíodh suain agus scíth ag an gcródh-fhear fá thrí Le suairceas, sárchéim a's pléasúr Le coirme mear gan chlí mar ba chleachtach don saoi Le huaisle na gcríoch go léir seo; Óir ba dual dósan suí i gcathair na rí - An fháil-leag nár dhiúilt géimeadh; Cuachain sróil bheith faoi is cabhsa óir go ndí, Is brataí uime d'fhíor-éide.
Ba dual dósan spórt a's meidhir i gcló Le huaisle den phór Gaelach, Ar ghreadha seang' sa ród bhíodh fuilteach borb óg, Ag greasadh na gcon géara Chun ruagtha gach sórt ealtan ar gcóir Sionnach, broc, a's míola luaimneacha, A fhiagaí gach ló i ndiaidh eilt allt' óga A's galltrompaí fós á bhfuaimneadh. Nach eisean an saoi bhí glic i ngach slí Ar thallana dlí a's éiliú, Ar reachta gach crích' sa gcruinne uile 'stígh, Sacsonach, Chinése a's Gréagach; Chaithfeadh seisean mí i gcomhthionól gach crích' Ina cheannfort ar cheanna réigiún Ag ceartú nós mar Mhaoise ag stiúradh na ndraoi, Nó mar neach a mbeadh fíor-aoibh Dé leis. Nach eisean a fuair páirt ó cheannfoirt gach áit Ó ríthe is ó ard-impirí Mar gheall ar a chairde in Inis seo Fáil Air féin, 's ar a láimh fhíorghlic? Ba bheag leo a dháil chucu gach tráth, B'é seoladóir a ndáimh 's a ngníomh é, 'S nár ró-thrua Inis Fáil faoi ainreacht 's faoi smál An fhad a bhí a dháil uaithi. Ach anois atá 'ghaol in aoibh-shnó go suairc Ó teagadh dóibh a chúirt arís ann,
I ndúil le gach suaimhneas a gealladh dóibh anuas I dtairngire a bheith faoi-sean; Eadhon síoth agus suaimhneas bheith in Inis na Sua Agus Murcha Mór bheith ag lua a ngníomha; Creideamh an domhain mhóir ar bail mar is cóir A's naomh-rath ar an gcine daonna.
A laoi réalt shuáilcí, fáiltear linn Do theacht ó uais-bhruín Bhreatain, Lán duáilce, is de ghruaim neamhloinn Trí mheabhail gach draoi san bheartchlaon. Ba chomhartha bua, is lucháire linn Do Chrích Fhéilime reachtmhaí is Choinn, Do shamhail d'uasal, uabha bheacht, Bheith ina cheann ag stiúradh is ag teagradh ár gceart. Ba oscách ainmneach thú gach tráth Ag freachnú uait gan scíth, gan stá; Óir do leithéid ariamh níor frofa In Inis Ealga, go fíor, is níor cothaíodh. Is iomaí rí agus míle tréan, Flaith ró-fhíorghlic is cura teann, Chaith a n-aois, a maoin, is a neart, Is níor beartaíodh leo d'imeacht. Is glé 's is suall linn fuaim do chinn Ag míniú uait go dearscnaithe, Na reachta is dual dúinn fháil gan roinn Is cheanglós ár mbá le Breatain.
A reannáin shuaithní, bhéarfas tarrtháil dhúinn Ó phéindlí uaimhní phoinneoinn; Leat go mbeidh ár n-ionmhain ghrinn Go fuine síoraí an domhain. 'Siad na déithe an tráth b'áil leo é d'ardaigh is chuir chugainn an triath Ó Conaill an áigh is gach ardfhlaith san chomhthionól a thrial Go cathair rí Shasan go bhfaghadh siad osadh san ghlia, Ler saltradh Críoch Fáil is d'fhág smál ar mhacra, is míriail.
Fáilte an tsaoi eolgaigh fhoghlamtha Uí Chonaill go hÉirinn a chan Art Mór Ua Murcha, Caisleán Thalún Dídin Bhaile Thomáis
Céad fáilte 'nall don lonn-laoch fhios-shaoi, Ó chathair na meang go fonn-lios sheas-chaoi Dhuibhlinn shuaithní, uasail, bhreas-dhraoi, D'fhuil na sua, ba suáilceach dreach-ghnaoi. Ba cheart a fhiaghain fhia don fhearchlainn Tá ceangailte i bhfiar-reacht chiardhubh seach-roinn, Nach dtabhrann cairde claraíocht cheirt dhoinn A's bhuain gach uaillmhaoin uainn fón gceartchroinn.
Buíocht uainn go buan duit 's dea-chroí; Maithmhaoin luachmhar, luath gan easbaí Só nó síthe gan díth gan bheartchlaoi Dhuit, 's do chroí ó chlí an fheart-rí. 'Sé Ó Conaill an saoi gan chlí, a fhothraíos Críoch Fáil A's bhuainfeas don rí, fuair brí na gCotaí thar sáil'; Gach ceart a's gach cóir le fógra tapaidh, go grinn, A's shuífeas Críoch Fáil i ndáimh le Sacsa gan mhoill!
A Mhurchaidh Mhóir nach fann brí In ealaín eolaí na n-ard ndraoi, Ba choimhdhe duit le fíre cheart Bheith id' ollamh ríora tré hintleacht. Is iomaí duan, dán, is laoi A theagmhaigh dom in mo shaol sa chrích, Is leitheid do shaothairse gan gó gan chlí Níor frofa ó láimh aon tsaoi
Is deimhin liom go ndearna tú scíth Fá chuimne aobhdha na sua mban sí, 'S gur ibh tú uathu as corna glé Na tallana d'fhabhair do chéadfa-sa.
Ná cluintear á rá go brách é, 's ná cantaighear le haon Go bhfuil na déithe atá i bParthas neamhchásúil inár dtimpeall i gcéin, Ó chuir siad an bard réamhráite chugainn tá dearscnaithe i gcéill Is líonfar Críoch Fáil do ghnáth tré fheabhas a léinn.
Litir a scríobhadh le hArt Mór Ó Murchaidh chun an lia oirirc Séamas Mac Giolla Choille ar chloisteáil go ndearna sé ceol cáinte do; mar tháille rann a chuir sé chuige cian ó shin darbh Murcha Mór.
Tusa scríobh mo tháinse, 'S nárbh áil leat mo chumannsa; Is thug don chomharsa cáin Ar mo dhánsa mar chloisimse. Níor thuig tusa m'ábhar, Cé barr feabhais d'oidis; Mar an sionnach leis na sméar'; Bhí sé géar mar nár thuigis. Freagra anois go ciallaí, I bhfialtoil m'uránsa, Nó níl géigín ar do bharrsa, Nach ngearrfaidh mo chorránsa.
I bhFearann Báilligh tá'n táilliúir is mian liomsa trácht air, 'Sé is ainm don sármhac Mac Cathail na séad; Is aoibhinn le dámha na críche é bheith i státa Da dtarlódh mar ba ghnáth iad in aicme is i gcéim: Níl siolla nó tráchta dár cumadh le ár mbardaibh Ó ghluais ón Spáinn 'noir treibh Gholaimh le réim, Nach bhfaighidh tú go sásta ag an dea-mhac mar tharla, Le saorshrutha sámhghlic in aiste is i gcéill.
Ó d'éagadar an éigse d'fhág éicliops ar Ghaeil, Is nach maireann an tsárchlann bhíodh ag sorchú go buan, Le héachta na dtréanfhear a dhíchuir Tuirgéis Is a chabhlach go léir amach ar an gcuan; Níl a stír againn den rogha-threibh thug faoiseamh do Éirinn Ach Mícheál is ní bréag sin an sontanach caoimh, Is go mba saolach a bheidh sé sa tír seo le séan maith I dtánas gach féile go soineanta saor. Dá mbeinn le rí-cheart i gceannas Fodla mar ba mhian liom Is uaisle na críche a bheith ag ísliú dom féin, Bheadh fáilte agus díomhanas don táilliúir ag Séamas Mar ba ghnáth tráth bhí ríthe na Teamhrach i gcéim; Ní choigleofaí fíonta na Spáinne nó aoibhneas Ag fáiltiú na mílte de aicme na nGael, Is bheadh an fealsamh saoithiúil mar Esculapius go líofa Ag cur meanmna i ngach saoi glic a bheadh claíte le fíon. Ó thréigeadar an Ghael-threibh Ráth Cruachna is nach féidir Réim-ríora a bheith ag aon de shíol Oillil mar bhí; Is gur díbríodh as Éirinn sliocht Íre le Séamas Is gur ghabh clann an Bhéarla gabhail sa chrích, Níl gar dúinn bheith buartha le Wully ach géilleadh Don Mhac a bheir saibhreas na bhFlaitheas gan díth Do gach aon de shíol Éabha a ghéilleas do theampall Is chreidfeas go héag gurb eisean an rí.
Beir mo chéad beann mar fhéirín go dúbalta siar uaim Mar chónaíos an fialmhac is taitneamhach cliú; An fíor-fhiosaigh céillí de mhianshliocht an Ghaeil Ghlais, Fuair ansacht ón éigse agus ó gach saoi glic faoi Lú; Níl file nó réix-dhamhna uile san réagún A thaithíodh an dea-mhac caradach caoimh, Nach dtabharfadh maraon le ceannfort na cléire, Searcghrá a gcléibh don mhacaomh gan díth.
Tá naoi, an mharthain bhéil-bhinn a mhéadaíos grá gach saoi Sa chrích seo uile Éimhir a éisteas nó a fhéachas í, Tá dreach go fíor ina héagcosc ar aon nós le hAoife a bhí Ina bhrinneall bhreasnaí aolga lenar thit laochra le dile i mblí, Tá scatha ar lasadh d'ardfhuil na n-árgfhlaith ghabh géilleadh ó thuaidh Fá bhraoighe caomha áinmhaiseach na sámh-iníne atá mé a lua; Dá mbeadh ar Ída an tráth sin ag dáileadh na séad don sua, Bheadh Gréagaigh i dtreise de mhéad a deise sa Traoi gan dua. Tháinig an mhaighdean chéille na n-órghréas trí chló gan díth, Ó ríthe breasa tréitheach' a bhí in éifeacht dár gcóir san chrích, Ba díobh an mac sin Eanna .i. Feilime, a bhí le ceart i mblí Ónar shíolraigh Murchú réimiúil is gach géag úr a chéimnigh an saoi; Tá an rósa fá chaor á dathú is airíos an lile uainn Ag spairn ina gnaoi gan tláthú gach lá go fíor mar dhual, Níl flaith ná míle airgtheach a ghnáifeadh an mhilis bhua, Ná adéarfadh léi, tré a gné is a tuigse, a ndílseacht is a gcáil.
Is aoibhinn a bheith ag féachaint ar an neamhain seo atá chois na slí, Ina cónaí i bhflaitheas céimiúil na dtréan ónar shíolraigh sí, Is deimhin gurb í an Phaonix a chuir éicliops mar dhearbhaigh draoithe, Ar a bhfuil nó a raibh de ghéaga san ché chruinne ar dhreach sárlí, Dá mbeadh an bhandia bhráigh-gheal san lán-tionól úd i measc na slua A ghnáthaíos Tempe álainn ó ard-fhé olimpic shual, Bheadh Ellen dhíor gan áibhéil ar láimh ag an triath go luath, Is Iuno dhearscnaithe ag caoi is ag ceasnaí fá naoi a bheith san throne. Dá mbeadh an ainnir shéimh seo na ndéadgheal is áille gnaoi San phálás sin ina céile in éineacht le Ióve ina suí, Bheadh dúile neimhe ag géilleadh don néamhain gan scor gan scíth, Is gach dealramh di dá n-éireodh ag niamhadh na n-uile ní, Bheadh lacht-raon na tíre uachtraí go háirithe gan síth gach ló Dá ghnáthú ag sluaite glé uaiseach ag teacht dá cóir, Chun a ndíogras a fhógairt don nua-réalt seo chlann Mhic Ceoin. Fuair séimh is deise céim is treise is aoibhneas gan bhród.
Is crá cléibh liom an taí dhéarach atá ar mhaithe Críche Fáil Fán táin dhéanaí seo i mbéal gach aon fhir fhaicsin mar atá, Gach flaith dearscnaithe den fhine Ghaelach dá dteagmhann 'mo dháil A bheith i riocht éiglí 's ar lí an éaga fá Dhónall Mac Nabhall. Níl uimhir éigsiúil sa chrích seo Éibhir nach bhfuil tréithlag is i bpéin go tláith Ó claochlaíodh an tréanfhear de shliocht an Ghaeil Ghlais fuair ansacht cléire is gach príomh gan smál; Thug sé an chraobh leis ó thuaisceart Éireann san oideas Gaelach bhí i gcéin uainn tráth Mar eochair eolach bhí ar thaobh Mhá Seanair ag ceartú Gaeilge faoin rí le táin. Is ábhar eagnaí don tír go léir é, nach bhfuil ina dhiaidhsean, mó le fáil
A scaoilfeas éachta na gcura tréitheach a chuaigh fá scéithe i ngach béim ghail-áir, Dar sraonadh in Éirinn, is i bhfad i gcéin uainn trí eargna laochra bhí bríomhar áil, Chuir cíos, is géilleadh ar ríthe tréana, na cruinne cé seo, neamhdheoin do chách. Tá teimheal daortha ar shnua na spéartha fán duine séimh seo bheith ina luí mar 'tá, Gnúis na gréine go fíor faoi éicliops is na dúile réabtha is gan léas san lá, Na ceatha réaltan fá ghruaim go ciardhubh, gach oíche ag diamhlú is gan luan ina ndáil Dhéanfadh niamhas ná thógfadh an ciach seo atá ar gach fíorfhlaith fá Dhónall Mac Nabhall. Tá'n chlann chéillí sin, Mnémosine is gach naoi ghlé ghlan go fíor ina ndáil Ina luí in éagriocht ar fhé dhea-chnoc Pharnassus na ndáimh, Bard béil bhinn dá gcoirm léinn a mhuscladh an grá Tá i gclár cléibh ghil na sámh-mhaighdean fá Dhónall Mac Nabhall. Is cás buartha an sua céanna bheith fá líoga is gan draoi le fáil Ghríosfadh eagnach na gcomhaoitheach éigsiúil tá go tréaghdaí ina dhiaidh 's á gcrá, Ná file faobhrach go fíor a scaoilfeadh ná chuirfeadh i gcéill do mhór-chlainn Ádhaimh
An easpa éagnairc tá go fíor ar Ghaela ó cuireadh i gcré uathu an díorfhear grá. Tá fíor-réithe na críche ag éagaoin is faoi aoibheall ó aon ní áil, Ó theastaigh an saorfhear de threibh Mhílésius bhí in aistí Gaeilge ina éigeas ard; Táid gan réamhain i ngach mír den réagún ag scabadh a gcéibhe go léanúil tái, Is ní thig le haon den chine daonna a gcaoi a laghdú fá Dhónall Mac Nabhall. Sé'n tráth bhí Céasar i mbrí 's in éifeacht de réir mar léitear le draoithe arg', A gineadh an dea-mhac naofa a tréaghdamh fá chionta Éabha faoi dhíbir ias ard ? Ocht gcéad deág is trí sheacht ina ndiaidh le hannaid aonta de bhlianta áll Dáta na ré, ach sé mhí leo féin, a claochlaíodh an Gael glan Dónall Mac Nabhall.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services