Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cois na Ruachtaighe

Title
Cois na Ruachtaighe
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1750
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1938)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1. NÍOR BH'FHEASACH SINN.



Níor bh'fheasach sinn i gcríochaibh Éibhir Mhóir
Theas ná thíos i dtíorthaibh Éireamhóin
Leath a gcíos le hím do dhéanamh dóibh
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó.



Ná an mart do dhíol ná saill na gcéis ba mhó
An chearc, na huibhe, na laoigh, na héin, na sóirt,
Ná an bainne bhí ar feadh mí 'san gcré ar feódh
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó.



Gach bodach dhíobh do bhí gan Béarla beóil
Ná teacht tar síoda timcheall fé n-a sceóig,
Ná hata mín dar linn ná éadach crón
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó.



Ná ar chaile an gheingce, síoda "stays" ná clóc
Scairf ná frinnse uimpi créip ná sróll
Hata tuighe ná aoirde fé n-a bróig
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó.



Gach caile dhíobh do bhíodh gach lae 'n-a gnó
Is gach bodach díobh do bhíodh gan réal ag rómhar
Nó seal 'san gcoill chum cíosa dhéanamh dóibh
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó.


L. 18


Ní caithtí snaois, is ní bhíodh téa aca ar bórd
Ná brata síoda choidhche ag séide a srón
Ná "fan" ag mnaoi chun gaoithe théacht 'n-a cómhair
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó.



Gach bathlach bhíos le síoda ag séide a shrón
Is a chaile bhuidhe de mhnaoi i ndaorbhrat sróill -
A athair roímhe do bhí ag aodhaireacht bhó
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó.



An aicme bhíodh i dtrínse cré agus fód
Ar eachaibh suidhid is frínsí fé n-a dtóin
Geallaim dhíbh go fíor nárbh é ba nós
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó.



An brat do bhí ar Leath Chuinn do thréig ár dtreóin
Do leath aníos ar ínse Fhéidhlim ceó -
Ná brat an díola, nídh ba chéasta leó
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beo.



An tráth do bhíodar Gaoidhil go féastach sóghach
Fleadhach fíontach fíochmhar séadach sóghmhail
Dáimh is draoithe is daill ag téacht 'n-a gcómhar
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó.



Stadfad díobh, ní mhaoidhfe a dtréithe nóis
Feabhas a dtigheas, a ngníomh, is a gcéimeann fós
Níl agam ím le díol ná tréadta bó
Is rachad choidhche arís ag déanamh bróin.



Muna gcasadh Íosa Críost le tréin-neart slógh
Go ceart a shinsear an rí seo Séamus Óg
Do scaipfeadh gaill tar tuinn gan téacht go deó -
Do phreabfadh Gaoidhil arís go hÉirinn beó.


L. 19


U Conchubhar Ó Ríoghbhardáin
2. AN TAN DO BHÍODAR GAOIDHIL IN ÉIRINN BEÓ.



Conchubhar Ó Ríoghbhardáin cct.



An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó
Bha lasmhar líonmhar laoithe is léigheann go leór
Bha rathmhar rinn-ruisc ríghthe ag réidhteach leó
Is ba gasta gníomh-ghlan gríobhdha Gaedhil i ngleo.



Ba taitneach taoisigh tíre ag téacht le tóir
Ba scaipeach scaoilteach sceimhealtach séimh a scóip
Ba maiseach míonla mín-chnis maordha módhmhail
Gach ainnir chaoin de phríomh-shliocht Éibhir Mhóir.



Dá maireadh sinnsear saoithe séadmhar sóghmhail
Ar t-athair Muimhneach linn dá nglaodhtar Eóghan,
Mac Airt mic Cuinn ná buidhean na Féinne fós
Do chartfadh gaill mar chaoirigh tréada i gcró.



Dá mairidís an bhuidhean tug tréan-troid slógh
I gcaismirt bruighne Chuinn na gCéadchath is Eóghain
Ná cath na hAoine 'o chlainn Turgésius treóin
Ní rachadh gaill in íorghail fhaobhrach leó.


L. 20


U Donnchadh Caoch Ó Mathghamhna
3. DO THRÁIGH FÉILE NA hÉIREANN.



Do thráigh féile na hÉireann mar áitigheas clú
Is dfhás béim ar an laochra do ghrádhadh sí ar dtúis;
Crádh géar ar an éigse nách básuigheann cumha
Is gáir Bhéarla gan éifeacht ag páistíbh búr.



Níl féile in éinneach is tá sí ar gcúl
Is an Ghaedhilg mo léirchreach mar bádhadh í siúd
Spéir-choc ar éadan gach gáirlín cnumhaigh
De bhréin-tsliocht na ndaor-chlann do ghnáthuigheadh triubhas.



Is péirbhig go dréimreach 'na bláth-luighe ar chúl
Gach sméirle dá ngéilltar sin árthaighe is púint
Is an méid de shliocht Éibhir dá ndáiltí clú
Fá ghéar-smacht ag daorscar na gcáisí bhrúghadh.



Is é bheir me ar thaobh cnuic i gcáibín chúmhang
Ag éagnadh mo phéine is me im ghnáth-luighe im lúib -
Éileamh ag tréin-rith ag báillí chugham
Is gan éinneach beó 'e Ghaedhlaibh ba scáth dín dúinn.



Saerbhreathach éachtach 'n-a lán-luighe in úir
Is céile na Claonghlaise is crádh croidhe liúm
Scéal guirt tug saobh-luisne chlár mhín Mumhan
Muna réidhtar le haontoil an Áird-ríogh a bpudhair.



A Dhé dhil fuair céasadh agus páis trím chúis
Ler saoradh sliocht Éabha ó cháintí an ubhaill
In éiric do phéine agus táirngí it bhonn
An uair éagfam beir saor sinn gan spás fít mhúr.


L. 21


4. NÍOR CHÓRA DHOM ATHAIR-SE LEASTAR.



Níor chóra dhom athair-se leastar is mairt reamhra
Ar bórdaibh fada dá leagadh le hais brannda
'Ná dómh-sa sealad do chaitheamh ar ghlas-annlann
Ag ól an bhainne dá ngairmid spaid-leamhnacht.



B 1724 18T
5. IS CIACH SA CHÚIG.
Diarmuid Ó Súilleabháin cct.
Ar bhás Uilliam Mhic Cairteáin an Dúna,
A.D.1724.



Is ciach sa chúig 's is dubhach an scéal tar lear
's is diachrach liúm ler bhrúcht an braon óm dhearc
Iadhta dlúth in úir fét thaobh, a leac,
Uilliam an Dúna plúr na héigse ar fad.



'S is ciach an chúis, dar liúm, mar éag an fear
Is liaigh na bhFionn ná tabharfadh é tar n-ais
A Dhia na ndúl do chúm an ré 's a raith
Beir Liam an Dúna it dhún mar aon let ais.



Fear riartha ponnc i gcúisibh léighte ceacht
Fear riaghail na n-ughdar ndúr do léigheamh go ceart,
Fear fial ba fiúntach congantach tréitheach tais
Is biadhtach úr 'n-a mhúr le cléir nár thearc.



An Ceangal:
A Éigse, screadaidh is glacaidh chughaibh-se thiar
Mar éagfadh eallaigh ar caitheamh cúrsa a riain,
Scéal do leath ar fad fá chúirt na gcliar
Fear réidhteach ceast i dtaisce fút-sa, a liag!


L. 22


B 1725 18T
6. MO CHIACH ATUIRSEACH AN TREASCAIRT SIN,
A.D. 1715.



Mo chiach atuirseach an treascairt sin ar phór Mhílidh
I ngliadh ag danaraibh gur scaipeadar fá chóigcríochaibh
An trian mhaireas insan mbaile aca gan fód dílis
Tug triath Chairbreach dá ghairm ort-sa a Sheóirse Evans.



Triath Bhreatan toir ag fanatics gach ló ar díbirt
Is triath Cheanannuis in' aice sin gan slógh-bhuidhne
Triatha Alban gur chaitheadar dá ndeóin stríocadh
Tug triath Chairbreach dá ghairm ort-sa a Sheóirse Evans.



Triath Pharrathais gan bailte puirt a mhóir-shinnsir
Is triath Chathrach in' aice sin go ró-chlaoidhte
An triath is neasa liom gan sealbh aige i bhfód Faoide
Tug triath Chairbreach dá ghairm ort-sa a Sheóirse Evans.



An triath dearbhtha sin Chairbreach go ró-mhaoidhte
'S gach triath fairis sin den Chairbrigh 'san mór-thimcheall
Triath Seanaghlais in Amburg is é is mó chaoinim
Tug triath Chairbreach dá ghairm ort-sa a Sheóirse Evans.



Triath Seanaide gan labhairt air 'san chóig choidhche
Is triath calma na Carraige nách eól díbh-se
Triath Cheanna Tuirc ná habarthar a shórd tríotha
Tug triath Chairbreach dá ghairm ort-sa a Sheóirse Evans.



A Thriath cheannasaigh do cheannuigh sinn let mhór-dhaoirse
Triatha Banban gur feasach duit dot dheóin díogtha
A Dhia an gcasfair-se an mhalairt sin go beó choidhche
Le nách biaidh triath Chairbreach dá ghairm ort-sa a Sheóirse
Evans.


L. 23


B 1728c 18T
7. DO NA GLEANNTAIBH.
Nuair do mhol Aodhgán Ó Raithille áitreabh Uí Dhonnchadha
.i. Gleann Fleisce.



A Aodhgáin, ná smaoinigh ar choill bhuig an Ghaortha
Ná an t-oileán breágh aoibhinn tá taoibh leis cois gréine
Ubhallghort na mín-tslat mar a mbíonn meas is caora
Is fuinnseóga míne ag teacht taoibh le n-a chéile.



An té bhéadh ag éisteacht leis, séimh-mhaidean aoibhinn
Do thógfadh sé léanta ó phréamhaibh an chroidhe aige
Thógfadh rí Éireann 's é féin ina dtimcheall
Suairc-phuirt ar ghéagaibh ag éanaibh an ghlinn sin.



Is ann atá an péarla dá mb'éidir é thabhairt as
Is dfhuasclóghadh ár Séamus do theacht saor chughainn ó Londain
Gan phúdar gan phléir acht ag géilleadh le humhlacht
An uair osclóghadh sé a bhéal ar fuaid Éireann bhéadh lonnradh.



Tá gleann ag Ó Domhnaill do thógfadh na céadta
Bíonn loingeas fé sheól ann is róinte ar an "lake" ann
An londubh is an smólach go ceólmhar is an naoscach
An broc 'n-a luighe sheóla is gan leóithne as an aer air.



Tá gleannta ag Mac Cárrthaigh do sháróghadh bhur nGaortha
Bíonn copar bíonn stán ann is is ró-bhreágh tig déil ann
Bíonn com ann don chláirsigh is prás breágh 'n-a téadaibh
Crann luinge is bád ann - 'n-a mbárr chodlaid phoenix.


L. 24


Tá gleann i Mochromtha is níor labhramair fós air
Do rug sé bárr foghluma ó ghleanntaibh críoch Fódla
Bíonn úird ann gach Domhnach is fir foghlumtha ón Róimh ann
An míol muighe 's an scout air, coin, seabhaic, bruic is smólach.



Ar Chúilchobhair atá san, gleann áluinn gan teimheal air
Bíonn ceól ann, bíonn dánta ann, bíd mná geala ag ringce ann,
Bíd fir óga láidre ann ar árd-eachaibh coimhtheach
Is beóir mhilis Márta ann, fíon Spáinneach is saill mhairt.



Srúill mhall ag trácht ann ná báithfeadh na daoine
Bíonn bradáin ag snámh ann is a lán breac 'n-a dtimcheall
Eascoin 'n-a ngárda fé árd-leacach aoil ann
Búch-bhile blátha mar scáth ar an linn sin.



Tá gleanntáinín aoibhinn idir Laoi theas is Banndain
Do rug sé bárr aoibhnis ó choilltibh an cheanntair
Gheibhtar adhbhar tighe ann 's gan aon fhuigheall i gcrann de
Idir lochta agus bíoma is dá aoirde bhíonn ceann air.



Tá gleanntáinín aoibhinn cois taoibh Loch na Blárnan
Do sháruigh sé gaorthaí na hÉireann ar áilneacht
Níl aon bhun phréimhe 'n-a thaobhaibh gan leágh ann
Do leighiseann na céadta bhéadh tréith-lag gan sláinte.



Siad gaorthaí na Blárnan is áilne aca timcheall
Bíonn an t-ubhall cáithne ann gan trácht ar an righin-dair,
Donnchadh Mac Carrthaigh is a ghárdaí 'n-a thimcheall
Ar hallaíbh na Blárnan is é ag áiteamh a shinsir.



Céad míle slán leat, a Bhlárna gheal chumhra
Go bhfeicead-sa lá thu is bláth ós cionn drúchta ort
Gasra dfhearaibh áilne fét thárr 's iad ag súgradh
Cad do bh'áil liom ag trácht air is gur fhágais go dubhach me.


L. 25


Ar a gcrántaibh ní mhaoidhfinn go mbéadh saill ar a gcéisibh
Gan leamhnacht gan dríodar gan fuighlach gach béile,
Fí thárr na gcrann gcíortha mar a mbíonn meas is caora
Cnó buidhe insan gheimhreadh is gan binn aca ar éinne.



Tá gleann ag an Major 's is féidir é mholadh
Bíd ubhall-ghortaí méithe ann ag claonadh le torthaibh
Mil bhuidhe is céir bheach is féile 'n-a bhfochair
Is tighthe breágh saothair de aol is de chlochaibh.



Gleann Maghair árd aoibhinn ar lár tíorach déanta
Bíd ubhla ann bíd áirní bíonn sláintí dá réidhteach
Tortha na ngáirdíní is gáir bhinn ag éanlaith
Is cuan ann chum snámhaidheacht is feárr puinn in Éirinn.




8. MO THIUBAIST CHIACH BHÁIS.
Diarmuid Ó Súilleabháin cct.



B 1830lsc 19T
U Anaithnid
Conachlann ar bhás Uí Dhonnchadha an Ghleanna .i. Tadhg, noch
d'éag sa bhFraingc, 1729.



B 1729 18T
U Donnchadh Caoch Ó Mathghamhna
Mo thiubaist chiach bháis mé 'om chrádh is 'om ghreadadh i
bpiantaibh
Dfhúig tuirse im chliabh spás is táinte i gcreathaibh diana
Ursa chliar dáimh cíodh thárla i gcarcair iadhta
I Montpelia ar lár fear tárrtha Ghleanna an Iarthair.



Atá iarthar Mumhan go dubhach gach lá fé bhrón
Gan fiadhach gan fonn gan dúil i ndán ná i gceól
Ní riabhach an chúis dar liúm do thárla dhóibh
A dtriath 'san úir ó thúrnadh an bháis, mo bhrón!


L. 26


Mo bhrón deacrach mar treascrabh thu i gcéin tar lear
A Ó cheannusaigh do heascradh dfhuil Éanna is Airt
Stór Banban is tearmon na cléire ar fad
Is do shórt eatortha níorbh aithnid dam ar Ghaedhil gur mhair.



Ní mhaireann le fagháil i gClár Luirc Eoghain is Chuinn
Gan bhladar gan phlás i ráidhtibh beóil ná baois
Fear teastais do b'fheárr i dtábhairnibh óil ná tighis
Roimh ghallaibh nár thláth is go bráth dá sórt nár stríoc.



Stríocfam do ghníomhra na nGaedheal go bráth
Is ní mhaoidhfeam a ngníomhra ná a gcéim go hárd
An tsaoi ghlan dfhan díobh-san tar éis an áir
Mo scíos guirt mar chríochnuigh i gcéin é an bás!



A bháis is toghail do ghabhais-se i measc an tréada
Mo chráidhteacht lom ná rabhas-sa it aice, a mhéirligh,
Is nárbh fholáir leat togha gach cabhra mhaisigh mhaordha
An lá sul ar thoghais mo rogha-sa dfhearaibh Éireann.



Fir Éireann le chéile 's a roinn mar ghabhaid
Is a dtéacht-san chun aon chnuic is go bhfaghainn mo thogha,
Na céadta de Ghaedhlaibh, cíodh feidhm mo labhairt,
Dá mhéid libh mar scéal san, do b'é Tadhg mo rogha.



Rogha na Muimhneach timcheall ort go dtáine
Mar ghabhaid Cois Laoi, Cois Bríde, is portaibh Párrthais,
A chabhraigh ghroidhe cíodh scíosmhar doilg dfhágais
Gan chabhair gan mhaoin gan díol na pobail társna.



Is társna brónach geóin na tíre ar fad
Gan fagháil ar chóir acht tórmach dlighe dá slad
Ní thárla beó fear córa dfhillfeadh creach
Do Mhágh ná d'Ó mo sceól mar taoi fé ghlas!


L. 27


Fé ghlas ó taoi a shaoi ghlain tsuairc nár chas
De mhaithidh Chlíodhna líomhtha Nuadh agus Chais
Gach flaith dár shíolruigh díobh anuas ón gceap
De chlannaibh Gaoidheal dá aoirde thuaidh ná theas.



Is theas caoinfeam-na is Clíodhna go déarach duairc
Is gach sídh-bhean 'n-a timcheall i ngnéithibh uaill,
Flaith díleas na hInse agus Ghaortha an chuais
Ceap díleas is rí ceart na héigse suadh.



Beir suadha uainn-na i gcoinnibh mo ghrádha
Fé thuairim an Uain sin Mhic Muire na ngrás
Fuaduigh go huachtar a spirid go hárd
Ó chuaidh sin dá chruaidh libh mo thiubaist chiach bháis.



9. CADÉ AN SCÉAL SO AG TEACHT?
Ar bhás Uí Dhonnchadha an Ghleanna 1729.



Cadé an scéal so ag teacht
De dhruim mara fá ghuaiseacht
Do chriothnuigh an fonn fám theach
Do dhoirchigh ruithne réilteach.



Tug grian gan soillse go bhfios
Is ré mór fá éiclips
Reanna nimhe ar ndul ar gcúl
Srotha 'n-a dtámh gan aontsiubhal.


L. 28


Bóchna mar tá 'n-a lasar
Éisc ar nós nár chleachtadar
Ealta eóin aerdha ag caoidh
Ag stathadh a gclúmh is a gcleití.



Fíodhbha tréigid a nduille
Is cliar gan gáir urnaighthe
Mná sidhe in uaillibh 'sgach gleann
Ar feadh iath-fhail Éireann.



Do chuala tar cách ag caoi
Go binn, gér thruagh a ngothaoi
Dias bhan in éightibh is i ngáir
Nar dhruideas riú 'n-a gcómhdháil.



Fiafruighim díobh fáth a nguil
Cia ar bh'iad de Thuathaibh Danuinn
Cé'n rí dá righthibh sin do luigh
Tug iad mar sin ag caoineadh.



"Mise Fleasc" ar bean díobh
"Móide ghnínn a chómhmhaoidheamh
Sular chailleas mo chlann tar bárr
M'ainm liom-sa ba neamh-nár.



Cé do scoitheadh mo bhaill tarfás
Roimhe ní hé mo mhór-chás
Acht éag Thaidhg i dtír tar lear
Do b'fheárr ameasc na ndeagh-fhear.



Ag sin díbh cúis ár ngártha
Dearbh-oidhre Chille hÁtha
Do treascradh sul ráinig liath
Thall i gcathair Montpelia.


L. 29


Caoinfidh mná ó Laoi na sreabh
Mar aon le mná Chairbreach
An tsaoi nár éar aon um chrodh
Is nár ghlac doicheall ná doghlainn.



Caoinfidh mná Ó Ráthach tiar
Is mná Bhéarra ar aon rian
Fear seasaimh córa na bhfann
Sluagh is tóir na saor-chlann.



Caoinfidh mná Ealla fá fhuin
Is ní taise dhóibh i nDeasmhumhuin
Taisce cléire suadh agus dáimh
Stór na mbocht is a gcómhlán.



Níor chás a aithne ar Loch Léin
Is an Torc mar chím is soiléir
Tuitim taoisigh an Ghleanna
Dóibh araon dár chómhdhalta.



Atá smúit ar choill is ar bhán
Is ar shleasaibh timcheall Chruacháin,
Mangarta mar atá fá ghruaim
Ón aithint é badh díombuan."



"Is cráidhte innsint do scéil,
A bhean, 's is mór an truaighmhéil;
Cia an bhean so leat ar siubhal
Dár shil aisti a haontsúil?"



"Me" ar sí "an Ruachtach mhín
Atáim-se is í d'aon-bhuidhin
Fá scáth cómhnuidhe an Ghaortha
Ó scar liom mo chóimhchéile.


L. 30


Ó chailleas le fóirneart gall
Mo chéile rúin is mo shaor-chlann
Do gheibhinn ó Dhia i ndáil
Tadhg Ó Donnchadha dfhágbháil.



Seo an té fá'r shil mo dhearc
Fá a bhfuil anois gan amharc
Bráthair gaoil na dtriath ó Bhaoi
Ó shleasaibh Tuirc is Múscraoi.



Do b'iomdha mar iad cuisle shaor
Dfholaibh uaisle glan Gaedhal
Táinig tríd i ngach taobh gan chol
De mhaithibh sleachta Eógoin."



Léigfead feasta de chur a chlú
Ní beag gurbh é Ó Donnchadha
Is gurbh fhial fairsing fionn an fear
Aon dá cháil dá éis ní ráidhtear.



Má's éag dó a phearsain is a chrú
Níor éag a ainm ná a dheagh-chlú
Mairfid go bráth i mbéalaibh suadh
Éigse is cléir dá n-athnuadhadh.



Ní hionann is gan a bheith beó
A chlann tar a éis gan chlaochlódh
Sheasmhas le cabhair an Mhic
In ionad suabhais gan éislinn.



Gabhaim sin ó Dhia mar dhíol
Ní bhiam gan ghruaim gan tathaoir
Guidheam le a anam chum Neimhe
Ó's é críoch gach aon duine."


L. 31


Seacht gcéad déag fá naoi fichead
De bhliadhnaibh ceart mar áirimhid
Ó rugadh Críost an deagh-chnú
Go bás Thaidhg Uí Dhonnchadha.



An tásc so táinig tar lear
Do mhéaduigh cumha na ndeigh-fhear
A theachtaire ghluaiseas lé
Aithris cadé an scéal.



10. TRUAGH NA SCÉIL SEO TIG TAR TUINN.
Marbhnadh ar bhás Thaidhg Mhic Domhnaill Mhic Carrthaigh.



Truagh na scéil seo tig tar tuinn
Mór-thruagh a dtéacht chuguinn
Do chuir siad gan fóghnamh sinn
Ní congnamh iad dom intinn.



Rugadh go hobann uaim
M'intinn uile le haonuair
Mar do marbhadh brígh mo bhall
Ní gníomh gan ádhbhar agam.



Gé hiomdha scéal, truagh nó tinn,
Do chuaidh soir uainn as Éirinn,
Fríoth fá dheóidh go nuadh anoir
Na sceóil is truagha ar talamh.


L. 32


Mairg uainn dar cinneadh a gclos
Tug gach aon scéal dá bhfuaros
Fá tháir is fá mhéala me
Scéal do chrádhaidh mo chroidhe.



Deimhin mo scéil atá le teacht
Sul ráinig uaim a n-éisteacht
Má bodhar gach uair dá chlos
Truagh nach bodhar do bhádhos.



Ní cóir taobh do thabhairt liom
Is nach deachaidh m'anam asam
Le linn na scéal do scaoileadh
Fá léan cinn na gcaomh-Ghaoidheal.



Mac Mhic Charrthaigh Clár Leamhna
Mo thriath is mo thighearna
Féach an truagh me do mharthain
Is é uaim fá allmhurachaibh.



Aon mhac na mná ón Mháig mhaill
Truagh liom-sa i leabaidh chumhaing
Saor-bheangán Gaoidheal an giall
Aon leannán Éireann ar aon rian.



Crann bagair as a mbínn teann
Lán beóil Mumhan na maoileann,
Ní téarnamh ina dhiaidh acht dul
Gan m'aonlán beóil fám bhagar.



Ó tháinig a thásc anall
Ní bhiaidh réim beathadh agam
Cás an aonduine dá éis
Tré bhás m'aonduine d'fhaisnéis.


L. 33


Mairg fuair do thuras tar tuinn -
Thugais a Thaidhg Mhic Domhnaill
Cúis mí-mheanmna is déar dam
An phréamh fhíneamhna uasal.



Ní har Mhuimhneachaibh amháin
Bhíos do bhás 'n-a dhiombáidh
T'éag, a Thaidhg, mar is léir linn
Ba scéal i ngach áit dÉirinn.



Do léigis mór-inmhe uaibh
Ar seacht dtroighthe d'úir ionnfhuair
Dfhios na Fraingce duit ar ndul
Caillte mo chuid den chonnradh.



Truagh liom-sa ionad eile
'San bhFraingc agat d'áirithe
A ghnúis iodhain shéimh gan sal
Is t'ionad fann follamh.



Truagh liom súil ag cách it chuid
A mhic na saor-mhná ó Seanaid,
Do bhrígh ní buan mo mheanmna -
Nách truagh tír gan tighearna!



A thriath Leamhna na learg dte
Truagh sinn tar héis gan oidhre
Acht rem shúil i nbhur n-ionad
Léan lem chroidhe a chuimhniughadh.



Sinn féin do thuill ón dTriath gceart
Ár gcreachadh uile in éinfheacht
Do bheith mar taoi ní tú do thuill
Béid go bráth fá'n ndoghrainn.


L. 34


Má's imtheacht d'oidhre Domhnaill
A chnú gan chnaoi ná crobhaing
Ina dhiaidh ní saoghlach sinn
Ár n-aonbhrat dfhearaibh Éireann.



Truagh sinn gan ár súil leis
Ag déanamh óil ná aoibhneis
Truagh 'n-a dhiaidh sinn gan suan
A dheighilt linn is ró-thruagh.



11. AN BRANNDA.



Ag diúltadh don chuireadh a fuair sé ó Ó Súilleabháin Bhéarra,
chum Sollamain na Nodlag do chaitheamh ina fhochair A.D. 1729.



A dhalta ghil dár radas-sa mo annsacht dian
Geallaim dhuit go rachainn-se cíodh fann mo rian
'Ot fhaicsin-se le carthannacht in am gach bliadhain
Acht ar eagla bheith treascartha ag an mbrannda thiar.



Ní seascaireacht fé ndeara dham ná clampar fiach,
Ná anbhfann do chrapfadh mé, mo cheann cé liath,
Ná seachaint dul tar garbh-chnocaibh reamhra liag,
Acht ar eagla bheith treascartha ag an mbrannda thiar.



Eascara don anam é agus namhaid do Dhia
Do leagas cuirp dá chalmacht 's gach ball 'n-a mbiaid,
Glaise Styx is aiste stille bhrannda riamh,
Nathair nimh nach annamh tug mo cheann gan chiall.


L. 35


Is cleachtadh leis an leanbh mbeag cé gann a chiall,
Nuair shatalas ar aithinn ná ar a shamhail de phian,
Go seachnann an lasair sin 's gach ball dá thriall,
Is ní taise dham roimh ragairne an bhrannda thiar.



Glac-sa sin óm theachtaire 's is gann liom iad
Mo scata broingeal gan faice bruit 'ná beann dá riar
Tabhair cuid dot bhanaltrain is ceannsa mian
Is gabhaid uile im ainm-se det chlann it rian.



An Ceangal:
A shuairc-fhir ghroidhe do ghníodh an greann is an sult
Ní fuath dot mhnaoi ná dhíbh tug mall mo dhul
Ná fuath don tslighe cé coimhtheach reamhar na cnuic
Acht fuath mo chroidhe do bhíos don bhrannda agam!



B 1750obc 18L
12. NÍ CÁS DAM NA BÁNTA.



Diarmuid Ó Súilleabhaín cct nuair a fuair sé capall mar
bhronntanas ó Phiaras Paor, i gCluain Molt, mór-chara don
éigse.



Ní cás dom na bánta is an sliabh do shiubhal
Ó ráinig an láir sin chuir Piaras chugham
Gach árd-chnoc dá ghráinne níl fiaradh im chionn
Is dá dtráchtainn tar sáile ní iarrfainn long.



Nuair fháisceann an rás is an fiadh chun siubhail
Fágann sí an bán-phoc 'n-a diaidh 's an chú,
Ar an sráid sin bíonn láthair is rian a chrúdh,
Le dásacht a ceáfradh is í ag gliadar fúm.


L. 36


13. A FHLAITH GAN BHÉIM.
Diarmuid Ó Súilleabháin cct
.i. Cómhairle do Ó Súilleabháin Mhór chun toghtha céile.



A fhlaith gan bhéim is a shaor-fhir chlúmhail gan cháim
Is taca 'on chléir is spré 's is cúl don dáimh
Fearta Dé is tú féin ag scrúdadh an cháis
Is ná beidh le glaodhach tar héis Uí Shúilleabháin.



Is bean is spré má's féidir súd leat dfhagháil
Bheith maiseach béasach tréitheach d'úr-fhuil áird
Snaidhmidh léi mun séanfa tú le plás
Is gaibh-se léi dá mbéadh gan púnt 'n-a láimh.



Ceap is préamh na nGaedheal dá múchadh ar lár
Is leagadh is créim don taobh so súd go brách,
Glac-se saor is léigim chughat le grádh
Mo theagasc céille ón nGréig den chrú noch dfhás.



Ainm an duine noch d'imthigh is ná fágann mac
Ainm ná curtar i gcroinic i gclár ná i gceacht
Ainm do scriostar go minic tar fál amach,
Is lastar 'san teine, mar nidhthibh ná fásann glas.



Teascthar 'san chistin an inighean bhláth bhog thais
Is gabhaidh le broingeal gan pingin, má's gábha, ná ba;
Ná castar 'n-a coinne gan ise den árd-fhuil cheart,
Is gur measa dhuit tuitim do chloinne má táid le teacht.



Cairfead-sa i dtuigsint go bhfuilim de bhláth na bhfear
Ainm nách mioscais, is bainidh-se an fáth sin as,
Stadaim dem ghliogar - níl a thuille le rádh agam leat,
Acht nára fada liom feitheamh go bhfeicinn roimh bhás do mhac.


L. 37


14. A MHÍCHÍL DO CHIDH SINN.
Diarmuid Ó Súilleabháin cct
Ag déanamh leath-scéil le Mícheál Árdaingeal toisc gan acht
ganndal do bheith aige in onóir d'fhéile an naoimh.



A Mhíchíl do chídh sinn ar easbhaidh an annlainn
Ar fhíograíbh gan ím saill ná bainne gamhnach,
Fá dhaoir-chíos don ghaill-bhuidhin-si chreach na ceanntair
Mar dhíolaidheacht san chuibhrinn sin glac an gandal.



Glac gandal 'san am so, a Mhíchíl aoird
Is cé crannda lag fann me go síorraidhe 'om shnoighe
Franncaigh 'san cheanntar dá dtigheadh díobh puinn
Do gheallfainn-se reamhar-mhart mar chuibhrinn díbh.



Isé m'amhgar gan teannta lem dhrom agam
Is níor ghandal do b'annlann Dia Domhnaigh im thigh,
Acht reamhar-mhart nár ghamhnach is togha na molt
Is brannda maith Franncach le toll an tuirc.


L. 38


15. I gCORCAIGH UM NODLAIG.
Diarmuid nó Domhnall nó Donnchadh Ó Súilleabháin cct.



I gCorcaigh um Nodlaig do thárla
Gan costas gan cáirde ann acht Dia
Go hobann nách soichinn i dtráth' dul
I bhfochair mo cháirde is me i gcian,
Mo dhochar! ba doilbh an cás sin
Ar bolg na sráide is me i bpian
M'fhortacht go hobann Mac Máire
Gur oscail dam beárna má dh'iadhaidh.



Do chloisinn na focail dá rádh liom
Gan solus acht grása ann ó Dhia,
"Brostuigh go soichir 'on Ráth Dhubh -
Bíonn ollaimh, bíonn dáimh ann is cliar;
Posta do foilceadh den Chárrth-fhuil
Ba cosmhail i gcáilibh le Cian
Gabhaim orm gan dochma is bí sásta
Gurab oscailte í fáilte ann triall."



Is leis an Nodlaig ba chosmhail gach lá aca
'S is obann síor-Cháisc ann tar bliadhain,
Ní locartha lomartha a gclára
Bíonn forbhas fáilte ortha is biadh,
Saill bhorb de thoradh na cránach,
Muilt fhaithche, ba dártha, agus fiadh,
Is le torthaibh is ullamh gé bán ann
Custard, mil, cáise agus iasc.


L. 39


Bíonn deochanna i gcorna lána ann
Lionn dorcha Márta tar bliadhain,
Is is obann punch oirdhreic láimh ris
Sonn-toradh ar fhíon Spáinne 'n-a ndiaidh.
Brostuigh ort, corruigh lámh-láidir -
Ortha tómhas-mháighistir bhíonn dian,
Ní chodlaid go lomann an lá ortha
Ag dortadh bhiotáille soir siar.



B 1741 18L
16. IS FADA MISE AG GLUAISEACHT - A.D. 1741.



Is fada mise ag gluaiseacht ag cur tuairisc na mbéithe bfheárr
Gur thaistealas go Tuadhmhain is ó thuaidh ar gach taobh den Mháig,
Ó Scealgaibh do ghluaiseas go bruach Life síos den stáir
Is níor ghlacas-sa mo shuaimhneas gur buaileadh me araoir don Ráth.



Mar a bhfuil an ainnir stuamdha is cuanna 's is caoine cáil
Is taitneamhach a cuacha anuas disi ar bís go sáil;
Tá dath na sugha 'n-a gruadhnaibh i mbuairt leis an lítis mbáin
Is nách feasach dam an uair sin cé is uaisle den dís rug bárr.


L. 40


Tá a braoithe ganna i dtuairim don ruainne dá chaoile dfhás
Is caoin a rosc nár ghruamdha do thuargain na mílte ar lár
Is binn a haithris uamaigh le suairceas is aoibhinn phrás
Is a píp mar eala i gcuantaibh mar ghluaisid ar taoide ag snámh.



Do mhaoidhinn créad as an stuaire is an cuallacht gach taoibh ór fhás,
De rí-fhuil Chaisil uasail do ruaigeadh an naimhid tar sáil,
De rí-shliocht Charrthach muardha do b'uaibhreach i gcoímheascar
námhad
Is do b'aoirde meas sa chrích seo cé híseal le seal atáid.



Is í Eibhlín deas Ní Dhomhnaill do bhreóidh me le saighdaibh grádha
Is dá bhfaighmís í le pósadh do b'óg me cé críona atáim,
Ní feidhm linn feasta a fhógairt gur dóigh liom gur b'í rug bárr
Ón mnaoi 'n-a bharc tug Nóis leis fó choill tar lear chum fáin.



Nó an bhean do rug Mac Éason mar léightar 'n-a luing tar sáil
Pallas cheart nó Hélen, an bhé sin ler claoidheadh a lán,
Is dá dtigheadh 'n-a measc sin Bhénus bean déithe do b'aoirde
cáil
Is deimhin díbh go ngéillfinn is go léigfinn di choidhche an bárr.



Stadfad feasta 'em baothacht, ó léir-chanaid draoithe is báird
Teastas ceart na béithe ar gach taobh ann de chríochaibh Fáil
Athchuingim-se an tAonmhac dot shaoradh is dot dhíon gach lá
Léigim bean is céad tais taobh leat gan taoint 'n-a ndáil.


L. 41


B 1750obc 18L
17. UCH! IS CÁSMHAR MISE.



Uch! is cásmhar mise go huireasbhach tuirseach déarach
Tar sáile ó d'imthigh an fhuireann sin mhaithibh Éireann,
In árus chonnail ó cuireadh me i ngeibh na déarca
Is a chrádh don tiubaist, cár mhisde dhi mise thréigean!



Ó thárla mise fé chumas na ngalla daora
Gach lá go hioscad i bpluide is me ag cartadh caotach,
Potáta is uisce is de is minic chaithim béile
Is a chrádh don tiubaist, cár mhisde dhi mise thréigean!



Atáim ársa liodartha, foirbhthe - chailleas m'éisteacht,
Fuaireas ré nur thuiteas do bhain an uile-ghéim díom,
Mo chóta briste ar m'uillinn is me gan léine,
Is a chrádh don tiubaist, cár mhisde dhi mise thréigean!



Ól ná imirt níl ionnam, ná sult do dhéanamh,
Ceól dá sheinnm ní chloisim mar chleachtadh Ghaedhlaibh
Uchón! do thuiteas in umar na haimiléise,
Is a chrádh don tiubaist, cár mhisde dhi mise thréigean!



Atá an saoghal so ag tuitim im choinne is is misde mé sin
Mo chéile is mise gan choinnil ag ithe ár mbéile,
Re haer na teine gan chuideachta acht sinn 'n-ár n-aonar
Is a chrádh don tiubaist, cár mhisde dhi mise thréigean!


L. 42


Is deimhin dá dtigeadh tar uisce chughainn maithibh Éireann
Fé mheadhair i gcumas chum siosma ná cogadh a dhéanamh,
Go mbeadh Tadhg is tusa agus mise in arm gléasta
Ag roinnt na tiubaiste ar an bhfuirinn seo an ghalla-Bhéarla!



An Ceangal:
Atá an aindeise 'om leanamhain féin de ghnáith
Is dom baramhail níl scaramhain agam léi go brách
Dá ngeallamhainn di baile agus leath-Éireann dfhagháil
Uch! ní ghlacfadh gan me leanamhain dá dtéighinn don Spáinn.



U Anaithnid
18. DO RAD AINNIR LIOM.



Tadhg na Súl mBeag Ó Ríoghbhardáin cct ag gabháil a leithscéil
le sna filíbh:



Do rad ainnir liom, ní abraim cia hí acht gur bean,
Nárbh aithnid di san mBanbain lucht grinn acht lag -
Scaraim libh, muna dteagmhainn 'san tslighe 'nbhur measc,
Ar eagla ná leanfadh mise an bhuidhe ná an bhreac.


L. 43


U Donnchadh Caoch Ó Mathghamhna
19. AR A DTARRAINGTAR ÓN nGEADAIGH BHIG.



Freagra ar an méid sin, agus Diarmuid Mac Domhnaill
Mic Fhinghín Chaoil cct.



Ar a dtarraingtar ón ngeadaigh bhig is ón mbuidhe de lacht
Ar thairbhe na ceanainne agus chíordhubh an ghaid
Ar ar ghlacais-se de theagascaibh ó mhíle bean,
Níor scartha dhuit le caidreamh na saoithe sean.



Dá dtagadh sioc is sparainn ar feadh míosa i gceap
Is sneachta tiugh dá leanamhain arís go pras,
Fearthainn fhliuch is anaithe den ghaoith andeas
Do b'aindeis bheith dá stracaireacht as tuinn - an bhreach.



An tan mhaireadar na dragain chuthaigh ó Bhaoi na mbarc,
Is an aicme sin den Charrthach-fhuil ó Laoi na n-eas
Níorbh fhearra bheith ag reachtaireacht na buidhe cois scairt
'Ná ag radaireacht 's ag aithris suilt is grinn 'n-a measc.



An Ceangal:
Mo lom, mo scíos, mo dhíth, agus m'uchlán bróin
Gan labhairt sa tír ar bhuidhin na bhfad-gclár n-óil,
Do bhronnfadh fíon is cíos do shean-dáimh shóghach
Is do thoghfadh sinn tar druing na ndartán bó.



Féach, mar an gcéadna, freagra eile ar Thadhg, ag Domhnall
Mac Domhnaill Mic Fhinghín Chaoil .i. "Ní fheadar-sa ca talamh
cirt etc." - uimhir a 33 ameasc na n-amhrán so.


L. 44


20. A SHÉIMH-FHIR GHASTA DEN CHARRTHACH-FHUIL.



Diarmuid Ó Súilleabháin cct
.i. ag gabháil a leith-scéil le hEoghan an Mhéirín Mac
Carrthaigh toisc gan cothrom níos feárr a bheith aige ina chómhair
nuair chaith Eoghan oidhche ina fhochair ina thigh.



A shéimh-fhir ghasta den Charrthach-fhuil cheanamhail aoird
Is léigheanta cheapas na ranna i gceart-phonnc laoi,
In éiric haistir 's in aiste na bhflagún dighe
Scéal Pharnassus uaim glacaidh 's is lag liúm díbh.



Na céadta 'om stracadh is agam-sa deachmhadh níl
Is me aosta caithte gan eallach dá mbleachtughadh puinn
'Om thraochadh ag galar is fada tá ar beathughadh im chroidhe
Tug mé gan beathuisce blasta, mo chathughadh, araoir!



An saoghal ó laguigh an ghasra cheanamhail ghroidhe
Nár éag le gallaibh acht tarraing fé bhrat dlúth an ríogh
Fréke is Waller is Hassett ag taltughadh a gcríoch
Tug mé gan beathuisce agam, mo chathughadh, araoir!



A chalm-fhir chneasta den aicme chirt aoird sheannda
Ó's feasach 'n-ár bhfarra thu ag scanadh gach grinn-labhartha,
It bhacach sheascair ó's searbh tu it luighe i dteannta
Sin tobac agat is glacaidh mar dhíol brannda!


L. 45


U Eoghan an Mhéirín Mac Cárthaigh
21. A SHÉIMH-FHIR GHASTA DEN AICME NÁR CHEASNAMHAIL GNAOI
.i. Freagra Eoghain an Mhéirín ar "A shéimh-fhir ghasta den
Charrthach-fhuil etc. etc.



A shéimh-fhir ghasta den aicme nár cheasnamhail gnaoi
Dfhuil fhéil na bhfearachon bhfairsing ba flathamhail tigheas,
Ort féin is measa liom haindeise ag meathlughadh an tsaoighil
Dot mhéinn do radas-sa taitneamh seach last long dfhíon.



Dot thréithibh gasta dot charthannacht cheanamhail chaoin
Dot bhréithribh meala gan chealg ag treasughadh an ghrinn,
Gach n-aon det aicme dá bhfeaca nár cheasnamhail gnaoi
Gan bhréag do bfhearra liom faram 'ná last long dfhíon.



Ná héigin feasta na ceasta so ag leanmhain díot
Sin Séamus againn is an dragan dár cheart Dún Baoi
Laochra in Albain araid ag ceartughadh a gcloidheamh
Is in aolbhrog sheascuir beidh agat-sa last long dfhíon.



A shoilbh-fhir ghreannmhair charthannaigh chaoin cheannsa
Ler geineadh bheith rabairneach freastalach fír-leanntach,
Do b'aite liom manglam searbh, is suidhe it theannta,
'Ná seascaireacht bathlaigh is baraille d'fhíon Franncach.



A chumainn gan chealg do chanas na suairc-bhréithre
Is ler geineadh bheith rabairneach greanta le buadh féile
Nár fhillead-sa im beathaidh má chanaim leat duan bhréige
Munan gile liom t'amharc 'ná a bfeada de bhuaibh sléibhte.


L. 46


U Donnchadh Caoch Ó Mathghamhna
22. ATÁID SIAD I MBLIADHNA COIS LÁINE.
Diarmuid Mac Domhnaill Mac Fhinghín Chaoil cct
don Iarla Ó Súilleabháin .i. Ó Súilleabháin Mór.



Atáid siad i mbliadhna cois Láine ag spórt
Ó thriall ortha an tIarla tar sáil fé sheól,
Do stiallfadh mo chliabh-sa le háthas leó
Acht an tIarla ón Iarthar nách táinig fós.



Fós dá dtagadh an dragan de shíol Éibhir
Tar bóchna ag taisteal le ceannas go crích Éireann;
Leógan d'eascair dfhuil Eachadh ler maoidheadh féile.
Ba dóigh le haiteas gur bh'eagal dom chroidhe réabadh.



Réabfaidh Domhnall fós, ab áil le Críost,
Le tréin-neart slógh gach pórt dá ndeárna gaill,
Beidh Gaedhil ag ól go sóghach is cách ag caoidh
Is cléir ag geóin le mórtas áthais roímhe.



Roimhe sin beidh againne céad fáilte
Is gach nduine ag rith 'n-a choinne sin le béal áthais,
Leinbh agus broingeala agus aos ársa,
Is gach fionna-shruth a' fiorra chnuic ag scéith ar bhántaibh.



Beidh bánta lán d'áthas gan amhras roímhe
Is gach árd-chnoc dá áilleacht ó Theamhair go Baoi,
Fó bhláth-lile ag fás agus geamhar ar thuinn
Is geárrcaigh ag gárthadh ar gach crann den choill.


L. 47


'San choill beidh sians ag fiadhach 'na scolaibh ag damhas
Mar shínfeas iasc dá ghrianadh i bportaibh na habhann,
Dá dtigheadh an tIarla thiar i gcothrom is i bhfabhar
Ba bhuidheach de Dhia me i mbliadhna dá soicheadh sin ann.



Ann san Daingean dá dtagadh na caithmhílte -
Na campaí fairsinge 's a gceanna le harm Laoisigh
Ba gheall le Flaitheas dá mairinn 's a theacht chum críche -
Scannradh is scaipeadh ar ghallaibh gan casadh choidhche.



Choidhche beimíd mar tám go deó
Muna dtighid sin tar tuinn-mhuir is Spáinnigh leó;
A Íosa fuair íspirt is Páis le brón
Fírinne ding sin im ráidhtibh beóil.



Atá beól-oideas dómh-sa dá aithris riamh
Go mbeidh Domhnall dá chóimhreamh mar phearsain don triath,
Ag dó-bhriseadh slóighte cath Saingil go dian
Is thógbhas an ceó so de Bhanba Bhriain.



Is é Brian ar dtúis do thionnscail sinn do chur
A' hiathaibh Mumhan i dtriúchaibh Chuinn is Chuirc
A Dhia na ndúl fuair sciúirseadh i gcrainn ar crois
Ár liaigh-na thú, is múscail sinn ó bhroid.



Ó bhroid cuir sínn a rí 's a árdthighearna
Is cuir fát choím an bhuidhean so atá ar iarraidh;
Cuir na gaill tar tuinn dá gcrádh-phianadh
Is cuir na Gaoidhil 'na suidhe mar táid siad san.


L. 48


23. A ALBA Ó SHEALBHAIS AN RÍ CÓIR CIRT.



A Alba ó shealbhais an rí cóir cirt
It cheart-chumas go nglacthar thu i dtrí chróinnibh
Sacsa thoir go ngabhair-se le fíor-chómhrac
Is geallaim-se gan achrann duit ríoghacht Fódla.



Beidh eaglais gan dearmad go binn-ghlórach
A salmaibh a saltraibh go caoin ceólmhar
Screadfam-na ar cheannaibh uile go fír-dheórach
A thearmain ar gheala-bhile na Tríonóide.



Na gallabhroic do dhearbhuigh go díth-chórach
Gur bhastard thu nár sreabhadh dfhuil an Ríogh chródha
Go bhfaiceam-na le harmaibh na nGaoidheal-Eógain
Na garbh-thuirc 'n-a spadalaibh i ndraoib bóthair.



24. BEIDH RADHARC SÚL NÁCH TINN LIÚM.



Beidh radharc súl nách tinn liúm gan sos in Éirinn
Le high-búir i ngreim chúmhang is go docht i ngéibhinn
Mo mhadhmughadh nách fagham múchadh ar bhrogaibh aolbhaigh
Sin deimhniughadh ar mo dheagh-rún don tsolus-réiltinn.



Tá an réilteann go gléineach le feartaibh Íosa
Dá léir-chur i gcéill chirt do chlannaibh Mílidh
An t-aon so fé néallaibh as ceart a shinnsir
Go dtraochfaidh lucht Béarla i ngach sparainn coimheascair.


L. 49


Coimheascar gan mhoill beidh in Inis Fáilbhe
Ag saoithe ná stríocfaidh go gcuirfid báire;
Beidh Laoiseach go buidheanmhar is fuireann Spáinneach
Agus sceimhle aca ar naímhdibh dá scrios le fánaidh.



Le fánaidh uainn beidh ruaig ar ghallaibh Éireann
Mar tá ag an gcuaich dá luadh ar theacht don réiltinn
Beidh gártha is buairt ó thuaith go sleasaibh Béarra
Is go Clár geal Tuadhmhan beidh cuanta ar lasadh in éinfheacht.



In éinfheacht beidh léir-scrios ar aicme Liútair
Do réir chantain naomh is mar mheasaid úghdair
Gaedhil dochta a traochadh le hachtaibh cúirte
Beidh saor suidhte léigthe 'n-a mbailtibh dúthchais.



Dúthchas an Úir-mhic is an Athar neámhdha
Ar a thúirling le humhlacht in ucht a Mháthar
Gur sciúirse bhí rómpa ba chreidte 'o tháintibh,
Is d'iompuigh le dúil chum a gcuirp do shásamh.



Sásamh gan cháirde go mbaintear díobh-san
Ag an ngárda úd ná stánfaidh dá ndlighthe claoidhmhe
Beidh an táin sin gan tácla in Inis Chríomhthainn
Is a chrádh dom go mb'áthas dá bhfeicinn claoidhte.



Claoidhte atáid saoithe Ghuirt Lúghaidh agus Airt
Sínte fá líogaibh is go dlúth i nglas,
An díoghlaim dfhan díobh san, mo chumha! go lag,
Gan intinn ná aoibhneas ag búir ar nasc.



Ar nasc atáid ó tháine cheana an réilteann
Is lasair smáil le fánaidh aisti in éinfheacht,
Is ait an fháistine deárnthas d'aicme an Bhéarla -
Ceannas Chlár Luirc dfhagháil is smacht ar Ghaedhlaibh!


L. 50


Chum Gaedhal atá an réilteann ag teacht le tuairim
Go gléineach 'sna spéarthaibh go lasmhar buacach,
Claon-truip an éithigh go gcaithfidh gluaiseacht
Is le haontoil an Aenmhic nár chasa a dtuairisc.



Tuairisc canaim gur atharrach ríogh gan cheist
Do bhuaidhfeas gradam is ceannas na gcríoch so leis;
Beidh ruagadh is scaipeadh ar a maireann den bhuidhin-si ar bhreis
Sin suaimhneas againn, is is gairid arís go mbeidh.



B 1739 18L
25. SIN EASPOG LER TÁTHADH GRÁSA, A.D. 1739.



Sin easpog ler táthadh grása is fíor-umhlacht
Is d'eascair gan táire d'árd-shliocht Mhaoiliúra
A ghradam is feárrde Clár cirt chríoch Mumhan
Radaim dó fáilte, is a rádh le caoin-dúthracht.



Ó d'fhreagair an tÁrdmhac gártha ár nguidhe dhúinne
Don Eaglais gárda is dá cháirdibh brígh cúinse
Teastas a cháile is árd i bprímh-thriúchaibh
Fearthanna fáilte atá aige ar trí dúbailt.



Má stadadar cách dá bhfáilte ó chroidhe chughaibh-se
An tAthair 'n-a ghrás gan tlás dot shíor-chumhdach;
Radaim fém láimh cíodh táir mar dhíol liúm sin
Luis tarraingthe ar phár 's na táinte 't' fúithi.


L. 51


B 1750obc 18L
26. A CHOLANN BHRACACH TUG TAITNEAMH.



A cholann bhracach tug taitneamh don bhláith-éadach
Do dheochaibh fada go blasta, 'o gach sáir-bhéile,
Do sporaibh greanta ar chapall ag áird-léimrigh
Is olc an caraid don anam tú lá an tsléibhe.



Och! is mairg a caithtar ar charn an ghnáith-bhréantais
Tabharthas tsalach ar ablaigh na ngnáith-bpéiste,
Is olc an mhalairt do charais chum lá an tsléibhe
Nár throisc ó pheaca 's an chathair don láimh chlé thu.



Mo dhochar mo dheacair mo ghreadadh mo chrádh chéasta,
Nár sclogas im leanbh sul leanas dem ráig féinidh,
An cholann dom tharraint chum peaca de ghrádh an tsaogail
Is m'osna-sa an t-anam go gcasfaidh 'n-a pháirt éiric!



A phosta na nAspol is a thaca na bhfáidh naomhtha
Ó's follus gur pheacach me a mealladh le scáil bhréige,
Coigil mo pheaca is lastar do ghrádh im aeibh-se
Go sroisinn dot fhlaithis fá choimirc do scáth-scéithe.



Guidh-se mar aithis a Athair, cidh tá déidheanach,
Gur doilg liom caitheamh mo bheathadh mar tá léighte
Sa bheocha chum flaithis níl agam le rádh in éanchor
Acht go ngoilfinn-se srathaibh ar mhaitheas do lán-daonnacht.



A Athair na n-othar, is a thobair gach úird is naomh
Screadaim-se oraibh is goilim le dúthracht cléibh,
M'anam bocht dfhortacht is do ghlanadh ó smúit an tsaoghail
Ó's cathach mo cholann le dochar a chionta féin.


L. 52


27. ADMHAIM GUR PEACACH ME.
Admhaim gur peacach me ins gach slighe daortha
Nár sheachnaidh na haitheanta do shíor-réabadh
Teagasc chirt na hEagailse go binn d'éisteacht
Is le hainbhfios ní thabhrainn dá dlighe géilleadh.



Níor bh'annamh me sa tabhairne ar díth céille
Ag glagaireacht ag spalpadh mionna - gníomh bréige,
Go sparainneach rem chaideachtain ag maoidheamh laochais
Is gur bh'araide me im aigne 'ná Rí Gréige.



Chun Aifrinn dá dtagainn-se re linn sléachtain
Do thagadh rith im aigne do shlighe an tsaoghail-se,
Carthannacht ní thabhrainn don naoidhe déarca
Is do labhrainn go tarcuisneach le droing aosta.



Airgead nuair ghlacainn-se ar shlighe in Éirinn
Is fada as-san go rachainn-se ag díol m'fhéitheamh;
An tan thagachsad dom agallamh ar tí réidhtigh
Stracaireacht do thagrainn ag maoidheamh plé ortha!



Nuair theagmhainn i gcaideachtain na gcaoin-bhéithe
Ba chleasach suilt mo labhartha dá laoi-bhréagadh
Go dtarrainginn na hainnire le binn-bhréithre
Chun peaca an uilc, is níor thaise dham mar bhínn féinidh.


L. 53


Do b'easmailteach mo labhartha le poimp éada
Ar an ngasradh do shealbhuigh na caoin-tréithe;
Ar phaidearaibh níor faiceadh me ag luighe déidheanach,
Is i gcarrbhus do chaithinn-se na trí bhéile.



Gach peaca eile dearmaid nár ríomhas féinidh
Gabhaim-se iad, a Athair ghil, fén gcuing gcéadna;
Aithreachas má ghlacaim-se le croidhe-mhéinne
Maithmheachas do thabhairt dam as t'fhíor-dhaonnacht.



28. AG AODHAIREACHT MÁ THÉIGHIM-sE.
Diarmuid Ó Súilleabháin cct
ag tagairt don aodhaireacht.



Ag aodhaireacht má théighim-se le barra baoise
Is go léigfear le chéile chugham ba is caoirigh
Ar thaobh cnuic dá dtéighid sin ag glacadh gaoithe,
Lem aostacht ní fhéadaim a gcasadh choidhche.


L. 54


29. MO CHIACH MO BHRÓN GUIRT



B 1806lsc 19T
U Anaithnid
.i. an fheartlaoi do bhí ris an marbhnadh do rinne Eoghan an
Mhéirín Mac Carrthaigh ar bhás Dhiarmuda Uí Shúilleabháin.




B 1750obc 18L
U Eoghan an Mhéirín Mac Cárthaigh
Mo chiach mo bhrón guirt mo scóladh is mo scian trím chroidhe
An triath ba mhó eólas ar uaisle Gaoidheal
I gcriadh-chuilt ar feódhcha, mo leógan ba chliste rinn pinn
Diarmuid Mac Domhnaill mic Eógain mic Fhinghín Chaoil.


L. 57


B 1760flc 18L
U Donnchadh Ó Súilleabháin
30. Ó CHOISCIS AN DRÁ LÁIDIR SEO.
Donnchadh Ó Súilleabháin cct
.i. Mac Domhnaill Mic Fhinghín Chaoil.



Ar mbeith breóidhte dhó do dhiúltuigh an liaigh lámh do chur
ann chum a leighis, go bhfuair Donnchadh é féin go maith ar n-a
mháireach, go ndubhairt:



Ó choiscis an drá láidir seo im chliabh a leac
Go gcodlaim im chnámha in áthas gan pian dom bac
Is follus atáid grása mo Thighearna ag teacht -
An t-othar go breágh láidir, is an liaigh go lag!



31. FÁ CHLIATH AN SMÁIL.
Donnchadh Ó Súilleabháin cct
.i. Mac Domhnaill Mic Fhinghín Chaoil.



Fá chliath an smáil na táinte 'e chlanna Mílidh
In iaithibh Fáil cé lánmhar leathan aoibhinn
Gan chliar gan chlár gan dán gan fleadh gan fíonta
'N-a n-iarmhar áir mar táid fé ghallaibh claoidhte!



Ba sciath don dáimh is a ngárda ar chealg naimhde,
Ar chiach ar chás ar chrádh is ar chreachadh buidhne;
Ag triall gach lá 'n-a ndáil mar chasann taoide
Nár iaidh a lámh ar gháir na n-agall n-íogair.


L. 58


Ba fial a gcáil in árus fhairsing fhíonmhar
Is a mian ba ghnáth i rásaibh startha Gaoidhilge
Ag riar gach bárd do b'ársa i gceastaibh gaoise
Is ar ghliadhaibh ag trácht i ndálaibh Clanna Baoiscne.



Is liach gach lá ionnam lán-scrios sleachta Ghaoidhil Ghlais;
Is an ciarsprot gránna ceárdach cleasach coimhtheach
Do thriall tar sáil go háitreabh Clanna Mílidh
Go siansach sámh mar táid i bhfearann caoin-Chuirc.



Dia na ngrás im láimh mar chabhair guidhim-se
An triath so ar fán dá ndáilid gairm Rí Scuit
Do thriall i dtráth le táinte dragan díoghaltais
Go hiaithibh Fáil, is an gráscar smeartha a dhíbirt.



An Ceangal:
Tar tuinn má thagann an leanbh nách aithnid dúinn-na,
Go buidheanmhar acmhaingeach armach garbh-thrúpach
Fíochmhar feargach draganta teanna-phúdair -
Is mín gan magadh ar bith an aicme seo leanann Liútar.



32. CÍODH THÁRLA IN IONAD ME.
Donnchadh Mac Domhnaill Mic Fhinghín Chaoil Uí Shúilleabháin cct
Insan Talamh Nuadh, chum a charad go hÉirinn.



Cíodh thárla in ionad me gan uireasbhaidh bídh ná óil
Gan gábha re fuithin i gcuideachtain mílte slógh,
Spás ar uisce, ar bhiolar, is suidhe 'nbhur gcómhar
Ba sásta liom-sa 'ná a gcuirfinn im chlí de phóit.


L. 59


Dáilim broingeal gan iomarcadh dín ón reódh,
I ngach áit 'n-a bhfuilid gach duine aca ag luighe gan dóin
An dtráchtaid orm, nó an gcluinid an mbím-se beó
Idir mnáibh is leinbh fireannda, críon is óg!



Im shláinte innis go bhfuilim go cuibheasach beó,
Páirt is cumann go bhfuil agam, is díogras dóibh,
Gráin ná mioscais ná tigeann im chroidhe-se fós
Acht grádh ná scuirfidh go gcuirfar me sínte i bhfód.


L. 63


B 1750flc 18L
U Domhnall Ó Súilleabháin
33. NÍ FHEADAR-sA CA TALAMH CIRT CA TÍR CA TREABH.
Domhnall Ó Súilleabháin cct.



Ní fheadar-sa ca talamh cirt ca tír ca treabh
Ca haitreabh bun a caidrimh don mhnaoi acht gur leamh
Le tagarthaibh a trasna-fhriotail d'intleacht lag
Is le barra mire tarcuisne ar lucht scaoilte ceacht.



Is cealg mhioscais dhealbhais ná suidheamh ar chan
Is i reachtaibh dlighthe labhartha ní líomhtha a leath,
Ar theastas file snasta snoidhte, ag maoidheamh a mbreath,
Do thaitneadh leis na ceannaibh fine b'aoirde meas.



Dearbhaim gur b'aithnid dam 'san tír seo seal,
Bailte puirt is groigh-each cnuic is caoirigh is ba,
Ag gasra ba ceannasach le tigheas nár lag
Is gasta chumadh ranna suilt is laoithe i gceart.



I bhflaitheas Chuirc is Chairbre is Chuinn is Airt
Is gach flatha-churadh chalma ghaibh ríoghacht is rath
Ba cheanamhail an ghasra ar ar luighis, a bhean,
Is ret shamhail-se gan easbhaidh ar bith le linn na bhfear.



Ó laguigh cuisle Carrathach ag druing tar lear
Is sliocht Eachadh mhir ba chalma do dhíogadh amach
Beidh aicme suilt na ranna chur i scríbhinn ceast
Gan tearman go gcasaid sin arís tar n-ais.


L. 67


B 1760ob 18L
U Proinnsias Ó Súilleabháin
34. TÁ LEANBH GLÉIGEAL CNEASTA TAOBH LIOM.
Proinnsias Ó Súilleabháin cct
do Mháire Ní Thaidhg Uí Iarfhlaithe.



Fonn: Caiseal Mumhan.



Tá leanbh gléigeal cneasta taobh liom bláthmhar fion
Insa bhaile, in aontumha gan teacht in aos, is áluin gnúis,
Gur raid gach n-aon di searc na n-ae agus grádh dar liúm,
Is a samhail réidh ní fheaca féin 'n-a ndeárna 'é shiubhal.



Is glas a maonruisc mar na braona roimh lá ar drúcht
Is a mala chaol ag teacht i gcaoth mar atá ós a gcionn
'N-a leacain tséimh tá lasadh an chaeir is bán ag tnúth
Is taitneamh gréine ag teacht uaidh féin ag áitreabh riú.



Is deas a béal is is canta téx ag rádh gach tiúin,
Is gearra a déid, in aice a chéile is breágh 's is dlúth;
Is geal a taobh mar eala ag téacht de bhárr na dtonn
Nó mar shneachta ar shléibhte dath a cléibh atá 's a com.



Is maith do léighfeadh ar chath na Trae is mar tháinig súd;
Ar bhrataibh daora leagann faolchoin cáig is colúir,
Lachain éanlaith ar barra géag, is gach a snámhfadh srúill
An barc ar séirse mar thagann sé tar sáile, is long.



Geallann Bhénus go ceart an chraobh di, an bláth is an t-ubhall,
Ní taise 'o Hélen ná do Dhéirdre, atáid go dubhach,
Barra scéimhe do bhain an réiltean bhreágh den triúr,
Is pé fear bheidh réidh léi ní heagal éad dó ná bás le cumha.


L. 68


35. LAGADH NA FÉILE.
Proinnséas Ó Súilleabháin cct
.i. Mac Diarmuda Mic Dhomhnaill Mic Fhinghín Chaoil Uí
Shúilleabháin.



Mo chráidhteacht gan ádhbhar suilt dá shníomh ná greann,
Dánta le cláirsigh ná gaois dá labhairt
Ón mBlárnain 'san lán san go Baoi is leastall
'San áit sin gan trácht air acht ím nó a adhbhar.



Is é adhbhar an ime ná druimfhionn d'atharrughadh i bhféar
Is na samhaisce doirthe ón imeall do bheartughadh léi,
Gach crobhdán tsingil dá laige do cheartughadh fé
Is gach gamhainín boineann dá bhfeicid do bheathughadh ar méis.



A beathughadh do dhéanadh mar aon duine dem chloinn
Deir an bhean úd é - ní baoghal ná tiocfaidh in aois
Ní cailleamhaint é má ghnéidheann seacht scillinge 'é chíos -
Mo chathughadh cléibh mar phléidhe in ionad an ghrinn!



In ionad an ghrinn do bhíodh dá threasughadh uair
Ó imeallaibh Baoi go Laoi is go Deasmhumhain tuaidh
Ní chluinim-se nidh acht crích nó ceartughadh ar bhuaibh
Nó siosma ar ím dá dhíol, mo chathughadh is truagh!



Is truagh liom an cruadhtan ina bhfuilid na Gaoidhil
Dá ruagadh gan tuairisc ag dlighthibh an ghaill,
Is na huaisle ar a bhfuaradh gan fuinneamh san chill
Go bruachaibh na gcuanta in ar cuireadh an t-ím.


L. 69


An t-ím ní chuireadh an fhuireann so chúcha thoir
Ná an smísteach saille acht a hithe go húr istigh;
Do bhíodh daoine singil ag imirt is ag lúth 'n-a dtigh -
Is míle milleadh ná feicim mar chúrsa anois!



Anois níor chás dá lán bheith fialmhar fionn
Tigheasmhar páirteach grádhmhar ciallmhar clúmhail
Tá daoine sámha i ngach áit noch dfhéadfadh súd
Ná síneann lámh chum cách dá riar le fonn.



Fonn féile ar éinne ní bhfaghaim go bhfuil
Den dúr-thréad so go déadhnach noch d'adhain an sioc!
Gach crúdh léigfeadh an saogal ar aghaidh ag rith
Mo chumha céasta, dá dtraochadh nó i ngreim fé lic!



Fé'n lic curtha tá an fhuireann do b'fhéile nós
Nó tréigthe singil dá mbriseadh gan tréad gan stór
Is an té ná cuireann acht bliodarnach ghéar ar bórd
Lán de mhustar gan sireadh ná téacht tar fheóil!



Feóil ní chuirid dá ithe acht martas táire
Nó an bhó thuigid bheith tirm de cheal a dártha
Nó an bhó thuiteas i laige ar theacht an Mhárta
Is gan bhó go bhfeicead-sa an fhuireann so in aistear táinig.



Táinig a lán aca in aistear mar adubhart
Nách gnáthach ar a gcláraibh mar bheatha ag teacht suas
Acht bláthach le potáta nó bainne lag-fhuar
Cíodh hárd bheid amáireach ar eachaibh 'san tsluagh!



'San tsluagh nuair thigim ní fheicim go mórdhálach
Acht an sluagh do chruinnigh le huireasbhaidh mór-fhagháltas,
Nó an sluagh do chuireas chum suime gach sórt fhásas -
Is sluaighte an oinigh go singil, mo sceól cráidhte!


L. 70


B 1746 18L
36. MO LÉIR-sCRIOS GREADAITHE
A.D. 1746.



Mo léir-scrios greadaithe reachta gach móirmhílidh
Gan tréad gan talamh gan gradam i gcró Chríomhthain
Do bhéaradh fearann dom shamhail gan ró-chíosa
Éadach faisionta 'om pearsain is cóir chuibhrinn.



Réx ceart Chaisil is dragan is leóghan Laoi thoir
Is an t-aon so mhaireas dfhuil Eachadh gan lór saoirse,
Scéal is measa gan mac aige i gcómhair sloinnte
Ná aon ar a ainm le gairm san treó dhírigh.



Níl aon i gCairbreach aca acht go ró-chlaoidhte
Ná aon ar shleachta Mic Cathail acht Ó fír-bheag;
Tá sé gan leanbh, 'n-a Shasanach leó ag íodhbairt,
Mar ghéille d'achtaibh chum seasaimh in' Ó díleas.



Sliocht Chéin na n-eachradh bhfairsing ba móirlíonta,
Níl aon dá maithe 'n-a mbeatha ná sórt innse
Ná aon i ngradam de shleachta chirt chóir Íthe
Ó Chléir go Caiseal, ná, measaim, 'san gcóig timcheall.



Caesar gaisce an Ghleanna so is mó chaoinim,
An té aca cailleadh in Eachdhruim fós roímhe seo,
An té aca cailleadh 'san ngaisce is brón scís liom
Tug mé i mbaitheas an tailimh gan scóip saoirse.


L. 71


Níl aon dfhuil Eachadh 'n-a mbeatha i bhfód Faoide
Ná i mBéarra acht pearsana greadaithe ag gleó cíosa,
Den tréad ba calma acmhaing i ngleó coimheascair
Ba féastach freastalach flaitheamhail ró-thigheasmhar.



Tá aon dá maithibh nár aithriseas fós díbh-se
An té ba mheasa liom aca dár chóimhrigheas-sa
Le tréimhse marbh sa talamh sin mhór-Laoisigh -
Phoenix Glaise Bun Ghleanna na gceó-Chíocha.
Seo an té nách taisceadh le gallaibh go fóirlíonta;
Le pléidhe is le maide do baineadh tar cóir díobh-san;
Is an té bheith marbh fé leacaibh i bhfód coimhtheach
Tug saor ag Hearabairt sealbh is ag Seóirse Evans.



Is an té nách taisceadh a nglacadh de shógh an tsaoigail
Seo an té do scaipeadh go fairsing a stór timcheall,
Seo an té bheir lachtas mo dhearca gach ló chím-se
Déirithe is reachtas 'n-a halla agus gleó dríodair.



Isé deir bodach le bodach go ró-mhaoidhteach
Is é 's an bodach go seascair ag ól phíopa -
"Biaid Gaedhil gan ghradam, ní chasfaidh an chóir choidhche,
Tá an réim ag gallaibh 's is fearra 'ná ag pór Mhílidh.



"Tá Séamus Breatan in eaglais mhór Íosa
Is Éadbhard fairis 'n-a shagart 'san Róimh, innsid,
Séarlas airgthe a Sacsaibh gan dóigh fillte
Is dá réir, sin Banba i nglasaibh gan cóir saoirse."



"Éist det ghlagaireacht feasta is det ghleó caointe -
Tá scéal is fearra 'ná haiste i mbeól daoine,
Scéal ar leastair is ar mhartaibh i dtreó a ndíola
Is scéal ar thalamh á ghlacadh i gcómhair smísteach."


L. 72


37. IS LÉAN 'S IS DEACAIR.
Proinnsias Ó Súilleabháin cct
Ar bhás Séafra Uí Dhonnchadha an Ghleanna.



Is léan 's is deacair, is mairg is díth is 's gruaim,
'S is éacht faid mhairfid do lagaibh i gcill is i dtuath,
Is céasta cathach gach pearsa san tír seo is tuaidh
Tré Shéafra an Ghleanna bheith marbh lag sínte in uaigh.



In uaigh do fágadh árd-fhlaith congantach ceart
Ba suairce tásc ba cráibhtheach rún is reacht,
Ba stuamdha cáil ba lánmhar clú agus meas,
d'uaislibh dfhás de bhláth na Mumhan ar fad.



Ar fad san Mhumhain níl prionnsa díobh ná ceap
Ná i ngach cúige de dhúthchas Ír is Airt
Nách as do bhrúcht an chnú so 'e shíolrach Chais
Dá maithibh siúd i ngach dútha thíos is teas.



Theas atáid na táinte ag éigheamh go dian,
Fear na mná, an páiste, an bhéith, 's an liaigh,
An mhaith 's an táir, is an sáirfhear aosta liath
Ó Chaiseal cháidh go hárdaibh Béarra siar.



I mBéarra thiar fí chiach nimhe cléibh atáid
Tar éis na n-iarlaí is a dtighearnaí d'éag san Spáinn
Gach n-aon dá riaruigheadh san iaith puinn tar éis a mbáis
Is an méid seo i gCiarraighe dá dtriath-bhuidhin i gcré ar fán.


L. 73


Tá deire le hó-thanna móra sleachtaibh Éibhir,
'S is mar sin dá n-óthannaibh fóghanta ar feadh na hÉireann;
Ní haithnid dam beó aon Ó aca i gceannas saoghalta
A bhfuil a leanbh 'n-a dheóidh acht an tÓ so is mac do Shéafra.



Séafra Ó Donnchadha borbchú de shaor-shliocht Chais
Géag de scothaibh Mumhan, posta clúmhail réidhte ceast
Don tréad so is doilbh dúbhach 'n-a phobal dlúth féin is teas,
Is é scéal is dona annsúd a shocrughadh i gcré gan phreab.



Stadfad de chaoineadh tigheasach shleachtaibh Éibhir,
Níl neach aca puinn nár díogadh as a bpréamhaibh,
Do cailleadh lem linn a gcinn is a bhflatha saora,
Níor chealg me im chroidhe dá ndruim gur cailleadh Séafra.



Séafra Óg cómhachtach nár aosuigh puinn
Do b'éachtach córach cródha géaga is baill
Ba tréine i ngleó nó i gcómhrac géar na gcloidheamh
Cé go deó dá dheóin ná déanadh bruighean.



Ní dhéineadh bruighean 's ní bhíodh i gcogadh le cách,
Le n-a sméide ghníodh gach bruighean do choigilt i dtráth
Is ní raibh aon bhruighean 'n-a shlighe i bpobal ná i sráid
Le géilleadh 'on tsaoi gan mhoill ná stopadh a lámh.



Lámh chothuighthe do bhochtaibh is do chléir de shíor
An ráib fhoirtil seo do torcradh i gcré san gcill
Lámh oscailte ba fostathach chum déarc a dhíol
Lámh chosantach na bpoibleach ó phléidhnaibh dlighe.



I gcill do chuaidh leis uaisle is féile is meas
Líomhthacht stuamdha suairceas séimhe is searc,
Caoineas suaimhneas fuaimeant céille is ceart
Mo sceimhle cruaidh a luaithe d'éag an fhlaith.


L. 74


Flaith rabairneach ba scaipitheach i dtábhairníbh óil
Ba ceannasach 'san mbaile istigh is ba grádhmhar spórt
Ba freastalach ba hacmhaingeach is ba fáilteach scóp
Is a shamhail sin níor bh'aithnid dam le fagháil sa chóig.



'San chóig timcheall níl bíocan ná Ó ná Mac
Ná rí aca do bhí i gcion ná i gcoróinn ná i meas
Na mílidh is aoirde dfhuil Eoghain is Airt
Nách tríotha do shíolruigh an leóghan so i leac.



A leac do shroicheas, cé docharach cás dá dhruim,
Creach na bpobal is posta ba gnáth dá mbuidhin,
Flaith gan choigil gan dochma gan phlás gan phoimp
Ceart na rannaibh is caitheamh nár chás le díol.



Díol na ndámh na mbráithre is cléir na nÚrd
Díol na mbárd 'n-a láimh is éigse siubhail,
Díol gach táin 'n-a dháil do théigheadh 'n-a dhún
Do chlaoidh an bás 's is cás don tréad so adubhart.



An tréad so adubhart is cumhang 's is ceasnach táid
Is gach aon acht scrúille dúr nó bathlach gan áird,
Is déarach súil gach crú de dheascaibh a bháis
Insa taobh so 'en chúig le cumhadh do thaithigh a cháil.



A cháile maithe ó's feasach do Dhia na naoimh
Gan cáirde caithidh-se a anam gan pianadh puinn
Go háitreabh fairsing na bhFlaitheas cé diachair linn
Go dtrásta ag taisteal, go bhfanadh le liaithe in aois.



In a óige cómhalladh an biadhtach umhall
I gcómhrainn fé chóir-lic, a Dhia na ndúl,
Órduigh an ghlóire dá dhian-spirid siúd
'S is mór bhias an chómhursa dá iarraidh liúm.


L. 75


Liúm is dainid dá aithris 'san tír mar éacht
Cunntas maise na flaithe seo chlaoidh an t-éag;
Im shiubhal ní fheaca-sa pearsa ba líomhtha béal
'Ná an chrú so chanaim im rannaibh do líon mé 'e léan.



Is doilbh liúm é mar scéal dá chanadh 'san tuath
Posta cúil réidhtigh géibheann teas agus tuaidh
Borb-chrú shaogain, phoénix Fleasca agus Lua,
An sona-chú séimh, Séafra, i dtaisce 'san uaigh!



38. IS MÓR-ÉACHT IS BRÓN ÉIGSE.
B 1760c 18L
U Conchubhar Ó Ríoghbhardáin
Conchubhar Ó Ríoghbhardáin cct.
Ar bhás Phroinnséis Mic Diarmuda Mic Domhnaill Mic
Fhinghín Chaoil Uí Shúilleabháin - tuairim na bliadhna 1760.



Is mór-éacht is brón éigse is ughdar árd
Is ló léin sa chóig é 'nar shiubhail a thásc
Geóin éighte i mbeól béith agus triúch a bhás
An treón tréitheach Próinnséas Ó Súilleabháin.


L. 79


B 1754 18L
U Sean-Mhícheál Ó Longáin
39. AR BHÁS MHUIRCHEARTAIGH ÓIG UÍ SHÚILLEABHÁIN I
mBÉARRA, A.D. 1754.
Sean-Mhícheál Ó Longáin cct.



Is doilg liom shaoithe de phrímh-sliocht Ghaedhil Ghlais
Ag bodaigh an fhill gach laoi dá dtraochadh
Níor goineadh mo chroidhe tré oidhe na n-éarlamh
Gur crochadh go fíor an laoích ó Bhéarra.



Borb-fhear groidhe agus taoiseach tréanmhar
Do foilceadh go fíor den rí-fhuil Éibhir,
Cobhair na dtíortha is díon na cléire
Do bhronnadh an fíon is cíos don éigse.



Is follus go mbíodh go haoibhinn féastach
Scotha na tíre is draoithe géara,
Dronga ríogan is buidhean na saor-chrot,
I gcothrom bhríoghmhar síor it aolbhrog.



Molaim do ghníomh 'san nídh seo dhaor thu
I dtoirchim choimhthigh do shín in Éirinn,
Loscadh agus díbirt is claoidhe do ghaolta
Do b'fhollus chum díoghaltais nimhe do dhéanamh.



Is dochar 's is scíth liom caoidhe do chéile
Gan sosadh ó oidhche an sceimhle chréachtaigh,
Srotha gan dísceadh gan mhoill do dhéaraibh
Ó n-a rosca righne ríoghdha réilte.


L. 80


Inghean an athar fuair barra ón éigse
Ar charthannacht ar rabairneacht 's ar fhéile,
Nur ghnáth 'n-a halla gheal carrbhus caorsach
Ag maithibh Mumhan 's gach drong dem chéird-se.



Is danaid le Cúige Mumhan le chéile
Nár ghlacais do long ar thúrnadh an sméirle
Taisteal anonn go cúirt na Séarlas
Is a mbrostughadh chughainn chum búr do thraochadh.



An tan do rugadh an curadh so tréith-lag
Do rad Jupiter cumas dó is tréine,
Buadh agus calmacht gaisce ler shaothruigh
Greann is buidheachas Laoisigh laochda.



Tug Bhenus searc dó is maise scéimhe,
Tug Ceres tar ais rath dá shaoghaltacht,
Tug na muses flúirseacht léighinn dó
Tug síor-scrúdadh na n-ughdar aosta.



Tug Mercuri do scoth gach bréithre
Tug Bacchus cóir dó ar ól gach téa-cup,
Tug Bhulcan cloidheamh dó, píce is éide,
Tug ciall go bhfallsa in am an éigin.



Tug Neptunas long dó gléasta
Tug Apollo ghlic a chruit mar shéad dó,
Do thúrnadh go ceannsa gach dream faolchon
Is gér sámh do chodladh, na hothair ba céasta.



Níor chás a mheas ar dhath na spéire
Is gur imthigh a teas le seal ó Phoebus,
Ar Lúna ghnáith faoi cháim ag éiclips
Go raibh 'n-ár gcómhair an tórmach taomach.


L. 81


Do mheath na beacha a meala céarach,
Níor fhan rath ar threabh ná ar chraobhchaibh,
Ní thugaid na ba leó a lacht ná an tréada
Ó gearradh le hÁtrops snáth a shaogail.



Iar gclos a tháisc do Ghráinne dhéidgheal
Do ghoil sí go fíochmhar déarach,
Do ghoil Áine ón árdchnoc aerach
Is do ghoil Aoibheall chaoin ón Léith-chraig.



Do ghoil go huasal uaibhreach léanmhar,
Mis inghean Dáire bán 's a béithe,
Do ghoil sí go caointeach céasta
Is do bhagair díoghaltas ar bhuidhin an Bhéarla.



Gaiscidheach i ngleacaidheacht mar Chaesar,
Fear cloidhimh mar mhac ríogh na Trae thoir,
Flaith chaoin na n-each ringceach léimreach,
Do measfaoi mar leacaoi do Hélen.



Mars fíochmhar ameasc naimhde i gcéadail,
Fear groidhe de ghlan-fhíodh na hÉireann,
Gas díreach fada aoibhinn aerach
Do daltuigheadh ar fhaithchíbh na Féinne.



Mac Mílidh maith-líonta 'e dhaonnacht,
Do beathuigheadh ar hallaíbh go scléipeach;
Slat righin do smachtuigheadh na méirligh,
's is creach tíre lag-bhrígheach i gcré thu.



Is iomdha deóraidhe diadha déarach,
Flaith is triath fá chiach it dhéidh-se,
Ó Inis Bó Finne go himeall Bhinn Éadair
Is ó Chluain Stacáin go Baoi Bhéarra.


L. 82


Bráthair Mogha fuair a roghlach d'Éirinn
Tug sparainn iomdha do Chonn na nCéadchath;
Bráthair Eógain Mhóir na mbéimeann,
Do threascradh lag sa mhaigh Mháigh Léana.



Bráthair Fhinghín mhór-ghroidhe éachtaigh
Is Fháilbhe Flann de namhaid bhain géille
Bráthair ghar Gaedhil Ghlais is a ghéaga
Is Cheallacháin Chaisil na ndanar do léir-scrios.



Bráthair Eochadh do bhronnadh séada,
Is Eóghain Ruaidh ghasta cheapadh dréachta;
Bráthair Dhomhnaill Chróin na mbéimeann
Is Dhomhnaill Chaim Dhún Baoi na gcaol-bharc.



Mo pheannaid mo phudhair mo chumha mo léan-sa
Nár mhaireadar súd 's a dtrúip le chéile
Ar ndul na ngall le feall 'ot éileamh
Ní fhillfeadh neach tar ais le scéalaibh.



Bráthair na gCárrthach so féin tu
Is Uí Dhonnchadha an Ghleanna do raideadh na séada
Uí Dhonnchadha an Rois is Locha Léin ghil
Is Uí Dhonnabháin Chairbre chalma chéimigh.



Níl iarla ná tighearna in Éirinn
Flaith ná taoiseach buidheanmhar béasach
I gcuim ná i gceannas de chlannaibh Mhilésius
Gan a gcuid fola 'n-a srothaibh it fhéithibh.



Atá Sionna na sreabh gan bhreac gan éigne,
d'imthigh i ndísc an Laoi is an Fhéile;
Níor fhan deóir san mBóinn gan scéith amach
Is ní leanann an tSiúir dá cúrsa in éanchor.


L. 83


Tá Muisire Mór ag fógairt éislinn
Tá an tSeithe is an Óin fá cheó gach lae againn
Tá Ros Mac Eoghain na slógach bhféastach
Fé thuirse scólta bróin is baogail.



Is mór an aithis is an masladh do Thetis
Tug duit caladh-bhrog chalaith na gcaol-bharc,
Nár thóg anfadh bhascathach bhaoghlach
Do bhádhfadh iad is an spiaire in éinfheacht.



Mallacht an Athar do dhealbhuigh spéartha,
Mallacht an Mhic 'san Spirid Naomhtha,
Mallacht na nÚrd go dlúth le chéile
Ag damaint Thaidhg tug aghaidh na bpléar ort!



Creach do charad tu marbh ag daolaibh,
Creach na leanbh gan beatha gan éadach,
Creach na n-anbhfann ndealbh gan bhéile
Is creach na mbaintreabhach anacrach éigneach.



Creach na hEagailse gheanmnach naomhtha,
Creach na bhflatha gan fearann gan spré cnuic,
Creach gan dearmad aicme na dtéad thu
Is creach dhoimhinn dhaingean dom shamhail-se féin tu.



Míle ceart is a seacht de chéadtaibh
A ceathair de bhliadhnaibh 'n-a dhiaidh is aon L
Ó theacht Mhic Muire le cumann dár saoradh
Go tuitim an leóghain le cóib an Bhéarla.


L. 84


B 1892 19D
U Ón chaint bheo sa Mhumhain
40. MARBHNADH DHOMHNAILL UÍ CHONAILL
.i. Gíomanach Mhuircheartaigh Óig Uí Shúilleabháin, Ó Súilleabháin
Béarra. Domhnall féin do cheap, an oidhche sul ar crochadh é féin agus
Seán Ó Súilleabháin, i gCorcaigh. Ó Uíbh Ráthach do b'eadh Domhnall
? ón ndútha san idir Cheann Bólus agus Gleann Carrthaigh; Béarrach
do b'eadh a chomrádaidhe. An 27 lá de Lughnasa, 1754, do crochadh
iad; an 4 lá de Mhí na Bealltaine, 1754, do marbhuigheadh Muircheartach
Óg féin, ag gallaibh.



Mo chreach is mo chás bocht mar thánga ar an saoghal so
Nó mar chonnac riamh an lá úd do thánga go Béarra
Cé gur agam bhí an máighistir do b'fheárr a bhí in Éirinn
Tá ár n-anmna go gránna aige i láthair an Aenmhic.



A Dhia mhór atá láidir iarraim grása agus cabhair ort
Tá an chroch rómhainn amáireach is gan fán ar an mbollta
Beidh na sealáin dár bhfáscadh is na táinte dár mbodhradh
Is guidheam Dia leat, a mháighistir, cé gur fhágais 'n-a bpodhar sinn.



A Mhuirtí, a rí-mháighistir, is truagh an cás tú bheith ró-lag -
Do cheann geal ót chorp áluinn is é anáirde mar "sheó" aca,
Do chonnac-sa féin lá thu is do chloidheamh sáithte chum cómhraic,
Is go ndéanfá-sa beárna tré ghárdaí Rí Seóirse!



Do shiubhlas an Mhumhain leat is na cúigí mór-dtimcheall
Go harm an Phrionnsa is me ag iomchar do chloidhimh leat,
Seán Puxley dfhág dubhach sinn fé shlabhraí na daoirse
I gCorcaigh fé lúbaibh is gan súil le n-ár scaoileadh.


L. 85


I bParis thugais bárr leat, sa Spáinn fuairis title
Thug baintighearna an Chláir duit culaidh lása ar fheidhme;
It chaptaein do thárlais ar ghárdaibh na Fraingce,
Acht go hÉirinn níorbh fholáir duit teacht spás chum ár gcaillte.



Is mó baintighearna mhúinte, is ní hiongna dubhach cráidhte iad,
Do bhí ag scríobh chughat-sa breith chughat as an áit seo;
Dá dtabharthá do long leat - acht ní thabharfá le rádh é,
Ná mar náir thabhairt dot dhútha chum gur rúscadh le lámhach tu.



A mháighistir na n-árann ba thruagh leat-sa mise
Le slabhraí ar mo lámha agam is glas trom ar mo chuislinn,
Madraí na sráide 'om cháibleadh ar fuaid ghutaigh
Ag ciorrbhadh ar gach speara dhíom is ag búithrigh le mustar.



Dá mbéinn-se in Uíbh Ráthach ní bhéadh fán ar mo chómhgas
Do bhéadh sagairt is bráithre ag léigheamh páise ar mo chómhrainn,
Is mó ógánach mear sásta ó Ghleann Cárrthaigh go Bólus
Gur truagh leó ar lár me is gan fagháil ar bheith beó agam.



A Chiarraighigh bídh ag guidhe linn - is bog binn linn bhur nglórtha -
Mo bheannacht libh choidhche is ná feicfar ann beó me,
Mar beidh ár dtrí gcinn ar thrí spící mar "sheó" aca
Tré shneachta na hoidhche is gach sín eile 'á ngeobhaidh leis.



A dhearbhráthair na n-árann ná fág me go hAoine
Chum go gcuirfar chum báis me is go ndéanfá me a chaoineadh,
Gheóbhair ór buidhe is pláta is a bhfuil d'éadach breágh im thimcheall
Cuir i gcómhrainn chinn chláir go breágh suidhte im luighe me.


L. 86


Tháine an ministir seo chughainn-na is a chlócaí go talamh air
Agus hata trí gcúinne air, ag súil le n-ár n-anmna;
Do léimeas go hárd 's leigeas mo lámh ar gach speara dhe -
Is a Dhia mhór atá láidir beir amáireach ár n-anam leat!



Mo chreach is mo léan bocht gan scéala agem mhuinntir
Me bheith daortha ar an gcóf so 's gan beó agam acht go hAoine;
Do dhéanfaidís cómhra is bhéadh tórramh breágh im thimcheall,
Siúd críoch ar shaoghal Dhomhnaill is go deó bídh ag guidhe leis.



41. TRÍM AISLING DAM.
B 1900c 19
U Ón chaint bheo sa Mhumhain
Amhrán ag file éigin, ar óigbhean de mhuinntir Shúilleabháin, a
chómhnuigh ag Bun an Éin, láimh le Cill Garbhán, agus do dheallróghadh
an scéal gur dhuine í de chloinn Dhiarmuda Mhic Dhomhnaill Mhic
Fhinghín Chaoil.



Trím aisling dam ar leaba chluthair sheasair bhuig im aonar
Im luighe síos suim bhíos támhach gan bhrón,
'Seadh dhearcas-sa ag teacht im ghoire an ainnir mhiochair mhaordha
'N-a ghnaoi bhí a braoithe mar bhán-tsneachta ar nóin;
Do b'fhada tiugh a cama-folt ag teacht go troigh le chéile
'N-a mbeartaibh dluighte daithte snaimthe casta fighte néata,
A mala shnoidhte ar a haighthe is gile is - mar chuireann cléirigh,
Dá scríobh síos le druim pinn ar phárchment dóibh.


L. 87


A bealta milis ba theanga-bhinne 'ná cantain guth na n-éanlaith
A pípín mar mhín-eala ag snámh le scóip
'N-a pearsain deis ba chailce cruth bhí a mama gile néata
Do chríochnuigheadh na mílte ag an stáid-bhroingeal mhódhmhail.
Um an dtaca san gur dhearcas-sa in aice liom an réiltean
Do phreabas-sa go tapaidh is níor theagmhuigh liom acht gaoth dhi,
Im aigne bhí atuirse is ní fheadar cad do dhéanfainn
Gur smaoinígheas na trí ríoghachta a thrácht 'n-a deoidh.



Ar maidin, sin chum reatha mise treasna cnoc is sléibhte
Is gach slighe tríd an mín-tír im fhánaidhe gan treó;
Ar feadh seachtmhaine do stadainn-se i ngach baile puirt in Éirinn
Is ní innsínn do phuínn daoine fáth mo bhróin.
Ag amharc ar gach ainnir-bhean a hamhail siúd níor léir dam
'N-a pearsain deis, 'n-a maise cruth, 'n-a labharthaibh, 'n-a tréithibh,
Gur casadh me trím aistearaibh 'sa bhaile ag Bun an Éin ghlais
Mar ar críochnuigheadh linn í fhagháil 'n-a hóigh.



Ní hag bladar libh do chanaim-se - an barra rug ó Bhénus
Is ón rí-mhnaoi do chlaoidh Naois is táinte eile i ngleo;
Is ón eala dheas dá ngairmid mar ainm uirthi Hélen
De dhruim grinn 'n-a luing bhí ag Páris ar bórd;
Gur leanadar mar aithristear an ana-bhile Gréagach
Dá dheascaibh sin gur lasadar i mbarra-theine an Trae thoir,
Is i gcathaibh cnuic le hAicilles gur cailleadh Hector tréan ann -
Is an rí Príam gan mhoill bhí ina dheáidh gan treóir.


L. 88


Is breágh tharraingeann an ainnir sin le barra a croibh ar dhaor-bhrat
Gach nídh síos a chíonn sí i ndeállramh is i gcló,
Seannaigh, puic, is i mbarra tuinne bairc is loingeas gléasta,
Le hintlíocht, a gcrainn aoird, a gcáiblí is a róip;
Marcaigh ar a gcapallaibh go meanmnach ag léimrigh,
An bhanaltra is a leanbh is a fear amuigh ag cré-chur,
An reachtaire i bhfara a chnuic, is cearca ag piocadh déise,
Is an míol muighe ar an mín-tír is táinte ina dheóidh.



Ar na brataibh sin bíonn tarraingthe na beacha aici is a saothar,
An rí agus an t-ímpire i ndeállramh fí chróinn;
An leathan-mhuir go feargach, an abhainn is a héisc innti
An faoilínn ar mhín-linn ag snámh, is an rón;
An t-arm so na Sacsan toir in ár bhfearannaibh go gléasta,
An gearra-bhroc 'dir charraigibh, cat is luch is faolchoin,
Ar chrannaibh coille barra-ghlaise gach samhail uile éanlaith
Go fír-bhinn mar innsím i ráidhtibh mo sceoil.



Is breágh tharraingeann an eaglais is an t-aifreann dá léigheamh ann
Ag an mbuidhin bhí ó dhlighe Mhaois ag trácht 'n-a dheóidh;
Galla-phuic in Aiceron is a lasraí dá séideadh
Cé síoch bhíd i síodaíbh nó i mbán-bhrataibh sróill;
Na haingil is na haspoil is a nAthair milis naomhtha, -
Na flaithis do ár n-anmnaibh a Athair ghil go réidhidh Tú,
Go maithir dam gach peaca is coir do theagmhuigh liom a dhéanamh
Ó aosuigheas óm thrí mhí is me im páiste beag óg.



Ar thaistealas trím aistear dam, is a bhfeaca-sa den réilteann
Is me im luighe síos 'seadh smaoinigheas gabháil lem stór


L. 89


Is me 'om chailleamhaint ag dartaibh nimhe chaitheadh Cupid caoch
liom
Is ná hinnsínn dom lín tighe fáth mo bhróin;
Gur sladadh as mo sheasamh me aganfhios do mo ghaoltaibh
Is dfheasaras den ainnir suilt an nglacfadh me mar chéile
Gur labhair liom go banamhail "Ná tair, a dhuine, i ngaor dam,
An ar baois bhís tan smaoinís go ngrádhfainn do shórt?"



Stadfad-sa dem rannaibh suilt is a hainm anois déarfad
Is í brídeach na rinn-rosc d'árd-fhuil Eoghain
An ainnir mhilis bhanamhail dfhuil Eachaidh agus Éibhir
Dfhíor-chlanna Mhíleadh do bfheárr insa chóig;
Ina ballaibh bhí fuil Charrathach, fuil Bharraigh agus
Néilligh,
Is na flatha cirt dob fhairsinge is do bfhearra i rith na
hÉireann,
Is gur faraire mear meanmnach go mbeidh talamh aige is tréada
Do ghuidhim-se bheith snaímthe le bláth na n-ógh.



42. TRÁTHNÓINÍN DÉIDHEANACH.



Tráthnóinín déidheanach i gcéin cois leasa dham
Ag déanamh machtnaimh ar an saogal mbocht
Is eadh dhearcas lem thaobh an spéir-bhean mhaiseamhail
Do b'aeraighe lasadh a cruth 'n-a scéimh gan locht;
Ba bhachallach a cúilín dlúth-mhín daithte tiugh
Go búclaigheach barra-chas go féar gach folt,
Is ba mheanmnach a súil chruinn úr-ghrinn gheanamhail
Mar dhrúcht na seamar is ba néata a crot.


L. 90


Ar amharcadh na béithe do chlaochluigh mh'aigne
Is dúbhart gurbh fhada liom a scéal gan clos,
Le heagla nárbh aon bhean tsaoghalta í theagmhuigh liom
Is gur bhaoghal dam ainbhfios dá dtéighinn tar a toil
"A ainnir mhilis bhúch mhín chiúin chaoin charadach
Iontaoibh mh'anma ort is ná bí docht,
Aithris dúinn cad í an chúige as gur thaistealais
Chughainn cár ghabhais nó cadé do thoisc!"



"An tusa agam Vénus, baindé le n-ar cailleadh Mars
Do chéas gach seabhac nár ghéill dá toil,
Nó Diana do thraoch Actéon 'san achrann
Idir chraobhchaibh garbh-choille saor mar phoc?
An tú Pallas na scéimhe do thréig an t-aismearlach
Is an t-ubhall mar a phléidh gur léig 'n-a crobh
Nó an ainnir mhilis thréanmhar do thraoch na fearchoin
Is an Trae 'n-a lasarach go léir gur loisc?"



"Ní héinne mési den mhéid sin chanais-se
A shéimh-fhir cheannasaigh, acht Éire bhocht -
'Sé fí ndeara dham féin 's dom chéile bheith ar mearathall
Na sméirligh mhalluighthe in aghaidh an lae dár lot;
Ní hiongnadh dom múirnín bheith dúbh-chroidheach atuirseach;
Na búir seo do cheangail dinn nár réidhigh riamh col,
Acht ceartuigh ort, a rún-chroidhe, do sciúirsí calma,
Bhéarfam tamall linn gan éinne 'ár gclos.



Tiocfaidh an Franncach le scannradh na maidne ortha
Cé teann a mheasaid siad gan géilleadh dho,
Beidh trúp na ngall as an mball so scaipithe
Agus teampuill bheannuighthe ag cléir gan chosc;
Beidh an Spáinneach fíochmhar is a mhílte seabhac mear
Ag scaoileadh glaiseanna na nGaedhal cé docht;
Is mithid dár Stíobhart suidhe 'n-a bhailtibh puirt
I gcríochaibh Banban cé daor é a dtoisc.


L. 91


Is ar mo ghabháil suas go huachtar na Gulban
'Seadh chuala an fhinne-bhean go síoch breágh ag labhairt
Dom shíor-chur in uachtar in uaim le friotalaibh
Is ag déanamh grinnis dam ar chríocha an domhain.
Bhí lán-chuid cuanta muara is loingeas ann
Fí mhuarán fuireann ins gach ball go ngabhann,
Sin agat Stíobhart uasal thuas 'n-a Gheneral
Do bhuaidhfidh an cluiche is do bhrisfidh dlighthe gall.



Aisling bhréagach aréir do deineadh dam
Go mbeadh Éire anois againn gan pinginn den chíos
Is Sasanaigh go céasta gan té gan punch aca
Gan piléar 'n-a ngunna ná loingeas ar linn;
Mar bharra ar a bpéin gach méith-mhart saille aca
Daor, agus ní misde liom, in Ifreann tíos,
Clanna bocht Gaedhal i ngaorthaíbh cluthara
Ag bréagadh broingeal fí dhuilleabhar gach crainn.




Rann bhreise ar an méid sinn, agus is dócha gur níos déidheanaighe
do cumadh:



Tá Bóna tar tuinn chughainn go fíochmhar feargach
Is íocfaid as dearmad an scéil go docht
Treascarfar gach smíste fill den aicme seo
Do dhíol na haitheanta ar lón dá gcorp;
Beidh an gasra ríoghda gan mhoill i mBanbain
An bhuidhean le fada tá go taodach bocht,
Sin againn-na ár Stíobhart go buidheanmhar bagarthach
Le díoghaltas danardha ar sméirlí, is lot.


L. 92


43. TÁ FÓGHMHAR NA BLIADHNA SO
Diarmuid Ó Súilleabháin cct.



Tá fóghmhar na bliadhna so ag iadhadh na mban n-óg
Agus fórsaí ró-dhiana dá gciapadh tar fóir
Cé mórtasach iad is gur ciallmhar dar leó,
Ar a sórt ní bhíonn iarraidh gan an riabhach 's an chrón.



Freagra air-sean:
A stóraigh 's a chiallaigh, glac cliamhain den fhuil chóir
Bheidh leóghanda mear mianda agus ciallmhar dar ndóigh,
Ar óg-chapall iallaite is sians-spuir ar seol
Is nár mhó aige dhá chiarsigh ná an riabhach 's an chrón.



Gabha na hÁite cct
Ag freagairt na beirte sin:
Táim breóidhte glan ciapaithe ag fiadh-theine mhóir
'Om scóladh is 'om chiachadh is ná féadaim éalódh
Acht 'om dhóghadh ar feadh na bliadhna is an t-iarann im dhóid
'S is mó dham mar thighearnas ná an riabhach 's an chrón.


L. 93


44. MOLADH NA nGLEANNTA.



Tá gleanntáinín aoibhinn idir Laoi theas is Banndain
Do rug sé bárr aoibhnis ó choilltibh na mball so
Gheobhthaidhe adhmad i gcómhair tighe ann dá aoirde bheadh ceann air
Idir lata agus bíoma bheadh fuighlach i gcrann de.



Tá gleann ag an Major 's is féidir é a mholadh
Na tighthe go breágh gléigeal déanta d'aol is de chlochaibh,
An neóinín go craorac is féar suas go glúinibh
Is ceól binn ag éanaibh gach aon mhaidean drúchta.



Tá gleann i Mochromtha is níor labhramair fós air
Bíonn na hÚird ann Dé Domhnaigh, is foghluim ón Róimh ann
Bíonn an breac geal ar scout ann, an seabhac is an smólach
Is an míol muighe cois abhann ann le fonn um thráthnóna.



Ní bheadh caora maidean drúchta gan cúpla bheith taobh léi
Ná bó maidean tsamhraidh gan gamhain aici féinidh,
Ná ubhall fhiadhain gan ubhla ná chárthann gan caora
Searrach ag an láir ann 's í ag tál air go héasca.



Tá gleann in Uíbh Laoghaire - Gúgán Naomhtha an aoibhnis
Bíonn na haingil go léir ann is Barra Naomhtha dá gcoimhdeacht
Crann fuinseann go hárd réidh glan ag fás taobh le loch draoidheachta
Agus éinne go mbíonn péin air faghainn faesiomh ó Íosa ann.


L. 94


Bíonn an ghealach, bíonn an ghrian ann, bíonn Dia ann 's a Mháthair
Bíonn an dá aspol déag ann ag riaradh na Páise,
Bíonn na haingil 'n-a ndiaidh ann 's is géar a bhíonn gábha leó
Is bíonn trócaire ó Dhia ann má iarram go láidir.



Tá gleann Bhaile Bhúirne 's is cumhra é 'ná aon díobh,
Bíd na filí go flúirseach 's na hughdair go léir ann;
Tá Gobnait chlúmhail, plúr na mban-naomh ann
Tá grás Ríogh na ndúl ann, lúth, neart is léigeantacht.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services