Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Amhráin Phiarais Mhic Gearailt
Title
Amhráin Phiarais Mhic Gearailt
Author(s)
Mac Gearailt, Piaras,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Riseard
Composition Date
1750
Publisher
(B.Á.C.: Conradh na Gaeilge, 1905)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AMHRÁIN PHIARAIS MHIC GEARAILT I. ROSC CATHA NA MUMHAN. A.D. 1750. D'aithnigheas féin gan bhréag ar fhuacht 'S ar anfaithe Thétis taobh le cuan, Ar chanadh na n-éan go séiseach suairc, Go gcasfadh mo Shéasar glé gan ghruaim. Measaim gur subhach do'n Mhumhain an fhuaim 'S d'á maireann go dubhach de chrú na mbuadh Torann na dtonn le sleasaibh na long Ag tarraint go teann 'n-ár gceann ar cuaird. Tá lasadh 'san ngréin gach lae go neóin; Ní taise dó'n rae, ní théidheann fé neóil; Tá barra na gcraobh ag déanamh sceóil, Nach fada bheidh Gaedhil i ngéibheann bróin. Measaim gur subhach do'n Mhumhain an ceól 'S d'á maireann go dubhach de chrú na dtreón Torann na dtonn le sleasaibh na long Ag tarraint go teann 'n-ár gceann fé sheól. Tá Aoibhill ar mire agus Áine óg Agus Clíodna an bhruinneal is áilne snódh;
Táid mílte agus tuilleadh de'n dtáin seo fós d'á shuidheadh le buile gur tháinig an leoghan. Measaim gur subhach do'n Mhumhain an ceól 'S d'á maireann go dubhach de chrú na dtreón Torann na dtonn le sleasaibh na long Ag tarraint anall 'n-ar gceann fé sheól. Is annamh dam maidean ar amharc an laoi Ná bainim chum reatha go fairrge síos, Mo dhearca do leathadh ag faire de shíor Ar bharcaibh an fharaire ag gearradh na slighe. Measaim gur subhach do'n Mhumhain 's gur binn 'S d'á maireann go dubhach de chrú na ríogh Torann na long ag scoilteadh na dtonn Ag tarraint go teann 'n-ár gceann gan moill. Cruinnigheadh gach duine d'fhuil Mhíleadh thréin Go ritheann 'n-a chuisle de'n bhfíor-fhuil braon, Do milleadh le dlighthe 's do crádhadh le claon, Go mbuailfidh sé buille le báire an tséin. Measaim gur subhach do'n Mhumhain i gcéin 'S d'á maireann go dubhach de chrú na dtréan Torann na dtonn le sleasaibh na long Ag tarraint go teann 'n-ár gceann le faobhar.
II. - DUAN NA SAOIRSE. A.D. 1758. Fonn: An Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg. Is fada fé chumhadh me ag tnúth gan téarnamh, Go dubh-chroidheach tréith-lag tláith gan treóir, Dom' bhascadh idir bhúir 's dom' bhrughadh idir bhaothlaigh I lúib luim sléibhe fé bhráca an bhróin,
Gan de charaid dom' chabhair acht Donn 's a ghaolta Do bheartuigh ar dtúis dam túirling taobh leis Go n-aithrisfeadh dúinn gach rún ba léir do Le dúil grinn scléipe gártha is ceóil. d'aithris ar dtúis dúinn cúis na saor-fhlaith, Gan fiú suim gné nó fáth a ngleó, 'S nach fada bheidh búir i ndúthchas Éireann 'S crú chaoin Éibhir tláith gan treóir: Tá Carolus 's a lannsa, 's a chobhlach gléasta Ag tarraint thar abhainn le cabhair d'ár saoradh Is ní mhaithfidh súd bonn do chlann Liútaerius 'S beidh foghlaidhe éigin tláith 'san bhfoghmhar. Feasta beidh greann le fonn ar éigsibh 'S tiúin fuinn gléasta ag dáimh an cheóil; Beidh cantain i dTeamhair fá Shamhain ag saor-fhlaith 'S togha slighe ag cléir le fagháil óm' leóghan. Beidh cealla agus úird gan chúinse ag Papists; Beidh easpairt an Domhnaigh i dteampuill naomhtha; Beidh scaipeadh agus scannradh ar chomplacht éigin, 'S is subhach síothach bheidh Gaedhil go bráth 'n-a dheoidh. Tá Ferdinand go fann 's an Franncach taobh leis 'S Hannraoi traochta ag dáimh, dár ndóigh; Tá scaipeadh ar na hamhais, cá ngeabhaid ní léir dham - Prussia tá tréith-lag is dáil do'n ngleó; Sanders gan bail 's a bhabhlach réabtha, Rodney i gcúl gan congnamh ó éin-fhear, Cumberland dubhach 's an gúta 'á chéasadh Agus Hold Thief déanta de Hawke ó ló.
Sin agaibh-se ó thúis gach rún ba léir dham Agus meabhruighidh fhéin do chách mo sceól; Tigeadh gach crobhaire ag cabhair le Séarlus Agus togha cloidhimh gléasta i láimh gach treóin. Sin agaibh an t-am agus gabhaidh le chéile; Preabaidh le fonn agus planncaidh méith-phuic; Leanaidh an fogha soin ar dhream an éithigh, 'S ná hiompuigheadh aon le scáth ó'n ngleó.
III. - BA RIAGHAIL AG FLAITHIBH. Ag leanamhain friotal fíor-mhilis Sheagháin Uí Thuama an Ghrinn. Ba riaghail ag flaithibh a bheith fearamhail fáilteach féil 'San gcrích seo tamall, gur leagadh na táinte laoch. An fhuidheall bheag mhaireas ní'l aiteas 'ná tábhacht 'n-a gcéill Tá Gaoidhil fé scamall, is Gallaibh go hárd i réim. Réim is rachmus do chleachtas an ráib gan ghruaim; Éaradh ní fachtar 'n-a theasdas ó'n sár-fhear suairc; Laoch ba thaithneamhach sealad ag fáidhíbh duain, Ba thréan chum seasaimh 'n-aghaidh danar i mbeárnain chruaidh. I mbeárnain chruaidh na suadh ba shámh ba thréan, Ó'n Ráith anuas ba dhual bheith sár-mhaith, saor. Mo chás! mo nuar! na huaisle ar fan go faon D'fhág táinte ar buadhairt go fuar is Pádraig tréith.
Cé tréith gan stór gach leóghan is gríbheach glan Do shéidfeadh leó, gan chóir, gan bhrígh, gan bhail, Ní baoghal duit fós! tá 'n tóir thar tuinn ag teacht Do réidhfe an brón, 's an ceó ód' chroidhe ar fad. Cé fada siar do thriall go Béarra an Chuain Do gheabhair gach triath 'san iaith sin séimh gan chluain. Gach baothlach diabhail ná riarfadh céim do ghuais Beidh caismirt dian 'n-a dhiaidh ag éigse is uais. Uais gan cháim roimh dháimh an bhrollaigh-ghil Is uaisle Fáil go sámh 'n-a sholas-chill. Cé cruaidh do chás le spás is le doilbhe, Beidh ruaig ar do námhaid is beir sásta soilbhir.
IV. - SEAGHÁN Ó DIGHE. Níor ghéilleas riamh do ráidhtibh Fileadh, fáidh nó draoi Go bhfuair an Bhulcán gránda Bhénus bhreagh mar mhnaoi, Nó go bhfeaca péarla an bháin-chnis Le toil a cáirde gaoil Gan rogha nó malairt áruis I bhfochair Sheagháin Uí Dhighe. Ní ghéillim nách sprid náimhdeach Do tháthuigh dlúith an dís; - A chuspóir pheacaidh Mhámoin, 'Na measc, mo náire, bhís! "Mopso Nysa datur" - Is fíor an ráidhteacht í Ó fuair an stuaire d'ádhbhar Fear mar Sheaghán Ó Dighe.
Dá mbadh fear mar chách me 'S gur mhaith mar cheárd liom í Do throidfinn seal mar Mhárs di 'S do ghrádhfainn í óm' chroidhe; Ó 'sé do bhreóidh 's do chráidh me, Is d'fhág me támh gan bhrígh, Ár gcartlainn shneachtaidh mhná bheith 'Na tráill ag Seaghan Ó Dighe. V. - MONUAR MAR D'ÉAG. Fonn: "Seaghán Ó Duibhir an Ghleanna". Monuar mar d'éag na fearaibh, uaisle Gaedheal do b'fhearra: Ba mhuar a gcáil 's a ngradam, is ba bháirseach a réim; Ba luaithe léir chum catha Tuathal tréan Mac Teachtmhair, Ní áirimhim Cóir Uí Chalma, d'árduigh mac Dé; Lúth na laoch nár mheathta, an trúip 'nar ghlaoidh Turgeasius, Fionn le hAiacs fuair gairm árd-chon le faobhar, Is mór-mhac Bhriain do threascair Danair chródha an leasa 'S ná bíodh Seaghán Ó Duibhir an Ghleanna ag trácht ar a ghéim. Do traochadh i gCluain Tairbh i mbéimeann muar na gaisce Éigse is leógain chailce ba rábach sa' scléip,
Dubhlaing óg 's a dhalta 'n-a mbianaibh óir ar lasadh Le faobhar ghníodh feóil do ghearradh, 's is breagh chartadh Danes, Mac Maoil thug chughainn tar caise Creed is Cooke is Carud, Maud is Moore is Bagwell d'ár gcárnadh ins gach céim Fowkes is Hoops is Bassett, triúr d'fúig mé-se i n-earaid, Is níor ghreann liom tú bheith feasta ag trácht ar do ghéim. Tá an Spáinn go humhal ag freagairt, 's is dána an chúis le tagairt Sás na dtrúp do tharraint go bráth chum an scéil, 'S a n-árthaighe dúnta daingean lán de thogha na bhfearaibh Láidir umhal chum catha, ráib-choin gan bhéim. Is gearr 'n-a dheáidh go bpreabfaidh scáil na long ar lasadh, Gártha i gciumhais gach baile is dán suilt le séan, Go mbeidh próiseas siain ag sagairt is sinn-ne 'triall ar easpairt Is, go bhfagham-na an chabhair, ná bain le trácht ar do ghéim. Táid éigse ag guidhe le tamall réabadh thíos ar Ghallaibh, Traochadh is sceimhleadh is scaipeadh i gClár Luirc is Néill, Is Gaedhil a chíonn, cé fada, a ndaor-bhruid díobh 's a gceasna, Ag téacht arís i ngradam áidhbhéil 'n-a ndéidh.
Ní'l sméirle dhíobh ná cleachtann Cré do ríomh 'ná Paidir Ná traochfaimíd i gceastaibh báis agus éag: 'S is fearr le maoidheamh soin, measaim, 'ná ráidhte baois' an raiste Seaghán O Duibhir an Ghleanna ag trácht ar a ghéim. VI. - A MHALAÍ BEAG, Ó. Fonn: "Eibhlín a Rúin". Siúd Móra is Muire is Pádraig dhuit A Mhalaí bheag, Ó! Mo sceólta bainfid gáire asat A chuid de'n tsaoghal, Ó! Suidh, a stóir, láimh liom, Is inneósad duit le háthas Go bhfuil Seóirse ag gol 's ag gárthaigh, A Mhalaí bheag, Ó! Táid crón-phuic cathach cráidhte, A Mhalaí bheag, Ó! Mar táid slóighte d'fhuirinn Spáinneach A chuid de'n tsaoghal, Ó! Fé sheól ag teacht 'n-a dtáintibh Le cóir go lannach láidir, Is beidh coróin ar Ascánius, A Mhalaí bheag, Ó! Ólfam feasta a shláinte, A Mhalaí bheag, Ó! Mo leóghan lannach láidir, A chuid de'n tsaoghal Ó!
Beidh tóir o Albain láimh leis Is slóighte ó'n ainnir Máire, Is nár fhóiridh Críost a ngártha, A Mhalaí bheag, Ó! Beidh ceól cruit, siosma is gáirdeas, A Mhalaí bheag, Ó! Ag leógain Inse Fáilbhe, A chuid de'n tsaoghal, Ó! Beidh fógairt cluithche is báire Ar gach stróinse chuir le fán sinn Agus crón-phuic gointe cráidhte, A Mhalaí bheag, Ó! Is fada ó cuireadh chum fáin bocht, A Mhalaí bheag, Ó! Pór na bhflaith do b'ársa, A chuid de'n tsaoghal, Ó! d'á dtreascairt is d'á gcárnadh, d'á gclagairt is d'á gcáibleadh, As sealbh cheart 's as áitreabh, A Mhalaí bheag, Ó! VII. - MÓR CHLUANA. Trém' aisling araoir is mé 'm' luighe ar mo leabaidh Do dhearcas le m' thaoibh an rígh-bhean chailce; Bhí luisne 'sa mhnaoi ba gheanamhail gnaoi, Is gile ag teacht tríthi de dhruim an tsneachta. Ar theacht di fám' linn ba chruinn a hamharc, Is do bheannuigh le suim go binn dom' shamhailt d'fhreagras í gan deabhadh gan díth, 'S níor bh'aithis liom suidhe ar feadh mí 'n-a haice.
"A ainnir an mhín-chnis íodhain aibidh, Do chuiris trím' chroidhe do shaighead go tapaidh; Muna gcleachtfair liom tigheacht a bhaile chum tighis Is duine gan bhrígh mé le baois ná mairfidh. Innis dam féin gan bréag do shloinneadh: An tusa Déirdre tré 'r traochadh Clann Uisnigh? An tusa Céarnait nó 'n bhruingeall ó'n nGréig Do thionnscain d'Éirinn an chéad shruth muilinn? An tusa Tétis o thaobh na tuinne, Nó an tu Hébe do thréig a cumann, Nó Duireann na séad do tháinig ó'n Réadhchoill, Nó Aoibhill aerach ó thaobh na Craige?" "A óig-fhir shéimh, is baoth do labhairt: Ní ceachtar dhíobh mé de'n méid do chanais; d'achtas lem' ré, cé gur dheacair liom é, Gan m'ainm do léigheadh d'aon d'á maireann." "Och go cruaidh! mo bhuadhairt! mo dhanaid! An tusa Mór Chluana, mar a luaidhtear t'ainm? Tabhair dam tuairim is ná fág me ar buaidhreadh, Ar lorg do thuairisc' go truaighe, faid mhairfead." "Is cruinn do thuairim, a shuairc-fhir ghasta: Is mise Mór Chluana is luaidhfead feasta Gur mé bean sídhe an leasa so thíos Na nGearaltach ngroidhe do bhíodh i gceannas!" Ar n-imtheacht di uaim d'fhág buadh is beannacht, Is dubhairt, dom' dhúiseacht suas gan fealladh, "Ní bheir-se gan dualgas i n-ionad do dhuanta, 'S ní heagal duit bualadh o'n sluagh, 'ná mealladh."
VIII. - MÁIRSEÁIL AN PHOIC-FHIAIDH, 1765. Fonn: - "Buffs March"; or, "Lord Adam Gordon". Stiúruigh le congnamh an Dúilimh, a rúin ghil, Go Lonndain theas, is feas, i mBreatain bháin, 'S gur tu cnú mhullaigh is lonnradh gach dúthaighe, is laochra; Gan éalaing is léir thu de phréimh Chaisil cháidh. A bhláth na finne, barr thu is binne, is fearra fuinneamh éacht is gníomh, Slán go dtigir, tráth gan tuisle, saor chugainn le slóigh, Ag éileamh le faobhar, caithréim agus cródhacht Ar dhaor-chineadh méirleach do chaomhna 's do choróin. Tuar suilt is tréithe na scéalta so léirighthe I léir-Inis Éilge anois, cé fada fé cháin, Buadh neirt is tréine go haerach le saor-bhile Réidhfeas go héascaidh ár gcéim is ár gcás. Siubhail, a chumainn, chughainn le cumas, tiúnfar cruit le fáilte rómhat; Le fonn beidh iomad adharc is stoc ag síor-sheinm ceóil Beidh crú cheart na hÉireann, le tréimhse tá claoidhte Gan chéasadh le cíosaibh mar bhíodar fé bhrón. Lúbaidh bhur ngéar-lanna léire mear éachtach' I n-éadan fear 's i gcneasa-chuirp bhur námhaid. Ar gcúlaibh ná staonaidh ar éan-chor, ní méala An tréad-sa do thraochadh go tréith tuilte tláith.
Nách cuimhin libh mar díbreadh bhur sinsir thar sáile le Seón, 'S gur claoidheadh le milleadh dlighe agus mionna táinte gan treóir. Is aoibhinn an scéal so le saor-chanadh, sílim, Go mbeidh caomh-chlanna Míleadh go meidhreach ar sógh. 'S fé thuairim an scéil seo le réidhteach ár ndaoir-bhearta Glaoidhmíd uile ar scála phunch go lán. Go luath spreagtar téada le gléir-bhinneas píbe d'ár saoradh ó scinn chughainn an Rí ceart 'na mhágh. Líontar gloine i láimh gach nduine, lán de mhire sughachais bíom: Sláinte an fhir chum fáin d'imthigh, diúgfam fé dhó. Ár gcléir bheidh gan éan-smacht, ár n-éigse 's ár saoithe; Léightear dúinn laoithe agus seinntear dúinn ceól. Gan amhgar taistil le hAthair glan séimh Ó Riain Go modhmhail beachtaim-se beannacht is céad i gcian Go nuig rogha na sagart ar taithneamh 's ar gléirdheacht miain 'S gidh gallda é 'ainm is aithnid gur Gaedhealach Liam. Is fada treibh Gaedheal ghroidhe ghlas, an ghasradh gliaidh, Gan reachta, gan rí díleas, gan acmhuinn na gcliar. Ca fios gan mhoill sceimhle ná preabfadh i gcian Do ghlanfadh o chuing dhaoirse iad go bhfreagradh Dia.
IX. - AN GHEALLAMHAIN. Ar maidin i ndé is me ag déanamh machtnaimh Ar Ghaedhealaibh 's mar a leagadh a gcáirde Do casadh liom bé bhí péarlach cailce, Maordha, maiseamhail, mnámhail. Bhí a reamhar-ruisc réidh 's a scéimh mar eala, A béal, a leaca, 's a báin-chnis Mar shneachta ar chraobh tré chaor ag lasadh 'S í ag déanamh aitis is áthais. Adubhairt ainnir na ndéid-gheal "Dé do bheatha 'S éist liom sealad, a sháir-fhir: Tá dalta mo chléibh 's mo chéile ag casadh Go tréan tar caladh 's a ghárda; Scaipfidh na tréada taodach' malluighthe 'S beidh éigs' go flaitheamhail fáilteach 'N-a bhfearantas féin go séimh, go seascair, 'S ár gcléir go soilbhir sásta. Tá lasadh ins an spéir, is an ghréin gan scamall 'S an rae go neartmhar, neamh-scáthach; Tá binneas na n-éan i ngaorthadh an ghleanna 'S tá an laogh go magamhail ceáfrach; Tá'n fhairrge thréan gan fraoch, gan fearg, 'S an ghaoth go taithneamhach páirteach; 'S is gairid dúinn téarnamh mo laoch a bhaile Ag éileamh sealbh gan spleádhchas. Is fada fé dhaor-smacht laochra Chaisil I ngéibheann ghalair gan cháirdeas, Gan talamh, gan taobhthacht réim 'ná caise, Fé dheachtadh danar gan áthas,
d'á gcartadh, d'á gcréimeadh, d'á gcéasadh is d'á ngearradh, d'á séideadh thar caladh 'n-a dtáintibh; Is geallaim go réidhfidh laoch gan ainm Gach péin agus ceasna atá orainn. Tosach mo shaoghail gan bhréag do chaitheas Im' réic, is cuireadh chum fáin mé; Seal eile ag bréagadh béithe 's 'á mealladh Le claon-chuir cleasa na máine. I gcaitheamh mo shaoghail go léir níor radadh liom Scéal níos aite le háireamh 'Na taisceala Shéarlais féin i ngradam 'S ag léir-scrios gallaibh as Clár Luirc. X. - CORMAC ÓG. Fonn: "Táim-se im' chodladh, nó is fíor mo scéal". Cois leasa dham sínte is mo smaointe ar mearbhal Do dhearcas chugham ainnir tré dhairbhre im' néal Go raibh carn-fholt scaoilte síos go talamh léi Agus í ar seachmall d'á ceachladh ó'n tsaoghal. "An duine thu, a shiúr, de'n dtriúr do chealg mé Nó an tú Iunó, bean Iúpiter eagnaidhe?" "Ní dalta díobh súd d'á ndubhrais cheana me, Acht dlúith-shearc Charoluis, Banba i mbaoghal." Múscail, a Chormaic churata chródha; Scaoil ár nglasa le lúth do gheág; Gléas go hobann ort clogad is clóca, Claidheamh chum díoghaltais is fuinneamh 'n-a ndéidh!
Do gheóbhaidh tú féd' shliasta gan iarraidh, gan dearmad, Gillín fé shrian is diallait airgid; Fachtar an fiadh agus tugtar a bhaile é, Is gearrfam na beanna de'n ngalla-phoc mhéith. Má's seana-phoc ruadh do ghluais thar fairrge é Do tháinig chum baile gan phaitean, gan réim, Bainidh an chluas de is ruagaidh a bhaile é Nó fágaidh a shamhailt gan anfaithe i gcré. Beidh binne-cheól adhairce le meidhir i mBanbain; Beidh gearradh na ngadhar tré choilltibh Alban; I mullach Chnuic-sídhe beidh rinnce is bachaire, Ag cur fáilte a bhaile roimh chara na gcléir. Beidh ár gcléir go seasmhach talamhach tóiceach 'S níor mhisde leó Seóirse do thuitim le béim; Beidh cor-bhodaigh torusctha is tuilleadh aca dreóighte Is Cormac Óg i gCaiseal fé réim. Beidh cogadh na nGaedheal cois taobh na fairrge, Púdar is p'léir is réabadh airgthe, Gach faraire tréan is faobhar air chum caismirte Ag cur búr do chodladh is ní dubhach linn é. Is dona ár sceól 's is brónach doilbhir Le gainne go dealbh ag treabhadh na cré, 'S an sodalach Seóirse i gcóiste soilbhir Is ceól d'á spreagadh dhó i dtúis gach lae. Tiocfaidh an Spáinneach go táirpeach acmhuinneach, Is cuirfidh an Franncach scannradh ar an Sasanach; Ba bhinne liom súd 'ná diúghadh baraille. Táim-se im' chodladh nó is fíor mo scéal.
XI. - SÉARLUS GROIDHE. Do bhíos-sa maidin aerach Ag déanamh leanna i mbarr chnuic, Mo smaointe, 's me go déarach, Ar chlaonadh is chreachadh Chláir Luirc: Do shuidh lem' ais de shíolradh Chais An bhrídeach mhaiseach mhánla; Ba chleasa saighead a rinn-rosc glas 'S a gnaoi mar shneachta ar bhántaibh. Bhí a méara miona ar théadaibh Binne, ag seinnim dánta. d'fhiosruigheas de'n spéirbhean Mhaordha, mhiochair, mhnámhail: "Aithris uait féin dam An tusa an ainnir Áinbhle Do chuir chum fáin ár Séamus Ár Récs agus a cháirde?" "Ní mise scar lem' chéile 'Ná thréig mo chara páirte Ná ghaibh le galla-mhéirleach I n-ionad flaith mo cháirde. Do sheasas dó le tréimhse Mar ghallóglach ar gárda. Do thuit mo chlann 'n-a gcéadthaibh Is d'fhág 'san Sacsain cárnadh." "A Mhaighdean mhilis mhúinte, Is dubhach liom cúis do chráidhte; Is fuigheach 's is fras mo shúile Ar gcloistin rúin do ráidhte."
Do labhair sí go ciúin liom Is dubhairt i laoithibh séimhe "Tá cóip ag teacht thar triúch chughainn Chum réidhteach ar ár ngéibheann." "A bhruinneal bheacht na Fódla Is suidhte cló 's is cáibhneach, Is milse liom do ghlór-sa Ná ceólta crot is cláirseach, Do bhréithre grinn is éacht do ghnímh Is scéala críche is áirde. Ar dtéacht thar tuinn do Shéarlus ghroide Gheóbhaidh céad is míle fáilte." XII.- AN CAOL-DRUIMEANN ÓG. I mothar ghlas coille trém' néaltaibh, Roimh mhúscailt do Phéabus chum seóil - Ba mheidhreach i gcrannaibh na héanlaith Is mac-alla ag léir-chanadh leó - Do dhearcas go hathtuirseach bé mhiochair, Innealta, shéimh, shultmhar, shóghach, Ag taisteal an ghleanna 'n-a haonar Ag casadh a Caol-Druimeann Óg. Ba bhacallach camarsach péarlach A carn-fholt craobhach 'n-a deóidh, Go snadhmannach srathannach dréimreach Ag tuitim 'na céibh léi go feór; A braoithe mar shíoda 's a héadan Gan teimheal is gan éalaing i gcló; 'S í thíos ar an ínse ag aodhaireacht Gan suim acht 'n-a Caol-Druimeann Óg.
Do dhruideas 'n-a coinne go héascaidh, 'S ba gheanamhail géirseach an ógh; d'fhiosras a turas is a héifeacht A hainm, a héileamh 's a cló. "An fíor gur tu Muireann no Éithne Diana nó Hélen na dtréon, Nó Aoife chuir draoidheacht ar na héanlaith d'fhág Cloinn Lir ar thréan-mhuir 'n-a deóidh?" "Ní haon aca ar éan-chor d'ár mhaoidhis mé, A shéimh-fhile ghrinn oinigh chóir, Acht Éire bhocht chéasta na Stíobhart Is éist liom go n-innsead mo sceól: Go mbeidh daor-ghruig an éithigh 's an aimhlis d'á dtraochadh 's d'á ndíbirt sa' bhfoghmhar, Is na céadta beidh fém' bhun sa' trínse Ag réabadh na díge is d'á rómhar." "Tá Seóirse go breóite, 's a mhuinntir, 'S a choróin air ní mhaoidhfear, ar ndóin; Hanóbher ní dóigh liom gur díon do 'N-a cómhgar go suidhfeadh chum próinn. Beidh an Diúc of York múchta fé'n ngeimhreadh 'S a bhanntracht, an bhuidhean bholg-mhór. Beidh an scuaine go buadhartha d'á dhruim sin 'S is buadhach bheidh an Caol-Druimeann Óg." "Gan amhras beidh reamhar-chluig ar Sheóirse Agus amhgar d'á chóchadh is dá chlaoidhe; Beidh Franncaigh i gcampa chum cómhraic Ag caithfidh gach crón-phuic leó íoc.
Caithfear i gcarcar cearr-bhodaigh; Fágfar gan cháin iad, gan chíos; 'S an sagart i gceannas go cráibhtheach Ag canadh gach tráth mar do bhíodh. "Beidh cobhlach ó'n bhFranncach ar thréan-mhuir 'S is cobhsach sinn féin ag cur leó! Beidh doghraing thar dobhartha le méath-phuic d'á gcaitheamh as aol-bhrogaibh teó. Beidh eagla an anfaithe ar béaraibh; Tásc do gach éin-fhear mo sceól Gur gairid dúinn cath-mhaor na hÉireann 'S a shláinte gach féile d'á hól."
XIII. - BUAIDH NA NGAEDHEAL. Ar fhonn tiúin fiadhaigh: "Hark away to the merry tout-horn; Call the huntsmen all up in the morn." Is dubhach liom an smúit seo ar Ghaedhil Gan súgradh, gan sughchas, gan scléip, Acht prútaigh gan mhúineadh gan mhéinn I n-ár ndúthchas is túirseach an scéal. Cé ceannasach iad i n-ár mbailtibh le cian Is flatha fé scamall gan aiteas gan mhian Do-chífir-se, geallaim dhuit, sceimhleadh ar na Gallaibh d'á ndíbirt thar caladh i n-ainm an diabhail. Beidh Séarlus go séanmhar arís Mar Shéasar ag éileamh a ríoghacht, Is na céadtha le p'léar is le cloidheamh Ag déanamh an laochais go binn;
Beidh L...ch 's a shluagh agus an Rí P...b buan Is buidhean mhear ó chrích Alban taobh leis go suairc; Beidh saoithe na hÉireann le díoghaltas 'san spéirlinn Is beidh sceimhleadh ar an méath-phoc thar tréan-mhuir go luath. Scaoil chughainn scárdach de'n mbeóir; Is cuibhe dhúinn a shláinte siúd d'ól; Is síodhach sughach sámh seal gan bhrón Go fíontamhail fáilteach gan ghleó Bheidh Clanna na nGaedheal - is Gallaibh go faon d'á leagadh, d'á dtreascairt, is d'á gcaismirt le faobhar; Beidh aoibhneas is ceól againn, fíonta d'á n-ól againn 'S an Rí Ceart 'n-a choróin, agus Seóirse gan tréad.
XIV. - AITHRIGHE AN GHEARALTAIGH (A.D. 1762). Scéithfead mo chlaon-bhearta déistineach' d'reóil Do'n gcléir chirt sin Phóil is beannuighthe cáil, Mar do ghéilleas go haerach do chraos agus d'ól, Do shaoghaltacht, do phóit is do mhalluightheacht ghnáith, Mar shéanas-sa bréithre na Naomh is na nÓrd Le léir-ghean do'n tsaoghal chleasach chlaon-bheartach bhróin, 'S nár fhéachas mar céasadh dham Éan-Mhac na hÓighe Le daor-pheannaid mhóir ná tagann liom trácht.
Ba shaothrach mé ag bréagadh na spéir-bhruinneal óg Le sméideadh, le póig, le bladair is le páirt, Is gach n-aon aca ghéilleadh dom' bhréagadh is dom' mhóid, Ba dhéarach 'n-a dheóidh sin is dob' aindeis é a gcáil; 'N-a dhéidh sin mar shéanas an t-aon-chreideamh cóir, d'fhúig mé-si i ngéibheann, i bpéin-bhruid 's i mbrón, Ag réabadh mo chréachta 's ag spréachadh mo dheór Chum Éin-Mhic na Glóire dom' chabhair óm' námhaid. Acht le géilleadh dom' chéile is d'á tréad-mhuirir óig Do ghléasfainn do'n Róimh agus as soin do'n Spáinn, Do'n Éigipt, cé aosta mé, dhéanfainn mo ród Go daor-chnoc an bhróin sin, Calbhaire an Áir. Do thréigfinn an saoghal is a chlaon-rachmas smóil, Do ghéillfinn-se d'éide is do léine de'n rón Mar chéasadh ar mo chraos-chorp do dhaor mé go deóidh, Muna bhféacha an Mac glórmhar ar m'anam i dtráth. Do shéan Peadar naomhtha thu, a Éin-Mhic na hÓighe, Is níor éimhis 'n-a dheoidh sin air taithneamh is páirt; 'S an té chuir an ghéir-shleagh tréd' thaobh gheal gan chóir, Níor fhéadais gan ghlóire do thabhairt 'n-a dháil; 'Nuair ghéill Magdaléna dod' naomh-theagasc chóir Thug saor-ghean do mhéirdreacht, do chraos agus d'ól, Do shaorais led' dhaondacht an naomh-bhean, dar ndóigh, Is céad peacach léi, agus an bhean ó Chanán. Ní'l traochadh ar do dhaondacht 'ná claochnadh go deóidh; Tá réim agus cómhachta is rachmas id' láimh; Is fé mar do shaorais na céadtha so rómham, Soar me led' ghlóir agus tabhair dam páirt.
Gach géir-chnead is péin-bhruid is céasadh 'gus gleó, A Dhé ghil, is méin leat do léir-chur im' chómhair, Réidhfead lem' ré 'nois go séimh sultmhar soghach, Is réidhtigh-se rómham-sa go Cathair na nGrás. Ceangal. Screadaim-se ar Íosa Críost 'gus ar Athair na nGrás, Fuair peannaid ar spíon-chrois, sceimhleadh, seachmall is fán, Go maithtear gach díomas, poimp, is malluightheacht ghnáith Dom' anam gan teimheal ar dtigheacht do ghairm an bháis.
XV. - TRÉITHE NA MAIGHDINE MUIRE. Tá páirt nó roinnt de'n gCreideamh Sacsanamhail Liútaránach so do ghlac mé (agus ní mar rogha) ná taithneann liom, agus 'sé sin gan impidhe ar bith do chur chum Muire, Máthair Críost, 'ná onóir, prímhléid 'ná úrnaidhthe thaispeáint di, agus dom' bharamhail gur'b í Muire Baintighearna an Alla áluinn aoibhinn ainglidhe; Bainríoghan na bhflaitheas; Crann soillse is criostal na Críostaidheachta; Díontóir na bhfíor-lag; Fairrge na daonachta; Grianán na Glóire; Gile, greann is gárda na bhfíréan; Lonnradh is lóchrann lóghmhar na spéire;
Máthair is Maighdean Mhíorbhuilteach na nAingeal; Péarla na glóire; Parrthas na Tríonóide; Réaltan eólais gach seachránaigh; Teannta na lárán; Taca na bhfann; Fuascailt na bhfíor-easbhaidhtheach; Lámh chóra na lag; Ceannsughadh na n-achrannach; Bean réidhtigh na feirge; Idirmhínightheóir na ngearánach; Sásamh an bhreithimh; Teanga na mbalbhán; Ómós na bhfaitchíosach; Suairceas na beannaightheachta; Seomra séad na subháilce; Tuile na ngrás, agus Tonn Chlíodna na Trócaire. Dar ndóigh, is ar athchuinghe Mhuire do rinne Críost an chéad mhiorbhuilt riamh, mar d'iompuigh Sé an t-uisce chum a bheith 'n-a fhíon, agus, d'á bhrígh sin, guidhim go díoghrasach óm' chroidhe gach Protestant do bheith ar éin-mheodhan i méinn, i dtuairim, i n-intinn agus i n-aigne le Piaras Mac Gearailt, Árd-Sirriam Leithe Mogha.
XVI. - FREAGRA AR THOMÁS DE BARRA, I gCLUAIN MEALA. A bhí ag casaoid le Piaras de dheascaibh an file bheith ag dul chum teampuill. A chogair, a charaid, 's a Bharraigh is múinte méinn, Is doilbh liom ceangal le Calbhin is Liútar claon, Acht golfhairt mo leanbh, 's a gcreachadh gan triúch, gan tréad Thug srothanna óm' dhearcaibh 'n-a gcaisibh is túirlint déar. Tá an donas le fada ar chlannaibh na n-úr-scoth dtréan, d'á stolladh, d'á stracadh, d'á ngreadadh is d'á mbrughadh go faon; Muna stopfair-se, a Athair ghil, bearta na mbúr, is baoghal Gur follus go gcaithfidh gach seabhac bheith dubhach mar mé. Mo dhonas, mo dheacair, mo dhanaid, mo chumha, mo chréacht, Mo scoilteadh thrém' scartaibh, mo pheannaid, mo phúir go haeibh, Nár thoil liom mo leanbh 's a maireann bheith súighte i gcré Seoch cogadh do tharraint ar m'anam le dúil 'sa' tsaoghal.
Ná togair-se fearg id' aigne chugham 'ná fraoch, 'S gur'b osnadhthach chaithim mo bheatha le cumhadh 'gus péin; Is dona dham fearg na bhflaitheas, a rúin mo chléibh, 'S mar chosaint ar m'anam gur greadadh Mac múirneach Dé. Ó's follus gur peacach me, treascartha i bplúid an tsaoghail, Go coigilte, ceangailte, cealgach, túirseach, tréith, Golaim is screadaim ar bhanaltrain bhúigh Mhic Dé M'osnadh do scaipeadh, 's me tharraint ó'n gcúrsa chlaon. Ó claonadh mo chéadfadh go claoidhte táir Le géilleadh do shaoghaltacht, do chlainn 's do chonách, Braon beag ded' Naomhthacht, a Rígh na nGrás, Léig orm, réidh liom, is feidhil me óm' námhaid. Óm' námhaid is ó dhamaint an anma réidhtigh me; Sásuigh t'aigne is masluigh mo chréachta anois; Gach crádh, gach peannaid, gach anfhaithe péin is bruid Go sásta geanamnach glacfad is géillfead-sa. Géillfead dod' Naomh-thoil go sásta síodhach, Ó thréigeas go héadtrom do pháirt 's do dhlighe; Lem' shaoghal bead léanmhar le crábhadh is caoi, Fé dhéar-chnead, i ngéibhinn, le grádh do Chríost. Ceangal. Do ghoirtigh mo chreideamh me i n-eibhir nár chuibhe dhamh-sa 'S a chosnamh im' sheilbh ní fheicim gur nídh córach; Ó's follus a dheireadh gur meirg is mío-chómhthrom, M'osnadh do bheirim gan teipeadh do'n Rígh ghlórmhar.
A chumainn, smaoin mar bhím-se im' cheap i dteannta, 'S go dtuigthear dhíbh, dar linn, gur fear me meallta. Scuit is cíos is íoc is greadadh clampair Chuir na mílte dhínn-ne ag teacht chum teampuill.
XVII.- CHUM DIARMUID UÍ AIRT. Tar éis iompuighthe dhó 'n-a mhinistir ó bheith 'n-a shagart, - an tríomhadh lá fichead de mhí Nodlag, 1774, 'seadh d'iompuigh sé a dhath. A Dhéarmuid! is dubhach liom gur iompuighis do chóta 'S gur thréigis na hughdair ba mhúinte is gur dhóighis iad, Ó chlaonais le Liútar na drúise, bhris pósadh, Mar ghéilleadh do'n bprionnsa d'fhág smúit ar na slóightibh. I gCilliaith a bhíonn sé mar chríon-mheath i gcrannaibh 'S d'fhág sé cléir Íosa ag síor-ghol le mairg. Ní sagart do bhí 'gainn i ngníomharthaibh 'ná i dteagasc Acht Iudás do dhíolfadh ar fee bheag na flaithis. Níor cheangal a phósadh, is níor bh'fhóghnamh a bhaisteadh; Níor mhaith í a chomhairle, 's níor bh'eólach chum aitheasc; Do bhog sé an bóthar, is cóireóghfar leabaidh Ar imeallaibh teó dhó, is ní dócha go gcasfaidh. Cad do dhéanfair, a bhrúdaigh, 'nuair dhúnfar do dhearca, 'Nuair shínfear 'san uaimh thu go fuar lag gan tapa, Gan rósta, gan fíonta, gan fíodhach is gan ghradam, 'Ná cáirde do ghuidhfeadh chum Íosa led' anam.
'Nuair ghlaodhfar ar shliabh sinn go dian-mhoch ar maidin, Roinnfear annsúd linn go sughach nó le harad; Osclóghaidh na huamhna agus eireóghaidh na mairbh, Is ní díon duit do ghúna 'ná Liútar mar charaid. Machtnuigh is cuimhnigh ar ghníomharthaibh na nEaspal; Faigh léine de'n ruainneach dod' ghuailnibh chum caithte; Déin troscadh na hAoine, 's ar Íosa iarr cabhair, Is féachfaidh arís ort mar a dhein Sé ar Pheadar.
XVIII. - AR MHARBHADH GABHAIR A THINEÓNTAIDHE. Cia thárla dealbh sa' mbaile gan chabhair ar bith, I gcomhgar ghleanna, is do b'aindeis go leór mo chruth, Mo bhanaltra a' screadaidh, mar "Beith bhocht" ní bhfuair istigh, Is gan deireadh le gainne an té mhairbh mo ghabhar is d' ith! A chaora 'n-a haice ná fachtar an t-uan ag ruith! A bhó ar maidin go bhfachtar i gcluais an ghuirt! A chapall, lá 'n Earraigh, go bhfachtar lag suaidhte fliuch! 'S a leanbh gan bainne um eadartha ag duanaireacht! An té mhairbh mo ghabhar gurab bodhar a bhean 's a pháiste! Nár fhágaidh na gabhair aige annlann tuir chabáiste! 'Nuair is goire dhó cabhair, nár ghabhaidh a chuid le chéile! Acht mar chuip na habhann, lá ramharta, 's gan foscadh ó'n ngaeth air!
A Chonchubhair Treó! fé dhó go gcaillir do mheabhair! Id' chloigeann gach ló go raibh ceól ag beachaibh is creabhair! Tar éis seaca naoi n-órdlach fógraim tu ar Dhroichead an Dobhair! Is gan ceairt ar do dhróm acht cóta de chroiceann an ghabhair! Ar do leabaidh leath-dhreóighte fógraim tu caithte id lobhar! Ar uireasbhaidh lóin go feóidhte seargtha odhar! Minnseach led' thaobh 's ar an dtaobh eile seana-phoc ramhar! Is do cheann i riocht pléasctha ó bhéiceach gharg na ngabhar!
XIX. - AN BRANNDA. Do thriall duine uasal áirithe uair ar cuairt ag fiosrughadh agus ag féachaint Mhuircheartaigh Mic Eóin Uí Shúiliobháin, siar ar fad go Béarra. D'fhan ann ar feadh mí. Do tharraing Muircheartach é le hiomad cúirtéise chum mórán brannda dóighte d'ól thar ceart, i gcás go raibh an duine uasal tinn, ag coimeád a leaptha, d' éis éalódh chum an bhaile dhó. Níor chian i n-a dhiaidh soin 'nuair do scríobh Muircheartach litir dhíoghrasach chuige chum dul ag caitheamh Sollamhuin na Nodlag 'n-a fhochair agus do chuir an duine uasal scéal chuige mar leanas: - A chara dhil gur radas-sa dhuit annsacht dian, Dearbhaim go rachainn-se cé fann mo rian, Dhod' fhaicsint-se le carthannas i n-am, gach bliadhain, Acht le heagla mo threascartha ag an mbrannda thiar.
Eascara an anama agus namhaid do Dhia Do leagas cuirp dá gcalma i ngach ball 'n-a mbiadh Nathair nimh' nách annamh thug mo cheann gan chiall 'S greadadh tinne scalladh me ag an mbrannda thiar. Ní pacaireacht 'ná anabhruid 'ná clampar fiach 'Ná seascaireacht fé ndeara dham, mo cheann cé liath, 'Ná seachaint dul thar gharbh-chnocaibh ramhra liag, Acht le heagla mo threascartha ag an mbrannda thiar. Glacaidh-se lem' theachtaireacht, 's is gann liom iad, Da fhichid bruinneal eala-chnis deagh-mheabhrach fial. Ná tabhair sil dom' bhairrfhionnaibh le hannsacht mian; Ba chathach liom a gcailleamhaint led' bhrannda thiar. Ceangal. A shuairc-fhir ghroidhe 'n-ar bh' aoibhinn greann is sult, Ní fuath dhod' mhnaoi 'ná 'od' chlainn thug mall mo dhul, 'Ná fuath do'n tslighe, cé coimhightheach ramhar na cnuic, Acht fuath mo chroidhe do bhíos do'n mbrannda 'gam. XX. - PIARAS MAC GEARAILT AGUS EÓGHAN AN MHÉIRÍN. Do thuit meisce ró-mhór ar Eoghan an Mhéirín uair i gcuideachtain an scríbhneóra, Piaras Mac Gearailt. Do thug sé iomad anchainte agus rádhmhaill easaonta do Phiaras agus do ghaibh leithscéal leis, ar n-a bháireach, mar leanas: -
Eóghan. A shaoi d'fhuil éachtaigh cheannasaigh na nGearaltach gan stánadh Is de phríomh-scoth Paorach lanna-ghlic na ndragan chuthaigh árda,
Má bhíos-sa aréir leat spairinneach, le mearbhal mo ráidhte, An fíon do shéid im' aigne gach glamhairneach d'á ndéarna.
Freagra Phiarais. A shaoi de phréamh-fhuil Charrthaigh nár cheachartha 'san tábhairne, An nídh sin d' éirigh eadrainn do mhaithim duit gan cháirde; Síordhacht bléithe is radaireacht chuir mearbhal 'n-ár ráidhtibh, 'S is fíor go ndéineann carrbhas carthannas neamh-cháirdeach.
XXI. - AN FILE AGUS AIBIGÉAL BRÚN. Aibigéal Brún adubhairt ná féadfainn-se Ainm an Phrionnsa thabhairt gan tréasan di; Ceathair ar dtúis is dúbail aon annsoin Is i dteangain na n-ughdar múinte glaoidh ar luich. 4 2 = Sé: Séamus. "Luch" i Laidin = "mus": Séamus. Annsain, dubhairt Piaras: - "Suidhmís síos agus bímís ag ól; Líontar chughainn fíon is beóir; 'S an dtuigir, a chroidhe, nár bh' aoibhinn sceól Sliocht an fheill d'á gclaoidhe 'san ngleó." "Tréasan," arsa Aibigéal, acht, chum í do bhréagnughadh go dearbhtha, d'aistrigh Piaras na focail láithreach: -
"Suidhmís síos agus bímís ag ól, Líontar chughainn fíon is beóir; Doigh 'n-a chroidhe ná híosadh feóil Satharn, Aoine, is gach lá gheóbhadh." XXII. - D'ÉAMONN DE BHÁL, Ó DHÚN GUAIRNE. An t-am do bhain Fréinigh a bhróga de ar bhóthar Baile Átha Cliath.
Piaras. Is brón liom an sceón so do ghlacais, a Éamuinn, Mar chóbach gan chródhacht, gan neart 'n-a ghéagaibh; Ba dhóigh liom dom' dhóthchas gur cheap le céad thu 'S gan do bhróga d'á seóladh 'n-a ghlaic chum Fréinigh.
Éamonn. A óigfhir, nach fóltha do chanair bhéarsa! Ní dreóileacht neamh-chródha do bhain dam féinidh, Acht rógaire ar bhóthar do ghread le p'léir me, 'S nár mhó leis sin feóirlinn 'ná anam Éamuinn?
XXIII. - BAILE UÍ CHOITÍN. Tar éis casta do theachtaire Phiarais ó Bhaile Uí Choitín gan éin-iasc aige, Lá Carghais, adubhairt an file mar leanas: - Baile Uí Choitín gann! Ná téirigh gan do dhínnéar ann! Baile beag briste, Tóin le huisce, Agus mná gan tuiscint ann!
Gaoth a dtuaidh, fuacht is dian-ghála d'bhur mbualadh anuas mar luach stríocála! Le bhráithríbh muara, buafa 's píocárda Go raibh líonta suas go bruach bhur líontána!
XXIV. - AOR AR PHIARAS. Dubhairt malluightheoir éigin leis an nGearaltach, mar leanas: "A Phiarais, a ghliadhaire ba shanntach meóin, Ag riaradh gach ciabh-bhruinneal mhodhamhail tais óg, Níor fhiadais gan fiaradh le cam go hóg 'S a' di-diabhal duit ó thriallais chum teampuill leo." XXV. - INGHEAN UÍ GHEARAILT.
Ráinig morán uaisle ar fleidh, uair, i dtigh na nGearaltach i mBaile Uí Chionnfhaolaidh, agus theastuigh ó Phiaras iongnadh a chur ortha. Bhí an t-amhrán so "Inghean Uí Ghearailt" scríobhtha aige roimh ré agus é múinte aige d'á aodhaire bó, Domhnall na Buile. I gceann scathaimh do glaodhadh isteach ar Dhomhnall os comhair na buidhne chum go n-abróghadh sé dhóibh "amhrán d'á dhéantús féin." Gan éan-ghó bhí iongnadh an-mhór ortha go bhféadfadh leath-amadán a leithéid sin d'amhrán bhreagh do cheapadh, agus tá a lán daoine fós ná tuigeann an scéal, mar leanann ainm Dhomhnaill na Buile mar ughdar leis an amhrán go dtí an lá indiu.
Tá lile gan scamall d'fhuil Ghearailt na sáir-fhear 'S is soineannda a teastas ag fáidhibh eóil;
Ní fheicim a samhailt ag taisteal na sráide I n-inneallacht phearsan, i gcáil is i gcló. Grádh na rún í an mhúirnín mhascalach! Bláth na n-ubhall í i dtúis an tsamhraidh! Lúibín lachanta, eala an chuirp bháin An fhinne-bhean fhada-chroibh áluinn óg! Is mogallach muirearach uilleannach ámhrach Cochallach cluthmhar ag fás go feór A carn-fholt cruipinneach fionna-gheal fáinneach Cnotach, ag tuitim go bárr a bróg, Go trinnseach táclach tláith tiugh taithneamhach, Cíortha cárnach cáblach camarsach, Bíseach barra-bhog bachallach bláith, Dlaoitheach drolach is a scáil mar ór. Bíonn Cuipid 'n-a haice go cabhrach gárdach, Ag caitheamh a ghatha le feidhm gach ló. Is follus 'n-a leacain ag caismirt go báidheach Lonnradh an tsneachta le scáil an róis. A rinn-rosc réidh-ghlas péarlach geamhrach; A braoithe caola ar éadan leanbhach; A cruinn-chíoch cheart is geanmnaidhe 'ghnáth 'Sí gile an chuim chailce nár lámhuigheadh fós. Is binne guth gearr-ghuib an bhalsam-bhuig mhánla 'Ná ainnir Chanáin i sáimheacht cheóil, Ag seinm chirt Ghall-phuirt, ceapadh na ndáimhe, An fhuireann do theagaisc an chláirseach dhóibh. Faoileann mhaordha bhéasach bhanamhail, Naoidheanda thréitheach dhéarcach gheanamhail; Milis-bhean urramach mhiochair gan cháim - Is d'fheartaibh a cumainn tá táin gan treóir.
Is mustar di a hathair go hacmhuinneach fáidh-ghlic Duineanta draganta i mbeárnain ghleó, 'S is tuilleadh d'á maitheas a ceangal le Seaghán dil, Curadh nár bh'aindeis i dtábhairne an óil. A máthair úir-chéibh chiúin chaomh charthannach Thug Sirriam Condae is túrnae Laideanda Chughainn, is marcra chalma cháidh, Chum seasaimh na spairne i ngárda an tslóigh. Dá dtagadh fear forusta fonnmhar feádhbha Cumasach neartmhar fé lán an tseóil, Fionn-fhlaith sonais do ghlacfadh go grádhmhar I ndlighe na hEaglaise an bháin-chnis mhodhmhail. 'Sí Lucy ghléigeal shéimh Ní Ghearailt í; Ó chrú na nGréagach dtréitheach d'eascair sí, Seang-bhean mhaiseach na labhartha sámh Fuair buaidh agus beannachta dámh go deóidh. XXVI. - SQUIRE GEAL FREEMAN. Fáilte, a phréimh de bhláth na gcraobh, i dtráth go hÉirinn aoibhinn; Fáilte, a scéimh atá gan bhéim, mar ghnáth-ghnaoi déithe chítear; Fáilte, a chléirigh dáimhe is éigse, - fuair ó bhéithibh fíor-ghean; Fáilte is céad, le páirt uaim féin, dó'n sáir-fhear Squire geal Freeman. Flaith gan ghruaim do b'fhearra cáil Fuair barr is buaidh i measc gach dáil I ngradam uasal sona sámh Is i bhfás do chruadhuigh mo laoch mear.
An t-am do baisteadh é 'n-a leanbh, radhadh gaisce claidhimh dhó, Bronnadh maise, truagh is taise, is cruadhas i n-aghaidh an naímhid dó; Tug Bacchus fíon do, is fleadh, is scaoil é, go fial i measc na saoithe 'S Neptiún éachtach thug do caol-bharc ar thonnaibh tréana taoide. Do fuair ó Bhénus féin níos mó Áilneacht tréithe méinn is cló; Dá bhreaghthacht bé i nÉirinn mhóir Go ngrádhfadh é le díogras. Is cásmhar sinn gan spás fé chíos, go cráidhte claoidhte ciúin bocht, Gan dán, gan píb, gan trághadh na dighe, go ndeárnais tír go súgach; Ó thárla arís thar sáile an saoi, ráib d'fhuil ghroidhe na n-úr-fhlaith, Sin gártha 's teinte chnámh, is fíonta 'á dtál feadh mí 'san dúthaigh. An curadh le sealad de shíor atá Óg is sean ag guidhe de ghnáth Le cómhachtaibh éachtach' Dé 's a ghrádh É chosnamh soar ón' aimhleas. Is dlúith i ngaol dó na ruirigh is tréine, is fuiris léigheamh 'n-a ghnúis dhil Gur fáisceadh é as árd-fhuil laoch, ba ghnáth i réim i Lúndain;
Árd-fhuil Charey chrádhuig na laochra, Barraigh, Paoraigh, Búrcaigh, 'S na táinte laoch do thriall ó'n nGréig lé'r cuireadh an Trae fé chumhangais Ríghthe ceart de cheannas Laighean Faoiteach, Crosby, Hazzard, Synan, Siúd iad sinsear sleachta is deimhin An táin ó'r shiolruigh an laoch mear.
XXVII. - MÁIRE PAOR. (Máthair Phiarais). Ag taisteal dam lá, 's me ar fan im' aonar Cois na Siúire, srúil na méith-bhreac, Do dhearcas lem' thaoibh an tsídhe-bhean mhaordha Fé dhair chumhra i ndubh-chnead traochta. Fé dhéin na bruinnile dhruideas go héascaidh d'réir mo mheabhrach do labhras léithe: "Cá tír nó ainm duit, innis gan bréag dam, Nó cad fáth do ghártha, a réiltheann?" Ar sise: "A dhuine, cár hoileadh tu ar éan-chor - I gcuasán coille nó ar imeall an tsléibhe 'muigh. An le seachmall atáir ar fán ód' ghaoltaibh Fé ndeara nach feasach duit m'anacar saoghalta?" "Ó! an tu Máire cháidh na céille, Máthair Phiarais, triath na féile, Ó Chnoc a' Leathra na bhflatha mbéasach, Do b'uaisle cáil i ndáilibh Déiseach?"
"Id' chistin ar crochadh bhíodh borradh-mhairt mhéithe; Id' phroinn-teach measaim dob' fhairsing do thréithe Ag riaradh bídh agus dighe gach féile, 'S níor ghann do'n tseang acht "lán na héille." "Id' halla do chínn-se gasradh gléigeal, Bláth do chuim-se, a ríoghan aobhdha; Fir agus mná dhuit gach lá ag géilleadh, Cé fada fé leacaibh dóibh scartha ó chéile." A Rígh na fine, na cruinne 's na réalta, Tóg-se an mháthair, a clann 's a céile, Máire 's a cáirde de phlúr-scoth Paorach Go dídean Pharrthais is aingil d'á n-aodhaireacht.
XXVIII. - AR BHÁS MHUIRIS DE NGEÁRD. 1743. O tolladh na treóin ba chródha riaradh cath, Conall is Eoghan is Ólum, Brian 's a mhac, Níor goineadh thar fóir sinn, Fódla 'n-a ndiaidh níor mheath Gur coigileadh feóidhte i nEóchaill triath na bhflaith. Flaith acmhuinneach an dragan dil ba chródha croidhe; Flaith mheacanta ba thapa mear i ngleó na gcloidheamh; Flaith mheardha mar Aicil thoir i gcomhrac Traoi; Is creach dhanaideach é fé gharbh-lic ag dreógh' 'sa chill. 'Sa' chill ó cuireadh mo churadh nár bhaoth a cháil, Míleadh muirinneach cumasach tréan an stáit; Is fíor-lag cumas na druinge seo ag téacht thar sail, Ó claoidheadh gan fuinneamh an bile, mo Shéasar sámh.
Ba sámh, ba séimh, an laoch nár stán i ngliadh, Fáilteach féastach faobhrach rábach fial. Do b'fhearrde an chléir go héag, dá mb'áil le Dia Gur lán a shaoghal chum téacht i n-áireamh bliadhan. Bliadhanta fada níor ceapadh ar an saoghal so dhuit, A thriath nár mheathta chum airm do thraochadh i bhfuil. Ba mhian mar ghaisce leat danair a raobadh i gcuirp; Cian nár ghreadais an cealgaire chaoch do ruisc. Do rosc níor chlaon ag déanamh amhairc go samh, Sochma dil séimh ag réidhteach ceasta na ndámh. Do bhochtaibh Dé thu is léan is d' Eagluis cháidh - Fé chlochaibh i gcré mo laoch gan chealg gan cháim! Cáim 'ná cruadhas níor dhual dó'n bhfaraire shéimh, Plás 'ná buaidhirt ní chualaidh neach ó n-a bhéal; Rábaire suairc do b'uaisle d' fhearaibh na nGaedheal, Mo chrádh gur cruadhtan duairc thu marbh i gcré. I gcré-chuilt mo léan tu, a mharcaigh na srian Id' aonar ag daolaibh ad' ghearradh mar bhiadh. Ar Éirinn do thréan-chuiris danaid is pian, Is béithe go déarach i leasaibh id' dhiaidh. Id' dhiaidh-se go diachrach le danaid is péin, A ghliadhaire do riadhfadh ár nglasa gan bhéim, Beidh ciabha d'á stialladh agus dearca gan bhraon 'S ní cian bheidh a chiall ag cantaire téad. Téad 'ná tiúin le fonn ní chantar go sochma, Ó d'éag an stiúirtheach d'fhúigfeadh danair go doilbh. Léir-chreac dubhtha i gcumhangrach daingean fé chlocha Is éigse fiúntach múinte flatha agus ollaimh.
Ollaimh id' dheóidh gan treóir, gan chiall le seal, Gan chothrom, gan chóir, gan tóir ar fiadhach mar chleacht, Acht golfairt is deóir is brón le pian go beacht, O tholladh na treóin ba chródha riarfadh cath. Ceangal. A Mhic Mhuire na ngeal-lámh ghlac páis, daor is pudhair Chum ar gheineadh ó Adámh do shábháil, féach go humhal; Beir chughat gan ró-spás dólás Éireann iúil, Muiris Mac Thomáis de nGeárd séimh id' chúil. Feartlaoi. A leac fuair an mac suairc mar chéile clúmhail, Badh cheart uaill ar feadh tuatha is géim go búch Mar cheap duaircis gan suaimhneas éada is pudhair Ar shuadhaibh, ar uaislibh is ar bhéithibh Mhumhan. XXIX. - MARBH-CHAOINE. Ar bhás Sheagháin Paor Chlaise Móire, d'éag an treas lá de mhí Iúil, 'san mbliadhain d'aois ár dTighearna 1754.
Lá 's me ar mhaoilinn árd-chnuic aoibhinn Ársa binndeal Éadaine I dtoirchim suain, i mbrollach cuain 'S me torchartha im' thruaill im' aonar ann: Do chuala láimh liom uaille gártha, 'S cruadh-ghol cásmhar, déar-shilte, Ag drong de bhábaibh amhra áilne, Ba channtlach, cráidhte, créacht-shnuidhte,
Is iad go brónach, diachrach, deórach, Pianmhar, sceónmhar, géar-ghothach, Ag réabadh a gcuach, ag éigheamh 's ag uallfairt, Go traochta, gruaidh-fhliuch, déaluightheach. Do bhíodhgas suas le sceimhleadh is buaidhirt Is fíor gur suarach d'fhéachas-sa, 'S ba léir dam eatortha réiltean thaithneamhach Go tréan ag greadadh a haol-chrobha, A glinn-ruisc phéarlach' líonta 'dhéaraibh, A croidhe 's a hae d'á léir-bhriseadh, Agus d'fhéach sí dúbhach, bocht, cnaoidhte, túirseach, Líonta dhe smúit is de ghéillsine; Do b'arg úr an eala chúmhra, Ainnir mhúinte, taobh-leabhair, 'S do bhrostuigh sí ag greadadh saighead Isteach im' chroidhe go héigineach! A mhánla bhúch 's a bhláith na dtriúch! Fáth do chumhaidh 's do dhéara guirt Aithris damh-sa, a chaomhthaigh chródha Is cailce cló gan bhéim ar bith." Do ráidh an rígh-bhean chráibhtheach chaoin Go cráidhte cíorrbhach créimeannach - "A fhir chanas laoithe, is leamh an nídh Nách fios duit brígh mo dhéara-sa! Cia fada ar fán me, ag danair tháire, A seana-áitreabh Éibhire, 'S mise dhom' ruagadh le tréine 's nuaidh-reacht 'S Gaedhil go buadhartha am' éileamh ann, Níor fealladh riamh me, níor greadadh dian me, Níor ceapadh pian go daor ionnam, Gur leagadh lóchrann is ceap na Fódla An seabhac códhnach réaltannach.
Creach na críche, creach na tíre, Creach is sceimhleadh Dhéiseacha; Creach is gleó na bhflatha cródha Creachadh 's brón i bPaorachaibh! Creach na maighdean maiseach meadhrach, Greanta greidheanda déid-gheala; Creach na n-uasal - táid go buadhartha - Do chanadh duanta 's caomh-ranna! - A fhir chanas dréacht, seo an chreach lé'r thréig Mo chreat, mo ghné, agus m'éifeacht me: Tá crú na leógan lonnrach lóghmhar, Trúpach treórach traochta anois!" "Athghoirim tú, a bháinseach bhúch, Do ghread go dlúith, is do ghéar-ghoin me: Síthigh liom, a ríoghan chiúin, Is brígh mo rúin-se léigfead riot. Ar phreabadh suas dam as mo shuan Is ar gcloistin fuaim do ghéar-ghotha, Is tapaidh chuimhneas, is obann do smaoineas Gur leagadh príomh-fhlaith Dhéiseacha, 'Nuair a dhoirchigh grian, gan solas, gan rian, Agus srotha go dian ag géiminigh, Gur thar cóir do bhrúcht an bhóchna 's drúcht, 'S gur chiúin gan cheól na héin bhinne. Do mhúch an rae go dúbhach gan ghné 'S ní lonnrach glé na réilteanna, Acht scamaill is smúit do leathnuigh chughainn Ó leagadh 'san úir an tréan-churadh: Ráib na féile, ráib na séimhe, Ráib le daondacht, saor-bhreathach; Buinneán buacach sultmhar suadha, 'S i gcabhair na dtruagh dob' éigneach.
Searc na cléire, searc na mbéithe, Searc na gCaesars ngléigeal thu; Searc na riogh-bhan maiseach míonla 'S na bhflatha bhfíontach bhféastach thu; Dragan cungantach fairsing flúirseach Scaiptheach súgach séan-chodach; d'fhág i mbrón gach stáid-fhear cródha 'S ráib d'fhuil óirdheirc Dhéiseacha. Ba gheal an radharc an seabhac soilseach, Ar each ba mheadhrach léim is rith: Le sluaightibh laochradh uasal éachtach, Ar ghualainn sléibhe slaod-dhuilleach. Ba bhinn é glaodhach a mhilis-bhéil, Ar gcloistin béic na bhfaol-chona I ndiaidh an chaol-phuic, siansach saothrach 'S triatha Phaorach ghéilleadh dho. Is dubhach atá gach cúilfhionn cháidh Agus úr-ghas láidir léigheannta, anois Ó síneadh tú - mo chreach! - 'san úir, Go dearbh dúnta i nuaidh-chrithir. Is iomdha iarla, flaith is tighearna Agus bile ciallmhar, séimh-cheannach I ndeóidh do bháis go brónach tláith Go deórach, tráighte, taom-dhearcach. Is iomdha saoi glan fiúntach groidhe Agus cúilfhionn mhíonla dhéid-mhilis, Dragan deónach cabharthach cómhachtach 'Gus sáir-fhear dóighte ad' dhéidh-se anois. Is iomdha páiste ba súgrach sásta Ó dúnadh t'áitreabh néamharach Is creachta atá ó scuir do lámha Ó scaipeadh aráin le féile ortha.
Do scaradh suairceas le Clais Mhuair, Do scaradh duain is dréacht mhilis; Do scaradh saoithe, do scaradh laoidhthe, Do scaradh aoibhneas saoghalta anois Ó leag an bás an scuibhéar rábach, Fial, fliuch, fáilteach, faobharach, Tá screadadh is gártha ag flathaibh ársa Ó Chaiseal cháidh go Béarra indiu, Ó d'imthigh ár n-úghdar grinn, mo chúmha! Ba chaoine plúr i bPaorachaibh! Do bhéarfainn cunntas ar a chrú-shliocht, 'S ar a mhéinn ba lonnrach, éifeachtach: Tá fios ag diúicíbh is ag prionnsaíbh - Tá tré dhúithchíbh Éibhir fios, Gur scagadh a chrú tré threabhaibh i gclú Do b'argdha rúireach réilteannach. Is fíor gur scagadh 'n-a chaomh-fhuil chalma Rí-niadh Chaisil na saor-righthe, 'S do'n Diúic Builtéar ba dhlúith a ghaol, Túr gan éalaing préamhuighthe, An tIarla Déiseach, 's an tIarla Paorach An tIarla i gcéim ba dhéarmhaire, Do shreabhadh a chrú go dearbh i mbrú Le marcaigh gan chuar gan chlaon ionnta. Tá uch is cruadh-ghol ag Loch Luachra, Tocht is buadhairt id' éagmuis-se; Tá clann Chraith chómhachtach ag caoi go brónach, Nídh nách tóigthe d'aon ortha; Tá Cill Bhéithne líonta le déine, O chualaidh scéal gur éagais-se 'S do ghaolta dlúith, a Phaoraigh úir, Le chéile ag luadh do thréithe fir.
Ba chúirt aoldha uasal aerach Brugh gach séimh-fhir do ghlaodhfadh ann, Do dhún gur traochadh 's gur cuireadh ar téarbhadh An bile ba thréine i nDéiseachaibh. Tá Sliabh gCua 'n-a shliabh gan duan 'N-a shliabh gan fuaim 'ná dréacht anois, Ó leagadh i gcriaidh an faraire fial, An galach ba ghrianda i nÉirinn ghil. Ba dhian an marcach tu i ndiaidh an tseana-phuic Ar Shliabh na mBairrfhionn-mBan aol-chnise, Agus gasradh cródha i n-aice mo leóghain Ag leanamhain ceóil na bhfaol-chona. Is súighte tirim atá 'n tSiúir 's an tSionainn I n-úir ó cuireadh an tréan-churadh; Tá 'n Bhrighid 's an Bhearbha líonta le cathughadh 'S ag bíodhgadh lé fad-chumhadh dhod' éileamh-sa! Ba mhinic thu ag fiadhach cois Brice na bhfiann Le fuirinn de thriathaibh 's laocharaidh, I ndeóidh an tsionnaigh, go ceólmhar cumasach, Óirdheirc, criostalach, faobharach. Ba mhinic ar t'éileamh bruinneala is béithe Gile-chnis, maordha, léigheannta, glic, 'S tusa go fonnmhar, fáilteach, foraireach, Id' dhún le tlácht d'á mbréagadh-san. Do-gheachtaoi suairceas i gClais Muair Fastuím, fuaim, is faol-choin, Ól is aoibhneas, feóil is fíonta 'S ceól gach oidhche ar chaomh-chruit. Ba mhinic nár bh'fhann tu ar imirt na lann, Mar churadh go teann le Caesar,
'S ba chóimhreach, calma, córach, araid thu, Mar leóghan le Gallaibh chum éirligh. Is brónach lem' chroidhe, a chóradhaigh ghroidhe, Nár dheónuigh Críost faid saoghail duit Go tigheacht thar caladh d' ár dtriath 's a ghasradh Fianda feargach faobhrach. Ba mhinic do shláinte ag fuirnibh feádhmach Agus mise le cách dá taoscadh ann Id' dhún-sa, a churadh, go súgach sona, A ghustalaigh churata Phaoraigh. Ní hiongnadh saoithe is suadha gan bhrígh, O leagadh i gcill go tréith thu, A chobhthaigh chosanta, oinigh, oirdheirc, Gríobh agus posta na nDéiseach: Cois Sionann na dtonn agus Life na long Tá siosma 'gus glam id' dhéidh-se, Ó chríochaibh Uladh go críochaibh Chonnacht, An tír 'n-ar rugadh do chéile, Cáit an bhrollaigh ghil, fháilteach fhoirtileach, Bláth agus solas na mbéithe Réaltach, ríoghdha, mhaordha, mhíonla Shéimh, gan phuimp gan bhaoth-chlis. Coigilte i dtuamba id' fhochair, mo nuar! Thug osna 'gus buaidhirt is déara guirt, Brón gan scaoileadh is ceó gan aoibhneas Ar óg 's ar chríonna i nDéiseachaibh, Fá ndeara dhod' chlann a bheith scamallach fann, Gan aiteas, gan greann, 'bhur n-éagmuis; 'S tá flatha na Mumhan gan dearmad ciúin Gan ranna, gan tiúin, id' dhéidh-se. Do b' aithreach cúmhach tu ag aitche go humhal Ar Athair na nDúl is na daondachta
Go nglacadh gan spás tu go Cathair na ngrás, Tar éis maithimh do ghnásaibh éadtroma. Le claon na tola 'ná aeraidheacht eile, Níor thréigis an tAifreann naomhtha; Ba rogha go fada leat Ríoghacht na bhflaitheas 'Ná greann agus tairbhe an tsaoghail seo. A Thighearna Íosa! ó bhrón an tsaoighil seo Ó threórais príomh-scoth Phaoracha Go tír na n-easpal, na naomh 's na n-aingeal, Deónaidh a anam do shaoradh leat! Stiúruigh a anam go Ríoghacht na bhFlaitheas, A Chríost do cheannuigh go daor sinn! 'S a mhaighdean thaithneamhach, chráibhtheach, charthannach Tóg féd' thearmainn féin é! FEART-LAOIDH. Mo chreach, mo nuar, mo bhuaidhirt lem' shaoghal arís, Mo scread gan chluain, mo shuairc-fhear craobhach groidhe I gClaise Mhuair i dtuamba, tréith gan bhrígh, Flaith gan ghruaim dob' uaisle méinn is gníomh. Gníomh doilbhis caoi poibleach, is lán-chreach Ghaedheal Gríobh oirdheirc, ríogh-chosantach, gan tlás le tréan, Taoi torchartha - is fíor-ghoinideach le trácht an scéal, Príomh lonnardha, groidhe, gorm-dhearc, Seaghán geal Paor. Sin eadraibh sceól mar nódhacht 's ní fáilteach é, Gur marbh, mo bhrón! an leóghan do b'áilne scéimh Ba laidionda, lóghmhar, - lóchrann dáimhe is cléir Fé ndeara dham deóra móra thrághadh, mo chréacht.
Mo chréacht is m'osnadh go doilbh, mo chás, mo chnead! Craobh is cosnamh na bpoibleach, tláith gan phreab; Tá séan is sonas féd' chumas go bráth, a leac! An Paorach brollaigh-gheal coigilte id' pháirt, mo chreach! XXX.
FÓGHAIRM AN MHÓRÁNAIGH. LEATH MOGHA MAILLE RE PIARAS MAC GEARAILT, aon d'Órd Ollamhanta na hÁird-Leithe réamh-ráidhte chum Uilliaim Uí Mhóráin, Scol-oide ar Shliabh gCua, i gCondae Phortláirge. Ag seo chughat i n-ainm an Úird, dá aithniughadh dhuit bheith i bpearsain dom' láthair ag m'áitreabh i mBaile Uí Chionnfhaolaidh, ar an deichmheadh lá de'n mhíos is neasa dhúinn, romhainn, ionnus go dtabharfá, má thig leat, freagra iomchubhaidh ar na casaoidibh cruaidhe cíocracha ... ta as ucht an Úird ar ndéanamh ... tadh, gidheadh d'fhaitchios nách soichfeadh an fóghairm seo chughat roimh an lá réamh-ráidhte, MAISE forfhógraim duit an treas lá earraigh gan dream ris, bheith im' fhiadhnuise ins an ionad réamh-ráidhte: ná hob i bpéin d'umhla. TUGTHA fém' láimh an t-ochtmhadh lá fichead de'n mhíos Aibhgheist, i mbliadhain d'aois ár Slánuighthe, seacht gcéad déag ceathrachaid agus a ceathair. PIARAS MAC GEARAILT, Árd-Sirriam Leithe Mogha.
XXXI. BARÁNTAS AN MHÓRÁNAIGH. LEATH MOGHA MAILLE RE PIARAS MAC GEARAILT, Aon d'Órd Ollamhanta na hÁird-Leithe réamh-ráidhte. Chum gach Árd agus Fochonnstábla ar feadh na Leithe céadna, agus chum lucht a gconganta agus a gcabhartha. Do fuair mé áiteamh iomshlán go bhfuil i bhfaighir nó i bhfoirthe éigin ar Shliabh gCua scol-mhaighistir scaitheólach, darbh ainm Uilliam O Móráin, do thug go meardha, malluighthe, mí-bhéasach, agus go huallach, éadtrom, earráideach, briathra borba baoth-ghlóracha, agus aitheasca easumhla iliomdha, do phrealáidibh uaisle, oirdhearca, árd-chéimeacha, do chléireachaibh chuanda, ciallfhoirbhthe, cráibhtheacha, d'ollamhnaibh ungtha, eólacha, oll-bhladhacha, agus d'fhilidhibh feasacha, fíor-líomhtha, focal-snuighte, noch nach rightear a leas d'áireamh sonn, gion gurb neamh-ríomhtha iad leath ar leath ins an áiteamh do ghlacas, agus fós gur maoidheadh go mí-chialldha leis an Uilliam O Móráin réamh-ráidhte gur fromhta, gur fáithighe, gur líomhtha, gur léire, is gur léir-dheasuighthe é féin i n-eólas, i n-iomais, i n-iomscaoileadh na n-adhmad, i n-ilcheárdaibh na n-ealadhan n-éagsamhail nÉireannach, ní hé amháin 'ná ceachtar de n-a shíoldánachaibh amhra oirdhearca so, acht fós ná iad go huile, gion gur ghlac ceachtar de na grádhaibh le n' oireantar neach i n-ealadhain riamh, agus FÓS, mar dhiúlt go mear-dhána teacht dom'
láthair ar gcur fógharma chuige i n-ainm an Úird an t-ochtmhadh lá dé'n mhíos Aibhgheist ins an mbliadhain d'aois Chríost seacht gcéad déag ceathrachaid agus a ceathair. Ag seo m'aithne agus m'órdughadh UIME SIN dhíbh agus do ghach n-aon agaibh go ndeárntar síortha síor-luatha agus lorgaireacht lán-urlamh libh agus go léigthidhe scimealta scríob-luaimneacha fá ilchríochaibh Leithe mór-aidhbhle Mogha ionnus ná fágfar libh aill ná árdán, bruach ná báinseóg, clais ná cuithe, cnoc ná céide, coill ná currach, drom ná druiméal, dúmh ná diamhar, fíodh ná fásach, fiadhach ná fiadhtach, gort ná glasbhán, grianán ná grian-chnoc, iath ná imeall, lúb ná luibh-ghort, lios ná leaca, máigh ná mínleach, maidhig ná mothar, niod ná neanntóg, orc ná oirear, os 'ná oileán, port ná puathais, poll ná pórán, ros ná réidhteach, riasc ná ruadhán, sliabh ná sliosán, seisc ná seisceann, treabh ná triúch, tuar ná tualach, uaigh ná uille; agus go háirithe ná fágaidh bléan breac-chnuic, cuas crainn, clab carraige, craos cumair, drannt doimhneóige, fos faidhre, glot gáipéir, gleann guaireach, ithe uisce, lár laige, mong muine, nead druide, pus pluaise, roc ruaigthe, scúmhadh scairte, tigh talmhan, 'ná áit uaigneasa, fá theórannaibh fairsinge Sléibhe slios-fhada sean-gCua, gan lorg agus léir-spiúnadh go friochnamhach agus go dícheallach go ria agus go dtiocfaidh libh an tUilliam réamhráidhte do lámhadh, agus ar n-a ghabháil, tabhraidh i ngeimhlibh agus i nglasaibh go daor, docht, ceangailte chugham-sa go sonnradhach é, go n-imirthear dlighe air, do réir a chionnta. UIME SIN, Seo é bhur gcomhachta agus bhur mBarántas,
ar n-a thabhairt fóm' láimh agus fóm' shéala i mBaile Uí Chionnfhaolaidh an t-ochtmhadh lá ar fhichid de'n mhíos Aibhgheist, ins an mbliadhain d'aois ár Slánuighthe, seacht gcéad déag ceathrachaid agus a ceathair. PIARAS MAC GEARAILT, Árd-Sirriam Leithe Mogha.
XXXII. LEATH MOGHA Maille re Mártan Liútar, Calbhin, Crombhail, agus Melangton, Ceathrar de phríomh-chómhairle Ifrinn do chum gairm órduighthe agus bharántais do thabhairt amach ar feadh na leithe céadna i gcoinne gach n-aon de'n gclé-Eagluis, chuirpe, chealgaigh, choinneal-bháidhte, noch do thréig agus do dhiúltuigh do na grádhaibh diadha déarscanacha ceart-briathracha agus do na hÚirdibh aoibhne, áilne, fíor-naomhtha, agus de bhrígh go bhfuaireamhair deimhin agus léir-chunntas gur cheangail agus gur mhóidigh duine dona diablaidhe droch-oinigh áirithe chum a bheith i n-a dheisciobal ag an árd-mhaighistir sin i n-ár gcoinne, .i. Lucifer, go mbeadh sé modhmhail miochair milis omósach dó'n ochtmhadh Hannraoi, do Rígh Liam an Chumhangais, d'Anna Bolaín agus do mhórán eile de sna deamhnaibh, darb ainm agus sloinne dhó Diarmuid Ó hAirt, do bhí tamall i n-a Shagart Paróiste thiar i gCairbreachaibh, tamall eile i gCarraig Thuathail fé thearmann Dhochtúir dhiadha déarcach deiscréideach Mac Cionnaoith, Easpog Chluana, Chairbreach
agus Ruis. Acht cheana, chum go mbeadh mear-aithne agaibh ar an nDiarmuid réamh-ráidhte bhéarfam-na dhíbh a chómharthaí sóirt agus eólas ar a dhroich-mhéinn agus ar a ghníomharthaibh déistineacha salacha fé mar leanas. Tá Diarmuid déad-bhuidhe diablaidhe O hAirt acharnach, ainmhianach, airciosach, amplach, bradach, bréagach, breallach, bruideamhail, bruighneach, calghaoiseach, cam, canncarach, casaoideach, ceagach, clamhach clamparach, cleas-bheathach, dána, dona, dorcha, droch-ghnóthach, duairc, fealltach, feargach, fraochaidhe, garg, glais-ghnéitheach, gráineamhail, gruamdha, lán-díobartha, leamh-labharthach, léanmhar, loiscighthe, lomartha, lom-luirgneach, mailíseach, malluighthe, manntach, masluightheach, meirgeach, míbhéasach, mí-nádúrtha, namhaideach, peacamhail, plucach, púcamhail, port-shúileach, pus-ramhar, ríogh-bhodach, righin-bhéalach, suarach, searbh-labharthach, silteach, tuirinneach, tubaisteach, - do chuir gleó agus buaidhirt ar Impreacht na bhflaitheas do chréachtnuig agus d'athnuaidh cneadhtha Chríost, do chuir Bainríoghan na nAingeal ag sileadh na ndeór, do chuir cneadh i gcroidhthibh na naomh agus na n-easpal, do chuir ceó, brón, doilgheas agus diombádh ar Eagluis dhiadha dheagh-shomplaigh na críche seo Leithe Mogha agus ar mhórán leo de'n gCléir mhilis choróntaigh, thaithneamhaigh, dheagh-mhúinte seo Inse Fáil. UIME SIN, an uair ná tagann agus é féin a thabhairt suas agus seasamh chum bhreitheamhnais, fógraimíd, i bpéin phiriacail agus umhlachta, do ghach uile bháille nuadh-bhearrtha agus connstábla cúmhang-ghuailneach, gach uile chléireach luaith-mhéireach, gach uile chlaidhre cuirpe, claon cailleamhnach, gach uile bhitheamhnach bréagach, bradach, cealgach, cleasach, síleach, suarach ar feadh
na leatha céadna mór-fhódaigh Mogha, de bhrígh na mór-chómhachta atá agáinn, gan diúltadh." An Diarmuid cas Ó hAirt d' éileamh A lorg 'sa chuardadh go buan gan téarnamh Ar fuaid curraighthe, bogaighthe is sléibhte, Bailtí muara, cuanta is céide. Cuarduighidh árd-chnuic, bánta is gaorthaidh, Caisleáin sheannda, gleannta is féithe, Cuasáin cumair is imeallaibh craos-mhuir, Gach tráigh is cuan ar fuaid na hÉireann. Tosnuighidh thiar i n-iarthar Béarra Na fágaidh dún ná cúirt 'ná aol-bhrogh, Long 'ná bád i gClár Luirc Fhéidhlim, Gan spiúnadh is lorg do stollaire an éithigh. Ná fágaidh Beanntraighe ar ionntaoibh éinne, Cuan Dor na long 'ná Dún na Séada, An Scibrín gan fuidheall gan éileamh Ná Clanna Chaoilte na laoithe aosta, Ar lorg an scamaire dhamanta chéasta. As sain preabaidh go meanmnach saothrach Go Corcaigh na gCuan go luaimneach léadmhar Is déinid lorg go brostuightheach éigneach Ar Dhiarmuid spairt Ó hAirt an méirleach; Acht fóil, a dhaoine, go n-innsead scéal díbh, Gur theich an raille le n-a anam 's a mhéirdreach Go hUíbh Magh Caille le hiomarca saothair Ag iarradh coimirce i gcumaraibh éigin; Leanaidh go dlúith an sprionnlach déistneach Is cuiridh a lorg go hobann le faobhar; Ná fágaidh gleann 'ná poll 'ná réidh-chnoc Gan spiúnadh is siubhal go dlúith d'á éileamh.
Lá Fhéile Sheagháin do chuala ó uasal thréightheach Go bhfuil an fiadh i gCilliaith fá dhaol-bhrat, Agus é 'n-a mhinistir chuiripe chréimthe Agus bean acarach aige is cléir-theach. Nár mhairidh sé a ghúnaí dubha 'ná a bhéabhar; Ochlán gruaim is buan-chnead cléibh air; Saighead nimhe galair is greamanna is géar-ghoin Gach aon lá agus tráth d'á chéasadh. Go mairidh céad bliadhain 'sna pianta céadna Is conairt na fola d'á stoladh is d'á chréimeadh, Naithreacha nimhe 'na chroidhe mar éag-bhrogh 'S a chionnta mallaighthe damanta 'á dhaoradh; Céad cnead 'n-a chroidhe d'á dhruim is péin-bhruid, A chlí 's a cheann 's a mheabhair d'á réabadh, d'á stracadh 's d'á phianadh ag diabhail go saothrach, Mar thug sé ainm ar aithis gan bhéasa Is druim do thabhairt le flaitheas Mhic Dé ghil, Chuir cogadh, gleó is brón ar naomhaibh 'S an mac míorbhúilteach múirneach naomhtha Gur fhuiling bás le grádh do'n sméirle Is d' iomchuir an chroch go doilbh déarach, Ar mhullach an chnuic annsain do céasadh Le hiomad pianta diana déistneach' Íosa milis chum sinn-ne shaoradh. Ciach ort-sa, a Dhiarmuid, is léan ort, Ochlán dúbhac is pudhair is créim guirt. Cá ngeóbhair, cá stadfair, cá rachair ar éan-chor? Is go mbéir lá an luain id' chuaill bhocht daortha. Os comhair do shúl béidh scrúdadh is léireacht Is breitheamhnas caoin ag Íosa dh'á dhéanamh Dlighthe go comhthrom is lorg is léir-mheas Ar do ghniomharthaibh malluighthe damanta, a mhéirligh.
Beir-se id' stráille - is é seo an lá léin duit Cá gcaithfir do ghúnaí dubha, - do bhéabhar? Cá ngeóbhaidh do phearsa, do ghaisce 's do thréine 'Ná an mhéirdreach mhalluighte mhasluigh is dhaor thu. ... Dar leat ba mhaith is ba ghlan do léim-se Thar móin, thar geata, thar caise nó féithe, Ag déanamh mustair le fuinneamh is faobhar 'S ag taispeánt chlú agus lúith do ghéaga. Turrainn, treascairt, galar is créim ort Do rinn d'anam do dhamaint le léim chuirp, Léim le'r scarais le flaitheas Mhic Dé ghil Is léim do chuirfidh go hifrionn daor thu. Beidh tu fann-lag, crannda, créimthe, Beidh soigheadaí nimhe tréd' chroidhe gan faesiomh, Beidh do námhaid i gclár t' éadain, Meisce, drúis, is tnúth, is craos chuirp. Ní thuigim gur tairbheach an teagasc so léigheamh dhuit, Ní baois 'ná glagaireacht, gangaid ná bréaga, Go mbeidh Mac Airt 'n-a spreas fé dhaor-chnead I ngleanntaibh Ifrinn tuilte le bréantas. Cruadhtan báis ort, fán is géir-chnead Is buadhartha atáid a lán ded' ghaolta, Eagluis ionnraic, mhúinte, mhaordha A leanas go dlúith gach cúrsa naomhtha. Dochtúir O hAirt an sagart léigheannta Is Tadhg do bhráthair lán de dhaondacht. Do cháirde i ngleó go brónach traochta I dtaobh do dhamaint, do mhasladh is do chlaonadh. A thrúidh bhoicht aindeis, cad mheasair a dhéanamh Nó cad é an diabhal do chuir ciach is daol-bhrat Ar do radharc chum deighilt do dhéanamh Le hÍosa mhilis, A dhlighthe 's A naomh-Script?
Glac-se comhairle i gcómhair tu shaoradh, Spreag t'aigne, is tabhair-si géir-ghean Do Chríost thar n-ais is glacfaidh Sé leat; Má bhíonn do chroidhe dá ríribh céasta, Buail t' ucht is bíodh sruth déar leat, Smuain ó chroidhe ar do chríochaibh déidheannach'; Smuain ar Íosa Críost mar céasadh Ar chrann na Croise le dursan is daol-bhrat. AN CEANGAL. Mo thruagh thu feasta, mura nglacfair mo chómhairle i dtráth, S mo thruagh mhór t'anam bheith damanta i mbrón gan tábhacht. Id' chuaill bhocht caithte fé leacaibh ag dreóghadh go táir 'S na sluaighte deamhan dod' stracadh 's dod' dhóghadh de ghnáth. Gnáthuigh feasta teacht ar ród na ngrás Is grádhuigh let' anam taithneamh mór na neámh, Fág an peacadh is seachain cló na mbáb 'S is árd bhéidh gradam agat, glóir is cáil. Do cháil is do nós is deórach dúbhach le Cléir, Mar d' fhágais lóchrann glóire is Cúirt na Naomh, Do cháirde i ngleó le brón 's le túirling déar 'S na táinte leó, fé cheó, go cúmhach id' dhéidh. Id' dhéidh-se is cathach liom greaduighthe táinte triath Mar thréigis sealbh na bhflathas is grádh na gcliar, Le gaethaibh cealgach', malluightheacht ráidhte is mhian Do mhéirdreach dhamanta shnaidhmidh thu ar láimh an diabhail.
Adubhairt Diarmuid O hAirt mar leanas: - "Muna bhfuil mo chreideamh go cóir, Ar thaobh an óir is mé is liaigh, Is duine dona atá mar atáim Gan an saoghal im' láimh 'ná Dia. XXXIII. - AOR.
Aisling do rinne Baothlach Mac Críomhthain Mic Fhéidhlim Uí Sheachnusa do Sheaghán Dall Ó Súilliobháin .i. Seaghán Mac Phiarais Paor Bhaile Uí Chadháin i nDeíseach, bráthair baoth, borb, leath-ruisc, d'Órd Naoimh Auguistín, do thréig is do tharcuisnigh an tÓrd riaghalta rathmhar beannuighthe i n-a raibh sé, agus athá anois i n-a mhinistir i nDúngarbhán fé ghúna dhubh, agus gurab faide saoghal an ghúna 'ná saoghal an mhinistir. Theangmhaidh tráth mé lán-lag traochta I mbóithribh gleanna i bhfearantas Dhéiseach Is mé go buaidheartha uaigneach léanmhar Chum suain is codlata bhrostuigh mo néalta. Dar liom gur thaisteal im' aice an laoch soin, An bráthair Seaghán 'n-a stráill gan éan-rosc, Chómh dall le púca is gan fiú na léine Báin' mar do chleachtadh ag teagasc a thréada. Bhí sceon 'n-a ghnúis, bhí cnú 'n-a éadan, Ba dhéarach athtuirseach asmuilteach créachtach; d'fhéach an raille 's a theanga as a chraos-chlab, Mar bheadh tarbh ag alpadh is ag géimnigh.
Do cheapas im' aigne preabadh go héasca Is do dhruideas 'n-a dháil go dána taobh leis; Dubhart go bhfeaca a shamhailt le tréimhse I bhfigiúir sagairt ag teagasc a thréada. 'Nuair chrom ar fhreagra thabhairt dom' bhréithribh d'eirigh stoirm lé'r critheadh na daor-chnuic, Do dhúbhaidh, le hana-bheart scamallach, Phoébus, Is na táinte ag screadaigh le hanfhaithe is baoghal. Do bhrúcht an fhairrge freasamhail fraochta, Tonntacha ag siosmadh go casamhail craosach, Alltán na mara ag preabadh is ag pléascadh, Amhuis is deamhain is céad dream nár léir dam. Do sceinn as cúil nó as cúinne éigin Scriosaire ciar-bhuidhe i n-iarrnaidhibh géara; A dhá chrobh, is a chruth ba dhéistneach, Is colg nimhneach nimhe ar an bpéist dhuibh. Agus dubhairt le Seaghán, "a ghrádh mo chléibh-se, Is tu a bhí uaim 's is suairc mo scéal duit; Is fada me ag áitreabh stát is réim duit I bhfochair na righthe is na mbruingheala gcraos-chorp. Mo chabhair do gheabhair ar mh'fhallaing go héasca Chum bheith i bhfochair gach posta aca is tréine Do Rígh na ríogh-bhan do ghnídheadh éirleach Is do bhaineadh go damanta a gceanna de chléir chirt. Ní ar feadh tamaill 'ná sealad gan éifeacht, Acht ar feadh na síorruidheacht' i mbriathraigheacht béithe, Fé mar chleachtais go hasmuilteach craosach I n-aghaidh dlighe Pheadair le'r scarais go heádtrom.
Pé faid is bheidh flaithis i seilbh Mhic Dé ghil 'Ná an ghlóire mhilis gan time ag naomhaibh 'Ná diabhail i nIfrionn ag fiuchadh is ag séideadh Beir-se ann treascartha damanta i bpéin-bhruid. Beidh do cheann is do dhranndal créimthe Ag piastaidhibh dubha dh'á mbrughadh id' bhéal-sa; Beidh do theanga dh'á stracadh is dh'á réabadh Ag madraidhibh fiadhaigh, ag diabhail, is faol-choin. I n-ionad na póit' id' scórnaigh chraosaigh, Imirt is ól is póga béithe, Beidh míle diabhal go pianmhar saothrach Dhod' thachtadh le peannaid ó scarais led' chéile. Máthair Íosa Críost do céasadh, Nár mhinic do chuiris-se cuisne d'á naomh-shúil Ag sileadh dubhach led' chionnta, a mhéirligh, Is na flaithis fé scamallaibh athtuirse is géir-chnead. Ar nós an mhadra d'alpfadh go saothrach An t-aisiog do dhein, gan mhoill, go féastach, Ba mhar sin tú, a thrúidh, ag réabadh - Ag damant t'anaman ar aiteas bheag shaoghalta. Níor ghabhais-se páirt le Máire naomhtha 'S an t-aingeal do ghráduigh thu is nár mar shéanais; Do scarais go bráth le cáil na naomh-ghlan Is an tAifreann sámh, mo chás! mar thréigis. Do leanais-se lorg na mborba céasta Tá thíos rómhat fé bhrón is daor-chnead, An t-ochtmhadh Hanraí 's a bhainríoghan taobh leis, Anna damanta, an bastart Bóiléana.
'S a hinghean scólta dóighte i ndaor-chnead, Eilís, threascaradh Eagluis naomhtha, Easpoig is sagairt is bairrfhionna maordha Do bhíodh ag cantain na salm go séanmhar. chífir Cromail 'n-a stollaire chéasta ann Gan truagh do threascaradh seascadh de chéadtaibh; Do naoidheanán, leanbh 'ná an sean-duine aosta Níor chorruigh a chroidhe chum saoirse dhéanamh. Annraí an prútach, brúighte i n-éag-chruith 'S mar mhnaoi acarach aige Jane Seymour; Éadbhard cuiripe imirthe traochta 'S mise d'á dteagasc gan leagadh ar mo bhéal-sa. De bhrígh go rabhas im easpog ag déanamh Pósaidhe sultmhara go deimhin mar ghéilleadh Do Hannraí damanta malluighthe, an sméirle 'Nar mhinic do scaras is cheangalas bé leis. Do scaras ó'n Ríogan mhánla bhéasach Beannuighthe bhanamhail lán de dhaondacht, D' éis fiche bliadhain go riaghalta, réim-chirt, Do bheith 'gam i ngradam go geanmnach séanmhar. Caitríona díon na cléire Ó Aragán tsuairc, an tuaith ghlan aoldha, Inghean áluinn ádhbharach naomhtha Do rígh na Spáinne b' árd 'san éifeacht. Is fíor gan ghlagar, mo theastas gan bhréig duit, Do gheóbhfá dearbhughadh i Sacsain im' scéaltaibh, Tomás Cranmar do b' ainm san tsaoghal dam; Dar ndóigh, is aithnid mo theastas do chéadthaibh.
Do bhíos tamall im' bhráthair chráibhtheach déarcach, Mar bhís-se, a dhallacháin, gearradh chnámh is créim ort. Gur chorruigh an diabhal go dian mo chéadfadha Ag séanadh an Aifrinn, taithneamh Mhic Dé ghil. Tá lán-chuid bráthar ar láimh id' éagmuis 'S na mílte eiriceach teilgthe i ndaor-bhruid, I dtaobh creideamh na nAspal le heasmuilt do shéanadh I dteintibh teó fí bhrón d'á gcéasadh. Peláguis tá is Árius claon ann, Masadónius is Nestórius traochta, Simon Mágus tnáithte ó shéide I gcoirthibh fiuchta 'n-a bhfuilid na céadtha. Tá Marcion, Smáll, agus Nóbhátus daor ann, Bhigilantus, Focs, agus Mórton créimthe, Calbhin, Liútar is Biúsar bréagach Burnet, Horn, is lán nach léir dham. Is an bhuineannach bhuileamhail fhraochta Fhíochmhar fheargach mhalluighthe chéasta, Cása piostal aici-si 'n-a caol-chrobh Ag tabhairt na mionn go dteannfadh p'léar leó. Ba seana-mháthair tráth gan bhréig duit An diabhal beag buile seo ghruigeadh ár gcléir chirt; Grás Ósbur a hainm munab dearmad dhéinim, I gCnoc an Leatharaigh do mhaireadh i nDéiseach. Beidh taobh leat Balsingham ghreadadh le daor-chnead Eagluis Íosa is a Ríoghan naomhtha, Is de dheascaibh a mheang an ceann do réabadh De bhainríoghan bheannuighthe Alban aeraigh.
Ar thriall chun baile go hAiceron daor dhuit, Beir Pilib O Riain go tréan ar ghéag leat, Mar thu, chuir brón ar Órdaibh aosta, Ag séanadh an aifrinn aspaldha naomhtha. Mac Thaidhg na Coille mar chuideachta séid leat, Má 's ghábhadh dhuit bata maith, b' annamh thu i n'éagmuis; Roinn leó go haibidh é, is geallaim gan bhréig duit Nuair gheóbhfar thar geata iad go leanfad-sa an pléascadh. Beidh sibh-se i bpiantaibh diana daora Go damanta bhur loscadh gan sosadh gan staonadh, Pé faid a bheidh diabhail i bpiantaibh a chéile I dtaobh bhur dtarcuisne is masladh do'n Naomh-Spioraid. Mura gcaillfidhe acht tusa, ba chuma cad é sin, Acht do shompla is eagal go leanfaidh go héasca Tuilleadh dhed' shórt, a chóbaigh chaoch bhocht, Dul ar fiuchadh go hIfrionn céasta. Do scarais ó Israel chaithiseach naomhtha Go guitear nimhe na bhFilistín mbréan dubh, Do thug tu scanall is masladh is géar-ghoin Don Órd bheannuighthe ghlacais, a mhéirligh. Do righnis neimh-nídh de Chríost le 'r saoradh Clann Adam uile ó thurrainn an daor-bhreith. Cé ghlacfaidh do pháirt lá an bhráth ná dhéarfaidh Focal id' cháil, O! a Sheagháin, is baoghal duit.
Ceangal. Nuair phreabas óm' aisling ar maidin 's me claoidhte tréith, Do dhearcas an sagart is bhraitheas go mb' fhíor gach scéal; Do ghreadas mo bhasa ar machtnaimh an scaoinse chlé Is é treascartha damanta i nAiceron sínte i bpéin. Péin-bhruid is léir-scrios is sceimhleadh, a Sheagháin, An chléir mhilis naomhtha chaoin a d'fhág; Níor bh'fhéidir leis staonadh ó fhíon 's ó mhnáibh, Mar ghéilleadh d'á chraos-chorp le'r claoidheadh a cháil. Do cháil is danaid liom treascartha, léighte ag Úird, Mo lán-chnead t'anam-sa damanta i ndaor-bhruid dubhach; Ar fán beir feasta, is do bheatha dod' dhaoradh, a thrúidh, An lá bheidh teastas do bheathadh 'á léigheamh id' ghnúis. Do ghnúis is doiligh liom torcarta i bpiantaibh teó, Gan tnúth le fortacht, acht ad' stolladh ag diabhail go deó Thug drúis, is slogadh na ndeoch, an fiadhach so id' dheóidh, Go dubhach id' stollaire dhona fé iarsma is brón. Brón agus tinneas id' ghoile agus daor-chnead dian Is tóir ó Ifrionn chuirfeadh do chréacht i bpian, Thug nuadhacht is siosmadh dó'n chruinne, 's ar chléir chuir ciach Le gleó agus buile agus sileadh na ndéar go fial. Is fial 's is aibidh bheidh Cerberus rómhat gan mhoill Go dian dhod' thachtadh 's dhod' ghreadadh le fórsa is feidhm;
Na diabhail, thar geata nuair rachair, beidh suairc le meidhir, Is na pianta is damanta, geallaim duit, gheóbhair god eimhin. Is deimhin gur scarais le taithneamh is ceannsacht Chríost, Led' dheighilt ó mhairthinn is geanmnacht Auguistín; Fill, a pheacaig, ód' dhamaint is meabhruigh caoin Soillse is dealbh na bhflaitheas is greann na naoimh. FEART-LAOI. Níor Phaorach thu acht sméirle de bhodach gan sult Ghaibh taobh le sna hÉireannaigh is d'fhág iad annsoin. Nuair bheidh Léasarus go haerach ag déanamh suilt, Beir ad' thréigean gan faoiseamh i nIfrionn dubh. Níor shagart thu acht spreallaire d'iompuigh brat, Thug an tAifreann ar radaireacht is ar phógadh ban; Nuair bheidh eagluis go meanmnach ag Dia mór geal, Beidh t'anam-sa go hacarach ar theintibh cheap. Ní caoch a bhí an Paorach, cé gur bh' fhada é gan súil, Gur thréig sé éide agus beatha an Úird, Gur ghéill sé do mhéirligh, lucht meisce is púit; Is beidh a chraos-chorp 'á ghléasadh 'bhfochair Chailbhin 's a bhrúid. Is fuiris aithne nách do'n mbeannuightheacht gheineadh an bhean, Mar gurb í an mhalluightheacht fé ndeara dhi an t-ubhall do bhlas. Cá'r mheasa soin 'ná sagart a chaitheadh gúna agus brat Is do stracfadh mar gach Sasanach Dia hAoine an mart?
XXXIV. - SCÉAL BRONNTA LEABHAIR. A.D. 1769. Sin agat, a mhánla, mhiochair, mhilis, mhúinte, mhaiseach, bhéasach, mhnámhail an tabhartas beag, suarach, simplidhe, do gheall mé dhuit chum fóghnaimh agus caitheamh-aimsire an fhir uasail oirdhearc úr-chroidhigh .i. Créaghach Builtéar, agus do bheadh an dioscán beag so agat i bhfad roimhe seo muna mbeadh me bheith tinn galarach ag cimeád mo leaptha agus mo sheomra ar feadh ráithe, ó bhí sé d'onóir agam tu d'fheiscint i nÁth na Cise taobh le Malla, i dtigh mo chomhchumainn ghrádhaigh .i. Piaras séimh de Nógla. Tá muinighin agam ná tarcaisneóghaidh an Builtéarach suairc an cnuasach nó an dioscán bocht dealbh so do chuir mé le chéile, de bhrígh gur le deagh-aigne agus le honóir dhuit-se agus do'n rábaire rathmhar réaltannach do ghabhas do lámh anois, i gceann mo thrí fichid bliadhan, an oiread do scríobhadh i n-éin-tseachtmhain amháin agus i n'éagmuis sin ní'lim scartha le péin tinnis fós .i. an gairbhéal agus roinnt d'aicídibh eile tá am' shnuidhe le cian d'aimsir fé ndeara do'n mbeagán scríbhneóireachta so bheith chómh doiléighte agus chómh dearmhadach agus tá sé; gidheadh, is é m'uchlán tinn, mo chumha, mo lán-chreach, ná fuilim i n-aois mo dheich mbliadhan fichead agus deich míle giní i n-aghaidh na bliadhna agam de stát tathaic diongmhálta, mar shúil go mbeadh sé de ghradam, d'onóir, de rachmus, d'aoibhneas saoghalta agus de chompórd chléibh agam go nglacfá uaim an nídh sin do bhraduigh tú .i.
mo chroidhe, de bhrígh go bhfuilim tuilte de ghrádh dhíograsach, thaithneamhach, theintidhe, líonmhar, lasamhail, dod' phearsain, dod' scéimh, dod' mhéinn, dod' thréithibh agus dod' dheighiomchar agus ar éan-mhódh is gearr go mbeidh sé de shuairceas agam tu d'fheiscint, de bhrígh gur me le hiomad omóis, díogras, umhlacht, prímhléid síor-ghean agus searc síor-leanamhnach, a mhaighdean mhór-chumhachtach - Do phriosúnach agus do sheirbhíseach, dil-dhúthrachtach, diombádhach, dealbh, dobhrónach choidhche go bhfeicfead do ghnúis lonnrach lóghmhar nach daonda do cumadh. Piaras Mac Gearailt, Árd-Sirriam Leithe Mogha. XXXV. - DÁN BRONNTA LEABHAIR. A.D. 1769. Beir lán na cruinne de bhruinnealaibh ciúin, tais, réidh, Cráibhtheach, criostalach, cruipinn-fholt cúmtha caomh Go hÁth na Cise chum lile agus plúir na mbé Fém' láimh le cumann do'n fhinne-bhean shúgraigh shéimh. Stáid-bhean mhilis de chineadh ghlic lonnrach ghlé, Ba dheárscnach, fuinneamhail, friotalach, fiúntach, tréan, 'Seadh an mhánla mhiochair do fuineadh as plúr na gcraobh Is áluinn oilte i gcumann 's i gclú na naomh.
Is tráighte turainneach mise gan lúth im' ghéag Ar fán i gcumaraibh coille go dubhach lem' rae Le grádh agus cumann do'n lile ba lonnrach scéimh Tug táinte ar buile gan mise gan fonn mar mé. Cé nach aithnid dam seabhac na ngroidhe n-each dtréan Réabach, rathmharach, rabairneach, fíontach, saor, Céad is da-fhichid de bhairrfhionnaibh ghríos-ghuib fhéil Éighim is screadaim óm' anam do'n gCréaghach Builtéar. Críochnuighthe le Piaras mac Mhichíl Mhic Gearailt An t-ochtmhadh lá déag de mhí Mheádhoin ins an mbliadhain d'aois ár Slánuighthe 1769. Sic transit Gloria Mundi. XXXVI. - CHUM UILLIAM UÍ MHURCHADHA.
Ar bhfagháilt "Ceap Craoibhe Gearaltach" do scríbh Liam Ó Murchadha, i Rinn an Chinnphéicigh, 15 Iúl 1747, as an gcóip do rinn Séamus O Liatháin i mBaile an Aitinn, de Ghaedhilg "Relatio Geraldinórum." San leabhar sain faighmíd na focail seo: - "Tuig fós, a leightheoir eagnaidhe, gurab ar fuireálamh Phiarais Mhic Gearailt, Baile Uí Chionnfhaoladh, do rinneadh an beag-shaothar so. Piaras chum Liaim: - A chogair, a chumainn, 's a chuisle nach faon 'sa duan 'S do fromhadh go milis gan time le héigsibh suairc', Corruigh-se t' inchinn chliste agus réidh mo ghuais I dtobar na mbruinneal ó fuineadh do dhréacht i n-uaim.
Cé follus mo chine gur cuireadh gan tréith gan tuaith, Ag cosnamh go cumasach dlighthe na Naomh go buan, 'S i gcogadh go minic le buirb ag déanamh buadhairt, Ag coscairt 's ag ciorrbhadh fuirinne an Béarla mhuair.
Seán Ó Murchadha chum an scríbhneóra céadna: - Is duine do folcadh i dtobar na naoi mbéithe 'S do fromhadh i scoilibh go focal-cheart séimh-léigheannta, D'fhoscain go solas-ghlan noda gach tréan-dréachta Le n-ar chuireadh an obair seo socair i mbinn-Ghaedhilg. Molaim-se d' obair ghlan sho-mholta chaoin-tréitheach D' fhoscail go solusmhar sonas na bprímh-ghéag sain - Do chosnaimh go colgach cosantach buidhean-léidmheach Ar orchra, ar dhonas, ar thubaist na bhfíor-Ghaedheal so.
XXXVII. - AN DUINE SANNTACH. Adeir duine éigin, ag tarcaisniughadh an tsaoghail bhréagaigh, mhalartaigh, chlaon-cleasaigh, chailleamhnaigh seo, mar leanas: -
Measaim gur baothnuisc d'éinne greann nó páirt Do thabhairt d'á néar ná ghréithibh banntracht árd. Gradam an tsaoghail go léir, ní'l ann acht scáil; Tagann 'n-a laomaibh 's daorann dream chum fáin. A chrádh dho'n tsaoghal bhréagach, mhalairteach, Chealgach, thaodach, chraosach, anacrach; Is eagal do'n té noch bhéarfas aire dho Cealg ó'n bpéist mar Éabha i bparrathas.
A chrádh do'n tsaoghal bhréagach is gangaideach cáil Is crádh do'n té ghéillfeadh d'á rachmas go bráth, Scáil bheag bhaoth éadtrom ná maireann acht spás Mar bhláth na gcraobh léigtear le fearthainn ar lár. Ceangal. Uch! a dhaoine bochta an tsaoghail Bhíonn ag cruinniughadh an óir 's an éadaigh, Is eagal díbh i n-am an eága Gur trom an t-ualach é 'gaibh. Is measa dhíbh mar táid na scéalta, Libh ní chuirfear bun 'sa' chré dhe; Beidh sé d'á roinnt thar bhur ndéidh-se Is sibh, foraoir, fé'n íoc is daor libh.
(Is cosamhail an duine sanntach le muic, de bhrígh ná fachtar nídh ar bith de thairbhe na muice go mbíonn sí marbh: annsoin, do gheibhid na daoine a cuid feóla le hithe, na saidléirí a croiceann is na gréasaidhthe a guairidhe. Mar sin do'n duine shanntach, ní fachtar éan-rud d'á thairbhe go mbíonn sé d'éis bháis, agus annsoin do gheibh an talamh a chonablach, a oighridhe a chuid de'n tsaoghal, agus do gheibhid na diabhail a anam. - P.M.G.) XXXVIII. - DOMHNALL Ó MURCADHA CCT. d'á chómhairliughadh do Ghaedhealaibh gan dul i n-éadóchas ar Dhia agus, cé gur cruaidh é a gcás, go bhfóirfeadh ortha uair éigin: -
Má's dóchas bhur ndóchas i mbliadhna mheath, Ní dóchas ár ndóchas acht pian i bhfad; Bíodh dóchas bhur ndóchais i nDia go beacht 'S ná cuir teóra le mór-chumas Thriaith na bhfeart.
'S É d'fhógair slóighte na ndiabhal amach; Sódom agus Gómor is iad do leag; Ní mó Leis-sin feóirlinn, cia dian an bhraith, Ná Bródraic do sheóladh 'n-a ndiaidh, is Crofts. Is É d'fhóir ar na hóigh-fhir bhí i bpiantaibh seal 'S nár dhoghadh i meadhón teineadh a gciabh 'ná a gcreat; Is É d'fhóir ar Mhóses is ar Thriath na bhflath, 'S thug Jób leis ó chómhachtaibh an diabhail thar n-ais.
Adeir Piaras: - Ba ghnáthach le Bródraic réamh-ráidhte bheith ag briseadh agus ag leagadh sean-cheall agus teampall, agus ag déanamh fallaí iothlann, stáblaí agus luibh-ghort d'á gclochaibh coisrigthe. Ar an adhbhar sain, dubhradh leis gan stad d'éis a bháis agus do ceangladh do leac a thuamba na focail seo mar leanas: - Treascair, a líog, is claoidh an dligheadóir cam, An feannarthach feill is choidhche an millteóir ceall. M' athtuirse chroidhe gan fuidheall d'á maireann beó 'ed shamhail I nAiceron thíos i dteinntibh scriosta teó ag deamhain. Coingibh, a chloch, go docht go gcuirfidh an diabhal lámh 'San bhfireannach bhorb chrosta mhilleadh cliar cháidh; Ní thuigim i gCorcaigh i gcroich go dtuitfeadh trian cháich, Dá bhfeiceadh do chorp tá i bhfogus dá fhichid bliadhain bás.
XXXIX. - AN SNAOISÍN. Theangmhuigh an file, lá, ar dhuine d'á cháirdeasaidhibh, d'fhuráil bosca snaoisín do, chum lán meiteóige thógaint, agus shéid an ghaoth an snaoisín 'n-a shúilibh, ionnus go rabhadar tinn. Chuaidh an file isteach i dtigh feirmeóra mar a raibh seisear ban ag sníomh abhrais agus ar bhfiafruighe do dhuine aca de Phiaras cad do bhain d'á shúilibh, adubhairt sé: -
"Ghlacas pinsín beag snaoisín im' láimh i ndiu Le himpidhe chur im' chainncín, óm' cháirdeas suilt; Tháinig sidhe gaoithe le dírigheacht ó'n áird anoir Chuir na cuíríleacha ag tíntidhe isteach i lár mo ruisc. "Slán o'n mbliadhain gan ciach gan díth ar an mbean 'S an sár-fhear fial gan liach do shín led' chneas, Ó thárla Dia 'sa bhliadhain dam suidhe 'nbhur measc A bháb na gcliar, ná ciap, acht sníomhaidh bhur dteasc."
XL. - PEACAIDHE NA SINSEAR. Peacaidhe na Sinsear, uabhar agus díomas, feall is cínnteacht, craois is ól, Creachadh na mbochtán, cealla do robáil, fórsa is fiar-fhághail, poimp is póit, Bheith easumhal d' órdaibh, síor-bhriseadh pósta, iompódh an chóta i n-aghaidh dlighe Phóil, Do dhíbir ár bhflatha, do bhain díobh a mbeatha, is d'fhág sinn fé leathtrom, fé scíos is brón.
XLI. - AN tAODHAIRE ÓG. Amhrán eile ar fhonn "Princess Royal" do cumadh d'éis S...s do ruagadh as Albain. Is déarach an bheart do chéile ghil Airt Bheith i ndaor-bhruid i ngéibheann is ag éigheamh gach ló; Is géar-ghuirt an scread ag réabadh a bas; Is méala í i n-éagcruth 's i néalaibh bróin; A laochra go lag, a cléirigh gan cheart A héigeas gan dreacht ag maothughadh a ndeór, 'S na faol-choin gur scaip a tréadtha ar fad, Ó b' éigean dó tréigean, an tAodhaire Óg. Ní'l éigne ar eas, 'ná gaortha go glas Acht éanlaith go héadmhar ag séanadh a gceól; Ar éan-dair ní'l meas acht a ngéaga go cas 'S na sléibhte i n-éinfheacht fé bhréidibh ceó; Le géire na racht do claonadh a rath Do céasadh ár laochra - ní'l éinne aca beó; 'S an spréidh bheag so mhair, anois séidfear í as, Ó b'éigean dó tréigean, an tAodhaire Óg. Léan ar an bhfear nár léig chughainn thar lear Scaodh sin de'n nGaedheal-fhuil do dhéanfadh an gleó, Sul ar traochadh 'san gcath fir éachtach 'na mbrat, Tréada de phréimh Scoit is taomadh 'mbeith 'dreógh'. A Dhé ghil, ó's feas, do shaoras gach ceas, Chuir craos-mhuir i mbréid filleadh ag déanamh an róid,
Ár n-aon gcoinneall las, ár dtréan-bhile cas Le faobhar i n-a réim cheart, an tAodhaire Óg.
(Ná rabhad-sa im' Rígh ar Éirinn go mbeidh sain mar sin, agus go dtugaidh Dia ciall do'n leath-éarla dubhairt an duanóg so, ó's é Liam Inglis é. - P.M.G.) XLII. - AR BHÁS DHOCHTÚIR DE BARRA. D'iompuigh chum teampuill i bhfad roimh a bhás agus do fuair bás ar an stáid sin, adubhradh an duanóg so thíos: - Dá maireadh ar mhairbh an marbh so fút a líog, Ba mhairg do'n marbh do mhairfeadh le rún i gcroidhe. A mhairbh, do mhairbh ná mairbh 's nár ionntuigh 'rís - Is marbh an marbh thu i nAiceron súighte thíos. An marbh so féach, mo léan, nár smachtuigh a thoil, Marbh do thréig Mac Dé, is mar Pheadar níor ghoil; A mharbh ní héacht san méid do mhairbh níor bhocht, 'S gur marbh é féin mar aon idir anam is chorp. ('S nár fhóiridh Dia ná Muire air, mar ba mhór an námhaid é do'n Eaglais naomhtha d'fhág sé. - P.M.G.) XLIII. - INGHEAN UÍ GHEARAILT. Fonn: - "Tonnre Caladh". AODHGÁN O RATHAILLE CCT.
A phéarla gan scamall do léir-chuir me i gcathaibh, Éist liom gan fearg go n-innsead mo sceól; 'S gur faobhrach do chaithis gaethe 'gus dearta Trém' chréachta 'n-a gceathaibh, do mhill me gan treóir;
Gan bhréagnadh do rachainn do'n Éigipt thar caladh 'S go hÉirinn ní chasfainn choidhche dem' dheóin; Ar tréan-mhuir, ar talamh, i ngéibheann, i n-aiteas, Níor léan liom bheith farat cois Inse gan stór. Is craobhach, 's is casta, is dréimreach, 's is dlathach Is néamhrach, 's is leabhair, a dlaoithe mar ór; Is péarlach a dearca, mar réaltan na maidne; Is caol ceart a mala mar scríbh pinn i gcló; Scéimh-chruth a leacain aolda mar shneachta Go haerach ag caismirt tré lonnradh an róis Thug Phoébus 'n-a reathaibh thar bhéithibh id' amharc 'S a éadan ar lasadh le díograis dod' chló. Is gléigeal a mama mar ghéisibh cois calaidh, A haol-choirpín sneachta is faoileanda snódh; Ni féidir a maitheas do léir-chur i bpratainn, Caomh-lile cneasta is mín-scoth na n-ógh; Is craorach a balsam, a déid gheal gan aithis Do shaorfadh ó'n ngalar na mílte dhem' shórt: Saor-ghuth a teangan léigheannta i starthaibh Bheir tréan-phuic thar bheannaibh le milseacht a glór. Féinics d'fhuil Ghearailt Ghréagaigh an chaile, Séimh-shiúr Chlanna Míleadh na slógh, Laochradh gan taise traochta le Gallaibh, Gan tréine, gan talamh, gan ríogh-bhrogh, gan stór. Gan bréagnadh gur scagadh Paoraigh is Barraigh Is tréan-choin Buin Raite tríot-sa fé dhó: Ní'l saor-fhlaith 'ná dragan de phréimh chloinne Caisil Gan gaol leis an ainnir mhíonla gan smól. Ní léir dham a samhail i nÉirinn 'ná i Sacsain I n-éifeacht, i bpearsain, i n-inntleacht, 's i gcló;
An bhé chliste is fearra tréithe 'gus teastas 'Ná Hélen le'r cailleadh na mílte 'san ngleó: Ní'l éin-fhear 'n-a bheathaidh d'fhéachfadh ar maidin 'N-a héadan gan mhairg ná scéithfeadh a bhrón; Mo ghéibheann! mo dheacair! ní fhéadaim a seachain Trém' néalaibh, im' aisling, oidhche 'ná ló.
XLVII. - DO MHÍCHEÁL MAC RÉADHMOINN MAC GEARAILT (ATHAIR PHIARAIS) ÉAMONN DE BHÁL CCT. 1736. Is díoghbháil ghéar chréacht-shnuighthe i mbailtibh muara 'S is fíor-chrádh an scéal éachtach i gceannaibh tuatha Mícheál séimh léigheanta Mac Gearailt uasal I gcill fé bhéal chraos-lice marbh uainn-ne. Uainn-ne atá i n-uaigneas féd' thaobh, a leac, Mór-fhlaith dob' uaisle d'ár léim thar lear, Tuathal mar Ghuaire dob' fhéile dreach; Dar Muaireach, is truagh liom i gcré thú lag. Is lag atáid mná fionna Gaedheal ag caoi, 'S ní'l meas 'ná bláth áluinn ar ghéagaibh coill; Ní'l rath ar fánadh árd-easa i nÉirinn uill, Ó leag an bás bán-bhasa an Ghreágaigh aoird. Dob' árd a ghaol le récsaibh mhaoidhfead seal; Ní tháine préimh a réim go híseal air; Tá fhios ag cléir 's ag éigse laoithe sean Gur bráthair laoch thu thraochadh naimhde i dtreas.
I dtreas níor staon na tréin n-ar chinn uatha An dragan séimh de'n nGréag-fhuil fhíor-uasail, Flaith gan bhéim gan chlaon gan chíor thuathail; Imeasc na naomh tá'n laoch 'san tsíor-uachtar. AGUISÍN: - Mo chumha, mo scíos, mo dhíth, mo léan, mo chreach An túrnadh síor so ar shíol na nGréagach seal; Ba chúrsa caoi do phrímh-shliocht Néill is Airt An t-úr 's an críon n-a luighe féd' thaobh, a leac. A gharbh-leac mhór, cuir glór go haraid amach, 'S aithris do'n gcóige an sceól, ó's agat is feas, Gur fearra do stór 'ná 'n t-ór 's an t-airgead geal Gearaltaigh flós na Fódla, an t-athair 's an mac. Ag sin an tsaoi is fearr i gCrích Fáil féd' thaobh a leac, Mícheál geal, cíonádh na nGréagach mear. Mo chroidhe-chrádh, má ghním plás ná bréag im' stair Gur id' chinn cháil do phoinnteáil an fhéile a nead.
XLV. - DO RÉADHMONN MAC MHÍCHÍL MHIC GEARAILT. (Dearbhratháir Phiarais.) Éamonn de Bhál cct. Ní Sorcha 'ná Donnchadh, cé'r thréan an fear, Is orchra dom' ghoinibh-se 'ná thraoch me lag, Acht lonna-bhile choscrach nár staon i dtreas, Do foirgeadh i bhfolannaibh na nGréagach mear.
Dá mb'ollamh soithimh socair me nó éigeas ceart 'S go molfainn sibh, níor dheocair dam, a Réadhmoinn, feacht, Acht gur follus do ghach tormaire uile i nÉirinn Airt Na folanna as ar toghadh ar gach taobh tu, a fhlaith. Ar dtosach duit fuil oirdheirc méine is ceart Is borb-fhola lonnardha na bPaorach mear Do foirgeadh go foirtile, ní bréag an stair, I bhfolannaibh forusta na récs ba sean. Le Conall borb Golban ag gléas chum caith Nó Cormac torann trupach saor mac Airt Do chosmhalas tu, a chrobhaire, nár thréine Tailc Le'r torchradh naoi n-ochtar ghlic de'n bhFéinn i dtreas. Toireachas na croibhin-ghile is féile dreach Is doilbh liom fé ghorm-lic i gcré go lag; Dob' ollamh glic, dob' oirfideach, ba laoch, ba flaith 'S níor togradh béim fhollus ort acht pléascadh fear. Seo an t-orchra do ghoirtigh me is do thraoch mo chreat 'S thug Nodlaig dam gan soilbheas, do chaoch mo dhearc, Fáth 'ndoirtim-se na srotha guil go pléascach preas, A obainneacht do dhoirchigh an t-éag do dhreach. Is léan liom go faon lag i gcill tuamba Réadhmonn an Gréagach mear fíor-uasal, Réaltan na féile ná bíodh gruamdha 'S an Féinics ná léigfeadh mo chlí bhualadh. Ó's riaghail gach iaga de dheascaibh bás cuirp 'S gurab iarsma tá riamh 's gurab acht go bráth soin, A Dhia ghil, beir Riadhmonn ar dheis do láimh' riot; 'S maith fhiacha do'n dtriath ghlic ba mhaith sa' tá'irne.
XLVI. - PIARAS MAC GEARAILT, CCT. (In mortem fratris et sororis sui, A.D. 1722.) Ní thig an ghrian san rian díreach, Is d'imthigh an rae fá néalaibh daoirse; Níor chás aithint ar easaibh na hÍomanna, 'S ar fhuaim na dtonn mo lom gur claoidheadh sibh. Do las an spéir go craosach timcheall, 'S do bhrúcht an fhairrge sealad mar dhílinn, Ní'l lacht ar bhuaibh ná cnuas ar choilltibh Ó leagadh san úir gan lúth an bhríghdeach. Do chuala gártha báis go nimhneach Ag banntracht Chnuic Samhna na sidhe-bhrogh, Do scread Déirdre is do ghéim Clíodna, Is ba chlos a n-uaill cois cuain d'bhur gcaoineadh. Tá Áine go cásmhar is Aoibheall Ag géar-ghol ó traochadh an míleadh, d'fhógair Meadhbh go tinn le díograis, Bás an Ghréagaigh éachtaigh, fhíochmhair. Is buadhartha tá sluaighte na bruidhne Ó Loch Éirne ag éigheamh go Fuíde, Mis ní Dáire, Gráinne is Aoife, Is Cathrach cliste le'r hoileadh na trí choin. Tá cruadh-ghol ó Thuadhmhain go Dínneach, Is ó Chluain Meala go calaith Béil Inse, Cois Leamhna, cois Bannda is cois Brighde, Cois Abha Bige is cois Life na slím-bharc.
Ó cuireadh an éigse i gcré fé líogaibh, Is gan aon de'n ainm i n-a bheathaidh do scríobhfadh Duain ná dán 'n-a ndeáidh le díograis, Is damh-sa is dleacht go ceart a gcaoineadh. Caoinfead Réadhmonn gréagach, gríobhach, Gleacuidhe na seacaidhe síoda, Seabhac na ruag nár luaidh bheith cinnte, Marcach séimh na gcaol-each gcíortha. Leoghan urramach, cumasach, díonmhar, Fleadhach, fáilteach, fálach, fíonmhar, Cródha, cosantach, oirdhearc, líonmhar, Fairsing, fial, gan chiach gan chinnteacht. Coinne catha mar Aicil i mbruighin tu, Nó mar Fhionn mac Cumhaill Ó Baoiscne, Nó mar Hector i ndeifir na Traoi thoir, Nó mar Áiacs nár stán sa' choimheascar. Níor chalma Lúghaidh do chúlaidh tíorta, Nó Goll mac Móirne, leoghan na gcríoch so Nó Diarmuid mear fial Ó Duibhne, 'Ná Réadhmonn ar ghéar-lannaibh líomhtha. Dalta na muses, plúr na saoithe, File agus flaith is ceap le hintleacht, Do bhí ag an dtobar i bhfochair na buidhne, Ag déanamh cúrsa i n-iúl na gaoise. Phénics de'n Ghréag-fhuil dob' aoirde, Bráthair Mhuiris le'r coilleadh an chrích seo, Thug Inis Laoghaire, Néill, is Chríomhthain, Fé smacht gall gan teann dá híspirt.
Caoinfead Grás go bráth is choidhche, Macaomh súil-ghlas múinte míonla, Réiltean eolais óg is chríona, Lile gan smúit de chrú na saoithe. Loma-scrios ar an mbolgaigh do mhill thu I dtúis do shaoghail, a phéarla an aoil-chnis, Is go ndeaghaidh do thásc thar mhnáibh na ríoghachta, Mar dhoirchigh Phoébus scéimh na reíltean. Ba chas a cúl go cúrsach, trínseach, Cnotach, cuachach, dualach, dlaoitheach, Camarsach, cáblach, fáinneach, frínseach, Ar dhath an óir go hómrach, soilseach. Do bhí scáil an róis i gclódh go fíor-ghlan, Is niamh an tsneachtaidh 'n-a leacain ag coimheascar, Ba ghlas a súil mar dhrúcht na hoidhche, Go criostalach, péarlach, réilteach ríoghdha. Ba gheal a déid, ba chaol a braoithe, Do chúm an Ceárd gan cháim an ríoghan, Go cráibhtheach, diadha, ciallmhar, caoin-tais, Gan phlás, gan aithis, gan mhairg, gan phoimpleam. Do mheasas féin cé léan liom d'innsint, Is thugas amus, cé mealladh mo líonta, Go mbeitheá ag riaradh i ngrian-bhrogh aoibhinn I gCarraig na Sáir-fhear, láimh le Laoi ghil. Is fada tá smúit, dar liúm, gan scaoileadh Ar thriathaibh Ghearaltach bhfreastalach, mhaoidhteach, 'S go mór-mhór ar shlógh do shinnsear - Óg is aosta i n-éagcruth sínte.
Dá mbeinn-se im' fhile go cliste san nGaoidhilg, Nó im' ughdar cháidh i ndánta díreach, Do leanfainn bhur lorg i bhfolaibh na ríghthe Go cathair na Trae san réim dhírigh. Fuil Ghearaltach do scagadh sa' bhfíor-scoth, 'S fuil chródha na Róisteach ba líonmhar, Fuil Bhrianach do fianadh 'nbhur dtimcheall, 'S fuil ainmhear na gCarrathach do shníomh libh. A Rígh na n-easpal do dhealbhuigh coillte, Tráigh is talamh is fairrge choimhightheach, Glac an cúpla it' dhún go soilseach, I gclódh na n-aingeal i gcaitheamh na díodhachta. Seacht gcéad déag gan bhréag mar ríomhtar, Fiche is dhá bhliadhain ann, riaghail díreach, Aois Mhic Dé do réir gach scríbhinn Ar n-éag do'n dragan is d'ainnir an aoil-chuirp. Feart laoi. Tá Phénics Chlár Éibhir fé leacaibh ar lár. Réiltean na féile is cara na ndámh, Saor-mharcach tréitheach na bhfalarthach stáit, Réadhmonn de thréan-fhuil na nGearaltach sámh. Is brón liom tu ag feochadh sa' chill a Ghrás, Lóchrann ghuirt Fódla agus Chríche Fáil, Óg-bhruinneall mhodhmhrach na rinn-rosc sámh, De phór-fhuil na leógan do dhíoladh dáimh.
XLVII. - CIA HÉ SIN AMUIGH? Comhrádh idir lánamhain ríoghmhail oirdheirc atá le cian d'aimsir ó n-a chéile le fóirneart eachtrann, agus, ag teangmháil i n-uaigneas ar a chéile, do chanadar mar leanas. Fonn: - Éamonn an Chnuic. ÉIRE Cia hé sin amuigh? Atá Séamus fé shioc, Gan éadach ná cuid na hoidhche; Mo phéin-bhruid-se sin, mo chéad-searc gan sibh I réim chirt ag scrios na naimhde, Acht ó daoradh na Scuit, is mar traochadh a dtruip, Is gur céasadh an fhuireann dílis Tug mé anois gan sult, gan chléirigh gan chluig Ná caomh-chruit ag seinm laoithe. SÉAMUS. A chéile gan bhinib do b'éigean dam rith Go héascaidh ó iomad bíodhbha, Nuair a chlaonadar cuid is do shéanadar me, Im aonar gan fuirinn bhíos-sa. Cé gur Phénics tu i bhfuirm, gléigeal mar lile Is do bhéal-sa mar mhil na bhfíor-bheach, Ní'l éifeacht annsoin, atá tréadtha istigh Níos tréine 'ná sinn i gcoimheascar. ÉIRE. A thréin is a chumainn na tréig-se do mhisneach, Cé shéanadar cuid de'n bhuidhin tu,
Beidh an té rinne an cruinne taobh leat it' choimirc, Ó bhaoghal is ó bhruid do naimhde. Beidh éirleach is fuil, beidh caortha agus teine Ar chraos-mhuir ag tigheacht it' choimhdeacht, Ag Clément is Pilib, is Naples gan time, Dod' chaomhnadh is dod' chosaint choidhche. SÉAMUS. Géillim gur tu mo chéile is mo shult, Is it' éagmuis go bhfuilim claoidhte, Is gach tréan-churadh i ngoil do thraochadh ar muir Is do céasadh le cumann díleas, Chum mé agus tu, ár gcléir is ár gcluig Is gach laoch mear de chineadh Mhíleadh Do bheith i n-aol-bhrogh gan time, ag pléireacht 's ag seinm Caomh-chruit le milis-laoithibh. ÉIRE Ní'l baoghal ort anois, tá Aon-Mhac na cruinne Is ár naomh-bhruinneal Muire taoibh leat, Réidhfid gach bruid is géibheann 'n-a bhfuilir Gléasfaidh ar muir na mílte. Beidh saor-chlanna Scuit, beidh Gaedhil bhochta ar inneall Go faobhrach fuilteach fír-ghlic, Séidfar thar sruith na bréan-tuirc le bruid Gan éadach ná cuid na hoidhche.
XLVIII. - ATHCHUINGE AN FHLAITHBHEARTAIGH. Ag seo síos athchuinge ó Éamonn Ó Flaithbheartaigh chum an tsaoi uasail .i. Piaras Mac Gearailt, Árd-Shiriam Leatha Mogha: - A shaoi uasail, onóraigh, fhír-eolaigh, ughdar is file gan cháim, a chuideachta shuairc na n-uasal agus na n-íseal, a chabhair cheannsa na bhfann is na ndealbh, a thaithnimh is a chaomh-chara na cléire, a lonnradh is a shoilse na héigse, a mhuilinn oirdheirc gan trághadh ar do linn, a chroidhe charthanaigh na féile agus na daonachta, a shruth chriostaldha na filidheachta, a thigheasaigh fhairsing gan cheacharthacht it' ghníomharthaibh, a fháilte fhial an triallaire is an deoruidhe, a riaruidhe an tsuilt is an ghrinn, a thuigsionóir eaghnaidhe na Gaedhilge ársa, a chrú chroidhe na féile agus na huaisle, agus a árd-shiriam chomhachtmhail, cheannasaigh Leatha Mogha, ag seo síos beagán focal do chuirim féin dot' láthair ar bhuachaill óg aerach, ealadhnta, éagsamhail, darab ainm Uilliam Ó Troighthe .i. ceannuidhe siubhail nó peidléir atá ag imtheacht is ag iomchur a mhála mion-ghréithre ó áit go háit is ó bhall go ball, oidhche annso is eadarshuth annsúd, mar is dual do dhuine d'á ealadhntaibh do bheith: agus ar a luath-chuardaibh do Uilliam, thug amus dom' ionnsaighe, suim aimsire ó shoin, do'n Baile Nuadh mar a gcomhnuighim an tan so, agus d'innis dam go raibh buaidhreamh agus mío-shásamh ar a intinn ó ghlac an tslighe bheathadh san chuige, ar an adhbhar go raibh gan permit gan pas gan teasbánadh ar bith eile le n-a bhfaghadh siubhal go neimh-spleadhach
tré dhúthaighibh eile budh thairbhighe dhó 'ná a dhúthaigh féin. Deir liom ná fuil acht amhail bráighe i mbraighdeanas agus i ngeimhleach, gan cead dul thar a aitheantas i n-éanbhall aige, agus ná fuil nídh ar bith aige le hiarraidh orm acht a chás féin d'oscailt go fóirlíonta, soiléir, agus chum a chur it' láthair-se: agus le toil do mhór-chómhacht, a shiriam onóraigh, féach go cruinn agus déin machtnamh glinn ar chás agus ar chúrsaíbh Uilliam, agus aithcim tu ná diúltuigh cead siubhail do thabhairt dó ar a dhóightheannaibh. Seo ar sodar gan spás le dán go saothrach Uilliam Is fortuigh a phráidhinn, ná fág é i ngéibhinn dian Ceaduigh dó gabháil gach áit de'n réim fét' riaghail Go ruithfidh na háird, is a mhála gréithre air, thiar.
Cill Moluadh, i nDéiseacha, An 4 lá de'n mhíosa Iúil no Buidhe-mhíos, 1791. De bhrígh go bhfuaras fios deimhin agus léir-chunntas go bhfuil i mBaile Nuadh na hEagluise, i gCo. Chorcaighe, laoch líonmhar lonnrach, léigheanta, uasal, oirdhearc, árd-chéimeach, blasta, béal-órdha, lán-fhoghlumtha, darab ainm Éamonn séimh, suairc, síodamhail, súil-bhlasta, Ó Flaithbheartaigh, príomh-ughdar agus breitheamh fíor-thuigsionach i dteangain onóraigh, ársa na Gaedhilge, agus de bhrígh go bhfuil mise anois lag-bhríoghach, claoidhte, gan puinn treoir ná tapadh agus go mór-mhór mo chrann soilseach do bhí fuinneamhail tréan díoth-shásaimh go fiosrach ag fuascailt ar dhántaibh blasta, milse, do-bheirim do'n
ráib dhearscaidheach, dheigh-mhéineach, Éamonn réamh-ráidhte Ó Flaithbheartaigh, gach uile réim, rachmus, agus cumhachta tá agam-sa ar feadh Leatha mór-áilne Mogha, agus go dtiubhraidh primhléid líonmhar lán-fhairsing do Uilliam Ó Troighthe i ngach cathair, conntae, tuaith agus baile mór, m'ainm-se is mo shloinne scríobhadh le hais an ughdaráis chéadna. Ag seo fám' láimh is fám' shéala go daingean, diongmhálta. PIARAS MAC GEARAILT, Áird-Shiriam Leatha Mogha. Raidim gan chlaon do laoch mear meanmnach stáit Do threabhuigh gan bhéim ó récsaibh Bhanba an áir Gach ceannas, gach réim, gach tréineacht daingean, gan spás Fá thearmann Éamuinn shéimh Uí Fhlaithbheartaigh an áigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services