Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séamas Mac Giolla Choille

Title
Séamas Mac Giolla Choille
Author(s)
Mac Giolla Choille, Séamas,
Compiler/Editor
Ó Duibhginn, Seosamh
Composition Date
1828
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1972)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A Thulaigh Aird ar ghnách na mílte
Theacht gach lá d'uaisle ríora,
Fá do chum is fá bhruach do bhruíne,
Áit a mbíodh gach flaith mar mhian leis
Ag éisteacht le príomhdhámha Íre
Ag sárú gach eagna le meanmain líofa.



Is iomaí seanaí is déise shaoithiúil,
Míle tréitheach, is uachtarán tíre,
Bhíodh cruinn le huaill san dúnlios aobhdha,
I gceacht gan fuath, gan ghruaim, gan díomá,
Is gach díorma nua á dtigeadh don chrích seo,
Go diocsa ag uabhar fán mhá shnuamhar céanna.



Is mór an crá 's an mhairgne shíoraí
d'fheicsin in éagmhais na dtriath-sa shíolaigh
Ó Eoghan Mhór a chuir gleo ar ríthe,
Is bhain urraim, is Conn 'na cheann ar mhílte,
Gan fréamh ar fáil díobh fá dheas nó chlí díot,
Ach faofa táir gan bhláth gan daoine.


L. 24


Méadú sáir is tréaghdaí croí
Theagmhaigh don Fháil-threibh fháil is iomghoin,
Fán fhile eolach, bheolbhinn, chaoimhiúil,
Fhiosach, cheolmhar, oscách, shaoithiúil,
Fhialmhar, charthanach, thaitneamhach dhaonnúil
A claochladh d'aicese a thulaigh na niamhghoil.



B'é seo an bard den Fháil-threibh ríora
d'ibh as Castalia a sháith de fhaobhrú
Óir-chomhdháil dhána oiriúnach, líonta,
Ní raibh in Ealga nó in aird sna críocha
Nach raibh comhaontach go fíor le chéile
Gurbh é Art Mac Cúdhaidh Horatius Éireann.



Ba soilbhir gach lá é, is b'ealaíonta, céillí,
Ag freachnú gach laoi a chumfeadh gan léithbhe;
Léifeadh an fear díor go fíorghlic Céitinn,
Is gach saltair dár scríobhadh i bhfilíocht Ghaeilge
'S ar fáistineadh de ghníomha le draoithe eagnaí
Thigeadh le ria gan fiar ina chéadfa.



Ba eolgach a cháil mar airiú draoithe,
Ag ransú cló gach eagna diamhartha,
Níl mír den sórt ar uain nach scaoilfeadh
Go soilseach, eolgach, loinnireach, líonmhar,
Do na díormaí a ghluaisfeadh chuige le díochra,
Is líonfadh tré shuáilce an file do rímhim.


L. 25


Chuaigh le hAine ón Fháilchrích aíoch
Go Parnassus na mbláth-naoi lán de shaoithe,
Go bhfaigheadh a ndaíf ón tsaorshruth aoibhinn
As cornaibh álainn', nuagheal, aolga,
Ghríosfadh a gcáil is d'fhágfadh líofa
A gcéadfaí arda chun na grádha mhíniú.



Is deimhin le rá gur tharla an saoi seo,
'S an uimhir réamhráite fá ábhair iomaí,
Óir riaradh go sách de lá 's d'oíche é
Le fíon-bheor álainn leis mar íce
d'fhábhar is d'fhág dearscnaithe críonna é,
Is ina loinnir go brách in Inis na bhFíobhaí.



Fuair na grádha d'fhág go fíor é
I meán na ndáimh san spéir go haoibhinn,
Ó iníonacha álainn glé Mhnémosine;
Thug Clio agus Talia óna lámha míne
Aíocht mar aisce dó le déimhe
Chun loinn agus áineas i gCrích Fáil a scaoileadh.



Thug Calliope ábhar débhriathrach céillí,
Is Erata bhláthgheal álainn shéide
Le Melpomene na n-órghréas 's na gcornanna saibhir,
Mír de gach eol a bhí acu féin dó,
Go bhfaigheadh riartha a chiall 's a chéadfaí
'S ina shearthon shíoraí san fheadh gan éicliops.



Thug Euterpe áil is Poliuimnia mhíonla,
Is Terpsicore a sháith dó as Castília líonta,
Níor cheil Urania go soilbhir íce
d'fháil dó lena méara aolga,
'S a dhearbhadh fós gan chóic gan chlaonadh
Gur ibh Art óg stór na mílte.


L. 26


Thug Iupiter ard a ghnáthaigh an chaoimhghné,
Agus Píerius álainn tallana iomaí,
Don ghrinnfhlaith ághmhar a d'fhabhair go fíor é,
Is a mhóidigh fós trí shruth na Stigia
I ndiaidh a bhfuair sé ó na suadha ríora
Go dtógfadh suas ar na plainéid naofa é.



Ní raibh ón tráth fuair daíf le díle
Ó na deirfiúreacha sáimhe ar fhé an tsíchnoic
Triath nó bandia, nymph nó rí-ghein,
Fán Oilimpic ainmní fhlaitheasaí fhír-dhín,
Nach raibh comhshaothrach trí mhian gan éigin
An réalt seo chríochnaithe d'uaisle Éireann.



Is deimhin le rá ó riaradh an saoi seo
Leis na hiníonacha álainn a luaigh mé díbhse,
Go raibh a cháil gach lá do-chríochtha
Tiomsú ábhar is á scaradh arís uaidh,
Is gach flaith san Fháilchríoch lán de dhíochra
A chaomhtha arga fháil gan chlaochladh.



Ní raibh sin bard ó Chír Mac Císe,
Ollamh sáimh nó dáimh dár líomhadh
Ag Helicon ard le lámha ríthe,
Ba soilbhrí a bhfaigheadh dán is laoi uaidh,
Nó ina loinnir a dtráchtar uaim gan chlí air,
Is bheidh bithbhuan áithigheac go deo sa chrí seo.


L. 27


A shamhail ní áirítear ar dhámha Íre
Ach Ó Cuilleanáin ard an príomhollamh ríora,
Óir siolla níor scaradh le hAdhamhchlann iomaí
Fán chruinne nó in aon-ard dar gabhadh le draoithe,
Nach dtiocfadh le saine gan obadh le fíre
Tríd go dána mar thuile san Faoillí.



Shíolraigh ár mbard a fuair grá na mílte
Ó fhlatha ró-argdha armtha dhíochra
Tháinig a mbairc ón tor i nGalicía
Chugainn fán ngábhmhuir áibhéisí bhaolaí
Faoi Aimhirgin ághmhar, an muiríoch ríora
Gur ghabh flaitheas san Fháilchríoch in aimhdheoin
don draoi.



Ba chara gach lá an file glic céanna,
Ba gheanúil a gháire in uimhir na ndaoine,
B'acmhainneach a rá gan stá ag gríosadh;
Loinnear is áineas fá chlár an fhíona,
Mhéadódh an grá gach tráth is líonfadh
An comhthionól ard le suáilce eolach.



B'é Artur an bard a bhí airceach críonna,
Soineanta, grách, tabharthach, gníomhach,
Oiriúnach, suaimhneach, uaigneach, aoibheall,
Solasach, eolgach, ainmneach, daonnúil,
Comhfhreagrach, ceansa, caradach, ríúil,
Cosantach, meanmnach, dea-labhrach, saoithiúil.


L. 28


Ní raibh ón triath tráth hardaíodh an saoi seo
Go flaitheas na ndáimh, gairdiú daoine
Fá do thaobh, nó taithí na ndíorfhear,
Laochra dá ndeasú i gcomhair na ríogun,
Nó caismirt curaí chomhshaothrach dá ngríosadh,
Ach diamhair cheasnaíoch, easba, is iarcra.



Thréigeadar na lachain oileán Uí Néill dhin,
Na hiasca a mbeathra, is níl duilliúr ar craobh ann,
Na riasca go huile, gan ealta, gan éanlaith,
Na magha dá thimpeall 'na macalla réabtha,
Na fatha gan toradh is ceasnaí ar éigsí,
Ó claochladh leannán agus searc na naoi maighdean.



Tá Inis Fáil ina draoi go cloíte
Fán táimh neamhfháilteach a d'athraigh léi
A maoin, a ceol, a hór, 's a saibhreas,
A searc, a dóigh, a só, 's a heagmais,
A hársacht eoil gach ló, 's a créachtlus,
Go neamh mar stór mar bhfuil ina lóchrann shéiseach.



Tá Parnassus go taí sa teimheal mar an gcéanna,
d'oíche 's do ló fá ghéaga ag críonadh,
Taithí na mbard is na ndáimh dá líomhadh,
Ní fheicthear go brách ann, mo dhóigh, is ní hionadh;
Chuaigh an tiobrad i dtrá a dtráchtfaidh draoithe air,
Is Múse ní áirítear ag Cyrra na naoi ghlan.


L. 29


Annálach
Seacht gcéad ar mhíle, gan díth gan chlaonadh,
An deichiú ar thrí fichead 's an trí gan íneadh,
Aois an Rí, an cúigiú lá de Ghionbhair,
A tháinig dár ndíth chun síol Ádhaimh a shaoradh,
Gur theagmhaigh don phríomhollamh líofa eolgach
Art bhí díor Mac Cúdhaidh a chlaochladh.


L. 31


B 1801c 19T
U Pól Ó Briain
Tráth sínfear tú 'gus mise leat
I gcarcair chúing faoi úrbhrat,
Is dóigh go ndéarfar os ár gcionn -
Seo deireadh Ard-Éigse Éireann.



Slán le duain na nduar ceart,
Slán le cuaine na ndrua-bheart,
Slán le Pádraig, slán le Pól,
Slán le daltáin na mbinn-cheol.


L. 32


B 1820 19T
U Maitiú Ó hArgáin



Is doilbh do thost, a Éire cháidh,
Is dubhach do chlann fé dhíomá,
Is tromchroíoch, faraoir, do chléir,
d'iompaigh a nduairceas do ghnáth-réir.



B 1820 19T
U Séamas Mac Giolla Choille
Goidé an ghruaim nó an teimheal neamhghlé seo
A chiar, monuar, ar shnua na héigse,
Ó chualadar lua ar a n-uachtarán Gaelach,
Pól breá, uasal, uabha, céillí,
Cara na slua san ghuais-bhaoil dhéanaí
A chlaochladh uathu ó stua-mhír an teampaill.



Ba shagart glan stuama é bhí suáilceach aoibheal
Oiriúnach, uaigneach, suaimhneach, céimiúil,
Solasach, dealrathach, ainmneach, daonnúil,
Comhfhreagrach, eolgach, ceannasach, tréanúil,
Dea-labhrach, eolach, carthanach, méiniúil,
Cosantach, meanmnach, caradach, réimiúil.


L. 33


Ba taitneamhach a shnua is ba mhómhar eagnaí,
Eisean ag fuagradh uaidh mar Elias
Na reachta a fuair anuas ón Aon-mhac
Do na díorma a ghluaisfeadh go neamhshuaimhneach
éiglí
Chuige faoi ualaigh uafar dhaortha
Gur haistríodh uathu é fá shuan an éaga.



Ba bhuach a mheabhair i meán na héigse
Thigeadh chun comhagail chuige mar mbeadh sé
Ag scaoileadh na nod is gach deacair dholéite
Ar aiste na n-aspal a bhí ann le linn Chéasair,
Do na saoithe i gcomhthionól le forchroí a chéadfaí
Tá ag caoi go seachantach ó chaill siad an t-éigeas.



Ní aithristear duar i laoi nó i gcroinic
Ar aon de shliocht Gaeil Ghlais ba soilbhir oirbheart,
Nó an loinnir ghlan shéimh sheathartha róghlic
In oideas gach léinn is gach canúna dár seoladh
Le Niúl mac Feanas is le mac Eochair a bhí eolach,
An t-óirghréas gan oilbhéim a bhí oischéimneach oirirc,



Fuair cumhacht ón Rí mar Mhaoise eargnaí
Na reachta naofa mhíníodh go dearscnaithe
Do na díormaí a bhíodh san tsaol sa deibheadh;
Is réimhlón síoraí, go fíor a dhéanamh
Don uimhir a ghlac gríosadh faol is rialadh,
Is choimheádfas an tslí a dhírigh an sréadaí.


L. 34


B'é an dara Pól é ag seoladh an tsréada,
Is dá gcoimheád go heolach ar fhaol-chúnna an tsléibhe;
Bíobha dá gcomhair nó leo ní ligfeadh
Ach dá bhfaire le tócha, i neoin, is le deiádhe
Go forchraidh maidne mar Aron aireach
Thug a chúram slán leis neamhdheoin don Éigipteach.



Ag Cyrra na niamhshruth fuair an seanaí
Na tallana iomaí ler faobhradh a chéadfaí
Dháileann gach naoi den chlann sin Mnémosine
Mír de gach eol d'fhág líofa céillí
An fealsúnach saoithiúil bhí ina phríomhghéag seo
Ar óige na críche atá ag caoi ina dhiaidhsean.



'Sa ghaoil gan bhréig a chuir léan ar naimhde
Íre chraobhghlais is ar na hallmharaigh dhána
Thigeadh thar bhaolmhuir ó chríocha Dhánair
I mbarca gléasta chun díth a dhéanamh
Do ríthe tréana is do fhlaithe Chríoch Fódla
Ónar shíolraigh Ó Briain darb ainm dó Pól dhin.



Ní raibh sin sua nó uaisfhear éachtach
Iarla, prionsa, nó barn eolach
Flaith rófhíorghlic ná míle tréitheach
Den aicme phríomha, ríora, céanna
A thionscnaigh an lígh in aghaidh bhrí Thuatha Dé
Danann
Nach tríothu go fíor tháinig an saoi seo thréig sinn.


L. 35


Tá Saltair fhoghlamtha Chaisil is ar scríobhadh
Le Cuileanán stuama an príomhollamh ríora,
Le draoithe snuagheal is le hollúna líofa,
Is gach saoi a bhí uachtrach, ealaíonta, críonna,
Dá dhearbhú uathu gur den treibh úd ón Scitia,
Ghabh flaitheas go huaiseach ar gach mír san chrích seo é.



Ó tháinig dár gcuan ón tor i nGallicia
An macra glan suall sin feardha Mhilésius,
Ní raibh i bhFáil-chrích shuamhar, uaithneach,
aoidheach,
Uair, nó uain, gan rí róchéimiúil
Den phór uasal, uaiseach, réimiúil
Tá dár shíolraigh an sua ár n-uachtarán céillí.



Seasca ar aon le cúig fhichid de ríthe
Fuair ceannas le uaill in Inis na bhFíobhaí
Den fhine ghlan shuall ónar tháinig an saoi seo,
Go Brian na mBua a chuir dlúimh is dhíbir
Eachtrannaigh thuatha, uafar' dhaortha,
Ón gcrích go suthain i bhfeascar a shaoil sin.



Is fiosach don tsaol gan chlí gan chlaonadh,
Gurb ón mBrian seo a bhí ina rí le réamhain,
Mac Chinnéidigh fhíorghlic an prionsa tréitheach
Mhic Lorcáin ríora mhic Lachna réimiúil
Bhí i dTuamhumhain i mbrí is i gceannas go réixiúil
Tháinig an fear díor fuair ón Rí bheith eagnaí.


L. 36


Ba gheanúil a ghrua gach uair le féachain,
Ba cheanúil, uaigneach, uaiseach, niamhúil,
d'aithneofaí ar shluaite uabha Éabha é,
Ar a dheise, ar a shuairceas, ar a shnua, 's ar a
dhéanamh;
A shamhail ní luaitear uainn san réim seo
Ach Augustun uaisgheal a bhí suall sa daonnacht.



Níor fritheadh go fíor sna críocha aonfhear
Ba taitneamhaí gnaoi ná an saoi glan céanna;
Thug sé an chraobh ó Naoise déadgheal,
Is ó Pharis mac Priam bhí ar thaobh Shliabh Ída,
Ó Absalam an saoi, mac rí na gcreidmheach,
Is ó Narcissus chuaigh i mbligh tráth chonaic sé a
ghné mhaith.



Ní furas, monuar, do uaisle na críche seo
A bheith soilbhir go luath nó dréachtach a choíche
Ó chuaigh sé fá shuan an caomh seo d'fhág cloíte
Maithe na Mumhan is Chonnacht ríora
Is Laighnigh 'tá suall thug searcghrá a gcroí dó
Is choinnigh go buan acadh ó Reillie, na righ é.



Tá Ealga luachmhar is a huaisle tréaghdaithe
Gan taithí na ndrua ann nó reabhradh téada
Gach teach-lucht gan suan go buan is go heiglí
Ag frasghol dá ngruanna ar uain go tréithlag
Ó chaill siad a n-uais-shaoi, a n-uaill, is a n-éadáil,
Dáimh-oide na mbua, an sua is an naomhfhear.


L. 37


Tá an coláiste snuamhar lómhar gléasta,
Ina raibh sé ar shluaite ina cheann-athair naofa,
I dteimheal is i mua is ina bhloghanna réabtha
Ó claochladh uaidh an laoi-réalt aobha
Bhí dícheallach uaigneach, uachtrach, féidhmiúil
Is ina eiseamláir scolártha do mhacra Chríoch Éireann.



Tá tuirse agus gruaim ar shnua gach aon fhir
Thaithigh nó chuala lua ina shaol air;
Óir choinneodh sé suáilce suas is aoibheal
I mbruíona suanaí do-bhrónach séibhbhir
Dhíbreodh an duáilce uathu is réabfadh
Lionn trína shuairceas ar ghruanna buartha.



Tá an eaglais monuar neamhshuaimhneach tréaghdaithe
Ó chaill siad an t-uasal, a n-uachtarán céillí
Tháinig mar luaigh muid le huais trí réixí
Bhí ceannasach, uaibhreach, uaisgheal, réimiúil,
Flaitheasach, luaimneach, suáilceach, daonnúil,
Is níor scar siad dá ghuaillí gur cuireadh fá líog é.



Annálach
Trí choll le dair gan díth, míle annaid dá dtaobh clí,
Dhá dheich in aontacht ghrinn, le cúig mhí ach deich lá
den tsuim
Aois an triaith a dhíol ár gcáin tráth cuireadh fá líog
Pól Ó Briain.


L. 39


B 1828ob 19T
Tráth bhí mé aréir le Moirféas sínte
Thaibhrigh an neamhain mhéarlag dhiocsa
'Mo chomhair faoi léan fá scéin ina croí-sa,
Péarlaí glégheal saibhir scaoilte
Fána braoithe caola, aolga, míne
Is í ag sileadh deora go tréith is ag caoineadh.



Bhí loinnir ag éirí de scéimh a gnaoi-sa
Chuirfeadh teimheal is éiclips ar an ghréin mar oíche,
A rósa fá chaor fána héagcosc caomhghlé
A dreach-lí, a leithéid níor fritheadh sa tsaol seo,
Ach Hélen ón Ghréig ler tréaghdadh laochra,
Nó bean Naoise dhéadghil a thóg drean na mílí.



Aitchim thú a ghéag a fuair scéimh na mílte,
A chom chaol aolga mar shneachta aon oíche,
A phéarla luachmhar uaisgheal, aobha,
A naoi ró-uachtrach shnuamhar ghnaoi-gheal
An chugamsa anusa ó Iové le díle
Tháinig nó ghluais tú an uair seo 'ríoghain?


L. 40


Is ionadh mór liom d'urlabhra a dhíorfhir,
Is nach n-aithneann tú ó do chomharsa i ndaor-bhroid,
Thusa a fuair fá bhruach mo bhruíne
Meidhir gan uaill gan ghruaim gan díomá,
Fiosraíonn tú monuair, cé mé atá gríosta
Fá bhás mo Ghuaire d'fhág mo ghrua-sa cnoíte.



Ar sin d'éigheamh sí go léanúil cloíte,
Is dúirt gan léithbhe a bhfuil ina dhiaidh seo scríofa,
Nárbh fhusa an céile fuair ó thogha gach líne
Dar tháinig ó Éireamhon, mac éachtach Mhíle,
An t-ainm a dtéim faoi .i. Baile an Átha na míne,
Riarfadh gan eisceacht na hachrannaigh iothmhar.



Créad fáth ar thréig an mac feasach caomh seo
An flaitheas is an réim a bhí i m'aol-lios príomha,
Gaol na dtréanfhear is na réix i Scitia
D'fhíor-shliocht Ghaeil Ghlais fuair céim sa chrích seo,
Dalta na héigse is searc chléibh gach saoi é
Gurbh é a chlaochladh gan bhréig d'fhág buartha an
tír seo.



Óir ní raibh gan uaill aon sua nó míle,
Taoiseach slua nó príomhfhlaith aoibheal,
Curadh lómhar oirirc croíúil,
Dar tháinig fán ghuaismhuir uaimhní, bhaolaigh
Le Bratha ón Ghotia a rinne fos san í seo
Nach tríothu le huais tháinig an mac labhrais
shaoithiúil.


L. 41


Bhí an díorfhear céillí a luaim ríúil,
Ar aon nós gan bhréig le gach saoi ór shíolraigh,
Riaradh an triath na díormaí iomaí
Thigeadh fá shiar, fá dheas nó fá chlí dó,
Is gach saoi dea-bhriathrach nó file glic líofa
Go gcloífeadh an fial iad le haíocht is le íce.



B'é searcghréith na nGael go léir an saoi seo
Le heineach, le féile, le céill, is le dílseacht,
A shamhail san réim seo ní fhéadaim a mhíniú,
Ach Cuana chloch liathbhán a réiteodh na mílte
d'aicmí na cé seo le saibhreas a mhaoine,
Nó mac Cholmáin, rí eolach a bhí daonnach mar an
gcéanna.



Tháinig an t-oidhre trí chéimeanna ríora,
Ó fhlaithe ró-réimiúl' de thogha Chlainne Mhíle,
Bhí i gceannas go réixiúil is i gcéim san chrích seo,
A chuir dlúimh is éiclips ar shluaite díblí
Thurgesius uaibhrí uaimhní bhaolaí
Gur threascraigh an duairc gona thaoisigh iomaí.



Ba chuibhe go fíor don díorfhlaith céanna,
A bheith i dTeamhair ina shuí 'gabháil cíosa is géilleadh,
Is dearfa gan chlí gur faoi a ghéimfeadh
An Fháil-líog bhríomhar, chinniúnach, aonta;
Ollúin na críche ina thimpeall go mbeadh siad,
Is Pádraig le brí dá ndíol go réixiúil.


L. 42


B'é Sir Énrí Ó Néill a bhí i gcéim go ríora
Gar-athair an dea-mhic a luaim díbhse
Mac Eoghain an tséin mhic Fhéilime caomhúil
Mhic Néill Óig mhic Néill mhic Aoidh dhil
Mhic Dhónaill gan bhród mhic Bhriain mhic Néill dhin
Mhic Aoidh na só mhic Mhuircheartaigh aoibheil.



Bhí scatha d'fhuil Néill fuair gialla ó naimhde,
Ag dealrú mar ghréin ann tríd ghéaga bhláthgheal
Mhic Eochaidh na réim, mhic Mhuireadhaigh álainn,
Mhic Fhiacha na n-éacht mhic Chairbre ghráí,
Mhic Cormaic eolaí ulchfada chataí,
Mhic Airt Aoinfhir mhic Choinn Chéadchathaigh.



Seasca ar chéad gan bhréig de ríthe,
Is naonúr ina ndiaidh bhí le réim san tír seo,
Ó Éireamhon shéimh a chuir léan ar dhraoithe
Go Ruairí an fear tréith thug Éire bhríomhar
Don Bhriotánach tréitheach eolach ríora
Is gur tríothu go léir tháinig an fear cléibh seo chaoinim.



Tá'n Feadh ina dhiaidh-san tréaghdaimh cnaíte
Gan taithí na héigse nó na n-ollún líofa,
Gnaoi na gréine sa lae ghil claochta,
Na hiasca féin gan dé san oíche,
Na mágha réabtha is gné na tíre,
Ó d'imigh an fear fial d'fhág mo dheora síos liom.


L. 43


Tá uaisbhean tséimhí an dea-fhlaith chéanna
De mhaithe na nGael i gcéim sa chrí seo,
Is a dhís mhac eolgach oischéimneach príomha
Labhrás glégeal is Uilliam gníomh glan,
Ag caill' a gcéille fána n-ionmhus saolta,
D'fhág siad, mo léin faoi líog-ghall sínte.



Tá a ghaoil go léir gan réamhain cloíte
A dheartháir ag éagaoin leis féin is ní hionadh
Éllen is Ester fá léan dá chaoineadh
Róis i gcéin léi féin go croí-dhubh,
Peigí an neamhain mhéiniúil mhúinte
Tarraing a céibhe ó cuireadh ina chaol-thigh úr é.



Tá na Ciaránaigh chléibh atá i gcéim mar chí sibh,
Is tháinig le réim ón fhiniúin chéanna;
Mar dhearbhtar le Céitinn an príomhollamh críonna,
Go bhfuaireadar saibhreas, flaitheas is aoibhneas
I dTír Eoghain na nGael is in Eamhain go ríora
Go bhfuilid go léir ó thréig sé iad i ndíomá.



Tá na Branaigh ghlan séimhí bhí ina sciathda fán tsaoi seo
De mhaithe Chríoch Laighean a tháinig le díle
Ó chathaoir na n-éacht bhí i dTeamhair go ríora,
Fuair urraim gan eisíoth ó fhlaithe gach tíre,
Go bhfuilid i ndéimhe is i dteimheal go daortha,
Ó d'imigh an fear céille is d'fhág sé an saol seo.


L. 44


Annálach
Trí choll is duar gan díth,
Míle annaid don taobh clí,
3.7. go beacht sa do go grinn
Is trí mhí leo féin gan roinn,
Aois an tríath do shaoraigh sinn,
Go dul Phatruic Dughdal fa lig a gcill.


L. 46


B 1821-22 19T
Iomad fáilte ó chrích na Spáinne,
Chun na hí seo Phádraig na cléire,
Don chaomhfhlaith álainn atá anois go haireach
Ina cheann ar ardeaglais Éireann;
Tá taoma grá lí trí dhuille bhrá chaoin
Ire bhláith dhin is ní hionadh,
Mar fuair siad sámh-shaoi is comh-iathach áirithe
A scaoilfeas aidhchleadh a bpéine.


L. 47


Nach mór an t-ádh ar theampall Ard Mhacha
An saoi seo a fháil di mar chéile,
Fuair clú is taireadh i ngach crích dar tharla ann
Ina phríomh ar ardscolta léighinn;
Ag míniú nádúr na ndúileamh ard ann,
Is le ria na haisce á riaradh,
Mar Mhaoise an tráth sin thug na mílte slán leis
In aimhdheoin do Pharo ón ngéibheann.



Fuair an lóchrann algach de threibh na Teamhrach
A bheith ina cheannfort ar Ghaela
Gan chlí gan mheangbhreith ach ina rí do gheallamhain
Don ailgean almchadha, céillí;
Níl ní dár sorchaíodh den eagna dhorcha
Faoi Niúl órga i Má Séanair,
Nach bhfuil ag reabhradh go fíor gan seargadh
Fá bhraoithe ain líofa a chéadfaí.



Tá loinnir ghairdis trí chríocha áille
Ealga bhláfair, is Aoibheall,
Mar fuair ón Ardrí trí ghuí an Phápa
Saoi a shásfaidh an Ghael-threibh;
Is líonfas áit Uí Reilligh ghráígh
A chuaigh go Parthas á naomhadh,
Is chuirfeas áineas ar eaglais Fháil dhín
Ina phríomh mar Aron á rialadh.



Beidh an t-eagnaí ághmhar gan scíth ina gharda,
In aghaidh na sárghoine is na claoine


L. 48


A thig gan áireamh trí aimsiú ábhal
Dár ndí ónár naimhde chun tréadaí;
Mar chuir an tArdrí a chonaic áibheis
Cionta Adhaimh agus Éabha,
An laoi-réalt álainn uaidh go tráthúil
Chun na mílte a shábháil ón ngeimheal.



Ó treabhadh an tsáile le macra argtha
Mhíle oirircigh thréithigh
Chun a ndíoghla an tráth sin, is iad féin a shásamh
Fá Íth a mbráthair-sean a tréaghdadh;
Ní raibh ón lá sin, sua san Fháil-chrích
Anuas ón ardcheannas éigsiúil
Ní ba suaimhní tháinig chun na stuaí seo is airde,
Ná Cruitín sámhgheal de shliocht Éimhir.


L. 51


B 1827 19T
Sláinte fá bhrí don ardfhlaith atá i dtír,
A tháinig ón uíbh iarthair,
Go brá-ucht na gcríoch ór athraíodh an saoi
Lán de ghoil, muin, is éifeacht;
Is grá le gach croí a ghnáthaíodh é go fíor
A fháil ina chaomh-uasghrinn,
Slán ina thír ó ghá mara is lí,
San áras ar thaobh mhá uathdhín.



A Bheartomoin, a dhea-fhir, de threibh na n-ardrí
Gan mheabhail bhí i gcrích Oirghialla;
'S i gceannas le brí i dTeamhair gan díth
Go hoiriúnach, fíor, oirirc;
Seacht mbliana fichead gan freasúra, fhir chaoimh,
A chaithis i dtír nua uainn;
'S, a ghaiscigh, glac síth in d'aol-lios arís,
Gan bheith in achrann ann, nó in uamhan.




Is ádhmhar go fíor dá lán fá Ionascaoin,
An dea-fhear tá ciúin céillí,
A theacht chucu aniar ó Cholumbia na nglia,
A mharthain gan fiamh éigní;
Sliocht Mhathúna a ghlac cíos ar ailchais na rí,
Chuir Danair i mblí is thréaghdaigh
Ag Sulchóid an fear clí, Toirioll, 'sa raibh faoi,
Le Muiris bhí ina cheann ar chéadtaí.



Ní tháinig go fíor go hInis Fáil riamh saoi
Ó aird ar bith den chruinne cé sin,


L. 52


Is gráthaí gan fiar i gcathú ná an triath
I ndála leis an gcine Gaelach;
Óir níl ard-bharún díor nó seanaí sa tír,
Tréanfhlaith nó míle éachtach,
Nach bhfáiltíonn le mian an sámh-mhac gan chlaon,
Bhfuil a dhreach-san ar lí na géise.



A mhacaoimh, a ghlac scíth i gcéin uainn thar lí,
San í sin nach cruinn gné di,
Den dream a chuir Íth a theastú na gcríoch
'S a tháinig chun a dhíoghal a dhéanamh,
A threibh Colla an Dá Chríoch, Mhic Eochaidh Doibhléin,
Mhic Chairbre na mbruíon luaimneacha,
Mhic Cormaic an dea-rí, nach n-umhlódh don draoi,
Mhic airt Mhic Choinn na gcéadchatha.



Is follas do gach saoi gan mheabhra gan chlí
Den chine seo Íre snua-ghin,
Gurbh ó ríthe breas' a bhí i bhflaitheas na crích'
A shíolraigh an fial a luaim;
Níorbh ionadh linn go fíor, é bheith in Eamhain Mhacha
ina shuí,
'S an septer ar a dhea-thaobhsan
'S an uaisle 'lig ina suí 's ag sléachtadh do gach saoi
Oiriunach dá dtigeadh uaidhsean.


L. 54


B 1827 19T
U Art Mór Ó Murchaidh
Céad fáilte chun tíre don sármhac aniar
Ón gcrích úd an chine nua,
Slán arais arís d'ainneoin gach draoi
Le nár mhian gach ardchéim a fuair sé;
Nach tráth dó anois scíth a dhéanamh sa tír
Chun tabhach ar a chíos a thurgnadh
Mar mbeidh orgain, a's píoba ag seinm dó fá aoibh
Ina aol-teach breá, ardgheal, suaithní.



Bíodh suain agus scíth ag an gcródh-fhear fá thrí
Le suairceas, sárchéim a's pléasúr
Le coirme mear gan chlí mar ba chleachtach don saoi
Le huaisle na gcríoch go léir seo;
Óir ba dual dósan suí i gcathair na rí -
An fháil-leag nár dhiúilt géimeadh;
Cuachain sróil bheith faoi is cabhsa óir go ndí,
Is brataí uime d'fhíor-éide.


L. 55


Ba dual dósan spórt a's meidhir i gcló
Le huaisle den phór Gaelach,
Ar ghreadha seang' sa ród bhíodh fuilteach borb óg,
Ag greasadh na gcon géara
Chun ruagtha gach sórt ealtan ar gcóir
Sionnach, broc, a's míola luaimneacha,
A fhiagaí gach ló i ndiaidh eilt allt' óga
A's galltrompaí fós á bhfuaimneadh.



Nach eisean an saoi bhí glic i ngach slí
Ar thallana dlí a's éiliú,
Ar reachta gach crích' sa gcruinne uile 'stígh,
Sacsonach, Chinése a's Gréagach;
Chaithfeadh seisean mí i gcomhthionól gach crích'
Ina cheannfort ar cheanna réigiún
Ag ceartú nós mar Mhaoise ag stiúradh na ndraoi,
Nó mar neach a mbeadh fíor-aoibh Dé leis.



Nach eisean a fuair páirt ó cheannfoirt gach áit
Ó ríthe is ó ard-impirí
Mar gheall ar a chairde in Inis seo Fáil
Air féin, 's ar a láimh fhíorghlic?
Ba bheag leo a dháil chucu gach tráth,
B'é seoladóir a ndáimh 's a ngníomh é,
'S nár ró-thrua Inis Fáil faoi ainreacht 's faoi smál
An fhad a bhí a dháil uaithi.



Ach anois atá 'ghaol in aoibh-shnó go suairc
Ó teagadh dóibh a chúirt arís ann,


L. 56


I ndúil le gach suaimhneas a gealladh dóibh anuas
I dtairngire a bheith faoi-sean;
Eadhon síoth agus suaimhneas bheith in Inis na Sua
Agus Murcha Mór bheith ag lua a ngníomha;
Creideamh an domhain mhóir ar bail mar is cóir
A's naomh-rath ar an gcine daonna.


L. 60


B 1825-26 19T
U Séamas Mac Giolla Choille
A laoi réalt shuáilcí, fáiltear linn
Do theacht ó uais-bhruín Bhreatain,
Lán duáilce, is de ghruaim neamhloinn
Trí mheabhail gach draoi san bheartchlaon.



Ba chomhartha bua, is lucháire linn
Do Chrích Fhéilime reachtmhaí is Choinn,
Do shamhail d'uasal, uabha bheacht,
Bheith ina cheann ag stiúradh is ag teagradh ár gceart.



Ba oscách ainmneach thú gach tráth
Ag freachnú uait gan scíth, gan stá;
Óir do leithéid ariamh níor frofa
In Inis Ealga, go fíor, is níor cothaíodh.



Is iomaí rí agus míle tréan,
Flaith ró-fhíorghlic is cura teann,
Chaith a n-aois, a maoin, is a neart,
Is níor beartaíodh leo d'imeacht.



Is glé 's is suall linn fuaim do chinn
Ag míniú uait go dearscnaithe,
Na reachta is dual dúinn fháil gan roinn
Is cheanglós ár mbá le Breatain.


L. 61


A reannáin shuaithní, bhéarfas tarrtháil dhúinn
Ó phéindlí uaimhní phoinneoinn;
Leat go mbeidh ár n-ionmhain ghrinn
Go fuine síoraí an domhain.



'Siad na déithe an tráth b'áil leo é d'ardaigh is chuir
chugainn an triath
Ó Conaill an áigh is gach ardfhlaith san chomhthionól a
thrial
Go cathair rí Shasan go bhfaghadh siad osadh san ghlia,
Ler saltradh Críoch Fáil is d'fhág smál ar mhacra,
is míriail.


L. 62


B 1840ls 19L
U Anaithnid

Fáilte an tsaoi eolgaigh fhoghlamtha Uí Chonaill go hÉirinn
a chan Art Mór Ua Murcha, Caisleán Thalún Dídin Bhaile
Thomáis



B 1825-26 19T
U Art Mór Ó Murchaidh

Céad fáilte 'nall don lonn-laoch fhios-shaoi,
Ó chathair na meang go fonn-lios sheas-chaoi
Dhuibhlinn shuaithní, uasail, bhreas-dhraoi,
D'fhuil na sua, ba suáilceach dreach-ghnaoi.



Ba cheart a fhiaghain fhia don fhearchlainn
Tá ceangailte i bhfiar-reacht chiardhubh seach-roinn,
Nach dtabhrann cairde claraíocht cheirt dhoinn
A's bhuain gach uaillmhaoin uainn fón gceartchroinn.


L. 63


Buíocht uainn go buan duit 's dea-chroí;
Maithmhaoin luachmhar, luath gan easbaí
Só nó síthe gan díth gan bheartchlaoi
Dhuit, 's do chroí ó chlí an fheart-rí.



'Sé Ó Conaill an saoi gan chlí, a fhothraíos Críoch Fáil
A's bhuainfeas don rí, fuair brí na gCotaí thar sáil';
Gach ceart a's gach cóir le fógra tapaidh, go grinn,
A's shuífeas Críoch Fáil i ndáimh le Sacsa gan mhoill!


L. 66


B 1828ob 19T
U Séamas Mac Giolla Choille

A Mhurchaidh Mhóir nach fann brí
In ealaín eolaí na n-ard ndraoi,
Ba choimhdhe duit le fíre cheart
Bheith id' ollamh ríora tré hintleacht.



Is iomaí duan, dán, is laoi
A theagmhaigh dom in mo shaol sa chrích,
Is leitheid do shaothairse gan gó gan chlí
Níor frofa ó láimh aon tsaoi


L. 67


Is deimhin liom go ndearna tú scíth
Fá chuimne aobhdha na sua mban sí,
'S gur ibh tú uathu as corna glé
Na tallana d'fhabhair do chéadfa-sa.




Ná cluintear á rá go brách é, 's ná cantaighear le haon
Go bhfuil na déithe atá i bParthas neamhchásúil inár
dtimpeall i gcéin,
Ó chuir siad an bard réamhráite chugainn tá dearscnaithe
i gcéill
Is líonfar Críoch Fáil do ghnáth tré fheabhas a léinn.




U Art Mór Ó Murchaidh



Litir a scríobhadh le hArt Mór Ó Murchaidh chun an lia
oirirc Séamas Mac Giolla Choille ar chloisteáil go ndearna sé
ceol cáinte do; mar tháille rann a chuir sé chuige cian
ó shin darbh Murcha Mór.


L. 68



Tusa scríobh mo tháinse,
'S nárbh áil leat mo chumannsa;
Is thug don chomharsa cáin
Ar mo dhánsa mar chloisimse.



Níor thuig tusa m'ábhar,
Cé barr feabhais d'oidis;
Mar an sionnach leis na sméar';
Bhí sé géar mar nár thuigis.



Freagra anois go ciallaí,
I bhfialtoil m'uránsa,
Nó níl géigín ar do bharrsa,
Nach ngearrfaidh mo chorránsa.


L. 69


B 1828ob 19T
U Séamas Mac Giolla Choille



I bhFearann Báilligh tá'n táilliúir is mian liomsa trácht air,
'Sé is ainm don sármhac Mac Cathail na séad;
Is aoibhinn le dámha na críche é bheith i státa
Da dtarlódh mar ba ghnáth iad in aicme is i gcéim:
Níl siolla nó tráchta dár cumadh le ár mbardaibh
Ó ghluais ón Spáinn 'noir treibh Gholaimh le réim,
Nach bhfaighidh tú go sásta ag an dea-mhac mar tharla,
Le saorshrutha sámhghlic in aiste is i gcéill.


L. 70


Ó d'éagadar an éigse d'fhág éicliops ar Ghaeil,
Is nach maireann an tsárchlann bhíodh ag sorchú go
buan,
Le héachta na dtréanfhear a dhíchuir Tuirgéis
Is a chabhlach go léir amach ar an gcuan;
Níl a stír againn den rogha-threibh thug faoiseamh do
Éirinn
Ach Mícheál is ní bréag sin an sontanach caoimh,
Is go mba saolach a bheidh sé sa tír seo le séan maith
I dtánas gach féile go soineanta saor.



Dá mbeinn le rí-cheart i gceannas Fodla mar ba mhian
liom
Is uaisle na críche a bheith ag ísliú dom féin,
Bheadh fáilte agus díomhanas don táilliúir ag Séamas
Mar ba ghnáth tráth bhí ríthe na Teamhrach i gcéim;
Ní choigleofaí fíonta na Spáinne nó aoibhneas
Ag fáiltiú na mílte de aicme na nGael,
Is bheadh an fealsamh saoithiúil mar Esculapius go líofa
Ag cur meanmna i ngach saoi glic a bheadh claíte le
fíon.



Ó thréigeadar an Ghael-threibh Ráth Cruachna is nach féidir
Réim-ríora a bheith ag aon de shíol Oillil mar bhí;
Is gur díbríodh as Éirinn sliocht Íre le Séamas
Is gur ghabh clann an Bhéarla gabhail sa chrích,
Níl gar dúinn bheith buartha le Wully ach géilleadh
Don Mhac a bheir saibhreas na bhFlaitheas gan díth
Do gach aon de shíol Éabha a ghéilleas do theampall
Is chreidfeas go héag gurb eisean an rí.


L. 71


Beir mo chéad beann mar fhéirín go dúbalta siar uaim
Mar chónaíos an fialmhac is taitneamhach cliú;
An fíor-fhiosaigh céillí de mhianshliocht an Ghaeil Ghlais,
Fuair ansacht ón éigse agus ó gach saoi glic faoi Lú;
Níl file nó réix-dhamhna uile san réagún
A thaithíodh an dea-mhac caradach caoimh,
Nach dtabharfadh maraon le ceannfort na cléire,
Searcghrá a gcléibh don mhacaomh gan díth.


L. 72


Tá naoi, an mharthain bhéil-bhinn a mhéadaíos grá gach
saoi
Sa chrích seo uile Éimhir a éisteas nó a fhéachas í,
Tá dreach go fíor ina héagcosc ar aon nós le hAoife a bhí
Ina bhrinneall bhreasnaí aolga lenar thit laochra le
dile i mblí,
Tá scatha ar lasadh d'ardfhuil na n-árgfhlaith ghabh géilleadh
ó thuaidh
Fá bhraoighe caomha áinmhaiseach na sámh-iníne atá
mé a lua;
Dá mbeadh ar Ída an tráth sin ag dáileadh na séad don sua,
Bheadh Gréagaigh i dtreise de mhéad a deise sa Traoi
gan dua.



Tháinig an mhaighdean chéille na n-órghréas trí chló
gan díth,
Ó ríthe breasa tréitheach' a bhí in éifeacht dár gcóir san
chrích,
Ba díobh an mac sin Eanna .i. Feilime, a bhí le ceart i mblí
Ónar shíolraigh Murchú réimiúil is gach géag úr a
chéimnigh an saoi;
Tá an rósa fá chaor á dathú is airíos an lile uainn
Ag spairn ina gnaoi gan tláthú gach lá go fíor mar dhual,
Níl flaith ná míle airgtheach a ghnáifeadh an mhilis bhua,
Ná adéarfadh léi, tré a gné is a tuigse, a ndílseacht is a gcáil.


L. 73


Is aoibhinn a bheith ag féachaint ar an neamhain seo atá
chois na slí,
Ina cónaí i bhflaitheas céimiúil na dtréan ónar shíolraigh
sí,
Is deimhin gurb í an Phaonix a chuir éicliops mar dhearbhaigh
draoithe,
Ar a bhfuil nó a raibh de ghéaga san ché chruinne ar
dhreach sárlí,
Dá mbeadh an bhandia bhráigh-gheal san lán-tionól úd
i measc na slua
A ghnáthaíos Tempe álainn ó ard-fhé olimpic shual,
Bheadh Ellen dhíor gan áibhéil ar láimh ag an triath go
luath,
Is Iuno dhearscnaithe ag caoi is ag ceasnaí fá naoi a bheith
san throne.



Dá mbeadh an ainnir shéimh seo na ndéadgheal is áille
gnaoi
San phálás sin ina céile in éineacht le Ióve ina suí,
Bheadh dúile neimhe ag géilleadh don néamhain gan scor
gan scíth,
Is gach dealramh di dá n-éireodh ag niamhadh na n-uile
ní,
Bheadh lacht-raon na tíre uachtraí go háirithe gan síth
gach ló
Dá ghnáthú ag sluaite glé uaiseach ag teacht dá cóir,
Chun a ndíogras a fhógairt don nua-réalt seo chlann
Mhic Ceoin.
Fuair séimh is deise céim is treise is aoibhneas gan bhród.


L. 74


B 1822 19T
Is crá cléibh liom an taí dhéarach atá ar mhaithe Críche
Fáil
Fán táin dhéanaí seo i mbéal gach aon fhir fhaicsin
mar atá,
Gach flaith dearscnaithe den fhine Ghaelach dá dteagmhann
'mo dháil
A bheith i riocht éiglí 's ar lí an éaga fá Dhónall Mac
Nabhall.



Níl uimhir éigsiúil sa chrích seo Éibhir nach bhfuil tréithlag
is i bpéin go tláith
Ó claochlaíodh an tréanfhear de shliocht an Ghaeil Ghlais
fuair ansacht cléire is gach príomh gan smál;
Thug sé an chraobh leis ó thuaisceart Éireann san oideas
Gaelach bhí i gcéin uainn tráth
Mar eochair eolach bhí ar thaobh Mhá Seanair ag ceartú
Gaeilge faoin rí le táin.



Is ábhar eagnaí don tír go léir é, nach bhfuil ina dhiaidhsean,
mó le fáil


L. 75


A scaoilfeas éachta na gcura tréitheach a chuaigh fá
scéithe i ngach béim ghail-áir,
Dar sraonadh in Éirinn, is i bhfad i gcéin uainn trí eargna
laochra bhí bríomhar áil,
Chuir cíos, is géilleadh ar ríthe tréana, na cruinne cé seo,
neamhdheoin do chách.



Tá teimheal daortha ar shnua na spéartha fán duine
séimh seo bheith ina luí mar 'tá,
Gnúis na gréine go fíor faoi éicliops is na dúile réabtha
is gan léas san lá,
Na ceatha réaltan fá ghruaim go ciardhubh, gach oíche
ag diamhlú is gan luan ina ndáil
Dhéanfadh niamhas ná thógfadh an ciach seo atá ar
gach fíorfhlaith fá Dhónall Mac Nabhall.



Tá'n chlann chéillí sin, Mnémosine is gach naoi ghlé ghlan
go fíor ina ndáil
Ina luí in éagriocht ar fhé dhea-chnoc Pharnassus na
ndáimh,
Bard béil bhinn dá gcoirm léinn a mhuscladh an grá
Tá i gclár cléibh ghil na sámh-mhaighdean fá Dhónall
Mac Nabhall.



Is cás buartha an sua céanna bheith fá líoga is gan
draoi le fáil
Ghríosfadh eagnach na gcomhaoitheach éigsiúil tá go
tréaghdaí ina dhiaidh 's á gcrá,
Ná file faobhrach go fíor a scaoilfeadh ná chuirfeadh i
gcéill do mhór-chlainn Ádhaimh


L. 76


An easpa éagnairc tá go fíor ar Ghaela ó cuireadh i gcré
uathu an díorfhear grá.



Tá fíor-réithe na críche ag éagaoin is faoi aoibheall ó aon
ní áil,
Ó theastaigh an saorfhear de threibh Mhílésius bhí in aistí
Gaeilge ina éigeas ard;
Táid gan réamhain i ngach mír den réagún ag scabadh
a gcéibhe go léanúil tái,
Is ní thig le haon den chine daonna a gcaoi a laghdú fá
Dhónall Mac Nabhall.



Sé'n tráth bhí Céasar i mbrí 's in éifeacht de réir mar
léitear le draoithe arg',
A gineadh an dea-mhac naofa a tréaghdamh fá
chionta Éabha faoi dhíbir ias ard ?
Ocht gcéad deág is trí sheacht ina ndiaidh le hannaid
aonta de bhlianta áll
Dáta na ré, ach sé mhí leo féin, a claochlaíodh an Gael
glan Dónall Mac Nabhall.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services