Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhráin Phiarais Mhic Gearailt

Title
Amhráin Phiarais Mhic Gearailt
Author(s)
Mac Gearailt, Piaras,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Riseard
Composition Date
1750
Publisher
(B.Á.C.: Conradh na Gaeilge, 1905)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AMHRÁIN PHIARAIS MHIC GEARAILT



I. ROSC CATHA NA MUMHAN. A.D. 1750.



D'aithnigheas féin gan bhréag ar fhuacht
'S ar anfaithe Thétis taobh le cuan,
Ar chanadh na n-éan go séiseach suairc,
Go gcasfadh mo Shéasar glé gan ghruaim.
Measaim gur subhach do'n Mhumhain an fhuaim
'S d'á maireann go dubhach de chrú na mbuadh
Torann na dtonn le sleasaibh na long
Ag tarraint go teann 'n-ár gceann ar cuaird.



Tá lasadh 'san ngréin gach lae go neóin;
Ní taise dó'n rae, ní théidheann fé neóil;
Tá barra na gcraobh ag déanamh sceóil,
Nach fada bheidh Gaedhil i ngéibheann bróin.
Measaim gur subhach do'n Mhumhain an ceól
'S d'á maireann go dubhach de chrú na dtreón
Torann na dtonn le sleasaibh na long
Ag tarraint go teann 'n-ár gceann fé sheól.



Tá Aoibhill ar mire agus Áine óg
Agus Clíodna an bhruinneal is áilne snódh;


L. 24


Táid mílte agus tuilleadh de'n dtáin seo fós
d'á shuidheadh le buile gur tháinig an leoghan.
Measaim gur subhach do'n Mhumhain an ceól
'S d'á maireann go dubhach de chrú na dtreón
Torann na dtonn le sleasaibh na long
Ag tarraint anall 'n-ar gceann fé sheól.



Is annamh dam maidean ar amharc an laoi
Ná bainim chum reatha go fairrge síos,
Mo dhearca do leathadh ag faire de shíor
Ar bharcaibh an fharaire ag gearradh na slighe.
Measaim gur subhach do'n Mhumhain 's gur binn
'S d'á maireann go dubhach de chrú na ríogh
Torann na long ag scoilteadh na dtonn
Ag tarraint go teann 'n-ár gceann gan moill.



Cruinnigheadh gach duine d'fhuil Mhíleadh thréin
Go ritheann 'n-a chuisle de'n bhfíor-fhuil braon,
Do milleadh le dlighthe 's do crádhadh le claon,
Go mbuailfidh sé buille le báire an tséin.
Measaim gur subhach do'n Mhumhain i gcéin
'S d'á maireann go dubhach de chrú na dtréan
Torann na dtonn le sleasaibh na long
Ag tarraint go teann 'n-ár gceann le faobhar.




B 1758 18L
U Aindrias Mac Craith
II. - DUAN NA SAOIRSE. A.D. 1758.



Fonn: An Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.



Is fada fé chumhadh me ag tnúth gan téarnamh,
Go dubh-chroidheach tréith-lag tláith gan treóir,
Dom' bhascadh idir bhúir 's dom' bhrughadh idir bhaothlaigh
I lúib luim sléibhe fé bhráca an bhróin,


L. 25


Gan de charaid dom' chabhair acht Donn 's a ghaolta
Do bheartuigh ar dtúis dam túirling taobh leis
Go n-aithrisfeadh dúinn gach rún ba léir do
Le dúil grinn scléipe gártha is ceóil.



d'aithris ar dtúis dúinn cúis na saor-fhlaith,
Gan fiú suim gné nó fáth a ngleó,
'S nach fada bheidh búir i ndúthchas Éireann
'S crú chaoin Éibhir tláith gan treóir:
Tá Carolus 's a lannsa, 's a chobhlach gléasta
Ag tarraint thar abhainn le cabhair d'ár saoradh
Is ní mhaithfidh súd bonn do chlann Liútaerius
'S beidh foghlaidhe éigin tláith 'san bhfoghmhar.



Feasta beidh greann le fonn ar éigsibh
'S tiúin fuinn gléasta ag dáimh an cheóil;
Beidh cantain i dTeamhair fá Shamhain ag saor-fhlaith
'S togha slighe ag cléir le fagháil óm' leóghan.
Beidh cealla agus úird gan chúinse ag Papists;
Beidh easpairt an Domhnaigh i dteampuill naomhtha;
Beidh scaipeadh agus scannradh ar chomplacht éigin,
'S is subhach síothach bheidh Gaedhil go bráth 'n-a dheoidh.



Tá Ferdinand go fann 's an Franncach taobh leis
'S Hannraoi traochta ag dáimh, dár ndóigh;
Tá scaipeadh ar na hamhais, cá ngeabhaid ní léir dham -
Prussia tá tréith-lag is dáil do'n ngleó;
Sanders gan bail 's a bhabhlach réabtha,
Rodney i gcúl gan congnamh ó éin-fhear,
Cumberland dubhach 's an gúta 'á chéasadh
Agus Hold Thief déanta de Hawke ó ló.


L. 26


Sin agaibh-se ó thúis gach rún ba léir dham
Agus meabhruighidh fhéin do chách mo sceól;
Tigeadh gach crobhaire ag cabhair le Séarlus
Agus togha cloidhimh gléasta i láimh gach treóin.
Sin agaibh an t-am agus gabhaidh le chéile;
Preabaidh le fonn agus planncaidh méith-phuic;
Leanaidh an fogha soin ar dhream an éithigh,
'S ná hiompuigheadh aon le scáth ó'n ngleó.



B 1775ob 18D
U Piaras Mac Gearailt
III. - BA RIAGHAIL AG FLAITHIBH.



Ag leanamhain friotal fíor-mhilis Sheagháin Uí Thuama an Ghrinn.



Ba riaghail ag flaithibh a bheith fearamhail fáilteach féil
'San gcrích seo tamall, gur leagadh na táinte laoch.
An fhuidheall bheag mhaireas ní'l aiteas 'ná tábhacht 'n-a gcéill
Tá Gaoidhil fé scamall, is Gallaibh go hárd i réim.



Réim is rachmus do chleachtas an ráib gan ghruaim;
Éaradh ní fachtar 'n-a theasdas ó'n sár-fhear suairc;
Laoch ba thaithneamhach sealad ag fáidhíbh duain,
Ba thréan chum seasaimh 'n-aghaidh danar i mbeárnain chruaidh.



I mbeárnain chruaidh na suadh ba shámh ba thréan,
Ó'n Ráith anuas ba dhual bheith sár-mhaith, saor.
Mo chás! mo nuar! na huaisle ar fan go faon
D'fhág táinte ar buadhairt go fuar is Pádraig tréith.


L. 27


Cé tréith gan stór gach leóghan is gríbheach glan
Do shéidfeadh leó, gan chóir, gan bhrígh, gan bhail,
Ní baoghal duit fós! tá 'n tóir thar tuinn ag teacht
Do réidhfe an brón, 's an ceó ód' chroidhe ar fad.



Cé fada siar do thriall go Béarra an Chuain
Do gheabhair gach triath 'san iaith sin séimh gan chluain.
Gach baothlach diabhail ná riarfadh céim do ghuais
Beidh caismirt dian 'n-a dhiaidh ag éigse is uais.



Uais gan cháim roimh dháimh an bhrollaigh-ghil
Is uaisle Fáil go sámh 'n-a sholas-chill.
Cé cruaidh do chás le spás is le doilbhe,
Beidh ruaig ar do námhaid is beir sásta soilbhir.



B 1791ob 18D
IV. - SEAGHÁN Ó DIGHE.



Níor ghéilleas riamh do ráidhtibh
Fileadh, fáidh nó draoi
Go bhfuair an Bhulcán gránda
Bhénus bhreagh mar mhnaoi,
Nó go bhfeaca péarla an bháin-chnis
Le toil a cáirde gaoil
Gan rogha nó malairt áruis
I bhfochair Sheagháin Uí Dhighe.



Ní ghéillim nách sprid náimhdeach
Do tháthuigh dlúith an dís; -
A chuspóir pheacaidh Mhámoin,
'Na measc, mo náire, bhís!
"Mopso Nysa datur" -
Is fíor an ráidhteacht í
Ó fuair an stuaire d'ádhbhar
Fear mar Sheaghán Ó Dighe.


L. 28


Dá mbadh fear mar chách me
'S gur mhaith mar cheárd liom í
Do throidfinn seal mar Mhárs di
'S do ghrádhfainn í óm' chroidhe;
Ó 'sé do bhreóidh 's do chráidh me,
Is d'fhág me támh gan bhrígh,
Ár gcartlainn shneachtaidh mhná bheith
'Na tráill ag Seaghan Ó Dighe.



V. - MONUAR MAR D'ÉAG.



Fonn: "Seaghán Ó Duibhir an Ghleanna".



Monuar mar d'éag na fearaibh, uaisle Gaedheal do b'fhearra:
Ba mhuar a gcáil 's a ngradam, is ba bháirseach a réim;
Ba luaithe léir chum catha Tuathal tréan Mac Teachtmhair,
Ní áirimhim Cóir Uí Chalma, d'árduigh mac Dé;
Lúth na laoch nár mheathta, an trúip 'nar ghlaoidh Turgeasius,
Fionn le hAiacs fuair gairm árd-chon le faobhar,
Is mór-mhac Bhriain do threascair Danair chródha an leasa
'S ná bíodh Seaghán Ó Duibhir an Ghleanna ag trácht ar a ghéim.



Do traochadh i gCluain Tairbh i mbéimeann muar na gaisce
Éigse is leógain chailce ba rábach sa' scléip,


L. 29


Dubhlaing óg 's a dhalta 'n-a mbianaibh óir ar lasadh
Le faobhar ghníodh feóil do ghearradh, 's is breagh chartadh Danes,
Mac Maoil thug chughainn tar caise Creed is Cooke is Carud,
Maud is Moore is Bagwell d'ár gcárnadh ins gach céim
Fowkes is Hoops is Bassett, triúr d'fúig mé-se i n-earaid,
Is níor ghreann liom tú bheith feasta ag trácht ar do ghéim.



Tá an Spáinn go humhal ag freagairt, 's is dána an chúis le tagairt
Sás na dtrúp do tharraint go bráth chum an scéil,
'S a n-árthaighe dúnta daingean lán de thogha na bhfearaibh
Láidir umhal chum catha, ráib-choin gan bhéim.
Is gearr 'n-a dheáidh go bpreabfaidh scáil na long ar lasadh,
Gártha i gciumhais gach baile is dán suilt le séan,
Go mbeidh próiseas siain ag sagairt is sinn-ne 'triall ar easpairt
Is, go bhfagham-na an chabhair, ná bain le trácht ar do ghéim.



Táid éigse ag guidhe le tamall réabadh thíos ar Ghallaibh,
Traochadh is sceimhleadh is scaipeadh i gClár Luirc is Néill,
Is Gaedhil a chíonn, cé fada, a ndaor-bhruid díobh 's a gceasna,
Ag téacht arís i ngradam áidhbhéil 'n-a ndéidh.


L. 30


Ní'l sméirle dhíobh ná cleachtann Cré do ríomh 'ná Paidir
Ná traochfaimíd i gceastaibh báis agus éag:
'S is fearr le maoidheamh soin, measaim, 'ná ráidhte baois' an raiste
Seaghán O Duibhir an Ghleanna ag trácht ar a ghéim.



VI. - A MHALAÍ BEAG, Ó.



Fonn: "Eibhlín a Rúin".



Siúd Móra is Muire is Pádraig dhuit
A Mhalaí bheag, Ó!
Mo sceólta bainfid gáire asat
A chuid de'n tsaoghal, Ó!
Suidh, a stóir, láimh liom,
Is inneósad duit le háthas
Go bhfuil Seóirse ag gol 's ag gárthaigh,
A Mhalaí bheag, Ó!



Táid crón-phuic cathach cráidhte,
A Mhalaí bheag, Ó!
Mar táid slóighte d'fhuirinn Spáinneach
A chuid de'n tsaoghal, Ó!
Fé sheól ag teacht 'n-a dtáintibh
Le cóir go lannach láidir,
Is beidh coróin ar Ascánius,
A Mhalaí bheag, Ó!



Ólfam feasta a shláinte,
A Mhalaí bheag, Ó!
Mo leóghan lannach láidir,
A chuid de'n tsaoghal Ó!


L. 31


Beidh tóir o Albain láimh leis
Is slóighte ó'n ainnir Máire,
Is nár fhóiridh Críost a ngártha,
A Mhalaí bheag, Ó!



Beidh ceól cruit, siosma is gáirdeas,
A Mhalaí bheag, Ó!
Ag leógain Inse Fáilbhe,
A chuid de'n tsaoghal, Ó!
Beidh fógairt cluithche is báire
Ar gach stróinse chuir le fán sinn
Agus crón-phuic gointe cráidhte,
A Mhalaí bheag, Ó!



Is fada ó cuireadh chum fáin bocht,
A Mhalaí bheag, Ó!
Pór na bhflaith do b'ársa,
A chuid de'n tsaoghal, Ó!
d'á dtreascairt is d'á gcárnadh,
d'á gclagairt is d'á gcáibleadh,
As sealbh cheart 's as áitreabh,
A Mhalaí bheag, Ó!



VII. - MÓR CHLUANA.



Trém' aisling araoir is mé 'm' luighe ar mo leabaidh
Do dhearcas le m' thaoibh an rígh-bhean chailce;
Bhí luisne 'sa mhnaoi ba gheanamhail gnaoi,
Is gile ag teacht tríthi de dhruim an tsneachta.



Ar theacht di fám' linn ba chruinn a hamharc,
Is do bheannuigh le suim go binn dom' shamhailt
d'fhreagras í gan deabhadh gan díth,
'S níor bh'aithis liom suidhe ar feadh mí 'n-a haice.


L. 32


"A ainnir an mhín-chnis íodhain aibidh,
Do chuiris trím' chroidhe do shaighead go tapaidh;
Muna gcleachtfair liom tigheacht a bhaile chum tighis
Is duine gan bhrígh mé le baois ná mairfidh.



Innis dam féin gan bréag do shloinneadh:
An tusa Déirdre tré 'r traochadh Clann Uisnigh?
An tusa Céarnait nó 'n bhruingeall ó'n nGréig
Do thionnscain d'Éirinn an chéad shruth muilinn?



An tusa Tétis o thaobh na tuinne,
Nó an tu Hébe do thréig a cumann,
Nó Duireann na séad do tháinig ó'n Réadhchoill,
Nó Aoibhill aerach ó thaobh na Craige?"



"A óig-fhir shéimh, is baoth do labhairt:
Ní ceachtar dhíobh mé de'n méid do chanais;
d'achtas lem' ré, cé gur dheacair liom é,
Gan m'ainm do léigheadh d'aon d'á maireann."



"Och go cruaidh! mo bhuadhairt! mo dhanaid!
An tusa Mór Chluana, mar a luaidhtear t'ainm?
Tabhair dam tuairim is ná fág me ar buaidhreadh,
Ar lorg do thuairisc' go truaighe, faid mhairfead."



"Is cruinn do thuairim, a shuairc-fhir ghasta:
Is mise Mór Chluana is luaidhfead feasta
Gur mé bean sídhe an leasa so thíos
Na nGearaltach ngroidhe do bhíodh i gceannas!"



Ar n-imtheacht di uaim d'fhág buadh is beannacht,
Is dubhairt, dom' dhúiseacht suas gan fealladh,
"Ní bheir-se gan dualgas i n-ionad do dhuanta,
'S ní heagal duit bualadh o'n sluagh, 'ná mealladh."


L. 33


B 1765 18L
U Seán Llóid
VIII. - MÁIRSEÁIL AN PHOIC-FHIAIDH, 1765.



Fonn: - "Buffs March"; or, "Lord Adam Gordon".



Stiúruigh le congnamh an Dúilimh, a rúin ghil,
Go Lonndain theas, is feas, i mBreatain bháin,
'S gur tu cnú mhullaigh is lonnradh gach dúthaighe, is laochra;
Gan éalaing is léir thu de phréimh Chaisil cháidh.
A bhláth na finne, barr thu is binne, is fearra fuinneamh éacht is gníomh,
Slán go dtigir, tráth gan tuisle, saor chugainn le slóigh,
Ag éileamh le faobhar, caithréim agus cródhacht
Ar dhaor-chineadh méirleach do chaomhna 's do choróin.



Tuar suilt is tréithe na scéalta so léirighthe
I léir-Inis Éilge anois, cé fada fé cháin,
Buadh neirt is tréine go haerach le saor-bhile
Réidhfeas go héascaidh ár gcéim is ár gcás.
Siubhail, a chumainn, chughainn le cumas, tiúnfar cruit le fáilte rómhat;
Le fonn beidh iomad adharc is stoc ag síor-sheinm ceóil
Beidh crú cheart na hÉireann, le tréimhse tá claoidhte
Gan chéasadh le cíosaibh mar bhíodar fé bhrón.



Lúbaidh bhur ngéar-lanna léire mear éachtach'
I n-éadan fear 's i gcneasa-chuirp bhur námhaid.
Ar gcúlaibh ná staonaidh ar éan-chor, ní méala
An tréad-sa do thraochadh go tréith tuilte tláith.


L. 34


Nách cuimhin libh mar díbreadh bhur sinsir thar sáile le Seón,
'S gur claoidheadh le milleadh dlighe agus mionna táinte gan treóir.
Is aoibhinn an scéal so le saor-chanadh, sílim,
Go mbeidh caomh-chlanna Míleadh go meidhreach ar sógh.



'S fé thuairim an scéil seo le réidhteach ár ndaoir-bhearta
Glaoidhmíd uile ar scála phunch go lán.
Go luath spreagtar téada le gléir-bhinneas píbe
d'ár saoradh ó scinn chughainn an Rí ceart 'na mhágh.
Líontar gloine i láimh gach nduine, lán de mhire sughachais bíom:
Sláinte an fhir chum fáin d'imthigh, diúgfam fé dhó.
Ár gcléir bheidh gan éan-smacht, ár n-éigse 's ár saoithe;
Léightear dúinn laoithe agus seinntear dúinn ceól.



Gan amhgar taistil le hAthair glan séimh Ó Riain
Go modhmhail beachtaim-se beannacht is céad i gcian
Go nuig rogha na sagart ar taithneamh 's ar gléirdheacht miain
'S gidh gallda é 'ainm is aithnid gur Gaedhealach Liam.



Is fada treibh Gaedheal ghroidhe ghlas, an ghasradh gliaidh,
Gan reachta, gan rí díleas, gan acmhuinn na gcliar.
Ca fios gan mhoill sceimhle ná preabfadh i gcian
Do ghlanfadh o chuing dhaoirse iad go bhfreagradh Dia.


L. 35


B 1791ob 18D
U Piaras Mac Gearailt
IX. - AN GHEALLAMHAIN.



Ar maidin i ndé is me ag déanamh machtnaimh
Ar Ghaedhealaibh 's mar a leagadh a gcáirde
Do casadh liom bé bhí péarlach cailce,
Maordha, maiseamhail, mnámhail.
Bhí a reamhar-ruisc réidh 's a scéimh mar eala,
A béal, a leaca, 's a báin-chnis
Mar shneachta ar chraobh tré chaor ag lasadh
'S í ag déanamh aitis is áthais.



Adubhairt ainnir na ndéid-gheal "Dé do bheatha
'S éist liom sealad, a sháir-fhir:
Tá dalta mo chléibh 's mo chéile ag casadh
Go tréan tar caladh 's a ghárda;
Scaipfidh na tréada taodach' malluighthe
'S beidh éigs' go flaitheamhail fáilteach
'N-a bhfearantas féin go séimh, go seascair,
'S ár gcléir go soilbhir sásta.



Tá lasadh ins an spéir, is an ghréin gan scamall
'S an rae go neartmhar, neamh-scáthach;
Tá binneas na n-éan i ngaorthadh an ghleanna
'S tá an laogh go magamhail ceáfrach;
Tá'n fhairrge thréan gan fraoch, gan fearg,
'S an ghaoth go taithneamhach páirteach;
'S is gairid dúinn téarnamh mo laoch a bhaile
Ag éileamh sealbh gan spleádhchas.



Is fada fé dhaor-smacht laochra Chaisil
I ngéibheann ghalair gan cháirdeas,
Gan talamh, gan taobhthacht réim 'ná caise,
Fé dheachtadh danar gan áthas,


L. 36


d'á gcartadh, d'á gcréimeadh, d'á gcéasadh is d'á ngearradh,
d'á séideadh thar caladh 'n-a dtáintibh;
Is geallaim go réidhfidh laoch gan ainm
Gach péin agus ceasna atá orainn.



Tosach mo shaoghail gan bhréag do chaitheas
Im' réic, is cuireadh chum fáin mé;
Seal eile ag bréagadh béithe 's 'á mealladh
Le claon-chuir cleasa na máine.
I gcaitheamh mo shaoghail go léir níor radadh liom
Scéal níos aite le háireamh
'Na taisceala Shéarlais féin i ngradam
'S ag léir-scrios gallaibh as Clár Luirc.



X. - CORMAC ÓG.



Fonn: "Táim-se im' chodladh, nó is fíor mo scéal".



Cois leasa dham sínte is mo smaointe ar mearbhal
Do dhearcas chugham ainnir tré dhairbhre im' néal
Go raibh carn-fholt scaoilte síos go talamh léi
Agus í ar seachmall d'á ceachladh ó'n tsaoghal.
"An duine thu, a shiúr, de'n dtriúr do chealg mé
Nó an tú Iunó, bean Iúpiter eagnaidhe?"
"Ní dalta díobh súd d'á ndubhrais cheana me,
Acht dlúith-shearc Charoluis, Banba i mbaoghal."



Múscail, a Chormaic churata chródha;
Scaoil ár nglasa le lúth do gheág;
Gléas go hobann ort clogad is clóca,
Claidheamh chum díoghaltais is fuinneamh 'n-a ndéidh!


L. 37


Do gheóbhaidh tú féd' shliasta gan iarraidh, gan dearmad,
Gillín fé shrian is diallait airgid;
Fachtar an fiadh agus tugtar a bhaile é,
Is gearrfam na beanna de'n ngalla-phoc mhéith.



Má's seana-phoc ruadh do ghluais thar fairrge é
Do tháinig chum baile gan phaitean, gan réim,
Bainidh an chluas de is ruagaidh a bhaile é
Nó fágaidh a shamhailt gan anfaithe i gcré.
Beidh binne-cheól adhairce le meidhir i mBanbain;
Beidh gearradh na ngadhar tré choilltibh Alban;
I mullach Chnuic-sídhe beidh rinnce is bachaire,
Ag cur fáilte a bhaile roimh chara na gcléir.



Beidh ár gcléir go seasmhach talamhach tóiceach
'S níor mhisde leó Seóirse do thuitim le béim;
Beidh cor-bhodaigh torusctha is tuilleadh aca dreóighte
Is Cormac Óg i gCaiseal fé réim.
Beidh cogadh na nGaedheal cois taobh na fairrge,
Púdar is p'léir is réabadh airgthe,
Gach faraire tréan is faobhar air chum caismirte
Ag cur búr do chodladh is ní dubhach linn é.



Is dona ár sceól 's is brónach doilbhir
Le gainne go dealbh ag treabhadh na cré,
'S an sodalach Seóirse i gcóiste soilbhir
Is ceól d'á spreagadh dhó i dtúis gach lae.
Tiocfaidh an Spáinneach go táirpeach acmhuinneach,
Is cuirfidh an Franncach scannradh ar an Sasanach;
Ba bhinne liom súd 'ná diúghadh baraille.
Táim-se im' chodladh nó is fíor mo scéal.


L. 38


XI. - SÉARLUS GROIDHE.



Do bhíos-sa maidin aerach
Ag déanamh leanna i mbarr chnuic,
Mo smaointe, 's me go déarach,
Ar chlaonadh is chreachadh Chláir Luirc:
Do shuidh lem' ais de shíolradh Chais
An bhrídeach mhaiseach mhánla;
Ba chleasa saighead a rinn-rosc glas
'S a gnaoi mar shneachta ar bhántaibh.



Bhí a méara miona ar théadaibh
Binne, ag seinnim dánta.
d'fhiosruigheas de'n spéirbhean
Mhaordha, mhiochair, mhnámhail:
"Aithris uait féin dam
An tusa an ainnir Áinbhle
Do chuir chum fáin ár Séamus
Ár Récs agus a cháirde?"



"Ní mise scar lem' chéile
'Ná thréig mo chara páirte
Ná ghaibh le galla-mhéirleach
I n-ionad flaith mo cháirde.
Do sheasas dó le tréimhse
Mar ghallóglach ar gárda.
Do thuit mo chlann 'n-a gcéadthaibh
Is d'fhág 'san Sacsain cárnadh."



"A Mhaighdean mhilis mhúinte,
Is dubhach liom cúis do chráidhte;
Is fuigheach 's is fras mo shúile
Ar gcloistin rúin do ráidhte."


L. 39


Do labhair sí go ciúin liom
Is dubhairt i laoithibh séimhe
"Tá cóip ag teacht thar triúch chughainn
Chum réidhteach ar ár ngéibheann."



"A bhruinneal bheacht na Fódla
Is suidhte cló 's is cáibhneach,
Is milse liom do ghlór-sa
Ná ceólta crot is cláirseach,
Do bhréithre grinn is éacht do ghnímh
Is scéala críche is áirde.
Ar dtéacht thar tuinn do Shéarlus ghroide
Gheóbhaidh céad is míle fáilte."



XII.- AN CAOL-DRUIMEANN ÓG.



I mothar ghlas coille trém' néaltaibh,
Roimh mhúscailt do Phéabus chum seóil -
Ba mheidhreach i gcrannaibh na héanlaith
Is mac-alla ag léir-chanadh leó -
Do dhearcas go hathtuirseach bé mhiochair,
Innealta, shéimh, shultmhar, shóghach,
Ag taisteal an ghleanna 'n-a haonar
Ag casadh a Caol-Druimeann Óg.



Ba bhacallach camarsach péarlach
A carn-fholt craobhach 'n-a deóidh,
Go snadhmannach srathannach dréimreach
Ag tuitim 'na céibh léi go feór;
A braoithe mar shíoda 's a héadan
Gan teimheal is gan éalaing i gcló;
'S í thíos ar an ínse ag aodhaireacht
Gan suim acht 'n-a Caol-Druimeann Óg.


L. 40


Do dhruideas 'n-a coinne go héascaidh,
'S ba gheanamhail géirseach an ógh;
d'fhiosras a turas is a héifeacht
A hainm, a héileamh 's a cló.
"An fíor gur tu Muireann no Éithne
Diana nó Hélen na dtréon,
Nó Aoife chuir draoidheacht ar na héanlaith
d'fhág Cloinn Lir ar thréan-mhuir 'n-a deóidh?"



"Ní haon aca ar éan-chor d'ár mhaoidhis mé,
A shéimh-fhile ghrinn oinigh chóir,
Acht Éire bhocht chéasta na Stíobhart
Is éist liom go n-innsead mo sceól:
Go mbeidh daor-ghruig an éithigh 's an aimhlis
d'á dtraochadh 's d'á ndíbirt sa' bhfoghmhar,
Is na céadta beidh fém' bhun sa' trínse
Ag réabadh na díge is d'á rómhar."



"Tá Seóirse go breóite, 's a mhuinntir,
'S a choróin air ní mhaoidhfear, ar ndóin;
Hanóbher ní dóigh liom gur díon do
'N-a cómhgar go suidhfeadh chum próinn.
Beidh an Diúc of York múchta fé'n ngeimhreadh
'S a bhanntracht, an bhuidhean bholg-mhór.
Beidh an scuaine go buadhartha d'á dhruim sin
'S is buadhach bheidh an Caol-Druimeann Óg."



"Gan amhras beidh reamhar-chluig ar Sheóirse
Agus amhgar d'á chóchadh is dá chlaoidhe;
Beidh Franncaigh i gcampa chum cómhraic
Ag caithfidh gach crón-phuic leó íoc.


L. 41


Caithfear i gcarcar cearr-bhodaigh;
Fágfar gan cháin iad, gan chíos;
'S an sagart i gceannas go cráibhtheach
Ag canadh gach tráth mar do bhíodh.



"Beidh cobhlach ó'n bhFranncach ar thréan-mhuir
'S is cobhsach sinn féin ag cur leó!
Beidh doghraing thar dobhartha le méath-phuic
d'á gcaitheamh as aol-bhrogaibh teó.
Beidh eagla an anfaithe ar béaraibh;
Tásc do gach éin-fhear mo sceól
Gur gairid dúinn cath-mhaor na hÉireann
'S a shláinte gach féile d'á hól."



B 1769ls 18D
XIII. - BUAIDH NA NGAEDHEAL.



Ar fhonn tiúin fiadhaigh:
"Hark away to the merry tout-horn;
Call the huntsmen all up in the morn."



Is dubhach liom an smúit seo ar Ghaedhil
Gan súgradh, gan sughchas, gan scléip,
Acht prútaigh gan mhúineadh gan mhéinn
I n-ár ndúthchas is túirseach an scéal.
Cé ceannasach iad i n-ár mbailtibh le cian
Is flatha fé scamall gan aiteas gan mhian
Do-chífir-se, geallaim dhuit, sceimhleadh ar na Gallaibh
d'á ndíbirt thar caladh i n-ainm an diabhail.



Beidh Séarlus go séanmhar arís
Mar Shéasar ag éileamh a ríoghacht,
Is na céadtha le p'léar is le cloidheamh
Ag déanamh an laochais go binn;


L. 42


Beidh L...ch 's a shluagh agus an Rí P...b buan
Is buidhean mhear ó chrích Alban taobh leis go suairc;
Beidh saoithe na hÉireann le díoghaltas 'san spéirlinn
Is beidh sceimhleadh ar an méath-phoc thar tréan-mhuir go luath.



Scaoil chughainn scárdach de'n mbeóir;
Is cuibhe dhúinn a shláinte siúd d'ól;
Is síodhach sughach sámh seal gan bhrón
Go fíontamhail fáilteach gan ghleó
Bheidh Clanna na nGaedheal - is Gallaibh go faon
d'á leagadh, d'á dtreascairt, is d'á gcaismirt le faobhar;
Beidh aoibhneas is ceól againn, fíonta d'á n-ól againn
'S an Rí Ceart 'n-a choróin, agus Seóirse gan tréad.



B 1762 18L



XIV. - AITHRIGHE AN GHEARALTAIGH (A.D. 1762).



Scéithfead mo chlaon-bhearta déistineach' d'reóil
Do'n gcléir chirt sin Phóil is beannuighthe cáil,
Mar do ghéilleas go haerach do chraos agus d'ól,
Do shaoghaltacht, do phóit is do mhalluightheacht ghnáith,
Mar shéanas-sa bréithre na Naomh is na nÓrd
Le léir-ghean do'n tsaoghal chleasach chlaon-bheartach bhróin,
'S nár fhéachas mar céasadh dham Éan-Mhac na hÓighe
Le daor-pheannaid mhóir ná tagann liom trácht.


L. 43


Ba shaothrach mé ag bréagadh na spéir-bhruinneal óg
Le sméideadh, le póig, le bladair is le páirt,
Is gach n-aon aca ghéilleadh dom' bhréagadh is dom' mhóid,
Ba dhéarach 'n-a dheóidh sin is dob' aindeis é a gcáil;
'N-a dhéidh sin mar shéanas an t-aon-chreideamh cóir,
d'fhúig mé-si i ngéibheann, i bpéin-bhruid 's i mbrón,
Ag réabadh mo chréachta 's ag spréachadh mo dheór
Chum Éin-Mhic na Glóire dom' chabhair óm' námhaid.



Acht le géilleadh dom' chéile is d'á tréad-mhuirir óig
Do ghléasfainn do'n Róimh agus as soin do'n Spáinn,
Do'n Éigipt, cé aosta mé, dhéanfainn mo ród
Go daor-chnoc an bhróin sin, Calbhaire an Áir.
Do thréigfinn an saoghal is a chlaon-rachmas smóil,
Do ghéillfinn-se d'éide is do léine de'n rón
Mar chéasadh ar mo chraos-chorp do dhaor mé go deóidh,
Muna bhféacha an Mac glórmhar ar m'anam i dtráth.



Do shéan Peadar naomhtha thu, a Éin-Mhic na hÓighe,
Is níor éimhis 'n-a dheoidh sin air taithneamh is páirt;
'S an té chuir an ghéir-shleagh tréd' thaobh gheal gan chóir,
Níor fhéadais gan ghlóire do thabhairt 'n-a dháil;
'Nuair ghéill Magdaléna dod' naomh-theagasc chóir
Thug saor-ghean do mhéirdreacht, do chraos agus d'ól,
Do shaorais led' dhaondacht an naomh-bhean, dar ndóigh,
Is céad peacach léi, agus an bhean ó Chanán.



Ní'l traochadh ar do dhaondacht 'ná claochnadh go deóidh;
Tá réim agus cómhachta is rachmas id' láimh;
Is fé mar do shaorais na céadtha so rómham,
Soar me led' ghlóir agus tabhair dam páirt.


L. 44


Gach géir-chnead is péin-bhruid is céasadh 'gus gleó,
A Dhé ghil, is méin leat do léir-chur im' chómhair,
Réidhfead lem' ré 'nois go séimh sultmhar soghach,
Is réidhtigh-se rómham-sa go Cathair na nGrás.



Ceangal.



Screadaim-se ar Íosa Críost 'gus ar Athair na nGrás,
Fuair peannaid ar spíon-chrois, sceimhleadh, seachmall is fán,
Go maithtear gach díomas, poimp, is malluightheacht ghnáith
Dom' anam gan teimheal ar dtigheacht do ghairm an bháis.



B 1769ls 18D
XV. - TRÉITHE NA MAIGHDINE MUIRE.




Tá páirt nó roinnt de'n gCreideamh Sacsanamhail
Liútaránach so do ghlac mé (agus ní mar rogha) ná
taithneann liom, agus 'sé sin gan impidhe ar bith do
chur chum Muire, Máthair Críost, 'ná onóir, prímhléid
'ná úrnaidhthe thaispeáint di, agus dom' bharamhail
gur'b í Muire




Baintighearna an Alla áluinn aoibhinn ainglidhe;
Bainríoghan na bhflaitheas;
Crann soillse is criostal na Críostaidheachta;
Díontóir na bhfíor-lag;
Fairrge na daonachta;
Grianán na Glóire;
Gile, greann is gárda na bhfíréan;
Lonnradh is lóchrann lóghmhar na spéire;


L. 45


Máthair is Maighdean Mhíorbhuilteach na nAingeal;
Péarla na glóire;
Parrthas na Tríonóide;
Réaltan eólais gach seachránaigh;
Teannta na lárán;
Taca na bhfann;
Fuascailt na bhfíor-easbhaidhtheach;
Lámh chóra na lag;
Ceannsughadh na n-achrannach;
Bean réidhtigh na feirge;
Idirmhínightheóir na ngearánach;
Sásamh an bhreithimh;
Teanga na mbalbhán;
Ómós na bhfaitchíosach;
Suairceas na beannaightheachta;
Seomra séad na subháilce;
Tuile na ngrás, agus
Tonn Chlíodna na Trócaire.



Dar ndóigh, is ar athchuinghe Mhuire do rinne Críost
an chéad mhiorbhuilt riamh, mar d'iompuigh Sé an
t-uisce chum a bheith 'n-a fhíon, agus, d'á bhrígh sin,
guidhim go díoghrasach óm' chroidhe gach Protestant do
bheith ar éin-mheodhan i méinn, i dtuairim, i n-intinn
agus i n-aigne le
Piaras Mac Gearailt,
Árd-Sirriam Leithe Mogha.


L. 46



XVI. - FREAGRA AR THOMÁS DE BARRA,
I gCLUAIN MEALA.



A bhí ag casaoid le Piaras de dheascaibh an file bheith ag dul chum
teampuill.



A chogair, a charaid, 's a Bharraigh is múinte méinn,
Is doilbh liom ceangal le Calbhin is Liútar claon,
Acht golfhairt mo leanbh, 's a gcreachadh gan triúch, gan tréad
Thug srothanna óm' dhearcaibh 'n-a gcaisibh is túirlint déar.



Tá an donas le fada ar chlannaibh na n-úr-scoth dtréan,
d'á stolladh, d'á stracadh, d'á ngreadadh is d'á mbrughadh go faon;
Muna stopfair-se, a Athair ghil, bearta na mbúr, is baoghal
Gur follus go gcaithfidh gach seabhac bheith dubhach mar mé.



Mo dhonas, mo dheacair, mo dhanaid, mo chumha, mo chréacht,
Mo scoilteadh thrém' scartaibh, mo pheannaid, mo phúir go haeibh,
Nár thoil liom mo leanbh 's a maireann bheith súighte i gcré
Seoch cogadh do tharraint ar m'anam le dúil 'sa' tsaoghal.


L. 47


Ná togair-se fearg id' aigne chugham 'ná fraoch,
'S gur'b osnadhthach chaithim mo bheatha le cumhadh 'gus péin;
Is dona dham fearg na bhflaitheas, a rúin mo chléibh,
'S mar chosaint ar m'anam gur greadadh Mac múirneach Dé.



Ó's follus gur peacach me, treascartha i bplúid an tsaoghail,
Go coigilte, ceangailte, cealgach, túirseach, tréith,
Golaim is screadaim ar bhanaltrain bhúigh Mhic Dé
M'osnadh do scaipeadh, 's me tharraint ó'n gcúrsa chlaon.



Ó claonadh mo chéadfadh go claoidhte táir
Le géilleadh do shaoghaltacht, do chlainn 's do chonách,
Braon beag ded' Naomhthacht, a Rígh na nGrás,
Léig orm, réidh liom, is feidhil me óm' námhaid.



Óm' námhaid is ó dhamaint an anma réidhtigh me;
Sásuigh t'aigne is masluigh mo chréachta anois;
Gach crádh, gach peannaid, gach anfhaithe péin is bruid
Go sásta geanamnach glacfad is géillfead-sa.



Géillfead dod' Naomh-thoil go sásta síodhach,
Ó thréigeas go héadtrom do pháirt 's do dhlighe;
Lem' shaoghal bead léanmhar le crábhadh is caoi,
Fé dhéar-chnead, i ngéibhinn, le grádh do Chríost.



Ceangal.



Do ghoirtigh mo chreideamh me i n-eibhir nár chuibhe dhamh-sa
'S a chosnamh im' sheilbh ní fheicim gur nídh córach;
Ó's follus a dheireadh gur meirg is mío-chómhthrom,
M'osnadh do bheirim gan teipeadh do'n Rígh ghlórmhar.


L. 48


A chumainn, smaoin mar bhím-se im' cheap i dteannta,
'S go dtuigthear dhíbh, dar linn, gur fear me meallta.
Scuit is cíos is íoc is greadadh clampair
Chuir na mílte dhínn-ne ag teacht chum teampuill.



B 1774 18D
XVII.- CHUM DIARMUID UÍ AIRT.



Tar éis iompuighthe dhó 'n-a mhinistir ó bheith 'n-a
shagart, - an tríomhadh lá fichead de mhí Nodlag, 1774,
'seadh d'iompuigh sé a dhath.



A Dhéarmuid! is dubhach liom gur iompuighis do chóta
'S gur thréigis na hughdair ba mhúinte is gur dhóighis iad,
Ó chlaonais le Liútar na drúise, bhris pósadh,
Mar ghéilleadh do'n bprionnsa d'fhág smúit ar na slóightibh.



I gCilliaith a bhíonn sé mar chríon-mheath i gcrannaibh
'S d'fhág sé cléir Íosa ag síor-ghol le mairg.
Ní sagart do bhí 'gainn i ngníomharthaibh 'ná i dteagasc
Acht Iudás do dhíolfadh ar fee bheag na flaithis.



Níor cheangal a phósadh, is níor bh'fhóghnamh a bhaisteadh;
Níor mhaith í a chomhairle, 's níor bh'eólach chum aitheasc;
Do bhog sé an bóthar, is cóireóghfar leabaidh
Ar imeallaibh teó dhó, is ní dócha go gcasfaidh.



Cad do dhéanfair, a bhrúdaigh, 'nuair dhúnfar do dhearca,
'Nuair shínfear 'san uaimh thu go fuar lag gan tapa,
Gan rósta, gan fíonta, gan fíodhach is gan ghradam,
'Ná cáirde do ghuidhfeadh chum Íosa led' anam.


L. 49


'Nuair ghlaodhfar ar shliabh sinn go dian-mhoch ar maidin,
Roinnfear annsúd linn go sughach nó le harad;
Osclóghaidh na huamhna agus eireóghaidh na mairbh,
Is ní díon duit do ghúna 'ná Liútar mar charaid.



Machtnuigh is cuimhnigh ar ghníomharthaibh na nEaspal;
Faigh léine de'n ruainneach dod' ghuailnibh chum caithte;
Déin troscadh na hAoine, 's ar Íosa iarr cabhair,
Is féachfaidh arís ort mar a dhein Sé ar Pheadar.



B 1791 18D
XVIII. - AR MHARBHADH GABHAIR A THINEÓNTAIDHE.



Cia thárla dealbh sa' mbaile gan chabhair ar bith,
I gcomhgar ghleanna, is do b'aindeis go leór mo chruth,
Mo bhanaltra a' screadaidh, mar "Beith bhocht" ní bhfuair istigh,
Is gan deireadh le gainne an té mhairbh mo ghabhar is d' ith!



A chaora 'n-a haice ná fachtar an t-uan ag ruith!
A bhó ar maidin go bhfachtar i gcluais an ghuirt!
A chapall, lá 'n Earraigh, go bhfachtar lag suaidhte fliuch!
'S a leanbh gan bainne um eadartha ag duanaireacht!



An té mhairbh mo ghabhar gurab bodhar a bhean 's a pháiste!
Nár fhágaidh na gabhair aige annlann tuir chabáiste!
'Nuair is goire dhó cabhair, nár ghabhaidh a chuid le chéile!
Acht mar chuip na habhann, lá ramharta, 's gan foscadh ó'n ngaeth air!


L. 50


A Chonchubhair Treó! fé dhó go gcaillir do mheabhair!
Id' chloigeann gach ló go raibh ceól ag beachaibh is creabhair!
Tar éis seaca naoi n-órdlach fógraim tu ar Dhroichead an Dobhair!
Is gan ceairt ar do dhróm acht cóta de chroiceann an ghabhair!



Ar do leabaidh leath-dhreóighte fógraim tu caithte id lobhar!
Ar uireasbhaidh lóin go feóidhte seargtha odhar!
Minnseach led' thaobh 's ar an dtaobh eile seana-phoc ramhar!
Is do cheann i riocht pléasctha ó bhéiceach gharg na ngabhar!



B 1769ls 18D
XIX. - AN BRANNDA.



Do thriall duine uasal áirithe uair ar cuairt ag
fiosrughadh agus ag féachaint Mhuircheartaigh Mic Eóin
Uí Shúiliobháin, siar ar fad go Béarra. D'fhan ann
ar feadh mí. Do tharraing Muircheartach é le hiomad
cúirtéise chum mórán brannda dóighte d'ól thar
ceart, i gcás go raibh an duine uasal tinn, ag
coimeád a leaptha, d' éis éalódh chum an bhaile dhó.
Níor chian i n-a dhiaidh soin 'nuair do scríobh Muircheartach
litir dhíoghrasach chuige chum dul ag caitheamh
Sollamhuin na Nodlag 'n-a fhochair agus do chuir an
duine uasal scéal chuige mar leanas: -



A chara dhil gur radas-sa dhuit annsacht dian,
Dearbhaim go rachainn-se cé fann mo rian,
Dhod' fhaicsint-se le carthannas i n-am, gach bliadhain,
Acht le heagla mo threascartha ag an mbrannda thiar.


L. 51


Eascara an anama agus namhaid do Dhia
Do leagas cuirp dá gcalma i ngach ball 'n-a mbiadh
Nathair nimh' nách annamh thug mo cheann gan chiall
'S greadadh tinne scalladh me ag an mbrannda thiar.



Ní pacaireacht 'ná anabhruid 'ná clampar fiach
'Ná seascaireacht fé ndeara dham, mo cheann cé liath,
'Ná seachaint dul thar gharbh-chnocaibh ramhra liag,
Acht le heagla mo threascartha ag an mbrannda thiar.



Glacaidh-se lem' theachtaireacht, 's is gann liom iad,
Da fhichid bruinneal eala-chnis deagh-mheabhrach fial.
Ná tabhair sil dom' bhairrfhionnaibh le hannsacht mian;
Ba chathach liom a gcailleamhaint led' bhrannda thiar.



Ceangal.



A shuairc-fhir ghroidhe 'n-ar bh' aoibhinn greann is sult,
Ní fuath dhod' mhnaoi 'ná 'od' chlainn thug mall mo dhul,
'Ná fuath do'n tslighe, cé coimhightheach ramhar na cnuic,
Acht fuath mo chroidhe do bhíos do'n mbrannda 'gam.




XX. - PIARAS MAC GEARAILT AGUS EÓGHAN AN MHÉIRÍN.



Do thuit meisce ró-mhór ar Eoghan an Mhéirín uair i
gcuideachtain an scríbhneóra, Piaras Mac Gearailt.
Do thug sé iomad anchainte agus rádhmhaill easaonta do
Phiaras agus do ghaibh leithscéal leis, ar n-a bháireach,
mar leanas: -



B 1756ob 18L
U Eoghan an Mhéirín Mac Cárthaigh



Eóghan.



A shaoi d'fhuil éachtaigh cheannasaigh na nGearaltach gan
stánadh
Is de phríomh-scoth Paorach lanna-ghlic na ndragan chuthaigh
árda,


L. 52


Má bhíos-sa aréir leat spairinneach, le mearbhal mo ráidhte,
An fíon do shéid im' aigne gach glamhairneach d'á ndéarna.



U Piaras Mac Gearailt
Freagra Phiarais.



A shaoi de phréamh-fhuil Charrthaigh nár cheachartha 'san
tábhairne,
An nídh sin d' éirigh eadrainn do mhaithim duit gan cháirde;
Síordhacht bléithe is radaireacht chuir mearbhal 'n-ár ráidhtibh,
'S is fíor go ndéineann carrbhas carthannas neamh-cháirdeach.



B 1791ob 18D
XXI. - AN FILE AGUS AIBIGÉAL BRÚN.



Aibigéal Brún adubhairt ná féadfainn-se
Ainm an Phrionnsa thabhairt gan tréasan di;
Ceathair ar dtúis is dúbail aon annsoin
Is i dteangain na n-ughdar múinte glaoidh ar luich.



4 2 = Sé: Séamus.
"Luch" i Laidin = "mus": Séamus.



Annsain, dubhairt Piaras: -



"Suidhmís síos agus bímís ag ól;
Líontar chughainn fíon is beóir;
'S an dtuigir, a chroidhe, nár bh' aoibhinn sceól
Sliocht an fheill d'á gclaoidhe 'san ngleó."



"Tréasan," arsa Aibigéal, acht, chum í do bhréagnughadh
go dearbhtha, d'aistrigh Piaras na focail
láithreach: -


L. 53



"Suidhmís síos agus bímís ag ól,
Líontar chughainn fíon is beóir;
Doigh 'n-a chroidhe ná híosadh feóil
Satharn, Aoine, is gach lá gheóbhadh."




XXII. - D'ÉAMONN DE BHÁL, Ó DHÚN GUAIRNE.



An t-am do bhain Fréinigh a bhróga de ar bhóthar
Baile Átha Cliath.



B 1755ob 18L
Piaras.



Is brón liom an sceón so do ghlacais, a Éamuinn,
Mar chóbach gan chródhacht, gan neart 'n-a ghéagaibh;
Ba dhóigh liom dom' dhóthchas gur cheap le céad thu
'S gan do bhróga d'á seóladh 'n-a ghlaic chum Fréinigh.



U Éamonn de Bhál
Éamonn.



A óigfhir, nach fóltha do chanair bhéarsa!
Ní dreóileacht neamh-chródha do bhain dam féinidh,
Acht rógaire ar bhóthar do ghread le p'léir me,
'S nár mhó leis sin feóirlinn 'ná anam Éamuinn?



B 1791ob 18D
U Piaras Mac Gearailt
XXIII. - BAILE UÍ CHOITÍN.



Tar éis casta do theachtaire Phiarais ó Bhaile Uí Choitín
gan éin-iasc aige, Lá Carghais, adubhairt an
file mar leanas: -




Baile Uí Choitín gann!
Ná téirigh gan do dhínnéar ann!
Baile beag briste,
Tóin le huisce,
Agus mná gan tuiscint ann!


L. 54


Gaoth a dtuaidh, fuacht is dian-ghála
d'bhur mbualadh anuas mar luach stríocála!
Le bhráithríbh muara, buafa 's píocárda
Go raibh líonta suas go bruach bhur líontána!




B 1769ls 18D
U Anaithnid
XXIV. - AOR AR PHIARAS.




Dubhairt malluightheoir éigin leis an nGearaltach,
mar leanas:




"A Phiarais, a ghliadhaire ba shanntach meóin,
Ag riaradh gach ciabh-bhruinneal mhodhamhail tais óg,
Níor fhiadais gan fiaradh le cam go hóg
'S a' di-diabhal duit ó thriallais chum teampuill leo."



XXV. - INGHEAN UÍ GHEARAILT.
B 1880lsc 19D
U Anaithnid



Ráinig morán uaisle ar fleidh, uair, i dtigh na
nGearaltach i mBaile Uí Chionnfhaolaidh, agus theastuigh
ó Phiaras iongnadh a chur ortha. Bhí an t-amhrán so
"Inghean Uí Ghearailt" scríobhtha aige roimh ré agus é
múinte aige d'á aodhaire bó, Domhnall na Buile. I
gceann scathaimh do glaodhadh isteach ar Dhomhnall os
comhair na buidhne chum go n-abróghadh sé dhóibh
"amhrán d'á dhéantús féin." Gan éan-ghó bhí iongnadh
an-mhór ortha go bhféadfadh leath-amadán a leithéid
sin d'amhrán bhreagh do cheapadh, agus tá a lán daoine
fós ná tuigeann an scéal, mar leanann ainm
Dhomhnaill na Buile mar ughdar leis an amhrán go
dtí an lá indiu.



B 1791ob 18D
U Piaras Mac Gearailt



Tá lile gan scamall d'fhuil Ghearailt na sáir-fhear
'S is soineannda a teastas ag fáidhibh eóil;


L. 55


Ní fheicim a samhailt ag taisteal na sráide
I n-inneallacht phearsan, i gcáil is i gcló.
Grádh na rún í an mhúirnín mhascalach!
Bláth na n-ubhall í i dtúis an tsamhraidh!
Lúibín lachanta, eala an chuirp bháin
An fhinne-bhean fhada-chroibh áluinn óg!



Is mogallach muirearach uilleannach ámhrach
Cochallach cluthmhar ag fás go feór
A carn-fholt cruipinneach fionna-gheal fáinneach
Cnotach, ag tuitim go bárr a bróg,
Go trinnseach táclach tláith tiugh taithneamhach,
Cíortha cárnach cáblach camarsach,
Bíseach barra-bhog bachallach bláith,
Dlaoitheach drolach is a scáil mar ór.



Bíonn Cuipid 'n-a haice go cabhrach gárdach,
Ag caitheamh a ghatha le feidhm gach ló.
Is follus 'n-a leacain ag caismirt go báidheach
Lonnradh an tsneachta le scáil an róis.
A rinn-rosc réidh-ghlas péarlach geamhrach;
A braoithe caola ar éadan leanbhach;
A cruinn-chíoch cheart is geanmnaidhe 'ghnáth
'Sí gile an chuim chailce nár lámhuigheadh fós.



Is binne guth gearr-ghuib an bhalsam-bhuig mhánla
'Ná ainnir Chanáin i sáimheacht cheóil,
Ag seinm chirt Ghall-phuirt, ceapadh na ndáimhe,
An fhuireann do theagaisc an chláirseach dhóibh.
Faoileann mhaordha bhéasach bhanamhail,
Naoidheanda thréitheach dhéarcach gheanamhail;
Milis-bhean urramach mhiochair gan cháim -
Is d'fheartaibh a cumainn tá táin gan treóir.


L. 56


Is mustar di a hathair go hacmhuinneach fáidh-ghlic
Duineanta draganta i mbeárnain ghleó,
'S is tuilleadh d'á maitheas a ceangal le Seaghán dil,
Curadh nár bh'aindeis i dtábhairne an óil.
A máthair úir-chéibh chiúin chaomh charthannach
Thug Sirriam Condae is túrnae Laideanda
Chughainn, is marcra chalma cháidh,
Chum seasaimh na spairne i ngárda an tslóigh.



Dá dtagadh fear forusta fonnmhar feádhbha
Cumasach neartmhar fé lán an tseóil,
Fionn-fhlaith sonais do ghlacfadh go grádhmhar
I ndlighe na hEaglaise an bháin-chnis mhodhmhail.
'Sí Lucy ghléigeal shéimh Ní Ghearailt í;
Ó chrú na nGréagach dtréitheach d'eascair sí,
Seang-bhean mhaiseach na labhartha sámh
Fuair buaidh agus beannachta dámh go deóidh.



XXVI. - SQUIRE GEAL FREEMAN.



Fáilte, a phréimh de bhláth na gcraobh, i dtráth go hÉirinn
aoibhinn;
Fáilte, a scéimh atá gan bhéim, mar ghnáth-ghnaoi déithe chítear;
Fáilte, a chléirigh dáimhe is éigse, - fuair ó bhéithibh fíor-ghean;
Fáilte is céad, le páirt uaim féin, dó'n sáir-fhear Squire geal
Freeman.



Flaith gan ghruaim do b'fhearra cáil
Fuair barr is buaidh i measc gach dáil
I ngradam uasal sona sámh
Is i bhfás do chruadhuigh mo laoch mear.


L. 57


An t-am do baisteadh é 'n-a leanbh, radhadh gaisce claidhimh dhó,
Bronnadh maise, truagh is taise, is cruadhas i n-aghaidh an naímhid dó;
Tug Bacchus fíon do, is fleadh, is scaoil é, go fial i measc na
saoithe
'S Neptiún éachtach thug do caol-bharc ar thonnaibh tréana taoide.



Do fuair ó Bhénus féin níos mó
Áilneacht tréithe méinn is cló;
Dá bhreaghthacht bé i nÉirinn mhóir
Go ngrádhfadh é le díogras.



Is cásmhar sinn gan spás fé chíos, go cráidhte claoidhte ciúin bocht,
Gan dán, gan píb, gan trághadh na dighe, go ndeárnais tír go súgach;
Ó thárla arís thar sáile an saoi, ráib d'fhuil ghroidhe na n-úr-fhlaith,
Sin gártha 's teinte chnámh, is fíonta 'á dtál feadh mí 'san dúthaigh.



An curadh le sealad de shíor atá
Óg is sean ag guidhe de ghnáth
Le cómhachtaibh éachtach' Dé 's a ghrádh
É chosnamh soar ón' aimhleas.



Is dlúith i ngaol dó na ruirigh is tréine, is fuiris léigheamh 'n-a
ghnúis dhil
Gur fáisceadh é as árd-fhuil laoch, ba ghnáth i réim i Lúndain;


L. 58


Árd-fhuil Charey chrádhuig na laochra, Barraigh, Paoraigh,
Búrcaigh,
'S na táinte laoch do thriall ó'n nGréig lé'r cuireadh an Trae
fé chumhangais



Ríghthe ceart de cheannas Laighean
Faoiteach, Crosby, Hazzard, Synan,
Siúd iad sinsear sleachta is deimhin
An táin ó'r shiolruigh an laoch mear.



B 1753 18L
XXVII. - MÁIRE PAOR.



(Máthair Phiarais).



Ag taisteal dam lá, 's me ar fan im' aonar
Cois na Siúire, srúil na méith-bhreac,
Do dhearcas lem' thaoibh an tsídhe-bhean mhaordha
Fé dhair chumhra i ndubh-chnead traochta.



Fé dhéin na bruinnile dhruideas go héascaidh
d'réir mo mheabhrach do labhras léithe:
"Cá tír nó ainm duit, innis gan bréag dam,
Nó cad fáth do ghártha, a réiltheann?"



Ar sise: "A dhuine, cár hoileadh tu ar éan-chor -
I gcuasán coille nó ar imeall an tsléibhe 'muigh.
An le seachmall atáir ar fán ód' ghaoltaibh
Fé ndeara nach feasach duit m'anacar saoghalta?"



"Ó! an tu Máire cháidh na céille,
Máthair Phiarais, triath na féile,
Ó Chnoc a' Leathra na bhflatha mbéasach,
Do b'uaisle cáil i ndáilibh Déiseach?"


L. 59


"Id' chistin ar crochadh bhíodh borradh-mhairt mhéithe;
Id' phroinn-teach measaim dob' fhairsing do thréithe
Ag riaradh bídh agus dighe gach féile,
'S níor ghann do'n tseang acht "lán na héille."



"Id' halla do chínn-se gasradh gléigeal,
Bláth do chuim-se, a ríoghan aobhdha;
Fir agus mná dhuit gach lá ag géilleadh,
Cé fada fé leacaibh dóibh scartha ó chéile."



A Rígh na fine, na cruinne 's na réalta,
Tóg-se an mháthair, a clann 's a céile,
Máire 's a cáirde de phlúr-scoth Paorach
Go dídean Pharrthais is aingil d'á n-aodhaireacht.



B 1743 18L
XXVIII. - AR BHÁS MHUIRIS DE NGEÁRD. 1743.



O tolladh na treóin ba chródha riaradh cath,
Conall is Eoghan is Ólum, Brian 's a mhac,
Níor goineadh thar fóir sinn, Fódla 'n-a ndiaidh níor mheath
Gur coigileadh feóidhte i nEóchaill triath na bhflaith.



Flaith acmhuinneach an dragan dil ba chródha croidhe;
Flaith mheacanta ba thapa mear i ngleó na gcloidheamh;
Flaith mheardha mar Aicil thoir i gcomhrac Traoi;
Is creach dhanaideach é fé gharbh-lic ag dreógh' 'sa chill.



'Sa' chill ó cuireadh mo churadh nár bhaoth a cháil,
Míleadh muirinneach cumasach tréan an stáit;
Is fíor-lag cumas na druinge seo ag téacht thar sail,
Ó claoidheadh gan fuinneamh an bile, mo Shéasar sámh.


L. 60


Ba sámh, ba séimh, an laoch nár stán i ngliadh,
Fáilteach féastach faobhrach rábach fial.
Do b'fhearrde an chléir go héag, dá mb'áil le Dia
Gur lán a shaoghal chum téacht i n-áireamh bliadhan.



Bliadhanta fada níor ceapadh ar an saoghal so dhuit,
A thriath nár mheathta chum airm do thraochadh i bhfuil.
Ba mhian mar ghaisce leat danair a raobadh i gcuirp;
Cian nár ghreadais an cealgaire chaoch do ruisc.



Do rosc níor chlaon ag déanamh amhairc go samh,
Sochma dil séimh ag réidhteach ceasta na ndámh.
Do bhochtaibh Dé thu is léan is d' Eagluis cháidh -
Fé chlochaibh i gcré mo laoch gan chealg gan cháim!



Cáim 'ná cruadhas níor dhual dó'n bhfaraire shéimh,
Plás 'ná buaidhirt ní chualaidh neach ó n-a bhéal;
Rábaire suairc do b'uaisle d' fhearaibh na nGaedheal,
Mo chrádh gur cruadhtan duairc thu marbh i gcré.



I gcré-chuilt mo léan tu, a mharcaigh na srian
Id' aonar ag daolaibh ad' ghearradh mar bhiadh.
Ar Éirinn do thréan-chuiris danaid is pian,
Is béithe go déarach i leasaibh id' dhiaidh.



Id' dhiaidh-se go diachrach le danaid is péin,
A ghliadhaire do riadhfadh ár nglasa gan bhéim,
Beidh ciabha d'á stialladh agus dearca gan bhraon
'S ní cian bheidh a chiall ag cantaire téad.



Téad 'ná tiúin le fonn ní chantar go sochma,
Ó d'éag an stiúirtheach d'fhúigfeadh danair go doilbh.
Léir-chreac dubhtha i gcumhangrach daingean fé chlocha
Is éigse fiúntach múinte flatha agus ollaimh.


L. 61


Ollaimh id' dheóidh gan treóir, gan chiall le seal,
Gan chothrom, gan chóir, gan tóir ar fiadhach mar chleacht,
Acht golfairt is deóir is brón le pian go beacht,
O tholladh na treóin ba chródha riarfadh cath.



Ceangal.



A Mhic Mhuire na ngeal-lámh ghlac páis, daor is pudhair
Chum ar gheineadh ó Adámh do shábháil, féach go humhal;
Beir chughat gan ró-spás dólás Éireann iúil,
Muiris Mac Thomáis de nGeárd séimh id' chúil.



Feartlaoi.



A leac fuair an mac suairc mar chéile clúmhail,
Badh cheart uaill ar feadh tuatha is géim go búch
Mar cheap duaircis gan suaimhneas éada is pudhair
Ar shuadhaibh, ar uaislibh is ar bhéithibh Mhumhan.



XXIX. - MARBH-CHAOINE.



Ar bhás Sheagháin Paor Chlaise Móire, d'éag an
treas lá de mhí Iúil, 'san mbliadhain d'aois ár
dTighearna 1754.



B 1754 18L



Lá 's me ar mhaoilinn árd-chnuic aoibhinn
Ársa binndeal Éadaine
I dtoirchim suain, i mbrollach cuain
'S me torchartha im' thruaill im' aonar ann:
Do chuala láimh liom uaille gártha,
'S cruadh-ghol cásmhar, déar-shilte,
Ag drong de bhábaibh amhra áilne,
Ba channtlach, cráidhte, créacht-shnuidhte,


L. 62


Is iad go brónach, diachrach, deórach,
Pianmhar, sceónmhar, géar-ghothach,
Ag réabadh a gcuach, ag éigheamh 's ag uallfairt,
Go traochta, gruaidh-fhliuch, déaluightheach.
Do bhíodhgas suas le sceimhleadh is buaidhirt
Is fíor gur suarach d'fhéachas-sa,
'S ba léir dam eatortha réiltean thaithneamhach
Go tréan ag greadadh a haol-chrobha,
A glinn-ruisc phéarlach' líonta 'dhéaraibh,
A croidhe 's a hae d'á léir-bhriseadh,
Agus d'fhéach sí dúbhach, bocht, cnaoidhte, túirseach,
Líonta dhe smúit is de ghéillsine;
Do b'arg úr an eala chúmhra,
Ainnir mhúinte, taobh-leabhair,
'S do bhrostuigh sí ag greadadh saighead
Isteach im' chroidhe go héigineach!
A mhánla bhúch 's a bhláith na dtriúch!
Fáth do chumhaidh 's do dhéara guirt
Aithris damh-sa, a chaomhthaigh chródha
Is cailce cló gan bhéim ar bith."
Do ráidh an rígh-bhean chráibhtheach chaoin
Go cráidhte cíorrbhach créimeannach -
"A fhir chanas laoithe, is leamh an nídh
Nách fios duit brígh mo dhéara-sa!
Cia fada ar fán me, ag danair tháire,
A seana-áitreabh Éibhire,
'S mise dhom' ruagadh le tréine 's nuaidh-reacht
'S Gaedhil go buadhartha am' éileamh ann,
Níor fealladh riamh me, níor greadadh dian me,
Níor ceapadh pian go daor ionnam,
Gur leagadh lóchrann is ceap na Fódla
An seabhac códhnach réaltannach.


L. 63


Creach na críche, creach na tíre,
Creach is sceimhleadh Dhéiseacha;
Creach is gleó na bhflatha cródha
Creachadh 's brón i bPaorachaibh!
Creach na maighdean maiseach meadhrach,
Greanta greidheanda déid-gheala;
Creach na n-uasal - táid go buadhartha -
Do chanadh duanta 's caomh-ranna! -
A fhir chanas dréacht, seo an chreach lé'r thréig
Mo chreat, mo ghné, agus m'éifeacht me:
Tá crú na leógan lonnrach lóghmhar,
Trúpach treórach traochta anois!"
"Athghoirim tú, a bháinseach bhúch,
Do ghread go dlúith, is do ghéar-ghoin me:
Síthigh liom, a ríoghan chiúin,
Is brígh mo rúin-se léigfead riot.
Ar phreabadh suas dam as mo shuan
Is ar gcloistin fuaim do ghéar-ghotha,
Is tapaidh chuimhneas, is obann do smaoineas
Gur leagadh príomh-fhlaith Dhéiseacha,
'Nuair a dhoirchigh grian, gan solas, gan rian,
Agus srotha go dian ag géiminigh,
Gur thar cóir do bhrúcht an bhóchna 's drúcht,
'S gur chiúin gan cheól na héin bhinne.
Do mhúch an rae go dúbhach gan ghné
'S ní lonnrach glé na réilteanna,
Acht scamaill is smúit do leathnuigh chughainn
Ó leagadh 'san úir an tréan-churadh:
Ráib na féile, ráib na séimhe,
Ráib le daondacht, saor-bhreathach;
Buinneán buacach sultmhar suadha,
'S i gcabhair na dtruagh dob' éigneach.


L. 64


Searc na cléire, searc na mbéithe,
Searc na gCaesars ngléigeal thu;
Searc na riogh-bhan maiseach míonla
'S na bhflatha bhfíontach bhféastach thu;
Dragan cungantach fairsing flúirseach
Scaiptheach súgach séan-chodach;
d'fhág i mbrón gach stáid-fhear cródha
'S ráib d'fhuil óirdheirc Dhéiseacha.
Ba gheal an radharc an seabhac soilseach,
Ar each ba mheadhrach léim is rith:
Le sluaightibh laochradh uasal éachtach,
Ar ghualainn sléibhe slaod-dhuilleach.
Ba bhinn é glaodhach a mhilis-bhéil,
Ar gcloistin béic na bhfaol-chona
I ndiaidh an chaol-phuic, siansach saothrach
'S triatha Phaorach ghéilleadh dho.
Is dubhach atá gach cúilfhionn cháidh
Agus úr-ghas láidir léigheannta, anois
Ó síneadh tú - mo chreach! - 'san úir,
Go dearbh dúnta i nuaidh-chrithir.
Is iomdha iarla, flaith is tighearna
Agus bile ciallmhar, séimh-cheannach
I ndeóidh do bháis go brónach tláith
Go deórach, tráighte, taom-dhearcach.
Is iomdha saoi glan fiúntach groidhe
Agus cúilfhionn mhíonla dhéid-mhilis,
Dragan deónach cabharthach cómhachtach
'Gus sáir-fhear dóighte ad' dhéidh-se anois.
Is iomdha páiste ba súgrach sásta
Ó dúnadh t'áitreabh néamharach
Is creachta atá ó scuir do lámha
Ó scaipeadh aráin le féile ortha.


L. 65


Do scaradh suairceas le Clais Mhuair,
Do scaradh duain is dréacht mhilis;
Do scaradh saoithe, do scaradh laoidhthe,
Do scaradh aoibhneas saoghalta anois
Ó leag an bás an scuibhéar rábach,
Fial, fliuch, fáilteach, faobharach,
Tá screadadh is gártha ag flathaibh ársa
Ó Chaiseal cháidh go Béarra indiu,
Ó d'imthigh ár n-úghdar grinn, mo chúmha!
Ba chaoine plúr i bPaorachaibh!
Do bhéarfainn cunntas ar a chrú-shliocht,
'S ar a mhéinn ba lonnrach, éifeachtach:
Tá fios ag diúicíbh is ag prionnsaíbh -
Tá tré dhúithchíbh Éibhir fios,
Gur scagadh a chrú tré threabhaibh i gclú
Do b'argdha rúireach réilteannach.
Is fíor gur scagadh 'n-a chaomh-fhuil chalma
Rí-niadh Chaisil na saor-righthe,
'S do'n Diúic Builtéar ba dhlúith a ghaol,
Túr gan éalaing préamhuighthe,
An tIarla Déiseach, 's an tIarla Paorach
An tIarla i gcéim ba dhéarmhaire,
Do shreabhadh a chrú go dearbh i mbrú
Le marcaigh gan chuar gan chlaon ionnta.
Tá uch is cruadh-ghol ag Loch Luachra,
Tocht is buadhairt id' éagmuis-se;
Tá clann Chraith chómhachtach ag caoi go brónach,
Nídh nách tóigthe d'aon ortha;
Tá Cill Bhéithne líonta le déine,
O chualaidh scéal gur éagais-se
'S do ghaolta dlúith, a Phaoraigh úir,
Le chéile ag luadh do thréithe fir.


L. 66


Ba chúirt aoldha uasal aerach
Brugh gach séimh-fhir do ghlaodhfadh ann,
Do dhún gur traochadh 's gur cuireadh ar téarbhadh
An bile ba thréine i nDéiseachaibh.
Tá Sliabh gCua 'n-a shliabh gan duan
'N-a shliabh gan fuaim 'ná dréacht anois,
Ó leagadh i gcriaidh an faraire fial,
An galach ba ghrianda i nÉirinn ghil.
Ba dhian an marcach tu i ndiaidh an tseana-phuic
Ar Shliabh na mBairrfhionn-mBan aol-chnise,
Agus gasradh cródha i n-aice mo leóghain
Ag leanamhain ceóil na bhfaol-chona.
Is súighte tirim atá 'n tSiúir 's an tSionainn
I n-úir ó cuireadh an tréan-churadh;
Tá 'n Bhrighid 's an Bhearbha líonta le cathughadh
'S ag bíodhgadh lé fad-chumhadh dhod' éileamh-sa!
Ba mhinic thu ag fiadhach cois Brice na bhfiann
Le fuirinn de thriathaibh 's laocharaidh,
I ndeóidh an tsionnaigh, go ceólmhar cumasach,
Óirdheirc, criostalach, faobharach.
Ba mhinic ar t'éileamh bruinneala is béithe
Gile-chnis, maordha, léigheannta, glic,
'S tusa go fonnmhar, fáilteach, foraireach,
Id' dhún le tlácht d'á mbréagadh-san.



Do-gheachtaoi suairceas i gClais Muair
Fastuím, fuaim, is faol-choin,
Ól is aoibhneas, feóil is fíonta
'S ceól gach oidhche ar chaomh-chruit.
Ba mhinic nár bh'fhann tu ar imirt na lann,
Mar churadh go teann le Caesar,


L. 67


'S ba chóimhreach, calma, córach, araid thu,
Mar leóghan le Gallaibh chum éirligh.
Is brónach lem' chroidhe, a chóradhaigh ghroidhe,
Nár dheónuigh Críost faid saoghail duit
Go tigheacht thar caladh d' ár dtriath 's a ghasradh
Fianda feargach faobhrach.
Ba mhinic do shláinte ag fuirnibh feádhmach
Agus mise le cách dá taoscadh ann
Id' dhún-sa, a churadh, go súgach sona,
A ghustalaigh churata Phaoraigh.
Ní hiongnadh saoithe is suadha gan bhrígh,
O leagadh i gcill go tréith thu,
A chobhthaigh chosanta, oinigh, oirdheirc,
Gríobh agus posta na nDéiseach:
Cois Sionann na dtonn agus Life na long
Tá siosma 'gus glam id' dhéidh-se,
Ó chríochaibh Uladh go críochaibh Chonnacht,
An tír 'n-ar rugadh do chéile,
Cáit an bhrollaigh ghil, fháilteach fhoirtileach,
Bláth agus solas na mbéithe
Réaltach, ríoghdha, mhaordha, mhíonla
Shéimh, gan phuimp gan bhaoth-chlis.
Coigilte i dtuamba id' fhochair, mo nuar!
Thug osna 'gus buaidhirt is déara guirt,
Brón gan scaoileadh is ceó gan aoibhneas
Ar óg 's ar chríonna i nDéiseachaibh,
Fá ndeara dhod' chlann a bheith scamallach fann,
Gan aiteas, gan greann, 'bhur n-éagmuis;
'S tá flatha na Mumhan gan dearmad ciúin
Gan ranna, gan tiúin, id' dhéidh-se.
Do b' aithreach cúmhach tu ag aitche go humhal
Ar Athair na nDúl is na daondachta


L. 68


Go nglacadh gan spás tu go Cathair na ngrás,
Tar éis maithimh do ghnásaibh éadtroma.
Le claon na tola 'ná aeraidheacht eile,
Níor thréigis an tAifreann naomhtha;
Ba rogha go fada leat Ríoghacht na bhflaitheas
'Ná greann agus tairbhe an tsaoghail seo.
A Thighearna Íosa! ó bhrón an tsaoighil seo
Ó threórais príomh-scoth Phaoracha
Go tír na n-easpal, na naomh 's na n-aingeal,
Deónaidh a anam do shaoradh leat!
Stiúruigh a anam go Ríoghacht na bhFlaitheas,
A Chríost do cheannuigh go daor sinn!
'S a mhaighdean thaithneamhach, chráibhtheach, charthannach
Tóg féd' thearmainn féin é!



FEART-LAOIDH.



Mo chreach, mo nuar, mo bhuaidhirt lem' shaoghal arís,
Mo scread gan chluain, mo shuairc-fhear craobhach groidhe
I gClaise Mhuair i dtuamba, tréith gan bhrígh,
Flaith gan ghruaim dob' uaisle méinn is gníomh.



Gníomh doilbhis caoi poibleach, is lán-chreach Ghaedheal
Gríobh oirdheirc, ríogh-chosantach, gan tlás le tréan,
Taoi torchartha - is fíor-ghoinideach le trácht an scéal,
Príomh lonnardha, groidhe, gorm-dhearc, Seaghán geal Paor.



Sin eadraibh sceól mar nódhacht 's ní fáilteach é,
Gur marbh, mo bhrón! an leóghan do b'áilne scéimh
Ba laidionda, lóghmhar, - lóchrann dáimhe is cléir
Fé ndeara dham deóra móra thrághadh, mo chréacht.


L. 69


Mo chréacht is m'osnadh go doilbh, mo chás, mo chnead!
Craobh is cosnamh na bpoibleach, tláith gan phreab;
Tá séan is sonas féd' chumas go bráth, a leac!
An Paorach brollaigh-gheal coigilte id' pháirt, mo chreach!



XXX.
B 1744 18L



FÓGHAIRM AN MHÓRÁNAIGH.



LEATH MOGHA
MAILLE RE PIARAS MAC GEARAILT, aon d'Órd Ollamhanta
na hÁird-Leithe réamh-ráidhte
chum Uilliaim Uí Mhóráin, Scol-oide ar Shliabh gCua,
i gCondae Phortláirge.



Ag seo chughat i n-ainm an Úird, dá aithniughadh
dhuit bheith i bpearsain dom' láthair ag m'áitreabh i
mBaile Uí Chionnfhaolaidh, ar an deichmheadh lá de'n
mhíos is neasa dhúinn, romhainn, ionnus go dtabharfá,
má thig leat, freagra iomchubhaidh ar na casaoidibh
cruaidhe cíocracha ... ta as ucht an Úird ar
ndéanamh ... tadh, gidheadh d'fhaitchios nách soichfeadh
an fóghairm seo chughat roimh an lá réamh-ráidhte,
MAISE forfhógraim duit an treas lá earraigh gan
dream ris, bheith im' fhiadhnuise ins an ionad réamh-ráidhte:
ná hob i bpéin d'umhla.



TUGTHA fém' láimh an t-ochtmhadh lá fichead de'n
mhíos Aibhgheist, i mbliadhain d'aois ár Slánuighthe,
seacht gcéad déag ceathrachaid agus a ceathair.
PIARAS MAC GEARAILT,
Árd-Sirriam Leithe Mogha.


L. 70


XXXI.



BARÁNTAS AN MHÓRÁNAIGH.



LEATH MOGHA
MAILLE RE PIARAS MAC GEARAILT, Aon d'Órd Ollamhanta
na hÁird-Leithe réamh-ráidhte.



Chum gach Árd agus Fochonnstábla ar feadh na Leithe
céadna, agus chum lucht a gconganta agus a gcabhartha.



Do fuair mé áiteamh iomshlán go bhfuil i bhfaighir
nó i bhfoirthe éigin ar Shliabh gCua scol-mhaighistir
scaitheólach, darbh ainm Uilliam O Móráin, do thug
go meardha, malluighthe, mí-bhéasach, agus go huallach,
éadtrom, earráideach, briathra borba baoth-ghlóracha,
agus aitheasca easumhla iliomdha, do phrealáidibh uaisle,
oirdhearca, árd-chéimeacha, do chléireachaibh chuanda,
ciallfhoirbhthe, cráibhtheacha, d'ollamhnaibh ungtha,
eólacha, oll-bhladhacha, agus d'fhilidhibh feasacha, fíor-líomhtha,
focal-snuighte, noch nach rightear a leas d'áireamh
sonn, gion gurb neamh-ríomhtha iad leath ar leath ins
an áiteamh do ghlacas, agus fós gur maoidheadh go
mí-chialldha leis an Uilliam O Móráin réamh-ráidhte
gur fromhta, gur fáithighe, gur líomhtha, gur léire, is
gur léir-dheasuighthe é féin i n-eólas, i n-iomais, i
n-iomscaoileadh na n-adhmad, i n-ilcheárdaibh na
n-ealadhan n-éagsamhail nÉireannach, ní hé amháin
'ná ceachtar de n-a shíoldánachaibh amhra oirdhearca
so, acht fós ná iad go huile, gion gur ghlac ceachtar
de na grádhaibh le n' oireantar neach i n-ealadhain
riamh, agus FÓS, mar dhiúlt go mear-dhána teacht dom'


L. 71


láthair ar gcur fógharma chuige i n-ainm an Úird an
t-ochtmhadh lá dé'n mhíos Aibhgheist ins an mbliadhain
d'aois Chríost seacht gcéad déag ceathrachaid agus a
ceathair.



Ag seo m'aithne agus m'órdughadh UIME SIN dhíbh agus do
ghach n-aon agaibh go ndeárntar síortha síor-luatha agus
lorgaireacht lán-urlamh libh agus go léigthidhe scimealta
scríob-luaimneacha fá ilchríochaibh Leithe mór-aidhbhle
Mogha ionnus ná fágfar libh aill ná árdán, bruach
ná báinseóg, clais ná cuithe, cnoc ná céide, coill
ná currach, drom ná druiméal, dúmh ná diamhar,
fíodh ná fásach, fiadhach ná fiadhtach, gort ná glasbhán,
grianán ná grian-chnoc, iath ná imeall, lúb ná
luibh-ghort, lios ná leaca, máigh ná mínleach, maidhig
ná mothar, niod ná neanntóg, orc ná oirear, os
'ná oileán, port ná puathais, poll ná pórán, ros
ná réidhteach, riasc ná ruadhán, sliabh ná sliosán,
seisc ná seisceann, treabh ná triúch, tuar ná
tualach, uaigh ná uille; agus go háirithe ná fágaidh
bléan breac-chnuic, cuas crainn, clab carraige,
craos cumair, drannt doimhneóige, fos faidhre, glot
gáipéir, gleann guaireach, ithe uisce, lár laige,
mong muine, nead druide, pus pluaise, roc ruaigthe,
scúmhadh scairte, tigh talmhan, 'ná áit uaigneasa,
fá theórannaibh fairsinge Sléibhe slios-fhada sean-gCua,
gan lorg agus léir-spiúnadh go friochnamhach agus go
dícheallach go ria agus go dtiocfaidh libh an tUilliam
réamhráidhte do lámhadh, agus ar n-a ghabháil, tabhraidh
i ngeimhlibh agus i nglasaibh go daor, docht, ceangailte
chugham-sa go sonnradhach é, go n-imirthear dlighe air,
do réir a chionnta.



UIME SIN, Seo é bhur gcomhachta agus bhur mBarántas,


L. 72


ar n-a thabhairt fóm' láimh agus fóm' shéala i mBaile
Uí Chionnfhaolaidh an t-ochtmhadh lá ar fhichid de'n mhíos
Aibhgheist, ins an mbliadhain d'aois ár Slánuighthe,
seacht gcéad déag ceathrachaid agus a ceathair.



PIARAS MAC GEARAILT,
Árd-Sirriam Leithe Mogha.



B 1774 18D
XXXII.



LEATH MOGHA
Maille re Mártan Liútar, Calbhin, Crombhail, agus Melangton,
Ceathrar de phríomh-chómhairle Ifrinn
do chum gairm órduighthe agus bharántais do thabhairt
amach ar feadh na leithe céadna i gcoinne gach n-aon
de'n gclé-Eagluis, chuirpe, chealgaigh, choinneal-bháidhte,
noch do thréig agus do dhiúltuigh do na grádhaibh diadha
déarscanacha ceart-briathracha agus do na hÚirdibh
aoibhne, áilne, fíor-naomhtha, agus de bhrígh go bhfuaireamhair
deimhin agus léir-chunntas gur cheangail agus gur
mhóidigh duine dona diablaidhe droch-oinigh áirithe chum
a bheith i n-a dheisciobal ag an árd-mhaighistir sin i
n-ár gcoinne, .i. Lucifer, go mbeadh sé modhmhail
miochair milis omósach dó'n ochtmhadh Hannraoi, do Rígh
Liam an Chumhangais, d'Anna Bolaín agus do mhórán
eile de sna deamhnaibh, darb ainm agus sloinne dhó
Diarmuid Ó hAirt, do bhí tamall i n-a Shagart
Paróiste thiar i gCairbreachaibh, tamall eile i gCarraig
Thuathail fé thearmann Dhochtúir dhiadha déarcach
deiscréideach Mac Cionnaoith, Easpog Chluana, Chairbreach


L. 73


agus Ruis. Acht cheana, chum go mbeadh mear-aithne
agaibh ar an nDiarmuid réamh-ráidhte bhéarfam-na
dhíbh a chómharthaí sóirt agus eólas ar a dhroich-mhéinn agus ar
a ghníomharthaibh déistineacha salacha fé mar leanas.
Tá Diarmuid déad-bhuidhe diablaidhe O hAirt acharnach,
ainmhianach, airciosach, amplach, bradach, bréagach,
breallach, bruideamhail, bruighneach, calghaoiseach,
cam, canncarach, casaoideach, ceagach, clamhach
clamparach, cleas-bheathach, dána, dona, dorcha,
droch-ghnóthach, duairc, fealltach, feargach, fraochaidhe,
garg, glais-ghnéitheach, gráineamhail, gruamdha, lán-díobartha,
leamh-labharthach, léanmhar, loiscighthe,
lomartha, lom-luirgneach, mailíseach, malluighthe,
manntach, masluightheach, meirgeach, míbhéasach, mí-nádúrtha,
namhaideach, peacamhail, plucach, púcamhail,
port-shúileach, pus-ramhar, ríogh-bhodach, righin-bhéalach,
suarach, searbh-labharthach, silteach, tuirinneach, tubaisteach, -
do chuir gleó agus buaidhirt ar Impreacht na
bhflaitheas do chréachtnuig agus d'athnuaidh cneadhtha
Chríost, do chuir Bainríoghan na nAingeal ag sileadh
na ndeór, do chuir cneadh i gcroidhthibh na naomh agus na
n-easpal, do chuir ceó, brón, doilgheas agus diombádh ar
Eagluis dhiadha dheagh-shomplaigh na críche seo Leithe
Mogha agus ar mhórán leo de'n gCléir mhilis choróntaigh,
thaithneamhaigh, dheagh-mhúinte seo Inse Fáil.



UIME SIN, an uair ná tagann agus é féin a thabhairt
suas agus seasamh chum bhreitheamhnais, fógraimíd, i bpéin
phiriacail agus umhlachta, do ghach uile bháille nuadh-bhearrtha
agus connstábla cúmhang-ghuailneach, gach uile
chléireach luaith-mhéireach, gach uile chlaidhre cuirpe,
claon cailleamhnach, gach uile bhitheamhnach bréagach,
bradach, cealgach, cleasach, síleach, suarach ar feadh


L. 74


na leatha céadna mór-fhódaigh Mogha, de bhrígh na
mór-chómhachta atá agáinn, gan diúltadh."




An Diarmuid cas Ó hAirt d' éileamh
A lorg 'sa chuardadh go buan gan téarnamh
Ar fuaid curraighthe, bogaighthe is sléibhte,
Bailtí muara, cuanta is céide.
Cuarduighidh árd-chnuic, bánta is gaorthaidh,
Caisleáin sheannda, gleannta is féithe,
Cuasáin cumair is imeallaibh craos-mhuir,
Gach tráigh is cuan ar fuaid na hÉireann.
Tosnuighidh thiar i n-iarthar Béarra
Na fágaidh dún ná cúirt 'ná aol-bhrogh,
Long 'ná bád i gClár Luirc Fhéidhlim,
Gan spiúnadh is lorg do stollaire an éithigh.
Ná fágaidh Beanntraighe ar ionntaoibh éinne,
Cuan Dor na long 'ná Dún na Séada,
An Scibrín gan fuidheall gan éileamh
Ná Clanna Chaoilte na laoithe aosta,
Ar lorg an scamaire dhamanta chéasta.
As sain preabaidh go meanmnach saothrach
Go Corcaigh na gCuan go luaimneach léadmhar
Is déinid lorg go brostuightheach éigneach
Ar Dhiarmuid spairt Ó hAirt an méirleach;
Acht fóil, a dhaoine, go n-innsead scéal díbh,
Gur theich an raille le n-a anam 's a mhéirdreach
Go hUíbh Magh Caille le hiomarca saothair
Ag iarradh coimirce i gcumaraibh éigin;
Leanaidh go dlúith an sprionnlach déistneach
Is cuiridh a lorg go hobann le faobhar;
Ná fágaidh gleann 'ná poll 'ná réidh-chnoc
Gan spiúnadh is siubhal go dlúith d'á éileamh.


L. 75


Lá Fhéile Sheagháin do chuala ó uasal thréightheach
Go bhfuil an fiadh i gCilliaith fá dhaol-bhrat,
Agus é 'n-a mhinistir chuiripe chréimthe
Agus bean acarach aige is cléir-theach.
Nár mhairidh sé a ghúnaí dubha 'ná a bhéabhar;
Ochlán gruaim is buan-chnead cléibh air;
Saighead nimhe galair is greamanna is géar-ghoin
Gach aon lá agus tráth d'á chéasadh.
Go mairidh céad bliadhain 'sna pianta céadna
Is conairt na fola d'á stoladh is d'á chréimeadh,
Naithreacha nimhe 'na chroidhe mar éag-bhrogh
'S a chionnta mallaighthe damanta 'á dhaoradh;
Céad cnead 'n-a chroidhe d'á dhruim is péin-bhruid,
A chlí 's a cheann 's a mheabhair d'á réabadh,
d'á stracadh 's d'á phianadh ag diabhail go saothrach,
Mar thug sé ainm ar aithis gan bhéasa
Is druim do thabhairt le flaitheas Mhic Dé ghil,
Chuir cogadh, gleó is brón ar naomhaibh
'S an mac míorbhúilteach múirneach naomhtha
Gur fhuiling bás le grádh do'n sméirle
Is d' iomchuir an chroch go doilbh déarach,
Ar mhullach an chnuic annsain do céasadh
Le hiomad pianta diana déistneach'
Íosa milis chum sinn-ne shaoradh.
Ciach ort-sa, a Dhiarmuid, is léan ort,
Ochlán dúbhac is pudhair is créim guirt.
Cá ngeóbhair, cá stadfair, cá rachair ar éan-chor?
Is go mbéir lá an luain id' chuaill bhocht daortha.
Os comhair do shúl béidh scrúdadh is léireacht
Is breitheamhnas caoin ag Íosa dh'á dhéanamh
Dlighthe go comhthrom is lorg is léir-mheas
Ar do ghniomharthaibh malluighthe damanta, a mhéirligh.


L. 76


Beir-se id' stráille - is é seo an lá léin duit
Cá gcaithfir do ghúnaí dubha, - do bhéabhar?
Cá ngeóbhaidh do phearsa, do ghaisce 's do thréine
'Ná an mhéirdreach mhalluighte mhasluigh is dhaor thu.
...
Dar leat ba mhaith is ba ghlan do léim-se
Thar móin, thar geata, thar caise nó féithe,
Ag déanamh mustair le fuinneamh is faobhar
'S ag taispeánt chlú agus lúith do ghéaga.
Turrainn, treascairt, galar is créim ort
Do rinn d'anam do dhamaint le léim chuirp,
Léim le'r scarais le flaitheas Mhic Dé ghil
Is léim do chuirfidh go hifrionn daor thu.
Beidh tu fann-lag, crannda, créimthe,
Beidh soigheadaí nimhe tréd' chroidhe gan faesiomh,
Beidh do námhaid i gclár t' éadain,
Meisce, drúis, is tnúth, is craos chuirp.
Ní thuigim gur tairbheach an teagasc so léigheamh dhuit,
Ní baois 'ná glagaireacht, gangaid ná bréaga,
Go mbeidh Mac Airt 'n-a spreas fé dhaor-chnead
I ngleanntaibh Ifrinn tuilte le bréantas.
Cruadhtan báis ort, fán is géir-chnead
Is buadhartha atáid a lán ded' ghaolta,
Eagluis ionnraic, mhúinte, mhaordha
A leanas go dlúith gach cúrsa naomhtha.
Dochtúir O hAirt an sagart léigheannta
Is Tadhg do bhráthair lán de dhaondacht.
Do cháirde i ngleó go brónach traochta
I dtaobh do dhamaint, do mhasladh is do chlaonadh.
A thrúidh bhoicht aindeis, cad mheasair a dhéanamh
Nó cad é an diabhal do chuir ciach is daol-bhrat
Ar do radharc chum deighilt do dhéanamh
Le hÍosa mhilis, A dhlighthe 's A naomh-Script?


L. 77


Glac-se comhairle i gcómhair tu shaoradh,
Spreag t'aigne, is tabhair-si géir-ghean
Do Chríost thar n-ais is glacfaidh Sé leat;
Má bhíonn do chroidhe dá ríribh céasta,
Buail t' ucht is bíodh sruth déar leat,
Smuain ó chroidhe ar do chríochaibh déidheannach';
Smuain ar Íosa Críost mar céasadh
Ar chrann na Croise le dursan is daol-bhrat.



AN CEANGAL.



Mo thruagh thu feasta, mura nglacfair mo chómhairle i dtráth,
S mo thruagh mhór t'anam bheith damanta i mbrón gan tábhacht.
Id' chuaill bhocht caithte fé leacaibh ag dreóghadh go táir
'S na sluaighte deamhan dod' stracadh 's dod' dhóghadh de ghnáth.



Gnáthuigh feasta teacht ar ród na ngrás
Is grádhuigh let' anam taithneamh mór na neámh,
Fág an peacadh is seachain cló na mbáb
'S is árd bhéidh gradam agat, glóir is cáil.



Do cháil is do nós is deórach dúbhach le Cléir,
Mar d' fhágais lóchrann glóire is Cúirt na Naomh,
Do cháirde i ngleó le brón 's le túirling déar
'S na táinte leó, fé cheó, go cúmhach id' dhéidh.



Id' dhéidh-se is cathach liom greaduighthe táinte triath
Mar thréigis sealbh na bhflathas is grádh na gcliar,
Le gaethaibh cealgach', malluightheacht ráidhte is mhian
Do mhéirdreach dhamanta shnaidhmidh thu ar láimh an diabhail.


L. 78


U Anaithnid
Adubhairt Diarmuid O hAirt mar leanas: -



"Muna bhfuil mo chreideamh go cóir,
Ar thaobh an óir is mé is liaigh,
Is duine dona atá mar atáim
Gan an saoghal im' láimh 'ná Dia.



XXXIII. - AOR.
B 1769ls 18D
U Piaras Mac Gearailt



Aisling do rinne Baothlach Mac Críomhthain Mic
Fhéidhlim Uí Sheachnusa do Sheaghán Dall Ó Súilliobháin
.i. Seaghán Mac Phiarais Paor Bhaile Uí Chadháin i
nDeíseach, bráthair baoth, borb, leath-ruisc, d'Órd
Naoimh Auguistín, do thréig is do tharcuisnigh an tÓrd
riaghalta rathmhar beannuighthe i n-a raibh sé, agus
athá anois i n-a mhinistir i nDúngarbhán fé ghúna
dhubh, agus gurab faide saoghal an ghúna 'ná saoghal an
mhinistir.




Theangmhaidh tráth mé lán-lag traochta
I mbóithribh gleanna i bhfearantas Dhéiseach
Is mé go buaidheartha uaigneach léanmhar
Chum suain is codlata bhrostuigh mo néalta.



Dar liom gur thaisteal im' aice an laoch soin,
An bráthair Seaghán 'n-a stráill gan éan-rosc,
Chómh dall le púca is gan fiú na léine
Báin' mar do chleachtadh ag teagasc a thréada.



Bhí sceon 'n-a ghnúis, bhí cnú 'n-a éadan,
Ba dhéarach athtuirseach asmuilteach créachtach;
d'fhéach an raille 's a theanga as a chraos-chlab,
Mar bheadh tarbh ag alpadh is ag géimnigh.


L. 79


Do cheapas im' aigne preabadh go héasca
Is do dhruideas 'n-a dháil go dána taobh leis;
Dubhart go bhfeaca a shamhailt le tréimhse
I bhfigiúir sagairt ag teagasc a thréada.



'Nuair chrom ar fhreagra thabhairt dom' bhréithribh
d'eirigh stoirm lé'r critheadh na daor-chnuic,
Do dhúbhaidh, le hana-bheart scamallach, Phoébus,
Is na táinte ag screadaigh le hanfhaithe is baoghal.



Do bhrúcht an fhairrge freasamhail fraochta,
Tonntacha ag siosmadh go casamhail craosach,
Alltán na mara ag preabadh is ag pléascadh,
Amhuis is deamhain is céad dream nár léir dam.



Do sceinn as cúil nó as cúinne éigin
Scriosaire ciar-bhuidhe i n-iarrnaidhibh géara;
A dhá chrobh, is a chruth ba dhéistneach,
Is colg nimhneach nimhe ar an bpéist dhuibh.



Agus dubhairt le Seaghán, "a ghrádh mo chléibh-se,
Is tu a bhí uaim 's is suairc mo scéal duit;
Is fada me ag áitreabh stát is réim duit
I bhfochair na righthe is na mbruingheala gcraos-chorp.



Mo chabhair do gheabhair ar mh'fhallaing go héasca
Chum bheith i bhfochair gach posta aca is tréine
Do Rígh na ríogh-bhan do ghnídheadh éirleach
Is do bhaineadh go damanta a gceanna de chléir chirt.



Ní ar feadh tamaill 'ná sealad gan éifeacht,
Acht ar feadh na síorruidheacht' i mbriathraigheacht béithe,
Fé mar chleachtais go hasmuilteach craosach
I n-aghaidh dlighe Pheadair le'r scarais go heádtrom.


L. 80


Pé faid is bheidh flaithis i seilbh Mhic Dé ghil
'Ná an ghlóire mhilis gan time ag naomhaibh
'Ná diabhail i nIfrionn ag fiuchadh is ag séideadh
Beir-se ann treascartha damanta i bpéin-bhruid.



Beidh do cheann is do dhranndal créimthe
Ag piastaidhibh dubha dh'á mbrughadh id' bhéal-sa;
Beidh do theanga dh'á stracadh is dh'á réabadh
Ag madraidhibh fiadhaigh, ag diabhail, is faol-choin.



I n-ionad na póit' id' scórnaigh chraosaigh,
Imirt is ól is póga béithe,
Beidh míle diabhal go pianmhar saothrach
Dhod' thachtadh le peannaid ó scarais led' chéile.



Máthair Íosa Críost do céasadh,
Nár mhinic do chuiris-se cuisne d'á naomh-shúil
Ag sileadh dubhach led' chionnta, a mhéirligh,
Is na flaithis fé scamallaibh athtuirse is géir-chnead.



Ar nós an mhadra d'alpfadh go saothrach
An t-aisiog do dhein, gan mhoill, go féastach,
Ba mhar sin tú, a thrúidh, ag réabadh -
Ag damant t'anaman ar aiteas bheag shaoghalta.



Níor ghabhais-se páirt le Máire naomhtha
'S an t-aingeal do ghráduigh thu is nár mar shéanais;
Do scarais go bráth le cáil na naomh-ghlan
Is an tAifreann sámh, mo chás! mar thréigis.



Do leanais-se lorg na mborba céasta
Tá thíos rómhat fé bhrón is daor-chnead,
An t-ochtmhadh Hanraí 's a bhainríoghan taobh leis,
Anna damanta, an bastart Bóiléana.


L. 81


'S a hinghean scólta dóighte i ndaor-chnead,
Eilís, threascaradh Eagluis naomhtha,
Easpoig is sagairt is bairrfhionna maordha
Do bhíodh ag cantain na salm go séanmhar.



chífir Cromail 'n-a stollaire chéasta ann
Gan truagh do threascaradh seascadh de chéadtaibh;
Do naoidheanán, leanbh 'ná an sean-duine aosta
Níor chorruigh a chroidhe chum saoirse dhéanamh.



Annraí an prútach, brúighte i n-éag-chruith
'S mar mhnaoi acarach aige Jane Seymour;
Éadbhard cuiripe imirthe traochta
'S mise d'á dteagasc gan leagadh ar mo bhéal-sa.



De bhrígh go rabhas im easpog ag déanamh
Pósaidhe sultmhara go deimhin mar ghéilleadh
Do Hannraí damanta malluighthe, an sméirle
'Nar mhinic do scaras is cheangalas bé leis.



Do scaras ó'n Ríogan mhánla bhéasach
Beannuighthe bhanamhail lán de dhaondacht,
D' éis fiche bliadhain go riaghalta, réim-chirt,
Do bheith 'gam i ngradam go geanmnach séanmhar.



Caitríona díon na cléire
Ó Aragán tsuairc, an tuaith ghlan aoldha,
Inghean áluinn ádhbharach naomhtha
Do rígh na Spáinne b' árd 'san éifeacht.



Is fíor gan ghlagar, mo theastas gan bhréig duit,
Do gheóbhfá dearbhughadh i Sacsain im' scéaltaibh,
Tomás Cranmar do b' ainm san tsaoghal dam;
Dar ndóigh, is aithnid mo theastas do chéadthaibh.


L. 82


Do bhíos tamall im' bhráthair chráibhtheach déarcach,
Mar bhís-se, a dhallacháin, gearradh chnámh is créim ort.
Gur chorruigh an diabhal go dian mo chéadfadha
Ag séanadh an Aifrinn, taithneamh Mhic Dé ghil.



Tá lán-chuid bráthar ar láimh id' éagmuis
'S na mílte eiriceach teilgthe i ndaor-bhruid,
I dtaobh creideamh na nAspal le heasmuilt do shéanadh
I dteintibh teó fí bhrón d'á gcéasadh.



Peláguis tá is Árius claon ann,
Masadónius is Nestórius traochta,
Simon Mágus tnáithte ó shéide
I gcoirthibh fiuchta 'n-a bhfuilid na céadtha.



Tá Marcion, Smáll, agus Nóbhátus daor ann,
Bhigilantus, Focs, agus Mórton créimthe,
Calbhin, Liútar is Biúsar bréagach
Burnet, Horn, is lán nach léir dham.



Is an bhuineannach bhuileamhail fhraochta
Fhíochmhar fheargach mhalluighthe chéasta,
Cása piostal aici-si 'n-a caol-chrobh
Ag tabhairt na mionn go dteannfadh p'léar leó.



Ba seana-mháthair tráth gan bhréig duit
An diabhal beag buile seo ghruigeadh ár gcléir chirt;
Grás Ósbur a hainm munab dearmad dhéinim,
I gCnoc an Leatharaigh do mhaireadh i nDéiseach.



Beidh taobh leat Balsingham ghreadadh le daor-chnead
Eagluis Íosa is a Ríoghan naomhtha,
Is de dheascaibh a mheang an ceann do réabadh
De bhainríoghan bheannuighthe Alban aeraigh.


L. 83


Ar thriall chun baile go hAiceron daor dhuit,
Beir Pilib O Riain go tréan ar ghéag leat,
Mar thu, chuir brón ar Órdaibh aosta,
Ag séanadh an aifrinn aspaldha naomhtha.



Mac Thaidhg na Coille mar chuideachta séid leat,
Má 's ghábhadh dhuit bata maith, b' annamh thu i n'éagmuis;
Roinn leó go haibidh é, is geallaim gan bhréig duit
Nuair gheóbhfar thar geata iad go leanfad-sa an pléascadh.



Beidh sibh-se i bpiantaibh diana daora
Go damanta bhur loscadh gan sosadh gan staonadh,
Pé faid a bheidh diabhail i bpiantaibh a chéile
I dtaobh bhur dtarcuisne is masladh do'n Naomh-Spioraid.



Mura gcaillfidhe acht tusa, ba chuma cad é sin,
Acht do shompla is eagal go leanfaidh go héasca
Tuilleadh dhed' shórt, a chóbaigh chaoch bhocht,
Dul ar fiuchadh go hIfrionn céasta.



Do scarais ó Israel chaithiseach naomhtha
Go guitear nimhe na bhFilistín mbréan dubh,
Do thug tu scanall is masladh is géar-ghoin
Don Órd bheannuighthe ghlacais, a mhéirligh.



Do righnis neimh-nídh de Chríost le 'r saoradh
Clann Adam uile ó thurrainn an daor-bhreith.
Cé ghlacfaidh do pháirt lá an bhráth ná dhéarfaidh
Focal id' cháil, O! a Sheagháin, is baoghal duit.


L. 84


Ceangal.



Nuair phreabas óm' aisling ar maidin 's me claoidhte tréith,
Do dhearcas an sagart is bhraitheas go mb' fhíor gach scéal;
Do ghreadas mo bhasa ar machtnaimh an scaoinse chlé
Is é treascartha damanta i nAiceron sínte i bpéin.



Péin-bhruid is léir-scrios is sceimhleadh, a Sheagháin,
An chléir mhilis naomhtha chaoin a d'fhág;
Níor bh'fhéidir leis staonadh ó fhíon 's ó mhnáibh,
Mar ghéilleadh d'á chraos-chorp le'r claoidheadh a cháil.



Do cháil is danaid liom treascartha, léighte ag Úird,
Mo lán-chnead t'anam-sa damanta i ndaor-bhruid dubhach;
Ar fán beir feasta, is do bheatha dod' dhaoradh, a thrúidh,
An lá bheidh teastas do bheathadh 'á léigheamh id' ghnúis.



Do ghnúis is doiligh liom torcarta i bpiantaibh teó,
Gan tnúth le fortacht, acht ad' stolladh ag diabhail go deó
Thug drúis, is slogadh na ndeoch, an fiadhach so id' dheóidh,
Go dubhach id' stollaire dhona fé iarsma is brón.



Brón agus tinneas id' ghoile agus daor-chnead dian
Is tóir ó Ifrionn chuirfeadh do chréacht i bpian,
Thug nuadhacht is siosmadh dó'n chruinne, 's ar chléir chuir ciach
Le gleó agus buile agus sileadh na ndéar go fial.



Is fial 's is aibidh bheidh Cerberus rómhat gan mhoill
Go dian dhod' thachtadh 's dhod' ghreadadh le fórsa is feidhm;


L. 85


Na diabhail, thar geata nuair rachair, beidh suairc le meidhir,
Is na pianta is damanta, geallaim duit, gheóbhair god eimhin.



Is deimhin gur scarais le taithneamh is ceannsacht Chríost,
Led' dheighilt ó mhairthinn is geanmnacht Auguistín;
Fill, a pheacaig, ód' dhamaint is meabhruigh caoin
Soillse is dealbh na bhflaitheas is greann na naoimh.



FEART-LAOI.



Níor Phaorach thu acht sméirle de bhodach gan sult
Ghaibh taobh le sna hÉireannaigh is d'fhág iad annsoin.
Nuair bheidh Léasarus go haerach ag déanamh suilt,
Beir ad' thréigean gan faoiseamh i nIfrionn dubh.



Níor shagart thu acht spreallaire d'iompuigh brat,
Thug an tAifreann ar radaireacht is ar phógadh ban;
Nuair bheidh eagluis go meanmnach ag Dia mór geal,
Beidh t'anam-sa go hacarach ar theintibh cheap.



Ní caoch a bhí an Paorach, cé gur bh' fhada é gan súil,
Gur thréig sé éide agus beatha an Úird,
Gur ghéill sé do mhéirligh, lucht meisce is púit;
Is beidh a chraos-chorp 'á ghléasadh 'bhfochair Chailbhin 's
a bhrúid.



Is fuiris aithne nách do'n mbeannuightheacht gheineadh an bhean,
Mar gurb í an mhalluightheacht fé ndeara dhi an t-ubhall do bhlas.
Cá'r mheasa soin 'ná sagart a chaitheadh gúna agus brat
Is do stracfadh mar gach Sasanach Dia hAoine an mart?


L. 86


B 1769ls 18L



XXXIV. - SCÉAL BRONNTA LEABHAIR.
A.D. 1769.



Sin agat, a mhánla, mhiochair, mhilis, mhúinte, mhaiseach,
bhéasach, mhnámhail an tabhartas beag, suarach, simplidhe,
do gheall mé dhuit chum fóghnaimh agus caitheamh-aimsire
an fhir uasail oirdhearc úr-chroidhigh .i. Créaghach
Builtéar, agus do bheadh an dioscán beag so agat i
bhfad roimhe seo muna mbeadh me bheith tinn galarach
ag cimeád mo leaptha agus mo sheomra ar feadh ráithe,
ó bhí sé d'onóir agam tu d'fheiscint i nÁth na Cise
taobh le Malla, i dtigh mo chomhchumainn ghrádhaigh
.i. Piaras séimh de Nógla. Tá muinighin agam ná
tarcaisneóghaidh an Builtéarach suairc an cnuasach
nó an dioscán bocht dealbh so do chuir mé le chéile, de
bhrígh gur le deagh-aigne agus le honóir dhuit-se agus do'n
rábaire rathmhar réaltannach do ghabhas do lámh
anois, i gceann mo thrí fichid bliadhan, an oiread do
scríobhadh i n-éin-tseachtmhain amháin agus i n'éagmuis
sin ní'lim scartha le péin tinnis fós .i. an gairbhéal agus
roinnt d'aicídibh eile tá am' shnuidhe le cian d'aimsir
fé ndeara do'n mbeagán scríbhneóireachta so bheith
chómh doiléighte agus chómh dearmhadach agus tá sé; gidheadh, is
é m'uchlán tinn, mo chumha, mo lán-chreach, ná fuilim i
n-aois mo dheich mbliadhan fichead agus deich míle giní i
n-aghaidh na bliadhna agam de stát tathaic diongmhálta,
mar shúil go mbeadh sé de ghradam, d'onóir, de
rachmus, d'aoibhneas saoghalta agus de chompórd chléibh
agam go nglacfá uaim an nídh sin do bhraduigh tú .i.


L. 87


mo chroidhe, de bhrígh go bhfuilim tuilte de ghrádh dhíograsach,
thaithneamhach, theintidhe, líonmhar, lasamhail,
dod' phearsain, dod' scéimh, dod' mhéinn, dod' thréithibh
agus dod' dheighiomchar agus ar éan-mhódh is gearr go mbeidh
sé de shuairceas agam tu d'fheiscint, de bhrígh gur me
le hiomad omóis, díogras, umhlacht, prímhléid síor-ghean
agus searc síor-leanamhnach, a mhaighdean mhór-chumhachtach -



Do phriosúnach agus do sheirbhíseach, dil-dhúthrachtach,
diombádhach, dealbh, dobhrónach choidhche go bhfeicfead
do ghnúis lonnrach lóghmhar nach daonda do
cumadh.



Piaras Mac Gearailt,
Árd-Sirriam Leithe Mogha.



XXXV. - DÁN BRONNTA LEABHAIR.



A.D. 1769.




Beir lán na cruinne de bhruinnealaibh ciúin, tais, réidh,
Cráibhtheach, criostalach, cruipinn-fholt cúmtha caomh
Go hÁth na Cise chum lile agus plúir na mbé
Fém' láimh le cumann do'n fhinne-bhean shúgraigh shéimh.



Stáid-bhean mhilis de chineadh ghlic lonnrach ghlé,
Ba dheárscnach, fuinneamhail, friotalach, fiúntach, tréan,
'Seadh an mhánla mhiochair do fuineadh as plúr na gcraobh
Is áluinn oilte i gcumann 's i gclú na naomh.


L. 88


Is tráighte turainneach mise gan lúth im' ghéag
Ar fán i gcumaraibh coille go dubhach lem' rae
Le grádh agus cumann do'n lile ba lonnrach scéimh
Tug táinte ar buile gan mise gan fonn mar mé.



Cé nach aithnid dam seabhac na ngroidhe n-each dtréan
Réabach, rathmharach, rabairneach, fíontach, saor,
Céad is da-fhichid de bhairrfhionnaibh ghríos-ghuib fhéil
Éighim is screadaim óm' anam do'n gCréaghach Builtéar.




Críochnuighthe le Piaras mac Mhichíl Mhic Gearailt
An t-ochtmhadh lá déag de mhí Mheádhoin ins an
mbliadhain d'aois ár Slánuighthe 1769.
Sic transit Gloria Mundi.




XXXVI. - CHUM UILLIAM UÍ MHURCHADHA.
B 1747c 18L
Ar bhfagháilt "Ceap Craoibhe Gearaltach" do
scríbh Liam Ó Murchadha, i Rinn an Chinnphéicigh, 15
Iúl 1747, as an gcóip do rinn Séamus O Liatháin i
mBaile an Aitinn, de Ghaedhilg "Relatio Geraldinórum."



San leabhar sain faighmíd na focail seo: -



"Tuig fós, a leightheoir eagnaidhe, gurab ar
fuireálamh Phiarais Mhic Gearailt, Baile Uí
Chionnfhaoladh, do rinneadh an beag-shaothar so.




Piaras chum Liaim: -



A chogair, a chumainn, 's a chuisle nach faon 'sa duan
'S do fromhadh go milis gan time le héigsibh suairc',
Corruigh-se t' inchinn chliste agus réidh mo ghuais
I dtobar na mbruinneal ó fuineadh do dhréacht i n-uaim.


L. 89


Cé follus mo chine gur cuireadh gan tréith gan tuaith,
Ag cosnamh go cumasach dlighthe na Naomh go buan,
'S i gcogadh go minic le buirb ag déanamh buadhairt,
Ag coscairt 's ag ciorrbhadh fuirinne an Béarla mhuair.



U Anaithnid
Seán Ó Murchadha
chum an scríbhneóra céadna: -



Is duine do folcadh i dtobar na naoi mbéithe
'S do fromhadh i scoilibh go focal-cheart séimh-léigheannta,
D'fhoscain go solas-ghlan noda gach tréan-dréachta
Le n-ar chuireadh an obair seo socair i mbinn-Ghaedhilg.



Molaim-se d' obair ghlan sho-mholta chaoin-tréitheach
D' fhoscail go solusmhar sonas na bprímh-ghéag sain -
Do chosnaimh go colgach cosantach buidhean-léidmheach
Ar orchra, ar dhonas, ar thubaist na bhfíor-Ghaedheal so.



B 1769ls 18D
U Piaras Mac Gearailt
XXXVII. - AN DUINE SANNTACH.




Adeir duine éigin, ag tarcaisniughadh an tsaoghail
bhréagaigh, mhalartaigh, chlaon-cleasaigh, chailleamhnaigh
seo, mar leanas: -



U Anaithnid



Measaim gur baothnuisc d'éinne greann nó páirt
Do thabhairt d'á néar ná ghréithibh banntracht árd.
Gradam an tsaoghail go léir, ní'l ann acht scáil;
Tagann 'n-a laomaibh 's daorann dream chum fáin.



A chrádh dho'n tsaoghal bhréagach, mhalairteach,
Chealgach, thaodach, chraosach, anacrach;
Is eagal do'n té noch bhéarfas aire dho
Cealg ó'n bpéist mar Éabha i bparrathas.


L. 90


A chrádh do'n tsaoghal bhréagach is gangaideach cáil
Is crádh do'n té ghéillfeadh d'á rachmas go bráth,
Scáil bheag bhaoth éadtrom ná maireann acht spás
Mar bhláth na gcraobh léigtear le fearthainn ar lár.



Ceangal.



Uch! a dhaoine bochta an tsaoghail
Bhíonn ag cruinniughadh an óir 's an éadaigh,
Is eagal díbh i n-am an eága
Gur trom an t-ualach é 'gaibh.



Is measa dhíbh mar táid na scéalta,
Libh ní chuirfear bun 'sa' chré dhe;
Beidh sé d'á roinnt thar bhur ndéidh-se
Is sibh, foraoir, fé'n íoc is daor libh.



U Piaras Mac Gearailt



(Is cosamhail an duine sanntach le muic, de bhrígh ná
fachtar nídh ar bith de thairbhe na muice go mbíonn sí
marbh: annsoin, do gheibhid na daoine a cuid feóla
le hithe, na saidléirí a croiceann is na gréasaidhthe
a guairidhe. Mar sin do'n duine shanntach, ní fachtar
éan-rud d'á thairbhe go mbíonn sé d'éis bháis, agus annsoin
do gheibh an talamh a chonablach, a oighridhe a chuid
de'n tsaoghal, agus do gheibhid na diabhail a anam. -
P.M.G.)



XXXVIII. - DOMHNALL Ó MURCADHA CCT.



d'á chómhairliughadh do Ghaedhealaibh gan dul i
n-éadóchas ar Dhia agus, cé gur cruaidh é a gcás, go
bhfóirfeadh ortha uair éigin: -



U Anaithnid



Má's dóchas bhur ndóchas i mbliadhna mheath,
Ní dóchas ár ndóchas acht pian i bhfad;
Bíodh dóchas bhur ndóchais i nDia go beacht
'S ná cuir teóra le mór-chumas Thriaith na bhfeart.


L. 91


'S É d'fhógair slóighte na ndiabhal amach;
Sódom agus Gómor is iad do leag;
Ní mó Leis-sin feóirlinn, cia dian an bhraith,
Ná Bródraic do sheóladh 'n-a ndiaidh, is Crofts.



Is É d'fhóir ar na hóigh-fhir bhí i bpiantaibh seal
'S nár dhoghadh i meadhón teineadh a gciabh 'ná a gcreat;
Is É d'fhóir ar Mhóses is ar Thriath na bhflath,
'S thug Jób leis ó chómhachtaibh an diabhail thar n-ais.



U Piaras Mac Gearailt



Adeir Piaras: -
Ba ghnáthach le Bródraic réamh-ráidhte bheith ag
briseadh agus ag leagadh sean-cheall agus teampall, agus
ag déanamh fallaí iothlann, stáblaí agus luibh-ghort d'á
gclochaibh coisrigthe. Ar an adhbhar sain, dubhradh leis
gan stad d'éis a bháis agus do ceangladh do leac a
thuamba na focail seo mar leanas: -




Treascair, a líog, is claoidh an dligheadóir cam,
An feannarthach feill is choidhche an millteóir ceall.
M' athtuirse chroidhe gan fuidheall d'á maireann beó 'ed shamhail
I nAiceron thíos i dteinntibh scriosta teó ag deamhain.



Coingibh, a chloch, go docht go gcuirfidh an diabhal lámh
'San bhfireannach bhorb chrosta mhilleadh cliar cháidh;
Ní thuigim i gCorcaigh i gcroich go dtuitfeadh trian cháich,
Dá bhfeiceadh do chorp tá i bhfogus dá fhichid bliadhain bás.


L. 92


B 1900 19
<G M Co>
U Ón chaint bheo i Mumhain



XXXIX. - AN SNAOISÍN.




Theangmhuigh an file, lá, ar dhuine d'á cháirdeasaidhibh,
d'fhuráil bosca snaoisín do, chum lán meiteóige
thógaint, agus shéid an ghaoth an snaoisín 'n-a shúilibh,
ionnus go rabhadar tinn. Chuaidh an file isteach i
dtigh feirmeóra mar a raibh seisear ban ag sníomh
abhrais agus ar bhfiafruighe do dhuine aca de Phiaras cad
do bhain d'á shúilibh, adubhairt sé: -



B
"Ghlacas pinsín beag snaoisín im' láimh i ndiu
Le himpidhe chur im' chainncín, óm' cháirdeas suilt;
Tháinig sidhe gaoithe le dírigheacht ó'n áird anoir
Chuir na cuíríleacha ag tíntidhe isteach i lár mo ruisc.



"Slán o'n mbliadhain gan ciach gan díth ar an mbean
'S an sár-fhear fial gan liach do shín led' chneas,
Ó thárla Dia 'sa bhliadhain dam suidhe 'nbhur measc
A bháb na gcliar, ná ciap, acht sníomhaidh bhur dteasc."



B 1769ls 18D
U Piaras Mac Gearailt
XL. - PEACAIDHE NA SINSEAR.



Peacaidhe na Sinsear, uabhar agus díomas, feall is
cínnteacht, craois is ól,
Creachadh na mbochtán, cealla do robáil, fórsa is
fiar-fhághail, poimp is póit,
Bheith easumhal d' órdaibh, síor-bhriseadh pósta, iompódh
an chóta i n-aghaidh dlighe Phóil,
Do dhíbir ár bhflatha, do bhain díobh a mbeatha, is
d'fhág sinn fé leathtrom, fé scíos is brón.


L. 93


B 1745c 18L
U Liam Inglis



XLI. - AN tAODHAIRE ÓG.



Amhrán eile ar fhonn "Princess Royal" do cumadh
d'éis S...s do ruagadh as Albain.



Is déarach an bheart do chéile ghil Airt
Bheith i ndaor-bhruid i ngéibheann is ag éigheamh gach ló;
Is géar-ghuirt an scread ag réabadh a bas;
Is méala í i n-éagcruth 's i néalaibh bróin;
A laochra go lag, a cléirigh gan cheart
A héigeas gan dreacht ag maothughadh a ndeór,
'S na faol-choin gur scaip a tréadtha ar fad,
Ó b' éigean dó tréigean, an tAodhaire Óg.



Ní'l éigne ar eas, 'ná gaortha go glas
Acht éanlaith go héadmhar ag séanadh a gceól;
Ar éan-dair ní'l meas acht a ngéaga go cas
'S na sléibhte i n-éinfheacht fé bhréidibh ceó;
Le géire na racht do claonadh a rath
Do céasadh ár laochra - ní'l éinne aca beó;
'S an spréidh bheag so mhair, anois séidfear í as,
Ó b'éigean dó tréigean, an tAodhaire Óg.



Léan ar an bhfear nár léig chughainn thar lear
Scaodh sin de'n nGaedheal-fhuil do dhéanfadh an gleó,
Sul ar traochadh 'san gcath fir éachtach 'na mbrat,
Tréada de phréimh Scoit is taomadh 'mbeith 'dreógh'.
A Dhé ghil, ó's feas, do shaoras gach ceas,
Chuir craos-mhuir i mbréid filleadh ag déanamh an róid,


L. 94


Ár n-aon gcoinneall las, ár dtréan-bhile cas
Le faobhar i n-a réim cheart, an tAodhaire Óg.



B 1769ls 18D
U Piaras Mac Gearailt



(Ná rabhad-sa im' Rígh ar Éirinn go mbeidh sain mar sin, agus go
dtugaidh Dia ciall do'n leath-éarla dubhairt an duanóg so, ó's é
Liam Inglis é. - P.M.G.)



XLII. - AR BHÁS DHOCHTÚIR DE BARRA.



D'iompuigh chum teampuill i bhfad roimh a bhás agus do
fuair bás ar an stáid sin, adubhradh an duanóg so
thíos: -




Dá maireadh ar mhairbh an marbh so fút a líog,
Ba mhairg do'n marbh do mhairfeadh le rún i gcroidhe.
A mhairbh, do mhairbh ná mairbh 's nár ionntuigh 'rís -
Is marbh an marbh thu i nAiceron súighte thíos.



An marbh so féach, mo léan, nár smachtuigh a thoil,
Marbh do thréig Mac Dé, is mar Pheadar níor ghoil;
A mharbh ní héacht san méid do mhairbh níor bhocht,
'S gur marbh é féin mar aon idir anam is chorp.




('S nár fhóiridh Dia ná Muire air, mar ba mhór an námhaid é do'n
Eaglais naomhtha d'fhág sé. - P.M.G.)



XLIII. - INGHEAN UÍ GHEARAILT.



Fonn: - "Tonnre Caladh".



AODHGÁN O RATHAILLE CCT.
B 1729ob 18T
U Aogán Ó Rathaille



A phéarla gan scamall do léir-chuir me i gcathaibh,
Éist liom gan fearg go n-innsead mo sceól;
'S gur faobhrach do chaithis gaethe 'gus dearta
Trém' chréachta 'n-a gceathaibh, do mhill me gan treóir;


L. 95


Gan bhréagnadh do rachainn do'n Éigipt thar caladh
'S go hÉirinn ní chasfainn choidhche dem' dheóin;
Ar tréan-mhuir, ar talamh, i ngéibheann, i n-aiteas,
Níor léan liom bheith farat cois Inse gan stór.



Is craobhach, 's is casta, is dréimreach, 's is dlathach
Is néamhrach, 's is leabhair, a dlaoithe mar ór;
Is péarlach a dearca, mar réaltan na maidne;
Is caol ceart a mala mar scríbh pinn i gcló;
Scéimh-chruth a leacain aolda mar shneachta
Go haerach ag caismirt tré lonnradh an róis
Thug Phoébus 'n-a reathaibh thar bhéithibh id' amharc
'S a éadan ar lasadh le díograis dod' chló.



Is gléigeal a mama mar ghéisibh cois calaidh,
A haol-choirpín sneachta is faoileanda snódh;
Ni féidir a maitheas do léir-chur i bpratainn,
Caomh-lile cneasta is mín-scoth na n-ógh;
Is craorach a balsam, a déid gheal gan aithis
Do shaorfadh ó'n ngalar na mílte dhem' shórt:
Saor-ghuth a teangan léigheannta i starthaibh
Bheir tréan-phuic thar bheannaibh le milseacht a glór.



Féinics d'fhuil Ghearailt Ghréagaigh an chaile,
Séimh-shiúr Chlanna Míleadh na slógh,
Laochradh gan taise traochta le Gallaibh,
Gan tréine, gan talamh, gan ríogh-bhrogh, gan stór.
Gan bréagnadh gur scagadh Paoraigh is Barraigh
Is tréan-choin Buin Raite tríot-sa fé dhó:
Ní'l saor-fhlaith 'ná dragan de phréimh chloinne Caisil
Gan gaol leis an ainnir mhíonla gan smól.



Ní léir dham a samhail i nÉirinn 'ná i Sacsain
I n-éifeacht, i bpearsain, i n-inntleacht, 's i gcló;


L. 96


An bhé chliste is fearra tréithe 'gus teastas
'Ná Hélen le'r cailleadh na mílte 'san ngleó:
Ní'l éin-fhear 'n-a bheathaidh d'fhéachfadh ar maidin
'N-a héadan gan mhairg ná scéithfeadh a bhrón;
Mo ghéibheann! mo dheacair! ní fhéadaim a seachain
Trém' néalaibh, im' aisling, oidhche 'ná ló.



B 1736 18L
U Éamonn de Bhál
XLVII. - DO MHÍCHEÁL MAC RÉADHMOINN MAC GEARAILT
(ATHAIR PHIARAIS) ÉAMONN DE BHÁL CCT. 1736.



Is díoghbháil ghéar chréacht-shnuighthe i mbailtibh muara
'S is fíor-chrádh an scéal éachtach i gceannaibh tuatha
Mícheál séimh léigheanta Mac Gearailt uasal
I gcill fé bhéal chraos-lice marbh uainn-ne.



Uainn-ne atá i n-uaigneas féd' thaobh, a leac,
Mór-fhlaith dob' uaisle d'ár léim thar lear,
Tuathal mar Ghuaire dob' fhéile dreach;
Dar Muaireach, is truagh liom i gcré thú lag.



Is lag atáid mná fionna Gaedheal ag caoi,
'S ní'l meas 'ná bláth áluinn ar ghéagaibh coill;
Ní'l rath ar fánadh árd-easa i nÉirinn uill,
Ó leag an bás bán-bhasa an Ghreágaigh aoird.



Dob' árd a ghaol le récsaibh mhaoidhfead seal;
Ní tháine préimh a réim go híseal air;
Tá fhios ag cléir 's ag éigse laoithe sean
Gur bráthair laoch thu thraochadh naimhde i dtreas.


L. 97


I dtreas níor staon na tréin n-ar chinn uatha
An dragan séimh de'n nGréag-fhuil fhíor-uasail,
Flaith gan bhéim gan chlaon gan chíor thuathail;
Imeasc na naomh tá'n laoch 'san tsíor-uachtar.



AGUISÍN: -



Mo chumha, mo scíos, mo dhíth, mo léan, mo chreach
An túrnadh síor so ar shíol na nGréagach seal;
Ba chúrsa caoi do phrímh-shliocht Néill is Airt
An t-úr 's an críon n-a luighe féd' thaobh, a leac.



A gharbh-leac mhór, cuir glór go haraid amach,
'S aithris do'n gcóige an sceól, ó's agat is feas,
Gur fearra do stór 'ná 'n t-ór 's an t-airgead geal
Gearaltaigh flós na Fódla, an t-athair 's an mac.



Ag sin an tsaoi is fearr i gCrích Fáil féd' thaobh a leac,
Mícheál geal, cíonádh na nGréagach mear.
Mo chroidhe-chrádh, má ghním plás ná bréag im' stair
Gur id' chinn cháil do phoinnteáil an fhéile a nead.



B 1722-23 18T
XLV. - DO RÉADHMONN MAC MHÍCHÍL MHIC GEARAILT.



(Dearbhratháir Phiarais.)



Éamonn de Bhál cct.



Ní Sorcha 'ná Donnchadh, cé'r thréan an fear,
Is orchra dom' ghoinibh-se 'ná thraoch me lag,
Acht lonna-bhile choscrach nár staon i dtreas,
Do foirgeadh i bhfolannaibh na nGréagach mear.


L. 98


Dá mb'ollamh soithimh socair me nó éigeas ceart
'S go molfainn sibh, níor dheocair dam, a Réadhmoinn, feacht,
Acht gur follus do ghach tormaire uile i nÉirinn Airt
Na folanna as ar toghadh ar gach taobh tu, a fhlaith.



Ar dtosach duit fuil oirdheirc méine is ceart
Is borb-fhola lonnardha na bPaorach mear
Do foirgeadh go foirtile, ní bréag an stair,
I bhfolannaibh forusta na récs ba sean.



Le Conall borb Golban ag gléas chum caith
Nó Cormac torann trupach saor mac Airt
Do chosmhalas tu, a chrobhaire, nár thréine Tailc
Le'r torchradh naoi n-ochtar ghlic de'n bhFéinn i dtreas.



Toireachas na croibhin-ghile is féile dreach
Is doilbh liom fé ghorm-lic i gcré go lag;
Dob' ollamh glic, dob' oirfideach, ba laoch, ba flaith
'S níor togradh béim fhollus ort acht pléascadh fear.



Seo an t-orchra do ghoirtigh me is do thraoch mo chreat
'S thug Nodlaig dam gan soilbheas, do chaoch mo dhearc,
Fáth 'ndoirtim-se na srotha guil go pléascach preas,
A obainneacht do dhoirchigh an t-éag do dhreach.



Is léan liom go faon lag i gcill tuamba
Réadhmonn an Gréagach mear fíor-uasal,
Réaltan na féile ná bíodh gruamdha
'S an Féinics ná léigfeadh mo chlí bhualadh.



Ó's riaghail gach iaga de dheascaibh bás cuirp
'S gurab iarsma tá riamh 's gurab acht go bráth soin,
A Dhia ghil, beir Riadhmonn ar dheis do láimh' riot;
'S maith fhiacha do'n dtriath ghlic ba mhaith sa' tá'irne.


L. 99


B 1722c 18T
U Piaras Mac Gearailt
XLVI. - PIARAS MAC GEARAILT, CCT.



(In mortem fratris et sororis sui, A.D. 1722.)



Ní thig an ghrian san rian díreach,
Is d'imthigh an rae fá néalaibh daoirse;
Níor chás aithint ar easaibh na hÍomanna,
'S ar fhuaim na dtonn mo lom gur claoidheadh sibh.



Do las an spéir go craosach timcheall,
'S do bhrúcht an fhairrge sealad mar dhílinn,
Ní'l lacht ar bhuaibh ná cnuas ar choilltibh
Ó leagadh san úir gan lúth an bhríghdeach.



Do chuala gártha báis go nimhneach
Ag banntracht Chnuic Samhna na sidhe-bhrogh,
Do scread Déirdre is do ghéim Clíodna,
Is ba chlos a n-uaill cois cuain d'bhur gcaoineadh.



Tá Áine go cásmhar is Aoibheall
Ag géar-ghol ó traochadh an míleadh,
d'fhógair Meadhbh go tinn le díograis,
Bás an Ghréagaigh éachtaigh, fhíochmhair.



Is buadhartha tá sluaighte na bruidhne
Ó Loch Éirne ag éigheamh go Fuíde,
Mis ní Dáire, Gráinne is Aoife,
Is Cathrach cliste le'r hoileadh na trí choin.



Tá cruadh-ghol ó Thuadhmhain go Dínneach,
Is ó Chluain Meala go calaith Béil Inse,
Cois Leamhna, cois Bannda is cois Brighde,
Cois Abha Bige is cois Life na slím-bharc.


L. 100


Ó cuireadh an éigse i gcré fé líogaibh,
Is gan aon de'n ainm i n-a bheathaidh do scríobhfadh
Duain ná dán 'n-a ndeáidh le díograis,
Is damh-sa is dleacht go ceart a gcaoineadh.



Caoinfead Réadhmonn gréagach, gríobhach,
Gleacuidhe na seacaidhe síoda,
Seabhac na ruag nár luaidh bheith cinnte,
Marcach séimh na gcaol-each gcíortha.



Leoghan urramach, cumasach, díonmhar,
Fleadhach, fáilteach, fálach, fíonmhar,
Cródha, cosantach, oirdhearc, líonmhar,
Fairsing, fial, gan chiach gan chinnteacht.



Coinne catha mar Aicil i mbruighin tu,
Nó mar Fhionn mac Cumhaill Ó Baoiscne,
Nó mar Hector i ndeifir na Traoi thoir,
Nó mar Áiacs nár stán sa' choimheascar.



Níor chalma Lúghaidh do chúlaidh tíorta,
Nó Goll mac Móirne, leoghan na gcríoch so
Nó Diarmuid mear fial Ó Duibhne,
'Ná Réadhmonn ar ghéar-lannaibh líomhtha.



Dalta na muses, plúr na saoithe,
File agus flaith is ceap le hintleacht,
Do bhí ag an dtobar i bhfochair na buidhne,
Ag déanamh cúrsa i n-iúl na gaoise.



Phénics de'n Ghréag-fhuil dob' aoirde,
Bráthair Mhuiris le'r coilleadh an chrích seo,
Thug Inis Laoghaire, Néill, is Chríomhthain,
Fé smacht gall gan teann dá híspirt.


L. 101


Caoinfead Grás go bráth is choidhche,
Macaomh súil-ghlas múinte míonla,
Réiltean eolais óg is chríona,
Lile gan smúit de chrú na saoithe.



Loma-scrios ar an mbolgaigh do mhill thu
I dtúis do shaoghail, a phéarla an aoil-chnis,
Is go ndeaghaidh do thásc thar mhnáibh na ríoghachta,
Mar dhoirchigh Phoébus scéimh na reíltean.



Ba chas a cúl go cúrsach, trínseach,
Cnotach, cuachach, dualach, dlaoitheach,
Camarsach, cáblach, fáinneach, frínseach,
Ar dhath an óir go hómrach, soilseach.



Do bhí scáil an róis i gclódh go fíor-ghlan,
Is niamh an tsneachtaidh 'n-a leacain ag coimheascar,
Ba ghlas a súil mar dhrúcht na hoidhche,
Go criostalach, péarlach, réilteach ríoghdha.



Ba gheal a déid, ba chaol a braoithe,
Do chúm an Ceárd gan cháim an ríoghan,
Go cráibhtheach, diadha, ciallmhar, caoin-tais,
Gan phlás, gan aithis, gan mhairg, gan phoimpleam.



Do mheasas féin cé léan liom d'innsint,
Is thugas amus, cé mealladh mo líonta,
Go mbeitheá ag riaradh i ngrian-bhrogh aoibhinn
I gCarraig na Sáir-fhear, láimh le Laoi ghil.



Is fada tá smúit, dar liúm, gan scaoileadh
Ar thriathaibh Ghearaltach bhfreastalach, mhaoidhteach,
'S go mór-mhór ar shlógh do shinnsear -
Óg is aosta i n-éagcruth sínte.


L. 102


Dá mbeinn-se im' fhile go cliste san nGaoidhilg,
Nó im' ughdar cháidh i ndánta díreach,
Do leanfainn bhur lorg i bhfolaibh na ríghthe
Go cathair na Trae san réim dhírigh.



Fuil Ghearaltach do scagadh sa' bhfíor-scoth,
'S fuil chródha na Róisteach ba líonmhar,
Fuil Bhrianach do fianadh 'nbhur dtimcheall,
'S fuil ainmhear na gCarrathach do shníomh libh.



A Rígh na n-easpal do dhealbhuigh coillte,
Tráigh is talamh is fairrge choimhightheach,
Glac an cúpla it' dhún go soilseach,
I gclódh na n-aingeal i gcaitheamh na díodhachta.



Seacht gcéad déag gan bhréag mar ríomhtar,
Fiche is dhá bhliadhain ann, riaghail díreach,
Aois Mhic Dé do réir gach scríbhinn
Ar n-éag do'n dragan is d'ainnir an aoil-chuirp.



Feart laoi.



Tá Phénics Chlár Éibhir fé leacaibh ar lár.
Réiltean na féile is cara na ndámh,
Saor-mharcach tréitheach na bhfalarthach stáit,
Réadhmonn de thréan-fhuil na nGearaltach sámh.



Is brón liom tu ag feochadh sa' chill a Ghrás,
Lóchrann ghuirt Fódla agus Chríche Fáil,
Óg-bhruinneall mhodhmhrach na rinn-rosc sámh,
De phór-fhuil na leógan do dhíoladh dáimh.


L. 103


B 1791ob 18D
XLVII. - CIA HÉ SIN AMUIGH?




Comhrádh idir lánamhain ríoghmhail oirdheirc atá le
cian d'aimsir ó n-a chéile le fóirneart eachtrann,
agus, ag teangmháil i n-uaigneas ar a chéile, do
chanadar mar leanas.



Fonn: - Éamonn an Chnuic.



ÉIRE



Cia hé sin amuigh? Atá Séamus fé shioc,
Gan éadach ná cuid na hoidhche;
Mo phéin-bhruid-se sin, mo chéad-searc gan sibh
I réim chirt ag scrios na naimhde,
Acht ó daoradh na Scuit, is mar traochadh a dtruip,
Is gur céasadh an fhuireann dílis
Tug mé anois gan sult, gan chléirigh gan chluig
Ná caomh-chruit ag seinm laoithe.



SÉAMUS.



A chéile gan bhinib do b'éigean dam rith
Go héascaidh ó iomad bíodhbha,
Nuair a chlaonadar cuid is do shéanadar me,
Im aonar gan fuirinn bhíos-sa.
Cé gur Phénics tu i bhfuirm, gléigeal mar lile
Is do bhéal-sa mar mhil na bhfíor-bheach,
Ní'l éifeacht annsoin, atá tréadtha istigh
Níos tréine 'ná sinn i gcoimheascar.



ÉIRE.



A thréin is a chumainn na tréig-se do mhisneach,
Cé shéanadar cuid de'n bhuidhin tu,


L. 104


Beidh an té rinne an cruinne taobh leat it' choimirc,
Ó bhaoghal is ó bhruid do naimhde.
Beidh éirleach is fuil, beidh caortha agus teine
Ar chraos-mhuir ag tigheacht it' choimhdeacht,
Ag Clément is Pilib, is Naples gan time,
Dod' chaomhnadh is dod' chosaint choidhche.



SÉAMUS.



Géillim gur tu mo chéile is mo shult,
Is it' éagmuis go bhfuilim claoidhte,
Is gach tréan-churadh i ngoil do thraochadh ar muir
Is do céasadh le cumann díleas,
Chum mé agus tu, ár gcléir is ár gcluig
Is gach laoch mear de chineadh Mhíleadh
Do bheith i n-aol-bhrogh gan time, ag pléireacht 's ag seinm
Caomh-chruit le milis-laoithibh.



ÉIRE



Ní'l baoghal ort anois, tá Aon-Mhac na cruinne
Is ár naomh-bhruinneal Muire taoibh leat,
Réidhfid gach bruid is géibheann 'n-a bhfuilir
Gléasfaidh ar muir na mílte.
Beidh saor-chlanna Scuit, beidh Gaedhil bhochta ar inneall
Go faobhrach fuilteach fír-ghlic,
Séidfar thar sruith na bréan-tuirc le bruid
Gan éadach ná cuid na hoidhche.


L. 105


U Anaithnid



XLVIII. - ATHCHUINGE AN FHLAITHBHEARTAIGH.



Ag seo síos athchuinge ó Éamonn Ó Flaithbheartaigh
chum an tsaoi uasail .i. Piaras Mac Gearailt,
Árd-Shiriam Leatha Mogha: -



A shaoi uasail, onóraigh, fhír-eolaigh, ughdar is file
gan cháim, a chuideachta shuairc na n-uasal agus na
n-íseal, a chabhair cheannsa na bhfann is na ndealbh, a
thaithnimh is a chaomh-chara na cléire, a lonnradh is a
shoilse na héigse, a mhuilinn oirdheirc gan trághadh
ar do linn, a chroidhe charthanaigh na féile agus na
daonachta, a shruth chriostaldha na filidheachta, a
thigheasaigh fhairsing gan cheacharthacht it' ghníomharthaibh,
a fháilte fhial an triallaire is an deoruidhe, a riaruidhe
an tsuilt is an ghrinn, a thuigsionóir eaghnaidhe
na Gaedhilge ársa, a chrú chroidhe na féile agus na
huaisle, agus a árd-shiriam chomhachtmhail, cheannasaigh
Leatha Mogha, ag seo síos beagán focal do
chuirim féin dot' láthair ar bhuachaill óg aerach,
ealadhnta, éagsamhail, darab ainm Uilliam Ó
Troighthe .i. ceannuidhe siubhail nó peidléir atá ag
imtheacht is ag iomchur a mhála mion-ghréithre ó áit go
háit is ó bhall go ball, oidhche annso is eadarshuth
annsúd, mar is dual do dhuine d'á ealadhntaibh do
bheith: agus ar a luath-chuardaibh do Uilliam, thug
amus dom' ionnsaighe, suim aimsire ó shoin, do'n
Baile Nuadh mar a gcomhnuighim an tan so, agus
d'innis dam go raibh buaidhreamh agus mío-shásamh ar
a intinn ó ghlac an tslighe bheathadh san chuige, ar an
adhbhar go raibh gan permit gan pas gan teasbánadh
ar bith eile le n-a bhfaghadh siubhal go neimh-spleadhach


L. 106


tré dhúthaighibh eile budh thairbhighe dhó 'ná a dhúthaigh
féin. Deir liom ná fuil acht amhail bráighe i
mbraighdeanas agus i ngeimhleach, gan cead dul thar
a aitheantas i n-éanbhall aige, agus ná fuil nídh ar
bith aige le hiarraidh orm acht a chás féin d'oscailt
go fóirlíonta, soiléir, agus chum a chur it' láthair-se:
agus le toil do mhór-chómhacht, a shiriam onóraigh,
féach go cruinn agus déin machtnamh glinn ar chás
agus ar chúrsaíbh Uilliam, agus aithcim tu ná
diúltuigh cead siubhail do thabhairt dó ar a dhóightheannaibh.




Seo ar sodar gan spás le dán go saothrach Uilliam
Is fortuigh a phráidhinn, ná fág é i ngéibhinn dian
Ceaduigh dó gabháil gach áit de'n réim fét' riaghail
Go ruithfidh na háird, is a mhála gréithre air, thiar.



B 1791 18D
U Piaras Mac Gearailt




Cill Moluadh, i nDéiseacha,
An 4 lá de'n mhíosa Iúil no Buidhe-mhíos, 1791.



De bhrígh go bhfuaras fios deimhin agus léir-chunntas
go bhfuil i mBaile Nuadh na hEagluise, i
gCo. Chorcaighe, laoch líonmhar lonnrach, léigheanta,
uasal, oirdhearc, árd-chéimeach, blasta, béal-órdha,
lán-fhoghlumtha, darab ainm Éamonn séimh, suairc,
síodamhail, súil-bhlasta, Ó Flaithbheartaigh, príomh-ughdar
agus breitheamh fíor-thuigsionach i dteangain
onóraigh, ársa na Gaedhilge, agus de bhrígh go bhfuil
mise anois lag-bhríoghach, claoidhte, gan puinn treoir
ná tapadh agus go mór-mhór mo chrann soilseach do
bhí fuinneamhail tréan díoth-shásaimh go fiosrach ag
fuascailt ar dhántaibh blasta, milse, do-bheirim do'n


L. 107


ráib dhearscaidheach, dheigh-mhéineach, Éamonn réamh-ráidhte
Ó Flaithbheartaigh, gach uile réim, rachmus,
agus cumhachta tá agam-sa ar feadh Leatha mór-áilne
Mogha, agus go dtiubhraidh primhléid líonmhar
lán-fhairsing do Uilliam Ó Troighthe i ngach cathair,
conntae, tuaith agus baile mór, m'ainm-se is mo
shloinne scríobhadh le hais an ughdaráis chéadna.



Ag seo fám' láimh is fám' shéala go daingean,
diongmhálta.



PIARAS MAC GEARAILT,
Áird-Shiriam Leatha Mogha.




Raidim gan chlaon do laoch mear meanmnach stáit
Do threabhuigh gan bhéim ó récsaibh Bhanba an áir
Gach ceannas, gach réim, gach tréineacht daingean, gan spás
Fá thearmann Éamuinn shéimh Uí Fhlaithbheartaigh an áigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services