Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cois na Ruachtaighe
Title
Cois na Ruachtaighe
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1750
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1938)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
1. NÍOR BH'FHEASACH SINN. Níor bh'fheasach sinn i gcríochaibh Éibhir Mhóir Theas ná thíos i dtíorthaibh Éireamhóin Leath a gcíos le hím do dhéanamh dóibh An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó. Ná an mart do dhíol ná saill na gcéis ba mhó An chearc, na huibhe, na laoigh, na héin, na sóirt, Ná an bainne bhí ar feadh mí 'san gcré ar feódh An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó. Gach bodach dhíobh do bhí gan Béarla beóil Ná teacht tar síoda timcheall fé n-a sceóig, Ná hata mín dar linn ná éadach crón An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó. Ná ar chaile an gheingce, síoda "stays" ná clóc Scairf ná frinnse uimpi créip ná sróll Hata tuighe ná aoirde fé n-a bróig An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó. Gach caile dhíobh do bhíodh gach lae 'n-a gnó Is gach bodach díobh do bhíodh gan réal ag rómhar Nó seal 'san gcoill chum cíosa dhéanamh dóibh An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó.
Ní caithtí snaois, is ní bhíodh téa aca ar bórd Ná brata síoda choidhche ag séide a srón Ná "fan" ag mnaoi chun gaoithe théacht 'n-a cómhair An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó. Gach bathlach bhíos le síoda ag séide a shrón Is a chaile bhuidhe de mhnaoi i ndaorbhrat sróill - A athair roímhe do bhí ag aodhaireacht bhó An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó. An aicme bhíodh i dtrínse cré agus fód Ar eachaibh suidhid is frínsí fé n-a dtóin Geallaim dhíbh go fíor nárbh é ba nós An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó. An brat do bhí ar Leath Chuinn do thréig ár dtreóin Do leath aníos ar ínse Fhéidhlim ceó - Ná brat an díola, nídh ba chéasta leó An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beo. An tráth do bhíodar Gaoidhil go féastach sóghach Fleadhach fíontach fíochmhar séadach sóghmhail Dáimh is draoithe is daill ag téacht 'n-a gcómhar An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó. Stadfad díobh, ní mhaoidhfe a dtréithe nóis Feabhas a dtigheas, a ngníomh, is a gcéimeann fós Níl agam ím le díol ná tréadta bó Is rachad choidhche arís ag déanamh bróin. Muna gcasadh Íosa Críost le tréin-neart slógh Go ceart a shinsear an rí seo Séamus Óg Do scaipfeadh gaill tar tuinn gan téacht go deó - Do phreabfadh Gaoidhil arís go hÉirinn beó.
2. AN TAN DO BHÍODAR GAOIDHIL IN ÉIRINN BEÓ. Conchubhar Ó Ríoghbhardáin cct. An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó Bha lasmhar líonmhar laoithe is léigheann go leór Bha rathmhar rinn-ruisc ríghthe ag réidhteach leó Is ba gasta gníomh-ghlan gríobhdha Gaedhil i ngleo. Ba taitneach taoisigh tíre ag téacht le tóir Ba scaipeach scaoilteach sceimhealtach séimh a scóip Ba maiseach míonla mín-chnis maordha módhmhail Gach ainnir chaoin de phríomh-shliocht Éibhir Mhóir. Dá maireadh sinnsear saoithe séadmhar sóghmhail Ar t-athair Muimhneach linn dá nglaodhtar Eóghan, Mac Airt mic Cuinn ná buidhean na Féinne fós Do chartfadh gaill mar chaoirigh tréada i gcró. Dá mairidís an bhuidhean tug tréan-troid slógh I gcaismirt bruighne Chuinn na gCéadchath is Eóghain Ná cath na hAoine 'o chlainn Turgésius treóin Ní rachadh gaill in íorghail fhaobhrach leó.
3. DO THRÁIGH FÉILE NA hÉIREANN. Do thráigh féile na hÉireann mar áitigheas clú Is dfhás béim ar an laochra do ghrádhadh sí ar dtúis; Crádh géar ar an éigse nách básuigheann cumha Is gáir Bhéarla gan éifeacht ag páistíbh búr. Níl féile in éinneach is tá sí ar gcúl Is an Ghaedhilg mo léirchreach mar bádhadh í siúd Spéir-choc ar éadan gach gáirlín cnumhaigh De bhréin-tsliocht na ndaor-chlann do ghnáthuigheadh triubhas. Is péirbhig go dréimreach 'na bláth-luighe ar chúl Gach sméirle dá ngéilltar sin árthaighe is púint Is an méid de shliocht Éibhir dá ndáiltí clú Fá ghéar-smacht ag daorscar na gcáisí bhrúghadh. Is é bheir me ar thaobh cnuic i gcáibín chúmhang Ag éagnadh mo phéine is me im ghnáth-luighe im lúib - Éileamh ag tréin-rith ag báillí chugham Is gan éinneach beó 'e Ghaedhlaibh ba scáth dín dúinn. Saerbhreathach éachtach 'n-a lán-luighe in úir Is céile na Claonghlaise is crádh croidhe liúm Scéal guirt tug saobh-luisne chlár mhín Mumhan Muna réidhtar le haontoil an Áird-ríogh a bpudhair. A Dhé dhil fuair céasadh agus páis trím chúis Ler saoradh sliocht Éabha ó cháintí an ubhaill In éiric do phéine agus táirngí it bhonn An uair éagfam beir saor sinn gan spás fít mhúr.
4. NÍOR CHÓRA DHOM ATHAIR-SE LEASTAR. Níor chóra dhom athair-se leastar is mairt reamhra Ar bórdaibh fada dá leagadh le hais brannda 'Ná dómh-sa sealad do chaitheamh ar ghlas-annlann Ag ól an bhainne dá ngairmid spaid-leamhnacht.
5. IS CIACH SA CHÚIG. Diarmuid Ó Súilleabháin cct. Ar bhás Uilliam Mhic Cairteáin an Dúna, A.D.1724. Is ciach sa chúig 's is dubhach an scéal tar lear 's is diachrach liúm ler bhrúcht an braon óm dhearc Iadhta dlúth in úir fét thaobh, a leac, Uilliam an Dúna plúr na héigse ar fad. 'S is ciach an chúis, dar liúm, mar éag an fear Is liaigh na bhFionn ná tabharfadh é tar n-ais A Dhia na ndúl do chúm an ré 's a raith Beir Liam an Dúna it dhún mar aon let ais. Fear riartha ponnc i gcúisibh léighte ceacht Fear riaghail na n-ughdar ndúr do léigheamh go ceart, Fear fial ba fiúntach congantach tréitheach tais Is biadhtach úr 'n-a mhúr le cléir nár thearc. An Ceangal: A Éigse, screadaidh is glacaidh chughaibh-se thiar Mar éagfadh eallaigh ar caitheamh cúrsa a riain, Scéal do leath ar fad fá chúirt na gcliar Fear réidhteach ceast i dtaisce fút-sa, a liag!
6. MO CHIACH ATUIRSEACH AN TREASCAIRT SIN, A.D. 1715. Mo chiach atuirseach an treascairt sin ar phór Mhílidh I ngliadh ag danaraibh gur scaipeadar fá chóigcríochaibh An trian mhaireas insan mbaile aca gan fód dílis Tug triath Chairbreach dá ghairm ort-sa a Sheóirse Evans. Triath Bhreatan toir ag fanatics gach ló ar díbirt Is triath Cheanannuis in' aice sin gan slógh-bhuidhne Triatha Alban gur chaitheadar dá ndeóin stríocadh Tug triath Chairbreach dá ghairm ort-sa a Sheóirse Evans. Triath Pharrathais gan bailte puirt a mhóir-shinnsir Is triath Chathrach in' aice sin go ró-chlaoidhte An triath is neasa liom gan sealbh aige i bhfód Faoide Tug triath Chairbreach dá ghairm ort-sa a Sheóirse Evans. An triath dearbhtha sin Chairbreach go ró-mhaoidhte 'S gach triath fairis sin den Chairbrigh 'san mór-thimcheall Triath Seanaghlais in Amburg is é is mó chaoinim Tug triath Chairbreach dá ghairm ort-sa a Sheóirse Evans. Triath Seanaide gan labhairt air 'san chóig choidhche Is triath calma na Carraige nách eól díbh-se Triath Cheanna Tuirc ná habarthar a shórd tríotha Tug triath Chairbreach dá ghairm ort-sa a Sheóirse Evans. A Thriath cheannasaigh do cheannuigh sinn let mhór-dhaoirse Triatha Banban gur feasach duit dot dheóin díogtha A Dhia an gcasfair-se an mhalairt sin go beó choidhche Le nách biaidh triath Chairbreach dá ghairm ort-sa a Sheóirse Evans.
7. DO NA GLEANNTAIBH. Nuair do mhol Aodhgán Ó Raithille áitreabh Uí Dhonnchadha .i. Gleann Fleisce. A Aodhgáin, ná smaoinigh ar choill bhuig an Ghaortha Ná an t-oileán breágh aoibhinn tá taoibh leis cois gréine Ubhallghort na mín-tslat mar a mbíonn meas is caora Is fuinnseóga míne ag teacht taoibh le n-a chéile. An té bhéadh ag éisteacht leis, séimh-mhaidean aoibhinn Do thógfadh sé léanta ó phréamhaibh an chroidhe aige Thógfadh rí Éireann 's é féin ina dtimcheall Suairc-phuirt ar ghéagaibh ag éanaibh an ghlinn sin. Is ann atá an péarla dá mb'éidir é thabhairt as Is dfhuasclóghadh ár Séamus do theacht saor chughainn ó Londain Gan phúdar gan phléir acht ag géilleadh le humhlacht An uair osclóghadh sé a bhéal ar fuaid Éireann bhéadh lonnradh. Tá gleann ag Ó Domhnaill do thógfadh na céadta Bíonn loingeas fé sheól ann is róinte ar an "lake" ann An londubh is an smólach go ceólmhar is an naoscach An broc 'n-a luighe sheóla is gan leóithne as an aer air. Tá gleannta ag Mac Cárrthaigh do sháróghadh bhur nGaortha Bíonn copar bíonn stán ann is is ró-bhreágh tig déil ann Bíonn com ann don chláirsigh is prás breágh 'n-a téadaibh Crann luinge is bád ann - 'n-a mbárr chodlaid phoenix.
Tá gleann i Mochromtha is níor labhramair fós air Do rug sé bárr foghluma ó ghleanntaibh críoch Fódla Bíonn úird ann gach Domhnach is fir foghlumtha ón Róimh ann An míol muighe 's an scout air, coin, seabhaic, bruic is smólach. Ar Chúilchobhair atá san, gleann áluinn gan teimheal air Bíonn ceól ann, bíonn dánta ann, bíd mná geala ag ringce ann, Bíd fir óga láidre ann ar árd-eachaibh coimhtheach Is beóir mhilis Márta ann, fíon Spáinneach is saill mhairt. Srúill mhall ag trácht ann ná báithfeadh na daoine Bíonn bradáin ag snámh ann is a lán breac 'n-a dtimcheall Eascoin 'n-a ngárda fé árd-leacach aoil ann Búch-bhile blátha mar scáth ar an linn sin. Tá gleanntáinín aoibhinn idir Laoi theas is Banndain Do rug sé bárr aoibhnis ó choilltibh an cheanntair Gheibhtar adhbhar tighe ann 's gan aon fhuigheall i gcrann de Idir lochta agus bíoma is dá aoirde bhíonn ceann air. Tá gleanntáinín aoibhinn cois taoibh Loch na Blárnan Do sháruigh sé gaorthaí na hÉireann ar áilneacht Níl aon bhun phréimhe 'n-a thaobhaibh gan leágh ann Do leighiseann na céadta bhéadh tréith-lag gan sláinte. Siad gaorthaí na Blárnan is áilne aca timcheall Bíonn an t-ubhall cáithne ann gan trácht ar an righin-dair, Donnchadh Mac Carrthaigh is a ghárdaí 'n-a thimcheall Ar hallaíbh na Blárnan is é ag áiteamh a shinsir. Céad míle slán leat, a Bhlárna gheal chumhra Go bhfeicead-sa lá thu is bláth ós cionn drúchta ort Gasra dfhearaibh áilne fét thárr 's iad ag súgradh Cad do bh'áil liom ag trácht air is gur fhágais go dubhach me.
Ar a gcrántaibh ní mhaoidhfinn go mbéadh saill ar a gcéisibh Gan leamhnacht gan dríodar gan fuighlach gach béile, Fí thárr na gcrann gcíortha mar a mbíonn meas is caora Cnó buidhe insan gheimhreadh is gan binn aca ar éinne. Tá gleann ag an Major 's is féidir é mholadh Bíd ubhall-ghortaí méithe ann ag claonadh le torthaibh Mil bhuidhe is céir bheach is féile 'n-a bhfochair Is tighthe breágh saothair de aol is de chlochaibh. Gleann Maghair árd aoibhinn ar lár tíorach déanta Bíd ubhla ann bíd áirní bíonn sláintí dá réidhteach Tortha na ngáirdíní is gáir bhinn ag éanlaith Is cuan ann chum snámhaidheacht is feárr puinn in Éirinn. 8. MO THIUBAIST CHIACH BHÁIS. Diarmuid Ó Súilleabháin cct.
Conachlann ar bhás Uí Dhonnchadha an Ghleanna .i. Tadhg, noch d'éag sa bhFraingc, 1729.
Mo thiubaist chiach bháis mé 'om chrádh is 'om ghreadadh i bpiantaibh Dfhúig tuirse im chliabh spás is táinte i gcreathaibh diana Ursa chliar dáimh cíodh thárla i gcarcair iadhta I Montpelia ar lár fear tárrtha Ghleanna an Iarthair. Atá iarthar Mumhan go dubhach gach lá fé bhrón Gan fiadhach gan fonn gan dúil i ndán ná i gceól Ní riabhach an chúis dar liúm do thárla dhóibh A dtriath 'san úir ó thúrnadh an bháis, mo bhrón!
Mo bhrón deacrach mar treascrabh thu i gcéin tar lear A Ó cheannusaigh do heascradh dfhuil Éanna is Airt Stór Banban is tearmon na cléire ar fad Is do shórt eatortha níorbh aithnid dam ar Ghaedhil gur mhair. Ní mhaireann le fagháil i gClár Luirc Eoghain is Chuinn Gan bhladar gan phlás i ráidhtibh beóil ná baois Fear teastais do b'fheárr i dtábhairnibh óil ná tighis Roimh ghallaibh nár thláth is go bráth dá sórt nár stríoc. Stríocfam do ghníomhra na nGaedheal go bráth Is ní mhaoidhfeam a ngníomhra ná a gcéim go hárd An tsaoi ghlan dfhan díobh-san tar éis an áir Mo scíos guirt mar chríochnuigh i gcéin é an bás! A bháis is toghail do ghabhais-se i measc an tréada Mo chráidhteacht lom ná rabhas-sa it aice, a mhéirligh, Is nárbh fholáir leat togha gach cabhra mhaisigh mhaordha An lá sul ar thoghais mo rogha-sa dfhearaibh Éireann. Fir Éireann le chéile 's a roinn mar ghabhaid Is a dtéacht-san chun aon chnuic is go bhfaghainn mo thogha, Na céadta de Ghaedhlaibh, cíodh feidhm mo labhairt, Dá mhéid libh mar scéal san, do b'é Tadhg mo rogha. Rogha na Muimhneach timcheall ort go dtáine Mar ghabhaid Cois Laoi, Cois Bríde, is portaibh Párrthais, A chabhraigh ghroidhe cíodh scíosmhar doilg dfhágais Gan chabhair gan mhaoin gan díol na pobail társna. Is társna brónach geóin na tíre ar fad Gan fagháil ar chóir acht tórmach dlighe dá slad Ní thárla beó fear córa dfhillfeadh creach Do Mhágh ná d'Ó mo sceól mar taoi fé ghlas!
Fé ghlas ó taoi a shaoi ghlain tsuairc nár chas De mhaithidh Chlíodhna líomhtha Nuadh agus Chais Gach flaith dár shíolruigh díobh anuas ón gceap De chlannaibh Gaoidheal dá aoirde thuaidh ná theas. Is theas caoinfeam-na is Clíodhna go déarach duairc Is gach sídh-bhean 'n-a timcheall i ngnéithibh uaill, Flaith díleas na hInse agus Ghaortha an chuais Ceap díleas is rí ceart na héigse suadh. Beir suadha uainn-na i gcoinnibh mo ghrádha Fé thuairim an Uain sin Mhic Muire na ngrás Fuaduigh go huachtar a spirid go hárd Ó chuaidh sin dá chruaidh libh mo thiubaist chiach bháis. 9. CADÉ AN SCÉAL SO AG TEACHT? Ar bhás Uí Dhonnchadha an Ghleanna 1729. Cadé an scéal so ag teacht De dhruim mara fá ghuaiseacht Do chriothnuigh an fonn fám theach Do dhoirchigh ruithne réilteach. Tug grian gan soillse go bhfios Is ré mór fá éiclips Reanna nimhe ar ndul ar gcúl Srotha 'n-a dtámh gan aontsiubhal.
Bóchna mar tá 'n-a lasar Éisc ar nós nár chleachtadar Ealta eóin aerdha ag caoidh Ag stathadh a gclúmh is a gcleití. Fíodhbha tréigid a nduille Is cliar gan gáir urnaighthe Mná sidhe in uaillibh 'sgach gleann Ar feadh iath-fhail Éireann. Do chuala tar cách ag caoi Go binn, gér thruagh a ngothaoi Dias bhan in éightibh is i ngáir Nar dhruideas riú 'n-a gcómhdháil. Fiafruighim díobh fáth a nguil Cia ar bh'iad de Thuathaibh Danuinn Cé'n rí dá righthibh sin do luigh Tug iad mar sin ag caoineadh. "Mise Fleasc" ar bean díobh "Móide ghnínn a chómhmhaoidheamh Sular chailleas mo chlann tar bárr M'ainm liom-sa ba neamh-nár. Cé do scoitheadh mo bhaill tarfás Roimhe ní hé mo mhór-chás Acht éag Thaidhg i dtír tar lear Do b'fheárr ameasc na ndeagh-fhear. Ag sin díbh cúis ár ngártha Dearbh-oidhre Chille hÁtha Do treascradh sul ráinig liath Thall i gcathair Montpelia.
Caoinfidh mná ó Laoi na sreabh Mar aon le mná Chairbreach An tsaoi nár éar aon um chrodh Is nár ghlac doicheall ná doghlainn. Caoinfidh mná Ó Ráthach tiar Is mná Bhéarra ar aon rian Fear seasaimh córa na bhfann Sluagh is tóir na saor-chlann. Caoinfidh mná Ealla fá fhuin Is ní taise dhóibh i nDeasmhumhuin Taisce cléire suadh agus dáimh Stór na mbocht is a gcómhlán. Níor chás a aithne ar Loch Léin Is an Torc mar chím is soiléir Tuitim taoisigh an Ghleanna Dóibh araon dár chómhdhalta. Atá smúit ar choill is ar bhán Is ar shleasaibh timcheall Chruacháin, Mangarta mar atá fá ghruaim Ón aithint é badh díombuan." "Is cráidhte innsint do scéil, A bhean, 's is mór an truaighmhéil; Cia an bhean so leat ar siubhal Dár shil aisti a haontsúil?" "Me" ar sí "an Ruachtach mhín Atáim-se is í d'aon-bhuidhin Fá scáth cómhnuidhe an Ghaortha Ó scar liom mo chóimhchéile.
Ó chailleas le fóirneart gall Mo chéile rúin is mo shaor-chlann Do gheibhinn ó Dhia i ndáil Tadhg Ó Donnchadha dfhágbháil. Seo an té fá'r shil mo dhearc Fá a bhfuil anois gan amharc Bráthair gaoil na dtriath ó Bhaoi Ó shleasaibh Tuirc is Múscraoi. Do b'iomdha mar iad cuisle shaor Dfholaibh uaisle glan Gaedhal Táinig tríd i ngach taobh gan chol De mhaithibh sleachta Eógoin." Léigfead feasta de chur a chlú Ní beag gurbh é Ó Donnchadha Is gurbh fhial fairsing fionn an fear Aon dá cháil dá éis ní ráidhtear. Má's éag dó a phearsain is a chrú Níor éag a ainm ná a dheagh-chlú Mairfid go bráth i mbéalaibh suadh Éigse is cléir dá n-athnuadhadh. Ní hionann is gan a bheith beó A chlann tar a éis gan chlaochlódh Sheasmhas le cabhair an Mhic In ionad suabhais gan éislinn. Gabhaim sin ó Dhia mar dhíol Ní bhiam gan ghruaim gan tathaoir Guidheam le a anam chum Neimhe Ó's é críoch gach aon duine."
Seacht gcéad déag fá naoi fichead De bhliadhnaibh ceart mar áirimhid Ó rugadh Críost an deagh-chnú Go bás Thaidhg Uí Dhonnchadha. An tásc so táinig tar lear Do mhéaduigh cumha na ndeigh-fhear A theachtaire ghluaiseas lé Aithris cadé an scéal. 10. TRUAGH NA SCÉIL SEO TIG TAR TUINN. Marbhnadh ar bhás Thaidhg Mhic Domhnaill Mhic Carrthaigh. Truagh na scéil seo tig tar tuinn Mór-thruagh a dtéacht chuguinn Do chuir siad gan fóghnamh sinn Ní congnamh iad dom intinn. Rugadh go hobann uaim M'intinn uile le haonuair Mar do marbhadh brígh mo bhall Ní gníomh gan ádhbhar agam. Gé hiomdha scéal, truagh nó tinn, Do chuaidh soir uainn as Éirinn, Fríoth fá dheóidh go nuadh anoir Na sceóil is truagha ar talamh.
Mairg uainn dar cinneadh a gclos Tug gach aon scéal dá bhfuaros Fá tháir is fá mhéala me Scéal do chrádhaidh mo chroidhe. Deimhin mo scéil atá le teacht Sul ráinig uaim a n-éisteacht Má bodhar gach uair dá chlos Truagh nach bodhar do bhádhos. Ní cóir taobh do thabhairt liom Is nach deachaidh m'anam asam Le linn na scéal do scaoileadh Fá léan cinn na gcaomh-Ghaoidheal. Mac Mhic Charrthaigh Clár Leamhna Mo thriath is mo thighearna Féach an truagh me do mharthain Is é uaim fá allmhurachaibh. Aon mhac na mná ón Mháig mhaill Truagh liom-sa i leabaidh chumhaing Saor-bheangán Gaoidheal an giall Aon leannán Éireann ar aon rian. Crann bagair as a mbínn teann Lán beóil Mumhan na maoileann, Ní téarnamh ina dhiaidh acht dul Gan m'aonlán beóil fám bhagar. Ó tháinig a thásc anall Ní bhiaidh réim beathadh agam Cás an aonduine dá éis Tré bhás m'aonduine d'fhaisnéis.
Mairg fuair do thuras tar tuinn - Thugais a Thaidhg Mhic Domhnaill Cúis mí-mheanmna is déar dam An phréamh fhíneamhna uasal. Ní har Mhuimhneachaibh amháin Bhíos do bhás 'n-a dhiombáidh T'éag, a Thaidhg, mar is léir linn Ba scéal i ngach áit dÉirinn. Do léigis mór-inmhe uaibh Ar seacht dtroighthe d'úir ionnfhuair Dfhios na Fraingce duit ar ndul Caillte mo chuid den chonnradh. Truagh liom-sa ionad eile 'San bhFraingc agat d'áirithe A ghnúis iodhain shéimh gan sal Is t'ionad fann follamh. Truagh liom súil ag cách it chuid A mhic na saor-mhná ó Seanaid, Do bhrígh ní buan mo mheanmna - Nách truagh tír gan tighearna! A thriath Leamhna na learg dte Truagh sinn tar héis gan oidhre Acht rem shúil i nbhur n-ionad Léan lem chroidhe a chuimhniughadh. Sinn féin do thuill ón dTriath gceart Ár gcreachadh uile in éinfheacht Do bheith mar taoi ní tú do thuill Béid go bráth fá'n ndoghrainn.
Má's imtheacht d'oidhre Domhnaill A chnú gan chnaoi ná crobhaing Ina dhiaidh ní saoghlach sinn Ár n-aonbhrat dfhearaibh Éireann. Truagh sinn gan ár súil leis Ag déanamh óil ná aoibhneis Truagh 'n-a dhiaidh sinn gan suan A dheighilt linn is ró-thruagh. 11. AN BRANNDA. Ag diúltadh don chuireadh a fuair sé ó Ó Súilleabháin Bhéarra, chum Sollamain na Nodlag do chaitheamh ina fhochair A.D. 1729. A dhalta ghil dár radas-sa mo annsacht dian Geallaim dhuit go rachainn-se cíodh fann mo rian 'Ot fhaicsin-se le carthannacht in am gach bliadhain Acht ar eagla bheith treascartha ag an mbrannda thiar. Ní seascaireacht fé ndeara dham ná clampar fiach, Ná anbhfann do chrapfadh mé, mo cheann cé liath, Ná seachaint dul tar garbh-chnocaibh reamhra liag, Acht ar eagla bheith treascartha ag an mbrannda thiar. Eascara don anam é agus namhaid do Dhia Do leagas cuirp dá chalmacht 's gach ball 'n-a mbiaid, Glaise Styx is aiste stille bhrannda riamh, Nathair nimh nach annamh tug mo cheann gan chiall.
Is cleachtadh leis an leanbh mbeag cé gann a chiall, Nuair shatalas ar aithinn ná ar a shamhail de phian, Go seachnann an lasair sin 's gach ball dá thriall, Is ní taise dham roimh ragairne an bhrannda thiar. Glac-sa sin óm theachtaire 's is gann liom iad Mo scata broingeal gan faice bruit 'ná beann dá riar Tabhair cuid dot bhanaltrain is ceannsa mian Is gabhaid uile im ainm-se det chlann it rian. An Ceangal: A shuairc-fhir ghroidhe do ghníodh an greann is an sult Ní fuath dot mhnaoi ná dhíbh tug mall mo dhul Ná fuath don tslighe cé coimhtheach reamhar na cnuic Acht fuath mo chroidhe do bhíos don bhrannda agam!
12. NÍ CÁS DAM NA BÁNTA. Diarmuid Ó Súilleabhaín cct nuair a fuair sé capall mar bhronntanas ó Phiaras Paor, i gCluain Molt, mór-chara don éigse. Ní cás dom na bánta is an sliabh do shiubhal Ó ráinig an láir sin chuir Piaras chugham Gach árd-chnoc dá ghráinne níl fiaradh im chionn Is dá dtráchtainn tar sáile ní iarrfainn long. Nuair fháisceann an rás is an fiadh chun siubhail Fágann sí an bán-phoc 'n-a diaidh 's an chú, Ar an sráid sin bíonn láthair is rian a chrúdh, Le dásacht a ceáfradh is í ag gliadar fúm.
13. A FHLAITH GAN BHÉIM. Diarmuid Ó Súilleabháin cct .i. Cómhairle do Ó Súilleabháin Mhór chun toghtha céile. A fhlaith gan bhéim is a shaor-fhir chlúmhail gan cháim Is taca 'on chléir is spré 's is cúl don dáimh Fearta Dé is tú féin ag scrúdadh an cháis Is ná beidh le glaodhach tar héis Uí Shúilleabháin. Is bean is spré má's féidir súd leat dfhagháil Bheith maiseach béasach tréitheach d'úr-fhuil áird Snaidhmidh léi mun séanfa tú le plás Is gaibh-se léi dá mbéadh gan púnt 'n-a láimh. Ceap is préamh na nGaedheal dá múchadh ar lár Is leagadh is créim don taobh so súd go brách, Glac-se saor is léigim chughat le grádh Mo theagasc céille ón nGréig den chrú noch dfhás. Ainm an duine noch d'imthigh is ná fágann mac Ainm ná curtar i gcroinic i gclár ná i gceacht Ainm do scriostar go minic tar fál amach, Is lastar 'san teine, mar nidhthibh ná fásann glas. Teascthar 'san chistin an inighean bhláth bhog thais Is gabhaidh le broingeal gan pingin, má's gábha, ná ba; Ná castar 'n-a coinne gan ise den árd-fhuil cheart, Is gur measa dhuit tuitim do chloinne má táid le teacht. Cairfead-sa i dtuigsint go bhfuilim de bhláth na bhfear Ainm nách mioscais, is bainidh-se an fáth sin as, Stadaim dem ghliogar - níl a thuille le rádh agam leat, Acht nára fada liom feitheamh go bhfeicinn roimh bhás do mhac.
14. A MHÍCHÍL DO CHIDH SINN. Diarmuid Ó Súilleabháin cct Ag déanamh leath-scéil le Mícheál Árdaingeal toisc gan acht ganndal do bheith aige in onóir d'fhéile an naoimh. A Mhíchíl do chídh sinn ar easbhaidh an annlainn Ar fhíograíbh gan ím saill ná bainne gamhnach, Fá dhaoir-chíos don ghaill-bhuidhin-si chreach na ceanntair Mar dhíolaidheacht san chuibhrinn sin glac an gandal. Glac gandal 'san am so, a Mhíchíl aoird Is cé crannda lag fann me go síorraidhe 'om shnoighe Franncaigh 'san cheanntar dá dtigheadh díobh puinn Do gheallfainn-se reamhar-mhart mar chuibhrinn díbh. Isé m'amhgar gan teannta lem dhrom agam Is níor ghandal do b'annlann Dia Domhnaigh im thigh, Acht reamhar-mhart nár ghamhnach is togha na molt Is brannda maith Franncach le toll an tuirc.
15. I gCORCAIGH UM NODLAIG. Diarmuid nó Domhnall nó Donnchadh Ó Súilleabháin cct. I gCorcaigh um Nodlaig do thárla Gan costas gan cáirde ann acht Dia Go hobann nách soichinn i dtráth' dul I bhfochair mo cháirde is me i gcian, Mo dhochar! ba doilbh an cás sin Ar bolg na sráide is me i bpian M'fhortacht go hobann Mac Máire Gur oscail dam beárna má dh'iadhaidh. Do chloisinn na focail dá rádh liom Gan solus acht grása ann ó Dhia, "Brostuigh go soichir 'on Ráth Dhubh - Bíonn ollaimh, bíonn dáimh ann is cliar; Posta do foilceadh den Chárrth-fhuil Ba cosmhail i gcáilibh le Cian Gabhaim orm gan dochma is bí sásta Gurab oscailte í fáilte ann triall." Is leis an Nodlaig ba chosmhail gach lá aca 'S is obann síor-Cháisc ann tar bliadhain, Ní locartha lomartha a gclára Bíonn forbhas fáilte ortha is biadh, Saill bhorb de thoradh na cránach, Muilt fhaithche, ba dártha, agus fiadh, Is le torthaibh is ullamh gé bán ann Custard, mil, cáise agus iasc.
Bíonn deochanna i gcorna lána ann Lionn dorcha Márta tar bliadhain, Is is obann punch oirdhreic láimh ris Sonn-toradh ar fhíon Spáinne 'n-a ndiaidh. Brostuigh ort, corruigh lámh-láidir - Ortha tómhas-mháighistir bhíonn dian, Ní chodlaid go lomann an lá ortha Ag dortadh bhiotáille soir siar.
16. IS FADA MISE AG GLUAISEACHT - A.D. 1741. Is fada mise ag gluaiseacht ag cur tuairisc na mbéithe bfheárr Gur thaistealas go Tuadhmhain is ó thuaidh ar gach taobh den Mháig, Ó Scealgaibh do ghluaiseas go bruach Life síos den stáir Is níor ghlacas-sa mo shuaimhneas gur buaileadh me araoir don Ráth. Mar a bhfuil an ainnir stuamdha is cuanna 's is caoine cáil Is taitneamhach a cuacha anuas disi ar bís go sáil; Tá dath na sugha 'n-a gruadhnaibh i mbuairt leis an lítis mbáin Is nách feasach dam an uair sin cé is uaisle den dís rug bárr.
Tá a braoithe ganna i dtuairim don ruainne dá chaoile dfhás Is caoin a rosc nár ghruamdha do thuargain na mílte ar lár Is binn a haithris uamaigh le suairceas is aoibhinn phrás Is a píp mar eala i gcuantaibh mar ghluaisid ar taoide ag snámh. Do mhaoidhinn créad as an stuaire is an cuallacht gach taoibh ór fhás, De rí-fhuil Chaisil uasail do ruaigeadh an naimhid tar sáil, De rí-shliocht Charrthach muardha do b'uaibhreach i gcoímheascar námhad Is do b'aoirde meas sa chrích seo cé híseal le seal atáid. Is í Eibhlín deas Ní Dhomhnaill do bhreóidh me le saighdaibh grádha Is dá bhfaighmís í le pósadh do b'óg me cé críona atáim, Ní feidhm linn feasta a fhógairt gur dóigh liom gur b'í rug bárr Ón mnaoi 'n-a bharc tug Nóis leis fó choill tar lear chum fáin. Nó an bhean do rug Mac Éason mar léightar 'n-a luing tar sáil Pallas cheart nó Hélen, an bhé sin ler claoidheadh a lán, Is dá dtigheadh 'n-a measc sin Bhénus bean déithe do b'aoirde cáil Is deimhin díbh go ngéillfinn is go léigfinn di choidhche an bárr. Stadfad feasta 'em baothacht, ó léir-chanaid draoithe is báird Teastas ceart na béithe ar gach taobh ann de chríochaibh Fáil Athchuingim-se an tAonmhac dot shaoradh is dot dhíon gach lá Léigim bean is céad tais taobh leat gan taoint 'n-a ndáil.
17. UCH! IS CÁSMHAR MISE. Uch! is cásmhar mise go huireasbhach tuirseach déarach Tar sáile ó d'imthigh an fhuireann sin mhaithibh Éireann, In árus chonnail ó cuireadh me i ngeibh na déarca Is a chrádh don tiubaist, cár mhisde dhi mise thréigean! Ó thárla mise fé chumas na ngalla daora Gach lá go hioscad i bpluide is me ag cartadh caotach, Potáta is uisce is de is minic chaithim béile Is a chrádh don tiubaist, cár mhisde dhi mise thréigean! Atáim ársa liodartha, foirbhthe - chailleas m'éisteacht, Fuaireas ré nur thuiteas do bhain an uile-ghéim díom, Mo chóta briste ar m'uillinn is me gan léine, Is a chrádh don tiubaist, cár mhisde dhi mise thréigean! Ól ná imirt níl ionnam, ná sult do dhéanamh, Ceól dá sheinnm ní chloisim mar chleachtadh Ghaedhlaibh Uchón! do thuiteas in umar na haimiléise, Is a chrádh don tiubaist, cár mhisde dhi mise thréigean! Atá an saoghal so ag tuitim im choinne is is misde mé sin Mo chéile is mise gan choinnil ag ithe ár mbéile, Re haer na teine gan chuideachta acht sinn 'n-ár n-aonar Is a chrádh don tiubaist, cár mhisde dhi mise thréigean!
Is deimhin dá dtigeadh tar uisce chughainn maithibh Éireann Fé mheadhair i gcumas chum siosma ná cogadh a dhéanamh, Go mbeadh Tadhg is tusa agus mise in arm gléasta Ag roinnt na tiubaiste ar an bhfuirinn seo an ghalla-Bhéarla! An Ceangal: Atá an aindeise 'om leanamhain féin de ghnáith Is dom baramhail níl scaramhain agam léi go brách Dá ngeallamhainn di baile agus leath-Éireann dfhagháil Uch! ní ghlacfadh gan me leanamhain dá dtéighinn don Spáinn.
18. DO RAD AINNIR LIOM. Tadhg na Súl mBeag Ó Ríoghbhardáin cct ag gabháil a leithscéil le sna filíbh: Do rad ainnir liom, ní abraim cia hí acht gur bean, Nárbh aithnid di san mBanbain lucht grinn acht lag - Scaraim libh, muna dteagmhainn 'san tslighe 'nbhur measc, Ar eagla ná leanfadh mise an bhuidhe ná an bhreac.
19. AR A DTARRAINGTAR ÓN nGEADAIGH BHIG. Freagra ar an méid sin, agus Diarmuid Mac Domhnaill Mic Fhinghín Chaoil cct. Ar a dtarraingtar ón ngeadaigh bhig is ón mbuidhe de lacht Ar thairbhe na ceanainne agus chíordhubh an ghaid Ar ar ghlacais-se de theagascaibh ó mhíle bean, Níor scartha dhuit le caidreamh na saoithe sean. Dá dtagadh sioc is sparainn ar feadh míosa i gceap Is sneachta tiugh dá leanamhain arís go pras, Fearthainn fhliuch is anaithe den ghaoith andeas Do b'aindeis bheith dá stracaireacht as tuinn - an bhreach. An tan mhaireadar na dragain chuthaigh ó Bhaoi na mbarc, Is an aicme sin den Charrthach-fhuil ó Laoi na n-eas Níorbh fhearra bheith ag reachtaireacht na buidhe cois scairt 'Ná ag radaireacht 's ag aithris suilt is grinn 'n-a measc. An Ceangal: Mo lom, mo scíos, mo dhíth, agus m'uchlán bróin Gan labhairt sa tír ar bhuidhin na bhfad-gclár n-óil, Do bhronnfadh fíon is cíos do shean-dáimh shóghach Is do thoghfadh sinn tar druing na ndartán bó. Féach, mar an gcéadna, freagra eile ar Thadhg, ag Domhnall Mac Domhnaill Mic Fhinghín Chaoil .i. "Ní fheadar-sa ca talamh cirt etc." - uimhir a 33 ameasc na n-amhrán so.
20. A SHÉIMH-FHIR GHASTA DEN CHARRTHACH-FHUIL. Diarmuid Ó Súilleabháin cct .i. ag gabháil a leith-scéil le hEoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh toisc gan cothrom níos feárr a bheith aige ina chómhair nuair chaith Eoghan oidhche ina fhochair ina thigh. A shéimh-fhir ghasta den Charrthach-fhuil cheanamhail aoird Is léigheanta cheapas na ranna i gceart-phonnc laoi, In éiric haistir 's in aiste na bhflagún dighe Scéal Pharnassus uaim glacaidh 's is lag liúm díbh. Na céadta 'om stracadh is agam-sa deachmhadh níl Is me aosta caithte gan eallach dá mbleachtughadh puinn 'Om thraochadh ag galar is fada tá ar beathughadh im chroidhe Tug mé gan beathuisce blasta, mo chathughadh, araoir! An saoghal ó laguigh an ghasra cheanamhail ghroidhe Nár éag le gallaibh acht tarraing fé bhrat dlúth an ríogh Fréke is Waller is Hassett ag taltughadh a gcríoch Tug mé gan beathuisce agam, mo chathughadh, araoir! A chalm-fhir chneasta den aicme chirt aoird sheannda Ó's feasach 'n-ár bhfarra thu ag scanadh gach grinn-labhartha, It bhacach sheascair ó's searbh tu it luighe i dteannta Sin tobac agat is glacaidh mar dhíol brannda!
21. A SHÉIMH-FHIR GHASTA DEN AICME NÁR CHEASNAMHAIL GNAOI .i. Freagra Eoghain an Mhéirín ar "A shéimh-fhir ghasta den Charrthach-fhuil etc. etc. A shéimh-fhir ghasta den aicme nár cheasnamhail gnaoi Dfhuil fhéil na bhfearachon bhfairsing ba flathamhail tigheas, Ort féin is measa liom haindeise ag meathlughadh an tsaoighil Dot mhéinn do radas-sa taitneamh seach last long dfhíon. Dot thréithibh gasta dot charthannacht cheanamhail chaoin Dot bhréithribh meala gan chealg ag treasughadh an ghrinn, Gach n-aon det aicme dá bhfeaca nár cheasnamhail gnaoi Gan bhréag do bfhearra liom faram 'ná last long dfhíon. Ná héigin feasta na ceasta so ag leanmhain díot Sin Séamus againn is an dragan dár cheart Dún Baoi Laochra in Albain araid ag ceartughadh a gcloidheamh Is in aolbhrog sheascuir beidh agat-sa last long dfhíon. A shoilbh-fhir ghreannmhair charthannaigh chaoin cheannsa Ler geineadh bheith rabairneach freastalach fír-leanntach, Do b'aite liom manglam searbh, is suidhe it theannta, 'Ná seascaireacht bathlaigh is baraille d'fhíon Franncach. A chumainn gan chealg do chanas na suairc-bhréithre Is ler geineadh bheith rabairneach greanta le buadh féile Nár fhillead-sa im beathaidh má chanaim leat duan bhréige Munan gile liom t'amharc 'ná a bfeada de bhuaibh sléibhte.
22. ATÁID SIAD I MBLIADHNA COIS LÁINE. Diarmuid Mac Domhnaill Mac Fhinghín Chaoil cct don Iarla Ó Súilleabháin .i. Ó Súilleabháin Mór. Atáid siad i mbliadhna cois Láine ag spórt Ó thriall ortha an tIarla tar sáil fé sheól, Do stiallfadh mo chliabh-sa le háthas leó Acht an tIarla ón Iarthar nách táinig fós. Fós dá dtagadh an dragan de shíol Éibhir Tar bóchna ag taisteal le ceannas go crích Éireann; Leógan d'eascair dfhuil Eachadh ler maoidheadh féile. Ba dóigh le haiteas gur bh'eagal dom chroidhe réabadh. Réabfaidh Domhnall fós, ab áil le Críost, Le tréin-neart slógh gach pórt dá ndeárna gaill, Beidh Gaedhil ag ól go sóghach is cách ag caoidh Is cléir ag geóin le mórtas áthais roímhe. Roimhe sin beidh againne céad fáilte Is gach nduine ag rith 'n-a choinne sin le béal áthais, Leinbh agus broingeala agus aos ársa, Is gach fionna-shruth a' fiorra chnuic ag scéith ar bhántaibh. Beidh bánta lán d'áthas gan amhras roímhe Is gach árd-chnoc dá áilleacht ó Theamhair go Baoi, Fó bhláth-lile ag fás agus geamhar ar thuinn Is geárrcaigh ag gárthadh ar gach crann den choill.
'San choill beidh sians ag fiadhach 'na scolaibh ag damhas Mar shínfeas iasc dá ghrianadh i bportaibh na habhann, Dá dtigheadh an tIarla thiar i gcothrom is i bhfabhar Ba bhuidheach de Dhia me i mbliadhna dá soicheadh sin ann. Ann san Daingean dá dtagadh na caithmhílte - Na campaí fairsinge 's a gceanna le harm Laoisigh Ba gheall le Flaitheas dá mairinn 's a theacht chum críche - Scannradh is scaipeadh ar ghallaibh gan casadh choidhche. Choidhche beimíd mar tám go deó Muna dtighid sin tar tuinn-mhuir is Spáinnigh leó; A Íosa fuair íspirt is Páis le brón Fírinne ding sin im ráidhtibh beóil. Atá beól-oideas dómh-sa dá aithris riamh Go mbeidh Domhnall dá chóimhreamh mar phearsain don triath, Ag dó-bhriseadh slóighte cath Saingil go dian Is thógbhas an ceó so de Bhanba Bhriain. Is é Brian ar dtúis do thionnscail sinn do chur A' hiathaibh Mumhan i dtriúchaibh Chuinn is Chuirc A Dhia na ndúl fuair sciúirseadh i gcrainn ar crois Ár liaigh-na thú, is múscail sinn ó bhroid. Ó bhroid cuir sínn a rí 's a árdthighearna Is cuir fát choím an bhuidhean so atá ar iarraidh; Cuir na gaill tar tuinn dá gcrádh-phianadh Is cuir na Gaoidhil 'na suidhe mar táid siad san.
23. A ALBA Ó SHEALBHAIS AN RÍ CÓIR CIRT. A Alba ó shealbhais an rí cóir cirt It cheart-chumas go nglacthar thu i dtrí chróinnibh Sacsa thoir go ngabhair-se le fíor-chómhrac Is geallaim-se gan achrann duit ríoghacht Fódla. Beidh eaglais gan dearmad go binn-ghlórach A salmaibh a saltraibh go caoin ceólmhar Screadfam-na ar cheannaibh uile go fír-dheórach A thearmain ar gheala-bhile na Tríonóide. Na gallabhroic do dhearbhuigh go díth-chórach Gur bhastard thu nár sreabhadh dfhuil an Ríogh chródha Go bhfaiceam-na le harmaibh na nGaoidheal-Eógain Na garbh-thuirc 'n-a spadalaibh i ndraoib bóthair. 24. BEIDH RADHARC SÚL NÁCH TINN LIÚM. Beidh radharc súl nách tinn liúm gan sos in Éirinn Le high-búir i ngreim chúmhang is go docht i ngéibhinn Mo mhadhmughadh nách fagham múchadh ar bhrogaibh aolbhaigh Sin deimhniughadh ar mo dheagh-rún don tsolus-réiltinn. Tá an réilteann go gléineach le feartaibh Íosa Dá léir-chur i gcéill chirt do chlannaibh Mílidh An t-aon so fé néallaibh as ceart a shinnsir Go dtraochfaidh lucht Béarla i ngach sparainn coimheascair.
Coimheascar gan mhoill beidh in Inis Fáilbhe Ag saoithe ná stríocfaidh go gcuirfid báire; Beidh Laoiseach go buidheanmhar is fuireann Spáinneach Agus sceimhle aca ar naímhdibh dá scrios le fánaidh. Le fánaidh uainn beidh ruaig ar ghallaibh Éireann Mar tá ag an gcuaich dá luadh ar theacht don réiltinn Beidh gártha is buairt ó thuaith go sleasaibh Béarra Is go Clár geal Tuadhmhan beidh cuanta ar lasadh in éinfheacht. In éinfheacht beidh léir-scrios ar aicme Liútair Do réir chantain naomh is mar mheasaid úghdair Gaedhil dochta a traochadh le hachtaibh cúirte Beidh saor suidhte léigthe 'n-a mbailtibh dúthchais. Dúthchas an Úir-mhic is an Athar neámhdha Ar a thúirling le humhlacht in ucht a Mháthar Gur sciúirse bhí rómpa ba chreidte 'o tháintibh, Is d'iompuigh le dúil chum a gcuirp do shásamh. Sásamh gan cháirde go mbaintear díobh-san Ag an ngárda úd ná stánfaidh dá ndlighthe claoidhmhe Beidh an táin sin gan tácla in Inis Chríomhthainn Is a chrádh dom go mb'áthas dá bhfeicinn claoidhte. Claoidhte atáid saoithe Ghuirt Lúghaidh agus Airt Sínte fá líogaibh is go dlúth i nglas, An díoghlaim dfhan díobh san, mo chumha! go lag, Gan intinn ná aoibhneas ag búir ar nasc. Ar nasc atáid ó tháine cheana an réilteann Is lasair smáil le fánaidh aisti in éinfheacht, Is ait an fháistine deárnthas d'aicme an Bhéarla - Ceannas Chlár Luirc dfhagháil is smacht ar Ghaedhlaibh!
Chum Gaedhal atá an réilteann ag teacht le tuairim Go gléineach 'sna spéarthaibh go lasmhar buacach, Claon-truip an éithigh go gcaithfidh gluaiseacht Is le haontoil an Aenmhic nár chasa a dtuairisc. Tuairisc canaim gur atharrach ríogh gan cheist Do bhuaidhfeas gradam is ceannas na gcríoch so leis; Beidh ruagadh is scaipeadh ar a maireann den bhuidhin-si ar bhreis Sin suaimhneas againn, is is gairid arís go mbeidh.
25. SIN EASPOG LER TÁTHADH GRÁSA, A.D. 1739. Sin easpog ler táthadh grása is fíor-umhlacht Is d'eascair gan táire d'árd-shliocht Mhaoiliúra A ghradam is feárrde Clár cirt chríoch Mumhan Radaim dó fáilte, is a rádh le caoin-dúthracht. Ó d'fhreagair an tÁrdmhac gártha ár nguidhe dhúinne Don Eaglais gárda is dá cháirdibh brígh cúinse Teastas a cháile is árd i bprímh-thriúchaibh Fearthanna fáilte atá aige ar trí dúbailt. Má stadadar cách dá bhfáilte ó chroidhe chughaibh-se An tAthair 'n-a ghrás gan tlás dot shíor-chumhdach; Radaim fém láimh cíodh táir mar dhíol liúm sin Luis tarraingthe ar phár 's na táinte 't' fúithi.
26. A CHOLANN BHRACACH TUG TAITNEAMH. A cholann bhracach tug taitneamh don bhláith-éadach Do dheochaibh fada go blasta, 'o gach sáir-bhéile, Do sporaibh greanta ar chapall ag áird-léimrigh Is olc an caraid don anam tú lá an tsléibhe. Och! is mairg a caithtar ar charn an ghnáith-bhréantais Tabharthas tsalach ar ablaigh na ngnáith-bpéiste, Is olc an mhalairt do charais chum lá an tsléibhe Nár throisc ó pheaca 's an chathair don láimh chlé thu. Mo dhochar mo dheacair mo ghreadadh mo chrádh chéasta, Nár sclogas im leanbh sul leanas dem ráig féinidh, An cholann dom tharraint chum peaca de ghrádh an tsaogail Is m'osna-sa an t-anam go gcasfaidh 'n-a pháirt éiric! A phosta na nAspol is a thaca na bhfáidh naomhtha Ó's follus gur pheacach me a mealladh le scáil bhréige, Coigil mo pheaca is lastar do ghrádh im aeibh-se Go sroisinn dot fhlaithis fá choimirc do scáth-scéithe. Guidh-se mar aithis a Athair, cidh tá déidheanach, Gur doilg liom caitheamh mo bheathadh mar tá léighte Sa bheocha chum flaithis níl agam le rádh in éanchor Acht go ngoilfinn-se srathaibh ar mhaitheas do lán-daonnacht. A Athair na n-othar, is a thobair gach úird is naomh Screadaim-se oraibh is goilim le dúthracht cléibh, M'anam bocht dfhortacht is do ghlanadh ó smúit an tsaoghail Ó's cathach mo cholann le dochar a chionta féin.
27. ADMHAIM GUR PEACACH ME. Admhaim gur peacach me ins gach slighe daortha Nár sheachnaidh na haitheanta do shíor-réabadh Teagasc chirt na hEagailse go binn d'éisteacht Is le hainbhfios ní thabhrainn dá dlighe géilleadh. Níor bh'annamh me sa tabhairne ar díth céille Ag glagaireacht ag spalpadh mionna - gníomh bréige, Go sparainneach rem chaideachtain ag maoidheamh laochais Is gur bh'araide me im aigne 'ná Rí Gréige. Chun Aifrinn dá dtagainn-se re linn sléachtain Do thagadh rith im aigne do shlighe an tsaoghail-se, Carthannacht ní thabhrainn don naoidhe déarca Is do labhrainn go tarcuisneach le droing aosta. Airgead nuair ghlacainn-se ar shlighe in Éirinn Is fada as-san go rachainn-se ag díol m'fhéitheamh; An tan thagachsad dom agallamh ar tí réidhtigh Stracaireacht do thagrainn ag maoidheamh plé ortha! Nuair theagmhainn i gcaideachtain na gcaoin-bhéithe Ba chleasach suilt mo labhartha dá laoi-bhréagadh Go dtarrainginn na hainnire le binn-bhréithre Chun peaca an uilc, is níor thaise dham mar bhínn féinidh.
Do b'easmailteach mo labhartha le poimp éada Ar an ngasradh do shealbhuigh na caoin-tréithe; Ar phaidearaibh níor faiceadh me ag luighe déidheanach, Is i gcarrbhus do chaithinn-se na trí bhéile. Gach peaca eile dearmaid nár ríomhas féinidh Gabhaim-se iad, a Athair ghil, fén gcuing gcéadna; Aithreachas má ghlacaim-se le croidhe-mhéinne Maithmheachas do thabhairt dam as t'fhíor-dhaonnacht. 28. AG AODHAIREACHT MÁ THÉIGHIM-sE. Diarmuid Ó Súilleabháin cct ag tagairt don aodhaireacht. Ag aodhaireacht má théighim-se le barra baoise Is go léigfear le chéile chugham ba is caoirigh Ar thaobh cnuic dá dtéighid sin ag glacadh gaoithe, Lem aostacht ní fhéadaim a gcasadh choidhche.
29. MO CHIACH MO BHRÓN GUIRT
.i. an fheartlaoi do bhí ris an marbhnadh do rinne Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh ar bhás Dhiarmuda Uí Shúilleabháin.
Mo chiach mo bhrón guirt mo scóladh is mo scian trím chroidhe An triath ba mhó eólas ar uaisle Gaoidheal I gcriadh-chuilt ar feódhcha, mo leógan ba chliste rinn pinn Diarmuid Mac Domhnaill mic Eógain mic Fhinghín Chaoil.
30. Ó CHOISCIS AN DRÁ LÁIDIR SEO. Donnchadh Ó Súilleabháin cct .i. Mac Domhnaill Mic Fhinghín Chaoil. Ar mbeith breóidhte dhó do dhiúltuigh an liaigh lámh do chur ann chum a leighis, go bhfuair Donnchadh é féin go maith ar n-a mháireach, go ndubhairt: Ó choiscis an drá láidir seo im chliabh a leac Go gcodlaim im chnámha in áthas gan pian dom bac Is follus atáid grása mo Thighearna ag teacht - An t-othar go breágh láidir, is an liaigh go lag! 31. FÁ CHLIATH AN SMÁIL. Donnchadh Ó Súilleabháin cct .i. Mac Domhnaill Mic Fhinghín Chaoil. Fá chliath an smáil na táinte 'e chlanna Mílidh In iaithibh Fáil cé lánmhar leathan aoibhinn Gan chliar gan chlár gan dán gan fleadh gan fíonta 'N-a n-iarmhar áir mar táid fé ghallaibh claoidhte! Ba sciath don dáimh is a ngárda ar chealg naimhde, Ar chiach ar chás ar chrádh is ar chreachadh buidhne; Ag triall gach lá 'n-a ndáil mar chasann taoide Nár iaidh a lámh ar gháir na n-agall n-íogair.
Ba fial a gcáil in árus fhairsing fhíonmhar Is a mian ba ghnáth i rásaibh startha Gaoidhilge Ag riar gach bárd do b'ársa i gceastaibh gaoise Is ar ghliadhaibh ag trácht i ndálaibh Clanna Baoiscne. Is liach gach lá ionnam lán-scrios sleachta Ghaoidhil Ghlais; Is an ciarsprot gránna ceárdach cleasach coimhtheach Do thriall tar sáil go háitreabh Clanna Mílidh Go siansach sámh mar táid i bhfearann caoin-Chuirc. Dia na ngrás im láimh mar chabhair guidhim-se An triath so ar fán dá ndáilid gairm Rí Scuit Do thriall i dtráth le táinte dragan díoghaltais Go hiaithibh Fáil, is an gráscar smeartha a dhíbirt. An Ceangal: Tar tuinn má thagann an leanbh nách aithnid dúinn-na, Go buidheanmhar acmhaingeach armach garbh-thrúpach Fíochmhar feargach draganta teanna-phúdair - Is mín gan magadh ar bith an aicme seo leanann Liútar. 32. CÍODH THÁRLA IN IONAD ME. Donnchadh Mac Domhnaill Mic Fhinghín Chaoil Uí Shúilleabháin cct Insan Talamh Nuadh, chum a charad go hÉirinn. Cíodh thárla in ionad me gan uireasbhaidh bídh ná óil Gan gábha re fuithin i gcuideachtain mílte slógh, Spás ar uisce, ar bhiolar, is suidhe 'nbhur gcómhar Ba sásta liom-sa 'ná a gcuirfinn im chlí de phóit.
Dáilim broingeal gan iomarcadh dín ón reódh, I ngach áit 'n-a bhfuilid gach duine aca ag luighe gan dóin An dtráchtaid orm, nó an gcluinid an mbím-se beó Idir mnáibh is leinbh fireannda, críon is óg! Im shláinte innis go bhfuilim go cuibheasach beó, Páirt is cumann go bhfuil agam, is díogras dóibh, Gráin ná mioscais ná tigeann im chroidhe-se fós Acht grádh ná scuirfidh go gcuirfar me sínte i bhfód.
33. NÍ FHEADAR-sA CA TALAMH CIRT CA TÍR CA TREABH. Domhnall Ó Súilleabháin cct. Ní fheadar-sa ca talamh cirt ca tír ca treabh Ca haitreabh bun a caidrimh don mhnaoi acht gur leamh Le tagarthaibh a trasna-fhriotail d'intleacht lag Is le barra mire tarcuisne ar lucht scaoilte ceacht. Is cealg mhioscais dhealbhais ná suidheamh ar chan Is i reachtaibh dlighthe labhartha ní líomhtha a leath, Ar theastas file snasta snoidhte, ag maoidheamh a mbreath, Do thaitneadh leis na ceannaibh fine b'aoirde meas. Dearbhaim gur b'aithnid dam 'san tír seo seal, Bailte puirt is groigh-each cnuic is caoirigh is ba, Ag gasra ba ceannasach le tigheas nár lag Is gasta chumadh ranna suilt is laoithe i gceart. I bhflaitheas Chuirc is Chairbre is Chuinn is Airt Is gach flatha-churadh chalma ghaibh ríoghacht is rath Ba cheanamhail an ghasra ar ar luighis, a bhean, Is ret shamhail-se gan easbhaidh ar bith le linn na bhfear. Ó laguigh cuisle Carrathach ag druing tar lear Is sliocht Eachadh mhir ba chalma do dhíogadh amach Beidh aicme suilt na ranna chur i scríbhinn ceast Gan tearman go gcasaid sin arís tar n-ais.
34. TÁ LEANBH GLÉIGEAL CNEASTA TAOBH LIOM. Proinnsias Ó Súilleabháin cct do Mháire Ní Thaidhg Uí Iarfhlaithe. Fonn: Caiseal Mumhan. Tá leanbh gléigeal cneasta taobh liom bláthmhar fion Insa bhaile, in aontumha gan teacht in aos, is áluin gnúis, Gur raid gach n-aon di searc na n-ae agus grádh dar liúm, Is a samhail réidh ní fheaca féin 'n-a ndeárna 'é shiubhal. Is glas a maonruisc mar na braona roimh lá ar drúcht Is a mala chaol ag teacht i gcaoth mar atá ós a gcionn 'N-a leacain tséimh tá lasadh an chaeir is bán ag tnúth Is taitneamh gréine ag teacht uaidh féin ag áitreabh riú. Is deas a béal is is canta téx ag rádh gach tiúin, Is gearra a déid, in aice a chéile is breágh 's is dlúth; Is geal a taobh mar eala ag téacht de bhárr na dtonn Nó mar shneachta ar shléibhte dath a cléibh atá 's a com. Is maith do léighfeadh ar chath na Trae is mar tháinig súd; Ar bhrataibh daora leagann faolchoin cáig is colúir, Lachain éanlaith ar barra géag, is gach a snámhfadh srúill An barc ar séirse mar thagann sé tar sáile, is long. Geallann Bhénus go ceart an chraobh di, an bláth is an t-ubhall, Ní taise 'o Hélen ná do Dhéirdre, atáid go dubhach, Barra scéimhe do bhain an réiltean bhreágh den triúr, Is pé fear bheidh réidh léi ní heagal éad dó ná bás le cumha.
35. LAGADH NA FÉILE. Proinnséas Ó Súilleabháin cct .i. Mac Diarmuda Mic Dhomhnaill Mic Fhinghín Chaoil Uí Shúilleabháin. Mo chráidhteacht gan ádhbhar suilt dá shníomh ná greann, Dánta le cláirsigh ná gaois dá labhairt Ón mBlárnain 'san lán san go Baoi is leastall 'San áit sin gan trácht air acht ím nó a adhbhar. Is é adhbhar an ime ná druimfhionn d'atharrughadh i bhféar Is na samhaisce doirthe ón imeall do bheartughadh léi, Gach crobhdán tsingil dá laige do cheartughadh fé Is gach gamhainín boineann dá bhfeicid do bheathughadh ar méis. A beathughadh do dhéanadh mar aon duine dem chloinn Deir an bhean úd é - ní baoghal ná tiocfaidh in aois Ní cailleamhaint é má ghnéidheann seacht scillinge 'é chíos - Mo chathughadh cléibh mar phléidhe in ionad an ghrinn! In ionad an ghrinn do bhíodh dá threasughadh uair Ó imeallaibh Baoi go Laoi is go Deasmhumhain tuaidh Ní chluinim-se nidh acht crích nó ceartughadh ar bhuaibh Nó siosma ar ím dá dhíol, mo chathughadh is truagh! Is truagh liom an cruadhtan ina bhfuilid na Gaoidhil Dá ruagadh gan tuairisc ag dlighthibh an ghaill, Is na huaisle ar a bhfuaradh gan fuinneamh san chill Go bruachaibh na gcuanta in ar cuireadh an t-ím.
An t-ím ní chuireadh an fhuireann so chúcha thoir Ná an smísteach saille acht a hithe go húr istigh; Do bhíodh daoine singil ag imirt is ag lúth 'n-a dtigh - Is míle milleadh ná feicim mar chúrsa anois! Anois níor chás dá lán bheith fialmhar fionn Tigheasmhar páirteach grádhmhar ciallmhar clúmhail Tá daoine sámha i ngach áit noch dfhéadfadh súd Ná síneann lámh chum cách dá riar le fonn. Fonn féile ar éinne ní bhfaghaim go bhfuil Den dúr-thréad so go déadhnach noch d'adhain an sioc! Gach crúdh léigfeadh an saogal ar aghaidh ag rith Mo chumha céasta, dá dtraochadh nó i ngreim fé lic! Fé'n lic curtha tá an fhuireann do b'fhéile nós Nó tréigthe singil dá mbriseadh gan tréad gan stór Is an té ná cuireann acht bliodarnach ghéar ar bórd Lán de mhustar gan sireadh ná téacht tar fheóil! Feóil ní chuirid dá ithe acht martas táire Nó an bhó thuigid bheith tirm de cheal a dártha Nó an bhó thuiteas i laige ar theacht an Mhárta Is gan bhó go bhfeicead-sa an fhuireann so in aistear táinig. Táinig a lán aca in aistear mar adubhart Nách gnáthach ar a gcláraibh mar bheatha ag teacht suas Acht bláthach le potáta nó bainne lag-fhuar Cíodh hárd bheid amáireach ar eachaibh 'san tsluagh! 'San tsluagh nuair thigim ní fheicim go mórdhálach Acht an sluagh do chruinnigh le huireasbhaidh mór-fhagháltas, Nó an sluagh do chuireas chum suime gach sórt fhásas - Is sluaighte an oinigh go singil, mo sceól cráidhte!
36. MO LÉIR-sCRIOS GREADAITHE A.D. 1746. Mo léir-scrios greadaithe reachta gach móirmhílidh Gan tréad gan talamh gan gradam i gcró Chríomhthain Do bhéaradh fearann dom shamhail gan ró-chíosa Éadach faisionta 'om pearsain is cóir chuibhrinn. Réx ceart Chaisil is dragan is leóghan Laoi thoir Is an t-aon so mhaireas dfhuil Eachadh gan lór saoirse, Scéal is measa gan mac aige i gcómhair sloinnte Ná aon ar a ainm le gairm san treó dhírigh. Níl aon i gCairbreach aca acht go ró-chlaoidhte Ná aon ar shleachta Mic Cathail acht Ó fír-bheag; Tá sé gan leanbh, 'n-a Shasanach leó ag íodhbairt, Mar ghéille d'achtaibh chum seasaimh in' Ó díleas. Sliocht Chéin na n-eachradh bhfairsing ba móirlíonta, Níl aon dá maithe 'n-a mbeatha ná sórt innse Ná aon i ngradam de shleachta chirt chóir Íthe Ó Chléir go Caiseal, ná, measaim, 'san gcóig timcheall. Caesar gaisce an Ghleanna so is mó chaoinim, An té aca cailleadh in Eachdhruim fós roímhe seo, An té aca cailleadh 'san ngaisce is brón scís liom Tug mé i mbaitheas an tailimh gan scóip saoirse.
Níl aon dfhuil Eachadh 'n-a mbeatha i bhfód Faoide Ná i mBéarra acht pearsana greadaithe ag gleó cíosa, Den tréad ba calma acmhaing i ngleó coimheascair Ba féastach freastalach flaitheamhail ró-thigheasmhar. Tá aon dá maithibh nár aithriseas fós díbh-se An té ba mheasa liom aca dár chóimhrigheas-sa Le tréimhse marbh sa talamh sin mhór-Laoisigh - Phoenix Glaise Bun Ghleanna na gceó-Chíocha. Seo an té nách taisceadh le gallaibh go fóirlíonta; Le pléidhe is le maide do baineadh tar cóir díobh-san; Is an té bheith marbh fé leacaibh i bhfód coimhtheach Tug saor ag Hearabairt sealbh is ag Seóirse Evans. Is an té nách taisceadh a nglacadh de shógh an tsaoigail Seo an té do scaipeadh go fairsing a stór timcheall, Seo an té bheir lachtas mo dhearca gach ló chím-se Déirithe is reachtas 'n-a halla agus gleó dríodair. Isé deir bodach le bodach go ró-mhaoidhteach Is é 's an bodach go seascair ag ól phíopa - "Biaid Gaedhil gan ghradam, ní chasfaidh an chóir choidhche, Tá an réim ag gallaibh 's is fearra 'ná ag pór Mhílidh. "Tá Séamus Breatan in eaglais mhór Íosa Is Éadbhard fairis 'n-a shagart 'san Róimh, innsid, Séarlas airgthe a Sacsaibh gan dóigh fillte Is dá réir, sin Banba i nglasaibh gan cóir saoirse." "Éist det ghlagaireacht feasta is det ghleó caointe - Tá scéal is fearra 'ná haiste i mbeól daoine, Scéal ar leastair is ar mhartaibh i dtreó a ndíola Is scéal ar thalamh á ghlacadh i gcómhair smísteach."
37. IS LÉAN 'S IS DEACAIR. Proinnsias Ó Súilleabháin cct Ar bhás Séafra Uí Dhonnchadha an Ghleanna. Is léan 's is deacair, is mairg is díth is 's gruaim, 'S is éacht faid mhairfid do lagaibh i gcill is i dtuath, Is céasta cathach gach pearsa san tír seo is tuaidh Tré Shéafra an Ghleanna bheith marbh lag sínte in uaigh. In uaigh do fágadh árd-fhlaith congantach ceart Ba suairce tásc ba cráibhtheach rún is reacht, Ba stuamdha cáil ba lánmhar clú agus meas, d'uaislibh dfhás de bhláth na Mumhan ar fad. Ar fad san Mhumhain níl prionnsa díobh ná ceap Ná i ngach cúige de dhúthchas Ír is Airt Nách as do bhrúcht an chnú so 'e shíolrach Chais Dá maithibh siúd i ngach dútha thíos is teas. Theas atáid na táinte ag éigheamh go dian, Fear na mná, an páiste, an bhéith, 's an liaigh, An mhaith 's an táir, is an sáirfhear aosta liath Ó Chaiseal cháidh go hárdaibh Béarra siar. I mBéarra thiar fí chiach nimhe cléibh atáid Tar éis na n-iarlaí is a dtighearnaí d'éag san Spáinn Gach n-aon dá riaruigheadh san iaith puinn tar éis a mbáis Is an méid seo i gCiarraighe dá dtriath-bhuidhin i gcré ar fán.
Tá deire le hó-thanna móra sleachtaibh Éibhir, 'S is mar sin dá n-óthannaibh fóghanta ar feadh na hÉireann; Ní haithnid dam beó aon Ó aca i gceannas saoghalta A bhfuil a leanbh 'n-a dheóidh acht an tÓ so is mac do Shéafra. Séafra Ó Donnchadha borbchú de shaor-shliocht Chais Géag de scothaibh Mumhan, posta clúmhail réidhte ceast Don tréad so is doilbh dúbhach 'n-a phobal dlúth féin is teas, Is é scéal is dona annsúd a shocrughadh i gcré gan phreab. Stadfad de chaoineadh tigheasach shleachtaibh Éibhir, Níl neach aca puinn nár díogadh as a bpréamhaibh, Do cailleadh lem linn a gcinn is a bhflatha saora, Níor chealg me im chroidhe dá ndruim gur cailleadh Séafra. Séafra Óg cómhachtach nár aosuigh puinn Do b'éachtach córach cródha géaga is baill Ba tréine i ngleó nó i gcómhrac géar na gcloidheamh Cé go deó dá dheóin ná déanadh bruighean. Ní dhéineadh bruighean 's ní bhíodh i gcogadh le cách, Le n-a sméide ghníodh gach bruighean do choigilt i dtráth Is ní raibh aon bhruighean 'n-a shlighe i bpobal ná i sráid Le géilleadh 'on tsaoi gan mhoill ná stopadh a lámh. Lámh chothuighthe do bhochtaibh is do chléir de shíor An ráib fhoirtil seo do torcradh i gcré san gcill Lámh oscailte ba fostathach chum déarc a dhíol Lámh chosantach na bpoibleach ó phléidhnaibh dlighe. I gcill do chuaidh leis uaisle is féile is meas Líomhthacht stuamdha suairceas séimhe is searc, Caoineas suaimhneas fuaimeant céille is ceart Mo sceimhle cruaidh a luaithe d'éag an fhlaith.
Flaith rabairneach ba scaipitheach i dtábhairníbh óil Ba ceannasach 'san mbaile istigh is ba grádhmhar spórt Ba freastalach ba hacmhaingeach is ba fáilteach scóp Is a shamhail sin níor bh'aithnid dam le fagháil sa chóig. 'San chóig timcheall níl bíocan ná Ó ná Mac Ná rí aca do bhí i gcion ná i gcoróinn ná i meas Na mílidh is aoirde dfhuil Eoghain is Airt Nách tríotha do shíolruigh an leóghan so i leac. A leac do shroicheas, cé docharach cás dá dhruim, Creach na bpobal is posta ba gnáth dá mbuidhin, Flaith gan choigil gan dochma gan phlás gan phoimp Ceart na rannaibh is caitheamh nár chás le díol. Díol na ndámh na mbráithre is cléir na nÚrd Díol na mbárd 'n-a láimh is éigse siubhail, Díol gach táin 'n-a dháil do théigheadh 'n-a dhún Do chlaoidh an bás 's is cás don tréad so adubhart. An tréad so adubhart is cumhang 's is ceasnach táid Is gach aon acht scrúille dúr nó bathlach gan áird, Is déarach súil gach crú de dheascaibh a bháis Insa taobh so 'en chúig le cumhadh do thaithigh a cháil. A cháile maithe ó's feasach do Dhia na naoimh Gan cáirde caithidh-se a anam gan pianadh puinn Go háitreabh fairsing na bhFlaitheas cé diachair linn Go dtrásta ag taisteal, go bhfanadh le liaithe in aois. In a óige cómhalladh an biadhtach umhall I gcómhrainn fé chóir-lic, a Dhia na ndúl, Órduigh an ghlóire dá dhian-spirid siúd 'S is mór bhias an chómhursa dá iarraidh liúm.
Liúm is dainid dá aithris 'san tír mar éacht Cunntas maise na flaithe seo chlaoidh an t-éag; Im shiubhal ní fheaca-sa pearsa ba líomhtha béal 'Ná an chrú so chanaim im rannaibh do líon mé 'e léan. Is doilbh liúm é mar scéal dá chanadh 'san tuath Posta cúil réidhtigh géibheann teas agus tuaidh Borb-chrú shaogain, phoénix Fleasca agus Lua, An sona-chú séimh, Séafra, i dtaisce 'san uaigh! 38. IS MÓR-ÉACHT IS BRÓN ÉIGSE.
Conchubhar Ó Ríoghbhardáin cct. Ar bhás Phroinnséis Mic Diarmuda Mic Domhnaill Mic Fhinghín Chaoil Uí Shúilleabháin - tuairim na bliadhna 1760. Is mór-éacht is brón éigse is ughdar árd Is ló léin sa chóig é 'nar shiubhail a thásc Geóin éighte i mbeól béith agus triúch a bhás An treón tréitheach Próinnséas Ó Súilleabháin.
39. AR BHÁS MHUIRCHEARTAIGH ÓIG UÍ SHÚILLEABHÁIN I mBÉARRA, A.D. 1754. Sean-Mhícheál Ó Longáin cct. Is doilg liom shaoithe de phrímh-sliocht Ghaedhil Ghlais Ag bodaigh an fhill gach laoi dá dtraochadh Níor goineadh mo chroidhe tré oidhe na n-éarlamh Gur crochadh go fíor an laoích ó Bhéarra. Borb-fhear groidhe agus taoiseach tréanmhar Do foilceadh go fíor den rí-fhuil Éibhir, Cobhair na dtíortha is díon na cléire Do bhronnadh an fíon is cíos don éigse. Is follus go mbíodh go haoibhinn féastach Scotha na tíre is draoithe géara, Dronga ríogan is buidhean na saor-chrot, I gcothrom bhríoghmhar síor it aolbhrog. Molaim do ghníomh 'san nídh seo dhaor thu I dtoirchim choimhthigh do shín in Éirinn, Loscadh agus díbirt is claoidhe do ghaolta Do b'fhollus chum díoghaltais nimhe do dhéanamh. Is dochar 's is scíth liom caoidhe do chéile Gan sosadh ó oidhche an sceimhle chréachtaigh, Srotha gan dísceadh gan mhoill do dhéaraibh Ó n-a rosca righne ríoghdha réilte.
Inghean an athar fuair barra ón éigse Ar charthannacht ar rabairneacht 's ar fhéile, Nur ghnáth 'n-a halla gheal carrbhus caorsach Ag maithibh Mumhan 's gach drong dem chéird-se. Is danaid le Cúige Mumhan le chéile Nár ghlacais do long ar thúrnadh an sméirle Taisteal anonn go cúirt na Séarlas Is a mbrostughadh chughainn chum búr do thraochadh. An tan do rugadh an curadh so tréith-lag Do rad Jupiter cumas dó is tréine, Buadh agus calmacht gaisce ler shaothruigh Greann is buidheachas Laoisigh laochda. Tug Bhenus searc dó is maise scéimhe, Tug Ceres tar ais rath dá shaoghaltacht, Tug na muses flúirseacht léighinn dó Tug síor-scrúdadh na n-ughdar aosta. Tug Mercuri do scoth gach bréithre Tug Bacchus cóir dó ar ól gach téa-cup, Tug Bhulcan cloidheamh dó, píce is éide, Tug ciall go bhfallsa in am an éigin. Tug Neptunas long dó gléasta Tug Apollo ghlic a chruit mar shéad dó, Do thúrnadh go ceannsa gach dream faolchon Is gér sámh do chodladh, na hothair ba céasta. Níor chás a mheas ar dhath na spéire Is gur imthigh a teas le seal ó Phoebus, Ar Lúna ghnáith faoi cháim ag éiclips Go raibh 'n-ár gcómhair an tórmach taomach.
Do mheath na beacha a meala céarach, Níor fhan rath ar threabh ná ar chraobhchaibh, Ní thugaid na ba leó a lacht ná an tréada Ó gearradh le hÁtrops snáth a shaogail. Iar gclos a tháisc do Ghráinne dhéidgheal Do ghoil sí go fíochmhar déarach, Do ghoil Áine ón árdchnoc aerach Is do ghoil Aoibheall chaoin ón Léith-chraig. Do ghoil go huasal uaibhreach léanmhar, Mis inghean Dáire bán 's a béithe, Do ghoil sí go caointeach céasta Is do bhagair díoghaltas ar bhuidhin an Bhéarla. Gaiscidheach i ngleacaidheacht mar Chaesar, Fear cloidhimh mar mhac ríogh na Trae thoir, Flaith chaoin na n-each ringceach léimreach, Do measfaoi mar leacaoi do Hélen. Mars fíochmhar ameasc naimhde i gcéadail, Fear groidhe de ghlan-fhíodh na hÉireann, Gas díreach fada aoibhinn aerach Do daltuigheadh ar fhaithchíbh na Féinne. Mac Mílidh maith-líonta 'e dhaonnacht, Do beathuigheadh ar hallaíbh go scléipeach; Slat righin do smachtuigheadh na méirligh, 's is creach tíre lag-bhrígheach i gcré thu. Is iomdha deóraidhe diadha déarach, Flaith is triath fá chiach it dhéidh-se, Ó Inis Bó Finne go himeall Bhinn Éadair Is ó Chluain Stacáin go Baoi Bhéarra.
Bráthair Mogha fuair a roghlach d'Éirinn Tug sparainn iomdha do Chonn na nCéadchath; Bráthair Eógain Mhóir na mbéimeann, Do threascradh lag sa mhaigh Mháigh Léana. Bráthair Fhinghín mhór-ghroidhe éachtaigh Is Fháilbhe Flann de namhaid bhain géille Bráthair ghar Gaedhil Ghlais is a ghéaga Is Cheallacháin Chaisil na ndanar do léir-scrios. Bráthair Eochadh do bhronnadh séada, Is Eóghain Ruaidh ghasta cheapadh dréachta; Bráthair Dhomhnaill Chróin na mbéimeann Is Dhomhnaill Chaim Dhún Baoi na gcaol-bharc. Mo pheannaid mo phudhair mo chumha mo léan-sa Nár mhaireadar súd 's a dtrúip le chéile Ar ndul na ngall le feall 'ot éileamh Ní fhillfeadh neach tar ais le scéalaibh. Bráthair na gCárrthach so féin tu Is Uí Dhonnchadha an Ghleanna do raideadh na séada Uí Dhonnchadha an Rois is Locha Léin ghil Is Uí Dhonnabháin Chairbre chalma chéimigh. Níl iarla ná tighearna in Éirinn Flaith ná taoiseach buidheanmhar béasach I gcuim ná i gceannas de chlannaibh Mhilésius Gan a gcuid fola 'n-a srothaibh it fhéithibh. Atá Sionna na sreabh gan bhreac gan éigne, d'imthigh i ndísc an Laoi is an Fhéile; Níor fhan deóir san mBóinn gan scéith amach Is ní leanann an tSiúir dá cúrsa in éanchor.
Tá Muisire Mór ag fógairt éislinn Tá an tSeithe is an Óin fá cheó gach lae againn Tá Ros Mac Eoghain na slógach bhféastach Fé thuirse scólta bróin is baogail. Is mór an aithis is an masladh do Thetis Tug duit caladh-bhrog chalaith na gcaol-bharc, Nár thóg anfadh bhascathach bhaoghlach Do bhádhfadh iad is an spiaire in éinfheacht. Mallacht an Athar do dhealbhuigh spéartha, Mallacht an Mhic 'san Spirid Naomhtha, Mallacht na nÚrd go dlúth le chéile Ag damaint Thaidhg tug aghaidh na bpléar ort! Creach do charad tu marbh ag daolaibh, Creach na leanbh gan beatha gan éadach, Creach na n-anbhfann ndealbh gan bhéile Is creach na mbaintreabhach anacrach éigneach. Creach na hEagailse gheanmnach naomhtha, Creach na bhflatha gan fearann gan spré cnuic, Creach gan dearmad aicme na dtéad thu Is creach dhoimhinn dhaingean dom shamhail-se féin tu. Míle ceart is a seacht de chéadtaibh A ceathair de bhliadhnaibh 'n-a dhiaidh is aon L Ó theacht Mhic Muire le cumann dár saoradh Go tuitim an leóghain le cóib an Bhéarla.
40. MARBHNADH DHOMHNAILL UÍ CHONAILL .i. Gíomanach Mhuircheartaigh Óig Uí Shúilleabháin, Ó Súilleabháin Béarra. Domhnall féin do cheap, an oidhche sul ar crochadh é féin agus Seán Ó Súilleabháin, i gCorcaigh. Ó Uíbh Ráthach do b'eadh Domhnall ? ón ndútha san idir Cheann Bólus agus Gleann Carrthaigh; Béarrach do b'eadh a chomrádaidhe. An 27 lá de Lughnasa, 1754, do crochadh iad; an 4 lá de Mhí na Bealltaine, 1754, do marbhuigheadh Muircheartach Óg féin, ag gallaibh. Mo chreach is mo chás bocht mar thánga ar an saoghal so Nó mar chonnac riamh an lá úd do thánga go Béarra Cé gur agam bhí an máighistir do b'fheárr a bhí in Éirinn Tá ár n-anmna go gránna aige i láthair an Aenmhic. A Dhia mhór atá láidir iarraim grása agus cabhair ort Tá an chroch rómhainn amáireach is gan fán ar an mbollta Beidh na sealáin dár bhfáscadh is na táinte dár mbodhradh Is guidheam Dia leat, a mháighistir, cé gur fhágais 'n-a bpodhar sinn. A Mhuirtí, a rí-mháighistir, is truagh an cás tú bheith ró-lag - Do cheann geal ót chorp áluinn is é anáirde mar "sheó" aca, Do chonnac-sa féin lá thu is do chloidheamh sáithte chum cómhraic, Is go ndéanfá-sa beárna tré ghárdaí Rí Seóirse! Do shiubhlas an Mhumhain leat is na cúigí mór-dtimcheall Go harm an Phrionnsa is me ag iomchar do chloidhimh leat, Seán Puxley dfhág dubhach sinn fé shlabhraí na daoirse I gCorcaigh fé lúbaibh is gan súil le n-ár scaoileadh.
I bParis thugais bárr leat, sa Spáinn fuairis title Thug baintighearna an Chláir duit culaidh lása ar fheidhme; It chaptaein do thárlais ar ghárdaibh na Fraingce, Acht go hÉirinn níorbh fholáir duit teacht spás chum ár gcaillte. Is mó baintighearna mhúinte, is ní hiongna dubhach cráidhte iad, Do bhí ag scríobh chughat-sa breith chughat as an áit seo; Dá dtabharthá do long leat - acht ní thabharfá le rádh é, Ná mar náir thabhairt dot dhútha chum gur rúscadh le lámhach tu. A mháighistir na n-árann ba thruagh leat-sa mise Le slabhraí ar mo lámha agam is glas trom ar mo chuislinn, Madraí na sráide 'om cháibleadh ar fuaid ghutaigh Ag ciorrbhadh ar gach speara dhíom is ag búithrigh le mustar. Dá mbéinn-se in Uíbh Ráthach ní bhéadh fán ar mo chómhgas Do bhéadh sagairt is bráithre ag léigheamh páise ar mo chómhrainn, Is mó ógánach mear sásta ó Ghleann Cárrthaigh go Bólus Gur truagh leó ar lár me is gan fagháil ar bheith beó agam. A Chiarraighigh bídh ag guidhe linn - is bog binn linn bhur nglórtha - Mo bheannacht libh choidhche is ná feicfar ann beó me, Mar beidh ár dtrí gcinn ar thrí spící mar "sheó" aca Tré shneachta na hoidhche is gach sín eile 'á ngeobhaidh leis. A dhearbhráthair na n-árann ná fág me go hAoine Chum go gcuirfar chum báis me is go ndéanfá me a chaoineadh, Gheóbhair ór buidhe is pláta is a bhfuil d'éadach breágh im thimcheall Cuir i gcómhrainn chinn chláir go breágh suidhte im luighe me.
Tháine an ministir seo chughainn-na is a chlócaí go talamh air Agus hata trí gcúinne air, ag súil le n-ár n-anmna; Do léimeas go hárd 's leigeas mo lámh ar gach speara dhe - Is a Dhia mhór atá láidir beir amáireach ár n-anam leat! Mo chreach is mo léan bocht gan scéala agem mhuinntir Me bheith daortha ar an gcóf so 's gan beó agam acht go hAoine; Do dhéanfaidís cómhra is bhéadh tórramh breágh im thimcheall, Siúd críoch ar shaoghal Dhomhnaill is go deó bídh ag guidhe leis. 41. TRÍM AISLING DAM.
Amhrán ag file éigin, ar óigbhean de mhuinntir Shúilleabháin, a chómhnuigh ag Bun an Éin, láimh le Cill Garbhán, agus do dheallróghadh an scéal gur dhuine í de chloinn Dhiarmuda Mhic Dhomhnaill Mhic Fhinghín Chaoil. Trím aisling dam ar leaba chluthair sheasair bhuig im aonar Im luighe síos suim bhíos támhach gan bhrón, 'Seadh dhearcas-sa ag teacht im ghoire an ainnir mhiochair mhaordha 'N-a ghnaoi bhí a braoithe mar bhán-tsneachta ar nóin; Do b'fhada tiugh a cama-folt ag teacht go troigh le chéile 'N-a mbeartaibh dluighte daithte snaimthe casta fighte néata, A mala shnoidhte ar a haighthe is gile is - mar chuireann cléirigh, Dá scríobh síos le druim pinn ar phárchment dóibh.
A bealta milis ba theanga-bhinne 'ná cantain guth na n-éanlaith A pípín mar mhín-eala ag snámh le scóip 'N-a pearsain deis ba chailce cruth bhí a mama gile néata Do chríochnuigheadh na mílte ag an stáid-bhroingeal mhódhmhail. Um an dtaca san gur dhearcas-sa in aice liom an réiltean Do phreabas-sa go tapaidh is níor theagmhuigh liom acht gaoth dhi, Im aigne bhí atuirse is ní fheadar cad do dhéanfainn Gur smaoinígheas na trí ríoghachta a thrácht 'n-a deoidh. Ar maidin, sin chum reatha mise treasna cnoc is sléibhte Is gach slighe tríd an mín-tír im fhánaidhe gan treó; Ar feadh seachtmhaine do stadainn-se i ngach baile puirt in Éirinn Is ní innsínn do phuínn daoine fáth mo bhróin. Ag amharc ar gach ainnir-bhean a hamhail siúd níor léir dam 'N-a pearsain deis, 'n-a maise cruth, 'n-a labharthaibh, 'n-a tréithibh, Gur casadh me trím aistearaibh 'sa bhaile ag Bun an Éin ghlais Mar ar críochnuigheadh linn í fhagháil 'n-a hóigh. Ní hag bladar libh do chanaim-se - an barra rug ó Bhénus Is ón rí-mhnaoi do chlaoidh Naois is táinte eile i ngleo; Is ón eala dheas dá ngairmid mar ainm uirthi Hélen De dhruim grinn 'n-a luing bhí ag Páris ar bórd; Gur leanadar mar aithristear an ana-bhile Gréagach Dá dheascaibh sin gur lasadar i mbarra-theine an Trae thoir, Is i gcathaibh cnuic le hAicilles gur cailleadh Hector tréan ann - Is an rí Príam gan mhoill bhí ina dheáidh gan treóir.
Is breágh tharraingeann an ainnir sin le barra a croibh ar dhaor-bhrat Gach nídh síos a chíonn sí i ndeállramh is i gcló, Seannaigh, puic, is i mbarra tuinne bairc is loingeas gléasta, Le hintlíocht, a gcrainn aoird, a gcáiblí is a róip; Marcaigh ar a gcapallaibh go meanmnach ag léimrigh, An bhanaltra is a leanbh is a fear amuigh ag cré-chur, An reachtaire i bhfara a chnuic, is cearca ag piocadh déise, Is an míol muighe ar an mín-tír is táinte ina dheóidh. Ar na brataibh sin bíonn tarraingthe na beacha aici is a saothar, An rí agus an t-ímpire i ndeállramh fí chróinn; An leathan-mhuir go feargach, an abhainn is a héisc innti An faoilínn ar mhín-linn ag snámh, is an rón; An t-arm so na Sacsan toir in ár bhfearannaibh go gléasta, An gearra-bhroc 'dir charraigibh, cat is luch is faolchoin, Ar chrannaibh coille barra-ghlaise gach samhail uile éanlaith Go fír-bhinn mar innsím i ráidhtibh mo sceoil. Is breágh tharraingeann an eaglais is an t-aifreann dá léigheamh ann Ag an mbuidhin bhí ó dhlighe Mhaois ag trácht 'n-a dheóidh; Galla-phuic in Aiceron is a lasraí dá séideadh Cé síoch bhíd i síodaíbh nó i mbán-bhrataibh sróill; Na haingil is na haspoil is a nAthair milis naomhtha, - Na flaithis do ár n-anmnaibh a Athair ghil go réidhidh Tú, Go maithir dam gach peaca is coir do theagmhuigh liom a dhéanamh Ó aosuigheas óm thrí mhí is me im páiste beag óg. Ar thaistealas trím aistear dam, is a bhfeaca-sa den réilteann Is me im luighe síos 'seadh smaoinigheas gabháil lem stór
Is me 'om chailleamhaint ag dartaibh nimhe chaitheadh Cupid caoch liom Is ná hinnsínn dom lín tighe fáth mo bhróin; Gur sladadh as mo sheasamh me aganfhios do mo ghaoltaibh Is dfheasaras den ainnir suilt an nglacfadh me mar chéile Gur labhair liom go banamhail "Ná tair, a dhuine, i ngaor dam, An ar baois bhís tan smaoinís go ngrádhfainn do shórt?" Stadfad-sa dem rannaibh suilt is a hainm anois déarfad Is í brídeach na rinn-rosc d'árd-fhuil Eoghain An ainnir mhilis bhanamhail dfhuil Eachaidh agus Éibhir Dfhíor-chlanna Mhíleadh do bfheárr insa chóig; Ina ballaibh bhí fuil Charrathach, fuil Bharraigh agus Néilligh, Is na flatha cirt dob fhairsinge is do bfhearra i rith na hÉireann, Is gur faraire mear meanmnach go mbeidh talamh aige is tréada Do ghuidhim-se bheith snaímthe le bláth na n-ógh. 42. TRÁTHNÓINÍN DÉIDHEANACH. Tráthnóinín déidheanach i gcéin cois leasa dham Ag déanamh machtnaimh ar an saogal mbocht Is eadh dhearcas lem thaobh an spéir-bhean mhaiseamhail Do b'aeraighe lasadh a cruth 'n-a scéimh gan locht; Ba bhachallach a cúilín dlúth-mhín daithte tiugh Go búclaigheach barra-chas go féar gach folt, Is ba mheanmnach a súil chruinn úr-ghrinn gheanamhail Mar dhrúcht na seamar is ba néata a crot.
Ar amharcadh na béithe do chlaochluigh mh'aigne Is dúbhart gurbh fhada liom a scéal gan clos, Le heagla nárbh aon bhean tsaoghalta í theagmhuigh liom Is gur bhaoghal dam ainbhfios dá dtéighinn tar a toil "A ainnir mhilis bhúch mhín chiúin chaoin charadach Iontaoibh mh'anma ort is ná bí docht, Aithris dúinn cad í an chúige as gur thaistealais Chughainn cár ghabhais nó cadé do thoisc!" "An tusa agam Vénus, baindé le n-ar cailleadh Mars Do chéas gach seabhac nár ghéill dá toil, Nó Diana do thraoch Actéon 'san achrann Idir chraobhchaibh garbh-choille saor mar phoc? An tú Pallas na scéimhe do thréig an t-aismearlach Is an t-ubhall mar a phléidh gur léig 'n-a crobh Nó an ainnir mhilis thréanmhar do thraoch na fearchoin Is an Trae 'n-a lasarach go léir gur loisc?" "Ní héinne mési den mhéid sin chanais-se A shéimh-fhir cheannasaigh, acht Éire bhocht - 'Sé fí ndeara dham féin 's dom chéile bheith ar mearathall Na sméirligh mhalluighthe in aghaidh an lae dár lot; Ní hiongnadh dom múirnín bheith dúbh-chroidheach atuirseach; Na búir seo do cheangail dinn nár réidhigh riamh col, Acht ceartuigh ort, a rún-chroidhe, do sciúirsí calma, Bhéarfam tamall linn gan éinne 'ár gclos. Tiocfaidh an Franncach le scannradh na maidne ortha Cé teann a mheasaid siad gan géilleadh dho, Beidh trúp na ngall as an mball so scaipithe Agus teampuill bheannuighthe ag cléir gan chosc; Beidh an Spáinneach fíochmhar is a mhílte seabhac mear Ag scaoileadh glaiseanna na nGaedhal cé docht; Is mithid dár Stíobhart suidhe 'n-a bhailtibh puirt I gcríochaibh Banban cé daor é a dtoisc.
Is ar mo ghabháil suas go huachtar na Gulban 'Seadh chuala an fhinne-bhean go síoch breágh ag labhairt Dom shíor-chur in uachtar in uaim le friotalaibh Is ag déanamh grinnis dam ar chríocha an domhain. Bhí lán-chuid cuanta muara is loingeas ann Fí mhuarán fuireann ins gach ball go ngabhann, Sin agat Stíobhart uasal thuas 'n-a Gheneral Do bhuaidhfidh an cluiche is do bhrisfidh dlighthe gall. Aisling bhréagach aréir do deineadh dam Go mbeadh Éire anois againn gan pinginn den chíos Is Sasanaigh go céasta gan té gan punch aca Gan piléar 'n-a ngunna ná loingeas ar linn; Mar bharra ar a bpéin gach méith-mhart saille aca Daor, agus ní misde liom, in Ifreann tíos, Clanna bocht Gaedhal i ngaorthaíbh cluthara Ag bréagadh broingeal fí dhuilleabhar gach crainn. Rann bhreise ar an méid sinn, agus is dócha gur níos déidheanaighe do cumadh: Tá Bóna tar tuinn chughainn go fíochmhar feargach Is íocfaid as dearmad an scéil go docht Treascarfar gach smíste fill den aicme seo Do dhíol na haitheanta ar lón dá gcorp; Beidh an gasra ríoghda gan mhoill i mBanbain An bhuidhean le fada tá go taodach bocht, Sin againn-na ár Stíobhart go buidheanmhar bagarthach Le díoghaltas danardha ar sméirlí, is lot.
43. TÁ FÓGHMHAR NA BLIADHNA SO Diarmuid Ó Súilleabháin cct. Tá fóghmhar na bliadhna so ag iadhadh na mban n-óg Agus fórsaí ró-dhiana dá gciapadh tar fóir Cé mórtasach iad is gur ciallmhar dar leó, Ar a sórt ní bhíonn iarraidh gan an riabhach 's an chrón. Freagra air-sean: A stóraigh 's a chiallaigh, glac cliamhain den fhuil chóir Bheidh leóghanda mear mianda agus ciallmhar dar ndóigh, Ar óg-chapall iallaite is sians-spuir ar seol Is nár mhó aige dhá chiarsigh ná an riabhach 's an chrón. Gabha na hÁite cct Ag freagairt na beirte sin: Táim breóidhte glan ciapaithe ag fiadh-theine mhóir 'Om scóladh is 'om chiachadh is ná féadaim éalódh Acht 'om dhóghadh ar feadh na bliadhna is an t-iarann im dhóid 'S is mó dham mar thighearnas ná an riabhach 's an chrón.
44. MOLADH NA nGLEANNTA. Tá gleanntáinín aoibhinn idir Laoi theas is Banndain Do rug sé bárr aoibhnis ó choilltibh na mball so Gheobhthaidhe adhmad i gcómhair tighe ann dá aoirde bheadh ceann air Idir lata agus bíoma bheadh fuighlach i gcrann de. Tá gleann ag an Major 's is féidir é a mholadh Na tighthe go breágh gléigeal déanta d'aol is de chlochaibh, An neóinín go craorac is féar suas go glúinibh Is ceól binn ag éanaibh gach aon mhaidean drúchta. Tá gleann i Mochromtha is níor labhramair fós air Bíonn na hÚird ann Dé Domhnaigh, is foghluim ón Róimh ann Bíonn an breac geal ar scout ann, an seabhac is an smólach Is an míol muighe cois abhann ann le fonn um thráthnóna. Ní bheadh caora maidean drúchta gan cúpla bheith taobh léi Ná bó maidean tsamhraidh gan gamhain aici féinidh, Ná ubhall fhiadhain gan ubhla ná chárthann gan caora Searrach ag an láir ann 's í ag tál air go héasca. Tá gleann in Uíbh Laoghaire - Gúgán Naomhtha an aoibhnis Bíonn na haingil go léir ann is Barra Naomhtha dá gcoimhdeacht Crann fuinseann go hárd réidh glan ag fás taobh le loch draoidheachta Agus éinne go mbíonn péin air faghainn faesiomh ó Íosa ann.
Bíonn an ghealach, bíonn an ghrian ann, bíonn Dia ann 's a Mháthair Bíonn an dá aspol déag ann ag riaradh na Páise, Bíonn na haingil 'n-a ndiaidh ann 's is géar a bhíonn gábha leó Is bíonn trócaire ó Dhia ann má iarram go láidir. Tá gleann Bhaile Bhúirne 's is cumhra é 'ná aon díobh, Bíd na filí go flúirseach 's na hughdair go léir ann; Tá Gobnait chlúmhail, plúr na mban-naomh ann Tá grás Ríogh na ndúl ann, lúth, neart is léigeantacht.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services