Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Annála Rioghachta Éireann I-II
Title
Annála Rioghachta Éireann I-II
Author(s)
Buíon Údar,
Compiler/Editor
O'Donovan, John
Composition Date
1636
Publisher
(B.Á.C.: Hodges Smith and Co., l856)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aois domhain gus an mbliadhoinsi na dileand, da mhile da chéad da fichet agus da bhliadhoin. Ceathracha la ria ndilinn tainig caogaid Ceasoir go hEirinn, go ccaogaid ninghen, agus go ttriar bfer, Bioth, Ladhra, agus Fiontoin a nanmanna. Adbath Ladhra i nArd Ladhrann, agus as uadh ainmnighther. Ba heisidhe cedna marbh Erionn. Atbath Bioth i Slebh Betha, co ro hadhnacht i cCarn Slebhe Betha, conadh uadh
raitior in sliabh. Atbath Ceasoir i cCuil Cesra hi cCondachtaibh, go ro hadhnacht hi cCarn Cesra. Is ó Fiontoin tra Feart Fiontoin os Loch Deirgdeirc. O Dilind go ro gabh Parthalon Ere 278, agus aois domhain an tan do riacht inte, 2520. Aois domhain an tan tainig Parthalon i nErinn, dá mile cuicc céd agus fiche bliadhoin. Atiad na toisigh badar lais, Slainge, Laighlinne agus Rudhruidhe, a trí meic, Dealccnat, Nerbha, Ciocbha, agus Cerbnad a ccetheora mna. Aois domhain, da mile cuig céd fiche a secht. Fea mac Torton, mic Srú do ég an bliadhoinsi hi Muigh Fea, agus ro hadhnacht i nDolroibh Moighe Fea, conadh uadha ainmnighthear an magh. Aois domhain, da mile cuicc céd triocha. Is an mbliadhainse ro cuiredh in ched cath i nErinn .i. Cioccal Grigencosach, mac Guill, mic Gairbh dFomorchuibh, agus a mhathair tangator i nErinn, ocht cced a líon, go ro cuiredh cath
etorra hi Slemhnoibh Muighe hIthe go ro mebhoidh for na Fomoruibh ria bParthalon, go ro marbhhaid uile, conadh e cath Muighe hIthe innsin. Aois domhoin, dá míle cúicc ced triocha adhó. Tomaidhm Locha Con, agus Locha Techeat isin mbliadhainsi. Aois domhoin, da mile cuicc céad triocha atrí. Slainghe mac Partholain d'ecc isin mbliadhainsi, agus ro hadhnacht hi ccarn Slebhe Slangha. Tomaidhm Locha Mesc bheos isin bliadhain chedna. Aois domhoin, da mhile cuig céd tricha a cúig. Laighlinde mac Parthalóin deg isan mbliadhainsi. An tan ro clas a fert as ann ro mebhaidh Loch Laighlinne i nUíbh Mac Uais, conadh uadha ainmnighther. Tomaidhm Locha hEachtra beos. Aois domhoin, dá míle cuig céd cethracha a cuig. Rudhruidhe mac Parthaloin do bathadh i Loch Rudhruidhe, iar ttomaidm in locha tairis, conadh uadha raiter Loch Rudhruighe. Aois domhoin, dá mhíle cúig ced cethracha asé. Murtola Brena fo tír isin mbliadhainsi, conadh é an sechtmadh loch tomaidhm ro mebaidh i naimsir Parthaláin, agus as dosidhe as ainm Loch Cuan. Aois domhain, da mile cuig céd caoga. Parthalon décc for Senmoigh elta Eadair isin mbliadhoinsi. A naimsir gabhala Parthaloin Ro slechtoit na muighesi: acht na ma ni fes caite bliadhna áiridhe in ro slechtoid. Magh
nEitrighe, la Connochta, Magh nIthe, la Laighniu; Mag Líí, la hUibh Mac Uais Bregh; Magh Latharna, la Dál nAruidhe. Aois domhoin, da mile ocht cced fiche bliadhan. Naoi Mile do ecc fri haoinsechtmain do muinter Parthaloin for shenmhaigh ealta Eadoir .i. cúig Míle dferoibh, agus ceithre míle do mnáibh. Conadh de sin ata Taimhleacht muintere Parthalain. Trí ced bliadhain ro caithsiot i nErinn. Ere fas triochat bliadhain go ttainicc Neimhidh. Aois domhoin, da mile ocht cced caocca. Neimhidh do techt in nErinn. Is an dara lá décc iar ttecht do Neimhidh co na mhuintir atbath Macha ben Neimhidh. Atiad annso na cethra hairigh batar lais, Sdarn, Iarbhainel Faidh, Fearghus Leithdert, agus Aindind. Ceithre meic Neimhidh iadsidhe. Medu, Macha, Yba, agus Cera, cetheora mná na naireachsin. Aois domhoin, dá míle ocht cced caoga anaoi. Isin mbliadhoinsi ro mebhaidh Loch nDairbrech agus Loch nAinnind hi Midhe. Atiatt annso na Ratha ro toccbadh, na moighe ro slechtadh, agus na locha ro tomaidhmsat ind aimsir Nemhidh, gen go bfoghthor bliadhna sainredhacha forra. Rath Cind ech i nUibh Niallain; Rath Ciombaoith hi Seimhne, Magh Cera,
Magh nEabha, Magh Chuile toladh, agus Magh Luirg hi cCondachtoibh; Magh tochair i tTir Eogain; Leagmagh i Mumhain; Magh mBrensa i Laighnibh; Magh Lughadh i nUibh Tuirtre; Magh Seredh hi tTethba; Magh Semhne i nDal Aruidhe; Magh Muirthemne i cConaille; agus Magh Macha lá hAirghiallaibh; Loch Cal i nUibh Nialláin, agus Loch Muinremhoir hi Luighnibh hi Slebh Guaire. Cath Murbuilg i nDál Riada; Cath Boghna, agus cath Cnamrossa, for Fomoiribh. Ro bris Nemhidh iadsidhe. Atbath Nemhidh iaromh do thamh i ccrich Liatháin i Mumhain trí mile mar aon ris ind oilen Arda Nemhedh. Aois domhain, trí mhile sescot asé. Toghail, tuir Conainn isin mbliadhainsi la síol Neimhidh for Conainn mac Faobhair, agus for Fomoribh ar chena a ndioghail gach dochraide da ttardsat forra, amhail as follus isin croinic da ngoirther
Leabhar Gabhala, agus as suaill nach torchrator comhthuitim díbhlinibh gen mo tád na trí deichneabhoir téarnator do chlaind Nemhidh fo airdibh in domhain go rangator Erinn iar ttrioll ina bFeraibh Bolcc. Sé bliadhna decc da ced ro chaith Neimhidh co na shíol ind Erinn. Ere fás iarsin re dá ched bliadhain. Aois domhain, trí mhile da ched sesccat ase sic. Fir Bolcc do gabhail Eirionn a bfoirchend na bliadhna so. Slainge, Gand, Genann, Seangann, agus Rudhruighe a ccóig toisigh. Cuig meic Deala mic Loich iadsomh. Ro ríoghsat an cethror oile agus Fir Bolcc ar chena Slainge uaistibh.
Aois domhain, tri míle dá céd seasccat a seacht. Slainghe mac Deala do beith i ríghe Erionn frí aoinbhliadhna, agus a écc i foircenn na bliadhna sin i nDionn Rígh for bru Berbha. Aois domhoin, trí mhile da céd seasccat a hocht. Rudhruidhe mac Deala do gabhail ríghe nErand. An chéd bhliadhain dia righe innsin. Aois domhain, trí míle dá céd seascat anaoi. An dara bliadhoin do righe Rudhruidhe, agus a écc i bhfoircionn na bliadhna so. Aois domhain, tri mile da céd sechtmoghat. An céd bhliadhain do righe Gainn agus Geanainn os Erinn innsin. Aois domhain, tri mile da céd sechtmoghat a trí. An cethramhadh bliadhain do Gann agus do Geanann, agus a nécc do tamh a bfoircend na bliadhna so hi ccrích Liathain co ffichit céd ar aon riú. Aois domhoin, tri mile da céd sechtmoghat a cethair. An céd bhliadhain do righe Shengaind innsin. Aois domhain, tri mile da ced sechtmoghat a hocht. A bfoirchend an cúicceadh bliadhain do righe Sengainn torchoir lá Fiachaidh Cennfionnán mac Stairn. Aois domhain, tri mile da ced sechtmoghat anaoi. An ced bhliadhain do righe Fiachach Cennfionnán. Aois domain sic, tri mile da ced ochtmoghat a trí. An cúicceadh bliadhain do righe Fiacha, agus a thuitim la Rionnal mac Geanoinn an bliadhainsi. Aois domhain, tri mile da ced ochtmoghat a cethair. An ced bhliadhain do righe Rionnail mic Geanoinn for Erinn. Aois domhain, tri mile da ced ochtmoghat anaoi. Iar bforbadh an seiseadh bliadhain do Rionnál is an righe, torchoir la Foidhbhgen mac Senghainn. Aois domhain, tri mile da ced nochat. An ched bhliadhain do righe Foidhbhgen. Aois domhain, tri mile da ced nochat atrí. A bfoircenn an cethramhadh bliadhain do righe Foidhbhgen do rochair la hEochaidh mac Erc. Aois domhain, tri mile da ced nochat a cethair. An ced bhliadhain do righe Echdhach mic Erc indsin.
Aois domhain, tri mile tri ced atrí. An dechmadh bliadhain do righe Eachdhach mic Erc, agus as isidhe bliadhain deidhenach a fhlaithiusa, uair tangatar Tuatha De Danonn do gabhail Ereann for Feroibh Bolcc co ttardsat cath dia roile for Maigh tuiredh hi Conmaicne Chuile Toladh i cCondachtaibh, gur ro marbhadh an ri Eochaidh mac Erc lá tribh macoibh Neimhidh mic Badhrai do Tuathaibh de Danonn, Ceasarb, Luamh, agus Luachra a nanmanna. Ro díotlaithrighedh Fir Bolcc isin chath sin, agus ro ladh a nár. Ro benadh beos a lámh do Nuadhatt mac Eochdhach, mic Ettarlaimh, (don righ ro baoi for Tuathaibh De Dannann) isin cath cedna. Asé an tEochaidh remhráite Rí deidhenach Fir mBolcc. Naonbhar ro gabh righe diobh, agus seacht mbliadhna décc ar fichit fod a bflaithiusa for Erinn. Aois domhain, tri mile tri ced a cethoir. An ced bhliadhain do righe Bress mic Ealathoin for Erinn, uair do ratsat Tuatha De Danann righe do iar mbrisiodh catha Muighe tuireadh Conga, an ccein ro baoi lámh Nuadhat accá leighius. Aois domhain, tri mile tri ced a deich. An sechtmadh bliadhain do Bres ós Erinn innsin, go ro fhagoibh an righe do Nuadhat iar níoc a laimhe la Diancecht, agus Creidne cerd ag congnamh lais. Uair do ratsad laimh nairgitt fair. Aois domhain, tri mile tri ced a haoin décc. An ced bhliadhain do righe Nuadhat airgetlaimh tar eis a laimhe do thaitheamh re píosa airgaitt aithleigthedh. Aois domhain, tri mile tri ced triochat. A bfoirchend fiche bliadhain do
righe Nuadhat Argatlaimh torchair i ccath Muighe tuiredh na bFomorach la Balor mbailcbemnioch d'Fhomhoiribh.
Aois domhain tri mile tri ced, triochat a haon. An céd bhliadhain do righe Logha Lamfada uas Erinn. Aois domain sic, tri mile tri ced Sechtmoghat sic. Iars an ccethrachatmhadh bliadhain do Lugh Lamhfada hi righe nEirend do rochair lá Mac Cuill hi
cCaondruim. As i reimhes an Loghasa do rónadh aonach Taillten a bforaithmet agus i ccuimhne écca a buime, Taillte ingen Maghmóir isidhe, inghen righ Easpáine, ben Eachdach mic Eirc, rí dedhenach Fer mBolc an tEochaidh sin. Aois domain sic, tri mile tri ced sechtmoghat a haon. An ced bhliadhain do ríghe Eachdach Ollathair dár bainm an Daghda ós Erinn indsin. Aois domhain, trí míle cethre ced caoga. Iar bforbadh na bliadhna dedhenaighesi don ochtmogat bliadhan ro caith Eochaidh Ollathar i nairdrige na hErend, ro écc is an mBrugh do gaíbh cró na gona do rat Cethlend fair hi ccéd cath Maighe tuiredh. Aois domhain, tri mile cethre ced caoga a haon. An ced bhliadhain do righe Dealbaoith mic Ogma ós Erinn innsin. Aois domhain, tri mile cethre ced Sescat. Is an deachmadh bliadhain do righe Dealbhaeith torchair do laimh a mic feisin, Fiacha mac Dealbhaeith. Aois domhain, tri mile cetra ced sescat a haon. An ced bhliadhain do Fiacha mac Dealbhaeith i righe. Aois domhain, tri mile cethre cedh Seachtmoghat. A bhfoircheand an deachmadh bliadhan do righe Fiachaidh mic Dealbhaeith ós Erinn do thuit la hEógon nInbir. Aois domhain, tri mile cethre ced seachtmoghat ahaon. An ced bhliadhain
do righe na ttrí ríogh ndedhenach do Tuathaibh De Danann ro bhadar hi ccomflaithius ós Erinn, Mac Cuill, Mac Cécht, agus Mac Gréine innsin. Aois domhain, trí míle cúicc ced. Tasgur (.i. cobhlach) mac Míleth do techt i nErind a bfoirchend na bliadhna so dia gabhail ar Tuathaibh De Danann, agus ro fersat cath Slébe Mis friú isin tres laithe iar na ttecht hi ttír: ba isin cath sin do rochair Scota inghen Pharao ben Míleadh, agus ata fert Scóta eider Sléibh Mis agus muir. Do rochair and beos Fás, bean Uin, mic Uicce, dia tta Glend Faisi. Ro fersat meic Mileth iar sin cath i tTailltin fri trí ríogaibh Tuaithe De Danann, Mac Cuill, Mac Cecht, agus Mac Greine. Ro bas go cian ag cur in catha go ttorchoir Mac Cecht lá hEireamhon, Mac Cuill la hEmear, agus Mac Greine la hAimhirgin.
Torchatur tra a tteora Rioghna, Ere lá Suirge, Fotla la hEadan, agus Banba la Caicher. Ro sraoineadh an cath fa deóidh for Tuathaibh De Danann, agus ro machtait in gach maigin i ttarrustar iad. Torchratar o macoibh Mileadh do leith ele dá taoisioch airegdha ag slaighe an madhma, Fuad i Sléibh Fuaid, agus Cuailgne i Sleibh Cuailgne. Aois domhain tri Mile cúig ced a haon. As í so bliadhain in ro gabh Ereamhon agus Emhear comhflaithius os Erind, agus ro randsatt Ere ar dó etorra. As innte beos do ronadh na gniomha so síos la hEireamón agus lá hEmher co na ttaoisiochaibh. Ráth Beothaigh os Eoir i nArgatt Ros, agus Ráth Oinn i ccrich Cualann, la hEireamhón, tochar Inbhir móir, i ccrich Ua nEneachglas Cualann, lá hAimhergin, cumdach Dúine Náir i Sleibh Modhairn, la Goisten, Dún Delginnsi i ccrích Cualann la Sedgha, Dun Sobhairce i Murbholg Dal Riada lá Sobhairce, agus Dún Eadair la Suirghe. La hEreamhon co na thaoisiochaibh do ronadh innsin. Rath Uamain i Laighnibh la hEmhear. Rath Arda Suird la hEatan mac nUice, Carracc Fethaighe la hUn mac nUicce, Carracc
Blaraighe la Mantan, Dun Ardinne la Caicher, Rath Rioghbhaird i Muiriscc la Fulman. La hEmhir co na thaoisiochaibh innsin. Ro fás imriusain i foirceann na bliadhna so etir Eremhon agus Emhear im na tríbh druimnibh oirrdherca, Druim Clasaigh i cCrich Maine, Druim Bethaigh i Maonmaigh, agus Druim Finghin i Mumhain. Fertar cath etorra as allos ar brú Brí damh ag Tochar eter da magh. As frisidhe asberar cath Geisille. Meabhaidh an cath for Emhear, agus do cher and. Torchratar dna tri taoisigh airegda do mhuintir Ereamhóin isin chath cedna. Goisten, Setgha, agus Suirge a nanmanna. Gabhais Eremhon an righe iar sin. Aois domhain, trí míli cúicc ced adó. An cheid bhliadhain do righe Ereamhoin os Erinn, agus an dara bliadhain iar ttecht do macoibh Míleadh, do rann Eremhón Ere. Do rad coicceadh Uladh d'Emhear mac Ir, an Mumha do ceithre macoibh Emhir Find; coigeadh Connacht d'Un agus d'Eadan, agus coicceadh Laighen do Criomhthann Sciathbél do Domnandchoibh.
Tea, ingen Luighdheach, mic Ithe, tug Eremhón isin Espáin tar cend Odhbha, as í an Tea so conaitcestoir go hEremhon tuloigh toghaidhe ina tionsccra cecip maighean iraegbadh, gomadh innte no hadhnaicthi, agus no toccaibte a múr agus a lighe, agus go madh and no biadh gach rioghordan no geinfiodh dia síol go brath. As iad na ratha condogaib aire im a comhall di, Aimhirgin Gluingheal agus Emhear Fionn. Iseadh iaromh dho raegisi Druim Caoin .i. Teamhuir. As uaithe ráitear, agus as innte ro hadhnacht. Odhbha dna mathair Muimhne, agus Luighne, agus Laighne décc go ro hadnacht i nOdhbha. Cath Cúile Caichir, i torchair Caichear lá hAimhirgin nGlúingeal an bhliadhoinsi, agus focres a fhert isin maighin sin conadh uadha do garar Cúil Caichir. Aois domhain, tri mile cúicc ced a tri. An dara bliadhain do righe Eremhoin ós Erinn. Aimhirgin Gluingeal mac Mileadh do thuitim hi ccath Bile tinedh an bliadhainsi la hEreamhon. Tomaidhm naoi mBrosnach .i. aibhne nEle,
naoi Righe .i. aibhne Laighen, agus teora nUinsionn Ua nOiliolla isin bliadhain cedna. Aois domhain, tri mile cuicc ced a sé. An cuigeadh bliadhain do righe Eremhóin. Fulman agus Manntan do thuitim las an righ i cath Breogain i bhFemhean, agus tomaidhm na loch so in bliadhain cedna. Loch Cimbe, Loch Buadhoigh, Loch Baadh, Loch Ren, Loch Fionnmaighe, Loch Gréine, Loch Riach, Loch da Caoch i Laighnibh, agus Loch Laogh ind Ultoibh. Aois domhain, trí mhíle cúic ced a deich. An naomhadh bliadhain do righe Eremhoin do cher Un, En, agus Eadan lais i ccath Comhraire i Midhe. Tomaidhm Eithne i nUibh Néll, na teora Socc i Connachtaibh, agus Fregabhail etir Dál nAraidhe agus Dal Riada an bhliadhainsi. Aibhne iadsidhe.
Aois Domhain sic, trí mhíle cúicc ced a se décc. An cuicceadh bliadhain décc dEreamhón i righe, agus a écc a foircheann na ree sin i Ráith Beothaigh os Eóir i nArgat Ross. Aois Domhoin, trí mhíle cúicc ced a secht decc. An ced bhliadhain do Muimhne, do Luighne, agus do Laighne, clann Eremhoin i ccoimhrighe os Erinn. Aois domain, trí míle cuicc ced a naoi decc. I ffoirchenn na ttrí mbliadhan so atbath Muimhne i cCruachain, Luighne agus Laighne torchrator hi ccath Arda Ladhrann la macaibh Emhir. Er, Orba, Fearon, agus Fergen ceithre meic Emher leithbliadhain doibh. As hí a leithbliadhainsi agus leithbhliadhoin Nuadhaitt Neacht do ni bliadhain comhlán, agus as ag an righ Nuadha Neacht airimhthir í i naois domhain. Torchrator an cland sin Emhir la hIrial Fáidh, mac nEremhoin, i ccath Cuile Márta iar bforbadh na leithbhliadhna remhráite. Aois domhain, tri mile cúicc ced fiche anaoi. A bhfoirchend an dechmhadh bliadhain so Irial Fáidh mic Eremhoin hi righe, fuair bás i Maigh Muaidhe. As las an hIrial fFaidh so ro cuirit na catha so: Cath Cuile Marta, Cath Arda Inmaoith hi Teathba i ttorchair Stirne mac Duibh mic Fomhoir, cath Tenmaighe i ttorchair Eocha Eachcheann rí Fomhoire, agus cath Lochmaighe i ttorchair Lugh Roth, mac Mofemis, d'Feroibh Bolg. As i naimsir an Ireóil cedna slechtadh na magh, togbhail na ráth, agus tobhruchtadh na naibhneadh so. Atiad na maighe, Magh Sele i nUibh Néll, Magh nEle la Laighniu, Magh Rechet, Magh Sanais i Connachtaibh, Magh Techt la hUibh mac Uais, Magh Faithne la
hAirithera, Magh nDairbhrech i Fothartaibh Dairbhreach, Magh Lughna i cCiannachta, Magh nInis la hUltoibh, Magh Chúile fedha i Fernmaigh, Magh comair, Magh Midhe, Magh Cobha, Magh Cuma lá hUibh Néll, Magh Fernmhaighe la hOirghiallaibh, agus Magh Riatta. Atiad na ratha, Rath Croich i Moighinis, Rath Cuincedha i Semhne, Rath Bacain i Latharna, Rath Lochaid i nGlascharn, Rath Glaise cuilg, da ngoirthear Rath Ciombaoith ind Eamhain, Ráth Mothaigh agus Rath Buirg i Slechtmhoigh. Na haibhne, Siúir, Féil, Ercre lá Mumhain, na trí Fionna, agus na trí Coimde. Aois domhain, tri mile cúicc ced triochat. An ced bhliadhain do righe Ethrel, mac Ireoil Fáidh, os Erinn indsin. Aois domhain, tri mile cuicc ced cethrachat anaoi. An fichetmhadh bliadhain dEthrel, mac Ireoil Fáidh, mic Eremhóin i righe go ttorchair lá Conmhaol mac
Emhir i ccath Rairend. Is i remhes an Ethreoil si ro slechtaitt na maighe si, Teanmagh lá Connachtoibh, Magh Lughadh lá Luighne, Magh mBealaigh lá hUibh tTuirtre, Magh Géisille lá hUibh bFailghe, Magh Ochtair la Laighniu, Lochmagh lá Conaille, agus Magh Roth lá hUibh Eachdhach. Aois domhain, trí mhíle cúig ced caoga. An ched bhliadhain do righe Conmhaoil, mac Eimhir, os Erinn innsin. Céd rí Ereann a Mumhoin esidhe. Aois domhain, trí míle cúig céd seachtmoghat anaoi. Iar mbeith dech mbliadhna fichet do Conmaol, mac Emhir, i righe nEreann torchair i ccath Aonaigh Macha lá Tighernmus mac Follaigh. Conmaol tra as lais do cuiredh na catha so, cath Geisille, i ttorchair Palap mac Ereamhoin, cath Berre, cath Slébhe Betha la hUibh Cremhthainn, cath Ucha, cath Cnucha, cath Slebhe Modhairn i ttorchair Semroth mac Inboith, cath Clere, cath Carn móir i ttorchair Ollach, cath Locha Lein for Earna, Mairtine, agus for Modh Ruith, mac Mofebis, dFeroibh Bolg, cath Ele. Aois domhain, tri míle cúig ced ochtmoghat. An céd bhliadhain do righe Tighernmais mic Follaigh ós Erinn. Aois domhain, trí míle ced ochtmoghat a haon. An dara bliadhain do righe Tighernmais, tomaidhm na naoi loch so. Loch nUair i Midhe, Loch nIairn,
Loch Cé i Connachtaibh, Loch Saileand, Loch nAillend i cConnachtaibh, Loch Feabhail, Loch Gabhair, Dubhloch agus Loch Dabhall i nOirghiallaibh. Aois domhain, tri mile se ced caoccat a sé. As í an bliadhain si an seachtmadh bliadhain décc ar tribh fíchtibh do Tighernmas na righ os Erinn. Ar lais ro briseadh na catha so for shíol nEmhir agus for araill dErennchoibh agus deachtaircenelaibh oile cén mo tátsomh. Atiad so na catha hishin, cath Elle i torchair Rocorb, mac Gollain, cath Lochmuighe i ttorchair Dagairne mac Guill, mic Gollain, cath Cula aird i Muighinis, cath Chuile Fraochain, cath Maighe Techt, cath Commair, cath Cula Athguirt i Semhne, cath Aird Niadh hi cConnachtaibh, cath Cairn Feradhoigh i torchoir Feradach mac Rochuirb, mic Gollain, ó ráiter Carn Feradhaigh, cath Cnamhchoille hi Connachtaibh, cath Cuile feadha, cath Reabh, cath Congnaidhe i Tuaith Eabha, cath Cluana Cuas, i Teathba, cath Cluana Muirscce, i mBrefne, da cath Chuile i nArgat Ros, cath Ele, cath Berre, Seacht ccatha ag Loch Lughdhach,
da cath oili i nArgad Ros, trí catha for Fiora Bolg, cath Cuile Fobhair for Erna. As la Tigernmus bheos ro berbhadh or ar tús i nErinn, i foithribh Airthir Liffe. Uchadan cerd dFeroibh Cualainn rodus berbh. As lais ro cumhdaighit cuirn agus brethnassa dor agus dargat in nErinn ar tús. As lais tugadh ruamnadh for edoighibh, corcair, gorm, agus uaine. Ar na reimhius tobruchtadh teora ndubh aibhnedh Ereann, Fubhna, Torann, agus Callann, a nanmanna. A bfoirchend na bliadhna so atbailsiomh, to teoraibh cethramhnaibh fer nEreann ime, i mordhail Maighe Slecht, isin mBreifne, ag adhradh do Crom Croach, airdiodhal adhartha Erenn eisidhe, oidche hSamhna do hsonradh innsin. As do na sleachtanaibh do ronsat fir Erionn im Tighernmas hisuidhe ro hainmnigheadh an magh. Aois domhain, tri mile sé ced caogatt a seacht. An ced bhliadhain dErind gan righ iar tTighernmas innsin. Aois domain, tri mile sé ched sesccat a trí. An seachtmadh bliadhain indsin. Baoi Ere gan rígh frí ré na secht mbliadhan sin. Aois domhain, tri mile sé ced seasccat a cethair. An cead bhliadhain dEochaidh Eudgadhach na righ ós Erinn indsin. As aire atberar Eochaidh Eudgadhach fris ar as lais tuccadh ilbhrechtradh gacha datha i nedighibh ar tús
i nErinn deidirdeliughadh onóra gach aoin as a edach, ótha íseal go huasal. As amhlaidh din ro deligh ettorra, aendath i nedoighibh moghadh, adó i nedoighibh amhoss, a tri i nédoighibh daghlaoch agus oigtighernadh, a ceathair i nedoighibh brughadh, a cuig i nedoighibh tighearnadh tuath, a se i nedoighibh ollamhan, a secht i nedoighibh ríogh agus ríoghan. Aois domhain, tri mile se ced sesccat a seacht. An cethramhadh bliadhain dEochaidh. Hi bfoircend an cethramhadh bliadhain dia righe do rochair lá Cermna mac Ebric i ccath Teamhra. Aois domain, tri mile sé ced seasccat a hocht. An ced bhliadhain do Sobhairce agus do Cermna Fiond, dá mac Ebric, mic Emhir, mic Ir, mic Mileadh, ós Erinn, agus ro rannsat eatorra í ar dó, Sobairce tuaith i nDún Sobhairce, agus Cermna teas i nDun Cermna. Dá cédrígh Ereann do Sliocht Ir iadsidhe. Aois domhain, tri míle seacht cced a seacht. Ar mbeith cethrachat bliadhain do na rioghaibh si a ccomhfhlaithius os Erinn, do chear Sobairce la hEochaidh Meand dFomoiribh, agus do rochair Cermna la hEochaidh bFaobharglas mac Conmhaoil. Aois domhain, tri mile seacht ccéd a hocht. An ced bhliadhain dEochaidh Faobharglas, mac Conmail, mic Emhir, os Erinn. Aois domhain, tri mile seacht cced fiche a seacht. Iar mbeith imorro dEochaidh fiche bliadhain i righe Ereann torchair lá Fiacha Labhrainne i ccath Carmain i ndioghoil a athar. Atiad andso na catha ro cuirid agus na maighe ro sleachtaid lá hEochaidh fFaobharglas. Cath Luachra Deadhadh, cath Fosaidh da gort, cath Comair trí nuiscce, cath Tuama Dreacon i nUibh Briúin Breiffne, cath Droma Liathan. Atiatt na maighe, Magh Smetrach
lá hUibh fFailghe, Magh nAidhne, Magh Luirg i Connachtaibh, Magh Leamhna, Magh nInir, Magh Fubhna, agus Magh da gabhor lá hAirghiallaibh. Aois domhain, tri mhíle secht cced fiche a hocht. An céd bhliadhain do righe Fiachach Labhrainne os Erinn indsin. Aois domhain, tri mile seacht ccéd caoccat a haon. An cethramhadh bliadhain fichit so foirchend righe Fiachach Labhrainne, agus do cher lá hEochaidh Mumho don Mumhoin i ccath Bealgadain. As las an bFiacha Labhrainne si ro briseadh na catha so. Cath Gathlaighe i ttorchair Mofebis mac Eachdach Faobharglais, cath Fairrge for cloinn Emhir, cath Slebhe Feimhin, cath frí hErnoibh dFeroibh Bolg an bail i fuil Loch Erne. Iar meabhsain an catha forra as ann ro meabhaidh an loch tairsibh, conadh uatha ainmnighther an loch .i. loch tar Ernaibh. As a reimhius an Fiacha cedna tobhruchtadh na tteóra naibhneadh, Fleasc, Mand, agus Labhrand, dia ro lil an forainm fairsium. Aois domain, tri mile secht ccéd caogat a dó. An céd bhliadhain do righe Eachdach Mumhó, mac Mofebis, os Erinn indsin. Aois domhain, tri mile seacht ccéd seachtmoghat a do. Bliadhain ar fichit dEochaidh i righe nEreann, co ttorchair la hAonghus Olmucadha i ccath Cliach.
Aois domhain, tri mile secht ccéd sechtmoghat a trí. An céd bhliadhain do righe Aonghusa Olmucadha, mac Fiacha Labhrainne, ós Erinn insinn. Aois domhain, tri mile seacht céd nochat. Iar mbeith dAenghus Olmucadha ocht mbliadhna decc inn airdrighe Ereann do cher i ccath Carman lá hEnna nAirgtheach. Ase Aenghus ro bris na catha so, cath Clére, cath Cuirce, cath Slébhe Cuilge for Mhairtine i ccrích Corca Baisccinn, cath Ruis Fraochain i Muiriscc i torchair Fraochan Fáidh, cath Cairn Ricedha, cath Cúile Ratha i nDeasmumhain, cath Slébhe Cua for Erna, cath Airdachaidh i torchair Smiorgoll mac Smeathra, rí Fomoire, caoga cath for Cruithentuaith agus for Fiora Bolg, dá cath déc for Longbardaib, agus ceithre catha for Colaist. Atiat na locha ro tomaidhmseat ina ré, Loch Aonbeithi la hUibh Cremhthuinn, Loch Saileach, Loch na ngasan i Maigh Luirg la Connachtaibh, agus Murbrucht eidir Eabha agus Ros Cette. As la hAonghus dna ro sleachtadh na maighe so, Magh Glinne Decon lá Cenél Conaill, Magh Mucruimhe la
Connachta, Magh Cúile caol lá Cenél mBogaine, Magh nOensciath la Laighne, Aolmhagh la Calraighibh, Magh Arcaill lá Ciarraighe Luachra, agus Magh Luachra Deadhaidh. Aois domhain, tri mhíle secht ccéd nochat a haon. An céd bhliadhain dEnna Airgthech a righ ós Erinn insin. Aois domhain, tri mile ocht ccéd a secht décc. Iar ccaithemh secht mbliadhon ffichet dEnna Airgthech i righe Ereann do cher la Roitheachtaigh, mac Maoin, mic Aonghusa Olmhucadha, i cath Raighne. As las an Enna Airgthech so do ronta scéth airgit i nAirget Ros, go ttarad dferoibh Ereann amaille re heachaibh agus cairpthibh. Aois domhain, tri mile ocht ccéd a hocht decc. An céd bhliadhain do Roithechtaigh mac Maoin os Erinn indsin. Aois domhain, tri mile ocht ccéd cethrachat a dó. I ffoirchend cuicc mbliadhan ffichet do Roitheachtaigh i righe Ereann torchair la Sedna mac Airtri i ccruachain. Aois domhain, tri mhíle ocht ccéd ceathrachat a tri. An ched bhliadhain do ríghe Shedna, mic Airtri, mic Ebhric, mic Emhir, mic Ir. Aois domhain, tri mhíle ocht ccéd cethrachat aseacht. Iar mbeith cúicc bliadhna do Sédna isin ríghe, torchair la Fiacha Fíonscothach agus lá Muineamhon, mac Cais Clothaigh, i ccruachain. Aois domhain, tri mile ocht ccéd ceathrachat a hocht. An céd bhliadhain do righe Fiachach Fionscothaigh os Erinn. Aois domhain, tri mile ocht ccéd seasccat a secht. Iar mbeith dFiachaidh Fionscothach fiche bliadhain i righe Erionn do cher la Muineamhon mac Cais.
Ba scoithshemrach gach magh i nErinn i naimsir Fhiachach. Do gebhthí bheós a lán fíona isna sgothaibh ísin, go bfáisctís i lestraibh glainidhibh an fíon. Conadh aire sin ro len an forainm Fiacha Fionscothach do ghairm de. Aois domhain, tri mile ocht ccéd sescat a hocht. An céd bhliadhain do righe Muineamhoin, mic Cais Clothaigh, os Erinn innsin. Aois domhain, tri míle ocht ccéd sechtmogat a dó. I ffoirchenn an coicceadh bliadhan do Muineamhón, atbath do thámh i Maigh Aidhne. As las an Muinemhón so tuccadh muincedha óir fa braighdibh Ríogh agus Ruirech ar tos i nErinn. Aois domhain, tri mile ocht ccéd sechtmoghat atrí. An ced bhliadhain do Faildergóid. Aois domhain, tri míle ocht ccéd ochtmoghat a do. Iar mbeith dech mbliadhna dFailderdóid isin righe do rochair lá hOllamh fFotla, mac Fiachach Fíonscothaigh, i ccath Temhra. As las an righ Faildeargdóid ro cuiredh failge óir im lámhoibh airech i nErinn ar tús. Aois domhain, tri mile ocht ccéd ochtmoghat a trí. An céd bhliadhain do righe Ollamhan Fotla, mac Fiachach Fionscothaigh. Aois domhain, trí mile naoi ccéad fiche a dó. Iar mbeith dá fichet bliadhain i righe Ereann dOllamh Fothla, atbail ina mhúr budhen i Temhroigh. As é cédna rí las a ndernadh Féis Teamhrach, agus as lais do togbhadh Múr nOllamhan i tTemhraigh. As é din ro ordaigh taoisioch ar gach triochait
céd, agus brughaidh ar gach baile, agus a bfoghnamh uile do Righ Ereann. Eochaidh cédainm Ollamhan Fothla, agus as aire adrubradh Ollamh (Fodhla) fris ar a bheith na ollamh ergna cédus, agus ('na) Rígh (Fodhla .i.) Ereann iaromh. Aois domhain, tri mile naoi ccéd fiche a trí. An céd bhliadhain do righe Fionnachta, mic Ollamhon Fothla, ós Erinn indsin. Aois domhain, trí míle naoi ccéd cethrachat a dó. An fichetmadh bliadhain dFionnachta ós Erinn innsin. Atbath iaromh do thámh i Muighinis la hUltu. As a reimhius an ríogh Fionnachta ro feradh snechta go mblas fíona condemheth an fér. As de ro lean an forainm as Fionnachta fairsiomh. Elim a ainm ar tús. Aois domhain, tri mhíle naoi ccéd cethrachat a trí. An ced bhliadhain do righe Slanuill, mic Ollamhan Fotla, ós Erinn. Aois domhain, tri míle naoi ccéd caogat a naoi. An sechtmhadh bliadhain décc do Slanoll isin righe, co nerbailt i bfoirchend na réé sin i Teamhraigh, agus ní fes cia galor ros fucc acht a faghail marbh, seach ní ro sódh dath dó. Ro hadhnaicedh e asa haithle, agus iar mbeith cethrachat bliadhain isan adhnacal dia churp ro togbadh iaromh la a mhac .i. la hOilill mac Slanuill, agus ro mhair a chorp gan lobhadh gan leaghadh an airet sin. Ba machtnadh mór agus ba hiongnadh la fiora Erionn an ní sin. Aois domhain, tri míle naoi cced seascca. An chéd bhliadhain do righe Ghedhe Ollgothaigh os Erind. Aois domhain, tri míle naoi ccéd seachtmoghat a haon. An dara bliadhain
décc do Ghedhe Ollgothach i righe Ereann, agus do cher i bforchend na réé sin la Fiacha mac Fionnachta. Aois domhain, tri mile naoi ccéd sechtmoghat a dó. An cedh bhliadhain dFiacha Fionnailches, mac Fíonnachta, i righe Ereann. Nach agh ro genair ina reimhes ro ba ceindfhiond. Aois domhain, tri mile naoi ccéd nochat a haon. Iar mbeith fiche bliadhain dFiachaidh Fionnailches i righe Erionn, torchair i ccath Bregha la Berngal, mac Gedhe Ollgothaigh. As lá Fiacha Fionnailches conrodacht Dún Chuile Sibrinne .i. Cenandus. Gach dú ina mbiodh a arus somh ba Ceanandus a ainm. As las an righsi cetus ro tochailte talomh i nErinn do chum uiscce do beith hi curraibh. Ba deacmaic don connall a ioth diomfulang ina flaith. Aois domhain, tri míle naoi ccéd nochat a dó. An céd bhliadhain do Berngal, mac Gedhe Ollgothaigh, ós Erinn. Aois domhain, cethre míle a trí. Iar mbeith dá bliadhain décc i righe nEreann do Bernghal mac Gedhe Ollgothaigh do cher lá hOilill mac Slanuill, agus la Siorna mac Dén. Aois domhain, cethre míle a cethair. An céd bhliadhain do righe Oiliolla, mic Slanuill, os Erind innsin. Aois domhain, cethre mhíle anaoi decc. Iar mbeith sé bliadhna décc dOilioll, mac Slanuill, hi righe nEreann, torchair lá Siorna mac Dén. Aois domhain, ceathre míle fiche. An céd bhliadhain do Siorna mac Dén, mic Demain, hi righe nEreann innsin. As é an Siornasa, mac Dén, ro scar flaithius Teamhra fri hUlltoibh .i. fri sliocht Ir. As é dna ro díoghail forra Rothechtaigh mac Maoin ro marbhsat i cCruachain, go ttorchair Berngal mac Gedhe Ollgothaigh, agus Oilioll mac Slanoill leis.
Aois domhain, cethre míle céd sescat a naoi. Iar mbeith céd go leith do bliadhnaibh i righe nEreann do Siorna Saoghlach, mac Déin, do chear lá Rotheachtaigh mac Roáin i nAillinn. As é an Siorna so ro bris cath Aircealtra for Ultaibh, dá cath Slébhe Airbhreach, cath Cinn duín i nAssal, cath Mona Foichnigh lá hUibh Failghe for Mairtine agus Erna, cath Luachra, cath Cláire, cath Samhna, cath Cnuicc Ochoir. Saigidh dó for Fomhoiribh hi ccrich Midhe. As lais bheos ro cuireadh cath Móna Troghaidhe hí cCiannachtaibh an tan tug Lughair mac Luigdigh .i. do shíol Emhir, forlíon dFomhoiribh i nErinn ima rígh, Ceasarn a ainm. Attairgidh Síorna fir Ereann do chathugadh friú go Móin Tróghaidhe. Re mbeith ag slaidhe an catha dóibh do fuirmedh támh forra, co napadh Lughair, agus Ceasarn de co na muintir, agus drong dírimh dferoibh Ereann amailli friú. As a naimsir Siorna dna tobruchtadh Sciortaighe i Laighnibh, Doailte hi Crich Roiss, Nithe i Maigh Muirthemhne, Leamhna i Mumhain agus Sláine la hUibh Cremthainn. Aois domhain, ceithre mile céd seachtmoghat. An céd bhliadhain do righe Rotheachtaigh, mic Roain, ós Erinn innsin.
Aois domhain, ceithre míle céd seachtmoghat a sé. Iar mbeith seacht mbliadhna hi righe nEreann do Rotheachtaigh, ro loiscc teni ghealáin é hi nDun Sobhairce. Ar las an Rotheachtaigh so arricht carpait ceithre nech ar tús i nErinn. Aois domhain, ceithre míle céd seachtmoghat asecht. En bhliadhain dElim Oillfhinshneachta, mac Rotheachtaigh, hi ríghe nEreann, go torchair i ffoircend na bliadhna sin lá Giallchaidh, mac Oiliolla Olchaoin. Ro fearadh sneachta mór go mblas fíona isin mbliadhainsi. As aire ro gairthí Oillfhínshneachta desiumh. Aois domhain, ceithre míle ced sechtmoghat a hocht. An ced bhliadhain do Giallchaidh, mac Oiliolla Olchaoin, mic Síorna, i righe nEreann. Aois domhain, ceithre míle ced ochtmoghat a sé. Iar mbeith naoi mbliadhna do Giallchaidh i righe nEreann do róchair la hArt Imleach i Moigh Muaidhe. Aois domhain, ceithre mile céd ochtmoghat a secht. An céd bhliadhain dArt Imleach, mac Elim Oillfinshneachta, i righe nEreann innsin. Aois domain, ceithre mhile céd nochat a hocht. Iar mbeith dá bliadhain décc dArt Imleach i righe nEreann do cher la Nuadhat Fionnfáil. Aois domhain, ceithre mile ced nochat a naoi. An ceid bhliadhain do righe Nuadhaid Finnfáil os Erinn innsin. Aois domhain, ceithre míle dá céd triochat a hocht. Iar mbeith dá fichet bliadhain hi righe nEreann do Nuadha Fionnfáil do cher la Breas, mac Airt Imligh. Aois domhain, ceithre míle dá céd triocat a naoi. An céd bhliadhain do righe Breis mic Airt Imligh ós Erinn innsin. Aois domhain, ceithre mile da céd cethrachat a seacht. Iar mbeith naoi mbliadhna do Breas i righe nEreann do rochair la hEochaidh nAptach hi Carn Conluain. Aois domhain, ceithre míle da céd cethrachat a hocht. En bhliadhain
dEochaidh Apthach, mac Finn, hi righe nEreann, agus do rochair i bfoircheann na bliadhna sin la Fionn, mac Bratha. Aois domhain, ceithre mile da céd cethrochat a naoi. An céd bhliadhain do righe Finn, mic Bratha, ós Erinn innsin. Aois domhain, ceithre míle da céd sechtmoghat. Iar mbeith da bliadhain ar fichit hi righe nEreann dFionn mac Bratha do cher lá Sédna mac Breis a Mumhain. Aois domhain, ceithre mile da chéd sechtmoghat a haon. An ceid bhliadhain do Sedhna Ionnarraigh, mac Breis, mic Airt Imligh, hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre míle da chéd nochat. Iar mbeith fiche bliadhain hi righe nEreann do Sédhna Ionnarraidh do rochair lá Siomón mBrec. Aois domhain, ceithre mile da céd nochat a haon. An ced bhliadhain do Siomón Breac, mac Aodhain Glais, i righe nEreann innsin. Aois domhain, ceithre mile da ched nochat a sé. Iar mbeith sé bliadhna comhlána i righe nEreann do Siomón Brec, mac Aodhain Glais, do chear lá Duach Fionn. Aois domhain, ceithre mile dá chéd nochat a seacht. An céd bhliadhain do Duach Fionn, mac Sedhna Ionnarraigh, hi righe nEreann innsin. Aois domhain, ceithre mile trí céd ase. Iar mbeith deich mbliadhna hi righe nEreann do Duach Fionn, mac Sedhna Ionnarraigh, do rochair i ccath Maighe la Muireadhach Bolgrach. Aois domhain, ceithre mile tri ced a secht. Ro caith Muiredhach Bolgrach mí for bliadhain i righe nEreann go ttorchair i cchionn na réé hísin la hEnda nDercc, mac Duaich. Aois domhain, ceithre mile tri ced a hocht. An céid bhliadhain dEnda Derg, mac Duach Find, hi righe nEreann innsin. Aois domhain, ceithre mile trí chéd a naoi décc. Iar mbeith da bhliadhain décc dEnna Derg, mac Duach, hi righe nEreann, atbath do thámh i Slébh Miss go sochuidhe moir uime.
Aois domhain, ceithre mile tri ced fiche. An céd bhliadhain do Lughaidh Iardonn, mac Enna Deirg, hi righe nEreann innsin. Aois domhain, ceithre mile tri ched fiche a hocht. Anaoi do Lughaidh Iardonn hi righe nEreann go ttorchair la Síorlamh hi Raith Clochair. Aois domhain, ceithre mile tri ched fiche a naoi. An ced bhliadhain do Siorlamh, mac Find, mic Bratha, hi righe nEreann innsin. Aois domhain, ceithre mile tri ched cethrachat a cethair. Iar mbeith sé bliadhna décc do Siorlamh hi righe nEreann do rochair lá nEochaidh nUairches. Aois domhain, ceithre mile tri ched cethrachat a cúig. An céd bhliadhain dEochaidh Uaircheas i righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile tri ced caogat asé. Iar mbeith da bhliadhain décc dEochaidh Uairches hi righe nEreann do rochair lá macoibh Conghail .i. Eochaidh agus Conaing. Aois domhain, ceithre mile tri ced caogat a secht. An céd bhliadhain do dá mac Conghail Cosccaraigh .i. Duach Teamhrach, mic Muiredhaigh Bolgraigh .i. Eochaidh Fiadhmuine agus Conaing Beageglach, na rioghaibh os Erinn, descart Ereann la hEochaidh, a tuaiscert la Conaing. Aois domhain, ceithre mile tri ced seascat a haon. Iar mbeith cuig bliadhna i ccomrighe ós Erinn dEochaidh Fiadhmuine agus do Conaing Begeaglach do rochair Eochaidh lá Lugaidh Laimhdherg, mac Eathach Uairches, agus do scaradh an righe fri Conaing. Aois domhain, ceithre mile tri ched sesccat a dó. An céd bhliadhain do Lughaidh Laimhderg mac Eathach Uairches i righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile tri ced seasccat a hocht. A Secht do Lughaidh i righe nEreann go ttorchair la Conaing, mac Congail.
Aois domhain, ceithre mile tri céd sesccat a naoi. An céd bhliadhain do Conaing Begeaghlach, mac Congail, i righe nEreann innsin doridhisi. Aois domhain, ceithre mile tri chéd ochtmoghat a hocht. Iar mbeith fiche bliadhain hi righe nEreann do Conaing Becceaglach do cher lá hArt mac Luighdeach. As aire do beirthi Conaing Begeaglach fris ar ní ro gabh omhan fris nach aon é cén ro mhair. Aois domhain, ceithre mile tri ched ochtmoghat a naoi. An céd bhliadhain dArt, mac Luighdheach, mic Eathach Uairches, hi righe nEreann innsin. Aois domhain, ceithre mile tri ched nochat acethair . Iar mbeith sé bliadhna i righe nEreann dArt, mac Luighdheach, ro rochair la Fiacha Tolgrach agus la a mac Duach Ladhrach. Aois domhain, ceithre mile trí chéd nochat a cúig. An ceid bhliadhain dFiachaidh Tolccrach hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd a cethair. Iar mbeith deich mbliadhna hi righe nEreann dFiachaidh Tolgrach, mac Muiredhaigh Bolccraigh, do cher la hOilioll mac Airt i mBoirind. Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd a cúig. An céd bhliadhain dOilioll Fionn, mac Airt, mic Luighdheach Laimhdercc, os Erinn innsin. Aois domhain, ceithre mile ceithre ced a cúig décc. Iar mbeith én bhliadhain dég hi righe nEreann dOilioll Fionn, mac Airt, mic Luighdeach Laimhdeirg, do rochair la hAirgetmair agus lá Duach Ladhghair hi ccath Odhbha. Aois domhain, ceithré mile ceithre ced a sé decc. An céd bhliadhain dEochaidh mac Oiliolla Finn hi righe nEreann innsin. Aois Domhain, ceithre mile ceithre ced fiche adó. Iar mbeith seacht mbliadhna hi righe nEreann, dEochaidh, mac Oiliolla Finn, do rochair lá nAirgetmair agus lá Duach Ladhgair hi nAine. Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd fiche a tri. An céd bhliadhain dAirgetmar, mac Siorlaimh, hi righe nEreann innsin. Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd caoccat a dó. An deachmhadh
bliadhain fichet dAirgetmar hi righe nEreann go ttorchair lá Duach Ladhrach agus la Lucchaidh Laighdhe mac Eathach. Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd caogat a trí. An céd bhliadhain do Duach Ladhgrach, mac Fiachach Tolgraigh, hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd seasccat a dó. A deich do Duach Ladhgrach hi righe nEreann go ttorchair lá Lughaidh Laighdhe. Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd seasccat a trí. An céd bhliadhain do Lughaidh Laighdhe hi righe nEreann innsin. Aois domhain, ceithre mile ceithre ced seasccat anaoi. Iar mbeith seacht mbliadhna hi righe nEreann do Lughaidh Laghdhe do chear la hAodh Ruadh, mac mBodhairn, mic Airgedmair. Aois domhain, ceithre mile ceithre ced seachtmoghat. An céd bhliadhain dAodh Ruadh, mac Badhairn, hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd seachtmoghat asé. Iar mbeith seacht mbliadhna hi righe nEreann dAodh Ruadh, mac Badhairn, ro fagoibh an righe ag Dithorba, mac Demain, iar ccaithemh an ceid shealoid dó budhein, ar ro batur ratha fair ima tealgadh uadh i ccionn seacht mbliadhna do Diothorba, agus ar Diothorba bheós ima légadh uadh do Ciombaoth iar seacht mblíadhna oile, agus amhlaidh sin iar nurd go forbadh a fflatha. As aire do ronsat an chora ísin immon righe ar robtar meic trí nderbrathar. Aois domhain, ceithre mile ceithre ced seachtmoghat, asecht. An ced bhliadhain do Diothorba, mac Demain, hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile ceithre ched ochtmoghat atri. Iar mbeith seacht mbliadhna hi righe nEreann do Diothorba, mac Demain, ro fhagaibh an righe ag Ciombaoth, mac Fionntain, uair ba dó rainic an seal iar nDiothorba. Aois domhain, ceithre mile ceithre ced ochtmoghat a cethair. An ced bhliadhain do Ciombaoth mac Fionntain hi righe nEreann innsin.
Aois domhain, ceithre mile ceithre ced nochat. Iar mbeith seacht mbliadhna hi righe nEreann do Ciombaoth, mac Fionntain, ro fagoibh an righe ag Aodh Ruadh, mac Badhairn. Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd nochat a seacht. Iar mbeith seacht mbliadhna hi righe nEreann an dara feacht dAodh Ruadh, mac Badhairn, ro fhagaibh an righe ag Diothorba do ridhisi. Aois domhain, ceithre mile ceithre ced nochat a hocht. An ced bhliadhain do Diothorba, mac Demain, an dara feacht ro gabh righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile cúig cet a cethair. Iar mbeith seacht mbliadhna do Diothorba don chur sin hi righe nEreann ro fhagoibh a sheal ag Ciombaoth, mac Fionntuin. Aois domhain, ceithre mile cúigh chéd a cúig. An céd bhliadhain do Ciombaoth an dara feacht ro gabh righe nEareann. Aois domhain, ceithre mile cúig chéd a haon ndécc. Iar mbeith seacht mbliadhna do Ciombaoth hi righe nEreann, an dara feacht, ro fhagoibh an righe ag Aodh Ruadh, mac Badhairn. Aois domhain, ceithre mile cuig chéd a dó décc. An céd bhliadhain dAodh Ruadh, mac Badhairn, hi righe nEreann (an tres feacht ro gabh an righe) innsin. Aois domhain, ceithre mile cúig chéd a hocht décc. Iar mbeith secht mbliadhna hi righe nEreann dAodh Ruadh, mac Badhairn, (an tres feacht ro gabh righe) ro báidhedh i nEass Ruaidh, co ro hadhnacht isin sith ós ur in esa, conadh uadha do garar Síth Aodha, agus Eass Aodha Ruaidh. Aois domhain, ceithre mile cúig ched a naoi décc. An ced bhliadhain do Diothorba, an tres feacht ro gabh righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile cúig ced fiche a cúig. Iar mbeith seacht mbliadhna do Diothorba hi righe nEreann (an tres feacht) ro fagoibh an righe ag Ciombaoth. Aois domhain, ceithre mile cúig chét fiche asé. An céd bhliadhain do Ciombaeth i righe nEreann an tres feacht ro gabh an righe innsin. Aois domhain, ceithre mile cuig céd triochat adó. Iar mbeith seacht
mbliadhna hi righe nEreann do Cimbaoth an tres feacht, ro raidh Macha inghen Aodha Ruaidh, mic Badhairn, ba lé seal a hathar don righe. Atbert Diothorba agus Ciombaoth ná tiobradaís righe do mhnaoi. Feachair cath etorra, brisis Macha forra go ros ionnarb Diothorba co na chloinn hi cConnachtaibh co torchair i ccorann. Do bert iarsin Ciombaoth cuicce do céili di, agus do bheir in righe dó. Do choidhsi iaromh na haonar hi cConnachtaibh, agus tug clann Diothorba lé i ndaorcengal co hUltoibh a los a neirt, agus do bert iad fo trom daoire go ro claidhset Ráth Eamhna dhi, go madh si budh priomhchathair Uladh do ghrés. Aois domhain, ceithre mile cúig ced triochat atrí. An céd bhliadhain do Ciombaoth hi righe nEreann iar na thabhairt cuicce do Macha mar chele. Aois domhain, ceithre mile cúigh chéd triochat anaoi. Iar mbeith seacht mbliadhna hi righe nEreann do Ciombaoth mac Fiontain, iar na tabhairt cuice do Macha, atbail i nEamhoin Macha. As é céd rí Eamhna an Ciombaoth hísin. Aois domhain, ceithre mile cuig ced cethrachat. An céd bhliadhain do Macha hi righe nEreann iar neg do Ciombaoth mic Fiontainn.
Aois domhain, ceithre mile cuig ced cethrachat asé. Iar mbeith seacht mbliadhna hi righe nEreann do Macha mongruaidh, inghen Aodha Ruaidh, mic Badhairn, do cher la Reachtaidh Righdercc, mac Luighdheach. As hí Macha ro forail for macoibh Diothorba (iar na ttabhairt fo daoire) Raith Eamhna do claidhe, gomadh si priomhchathair Uladh do ghres, amhail rémraidhsem, agus ba he Ciombaoth agus Macha ro oil Ughaine Mór. Aois domhain, ceithre mile cúig céd cethrachat a seacht. An céd bhliadhain do Reachtaidh Righdercc, mac Luigdheach, hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile cuig céd seasccat asé. Iar mbeith fiche bliadhain i righe nEreann do Reachtaidh Righdercc, mac Luighdheach, do rochair la hUghaine Mor a ndioghail a bhuime .i. Macha Mongruadh. Aois domhain, ceithre mile cuig ced seasccat a seacht. An céd bhliadhain dUghaine Mór, mac Eathach Buadhaigh, hi righe nEreann innsin. Aois domhain, ceithre mile sé ced asé. I fforchend na bliadhna so, iar mbeith cethrachat bliadhain comlán dUghaine mhór na rígh Ereann agus iarthoir Eorpa go hiomlán go muir Toirrian, do rochair la Badbchadh, i tTealach
an chosgair i Maigh Muireadha i mBreghoibh. As é an tUghaine sin ro gabh ratha na nuile dúl aicsidhe agus nemhaicsidhe for fiora Ereann go coitcend, gan iomchosnamh im righe nEreann fria a chloinn go bráth na fria shíol bheós. Badbchadh, mac Eachdhach Buadhaigh, iar nUghaine Mór lá go leith isin righe, go ros marbh Laoghaire Lorc, mac Ughaine, a ndioghail a athar. Aois domhain, ceithre mile se chéd aseacht. An céd bhliadhain do Laoghaire Lorc, mac Ughaine Mhoir, hi righe nEreann innsin. Aois domhain, ceithre mile sé chéd a hocht. Iar mbeith dá bhliadhain hi righe nEreann do Laoghaire Lorc, mac Ughaine, do rochair la Cobhthach Caol mBregh hi ccarman. Aois domhain, ceithre mile se chéd anaoi. An céd bhliadhain do Cobhthach Caol Bhregh hi righe nEreann indsin. Aois domhain, ceithre mile sé chéd caogat a hocht. Iar mbeith caogatt bliadhain i righe nEreann do Cobhthach Caol Bregh, mac Ughaine Mhóir, do rochair la Labhraidh Loingseach, Maen mac Oiliolla Aine, co ttriochaid riogh ime hi nDionn righ for bhrú Berbha.
Aois domhain, ceithre mile sé chéd caogat anaoi. An céd bhliadhain do Labhraidh Loingseach hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile sé chéd sechtmoghat aseacht. Iar mbeith naoi mbliadhna décc do Labhraidh Loingseach, Maen mac Oiliolla Aine, mic Laoghaire Luirc, mic Ughaine Móir, i righe nEreann do rochair lá Melghe Molbhthach, mac Cobhthaigh Caoil Bregh. Aois domhain, ceithre mile sé chéd seachtmoghat a hocht. An céd bhliadhain do Melghe Molbhthach, mac Cobhthaich Chaoil Bregh, hi righe nEreann innsin. Aois domhain, ceithre mile sé chéd nochat a cethair. Iar mbeith seacht mbliadhna dég hi righe nEreann do Melghe Molbthach, mac Cobthaigh Caoil Bregh, do cher i ccath Cláire lá Modhcorb. An tan ro chlas a fheart as ann ro meabhaidh Loch Melghe fo tír hi ccoirbre, conidh uadha ainmnighther. Aois domhain, ceithre mile sé chéd nochat a cúig. An céd bhliadhain do Modhcorb mac Cobhthaigh Caoimh, hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile seacht ccéd a haon. Iar mbeith seacht mbliadhna hi righe nEreann do Modhcorb mac Cobthaigh Caoimh do rochair la hAenghas Ollamh. Aois domhain, ceithre mile seacht ccéd, adó. An céd bhliadhain dAengus Ollamh, mac Oiliolla, mic Labhradha, hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile secht ccéd anaoi dég. A hocht décc dAengus Ollamh mac Oiliolla, mic Labhradha, go ttorchair la hIrereo, mac Melghe, i bfoirchend na ree hisin. Aois domhain, ceithre mile secht ced fiche. An céid bhliadhain dIrereo, mac Melghe Molbhthaigh, hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile secht ced fiche asé. Iar mbeith secht mbliadhna
hi righe nEreann dIrereo, mac Melghe, do rochair la Fercorb mac Modha cuirb. Aois domhain, ceithre mile secht cced fiche aseacht. An céid bhliadhain dFiorcorb, mac Modha Cuirb, hi righe nErionn. Aois domhain, ceithre mile secht ccéd triochat a secht. Iar mbeith én bhliadhain dég hi righe nErionn dFior Corb do rochair la Connla Caomh mac Irereo. Aois domhain, ceithre mile secht cced triochat a hocht. An céid bhliadhain do Connla Caomh hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile secht ccéd caogat a secht. Iar mbeith fiche bliadhain hi righe nEreann do Conla Caomh atbail i tTemhraigh. Aois domhain, ceithre secht ccéd caogat a hocht. An céd bhliadhain dOilioll Caisfiaclach, mac Connla Caoimh, hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile secht ccéd ochtmoghat adó. Iar mbeith cúig bhliadhna fichet hi righe nEreann dOilill Caisfhiaclach, mac Connla Caoimh, mic Irereo, do rochair la hAdamar mic Fircuirb. Aois domhain, ceithre mile secht ccéd ochtmoghat a tri. An ced bhliadhain dAdamar mac Fircuirb, os Erinn. Aois domhain, ceithre mile secht ced ochtmoghat asecht. An cúigeadh bliadhain dAdamar, mac Fircuirb, hi righe nEreann, go ttorchair la hEochaidh nAiltlethan. Aois domhain, ceithre mile secht ccéd ochtmoghat a hocht. An céid bhliadhain dEochaidh Ailtlethan hi righe os Erinn. Aois domhain, ceithre mile ocht ced a cethair. Iar mbeith seacht mbliadhna décc hi righe uas Erinn dEochaidh Ailtlethan, mac Oiliolla Caisfhiaclaich, do rochair lá Ferghus Fortamhail. Aois domhain, ceithre mile ocht ced a cúig. An céd bhliadhain dFerghus Fortamhail, mac Bresail Bric, hi righ nEreann.
Aois domhain, ceithre mile ocht ced a cúig décc. Iar mbeith én bhliadhain décc i righe nEreann dFearghus Fortamhail, mac Bresail Bric, do rochair lá hAonghus Tuirmhech hi ccath Teamhrach. Aois domhain, ceithre mile ocht ccéd ase décc. An céd bhliadhain dAenghus Tuirmeach Teamhrach hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile ocht cced seachtmoghat a cúig. Iar mbeith sesccat bliadhain hi righe nEreann dAenghus Tuirmeach Temhrach atbail hi tTeamruigh. Aonghus Tuirmeach do ghairm dhe, ar as cuicce tuirmidthear saor clanna Síl nEireamhoin. Aois domhain, ceithre mile ocht cced sechtmoghat asé. An céd bhliadhain do Conall Collamrach, mac Etersceoil, na righ ós Erinn. Aois domhain, ceithre mile ocht ccéd ochtmoghat. Iar mbeith cúig bliadhna hi righe nEreann do Conall Collamrach, mac Etersceoil Temhrach, mic Eathach Ailtlethan, do rochair lá Nia Sedhamain. Aois domhain, ceithre mile ocht ccéd ochtmoghat ahaon. An céid bhliadhain do Nia Sedhamain, mac Adhamair, hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile ocht cced ochtmoghat asecht. Iar mbeith secht mbliadhna hi righe nEreann do Nia Sedhamain, mac Adhamair, do rochair la hEnna Aighneach. As a naimsir an rígh Niadh Sedhamain do blightea ba agus ellte fo aenchoma. Aois domhain, ceithre mile ocht cced ochtmoghat ahocht. An ceid bhliadhain dEnna Aighneach os Erinn. Aois domhain, ceithre mile naoi cced a secht. Iar mbeith fiche bliadhain
hi righe nEreann dEnna Aighnech, mac Aonghasa Tuirmigh Temhrach, do rochair lá Criomthann Cosccrach hi ccath Aird Cremhthainn. Aois domhain, ceithre mile naoi cced a hocht. An céid bhliadhain do Criomthann Cosccrach, mac Felimidh, mic Ferghusa Fortamhail, hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile naoi ced a haon ndécc. Iar mbeith ceithre bliadhna hi righe nEreann do Criomhthann Cosccrach do rochair la Rudhruighe, mac Sithrighe. Aois domhain, ceithre mile naoi ccéd a dó décc. An céid bhliadhain do Rudhruighe, mac Sithrighe, hi righe nEreann. Aois domhain, ceithre mile naoi cced ochtmoghat a haon. Iar mbeith sechtmoghat bliadhain hi righe nEreann do Rudhruighe, mac Sithrighe, mic Duib mic Fomhoir, mic Airgetmair, adbail i nAirgetgliond. As las an Rudhruighe si ro meabhsat na catha so fo Eirind. Cath Cuirce, cath Luachra, seacht ccatha hi ccliú, cath Gleandamhnach, cath Sleibhe Mis, cath Boirne, cath Ren, cath Ai, cath Cúile Silinde, da cath Fortraiscc. Aois domhain, ceithre mile naoi cced ochtmoghat a dó. An ceid bhliadhain dIondadmar, mac Nia Sedhamain, hi righe ós Erinn. Aois domhain, ceithre mile naoi cced nochat. Iar mbeith naoi mbliadhna hi righe nEreann dIonnatmar, mac Nia Sedhamain, do rochair la Breasal Boidiobhadh, mac Rudhruighe. Aois domhain, ceithre mile naoi ced nocha a haon. An céid bhliadhain do Bresal Boidiobhadh i righe nEreann. Aois domhain, cúig mile a haon. Iar mbeith en bhliadhain décc na righ os Erinn do Breasal Bóidiobhadh, mac Rudhruighe, do rochair la Lughaidh Luaighne. Bóár mór i nErinn hi reimhius Bresail.
Aois domhain, cúicc mile a dó. An céid bhliadhain do Lughaidh Luaighne, mac Iondatmair, hi righe nEreann. Aois domhain, cúicc mile a sé décc. An cúigeadh bliadhain décc do Lughaidh Luaighne, mac Iondatmair, hi righe nEreann, go ttorchair la Congal Claroinech, mac Rudhruighe. Aois domhain, cúig mile a secht décc. An céd bhliadhain do Congal Claroineach hi righe nEreann. Aois domhain, cúig mile triocha a haon. Iar mbeith cúig bliadhna décc hi righe nEreann do Congal Claroinech, mac Rudhruighe, do rochair la Duach Dallta Deadhadh. Aois domhain, cuig mile triocha a dó. An céid bhliadhain do Duach Dallta Deadhadh, mac Cairbre Luiscc, hi righe nEreann. Aois domhain, chúig mile cethracha a haon. Iar ccaithemh deich mbliadhon hi righe nEreann dho Duach Dallta Deadhadh, mac Cairbre Luiscc, do rochair lá Fachtna Fathach. Aois domhain cuig mile cethracha a dó. An céid bhliadhain dFhachtna Fathach hi righe nEreann. Aois domhain, cuig mile caoga a secht. Iar mbeith sé bliadhna décc dFachtna Fathach, mac Rosa, mic Rudhruighe, hi righe nEreann do chear la hEochaidh fFedhlech. Aois domhain, cúig mile caoga a hocht. An céid bliadhain dEochaidh Feidhleach hi righe ós Erinn.
Aois domhain, cúig mile seascca a naoi. Iar mbeith da bliadhain décc hi righe nEreann dEochaidh Feidhleach, mac Find, mic Fiondlogha, atbail i ttemhraigh. Aois domhain, cúicc mile seachtmoghat. An céid bhliadhain dEochaidh Airemh (derbhrathair Eathach Feidhligh) hi righe nEreann. Aois domhain, cuicc mile ochtmoghat a cethair. Iar ccaithemh cóig mbliadhna ndécc hi righe nEreann dEochaidh Airemh ro loiscceadh lá Sioghmall hi fFremhaind. Aois domhain, cuicc mile ochtmoghat a cúig. An céd bhliadhain dEderscél, mac Eoghain, mic Oiliolla, na rígh ós Erinn. Aois domhain, cúig mile ochtmoghat anaoi. Iar ttochaithemh cóicc mbliadhan hi righe nEreann dEderscel, mac Eoghain, mic Oiliolla, do rochair la Nuadha Neacht, i nAillind. Aois domhain, cuicc mile nochat. Iar ccaithemh leithbhliadhna hi righe nEreann do Nuadha Necht, mac Sedna Sithbhaicc, torchair hi ccath Cliach i nUibh Dróna lá Conaire Mór. Leithbhliadhain comhfhlaithis cloinne Eimhir Find hi ccenn na leith bhliadhan so Nuadhat Necht comhlánaighes nochat as cúig míle bliadhain i naois domhain. Aois domhain, cuicc mile nocha a haon. An ceid bhliadhain do Conaire Mór, mac Etersceóil, i righe nEreann.
Aois domhain, cuicc mile ced seascca. Iar mbeith sechtmoghat bliadhain hi righe nEreann do Conaire Mór, mac Etirsceoil, do rochair hi mBruighin da Derg la díbheargaibh. As a fflaith Conaire do chuireadh an mhuir torchar gach bliadhna fa thír i nInbher Colpa do shonnradh. Do gebthi bheós cna iomhais for Bhóind agus Bhuais fria linn. No biodh na cethra gan comhda a nErinn ina flaith, ar mhéd an tsíodha agus an chaenchomhraic. Nír bo toirneach ainbhtionach a fhlaith, ar ní bhuingeadh gaoth cairche a hindlibh ó mhedhon foghmair go medhon Earraigh. Suaill ná feacdaois na feadha daidhble a measa fria linn. Aois domhain, cuicc mile ced seascca a haon. An céd bhliadhain dErinn gan rígh iar cConaire. Aois domhain cuig mile ced seascca asé. An céid bhliadhain do Lughaidh Sriabh ndercc hi righe nEreann. Aois domhain, cúig mile ced nochat a haon. Iar mbeith sé bliadhna fichet hi righe nEreann do Lughaidh Sriabh ndercc atbath do chumhadh. Aois domhain, cúig mile ced nochat adó. Aon bliadhain do Concubhar
Abhradhruadh, mac Finn Filedh, mic Rossa Ruaidh, mic Ferghusa Fairrghe, hi righe nEreann go ttorchair la Criomhthann, mac Luighdheach Sriabh ndercc. Aois domhain, cuig mile céd nochat a trí. An céid bhliadhain do Criomhthann Niadhnáir, mac Luigdheach, hi righe nEreann. Aois domhain, cuicc mile céd nochat a cethair. An dara bliadhain do Criomhthann. DAOIS Criost. An céd bhliadhain daois Críosd, agus an tochtmadh bliadhain do righe Criomhthainn Niadhnáir. Aois Criost, a naoi. A se décc do Criomhthann hi righe nEreann, go nerbailt i nDún Criomthainn, i nEdair, iar ttoidheacht don eachtra oirrdheirc fors a ndeachaidh. As don eachtra sin tug lais na seóid adhamhra imon ccarpat nórdha, agus imon ffithchill nóir, go ttríbh ccédoibh geam gloinidhe innte, agus imon ccédaigh cCriomhtainn, léne saineamhail isidhe co mbreachtradh órdha. Do bhert cloidhemh cathbhuadhach co niolar naithreach do mhaisi óir aithleaghtha ar na rionnadh ann, sciath co mbocóidibh airgit aengil, sleagh da nach térnodh oen no gonta dhi, tabhall as nach teillccti urchor niomraill, agus da choin go
slabhradh ngeal arccaid etorra. Ro bfiú céd cumhal an slabhradh hisin maille le móran do sedoibh oile. Aois Criost, a deich. An céd bhliadhain do righe Cairpre Cinncait, iar marbhadh na saorchlann dó cen motha uathadh térna as an orcoin in ro hortadh na huaisle las na hAitheachthuathoibh. Atiad na trí saoir atrullatur uatha an ionbhaidh sin. Feradhach Fionnfechtnach, ottád síol cCuinn Cédcathaigh, Tiobraide Tireach, ottád Dál nAraidhe, agus Corb Olum, ottád rioghraidh Eoghanachta hi Mumhain. Agus cidh iadsidhe bá hi mbronnaibh a maithreach luidhsiot tairis. Baine inghen righ Alban ba mathair dFearadhach Fionnfechtnach, Cruife inghen rígh Bretan mathair Cuirb Oluim, agus Aine inghen rígh Saxan máthair Tiobraide Tírigh.
Aois Criost, a cethair décc. Iar mbeith cúig bliadhna hi righe nEreann do Chairbre Caitcend atbath. Olc tra ro boí Ere fria reimhiussiomh, aimbrith a hioth, ar ní biodh acht en gráine ar an cConall, ettorthach a hinbhir, dioscc a cethra, neimhlionmar a mes, ar ní biodh acht aen derc ar an ralaigh. Mac don Cairbre hisin an Morann moireolach fris a raite Morann mac Maoin. Aois Criost, a cúig decc. An céd bhliadhain dFeradhach Fionnfechtnach na righ ós Erinn. Maith tra ro ro boi Eire fria linnsiomh. Robdar certa suaimnech na síona. Túismis an talamh a toradh. Iasccmhar na hinbhiora, blechtmhara na buair, ceanntrom na coillte. Aois Criost, triocha a sé. Iar ccaithemh dá bhliadhain ar fichitt hi righe nEreann dFeradhach Fiondfechtnach, mac Criomhthainn Niadhnáir, ro écc hi tTemhraigh. Aois Criost, triocha a secht. An céd bhliadhain dFiatach Fiond, mac Daire, mic Dluthaigh, hi righe nEreann. Aois Criost, triocha anaoi. Iar mbeith tri bliadhna hi righe nEreann don
Fiatach Fionn so (o ttád Dal fFiatach i nUltaibh) do rochair la Fiacha Fionnfolaidh. Aois Criost, cethracha bliadhain. An céd bhliadhain do righe Fiachach Fionnfolaidh ós Erinn. Aois Criost, caoga a sé. Iar mbeith secht mbliadhna décc hi ríghe nEreann dFiachaidh Fionnfolaidh ro marbhadh é las na coiccedhchaibh tre comhairle na nAithechtuath i norccain Moighe Bolg. Atiad na coiccedhaigh las a ttorchair. Elim mac Connrach rí Uladh, Sanbh mac Ceit, mic Magach, righ Connacht, Foirbre mac Fine rí Mumhan, agus Eochaidh Aincend rí Laighen. Ní fairgoibhsiomh do cloinn achtmadh aen mac boí hi mbroinn Ethne inghen rí Alban, Tuathal adacomhnaic. Aois Criost, caocca seacht. An céd bhliadhain do righe Elim mic Conrach. Aois Criost, sechtmoghat a sé. Iar mbeith fiche bliadhain hi righe os Erinn dElim mac Conrach do rochair hi ccath Aichle la Tuathal Techtmhar. Do rad Dia dioghla hi ccionaidh a mighníomh for Aithechthuathoibh fri reimhius Elim isin ríghe .i. Ere do bheith gan ioth, gan bliocht, gan mes, gan iascc, agus gan nach mórmhaith aile, o ro mharbhsat Aithechthuatha Fiacha Fionnoladh ind orgain Moighe Bolg go ré Thuathail Techtmair. Aois Christ, céd a sé. Iar mbeith triocha bliadhain hi righe nEreann do Tuathal Techtmar torchair lá Mal mac Rochraidhe ri Uladh hi Moigh
Line, hi Moin in chatha, i nDal Araidhe an bail as a mbrúcht Ollar agus Ollarba an da abhuinn. Ceanngubha ainm an chnuic in ro marbhadh somh febh dearbhus an rann:
Ollar agus Ollarba, Ceann gubha triathach tuathach, nibdar anmonda gan adhbhar, an lá do marbadh Tuathal.
Agus amhail as rubradh bheos,
Tuathal diar ffine feronn, flaith Midhe milibh galann, gaotta flaith Fremhann finne hi re cnuic Glinde an Gabhann.
Aois Christ, céd a seacht. An chéd bhliadhain do Mal, mac Rochraidhe, mic Cathbhadha, hi righe nEreann. Aois Christ, céd a deich. Iar mbeith ceithre bliadhna na righ ós Erind do Mal, mac Rochraidhe, do chear la Feidhlimidh Rechtmhar.
Aois Criost, ced a haon ndécc. An ceid bhliadhain dFeidhlimidh Rechtmhor, mac Tuathail Techtmhair, na righ os Erinn. Baine inghen Scáil máthair an Fedhlimidh si. As uaithe ainmnighther Cnoc mBáine la hOirgiallaibh, ar is ann ro hadnaichtsi. As lé beos ro clasadh Ráith Mor Mhaighe Lemhna i nUlltoib. Aois Criost, ced anaoi décc. Iar mbeith naoi mbliadhna hi righe nEreann dFeidlimidh Reachtmhar atbail. Aois Chriost, ced fiche. An céd bhliadhain do Cathaoir Mór, mac Feidhlimidh Firurglais, hi righe nEreann. Aois Chriost, ced fiche adó. Iar mbeith tri bliadhna na righ os Erinn do Cathaoir Mor do cear la Conn, agus la Luaighnibh Teamhra, hi gcath Moighe hAgha. Aois Chriost, céd fiche a trí. An ceid bhliadhain do Conn Cedcathach na righ os Erinn. A noidhce geine Cuinn forrith cóicc príomhróid go Temhraigh na ro taidhbhredh riamh go sin. Atiatt a nanmanna, Slighe Asail, Slighe
Miodhluachra, Slíghe Cualann, Slighe Mór, Slighe Dála. Slighe Mór tra as isidhe Esccir Riada .i. sabhronna Ereann a dó etir Chonn agus Eoghan Mór. Aois Chriost, ced caocca a seacht. Iar mbeith cúig bliadhna triocha hi righe nEreann do Conn Cedcathach torcair la Tiobraide Tireach, mac Mail, mic Rochraidhe, ri Uladh hi tTuaith Amrois.
Aois Christ, céd caocca a hocht. An ceid bhliadhain do Conaire, mac Modha Lamha, hi righe uas Erinn. Aois Chriost, ced seascca a cuig. Iar mbeith ocht mbliadhna hi righe nEreann do Chonaire, mac Modha Lamha, torcair la Neimhidh mac Sruibhginn. Tri meic lais an cConaire hisin, Coirbre Muscc, ó raiter Musccraighe, Cairpre Bascain, o ttádh Baiscnigh hi cCorca Baisccinn, agus Cairpre Riata, o bfuilit Dál Riata. Saraid inghion Cuinn Cedcathaigh mathair na mac sa Conaire, mic Modha Lamha. Aois Christ, ced seascca asé. An ced bhliadhain do righe Airt, mic Cuinn Cedcathaigh. Aois Criost, ced ochtmogat asé. A haon fichet dArt, mac Cuinn Cedcathaigh, hi righe nEreann. Cath Cind Feabrat ria macaibh Oiliolla Auluim, agus rias na tri Coirbribh (clann Conaire, mic Modha Lamha .i. Cairbre Múscc, Cairpre Riada agus Cairpre Bascain) for Dadera drai, for Nemhidh mac
Sroibcind, agus for deiscert nEreann, du hi ttorcair Nemidh, mac Sroibcinn, rí Erna Mumhan, agus Dadera Druth Dairine, do cear dna Dadera la hEogan, mac Oiliolla, do cear Nemidh, mac Sroibginn, la Cairbre Rigfhoda, mac Conaire, a ndioghail a athar .i. Conaire budein. Ro gon Cairbre Musc Lughaidh .i. Mac Con ina cholpta, gur bo bacach iaromh. Is é fáth an foranma sin mar do bhi Lughaidh taithnemhach do choin do bhí acc biathadh a coilen a ttigh a oidedh, agus do ibheadh as ballan na con remhraite, gur lean Mac con de. Aois Criost, ced nochat acuicc. Iar mbeith triocha bliadhain hi righe nEreann dArt, mac Cuinn Cédcathaigh, torchair hi ccath Moighe Mucraimhe la Mac Con go na allmarchoibh. Torcratar beos isin cath cedna maraon re hArt, meic a Sethar Saidbe ingine Cuind .i. seacht maca Oiliolla Oluim, tangatur lais i naghaidh Mic Con a nderbrathar, Eoghan Mór Dubhmerchon, Mughcorb, Lughaidh, Eochaidh, Dichorb, agus Tadcc a nanmanna, agus Béinne Briot, ri Bretan ro imir lamha forra. Torchair Beinde la Lughaidh Lagha a ccionaidh a bhráithrech. Liogairne Leacanfhoda, mac Aengusa Bailbh, mic Eathach
Finnfuathnairt, ro imbir lamha for Art isin cathsin Moighe Muccroimhe, iar ttocht do hi sochraide Mic Con. Aois Criost, céd nochat asé. An céd bhliadhain do Lughoidh, (.i. Mac Con) mac Maicniadh, hi righe nEreann. Aois Criost, da ced fiche acuig. Iar mbeith triocha bliadhain i righe nEreann do Lughaidh (.i. Mac Con), mac Maicniadh, torcair do laimh Feircis, mic Comain Ecis, iar na ionnarbadh a Temraigh do Cormac ua Chuinn. Aois Criost, da chéd fiche asé. Ferghus Duibhdhedach, mac Iomchadha, na righ ós Erinn fri ré mbliadhna, co ttorchair, hi ccath Crionna, la Corbmac ua Cuind, do laimh Logha lagha. Torcratar lais beós a da bhrathair, Ferghas Foiltleabhar, agus Ferghus Bot, tar Bregaibh, da ngoirthi Ferghus Caisfhiaclach. Is doibh ro ráidheadh:
For an aoinlicc ag Ráith cró foirtbhe na ttri fFerghusó, atbert Corbmac as gle ni chel a dae for Laighe.
I sochraide Corbmaic tainic Tadhg mac Céin agus Lughaidh don chath hishin, agus ba i tirfocraic an chatha do rata o Chorbmac do Thadhg an feronn forsa ttá Ciannachta, i Muigh Bregh, amhail as erdheirc i leabhraibh oile. Aois Criost, da chéd fiche a seacht. An ched bhliadhain do Corbmac, mac Airt, mic Cuinn Chedchathaigh, na rígh ós Erind.
Aois Criost, da chéd triochat a cethair. A hocht do Chorbmac. Ailill Olom, mac Mogha Nuadhat, ri Mumhan, dég. Aois Criost, da chéd triochat a sé. A dech do Chorbmac. Cath Granaird ria cCorbmac ua cCuinn for Ultoibh an bhliadhainsi. Cath in hEu hi Moigh Aei for Aedh, mac Eachdach, mic Conaill, rí Connacht. Cath i nEth, cath Cinn Daire, cath Srutha for Ultoibh, cath Slicche Cuailnge. Aois Criost, da chéd triochat a secht. A haon décc do Chorbmac. Cath Atha beathaig. Cath Ratha Dumha an bliadhainsi ria cCorbmac. Aois Criost, da chéd triochat a hocht. A do do dhécc do Corbmac. Cath Chuile tochair fo trí, agus trí catha hi nDubadh ria cCorbmac. Aois Criost, da chéd triochat anaoi. A tri décc do Chorbmac. Cath Allamaigh, agus secht ccatha Elne ri cCorbmac. Aois Criost, da chéd cethrachat. A cethair decc do Chorbmac. Cath Moighe Techt, agus loinges Chorbmaic tar maigh Rén (.i. tar an ffairge) an bhliadhain sin, conid don chur sin ro ghabhastairsiomh righe nAlban. Aois Criost, da chéd cetrachat a haon. A cuig décc do Chorbmac. Attiad andso catha Chorbmaic for Mumhain an bhliadhainsi. Cath Beirre, cath Locha Lén, cath Luimnigh, cath Grene, cath Clasaigh, cath Muirisc,
cath Ferta hi torchoir Eochaidh Taobhfoda, mac Oiliolla Oluim, cath Samhna hi torchair Cian, mac Aileallo Oluim, agus cath Arda caim. Orgain na hingenraighe, isin Claoinferta hi tTemhraigh, la Dunlang, mac Enna Niadh, rí Laigin. Triocha righingen a líon, agus céd ingen la gach ninghin díobh. Dá rígh décc do Laighnibh ros bí Corbmac ar galaibh aoinfhir, i ndioghail na hoirgne hisin, amailli re foshnaidhm na boramha co na tormach iar tTuathal. Aois Criost, da chéd agus cethrachat a hocht. A dó fichet do Chorbmac. Cath hi Fochaird Muirthemhne ria cCorbmac an bhliadhainsi. Aois Criost, da céd sescca a dó. A sé triocha do Chorbmac. Cath Críonna Fregabhail ria cCorbmac for Ulltoibh, du hi ttorchair Aongus Fionn, mac Ferghusa Duibhdéadaigh, rí Uladh, go nár Uladh imme. Aois Criost, da chéd seasca a cuig. A naoi triocha do Chorbmac. Guin Ceallaigh, mic Chorbmaic, agus Rechtaire Chorbmaic, agus súil Chorbmaic budhein do bhrisedh daen fhorccom la hAengus Gaibhuaibhtheach, mac Fiachach Suighdhe, mic Feidhlimidh Reachtadha. Ro bhris iaramh Corbmac seacht ccatha fors na Déisibh a ccionaidh an ghniomha sin, go ros tafainn ó a ttír, conus filid hi Mumhain. Aois Criost, da céd seascc a sé. Cetracha bliadhain do Corbmac, mac Airt, mic Cuind, hi righe nEreann go bfuair bás i cCletech iar lenmhain cnáimh
bradáin ina bhraghait, tres an siabhradh ro imir Mailgenn drai fair, iar niompodh do Corbmac ar na draoithibh fo bithin adharta Dé dó tairsibh. Conadh aire sin ro aimsigh diabhal eisiumh tre furaileamh na ndruadh go ttuc bás dochraidh dó. As é Corbmac do thracht teguscc na righ do comhda modh, bes, agus follamhnaighthe na righe. Ughdar oirdherc eisidhe i ndlighthibh, hi ccoimgnibh, agus hi senchus, ar asé ro shíol recht, riaghail, agus dirgiatadh gacha haoi, agus cecha caingne iar ccóir, conadh hé an dligheadh ro smacht for chách baoi for congbhail leo gus an aimsir freacnairc. A sé an Corbmac so, mac Airt, beos ro thionóil croinicidhe Ereann co haon mhaighin go Temraigh, gur ro forcongair forro croinic Ereann do scríobhadh in nen liubar dar bo hainm psaltair Temhrach. Ba hisin liubar sin batar coimgneadha agus comhaimsera rioghraidhe Ereann fri ríoghaibh agus impireadha an domhain, agus ríogh na ccoicceadh frí ríoghaibh Ereann. As ann dna ro scriobhadh ina ndlighfeadh rí Ereann do na coiccedhachaibh agus cios agus dlighedh na ccoicceadh o a fomhámaighthibh o tha uasal co híseal. Ba han tra baoi crioch agus torann Ereann or ind or, o thá cuicceadh co tuaith, ó thuaith co baile, agus
o baile go traighidh do thír (oirdherc na neithisi i Leabhar na h-Uidhri. As follus iatt i Leabhar Dinnsenchusa). Aois Criost, da céd seascca a seacht. En bhliadhain dEochaidh Gondat hi righe nEreann go ttorchair lá Lughaidh Mend, mac Aongusa, dUlltoibh. Aois Criost, da céd seascca a hocht. An ced bhliadhain do Cairpre Liffechair, mac Cormaic, mic Airt, hi righe nEreann. Aois Criost, dá chéd sechtmoghat a haon. A cethair do Cairbre. Tri catha ria cCoirpre for fioru Mumhan ag cosnamh cirt Laighen. Aois Criost, da ced seachtmoghat a dó. A cuicc do Coirpre. Ceithre catha la Coirbre for fiora Mumhan ag cosnamh cirt Laighen. Aois Criost, da céd seachtmoghat a sé. A naoi do Coirpre i righe nEreann. Oengus Gaibuaibhtheach do marbhadh an bhliadhainsi la cloinn Cairbre Liffechair .i. Fiacha Sraibhtine agus Eochaidh Doimhlen. Aois Criost, da céd ochtmoghat a trí. A sé décc do Cairbre. Fionn Ua Baisccne do thuitim la hAichlech mac Duibhdrenn, agus la macoibh Uirgrend, do Luaighnibh Temhrach, occ Ath Brea for Bóinn, dia ndebhradh.
Ro bith Find, ba do ghaibh, go ndiach guin, do all Aichleach mac Duibhdrend a chenn do mhac Mochtamuin. Minbadh Cailti cosccair, do bu buaidh ar cech fírgliaidh, Ro badh cosccrach las in triar ilach im chenn ind righ niadh.
Aois Criost, da céd ochtmoghat a cethair. Iar mbeith seacht mbliadhna décc hi ríghe nEreann do Cairbre Liffechair do cer i ccath Gabhra Aichle, do laimh Sémeoin, mic Cirb, do Fothortaibh iar tabhairt na fene dFiorcorb, mac Cormaic Cais, lais ind aghaidh an rígh do cosnamh Leithe Mogha fris. Aois Criost, dá céd ochtmoghat a cúicc. En bliadhain don da Fothadh ós Erinn, go ttorcair Fothadh Carpthech la Fothadh nAirgtheach. Do chear Fothadh Airccteach iar sin hi ccath Ollarbha hi Line la Caoilte.
Aois Criost, da céd ochtmoghat asé. An céd bhliadhain do righe Fiachaidh Sraibhtine ós Erinn. Aois Criost, da céd nochat a haon. An seiseadh bliadhain dFiachaidh irrighe. Cath Duibhlinde ria fFiachaidh for Laighnib. Tri catha hi Slébh Toadh, cath Smetire, agus cath Ciarmaighe ria fFiachaidh Sraibhtine bheós. Aois Criost, trí céd fiche a dó. Iar mbeith seacht mbliadhna ar triochat na righ ós Erinn dFiachaidh Sraibhtine do cear las na Collaib hi ccath Dubhchomair hi cCrich Rois i mBreaghaib. Aois Criost, trí céd fiche a trí. An ced bhliadhain do Colla Uais mac Eathach Doimhlén na righ ós Erinn. Aois Criost, trí céd fiche asé. An cethramadh bliadhain do Colla Uais hi righe nEreann go ros ionarbh Muiredhach Tireach eisiomh co na bhraithribh i nAlbain go ttríbh cédaibh maraon riu. Aois Criost, trí céd fiche a seacht. An céd bhliadhain do Muiredhach Tirech hi righe nEreann. A bfoircend na bliadhna so tangatar na tri Colla go hErinn, agus ní ro mair dia sochraide acht trí naonbhair nama. Do deochatar din go Muireadhach iar na tteagascc do draidh. Ro baigset fris, agus ro raidseat droichbhriathra corus marbhadh, agus corbadh fair tuairseadh ind fiongal. Onat etaiset tairiset oca, agus robtar gora dó.
Aois Criost, trí céd triocha a haon. An cúicceadh bliadhain do Muireadhach. Cath Achaidh leithdeircc hi Fernmoigh las na tríbh Collaibh for Ulltuibh, du i ttorchair Fergus Fogha, mac Fraechair Fortriuin, tiughfhlaith Uladh i nEamhain in Fergus hisin. Ro loiscset iaromh Eamhain, agus nís aittreabhsat Ulaidh innte osén. Tallsat for Ultoibh beos don cúicceadh ó Righe agus Loch nEathach siar. Do cer Colla Meann isin cath sin. Aois Criost, trí céd caocca a sé. Iar mbeith triocha bliadhain hí righe nEreann do Muireadhach Tíreach do cear la Caolbhadh, mac Cruinn, rin Uladh, oc Port Righ uas Dabhall. Aois Criost, trí céd caocca a seacht. Iar mbeith aon bhliadhain i righe nEreann do Caolbhadh, mac Cruinn Badhrai, do cear la hEochaidh Muighmeadhoin. Aois Criost, trí céd caocca a hocht. An céid bhliadhain dEochaidh Muighmeadhon hi righe ós Erinn. Aois Criost, trí céd seascca a cúicc. An tochtmadh bliadhain dEochaidh Muighmhedhoin, mic Muiredhaigh, Tirigh ós Erinn go nerbailt i tTeamhraigh. Aois Criost, trí céd seascca a se. An ced bhliadhain do Criomhthann, mac Fiodhaidh, mic Daire Cerb, os Erinn. Aois Criost, trí céd seachtmoghat a hocht. Iar mbeith tri bliadhna
décc na righ ós Erinn do Criomhthann, mac Fiodhaigh, atbail do digh neimhe tucc Moingfhionn a hsiuir feisin dó. Aois Criost, trí céd sechtmoghat a naoi. An céd bhliadhain do Niall Naoighiallach, mac Eathach Moighmhedhoin, hi righe nEreann. Aois Criost, ceithre céd a cúicc. Iar mbeith seacht mbliadhna fichet na righ ós Erinn do Niall Naoighiallach, mac Eathach Moighmhedhoin, do rochair la hEochaidh, mac Enna Cendsealaigh, occ Muir nIocht .i. an mhuir edir Franc agus Saxain.
Aois Criost, ceithre céd fiche a hocht. Iar mbeith tri bliadhna fichet i righe nEreann do Dathí, mac Fiachrach, mic Eathach Moighmheadhoin, torchair do saighit gealain ag Sleibh Ealpa. Aois Criost, ceithre céd triocha. An dara bliadhain do Laoghaire. Is in mbliadhainsi ro faoidh an céd Celestinus Papa Paladius epscop dochum nEreann do shíoladh creidmhe dEirennchoibh, agus tainic i ttír i ccrích Laighen, da fher décc a lion. Ro diult Nathi mac Garrchon roimhe, ar a ai ro bhaist uathadh daoine i ttir nEreann, agus ro fhothuigheadh teora heccailsi crainn lais, Cell Fhini, Teach na Romhan, agus Domhnach Arta. A cCill Fhine ro faccaibh a liubhra, agus an comhra go ttaisibh Póil, agus Pedair, agus martirech niomdha noile. Ro fháccaibh an cethrar so is na heccailsibh ishin dia eis, Augustinus, Benedictus, Siluester, agus Solonius. Ag tionntudh do Phalladius for ccul do Roimh (o na fuair airmittin i nErinn) dos fairidh galor i ttíribh Cruithnech co nerbailt de. Aois Criost, ceithre céd triocha a haon. An tres bhliadhain do Laoghaire. Ro hoirdneadh naomh Pattraicc i nespuccoide lasa naomh Papa, an ced
Celestinus, ro furail fair tocht dochum nEreann, do shenmóir agus do proicept credmhi agus crabhaidh do Gaoidhealaibh, agus dia mbaitseadh idir. Aois Criost, ceithre ched triocha adó. An ceathramhadh bliadhain do Laoghaire. Pattraic do theacht i nErinn an bliadhainsi, go ro gabh for baitseadh agus beannachaigh Ereann, fiora, mna, maca, agus ingena, cén mó tá uathadh na ro fhaomh baitsiodh na creideamh uadh, amhuil aisnedheas a bheatha. Ath Truim do fothúghadh la Patraicc iar na edhpairt do Fhedhlim, mac Laeghaire, mic Nell, do Dhia, dosomh, do Lomman, agus do Fortchern. Flann Mainistrech cecinit.
Pádruig, ab Eireann uile, mac Calprainn, mic Fotaide, mic Deisse, nar dóigh do liudh, mic Cormuic Mhóir, mic Leibriuth, mic Ota, mic Orric mhaith, mic Moiric, mic Leo in lanraith, mic Maximi, mairg na sloinn, mic Encretta aird alaind, mic Pílist is ferrar aig cach, mic Fereni gan ansath, mic Brittain, dobhra in mara, o tait Bretain bruthmhara, Cochnias a mhathair malla, Nemthor a bhaile bagha, don Mumhain ni cael a chuid, ro saor ar puthair Pádraig.
Aois Criost, ceithre céd triochat a cethair. An seiseadh bliadhain do Laoghaire. Loarn mac Eachach Muinremhair do ghenedh. Aois Criost, ceithre céd triocha a cúig. An seachtmadh bliadhain do Laoghaire. Breasal Belach, mac Fiacha Aicedha, mic Cathaoir Móir, (ri Laighean) dég. Aois Criost, ceithre ced triocha a sé. An tochtmhadh bliadhain do flaithios Laoghaire. Aois Criost, ceithre chéd triochat a seacht. An naomhadh bliadhain do Laoghaire. Fiondbharr mac ua Bairdene décc. Aois Criost, ceithre céd triocha a hocht. An dechmhadh bliadhain do Laoghaire. Seanchus agus Feneachus na hEreann do ghlanadh agus do scriobhadh, ar tteclamadh screaptradh agus seinleabhar nEreann co haon maighin, ar impidhe Naomh Patraicc. Atiad andso naoi sailghe fothaightheacha las a ndernadh indsin. Laoghaire (.i. ri Ereann), triur ríogh, Padruicc, Benen, agus Cairnech an triur naomh, Ros, Dubhthach, agus Ferghus an triur seanchadh, amhail dhearbhas an rann.
Laoghaire, Corc, Daire dúr, Padraicc, Benen, Cairnech cóir, Ros, Dubthach, Feargus go febh, naoi sailghe sen senchais móir.
Aois Criost, ceithre céd ceithracha. An dara bliadhain décc do Laoghaire. Maine, mac Néll Naoighiallaigh, décc. Aois Criost, ceithre chéd cethracha a cethair. An seiseadh bliadhain décc do Laoghaire mac Néill isin Righe. Aois Criost, ceithre céd, cetracha aseacht. Anaoi décc do Laoghaire. Secundinus .i. Seachnall, mac ua Baird, mac sethar Patraicc .i. Dairerca, epscop Arda Macha, cúicc bliadhna sechtmoghat a aois an tan ro faoidh a spirat .i. 27 Nouember. Aois Criost, ceithre ced cethracha a hocht. An fichetmhadh bliadhain do Laoghaire.
Muinnter Phadruig na patter, accá raibhe ro Laitten, Meabhra lim, ni cuirt cranna, a nuirt is a nanmanna. Sechnall a espog gan acht, Mochta ar sein a shagart,
Espog Erc a breitheamh binn, a threinfhear Espog Maccaeirthinn. Benen a shailmcheatlaidh saer, agus Coemhán a mhacaemh. Sinell a fer bein in chluic, agus Aithcen a fhir chóic. Cruimhther Meascan gan bine, a chara sa chirpsire. Cruimhther Bescnait, binne a rainn, sagart meise mic Alpraind. A thri gabhaind, gasta a ndealbh, Macecht, Laebhan, is Fortchearnd. A thri cerda, fa mor rath, Aesbuite, Tairill, agus Tasach.
A thri druinecha nach dis, Lupaid, Erca, Cruimthiris. Odhran a aragan oil, Rodan, mac Braga a bhuachail, Ippis, Tigris, is Erca, agus Liamhain la Eibeachta, Padruig ros forran an dhecra, dóibh ro ba tearbh fhearta, Cairniuch sagart ron bhaist, German a oide can aisg, Cruimhther Manach fa mor rath, a fer coir ra connadach. Mac da siar banban co mblaidh, Martain bráthair amháthar. Rapa ro got ar oglach, Mochonnoc a chomhgarmach.
Cribri is Lasra na leand, ingheana glana Glegrand, Macraidh car sai abhir ar Erc, ra tharngair re na tri uidheacht Brogan sgribnidh a scoile, Cruimhther Loga a luamaire. Nocha ne ní nach canta, agus Machui a fhirdalta Maith fear damsat muinnter mhór da dard Dia bachaill cen bhron, Flaithi ca cluinnter na cluic, muinnter maith muinter Phadruig. In Trinóid istrean ar chuch dailea duind maith morgrath Righ ran foem tre aittin mbuic, ra soer do phattir Padruig.
Aois Criost, ceithre céd cetrachat anaoi. Bliadhain ar fichit do Laoghairi. Amhalgaoidh, mac Fiachrach, mic Eachach Muidhmhedhoin, diobaidh. Uaidhe Tir nAmhalgaidh. Aois Criost, ceithre céd caocca a trí. An cuicceadh bliadhain ficheat do Laoghaire. Cathsraeineadh mor ria Laoghaire mac Nell for Laighnibh. Aois Criost, ceithre céd caocca a cethair. A sé fichet do Laoghaire. Feis Teamhra la Laoghaire, mac Néll.
S. Usaille Espucc a Chill Usaille hi Life (décc) xxvii August. Aois Criost, ceithre céd caocca asé. A hocht fichet do Laoghaire. Enda, mac Cathbhadha, décc. Aois Criost, ceithre céd caoga a seacht. A naoi fichet do Laoghaire. Cath Atha dara ria Laighnib for Laoghaire, mac Nell. Ro gabhadh dna Laoghaire isin cath sin, agus do rad Laoghaire ratha gréne agus gaoithe, agus na ndul do Laighnibh nach tiocfadh forra tria bithu, ar a legadh uadha. Ard Macha dfothuccadh lá Naomh Patraicc iar na edhbairt do ó Dhaire mac Fionnchadha mic Eoghain mic Nialláin. Ro hoirdnedh da fhir dhécc lais fri cumhdach an bhaile. Ro thionchoiscc dhóibh cetus, cathair airdepscoip do dhenamh isuidhe, agus ecclus do mhanchaibh, agus do chailleacha, agus durdaibh oile archena doigh ro fhindsiomh combadh si budh cenn, agus budh cleithe deccailsibh Erenn a coitchinne. Sean Patraicc do faoidhedh a spioraide.
Aois Criost, ceitre ced, caocca a hocht. Iar mbeith deich mbliadhna fichet hi righe nEreann do Laoghaire mac Nell Naoighiallaigh atbath i ttaobh Caissi deir Erinn agus Albain .i. da cnoc iadsidhe filet in Uibh Faoláin, agus grian agus gaoth ros marbhsomh ar ra sharaigh iad. Conidh do sin atbert an fili,
Atbath Laoghaire mac Nell for taob caissi glas a tír duile dé adraegaid raith tucsat dail mbais forsan righ.
Aois Criost, ceithre ced caocca anaoi. An ceid bhliadhain dOilill Molt, mac Dathi, mic Fiachrach, hi righe nErenn. Aois Criost, ceithre céd seascca a dó. An cethramhadh bliadhain dOilill. Domhangort mac Nissi décc. Aois Criost, ceithre chéd seasca atrí. An cúicceadh bliadhain dOilill. Feis Teamhra la hOilill Molt an bhliadhainsi.
Aois Criost, cethre chéd sescca a cethair. An seiseadh bliadhain dOilill. Cath Dumha Aichir ria Laighnibh for Ailill Molt. Conall Gulban, mac Neill Naoighiallaigh, (o ttátt Cenel cConaill) do mharbhadh la sen tuathaibh Maighe Slecht iar na foghbháil i mbaoghal, agus a adhnacal i fFiodhnach Mhaighe Réin, la Naomh Caillin, amhail aisnéidhes beatha an naoimh rémhraite. Aois Criost, ceithre chéd seasccat a cúicc. An seachtmhadh bliadhain dOilill Molt. Feis Teamhra la hOilill Molt. Eoghan, mac Neill Naoighiallaigh, (ó ttatt Cenel nEoghain), décc do chumhaidh Chonaill Ghulban, mic Neill Naoighiallaigh, agus a adhnacal i nUisge chaoín i nInis Eoghain, dia nebradh.
Atbath Eoghan, mac Néill, re deoraibh, bá maith a mhaoin, tré écc Chonaill na ccleas ccruaidh, go ffuil a uaigh i nUiscce chaoin.
Criomhthann, mac Enda Censelaigh, rí Laighen, do mharbhadh lá mac a inghine budhéin, .i. Eochaidh Guinech do Uibh Bairrche. Aois Criost, ceithre chéd seascca a sé. A hocht dOilill. Feis Teamhra la hOilill Molt. Aois Criost, ceithre chéd seascca a seacht. Anaoi dOilill Molt. Benen, mac Seisccnein, epscop Arda Macha, do fhaoidhedh a spioraitte.
Aois Criost, ceithre chéd seascca a hocht. A haon ndécc dOilill. Dornghal Brí Ele for Laighnibh ria nOilill Molt. Aois Criost, ceithre chéd seachtmoghatt. An dara bliadhain décc dOilill. Cath Dumha Aichir for Ailill Molt ria Laighnibh. Aois Criost, ceithre chéd seachtmoghatt adó. An cethramhadh bliadhain décc dOilill. Toca, mac Aodha, mic Senaigh, taoiseach Criche Cualann hi Laighnibh décc. Aois Criost, ceithre chéd seachtmoghat a cethair. A sé décc dOilill. Eirc, mac Eachach Muinreamhair, décc. Aois Criost, ceithre céd seachtmoghat a cúicc. A seacht décc dOilill. Conall Cremhthoinn, mac Nell Naoighiallaigh, or chinset clanna Colmain agus Síol Aodha Slaine décc. Aois Criost, ceithre céd seachtmoghat asé. A hocht décc dOilill. Cath Granaird ria nEochaidh, mac Coirpre, mic Oililla, mic Dunlaing, mic Enda Niadh, for righ Laighen, Fraoch, mac Fionnchadha, mic Garrchon, mic Fothaidh, mic Eachdach Lámhdóidh, mic Mesin Cuirb, agus do cher Fraoch isuidhe. Aois Criost, ceithre céd seachtmoghat a hocht. Iar mbeith fiche bliadhain
hi righe nEreann dOilill Molt, mac Dathi, mic Fiachrach, do chear i ccath Ocha la Lughaidh, mac Laoghaire, la Muirchertach mac Earcca agus la Ferghus Cerrbel, mac Conaill Cremhthainde, agus la Fiachra, mac Laoghaire, ri Dal nAraidhe, agus la Cremhthann, mac Enda Cennselaigh ri Laighen. As don chur sin do rata dFiachra na Leé agus Cairloegh i ttiorfocraicc in catha. As don cath sin atbert Becc mac Dé.
Mor chath Ocha fearsaitir imoralta catha ile for Oilill Molt, mac Nathí, meabaidh ria nDál Araidhe.
Aois Criost, ceithre chéd sechtmoghat anaoi. An céd bhliadhain do Lughaidh, mac Laoghaire, ós Erinn i righe. Aois Criost, ceithre chéd ochtmoghat. An dara bliadhain do Lughaidh. Cath Granaird a ttír Laighen eitir laighnibh feisin, dú in ro marbhadh Fionnchadh, tigherna Ua Cennsealaigh, la Coirpre. Aois Criost, ceithre céd ochtmhoghat ahaon. An treas bhliadhain do Lughaidh. S. Iarlaithe, mac Trena, epscop Arda Macha, do fhaoidedh a spioraite.
Aois Criost, ceithre céd ochtmoghat aseacht. An naomhadh bliadhain do Lughaidh. Mel, Easpoc Ardachaidh i tteathbha, deiscipul Patraicc, décc. Aois Criost, ceithre céd ochtmoghat a hocht. An deachmhadh bliadhain do Lughaidh. Cianán, espoc Doimhliacc, décc. Aois Criost, ceithre céd ochtmoghat anaoi. An taonmhadh bliadhain dég do Lughaidh. Maccaille espoc décc. Aongus, mac Natfraoich, rí Mumhan, do thuitim hi ccath Chellosnadh la Muircertach Mac Earca, la hIollann mac Dunlaing, la hAilill, mac Dunlaing, agus la hEochaidh nGuinech dia nebradh,
Atbath craobh, dosbhile nóir, Aongus molbhthach, mac Natfraoich, Faccbhadh la hIlland a rath hi ccath Cell Osnadha claoin.
Cath Taillten for Laighnibh ria cCoirpre, mac Néll. Aois Criost, ceithre céd nochot adó. An cethramhadh bliadhain décc do Lughaidh. Cath Slemhna, hi Midhe, ria cCoirbre, mac Neill, for Laighnibh. Aois Criost, ceithre céd nochat atri. An cuicceadh bliadhain décc do Lughaidh. Patraicc, mac Calpuirn, mic Potaide, airdeaspuc, ceitt priomhaidh agus ardapstol Ereann, do chuir an céd Celestinus Papa do phroichept soiscela, agus do shíoladh irsi agus crabhaidh do Ghaoidhealaibh, - asé ro etarsccar
iaidsidhe fri hadhradh iodhal agus arracht, ro chosccair agus ro choimbhris na hiodhla batar aga nadhradh aca. Ro indarb deamhna agus droch spirada uaidhibh, agus tucc iad ó dhorcha peacaidh agus doailche co soilsi creidimh agus caoinghníomh, ro threoraigh agus ro shédaigh a nanmanna o dhóirsibh ifrinn (gus a mbatar ag dul) go dóirsibh flatha nimhe. Ase dna ro bhaist agus ro bhendaigh fir, mna, maca, agus inghena Ereann, co na ttíribh agus co na ttreabhaibh, etir uiscce agus inbher muiridh. As leis do rónadh cealla, mainistrecha, agus ecclasa iomdha sechnón Ereann. Seacht ccéd ceall a líon. As leis céttus ro hoirdneadh epscoip, sacairt, agus aos gach gráidh ar chena, secht gced epspoc agus trí mhíle sagart a líon. Do roine ferta agus mírbhaile iomdha, co ná cumhaing aiccnedh daonna a chuimhniúghadh na a foraithmhet an do righene do mhaith is na talmannaibh. O ro comhfoiccsigh aimsir eitsechta naomh Patraicc hi Sabhall, ro thochaith corp Chriost a lámhaibh an naoimh epscoip Tassach, isin 122 a aoisi, agus ro fhaidh a spirat do chum nimhe. Ro bai comhthóccbháil catha agus adhbhar easaonta isin cuicceadh ag imresain im corp Patraic iar na eccuibh. Uí Néill agus Airghialla acc triall a thabhairt
go hArdmacha, Ulaidh acca fhostadh aca fadein, go ndechattar Ui Néill agus Airghialla go alaile uiscce, go ttuargaibh an abhann friú, co ná ro chumhaingset techt tairsi lá méd a tuile. O do choidh an tuile for ccula do dheachatar na sloigh fo combaigh .i. Uí Néill agus Ulaidh do bhreith chuirp Patraicc leó. Asedh tarfas lá gach ndruing díobh co mbaí an corp leo budhéin dochum a ttire, go ro edarsccar Dia iad gan troid gan tachar fon ionnus sin. Ro hadhnacht iaramh corp Patraic go nonoir agus go nairmittin moir, i nDún da leathglas, agus na dí oidhce décc ro batar na sruithe ag faire an chuirp, co psalmaibh agus hymnaibh, ni baí oidhce i Muighinis, ina is na ferannaibh comhfoiccsibh (an darleó) acht amhail bidh soilsi an laoi lansholais ro ionorchaidh ann do ghrés. As do bhliadhnaibh bais naomh Patraicc atrubradh.
O Genar Criost, áirimh ait, .cccc. sic for caomh nochait, teora bliadhna fair iarsoin, go bás Patraicc priomhapstoil.
Aois Criost, ceithre céd nochat a cethair. A sé décc do Lughaidh. Cath Cindailbhe ria cCoirbre, mac Nell, for Laighnibh. Aois Criost, ceithre céd nochat asé. Mochaoi, abb nAondroma, décc
an treas la ficheat do mí Iun. Cath Droma Lochmaighe ria Laighnibh for Uibh Nell. Corbmac a Crich in Ernaidhe epscop Arda Macha, comharba Patraicc, do faoidhedh a spioraitte. Aois Criost, ceithre céd nochat a seacht. A naoi décc de Lughaidh. Cath Inde Moire hi cCrich ua nGabhla for Laighnibh, agus for Iollann, mac Dunlaing, la Muirchertach mac Earca. Aois Criost, ceithre céd nochat a hocht. An fichetmhadh bliadhain do Lughaidh. Fergus Mor, mac Eirc, mic Eathach Muinreamhair, co na bhraithribh do dhul ind Albain. Aois Criost, ceithre céd nochat a naoi. A haon fichet do Lughaidh. Cearban easpoc, ó Fiort Cearban oc Teamhraigh, décc. Cath Seaghsa ria Muircertach mac Erca for Duach Tengumha, ri Connacht. Iseadh fochann an chatha .i. Muirchertach ro bai hi rathaighius etir in rí agus Eochaidh Tiormcharna, a brathair, go ro gabhadh Eochaidh for comairce Muirchertoigh. Ceannfaoladh asbert da dhearbhadh.
Cath Seghsa ben do mnaibh fodruair, ro boí crú derg dar cruisigh, la Duisich, ingin Duaich. cath Dealcca, cath Mucramha acus cath Tuama Drubha, la cath Seghsa, hi ttorcair Duach Tengumha.
For Connachtaibh ro sraoineadh na catha hisin. Aois Criost, cuicc céd. An dara bliadhain fichet do Lughaidh. S. Ibhar espuc, décc an tres la fichet do mí April. Ceithre bliadhna ar tri céd fod a shaoghail. Cath Lochmaighe ria Laignibh for Uibh Nell. Aois Criost, cuicc céd a haon. A tri fichet do Lughaidh. Cath Fremhainne hi Midhe for Fiachaidh, mac Nell, ria fFailge Berraidhe, dia nebradh an rann,
In rí aile asmberaidh Fiacha, mac Nell, ní celaidh, As fair, tar cremla cile, cath Freamhna Midhe meabhaidh.
Aois Criost, cúicc céd a trí. Iar mbeith cúig bliadhna fichet i righe Ereann do Lughaidh, mac Laoghaire, torchair i nAchadh Forcha, iar na bém
dforcha tenntighe, tre miorbailibh De, tres an dímiadh tuccustoir do Pattraicc, amhail a deir an rann so:
A nAchadh farcha ughrach, bás mhic Laogaire Lughach, Gan molbhtha tall na sonn, de do forcha trom teinntighe.
Eochaidh, mac Muiredhaigh Muindeircc, ri Uladh, decc. Aois Criost, cúicc céd a cethar. An céid bhliadhain do Muirchertach, mac Muiredhaigh, mic Eoghain, mic Néll, na righ ós Erinn. Aois Criost, cúicc céd asé. An treas bhliadhain do Mhuirchertach. Iollann, mac Dúnlaing, ri Laighen, décc. Cath Luachra ria Coincorb for Uibh Néill. As do ro raidhedh:
Cath lonn Luachra, uasa tuas, atces Brighit, ni frith fás, flannchath Fionnabhrach ba huas im corp nIollainn iar na bhás.
Aois Criost, cuig céd aseacht. An cethramhadh bliadhain dho Muirchertach. Cath Droma dergaighe for Foilghe mBerraidhe, ria fFiachaidh mac Néll.
As la Cinel Fiachaidh an feronn o Cluain in dibair co hUisnech osin ille, amhail asbert Cendfaoladh
Dighal Dia seacht mbliadhan, ba si dighde a cridhe cath i nDromm dergaighe ba dhe do cer magh Midhe.
Aois Criost, cuig céd a haoin ndécc. A hocht do Mhuirchertach. S. Bron epscop o Cúil Iorrae, i cCondachtuibh, décc, an tochtmhadh lá do mí Iun. Aois Criost, cuig céd a dó dég. A naoi do Muirchertach. S. Earc Slaine espucc Lilcaigh, agus ó Ferta fer fFeig i ttaobh Sídhe Truim aniar, do écc, an dara lá do mhí Nouembris. Deich mbliadhna ar cheiththre fichtib a
aois an tan thesta. As e an tespucc Eirc sin ro ba breithemh do Phattraicc. As dó roine Patraicc an rand so.
Espucc Erc, - gach ní conceartadh ba cert, gach aon beireas coicheart cert fortraibh endacht beaspuic Erd.
Dubhthach .i. a Druim derbh espucc Ardmacha do fhaoidhedh a Spioraitte. Aois Criost, cuig céd atrí décc. An dechmhadh bliadhain Mhuirchertaigh. S. Macnisi .i. Aonghas espucc Connere, décc antreas la do Nouember. Cath Dedna, i nDromaibh Breagh, ria Muirchertach mac Earca, agus ria cColgu, mac Loiti, mic Cruinn, mic Feidhlimidh, taoiseach Airghiall, dú in ro marbhadh Ardghal, mac Conaill Cremhthainne, mic Néill. Aois Criost, cúig céd a seacht dég. A cethair décc do Muircheartach. S. Darerca Cille Slébhe Cuilinn, dar bainm Moninde décc 6 Iulii. Naoi fichit bliadhain fod a shaoghoil dia nebradh.
Naoi fichit bliadhain mole, do reir riaghla gan time, gan baes, gan béd, gan baoghal, ba he saoghal Moninde.
Aois Criost, cuig ced anaoi décc. A sé décc do Mhuirchertach. S. Condlaedh, epscop Cille dara, cerd Brighde, décc 3. Maii. Aois Criost, cúig céd fiche a haon. A hocht décc do Mhuirchertach. S. Buite, mac Bronaigh, espucc Mainistre, décc 7.December.
Buite bratha brí co mblaidh, tí cech tratha dom cobhair, Geal ghlach go ngloraibh ngluinn ngloin, degh mac Bronaigh, mic Bolair.
Aois Criost, cúicc céd fiche a trí. An fichetmhadh bliadhain do Muirchertach. Beoaidh, espucc Arda carna, décc, an tochtmhadh la do Marta. Eochaidh, mac Aonghusa, righ Mumhan, décc. Aois Criost, cuig céd fiche a cethair. A haon fichet do Muircheartach. Cath Atha Sighe ria Muirchertach for Laighnibh, dú in ro marbhadh Sighe, mac Dein, conadh uadha a derar Ath Sighe. Aois Criost, cuig céd fiche a cuicc. A dó fichet do Muircheartach. S. Brighit ogh, banab Chille Dara (décc). As disidhe cetus ro hiodhbradh Cill
dara, agus ba lé conrodacht. Así Brighit tra ná tucc a meanmain ná a hinntheifimh as in coimdheadh eadh naonuaire riamh acht a siorluadh, agus a siorsmuaineadh do grés ina cridhe agus menmain, amhail as errderc ina bethaidh fein, agus i mbethaidh naoimh Brenainn, espucc Cluana ferta. Ro thochaith imorro a haimsir acc foghnamh go diochra don coimdhe, ag denomh fert agus miorbhal, ag slánucchad gach galair agus gach tedhma archena, amhail aisnéidhes a betha, go ro faoidh a spirat do chum nimhe, an céd lá do mí Febhru, agus ro hadhnacht a corp i nDún i naon tumba la Patraicc, co nonoir agus co nairmidin. Ailill, epscop Arda Macha, do Uibh Breasail dosidhe, do écc. Aois Criost, cuicc ced fiche ase. An treas bhliadhain fichet do Mhuirchertach. As do thairrngire báis Mhuircheartaigh adbeart Cairneach.
As am uamhon ar in mbein, ima luaidhfe ilor Sin, Ar fhiur loisccfidher i ttin, for taoibh Cletigh báidhfir fin.
.i. la Sín ingin Sighe dorochair Muircertach, i ccionadh a hathar ro marbhsomh.
Cath Eibhlinne ria Muirchertach mac Earca, cath Moighe hAilbhe, cath Almhaine, cath Cinneich, agus orccain na cCliach, cath Aidhne, for Connachtaibh, conadh do na cathaibh sin atbert Ceandfaoladh.
Cath Cinn eich, cath Almhaine, ba haimsir airdherc aimhre, orccain Cliach, cath Aidhne, acus cath Maighe hAilbhe.
Cairell, mac Muireadhaigh Muindeircc, ri Uladh, décc. Oilill, mac Dunlaing, ri Laighen, do écc. Aois Criost, cúicc céd fiche aseacht. Iar mbeith ceithre bliadhna fichet i righe nEreann do Muirchertach, mac Muiredhoigh, mic Eoghain, mic Néill Naoighiallaigh, ro loiscceadh é i ttig Cletigh uas Bóinn, oidhche Shamhna iar na bhátadh hi ffín. Sín atbert an rann.
As mesi Taeten in ghen do cher aireach Néll, As Gannadhaigh mo ainm, in gach airm as rén.
Cendfaoladh ro raidh:
Fillis an rí mac Earca alleith Ua Neill, Firt fuil ferna in gach moigh, Broghais criocha hi ccén.
Fo seacht ferais no chairpthi, acus bidh cian bus cumhan, Do bert gialla Ua Néill, la gialla moighe Mumhan.
Aois Criost, cúig céd fiche a hocht. An céd bhliadhain do Tuathal Maolgarbh, mac Corbmaic Caoich, mic Coirpre, mic Neill, i righe nEreann. Cath Luachra móire etir da inbher, fris a raiter cath Ailbhe i mBreghaibh, ria ttuathal Maolgarbh, for Ciannachtaibh Midhe. Aois Criost, cuicc céd triocha a haon. An ceathramhadh bliadhain do Tuathal. Cath Claonlocha hi cCenel Aodha ria nGoibhneann, taoisioch Ua Fiachrach Aidhne, airm in ro marbhadh Maine, mac Cerbhaill, ag cosnamh geillsine Ua Maine Connacht. Aois Criost, cuig céd triocha a cethair. An seachtmhadh bliadhain do Tuathal. S. Mochta, espucc Lughmhaigh, descipul Patraig, an naomhadh lá décc do mí Agust ro faoidh a spirat do cum nimhe, as fair tuccadh an tuarusccbáil si.
Fiacail Mochta ba maith bés, trí chéd bliadhain, buan an cís, Gan guth niomrail sece suas gan mir nionmair sece sios.
Tri fichit seanóir psalmach, a theglach rioghdha remeann, Gan ar, gan buain, gan tíoradh, gan gniomhradh, achtmadh léighionn. Fear trí fichit fer trí céd arcafuin as sean an dét, Ní mó cin ógan fo ghail, is aithfidhe an seinfhiacail.
Aois Criost, cúicc céd triocha a cuig. An tochtmhadh bliadhain do Tuathal. Eaclais Doire Calgaigh do fhothughadh la Colom Cille, iar nedhbairt an bhaile do dia derbfhine fén .i. Cenel cConaill Gulban mic Néll. Corbmac, mac Oililla, ri Laighen, décc. Oilill, epscop Arda Macha, do écc. Do Uibh Bresal doisidhe bheos. Aois Criost, cúicc céd triocha a seacht. An deachmhadh bliadhain do Tuathal. S. Lughaidh, espucc Connere, décc. Cath Sligighe ria bFergus agus ria nDomhnall, da mac Muirchertaigh, mic Earcca, ria nAinmire, mac Sédna, agus ria nAindidh, mac Duach, for Eoghan Bel, ri Connacht. Ro meabhaidh an cath rempa, do rochair Eoghan Bél, dia nebradh indso.
Fichter cath Ua Fiachrach, la feircc faobhair, tar imBel, Gesis buar namhat fri slegha, sretha in cath i Crinder.
Ar celt Slicech do mur már fuile fer lia feóil Bertait ilaigh tar Ebha, im chend nEoghain Beóil.
Aois Criost, cúicc céd triocha a hocht. Iar mbeith aon bhliadhain décc hi ríghe nEreann do Tuathal Maolgarbh, mac Corbmaic Caoich, mic Coirpre, mic Néll, torchair i nGreallaigh eillte la Maolmór, mac Airgedain, oide Diarmoda mic Cerbhaill esidhe, agus do rochair Maolmór ind fo chédor, dia nebradh,
Echt Maoile móir nad mall, ní gníomh cóir ro cind, Marbhadh Tuathoil tréin, adrochair fein inn.
Aois Criost, cúicc céd triocha a naoi. An céid bhliadhain do Diarmaitt, mac Ferghusa Ceirrbheoil, i righe nEreann. Dichendadh Abacúc i naonach Tailten tre miorbhailibh De agus Ciaráin .i. luighe néithigh do radsomh fo láimh Ciarain, co ro gabh aillse for a mhuinél (.i. as for a muinel ro fuirimh Ciaran a lamh) co torchair a cheand de. Aois Criost, cúig céd cethracha a haon. An treas bhliadhain do Diarmait. S. Ailbhe, airdespoc Imlich Iubhair, décc an dara la décc do September. Aois Criost, cuicc céd ceathracha a trí. An cuigeadh bliadhain do Diarmait. Pláigh egsamhail choitchenn ar fedh na cruinne, gur sgrios an trian bú airmhidnithe don chinedh daonna. Aois Criost, cúicc céd cethracha, a cethair. An seiseadh bliadhain do Diarmait. S. Mobhí Claraineach .i. Berchan ó Glais Naidhen, for bhrú abhand Liffe, don leith i ttuaidh, décc, an dara la décc do mí October. Cath Cuile Conaire i cCera ria bFherghus agus ria nDomhnall dá mac
Muirchertaich mic Earcca, for Ailill Inbhanda, rí Condacht, agus for Aodh fFortamhail, agus torchair Ailill agus Aodh ann. Aois Criost, cúig céd cethracha a cúig. An seachtmhadh bliadhain do Diarmait. S. Ailbhe Senchuae Ua nOiliolla décc. Aois Criost, cúig céd cetracha asé. An tochtmhadh bliadhain do Diarmaitt. Cath Cuilne in ro marbadh sochaidhe do Chorc Oiche tria ernaidhe n-Ide Cluana creadhail. Fothadh mac Conaill décc. Cairpre, mac Corpmaic, ri Laighen, do écc. Aois Criost, cuig céd cethracha a seacht. An naomhadh bliadhain do Diarmait. Ri Uladh, Eochaidh, mac Condlaidh, mic Caolbhaidh, mic Cruinn Badhrai, décc. Toiseach Teathbha, Criomthann, mac Briuin, décc. S. Dubhthach, abb Arda Macha, do écc. Do shíol Colla Uais dosidhe. Aois Criost, cúig céd cetracha a hocht. A deich do Diarmaitt. S. Ciaran mac an tsaoir, ab Cluana mic Nóis, décc an naomhadh lá do September. Tri bliadhna triocha fot a shaoghail.
S. Tighernach, easpoc Cluana heoais, do dol décc an cethramhadh dApril. S. Mac Tail Cille Cuilinn (.i. Eoghan mac Corcrain) décc, an taonmhadh lá décc do mí Iún. S. Colum mac Criomhthainn décc. S. Sincheall sen, mac Cenandáin, abb Cille achaidh Droma foda, do dhol décc an seiseadh lá fichet do Márta, triocha ar tri céd bliadhain fod a shaoghail. S. Odhrán, o Leitriochaibh Odhráin, décc an dara lá do mí October. S. Findén, abb Cluana hEraird, oide naomh Ereann, décc, 12 December. S. Colaim Innsi Cealtra décc. Don mortladh dar bo hainm an Chron
Chonaill, agus ba hisidhe an chéd Buidhe Chonaill, atbathsat na naoimh sin, acht Ciaran agus Tighernach. Bas Eathach, mic Connlo, rígh Uladh, a quo Uí Eathach Uladh. - Tighernach. Aois Criost, cuig céd caocca. A dó décc do Diarmaitt. Dauid mac Guaire Uí Forannáin, epscop Arda Macha, agus Legaitt na hEreann uile, do écc. Aois Criost, cúig céd caocca a haon. A tri décc do Diarmaitt. S. Neasan Lobhar décc. Feargna, mac Aonghusa, rí Uladh, do marbhadh hi ccath Droma cleithe la Déman, mac Cairill, agus la hUibh Eathach nArda. Aois Criost, cúig céd caocca a dó. A cethar décc do Diarmaitt. Eaccluis Bendchair do fothughadh la Comhgall Bendchair. Feis Temhra do dhenamh la righ Ereann, Diarmaitt, mac Fergusa Cerrbheoil. Marbhadh Colmain Móir, mic Diarmata, ina charpat la Dubhshloit hUa Trena do Chruithneachoibh.
Aois Criost, cuig céd caocca a tri. A cúig décc do Diarmaitt. Atces Breanainn Biorra ag dol i roth isin aier an bhliadhain si. Cluain ferta do fhothughadh la naomh Brenainn. Aois Criost, cuig céd caoga a cethair. An seiseadh bliadhain decc do Diarmaitt. S. Cathub, mac Fergusa, abb Achaidh cinn, décc 6. April. Caocca ar céd bliadhain fod a shaoghail. Feis dédheanach Teamhra do dhenamh la Diarmaitt, righ Ereann. Curnan, mac Aodha, mic Eathach Tiormcharna, .i. mac righ Connacht do bhásughadh la Diarmaitt, mac Cerbhaill, tar slánaibh agus comhairge Coluim Cille,
iar na tharraing go haindeonach as a lámhoibh, conadh é fochann catha Cúla Dreimhne. Aois Criost, cuig céd caogatt a cúig. An seachtmhadh décc do Diarmait. Cath Cúla Dreimhne do bhrisedh for Diarmaitt, mac Cerbhaill, la Fearghus agus la Domhnall, dá mac Muirchertaigh, mic Earcca, la hAinmire, mac Sedna, agus la nAindidh, mac Duach, agus la hAodh, mac Eathach Tiormhcharna, rí Connacht. Hi ccionaidh marbhtha Curnáin, mic Aodha, mic Eathach Tiormcharna, for faosamh Coloim Cille, do ratsat Clanna Nell an tuaisceirt agus Connachta an cath sin Cula Dreimhne don righ, do Diarmait, agus beos imon cclaoinbhreith rucc
Diarmait ar Colom Cille im liubar Findén ro scríobh Colom Cille gan rathughadh dFindén, dia ndeachsat i réir nDiarmata, go ro coiccertaidh Diarmait an mbreith noirrdheirc, la gach boin a boinín, agus araile. Colam Cille ro ráidh,
A Dia, cia nach dingbai an cia, dus inermais mís a lín, An tsluagh do boing beatha dín, Sluagh do ching hi timchel carn, As mac ainfthe no das mairn, Asé mo drui, ním éra, mac Dé as frim congena. As álainn ferus alluadh gobhar Baodain rés an tsluagh, Fo la Baotan fuilt buidhe, bena a hEren fuirre.
Fraochan, mac Tenusain, as é do righne ind erbhe ndruadh do Diarmait. Tuathan, mac Dimmain, mic Sarain, mic Corbmaic, mic Eoghain, a sé ro la ind erbhe ndruadh dar a cend. Trí míle trá iseadh torchair do muintir Diarmada. Aoinfhear námá isseadh torcair don leith naill, Maghláim a ainm, ar is é ro ching tar an eirbhe ndruadh.
Aois Criost, cúig céd caogat a sé. A hocht décc do Diarmaitt. Cath Chuile huinnsenn i tTeathbha, for Diarmaitt, ria nAodh, mac mBreanainn, taoisioch Teathbha, agus ro meabhaidh for Diarmait a hionadh an iomairecc. Aois Criost, cúig céd caogat a seacht. A naoi décc do Diarmait. S. Becc mac Dé, faidh oirrdherc, décc. Colom Cille do dol ind Albain go ro fothaidh iarumh ecclus, agus as uadh ainmnighter. S. Aodh O Fiachrach
dég. Cath mona Doire lothair for Cruithniu ria nUibh Nell an tuasceirt, .i. ria cCenél cConaill agus Eoghain, du i ttorcradar seacht ttaoisigh Cruitnech im Aodh mBrecc, agus as don cur soin do rochair doridhisi na Lee; agus Cárn Eolairg do clandoibh Néll an tuaisceirt. Ceannfaoladh ro raidh indso
Sinsit faebhra, sinsit fir, in Móin mór Doire lothair, Adbair comronna nat cert, seacht righ Cruithne im Aodh mBrecc. Fictir cath Cruithne nuile, acus forloiscter Elne, Fichtir cath Gabra Liffe, acus cath Cuile Dreimhne.
Bersat gialla iar cconghal, as siar im cnuas nuach Fergus, Domhnall, Ainmire, acus nAindidh, mac Duach. Fillsit da mac mic Earcca, ar cend an catha cedna, Acus an rí Ainmire fillis i sealbhaibh Seatna.
Aois Criost, cúig céd caoccatt a hocht. Iar mbeith fiche bliadhain os Erinn i righe do Diarmaitt, mac Fergusa Cerrbeoil, do cear la hAodh nDubh, mac Suibhne, rí Dál nAraidhe, ag Raith bicc, hi Moigh Line. Tuccadh a chend go Cluain mic Nois, go ro hadhnacht innte, agus ro hadhnacht a cholann hi cCoindere. Is in mbliadhainsi ro gabhadh an muirgelt .i. Liban inghean Eathach, mic
Muiredha, for tracht Ollarbha, hi lín Beoain, mic Inli, iascaire Comhgaill Bendchair. Aois Criost, cúicc céd caoccat anaoi. An céd bhliadhain do dá mac Muirchertaich, mic Muireadhaigh, i righe nEreann .i. Domhnall agus Feargus. Cath Gabhra Liffe, agus cath Dumha Aichir, ria nDomhnall agus ria bFergus, for Laighnibh, dia nebradh.
Cath Gabhra, agus cath Dumha Achair, Atbath amhra i ccechtair, Colgu acus a athair. Cath Gabhra, ni cath duine ná dí cét Atbath fiche ó Faolan, ó Ailell fiche fichet.
Aois Criost, cúig céd seasccat. An dara bliadhain do Domhnall agus dFeargus. Daimhin Daimhairgit, .i. Coirpre, décc. As uadhasidhe na hAirghialla. Aois Criost, cuig céd seasccat a haon. Iar mbeith trí bliadhna i righe nEreann do Domhnall agus dFeargus, da mac Muirchertaigh, mic Muireadhoigh mic Eoghain, mic Nell, ro éccsat araon. Aois Criost, cúig céd seasccat a dó. An céid bhliadhain dEochaidh, mac Domhnaill, mic Muirchertaigh, agus do Baodan, mac Mhuirceartaich, mic Muireadhaigh, i righe nEreann. Aois Criost, cuig céd seascat atrí. S. Molaisi, abb Daimhinnsi, décc an dara la décc do September. Iar mbeith dá bhliadhain i righe nEreann
dEochaidh agus do Baodan, torchradar la Cronán, toiseach Ciannachta Glinne Gemhin. Aois Criost, cúig céd sesccat a cethair. An céd bhliadhain do Ainmire, mac Sedna, mic Fergusa Cendfhoda, hi righe nEreann. Aois Criost, cúig céd seasccat a cúig. An dara bliadhain dAinmire. Deman, mac Cairill, ricch Uladh, mic Muireadhoigh Muindeircc, do marbhadh la bachlachaibh Boirne. Murchobhlach la Colman mBecc, mac Diarmata, mic Fergusa Cerrbheoil, agus la Conall, mac Comhgaill, toiseach Dal Riada hi Soil, agus i nIle, co ttardsat edála iomdha eistibh. Aois Criost, cúig céd seasccat a sé. Iar mbeith trí bliadhna hi righe nEreann dAinmire, mac Sedna, torcair la Fergus, mac Nelline, dia nebrad.
Féimin an tan rom boi rí, nir bo mennat nach detlai, Indiu as foirdergg a lí, la hAinmire, mac Séatnai.
Aois Criost, cúig céd seasccat a seacht. Iar mbeith aon bhliadhain hi righe nEreann do Baodan, mac Nindeadha, mic Fergusa Cendfoda, do cear oc Lém inn ech, i ndebhaidh, las an da Comaoine .i. Comaoine, mac Colmain
Bicc, mic Cerbhaill, agus Comaoine, mac Librene, mic Iolladhain, mic Cerbhaill. Tré comhairle Colmain Bicc do ronsat an gníomh hishin. Aois Criost, cúig céd seasccat a hocht. An ced bhliadhain dAodh, mac Ainmirech, ós Erinn. Feargas mac Nelline, do mharbhadh la hAodh, mac Ainmirech, i ndioghail a athar. Aois Criost, cúig céd seascca a naoi. An dara bliadhain dAodh. S. Oenna, mac ua Laighisi, abb Cluana mic Nóis, décc. S. Ite, ógh ó Cluain Credhail, décc an 15 Ianuarii. As di ba hainm Mide. Aois Criost, cúig céd seachtmoghat. An treas bhliadhain dAodh. S. Moeinend, espucc Cluana fearta Brenainn, décc an céd lá do Marta. Aois Criost, cúig céd seachtmoghat a haon. S. Brenoinn, ab Biorra, décc an naomhadh lá fichet do Nouember. Cath Tola ria Fiachna, mac Baodain, mic Cairill, for Osraighibh agus for Elibh, agus ro meabhaidh forra. Tola ainm maighe etir Cluain ferta Molua agus Saighir. Cath Femhin ria Coirpre mac Cremhthainn, ri Mumhan, for Colman Becc, mac Diarmada, agus ro meabhaidh ar Colman. Aois Criost, cuig céd seachtmoghat adó. An cúicceadh bliadhain dAodh. Cath Doete, dian hainm Bealach Feadha, ria nAodh, mac Ainmirech, for
feraibh Midhe, du in ro thuit Colman Becc, mac Diarmada. Conall mac Comhgaill, rí Dal Riatta, do écc. As eisidhe ro edhbair hI do Choluim Cille. Aois Criost, cuig céd seachtmoghat a trí. An seiseadh bliadhain dAodh. Brenainn, mac Briuin, flaith Teathbha, décc. Aois Criost, cuig céd seachtmoghat a cethair. A seacht dAodh. Marbhadh Aodha, mic Eathach Tiormcharna, la hUíbh Briuin. Aois Criost, cúig céd seachtmoghat asé. An naomhadh bliadhain dAodh. S. Brenainn, abb Cluana ferta Brenainn, an 16 Maii, agus do fuair bas a nEanach dúin, agus do hadhlacadh a chorp a cCluain ferta Brenainn. Colman, mac Coirpre, ri Laighen, décc acc Sliabh Maircce. Aois Criost, cúicc céd seachtmoghat aseacht. An deachmhadh bliadhain dAodh. S. espucc Ethchen Cluana fota Baitan abha décc an 11 Februari. S. Caireach Dergain ogh, o Cluain Boireann, decc 9 Februari. Feidhlimidh Finn, abb Arda Macha, do écc.
Aois Criost, cuig céd seachtmoghat anaoi. A dó décc dAodh. Cath Droma mic Earcca ria nAodh, mac Ainmirech, for Cenel nEoghain, dú in ro marbhadh Colcca, mac Domhnaill, mic Muircheartaigh, mic Muireadhoigh. Aois Criost, cúig céd ochtmoghat. A tri décc dAodh. Fergus Scannal, rí Mumhan, do marbhadh. Aois Criost, cúig céd ochtmoghat a haon. A cethair décc dAodh. Aedh, mac Suibhne, toiseach Maonmuighe, décc. Aois Criost, cuig céd ochtmoghat a dó. A cúig décc dAodh. Feradhach, mac Duaich, tigherna Osraighe, do mharbhadh la a mhuintir feisin. Aois Criost, cuig céd ochtmoghat a trí. A sé décc dAodh. S. Fergus, epscop Droma Lethglaise, do écc an 30 do Mharta, agus asé an Fergus sin ro fhothaidh Cill mBian. Aois Criost, cúig céd ochtmoghat a cethair. A seacht décc dAodh. S. Natcaoimhe, abb Tíre da ghlas, brathair Caoimhghin, do écc an céd lá do Maii. Aois Criost, cúig céd ochtmoghat a cúig. An tochtmhadh bliadhain décc dAodh. Brenainn tigherna Teathbha, décc. As eisidhe ro edhbair (rias an tan)
(sain) Dermagh do Dia, agus do Colom Cille. Baettan, mac Cairill, rí Uladh, décc. Aois Criost, cúig céd ochtmoghat asé. A naoi décc dAodh. S. Dáigh, epscop, mac Cairill, décc an 18 August. Feidhlimidh, mac Tighernaigh, rí Mumhan, décc. Cath Moighe Ochtair ria mBran Dubh, mac Eathach, for Uibh Néll isin tealaigh os Cluain Conaire a ndes. Aois Criost, cúig céd ochtmoghat a seacht. An fichetmhadh bliadhain dAodh. S. Caorlan, epscop Arda Macha, décc, an cethramhadh lá fichet do Mharta. S. Seanach, epscop ó Cluain Ioraird, décc. Aois Criost, cuig céd ochtmoghat a hocht. A haon ficheat dAodh. S. Aodh, mac Bricc, epscop ó Cill Air, i Midhe, decc 10 do Nouember. Lughaidh Lis móir décc. Aois Criost, cuig céd ochtmoghat a naoi. A do ficheat dAodh. S. Macnise, abb Cluana mis Nois, frí re sé mbliadhan, décc, agus a écc an 13 do mhí Iun.
Aois Criost, cuig cédnochat. An treas bhliadhain fichet dAodh. Cath Euduind móir ria bFiachna, mac Baetain, mic Cairill, mic Muireadhoigh Muindeircc, for Gerthidhe, mac Ronain, tigherna Ciannachta. As do sin do raidheadh,
An feacht noile do regha fian mic Baotain i mBregha, Biaid Ciannachta i ffout ní bat foicsi do rout.
Seanchan, mac Colman móir, do mharbhadh. S. Grigoir Belóir do oirdneadh a gcathaoir agus a gcomharbus Pedair apsdal dia aimhdheoin. Aois Criost, cuig céd nochat a haon. A cethair fichet dAodh. Aodh Cerr, mac Colmain, mic Coirpre, ri Laighen, décc. Aois Criost, cuig céd nochat a dó. A cúig fichet dAodh. Colum Cille, mac Feaidhlimidh, apstal Alban, ceann crabhaidh ermhoir Ereann, agus Alban iar bPattraicc, décc ina ecclais fein in hI ind Albain, iars an cúicceadh bliadhain triochad a oilithre, oidhce domhnaigh do shundradh an 9 lá Iunii. Seacht mbliadhna seachtmoghatt a aois uile an tan ro faoidh a spiorait dochum nimhe, amhail asberar isin rann,
Teora bliadhna bai gan lés, Colum ina Duibhreglés, Luidh go haingli asa chacht, iar seacht mbliadhna seachtmoghat.
Dallán Forgaill dixit hoc do bhás Choluim Cille:
Is leighes legha gan les, is dedhail smera re smuais, Is abhran re cruit gan chéis, sinde déis ar nargain uais.
Aodh Dubh, mac Suibhne, rí Uladh, do mharbhadh la Fiacha, mac Baettain. As las an Aodh nDubh sin torchair Diarmaitt mac Cearbhaill. Aois Criost, cuig céd nochat atrí. A sé fichet dAodh. Cumascach, mac Aodha mic Ainmirech, do mharbhadh la Bran Dubh, mac Eathach, i nDun Bucat, amhail as bert naomh Aedhan epscop:
Guidhim in coimdiu comhachtach, i fail Cille randairech Robsi dioghail Comusccaigh, guin Aodha mic Ainmirech.
Cath Slebhe Cuae, hi Mumhain, for Muimhnechaibh, Fiachna ria mac mBaodain. Tiobraide, mac Calgaigh, décc. Aois Criost, cúig céd nochat a cethair. Iar mbeith seacht mbliadhna fichet i righe nEreann dAodh, mac Ainmirech, mic Seatna, torcair la Bran Dubh, mac Eathach, i ccath Duin Bolcc i lLaighnibh, ar ndol dAodh do thabhach na
boromha, agus do dhioghail a mhic Chomusccoigh forra. Torcratar aroile saor clanna isin cath sin Bealoigh Duin Bolg, im Becc, mac Cuanach, tigherna Airghiall. As do bás Aodha do raidheadh:
A mBuac, ferus an tonn frí bruach, Atfet scela, cia fa scith, Aodh, mac Ainmireach ro bíth.
Ben Aeda cecinit.
Baotor ionmuine tri taoibh, fris nach freisge aitherrach, Taobhan taillten, taobh Temhra staobh Aodha, mic Ainmireach.
Aois Criost, cúig céd nochat a cúig. An céd bhliadhain dAodh Slaine, mac mic Diarmata, mic Fergusa Cerrbheoil, agus do Colman Rimidh, i righe nEreann. S. Baoithin, mac Breanainn, abb Iae Choloim Cille, décc an 9 Iuine. Ailithir, abb Cluana mic Nóis, décc.
Aois Criost, cúig céd nochat asé. An dara bliadhain dAodh Slaine, agus do Colman. S. Sinche, ógh ó Cluain leth tengadh, décc, an naomhadh lá do Nouember. Suibhne, mac Colmain Bicc, tigherna Midhe, do mharbhadh la hAodh Sláine i mBridamh. Aois Criost, cúig céd nochat aseacht. An treas bhliadhain dAodh agus do Colman. Bemenna Bran Duib im Breghaibh. Brenainn, mac Coirpre mic Fechine, tigherna Ua Maine, décc. Cath Slemhna Midhe ria Colman Rimidh for Conall Cu, mac Aodha, mic Ainmireach, agus ro meabhaidh for Conall. Cath Cúile Caol ria bFiachna mac Baotain, for Fiachna, mac Demain, agus ro meabhaidh an cath for Fiachna mac Demain. Uata, mac Aodha, mic Eathach Tiormcharna, righ Connachta, décc. Eochaidh, mac Diarmatta, epscop agus abb Arda Macha, décc.
Aois Criost, cúig céd nochat a hocht. An cethramhadh bliadhain dAodh agus do Colman. S. Cainnech, abb Achaidh bó, dég an 11 dOctober iar mbeith ceithre bliadhna ochtmoghat ina beathaidh. Cath Eachrois i Muiriusc ria Colman toisech Cenel Coirpre for Maolcothaigh, toiseach Ceneoil Fiachrach Muirisce, agus ro meabhaidh an cath sin for Maolcothaigh. Aois Criost, sé chéd. S. Comhgall Bendchair abb Bendchair Uladh, décc, an deachmhadh lá do mí Maii, iar mbeith caoga bliadhain tri mí agus deich lá i nabdaine Bendchair. Nochat bliadhain a aois. S. Colman, mac Lemne, décc. S. Laisren .i. ab Mena droichit, décc.
Iar mbeith sé bliadhna hi righe nEreann dAodh Sláine, mac Diarmatta, agus do Colman Rimidh, mac Baetain, mic Muircheartaigh, mic Muireadhoigh, mic Eoghain, mic Néll, do cher dna Colman Rimidh la Lochan Díolmana, torcair Aodh Sláine la Conall nGuithbhinn, mac Suibhne, mic Colmáin Móir, no Bicc, mic Diarmatta, mic Cearbuill ag Loch Semhdidhe. Aodh Gustan, comalta Conaill, agus Baothghal Bile ron guinsetor, conadh dia noidheadhaibh as rubradh.
Cedu righe cedu reacht, cedu nert for rioghradha, Enid Colman Rimidh rí, rombi Lochan Diolmana. Ni ba hairmirt ind airle, do na hócaibh Tuaidh Tuirbhe, Conall rombi Aodh Sláine, Aodh Sláine rombii Suibhne.
Conall, mac Suibhne, din do marbhadh Aodha Roin, toisioch Ua Failge, hi Faithche mic Mencnain, agus Aodh Buidhe, toiseach Ua Maine, isin ló ceatna in ro marbadh Aodh Slaine lais. As dforaitmet na necht sin ro raidheadh.
Ba ro mór an ruadh cumha, for rioghraidh Ereann uile, Aodh Slaine fa shluagh glonnach, Aodh Rón agus Aodh Buidhe.
Cui gan máthair, rí Mumhan, décc. Conall Cu, mac Aodha, mic Ainmirech, décc. Aois Criost sé céid a haon. An céid bhliadhain dAodh Uairiodhnach, mac Domhnaill Ilchealgoigh, mic Muirchertaich, mic Muireadhoigh, mic Eoghain, hi righe nEreann. S. Laisren, .i. mac Feradhaigh, ab Iae Coluim Cille, dég an 16 do September. Cath Slaibre ria nUibh Néll for Bran Dubh, mac Eathach, ri Laighen, agus Brandubh, .i. mac Eachdach, do mharbhadh la hairchindech Senboithe Sine, agus la a dheirbhfine budhéin, amhail asberar,
Sarán Soebhdherc, seol go se, airchinneach Senboith Sine, E ní dalbh, gan brandul brath, ro marbh Brandubh, mac Eathach.
Laighneach sainredhach ro raidh inn so,
Madh i mbethaidh mic Eathach, dom hisadh an tuaiscertach, In cath ima nuaratharar, as cian o do fuaiscertfadh. Diambadh hi treb tuireadoigh mac Eathach mic Muireadhoigh Nocha beroinn mo bholg lán do chill ar ai Aodha Allán.
Colman, mac Fearadhoigh, toisioch Osraighe, décc. Aois Criost, se céd a dó. An dara bliadhain dAodh. S. Sinell, epscop Maighe bile, décc an céd lá dOctober. Aois Criost, sé chéd a cethair. An cethramhadh bliadhain dAodh. Fiachra Caoch, mac Baodain, do mharbhadh la Cruithniu. Aois Criost, sé chéd a cúig. An cúicceadh bliadhain dAodh. S. Beoghna, abb Bendchair iar cComhgall, dég 22 dAugust. Molua, .i. Lughaidh, mac hUi Oiche, céd abb Cluana ferta Molua, dég. Seachnasach, mac Garbháin, toiseach Ceneoil mBoghaine, do mharbhadh la Domhnall, mac Aodha, mic Ainmirech. Conall an ghae dheircc, mac Daimhene, do mharbhadh la hUibh Méith Macha.
Aois Criost, se céd a sé. An seiseadh bliadhain dAodh Uairiodhnach. S. Siollan, mac Caimmin, abb Bennchair, agus comharba Comhgaill, dég 28 Februari. Aedh anchori, Aodh, mac Colgan, toisech Airghiall agus na nAirther archena, décc, ina oilithre hi cCluain mic Nois. As dó do ráidheadh.
Ro bai tan, ba lind ordan Loch da damh, Ní bui an loch acht ba hordan, hi flaith Aodha, mic Colgan. Cuma damhnadh muir cara rodam cur Cebé fo cer trilis treabh, tré inis Locha da dam.
Maolumha, mac Baetain, dég. Colcca Doilene, mac Fiachna, dég. Maoldúin, mac Ailene, toiseach Moghdhorn Maighen, décc. Aois Criost, sé chéd a seacht. Iar mbeith seacht mbliadhna i righe
nEreann dAodh Uairiodhnach atbath ag Ath da ferta. Cath Odbha ria nAenghus, mac Colmain, dú in ro marbhadh Conall Laogh Bregh, mac Aodha, go sochaidhe móir ime, dia nebradh.
An scé immullach Odhba, cea a ghai doghra ni laes Deithbhir di, cid olc a denn, ro baí mór cend ina craos.
Aois Criost, sé céd a hocht. An céid bhliadhain do Maolcobha, mac Aodha, mic Ainmireach, hi ríghe nEreann. Aois Criost, sé chéd anaoi. An dara bliadhain do Maolcobha. S. Tolua Fota, abb Cluana mic Nóis, dég. Seannach, abb Arda Macha, ó Cluain Ua nGrici doisidhe, agus a écc. Aois Criost, sé céd a deich. S. Colman Eala, abb lacuna déc, 26 do
September isin seisedh bliadhain ar caogait a aoisi. Neman, abb Lis móir, décc. Iar mbeith teora mbliadhan i righe nEreann do Maolcobha, mac Aodha, mic Ainmirech, do chear la Suibhne Meann, hi ccath Slébhe Toadh. Ronan, mac Colmain, rí Laighen dég. Gorman do Mughdhornaibh, ó ttád Meic Cuinn, asé ro boi bliadhain for uisce Tiobrait Finghin, agus ina ailitre i cCluain mic Nois, atbath. Aois Criost, sé céd a haon ndécc. An céid bhliadhain do Suibhne Meann, mac Fiachna, mic Feradhaigh, hi righe uas Erinn. Ecclas Bennchair Uladh do Losccadh. Aois Criost, sé céd a dó décc. An dara bliadhain do Suibhne. Fiontain Oentreibh, abb Bendchair, décc. Condere do losccadh. Fasughadh Toraighe la murcobhlach muiridhe.
Aois Criost, sé céd a tri décc. An treas bhliadhain do Suibhne. Colccu, mac Suibhne, do mharbhadh, agus bás Fiachach, mic Conaill, in bhliadhain sin. Fergus, mac Colmáin Móir, flaith Midhe, do mharbhadh la hAnfartach Ua Mescan do Muintir Blaitine. As do sin as rubrad innso:
Ma dom isadhsa com teach, hUa Mescain Anfartach, Uisce dorbach do bér dó, fo bith gona Feargosa. Cep tan do corat buidhne ceneoil Colmáin sech Cúilne, Iar mí foiset di suide, Sil Mescain im Blaitiniu.
Aois Criost, sé céd a cethair décc. An cethramhadh bliadhain do Suibhne. S. Caemhan Brecc, ó Ros each, décc, an cethramhadh la décc do September. Aodh Bendan, rí Iarmumhan, décc. As do foraithmet a bháis as rubradh:
Aodh Bendan, don Eoghanacht Iarluachair, - As mairg seoda dianad rí, cenmair tír dianat buachail. A sciath an tan fo crotha, a bhíodhbhadha futbotha' Cesa beccan (beth acht) for a muin, as didiu don Iarmhumhain.
Finghin, mac Fiachrach, dég. Aois Criost, sé céd a cúig décc. An cúigeadh bliadhain do Suibhne. Ailill, mac Baetáin, Maoldúin, mac Fergusa, mic Baotáin, agus Diucolla do mharbhadh hí Muigh Slecht, hi ccrich Connacht. Do cenel mBaotáin, mic Muirchertoigh doibh. Fiachra, mac Ciarain, mic Ainmire, mic Sedna, dég. Cath Cendgabha.
Aois Criost, sé céd a sé décc. An seiseadh bliadhain do Suibhne. Aengus, mac Colmain Móir, flaith Ua Nell an desceirt, dég. Cumhdach ecclaise Toraighe la Cenel gConaill, iar na diothláithriughadh fecht riamh. Dunchadh mac Eoghanáin, Neachtain mac Canainn, Aedh (décc). Aois Criost, sé céd a seacht décc. An seachtmhadh bliadhain do Suibhne. S. Caoimhghin, abb Glinde da locha, décc an 3 Iuni, iar ccaitheamh fichet ar chéd bliadain daois go sin. Comhgall epscop, agus Eoghan, epscop Ratha Sithe, décc. Cath Cind delgten ria cConall, mac Suibhne, agus ria nDomhnall mBreac, dú in ro marbhadh da mac Libren, mic Iollainn, mic Cerbhaill. Maolbracha, mac Rimedha, mic Colmain, mic Cobhthaigh, agus Ailill, mac Cellaigh, dég. Cath Cindgubha (no Cinn Bughbha) ria Raghallach, mac Uattach, for Colman mac Cobhthaigh (athair Guaire Aidhne) airm in ro marbhadh Colman budhesin. Colga, mac Ceallaigh, dég. Ailill, mac Ceallaigh, dég. Aois Criost, sé céd a hocht décc. An tochtmadh bliadhain do Suibhne. S. Siollán, epscop agus abb Maighe bile, décc an 25 do August. Liber, abb
Achaidh Bó Cainnigh. Ráth nGuala do losccadh la Fiachna, mac Baotain, conadh ann asbert Fiachna:
Ro gabh tene Rath nGuala, tasca biucca tan huadha, Suaichnidh inneort as abadh, ni buim dia congabhadh. Ro gabh tene Rath nGuala tasca biucca tan huade, As dian adhannat ind uilc tenidh i rRaith Aodha Builc.
Aois Criost, sé chéd anaoi décc. A naoi do Suibhne. Doir mac Aodha Allainn do mharbhadh la Failbhe Flann Fidbhadh, amhail asbert feisin:
Ce chana damsa guin Dáir, ar ní rubha Dairene, As ann ro oirc cach a doel, ó ro oircc a duilene.
Ro marbhadh somh iaramh a ndíoghail Dair. Atbert a mháthair accá éccaíne:
Ba guin saír, ní ba toghail Inse Caíl, Dia tomat gáir na mbidhbadh, im chend Failbhe Flaind Fidhbhadh.
Rónán, mac Colmain, décc. Aois Criost, sé céd a fiche. An deachmhadh bliadhain do Suibhne. Seanach Garbh, abb Cluana ferta Brenainn, décc. Colman mac Coingellain décc. Ronan, mac Tuathail, tigherna na nAirther, dég. Corbmac Caomh, agus Iollann, mac Fiachrach, décc. Mongan, mac Fiachna Lurgan, do mharbhadh
do cloich la hArtur, mac Bicair, do Bretnaibh, conid do ro raidh Becc Boirche:
As huar an gaeth dar Ili, do fail occa i cCiunn tire; Do gensat gnimh namhnus dé, mairfit Mongan, mac Fiachnae. Lann Cluana hairthir indiu, amhra cethrar fors riadhadh, Corbmac caemh fri imfochidh, agus Iollann mac Fiachrach, Agus an dias aile dia fognad mor do thuathaibh, Mongan, mac Fiachna Lurgan, agus Ronán mac Tuathail.
Cathal, mac Aodha, rí Mumhan, décc. Aois Criost, sé chéd fiche adó. An dara bliadhain décc do Suibhne. S. Fergna Brit, abb Iae agus epscop, dég an dara lá do Marta. S. Lachtnain, mac Torbén, abb Achaidh uir, décc 10 do Marta. Cath Cairn Feradhaigh ria fFailbhe Flann for Condachtaibh, dú in ro marbhadh Conall, toiseach Ua Maine, Maeldubh, Maoldúin, Maolruain, Maolcalggaigh, agus Maolbresail, agus aroile saorclanna, agus fodaoine cen mo tatsidhe, agus ro meabhaidh for Guaire Aidhne, a hionadh an cathaigthe, conadh dosidhe asrubradh:
Do rochair do Condachtaibh, hic ath cuma in tseisir, Maolduin, Maolruain, Maolcalggaigh, Conall, Maoldubh, Maolbreisil.
Cath Lethed Midind, i nDruing, ria bFiachna, mac Demain, tigherna Dal bFiatach, for Fiachna, mac mBaodain, rí Uladh. Ro meabhaidh an cath for Fiachna mac Baodain, agus cer ann. Mac Laisre, epscop agus abb Arda Macha, décc. Aois Criost, sé chéd fiche atrí. Colman mac Ua Barddani (.i. do Dal Barrdainne a chenel) abb Cluana mic Nóis décc. Iar mbeith trí bliadhna décc do Suibhne Meann hi fflaitheas Ereann do cer la Congal cClaon, mac Scandlain, i Traigh Bréna. Conadh dia oidhidh atrubradh:
Suibhne co sloghaibh dia soi, do tarraigh bronaigh Brenai, Ro marbhadh an gaeth go ngail, la Congal caech mac Scandail.
Aois Criost, sé chéd fiche a cethair. An ced bhliadhain do Domhnall, mac Aodha, mic Ainmirech, hi righe nEreann. S. Colman Stellan ó Tír da ghlas dég, 26 Maii. S. Maodhocc, espucc Ferna, décc 31 Ianuari. Ronan,
mac Colmain, décc. Cath Duin Ceithern ria nDomhnall, mac Aodha, mic Ainmirech, for Conghal Caoch, no Claon, mac Scandlain, dú in ro marbhadh Guaire Gaillseach, mac Forannain, agus aroile sochaidhe, agus ro meabhaidh iarumh for Congal, dia nebradh:
Cath Duin Ceithirn dia raibhe cru ruadh dar suile glasa, Batar for sliocht Congail cruim colla muinremhra massa.
Cath Arda Corainn la Condaidh Cerr, tigherna Dail Riada, airm in ro marbhadh Fiachna, mac Démain, rí Uladh. Aois Criost, sé chéd fiche a cúig. An dara bliadhain do Domhnall. Fionntain Maoldubh do écc. Mobai, mac Ui Aldai. Cath Lethairbhe etir Maolfitrigh, toiseach cenel mic earcca, agus Ernaine mac Fiachrach, toiseach Cenel Feradhaigh, du in ro marbadh Maolfitrigh, mac Aodha Uairiodhnaigh. Brandubh, mac Mailcobha, dég. Aois Criost, sé chéd fiche aseacht. An cethramhadh bliadhain do Domhnall. Cath Atha Abla, dú in ro marbhadh Dicul, mac Fergusa Tuli la Mumhain. Inis Medcoit dfhothucchadh la hepscop Aedhain.
Aois Criost, sé chéd fiche a hocht. An cúicceadh bliadhain do Domhnall. Cath Atha Goan, i niarthar Liffe, ria fFaolan, mac Colmain, agus ria Conall, mac Suibhne, toisech Midhe, agus ria bFailge (no bFailbhe) Flann, rí Mumhan, airm in ro marbhadh Criomhtann, mac Aodha, mic Seanaigh, rí Laighen, co sochaidhe oile imaille fris. Mór Mumhan décc. Aois Criost, sé céd triocha. An sechtmhadh bliadhain do Domhnall. Da mhac Aodha Slaine do mharbhadh la Conall, mac Suibhne, oc Loch Trethin, oc Fremhoinn, .i. Congal, toisech Bregh, senathair Ua cConaing, agus Ailill Cruitire, senathair Shil nDluthaigh. Cath Seghaisi, dú inar marbhadh Lochene, mac Nechtain Cendfoda, agus Comasccach, mac Aongasa. Cath Cuile Caolain re nDiarmaid, mac Aodha Slaine, airm in ro marbhadh da mhac Aongusa, mic Colmáin Móir .i. Maolumha agus Colcca, agus araill oile amaille friú, dia nebradh:
Cath Cúile Caoláin caine, ro bo daonbaigh co ndile, Meabhaidh ria nDiarmait Deala, for fiora medha Midhe, Hi ruba Colgan cendbháin, agus Maolumha ind ollgráidh, Dá mac Aongasa armglóir, mic cruthglan calmóir Colmáin.
Segene, abb Iae Coluim Cille, do fothucchadh ecclaise Rechrainne. Conall,
mac Suibhne, toisech Midhe, agus Maolumha, mac Forannáin, do mharbhadh la Diarmaitt, mac Aodha Slaine. Aois Criost, sé chéd triocha a haon. An tochtmhadh bliadhain do Domhnall. Ernaine, mac Fiachna, toisech Chenél Feradhaigh, do mharbhadh. As lais sidhe torchair Maolfithrigh, mac Aodha Uairiodhnaigh, hi ccath Letherbhe. Carthach, .i. Mochuda, mac Fiondaill do ionnarbadh a Rathain. Aois Criost, sé chéd triocha a trí. An dechmhadh bliadhain do Domhnall. Failbhe Flann, rí Mumhan, décc. Aois Criost, sé chéd triocha acethair. An taonmhadh bliadhain décc do Domhnall. S. Eochaidh, abb Lis móir, décc an 17 dAipril. S. Fionntain, mac Telchain, décc an 21 dOctober. Cath Maighe Rath ria nDomhnall, mac
Aedha, agus ria macaibh Aedha Slaine for Congal Claon, mac Scandlain, rí Uladh, du ittorchair Conghal, Ulaidh, agus Allmarraigh ar aon ris. Cath Saeltire ria cConall cCaol, mac Maoilcobha, for Cenel nEoghain. Aois Criost, sé chéd triocha a cúig. An dara bliadhain décc do Domhnall. Ailill, mac Aodha Róin, Congal, mac Dunchadha, décc. Duinseach, ben Domhnaill, mic Aodha, rí Ereann, décc. Aois Criost, sé chéd triocha a sé. An treas bhliadhain décc do Domhnall. S. Mochuda, epscop Lis móir agus abb Raithne, decc 14 Maii. Cath Cathrach Chindcon la Mumhain ria nAongus Liath, for Maoldúin, mac Aodha Bendáin. Maolodhar Macha, flaith Oirghiall, décc. Maoldúin, mac Aodha, do loscadh i nInis caoin. Maoldúin, mac Feargusa, agus Maoldúin, mac Colmáin, décc. Aois Criost, sé chéd triocha a secht. An cethramhadh bliadhain décc do Domhnall. S. Cronán mac Ua Loegde, abb Cluana mic nois, décc 18 Iuli. S. Mochua, abb Balla, décc 30 Marta.
Aois Criost, sé chéd triocha a hocht. S. Critan in Aondruim décc an seachtmhadh décc do Maii. Aodh Dubh, abb agus epscop Cille dara, dég, agus ba rí Laighen ar tos esidhe. Dalaise, mac hU Imdae, abb Leithglinne, décc. Aois Criost, sé céd triocha anaoi. S. Dagan Inbhir Daoile do écc 13 September. Iar mbeith se bliadhna dég i righe nEreann do Domhnall, mac Aodha, mic Ainmirech, fuair bás ind Ard Fothadh, i tTír Aodha, do shunnradh iar mbuaidh naithrighe, uair baoi bliadhain i ngalar a écca, agus no caitheadh corp Criost gacha domhnaigh. Oilill, mac Colmáin, toiseach Cenel Laoghaire (décc). Aois Criost, sé chéd cethracha. An céd bhliadhain do Chonall Caol agus do Cheallach, dá mhac Maoilcobha, mic Aodha, mic Ainmirech, os Erinn i righe.
Scannlan mór, mac Cinnfaolaidh, toisech Osraighe, décc. Cuana, mac Ailcene, toisech Fermaighe, décc. Bu hé sin Laoch Liathmhuine. Aois Criost, sé chéd ceathracha a haon. An dara bliadhain do Chonall agus do Cheallach. Maolbresail agus Maolanfaidh décc, agus Flann Enaigh do ghuin. Do Chenél cConaill Gulban iadsen. Aois Criost, sé céd cethracha a dó. An treas bhliadhain do Chonall agus do Cheallach. S. Cronan Becc, espucc nAondroma, décc an 7 Ianuarii. Furadhrán, mac Beicce, mic Cuanach, toisech Ua Mec Uais, décc. Huaisle inghen Suibhne, mic Colmáin, ben Faoláin, righ Laighen, décc. Cath Gabhra etir Laighnibh féin. Aois Criost, sé chéd cethracha atrí. An cethramhadh bliadhain do Chonall, agus do Cheallach. Dunchadh, mac Fiachna, mic Demain, rí Uladh, décc. Aois Criost, sé chéd cethracha a cethair. An cúicceadh bliadhain do Chonall agus do Cheallach. Bolccluatha, tigherna Ua cCeinnselaigh, décc. Aois Criost, sé chéd ceathracha a cúicc. An seiseadh bliadhain do Chonall agus do Cheallach. S. Mac Laisre, abb Bennchair, décc an 16 Maii. Raghallach,
mac Uatach, rí Connacht, do mharbhadh la Maolbrighde, mac Mothlachain, dia domhnaigh do shunnradh, dia nebradh:
Raghallach, mac Uatach, goeta do mhuin geileich, Muirend dechmon ro cich, Cathal dechmon derich. Hi greis aniu do Cathal, cia contola fiadh rioghaibh, Ciasa Cathal cen athair, ní a athair cen díoghail. Midhedh sech adroch díghail, athar uird a ridneat, Gonad se firu coigat, oirgedh sé oirgne déac. Mo chuitsi i ccuma caich, dioghail Raghallaigh ro faith, Fil a ulcha léith im laimh, Maoilbhrighdi, mic Motlachain.
Cath Cairn Conaill ria nDiarmaid, mac Aodha Slaini, for Guaire, dú in ro marbhadh an da Cuán, .i. Cuán, mac Enda, rí Mumhan, agus Cuán, mac Conaill, taoisech Ua Figente, agus Tolamhnach, toisech Ua Liathain, agus ro meabhaidh for Guaire a hionadh an catha. Iseadh cetus do luidh Diarmait do thabhairt in catha so tria Cluain mic Nois. Do righensat iaromh samhadh Ciarain eatla fri Dia fair, co tisadh slán dionchoibh a ccoraighechta somh. Iar soadh iaramh in righ ro eadhbair Tuaim nEirc co na fodhlaibh feronn (.i. Liath Manchain)
amhail fod for altóir, do Dia agus do Chiaran, agus do bert teora triste (.i. mallacht) for righ Midhe dia nibhedh neach dia muintir cidh digh nuisce ann. Conadh desin do reogart Diarmaitt a adhnacal hi cCluain mic Nóis. Aois Criost, sé chéd, cethracha ase. An seachtmhadh bliadhain do Chonall agus do Chellach. Cath Duin Criomhthainn ria Conall agus ria cCeallach, da mhac Maoilcobha, for Aongus, mac Domhnaill, agus ro marbhadh Aongus san chath sin, agus ro marbhadh citth Cathasach, mac Domhnaill Bric, san cath sin beos. Maolcobha mac Fiachna, mic Demain rí Uladh, do mharbhadh la Congal cCennfoda, mic Dunchadha. Aoís Criost, sé céd cethracha a seacht. An tochtmhadh bliadhain do Chonall agus do Chellach. Dunchadh agus Conall, dá mac blaithmeic, mic Aodha Slaine, do marbhadh la Laighnibh i tturraeth muilinn Maolodhrain, mic Díoma Cróin. Marcan agus Maolodhrán ro ghon iad andís, as do ro ráidh Maolodhran,
A mhuilind, ro melt anba do thuirinn, Ní bo coimmelt for seirblind, an roimeilt for Uibh (Síl) Cerbhaill. An grán meiles an Muileann, ní coirce acht as derg thuireann, Ba do gesccaibh an chroinn máir, fotha muilinn Maoilodhráin.
Aois Criost, sé chéd cethracha a hocht. An naomhadh bliadhain do Chonall agus do Cheallach. Maincheni, abb Meanadroichit, do écc. Iomairecc Cuile
corra ria nAoldeith agus ria nOnchoin, dú in ro marbhadh Cillne, mac Forannáin, toisech Ua bFailghe. Cugamhna, mac Suibhne, décc. Aois Criost, sé chéd cethracha anaoi. An deachmhadh bliadhain do Chonall agus do Cheallach. S. Cronán Maighe bile décc, an seachtmhadh lá do mí August. Cath airthir Sheola, i Connachtaibh, ria cCennfaoladh, mac Colgain, agus ria Maonach, mac Baoithin, toisech Ua mBriúin, in ro marbhadh Marcán, mac Toimeine, toisech Ua Maine. Fergus mac Domhnaill, agus Fergus, mac Raghallaigh, agus Aodh Bethra, mac Cuimmine, do mharbhadh la hUibh Fiachrach Aidhne. Aodh Róin, mac Maoilcobha, décc. Maeldóid, mac Suibhne, flaith Midhe, décc. Aois Criost, sé chéd caogat. An taonmhadh bliadhain décc do Chonall agus do Chellach. Aitchen, abb Tire dá glas, décc. Cailcén ó Lothra décc. Cath Flescaigh ria cCrunnmaol, mac Suibhne, toisech Cenél Eoghain, airm in ro marbhadh Cumascach, mac Oiliolla, toisech Ua Cremthainn. Cruindmaol Erbuilgg, mac Ronáin, toisech Laighen Desgabhair, décc. S. Beraidh, abb Duibhlinne, do écc. Aois Criost, sé chéd caoga a haon. An dara bliadhain décc do Chonall agus do Cheallach. S. Aedhlug, mac Cummain, abb Cluana mic Nóis, (décc) an 26 Februarii. Aois Criost, sé chéd caoccat a dó. An treas bhliadhain décc do na rioghaibh remhraidhte. S. Colman, epscop, mac Aitelduibh, abb Cluana hIoraird, décc 8 Februarii. S. Oissene Fota, ab Cluana hIoraird, décc Maii 1. S. Dachua Luachra, abb Ferna, décc.