Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Annála Rioghachta Éireann I-II

Title
Annála Rioghachta Éireann I-II
Author(s)
Buíon Údar,
Compiler/Editor
O'Donovan, John
Composition Date
1636
Publisher
(B.Á.C.: Hodges Smith and Co., l856)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Aois domhain gus an mbliadhoinsi na dileand, da mhile da chéad da
fichet agus da bhliadhoin. Ceathracha la ria ndilinn tainig caogaid
Ceasoir go hEirinn, go ccaogaid ninghen, agus go ttriar bfer,
Bioth, Ladhra, agus Fiontoin a nanmanna. Adbath Ladhra i
nArd Ladhrann, agus as uadh ainmnighther. Ba heisidhe cedna marbh
Erionn. Atbath Bioth i Slebh Betha, co ro hadhnacht i cCarn
Slebhe Betha, conadh uadh


L. 4


raitior in sliabh. Atbath Ceasoir i cCuil Cesra hi
cCondachtaibh, go ro hadhnacht hi cCarn Cesra. Is ó Fiontoin
tra Feart Fiontoin os Loch Deirgdeirc.



O Dilind go ro gabh Parthalon Ere 278, agus aois domhain an tan
do riacht inte, 2520.



Aois domhain an tan tainig Parthalon i nErinn, dá mile cuicc céd
agus fiche bliadhoin. Atiad na toisigh badar lais, Slainge,
Laighlinne agus Rudhruidhe, a trí meic, Dealccnat, Nerbha,
Ciocbha, agus Cerbnad a ccetheora mna.



Aois domhain, da mile cuig céd fiche a secht. Fea mac Torton, mic
Srú do ég an bliadhoinsi hi Muigh Fea, agus ro hadhnacht i
nDolroibh Moighe Fea, conadh uadha ainmnighthear an magh.



Aois domhain, da mile cuicc céd triocha. Is an mbliadhainse ro
cuiredh in ched cath i nErinn .i. Cioccal Grigencosach, mac
Guill, mic Gairbh dFomorchuibh, agus a mhathair tangator i
nErinn, ocht cced a líon, go ro cuiredh cath


L. 6


etorra hi Slemhnoibh Muighe hIthe go ro mebhoidh for na Fomoruibh
ria bParthalon, go ro marbhhaid uile, conadh e cath Muighe hIthe
innsin.



Aois domhoin, dá míle cúicc ced triocha adhó. Tomaidhm Locha Con,
agus Locha Techeat isin mbliadhainsi.



Aois domhoin, da mile cuicc céad triocha atrí. Slainghe mac
Partholain d'ecc isin mbliadhainsi, agus ro hadhnacht hi ccarn
Slebhe Slangha. Tomaidhm Locha Mesc bheos isin bliadhain chedna.



Aois domhoin, da mhile cuig céd tricha a cúig. Laighlinde mac
Parthalóin deg isan mbliadhainsi. An tan ro clas a fert as ann ro
mebhaidh Loch Laighlinne i nUíbh Mac Uais, conadh uadha
ainmnighther. Tomaidhm Locha hEachtra beos.



Aois domhoin, dá míle cuig céd cethracha a cuig. Rudhruidhe mac
Parthaloin do bathadh i Loch Rudhruidhe, iar ttomaidm in locha
tairis, conadh uadha raiter Loch Rudhruighe.



Aois domhoin, dá mhíle cúig ced cethracha asé. Murtola Brena fo tír
isin mbliadhainsi, conadh é an sechtmadh loch tomaidhm ro mebaidh i
naimsir Parthaláin, agus as dosidhe as ainm Loch Cuan.



Aois domhain, da mile cuig céd caoga. Parthalon décc for Senmoigh
elta Eadair isin mbliadhoinsi. A naimsir gabhala Parthaloin Ro
slechtoit na muighesi: acht na ma ni fes caite bliadhna áiridhe in ro
slechtoid. Magh


L. 8


nEitrighe, la Connochta, Magh nIthe, la Laighniu; Mag Líí, la
hUibh Mac Uais Bregh; Magh Latharna, la Dál nAruidhe.



Aois domhoin, da mile ocht cced fiche bliadhan. Naoi Mile do ecc fri
haoinsechtmain do muinter Parthaloin for shenmhaigh ealta Eadoir
.i. cúig Míle dferoibh, agus ceithre míle do mnáibh. Conadh de sin ata
Taimhleacht muintere Parthalain. Trí ced bliadhain ro caithsiot i
nErinn.



Ere fas triochat bliadhain go ttainicc Neimhidh.



Aois domhoin, da mile ocht cced caocca. Neimhidh do techt in
nErinn. Is an dara lá décc iar ttecht do Neimhidh co na
mhuintir atbath Macha ben Neimhidh. Atiad annso na cethra hairigh
batar lais, Sdarn, Iarbhainel Faidh, Fearghus Leithdert, agus
Aindind. Ceithre meic Neimhidh iadsidhe. Medu, Macha, Yba,
agus Cera, cetheora mná na naireachsin.



Aois domhoin, dá míle ocht cced caoga anaoi. Isin mbliadhoinsi ro
mebhaidh Loch nDairbrech agus Loch nAinnind hi Midhe.



Atiatt annso na Ratha ro toccbadh, na moighe ro slechtadh, agus na
locha ro tomaidhmsat ind aimsir Nemhidh, gen go bfoghthor bliadhna
sainredhacha forra. Rath Cind ech i nUibh Niallain; Rath
Ciombaoith hi Seimhne, Magh Cera,


L. 10


Magh nEabha, Magh Chuile toladh, agus Magh Luirg hi
cCondachtoibh; Magh tochair i tTir Eogain; Leagmagh i
Mumhain; Magh mBrensa i Laighnibh; Magh Lughadh i nUibh
Tuirtre; Magh Seredh hi tTethba; Magh Semhne i nDal Aruidhe;
Magh Muirthemne i cConaille; agus Magh Macha lá hAirghiallaibh;
Loch Cal i nUibh Nialláin, agus Loch Muinremhoir hi Luighnibh
hi Slebh Guaire. Cath Murbuilg i nDál Riada; Cath Boghna,
agus cath Cnamrossa, for Fomoiribh. Ro bris Nemhidh iadsidhe.



Atbath Nemhidh iaromh do thamh i ccrich Liatháin i Mumhain trí
mile mar aon ris ind oilen Arda Nemhedh.



Aois domhain, trí mhile sescot asé. Toghail, tuir Conainn isin
mbliadhainsi la síol Neimhidh for Conainn mac Faobhair, agus
for Fomoribh ar chena a ndioghail gach dochraide da ttardsat forra,
amhail as follus isin croinic da ngoirther


L. 12


Leabhar Gabhala, agus as suaill nach torchrator comhthuitim díbhlinibh
gen mo tád na trí deichneabhoir téarnator do chlaind Nemhidh fo
airdibh in domhain go rangator Erinn iar ttrioll ina bFeraibh
Bolcc. Sé bliadhna decc da ced ro chaith Neimhidh co na shíol ind
Erinn. Ere fás iarsin re dá ched bliadhain.



Aois domhain, trí mhile da ched sesccat ase sic. Fir Bolcc do
gabhail Eirionn a bfoirchend na bliadhna so. Slainge, Gand,
Genann, Seangann, agus Rudhruighe a ccóig toisigh. Cuig meic
Deala mic Loich iadsomh. Ro ríoghsat an cethror oile agus Fir
Bolcc ar chena Slainge uaistibh.


L. 14


Aois domhain, tri míle dá céd seasccat a seacht. Slainghe mac Deala
do beith i ríghe Erionn frí aoinbhliadhna, agus a écc i foircenn na
bliadhna sin i nDionn Rígh for bru Berbha.



Aois domhoin, trí mhile da céd seasccat a hocht. Rudhruidhe mac
Deala do gabhail ríghe nErand. An chéd bhliadhain dia righe
innsin.



Aois domhain, trí míle dá céd seascat anaoi. An dara bliadhoin do
righe Rudhruidhe, agus a écc i bhfoircionn na bliadhna so.



Aois domhain, tri mile da céd sechtmoghat. An céd bhliadhain do righe
Gainn agus Geanainn os Erinn innsin.



Aois domhain, tri mile da céd sechtmoghat a trí. An cethramhadh
bliadhain do Gann agus do Geanann, agus a nécc do tamh a
bfoircend na bliadhna so hi ccrích Liathain co ffichit céd ar aon
riú.



Aois domhoin, tri mile da céd sechtmoghat a cethair. An céd
bhliadhain do righe Shengaind innsin.



Aois domhain, tri mile da ced sechtmoghat a hocht. A bfoirchend an
cúicceadh bliadhain do righe Sengainn torchoir lá Fiachaidh
Cennfionnán mac Stairn.



Aois domhain, tri mile da ced sechtmoghat anaoi. An ced bhliadhain do
righe Fiachach Cennfionnán.



Aois domain sic, tri mile da ced ochtmoghat a trí. An cúicceadh
bliadhain do righe Fiacha, agus a thuitim la Rionnal mac Geanoinn
an bliadhainsi.



Aois domhain, tri mile da ced ochtmoghat a cethair. An ced bhliadhain
do righe Rionnail mic Geanoinn for Erinn.



Aois domhain, tri mile da ced ochtmoghat anaoi. Iar bforbadh an
seiseadh bliadhain do Rionnál is an righe, torchoir la Foidhbhgen
mac Senghainn.



Aois domhain, tri mile da ced nochat. An ched bhliadhain do righe
Foidhbhgen.



Aois domhain, tri mile da ced nochat atrí. A bfoircenn an cethramhadh
bliadhain do righe Foidhbhgen do rochair la hEochaidh mac Erc.



Aois domhain, tri mile da ced nochat a cethair. An ced bhliadhain do
righe Echdhach mic Erc indsin.


L. 16


Aois domhain, tri mile tri ced atrí. An dechmadh bliadhain do righe
Eachdhach mic Erc, agus as isidhe bliadhain deidhenach a
fhlaithiusa, uair tangatar Tuatha De Danonn do gabhail Ereann for
Feroibh Bolcc co ttardsat cath dia roile for Maigh tuiredh hi
Conmaicne Chuile Toladh i cCondachtaibh, gur ro marbhadh an ri
Eochaidh mac Erc lá tribh macoibh Neimhidh mic Badhrai do Tuathaibh
de Danonn, Ceasarb, Luamh, agus Luachra a nanmanna. Ro
díotlaithrighedh Fir Bolcc isin chath sin, agus ro ladh a nár. Ro
benadh beos a lámh do Nuadhatt mac Eochdhach, mic Ettarlaimh, (don
righ ro baoi for Tuathaibh De Dannann) isin cath cedna. Asé an
tEochaidh remhráite Rí deidhenach Fir mBolcc. Naonbhar ro gabh
righe diobh, agus seacht mbliadhna décc ar fichit fod a bflaithiusa
for Erinn.



Aois domhain, tri mile tri ced a cethoir. An ced bhliadhain do righe
Bress mic Ealathoin for Erinn, uair do ratsat Tuatha De Danann
righe do iar mbrisiodh catha Muighe tuireadh Conga, an ccein ro baoi
lámh Nuadhat accá leighius.



Aois domhain, tri mile tri ced a deich. An sechtmadh bliadhain do
Bres ós Erinn innsin, go ro fhagoibh an righe do Nuadhat iar
níoc a laimhe la Diancecht, agus Creidne cerd ag congnamh lais.
Uair do ratsad laimh nairgitt fair.



Aois domhain, tri mile tri ced a haoin décc. An ced bhliadhain do
righe Nuadhat airgetlaimh tar eis a laimhe do thaitheamh re píosa
airgaitt aithleigthedh.



Aois domhain, tri mile tri ced triochat. A bfoirchend fiche bliadhain
do


L. 18


righe Nuadhat Argatlaimh torchair i ccath Muighe tuiredh na
bFomorach la Balor mbailcbemnioch d'Fhomhoiribh.


L. 20


Aois domhain tri mile tri ced, triochat a haon. An céd bhliadhain do
righe Logha Lamfada uas Erinn.



Aois domain sic, tri mile tri ced Sechtmoghat sic. Iars an
ccethrachatmhadh bliadhain do Lugh Lamhfada hi righe nEirend
do rochair lá Mac Cuill hi


L. 22


cCaondruim. As i reimhes an Loghasa do rónadh aonach Taillten
a bforaithmet agus i ccuimhne écca a buime, Taillte ingen Maghmóir
isidhe, inghen righ Easpáine, ben Eachdach mic Eirc, rí dedhenach
Fer mBolc an tEochaidh sin.



Aois domain sic, tri mile tri ced sechtmoghat a haon. An ced
bhliadhain do ríghe Eachdach Ollathair dár bainm an Daghda ós
Erinn indsin.



Aois domhain, trí míle cethre ced caoga. Iar bforbadh na bliadhna
dedhenaighesi don ochtmogat bliadhan ro caith Eochaidh Ollathar i
nairdrige na hErend, ro écc is an mBrugh do gaíbh cró na gona
do rat Cethlend fair hi ccéd cath Maighe tuiredh.



Aois domhain, tri mile cethre ced caoga a haon. An ced bhliadhain do
righe Dealbaoith mic Ogma ós Erinn innsin.



Aois domhain, tri mile cethre ced Sescat. Is an deachmadh bliadhain
do righe Dealbhaeith torchair do laimh a mic feisin, Fiacha mac
Dealbhaeith.



Aois domhain, tri mile cetra ced sescat a haon. An ced bhliadhain do
Fiacha mac Dealbhaeith i righe.



Aois domhain, tri mile cethre cedh Seachtmoghat. A bhfoircheand
an deachmadh bliadhan do righe Fiachaidh mic Dealbhaeith ós
Erinn do thuit la hEógon nInbir.



Aois domhain, tri mile cethre ced seachtmoghat ahaon. An ced
bhliadhain


L. 24


do righe na ttrí ríogh ndedhenach do Tuathaibh De Danann ro bhadar
hi ccomflaithius ós Erinn, Mac Cuill, Mac Cécht, agus Mac
Gréine innsin.



Aois domhain, trí míle cúicc ced. Tasgur (.i. cobhlach) mac Míleth
do techt i nErind a bfoirchend na bliadhna so dia gabhail ar
Tuathaibh De Danann, agus ro fersat cath Slébe Mis friú isin tres
laithe iar na ttecht hi ttír: ba isin cath sin do rochair Scota
inghen Pharao ben Míleadh, agus ata fert Scóta eider Sléibh Mis
agus muir. Do rochair and beos Fás, bean Uin, mic Uicce, dia tta
Glend Faisi. Ro fersat meic Mileth iar sin cath i tTailltin fri
trí ríogaibh Tuaithe De Danann, Mac Cuill, Mac Cecht, agus Mac
Greine. Ro bas go cian ag cur in catha go ttorchoir Mac Cecht lá
hEireamhon, Mac Cuill la hEmear, agus Mac Greine la
hAimhirgin.


L. 26


Torchatur tra a tteora Rioghna, Ere lá Suirge, Fotla la
hEadan, agus Banba la Caicher. Ro sraoineadh an cath fa deóidh
for Tuathaibh De Danann, agus ro machtait in gach maigin i ttarrustar
iad. Torchratar o macoibh Mileadh do leith ele dá taoisioch airegdha
ag slaighe an madhma, Fuad i Sléibh Fuaid, agus Cuailgne i
Sleibh Cuailgne.



Aois domhain tri Mile cúig ced a haon. As í so bliadhain in ro gabh
Ereamhon agus Emhear comhflaithius os Erind, agus ro randsatt
Ere ar dó etorra. As innte beos do ronadh na gniomha so síos la
hEireamón agus lá hEmher co na ttaoisiochaibh. Ráth Beothaigh
os Eoir i nArgatt Ros, agus Ráth Oinn i ccrich Cualann, la
hEireamhón, tochar Inbhir móir, i ccrich Ua nEneachglas Cualann,
lá hAimhergin, cumdach Dúine Náir i Sleibh Modhairn, la
Goisten, Dún Delginnsi i ccrích Cualann la Sedgha, Dun
Sobhairce i Murbholg Dal Riada lá Sobhairce, agus Dún Eadair la
Suirghe. La hEreamhon co na thaoisiochaibh do ronadh innsin.
Rath Uamain i Laighnibh la hEmhear. Rath Arda Suird la
hEatan mac nUice, Carracc Fethaighe la hUn mac nUicce, Carracc


L. 28


Blaraighe la Mantan, Dun Ardinne la Caicher, Rath Rioghbhaird
i Muiriscc la Fulman. La hEmhir co na thaoisiochaibh innsin.



Ro fás imriusain i foirceann na bliadhna so etir Eremhon agus Emhear
im na tríbh druimnibh oirrdherca, Druim Clasaigh i cCrich Maine,
Druim Bethaigh i Maonmaigh, agus Druim Finghin i Mumhain.
Fertar cath etorra as allos ar brú Brí damh ag Tochar eter da
magh. As frisidhe asberar cath Geisille. Meabhaidh an cath for
Emhear, agus do cher and. Torchratar dna tri taoisigh airegda do
mhuintir Ereamhóin isin chath cedna. Goisten, Setgha, agus
Suirge a nanmanna. Gabhais Eremhon an righe iar sin.



Aois domhain, trí míli cúicc ced adó. An cheid bhliadhain do righe
Ereamhoin os Erinn, agus an dara bliadhain iar ttecht do macoibh
Míleadh, do rann Eremhón Ere. Do rad coicceadh Uladh
d'Emhear mac Ir, an Mumha do ceithre macoibh Emhir Find;
coigeadh Connacht d'Un agus d'Eadan, agus coicceadh Laighen
do Criomhthann Sciathbél do Domnandchoibh.


L. 30


Tea, ingen Luighdheach, mic Ithe, tug Eremhón isin Espáin tar cend
Odhbha, as í an Tea so conaitcestoir go hEremhon tuloigh
toghaidhe ina tionsccra cecip maighean iraegbadh, gomadh innte no
hadhnaicthi, agus no toccaibte a múr agus a lighe, agus go madh and no
biadh gach rioghordan no geinfiodh dia síol go brath. As iad na ratha
condogaib aire im a comhall di, Aimhirgin Gluingheal agus Emhear
Fionn. Iseadh iaromh dho raegisi Druim Caoin .i. Teamhuir. As
uaithe ráitear, agus as innte ro hadhnacht.



Odhbha dna mathair Muimhne, agus Luighne, agus Laighne décc go
ro hadnacht i nOdhbha.



Cath Cúile Caichir, i torchair Caichear lá hAimhirgin nGlúingeal
an bhliadhoinsi, agus focres a fhert isin maighin sin conadh uadha do
garar Cúil Caichir.



Aois domhain, tri mile cúicc ced a tri. An dara bliadhain do righe
Eremhoin ós Erinn. Aimhirgin Gluingeal mac Mileadh do thuitim
hi ccath Bile tinedh an bliadhainsi la hEreamhon. Tomaidhm
naoi mBrosnach .i. aibhne nEle,


L. 32


naoi Righe .i. aibhne Laighen, agus teora nUinsionn Ua nOiliolla
isin bliadhain cedna.



Aois domhain, tri mile cuicc ced a sé. An cuigeadh bliadhain do righe
Eremhóin. Fulman agus Manntan do thuitim las an righ i cath
Breogain i bhFemhean, agus tomaidhm na loch so in bliadhain cedna.
Loch Cimbe, Loch Buadhoigh, Loch Baadh, Loch Ren, Loch
Fionnmaighe, Loch Gréine, Loch Riach, Loch da Caoch i
Laighnibh, agus Loch Laogh ind Ultoibh.



Aois domhain, trí mhíle cúic ced a deich. An naomhadh bliadhain do
righe Eremhoin do cher Un, En, agus Eadan lais i ccath
Comhraire i Midhe. Tomaidhm Eithne i nUibh Néll, na teora
Socc i Connachtaibh, agus Fregabhail etir Dál nAraidhe agus
Dal Riada an bhliadhainsi. Aibhne iadsidhe.


L. 34


Aois Domhain sic, trí mhíle cúicc ced a se décc. An cuicceadh
bliadhain décc dEreamhón i righe, agus a écc a foircheann na ree sin
i Ráith Beothaigh os Eóir i nArgat Ross.



Aois Domhoin, trí mhíle cúicc ced a secht decc. An ced bhliadhain do
Muimhne, do Luighne, agus do Laighne, clann Eremhoin i
ccoimhrighe os Erinn.



Aois domain, trí míle cuicc ced a naoi decc. I ffoirchenn na ttrí
mbliadhan so atbath Muimhne i cCruachain, Luighne agus Laighne
torchrator hi ccath Arda Ladhrann la macaibh Emhir.



Er, Orba, Fearon, agus Fergen ceithre meic Emher
leithbliadhain doibh. As hí a leithbliadhainsi agus leithbhliadhoin
Nuadhaitt Neacht do ni bliadhain comhlán, agus as ag an righ Nuadha
Neacht airimhthir í i naois domhain. Torchrator an cland sin Emhir
la hIrial Fáidh, mac nEremhoin, i ccath Cuile Márta iar
bforbadh na leithbhliadhna remhráite.



Aois domhain, tri mile cúicc ced fiche anaoi. A bhfoirchend an
dechmhadh bliadhain so Irial Fáidh mic Eremhoin hi righe, fuair bás
i Maigh Muaidhe. As las an hIrial fFaidh so ro cuirit na catha
so: Cath Cuile Marta, Cath Arda Inmaoith hi Teathba i
ttorchair Stirne mac Duibh mic Fomhoir, cath Tenmaighe i
ttorchair Eocha Eachcheann rí Fomhoire, agus cath Lochmaighe i
ttorchair Lugh Roth, mac Mofemis, d'Feroibh Bolg. As i
naimsir an Ireóil cedna slechtadh na magh, togbhail na ráth, agus
tobhruchtadh na naibhneadh so. Atiad na maighe, Magh Sele i nUibh
Néll, Magh nEle la Laighniu, Magh Rechet, Magh Sanais i
Connachtaibh, Magh Techt la hUibh mac Uais, Magh Faithne
la


L. 36


hAirithera, Magh nDairbhrech i Fothartaibh Dairbhreach, Magh
Lughna i cCiannachta, Magh nInis la hUltoibh, Magh Chúile
fedha i Fernmaigh, Magh comair, Magh Midhe, Magh Cobha, Magh
Cuma lá hUibh Néll, Magh Fernmhaighe la hOirghiallaibh, agus
Magh Riatta. Atiad na ratha, Rath Croich i Moighinis, Rath
Cuincedha i Semhne, Rath Bacain i Latharna, Rath Lochaid i
nGlascharn, Rath Glaise cuilg, da ngoirthear Rath Ciombaoith
ind Eamhain, Ráth Mothaigh agus Rath Buirg i Slechtmhoigh. Na
haibhne, Siúir, Féil, Ercre lá Mumhain, na trí Fionna, agus
na trí Coimde.



Aois domhain, tri mile cúicc ced triochat. An ced bhliadhain do righe
Ethrel, mac Ireoil Fáidh, os Erinn indsin.



Aois domhain, tri mile cuicc ced cethrachat anaoi. An fichetmhadh
bliadhain dEthrel, mac Ireoil Fáidh, mic Eremhóin i righe go
ttorchair lá Conmhaol mac


L. 38


Emhir i ccath Rairend. Is i remhes an Ethreoil si ro slechtaitt
na maighe si, Teanmagh lá Connachtoibh, Magh Lughadh lá Luighne,
Magh mBealaigh lá hUibh tTuirtre, Magh Géisille lá hUibh
bFailghe, Magh Ochtair la Laighniu, Lochmagh lá Conaille, agus
Magh Roth lá hUibh Eachdhach.



Aois domhain, trí mhíle cúig ced caoga. An ched bhliadhain do righe
Conmhaoil, mac Eimhir, os Erinn innsin. Céd rí Ereann a
Mumhoin esidhe.



Aois domhain, trí míle cúig céd seachtmoghat anaoi. Iar mbeith dech
mbliadhna fichet do Conmaol, mac Emhir, i righe nEreann torchair
i ccath Aonaigh Macha lá Tighernmus mac Follaigh. Conmaol tra as
lais do cuiredh na catha so, cath Geisille, i ttorchair Palap mac
Ereamhoin, cath Berre, cath Slébhe Betha la hUibh Cremhthainn,
cath Ucha, cath Cnucha, cath Slebhe Modhairn i ttorchair
Semroth mac Inboith, cath Clere, cath Carn móir i ttorchair
Ollach, cath Locha Lein for Earna, Mairtine, agus for Modh
Ruith, mac Mofebis, dFeroibh Bolg, cath Ele.



Aois domhain, tri míle cúig ced ochtmoghat. An céd bhliadhain do righe
Tighernmais mic Follaigh ós Erinn.



Aois domhain, trí míle ced ochtmoghat a haon. An dara bliadhain do
righe Tighernmais, tomaidhm na naoi loch so. Loch nUair i Midhe,
Loch nIairn,


L. 40


Loch Cé i Connachtaibh, Loch Saileand, Loch nAillend i
cConnachtaibh, Loch Feabhail, Loch Gabhair, Dubhloch agus
Loch Dabhall i nOirghiallaibh.



Aois domhain, tri mile se ced caoccat a sé. As í an bliadhain si an
seachtmadh bliadhain décc ar tribh fíchtibh do Tighernmas na righ os
Erinn. Ar lais ro briseadh na catha so for shíol nEmhir agus for
araill dErennchoibh agus deachtaircenelaibh oile cén mo tátsomh.
Atiad so na catha hishin, cath Elle i torchair Rocorb, mac Gollain,
cath Lochmuighe i ttorchair Dagairne mac Guill, mic Gollain, cath
Cula aird i Muighinis, cath Chuile Fraochain, cath Maighe
Techt, cath Commair, cath Cula Athguirt i Semhne, cath Aird
Niadh hi cConnachtaibh, cath Cairn Feradhoigh i torchoir
Feradach mac Rochuirb, mic Gollain, ó ráiter Carn Feradhaigh, cath
Cnamhchoille hi Connachtaibh, cath Cuile feadha, cath Reabh,
cath Congnaidhe i Tuaith Eabha, cath Cluana Cuas, i Teathba,
cath Cluana Muirscce, i mBrefne, da cath Chuile i nArgat Ros,
cath Ele, cath Berre, Seacht ccatha ag Loch Lughdhach,


L. 42


da cath oili i nArgad Ros, trí catha for Fiora Bolg, cath Cuile
Fobhair for Erna.



As la Tigernmus bheos ro berbhadh or ar tús i nErinn, i foithribh
Airthir Liffe. Uchadan cerd dFeroibh Cualainn rodus berbh. As
lais ro cumhdaighit cuirn agus brethnassa dor agus dargat in nErinn
ar tús. As lais tugadh ruamnadh for edoighibh, corcair, gorm, agus
uaine. Ar na reimhius tobruchtadh teora ndubh aibhnedh Ereann,
Fubhna, Torann, agus Callann, a nanmanna. A bfoirchend na
bliadhna so atbailsiomh, to teoraibh cethramhnaibh fer nEreann ime,
i mordhail Maighe Slecht, isin mBreifne, ag adhradh do Crom
Croach, airdiodhal adhartha Erenn eisidhe, oidche hSamhna do
hsonradh innsin. As do na sleachtanaibh do ronsat fir Erionn im
Tighernmas hisuidhe ro hainmnigheadh an magh.



Aois domhain, tri mile sé ced caogatt a seacht. An ced bhliadhain
dErind gan righ iar tTighernmas innsin.



Aois domain, tri mile sé ched sesccat a trí. An seachtmadh bliadhain
indsin. Baoi Ere gan rígh frí ré na secht mbliadhan sin.



Aois domhain, tri mile sé ced seasccat a cethair. An cead bhliadhain
dEochaidh Eudgadhach na righ ós Erinn indsin. As aire atberar
Eochaidh Eudgadhach fris ar as lais tuccadh ilbhrechtradh gacha
datha i nedighibh ar tús


L. 44


i nErinn deidirdeliughadh onóra gach aoin as a edach, ótha íseal go
huasal. As amhlaidh din ro deligh ettorra, aendath i nedoighibh
moghadh, adó i nedoighibh amhoss, a tri i nédoighibh daghlaoch agus
oigtighernadh, a ceathair i nedoighibh brughadh, a cuig i nedoighibh
tighearnadh tuath, a se i nedoighibh ollamhan, a secht i nedoighibh
ríogh agus ríoghan.



Aois domhain, tri mile se ced sesccat a seacht. An cethramhadh
bliadhain dEochaidh. Hi bfoircend an cethramhadh bliadhain dia
righe do rochair lá Cermna mac Ebric i ccath Teamhra.



Aois domain, tri mile sé ced seasccat a hocht. An ced bhliadhain do
Sobhairce agus do Cermna Fiond, dá mac Ebric, mic Emhir, mic Ir,
mic Mileadh, ós Erinn, agus ro rannsat eatorra í ar dó, Sobairce
tuaith i nDún Sobhairce, agus Cermna teas i nDun Cermna. Dá
cédrígh Ereann do Sliocht Ir iadsidhe.



Aois domhain, tri míle seacht cced a seacht. Ar mbeith cethrachat
bliadhain do na rioghaibh si a ccomhfhlaithius os Erinn, do chear
Sobairce la hEochaidh Meand dFomoiribh, agus do rochair Cermna
la hEochaidh bFaobharglas mac Conmhaoil.



Aois domhain, tri mile seacht ccéd a hocht. An ced bhliadhain
dEochaidh Faobharglas, mac Conmail, mic Emhir, os Erinn.



Aois domhain, tri mile seacht cced fiche a seacht. Iar mbeith imorro
dEochaidh fiche bliadhain i righe Ereann torchair lá Fiacha
Labhrainne i ccath Carmain i ndioghoil a athar. Atiad andso na
catha ro cuirid agus na maighe ro sleachtaid lá hEochaidh
fFaobharglas. Cath Luachra Deadhadh, cath Fosaidh da gort, cath
Comair trí nuiscce, cath Tuama Dreacon i nUibh Briúin Breiffne,
cath Droma Liathan. Atiatt na maighe, Magh Smetrach


L. 46


lá hUibh fFailghe, Magh nAidhne, Magh Luirg i Connachtaibh,
Magh Leamhna, Magh nInir, Magh Fubhna, agus Magh da gabhor lá
hAirghiallaibh.



Aois domhain, tri mhíle secht cced fiche a hocht. An céd bhliadhain
do righe Fiachach Labhrainne os Erinn indsin.



Aois domhain, tri mile seacht ccéd caoccat a haon. An cethramhadh
bliadhain fichit so foirchend righe Fiachach Labhrainne, agus do cher
lá hEochaidh Mumho don Mumhoin i ccath Bealgadain. As las an
bFiacha Labhrainne si ro briseadh na catha so. Cath Gathlaighe i
ttorchair Mofebis mac Eachdach Faobharglais, cath Fairrge for
cloinn Emhir, cath Slebhe Feimhin, cath frí hErnoibh dFeroibh
Bolg an bail i fuil Loch Erne. Iar meabhsain an catha forra as ann
ro meabhaidh an loch tairsibh, conadh uatha ainmnighther an loch .i.
loch tar Ernaibh. As a reimhius an Fiacha cedna tobhruchtadh na
tteóra naibhneadh, Fleasc, Mand, agus Labhrand, dia ro lil an
forainm fairsium.



Aois domain, tri mile secht ccéd caogat a dó. An céd bhliadhain do
righe Eachdach Mumhó, mac Mofebis, os Erinn indsin.



Aois domhain, tri mile seacht ccéd seachtmoghat a do. Bliadhain ar
fichit dEochaidh i righe nEreann, co ttorchair la hAonghus
Olmucadha i ccath Cliach.


L. 48


Aois domhain, tri mile secht ccéd sechtmoghat a trí. An céd
bhliadhain do righe Aonghusa Olmucadha, mac Fiacha Labhrainne, ós
Erinn insinn.



Aois domhain, tri mile seacht céd nochat. Iar mbeith dAenghus
Olmucadha ocht mbliadhna decc inn airdrighe Ereann do cher i ccath
Carman lá hEnna nAirgtheach. Ase Aenghus ro bris na catha so,
cath Clére, cath Cuirce, cath Slébhe Cuilge for Mhairtine i
ccrích Corca Baisccinn, cath Ruis Fraochain i Muiriscc i
torchair Fraochan Fáidh, cath Cairn Ricedha, cath Cúile Ratha i
nDeasmumhain, cath Slébhe Cua for Erna, cath Airdachaidh i
torchair Smiorgoll mac Smeathra, rí Fomoire, caoga cath for
Cruithentuaith agus for Fiora Bolg, dá cath déc for Longbardaib,
agus ceithre catha for Colaist. Atiat na locha ro tomaidhmseat ina
ré, Loch Aonbeithi la hUibh Cremhthuinn, Loch Saileach, Loch na
ngasan i Maigh Luirg la Connachtaibh, agus Murbrucht eidir
Eabha agus Ros Cette. As la hAonghus dna ro sleachtadh na
maighe so, Magh Glinne Decon lá Cenél Conaill, Magh Mucruimhe la


L. 50


Connachta, Magh Cúile caol lá Cenél mBogaine, Magh nOensciath la
Laighne, Aolmhagh la Calraighibh, Magh Arcaill lá Ciarraighe
Luachra, agus Magh Luachra Deadhaidh.



Aois domhain, tri mhíle secht ccéd nochat a haon. An céd bhliadhain
dEnna Airgthech a righ ós Erinn insin.



Aois domhain, tri mile ocht ccéd a secht décc. Iar ccaithemh secht
mbliadhon ffichet dEnna Airgthech i righe Ereann do cher la
Roitheachtaigh, mac Maoin, mic Aonghusa Olmhucadha, i cath
Raighne. As las an Enna Airgthech so do ronta scéth airgit i
nAirget Ros, go ttarad dferoibh Ereann amaille re heachaibh
agus cairpthibh.



Aois domhain, tri mile ocht ccéd a hocht decc. An céd bhliadhain do
Roithechtaigh mac Maoin os Erinn indsin.



Aois domhain, tri mile ocht ccéd cethrachat a dó. I ffoirchend cuicc
mbliadhan ffichet do Roitheachtaigh i righe Ereann torchair la
Sedna mac Airtri i ccruachain.



Aois domhain, tri mhíle ocht ccéd ceathrachat a tri. An ched
bhliadhain do ríghe Shedna, mic Airtri, mic Ebhric, mic Emhir, mic
Ir.



Aois domhain, tri mhíle ocht ccéd cethrachat aseacht. Iar mbeith
cúicc bliadhna do Sédna isin ríghe, torchair la Fiacha Fíonscothach
agus lá Muineamhon, mac Cais Clothaigh, i ccruachain.



Aois domhain, tri mile ocht ccéd ceathrachat a hocht. An céd
bhliadhain do righe Fiachach Fionscothaigh os Erinn.



Aois domhain, tri mile ocht ccéd seasccat a secht. Iar mbeith
dFiachaidh Fionscothach fiche bliadhain i righe Erionn do cher la
Muineamhon mac Cais.


L. 52


Ba scoithshemrach gach magh i nErinn i naimsir Fhiachach.
Do gebhthí bheós a lán fíona isna sgothaibh ísin, go bfáisctís i
lestraibh glainidhibh an fíon. Conadh aire sin ro len an forainm
Fiacha Fionscothach do ghairm de.



Aois domhain, tri mile ocht ccéd sescat a hocht. An céd bhliadhain
do righe Muineamhoin, mic Cais Clothaigh, os Erinn innsin.



Aois domhain, tri míle ocht ccéd sechtmogat a dó. I ffoirchenn an
coicceadh bliadhan do Muineamhón, atbath do thámh i Maigh Aidhne.
As las an Muinemhón so tuccadh muincedha óir fa braighdibh Ríogh agus
Ruirech ar tos i nErinn.



Aois domhain, tri mile ocht ccéd sechtmoghat atrí. An ced bhliadhain
do Faildergóid.



Aois domhain, tri míle ocht ccéd ochtmoghat a do. Iar mbeith dech
mbliadhna dFailderdóid isin righe do rochair lá hOllamh fFotla,
mac Fiachach Fíonscothaigh, i ccath Temhra. As las an righ
Faildeargdóid ro cuiredh failge óir im lámhoibh airech i nErinn ar
tús.



Aois domhain, tri mile ocht ccéd ochtmoghat a trí. An céd bhliadhain
do righe Ollamhan Fotla, mac Fiachach Fionscothaigh.



Aois domhain, trí mile naoi ccéad fiche a dó. Iar mbeith dá fichet
bliadhain i righe Ereann dOllamh Fothla, atbail ina mhúr budhen
i Temhroigh. As é cédna rí las a ndernadh Féis Teamhrach, agus as
lais do togbhadh Múr nOllamhan i tTemhraigh. As é din ro ordaigh
taoisioch ar gach triochait


L. 54


céd, agus brughaidh ar gach baile, agus a bfoghnamh uile do Righ
Ereann. Eochaidh cédainm Ollamhan Fothla, agus as aire
adrubradh Ollamh (Fodhla) fris ar a bheith na ollamh ergna cédus,
agus ('na) Rígh (Fodhla .i.) Ereann iaromh.



Aois domhain, tri mile naoi ccéd fiche a trí. An céd bhliadhain do
righe Fionnachta, mic Ollamhon Fothla, ós Erinn indsin.



Aois domhain, trí míle naoi ccéd cethrachat a dó. An fichetmadh
bliadhain dFionnachta ós Erinn innsin. Atbath iaromh do thámh i
Muighinis la hUltu. As a reimhius an ríogh Fionnachta ro feradh
snechta go mblas fíona condemheth an fér. As de ro lean an forainm as
Fionnachta fairsiomh. Elim a ainm ar tús.



Aois domhain, tri mhíle naoi ccéd cethrachat a trí. An ced
bhliadhain do righe Slanuill, mic Ollamhan Fotla, ós Erinn.



Aois domhain, tri míle naoi ccéd caogat a naoi. An sechtmhadh
bliadhain décc do Slanoll isin righe, co nerbailt i bfoirchend na
réé sin i Teamhraigh, agus ní fes cia galor ros fucc acht a faghail
marbh, seach ní ro sódh dath dó. Ro hadhnaicedh e asa haithle, agus
iar mbeith cethrachat bliadhain isan adhnacal dia churp ro togbadh
iaromh la a mhac .i. la hOilill mac Slanuill, agus ro mhair a
chorp gan lobhadh gan leaghadh an airet sin. Ba machtnadh mór agus ba
hiongnadh la fiora Erionn an ní sin.



Aois domhain, tri míle naoi cced seascca. An chéd bhliadhain do
righe Ghedhe Ollgothaigh os Erind.



Aois domhain, tri míle naoi ccéd seachtmoghat a haon. An dara
bliadhain


L. 56


décc do Ghedhe Ollgothach i righe Ereann, agus do cher i
bforchend na réé sin la Fiacha mac Fionnachta.



Aois domhain, tri mile naoi ccéd sechtmoghat a dó. An cedh bhliadhain
dFiacha Fionnailches, mac Fíonnachta, i righe Ereann. Nach agh
ro genair ina reimhes ro ba ceindfhiond.



Aois domhain, tri mile naoi ccéd nochat a haon. Iar mbeith fiche
bliadhain dFiachaidh Fionnailches i righe Erionn, torchair i
ccath Bregha la Berngal, mac Gedhe Ollgothaigh. As lá Fiacha
Fionnailches conrodacht Dún Chuile Sibrinne .i. Cenandus. Gach
dú ina mbiodh a arus somh ba Ceanandus a ainm. As las an righsi
cetus ro tochailte talomh i nErinn do chum uiscce do beith hi
curraibh. Ba deacmaic don connall a ioth diomfulang ina flaith.



Aois domhain, tri míle naoi ccéd nochat a dó. An céd bhliadhain do
Berngal, mac Gedhe Ollgothaigh, ós Erinn.



Aois domhain, cethre míle a trí. Iar mbeith dá bliadhain décc i righe
nEreann do Bernghal mac Gedhe Ollgothaigh do cher lá hOilill
mac Slanuill, agus la Siorna mac Dén.



Aois domhain, cethre míle a cethair. An céd bhliadhain do righe
Oiliolla, mic Slanuill, os Erind innsin.



Aois domhain, cethre mhíle anaoi decc. Iar mbeith sé bliadhna décc
dOilioll, mac Slanuill, hi righe nEreann, torchair lá Siorna
mac Dén.



Aois domhain, ceathre míle fiche. An céd bhliadhain do Siorna mac
Dén, mic Demain, hi righe nEreann innsin. As é an Siornasa,
mac Dén, ro scar flaithius Teamhra fri hUlltoibh .i. fri sliocht
Ir. As é dna ro díoghail forra Rothechtaigh mac Maoin ro
marbhsat i cCruachain, go ttorchair Berngal mac Gedhe Ollgothaigh,
agus Oilioll mac Slanoill leis.


L. 58


Aois domhain, cethre míle céd sescat a naoi. Iar mbeith céd go leith
do bliadhnaibh i righe nEreann do Siorna Saoghlach, mac Déin,
do chear lá Rotheachtaigh mac Roáin i nAillinn. As é an Siorna
so ro bris cath Aircealtra for Ultaibh, dá cath Slébhe Airbhreach,
cath Cinn duín i nAssal, cath Mona Foichnigh lá hUibh Failghe
for Mairtine agus Erna, cath Luachra, cath Cláire, cath
Samhna, cath Cnuicc Ochoir. Saigidh dó for Fomhoiribh hi ccrich
Midhe. As lais bheos ro cuireadh cath Móna Troghaidhe hí
cCiannachtaibh an tan tug Lughair mac Luigdigh .i. do
shíol Emhir, forlíon dFomhoiribh i nErinn ima rígh, Ceasarn a
ainm. Attairgidh Síorna fir Ereann do chathugadh friú go Móin
Tróghaidhe. Re mbeith ag slaidhe an catha dóibh do fuirmedh támh
forra, co napadh Lughair, agus Ceasarn de co na muintir, agus
drong dírimh dferoibh Ereann amailli friú.



As a naimsir Siorna dna tobruchtadh Sciortaighe i Laighnibh,
Doailte hi Crich Roiss, Nithe i Maigh Muirthemhne, Leamhna i
Mumhain agus Sláine la hUibh Cremthainn.



Aois domhain, ceithre mile céd seachtmoghat. An céd bhliadhain do
righe Rotheachtaigh, mic Roain, ós Erinn innsin.


L. 60


Aois domhain, ceithre míle céd seachtmoghat a sé. Iar mbeith seacht
mbliadhna hi righe nEreann do Rotheachtaigh, ro loiscc teni
ghealáin é hi nDun Sobhairce. Ar las an Rotheachtaigh so
arricht carpait ceithre nech ar tús i nErinn.



Aois domhain, ceithre míle céd seachtmoghat asecht. En bhliadhain
dElim Oillfhinshneachta, mac Rotheachtaigh, hi ríghe nEreann,
go torchair i ffoircend na bliadhna sin lá Giallchaidh, mac Oiliolla
Olchaoin. Ro fearadh sneachta mór go mblas fíona isin
mbliadhainsi. As aire ro gairthí Oillfhínshneachta desiumh.



Aois domhain, ceithre míle ced sechtmoghat a hocht. An ced bhliadhain
do Giallchaidh, mac Oiliolla Olchaoin, mic Síorna, i righe
nEreann.



Aois domhain, ceithre míle ced ochtmoghat a sé. Iar mbeith naoi
mbliadhna do Giallchaidh i righe nEreann do róchair la hArt
Imleach i Moigh Muaidhe.



Aois domhain, ceithre mile céd ochtmoghat a secht. An céd bhliadhain
dArt Imleach, mac Elim Oillfinshneachta, i righe nEreann innsin.



Aois domain, ceithre mhile céd nochat a hocht. Iar mbeith dá
bliadhain décc dArt Imleach i righe nEreann do cher la Nuadhat
Fionnfáil.



Aois domhain, ceithre mile ced nochat a naoi. An ceid bhliadhain do
righe Nuadhaid Finnfáil os Erinn innsin.



Aois domhain, ceithre míle dá céd triochat a hocht. Iar mbeith dá
fichet bliadhain hi righe nEreann do Nuadha Fionnfáil do cher la
Breas, mac Airt Imligh.



Aois domhain, ceithre míle dá céd triocat a naoi. An céd bhliadhain
do righe Breis mic Airt Imligh ós Erinn innsin.



Aois domhain, ceithre mile da céd cethrachat a seacht. Iar mbeith naoi
mbliadhna do Breas i righe nEreann do rochair la hEochaidh
nAptach hi Carn Conluain.



Aois domhain, ceithre míle da céd cethrachat a hocht. En bhliadhain


L. 62


dEochaidh Apthach, mac Finn, hi righe nEreann, agus do rochair
i bfoircheann na bliadhna sin la Fionn, mac Bratha.



Aois domhain, ceithre mile da céd cethrochat a naoi. An céd bhliadhain
do righe Finn, mic Bratha, ós Erinn innsin.



Aois domhain, ceithre míle da céd sechtmoghat. Iar mbeith da bliadhain
ar fichit hi righe nEreann dFionn mac Bratha do cher lá Sédna
mac Breis a Mumhain.



Aois domhain, ceithre mile da chéd sechtmoghat a haon. An ceid
bhliadhain do Sedhna Ionnarraigh, mac Breis, mic Airt Imligh, hi
righe nEreann.



Aois domhain, ceithre míle da chéd nochat. Iar mbeith fiche bliadhain
hi righe nEreann do Sédhna Ionnarraidh do rochair lá Siomón
mBrec.



Aois domhain, ceithre mile da céd nochat a haon. An ced bhliadhain
do Siomón Breac, mac Aodhain Glais, i righe nEreann innsin.



Aois domhain, ceithre mile da ched nochat a sé. Iar mbeith sé
bliadhna comhlána i righe nEreann do Siomón Brec, mac Aodhain
Glais, do chear lá Duach Fionn.



Aois domhain, ceithre mile dá chéd nochat a seacht. An céd bhliadhain
do Duach Fionn, mac Sedhna Ionnarraigh, hi righe nEreann
innsin.



Aois domhain, ceithre mile trí céd ase. Iar mbeith deich mbliadhna
hi righe nEreann do Duach Fionn, mac Sedhna Ionnarraigh,
do rochair i ccath Maighe la Muireadhach Bolgrach.



Aois domhain, ceithre mile tri ced a secht. Ro caith Muiredhach
Bolgrach mí for bliadhain i righe nEreann go ttorchair i cchionn
na réé hísin la hEnda nDercc, mac Duaich.



Aois domhain, ceithre mile tri ced a hocht. An céid bhliadhain
dEnda Derg, mac Duach Find, hi righe nEreann innsin.



Aois domhain, ceithre mile trí chéd a naoi décc. Iar mbeith da
bhliadhain décc dEnna Derg, mac Duach, hi righe nEreann,
atbath do thámh i Slébh Miss go sochuidhe moir uime.


L. 64


Aois domhain, ceithre mile tri ced fiche. An céd bhliadhain do
Lughaidh Iardonn, mac Enna Deirg, hi righe nEreann innsin.



Aois domhain, ceithre mile tri ched fiche a hocht. Anaoi do
Lughaidh Iardonn hi righe nEreann go ttorchair la Síorlamh
hi Raith Clochair.



Aois domhain, ceithre mile tri ched fiche a naoi. An ced bhliadhain
do Siorlamh, mac Find, mic Bratha, hi righe nEreann innsin.



Aois domhain, ceithre mile tri ched cethrachat a cethair. Iar mbeith
sé bliadhna décc do Siorlamh hi righe nEreann do rochair lá
nEochaidh nUairches.



Aois domhain, ceithre mile tri ched cethrachat a cúig. An céd
bhliadhain dEochaidh Uaircheas i righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile tri ced caogat asé. Iar mbeith da
bhliadhain décc dEochaidh Uairches hi righe nEreann do rochair
lá macoibh Conghail .i. Eochaidh agus Conaing.



Aois domhain, ceithre mile tri ced caogat a secht. An céd bhliadhain
do dá mac Conghail Cosccaraigh .i. Duach Teamhrach, mic Muiredhaigh
Bolgraigh .i. Eochaidh Fiadhmuine agus Conaing Beageglach,
na rioghaibh os Erinn, descart Ereann la hEochaidh, a tuaiscert
la Conaing.



Aois domhain, ceithre mile tri ced seascat a haon. Iar mbeith cuig
bliadhna i ccomrighe ós Erinn dEochaidh Fiadhmuine agus do
Conaing Begeaglach do rochair Eochaidh lá Lugaidh Laimhdherg,
mac Eathach Uairches, agus do scaradh an righe fri Conaing.



Aois domhain, ceithre mile tri ched sesccat a dó. An céd bhliadhain
do Lughaidh Laimhderg mac Eathach Uairches i righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile tri ced seasccat a hocht. A Secht do
Lughaidh i righe nEreann go ttorchair la Conaing, mac Congail.


L. 66


Aois domhain, ceithre mile tri céd sesccat a naoi. An céd bhliadhain
do Conaing Begeaghlach, mac Congail, i righe nEreann innsin
doridhisi.



Aois domhain, ceithre mile tri chéd ochtmoghat a hocht. Iar mbeith
fiche bliadhain hi righe nEreann do Conaing Becceaglach do cher
lá hArt mac Luighdeach. As aire do beirthi Conaing Begeaglach
fris ar ní ro gabh omhan fris nach aon é cén ro mhair.



Aois domhain, ceithre mile tri ched ochtmoghat a naoi. An céd
bhliadhain dArt, mac Luighdheach, mic Eathach Uairches, hi righe
nEreann innsin.



Aois domhain, ceithre mile tri ched nochat acethair . Iar mbeith sé
bliadhna i righe nEreann dArt, mac Luighdheach, ro rochair la
Fiacha Tolgrach agus la a mac Duach Ladhrach.



Aois domhain, ceithre mile trí chéd nochat a cúig. An ceid bhliadhain
dFiachaidh Tolccrach hi righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd a cethair. Iar mbeith deich
mbliadhna hi righe nEreann dFiachaidh Tolgrach, mac Muiredhaigh
Bolccraigh, do cher la hOilioll mac Airt i mBoirind.



Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd a cúig. An céd bhliadhain
dOilioll Fionn, mac Airt, mic Luighdheach Laimhdercc, os Erinn
innsin.



Aois domhain, ceithre mile ceithre ced a cúig décc. Iar mbeith én
bhliadhain dég hi righe nEreann dOilioll Fionn, mac Airt, mic
Luighdeach Laimhdeirg, do rochair la hAirgetmair agus lá Duach
Ladhghair hi ccath Odhbha.



Aois domhain, ceithré mile ceithre ced a sé decc. An céd bhliadhain
dEochaidh mac Oiliolla Finn hi righe nEreann innsin.



Aois Domhain, ceithre mile ceithre ced fiche adó. Iar mbeith seacht
mbliadhna hi righe nEreann, dEochaidh, mac Oiliolla Finn,
do rochair lá nAirgetmair agus lá Duach Ladhgair hi nAine.



Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd fiche a tri. An céd
bhliadhain dAirgetmar, mac Siorlaimh, hi righe nEreann innsin.



Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd caoccat a dó. An deachmhadh


L. 68


bliadhain fichet dAirgetmar hi righe nEreann go ttorchair lá
Duach Ladhrach agus la Lucchaidh Laighdhe mac Eathach.



Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd caogat a trí. An céd
bhliadhain do Duach Ladhgrach, mac Fiachach Tolgraigh, hi righe
nEreann.



Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd seasccat a dó. A deich do
Duach Ladhgrach hi righe nEreann go ttorchair lá Lughaidh
Laighdhe.



Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd seasccat a trí. An céd
bhliadhain do Lughaidh Laighdhe hi righe nEreann innsin.



Aois domhain, ceithre mile ceithre ced seasccat anaoi. Iar mbeith
seacht mbliadhna hi righe nEreann do Lughaidh Laghdhe do chear
la hAodh Ruadh, mac mBodhairn, mic Airgedmair.



Aois domhain, ceithre mile ceithre ced seachtmoghat. An céd
bhliadhain dAodh Ruadh, mac Badhairn, hi righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd seachtmoghat asé. Iar mbeith
seacht mbliadhna hi righe nEreann dAodh Ruadh, mac Badhairn,
ro fagoibh an righe ag Dithorba, mac Demain, iar ccaithemh an ceid
shealoid dó budhein, ar ro batur ratha fair ima tealgadh uadh i
ccionn seacht mbliadhna do Diothorba, agus ar Diothorba bheós ima
légadh uadh do Ciombaoth iar seacht mblíadhna oile, agus amhlaidh sin
iar nurd go forbadh a fflatha. As aire do ronsat an chora ísin
immon righe ar robtar meic trí nderbrathar.



Aois domhain, ceithre mile ceithre ced seachtmoghat, asecht. An ced
bhliadhain do Diothorba, mac Demain, hi righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile ceithre ched ochtmoghat atri. Iar mbeith
seacht mbliadhna hi righe nEreann do Diothorba, mac Demain, ro
fhagaibh an righe ag Ciombaoth, mac Fionntain, uair ba dó rainic an
seal iar nDiothorba.



Aois domhain, ceithre mile ceithre ced ochtmoghat a cethair. An ced
bhliadhain do Ciombaoth mac Fionntain hi righe nEreann innsin.


L. 70


Aois domhain, ceithre mile ceithre ced nochat. Iar mbeith seacht
mbliadhna hi righe nEreann do Ciombaoth, mac Fionntain, ro
fagoibh an righe ag Aodh Ruadh, mac Badhairn.



Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd nochat a seacht. Iar mbeith
seacht mbliadhna hi righe nEreann an dara feacht dAodh Ruadh,
mac Badhairn, ro fhagaibh an righe ag Diothorba do ridhisi.



Aois domhain, ceithre mile ceithre ced nochat a hocht. An ced
bhliadhain do Diothorba, mac Demain, an dara feacht ro gabh righe
nEreann.



Aois domhain, ceithre mile cúig cet a cethair. Iar mbeith seacht
mbliadhna do Diothorba don chur sin hi righe nEreann ro
fhagoibh a sheal ag Ciombaoth, mac Fionntuin.



Aois domhain, ceithre mile cúigh chéd a cúig. An céd bhliadhain do
Ciombaoth an dara feacht ro gabh righe nEareann.



Aois domhain, ceithre mile cúig chéd a haon ndécc. Iar mbeith
seacht mbliadhna do Ciombaoth hi righe nEreann, an dara feacht,
ro fhagoibh an righe ag Aodh Ruadh, mac Badhairn.



Aois domhain, ceithre mile cuig chéd a dó décc. An céd bhliadhain
dAodh Ruadh, mac Badhairn, hi righe nEreann (an tres feacht ro
gabh an righe) innsin.



Aois domhain, ceithre mile cúig chéd a hocht décc. Iar mbeith secht
mbliadhna hi righe nEreann dAodh Ruadh, mac Badhairn, (an tres
feacht ro gabh righe) ro báidhedh i nEass Ruaidh, co ro hadhnacht
isin sith ós ur in esa, conadh uadha do garar Síth Aodha, agus Eass
Aodha Ruaidh.



Aois domhain, ceithre mile cúig ched a naoi décc. An ced bhliadhain
do Diothorba, an tres feacht ro gabh righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile cúig ced fiche a cúig. Iar mbeith seacht
mbliadhna do Diothorba hi righe nEreann (an tres feacht) ro
fagoibh an righe ag Ciombaoth.



Aois domhain, ceithre mile cúig chét fiche asé. An céd bhliadhain
do Ciombaeth i righe nEreann an tres feacht ro gabh an righe
innsin.



Aois domhain, ceithre mile cuig céd triochat adó. Iar mbeith seacht


L. 72


mbliadhna hi righe nEreann do Cimbaoth an tres feacht, ro raidh
Macha inghen Aodha Ruaidh, mic Badhairn, ba lé seal a hathar don
righe. Atbert Diothorba agus Ciombaoth ná tiobradaís righe do
mhnaoi. Feachair cath etorra, brisis Macha forra go ros ionnarb
Diothorba co na chloinn hi cConnachtaibh co torchair i ccorann.
Do bert iarsin Ciombaoth cuicce do céili di, agus do bheir in righe
dó. Do choidhsi iaromh na haonar hi cConnachtaibh, agus tug clann
Diothorba lé i ndaorcengal co hUltoibh a los a neirt, agus do bert
iad fo trom daoire go ro claidhset Ráth Eamhna dhi, go madh si budh
priomhchathair Uladh do ghrés.



Aois domhain, ceithre mile cúig ced triochat atrí. An céd bhliadhain
do Ciombaoth hi righe nEreann iar na thabhairt cuicce do Macha
mar chele.



Aois domhain, ceithre mile cúigh chéd triochat anaoi. Iar mbeith
seacht mbliadhna hi righe nEreann do Ciombaoth mac Fiontain, iar
na tabhairt cuice do Macha, atbail i nEamhoin Macha. As é céd rí
Eamhna an Ciombaoth hísin.



Aois domhain, ceithre mile cuig ced cethrachat. An céd bhliadhain do
Macha hi righe nEreann iar neg do Ciombaoth mic Fiontainn.


L. 74


Aois domhain, ceithre mile cuig ced cethrachat asé. Iar mbeith seacht
mbliadhna hi righe nEreann do Macha mongruaidh, inghen Aodha
Ruaidh, mic Badhairn, do cher la Reachtaidh Righdercc, mac
Luighdheach. As hí Macha ro forail for macoibh Diothorba (iar na
ttabhairt fo daoire) Raith Eamhna do claidhe, gomadh si
priomhchathair Uladh do ghres, amhail rémraidhsem, agus ba he
Ciombaoth agus Macha ro oil Ughaine Mór.



Aois domhain, ceithre mile cúig céd cethrachat a seacht. An céd
bhliadhain do Reachtaidh Righdercc, mac Luigdheach, hi righe
nEreann.



Aois domhain, ceithre mile cuig céd seasccat asé. Iar mbeith fiche
bliadhain i righe nEreann do Reachtaidh Righdercc, mac
Luighdheach, do rochair la hUghaine Mor a ndioghail a bhuime .i.
Macha Mongruadh.



Aois domhain, ceithre mile cuig ced seasccat a seacht. An céd
bhliadhain dUghaine Mór, mac Eathach Buadhaigh, hi righe
nEreann innsin.



Aois domhain, ceithre mile sé ced asé. I fforchend na bliadhna so,
iar mbeith cethrachat bliadhain comlán dUghaine mhór na rígh
Ereann agus iarthoir Eorpa go hiomlán go muir Toirrian,
do rochair la Badbchadh, i tTealach


L. 76


an chosgair i Maigh Muireadha i mBreghoibh. As é an tUghaine
sin ro gabh ratha na nuile dúl aicsidhe agus nemhaicsidhe for fiora
Ereann go coitcend, gan iomchosnamh im righe nEreann fria a
chloinn go bráth na fria shíol bheós.



Badbchadh, mac Eachdhach Buadhaigh, iar nUghaine Mór lá go leith
isin righe, go ros marbh Laoghaire Lorc, mac Ughaine, a ndioghail
a athar.



Aois domhain, ceithre mile se chéd aseacht. An céd bhliadhain do
Laoghaire Lorc, mac Ughaine Mhoir, hi righe nEreann innsin.



Aois domhain, ceithre mile sé chéd a hocht. Iar mbeith dá
bhliadhain hi righe nEreann do Laoghaire Lorc, mac Ughaine,
do rochair la Cobhthach Caol mBregh hi ccarman.



Aois domhain, ceithre mile se chéd anaoi. An céd bhliadhain do
Cobhthach Caol Bhregh hi righe nEreann indsin.



Aois domhain, ceithre mile sé chéd caogat a hocht. Iar mbeith
caogatt bliadhain i righe nEreann do Cobhthach Caol Bregh, mac
Ughaine Mhóir, do rochair la Labhraidh Loingseach, Maen mac
Oiliolla Aine, co ttriochaid riogh ime hi nDionn righ for bhrú
Berbha.


L. 78


Aois domhain, ceithre mile sé chéd caogat anaoi. An céd bhliadhain
do Labhraidh Loingseach hi righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile sé chéd sechtmoghat aseacht. Iar mbeith
naoi mbliadhna décc do Labhraidh Loingseach, Maen mac Oiliolla
Aine, mic Laoghaire Luirc, mic Ughaine Móir, i righe nEreann
do rochair lá Melghe Molbhthach, mac Cobhthaigh Caoil Bregh.



Aois domhain, ceithre mile sé chéd seachtmoghat a hocht. An céd
bhliadhain do Melghe Molbhthach, mac Cobhthaich Chaoil Bregh,
hi righe nEreann innsin.



Aois domhain, ceithre mile sé chéd nochat a cethair. Iar mbeith
seacht mbliadhna dég hi righe nEreann do Melghe Molbthach, mac
Cobthaigh Caoil Bregh, do cher i ccath Cláire lá Modhcorb. An
tan ro chlas a fheart as ann ro meabhaidh Loch Melghe fo tír hi
ccoirbre, conidh uadha ainmnighther.



Aois domhain, ceithre mile sé chéd nochat a cúig. An céd bhliadhain
do Modhcorb mac Cobhthaigh Caoimh, hi righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile seacht ccéd a haon. Iar mbeith seacht
mbliadhna hi righe nEreann do Modhcorb mac Cobthaigh Caoimh
do rochair la hAenghas Ollamh.



Aois domhain, ceithre mile seacht ccéd, adó. An céd bhliadhain
dAengus Ollamh, mac Oiliolla, mic Labhradha, hi righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile secht ccéd anaoi dég. A hocht décc
dAengus Ollamh mac Oiliolla, mic Labhradha, go ttorchair la
hIrereo, mac Melghe, i bfoirchend na ree hisin.



Aois domhain, ceithre mile secht ced fiche. An céid bhliadhain
dIrereo, mac Melghe Molbhthaigh, hi righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile secht ced fiche asé. Iar mbeith secht
mbliadhna


L. 80


hi righe nEreann dIrereo, mac Melghe, do rochair la Fercorb
mac Modha cuirb.



Aois domhain, ceithre mile secht cced fiche aseacht. An céid
bhliadhain dFiorcorb, mac Modha Cuirb, hi righe nErionn.



Aois domhain, ceithre mile secht ccéd triochat a secht. Iar mbeith
én bhliadhain dég hi righe nErionn dFior Corb do rochair la
Connla Caomh mac Irereo.



Aois domhain, ceithre mile secht cced triochat a hocht. An céid
bhliadhain do Connla Caomh hi righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile secht ccéd caogat a secht. Iar mbeith
fiche bliadhain hi righe nEreann do Conla Caomh atbail i
tTemhraigh.



Aois domhain, ceithre secht ccéd caogat a hocht. An céd
bhliadhain dOilioll Caisfiaclach, mac Connla Caoimh, hi righe
nEreann.



Aois domhain, ceithre mile secht ccéd ochtmoghat adó. Iar mbeith
cúig bhliadhna fichet hi righe nEreann dOilill Caisfhiaclach,
mac Connla Caoimh, mic Irereo, do rochair la hAdamar mic
Fircuirb.



Aois domhain, ceithre mile secht ccéd ochtmoghat a tri. An ced
bhliadhain dAdamar mac Fircuirb, os Erinn.



Aois domhain, ceithre mile secht ced ochtmoghat asecht. An cúigeadh
bliadhain dAdamar, mac Fircuirb, hi righe nEreann, go ttorchair
la hEochaidh nAiltlethan.



Aois domhain, ceithre mile secht ccéd ochtmoghat a hocht. An céid
bhliadhain dEochaidh Ailtlethan hi righe os Erinn.



Aois domhain, ceithre mile ocht ced a cethair. Iar mbeith seacht
mbliadhna décc hi righe uas Erinn dEochaidh Ailtlethan, mac
Oiliolla Caisfhiaclaich, do rochair lá Ferghus Fortamhail.



Aois domhain, ceithre mile ocht ced a cúig. An céd bhliadhain
dFerghus Fortamhail, mac Bresail Bric, hi righ nEreann.


L. 82


Aois domhain, ceithre mile ocht ced a cúig décc. Iar mbeith én
bhliadhain décc i righe nEreann dFearghus Fortamhail, mac
Bresail Bric, do rochair lá hAonghus Tuirmhech hi ccath
Teamhrach.



Aois domhain, ceithre mile ocht ccéd ase décc. An céd bhliadhain
dAenghus Tuirmeach Teamhrach hi righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile ocht cced seachtmoghat a cúig. Iar mbeith
sesccat bliadhain hi righe nEreann dAenghus Tuirmeach Temhrach
atbail hi tTeamruigh. Aonghus Tuirmeach do ghairm dhe, ar as
cuicce tuirmidthear saor clanna Síl nEireamhoin.



Aois domhain, ceithre mile ocht cced sechtmoghat asé. An céd
bhliadhain do Conall Collamrach, mac Etersceoil, na righ ós
Erinn.



Aois domhain, ceithre mile ocht ccéd ochtmoghat. Iar mbeith cúig
bliadhna hi righe nEreann do Conall Collamrach, mac Etersceoil
Temhrach, mic Eathach Ailtlethan, do rochair lá Nia Sedhamain.



Aois domhain, ceithre mile ocht ccéd ochtmoghat ahaon. An céid
bhliadhain do Nia Sedhamain, mac Adhamair, hi righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile ocht cced ochtmoghat asecht. Iar mbeith
secht mbliadhna hi righe nEreann do Nia Sedhamain, mac
Adhamair, do rochair la hEnna Aighneach. As a naimsir an rígh
Niadh Sedhamain do blightea ba agus ellte fo aenchoma.



Aois domhain, ceithre mile ocht cced ochtmoghat ahocht. An ceid
bhliadhain dEnna Aighneach os Erinn.



Aois domhain, ceithre mile naoi cced a secht. Iar mbeith fiche
bliadhain


L. 84


hi righe nEreann dEnna Aighnech, mac Aonghasa Tuirmigh
Temhrach, do rochair lá Criomthann Cosccrach hi ccath Aird
Cremhthainn.



Aois domhain, ceithre mile naoi cced a hocht. An céid bhliadhain do
Criomthann Cosccrach, mac Felimidh, mic Ferghusa Fortamhail, hi
righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile naoi ced a haon ndécc. Iar mbeith
ceithre bliadhna hi righe nEreann do Criomhthann Cosccrach
do rochair la Rudhruighe, mac Sithrighe.



Aois domhain, ceithre mile naoi ccéd a dó décc. An céid bhliadhain
do Rudhruighe, mac Sithrighe, hi righe nEreann.



Aois domhain, ceithre mile naoi cced ochtmoghat a haon. Iar mbeith
sechtmoghat bliadhain hi righe nEreann do Rudhruighe, mac
Sithrighe, mic Duib mic Fomhoir, mic Airgetmair, adbail i
nAirgetgliond. As las an Rudhruighe si ro meabhsat na catha so fo
Eirind. Cath Cuirce, cath Luachra, seacht ccatha hi ccliú,
cath Gleandamhnach, cath Sleibhe Mis, cath Boirne, cath Ren,
cath Ai, cath Cúile Silinde, da cath Fortraiscc.



Aois domhain, ceithre mile naoi cced ochtmoghat a dó. An ceid
bhliadhain dIondadmar, mac Nia Sedhamain, hi righe ós Erinn.



Aois domhain, ceithre mile naoi cced nochat. Iar mbeith naoi
mbliadhna hi righe nEreann dIonnatmar, mac Nia Sedhamain,
do rochair la Breasal Boidiobhadh, mac Rudhruighe.



Aois domhain, ceithre mile naoi ced nocha a haon. An céid bhliadhain
do Bresal Boidiobhadh i righe nEreann.



Aois domhain, cúig mile a haon. Iar mbeith en bhliadhain décc na
righ os Erinn do Breasal Bóidiobhadh, mac Rudhruighe, do rochair
la Lughaidh Luaighne. Bóár mór i nErinn hi reimhius Bresail.


L. 86


Aois domhain, cúicc mile a dó. An céid bhliadhain do Lughaidh
Luaighne, mac Iondatmair, hi righe nEreann.



Aois domhain, cúicc mile a sé décc. An cúigeadh bliadhain décc do
Lughaidh Luaighne, mac Iondatmair, hi righe nEreann, go
ttorchair la Congal Claroinech, mac Rudhruighe.



Aois domhain, cúig mile a secht décc. An céd bhliadhain do Congal
Claroineach hi righe nEreann.



Aois domhain, cúig mile triocha a haon. Iar mbeith cúig bliadhna
décc hi righe nEreann do Congal Claroinech, mac Rudhruighe,
do rochair la Duach Dallta Deadhadh.



Aois domhain, cuig mile triocha a dó. An céid bhliadhain do Duach
Dallta Deadhadh, mac Cairbre Luiscc, hi righe nEreann.



Aois domhain, chúig mile cethracha a haon. Iar ccaithemh deich
mbliadhon hi righe nEreann dho Duach Dallta Deadhadh, mac
Cairbre Luiscc, do rochair lá Fachtna Fathach.



Aois domhain cuig mile cethracha a dó. An céid bhliadhain
dFhachtna Fathach hi righe nEreann.



Aois domhain, cuig mile caoga a secht. Iar mbeith sé bliadhna décc
dFachtna Fathach, mac Rosa, mic Rudhruighe, hi righe nEreann
do chear la hEochaidh fFedhlech.



Aois domhain, cúig mile caoga a hocht. An céid bliadhain dEochaidh
Feidhleach hi righe ós Erinn.


L. 88


Aois domhain, cúig mile seascca a naoi. Iar mbeith da bliadhain décc
hi righe nEreann dEochaidh Feidhleach, mac Find, mic
Fiondlogha, atbail i ttemhraigh.



Aois domhain, cúicc mile seachtmoghat. An céid bhliadhain dEochaidh
Airemh (derbhrathair Eathach Feidhligh) hi righe nEreann.



Aois domhain, cuicc mile ochtmoghat a cethair. Iar ccaithemh cóig
mbliadhna ndécc hi righe nEreann dEochaidh Airemh ro
loiscceadh lá Sioghmall hi fFremhaind.



Aois domhain, cuicc mile ochtmoghat a cúig. An céd bhliadhain
dEderscél, mac Eoghain, mic Oiliolla, na rígh ós Erinn.



Aois domhain, cúig mile ochtmoghat anaoi. Iar ttochaithemh cóicc
mbliadhan hi righe nEreann dEderscel, mac Eoghain, mic Oiliolla,
do rochair la Nuadha Neacht, i nAillind.



Aois domhain, cuicc mile nochat. Iar ccaithemh leithbhliadhna hi
righe nEreann do Nuadha Necht, mac Sedna Sithbhaicc, torchair
hi ccath Cliach i nUibh Dróna lá Conaire Mór. Leithbhliadhain
comhfhlaithis cloinne Eimhir Find hi ccenn na leith bhliadhan so
Nuadhat Necht comhlánaighes nochat as cúig míle bliadhain i naois
domhain.



Aois domhain, cuicc mile nocha a haon. An ceid bhliadhain do
Conaire Mór, mac Etersceóil, i righe nEreann.


L. 90


Aois domhain, cuicc mile ced seascca. Iar mbeith sechtmoghat bliadhain
hi righe nEreann do Conaire Mór, mac Etirsceoil, do rochair hi
mBruighin da Derg la díbheargaibh. As a fflaith Conaire do
chuireadh an mhuir torchar gach bliadhna fa thír i nInbher Colpa
do shonnradh. Do gebthi bheós cna iomhais for Bhóind agus
Bhuais fria linn. No biodh na cethra gan comhda a nErinn ina
flaith, ar mhéd an tsíodha agus an chaenchomhraic. Nír bo toirneach
ainbhtionach a fhlaith, ar ní bhuingeadh gaoth cairche a hindlibh ó
mhedhon foghmair go medhon Earraigh. Suaill ná feacdaois na feadha
daidhble a measa fria linn.



Aois domhain, cuicc mile ced seascca a haon. An céd bhliadhain
dErinn gan rígh iar cConaire.



Aois domhain cuig mile ced seascca asé. An céid bhliadhain do
Lughaidh Sriabh ndercc hi righe nEreann.



Aois domhain, cúig mile ced nochat a haon. Iar mbeith sé bliadhna
fichet hi righe nEreann do Lughaidh Sriabh ndercc atbath do
chumhadh.



Aois domhain, cúig mile ced nochat adó. Aon bliadhain do Concubhar


L. 92


Abhradhruadh, mac Finn Filedh, mic Rossa Ruaidh, mic Ferghusa
Fairrghe, hi righe nEreann go ttorchair la Criomhthann, mac
Luighdheach Sriabh ndercc.



Aois domhain, cuig mile céd nochat a trí. An céid bhliadhain do
Criomhthann Niadhnáir, mac Luigdheach, hi righe nEreann.



Aois domhain, cuicc mile céd nochat a cethair. An dara bliadhain do
Criomhthann.



DAOIS Criost.



An céd bhliadhain daois Críosd, agus an tochtmadh bliadhain do righe
Criomhthainn Niadhnáir.



Aois Criost, a naoi. A se décc do Criomhthann hi righe nEreann,
go nerbailt i nDún Criomthainn, i nEdair, iar ttoidheacht don
eachtra oirrdheirc fors a ndeachaidh. As don eachtra sin tug lais na
seóid adhamhra imon ccarpat nórdha, agus imon ffithchill nóir, go
ttríbh ccédoibh geam gloinidhe innte, agus imon ccédaigh
cCriomhtainn, léne saineamhail isidhe co mbreachtradh órdha. Do
bhert cloidhemh cathbhuadhach co niolar naithreach do mhaisi óir
aithleaghtha ar na rionnadh ann, sciath co mbocóidibh airgit aengil,
sleagh da nach térnodh oen no gonta dhi, tabhall as nach teillccti
urchor niomraill, agus da choin go


L. 94


slabhradh ngeal arccaid etorra. Ro bfiú céd cumhal an slabhradh
hisin maille le móran do sedoibh oile.



Aois Criost, a deich. An céd bhliadhain do righe Cairpre Cinncait,
iar marbhadh na saorchlann dó cen motha uathadh térna as an orcoin in
ro hortadh na huaisle las na hAitheachthuathoibh. Atiad na trí
saoir atrullatur uatha an ionbhaidh sin. Feradhach Fionnfechtnach,
ottád síol cCuinn Cédcathaigh, Tiobraide Tireach, ottád Dál
nAraidhe, agus Corb Olum, ottád rioghraidh Eoghanachta hi
Mumhain. Agus cidh iadsidhe bá hi mbronnaibh a maithreach
luidhsiot tairis. Baine inghen righ Alban ba mathair
dFearadhach Fionnfechtnach, Cruife inghen rígh Bretan mathair
Cuirb Oluim, agus Aine inghen rígh Saxan máthair Tiobraide
Tírigh.


L. 96


Aois Criost, a cethair décc. Iar mbeith cúig bliadhna hi righe
nEreann do Chairbre Caitcend atbath. Olc tra ro boí Ere fria
reimhiussiomh, aimbrith a hioth, ar ní biodh acht en gráine ar an
cConall, ettorthach a hinbhir, dioscc a cethra, neimhlionmar a mes,
ar ní biodh acht aen derc ar an ralaigh.



Mac don Cairbre hisin an Morann moireolach fris a raite Morann
mac Maoin. Aois Criost, a cúig decc. An céd bhliadhain
dFeradhach Fionnfechtnach na righ ós Erinn. Maith tra ro
ro boi Eire fria linnsiomh. Robdar certa suaimnech na síona.
Túismis an talamh a toradh. Iasccmhar na hinbhiora, blechtmhara na
buair, ceanntrom na coillte.



Aois Criost, triocha a sé. Iar ccaithemh dá bhliadhain ar fichitt
hi righe nEreann dFeradhach Fiondfechtnach, mac Criomhthainn
Niadhnáir, ro écc hi tTemhraigh.



Aois Criost, triocha a secht. An céd bhliadhain dFiatach Fiond,
mac Daire, mic Dluthaigh, hi righe nEreann.



Aois Criost, triocha anaoi. Iar mbeith tri bliadhna hi righe
nEreann don


L. 98


Fiatach Fionn so (o ttád Dal fFiatach i nUltaibh) do rochair
la Fiacha Fionnfolaidh.



Aois Criost, cethracha bliadhain. An céd bhliadhain do righe
Fiachach Fionnfolaidh ós Erinn.



Aois Criost, caoga a sé. Iar mbeith secht mbliadhna décc hi ríghe
nEreann dFiachaidh Fionnfolaidh ro marbhadh é las na
coiccedhchaibh tre comhairle na nAithechtuath i norccain Moighe
Bolg. Atiad na coiccedhaigh las a ttorchair. Elim mac Connrach
rí Uladh, Sanbh mac Ceit, mic Magach, righ Connacht, Foirbre
mac Fine rí Mumhan, agus Eochaidh Aincend rí Laighen. Ní
fairgoibhsiomh do cloinn achtmadh aen mac boí hi mbroinn Ethne
inghen rí Alban, Tuathal adacomhnaic.



Aois Criost, caocca seacht. An céd bhliadhain do righe Elim mic
Conrach.



Aois Criost, sechtmoghat a sé. Iar mbeith fiche bliadhain hi righe
os Erinn dElim mac Conrach do rochair hi ccath Aichle la
Tuathal Techtmhar. Do rad Dia dioghla hi ccionaidh a mighníomh
for Aithechthuathoibh fri reimhius Elim isin ríghe .i. Ere do
bheith gan ioth, gan bliocht, gan mes, gan iascc, agus gan nach
mórmhaith aile, o ro mharbhsat Aithechthuatha Fiacha Fionnoladh
ind orgain Moighe Bolg go ré Thuathail Techtmair.



Aois Christ, céd a sé. Iar mbeith triocha bliadhain hi righe
nEreann do Tuathal Techtmar torchair lá Mal mac Rochraidhe ri
Uladh hi Moigh


L. 100


Line, hi Moin in chatha, i nDal Araidhe an bail as a mbrúcht
Ollar agus Ollarba an da abhuinn. Ceanngubha ainm an chnuic in
ro marbhadh somh febh dearbhus an rann:




Ollar agus Ollarba,
Ceann gubha triathach tuathach,
nibdar anmonda gan adhbhar,
an lá do marbadh Tuathal.




Agus amhail as rubradh bheos,




Tuathal diar ffine feronn,
flaith Midhe milibh galann,
gaotta flaith Fremhann finne
hi re cnuic Glinde an Gabhann.




Aois Christ, céd a seacht. An chéd bhliadhain do Mal, mac
Rochraidhe, mic Cathbhadha, hi righe nEreann.



Aois Christ, céd a deich. Iar mbeith ceithre bliadhna na righ ós
Erind do Mal, mac Rochraidhe, do chear la Feidhlimidh Rechtmhar.


L. 102


Aois Criost, ced a haon ndécc. An ceid bhliadhain dFeidhlimidh
Rechtmhor, mac Tuathail Techtmhair, na righ os Erinn. Baine
inghen Scáil máthair an Fedhlimidh si. As uaithe ainmnighther
Cnoc mBáine la hOirgiallaibh, ar is ann ro hadnaichtsi. As lé
beos ro clasadh Ráith Mor Mhaighe Lemhna i nUlltoib.



Aois Criost, ced anaoi décc. Iar mbeith naoi mbliadhna hi righe
nEreann dFeidlimidh Reachtmhar atbail.



Aois Chriost, ced fiche. An céd bhliadhain do Cathaoir Mór, mac
Feidhlimidh Firurglais, hi righe nEreann.



Aois Chriost, ced fiche adó. Iar mbeith tri bliadhna na righ os
Erinn do Cathaoir Mor do cear la Conn, agus la Luaighnibh
Teamhra, hi gcath Moighe hAgha.



Aois Chriost, céd fiche a trí. An ceid bhliadhain do Conn
Cedcathach na righ os Erinn. A noidhce geine Cuinn forrith
cóicc príomhróid go Temhraigh na ro taidhbhredh riamh go sin. Atiatt
a nanmanna, Slighe Asail,
Slighe


L. 104


Miodhluachra, Slíghe Cualann, Slighe Mór, Slighe Dála. Slighe
Mór tra as isidhe Esccir Riada .i. sabhronna Ereann a dó etir
Chonn agus Eoghan Mór.



Aois Chriost, ced caocca a seacht. Iar mbeith cúig bliadhna triocha
hi righe nEreann do Conn Cedcathach torcair la Tiobraide
Tireach, mac Mail, mic Rochraidhe, ri Uladh hi tTuaith Amrois.


L. 106


Aois Christ, céd caocca a hocht. An ceid bhliadhain do Conaire,
mac Modha Lamha, hi righe uas Erinn.



Aois Chriost, ced seascca a cuig. Iar mbeith ocht mbliadhna hi
righe nEreann do Chonaire, mac Modha Lamha, torcair la Neimhidh
mac Sruibhginn. Tri meic lais an cConaire hisin, Coirbre Muscc,
ó raiter Musccraighe, Cairpre Bascain, o ttádh Baiscnigh hi
cCorca Baisccinn, agus Cairpre Riata, o bfuilit Dál Riata.
Saraid inghion Cuinn Cedcathaigh mathair na mac sa Conaire, mic
Modha Lamha.



Aois Christ, ced seascca asé. An ced bhliadhain do righe Airt, mic
Cuinn Cedcathaigh.



Aois Criost, ced ochtmogat asé. A haon fichet dArt, mac Cuinn
Cedcathaigh, hi righe nEreann. Cath Cind Feabrat ria macaibh
Oiliolla Auluim, agus rias na tri Coirbribh (clann Conaire, mic
Modha Lamha .i. Cairbre Múscc, Cairpre Riada agus Cairpre
Bascain) for Dadera drai, for Nemhidh mac


L. 108


Sroibcind, agus for deiscert nEreann, du hi ttorcair Nemidh, mac
Sroibcinn, rí Erna Mumhan, agus Dadera Druth Dairine, do cear dna
Dadera la hEogan, mac Oiliolla, do cear Nemidh, mac Sroibginn,
la Cairbre Rigfhoda, mac Conaire, a ndioghail a athar .i. Conaire
budein. Ro gon Cairbre Musc Lughaidh .i. Mac Con ina cholpta, gur
bo bacach iaromh. Is é fáth an foranma sin mar do bhi Lughaidh
taithnemhach do choin do bhí acc biathadh a coilen a ttigh a oidedh,
agus do ibheadh as ballan na con remhraite, gur lean Mac con de.



Aois Criost, ced nochat acuicc. Iar mbeith triocha bliadhain hi
righe nEreann dArt, mac Cuinn Cédcathaigh, torchair hi ccath
Moighe Mucraimhe la Mac Con go na allmarchoibh. Torcratar beos
isin cath cedna maraon re hArt, meic a Sethar Saidbe ingine Cuind
.i. seacht maca Oiliolla Oluim, tangatur lais i naghaidh Mic Con
a nderbrathar, Eoghan Mór Dubhmerchon, Mughcorb, Lughaidh,
Eochaidh, Dichorb, agus Tadcc a nanmanna, agus Béinne Briot,
ri Bretan ro imir lamha forra. Torchair Beinde la Lughaidh Lagha
a ccionaidh a bhráithrech. Liogairne Leacanfhoda, mac Aengusa
Bailbh, mic Eathach


L. 110


Finnfuathnairt, ro imbir lamha for Art isin cathsin Moighe
Muccroimhe, iar ttocht do hi sochraide Mic Con.



Aois Criost, céd nochat asé. An céd bhliadhain do Lughoidh, (.i.
Mac Con) mac Maicniadh, hi righe nEreann.



Aois Criost, da ced fiche acuig. Iar mbeith triocha bliadhain i
righe nEreann do Lughaidh (.i. Mac Con), mac Maicniadh, torcair do
laimh Feircis, mic Comain Ecis, iar na ionnarbadh a Temraigh do
Cormac ua Chuinn.



Aois Criost, da chéd fiche asé. Ferghus Duibhdhedach, mac
Iomchadha, na righ ós Erinn fri ré mbliadhna, co ttorchair, hi
ccath Crionna, la Corbmac ua Cuind, do laimh Logha lagha.
Torcratar lais beós a da bhrathair, Ferghas Foiltleabhar, agus
Ferghus Bot, tar Bregaibh, da ngoirthi Ferghus Caisfhiaclach.
Is doibh ro ráidheadh:




For an aoinlicc ag Ráith cró
foirtbhe na ttri fFerghusó,
atbert Corbmac as gle
ni chel a dae for Laighe.




I sochraide Corbmaic tainic Tadhg mac Céin agus Lughaidh don
chath hishin, agus ba i tirfocraic an chatha do rata o Chorbmac
do Thadhg an feronn forsa ttá Ciannachta, i Muigh Bregh,
amhail as erdheirc i leabhraibh oile.



Aois Criost, da chéd fiche a seacht. An ched bhliadhain do
Corbmac, mac Airt, mic Cuinn Chedchathaigh, na rígh ós Erind.


L. 112


Aois Criost, da chéd triochat a cethair. A hocht do Chorbmac.
Ailill Olom, mac Mogha Nuadhat, ri Mumhan, dég.



Aois Criost, da chéd triochat a sé. A dech do Chorbmac. Cath
Granaird ria cCorbmac ua cCuinn for Ultoibh an bhliadhainsi.
Cath in hEu hi Moigh Aei for Aedh, mac Eachdach, mic Conaill,
rí Connacht. Cath i nEth, cath Cinn Daire, cath Srutha for
Ultoibh, cath Slicche Cuailnge.



Aois Criost, da chéd triochat a secht. A haon décc do Chorbmac.
Cath Atha beathaig. Cath Ratha Dumha an bliadhainsi ria
cCorbmac.



Aois Criost, da chéd triochat a hocht. A do do dhécc do Corbmac.
Cath Chuile tochair fo trí, agus trí catha hi nDubadh ria
cCorbmac.



Aois Criost, da chéd triochat anaoi. A tri décc do Chorbmac.
Cath Allamaigh, agus secht ccatha Elne ri cCorbmac.



Aois Criost, da chéd cethrachat. A cethair decc do Chorbmac. Cath
Moighe Techt, agus loinges Chorbmaic tar maigh Rén (.i. tar an
ffairge) an bhliadhain sin, conid don chur sin ro ghabhastairsiomh
righe nAlban.



Aois Criost, da chéd cetrachat a haon. A cuig décc do Chorbmac.
Attiad andso catha Chorbmaic for Mumhain an bhliadhainsi. Cath
Beirre, cath Locha Lén, cath Luimnigh, cath Grene, cath
Clasaigh, cath Muirisc,


L. 114


cath Ferta hi torchoir Eochaidh Taobhfoda, mac Oiliolla Oluim,
cath Samhna hi torchair Cian, mac Aileallo Oluim, agus cath
Arda caim.



Orgain na hingenraighe, isin Claoinferta hi tTemhraigh, la
Dunlang, mac Enna Niadh, rí Laigin. Triocha righingen a líon,
agus céd ingen la gach ninghin díobh. Dá rígh décc do Laighnibh ros
bí Corbmac ar galaibh aoinfhir, i ndioghail na hoirgne hisin,
amailli re foshnaidhm na boramha co na tormach iar tTuathal.



Aois Criost, da chéd agus cethrachat a hocht. A dó fichet do
Chorbmac. Cath hi Fochaird Muirthemhne ria cCorbmac an
bhliadhainsi.



Aois Criost, da céd sescca a dó. A sé triocha do Chorbmac. Cath
Críonna Fregabhail ria cCorbmac for Ulltoibh, du hi ttorchair
Aongus Fionn, mac Ferghusa Duibhdéadaigh, rí Uladh, go nár
Uladh imme.



Aois Criost, da chéd seasca a cuig. A naoi triocha do Chorbmac.
Guin Ceallaigh, mic Chorbmaic, agus Rechtaire Chorbmaic, agus súil
Chorbmaic budhein do bhrisedh daen fhorccom la hAengus
Gaibhuaibhtheach, mac Fiachach Suighdhe, mic Feidhlimidh Reachtadha.
Ro bhris iaramh Corbmac seacht ccatha fors na Déisibh a
ccionaidh an ghniomha sin, go ros tafainn ó a ttír, conus filid hi
Mumhain.



Aois Criost, da céd seascc a sé. Cetracha bliadhain do Corbmac, mac
Airt, mic Cuind, hi righe nEreann go bfuair bás i cCletech
iar lenmhain cnáimh


L. 116


bradáin ina bhraghait, tres an siabhradh ro imir Mailgenn drai
fair, iar niompodh do Corbmac ar na draoithibh fo bithin adharta Dé
dó tairsibh. Conadh aire sin ro aimsigh diabhal eisiumh tre furaileamh
na ndruadh go ttuc bás dochraidh dó. As é Corbmac do thracht
teguscc na righ do comhda modh, bes, agus follamhnaighthe na righe.
Ughdar oirdherc eisidhe i ndlighthibh, hi ccoimgnibh, agus hi
senchus, ar asé ro shíol recht, riaghail, agus dirgiatadh gacha haoi,
agus cecha caingne iar ccóir, conadh hé an dligheadh ro smacht for
chách baoi for congbhail leo gus an aimsir freacnairc.



A sé an Corbmac so, mac Airt, beos ro thionóil croinicidhe
Ereann co haon mhaighin go Temraigh, gur ro forcongair forro
croinic Ereann do scríobhadh in nen liubar dar bo hainm psaltair
Temhrach. Ba hisin liubar sin batar coimgneadha agus comhaimsera
rioghraidhe Ereann fri ríoghaibh agus impireadha an domhain, agus
ríogh na ccoicceadh frí ríoghaibh Ereann. As ann dna ro scriobhadh
ina ndlighfeadh rí Ereann do na coiccedhachaibh agus cios agus
dlighedh na ccoicceadh o a fomhámaighthibh o tha uasal co híseal.
Ba han tra baoi crioch agus torann Ereann or ind or, o thá
cuicceadh co tuaith, ó thuaith co baile, agus


L. 118


o baile go traighidh do thír (oirdherc na neithisi i Leabhar na
h-Uidhri. As follus iatt i Leabhar Dinnsenchusa).



Aois Criost, da céd seascca a seacht. En bhliadhain dEochaidh
Gondat hi righe nEreann go ttorchair lá Lughaidh Mend, mac
Aongusa, dUlltoibh.



Aois Criost, da céd seascca a hocht. An ced bhliadhain do Cairpre
Liffechair, mac Cormaic, mic Airt, hi righe nEreann.



Aois Criost, dá chéd sechtmoghat a haon. A cethair do Cairbre.
Tri catha ria cCoirpre for fioru Mumhan ag cosnamh cirt Laighen.



Aois Criost, da ced seachtmoghat a dó. A cuicc do Coirpre. Ceithre
catha la Coirbre for fiora Mumhan ag cosnamh cirt Laighen.



Aois Criost, da céd seachtmoghat a sé. A naoi do Coirpre i righe
nEreann. Oengus Gaibuaibhtheach do marbhadh an bhliadhainsi
la cloinn Cairbre Liffechair .i. Fiacha Sraibhtine agus Eochaidh
Doimhlen.



Aois Criost, da céd ochtmoghat a trí. A sé décc do Cairbre.
Fionn Ua Baisccne do thuitim la hAichlech mac Duibhdrenn, agus la
macoibh Uirgrend, do Luaighnibh Temhrach, occ Ath Brea for
Bóinn, dia ndebhradh.


L. 120



Ro bith Find, ba do ghaibh,
go ndiach guin,
do all Aichleach mac Duibhdrend
a chenn do mhac Mochtamuin.



Minbadh Cailti cosccair,
do bu buaidh ar cech fírgliaidh,
Ro badh cosccrach las in triar
ilach im chenn ind righ niadh.




Aois Criost, da céd ochtmoghat a cethair. Iar mbeith seacht
mbliadhna décc hi ríghe nEreann do Cairbre Liffechair do cer i
ccath Gabhra Aichle, do laimh Sémeoin, mic Cirb, do
Fothortaibh iar tabhairt na fene dFiorcorb, mac Cormaic Cais,
lais ind aghaidh an rígh do cosnamh Leithe Mogha fris.



Aois Criost, dá céd ochtmoghat a cúicc. En bliadhain don da Fothadh
ós Erinn, go ttorcair Fothadh Carpthech la Fothadh
nAirgtheach. Do chear Fothadh Airccteach iar sin hi ccath
Ollarbha hi Line la Caoilte.


L. 122


Aois Criost, da céd ochtmoghat asé. An céd bhliadhain do righe
Fiachaidh Sraibhtine ós Erinn.



Aois Criost, da céd nochat a haon. An seiseadh bliadhain
dFiachaidh irrighe. Cath Duibhlinde ria fFiachaidh for
Laighnib. Tri catha hi Slébh Toadh, cath Smetire, agus cath
Ciarmaighe ria fFiachaidh Sraibhtine bheós.



Aois Criost, trí céd fiche a dó. Iar mbeith seacht mbliadhna ar
triochat na righ ós Erinn dFiachaidh Sraibhtine do cear las na
Collaib hi ccath Dubhchomair hi cCrich Rois i mBreaghaib.



Aois Criost, trí céd fiche a trí. An ced bhliadhain do Colla Uais
mac Eathach Doimhlén na righ ós Erinn.



Aois Criost, trí céd fiche asé. An cethramadh bliadhain do Colla
Uais hi righe nEreann go ros ionarbh Muiredhach Tireach eisiomh
co na bhraithribh i nAlbain go ttríbh cédaibh maraon riu.



Aois Criost, trí céd fiche a seacht. An céd bhliadhain do Muiredhach
Tirech hi righe nEreann. A bfoircend na bliadhna so tangatar na
tri Colla go hErinn, agus ní ro mair dia sochraide acht trí
naonbhair nama. Do deochatar din go Muireadhach iar na tteagascc
do draidh. Ro baigset fris, agus ro raidseat droichbhriathra corus
marbhadh, agus corbadh fair tuairseadh ind fiongal. Onat etaiset
tairiset oca, agus robtar gora dó.


L. 124


Aois Criost, trí céd triocha a haon. An cúicceadh bliadhain do
Muireadhach. Cath Achaidh leithdeircc hi Fernmoigh las na tríbh
Collaibh for Ulltuibh, du i ttorchair Fergus Fogha, mac Fraechair
Fortriuin, tiughfhlaith Uladh i nEamhain in Fergus hisin.
Ro loiscset iaromh Eamhain, agus nís aittreabhsat Ulaidh innte osén.
Tallsat for Ultoibh beos don cúicceadh ó Righe agus Loch nEathach
siar. Do cer Colla Meann isin cath sin.



Aois Criost, trí céd caocca a sé. Iar mbeith triocha bliadhain hí
righe nEreann do Muireadhach Tíreach do cear la Caolbhadh, mac
Cruinn, rin Uladh, oc Port Righ uas Dabhall.



Aois Criost, trí céd caocca a seacht. Iar mbeith aon bhliadhain i
righe nEreann do Caolbhadh, mac Cruinn Badhrai, do cear la
hEochaidh Muighmeadhoin.



Aois Criost, trí céd caocca a hocht. An céid bhliadhain dEochaidh
Muighmeadhon hi righe ós Erinn.



Aois Criost, trí céd seascca a cúicc. An tochtmadh bliadhain
dEochaidh Muighmhedhoin, mic Muiredhaigh, Tirigh ós Erinn go
nerbailt i tTeamhraigh.



Aois Criost, trí céd seascca a se. An ced bhliadhain do Criomhthann,
mac Fiodhaidh, mic Daire Cerb, os Erinn.



Aois Criost, trí céd seachtmoghat a hocht. Iar mbeith tri bliadhna


L. 126


décc na righ ós Erinn do Criomhthann, mac Fiodhaigh, atbail do
digh neimhe tucc Moingfhionn a hsiuir feisin dó.



Aois Criost, trí céd sechtmoghat a naoi. An céd bhliadhain do Niall
Naoighiallach, mac Eathach Moighmhedhoin, hi righe nEreann.



Aois Criost, ceithre céd a cúicc. Iar mbeith seacht mbliadhna
fichet na righ ós Erinn do Niall Naoighiallach, mac Eathach
Moighmhedhoin, do rochair la hEochaidh, mac Enna Cendsealaigh, occ
Muir nIocht .i. an mhuir edir Franc agus Saxain.


L. 128


Aois Criost, ceithre céd fiche a hocht. Iar mbeith tri bliadhna
fichet i righe nEreann do Dathí, mac Fiachrach, mic Eathach
Moighmheadhoin, torchair do saighit gealain ag Sleibh Ealpa.



Aois Criost, ceithre céd triocha. An dara bliadhain do Laoghaire.
Is in mbliadhainsi ro faoidh an céd Celestinus Papa Paladius
epscop dochum nEreann do shíoladh creidmhe dEirennchoibh, agus
tainic i ttír i ccrích Laighen, da fher décc a lion. Ro diult
Nathi mac Garrchon roimhe, ar a ai ro bhaist uathadh daoine i ttir
nEreann, agus ro fhothuigheadh teora heccailsi crainn lais, Cell
Fhini, Teach na Romhan, agus Domhnach Arta. A cCill Fhine ro
faccaibh a liubhra, agus an comhra go ttaisibh Póil, agus Pedair,
agus martirech niomdha noile. Ro fháccaibh an cethrar so is na
heccailsibh ishin dia eis, Augustinus, Benedictus, Siluester,
agus Solonius. Ag tionntudh do Phalladius for ccul do Roimh
(o na fuair airmittin i nErinn) dos fairidh galor i ttíribh
Cruithnech co nerbailt de.



Aois Criost, ceithre céd triocha a haon. An tres bhliadhain do
Laoghaire. Ro hoirdneadh naomh Pattraicc i nespuccoide lasa naomh
Papa, an ced


L. 130


Celestinus, ro furail fair tocht dochum nEreann, do shenmóir agus
do proicept credmhi agus crabhaidh do Gaoidhealaibh, agus dia
mbaitseadh idir.



Aois Criost, ceithre ched triocha adó. An ceathramhadh bliadhain do
Laoghaire. Pattraic do theacht i nErinn an bliadhainsi, go ro
gabh for baitseadh agus beannachaigh Ereann, fiora, mna, maca, agus
ingena, cén mó tá uathadh na ro fhaomh baitsiodh na creideamh uadh,
amhuil aisnedheas a bheatha.



Ath Truim do fothúghadh la Patraicc iar na edhpairt do Fhedhlim,
mac Laeghaire, mic Nell, do Dhia, dosomh, do Lomman, agus do
Fortchern. Flann Mainistrech cecinit.




Pádruig, ab Eireann uile, mac Calprainn, mic Fotaide,
mic Deisse, nar dóigh do liudh, mic Cormuic Mhóir, mic Leibriuth,
mic Ota, mic Orric mhaith, mic Moiric, mic Leo in lanraith,
mic Maximi, mairg na sloinn, mic Encretta aird alaind,
mic Pílist is ferrar aig cach, mic Fereni gan ansath,
mic Brittain, dobhra in mara, o tait Bretain bruthmhara,
Cochnias a mhathair malla, Nemthor a bhaile bagha,
don Mumhain ni cael a chuid, ro saor ar puthair Pádraig.


L. 132



Aois Criost, ceithre céd triochat a cethair. An seiseadh bliadhain do
Laoghaire. Loarn mac Eachach Muinremhair do ghenedh.



Aois Criost, ceithre céd triocha a cúig. An seachtmadh bliadhain do
Laoghaire. Breasal Belach, mac Fiacha Aicedha, mic Cathaoir Móir,
(ri Laighean) dég.



Aois Criost, ceithre ced triocha a sé. An tochtmhadh bliadhain do
flaithios Laoghaire.



Aois Criost, ceithre chéd triochat a seacht. An naomhadh bliadhain do
Laoghaire. Fiondbharr mac ua Bairdene décc.



Aois Criost, ceithre céd triocha a hocht. An dechmhadh bliadhain do
Laoghaire. Seanchus agus Feneachus na hEreann do ghlanadh agus do
scriobhadh, ar tteclamadh screaptradh agus seinleabhar nEreann co
haon maighin, ar impidhe Naomh Patraicc. Atiad andso naoi sailghe
fothaightheacha las a ndernadh indsin. Laoghaire (.i. ri Ereann),
triur ríogh, Padruicc, Benen, agus Cairnech an triur naomh, Ros,
Dubhthach, agus Ferghus an triur seanchadh, amhail dhearbhas an
rann.


L. 134



Laoghaire, Corc, Daire dúr, Padraicc, Benen, Cairnech cóir,
Ros, Dubthach, Feargus go febh, naoi sailghe sen senchais móir.




Aois Criost, ceithre céd ceithracha. An dara bliadhain décc do
Laoghaire. Maine, mac Néll Naoighiallaigh, décc.



Aois Criost, ceithre chéd cethracha a cethair. An seiseadh bliadhain
décc do Laoghaire mac Néill isin Righe.



Aois Criost, ceithre céd, cetracha aseacht. Anaoi décc do
Laoghaire. Secundinus .i. Seachnall, mac ua Baird, mac sethar
Patraicc .i. Dairerca, epscop Arda Macha, cúicc bliadhna
sechtmoghat a aois an tan ro faoidh a spirat .i. 27 Nouember.



Aois Criost, ceithre ced cethracha a hocht. An fichetmhadh bliadhain
do Laoghaire.




Muinnter Phadruig na patter, accá raibhe ro Laitten,
Meabhra lim, ni cuirt cranna, a nuirt is a nanmanna.
Sechnall a espog gan acht, Mochta ar sein a shagart,


L. 136


Espog Erc a breitheamh binn, a threinfhear Espog Maccaeirthinn.
Benen a shailmcheatlaidh saer, agus Coemhán a mhacaemh.
Sinell a fer bein in chluic, agus Aithcen a fhir chóic.
Cruimhther Meascan gan bine, a chara sa chirpsire.
Cruimhther Bescnait, binne a rainn, sagart meise mic Alpraind.
A thri gabhaind, gasta a ndealbh, Macecht, Laebhan, is
Fortchearnd.
A thri cerda, fa mor rath, Aesbuite, Tairill, agus Tasach.


L. 138


A thri druinecha nach dis, Lupaid, Erca, Cruimthiris.
Odhran a aragan oil, Rodan, mac Braga a bhuachail,
Ippis, Tigris, is Erca, agus Liamhain la Eibeachta,
Padruig ros forran an dhecra, dóibh ro ba tearbh fhearta,
Cairniuch sagart ron bhaist, German a oide can aisg,
Cruimhther Manach fa mor rath, a fer coir ra connadach.
Mac da siar banban co mblaidh, Martain bráthair amháthar.
Rapa ro got ar oglach, Mochonnoc a chomhgarmach.


L. 140


Cribri is Lasra na leand, ingheana glana Glegrand,
Macraidh car sai abhir ar Erc, ra tharngair re na tri uidheacht
Brogan sgribnidh a scoile, Cruimhther Loga a luamaire.
Nocha ne ní nach canta, agus Machui a fhirdalta
Maith fear damsat muinnter mhór da dard Dia bachaill cen bhron,
Flaithi ca cluinnter na cluic, muinnter maith muinter Phadruig.
In Trinóid istrean ar chuch dailea duind maith morgrath
Righ ran foem tre aittin mbuic, ra soer do phattir Padruig.




Aois Criost, ceithre céd cetrachat anaoi. Bliadhain ar fichit do
Laoghairi. Amhalgaoidh, mac Fiachrach, mic Eachach Muidhmhedhoin,
diobaidh. Uaidhe Tir nAmhalgaidh.



Aois Criost, ceithre céd caocca a trí. An cuicceadh bliadhain ficheat
do Laoghaire. Cathsraeineadh mor ria Laoghaire mac Nell for
Laighnibh.



Aois Criost, ceithre céd caocca a cethair. A sé fichet do Laoghaire.
Feis Teamhra la Laoghaire, mac Néll.


L. 142


S. Usaille Espucc a Chill Usaille hi Life (décc) xxvii
August.



Aois Criost, ceithre céd caocca asé. A hocht fichet do Laoghaire.
Enda, mac Cathbhadha, décc.



Aois Criost, ceithre céd caoga a seacht. A naoi fichet do Laoghaire.
Cath Atha dara ria Laighnib for Laoghaire, mac Nell. Ro gabhadh
dna Laoghaire isin cath sin, agus do rad Laoghaire ratha gréne agus
gaoithe, agus na ndul do Laighnibh nach tiocfadh forra tria bithu,
ar a legadh uadha.



Ard Macha dfothuccadh lá Naomh Patraicc iar na edhbairt do ó
Dhaire mac Fionnchadha mic Eoghain mic Nialláin. Ro hoirdnedh da
fhir dhécc lais fri cumhdach an bhaile. Ro thionchoiscc dhóibh
cetus, cathair airdepscoip do dhenamh isuidhe, agus ecclus do
mhanchaibh, agus do chailleacha, agus durdaibh oile archena doigh
ro fhindsiomh combadh si budh cenn, agus budh cleithe deccailsibh
Erenn a coitchinne.



Sean Patraicc do faoidhedh a spioraide.


L. 144


Aois Criost, ceitre ced, caocca a hocht. Iar mbeith deich mbliadhna
fichet hi righe nEreann do Laoghaire mac Nell Naoighiallaigh
atbath i ttaobh Caissi deir Erinn agus Albain .i. da cnoc
iadsidhe filet in Uibh Faoláin, agus grian agus gaoth ros marbhsomh
ar ra sharaigh iad. Conidh do sin atbert an fili,




Atbath Laoghaire mac Nell
for taob caissi glas a tír
duile dé adraegaid raith
tucsat dail mbais forsan righ.




Aois Criost, ceithre ced caocca anaoi. An ceid bhliadhain dOilill
Molt, mac Dathi, mic Fiachrach, hi righe nErenn.



Aois Criost, ceithre céd seascca a dó. An cethramhadh bliadhain
dOilill. Domhangort mac Nissi décc.



Aois Criost, ceithre chéd seasca atrí. An cúicceadh bliadhain
dOilill. Feis Teamhra la hOilill Molt an bhliadhainsi.


L. 146


Aois Criost, cethre chéd sescca a cethair. An seiseadh bliadhain
dOilill. Cath Dumha Aichir ria Laighnibh for Ailill Molt.



Conall Gulban, mac Neill Naoighiallaigh, (o ttátt Cenel cConaill)
do mharbhadh la sen tuathaibh Maighe Slecht iar na foghbháil i
mbaoghal, agus a adhnacal i fFiodhnach Mhaighe Réin, la Naomh
Caillin, amhail aisnéidhes beatha an naoimh rémhraite.



Aois Criost, ceithre chéd seasccat a cúicc. An seachtmhadh bliadhain
dOilill Molt. Feis Teamhra la hOilill Molt.



Eoghan, mac Neill Naoighiallaigh, (ó ttatt Cenel nEoghain), décc
do chumhaidh Chonaill Ghulban, mic Neill Naoighiallaigh, agus a
adhnacal i nUisge chaoín i nInis Eoghain, dia nebradh.




Atbath Eoghan, mac Néill,
re deoraibh, bá maith a mhaoin,
tré écc Chonaill na ccleas ccruaidh,
go ffuil a uaigh i nUiscce chaoin.




Criomhthann, mac Enda Censelaigh, rí Laighen, do mharbhadh lá mac
a inghine budhéin, .i. Eochaidh Guinech do Uibh Bairrche.



Aois Criost, ceithre chéd seascca a sé. A hocht dOilill. Feis
Teamhra la hOilill Molt.



Aois Criost, ceithre chéd seascca a seacht. Anaoi dOilill Molt.
Benen, mac Seisccnein, epscop Arda Macha, do fhaoidhedh a
spioraitte.


L. 148


Aois Criost, ceithre chéd seascca a hocht. A haon ndécc dOilill.
Dornghal Brí Ele for Laighnibh ria nOilill Molt.



Aois Criost, ceithre chéd seachtmoghatt. An dara bliadhain décc
dOilill. Cath Dumha Aichir for Ailill Molt ria Laighnibh.



Aois Criost, ceithre chéd seachtmoghatt adó. An cethramhadh bliadhain
décc dOilill. Toca, mac Aodha, mic Senaigh, taoiseach Criche
Cualann hi Laighnibh décc.



Aois Criost, ceithre chéd seachtmoghat a cethair. A sé décc
dOilill. Eirc, mac Eachach Muinreamhair, décc.



Aois Criost, ceithre céd seachtmoghat a cúicc. A seacht décc
dOilill. Conall Cremhthoinn, mac Nell Naoighiallaigh, or
chinset clanna Colmain agus Síol Aodha Slaine décc.



Aois Criost, ceithre céd seachtmoghat asé. A hocht décc dOilill.
Cath Granaird ria nEochaidh, mac Coirpre, mic Oililla, mic
Dunlaing, mic Enda Niadh, for righ Laighen, Fraoch, mac
Fionnchadha, mic Garrchon, mic Fothaidh, mic Eachdach Lámhdóidh, mic
Mesin Cuirb, agus do cher Fraoch isuidhe.



Aois Criost, ceithre céd seachtmoghat a hocht. Iar mbeith fiche
bliadhain


L. 150


hi righe nEreann dOilill Molt, mac Dathi, mic Fiachrach,
do chear i ccath Ocha la Lughaidh, mac Laoghaire, la
Muirchertach mac Earcca agus la Ferghus Cerrbel, mac Conaill
Cremhthainde, agus la Fiachra, mac Laoghaire, ri Dal nAraidhe,
agus la Cremhthann, mac Enda Cennselaigh ri Laighen. As don chur
sin do rata dFiachra na Leé agus Cairloegh i ttiorfocraicc in
catha. As don cath sin atbert Becc mac Dé.




Mor chath Ocha fearsaitir
imoralta catha ile
for Oilill Molt, mac Nathí,
meabaidh ria nDál Araidhe.




Aois Criost, ceithre chéd sechtmoghat anaoi. An céd bhliadhain do
Lughaidh, mac Laoghaire, ós Erinn i righe.



Aois Criost, ceithre chéd ochtmoghat. An dara bliadhain do Lughaidh.
Cath Granaird a ttír Laighen eitir laighnibh feisin, dú in ro
marbhadh Fionnchadh, tigherna Ua Cennsealaigh, la Coirpre.



Aois Criost, ceithre céd ochtmhoghat ahaon. An treas bhliadhain do
Lughaidh. S. Iarlaithe, mac Trena, epscop Arda Macha, do
fhaoidedh a spioraite.


L. 152


Aois Criost, ceithre céd ochtmoghat aseacht. An naomhadh bliadhain do
Lughaidh. Mel, Easpoc Ardachaidh i tteathbha, deiscipul
Patraicc, décc.



Aois Criost, ceithre céd ochtmoghat a hocht. An deachmhadh bliadhain
do Lughaidh. Cianán, espoc Doimhliacc, décc.



Aois Criost, ceithre céd ochtmoghat anaoi. An taonmhadh bliadhain
dég do Lughaidh. Maccaille espoc décc. Aongus, mac
Natfraoich, rí Mumhan, do thuitim hi ccath Chellosnadh la
Muircertach Mac Earca, la hIollann mac Dunlaing, la hAilill,
mac Dunlaing, agus la hEochaidh nGuinech dia nebradh,




Atbath craobh, dosbhile nóir,
Aongus molbhthach, mac Natfraoich,
Faccbhadh la hIlland a rath
hi ccath Cell Osnadha claoin.


L. 154



Cath Taillten for Laighnibh ria cCoirpre, mac Néll.



Aois Criost, ceithre céd nochot adó. An cethramhadh bliadhain décc do
Lughaidh. Cath Slemhna, hi Midhe, ria cCoirbre, mac Neill,
for Laighnibh.



Aois Criost, ceithre céd nochat atri. An cuicceadh bliadhain décc do
Lughaidh. Patraicc, mac Calpuirn, mic Potaide, airdeaspuc,
ceitt priomhaidh agus ardapstol Ereann, do chuir an céd Celestinus
Papa do phroichept soiscela, agus do shíoladh irsi agus crabhaidh
do Ghaoidhealaibh, - asé ro etarsccar


L. 156


iaidsidhe fri hadhradh iodhal agus arracht, ro chosccair agus ro
choimbhris na hiodhla batar aga nadhradh aca. Ro indarb deamhna
agus droch spirada uaidhibh, agus tucc iad ó dhorcha peacaidh agus
doailche co soilsi creidimh agus caoinghníomh, ro threoraigh agus ro
shédaigh a nanmanna o dhóirsibh ifrinn (gus a mbatar ag dul) go
dóirsibh flatha nimhe. Ase dna ro bhaist agus ro bhendaigh fir,
mna, maca, agus inghena Ereann, co na ttíribh agus co na
ttreabhaibh, etir uiscce agus inbher muiridh. As leis do rónadh
cealla, mainistrecha, agus ecclasa iomdha sechnón Ereann. Seacht
ccéd ceall a líon. As leis céttus ro hoirdneadh epscoip, sacairt,
agus aos gach gráidh ar chena, secht gced epspoc agus trí mhíle
sagart a líon. Do roine ferta agus mírbhaile iomdha, co ná cumhaing
aiccnedh daonna a chuimhniúghadh na a foraithmhet an do righene do
mhaith is na talmannaibh. O ro comhfoiccsigh aimsir eitsechta naomh
Patraicc hi Sabhall, ro thochaith corp Chriost a lámhaibh an
naoimh epscoip Tassach, isin 122 a aoisi, agus ro fhaidh a
spirat do chum nimhe.



Ro bai comhthóccbháil catha agus adhbhar easaonta isin cuicceadh ag
imresain im corp Patraic iar na eccuibh. Uí Néill agus
Airghialla acc triall a thabhairt


L. 158


go hArdmacha, Ulaidh acca fhostadh aca fadein, go ndechattar
Ui Néill agus Airghialla go alaile uiscce, go ttuargaibh an abhann
friú, co ná ro chumhaingset techt tairsi lá méd a tuile. O do choidh
an tuile for ccula do dheachatar na sloigh fo combaigh .i. Uí Néill
agus Ulaidh do bhreith chuirp Patraicc leó. Asedh tarfas lá gach
ndruing díobh co mbaí an corp leo budhéin dochum a ttire, go ro
edarsccar Dia iad gan troid gan tachar fon ionnus sin. Ro hadhnacht
iaramh corp Patraic go nonoir agus go nairmittin moir, i nDún da
leathglas, agus na dí oidhce décc ro batar na sruithe ag faire an
chuirp, co psalmaibh agus hymnaibh, ni baí oidhce i Muighinis, ina
is na ferannaibh comhfoiccsibh (an darleó) acht amhail bidh soilsi an
laoi lansholais ro ionorchaidh ann do ghrés. As do bhliadhnaibh
bais naomh Patraicc atrubradh.




O Genar Criost, áirimh ait,
.cccc. sic for caomh nochait,
teora bliadhna fair iarsoin,
go bás Patraicc priomhapstoil.




Aois Criost, ceithre céd nochat a cethair. A sé décc do Lughaidh.
Cath Cindailbhe ria cCoirbre, mac Nell, for Laighnibh.



Aois Criost, ceithre céd nochat asé. Mochaoi, abb nAondroma,
décc


L. 160


an treas la ficheat do mí Iun. Cath Droma Lochmaighe ria Laighnibh
for Uibh Nell.



Corbmac a Crich in Ernaidhe epscop Arda Macha, comharba
Patraicc, do faoidhedh a spioraitte.



Aois Criost, ceithre céd nochat a seacht. A naoi décc de Lughaidh.
Cath Inde Moire hi cCrich ua nGabhla for Laighnibh, agus for
Iollann, mac Dunlaing, la Muirchertach mac Earca.



Aois Criost, ceithre céd nochat a hocht. An fichetmhadh bliadhain do
Lughaidh. Fergus Mor, mac Eirc, mic Eathach Muinreamhair, co na
bhraithribh do dhul ind Albain.



Aois Criost, ceithre céd nochat a naoi. A haon fichet do Lughaidh.
Cearban easpoc, ó Fiort Cearban oc Teamhraigh, décc.



Cath Seaghsa ria Muircertach mac Erca for Duach Tengumha, ri
Connacht. Iseadh fochann an chatha .i. Muirchertach ro bai hi
rathaighius etir in rí agus Eochaidh Tiormcharna, a brathair, go ro
gabhadh Eochaidh for comairce Muirchertoigh. Ceannfaoladh asbert
da dhearbhadh.


L. 162



Cath Seghsa ben do mnaibh fodruair, ro boí crú derg dar cruisigh,
la Duisich, ingin Duaich.
cath Dealcca, cath Mucramha acus cath Tuama Drubha,
la cath Seghsa, hi ttorcair Duach Tengumha.




For Connachtaibh ro sraoineadh na catha hisin.



Aois Criost, cuicc céd. An dara bliadhain fichet do Lughaidh. S.
Ibhar espuc, décc an tres la fichet do mí April. Ceithre bliadhna
ar tri céd fod a shaoghail.



Cath Lochmaighe ria Laignibh for Uibh Nell.



Aois Criost, cuicc céd a haon. A tri fichet do Lughaidh. Cath
Fremhainne hi Midhe for Fiachaidh, mac Nell, ria fFailge
Berraidhe, dia nebradh an rann,




In rí aile asmberaidh Fiacha, mac Nell, ní celaidh,
As fair, tar cremla cile, cath Freamhna Midhe meabhaidh.




Aois Criost, cúicc céd a trí. Iar mbeith cúig bliadhna fichet i righe
Ereann do Lughaidh, mac Laoghaire, torchair i nAchadh Forcha,
iar na bém


L. 164


dforcha tenntighe, tre miorbailibh De, tres an dímiadh tuccustoir do
Pattraicc, amhail a deir an rann so:




A nAchadh farcha ughrach, bás mhic Laogaire Lughach,
Gan molbhtha tall na sonn, de do forcha trom teinntighe.




Eochaidh, mac Muiredhaigh Muindeircc, ri Uladh, decc.



Aois Criost, cúicc céd a cethar. An céid bhliadhain do
Muirchertach, mac Muiredhaigh, mic Eoghain, mic Néll, na righ ós
Erinn.



Aois Criost, cúicc céd asé. An treas bhliadhain do Mhuirchertach.
Iollann, mac Dúnlaing, ri Laighen, décc. Cath Luachra ria
Coincorb for Uibh Néill. As do ro raidhedh:




Cath lonn Luachra, uasa tuas, atces Brighit, ni frith fás,
flannchath Fionnabhrach ba huas im corp nIollainn iar na bhás.




Aois Criost, cuig céd aseacht. An cethramhadh bliadhain dho
Muirchertach. Cath Droma dergaighe for Foilghe mBerraidhe, ria
fFiachaidh mac Néll.


L. 166


As la Cinel Fiachaidh an feronn o Cluain in dibair co hUisnech
osin ille, amhail asbert Cendfaoladh




Dighal Dia seacht mbliadhan,
ba si dighde a cridhe
cath i nDromm dergaighe
ba dhe do cer magh Midhe.




Aois Criost, cuig céd a haoin ndécc. A hocht do Mhuirchertach.
S. Bron epscop o Cúil Iorrae, i cCondachtuibh, décc, an
tochtmhadh lá do mí Iun.



Aois Criost, cuig céd a dó dég. A naoi do Muirchertach. S. Earc
Slaine espucc Lilcaigh, agus ó Ferta fer fFeig i ttaobh Sídhe
Truim aniar, do écc, an dara lá do mhí Nouembris. Deich mbliadhna
ar cheiththre fichtib a


L. 168


aois an tan thesta. As e an tespucc Eirc sin ro ba breithemh do
Phattraicc. As dó roine Patraicc an rand so.




Espucc Erc, -
gach ní conceartadh ba cert,
gach aon beireas coicheart cert
fortraibh endacht beaspuic Erd.




Dubhthach .i. a Druim derbh espucc Ardmacha do fhaoidhedh a
Spioraitte.



Aois Criost, cuig céd atrí décc. An dechmhadh bliadhain
Mhuirchertaigh. S. Macnisi .i. Aonghas espucc Connere, décc
antreas la do Nouember.



Cath Dedna, i nDromaibh Breagh, ria Muirchertach mac Earca, agus
ria cColgu, mac Loiti, mic Cruinn, mic Feidhlimidh, taoiseach
Airghiall, dú in ro marbhadh Ardghal, mac Conaill Cremhthainne,
mic Néill.



Aois Criost, cúig céd a seacht dég. A cethair décc do Muircheartach.
S. Darerca Cille Slébhe Cuilinn, dar bainm Moninde décc
6 Iulii. Naoi fichit bliadhain fod a shaoghoil dia nebradh.




Naoi fichit bliadhain mole,
do reir riaghla gan time,
gan baes, gan béd, gan baoghal,
ba he saoghal Moninde.


L. 170



Aois Criost, cuig ced anaoi décc. A sé décc do Mhuirchertach.
S. Condlaedh, epscop Cille dara, cerd Brighde, décc 3. Maii.



Aois Criost, cúig céd fiche a haon. A hocht décc do Mhuirchertach.
S. Buite, mac Bronaigh, espucc Mainistre, décc 7.December.




Buite bratha brí co mblaidh, tí cech tratha dom cobhair,
Geal ghlach go ngloraibh ngluinn ngloin,
degh mac Bronaigh, mic Bolair.




Aois Criost, cúicc céd fiche a trí. An fichetmhadh bliadhain do
Muirchertach. Beoaidh, espucc Arda carna, décc, an tochtmhadh
la do Marta. Eochaidh, mac Aonghusa, righ Mumhan, décc.



Aois Criost, cuig céd fiche a cethair. A haon fichet do
Muircheartach. Cath Atha Sighe ria Muirchertach for Laighnibh,
dú in ro marbhadh Sighe, mac Dein, conadh uadha a derar Ath Sighe.



Aois Criost, cuig céd fiche a cuicc. A dó fichet do Muircheartach.
S. Brighit ogh, banab Chille Dara (décc). As disidhe cetus ro
hiodhbradh Cill


L. 172


dara, agus ba lé conrodacht. Así Brighit tra ná tucc a meanmain
ná a hinntheifimh as in coimdheadh eadh naonuaire riamh acht a
siorluadh, agus a siorsmuaineadh do grés ina cridhe agus menmain,
amhail as errderc ina bethaidh fein, agus i mbethaidh naoimh
Brenainn, espucc Cluana ferta. Ro thochaith imorro a haimsir acc
foghnamh go diochra don coimdhe, ag denomh fert agus miorbhal, ag
slánucchad gach galair agus gach tedhma archena, amhail aisnéidhes a
betha, go ro faoidh a spirat do chum nimhe, an céd lá do mí Febhru,
agus ro hadhnacht a corp i nDún i naon tumba la Patraicc, co
nonoir agus co nairmidin.



Ailill, epscop Arda Macha, do Uibh Breasail dosidhe, do écc.



Aois Criost, cuicc ced fiche ase. An treas bhliadhain fichet do
Mhuirchertach. As do thairrngire báis Mhuircheartaigh adbeart
Cairneach.




As am uamhon ar in mbein, ima luaidhfe ilor Sin,
Ar fhiur loisccfidher i ttin, for taoibh Cletigh báidhfir fin.




.i. la Sín ingin Sighe dorochair Muircertach, i ccionadh a hathar
ro marbhsomh.


L. 174


Cath Eibhlinne ria Muirchertach mac Earca, cath Moighe hAilbhe,
cath Almhaine, cath Cinneich, agus orccain na cCliach, cath
Aidhne, for Connachtaibh, conadh do na cathaibh sin atbert
Ceandfaoladh.




Cath Cinn eich, cath Almhaine,
ba haimsir airdherc aimhre,
orccain Cliach, cath Aidhne,
acus cath Maighe hAilbhe.




Cairell, mac Muireadhaigh Muindeircc, ri Uladh, décc.



Oilill, mac Dunlaing, ri Laighen, do écc.



Aois Criost, cúicc céd fiche aseacht. Iar mbeith ceithre bliadhna
fichet i righe nEreann do Muirchertach, mac Muiredhoigh, mic
Eoghain, mic Néill Naoighiallaigh, ro loiscceadh é i ttig Cletigh
uas Bóinn, oidhche Shamhna iar na bhátadh hi ffín. Sín atbert
an rann.




As mesi Taeten in ghen do cher aireach Néll,
As Gannadhaigh mo ainm, in gach airm as rén.




Cendfaoladh ro raidh:




Fillis an rí mac Earca alleith Ua Neill,
Firt fuil ferna in gach moigh, Broghais criocha hi ccén.


L. 176



Fo seacht ferais no chairpthi, acus bidh cian bus cumhan,
Do bert gialla Ua Néill, la gialla moighe Mumhan.




Aois Criost, cúig céd fiche a hocht. An céd bhliadhain do Tuathal
Maolgarbh, mac Corbmaic Caoich, mic Coirpre, mic Neill, i righe
nEreann.



Cath Luachra móire etir da inbher, fris a raiter cath Ailbhe i
mBreghaibh, ria ttuathal Maolgarbh, for Ciannachtaibh Midhe.



Aois Criost, cuicc céd triocha a haon. An ceathramhadh bliadhain do
Tuathal. Cath Claonlocha hi cCenel Aodha ria nGoibhneann,
taoisioch Ua Fiachrach Aidhne, airm in ro marbhadh Maine, mac
Cerbhaill, ag cosnamh geillsine Ua Maine Connacht.



Aois Criost, cuig céd triocha a cethair. An seachtmhadh bliadhain do
Tuathal. S. Mochta, espucc Lughmhaigh, descipul Patraig, an
naomhadh lá décc do mí Agust ro faoidh a spirat do cum nimhe, as fair
tuccadh an tuarusccbáil si.




Fiacail Mochta ba maith bés, trí chéd bliadhain, buan an cís,
Gan guth niomrail sece suas gan mir nionmair sece sios.


L. 178



Tri fichit seanóir psalmach, a theglach rioghdha remeann,
Gan ar, gan buain, gan tíoradh, gan gniomhradh, achtmadh léighionn.
Fear trí fichit fer trí céd arcafuin as sean an dét,
Ní mó cin ógan fo ghail, is aithfidhe an seinfhiacail.




Aois Criost, cúicc céd triocha a cuig. An tochtmhadh bliadhain do
Tuathal. Eaclais Doire Calgaigh do fhothughadh la Colom Cille,
iar nedhbairt an bhaile do dia derbfhine fén .i. Cenel cConaill
Gulban mic Néll.



Corbmac, mac Oililla, ri Laighen, décc.



Oilill, epscop Arda Macha, do écc. Do Uibh Bresal doisidhe
bheos.



Aois Criost, cúicc céd triocha a seacht. An deachmhadh bliadhain do
Tuathal. S. Lughaidh, espucc Connere, décc.



Cath Sligighe ria bFergus agus ria nDomhnall, da mac
Muirchertaigh, mic Earcca, ria nAinmire, mac Sédna, agus ria
nAindidh, mac Duach, for Eoghan Bel, ri Connacht. Ro meabhaidh
an cath rempa, do rochair Eoghan Bél, dia nebradh indso.




Fichter cath Ua Fiachrach, la feircc faobhair, tar imBel,
Gesis buar namhat fri slegha, sretha in cath i Crinder.


L. 180


Ar celt Slicech do mur már fuile fer lia feóil
Bertait ilaigh tar Ebha, im chend nEoghain Beóil.




Aois Criost, cúicc céd triocha a hocht. Iar mbeith aon bhliadhain
décc hi ríghe nEreann do Tuathal Maolgarbh, mac Corbmaic Caoich,
mic Coirpre, mic Néll, torchair i nGreallaigh eillte la Maolmór,
mac Airgedain, oide Diarmoda mic Cerbhaill esidhe, agus do rochair
Maolmór ind fo chédor, dia nebradh,




Echt Maoile móir nad mall, ní gníomh cóir ro cind,
Marbhadh Tuathoil tréin, adrochair fein inn.


L. 182



Aois Criost, cúicc céd triocha a naoi. An céid bhliadhain do
Diarmaitt, mac Ferghusa Ceirrbheoil, i righe nEreann. Dichendadh
Abacúc i naonach Tailten tre miorbhailibh De agus Ciaráin .i.
luighe néithigh do radsomh fo láimh Ciarain, co ro gabh aillse for
a mhuinél (.i. as for a muinel ro fuirimh Ciaran a lamh) co torchair
a cheand de.



Aois Criost, cúig céd cethracha a haon. An treas bhliadhain do
Diarmait. S. Ailbhe, airdespoc Imlich Iubhair, décc an dara la
décc do September.



Aois Criost, cuicc céd ceathracha a trí. An cuigeadh bliadhain do
Diarmait. Pláigh egsamhail choitchenn ar fedh na cruinne, gur
sgrios an trian bú airmhidnithe don chinedh daonna.



Aois Criost, cúicc céd cethracha, a cethair. An seiseadh bliadhain do
Diarmait. S. Mobhí Claraineach .i. Berchan ó Glais Naidhen,
for bhrú abhand Liffe, don leith i ttuaidh, décc, an dara la décc
do mí October.



Cath Cuile Conaire i cCera ria bFherghus agus ria nDomhnall
dá mac


L. 184


Muirchertaich mic Earcca, for Ailill Inbhanda, rí Condacht, agus
for Aodh fFortamhail, agus torchair Ailill agus Aodh ann.



Aois Criost, cúig céd cethracha a cúig. An seachtmhadh bliadhain do
Diarmait. S. Ailbhe Senchuae Ua nOiliolla décc.



Aois Criost, cúig céd cetracha asé. An tochtmhadh bliadhain do
Diarmaitt. Cath Cuilne in ro marbadh sochaidhe do Chorc Oiche
tria ernaidhe n-Ide Cluana creadhail. Fothadh mac Conaill décc.
Cairpre, mac Corpmaic, ri Laighen, do écc.



Aois Criost, cuig céd cethracha a seacht. An naomhadh bliadhain do
Diarmait. Ri Uladh, Eochaidh, mac Condlaidh, mic Caolbhaidh, mic
Cruinn Badhrai, décc.



Toiseach Teathbha, Criomthann, mac Briuin, décc.



S. Dubhthach, abb Arda Macha, do écc. Do shíol Colla Uais
dosidhe.



Aois Criost, cúig céd cetracha a hocht. A deich do Diarmaitt.
S. Ciaran mac an tsaoir, ab Cluana mic Nóis, décc an naomhadh lá
do September. Tri bliadhna triocha fot a shaoghail.


L. 186


S. Tighernach, easpoc Cluana heoais, do dol décc an cethramhadh
dApril.



S. Mac Tail Cille Cuilinn (.i. Eoghan mac Corcrain) décc, an
taonmhadh lá décc do mí Iún. S. Colum mac Criomhthainn décc.



S. Sincheall sen, mac Cenandáin, abb Cille achaidh Droma foda, do
dhol décc an seiseadh lá fichet do Márta, triocha ar tri céd
bliadhain fod a shaoghail.



S. Odhrán, o Leitriochaibh Odhráin, décc an dara lá do mí October.



S. Findén, abb Cluana hEraird, oide naomh Ereann, décc, 12
December. S. Colaim Innsi Cealtra décc. Don mortladh dar bo
hainm an Chron


L. 188


Chonaill, agus ba hisidhe an chéd Buidhe Chonaill, atbathsat
na naoimh sin, acht Ciaran agus Tighernach.



Bas Eathach, mic Connlo, rígh Uladh, a quo Uí Eathach Uladh. -
Tighernach.



Aois Criost, cuig céd caocca. A dó décc do Diarmaitt. Dauid mac
Guaire Uí Forannáin, epscop Arda Macha, agus Legaitt na hEreann
uile, do écc.



Aois Criost, cúig céd caocca a haon. A tri décc do Diarmaitt.
S. Neasan Lobhar décc. Feargna, mac Aonghusa, rí Uladh, do
marbhadh hi ccath Droma cleithe la Déman, mac Cairill, agus la
hUibh Eathach nArda.



Aois Criost, cúig céd caocca a dó. A cethar décc do Diarmaitt.
Eaccluis Bendchair do fothughadh la Comhgall Bendchair. Feis
Temhra do dhenamh la righ Ereann, Diarmaitt, mac Fergusa
Cerrbheoil. Marbhadh Colmain Móir, mic Diarmata, ina charpat la
Dubhshloit hUa Trena do Chruithneachoibh.


L. 190


Aois Criost, cuig céd caocca a tri. A cúig décc do Diarmaitt.
Atces Breanainn Biorra ag dol i roth isin aier an bhliadhain si.
Cluain ferta do fhothughadh la naomh Brenainn.



Aois Criost, cuig céd caoga a cethair. An seiseadh bliadhain decc do
Diarmaitt. S. Cathub, mac Fergusa, abb Achaidh cinn, décc 6.
April. Caocca ar céd bliadhain fod a shaoghail.



Feis dédheanach Teamhra do dhenamh la Diarmaitt, righ Ereann.



Curnan, mac Aodha, mic Eathach Tiormcharna, .i. mac righ Connacht
do bhásughadh la Diarmaitt, mac Cerbhaill, tar slánaibh agus
comhairge Coluim Cille,


L. 192


iar na tharraing go haindeonach as a lámhoibh, conadh é fochann catha
Cúla Dreimhne.



Aois Criost, cuig céd caogatt a cúig. An seachtmhadh décc do
Diarmait. Cath Cúla Dreimhne do bhrisedh for Diarmaitt, mac
Cerbhaill, la Fearghus agus la Domhnall, dá mac Muirchertaigh,
mic Earcca, la hAinmire, mac Sedna, agus la nAindidh, mac Duach,
agus la hAodh, mac Eathach Tiormhcharna, rí Connacht. Hi
ccionaidh marbhtha Curnáin, mic Aodha, mic Eathach Tiormcharna, for
faosamh Coloim Cille, do ratsat Clanna Nell an tuaisceirt agus
Connachta an cath sin Cula Dreimhne don righ, do Diarmait, agus
beos imon cclaoinbhreith rucc


L. 194


Diarmait ar Colom Cille im liubar Findén ro scríobh Colom Cille
gan rathughadh dFindén, dia ndeachsat i réir nDiarmata, go ro
coiccertaidh Diarmait an mbreith noirrdheirc, la gach boin a
boinín, agus araile.
Colam Cille ro ráidh,




A Dia, cia nach dingbai an cia, dus inermais mís a lín,
An tsluagh do boing beatha dín,
Sluagh do ching hi timchel carn,
As mac ainfthe no das mairn,
Asé mo drui, ním éra, mac Dé as frim congena.
As álainn ferus alluadh gobhar Baodain rés an tsluagh,
Fo la Baotan fuilt buidhe, bena a hEren fuirre.




Fraochan, mac Tenusain, as é do righne ind erbhe ndruadh do
Diarmait. Tuathan, mac Dimmain, mic Sarain, mic Corbmaic, mic
Eoghain, a sé ro la ind erbhe ndruadh dar a cend. Trí míle trá
iseadh torchair do muintir Diarmada. Aoinfhear námá isseadh
torcair don leith naill, Maghláim a ainm, ar is é ro ching tar an
eirbhe ndruadh.


L. 196


Aois Criost, cúig céd caogat a sé. A hocht décc do Diarmaitt. Cath
Chuile huinnsenn i tTeathbha, for Diarmaitt, ria nAodh, mac
mBreanainn, taoisioch Teathbha, agus ro meabhaidh for Diarmait a
hionadh an iomairecc.



Aois Criost, cúig céd caogat a seacht. A naoi décc do Diarmait. S.
Becc mac Dé, faidh oirrdherc, décc. Colom Cille do dol ind Albain
go ro fothaidh iarumh ecclus, agus as uadh ainmnighter. S. Aodh O
Fiachrach


L. 198


dég. Cath mona Doire lothair for Cruithniu ria nUibh Nell an
tuasceirt, .i. ria cCenél cConaill agus Eoghain, du i ttorcradar
seacht ttaoisigh Cruitnech im Aodh mBrecc, agus as don cur soin
do rochair doridhisi na Lee; agus Cárn Eolairg do clandoibh Néll
an tuaisceirt. Ceannfaoladh ro raidh indso




Sinsit faebhra, sinsit fir, in Móin mór Doire lothair,
Adbair comronna nat cert, seacht righ Cruithne im Aodh mBrecc.
Fictir cath Cruithne nuile, acus forloiscter Elne,
Fichtir cath Gabra Liffe, acus cath Cuile Dreimhne.


L. 200



Bersat gialla iar cconghal, as siar im cnuas nuach
Fergus, Domhnall, Ainmire, acus nAindidh, mac Duach.
Fillsit da mac mic Earcca, ar cend an catha cedna,
Acus an rí Ainmire fillis i sealbhaibh Seatna.




Aois Criost, cúig céd caoccatt a hocht. Iar mbeith fiche bliadhain
os Erinn i righe do Diarmaitt, mac Fergusa Cerrbeoil, do cear la
hAodh nDubh, mac Suibhne, rí Dál nAraidhe, ag Raith bicc, hi
Moigh Line. Tuccadh a chend go Cluain mic Nois, go ro hadhnacht
innte, agus ro hadhnacht a cholann hi cCoindere.



Is in mbliadhainsi ro gabhadh an muirgelt .i. Liban inghean Eathach,
mic


L. 202


Muiredha, for tracht Ollarbha, hi lín Beoain, mic Inli, iascaire
Comhgaill Bendchair.



Aois Criost, cúicc céd caoccat anaoi. An céd bhliadhain do dá mac
Muirchertaich, mic Muireadhaigh, i righe nEreann .i. Domhnall
agus Feargus. Cath Gabhra Liffe, agus cath Dumha Aichir, ria
nDomhnall agus ria bFergus, for Laighnibh, dia nebradh.




Cath Gabhra, agus cath Dumha Achair,
Atbath amhra i ccechtair, Colgu acus a athair.
Cath Gabhra, ni cath duine ná dí cét
Atbath fiche ó Faolan, ó Ailell fiche fichet.




Aois Criost, cúig céd seasccat. An dara bliadhain do Domhnall agus
dFeargus. Daimhin Daimhairgit, .i. Coirpre, décc. As
uadhasidhe na hAirghialla.



Aois Criost, cuig céd seasccat a haon. Iar mbeith trí bliadhna i
righe nEreann do Domhnall agus dFeargus, da mac Muirchertaigh,
mic Muireadhoigh mic Eoghain, mic Nell, ro éccsat araon.



Aois Criost, cúig céd seasccat a dó. An céid bhliadhain dEochaidh,
mac Domhnaill, mic Muirchertaigh, agus do Baodan, mac Mhuirceartaich,
mic Muireadhaigh, i righe nEreann.



Aois Criost, cuig céd seascat atrí. S. Molaisi, abb Daimhinnsi,
décc an dara la décc do September. Iar mbeith dá bhliadhain i
righe nEreann


L. 204


dEochaidh agus do Baodan, torchradar la Cronán, toiseach
Ciannachta Glinne Gemhin.



Aois Criost, cúig céd sesccat a cethair. An céd bhliadhain do
Ainmire, mac Sedna, mic Fergusa Cendfhoda, hi righe nEreann.



Aois Criost, cúig céd seasccat a cúig. An dara bliadhain dAinmire.
Deman, mac Cairill, ricch Uladh, mic Muireadhoigh Muindeircc, do
marbhadh la bachlachaibh Boirne. Murchobhlach la Colman mBecc,
mac Diarmata, mic Fergusa Cerrbheoil, agus la Conall, mac Comhgaill,
toiseach Dal Riada hi Soil, agus i nIle, co ttardsat edála
iomdha eistibh.



Aois Criost, cúig céd seasccat a sé. Iar mbeith trí bliadhna hi
righe nEreann dAinmire, mac Sedna, torcair la Fergus, mac
Nelline, dia nebrad.




Féimin an tan rom boi rí, nir bo mennat nach detlai,
Indiu as foirdergg a lí, la hAinmire, mac Séatnai.




Aois Criost, cúig céd seasccat a seacht. Iar mbeith aon bhliadhain
hi righe nEreann do Baodan, mac Nindeadha, mic Fergusa Cendfoda,
do cear oc Lém inn ech, i ndebhaidh, las an da Comaoine .i.
Comaoine, mac Colmain


L. 206


Bicc, mic Cerbhaill, agus Comaoine, mac Librene, mic Iolladhain, mic
Cerbhaill. Tré comhairle Colmain Bicc do ronsat an gníomh hishin.



Aois Criost, cúig céd seasccat a hocht. An ced bhliadhain dAodh,
mac Ainmirech, ós Erinn. Feargas mac Nelline, do mharbhadh la
hAodh, mac Ainmirech, i ndioghail a athar.



Aois Criost, cúig céd seascca a naoi. An dara bliadhain dAodh. S.
Oenna, mac ua Laighisi, abb Cluana mic Nóis, décc. S. Ite, ógh ó
Cluain Credhail, décc an 15 Ianuarii. As di ba hainm Mide.



Aois Criost, cúig céd seachtmoghat. An treas bhliadhain dAodh.
S. Moeinend, espucc Cluana fearta Brenainn, décc an céd lá do
Marta.



Aois Criost, cúig céd seachtmoghat a haon. S. Brenoinn, ab Biorra,
décc an naomhadh lá fichet do Nouember. Cath Tola ria Fiachna,
mac Baodain, mic Cairill, for Osraighibh agus for Elibh, agus ro
meabhaidh forra. Tola ainm maighe etir Cluain ferta Molua agus
Saighir. Cath Femhin ria Coirpre mac Cremhthainn, ri Mumhan,
for Colman Becc, mac Diarmada, agus ro meabhaidh ar Colman.



Aois Criost, cuig céd seachtmoghat adó. An cúicceadh bliadhain
dAodh. Cath Doete, dian hainm Bealach Feadha, ria nAodh,
mac Ainmirech, for


L. 208


feraibh Midhe, du in ro thuit Colman Becc, mac Diarmada. Conall
mac Comhgaill, rí Dal Riatta, do écc. As eisidhe ro edhbair hI
do Choluim Cille.



Aois Criost, cuig céd seachtmoghat a trí. An seiseadh bliadhain
dAodh. Brenainn, mac Briuin, flaith Teathbha, décc.



Aois Criost, cuig céd seachtmoghat a cethair. A seacht dAodh.
Marbhadh Aodha, mic Eathach Tiormcharna, la hUíbh Briuin.



Aois Criost, cúig céd seachtmoghat asé. An naomhadh bliadhain
dAodh. S. Brenainn, abb Cluana ferta Brenainn, an 16 Maii,
agus do fuair bas a nEanach dúin, agus do hadhlacadh a chorp a
cCluain ferta Brenainn. Colman, mac Coirpre, ri Laighen, décc
acc Sliabh Maircce.



Aois Criost, cúicc céd seachtmoghat aseacht. An deachmhadh bliadhain
dAodh. S. espucc Ethchen Cluana fota Baitan abha décc an 11
Februari. S. Caireach Dergain ogh, o Cluain Boireann, decc 9
Februari. Feidhlimidh Finn, abb Arda Macha, do écc.


L. 210


Aois Criost, cuig céd seachtmoghat anaoi. A dó décc dAodh. Cath
Droma mic Earcca ria nAodh, mac Ainmirech, for Cenel nEoghain,
dú in ro marbhadh Colcca, mac Domhnaill, mic Muircheartaigh, mic
Muireadhoigh.



Aois Criost, cúig céd ochtmoghat. A tri décc dAodh. Fergus
Scannal, rí Mumhan, do marbhadh.



Aois Criost, cúig céd ochtmoghat a haon. A cethair décc dAodh.
Aedh, mac Suibhne, toiseach Maonmuighe, décc.



Aois Criost, cuig céd ochtmoghat a dó. A cúig décc dAodh.
Feradhach, mac Duaich, tigherna Osraighe, do mharbhadh la a
mhuintir feisin.



Aois Criost, cuig céd ochtmoghat a trí. A sé décc dAodh. S.
Fergus, epscop Droma Lethglaise, do écc an 30 do Mharta, agus
asé an Fergus sin ro fhothaidh Cill mBian.



Aois Criost, cúig céd ochtmoghat a cethair. A seacht décc dAodh.
S. Natcaoimhe, abb Tíre da ghlas, brathair Caoimhghin, do écc an
céd lá do Maii.



Aois Criost, cúig céd ochtmoghat a cúig. An tochtmhadh bliadhain décc
dAodh. Brenainn tigherna Teathbha, décc. As eisidhe ro
edhbair (rias an tan)


L. 212


(sain) Dermagh do Dia, agus do Colom Cille. Baettan, mac Cairill,
rí Uladh, décc.



Aois Criost, cúig céd ochtmoghat asé. A naoi décc dAodh. S.
Dáigh, epscop, mac Cairill, décc an 18 August. Feidhlimidh, mac
Tighernaigh, rí Mumhan, décc. Cath Moighe Ochtair ria mBran
Dubh, mac Eathach, for Uibh Néll isin tealaigh os Cluain Conaire
a ndes.



Aois Criost, cúig céd ochtmoghat a seacht. An fichetmhadh bliadhain
dAodh. S. Caorlan, epscop Arda Macha, décc, an cethramhadh lá
fichet do Mharta. S. Seanach, epscop ó Cluain Ioraird, décc.



Aois Criost, cuig céd ochtmoghat a hocht. A haon ficheat dAodh.
S. Aodh, mac Bricc, epscop ó Cill Air, i Midhe, decc 10 do
Nouember. Lughaidh Lis móir décc.



Aois Criost, cuig céd ochtmoghat a naoi. A do ficheat dAodh. S.
Macnise, abb Cluana mis Nois, frí re sé mbliadhan, décc, agus a
écc an 13 do mhí Iun.


L. 214


Aois Criost, cuig cédnochat. An treas bhliadhain fichet dAodh.
Cath Euduind móir ria bFiachna, mac Baetain, mic Cairill, mic
Muireadhoigh Muindeircc, for Gerthidhe, mac Ronain, tigherna
Ciannachta. As do sin do raidheadh,




An feacht noile do regha fian mic Baotain i mBregha,
Biaid Ciannachta i ffout ní bat foicsi do rout.




Seanchan, mac Colman móir, do mharbhadh. S. Grigoir Belóir do
oirdneadh a gcathaoir agus a gcomharbus Pedair apsdal dia
aimhdheoin.



Aois Criost, cuig céd nochat a haon. A cethair fichet dAodh.
Aodh Cerr, mac Colmain, mic Coirpre, ri Laighen, décc.



Aois Criost, cuig céd nochat a dó. A cúig fichet dAodh. Colum
Cille, mac Feaidhlimidh, apstal Alban, ceann crabhaidh ermhoir
Ereann, agus Alban iar bPattraicc, décc ina ecclais fein in
hI ind Albain, iars an cúicceadh bliadhain triochad a oilithre,
oidhce domhnaigh do shundradh an 9 lá Iunii. Seacht mbliadhna
seachtmoghatt a aois uile an tan ro faoidh a spiorait dochum nimhe,
amhail asberar isin rann,




Teora bliadhna bai gan lés, Colum ina Duibhreglés,
Luidh go haingli asa chacht, iar seacht mbliadhna seachtmoghat.


L. 216



Dallán Forgaill dixit hoc do bhás Choluim Cille:




Is leighes legha gan les, is dedhail smera re smuais,
Is abhran re cruit gan chéis, sinde déis ar nargain uais.




Aodh Dubh, mac Suibhne, rí Uladh, do mharbhadh la Fiacha, mac
Baettain. As las an Aodh nDubh sin torchair Diarmaitt mac
Cearbhaill.



Aois Criost, cuig céd nochat atrí. A sé fichet dAodh. Cumascach,
mac Aodha mic Ainmirech, do mharbhadh la Bran Dubh, mac Eathach, i
nDun Bucat, amhail as bert naomh Aedhan epscop:




Guidhim in coimdiu comhachtach, i fail Cille randairech
Robsi dioghail Comusccaigh, guin Aodha mic Ainmirech.


L. 218


Cath Slebhe Cuae, hi Mumhain, for Muimhnechaibh, Fiachna ria mac
mBaodain. Tiobraide, mac Calgaigh, décc.



Aois Criost, cúig céd nochat a cethair. Iar mbeith seacht mbliadhna
fichet i righe nEreann dAodh, mac Ainmirech, mic Seatna, torcair
la Bran Dubh, mac Eathach, i ccath Duin Bolcc i lLaighnibh,
ar ndol dAodh do thabhach na


L. 220


boromha, agus do dhioghail a mhic Chomusccoigh forra. Torcratar
aroile saor clanna isin cath sin Bealoigh Duin Bolg, im Becc, mac
Cuanach, tigherna Airghiall. As do bás Aodha do raidheadh:




A mBuac, ferus an tonn frí bruach,
Atfet scela, cia fa scith, Aodh, mac Ainmireach ro bíth.




Ben Aeda cecinit.




Baotor ionmuine tri taoibh, fris nach freisge aitherrach,
Taobhan taillten, taobh Temhra staobh Aodha, mic Ainmireach.




Aois Criost, cúig céd nochat a cúig. An céd bhliadhain dAodh
Slaine, mac mic Diarmata, mic Fergusa Cerrbheoil, agus do Colman
Rimidh, i righe nEreann. S. Baoithin, mac Breanainn, abb Iae
Choloim Cille, décc an 9 Iuine. Ailithir, abb Cluana mic Nóis,
décc.


L. 222


Aois Criost, cúig céd nochat asé. An dara bliadhain dAodh Slaine,
agus do Colman. S. Sinche, ógh ó Cluain leth tengadh, décc, an
naomhadh lá do Nouember. Suibhne, mac Colmain Bicc, tigherna
Midhe, do mharbhadh la hAodh Sláine i mBridamh.



Aois Criost, cúig céd nochat aseacht. An treas bhliadhain dAodh
agus do Colman. Bemenna Bran Duib im Breghaibh. Brenainn,
mac Coirpre mic Fechine, tigherna Ua Maine, décc.



Cath Slemhna Midhe ria Colman Rimidh for Conall Cu, mac Aodha,
mic Ainmireach, agus ro meabhaidh for Conall. Cath Cúile Caol ria
bFiachna mac Baotain, for Fiachna, mac Demain, agus ro meabhaidh
an cath for Fiachna mac Demain. Uata, mac Aodha, mic Eathach
Tiormcharna, righ Connachta, décc.
Eochaidh, mac Diarmatta, epscop agus abb Arda Macha, décc.


L. 224


Aois Criost, cúig céd nochat a hocht. An cethramhadh bliadhain
dAodh agus do Colman. S. Cainnech, abb Achaidh bó, dég an
11 dOctober iar mbeith ceithre bliadhna ochtmoghat ina beathaidh.
Cath Eachrois i Muiriusc ria Colman toisech Cenel Coirpre for
Maolcothaigh, toiseach Ceneoil Fiachrach Muirisce, agus ro
meabhaidh an cath sin for Maolcothaigh.



Aois Criost, sé chéd. S. Comhgall Bendchair abb Bendchair Uladh,
décc, an deachmhadh lá do mí Maii, iar mbeith caoga bliadhain tri
mí agus deich lá i nabdaine Bendchair. Nochat bliadhain a aois.
S. Colman, mac Lemne, décc. S. Laisren .i. ab Mena droichit,
décc.


L. 226


Iar mbeith sé bliadhna hi righe nEreann dAodh Sláine, mac
Diarmatta, agus do Colman Rimidh, mac Baetain, mic Muircheartaigh,
mic Muireadhoigh, mic Eoghain, mic Néll, do cher dna Colman Rimidh
la Lochan Díolmana, torcair Aodh Sláine la Conall nGuithbhinn,
mac Suibhne, mic Colmáin Móir, no Bicc, mic Diarmatta, mic Cearbuill
ag Loch Semhdidhe. Aodh Gustan, comalta Conaill, agus
Baothghal Bile ron guinsetor, conadh dia noidheadhaibh as rubradh.




Cedu righe cedu reacht, cedu nert for rioghradha,
Enid Colman Rimidh rí, rombi Lochan Diolmana.
Ni ba hairmirt ind airle, do na hócaibh Tuaidh Tuirbhe,
Conall rombi Aodh Sláine, Aodh Sláine rombii Suibhne.




Conall, mac Suibhne, din do marbhadh Aodha Roin, toisioch Ua
Failge, hi Faithche mic Mencnain, agus Aodh Buidhe, toiseach Ua
Maine, isin ló ceatna in ro marbadh Aodh Slaine lais. As
dforaitmet na necht sin ro raidheadh.




Ba ro mór an ruadh cumha, for rioghraidh Ereann uile,
Aodh Slaine fa shluagh glonnach, Aodh Rón agus Aodh Buidhe.


L. 228



Cui gan máthair, rí Mumhan, décc. Conall Cu, mac Aodha, mic
Ainmirech, décc.



Aois Criost sé céid a haon. An céid bhliadhain dAodh Uairiodhnach,
mac Domhnaill Ilchealgoigh, mic Muirchertaich, mic Muireadhoigh, mic
Eoghain, hi righe nEreann. S. Laisren, .i. mac Feradhaigh, ab
Iae Coluim Cille, dég an 16 do September. Cath Slaibre ria
nUibh Néll for Bran Dubh, mac Eathach, ri Laighen, agus
Brandubh, .i. mac Eachdach, do mharbhadh la hairchindech Senboithe
Sine, agus la a dheirbhfine budhéin, amhail asberar,


L. 230



Sarán Soebhdherc, seol go se, airchinneach Senboith Sine,
E ní dalbh, gan brandul brath, ro marbh Brandubh, mac Eathach.




Laighneach sainredhach ro raidh inn so,




Madh i mbethaidh mic Eathach, dom hisadh an tuaiscertach,
In cath ima nuaratharar, as cian o do fuaiscertfadh.
Diambadh hi treb tuireadoigh mac Eathach mic Muireadhoigh
Nocha beroinn mo bholg lán do chill ar ai Aodha Allán.




Colman, mac Fearadhoigh, toisioch Osraighe, décc.



Aois Criost, se céd a dó. An dara bliadhain dAodh. S. Sinell,
epscop Maighe bile, décc an céd lá dOctober.



Aois Criost, sé chéd a cethair. An cethramhadh bliadhain dAodh.
Fiachra Caoch, mac Baodain, do mharbhadh la Cruithniu.



Aois Criost, sé chéd a cúig. An cúicceadh bliadhain dAodh. S.
Beoghna, abb Bendchair iar cComhgall, dég 22 dAugust.
Molua, .i. Lughaidh, mac hUi Oiche, céd abb Cluana ferta Molua,
dég. Seachnasach, mac Garbháin, toiseach Ceneoil mBoghaine, do
mharbhadh la Domhnall, mac Aodha, mic Ainmirech. Conall an ghae
dheircc, mac Daimhene, do mharbhadh la hUibh Méith Macha.


L. 232


Aois Criost, se céd a sé. An seiseadh bliadhain dAodh Uairiodhnach.
S. Siollan, mac Caimmin, abb Bennchair, agus comharba Comhgaill,
dég 28 Februari. Aedh anchori, Aodh, mac Colgan, toisech
Airghiall agus na nAirther archena, décc, ina oilithre hi
cCluain mic Nois. As dó do ráidheadh.




Ro bai tan, ba lind ordan Loch da damh,
Ní bui an loch acht ba hordan, hi flaith Aodha, mic Colgan.
Cuma damhnadh muir cara rodam cur
Cebé fo cer trilis treabh, tré inis Locha da dam.




Maolumha, mac Baetain, dég. Colcca Doilene, mac Fiachna, dég.
Maoldúin, mac Ailene, toiseach Moghdhorn Maighen, décc.



Aois Criost, sé chéd a seacht. Iar mbeith seacht mbliadhna i righe


L. 234


nEreann dAodh Uairiodhnach atbath ag Ath da ferta. Cath
Odbha ria nAenghus, mac Colmain, dú in ro marbhadh Conall Laogh
Bregh, mac Aodha, go sochaidhe móir ime, dia nebradh.




An scé immullach Odhba, cea a ghai doghra ni laes
Deithbhir di, cid olc a denn, ro baí mór cend ina craos.




Aois Criost, sé céd a hocht. An céid bhliadhain do Maolcobha, mac
Aodha, mic Ainmireach, hi ríghe nEreann.



Aois Criost, sé chéd anaoi. An dara bliadhain do Maolcobha. S.
Tolua Fota, abb Cluana mic Nóis, dég. Seannach, abb Arda
Macha, ó Cluain Ua nGrici doisidhe, agus a écc.



Aois Criost, sé céd a deich. S. Colman Eala, abb lacuna déc, 26
do


L. 236


September isin seisedh bliadhain ar caogait a aoisi. Neman, abb
Lis móir, décc.



Iar mbeith teora mbliadhan i righe nEreann do Maolcobha, mac
Aodha, mic Ainmirech, do chear la Suibhne Meann, hi ccath Slébhe
Toadh. Ronan, mac Colmain, rí Laighen dég. Gorman do
Mughdhornaibh, ó ttád Meic Cuinn, asé ro boi bliadhain for uisce
Tiobrait Finghin, agus ina ailitre i cCluain mic Nois, atbath.



Aois Criost, sé céd a haon ndécc. An céid bhliadhain do Suibhne
Meann, mac Fiachna, mic Feradhaigh, hi righe uas Erinn. Ecclas
Bennchair Uladh do Losccadh.



Aois Criost, sé céd a dó décc. An dara bliadhain do Suibhne.
Fiontain Oentreibh, abb Bendchair, décc. Condere do losccadh.
Fasughadh Toraighe la murcobhlach muiridhe.


L. 238


Aois Criost, sé céd a tri décc. An treas bhliadhain do Suibhne.
Colccu, mac Suibhne, do mharbhadh, agus bás Fiachach, mic Conaill,
in bhliadhain sin. Fergus, mac Colmáin Móir, flaith Midhe, do
mharbhadh la hAnfartach Ua Mescan do Muintir Blaitine. As do
sin as rubrad innso:




Ma dom isadhsa com teach, hUa Mescain Anfartach,
Uisce dorbach do bér dó, fo bith gona Feargosa.
Cep tan do corat buidhne ceneoil Colmáin sech Cúilne,
Iar mí foiset di suide, Sil Mescain im Blaitiniu.




Aois Criost, sé céd a cethair décc. An cethramhadh bliadhain do
Suibhne. S. Caemhan Brecc, ó Ros each, décc, an cethramhadh la
décc do September. Aodh Bendan, rí Iarmumhan, décc. As do
foraithmet a bháis as rubradh:




Aodh Bendan, don Eoghanacht Iarluachair, -
As mairg seoda dianad rí, cenmair tír dianat buachail.
A sciath an tan fo crotha, a bhíodhbhadha futbotha'
Cesa beccan (beth acht) for a muin, as didiu don Iarmhumhain.




Finghin, mac Fiachrach, dég.



Aois Criost, sé céd a cúig décc. An cúigeadh bliadhain do Suibhne.
Ailill, mac Baetáin, Maoldúin, mac Fergusa, mic Baotáin, agus
Diucolla do mharbhadh hí Muigh Slecht, hi ccrich Connacht. Do cenel
mBaotáin, mic Muirchertoigh doibh. Fiachra, mac Ciarain, mic
Ainmire, mic Sedna, dég. Cath Cendgabha.


L. 240


Aois Criost, sé céd a sé décc. An seiseadh bliadhain do Suibhne.
Aengus, mac Colmain Móir, flaith Ua Nell an desceirt, dég.



Cumhdach ecclaise Toraighe la Cenel gConaill, iar na diothláithriughadh
fecht riamh. Dunchadh mac Eoghanáin, Neachtain mac Canainn, Aedh (décc).



Aois Criost, sé céd a seacht décc. An seachtmhadh bliadhain do Suibhne.
S. Caoimhghin, abb Glinde da locha, décc an 3 Iuni, iar ccaitheamh
fichet ar chéd bliadain daois go sin. Comhgall epscop, agus Eoghan,
epscop Ratha Sithe, décc. Cath Cind delgten ria cConall, mac
Suibhne, agus ria nDomhnall mBreac, dú in ro marbhadh da mac Libren,
mic Iollainn, mic Cerbhaill. Maolbracha, mac Rimedha, mic Colmain, mic
Cobhthaigh, agus Ailill, mac Cellaigh, dég.



Cath Cindgubha (no Cinn Bughbha) ria Raghallach, mac Uattach, for
Colman mac Cobhthaigh (athair Guaire Aidhne) airm in ro marbhadh
Colman budhesin. Colga, mac Ceallaigh, dég. Ailill, mac
Ceallaigh, dég.



Aois Criost, sé céd a hocht décc. An tochtmadh bliadhain do Suibhne.
S. Siollán, epscop agus abb Maighe bile, décc an 25 do August.
Liber, abb


L. 242


Achaidh Bó Cainnigh. Ráth nGuala do losccadh la Fiachna, mac
Baotain, conadh ann asbert Fiachna:




Ro gabh tene Rath nGuala, tasca biucca tan huadha,
Suaichnidh inneort as abadh, ni buim dia congabhadh.
Ro gabh tene Rath nGuala tasca biucca tan huade,
As dian adhannat ind uilc tenidh i rRaith Aodha Builc.




Aois Criost, sé chéd anaoi décc. A naoi do Suibhne. Doir mac Aodha
Allainn do mharbhadh la Failbhe Flann Fidbhadh, amhail asbert feisin:




Ce chana damsa guin Dáir, ar ní rubha Dairene,
As ann ro oirc cach a doel, ó ro oircc a duilene.




Ro marbhadh somh iaramh a ndíoghail Dair. Atbert a mháthair accá éccaíne:




Ba guin saír, ní ba toghail Inse Caíl,
Dia tomat gáir na mbidhbadh, im chend Failbhe Flaind Fidhbhadh.




Rónán, mac Colmain, décc.



Aois Criost, sé céd a fiche. An deachmhadh bliadhain do Suibhne.
Seanach Garbh, abb Cluana ferta Brenainn, décc. Colman mac
Coingellain décc. Ronan, mac Tuathail, tigherna na nAirther, dég.
Corbmac Caomh, agus Iollann, mac Fiachrach, décc. Mongan, mac
Fiachna Lurgan, do mharbhadh


L. 244


do cloich la hArtur, mac Bicair, do Bretnaibh, conid do ro raidh Becc
Boirche:




As huar an gaeth dar Ili, do fail occa i cCiunn tire;
Do gensat gnimh namhnus dé, mairfit Mongan, mac Fiachnae.
Lann Cluana hairthir indiu, amhra cethrar fors riadhadh,
Corbmac caemh fri imfochidh, agus Iollann mac Fiachrach,
Agus an dias aile dia fognad mor do thuathaibh,
Mongan, mac Fiachna Lurgan, agus Ronán mac Tuathail.




Cathal, mac Aodha, rí Mumhan, décc.



Aois Criost, sé chéd fiche adó. An dara bliadhain décc do Suibhne.
S. Fergna Brit, abb Iae agus epscop, dég an dara lá do Marta. S.
Lachtnain, mac Torbén, abb Achaidh uir, décc 10 do Marta. Cath
Cairn Feradhaigh ria fFailbhe Flann for Condachtaibh, dú in ro marbhadh
Conall, toiseach Ua Maine, Maeldubh, Maoldúin, Maolruain,
Maolcalggaigh, agus Maolbresail, agus aroile saorclanna, agus fodaoine
cen mo tatsidhe, agus ro meabhaidh for Guaire Aidhne, a hionadh an
cathaigthe, conadh dosidhe asrubradh:




Do rochair do Condachtaibh, hic ath cuma in tseisir,
Maolduin, Maolruain, Maolcalggaigh, Conall, Maoldubh, Maolbreisil.


L. 246



Cath Lethed Midind, i nDruing, ria bFiachna, mac Demain, tigherna
Dal bFiatach, for Fiachna, mac mBaodain, rí Uladh. Ro meabhaidh an
cath for Fiachna mac Baodain, agus cer ann. Mac Laisre, epscop agus abb
Arda Macha, décc.



Aois Criost, sé chéd fiche atrí. Colman mac Ua Barddani (.i. do
Dal Barrdainne a chenel) abb Cluana mic Nóis décc. Iar mbeith trí
bliadhna décc do Suibhne Meann hi fflaitheas Ereann do cer la Congal
cClaon, mac Scandlain, i Traigh Bréna. Conadh dia oidhidh atrubradh:




Suibhne co sloghaibh dia soi, do tarraigh bronaigh Brenai,
Ro marbhadh an gaeth go ngail, la Congal caech mac Scandail.




Aois Criost, sé chéd fiche a cethair. An ced bhliadhain do Domhnall, mac
Aodha, mic Ainmirech, hi righe nEreann. S. Colman Stellan ó Tír da
ghlas dég, 26 Maii. S. Maodhocc, espucc Ferna, décc 31 Ianuari.
Ronan,


L. 248


mac Colmain, décc. Cath Duin Ceithern ria nDomhnall, mac Aodha, mic
Ainmirech, for Conghal Caoch, no Claon, mac Scandlain, dú in ro marbhadh
Guaire Gaillseach, mac Forannain, agus aroile sochaidhe, agus ro meabhaidh
iarumh for Congal, dia nebradh:




Cath Duin Ceithirn dia raibhe cru ruadh dar suile glasa,
Batar for sliocht Congail cruim colla muinremhra massa.




Cath Arda Corainn la Condaidh Cerr, tigherna Dail Riada, airm in
ro marbhadh Fiachna, mac Démain, rí Uladh.



Aois Criost, sé chéd fiche a cúig. An dara bliadhain do Domhnall.
Fionntain Maoldubh do écc. Mobai, mac Ui Aldai. Cath Lethairbhe etir
Maolfitrigh, toiseach cenel mic earcca, agus Ernaine mac Fiachrach,
toiseach Cenel Feradhaigh, du in ro marbadh Maolfitrigh, mac Aodha
Uairiodhnaigh. Brandubh, mac Mailcobha, dég.



Aois Criost, sé chéd fiche aseacht. An cethramhadh bliadhain do
Domhnall. Cath Atha Abla, dú in ro marbhadh Dicul, mac Fergusa Tuli
la Mumhain. Inis Medcoit dfhothucchadh la hepscop Aedhain.


L. 250


Aois Criost, sé chéd fiche a hocht. An cúicceadh bliadhain do Domhnall.
Cath Atha Goan, i niarthar Liffe, ria fFaolan, mac Colmain, agus ria
Conall, mac Suibhne, toisech Midhe, agus ria bFailge (no
bFailbhe) Flann, rí Mumhan, airm in ro marbhadh Criomhtann, mac
Aodha, mic Seanaigh, rí Laighen, co sochaidhe oile imaille fris.
Mór Mumhan décc.



Aois Criost, sé céd triocha. An sechtmhadh bliadhain do Domhnall. Da mhac
Aodha Slaine do mharbhadh la Conall, mac Suibhne, oc Loch Trethin, oc
Fremhoinn, .i. Congal, toisech Bregh, senathair Ua cConaing, agus
Ailill Cruitire, senathair Shil nDluthaigh. Cath Seghaisi, dú inar
marbhadh Lochene, mac Nechtain Cendfoda, agus Comasccach, mac
Aongasa. Cath Cuile Caolain re nDiarmaid, mac Aodha Slaine, airm in
ro marbhadh da mhac Aongusa, mic Colmáin Móir .i. Maolumha agus
Colcca, agus araill oile amaille friú, dia nebradh:




Cath Cúile Caoláin caine, ro bo daonbaigh co ndile,
Meabhaidh ria nDiarmait Deala, for fiora medha Midhe,
Hi ruba Colgan cendbháin, agus Maolumha ind ollgráidh,
Dá mac Aongasa armglóir, mic cruthglan calmóir Colmáin.




Segene, abb Iae Coluim Cille, do fothucchadh ecclaise Rechrainne.
Conall,


L. 252


mac Suibhne, toisech Midhe, agus Maolumha, mac Forannáin, do mharbhadh
la Diarmaitt, mac Aodha Slaine.



Aois Criost, sé chéd triocha a haon. An tochtmhadh bliadhain do
Domhnall. Ernaine, mac Fiachna, toisech Chenél Feradhaigh, do mharbhadh.
As lais sidhe torchair Maolfithrigh, mac Aodha Uairiodhnaigh, hi ccath
Letherbhe. Carthach, .i. Mochuda, mac Fiondaill do ionnarbadh a
Rathain.



Aois Criost, sé chéd triocha a trí. An dechmhadh bliadhain do Domhnall.
Failbhe Flann, rí Mumhan, décc.



Aois Criost, sé chéd triocha acethair. An taonmhadh bliadhain décc do
Domhnall. S. Eochaidh, abb Lis móir, décc an 17 dAipril. S.
Fionntain, mac Telchain, décc an 21 dOctober. Cath Maighe Rath
ria nDomhnall, mac


L. 254


Aedha, agus ria macaibh Aedha Slaine for Congal Claon, mac
Scandlain, rí Uladh, du ittorchair Conghal, Ulaidh, agus Allmarraigh
ar aon ris. Cath Saeltire ria cConall cCaol, mac Maoilcobha, for
Cenel nEoghain.



Aois Criost, sé chéd triocha a cúig. An dara bliadhain décc do Domhnall.
Ailill, mac Aodha Róin, Congal, mac Dunchadha, décc. Duinseach, ben
Domhnaill, mic Aodha, rí Ereann, décc.



Aois Criost, sé chéd triocha a sé. An treas bhliadhain décc do Domhnall.
S. Mochuda, epscop Lis móir agus abb Raithne, decc 14 Maii. Cath
Cathrach Chindcon la Mumhain ria nAongus Liath, for Maoldúin, mac
Aodha Bendáin. Maolodhar Macha, flaith Oirghiall, décc. Maoldúin,
mac Aodha, do loscadh i nInis caoin. Maoldúin, mac Feargusa, agus
Maoldúin, mac Colmáin, décc.



Aois Criost, sé chéd triocha a secht. An cethramhadh bliadhain décc do
Domhnall. S. Cronán mac Ua Loegde, abb Cluana mic nois, décc 18
Iuli. S. Mochua, abb Balla, décc 30 Marta.


L. 256


Aois Criost, sé chéd triocha a hocht. S. Critan in Aondruim décc an
seachtmhadh décc do Maii. Aodh Dubh, abb agus epscop Cille dara, dég,
agus ba rí Laighen ar tos esidhe. Dalaise, mac hU Imdae, abb
Leithglinne, décc.



Aois Criost, sé céd triocha anaoi. S. Dagan Inbhir Daoile do écc 13
September. Iar mbeith se bliadhna dég i righe nEreann do Domhnall, mac
Aodha, mic Ainmirech, fuair bás ind Ard Fothadh, i tTír Aodha, do
shunnradh iar mbuaidh naithrighe, uair baoi bliadhain i ngalar a écca,
agus no caitheadh corp Criost gacha domhnaigh. Oilill, mac Colmáin,
toiseach Cenel Laoghaire (décc).



Aois Criost, sé chéd cethracha. An céd bhliadhain do Chonall Caol agus
do Cheallach, dá mhac Maoilcobha, mic Aodha, mic Ainmirech, os Erinn
i righe.


L. 258


Scannlan mór, mac Cinnfaolaidh, toisech Osraighe, décc. Cuana, mac
Ailcene, toisech Fermaighe, décc. Bu hé sin Laoch Liathmhuine.



Aois Criost, sé chéd ceathracha a haon. An dara bliadhain do Chonall agus
do Cheallach. Maolbresail agus Maolanfaidh décc, agus Flann Enaigh
do ghuin. Do Chenél cConaill Gulban iadsen.



Aois Criost, sé céd cethracha a dó. An treas bhliadhain do Chonall agus
do Cheallach. S. Cronan Becc, espucc nAondroma, décc an 7 Ianuarii.
Furadhrán, mac Beicce, mic Cuanach, toisech Ua Mec Uais, décc.
Huaisle inghen Suibhne, mic Colmáin, ben Faoláin, righ Laighen,
décc. Cath Gabhra etir Laighnibh féin.



Aois Criost, sé chéd cethracha atrí. An cethramhadh bliadhain do
Chonall, agus do Cheallach. Dunchadh, mac Fiachna, mic Demain, rí
Uladh, décc.



Aois Criost, sé chéd cethracha a cethair. An cúicceadh bliadhain do
Chonall agus do Cheallach. Bolccluatha, tigherna Ua cCeinnselaigh,
décc.



Aois Criost, sé chéd ceathracha a cúicc. An seiseadh bliadhain do
Chonall agus do Cheallach. S. Mac Laisre, abb Bennchair, décc an
16 Maii. Raghallach,


L. 260


mac Uatach, rí Connacht, do mharbhadh la Maolbrighde, mac
Mothlachain, dia domhnaigh do shunnradh, dia nebradh:




Raghallach, mac Uatach, goeta do mhuin geileich,
Muirend dechmon ro cich, Cathal dechmon derich.
Hi greis aniu do Cathal, cia contola fiadh rioghaibh,
Ciasa Cathal cen athair, ní a athair cen díoghail.
Midhedh sech adroch díghail, athar uird a ridneat,
Gonad se firu coigat, oirgedh sé oirgne déac.
Mo chuitsi i ccuma caich, dioghail Raghallaigh ro faith,
Fil a ulcha léith im laimh, Maoilbhrighdi, mic Motlachain.




Cath Cairn Conaill ria nDiarmaid, mac Aodha Slaini, for Guaire, dú in
ro marbhadh an da Cuán, .i. Cuán, mac Enda, rí Mumhan, agus Cuán,
mac Conaill, taoisech Ua Figente, agus Tolamhnach, toisech Ua
Liathain, agus ro meabhaidh for Guaire a hionadh an catha. Iseadh cetus
do luidh Diarmait do thabhairt in catha so tria Cluain mic Nois.
Do righensat iaromh samhadh Ciarain eatla fri Dia fair, co tisadh slán
dionchoibh a ccoraighechta somh. Iar soadh
iaramh in righ ro eadhbair Tuaim nEirc co na fodhlaibh feronn (.i. Liath
Manchain)


L. 262


amhail fod for altóir, do Dia agus do Chiaran, agus do bert teora triste
(.i. mallacht) for righ Midhe dia nibhedh neach dia muintir cidh digh
nuisce ann. Conadh desin do reogart Diarmaitt a adhnacal hi cCluain
mic Nóis.



Aois Criost, sé chéd, cethracha ase. An seachtmhadh bliadhain do
Chonall agus do Chellach. Cath Duin Criomhthainn ria Conall agus
ria cCeallach, da mhac Maoilcobha, for Aongus, mac Domhnaill, agus ro
marbhadh Aongus san chath sin, agus ro marbhadh citth Cathasach, mac
Domhnaill Bric, san cath sin beos. Maolcobha mac Fiachna, mic Demain rí
Uladh, do mharbhadh la Congal cCennfoda, mic Dunchadha.



Aoís Criost, sé céd cethracha a seacht. An tochtmhadh bliadhain do
Chonall agus do Chellach. Dunchadh agus Conall, dá mac blaithmeic,
mic Aodha Slaine, do marbhadh la Laighnibh i tturraeth muilinn Maolodhrain,
mic Díoma Cróin. Marcan agus Maolodhrán ro ghon iad andís, as do
ro ráidh Maolodhran,




A mhuilind, ro melt anba do thuirinn,
Ní bo coimmelt for seirblind, an roimeilt for Uibh (Síl) Cerbhaill.
An grán meiles an Muileann, ní coirce acht as derg thuireann,
Ba do gesccaibh an chroinn máir, fotha muilinn Maoilodhráin.




Aois Criost, sé chéd cethracha a hocht. An naomhadh bliadhain do
Chonall agus do Cheallach. Maincheni, abb Meanadroichit, do écc.
Iomairecc Cuile


L. 264


corra ria nAoldeith agus ria nOnchoin, dú in ro marbhadh Cillne, mac
Forannáin, toisech Ua bFailghe. Cugamhna, mac Suibhne, décc.



Aois Criost, sé chéd cethracha anaoi. An deachmhadh bliadhain do Chonall
agus do Cheallach. S. Cronán Maighe bile décc, an seachtmhadh lá
do mí August. Cath airthir Sheola, i Connachtaibh, ria
cCennfaoladh, mac Colgain, agus ria Maonach, mac Baoithin, toisech
Ua mBriúin, in ro marbhadh Marcán, mac Toimeine, toisech Ua Maine.
Fergus mac Domhnaill, agus Fergus, mac Raghallaigh, agus Aodh
Bethra, mac Cuimmine, do mharbhadh la hUibh Fiachrach
Aidhne. Aodh Róin, mac Maoilcobha, décc. Maeldóid, mac Suibhne,
flaith Midhe, décc.



Aois Criost, sé chéd caogat. An taonmhadh bliadhain décc do Chonall agus
do Chellach. Aitchen, abb Tire dá glas, décc. Cailcén ó Lothra
décc. Cath Flescaigh ria cCrunnmaol, mac Suibhne, toisech Cenél
Eoghain, airm in ro marbhadh Cumascach, mac Oiliolla, toisech
Ua Cremthainn. Cruindmaol Erbuilgg, mac Ronáin, toisech Laighen
Desgabhair, décc. S. Beraidh, abb Duibhlinne, do écc.



Aois Criost, sé chéd caoga a haon. An dara bliadhain décc do Chonall agus
do Cheallach. S. Aedhlug, mac Cummain, abb Cluana mic Nóis, (décc)
an 26 Februarii.



Aois Criost, sé chéd caoccat a dó. An treas bhliadhain décc do na rioghaibh
remhraidhte. S. Colman, epscop, mac Aitelduibh, abb Cluana hIoraird,
décc 8 Februarii. S. Oissene Fota, ab Cluana hIoraird, décc Maii
1. S. Dachua Luachra, abb Ferna, décc.


L. 266


Aois Criost, sé céd caoccat a cethair. A cúig décc do Chonall agus do
Cheallach. S. Nem Mac Ua Birn, .i. comharba Enne Airne, do écc 14
Iuni. Suibhne, mac Cuirtre, abb Iae, décc. Coincenn Cille Slébhe
décc. Cath Delenn, airm inar marbhadh Maoldóid mac Conaing.



Aois Criost, sé chéd caoccat a cúicc. An seiseadh bliadhain décc do
Chonall agus do Chellach. S. Mochaomhócc, abb Leth móir, décc an
treas lá décc do Mharta. Trí bliadhna décc ar ceithre céd fod a shaoghoil,
amhail dearbhus in rann:




Saoghal Mochaomhócc Léith, nocha cealat treoin na treith,
Trí bliadhna décc ceithre céd, ní baoghal ní hiomair brég.


L. 268



Aois Criost, sé chéd caoccat a sé. S. Ulltan Mac Ui Concobhair, ó Ard
Breccain, décc an cethramhadh lá do September, iars an ochtmhocchat
bliadhain ar cet a aoisi.



Iar mbeith seacht mbliadhna décc ós Erinn do Chonall agus do
Cheallach, da mac Maoilcobha, mic Aodha, mic Ainmirech, do cher
Conall la Diarmait, mac Aodha Slaine, agus atbail Ceallach i mBrugh
Mic an Og. Blathmac, mac Maoilcobha, rí Uladh, a écc.



Aois Criost, sé chéd caoccat a seacht. An céd bhliadhain do Diarmait agus
do Blathmac, dá mhac Aodha Slaine, mic Diarmada, mic Fergusa Cerrbeoil,
i righe nEreann. Ceallach, mac Saráin, abb Othna móire, décc.
Mochua, mac Lonáin, décc. Dunchadh, mac Aodha Slaine, décc.



Aois Criost, sé chéd caoccat a hocht. An dara bliadhain do Diarmait agus
do Blathmac. Dioma Dubh, epscop Condere, dég an 6 Ianuarii.
Cummine, epscop nAondroma, décc. S. Sillan, epscop Daimhinsi, décc
an 17 Maii. Eochaidh, mac Blaithmic, mic Aodha Slaine, décc. Ailill,
mac Dunchadha, mic Aodha Slaine, décc. Conall Cranndamna décc.
Eoghan, mac Tuathalain, décc. Faolan, toisech Osraighi, do mharbhadh
la Laighnibh.



Aois Criost, sé chéd caoccat anaoi. An treas bhliadhain do Diarmait agus
do Blatmhac. Dainiel, epscop Cinngaradh, décc an 18
Februarii. Fionán


L. 270


mac Rimedha, epscop, décc. Colman Glinne da locha décc an dara la do
December.



Aois Criost, sé chéd seasccat. An cethramhadh bliadhain do Diarmait agus
do Blathmac. S. Laidhgend, mac Baoith, ó Cluain Ferta Molua, dég an
12 Ianuarii. Conaing Ua Daint, abb Imlecha Iobhair, décc.
Iomairecc i nOghamain, oc Cinn Corbadain, la muintir Diarmata, mic
Aodha Sláine, .i. Onchú, mac Saráin, agus Maolmiolchon, agus
Cathusach, mac Eimhine, for Blathmac, mac Aodha Sláine, maighen in ro
marbhadh Conaing, mac Congaile, mic Aodha Slaine, agus Ulltan, mac
Ernaine, toisech Ciannachta, agus Cennfaoladh, mac Geirtidi, toisech
Ciandachta Ardda, agus Faolchu mac Maeleumha.



Maoldúin, mac Aodha Bennáin, décc. Maonach, mac Fingin, ri
Mumhan, décc. Maeldúin, mac Furadhrain, toisech Durlais, décc.
Maolfuatoigh, mac Ernaine, toisech Ciandachta, do mharbhadh. S.
Tomene, mac Ronáin, epscop Arda Macha, décc.



Aois Criost, sé chéd sesccat a haon. An cáicceadh bliadhain do
Diarmait agus Blathmac. S. Cummine Foda, mac Fiachna, epscop
Cluana Ferta


L. 272


Brenoinn, décc in dara la dég do Nouember. Colman Ua Cluasaigh, oide
Cummine, ro raidh na roinnsi:




Ni beir Luimnech for a druim, desil Muimhnech ilLeth Cuinn,
Marbhan in noi ba fiú do, do Cummine mac Fiachno.
Ma do teighedh neach dar muir, seiseadh hi suidhe nGrigair,
Madh a hEri ní buí dó, inge Cumine Fodo.
Mo cumhasa iar cCumine, on lo ro foilgedh a árc,
Coi mocuil nis ningairedh, dord gaill iar nderach a bárc.




S. Colmán Ua Cluasaigh décc. S. Saran Ua Criotain décc.



Aois Criost, sé chéd sesccat a dó. An seiseadh bliadhain do Diarmait agus
do Blathmac. Segan Mac hUí Cuinn, abb Bendchair. Tuenócc, mac
Fiontain, abb Ferna. Indercaigh epscop, Dimma epscop. Guaire (.i.
Aidhne) mac Colmain, rí Connacht décc. Rob ionann mathair do Guaire
agus do Caimmine Insi Celtra, amhail asberar:




Cumman, inghen Dallbronaigh, mathair Caimmín is Guaire,
Moirseiser ar seachtmoghat, as sedh ro genair uaithe.


L. 274



Conall agus Colccu, dá mac Domhnaill, mic Aodha, mic Ainmirech, do
mharbhadh la Ceirrcend.



Aois Criost, sé chéd seasccat atrí. An seachtmhadh bliadhain do
Diarmait agus do Blathmach. Baotan, Mac Ua Corbmaic, abb Cluana mic
Nóis, décc. Do Conmaicnibh mara a chenel. Comdhán mac Cutheanne,
Berach, ab Bendchair, Cernach Sotal, mac Diarmatta, mic Aodha
Sláine, décc (imaille ris an ndruing remhráite) do mortladh tuargaibh i
nErinn hi Kallainn August na bliadhnasa hi Muigh Iotha, hi
Fothartaibh.



Aois Criost, sé chéd seasccat acethair. Mortladh adhbhal do bheith in
nErinn in bhliadhainsi da ngoirthí an Buidhe Connaill, agus ro écsat
in drong so do


L. 276


naomhaibh Ereann di, S. Feichin, abb Fobhair, 14 Februarii, S.
Ronan, mac Beroigh, S. Aileran ind egna, S. Cronan mac Silne,
S. Manchan Lethe, S. Ultan Mac hUi Cunga, abb Cluana hIoraird,
S. Colman Cas, abb Cluana mic Nóis, agus Cummine abb Cluana mic
Nois. Iar mbeith ocht mbliadhna i righe
nEreann do Diarmait agus Blathmac, dá mac Aodha Sláine, atbathatar
don mortladh cétna. Ro tathaimhset beos Maolbresail, mac Maeilidúin, agus
Cucenmathair, rí Mumhan. Aongus Uladh. Atbailset iliomat decclais
agus do tuaith i nErinn don mortlaidh hisin cenmotatsidhe. Dithgréin an
treas la do Maii.



Aois Criost, sé chéd sesccat acúicc. An céid bhliadhain do
Seachnusach, mac Blathmaic, hi righe nEreann. Baeithin, abb
Bendchair, décc. Ailill Fland Eassa, mac Domhnaill, mic Aodha, mic
Ainmirech, décc. Maolcaoich, mac
Scandail, toisech Cruithne do shliocht Ir, décc. Eochaidh
Iarlaithe, ri


L. 278


Cruithne beos décc. Maoldúin, mac Scandail, toisech Ceneoil Coirbre,
décc. Duibhindrecht, mac Dunchadha, toisech hUa mBriuin, décc.
Ceallach, mac Guaire, décc. Cath Feirtsi etir Ulta agus
Cruithne, du in ro marbhadh Cathusach, mac Laircine. Faolan, mac
Colmain, rí Laighen, décc.



Aois Criost, sé chéd seasccat a sé. An dara bliadhain do Seachnusach.
Mortlaidh mór isin mbliadhainsi, dia ro eccsat cethrar abbadh hi
mBendchair Uladh, Berach, Cummine, Colum, agus Aodhán a nanmanda.
Cath Aine etir Aradha agus Ui Fidhgente dú in ro marbhadh Eoghan
mac Crundmail. Bran Fionn, mac Maoileochtraicch, toiseach na nDéisi
Mumhan, do mharbhadh. Blathmac, mac Maoilcobha, ri Uladh, dég.



Aois Criost, sé ched seasccat aseacht. An treas bhliadhain do
Seachnusach. Colman epscop, go naomhaibh oile imaille fris, do dul go
hInis bo finne, go ro fothaidh ecclas innte, conadh uaithe ainmnighthear
somh. Feargus mac Muccedho (décc).



Aois Criost, sé chéd seasccat a hocht. An cethramhadh bliadhain do
Seachnasach. S. Cummine Fionn, abb Iae Coluim Cille, décc an 24
Februarii.


L. 280


Maolfothartoigh, mac Suibhne, toisech Cenel Tuirtri, décc.
Cennfaoladh ro raidh:




Ni dile, nach ri liomsa alaile
O do bretha Maolfothartoigh, ina ghaimhnen do Doire.




Maoldúin, mac Maonaigh, do mharbhadh. Criotan, abb Bendchair, décc.
Mochue mac Uist.



Aois Criost, sé chéd seasccat anaoi. Iar mbeith cúicc bliadhna ós Erinn
hi righe do Seachnusach, mac Blaithmic, do cear la Dubhduin, flaith
Ceneoil Coirbre. As for Sechnusach do rattadh an teistimensi,




Ba srianach, ba heachlascach, inteach hi mbidh Seachnusach,
Ba himdha fuigheall for slaitt histaigh i mbidh mac Blatmaic.




Bran Fionn, mac Maoileochtraich, toisech na nDéisi Mumhan. Maoldúin Ua
Ronain do mharbhadh. Blathmac, mac Maoilcobha, décc. Cuana, mac
Cellaigh, do mharbhadh. Bran Find, mac Maelefothartaigh, décc.
Dunchadh Ua Ronáin dég.



Aois Criost, sé céd seachtmhoghat. An céd bhliadhain do Cennfaoladh, mac
Blathmaic, hi righe nEreann. Dungal, mac Maoiletuile, toisech
Ceneoil


L. 282


mBoghaine, do mharbhadh la Loingsioch, mac Aongusa, toisech Cinel
gConaill. Ard Macha agus Tegh Telle do losccadh. Bendchair do
losccadh. Cumasccach, mac Ronáin, décc.



Aois Criost, sé chéd seachtmoghat a haon. An dara bliadhain do
Chennfaoladh. Maolrubha, abb Bendchair, do dul i nAlbain, go ro
fothaigh ecclas Aporcrosan. Losccadh Maighe Lunge. Failbhe, abb Iae
Colaim Cille, do tocht i nErinn a hIae.



Aois Criost, sé chéd seachtmoghat a dó. An treas bhliadhain do
Cheannfaoladh. Sgannlan, mac Fingin, toisech Ua Méith, décc.



Aois Criost, sé céd seachtmoghat a trí. Iar mbeith ceithre bliadhna hi
righe nEreann do Cendfaoladh, mac Blaithmic, mic Diarmata, do cer la
Fionnachta Fledhach, hi ccath Aircealtra, oc Tigh Ua Maine. Noe,
mac Daniel, décc. Congal Cendfoda, mac Dunchadha, rí Uladh, do
mharbhadh la Bec Boirche.



Aois Criost, sé chéd seachtmoghat, a cethair. An céd bhliadhain do


L. 284


Fiondachta Fledhach, mac Dunchadha, hi righe uas Erinn. S. Colman,
epscop ó Inis bó finde, décc an 8 lá dAugust. Fionán, mac
Airennain, décc. Cosccradh Ailigh Frigreinn la Fínshneachta, mac
Dunchadha. Failbhe, abb Iae, do soadh ina fhriting a hEirinn.



Aois Criost, sé chéd seachtmoghat a cúig. An dara bliadhain
dFhionnachta. Becan Ruimind dég i mBretain 17 Marti. Cath edir
Finsneachta agus Laighin la taobh Locha Gabhar, agus ro meabhaidh an
cath for Laighnibh. Dunchadh, mac Ultáin, toisech Airghiall, do
mharbhadh i nDun Forga la Maoldúin, mac Maoilefithrigh.



Aois Criost, sé chéd seachtmoghat a sé. An tres bhliadhain
dFhionnachta. Dairchell, mac Curetai, epscop Glinne da Locha (décc),
3 Maii. Comman epscop, Maoldoghar, epscop Ferna, Tuaimsnamha,
toisech Osraighe, do mharbhadh la Faolan Seanchostol. Colggu, mac
Failbhi Flainn, rí Mumhan, décc.



Aois Criost, sé chéd seachtmoghat a seacht. An cethramhadh bliadhain
dFionnachta. S. Failbhe, abb Iae Coluim Cille, décc an 22 do
Marta.


L. 286


Neachtain Neir décc. Ceannfaoladh, mac Oiliolla, sai in eccna, décc.
Cath Taillten ria fFinshneachta fFledhach for Becc Boirche.



Aois Criost, sé chéd seachtmoghat a hocht. An cuicceadh bliadhain
dFinachta. Colman, abb Bendchair, décc. Maolfothartaigh, epscop
Arda sratha, décc. Fianamhail, mac Maoiletuile, ri Laighen, do ghuin
la Foicseachan, dia mhuintir féin, iar na forcongra fair dFínshneachta
Fledhach. Cathal, mac Raghallaigh, décc. Cath Bodhbhghna, dú in ro
marbhadh Conall Oirggnech, toisech Ceneoil Coirpre.



Aois Criost, sé chéd seachtmoghat a naoi. An seiseadh bliadhain
dFínshneachta. S. Ciar ógh, inghen Duibhrea, décc an 5 Ianuari.
Dungal, mac Sccandail, toisech Cruithne, agus Ceandfaoladh, mac Suibhne,
toisech Ciannachta Glinne Gaimhin, do losccadh la Maoldúin, mac
Maoilefithrigh, i nDun Ceithirn. Conall, mac Dunchadha, do mharbhadh
hi cciunn tíre. Seachnasach, mac Airmedhaigh, agus Conaing, mac
Conghaile, do mharbhadh.



Aois Criost, sé chéd ochtmhoghat. An seachtmhadh bliadhain
dFhíonachta.



Suibhne, mac Maoilumha, comharba Bairre Corcaighe, décc.
Cennfaoladh, mac Colcan, rí Connacht, do mharbhadh iar ngabháil tighe
fair. Ulchaderg


L. 288


Ua Caillidhe, do Chonmaicnibh Cúile, ro mharbh eisidhe. Cath Ratha
móire Maighe line for Bretnuibh, bail in ro marbhadh Cathasach, mac
Maoiledúin, toisech Cruithne, agus Ulltan, mac Dicollae.



Aois Criost, sé chéd ochtmoghat a haon. An tochtmhadh bliadhain
dFíonachta. S. Ermbedhach, abb Craoibhe Laisre, décc an céd lá do
Ianuari. Colmán ab Cluana mic Nóis, decc. O Airtech dó.
Dunchadh Muiriscce, mac Maolduibh, rí Connacht, do mharbhadh. Cath
Corainn, dú inar marbhadh Colcca, mac Blaithmic, agus Fergus, mac
Maoiledúin, toisech Cenel Coirbre.



Aois Criost, sé chéd ochtmoghat a dó. An naomhadh bliadhain dFhionnachta.
Maine, abb nAondroma, décc. Loch nEathach do shoadh hi fuil.
Cath Caisil Fionnbhairr.



Aois Criost, sé chéd ochtmhoghat a trí. An dechmhadh bliadhain
dFhionnachta. Fásughadh Muighe Bregh la Saxoibh, etir ecclais agus
tuaith, hi mí Iun


L. 290


do hsonnradh, agus rugsat braigdi iomdha leo as gach ionadh hi
farcaibhset ar fud Maighe Bregh, mailli re headaloibh iomdhaibh oile, go
ndechsat iaromh do chum a long. Congal mac Guaire décc. Breasal, mac
Fergusa, toisech Cobha (décc).



Aois Criost, sé chéd ochtmoghat a cethair. An taonmhadh bliadhain décc
dFionachta. Forcron, abb Cluana mic Nois, décc. Ar ar na huilibh
cethraibh a ccoitchinne, isin uile domhan, co diúidh teora mbliadhan co ná
terna cídh aon as an mile da gach cenel anmann archena. Sicc mór isin
mbliadhain sin co ro reidhset locha agus aibhne Ereann, agus din ro reodh an
muir eitir Erinn agus Albain, co mbidh imaithighidh eattorra fors an licc
eagha. Adamhnán do dhul go Saxaibh do chuindgidh na braite do bertsat
Saxain tuaiscert leo a Muigh


L. 292


Bregh an bhliadhain rémraite. Fuair a haisec uatha iar ndenamh fert agus
miorbhal fiadh na sloghaib, agus do bhertsat onóir agus airmhidin móir do
iaramh imailli re hoghaiseacc gach neith ro cuinnigh cucca.



Aois Criost, sé chéd ochtmoghat a cúig. An dara bliadhain décc
dFionachta. Docummaichonóg, ab Glinde da locha, décc. Roisseni,
abb Corcaighe móire, décc. Osseni epscop Mainistreach, Fiontain, mac
Tulchain, décc. Feradach, mac Congaile, do marbhadh.
Finshneachta, an rí, do dhul dia oilithre.



Aois Criost, sé chéd ochtmoghat asé. An treas bhliadhain décc
dFhionachta. Cath Imbleacha Phich ria Niall mac Cernaich Sotoil,
for Congalach, mac Conaing, airm in ro marbhadh Dubhdainbher, toisech
Arda Ciannachta, agus hUaircridhe hUa Osene, toisech Conaille
Muirthemhne, agus ro sraoineadh an
cath for Congalach iaramh. As dia noidheadhaibh ro raidheadh:




Bronach Conailli indiu, deithbhir dóibh iar nUaircridhiú,
Ni ba heallmha bhies gen, i nArd iar nDubhdainbher.




S. Seghene, epscop Arda Macha, do écc. O Achadh Cladhbh dosidhe.
S. Cutbert, epscop Ferna, a Saxoibh, decc.


L. 294


Aois Criost, sé chéd, ochtmhoghat a seacht. An cethramhadh bliadhain décc
dFíonachta. Beccan Cluana hIoraird décc. Gnathnat, banabb Cille
dara, dég. Congal, mac Maoiledúin, mac Aodha Bendain, rí
Iarmhumhan, do mharbhadh.



Ardmacha do losccadh. Bran, mac Conaill, rí Laighen décc.
Finguine Fotta décc. Feradhach Méith, mac Nechtlicc, décc.



Aois Criost, sé chéd ochtmoghat a hocht. An cúicceadh bliadhain décc
dFinshneachta. Cronan Macu Caulne, abb Bendchair, décc an 6 do
Nouember. Fidhgellach, mac Flainn, toisech Ua Máine, Iolan, epscop
Cinngaradh, décc. Dochinne Daire Bruchaisi, décc.



Aois Criost, sé chéd ochtmoghat a naoi. An seiseadh bliadhain décc
dFhínshneachta. Dabecog Cluana hAird décc. Fergas, mac Lodain, rí
Uladh, do mharbhadh la hUibh Eachdhach.



Aois Criost, sé céd nochat. An seachtmhadh bliadhain décc
dFinshneachta.



Dioraith, epscop Ferna, décc an 27 Iuli. Bran Ua Faolain, rí
Laighen, décc. Cath etir Osraighibh agus Laighniu, bail in ro marbhadh
Faolcor Ua Maolódhra. Ro feradh fleachadh fola i Laighnibh isin
bhliadhainsi. Ro soadh


L. 296


imm ann bheós hi pairtibh cro agus fola, comba forrell do cach i coitcinne
é. Atchlos an faol ag labhairt do glor daonna, gomba hadhuath la cach.



Aois Criost, sé chéd nochat a haon. An tochtmhadh bliadhain décc
dFhínshneachta. Becfola epscop décc. hUidhreini Mhaighe bile
décc.



Aois Criost, sé chéd nochat a do. An naomhadh bliadhain décc
dFhionachta. Cronan Becc, abb Cluana mic Nóis, décc 6 April.
Cronan Balnae (decc).



Aois Criost, sé chéd nochat atrí. Gaimide Lugmhaidh décc. Meann
Boirne, abb Achaidh bó, décc. Iar mbeith fiche bliadhain hi righe
Ereann dFhionachta Fleadhach, mac Dunchadha, do cer la hAodh, mac
nDluthaigh, mic Aililla, mic Aodha Slaine, toisech Fer Cul, agus la
Congalach, mac Conaing, mic Congaile, mic Aodha Slaini, hi cath, hic
Greallaigh Dollaith. Do rocair beos Breasal, mac Fionnachta, isin cath
ísin araon ria a athair. Tadhg, mac Failbhe, do marbhadh hi nGlinn
nGaimhin.



Aois Criost, sé céd nochat a cethair. An céid bhliadhain do Loingseach,
mac Aongusa, hi righe nEreann. Loicheine Meann, eagnaidh, abb Cille
dara, décc. Cummeni Mughdorne dég. Finnguine mac Coí gén mathair, ri


L. 298


Mumhan, dég. Fergal Aidhne, rí Connacht, dég, mac sidhe Guaire
Aidhne. Fianamhail, mac Maenaich, dég. Congalach, mac Conaing,
mic Congaile, mic Aodha Slaine, décc.



Aois Criost, sé chéd nochat a cúig. An dara bliadhain do Loingseach.
Caisin, scribhnidh ó Luscca, dég. Maolfothartaigh, mac Maolduibh,
tigherna na nAirghiall, décc. Magh Muirthemhne do fhásughadh la
Bretnoibh agus la hUltoibh. Iomairecc Crandcha, dú inar marbhadh
Feradhach, mac Mailedoith.



Aois Criost, sé chéd nochat asé. An tres bhliadhain do Loingseach.
S. Moling Luachra epscop, décc an 17 Maii. Cath i tTuloigh Garraiscc, i
bFhernmhaigh, bail in ro marbhadh Conchobhar Macha, mac Maoiledúin,
toisech na nAirther, agus Aodh Airéd, toisech Dal Araidhe.
Muirgius, mac Maileduin, tigherna Ceneoil Coirpre, décc.



Aois Criost, sé chéd nochat a seacht. An cethramhadh bliadhain do
Loingseach. Forandan, abb Cille dara, décc.



Aois Criost, sé chéd nochat a hocht. An cuicceadh bliadhain do
Loingseach.


L. 300


Aodh Ancoire, ó Slebhtiu, décc. Iarnlaith, abb Lismoir, décc.
Fianamhail Ua Dunchadha, toisech Dal Riadai, agus Flann, mac
Cinnfaolaidh, mic Suibhne, toisech Cenéil Eoghain, do mharbhadh.
Aurthuile Ua Crunnmaoil, toisech Cenil Eoghain, dionnarbadh as in righe,
i mBretain. Fland Find, mac Maoiltuile hUi Crundmaoil, toisech
Cenil Eoghain, décc. Conall, mac Suibhne, toisech na nDeisi, décc.



Aois Criost, sé chéd nochat anaoi. An seiseadh do Loingseach. Colman,
Linne Uachaille, décc an 30 Marta. Ailill, mac Cuí gan mathair, rí
Mumhan, décc. Conall, mac Doinennoigh, toiseach Ua Fidhgeinte.
Niall Ua Cernaigh do mharbhadh i nDro manUa Casan, la
hIorgalach, mac Conaing.



Aois Criost, seacht ccéd. An seachtmhadh bliadhain do Loingseach.
Colman Ua hEirc, abb Cluana Ioraird, dég. Muiredhach Muighe hAaoi,
righ Connacht, mac Fergusa, ó ttát Síol Muireadhaigh, dég.
Iorgalach Ua Conaing


L. 302


do mharbhadh la Brethnuibh. Aedh, mac Dluthaigh, dég. Conall, mac
Suibhne, tigherna na nDéisi, décc. Ceallach, mac Maeleroca epscop,
Diucuill, abb Cluana hEois, décc.



Aois Criost, seacht ccéd a haon. Faoldobhair Clochair décc 29 Iún.
Iar mbeith ocht mbliadhna hi righe Ereann do Loingseach, mac Aongusa,
mic Domhnaill, do rochair, hi ccath Corainn, la Ceallach Locha Cime,
mac Raghallaigh, amhail dearbhus Cellach isin rann,




Ba uilcc thuilcc, matan rombi oc Glais chuilcc,
Beosa Loingseach and do chailg (airdri Ereann ima cuird) .i. ima cuairt,




Torcratar tra a thrí meic imailli ris, Artghal, Conachtach, agus Fland
Gergg. Ro marbhait din da mac Colcen ann, agus Dubhdibherg, mac
Dunghaile, agus Fergus Forcraith, agus Conall Gabhra, agus aroile
saerchlanna cenmotatsidhe. Conall Meann, mac Cairbre, ro raidh na
roinnsi, agus ba heisiden fochann an catha,




Dia ti Loingseach don Bannai, co na triocha céd imme,
Giallfaidh, cidh leabhair a liach, Cellach Liath Locha Cimme.
Tecsaidh Ceallach ceirtle cruinne, cro tria rinne bodhbh mos linge
La righ Laimhdhercc Locha Cimme.




Aois Criost, seacht ccéd a dó. An céid bhliadhain do Congal Cinn


L. 304


Maghair, mic Fergusha Fanad, uas Erinn hi righe. Colman
mac Fionnbhair, abb Lis móir, décc. Cath for Cloin ath, ria
Ceallach Cualonn, for Fogartach (iaromh na rí Erenn) Ua Cernoigh,
airm in ro marbhadh Bodhbhchadh Midhe, mac Diarmada, agus ro meabhaidh for
Foghartach.



Aois Criost, seacht ccéd a trí. An dara bliadhain do Congal.
Adhamhnan, mac Ronáin, abb Iae Coluim Cille, décc an 23 do
September, iar mbeith sé bliadhna fichet i nabdaine, agus iar seacht
mbliadhna seachtmoghat a aoise. Ba maith tra an ti naomh Adhamhnan, do
réir fiadhnaisi naoimh Béda, óir ba derach, ba haithrighech, ba
hurnuighthech, ba hinneithmhech, ba haointech, agus ba mesardha, daigh ní
loingedh do shír acht dia domhnaigh agus dia dardaoin nama.


L. 306


Do roine mogh de féin do na subháilcibhsi, agus beos ba heagnaidh, eolach
illeire tuicsiona an naoimhscrioptura diadha. Ceallach mac Raghallaigh,
ri Condacht, iar ndul dó fá cuing clércechta décc. Iomairecc
Corcmodhruadh, bail in ro marbhadh Celechar, mac Commain.



Aois Criost, seacht ccéd a cethair. An treas bhliadhain do Congal.
Cennfaoladh Ua Aodha Bricc, abb Bendchair, décc an 8 April. Dachonna
Dairi, agus Ceallán, mac Seachnasaigh, eccnaidh, décc. Oissene
Fremhann, mac Galluist, abb Cluana mic Nóis, decc. Do Calraighe
Tethbha a chenel. Conchubhar, mac Maeilidúin, toisech Ceniuil
Coirpre. Becc Boirche, rí Uladh, do gabháil bachlae, agus a écc ina
oilithre, i foirchenn da bhliadhan décc iar sin. Flann Feabhla, mac
Sgannlain, abb Arda Macha, do écc.



Aois Criost, seacht ccéd a cúig. An cethramhadh bliadhain do Conghal.
Coibhdenach, epscob Arda sratha, décc 26 Nouember. Conodhar, abb
Fobhair, décc 3 Nouember. Inrechtach, mac Dunchadha Muiriscce, rí na
tteora Connacht, do mharbhadh la Fergal, mac Maoiledúin, agus la
Fergal mac Loingsich, mic Aongusa, agus la Conall Mend, toisech
Ceniuil Coirpre. Sloicchedh la Congal Cind Maghair, mac Fergusa
Fanat, for Laighnibh, co ttarat a réir uadhoibh. Ag tocht do don tsloighedh
hisin atbert Congal innso:


L. 308



Celeabhair damh, a Liffe, as lor rodo bo hit gnáis,
Alainn berrthán fil fort, ba slán co tfolt a Dún Náis.
Ba Magh Liffe madh co sé, indiu as magh fonaithe,
Ticubsa dia athfuine, aitherrach co naithniu.




Cath Lethairbhe ria cConghal, mac Ferghosa Fánatt, for Chenél
nEocchain, dú in ro marbhadh Maoldúin, mac Maoilifithricch, tigherna
Cheneoil nEoghain.



Aois Criost, seacht ccéd asé. An cúicceadh bliadhain do Congal.
Cucuaráin, rí Cruithne agus Uladh, do mharbhadh la Fionnchoin
hUa Ronáin. Fiachra, mac Dungaile, do ghuin la Cruithniu.



Aois Criost, seacht ccéd a seacht. An seiseadh bliadhain do Congal.
Maoldobharchon, epscop Cille dara, décc 19 Februari. Cath Dola
i Maigh Ele, airm in ro marbhadh Leathlobhar, mac Eathach, Cualaidh, agus
Cúdionaiscc. Cath Selgge hi Forthuathaibh Laighen, in ro marbhadh dá
mac Ceallaigh Cualann, Fiachra, agus Fianamhail, agus araill do
Brethnuibh tangatar hi socraide Ceallaigh.



Aois Criost, seacht ccéd, a hocht. Conamhail mac Failbhe, abb Iae,
(décc). Colmán, mac Seachnusaigh, abb Lothra, décc. Iar mbeith secht
mbliadhna hi righe nEreann do Congal Cinnmaghair, mac Fergusa Fanat,
ro tathaimh do bhedhg aonuaire. Cill dara do losccadh.



Aois Criost, seacht ccéd anaoi. An céid bhliadhain dFerghal mac
Maoiledúin, mac Maoilefithrigh, hi righe uas Erinn. Cendfaoladh, abb
Fobhair, décc. Diccolan egnaidhe (décc). Tethghal, epscop ó
Lainn Ela, décc 16 April.


L. 310


Ultan, mac Cummine, décc. Epscop Telcha Olaind (décc). Cath Slebhe
Fuait ria fFearghal for Uibh Méith, in ro marbhadh Tnuthach, mac
Mochloingi, toisech Ua Méith, agus Curoi, mac Aodha, mic
Dluthaigh.



Aois Criost, seacht ccéd a deich. An dara bliadhain dFerghal.
Coeddi, epscop Iae, décc. Dubhgualai, abb Glinne dá Locha, décc.
Ro feradh iomairecc etir sliocht Aodha Slaine, in ro marbhad Niall, mac
Cernaigh, la Flann, mac Aodha, mic Dluthaigh. Cucerca, toisech
Osraighe, décc. Imaireacc la Laighnibh Deasgabhair, du in ro marbhadh
Bran Ua Maoildúin agus a mhac. Dluthach, mac Fithcheallaigh, do
losccadh. Cath Chairn Feradhaigh las an Des tuaisgertoigh, in ro
marbhadh Cormac, mac Fingin, rí Mumhan.



Aois Criost seacht ccéd a haon ndécc. An treas bhliadhain dFerghal.
Baotan, epscop Insi bo Finne, décc. Failbhe Becc, abb Cluana mic
Nóis, décc. Do Gailengaibh Corainn dó. Cormac, mac Oiliolla, rí
Mumhan, do mharbhadh hi ccath. Seachnusach, toisech Ua Maine, (décc).
Cucearca, tigherna Osraighe, décc.



Aois Criost, seacht ccéd ado décc. An ceathramhadh bliadhain
dFerghal. Iomairecc ettir dá mhac Beicc Boirche agus clann
Breasail, toisecha Ua nEthach Uladh, agus ro meabhaidh for cloinn
Breasail. Fogartach Ua Cernoigh dionnarbadh i mBreathnaibh la
Ferghal ri Ereann.


L. 312


Aois Criost, seacht ccéd a trí décc. A cúicc dFearghal. S. Dorbaine
Foda, abb Iae, décc 28 dOctober. Mochonna Cluana airdne
décc 30 do September. Cillene, epscop abb Ferna, décc.
Flaithnia eccnaidh, mac Colccan, décc. Ceallach Cualann, mac
Gerrtidhe, rí Laighen, décc. Murchadh, mac Diarmata, mic Airmedhaigh
Caoich, flaith Ua Nell Chloinne Colmáin, do mharbhadh la Conall
Grant Ua Cernoich. Aodh Dubh, toisech Ua Fidhgeinti, décc.



Aois Criost, seacht ccéd a cethair décc. An seiseadh bliadhain
dFerghal. Celetighernaigh, abb Cluana Heouis, décc. Ternocc, mac
Ciarain, décc. Fland Foirbhthe, mac Fogartaigh, décc. Fogartach
Ua Cernaigh do thoidheacht dia ionnarbadh a Bretain. Faolchu, mac
Dorbbene, do oirdneadh i nabdaine Iae an cethramhadh Kalaind do September,
dia Sathuirn do shonnradh, isin ceathramhadh bliadhain seachtmoghat a aoisi.



Aois Criost, seacht ccéd a cúicc décc. An seachtmhadh bliadhain
dFerghal. Aonach Taillten do dhenamh la Ferghal, mac Maoiledúin,
agus Fogartach Ua Cernoigh do mheasccbhuaidhreadh an aonaigh, uair ro
mharbh Maolrubha, agus mac Duibhslébhe.


L. 314


Aois Criost, seacht ccéd asé décc. An tochtmhadh bliadhain dFeargal.
S. Dunchadh, mac Cinnfhaolaidh, abb Iae Colaim Cille, décc an 25
Maii. Cronán Ua Eoain, abb Lis móir Mochuda, décc 1 Iún.
Dubhdúin Ua Faoláin, epscop agus abb Cluana hEraird, décc. Becc
Boirche décc. Fionamhail Ua Boghaine, mac Finn, (décc). Cath Cenannso
ria cConall nGrant Ua Cernaigh, in ro marbhadh Tuathal Ua Faolchon,
agus Gormghal, mac Aodha, mic Dluthaigh, agus Amhalgaidh Ua Conaing, agus
Ferghal a bhrathair. Ro marbhadh dna Conall Grant feisin iar ndibh
míosaibh las in righ, la Fearghal. Trí frosa inggnathacha isin
bhliadhainsi, fros airccid for Othain móir, fros mealae for Othain
mBicc, agus fross fola hi Laighnibh.



Aois Criost, seacht ccéd a seacht décc. An naomhadh bliadhain
dFearghal. S. Cuanna ó Ros eo décc an 10 April. Drostan
Dairtighe décc i nArd Breccain. Iomaireacc Fionnabhrach la
Laighnibh, in ro marbhadh Aodh, mac Ceallaigh. Airmedhach, mac
Taidhg, agus Criochan, toisech Ua Mic Uais, do mharbhadh. Fasughadh
Laighen fo cúicc i naoin bhliadhain la hUibh Néill.
Cath etir Chonnachtaibh agus Corca Baiscinn, inar marbhadh mac
Talamhnaigh.


L. 316


Fasucchadh Maighe Bregh la Cathal, mac Fionnguine, agus la Murchadh,
mac Brain. Indredh Laighen, agus naidhm na Boromha dorídhisi, agus na
giallna la Ferghal.



Aois Criost, seacht ccéd a hocht décc. Iar mbeith deich mbliadhna hi righe
uas Erinn dFerghal, mac Maoiledúin, mic Maoilefithrigh, do rochair hi
ccath Almhaine la Dunchadh, mac Murchadha, agus la hAodh mac
Colgan, damhna righ. Atiad líon tangatar síol cCuinn don chath sin .i.
mile ar fichet. Atiad líon tangatar Laighin, don leith ele, naoi mile. As
do bhas Ferghail do raidheadh,

Dunchadh mac Murchadha muaidh, Aodh mac Colgan claidhemh ruaidh,
Marbhsat Fergal feidhm ngaile, hi ccath erlamh Almhaine.




Atiad annso na hairigh agus na toisigh torcratar isin cath ishin, maraen la
Fergal, do Leth Cuinn, Conall Menn, toisech Ceneoil Coirpre,
Forbasach, toiseach Cheneoil mBoghaine, Ferghal Ua Aithechdae,
Ferghal, mac Eachdach Lemhna, toisech Tamhnaigh, Condalach, mac Conaing
agus Eccnech mac Colgan, toisech na nAirther, Coibhdenach, mac Fiachrach,
Muirghius, mac Conaill, Leathaitheach, mac Concarat, Anmchaidh, mac
Concharat, Aedhgen hUa Mathghamhnae, Nuadha mac Eirc, toisech Guill
agus Irghuill, agus dechnebhar do hSíol Mailefithrigh. Battar
iadsidhe easbhadha airech agus toisech an tuaisceirt. Tesbhadha Ua Néill
an deisceirt, Flann, mac Raghallaigh, Aileall, mac Feradhaigh,
Suibhne mac Conghalaigh, Aodh Laighean Ua Cearnaigh, Nia mac Corbmaic,
Dubhdacrioch, mac Duibhdainbhear, Ailill mac Conaill Graint,
Flaitheamhail, mac Dluthaigh, Ferghus Ua hEoghain. Torcratar din trí
fichit ar céd damhsaibh Fergail amaille ris na saorchlandaibh sin, cenmo
tád


L. 318


sochaidhe oile. Naonbhar tra issedh lotar hi faindeal agus i ngealtacht as
in cath sin. Secht mile isseadh torcair idiu agus anall ettorrae.
(Inrachtach, mac Donnchadha Muirisce, righ Connacht do mharbhadh san
gcoinbhliocht sin Almhuine madh fíor).



Aois Criost, seacht ccéd anaoi décc. Fogartach, mac Néill, mic
Cernaigh Sotail, hi righe nEreann an bhliadhainsi, co ttorchair hi
ccath Delgean la Cionaeth, mac Iorgalaigh. S. Sionach Innsi
Clothrann décc an fichetmhadh lá do mí April. Aelchu Mainistrech
Buitti (décc). Indrechtach, mac Muireadhaigh, rí Connacht, décc.
Cluain mic Nois do losccadh. Sealbhach, tigherna Dal-Riada, do dhol
i cclercecht.



Aois Criost, seacht ccéd fiche. An céd bhliadhain do Chionaoth, mac
Iorgalaigh, mic Conaing Cuirri, hi righe Ereann. S. Faolchu, mac Dorbbe,
abb Iae, S. Cuindles, abb Cluana mic Nois, agus S. Sionach Tailten,
décc. Cath Cinn Delgen ria cCionaoth, mac nIorgalaigh, in ro marbhadh
Foghartach Ua Cernaigh. S. Caochscuile, scribhneóir Doire Chalggaigh,
dég. S. Cillene Ua Colla, abb Aithne, décc 3 Ianuari. S. Colman
Uamach, scribhneóir Arda Macha, agus S. Colman Banban, scribhneoir
Cille dara, décc. S. Ruibin, mac mic Connaid, sccribhneoir Mumhan,
mac sidhe Brocain ó Tigh Telle. Teched (.i. sealbhuthadh) Uladh ria
cCionaedh mac Congalaigh.



Aois Criost, seacht ccéd fiche a haon. An dara bliadhain do Chionaoth.


L. 320


S. Maolrubha, abb Bennchair, iar ndul ind Albain, décc ina chill
féisin, i nApurcrosan, an 21 April. Ochtmoghat bliadhain ar thrí míosaibh
for naoibh láithibh, fod a shaoghail. S. Celecriost décc. S. Conall,
mac Moudain, do ghlacadh coroine mairtire. Ferdachrioch, mac Congalaigh,
décc. Cuanan o Chill Delcce, Deirir Daimhinsi, dUibh Colla
dosidhe, Cuana Droma Cuilinn, agus Cillene Locha Gercc, décc. Cath
Droma fornocht ria fFlaithbhertach, mac Loingsigh, agus ria cCenel
cConaill, for Aodh nAllán, mac Ferghaile, agus for Cenel nEoghain.
Ro sraoinedh for Aodh nAllán. Atiad na maithe ro marbhadh ó Aodh, -
Flann mac Erthaile, agus Snedgus Dercc Ua Brachaidhe. Murchadh, mac
Brain, rí Laighen, décc. Criomhthann, mac Ceallaigh Cualann, do
mharbhadh i ccath Belaigh Licce. Ailill, mac Bodhbhcadha Midhe, décc.
Cath ria cCionaoth, mac Iorghalaigh, for Laighnibh, agus do bert a réir.
Cath Insi Bregain ria fFaolan, bail in ro marbhadh Eittirsgeól, mac
Ceallaigh Cualann, agus Congal, mac Brain. Cathal Cerr, toisech
descert Bregh, décc.



Aois Criost, seacht ccéd fiche a dó. S. Fland ó Aointreb, abb
Bendchuir, décc. Iar mbeith trí bliadhna dó Cionaedh, mac
Iorgalaigh, uas Erinn hi righe, torchair hi ccath Droma Corcáin, la
Flaithbhertach mac Loingsich.


L. 322


Torchair Eudos, mac Ailella, agus Maolduin, mac Feradhaigh, isin cath
sin la Dunchadh, mac Corbmaic. Cath Aillinne etir da mac Murchadha,
mic Brain, in ro marbhadh Dunchadh senoir. Domhnall, mac Ceallaigh ri
Connacht, (dég).



Aois Criost, seacht ccéd fiche a trí. An céd bhliadhain do
Flaithbhertach, mac Loingsich, mic Aongusa, uas Erinn hi righe.
S. Gall Lilcaigh décc. S. Fachtna, mac Folachtain, abb Cluana ferta
Brénainn, décc.



Aois Criost, seacht ccéd fiche a cethair. An dara bliadhain do
Flaithbhertach. Mac Onchon, sccribhneoir Cille dara. Mac Concumba,
sccribhneoir Cluana muc Nóis, Cochall odhar, scribhnidh Bennchuir,
dég.



Aois Criost, seacht ccéd fiche a cúig. An treas bhliadhain do
Flaithbhertach. S. Dochonna Craibhdheach, epscop Condere, décc an
15 Maii. S. Cillene Foda ab Ia, décc. S. Adamnan, epscop Ratha
Maighe hAonaigh. S. Mainchin Lethghlinne décc. S. Faeldobhar Becc,
eccnaidh Fobhair, décc. Cúl rathain do losccadh. Cath eidir
Cruithniu agus Dal Riada, i Murbhulg, in ro marbhadh drong mhór do
Chruithniu. S. Colmán Ua Liottáin, doctúir toghaidhe, décc. S.
Eochaidh, mac Colgan, ancoiri Ardamacha, S. Colman Tealcha Ualand,
agus Breac Bearbha, décc. Coblaith, inghen Ceallaigh Cualann, décc.



Aois Criost, seacht, ccéd fiche asé. An cethramhadh bliadhain do
Flaithbhertach. Aolchú, abb Cluana hIoraird, Flann Sionna Ua Colla,
abb Cluana mic Nois (décc), do Uibh Cremhthaind dó. Garalt Maighe
heo décc an 13 do Marta. Sebhdann, inghen Cuirc, banab Cille dara,
décc. Timnen Cille Garadh,


L. 324


Neachtan, mac Derili (décc), Guin Doedhgasa, mac Baith, toisech na
nDéisi. Muiredhach, mac Indreachtaigh, do mharbhadh, epscop Maighe eú
esidhe.



Iomairecc etir Laighniu Desgabhair agus Muimhnecha, agus ro meabhaidh ria
nAodh, mac Colgan. Ferdomhnach, sgribhneoir Arda Macha, Fergus, mac
Conaill Oircnigh, décc. Congalach Cnúcha décc. Ceallach, inghen
Dunchadha, do Uibh Liatháin, décc.



Aois Criost, seacht cced fiche a seacht. An cúicceadh bliadhain do
Flaithbhertach. Iomairecc etir Aodh, mac Fergaile, agus Cenel
cConaill, i Maigh Iotha, bail in ro marbhadh Conaing, mac Congaile, mic
Fergusa, agus sochaidhe ele do Cenel Eoghain. Eochaidh, mac
Eathach, toisech Dail Riata, décc. Conall, mac Conchubhair, décc.
S. Dochumma Bolggan, ancoire Arda Macha, décc. Aodh, mac Conaing,
toisech Iorluachra, do mharbhadh. Atces bó i nDeilginis Cualann,
aoinchend agus aon chorp le go a slindenaibh, dá chorp ó a slindenaibh


L. 326


siar, agus dá erball. Bátar sé cosa fuirre, no blightí fo thrí hí gach
laoi, agus ba moa ar gach nuair a hass. Ro toimhleadh la daoinibh iomdha a
has, agus ní don im do ronadh de.



Aois Criost, seacht ccéd fiche a hocht. An seiseadh bliadhain do
Flaithbhertach. Iomairecc hi Maigh Iotha etir cloinn Loingsich, mic
Aongusa, agus cloind Ferghaili, mic Maoiledúin, du in ro marbhadh
sochaidhe do Cenel Eoghain. Flaithbhertach do thochuiredh murchobhlaigh
do Dail Riata do chum nEreann, agus iar na ttorachtain, ní ro airisetar
co rangatar Inis hOinae, agus ro feradh cath eitir Flaithbhertach co na
amhsaibh, agus Ciannachta, agus araill dUltoibh agus do Chenel
Eoghain, agus ro múdhaigheadh drong dirimhe dUltoibh, do Chenel
Eoghain, agus do Chiannachtaibh ann, im Conchubhar, mac Loichene, agus
im Branchoin, mac Brain, agus ro baidheadh líon dírímhe dibh isin
mBanda, iar sraoineadh forra.



Aois Criost, secht ccéd fiche anaoi. Iar mbeith secht mbliadhna do
Flaitbertach, mac Loingsicch, mic Aongusa, i righe nEreann, atbail ind
Ardmacha iaramh, iar ttréccadh a righe ar chléirceacht. Suibhne, mac
Cronnmaoil, mic Ronain, epscop Arda Macha, do écc, 21 Iuni. Do Uibh
Nialláin dó.



Aois Criost, secht ccéd triocha. An céid bhliadhain dAodh Allan, mac
Ferghaile, mic Maoiledúin, os Erinn. S. Mobrioccu Bealaigh Fele,
décc. S. Flann, mac Conaing, abb Cille móire Diothraibh, do marbhadh.
S. Oeghetchair,


L. 328


epscop nAondroma, décc. Cath Bealaigh Ele etir Cathal, mac
Finnguine, rí Mumhan, agus Laighniu, airm in ro marbhadh sochaidhe do
Laighnibh. Do rochair do Muimhneachaibh ann, Ceallach, mac Faelchair,
toisech Osraighe, agus dá mac Corbmaic, mic Rosa, toisich na nDéisi,
co tribh mílibh amaille friú. Cathal, mac Muireadhaigh, rí Connacht,
décc. Airechtach Ua Dunchadha Muirsce, toisech Ua Fiachrach, décc.



Aois Criost, seacht ccéd triocha a haon. An dara bliadhain dAodh Allan.
Fianamhail, mac Gertidhe, abb Cluana Ioraird, décc. Crunnmaol, mac
Colgan, abb Lusca, agus Dainel, mac Colmain, abb Aird Brecáin, décc.
Colman, mac Murchon, abb Maighe Bile, décc. Maolfothartaigh, mac
Maoiletuile, do Laighnibh, agus Bodhbhchadh, mac Conaill Gabhra, toisech
Cairpre, décc.



Aois Criost, secht ccéd triocha a dó. An treas bhliadhain dAodh Allan.
Ronán, abb Cinn Garadh, Conamhail Ua Loichene, abb Cluana muc
Nóis, do Ciannachtaibh Breagh, agus Graiphnidh, abb Imleacha Fia,
décc. Failbhe, mac Guaire, comharba Maoilerubha, do bháthadh go
bfoirinn a luinge amaille fris. Dias ar fichit allíon. Fiangalach, mac
Murchadha, toisech Ua Mail, (décc). Scainner etir Shiol Aodha
Sláine, in ro marbhadh Cathal, mac Aodha, don taobh thoir do Lícc
Ailbhe, la Conaing, mac Amhalgadha. Muirghes, mac Fergusa


L. 330


Forcraidh, do mharbhadh. Aengus, mac Ailealla, tigherna
Airde Ciannachta, décc.



Cath Focharta i Maigh Muirthemhne ria nAodh Allán, agus ria
cclandaibh Néll an tuaisceirt for Ultaibh, in ro marbhadh Aodh Róin, rí
Uladh, agus ro benadh a chend de for Cloich an chommaigh i ndoras
teampaill Focháirde, agus ro marbhadh Conchadh, mac Cuanach, toisech
Cobha, go sochuidhibh oile amaille riú. Ba he fochann an chatha Cill
Cunda do shárucchadh la Ua Segáin, do muintir Aodha Róin, dia nebairt
Aodh Ron feisin, ní scarfam a conn fris an Tairr, uair taobh re taobh ata
ceall Cunna agus Ceall Tairre. Congas, comarba Patraicc, do righne
an rann so do ghréasacht Aodha Alláin a ndioghail sháraighthe na cille,
ar rob éisiumh anmchara Aodha, co nerbairt,




Abair re hAodh Allán nuar, dom riacht forrán la sluagh siuil,
Rom nelacht Aedh Róin arraír, im Chonna Cill an chaín chiúil.




Tionóilidh Aodh Allán a shlogha go Fochaird, conadh ann atbert
Aodh Allán occ imthriall in catha:




Im Chunna, im chill manamcaratt, cingiu aniú céim ar conair,
Fáicfidh Aodh Roin a cend lim, no fuicfettsa lasodhain.




As don cath cedna at rubhradh:




Ar nUladh im Aodh Róine la hAodh Allán rí Ere,
Ar coinnimh do Chill Chonna cuirsiom bonna fri médhe.




Aois Criost, seacht ccéd triocha a trí. An cethramhadh bliadain dAodh.
S. Tola, mac Dunchadha, epscop Cluana Iraird, milidh diongmhala do
Criost, dég. Bresal, mac Aodha Róin, ri Uladh, do mharbhadh acc
Dun Celtchair.


L. 332


Aodh Ollan, rí Ereann, do thionól Leithe Chuinn, do dhul i
Laighnibh go ráinic Ath Senaith. Ro tharcclaimset Laighin in líon
conrangatar do chosnamh a chirt fris. Ro feradh cath ainmhín ettorra isin
maighin sin. Do deachaidh in ri Aodh Allan feisin isin ccath go
nairechaibh an tuaisceirt a mailli fris. Tangatar toisigh Laighen imo
rioghaibh isin ccath, corba fuilech foirniata ra feradh an gleo sin ettorra
dibhlinibh. Ro machtait laoich, agus ro tamhnait colla leó. Imo comhrainic
dAodh Ollan agus dAodh mac Colgan, do righ Laighen, agus torchair
Aodh, mac Colgan la hAodh Ollán. Ro marbhadh agus ro mudhaiccheadh, ro
díothaiccheadh, agus ro díothláiccheadh Laighin co hanbfhoill isin
chaithgleo sin, coná terna ass dibh achtmadh tiruairsi mbicc, agus
scceolanga terca. Batar iadso na toisigh, agus na hairigh torcratar ó
Laighnibh .i. Aodh mac Colgan, rí Ua cCeinnselaigh, Bran Becc mac
Murchadha, an dara righ boi for Laighnibh, Fergus mac Maenaigh, agus
Dubhdachrioch dá tigherna Fothart, mac hUi Cellaigh, mac Trein,
Fiangalach Ua Maileaithgen, Conall Ua Aithechdai, ceithre meic Floinn Uí
Conghaile, Eladhach Ua Maoluidhir, agus sochaidhe oile ro budh emhilt
daisneis.


L. 334


Batar failigh Leth Chuinn iars an ccosccar sin, uair ro díoghailsiot a
nainninne, agus a naincridhe for Laighnibh. Naoi mile asedh torchair dibh,
amhail asberar:




O cath Uchbhadh co naine, imbidh truchlam Fer Féine,
Ní dóigh fo gréin gil gainmhigh siol nach Laignigh in hEre.
Naoi mile do rocratar, i ccath Uchbhadh co ndéne,
Do shlogh Gailian gér guinich, mór do múiribh Fer Féne.




Aodh Allán cecinit,




An tAodh isin úir, an rí isin ruaimh,
An tenán don deladh in ténán dil déin, Lib. Lec. fol. 311, la
Ciarán i cCluain.




Samhthann cecinit rias an cath,




Ma conrisat na dá Aodh, bidh mórsaeth a nerghaire,
Madh co dul damhsa as saeth Aodh la hAodh mac Ferghaile.




Faolan, mac Brain, rí Laighen, décc iar ndeighbhethaidh. Cearnach,
mac Foghartaigh, mic Néll, mic Cernaigh Shotail, mic Diarmatta, mic Aodha
Slaine, do marbhadh. Fergus mac Cremhthainn do mharbhadh. Slóigheadh la
Cathal, mac Finnguine, co Laighniu, co rug gialla ó Bran Bricc mac
Murchadha, co rug maíne móra.



Aois Criost, seacht ccéd triocha acethair. An cúicceadh bliadhain
dAodh.
S. Samhthann ogh, ó Cluain Brónaigh i tTebhtha, décc an 19 do
December.
As fuirri tug Aodh Allan an teist si,


L. 336



Samthann fri soilsi sainmand, modh roghabh geansa glunbarr,
Tuadh maigh midhe, miadh nimglann, mor saeth fo sine Samhtann.
Ro gabh an ní nad asa, aini frí righe slesa;
Da mhair frí terca tuarai, batar cruadha a cressa.
Aradh fri nimhe nithiu, glan a cridhiu fri baetha,
Inucht fiadhat frí glanbarr, ar ro la Samhthann saetha.




Flann, mac Ceallaigh, mic Crundmaoil, epscop Reachrainne, décc. Cuana
Ua Bessain, scribhneoir Treoit décc. Fergus Glutt toisech Cobha
décc. Atces dosidhe aes ulc agus aidhmhillti ag tealgad graintseligh in
ro laitis iopadha ina aighidh fair, conadh é fochann a bhais. Ailill, mac
Tuathail, tigherna Ua cCriomhthainn, décc.



Aois Criost, seacht ccéd triocha a cúicc. An seiseadh bliadhain dAodh.
S. Bran, Lainde hEala, décc. Maincheine Tuama Gréine, décc.
Fland Feabhla, abb Goirt conaigh, i Mughdhornaibh Muighen, décc.
Ceallach, mac Sechdi, do Chonmaicnibh, abb Cluana muc Nóis, décc.
Dubhdabhoirend, abb Fobhair, décc. Forbasach, mac Ailealla, tigherna
Osruighe, do mharbhadh.



Aois Criost, seacht ccéd triocha asé. An seachtmhadh bliadhain dAodh.
Condla, tigherna Teabhtha, décc. Amhalgaidh, mac Cathasaigh, toisech
Conaille, décc. Murchadh, mac Fearghaile, mic Mailedúin, do
mharbhadh. Cath Cairn


L. 338


Feradhaigh, in ro marbhadh Torcan Tineréidh. Fuireachtach, airchindeach
Insi Caoil, agus Flann Aighle, epscop Echdhroma, décc.



Aois Criost, seacht ccéd triocha a seacht. An tochtmhadh bliadhain dAodh.
Airechtach, mac Cuanach, abb Ferna, décc. Maolochtraicch, abb
Cille Foirbrigh, décc. Ferdacrioch ab Imlecha agus Leithghlinne,
décc. Dachua, mac Indaighe, angcoire, décc, agus Cuidgheal, ab agus
scribhnidh Lughmhaidh, décc. Foirtbhe Ceneoil Fiachach, agus Dealbhna
la hOsraighibh. Cathal mac Findguine, rí Mumhan, décc. Fland
Feorna, tigherna Corco Modhruadh, décc. Aodh Balbh, mac Indreachtaidh,
rí Connacht, décc. Artrach, mac Aitheachda, tigherna Ua Méith dég.



Aois Criost, seacht ccéd triocha a hocht. Affiath, abb Maighe Bile,
décc. Affrica, banabb Cille dara, décc. Cuimmeni Ua Ciarain, abb
Rechrainne, decc. Aodh Allan, mac Ferghaile, mic Maoiledúin, do
thuitim i ccath Maighe Seirigh, .i. Cenandus, eidir dí Teabhtha, la
Domhnall, mac Murchadha, iar mbeith naoi mbliadhna i righe Ereann.
Tiughrann Aodha Alláin,




Dia nom ainsiodh mo Dia dil, for bhru Locha Sailchedáin,
Iaramh dia mbeinnsi fri col, ro badh maoin do mhogh manacol.




Torchair bheos isin cath cédna Cumasccach, mac Conchubhair, tigherna na
nAirther, agus Maonach mac Condalaigh, tigherna Ua gCremhthainn, agus
Muireadhach, mac Fergusa Forcraidh, tigherna Ua Tuirtre. Cath
Daimhdeircc i mBreghaibh ria nIndreachtach hUa Conaing, in ro
marbhadh Dungal, mac Floinn, tigherna, Fer cCúl, agus Fergus mac Oistigh
go sochaidhibh oile. Ceallach, mac Raghallaigh,


L. 340


rí Connacht, décc. Dluthach, mac Fithcheallaigh, tigherna
Ua Maine, décc. Dubhdothrae, tigherna Ua mBriúin Cualann, do
ghuin. Coincheann, inghen Ceallaigh Cualann, décc.



Aois Criost, seacht ccéd triocha anaoi. An céd bhliadhain do Domhnall,
mac Murchadha, mic Diarmata os Erinn; cédna righ Clainne Colmáin
sunn. Colmán, epscop Laessain, décc. Laidhgnen, mac Doineannaigh,
abb Saighre, Fergus, mac Colmain Cutlaigh, eccnaidh oirrdherc, décc.
Reachtabhrat, mac Ferghaile do Connachtaibh, décc. Iomaireacc Ailiuin dá
bernach, in ro marbhadh Dubhdados, mac Murgaile agus dá Ua Ceallaigh
Cualand, Cathal agus Oilill. Ro chuir in mhuir míol mór i ttír i
ccoicceadh Uladh, i mBoirche do shunnradh. Do deachaidh gach aon baoi
'na fochraibh dia dechsain ar a inggnaithe. An tan ro bas acca cosccradh
fo frith trí fiacla óir ina chend, caocca unga in gach fiacoil dibhsidhe.
Ro chuir Fiachna, mac Aodha Roin, rí Uladh, agus Eochaidh mac
Bresail, flaith Ua nEathach, fiacail díbh go Bennchair, go raibhe fri
ré cian for altóir mBennchoir, gur bo foirréil do cach hi ccoitchinne hí.


L. 342


Aois Criost, seacht ccéd cethrachat. An dara bliadhain do Domhnall.
Forandan, abb Cluana hEraird, décc. Cummene hUa Maonaigh, abb
Lainde Léire, dég. Congus, ancoire Cluana Tibhrinne, décc.
Ceandfaoladh, comarba Droma Cuilinn, décc.



Aois Criost, seacht ccéd cethrachat a haon. An treas bhliadhain do
Domhnall.
Corbmac, epscop Atha Truim, décc. Dubdabhoirend Ua Beccáin, abb
Cluana hEoais, Aongus, mac Tiobraitte, abb Cluana Fotta Baottain Abha,
Cialtrocc, abb Glaisi Naoidhe, Beochaill Ardachaidh, Fiongal Lis
móir, Maolanfaidh Cille achaidh Dromfotta, Seachnasach, mac Colgáin,
tigherna Ua cCensealaigh, décc. Iomairecc Ratha cúile ria nAnmchaidh,
i ttorcair hUargus, mac Fachtna.



Aois Criost, seacht ccéd ceathrachat a dó. An cethramhadh bliadhain do
Domhnall. S. Cuanan Glinde, abb Maighe bile, décc 3 April.
Abel, abb Imleacha Fia, décc. Sárán, abb Bennchair, dég.
Comman ind Rois, agus ba habb Cluana mic Nois esidhe, ba fer lán do
rath Dé é bheos, agus a écc. Ferdacríoch, abb Dairinsi, décc.
Cucummne, eccnaidh togaidhe eisidhe, do écc. As dó do roine Adamhnan an
rann, dia ghreasacht frí leighionn.




Cucuimne, ro legh shuithe co druimne,
Alleth aile arratha ro lecc ar a chaillecha.


L. 344



Frisccar Cucuimne:




Cucuimne, ro léigh suithe co druimne,
Alleth aile araid cui, legfaidh huile corop sui.




Tuathalan, abb Cinn Ríghmonaidh, dég. Aidhneach Baisligge, décc.
Iacob Ua Forannáin, proiceptaigh ergna ina aimsir, dég. Ruman, mac
Colmáin, saoi in eccna, i ccroinic, agus i filidhecht, décc. Muiredhach
Mend, toisech Ua Méith, do mharbhadh i cCúil Cummaisg, la hUltaibh.
Aedh Muinderg, mac Flaitbhertaigh, tigherna an Tuaiscceirt, dég.
Seachnusach, mac Colgan, rí Laighen Desgabhair, décc. Iomairecc Cairn
Ailche la Mumhain, in ro marbhadh Coirpre, mac Condionaisg. Iomairecc ria
nAnmchaidh, i ttorcair Coirpre, Fergus, agus Caicher meic
Cumhscraigh, co sé toisechoibh décc imaille friu. Fiachra, mac
Garbhráin Midhe, do bhádhadh i Loch Ríbh. Dunlaing, mac Dunchon,
tigherna Ceneoil Ardghail, décc.



Aois Criost, seacht ccéd cethrachat a trí. An cuicceadh bliadhain do
Domhnall. Arasccach abb Muicinsi Reguil, do bhadadh. Dodimmóc,
ancoiri,


L. 346


abb Cluana hIraird, agus Cille dara, décc. Cobhthach, abb
Reachrainne, dég. Cuan Camm egnaidh, dég. Cuan
angcoire ó Liolcaich, dég. Muirend, inghen Ceallaigh Cualann, ben
Iorgalaigh, décc. Congal, mac Eignich, tigherna na nAirrther, do
mharbhadh i Raith Esclair la Donn boo, mac Conbretan. Inreachtach Ua
Conaing, toiseach Cianachta, décc. Atces co forréil loingius isin aer
cona bfoirnibh isin mbliadhainsi.



Aois Criost, seacht ccéd cethrachat a cethair. An seiseadh bliadhain do
Domhnall. Breasal, mac Colgan, abb Ferna, décc. Liber, abb Maighe
bile, décc. Conall, abb Tuama Greine, dég. Seigeine Claraich
décc. Mac Cuanach, eccnaidh do Cenel Coirpre, decc. Cluain ferta
Brenainn do losccadh. Anfadh mór do theacht isin mbliadhainsi, co ro
báitheadh drong mór do mhuintir Iae Colaim Cille. Condmach, mac
nOendenoigh, décc. Iomairecc Airde Cianachta la Dungal, mac Amalgadha,
in ro marbhadh Aillill, mac Duibhdacrioch hI Chindfaolaidh, agus in ro
marbhadh Domhnall, mac Cionaodo, hi friothghuin iar mbuadhughadh dó an
céid fecht. Coirpre, mac Murchadha Midhigh, décc, agus Becc Baele,
mac Eathach.


L. 348


Aois Criost, secht ccéd cethrachat a cúig. An sechtmhadh bliadhain do
Domhnall. S. Suairleach, epscop Fobhair, décc 21 Marti.
Dubhdáleithe na Graiffne, abb Cille Scíre, décc. Mac Neamhnaill, abb
Biorrae, décc. Comorbach, mac Cellain, ab Cille móir Inir, dég.
Fobhor agus Domhnach Padraicc do losccadh. Cathal Maenmaighe, tigherna
Ua Maine, décc. Blathmhac, mac Coibhdenaigh, tigherna Musccraidhe,
décc. Dubhdabhoirend, tigherna Ua Fidhgeinte, décc. Anmchaidh,
toisech Ua Liathain, dég. Iomaireacc Inse Snaicc ria nAnmchaidh, mac
Concerca. Cudionaisc Ua Ferghusa dUibh Fiachrach, décc. Fiachra,
mac Ailene, tigherna Mughdorn, do mharbhadh. Eogon mac Tripoit,
abb, décc.



Aois Criost, secht ccéd cethrachat asé. An tochtmhadh do Domhnall.
Maoliomarchair, epscop Eachdhroma, décc. Cuangus, abb Léith móir,
décc.
Colman na mBretan, mac Faoláin, abb Slaine, décc. Nuadha, mac
Duibhslebhe, abb Cluana hEois, dég.
Flann Ua Conghaile, toiseach Ua Foilghe, décc.
Fearghus, mac Fogartaigh, tighearna Deisceirt Breagh, décc.
Muirghius, mac Fearghusa, tighearna na nDeisi, agus Flann Foirtre,
toiseach Corco Laigde, décc.
Fursa, abb Leacnae Midhe, décc. Losglaigde eaccnaidh dég.
Eochaidh Cilli Toma, Cele Dulaisi ó Daimhinis décc. Mac hUige
Lis móir décc.
Losccadh leth airle Cluanah Ioraird. Bran, mac Baitbeitre, décc.
S. Comán .i. naomh Rossa Comain, agus is uadh ainmnigh thear
Ros Chomáin deesse san bhliadhain sin, no san bliadhain inár ndiaigh


L. 350


agus sgribhthar air go raibh sé dá chéd bliadhain daois. Atá imreasan edir
na hannalaibh cia acu bliadhain inar ég sé, etc.



Aois Criost, seacht ccéd cethrachat a seacht. An nomhadh bliadhain do
Domhnall. S. Cileni Droigthech, abb Iae, agus angcoire, décc 3
Iulii. Cathal, mac Forannain, abb Cille dara, dég. Dicolla, mac
Meinide, abb Insi Muiredhaigh, décc. Fiachna Ua Maicniadh, abb Cluana
ferta Brenainn, Osbran, angcoire, agus epscop Cluana cremha,
Reachtabhrat Ua Guaire, abb Tuama Gréne, Maoltuile, abb Tíre dá glas,
décc. Flaithbhertach, mac Conaill Minn, toisech Cenel Cairbre, décc.
Innreachtach, mac Muireadhoigh Minn, dég. Foidmend, mac Fallaigh,
toisech Conaille Murtheimhne, Conaing Ua Duibhdúin, tigherna Cairpre
Teabhtha, dég. Flann, mac Ceallaigh, tigherna Muscraighe, décc.



Aois Criost, seacht ccéd cethrachat a hocht. An deachmhadh bliadhain do
Domhnall. S. Maccoicceth, abb Lis móir, dég 3 December.
S. Luicridh, abb Cluana mic Nóis, dég 29 April. S. Cellan, abb
Cluana ferta Brenainn, décc. Scannlán Duin Lethglaisi, décc.
Mobhai décc. Ferblai, mac Margusa, eaccnaidh, dég. Scannlan Cluana
Boirend décc. Fursa Easa mic nEirc dég. Eas mic nEirc for Búill
Eas Ui Floinn aniú. Tomaltach, mac Maoiletuile do mharbhadh.



Aois Criost, seacht cced cethrachat anaoi. An taonmhadh bliadhain décc do
Domhnall. Cerban Daimhliag décc. Abel Atha Oirne dég.
Loingsioch


L. 352


mac Flaithbhertoigh, tigherna Ceneoil Conaill, dég. Flann, mac
Conchubhair, tigherna Maighe hAi, décc. Tuaithlaithe, inghen Cathail,
ben righ Laighen décc. Iomairecc Aird Naescan eitir Ua mBriuin agus
Cenel Coirpre, du in ro marbhadh sochaidhe. Foirtbhe Fothart Fea
dOsraighibh. Cathasach .i. rí Uladh, mac Ailealla, do mharbhadh i
Raith Bethech. Conghus scribhnidh, epscop Arda Macha, do écc. Do
Chenel nAinmire dosidhe.



Aois Criost, seacht ccéd caoga. An dara bliadhain décc do Domhnall.
Daolgus, abb Cille Scire, décc. Fiangalach, mac Anmchadha, mic
Maoilecuraich, abb Insi bo finne for Loch Ribh. Sneithcest, abb
nAondroma, décc.
Fidhmaine Ua Suanaigh, angcoire Raithne, décc. Cluain muc Nois
do losccadh 21 do Marta. Cathal mac Diarmatta, eccnaidh, décc.
Flaithniadh, mac Tnuthaigh, tigherna Ua Meith, dég. Inrechtach, mac
Dluthaigh, tigherna Ua Maine, décc. Flaithnia, mac Flainn, mic
Congaile, toisech Ua Failge, décc. Iomairecc Cindebrath, i ttorchair
Badbhgal, mac Fergail. Fiangalach mac Anmchadha, décc.



Aois Criost, seacht ccéd caoga a haon. An treas bhliadhain décc do
Domhnall. Aolgal, angcoire, ó Imlioch Fordeorach, agus o Cluain mic
Nóis, décc. Baethallach, mac Colmáin hUi Suibhne, abb Atha Truim, dég.
Corbmac, mac Faolain hUi Silne, décc. Forannan, epscop Methais Truim,
décc.


L. 354


Bennchair mór do losccadh lá féle Patraicc. Fergus, mac Ceallaigh, rí
Connacht, décc. Sloigheadh Laighen la Domhnall, mac Murchadha, fri
Niall co mbatar i Muigh Muirthemhne. Loingbhriseadh Dealbhna Nuadhat
for Loch Ríbh, ima ttigherna Diumasach, con do ro ráidheadh:




Tri naoi nethair is a trí, don Gamhanraighe Locha Ríbh,
Ní terna dibh i mbethaidh amháin, acht lucht aenethair.




Cath Bealaigh cro ria gCriomhthann for Dealbhna Ua Maini, in ro
marbhadh Find mac Airbh, tigherna Dealbhna, og Tioprait Finn, agus ár
Delmhna imme, agus as de sin atá Lochan Bealaigh cro, agus Tiopra Find,
uair ag cosnamh an triochait céd etir Suca agus Sionainn batar hUi
Maine friu, ar rob isidhe triocha céd Delbhna. As dosidhe ro raidheadh:




Cath brec buidhnech Bealaigh cró, ba truagh turus Dealbhna dó,
Criomhthann deabhthach díth do ratt, for Dealbhna neimhnech Nuadhat.
Finn mac Airbh, áirdrí Delbhna, ro gonadh do gháibh leabhra,
Don cath cródha ro ba cing, co torchair ic Tiprait Finn.




Aois Criost, seacht ccéd caocca adó. An cethramhadh bliadhain décc do
Domhnall. Sionchu, abb Lis móir décc. Siadhail Linne Duachail
décc. Cill mór Díothraibh do losccadh la hOaibh Crumhthainn.
Cumasccach, tigherna


L. 356


Ua Failge, do mharbhadh la Maoldúin, mac Aodha Bennáin, rí Mumhan.
Donn, mac Cumasccoigh, toisech Ua mBriuin an deisceirt, dég. Bodbhghal
mac Fergaile, abb Mungairde, do marbhadh. Tomaltach, tigherna
Cianachta Glinne Geimhin, décc.



Aois Criost, seacht ccéd caoccat a trí. An cúigeadh bliadhain décc do
Domhnall. Muiredhach, mac Corbmaic Slaine, abb Lughmhaidh, dég.
Elpin Glaisi Naidhen dég. Fídhbhadhach Cille Delcce décc.
Martha, inghen Dubháin, banabb Cille dara décc. Gorman, comharba
Mochta Lughmhaigh, décc i cCluain mic Nois, ina ailithre, agus ba
heisidhe athair Torbaigh, comharba Padraicc.
Niallgus, mac Boith, tigherna na nDéise Bregh, décc. Cathal Ua
Cionaotha, toiseach Ua cCeinselaigh, décc. Iomaireac Droma robhaich,
fris a raiter cath Brechmhaighe, etir Ui Fiachrach agus Ui Briuin, in
ro marbhadh trí hUi Ceallaigh, .i. trí meic Fergusa, mic Roghallaigh
.i. Cathrannach, Cathmugh, agus Artbran, a nanmanna.



Aois Criost, seacht ccéd caogat a cethair. An seiseadh bliadhain dég do
Domhnall. Eochaidh, mac Conaill Minn, abb Faoibhrain décc.
Dubhdroma, abb Tuilen, décc. Feidhlimidh, no Failbhe, abb Iae, décc,
iar secht mbliadhna ochtmoghat a aeisi. Coissetach, abb Lughmhaidh,
décc. Eochaidh, mac Fiachrach, eccnaidh, dég. Reachtabhrat, mac
Dunchon, tigherna Mughdhorn, décc. Iomairecc Gabhrain ria nAnmchaidh
for Laighnibh. Cath Eamhna Macha ria bFiachna, mac Aedha Róin, for
Uibh Néill, dú in ro marbhadh Dunghal Ua Conaing agus Donnbó.


L. 358


Aois Criost, seacht ccéd caogat a cúig. An seachtmhadh bliadhain décc do
Domhnall. Condath, abb Lis móir, décc. Suairlioch, abb Bendchair,
décc.
Ailgnio, mac Gnoí, prióir abbaidh Cluana hIraird, décc.
Gaimdibhla, abb Airne, décc. Fulartach, mac Bricc, angcoire decc.
Muireadhach, mac Murchadha, no Ua Brain, ri Laighen, dég.
Conchubhar Ua Taidhg Teimhin, tighearna Cianachta Glinne Geimhin, décc.
Flann, mac Eirc, tigherna Ua Fidhgeinte décc. Eutighern, epscop, do
mharbhadh la sacart oc altóir Brighde, i cCill dara, .i. etir an
crocaingel agus an altoir. As as sin ro fhás co na deni sacart oifrenn i
fiadhnaisi epscoip osin alle a Cill dara.



Aois Criost, seacht ccéd caogat a sé. An tochtmhadh bliadhain décc do
Domhnall. Domhnall, mac Muirchertaigh, tigherna hUa Nell, décc.
Finsneachta, mac Fogartaigh Ui Cernaigh, décc. Iomaireacc Bealaigh
Gabhráin etir Laighniu agus Osraighibh, co roemidh ria mac Concerca,
agus ro marbhadh Donngal, mac Laidhgnein, tigherna Ua cCeinsealaigh, agus
aroile toisigh imaille fris. Iomairecc Atha dumha eitir Ultaibh agus
Ui Eathach, in ro marbhadh Ailill, mac Feidhlimidh, tigherna Ua
nEathach.



Aois Criost, seacht ccéd caogat a seacht. Anaoi décc do Domhnall.
Corbmac, abb Cluana mic Nóis, décc. Do Cenel Coirbre Cruim do.
Robhartach, mac Cuanach, abb Aithne móire; Suibhne, abb Cluana ferta,
Domgnasach, abb Imleach each; Fearfio, mac Faibre, eccnaidh, abb
Comhraire


L. 360


Midhe, décc. Iomairecc Caille Taidhbig, in ro meabhaidh for Luighni
ria cCenel Coirpre. Fogartach, mac Eathach, tigherna hEle,
Celepedair, abb Arda Macha, do écc. Do Uíbh bresail dó.



Aois Criost, seacht ccéd caoccat a hocht. Beclaitnae, abb Cluana
Ioraird, dég. Fiodhairle Ua Suanaigh, abb Raithne, décc céd lá
dOctober. Reoddaidhe, abb Ferna, décc. Anfadan, abb Linde
Duachail, décc. Faolchu Fionnghlaisi décc. Iar mbeith fiche
bliadhain i ríghe ós Erinn do Domhnall, mac Murchadha, mic Diarmatta,
fuair bás, agus ba héisidhe céid rí Ereann ó Cloinn Colmáin, agus ro
hadhnaiceadh i nDermhaigh co nonóir, agus co nairmhidin. As dó ro
ráidheadh:




Cossin uair ro nucadh de, Domhnall dochum nDearmaighe,
Nocha rabha díoghal greis na treis for lár Breghmhaighe.


L. 362



Aois Criost, seacht ccéd caogat anaoi. An céid bhliadhain do Niall
Frosach, mac Feargaile, uas Erinn hi righe. Fiachra, mac Fothaidh,
abb Baislicce, décc. Ronan, abb Cluana mic Nóis, décc. Do
Luighnibh do. Corbmac, mac Aililla, abb Mainistreach Buithe, dég.
Donait, mac Tohence, abb Corcaighe, décc. Fergus, mac Ceallaigh, rí
Connacht décc. Scanlan Feimhin, mac Aedhgaile, décc. Flann Garadh,
tigherna Cenél mic Earca, dég. Iomaireacc Duin bile ria nDonnchadh,
mac Domhnaill, for Fiora tulach. Dunchadh, mac Eoghain, tigherna na
nDéisi, décc. Murchadh, mac Muirchertaigh, do mharbhadh la
Connachtaibh. Tri frosa do fhearthain hi Crich Muireadhaigh i nInis
Eoghain .i. fros do arccat gil, fros do chruithneacht, agus fros do
mhil. Conadh doibhsidhe ro raidheadh:




Trí frossa Aird uillinne, ar ghradh Dé do nimh
Fross argaitt, fross tuirinne, agus fross do mhil.




Aois Criost, seacht ccéd seasccat. An dara bliadhain do Niall Frosach.


L. 364


Folachtach, mac Sarfaeladha, abb Biorra, décc. Loarn, abb
Cluana Ioraird, décc. Cellbil Cluana Bronaigh décc. Tola Aird
Breacain décc. Ailill, mac Craoibhecháin, abb Mungarat, décc.
Flaithbhertach, mac Loingsicch, rí Ereann, décc i nArd Macha, iar
mbeith seal foda i cclércecht. Suibhne, mac Murchadha co na dhís mac
do mharbhadh. Iomairecc Cairn Fiachach eitir dá mac Domhnaill .i.
Donnchadh agus Murchadh, agus Aelghal tigherna Teathbha, in ro marbhadh
Fallomhon, mac Concongalt, la Donnchadh, agus ro marbhadh Murchadh ann,
agus ro meabhaidh for Aelghal. Dungalach, toisech Ua Liatháin, décc.
Uarghal, toiseach Conaille, décc. Torptha, mac Cernaich, tigherna na
nDéisi, dég.



Aois Criost, seacht ccéd seasccat a haon. An treas bhliadhain do Niall.
Criomhthann, mac Reachtgoile, abb Cluana ferta décc. Aodhan Lis
mhóir décc. Iomairecc Sruthra etir Ui mBriuin, agus Conmaicne, in
ro marbhadh sochaidhe do Conmaicniu, agus Aodh Dubh, mac Toichligh. Ro
meabhaidh an tiomaireg sin ria nDuibhindreachtach, mac Cathail. Iomairecc
etir fira Midhe agus Bregha, in ro marbhadh Maolumha, mac Toithil, agus
Donghal, mac Doireith.



Aois Criost, seacht ccéd seasccat adó. An cethramhadh bliadhain do Niall.
Cubran, abb Cille achaidh décc. Fidhbhadhach, abb Bendchair,
décc. Dubhdainbher, mac Cormaic, abb Mainistreach Buithi, do bhádhadh
isin Bóinn. Slebhene, mac Conghaile, do Chenel Conaill Gulban, abb
Iae, dég. Mac an tsair, abb Eanaigh duibh, décc. Glaindiubair,
abb Lathraigh Briuin, décc. Murchadh, mac Flaithbertaigh, tigherna
Cenel Conaill, do mharbhadh. Ceallach, mac


L. 366


Coirpre, mic Fogartaigh, do mharbhadh la latrondaibh. Iomairécc Aird na
mBrecc ria tTuaimsnámha, mac Floinn.



Aois Criost, seacht ccéd seasccat atrí. An cúigeadh bliadhain do
Niall. Gormghal, mac Ailiolla, décc. Aedhan, ab Lis móir, décc.
Ceinnsealach, mac Conboirne, abb Imligh Iubhair, décc. Coibhdenach,
abb Cille Toma décc. Forgla sruithe Cluana mic Nóis dég.
Duibhinrecht, mac Cathail, rí Connacht, décc. Eithne, inghen Bresail
Bregh, ben rí Temhrach décc, iar nairilleadh fochraicce ó Dhia tria
déighghníomhaibh, agus tria aithrighe ndíocra ina tairmtheachtoibh.
Iomaireacc etir Laighnibh budhdhéisin .i. eitir Cionaedh, mac Flaind, agus
Aedh, i Foirtrinn, in ro marbhadh Aedh. Conchubhar, mac Cumasccaigh,
tigherna Aidhne, décc. Niall mac Diarmata, tigherna Midhe décc.
Guin Tuamasnamha, tigherna Osraighe.



Aois Criost, seacht ccéd seascca a ceathair. An seiseadh bliadhain do
Niall. Murghal, mac Ninneadha, abb Rechrainne, décc.
Enchorach hUa Dodain, abb Glinne da Locha, décc. Commán Eanaigh Daithe
décc. Iomairecc eitir Osraigibh féissin ria Tuaimsnamha in ro meabhaidh
for cloinn Cheallaigh, mic Faelchair. Iomairecc Ferna ria
cCeinnsealachaibh, in ro marbhadh Dubhcalgaigh, mac Laidhgnen.



Aois Criost, seacht ccéd sescca a cúig. An seachtmhadh bliadhain do
Niall. Ardghal, abb Clochair mic nDaimhine, décc.
Fiachra Granaird décc.


L. 368


Feirghil Chille móir Eimhire décc. Feargus, mac Cathail, epscop,
décc. Folachtach Thighe Tuae, abb Cluana mic Nóis,
décc. Crundmhaol, epscop agus abb Cille móire Emire, dég.
Condmhach, mac Brenainn, abb Cluana Tochne, décc. hUa Becce, abb
Fobhair, décc. Tuaimsnamha, mac Floinn, tigherna Osraighe, do
mharbhadh. Narghal, mac Natsluaigh, décc. Iomairecc etir Laighnibh
budhdéisin, in ro meabhaidh ria cCeallach, mac nDunchadha, agus in
ro marbhadh Cionaedh, mac Floinn, agus a bhráthair Ceallach, agus
Caithnia, mac Becce, agus sochaidhe eli cenmotaidsidhe. Sraineadh etir
Uí Cennsealaigh, in ro meabhaidh ria nEtersgel, mac Aodha, mic Colgan,
agus in ro marbhadh Cennsealach, mac Brain, lais. Coscradh Ocae ria
bferaibh descert Bregh for Laighniu. Coscradh Bhuilg Boinne for
fhiora descert Bregh in ro marbhadh Flaithbhertach, mac Floinn, mic
Roghallaigh, agus hUairchridhe, mac Baith, agus Snedhgus, mac Ainstigh,
agus Cernach, mac Floinn Fhoirbhthe. Coscradh Atha cliath ria
Ciannachtaibh Breagh for hUa Tégh, agus ár mór for Laighnibh, agus dna
ro báidheadh sochaidhe do Ciannachtaibh illán mara oc tionntudh. Niall
Frosach, mac Ferghaile, secht mbliadhna ós Eirinn 'na righ, co
nerbaili nI Cholaim Chille aga oilithre iar nocht mbliadhna iaromh.



Aois Criost, seacht ccéd seascca a sé. In chéd bhliadhain do Dhonnchadh,
mac Domhnaill, uas Eirinn, i ríghe. Fland hUa Dachua, abb Insi
Caindegha, dég. Failbhe Erdaim dég. Forbasach Ua Cernaigh, abb
Cluana mic Nóis, décc. Do hUibh Briuin dó sein. Aedhgen,
epscop agus abb Fobhair, dég. Cobhlaith,


L. 370


inghen Cathail, banab Cluana Cuthbhind, dég. Ro fhás easaonta
etir Ceallach, mac Dúnchadha, rí Laighen, agus an rí Donnchadh, mac
Domhnaill. Do rónadh dno lérthinol Ua Neill la Donnchadh go
Laighnibh. Ro siachtadar Laighin rias an righ co na shochraide go
rangadar Sciath nEacthain. Airisidh Donnchadh co na slógh i nAillinn.
Ro ghabhsad dna a muinntir for dhódh, agus losccadh, ionnradh, agus argain
an choigidh co cenn seachtmhaine, co ro riaraidhset Laighin é fó dheoidh.
Coirpre, mac Foghartaigh, tigerna Bregh, dég. Becc, mac Connla,
tigherna Teathbha, décc. Aongus, mac Feradhaigh, tigherna Ceneoil
Laoghaire, dég do bhedhg. Cathal, mac Conaill Minn, tigherna Coirpre
Moire, décc. Dungholach, mac Taichligh, toiseach Luighne, dég.
Artghal, mac Conaill, tigherna Coirpre Tethbha, dég.



Aois Criost, seacht ccéd seascca a seacht. An dara bliadhain do
Donnchadh. Aerlaidh Cluana Ioraird dég. S. Suibhne, abb Iae Coluim
Cille, dég. Maelaithghen, abb Cluana hedhnigh, Sealbhach, mac
Conalta, ab Corcaighe, Edhniuch, mac Erc, abb Léth decc>. Aonach na
lamhcomarta, uair tudcatar airdhena aighthidhe adhuathmhara an tan sin, ro ba
samhalta fri hairrdhibh laoi bratha .i. toirneach agus teinnteach anffoil,
gur bhó difhulaing do chach for chloistecht no faircsi aroile. Gabaidh dna
adhuath agus oman fiora Ereann gur ro furailseat a sruithi forra dá
thredhan do dhenamh imaille re hernaighthe ndiochra agus aon proinn
etorra sidhe dia snadhadh agus saoradh ar thedhmaim im fhel Michil do
shonnradh, conadh de sin boi an lamhcomairt dia rerbradh an tene do


L. 372


nimh. Aodh Ailghin, tigherna Ua Maine, do mharbhadh. Art, mac
Flaithnia, toiseach Aidhne, do mharbhadh. Dunghal, mac Ceallaigh,
tigherna Osraighe, dég. Cennsealach, tighearna Ua Fidhgente, décc.



Aois Criost, seacht ccéd sescca a hocht. In treas bhliadhain do
Dhonnchadh uas Erinn i righe. Maenach, mac Colmain, abb Slaine,
agus Cille foibrich, dég. Daniel Ua Foilene, scribhneóir Lethabhai
dég. S. Martan .i. epscop Insi edhnigh, deug 1 Nouember. Gallbran
Ua Lingain, scribneoir Cluana mic Nois, Aedhan, epscop Maighe eu,
Cethernach hUa Ermono, abb Cluana ferta Brenainn, Lerthan, banabb
Cille dara, Aedh, mac Coirpre, abb Rechrainne, Donnchadh, rí
Connacht, deug.



Aois Criost, seacht ccéd sescca anaoi. In cethramhadh bliadhain do
Dhonnchadh os Erinn. Albran, mac Fóidmigh, abb Treoit moir, décc
etir di caisg. Ultan hUa Berodherg, abb Othna moire, dég. Ernadhach,
mac Echin, abb Lethghlinne, dég. Forandán, scribneoir, agus epscop
Treóit, déug. Soairleach Ua Concuaráin, abb Lis móir, déug.
Senchan, abb Imleacha iubhair, déug. Iomraiteach Ghlinne Cloitighe,
anchoire, déug. Tomaltach, mac Murgaile, tigherna Maighe hAí, deug.
Badhbchadh, mac Eachtgusa, toiseach Ceneoil Mic Earca, dég. Ceallach,
mac Dunchadha, ri Laighen décc. Eoghan, mac Colmain, dég.
Cédchongbhail Tamhlachta Maileruain.



Aois Criost, seacht ccéd sechtmoghad. In cúigeadh bliadhain do
Dhonnchadh isin righe. Dondghal, mac Nuadhad, abb Lughmhaidh, déug.
Fianchú, abb


L. 374


Lughmhaidh, deug, agus Conall, abb Maighe Luinge. Ciaran
Craibhdheach Bealaigh duin déug 14 Iun. Suairleach, abb Linne
décc. Ardmacha, Ceall dara, Glend dá Lacha, agus Inis Baoithin do
losccadh. Donnchadh, mac Domhnaill, rí Ereann do thionól slóigh lais i
Mumhain. An Mhumha dfásucchadh lais, agus sochaidhe mór do
Mhuimhnechuibh do mharbhadh don turus sin. Do bertsat iaramh a rér dó.
Fergus, mac Colgan, décc. Aelghal, mac Flaind, mic Conlai, toiseach
Teathbha, dég. Iomaireacc Achaidh liacc etir Ui mBriuin agus Uibh
Maine, in ro meabhaidh for Uibh Máine. Duibhinnrechtach, tigherna
Aradh, déug. Cucoingealta, tigherna Corca Laighdhe, deug.



Aois Criost, seacht ccéd sechtmoghad a haon. In seiseadh bliadhain do
Donnchadh isin righe. Colam Finn, Ancoire, deug. Maccoiccedh, abb
Cluana móir Maedhócc, décc. Tnuthghal, abb Saighre, deug.
Gaoidheal Cluana Ioraird dég. Forbasa, abb Ratha Aodha, dég.
Collbran, abb Cluana mic Nóis, déug. Eoghain, mac Roinchinn, abb Lis
móir, déug. Maolmaenaigh, abb Chinn garadh, deug. Maolrubha Ua
Maenaigh déug. Muireadhach, mac Ainbhcheallaigh, déug. Iomairecc etir
Dhal Araidhe fésin i Slébh Mis, in ro marbhadh Nia, mac Concongalta.
Iomairecc oile do ridhisi edir Dal nAraidhe ria nEochaidh, mac Fiachna,
agus ria tTomaltach mac Ionnreachtaigh, in ro marbhadh Cionaodh Ciairrge,
mac Cathasaigh, agus Dúngal Ua Fergusa, go ndruing ele cenmotadsomh.
Iomaireacc Atha Dumha etir na hAirthera, agus hUi Eachdhach


L. 376


Cobha, in ro marbhadh Gormghal, mac Conaill Crái, tighearna Cobha.
Iomaireacc etir Dhonnchadh agus Conghalach, i ttorchair Ferghal, mac
Eladhaigh, tigherna Ua mBreasail Beiri. Ceallach, mac Dúnchadha, rí
Laighen, décc. Tuathal, mac Criomthainn, Domhnall mac
Foghartaigh, toiseach na hAirde, déug. Aodh Finn, tighearna Dál
Riada, deug. Ferdáchrioch, abb Arda Macha, mac sidhe Suibhne, mic
Rónáin, mic Crunnmaoil, do écc.



Aois Criost, seacht cced seachtmoghadh adó. An sechtmhadh bliadhain do
Dhondchadh ós Erind. Ban Badhbhgna, eagnaidh, déug. Iomaireacc occ
Odhraibh temhrach etir dá Cummascaigh, go ro mharbh an dara fear aroile.
Iomaireacc Cala tromina etir da Ua Cernaigh .i. Niall agus
Cumascach, i torchair Eachtgus, mac Baith, agus sochaidhi imaille fris.
Flathroi, mac Domhnaill, ri Connacht, dég. Sloigheadh Laighen do
thabhairt lá Donnchadh for Bhregha. Cogadh edir Donnchadh agus
Conghalach.



Aois Criost, seacht ccéd sectmoghad atrí. An tochtmadh bliadhain do
Dhonnchadh ós Erind. Snédhchest, mac Tuamchon, abb Bennchuir,
déug. Conall, mac an tsaoir, egnaidh, agus abb Bennchuir, dég.
Ainbhcheallach, abb Condere agus Lainne hEala, deug. Fionan, abb
Cluana hEuis, déug. Sithmaith, bannabb Chluana Boirend, dég.
Ethne, inghen Cianadon, déucc. Cluain mic Nóis do losccadh. An cogadh
cédna etir Donnchadh agus Congalach, i torchair Congalach, mac Conaing,
toiseach Breagh, Cuana mac Eccnigh, agus Dunchadh mac Alene, tigherna
Mughdorn, agus Diarmuid, mac Clothnai, co sochaidhibh imaille friu. Ro
sraíneadh an cath ria nDonnchadh. As don cath sin ro raidheadh:


L. 378



Do chath Forcalaidh foraeradh, domhnach dubhach derach,
Ba iomdha mathair baeidh brónach is ind luan ar na bhárach.




I mBuile in Scáil atá an rannsa:




Biaidh co nimbiud accan an madan hi Forcaladh,
Ria nDonnchadh Midhe memhais cath init apail Conghalach.




Eterscel, mac Aedha, mic Colgan, tigherna Ua Cennsealaigh, dég.
Niall, mac Conaill Graint, toisech descert Bregh, déug. Tuathal,
mac Crumhthainn, toisech Cualann, déug. Flannabhro, tigherna Umhaill,
déug.



Aois Criost, secht ccéd seachtmoghad a cethair. In nómhad bliadhain
do Donnchadh. Fulartach, epscop Cluana hIoraird, déug. Learghal,
eccnaidh, mac Nemhit, abb Biorair, déug. Moenan, mac Corbmaic,
abb Cathrach Fursa isin Frainc, déug. Forbhasach, mac Mailetola, abb
Rosa Comáin, deucc. Sluaigheadh la Donnchadh, mac Domhnaill, isin
Fochla, go ttuc gialla o Dhomhnall, mac Aodha Muindeirg, tigherna in
Tuaisceirt. Iomaireacc Cille Coice, i ttorchair Ferghal, mac Dunghaile,
mic Faolchon, tigherna Forthuath Laighen, las an righ Donnchadh. Cell
dara do losccadh. Cluain mhor Maedhog, agus Ceall Delgi do losgadh.
Aengas, mac Aileni, tigherna Mughdhorn, décc. Flathrae,


L. 380


rí Connacht, déug. Muiredhach, mac Aonghusa, toiseach Arda Ciannachta,
do mharbhadh.



Aois Criost, seacht ccéd sechtmodha a cúicc. An dechmhadh bliadhain do
Dhonnchadh. Scandal abb, comharba Caindigh, dég. Maicniadh, mac
Ceallaigh, abb Dhúinlethghlaisi, décc. Augustin Bendchuir déug.
Sédrach, mac Sobhairthain, dég. Adharchu eagnaidh dég. Forbflaith,
inghen Chonnlai, banabb Chluana Brónaigh, dég. Iomairecc hUilne
Guaire, i torchair Flann, mac Ceallaigh, agus Scannlán, mac
Fiannachtaigh.



Aois Criost, secht ccéd seachtmodha a sé. An taonmhadh bliadhain dég do
Dhonnchadh. Ailgniadh, epscop Arda Breccáin, Senchan, abb
Imleacha Iubhair, Orach, abb Lismóir, agus abb Insi Doimhle,
Saerghal hUa Dungnae, abb Cluana ferta Molua, Duibhindrecht, mac
Fergusa, abb Ferna, Maenach Ua Maonaigh, abb Lainne Léire, Feachtnach,
abb Fobhair, agus Saerghal Ua Cathail egnaidh, décc. Aelbran hUa
Lagudon, abb Cluana Dolcain, Nuadha Ua Bolcain, abb Tomma Daolann,
Flaithniadh, mac Congaile, abb Cluana fearta Brenainn, ro éccsat
sin uile an bhliadhain si. Colcca, mac Ceallaigh, tigherna Ua
cCremhthainn. Dunghal, mac Flaithniadh, tigherna Umhaill, déug.
Condalach, mac Ailella, do mharbhadh i nArd Macha. Cath Righe ria
feraibh Breagh for


L. 382


Laighnibh, la Samhna do shonnradh, in ro marbhadh Cucongalt, tigherna
Ratha inbhir, agus Ferghal, mac Ailella, tighearna Ceniuil Uchae.
Asiad badar toisigh dferaibh Bregh ag sraineadh in chatha hisin,
Diarmuid, mac Conaing, Conaing, mac Dunghaile, Maoldúin, mac Fergusa,
agus Foghartach, mac Cumascaigh. As do sin ro raidheadh:




Lodar Laighin ar Samhain, do thigh daighfhir nat carsat,
Nis ragaibh lugha dighe, for brú Righe ro ansat.




Ferghus, mac Eachdach, tighearna Dal Riada, décc.



Aois Criost, seacht cced sechtmodha a secht. An dara bliadhain décc do
Donnchadh. Corbmac, mac Bresail, abb Aird Breacain agus ceall
naile décc. Scandal Ua Taidhg, abb Achaidh bó, décc, iar mbeith trí
bliadhna ar dá fhichit i nabdaine. Hi féil Comhgaill atbath somh.
Banbhan, ab Claonta, dég. Aodhan, abb Rosa Comáin, décc. Daniel
Ua Aithmit, abb Dairinsi décc. Ciarán Tighe Munda décc.
Ferdomhnach Tuama Daghualann dég. Muiredhach, mac Uarghaile, prioir
Ia Coluim Cille, décc. Ultan fertighis Beandchuir, Becan
Lifeachair, Tailefhlaith, inghen Murchadha, banabb Cluana Cuifthin,
décc. Iomaireacc Cuirrigh la taobh Cille dara an ui. Kal. September,
dia Mairt etir Ruadhraich, mac Faolain, agus Bran, mac Muireadhaigh, in
ro marbhadh Mucchron, mac Floinn, tigherna Ua Failghe, agus
Dubhdácríoch, mac Laidhgnein hi frecar. Ria Ruaidhri ro meabhaidh.
Artghal, mac Cathail, rí Connacht, do gabháil bhachla, agus a dhol co
hI dia oilethre an bhliadhain ar ccind.



Aois Criost, seacht ccéd seachtmodha a hecht. An treas bhliadhain décc


L. 384


do Dhonnchadh. Feargus, epscop doimhliacc, Oengus, mac Crunnmhaoil,
abb Doimhliacc, Suairleach, angcoire Lis móir, Mac Flaithniadh, abb
Cluana ferta, Rechtlaiten Fobhair eccnaidh, Aaron eagnaidh, Faelgus,
mac Tnuthghaile, eaccnaidh Cluana hEraird, Ailill Ua Tiopraitte, agus
Becc, mac Cumascaich, décc. Ciarán o Bhelaigh dúin, do sgribh
beatha Phadraic, décc. Ardmacha agus Magh eo do losccadh do thene
saighnein aidhchi Sathairn do shonnradh, isin cethramhadh noin August. Ba
tóirneach, teinteach, gaothach, ainainfenach, an oidhche hisin, agus is
isidhe adhaidh ro díothláithrighedh mainisdir Cluana Brónaigh. Domhnall,
mac Flaithniadh toiseach Ua fFailge, do mharbhadh hi cCluain Conaire.
Iomaireacc Dumha achidh eitir Dal nAraidhe, hi ttorchair Focharta hUa
Conalta. Forus chana Pátraicc i cCruachain la Dubhdaleithe, agus
lá Tiopraitti, mac Taidhcc.



Aois Criost, seacht cced sechtmodha anaoi. An cethramhadh bliadhain
décc do Dhonnchadh. Flann, epscop, eagnaidh, agus abb Insi Caindegha,
Rechtnia, abb Cluana mic Nois, do Síol Choirpri Cruim, Ciarán, abb
Ratha Maighe Eonaigh agus Tighe Mofhionda, Cearnach, mac Suibhne, prioir
Arda Macha, agus Conall, mac Crunnmhaoil, abb Luscan, décc. Ríoghdhal
ettir Dhonnchadh, mac Domhnaill, agus Fiachna, mac Aodha Róin, ag Insi
na righ i nairthear Bregh. As di ro ráidheadh.


L. 386



Cisi brigh, an dal oc Insi na righ,
Donnchadh ni dichet for muir, Fiachna ni dichet hi tír.




Iomairecc Cairn Conaill, i nAidhne, ria tTiopraitte, mac Taidhg, rí
Connacht, agus ro sraoineadh for Uibh Fiachrach. Maoldúin, mac
Aongusa, tigherna Ceniuil Laoghaire, Indrechtach, mac Dunchadha,
Aedhghal, tigherna Umhaill, Coisenmhech Ua Predene, tigherna Ua
nEathach Uladh, Maelcaech, mac Cumscraith Mind, Cugamhna, mac
Naoindenaigh, tigherna Cenel cCoirpri, décc.



Aois Criost, secht ccéd ochtmodha. An cúigeadh bliadhain décc do
Dhonnchadh. Maelochtraigh, mac Conaill, abb Chille Cuilinn, agus
scribhneoir Cille na manach. Mochthighern eagnaidh, Mac Ceallaigh,
abb Insi Cealtra, Ioseb Ua Faeláin, abb Biorair, Eochaidh mac
Focartai, abb Fochladha, agus Insi Clothrann, agus Ellbrigh, banabb
Cluana Bronaigh, décc. Senchan, epscop agus ab Imligh Iobhair, décc
xii. December. Ruaidhri, mac Faolain, ri Laighen, Conchubhar mac
Colgan, Dunchadh Ua Daimhine, tigherna Ua Maine, Maeldúin, mac Fergusa,
tigherna Locha Gobhair, Flaithnia, tigherna Coirpri Cruim décc.
Iomairecc Muaidhe ria tTiopraitte, mac Taidhg, rí Connacht, agus ro
meabhaidh roimhe. Raoinedh oile ria tTiopraide for Mhuimhnechaibh.



Aois Criost, secht ccéd ochtmodha a haon. An seiseadh bliadhain décc do
Dhonnchadh. Tiopraitte, mac Ferchair, abb Cluana ferta Brénainn,
Maelcombair, abb Glinne da Locha, Snedriaghail, abb Cluana mic Nóis,
do Calraighibh Aolmhaighe dhó, Faebhardaith, abb Tulain, Maeldúin,
mac Aedha Bennain, tigherna hIrluachra, Scandlán, mac Floinn, toiseach
Ua Fidhgeinte, Tiopraide,


L. 388


mac Taidhg, rí Connacht décc. Cath Atha Liacc Find eitir
Donnchadh, mac Murchadha, agus siol Aodha Slaine, in ro marbhadh Fiachra,
mac Cathail, toiseach Fear cCúl, agus Fogartach, mac Comasccaigh,
toiseach Locha Gabhar, agus dá Ua Conaing, .i. Conaing agus Diarmuid
Doibil. Ceallach mac Maenaigh, Ceallach, mac Corbmaic, toiseach Arda
Ciannachta, décc. Forbhasach, mac Seachnusaicch, toisech Ceneoil
mBóghaine décc. Iomaireacc etir Ui Eathach agus Conaille, in
ro marbhadh Cathrae, toiseach Mughdorn, agus Rimidh, mac Cearnaigh.
Faelan, mac Forbhasaigh, do Osraighibh, do mharbhadh leo budhdeisin.
Raoineadh ria Maoldúin, mac Aodha Allain, for Dhomhnall, mac Aodha
Muindeircc.



Aois Criost, seacht cced ochtmodha a dó. An seachtmhadh bliadhain décc do
Dhonnchadh. Lomthuile, espucc Chille dara, agus Dubhdábhoireann,
abb Cluana hEraird, dég. Snedhbran, epscop Cille dara, Colga, mac
Crunnmhaoil, abb Lusccan, Robhartach, mac Maenaigh, fertighis Sláine,
agus abb Cille Fóibrigh, Muiredhach, mac Cathail, abb Cille dara,
Rechtabhra, mac Duibhcommair, abb Eachdromma, Learghus Ua Fidhcháin,
eccnaidh Cille Maighnenn, Aladhchu anchoire Ratha Oenbo, agus
Cuan Imleacha Iubhair, decc uile. Conall, mac Fidhghaile, tigherna Ua
Maine, décc. Iomairecc .i. Cath Ircora etir Chenel Conaill, agus
Eoghain ria Maolduin, mac Aodha Allain, in ro meabhaidh for


L. 390


Dhomhnall, mac Aodha Muindeirg. Ar Ua mBriuin Umhaill la
hUibh Fiachrach Muirisce, agus torchradar sochaidhe ann ima toiseach,
Flathghal, mac Flainnabhrat.



Aois Criost, secht céed ochtmodha atrí. An tochtmadh bliadhain décc do
Dhonnchadh. Colum, mac Faelgusa, epscop Lothra, Dubhdathuath, epscop
agus abb Ratha Aodha, agus Maccócc, abb Saighre décc. Guaire, mac
Dunghalaigh décc. Tigherna Ua mBriuin Cualann esidhe. Maoldúin,
mac Aodha Allain, rí an Fochla, décc. Doire Calgaicch do
losgadh. Lex Chiaráin for Chonnachtaibh.



Aois Criost, secht ccéd ochtmodha acethair. An naoi décc do
Dhonnchadh, Murghal, abb Cluana mic Nois, do Chenel Fiachrach,
mic nEathach Moighmedhoin dó. Feadhach, mac Corbmaic, abb Lughmhaidh,
Slaine, agus Doimhliag, dég. Gormghal, mac Eladhaigh, tigherna
Cnoghbha, décc i cléirchecht. Ferfughaill, epscop Cluana Dolcain,
décc. Sluaighedhach, toiseach Conailli, décc. Suibhne, mac Adhuair,
décc. Ferghil .i. an geometer, abb Achaidh bó, décc san nGermáinne
san 30 bliadhain dia eapscopóid. Iomairecc Claidighe etir Cenel Eoghain
agus Conaill, agus ro meabhaidh for Domhnall. Sarucchadh Bachla Iosa
agus mionn Padraicc la Donnchadh


L. 392


mac Domhnaill acc Raith Airthir ar an aonach. Cluain Eraird do losccadh
aidhche Chasg do shonnradh. Iomairecc Droma Góisi etir Connachtaibh, agus
ro mheabhaidh for Fogartach, mac Cathail.



Aois Criost, seacht ccéd ochtmodha a cúig. An fichetmhadh bliadhain do
Dhonnchadh. Noe, abb Cinngaradh, Siadhal, abb Duibhlinde,
décc. Dunghal, mac Laeghaire, abb Duinlethglaisi, agus Maelconchubhair,
abb Glinne da Locha, décc. Cinaedh, mac Anmcadha, tigherna Ua
Liatháin, dég. Fiachna, mac Aedha Roin, rí Uladh dég. Iomairecc
Atha Rois ria nUibh Ailella for Luighniu, in ro marbhadh
Dubhdathuath, mac Flaithgiusa, tigherna na tTri Sloinnte. Iomairecc
Cluana Miolain, i ttorchair Maeldúin, mac Cumasccaigh, la Ferghal.



Aois Criost, seacht ccéd ochtmodha asé. An taenmhadh bliadhain fichet do
Dhonnchadh. Caencomhrac, epscop Fionnghlaise Cainnigh, Saerbhercc
abb Cluana mic Nóis, décc. Siornae, abb Bendchair, agus Muireadhach,
mac Aonghusa, abb Lusccan, décc. Dinertach, mac Mogadhaigh, ancoiri,
décc. Ardghal, mac Cathail, rí Connacht, décc i nIae Coluim Cille,
ina oilithre. Amhalgaidh, tigherna Ua Maine, décc. Iomaireacc Aird
Abhla in ro marbhadh Diarmuid, mac Bece, tigherna Teathba la Ferghus,
mac Ailghille.



Aois Criost, seacht ccéd ochtmodha a seacht. An dara bliadhain fichet do
Dhonnchadh. S. Maelruain, epscop Tamlachta Maoilruain, décc an
7 lá Iul. Aedhan hUa Concumba, epscop, agus milidh tocchaidhe do Crist,
décc. Terocc,


L. 394


abb Corcaighe, Aedhan Raithne, Cronan Liae Fernae, agus Soermugh
Eanaigh duibh dég. Tomaltach, mac Innrechtaigh, ri Uladh, do
mharbhadh la hEochaidh, mac Fiachna. Breasal, mac Flathrai, tigherna
Dáil Araidhe, Maelbresail, mac Aedha, mic Crichain, tigherna Ua
Fiachrach, Fiachan, tigherna Conaille, Donncoirche, tigherna Dail
Riata, agus Cathmugh, tigherna Calraighe, décc. Iomaireacc sruithe
Cluana Arggaid, i ttorchair Cionaedh, mac Artgaile, la Muirghes, mac
Tomaltaigh. Iomaireacc Airdd mic Rime, ria Muirghes, mac Tomaltaigh,
bheós for Uibh nAilella, i ttorchair Conchubhar agus Aireachtach Ua
Cathail, Cathmugh, mac Flaithbhertaigh, tigherna Coirpre, agus Corbmac,
mac Duibhdácríoch, tigherna Breifne.



Aois Criost, seacht ccéd ochtmodha a hocht. An treas bhliadhain fichet do
Dhonnchadh. Crunnmhaol Droma Inescclainn, abb Cluana Ioraird.
Cionaedh, mac Cumasccaigh, abb Dearmhaighe, Doimtheach, Airchindeach
Trefoit móir, Aurthaile, abb Othna, Flaithgheal, mac Taichlich, abb
Droma rátha, Maeltola, abb Lathraich Briuin, Cucathrach Saighre,
Rechtine Eatargabhla, Cuan Atha easccrach, Coirpre, mac Laidhgnen,
tigherna Laighen Desgabhair, décc. Lex Commain lá hAeldobhair .i.
ab Rosa Commain, agus la Muirghes for theóra Connactaibh. Lex
Ailbhe Imligh Iobhair for Mumhain.



Aois Criost, seacht ccéd ochtmodha anaoi. An cethramhadh bliadhain fichet
do Dhonnchadh. Tomas, abb Bendchuir, Cathnia Ua Guaire, abb
Thuamma


L. 396


Gréine, Ioseph Ua Cernaich, abb Cluana mic Nóis, do Chiannachtaibh
Breacch, Learbhanbhan, airchindeach Cluana Boireann, Colgu Ua
Duineachda, ferleighind Cluana mic Nois, asé do roine an Scuaip
Chrabhaidh. Sloigheadh la Donnchadh dimairdean Laighen ar
Mhuimhneachaibh.



Aois Criost, secht cced nochat. An cúicc fichet do Dhonnchadh.
Tiopraitte, mac Ferchair, abb Cluana ferta Brénainn, Guaire Ua
Tiopraitte, abb Cluana fota, Maonach, abb Cluana ferta Molua, Murchadh,
mac Feradhaigh, décc. Losccadh Rechrainde ó dhibhearccaibh, agus a
Sccríne do chosccradh agus do lomradh. Bran Airdchend, rí Laighen,
agus Eithne, inghen Domhnaill Midhigh, do mharbhadh la Finsnechta
Cethairdhercc, mac Ceallaigh, hi cCill Chúile dumha an seiseadh oidhche
do shamhradh dia Cédaoin do shonnradh. Conid do do ráidheadh:


L. 398



Aidhes Brain, olc fri taidi, i Cill Chúile dumhai,
Eithne, inghen Domhnaill Midhigh, ba dirsan do suidhiu.




Cond Cetadhach, mac Donnchadha, do mharbhadh hi ttaigh Cumalcaich
hi Crich Ua nOlcan, la Fland, mac Conghalaich. As do bhás
Cuind ro ráidheadh:




Coirm do ronadh la hUa Olcáin issedh dot chath de linn gráin,
Tuctha descaid do ó Flann co ruc a cend o bebail.




Cathasach, mac Toirpthea, tigherna Ua nEathach dég. Cúdínaisc,
mac Conasaigh, abb Arda Macha, décc.



Aois Criost, seacht ccéd nochat a haon. An seiseadh bliadhain fichet do
Dhonnchadh. Clothchu, epscop agus Angcoire Cluana Ioraird, Suibhne,
epscop Atha Truim, décc. Duibhlitir, abb Finghlaise, décc an 15
Maii. Olcobhar, mac Flaind, mic Eirc, scribhnidh, epscop, agus anchoiri,
décc. Colcca egnaidh décc. Senchan, abb Cille Achaidh Drummota
agus Biorair, Maenach, mac Aonghusa, prioir Luscan, agus Eochaidh, mac
Cernaich, ferthigis Arda Macha, décc. Maelcobha, mac Floinn Feorna,
tigherna Ciarraighe Luachra, Fogartach, mac Cathail, tigherna Maighe Aí,
agus Duineachaidh Ua Daire, tigherna Ciarraighe Aí décc.



Aois Criost, secht ccéd nochat a dó. Donnchadh .i. mac Domhnaill, mic
Murchadha, a secht fichet go nerbailt iar mbuaidh aithrighe san lxiu
bliadhain dia aois. Conadh occa eccaoine do ráidhedh an rand:




Donnchadh Fremhann flaith fuata cloithrí Ereann cet céte,
Ní fuil bus liach do mhalairt, uair nar anacht a téte.




Indrechtach, mac Domhnaill, derbhrathair an rígh Donnchadha, décc.
Dubhdalethe, mac Sionaigh, abb Arda Macha, do écc. Condal, inghen
Murchadha,


L. 400


banabb Cille dara, Conamhail, abb Léith, Olcobhar, mac Flainn,
airchinneach Insi Cathaigh, Aelmidhair feirtighis Cluana mic Nois, do
shiol Maolruanaidh dosidhe, Cumuscach, mac Foghartaigh, tighearna
Déiscert Bregh, décc i ccléircecht. Muireadhach, mac Floinn Garadh,
tighearna Cenel Mic nEarca, dég. Curaoi, mac Aongusa, tigherná Cenel
Laoghaire, décc.



Aois Criost, seacht ccéd nochat atrí. An chéd bhliadhain dAodh
Oirdnidhe, mac Néill Fhrosaigh, hi righe uas Erinn. Eudus hUa
Diocholla, abb Cille dara, Connmhach, mac Buirbotha hua Guaire Aidhne,
scribhneoir Cluana mic Nóis, agus Eochaidh Fhirt Aedha, décc. Cath
Droma rígh ria nAodh nOirdnidhe i ttorcharadar dá mac Domhnaill,
Fínsnechta agus Diarmuid, Fínsneachta mac Follamhain, agus sochaidhe oile
nach airemther imaille friu. As dia foraithmet do raidhedh:




Cia do rochair Aodh la Domhnall coscar cicar,
Frisin Aodh finn fir, i ccath Droma righ ro hicadh.




Aedh Oirdnidhe do fhasucchadh Midhe gur bho riarach dhó. Inis
Pádraicc do losccadh la hAllmuirechaibh, agus sgrín Dochonna do bhreith
dhoibh, agus inredha do dhenamh dhóibh chena etir Erinn agus Albain.
Aiffiath, epscop Arda Macha, agus Airectach Ua Faoláin, abb Arda
Macha, décc i naen oidhche.



Aois Criost, seacht ccéd nochat a cethair. An dara bliadhain dAodh


L. 402


Oirdnidhe. Feradhach, mac Seigheni, abb Reachrainne, Anaile, abb
Cluana mic Nóis, .i. do Uibh Briuin décc. S. Siadhal Ua Commain,
abb Cinnlacha, décc an 8 Marta. Blathmac, mac Guaire, abb Cluana
Baedáin, Fiannachta Ferna, Suibhne Cille Delgge, agus Breslen
Berre, décc. Cluain Ioraird do losccadh i ttós samhraidh. Ailell, mac
Indreachtaigh, tighearna Ua Maine Connacht, décc. Domhnall, mac
Donnchadha, do mharbhadh la a bhráithribh. Dúnfhlaith, inghen
Flaithbhertaigh, mic Loingsigh, décc. Iomaireacc Dúine Gainbhe eitir
Chonnachtaibh féisin, i ttorchair Coscrach, mac Duinn, agus
Gaisccedhach, agus sochaidhe oile imaille friú. Iomaireacc Finnabhrach
i Tethbha ria Muiredhach, mac Domhnaill, ttorcratar maithe iomdha im
Fergas, mac Ailgile, tighernae Cheneóil Coirpre, im Dhuibhindreacht,
mac Artghaile, agus im Muiredhach, mac Connmaigh, agus im Cosccrach mac
Ceithernaigh. Ind lamhchomairt i féil Michil na bliadhna so, dia
nebhradh an tene do nimh. Faoindealach, mac Maenaigh, abb Arda Macha,
décc iar mbeith dó Dhubhdaleithe i nimresain fris cétus imon abbdaine,
agus do Ghormghal ina dheadhaidh.



Aois Criost, seacht ccéd nochat a cúicc. An tres bhliadhain dAodh
i righe. Airmedhach, abb Bennchuir, Aeldobair, abb Rosa Commáin,
Mimthenach, abb Glinne da Locha, Tairdhelbhach, abb Cille achaidh,
Loingseach, mac


L. 404


Fiachra, abb Duin Leathglaisi, décc. Maolochtraigh, ab Doire
ednigh, do mharbhadh, Commach, mac Donait, abb Corcaicche móire, agus
Ferghil Ua Taidhg, scribhneoir Luscca do écc. Ailill, mac Fergusa,
tigherna Deiscirt Bregh, do thrasccradh dia eoch, i fél Mic Cuilinn
Lusca, agus a écc fo chedóir. Iomairecc etir Cenel Laeghaire agus Cenel
Ardghail, in ro marbhadh Fianghalach, mac Dunlaing, la Conall, mac
Néill, agus la Conghalach, mac Aonghusa.



Aois Criost, seacht ccéd nochat a sé. An cethramhadh bliadhain dAodh.
Bresal, mac Segeni, abb Iae, décc, iar mbeith bliadhain ar triochat i
nabdaine. Fedhlimidh Ua Lugadon, abb Cluana Dolcáin, Catharnach, mac
Cathail Maenmaighe, agus Nindidh, angcoire, décc. Ruamnus, abb
Domhnaigh Seachnaill, dég. Taisi naomh Ronáin, mic Beraigh, do
chor i náirc baí ar na himdenamh dór agus dargatt. Béfhail, inghen
Cathail, rioghan Donnchadha, mic Domhnaill, décc. Iomairecc etir Ultaibh,
agus Ui Eathach Cobha, i ttorchair Eochaidh, mac Ailella, tigherna
Cobha.



Aois Criost, seacht ccéd nochat a seacht. An cúigeadh bliadhain dAodh.
Ailill, mac Corbmaic, abb Sláine, egnaidh agus breithemh ergna, décc.
Muiredhach, mac Olcobhair, abb Cluana ferta Brénainn, Condachtach,
scribhneoir tocchaidhe, agus abb Iae, Clemens Tíre dá ghlas, Macoige
Aporcrosain, abb Bennchuir, dég. Cosccrach Ua Fraoich, abb
Lughmaidh, décc. Muiredhach, mac


L. 406


Domhnaill, thigerna Midhe, décc. Aedh Oirdnidhe do dhol i
Mídhe, co ro rann Midhe etir dá mhac Donnchadha .i. Conchubhar agus
Ailill. Ailill do mharbhadh lá Conchabhar an bhliadhain ar ndiaidh
i gcath. Euginia, inghen Donnchadha, mic Domhnaill, rioghain righ
Temhra .i. rígh Bregh> décc. hI Choluimb Chille do losccadh la
hallmurachaibh .i. la Nortmanoibh. Toghail Locha Riach la Muirghius,
mac Tomaltaigh. Fearghal, mac Anmchadha, tigherna Osraighe, dég.
Artri, mac Aililla, tigherna Mughdorn Maighen, décc.



Aois Criost, seacht ccéd nochat a hocht. An seiseadh bliadhain dAodh.
Flann, mac Naergaile, ro fhodaimhsidhe sé bliadhna décc i ttrebhlaid
dichumhaing ar Dhia, co ro écc iaramh. Mac laisre, an suí ó Inis
Muiredhaigh, décc. Airfhindan, abb Tamhlachta Maeileruain, décc.
Iomairecc Rubha Conaill eitir dá mac Donnchadha, in ro marbhadh Ailill
la Conchubhar. Oenghas Ua Mughroin, tigherna Ua Failghe, do
mharbhadh tre ceilcc la a mhuintir féin. Finachta, mac Cellaigh, do
mharbhadh. Dunchadh mac Conghaile, tigherna Locha Cal, do mharbhadh
la a bhráthair.



Aois Criost, seacht ccéd nochat a naoi. An seachtmadh bliadhain dAodh.
Carabran, abb Lis móir, Faelán, mac Cellaigh, abb Cille dara, agus
Corbmac, mac Conaill, feirtíghis Luscan, décc. Duibhindrecht, mac
Cathail, rí Connacht, décc. Laeghairi, mac Ferghaile, tigherna
Desmumhan, décc. Domhnall, mac Aodha Muindeirg, mic Flaithbhertaigh,
mic Loingsigh, mic Aonghasa, mic Domhnaill, mic Aodha, mic Ainmireach,
tighearna an Tuaisceirt, décc. Cinaedh,


L. 408


mac Duineachda, agus Cernach, mac Duinchadha, tigherna Mughdorn, dég.
Fasughadh Laighen fa dhó i naoin mís la hUibh Néill, conadh dhó do
ráidheadh:




Iarsain soais co lLaighniu, Aedh net nat imcaibh oghru,
Nír an ante trí tadcach, condo farcaibh i mbroghnu.




Aodh Oirdnidhe do thionól slóigh lánmhóir do dhol i Laighnibh, agus
Laighin do fhásucchadh fo dhí a naon mhí. Do ronadh léirthionól
fer nEreann do ridhisi leis cenmothat Laighin>, eitir laochaibh agus
cléircibh, go riacht Dún Cuair, i coiccrioch Midhe agus Laighen.
Táinic ann Connmhach, comharba Pátraicc, co ccléir Leithe Cuinn
imaille fris. Nír bhó maith las na cléirchibh tocht for slóighedh itir.
Agaoinsiot a nimnedh fris an righ. Asbert din an rí .i. Aodh, no
ghébhadh amhail atbéradh Fothadh na Canóine, conidh and ruccsidhe an
mbreith, dia ro shaor cléirigh Ereann for feacht agus sloighedh do
ghrés, co nepert: Book of Leinster, p. 621




Ecclas Dé bhi, léicc di, na snaí,
Bid a cert for leath, febh as deach ro bhaoi.
Gach fior mhanach fil, for a chubhais nglan,
Don ecclais dian dir gnidh amhail gach modh.
Gach dilmhain iar sin, fil gan recht gan réir
Cet cia theis frí baigh Aedha mhair mic Néill.
A si an riaghail chert, sech ní mór ni becc,
Foghnadh cach a modh, gan on gan ecc.
Ecclas.


L. 410


Do chóidh Aodh Oirdnidhe iaramh co righ Laighen, agus fuair a oighréir ó
Laighnibh, agus do bhert Finsneachta, ri Laighen, geill agus eidire dhó.
Tarla gaeth anbfoill, tóirneach, agus teindteach isin ló ria féil Pádraicc
na bliadhna so, go ro marbhadh deichnebhar ar mhíle hi crích Corca
Baiscind, agus co ro rand an mhuir oilen Fithae i tribh randaibh.



Aois Criost, ocht ccéd. An tochtmhadh bliadhain dAodh Oirdnidhe,
Robhartach, abb Bendchuir, Muiredhach, mac Aimhirgin, abb Leithghlinne,
Cuana, abb Mainistrech Buithe, Maonach, mac Colgan, abb Luscan,
Dubhdabhoirenn Ua Dubhain, abb Cluana Ioraird, Fiangus, abb Ruis Cré,
Corbmac, mac Muirghiusa, abb Baislicce, Fine, banabb Cille dara,
décc. Ceall achaidh do losccadh co na derthaigh nuí. Muirchertach,
mac Donnghaile, tigherna Breifne, Maelbracha, mac Breslén, tigherna
Corca Loighdhe, agus Fionnachta, mac Donnghaile, décc. Cernach,
mac Fergusa, tigherna Locha Gabhair, décc. Finshneachta, mac Ceallaigh,
ri Laighen, do ghabháil cléirceachta. Do dheachaidh Aodh Oirdnidhe co
Dún Cuair, co ro roinn Laighniu eter na dá Mhuireadhach, .i.
Muiredhach, mac Ruadhrach, agus Muireadhach, mac Brain.



Aois Criost, ocht ccétt a haon. An naomhadh bliadhain dAodh Oirdnidhe.
Congal, mac Moenaich, abb Sláine, suí neccna, agus occh iodhan
eisidhe, agus Loitheach, doctor Bendchair, décc. hI Coluim Chille
do ionnradh la hallmhurachoibh, agus sochaidhe mór do laochaibh agus do
cléircibh do mharbhadh leo .i. ochtar ar thríbh


L. 412


fichtibh. Flaithiusa, mac Cionaedha, tigherna Ua Failghe, do mharbhadh
i Raith Imghain. Tír da ghlas do losccadh. Finnachta, mac Ceallaigh,
rí Laighen, do ghabháil ríghe do rídhisi. Connmhach, bretheamh
Ua mBriúin, dég.



Aois Criost, ocht cced a dó. An dechmhadh bliadhain dhAodh Oirdnidhe.
Cendfaoladh, epscop Cluana ferta, décc. Elarius, angcoire, agus
scribhneóir Locha Créa, décc. Lemnatha Cille manach décc. Ecclas
Choluim Chille hi cCenannus do dhíothláithriucchadh. Inis
Muiredhaigh do losccadh la hallmhurachaibh, agus a ndol istegh for Ros
Commáin. Corbmac mac Donghalaigh, tigherna an Fhochla, décc.
Murchadh Ua Floinn, tigherna Ua Fidhgeinte, décc.



Aois Criost, ocht cced a trí. An taenmhadh bliadhain décc dAodh.
Tomas, epscop scribhneoir, agus abb Linne Dóachaill, Faelghus, abb
Cille hAchaidh, décc. Finsneachta, mac Ceallaigh, rí Laighen, décc
i cCill dara. Cinaedh, mac Conchobhair, do mharbhadh i Maigh Cobha
la Cruithnibh. Slóighedh la Muirgheas,


L. 414


mac Tomaltaigh go cConnachtaibh imme, do chongnamh la Conchobhar, mac
Donnchadha, mic Domhnaill, do mhilledh fear Midhe, co riachtatar tír
an aenaigh. Táinicc an rí, Aedh, dimdheghail fer Midhe, agus ro chuir
Conchubhar co na shochraide i raon madhma esti, amhail bataís minda agus
cethnata .i. caoiridh. Ro loisc iaramh an ro ba tairisi do Dhonnchadh
do chrich Midhe.



Aois Criost, ocht ccéd a cethair. An dara bliadhain décc dAodh Oirdnidhe.
Aodh, abb Glinne dá Locha, Maolfothartaigh, mac Flainn, abb
Findabhrach abhae, agus Cille monai, dég. Finbil, banabb Cluana
Brónaigh, agus Dunchu, abb Tealcha les, do mharbhadh. Cuchiaran,
prioir Cluana, dég, agus Baetan Cluana tuaisceirt. Iomairecc la
hUltoibh ettir dá mac Fiachna, agus ro sraínedh ria cCairell for
Eochaidh. Iomairecc eitir Ui cCeinnselaigh, i ttorcair Cellach, mac
Donnghaile. Iondradh nUladh la hAodh Oirdnidhe, las in righ, i
ndioghail sáraighthe Scríne Pádraicc for Dunchoin. Tene do thoiniudh
do nimh, las ro marbhadh daoine i nDerthoigh Aedhain.



Aois Criost, ocht ccéd a cúicc. An treas bhliadhain décc dAedh
Oirdnidhe. Caithnia, abb Doimhliacc, Tighernach, las ro fothaighedh
Daire Mele, abb Cille achaidh, Guaire, abb Glinne dá lacha, agus
Maoldúin, mac Donnghaile,


L. 416


fertíghis Arda Macha, décc. Maolfothartaigh, .i. scríbhnídh, mac
Aedhghaile, abb Aireccail Dachiarog, dég. Anluan, mac Conchobhair,
tigherna Aidhne, dég. Tadhg agus Flaithnia, dá mhac Muirghesa, mic
Tomaltaigh, do mharbhadh la Luighnibh, agus fásughadh Luighne la
Muirghes ina ndioghail. Laoch do Luighnibh adrubairt:




Ro mharbh Muirghes mo mac sa, ba ro mhór ro dom tési,
As meisi imrubairt cailcc for braghaid Taidhg dar éisi.




Cathal, mac Fiachrach, tigherna Ratha airthir agus Fer ccúl, décc.
Gormghal, mac Dindaghaigh, abb Arda Macha agus Cluana heoais, décc.



Aois Criost, ocht ccéd a sé. An cethramhadh bliadhain décc dAodh
Oirdnidhe. Tuathghal, abb sruithe Cluana, Blathmac hUa Muirdheabhair,
abb Dearmaighe, Dimman Aradh, angcoire décc. Terbadh aighae oenaigh
Tailten dia Sathairn, co ná raacht each na carpat la hAedh, mac Neill,
.i. muintir Tamhlachtae do darorba tré sárúghadh tearmaind Tamhlachta
Maelruain do Uibh Néill. Do rat Aedh Oirdnidhe iaromh a noighriar do
mhuintir Tamhlachta, maille ré hascadhoibh ile. Is in mbliadhainsi
táinic an Cele dé don fhairrcce


L. 418


a ndes cosaibh tiormaibh cen ethar idir, agus do berthea sduagh scriobhtha
do nimh dhó trias a ndénadh proicept do Ghaoidhelaibh, agus do beirthí suas
dorídhisi í an tan tairccedh an procepht. No teighedh an mac eccailsi cech
laoi dars an fhairrge fodhes iar ttairccsin an phroicepta. As innte dna
do righnedh fuil do na bairghenuibh, agus no shiledh an fhuil eistibh occa
tteshccadh. As innte bheos no chantaois na heóin an chantain dhaonda.
Admoer, inghen Aedha Laighen, décc ina sendatai iar ndeighbhethaidh.
Connmach, mac Duibhdaleithe, abb Arda Macha, do écc go hopann.



Aois Criost, ocht ccéd a seacht. An cúicceadh bliadhain décc dAodh
Oirdnidhe. Flann, mac Ceallaigh, abb Fionnghlaisi, scribhneóir,
angcoire, agus epscop, dég. Eochaidh, epscop agus angcoire,
comharba, Maelruain Tamhlachta, Cobhthach, abb Saighre, Cathasach, mac
Aodha, prióir Arda Macha, agus abb ceall niomdha ele, agus
Flaithbhertach, mac Coirpre, abb Cille móire Emhir, décc. Abel
Berchi dég. Eochaidh, mac Fiachna, mic Aedha Róin, rí Uladh, agus
Caireall, a bhrathair, do thabhairt catha diaroile, gur ro meabhaidh for
Eochaidh. Flann, mac Conghalaigh, tigherna Ciannachta, Aodh Róin
tigherna Corca Baiscind, décc. Ar lá fiora Umhaill for allmhurachaibh.
Ar la hallmhurachaibh for Chonmaicnibh. Ar Calraighe Luirg la hUibh
Briúin. Ar la hUibh mic Uais for Corcaroidhe Midhe. Ar la Cobhthach
mac Mailedúin, tighearna Locha Léin, for allmhurachaibh. Cosgrach, mac
Niallghusa, tigherna Garbhruis, agus Cernach,


L. 420


mac Flaithnia tigherna, Mughdorn mBreacch, dég. Torbach, mac Gormáin,
scríbhnidh, leghthóir, agus abb Arda Macha esidhe décc. Do Chenel
Torbaigh, .i. O Ceallaigh Breagh; agus ro ba dibhsidhe Conn na mbocht
ro baí hi cCluain mic Nóis, agus as aire atbeirthi Conn na mbocht
fris, ar a mhéd do bhochtaibh no biathadh do ghrés.



Aois Criost, ocht ccéd a hocht. An seisedh bliadhain décc dAodh.
Conall, mac Daimhthigh, abb Treoit, Ceallach, mac Eachdach, abb Cille
Toma, Feradhach, mac Scandail, scribhneoir agus abb Achaidh bo Cainnigh,
agus Conghaltach, mac Etguini, prióir Cluana Fearta, décc. Dunlaing,
mac Flannchadha, tighearna Ua nEathach décc. Iomaireacc etir fiora
Umhaill agus allmhuraigh, in ro ládh ár ffer nUmaill, agus i ttorchair
Cosccrach mac Flainnabhrat, agus Dúnadhach, tigherna Umhaill.
Toictheach Ua Tighernaigh .i. ó Thir Iomchlair, abb Arda macha, do
écc.



Aois Criost, ocht cced a naoi. An seachtmadh bliadhain décc dAodh.
Etirscél, mac Ceallaigh, epscop agus abb Glinne dá locha, Fedhilmidh,
abb Cille Moinne, angcoire agus scribhneóir derscaighthe, Foircheallach
Fobhair, abb Cluana mic Nóis, do Ghaileangaibh moraibh dhó,
Orthanach, abb Cille Foibrigh, Cionaodh, mac Ceallaigh, epscop agus
airchindeach Trelecc, Feradhach, abb Saighre, Maoldúin, epscop
agus airchindeach Eachdromma, Blathmac, mac Aolgusa, abb Tíre da ghlas,
Ronan Ua Lochdeirc epscop, Blathmac, dalta Colgan, abb Innsi bó
finne, agus Suibhne, mac Maonaigh, fertighis Sláine, dég. Tuathal,
mac


L. 422


Dubhtae, scribhneóir, egnaidh, agus doctor Cluana mic Nois, agus
Boelgaile Achaidh úir, décc. Broean, mac Ruadhrach, tréanfher
Laighen, Niall, mac Aedha, tigherna Ua Corbmaic, décc. Bruadar,
tighearna Ua Fidgeinte, dég.



Aois Criost, ocht ccéd a deich. An tochtmhadh bliadhain décc dAodh
Oirdnidhe. Ceallach, mac Conghaile, abb Iae Cholaim Chille,
Concobhar, abb Saighre, Cele íosa, abb Cille Móinne, Maolcanaigh,
angcoire Lughmhaidh, Cathasach, abb Cille Ite, Gormlaith, inghen
Fhlaithnath, banabb Cluana Bronaigh, agus Muirghes, mac Tomaltaigh
athair Thaidhg mhóir, ri Connacht, ri Connacht, décc. Colman,
mac Néill, do mharbhadh la Cenel cConaill. Cath la hAodh iaramh for
Cenel Conaill, i ttorchair Rogheallach mac Flaithghesa. Orgain Cluana
cremha, agus guin daeine indi dfearaibh Breifne, agus do Síol cCathail.
Conall, mac Néill, tighearna desceart Breagh, décc. Focharta, mac
Cearnaigh lethtoiseach deisceirt Bregh, décc. Nuadha, abb Arda Macha
do dhol go Connachtaibh. Sluacchadh la hAedh nOirdnidhe for Cenel
cConaill dia ndorcair Roghallach, mac Flaithiusa.



Aois Criost, ocht ccéd a haondécc. An nomhadh bliadhain décc dAodh.


L. 424


Suibhne, mac Cuanach, abb Cluana mic Nóis, do hUibh Briúin Seola
dó, agus Ioseph, scribhneoir Rossa Commáin, décc. Ceallach, mac
Muirghiusa, abb Droma caradh décc. Cluain mic Nois do losccadh.
Iar triochaitt laithe iaramh ro sraoineadh ria nDiarmaid, mac Tomaltaigh,
for Uibh Fiachrach Muirisce. Ro loiscceadh agus ro haircceadh Foibhrén
i crich Graicrighe, agus ro marbhait sochaidhe ann. Tuathal, mac
Domhnaill, tigherna Airthir Liffe, Dunghal, mac Cuanach, tigherna Fer
Rois, Iorghalach, mac Maolumha, tigherna Corca Soghain, Nuadha
Locha hUamha, epscop, ancoire, agus abb Arda Macha, dég.



Aois Criost, ocht ccéd a dó décc. An fichetmhadh bliadhain dAodh.
Tiobraite, mac Cethernaigh, abb Cluana fearta Brénainn, Maoltuile, abb
Bennchair, Condmhach, mac Donait, abb Corcaighe, Cumasgach, mac
Cernaigh, fertighis Arda Macha décc. Dertheach Fobhair do losccadh.
Cathal, mac


L. 426


Artrach, tigherna Mughdhorn, Maoldúin, tigherna Fer Rois, Gormghal,
tigherna Maighe hIotha, Dunghal, tighearna Arda Ciannachta, agus
Cathal, mac Ailella, tighearna Ua fFiachrach, dég. Cath eitir fiora
desceirt Bregh agus Ciannachta, i torcratar ile do Ciannachtaibh.



Aois Criost, ocht ccéd a trí décc. An taonmhadh bliadhain fichet dAodh.
Maoldúin, mac Cinnfaoladh, epscop Ratha bhoth, Cucruithne, comharba
Columain Ela, agus Siadhal, abb agus epscop Rosa Commain, décc.
Ainbhcheallach, mac Daelghusa, tigherna Ua Fothaidh tíre,
décc. Muireadhach, mac Brain, lethri Laighen, décc.



Aois Criost, ocht ccéd a cethair décc. An dara bliadhain fichet dAodh
Oirdnidhe. Indrechtach, epscop Cille mic Duach, Fergus Rátha
Lúiricch, abb Fionnghlaisi, Cilleni, abb Ferna, Duibhinsi
sgribhneóir Cluana mic Nóis, Cumusccach, mac Cernaigh, fertighis Arda
Macha, agus Ailbhe Cinnmara, dég. Cúchoingealta, mac Cathail,
tighearna Laighean Deasgabhair, décc.



Aois Criost, ocht ccéd a cúicc décc. An treas bhliadain fichet dAodh.
Reachtabhra Ua hAndola, abb Daimhinsi, décc. Aodh Oirdnidhe,
rí Ereann, do dhul co sluaiccheadh lán mhór co Dún Cuar doridhisi,
co ro rann Laighniu eidir dá Ua Brain. Aighreadh anaigeanta agus
sneachta mór isin mbliadhain so, ó Nottlaic co hInit.



Aois Criost, ocht ccéd a sé décc. An cethramhadh bliadhain fichet dAodh.
Airbhertach Cille dara, agus Dioma, mac Fianghusa, abb Rossa Cré,
décc. Mac Lachtna, tigherna Ciarraighe Luachra, dég. Iomairecc
Ratha Fearadh ria


L. 428


ttoiseachaibh Ua mBriúin, Diarmuid, mac Tomaltaigh, agus Maolcothaigh,
mac Fogartaich, for tigherna Ua Maine, Cathal, mac Murchadha, occ
Dealbhna Nuadhat, eitir Suca agus Sionainn, airm a ttorchair Cathal,
agus araile saerchlanna imaille fris. Iomaireacc eitir Ultaibh féisin, in
ro marbhadh Caireall, mac Fiachna, ri Uladh, la Muireadhach mac
Eachdhach. Diarmaid, abb Iae Coluim Cille, do dhul i nAlbain.



Aois Criost, ocht ccéd a seacht décc. Reachtabhra Ua Muichtighern,
eagnaidh agus abb Imleacha Iubhair, Muireadhach, mac Crunnmhaoil, abb
Dísirt Ternócc, Crunnmhael, mac Ailella, comharba Cianáin Doimhliacc,
Laisrén Chille dara, Crundmael Tighe Munda, agus Condmhach Ua Cathail,
egnaidh Cluana ferta Brénainn, dég. Fásucchadh criche Cualann agus
Laighin go Glend dá locha, las in righ, la hAodh Oirdnidhe.
Iomaireacc etir Cenel Conaill agus Cenel nEoghain, in ro marbhadh
Maolbresail, mac Murchadha, tighearna Ceneoil cConaill, la
Murchadh mac Maeldúin. Cathal, mac Dunlaing, tigherna Ua cCeinnsealaigh
décc. Conghalach, mac Ferghaile, tigherna Fer cCúl, dég. Iar mbeith
cúig bliadhna fichet i nairdrighe na hEreann dAodh Oirdnidhe, mac
Néill Frasaigh, atbath ag Ath dá fhearta, i Muigh Conaille, iar
mbuaidh naithrighe. Airtri, mac Conchobhair, co scrín Patraicc do
dhol hi cConnachtaibh. Indreadh Laighen la hAedh nOirdnidhe
.i. tír Chualand go Glend dá lacha.



Aois Criost, ocht ccéd a hocht décc. An chéd bhliadain do Chonchobhar,
mac Donnchadha, mic Domhnaill, ós Erinn hi righe. Maeltuile, abb
Bendchair,


L. 430


Crundmhael, mac Odhrain, abb Cluana hIoraird; agus Dálach, mac Congusa,
comharba Cianáin Doimhliacc, décc. Sloighedh la Murchadh, mac
Maoiledúin, do Druim Indech go nUibh Néill an tuaisceirt immaille
fris. Táinic Conchobhar, righ Ereann, co nUibh Néill an deisceirt
a ndes, agus co Laighnibh don leith oile, agus iar rochtain co haon
mhaighin dóibh táinic, do mhiorbhailibh Dé, go ro sgarsat fria roile an
tan sin gan fhuiliucchadh gan foirdheargadh ó neach díbh for aroile.



Aois Criost, ocht ccéd a naoi décc. An dara bliadhain do Chonchobhar.
Cennfaoladh, mac Ruamain, scribhneóir, epscop, angcoire, agus abb
Atha Truim, agus Flann Dairinsi décc. Orgain Edair la Gallaibh,
agus broid mhór do mhnáibh do bhreith leo. Orgain Becc-Ereann, agus
Dairinsi Caomháin leo doridhisi. Slóigheadh la Conchubhar, mac
Donnchadha, co hArdachaidh Sleibhe Fuait, go ro fásaighedh na
hAirthera uile lais go riacht Eamhain Macha.



Aois Criost, ocht ccéd a fiche. An treas bhliadhain do Chonchobhar.
Mac Riaghail Ua Maglena, scribhneóir, epscop, agus abb Biorair,
Laithbheartach, mac Aenghasa, epscop, Cluana ferta Brenainn, Eocha Ua
Tuathail, angcoire, epscop, agus abb Lughmhaidh, Olcobhar, mac
Cummusccaigh, abb Cluana fearta Brénoinn, Forbhasach, abb Achaidh bó
Cainnigh, agus Aildeabhair Cille manach, décc. Slóighedh la Murchadh,
mac Maoiledúin, co bfhearaibh ind Fochla imme, co ráinic Ard mBreacáin.
Ro elaidhseat iaramh fir Bregh agus Síol Aodha Sláine cuige, co ro
ghiallsat dó acc Druim Ferghasa. Cumasccach, mac


L. 432


Tuathail, tighearna Airde Ciannachta, do mharbhadh la Murchadh.
Raoinedh for fhiora Airde Ciannachta, hi cath Cairn Conáin, ria
cComasccach, mac Conghalaigh, in ro marbhadh Eodhos, mac Tighearnaigh,
agus sochaidhe oile ar aon ris. Raoinedh ria nAoibh Garbhan agus Cuircne
for Delbhnae. Orgain Insi Doimhle, agus Corcaighe la Gallaibh.



Aois Criost, ocht ccéd fiche a haon. An cethramhadh bliadhain do
Chonchobhar. Diarmait, mac Donnchadha, abb Roiss each, Dubhdáchrioch
mac Maoiletuile, abb Chille achaidh, Muiredhach, mac Ceallaigh, abb
Chille dara, Seachnusach Locha Cendin, epscop agus ancoiri, Cucaech,
abb Cluana hUamha, Forbhasach, comharba Bairre Corcaighe, Sealbhach
Insi Pích, agus Conghal, mac Iorghalaigh, prioir Cluana mic Nois, dég.
Fineachta, mac Badhbhchadha, tighearna na nDéisi, dég. Fearghal, mac
Catharnaicch, tigherna Locha Riach, décc. Conaing, mac Congail,
tighearna, Teathbha, dég. Aithrigheadh Murchadha, mic Maoiledúin, la
Niall Caille, mac Aedha Oirdnidhe, la Cenel nEoghain.


L. 434


Aois Criost, ocht ccéd fiche a dó. An cúicceadh bliadhain do Chonchubhar
san righe. Muireadhach, mac Ceallaigh, abb Conlaedh décc. Orgain
Beannchair la Gallaibh, agus cosccradh a derthaighe, agus relcci
Comhghaill do chrothadh as an sgrín ina rabhsat, amhail ro thairngir
Comghall féisin, dia nebairt:




Bidh fír, fír, do dheoin áirdrigh na rígh,
Berthor mo cnámha gan crón, ó Bheandchuir bagha do Eantrobh.




Niall, mac Feargusa, tighearna Ua Forannáin, décc. Iomaireacc
Fionnabhrach eitir fhiora Tethbha féisin, in ro marbhadh Aodh, mac
Foghartaigh, agus aroile sochaidhe. Eochaidh, mac Bresail, tigherna Dail
Araidhe an tuaisceirt, do mharbhadh la a mhuintir féisin. Spealán, mac
Sloighedhaigh, tigherna Conailli Muirtheimhne, décc. Tighearnach, mac
Cathmogha, tigherna Aidhne, agus Fionnaccán, mac Cosccraigh, tigherna
Breaghmhaine, dég. Lex Pátraicc for Mumhain la Felim, mac
Criomhthainn, agus la hAirtri, mac Conchobhair, .i. epscop Arda Macha.



Aois Criost, ocht ccéd fiche a trí. An seiseadh bliadhain do Chonchubhar.
Cuana Lughmhaidh, eagnaidh agus epscop, Diarmuid Ua Aodha Róin,
angcoire agus dochtuir derscaighthe esidhe, Cuimnech, abb Fionnghlaisi,
Aodhan, abb Tamhlachta Maeleruain, Suibhne, mac Fergasa, abb Dúin
Lethglaisi, angcoiri, agus epscop, Flannabhra, abb Maighe bile, Colman
mac Ailealla, abb Slaine agus ecclas oile ar chena isin fFrainc agus
i nErinn, Maelrubha, angcoire, epscop agus


L. 436


abb Aird Breacáin, Flann, mac Foircheallaigh, abb Lis móir, décc.
Fearghal, mac Cathrandaigh, tighearna Locha Riach dég. Aengus mac
Maoiledúin, tigherna Locha Gabhar, décc. Blathmac, mac Flainn, do
ghabháil coróna mairtir, uair do marbhadh somh la Galloibh in hI Coluim
Cille. Dún da lethghlais dorgain la Galloibh. Losccadh Maighe bile
co na dearthaigibh leo bheós, agus orgain Insi Doimhle. Roinedh i
Muighinis ria n sic Ultoibh for Ghallaibh, du in ro marbhadh sochaidhe,
Raoineadh ria nGallaibh for Osraighibh. Maelbresail, mac Oilella Cobha,
tighearna Dail Araidhe, décc.



Aois Criost, ocht ccéd fiche a cethair. An seachtmhadh bliadhain do
Chonchobhar. Clemens epscop, abb Cluana hIoraird, Ruthmael, epscop
agus abb Cluana ferta Brénainn, décc. Condmhach, mac Saerghusa, abb
Ruis ailithir, Baethlocha, abb Biorair, décc. Maoldúin, mac
Gormghaili, tigherna Ua Méth, décc i ccléircheacht. Diarmuid, mac
Néill, tigherna deisceirt Bregh, Niall, mac Diarmada, tigherna Midhe,
décc. Art, mac Diarmada, tigherna Teathbha do mharbhadh. Losccadh
Dealbhna Bethra la Feidhlimidh, mac Criomhthainn. Lex Pattraicc
for teoraibh Connachtaibh la hAirtri, mac Concobhair, .i. epscop Arda
Macha.



Aois Criost, ocht ccéd fiche a cúig. An tochtmhadh bliadhain do
Chonchobhar. Echtgus, comharba Maeileruain Tamhlachta, décc.
Abnier, abb Cille hachaidh, décc. Maonach, mac Crunnmhaoil, prióir
Fer Rois, décc. Sárughadh Eoghain Mainistreach im phriomhaidhecht
Arda Macha, dia rochuir Cumusccach, mac Cathail, tigherna Airghiall
este cco haimhdheonach é, agus ro chuir Airtrí, mac Conchobhair mac
máthar esidhe do Cumusccach ina ionadh. Eoghan imorro, ferleighinn
Mainistreach, do righne an rann so, dia ro chuir a psailmchettlaigh
daccalaimh Néill Chaille, ar ba heisiumh ro banmchara do


L. 438


Niall, im chomharbus Pádraicc do chosnamh dhó, óir ro ba nertmhar somh
.i. Niall ind Ultoibh:




Abair ré Niall ni madha, guth Eoghain, mic Anmchadha,
Ni biodh san righe i rabha, munab abb a anmchara.




Isé tra a chomair, tionóilidh Niall a shlógha .i. Conaill agus
Eoghain. Tionóilidh Cumusccach, tigherna Airghiall, agus
Muireadhach, mac Eathach, tigherna Ua Eathach Uladh, Airghialla agus
Ulaidh, agus fearthair cath crodha etorra, .i. cath Leithe caim, hi
Maigh Enir. As do thairngire in catha sin ro thiorchan Dachiarócc .i.
naomh a hAiriccul:




Lethi cam, do faethsat mór ngerat ann,
Tarrustar occ leith luin cidh cian, cidh cuin is cidh mall.




As do thairngire an chatha cédna adbert Becc, mac Dé:




Leithe cam, conricfad dias amhnus ann,
Bidh ri Eoghan ar Eoghan, ard an gleóghal bhias and.




Ro comhailleadh samhlaidh, ar do mheabhaidh for bhuidhnibh Ailigh ria
nAirghiallaibh isin dá lá toisigh, an treas lá imorro, dia ttáinic
Niall féisin is in cath oc Leithi Luin hi ccomhfoccus leithi caim ro
meabhaidh for Airgiallaibh, agus ro díóthaighit, agus ro lenta co Craibh
caille, ós Callainn, fri hArd Macha aniar, agus ro mheabhaidh an cath
for Ulltoibh agus Airghiallaibh, agus ro ladh a nár. Ro marbhadh ann
Cumusccach agus Conghalach, dá mac Cathail, agus araile saorchlanna do
Airghiallaibh. Ro ghabh iaromh Eoghan Mainisttreach ardcomharbus
Pádraicc fri ré naoi mbliadhan iar sin tré neart Neill chaille, etc.
Senoir do mhuintir Arda Macha atbert iar nár Airghiall hi ccath
Léithi caim:


L. 440



Ní ma ruccsam ar mbáire, ní má lodmar sech léire,
Ní marggabhsam Eoghan sech cech ndeoraidh ind Ere.




Ríoghdhál occ Biorrae etir Conchubhar, mac Donnchadha, rí Ereann, agus
Fedhlimidh, .i. mac Criomhthainn, rí Mumhan. Flaithemh, mac
Donnghalaigh, tigherna an Fhochla, do mharbhadh. Corbmac, mac
Domhnaill, tigherna na nDéisi, décc. Luscca do orgain la Gallaibh.
Flannghas, mac Loingsigh, abb Arda Macha, décc. Coscradh aonaigh
Taillten for Gailengaibh, la Conchobhar, mac Donnchadha, dia ro
marbhadh sochaidhe. Coscradh aonaigh Colmain la Muiredhach for
Laighnibh Deasgabhair dú in ro marbhadh íle. Coscradh Dunaidh Laighean i
nDruim la Geintibh, du in ro marbhadh Conaing, mac Concongelt, tigherna
na fForthuath, co sochaidhibh ile.



Aois Criost, ocht ccéd fiche asé. An nomhadh bliadhain do
Chonchobhar. Aodh, mac Ceallaigh, abb Cille dara, Robhartach, mac
Cathusaigh, airchindeach Cluana móir arda, Condmhach Ua Lochéne, abb
Saighre, Muirchiu, abb Droma inesclainn, Ciarán, eccnaidh ó Ros Cré,
agus Clemens, abb Linne Duachaill, décc. Martra Themhnen angcoire
la Gallaibh. Cathshraoineadh for Gallaibh ria cCoirpri, mac Cathail,
tighearna Ua cCeinnsealaigh. Cathraoinedh ria


L. 442


Lethlobhar, mac Loingsich, rí Uladh, for Ghallaibh. Muiredhach, mac
Ruadhrach, rí Laighean, décc. Cionaedh, mac Moghróin, tigherna
Ua fFailghe, décc. Huada, mac Diarmada, tigherna Teabhtha, do
mharbhadh.



Aois Criost, ocht ccéd fiche a seacht. An deachmhadh bliadhain do
Chonchobhar. Maoldobharchon, abb Cille Uasaille, Corbmac, mac
Muirghesa, abb Sentruibh, Maolumha, mac Cethernaigh, prioir
Fionnabhrach, Aedhan Ua Condumhai, sccribhneoir Dermhaighi, Cerbhall,
mac Fionnachta, tigherna Delbhna Beathra, décc. Drugan, mac
Taidhg, tigherna Ua Méith, décc.



Aois Criost, ocht ccéd fiche a hocht. An taonmhadh bliadhain décc, do
Chonchobhar. Corbmac, mac Suibhne, abb Cluano hIorraird, scribhneoir
agus epscop, Tipraite mac Rechtabhrat, abb Cluana Dolcáin, Ioseph, mac
Nechtain, abb Rois Commáin, Siadhal, mac Feradhaigh, abb
Cille dari, Cailti, mac Eirc, abb Fedha dúin, Ceallach,
mac Condhmhaigh, angcoire Disirt Ceallaigh, Muiriuccán Cille dara,
Aongus, mac Donnchadha, tigherna Tealcha Midhe, décc.
Fionnsneachta, mac Bodhbhchadha, tighearna Ceneoil mic Earca,
décc. Dunchadh, mac Conaing, tigherna Ciannachta, dég.
Follumhain, mac Donnchadha, do mharbhadh la Muimhneachaibh.



Aois Criost, ocht ccéd fiche anaoi. An dara bliadhain décc do
Chonchobhar. Airmedhach, comharba Findein Maighe bile, do
bháthadh. Muirend banab Cille dara, décc. Ceithernach,
mac Dunchon, scribhneóir, saccart, agus


L. 444


eccnaidh Arda Macha, dég. Ionnradh Conaille la Gallaibh co ra gabhabh
Maolbrigdhe an rí, agus Canannan a bhrathair, agus ruccsat leo iad
dochum a long. Suibhne mac Fairnigh, abb Arda Macha fri ré dá
mhís, do écc. Feidhlimidh, mac Criomhthainn, co slogh Mumhan agus
Laighen, do thocht co Fionnabhair Bregh, do iondradh fhear mBreagh,
agus indreadh Life la Concobhar, mac Donnchadha, lá rí Ereann.



Aois Criost, ocht ccéd triocha. An treas bhliadhain décc do Chonchobhar.
Cédna orgain Arda Macha. Ard Macha do orgain fo thrí i naoin mhí la
Gallaibh, agus ní ro hoirgedh la heachtarchenela riamh go sin. Orgain
Daimhliacc Chianáin, agus fine Chiannachta, co na cceallaibh uile,
la Gallaibh. Oilill, mac Colgan, do erghabhail leo dna. Orgain Lughmhaidh,
agus Mucshnamha, agus Ua Meith, agus Droma mic hUa Blae, agus aroile
cealla archena leó beos. Tuathal, mac Feradhaigh, do bhreith do
Ghallaibh leo, agus scrín Adhamhnáin ó Domhnach maighen.



Aois Criost, ocht ccéd triocha a haen. An cethramhadh bliadhain décc do
Chonchobhar. Reachtghal, mac Suibhne, saccart Arda Macha,
décc. Orgain Rátha Lúirigh, agus Condire ó Ghallaibh. Orgain
Lis móir Mochuda. Losccadh


L. 446


termainn Ciaráin lá Féidhlimidh, mac Criomhthainn. Indredh
Dealbhna Bethra fo trí lais bheós. Indredh Cille dara la
Cellach mac Brain. Cionaedh, mac Eathach, tigherna
Dail Araidhe an Tuaisceirt do mharbhadh. Cionaedh, mac
Arthrach, tigherna Cualann, agus Diarmuid, mac Ruadhrach,
tigherna Airthir Life, décc. Iar mbeith ceithri bliadhna décc i
nairdrighe na hEireand do Chonchobhar, mac Donnchadha, mic
Domhnaill, adbáth iar mbuaidh naithricche.



Aois Criost, ocht ccéd triocha a dó. An chéd bhliadhain do
Niall Chaille, mac Aedha Oirdnidhe, hi ricche
ós Eirinn. Reachtabhra, abb Chille achaidh, agus Iorghalach,
abb Saighre, décc. Raeineadh ria Niall cCaille agus ria Murchadh
for Ghalluibh, hi nDoire Chalgaigh, co ro ládh a nár.
Orgain Cluana Dolcain do Ghallaibh. Drong mór do mhuinntir
Cluana mic Nóis do mharbhadh lá Feidhlimidh, mac Criomhthainn, ri
Caisil, agus ro loiscceadh a ttermonn uile lais go doras a cille.
Fa énchuma muintire Dermaighe lais dna, fon ccuma cettna co doras a cille.
Diarmait, mac Tomaltaigh, rí Connacht, décc. Cobhthach, mac
Maeledúin, tigherna Iarmumhan, do mharbhadh. Orgain Locha Bricrenn


L. 448


for Conghalach, mac Eachdach, agus a erghabhail, agus a mharbhadh occá
longaibh iaramh. Airtri, mac Conchobhair, abb Arda Macha, do
écc. Bráthair do rígh Oirghiall esidhén. Ruaidhri, mac
Maoilefothartaigh, lethtaoiseach Ua cCriomhthainn, décc.



Aois Criost, ocht ccéd triocha a trí. An dara bliadhain do
Niall Caille. Tuathchar, espucc agus scribhneoir Cille dara,
Affraic, banabb Cille dara, Dunlaing, abb Corcaighe, agus
Ceallach, mac Finnachta, abb Cille Ite, décc. Ceallach,
mac Brain, rí Laighen, décc. Cionaedh, mac Conaing, tigherna
Bregh, agus Diarmait, mac Conaing, tigherna Tethbha, décc. Cath for
Gallaibh ria nDunadhach, mac Scannláin, tigherna Ua Fidhgeinte, du i
ttorchrattar ile. Orgain Glinne dá locha, Sláine, agus Fionnabhrach
abhae la Gallaibh. Dunadhach, mac Scannláin, tigherna Gabhra,
décc. Suibhne, mac Artrach, tigherna Mughdhorn, do
mharbhadh la a chenél féisin. Conghalach, mac Aenghusa, tigherna
Cheneoil Laoghaire, décc. Eoghan Mainistreach, abb
Arda Macha agus Cluana hEraird, do écc.



Aois Criost, ocht ccéd tricha a cethair. An treas bhliadhain do Niall.
Breasal, mac Corbmaic, airchindech, .i. abb Cille Dumha agus ceall
naile, décc. Aodhagan, mac Torbaigh, abb
Lucchmhaidh, décc ina ailethre hi cCluain mic Nóis. Eoghan,
mac Aedhagáin, ro ansidhe hi cCluain mic Nóis, conadh
uadha ro chinset Meic Cuinn na mbocht innte. Cumusgach, mac
Aengusa, prióir Cluana mic Nóis, décc. Caoncomhrach, mac
Siadhail fertighis Cille dara, décc.


L. 450


Slóighedh la Niall Caille, lá righ Ereann, co Laighniu, co ro ordaigh
rí forro .i. Bran mac Faeláin, agus do bert a réir. Indredh Midhe la
Niall Caille, co ro loisceadh lais co tegh Maelconoc, tigherna
Dealbhna Bethra i mBodhammair. Orgain Fearna, agus
Cluana móir Maedhócc, agus Droma hIng la
Gallaibh. Losccadh Mungairdi agus araile ceallu i nUrmhumhain leo din.
Fearghus, mac Badhbhcadha, tigherna Cairrge Brachaidhe, do mharbhadh la
Muimhneachaibh. Dúnadhach, mac Scannláin, tigherna Ua Fidhgeinte, décc.
Eochaidh, mac Concongalta, tigherna Ua Tuirtre, décc. Ergabháil
Cairpre, mic Cathail, tigherna Laighen Desgabhair. Sárucchadh
Cluana mic Nóis do Cathal, mac Ailella, tigherna Ua Maine, for Fhlann,
mac Flaithbhertaigh, dUíbh Forggo, prioir a Mumhain, con do tard isin
Sionainn, co ndorchair. Dlighedh vii. ceall do Chiarán agus mainchine
mór. Maidhm ria cCathal, mac Ailealla, for Fedhlimidh, mac
Criomhthainn, ri Caisil, hi Maigh ní, bhail in ro marbhait sochaidhe,
conadh dó ro ráidheadh:




Roptar trén Connachta, hi Maigh ní niptar fanna,
Abradh nech re Feidhlimidh, cid dia ttá Loch na calla.




Caemhclúdh abbadh i nArd Macha .i. Forandán ó Raith mic Malais i
nionadh Diarmatta Uí Tighernaigh.


L. 452


Aois Criost, ocht ccéd triocha a cúicc. An cethramhadh bliadhain do
Niall. Forbhasach, epscop agus angcoire Lusca, Suibhne,
mac Ioseph, abb Glinne da locha décc. Ceallach,
mac Forbhasaigh, airchinneach Rosa Commáin, do
mharbhadh. Saorghas Ua Cionaedha, abb Dearmhaighe, Fiachra, mac
Duibhdáchríoch, abb Cluana foda Liobrain, agus Robhartach,
mac Maeluidhir, abb Achaidh bó Cainnigh, décc. Dunlang,
mac Cathusaigh, comharba Barra Corcaighe, décc. Gabhail dertaicche
Cille dara for Forannán, abbadh Arda Macha, co samhadh Padraicc
archena, la Fedhlimidh, mac Criomhthainn, co cath agus iodhna, agus ro
gabhadh na cléirigh leis co na numhalóit. Cluain mhór Maedhocc
do losccadh oidhche Nodlacc la Gallaibh, agus sochaidhe mór do
mharbhadh leo, amaille lé braighdibh iomdhaibh do bhreith leo. Derthech
Glinne da locha do losccadh leó dna. Crioch Connacht uile do
diothláithriughadh leó mar an ccédna. Meas mór etir chnó mheas agus
dair mhes, agus ro iadh glaisi co ro ansat do riuth. Ceall dara do orgain
do Ghallaibh Inbhir Deaa, agus do loisccedh leth na cille leo. Cairbre,
mac Maoiledúin, tigherna Locha gabhar, do mharbhadh la Maolcernaigh.
Diarmaitt do dol go Connachtaibh le lex Pattraicc. Gofraidh,
mac Ferghusa, toiseach Oirghiall do imthecht go hAlbain do nertughadh
Dhail Riada, tré fhorchongradh Chionathe mic Ailpin.


L. 454


Aois Criost, ocht ccéd triocha asé. An cúigeadh bliadhain do
Niall Chaille. Flaithri, abb Mainisdrech Buithe,
epscop agus angcoire, Fedach, abb Cille Delcce, agus
Martain, epscop Cluana caoin, décc. Raoinedh for
Muimhneachaibh ria Cathal, mac Muirghiusa. Cathal, mac Muirgheasa, mic
Tomaltaigh, rí Connacht, décc iaromh. Riagan, mac Finnachta, lethrí
Laighen, décc. Maeldúin, mac Sechnusaigh, tigherna Fer cCúl, décc.
Duibhlitir Odhar ó Temhraigh do ergabhail do Gallaibh, agus
bás cuimhrigh do imbirt fair ina longaibh iaromh, co ndorchair leó.
Cobhlach trí fichit long do Nortmannibh for Bóinn. Lucht trí fichit
long oile for abhainn Liphthe. Ro airgset agus ro ionnraisset an dá
mhór chobhlach sin Magh Liphthe, agus Magh Bregh, eitir cealla agus
congbhala, daoine agus deighthrebha, crodh agus cethra. Raeinedh ria
bfearaibh Bregh for Ghallaibh i Mugdhornaibh Bregh, co ttorchrattar
sé fichitt do Ghallaibh isin ngleo sin. Cathshraoinedh ria nGallaibh
oc Inbhear na mbarc for Uibh Néill ó Sionainn


L. 456


co muir, dú in ro ládh ár nat rairmhedh riamh, acht nama ternaiset na riogha
agus na ruirigh, na triatha agus na toisecha gan airleach gan athchuma.
Cealla Locha hEirne do dhílgent la Gallaibh im Cluain Eoais, agus im
Daimhinis, etc. Cealla Laichteine, Inis Cealtra, agus Cill Finnche,
do losccadh la Gallaibh. Indredh Ceniuil Coirpre Cruim la Feidhlimidh,
mac Criomhthainn. Saxolbh, toiseach na nGall, do mharbhadh la
Ciannachtaibh. Ar for Ghallaibh occ Eas Ruaidh. Ar forra ag Carn
Feradhaigh. Maidhm na bFearta ria nGallaibh. Céd ghabháil Atha
cliath lá Gallaibh.



Aois Criost, ocht ccéd triocha a seacht. An seiseadh bliadhain do
Niall. S. Dochata, naomh epscop agus angcoire, do fhorbadh a
dheighbhetha isin cenntur cco ro fhaoidh a spiorat do chum nimhe.
Corbmac, epscop agus scribhnidh Cille Foibhrich, dég. Tighernach, mac
Aedha, ab Fionnabhrach abha agus ceall naile, décc. Egnech Cille
Delcce, epscop, abb, agus scribhneóir, do mharbhadh co na mhuintir la
Gailengaibh. Bran Fionnghlaisi, epscop agus scribhnidh, dég.
Ceallach, mac Coirpre, abb Atha Truim, décc. Ruaidhri, mac
Donnchadha, prioir Cluana hIoraird, agus abb cheall noile archena
décc. Domhnall, mac Aedha, abb Droma Urchaille, décc. Ceallach,
mac Cosgraigh, abb Aireccail Ciarócc. Rioghdhál mhór hi cCluain
Conaire Tomáin, eitir Niall Caille, agus Feidhlimidh, mac


L. 458


Criomhthainn. Maelcrón, mac Cobhthaigh, tigherna Locha Léin, décc.
Sraoinedh ria ngeintibh for Connachtaibh, in ro marbhadh Maoldúin, mac
Muirghesa, mic Tomaltaigh, co sochaidhibh amaille fris. Bran,
mac Faeláin, ó ráiter Uí Faoláin, rí Laighen, décc. Conghalach,
mac Maonaigh, tigherna Ua Mic Uais Bregh, décc.



Aois Criost, ocht ccéd triocha a hocht. An seachtmhadh bliadhain do
Niall. Maolgaimhridh, sgribhneóir toghaidhe, angcoire, agus abb
Bennchair, Aiden, prióir Cluana mic Nóis, agus abb Rosa Cré, Colmán,
mac Robhartaigh, abb Sláine, Maolruanaidh, mac
Cathail, secnabb Luscan, Corbmac, mac Conaill, abb
Treoit, agus Reachtabhra, abb Léith Mochaomhócc, décc. Muiredhach,
mac Eathach, mic Fiachach, rí coiccidh Conchobhair, do mharbhadh la a
bhráithribh, Aedh agus Aenghas, co sochaidhibh oile cenmothasomh.
Aodh, mac Eathach, do mharbhadh la Madadhan, mac Muireadhaigh. Ro
ghabhsat murchobhlach do Ghallaibh for Loch Eathach. Ro hurtha agus
ro hairgthe tuatha agus cealla tuaisceirt Ereann leó. Losccadh Fearna
agus Corcaighe móire lá Gallaibh. Commusgach, mac Conghalaigh,
tigherna Ciannachta, décc. Cinnéididh, mac Conghalaigh, tighearna
Ua Mic Uais, do mharbhadh la a bhráthairibh. Caemhchlúdh abbadh i
nArd Macha, .i. Diarmaitt Ua Tighernaigh i nionadh Fhorandáin ó
Ráith mic Maluis.



Aois Criost, ocht ccéd triocha anaoi. An tochtmhadh bliadhain do
Niall. Ioseph Rois móir, epscop agus scribhneóir dearscaighte, abb
Cluana heoais agus


L. 460


ceall naile, décc. Orthanach, epscop Cille dara, Airmedhach, abb
Rossa hailithir, Crunnmhaol, prióir Dermhaighe, Maeltuile
Leithghlinne, Airechtach Chille manach, agus Berichtir Tulcha
léis décc 6 December. Innredh Fer cceall, agus Dealbhna Eathra la
Niall Caille. Orgain Lughmhaidh la Gallaibh Locha hEathach, agus ro
ghabhsat braighde iomdha despuccoibh agus do dhaoinibh eaccnaidhe
foghlamtha, agus ruccsat iatt do chom a longphort iar marbhadh sochaidhe oile
leó bheós. Murchadh, mac Aedha, rí Connacht, décc. Dubhdábharc,
tigherna Desmhumhan, décc. Cionaedh, mac Cosccraigh, tigherna
Breghmhaine i Tethbha décc. Losccadh Arda Macha co na derthaighibh,
agus co na daimhliacc, las na Gallaibh reimhráite. Fedhlimidh, mac
Criomhthainn, rí Mumhan, do indreadh Midhe agus Bregh, co ndeisidh
i Temhraigh, iar ngabháil giall Connacht i naon ló, conadh do
sin ro ráidh Ceallach, mac Cumasgaigh:




As é Fedhlimidh an rí, dianidh obair aon láithi,
Etrighi Connacht gan cath, acus Midhe do mhandradh.




Aois Criost, ocht ccéd cethracha. An nomhadh bliadhain do Niall.
Maoldiothraibh, angcoire agus egnaidh Tire dá ghlas, dég. Longphort acc
Linn Duachaill la Gallaibh, as ro hurtha agus ro hairgthe tuatha agus
cealla Teathbha. Longport oile ag Duibhlinn, as ro hurtha Laighin
agus hUí Néill, etir tuatha agus cealla, co Sliabh Bladhma. Slóighedh
la Feidhlimidh co Carmain. Slóighedh la Niall ar a chenn co Magh
nochtair.




Bachall Fedhlimidh fighligh forragbaidh is na droighnigh,
Dus fucc Niall co neart uatha, a ceart an catha cloidhmhigh.


L. 462



Orgain Cluana heidhnech, agus dilgend Cluana hIoraird agus
Cille hachaidh Drumatai, la Gallaibh. Sraoineadh for Maolruanaidh, mac
Donnchadha, .i. athair Mhaoilechloinn an righ, la Diarmuid, mac
Conchobhair, agus Diarmaitt do mharbhadh la Maelseachlainn isin ló
chédna.



Aois Criost, ocht ccéd cethracha a haen. An dechmhadh bliadhain do
Niall. Caomhán, abb Linne Duachaill, do mharbhadh,
agus do losccadh la Gallaibh. Ceallach, mac Caithgheinn,
abb Droma móir lá hUibh Eachdach, décc. Suibhne Ua Teimnén,
abb Glinne dá locha, décc. Fineachta, mac Bresail, abb Chille
dumha, Comsudh, mac Ruamlusa, abb Domhnaigh Seachnaill, Morán, mac
Indrechtaigh, abb Clochair mic nDaimeni, agus Muiredhach, mac
Cernaigh, fertighis Arda macha, décc. Orgain Cluana mic Nois la
Gallaibh Linne Duachaille. Orgain Dísirt Diarmada la Gallaibh
Chaoil uiscce. Orgain Biorra agus Saighre la Gallaibh Bóinne.
Longas Nortmaoinorum for Bóinn occ Linn Rois. Longus oile
díobh occ Linn Saileach la hUlta. Longus oile díobh occ
Linn Duachaill. Dunghal, mac Fearghaile, tighearna Osraighe,
décc. Mughróin,


L. 464


mac Aenghusa, tighearna Ua fFailghe, décc. Maoldúin, mac Conaill,
tigherna Calatroma, do erghabhail do Gallaibh.



Aois Criost, ocht ccéd cethracha a dó. An taonmhadh bliadhain décc do
Niall. Dodiu, epscop Biorra, décc. Cumsudh, mac Derero, agus
Moenach, mac Sadchadaigh, dá epscop agus dá angcoire iadsomh, agus
ro éccsat i naon oidhche hi nDísirt Diarmada. Suibhne, mac
Forannáin, abb Imlecha Fio, décc. Ronán, abb Cluana mic Nóis, do
Luaighnibh Ruis temhrach a chenél, agus Bricine, abb Lothra, décc.
Donnacán, mac Maoiltuile, sccribhneóir, agus angcóire, décc isin Etáil.
Colggu, mac Fedaigh, angcoiri, décc. Maolruanaidh, mac Donnchadha,
rí Midhe, athair Maoilseachlaind eisidhe décc. Fergus, mac
Fothaidh, rí Connacht, dég. Cionaedh, mac Conrai, tigherna Chenél
Laoghaire, do mharbhadh la Dealbhnaibh. Coirpre, mac Cathail,
rí Laighen Deasgabhair, décc. Tolorg, mac Allailedh, flaith
Fealla, do mharbhadh la Gallaibh Locha Ribh, agus Findacán, mac
Allailedh, do thérnadh uadhaibh. Losccadh Cluana fearta Brénainn las
na Gallaibh cédna.



Aois Criost, ocht ccéd cethracha atrí. An dara bliadhain décc do
Niall. Gormghal, mac Muiredhaigh, epscop agus angcoire
Lainde Lére, Fiachna, mac Maoilbresail, abb Findabhrach abhae,
Labhraidh, mac Ailella, abb Sláine, Robhartach, mac Bresail, abb
Achaidh bó Cainnigh, Robhartach, mac Flainn, abb Domhnaigh móir,
Breasal, mac Caingne, abb Cillemanach, Cethernach, mac
Fogartaigh, prioir Tíre dá ghlas, agus Aodhan Glinne hUisean, décc.
Sloighedh la Gallaibh Atha cliath a cCluanaibh an dobhair, agus
argain leiss Chille hachaidh, agus martradh Nuadhat mic
Seigeni leo. Orgain Dúin Mascc la Gallaibh, dú in


L. 466


ro gabhadh Aodh, mac Duibhdhachríoch, abb Tíre dá ghlas, agus
Cluana heidhneach, agus ruccsat leó é i Mumhain, agus ro
fodaimh martra ar Dia, agus ro marbhadh Ceithernach, mac
Condinaisg, prióir Chille dara, co sochaidhibh oile amaille
friu, isin orccain cédna. Forannán, primhaidh Arda Macha, do
erghabháil do Ghallaibh i cCluain Chomharda, co na mhionnaibh agus
co na mhuinntir, agus a mbreth leo dia longaibh go
Luimneach. Slóighedh la Tuirgheis, tigherna Gall for Loch Ribh,
co ro airccseat Connachta agus Midhe, agus ro loiscseat
Cluain mic Nóis co na derthaighibh, agus Cluain fearta Brénainn,
Tir dá ghlas, Lothra, agus cealla iomdha archena. Cathraoineadh
for Ghallaibh rias an righ, Niall, mac Aedha, hi Maigh Iotha,
agus drong dirímhe do thuitim lais. Tuirgheis do ghabháil la
Maolseachlainn, mac Maolruanaidh, agus a bhádhadh hi Loch Uair
iaramh, tré mhiorbhaile Dé agus


L. 468


Ciaráin, agus na naemh archena. Fearghal, mac Brain, mic
Maeiletuile, mic Tuathail, tighearna Muscraighe, do mharbhadh,
agus Caicher, tigherna Fear maighe. Orgain Donnchadha, mic
Follamhain, agus Flainn, mic Maelruanaidh, la Maelsechlainn, mac
Maoilruanaidh.


L. 470


Aois Criost, ocht ccéd ceathracha a ceathair. Muireadhach, mac
Flaind, abb Mainistreach Buithi, Coirpre, mac Colmáin, abb Atha Truim,
agus Conaing, mac Ferdomhnaigh, abb Domhnaigh Pádraicc, décc.
Feardomhnach, eagnaidh agus scribhnidh toghaidhe Arda Macha, décc,
agus Robhartach, mac Suibhne, prioir Chille achaidh, scribhnidh agus
eccnaidh do mharbhadh. Donnchadh, mac Amhalgadha, tighearna Ua
nEathach, Clothnia, tighearna Corca Laoighdhe, Cathal, mac Ailella
tighearna Ua Maine, Connmhach Mór, mac Cosccraigh, agus
Niall, mac Cindfhaolaidh, tighearna Ua Fidhgeinte, décc. Maoldúin,
mac Conaill, tigherna Calatroma, do mharbhadh la Laighnibh. Sraoineadh
for Connachtaibh ria nGallaibh, in ro marbhadh Riagán, mac Feargusa, agus
Mughron, mac Diarmada, agus Aodh mac Catharnaigh, co sochaidhe
oile. Cúil Caissine do orgain agus do losccadh la Gallaibh. Orgain
Cúile moine do loinges na cCaillech, agus forbaisi coicthighisi
la Cearbhall, mac nDunlaing, forru, agus a ndeargár do chur iar
sin. Orgain termainn Ciaráin lá Feidhlimidh, mac Criomhthainn,
agus Ciarán dna do theacht ina dheadhaidh, andar lais, agus forgamh dia
bhachaill do thabhairt ind, go ros gabh guin medhoin, co nar bo slán go
a écc. Iar mbeith trí bliadhna décc i righe nEreann do Niall Caille,
mac Aedha Oirdnidhe, ro báidhedh i cCallainn, isin cúicceadh bliadhain
caoccat a aoisi. As dforaithmet a bháis ro raidhedh:




Mallacht ort, a Challainn chruaidh, a shruaim amhail ceó do shlébh,
Do riomart écc dá gach leith, for dreich nithaigh niamhguirm Néill,




Acus bheós:




Ni charaim ind uiscce nduabhais, imthéit seach thaobh Márais,
A Challann cé no mhaoidhe, mac mná baidhe ro bháidhis.


L. 472



Maonghal alithir ro raidh:




Beir lat leir imcomort Néll, na badh brithem condal céill,
Do righ nimhe taibhredh réir, condibh reidh do cech naimhreidh.
Niall do baa, Niall fo bá,
Niall i mmuir, Niall i tein, Niall cen naidhidh.




Aois Criost, ocht ccéd cethracha a cúig.
An chéd bhliadhain do Mhaolsechlainn, mac Maoilruanaidh, ós Eirinn.
Ceallach, mac Maoilpádraicc, prióir fer Rois, décc. Fedhlimidh, mac
Criomhthainn, ri Mumhan, angcoire agus scribhneóir ba deach
dErennchaibh ina aimsir, décc 18 August, dia ghuin mhedhoin, tria
mhiorbhaile Dé agus Ciaráin. Ba do bhás Feidhlimidh ro ráidheadh:




Dursan a Dhe dFeidhlimidh, tonnbáis bá romh rod báidhe,
Fo deara brón dEirionnchaibh, nad mair mac Criomhthainn Cláire.
As suaithnidh do Ghaoidhealaibh tan do anic an dedenbhaidh,
Ro scaich ár a nErind uaigh on uair atbath Fedhlimidh.
Ni deachaidh irredh righi marbhan bad innigretar,
Flaith fial fo righ nailbine cobrath nochon gignethair.




Eoghan .i. angcoire, mac Aedhagáin, mic Torbaigh, ó Cluain mic Nóis,
décc. Toghail insi Locha Muinreamhair lá Maolsechlainn, mac
Maelruanaidh, for


L. 474


Fiallach mór do mhacaibh báis Luicchne agus Gaileng ro bhádar occ
innredh na ttuath a hucht Gall, go ro mallartnaighit lais. Maolgoan,
mac Eathach, tigherna Ceneoil mBóghaine, décc. Artuir, mac
Muiredhaigh, tigherna Airthir Life, décc. Cathal, mac Cosccraigh,
tigherna Fotharta, do mharbhadh la hUi Néill. Condmhach, mac
Cethernaigh, lethtoísech Ciarraighe, décc. Niall,
mac Cindfaolaidh, tigherna Ua fFidhgente, décc. Ar for Gallaibh
Atha cliath, oc Carn mBrammit, la Cearbhall, mac nDungaile,
tigherna Osraighe, dú in ro marbhadh da chéd décc
díobh. Cédna horgain Imligh Iubhair la Gallaibh.



Aois Criost, ocht ccéd ceathracha a sé. An dara bliadhain do
Mhaoilseachlainn. Finsneachta Luibnighe, mac Tomaltaigh, rí
Connacht, agus ba hangcoire iaramh, décc. Robhartach, mac
Maoilefothartaigh, abb Cille moinne, décc. Anluan, abb Saighre,
décc. Colmán, mac Duinncothaigh, comharba Colmain Cille mic Duach,
décc. Diarmaid Cille Caisi décc. Cathsraoinedh
ria Maolsechlainn, mac Maolruanaidh, for Gallaibh, i Foraigh
dú in ro marbhadh vii. céd lais díobh. Cath oile ria nOlchobhar, rí
Mumhan, agus ria Lorcán, mac Ceallaigh, rí Laighen co Laighnibh agus
Muimhneachaibh iompa for Ghallaibh, acc Scéith Nechtain, in ro marbhadh
Tomhrair Erla, tanaisi righ Lochlainne, agus dá céd décc uime.


L. 476


Raoinedh ria ttighernach, tigherna Locha gabhar, for allmhurachaibh i
nDaire Disirt Dachonna, in ro marbhadh dá fhichit décc díbh lais. Raoinedh
ria nEoghanacht Caisil for Ghallaibh, occ Dún-Maeletuile, airm in ro
marbhadh cúig céd díobh. Slóighedh la hOlchobhar do thoghail
Dúin Corcaighe for Ghallaibh. Tuathchar, mac Cobhthaigh,
tigherna Luighne, décc. Maidhm ria nEchthighern co Laighnibh
for Osraighibh, a hUachtar Garadha. Maidhm ria nDunadhach, mac
Dunghaile co nOsraighibh, fors na Déisibh.



Aois Criost, ocht ccéd cethracha a seacht. An tres bhliadhain do
Mhaoilsechlainn. Onchu, epscop agus angcoire Sláine, Robhartach, mac
Colgan, abb Sláine, Oenghas, mac Ailgile, abb Domhnaigh Phatraicc,
Finsneachta, mac Diarmada, abb Doimhliacc, Maelfuadaigh, abb Aird
Breacáin, Fland, mac Cuanach, abb Mainistreach, agus Arannán, abb
Bendchair, décc. Maelmedha, inghen Aedha, banabb Cluana Cuifthin,
décc. Conaing, mac Flainn, tighearna Bregh, Niall, mac Cionaedha,
tigherna Ua fFailghe, Coirpre, mac Cionaedha, tigherna Ua Máil, agus
Ailill, mac Cumusccaigh, tigherna Locha Cál, décc. Tuathal, mac
Ceallaigh, tighearna Ele, décc. Flannaccán, mac Eatach, tigherna
Dal Araidhe an Tuaisceirt, do mharbhadh la Cenel Eoghain. Indreadh
Duibhlinne la Maelsechlainn, mac Maelruanaidh, agus la Tigernach,
tigherna Locha Gabhar. Muirfhecht secht fichit long do mhuinntir rí Gall
do thocht do thabhairt ghrema fors na Galla ro bhádar ar a ccinn i
nErinn, gur mhesgbhuaidhirset Ere etorra. Maelbresail, mac Cernaigh,
tigherna Mughdhorn, do mharbhadh la


L. 478


Gallaibh iar na bheith i ccléircecht iar ccor in tsaoghail dé. An cros
boi ar faithche Sláine do thurccbháil isin aer. A comhbhrúdh agus a
fodhail co ttorracht ní dia barr taillte, agus fionnabhair abhae.
Forbais Maoilsechlainn i Crúfait, amhail ro ráidh Maolfechini:




Mithid dul dar Boind mbáin, i ndail maighe Midhe mín,
As ann bithid fri gaith ngluair, isin uair i Crufait chrín.




Niall, mac Aedha Alainn, tigherna Ua Máil, décc.



Aois Criost, ocht ccéd cethracha a hocht. An cethramhadh bliadhain do
Maoileachlainn. Cetadach, abb Cluana mic Nóis, décc. Do
Uibh Corbmaic Maenmaighe a chenél. As occa eccaíne atrubradh an rann:




At cluin cach, etir inggnath agus gnath,
Abb hi cCluain mar Cedadach nochan etfathar co brath.




Tuathal, mac Feradhaigh, abb Rechrainne agus Dermaighe, Fearchair, mac
Muiredhaigh, abb Lainne Lére, Ruaidhri, abb Luscca, agus Rechtabhra,
abb Cluana ferta Brénainn, décc. Aonghus, mac Suibhne, tigherna
Mughdhorn, do mharbhadh la Gairbheth, mac Maoilbrighide. Maelán, mac
Cathmogha, tigherna Ua mBriuin deisceirt Connacht, do mharbhadh la
Gallaibh. Cobhthach, mac Maolcobha, tigherna Ciarraighe Luachra,
décc. Cionaodh, mac Conaing, tigherna Ciannachta Bregh, do
fhrithtoidhecht fri Maoilsechnaill, mac Maolruanaidh, agus tocht co
nert gall lais, co ro indir Uí Néill ó Shionainn co muir, etir cealla
agus tuatha, agus ro oircc insi Locha gabhor, agus ro loiscc iaramh, gur
bho comhard frí lár. Ro loisccedh din leo derthech treoit, agus tri
fichit ar da


L. 480


chéd do daoinibh ann. Loch Laoigh hi ccrich nUmhaill la
Connachtaibh do élúdh. Braon, mac Ruadhrach, tigherna Ua Crumthainn,
agus a dhá bhrathair, Fogartach agus Bruatar, do mharbhadh la a
nderbhfine buddhéin.



Aois Críost, ocht ccéd cethracha anaoi. An cúicceadh bliadhain do
Maoilsechlainn. Tiopraide Ua Baoithenaigh, ab Lis móir, Colcca, mac
Ceallaigh, abb Chille Tóma, Uarghas, abb Lethghlinne, agus Scandal,
mac Tiopraite, abb Domhnaigh Sechnaill, agus Connagán Cluana ferta
Brénainn, décc. Olchobhar, mac Cionaedha, rí Caisil, décc.
Cionaeth, mac Conaing, tigherna Ciannachta Bregh, do bhádhadh i
nAinge la muinntir an righ, Maoileachlainn, agus tigherna Locha Gabhor,
ag aithe fair ina nderna dulc fri tuaith agus ecclais. Conidh dó
asrubradh,




Monuar, a dhaoine maithe, ba fearr a laithe cluithe,
Mór liach Cionaedh, mac Conaing, hi lomaind do cum cuithe.
Iar na cuimrech isin rian, mór liach ro cecht ar an tsluaigh,
Acc aiccsin a airrbhi bháin fors an tráig ós Aingi uair.




Guaire Dall atbert so,




A Themhair, a telbuidhe, ardat chesi mo chuire,
Baí lat, mani derbade, damhna righ Ereann uile.
A Thailltin, ate menglan, a thír mbuadha ina mban,
Ba cain dirimm ciandan immo treidhedh in cach tan.




Dubhghoill do techt do Ath cliath, co ro lasat ár mór for Fionnghallaibh,
co ro indirset an longport etir daoine agus maoine. Slatt oile do
Dubhgallaibh


L. 482


for Fionnghallaibh occ Linn Duachaill, agus ro chuirset ár mór forra.
Ríghdhál ind Ardmacha etir Maolseachlainn, mac Maolruanaidh, co maithibh
Leithe Cuinn, agus Madudhan co maithibh choigidh Conchubhair.
Diarmaid agus Fethghna, co samhaibh Pattraig mar aen riu, agus
Suairlech .i. Indednen co cleirchibh Midhe. Caireall, mac
Ruadhrach, tigherna Locha hUaithne, do mharbhadh lá Conaillibh.
Eochaidh, mac Cearnaigh, tighearna Fear Rois, do mharbhadh la
Gallaibh. Flannchadh, mac Aongusa, tigherna Ua Fothadh tíre, décc.



Aois Criost, ocht ccéd caecca. An seiseadh bliadhain do
Mhaoilseachlainn. Maonghal, abb Arda sratha, Colam, mac
Airechtaigh, abb Corcaighe, Ceallach, mac Crunnmhaoil, abb Cind
Eitigh, Condath, abb Ruis ailithir, Fionán, abb Imbleacha Iobhair,
Fingin, mac Laidhginn, abb Cluana ferta Molua, hUarghus Ua Raithnén,
abb Leithghlinne, Lerghal, abb Othna, Forbhasach, mac Maoluidhir, abb
Cille móire Cindech, Cendfaeladh, mac Ultáin, eccnaidh Boithe Chonais,
agus Airtri, mac Faoláin, airchinneach Cille dara, décc. Cathal mac


L. 484


Dubháin, tigherna Ua nDuach Argadrois, Fogartach, mac Maoilbresail,
tigherna Oirghiall, décc. Flannagan, tigherna Leithe Chathail, do
mharbhadh la Flann, mac Conaing. Lucht ocht fichit long do Findghallaibh
do rochtadar do chath fri Dubhghallaibh co Snamh Eidhneach, trí la agus
teora hoidhche dóibh acc cathucchadh re roile, co ro mebhaidh ria
nDubhghallaibh, go ffargaibhsiot Fiondghoill a longa leó. Ard Macha do
fhásughadh lá Gallaibh Linne Duachaille an domhnach iar cCaiscc. Ar for
Gallaibh i nairthear Bregh, ar oile oc Raith Aldain la Ciannachtaibh
in aoin mhí.



Aois Criost, ocht ccéd caecca a haon. An seachtmhadh bliadhain do
Maoileachlainn. Flaithniadh, mac Conghaile, epscop agus abb
Biorair, Carthach, abb Tíre dá ghlais, Ailill, mac Robhartaigh,
abb Luscca, Fland, mac Reachtabhrat, abb Leith Mancháin, Andlidh,
eccnaidh Tire da ghlais, Ailghenan, .i. mac Donnghaile, ri Caisil,
décc. Cathmal, mac Tomaltaigh, leithri Uladh, do mharbhadh la
Gallaibh. Eachtighern, mac Guaire, tigherna Laighen Desgabhair, do
mharbhadh la Bruadar, mac Aedha agus la Cerbhall, mac Dunghaili, i
meabhail. Bruadar, mac Aedha féisin do mharbhadh i cend ocht lá
iaramh la muintir Echtighern a ndíoghail a ttighearna. Maolcaurarda,
mac Maoilbreasail, tigherna Ua Mic Uais Airghiall, do écc. Cathal,
mac Dubháin, tigherna Argatt rois décc. Cearnach, mac Maelebresail,
tigherna Cobha, décc. Oengus, mac Néill, tighearna Ua mBerchon,
décc. Dá comhorba Pátraicc .i. Forannán scribhnidh, espucc,


L. 486


agus angcoire, agus Diarmaitt an tí ba fhoircthi agus ba heccnaidhe isin
Eoraip go huilidhi, décc. Amhlaoibh, mac righ Lochlainne, do theacht
i nErinn, gur ro ghiallsatt i mbáttar do eachtairchenélaibh i nErinn
dó, agus do bert cíos ó Ghaoidhelaibh. Gofraidh, mac Feargusa, toisech
Innsi Gall, décc.



Aois Criost, ocht ccéd caoga a dó. An tochtmhadh bliadhain do
Maoileachlainn. Indreachtach Ua Fínachtáin, comharbba Colaim Cille,
eaccnaidh tocchaidhe ro fhodhaim martra la Saxaibh an dara lá décc do
Mhárta. Maoilsechlainn, rí Ereann do dhul a Mumhain, co ráinicc
Indeoin na nDéisi, agus do bert a ngialla agus a oighréir uatha, ar
ro thriallsat frithbhert fris a hucht echtaircheinel. Muirgheal, ben
righ Laighen, décc. Crunnmhaol, mac Maoiledúin, tighearna Ua
fFidhgeinte, do écc. Tuathal, mac Maoilbrighde, rí Laighen, do
mhartradh. Bruadar, mac Cindfaolaidh, tigherna Musgraighe, dég.



Aois Criost, ocht ccéd caoga a trí. An nomhadh bliadhain do
Mhaoilseachlainn. Ailill, abb Achaidh bó, agus Robhartach, abb
Innsi Caindegha, scribhnidh, décc. Rudgus, mac Maicniadha, abb
Mainistrech Buithe, do bháthadh isin mBóinn. Catan, banabb
Cille dara, décc. Slóiccheadh la hAodh, mac Néill co hUltaibh, co
ffarccaibh Conneccan, mac Colmáin, agus Flaithbheartach, mac Néill,
agus sochaidhe ele archeana. Muiredhach, tigherna Arda Ciannachta,
décc. Orgain Locha Cend la Gallaibh iar ndol fair for lécc oighredh,
agus torcratar fiche ar chéd do dhaoinibh leo im Gormán.



Aois Criost, ocht ccéd caoga, a cethair. An deachmhadh bliadhain do
Mhaoilechlainn. Sodhomna, epscop Sláine, do fhulang martra ó
Nortmannaibh. Corbmac Laithrigh Briúin, scribhneóir, angcoire, agus
epscop, décc. Suibhne Ua Roichligh,


L. 488


scribhneóir, angcoire, agus abb Lis móir, Cathasach, mac Tighernaigh,
ferthíghis Arda Macha, agus eccnaidh foircthe eside, décc. Laisren
Tighe Munna décc. Maolseachlainn, mac Maolruanaidh, do dhul co
Caisiol Mumhan, go ttucc gialla fear Mumhan dorídhisi. Coisne mór agus
secc, comttar soirsi priomh locha, agus priomh aibhne Ereann do
thraighthechaibh agus mharcachaibh ón nomhadh Callainn do December gus an
ochtmhadh Id Enair. Duirtheach Luscca do losccadh la Nortmannaibh.
Roinedh mór ria nAodh, mac Néill, for Gallgaoidhealla hi nGliond
Fhoichle, co ro ladh a nár leis. Dunlang, mac Duibhdúin, tighearna
Fotharta tíre, décc. Faolchadh, mac Forbhasaigh, tigherna Ua
mBairrche maighe décc. Niall, mac Gillain, iar mbeith triocha
bliadhain gan digh gan bhiadh, décc.



Aois Criost, ocht ccéd caoga a cúicc. An taenmhadh bliadhain décc do
Mhaoileachlainn. Maenghal, abb Fobhair, Siadhal, Disirt Ciaráin,
agus Maoloena, mac Olbraind, do Luicchnibh Connacht, fear leighinn
Cluana mic Nóis, décc. Matudan, mac Muiredhaigh, ri Uladh, agus
a clércecht atbáth. Bran, mac Scannláin, tigherna Gabhra, décc. Triar
do losccadh i tTailltin la saighnen.



Aois Criost, ocht ccéd caecca asé. An dara bliadhain décc do
Mhaoilechlainn. Comsadh epscoip agus abb Cluana hEraird,
décc. Tiopraide Banbhan, abb Tíre da ghlas, Maeltuile, abb
Imleacha Iubhair, Ceallach, mac Guaire, tigherna Ua cCeinnselaigh,
décc. Cernach, mac Cionaotha, tigherna Ua mBairrche Tíre, décc.
Maolseachlainn, mac Maolruanaidh, co fferaibh


L. 490


Ereann, cen mo tad Muimhnigh, do dhol i ttíribh Mumhan co ndeisidh
deich noidhche oc nEmlidh. Ro loiscc agus ro indir Mumha co muir ind
aen ló, iar madhmaim for a rioghaibh acc Carn Lucchdhach, co ffarccbadh
ann lais Maolcrón, mac Muiredhaigh, tanaisi na nDéisi, co sochaidhe ele.
Tucc iaramh Maolsechlainn gialla Mumhan ó Chumar na trí nuisce co
hInsi Tarbhnai iar nErinn, agus ó Dún Cearmna co hArainn nAirthir,
don turas sin. Maidhm ria cCearbhall, tighearna Osraighe, agus ria
nIomhar hi ccrich Aradh tíre, for Cenel Fiachach, co
nGallgaoidhealaibh Leithe Cuinn. Ceithri chéd ar sé mhílibh an líon
táinicc Cearbhall agus Iomhar. Innreadh Laighen la Cerbhall, mac
nDunlaing, agus a ngeill do ghabháil im Coirpre, mac nDunlaing, agus
im Suithenen, mac Artúir.



Aois Criost, ocht ccéd caocca a seacht. An treas bhliadhain décc do
Mhaoilseachlainn. Suairleach, abb Achaidh bó Caindigh, Ailill
Banbhan, abb Biorair, Maolcobha Ua Faolain, abb Cluana hUamha, agus
Faolghas, abb Ruis Cré, décc. Sloicchedh mór la hAmhlaoibh agus la
hIomhar, agus la Cerbhall, tighearna Osraighe hi Midhe. Ro
tionóileadh ríoghdál mhaithe Ereann las in righ Maoilseachlainn, go
Raith Aodha mic Bric, im Fethghna, comharba Patraicc, agus im
Suairleach comharba Finnia, do dhénamh síodha agus caonchomhraic fear
nEreann, conidh ann do rad Cerbhall, tighearna Osraighe, oighréir
comharba Phádraic, agus Finnia do righ Ereann, iar mbeith do
Cearbhall ceathrachat oidhche i nEreros, agus mac righ Lochland
immaille fris i ttosuch oc indreadh Midhe. Conadh iar


L. 492


ro riaraighsiot rígh Osraighe do bheith i ndilsi fri Leth Chuinn rogaidh
Maelghualai, mac Donnghaile, rí Mumhan, a dilsi din. Maelguala, rí
Mumhan, do clochadh la Nortmannaibh, co ro marbhsat é. Seghonnán, mac
Conaing, tighearna Cairrge Brachaidhe, décc.



Aois Criost, ocht ccéd caoga a hocht. An cethramhadh bliadhain décc do
Mhaoileachlainn. Oengus, abb Cluana fearta Molua, agus ba heccnaid
tocchaidhe é dna, agus Colmán, abb Doimhliacc, décc. Niall, mac
Gialláin, décc, iar ndeighbheathaidh, iar mbeith ceithre bliadhna fichet
i treablait dichumaing. Slóiccheadh Laighen, Mumhan, agus Connacht, agus
Ua Néill an deisceirt, isin Fochla la Maolsechlainn, mac Maelruanaidh,
go ro ghabh longphort occ Maigh dumha, i ccomhfhoccus Arda Macha. Ro
fhobair Aodh Findliath, mac Néill, agus Flann, mac Conaing, an
dúnaidh an oidhche sin for an ríg, agus ro mharbhaid agus ro mhudhaighid
daoine iomdha leó for lár an longphoirt, agus ro mheabhaidh iaramh for
Aodh co fargaibh ile dia mhuintir, uair ro chosain Maolsechlaind co
na shlógh an longphort co feardha frí lucht an Fhochla. Aodh Dubh,
mac Duibhdabhoirenn, tighearna Ua Fidhgente, décc, iar na ghuin.
Maidhm ria cCerbhall for loinges Puirt Lairge oc Achodh mic Erclaighe.



Aois Criost, ocht ccéd caoga anaoi. An cúicceadh bliadhain décc do
Mhaoileachlainn. Fiachra, abb Tighe Munda, décc. Cath Droma da
mhaighe do thabhairt la Maolsechlainn for Ghallaibh Atha cliath,
airm a ttorchradar


L. 494


sochaidhe do Ghallaibh lais. Indreadh agus orgain Mídhe la hAodh
bFinnliath, mac Néill Chaille. Gormlaith, inghen Donnchadha,
bainrioghain Ereann, décc, iar ccaoi a cionadh agus a turgabhal, agus
iar bpentait toghaidhe ina tairmthechtaibh agus peacthoibh. Sluaigheadh
la Cerbhall i Midhe co Maolseachlainn i naghaidh Aedha, mic Néill
agus Amhlaoibh, i torchair Ruarc, mac Braoin, lá hUibh Néill.
Atnuadhadh aenaigh Roighne la Cerbhall, mac nDunghaile.



Aois Criost, ocht ccéd sesga. Fíonán Cluana caoin, epscop agus angcoire,
Dálach, mac Maeleraitte, abb Cluana hIoraird, Findcheallach, abb
Ferna, agus Muirghios, angcoire Arda Macha, décc. Mescceall, mac
Donnghaile, Ruarc, mac Brain, rí Laighen, do mharbhadh la hUibh
Néill, Bruadar, mac Dunlaing, tigherna Corca Loeghdhe, Maelodhar Ua
Tindridh, sui leighis Ereann, décc. Aodh Findliath, mac Néill
Chaille, agus Flann, mac Conaing, do dhul la tighearna Gall do
iondradh Midhe co ndearnsat airccne móra foraibh. Maelsechlainn mac
Maelruanaidh, mic Donnchadha, airdrí Ereann, décc, an deachmhadh lá
fichet do Nouember, Dia Mairt do shunnradh, iar mbeith sé bliadhna décc
hi righe. As dia écc ro canadh,




Sírechtach ro srethnaighedh a seol ndobroin for Ere,
O atbath ar sleacht ruireach, Maelseachlainn Sionna snedhe.
As iomdha mairg in gach dú, as sccél mór lá Gaoidhealu,
Do rortadh fíon flann fo ghleann, do rodbhadh airdrí Ereann.
Cé du dimrim gabhur ngeal, agus diomadh each fri samh,
En id Maelseachnaill aniú, atchiú i ndeadhaidh dha damh.


L. 496



Cosccradh longphuirt Rothlaibh la Cindéittidh, mac nGaíthín, tighearna
Laighisi isin cúiccidh Id September, agus marbhadh Conuill Ultaigh
agus Luirgnen, go sochaidhibh oile immaille friú.



Aois Criost, ocht ccéd seascca a haon. An chéd bhliadhain dAodh
Fhinnliath, mac Néill Chaille, ós Erinn hi ricche. Maolpattraicc,
mac Fionchon, epscop agus scribhneóir, ancoire, agus adhbhar abbadh Arda
Macha, décc. Dainiel Ua Liaithide, abb Corcaighe agus Lis móir, do
ghuin. Aedhan, abb Insi Cathaigh, décc. Muiregan, mac Diarmada,
tighearna Náis agus Airthir Life, do mharbhadh la Nortmannaibh. Aodh,
mac Cumusccaigh, tighearna Ua Nialláin, décc. Amhlaoibh, Iomhar, agus
hUisli, tri toisigh Gall, agus Lorcan, mac Cathail, tighearna Midhe,
do ionnradh fearainn Floinn, mic Conaing. Uaimh Achaidh Alda hi
Mughdhornaibh maighen, uaimh Cnoghbhai, uaimh fert Bodain .i. Buachaill
Elcmaire, os Dubhath, agus uaimh mná an Gobhand ag Droichead atha,
do chrothadh, agus dorgain las na Gallaibh cedna. Iondradh Condacht
las in righ Aodh Finnliath,


L. 498


co nóccaibh an Fhochla. Marbhadh na nGall, i Fertai na cCaírech, le
Cerbhall, co fargaibhset xl. cenn lais, agus gur ro innarb as a crich
iad. Fiach Luimnigh décc.



Aois Criost, ocht ccéd seascca a dó. An dara bliadhain dAodh Fhinnliath.
Aeidhginbrit, epscop Cille dara, scribhnidh agus angcoire, décc. Sé
bliadhna décc ar chéd a ais an tan atbath. Maonach, mac Condmhaigh, abb
Ruis Cré, Muiredhach, mac Néill, ab Lughmhaidh agus ceall naile, agus
Broccán, mac Comhsuidh, abb Slébhte, décc. Raoinedh mór rias an righ
Aedh Finnliath, agus ria Flann, mac Conaing, for Anbhith mac Aedha,
rí Uladh co nUltoibh i ttir Conaille Cerd. Creach la Cerbhall for
Laighniu, agus crech oile di seachtmhaine iaramh la Laighniu for
Osraighibh. Lorcán, mac Cathail, tighearna Midhe do dhalladh la
hAodh fFinnliath. Conchobhar, mac Donnchadha, an dara tigherna boí
for Midhe, do bhádhadh in huiscce oc Cluain hIoraird, la hAmhlaibh,
tighearna Gall. Domhnall, mac Dunlaing, righdomhna Laighen, décc.
Cermad, mac Catharnaigh, toiseach Corca Bhaiscind, do mharbhadh la
Gallaibh. Indredh Eoghanachta la Cearbhall, mac Dunghaile co roacht
co Fioru Maighe Féne, agus co ttuc giallu aitheachtuatha Mumhan,
agus indredh Ua nAonghusa an Desceirt, i naoin bhliadhain lais.



Aois Criost, ocht ccéd seascca a trí. An treas bhliadhain dAodh.


L. 500


Maincheine, epscop leithghlinne, Tuathal, mac Ardghusa, primh epscop
Fortrenn, agus abb Dúin Cealláin, Cellach, mac Aililla, abb Chille
dara, agus abb Iae décc hi cCrich Cruithnech. Cethernach, mac
Fairnigh, prioir Arda Macha, Conmhal, prioir Tamhlachta, agus
Luchairén, .i. athair Eceartaigh, mac Eoghain, mic Aedhagáin, mic
Torbaigh, scribhnidh, agus angcoire hi cCluain mic Nóis, décc.
Ticchernach, mac Focartai, tighearna Locha Gabhar, agus an dara
flaith boí for Breaghoibh, décc. Tadhg, mac Diarmada, tighearna
Ua Cennsealaigh, do mharbhadh lá a bhráithribh féisin. Colmán, mac
Dúnlaing, tighearna Fothart tíre, do mharbhadh la a chloinn féisin.



Aois Criost, ocht ccéd seascca a cethair. Dineartach, eapscop agus abb
Lothra, Colgga agus Aedh, da abbadh Mainistreach Buithe, décc isin
mbliadhainsi. Ro tecclomadh léirthionól an Tuaisceirt la hAodh
fFindliath, go ro aircc longphorta Gall gach airm hi rabhatar isin Fochla
etir Cenel Eoghain agus Dál nAraidhe, agus do beart a crodh agus a
nétead, a nédala agus a niolmhaoine. Rangadar Goill an cóiccidh co haon
mhaighin go Loch Feabhail mic Lodain. Iar na fhios dAodh, .i. ri
Ereann, an turcomhrac eachtairchinél sin do bheith i nor a thíre nír
bho heisledhach ro frestladh lais iad, uair do roich da soighidh líon a
shochraide, agus ro fearadh cath ainmhín ainiarmartach etorra cechtar dá
lethe. Ro sraíneadh for na Gallaibh, agus ro cuireadh a nár. Ro tionóiledh
a ccionna co haon mhaighin a bfiadhnuisi an righ, conadh dá fhichit
décc cend ro comhairmheadh fiadha, do rochair lais don chathgleó sin cenmota
in ro créchtnaighthe díobh, agus do bretha i nothairlighibh écca lais, agus
adbáithit cidh iar trioll dia ngonaibh. Sruthar, agus Slébhte, agus
Achaidh Arglais dorgain dOsraighibh. Loch Léphind do shoúdh hi


L. 502


fuil, atar la cách com bo páirte cró amhail scumha a imeachtair. Cernachan,
mac Cumascaigh, tighearna Rátha hAirthir, do mharbhadh la Muiregen, mac
Aedhagáin. Maidhm for loinges nEochaille rias na Désibh, agus cosgradh
a longphuirt. Ar na nGall la tuaisceart nOsraighe, la Cinneidigh mac
Gaithin oc Mindroichet.



Aois Criost, ocht ccéd seascca a cúicc. An cúicceadh bliadhain dAodh.
Oeghedhchair, ab Condire, agus Lainde eala, epscop agus scribnidh,
Robhartach Fionnghlais epscop agus scribhnidh, Conall Cille Scire
epscop, Dubhartach beisi, décc. Corbmac Ua Liathain, epscop, abb
agus angcoire, décc. Maoltuile, mac angobann, abb Airne airthir, décc.
Aodhácan, mac Finnsneachta, tanaisi abbadh Cluana, agus abb cheall
niomdha, décc an céd lá do Nouember. Maoldúin, mac Aodha Oirdnidhe,
tigherna Oiligh, décc iar ndol hi ccléircecht dó. Cosccrach Ticche
Telle, scribhnidh agus angcoire, décc. Huppán, mac Cionaodha, righdamhna
Connacht, do losccadh hi ttaigh theineadh la Sochlachan, mac Diarmada.
Losccadh Duine Amhlaibh, occ Cluain Dolcáin, la mac Gaithene, agus lá
mac Ciaráin mic Ronáic, agus céd cenn do thoisechaibh Gall do
thaisealbhadh do na saorchlandaibh isin armaigh occ Cluain Dolcáin.
Muiredhach, mac Cathail, tighearna Ua cCremhthainn, dég do phairilis.
Canannán, mac Ceallaigh, ríoghdhamhna


L. 504


Ua cCeinnsealaigh, décc. Maidhm ria mac Gaithini for Gallaibh
Atha cliath i torchair Odolbh micle. Gnimbeolu, toiseach Gall
Corcaighe, do mharbhadh las na Désibh.



Aois Criost, ocht ccéd sescca a sé. An seisedh bliadhain dAodh.
Ceallach, mac Cumusccaigh, abb Fobhair, eccnaidh uasal oirdnidhe
eisidhe. Connmhach, abb Cluana mic Nóis, a Fine Gall dó .i. do Chenel
Eathach Gall, agus a écc an chéd lá do mhí Ianuarii. Dainiel, abb
Glinne dá Locha, agus Tamhlachta, Caomhán, mac Daolaigh, abb
Doimhliacc Cianáin, Conghal, mac Fedaicch, abb Cille Dealga, agus
scribhnidh toghaidhe, agus Ferghus Ruis ailithir, scribhnidh agus angcoire,
décc. Reachtabhra, mac Murchadha, abb Corcaighe móire, agus
Laichtene, abb Cluana hEidhneach, décc. Fland, mac Conaing,
tighearna Bregh uile, do thionól fear mBregh, Laighen, agus Gall, co
Cill ua nDaighre, cúig mile líon a sochraide, ind aghaidh an rígh
Aodha Finnleith. Ní raibhe Aodh acht aon mhíle namá im Conchobhar,
mac Taidhg mhóir, righ Connacht. Ro fearadh an cath co díocra
dúthrachtach etorra, agus ro mheabhaidh fo dheoidh tria neart iomghona,
agus iomaireacc for fhiora Bregh, for Laighnibh, agus for Gallaibh, agus
ro cuireadh a nár, agus torchradar sochaidhe mhór do Gallaibh isin ccath
sin. Torcair ann Flann, mac Conaing, tigherna Breagh, agus Diarmaid,
mac Etersceoil, tigherna Locha Gabhar, agus Carlus, mac Amhlaibh,
mac tighearna Gall. Torcair don leith araill Fachtna mac Maoiledúin,
righdhamhna an Fhochla, hi frithghuin an chatha. Mannachán, tighearna
Ua mBriúin na Sionna, ro mharbh Flann, dia nebradh,




Mór an bhuaidh do Mhannachán, do ghlonn an ghaisccidh ghairg,
Cend mic Conaing ina láimh, do bháigh for ionchaibh mic Taidhg.


L. 506



As do na toíseachaibh do shíol Muiredhaigh tángadar do chath
Chille Ua nDaighre, ro ráidhedh indso,




Ciat bera cách a bhreth, as a luíghe lán éthaigh,
As iad so an taoinfher décc, lodar isin ccath dá choiméd.
Lotar san cath dá chabhair, Finnachta agus Follamhain,
Maonach, maith mein an mharcaigh, agus Tadhg, mac Tomaltaigh.
Flannaccán flaith sciamhda an scuir, is Mughroin caomh Ua Cathail,
Mannachán bá maith a mhéin, is Aidit ua Maoilmhíchéil.




Druth Aedha adbert rias ccath, cecinit,




Dos fail dar Findabhair fhind, fiallach grinn dond dar laith linn luind,
As ar chédaibh rimhthear goill, do cath fri righ nEtair nuill.




Aedh cecinit,




Maith ar mana, maith ar feacht, neart ced curadh inar ccorp,
Afraighídh suas, dénaidh echt, marbhaidh an tréd immon torc.




File cecinit,




Hi cCill Ua nDaighre indiu, blaisfit fiaich lomann cró,
Meabhais for sluagh siabhra nGall, is for Flann nip sirsan dó.


L. 508



Aedh cecinit,




Do fil buidhne Laighen leis, las an mbreis don Bhóinn bhrais,
Aisedh do bheir maoin im Fhlann, comhardha na nGall ria a ais.




Aedh cecinit,




Cuirídh neimh for ttengadh fair, for mac ningor do Dubhsaigh,
Tréan ar colbha Crist ron ain, i mBealach bodhbha dos fil.




As don cath chédna ro ráidhedh,




Eol duíbh an do righne, mac Néill Oiligh eargnae,
An tAodh Find co fodbhí, tess occ Cill Ua nDaighre.
Deich cétoiph co a nuaighe, iar sédaibh ind i ríghe
Don deabhaidh conruala, mebhaidh for chóig mile.




Loissin druth Flainn atbert so,




Dia luain láithe líotha lodmar i mbelach nátha.
Findruine fir ro bíotha, ionmuine gnúisi gnatha.




Máthair Flainn, inghen Néill asrubairt so,




Sírsan, dírsan, deaghscél, droichscél, maidhm catha ruaidh raenaigh,
Sírsan rí, dia ndearna faoilidh, dirsan rí fors roemidh,
Diorsan do sluaicch Leithe Cuinn, a ttuitim la siabhra Sláini,
Siorsan ríoghadh Aedha uill, agus dursan diobhadh Flainn.




Máthair Flainn bheós,




An toe toe, do ní mac Conaing don roi,
Ailem rí conicc gach dú do forthe an brú do donnoe.


L. 510



Liaa uiscce anaichnidh do mheabhsain a ttaobh Sléibhe Cualann ina raibhe
iasccach agus bric ciordubha, gur bó machtnadh mór la cách indsin. Conn,
mac Cionaedha, tighearna Ua mBairrchi tíre, do mharbhadh oc toghail in
dúine fors na gallaibh.



Aois Criost, ocht ccéd seascca a seacht. An seachtmhadh bliadhain dAodh.
Ailill Chlochair scribhnidh, epscop, agus abb Clochair, Corbmac, mac
Eladhaigh, abb Saighre, epscop, agus scribhnidh, Niallán, epscop
Sláine, décc. Eodois, mac Donghaile do dhol i martra la Gallaibh i
nDisirt diarmatta. Martan, abb Cluana mic Nóis agus Daimhinsi,
scribhnidh eisidhe do Dhartraighibh dhaimhinsi a chenél. Dubhthach,
mac Mhailtuile, fear ro dhearsgnaidh ar eccna agus fhoghlaim do lucht na
hEorpa uile ina ré, décc. Fland, mac Fearchair, abb Lainde Léire,
agus ferthighis Arda Macha, décc. Corbmac, mac Connmhaigh,
ferthighis, scribhnidh, agus eccnaidh Cluana fearta Brénainn, décc.
Dunlancc, mac Muiredhaigh, rí Laighen, décc.
Maelbrighde, mac Spealáin, tighearna Conaille, décc i ccléirceacht.
Cionaedh, mac Maelruanaidh, an dara tighearna boí an tan sin for
Chiannachtoibh do mharbhadh. Maolciaráin, mac Rónáin tréinfhear
airthir Ereann féindidh foghla for Ghallaibh, do mharbhadh. Cian, mac
Eathach, tighearna Cremhthainne, décc. Cian mac cummusccaigh,
tighearna Ua mBairrchi, dég. Cernach, mac Eathach, tighearna
Mughdhorn mBregh, décc. Donnagán, mac Cedfatta, tighearna Ua
cCeinnsealaigh, do mharbhadh. Conaing, én mhac Flainn, mic Conaing,
do mharbhadh la hUibh cCeinnselaigh. Ard Macha dorgain agus do
losccadh, co na dearthaighibh uile lá hAmhlaoibh. Deich ccéd etir
bhreodh agus


L. 512


mhudhucchadh ro marbhadh and lá taobh gach édala agus gach ionnmhasa da
bhfuairseat ann do bhreith leó. Ruadhachán, mac Nell toíseach
Ua Forandán, décc.



Aois Criost, ocht ccéd seascca a hocht. An tochtmhadh bliadhain dAodh.
Suairlech indh Eidnen epscop, angcoire, agus abb Cluana hIoraird,
doctuir i ndiadhacht agus ind ecna spireatalta ind iris chrábhaidh, agus
caoin ghníomha, go ro leth a ainm fo Eirinn uile. Comsudh, abb Disirt
Ciaráin Bhealaigh dúin sgribhnidh agus epscop, décc. Gerán, mac
Dicosca, abb Saighre, Diarmaid, abb Ferna, Connla, ancoire Droma
caradh Airde Cianachta, Dubhdáthuile, abb Leth móir Mochoemhócc,
Maolodhar, angcoire, epscop, agus abb Daimhinsi, décc. Cobhthach,
mac Muiredhaigh, abb Cille dara, egnaidh agus doctuir ergna esidhe. As
do ro ráideadh,




Cobhthach cuirrigh cuirrethaigh, domhna righ Lipthe lennaich,
Dirsan mac mór Muiredhaigh, ba liach Ua Coeimhfhinn Ceallaigh.
Cleithi laighean leghnidhe, suí slán, seghainn, sochlach,
Rétlu ruireach redhrighe, comhorba Conlaidh Cobhthach.




Comhgan Foda, angcoire Tamhlachta, dalta Maoileruain, dég. Dálach,
mac Muirchertaigh, tighearna Ceneóil Conaill, do mharbhadh, agus
Maolmordha, mac Ailella tighearna Ceneóil Lughdhach, dég.
Maolseachnaill bá tighearna leith deisceirt Breagh do mharbhadh la
Gallaibh. Cionaodh, mac Feargaile, tighearna Ua Briúin Cualann, décc.
Iondradh Laighen la hAodh fFinnliath o Ath cliath co Gabhran.
Cearbhall mac Dúnghaile, cos in líon boí dia nionnradh don leith oile
go Dún bolcc. Foropradar Laighin dunaidh Cearbhaill agus mac


L. 514


Gaitheni, agus do marbhadh daoine iomdha leo. Iar na ráthucchadh sin do
lucht an longphuirt ro chathaidhset co calma friu, go ro fhuráilset forra
co na flaith Bran mac Muireadhaigh, clódh ina fritheing iar marbhadh
sochaidhe dia muinntir uaidhibh. Indreadh na nDeisi la Cerbhall, mac
nDunghaile, co nOsraighibh, agus torchair Corcran, mac Célechair,
agus Gorman, mac Lachtnain leó.



Aois Criost, ocht ccéd seascca anaoi. An nomhadh bliadhain
dAodh. Ailill, epscop, abb Fobhair, Dubhthach, abb Chille
achaidh, scribhnidh, ancoiri, agus epscop, Curoi, mac Allniadh, abb agus
eaccnaidh Insi Clothrann, agus Caille Fochladha, i Midhe, décc.
Colcca, mac Maoiletuile, abbaidh, agus angcoire Cluana Conaire Toimen,
Maonghal, ailithir, abb Bendchair, agus Maolmidhe, mac Cumusccaigh,
prioir Cluana mic Nóis, décc. Ailill, mac Dúnlaing, rí Laighen, do
mharbhadh la Nortmannibh. Cathal, mac Indrechtaigh leith rí Uladh, do
mharbhadh tria forchongra an righ Aedha. Flaithemh, mac Faolchair, do
bhádadh. Maolmhuaidh, mac Finnsnechta, tighearna Airthir Life, dég.
Indreadh Connacht la Cerbhall, agus la Dunchadh, agus torchair
Buachail mac Dunadaigh leó. Innreadh Mumhan dna la Cearbhall
tar Luachair siar.



Aois Criost, ocht ccéd seachtmodha. An dechmhadh bliadhain dAodh
Finnliath. Gnia epscop abb Doimhliacc, angcoire agus scribhneóir.
Secht mbliadhna ochtmoghat a aeis an tan atbáth. As dia eccaoine do
ráidheadh,




Gnia grian ar ccaomh chlainde, cenn crabhaidh insi hEmhir,
Madgabh nasadh naebh Prainne comhorba Cianáin céiligh.
Cenmáir samhadh forchaidhe diamba cenn céim céncia,
Dirsan inind mór molbhthaighe ar cara caoimh find Gnia.


L. 516



Maoltuile epscop, agus abb Tuiléin, Loingsech, mac Faoilléin, abb
Cille hAusaille, Ferdomhnach, abb Cluana mic Nóis, agus
Robhartach Dermhaighe, scribhnidh toccaidhe, décc. Cendfaoladh Ua
Muichthighern, tighearna Caisil, décc iar mbeith i ttrebhlaid chian
fhoda, agus ba habb Imligh Iubhair eisidhe. Maolruanaidh, mac
Maolcuarda, tighearna Ua Mic Uais an Fhochla, dég. Mughron, mac
Maelecothaidh, lethrí Connacht, décc. Orgain fer na tTri Maighe, agus
na cComann co Sliabh Bladhma do tighearnaibh Gall i sneachta féle
Brighde na bliadhna so.



Aois Criost, ocht ccéd sechtmodha a haon. An taonmhadh bliadhain décc
dAodh. Colman epscop scribhneóir agus abb nAondroma, Dichuill,
epscop Cilli móir Enir, Dunghal, mac Maonaigh, abb Insi Caindegha,
Maoltuili Cluana huinnsenn, abb Lughmhaidh, agus Flaithbheartach,
mac Muirchertaigh, abb Duin Caildenn, décc. Scannlán Domhnaigh
Pattraicc, scribhnidh derrscaighthe, décc. Lethlobhar, mac Loingsigh,
rí Uladh, décc iar ndeighbhethaidh. Uathmharán, mac Brocán, tighearna
Ua Fiachrach Aidhne. Dunadhach, mac Raghallaigh, tighearna Ceneóil
Coirpre móir, agus ba dia écc do ráidheadh,




Dunadhach dindorcaill áin, gair fer ndomhan condmaibh giall,
Caithmhil cráibhdheach clainne Cuind fo crossaibh cuill i
nDruim chliabh.


L. 518



Flaithbheartach, mac Duibhroip tighearna Corco Modhruadh Ninais, décc.
Donncuan, mac Flannacáin, do mharbhadh la Conaing, mac Flainn.
Indreadh Connacht la Donnchadh, mac Duibhdabhoirenn lá righ Caisil,
agus lá Cearbhall co nOsraighibh. Indredh Mumhan la Gallaibh Atha
cliath. Iomhar, rí Nortmann Ereann agus Bretan, do écc.



Aois Criost, ocht ccéd seachtmodha a dó. An dara bliadhain décc dAodh.
Aodh, mac Fianghusa, abb Rossa Comain, epscop, scribhnidh tocchaidhe,
Torpaidh, abb Tamhlachta, epscop, agus scribhnidh, agus Faelghus, espucc
Ardachaidh, dég. Ainbhcheallach, mac Fonascaigh, abb Cluana hEdhneach,
décc. Maolmordha, mac Diarmada, epscop agus scribhnidh, décc.
Ceall mór Maighe Emhir dorgain do Ghallaibh. Lorcán, mac Ceallaigh,
décc. Indreadh na nDéisi la Cearbhall go Bealach nEochaille.
Fethgna, .i. Neachtain, comharba Pattraicc, cend crábhaidh Ereann
uile, décc. Slóigheadh la hAodh fFindliath go Laighnibh, co ro
indir in chríoch go léir.



Aois Criost, ocht ccéd seachtmodha a trí. An treas bliadhain décc dAodh.
Robhartach, mac Ua Ceartta, .i. o ta inis Robhartaigh, epscop


L. 520


Cille dara, scribhnidh, agus abb Cille achaidh, Lachtnán, mac
Muichtighern, epscop Cille dara, agus abb Fearna, Beandachta, epscop
Luscan, Fechtnach, abb Glinne da locha, Macoige, abb Tamhlachta,
agus Maonghal, prioir Cluana mic Nóis, décc. Maclendai, mic Tomain
don Mumhain, scribhnidh agus egnaidh, agus Niall Bran, abb Fedha dúin,
décc.



Aois Criost, ocht ccéd seachtmodha a cethair. An cethramhadh bliadhain décc
dAodh. Domhnall, epscop Corcaighe, scribhnidh ergna esidhe,
Maolbrighde, epscop Sláine, Diarmait, mac Coirpre, abb Glinne hUissen,
Cionaodh, abb Achaidh bó Cainnigh, décc, as dó do raidhedh,




Mór liach Cionaedh grata mind mac Cosgraigh co srethaibh snáu,
In breo buadha, baile bard, comarbba Ard achaidh bó.




Fedach .i. mac Seghini, abb Disirt Diarmada, Eoghan agus Maoltuile
Ua Cuana dá abbaidh Cluana mic Nois, dég. Conghalach, mac Finnachta,
tighearna na nOirghiall, agus Cathal, mac Cearnaigh, tighearna Fer
cCúl, décc. Coirpre, mac Diarmada, tighearna Ua cCeinnsealaigh, do
mharbhadh lá a bhráithribh feissin. Donnchadh, mac Aedhaccáin, mic
Conchobhair, do mharbhadh lá Flann, mac Maoilseachnaill. Socartach,
tighearna Ua Corbmaic, décc. Reachtabhra, mac Brain Fhind, tighearna
na nDéisi décc. Dunghal, mac Faolán, tanaisi Ua cCeinnselaigh, dég.
Donnchadh, mac Maoileachloinn, do ghuin la hElibh. Flaithri, mac
Maoiledúin, tighearna Rátha Tamhnaighe, décc. Ruaidhri, mac Mormind,
rí Bretan, do thocht i nErinn, do theichedh ria nDubh ghallaibh.
Cath for Loch Cuan, eitir Fhinngheintibh agus Duibhgheintibh, in
ro marbhadh Alband, toiseach na nDuibhgheinte.



Aois Criost, ocht ccéd seachtmodha a cúig. An cúigeadh bliadhain décc
dAodh. Maolpattraicc, mac Ceallaigh, abb Mainistreach Buithe, décc.


L. 522


Ceallach, egnaidh Tíre dá glais, décc. Cumascach, mac Muiredhaicch,
tighearna Ua Cremhthainn, do mharbhadh la hUltaibh. Gairbhith, mac
Maoilbrighde, tigherna Conaille do dhíchendadh lá hUibh Eathach. Gaeth
mhór, teintech, agus toirnech i nErinn an bhliadhainsi, agus ro fearadh
frosa fola iaramh, gur bhó forréil pairte cró agus fola fors na maighibh
cianachtaibh oc Duma in Deasa. Scrín Colaim Cille, agus a mhionna
archena do thiochtain a nErinn for techeadh ria nGallaibh. Innreadh
Ua cCeinnsealaigh lá Cindeidigh, mac Gaeithín, tighearna Laoighisi,
agus ro marbhadh sochaidhe lais.



Aois Criost, ocht ccéd seachtmoghat asé. Ticchernach, mac Muiredhaigh,
epscop agus abb Droma inesclainn, décc. Feirghil, mac Comhsuidh,
abbaidh Domhnaigh Sechnaill, do mharbhadh i nduinethaide. Dunghal, abb
Leithglinne, agus Robhartach, abb Ruiss Cré, décc. Maolcobha, mac
Crunnmhaoil, abb Arda Macha, do erghabháil do Ghallaibh Locha Cuan,
agus an ferleighinn .i. Mochta. Becán, mac Garbháin, prioir Cille
hachaidh, Aonghas, mac Cionaodha, tigherna Fer nArda, agus Maelcaere,
tighearna O cCremhthainn, dég. Ualgharcc, mac Flaithbhertaigh,
righdhamhna an tuaisceirt, agus Fínsneachta, mac Maelicorcra, tighearna
Luighne, décc. Maidhm for Laighnibh a nUachtar dara, i ttorchair
Bolccodhar mac Maoilchéir. Ar Laighen Desgabhair, oc Fulachtaibh, ria
nOsraighibh, i ttorcair Dunócc, mac Anmchadha, agus Dubhthoirtrigh,
mac Maoildúin, amaille re dá ched fer eidir guin agus bádhadh. Maidhm
ria cCerbhall, mac nDunghaile, agus rias na Deisibh, for firu Mumhan,
ac Indeoin, i torcair Flandabhrae, tighearna Gabhra, agus sochaidhe
oile amaille fris. Indredh Midhe ó fheraibh Mumhan co Loch


L. 524


nAindind. Iar mbeith sé bliadhna décc hi righe nEreann dAodh
Fhinnliath, mac Néill Caille, fuair bás i nDruim Inesclainn i ccrich
Conaille, an 20 lá do Nouember, conadh dia deimhniucchadh a dubhairt
Fothadh,




Cúicc bhliadhna ar secht ndéchibh, dech ccéd is cúicc míle,
O Adhamh, nit gaela, co hécc nAedha at rímhi.
Sechtmogha ar ocht ccédaibh, la sé bliadhnaibh airibh,
O ghein Críost gan aera, co bás Aedha nAilígh.
A dó dég calainn ceolach December diana toiden
In erbailt amhra airibh Aodh Ailigh airdrigh Gaoidheal.




Flannaccán, mac Ceallaigh, ro ráidh ind so,




As foda an gamh-adhaigh, fri glessa gaíthe garbha,
Fo brón brigh do muinebhair, nad mair rí slegh derg sadhba.
As adhbhal fria himmaire, tonna cum co ngrinne,
Fithidher bidh samhlaithi, cach drong imraitech indi.
Fer fial forsaidh fornaidhe, diam bu lán Temhair tireach,
Sciath fri homna i nernaidhe diden Brogha mac Míleadh.
Graifnidh Tailten telglaine, rí Teamhrach tres co cetaibh,
Ruire Fodhla febdhaidhe, ba moo Aodh Oiligh egaibh.
As dalach, ni dearmattach deirghe an betha bhuidhe,
As clochda, ní coindercel, cridhe miadhach mac duine.
Ni moo beitís minchuile, flaithi síl adhaimh occa.
Heu cen ainme imradhadh for ind foltleabhar fota.


L. 526



Ainmire, abb Arda Macha frí ré naoi míos, do écc, agus ro baí triocha
bliadhain 'na shagart rias an tan sin.



Aois Criost, ocht ccéd seachtmoghat a seacht. An céd bhliadhain do
Flann tSionna mac Maoilechlainn, ós Erinn hi ríghe. Feradhach, mac
Corbmaic, abb Iae, Duibhlitir, abb Cluana heoais agus Tighe Airindán,
Muireadhach, mac Corbmaic, abb ó Eantraibh, Domhnall, mac Muirigein,
rí Laighean, Ferghil, abb Cluana móir Moedhocc, Flannaccán, mac
Faoláin, rioghdhamhna Ua Ceinnsealaigh, do écc. Maolciaráin, mac
Conaing, tighearna Teathbha, dég hi cclércecht, iar ndeighbheathaidh.
Maolmithidh, mac Duibhindrechtaigh, do mharbhadh la hAirtheraibh.
Caindealbhán, mac Riagáin, ríoghdamhna Laighen, dég. Flann, mac
Maoilechlainn, do thecht hi ccrích Laighen, co rucc a ngialla.
Indreadh Mumhan ó tá Boraimhe co Corcaigh la Flann, mac Maoilechlainn.



Aois Criost, ocht ccéd seachtmoghat a hocht. An dara bliadhain do
Flann tSionna. Crunmhaol Cluana caoin, epsucc agus angcoire,
Suibhne Ua Fínnachta, epscop Chille dara, Ruidhghel, epscop agus abb
Imlecha Iobhair, Aodhacán an Oilein, Ferchair, abb Bennchair, Martan
Ua Roichligh, abb Lis móir, Neassán, mac Ceallaigh, abb Cluana ferta
Molua, Aonghus, mac Maelcaularda, comharba epscoip Eoghain Arda
sratha, agus Aonacán, mac Ruadhrach, abbaidh Lusscca, décc.
Maolfabhaill, mac Loingsigh, tighearna Chairrge Brachaighe,
Flaithemháin, mac Ceallaigh, tighearna Ua mBriuin Cualann, Maolsinchill,
mac Mughróin, tighearna Ua fFailge, dég. Derthech Cianáin dargain
agus do chrothadh do Gallaibh, agus sochaidhe mór do dhaoinibh do bhreith
as a mbroid. Barith, córaidh andgaidh do Nortmannaibh, ba toiseach do
lucht na hinghreama sin, do mharbhadh iaramh, agus do losccadh i nAth
cliath, tré miorbhúilibh Dé agus naoimh Chianáin. Dondghal, mac
Mailecáin, flaith Ua Conandla, agus Cerbhall, mac Concóirne,


L. 528


rioghdhamhna Caisil, dég. Aodhagán, mac Delbhaoith, dég.
Tuathal, mac Fiachrach, tigherna Tóchair mhóir, Fiond, mac
Duibhshláine, tighearna Ua fFidhgheinte, do écc.



Aois Criost, ocht ccéd seachtmoghat a naoi. An treas bhliadhain do
Fhlann. Muirchertach, mac Néill, abb Daire Chalgaigh agus ceall
naile, dég. Scannlán, abb Dúin Lethghlaisi, do écc. Cathal, mac
Corbmaic, ab agus epscop Cluana Dolcáin, Corbmac, mac Ciaráin, abb
Tuama dá ghualann, agus prioir Cluana ferta Brénainn, Duibhinsi, ab
Insi Caoindegha, Aedhán, abb Cluana Ioraird, Flann, mac
Duibhdáchríoch, egnaidh Tíre dá ghlais, décc. Raoinedh ria Conaille
Muirtheimhne .i. ma tighearna Gibhleachain, for Ultaibh, i ttorchair
Ainbhith, mac Aedha, rí Uladh, agus Conallán, mac Maeledúin, tigherna
Cobha, agus aroile saorchlanna immaille friú. Conchubhar, mac Taidhg
(agus as esin Tadhg mór mac Muirghesa) rí teora Connacht, décc, iar
ndeighbhethaidh. Sluaicchedh las an righ Flann, mac Maoileachlainn, co
nGaoidhealaibh agus go nGallaibh isin Fochla co ndeisidheadar i Muigh
eitir di ghlais, go ro hindreadh lá druing do na slóghaibh Ard Macha,
agus ro gabh gialla Conaill, agus Eoghain don túrus sin. Lorcán, mac
Cosgraigh, tighearna Ua Nialláin, agus Donnagán, mac Focartaigh,
tighearna Fernmhaighe, do comhthuitim fria roile. Indreadh Mumhan lá
Flann, mac Maoilechlainn, agus a mbraighde do bhreith lais. Ailill,
mac Findcheallaigh, flaith Ua Trena hi ccrich Ua cCeinnsealaigh, do
écc.



Aois Criost, ocht ccéd ochtmodha. An cethramhadh bliadhain do Fhlann.
Maolruain, epscop Lusca, Ferghil, abb Ferna, Aonghas, mac
Maoiledúin,


L. 530


ríghdhamhna an tuaisceirt, do dhícendadh la Dal nAraidhe. Focarta, mac
Duibhdácheall, abb Tighe Mochua, Cumuscach, mac Domhnaill, tighearna
Ceneoil Laoghaire, Faolán, mac Dunlainge, tighearna Tochair Eachdach,
décc. Braon, mac Tighearnaigh, do mharbhadh lá hAinbhith, mac
Gairbhith. As dia bhás agus do bhás Aonghasa ro ráidheadh,




Braon, mac Tighearnaigh gan gaoi, cadhla aerclos fon mbith cé,
Aenghus do ghuin amhail Broen, ca ní cen do decraidh Dé.




Ainbhith, mac Mughroin, tighearna Mughdhorn mBregh, do mharbhadh.
Cathusach, mac Robhartaigh, abb Arda Macha, do écc.



Aois Criost, ocht ccéd ochtmodha a haon. An cúicceadh bliadhain do
Fhlann. Scandal, epscop Cille dara, Ailbrend, abbaidh mac
Maichtich, comharba Finnéin Cluana hIoraird, Suairleach, abb Aird
Breacáin, Raghallach, abb Bendchuir, Dunadhach, mac Corbmaic, abb
Mainistreach Buithe, Conallán, mac Maoilteimhin, abb Insi Caindegha,
Corbmac, mac Ceithearnaigh, prioir Tíre dá ghlas agus Cluana fearta
Brénainn, agus an dara tighearna boí an tan sin for Loch Riach, Domhnall,
mac Muireccen, rí Laighen, do mharbhadh la Laighnibh budhdéin, Coirpre,
mac Dunlaing, tighearna Airthir Life, agus Donnchuan, mac Conghalaigh,
tighearna Ciannachta Glinne Geimhin, décc. Ainbhith, mac Aedha, mic
Madagáin, rí Uladh, do mharbhadh do Chonaillibh Muirtheimhne.
Gairbhith, mac Artuir, tánaisi Iarthair Liphe, dég. Cathalán, mac
Coirbre, tanaissi Ua fFailghe, do mharbhadh. Conaing, mac Flainn,
tánaisi Ciannachta, do mharbhadh la Laighnibh. Dunagan, mac Tuathchair,
tighearna Gaileng Collamrach, do mharbhadh lá Gailengaibh móraibh.


L. 532


Aois Criost, ocht ccéd ochtmodha a dó. An seiseadh bliadhain do Fhlann.
Corbmac, epscop Doimhliacc, agus abb Cluana hIoraird, Eochu, mac
Robhartaigh, abb Findabhrach abhae agus Cille Moinne, Muiredhach, mac
Broin, tighearna Laighean, agus abb Cille dara. Bá dó ro ráidheadh,




Morliach Muiredhach Maighe Liphe, Laoch linibh cuire,
Rí Laighean coller lebhenn, mac Brain, buaidh nEreann uile.
Ionmhain gnúis caoinibh ríoghaibh, caomh dúis fo líogaibh loraibh,
Gilither slis a sídhaibh, ro bris for milibh móraibh.




Mughrón, mac Cinnfhaolaidh, abb Cluana ferta Brénainn, Maoltuile, mac
Féthgnaigh, abb Glaisi Noédhen, Tuilelaith, inghen Uarghalaigh, banabb
Chille dara, dég, an 10 lá Ianuarii. Domhnall, mac Aodha,
tighearna Ceneóil Laoghaire, décc hi ccléirceacht. Maolpádraicc, mac
Maolcuarardda, tighearna Airghiall, do mharbhadh lá hAirghiallaibh
feissin. Maoldúin, mac Aonghusa, tigherna Caille Fallamhain, dég. Mac
ócc do labhra occ Craoibh Laisre dia dá mhiós iar na gheinemhain.
Eochagán, mac Aedha, mic Madagáin, rí Uladh, do mharbhadh la maicne
nAinbhith, mic Aedha.



Aois Criost, ocht ccéd ochtmodha a trí. An seachtmhadh bliadhain do
Fhlann. Maolpádraicc, abb Cluana mic Nóis, do Uibh Maine a
chenel, Tuathal, mac


L. 534


Ailbhe, abb Chille dara, Robhartach, mac Colgan, abb Chille Thomae,
dég. Scandal, mac Ferghil, abb Domhnaigh Sechnaill, Forcellach,
abb Chille mic Míolchon, Clothchu, mac Maoiletuile, prióir Cluana
hIoraird, Anaile Secnab (.i. prioir) Glinne dá locha décc. Guin
Tuathail, mic Domhnaill, agus Cathail, mic Finnagáin, dá righdamhna
Laighean, la Finsneachta, mac Muiredhaigh. Longbortán, mac Finnachta,
tighearna Múscraighe, do mharbhadh. Orgain Chille dara la Gallaibh,
co ruccsat ceithri fichit décc do dhaoinibh a mbroid leó do chum a long,
iman prioir .i. Suiphne, mac Duibhdabhoirend, la taobh gacha maithesa oile
dá ruccsat leo.



Aois Criost, ocht ccéd ochtmodha a cethair. An tochtmhadh bliadhain do
Flant. Eochaidh, mac Comhgain, epscop Lainde hEala, do
chríochnucchadh a bhetha iar sendataidh. Reachtaidh, suí epscop Cluana
hUamhach, Maoltuile, .i. mac Dunghaile, abb Beannchair, Colcu, mac
Connacáin, abb Cinn Ettich, ollamh aurlabhraidh, agus senchaidh as deach
ro bhuí i nErinn ina réimhes, Diarmaid, abb Becc Ereann, Maolruain,
abb Disirt Diarmada, Chille hachaidh, agus Tighe Thaille, Cui gan
máthair, abb Imleacha Iobhair, Aedhan, mac Rechtadha, abb Rosa Cre,
Tighearnach, mac Tolairgg, tanaissi deisceirt Bregh, décc. Tresach,
mac Becáin, flaith Ua mBairrche Maighe, do mharbhadh la hAodh, mac
Iolghuine. As dó ro ráidh Flann mac Lonáin,




Trom chéó for chóiceadh mBresail, ó atbath leo i Liphi lessaigh,
Tromm essnadha Assail, dobrón tesbhadha Tressaigh.
Scith mo mheanma, muad mo ghnas, ólluidh Treassach i tiughbhás
Osnadh oenaigh Lifi láin, Laighin co muir mac Becáin.




Maolmura an file foircthe fioreolach, staraidhe eargna an bherla
Scoitegdha, décc. As fair tuccadh an testemain si,


L. 536



Ní forlaigh talmhain toccha, ní targa i tTemhraigh tura,
Ní tairche all Eiriu iormhar fear mar Mhaol minglan Mura.
Ní esibh bás gan dolmhai, ni roacht gnás co marbha,
Nír hiadhadh talamh trebthaigh for seanchaidh badid amhra.




Ananloen an tailithir cos in epistil do radadh do nimh i nIerusalem co
Cain Domhnaigh agus foircetlaibh maithe do thiachtain a nErinn. Cuilen,
mac Cerbhaill, mic Dunghaile, agus Maelfeabhail, mac Muirchertaigh, do
mharbhadh la Nortmannaibh, conadh dó ro ráidheadh,




Cuilen for comairge Dé ar phéin iffrinn olc allí,
Rommenair Cuilen do choi dég do ruimen ro badh rí.




Maelfebhail, inghen Maoilsechlainn, dég. Ar do thabhairt ar Ghallaibh
Luimnigh la Connachtaibh.



Aois Criost, ocht ccéd ochtmodha a cúigh. An nómhadh bliadhain do
Fhlann. Maoltuile, mac Cuilen, abb Cluana fearta Brénoinn,
Maolpádraicc, sccribhnidh, egnaidh, agus abb Treoit, Ronán, mac
Cathail, abb Cluana Dolcain, Cucongalta, abb Cluana hIoraird,
Maolmartain, abb Achaidh bó Caindigh, Sloghadhach Ua Raithnen, abb
Saighre, agus Maenach, abb Cille achaidh Dromata, agus Carthach,
abb Biorair, dég. Ferghal, mac Fionnachta, abb Cluana hUamha, agus
hUamanán, mac Cérén, prióir Cluana hUamha, do mharbhadh la Nortmannaibh.
Sneidhghius, egnaidh ó Disert Diarmada, aidi Chorbmaic, mic Cuilennain,
Dunghal, mac Cathail, seachnabb Tighe Munda, dég. Dunchadh, mac
Duibhdabhoirenn, rí Caisil, dég. Cathraoineadh for Fhlann, mac
Maoilseachnaill, ria nGallaibh Atha cliath, dú i ttorchair Aedh, mac
Conchubhair, rí Connacht, agus Lergas, mac Cruinden, epscop Cille dara,
agus Donnchadh, mac Maeledúin, abb Cille Dealga agus cheall naile, agus
sochaidhe ele nach airemhther. Dobhailen,


L. 538


mac Gormghusa, tighearna Luighne Connacht, décc. Do Corca Firtri a
chenél, agus as uaidhibh Uí Dobhailen. Cearbhall, mac Dunghaile,
tighearna Osraighe, dég. Tolarg, mac Ceallaigh, an dara tighearna boí
an tan sin for descert Bregh, dég. Ereamhon, mac Aedha, rí Uladh, do
mharbhadh la hElóir, mac Iargni do Nortmannaibh. Anrothan mac Murchada,
tighearna Ua cCriomhthannáin, dég. Guin Maoilchertaigh, mic Fiachrach,
tigherna Ua mBairche. Guin Tressaigh mic Iolguini. Maolcobha mac
Cronnmhaoil, abb Arda Macha, do écc, iar sendataidh. Do mhuintir
Chille móire do sidhe.



Aois Criost, ocht ccéd ochtmodha, a sé. An deachmhadh bliadhain do Fhland.
Maolodhar, epscop Cluana mic Nóis, Seachnusach, mac Focarta, abb
Cluana móir Maedhog, Maolpatraicc, mac Néill, abb Sláine, Eoghan, mac
Cinnfaolaidh, abb Imleacha Iubhair, Airmedhach, abb Maighe bile, agus
Diarmaid, mac Rui, abb Tighe Munda, dég. Flann, inghen Dúnghaile,
ben Máilsechlainn, mic Maolruanaidh, rí Ereann, agus ba hisidhe mathair
Fhloinn Sionna, dég iar ndeighbhethaidh, agus iar bpennainn hi
cCluain mic Nóis, agus a hadhnacal hisuidhe. Giblechán, mac
Maoilbricchde, tighearna Conaille Muirtheimhne, dég. Indreachtach, mac
Aedha, tighearna Ciarraighe Luachra, agus Gormacán, mac Flainn, flaith
Ua mBairrche tíre, dég. Fiachna, mac Ainbhith, rí Uladh, do
mharbhadh la hUltaibh budhdhéin. Indredh Aird Brecain, agus Domhnaigh
Patraicc, Tuilen, agus Glinne da locha lá Gallaibh. Cionaedh, mac
Cennédidh ríoghdhamhna Laoighisi, do mharbhadh. As dó ro ráidheadh,




Ba liach ua Cathail caín, foben subha síl Beraich,
Mac righ Ratha Bacain buain, Cionaedh cinged gin nGabhruain.


L. 540



Aois Criost, ocht ccéd ochtmodha a seacht. An taonmhadh bliadhain décc do
Fhlann. Seachnasach, abb Luscca, Fland, mac Maoildúin, abb Ia,
Corbmac, abb Fobhair, agus tanaisi abbaidh Cluana mic Nóis, Corbmac,
mac Fiannamhla, abb Droma Inasclainn, Fothaidh abb Mainisdreach Búite,
Suibhne, mac Maoilumha, angcoire, agus scribhnidh Cluana mic Nóis,
décc. Maolmhórdha, mac Gairbhith, tighearna Conaille Muirthemhne, do
dhichennadh la Ceallach, mac Flannagáin. Orgain Cille dara agus Cluana
hIoraird la Gallaibh. Ar Osraighe las na Déisibh, agus marbadh
Braonain, mic Cerbhaill, agus Suibhne, mic Dúnghusa, tighearna Ua
Ferghusa ann dna. Ar Gall la hUí nAmhalghaidh, dú i ttorchair Elair,
mac Báirid, aen dia ttoisechaibh, agus drong oile imaille fris.
Maolfabhaill mac cléirigh, tighearna Aidhne, décc. Aonach Taillten do
aige la Flann, mac Maoilsechnaill. Banscál ro lá an mhuir i ttír ind
oirer Alban. Cúig troighthe nochat ar chéd ina fott, ocht
ttraighte décc fod a trillsi, seacht ttraighe fod meor a laimhe, a secht
naile fod a sróna. Gilithir géis uile hí. Concobhar, mac Flannaccáin,
tighearna Ua Foilghe dorgain fri daighid i cCluain fota mic Fini, isin
ecclais, agus minna Finniain do sárughadh la Feraibh Tulach, oc
tiachtain dó ó accallaimh Flainn, mic Maoilechlainn rí Ereann.



Aois Criost, ocht ccéd ochtmodha a hocht. An dara bliadhain décc do
Fhlann. Maolbríghde abb Cluana mic Nois, agus Maolcorghais,
abb Lothra,


L. 542


dég. Tighearnán, mac Seallacháin, tighearna Brefne, dég. Gaoth mhór
lá féle Martain na bliadhna so, co ro thrascair cranna iomdha, co ttarat
fíodh ár mór for chailltiph Ereann, co rucc derthaighe agus tighe aile as
a láthraighibh archena. Maidhm ria Riaccán, mac Dunghaile, for Ghallaibh
Puirt Lairge, Locha Carman, agus Tighe Moling, i farccbhadh dá chéd
ceann. Maidhm ria ttuaiscert Connacht for Gallaibh, i torchair Eloir mac
Baritha. Maidhm for elibh ria mac Maelguala, agus ria fferaibh
Mumhan oc Caisiul i torchair sochaidhe do mhacaibh caomhaibh.



Aois Criost, ocht ccéd ochtmodha anaoi. An treas bhliadhain décc do
Fhlann. Cochlán, abb Tighe Munna, Dichuill Tamhlachta, agus
Fearghus, mac Maoilmichil, ferthighis Cluana mic Nóis, décc.
Suadhbar .i. mac Coitcedhaigh Insi Snaicc, dég, agus ba hancoiri esidhe.
Becc, mac Eriomhon, rí Uladh, do mharbhadh la hAteidh, mac Laighne.
Conghalach, mac Flannaccáin, tighearna Bregh, do écc iar ndeighbheathaidh.
Riacán, mac Echtighearn, tighearna Ua cCeinnselaigh, Selbhlaith,
inghen Aedha, agus Maoletigh, inghen Cathmhail, dég. Dubhchenn, mac
Cionaidh, tighearna Fer Cualann, dég. Cumasc agus cennairrce im
cincthídhis do shunnradh í nArd Macha eitir Cenel nEoghain agus Ulta
.i. eitir Adteid, mac Laighni, agus Flaithbheartach, mac Murchadha, co
ros ettarscar Maelbrighde comharba Pátraicc iatt iaramh. Riar
Maolbrighde iarsin hi ccol einicch Pádraicc ó choicceadh Ereann .i.
ó choicceadh Uladh lá gabháil a naittire .i. triocha seacht cumhal, agus
cethrar hí ccrochadh ó Ultaibh, a coimmeit oile ó


L. 544


Chenel Eoghain. Maolodhar, mac Forbassaigh, primh breithemh
Lethe Cuind, dég. Losccadh Ratha Etain, i torchair Eccertach, mac
Coirpre. Lachtnán, mac Maoilciaráin, tighearna Tethbha, décc.
Faolán, mac Guaire, tighearna Ua Ceinnsealaigh, Niall, mac Corbmaic,
tighearna na nDéisi, dég. Mochta, dalta Fethghna, epscop, ancoiri,
agus scribhnidh Arda Macha, dég.



Aois Criost, ocht ccéd nocha. An cethramhadh bliadhain décc do Fhlann
Maolpedair, mac Cuáin, epscop Tíre dá ghlas, agus comharba Brénainn,
Ciarán, mac Maolduibh, abb Airdne Coluim, Colcca, mac Caithniadh, abb
Cluana heidhneach, Loichene, abb Daimhinsi, agus Oenachan, mac
Mailetuile, seacnabb Doimliacc Cianáin, dég. Muiredhach, mac
Eochacáin, rí Uladh, do mharbhadh la hAdith, mac Loegne. Dubhlachtna,
mac Maolguala, rí Caisil, dég. Ceallach, mac Flannagáin, tighearna
Bregh, do marbhadh la Foghartach, mac Tolairg, i meabhail, conadh ann
asbert Flannacán féisin ogá egaíne,




Giolla Ceallaigh so aniar, gobhar Ceallaigh lais na láimh,
As mana dér an scél garbh, ní dalbh as marbh mac Dearbháil.
Ni baí mac rí ríghe tor, fo Ceallach ngormainech nglan,
Teaghlach fo theaglach an fhir ní fhil fo nimh niamhdha gal.




Flann, mac Lonáin, ro ráidh,




Amhra tré ceng, trí meic Flainn imluaidhet Odhba,
Congalach Cuilt, Ceallach Cerna is Cionaodh Cnodhbha.
Ma ro bith Ceallach cintach dirsan a dith ba belchath,
Moruar ba rom a bhoeghal, nad rumalt saeghal seanchadh.


L. 546



Ruadhachán, mac Cathaláin, tighearna Fear cCúl, do mharbhadh
i nOsraighibh agus Indreachtach, mac Mailedúin, tighearna Caille
Follamhain i lurg Maolruanaidh, mac Flainn, agus mic Iomhair.
Cindeitigh, mac Cionaodha, tigherna Ua mBriuin, do mharbhadh ó
Forthuthaibh Laighen. Maolgorm, tanaisi na nDeisi, do mharbhadh.
Scolaicche, mac Macáin, tighearna Dealbhna Eathra, do mharbhadh la
muintir Cluana mic Nóis, Conadh ina dhíoghail ro marbhadh Maolachaidh
Iaramh. Ard Macha do orccain la Glúniarainn, agus la Gallaibh Atha
cliath, co rucsat deichneabhar agus seacht ccéd i mbroid leó, iar
ndiscaoileadh araill don eacclais, agus iar mbrisedh an dearthaighe.
Conadh dó is rubhradh,




Truagh, a naemh Padraicc, nar anacht thernaighe,
An gaill co na ttuaghaibh, ag bualadh do dhearthaighe.




Maolaithghein, epscop Arda Macha, do écc.



Aois Criost, ocht ccéd nocha a haon. An cúicceadh bliadhain décc do
Fhlann. Soerbhrethach mac Connaidh scribhnidh, egnaidh, epscob
agus abb Corcaighe, Blathmhac, mac Taircealtaigh, do Breghmainibh, abb
Cluana mic Nóis, Morán Ua Buidhe, abb Biorra, décc, iar ndeighbethaidh
cian aosda. Maolachaidh seacnabb, .i. prioir, Cluana mic Nóis, agus abb
Daimhinsi do dhul i martra la Dealbhna Eathra, do rad lugha fri bás co
na boí cion dó i marbhadh Scolaighe. Muireadhach, mac Maolruanaidh,
príóir Luscca, dég. Flannaccán, mac Ceallaigh, tighearna Bregh uile
do mharbhadh hic Olbha la Nortmannaibh. Cionaedh mac Flannagáin,
tanaisi Bregh uile, do décc i nDún Bric. Flaithbeartach, mac
Murchadha, tighearna Ailigh, do mharbhadh la hUa mBresail.
Maolmoicherghe, mac Indrechtaigh, tighearna Leithe Chathail, do mharbhadh
lá Leith Chathail feissin.


L. 548


Cumascach, mac Muiredhaigh, tighearna Fear nArda Ciannachta, do
marbhadh la hUltaibh. Murchadh, mac Maenaigh, tighearna deisceart
Connacht, agus Diarmait tighearna Luighne, dég. Flann, mac Lonáin,
Uirghil shil Scota primh fhile Gaoidheal uile, file as deach baí i
nErinn ina aimsir, do mharbhadh la mharbhadh la macaibh Cuirbhuidhe,
do Uibh Fothaith iatsen, hi nduinetaidhe hic Loch dácaoch i ndeisibh
Mumhán. Ar Gall lá Conaille, agus la hAthdeidh, mac Laighne, in ro
marbhadh Amhlaoibh Ua Hiomhair, agus Glúntradhna, mac Gluniarainn, co
nocht ccétaib imaille friú. Ar nEoghanachta la hOsraigibh i nGréin
Airbh, .i. la mac Cearbhaill, agus la Laighnibh. Sitriuc, mac Iomhair,
do mharbhadh la Nortmannaibh oile.



Aois Criost, ocht ccéd nochat a dó. An seiseadh bliadhain décc do
Flann. Airgetan, mac Forandain, abb Corcaighe, Cathasach, mac
Ferghasa, tanaisi abbadh Arda Macha, occán craibhdech, agus Comsudh,
mac Echtgaidhe, uasal shaccart Arda Macha, décc. Huathmharán, mac
Conchobhair, tighearna Ua fFailghe, do mharbhadh a mebhail lá Cosgrach,
mac Rechtabhratt, agus Cosccrach, mac Rechtabhrat, tanaisi Ua Failghe do
mharbhadh ina dhíoghail. Bran, mac Muiredhaigh, tanaisi Laighen, do
mharbhadh. Laeghaire, mac Maélfuataigh, tighearna Fear cCeall, dég.
Maeleitigh, mac Feradhaigh tighearna fer Rois do mharbhadh la Gallaibh.
Cathraoinedh oc Ráith Cró ria Maolfinnia, mac


L. 550


Flannaccáin, for Aiddeidh, mac Laighne, agus for Dal nAraidhe, in ro
marbhadh Muiredhach, mac Maoiletigh tighearna Dál Araidhe, agus
Aindiarraidh mac Maoilmoicheirghe, mic Indreachtaigh, ticchearna Leithe
Chathail, co tribh cédaibh amaille friu, agus terna Addeid os é
crechtnaighthe co mór conadh do sin ro ráidh Maolmitich, mac Flannagáin,




Ulaidh imtrath do lo ro gadatar da biú,
Ag fagbháil dóibh ar errach nír bo doirbh cendach friú.




Indreadh Connacht la Flann, mac Maoilechlainn, agus a ngeill do
thobhach.



Aois Criost, ocht sic nochat a trí. An seachtmhadh bliadhain décc do
Flann. Coirpre, mac Suibhne, abb Lainne Lere, Egertach, airchinnech
eccailsi bicce, athair Aenacáin agus Dunadhaigh, dég. Maolagrai, mac
Gairbhith, tighearna na nAirthear, do mharbhadh la hAmhalghaidh, mac
Eachdach. Ruarc, mac tighearnáin, tighearna Breifne, Dobháilén, mac
Ailella tighearna Ua Meith Macha, dég. Maelmaire, mac Flannagáin,
tighearna Fer Lii, dég. Aedhaccán, mac Conchobhair, tighearna Teathbha,
dég. An tailithir do dhol a hErinn. Ard Macha do orgain
ó Ghallaibh Locha Febhail, agus Cumascach do ghabháil dóibh, agus a
mhac Aodh mac Cumasccaigh do mharbhadh. Sluaiccheadh lás na Deisibh,
la Gallaibh, agus lá Ceallach, mac Cearbhaill, tar Osraighibh go Gabhrán
dú in ro marbhadh Maolmordha, mac Maolmuaidh, agus drong mór oile amaille
friss. Guin trí mac nDuibhghiolla mic Bruadair, agus mic Eoghain mic
Cuilennáin, i crích na nDeisi. Cioth fola do fherthainn i nArd
Ciannachta.


L. 552


Aois Criost, ocht ccéd nochat a cethair. An tochtmadh bliadhain décc do
Fhlann. Seachnasach, abb Tamhlachta Maeileruain, Mescell abb
Imleacha Iubhair, Arggatán, abb Corcaighe móire,
agus Breasal, fer leighinn Arda Macha, dég. Gairbhith,
mac Muireccáin, tighearna Derlais, dég. Donnaccán,
mac Fogartaich, tanaisi Tochair Eathach dég. Ar Conaille la
hUibh Eathach, dú i ttorcair dá mhac Gairbhith, .i. mac
Eitigh, agus Maolmoghna. Athnuuadhucchadh sic aenaigh
Connacht la Tadhg, mac Conchobhair, agus athnuadhucchadh
aonaigh Taillten lá Diarmaid, mac Cearbhaill, agus a náighe dibhlinnibh
leó. Sloigheadh lá Connachtaibh i nIarthar Mídhe. Sárucchadh Insi
Ainghin, agus duine do ghuin for a lár, agus scrín Ciaráin innte, agus
seanadh sruithe im Cairpre Crom, epscop Cluana mic Nois. Maidhm for
Chonnachtaibh occ Ath luain ria nIarthar Midhe isin ló chédna
co fargaibhset ár cenn leó.



Aois Criost, ocht ccéd nocha a cúicc. An naomhadh bliadhain décc do
Fhlann. Muirghios, epscop agus abb Dísirt Diarmada, Maelbríghde,
mac Phroligh, neach naemhtha ba hardespucc Mumhan, Flaithim, mac Nechtain,
abb Leith, Maenach, mac Caemháin, abb Doimhliacc, Fingin, angcoire
Cluana mic Nóis, agus Toicthiuch Insi Ainghein, dég. Gaill for Loch
Eachdhach i calainn Ianuair, co rusat Etach Padraic. Tadhg, mac
Conchubhair, rí teora Connacht,


L. 554


dég iar mbeith i ngalar fhoda. Rian, mac Bruadair, do mharbhadh la
Gallaibh. Mordhál occ Athluain etir Fhlann, mac Mailechlainn, agus
Cathal, mac Conchubhair, agus Cathal do thocht hi ttaigh Flainn for
comairce samhtha Ciaráin, gur bó riarach don righ iaramh. Orgain Cille
dara la Gallaibh. Crech lá Laighnibh for Osraighibh, co ro marbhadh ann
Buadhach, mac Ailella.



Aois Criost, ocht ccéd nochat a sé. An fichetmhadh bliadhain do Fhlann.
Caróc, mac Mailcróin, abb Achaidh bioroir, décc. Maolbreasail, mac
Maoldoraidh, tighearna Ceneoil cConaill, do mharbhadh hi cath Sailtin
la Murchadh mac Maoiledúin, tighearna Ceneóil Eoghain. Claomhchludh righ
hi cCaisiol .i. Corbmac mac Cuileannáin a nionadh Chindghégain .i.
Finnguine. Maolruanaidh, mac Flaind, mic Maoilseachnaill, do mharbhadh
(.i. a losccadh i ttigh theineadh) la Luighnibh .i. lá macaibh
Cernacháin, mic Taidhg, agus lá mac Lorcáin, mic Cathail, tighearna
Midhe. Torchair dna leó Maolcroin .i. athair Caindelbháin, mac
Domhnaill, tighearna Cheneoil Laoghaire, conadh dó ro ráidheadh,




Hi Cetain cruaidh scarrusa, fri Maolruanaidh ran rath,
Dia Dardain gabhusa céill, for inghnais mic mathar.




Agus dubhchuilinn, abb Ruis each, Tiopraitte, mac Nuadhat, abb
Condaire, Lainde Ela, agus Lathraigh Briuin, do écc. Dubhlachtna,
mac Ceirine, tighearna Ua mBairrche, dég. Ar Gall lá hUltoibh.



Aois Criost, ocht ccéd nocha a seacht. A haon fichet do Fhlann.
Fogartach, mac Flainn, abb Lathraigh Briuin, agus tighearna Fothart
Airthir Life, dég. Aididh, mac Luighne, rí Uladh, do mharbhadh la a
chenel féin .i. la


L. 556


Maelbairne. Fionnguine .i. Cenngegain, rí Mumhan, do mharbhadh la
a chenél féin. Iondarbadh Gall a hErinn, a longport Atha cliath la
Cearbhall, mac Muiregein, agus lá Laighnibh, la Maolfinnia co feraibh
Bregh imme, co fárccaibhsiot dréchta mora dia longaibh dia neis, agus co
nerlaiset leathmharbh tar muir. Dunghal, mac Cerbhaill, do ghuin la
Laoighis. Cacht for Gallaibh Atha cliath in Inis inic sic Neachtain.
Foghartach, mac Flaind, dég. Cathusach mac Ferghusa, tanaissi abbadh
Arda Macha, do écc.



Aois Criost, ocht ccéd nocha a hocht. An dara bliadhain fichet do Fhlann.
Caenchomhrac Insi Endoimh, epscop agus abb Lughmaidh, aitti Aenacain,
mic Eccertaigh, agus Dúnadhaigh, mic Eccertaigh ó ttat Uí Chuinn na
mbocht, dég an treas lá fichet Iulí. Suairleach, angcoire agus epscop
Treóit, Maolciaráin, abb Tire dá glas, agus Cluana heidhnech, Ailill,
mac Aongusa, abb Cille Cuilinn, Cosccrach, fris a ráite truaghan,
angcoire Insi Cealtra, Tuathal, ancoire, dég. Scandal Tighe Telle,
Ailill Ratha epscoip, agus Reachtabhra Rosa Cré, dég. Caenchomhrac
na nuamh i nInis bó finne, dég. Maolfinnia, mac Flannaccáin, tigherna
Bregh, laech iriseach craibhdheach esidhe. As dia écc ro ráidhedh,




Mac Dearbhail ag báigh ar Breghmhach, brisidh gach dáil gan dolbhach,
Maol fial Finnia foroll faobhrach, eo ruadh ro ghorm roghlach.


L. 558


Bath umhal rí réim gan ghabhadh, ardchlí os Eamhna oenaigh,
Fear ad feidhim cen baoghal, bá fiu Erinn a aonar.
Maolfinnia, fer cen hualla, coimdi Breagh, breó dar dinna,
A dealbhdha ri rogach rath, gormfhear corach, cathlonn conna.
Laoch rí brogha buillibair, co tráigh mara múchtais gell,
Monuar cen Maolfinnia fial bassi an grian fri nitha nell.




Duibghiolla, mac Eittirsceóil, tighearna Ua cCeinnsealaigh, Cinneidigh,
mac Gaoithine, tighearna Laighsi, agus na cComan, Aindiarraidh mac
Maolmuire tighearna Tuirbhe décc. Ciarán, mac Dunghal, tighearna
Muscraighe, do mharbhadh la a muintir féin. Conligan, mac Corcráin, do
mharbhadh a ndioghail Cindgegain. Ceallach, mac Saerghusa, ancoiri,
agus epscop Arda Macha, do écc.



Aois Criost, ocht ccéd nocha anaoi. An treas bhliadhain fichet do
Fhlann. Dunghal, mac Baeithine, abb agus epscop Glinne dá locha,
Coirpre Crom, epscop Cluana mic Nóis. As dó tuarccaibh spiorat
Maoilsechlainn, mic Maolruanaidh cend. Ioseph Locha Con, abb Cluana
mic Nóis do Uibh Fiachrach an tuaisceirt a chenel. Flann, mac Conaill,
abb Imlecha Iubhair, Cennfaoladh, mac Corbmaic, airchinneach Achaidh úir,
Foghartach, mac Maoildoraidh, tighearna Ceneóil Conaill, do thuitim mo
ghai féin, agus a écc dhé, conadh dó do ráidhedh,




Ruire echtach Eassa Ruaidh, immo tteccraitís mór sluaigh,
Ass ib digh mbáis baeghlach sé, iar ccrádh uí Iese (.i. Criost).


L. 560



Macleighinn, mac Bruadair, tighearna Muscraighe Breogain, dég.
Cionaedh, mac Maelruanaidh, agus Aodh, mac Iolguine, flaith Ua
mBairrche, do mharbhadh na ndís lá Cendubhan, mac Maelecáin.
Fubhthadh, mac Murchadha, tighearna Ua Criomhthannáin, dég. Furbaidhi,
mac Cuilennain, tighearna Ua Foircheallain, do ghuin. Bruaitedh mac
Flaithbeartaich, tighearna Corcomdruadh, dég. Sárucchadh Cenannsa la
Flann mac Maoileachlainn, for Dhonnchadh for a mhac fodhéin, agus
sochaidhe ile do dhichendadh ann don chur sin.



Aois Criost, naoi ccéd. An cethramhadh bliadhain fichet do Fhlant.
Maolcianan, mac Foirtcheirn, epscob Lainne Léire, Liotan, abb
Tuama da Hualann, Flannacan Ua Lonáin, abb leth Mocaemhocc, Dubhan,
abb Cille dari, agus Lachtnan, abb Fearna, dég. Diarmaid, mac
Cerbhaill, do iondarbadh a ríghi Osraighe, agus Ceallach, mac Cearbhaill,
do rioghadh tar a éis. Oileach Frigreann do orgain do Ghallaibh. Imnisi
catha etir dá mhac Aodha Finnleith .i. Domhnall agus Niall cco ro
toirmiscceadh tria impidhe Ceneóil Eoghain. Maidhm ria cCeallach, mac
Cearbhaill, agus ria nOsraighibh for Eilibh agus Muscraighibh, i
ttorcair cx. im Thechtegan, mac Uamnacháin im tighearna nEli agus
sochaidhe ile. Ailfrid, righ ró ordneadh recht, agus féneachus na Saxan,
agus an righ budh mó echt, foirglighe gaois agus crabhadh do righaibh
Saxan, dég.



Aois Criost, naoi ccéd a haon. An cúigeadh bliadhain fichet do Fhlann.
Indreachtach, mac Dobhailen, abb Bendchair, décc, an seiseadh lá
fichet April, dia nebradh,


L. 562



A haon trí céd cadla cuir, ó etsecht Comhghaill Beannchuir,
Co ré roenaidh ruarthar ngle Inrechtaigh aird oirdnidhe.




Maolpoil, abb Sruthra Guaire, Furadhran, mac Garbhain, prióir
Cille hAchaidh, dég. Céli, mac Urthuili, prioir Achaidh bó Caindigh,
Eigneachan, mac Dálaigh, mic Muircheartaigh, tighearna Ceneoil Conaill,
dég. As dia écc adrubradh,




Ecc is eitigh foraccaibh sluagha saighes iar setaibh,
Ma ro claoidenn rí seitrech, mór liach Eccneach i négaibh.
Eccneach ba dodhaing dóccaib, rí Ceiniuil Conaill chédaigh,
Dirsan gnúis crédhbhás mídhend fo tuinn irenn iar néccaibh.
Indreachtach Bendchair buidhnigh, Ciarmhac Gabhra gairm sobhraigh.
Fland Feabhail, fial fri dodhaing, Eccneach sil Conaill caingnigh.




Flann, mac Domhnaill, rídhamhna an tuaisceirt, décc. Ciarmhacán, mac
Flainnabhrat hUi Dunadhaigh, tighearna Ua Conaill Gabhra, dég.
Ciarodhar, mac Crundmhaoil, tighearna Ua Felmedha, Laidhgnen,
mac Donnagáin, tighearna Fernmhaighe, do mharbhadh. Muiredhach,
mac Domhnaill, righdhamhna Laighean, do ghuin i ttíribh Mumhan, agus
a écc. Mudan, mac Donnghaile, tighearna Corca Laighdhe, dég. Sloighedh
la Flann mac Maoilsechlainn, agus la Cerbhall, mac Muiregáin, co fiora
Mumhan, go ro hionnradh leó ó Ghobhran go Luimneach. Glaissini, mac
Uisseni, tighearna Ua Maccaille, dég.



Aois Criost, naoi ccéd a dó. An seiseadh bliadhain fichet do Fhlann.
Colmán, scribhnidh agus epscop Doimhliacc, agus Luscan, Ferghil,
epscop Findabhrach, agus abb Indeidhnén, agus Flann, mac Oenacain, abb
Luscan, dég. Flann, mac Flaithbertaigh, tighearna Corca Modhruadh,
dég. Slóigheadh fear Mumhan lá


L. 564


Corbmac, mac Cuilennain, agus la Flaithbertach go Maigh Léna.
Tionóilset Leth Cuinn ina ndóchom and sin im Flann, mac Maoilechlainn,
agus fearthar cath etorra, co ro mheabhaidh for Leth Chuinn, agus do
rochair ann Maolcraoibhe Ua Cathaláin. Slóigheadh oile lá Corbmac, agus
lá Flaithbheartach for Uibh Néill an deisceirt, agus for Connachtoibh, co
ttuccsat gialla Connacht ina ccobhlaighibh móraibh iar Sionainn, agus
airccther innseadha Locha Ríbh leó.



Aois Criost, naoi ccéd trí. An seachtmhadh bliadhain fichet do Fhland.
Maolmartain, abb Lughmhaidh, Diarmaid, abb Daire Calgaigh, Corbmac,
abb Droma Móire, agus Suibhne, mac Duibh Da Bhoirent, prióir Cille Dara,
dég. Maolocchrai, mac Conghalaigh, tighearna Locha gabhar, do mharbhadh
la Fogartach, mac Tolaircc. Cath Bhealaigh mughna ria fFlann mac
Maoilsechlainn, rí


L. 566


Ereann, agus ria cCerbhall, mac Muireigein, rí Laighen, agus ria
cCathal, mac Conchobhair, rí Connacht for Corbmac mac Cuilennáin, rí
Caisil. Ro meabhaidh


L. 568


an cath for corbmac agus atrochair féin ann, gér bo liacha thuitim, uair
rí, easpucc, angcoire, scribhnidh, agus egnaidh derscaighthe isin mberla
Scoiteccdha esidhe. Atiad na Saerclanna torcratar imaille fris.
Foghartach, .i. eccnaidhe mac Suibhne, tighearna Ciarraighe Cuirche,
Ceallach mac Cearbhaill, tighearna Osraighe, Maolgorm, tighearna
Ciarraighe Luachra, Maolmórdha, tighearna Raithlinne, Ailell, mac
Eoghain, abb Trín Corcaighe, Colman, abb Cindéittigh, agus tighearna
Corca duibhne, agus aroile saorclanna cenmotátsidhe go sé mílibh hi
maille friú. As dia foraithmet sin ro ráidheadh indso la Dallán mac Móire,


L. 570



Corbmac Feimhin Fogartach, Colmán, Ceallach, cruaidh nughra,
Atbathsat co nil mhilibh, hi ccath Bealaigh muadh Mughna.
Flann Teamhra don Taillten mhaigh, Cearbhall don Carmain cin ach,
Hi Sepdecim September, cloiset cath cétaibh iolach.
An tepscop, an tanmchara, an suí ba sochla fordharc,
Rí Caisil, ri Iarmhumhan a Dhé dirsan do Chorbmac.




As do bliadhain báis Corbmaic ro ráidheadh bheós,




O genair Iosa do nimh, a trí, naoi ccéd do bliadhnaibh,
Co bás Corbmaic comhal nglan, ba liach a écc rí Mumhan.




Fiach Ua Ugfadhan, ó Denlis, asé ro dhíchenn Corbmac. Slóighedh la
Cenel nEoghain
.i. la Domhnall, mac Aodha, agus la Niall, mac Aodha, co ro loiscceadh
Tlachtgha leó. Cnáimheini, mac Maenaigh, tighearna Ele, dég.



Aois Criost, naoi ccéd a cethair. An tochtmhadh bliadhain fichet do
Fhland.
Ruadhan, epscop Luscan, agus Cumascach, mac Ailella, fertighis
Arda Macha,
dég. Mughroin, mac Sochlachain, tighearna Ua Máine, dég.
Amhalgaidh, mac Congalaigh, tanaisi Bregh, agus Flann, a bhrathair, do
mharbhadh lá Conaillibh Muirtheimhne.
Colmán, mac Cionaith, tighearna Ciarraighe Luachra, do écc.
Daimhliacc Cluana Mic Nóis do dhénamh las in rícch Flann Sionna, agus lá
Colmán Conaillech.
Bec Ua Lethlobhair, tighearna Dál nAraidhe, dég. As dó ro
ráidhedh,


L. 572



Ardscél scailti lang lir, foruair mór nuilc is nimhnidh,
Nad mair orgais druach dil, cloth ruire Tuaighe Inbhir.




Cearbhall, mac Muireigéin, rí Laighen do mharbhadh. As occa eccaíne
ro ráidheadh,




Mór liach Life longach, gan Cearbhall cubhaigh ceileach,
Fear fial fosaidh forbharach, dia bfoghnadh Eriu éimhech.
Liach liomsa Cnoc Almhaine, agus Ailleann cen ócca,
Liach lem Carman, nocha cel, agus fér dar a rótta.
Nír bhó cian a shaoghal somh, daithle Corbmaic ro cuilleadh,
Lá co leith, ní maoilriaghail, agus aoin bliadhain cen fuilleadh.
Ermach righe róghlaine rí Laighean línibh laechradh,
Dirsan all nard nAlmhaine do dhol i set serbh saethrach.
Saeth la setaibh sorchaidhe flaith nár Náis noithigh niarsna,
Ro traetha dronga dorchaidhe, ba moo liachaibh an liachsa.




Do Cerbhall bheos,




Ba congbhaidh Cerbhall do ghrés, ba sobraidh a bhes co bás,
In ro baí dia cert gan cíos, taircheall asa nert fri nás.




Gormlaith adbert,




Olc formsa commaoin an dá ghall, marbsat Niall agus Cearbhall,
Cerbhall la Hulb comal ngle, Niall Glundubh la hAmhlaidhe.


L. 574



Hi Cill Corbbáin ro hadhnaiceadh Cerbhall, amhail asberar,




Failet noi righ, réim nágha, hi ccill nan fo neimh niamhdha,
Muireccan, maen gan mearbhall, Cellach is Cerbhall ciallda.
Colman, Broen, is Bran beodha, Find, Faolan, Dunchadh dána,
Hi Cill Chorbáin, ro chuala, ro claitti a nuagha ágha.




Aois Criost, naoi ccéd a cúig. A naoi fichet do Fhlann. Maolmordha,
airchindech Tíre dá ghlas, dég. Uallachán, mac Cathail, tanaisi
Ua Failghe,
do mharbhadh. Cath Maighe Cumma ria Flann, mac Maoilseachlainn,
agus ria
mhacaibh for fiora Brefne, in ro marbhadh Flann, mac Tighearnáin,
tighearna
Breifne, agus a mhac, agus sochaidhe do shaorchlandaibh oile a maille ré
trí mhíle do
thuitim amaille friu isin cath sin. Cobhlach la
Domhnall Ua Maoilechlainn,
agus la hIndreachtach, mac Conchobhair, for Loch Deirgderc, co ro
raeinset for
cobhlach Mumhan, agus ro marbhadh sochaidhe mór leó. Airdhe niongnadh
do thochar
an bliadhainsi .i. di gréin dfaicsin for a rith i maille i noen ló.
Derthech
Maighe eo do losccadh. Aodh, mac Maolpatraicc, tighearna
Ua fFiachrach,
do mharbhadh la Niall, mac Aedha. Buadhach, mac Mothla, tanaisi na
nDéisi, décc.



Aois Criost, naoi ccéd a sé. An deachmhadh bliadhain fichet do Fhlann.
Etigén, mac Finghin, abb Treóit, dég. Fogartach, mac Cele,
tighearna
Ua mic Uais, dég. Aedh, mac Duibhghiolla, tighearna Ua nDróna na
tTrí Maighe,
tanaisi Ua cCeinnselaigh, do mharbhadh la hUibh Bairrche. As do ro
ráidheadh:


L. 576



A ócca Ailbhi aini, caoinídh rí Sláine saoire,
Ercbaidh Aodh buidhnech Berbha, coirí for Ferna faeine.
Fearna mór milibh daghrath, nis ránaic ar madh cuimhneach,
Marbhán badh ergna alladh, ó ro bith Bran Dubh buídhneach.
Ro faith mo dín mo ditiu, rí na rígh reidhedh rótu,
Is suaithnidh for ráith Aedháin Aedh i néccaibh, a óccu.




Dunlaing, mac Coirpre, rídhamhna Laighen, dég. Domhnall, mac
Aodha Finnléith,
tighearna Ailigh, do ghabháil bachla. Gaíthine, mac Aughrain, tanaisi
Laigisi, dég. Buadhach, mac Gusain, tanaisi Ua mBairrce tíre
dég.
Dianimh, inghen Duibhghiolla, bainchéile Dunlaing, dég, dia nebradh,




Dianimh dín ár ndeini, roscacht greimm righ na ndúile,
Dirsan taebh settu suaithnidh, do bheith i nuair tigh úire.




Aois Criost, naoi ccéd a seacht. A haon triocha do Fhlann.
Fionnachta epscop décc. Corbmac, epscop Saighre, dég.
Maolbrighde, mac Maoldomhnaigh, abb Liss móir, agus Flann, mac Laoighe,
abb Corcaighe, décc.
Sárucchadh Arda Macha la Cernachán, mac Duilgen, .i. cimbidh do bhreith
as in cill, agus a bhádhadh hi Loch Cirr fri hArdmacha aniar.
Cernachán do bhádhadh la Niall, mac Aodha, righ an Tuaisceirt isin loch
cédna hi ccionaidh sáraighthe


L. 578


Padraicc. Ruarc, mac Maolfabhaill, tighearna Cairrge Brachaidhe, dég.
Muiredhach, mac Mughróin, tighearna Cloinne Cathail, dég.



Aois Criost, naoi ccéd a hocht. A dó triocha do Fhlann. Tiopraite,
mac Maoilfind, epscop agus abb Imleacha Iubhair, dég. Muiredhach, mac
Corbmaic, abb Droma inesclainn, agus Gairbhith, mac Maoilmórdha,
tanaisi
Conaille Muirthemhne, dorgain i proinntigh Droma inesclainn, lá
Conghalach, mac Gairbhith, tighearna Conaille Muirteimhne. As do eccaíne
Muiredhaigh do ráidhedh,




Muiredhach, ciodh ná caoinidh, a chaomha,
As damhna do dhuinibáth as nél co nimhe naomha.
Mór deasbaidh an toirdnidhe mac Corbmaic milibh maisi,
An mionn foroll foirglidhe, ba caineall gacha claisi.




Sochlachán mac Diarmada, tighearna Ua Maine, dég hi ccleírcecht.
Cleirchein, mac Murchadha, tighearna Ua mBriuin Seola, dég.
Cuilennan, mac Maolbrighde, dég. Conghalach, mac Gairbhith, tighearna
Conaille Muirthemhne,
do mharbhadh la Conaillibh feísin isin nómhadh mís iar nargain an taighe
abbaidh
i ndruim inescclainn for Maolmordha agus for Muiredhach, mac
Corbmaic, abb
Droma inesclainn. Cathraeinedh ria nGallaibh for fhoirinn no chobhlach
dUlltaibh
i nairer Saxan, dú i ttorcratar ile im Cumasccach, mac
Maoilmoicherghe,
tanaisi leithe Chathail. Maolbrighde, mac Tornáin, do dhol i
Mumhain
do fhuaslaccadh ailithir do Bhreathnaibh.


L. 580


Aois Criost, naoi ccéd a naoi. An treas bhliadhain triochat do Fhlann.
Tiopraitte, epscop Cluana heidhnech, agus Maolmaedhocc, abb
Droma móir, dég.
Litheach, abb Cluana heidneach, agus Maolcaisil, abb Mungarat, décc.
Cathraoineadh occ Gulbain Guirt ria Niall nGlundubh, mac
nAodha Finnleith for
Connachtaibh .i. for Maolcluiche, mac Conchobhair, dú i ttorchair ár
Connacht,
im Maolcluiche feísin co sochaidhibh oile do shoichenélaibh. Iomaireag ria
Maolmithidh, mac Flannaccáin, agus ria nDonnchadh Ua Maoileachlainn for
Lorcán, mac Dúnchadha, agus for Fogartach, mac Tolaircc, co Laighnibh
leó, in
ro marbhadh daoine iomet, agus in ro herghabhadh sochaidhe mór.
Maelpatraicc, mac Flathrai, tighearna Ratha Tamhnaighe, dég.



Aois Criost, naoi ccéd a deich. An cethramhadh bliadhain dég ar fhichit do
Fhlann. Guill do thecht ind Erinn go ro ghabhsat hi Port Lairghe.
Sloigheadh
an Fhochla, agus Uladh uile im Niall Glúndubh mac Aodha i Midhe, go
Greallaigh nEillte go raoimhidh forrae ann ria Flann Sionna co na
macaibh airm i ttorcratar
dream dia ccaomhaibh im Fearghal, mac Aonghusa, mic Maoiledúin,
agus im Maolmordha mac nEremhóin, mic Aedha, dUltaibh, agus im herudan,
mac Gairbhith, flaith Ua mBresail agus im Diarmaid, mac Sealbhaich,
tighearna Dail Riatta,
agus im Maolmuire, mac Flannaccáin, tighearna Fearnmhaighe, agus im
Domhnall, mac Gairbhith, tighearna Conaille, agus im Connican, mc
Airechtaigh, agus
im Corbmac, mac Indreachtaigh, tighearna Ciaraighe, agus aroile
saorchlanna cen mo thátsidhe. As don chathsi at rubradh,




Brón do Ghrellaigh Ellti huair, fuaramar cuain ina táibh,
Asbert Corbmac fri Niall nach an leccar siar tiagam sair.


L. 582



Aois Criost, naoi ccéd a haon ndég. An cúigeadh bliadhain dég ar fichit
do Fhlann. Indreadh deisceart Bregh, agus descert Ciannachta lá
Flann, mac Maoilechlainn.
Maolbrighde, mac Geibhleacháin, tighearna Conaille, do mharbhadh
la hUibh Eathach isin cethramhadh mí iar ngabháil toisighechta dhó.
Oenghas, mac Floinn, mic Maoilechlainn, righdhamhna Ereann, do ghuin i
nGrellaigh Ellte la Cern, mac Birnn, agus a écc a ccionn sesccat la
iaramh. Conadh dia dhearbhadh do ráidheadh,




Beannacht for láimh Cirnn, mic Birnn, ro marbh Aenghas find muadh
Fáil,
Maith ind orrain gaisccidh geir díoghail Aedha Ollain áin.




Domhnall, mac Aedha .i. Aedh Findliath mic Néill, tighearna
Ailigh, dég hi ccleircecht, iar ndeigbhethaidh.
Conadh accá éccaoine, agus acc eccaoine Aongusa do ráidheadh,




O ghein Críost crí co nuagaibh, co bás Domhnaill, iar settaibh
Séd is deach na fáccaibh, aen bhliadhain dég ar naoi ccédaibh.
Airisne na bliadhna sa troim cheó do Bhanba brainigh,
Aenghas Midhe an mór ghlonnach, Domhnall, mac Aedha Ailig.
Nocha ro chin dEreannchaibh mac amhail Aonghus Codhail,
Is na reibh déidhenchaibh righlách fo Domhnall dobhail.
Trom chumha do Ghaoidhelaibh, tamhatar ind airigh sin,
Dias tosaigh ind earraigh se, bidhail is na hairisnibh.




Aois Criost, naoi ccéd a dó décc. An sesedh bliadhain décc ar Fhichit
do Fhlann. Maolciaráin, mac Eochacáin, abb Cluana hEois agus
Mucnamha,


L. 584


dég. Dalta Fethgna eisidhe. Slóicchedh lá Niall, mac Aedha Finnleíth
hi nDal Araidhe hi mí Iun do sunnradh. Loingsech Ua Lethlobhair,
tighearna Dal nAraidhe, dia ttarrachtain occ Freghabhail, agus ro
sraoineadh ria Niall fair co
farccaibh a bráthair isin lorcc .i. Flathruae Ua Lethlobhair. Aodh, mac
Eochagáin, rí an coiccidh, agus Loingsech Ua Lethlobhair dia lenmhain
iaramh go Cárn Ereann,
agus Niall do bhriseadh forra do rídhisi, agus cerran mac Colmáin,
toisech
Chenél Mailce, agus mac Allacáin, mic Laichtein, do mharbhadh agus
Dubhghall mac Aedha, mic Eochagáin, do chréchtnucchadh co mór, agus drong
mór dUlltoibh do mharbhadh
isin iarmhóirecht sin cen mo thát na deagh dhaoinesin. Sidh do dhenamh iar
sin hi calainn Nouember etir Niall, tighearna Oiligh, agus Aedh, rí an
choiccidh,
occ Tealach Occ. Nocobhlach mór do Ghallaibh do thocht go Loch
Dachaoch, go ro gabhsat longport and.



Aois Criost, naoi ccéd a trí dég. An sechtmadh bliadhain décc ar fhichit
do Fhlann. Scannlán, epscop agus abb Tamhlachta dég. Scannlán,
airchindeach
Congbhala Glinne Súilighe, dég. Orgain Corcaighe, agus Lismóir,
agus Achaidh bó


L. 586


ó eachtrandaibh. Ruarc, mac Maoilbrighde, tighearna Muscraighe thíre,
dég.
Frithuidhecht Flainn Sionna ó a mhacaibh .i. ó Dhonnchadh agus
Chonchubhar agus indradh
Midhe leó co Loch Ribh. Slóigheadh an Fhochla lá Niall, mac Aedha, rí
nAiligh, co ro ghabh naidhm Dondchadha, agus Choncobhair frí reir a
nathar, agus co
ffargaibh ossadh etir Midhe, agus Bregha. Tormach mór meinic do Gallaibh
do thiachtain co Loch Dáchaoch bheos, agus indradh tuath agus ceall
Mumhan leo do ghrés.
Lenae, mac Catharnaigh, tighearna Corca Bhaisgind, do écc.



Aois Criost, naoi ccéd a cethair décc. Aodh, mac Ailella, abb
Cluana ferta Brénainn,
Moenach, mac Dailigein, abb Achaidh bó Caindigh, Maolbairrfind,
saccart Cluana mac Nóis, agus Martain, ab Ruis Commáin, dég.
Cobhfhlaith, inghen Duibhdúin, banabb Cille dara, dég. Fogartach,
mac Tolaircc,
tighearna deiscceirt Bregh, agus Cathlán, mac Finsnechta, righdamhna
Laighen, dég. Gebhennach, mac Aodha tighearna Ua Fidhgeinte, do
mharbhadh la
Nortmannaibh. Bran, mac Eachtighern, tanaisi Ua cCeinnealaigh, do
mharbhadh
la Nortmannaibh, agus la Diarmaid, mac Cerbhaill, tighearna Osraighe.
Ard Macha do losccadh. Iar mbeith ocht mbliadhna décc ar fhichit hi
ríghe Ereann
do Fhlant Sionna mac Maoilechlainn, atbath i tTaillten. As acc eccaoine
Floind do ráidhedh indso,




Flann fionn Fremhann fearr cech claind, airdri Ereann gairgi a gluinn,
Ba se concertaidh ar ndrong, confarlaic tonn talmhan truim.
Tola tuile tocaidh móir carrmogal cóir crotha cain,
Cur cruthghlan do curadh cáich, flaith fear Fáil co fordathail.
Ail ind ordan uas cech cind, flaith find forgail fégtha rann,
Ruiten gréne grata grind rind na féne fele Flann. Etc.


L. 588



Ainle, mac Catháin, tighearna Uaithne Cliach, do bhásughadh lá Gallaibh
Locha dáchaoch.
Goill Locha Dachaoch beos do indradh Mumhan agus Laighen.



Aois Criost, naoi ccéd a cúig dég. An chéd bhliadhain do Niall
Glundubh, mac Aodha Finnleith uas Erinn hi ríghe. Maolgiric, abb
Cille hAchaidh,
dég. Aonach Taillten do athnuadhucchadh la Niall. Sitrioc, ua
hIomhair co na chobhlach do ghabháil oc Cind fuaith i nairer Laighen.
Raghnall, ua hIomhair, co cobhlach oile go Gulla Locha Dáchaoch. Ar for
Ghallaibh la Mumhain. Ar naile la hEoganachta agus ciarraghe for
Ghallaibh. Slóiccheadh Ua Néill an
deisceirt agus an tuaisceirt la Niall, mac Aodha, rí Ereann co fioru
Mumhan
do choccad fri Gallaibh. Scorais a longport oc Topar Gletrach i Maigh
Femhin an 22 dAugust. Do lótar na Goill isin tír an lá cédna.
Fosruabrattar Gaoidhil iad in treas uair ria medhón laoi co ttorchair míle
ar céd
fer ettorra, acht as lia do cher do Ghallaibh, agus ro sraoinedh forra.
Do rochratar
hi ffriothghuin annsin taoisech Cairrge Brachaidhe, agus Maoilfinnén mac
Donnagáin taoiseach Ua cCernaigh, agus Ferghal, mac Muirigein,
taoiseach ua cCremthainn, agus araill cenmothát. Do lottar cobhraidh
as longport Gall do foirithin
a muintire. Imsoiset an Goidhil for ccula do chum an dunaidh rias an tóir
ndeidhenaigh, .i. ria Raghnall rí Dubhgall co slogh do Ghallaibh uime.
Luidh Niall
co nuaithibh ind acchaidh nangall co ro toirmiscc dia trid an iomghuin.
Anais
Niall iarsin fiche oidche iaramh a ndunaidh fors na Gallaibh. Ro
forcongradh
uadh for Laighnibh airisiomh a forbaisi for na Gallaibh co ttucc Sitriucc
ua hIomhair co nGallaibh uime cath Cinnfuait for Laighnibh, du i
ttorchrattar


L. 590


sé céd im tighearnadhaibh Laighen, agus imon righ Ugaire, mac Ailella.
Atiad
annso anmanna druinge dá maithibh. Maolmordha, mac Muireccáin, tighearna
Airthir Life, Mughron, mac Cinnéittigh, tighearna na tTri cComann agus
Laighisi,
Cionaeth, mac Tuathail, tighearna Ua Fenechlais, agus sochaidhe oile do
degh dhaoinibh
imon airdeaspucc Maelmaedhócc, mac Diarmata, do Uibh Conannla
do, abb Glinne hUisen, scribhnidh tocchaidhe, ancoire, agus saoi isin eccna
Laitiondae,
agus isin mbérla Scoitecdha. As do chath Cinnfuaid ro ráidhedh indso síos,




Turus Laighen, linibh ócc, iar rott ro geal ríoghdha cuairt,
Ní mat cualatar an séd fuaratar écc i cCind Fuaitt.
Flaithe Liphe lethan glonn cartait glonn fri fethal find,
Dus rimart cin cetaibh cend isin nglenn uas tigh Moling.
Mora airbert im cech reut, deithbhir cidh airdirc an fód,
Tair maighen co mílib ced tairius Laighen linibh ócc.




Orgain Cille dara ó Gallaibh Chinn Fuait. Maolruanaidh, mac Néill,
tanaisi na nDéisi, do mharbhadh lá Corbmac, mac Mothla, tighearna na
Ndéisi.
Cúlothair, mac Matudhain, toiseach Ua cCeallaigh Cualann décc.


L. 592


Aois Criost, naoi ccéd asé dég. An dara bliadhain do Niall.
Eccnech,
comharba Enda airdne, epscop agus angcoire, décc. Feradhach, abb
Insi bó finne,
Maoileoin abb Rosa Cré, agus Ceallachan Ua donait, abb Tuama inbhir,
dég. Muireand, inghen Suairt banabb Cille dara, décc an 26 Maii.
Daniel
Cluana Cairpthe, senchaidh amhra, décc. Eithne, inghen Aodha, mic
Néill, rioghan
fer mBregh, décc lá féile Martain. Mór, inghen Cearbhaill, mic
Dunghaile,
baintighearna Laighen Deasgabhair, décc iar ndeighbhethaidh.
Tighearnach ua Cléirigh,
tighearna Aidhne, décc. Cet, mac Flaithbeartaich, tighearna Corca
Modruadh, décc. Ceall dara do orgain do ghallaibh Atha cliath.
Orgain
Leithghlinne, la Gallaibh, airm in ro marbhadh Maol Pátraicc, sacart
agus ancori
agus Mongán, ancori agus sochaidhe oile i maille friu. Oitir agus na
Goill do dhul
o Loch Dáchaoch i nAlbain, agus Constantin, mac Aedha do thabhairt
catha dóibh, agus
Oitir do mharbhadh co nár Gall immaille friss.



Aois Criost, naoi ccéd a seacht décc. Domhnall, mac Diarmada, abb
Glinne hUissin, Maelcoe, abb nOendroma, décc. Indrechtach, abb
Trefoite, do mharbhadh na taigh abaidh fadhéisin. Maoilene, mac
Maoilbrighde, abb
Lainne Eala agus Condere, agus aule Ereand, dég. Dubhghiolla, mac
Lachtnáin,
tighearna Tethbha, do mharbhadh. Corbmac, mac Mothla, tighearna na
nDeisi,
dég. Cath Atha cliath (.i. i Cill Mosamhócc la toebh Atha cliath) for
Ghaoidhealaibh ria nGallaibh .i. ria nIomhar agus ria Sitriug Gále,
.i. in xvii October,
in ro marbhadh Niall Glúndubh, mac Aedha Finnleith rí Ereann iar
mbeith dó trí bliadhna isin righi. Conchobhar Ua Maoileachlainn,
righdhamhna


L. 594


Ereann, Aodh mac Eochagain, rí Uladh, Maolmithidh, mac Flannagáin,
tighearna Bregh, Maolcraoibhe Ua Duibhsionaich, tighearna Oirghiall,
Maolcraoibhe, mac Doilghen, tighearna Tortan, Ceallach mac Foccartaigh,
tighearna deisceirt Bregh, Cromman, mac Cinneitich, agus sochaidhe aile
nach áiremhthar, do shaorchlannaibh agus daorchlandaibh, immaille risan
righ Niall. As don cath sin adrubradh,




Ba duabhais an Chédaoin chruaidh,
Iar sreth sluaigh fo chosaibh sciath,
Di dogairther co ttí bráth,
Matan ailcech Atha cliath.
Hi ttorchair Niall, nia forelcc,
Concobhar cond gossa gaircc,
Aedh, mac Eathach Uladh uird,
Maolmithidh tuilcc ordain aird.
Mor do gnúisibh Gaoidheal gnáth,
Mór do dúisib laocradh liath,
Do mhacaibh rioghan agus righ,
Ro bith i nAth claidhbheach cliath.
Breta barann coimdhidh cáidh.
Maircc fors ttairinn la nert sluaigh,
Nir ba heccaoin isin tráigh,
Ba duabhais an Chedaoin chruaidh.




Acc égaíne Néill ro raidhedh beos,




Brónach aniu Ere uagh,
Cen ruirigh ruadh righi giall,
As dégsi nimhe gan gréin,
Fairgsi muighe Néill gan Niall.
Nísta medhair maithius fir
Nísta sith na subha slóigh,
Ní cumhaing aenach do áin,
O ros báidh an braenach bróin.


L. 596


Truagh sin a Muigh Bregh buidhe,
A tír nálaind nadgaidhe,
Ro scarais frit righ ruireach,
Fotraccaibh Niall niadh guineach.
Caiti mail iarthair betha,
Caiti grian cech airm greatha,
Inad Niall crodha Cnucha,
Ro malairt, a mór trucha.




Niall ro ráidh indso an lá rias an chath,




Cepe dambáil boccoit breac, agus claideabh leota liach,
Agus gai glass gona troch, téis matan moch do Ath cliath.




Céledabhaill, mac Scandail, comharba Comhgaill, agus anmchara
Néill Glundubh,
as é ro aslaigh for Niall tuidhecht don chathsa, agus as é do rat a
chuit fochraicce do Niall
ar claomhclodh ech do thabhairt dhó dia bhreith féin as in ccath.
Gormlaith, inghen Fhloinn, ro ráidh,




Olc form commaoin an da Ghall marbhsat Niall, agus Cearbhall,
Cearbhall la hUlb comhal nglé Niall Glundubh la hAmhlaidhe.




Cáiscc an 25 April, agus min Cháisc i Samhradh. Dia cóicc mbliadhna sesccat
ar tri chéd tecmoing sin,




Cáiscc i Samhradh srethaibh sluacch iar tteoraibh bliadhnaibh buanbán,
Dergus ár nGoedhell dar rian, hi rendaibh findol Fail aim Niall.


L. 598



Comghall ro ráidh,




Fel Coemhain Léth i Corghus, do aig bliadhain do anfuth,
Cóicc la erraigh iar cCáiscc Mion cáiscc do bith i samhradh.




Orgain Ferna agus Tighe Munna la Gallaibh.



Aois Críost, naoi ccéd a hocht décc. An céd bhliadhain do Donnchadh,
mac Floinn tSionna, hi righe uas Eirind. Finchar, epscop
Doimhliacc,
Corbmac, mac Cuilennáin, epscop Lis móir, agus tighearna na
nDéisi Mumhan, Loingseach,
epscop Cluana Mic Nóis, Maolmaire, abb Arda Brecáin, Ciarán,
abb Daimhinsi, Scannlan, mac Gormáin, eccnaidh, scribhnidh toghaidhe,
agus abb
Rossa Cre, agus Meraighe Cluana móir Maedhócc, dég. Lia mór isin
mbliadhainsi
co roacht an tuisce less nabaidh Cluana Mic Nóis, agus co Clochán
Ulaidh na tTrí cCros. Ceanandus do iondradh do Ghallaibh, agus briseadh
an doimhliacc.
Ar mór ócc Gréin for Uibh Máine. Cath i cCiannachtaibh Bregh, .i. occ
Tigh Mic nEathach,
ria nDonnchadh, mac Flainn mic Maeleachlainn, for Ghallaibh, dú in ro
marbhadh líon dírimhe do na Gallaibh, uair ba isin chath sin ro díoghladh
cath Atha cliath forra, dóigh torcradar duaislibh na Nortmann ann coimhlíon
a ttorchair do saerchlandaibh agus daorclannaibh Gaoidhel isin cath sin
Atha cliath.
Ro gonadh Muirchertach, mac Tighernain, .i. rioghdhamhna Breifne, hi
ccath Ciannachta, agus attbath iaramh dia ghonaibh. Murchadh, mac
Flaind, tighearna


L. 600


Corca Bhaiscind, décc. Fland, mac Lonain, Uirghil Sil Scota, file is
deach baoi i nErinn ina aimsir, do mharbhadh lá macaibh Cuirrbhuidhe, do
Uibh Fothaidh
iaidsidhe, i nduinetaídhe occ Loch Dáchaoch i nDéisibh Mumhan.



Aois Críost, naoi ccéd a naoi dég. An dara bliadhain do Dhonnchadh.
Ciaran, epscop Tolain, agus Ruman, mac Cathasaigh, espucc Cluana
hIoraird, dég. As dó atrubradh an rann so,




Comhrar eccnai urdhairc áith, fer co noccaibh occa aibh,
Dunadh doini dil imdail, Ruman, mac Cathasaigh cain.




Maonach, mac Siadhail, abb Bennchair, agus sccribhnidh na nGaoidhel
uile, Coirpre,
mac Feradhaigh, cenn crabhaidh Laighen, comharba Diarmata, mic
Aodha róin,
airchinnech Tighe mochua, agus anchoire, dég iar ndeighbhethaidh
cian aosda, agus Ferghal,
mac Maolmordha, ab Saighre, dég. As dóibh ro ráidhedh,




Ní bliadhain cen airisni, anabaidh abb buan Bennchuir,
Agus comharba Diarmata, Coirpre ba buaidh céch deagh tuir.
Ab Saighre co socraiti, Ferghal fer co foendenaibh,
Domhnall deil ard uile mhaith duinébháith for Gaoidhealaibh.
Ní ruirmiu, ní airémha, fo bith isam triamhainsi,
A tainic de ancessaibh Ereann isin mbliadhainse.




Domhnall, mac Floinn, mic Maoilechlainn, rioghdhamhna Ereann do
mharbhadh
la a bhráthair Donnchadh i mBruighin Dachoga. As do bhás an
Mhaonaigh, mic Siadhail, cedna, agus Domhnaill ro ráidheadh,


L. 602



Cóicceadh bliadhain baeghlach binn
O Fhlann Temhrach torccaibh drong,
Maenach cathrach Comhghaill grinn
Guin Domhnaill la Donnchadh nDonn.
Mór liach Maonach, a Dhé dhil,
Uirdercc dhaolach in ghnúis ghloin,
Dromchla Ereann dar dá muir
Comarba cuir Comhghaill caoin.
Ceann cuindrígh an chuiccidh chóir,
A mind óir ar mairgi mur,
Saeth lem egnaidh Insi Fáil,
Do dith a dail nGaidheal ngur.
Gem don lícc loghmair láin,
Go Ruaim ráin as airrdhe mbróin,
Nat mair Maenach Mumhan muadh
As lor truagh a Dhe mhóir.




Ceallach, mac Conghalaigh, abb Cille achaidh, Cionaedh, mac
Domhnaill, abb
Doire Chalgaigh, agus Droma Tuama, cenn athcomhairc Ceneoil cConaill,
dég.
Flaithbheartach, mac Muirchertaigh, abb Cluana Móir, dég. As dó ro
ráidheadh,




Caitte annadh inn mais uaigh, caitte alladh ecces lóir,
Inidh Flaithbheartach find Fáil ro scar fri miadh Cluana móir.




Maolsinchill, mac Canannáin, dég, as dó ro ráidheadh an rann so,




Lasar Laighean lir co tráigh ní bo tlaith frí forlann féigh,
Clercecht caemh, cen imchim naith, ro raith for Maelsinchill séimh.


L. 604



Cearnach, mac Flainn, abb Lainne Léire, décc, dia nebradh,




Sutrall Muighe, maith fri bágh, Bregh mban mbuidhe balc a brígh,
Ruithen gréini grian fri gruadh cernach Lére liach a dith.




Macródaidhe, mic Dunchadha, airchinnech Cluana Boirenn, dég. Maonach,
Céle Dé, do thiachtain don fhairrge aniar do dhenamh rechta Ereann.
Gofraith
ua hIomhair do ghabháil sosadh i nAth cliath, agus Ard Macha dorccain
lais iaramh,
agus la a shlógh isin Satharn ria fél Martain, agus na taighe ernaighe do
anacal lais
co na lucht do Chélibh Dé, agus do lobhraibh. An tír do arccain lais in
gach aird
.i. siar co hinis labhradha, soir co banna, fo thuaith co
Magh Uillsen. Acht atá
ní chena an sluagh do dheachaidh fo tuaith dos fairraidh Muirchertach,
mac Néill,
agus Aighnert, mac Murchadha, co raoimhidh for na Gallaibh, agus
torchratar drong
dío mhór dibh, agus do ernatar uathadh oile lá dorchacht céd tosaigh na
hoidhche, uair
nír bo forreil doibh iatt. Muiriucht do Ghallaibh oc Loch Feabhail acc
Olbh
co ndíbh longaibh for triochat agus Inis Eocchain do orccain dóibh.
Ferghal, mac
Domhnaill, .i. tighearna an Fhochla, i neasccairdine friú, go ro marbh
lucht
luinge díobh, agus ro bhris an luing féisin, agus rucc a hionnmhus agus a
hedáil. Fiche
long oile do thocht co Cenn Maghair i nairthear Tire Chonaill im mac
Uathmharáin,


L. 606


mic Barith, agus ní dergensat nach fodhail don dulsoin. Maolsechlainn,
mac Maolruanaidh, mic Floinn, dég. Orgain Cluana heidhneach, agus
losccadh
Dertaighe Mochua, agus orgain Ferna móire Maodhócc do Ghallaibh.



Aois Criost, naoi ccéd fiche. An treas bliadhain do Donnchadh.
Maolpoil, mac Ailella, epscop, anchoire, agus scribhnidh
Leithe Chuinn, agus abb Indedhnén,
décc. As dia écc ro ráidhedh an rann,




Maelpóil baoí fo orddun mór epscop gaibhed ramat righ,
Suí no nertadh recht for cach fer foceirdedh sechtair sídh.




Corbmac, Espucc Cluana ferta Brénainn, agus Ailell, mac Flaithim, abb
Cluana móir Maedhócc, do écc. Flannagán Ua Riaccán, abb Cille Dara,
agus ríghdhamhna Laighean, dég. Maolionmhain Ua Glascon, abb
Cluana Dolcáin,
Colggu, mac Fedaich, abb Sláine, Alldgus Chille Scíre, Aodh Ua
Raithnén,
sen suí Ereann, agus eccnaidh Saighre, Ferdalach, saccart Cluana mic
Nóis, agus
Loingseach, mac Aonaccáin, feirtíghis Doimhliacc, dég. Tadhg,
mac Faoláin,
tighearna Laighean Desgabhair fris aráite Uí Ceinnselaigh, dég, dia
nebradh,




Dá deich mbliadhan atgleam ar naoi cétaibh as moam,
O genar Criost, iar riagail, cus an mbliadhain itaam.
As isin bliadhain deimhin iarsan riagail ait, agair,
Ecca Taidhcc urdeirc aimhind, an righ aibhind Desgabhair.




Indrechtach, mac Conchodhair, righdhamhna Connacht, dég.
Maolmicduaich,
tighearna Aidhne, do mharbhadh la Gallaibh. Aodh, mac Lonáin Ui
Guaire, tanaisi
Aidhne, décc. Findguine Ua Maolmhuaidh, tigherna Fear cCeall dég.
Slóighedh
la Donnchadh, rí Ereann, co Connachtaibh, co ro marbhadh drem mór dia
mhuintir i nDuibhthir Atha Luain, dú i ttorchair Cionaedh, mac
Conchobhair, tighearna


L. 608


Ua Failge. Maolmordha, mac Riacáin, tanais Osraighe, dég. Orgain
Cluana mic Nóis do Ghallaibh Luimnicch, agus teacht dóibh for Loch
Ribh, go
ro oirccset a oilena uile. Orgain En insi la Fothartaibh tire do
Ghallaibh,
dú in ro marbhtha da céd décc do Gaoidhelaibh, agus Abél scribhnidh do
dhol i martra
immaille friú. Indradh Cluana mic Nóis la mac nAilgi, agus a losccadh
lais
iaromh. Uathmarán, mac Dobhailéin, tighearna Luighne Connacht, dég.
Flaithbheartach, mac Ionmhainen, rí Caisil, do dhul dia oilithre, agus
Lorcan, mac Conliugáin, do ghabháil righe Caisil.



Aois Criost, naoi ccéd fiche a haon. An cethramhadh bliadhain do
Dhonnchadh.
Maolcalland abb Disirt Diarmada, Maolpadraicc, mac Moraind,
abb Droma cliabh agus Arda sratha, Dubhdabraine, abb Rossa ailithir,
Maoltuile,
mac Colmáin, ferleighint Chluana mic Nóis, agus Fiachra eccailsi
bicce décc.
Duibhlitir Cille slebhthe, saccart Arda Macha, do dhol i martra la
gallaibh
Snámha Aighneach. Cucongalta, saccart Lainne Léire tethra
(.i. cantaire no orator)
Ereann etir guth, agus cruth, agus soas (.i. so fhios) dég.
Maolmordha,
mac Conchubhair, tighearna Ua Failghe, agus Find, mac Cerráin,
tighearna Muscraighe,
décc. Lioghach, inghean Floinn, mic Maoileachlainn, ben
Mhaoilemithigh,
tigherna Bregh uile, décc, agus ro hadhnacht co nairmitin móir hi
cCluain mic Nóis.
Spelán, mac Conghalaigh, tighearna Conaille Muirtheimhne, do
mharbhadh. Indredh
Fear nArda, agus Lainne Léire, agus Fear Rois isin mbliadhain hisin.
Céle mac
Anrothain, tighearna Ua Criomhthannáin, décc. Maolcluithe, mac
Conchobhair,


L. 610


rioghdhamhna Connacht, do mharbhadh. Finn mac Maelmordha, mic
Muireccáin,
rioghdhamhna Laighen, do mharbhadh lá Ceallach, mac Cerbhaill.
Flaithbheartach, mac Ionmainéin, do ghabháil do Ghallaibh i
nInis Locha Cré, agus a bhreith co Luimneach.



Aois Criost, naoi ccéd fiche a dó. An cúigeadh bliadhain do Dhonnchadh.
Duibhlitir, abb Cluana heidhneach. Muiredhach, mac Domhnaill, abb
Mainistreach Buithe,
cenn athchomharc (.i. fiafraighe) fear mBregh uile, óccaibh, cléirchibh,
agus maormuinntire Pátraig ó Sliabh Fuaid co Laighniu dég.
Maolmordha, mac
Congalaigh, abb Daimhinsi, Mochta na hInnsi, mac Cernachain, sagart
Arda Macha,
décc. Cellach, mac Cerbhaill, rioghdhamhna Laighen, lá Donnchadh,
mac Domhnaill, torchair séin, agus Donnchadh, mac Domhnaill, righdhamhna
Temhrach, do
mharbhadh la Maolruanaidh, mac Conchobhair, i ndioghail Cellaigh, mic
Cerbhaill,
mic Muireccéin. Longus do Ghallaibh for Loch Erne, co ro indirset
innsedha,
agus oiléna an locha, agus na tuatha ar gach taobh de, agus airisiomh dóibh
for an loch go
samhraidh ar ccint, agus an tír dfagbhail doibh i necmaing (.i. i ndeiredh)
na ree
sin. Gaill do thocht for Loch Cuan, agus Maoldúin mac Aodha righdhamhna
an cúigidh do thuitim leo. Dá chéd dég do ghallaibh Locha Cuan do bhádhadh
hi Loch Rúdhruidhe.
Gaill for Loch Ribh .i. Colla mac Barit, tighearna Luimnigh,
agus as leo ro marbhadh Eachthighern, mac Flannchadha, tighearna
Breghmhaine.


L. 612


Aois Criost, naoi ccéd fiche a trí. An seiseadh bliadhain do
Dhonnchadh.
Failbhe, ancoire, décc. Cathal, mac Conchubhair, rí teora
Connacht, décc.
Dubhghall, mac Aodha, righ Uladh, do mharbhadh la hUlltoibh .i. la
Cenel Maelche.
Lorcan, mac Dunchadha, tighearna Bregh décc. As dia nécc ro ráidhedh,




Naoi mbliadhna atfes, arimh dron, ó Flann Temhrach, ní cor ngel,
Cathal Connacht, rí na nart, Dubhghall tuagha ri balc Bregh.




Domhnall, mac Cathail, righdhamhna Connacht, do mharbhadh la
abhráthair, Tadhg
mac Cathail, agus Tadhg do ghabháil ionaidh a athar. Faolan, mac
Muiredhaigh, rí
Laighen, co na mac .i. Lorcan, do erghabhail la Gallaibh Atha cliath.
Tomrar,
mac Tomralt, do mharbhadh do Conmaicnibh mara. Flaithchius, mac
Scoracháin, tighearna Ua Criomhthannáin, décc.



Aois Criost, naoi gcéd, fiche, a cethair. An seachtmhadh bliadhain do
Dhonnchadh.
Colman, mac Aililla, abb Cluana Ioraird, agus Cluana mic Nóis, espucc,
agus doctor egnaidh, dég. As leis do rónadh daimhliac Cluana mic Nóis.
Do Chonaillibh Muirtemhne a chenel.




An dechmhad bliadhain, dail dir, ro fher failte agus bron,
Colman Cluana gair gach tuir; Albdann do dhol dar muir.


L. 614



Maolseachlainn, mac Maolruanaidh, airdríghdamhna Teamhrach, agus
Duineachaidh, mac Laoghaire, flaith Fear cCeall, dég. Orgain
Dúine Sobhairce
do Ghallaibh Locha Cuan, agus ro marbhadh daoine iomdha leó.




A cethair fichet as glé, agus naoi ccéd cen timdhibhe,
O ro genair mac De bhí co horccain Duin Sobhairgi.




Raoineadh ria Muircheartach, mac Neill agus ria nUltaibh occ Drochat
Cluana na cruimhther
an 28 do December dia Dardaoin do shunnradh, dú in ro marbhadh
ocht ccéd imo ttoiseachaibh .i. Albdann, mac Gofraith, Aufer, agus
Roilt. Ro
gabhadh cacht seachtmaine for anleth oile diobh occ Ath Cruithne, go
ttáinig
Gofraith, tigherna Gall, ó Ath cliath dia ccobhair. Orgain Cille dara
do Ghallaibh Puirt Loairge. A horgain doridhisi ó Ath cliath isin
mbliadhain
chedna. Ferghus, mac Duiligein, tigherna Luirg, do mharbhadh la feraibh
Breifne.
Mochta, epscop Ua Néill agus saccart Arda Macha, agus Muiredhach, mac
Domhnaill, tánaisi abbadh Arda Macha, dég.



Aois Criost, naoi ccéd a cúig fichet. An tochtmhadh bliadhain do
Dhonnchadh.
Corbmac, mac Fithbrain, abb Glinne da Locha, Maolpettair, abb
Cluana fearta Molua, dég. Soichleachán Tighe Munda do ghuin agus a
écc dhi.


L. 616


Brian, mac Cinnedigh, do ghenemhain san mbliadhain sin .i. xxiu.
bliadhna roimh
Maoilechlainn mac Domhnaill. Donngal, Rosa Commáin, décc.
Caindealbhán, mac Maolcróin, tighearna Ua Laoghaire, agus
Foghartach, mac Lachtnáin,
tighearna Teathbha, décc. Gaoch, mac Duibhroa, tighearna
Ciannachta Glinne Geimhin,
do mharbhadh la Muircertach, mac Néill. Sitriuc ua hIomhair,
tighearna Dubhghall agus Fionnghall, décc. Gofraith co na Ghallaibh do
fhagbhail
Atha cliath, agus a ndol ina ffritheing iar sé míosaibh. Goill
Linne Duachaill
do dheirghe (.i. fáccbháil) Ereann. Oenach Taillten do thoirmescc la
Muircertach mac Néill im Donnchadh Ua Maoileachlainn, tria imneisi catha
boí etorra,
go ros edarscar Dia gan fhuiliucchadh gan fhoirdergadh for neach diobh.
Maolbrighde, mac Tornáin, comhorba Patraicc agus Coluim Cille, agus
Adhamhnáin, cend crábhaidh Ereann uile, agus urmhóir Eorpa, dég iar
sendataidh tocchaidhe
22 Februarii. Conidh dforaithmet a bháis a dubhradh,




Ala bliadhain décc ní diuir,
A hocht Cailne Iul Flainn fri húir,
A hocht Cailne Marta muaidh,
Maolbrighde buaidh nGaoidheal ngúir.
O genair mac deodha Dé
For bith cé hi colla crí,
Cúig bliadhna fichet naoi ccéd,
Co hécc Maoilbrígde iar ní.
Ní bliadhain cen airisne,
Anabbaidh abb Arda Macha,
Maolbrighde barr Eoraipe,
Corbmac Glinne dá locha.


L. 618



Anrothán, mac Maoilguirm, do ghabháil tighearnusa Corcomodhruadh.



Aois Criost, naoi ccéd, fiche a sé. An nómhadh bliadhain do Dhonnchadh.
Baoithine, abb Birrae, Fionnachta, abb Corcaighe, cend riaghla ermhoir
Ereann,
Ciarán, abb Achaidh bhó Caindigh, Celedabhail, mac Scannail, do dhol
co Róimh
dia ailithre a habdhaine Bendchair, agus atbert na rainnsi occ imtecht dó.




Mithigh damhsa tairir do thriall o thoraibh teghlaigh,
Do asccnamh imm ailither, tar tuinn mara muaidh menmnaigh.
Mithigh anadh dinntladhadh collna co líon a caire,
Mithigh iaramh imradhadh co ro fríth Mac mór Maire.
Mithigh asccnamh sualach, saltradh for toil co treamhon,
Mithigh freiteach ndualcha, agus derna fri deamhon.
Mithigh corp do chairiucchadh, daigh isa cion ron brena,
Mithigh foss iar ttaiririudh airm i ttelccmís ar ndéra.
Mithigh focuil tighláithi, terbhadh frí gnúisi gnátha,
Mithigh omhan indnaidhe treasa luain láithe brátha.
Mithigh lámh corp crédbhaidhe, costadh im chrábhaidh nglinne,
Mithigh reic na nearchraidhe ar thír na flatha finne.
Mithigh lámh fri turbhaidhe domhnain cé cétaibh caingen,
Mithigh grés fri hirnaighe, icc adradh airdrigh aingeal.
Acht inge di aen bliadhain, ní thesta dom trí fichtibh.
Airisemh fo naomh riaghail in nách maighin ba mithigh.
Ni mharatt mo chomhaeissi, bhittís fri crábhaidh crichidh,
Anadh do rioth ró bhaoissi innach maighin bá mithigh.


L. 620


Ba liach Corbmac cuiredhach gaeta go sleghaibh sithibh,
Indreachtach muadh, Muiredhach, Maonach, Maol molbthach Mithigh.




Muirgheal, inghen Floinn, mic Maoilseachlainn, dég hi
cCluain mic Nóis.
Donnchadh, mac Domhnaill, rioghdhamhna An Tuaisceirt, do mharbhadh la
Nortmandaibh.
Lorcán, mac Maoilcéin, tigherna Ua Failghe, dég. Fionnachta,
mac Taidhg, ríoghdhamhna Ua Ceinnsealaigh, dég. Cionaedh mac
Oghráin, tighearna
Laoighisi, do mharbhadh. Eaghra, mac Poprigh, tighearna Luighne
Connacht,
agus Cet, mac Flaithbheartaigh, tighearna Corca Modhruadh, dég.
Orgain
Cille dara a Purt Láirge lá mac Gothfraith, co ruccsat broit agus edala
móra eiste. Maolruanaidh, mac Concobhair, do mharbhadh la Donnchadh.



Aois Criost, naoi ccéd fiche a seacht. An dechmhadh bliadhain do
Donnchadh.
Tuathal, mac Oenacáin, epscop Doimhliacc agus Lusca, agus maor
muinntire
Páttraicc. Celedabhaill, mac Scandail, comharba Comhghaill
Beandchair,
fo Erinn eapscop scribhnidh, proiceptaidh, agus doctor ergna, dég ina
ailithre isin
Roimh an 14 do September, agus isin naomhadh bliadhain ar caogatt a aoisi.
Ba do bliadhain a bháis ro ráidheadh,




Tri naoi, naoi ccéd do bhliadhnaibh, ríomhthar fo riaghlaibh reilibh,
O ghein Críost, gníomh ga ndéine, co bás cáidh Céle cléirigh.




Caoncomhrac, mac Maoluidhir, abb agus epscop Daire Calccaicch, agus maor
cána Adhamhnáin, Tuathal, mac Maoilciaráin, abb Cluana heidhnech
décc.
Ferghil, abb Tíre da ghlass, décc i Róimh ina oilithre. Dunchadh,
mac Braonáin,
sagart Cille dara, Maolgiricc, abb Tighe Sruithe Cluana mic Nóis,
Maolpátraicc,


L. 622


mac Celen, saccart agus secnap Bennchair, Maolmuicheirghe, feirthighis
Cluana mic Nóis, Diarmaid, mac Cearbhaill, tighearna Osraighe,
Indreachtach, mac Cathail, tigherna Leithi Cathail, décc. Gabhail
for Loch Oirbsen
do Ghallaibh Luimnigh, agus insi an locha do orgain dóibh. Coimhleang
nó chobhlaigh
for Loch Ribh eitir Conmaicne agus Tuaith nElla, in ro marbhadh
Cathal Ua Maele,
agus Flaithbheartach, mac Tuathghaile, agus drong oile immaille friú.
Slóighedh lá Donnchadh go Liathdruim ind acchaidh Muirchertaich, mic
Néill, co
ro scarsat gan fuiliucchadh gan foirdearccadh for araile. Dia mboí
Donnchadh acc urthriall an tslóighidh. As and as rubhradh,




Abradh neach fri Donnchadh donn, ris an sonnchadh slaite clann,
Cia beith Liath druim ar a chinn, ata gillae diardain ann.




Cainech, inghen Canannáin, ben righ Ereann, décc. Domhnall, mac
Taidhg,
righdhamhna Ua cCeinnselaigh, dég. Orgain Cille dara ó Gothfrith lá
feile Brighde.



Aois Criost, naoi ccéd fiche a hocht. An taonmhadh bliadhain décc do
Dhonnchadh. Nuadha, espucc Glinne dá lacha, Flann Fobhair, abb
Lughmhaidh,
Maolcaoimhghin mac Scannláin, abb Tighe Mochua, agus Donnghal, abb
Rosa Comáin,
dég. Maoldabhonna, mac Dobhailén, toisech Luighne, Muirchertach,
mac Eaghra, tighearna Luighne, agus Iodhnaidhe Ua Mannachan do
mharbhadh. Gofraith,
ua hIomhair, co nGallaibh Atha cliath, do thoghail agus do orgain
Derce Fearna, airm in ro marbhadh míle do dhaoinibh an bhliadhain si,
amhail asberar isin rann,


L. 624



Naoi ccéd bliadhain gan doghra, a hocht fichet non dearbha,
O doluidh Criost dár ccobhair co toghail Derce Ferna.




Ar na nGall bádar for Loch Oirbsen do chur la Connachtaibh. Goill
Luimnigh do ghabháil longphort i Muigh Roighne. Goill .i. im Torolbh,
do ghabháil for
Loch Eathach, agus a longphort occ Rubha Mena. Accolbh, iarla, agus
ár Gall imbe,
do marbhadh lá hUibh Ceinnsealaigh. Find, mac Mhaoilmórdha,
ríoghdhamhna Ua fFailghe, agus Flann a dhearbhráthair do mharbhadh.



Aois Criost, naoi ccéd fiche a naoi. An dara bliadhain décc do
Dhonnchadh. Crunnmhaol, epscop Cille dara, Tiopraitte, mac
Aindsene, abb
Cluana mic Nóis, .i. do Uibh Briuin a chenel, dég. Maoileoin,
epscop agus ancoiri
Atha Truim, décc iar ndeighbheathaidh. Cendfaoladh, mac Lorcáin,
comharba
Cluana hEoais agus Clochair mac nDaimheini, dég. Bran, mac
Colmáin, abb
Rosa Cré, do mharbhadh la Gallaibh. Maelbrighde, mac Feadacáin, abb
Lainne mic Luachain, agus Onchu, sagart Cille dara, décc.
Cernachán, mac
Tighearnáin, tighearna Breifne, décc. Gaill Luimnigh do ghabháil for
Loch Ribh. Gofraith do dhol i nOsraighibh do ionnarbadh Ua nIomhair
a Moigh Roighne.
Donncuan, mac Faoláin, rioghdhamhna Laighen, dég. Derbhail, inghen
Maoilfinnia rioghain Teamhra, dég.



Aois Criost, naoi ccéd triocha. An treas bhliadhain décc do Dhonnchadh.
Suibhne, abb Laine Léire, Duibhlitir, mac Sealbhaigh, abb
Tighe Moling, agus


L. 626


ferleighinn Glinne da locha, Feardomhnach, mac Flannagáin, abb Cluana
Ioraird, Fuacarta, abb Insi Caindegha, Maonghal, mac Becáin, abb
Droma cliabh,
Maolgiricc, abb Fobhair, décc. Airmhedh, abb Cuile rathain, do
mharbhadh la Gallaibh. Aongas mac Anghusa primhfile Ereann, décc.
Fland, mac
Maoilfhinnia, tighearna Bregh do mharbhadh do Uibh Eathach, .i. la
Cummusccach
mac Eccertaigh. Conadh dia écc ro raidhedh,




Ba deithbhir do Gaoidhealaibh, dá léctís déra fola,
Nat cing Taillte Taoidhen Ua Flainn, Flann an Bhrogha.




Cionaedh, mac Caindealbhain, tighearna Cenel Laoghaire. Bachall
Chiarain
.i. an óraineach do bhádhadh hi Loch Techet, Loch Uí Ghadhra aniú, agus
da fher décc
amaille fria, agus a faghbháil fo chédóir. Loingsech Ua Leathlobhair,
rí Uladh,
dég. Torolbh iarla do mharbhadh la Muirchertach mac Néill agus lá
Dál nAraidhe.
Flann, mac Muireadhaigh, ríoghdhamhna Laighen, agus Lorcán, mac
Cathail, ríoghdhamhna
Laighen, décc.



Aois Criost, naoi ccétt triocha a haon. An cethramhadh bliadhain décc do
Dhonnchadh. Cosccrach, mac Maoilmuchairghi, epscop Tighe Mochua,
agus na
ccommand. Seachnusach saccart Dearmaighe, agus Fedhelm, .i. inghen
Domhnaill,
banabb Cluana Brónaigh, dég. Cathal mac Odhráin, tighearna
Laoighisi, agus
Cuilen, mac Ceallaigh, tighearna Osraighe, décc. Celecen, .i. mac
Gairbith,
tighearna na nAirthear, décc. Lorcán, mac Eathach, an dara tigherna
boí
an tan sin for Airther Liffe, décc. Raoinedh i Moigh uatha ria
fFerghal, mac
Domhnaill, agus ria Siocfhraidh, mac Uathmharáin .i. mac inghine
Domhnaill for
Muirchertach, mac Néill, dú i ttorchair Maolgarbh, mac Gairbith,
tighearna


L. 628


Dearluis, agus Conmhal, mac Bruadhráin, co ndruing oile hi maille friú.
Raoinedh ria cConaing, mac Néill co nGallaibh Locha hEathach for
choigeadh Uladh, dú i
ttorcratar da chéd décc. Goill do ghabháil for Lochaibh Eirne, co ro
ionnrattar agus go ro airccsettar ioltuatha, agus ilchealla go Loch Gamhna.
Ardmacha do orgain im féil Martain do mac Gofraidh .i. amhlaibh,
co nGallaibh
Locha Cuan imme. Matadhan, mac Aedha co cóigeadh Uladh, agus
Amhlaibh, mac
Gofraith co nGallaibh dionnradh agus dargain an choigeadh co Sliabh
Betha siar, agus
co Mucnamha fodheas. Conustarraidh Muirchertach mac Néill.
Fearaidh
cath friu, agus ro meabhaidh forra co ffarccaibhsiot da fhichit
décc cenn lais lá
taobh braite agus gabhála. Bard Boinne primhfhile Ereann do mharbhadh
dUibh Corbmaic Ua nEthach Cobha.
Domhnall, mac Gadhrai, tighearna Luighne
do mharbhadh. Maidhm Duibh thíre ria nAmhlaoibh Cendcairech ó
Luimnech, dú i ttorcrattar saorclanda do Uibh Maine.



Aois Criost, naoi ccéd triocha a dó. An cúicceadh bliadhain décc do
Dhonnchadh. Goill Luimnigh do ionnradh Connacht co Muigh Luircc
fo thuaith, agus co Badhbhghna soir.
Duibhghiolla, mac Robacáin, tighearna Ua Corbmaic, do


L. 630


mharbhadh la Congalach mac Lorcáin trí tangnacht.
Uallach, inghen Muimhnecháin, bainécces Ereann, décc.
Gothfrith, tighearna Gall, décc.
Ro loiscc tene do nimh slébhte Connacht isin mbliadhain si, agus ro
tiormaighsetor
locha agus srotha, agus ro loisccedh beus daoine iomdha lé.



Aois Criost, naoi ccéd triocha a trí.
An seiseadh bliadhain décc do Dhonnchadh.
Corbmac, mac Maenaigh, ab Achaidh bó,
Macclenna, abb Imbleach Iobhair agus Léth móir Mochoemhócc, do
mharbhadh. Maolbríghde, abb
Mainistreach Buithe,
agus Muiredhach, mac Maoilbrighde, abb Doimhliacc, décc.
Anlaith, banabb Cluana Brónaigh agus Cluana Boirenn, in ro bendach
Caireach Dearccain, décc.
Conchubhar, mac Domhnaill, rioghdhamhna Ailigh,
décc, agus a adhnacal co nonóir mhóir i nArd Macha.
Cionaedh, mac Coirpre, tigherna Ua cCeindsealaigh,
do mharbhadh lá Gallaibh Locha Garman, hi fuabairt aidhche.
Maolmuire, mac Cenndubháin, tanaisi Laoighisi, décc.
Oilein Locha Gabhar, agus
uaimh Cnodhbha do chrothadh agus do chreachadh lá Gallaibh.



Aois Criost, naoi ccéd triocha a cethair.
An seachtmhadh bliadhain décc do Dhonnchadh.
Concobhar, mac Domhnaill, do mharbhadh la mac Find mic
Maoilmhórdha.
Bec, mac Gairbhith, tighearna Dearlaiss, décc.
Anrudhan, mac Maoilguirm, tighearna Corcomodhruadh, dég.
Cluain mic Nóis dorgain lá
Gallaibh Atha cliath, agus a horgainsi doridhisi la Ceallachán Caisil
co fFearaibh Mumhan.
Amhlaibh Cendchairech co na Gallaibh do thocht ó Loch Eirne dar
Breifne, agus co Loch Ribh oidhche Nottlacc Mór rangadar
Sionand, agus ro bháttar


L. 632


uii mís annsin, agus ro hionnradh, agus ro hoirgeadh Magh Ai leo.
Losccadh Atha Cliath la Donnchadh mac Flaind, la righ Ereann.
Artuir Ua Tuathail dég.



Aois Criost, naoi ccéd triocha a cúig. An tochtmhadh bliadhain décc
do Dhonnchadh.
Aireachtach, abb Disirt Diarmada. Fédhach abb Sláine,
Muireadhach, abb Bendchuir, décc.
Diarmait, mac Ailella, abb Cille Cuilinn, décc iar sendataigh.
Aonghas, mac Muirchertaigh, saoi, angcoire, agus tanaisi abbaidh
Iae, décc. Aireachtach, sagart Cille hachaidh, décc.
Eochaidh, mac Conuill, rí Uladh, dég.
Cléirchén mac Tighearnáin, mac Tigherna Breifne, décc.
Conghalach, mac Cathaláin, tighearna Breifne,
Conaing, mac Néill Glúnduibh, ríghdhamhna Ereann, décc.
Cróinghiolla, mac Cuilennáin, tighearna
Conaille Muirtheimhne, décc.
Macetigh mic Ainsemáin, tighearna Mughdhorna Maighen,
Lorcán, mac Conghalaigh, tighearna Ua mic Uais Bregh, décc,
Gairbhith, mac Maileitigh, tighearna Fer Rois, do mharbhadh.
Bruadar, mac Duibhghiolla, tighearna Ua cCeinnsealaigh, do
mharbhadh la Tuathal mac Ughaire.
Amhlaoibh, mac Gofradha, tighearna Gall, do thiachthain im Lughnasadh
ó Ath cliath, co rucc Amhlaoibh Cendcairech do Loch Ribh leis, agus
na Gaill báttar lais, .i. la cairech, iar mbriseadh a long.
Gaill Atha cliath do fhágbháil an dúnaidh, agus a ndol co Saxoibh.
Orgain Cille Clethe do mac Barith, agus losccadh


L. 634


in doimhliacc, agus bratt ro mhór do bhreith eiste.
Raoineadh ria Laighnibh for occaibh an Tuaisceirt .i. for muintir mic
Néill, dú i ttorchrattar ile im Diarmait mac Maoilmuire, mic
Flannaccáin, agus im Ceallach, mac Cumusccaigh
do feraibh Bregh co socaidhibh ele.



Aois Criost, naoi ccéd, triocha a sé. An nomhadh bliadhain décc do
Dhonnchadh.
Maolpatraicc .i. mac Broin, epscop Lughmhaidh,
Dubhthach, comharba Colaim chille agus Adomhnáin i nErinn, agus
i nAlbain, Caoncomhrac Mucsnamha, ancoire, dég.
Ciarán, mac Ciarmáin, abb Lis móir, dég.
Conaingen, abb Tíghe Fethgna, agus primhsagart Arda Macha,
agus Finguine, mac Fubhthaidh, mic Donnagáin, mic Fogartaigh, mic
Duinechdha mic Beraigh, mic Mescell, secnap Tighe Mochua, agus
tighearna Maighe habhna.
Maolcairnigh, mac Conaill, abb Tuláin, décc.
Robhartach, Tighe Theille, décc.
Ferghal, mac Domhnaill, tighearna an Tuaisceirt,
agus Murchadh, mac Sochlacháin, tighearna Ua Máine,
décc. Conchobhar, mac Maeilchein, tighearna Ua Failghe, agus a
dhá mhac do mharbhadh lá Lorcán, mac Faoláin, tighearna Laighen.
Donnchadh Ua Maoileachlainn do ionnradh Airthir Life.
Amhlaibh, mac Gofradha, do theacht co
hAth cliath do ridhisi, agus Ceall Cuilinn do orgain lais, agus deich
ccéd do bhroid do bhreith eisti.
Imnisi catha eitir Donnchadh, rí Ereann, agus Muirchertach,
mac Néill Glúnduibh, tighearna Oiligh, co ro shíodhaigh dia.
Donnchadh agus Muirchertach co na slógh dibhlínibh do dhol go líonmhar
lérthionóilte do fhorbaissi for Ghallaibh Atha cliath, co ro crechsatt agus
co ro crechsatt agus co ro iondradhset ina mboí fo mhámus Gall ó
Ath cliath co hAth Trusten. Conadh dó sin ro
ráidh Conghalach, mac Maoilmithigh,


L. 636



Muirchertach dar fine Fáil, ní raghbha grem ná gabháil,
Cia beith oc losccadh ar ngráin, as iar ndeghithe ar naráin.




Friscart Muircheartach,




Cumba Conghalach Breagh mbuidhe occus duine mut no got
As a chind ní tucthar gluitiudh acht ma beith co bruitiud brot.




Dá chomhorba Pattraicc .i. Ioseph, sccribhnidh, epscop, agus ancoiri,
an tí robeaccnaidhe do Gaoidhelaibh,
agus Maolpatraicc, mac Maeltuile, epscop, agus eccnaidh. Cúicc mhiosa
dó in abdhaine agus a écc.



Aois Criost, naoi ccéd triocha a seacht.
An fichetmhadh bliadhain do Dhonnchadh.
Maoldomhnaigh, abb Tamhlachta,
Ceallach, mac Caellaidhe, prióir Saighre, dég.
Finnachta, mac Ceallaigh, comharba Doire, epscop agus saoi berlaféne,
Laighgnen, comharba Fearna, agus Tamhlachta, décc.
Aileach dorgain la Gallaibh for Mhuirchertach, mac Néill, agus
a erghabháil leo co ruccsat dochum a long co ro fuaslaic Dia uadhaibh.
Maidhm ria Congalach, mac Maolmithich, for Gailengaibh moraibh, agus
beccaibh occ Ath dáláarcc, dú i ttorcradar ceithri fichit lais díobh.
Domhnall, mac Lorcáin, tighearna Aidhne, décc hi cCluain mic Nóis.
Críochán, mac Maelemuire, tighearna Ua Fiachrach,


L. 638


décc. Flann, mac Ceallaigh, tanaisi Osraighe, décc.
Cian, mac Aenghusa, do mharbhadh la hUib Failghe.
Murchadh, mac Find, do ghuin la Tuathal.
Canoin pháttraicc do chumhdach lá Donnchadh, mac Floinn, rí Ereann.
Ceallachán, rí Caisil, co fferaibh Mumhan, agus Macca cuind co
nGallaibh Puirtlairgi i Midhe, co ttucsat crech móir, agus
broid. Orgain dna, Cille heidhnech, agus Cille hachaidh dóibh co ro
gabhsat a dá nabbadh .i. Muireadhach Ua Conchobhair agus
Coibhdenach mac Bergdha, co ffarccabsat Oillill mic Aengusa,
tighearna Ua fFothaidh, agus sochaidhe ele lá hAimmergin tighearna
Ua fFailghe. Fir Mumhan um Ceallachan, rí Mumhan, co nGallaibh
amaille friss, do orgain Midhe, agus Cluana heidhneach, agus
Cille hachaidh go ro airgset an tir co Cluain Ioraird.
Goill do dergu Atha cliath .i. Amhlaoibh, mac Gotfrith, tre furtacht
Dé agus Mictail.



Aois Criost, naoi ccéd triocha a hocht.
A haonfichet do Donnchadh.
Muirchertach camsa, abb Bendchuir,
Duibhindrecht, mac Ronáin, abb Cluana Dolcáin,
Ainbhith, mac Domhnaill, abb Glinne huisen, décc.
Coibhdenach, abb Cille hachaidh, do bhádhadh hi muir Delginnsi Cualann
ag elúdh ó Ghallaibh.
Flann Ua Cathail, do dhol martra hi cCluain an dobhair lá Gallaibh.
Suibhne, mac Conbretan, abb Sláine, do mharbhadh lá Gallaibh.
Maolbendachta, ancoire, do écc.
Maolmartain Ua Scealláin fear legind Leithghlinne, do écc.
Slóigheadh las an righ, Donnchadh, agus la Muirchertach, mac Néill,
go Laighnibh, agus co fiora Mumhan, co ro gabhsat a ngialla.
Niall, mac Fearghaile, rioghdhamhna Oiligh do ghuin agus bhádhadh
la Muirchertach.
Flann, inghen Donnchadha, baintighearna


L. 640


Oiligh, décc. Aralt ua hIomhair, .i. mac Sitrioca, tighearna
Gall Luimnigh, do mharbhadh i cConnachtaibh lá Caenraighibh Aidhne.
Ar mor ria cCeallachán, rí Chaisil, for Osraighibh.
Amhlaoibh Cuarán do thecht co Cairabroc, agus Blacaire mac Gofradha
do thecht in Ath cliath.
Creacha Laighen il Leith Chuinn .i. Braen i Midhe, Lorcán i
mBreghaibh, agus Muirchertach hi cCualaind, co ttuccsat crecha móra
eistibh.
Coirpre Ua Cionaeth, tighearna Ua nAithechda, décc.
Cathraoinedh ria righ Saxan for Constantin mac Aedha for Anlaf
no Amhlaoibh, mac Sitric, agus for Breathnaibh.



Aois Criost, naoi ccéd triocha anaoi.
An dara bliadhain fichet do Dhonnchadh.
Eocha, mac Scannail, abb Imleacha Iobhair,
agus Oenacán, sagart dúin leithghlaisi, décc.
Maolbrighde, mac Nectrai, ordán Cualann, décc iar ccianaois.
Muirchertach, mac Néill co feraibh an Fochla agus Bregh do dol hi
ttír nOsraighe, agus na nDeisi go ro hairgedh agus co ro hionnradh
lais an chríoch uile go léir go Les Ruadhrach gomdar riarach dó iaramh.
Murchobhlach la Muirchertach, mac Néill, co ttuc orgain agus édala
iomdha a hInsibh Gall iar mbreith buadha agus cosgair.
Ar na nDéisi do chur lá Ceallachán agus la fiora Mumhan, fodháigh a
naitide do Muirchertach, mac Néill, go ttorcrattar dá mhíle díobh
lais im Célechair, mac Corbmaic, agus im Maelgorm, mac Giphlecháin,
im Seghdha, mac Noebelain, agus im Clérech, mac Sestai, etc.
Cathraoineadh ele


L. 642


las na Deisibh agus la hOsraighibh for righ Caisil,
du i ttorcrattar ili.
Muirchertach iaramh do thionól Conaill agus Eoghain, agus an
Tuaisceirt archena co hOileach, condo roeghda dech céd lais do gléire
gaisgedhach ind Fhochla, agus ro tairmchill Erinn láimh clí frí fairrge
co riacht Atha cliath, agus do bhert Sitriuc, tighearna Atha cliath
hi ngiallnus lais. Do choidh iaramh co Laighnibh, agus ro thriallsat
Laighin frithbhert fris, conadh fair deisidh occa fódheóidh a
riarúcchadh, agus do rat Lorcán rí Laighen lais. Rainic din go fioru
Mumhan, agus robtar erlamha iadsidhe for a chionn do chath fris. Conadh
eadh ro chinnset fo dheóidh Ceallachán do thabhairt dia ccinn, agus
do bretha geimhel fair la Muircheartach. Do dheochaidh iaramh co
Connachtaibh, agus táinic Conchubhar mac Taidhg ina dháil, agus ní
tarat gemheal na glas fair. Do ruacht iarsin co hoilech gus an
ríoghraidh hi sin hi ngiallnus lais, agus bátar annsidhe co cent naoi míos
oc fledhucchadh, agus ro chuir na géill i neacmhaing na ree sin go
Donnchadh, rí Ereann, uair as é boí a Temhraigh, agus as dó ráinic
an ríghe. Conadh do thabhairt Chellacháin lais adrubhradh an rann,




Do chóidh Muirchertach fo dhes,
Co Caisel caemh cailcech cass,
Co tucc Cellachán na ccliar,
Ní ro ghabh giall oile ass.


L. 644



Ar gall do chor la hUibh Fáilghe .i. la hAimhergin, mac Cionaedha,
agus lá Cenel Fhiachach, co ro mharbhsat dá céd décc hi Muigh Cisi dibh.
Aigh .i. sioc anaicenta, comtor sorisi aibhne agus locha co ro oirccsettar
na Gaill Inis Mochta ar lic egha.
Maolruanaidh, mac Floinn, tanaisi Oiligh, do mharbhadh do
Chenel Conaill. Cathraoineadh for Ghallaibh Atha cliath ria
nUibh fFailghe .i. ria nAimhirgin mac Cionaetha, tighearna
Ua fFailghe, dú i ttorchair míle do Ghallaibh im Aodh nAlbanach,
co toisechaibh iomdha cen mo thásomh.



Aois Criost, naoi ccéd cethracha.
An treas bliadhain fichet do Dhonnchadh.
Dúnchadh, mac Suthainen, epscop Cluana mic Nóis,
agus Cellach, mac Eporáin, epscop Cluana heidhnech, décc.
Maelmochta, scribhnidh agus abb Cluana Ioraird, dég. Cenn
crábhaidh, egna Ereann esidhe.




Maolmochta don Midhe maigh,
Mór liach an craobh caoin cumhra,
Atbath cenn na hanmcairde,
Caoncomrac moltach Mughna.




Faolan, mac Muiredhaigh, rí Laighen, do écc do easccar i
nAenach Cholmáin.




Faolán fuamann fuamaighe, as grith mór múchta maighén,
Coimdhe Cualann cuanaighe, do rodhbadh laoich ri Laighen.
Luise Ereann Eremhóin, dringedh dar dronga doenar,
Ba dáigh dér tré gle dedhoil, ba liach flaith fea Faoláin.


L. 646



Conghalach agus Alpin, dá mhac Lorcáin, mic Dunchadha, do mharbhadh
lá Conghalach, mac Maoilmithich.
Dunlaith, inghen Mhaoilmhithich, dég.
Cluain mic Nóis agus Cell dara do orccain lá Blacaire, mac Gofradha,
agus la Gallaibh Atha cliath.
Dún Lethíglaisi do orgain lá mac Raghnaill co na Ghallaibh. Ro
díoghail Dia agus Pattraicc a ttraitte an gníomh sin fair, uair tángattar
Goill dar muir go ro ghabhsat ina ninsi forra, conerla mac Raghnaill a
ttoiseach go ro ghabh tír. Ro marbhadh é lá Madudhán lá righ nUladh
ria ccind sechtmaine iarsan orccain a neineach Phattraicc.
Lia mhór isin mbliadhainsi co tarlaicedh aleth níochtarach do
Chluain mic Nóis las an uiscce.



Aois Criost, nao ccéd cethracha, a haon.
An cethramhadh bliadhain fichet do Dhonnchadh.
Condla, mac Dúnacáin, epscop agus abb Leithghlinne,
Caoncomhrac, epscop Doimhliacch,
Fogartach, abb Saighre,
agus Ferdomhnach, abb Fobhair, décc.
Aodh, mac Scannláin, tighearna Irluachra, eccnaidh ergna iLaittin,
agus i nGaoidheilg, décc.
Muirchertach na ccochall ccroicenn, mac Néill Glúnduibh, tighearna
Oiligh, Eachtair Iarthair Eorpa ina aimsir, do mharbhadh oc
Ath Fhirdiadh lá Blacaire, mac Gofradha, tighearna, Gall an 26 Marta.
As dia eccaoine atrubhradh,


L. 648



Desidh dighal agus díth for síol cloinne Cuinn go bráth,
Nat mair Muirchertach ba liach díléchta iath Gaoidheal ngnáth.




Ard Macha do orgain las na Gallaibh cédna arabharach iar marbhadh
Muircheartaigh. Mughroín ro ráidh so,




A haon naoi ccéd, cethre deich, ó ghenair Crist dind oghbhreith,
Asedh do bliadhnaibh nonsaigh co bás móroll Muirchertaigh.




Cathraoinedh oc Tracht Mugha ria Ruaidhri Ua cCanannáin for
Cenel nEoghain agus for Gallaibh Locha Feabhail, in ro marbhadh trí
chéd do Chenél Eoghain agus do Gallaibh im Maolruanaidh, mac Flaind
ríoghdhamhna an Tuaisceirt.
Lorcán, mac Faoláin, rí Laighen, do mharbhadh lá Nortmannaibh, dia
mboí occ indreadh Atha cliath, iar ccathraoineadh for Ghallaibh
ar tós dú i ttorchratar ile dibh lais, dia nebradh,




Ma ro bith ua Breasail Bric,
Gríbh tuir tric treasach for torc,
O niú co bráth mbairneach mbalc,
Ní ticfa Laighnech fo lorc.
Lorcán Laighen i ttreibh troch,
Maighen céd cloth caradh nath
Dirsan dfaidhiuch ro líon bith,
As crith, as caíneadh, as cath.
Coimde coiccidh nGaoidheal ngaeth,
Ma ro gaeth for laoch ní lith,
Ba Lúgh lonn fri leim in áth,
As beim do brath ma ro bith.




Ceallach, mac Bece, tighearna Dál Araidhe, do orccain i nOentribh
la a chenél féisin.
Flann Ua Foccartai tighearna Breccraighe, agus tighearna


L. 650


Teathbha, Duibhlemhna inghen Tighearnáin, tighearna Bréifne, ben
Donnchadha mic Floinn, rí Ereann, dég.



Aois Críost, naoi ccéd cethrachat a dó.
Robhartach, mac Maolcainnigh, abb Cluana an dobhair,
Maolfeicheine, abb Cluana hIoraird,
Dubhthach, mac Maoilsempul, fer leighinn Cluana hIoraird,
agus Guaire, mac Mailecáin, sacart Cluana mic Nóis, décc.
Flaithbheartach, mac Ionmainéin, rí Caisil,
Flann, mac Find, agus Muireadhach, mac Maoilmórdha, dá
rioghdhamhna Laighen, dég.
Find, mac Matáin, tighearna Corca Laighde, do mharbhadh dFearoibh
Maighe Féne.
Conn, mac Donnchadha, rioghdhamhna Ereann, do mharbhadh dfearaibh
Fearnmaighe.
Coirpre, mac Maolpáttraicc, tighearna Ua Liatháin,
décc. Cathraoineadh ria cCeallachán Caisil for Cheinneittigh, mac
Lorcáin, hi maigh dúine, in ro marbhadh sochaidhe.
Cosccradh Atha cliath do Ghaeidhelaibh


L. 652


.i. do Chonghalach, mac Maoilmithigh, ríoghdhamhna Ereann, agus
do Braen, mac Maoilmórdha, rí Laighen, agus do Cheallach, mac
Faeláin, rioghdhamhna Laighen. Asé cosccradh do ratadh fair
.i. a tighe, agus a airbeadha, a longa, agus a cumhdaighe olchena
do losccadh, a mná, a mhic, a daesccarsluaigh do bhreith i
ndaeire, a fhir agus a aes calma do mharbhadh, a óghdilgeann ó
ceithir go duine eidir guin, agus bádhadh, agus losccadh, agus braitt
acht uathadh beacc do dicsed i nuathadh long do rochtsatar
i nDelccinis. Conadh dó ro ráidheadh,




Naoi ccéd bliadhain buan nesnadh,
Ceithre deich a dó atféghtar,
O genair Crist, iar riaghail,
Co sin mbliadhain ro meatlaidh.
Ro cosccradh Ath cliath cloidhbheach,
Co nimat sciath sceo teghlach
Ro craidheadh muintir Thomair,
I niarthar domhain debhradh.
Braen Carmain don cath cosccrach,
Or al Almhain co na shloghadh,
As lá righ Laighean lainech,
Ro craidheadh agus ro cosccradh.
Forbharach fris in cosnamh,
Congalach cond mBregh mbrasglan,
Grian iarthair domhain dathaigh,
Co cathaibh oca cosccradh.




Donnchadh, mac Floinn, mic Maoilechlainn, rí Ereann,
décc iars an cúicceadh bliadhain fichet a flaithesa. As do foraithmet,
agus déccaoíne Donnchadha ro ráidheadh an rann,


L. 654



O atbáth Donnchadh, delm doroi, fo cloi Temhair tomthach lí,
Cen recht ré leng righ rosna, atá tír nEreann iar ní.




Aois Criost, naoi ccéd cethracha a trí.
An chéd bliadhain do Chonghalach, mac
Maoilmithigh, os Erinn hi ríghe.
Maoltuile, mac Dúnain, comharba Tighearnaigh agus Chairnigh,
.i. ó Tuiléin, dég. Easpucc éisidhe.
Guaire, mac Sealbhaigh, abb Disirt Diarmada, décc.
Aenghus, mac Donnchadha, mic Floinn, tighearna Midhe, décc.
Aorchadh, mac Murchadha, tighearna Iarthair Condacht, décc.
Aireachtach, mac Anbhith, toisech Calraighe, do mharbhadh.
Goill Locha hEathach do mharbhadh imo rígh i mbrési la Domhnall Ua
Néill, .i. mac Muirchertaigh, mic Néill Glúnduibh, agus lá a
dherbhrathair. Blacaire, aon do thoisechaibh Gall, do
ionnarbhadh a hAthcliath, agus Amhlaibh dar a esi ann.
Ua Canannan, .i. Ruaidhri do dhol i mBreghaibh co ffargaibh
dream dia shlógh ann lá Conghalach.
Geill Connacht lá Conghalach, mac Maoilmithigh.
Dí cholamhain téintídhe do aicsin sechtmhain ria Samhain, co
ro shoillsigh an bhioth uile.
Cuileannán, mac Coibhdhenaigh, tigherna Ua mBairche, dég.



Aois Criost, naoi ccéd cethracha a cethair.
An dara bliadhain do Chonghalach. Flathghus, abb Fearna móire,
Scannlán, abb Tuama Fionnlocha, Maolbethadh, abb Daimhinsi,
agus Guaire sagart Cluana mic Nois, dég.
Aimhirgin, mac Cionaedha, tighearna Ua Failghe, décc an treas lá
do Ianuarii.
Dun laing, mac Aedha, tighearna Ua nDróna, do mharbhadh.
Domhnall, mac Maolmhuaidh, tighearna Connacht, do
écc. Domhnall, mac hUathmharán, mic Dobhailen,


L. 656


tighearna Corca Fhirtrí, do écc.
Orgain Cluana mic Nóis, agus ceall na Midhe archena do Ghallaibh
Atha cliath.
Orgain Cille Cuilinn, do Ghallaibh .i. do Amhlaibh Cuarán.
Atalstan rí orrderc Saxan, décc.



Aois Criost, naoi ccéd cethracha a cúicc.
An treas bhliadhain do Chonghalach.
Caonchomhracc, abb Ia,
agus Cathasach, mac Guasáin, fearleighinn Arda Macha,
décc. Cathraoineadh ria nDonnchadh, mac Ceallaigh, tighearna
Osraighe for Laighniu, dú i ttorchair Braon, mac
Maoilmhórdha, rí Laighen dia nebradh,




Naoi ccéd, naoi ccóicc do bliadhnaibh, ní séd nách tiamhda troghda,
O ghein Críost ar maoin saoir slánda co bás Braoin, mic Maoilmhórdha.




Agus torchair bheos Ceallach, mac Cionaedha, tighearna
Ua Ceinnsealaigh go sochaidhibh hi maille friu isin cath sin.
Conadh dia foraithmhet ro raidheadh,




Braon, bres Laighen lonnghalach, Congalach laechda laindrech,
Cetracha cétt comhramhach orstat in Ath cliath Claidhbheach.
O ghein mic Dé deachraighit reltait co rel i riaghlaibh,
A cúicc la taebh cethrachait agus naoi ccéd do bhliadhnaibh.




Lán an Fhindfadhoich do arggatt ó Chenel Eoghain ar bhendachtaibh
Patraicc agus a comharba an tan sin, .i. Ioseph.
Cath eitir eonaibh an mhara, agus an tíre occ Luimnech.
Cath eitir fhiachaibh Mumhan i nGlenn Damhain oc Darinis, agus ro
meabhaidh for na fiachaibh siar agus do rochair a nár and.
Slóigheadh la


L. 658


Ruaidhri Ua cCanannáin co Sláine cona tairthetar Gaill, agus Gaoidhil
.i. Conghalach, mac Maoilmithigh, agus Amhlaoibh Cuarán, co raeimhidh
for Ghallaibh Atha cliath in ro marbhadh agus in ro báitheadh sochaidhe.
Scolaighe Ua hAedhaccain, tighearna Dartraighe, agus Gairbhith, mac
Muiredhaigh, tanaisi Ua cCremhthainn,
agus Aodh Ua Ruairc, mac Tighearnáin, a frithguin.
Orgain Atha cliath la Conghalach, mac
Maoilmithidh.



Aois Criost, naoi ccéd cetracha a sé.
An cethramhadh bliadhain do Chonghalach.
Ainmire Ua Cathlai, abb Cluana mic Nóis,
agus Leacna Midhe, dég, do Uibh mic Uais Mídhe a chenél.
Cathasach, mac Domhnaill, abb Glinne hUisen,
dég. Colmán, mac Maoilpátraic, airchindech Sláine, do mharbhadh
la Gallaibh. Corc, mac Coinliogáin, abb Lothra, décc.
Cormacan, mac Maoilbrighde, an táirdfhile, fear cúmtha
Néill Glúnduibh, dég.
Cath Atha cliath ria cCongalach, mac Maoilmithigh, for
Blacaire ua nIomhair, tighearna na Nortmann, in ro marbhadh
Blacaire feisin, agus sé chéd décc etir ghuin agus broitt, agus tuilledh
ar mhíle amaille fris. As dó ro ráidhedh,




Dardain Chonghalaich na ttriath,
I nAth cliath ba cuinscle laoch,
Hi ccéin marus clann fri claind,
Do berat Gaill fri cech saeth.


L. 660



Gormfhlaith, inghen Flaind, mic Maoilechlainn, rioghan
Néill Glunduibh, décc iar naithricche díochra ina tairmtechtaibh agus
doáilcibh.
Slóigheadh lás na Gallaibh dar Druim ráithe, co ro loiscset an derthech
agus deichnebhar ar sheacht fichtibh and.
Cathusach, mac Ailchi, epscop Cenel Eoccháin, décc.



Aois Criost, naoi ccéd cethracha a seacht.
An cúicceadh bliadhain do Chonghalach.
Oenacán, mac Eccertaigh, aircindech
Eccailsi bicce hi
cCluain mic Nóis, epscop, agus ógh iodhan,
bráthairsidhe Dúnadhaigh, mic
Eccartaigh, do Mughdornaibh Maighen a chenél, agus a écc.
Aedhán, mac Anailedh, airchindeach Tuama dá Ualann, décc.
Flaithbhertach, mac Muirchertaigh, mic Neill Ghlúnduibh, do
mharbhadh lá Cenél Conaill.
Laidhgnén, mac Conghalaigh, tighearna Gaileng, do
mharbhadh lá Feraibh Cúl.
Domhnall, mac Find righdhamhna Laighen, décc.
Fógartach, mac Donnagáin, tighearna Oirghiall,
décc, iar mbuaidh naithrighe. Madudhan, mac
Aodha mic Eochaccáin, rí Uladh,
do mharbhadh la hUltoibh budhen.
Slóigheadh lá Congalach, mac Maoilmithigh, co ro hindir
hUi Meith, agus Fernmhagh.



Aois Criost, naoi ccéd cethracha a hocht.
An seiseadh bliadhain do Chonghalach.
Finnachta, mac Echtighern, epscop,
scribhnidh, agus abb Lughmhaidh, agus maer muintire
Pátraicc ó shleibh fodhes,
Colmán, epscop agus abb Fedha dúin, décc.
Maolfindén, sui epscop Daire Chalgaigh,
Corbmac Ua hAilella,
airchindeach Cille Cuilind,
Scuithine, abb Dermaighe, décc. Donnghal Ua Maoilmídhe,


L. 662


fer leighinn Cluana mic Nóis, Flann Ua Anáile, airchinneach
Glinne da locha, cend ordain an coiccidh, dég.
Eochacán Ua Cleirigh, riaghlóir eisen, décc.
Dariet eccnaidh décc.
Reachtabhra, mac Maonaigh,
primhsaccart Cluana mic Nois, airchinnech
Imbleachha Fia .i. Imleacha mBeccáin.
Oenghus, mac Brain,
saccart, agus Sruith Senoir
Cluana mic Nóis, décc.
Cloicthech Sláine
do losccadh do Ghallaibh co na lán do
mhionnaibh, agus degh dhaoinibh im
Chaoinechair fear léighinn
Sláine, agus bachall an erlamha,
agus clocc bá deach do chloccaibh.
Cathraoineadh ria Ruaidhri Ua Canannáin, i Midhe for
Conghalach, mac Maoilmithigh,
dú i ttorchair Conghalach, mac
Ceallaigh, tighearna Fear Rois, co ndruing oile amaille
fris. Slóighedh oile la Ruaidhri Ua Canannáin i mBreghaibh,
agus indreadh Breagh uile dhó, agus do bhert
ile dhi chumhaing for
Chonghalach. Ro ghabh longport frí ré sé mís
acc forbhais for Mhidhe, agus Breaghaibh hi Muine Brocain,
agus do riacht dligheadha righ Ereann
as gach aird chuicce. Cathraoineadh iaramh eitir
Ghallaibh, agus gaoidhealaibh, .i. eitir
Ruaidhri Ua Canandain
agus Gulla Atha cliath a bféil Andreas
apstol do shonnradh.
Ro meabhaidh for Ghallaibh,
agus ro cuireadh a nár, uair torcrattar
sé mhíle do thrén fearaibh ann gen mothat
gille, agus glaslaith torchair Ruaidhri
din rioghdhamhna Ereann i frithghuin an
chatha hisin, agus torcair iomhar
tanaisi Gall
ann bheos. Térna, imorro, Gofraidh .i. mac Sitriucca, co nuathadh
daoine hi maille friss.
Donnchadh, mac Domhnaill Ui Maoilechlainn,
ríghdhamhna Midhe,
do mharbhadh la a deirbhfhine bú dhéin
.i. la Fearghal mac Aengusa.
Slóighedh la Conghalach,
mac Maoilmithigh isin Mumhain, agus ro
aircc iarmhumha, agus ro mharbh dá mhac
Ceinnéittigh, mic Lorcáin
.i. Echtighern agus Donnchuan.
Indradh Maighe Finn lá Conghalach.
Ruarc, mac Anfith Ui Laoghachán,
tighearna Fear Cúl Teathbha, décc.
Madudhan mac Aodha, rí Uladh, do mharbhadh la hUlcoibh
féisin.


L. 664


Aois Criost, naoi ccéd cethracha a naoi.
An seachtmhadh bliadhain do Chonghalach.
Ailill, mac Cuirc, abb Corcaighe,
Guaire Ua Forandáin,
airchinnech Ardasratha, décc.
Aodh, mac Maolruanaidh, ríoghdhamhna
Temhra, do mharbhadh
lá Domhnall mac Donnchadha.
Maceitigh, mac Cuilendáin,
tighearna Conaille Muirthemne, do marbhadh la Mughdornuibh Maighen.
Béc, mac Duinncuan, tighearna Teathbha, décc.
Niall Mothlach Ua Canannáin, do mharbhadh do Coirpraibh Móraibh.
Conghalach, mac Maoilmithigh, co mór chobhlach
Leithe Chuinn lais for Loch Derccdherc. Ro oirgset
dno uile innsedha an locha agus ro gabhsat geill agus neart
Mumhan iar na frithbheirt
friú. Gofraidh, mac Sitriocca co
nGallaibh Atha cliath do orgain
Chenandsa, Domhnaigh Patraic, Airdbrecáin,
Tuláin, Disirt Ciaráin, Cille Scíre, agus a laile cealla
archena, acht as a Cenandas ro croite uile. Rugsat tuilledh ar trí
mhíle a mbroid leó lá taobh óir, agus argaitt, edigh, agus iolmhaoine,
agus gacha maithesa archena.
Indredh Shíll nAnmcadha, agus orgain Cluana ferta Brénainn lá
Ceallachán agus lá fiora Mumhan. Indreadh Dealbhna Bethra
don lucht chédna, agus Daimhliag
Gailinde do lósgadh leo.
Soere Cluana Ioraird
ó Chonghalach, mac Maoilemithigh gan
choinnimh righ nó flatha fuirre.
Maidhm for fiora Musccraighe tíre
la hUa Lomáin Gaela.
Maidhm for hUibh Failghe
occ Biorraeibh, in ro


L. 666


marbhadh sochaidhe im Cionaeth Cruach.
Dubhdabharc, mac Maoilmordha, tighearna Uaithne tíre, do
écc. Clamhtrusccadh mór, agus
rith fola for Gallaibh Atha cliath.



Aois Criost, naoi ccéd caoga.
An tochtmhadh bliadhain do Chonghalach.
Adhland, mac Egnigh, mic Dálaigh,
comharba Daire Colaim Chille
eisidhe, Guaire aidhne chlérech nEreann, décc.
Blathmac Sgeillice décc. Flann Ua Becain,
airchinneach Droma cliabh, scribhnidhe
Ereann, décc. Feardomhnach Ua Maonaigh,
abb Cluana mic Nóis
agus Glinne dá Locha, do Chorca moccha a chenél.
Céleclamh ancoire Ard Macha,
agus Flann, mac Maoilfiachrach,
airchinnech Muighe etir dí ghlais, décc.
Flann Ua Cléirigh, tighearna
Deisceirt Connacht, agus righdhamhna
Connacht uile, do mharbhadh do fheraibh Mumhan.
Domhnall Donn, mac
Donnchadha ríoghdhamhna Temhra, agus
Oebhinn, inghen Donnchadha, décc.
Canannán, mac Ceallaigh,
tanaisi Ua cCeinnselaigh, décc iarna ghuin.
Maidhm for Chenél cConaill
ria fFerghal, mac Airt, dú i
ttorchair Fiachra Ua Canannáin.
Conchubhar, mac
Domhnaill Ui Maoilechlainn,
ríoghdhamhna Ereand, do mharbhadh la a chenel feissin.
Maidhm for Laighis, agus for Ua fFairchelláin
ria tTuathal mac Ugaire in ro marbadh


L. 668


sochaidhe, agus in ro gabhadh Cuilén, mac Gusain.
Cathshraoineadh ria nGallaibh
for fheraibh Alban for
Bretnaibh, agus for Saxanachaibh, du i ttorchrator
ile.



Aois Criost, naoi ccéd caoga a haon.
An nomhadh bliadhain do Chonghalach.
Ciaran Ua Gabhla, espucc Cluana ferta Brénainn,
Duibhinnsi saoi agus espucc muintire Bennchair,
Diarmait, mac Caichir
espucc Insi Celtra,
Maolcothaigh, mac Lachtnáin, comharba
Comhghaill agus Mocholmócc, décc.
Cennfaoladh, mac Suibhne, abb Saighre, décc ina ailithre i
nGlionn dá locha.
Diarmaitt, mac Torpthaigh, abb Lesa móir.
Feidhlimidh, dalta Maolmaodhócc, abb
Glinne hUissen, saoi Laighen,
Maolmaire, airchinnech, Tighe Fethgna,
Maolmartan, mac Maenaigh, saccart
Dúin Lethghlaisi,
Maolpatraicc, mac
Cosccáin, fer leighinn Arda Macha,
agus Gormghal, fer léighinn Tighe Mochua,
agus Innsi Robhartaigh, décc.
Corbmac, mac Maoilsluaigh, saoi Mumhan,
Anghal fer léighinn Cluana Ioraird,
agus Colgga, angcoire Arda Macha,
décc. Eithne, inghen Ferghaile,
banrioghan Ereann, ben Congalaigh, mic
Maoilmithigh, dég.
Echtighern, mac Cionaith,
tigherna Ua Ceinnselaigh, do
mharbhadh la macaibh Ceallaigh.
Cluain mic Nóis do orccain do fheraibh Mumhan co
nGallaibh Luimnigh amaille friú.
Ruadacán, mac Eitigén, tighearna Airthir Gaileng,
Faolán, mac Taidhcc tánaisi Ua cCeinnselaigh,
agus Duibhgionn, mac
Cuilennáin, tighearna
Ua nDuach, décc i naen ló.
Orgain Insi Doimhle, agus Insi Uladh la
hAmhlaibh Cuarán, agus
la Tuathal mac Ugaire.
Orgain Tíghe Molincc iar muir ó Laraic.



Aois Criost, naoi ccéd caoga a dó.
An deachmhadh bliadhain do Chongalach.
Robhartach, comharba Coluim Chille agus Adhamnáin,
Rechtabhra, epscop agus abb Cille hAchaidh,
Caoncomhrac, abb Cille hEaspuicc Sanctáin agus Sruthra,


L. 670


Flannaccán, mac Allchon, comharba Mic Nissi,
agus Colmáin Eala,
Celechair, mac Robhartaigh, comharba Finnéin
agus Ciaráin, do Uibh Mic Uais Mídhe a chenél,
Cellachán, rí Chaisil, décc.
Aodh, mac Gairbhith, tighearna Corca Móire,
agus tighearna Dartraighe do marbadh.
Niall Ua Tolaircc, tighearna Cuircne,
agus as uadh ainmnighther Cárn Uí Tholaircc for bhru Locha Ribh
décc.
Saighir chiaráin do orccain dfheraibh Mumhan.
Bran, mac Domhnaill, tighearna Chenel Laeghaire Bregh, do mharbhadh.
Conn, mac Eradain, mic Gairbhith, tighearna Maighe dumha, do
mharbhadh. Ar mór do Choirpribh
agus tethbhaibh ria nUa Ruairc,
co ttorchair ann Ua Ciardha, tighearna coirpre.
Ualgharcc, mac Cianáin, tighearna Dal meisin cuirb, do
mharbhadh lá Cathal, mac Lorcáin,
agus torchair Cathal fo cédóir frissiumh.
Dunlang Ua Dubháin do marbhadh.
Slóiccheadh Cenél Eocchain lá
Domhnall Ua Néill go ro
indirset Bregha a haontaidh Gall.



Aois Criost, naoi ccéd caoga atrí.
An taonmhadh bliadhain décc do Chonghalach.
Dunadhach, mac Eccertaigh, espucc Cluana mic Nóis.
Dunlang, mac ua Dunaccáin,
abb Innsi Doimhle agus Tighe Munna,
Maolionmain, eccnaidh agus ancoire Glinne da locha, décc.
Cuilen mac Cellaigh, abb Cille dara, do mharbhadh.
Aonghus, mac Loingsich, airchindech
Maighe bile, décc.
Aongus, mac Maoilbrighde, airchinneach
Doimhliacc, Ailine, tighearna Mughdorn Maighen,
agus Braon, mac Cathacain, tighearna
Ratha inbhir, dég.
Mithighen, mac Cionaedha, tighearna Ua Mailhéna,
Murchadh, mac Cumusccaigh, tighearna Fer Rois,
agus Flann, mac Glethnecháin,
toisech Cloinne Murchadha, décc.
Inderghe mac Mocháin, tighearna Ciannachta, do mharbhadh i
cConnachtaibh hi


L. 672


lurcc, Chonghalaigh mic Maoilmithigh.
Sloiccheadh la Domhnall mac Muirchertaigh co longaibh
o Thuaigh inbhir for Loch nEathdach for Dabhall, dars na
hAirghiallaibh, for Loch neirne, iarsin for
Loch nUachtair,
go ro aircc, agus co ro indir an Breifne
co tucc gialla Ua Ruairc.



Aois Criost, naoi ccéd caoga a cethair. Gaeitheine
sui epscop Dúin Lethglaise,
Oengas, mac Noachain, comharba Fechene,
Maolpatraicc, mac Conbretan, airchinnech Sláine,
Maonach, comharba
Findéin, agus ferleighinn Arda Macha
agus Maolbrighde, mac Rédáin, comharba Mic Neissi, agus
Colmain Eala, dég.
Tadhg na tTri tTor, mac Cathail rí Connacht,
décc. Slóiccheadh la Conghalach,
mac Maoilmithigh, rí Ereann co
Laighnibh, agus iar nionnradh
Laighen, agus iar naighe
aonaigh Life
frí tríbh láibh do cós ó Laighnibh
co Gallaibh Atha cliath, agus
tuccsat Amhlaoibh,
mac Gofradha, tighearna Gall co na
Ghallaibh, agus ro
hindleadh caithedarnaigh leó fór cind
Congalaigh, conidh tria sin ceilcc sin
tairus é cona maithibh
oc Tigh Gioghrann. Atiad torcratar annsin, Conghalach féisin,
Madúdhan, mac Aodha, mic Maoilemithich, Aodh mac Aichthide,
tighearna Tethbha. Corbmac, mac Cathaláin, tighearna
Fher nArda, agus drong


L. 674


mór oile amaille friu. Conadh do réimhios Congalaigh hi
ríghe, agus daois ar ttighearna
Criost an tan ro marbhadh an rí si
atbert Aodh Ua Raithnén,




Iar norgain Atha cliath grinn,
Ro huc gulla a hErind
It dá bhliadhain for a dech
I réimhius caoimh Congalaigh.
A cethair caogat iar fír
Ocus naoi ccéd, ní gníomh suaill,
O ghein Criost i mBeithil bóid
Co bás mic Maoilmithigh mhuaidh.




Aois Criost, naoi ccéd caoga a cúicc.
An chéd bhliadhain do Dhomhnall, mac
Muircheartaigh, uas Erinn hi ríghe.
Flann, mac Aedhaccain, abb Glinne dá locha,
Maolceallaigh, mac
Aedha, comharba Ailbhe Imligh,
Colmán, mac Conghail, comharba
Molaisi Daimhinsi,
Diarmaitt, ancoire Glinne dá locha,
Maolcoluim Ua Canannáin,
tighearna Ceneoil Conaill, décc.
Maolfothartaigh, mac Flaint,
rí Caisil,
Muiredhach Ua Lachtnáin, tighearna
Teathbha, décc.
Eochaidh, tighearna Locha Cál,
Maolsinchill, mac Duibhcinn,
flaith Ua mBriuin Cualann, dég.
Cobhlach Ferghail, mic Airt, for Loch Cé.
Guin Coirpre Finn hUi Bruadair,
agus a mheic .i. Aodh.
Riaccán, mac Fiannacta,
Ui Lorcáin, dég.
Maelsechlainn, mac Aimhirgin,
tighearna Ua Failghe, dég.
Maidhm ria tTuathal, mac nUghaire for
Uibh Ceinnsealaigh, in ro marbhadh sochaidhe.
Slóigheadh la Domhnall, mac Muirchertaigh, go Laighnibh,
go ro indrestar Magh Life, agus na Coimne
go Dún Salach.



Aois Criost, naoi ccéd caoga a sé.
An dara bliadhain do Domhnall.
Flann, mac Mochloingsigh, comharba Tighearnaigh
agus Maoldóith, Tanaidhe mac


L. 676


Uidhir, comharba Comhgaill, do mharbhadh la
Gallaibh. Fiannachta, mac Lachtnáin,
airchinneach Ferna, Aodh, mac
Ceallaigh, comharba Brénainn,
agus Lucchaidh, mac Colgan,
airchinneach Sláine, décc.
Tuathal, mac Ugaire, rí Laighen, dég.
Niall Ua hEruilbh do écc.
Maidhm for hUibh nDunchadha,
agus for hUibh Foilghe,
agus for Cloinn Cellaigh,
ag Fiodh Chuilinn .i. for Domhnall,
mac Lorcáin, agus
for Domhnall mac Maoilmordha,
ria nUibh Faoláin .i. ria
Murchadh, mac Finn, in ro marbhadh Cernach, mac Lorcáin,
flaith Cloinne Ceallaigh,
agus Naoidhenán Ua Domhnaill, agus
sochaidhe oile do shaorchlannaibh cenmo thatsidhe.
Domhnall, mac Aenghusa, tighearna Ua nEathach, do écc.



Aois Criost, naoi ccéd caoga a seacht.
An treas bhliadhain do Dhomhnall.
Oenghas Ua Lapáin, epscop Ratha both,
Dubhdúin, comharba Colaim Chille,
Martain angcoire, comharba Caoimhghin agus Maoileruain,
Maenach, mac Corbmaic, abb Lis móir,
agus Maenach, airchindech Lothra, décc.
Dubhdabhoirend, mac Domhnaill, rí Caisil, décc.
Domhnall, mac Maoilmordha, tighearna Ua Failghe,
décc. Cluain mic Nóis
do orgain lá Mathghamhain, mac
Ceindéiticch, agus lá fiora Mumhan.
Losccadh termainn Chiaráin ó chrois áird co Sionaind eitir
arbhar agus muilnibh, an bhliadhainsi.
Creachshluaighedh insi Eanaigh
la Ferghal Ua Ruairc,
agus maidhm Maighe Itha, dú i ttorchair
Aodh, mac Flaithbheartaigh,
righdhomhna Cenel Eoghain.
Cathusach .i. ó Dhruim Torraidh,
mac Doiligein, comhorba Patraicc Sui espucc
Gaoidhel, décc.


L. 678


Aois Criost, naoi ccéd caoga a hocht.
An cethramhadh bliadhain do Dhomhnall.
Dubhdúin Ua Steafáin, comharba Colaim Cille,
agus Cathmhogh, abb Liss móir,
agus epscop Corcaighe, décc.
Carlus, mac Cuind,
mic Donnchaidh, do mharbhadh lá Nortmannaibh.
Ferghal, mac Augráin,
tighearna Laoighisi Rétae, dég.
Faolán, mac Ferghaile,
tanaisi Laoighisi Retae,
do mharbhadh. Slóigheadh la Domhnall,
mac Muirchertaigh, co Dál nAraidhe, co ttucc a ngiallu.
Fergráidh, mac Cléirigh,
tánaisi Caisil, do écc.
Donnchadh, mac Lorcáin,
mic Cathail, do ghuin hi ttír Ua cCeinnselaigh.
Faifne fili, primhéicces Laighen, décc.
Fínshnecta Ua Cuill, file Mumhan, décc.



Aois Criost, naoi ccéd caoga anaoi.
An cúicceadh bliadhain do Dhomhnall.
Conaing Ua Domhnalláin, airchindech
Clochair mac nDaimheni, Donnchadh, mac Aurchadha,
tighearna Ua Briuin Seóla, décc.
Feargráidh, mac Cléirigh,
rí Caisil, décc.
Foghartach, mac Ciarmhaic,
do mharbhadh i meabhail.
Ualgharcc, tighearna Dartraighe,
do mharbhadh. Soighet teineadh
do thecht iar fut Laighen,
a niardhes, co ro mharbh míle do dhaoinibh
agus alltoibh co nicce Ath cliath.
Niall, mac Aodha,
mic Eochaccáin, rí Uladh, décc.



Aois Criost, naoi ccéd seascca.
An seiseadh bliadhain do Dhomhnall.
Slóighedh lá Flaithbheartach,
mac Conchobhair, la tighearna
Oiligh, i nDál nAraidhe, go ro indir Condere,
conastairthetar Ulaidh,
co ro marbhadh Flaithbheartach,


L. 680


agus a dá bhráthair, Tadhg agus Conn,
agus sochaidhe oile imaille friú.
Aonghas Ua Maoldoraidh, tighearna Cenél cConaill,
do mharbhadh lá Cenél Conaill budhdéissin.
Eoghan, mac Muiredhaigh,
do mharbhadh lá hUibh Fáilghe.
Murchadh, mac Aodha, tighearna
Ua Máine Connacht, décc.
Mughron Ua Maolmhuaidh, tighearna
Fear cCell, décc.
Cluain mic Nóis dorgain dOsraighibh.
Inis mór for Loch Ribh
do ghabháil do Murchadh Ua Chellaigh
for Cheallach, mac Ruairc,
tighearna Fear Cúl .i. tighearna
Síl Ronáin, co ruccadh co na
chobhlach i Tir Maine
i nerghabhail. Cobhlach fear Mumhan iar Sionaind,
co ro indirset Termann Ciaráin
ón inbhior siar. Ro gabhsat muintir Domhnaill, mic
Dúnchadha, ina ndiaidh,
co farccaibhset fir Mumhan a ccobhlach
leó, agus do marbhadh drong mhór díobh iar bfaccbháil a
long. Muirchertach, mac Ecnecháin,
mic Dálaigh, décc.
Slóighedh lá hUibh Néll
isin Mumhain, condergenset
oirccne mara .i. mora.
Ferghal Ua Ruairc
do fhásucchadh Mídhe.
Tene saighnéin do mharbhadh na ngéisi agus na ccadhan i
nAirther Life.
Loinges meic Amhlaiph, agus na Ladgmainn do theacht i
nErinn, co
ro ortatar Conaille agus Ettar
co hInis mic Nessáin,
co ndechatar na Ladgmainn
iarttain co fioraibh Mumhan, do dhíoghail a
mbráthar .i. Oin, co ro
ortattar Insi Doimhle
agus Uí Liatháin,
co ro loitsioc Liss mór
agus Corcach, agus co ndernsat ulca imdha
archena. Tiaghtar


L. 682


iarttain in hUibh Liatháin,
co ttarraidh forra Maolcluiche Ua
Maoleittind, co ro la a nár
.i. cúicc sesccat ar trí céd,
co na ternodar díbh acht lucht tri
long. Creach la mac Amhlaibh
a hInis mac Nesain
co Brettain agus co Moin Conáinn.
Creach la Sittriucc Cam
do mhuir co hUibh cColgan, co
ttarraidh Amhlaibh
co nGallaibh Atha cliath, agus col Laighnibh,
agus co rubhaidh Amhlaibh do shaighit tre na shliasait, co
raeimhidh for Sitriucc cCam,
co nerla ina longaibh iar nár a mhuintire.
Buadhach mac Corbmaic, agus Donnchadh,
mac Cinnfaolaidh, do
mharbhadh la hEoghanachtaibh
i naen mí.
Dunchadh, mac Laeghaire,
tighearna Fernmhaighe, décc.
Slóigheadh lá Domhnall Ua Néill for cuairt Ereann,
co raibhe trí trath occ Ráith Ettain.



Aois Criost, naoi ccéd seascca a haon.
An sechtmhadh bliadhain do Dhomhnall.
Fothadh, mac Brain,
scribhnidh agus espucc Insi Alban,
Cosccrach, mac Dúnacáin,
sui epscop, agus airchinnech Insi Caindegha,
Cathal, mac Corbmaic, sui espucc Cluana fearta Brénaint,
décc.
Anaile, scribhnidh Doimhliacc Cianáin, décc iar
sendataidh. Dubhtach Disirt Chiaráin,
Caoncomhrac, mac Curáin,
sui epscop agus abb Cluana hEoais, décc.
Ní nemhghnath do dhénamh la sin rígh
Domhnall, mac
Muirchertaigh .i. longa
do breith dar Dabhall,
tar Sliabh Fuait
co loch nAindind, co ro hoirccedh
oiléna an locha lais.
Ecnech, nac Dálaigh
tighearna Oirghiall,
agus a mac .i. Dubhdara, do mharbhadh
la a bhráthair lá Murchadh, agus ro
dioghladh ó Dhia fair an gníomh sin, uair ro marbhadh somh iar
naimsir la hUa cCanannáin.
Ua Canannáin, do bhreith longais
lais for lochaibh Eirne,
go ro hoircceadh oiléna an locha lais.
Maidhm ria Fearghal Ua Ruairc, rí Connacht, for Muimhnechaibh
for Sionnaind
.i. maidhm na Catinchi ettir Cluain ferta agus Cluain mic Nóis,
agus Dalcais do


L. 684


orccain lais iarsin.
Ar ar Mathgamhain, mac Ceinneittigh,
ria fFerghal Ua Ruairc,
dú i ttorchair tri hUi Lorcáin agus
secht fichet impu.
Donnchadh, mac Ceallacháin, rí Caisil,
do ghuin ó na bráthair féissin.
Ferghal, mac Ceallaigh,
do écc hi Saighir, iar bpennainn.



Aois Criost, naoi ccéd seascca a dó.
An tochtmhadh bliadhain do Dhomhnall.
Dubhscúile, mac Cionaedha, comharba
Cholaim Chille,
Suibhni, mac Niamhain,
abb Mughna, dég.
Suibhne, mac Segonáin, espucc
agus riaghloir Cilli Cuilind, décc.
Finghin, sui epscop, Dúin Lethghlaisi,
Corpmac, espucc Tamhlachta, dég.
Colmán, mac Cobradh,
ferleighinn Cilli dara,
agus Muiriond, inghen mic Colmáin, banabb Cilli dara, dég.
Maolruanaidh, mac Floinn,
mic Eccneacháin, agus a mhac do
mharbhadh lá cloind Fianghusa.
Furadhrán, mac Bece,
tighearna Derlais,
do mharbhadh la Cenel Eoghain.
Muircheartach, mac Conghalaigh,
mic Maoilmithigh,
ríoghdhamhna Ereann, do mharbhadh lá
Domhnall, mac Conghalaigh.
Ceall dara do arccain
lá Gallaibh, agus broid mhór do
sruithibh, agus do cléirchibh
do ghabháil dóibh ann, agus Niall Ua hEruilbh
dia ffuascladh. Lán an toighe móir Sanct Brighde, agus lán an
dérthighe aseadh do ruaichill
Niall díobh lia a argad budhdéin.
Muirchertach hUa Canannáin, tighearna Cenél Conuill,
do mharbhadh lá a deirbhfine.
Maidhm an Bhealaigh
re fFerghal hUa Ruairc


L. 686


for feraibh Tethbha, du i ttorchair
Domhnall mac Muirecáin.
Maidhm for Amhlaibh, mac Sitriucca
.i. oc Inis Teoc, ré
nOsraighibh, dú i
ttorcrattar íli do Ghallaibh
im Batbarr mac Nirae.
Coirpre Ua Guaire
cenn féli Laighen, décc.



Aois Criost, naoi ccéd sescca a trí.
An nomhadh bliadhain do Dhomhnall.
Dunchadh, mac Ceallaigh, epscop agus ab Tíre dá ghlas,
Colmán, abb Disirt Diarmatta, décc.
Iosep, comharba Mic Neisi agus Colmáin Eala,
Cionaodh, mac Maoilchiaráin, abb
Lis móir Mochuda,
Gebhennach, mac Cathail, abb Insi Cáthaigh, décc.
Slóigheadh lá Domhnall Ua Néill,
co ro oircc Connachta,
agus cco ttucc gialla ó hUa Ruairc.
Aodh, mac Maoilmithigh,
décc ina oilithre.
Caomhclud righ lá hUibh cCeinnselaigh
.i. Domhnall mac
Cellaigh a nionadh Donnchadha, mic Taidhcc.
Gorta díofhulaing i nErinn
co renadh an tathair a mhac
agus a inghen ar bhiadh.



Aois Criost, naoi ccéd seascca a cethair.
An deachmhadh bliadhain do
Dhomhnall. Corbmac Ua Cilléne,
comharba Ciaráin, epscop,
agus eccnaidh
cianaosda, do Uibh Fiachrach Aidhne
a chenél, décc.
Fínghin, angcoire agus epscop Ia, décc.
Crunnmhael, abb Bec hEreann, epscop,
agus ferleighind
Tamhlachta, do bhádhadh
occ Tóchar Eachdhach.
Artacan Ua Manchan
ferleighind Glinne da locha,
décc. Dubhdabhoirenn, sui epscop Maighe Bregh, agus comharba
Buite, dég, sui egna laighen eside.
Maidhm ria cComhaltán Ua Clérigh
.i. Tighearna
Ua Fiachrach Aidhne,
agus ria Maolsechlainn, mac Arcdai,
for Fherghal Ua Ruairc,
du i farcabhtha secht céd im
Toichleach Ua nGadhra,
tighearna Luighne deisceirt.
Ceallach, mac Faoláin
rí Laighen, décc.
Donnchadh, mac Tuathail,
rioghdhamhna Laighen,
Faolán, mac Corbmaic, tighearna ua nDeise


L. 688


Mumhan, agus Maolmaire, inghen Néll, mic Aodha, décc.
Ferghal Ua Ruairc, rí Connacht, do mharbhadh lá Domhnall mac
Conghalaigh, tighearna Breacch, agus Cnoghbha.



Aois Criost, naoi ccéd sescca a cúicc.
An taonmhadh bliadhain décc do Dhomhnall.
Ailill, mac Maenaigh,
epscop Suird agus Luscan,
Daniel, epscop Leithghlinne,
Flann, mac Aenghusa, abb Lainde léire,
Cairpre, mac Laidhgnén, abb Ferna móire, agus Tighe Moling,
Cond mac Corcrain, abb Mungairde, agus cend Mumhan uile,
Conchobhar,
ferleighinn Cille dara, décc.
Dubhscuile Ua Mancháin,
anchoiri agus cend riaghla Glinne dá locha, dég.
Muireadhach, mac Faoláin,
abb Cille dara, agus ríoghdhamhna
Laighean, do mharbhadh lá hAmhlaoiph, tighearna Gall, agus la
Cerbhall, mac Lorcáin.
Gormghiolla, mac Cenndubhain,
airdseacnabb Cluana heidhneach,
do marbhadh la hOsraighibh.
Cath formaoile oc Raith bicc
ria Cenel Eoghain for Chenél Conaill,
dú i ttorchair Maoilíosa Ua Canannáin,
tighearna Cenél Conaill,
agus Murchertach Ua Taidhg,
ríoghdhamhna Connacht
go sochaidhib aile amaille friu.
Aodh Ua hAitidhe, rí Ua nEathach
Cobha, do mharbhadh la a chenél féisin.
Cearbhall, mac Lorcáin ríoghdhamhna Laighen, do mharbhadh lá
Domhnall, tighearna Bregh.
Mathghamhain, mac Cindeittigh, rí Caisil,
do argain Luimnigh agus dia losccadh.
Tighernach, mac Ruairc,
tighearna Cairrge Brachaidh, décc.
Cathraoineadh ria Mathghamhain,
mac Cindeidigh, for
Gallaibh Luimnigh, dú in ro ladh ar
Gall, agus ro
loiscc a loinges forru,
agus ro oircc Inis Ubtáin, agus ro marbhadh
Maolruanaidh, mac Flaind,
tanaisi Osraidhe
i frithghuin occ indradh an dúine.
Sloigheadh la Mathghamhain go Sciadh ind Eccis, go ttucc
gialla Mumhan
lais da thaigh, agus go ro indarb mac Brain
tigerna Deasmhumhan.
Sluagh Gall Atha cliath agus Laighen
i mBreghaibh, co ro
indairset Bregha, agus ro gonadh ann
Cerbhall, mac Lorcáin
ríoghdhamhna Laighen, co nerbailt iaromh.
Sluaighedh lá Murchadh mac
Find, rí Laighen in Osraighibh,
go ro airis ceteora aidche ann,
iar nindradh Raighne, co rug
Mathghamhain co bferaibh Mumhan fair, agus na Deisi agus
Osraighe, ó Ath buana


L. 690


co Commur, agus terna Murchadh
iomlán uadhaibh gan ech gan duine dfagbáil.
Caemhcludh abbadh in Ard macha
.i. Dubhdalethe i nionadh
Muiredhaigh ó Sliabh Cuillenn.



Aois Criost, naoi ccéd seascca a sé.
An dara bliadhain décc do Domhnall.
Ceallach Ua Banáin, comharba Comhghaill,
Muiredhach .i. dalta
Maonaigh, comharba Caindigh,
Erc Ua Suailen, epscop no abb Tamhlachta,
Connmac, mac Aindirraidh,
comharba Ulltáin,
agus sacart Cenannsa, décc.
Sloighedh la Domhnall Ua Néill co Laighnibh
co ros indir o Bherbha siar go fairrge, agus do bert
Bóromha mhór lais, agus do rad forbhais
for Ghallaibh,
agus for Laighnibh co cenn da mhíos.
As don chur sin torchair Fionn, mac Goirmghiolla,
Dunghal, mac Dúnghaile I Riagáin, agus
Ronán, mac Bruadair,
mic Duibhgiolla, agus
aroile saorchlanna do Laighnibh
amaille friu.
Maolmordha mac Finn, ríoghdhámhna
Laighen do ghuin.
Ruaidhri, mac Maolmartain, tigherna Fothart, do
mharbhadh. Flaithbhertach Ua Muiredhaigh,
tigherna Ua nEchdhach, décc.
Muiredhach mac Ferghasa, comhorba Patraicc,
décc. Cathasach, mac Murchadhain,
epscop Arda Macha, décc.



Aois Criost, naoi ccéd sescca a secht.
An treas bhliadhain decc do Domhnall.
Maolfindein, mac Uchtain, epscop Cenannsa, comharba Ulltain
agus Cairnigh, Eoghan Ua Cléirigh, epscop Connacht,
Maolgorm, mac Maoilcheallaigh, abb Insi Cealtra,
agus Donnchadh, mac Cathláin,
abb Cille mic Duach, décc.
Muireccen, abb Disirt Diarmata do écc.
Aonghas Ua Robhartaigh,
ancoire Dhoire Chalgaigh,
agus Cionaedh Ua Cathmhaoil, airchinnech Dhoire Chalgaigh, décc in
aen mí. Beollán, mac Ciarmhaic,
tigherna Locha Gabhar, décc.
Tresach, mac Mailemuine, tigherna Ua cConaill Gabhra, do
mharbhadh. Mes díomhór co ttabhairthi
ocht mbuilcc a bun aon chroinn.
Slóicchedh la Murchadh


L. 692


mac Find go Laighnibh in Osraighibh, co rabhatar
cóicc oidhche
innte, co ttarraidh Mathghamhain mac Ceinnéittigh, co
feraibh Mumhan, na dá Ele,
na Déisi, agus íomhar Phuirt Láirge co nGallaibh,
agus Osraighe imo rígh,
co ro loiscceadh la Murchadh Dún Ua ttochmairc
ar eiccen, co ttudhchatar uaidh fiadh shúilibh cen
duine cen ech dfágbháil.
Sloicchedh lá Mathghamhain, mac
Cinnéittigh i nDesmhumhain, co
ro an teóra hoidhce i cCorcaigh,
co ttucc gialla Desmhumhan
lais. Orgain Cenannsa
lá Sitriucc, mac Amhlaibh tigherna
Gall, agus la
Murchadh mac Finn, rí Laighen,
conus tarraidh Domhnall Ua Néill, rí Ereann, agus co
raeimhidh forra. Aodh Allán, mac Ferghaile,
tigherna Osraighe,
agus Echtighern, mac Eitigh, tigherna na cComann, décc.



Aois Criost, naoi ccéd sescca a hocht.
An cethramhadh bliadhain décc do Dhomhnall.
Ceanannus do orgain do Amhlaibh Cuarán
co nGallaibh agus
Laighnibh, co rucc boraimhe mhór
lais, agus go bfarccaibh
sochaidhe dia mhuintir im Breasal mac nAilella, agus ro bhris
maidhm for Uibh Nell occ Ard Maelchon.
Maidm for Ualgarcc Ua Ruairc
ria cConcobhar, mac Taidhg,
in ro marbhadh Ualgharcc, co sochaidhibh
oile araon ris im
Duibhghiolla .i. mac Laidhgnein.
Slóicchedh lá rígh nUladh, lá hArtghal mac
Madudhain go
Gallaibh, go ro
oircc Condere forra,
agus co farccbhadh ár cend lais.
Orgain Lughmaidh,
agus Droma Inescclainn
lá Muirchertach,
mac Domhnaill, .i. mac Righ Ereann, lá righ nAiligh, for
Gallaibh,
in ro marbhadh ile.
Orccain Mainistreach Buithe,
agus Lainne Lére lá Domhnall lá
rígh Ereann for Ghallaibh, agus ro loiscceadh caocca ar trí céd in
aon tigh lais dibh.
Praindteach Lainne Léire
do losccadh lá Domhnall, mac
Murchadha, agus ceithri céd
do dhul do ghuin agus do losccadh ann
eittir fhiora agus mná. Lughmhadh
agus Druim Inesgluinn
do argain lá Glúnillar .i. lá Murchadh Ua Flaithbheartaigh.


L. 694


Aois Criost, naoi ccéd sescca a naoi.
An cúicceadh bliadhain décc do Dhomhnall.
Tuathal, comharba Chiaráin, epscop agus abb Cluana mic Nóis,
décc. Maenach, epscop Cluana mic Nóis,
Finnguine Ua Fiachrach, abb Tighe Mochua,
agus Maolsamhna, comharba Caindigh,
décc. Ceallach Ua Nuadhait
do mharbhadh do Ghallaibh
i ndoras a phroinntighe.
Domhnall Ua Néill,
an rí, do ionnarbadh a Midhe tar Sliabh Fuaid fotuaidh
lá Cloinn Colmáin, conadh dó ro ráidheadh,




Ní má cualamar an guth, flaith Temhra do cumscughadh,
Tearca netha, iomatt feoir, fo tirfe aiccnedh naiccbheoil.




Sloighedh lá Domhnall Ua Néill iaramh co noccaib an
tuaisceirt .i. co cConall,
agus Eoghan,
go fiora Mídhe
agus co Gallaibh, go ro
oircc a nuile dhúine,
agus longporta, agus co ro hoircceadh
Uibh Failghe, agus Fotharta
lais, agus ro dhíoghail forra don chur sin a
bfrithbheart fris, uair do roine longport
cecha tuaithe i Midhe
o tá Sionainn co Bealach ndúin.
Goill Luimnigh do ionnarbadh a
hInis Ubhdáin lá
Mathghamhain, mac Cinnéittigh.
Di ghréin cudrama do fhaiccsin i naird mhedhon laoi.



Aois Criost, naoi ccéd seachtmodha.
An seiseadh bliadhain décc do Dhomhnall.
Crundmhaol, comharba Caoimhghin, décc.
Muiredhach Ua Concobhair,
epscop agus comharba Fionntain Cluana heidhnech,
Cathasach mac Fearccusa comharba dúin,
décc. Foghartach, mac Néill Uí Tholaircc, do mharbhadh la
Domhnall, mac Conghalaigh tria mheabhail.
Murchadh mac Find,
rí Laighen, do mharbhadh lá Domhnall cClaon,
mac Lorcáin iar ccomhol agus comhthomhailt dóibh.
As do bhliadhain a bháis do ráidheadh,




Do bliadhnaibh sechtmogat naoi ccéd, ó ghein Críost, ní bec an béd,
Airdrí Laighen, lá na línd co bás Murchadha, mic Finn.


L. 696



Geibhennach, mac Diarmata, tighearna Ciarraighe,
décc. Slóighedh lá Mathghamhain,
mac Ceinneittigh, i
cCiarraighe, co
ro toghlastair dúine
imdha im Dhún na Fithrech.
Madadhán, mac Brain,
do marbhadh lá mac Brain.
Finn, mac Brain,
do mharbhadh lá Ceallach, mac Domhnaill,
mic Finn, mic Maoilmordha,
tigherna Ua fFaeláin.
Cluain Ioraird, Fobhar, Lann Eala, agus Disert Tola
do losccadh agus do argain lá Domhnall, mac Murchadha.



Aois Criost, naoi ccéd sechtmodha a haon.
An sechtmhadh bliadhain décc do
Dhomhnall. Dunchadh, dalta Diarmada,
saoi agus epscop agus ollamh Osraighe,
décc. Maolmaire, abb Dearmhaighe do bhádhadh i nEas Ruaidh.
Becán, .i. mac Lactnáin, comharba Findein,
.i. Cluana hIraird, epscop,
Ailill, mac ind Laighnigh,
abb Glinne dá locha, décc.
Cionaedh in Derthaighe,
ancoiri Cluana ferta, décc.
Finachta Ua Flaithriu,
abb Tíre dá ghlas,
Conchobhar, mac Taidhg an tuir, rí
Connacht, décc.
Cath Ceisi Corainn, eitir Murchadh
Ua Flaithbheartaigh .i. Glún Illar rí
Ailigh, agus Cathal, mac Taidhg,
rí Connacht, dú i ttorchair Cathal feissin, agus Geibhendach,
mac Aodha, tigherna
Ua Maine, agus Tadhcc,
mac Muirchertaigh, toiseach
Ua nDiarmada,
agus Murchadh, mac Floinn,
mic Glethneacháin, taoiseach
Cloinne Murchadha,
agus Serridh Ua Flaithbhertaigh,
go líon dírímhe imaille friú, agus Murchadh dionnradh
Connacht go léir iarttain.



Aois Criost, naoi ccéd seachtmodha a dó.
An tochtmhadh bliadhain décc do Dhomhnall.
Maolbríghde, mac Cathasaigh,
epscop agus abb Droma móir Mocholmócc,
Diarmaitt, mac Dochartaigh, abb Daimhinsi,
décc. Coirpre


L. 698


Ua Corra, comharba Caeimhghin,
Roithechtach, airchinneach
Cúile raithin, anchoiri, agus eccnaidh,
Coirpre, mac Echtighern, comharba Cluana móir Maedócc, décc.
Murchadh Ua Flaithbhertaigh
do dhol for creich hi
cCenel Conaill, co ttuc Gabháil mhór,
cona tarraidh i armóirecht go
ro gonadh Murchadh,
.i. tigherna Oiligh, co nerbailt di
iaromh oc Dún Cloitighe, iar ccomain agus aithrícche.
Donnchadh Find, .i. mac Aedha, tighearna Midhe, do
mharbhadh la hAghda, mac Duibhcind,
mic Tadgain, tigherna Tethbha.
Maidhm oile ria nOsraighibh
for Uibh Ceindsealaig, i
ttorchair Domhnall, mac Ceallaigh.
Finsneachta, mac Cionaedha,
tigherna Fortuath Laighen, décc.
Ar Osraighe i nIarthar Liphi hi torcrattar
fiche cet im trí fichit óigtighern
im Diarmait, mac nDonnchadha,
tanaisi Osraighe,
agus im echthigern Ua Luanaigh, tigherna an Fhochla,
conadh dó ro ráidheadh,




Naoi céd, a dó, sechtmoghat
Bliadhna, bá buaidh cen aebhthai
O Criost co hár nOsairghi,
In niarthar Liphi laochdha.
Leosait sluaigh Ui Muirithaigh,
Ní mer an ti not rímhi,
Im trí fichte óctighern,
Fichit cet nó dí mhíli.




Ar Ua cCeinnsealaigh dna
in Osraighibh, i torchair Domhnall,
mac Ceallaigh, tighearna Ua Ceinnselaigh,
go sochaidhibh oile. Orgain Inse Cáthaigh
do Mhaghnus, mac Arailt co
lLagmannaibh na ninnsedh imbi,
agus Iomar ticchearna Gall Luimnigh
do brith esti, agus sárughadh Senáin
imbi. Muirchertach, mac Aodha,


L. 700


mic Flainn Ui Maoilseachlainn, rí Midhe,
do mharbhadh lá Domhnall, mac Conghalaigh.



Aois Criost, naoi ccéd seachtmodha a trí.
An nomhadh bliadhain décc do Dhomhnall.
Foghartach, abb Daire Calgaigh, décc.
Artghal, mac Coscracháin, comhorba
Comhghaill agus Finnéin,
décc, iar ndeighbhethaidh cianaosda.
Feardalach, abb Reachrainne,
do mharbhadh lá Gallaibh.
Cionaodh Ua hArtagáin,
primhégeas Ereann
ina aimsir, dég.
Ceallach, mac Domhnaill, tigherna
Ua Faoláin, do
mharbhadh lá Broen, mac Murchadha.
Muireadhach, mac Donnchaidh,
mic Cellaigh, tanaisi Osraighe,
dég. Imarcraidh fleochaidh
gur ro millit toirthe.
Dubhdáleithe, comhorba Pátraicc
for cuairt Mumhan
co ttucc a reir.



Aois Criost, naoi ccéd sechtmodha a cethair.
An fichetmhadh bliadhain do Dhomhnall.
Conaing, mac Fionain, abb Condeire
agus Lainde Eala, décc.
Sédna Ua Démáin,
abb nAendroma,
do losccadh ina thigh fein.
Donnchadh, mac Ceallaigh,
tigherna Osraighe, décc.
Domhnall, mac Conghalaigh,
tigherna Bregh,
décc. As dó bo hainm Triubhus Fliuch.
Tadhg Ua Ruadhrach,
tigherna Cianachta
do mharbhadh i nUltaibh.
Giollacolaim Ua Canandáin,
tigherna Ceneóil Conaill, do thiachtain for creich i nUibh Failghe,
co fargaibh tigherna choirpre móir isa lurcc
.i. Fearghal, mac Foghartaigh.
Dunchadh Ua Braoin, comharba Ciaráin
Cluana mic Nóis, do
dhul dia oilithre co hArd Macha.
Mathghamhain, mac Cindéidigh, áirdrí Mumhan
uile do erghabháil do Dhonnabhan
mac Cathail, tigherna Ua Fidhgeinte tria
thangnacht, co tarat do Maolmhuaidh,


L. 702


mac Brain, tigherna Desmumhan, conid ro mharbh saidhe dar
erthach naomh agus fíreon.


L. 704


Aois Criost, naoi ccéd seachtmodha a cúicc.
An taonmhadh bliadhain fichet do Dhomhnall.
Gormghal, comhorba Tolai,
Conaing, mac Catháin, abb Ferna,
agus Noembán Insi Cathaicch, décc.
Muirchertach, mac Domhnaill Uí Néill, agus
Conghalach, mac Domhnaill, mic Conghalaigh,
dá ríoghdhamhna Ereann, do
marbhadh la hAmhlaoibh, mac Sitriucca.
Giolla Colaim Ua Canandáin,
tigherna Céneoil cConaill,
do mharbhadh lás an rígh,
Domhnall Ua Néill.
Maolruanaidh Got Ua Maoilechlainn,
rioghdhamhna Temhrach, do
mharbhadh a meabhail.
Inis Cáthaigh
do shárughadh do Bhrian, mac Cinneidigh,
for Ghallaibh Luimnigh,
im Iomhar co na dhá mhac
.i. Amhlaoibh agus Duibhcend.
Brian caogad bliadhain daois an tan sin.
Seachnasach mac hIruaidh
tigherna Eile do mharbhadh.



Aois Criost, naoi ccéd seachtmodha a sé.
An dara bliadhain fichet do Dhomhnall.
Fiachra Ua hArtacáin, abb Ia Choluim Chille,
Maonach, mac Muiredhaigh, abb Droma Inesclainn, décc.
Cath Bealaigh leachta eittir Bhrian,
mac Cindeidigh, agus
Maolmhuaidh, tigherna Desmhumhan,
agus torchair Maolmhuaidh
and agus ár fer Mumhan.
Cath Biothlainne for Laighnibh ria nGallaibh


L. 706


Atha cliath, i ttorchair rí Laighen
.i. Augaire mac Tuathail, agus Muiredhach, mac Riain,
tigherna Ua Ceinnsealaigh, agus
Conghalach, mac Flaind, tigherna Leighe agus
Rechet, go sochaidhibh iomdha amaille friú.
Cathraoineadh long occ Lochaibh Eirne ria nAirghiallaibh
for Chenel Conaill, dú i torchrattar ile im Niall Ua
Chanannán, agus im Ua Conghalaigh,
agus mac Murchadha glúnillar, agus
aroile saorchlanna.
Comhaltán Ua Cléirigh, tighearna
Ua Fiacrach Aidhne, décc.
Cath Cillemóna ria nDomhnall mac Conghalaigh,
agus ria nAmhlaoibh for Domhnall Ua Néll fors an
righ, dú a ttorchair Ardghal, mac Madudháin,
rí Uladh.
Donnaccán, mac Maoilmuire, agus
Cionaodh, mac Croinghille,
tigherna Conaille,
co ndruing móir cenmo thátsomh.
Cath raoineadh ria mBrian,
mac Ceinnéittigh for Gallaibh
Luimnigh, agus for
Donnabhán, mac Cathail, tigherna
Ua Fidhgeinnte, dú i ttorcratar
Goill Luimnigh, agus in ro ladh a nár.


L. 708


Aois Criost, naoi ccéd sechtmodha a seacht.
An treas bliadhain fichet do Dhomhnall.
Corbmac hUa Maeilberaigh, abb Glinne Fuaid,
décc. Flant, mac Maoilmhichil,
fear leighinn Cluana mic Nois,
epscop agus airchindeach Cluana Deochra.
Flantt, mac Mhaolmoedhócc, airchindeach
Glinne hUissen, Cathasach, airchindeach Eaccailsi bicce
Cluana mic Nóis, agus Muirend, inghen Chonghalaigh,
banabb Cille dara, décc.
Conchobhar, mac Find, tigherna
Ua Failghe, décc.
Domhnall Claon rí Laighen, do erghabháil
do Ghallaibh Atha cliath.
Lethlobhar Ua Fiachna, tighearna Dál Araidhe,
do mharbhadh. Cill dara do orgain do
Ghallaibh.



Aois Criost, naoi ccéd seachtmodha a hocht.
Mucchróin, abb Iae,
scribhnidh agus epscop, saoi na tTri Rand,
agus Rumand Ua hAedhaccáin, abb
Cluana hEoais, décc.
Cath Temhra ria Maoilseclaind, mac
Domhnaill, for
Ghallaibh Atha cliath, agus na nindsedh,
for macaibh amhlaoibh
an tsainriudh, du i ttorcrattar ile im
Raghnall mac Amhlaoibh,
ríoghdhamhna
Gall, agus im Chonamhail,
mic Gilliairri, agus saerlabhraid
Atha cliath, agus ro ladh dearg ár Gall imaille
friú. Torcratar bheós hi frithghuin an catha
Braon, mac Murchadha, rioghdhamhna Laighen, agus Conghalach mac Flainn,
tigherna Gaileng,
agus a mac .i. Maolán,
Fiachna agus Cúdúilich,
dá mhac Dubhlaich, dá tigherna Fear Tulach,
agus Lachtnán, tigherna
Mughdhorn Maighen. Co ndeachaidh
Amhlaoiph iaromh tar muir
co nerbail in I Colaim Cille.
Iar mbeith ceithre bliadhna fichet
i righe uas Erinn do Domhnall, mac
Muirchertaigh na gcochall crocenn, mac
Néill Glúnduibh, atbail in Ard Macha iar mbuaidh
naithrighe. As
dia chuimhniucchadh sidhe ro ráidh Dubhdálethe,


L. 710



O ghenair mac Dé, ní brécc,
A hocht seacht ndeich is naoi ccéd,
Co bás Mughroin mortais rainn,
Comharba cadlai Colaim.
Gus an ccath i tTemhraigh thailc,
In ro dáiledh crú dar cailc
I ngaota Gaeidhil is Goill,
Lá Maelsaer-bladhach Seachloinn.
Go héitsecht Domhnaill I Néill
In Ard Macha mórdha géill,
Ardfhlaith Ereann éirnedh groigh,
For druim domhain ní ad genair.




Cath edir Ultoibh agus Dal nAraidhe, a ttorchoir
rí an chóiccidh .i. Aodh, mac Loingsich, go sochaidhibh ele
lá hEochaidh mac Ardgair.
Dubhghall, mac Donnchadha,
tanaisi Ailigh,
do mharbhadh lá Muiredhach mac Flainn,
lá a bhráthair, agus Muiredhach féisin
do mharbhadh la a chenél ria ccionn mís a ccionaidh
Dubhghaill.
Tighernán Ua Maoldoraidh, tighearna Cenél Conaill, do mharbhadh.
Dunghal, mac Donnchadha,
tanaisi Osraighe, décc.



Aois Criost, naoi ccétt sechtmodha a naoi.
An céd bhliadhain do Mhaolsechlainn Mhor,
mac Domhnaill, mic Donnchadha, mic Flainn, mic Maoilsechlainn
os Erinn i righe. Faolán, mac Coellaidhe,
suí epscop, agus abb Imleacha Iubhair,
agus Murchadh, mac Riatai, abb Rossa Comain
agus prioir Cluana mic Nóis, dég.
Agda, mac Duibhcind, tigherna Teathbha, décc i
nIomdhaidh Ciaráin, iar ndeighbheathaigh. Amhlaoibh,
mac Siotriocca aird tigherna Gall Atha cliath,


L. 712


do dhol co hI dia oilithre, agus a écc innte iar pennaind agus
deighbheithaidh.
Mórshloighedh la Maolsechlainn, mac Domhnaill, rí Ereann,
agus lá hEochaidh, mac Ardghair, rí Uladh, go Gullu Atha cliath,
co ttardsat forbhais trí lá agus trí noidhche forra co ttuccsat
gialla Ereann ass, im Domhnall Claon, rí Laighen, agus im aidire
Ua Néill archena. Fiche céd líon na nGiall la taobh seót agus
maoine, agus la saoire Ua Néill ó Sionainn co muir cen cáin cen
cobach. As annsin tra for uaccart Maoilsechlainn féissin in
eassgaire nairdeirc dia nérbairt, cech aen do Gaoidhealaibh fil hi
ccrich Gall i ndaeire agus dochraide taed as dia thír
fodhesin frí sidh agus fri subha. Ba sí broid Baibeloin na
hEreann an bhroid hisin, co ro saoradh iat lá Maolsechlaind,
agus ba tanaisi broitte iffrinn bheos.



Aois Criost, naoi ccéd ochtmodha.
An dara bliadhain do Mhaoilsechlainn.
Anmchadh, epscop Cille dara, do chríochnucchadh a
deighbhethaidh isin cenntar iar sendataidh.
Eoghan Ua Catháin, abb Cluana fearta Brénaind, Sionach, mac
Murthuilen, abb Bendchair, Cleirchein, mac Donnghaile, comharba
Fechene, Conaing Ua Flannagáin fos airchindech Arda Macha,
agus Rothechtach Daimhinsi saccart, décc.
Domhnall Ua hAteidh, tigherna Ua nEathach, agus Loingseach, mac
Foghartaigh, taoisech Ua Nialláin, do chomhthuitim fria aroile.
Donnghal, mac Duibhríghe, abb Fedha dúin, décc.



Aois Criost, naoi ccéd ochtmodha a haon.
An treas bhliadhain do Maoilsechlainn.
Muiredhach, mac Ruadhrach, comharba Féchin, Bruadar mac
Eichthighern, tigherna Ua cCeinnsealaigh décc. Archu, mac
Néill, ríoghdhamhna


L. 714


Uladh, do mharbhadh lá a bhraithribh.
Aodh Ua Dubhda, tigherna tuaisgeirt Condacht, décc.
Flaithbertach, abb Leithghlinne, do écc.
Ailell, dalta Dúnchadha, do écc.
Dal cCais dorccain do Maolsechlainn, mac Domhnaill, agus Bile
Aonaigh Maighe hAdhar do thesccadh iar na tochailt a talmhain
co na frémaibh.
Orgain Cille dara la hIomhar Puirt Láirge.
Indredh Osraighe lá Brian, mac Ceinnéittigh.
Giolla Caoimhghin do dhalladh la Domhnall mac Lorcáin.



Aois Criost, naoi ccéd ochtmodha a dó.
An cethramhadh bliadhain do Mhaoilseachlainn.
Corbmac, mac Maoilchiarain, comharba Mochta, Aedh Ua Mothrain,
comharba dá Sincheall, Muiredhach, mac Muireccáin, prioir
Arda Macha, décc.
Cathraoineadh ria Maoilseachlainn, mac Domhnaill, agus ria
nGluin iarnd mac Amhlaoibh .i. mac máthar Maoileachlainn,
for Domhnall cClaon agus for Iomhar Phuirt Láirge, dú i
ttorchratar ile eittir bádhadh, agus marbhadh im Ghiollapháttraicc,
mac Iomhair, agus sochaidhe ele immaille fris.
Indredh agus orgain Laighen lá Maoilseachlainn go muir.
Glenn da locha do orccain do Ghallaibh Atha cliath.
Giolla Pátraicc do orgain Leithghlinne, co ttaratt
mainchine a dhá mac do Molaisi, agus aithrechus ann go brath.
Giollaphátraicc do erghabháil dho Brian mac Ceinnéittigh.


L. 716


Aois Criost, naoi ccéd ochtmodha a trí.
An cúicceadh bliadhain do Mhaoilsechlainn.
Uissine Ua Lapáin, airchindeach Daire Calggaigh, Muiredhach Ua
Flannaccáin, fear leighinn Arda Macha, décc.
Domhnall Claon do mharbhadh lá hAodh, mac Echthighern do Uibh
cCeinnsealaigh, agus Fiachra, mac Finshneachta, flaith Forthuath
Laighen, agus Maolmithigh, mac Gairbheith bheos tre thangnacht.
Lochlaint, tigherna Corca Modruadh, agus Maolsechlainn, mac
Cosccraigh, décc.
Trí mic Cearbhaill, mic Lorcáin, do orgain Termainn Chaoimhghin,
agus a marbhadh a ttriúr ria noídhche, tria fiortaibh Dé agus
Caoimhghin.
Flaithbhertach Ua hAnnluain, tigherna Ua Nialláin do mharbhadh
a meabhail lá hUibh Breasail.
Dubhdarach, mac Domhnalláin, tigherna Dearlais, do mharbhadh.
Orgain iarthair Mídhe la Brian, mac Ceinneittigh.
Aodh Ua Dubhda, tigherna thuaisgeirt Connacht uile, do écc.



Aois Criost, naoi ccéd ochtmodha a cethair.
An seiseadh bliadhain do Mhaoilsechlainn.
Foghartach Ua Conghaile sgribhnidh toghaidhe abb Daimhinsi,
Flaithlemh airchinneach Saighre, décc.
Eochaidh, mac Soerghasa, airchindeach Doimhliacc Chianáin,
do mharbhadh. Maelfinnia, airchindeach Domhnaigh Páttraicc,
décc. Maoilsechlainn, mac Domhnaill, do indredh Connacht,
agus do thoghail a ninnsedh, agus do mharbhadh a ttoiseach,
agus do radadh Magh nAoi hi luaithredh lais.
Creach fo a la mhodh lá Connachtaibh co Loch nAindind, co ro


L. 718


loiscceadh Fir Ceall leó, agus ro mharbhsat tighearna
Fear cCeall. Fearghal, mac Lorcáin, tighearna Ceneoil Fiachach
do mharbhadh. Diarmaid, mac Uathmharáin, tighearna Luighne,
décc.



Aois Criost, naoi gcéd ochtmodha a cúicc.
An seachtmhadh bliadain do Mhaoileachlainn.
Maolciaráin Ua Maighne, comharba Colaim Chille do dhul i
ndergmhartra lás na Danaraibh i nAth cliath. Muireadhach, mac
Flaind, comhorba Condlaith, dég.
Fuatach scríne Páttraicc la Maolsechlainn ó Ath Firdhiadh co
hAth sighe tria choccadh mic Caireláin. Síth do dhenamh dóibh
iarsin, agus riar Pattraicc ó Mhaoilseachlainn .i. cuairt
fer Midhe eitir cill agus tuaith. Ergnamh gacha dúine ó
Mhaolsechnaill féissin la taobh secht ccumhal, agus a oighrere
archeana.
Mór, inghen Donnchadha, mic Ceallaigh, bainrioghain Ereann, décc.
Muirghes, mac Domhnaill, tighearna Ua Máine, do mharbhadh.
Cumuscc mór i nArd Macha isin domhnach ria Lughnasadh eitir Uí
Eathach agus Uí Niallán, dú i ttorchair mac Trénfhir mic
Celechan, agus sochaidhe oile.
Danair do thoidheacht ind airear Dail Riada .i. teora longa. Ro
riaghadh, agus ro mudhaighedh secht fichit díobh, iar sraoineadh
forra.
Hí Cholaim Chille do arccain do Dhanaraibh oidhche Nodlacc,
agus ro mharbhsat a nabbaidh, agus cúicc fir dhécc do sruithibh
na cille a maille fris.
Cluain mic Nóis do losccadh aidhche Aíne ria cCáisc móir.
Flathrui Ua Loingsigh, tigherna Dal Araidhe, do mharbhadh la a
Chenél féisin.
Sluaighedh la Laighnibh i nOsraighibh co ro airccset tuaiscert
nOsraighe, agus gur ro marbhadh ann Riacán, mac Muiredhaigh,
agus mac Cuiliúin.
Domhnall, mac Amhalgadha, tanaisi Uladh, décc.



Aois Criost, naoi ccéd ochtmodha a sé.
An tochtmadh bliadhain do Mhaoileachlainn.
Maolpatraicc abb Ruis Cré, agus Caencomhrac, mac Ainbhithe, abb
Glinne hUissen, dég.
Broen Ua hAedha, airchindech eccailsi bicce,


L. 720


décc. Ceallach, an naomh ógh, décc.
Gaoth mhór anacnata go ro thrasccar iol chumhtaighthe agus
teghdaisi iomdha im dertigh Lughmaidh, agus imm oroile
cumhtaighthi archena.
Ar mór fors na Danaraibh ro oirg hI, go ro marbhtha trí fichit agus
tri chéd díobh, tre mhiorbhailibh Dé agus Cholaim Chille.
Treghat fithnaisi (.i. draoidhecht) ó dheamhnaibh ind airther
Ereann co ro lá ár ndaoine, co mboí for súilibh daoine hi
foillsi.
Tosach an bhó áir mhóir .i. an mhailghairbh anaicnetai na
tuidhcidh riamh.
Sluaighedh lá Maelseachlainn i Laighnibh corrucc boramha lais.



Aois Criost, naoi ccéd ochtmodha a seacht.
An nomhadh bliadhain do Mhaoilseachlainn.
Dunchadh Ua Braoin, abb Cluana mic nóis, egnaidh derscaighthe,
agus angcoire, décc an xuii Kal. Februari i nArd Macha ina
ailithre hí ffoircend teora mbliadhan décc, agus no thrialladh for
a ais go Cluain gacha bliadhna, ticcedh din drong éccsamhail do
lucht na cille ar gach nuair dia iomfosttadh indeoidh gacha bliadna,
coná fríth leó eigin dia fhostadh acht na cethra, agus ro airissiumh
forra bliadhain. Asé dan, ro thodhiusaigh marbh a bás fo dheóidh i
nErinn. As fair tucc Eochaidh Ua Flannagáin saoi seanchasa
Ereann an test si,




Macha mainbtheath meadrait muaidh,
Psailmtheach a sluagh selbhait naimh,
Ni tarla murcladh a múir
Dar dúil mar Dúnchadh Ua Braoin.


L. 722



Colum, airchindeach Corcaighe, décc, agus Dubhdabhoirend,
airchindech Boithe Chonais, décc.
Fir Mumhan do tocht in arthraighibh for Loch Ribh, agus goill
Puirt Lairge. Tionóilit Connachtaigh ina naghaidh, agus feachair
iomairecc etorra. Torcratar ár mór do Mhuimhneachaibh agus do
Ghallaibh lá Connachtaibh im Dunlaing mac Duibhdabhoirenn,
ríoghdhamhna Mumhan go sochaidhibh a maille fris.
Do chear Muirghios, mac Concobhair, ríoghdhamhna Connacht
friú hi friothghuin.
Laidhgnén, mac Cearbhaill, tighearna Fernmhaighe, do
mharbhadh for lár Trín Arda Macha, lá Fearghal, mac Conaing,
tighearna Oiligh, agus la Cenél Eóghain.
Conghalach Ua Cuilennáin, tigherna Conaille, agus Ciarchaille,
mac Cairelláin, tigherna tuaisceirt Bregh, do chomhthuitim fria
aroile. Conghal, mac Anrudháin, tigherna Corca Modhruadh, décc.



Aois Criost, naoi ccéd ochtmodha a hocht.
An deachmhadh bliadhain do Mhaoileachlainn.
Dunchadh Ua Robhacháin, comharba Cholaim Chille agus Adhamhnáin,
Loingseach, mac Maoilpatraicc, fearleighinn Cluana mic Nóis,
Maolmoghna Ua Cairill, airchinnech Dúin Lethglais, Cetfaidh, abb
Imleacha Iubhair, agus Macleighinn Ua Murchadháin, airchindeach
Chúile ratháin, dég.
Coirpre mac Riain décc.
Muiredhach Ua Clérigh, tigherna Aidhne, décc. Echmhílidh, mac
Ronáin, tigherna na nAirther, do mharbhadh do Chonaillibh Cerd.
Conchobhar, mac Domhnaill, tigherna Luighne, décc. Cath Atha
cliath for Ghallaibh rias an righ, Maolsechlainn, in ro marbhadh
drong dírímhe do Ghallaibh lais, agus ro gabh forbais an dúine forra
iardáin frí ré fichet oidhche, conár ibhset uisce fris sin


L. 724


acht an sál. Do bhertsat a oighréir féin dó fá deóidh an
ccein badh rí, agus uincce óir uatha as gach garrdha gacha
hoidhche Nodlac mór tria bithshíor.
Eochaidh, mac Ardgain, rí Uladh do dhol for sluaighedh i
cCenél nEoghain co ffarccaibh Ua hAitidhe.
Dubhda Leithe, comharba Páttraicc, do ghabháil comharbais
Choluim Chille a comhairle fear nEreann agus Alban.
Gluiniarn, mac Amhlaoibh, tigherna Gall, do mharbhadh dia
mhoghaidh féisin tria meisce. Colbain a ainm an
mhoghaidh. Gofraidh mac Arailt, tigherna Insi Gall do thuitim
lá Dál Riada. Dún Lethghlaisi do argain agus do losccadh do
Ghallaibh. Maolruanaidh, mac Donnchadha, dégh.



Aois Criost, naoi ccéd ochtmodha anaoi.
An taonmhadh bliadhain décc do Mhaolseachlainn.
Corbmac, mac Congaltaigh, comharba Brénainn Biorra, décc.
Aedh Ua Maoldoraidh, tigherna Cenél cConaill, décc.
Cath Cáirn Fordhroma ria Maoilseachlainn for Thuadhmhumhain,
i ttorchair Domhnall, mac Lorcáin, tighearna Musccraighe thíre
agus Ui Forggo co sé chéd amaille friss.


L. 726


Doire Chalgaigh do orgain do Ghallaibh.
Sluagh na nGall agus na nDanar agus Laighen i Midhe, co ro
inderset co Loch Aindind.
Domhnall, mac Tuathail, do earghabhail lá Donnchadh mac
Domhnaill, rí Laighen.
Donnchadh, rí Laighen, do erghabhail lá Maelsechlainn, mac
Domhnaill rí Ereann.
Dubhdaleithe, comhorba Pattraicc do ghabháil comhorbais
Choluim Chille tré comhairle fhear nEreann agus Alban.



Aois Criost, naoi ccéd nochad.
An dara bliadhain décc do Mhaoilsechlainn.
Duibhlitir Ua Bruadair, ferleighind Leithghlinne do écc. As
fair tugadh an teistsi,




Duibhlitir dind egnai uaigh, ba buaidh frecrai fri cech mbáigh,
Ba suí leighind leabhraidh lóir ba dluimh óir os Erinn áin.




Ceallach mac Cionaedha, abb Imleacha Fiae .i. Imleach
mBécáin, dég.
Donnchadh Ua Conghalaigh, ríoghdhamhna Temhrach,
do mharbhadh oc Comarchu hi meabhail lá Cloinn Cholmáin an
tsainriudh .i. la Concobhar mac Cearbhaill.
Tadhg, mac Donnchaidh, tanaisi Osraighe, do mharbhadh la fiora
Mumhan.
Aodh Ua Ruairc, ríoghdhamhna Connacht, agus Dubhdarach Ua Fiachna
do mharbhadh lá Cenél Eoghain.
An ghaeth do shlucadh insi Locha Cimbe co hoband i naon uair,
co na dreich agus sonnach .i. trichat traighedh.
An Siondach Ua Leochan, tighearna Gaileng, décc. Donnslébhe,
mac Diarmada, décc.
hUa Dunghalaigh, tigherna Muscraighe, do mharbhadh.


L. 728


Aois Criost, naoi ccéd nochat a haon.
An treas bhliadhain décc do Maoileachlainn.
Diarmait, ferleighind Cille dara, agus abb Cluana heidhneach,
décc. Conadh dó ro ráidheadh,




Diarmaitt dind ind econa áin, fer co ffialbhlaith co nall báigh,
Dirsan, a rí na recht rán, écc do thuittecht na comhdháil.




Maolpedair Ua Tolaitt, comharba Brénainn Cluana ferta,
agus Maolfinnia, mac Speláin, comharba Ciaraín mic an tsaoir,
décc. Giollacommáin, mac Néill, tigherna Ua nDiarmada, agus
Cúcenand, mac Taidhg, do comhthuitim fria roile.
Donn mac Donnghail, mic Duindcuan, tigherna Teathbha, do
mharbhadh lá a mhuintir budhdhéin.
Slóighedh lá Maolseachlainn hi cConnachtaibh, co ttucc
brat bhóromha as mó amh tuc rí riamh. As iarsin táinic Brian co
bferaibh Mumhan, agus Connachta hi Midhe co ticci Loch
nAindind, agus ní ro ghaibh boin na duine co ndechaidh ass
i ccoir néludha.
Mór, inghen Taidhg an tuir, mic Cathail, bainríoghan Ereann, dég.



Aois Criost, naoi ccéd nocha a dó.
An cethramhadh bliadhain décc do Mhaoileachlainn.
Maelpóil, epscop Mughna, décc.
Tuathal, mac Maoilerubha, comharba Finnia, agus comharba
Mocholmóc, eccnaidh agus riaghlóir eisidhe, dég.
Mac Leighind, mac Dunghaláin, airchindech Dúin leathghlaisi,
Dunchadh, fear leighind dúin, Maolfinnia Ua hAonaigh, fear
leighind Fobhair, agus epscop tuath Luighne, dég.
Dunchadh Ua hUchtáin, fer leighinn Cenannsa, décc. Domhnall
agus Flaithbertach, dá mhac Giollacolaim, mic Canannain,
do mharbhadh. Ruaidhri,


L. 730


mac Cosccraigh, tigherna deisceirt Connacht, do mharbhadh lá
Conchobhar, mac Maoilseachlainn, agus lá mac Comhaltáin Uí
Clérigh. Concobhar, mac Cearbhaill Uí Maoileachlainn,
décc iar ndeicch bhethaidh. Maolruanaidh Ua Ciardha,
tigherna Cairpre, do mharbhadh lá fiora Tethba.
Ecnech Ua Leocháin, tigherna Tuatha Luighne, do mharbhad lá
Maolseachlainn agus lá Cathal, mac Labradha.
Clercein mac Maoiledúin, tigherna Ua nEathach, do mharbhadh lia
a mhuintir feissin.
Muirecan ó Bhoith Domhnaigh, comharba Pátraicc, for cuairt i
tTír nEoghain, co ro erlegh grádh righ for Aodh, mac Domhnaill,
hi ffiadhnaisi samhtha Pátraicc, agus co ttucc mórchuairt
tuaisceirt Ereann iaromh.
Fuaslaccadh Donnchadha, mic Domhnaill, rí Laighen, ó
Maoileachlainn.
Nó chobhlach for Loch Ribh la Brian, mac Cindéidigh, gur ro
aircc fioru Breifne.
Dunadhach, mac Diarmada, tigherna Corco Bhaiscind, décc. Creach
lá Gallaibh Atha cliath, gur ro oirgsead Ard mBreacáin, agus
Domhnach Patraicc, agus Muine Broccáin.
Fordath teineadh do bith for nimh go matain.
Aedh, mac Echtigheirn, tanaisi Ua Ceinnsealaigh, décc.
Iomhar do ionnarbadh a hAth cliath tria itche na naomh.
Dond, mac Donnghail, tigherna Teathbha, dég.
Ruaidhri Ua Gusáin décc.



Aois Criost, naoi ccéd nocha a trí.
An cúicceadh bliadhain décc do Mhaoileachlainn.
Muirghes, mac Muiredhaigh, abb Munghairti, Fóghartach, mac
Diarmada, mic Uathmaráin, tigherna Corca Firtri Connacht, do
mharbhadh do Ghailengaibh Coraind.
Conghalach, mac Laidhgnen, .i. Ua Gadhra, tigherna Gaileng, dég.
Maolcairerda, tigherna Ua mBriúin, Aedh, mac Dubhghaill, mic
Donnchadha, tigherna Maighe Ithe agus rioghdhamhna Oiligh, décc.
Conn, mac


L. 732


Conghalaigh, tigherna Ua fFailghe, do mharbhadh.
Sitrioc, mac Amhlaoibh, do ionnarbadh a hAth cliath.
Giollacéle, mac Cerbhaill, ríoghdhamhna Laighen, do mharbhadh la
mac Amhlaoibh.
Muireaccán ó Boith Domhnaigh, comhorba Páttraicc, for cuairt i
tTír rEoghain go ro légh gradha righ for Aodh, mac Domhnaill,
hí ffiadhnaisi samhtha Pattraicc, agus go ttucc mor cuairt
tuaisceirt Ereand.



Aois Criost, naoi ccéd nocha a cethair.
An seiseadh bliadhain décc do Mhaoileachlainn.
Rébachán, mac Dúnchadha, airchindech Mungairti, Colla, abb,
agus eccnaidh Inse cathaigh, Clerchén, mac Leráin, saccart Arda
Macha, agus Odhrán Ua hEolais, scribhnidh Cluana mic Nóis,
dég. Hiomhar do thocht i nAth cliath dar éis Sitrioca, mic
Amhlaoibh.
Domhnach Patraicc do arccain do Ghallaibh Atha cliath, agus do
Muirchertach Ua Conghalaigh, acht ro dhioghail Dia iar ttrioll
fair uair ro éccsomh ria ccionn mhíosa iaromh.
Maolsechloinn do losccadh Aenaigh Thete, agus do indredh
Urmhumhan, agus ro sraoineadh roimhe for Brian, agus for feraibh
Mumhan archenae. Fail Tomhair, agus claidheabh Charlusa do
thabhairt do Mhaoilsechlainn mac Domhnaill ar eiccin ó Ghallaibh
Atha


L. 734


cliath. Raghnall do mharbhadh do Laighnibh, .i. do mhac
Murchadha mic Finn, agus Iomhar do thecheadh doridhisi a Ath
cliath, agus Sitriocc do ghabháil a ionaidh.
Giollapátraicc, mac Duinncuan, tigherna Tethbha, do mharbhadh.
Maolmaire, mac Scannláin, epscop Arda Macha, do écc.



Aois Criost, naoi ccéd nocha a cúicc.
An sechtmadh bliadhain décc do Maoilseachlainn.
Corbmac Ua Conghaile, abb Daimhinse, décc.
Diarmaid, mac Domhnaill, tigherna Ua cCeinnsealaigh, do mharbhadh
do Dondubhán, mac Iomhair tria thangnacht. Giollapattraicc, mac
Donnchadha, tigherna Osraighe, do mharbhadh do Dhonndubhán
mac Iomhair, agus do Dhomhnaill, mac Faoláin, tigherna na nDéisse.
Donndubhán, mac Iomhair, do mharbhadh la Laighnibh iaromh .i. lá
Coinduiligh, mac Cionaeda do Uibh Failghe, i cind seachtmhaine,
i ndíoghail Diarmata, mic Domhnaill.
Domhnall, mac Faoláin, tigherna na nDeisi, décc.
Ard Macha do losccadh do thene saighnén ettir tighibh agus
domhuliacc, agus cloictheacha, agus a fidhneimhedh do huile dilgend.
Ní tháinic i nErinn o conocbadh, agus ní targa co lá brathae
dioghail amhlaidh, conadh do atrubradh,




Cúicc bliadhna nochat, naoi ccéd ó ghein Criost, aseadh atfet,
Co losccadh cathrach, cen clith mic áirdCalprainn, mic Oitidh.




Slóiccheadh lá Conaille agus Mughdorna, agus tuaisceirt mBregh
go Glent Righe, conus tarraidh Aodh, mac Domhnaill, tigherna
Oiligh, co ttarat deabhaidh doibh co raoimhidh foroibh, agus ro
marbhadh tigherna Conaille and .i. Matudhan Ua Croinghille,
agus dá chéd amaille ris. Cathraoinedh for fheraibh Mumhan
ria cCathal agus ria Muirgheas dá mac Ruaidhri, mic Cosccraigh,
agus ria nUa Ceallaigh,


L. 736


dú i ttorcrattor ile, agus torchair Muirghios mac Ruaidhri i
frithghuinn. Giollapatraicc Ua Flannacáin, tigherna
Tethbha, do marbhadh la Fiachra mac Roduibh, taoisioch Muintire
Mhaoilfhinda. Muircheartach Beag Ua Conghalaigh do mharbhadh.
Mathghamhain, mac Cerbhaill, tigherna Ua nDunchadha, do mharbhadh
i nAth cliath la Maolmórdha, mac Murchadha, i ndíoghail a athar.



Aois Criost, naoi ccéd nocha a sé.
An tochtmadh bliadhain décc do Mhaoileachlainn.
Colmán Corcaighe tuir ordain Ereann, Cond Ua Laidhgnén, abb
Fearna, agus Dubhthach Ua Tadhgain, .i. mac Duibhfind, saccart
Cluana mic Nóis, deg.
Ruaidhri, mac Néill Ui Canandain, tigherna Cenel Conaill, dég.
Maidhm for Uibh Méith occ Sruthair ria mac nDonnchadha Find,
agus ria fFeraibh Rois, co ttorchair ann tigherna Ua Méith
agus sochaidhe oile.
Cluain Ioraird agus Cenandus do arccain lá Gallaibh Atha cliath.
Maolseachlainn, mac Maolruanaidh, ríoghdhamhna Oiligh, dég.
Domhnall, mac Donnchadha Fhinn, do dhalladh lá Maolseachlainn,
mac Domhnaill.



Aois Criost, naoi ccéd nocha a seacht.
An nomhadh bliadhain décc do Mhaoilechlainn.
Conaing Ua Cosccraigh, sui epscop Cluana mic Nóis, dég.
Diarmaitt, mac Domhnaill, tighearna Ua cCeinnselaigh,
Giollapatraicc, mac Donnchadha, tigherna Osraighe, décc.
Giolla Ernáin, mac Aghda, tigherna Tethbha, do mharbhadh lá
Síol Ronáin.
Oissine Ua Machainén, tigherna Mughdhorn, do mharbhadh lá
Maoileachlainn i nInis Mochta. Slóigheadh lá Maolsechlainn
agus lá Brian, co ttuccsat gialla Gall fri suabhais do
Ghaoidhelaibh. Maelsechlaind co feraibh Midhe, agus Brian co
bferaibh Mumhan do thionol fo cedóir go hAth cliath, go
ttuccsat gialla agus an ba deach dia sédoibh uadhoibh.


L. 738


Orgain Daire Calgaich do Ghallaibh.
Slóichcedh la Maelseachlainn i cConnachtaibh, co ro indir,
no loiscc Magh Ai, agus co ro farccbhaidh mac tigherna Ciarraighe
leó. Imhar co nGallaibh, agus co nOsraighibh for creich i nUibh
Ceinnselaigh, co ffargaibhset formna a ngregha agus araill dia
sluaigh.



Aois Criost, naoi ccéd nochat a hocht.
An fichetmadh bliadhain do Mhaoilsechlainn.
Dubhdaleithe, mac Ceallaigh, comhorba Patraicc agus Colaim
Cille, dég 2 Iún isin treas bliadhain ochtmogat a aoise.
Ceall dara do argain do Ghallaibh Atha cliath.
Niall, mac Aghda, rioghdhamhna Teathbha, do mharbhadh lá
Calraighibh hi cCluain mic Nóis im fhéil Ciaráin.
Donnchadh, mac Domhnaill, do erghabháil do Sitrioc, mac
Amhlaoibh, tigherna Gall, agus do Mhaolmhordha mac Murchadha.
Diarmait, mac Dúnadhaigh, tigherna Sil nAnmchadha, do mharbhadh
lá mac Comhaltáin Uí Chléiricch, tigherna Aidhne. Iomairecc etir
Airghiallaibh agus Conaille, du i ttorchair Giolla criost Ua
Cuilennáin, tigherna Conaille, agus sochaidhe oile imaille fris.
Maolsechlaind Ua Maolruanaidh, tigherna Ua Cremhthainn, do
mharbhadh la hUibh Ceallaigh. Indredh Ua nEathach la hAodh, mac
Domhnaill, co ttucc boromha mhór, agus bá disídhe do gairthi creach
mhór Mhaighe Cobha.
Lia ailbhe do thuitim, agus ba he magh nAilbhe primh dhiongna
Maighe Bregh. Do ronta cethora clocha muilinn dhi lá
Maoileachlainn. Slóicchedh las an rígh Maolsechlainn, agus lá
Brian, mac Cindeittigh, go Glend Mama. Tangadar dna Goill
Atha cliath dia fobhairt co raoimhidh for


L. 740


Ghallaibh, agus ro ladh a nár im Aralt, mac nAmhlaoibh, agus im
Choilén mac Etigen, agus im maithibh Atha cliath archena, agus
ro mudhaighidh íle do Ghallaibh isin cathgleó sin. Do dheachaidh
Maolsechlainn agus Brian iarsin co hAth cliath, ocus báttar
sechtmhain lán ann, agus ruccsat a ór, agus a airget agus a
brait. Ro loisgset an dún, agus ionnarbaitt tigherna Gall .i.
Sitrioc mac Amhlaoibh. As do tairngere an catha sin atrubhradh,




Ticfaidher do Glinn Mama,
Ní bá huiscce dar lámha,
Ibhait neich digh tondaigh
Imon cloich i cClaen chonghair.
Mebhais ass an maidhm co mbuaidh
Corri tar cailli fo thuaidh,
Co loiscfidher Ath cliath cain,
Iar nindredh for Laighenmhaigh.




Mac éiccnigh, mic Dalaigh, tigherna Airghiall, do mharbhadh lá
mac hUi Ruairc. Mac Dúnadhaigh, mic Gadhra, do mharbhadh.
Dunghal, mac Cionaedha do mharbhadh lá Giolla Caoimhghin mac
Cionaedha.



Aois Criost, naoi ccéd nocha a naoi.
An taonmhadh bliadhain fichet do Mhaoilechlainn.
Diarmaitt, .i. Conaillech, fer leighinn Cluana mic Nóis, dég.
Flaithbhertach Ua Canandáin, tigherna Cheneoil Conaill do
mharbhadh lá a chenel budhdéin. Ua Domhnaill, .i. Cú Chaille,
tigherna Durlais, do mharbhadh la hUa Néill .i. la hAodh.
Muirghius, mac Aodha, tighearna Ua nDiarmada, do


L. 742


mharbhadh lá a mhuinntir feisin.
Ceallach Ua Maoilecorgais, prímhecces Condacht, décc.
Iomhar Puirt Láirge décc.
Na Gaill do ridhisi do Ath cliath, agus a ngeill do Brrian.
Aodh Ua Ciardhdha do dalladh dia bhráthair .i. dUalgharg Ua
Ciardha. Slóichcedh mór la Brian, mac Cinneittigh, go maithibh
agus go slóghaibh déisceirt Connacht co nOsraighibh, agus
Laighnibh, agus co nGallaibh Atha cliath do thorrachtain
temhrach, acht do chottar na Gaill creich marcach rempa hi
Muicch Bregh, conus tarraidh Maolsechlainn, agus ro fighedh
scaindear crodha etorra, agus ro mheabhaidh for na Gallaibh
co ná terna acht uathadh díobh. Do dheachaidh Brian iaramh co mboí
hí Fearta nemheadh i Muigh Breagh, agus luidh for a chúla gan
cath, gan indradh gan losccadh. Cédna hiompódh Briain, agus
Connacht ar Maoileachlaind indsin.



Aois Criost, míle. An dara bliadhain fichet do Maoileachlaind.
Maolpoil, epscop Cluana mic Nóis agus comharba Fecheine, agus
Flaithem, abb Corcaighe, décc.
Fearghal, mac Conaing, tigherna Oiligh, décc.
Dubhdara Ua Maoileduin, tighearna Fer luirg, do mharbhadh.
Laidhgnen Ua Leoggan do mharbhadh la hUltoibh. Niall Ua Ruairc
do mharbhadh lá Cenel Conaill agus la hAodh Ua Néill.


L. 744


Cendfaoladh, mac Concobhair, tighearna Gabhra, agus Ríoghbhartan,
mac Duibhcróin, décc.
Creach mhór la fiora Mumhan i ndesceart Mídhe i noin Ianuari,
conus tarraidh Aongus mac Carraigh go nuathadh dia mhuintir,
co farccabhsat na gabhála, agus ár cend lais. Tóchar Atha luain
do dhénamh la Maolseachlainn mac Domhnaill, agus la Cathal mac
Conchobhair. Tochar Atha liacc do dhénamh la Maolseachlainn co
ndice leth na habhann. Diarmaid Ua Lachtnáin, tigherna Teabhtha,
do mharbhadh lá a mhuintir féisin.



Aois Criost, míle a haon.
An treas bhliadhain fichet do Mhaoilechlainn.
Colam, abb Imleacha Iubhair, décc.
Tréinfher, mac Celecáin, prióir Arda Macha, do mharbhadh.
Conaing Ua Fiachrach, abb Tíghe Mochua, Cele, mac Suibhne,
abb Sláine, Cathalán Ua Corcráin, abb Daimhinsi, Maonach,
aistire Cenannsa, agus Flann, mac Eoghain airdbreithemh Leithe
Cuinn, dég.
Maelmhuaidh, mac Duibhghiolla, tigherna Delbhna Bethra, do écc.
Sitriocc, mac Amhlaoibh, tigherna Gall, do dhol for creich ind
Ultaibh ina longaibh co ro oircc Cill Cleithe, agus Inis
Cumhscraigh, agus do bert bratghabháil moir eistibh uile.
Slóichcedh lá hAodh, mac Domhnaill Uí Néill co Tailltin, agus
luidh for cúla fo shíth, agus caoncomhrac.
Creachadh Connacht bheós la hAodh, mac Domhnaill. Cearnachán,
mac Flainn, tigherna Luighne, do dhol i Fernmaigh for creich,
agus ro marbhadh é la Muirchertach Ua Ciardha, tánaisi Cairpre.
Sloichcedh lá Brian co nGallaibh, co Laichcnibh, agus co
fferuibh Mumhan co hAth Luain, co ro heinirtnicchedh


L. 746


lais Ui Néill an deisceirt, agus Connachta, co ro gaibh a
ngialla. Do dheachaidh Brian agus Maolseachlainn iarsin co
fferaibh Ereann iompu etir fhiora Midhe, Connachtaibh,
Muimhnechaibh, Laighniu, agus Gallaibh, go rangattar Dun Dealga i
Conaillibh Murteimhne. Do riacht Aodh, mac Domhnaill Ui Néill,
ríoghdhamhna Ereann, Eochaidh, mac Ardghair, rí Uladh, co
nUltoibh, go Cenel Conaill, agus Eoghain, agus co
nAirghiallaibh ina ndáil gus an maighin chédna, agus nís
relccsetar secha sein, co ro sccarsat fo osadh, gan giallaibh,
gan gabhail, gan oirccne gan aittíre. Meirlechán, .i. mac Cuind,
tigherna Gaileng, agus Brodubh, .i. mac Diarmata, do mharbhadh
lá Maelsechlainn. Caemhclúdh abbadh i nArd Macha .i. Maolmuire,
mac Eochadha i nionadh Mhuireiccéin ó Bhoith Domhnaigh.
Slóighedh la Brian go hAth cliath, co rug gialla Midhe agus
Connacht.



Aois Criost, míle a dó.
An céd bhliadhain do Bhriain, mac Cindéittigh, mic Lorcáin ós
Erinn hi righe, lxxui bliadhain a aois an tan sin.
Dunchadh Ua Mancháin, comharba Caoimhghin, Flandchadh Ua
Ruaidhíne, comharba Ciaráin mic an tsaoir do Chorca Moccha a
chenél. Eoghan, mac Ceallaigh, Airchindeach Aird Brecáin,
Donghal, mac Beoain, abb Tuama Gréine, décc.
Creach mhór la Donnchadh, mac Donnchadha Finn, agus la hUibh
Méith, co ro oirccsed Land Léire, conus tarraidh Cathal mac
Labhradha, agus conus tairthetar fir Bregh co raoimhidh
forra, agus co farccaibhsiot a ngabháil, co ro ladh a nár iaromh
etir ergabháil agus marbhadh, im Shionach Ua hUarghusa, tigherna
Ua Meith. Do rochair don Cathal, mac Labhradha aghaidh ind
aghaidh agus Lorcán


L. 748


mac Brótadha. Dondghal, mac Duindcothaigh, tigherna Gaileng,
do mharbhadh lá Trotan, mac Builccargait, (no Tortan mac
Builgargait), mic Maoildora, tigherna Fer Cúl ina thigh budhdhein.
Ceallach, mac Diarmada, tigherna Osraighe, do mharbhadh
lá Donnchadh, mac Giollaphátraicc, lá mac bráthar a athar. Aedh,
mac Ui Coinfhiacla, tigherna Tethbha, do mharbhadh ó Uibh
Conchille. Conchobhar, mac Maoilsechlainn, tigherna Corca
Modhruadh, agus Aicher Ua Traighthech, do mharbhadh lá feraibh
Umhaill, co sochaidhibh oile. Aedh, mac Eichthighern,
do mharbhadh i nderthoigh Ferna móire Maedhóg, lá Maol na mbo.



Aois Criost, míle a trí.
An dara bliadhain do Bhrian.
Aonghus, mac Breasal, comharba Caindigh, deg ina ailithre i
nArd Macha.
Dubhshláine Ua Lorcáin, abb Imlecha Iubhair, décc.
Eochaidh Ua Flannagáin, airchindeach lis aoidhedh Arda Macha,
agus Cluana Fiachna, agus saoi senchusa Gaoidheal, décc.
Sloighedh la Brian agus la Maoileachlainn a ttuaiscert Connacht
co traigh neothaile do dhol timcheall Ereann, co ro toirmiscset
Uí Néill an tuaisceirt impu. Domhnall, mac Flannagáin, tigherna
fFer Lí, dég. Iarnán,


L. 750


mac Finn, mic Duibhghiolla, do mharbhadh do Chorc, mac Aedha, mic
Duibhghiolla i ndoras derthaighe Galinne, tria mheabhail. Dias
dia mhuintir féin do mharbhadh an Chuirc sin fo chédóir, co ro
móradh ainm Dé agus Móchonócc dé sin.
Brian, mac Maolruanaidh, tigherna Iarthair Connacht, do
mharbhadh lá a mhuinntir feisin.
Dá Ua Canannáin do mharbhadh do Ua Maoldoraidh.
Muiredhach, mac Diarmada, tigherna Ciarraighe Luachra, dég.
Naebhán, mac Mailchiaráin, prímhcherd Ereann décc.
Cath Craoibhe tulcha ettir Ultaibh agus Cenel nEoghain,
co raoimhidh for Ultaibh. Do cher ann Eochaidh, mac Ardghair,
rí Uladh, agus Dubhtuinne a bhráthair, agus da mac eochadha
.i. Cúdúiligh, agus Domhnall, Gairbhidh, tigherna Ua nEathach,
Giollapáttraic, mac Tomaltaigh, Cumuscach, mac Flaithrai,
Dubhslanga, mac Aedha, Cathal, mac Etroch, Conene, mac
Muirchertaigh, agus forgla Uladh archena, agus ro siacht an
iomghuin co Dún Eathach, agus co Druim bó. Donnchadh Ua
Loingsich, tigherna Dail Araidhe, agus rioghdhamhna Uladh, do
mharbhadh arnabhárach la Cenel nEoghain. Aodh, mac Domhnaill
Uí Néill, tighearna Oiligh, agus rioghdhamhna Ereann do thuitim
hi frithghuin an chatha, isin cúicceadh bliadhain décc a fhlaithesa,
agus in naomhadh bliadhain fichet a aoisi. Imairecc eittir Tadhg
Ua Ceallaigh co nUibh Máine, agus co feraibh iarthair Mídhe
hi foirithin Uibh Máine, agus Uí Fiachrach Aidhne
co nIarthar Connacht ina fóirithin, dú hi ttorchair
Giollaceallaigh, mac Comhaltáin I Cléirigh, tighearna Ua Fiachrach,
Conchubhar, mac Ubbáin, agus Ceandfaoladh, mac Ruaidhri, agus
sochaidhe oile. Do cear din Find mac Marcáin tanaisi Ua Máine i
friothghuin. Domhnall, mac Flannaccáin, tighearna Fer Lí,
décc. Madadhan, mac Aenghusa, toiseach Gaileng mBecc, agus Fer
cCúl do mharbhadh.


L. 752


Aois Criost, míle a ceathair.
An tres bliadhain do Bhrian.
Domhnall, mac Maicniadha, abb Mainistreach Buithe, epscop agus
senóir naemh esidhe. S. Aedh ferleighind agus abb Tréfoite,
epscop, eccnaidh, agus oilithreach, décc iar ndeighbheathaidh i
nArd Macha, co nonóir agus co nairmidin móir. As occá éccaíne
ro ráidhedh,




An teccnaidh an táird epscop,
An naemh De, co feibh ndelbha,
Ro faith uainn a nabsalacht,
Ot luidh Aodh a taebh Temhra.
Nad mair Aedh don Breaghmhaigh binn,
Co ngelblaidh glind gléthe rand
Easpa an glé gemm gledend grinn,
Teasda leigheand Ereann and.




Maolbrícchde Ua Rimhedha, abb Iae, décc. Domhnall mac Néill,
abb Cille Lamhraighe, décc. Foghartach, abb Leithghlinne
agus Saighre, décc. Muiredhach, tigherna Conaille, do
mharbhadh lá Mughdhornaibh. Giolla Comhghaill, mac Ardghair,
agus a mhac, agus dá chéd maraon rú do mharbhadh do Mhaolruanaidh,
mac Ardghair ag cosnamh righe Uladh. Slóigheadh lá Brian, mac
Cindeidigh co fferaibh deisceirt Ereann imme co Cenel nEoghain
agus co hUltoiph, do chuinghidh giall. Aseadh lodar dar Midhe
co mbattar aidhche i tTailltin. Lotar iaromh co mbáttar
sechtmhuin occ Ard Macha, co farcaibh Brian xx uncca
dór for altóir Arda Macha. Lotar iar sin i nDail nAraidhe, co
tucsat aittire Dal nAraidhe, agus Dál Fiatach archena.
Ingeirci, tigherna Conailli, do mharbhadh. Ath cliath do
losccadh lá Deiscert Bregh hí taidhe. Indredh Leithe Cathail
lá Flaithbheartach Ua Néill, agus Aodh, mac Tomaltaigh, tigherna
Leithe Cathail,


L. 754


do mharbhadh lais. Raoinedh oc Loch Bricrend ria fFlaithbertach
for Uibh Eathach agus for Ultaibh, hi ttorchair Artan,
rioghdhamhna Ua nEathach do mharbhadh.



Aois Criost, míle a cúicc.
An cethramhadh bliadhain do Bhrian.
Fínghin, abb Rosa Cré, décc.
Dunchadh, mac Dunadhaicch, ferleighind Cluana mic Nóis, agus a
hangcoire iarsin, cend a riaghla, agus a sencais, décc.
Sen sil Cuinn na mbocht esidhe. Maolruanaidh, mac
Aedha Uí Dubhda, tigherna Ua Fiachrach Muiriscce, agus a mhac
.i. Maolsechlainn, agus a bhrathair .i. Gebhendach mac Aedha,
dég.
Creach mór lá Flaithbhertach, mac Muirchertaigh lá tigherna
nAiligh hí Conaillibh Muirtheimhne, conus tarraidh
Maolsechlainn, rí Temhrach, co ffarccaibhsett dá céd díobh eittir
mharbhadh agus erghabháil im tigherna Ua Fiachrach Arda sratha.
Cathal, mac Dunchadha, tigherna Gaileng mór, do marbhadh.
Echmhilidh Ua hAitidhe, tigherna Ua nEathach, do mharbhadh lá
hUltaibh féisin.



Sliocht liubhair Cluana mic Nóis, agus liubhair an Oilén
.i. Oilen na Naomh for Loch Ribh.
Mórshluaiccheadh fer nEreann lá Brian, mac Cinnéittigh, do
chuinghidh giall co Cenel Conaill agus Eoghain. Asedh lotar
dar lár Connacht for Eas Ruaidh, dar lár Tíre Conaill, tria
Cenel nEoghain, for Fertais camsa i nDal Riada agus i nDal
nAraidhe, i nUltaibh, i Conaille muirthemhne co ttorrachtattar
im lucchnasadh co Bealach dúin. Lottar imorro Laighin dar
Bregha fodheas dia


L. 756


ttír, agus Gaill for muir timcheall tair dia ndún. Muimhnigh
imorro, agus Osraighe, agus Connachta iar fut mídhe siar dochum a
tíre. Ro ghiallsat, imorro Ulaidh dond fhechtsa, acht ní
tucsat géill Conaill agus Eoghain.
Maol na mbó, tighearna Ua Cennselaigh, do mharbhadh lá a Chenél
féin. Maolruanaidh, mac Ardghair, rí Uladh, do mharbhadh la
Madadhán, mac Domhnaill, iar mbeith leith bhliadhain arrighe an
chóiccidh. Madadhán, mac Domhnaill, rí Uladh, do mharbhadh don
Torc, .i. Dubhtuinne, for lár Dúine Leathghlaisi, tar turtughadh
naomh nErenn. Dubhtuinne, .i. an Torc, rí Uladh,
do mharbhadh, tré fhiortaibh Dé agus Páttraicc lá Muireadhach
mac Madadháin, a ndíoghail a athar. Muireccen bocht o Bhoith
Domhnaigh, comhorba Páttraicc, dég. Sechtmoghat bliadhain a aois.



Aois Criost, míle a sé.
An cúicceadh bliadhain do Bhrian.
Ceandfaoladh, airchinneach Droma móir Mocholmócc, Caichear, mac
Maenaigh, abb Mungarat, agus Ceallach Ua Mendgoráin, airchinnech
Corcaighe, décc. Fiachra Ua Fócarta, saccart Cluana ferta
Brénainn, décc. As dó do ráidheadh,




Do neoch ranaccsa fo Erind,
Edir achadh agus chill,
Nochan fhuaras uacht na terca,
Co ranacc Cluain ferta find.
A Chríst ní sccérmais hi seghdha
Manbadh Fiachra an bherla bhinn.




Tuathal Ua Maoilmacha, saoi agus comhorba Pháttraicc i Mumhain,
agus Robhartach Ua hAilghiusa, ancoire Cluana mic Nóis do écc.
Do Breghmainibh a chenél. Trénfher Ua Baigheallán, tigherna
Dartraighe, do mharbhadh lá Cenel


L. 758


Conaill for Loch Erne. Cúconnacht, mac Dunadhaigh, taoisech
Síl nAnmchadha, do marbhadh la Murchadh mac Briain.
Ua Dúnghalaigh imorro tigherna Musccraighe thíre ros marbh
hi ffarradh Lothra. Muiredhach, mac Criocháin, do fháccbhail
comharbhais Cholaim Chille ar Dhia. Athnuadhucchadh aenaigh
Taillten lá Maoilechloinn, agus ferdomhnach do oirdneadh hí
comharbhus Cholaim Chille a comhairle fer nEreann isin aenach sin.
Soisccél mór Cholaim Chille do dhubhghoid isin oidhche asin
erdomh iartharach an doimhliacc móir Chenannsa. Primhmind
iarthair domhain ar aoi an chumhtaigh daenda, agus a fhagbháil
dia fhichet adhaidh for díbh mhíosaibh iar ngaitt dhé a óir, agus
fóid tairis. Slóighedh la Flaithbhertach Ua Néill co hUltaibh, co
ttucc secht naittire uadhaibh, agus co ro marbh tigherna Leithe
Cathail .i. Cúuladh mac Aenghasa. Domhnall, mac Duibhtuinne,
rí Uladh, do mharbhadh lá Muiredhach, mac Madudháin,
agus do Uarghaeth Sléibhe Fuaid. Airmedhach, mac Cosccraigh,
epscop, agus sccribhnidh Arda Macha, do écc.



Aois Criost, mile a seacht. An seisedh bliadhain do Bhrian.
Muiredhach suí epscop, mac bráthar Ainmire boicht, do mhúchadh
i nuaimh i nGailengaibh Coraind. Ferdomhnach, comharba Cholaim
Chille hi cCenandus, agus Fachtna, comharba Findéin Cluana
hIoraird, décc. Finshnechta Ua Fiachra, abb Tighe Mochua,
agus Tuathal Ua Conchobhair, comharba Fionntain, décc.
Maolmaire Ua Gearagain, comharba Cainnigh, agus Célechair, mac
Duindcuan, mic Cinneittigh, abb Tíre da ghlais, dég. Maidhm
ria nAonghus, mac Carraigh, for Feraibh Ceall, dú i ttorchair
Demun Gatlach Ua Maolmuaidh. Secc


L. 760


mór agus sneachta ó ocht Id Ianuari co Cáisc.
Muireadhach, mac Duibhtuinne, rí Uladh.



Aois Criost, míle a hocht.
An sechtmhadh bliadhain do Bhrian.
Cathal, mac Carrlusa, comharba Caindigh, Maelmuire Ua hUchtáin,
comharba Cenannsa, dég. Echtighearn Ua Goirmghilla,
décc. Dubhchoblaigh, inghen righ Connacht, ben Bhriain, mic
Cinneittigh, décc. Tadhg Dubhshúileach, mac righ Connacht,
do mharbhadh la Connmaicnibh. Gussán, mac Uí Treassaich,
tigherna Ua mBairrche, décc. Madúdhan, tigherna Sil nAnmchadha,
do mharbhadh lá a bhráthair. Slóighedh lá Flaithbertach Ua Néill
go fiora Bregh, co ttucc boromha mhór. Maidhm for Connachtaibh
ria fferaibh breifne. Maidhm dna for fearaibh Bréifne ria
Connachtaibh. Clothna, mac Aonghusa, prímh file Ereann
ina aimsir, décc. Gusán, mac Tresaigh, tighearna Ua mBairrche,
do écc.



Aois Criost, míle a naoi.
An tochtmhadh bliadhain do Bhrian.
Conaing, mac Aedhagáin, epscop, décc hi cCluain mic Nóis. Do
Mughdhornaibh Maighen a chenél. Crundmhaol epscop décc.
Sccannlán Ua Dúnghaláin, abb Dúin Lethghlaisi, do dhalladh.
Diarmaid, comharba Bearaigh, Muiredhach, mac Mochloingsigh,
airchinneach Mucnamha, Maolsuthain Ua Cerbhaill do mhuinntir
Insi Faithlend, primh saoi iarthair domhain ina aimsir, agus
tigherna Eoghanachta Locha Léin, décc iar ndeighbhethaidh.
Marcán, mac Cinnéittigh, cend cléireach Mumhan, décc. Comharba
Colaim mic Criomhthainn, .i. Tíre da ghlas, Innsi Cealtra, agus
Cille Dalua, do écc. Cathal, mac Conchobhair, rí Connacht,
décc iar bpenainn. E sin Mac mic Taidhcc an tuir. Dearbhail,
inghen Taidhg,


L. 762


mic Cathail, décc. Cathal, mac Duibhdara, tigherna Fermanach,
décc. Muiredhach hUa hAedha, tigherna Muscraighe, décc.
Slóighedh lá Brian co Claonloch Sléibhe Fuait, co rucc
aittire Cenél Eoghain agus Uladh. Aodh, mac Cuinn, rioghdhamhna
Oiligh, agus Donncuan, tighearna Mughdhorn, do mharbhadh.



Aois Criost, míle a deich.
An nomhadh bliadhain do Bhrian.
Muiredhach, mac Críocháin, comharba Colaim Cille, agus
Adhamhnáin, saoi, agus epscop, agus mac oicche, ferleighind
Arda Macha, agus ádhbhar comharba Phattraicc, décc iarsan
cethramhadh bliadhain seachtmodhat a aoisi a u. Calainn Ianuari,
aidhche Sathairn do shonnradh, agus ro hadhnaicedh co nonóir, agus
go nairmhitin isin doimhliacc mhór i nArd Macha ar bélaibh na
haltóra. Fland Ua Donnchadha, comharba Oennae, décc.
Flaithbeartach Ua Cethenen, comharba Tighernaigh, senóir, agus
suí epscop, do ghuin ó fheraibh Breifne, agus a écc iar sin ina
chill feissin hi Cluain Eoais.
Dubhthach, mac Iarnáin, airchindeach Dearmaighe, Dálach Dísirt
Tola, comharba Féchene agus Tóla, scribhnigh toghaidhe,
Fachtna, comharba Findein Cluana hIoraird, décc.
Slóiccheadh lá Brian co Magh Corainn, co rucc leis tigherna
Ceneóil Conaill .i. Maelruanaidh Ua Maoldoraidh, fria réir, go
Cenn Coradh. Maolruanaidh Ua Domhnaill, tighearna Ceneóil
Luighdheach, do


L. 764


mharbhadh lá feraibh Maighe hIthe. Oenghus Ua Lapáin,
tigherna Cenél nEnda, do mharbhadh lá Cenel nEoghain
na hInsi. Murchadh, mac Briain, co bfheraibh Mumhan,
co Laighnibh, co nUibh Néill an déisceirt, agus co bFlaithbertach,
mac Muirchertaigh, tigherna Oiligh co nogaibh an Fhochla do
iondradh Chénel Luighdheach, go ruccsatt trí chéd do bhroid agus
creach mhór do indilibh. Domhnall, mac Briain, mic Cindeidigh, mac
righ Ereann, dég. Slóicchedh lá Flaithbhertach Ua Néill, co
Dún Eathach, co ro loisc an dún, agus co ro bhris an baile, agus
do bhert aittire ó Niall mac Duibhthuinne. Aodh, mac Mathghamhna,
ríoghdhamhna Caisil, décc. Faelán, mac Dunlaing, tigherna
Ua mBuidhe, décc.



Aois Criost, míle a haon décc.
An deachmadh bliadhain do Bhrian.
Tedhm mhór .i. cnuic, agus treghait i nArd Macha o Shamhain co
bealtainne co nebhletar drong mhór do sruithibh, agus do macaibh
leighinn, im Chendfhaoladh an tsabhaill, epscop, angcoire, agus
ailithir, im Maolbríghde mac an Ghobhann, ferleighind
Arda Macha, agus im Scolaighe mac Cléirchen uasal saccart Arda
Macha. Adbathatar somh don tedhmain sin, agus sochaidhe oile
amaille friú. Martán, abb Lucchmhaidh, Cian, comharba
Cainnigh, Caoncomhrac Ua Scannláin, airchindeach Daimhinse,
Maclónain, abb Rosa Cre, agus Condmhach Ua Tomhrair, sacart,
agus toiseach ceileabhartha Cluana mic Nóis, dég.
Slóighedh la Flaithbheartach mac Muirchertaigh hí Cenel Conaill,
co ruacht Magh cCettne. Rug bóghabháil mhór, agus do deochaidh
slán dia thich. Slóighedh lá Flaithbhertach mac Muirchertaicch
doridhisi i Cenél Conaill co ruacht Druim cliabh agus
Tracht nEothuile, dú in ro marbhadh Niall, mac Giollapattraicc


L. 766


mic ferghaile, agus ro sraoinedh for Mhaolruanaidh Ua Maoldoraidh,
acht ní ro farccbhadh neach ann. Slóighedh lá Maolsechlainn tar a
néisi hi tTír nEoghain go Magh da ghabhail go ro loiscset a
creach a Tealaigh nOcc, co rucc gabhala, agus co
ndeachaidh dia thich for cula. Sloicchedh lá Flaithbhertach
iaramh corrice Aird Uladh, co ro hoircceadh co léir an áird
lais, agus rucc gabhála as dirimhi rucc rí riamh eittir braitt agus
indile cennach naireamh idir. Maidhm for Niall, mac
Duibhtuinne .i. cath na Mulach, ria Niall mac Eochadha, mic
Ardghair, dú i ttorchair sochaidhe im Muirchertach, mac Artáin,
tanaisi Ua nEathach, agus ro haithrioghadh lais Niall,
mac Duibhthuinne iaramh. Ailell, mac Geibhendaigh, ríoghdhamhna
Ua Máine, décc. Críonán, mac Gormladha, tigherna Conaille,
do mharbhadh la Coincuailgne.



Aois Críost, míle a do décc.
An dara bliadhain décc do Bhrian.
Mac Maine, mic Cosccraigh, comharba Cille dalua, décc.
Prióir Saighre do mharbhadh.
Cian Ua Gerggáin, comharba Caindigh, Derbhail, inghen
Conghalaigh, mic Maoilemithigh, inghen rígh Ereann,
dég. Domhnall, .i. an Cat, ríghdhamhna Connacht, do mharbhadh
lá Maolruanaidh Ua Maoldoraidh, agus Magh nAoi do losccadh agus
darccain uile lais, iar sraoineadh for Connachtaibh agus iar ccor
a náir.
Creach mhór lá hUalgharg Ua Ciarrdhai lá tigherna Coirpre, agus
la mac Néill Uí Ruairc, agus lá fiora Teathbha hi nGaileangaibh,
conus tarraidh uathadh deaghdhaoine do lucht taighe Maoilseachlaind
iar nól isin uair sin atté mescca co ttardsat cath dóibh tré
dhiumas. Torchair and don Donnchadh, mac


L. 768


Maoilsechlainn, agus Dubhtaichligh Ua Maolcallann, tigherna
Dealbhna Bice. Donnchadh mac Donnchadha Finn, ríoghdhamhna
Temhrach, Cernachán, mac Flaind, tigherna Luighne,
Senán Ua Leocan, tigherna Gaileng, agus sochaidhe ele amaille
friu. Maolsechlainn iaramh dia ttarrachtain, co ffarccabhtha
occa na gabhála, agus torchair Ualgarcc Ua Ciarrdha, tigherna
Coirpre, co sochaidhibh ele cenmothásomh.
Slóighedha móra lá Maolsechlainn hi ccrích Gall, go ro loiscc an
tír go hEdar cco ttarraidh Sitriucc, agus Maolmórdha creich
dia ccreachaibh, co ro mharbhsat dá chéd dibh im Fland mac
Maoileachlainn, im mac Lorcáin mic Echtigheirn, tigerna Ceneoil
Meachair, agus sochaidhe oile, agus as eisidhe maidhm an Draighnein.
Conidh dia cuimhniuccadh ro ráidhedh in rand,




Ní má lódar Luan for feacht, fir Mídhe frí forimthecht,
Báttar failte Goill ro clos, occ an Draighnén don turas.




Slóiccedh lá Flaithbhertach, lá tigherna nAiligh, co Maighin
attaed i ttaobh Cenannsa, co fargaibh Maolseachlainn an tealach
dó. Giollamochonna, mac Foghartaigh, tigherna deisceirt Bregh,
foghlaigh Gall, agus tuile ordain airtir Eireand, décc. Crech lá
Murchadh, mac Briain, hi Laighniu, co ro aircc an tír go Glend
dá locha, agus co Cill Maighneann, go ro loisc an tir uile, agus
co rucc gabhála móra, agus broid diairmidhe. Longus mór do theacht
dona Gallaibh isin Mumhain, co ro loiscset corcach, acht ro
dhíoghail Dia an gníomh sin forra fo chédóir, ár ro marbhadh
Amhlaoibh mac Sitriocca .i. mac tigherna Gall, agus Mathghamhain
mac Dubhghoill, agus Sochaidhe oile lá Cathal mac Domhnaill, mic
Duibhdabhoirend. Muirchertach, mac Aodha Uí Néill, do mharbhadh
lá Dál Riada co ndruing oile amaille fris. Cogadh mór eittir
Ghallaibh, agus Ghaoidhealaibh. Slóighedh lá Brian co hAth an
Cairthind, agus ro ghabh forbhais, agus dunadh and frí ré teóra
míos for Ghallaibh. Daingin iomdha do dhénamh lá Brian,


L. 770


.i. Cathair Cind choradh, agus Inis Gaill Duibh, agus
Inis Locha Saighlend. Laighen agus Goill i gcoccadh for Bhrian,
agus Brian occ imchoimhéd for Mumhain oc Sleibh Maircce,
agus laighin do indradh lais co hAth cliath. Orgain dhíomhor for
Conaillibh lá Maelsechlainn i ccionaidh sáraighthe Findfaidigh
Pháttraicc, agus bhriste Bachlae Pátraic ó Conaillibh .i. ó
mhacaibh Concuailgne.



Aois Críost, míle atrí décc.
Rónan, comharba Féchin, Flaithbheartach mac Domhnaill, .i. do
Chloinn Cholmáin, comharba Ciaráin agus Findein, agus Cond Ua
Diughraidh, comharba Caoimhghin, décc. Coirpre Fial, mac
Cathail, ancoire Glinne dá locha, Naomhan Ua Seinchind décc.
Dá angcoire iadsídhe. Dunlang, mac Tuathail, rí Laighen, décc.
Coirpre, mac Cleirceinn, tigherna Ua Fidhgheinti, do mharbhadh
i meabhail lá Maolcolaim Caonraigheach. Iomairecc


L. 772


eittir Uibh Eathach féisin .i. ettir Cian, mac Maolmhuaidh, agus
Domhnall mac Duibhdábhoirend, co ttorchair ann Cian, Cathal,
agus Roghallach, trí meic Maoilmhuaidh co nár mór impu.
Slóicchedh lá Donnchadh, mac Briain, i ndeisceirt Ereann,
go ro mharbh Cathal, mac Domhnaill, agus co ttucc gialla ó
Dhomhnall. Slóigheadh lá Gallaibh agus la Laighnibh hi Midhe,
agus iarsin hi mBreghaibh, co ro oirccset Termonn Feichene,
agus ruccsat brait iomdha, agus indile díairmidhe. Slóigheadh lá
Brian, mac Cinneittigh, mic Lorcáin, lá rígh Ereann, agus lá
Maolsechlainn mac Domhnaill, lá righ Temhrach, co hAth cliath.
Ro thionoilsiot goill iarthair eorpa ind aghaidh Bhriain agus
Maoilsechlainn, agus do bertsat deich céd go lúireachaibh leó.
Feachar cath cródha, amhnas, aggarbh, aingidh, ainiarmartach, etorra
da na frith samhail isin aimsir sin, hi cCluain tarbh, isin
Aoine ria cCáiscc do shonnradh. Torchair isin ccath sin Brian
mac Cindéittigh, áirdrí Erenn, Auguist iarthair Eorpa uile
esídhe, isin ochtmhadh bliadhain ar ceithre fichtibh a aoisi;
Murchadh mac Briain, ríoghdhamhna Ereann isin treas bliadhain
sescat a aoisi, Conaing, mac Duinncuan, mac bráthar do Bhrian,
Toirdhealbhach mac Murchadha, mic Briain, Mothla, mac Domhnaill,
mic Faoláin,


L. 774


tigherna na nDéisi Mumhan, Eocha mac Dunadhaigh, .i. flaith
Cloinne Sgannláin, Niall Ua Cuinn, agus Cúdúiligh, mac
Cindéittigh, trí coeimhthigh Bhriain, Tadhg Ua Ceallaigh,
tigherna Ua Máine, Maolruanaidh na paidre Ua hEidhin, tigherna
Aidhne, Gebheannach, mac Dubhacáin, tigherna Fearmaighe,
mac Beathaigh, mic Muiredhaigh Chlaoin, tigherna Ciarraighe
Luachra, Domhnall, mac diarmada tigherna Corca Bhaiscind,
Scannlán, mac Cathail, tigherna Eoghanachta Locha Lein, agus
Domhnall, mac Eimhine, mic Caindigh, mormhaor Mair
i nAlbain. Ro mheabhaidh iaramh an cath tria neart cathaighthe,
agus crodhachta, agus iommbuailte


L. 776


ria Maolseachlainn ó Thulcaind co hAth cliath for Gallaib
agus Laighnibh, agus torchair Maolmórdha, mac Murchadha,
mic Finn, rí Laighen, agus mac Brogharbháin mic Concobhair,
tanaisi Ua Fáilghe, agus Tuathal, mac Ughaire, ríoghdhamhna
Laighen, agus ár diairmidhe do Laighnibh amaille friú. Torchair
Dubhghall, mac Amhlaoibh, agus Giollaciaráin mac gluiniairn,
dá tanaisi Gall, agus Sichfrith, mac Lodair, iarla Insi horc,
Brodar, toiseach na nDanmarcc, agus bá héisidhe ro marbh Brian.
Ro machtait lucht na deich cétt lúireach uile annsin, agus


L. 778


anas lugha dhe torcrattar tri mhíle do Ghallaibh ann. As do
bhás Bhriain, agus don cath sin do ráidheadh an rann,




Trí bliadhna décc míle muadh, ó ghenair Críost, ní cor cian,
Do bhliadhnaibh soin, seghdha an rann, go ro ládh ár Gall im Brian.




Luidh tra Maelmuire mac Eochadhach, comharba Páttraicc, co
sruithibh agus miondaibh co Sord Colaim Chille, co ttuccsat as
corp Briain, righ Ereann,


L. 780


agus corp Murchaidh a mheic, agus cend Conaing, agus cenn
Mothla. Baí imorro, Maolmaire co na samhadh
acc aire na ccorp co nonóir agus co nairmittin mhóir,
agus ro hadhnaicit iaramh in Ard Macha in alaidh nui.
Iomairecc eittir dá mac Bhriain, .i. Donnchadh agus Tadhg.
Muidheadh for Dondchadh, agus do fuit ann Ruaidhri Ua Donnaccáin,
tigherna Aradh, agus sochaidhe oile amaille fris. Slóighedh lá
hUa Maoldoraidh, agus lá hUa Ruairc hi Machc nAoi,
co ro marbhsat Domhnall, mac Cathail, agus co ro indirsed an magh,
agus co ruccsat gialla Connacht.



Aois Críost, míle a cethair décc.
An céd bhliadhain do Mhaoileachlainn Mór, mac Domhnaill,
os Erinn iar marbhadh Bhriain, mic Cinneittigh. Ronán, comharba
Fechin, agus Colum Ua Flannaccáin, abb Main Choluim Chille,
Conaing, mac Find, abb Daire Móir agus Leith Mochoemhocc, décc.
Muircertach Ua Lorcáin, airchindeach Lothra, décc. Niall, mac
Dearggáin, airchinneach Mungairte, do mharbhadh. Donnghal mac
Ua Chantene, airchinneach Tire da ghlas, dég.
Muirchertach, mac Muiredhaigh Uí Néill, do mharbhadh lá
Conchobhar Ua Domhnalláin, tigherna Ua Tuirtri.
Donnchadh Ua Goaigh,


L. 782


tigherna Chianachta Glinne Geimhin, do mharbhadh.
Giollacríst mac Néill, mic Dubhlaich, do mharbhadh lá
Maolsechlainn. Muirchertach, mac Anmchada, tigherna Ua Liatháin
do mharbhadh lá Mathghamhain, mac Maoilmhuaidh.
Meanma, mac tighearna Ua Caisin, décc.
Donnchadh, mac Aodha Bicc Uí Maoileachlainn, do mharbhadh lá
Gallaibh. Maolísu, mac tigherna Ua Maine, do mharbhadh occ
Iubhar Arnun lá feraibh Tethbha.
Mac Raghnaill mic Iomhair, tigherna Puirt Láirge, do mharbhadh lá
hUibh Liatháin.
Cú Dubh, mac Maolfabhaill, toiseach Cairrge Brachaighe do
mharbhadh lá Síl Taidhg i mBreghaibh.
Slóighedh lá Domhnall, mac Duibhdabhoirend, co Luimneach.
Da mac Briain .i. Donnchadh agus Tadhg ar a chend. Ferthar
iomairecc etorra. Maidm for deiscert Ereann, agus do thuit ann
Domhnall co sochaidhibh amaille fris.
Slóigheadh lá hUa Néill .i. lá Flaithbhertach co fferaibh Midhe
agus Bregh ime ilLaighnibh, co ro oircc an tír co Leithghlinn,
co ttucc gabhála agus broid co ro marbh tigherna Ua mBuidhe agus
sochaidhe ele. Sloicchedh lá Maolsechloinn agus lá hUa Néill,
agus lá hUa Maoldoraidh co hAth cliath, co ro loisccset an dún,
agus gach araibhe ó dún amach do thaighibh, agus do dheochatar
iaromh in Uíbh Cheinnselaigh co ro airccset an tír uile, agus
tuccsat ilmhíle do bhraitt agus innilibh co ttarruscht
crech dia chreachaibh ann go ro marbhtha drong mhór díobh im mhac
righ Connacht, .i. an Sleganach, agus cor agbhadh ann
Conghalach, mac Conchobhair, tigherna Ua Failghe, agus
Giollacolaim Ua hAghdha tigherna Tethbha, agus sochaidhe archena.
Slóighedh lá Maolsechlainn agus lá hUa Néill, agus lá
Maoldoraidh, agus lá hUa Ruairc ilLaighnibh, co ttuccsat
gialla Laighen agus do radsat righe Laighen do Dhonncuan,


L. 784


mac Dunlaing, agus ro indirset Osraighe, agus tuccsat airccne
dirimhe agus braitt iomdha.
Crech mór lá Maolfothartaigh i ndál gCais, conus tarraidh
Donnchadh, mac Briain co nDál cCais co raeimhidh forrasidhe,
agus torchair ann mac Ruaidhri I Donnaccáin, agus mac Uí Chathaláin,
agus daoine oile bheos, agus do bhert Maolfothartaigh na gabhala
lais iaramh. Aodh Ua Ruairc, .i. mac sen Fergail, tigherna
Breifne, agus rioghdhamhna Connacht, do mharbhadh lá Tadhg
an eich ghil mac Cathail mic Concobhair, lá righ Connacht, acc
Loch Néill i Maigh Aoi, a ndioghail Domhnaill a bhrathar.
An Sleghanach Ua Maoilsechlainn do mharbhadh la hUibh
cCennselaigh. Cindeidigh mac Fergail, tigherna Laoighisi, décc.
Aodh mac Taidhcc mic Murchadha Ui Cheallaigh, tigherna Ua Maine
do mharbhadh i cCluain mic Nóis. Giollacrist, mac Néill, mic
Dubhlaigh, do mharbhadh la Maoilsechloinn, mac Domhnaill.
Dúnghal Ua Donnchaidh do dhul ar creich go hAradh cliach
gur ro marbhadh Find mac Ruaidhri Uí Dhonnagáin, tigherna
Aradh agus Ua cCuanach lais.



Aois Criost, míle a cúicc décc.
An dara bliadhain do Mhaoilechlainn.
Flannaccán, mac Conaing fosaircinnech Arda Macha, agus Muirghios,
airchinneach Lis Aoidheadh, décc.
Diarmaitt, Ua Maoilthelcha, comharba Comhgaill, agus Eithne,
inghen Uí Suairt, comharba Bríghde, décc.
Airbhertach, mac Coisidobhroin, airchinnech Ruis ailithir, agus
Maolpatraicc Ua Sluaghadhaigh, saoi Ereann, décc.
Mac liacc .i. Muirchertach, mac Concertaich árd ollamh Ereann
an tan sin, décc. Ba hé céd rann Mic liacc annso,


L. 786



Muirchertach Becc, mac Maoilcertaigh, baoi acc ionghaire na mbó,
A sé as indraic nach as iomlait, tabhair sgenach findraip dó.




Ba hé a rann deidhenach annso,




A chluicc ata i cind madhairt, dot is ní teccait caraitt,
Ge do né tu do ding dang as dít scenter an salann.




Slóicchedh lá Maelsechlainn ind Ultoibh, go ttucc gialla Uladh
lais. Giollacolaim Ua hAghdhai, tigherna Tethbha, do mharbhadh
ó mhac Duinn, mic Donnghaile, i nDruim ráite. Macraith, mac
Muiredhaigh Claoin, tigherna Ciarraighe Luachra, do marbhadh.
Donncuan, .i. an Baethan, mac Dunlaing, tigherna Laighen,
agus Tadhg Ua Riain, tighearna Ua nDróna, do mharbhadh lá
Donnchadh, mac Giollapatraicc, i Leithghlionn iar ndénamh dóibh
cotaigh agus comhluighe i ttús laoi. Moling ro tairngir innso,




Donn durgen, agus an righbard ruibhnech,
Tethsat commond i nGlind Gerg, nis nain comluighi croderg.




Dúndalethglass do losccadh uile cona daimhliacc, agus cona
cloictech do thene déait. Cluain mic Nóis, agus Cluain ferta
Brénainn, agus Cenannus do losccadh.
Cath eittir Ultaibh agus Dal nAraidhe, agus ro sraoineadh for
Dal nAraidhe ria Niall mac Eochadha, agus do fuit ann Domhnall
mac Loingsigh, tigherna Dail nAraidhe, agus Niall mac
Duibhtuinne, mac Eochadha mic Ardgair aithrí Uladh, agus
Conchobhar Ua Domhnalláin, tigherna Ua Tuirtri, agus araill
amaille friu.
Slóighedh lá Maolseachlainn i nOsraighibh, go ro indir Osraighe,
agus do rad


L. 788


gabhala agus braitt lais, agus ro marbh Dúngal mac Giollapadraicc
mic Donnchadha agus sochaidhe oile.
Slóicchedh lá Maolseachlainn in Osraighibh dorídhisi co ro indir
leth an tíre, agus tucc a ngialla. Do dheochaidh iaramh in Uaibh
Ceindselaigh, co ros indrastair, agus tucc a mbuar agus a mbraitt.
Connachta do arccain, agus do bhrisedh Cindchoradh agus Cille
dá lua.
Fir mumhan do orgain Insi Clothrann agus Insi bó finne.
Gebhendach, mac Aedha, tigherna Ua Máine, do mharbhadh lá
hUibh Maine feísin.
Maoiliosa, mac Flandaccáin, do mharbhadh.
Maidhm riae nEilibh for Eoghanacht Caisil, dú i ttorchair
Domhnall, Ua Domhnaill, ríoghdhamhna Chaisil, agus Domhnall, Ua
Ruaidhri, tigherna Aradh, agus sochaidhe oile.



Aois Criost, míle a sé décc.
An treas bhliadhain do Mhaoileachlaind.
Diarmaitt Ua Maoiltealcha, comharba Comhghaill, eaccnaidh
foircthe, sccribhnidh, agus eapscop, décc.
Caencomhrac Ua Buithin, fer leighinn Glinne hUissen, décc.
Ceallach Ua Maoilmidhe, airchindech Droma raithe, dég.
Oenghus, mac Flainn, airchindeach Lainde Léire, agus Diarmaid
Ua Maolmaodhóg, abb Glinne hUissen, décc.
Condmach, ferleigind agus abb Achaidh Urghlais, do mharbhadh
la hUibh Bairrche.
Oengus mac Carraigh Calma, ríoghdhamhna Teamhrach tuir ordain
Ereann, décc do threagait. Ferghal, mac Domhnaill, mic
Conchobhair, ríoghdhamhna Ailigh, do mharbhadh lá Cenel Eoghain
fadhéin.
Cond, mac Concobhair, mic Eigneacháin, décc.
Dondchadh, mac Donncadha Uí Conghalaigh, ríoghdhamhna


L. 790


Ereand, do mharbhadh lá feraibh Bregh buddhéin. Giollachríst
Ua Lorcáin, tigherna Caille Follamhain, do mharbhadh hi
cCenannus.
Fland Ua Beice, tigherna Ua Meith, do mharbhadh.
Muiredhach Ua Duibheoin, tigherna Ua mic Uais Bhregh, do
mharbhadh lá Flaithbheartach Ua Néill.
Ar do thabhairt for Ghallaibh lá Maoilseachlainn i nOdhba, dú i
ttorchrattar íle.
Gaeithini Ua Mordha do mharbhadh.
Dubhdabhoirenn Ua Riain do mharbhadh.



Aois Criost, míle a secht décc.
An cethramhadh bliadhain do Mhaoilechlainn.
Gormghal ind Ard ailéin, primh anmchara Ereann, agus
Corpmac Ua Mititteain, abb Achaidh abhlae, décc.
Muiredhach Ultach, anmchara Cluana mic Nóis, décc.
Braon, mac Mhaoilmhórdha, mic Murchadha, rí Laighen, do
dhalladh in Ath cliath lá Sitriocc, mac Amhlaoibh a meabhail,
agus a écc dé.
Conghalach, mac Concobhair, mic Find, tigherna Ua Failghe, do écc.
Maolán, mac Eccnígh Uí Leochain, tigherna Gaileng agus tuath
Luicchne uile, do mharbhadh do na Saithnibh.
Cearbhall, mac Maoilmhordha, ríoghdhamhna Laighen do mharbhadh
i meabhail.
Coccadh etir Maolsechlainn agus hUí Néill an Tuaisceirt, co
ndeachattar Eoghanaigh tar Sliabh Fuait fo thuaidh. Creach lá
Maolseachlainn


L. 792


go Fiora Ceall, agus tairtes drong don tsluagh la Fiora Ceall
agus lá hEle, go ro marbhadh ann Domhnall Ua Caindealbháin,
tigherna Ceneoil Laoghaire, agus Cass Midhe, rechtaire
Maoilsechnaill, agus Ua Clérchéin, tigherna Caille Follamhain
do ghuin, agus a écc iar sist. Flannaccán Ua Ceallaigh, agus
Conghalach, mac Maoilsechlainn, do ghuin isin maighin chédna.
Giollacolaim, mac Muiredhaigh Uí Maoiltrea, agus Aedh Ua hEradáin,
tigherna Ua mBresail Macha, décc.
Cernach Ua Mórdha, tigherna Laoighisi, do mharbhadh.
Muiredhach, mac Muirchertaigh, tigherna Fothart, do mharbhadh.



Aois Criost, míle a hocht décc.
An cúicceadh bliadhain do Mhaoileachlainn.
Domhnall, mac Maoilsechnaill, mic Domhnaill, comharba Finnen,
agus Mocholmocc, décc.
Ongharcc Ua Maoiledúin, secnab, .i. prióir, Cluana mic Nóis, décc.
hUa Brodubháin, abb Achuidh úir, do mharbhadh.
Cealldara do uile losccadh do thene deaith, cenmotha aoin tegh
amháin.
Orgain Cenannsa do Sitriucc, mac Amhlaoibh,
co nGallaibh Atha cliath, co rugsat gabhála Diarmidhe agus braitt,
agus ro mharbhsat daoine iomdha for lár na cille.
Scrín Ciaráin do orgain do Domhnall mac Taidhg, agus a
mharbhadh fein a ccend sechtmhaine tria fiortaibh Dé agus
Ciaráin.
Dá mac Maoilseachloinn, mic Maolruanaidh, Ardghar,
agus Ardchú, dá ríghdhamhna Oiligh do mharbhadh lá Cenél
Eoghain fádhéin.
Mathghamhain, mac Conaing, mic Duinncuan, rioghdhamhna Mumhan,
décc.
Mac


L. 794


Catharnaigh, mic Aodha do Uibh Caisseni, do coimhionnsaigheadh
for Dhonnchadh mac Briain, co ttarat beim do claidhebh ina
chend, agus dar a láimh gur ben an lámh, .i. a bhass dheas
dé. Terna iaram mac Briain, agus ro marbhadh mac Catharnaigh.
Maolmordha, mac Maoilmhuaidh, tanaisi Dealbhna, do mharbhadh.
Ua Geibhennaigh, tanaisi Ua Máine, do mharbhadh.
Flaithbhertach Ua Néill do theacht a tTír Conaill, go ro
haircceadh lais Tír nEnda, agus Tír Luchcdhach.
Ruaidhri Ua hAilelláin, tigherna Ua nEathach, do mharbhadh lá
fiora Fernmhaighe, agus ro marbhadh dá mhac Ceinneidigh .i.
Conghalach, agus Giollamuire ina dhíoghail fo chedóir.
Giollacaoimhghin, mac Dunlaing, mic Tuathail, righdamhna
Laighen do mharbhadh do Laighnibh budhdhéin .i. do Laoighis.
Ailéni mac Oissene, tigherna Mughdorn, agus oissene Ua
Cathassaigh, tigherna Saithne, do mharbhadh lá Gaileangaibh.
Ruaidhri, mac Faoláin, tigherna Fothart, do mharbhadh.



Aois Críost, míle a naoi décc.
An seiseadh bliadhain do Mhaoilechlaind.
Maolmhuaidh Ua Maolmhuaidh, tigherna Fear cCeall, do mharbhadh
hi Maigh Léne lá Muirchertach Ua Carraigh.
Slóicchedh lá Maolseachlainn, agus lá hUa Néill agus lá
Donnchadh mac Briain, agus lá hArt Ua Ruairc, co Sionainn, co
ttuccsat giolla Connacht do Mhaolsechloind.
Flaithbhertach Ua hEochadha do dhalladh lá Niall mac Eochadha.
Tearmann Findia do orgain ó Uibh Faoláin.
Domhnall,


L. 796


mac Muiredhaigh, tigherna Ua Máine, do mharbhadh.
Aedh Ua hIndreachtaigh, tigherna Ua Méith, do mharbhadh lá
hUibh Nialláin.
Cúluachra Ua Conchobhair, tigherna Ciarraighe Luachra, do écc.



Aois Críost, míle fiche.
An sechtmhadh bliadhain do Maoilechlainn.
Corbmac Ua Find
suí epscop Mumhan, décc.
Ardmacha do losccadh
gus an raith uile, gan tesarccain
aoin tighe inte cenmotha an teach screaptra
namá agus ro loisccthi iol taighe is na treabhaibh, agus ro losccadh
in Doimhliacc mór, agus
in Cloictheach co na
cloccaibh, agus Daimhliagg na Toe, agus
Daimhliacc an tSabhaill, agus an tsen cathaoir proicepta, agus
Carpat na nAbbadh,
agus a liubhair i ttaighibh na mac leighinn
co niomatt óir, agus airgit,
agus gach seoit archena.
Ceall dara co na
dertoigh do losccadh.
Glend da locha co na
derthaighibh do losccadh.
Losccadh Cluana Ioraird, Arand, Suird,
agus Cluana mic Nóis.
Scrín Pattraicc, agus an
Finnfoideach Pattraicc do orccain ó
ingrinntibh, agus lá hUa nAidith,
agus lá hiochtar Ua nEachdach,
co ruccsatt uii céd bó leó.
Maolmuire, mac Eochadha,
comhorba Patraicc, cend clérech
iarthair thuaisceirt Eorpa
uile, agus tuile


L. 798


ordáin iarthair domhain in tsui
eccnaidhe do écc,
an tres lá do mí Iun isin Aoine ria
cCincthídhies do shonnradh, agus
Amhalghaidh i ccomharbas Pátraicc
do réir tuaithe agus ecclaisi.



Aois Críost, míle fiche a haen.
An tochtmadh bliadhain do Mhaoilechlainn.
Maonach, saccart agus airchinneach
Lainne Léire, do écc.
Maolmaire, inghen Amhlaoibh, ben Maoilechlainn mic Domhnaill,
dég. Aod, mac Flainn, mic Maoilshechlainn, ríoghdhamhna Ereann, do
mharbhadh do Ua Maighteacháin do Fheraibh Bile.
Branacán Ua Maoiluidhir airrí Midhe, do bhádhadh dia
bealtainne hi Loch Aindind,
agus Mac Conailligh, prímh reachtaire
Maolsechlainn, do écc, iar norccain
Scríne Ciaráin dóibh a
ndís. Hi ccinn nómhaidhe iars an orccain.
Maidhm ria nUghaire, mac
Dunlaing, ria rígh Laighen, for
Sitricc, mac Amhlaoibh,
co nGallaibh Atha cliath occ Derge
Mogoróg, co ro ladh derg ár
Gall i nUibh Briuin Cualand.
Cúcaille, mac Dubhlaich,
tigherna Fear Tulach, décc.
Cúcaille, mac Marcáin, do mharbhadh lá Síol nAnmchadha.
Mac Conchenainn, tigherna Ua nDiarmada,
do mharbhadh la hUibh Gadhra.
Creach mhór lá Maolsechlainn for
Gulla, agus creach isin
oidhche chédna iaramh la hUibh Néill for Chiannachtaibh.
Crech mhór isin lá arnamharach lá Maolsechlainn
for Cenél nEocchain, agus a nionnarbadh tar
Sliabh Fuaid fó thuaidh.
Mac Eitigh mic Follamhain, toiseach Cloinne Fuadach, do écc.
Fros cruithneachta


L. 800


do fherthain i nOsraighibh.
Amhalghaidh, comharba Pátraicc,
do dhol isin Mumhain cédna
cur, co ttucc a mhór chuairt.



Aois Críost, míle fiche a dó.
Maidhm Atha buidhe Tlachtgha ria
Maolsechlainn for
Ghalloibh Atha cliath, dú i ttorchrattar ile, dia nebhraidh,




A chosccar dearg deidhenach, feasccor occ an Ath mbuidhe,
Triocha láithe léimendach osin co cend a uidhe.




Mí dho ina bhethaidh iarsin. Maoileachlainn Mór, mac
Domhnaill, mic Donnchadha, tuir ordain, agus oireachais iarthair
dhomhain, do écc hí cCró Inis Lócha hAinind,
iar mbeith trí bliadhna cethrachat
i righe uas Erinn,
madh iar lebhar Cluana mic Nóis,
.i. ag cor righe Briain,
mic Cinneidhigh, ans an áiremh,
i necmhaing naoi mbliadhna iar cCath
Cluana tarbh isin treas bliadhain sechtmoghat
a aoisi, an cethramhadh Nóin do September dia domhnaigh
do shonnradh, iar naithrighe dhíocra ina phecthoibh agus tairmtheachtaibh,
iar nairittin chuirp Criost, agus a fhola,
agus iar na ongadh illamhaibh Amhalgadha,
comharba Pattraicc
ar ro bhaoi sidhe, agus comharba
Cholaim Chille, agus comharba Ciaráin,
agus ermhór sruithedh Erenn
hi ffrecnarcus occa, agus ro chelebhairsiot oiffrinn, agus imna,
psalma, agus cantice do raith a anma. Bá liach do
aidilccneachaibh an coimhdhe an bás sin Maoilshechlainn
amhail as follus isin rann,




Trí chéd port occ an rígh, imma topar broit is bídh,
Altrom ó rígh na ndúile i medhón gach dúine díbh.


L. 802



As do bhliadhnaibh bháis Maoileachlainn bheós ro
raidhedh,




Dá bhliadhain dá dheich is míle, ó ghein Criost cenn gach ríghe,
Go hécc uí Colmáin na ccreach, Maolsechlainn comlán cuimhneach.




Flann Ua Tacáin, airchinneach Dermhaighe,
eccnaidh derscaighthe,
agus Maolcobha Ua Gallchubhair, comhorba
Scríne Adhamhnáin, décc.
Lachtnán Insi Caoin, comharba Deagha,
décc i nArd Macha.
Cathasach Ua Garbháin,
ferleighinn Cluana mic Nóis, do
Chuircnibh a chenel,
agus Ioseph, mac Dúnchadha, anmchara
Cluana mic Nóis, décc.
Athair Coinn na mBocht esidhe.
Muiren na tengadh do mharbhadh ó dhibh gillibh
do Luighnibh.
Domhnall, Ua Murchadha Gluineillar, tigherna an
tuaisceirt, do
mharbhadh lá Ciannachtaibh Glinne Geimhin.
Domhnall, mac Aodha Uí Mhaoldoraidh, do
mharbhadh. Muiredhach Ua Slebhene, ard ollamh
tuaisceirt Ereann, do
mharbhadh lá fiora Rois.
Mac Cerbhaill, tighearna Ele,
agus Domhnall, mac Ceallaigh,
flaith Fothart,
do mharbhadh. Sitriocc, mac
Iomhair, tigherna Phuirt Láirge, do
mharbhadh la tigherna Osraighe.
Macleighinn, mac Coirill,
tigherna Oirghiall,
do écc iar bpennaind ina phecthaibh.
Mathghamhain, mac Laidhgnéin,
mic Cerbhaill, tigherna
Fernmhaighe, do mharbhadh hi
cCluain Eoais
lá Cathal Ua Críocháin.
Muirchertach Ua Carraigh Calma


L. 804


do mharbhadh lá Maolsechlainn God i meabhail.
Muirchomhrac for san ffaircci ettir
Ghallaibh Ata cliath agus
Niall mac Eochadha, rí Uladh,
co raeimhidh fors na Gulla, agus
tuccadh iadféin i mbroit, agus tuccadh dan, a longa
leó acht uathadh atrula as ar éiccin. Flathroi, mac
Duibhslángha, mic Aodha mic Tomaltaigh, tigherna Leithe Cathail,
do thuitim las na Gallaibh
isin murchomhrac sin isin sechtmhadh mbliadhain
décc a aoisi.
Donnchadh, toisech
Cloinne Cathail, décc.
Cloichshnechta di mhór ro fer isin Samhradh, combdar
meíde ubhla fiadhain na clocha, agus ro artraigh toirneach, agus
teinnteach mór, co ro mudhaigheadh daoine agus
ceathra seachnón Eireann.
Orccain Chille dara
ó Dhonnsléibhe go nUibh Faoláin.
Maidhm hi Sliabh Fuaid for Airghiallaibh
ri Niall mac Eochadha, agus ro cuireadh deargár
Airghiall ann.



Aois Críost, míle fiche a trí.
Maolmaire Ua Cainen, eccnaidh agus epscop Suird Cholaim Chille,
décc.
Domhnall mac Aodha Bicc Uí Maoileachlainn, an dara
tigherna boí for Mídhe, do mharbhadh lá mac
Senain Uí Leocain agus lá Luighnibh.
Crech lá Gulla dar
deisceart mBregh, agus dar
Doimhliacc Chianáin, agus Ainbhith Ua Cathasaigh, toiseach na
Saitne, do mharbhadh dhóibh isin ló sin.
Dúnchadh Ua Duinn, tigherna Bregh,
feall do Ghallaibh
fair ina nairecht féin, agus a bhreith
dar muir sair dar sarucchadh Colaim
Cille ar asé a comharba bai
a ccomairce fris.
Lochlaind, mac Maoileachlainn,
tigherna Insi hEoghain agus
Maighe hItha, do mharbhadh lá a
dherbhrathair féin .i. lá Niall agus
lá Ciannachta Glinne Geimhin. Tadhg, mac Briain,
mic Cindeittigh, do mharbhadh do Eilibh i fiull, iar na eráil
dia bhrathair féin do Dhonnchadh, forrae.
Conchobhar, mac Aenghusa, mac Carraicch Calma, do mharbhadh
las na Gutta i meabhail.
Tearmann Cluana mic Nóis
do orgain do Ghadhra, mac Dunadhaigh,
go ruc ilcheda bó ass.
Slóighedh lá hUa Conchobhair, .i. Tadhg an eich ghil, rí
Connacht, i nUibh Briuin,
dia ro marbhadh ann Domhnall


L. 806


Ua hEaghra, tigherna Luighne Connacht.
Erard Mac Coisse,
árd chroinicidh na
nGaoidheal, décc hi
Cluain mic Nóis,
iar ndeighbhethaidh.



Aois Críost, mile fiche a cethair.
Fachtna ferleighind agus sagart
Cluana mic Nóis,
aircinneach Fiondabhrach abhae,
aircindeach indeidhnen, abb na
nGaoidheal,
décc hi Róimh iar ndol dia oilethre.
Dubhshláine, prímh anmchara na nGaoidheal,
agus saccart Aird Brecain,
décc hí cCluain mic Nóis.
Dondsléibhe, tigherna
Ua Faolain, do ghabháil tighe oc
Dhubhloch for Augaire, mac Dúnlaing,
for rígh Laighen, agus for
Mhaolmórdha mac Lorcáin, tigherna Ua cCeinnsealaigh, agus
for a mhac, agus ro marbtha iatt a ttriur and lá
Donnsleibhe.
Cuán, Ua Lothcháin,
primhécces Ereann,
agus saoi senchaidh,
do mharbhadh i tTethbha, agus brénaitt
a naon uair an lucht ro marbh, agus is firt filidh
indsin. Cúchaille, mac Gairbhith,
dferaibh Bregh, décc.
Donnslébhe, mac Maoilmordha, tigherna Ua Faeláin, do thocht
for creich i nUibh Failghe
conas tarraidh tigherna
Ua Failge agus dream do Uibh Muireadhaigh
co ro marbhsat é isin ionadh in ro
roindedh creich Cille dara.
Cath Atha na croisi hi cCorand eittir
Ua Maoldoraidh agus
Ua Ruairc, go raoimhidh for Ua Ruairc,
agus ro ladh ár a mhuinntire .i. fiche céd
aseadh torchrattar ann im Ruarc Ua nDiarmada,
tanaisi Breifne. As do ro raidhedh,


L. 808



An cath oc Ath na croisi fechattar fir cen taissi,
Ro líon do collaibh Corann as la Conall a mhaissi.




Cath ele etorra go rimheadh for fhiora Brefne, go ttorchair mac
tighernáin ann. Slóicchedh lá mac nEochadha go
Gallu, go ro loisccedh
lais, agus go ttucc gialla
Gaoidheal uadhaibh.
Slóicchedh lá hOsraighibh,
agus lá Laighnibh co Talcainde,
agus do ratsat seóda agus gialla
ó Ghallaibh.
Maidhm na nErland ria nGearrgaolla for Gulla.
Domhnall mac Aodha, ríoghdhamhna Oiligh, do mharbhadh do
Ghiollamura mac Occáin.
Maoldúin Ua Conchaille,
tigherna Ua Nialláin,
do mharbhadh do Uibh Dortaind.
Maolruanaidh Ua Ciarrdhai, tigherna Cairpre, décc.
Ar fher Mumhan do chuir lá
Donnchadh, mac Aodha i
nGlionn Uisen, tre miorbhail
Dé agus Comhdháin.



Aois Críost, mile fiche a cúicc.
Flannabhra, comharba Iae Colaim Chille,
Maoleóin Ua Toráin,
comharba Doire Cholaim Chille,
Cendfaoladh, mac Flaithbertaigh,
comharba Molaisi Daimhinsi,
agus Giollacriost a ferléighinn, décc.
Maolbríghdi Ua Richiden, comharba Finnia
agus Comhgaill, décc.
Duibhinsi Ua Faircheallaigh,
abb Droma lethain,
Saorbhrethach, abb Imleacha Iubhair, tuir tochaidh agus
ordain iarthair Ereand esidhe,
agus Muiredhach, mac Mucchróin, comharba Ciaráin agus Commáin,
décc. Do mhuintir Imlicch Fordeorach dó.
Niall Ua Concobhair,
ríoghdhamhna Connacht, do
mharbhadh. Mactíre, mac Donnghaile,


L. 810


tánaisi Teathbha, do mharbhadh. Gearrgaola,
tigherna Brecch, do mharbhadh agus do losccadh do dheiscert Bregh
agus do Mathghamhain Ua Riaccáin.
Slóichcedh lá Flaithbertach Ua Néill i mBreghaibh, co ttucc
gialla Gaoidheal
ó Ghallaibh. Slóicchedh lá Domhnall Gott i mBreghaibh,
go ro indarb hUi Néill tar Sliabh Fuaid
fo thuaidh, agus co farccaibhsiot a sciatha agus a neocha lais, agus co
ttucc aittire fer mBregh uaidhibh. Maolsechloind Gott tigherna
Midhe, do écc fo cedóir dar a eisi.
Ua Comhaltáin Uí Chléirigh, tigherna
Ua Fiachrach Aidhne, décc.
Crech lá Cathalán tigherna Fernmhaighe
for Feraibh Manach.
Creach lá Fiora Mhanach fo chedóir
go Loch nUaithne, go ro loiscset, agus co ro mharbhsat
secht fir décc for bhrú an locha.
Dúnghal Ua Donnchadha, rí Caisil, do écc.
Tearmann feichín
do arccain agus do losccadh aidhche Nottlacc
mór lá hUibh Críocháin.



Aois Criost, míle fiche a sé.
Conall Ua Cilline, comharba Cronáin Tuama Gréine,
Maolpattraicc Ua Ailecain
ferleighind Duin Lethglaisse
décc. Maolruanaidh Ua Maoldoraidh, tigherna Ceniuil Conaill,
do dhol tar muir dia oilithre.
Slóicchedh lá Donnchadh, mac Briain,
co ttucc Gialla fer Midhe
agus mBregh, Gall, Laighen, agus Osraighe.
Slóichcedh lá Flaithbhertach Ua Néill
agus lá Maolsechloind, mac
Maolruanaidh, hí Midhe,
co ttuccsatt gialla, agus go ndeachsat
for lic oighreadh i nInis Mochta,
agus ro indirsett in inis for Ghallaibh.
Muircheartach, mac Conghalaigh, tigherna Ua fFoilghe
do mharbhadh lá Gallaibh Atha cliath.
Aimhirgin Ua Mórdha, tigherna Laoighisi, agus Cuduiligh Ua Beargdu,


L. 812


tigherna Ua nDuach, do mharbhadh la aroile, agus comh ár Ua nDuach,
agus Laighisi, acht ro meabhaidh for Ua nDuach.
Maidhm ria Roen for Ghulla Atha cliat occ Loich Rén.
Crechshlóichcedh lá hOsraighibh
in Uibh Muiredhaigh, agus ruccsat
gabhala móra, agus ro ghonsat Muirchertach, mac Dunlaing.
Do dheochattar Ui Muiredhaigh
i nOsraighibh, co ro oirccsett
Tealach nDimaind,
agus ro marbhsat an secnapaidh.
Slóichcedh la tigherna nOsraighe in Uibh Ceinnsealaigh co ros indir.
Trí catha do bhrisedh do
Raon, mac Muirchertaigh, mic Maoileachlaind,
do rioghdhamhna Temhra, .i. do Chloinn
Cholmain, cath for fiora Midhe,
cath for fhiora Bregh, agus cath
for Ghallaibh Atha cliath.
An clochan óthá Garrdha in bhainbh co hIlaidh na ttri ccros
do dhénamh lá Bresal Conailleach hí
cCluain mic Nóis.
Crech mór lá Gerr an cogaidh for
Domhnach Sechnaill,
agus Gerr an chogaidh fésin do mharbhadh ar na mharach,
agus a dhá bhráthair immaille fris .i. Etigen,
agus Giollamaith, lá Muiredhach Ua Céle
ina thigh fén, tré fertaibh Dé agus Sechnaill
indsin.



Aois Críost, míle fiche a seacht.
Dunchadh mac Giollamochonna, comharba
Sechnaill, an teccnaidh bá dearsccaighthi dEirionchaibh, décc
hi cColóin san nGermáin.
Maolruanaidh Ua Maoldoraidh,
tigherna Cenel Conaill,
do ecc ina oilithre.
Ruaidhri mac Foghartaigh,
tigherna deisceirt Bregh,
dég iar naithrighe agus iar sendataidh.
Tadhg mac Giollapattraig do dhalladh lá tigherna


L. 814


Osraighe, Donncadh mac Giollapattraicc.
Slóighedh lá Donnchadh, mac Briain
i nOsraighibh, go raoimhidh
for a mhuintir, agus ro marbhadh an tan sin Gadhra mac
Dúnadhaigh, tigherna Síl nAnmchadha,
agus Domhnall, mac Sencháin,
mic Flaithbertaigh, rioghdhamhna Mumhan,
Maolsechloinn, mac Concobhair,
tigherna Corco Modhruadh,
agus dá mhac Cuilén, mic Conchobhair, tigherna agus tanaisi
O Conaill, dá mhac Ecceartaigh,
tigherna agus tanaisi Eocchanachta,
agus Occán Ua Cuirc, mac Anluain, mic Ceindeittigh, agus
sochaidhe oile nach airemhther.
Scrín Cholaim Chille do orgain do Raen, agus boraimhe mór do
breith esde. Scrín Mocholmócc
do arccain lá hAmhlaoibh
agus lá Dunchadh tigherna Bregh.
Slóicchedh lá Sitriocc, mac Amhlaoibh
agus lá Dúnchadh, tigherna Bregh
i Mídhe co Léicc mBladhma co comharnacthar friú fir Midhe
im Roen Ua Maoilechlainn.
Ferthar cath etorra. Maidheadh for Gallaibh,
agus for fhiora Bregh. Cuirther a nár im
Dhúnchadh, mac Duinn, tigherna Bregh,
agus im Ghiollausaille mac Giollacaoimhghin,
tighearna Ua mBriúin Chualann. Soiter for Roen doridhisi,
agus maidhedh fair, agus marbhthar Roen,
tigherna Midhe co sochaidhibh oile.
Cathalán Ua Criocháin, tigherna Fernmhaighe, agus Airghiall
archena, agus Cúlocha Ua Gairbhith, tigherna Ua Meith do
chomhtuitim fria roile.
Domhnall, mac Flaithbhertaigh Ui Néill,
décc. Creach lá Cenél Eoghain
for Ultoibh, co ttuccsat bóromha mhór.
Mac Cuind, mic Dondghaile,
ríghdhamhna Tethbha, décc.


L. 816


Aois Críost, míle fiche a hocht.
Tuathal Ua Dubhannaigh, espucc
Cluana Iraird,
an teaspucc Ua Suairlich,
agus Tadhg, mac Eathach, airchindeach
Cille Dalua, décc. Art Ua Dunchadha,
airchinneach Mungairti, dég.
Giollacriost, mac Duibhchuilinn, uasal shagart Arda Macha,
décc i Ros Comáin.
Cosenmach, mac Duibheachtgha, comharba Tola,
Giollapattraicc Ua Flaithbhertaicch, airchindeach Suird,
Cormac, Sagart Cenannsa,
Maolpattraig Ua Baoghalán, Sacart Cluana mic Nóis,
Flaithnia hUa Tighernáin, ferleighinn Cille Dacheallócc,
agus Cernach, aistire Cluana mic Nóis, décc.
Brian Ua Conchobhair, Scorn Ua Ruairc, Flaithbhertach Ua
hErudain, agus Conchobhar, mac Eochadha, do
mharbhadh. Maolmordha, tigherna Fer Rois,
do mharbhadh la Conaillibh Muirtheimhne.
Mac Concuailgne, tigherna Ua nEathach,
do écc. Flannaccán Ua Ceallaigh, tigherna Bregh, agus
Sitriocc, mac Amhlaoibh, tigherna Gall,
do dhol do Róimh.
Crech lá Cenel nEochcain
i tTir Conaill, go ttuccsat
gabhála móra. Donn Ua Conghalaigh
do mharbhadh do Conaillibh.
Derthech Sláine do thuitim.
Bec Ua hAghda, tigherna Teathbha,
do mharbhadh.



Aois Criost, mile fiche a naoi.
Donnsléibhe Ua Brogarbháin, tigherna Ua Foilghe, do
mharbhadh. Donnchadh Ua Donnacáin, tigherna Fernmhaighe, agus
Cionaedh, mac Angheirrce, tigherna Conailli do chomhthuitim hí
Cill Slébhe. Brian Ua Concobhair,
ríoghdhamhna Connacht, do mharbhadh do
Mhaolsechlainn, mac Maolruanaidh, tighearna Crumhthann.
Muirchertach Ua Maoldoraidh do mharbhadh do Uibh Canannáin oc
Raith Canannáin.
Aodh Ua Ruairc, tigherna Dartraighe, agus tigherna
Coirpre, agus Aengus Ua hAenghusa, airchinneach Droma cliabh,
agus trí fichet
duine do losccadh imaille friu i nInis na lainde hi cCoirpre


L. 818


Móir. Amhlaoibh, mac Sitriocca, tigherna Gall
do ergabháil do Mathghamhain Ua Riagáin, tigherna Bregh,
agus do bhen da chéd décc bó dfuasccladh ass,
agus secht fichit each mBrethnach,
agus tri fichit uinge dór, agus cloidhemh Carlusa,
agus aittire Gaidheal
eittir Laighnibh, agus Leth Cuind,
agus tri fichit uinge dairget ghil
ina unga geimhlech, agus ceithre fichit bó fhocail,
agus impidhe, agus ceithre heittire dO Riagáin féin fri
sith, agus lán lógh braghatt an treas aittire.
Maolcolaim, mac Maoilbríghde, mic Ruaidhri,
décc. Conchobhar, ríoghdhamhna Connacht, do dhalladh la
Tadhg Ua cConchobhair.
Maolbríghde, priomhshaor Ereann, décc.



Aois Críost, míle triocha.
Breasal Conailleach, comharba Ciaráin, décc.
Maolmartain, espog Cille dara, décc.
Eochaidh Ua Cethenen
comharba Tighernaigh, ardshaoi Ereann i
negna, décc i nArdmacha.
Aonghus Ua Cruimthir, comharba Comhghaill,
Tuathal Ua Garbhain, espog Cilli Cuilinn,
agus Maelodhar Dall, ferleighinn
Cille Achaidh, décc.
Flann Ua Ceallaigh, comharba Caoimhghin, décc i
cCluain mic Nóis. Erchra gréine
hi prid Calainn September. Bachall Iosa
do shárucchadh im thri caiplibh,
agus ro marbhadh ria cionn nomhaide an fear ro da sháraigh.
Flaithbhertach Ua Néill do dhul do Róimh dia
oilithre. Ruaidhri Ua Canannáin, tigherna Cenel Conaill, do
mharbhadh oc Modhairn lá hAodh Ua Néill, agus creach an tsneachta
ainm an tslócchaidh dia ro marbhadh.
Tadhg an eich ghil Ua Concobhair,
.i. rí Connacht, do mharbhadh las an nGott .i. lá
Maolsechlainn Ua Maolruanaidh,
tigherna Midhe agus Cremthainne.
Aodh Ua Maoldoraidh do mharbhadh la hArt Ua Ruairc.
Maidhm for Ua Maoleachlainn, .i. Concobhar, rias an nGott,
.i. Domhnall, dú i ttorchair


L. 820


hUa Cernacháin tigherna Luighne,
agus ba hesidhe maidhm Atha Ferna. Righe Midhe do
ghabháil do Ua Maolsechlainn iar na ionnarbadh ar Loch Ribh
las in nGott hUa Maeileachlainn.
Tadhg, mac Lorcáin, tigherna Ua Ceinnsealaigh, do écc ina
oilithre i nGlionn dá locha.
Cumara mac Micliacc, ard ollamh Ereann, décc.
Maeldúin, mac Ciarmhaic,
tigherna Cheineoil mBinnigh, do mharbhadh la
Conchobhar Ua Loingsigh.
Conchobhar, mac Taidhg Uí Cheallaigh, tigherna
Ua Máine, do mharbhadh lá feraibh Tethbha.
Domhnall Gott, rí Midhe,
do mharbhadh tre mebhail o
Choincaratt Ua Cobhthaigh ó a amhus fein.
Gormlaith, inghen Murchadha, mic Find, máthair righ Gall
.i. Sittrig, agus Donnchaidh mic Briain, righ Mumhan, agus
Choncobhaír, mic Maoilechlainn,
rígh Temhra, décc. Así an Gormlaith si
ro ling na trí léimeannae, dia nebradh,




Trí léimeanna ro ling Gormlaith,
Ní lingfedh ben co bráth,
Léim in Ath cliath, léim i tTemhraigh,
Léim i cCaisel Cornmaigh ós cach.




Comhtuitim do Choingaileng agus do mhac Senáin Ui Leochain, dá
rioghdhamhna Gaileng.
Fland Ua Flaind, tigherna Gaileng, do écc in aitthríchce hi
cCenannus. Donnchadh,
tigherna Cairpre, do mharbhadh la hUibh Fiachrach Muirisc
i ndoras tighe Scríne Adhamhnáin.
Tuathal Ua Dubhanaigh, epscop Cluana Eraird, décc, iar ndeighbhetha.


L. 822


Aois Criost, míle triocha a haon.
Cathusach, comharba Finghin, do dhalladh.
Maolsuthain, anmchara Briain, mic Ceindeittigh,
agus Conaincc Ua Cerbhaill, airchinnech Glinne dá locha, ceann
crábhaidh, agus déirce na nGaoidhel, décc.
Mac Find, airchinnech tighe aoidhedh Cluana mic Nóis,
agus Mac Delbhaoith, comharba Cronáin Tuama Greíne, décc.
Flaithbhertach Ua Néill do thoidheacht ó Róimh. As fri reimhes
Flaithbhertaigh fo gaibhthi an connradh dimhór in Ard Macha amail
as follus isin rand,




Seisedhach do ghrán corca,
No trian dáirnibh dubh corcra,
No do dercnaibh darach duinn,
No do cnoibh falach fionncuill.
Fogaibhthe gan tacha tinn,
In Ard Macha ar aon pinginn.




Ard mBrecain do arccain do Ghallaibh Atha cliath, agus dá chéd do
daoinibh do losccadh isin doimhliacc, agus dá céd do bhreith i mbroitt.
Inis Eoghain do arccain do Flaithbheartach, mac
Muirchertaigh Ui Néill, agus dia mac .i. Aodh.
Slóichcedh la mac nEochadha co Tealach Occ, agus nocha ttarraidh ní.
Aodh Ua Néill do dhol thairis sair co ttucc trí mhíle do bhuaibh, agus
da céd ar mhíle do bhroitt.
Ua Donnacáin, tigherna Arad thíre, do mharbhadh lá hUa mBriain,
.i. Toirdhelbhach.
Ua hAghda, .i. Aghda mac Giollacoluim, tigherna
Tethbha do bhásúcchadh lá a braithribh lá Muintir Maoilfhinn.
Gluniairn, mac Sitricc, do mharbhadh la deiscert
Breagh.
Diarmait, mac Domhnaill, mic Faoláin, tigherna na
nDeisi, agus Donnslébhe, a bhráthair, do mharbhadh lá
Muirchertach, mac Briain, hi ccath Sléibhe Cua.
Indredh nOsraighe lá Donnchadh mac Briain, co ro marbhsat
Osraighe don cur sin an Gillarintach Ua Anradhain, agus dá Ua
Maoilechlainn, mic Floinnabhratt, dá rioghdhamhna Chonaill
Gabhra, agus


L. 824


Maolcoluim Caonraighech.
Giollachomhghaill Ua Slebhene, primhollamh tuaisceirt
Ereann, décc. Cond na mBocht, cend Celedh ndhé, agus ancoiri,
Cluana mic Nóis, do chéid tionól airghe do bochtaibh Cluana i
nIseal Chiaráin,
agus ro edhbair fiche bó uaidh féin inntí. As dó do
ráidheadh,




A Chuinn Chluana, atclos tú a hErind i nAlbain,
A chind ordain, nochan usa do chill dargain.




Flaithbhertach Ua Murchadha, taoiseach Cenel mBogaine, do écc.
Cuslébhe Ua Dobhailen, taoiseach Corca fhirtri, do mharbhadh i fiull.
Ua Ruairc, Art, .i. an Caileach, do argain Cluana ferta Brénainn,
agus ro meabhaidh fair isin lo cédna ria nDonnchadh mac Briain go
ffargaibh ár daoine agus ethar.
Raghnall mac Raghnaill, mic Iomhair, tigherna Puirt Lairge,
do mharbhadh i nAth cliath i fiull.



Aois Críost, míle triocha a dó.
Maolmordha angcoire décc.
Mughron Ua Níoc, abb Tuama dha Ghualann, décc.
Duibhindsi, liachtaire Cluana mic Nóis, décc.
Domhnall, mac Maolruanaidh Uí Mhaoldoraidh, tigherna
Ceniuil Conaill, do mharbhadh lá Cloind Fhianghasa.
Mac Mathghamhna, mic Muiredhaigh, tigherna Ciarraighe do
mharbhadh. Diarmaitt mac Eathach, cend cloinde Scandláin,
décc. Donnghal, mac Duinnchothaigh, tigherna Gaileng, do
mharbhadh do Ua Carraigh.
Etru Ua Conaing, ríoghdhamhna Mumhan, do mharbhadh lá
muintir Imleacha Ibhair.
Maidhm Droma Bendchuir for Ultaibh ria
nAirghiallaibh.
Maidhm Inbhir Boinne ria Sitrioc, mac Amhlaoibh for
Conaillibh agus for Uibh tTortáin, agus for Uibh Méith, in ro ládh
a nár .i. trí chéd idir mharbhadh agus ergabhail.
Conchobhar, mac Maoilechlainn Uí Dubhdai, do mharbhadh
dia bhráthair, .i. do mhac Néill I Dhubhdai.
Ceallach mac Dunchadha, tigherna Ua nDúnchadha,


L. 826


décc. Mathghamhain Ua Riagáin, tigherna Bregh, do thuitim la
Domhnall hUa Ceallaigh, is in domhnach ria cCaisc.
Domnall hUa Ceallaigh, mac Flannaccáin, do dhalladh lá
Muirchertach Ua Ceallaigh.
Aongus Ua Tighernáin, do mharbhadh do Chenél Aodha.
Murchadh, mac Searraigh, tigerna Coirpre Móiri, décc.
Muirchertach, mac (no Ua) Maoilsechlainn do dhalladh la
Conchobhar Ua Maoileachlainn.
Tadhg Ua Guaire, tigherna Ua Cuilinn, do mharbhadh la mac
Maoil na mbó.
Mac Conconnacht .i. Ua Dunadhaigh, tigherna Sil nAnmchadha, do
mharbhadh. Maoltuile, epscop Arda Macha, do écc.



Aois Críost, míle triocha a trí.
Muiredhach Ua Maonacáin, uasal espog agus angcoire,
agus Muiredhach Ua Mancháin, comhorba Cronáin, décc.
Conn Ua Sinaich, ardangcoire Connacht, décc.
Conn, mac Maoilepáttraicc, airchindeách Mungairti agus
Disirt Oenghusa, décc.
Aedh mac Flaithbhertaigh Uí Néill, tigherna Oiligh, agus
ríoghdhamhna Ereann, décc, iar naithrighe agus pennaind
tochcaidhe aidhche fhéile Andreas.
Maidhm ria Murchadh Ua Maoilechlainn for Conchobhar Ua Maoileachlainn,
in ro marbadh Maolruanaidh Ua Carraigh Calma,
agus Lorcan Ua Caindelbháin, tigherna Laoghairi, agus tigherna
Fer cCúl, co sochaidhibh oile.
Conchobhar Ua Muiredhaigh, tigherna Ciarraighe, do mharbhadh.
Aenach Carman do dhenamh lá Donnchadh mac Giollaphattraicc iar
ngabhail righe Laighen do go maithibh laoch agus cléreach
Laighen, agus Osraighe mar aen ris. Maidhm etir Ele agus
Ui Fiachrach Aidhne, i ttorchair Braen Ua Clérigh, agus Muiredhach
mac Giollapattraicc co sochaidhibh oile.
Aimhirgin Ua Cerbhaill, tigherna Ele, décc.
Aenghas Ua Cathail, tigherna Eoghanachta Locha Léin, do mharbhadh.
Scrín Phettar, agus Phóil acc tepersain fola for altóir
Pattraicc i nArd Macha hi fiadhnaise caich i coitchinne.
Focchartach Ua Aedha, tigherna Muighe (no Tuaithi) Luircc,
agus Ua Fiachrach Ardasratha, do mharbhadh do fheraibh


L. 828


manach. Disert Maoiletuile do argain do Murchadh Ua Maoileachlainn.
Murchadh Ua Maoileachlainn (.i. mac Maoileachlainn Guit) do
mharbhadh i meabail la Mac Iarnáin .i. la toiseach Cuircne i
ninis Locha Semhdedhe.
Find Ua Dúnghalaigh, tigherna Musccraighe thíre,
décc. Cumumhan, mac Ruaidhri Uí Chetfadha décc.
Disert Mhaoiltuile dorccain do Murchadh ó Mhaoilechlainn.



Aois Críost, mile triocha a cethair.
Cathal Mairtir, airchindeach Corcaighe, décc. Oenghas, mac
Flainn, fer leighind Cluana mic Nóis, ard eagnaidh iarthair
dhomhain décc iar naithrighe. Maicnia Ua hUachtain fer leighinn
Cenannsa, do bháthadh oc tocht a hAlbain cu lebadh Coluim Cille,
agus trí minda do
mhiondaibh Phattraicc, agus triocha do dhaoinibh imaille
fris. Giollaseachnaill, mac Giollamochonna, tigherna deisceirt
Bregh, do mharbhadh fa fiora Roiss.
Dubhdaingen, tigherna Condacht, do mharbhadh la Connachtaibh
féissin. Dondchadh, mac Briain do iondradh Osraighe.
Giollacolaim hUa Riaccáin, tigherna deiscceirt Bregh, do thuitim
lá Muirchertach hUa Ceallaigh.
Giollapattraicc Ua Flannagáin, tigherna Teathbha, do thuitim lá
Breaghmhainibh.
Muiredhach Ua Flaithbhertaigh, tigherna Ua mBriuin Seóla, dég.
Coirten hUa Maolruain, tigherna Dealbhna, do mharbhadh for tairsioch
Disirt Tola ó a muintir féissin, agus ro imir Tola Tria neart Dé
díoghail for an tí ro da sháraigh, ar ro marbhadh isin uair chéadna.
Giollaulartaigh, tigherna na nDéisi Bregh,
Cathal, mac Amhalghadha, tigherna Ua Ceallaigh


L. 830


Cualann, agus a bhen .i. inghen mic Giollacoimhghin, do mharbhadh
do mhac Ceallaigh mic Dunchadha, agus do mac Aodha, mic Tuathail.
Amhlaoibh, mac Sittriocca, do mharbhadh lá Saxanaibh ag dol do Róimh.



Aois Críost, míle triocha a cúicc.
Flaithbhertach Ua Murchadha, tigherna Ceniúil mBoghaine, do
mharbhadh co ndruing oile amaille fris.
Iarnán Ua Flandchadha (cú na naemh agus na bfírén do ghairthí dhe)
do techt ar creich i nDelbhna co na tairthetar uaite do Delbhna
co ttardsat iomairecc dó, agus ro ladh ár a mhuintire, agus ro marbhadh
Iarnán féin tré fiortaibh Dé agus na naemh.
Raghnall Ua hIomhair, tigherna Puirt Láircce, do mharbhadh i
nAth cliath lá Sitrioc, mac Amhlaoibh.
Ard mBrecain do orccain do Sitriocc iaramh, agus Sord Cholaim Chille
do orccain agus do losccadh do Chonchobhar Ua Maoilechlainn ina díoghail.
Cúsléibhe, mac Dobhrain, tigherna Corca Firtrí,
décc. Cellusaille agus claonadh do orccain do Ghallaibh,
conus tairraidh mac Donnchaidh mac Domhnaill go ro lá a nderg ár.
Crech lá Donnchadh mac Dunlaing for Fheraibh Cualann, go ttucc
bó ghabhail mór agus broid.



Aois Críost, míle triocha a sé.
Aonghas Ua Flainn, comharba Brénainn Cluana ferta,
agus Ceallach Ua Selbhaigh (.i. espocc), comharba Bairri
sruith senóir Mumhan, décc.
Aenghas, mac Catháin, abb Corcaighe, décc.
Flaithbhertach an trosttáin Ua Néill, tigherna Oiligh, décc iar
ndeighbhethaidh agus iar bpennainn.
Maelechlainn Ua Maelruanaidh, tigherna Cremhthainne, do
mharbhadh lá hAodh Ua Concobhair, a ndioghail Thadhg an eich ghil,
agus Briain.
Domhnall Ua hUathmharáin, tigherna Fer Lí, do mharbhadh do
Dál nAraidhe.
Donnchadh, mac Floinn, rioghdhamhna Temhrach, do mharbhadh la
feraibh Bréifne.


L. 832


Scolócc .i. Niall Ua Flannagáin, tigherna Tethbha, do mharbhadh la
feraibh Tethba búdéin .i. lá Muinntir Tlamáin.
Murchadh Ua an Chapaill .i. Ua Flaithbhertaigh, agus Niall, mac
Muirghesa da ríoghdhamhna Iarthair Connacht, do mharbhadh.
Cúciche, mac Eccnecháin, tigherna Ceneoil Enda, décc.
Donnchadh, mac Dúnlaing, tigherna Laighen, do dhalladh
lá Donnchadh, mac Giollapadraicc co nerbail de a ccionn tsechtmaine.
Ruaidhri, mic Taidhg, mic Lorcáin, do dhalladh lá mac
Maoil na mbó .i. Diarmaid.
Diarmait, mac Donnchadha, tanaisi Osraighe, do mharbhadh.
Muirchertach, mac Giollapháttraicc, tigherna Leithe Ossraighe, do
mharbhadh dUa Caellaighi dia muintir féin i ffioll.
Cell dara agus Cenannus do losccadh.
Deartech Laithrigh Briúin do losccadh agus do orccain dferaibh Midhe.



Aois Críost, míle triocha a secht.
Flann, príoir Glinne hUisean, Cionaedh hUa Maoiltemhin,
sruithsenóir iarthair Laighen, dég.
Coirpre, mac Rodaighe, airchindech Eccailsi Bicce, décc.
Cathal mac Ruaidhri, tigherna iartair Connacht, do dhol dia
oilithre co hArd Macha. Flann, mac Domhnaill Ui Maoileachlainn,
do dhalladh la Conchobhar lá a dearbhrathair.
Trí hUí Maoldoraidh do mharbhadh lá hUa Canannáin.
Trí hUí Fhollamhain, agus Finnachta Ua Earchadha do mharbhadh
dAodh Ua Conchobhair.
Cúionmhain Ua Ruband, tigherna Puirt Lairge do mharbhadh
lá a chenél féissin.
Port Laircci do orccain, agus losccadh lá Diarmaitt, mac
Mail na mbó.
Scrín Cholaim Chille, agus Doimhliacc Chianáin do orccain do
Ghallaibh Atha cliath.
Muirghess Ua Conchenainn, tigherna Ua nDiarmada, décc.
Archú Ua Celecháin, tigherna Ua mBresail, agus Ruaidhri Ua Lorcáin,
tigherna Ua Nialláin, do mharbhadh i Craoibh Caille lá
Muiredhach Ua Ruadhacáin agus lá hUibh Eathach.
Cearnachán Gott do mharbhadh lá hUa Flannagain, .i. Sitriuc, do
Uibh Maine.
Gillacaeimhgin, mac Amhalghadha, tigherna Ua Ceallaigh do
mharbhadh do macaibh Aodha, mic Tuathail.
Iomhar do mharbhadh do Ghallaibh Puirt Lairge tre


L. 834


meabhail. Dunchadh mac Dunlaing, .i. rí Laigen, do erghabhail i
nDisert Diarmada, agus a dalladh do Donnchadh Mac Giollapadraicc, agus
a écc iaramh fo cedóir.
Ruaidhri, mac Taidhg Ui Lorcáin, tanaisi Ua cCennsealaigh, do
erghabháil i nDaimhliag Cille Cuilinn lá Donnchadh Mac Giollaphadraigh,
agus a dhalladh iarsin lá mac Maoil na mbó.



Aois Críost, míle triocha a hocht. Flaithbhertach, mac
Loingsicch, espucc agus fer leighinn Cluana mic Nois,
Cuindén, epscop, agus abb, agus ferleighinn Condére, comharba
Mic Neisi agus Cholmain Eala, hUa Gabhaidh, sui epscop
Disirt Diarmatta,
agus mac Céin, mic Maoilmhuaidh, décc.
Ailill Ua Cair, ferleighinn Dearmaighe,
Maolmártain Cam, ferleighinn Condére,
Flandaccán, ferleighinn Cille dara, décc.
Coirpre Ua Coimhghiollain, comharba Caindigh, décc i
Róimh. Colman Caech Ua Conghaile, comharba Molaisi,
Niall, mac Riagáin, oircinneach Sláine, do marbhadh lá hUa
Conduibh. Giollacriost, mac Cathbhairr Ui Domhnaill, gabhal
fulaing chogaidh, agus cosnamha Cenil Conaill, do mharbhadh lá mac
Cuinn Uí Domhnaill.
Ua Muireccein, tigherna Tethbha, do mharbhadh.
Laidhgnén hUa Leocáin, tigherna Gaileng, do
erghabhail. Cúduiligh Ua Donnchadha, ríoghdhamhna Caisil,
do mharbhadh do Uibh Faoláin.
Reachru do orccain do Ghallaibh.
Meas dí mhór isin mbliadhainsi, a sé a mhéd co ro mheth orca na norc.
Da Scaindir do cor idir Dhelbhna, agus Ua Maine i naine


L. 836


féle Ciaráin i cCluain mic Nóis, agus ro meabhador andis for
Ibh Maine, go ro marbadh triar ar caogaid dibh Maine.



Aois Críost, mile triocha a naoi.
Maicnia, epscop agus comharba Mainistreach Buithi,
Celechair Ua Cuilennáin, comharba Tighearnaigh,
agus Muiredhach, mac
Flannacáin, fosaircindech Arda Macha, décc.
Cloictheach Cluana Ioraird do thuitim. Domhnall mac
Donnchadha, tigherna Ua Faeláin, do mharbhadh lá
Domhnall Ua Ferghaile, tigherna na bFortuath.
Murchadh Ruadh, mac Maoileachlainn, do dhalladh lá
Conchobhar Ua Maoilechlaind.
Muiredhach, mac Flaithbhertaigh Uí Néill, do mharbhadh lá
hUibh Labhradha.
Donnchadh Dearcc, mac Airt .i. an Caileach Ui Ruairc, tigherna
airthir Connacht, fri láimh a athar, do mharbhadh lá
hAodh Ua cConcobhair.
Slóighedh lá Donnchadh, Mac Giollapháttraicc co nOsraighibh i
Midhe, co ro loiscset co Cnoghbha, agus co Drochat atha.
Aodh Ua Flannagáin, tigherna Luircc agus Ua fFiachrach, do mharbhadh.
Mac Ruaidhri, tigherna Fernmaighe, do thuitim lá a mhuintir féisin.
Mac Ruissi, tigherna Ceneoil Fhiachach, do mharbhadh lá tigherna
Fer Ceall.
Donnchadh Mac Giollaphátraicc, tigherna Osraighe agus Laighen
durmhór, décc iar mbeith i ngalar fhotta.



Aois Críost, mile ceathracha.
Maolmaire Ua Ochtáin, comharba Cholaim Chille agus Adhamhnáin,
décc. Dúnchadh Ua hAnchainge saoi tiachtana leigind Arda Macha, dég.
Cosccrach, mac Andgeadha, comharba Flannain agus Brenainn, dég
iar forbhadh a dhaighbhethadh. Diarmait Ua Sechnusaigh


L. 838


saoi eccna Leithe Cuind, agus comharbhadh Sechnaill, décc.
Corcrán Cleirech, angcoire, airdchend iarthair Eorpa ar chrábhaidh
agus eccna eisidhe, agus a écc hi Lioss mór.
Echtigherna, mac Brain, tigherna Breghmhaine, décc.
Ua Dubhlaich, tigherna Fer tTulach, do mharbhadh dia mhuintir féin.
Cath Cille Dronnán do bhrisedh do Ghallaibh, agus do mac Briain for
Chearbhall mac Faoláin, agus Cearbhall do mharbhadh and.
Ceall dara, Cenandus, Dún dá lethghlass, agus ilchealla oile archena do
losccadh. Maein Choluim Chille, Disert Diarmatta, Moghna Moshenóc,
agus Cluain mor Mhaedhocc do orgain lá Diarmaitt, mac Maoil na mbó,
tigherna Ua cCeinnsealaigh, agus broid mhór do bhreith as na derthaighibh.
Dertech Laithrigh Briúin do losccadh agus do orccain la feraibh Midhe.



Aois Críost, míle cethracha a haon.
Maolbríghde Ua Maoilfind, saccart agus angcoire, agus epscop
Glinne dá locha, décc.
Cosccrach Ua Toicthigh, airdfherleighinn Cille dara,
décc.
Soerghas, ferleighinn agus airchinnech Toraighe,
décc. Mac Bethaidh, mac Ainmire, árd ollamh Arda Macha, agus
Ereand archena, dég.
Maolruanaidh mac Roein, ríghdhamhna Temhrach, do
mharbhadh. Faelan hUa Mórdha, tigherna Laoighisi, do dhalladh
lá Murchadh, mac Dunlaing, iar na thoirbert do Donnchadh, mac
Aodha do, uair as é Donnchadh do ghabh esiomh ar tús contarad do
Murchadh, mac Dunlaing.
Muirchertach Mac Giollaphattraicc do mharbhadh do Uibh Caolluidhe i
meabhail. Giollachomhghaill, mac Duinncuan, mic Dunlaing, do bhreith
ar éicin a Cill dara do Mhurchadh, mac Dunlaing, airm in ro
sáraigheadh comharba Brighde.
Dá mhac Mhic Fhaoláin, mic Murchadha .i. Dondchadh, agus Gluniarn
do mharbhadh do a Cilldara mac Broein,


L. 840


mic Mailmhórdha. Crech lá hAirghiallaibh i Conaillibh, co ro
bhrisettar Conaille forra i Maigh da chainneach.
Crech lá hUa Néill i nUibh Eathach Uladh, co tucsat
creich móir. Creach lá hUibh Ceinnselaigh in hUibh Bairrchi,
conus tarraidh Murchadh, mac Dúnlaing, co ro bhris forra hi
Cill Molappóc, agus co ffarccabhsat ár mór im Domhnall Reamhar,
damhna tigherna Ua Cennsealaigh.
Cuchiche hUa Dúnlaing, tigherna Laighisi, agus a mac, agus Calleoc
a bhen, do mharbhadh do Mac Conín, hi Taigh Mochua mic Lonáin, agus
ro marbhadh somh féin iar na mharach lá hUa Broenáin inn, agus as firt
mór do Mochua sin. Ferna mór Maodhóg do losccadh lá Donnchadh
mac Briain. Glend Uisen do arccain do mac Mail na mbó, agus in
dertech do bhrisedh, agus céd do dhaoinibh do mharbhadh, agus seacht
ccétt do bhreth as a ndíoghail Ferna móire do argain do mhac Briain,
agus do Murchadh, mac Dunlaing, agus a ndíoghail a bhrathar
Domhnall Reamhar.



Aois Críost, mile cethracha a dó.
Maolbrighde, espug Cille Dara,
Ailill Mucnamha, cend
manach na nGaoidheal, décc, hi cColóin.
Eochacán, airchindeach Sláine, agus ferleighind Suird, agus
scribhnidh toghaidhe, Loingseach Ua Maolsechnaill,
ferleighinn Cluana hIoraird,
Loingseach Ua Flaithén,
comharba Ciaráin agus Cronáin,
Maelpetair Ua hAilecáin,
ferleighinn Arda Macha, agus toiseach na mac leighind do
mharbhadh. Fiacha Ua Maoilmordha primh Sruith Ereann,
décc. Fland, mac Maoilsechlainn Guit, righdhamhna Temhrach, do
mharbhadh lá Conchobhar, mac Maoileachlainn.
Murchadh, mac Dúnlaing, rí Laighen, agus Donnchadh, mac
Aedha, tigherna Ua mBairrche do thuitim la Giollapháttraicc, mac
nDonnchadha, tigherna nOsraighe, agus
la Coincoigcriche Ua Mórdha,


L. 842


tigherna Laighisi, agus la Macraith Ua Donnchadha, tigherna
Eoghanachta hi Moigh Muilchiath, i Laighis, agus as isin cath sin
Maighi Mailcet torchair Giollaemhín Ua hAnrothain, tighearna
Ua Cremhthannáin, agus Eachdonn, mac Dúnlaing, tanaisi Laighen,
go sochaidhibh ile. Macraith mac Gormáin, mic Treassaigh, tigherna
Ua mBairrche, agus a bhen do mharbhadh i nDisirt Diarmada lá
hUibh Balláin.
Sitriucc agus Cailleach-Fíonáin, a inghen, décc i naen mhi.



Aois Críost, míle ceathracha a trí.
Flaithbhertach, epscop Dúin Leth Glaissi, do écc.
Conchobhar Ua Laidhgnén, airchindeach Ferna móiri Maedhóig, agus
Tíghe Moling, décc.
Aodhán Connachtach, anchoire agus ferleighinn Rosscommáin,
Ceallach Ua Cleircein, comharba Findéin agus Mocolmócc,
agus Cathal, mac Ruaidhri, tigherna iarthair Connacht, décc ina
oilithre i nArd Macha.
Domhnall Ua Ferghaile, tigherna Fortuath Laighen, do mharbhadh lá mac
Tuathail, mac Fiachrach i tTermond Caoimhghin.
Flann Ua hAinfeth, tighearna Ua Meith, do mharbhadh lá hUa Cearbhaill,
la tigherna Fearnmhaighe.
Giollamochonna Ua Duibhdhiorma décc.
Ceinnéittigh Ua Cuirc, tigherna Muscraighe, do mharbhadh.
Maidhm for Chenel cConaill ria cCenel Eoghain i tTermonn Dábheoc.
Creach lá hAnnudh Ua Ruairc dar Lughmhadh, dar Druim Inesclainn, agus
dar Conaille uile, acht ro dioghailsiot na
naoimh fo cédóir .i. Mochta agus Ronán, ár ro marbhadh Annudh ria
ccinn ráithe lá haoinfher .i. mac Airt Bhicc.
Trosccadh do Samhadh Ciaráin i tTealach Garbha for Aodh Ua
Coinfhiacla, tigherna Tethbha, agus Bernán Chiaráin do bheim co loss
bhachlae Iosa fair, an


L. 844


tionad in ro iompa a dhruim fris na cleircibh. Ro dichendaidh Aedh
isin ceirt ionadh sin ria ccionn míos lá Muirchertach Ua Maoilechlaind.
Crech lá hOsraighibh, agus lá hairther Mumhan .i. lá Macraith Ua
nDonnchadha, agus lá hEchtighern Ua nDonnaccáin, tigherna Aradh
go Dún na sciath, agus ro loisccset an dún, agus ro gabhsat gabhála
beacca. Conus tarraidh Carthach, mac Saoirbhrethaigh, tighernae
Eoghanachta acc Maeilcaennaigh for brú Siúire, agus ro sraoinedh
ria cCártach for Osraighibh, agus for Urmhumhain, dú in ro
marbhadh Ua Donnaccáin, tigherna Aradh go sochaidhibh ili. Conadh é
maidhm Maoilecaennaigh insin.



Aois Críost, míle cethracha a cethair.
Maelmochta, espug Lughmhaidh, Maenach Mucnamha,
Aodh ó Sccelicc Mhichil,
agus Ailill, mac Breasail, saccart fois Cluana mic Nóis, décc.
Cumasccach Ua hAilelláin, tigherna Ua nEachdhach, do mharbhadh ó
Uibh Caracáin.
Niall Ua Célecháin, tigherna Ua mBresail, agus a bhráthair
.i. Trenfher, do dhalladh la macaibh Madadháin cria mebhail,
agus tangnacht. Domhnall Ua Cuirc, tigherna Muscraighe, do
mharbhadh dUa Flaithén, agus dUa Oissén.
Crech la Niall mac Maoileachlaind, lá tigherna nAiligh for
Uibh Méth, agus for Chuailgne, co rucc dá chéd décc bó, agus sochaidhe
i mbraitt a ndíoghail sháraighthe Cluig ind


L. 846


Edheachta. Crech oile don lá Muirchertach Ua Neill for Mughdhornaibh,
cco ttucc boromha agus brait a ndioghail sháraighthe an chluig cédna.
hUa hAedha, tigherna Ua Fiachrach Arda Sratha, do mharbhadh lá mac
nArailt, agus losccadh Scríne Pátraicc lais bheós.
Cluain mic Nóis do indreadh do Muimhneachaibh i néccmhais
Donnchadha mic Briain. Donnchadh iarsin do thabhairt a riara
don eacclais .i. óghshaoire do Dhia agus do Chiarán co lá mbratha, agus
da fichet bó fo chédóir uadh, agus do rad a mhallachtain for gach noen
do Mhuimhnechaibh do bheradh nach ndochar for shamhadh Chiaráin co bráth.
Cluain mic Nóis do orgain do Chonmhaicnibh, agus do rad Dia agus
Ciarán móirdhíoghail forra ind .i. tam anaithinidh co ffarccabhtha na
buailte fása co na nindilibh iar nécc a ndaoineadh uile, co ttartsat
réir shámhtha Chiaráin iarsin .i. mancaine meic hUi Ruairc .i. Mac
na haídhche, agus dá mac décc óigthigherna batar deach do Conmhaicnibh
i maille fris, agus Screball gacha dúine.
Ar fear Tethbha agus Conmhaicne do chor do fhearaibh Midhe occ an
Eithne, hi ttorcair mac Ruithin hI Doinennaigh, tanaisi Teathbha,
agus Cúlénai mac Ualghaircc, taiseach Muinntire Scalaighe, agus
Ua Ledban, an dara tánaisi Teathbha, agus sochaidhe
oile cén mó tháitsidhe.
Ar Sil Muiredhaigh lá fiora Breifne .i. la hArt Ua Ruairc, dú i
ttorchair an cléireach Ua Conchobhair, agus drong oile a maille fris.
Murchadh, mac Brain, tigherna Ua Faeláin do mharbhadh do
mac Giollamocolmócc, tanaisi Ua nDunchadha.


L. 848


Aois Críost, mile cethracha a cúicc.
Maolmartain finn ferleighind Ceanannsa,
Cána uasal saccart Achaidh bó,
Muiredhach, mac mic Saerghusa, airchindeach Doimhliacc,
Cathusach Ua Cathail, comharba Caoimhghin,
Cathusach Ua Corcráin, comharba Glinne hUisen,
Corbmac Ua Ruadhrach, airchindech Termainn Feicheine,
agus Maonach Ua Ciordubháin, comharba Mochta Lughmhaidh,
décc.
Cluain Ioraird do losccadh fo thrí i naoin seachtmhain cona doimhliacc.
Flaithbhertach Ua Canannáin, tigherna Cheneoil Conaill,
agus Gluiniarn Ua Clercen, tigherna Ua Coirpre, décc.
Conghalach Ua Loclainn, tigherna Corco Modhruadh do écc.
Ar for Ultoibh hi Reachrainne la o Ghallaibh Atha cliath,
.i. hIomhar mac Arailt, in ro marbhadh trí chéd im
Raghnall Ua nEochadha.
Creach la Muirchertach, mac Flaithbertaigh hUi Néill
hi fFeraibh Bregh conus tarraidh Gairbhith Ua Cathasaigh,
tigherna Bregh hi cCasán Linne, agus an mhuir lán ar a
ccind, agus do cher Muirchertach lais, go ndruing dia mhuinntir imme.
Carthach, mac Saoirbhrethaigh, tigherna Eoghanacht Chaisil do
losccadh i ttaigh teinedh dUa Longarcáin, mic Duinncuain
co ndaoinibh oile a maille fris.
Domhnall hUa Cetfadha, cend Dhal cCais, agus ordan Mumhan, décc.
Mac Maoileachlainn, mic Cinnfhaolaidh, mic Concobhair,
righdhamhna Ua cConaill, do marbhadh.
Amhalghaidh, mac Flaind, toiseach Calraighe, do écc do ghalar
anaithnidh ria ccinn trí ttrath iar ccoinnmhedh éiccne do chor for
Cluain mic


L. 850


Nóis. Cluain ferta Brénainn co na doimhliacc do losccadh la hUibh
Maine. Cúchonnacht, mac Gadhra Uí Dhúnadhaigh, do mharbhadh ann.



Aois Críost, míle ceathracha a sé.
Maolpattraicc Ua Bileoice áirdfherleighinn Arda Macha, saoi hi
ccrabhaidh agus i noighe,
agus Maolbríghde, saccart Cille dara, décc.
Muireadhach, mac Flaithbertaigh i Néill ríoghdhamhna
Oiligh, agus Aiteidh Ua hAiteidh, tigherna Ua nEathach Uladh, do
losccadh i ttaigh theinedh la Coinuladh, mac Conghalaigh, tigherna
Uachtair thíre.
Art Ua Ruairc, rí Connacht, do mharbhadh do Chenel Conaill isin
dara bliadhain iar norccain Cluana mic Nois.
hUa Finnguine, tigherna Eoghanachta Caille na manach, do mharbhadh.
Conchobhar Ua Loingsigh, tigherna Dail Araidhe, do mharbhadh do mac
Domhnaill hUi Loingsigh i lLaighnibh (.i. i nUibh Buidhe) dar
sárúchcadh Néill, mic Eochadha, .i. ri Uladh, agus
Dhiarmada mic Maelnambó.
Gormfhlaith, inghen Maoileachlainn, agus Maolruanaidh Gott, décc.
Mag Arailt do ionnarbadh do Ghallaibh, agus Mac Raghnaill do ríoghadh.
Ferghal Ua Ciardha, tigherna Cairpre, do mharbhadh dUa Flannagáin,
tigherna Teathbha.



Aois Críost, mile ceathracha a seacht.
Cethernach, epscop ó Tigh Collain, do écc in HI, i
nailithre.
Gillamolaissi, ferléighind Lughmaidh,
Maelmoicheirghe, ferléighinn Cluana Iraird,
agus Cúdúiligh, mac Gaithine, fos airchinneach Cenannsa,
décc. Ciarcaille, mac Foghladha, maer Síl Aedha


L. 852


Sláine, décc. Land, inghen mic
Sealbhacháin, comharba Brighde,
agus hUa Baillen, ferléighinn Ruis Cre, décc.
Muirchertach mac Mhic Madadhain, tigherna Ua mBresail, do mharbhadh.
Niall Ua Ruairc do mharbhadh la hUa Concobhair isin Corand.
Sluaicchedh la Niall, mac Mailseachlainn, co Cenél
nEoghain agus co nAirghiallaibh,
i mBreghaibh, go ro mharbhsat Madadhán hUa hIfernain toiseach
Cloinne Creccain. Gorta mhór do thiachtain i nUltaibh co bfarccaibhsiot
a ttír, co ndechatar hillaighnibh, agus is tria milleadh cattaigh
táinig in ghorta sin .i. feall for dá mhac
Briain mic Maoilmordha, .i. Murchadh agus Ceallach, do mac
Eochadha, agus do mhaithibh Uladh, iar na mbeith hi ccomairce friú,
agus as ar ulc fri mac Mhaoil na mbó do ronsat
Ulaidh an feall sin.
Snechta mór isin mbliadhainsi da na frith samhail riamh o fhéil
Maire co féil Páttraic, co ro la ár ninnili, agus fiadhmhíl, agus
énlaithe aeoir, agus anmanna an mhara a coitchinne. As don tsneachta
sin a dubhradh,




Seacht mbliadhna cethracha cáin acus míle co nglan bhail,
O ghein Críost clú cen tearca, co bliadhain an mór sneachta.




Mac Donnchaidh Guit, righdhamhna Temhrach,
agus hUa hEidhin tigherna Ua Fiachrach Aidhne, decc.



Aois Críost, míle ceathracha a hocht.
Céle, epscop Ardachaidh epscuip Mel, decc.
Aedh mac Maoláin hUi Nuadhait, airchinneach Suird, do
mharbhadh oidhche Aoine didine ria Cáisc for lár Suird.
Cloithnia, comharba Ailbhe, decc.
Ferdomhnach hUa Innasccaigh, comharba Finnéin, do mharbhadh do
mac Taidhg Ui Mailruanaidh.
Dunchadh Ua Céileachair, comharba Ciaráin Saighre, decc.
Giollacolaim Ua hEiccnigh, tigherna Airghiall, dég, agus a
adhnachal i nDún da lethghlas.
Dunlang, mac Dunghail, tigherna Ua mBriúin Cualann, ordán airthir
Ereann, do mharbhadh la a bhráithribh.
Maolfabhail Ua hEidhin, tigherna Ua Fiachrach Aidhne, decc.
Ferghal hUa Maolmhuaidh, tigherna Fer cCeall, decc.
Cendfaoladh Ua Cuill, ollamh Mumhan,
Mac Conmara hUa Mic


L. 854


Liacc, do mharbhadh do mhac Taidhg Uí Mhaoilruanaidh.
Gairbhith hUa Cathasaigh, tigherna Bregh, do erghabháil do
Chonchobhar Ua Maoilsechlainn, co ffarccaibh seacht naittire occa.
Creach lá mac Maoil na mbó fors na desibh co rucc braitt agus indili.
Crech lá Conchobhar Ua Maolsheachlainn dar Magh Liphi go rug
gabhála móra. Creach lá hUibh Faoláin dar Cluain Ioraird, a
ndioghail na creche sin.
Sloicchedh lá mac nEochadha agus lá mac Maoil na mbó hi Mídhe, co
ro loisccset cealla Midhe acht madh beag.
Creach la righdhamhnaibh, no toiseachaibh, hUa Máine i nDelbhna co
ro marbhtha na ríogh thoisigh uile ann .i. Ua Maolruanaidh, agus
Ua Flannacáin, agus an Cleireach Ua Taidhg, agus mac Buadhachain,
righdhamhna Dealbhna.



Aois Críost, míle ceathracha anaoi.
Maolcaindigh Ua Taichligh, comharba Daimhinsi, dég.
Tuathal Ua hUail, oirchinneach Boithe Chonuis,
Tuathal Ua Muirghesa ferleighind Tuama Fiondlocha, decc.
Flaithbhertach, mac Domhnaill hUi Loingsigh, do mharbhadh do mhac
Concobhair Uí Loingsigh.
Muirchertach hUa Maoilseachlainn do mharbhadh lá
Conchobhar Ua Maoilseachlainn tre mheabhail.
Conchobhar Ua Cindfhaoladh, tigherna Ua Conaill Gabhra, do mharbhadh
do thigherna Eoghanachta Locha Léin.
Iomhar Ua Beice, tigherna Ua Méith, do mharbhadh.
Anaessles, mac Domhnaill, tigherna Corca Bhaiscind, do mharbhadh
do mac Assith mic Domhnaill, .i. mac a derbhráthar.
Slóicchedh lá hUltaibh, agus lá Laighniu, agus la Gulla hi Midhe, do
chuingidh aittire fher mBregh.


L. 856


Ro marbhtha imorro a naittere lá Conchobhar im Toirrdhealbhach Ua
Cathasaigh. Ro loiscset na sluaigh an tír etir cealla, agus dúine iar sin.
Slóicchedh lá mac Briain co Magh nAirbh, co rucc gialla Laighen
agus Osraighe. Amhalghaidh, comhorba
Páttraicc, decc, agus Dubh da lethe, mac Maolmuire, mic Eochadha,
do ghabhail a ionaidh asa fhiorusléighinn an lá testa Amhalgaidh,
agus Aodh Ua Forreth do ghabháil an fhiorasa leighinn.



Aois Críost, míle caocca. Cleirchén hUa Muineoc, uasal epscop
Leithghlinne, agus ceand crábhaidh Osraighe,
Diarmaid hUa Rodacháin, epscop Ferna.
Conall, airchindeach Cille Mocheallócc, agus a ferleighinn cedus,
Dubhthach mac Miledha, comharba Caindigh, Guaire Ua Mancháin,
saccart Ghlinne dá locha,
Diarmaid hUa Céle, airchinneach Telcha Foirtcheirn, agus
Achaidh abhall, dég.
Diarmait Ua Lachán, ferléighinn Cille dara, decc.
hUa Scula, airchinneach Insi Cáthaigh,
Maolan ferleighinn Cenannsa, egnaidh derscaighthe eisidhe,
agus Maoldúin Ua hEiccertaigh, airchinneach Lothra, decc.
Maolsechlainn, mac Cinnfaolaidh, décc.
Donnchadh .i. an Cossalach mac Giolla Fhaoláin .i. Domhnaill,
tigherna Ua fFoilghe, do mharbhadh lá Congalach mac mic Brogarbháin
mic Conchobhair.
Maolruanaidh, mac Concóirne, tigherna Ele, do mharbhadh dia
mhuintir fén. Scainder etir fiora Maighe hItha, agus
Airghialla, hi ttorchair Eochaidh Ua hOisseine.
Dubhdaleithe, comharba Phátraic, for cuairt Cenél


L. 858


Eoghain, agus do bhert trí chéd bó uadhaibh.
Doinend mhór do thiachtain hi ttír Ereann, co rucc ith, agus bliocht,
agus mess, agus iascc ó dhaoinibh, co ro fhás eisionnracus hi cach, co
ná haincedh ceall na dún na cairdes criost na comluighe, go ro tionólsat
cléirigh Mumhan, agus a laoich, agus a rioghraidh im Donnchadh mac
Briain .i. mac righ Ereann, agus im Céle mac Donnacáin, im cenn
crabhaidh Ereann co Cill Dalua, co ro ordaighsiot cáin agus coscc
gach indlighidh o bhiucc co mór. Tucc dia síth agus soinenn for sliocht
na cána sin. Ceall dara co na doimhliacc do losccadh.
Cluain mic Nóis do orgain fó thrí i naon ráithe, feacht ó
Siol nAnmchadha, agus fa dhó o Callraighibh gus na Sionnchaibh.
Land lere do orgain agus do losccadh.
Daire Caelainne, agus cloicteach Rosa comáin do losccadh dferaibh
Brefne. Daimhliacc do losccadh.
Inis Clothrand do orccain.
Dubhdalethe for cuaird Chenel nEoghain co ttuc trí céd bó uadhaibh.



Aois Críost, mile caecca a haon.
Mac Sluaghadhaigh uasal shagart Cluana mic Nóis, decc.
Muirchertach, mac Bric, tigherna na nDeisi, do losccadh do
hUibh Faoláin. Ua Concobhair, tigherna Ua Foilghe .i. Conghalach,
mac Duinnsléibhe mic Brogharbain, do mharbhadh dia mhuinntir féin.
Maidhm ria nUa Maoldoraidh for Connachtaibh, dú hi ttorchrattar ile do
Chonmaicnibh. Diarmaid, mac Domhnaill, mic Briain, do mharbhadh
lá murchadh mac Briain tria mheabhail.
Mac Lachlaind do iondarbadh a tighernus Tolcha Occ, agus
Aodh Ua Fearghail do gabháil a ionaidh.
Mac Faolain, mic Bric, do mharbhadh lá Maolsechlainn, mac Murchaidh
mic Taidhg mic Bric.
Amhalgaidh, mac Cathail, tigherna Iarthair Connacht, do dhalladh lá
hAodh Ua Conchobhair, tigherna Airthir Connacht, iar na bheit i
nerghabháil fri re bliadhna co ttuilleadh, co ro gabhsidhe iar sin arus
i niarthar Connacht.
Cathal mac Tighernáin, tigherna


L. 860


Breifne, do dhul for creich i nEabha co ro thocchail Dún Feich i
ttorchair caecca do dhaoinibh, agus asa ttuccadh seacht ccéd bó.
Maidhm for Conmhaicnibh Sleibh Formaoile ria nAodh Ua cConchobhair,
du i ttorchair ár Conmaicne.
Laidcenn, mac Maolain hUí Leocáin, tigherna Gaileng, agus a bhen
inghen an Ghuitt, do dhol dia nailithre do Roimh, co nerbaltattar
thoir oc tiachtain on Róimh.
Domhnall Bán hUa Briain do mharbhadh la righ Connacht.
Bile maighe Adhar do thrasccradh la hAodh Ua Conchobhair.
Faelan mac Brattáin, mic Bric do mharbhadh i ndoimhliacc
Lis mhóir Mochuda lá Maoilsechlainn mac Muircheartaigh, mic Bric.




Aois Críost, míle caocca adó. Artur, mac Muiredhaigh, airchinneach
Cluana Maedhócc ordán Laighen, décc.
Echtighern hUa Eghráin, comharba Ciaráin Cluana mic Nóis agus
Commáin, do écc ina ailithre hi cCluain Iraird.
Muireadhach hUa Sionacháin, maor Patraicc hi Mumhain,
Muiredhach, mac Diarmada, comharba Cronáin Ruis Cré,
agus Cléireach Ruadh Ua Lathacháin décc.
Giollapátraicc, mac Domhnaill, prióir Arda Macha, décc.
Macraith Ua Donnchadha, tigherna Eoghanachta Chaisil, agus
rioghdhamhna Mumhan, décc.
Creach lá mac Mail na mbó hi Fine Ghall, go ro loisc an tír ó
Ath cliath co hAlbene, acht nocha tarraidh bú co ndernsat scaindreacha
móra imon dún, dú i ttorcratar ile ille agus inund, co ndeachaidh tigherna
Gall .i. Eachmharcach, mac Raghnaill dar muir, agus ro gabh mac
Maoil na mbó ríghe


L. 862


Gall dara éisi.
Creach lá hUa Conchobhair dar Conmhaicne, co ros indir co mór.
Ar Calraighe immo tigherna .i. im mac naireachtaigh, lá Conmhaicnibh
tria miorbhail Ciaráin.
Dubhessa, inghen Briain, décc.
Domhnall, mac Giollachríost, mic Concuailgne, do mharbhadh lá
tigherna Fer Rois.
Braon mac Maoilmordha, .i. rí Laighen, do écc hi cColoin.



Aois Críost, mile caocca a trí. Doilgén uasal saccart Arda Macha,
Domhnall Ua Céle, airchinneach Sláine,
Corbmac hUa Ruadhrach, airchindeach Termainn Feichine,
agus Murchadh Ua Beolláin, airchinneach Droma cliabh, décc.
Flaithbhertach Ua Maelfabhaill, tigherna Cairrcce Brachaidhe, décc.
Niall Ua hEiccnigh, tigherna Fer Manach, agus a bhrathair
Giollachriost do mharbhadh la Feraibh Luircc tre mheabhail.
Donnchadh Ua Ceallachain, ríoghdhamhna Caisil do mharbhadh
dOsraighibh.
Maolcrón, mac Cathail, tigherna deisceirt Bregh, do mharbhadh do
hUa Riagain, .i. aidhche Luain Cáscc, agus creacha leis for Gullai.
Creach lá mac Lachlainn agus la Feraibh Maighe Hitha for
Cenel mBindicch Locha Drochait, agus rugsat trí chéd bó.
Cochlán, tigherna


L. 864


Dealbhna, do mharbhadh i meabhail.
Cúrian Ua Maoiledúin, tigherna Fer Luircc, do mharbhadh la
Mac na haidhche Ua Ruairc, tré mheabhail ina aireacht féin.
Mac na haidhce Ua Ruairc do mharbhadh do Chonmhaicnibh fo chédóir.
Slóicchedh lá mac Bhriain .i. Donnchadh, agus la
Conchobhar Ua Maoilsechlainn hi Fine Gall, co ttuccsat fir Tethbha,
.i. na Sionnaigh, braitt iomdha a doimhliag Luscca, agus co ruccsat
aittere ó mac Maoil na mbó im Móir inghen Conghalaigh Ui Conchobhair.
Diarmaid, mac Maoil na mbo, agus Giollapáttraig, tigherna Osraighe
do dhul i Midhe, go ttugsat broid, agus gabhála dímhóra a ndíoghail
Moire, inghine Congalaigh Uí Chonchobhair, do dhol go
Conchobhar Ua Maoileachlainn dar sárúghadh Giollupháttraicc, agus a
ndíoghail na boromha rug Ua Maoilechlainn a Laighnibh.
Slóighedh lá mac Maoil na mbó i mBreghaibh agus hi Midhe, co ro
loisc ó Shláine co iarthar Midhe etir cealla agus tuatha.
Creach lá Lethlobhar, mac Laidhgnén, tigherna Oirghiall, for
Gailengaibh, agus for techeda fer Midhe agus Bregh, co rug mór do
bhuaibh agus braitt, co ndechaidh ina ndiaidh Congalach, mac Senáin,
tigherna Gaileng co ttaraidh bú Fer Manach co na tairthetar iaramh
Firmhanach imo tigherna .i. Domhnall mac Maolruanaidh, co ttorchair
leó Conghalach, mac Senáin, tighearna Gaileng co sochaidhe oile
cenmóthasomh.
Amhlaoibh Ua Macainén, tigherna Mughdhorn, dég.



Aois Chríost, míle caocca, a cethair.
hUa Gearruidhir, epscop Cille Dálua,
Maolcolaim Ua Collbraind saccart,
Guaire hUa Lachtnáin, ferleighinn Cluana mic Nóis,
agus Cuilennán Claen, ferleighind Leithghlinne agus
Disirt Diarmada, dég.
Aedh Ua Ferghaile, mic Conaing mic Néill, ríghdhamhna Oiligh,
agus tigherna Ceniuil Eoghain Tealcha ócc do mharbhadh do Letlobhar,
mac Laidhgnén do tigherna Airghiall, agus do fheraibh Fearnmhaighe.
Dubhghall Ua hAedhogáin, tigherna Ua Nialláin, do mharbhadh do
Ua Laithén. Maidhm Finnmhaighe for Uibh Méith agus for
Uachtar thíre ria nUibh Eathach, dú i ttorchair an Chroibhdhearg,
tánaisi Uachtair thíre.
Aodh, mac Cindéittigh, mic Duinncuan, muirn agus ordan


L. 866


Dal cCaís, dég. Mac Ualghairg, tigherna Coirpre, do mharbhadh
i meabhail. Cloictheach tenedh do fhairccsin isin aer uas Ros Deala
dia domhnaigh feile Giurgi fri ré cúig nuair. Eóin dubha diairmhidhe
ind agus ass, agus aon én mor ina medhon, agus no theighedh na heoin
bhega fo a eitibhsidhe an tan théicchdís isin cloictheach. Tángattar
amach con uarghabhattar in coin boí fór lar in bhaile i náirde isin aer,
agus tarlaicset anuas dorídhisi, co nerbailt fo chédóir, agus
tuargabhsat trí bruta agus dí léinidh i náirde, agus ro léiccset anuas
for cóir cédna. An choill forsa ndeisidhedar na heóin do rochair
fóthaibh, agus in dairbre fors a ndeisidhedar na heoin ro bhói for
crith co na frémhaibh i ttalmhain.
Loch Suidhe odhráin hí Sléibh Guaire a elúdh i ndeireadh oidhche
fhéile Michil, co ndeachaidh isin Feabhaill, gur bhó hiongnadh mór
lá cach. Creach lá hAodh Ua Conchobhar, lá rígh Connacht, co
Corca Bhaiscind agus co Tratraighe, go ro ghaibh gabhála díairmidhe.
Dá mac Carthaigh do mharbhadh do mac hUi Donnchadha.
Sluaicchedh lá mac Mail na mbó agus lá Giollapháttraicc, tigherna
Osraighe, agus lá Laighnibh, agus lá Gallaibh isin Mumhain, co
ránccattar Imleach Iubhair, agus co ro loisccset Dún tri liacc, agus
nocha ttarraidh mac Briain iad, uair ro bhoí i ndéscert Ereann.
Toirdhealbhach Ua Briain go cConnachtaibh les do dul i tTuath Mumhain,
go nderna airgne móra, agus go ro marbhadh les Aodh mac Cennédigh,
agus go ro hoirgeadh Tuaim Fionnlocha.


L. 868


Aois Críost, míle caocca a cúicc.
Maoldúin, mac Gilleandreas, epscop Alban agus ordan Gaoidheal ó
chléirchibh, dég.
Tuathal Ua Follamhain, comharba Finnén Cluana Iraird,
Maolmartain, mac Assida, comarba Comhghaill,
Maolbríghde Ua Maolruain, airchinnech Slébhte,
Maolbrighde, mac Baettain, ferleighinn Arda Breacáin,
Colam Ua Cathail, airchinneach Rossa Ailithir,
agus Odhar Ua Muiredhaigh, airchindeach Luscca, agus flaith
Ua Colgán, do écc. Fiachra Ua Corcráin,
hUa Ruarcáin, airchindeach Airdne Coemhain,
agus Gorman anmchara, décc.
Domhnall Ruadh Ua Briain do mharbhadh do hUa Eidhin do tighearna
Ua Fiachrach Aidhne.
Gillaphátraicc, tighearna Osraighe, décc.
Creach na bealtaine do dhenamh do righ Connacht, Aodh Ua Conchobhair
dar Iarthar Midhe, co rug gabhála iomdha, agus broitt mór ass.
Creach lá Dalccais im Murchadh Ua mBriain dar Corcumdruadh, co
ruccsatt gabhála móra, agus co ttarras creach dibh, agus co ro marbhadh
sochaidhe mór. Ceandfaolad Ua Muireadhaigh, tigherna an dara
raind do Ciárraighe Luachra, do mharbhadh do Ua Conchobhair mic
Muireadhaigh, do thighearna na rainde ele co sochaidhibh oile araon ris.
Maidhm ria tToirrdhealbhach Ua mBriain for Murchadh Ua mBriain
.i. Murcha an scéth ghirr, i ttorchradar ceithre chéd im cúic
toiseachaibh dég.
Ua Sibhliain, tigherna Ua fFailghe, do mharbhadh.



Aois Críost, míle caocca a sé.
Aedh Ua Foirreidh, aird fherleighinn, agus


L. 870


sui epscop Arda Macha décc an cethramhadh Calainn décc do Iul isin
cúiccedh bliadhain sechtmhódhat a aoisi amail asberar,




Ro teacht roi neimh cein ro mhair
Aedh Ua Foirreidh an tsaoi sean,
Hi ceathramhadh décc Calainn Iuil
Luidh an tepscop ciuin ar ceal.




Cétfaidh, cend crabhaidh Mumhan, naemh, eccnaidh foirche dég ina
oilithre hi lios mór.
Fland Mainistreach, ferléighind Mainistreach Búithe, saoi egna
nGaoidheal, hi léighionn, agus hi senchus, agus hi filidheacht, agus i
nairchetal do écc an cethramhadh Calainn do December,
amhail asbearor,




Fland a primchill Búithi bind,
Rind ruisc a min chind as mall,
Midh shui sidhe suídhes lind,
Tiughsuí tíre trí find Fland.




Daighre Ua Dubhatán, anmchara Cluana, dég i nGlind dá locha.
Suibhne Ua nEócain, airchindeach Termainn Feichín,
Cathusach, mac Girrgarbháin, comharba Cainnigh hi cCiannachtaibh,
agus Maolfindén mac Cuinn na mBocht, athair Chormaic, comharba
Chiaráin, dég, .i. Maolfinden, mac Cuinn, mic Ioseph, mic
Donnchadha, mic Dunadhaigh, mic Eicceartaigh, mic Luachain, mic
Eoghain, mic Aodhagain, mic Torbaigh, mic Gormain, do
Uibh Ceallaigh Breagh.
Etru, mac Labhradha, toiseach Monach, tuir ordáin Uladh, dég iar
ndeighbhethaidh.
Murchadh, mac Diarmada, tigherna Laighen, do Sénamh
creiche meabhla for Laoghairibh Teamhrach, conus tárraidh tigherna
Laoghaire, co ro lá a nár.
Domhnall Ua Cernacháin, mac an Guitt, do mharbhadh do
Chonchobhar Ua Maoilechlainn.
Crech lá Niall mac Maoileachlainn for Dhal nAraidhe, co ttucc


L. 872


fiche céd do bhuaibh, agus trí fichit do bhroitt.
Creach do dheochaidh Eochaidh Ua Flaithein aidhche Nodlacc mór i
Maigh nItha, co ttucc cúig céd bó co habhainn maighe hUatha, agus
forácsat na bú occ an abhainn, agus ro báite ochtar ar cethrachat díbh
im Chuilennan mac Derccáin.
Tadhg, mac an Cleirigh Uí Chonchobhair do mharbhadh do Uibh Maine.
Ruaidhri Ua Gadhra, tanaisi Luighne, do mharbhadh.
Creach shluaigheadh lá Diarmaid mac Maoil na mBhó isin Mumhain, co
ro loiscc dún mic ninguir, agus Oenach Téte, agus dún Furudhráin.
Giollachaoimhghin mac Giollachomhghaill, agus Maolmordha mac mic
Faoláin, do mharbhadh lá Murchadh mac Diarmada tria fheill, agus
meabhail. Odhar, mac Floinn, tigherna Calraighe, do mharbhadh.



Aois Críost, míle caocca a secht.
Mughrón Ua Mutáin, comharba Bairre, uasal epscop agus ferleighinn,
do mharbhadh lá latrondaibh do Chorca Laighdhe, iar ttóidheacht dó
ó na iarmheirge.
Robhartach, mac Ferdomhnaigh, comharba Cholaim Chille agus
Adhamhnáin, agus Dubhdaleithe Ua Cionaedha, airchinneach Corcaighe,
décc. Niall Ua hEgneacháin, tigherna Ceneoil Enda, do mharbhadh
lá a chenél féissin. Maolruanaidh Ua Fóccarta, tigherna déiscert


L. 874


Ele, do mharbhadh lá Donnchadh, mac Briain.
Dunghal, mac Micraith Uí Donnchadha, tigherna Eoghanachta, do
mharbhadh co ndruing oile imaraon ris.
Cath eittir Domhnall Ua Maolruanaidh, tigherna Fer Manach, agus
Domhnall Ua Ruairc, tigherna Breifne, du i ttorchair Ua Ruairc, co
sochaidhibh iomdaibh dia mhuintir imaille friss.
Móirchreach Luighne lá hAodh Ua cConchobhair.
Ar Ua mBriúin do chor do Chonchobhar Ua Maoileachluinn ag tabhairt
creche doibh tairis i nDeasLaighnibh.
Dunchadh Ua Donnchadha, tigherna Chaisil, do mharbhadh.



Aois Críost, míle caocca a hocht.
Colmán Ua hAireachtaigh, comharba Comhghaill Bendchair,
Maolfinnéin Ua Guaire, angcoire Daimhinsi,
agus Maolíosa Ua Flainnchua, sruith shenóir Imleacha Iubhair, décc.
Imlech Iubhair do losccadh co léir eittir daimhliacc agus cloictheach.
Cath Sléibhe Crot iar losccadh Luimnigh lá Diarmaid mac
Maoil na mbó for Donnchadh mac mBriain, i ttorchair
Cairpre Ua Lioghda, airchindeach Imleacha Iubhair, agus ríoghbhardán,
mac Concóirne, tigherna Ele, agus drong mhór oile cénmotháidsidhe.
Gallbrat Ua Cerbhaill, rioghdhamhna Temhrach, do mharbhadh lá
Conchobhar Ua Maoileachlainn, tré mheabhail. Claídhebh Carlosa
agus móran do shédaibh archena do bhreith do mhac Maol na mbó na
inadh sin, ar ro bhoí a ccomairce fris.
Ceallach, mac Muirecáin, tigherna Ua Mic Uais Bregh, décc.
Sgrín Cholaim Chille do orccain do fheraibh Teathbha agus Cairbri,
agus ro chuirset fir Midhe ár fer Teathbha agus Cairpri, ina díoghail.



Aois Críost, míle caocca a naoi.
hUa Lorcáin, abb Cille Hachaidh, décc.
Domhnall Déiseach, eccnaidh agus anccoire, décc.
Domhnall mac Eodhossa,


L. 876


airchindeach Mainistrech Búithi,
Aneislis, mac Uidhir, airchindech Luscca,
Eochaidh Ua Cionaedha, airchinneach Atha Truim,
Conaing Ua Faircheallaigh, airchinneach Droma Lethain, comharba
Maedhócc la Connachtaibh agus Laighniu, décc.
Conn na mBocht ordan agus aireachus Cluana mic Nóis, décc iar
sendataigh. Niall Ua Maoldoraidh, tigherna Ceneoil Conaill, décc
iar ndeighbhethaidh, agus iar naithrighe ina thairmthechtaibh, agus
peacthoibh. Aedhuar Ua Dubhda, tigherna Ua nAmhalghadha, do
mharbhadh lá a chenél féisin.
Cathal, mac Tighernain, mic Néill, mic Aedha, tigherna Airther
Connacht, do mharbhadh lá hAodh Ua Ruairc.
Duarcán Ua hEaghra, tigherna Teóra Sloinnte Luighne, do mharbhadh.
Tomaltach Ua Maoilbhrenainn, tigherna Shil Muireadhaigh,
Maolsechlainn Ua Bric, .i. tigherna na nDéisi, do muchadh in uaimh
lá Maolsechlaind mac Giollabrighde, mac Faoláin.
Conghalach Ua Riaccáin, ríghdhamhna Temhrach, do mharbhadh lá
Murchadh mac Diarmada.
Giollacaoimhghin, mac Giollacomhghaill, rioghdhamhna Laighen,
agus Maolmórdha, mac mic Faoláin, do mharbhadh do Mhurchadh, mac
Diarmada tré fhéill agus meabhail.
Ruaidhri Ua Gadhra damhna tigherna Luighne décc.
Creach la Mhaolseachlainn Ua Madadhain i nAirthearaibh, co rug tri
chéd bó, agus co ro mharbh Giollamuire, mac Airechtaig, tigherna
Cloinne Sionaich.
Crech la hArdghar Mac Lachlainn, do Chenél Eoghain i nDail Araidhe,
co ttucsat boromha mhór, agus dá chéd etir mharbhadh, agus erghabháil.
Mac Briain do dhul i tech Aodha Uí Chonchobhair co ttucc ariar dhó.
Maidhm ria cConchobhar Ua Maoileachlainn, tighearna Midhe, for


L. 878


Mhurchadh, mac Diarmada mic Maoil na mbó, tigherna Gall, dú i
ttorcradar íle, agus raíneadh for Laighnibh i nDearmhaigh Cholaim Chille
isin ló chedna co ro ladh a nár tria fhiortaibh Dé agus Cholaim Chille.
Meas mór fo Eirind an bhliadhain se.
Coccadh mór eitir Laighnibh agus Midheachaibh, agus torcradar íle ó
Laighnibh ann im Muirchertach mac nDalbaigh mic Maolruanaidh.



Aois Críost, míle sescca.
Maolchiaráin Ua Robhocháin, airchindeach Suird Coluim Chille,
agus Ailill Ua Maolchiarain, airchinneach Eccailsi Bicce, décc.
Ceanandus do losccadh uile tighibh templaibh.
Losccadh Leithglinne go léir cen mo thá an deirtheach.
Hele, agus hUi Forgga do thiachtain for creich go Cluain mic Nóis,
co ruccsat gabhail o Chrois na screaptra, agus co ro
mharbhsat dís .i. Mac leighinn agus laoch. Ro ghreis Dia agus
Ciaran Delbhna, co na tigherna, .i. Aodh Ua
Ruairc, ina ndeadhaidh, agus ro bhrisset forra, agus
ro laiset anár im tanaisi Ua Forggo, eissidhe ro mharbh an mac Leighind.
Rangattar Dealbhna tráth erghe ar na bhárach
gus an ngabhail leó gus an ionadh as a ruccadh.
Murchadh, mac Diarmada, do dhol i Manainn, co ttucc cáin eisde,
agus co ro bhris ar mac Raghnaill.
Flaithbhertach Ua Ceallaigh, tigherna Bregh, décc ina oilithre.
Andadh Ua Lochlaind, tigherna Corcumdhruadh, do
écc.



Aois Críost, míle sescca a haon.
Muireadhach Ua Maolcolúim, airchinneach Doire,
Maolcoluim Ua Loingsigh, saoi agus sagart Cluana mic Nóis,
Ciarán, ferleighind Cenannsa, eccnaidh
derscaighthe, Tighernach Boirchech


L. 880


Ard anmchara Ereann, angcoire, agus comharba Finnein,
agus Maolbrighde mac an Gobhann,
décc do pláigh.
Occán Ua Corpmacán, airchindeach Insi Cumscraidh,
agus Conaing fossairchindeach Arda Macha, décc.
Domhnall Ua Maoldoraidh do mharbhadh lá Ruaidhri Ua Canannáin
i ccath. Cúuladh mac Conghalaigh, tigherna Uachtair thíre,
décc iar deighbhethaidh.
Niall, mac Maoilsechlainn, tigherna Oiligh,
décc. Slóichceadh lá hAodh Ua Conchobhair
.i. an Gha bhernaigh, co Cenn coradh, go ro bhris an dúnaidh,
agus co ro muradh an tioprat lais, agus ro thochaith a
dí brattán, agus ro loisc Cill Dalua bheós.
Muinntir Murchadha do gabhail for Loch Oirbsen, co ro aithríoghsat
Aodh Ua Conchobhair.
Maidhm Glinne Pattraicc ria nAodh Ua Conchobhair for Iarthair
Connacht, in ro
mudhaighith ile im Ruaidhri Ua Flaithbheartaigh,
tigherna Iarthair
Connacht, agus ro dicendadh é, agus ruccadh a ceann
co Cruachain Chonnacht iar sraoineadh for mac
Aodha mic Ruaidhri.
Glend dá locha do losccadh
cona themplaibh. Flann Ua Ceallaigh,
adhbhar tigherna Breagh, do
mharbhadh do na Saithnibh.
Gairbhith Ua Cathasaicch, tigherna Bregh,
décc. Mac Mic Dúnghail, tigherna Ua mBriúin Chualann, décc.
Mac Maoil na mbó rí Laighen agus Gall do dhul isin Mumhain im
Samhain, go ro lá deargár fer Mumhan isin
Cnamhchoill, agus go ro loisc machaire na Mumhan
ettir thighibh, agus arbhar.



Aois Críost, míle sescca a dó.
Giolla Críost Ua Maoldoraidh, comharba Cholaim Chille
ettir Erinn agus Albain,
Maolruanaidh Ua Daighre, primh anmchara Tuaisceirt
Ereann, agus Murchadh Ua Laidhgnén, airchinneach Ferna,


L. 882


décc. Cathraoineadh ré nAodh an Gha bhearnaigh hUa Conchobhair
for mac Ruaidhri, in ro mharbhadh
ochtmoghat do Cloinn Choscraigh.
Tadhg, mac Aodha Uí Concobhair, do marbhadh lá mac Aodha mic
Ruaidhri, agus la hIarthar Connacht.
Creach la hArdghar mac Lochlainn i
coicceadh Connacht, co ttuccsat sé mhíle do bhuaibh agus míle do
bhraitt. Donncuan Ua Machainne do mharbhadh la
Giollachiaráin Ua Machainen, tigherna Mughdhorn.
Ruaidhri, mac Concairge, tanaisi Fernmhaighe, do
mharbhadh do mhac Néill Uí Ruairc.
Diarmaid, mac Murchadha co Laighnibh do dhol don Mumhain, co ro
loiscc Luimneach agus Dún na Trapcharla,
dia ndebhradh,




Rangattar Laighin Luimnech,
Na daighfhir o Druim dairbhrech,
Ro fháccsat ann an sluagh suirghech
Luimneach na ghual gann gainmheach.




Niall mac Eochadha, rí Uladh, agus a
mac Eochaidh mac Néill mic Eochadha,
ríoghdhamhna an chuiccidh, décc
in Id Nouembir dia dardain.



Aois Críost, míle sescca a trí.
Cionaodh, mac Aichir, airchinneach Lis móir Mochuda,
Eochaidh Ua Dalláin, airchinneach Condere,
agus Madudhan Ua Célechán,
prioir Arda Macha, décc.
Ceallach Ua Caoimh, eccnaidh agus angcoire, décc.
Ua Miadhacháin, ferléighinn do mhuintir Cluana mic Nois,
agus mac Donngail ferleighinn Cille dara,
décc. Conaing Ua hEaghra, ferleighinn Cluana mic Nóis, décc.
Gormlaith, inghen Cathail mic Ruaidhri, décc ina


L. 884


hoilithre in Ard Macha.
Cathal mac Donnchadha, tigherna Ua nEathach Mumhan
.i. tigherna Raithlinne
do mharbhadh lá a mhac féisin .i. an
Fionnshúilech.
Cúdúiligh Ua Taidhg, tigherna Fer Lí,
décc. Maolsechlainn Ua Madudháin, ríoghdhamhna Oiligh, do
mharbhadh lá Cenél cConaill.
Giollaerraith Ua Maoilmithigh, oiccthighern na nGaoidheal, décc.
Slóichcedh mór la hArdgar, .i. mac Lochluinn, ótá
Glend Súilighe
siar co hiarthar Luighne, agus co muaidh O nAmhalgaidh,
agus tángattar tighernadha Connacht uile ina theach im Aodh Ua
Conchobhair, agus im Aodh mac
Néill I Ruairc, agus im mac Airt I Ruairc.
Uaimh alla gerc i cCera do thoghail do Conmhaicnibh for muintir
Uí Chonchobhair Aodha, agus ro múchta
ocht fichit do dhaoinibh innte, agus ruccta
seótta Condacht eiste.
Luimneach do losccadh lá
Toirrdhealbhach Ua mBriain, agus
lá Diarmaitt mac Mail na mbó.
Treaghait agus cnuicc hi Laighnibh, agus ro leth cidh fo Eirinn.
Ascolt mór for indilibh isin
mbliadhainsi, agus terce arbha agus annloinn.
Eochaidh Ua hEochadha, rí Uladh, décc.
Sluaigheadh lá Diarmaid mac
Maoil na mbó i Mumhain,
go ttangatar maithe machaire na Mumhan ina theagh go fargaibhset
gialla occa. Táinig mac Bhriain agus Murchadh an
scéth ghirr, a mhac, do chum
Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain dia
fhobairt tareis Diarmada, go ttarad
Toirrdhealbhach maidhm for Murchadh go
ro lá ár a muinntiri.
Do chuaidh Diarmaid iarttain isin Mumhain go ttug gialla
Muman o uisgi fodheas go Cnoc mBrénainn, go ttug na géll isin
illáimh Toirrdhealbhaigh, a dhalta.
Laoighseach, mac Faeláin I Mhórdha, tigherna
Laighisi, do mharbhadh.


L. 886


Aois Críost, míle seascca a cethair.
Doilghen, Ua Sona, airchindeach Arda sratha,
Corbmac, airchindeach Arda Breacáin,
Eochaidh Ua Doreidh, airchinneach Domhnaigh móir Maighe Ithe,
an Dall Ua Lonáin, airdfhile agus airdsheanchaidh na Mumhan,
agus Giollahuasaille Ua Maoilmithigh, décc.
Donnchadh mac Briain, airdrí Mumhan, do
aithríoghadh, agus a dhul do Róimh iarsin, co nerbailt fo bhuaidh
aithrighe i mainistir Stephain mairtír.
Muirchertach Ua Néill, tigherna Tealcha Occ, do
mharbhadh la hUibh cCremthainn.
Ardghal mac Lochlainn, tigherna Oiligh,
décc i tTealach Occ, agus
a adhnacal in Ardmacha co nonóir, agus
co nairmidin i ttumba na rioghraidhe.
Diarmaid Ua Lorcáin, ríoghdhamhna
Laighen, do mharbhadh lá Cenel Eoghain.
Murchadh Ua Fallamhain, tanaisi Mídhe, agus a
bhráthair, do mharbhadh i meabhail.
Dubhdalethe, mac Maolmuire, comharba Phátraicc, décc iar naithrighe
tocchaidhe an chéd lá do September,
agus Maoiliosa, mac Amhalghadha do ghabháil na habdhaine.



Aois Críost, míle seascca a cúicc.
Maolbríghde Ua Mannaicch, espug,
Dubhtach Albanach, árd anmchara Ereann agus Alban, décc
i nArd Macha. As do Dubhthach ro raidheadh,




Dubhthach duine dlightheach dúr,
Rontha an sosadh slightheach saor,
Nemh fuair an tanmchara ad cidh,
Ar a thír clár tana coemh.




Domhnall, airchinneach Lucchmhaidh, décc.
Donnchadh Ua Mathghamhna, rí Uladh, do mharbhadh
lá hUltaibh budhdhéissin
i nDaimhliag Bennchair. Bródar,


L. 888


namha Comhghaill as leisidhe ro marbhadh an
ri a mBennchair, do mharbhadh la tigherna Dal nAraidhe.
Domhnall Ua Loingsigh, tigherna Dal nAraidhe,
agus Muirchertach Ua Maolfhabhaill, tigherna Cairrge Brachaidhe, do
mharbhadh lá hUibh Meith.
Echmhilidh Ua hAiteidh, tigherna Ua nEathach, do
mharbhadh lá Cenél Eoghain.
Leochán, mac Laidhgnen, tigherna Gaileng, do mharbhadh
lá Conchobhar Ua Maoileachlaind.
Orgain Cluanae mic Nóis
lá Conmhaicnibh, agus lá hUa Máine.
Cluain ferta do orgain dóibh iarna
bhárach. Itiad so na toísigh
báttar hi suidhe .i. Aodh mac Néill Ui Ruairc, agus
Diarmait, mac Taidhg Ui
Cheallaigh, tigherna Ua Maine. Rainic Ua Conchobhair
Aodh dia soighidh, agus sraoinneadh forra tria
fhiortaibh Dé, Ciaráin,
agus Brénainn, isa cealla ro
oirccset, agus ro cuireadh a nderccár lá
hAodh, agus fáccbhaitt a nethra lais imon
luing tuccsat ó thá in fhairrcce aniar dar lár Connacht co
Sionainn. Terna
Aodh Ua Ruairc as i niorghail sin, agus atbail gan fuirech
iaramh tré fertaibh Ciaráin. Do cher din
Diarmait mac Taidhg Ui
Cheallaigh, agus a mhac Conchobhair
lá rígh Connacht, lá hAodh Ua cConcobhair
ria ccionn bliadhna.
Duarcán, mac Maoilmhiadhaigh
Uí Eolusa, toiseach Muintire Eolais, do mharbhadh lá
hUa Conchobhair .i. la hAodh.
Cno mhes mór an bhliadhain si, co ro gabh
siubhal do glaisibh agus mhion shrothaibh.
Cuilen Ua Domhnalláin, ollamh breithemhnachta Ua Failghe,
do mharbhadh dUibh Crimhthannáin.



Aois Críost, míle seascca a sé.
Dunchadh Ua Daimhene, comhorba Doire,
Coemhoran, comharba Caindigh,
Fiacha Ua Riacáin, airchindeach Cluana Boirenn, décc.
Fogartach, uasal shaccart Achaidh bó, décc iar sendataidh
thogaidhe. Fogartach Fionn do Ultoibh, eccnaidh
agus angcoiri, décc i cCluain mic Nóis.
Giollabraide, tigherna Breifne, do mharbhadh lá hUibh Beccon,
agus Orlaidh a bhen, inghen Conchobhair
Uí Maoilseachnaill, décc. Giollabraide din


L. 890


macsidhe Domhnaill, mic
Tighernáin, mic Ualghairg, mic Néill.
Ceallach, mac Muirchertaigh Ui
Cheallaigh, do mharbhadh.
Mac Senáin, tigherna Gaileng, do mharbhadh.
Giollamoninne, mac Aodha, mic
Ualghaircc, do mharbhadh.
Cionaodh, mac Odharmhaic, tigherna Conaille, décc, iar
naithríghe. Rédlu do arthrucch hi
secht Calainn Mai dia Mairt, iar
Mioncháiscc, co nár mhó dealradh no solus escca
iná a soilsi, agus ba fodherc do chách amhlaidh sin
í co cenn ceatheora noidhche iaramh.
Mac Conaing Uí Mhuireccáin, adhbhar tigherna Tethbha, do mharbhadh
la hAodh Ua Concobhair, agus lá Tadhg Ua Muirecáin.
Aoibhenn, inghen Uí Conchobhair, ben Ui Mhuiregáin,
décc. Uilliam Conquerer do ghabháil ríoghachta
Saxan, an 14 October.



Aois Críost, míle seascca a seacht.
Celechair Mughdhornach, espug
Cluana mic Nóis, do
écc. Do Uibh Ceallaicch Bregh a chenél.
Scolaighe, mac Indrechtaigh, airchindeach Mucnamha, agus
airchinneach Duinlethghlaisi, décc.
Echtighern, mac Floinn Mainistreach,
airchinnech Mainistrech Búithe, décc.
Morshluaichcedh Leithe Mochca lá
Diarmaid, mac Maoil na mbó, la
rígh Laighen, la Murchadh, agus lá
Toirrdhealbhach Ua Briain, la rígh Mumhan, hi cConnachtaibh, co
ttarad Aodh Ua Conchobhair, rí Connacht caith ettarnaidh for a
ccionn, go ro marbhadh ann Ua Conchobhair, tigherna
Ciarraighe Luachra, agus daoine iomdha


L. 892


immaille friss.
Cath Turlaigh Adhnaigh, eitir Aodh an Ghae Bherrnaigh
Ua Concobhair, rí Connacht, agus Aodh mac
Airt Uallaigh Uí Ruairc go fferaibh Breifne ime, du
i ttorchair Aodh Ua Concobhair, rí cóiccidh Connacht luam
gaisccidh Leithe Cuinn, agus do cersat maithe Connacht
imaille fris, im Aodh Ua Conchenaint, tigherna Ua nDiarmada,
agus co sochaidhibh iomdhaibh archena. As do fhoraitmet bháis
Aodha Uí Conchobhair, do ráidhedh an rannt,




Secht mbliadhna sesccat, ní suaill,
Agus míle mór in bhuaidh,
O ghein Críost, ní saobh in smacht,
Co ttorchair Aodh rí Connacht.




Muirchertach Ua Carthaigh do bhádhadh i
Loch Cálgaich. Prímh druith agus primh ollamh Connacht esidhe.
Tadhg Ua Muireccán, tigherna Teathbha, do mharbhadh


L. 894


la Muintir Tlamáin i Maonmhaigh.
Dondsléibhe Ua Gadhra, tanaisi Luighne, do mharbhadh
la Brian Ua nEaghra.
Maoilsechluinn, mac Giollabrighdi,
tigherna na nDéisi, do erghabháil do
Thairrdhealbhach Ua Briain go ttaradh
é illáimh I Bric, go ro dhaill sidhi é.



Aois Críost, míle seascca a hocht.
Cionaodh, mac Muireadhaidh, comharba Caoimhghin,
Anghene Mac an Bheccánaigh, comharba Mocholmócc agus Comhghaill,
Domhnall Ua Cathasaigh airchinneach Dúin,
agus Colmán Ua Críochain,
ferleighinn Arda Macha, décc.
Murchadh Ua Briain, .i. an scéth
ghirr, mac Donnchadha, mic Briain Boroimhe, ríoghdhamhna
Mumhan, do mharbhadh lá fiora Teathbha
a ndioghail a ccreiche, agus a noirccne, agus a chenn do bhreith
co Cluain, agus a cholann go Dearmhaigh.
Domhnall Ua Maoilechlainn, .i. mac
Neill mic Maoileachlainn, tigherna Oiligh, do mharbhadh
hi maidhm Sithbe lá a dherbrathair lá
hAodh mac Néill mic Maoileachlainn, agus is don
Domhnall Sin do ghoirthí Domhnall na mBocht, agus asbeara gomba
sé ba cráibhdhidhe ro bhoí i nErinn ina réimhes.
Flaithbhertach Ua Ferghail, tigherna Tealcha Occ, do ghuin
do chenel mBindigh.
Maoiliosa, mac Amhalgadha, comharba Pátraicc, for cuairt Mumhan
cédna fecht, co ttucc a lán chuairt etir
screpall, agus edbarta.



Aois Críost, míle seascca a naoi.
Cobhthach, saccart Cille dara, cend ordain agus aireachais
Laighen, décc.
Aodh, mac Dubhghaill, seacnab
Cluana Fiachna, décc.
Flannaccán, mac Aedha, fosairchinneach Arda Macha, décc iar
ndeighbhethaidh.
Dún dá lethghlas, Ard sratha, Luscca, agus Sord Choluim Chille, do
losccadh. Ua Haedha, tigherna Ua Fiachrach Arda sratha, décc.
Mac mic Gadhra Ui Dunadhaigh, .i. tigherna
Shíl nAnmchadha, do mharbhadh dua


L. 896


madudháin. Sluaighedh lá Murchadh mac
Diarmada, hi Mídhe co ro
loisc tuatha, agus cealla .i. Gránard, agus Fabhar Fheichín, agus
Ard mBrecain, agus ro mharbh dna,
Féichin eissium ind gnuis do
ghnúis, agus ro marbhadh dearcc ár Gall agus Laighen do tedhmannaibh
examlaibh. Mac Iairn mic Dubhtaich, tigherna na cComann,
décc. Faolan .i. an Dall Ua Mórdha
decc i nAchadh bó.
Giollumolua Ua Bruaideadha, tigherna Ratha Tamhnaighi,
décc. Giollumaire mac Duibh, flaith Crimthannáin, do marbhadh
do Macraith Ua Mórdha,
i ndoras dertaighe Tighi Mochua, iar comhluighi doibh fon
caimhmín ar tús, agus an caimmin i ffarraidh mic Duibh, go
bfuil fail mic Duibh beos, agus go mbia tre bithshior fors an Caimmin.
Macraith Ua Mordha iarttain do marbhadh ag
Muilenn na ccrosán i bhail achadh bó, agus dna, an Caimmin ina
fharradh, i neneach Fionntain, Mocua, agus Colmain.



Aois Críost, míle seachtmodha.
Ailill Ua hAirretuich, ard comharba Ciaráin Cluana mic Nóis, dég
ina oilethre i cCluain Ioraird. Do chorca Raidhe cenel Ailella.
Dondghal mac Gormáin, áird ferleighinn Leithe Chuinn,
agus tánaissi abbaidh Cluana mic Nóis,
agus Cathasach, mac Cairpre,
abb Mungairde,
cenn clérech fhear Mumhan, décc.
Ferghal Ua Laidhgnén, abb Othna,
agus Maolbrighde, mac Cathasaigh,
fossairchinneach Arda Macha, décc.
Mac Baeithine, abb Iae, do mharbhadh.
Murchadh, mac Diarmada, mic Maoil na mbó, tigherna
Gall agus Laighen fri láimh a athar, dég i nAth cliath, dia
domhnaigh lá feile Muire geimridh
do shonnradh. As dia éccaoine ro ráidh an file na roinnsi,


L. 898



Cumha áirdrigh i nAth cliath
Ní ba fairbricch co bráth mbaoth;
Folamh an dún cen ua nDuach,
Luath ro gonadh luth a laoch.
Toirrseach cech drem is in dún,
Imá cend nar caoimseach sluagh,
Aro cheil cách corp an rígh,
Ra sil cech olc co brath mbuan.
Murchadh mac Diarmada déin,
Iomdha diangata na dhiaidh,
Atá i mbron do bhás an mhaoil
Cech slógh ro scaoil gnás don ghliaidh.
Adbhal an béd nach buan é,
Ecc ro pa truacch ara thí
Nach ro moch ro thog dreach dhe,
Neach mar é do chor a crí.
Maith im crodh hUi Maoil na mbó,
Ro bronn scor, agus ro sccail bú,
Ar cend re na dhul co Dia.
Cia ris fa fearr do crudh cú.




Glúiniarn, mac Diarmada, mic
Maoil na mbó, do marbhadh dfhearaibh Mídhe,
agus is ann ro hadhnaicedh hi nDaimhliacc Ciánain.
Conchobhar, mac an chléirigh I
Chonchobhair, .i. rioghdhamhná
Connacht, do mharbhadh do Conmhaicnibh tré fhéill.
Murchadh Liathanach, mac Aedha Uí
Concobhair do mharbhadh i meabhail la muintir fhollamhain.
Maidhm ria nDonnchadh Ua Ruairc, agus ria
nUibh Briuin for fhiora Tethbha,
dú i ttorchair Conn mac mic
Cuinn, tigherna Tethbha co ndruing oile.
Aodh na Dearbha Ua Ciarrdha, tigherna Cairpre, do mharbhadh
imeabhail.
Muirchertach Ua Conchobhair, tigherna Ua Failghe do dhalladh
la a dherbhrathair, Conchobhar.
An clochán ó crois epscop Ethchen co hIrdom Chiaráin


L. 900


do dhenamh hi cCluain mic Nóis lá Maolchiaráin mac
Cuinn na mBocht, agus an clochán o Cros Comhghaill co
hUlaidh na tTrí cCros, agus uaidh
siar go bél na sráide.



Aois Críost, míle sechtmodha a haon.
Giollacriost Ua Clothocán, ferleighinn Arda
Macha, agus ard shaoi na nGaoidhel, décc iar pennainn.
Donnghal Ua Coibhdhenaigh, uasalshacart Cluana
hEidhneach, décc.
Ruaidhri Ua Canannáin, tigherna Ceneoil Conaill, do
mharbhadh lá hAonghus Ua Maoldoraidh.
Aeghredán Ua Muiregáin, tigherna Tethbha, do mharbhadh
la Conmhaicnibh.
Mac Righbhardan mac Conchoirne, tigherna Ele, do mharbhadh
a ccath go sochaidhibh oile i maille fris lá Donnchadh
Ua Ceallaigh, tigherna Ua Maine.
Rí Uladh .i. Cú uladh Ua Flaithrí, do
aithrioghadh agus a ionnarbadh ilLaighnibh
lá hUa Maolruanaidh, agus lá hUltoibh, agus ro marbhadh an
tUa Maolruanaidh sin fo chédóir hi ccath lá
Donnsleibhe Ua hEochadha.
Mac Giollabrighde Uí Maoilmuaidh, tigherna Fer cCeall,
décc. Donnchadh Got, ríoghdhamhna
Temhrach, do marbhadh la
Conchobhar Ua Maoilechlainn.
Hua Sibhlén .i. Giollapháttraicc, tigherna
Ua Foilghe, do mharbhadh hi ccath lá
Conchobhar Ua Conchobhair, torchair ann
bheós Mathghamhain Ua Uathmharain,
agus Lorcán mac Flaithniadh Ui Duibh, tigherna Ua
Cremhthannáin go sochaighibh ele.
Ceall dara, Glend dá locha, agus Cluain Dolcáin, do losccadh.
Finnachta mac Eiccnecháin hUi Cuind, agus Donn mac
Foghartaigh hUi Chuinn, do mharbhadh do Connachtaibh a fill.
Cath ettir Domhnall, mac Murchaidh,
agus Donnchadh, mac Domhnaill
Reamhair, go ro marbhadh ann Tadhg Ua Riain.



Aois Críost, mile seachtmodha a dó.
Maolmuire Ua Muireccán, airchindeach Tuidnidha,
agus Dubhdil, comharba
Bricchde, décc.
Diarmait, mac Maoil na mbó,
rí Laighen, Gall Atha cliath,
agus Leithe Mogha Nuadhat cosnamhthaigh


L. 902


Laighen frí Leith Cuinn, do mharbhadh, agus do dhichenttadh
hi cCath Odhbha dia Mairt an uii Id Febhru,
iar maidhm in chatha fair lá Concobhar Ua
Maoileachlainn, .i. ri Midhe, agus ro marbhadh dna, ilchéda do
Ghallaibh agus Laighnibh imaille fri
Diarmaitt is in cath sin. Ro marbhadh dna, ann
Giollapháttraicc Ua Ferghaile, tigherna na Fortuath,
etc. As do bhás Diarmada do ráidhedh,




A dó secht ndeich ar mhíle,
O ghein Críost cé co rímhe,
Gus an mbliadhainsi céd fer,
I ttorchair Diarmaid Laighen.
Diarmaid dondghlan go ndreich ndaith,
Rí no chongbhadh cleth coccaidh,
Dar fucc hi saoth samh gann sith,
Dith laoch Ladhrann co loingsibh.
Ro tesccait óicc áille ann,
Im cend Cláire, agus Cualant,
Don bheir hi sian gair nach saimh,
Díth rígh Riadhain co ro báigh.
Co ttorchair oc Muilionn Chul
Ruiri forthain ar sár mhúr
Gur bith in breo baoth tria brath,
Ni fríth laoch leó no lamhadh.
Adhbhal an techt, mo cech mart,
As crecht cro im crídhe comhnart,
Don tsluagh a Caíndruim nír cert,
Díth ar saer dhúinn chár dlighset.
Ro mhúch a menmain co mór,
Diarmaid dedgair fo dian bhrón,
Ni fhuil dia bhás frith na fledh,
Ní bhia sídh ní bhia sessedh.


L. 904



Cuuladh hUa Flathrai, rí Uladh, agus
Mac Asidha, .i. Gabhadhan, tigherna Ua nGobhla, do
losccadh do feraibh Midhe i ttigh tened, agus sochaidhe
mór do dhaoinibh oile impu. Trén coinnmhedh la
Murchadh mac Conchobhair i nIsioll Chiaráin, agus fors na
Célibh Dé, go ro marbhadh rechtaire na mbocht ann, conidh de tuccadh
Magh Núra do na bochtaibh. hUa Fócarta, tigherna
éle do marbhadh lá hUa mBriain.



Aois Críost, míle sechtmodha atrí.
Maolmórdha, abb Imleacha Iubhair,
Corbmac Ua Maolduin, aird fherleighinn agus sruith senóir Ereann,
agus Giollacaissi Osraighech, comharba Fedha dúin, do écc.
Conchobhar Ua Maolsechlainn, rí Midhe, do mharbhadh
dar sáruchcadh bachla Iosa tré
fheill agus meabhail, la mac a dherbhráthar,
Murchadh, mac Flainn, agus Mídhe dfásúcchadh iaramh etir
Maolsechlainn, mac Conchobhair,
agus an Murchadh sin mac Flainn.
Cluain Ioraird agus Cenandus co na templaibh do losccadh uile in
aon mhí.
Ceand Chonchobhair Uí Maoileachlainn do
bhreith lá Toirrdhealbhach
Ua mBriain a Cluain mic Nóis ar éiccin aidhche Aoine
ria cCaiscc móir, agus dia domhnaigh fo
chédóir tuccadh andes doridhisi co ndibh failgibh oir
amaille fris tria fertaibh Dé agus Ciaraín.


L. 906


Galar mór do ghabháil an rígh Toirrdhealbhaigh trias
rochuir a fholt agus a fionnfhadh tria fhiortaibh Dé
agus Ciaráin, uair an tan
ruccadh an cenn na fhiadhnuise do sgeind luch a cind
Conchobhair fo choim Toirrdhealbhaigh
gur bohe fochann a ghalair. Bébhind, inghen
Bhriain, décc ina hoilithre i nArd Macha.
Domhnall, mac Ualghairg, toiseach Ua nDuibhindrecht,
agus Cúchaille Ua Finn, tigherna Fer Roiss, décc.
Slóichcedh lá Toirrdhealbhach ilLeith Chuinn, co nderna creach
diairmidhe for Ghailengaibh, agus ro marbhadh
Maolmordha Ua Cathasaigh, tigherna Bregh.



Aois Críost, míle sechtmhodha a cethair.
Dunán, airdeaspug Atha cliath,
Diarmaid, mac Maoilbrenainn, comharba Brénainn,
Maolmordha, comharba Ailbhe,
Cobhthach, abb Disirt Diarmada,
Cúcairrge Ua Ceallaigh, comharba Múra, décc.
Ardmacha do losccadh dia Mairt iar mBeltaine co na uilibh
temploiph, agus cloccaibh eittir raith agus trian.
Cumuscach Ua hEredan, cenn bocht Ereann, décc iar ndeighphennainn
agus iar naithrighe.
Raghnall Ua Madudhain, tanaisi Ailicch, décc.
Donnchadh Ua Ceallaigh, tigherna Ua Maine, do marbhadh
la a bhráthair, lá Tadhg, mac mic
Concobhair Uí Cheallaigh i ninis
Locha Caoláin.
Aodh Meranach, rí Uladh, do bháthadh ilLuimneach no i
Loch Eachach.



Aois Críost, míle seachtmodha a cúicc.
Cumasccach Ua Erodhan, abb Arda Macha,
décc. Donnchadh Ua Canannain, tigherna Ceneoil Conaill, do
mharbhadh.
Amhalghaidh, mac Cathail, tigherna Iarthair Connacht,
décc.
Lughmhadh do losccadh co na teampull.
Cluain Ioraird do losccadh co na dertigh.
Domhnall, mac Murchadha, rí Laighen agus Atha cliath, décc do
galar trí noidhche.
Cionaoth Ua Conbethadh, toiseach Cenel mBinnigh,
décc. Domhnall Ua Caindealbháin do mharbhadh do
Airghiallaibh. Dá mac Augairi I Lorcáin
.i. Donnchadh agus
Giollachaoimhghin do mharbhadh lá mac mic
Giollucomhghaill I Thuathail


L. 908


ag cosnamh forlámhais Ua Murchadha dia nathair.
Slóichcedh lá Toirrdhealbhach Ua mBriain co fferaibh Mídhe
co Connachtaibh, co nGallaibh, Laighnibh, Osraighibh, agus
Muimhneachaibh imme co rángattar
co hAth Fhirdiadh do chuingidh giall for
Oirghiallaibh, agus for Ultaibh. Do ruachtattar maithe an chuiccidh ina
nacchaidh. Batar enech in ionchaibh fri aroile, co ro fighedh iomairecc
occ Ard Mónann eitir Airghiallaibh agus
Muirchertach Ua Briain, .i. ríghdhamhna Mumhan,
agus ro sraoinedh for Mhuirchertach co na sochraide,
agus ro ládh dearg ár a mhuintire, agus
do chódar na maithe sin dia ttighibh gan giall, gan eittire don
chur sin. Ath cliath do ghabháil do
Mhuirchertach Ua Briain.



Aois Críost, míle seachtmodha a sé.
Céle, mac Donnaccáin,
áirdsenóir na nGaoidheal, .i. easbog
laighen, décc iar ndeighbhethaidh
i nGlinn dá locha.
Murchadh, mac Floinn Ui
Maoileachlainn, do marbhadh, i ccend teora
noidhche cona láibh iar ngabháil forlámhais Temhra, i ccloictheach
Cenannsa tré fhéill lá
tigherna Gaileng .i. la
hAmhlaoibh, mac mic Maoláin,
agus a mharbhadh sidhe fein fo chédóir, tria fhertaibh
Dé agus Cholaim Chille, la
Maolseachlain, mac Conchobhair.
Gairbheith Ua hInnrechtaigh, tigherna Ua Méith, do
mharbhadh la feraibh Mídhe.
Giollachríosd Ua Duibhdara,
tigherna Fer Manach, do
mharbhadh lá Fioru Manach
féissin i nDaimhinis.
Domhnall Ua Críochán, toiseach Ua Fiachrach Arda sratha, do
mharbhadh co nár ime lá hUibh Tuirtri, agus lá Cenel mBinnigh
glinne. Slóicchedh la Toirrdhealbhach Ua mBriain hi cConnachtaibh,
co ttánaicc Ruaidhri Ua Conchobhair, rí Connacht, ina
theach. Maidhm Belat ria nAodh Ua Maolsechloinn agus ria bferoibh
Maighe hIthe for Chiannachtaibh


L. 910


in ro ladh a nár. Teirce bídh isin mbliadhainsi.
Slóigheadh la cléirchibh Leithe Mogha im mac Maoildalua go
Cluain Dolcáin dionnarbadh
I Rónáin a Cluain Dolcáin ar ngabail abdaine dó dar sárughadh mic
Maoildalua. Conadh annsin do radad regles co na fherann
i cCluain Dolcáin do celibh dé go brath maille re da fhichit décc bó
tugadh in eneclann do mac Maoildalua.
Ar do chur dUa Lorcáin for mhuintir mic
Giollu Comhghaill, go ttugaid trí
cinn agus tri fichit isin tealaigh re Disiort Diarmad aindes.
Giollachríost, mac Cathaláin, flaith
Ua Nocra, do mharbhadh do mac mic
Tuathail.



Aois Críost, míle sechtmodha a seacht.
Muiredhach Ua Nuadhat, sruith shenóir Dermhaighe,
Maolmartain Macua Certa sruith senóir Cluana mic Nóis,
agus Loingsech Ua Conaire sruith senóir na Mumhan, do
écc. Ferdáchríoch Ua Coibhdenaigh
saoi agus saccart, décc.
Colcu Ua hErodhán, cenn bocht Arda Macha,
Ailbhe, ben tigherna na
nAirther, agus comharba Moninne, décc.
Ua Loingsich, tigherna Dal nAraidhe, do mharbhadh lá
Dal nAraidhe bhudhdéissin.
Giollapháttraicc Ua Ciardha, tigherna Coirpre, décc.
Ua Celechan, tánaisi na
nAirther, agus Ruarc Ua Cathasaigh do mharbhadh.
Murchadh, mac Conchobhair Uí Maoilechlainn,
ríoghdhamhna Midhe, do
mharbhadh do fheraibh Teathbha agus do Catharnach
Sionnach tria format agus misccnighe.
Slóigheadh lá Toirrdhealbhach


L. 912


Ua Briain i nUibh Ceinnsealaigh, go ro chuibhrigh mac
Domhnaill Remhair, tigherna Ua cCeinsealaigh.
Gormlaith inghen Ui Fogarta,
ben Toirrdhelbhaigh Ui Bhriain, décc,
agus maoine iomdha dfodhail di ar cheallaibh agus eccailsibh, agus
ar bhochtaibh an choimhdheadh do raith a hanma.
Teirce mhór dan, isin mbliadhainsi,
agus ingreim for cheallaibh. Cluain mic Nóis do losccadh
uile genmotáid a tteampaill.
Glenn uisen gona iobhraibh do losccadh.



Aois Críost, míle seachtmodha a hocht.
Corbmac Ua Beáin, comharba Crónain Tuama Greine,
agus Coibhdhenach Ultach anmchara Imleacha
Iubhair décc cenn crabhaidh Ereann esidhe.
Conchobhar Ua Briain, tigherna Ceneóil nEoghain agus
Tealcha Occ do mharbhadh la Cenel mBindigh Glinne.
Lethlobhar Ua Laidhgnén, tigherna Airghiall, do
mharbhadh lá Ruaidhri Ua Ruadhacan.
Cathal, mac Domhnaill, tigherna Cenel Enda, do
mharbhadh la Cenel nEoghain na hInnsi.
Domhnall, mac mic Tighernain, tigherna Conmhaicne, décc.
Maidhm for Uibh Cremhthainn ria fferaibh Fernmhaighe hi
Sleibh Fuaitt, i ttorchair Goll
Cláraicch agus araile amaille fris.
Ar for Conaillibh ria nUibh Meith, i ttorchair mac
Uí Treodáin, tigherna Conaille.
Lorcán Ua Briain do écc.
Conchobhar Ua Donnchadha, ríoghdhamhna
Caisil, décc.
Cendfaoladh Ua Dunghalaigh, tigherna Muscraighe thire ordan
agus oirechas Mumhan, dég.
Cinnedigh Ua Briain do ghabháil tighernais Gaileng.



Aois Críost, míle seachtmodha a naoi.
Maolchiaráin, mac Cuinn na mBocht, comharba Ciaráin, do
écc. Ba eisidhen ordan
agus airmittin Cluana ina rémhes.
Ceallach Remhor, comharba
Brenainn Biorra agus Ciaráin Saighre,
Mac Giolladhídhe Uí Lorcáin, tigherna Fernmhaighe, décc.
Ceallach Ua Ruanadha, ard ollamh Ereann ina aimsir, décc.
Cúmidhe, mac Lorcáin, tigherna Fernmhaighe,
décc. Fir Tethbha
agus Cairpre for crechaibh in hUibh Foilghe, go


L. 914


gabhsat bú iomdha, co ruccsat hUi Failghe forra hi cCluain ferta
Molua, co ro cuiredh ár fer Tethbha agus Cairpre imma righ
.i. Mac Congeimhle. Oenach Carman la
Concobhar Ua cConchobhair Failghe.
Aedh Ua Flaithbhertaigh, tigherna Iarthair Connacht, do
mharbhadh lá Ruaidhri Ua cConchobhair.
Giolla cennlas, mac Iarnáin do
Chonmhaicnibh, do mharbhadh, agus a
adhnacal hi cCluain mic Nois.
Mór sluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua mBriain i cConnachtaibh, go ro
dichuir Ruaidhri Ua Conchobhair a righe Connacht.
Toirrdhealbhach Ua Briain do dhol for
Loch mBennchuir, agus for Innsibh Modh, agus
argain na Cruaiche lais.



Aois Críost, míle ochtmodha.
Muiredhach Ua Mughróin, ferleighinn Cluana mic Nóis, décc.
Donn Ua Lethlobhair, tigherna Fernmhaighe, do
mharbhadh do Uibh Laithen i Sléibh Fuaitt.
Derbhforghaill, inghen mic
Briain, ben Diarmada mic Maoil na mbó, décc.
Eochaidh Ua Merlígh, tigherna Fernmhuíghe, do
mharbhadh. Donnsléibhe Ua hEochadha do dhol isin
Mumhain co maithibh Uladh lais ar cend tuarasdail.
Maidhm atha Earghail lá taobh Clochair for Feraibh Manach ria
nDomhnall Ua Lochlainn, agus ria bfheraibh Moighe hIotha, i
ttorcrattar ingrinntidhe Arda Macha .i. Sitrioc Ua Caomháin, agus
mac Néill Ui Sherraigh, agus daoine
iomdha oile. As occ tairrngire an chatha sin ro ráidheatth,




Ath Ergail, in drong naittlaic aterbhaid,
Sochaidhe bhias gan ionmain, do iomghuin Atha Erghail.




Maolsechlainn, mac Conchobhair, do
thiachtain i tTethbha, co nderna indreadh
mór ann .i. crech Chuasáin a hainm eitir bú
agus braitt do bhreith lais, agus daoine do mharbhadh tria
fiortaibh naoimh Chiaráin, uair do
airccset fir Teathbha Cluain mic Nóis co na derteach
is in mbliadhain sin. Sochaidhi do fheraibh


L. 916


Tethbha, agus do Mhuinntir Geradháin, agus do Cairbribh do
theacht ar creich in Uibh Failghe, co ruachtattar Tearmann
Cille hAchaidh. Tarthatar Uí Failghe
iat, agus ro mharbhsat Giollamuire Ua
Ciarrdha, tigherna Cairpre, agus Aedh, mac meic
Dubghaill mic Fionnbháirr, toiseach Muintire
Géradháin, agus araill do saorchlannaibh
cen mo tháit sídhe.
Eochaidh Ua Loingsigh, tigherna Uaithne thíre,
dég. Slóigheadh lá Toirrdhealbhach
Ua mBriain go hAth cliath
agus go fiora Midhe, go ttáinic
Maoilechlainn ina theach lá bachaill Iosa, agus la comharba
Pháttraicc, agus lá clérchibh Mumhan.



Aois Críost, míle ochtmhodha a haon.
Mac mhec Condabhaill uasal shagart Arda Macha,
Fothudh hUa hAille, ard anmchara Cluana mic Nóis, agus Leithi
Cuinn, Flann Ua Lorcáin, uasal shagart Lughmhaidh,
Ua Robhartaigh, airchinneach Lughmaidh,
Célechair Ua Cinneittigh, comharba Colaim mic
Criomhthainn,
Coindeccan Ua Flainn, comharba Brénainn Cluana ferta,
agus hUa Bruic, comharba
Senáin Insi Cathaigh, décc.
Corcach mór Mumhan do losccadh eittir
tighibh agus templaibh.
Ceall da lua do losccadh.
Mac Angeircce, tigherna Conaille, do mharbhadh lá feraibh Fernmhaighe.
Macraith Ua hOccáin, tigherna Cenel Ferccusa, do
mharbhadh.
Maolmithidh Ua Maolruanaidh, tigherna Ua tTuirtre, do
mharbhadh lá Cenél mBinnigh Glinne.
Giollasiadnata mac Amhalghadha, mic
Flainn, tigherna Calraighe, do mharbhadh do
Mhaolsechnaill tria fhiortaibh Ciaráin, uair ro airccsidhe
dertheach Cluana mic Nóis an bliadhain sin.
Aru do argain do Ghallaibh.
Mac Amhalghaidh mac Floinn,


L. 918


tigherna Callraighi, do mharbhadh la Maoileachlainn mac
Conchobhair.
Cucatha Ua Colmáin dég.



Aois Críost, míle ochtmodha a dó.
Cionaedh Ua Ruaidhin,
tánaissi abbadh Cluana mic Nóis, senóir agus cend athcomhairc,
Conchobhar Ua Uathghaile, ferleighinn Glinne hUissen,
agus Dúnchadh Ua Cetfadha,
dá shruith shenóir iarthair Laighen iadsidhe, agus a nécc.
Giollacríost Ua Maolfabhaill, tigherna Cairrcce
Brachaidhe, Fionnchadh Mac Amhalghadha, toiseach Cloinne Bresail,
Flaithbhertach Ua Maoiledúin, tigherna Luircc,
Uidhrin Ua Maoilmuire, taoisech Cenél Fearadhaigh, décc.
Domhnall, mac Taidhg Uí Chonchobhair, ríoghdhamhna
Connacht, do mharbhadh la derbhrathair a athar,
lá Cathal mac Aodha Uí Conchobhair, gan nach cion aithnidh do
dhaoinibh, acht ar tnúth agus format.
Cathal Ua Conchobhair do mharbhadh lá
Ruaidhri Ua cConchobhair i ccath co sochaidhe
móir ime.
Dream mhór dIarthar Midhe, do Dealbhna, agus Cuircne do mharbhadh
for Loch Ríbh lá Domhnall, mac
Floinn, mic Maoilechlaind, agus
maidhm na nethar ainm an mhadhma tuccadh forra.
Reíleacc Chailleach Cluana mic Nóis do losccadh co na
doimhliag, agus gus an trian airtherach don chill uile.
Domhnall, mac Conchobhair Uí Bhriain, do mharbadh.



Aois Críost, míle ochtmodha a trí.
Muirchertach Ua Cairill, airchinneach Dúin, saoi breithemhnais agus
senchassa Ereand,
Giollamoninne, airchinnech Lughmhaidh,
Macraith Ua Baillen, comharba Cronáin Rossa Cré,
agus Tadhg Ua Taidhg, comharba Flannáin Cille Dalua, décc.
Domhnall Ua Canannáin,


L. 920


tigherna Ceneóil cConaill, do mharbhadh lá Cenel cConaill budheíssin.
Domhnall Ua Lochlainn do gabháil ríghe
Cenéil Eoghain, agus slóighedh
ríogh lais hi cConaillibh, co
ttucc bóromha mhór, agus co ttaratt
tuarustal don tsluaighedh sin do feraibh Fernmhaighe.
Aodh Ua Maoilechlainn, tigherna Oiligh, décc.
Conghalach Ua Ciardha, tigherna Cairpre, do mharbhadh
la Conmhaicnibh co sochaidhibh imaile fris.
Dunlaing Ua Lorcáin, tanaisi Laighen do
mharbhadh. Somhairle Mac Giollabrighde, rí Innsi Gall, décc.



Aois Críost, míle ochtmodha a cethair.
Giollaphattraicc, epscop Atha cliath, do bhádhadh.
Muiredhach Ua Ceithnén, airchinneach Cluana hEoais, décc.
Niall Ua Sesnáin, sruith shenóir na Mumhan,
décc. Ceall Dalua, Tuaim Greine, agus Magh néo Norbhraighe
do losccadh do Chonmaicnibh.
Glend dá locha co na temploibh do losccadh.
Ecclas Fuinche .i. Ross airthir, dfothughadh.
Slóiccheadh la Donnsléibhe, rí Uladh co Droichet átha, co ttarat
tuarustal do Donnchadh, mac
Cailigh Uí Ruairc. Creach la
Domhnall Ua Lochlainn tar a éis a nUltaibh, co ttuccsat braitt
agus borómha mhór.
Slóiccheadh lá fiora Mumhan a Midhe, agus
as for an slóighedh sin atbath Conchobhar Ua Cétfádha, ordán agus
oireachus Mumhan eisidhe. Dochodar dna, Conmhaicne i
Tuadhmhúmhain dar a néisi, co ro
loisccset dúine, agus diongnadha
iomdha, agus do bhertsat crecha dirímhe.
Donnchadh mac an Cailigh Uí
Ruairc co nairther Connacht co
Cairbribh, agus gailengaibh do thecht ilLaighnibh
conus tairthettar Gaill, Laighni,
Osraighe, agus fir Mhumhan im
Muirchertach Ua mBriain, agus fechar
scainder fuileach foirdherg etorra occ Móin Cruinneoige an
cethramhadh Callainn do Nouember,
agus do chersat ile etorra atiu agus anall. Torchair din ann
Donnchadh Ua Ruairc, Ceinneittigh
Ua Briain, agus a mac Tadhg,
agus mac Uí Chonchobhair


L. 922


Fhailghigh, agus drong mhór oile do shaorchlandaibh agus
daorclandaibh nach
airimhther. Conadh ceithri mhile torchratar ann,
agus rugadh cenn Donnchaidh Ui Ruairc co
Luimneach.
Domhnall Ua Gairmleghaidh do mharbhadh do
Domhnall Ua Lochlainn.



Aois Críost, míle ochtmhodha a cúicc.
Aodh Ua hOisín, comharba Iarlaithe,
agus airdepscoip Tuama, décc.
Find, mac Gussáin, mic
Gormáin, epscop Cille dara, décc i cCill achaidh.
Gilla na naomh Laighen,
uasal epscop Glinne dá locha,
agus cenn manach iar sin in Uairisburg, décc
uii Idus April.
Ughaire Ua Laidhgnéin, airchinneach Ferna,
Gormghal Loighsech, comharba
Reglesa Bhrighde i nArd Macha saoi in eccna, agus
i ccrabhaid.
Neachtain mac Neachtain sui epscop Ruis ailithre,
Mac Soilligh, airchinneach
Insi caoin Degha, dh'écc.
Clereach Ua Sealbhaigh, ard comharba Bairre, ordan
agus eccna Desmhumhan, do fhorbadh a
dheighbhethaidh isin cenntar,
agus Giollachríost mac Cuinn na mBocht, maic cleirigh as
ferr baoi in Erinn ina reimhes ordán agus
oirechus Cluana mic Nóis,
décc. Ceall caindigh do losccadh durmhór.
Murchadh Ua Maoldoraidh, tigherna Cenel Conaill, tuir
ordain, oinigh, agus engnamha an tuaisceirt
dfaghail bháis. Ualgharcc Ua Ruairc, ríoghdhamhna Connacht,
décc. Aenghas Ua Caindealbháin, tigherna Laoghaire, décc.
An dall Ua Fhaoláin, .i. mac Giollabrighde, tigherna na nDéisi,
décc. Muiredhach mac Duibh, toisech Muintire Eolais uile do
erghabhail lá Toirrdhealbhach Ua mBriain, agus Muintir
Eolais uile do orgáin dó.
Creach ghabháil la Conmhaicnibh dar Shiol


L. 924


nAnmchadha, co ro mharbsat an Coningin Find mac
Ualachtáin, agus co ttuccsat tola bó.
Ar ndaoine agus indile isin
mbliadhainsi, gur bhó hé a mhéd co ndernaitt
aittreabhaigh dia roilibh daoinibh saidhbhribh innte.
Oenghus Ua Caindelbháin, tigherna Laeghaire, do
mharbhadh hi cCluain Eraird iar ndol i
ccléircecht dó, lá mac meic
Coirtén Uí Maíleruain,
tigherna Dealbhna móire.



Aois Críost, míle ochtmodha a sé.
Maolcaoimhghin, uasal espucc Uladh,
Erchadh Ua Maolfoghmhair, airdespucc Connacht,
Maoiliosa Ua Brolcháin, sruith senóir Ereann,
saoi i neaccna, i ccrabadh
agus hi filidhecht an bherla cechtardha. Ba he méd a eccna,
agus a ergna go ro scriobhadh féin liubhra agus ealadhna
lána damhainsi, agus dinntleacht. Ro fhaoidh a spirat do chum
nimhe isin sechtmhadh decc Callainn Febru,
amhail asberar,




Hi sepdecim Callainn Feabhra,
Aidhche fhele Fursa find,
Atbath Maoiliosa Ua Brolchain,
Acht cidheadh nír trom tamh tinn.




Fiachna Ua Ronáin, airchinneach Cluana Dolcáin, décc.
Maolsechloinn Ua Faoláin, athlaoch
tocchaidhe, décc.
Maidhm ria nAirtheraibh for Uibh Eathach, i ttorchair Domhnall
Ua hAitteidh co ndruing oile. Maidhm Eochaille ria


L. 926


nUltaibh for Airghiallaibh agus for Ua
Ruadhacán, i ttorchair Cumasccach Ua
Laithéin, tigherna Síl Duibhthire, agus Giollamoninne Ua hEochadha,
tigherna Cloinne Síonaigh, agus sochaidhe oile
amaille friú. Amhalghaidh, mac Ruaidhri Ui
Ruadhacán, do mharbhadh do feraibh Fernmhaighe.
Toirrdhealbhach Ua Briain, rí Ereann co fresabhra, iar mbeith i
ngalar chian fhoda, uair nír bhó slán somh ón
tan rugadh cend Choncobhair Uí Maoilechlainn ó Chluain
mic Nóis, go nerbail hi cCenn coradh isin xxii bliadhain a fhlaithesa,
agus isin lxxuii a aoisi hi Prid Id Iul do shonnradh, iar martra fhoda,
agus iar naithrighe diochra ina pheacthaibh, agus
iar ccaithemh cuirp Críost agus a fhola, agus
Tadhg Ua Briain, a mhac, décc is in mí
chédna. As dfhoraithmet bháis
Toirrdhealbhaigh ro ráidhedh,




Ochtmodha bliadhan gan bhréicc,
Agus míle na mór mheitt,
Sé bliadhna ó ghein mic Dé dil,
Go bás Thoirrdhealbhaigh tuirmigh.
Aídhche Mairt hi Prid Id Iul,
Ria féil Iacoib co nglan rún,
Iar ndó fichet atbath,
An taird rí tenn Toirrdhealbhach.




Maolseachlainn, mac Concobhair, do
dhol co hAth cliath, agus maidhm fair
ria nGallaibh, agus ria Laicchnibh .i. maidhm na
Críoncha, du i ttorchair Maolchiaráin
Ua Cathasaigh, tigherna na Saithne, agus Tuath
Luighne, agus sochaidhe oile cenmothasidhe im Maelmuaidh,
tigherna Fher cceall.
An Sionnach Fionn .i. Tadhg Ua Catharnaigh, tigherna Tethbha,
agus Cionaodh a mac,
agus Ua Muiredhaigh, toiseach Muintire Tlamháin, do mharbhadh hi
fioll lá Maolseachlainn, mac Conchobhair occ Loch Maighe Uatha
hi ccion Murchaidh mic Concobhair, do mharbhadh lá


L. 928


hUa cCatharnaigh Siondach.
hUa Baighelláin, tigherna Airghiall, do thuitim lá Conaillibh.
Mac Beathadh Ua Conchobhair, tigherna Ciarraighe, do
mharbhadh (no do écc).



Aois Críost, míle ochtmhodha a secht.
Maolsechloinn, mac Conchobhair, rí Temhrach, do mharbhadh
lá Cathal, mac Muiricen,
agus lá feraibh Tethbha i nArdachadh Epscoip Mel, tria fheill agus
meabhail,
Domhnall mac Giollapatraic, tigherna Osraighe, décc iar
mbeith i ngalar fhoda.
Cathal Ua Cétfadha do mharbhadh lá
Laighnibh.
Cúsléibhe Ua Ciarrdha, tigherna Coirpre, do
mharbhadh. Domhnall Ua Laithén do marbhadh la
Domhnall mac meic Lochlainn.
Maolruanaidh Ua hAirt, .i. do Chloinn Diarmada, tigherna
Tethbha, décc.
Cath eittir Ruaidhri Ua Concobhair, rí Connacht, agus
Aodh mac Airt Uí Ruairc, tigherna Conmaicne agus Breifne,
hi cConachail hi cCorann, agus ro meabhaidh for
Ua Ruairc. Marbhthar é budhéin, agus
Muiredhach mac Duibh, toiseach Muinntire hEolais,
agus mac Gofraidh Uí Shirittéin, agus mac Consléibhe
Uí Ferghail, agus maithe Conmaicne archena etir shaor agus daor,
torcrattar isin cath sin Coraind lá
Ruaidhri. As do fhoraithmhet an chatha sin atrubradh,




Secht mbliadhna is ochtmodha án,
Agus míle caomh comhlán,
O ro genair Criost gan choll,
Co cath conachla hi ccorann.




Cath Ratha Edair ettir Laighnibh,
agus fiora Mumhan,
cor raeimhidh ria Muirchentach Ua mBriain
agus ré bferaibh Mumhan for Laighnibh
agus for mac Domhnaill


L. 930


mic Maoil na mbó, agus ar
Diarmuid Ua mBriain, agus ar
Enda mac Diarmada co ro ladh ar
mór annsin for Laighnibh im mac
Murchadha Uí Domhnaill im tigherna hUa nDrona,
agus im Chonall Ua Ciarmaic, agus im
Ua Néill Maighe dá chon, srl.
Sluaigeadh lá mac Lochlainn, co ro loisc
Tuaith inbhir i mBregaibh, agus co
ro ládh ár for a mhuintir.
Niall Ua Ceatfadha décc.
Cathal Ua Cetfadha do mharbhadh lá Laighnibh.
Meas mór, agus iomatt toraidh,
agus bó ár,
agus ascalt isin mbliadhainsi, agus
gaeth mhór co ro bhris taighe agus templa.
Uilliam Rufus do ghabhail rioghachta Saxan,
9 September.



Aois Críost, mile ochtmodha a hocht.
Corbmac Ua Finn, áirdfherleighinn Dal cCais,
décc.
Cathalán Ua Forréidh, saoi a negna agus gcrabhadh, décc dia
domhnaigh Initte i tteirt Nóin Marta
i nImleach Iobhair, conadh dó do ráidhedh,




Cathalán an chrabhaidh chóir,
Ba sruith sámhaidh, ba Senóir,
For nemh isin grianán gle,
Luidh i féil Chiaráin Saighre.




Tighernach Ua Braoin, ardchomharba Chiaráin agus Chomáin, décc
i nIomdhaidh Chiaráin. Suí leighind agus senchusa ésidhe.
Maoiliosa Ua Maoilgiricc, airdfhile


L. 932


agus ardollamh, décc.
Dubhchablaigh, inghen Aodha Ui Conchobhair .i. Aedh an
Ghae bhernaigh, ben rí Mumhan, décc.
Mór, inghen Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain, ben rí Connacht,
décc. As doibh sin atbert Muirchertach Ua Briain,




Mor inghen mic Taidhg atuaidh,
Arricht tech déccaibh diombuaidh,
Dubhchobhlaitth oc dol do Chluain,
I madain focchmair fionnfhuair.




Ruaidhri Ua Concobhair co feraibh Connacht do
ghabháil Insi adharcaigh ria bferaibh Mumhan ar na ro
léicceadh a ccobhlach secha soin suas, agus do rattadh maidhm
for Mhuirchertach co ffarccaibh ár a muinntire
ann. Ro ladh dna ár for chobhlach an fhir
chédna iarna tteacht timceall thiar for an ffairrge do iondradh
Connacht. Indredh din Corco Modhruadh ó
Ruaidhri fo trí, agus
as inueachtain má ro fhágaibh cethra ná daoine gan
malairt don chur sin, agus do rochrattar tria bhaoghal triar do
maithibh Connacht .i. Giolla coirpthe, mac
Cathail Uí Mughróin, toiseach Cloinne Cathail,
agus Cúsionna, mac Murchadha
Uidhir toiseach Cloinne Tomaltaigh, agus mac Giollacriost, mic
Echtighern, toiseach Corcu Achlann.
Ar mór for Ghallaibh Atha cliath, Locha Garman,
agus Puirt Loairge ria nUibh Eachdhach Mumhan isin ló ro
iomraidhset Corcach Mumhan do orgain.
Slóighedh lá Domhnall, mac Mic Lochlainn, lá rígh nAiligh, co ttuaiscert
Ereann imme hi cConnachtaibh, co ttart
Ruaidhri Ua Conchobhair, rí Connacht, gialla Chonnacht uile
dhó. Do dheochattar dibhlinibh co na sochraittibh is in Mumhain,
go ro loisccset Luimneach, agus ro indraiset


L. 934


Machaire na Mumhan .i. co hImleach Iubhair, agus Loch Gair,
agus Brúgh rígh, agus Dún Achéd, agus co druim Ua Clercén,
agus rucsat cenn mic Cailigh Ui Ruairc o
chnocaibh Sainccil, agus ro thoghailset, agus ro
mhúrsat Cenn coradh, agus ro
gabhsat ocht bfichit laech etir Galla, agus Gaoidheala i ngiallnus a
naittire, agus
tangattar dia ttighibh iaramh. Atiad roighne na naittire sin Mac
Madadháin Ui Cinneidigh, mac Congalaigh I Occáin, agus mac
Eachdhach Ui Loingsigh. Do radadh bá, ech, ór, orgat,
agus carna tar a cenn ó Muircherthach Ua Briain ina ffuaslaccadh.
Derbhail, inghen hUi Mailsechnaill, décc.



Aois Críost, míle ochtmodha a naoi.
Giollapháttraicc Ua Célechán secnap (.i. prioir) Arda Macha,
Concobhar, mac Foghartaigh hUi Maoiledúin secnab Cluana mic Nóis,
agus Ferghal hUa Meisdedhaigh, ferleighinn Imleacha Iubhair,
décc. Maidhm ria nUibh Eathach Uladh for
fhiora Fernmhaighe, dú i
ttorchair mac Aedha Uí Chríochain,
tigherna Fernmhaighe, agus dá thánaisi
décc do shaor chlandaibh, go sochaidhibh iomdhaibh oile.
Donnchadh mac Domhnaill Reamhair, tigherna Laighen
(no Ua cCenselaigh) do mharbhadh do
Chonchobhar Ua Concobhair Failgi tria bhaoghal.
Laech as amhra ro baoi ina aimsir, tuir catha ar chalmatas eisidhe.
Donnchadh Ua Giollaphattraicc, .i. mac Domhnaill,


L. 936


tigherna Osraighe, do
mharbhadh do mhacaibh mic Brain Bric.
Giollacaindigh Ua Flaithfhiledh, tigherna Dealbhna Bethra,
do mharbhadh lá a bhráthair Aedh, mac Cochlain Uí Fhlaithfhiledh.
Cobhlach fer Mumhan .i. im Muirchertach Ua mBriain, do
thiachtain for Sionainn,
agus for Loch Ribh co ro airccset cealla an locha, .i. Inis Clothrann,
Inis bó finne, Inis Aingginn agus Cluain Eamhain, co ro dúnadh
Aidhirceach, agus Rechraith iarsin dar a neis
lá Ruaidhri Ua Conchobhair, lá rígh Connacht.
Tangattarsomh anuas iaramh co Cluain, agus ro raoineadh orra
suas ina ffritheing co hAth Luain, ba hannsidhe baoi
Ua Maoilechlainn .i. Domhnall mac Floinn, rí Temhrach in erlaimhe for a
ccind, go ffargaibhset ogh
a long agus a nethar ag Ua Maoileachlainn annsin,
agus do dheochattar féisin for a chomairce, agus
ro hiodhnaicthi iomlán iatt iaramh co fiora Mumhan.
Ruaidhri Ua Concobhair agus Domhnall Ua Maolsechlainn do dhol
illongaibh agus inethraibh co ro indirset Mumha
co Cluain caoin Módiómóg Conidh as inueachtain foragsat míol
nindile in airett sin lá taobh braitti
do thabhairt leo. Crech mhór lá Domhnall Ua Maoileachlainn, lá rígh
Temhrach, co rocht Iobhar chind trachta go
ro airgi fiora Fernmhaighe, Conaille, Mughdhorna,
agus Ui Méith, agus go ro loisc Conaille uile.
Iseall ciarain do chendach ar dhilsi do Corbmac Mac Cuinn na mBocht ó
Ua Flaithén, agus ó
Dhomhnall mac Flainn Ui Maoilechloint ó rígh Midhe.
Corcach, Imleach Iubhair, Ardferta, agus Ceall dara, do losccadh.
Luscca do losccadh lá fiora Mumhan, agus naoi
ffichit duine do losccadh ina daimhliag.


L. 938


Aois Críost, míle nochat.
Maoldúin Ua Reabhacán, comharba Mochútta,
agus Cian Ua Buachalla, comharba Cainnigh
i cCiannachta, décc.
Ingnadan, ferleighinn Cluana hEraird, do mharbhadh.
Maolruanaidh Ua Cairellán, tigherna Cloinde Diarmatta,
agus Giollacriost Ua Lúinigh,
tigherna Cenél Moen, do mharbhadh
in aon ló lá Domhnall Ua Lochlaind.
Comdhál mhór etir Domhnall, mac Mheic Lochlaint, rí
Ailigh, agus Muirchertach Ua
Briain, rí Caisil, agus Domhnall mac
Floint Uí Maoilechloinn, tigherna Mídhe,
agus Ruaidhri Ua Concobhair, rí Connacht, agus
do ratsat uile gialla do rígh Ailigh, agus
do scarsat fo sidh, agus caenchomhrac.
Muirchertach Ua Briain do thuidhecht hi Mídhe for
creich iaramh, agus fechair
iomairecc eittir Domhnall, rí Mídhe,
agus Muirchertach cona a slocchaibh i
Maigh Léna. Ro meabhaidh for Mumhain,
agus ro ládh a nár im Maolsechlainn
Ua nDungalaigh, agus im mac Conín
Uí Duibhcind, agus im mac Maoilmordha Uí Domhnaill mac rígh
Ua Ceinnsealaigh.
Crech shluaichcedh lá Domhnall Ua
Maoilechluinn isin Mumhain, co ro loisc
Dúin na scciath. Crech oile bheós lás an
Domhnall cédna, go ro aircc Urmumhain uile.
Ruaidhri Ua Concobhair do losccadh Dúine Aichet.
Muirchertach Ua Bric, tigherna na nDéisi do
marbhadh. Muirchertach Ua Briain do dhol ar Loch Riach tre
bhaogal. Sluaigheadh lá Muirchertach Ua mBriain,
agus lá feraibh Mumhan, agus la


L. 940


Gallaibh Atha cliath, go ro indirset cenntur Laighen,
agus fiora Breagh go hAth buidhe,
agus do bhertsat da aittire dUa Lochluinn .i. Domhnall, ar a
nanacal ó tha sin siar.



Aois Críost, míle nochat a haon.
Cendfaoladh Ua hOccáin, comharba Brénoinn, décc.
Murchadh, mac mic Domhnaill Remhair, do
mharbhadh i meabhail lá hEnda, mac Diarmada.
Mac mic Aodha mic Ruaidhri, tigherna Iarthair Connacht,
décc. Cionaeth Ua Mordha, tigherna Laighisi, agus
mac Maolruanaidh, mic Concóirne, do chomhthuitim i ttigh
Uí Bhriain hi cCaisseal.
Cearbhall Ua hAodha sinnsior Cloinne Colmáin, décc.
Laidhgnen .i. an Buidhenach Ua Duindcothaigh, tigherna
Gaileng, do mharbhadh dUibh Briuin.
Slóighedh lá Muirchertach Ua mBriain, co ro aircc Iarthar Midhe.
Slóigheadh lá Connachtaibh, co
ro loiscset mór don Mumhain.
Bran Ua Caindelbháin do mharbhadh do mhac Mic Coirtén.
Creach na naithinneadh do dhénamh do Mhuirchertach
Ua Briain, aidhche Nottlac mór, ar Uibh Failghe
agus ar mhacaibh mic Brain Bric. Síth do
dhénamh do Muircertach agus do mhacaibh
Taidhg Ui Briain, agus Tuadhmhumha do dhol dia ttighibh, agus
feall do mhac Thaidhg forra, agus a narccain do
Chonnachtaibh. Muirchertach Ua Bric, tigherna na nDéisi, do
mharbhadh. An leth iartharach do ráith Arda Macha do losccadh.
Maoiliosa, comhorba Phattraic,


L. 942


décc iar bpennainn 20 December,
agus Domhnall, mac Amhalgadha,
doirdneadh ina ionadh isin abdhaine fo chedóir.
Sitriug, mac Giollabruide, do mharbhadh i meabhail.



Aois Críost, míle nochat a dó.
Connmhach Ua Cairill, espucc, agus riaghlóir togaidhe,
Corbmac, abb Mainistrech sruith shenóir naomh, cend eccna agus
crabhaidh na nGaoidhel.
Muirchertach, mac Loingsich, comharba Findéin
Cluana hEraird,
agus Maoiliosa Ua hArrachtáin,
comharba Ailbhe Imlich, décc.
An Cráibhdhech .i. Fiachraich Ua Follamhain, saccart do
Chonnachtaibh do bádhadh ilLoch Cairrgin.
Ráith Arda Macha co na temploibh do losccadh an
cethramhadh Callainn do September, agus sreth do Thriun Mór,
agus sreth do Thriun Saxan.
Ruaidhri Ua Conchobhair .i. Ruaidhri na
soidhe buidhe, airdrí Connacht, do dhalladh dUa Flaithbhertaigh
.i. do Flaithbertach, agus dFoghartach
Ua Foghartaigh tria fheill agus tria mheabhail. Ba
cáirdes Criost fo shecht
Ruaidhri dUa Flaithbhertaigh.
Donnchadh, mac Carthaigh, tigherna Eoghanachta Caisil do
mharbhadh lá Ceallachán Caisil.
Enda, mac Diarmada, tigherna Ua cCeinnsealaigh, do
mharbhadh lá ceinnsealachaibh feisin
.i. do mac Murchaidh, mic Diarmada.
Creach mhór lá Conmaicnibh tar
síol Muireadhaigh, co ro fágbhadh
Magh nAoi leó gan innile.
Donnchadh mac Uí Chonchobhair
Failghigh do mharbhadh lá a bhraithribh féisin.
Reódh mór agus aigh isin mbliadhainsi, co ro reodhset locha
agus aibhne Ereann, co nimthighdís daoine
agus eich cosaibh tiormaibh dar na lochaibh, agus ro feradh
sneachta mór na diaidh sin.
Slóigheadh lá muirchertach Ua mBriain i cConnachtaibh, go rug gialla
uadhaibh. Diarmaid Ua Briain dionnarbadh i nUltaibh.
Muiredhach Mac Carrthaigh, tigherna Eoghanachta,
décc. Domhnall mac Amhalgadha, comhorba Phátraicc for
cuairt Cenel nEoghain, co


L. 944


ttug a réir. Aodh, mac Caghail Uí Conchobhair, do
ghabhail do Bhriain, agus righe Sil Muiredhaigh do
thabhairt do Ghiolla na naomh Ua Conchobhair.
Cobhlach fer Mumhan do arccain Cluana mic Nóis.



Aois Críost, míle nochat a trí.
An tepscop Ua Bríghtén décc.
Ailill Ua Nialláin, tanaisi abbadh
Cluana mic Nóis, Comhorba
Crónáin Tuama Gréine, agus comharba Colmáin Cille mic Duach,
Aodh, airchinneach Doimhliag Chianáin,
hUa Scoptha, comharba Commáin,
agus Aodh Ua Conghaile, airchinneach Taighe
aidhedh Cluana mic Nóis, décc.
Aodh Ua Canannáin, tigherna Cenil Conaill, do dhalladh lá
Domhnall Ua Lachlaind, lá rígh nAiligh.
Aodh Ua Baigheallán, tigherna Airghiall, do
mharbhadh la Conaillibh Muirthemhne.
Aodh, mac Cathail Uí Conchobhair, tigherna Shíl Muiredhaigh,
do mharbhadh hi Mumhain i ngeimhel lá Foghartach
Ua Foghartaigh tria fheill agus mheabhail.
An Taithclereach .i. Niall, mac
Ruaidhrí Uí Conchobhair, do mharbhadh do Conmhaicnibh.
Dubhdara, mac mic Aighennáin, tigherna Luighne,
décc. Trénfher Ua Ceallaigh, tigherna Bregh, do mharbhadh
lá hUa nDuibidhir i nDoimhliag Chianáin.
Muirchertach Ua Briain dorgain agus
dionnarbadh Sil Muiredhaigh uile hi tír nEoghain iar ngabháil
a ttigherna Giolla na naomh Ua
Conchobhair, Ui Conchenainn, mic
Taidhg, tigherna Ua nDiarmada.
Síol Muiredaigh do thoidhecht
doridhisi hi cConnachtaibh gan
chedúghadh. Sneachta mór agus
reódh isin mbliadhainsi co ro thechsat locha na hEreann.
Ard Macha do losccadh co na temploiph.



Aois Criost, míle nocha a ceathair.
Donnslébhe Ua hEochadha, rí Uladh, do mharbhadh la
rígh Ailigh .i. Domhnall, mac Mic Lochlainn, a ccath
Bealaigh


L. 946


Ghuirt an iobhair.
Fir Ereann do coimhthriall go hAth Cliath .i. Muirchertach
Ua Briain co fferaibh Mumhan co nOsraighibh agus Laighnibh,
Domhnall, mac meic Lochlainn, rí Oiligh co
cCenel Conaill, agus Eoghain,
Domhnall, mac Flaind, rí Temhrach, co feraibh Midhe,
Donnchadh Ua hEochadha, co nUltaibh, agus Gofraidh, tigherna
Gall agus Atha cliath, co nochat long leis. Tángattar an lucht anoir
go Maigh Laighen, co ro loiscset Uachtar áird, agus co
raímhidh bán mhaidhm mór for feraibh
Mumhan, Laighnibh, agus Osraighibh reampa. Iompoit iar sin Ulaidh,
ár nír bhó hadhlaic leó Laighin do indriudh. Imsoiset
iarsin fir Mhúmhan soir doridhisi, agus ro
iondarbhsat Gofraidh a hAth cliath, agus ro aithríoghsat rí
Temhrach .i. Domhnall, agus ro iondarbhsat é i nOirghiallaibh
iar niompódh do fheraibh Midhe fair.
Do dheochaidh iarsin Ua Maoilsechlainn uathadh mbecc
atuaidh co ra ghaibh ba Luighni, agus airthir Mídhe uile, rugsat
Luighni agus airther Midhe fair, agus amhsa rígh Mumhan oc
Loch Lebhind, co ttarrus eittir na bú agus an lorcc,
agus ro himredh eccomhlann fair la a mhuinntir feisin .i. mac
Meic Aighennáin co na shochraitte, agus
do chear leó arrí budhdein .i. Domhnall mac Flaind, agus
Giollaénáin mag Lughadha, isin
cnoc uas Fabhair Feichin.
Flaithbhertach Ua hAddith, tigherna Ua nEatach
Uladh, dho dhalladh lá Donnchadh Ua nEochadha, lá rígh
nUladh. Ar for Airtheraibh lá hUltoibh, dú i ttorcrattar drong
mhór do shaorchlandaibh im Ua Fedacán,
agus im Domhnall mac Aonghusa.
Conchobhar Ua Conchobhair, tigherna Cianachta Gleinne
Gemhin, dég iar ndeighbhethaidh.
Conchobhar Ua Conchobhair, tigherna Ua bFailghe, do ergabháil lá
Muirchertach Ua mBriain, lá righ Mumhan.
Slóighedh lá Muirchertach Ua
mBriain co fferoibh Mumhan ime hi Connachtaibh,
agus ro shoi ina frithing gan giolla.
Slóighedh oile dan lás an lucht chédna etir loch
agus tír co Dún Tais, agus ro rannsat Midhe eiter


L. 948


dís .i. eiter Donnchadh, mac Murchadha mic Floinn, agus
Conchobhar, mac Maoilsechlainn.
Ruaidhri Ua Donnagán, tigherna Aradh, décc.
Cathraoineadh ria tTadhg, mac Ruaidhri
Uí Conchobhair, agus ria Síol Muiredhaigh for Tuadhmhúmhain,
agus for iarthar Connacht, dú hi ttorcratar trí chéd, agus ro
airccsett iarthar Connacht uile. Ba do na maithibh torcratar isin
cath sin Amhlaoibh Ua hAichir, Donnslébhe Ua Cinnfhaoladh, agus mac
Gillefursa Uí Mhaoilmhuaidh. Cath Fiodhnacha a ainm.
Iomhar Mac Giolla Ulltáin, taoiseach Muinntire Maoilsionna, do
mharbhadh lá fiora Mídhe.
Domhnall, comhorba Phátraicc, for cuairt Mumhan cédna
cur co ttug a lánchuaiat screpall la taebh nedbarta uadhuibh.
Giolla na ninghen mac Uí Cobhthaigh, tigherna Umhaill, do écc.
Oirchinneach Achaidh fabhair do mharbhadh dferaibh
Cera.



Aois Críost, míle nochat a cúicc.
An tepscop Ua Corcráin, comharba Brénainn Cluana ferta, décc.
Senoir mac Maoildálua, anmchara Ereann uile, décc iar sendataigh,
agus iar ndeighbhethaidh.
Teidhm anbfoill isin Eoraip uile hi ccoitchinne isin
mbliadhainsi, agus atbert aroile co nepletar cethroimhe do
dhaoinibh Ereann don támh hi sin, atiad andso drong do na
deghdhaoinibh eitir ecclais agus tuaith atbailset.
Donnghus, epscop Atha cliath, hUa Mancháin .i. an brethemh,
comharba Caoimhghin,
Macc Maras Ua Caomháin, comhorba Oenai,


L. 950


do Dhelbhna bhicc a chenél,
Cairpre .i. an tespocc Ua Ceithernaigh, comharba
Maedhócc, Ua Rinnánaigh, ferléighinn
Leithghlinne, Eochaidh Ua Coisi,
secnab Achadh bó, Scannlán Ua Cnáimhsighe, anmchara
Lis mhóir, Buadhach Ua Cerruidhir, sacart Cille Dálua,
Dubhshlatach Ua Muiredhaigh, Aodh mac
Maoiliosa Uí Brolcháin, áirdfherleighind, agus
Augustin Ua Cuinn, áirdbreithemh Laighen.
Atbáth don mhortladh chetna Gofraidh Meránach, tighearna Gall
Atha cliath, agus na nInnsedh,
Domhnall Dubh Ua Ferghaile, tigherna Forthuath Laighen,
Mathghamhain Ua Seghdha, tigherna Corca Dhuibhne,
Ua Maolcraoibhe do mhuinntir Imleacha Iubhair.
O hAinbhidh, tigherna Oirghiall, agus Ua Conchobhair,
tigherna Cianachta Glinne Geimhin.
Ua hEiccnigh, tigherna Fermanach, do mharbhadh.
Giollaciaráin mac mic
Ualghaircc, tigherna Ua nDuibh indrecht, do mharbhadh.
Cathshraoinedh mór i nArdachadh ria nDál Araidhe for Ultaibh
dú i ttorcair Lochlainn Ua Cairill,
rioghdhamhna Uladh, agus
Giollachomhghaill Ua Cairill, agus
sochaidhe mór amaille friú.
Domhnall Ua Muireccán, tigherna Tethbha uile,
agus Amhlaoibh, mac meic
Conmedha, mac taisigh Shíl Rónáin, do mharbhadh i
feill, agus iatt i ngeimhlibh isin Mumhain.
Taillti, inghen Domhnaill Guitt, décc.
Tadhg, mac Cathail Uí Conchobhair, do mharbhadh la feraibh Mumhan.
Taichleach Ua hEaghra, tigherna Luighne, agus
ár luighne imme, do marbhadh las na
tríbh Conmhaicnibh .i. Cenél cCais, Cenél Dubháin,
agus Cenel Lughna.
Ua Conchobhair, tigherna Ciarraighe, do mharbhadh lá a
bhráthair. Cúcoiccriche Ua hAinbhidh, tigherna Fer mBile, do
mharbhadh lá Donnchadh Ua Maoilsechloind.
Dubhchobhlaigh, inghen tigherna Osraighe, agus
baintigherna Osraighe, décc. Darmhaigh,


L. 952


Cenannus, Cluain Eraird, Glend da locha, Fabhor, Less
mór, Cluain Bronaigh, agus Cluain eoais do losccadh
uile. Cluain mic Nóis do orccain.
Domhnall Ua Madadhain, tigherna Ua nEachach, décc.



Aois Críost, mile nochat a sé.
hUa Cochlán suí epscop, agus comhorba Bairri,
décc. Eoghan Ua Cernaigh, airchindeach Doire,
décc in ocht décc Callainn Ianuarii.
Columm Ua hAnradháin, airchinneach Rossa Ailithir,
Fland Ua Muireccáin, airchindech Aentruibh,
Learghus hUa Cruimhthir, comharba Comhghaill,
Mac Nechtain hUa hUaithnigh, ferleighinn agus uasal shagart,
décc. Ua Mailcain, ollamh Dal gCais, décc.
Amhlaoibh, mac Taidhg Uí Bhriain, do mharbhadh i Manainn.
Feil Eóin for Aoine isin mbliadhainsi.
Ro ghabh imeagla mhór fiora Ereann reimpi, conadh i comhairle
arriacht lá cleirchibh Ereann im comarba
Phátraicc dia nimdhiden ar an
tedhmaim ro tircanadh dóibh ó chéin a forchongra for
chach a ccoitchinne tredhenos ó Chedaoin go Domhnach do
dénamh gacha mís, agus trosccadh gach laoi go
cenn mbliadhna, cen mo tát Domhnaighe, agus sollamna, agus
airdfheile, agus dan do ratsat almsana, agus edbarta iomdha do
dhia. Tuccadh dan feranna iomdha do eccailsibh,
agus chléircibh, ó ríoghaibh, agus taoisechaibh, agus ro saortha fir
Ereann an tucht sin ar téine na díoghla.
Cend coradh do athnuadhucchadh lá
Muirchertach Ua mBriain iar na mhúradh
feacht riamh la Leth Cuind.
Flann Ua hAinbhidh, tigherna Deisceirt Airghiall
décc. Conchobhar Ua hAindiarraidh, tigherna Cianachta, agus
Ua Cein tigherna Ua Mic Cairthind, do chomhthuitim fria roile
hí ccliathadh. Cuuladh Ua Célechan, tánaisi Airghiall, do
mharbhadh lá coicceadh nEreann, .i. cóicceadh Uladh.
Mathghamhain Ua Seghdha, tigherna Corca Dhuibhne, décc.
Muirchertach .i. an Cullach Ua Dubhda,
tigherna Ua nAmhalgadha, do mharbhadh


L. 954


lá a chenél féin. Matodhan Ua Madodhain, tigherna
Síl nAnmchadha, décc.
Giollaoissen Mac Cortén, tigherna Dealbhna móire,
do mharbhadh lá hUibh Laoghaire .i. iarna thiodhnacal
do Mhuirchertach Ua Briain
dóibh iar mbreith dhósidhe xxx uinge do ór
uadh, agus céd mbó agus ochtar eittiredh.
Donnchadh mac an Ghuitt do mharbhadh do Chalraighibh.
Sitfriuch, mac Mic Sealbhaigh, tigherna Fher Rois, do
mharbhadh lá Mughdhornaibh Maighen.
Maolpáttraicc Mac Airmhedhaigh, epscop Arda Macha,
décc.



Aois Críost, míle nocha a seacht.
Flandaccán Ruadh Ua Dubhthaigh, comharba Commáin
agus ferleighinn Tuama da ghualann.
Maolán Ua Cuinn, airchinneach Eccailsi Bicce,
Maolbrighde mac an tsaoir Uí Brolcháin saoi agus
epscop Chille dara, agus chóiccidh Laighen,
décc. Tadhg, mac Ruaidhri Ui
Chonchobhair (.i. brathair Toirrdhealbhaigh Mhóir), tigherna
Sil Muiredhaigh, agus cosnamhthach an chuiccidh
archena, do mharbhadh lá Cloinn Choncobhair, agus lá
aesgradha féin i fiull .i. la mac Conluachra Uí Maoilbhrénainn
isin cethramhadh bliadhain ficheat a aeise.
Aimhirgin Ua Mórdha, tigherna Laoighisi décc.
Slóighedh lá


L. 956


Muirchertach Ua Briain go Leith Modha, agus co fferaibh
mídhe, agus co ndreim do Connacht ar ammas
an tuaisceirt go rangadar Magh Conaille, agus a niompodh
ass iar sin gan indreadh gan eittire, uair
táinicc Domhnall Ua Lochlainn go
ttionól an tuaisceirt go Fíodh Conaille do
thabhairt catha do Mhuircertach co na sochraide co nderna
Dia, agus comarba Phatraicc sídh ettorra.
Lochlainn Ua Duibhdara, tigherna Fernmaighe, do
marbhadh do Uibh Briuin Bréifne.
In druth Ua Carthaigh, ollamh Connacht, do marbhadh do
Chonnachtaibh féissin.
Cnói mhes mór ar fud Ereann a ccoitchinne isin mbliadhainsi, co
ro mhéth muca Ereann, agus ro
mhair tiruairsi na ccnó hisin co cend dá bhliadhan iaramh. Bliadhain
na ccnó bfionn do ghairthí dhi, agus do gheibhthí seisedhadh
cnó ar aon phinginn.
Cloictheach Mainistreach .i. Mainistreach Buithe, co leabhraibh
agus co ttaisccedhaibh iomdhaibh do losccadh.
Flaithbhertach Ua Flaithbhertaigh do thoidheacht
ina atharrdha go hAodh Ua Conchobhair
(.i. Aodh an gha bhernaigh) agus cennas Shil Muiredhaigh
do ghabháil dó dorídhishi.



Aois Críost, míle nochat a hocht.
Domhnall Ua hEnni .i. do Dal cCais ard anmchara, agus uasal epscop,
cend eccna agus crábhaidh na
nGaoidhel, topar coindercle iarthair Eorpa saoi an uird
cechtardha Romhan, agus na nGaoidheal,
do chriochnúghadh abethaidh i Callainn
December. Sé bliadhna seachtmoghat a
aois an tan ro fhaidh a spirat.
Domhnall Ua Robhartaigh, comharba Cholaim Chille,
Maoilísu Ua Stuir, scribhnidh agus feallsomh Mumhan
agus Ereann archena,


L. 958


Eochaidh, comharba Cianáin,
Rónán Ua Daimhin, comharba Feichin
cétus, agus riaghlóir toghaidhe iaromh,
Maolmartain Ua Ceallaigh, comharba Mura Othna,
agus Learghas eccnaidh décc in aon ló.
Flaithbhertach, mac tighernaigh
Bairrchigh, comhorba Finnein Maighe
bile, décc ina oilithre.
Mac Maras Cairprech .i. uasal shaccart saoi agus
sruith senóir Ereann décc i nGlind da locha.
Trí longa do longaibh
Gall na ninnsedh do bhuain amach do Ultaibh, agus a bfoirend do
mharbhadh .i. fiche ar chéd a líonsidhe.
Maidhm Feirtsi Súilighe for Chenél Conaill ria cCenéll nEoghain
in ro marbhadh Ua Tairceart, .i. Eccertach, go sochaidhibh
oile. Creachadh, agus indreadh Maighe dairbhre la
Muirchertach Ua mBriain for fiora Teathbha.
Slóiccedh lá Muimhneachaibh co
Sliabh Fuait do shaighidh Domhnaill, mac meic
Lochlainn, acht ní rugsat gialla na aittiredha.
Midhe do fhásughadh eittir
Donnchadh, mac Murchadha, agus
Conchobhar, mac Maoileachlainn.
Flaithbhertach Ua Flaithbhertaigh, tigherna Síl
Muireadhaigh agus iarthair Connacht, do
mharbhadh do Mhadudhán Ua Cuanna
i ccionaidh dallta Ruaidhri Ui Conchobhair, .i. Ruaidhri na
soidhe buidhe, righ
Connacht. As do bhliadhain báis
Flaithbertaigh adrubhradh,




Ocht mbliadhna nochat ar mhíle,
O ghein mic Dé daith nertaigh,
Ní sgél fás, acht is derbh deimhin,
Co bás feidhil Flaithbhertaigh.




Diarmat, mac Enda, mic Diarmada, rí Laighen, do mharbhadh do chloind
Murchadha, mic Diarmada. Catharnach, mac an tSionnaigh Uidhir,
tigherna Tethbha, do mharbhadh dairther Teathbha, .i. dUa Airt, hi
fioll.
Macraith Ua Flaithen do orcoin do Muintir Tlamain hi Maigh Elli.
Mac Meicraith,


L. 960


filedh, aird fhile na Mumhan, décc.
Mac Gaithin Ua Mórdha, tigherna Laoighisi, do
mharbhadh dia muintir féin.
Dubhchobhlaigh, inghen
Diarmada, mic Taidhg, ben
Mhuirchertaigh Uí Bhriain, décc.
Dearbhforghaill, inghen Taidhg
mic Giollaphátraicc, máthair
Mhuirchertaigh, agus Taidhg
Uí Bhriain, décc i nGlionn dá locha.
Corcach Mumhan do losccadh durmór.
Derthech Cluana mic Nóis do arccain do Mhuinntir Tlamáin .i. do
Coincaille mac mic Aodha.
Mac Giollachoinnigh I Uradhain, comhalta
Mhurchaidh I Bhriain, do mharbhadh do Chloinn Choscraigh, agus
dEoghanacht tuaisceirt Cliach,
agus ro marbhadh triocha ettir mnai agus
fior inn.



Aois Críost, mile nocha a naoi.
Dondchadh, mac meic Maonaigh, abb Iae, décc.
Diarmaitt Ua Maolaithghen, airchinneach Dúin, décc oidhche
Cáscc. Uamhnachán Ua Mactíre, comorba Colmáin
mic Lenín, Annudh Ua Longargain, comhorba Colaim mic
Cremhthainn, abb Tíre dá ghlas,
décc. Caoncomhrac Ua Baoighill do ghabháil
epscopoide Arda macha dia Domhnaigh Chincthighisi.
Slóighedh lá Muirchertach Ua mBriain, agus la Leith Mhodha co
Sliabh Fuaitt do shaighidh ghiall
Ui Lochlainn, agus boí
Domhnall i nerlaimhe for a chionn, agus
do róine, comharba Phátraicc síth mbliadhna eittir
tuaiscert Ereann agus Leth Mhodha, conadh
amhlaidh sin ro sccarsat don chur sin.
Slóighedh lá Domhnall Ua Lachlainn agus la Clannaibh Néill
an tuaisceirt tar Tuaim i


L. 962


nUlltoibh. Ulaid dno illongport ar a ccionn ag Craoibh tulcha.
Saighit na slóigh ar rochtain co haon mhaighin
iomairecc nucchra for araile. Comraicit na dá mharcshluagh. Maidhidh
for mharcshluaigh Uladh, agus marbhthar ar ua hamhráin ann.
Fáccbhaitt Ulaidh iarsin an longport, agus loiscitt Clanna Néill é,
agus tescait Craobh Tulcha do berar dóibh iar sin dá aittíre, agus
comhorba Comhghaill hí rathaighes frí dá aittire oile. Conadh
dó sin do ráidhedh,




Tucctha géill Uladh ar eiccin,
Innisit fiadhain co féicch,
La Domhnall co loinne leomhain,
Ruirigh Cloinne hEoghain fhél.
Dá eittire tréna tucctha,
Do laochraidh Uladh ó chéin,
An tres gan diobhaidh abb Comhghaill,
Do ríoghadh Domhnaill I Néill.
In nomhadh bliadhain ar nochat,
Ar mhíle bliadhain go mblaidh,
O ghein Críost cinnte gan chríonadh,
As innte ro sioladh soin.
I mbliadhain coictide uathadh,
I tres bliadhain fair iar fut,
Co cruaidh iar ngaoine gan creancha,
Iar mbuain Craoibhe Tealcha tug.




Ruaidhri Ua Ruadhacan, tigherna airthir Oirghiall,
agus macaomhriogh Ereann,
décc isin xlu a flatha, agus isin
dechmhadh Callainn do December.
Cenandus agus Ceall dara do losccadh i nearrach na
bliadnaso. Doimhliacc Arda sratha do losccadh.
Cathraoinedh, .i. maidhm Lochain geiridh, ria niarthar Tethbha,
.i. ria Muintir Tadhgain, for a airther, dú
i ttorchair do Cloinn Diarmadae don chur sin.
Muirchertach Ua hAirt, tigherna Tethbha, sochaidhibh
oile ammaille


L. 964


fris im Ua Lachtnáin.
Dondchadh Ua hAichir, tigherna Maighe hAdhar,
décc. Mac Conmara, mac Domhnaill, tigherna Ua cCaisín,
décc.



Aois Críost, mile céd. Aodh Ua hEremhoin, epscop Cille dara,
Conn Mac Gillebhuidhe, abb Mungairde, suí egnaidhe, agus sruith senóir
Mumhan, dég.
Flann Ua Cionaedha, airchindeach Atha Truim
agus ard ollamh Midhe.
Macraith Ua Flaithén, comhorba Ciaráin
agus Crónáin Tuama Gréne, décc ina oilithre i nAchaidh bó.
Do Uibh Fiachrach Fella a chenél.
Cúmedha Ua Laeghcháin ard taoiseach Sil Rónáin, ordán agus airechus
fer Tethbha agus Ua Néill an deisceirt archena,
décc iar ccian aois, agus iar noilithre fhoda, hi ttigh mic
Cuind na mbocht hi cCluain mic Nóis.
Slóichcedh lá Muirchertach Ua mBriain co forcla fer nEreann imme
co rángattar co hEasruaidh. Tionóilit Cenel
Conaill do chosnamh a ttíre friú, agus ro
fhuráilset ar éiccin ar Mhuirchertach co na
shochraidhte sodh ina fritheing gan indreadh, gan gialla, gan aittire.
Creachshluaichcedh lá mac meic Lochlaind
lá righ nOiligh, co ro aircc agus co ro indir Gulla
agus fiora Bregh. Mor longus Gall
lás an Muircertach cédna, go
rángattar Doire ar a aoi ní
dergenset nach cion, agus ní ro loitset ní, agus
for accaibhset a nar lá mac meic Lochlainn eittir
marbhadh, agus bathadh.
Donnchadh Ua hEochadha, rí Uladh, agus drem
do maithibh Uladh ime do Ghabhail lá
Domhnall Ua Lachlainn, lá ríogh nOiligh isin
cúicceadh Callainn Iún. Giolla na naomh


L. 966


Ua hEidhin, tigherna iarthair Connacht, décc, agus a
adhnacal hi cCluain mic Nóis.
Mac mic Giollacoluim Uí Domhnaill, tigherna Cenel Luighdhech do
mharbhadh la a mhuintir féissin.
Giollabhrighde Ua Cuirc, tigherna Musccraighe Breoghain,
décc. Aisidh Ua hAmhradhain, tigherna Dhal fFiatach,
décc. Echrí Ua Maoilmuire, tigherna Cianachta, do
mharbhadh lá hUa cConchobhair Ciannachta an Ghleinne.
An céd King Henry do
ghabhail rioghachta Saxan .i. Augusty.
Mórshluagh lá Laighnibh go
rangattar co Sliabh Fuait, agus go ro loiscseat Airghialla, agus
Ui Méith agus Fir Rois.



Aois Críost, míle céd a haon.
Feardomhnach, epscop Cille dara,
Corbmac Ua Mail, epscop Glinne dá locha,
Maolchiaráin Ua Donnghasa, sruith Shenóir Cluana mic Nóis,
Muirghes Ua Muiredhaigh, airchindeach Cluana Conmhaicne,
do écc ina ailithre hi cCluain mic Nois.
Comhdhál Leithe Modha hi cCaisiol im
Muirchertach Ua mBriain, co maithibh laoch
agus clérech, im hUa nDúnáin, uasal epscop
agus aird shenóir Erenn, conidh annsin tucc
Muirchertach Ua Briain an Eadhbairt na tucc
rí réimhe riamh .i. Caisiol na ríogh do Eadhbairt do chráibhdheachaibh
cen orlaimh laoich na Cleirich fair acht craibhdich Erenn co coitchend.
Mórshluaichcedh lá Muirchertach Ua Briain, la righ Mumhan, co fferaibh
Mumhan go Laighnibh, go nOsraighibh, agus co fferaibh Mídhe, agus
co fferaibh Connacht dar Easruaidh i nInis
Eoghain, agus ro airce Inis Eoghain, agus ro
loisc il chealla, agus il dúine im Fhathain Mura, agus im Ard sratha,


L. 968


agus ro scaoil Grianán Oiligh
i ndioghail Cinn coradh do dhioscaoileadh,
agus do mhuradh la Domhnall Ua Lochlainn
feacht riamh, agus ro simacht Muirchertach for a
shlocch cloch gacha builcc lóin da raibhe aca do breith leó
ó oileach co luimneach. As dia fhoraithmhet do ráidhedh,




Ní chuala coinnmhedh neimhir,
Ciat chuala coinnmhedh muirir
Gar coinnmhedh clocha Oiligh,
For ghroighibh flatha Fuinidh.




Do chuaidh Muirchertach iarsin tar Fertais Camsa
i nUltoibh, agus tucc gialla Uladh, agus táinicc timchell
Erenn iomlán frí ré
caeicthighisi ar mhís gan cath gan fuabhairt, agus
do dheachaidh iar slighidh Miodhluachra dia thigh. An
slóighedh timchill ainm an tsloighedh sin.
Crech do chuaidh Donnchadh Ua Maoileachlainn,
tigherna Mídhe, hi
Fernmhaigh agus hí cConaillibh, co ttucc creach anbfoill do bhuaibh,
agus tarraidh Cúcaisil Ua Cerbhaill, tigherna Fernmhaighe agus
Oirghiall creach dhiobh i nAirgeittghlionn,
agus ro marbhadh lais an slógh dos farraidh acht becc,
agus do rochair dna Echtighern Ua Brain,
tigherna Breghmhaine,
agus mac meic Cairthen Uí
Mailruain, agus Ua Indredháin,
toiseach teaghlaigh
Uí Mhaoileachlainn, agus dá chéd amaille friú.
Donnchadh, mac Airt Uí
Ruairc, tigherna Conmhaicne, agus
ríoghdhamhna Connacht, do
mharbhadh las an nGiollasronmhaol Ua Ruairc.
Cathal Ua Muireaccán, tigherna Teathbha, do mharbhadh
do airther Tethbha.
Dearbhail, inghen Ui Maoileachlainn, décc.
Donnchadh Ua hEochadha, rí Uladh, do fhuaslaccadh
a cuibhreach lá Domhnall mac meic
Lochlainn lá righ nAiligh tar cend a mheic, agus a chomhalta
i ndoimhliag Arda Macha tré impídhe comharba Phátraicc agus a
samhtha archena iar ccomhlugha dóibh fo
Bhachaill Iosa, agus fo mhiondaibh


L. 970


na hEaccailsi an xi. Callainn Ianuari.
Maghnus, rí Lochlainde, do thiachtain do ghabháil Ereann,
amhail dearbhas an rand,




Bliadhain ar céd ar mhíle,
Cen nach mbaoghal nimrimhe,
O ghein Críost an chrábhaidh ghrinn,
Co teacht Maghnais in Eirinn.




Giolla na naemh Ua Dúnabhra, ollamh Connacht, do écc.



Aois Críost, míle céd a dó.
Muiredhach Ua Cíordhubhain, airchinneach Lughmhaidh,
Mughrón Ua Morgair, airdfherléighinn Arda Macha, agus
iarthair Eorpa
uile, décc hi tteirt Nóin October i Mungairt hi Mumhain.
Maolmuire Midheach, saoi saccairt Cluana hEraird, décc.
Cúmhaighe Ua Cairill, airchindeach Dúin, décc.
Dondchadh mac Echri Ui Aiteidh, tanaisi


L. 972


Ua nEathach, do mharbhadh do Ulltoibh.
Domhnall, mac Tighernáin Ui
Ruairc, tigherna Breifne, agus Conmaicne
agus Connacht uile fri re do mharbhadh do Conmhaicnibh féissin.
Flaithbhertach, mac Fothaidh, tigherna Ua Fiachrach Arda
sratha, do mharbhadh dferaibh Luircc.
Slóichcedh lá Cenél nEóghain co Magh Cobha. Do lottar Ulaidh isin
oidhche isin longport co ro marbhsat Sitricc
Ua Maolfabhaill tigherna Cairrge Brachaidhe, agus
Sitriocc, mac Conraoi, mic Eoghain.
Eitereadha fer nEirionn
hilláimh Domhnaill mic Amhalghadha,
comharba Pháttraicc, re síth mbliadhna eitir
Domhnall Ua Lochlainn, agus Muirchertach Ua Briain.
Mac na herlaimhe Ua Donnchadha do mharbhadh do
Corca Laighdhe.
Slóighedh fer nEreand co hAth cliath i naghaidh Maghnusa agus Gall
Lochlainne tangattar diondradh Ereann co ndernsat síth mbliadhna fri
feraibh Ereann, co ttarat
Muircertach a inghen do Síchraidh, mac Maghnusa, agus tuc seotta
agus asgadha iomdha.
Muirchertach Ua Conchobhair Failge, do écc.
Sitriug, mac Conmedha Ui Laoghacháin, taoiseach Síl Rónáin, do
écc. Muirchertach Ua Maoilseachloinn do
aithríoghadh, agus ríghe do ghabháil do Mhurchadh dar éisi.
Niall mac Néill Uí Ruairc, ríoghdhamhna Breifne, do mharbhadh lá
feraibh Luirg.



Aois Críost, míle céd a trí.
Murchadh Ua Flaithecan, airchinneach Arda bó, saoi neccna agus
nairchetail, décc ina oilithre i nArd Macha.
Corbmac Mac Cuinn na mBocht, tanaissi abbaidh Cluana mic Nóis, agus
fer Sona, saidhbhir, décc. In fer leighinn Ua Connmhaigh do
mhuintir Insi móire, Ua Cingedh fer leighind Dermhaighe,
mac Mic Branáin, saccart Cille dara,
agus Maoiliosa Mac Cuind na mBocht, décc.
Ua Canannán do ionnarbadh a tighernus Tíre Conaill lá
Domhnall Ua Lochlainn.
Murchadh Donn Ua Ruadhacán do mharbhadh
for creich i Maigh Cobha, agus an sluagh sin do mharbhadh an
Ghiollaguitt Uí Chorbmaic isin ló chédna.
Raghnall Ua hOcán Rechtaire Telcha Occ do
mharbhadh do fheraibh Maighe hIotha.
Coccadh mór etir Cenel Eoghain agus Ulta, co ttáinic
Muirchertach Ua Briain co fferaibh Mumhan, co Laighnibh, co
nOsraighibh, co maithibh Connacht, agus co fFeraibh Midhe immo
ríoghaibh co Magh


L. 974


Cobha hi foirithin Uladh. Do lotar uile
dibhlinibh co Machaire Arda Macha .i. co
Cill na cCornaire, co mbattar sechtmhain
a bforbhaisi for Ard Macha.
Domhnall, mac mic Lachlainn, co ttuaiscert Ereann fris an ré sin
in Uibh Bresail Macha aghaidh in aghaidh friu, ar na ro
léigeadh do cheithre choigheadhaibh Ereann foghail no díbherg do dhenamh
ní as uille isin chúigeadh. O robtar toirsigh tra fir Mumhan do luidh
Muirchertach go hAonach Macha co hEmhain, agus timcheall do
Ard Macha co ffargoibh ocht nunga óir fórs an altoir, agus ro gheall
ocht fichit bó, agus iompais co Magh Cobha
dorídhisi, agus fágbhais cúiccedh Laighen, agus
sochaidhe dferaibh Mumhan annsin.
Do dheachaidh féin iaramh for creich i nDál Araidhe, agus rí Midhe, agus
rí Connacht, agus ro marbhadh Donnchadh mac
Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain don turus sin,
agus mac Uí Conchobhair Ciarraighe,
agus Petademhain hUa Beoain, agus
Donncuan hUa Duibhcind agus drong mhór
oile do shaorchlandaibh amaille friú. Do luidh
Domhnall Ua Lochlainn co cClandaibh Néill an tuaisceirt i
Maigh Cobha for amus longpuirt Laighen. Tionóilitt imorro Laighin,
agus Osraighe, agus fir Mumhan, agus gaill
an líon ro bháttar, agus feraitt cath cródha for
Maigh Cobha dia Cédaoin in Nóin Auguist isin ochtmhadh ló iar ttocht
don mhacha. Ro meabhaidh tra for Leth Mhodha, agus ro
ládh a nár .i. ar Laighen im
Muirchertach, mac Giollamocholmocc, ri Laighean, im dha
Ua Lorcáin .i. Murchadh righ Ua Muiredhaigh cona bhráthair, agus
im Muirchertach, mac Gormáin, co ndruing
móir oile cén mo thát sidhe. Ar Ua cCeinnsealaigh im dhá mac
Maoilmhórdha, agus im Rian, tigherna Ua nDróna, agus araill eile
bheós. Ar Osraighe im Giollapháttraicc Ruadh, tighearna Osraighe,
agus im maithibh Osraighe archena. Ar Gall Atha cliath,
im Torstan mac Eric, agus im Pól mac Amaind, agus im
Beollán Armunn co ndruing
dírímhe oile. Ar fer Mumhan im dá
Ua Bric .i. dá thanaisi na nDéisi, agus im
Ua Failbhe .i. ríoghdhamhna Corca Duibhne,
agus eri Laighen, im Ua Muiredhaigh, tigherna
Ciarraighe cona mac, agus sochaidhe oile do shaorchlandaibh ro


L. 976


badh eimhilt dáiremh. Dodheochattar Clanna Néill an tuaisceirt
.i. Cenel Eoghan agus Cenel Conaill, co mbuaidh agus cosccar
dia ndúinibh co sédaibh somhaoinech, agus
co nédalaibh iomdhaibh imon pupall ríoghdha, agus im
camlinne, agus im shédaibh soinemhlaibh archena. Maghnus, rí
Lochlainne agus na ninnsedh, agus fer ro thriall
forbhaisi for Eirinn uile, do mharbhadh do
Ultoibh ar creich go nár a mhuintire imbe.
Ben do bhreith dhá lenamh in aoinfhecht isin
mbliadainsi, agus aen chorp aca ótha a mbruinne co rige a
nímlinn, agus a mboill uile co coir cenmota sin, agus
aighedh cháich díbh fria roile, agus di inghin iadsidhe.
Cathalán mac Senáin do mharbhadh
do Choirpribh Gabhra.
Donnchadh, mac Enna, do dhalladh do mac
Dúnlaing, I Chaellaighi.
Amhalghaidh mac mic Aedha mic Ruaidhri .i. do Chloinn Chosccraigh, do
mharbhadh dia athair agus
dia derbhrathair fén i ndíoghail a ndalta .i. Concobhar,
mac Ruaidhri Uí Conchobhair, do marbhadh
laisiom rias an tan sin.
Maidhm Atha Calgan eitir airther
Tethbha agus a hiarthar in ro
marbhadh Cionaodh mac mic Amhalghadha,
tigherna Callraighe an Chalaidh.



Aois Críost, míle céd a cethair.
Giollacríost Ua Echtighern, espucc Cluana mic Nóis,
agus airchinneach Ardachaidh epscoip Mel, décc.
Flaithemh Ua Duibhidhir, epscop Airthir Laighen,
Feidhlimid, mac Flainn Mainistreach,


L. 978


míleadh diongmhála do Chríost, ard shenóir, agus saoi senchasa esidhe.
Cosccrach Ua Cruaidhín, ferléighinn Chille dara, décc.
Maidhm ria nUltoibh for Dhál nAraidhe, i ttorcair
Duibhcend Ua Daimhin i friothghuin.
Ua Conchobhair Corcamdhruaidh .i. Conchobhar mac Maoilechlainn,
décc. Mac na haidhche Ua Ruairc do mharbhadh
lá a bhráithribh. Dúnchadh Ua Conchobhair, tigherna Ciannachta an
Ghleinne, do mharbhadh lá a mhuinntir féin.
Fiachra Ua Floinn taoiseach Síl Maoilruain, do mharbhadh lá
Conmhaicnibh. Slóighedh la Muirchertach Ua mBriain co
Moigh Muirtheimhne, agus ro mhillset treabhaire agus
arbhar an mhaighe, agus as for an sluaighedh sin ro hessccradh
Cúuladh Ua Caindealbháin, tigherna Loeghaire hi ttraighbhaile, agus
atbail de iaramh a ccind mhís.
Slóighedh lá Domhnall Ua Lochloinn
co Magh Cobha, co ttug gialla Uladh, agus do dheochaidh co
Temhraidh iaramh, agus ro loiscc bloidh móir do Uibh Laoghaire
acht an mheid dia ccairdibh dia ttarat termonn.
Lethshlinn daimhliacc Cluana mic Nóis do fhorbadh la
Flaithbertach Ua Loingsigh iar na tinnshcetal la Corbmac mac
Cuinn na mBocht.



Aois Críost, mile céd a cúicc.
Aodh Ua Ruadhán, saccart Achadh bó,
Muirchertach Ua Catharnaigh, sruith tocchaidh do
mhuintir Chluana mic Nóis,
agus Ailellan Ua Speláin, saccart Achadh bó,
décc. Cathal, mac Giollabraitte, mic
Tighernáin, tigherna Ua mBriuin Bréifne agus Gaileng, do
mharbhadh do macaibh a mháthair
féin, .i. do mhacaibh Donnchaidh mic
Cailigh hUí Ruairc.
Conchobhar, mac Maeilsechlainn, mic
Conchobhair, tigherna Temhrach agus Bregh
uile, agus leithe Midhe, do mharbhadh tria
bhaoghal lá hUibh Briúin Breifne.
Muirghes Ua Conchenainn, tigherna Ua nDiarmada,
décc. Domhnall, mac an Ghuid Uí Mhaoilechlainn do
mharbhadh do Chenel Fhiachach.
Donnchadh Ua Maoilechlainn


L. 980


do aithríoghadh lá Muirchertach Ua Briain, agus a dhol
i nAirghiallaibh, agus ermhór airthir Mídhe do arccain
dó as in tir isin,
agus Muircertach Ua Briain co fforccla
fer nErenn ime do dhol i ndeghaidh
Donnchadha go Magh Conaille,
agus ní tarraidh ní acht arbhanna do losccadh, agus ro randadh
an mhídhe lais iaramh ettir macaibh
Dhomhnaill Uí Mhaoileachlainn iar
feimdhedh síodha dhó agus do
Dhonnchadh fria roile.
Muiredhach mac Cana,
Maolruanaidh Ua Bilraighe, tigherna Ua Cairpre, agus
oide Toirrdhealbhaigh I Briain, dég.
Maolsechlainn Ua Conaing décc.
Niall Odhar Ua Conchobhair do mharbhadh.
Niall mac Mic Riabhaigh, tigherna Callraighe, décc.
Domhnall, mac Amhalgadha, ardcomharba Patraicc, do
dhol go hAth cliath do dhénamh
síodha etar Domhnall Ua Lochlainn
agus Muirchertach Ua Briain, go ro ghabh
galar a écca, agus tugadh ina ghalar co domhnach airther Emhna, go
ro hongadh annsidhe he. Tuccadh iarsin co daimhliag
Arda Macha, co nerbhailt 12 August a ffeil Laisrein Innsi
Muiredhaigh, agus ro hadhnacht co nonóir in Ard Macha.
Ceallach, mac Aodha, mic Maoiliosa, doirdneadh i ccomharbus
Phátraicc a togha fher nEreann, agus do chuaidh fo ghradhaibh a
ló fele Adhamhnáin.



Aois Críost, mile ced a sé.
Tuathal Ua Cathail, comharba Caeimhghin.
Mac Bethadh Ua hAilghenan, comharba Bairre,
Muiredhach Ua Maoiledúin,


L. 982


secnab Cluana mic Nóis,
Corbmac Ua Cillín, airchindech Tíghe aidheadh Cluana mic Nóis,
Maolmuire Ua Scolaighe, comharba Ruadhain Lothra,
agus Muirchertach Ua Cearnaigh, airdfherleighind na nGaoidheal,
décc, iar ndeighbithaidh chian aosda hi cCluain mic Nóis. Do
Luighnibh Connachta chenél.
Maolmuire, mac Mic Cuind na mBocht do
mharbhadh ar lar doimhliacc Cluana mic Nóis lá haos
aidhmhillte.
Cathbharr O Domhnaill, tuir cosnamha, agus
coinghleca, ordáin, agus einigh Chenel Luighdeach, dfaghail bháis
iar mbreith bhuadha ó dhomhan agus ó dhemhan.
Donnchadh Ua Maoileachlainn .i. mac
Murchadha mic Floinn, rí Midhe, do mharbhadh do
Uíbh Minneccáin .i. do Uibh Mic Uais Midhe.
Domhnall, mac Ruaidhri Uí
Conchobhair, do aithrioghadh lá Muirchertach
Ua mBriain agus a bhráthair .i. Toirrdhelbhach do
ríoghadh occ Ath an tearmoint uas siol Muiredhaigh dar éis
Domhnaill. Sittriucc mac Conmedha
Ui Laeghacháin, taoisech Sil Ronáin agus tóthacht toiseach
Teathbha, décc.
Muirchertach Ua Maoileachlainn do aithrioghadh,
agus righe Midhe do ghabháil do Murchadh dar a éisi.
Niall, mac Domhnaill Uí Ruairc, tanaisi Breifne, do mharbhadh
do fheraibh Luircc, agus sochaidhe oile do
shaer chlandaibh amaille fris.
Mac Giollamanntaigh I Ruairc do mharbhadh
Domhnaill, mic Domhnaill I Ruairc.
Raghnall Ua Dedhaidh décc.
Ceallach, comhorba Phátraicc, for cuairt Uladh cedna cur go
ttucc a oighreir .i. bó gacha seissir, no agh ndára gacha trír
lá taobh nedhbart niomdha archena.
Ceallach for cuairt Mumhan cedna cur


L. 984


bheos, co tucc a lán chuairt .i. secht mba agus secht
gcaoirigh, agus leth unga gacha
fuinn triochat céd hí Mumhain, lá taobh séd niomdha olchena,
agus arroet Ceallach gradha uasal epscoip don chur sin a for chongra
fer nEreann.
Caoncomhrac Ua Baoighill, epscop Arda Macha, do écc.



Aois Críost, míle céd a secht.
Mungairit do orgain do Mhuirchertach Ua Bhriain.
Cend coradh agus Caisiol do losccadh do theine do aitt etir
da Chaisc co sesccait dabhach etir miodh agus brógoitt.
Cuilen Ua Cathalain, tigherna Uaithne Cliach, décc.
Conchobhar (.i. Concobhar Cisenach) mac Duinnsléibhe,
ríoghdhamhna Uladh, do mharbhadh lá feraibh
Fernmhaighe. Maidhm ria nUibh Breasail macha
for Uibh Méith, i ttorchair an
ár imo ttigherna im Aodh Ua nIndreachtaigh, agus im Ferccus,
mac tigherna Conaille,
agus torcrattar sochaidhe mhór oile amaille friu.
Cathasach Ua Tuamáin, tigherna Ua mBriúin Archaille, do ghuin
do Uibh Cremhthuinn, co nerbailt dé,
agus Eoghan, mac Meic Riabhaigh,
do marbhadh ina dhioghail.
Domhnall Ua hAinfith, tigherna Ua Meith, do mharbhadh
lá hUibh Eathach Uladh.
Comhrac eitir airther Teathbha agus a iarthar in ro marbhadh
Cionaodh, mac Mic Amhalghadha, tigherna Calraighe, agus
drong oile amaille fris lá Domhnall Mac
Fiacla (no Ua Fiacla). Maidhm Atha Calccáin ainm an mhadhma.
Domhnall, mac Taidhg hUi
Briain, do chuibhreach do Muirchertach
hUa Briain i nAth cliath,
agus oslaccadh de fo chedóir.
Gaeth mhór agus Tene ghealáin
isin mbliadhain sin, co ro marbhthar daoine agus indile, agus co
ro bhris taighe, agus fíodhbhadha.


L. 986


Aois Críost, mile céd a hocht.
An tepscop Mac mic Donnghail
.i. epscop Cilli dara, décc.
Maelfinden .i. ardespucc
Laighen, comharba Colaim mic
Criomhthainn, Eochaidh, mac an firleighind hUi Fothadáin,
uasal shagart, senoir,
agus anmchara Disirt Chaoimhghin, décc.
Celech hUa Caomhoran, comhorba Caindigh,
décc. Cocrich, inghen hUi
Noennenaigh, comhorba Cluana Brónaigh,
Oenghus Ua Cleircein maor Mumhan ó Phatraic,
agus Aedh mac Duibhdáleithe, adhbhar comharba Phátraicc,
fos aircinneach Arda Macha, décc.
Ceallach, comharba Patraic, for cuairt Connacht cédna cur co
ttucc a oighreir. Etrú hUa Duindchathaigh décc.
Tech do ghabháil do Ua Mathghamhna agus do
Ua Maolruanaidh for Gholl nGarbhraighe rí Uladh
.i. Eochaidh, mac Duinnsléibhe Ui Eochadha agus a dhicendadh
leó. Ua Cerbhaill, tigherna Eoghanachta Locha Léin, do mharbhadh
lá a bhráithribh feisin. Domhnall, mac Donnchadha Ui Ruairc,
tigherna Ua mBriúin Breifne, do thuitim lá Coirpri Gabhra.
Crech lá Niall, mac Domhnaill,
tanaisi Oiligh isin
Corann, co rug bú agus braitt iomdha.
Creach lá hUltoibh in Uibh Meith, co ro aircset uile acht becc.
Inis labhradha do thoghail la Feraibh Manach.
Luimneach uile do losccadh oidhche feile Pattraicc.
Dias do losccadh do thenidh ghealáin i tTermonn Caollainne.
Bliadhain Suthach co niomat mesa agus
toradh an bliadhainsi.



Aois Críost, mile céd anaoi.
Maoiliosa Ua Cuillen, uasal espucc Tuaisceirt Ereann, décc.
Oenghus Ua Domhnalláin, primh anmchara agus ardshenoir samhtha
Colaim Cille, décc hi cCenandus.
Flaithbhertach Ua Loingsigh, comharba Ciaráin,
agus saccart mór Cluana mic Nóis décc.
Sluaighedh lá Muirchertach Ua mBriain, co
fferaibh Mumhan, agus
co bferaibh Mídhe, agus Connachtuibh i
tTír Briúin Breifne, hi bfóiridhin Murchadha Uí Mhaoíleachlainn,


L. 988


co ttugsat bú agus broitt mhór, agus co ndeachattar
for indsibh Locha Uachtair, agus co ttucsat
braitt eistibh. Tainic iarsin Ua Ruairc, agus Uí Briúin co
farccaibh Ua Maoileachlainn a longport
leó, agus co ro marbhsat Mac Giollafhulartaigh, agus sochaidhe
amaille fris. Slóighedh lá Domhnall Mag
Lachlainn co ttuaiscert Ereann ime co
Sliabh Fuaitt, co nderna Ceallach, comharba Phátraic
síth mbliadhna etir Mhag Lachlainn, agus
Ua Briain co ndeachattar tuaiscert
Ereann iar sin im Chonall agus im
Eoghan co Magh hUa Bresail for
amus Uladh battar i Moigh Cobha, co
tartsat Ulaidh na teora
gialla ro thoghsat féin dóibh.
Creach lá Murchadh Ua Maoileachlainn,
lá rí Temhra
co ro oircc Fiora Rois, agus co ro mharbh
Ua Finn, .i. tigherna Fer Rois, dar comhairge na bachla Iosa
agus comharba Pháttraic,
acht ro dioghail Dia fair inn sin.
Aodh Ua Ruairc do theacht hi longport Murchaidh Ui
Maoileachlainn fo dhí, co ro lá a nár tria
esccaoine samhtha Phátraic.
Ard mBrecain do losccadh co na thempla do Uibh
Briúin, agus daoine do mharbhadh and, agus bratt do
bhreith ass. Domhnall mac Meic Giollaphattraig do
mharbhadh do mhacaomh oile ag cur cluiche.
Lochaidh ag ithe na ngort uile in arailibh tiribh i nErinn.



Aois Críost, mile céd a deich.
Cernach, mac Mic Ulcha, airchinneach Cúla rathain, décc i
naithrighe. Flann hUa hAodha, comharba Einde Arann,
Giollaphátraicc hUa Duibhratha, ferleighinn Cille Dalua, agus
saoi Mumhan, Feardomhnach Dall, saoi sruithe rechta
ferleighinn Cille dara,
agus Bran Ua Bruic, senóir Iarmúmhan, décc.
Echthighern Ua Ferghail, primh athlaoch
toghaidhe, décc.
Giollacolaim Ua Maolmhuaidh, tigherna Fer cCeall agus
a bhen do mharbhadh lás an


L. 990


ngeócach Ua Aillén.
Murchadh mac Taidhg Uí
Bhriain, ríoghdhamhna Mumhan, décc.
Crech lá Domhnall mac Lochlainn hi Connachtaibh, co ttuc trí
mhíle do bhraitt, agus il mhíle do chethraibh.
Maidhm Ruiss I Muigh Aoi ar bélaibh Cruachna ria Síol
Muireadhaigh, .i. im Thoirrdhealbhach, ar Chonmaicnibh dú
i ttorcrattar tri Ua Ferghaile .i. im Giolla na naomh, agus im
mac Conchaille, agus maithe iomdha archena im Dhuarcán, mac
Duibhdara Uí Eólusa. Maolruanaidh Ua Machanéin, tigherna
Mughdhorn, Bébhinn, inghen Cinneittigh
hUi Bhriain, ben Domhnaill hUi
Lochlainn, rígh Oiligh, dég.
Ceallach, comharba Phattraicc for cuairt
Mídhe cédna cur, co ttucc a réir.
Maidhm ria Conmaicnibh for Shíol Muiredhaigh .i. maidhm Muighe
Bréanghair, dú i ttorchrattar sochaidhe im
Menmain Ua Muiredhaigh, agus im
Ruaidhri Ua Mhuiredhaigh.



Aois Críost, míle céd a haon ndécc.
Cathasach Ua Laedha, do samhadh Pháttraicc,
uasal shenóir Ereann, décc.
Dún da lethghlas do losccadh
etir ráith agus trian, do thene doait.
Ceanandus, Port Láirge, agus Lughmhadh do losccadh.
Slóighedh la hUlltoibh co Tealaigh Occ, co ro theasccsat a
biledha. Creach la Niall Ua Lochlainn, co ttucc trí
mhíle do bhuaibh ina ndíoghail.
Senadh do thionól hi Fiadh mic nAenguis lá maithibh Ereann
im Ceallach, comhorba


L. 992


Pháttraicc, agus im Maolmuire Ua nDunáin, im uasal shenóir
Ereann, co ccaeccait nepscop co ttríbh cédaibh saccart, agus co trí
mílibh mac necalsa im
Muircheartach Ua mBriain co maithibh Leithe Mhodha do erail riaghla,
agus shobhésa for chach etir thuaith agus ecclais.
Donnchadh Ua hAnluain, tigherna Ua Niallain, do
mharbhadh dia braithribh a meabhail, agus na braithri hí sin
do mharbhadh do Uibh Nialláin ina
dhioghail ria ccinn fhichet oidhche.
Comhdhal etir Domhnall Mag Lochlainn agus Donnchadh
Ua hEochadha co ndernsat síth agus caencomhrac,
agus co ttarttsat Ulaidh eittiredha a riara féin do Domhnall.
Cathal mac Cathail Uí
Mughróin, toiseach Cloinne Cathail do écc.
Cluain mic Nóis do orccain do Dhail cCais tria chomhairle
Muirchertaigh Uí Bhriain. Creach lá Toirrdhealbhach Ua
cConchobhair, go ro aircc termann Dábheócc.
Creach aile lais, gur ro aircc co Beind Eachlabhra, co
sliabh Rusén, agus go Loch Erne.



Aois Críost, míle céd a do dhécc.
Conghalach, mac Mic Conchaille, airchinneach Daire,
décc iar ndeghaithrighe iarsan ccethramhadh
bliadhain nochat a aoisi.
Gormlaith, inghen Murchadha,
mic Diarmada, comharba Brighde dég iar bpennainn.
Raith Arda Macha co na tempal do losccadh in deachmhadh


L. 994


Callainn April, agus dá sreith do Triún Masan,
agus an tres sreth do Triun Mhór. Crech la Domhnall Ua Lochlainn
tar Fine Gall, .i. co Droichet Dubhghaill,
co ttucc bóromha mhór agus braitt iomdha.
Ughaire Ua Lorcáin, tigherna Ua Muiredhaigh, do écc
iar bpendaind i nGlind dalacha.
Tír da glass agus Fabhar do losccadh.



Aois Críost, míle céd a trí décc.
Ord San Bernard do thionnscnadh.
Flannaccan, mac Maoiliosa, adhbhar abbadh Arda Macha,
décc iar nongadh agus iar naithrighe toghaidhe.
Connla Ua Floinn, comharba Molaisi Leithghlinne,
Diarmaid Ua Ceallaigh, comharba Ui Shuanaigh,
décc. Diarmaid Ua Longáin, maor Mumhan, décc
oidhche fhele Páttraicc.
Fionnchas Ua Loingsigh, tigherna Dál nAraidhe,
agus Maolseachlainn Ua Conchobhair, tigherna Corcmodhruadh,
décc iar naithrighe.
Donnchadh O Taircheirt, taísech Cloinne Snedhghaile, do
marbhadh lá Niall Ua Lochlainn.
Slóighedh la Domhnall Ua Lochlainn co
maithe Cenél Conaill, agus Eocchain, agus Airghiall go
Glend Ríghe, co ro iondarbsat Donnchadh, a ríghe Uladh,
agus co ro rannsat Ullta etir Ua Mathgamhna, agus
mac Ui Duinnslébhe. Dal nAraidhe
imorro, agus Uí Eathach aicce féin.
Slóighedh lá Muirchertach Ua mBriain co feraibh
Mumhan co Laighnibh, agus co Connachtaibh co Magh Cobha hí
fóirithin Donnchadha. Slóighedh dan
lá Domhnall Ua Lochlainn gus na
slóghaibh remhraitibh co Magh Cobha hi fóirithin
Uladh, co raibhe imneisi catha etorra co
ro nedarsccar Ceallach, comharba Phátraic


L. 996


fo ghné shíodha agus caencomhraic.
Donnchadh Ua hEochadha do dhalladh
la hEochaidh hUa Mathghamhna
agus la hUlltaibh. Slóighedh lá Muirchertach
Ua mBriain, agus la Leth Mhodha etir
laech agus chléireach go Grenóicc.
Domhnall imorro mac meic Lochlainn, co maithibh tuaisceirt
Ereann co Cluain chaoin Fher Rois, co mbáttar fri ré mís i
cinn comhair fria aroile,
go ndearna Ceallach, comharba
Phátráicc co mbachaill Iosa síth mbliadhna
etorra. Scainder crodha etir fhiora Fernmaighe fádhéin, i
ttorchrattar dá rioghdhamhna Fernmhaighe .i. Ua Críochain,
agus Ua Donnaccáin.
Bradán do ghabháil i cCluain mic Nóis an bhliadhain so,
i mbáttar dá traigheadh dhécc
ina fhod, dá dhorn décc ina leithet gan
sgoltadh, trí duirn, agus dá mhér i fad a eite
brághat.



Aois Críost, míle céd a deich a ceathair.
Diarmaid Ua Floinn, comharba Ailbhe Imleacha Iubhair, uasal epscop,
agus ferleighinn ernedhach seótt, bídh agus deirce.
Flann Mac Flannchadha, comhorba Molaisi Daimhinsi,
Maolcolaim Ua Corbmacáin, comhorba Ende Arann,
agus Ferdomhnach Ua Clucáin, comarba Cenannsa,
décc. Ruaidhri Ua Canannáin,
ríoghdhamhna Ceinil cConaill, do mharbhadh lá
Cenél nEóghain.
Aodh, mac Donnchadha Uí
Eochadha, ríoghdhamhna Uladh, dég.
Donnchadh Ua Loingsigh, tigherna Dhal Araidhe,
Muirchertach, mac Mic Lochlainn, ríoghdhamhna Oilichc, décc.
Teidhm galair mhóir do ghabháil Muirchertaigh
Ui Bhriain, co ndearna anbobracht de, agus co ro scar
fria righe. Diarmait, im, do gabháil ríghe Mumhan ina
fhiadhnaisi gan ceadughadh. Slóigheadh
lá Domhnall Ua Lachlainn co Raith Cendaigh, agus do


L. 998


dheachaidh Eochaidh Ua Mathghamhna, co nUltaibh ina theach, agus
Donnchadh Ua Loingsigh co nDail Araidhe, agus
Aodh Ua Ruairc, co fearaibh
Breifne, agus Murchadh Ua Maoilechlainn co feraibh
Midhe. Do lotar iar sin dibhlinibh tar Ath Luain co
Dún Leodha, agus táinic
Toirrdhealbhach Ua Conchobhair co cConnachtaibh, agus
Niall, mac Domhnaill Meg Lochlainn, a mac fein co maithibh Cenel
Conaill ina aireacht. Do chótar dno uile iarsin co
Tealach nDeadhaidh i nDail cCais, co ndernsat
osadh mbliadhna fri fiora Mumhan, do dheachaidh tra
Domhnall Ua Lochlainn ar fud Connacht dia thigh.
Toirrdhealbhach Ua Conchobhair do indarbadh
Domhnaill Uí Conchobhair, a dherbhrathar,
isin Mumhain, agus Domhnall
do ghabháil iarttain lá hUibh Máine, agus a thabhairt i laimh
Thoirrdhealbhaigh.
Fobhar Fheichín, Cluain Ioraird, Ceall Beneóin, Cunga,
Ceall Chuilinn, Ceall Caindigh, agus Ard Pátraicc, do losccadh
uile an bhliadhainsi.



Aois Críost, míle céd a cúicc décc.
Diarmait Ua Briain, rí Mumhan, do
erghabháil lá Muirchertach Ua mBriain, agus Muirchertach Ua
mBriain do ghabháil a ríghe dorídhisi, agus techt
sloighedh ilLaighnibh agus i mBreghaibh.
Muirchertach Ua Ciarmhaic, tigherna Aine, Domhnall Ua
Conchobhair Ciarraighe, Murchadh Ua
Flainn, mac Flannchadha, tigherna Músccraighe, do
mharbhadh. Daimhliacc Arda Breacáin co na lán do
dhaoinibh do losccadh dferaibh Mumhan, agus cella iomdha
archena i fFeraibh Bregh.
Crech mhór lá Toirrdhealbhach Ua cConchobhair


L. 1000


agus la Connachtaibh, co ro airgset
Tuadhmhumha co Luimneach, co rugsat boromha díairmhe agus broid
iomdha. Maidhm ria nDomhnall Ua mBriain agus ria
nGallaibh Atha cliath for Laighnibh, dú i
ttorchair Donnchadh Ua Maoil na mbo, tigherna Ua cCeinnselaigh, agus
Conchobhar Ua Conchobhair, tigherna Ua fFailghe, co na
mhacaibh, agus sochaidhe ele cen mo thát.
Domhnall Ua Briain, .i. mac
Taidhg, rioghdhamhna Mumhan, do mharbhadh do Chonnachtoibh.
Saighidh greisi .i. ag Ath bó, do thabhairt do macaibh
Maoilechlaind, mic Aodha, mic Ruaidhri, ar Thoirrdhelbhach
Ua cConchobhair, ar rígh Connacht, co ro loitsiot, agus gur bhó
crólighe dhó.
Maolruanaidh Ua Ciarrdha, tigherna Coirpre, décc.
Maolsechlainn Ua Maoileachlainn, ríoghdhamhna Teamhrach, do
mharbhadh. Doinenn dermhair, reodh agus Snechta ón
chuiccedh Callainn décc Ianuarii co cúigeadh Callainn décc Márta nó
ní as uille, co ro lá ár for cethraibh for
énlaith, agus for dhaoinibh, agus dia ro fhás
teirce mhór fo Erinn uile, agus ilLaighnibh sainreadh.
Cobhlach la Toirrdhealbhach Ua
cConchobhair, rí Connacht, gur ro aircc Domhnall mac
Conslebhe Ui Ferghail, agus
co ttáinic Murchadh Ua Maoilechlainn ina
theach, agus gor ro dhaingnigheadh les Buidhi an bheithe. Ro
iodhbair tri seoda do Naoimh
Chiarán .i. corn go
nór, agus bleidhe go nór,
agus mullócc umha go nór. Ro ránn Midhe
iarttain eittir da mac Domhnaill
Uí Mhaoileachlainn, Maoilsechlainn do thuitim
fo chedóir lá Murchadh.



Aois Críost, míle céd adech asé.
Conghalach mac Giollachiaráin,
airchinneach Lis aeidheadh, décc iar bpennainn,
agus iar ndegh aithrighe.
Ceallach, comharba Pháttraicc, for cuairt Connacht an dara cur,
co ttuc a lán chuairt.


L. 1002


Ceall Dalua co na tempall do losccadh. Corcach mhór Mumhan,
Imleach Iubhair, Derthech Mhaoiliosa hI Bhrolcháin, Achadh bó Chaindigh,
Cluain Ioraird, teachnabadh mór Arda Macha co ffichit tegh
uimme, agus blodh
mhór do Lis móir Mochuda do loscadh i
ttosach corghais na bliadhna so.
Plágh mór agus gorta isin mbliadhainsi i Mumhain, agus i Laighnibh,
co ro fhásaigh cealla, agus dúine, tuatha, agus treabha, agus
co ro esreidh cidh fo erind, agus dar muir iaramh.
Dearbhail inghen Toirrdhelbhaigh hUi Briain, décc.
Creach shluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua cConchobhair i Mumhain,
gur ro loiscc agus gur ro mhúr Boromha agus
Cennchoradh, agus ro marbhadh sochaidhe
lais. Do bert buar agus broid iomdha
lais no go ttaratt an mbroid do Dhia agus do Fhlannán.
Sluaighedh la Diarmaitt Ua mBriain, agus
lá feraibh Mumhan i cConnachtaibh, agus ro ládh
a nár isin Ruaidh Bheithigh, co ffargaibhset a lón,
a neich, a narm, agus a néidedh.



Aois Críost, míle céd a dech a seacht.
Maolmaire, epscop Dúin dá lethghlais,
Flann Ua Scula, epscop Condere,
Giollamochua Mac Camchuarta, epscob Doimhliacc,
Ceallach Ua Colmáin, epscobh Ferna,
Cathassach Ua Conaill, uasal epscop Connacht,
Anmchaidh hUa hAnmchadha, epscop Arda fearta Brénainn,
Muiredhach Ua hEnlaingi, epscop Cluana fearta Brénainn,
décc. Maolmuire Ua Dúnáin, airdepscop Mumhan,
cenn clérech nEreann,


L. 1004


agus muirigh dérce iarthair Eorpa, décc isin sechtmhadh bliadhain
sechtmodhat a aoisi in nonis Cal. Ianuarii.
Maolruanaidh Ua Cibhleacháin, comhorba Feichin Fobhair, décc.
Conchobhar Ua Follamhain, comhorba Cluana Eraird, agus
Eoghan mac Echtighern, comharba Buite, décc.
Maolbrighde Mac Ronáin, comhorba Cenannsa,
agus ar muintire Cenannsa uime do
mharbhadh lá hAedh Ua Ruairc, agus
la hUibh Briuin aidhche domhnaigh Cromm Duibh.
Diarmaitt, mac Enda, rí Laighen, do écc
in Ath cliath.
Conchobhar Ua Cairelláin, do mharbhadh
dFhearaibh Manach.
Cath Lecáin do thabhairt do Brian mac
Murchadha Ui Flaithbertaigh, agus do mhac
Cathail Ui Conchobhair co cConnachtaibh iompadh do
Toirrdhealbhach, mac Diarmatta,
agus do Dailccais, agus ro
ládh a nár isin cath isin.
Maidhm for Chenél nEoghain
na hinsi la Cenel cConaill, airm
in ro ladh a nár, agus in ro marbhadh ile dia maithibh.
Diarmait Ua Briain, agus fir Mumhan do indreadh
Thíre Fiachrach, agus Thíre Briúin, gur ro chuirset Connachtaigh
cath fodhes tar a néisi im
Chathal mac mic Cathail Uí Chonchobhair, agus im Brian mac
Murchadha co ro indirset rempa co Sliabh, co ndernsat
loiscthe, agus marbhtha. Ro laiset Muimhnigh shluagh ina narmaidh,
gur ro figedh sgainder etorra oc Leitreachaibh Odhrain, go
raoimheadh fo dhes, gur ro marbhadh dá Ua Cindéittigh, agus
sochaidhe oile don cur sin.



Aois Críost, míle céd dech a hocht.
Ruaidhri Ua Conchobhair .i. Ruaidhri na
Soighe Buidhe, rí Connacht fri ré chian do écc ina oilithre
hi Cluaín mic Nóis,


L. 1006


isin sesedh bliadhain ficheat iar na
dhalladh dUa Flaithbheartaigh.
Diarmaitt hUa Briain, rí Mumhan agus Lethe Mogha archena, décc
hi cCorcaigh móir Mumhan iar nongadh
agus iar naithrighe.
Domhnall, mac Ruaidhri Uí
Conchobhair, ríoghdhamhna
Condacht, décc.
Laidhgnén Ua Duibhdara, tigherna Fermanach, do
mharbhadh do Uíbh Fiachrach
agus dferaibh na craoibhe.
Brian, mac Murchadha Uí
Briain, ríoghdhamhna Mumhan, do mharbhadh lá Tadhg
mac Carthaigh agus la Desmhumhain.
Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua
Conchobhair, rí Connacht, agus la Murchadh Ua
Maoileachlainn, rí Temhra, agus la hAodh Ua
Ruairc isin Mumhain go Glenn
Mhaghair, co ttaratt Desmhumha do
Mhac Carthaigh, agus Tuadhmhumha da mhacaibh Diarmada Ui
Bhriain, agus do beart a ngialla díbhlínibh. Slóighedh
oile lais co hAth cliath, co ttuc mac
righ Temhrach .i. Domhnall mac Murchadha Uí
Maileachlainn, bai illaimh Ghall, agus gialla Gall
fadhéin, agus Osraighe, agus Laighean
30 mbliadhna a aeis an tan sin.
Maidhm Chind daire for Uibh Eachdhach
Uladh ria Murchadh Ua Ruadhacáin, co
ro ladh a nár.
Murdhuchann do ghabhail do iasccairibh coradh lis ar glind
i nOsraighibh, agus aroile hi Port Lairge.
Mórshluagh Connacht im Toirrdhealbhach Ua cConchobhair go
Cenn coradh, gur ro cuireadh leo he isin Sionainn eitir cloich
agus crann.
O Baoigheallain, ollamh Ereann, do mharbhadh las an
Spailleach Ua Flannagáin iar ngabhail tighe fair.


L. 1008


Aois Críost, míle céd a naoi décc.
Ruaidhri airchindeach Othna móire,
Fearghal Innsi Locha Cré, senóir airmhidnech,
mileadh toghaidhe do Chríost, agus Diarmaid Ua Lenna,
comharba Shenain Innsi Cathaigh, saoi aithrichce, décc.
Muirchertach Ua Briain, rí Ereann, tuir
ordain agus aireachais iarthair domhain, dég iar mbuaidh
righe agus aithrighe, i féil Mocaemhócc Léth, i
seisedh Id Marta, agus a adhnacal i tteampall Cille Dalua, iar
naithrighe isin seiseadh bliadhain a threabhlaíde.
Niall, mac Domhnaill Meg Lachlainn, rioghdhamhna Oiligh agus
Ereann, teathra Erenn
bheós ar chruth, ar chéill, ar einech, agus ar ergna,
do thuitim lá Cenel Moain isin ochtmadh bliadhain fichet a aoisi.
Domhnall Ua hAdeith, tigherna Ua nEchdach, do
mharbhadh lá hEchri mac Flaithbhertaigh.
Conchobhar Ua Goirmledhaigh, taoiseach Cenél Moain,
do mharbhadh do Uibh Dubhda, agus do
Chloinn Flaithbhertaigh.
Flaithbheartach Ua Laidhgnén, tigherna Fernmaighe frí
ré, décc. Mac Donnchaidh mic Giollapháttraicc,
rioghdhamhna Osraighe, do mhárbhadh do Osraighibh fein.
Cúcollchaille Ua Baigheallain, ard ollamh Ereann lé
dán. Saoi lé deirc, le heinech agus le conaircle coitchinn fri
truaghaibh agus trénaibh, do mharbhadh dferaibh Luircc agus
do Thuaith rátha, co na mhnaoi, agus
co na dhias mac lán mhaith amaille lé
cóiger agus triochait ele etir mhuintir
agus aoidhedhoibh in aoin tigh hi Satharn
minchaisg hi féil Becáin mic Cula. Aodh


L. 1010


Ua Brain, tigherna airthir Laighen, do écc.
Ua Tuathail, tigherna Ua Muiredhaigh, do mharbhadh.
Aodh Ua Conchenainn, tigherna Ua nDiarmada, do écc.
Mór chobhlach lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair, lá rí Ereann
riasiú ro réidhigheadh an tSionann lais, go rí Laighen
.i. Enda Mac Murchadha, agus go rí nOsraighe
.i. Donnchadh mac Giollaphattraicc agus go
maithibh Gall Atha cliath imaille fris go rainicc go
Cill Dálua, agus báttar
athaidh isuidhe ag tochaitheamh bídh Mumhan.



Aois Críost, mile céd a fiche.
Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua cConchobhair i Midhe, gur
ro ionnarb Murchadh Ua Maoilechlainn isin tuaisceirt go rug
a ghéill lais for faosamh comharba Pháttraicc agus na Bachla Iosa.
Ceallach comharba Pháttraicc for cuairt Mumhan an dara cur co
tuc a óighréir, agus co ffarccaibh bennachtain.
Slóighedh lá Domhnall Ua Lochlainn
i fóirithin Murchaidh Uí Mhaoileachlainn co hAthluain in
achcaidh Connacht, co ttaratt Toirrdhealbhac
Ua Conchobhair bréicc síth impú.
Echmharcach mac Uidhrin taoiseac Chenél
Fearadhaigh, do mharbhadh dFeraibh Manach.
Maidhm machaire Chille moire Ua Nialláin ria Raghnall mac
Meic Riabhaigh for Uibh Eachdhach, in ro ládh a nár.
Branán mac Giollacríost, taoiseach Corcachlann,
do écc. Droichet Atha Luain, droichet Atha Cróich, agus droichet
Dhúin Leódha for Suca do dhénamh la Toirrdhelbhach
Ua cConchobhair. Aonach Taillten
do denamh lá Toirrdhealbhach Ua cConchobhair.



Aois Críost, mile fiche a haon.
Samuel Ua hAngli, epscop Atha cliath, do écc, agus Ceallach
comharba Phatraicc, do
gabháil espugóide Atha cliath a


L. 1012


togha Gall agus Gaoidheal. Domhnall, mac Ardgair Mic
Lochlainn, rí Ereann, dearsccaightheach Gaoidheal ar
cruth, cenél, céill, gaiscceadh, sonus, agus
sobharthan, ar thíodhnacal seód agus bídh do
thrénaibh agus thruaghaibh, do écc i nDoire Choluim
Chille, iar mbeith secht mbliadhna
fichet uas Erinn i ríghe,
agus én bhliadhain décc i righe
Ailigh, isin treas bhliadhain
sechtmoghat a aeisi oidhche Cédaoine i
cethramhadh Id Febra, agus
i fféil mochuarog sainreadh.
Gille espuig Eoghain Ua hAindiarraidh, tigherna Ciannachta Glinne
Geimhin do mharbhadh dia bhraithribh.
Cumaighe mac Deoradha Uí Floinn, tigherna Durlais, do bhádhadh
ilLoch Eachdhach, iar ngabháil Innsi draicrenn fair do
Uibh Eachdach dú i ttorcrattar coiger ar cetráchat.
Maolsechlainn Ua Ceallachain .i. tigherna Ua nEathach Mumhan,
airechas deisceirt Mumhan, do écc.
Slóighedh la Toirrdhealbhach Ua Conchobhair, agus la
coicceadh Connacht i
ndesmhumhain dia ro indirset ó thá
Magh Feimhin co Traigh Lí ettir thuatha agus cealla.
Creachshluaighedh lá Toirrdhealbhach bheós
i nDesmhumhain, co ruacht termann Lis móir, agus co ttaratt
bóromha diairmhe,
agus ro farccbadh dhon cur sin Muiredhach Ua
Flaithbheartaigh, tigherna iarthair Condacht, agus Aodh Ua
hEidhin, tigherna Ua Fiachrach Aidhne, agus Muirghes
Ua Lorcáin co sochaidibh oile.
Cugaileng Mac Giollaseachnaill, tigherna Deisceirt Bregh do
mharbhadh la Gallaibh Atha cliath.
Dí shreth Trin Masáin ó dhoras Ratha co crois mbrighde
do losccadh in Ard Macha.
Athach gaoithe móire do thiachtain
i nDecember na bliadhna so co ro lá a bhendcobhar do chloictheach
Arda Macha, agus ro lá dan fíodhár mór fó Erinn.
Cloictheach Thelcha nIonmainde i nOsraighibh do
dluighe do chaoir theineadh, agus cloch do sgeinm as an


L. 1014


ccloictheach isin, co ro mharbh mac Leighinn isin cill.
Ríghbhardán, mac Conchoirne, tighearna Ele do écc.
Concobhar Ua Foccarta, tigherna desceirt Ele do
mharbhadh.



Aois Críost, míle céd fiche a dó.
Scrín Colmáin, mic Luacháin, do faghbháil in iolaidh Lainde
fear cubhad i ttalmhain cedaoin an braith do sonnradh fo
ríth. Fergna mac Echtigheirn, comharba Búithe,
saccart eccnaidh, Andadh mac Meic Ulca, airchindech
Cúile rathain, agus Conchobhar Ua Lioghda, comharba Ailbhe,
décc. Conghal, ferleighinn Cluana hEraird, décc i
nGlionn dá Locha ina ailithre.
Aodh Ua Duibhdhíorma, toiseach na Brédcha,
ceann einigh tuaisceirt Ereann, agus
Domhnall a bhráthair do écc.
Donnsléibhe Ua hOccáin, taoiseach Cenel Ferccusa,
agus rechtaire Telcha Og, décc.
Maelsechlainn Ua Donnacáin, tighearna Aradh thíre,
décc. Aodh Ua Ruairc .i. mac
Domhnaill, tigherna Conmhaicne, do thuitim lá feraibh
Mídhe oc breith creiche uadhaibh.
Slóighedh la Toirrdhealbhach
Ua cConchobhair co Loch Sailech i Midhe, co ttainic
mac Murchadha, rí Laighen
agus Gall ina theach. Crech mhór lá Conchobhar Mac
Lachlainn, agus lá Cenél nEoghain co rangattar co
Cill Ruaidh ind Ulltoiph, agus


L. 1016


tugsat bóromha dhírimhe.
Maolcoluim Ua Brolchain, epscop Arda Macha, do écc ina oilithre
i nDisert Doire fo buaidh martra agus naithrighe.



Aois Críost, mile fiche atri.
Aonghus Ua Gormáin, comharba Comhghaill, do
écc ina ailithre ilLios mór Mochuda.
Flann Ua Duibhinsi, airchindeach Lughmhaidh,
Maolmaire Ua Condubháin, airchindeach Doire Luráin,
agus Maoiliosa Ua hAirtri, maor Condacht, décc.
Conghalach Ua Flaithbhertaigh, ríoghdhamhna
Oiligh, décc.
Cucaisil Ua Cearbhaill, tigherna Fernmhaighe, décc.
Donnslebhe mac Cathaláin sonus
agus sobharthan Uladh, décc.
Donnchadh mac Giollapattraig Ruaidh,
tigherna Osraighe, do thuitim lá derbhfhine.
Mórshluaighedh la Toirrdhealbhach mac
Ruaidhri Uí Conchobhair co Bealach
Eochaille dia ro ghabh gialla Deasmumhan uile.
Gailenga do ghabhail tighe i nDoimhliag Chianain for Murchadh Ua
Maoileachloinn for rígh Teamhrach, agus ro loiscset ochtmoghatt
teagh uime, agus ro marbhadh sochaidhe
dia mhuintir don chur sin. Térna imorro Ua
Maoileachloinn do eineach Chianáin gan mharbhadh gan
losccadh. Domhnall, mac Donnchadha, ríoghdhamhna Temhra, do
mharbhadh do Ghailengaibh.
Amus anaithchnidh do thabhairt for comharba
Ailbhe .i. Maolmordha,
mac Meic Cloithnia .i. teach do ghabhail fair for
lár Imleacha fein, agus for
mhac Cerbhaill Ui Chiarmhaic tigherna Aine Cliach,
agus ro marbhadh moirsheiser ann.
Térnattar tra na maithe ass tria mhiorbhail Dé, Ailbhe, agus na
heccailsi. Ro loiscceadh ann


L. 1018


din an Bernán Ailbhe.
Ro marbhadh iaramh ria ccind mhís an tí ro ghabh an teagh
.i. an Giollacaoch Ua Ciarmhaic. Deochain
esidhe iar nainmniuchcadh, agus ro benadh a
chend de a ndíoghail sháraighthe Dé agus Ailbhe.
Donnchadh, mac Taidhg mic Carthaigh, tigherna Desmhumhan,
do écc, agus Corbmac a bhráthair do ghabháil a ionaid.
Tadhg Ua Maille, tigherna Umhaill, do bhádhadh co na luing
a nArainn.



Aois Críost, mile céd fiche a ceathair.
S. Maelmaodhog O Morgair
do shuidhe i neaspogoidecht Chonneire.
Maolcolaim, mac Maoilmaith Uí Connaccáin, uasal shaccart,
agus saoi eccna agus crábhaidh
airthir Ereann, décc i nInis Pattraig
an tres lá fichet December.
Forbadh Cloictighe Cluana mic Nóis la hUa Maoileóin, comharba
Ciaráin.
Tadhg Mac Carthaigh, tigherna Desmhumhan ordan
Mumhan, dég iar bpennainn i gCaisiul.
Muiredhach Mac Gormáin, tigherna Ua mBairrche ordan,
agus aireachas, agus primh athlaoch Laighen esidhe décc.
Ardgar, mac Aodha, ríoghdhamhna Oiligh, do
mharbhadh lá muintir dhoire in eneach Choluim Cille.
Maolsechlainn mac Taidhg, mic Maolruanaidh, tigherna
Maighe Luirg do mharbhadh lá fiora Breifne agus lá
Tighearnán Ua Ruairc.
Giollabróide, mac Tighernáin Uí Ruairc, do mharbhadh lá
Connachtaibh for Loch En, agus
sochaidhe oile amaile fris.
Muireadhach (.i. tigherna Cloinne Chosgraigh) mac mic Aodha
mic Ruaidhri, décc i cclércheacht.
Lochlainn Ua Follamhain, tigherna Criche na gCedach,
agus a mhac do mharbhadh la mac a dherbhrathar.
Gluiniarn, mac Brain, tigherna airthir
Ua fFaoláin do mharbhadh lá Domhnall


L. 1020


mac Mic Fhaolain, la ríoghdhamhna Laighen.
Da mac Taidhg, mic Ui Lorcáin, dá thánaisi
Ua Muiredhaigh, do mharbhadh lá hUa Lorcáin ele i ffioll.
Aodh Ua Mathghamhna, ríoghdhamhna Uladh, do
thuitim lá fiora Fearnmhaighe.
Mor chobhlach la Toirrdhealbhach
Ua Concobhair for Loch nDeirccdherc, agus a
ttabhairt leis dar Eass Danainne co ro aircc Ui Conaill ag
faing, agus co ffarccaibh cobhlach
Desmhumhan leis. Mor longport dna leis oc Ath caille ó
thá féil martain co Bealtaine. Trí caisteoil do
dhénamh lá Connachtaibh, caislén Dúin Leódha,
caislén na Gaillmhe, agus
caislén Cúile Mhaoile.
Creachshluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair co ro aircc
Conmaicne a Maigh Cairbre, agus ro aircc Magh Luighne. Ro
tionóilset Conmhaicne agus fir Midhe chuighe, agus
do radsat ammas fair oc Craibh Rois da charn, agus ro
marbhsat droncc dia shlóghaibh. Ro impo somh friu iarsin, agus
ro meabhaidh for fheraibh Midhe, agus for Conmaicnibh, co
ttorcrattar sochaidhe do shaorchlandaibh agus
daorchlandaibh dibh lais. Geill Desmhumhan immach Corbmaic mic
Meic Carthaigh, do marbhadh la
Toirrdhealbhach Ua Conchobhair.



Aois Críost, míle céd fiche a cúig.
Maoleóin Ua Dúnaccáin,
saoi eccnaidh, agus epscop Ua cCennselaigh,
Maoltréna uasal shagart, agus sruith shenoir Chraoi Caoimhghin,
brondalta toghaidhe hUi Dhúnáin uasal shenorach Ereann,


L. 1022


décc co heglastacda, iar ndeighbheathaidh.
Mac Maoilesuthain, áird fhearleighinn iarthair Ereann
décc i tTamhlachta.
Cindeidigh Ua Conaing, airchinneach Cille Dalua décc.
Hi quint Id Enair for aoindidin is indte
tuarccbhadh a bhuinne didin for in daimhliag mor Arda Macha iar na
láin eagar do slindibh lá Ceallach comharba Pháttraicc isin
triochatmadh bliadhain air chéd ó na raibhe slinn comhlann fair co
sin. Sluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair agus lá
Tighernán Ua Ruairc hi Mídhe, co ro
aithríoghsat Murchadh Ua Maoileachlainn,
agus do rattsat triuir tighernadh for Mídhe.
Maolsechlainn, mac Donnchaidh Uí
Mhaoileachlainn, an treas thigherna
dibhsidhe, do mharbhadh lá Domhnall mac
Murchadha Uí Mhaoileachlainn.
Creach do chuaidh Muirchertach Ua Cearbhaill,
tigherna descert Fernmaighe i ffearaibh Breagh
conus tarraidh Diarmaitt Ua Maoileachlainn co fferaibh Midhe
agus Bregh, co ttorchair Muirchertach leis, agus drong duaislibh
Fernmhaighe, co sochaidhe oile.
Dá mhac Aineislis Ui Eidhin do mharbhad dUa Flaithbertaigh i fioll
oc Bun Gaillmhi. Droichet Atha Luain agus droichet Atha croich
do sccaileadh la feraibh Mídhe.
Flann agus an Giollariabhach,
da mhac Ainéislis Ui Eidhin do mharbhadh la Conchobhar
Ua fFlaithbertaigh.



Aois Críost, míle céd fiche a sé.
Aodh Ua Módáin, epscop Glinne dá locha, décc.
Fionn Ua Conaingén, airchinnech Doire fri
re, do ecc. Muiredhach Ua Cuillein, airchinnech Clochair, do
mharbhadh lá Fearaibh Manach.
Conchobhar Ua Cléirigh fear leighinn Cille dara, décc.
Giollafíonain, comharba Féichin,
agus Maoiliosa Ua Coinne, saoi Gaoidheal i senchus
agus i mbreitheamhnas,
agus in Urd Pattraicc, décc iar naithrighe togaidhe.
Daimhliag Reicclesa Poil agus Peadair in Ard Macha,
do ronadh la hIomhar Ua nAedhacain do


L. 1024


choisreccadh la Cellach, comharba Phattraicc an
12 Callainn Nouember.
Corcach mhór Mumhan co na tempall do losccadh.
Enda, mac Mic Murchadha .i. mac
Donnchadha, rí Laighen, do écc.
Sluaighedh la Toirrdhealbhach Ua cConcobhair,
co ttucc ríghe Gall Atha cliath, agus Laighen dia mac
féin do Chonchobhar. Táinic dna iar sin co
ttucc maidhm for Chorbmac Mac Carthaigh,
agus co ro loisc a longphort occ
Sléibh an Chaithligh.
Mór longphort las an righ cédna i nUrmhumhain ó Lughnasadh co
féil Bríghde,
agus ro aircc fecht as an longort sic sin Ui Conaill, fecht
ele go Móin mói, agus go Glend Maghair, agus fecht co deiscert
Osraighe, agus ro chuir ár Osraighe im
Ua cCarócc, agus tug gialla Osraighe don chur sin.
Domhnall Finn Ua Dubhda, tighearna Ua nAmhalghadha, do
bhádhadh iar ndénamh creche hi tTír Chonaill.
Anfadh cogaidh mhóir i nErinn
i ccoithchinne, gur bó héccen do Cheallach do
comharba Páttraicc, beith mí for bhliadhain i
neccmais Arda Macha oc
síodhucchadh fer nEreann,
agus oc erail riaghla agus soibhésa for cach eitir
thuaith agus eglais.
Creach mheabhla la Ruaidhri Ua Tuaithchair
i nAirtheraibh, conus tarthatar fioru Airthir, agus ro
lásatt a nár, agus ro díchendadh Ruaidhri
fo dhéisin leo.



Aois Criost, mile céd fiche a seacht.
Giollacriost Ua Maoileóin, abb comharba Ciaráin Cluana mic Nóis,
tobar egna agus désherce ordain agus oireachais Leithe Chuinn, cenn
sonusa agus saidhbhriosa Ereann, dég.
Maolmaire Ua Gottáin uasal shaccart, agus sruith senóir Cenannsa,
Conghalach, comharba Cianáin,


L. 1026


agus Giolla Chiarain Ua Róda, airchindech Cunga, décc.
Giollacomhghaill Ua Tuathail, comharba Caoimhghin, do
mharbhadh las na Forthuathaibh,
Maolbrighde Ua Forannáin, airchindeach Arda sratha.
Maolbrighde Ua Cionaodha, airchindeach Arda Trea,
agus Domhnall Dall Ua Murchadha,
áirdeccnaidh Laighen, décc.
Mac Conaonaigh Ua Maolghuirm, airchindeach Ruis Cré, do mharbhadh
lá hElibh. Scrín Cholaim Chille do bhreith do Ghallaibh
Atha cliath leo i mbroid, agus a
hidhnacal dorídhisi i ccinn mís dia thigh.
Giollacriost Ua hEiccnigh, tighearna Fear Manach
agus Airghiall, do écc i cClochair mac nDaimhine iar naithrighe
thoghaidhe. Cearbhall Mac Faoláin do mharbhadh
la hUibh Failghe for lár Cille dara co ndruing do anradhaibh
agus maithibh oile amaille fris. Slóighedh lá Toirrdhealbhach
Ua cConcobhair do mhuir agus
do thír co riacht Corcach mhór Mumhan, co ro chuir
Corbmac hi lLioss mor, agus go ro roinn Mumhain i ttrí, agus
dobert triocha giall a Mumhain.
Donnchadh, mac Mic Carthaigh, do
ionnarbadh iaramh i cConnachtaibh co fichit céd immaille fris lá
Corbmac Mág Carthaigh, iar ttocht asa
oilithre, agus fir Mumhan do iompudh ar
Thoirrdhealbhach. Mór choblach
Thoirrdhealbhaigh Ui Chonchobhair nochatt ar chéd leastar
ar Loch nDerg dherc, gur ro fhásaigh ceanntar Mumhan. Comhrac
dá chobhlach for fairrge .i. Connachtaigh, agus fir
Mumhan, agus ruccsat Connachtaigh buaidh an chathaighthe
hísin. Cath eitir Ultaibh budhdhéin
i ttorcratar da rígh Uladh .i. Aedh Ua
Mathghamhna, agus Niall, mac
Duinnshlébhe Ui Eochadha, agus ar
Uladh im


L. 1028


maille friu. Murchadh Ua Maoilsechlainn do
aithríoghadh, agus Domhnall a mhac do
ghabháil a ionaid. Domhnall do aithrighadh
ria ccind raithe, agus Diarmaid Ua Maoileachlainn
do ghabhail a ionaidh.



Aois Críost, mile céd fiche a hocht.
Muirghes Ua Níoc, comharba Iarlaithe Tuama da ghualann fri
ré, décc i nInis in Ghoill.
Conaing Ua Beiccleighinn, abb Cenannsa, do écc.
Giollapháttraicc Ua Cathail, comharba Caoimhghin, do
mharbhadh i nGlionn da Locha la Laighnibh.
Giollachruimhthir Fraoich mac Scolaighe, comharba Bearaigh Cluana
Coirpthi, Ua Bánáin, comharba Crónáin Ruis Cre,
Mac Maras Ua Reabhacháin, comharba Mochuda,
Giolla Chiaráin mac Giolladuibh Uí Draoda, airchinneach
Cunga, Ceinnéittigh Ua Conghail, airchinneach
Lis aoidheadh Cluana mic Nóis,
Giolla an choimhdhedh, mac Mic Cuinn,
tanaisi abbaidh Cluana mic Nóis, frí ré,
agus Fingart, anmchara Corcumdhruadh,
décc. Cennéittigh, mac Aodha mic
Duinnsléibhe, rí Uladh, do mharbhadh.
Fir Maighe hIthe, im Domhnall Ua nGoirmleaghaid, do ghabháil
tighe for Fhaolán Ua Duibhdara for thigherna Fer Manach,
agus a thuitim leó co ndruing do mhaithibh Fhermanach ina fharradh.
Maidhm Atha Fhirdhiadh ria marcshluagh
Conchobhair mac meic Lochlainn for mharcshluagh
Tighernáin Uí Ruairc, i ttorchair
Ua Ciarrdha, tigherna Cairpre, agus Cathal Ua
Raghailligh, Sitriucc Ua Maoilbrighde, mac
Aodha Uí Dúbhda, tigherna Ua nAmhalghadha,
agus sochaidhe oile amaille friu a ndíoghail enigh Pháttraicc.
Creachshluaighedh la Conchobhar mac meic
Lochlainn, tigherna Cheneoil Eoghain, agus la Dál nAraidhe,
agus la hAirghiallaibh i Maigh Cobha,
co ttugsat gialla Ua nEachdach. Tiaghaid
asidhe co hAirther Midhe, agus co feraibh Breagh, agus ro
fhagaibhsiot dream dia mhuinntir ann.
Creachshluaighedh la Toirrdhealbhach Ua
Conchobhair ilLaighnibh, co ros aircc
co mór, uair ro timchill Laighen laimh fri
faircce co rocht co hAth cliath. As don
tsloighedh isin torcair Ua Gadhra, tigherna Luighne, agus
sochaidhe ele cen mó thasomh.
Síth mbliadhna do dhénamh do Cheallach, comharba


L. 1030


Páttraicc etir Connachtaibh agus feraibh Mumhan.
Tailltin, inghen Murchaidh
Uí Mhaoileachlainn, ben Toirrdhealbhaigh
Uí Chonchobhair, décc.
Domhnall mac an Ghillefhinn mic
Mic Uallacháin, taoiseach
muinntire Cionaith, do mharbhadh dUa Madadháin.
Móir chreach lá Connachtaibh i
fFearnmhaigh, agus ro oirccsed an
tír, agus Lúghmhadh,
agus do rochattar don sochaidhe díbhsiumh la
Cochall, mac Mic Senáin,
agus la feraibh Fernmaighe.
Maghnus mac Mic Lochlainn, tigherna Chenéil nEoghain agus an
tuaisceirt, do mharbhadh lá Cenel cConaill, agus la Cenél Moein.



Aois Críost, mile céd fiche a naoi.
Maolbríghde Ua Flannáin, ancoire Liss móir,
Giollacolmáin Ua Ceallaigh uasal shagart
Dearmaighe Cholaim Chille,
Mac Muirghesa fer leighinn Ferna,
agus Ua Diarmada, comharba Cronáin
Ruis Cré, dég. Teach Choluim Cille i
cCill mic Nénain do
ghabháil dUa Tairchert for Aodh
mac Cathbairr Uí Domhnaill, agus a
losccadh fair. Caemchludh tigherna lá Cenel nEoghain
.i. Maghnus i nionad Conchobhair. Maghnus din, do
mharbhadh ria ccionn ráithe do Chenel cConaill agus
dUa Gairmleadhaigh agus do Cenel Moein, agus
Conchobhar do ríoghadh doridhisi.
Mathghamhain, mac Muirchertaigh Uí Bhriain, décc.
Flann Ua Ceallaigh, tigherna fear mBregh,
agus Muirchertach Ua Conchubhair, ríoghdhamhna Ua fFailghe, do
mharbhadh do fheraibh Fernmaighe.
Niall Ua Críochain, tigherna Ua Fiachrach Arda
Sratha, do mharbhadh la hUibh Cenneidigh.
Giollachriost hUa hUidhrín, toiseach Cenél Fearadhaigh, do losccadh
i ttigh a altrann i tTír Manach i meabhail.
Caislén Atha Luain


L. 1032


do dhénamh, agus an droicheat do
thogbhail la Toirrdhealbhach Ua cConcobhair i
samhradh na bliadhna so .i. samhradh an tarta.
Altóir in daimhliag móir hi cCluain mic Nóis do
fhoscriugadh, agus seoid do bhreith eiste .i. Carracan tempail
Solman tuccadh ó
Mhaoileachlainn mac Domhnaill, Cudín Donnchadha mic
Floinn, agus na trí seoitt tug
Toirrdhealbhaich Ua Concobhair .i. bleidhe airccitt, agus copan
airccid co ccrois óir thairis, agus corn go nór, agus corn hUi Riada,
righ Aradh, agus caileach airccid co
fforneimh óir fair cona thesc ó
inghein Ruaidhri Ui Concobhair, agus copán airccid Cellaigh,
comharba Pattraicc.
Ciarán dan ó rugaitt dia ffoillsiuccadh iaramh.
Ceallach, comharba Phatraicc, mac oighe, agus airdespug iarthair
Eorpa, aeincenn ro riaraighsiot Goill, agus Gaoidhil laoich, agus
clerigh Ereann, iar noirdneadh epscop, sacart, agus
aosa gacha graidh archena, iar ccoisreccadh teampall, agus reilghedh
niomdha, iar ttiodhnacal séd agus maoine, iar nerail riaghla agus
shoibhes ar chach etir tuaith, agus ecclais, iar mbethaid aointigh,
ernaighthigh, celeabhartadh, oiffreandaibh, iar nongadh agus
iar naithrighe tochcaidhe, ro fhaidh a spirat do cum nimhe in
Ard Pattraicc isin Mumhain an
céd lá dApril


L. 1034


dia luain do shonnradh isin caeccatmhadh
bliadhain a aoisi. Rugadh tra a chorp dia adhnacal isin ccédaoin ar
ccind go Lios mór Mochúda do reir a thiomna budhdein,
agus ro friothairedh co psalmaibh, agus imnaibh,
agus canticibh, agus ro hadhnaicedh co honorach
i niolaidh na nepscop Dia Dardaoin arnabharach.
Muirchertach, mac Domhnaill, doirdneadh
hí ccomarbus Pattraicc iarsin.



Aois Críost, míle céd triocha.
Sord Cholaim Chille cona theamplaibh,
agus miondaibh do losccadh.
Lochlainn Ua Maolruanaidh,
ríoghdhamhna Uladh, do mharbhadh.
Cúaifne Ua Conchobhair, tigherna Ua fFailghe, do
écc. Giolla Cualann mac meic
Dúnghaile, tigherna
Ua mBriúin Cualann, do mharbhadh lá
a bhraithribh.
Diarmaitt Ua Follamhain, taoiseach Cloinne hUattach,
agus Gollcluana (.i. Giollaphátraicc)
Ua hAireachtaigh, ollamh Iarthair Midhe i filidhecht,
décc. Seóid Cluana mic Nóis
dfoillsiughadh for Ghallaibh Luimnigh iar na ngoid do
Ghiollachomhgáin. Giollacomhgáin
féissin do chrochadh i nDún
Cluana Bhriain lá rígh Mumhan, iar na thairbert la
Conchobhar Ua mBriain. Ro shir tra an
Giollacomhgáin soin Corcach, Lios mór,
agus Portláirge do dhol tar muir.
In long i raghbhadh ionadh ní fagbhadh
gaoith sheolta, agus fo gheibhdís na longa ele archeana. Deithbhir
ón ar no fhostadh Ciaran an luing i
ttrialladh somh teacht tairis, agus do rádhsomh ina
coibhsenaibh frí bás co naicedh Ciarán co na bhachaill ac fosttadh
gacha luinge ina ttrialladh. Ro moradh tra ainm Dé
agus Ciaráin de sin.
Slóighedh la hUa Lachlainn .i. Conchobhar, mac Domhnaill, agus
lá tuaiscert Ereann ind Ulltaibh. Ro thionóilsett Ulaidh do
thabhairt catha dóibh. O ro
comhfhoiccsigh cách dia roile dibh fechar iomairecc
ainmhín etorra. Ro mheabhaidh for Ulltaibh fodheóidh, agus ro
ládh a nár im Aodh Ua Loingsigh tigherna Dal nAraidhe, im
Giollapháttraic mac Searraigh, tigherna Dhál mBuinne, im
Dubhrailbhe mac Artáin,


L. 1036


co ndroing oile cen mo tát somh, agus indrit an tír co
hairther na hArda etir tuaith agus cill, agus
tucsat míle do bhrait, agus ilmhíle do bhuaibh,
agus deachaibh. Teccait maithe Uladh imo ttighernadhaibh iar sin
co hArd Macha i ccomhdhail
Chonchobhair co ndernsatt síth, agus
comh luighe, agus co ffarccaibhsiot giálla lais.
Loingius lá Toirrdhealbhach Ua cConchobhar co riacht co Toraidh,
agus ro aircc Ros nguill.
Loingius eile dan, leis i nDesmhumhain, agus ro aircc Dairbri
uile, agus Inis móir.
Cathraoineadh ria Tighernán Ua Ruairc agus ria nUibh
Briuin i Sleibh Guaire for feraibh Mídhe, dú i ttorchair
Diarmaitt Ua Maoilechlainn, rí Temhrach,
agus Amhlaoibh, mac Mic Senain,
tigherna Gaileng, agus Oengus Ua Caoindelbháin,
tigherna Ua Laoghaire, mac Mic Giollafhulartaigh, tigherna
deisceirt Bregh, agus drong oile nach airimhthir.
Meas mór ar na huilibh chrandaibh etir
chnoa, dearcnoibh, agus ubhlaibh.



Aois Críost, mile céd triocha a haon.
Maoilíosa Ua Foghladha, airdepscop Caisil,
agus Muirchertach Ua hIndreachtaigh, comharba Comhghaill, décc
i nArd Macha an treas lá dOctober.
Dubhchobhlaigh, inghen Ruaidhri
na Soidhe buidhe Ui Choncobhair ben tigherna Luighne
dég. Creachshluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua
Concobhair, agus lá cóigeadh Connacht i Mumhain, go ro airccset
Ui Conaill Gabhra.
Sluaigheadh la Concobhar Ua mBriain, agus
lá feraibh Mumhan i Laighnibh, agus ro ghabhsat a ngialla. Lottar
iarsin i Midhe, agus ro airgset inis Locha Semhdighdhe.
Comraicit a marcshluagh, agus marcshluagh Connacht. Sraoiniter
for marcshluagh Connacht,
agus torchair mac Conconnacht Ui Conchobhair don
chur sin, agus an Ferdana Ua Carthaigh .i. ollamh Connacht.
Slóighedh lá Conchobhar


L. 1038


mac Domhnaill Uí Lochlainn, agus la
tuaiscert nEreann,
agus lá hUltoibh hi cConnochtaibh, agus do bertsat Connachtaigh
amus for dereadh an tsluaigh i ffail na Seghaisi
(.i. Coirrshliabh), agus
ferthar deabhaidh eatorra, agus torchair Conn
Ua Maolghaoithe, agus an Garbhanach
Ua Baoighill, agus sochaidhe oile isin maighin sin. Ara
aoi comdháilit ar na bharach og Loch Cé, agus
do gniatt síth mbliadhna. Creach lá Tighernan Ua Ruairc,
agus la feraibh Bréifne dar eisi an tsluagh hi sin
hí cCuailgne, agus ro airccset Uí Mhéith. Oc iompúdh imorro
dUlaidh, agus do deiscert Airghiall dar Ath Luain
dia ttig comhraicit i Maigh Conaille fris an ccrech, agus
ferthar iomaireacc etorra i ttorchair Raghnall
Ua hEochadha, rí Uladh, agus Cumidhe Ua
Criocháin, tigherna Fernmaighe co na mac, agus
Donnslébhe Ua hInnreachtaigh, tigherna Ua Meith,
agus sochaidhe ele bheós. Tuadhmhumha dindreadh lá
Corbmac mic Mic Carthaigh, agus lá
Conchobhar Ua mBriain.
Maidhm la Murchadh Ua Maoileachlainn, for Shiol Rónáin airm i
ttorcrattar ile. Concobhar Ua Briain do thromghuin la a
fhior gradha féin gur bho hotharlighe bais
dó. Conchobhar Ua Longarcain ainm an
tí ros gon, agus ro marbhadh sidhe fo chédóir
ind. Domhnall Ua Fuircc, tigherna Ua Forcco, do
thuitim la Síol nAnmchadha
hi ccliathadh. Maolsechlainn, mac
Muirchertaigh Ui Mhaoilechlainn, do
mharbhadh la Feraibh Ceall.
Cluain Eraird darccain do Chairpribh, agus dferaibh Teathbha
fó dhí. Ar fer tTethbha do chur do Mhurchadh Ua
Maoileachlainn isin ionadh in ro rannsat bu Cluana Eraird.
Maidhm Chaille


L. 1040


Cobhtaigh for Shíol Muiredhaigh ria nUachtar Connacht iar na
ttecht for crech isin Mumhain, co ttarla
tria meraithne etorra
co ffarcsat a ngabhála.
Fine Gall do orgain do Domhnall
mac Murchadha Uí Maoilechloind.



Aois Críost, míle céd triochat a dó.
Maolmaodhog Ua Morghair do shuidhe i gcomhorbus Pattraic
tre impidhe cléirech nEreann.
Maolbrénainn Ua hAnradháin,
comhorba Brénainn Cluana ferta, décc.
Maolbrighde mac Doilgén, uasal shaccart
Arda Macha, agus sinnser sacard nEreann,
décc isin dara bliadhain caoccat a shacardachta, agus isin
ochtmoghad bliadhain a aoisi, agus isin 27 do August.
Uareirghe Ua Neachtain, cend chéledh
nde Cluana Mic Nois, agus a sruith shenóir dég.
Cucaille Ua Find, airchindech Cille Colccán, décc.
Sluaighedh lá Conchobhar Ua
Lochlaind co hAth Fhirdhiadh, agus
táinicc Tighernán Ua Ruairc
ina theach, agus dorad braighde dhó.
Maolseachlainn mac Diarmada Mic
Murchadha, tigherna Ua cCeinnsealaigh, do mharbhadh.
Creach Maonmaighe la Conchobhar
Ua mBriain co rug bú iomdha lais.
Caislén Bona Gaillmhe do
losccadh agus do scaoileadh lá loinges fer Mumhan, agus ár mór
do thabhairt for iarthar Connacht im Ua Taidhg an teghlaigh, agus im
shaor chlandaibh iomdha oile.
Mac Amhlaibh Ui Lochlainn, tigherna Corco Modhruadh, do
mharbhadh lás an loinges chedna.
Ar mór ria bferaibh Mumhan for Chonnachtaibh dú i ttorchair
Concobhar Ua Flaithbheartaigh, tigherna Iarthair Connacht,
agus da mac Cathail Ui Mughroin agus sochaidhe oile.
Oilén na beithe for Sionainn do losccadh lá feraibh Mumhan,
agus fiche do dhaoinibh im thaoiseach muintire Cionaith do thuitim ann.
Diarmait Mac Eiticcén, taoiseach Cloinne Diarmada,
décc. Creach na fésoicce lá Tighernán Ua Ruairc for dreim dferaibh


L. 1042


Tethbha, agus do Chonnachtaibh, co ráinicc longphort Toirrdhealbhaigh
Uí Conchobhair. Creach Muighe Luircc lá fearaibh Breifne.



Aois Críost, míle céd triochat a trí.
Muiredhach Ua Dúibhinnsi, airchindeach Lughmaidh,
Conaing mac Duibhdaleithi
fosairchindeach Arda Macha,
Maolbrighde Ua hAinnin uasal mhairtir Ereann, agus berre
cráibhdech cennsa, agus deirc iarthair
bhetha, décc. Ros Cré agus Lúghmhagh do losccadh.
Muirchertach, comharba
Pháttraicc for cuairt Tíre hEoghain, agus a riarughadh do bhuaibh,
agus deachaibh, co ffarccaibh bennachtain.
Conchobhar, mac Murchadha Ui
Mhaoilechlainn, rioghdhamhna Temhrach, do mharbhadh lá
Donnchadh Mac Giollamocholmóg rioghdhamhna Laighen, agus
Donnchadh feissin do mharbhadh la feraibh Midhe .i. lá
hAodh Ua hAedha a ccionn mhís i ndíoghail Conchobhair.
Lusca co na tempal lán do dhaoinibh, agus
taisccedhaibh do losccadh for Fine nGall don
lucht chédna a ndíoghail meic Murchadha .i. Chonchobhair.
Móirchreach lá Murchadh Ua Maoileachlaind a ndíoghail a mhic, co
ro aircc Fine Ghall, agus airtheir Laighean.
Sluaighedh lá Corbmac mac Carthaigh, agus la Conchobhar
Ua mBriain i cConnachtaibh, co ro mharbhsat
Cathal mac Cathail Uí Conchobhair, ríoghdhamhna
Connacht, agus Giolla na naomh Ua Floind, taisech
Sil Maoileruain, agus ro scailset Dun Mughdhorn, agus Dún Mór,
agus ro indirset mór don tír. Impaid iarsin gan gialla.
Creach lá Donnchadh Ua Cearbhaill,
agus la feraibh Fernmhaighe hi Fine Ghall, conus táirsetar
Goill oc Fiondabhair na ninghen,
co ndhernsat deabhaidh i ttorchair Raghnall mac Póil, agus drong
mhór do Ghallaibh uime. Cidh iad fiora Fernmhaighe
tugadh éccendáil forra. Creach lá Tighernán Ua
Ruairc lá tigherna Breifne for Uibh Fiachrach an
tuaisceirt. Maidhm ria bferaibh Teathbha for Shíol Muiredhaigh,
dú i ttorchair Amhlaoibh mac mic


L. 1044


Aireachtaigh Uí Ródhuibh, taoiseach Cloinne Tomaltaigh,
agus in ro gabhadh Mac an lestair Uí Ainlighi taoisech
Ceneil Dobhtha, agus i ttorcrattar ile.
Droichet Atha Luain agus a
chaistiall do scaoileadh lá
Murchadh Ua Maoileachlainn agus lá
Tighernán Ua Ruairc. Comhdhál la
Toirrdhealbhach Ua Concobhair, agus
lá Conchobar Ua mBriain co maithibh
cleireach Connacht
agus Mumhan oc Abhaill Cethernaigh,
agus síth bliadhna do dhénamh eatorra.
Maolsechlainn, mac mic Diarmada mic
Maoil na mbó, agus Eochaidh
Ua Nualláin, tigherna Fothart, do thuitim i ccliathadh lá
hUgaire Ua Tuathail, agus lá
hUibh Muiredhaigh, agus ár mór amaille friu.
Dá mac Conchonnacht Uí Choncobhair do bháthadh i lLoch Ríbh.
Giolla na naomh Ua Birn décc rígh rechtaire Ereann eisidhe,
agus a adhnacal i Ros Commáin.
Bo dhíth mhór ind Erinn, dá ngoirthí Maolgarbh,
dá ná frith samhail ó tháinic an bó díobhadh oile i naimsir
Fhlaithbheartaigh mic Loingsigh, conar
fháccaibh acht tiruairsi becc do bhuaibh i nErinn, dia nebhradh,




Atrí sa triocha, na ceil
Céd ar mhile do bhliadhnaibh,
O ghein Críost i mBeithil bhinn
Gus an mbó díthsi i nErinn.




Flaithbhertach Ua Flaithbhertaigh do
mharbhadh lá mac Lochlainn Uí
Lochlainn, i ndíoghail a athar.
Mórshluaigheadh Leithe Mogha uile im
Chorbhmac Mac Cárthaigh, agus im
Chonchobhar Ua Maoilsechlainn a cConnachtaibh, gur ro marbhadh
leó mac mic Cathail Uí Chonchobhair, agus
Giolla na naomh Ua Floinn, taoiseach Síl Maoilruanaidh,
agus ro loisccset Dun Mughdhorn, agus Dún mór,
agus ro iompaidhset gan sídh gan gialla.


L. 1046


Aois Críost, míle céd triocha a ceathair.
Celeachair, mac Corbmaic Uí
Chuinn na mBocht, sruith shenóir, cenn comhairle, agus
tobar eccna, senchusa, cend einigh
agus coimheda riaghla Cluana mic Nóis, décc in
iomdhaidh Chiaráin iar mbuaidh naithriche i
Nóin September. As dó ro
ráidh mac Macaimh Uí Cíocharáin ó
Edargabhail an rannso,




Mo ghenar duit it bhethaid,
A Mhic Cuind, a Chélechair,
A taoisi a Chelechair Cluana,
I nglé bhethaidh gle bhuadha.




Maolciaráin mac don Chorbmac
cédna, uasal shaccart tuir craibhaidh,
agus eccnae uasal chend Cluana mic Nois, dég oidhche
fhéile Michil, agus
ba i nIomdhaidh Ciaráin bheós.
Fógartach Ua Riagain, airchindeach Ruis Cré,
agus Giollabrénainn Ua hAnradháin, comharba
Brénainn Cluana fearta, décc.
Iomhar Ua hAedhaccáin, las ro
cumhdaiccheadh reccles Póil agus Peadair i nArd Macha,
décc i Róimh ina ailithre.
Bebhinn, inghen Mic Conchaille banairchinneach Doire, décc
22 December.
Maolmaodhócc Ua Morghoir for cuairt Mumhan,
agus do bert a réir.
Archu Ua Flaithbhertaigh,
ríoghdhamhna Oiligh do
thuitim lá Cenel Conaill i frithghuin.
Donnchadh, mac mic Murchadha Uí
Bhriain go na mac do mharbhadh lá Deasmumhain.
Donnchadh .i. mac Conaifne Ua
Conchobhair, tigherna Ua Failghe,
agus Maolsechlainn, mac a athar, do
dheabhadh fri aroile co ttorchrattar comhthuitim.
Sloighedh lá mac Mic Murchadha, agus
la Laighnibh i nOsraighibh, conus tairtheethar sic Osraighe
agus ro lásat a nár, agus torchair ann
Ughaire Ua Tuathail, ríoghdhamhna
Laighen co sochaidhibh oile.
Ar Osraighe, agus Gall Puirt
Láirge do chur lá mac Mic Murchadha,
agus la Laighnibh a ndíoghail
an áir rémhráite. Teampall do ronadh lá
Corbmac mac Meic Carthaigh, rí Caisil, do


L. 1048


choisreccadh lá seanadh cléreach nEreann in aoin ionadh.
Muirchertach mac Domhnaill mic
Amhalgadha, comharba Phátraicc, dég iar mbuaidh martra,
agus naithrighe 17 September.
Niall, mac Aedha, doirdneadh i ccomarbus Patraicc.
Caemhchludh abbadh in Ard Macha .i. Maelmaedhocc
Ua Morgair i nionad Néill.
Maolmaedhócc iarsin for cuairt Mumhan, go ttucc a
reir. Aodh mac meic Lochlainn mécc
Cochlain, tigherna Dealbhna Eathra, doécc.
Murchadh O hEaghra, agus a bhen .i. inghen
Toirrdealbhaigh Uí Conchobhair do mharbhadh lá
Taichleach Ua nEaghra.



Aois Críost, míle céd triocha a cúicc. Cionaet Ua Baoighill,
uasal epscop .i. epscop Clochair, agus ard shenóir thuaisceirt
Ereann. An tepscop Ua Cattan .i. áird espucc
Ua cCennselaigh,
agus Maoliosa Ua Fionnachta, comharba Rosa Commain, dég.
Giollacomáin Ua Conghalaigh, ferléighinn Rossa Commáin, do mharbhadh
lá Conmhaicnibh.
Domhnall, mac Muirchertaigh
Uí Bhriain, tigherna
Gall, agus Laighen céttus do écc i ccuincc
cléircechta i lLios mór iar sendataidh.
Fiachra Mac Etnén srúith Senoir Cluana Eraird, agus fer Mídhe
archena, décc.
Fland Ua Sionaigh, maor Bachla Iosa, décc iar naithrighe tocchaidhe.
Maoiliosa Ua hAinmire .i. epscop Puirt Lairge, agus ard shenóir
Gaoidheal iars an ochtmhadh
bliadhain ochtmhoghadh a aoisi décc i lLios mór Mochutta.
Eachmharcach Ua hAinmire sruith shenóir na nGaoidhel, topar
egna agus déirce décc i lLios mór.
Maolmaedhócc Ua Morgair, comharba Pháttraicc, do chendach
Bachla Iosa agus dia tabhairt asa fochla an
seachtmhadh lá do mhí Iúl.
Doire Cholaim Chille co na themplaibh do losccadh an
30 do Mharta.
Ruaidhri Ua Canannáin, tigherna Cenel Conaill, tuir
cocthach cosnamhach co ndésherc agus co ndaonnacht, do
mharbhadh dferaibh Maighe hIthe
.i.


L. 1050


do Mhaolruanaidh Ua Caireallain, agus do
Cloinn Diarmada, agus ár
mór iarsin ó Chonall for Eoghan.
Cathal mac Taidhg Uí Conchobhair, tanaisi
Connacht, do mharbhadh lá feraibh Teathbha co
sochaidhibh oile amaille fris.
Cluain Eraird, Cenannus, Ráith Lúraigh, agus ilchealla archena
do losccadh.
Sochaidhe do Dhesmumhain do thuitim la
Tuadhmhumhain for thóchar Cluana caoin Modíomócc.
Bá dibhséin Fionghuine Ua Caoimh,
tigherna Glendamhnach, Mathghamhain Ua
Donnchadha, tigherna Cenel Laoghaire, Maolgorm Ua Rind, agus mac
Lochlaind Uí Cionaedha dUíbh Maccaille, go sochaidhe ele.
Aodh Ua Conchobhair, tigherna Corcamodhruadh, agus
Cumara Mac Conmhara mic Domhnaill, tigherna Ua
cCaisín, do thuitim i ffriothghuin ó Thuadhmumhain.
Magh Naoi, Magh luircc, agus an Corann do
losccadh la Conmhaicnibh.
Ros Commáin do arccain
agus do losccadh taighibh teamplaibh las an
lucht cédna a ccionn mhís iaramh.
Ua Madadháin, tigherna
Sil nAnmchadha agus Ua Maine frí ré, do mharbhadh i ffioll lá mac
Giollacaoimhghin I Cenneittigh, agus ogh
a mhuinntire amaille fris.
Amhlaibh, mac Domhnaill Fhinn Uí Dhubhda, tigherna
Ua nAmhalghadha, do mharbhadh lá hUibh Fiachrach an tuaisceirt.
Cobhlach Murchadha Ui
Mhaoileachlainn, righ Temhrach, for Shionainn,
agus for Loch Ríbh. Tangattar Síol Muiredhaigh co na rígh,
.i. Conchobhar, mac
Toirrdhealbhaigh, agus Uí Maine co na ttigherna
.i. Tadhg Ua Ceallaigh, co bfarccaibhsiod díbhlinibh
braighde ag Murchadh. Teine saighnéin do
bhéim a chind do chloictheach Cluana mic Nóis, agus do
tholladh cloicthigh Ruis Cré.
Fiora Fernmhaighe do iompudh ar Mhidheachaibh, agus sídh doibh
frí Bréifnechaibh.
Stephen do ghabháil rioghaichte Saxan 2 December.


L. 1052


Aois Criost, mile céd triocha a sé.
Aodh Ua Finn, epscop na Bréifne, do écc i nInis Clothrann.
Domhnall Ua Dubhthaigh, aird espucc Connacht, agus comhorba
Ciaráin, cenn eaccna agus einigh an chóiccidh dfagháil bháis iar
noifrend agus celebradh i cCluain ferta Brénainn.
Robhartach Ua Ceallaigh, airchindech Fathna móire,
dég iar ndegh aithrighe.
Giolla Críost Ua hEchain, comharba Findéin,
agus Saerbhreathach Ua Ceallaigh, comharba I Shuanaigh,
dég. Mac Ciaráin, airchindeach Suird,
do thuitim lá fiora Fearnmhaighe.
Maelmaire mac Colmáin, airchinnech Doire Luráin.
Maoliosa mac Maolcholaim, primhchalladóir
Arda Macha, a primh crióchaire
agus a leabhar coimhédaigh, décc iar naithrighe thoghaidhe aidhche
aeini an chésta. Conchubhar, mac Domhnaill Uí
Lochlainn, tigherna Ailigh céttus, agus rí an tuaisceirt
uile etir Chonall, Eoghan, Ullta, agus Airghialla, agus
rioghdhamhna Ereann bheos, do mharbhadh
dferaibh Maighe hIthe i meabhail.
Echrí Ua hAittéidh, tigherna Ua nEachdach, do
mharbhadh dUibh Eachdach féisin.
Aodh mac Domhnaill Uí Conchobhair, rioghdhamhna Connacht, do
mharbhadh do na Tuathaibh iar na thoghairm dóibh chuca
tria cheilcc dia rioghadh, agus drong dia aes gradha amaille ris do
mharbhadh. Mac Domhnaill Uí Dhúbhda, tigherna
Ua nAmhalghadha, do mharbhadh.
Donnchadh, mac Maoileachlainn Uí
Fhaoláin, do thuítim lá Corbmac Mac Carthaigh i meabhail.
Aodh, mac Toirrdhealbhaigh Uí
Chonchobhair, do dhalladh la Toirrdhelbhach
fodhéin. Domhnall


L. 1054


Ua Caindelbhain, tigherna Cenel Laoghaire, do mharbhadh lá
Tighernán Ua Ruairc agus lá hUibh Briúin,
agus torchrattar sochaidhe do bréifnechaibh lá feraibh Mídhe.
Maidhm síodha eittir Midheachaibh
agus Breifnechaibh. Creach la hairthear Mídhe i nUibh Briuin, co
ttuccsatt buar dírimhe.
Crech ele las an lucht chédna i fFernmhaigh.
Creach Locha Cairrccín lá feraibh Teathbha,
agus ro loiscsett an caislén
co nár a dhaoine.
Creach ele las in lucht cédna co ro oirccset Muintir Fídhne.
Crech la Domhnall mac Murchadha
Uí Mhaoilechlainn tar Uíbh Dunchadha, agus as
las an ccreich sin do mharbhadh
Giollasechnaill mac Giollaseachnaill.
Giollamúra Ua hOgáin do
mharbhadh lá mac Néill mic mic Lochlainn.
Cuairt Mumhan lá
Maolmaodhócc Ua Morgair, comhorba Páttraicc.
Caemhchludh abbadh i nArd Macha .i. Niall, mac
Aedha, i nionadh Maolmhaedhóicc.
Ruaidhri Ua Conchobhair agus
Uada Ua Conchenainn do ghabhail lá
Toirrdhealbhach Ua cConchobhair ar comaircce
comharba Iarlaithe, agus I Dubhthaigh,
agus na bachla buidhe agus Uí Dhomhnalláin.
Néidhe Ua Maoilchonaire, an senchaidh, do écc.
Maolmhaedhócc Ua Morgair do
léigen comhorbais Phattraicc de ar Dhia.



Aois Críost, míle céd triocha a secht.
Domhnall Ua Conaing, airdespucc Leithe
Mogha, tuir chrábhaidh, ernaighthe, eccna, agus
eirnidhthe bídh agus seód do thruacchaibh, agus
trénaibh. An tespucc Ua Baoighill,
agus an tespucc Ua Maolfhoghmhair, décc.
An tepscop Ua Cléirigh do chonnachtaibh,
agus an dall Ua Cadhla, egnaidh ergna, décc.
Macraith Ua Forreith saoi senchaidh,
agus anmchara co ccennsa, agus co náilghine.
Aodh Ua Finn, airdfherleiginn fear mBreifne, décc.
Mac Giollafhionáin I Chibhleacháin, comharba Feichin Fobhair,
décc. Caemhchludh


L. 1056


abbadh i nArd Macha .i. airchindeach Doire i nionadh Néll,
mic Aodha.
Cluain uamha, agus Ardachadh espuicc Mel do losccadh,
taighibh teamplaibh.
Gaoth mhór fo Erinn, co ro trascair cranda iomdha, tighe,
templu, agus cumhdaighthe. Ro
fhuadaigh dan daíne agus innile is in ffaircce i Maigh Conaille.
Domhnall, mac Murchadha Uí Mhaoileachlainn,
ríoghdhamhna Ereann, agus ri Temhra frí
ré, aon Ghuaire Ereann ina aimsir ar eineach, do mharbhadh do na
Saithnibh, agus dAirther Mídhe co
nár a mhuintire uime, uair i ccoccadh do dheachaidh sídhe
for a athair agus forrasomh.
Uada Ua Conchenainn do dhalladh lá
Toirrdhealbhach Ua Conchobhair ina
mhíghniomhaibh. Mór, inghen
Muirchertaigh Uí Bhriain, ben
Mhurchadha Uí Mhaoileachlainn, décc i
nDearmhaigh Cholaim Chille iar bpeannainn.
Forbhais Puirtláirge la Diarmaitt Mac Murchadha,
lá righ Laighen, agus lá
Conchóbhar Ua mBriain, tigherna Dal cCais,
agus Goill Atha cliath, agus Locha Carman, for muir
dá chéd long. Tucsat gialla Donnchaidh Meic Carthaigh, na nDéisi,
agus Gall Puirt Láircce leó.
Conchobhar Ua Briain, tigherna Tuadhmhumhan
agus Urmhumhan, do dhol i ttegh
Diarmada, meic Murchadha, rí Laighen, co ffargaibh
braighde ann dar cenn Desmhumhan, do chosnamh dhó.
Crech lá Corbmac, mac Meic Carthaigh ar
Cheindeittigh Ua mBriain, agus ar Ghallaibh Luimnigh.
Cobhlach la Toirrdhealbhach Ua cConchobhair for Shionainn, agus
for Loch Ribh. Turas cródha dhósomh
ón an turas hi sin hi ccenn cobhlaigh fher mBreifne im Tighernán Ua
Ruairc, agus i ccend chobhlaigh fhear Mídhe, agus Teathbha im
Mhurchadh Ua Mhaoileachlainn, im rígh Temhrach, bail i rabhattar dá
chéd lestar, agus ní raibhe lá Toirrdhealbhach
cén mo thá fiche long. Benmídhe, inghen
Chonchobhair Uí Mhaoileachlainn,
décc i cCluain Eraird
iar ndeghbheathaidh cian aosda.
Maidhm síodha eittir Mídheachaibh, agus Breifneachaibh.
Ard Macha, Tuaim da ghualann, Conga, agus Termann Caollainde, do
losccadh. Magh neo
buidheamhnach do losccadh.
Cóicceadh Chonnacht uile do fhásughadh ó Dhróbhaois go Sionainn,
agus co hEchtge, agus a ccur féin i nIarthar Chonnacht.


L. 1058


Aois Críost, mile céd triocha a hocht.
Giollacriost Ua Morghair, epscop Clochair, ard shaoi i negna
agus i ccrábhadh,
lochrann solusda no shoillsichceadh tuaith agus eacclais tria
fhoircedal agus chaoin ghníomh, modh díles
dúthrachtach do Dhia, aoghaire tairise na heccailsi, go
coitchenn, décc, agus a adhnacal hi reccles Peattair
agus Póil in Ard Macha.
Maolpáttraicc Ua Druccain, saoi egna na nGaoidheal ardfher
leighinn Arda Macha, cenn
athchomhairc iarthair Eorpa i ccrabhadh,
agus caonduthracht, décc ina ailithre in
Inis Locha Cre an 2 Ianuarii.
Ceall dara, Lios mór, Tegh Moling, agus Sord do losccadh.
Cuairt Mumhan
cédna cur lá comharba Pháttraicc lá mac an fhir
dhána, go tuc a réir.
Corbmac, mac Muiredhaigh meic
Carthaigh, righ Desmhumhan, agus espucc righ Ereann ina réimheas
ar thiodhnacal séd, agus maoine do chléircibh agus ceallaibh,
fer leasaighthe tuath agus
ecclas, do mharbhadh ina thigh féin
i ffioll lá Toirrdhealbhach, mac
Diarmada Uí Bhriain, agus lá
dá mhac Uí Conchobhair Ciarraighe.
Raghnall, mac Iomhair I Cathain, tigherna
na Craoibhe, Ciannachta,
agus Fer Lí, do thuitim
tre thangnacht agus meabhail, la hUibh Eoghain Glinne.
Maolruanaidh Ua Cairealláin, caindel
thuaisceirt Ereann ar chruth ar
chéill agus ar ghaiscceadh, do mharbhadh do Cenél Moain.
Domhnall Ua Ciarrdha, tigherna Cairpre, do
mharbhadh lá Tighernan Ua Ruairc.
Mathghamhain Ua Conchobhair, tighearna Ciarraighe Luachra,
décc. Toirrdhealbhach Ua Conchobhair co cConnachtaibh,
Tighearnán Ua Ruairc co fferaibh Breifne, agus Donnchadh Ua
Cerbhaill co nAirghiallaibh, do thionol a sochraitte do
chosnamh a ferainn fein co hanfhirén


L. 1060


lá hUa Maoilechlainn. Táinicc dan
Murchadh Ua Maoilechlainn, co fferaibh Midhe
agus Gallaibh, agus Diarmaid mac Murchadha, co
Laighnibh ina nachcaidh don leith aile, co
rangattar an dá shochraide sin co craoibh
maighe lorccaigh. Ro bé tra iomfhoicsi boí etir an da
longphort co na boí acht bealach
coilleadh bicce etorra. Fri ré sechtmhaine dóibh
amhlaidh sin aghaidh in acchaidh. Acht chena ros deiligh Dia gan
cath gan gialladh neich díbh dia roile. Ro mhillset fir
Midhe iaramh arbhanna Ua mBriuin,
agus fher Fernmaighe gur
bhó gorta diofhulaing dóibh isin
mbliadhain ar ccionn. Iarsin dan do lóttar Midhigh, Laighnigh,
agus Goill co hInis Mochta dia hargain, do dheachaidh drong
dhirimhe díobh ar
rathannaibh, agus ar snámh ar in loch do rochtain na hinnsi,
agus do riacht dream díobh an inis. Tangattar dna iarsin lucht
na hinnsi chúca i narthraighibh. Ro
báidhit, agus ro mharbhaitt sochaidhe díbh léo,
agus teichit an drem díbh bhoí isin inis este,
agus ní ro fhédsat losccadh na hinnse tré
mhiorbhail Dé agus an erlamha. Is
annsin ro marbhadh Cúbruinne Ua
Longaircc, agus mac Tadhg mac
Mic Ualghaircc agus mac Mic Turgaill.



Aois Críost, míle céd triocha a naoi.
Cathal Mac Maoilfhinn, comharba Tighernaigh Cluana
hEoais, topar sonasa agus saidhbhresa tuaisceirt Ereann
erneadhach bídh do thuaith agus ecclais.
Cuchonnacht Ua Dálaigh, ardollamh lé dán, décc i cCluain Eraird.
O Leacain Mídhe doisidhe.
Slóigheadh lá hUlltoibh co
Tulaigh nOc, co ro loisccset an
mhachaire co na cheallaibh.
Mathghamhain Ua Dúbhda, toiseach Cloinne
Laithbhertaigh go maithibh a Thuaithe
uime, do mharbhadh la Muirchertach, mac
Néill a ndíoghail Conchobhair Uí Lochlainn.
Donnchadh Ua Maolmhuaidh, tigherna Fer cCeall, agus
Cheneóil Fhiachach,
do mharbhadh i ngemhel la Murchadh Ua Maoilechlainn.
Muirchertach Ua Maolmuaidh, tigherna ele Fear cCeall,
do losccadh dFearaibh Ceall .i. do Uibh Luanaimh i tempall
Raithne. Ua Cadhla .i. Aodh, tigherna Conmhaicne mara,
do mharbhadh


L. 1062


lá Donnchadh mac Taidhg dia
mhuinntir féin.
Dondchaidh, mac Taidhg hUí Maolruanaidh, do dhalladh lá
Toirrdhealbhach Ua cConcobhair.
Ferghal, mac Raghnaill, mic
Muiredhaigh, taoiseach Muintire hEolais, do mharbhadh la
Tighernan Ua Ruairc ar chomairce Ua mBriúin agus fer mBreifne
ettir laech agus cleirech, mionn agus fethal.
Cland Cárthaigh do ionnarbadh a Mumhain lá Síol mBriain.
Síth mbliadhna do dhénamh ittir feraibh Mumhan
agus Laighniu lá comharba Phattraicc
agus la Bachaill Iosa.
Maolbrighde Ua Brolcháin, epscop Arda Macha, agus cend
crábhaidh tuaisceirt Ereann, saoi ar eccna,
ar chennsa, agus ar ailghine, décc
iar ndeighphennainn 29 Ianuaríí.
Niall, mac Aodha mic Maoilíosa, comhorba Pháttraicc frí
ré, décc iar naithrighe dhíochra.



Aois Críost, míle céd ceathracha.
Eochaidh Ua Ceallaigh, airdchenn fer Midhe, suí espucc na hEreann
uile, décc ina shendataidh i nDearmhaigh Coluim Chille.
Domhnall Ua Sealbhaigh, airchinneach Corcaighe, tuir ordain agus
aireachais Mumhan, dég. Comharba Pattraicc
for cuairt Connacht ina
cédna fecht, co ttug a oighreir, agus ro dilsighíd a
ccealla for a comus ó Thoirrdhealbhach O Conchobhair, agus ó
mhaithibh Connacht,
co ffárccaibh comharba Pháttraig co na shamhad bennachtain
fors an righ, agus for mhaithibh Chonnacht.
Cliathdhroichet do dhénamh la
Toirrdhealbhach Ua Conchobhair dar Athliag, agus a fhoslongport i
Maigh Teathbha oc coimhéd Conmhaicne. Táinic iaramh
Murchadh Ua Maoileachlainn co sochraide fer Midhe,
agus Teathbha, agus Tighernán Ua Ruairc, co sochraide
fer mBreifne do saighidh longphort Connacht agus
Conmhaicne. Fágbhait sein a longphort leó. Loiscter é
lásan lucht andeas, agus marbhaid Raghnall,


L. 1064


mac mic Duibhdhara, toiseach
Muintire hEolais, co sochaidhibh
iomdhaibh. Comdhál oc Athluain
lá Murchadh Ua Maoileachlainn, agus
lá Toirrdhealbhach Ua cConchobhair,
agus do ronsat comhluighe agus comhosadh, agus sccarsatt
fó shídh. Cliathdhroichet oile la
Toirrdhealbhach dar Ath Luain co ro
fhásaigh Iarthar Midhe.
Cúuladh Ua Caindelbháin, tigherna Laoghaire,
agus Flaithbhertach Ua Cathasaigh
tigherna na Saithne,
agus Domhnall a bhrathair do erghabhail la
Murchadh Ua Maoileachlainn
ina néccóraigh fein.
Tighernán Ua Ruairc do athcur a
flaithes Ua mBriuin lá hUíbh Briúin
feissin, agus a ccendus do ghabháil dorídhise
dhó. Creach lá Toirrdhealbhach
Ua cConchobhair, co ro oircc
Muintir Maoiltsionda.
Tugsat fir Tethbha fuabhairt bhíodhbhadh for a
shlógh somh, agus ro chuirset ár forra im
Muiredhach, mac mic Muireadhaigh
Uí Fhionnachta, toiseach Cloinne Murchadha, agus im mac mic
Aodha mic Ruaidhri.
Maidhm for Ghallaibh Atha cliath ria nGallaibh Puirt Láirge,
dú i ttorchair mac Mic Tormair.



Aois Críost, míle céd ceathrachat a haon.
Domhnall Ua Coinfhiacla, tigherna Teathbha, décc i cCluain Eraird
iar bpennainn. Aodh Ua Longán, maor Mumhan, décc.
Comharba Ciaráin do orgain lá Síol nAnmchadha, agus la
Conchabhar mac Mic Cochláin i cCluain fionnlocha. An creach sin
do aisecc fo chédóir lá Conchobhar mac Toirrdhealbhaigh
Uí Conchobhair.
Diarmaid Mac Murchadha, rí Laighen, do
dhénamh feille for mhaithibh Laighen .i. for Domhnall,
tigherna Ua fFaoláin agus
ríoghdhamhna Laighen, agus for
Ua tTuathail .i. Murchadh agus a marbhadh
lais diblínibh, agus Muirchertach Mac
Giollamocholmóg, tigherna
Fer gCualann do dhalladh lais bheós.
Enerte mór i Laighnibh don
ghníomh sin, uair ro marbhadh agus ro
dalladh seacht ffir
dhécc do saorchlandaibh Laighen co sochaidhibh oile
immaille friu an tan sin.
Donnchadh mac Guill Gaibhle .i. Ua Conchobhair
Failge, do mharbhadh do Uibh Failge
feissin .i. do Cloinn Mhaoilughra.
Domhnall Ua Loingsigh, tigherna Dal Araidhe, do
mharbhadh do Crotraighibh.
Giolla na naomh Ua Ferghaile, toiseach Muintire hAnghaile
fer Ardraith


L. 1066


Ereann dég, iar ccian aois,
agus a adhnacal a nInis Clothrann.
Slóighedh lá Conchobhar
Ua mBriain co hAth cliath, co ttugsat
Goill a ríghe dhó. Marbh drong dia mhuinntir
ag sódh a noir iar nithe an ghráin ghlais dóibh
in araile locc i lLaighis.
Morshluaighedh lá Síol mBriain lá Conchobhar hUa
Conchobhar, lá Toirrdhealbhach,
lá Tadhg, agus lá Conchobhar mac Domhnaill dar
iarthar Connacht, co rugsat il mhíle bó,
agus dán ro oirccett, agus ro indirset,
agus ro mhúrsat Dún nGaillmhe don turas sin.
Creach lás an lucht chédna i nUibh Ceinnselaigh, co
ruachttatar Loch Garman. Creach lá Diarmaid mac Murchadha
i lLaighis, agus maidhm ria Laighis fairsiumh iar ttabhairt
mhóir creiche uaidhibh.
Ulltaigh Laighen uile
do thocht dia ttíribh féisin .i. in Ulltoibh, agus bá comardha
díoghla són i lLaighnibh.
Comhdhál shíodha oc Uisneach etir Toirrdhealbhach Ua
Conchobhair, rí Connacht, agus Murchadh Ua
Maoileachlainn, rí Temhrach. Tug Ua Maoileachlainn
a bhraighde do
Thoirrdhealbhach tar cenn Midhe agus Teathbha,
braighde fer mBreifne bheós do thabhairt lá
Toirrdhealbhach don chur sin.
Conchobhar mac mic Donnchaidh Uí
Maoileachlainn do mharbhadh i ngeimhel lá
Murchadh Ua Maoilechlainn. Do róine Dia miorbhal ar
Murchadh ina chionaidh .i. Art a mhac
do éccadh a ccionn coigdhisi. Adhbhar
rígh Ereann in tArt isin.
Domhnall, mac Ruaidhri Uí Mhaoilmhuaidh, tighearna
Fear gCeall do mharbhadh la Muintir Luainimh
i rRathain hUi Suanaigh.
Creachshluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua
Conchobhair i fFothartaibh airbhreach,
agus ro oircc dream dferaibh Midhe, agus dFhothartaibh,
agus regles hUí Dhúnáin.



Aois Críost, míle céd cethracha adó.
hUa Rebecáin, abb Liss móir Mochúda, do mharbhadh la
Tadhg Ua Ceinnéidigh.
Cathasach Ua Circaerech, fearleighinn Arda Macha,
sagart eccnaidhe aosda ba foirgthe
do Ghaoidhealaibh, do écc.
Ceall dá lua, Eanach dúin, agus Teach Mochua do losccadh.
Conchobhar


L. 1068


mac Diarmada hI Bhriain,
airdrí dá chóigeadh
Mumhan tuir ghaiscidh agus engnamha Leithe Mogha, décc i
cCill Dalua iar mbuaidh aithrighe,
agus airdríghe Mumhan uile do ghabháil do
Thoirrdhealbhach Ua mBriain fo chédóir dia éis.
Donnchadh, mac meic Carthaigh do thecht i
nDésibh Mumhan, agus dren do mharbhadh dhó, agus araill dia
mhuinntirsiomh do thuitim, agus Donnchadh
budhéin do ghabháil lás ná Déisib, agus a thabhairt iarsin do
Thoirrdhealbhach Ua Briain.
Conchobhor, mac Domhnaill Uí
Bhriain, do ionnarbadh do Thoirrdhealbach Ua
Briain, rí Mumhan, agus teacht do for coccadh hi cConnachtaibh.
Maidhm re mac Neill mic meic Lochlainn, tigherna Cenel Eoghain
for Feraibh Droma, agus ro
crechtnaigheadh somh fén co mór i frithghuin an madhma hi
shin. Slóigheadh lá Toirrdhealbhach Ua
Conchobhair, lá rígh Connacht co fferaibh
Mídhe agus Bréifne agus co Laighnibh leis do thecht
isin Mumhain, acht ro iompaidhset gan bú gan
gialla (cen mo tha braighde Laighen) iar
síredh Osraighe agus Laoighisi, agus iar milleadh neith dia
narbhannaibh. Móirchreach lá Toirrdhealbhach Ua mBriain lá
righ Mumhan agus Laighnib, agus ro oircc Uí Muiredhaigh, agus
araill do Uibh Ceinnselaigh, agus do bert buardírímhe lais.
Donnchadh Ua Conchobhair, tigherna Ciarraighe
Luachra, do mharbhadh lá tigherna Ua cCaissin
.i. Cúmara Becc.
Mac meic Conroí, tigherna Dealbhna Thire dá locha, do mharbhadh.
Mac Ferghail Ui Mhaoilmhuaidh, tigherna Fer cCeall, do mharbhadh
do mac Ruaidhri Uí Mhaoilmhuaidh i nDaurmaigh Colaim Chille.
Mac mic Ottir .i. Ottir do lucht Insi Gall, do gabháil
chennais agus forlamhais Atha cliath.
Mathghamhain, mac Floinn Uí Fhollamain, tigherna
Críche na cCédach, do thuitim lá
a dhias derbhrathar fein i bhfeill agus a meabhail.


L. 1070


Crech lá Conchobhar, mac
Toirrdhealbhaigh, agus lá hUibh Maine ar Cenel Forggo, co
ttucsat buar dhírímhe.



Aois Críost, míle ced ceatrachat atrí.
Macraith Ua Fuilleacháin, epscop agus ógh,
Macraith Ua Fídan cend insi Locha Cre,
agus Giollacriost Mac an becanaigh, airchindech
Droma móir, décc.
Giolla aonghusa Ua Clumháin, ollamh Connacht i bfilidheacht, décc.
Cluain Earaird do losccadh ass an rainn
as mo im Less an memra.
Ceanannas, Athtruim, Domhnach Sechnaill, agus Ceall dara do loscadh.
Corcach do losccadh fo dhí.
Muirchertach, mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn
ríoghdhamhna Teamhrach, agus Iarthair Mídhe frí
ré, agus Donnchadh Ua Conchenainn, décc.
Móirchreach lá Cenél nEoghain hí Fernmhaigh, dia ro
loitset an tír go mór etir bhú agus arbhar. Do rochair din
Art Ua Ruairc leo don chur sin.
Ríghe Chenél Eoghain do ghabháil do Ua nGairmleadhaigh
.i. do Dhomhnall iar nionnarbadh
Muirchertaigh mic Néill
mhec Lachlainn do Chenel Eoghain
feisin, agus do Domhnall rémhraite.
Aodh, mac Muirchertagh Uí Dhúbhda, tigherna
Ua Fiachrach an tuaisceirt agus hUa nAmhalghadha, dég.
A mhac féin .i. Ruaidhri do
erghabháil lá Toirrdhealbhach Ua
Conchobhair tar sárughadh laech agus cléireach, mind,
agus comairgeadh. Itiat na comairgedha Muiredhach Ua
Dubhthaigh go ccléirchibh
agus laochaibh Connacht, Tadhg Ua Briain,
tigherna Tuadhmhumhan, Tighernan Ua Ruairc, tigherna
Breifne, agus Murchadh mac


L. 1072


Giolla na naomh I Ferghail, tigerna Muintire hAnghaile. Ro
throisccset tra cléirigh Connacht im
Muiredhach Ua nDubdhaigh
occ Raith Brenainn imo ccomairge,
agus ní thuccadh dhóibh.
Murchadh Ua Maoileachlainn, rí Mídhe co na
Forthuathaibh do erghabháil lá Toirrdhealbhach
Ua cConchobhair, la rígh Connacht, for snádhadh mind agus
comhairgedh Erenn. Atiatsidhe .i. altóir Ciarain co na
miondaibh, scrin Ciaráin an óreineach, an Matha mór, an tabb
agus an prióir, agus dias as gach druing don
eaglaiss, Muiredhach Ua Dubhtaigh an táird epscop, tigherna Connacht,
agus a taoisigh, comharba Pháttraicc agus Bachall Iosa, comharba
Feichin agus clocc Feichin, agus Bóbán Caoimhghin. Ro báttar
tra sin uile, eittir Toirrdhealbhach agus
Murchadh gan fhéill gan meabhail, gan
trégadh neich díobh dia aroile gan dalladh gan
erghabháil gan timdhibhe críche na ferainn for
Murchadh, gomadh fiadhnach las na comairgibh a chion, agus co ffoccarthaoi
slán é dionchaibh a chomairgedh. Acht nama ní frith cion
follus cuicce cia ro gabhadh, agus ro leicceadh ass i ccinn
mhís iarsin dionchaibh a chomairgedh,
agus ro hidhnaicedh eissiumh lá a chomhairgibh isin Mumhain,
agus do radadh ríghe Mídhe lá
Toirrdhealbhach dia mhac feissin, do
Chonchobhar. As amhlaidh so for caomhnaccair an
earghabháil ishin .i. Slóicchedh do dhénamh
lá Toirrdhealbhach amhail budh do thecht
isin Mumhan, Connachtaigh, Conmhaicni, agus Uí Briúin do thionól
go haon mhaighin, agus Ua Maoileachlainn do
ghabháil, agus a bhreith go Dún mór, agus braighde Midhe
archena amhail remhebartmar, acht
chena ní ro milleadh a bheg isin Midhe
dhesin. Crech la hElibh i Feraibh Ceall, dar broind mionn,
agus comairgeadh. Sloighedh lá Toirrdhealbhach
Ua mBriain co bFeraibh Mumhan hi cConnachtaibh,
gur thescsat an Ruaidh Bheithigh,
agus gur scaoilset a caisiol,
agus ro shoidhsed iarsin gan creich gan ghiallna.



Aois Críost, míle céd ceathracha a cethair.
Giollaphattraicc mac Conghail, saoi eaccna na nGaoidheal,
fear leighind Cluana Eraird, agus a sacard,


L. 1074


agus Flandagan Innsi Faithlenn, anmchara toghaidhe,
dég. Cenannas do losccadh fo thrí
an bhliadhainsi.
Donnchadh mac meic Carthaigh,
áird ríoghdhamhna Mumhan, do écc i ngeimheal ag
Toirrdhealbhach Ua mBriain, occ ri Muman.
Teidhm treaghaitt i Mumhain agus hi cConnachtaibh, dia nerbhail
Brian mac Toirdhealbhaigh, mic
Diarmada Uí Bhriain.
Tadhg mac Toirrdhealbhaigh Uí Conchobhair agus sochaidhe
oile do Chonnachtaibh, do écc don treghaid cédna.
Conchobhar, mac Toirrdhealbhaigh
Uí Conchobhair, airdrioghdhamhna Ereann,
agus rí Mídhe
frí ré leth bhliadhna, do mharbhadh ag Bealach Mhuine na siridhe,
la hUa nDublaich, tigherna Fer Tulach, uair ba rí
eachtair cheneóil lais a bheith siomh i ríghe uas fearaibh
Midhe. Toirrdhealbhach do thabhairt Iarthair Midhe do
Dhonnchadh, mac Muirchertaigh Ui Mhaoilechlainn,
agus Airther Midhe do chomhrainn etir
Tighernán Ua Ruairc, tigherna Breifne, agus
Diarmaid mac Murchadha, rí Laighen,
agus a mbeith for a ccomairccibh samhlaidh ó Chonnachtaibh.
Ruaidhri Ua Conchobhair, mac
Toirrdhealbhaigh, do légean a geimheal dia a
athair do shnádhadh na ccléreach.
Comhdhál shíodha eitir
Toirrdhealbhach Ua cConcobhair, agus
Toirrdhealbhach Ua Briain ócc Tír dá ghlas co maithibh
Mumhan agus Connacht,
laochaibh, cleirchibh. Do rónadh iaramh a sídhughadh amhail
ro naidhmset na cléirigh etorra.
Slóighedh lá Toirrdhealbhach
Ua cConchobhair i Midhe
dórdughadh a rígh. Tug ó loch Ainind sair do
Murchadh Ua Maoileachlainn,
agus ó Loch Ainind siar do mac
Muirchertaigh Uí Mhaoileachlainn.
Tugtha dna ceithre céd bó dferaibh Mídhe i néraic
Chonchobhair a meic do
Thoirrdealbhach Ua cConchobhair.
Creachshluaigheadh lá Toirrdhealbhach
Ua mBriain i Laighnibh,
co rucc ilmhíle bó, agus gur chuir ár
cenn. Cearbhall Ua Findulláin, tigherna Dealbhna móire,
décc. Domhnall Ua Ceallaigh


L. 1076


do mharbhadh la tribh macaibh mic mic
Concobhair Uí Cheallaigh
.i. Donnchadh, Amhlaoibh, agus
Lochlaind, agus níor bhó cian co ttorcratar sídhe iaramh.
Mac Mic Maoláin, tigherna Gaileang Breagh,
do mharbhadh.
Cionaedh, mac Mic Amhalgadha, toiseach Calraighe, do
mharbhadh lá Flann Mac Amhalghadha.
Donnchadh, mac Taidhg Uí Mhaoilruanaidh, décc.



Aois Criost, míle céd ceathrachat a cúig.
Sluaighedhach Ua Catháin, epscop agus ógh do mhuintir Lethghlinne,
décc. Treóit do losccadh lá
Donnchadh Ua Cearbhaill for mhuintir
Uí Mhaoilechlainn, agus trí fichit do dhaoinibh do mharbhadh
innte. Cluain fiachra do losccadh.
Tene aoil do dhénamh lá
Giollamacliag, comharba
Pattraicc, agus la samhadh Pháttraicc airchena, ambai
lx traiccheadh for ceach leth ar bhelaibh Eamhna Macha.
Maidhm ria cCenél Conaill,
agus ria mac Néill Uí Lochlainn for
Domhnall Ua nGairmleadhaigh agus for Cenél nEoghain
.i. for an lucht ó
shléibh fo thuaith, airm i ttorcrattar sochaidhe.
Sluaigheadh lá Cenél cConaill
hí foirithin mic Néill Mec
Lochlainn doridhisi agus dna lá
Donnchadh Ua Cerbhaill co nAirghiallaibh, agus ro ionnarbsat
Domhnall Ua Gairmleadhaigh as a fhlaithes,
agus ro fhágaibhset mac Néill ina ionadh.
Tighernan Ua Ruairc, tigherna Breifne, do
iompudh for Chonnachtaibh. Creach la
Tighernan isin cCorann.
Crech la Toirrdhealbhach Ua Concobhair i
Muigh Luighne for feraibh
Breifne, co ttuccsat il mhíle bó.
Slóigheadh lá Toirrdhealbhach Ua mBriain lá righ
Mumhan co Leitir cranncha hi Sleibh Bladhma do theacht
i ccoinne Uí Ruairc hí Midhe.
Foslongphort Toirrdhealbhaigh
Uí Chonchobhair isin Rubhann, agus a
mhac Domhnall Midheach, agus Maolsechlainn


L. 1078


mac Murchadha Uí Mhaoileachlainn,
agus Conchobhar mac Domhnaill
Uí Bhriain, agus Diarmaid mac
Corbmaic mec Cárthaigh co slochcaibh
iomdhaibh ina fhairradh occ coimhett
Fer cCeall ar ná tístaís Muimhnigh inntibh. Do dheachatar
Muimhnigh andeas lá naon do
fhobairt na ccoillteadh conus tarla an lucht naile ina ccenn,
agus ro lá sat a nár. Imshoiset Muimhnigh iarsin dia ttigh, gan
creich, gan gialla, gan sídh gan osadh.
Aedh mac mic Taidhg Uí Chuinn, toiseach Mhuintire Giollcán,
do thuitim lá drem do Mhuintir Ghillcán, agus
lá fearaibh Teathbha.
Maidhm Dúine Dubháin i nDealbhna ria Maolsechlainn, mac
Murchadha Uí Mhaoileachlainn, agus
ria cCairpribh for feraibh Breifne,
airm i ttorcrattar trí chéd
dia nógbhaidh, im Uibh Connachtaigh,
im Uibh Cathluain, agus im Uibh Cubhráin.
Coccadh mór isin mbliadhainsi co mboí Ere ina fód crithaigh.
Crech lá Murchadh Ua Maoilechlainn hi
Fernmhaigh, agus do bert ile
bó, agus ro mharbh daoini iomdha.
Crech la Tighernán Ua Ruairc i
Muigh Luirg. Creach oile bheós lá Murchadh Ua
Maoilechlainn i nAirghiallaibh,
co ttard bú a Cuailnge.
Fir Mumhan do thocht
slóighedh i cConnachtaibh, agus
rugsat Ua Ceallaigh .i. Tadhg mac
Conchobhair, tigherna Ua Maine, leó, agus ro mharbhsat
Ruaidhri Ua Flaithbheartaigh.
Creach lá Cairpri Ua Ciardha i nUibh Briúin. Ró loiscset daingen
Bona Cuilinn agus ro
brisit tri hethra móra leó,
agus tucsat bú iomdha.
Crechshluaighedh lá Murchadh Ua Maoilechlainn i
tTír Briúin, agus bá don chur sin do rochair
Maoilechlainn, mac Domhnaill
Shúgaigh, mac Cochaill Flich, mic
Senáin lá hUibh Briúin, co sochaidhibh oile.
Fionn Ua Cearbhaill, tanaisi Ele, do mharbhadh.
Ammus do thabhairt lá hUibh Briúin agus lá dréim do
Chonnachtaibh ar chobhlach Síl Muireadhaigh agus na tTuath,
agus Murchadh Ua Maoilbhrénainn,
taoseach Cloinne Conchobhair, do mharbhadh ann, agus
Donn Ua Mannacháin, tigherna Ua mBriúin na Sionna.


L. 1080


Aois Críost, mile céd ceathrachat a sé.
Corbmac Ua Cathasaicch, airdeaspucc Laighean, décc.
Fochard Muirtheimhne do uile losccadh.
Ar for Ghallaibh Atha cliath ria nAirther
Midhe maighin i ttorcratar dá
chéd im Raghnall mac Torcaill, .i. mór mhaor
Atha cliath, agus im Iufraigh,
agus sochaidhe oile dia maithibh.
Ceallach Ua Ceallaigh, tigherna fer
mBregh, do mharbhadh lá Flaithbheartach
Ua Cathasaigh agus la Gallaibh.
Creach la Tighernan Ua Ruairc dar Magh nAoi co
Loch Long, agus co Dún Iomghain. Ro mhill agus ro loiscc
ceithri longa, agus ro mharbh mac Uí Mhaoilechlainn baí
oca nanacal, agus sochaidhe oile. Ro gonadh ann dna
Giollabrighde, mac Duibhdara, taoiseach Mhuintire
hEólais gur bhó marbh as a haithle oca tigh iar nargain
Chluana Coirpthe dho roimhe sin.
Giollapháttraicc mac mic
Donnchadha, tigherna Osraighe, do mharbhadh do
Uibh Braonáin i fiull ar lár Cille Caindigh.
Creachshluaigheadh lá Toirrdhealbhach Ua mBriain i
Laighnibh. Ro airccset Ui Failghe, agus rugsat braitt iomdha
leó. Eccneach, mac Amhlaoibh Uí Chaomháin, do mharbhadh lá
Donnchadh Ua Cearbhaill. Athach gaoithe móire do
thiachtain an treas lá do December,
cor ro lá fíodhár mór fo Erinn. Ro trasccair sescca crann i
nDoire Cholaim Chille, ro mharbh, agus
ro mhudaidh daoine iomdha isin cill. Ro mharbh bheós daoine
oile i cCill shleibhe.
Domhnall Ua Braoin, tigherna Breaghmaine, do
écc. Ceallach Ua Ceallaigh, tigherna Breagh, do
mharbhadh lá Flaithbhertach Ua Cathasaigh agus lá Gallaibh
Atha cliath.
Giolla na naomh mac mic Conmeadha, do
thuitim lá a derbhrathair féin .i. lá
Domhnall, agus Cúmeadha, a mhac, do écc.



Aois Críost, mile céd ceathrachat a seacht.
An tepscop Ua Meanngoran décc.
Muiredhach Ua Flannaccáin, saccard toghaidhe, décc iar bpendainn
dhíochra. Giolla ailbhe mac mic Floinn,
Cuillén mac ferleighinn Imleacha Iubhair,
agus Fiachra Mac Muireadhaigh,
airchindeach Lughmhaidh frí ré, do écc.
Ross Cré agus Oentrobh do losccadh.
Caor theinedh do theacht an bhliadhainsi


L. 1082


for Chloicthech Doimhliag Cianain, co ro thrasgair a bendchobhar
de. Duarcán Ua hEaghra do thuitim lá
hUa nGadhra i meabhail.
Creach lá Coinuladh mac Duinnshléibhi lá righ nUladh i
Fernmaighe, agus ro airg ermor Cluaine Mailduibh.
Slóighedh lá Muirchertach, mac
Néill Uí Lochlainn, agus
lá Cenél nEoghain, agus
lá Donnchadh Ua Cerbhaill go nAirghiallaibh i
nUltaibh. Batar Ulaidh illongport ara gcind ar bhrú
Uchdearc. Fágbhaitt Ulaidh
an longport lá Cenel nEóghain agus lá
hAirghiallaibh. Lottar ina ndiaidh co
riachtattar tráigh Dúin droma hi lLeith Chathail. Do bertsat
ulaidh deabhaidh dóibh and sin, lá fhéile Póil agus Petair, agus
meabaidh for ultoibh dú in ro marbhait sochaidhe
mhór dhíbh im Archoin Ua Flathraoi, tigherna Lethe Cathail. Indrit
agus loiscit na sluaigh
iar sin Leith Cathail uile, agus do ratsat
gialla leó ó Ultaibh.
Tadhg Ua Briain do léigean as a gheimheal
ar impidhe epscop Ereann im comarba
Phattraicc, Maelmaedhócc Ua Morghair, im
Muireadhach Ua nDubhthaigh, agus im
Domhnall Ua Longargáin, uair bá
for a chomairge ro gabhadh.
Meass mór fo Erinn an bhliadhainsi.
Giollamochoindi Ua Cathail, tigherna Ua fFiachrach
Aidhne, do mharbhadh do mhac mic Domhnaill Ui Chonchobhair.
Maidhm Atha Luain for Dhomhnall mac
Toirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair,
agus for Uibh Maine ria fferaibh Teathbha, dú i
ndorchair mac mic Amhalgadha Uí Fhlainn go
sochaidhibh oile.



Aois Críost, míle ceathrachat a hocht.
Teampall Cnuic na sengán do fhorbhadh
las an epscop O Caollaidhe
agus lá Donnchadh Ua cCearbhaill,
agus a choisreccadh lá hUa Morgair, comharba Pháttraicc, agus
neimheadh .i. talamh ecclusda do órdughadh dhó i Lughmhadh.
Senadh do thionól occ Inis Pattraicc
lá Maelmaedhog, comharba Phatraic, ba hé a líon coicc epscopu
décc co ndíbh cédaibh saccard do erail riaghla, agus shoibhés
for chach etir thuaith, agus eglais, agus dna
Maolmaedhócc Ua Morghair do dhol don dara
fecht do accallaimh comharba


L. 1084


Phetair do Róimh a comhairle an tsenaidh.
Malachias .i. Maolmaedhócc Ua Morghair, airdepscop cathaoire
Padraicc, airdcenn iarthair Eorpa, legaite comharba Petair
aoin cheand ro riaraighset Gaoidhil,
agus Goill, ardshaoi in eaccna, agus a ccrábhadh,
lochrann solusta no shoillsighedh tuatha agus eccalsa tria
forcheatal, agus chaoin gníomha, aoghaire tairisi
na heccailsi co coitcend, iar noirdneadh do epscop agus sacart,
agus aos gacha graidh archena, iar ccoisreagadh teampall agus
relgheadh niomdha, iar ndénamh gacha lubhra ecclastacdha sechnón
Ereann, iar ttíodhnacal seód
agus bídh do thrénaibh agus thruaghaibh,
iar ffothughadh ceall agus mainistreach, ar as leisiomh ro
hathnuadhaighthe i nErinn, iar na ffailliughadh ó
chéin mháir, gach eglais ro
lécthi i faill, agus i néislis,
iar bfhághbhail gach riaghla agus gach
soibhésa in eaglaisibh Ereann
archena, isin dara fecht a leccaidechta iar mbeith ceithre
bliadhna décc ina priomhaidh,
agus iars an ceathramhadh bliadhain caeccat a
aoisi, ro fhaidh a spirat do chum nimhe an dara
lá do Nouember, agus as ann cheleabraitt an eglais lith agus
sollamhain naomh Malachias ar an tres lá
ar na claochlúdh las na sruithibh ó lá fhéle na
marbh ar an lá na dhiaidh ar combadh usaide a erdach
agus a onóir, agus ro hadhnacht, i mainistir S Bernard hi
cClairualis hí fFrancoibh, go nonóir,
agus co nairmhittin.
Ua Duibhín, epscop Chille dara,
an tepscop Ua Naidhenán, Ceallach Ua Domhnacháin,
uasal chend Cille Beneoin,
agus Maolchiaráin Mac Mengain uasal shaccart réglesa
Suidhe Coluim Chille hi cCenandus, iar mbuaidh martra agus
aithrighe, do écc.
Cluain Earaird, Land leire, agus Lughmhadh, do losccadh.


L. 1086


Sluaighedh la Muirchertach, mac
Neill Ui Lochlainn, agus lá Cenél nEoghain, agus la
Donnchadh Ua Cerbhaill co nAirghiallaibh i nUltaibh, co
ttuccsat gialla Uladh im mac righ Uladh leó,
agus ro fhagaibhset cethrar tighernadh for Ultoibh don
chur sin. Ulaidh agus Airghialla do iompódh for Mag Lachlainn
agus for Cenel nEoghain iar sin.
Sloighedh ele dan, la Muirchertach Ua Lachlainn agus lá
Cenel nEoghain tar Tuaim i nUltaibh, co ro
iondarbsat Cuuladh Ua Duinnslébhe a hUltaibh,
agus co ttardsat
Donnchadh ina ionadh, agus co ndeachattar don
chur sin i Machaire Conaill, co ro loisccset an machaire
acht na cealla na má ro anacht comharba Pháttraicc.
Slóighedh dna lá Tighernán Ua Ruairc agus lá
Donnchadh Ua cCearbhaill i nUlltaibh, co Craibh Telcha,
co ro creachsat an tír agus co ffarccaibhsiot
Cúuladh ina righe
doridhise. Acht chena ro dío chuiredh fó
chédóir o Ulltaibh budhdéin.
Comhdhal lá hUa Lochlainn co maithibh Cenél Eoghain, agus lá
hUa cCearbhaill co
maithibh Airghiall, agus co maithibh
Uladh imo ttighernadhaibh in Ard Macha, co ndernsat oghsídh fo
Bachaill Iosa hi ffiadhnaisi comharba Pattraicc,
agus a shamhtha, agus ro
fhagaibhsiot gialla acc Ua Lochlainn. Braighde
Ceneoil cConaill dan, lá hUa Lochlainn.
Ua Gairmledhaigh .i. Domhnall, tigherna Chenel Eoghain
re headh dionnarbadh i cConnachtaibh
la hUa Lochlainn.
Sitriog Ua Braonáin, tigherna Breghmaine, do mharbhadh lá a
bhraithribh feissin.
Comhdhal etir Thoirrdhealbhach Ua cConchobhair agus
Tighernan Ua Ruairc ag Snámh rathaind agus ro
loit an taithclerech Mac Conchairne Ui Fherghail
Tighernán Ua Ruairc ag dol chum na coinne.
Móir chreach lá Toirrdhealbhach Ua cConchobhair for
fhearaibh Teathbha, co rugsat fir
Theathbha fair occ Athluain, go ro
iompo friú co ttug a nár.



Aois Críost, mile ced ceathracha anaoi.
Giolla na naomh Ua Muirchertaigh,
uasal epscop deisceirt Ereann senoir ogh eccnaidhe
cráibhdheach,


L. 1088


Muirchertach Ua Maolmoicheirghe uasal epscop
Ua mBriúin Breifne senoir uasal,
agus an tespug Ua Gormghaile senoir uasal
cráibhdhech, décc iar bpendainn, agus iar naithrighe
dhíochra. Macraith Clérech
aeghedh cair airmhidneach do mhuinntir Arda Macha, décc.
Leath Doimhliag Chianáin dorccain lá Gallaibh Atha cliath,
agus lá Diarmait Mac Murchadha co lLaighnibh,
agus ro mharbhsat Diarmait mac
Maghnasa Uí Lochlainn, tanaissi Oiligh, ro
bhaí acc díoghail na hoirgne, agus tugadh a chorp co
hArd Macha, agus ro hadhnaicedh ann.
Doire Cholaim Chille do losccadh, agus Inis Mic nDairen co na
teampal. Laoighsech Ua Mordha, tigherna Laoighisi agus
na cComann, décc iar naithrighe.
Cúuladh .i. mac Conchobhair do
thocht ind Ulltoibh doridhisi, co ro ionnarb
Donnchadh a flaithius Uladh iar nuachtar, agus tug
Ua Mathghamhna iaramh agus da mac Aodha mic Duinnsléibhe
(Donnchadh agus Murchadh) amus longpuirt fairsiomh,
go raeimhidh ria cCoinuladh forra, agus
ro marbhadh Murchadh lais.
Slóighedh lá Cenél nEoghain co Magh an chairn dionnarbadh
Chonchobhair co ro thairmiscc Ua Cerbhaill impú, uair do rad
a mhac fein dóibh tar cenn Uladh.
Slóighedh ele lá mac Néill hUí Lochlainn,
co ttuaiscert Ereann uime .i. Cenel Conaill, Cenel Eoghain,
agus Airghialla, i nUlltoibh. Ro airccset Uladh iar nuachtar
uile otá cuan Snámha Aighneach co Droichet na feirtsi.
Do dheachattar foireann díbh for innsibh Locha Cuan. Ro
airgseat dan Inis Cumhscraidh Lethghlais, Ceall Aedhain, Magh
Bile, Bendchor, agus uile chealla an tíre archena cénmotha
Dún agus Sabhall. Tainic iarttain hUa Duindslébhe i
ttaigh hUi Lachlainn co ttucc a mac fein i ngiallna
dho, agus an ro chuinnigh do ghiallaibh ar chena. Iompoid
iarsin for ccula


L. 1090


dia ttighibh co mboraimhe dírímhe, agus co mbraitt iomdha.
Creach lá Donnchadh Ua gCearbhaill
agus lá Coinuladh Ua nDuinnsléibhe i mBreghaibh, co
ttugsat gabhála iomdha. Tangatar iarsin fir Bregh ina niarmhóireacht
agus ro airccsett leth Termainn Feichin, agus
rugsatt ní do chrodh na manach.
Ríghtherus lá mac
Néill Uí Lochlainn co marcshluagh Chenél Eocchain co
Lughmhadh, co ttáinic Tighernán Ua Ruairc
ina theach, agus ro fhág braighde
aige. Lóttar assidhe Ua Lachlainn agus
Ua Cearbhaill co hAth Cliath. Táinic Diarmaid Mac
Murchadha, rí Laighen ina thech, agus do roine
Ua Lachlainn óghshídh etir Ghallaibh agus Ghaoidhelaibh.
Sluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua mBriain, agus la feraibh
Mumhan i cConnachtaibh,
co riachtattar Magh Ua mBriúin. Rugsatt boraimhe
mhór, agus ro mhúrsat Dún nGaillmhe, agus ro báidhedh
Ua Lochlainn, tigherna Corcomodhruadh isin nGaillimh.
Ceallachán mac mic Cárthaigh, do écc.



Aois Críost, mile céd caecca. Muireadhach Ua Dubhthaich,
airdeaspucc Connacht, airdshenóir Ereann uile, i negna, i nóighe,
i ttiodhnacal seótt agus bídh, décc i cCunga, an seiseadh
décc do mhí Maí i fféil naemh Brenainn iars an
ccoicceadh bliadhain seacht moghat a
aeisi. Maoliosa Ua Branain, airchinneach Doiri Choluim Chille,
cenn sonasa agus sobharthain tuaisceirt Ereann,
décc. Ua Follamhain, comharba Findéin Cluana hEraird, décc i
cCenandus.
Cailleach Cille slebhe senóir
cráibhdhech toghaidhe, décc iar ndegh aithrighe iar
gcian aois. An leth tuaiscertach do Triun
mhór Arda Macha do losccadh
aidhche fhéile Cianáin.
Ceanandas, Sord, agus Ceall mhór Ua Nialláin cona dertaigh do losccadh.
Comharba Phadraicc, agus Samhadh Pháttraicc for ccuairt i
tTír nEóghain, co ttuccsatt a láin réir do bhuaibh
.i. bó gacha tighe biataigh agus Saertoigh, each gacha
toisigh, agus fiche bó ón rígh féin. Cuairt Cenél


L. 1092


Eóghain do dhénamh lá comharba Colaim Chille
lá Flaithbheartach Ua Brolcháin,
agus do bhert each gacha toisigh,
agus bó gacha deisi biatach,
agus bó gacha trír saerthach, agus bó gacha cethair
díomhaoin, fiche bó imorro ón
righ fein, fáil óir i rabhattar cúicc uinge, a each, agus a earradh ó
Mhuircertach mac Néill hUi Lochlainn, ó righ
Ereann innsin.
Mac mic Domhnaill hUi Conchobhair do mharbhadh
lá Ruaidhri, mac Domhnaill Uí Conchobhair.
Murchadh, mac Giolla na naemh Uí Fherghail, tuir ordáin, agus
airechais Airthir Connacht, décc i nInis Clothrand.
Conchobhar Mac Raghnaill, tigherna Muintire hEolais, do
mharbhadh la hAodh, mac Tighernán Uí Ruairc.
Muireadhach Ua Flannagáin, taíseach Cloinne Cathail, dég ina
ailithre i cCunga.
Diarmaid Mac Branáin, tigherna Corcachlann, do
dhalladh lá Toirrdhealbhach Ua cConcobhair.
An giollaclaon Ua Ciardha, tigherna Coirpri, do
mharbhadh do Uibh Faoláin. Ríogh thurus
Muirchertaigh mic Néill Uí Lachlainn co maithibh tuaisceirt
Ereann co hInis Mochta a ccomhdháil Uí Chearbhaill agus
Uí Ruairc. Tugtha géill Connacht
dó ó Toirrdhealbhach co nuige sin gan
sluaighedh tria bennachtain Pataraicc, agus comarba Pattraicc co na
shamhadh. Ro rann Mídhe don chur sin hí ttrí eittir Ua cConchobhair,
Ua Ruairc, agus Ua Cearbhaill,
agus ro dhíochuirsett Murchadh Ua Maoileachlainn a Mídhe tria
esccaoine comharba Phattraicc agus a shamhtha.
Ua Ceallaigh, tigherna Ua Fiachrach Arda sratha, do mharbhadh
lá hUibh cComhaltáin i nInis Locha Laeghaire.
Ua Canannain co na shlócch do dhol i feraibh Luirg, co ttugsat
bú iomdha leó. Beirit fir Luirg forra,
agus fágaibhter sochaidhe do mhuinntir Uí Chanannáin
co na dhias mac im chethair Ua Maelgaeithe, agus im
Giollamartain Uí Canann im Ua fFogartaigh, agus
sochaidhe oile dia nuaislibh.
Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua mBriain co Loch Ua nGoban i
Machaire Gaileng, go ro aircc Sláine. Rug Ua Cearbhaill, agus


L. 1094


Ua Ruairc forra, co ro marbhsat dream dia mhuinntir, im mac
I Ifernáin. Slóighedh lá
Toirrdhealbhach Ua Conchobhair i Mumhain dar eisi fear Mumhan,
agus ro aircc Machaire na
Mumhan, agus tug bú iomdha, ar a aoi ro fhágaibh dream
dia mhuinntir im Ua Rodhuibh.
Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua mBriain co
hAth cliath, co ttangattar
Goill ina theach, agus
assídhe co Commormana, agus Abha, agus ro loiscc
Domhnach mór Mic Laithbhe.
Slóighedh lá Muirchertach, mac Néill Uí Lochlainn co
cCenél nEóghain, agus
co nUlltoibh, i ffóirithin
Uí Cearbhaill agus Uí Ruairc co Dun Lochad i lLaeghaire, go
ndernsatt Goill síth mbliadhna etir Leth Cuinn, agus Leth
Mogha.
Conghal Ua Braoin, Breghmhaine, do mharbhadh lá Muintir Cheithernaigh
i nGardha na Gamhnaighe hí cCluain mic Nóis.



Aois Críost, mile céd caocca a haén.
Ua Maolfoghmhair, epscop Ua nAmhalghadha, agus Ua fFiachrach Muaidhe,
Erolbh, espucc Luimnigh,
agus Brian Cléireach, mac
Taidhg Ui Maolruanaidh, décc.
Cairdionál comharba Phedair .i. Iohannes Paprion, do
thiochtain i nErinn do erail riaghla agus
soibhés, agus do chertughadh cáich ina cciontaibh. Ro
bhaí dna seachtmhain i ttigh comharba
Phattraicc i nArd Macha co ffarccaibh
bennachtain. Cuairt Connacht an dara
fheacht lá comharba Pattraicc, lá Giollamacliagh, mac mic
Ruaidhri, co ttug a
óighreir. Do rad dna, Ua Conchobhair fail fichet uinge
dór don chur sin do comharba Pháttraicc.
Cuairt Síl Cathasaigh lá Flaithbheartach Ua Brolcháin,


L. 1096


comharba Cholaim Chille, do bhert each ó gach taoisech i caora
o gach ndetach, a each, agus a earradh, agus
fail óir irrabhattar dá uinge ón
tigherna .i. ó Choin Uladh Ua Laind.
Derbforgaill, inghen Domhnaill, mic meic
Lochlainn, ri Ereann, ben Toirrdhealbhaigh
Uí Conchobhair, rígh
Connacht, máthair Aodha,
Chathail, agus Domhnaill,
décc ina hailithre in Ardmacha.
Brian Ua Conchobhair Ciarraighe do mharbhadh
lá Ciarraighibh féissin.
Conchobhar Ciabhach Ua hEaghra, tanaisi Luighne, do
écc. Isseadh fo dheara a dhol bás fri hadhart ar a bhith fo
chánaibh Chiaráin mic an tsaoir, ar ní dheachaidh nach tigherna
do thighernadhaibh Luighne
roimhe écc frihadhart, tré bhreithir Chiaráin.
Mac Maolseachnaill Uí Bhric do mharbhadh
la mac Girr na ccuinneócc I Bric,
agus a mharbhadh sídhe fó cédóir la
macaibh Donnchadha mic meic Carthaigh.
An Giolla Gott Ua Carráin tigherna Ua Maccaille,
do marbhadh hi Cúil Collainge
ó Uibh Mictíre.
Tadhg, mac Diarmada Uí Bhriain diompúdh for
Toirrdhealbhach Ua mBriain, for rígh Mumhan, agus a aithrighedh dhó,
agus Tadhg do theacht i toigh
Thoirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair.
Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair, la
rígh Connacht, hi Mumhain, go ro
ghabh nert Mumhan uile cenmothá Iarmhumha i mboí
Toirrdhealbhach, agus nert Desmumhan do ghabháil do mhac Corbmaic
mic meic Carthaigh tria comfhurtacht Connacht.
Slóighedh oile bheós lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair
i Mumhain, agus do dhechaidh Diarmaid Mac Murchadha, rí
Laighen do Laighnibh na choinne. Ro indirset Mumhain
reampa co rangattar Móin móir. Lóttar


L. 1098


Dal cCais agus Iarmhumha, agus Síol mBriain im Toirrdhealbhach
Ua mBriain, rí Mumhan for creich i nDesmumhain occ soadh dóibh
a ndes dos rala i ccenn Connacht, Laighin, agus fher Mhidhe. Ferthar
cath etorra, agus sraointer for fearaibh Mumhan,
agus ro ládh a nár. Secht
míle tra issedh torchair dferaibh Mumhan
isin cath sin Móna móire im
Muirchertach mac Conchobhair Ui Bhriain, tigherna
Tuadhmhumhan, agus rioghdhamhna Mumhan, agus im
Lughaidh, mac Domhnaill I Briain, im Aneslis hUa nGrada,
im tigherna Ua cCaisin, im Flaithbhertach Ua nDeadhadh, im
macaibh tighernadh agus toiseach, agus deaghdhaoine archena. Ardneart
Mumhan do ghabháil do Thoirdhealbhach Ua Conchobhair don chur
sin, occus Toirrdhealbhach Ua Briain dionnarbhadh.
Sliocht lebair Leacain. Tiad na
maithe torcrattar isuidhe, Muirchertach, mac
Conchobhair Ui Bhriain, tigherna Tuadhmhumhan an
dara fear as fearr baí do Dhál cCais, Lughaidh mac
Domhnaill Uí Briain, dá Ua Cinnéidigh, ochtar do Uibh
Deadhaidh im Flaithbhertach Ua nDeadhaidh, naonmhar do
Uibh Sencháin, cóiger
do Uibh Cuinn, agus cóiger do Uibh Grada im
aineislis Ua nGrada, agus cethrar ar fichit do Uibh Ogain,
agus cethrar do Uibh Aichir, agus mac mic Eachach Ui
Loingsigh, cethrar do
Uibh Néill Buidhe, agus cúiger dUibh Echtigern, co
sochaidhibh do daghdhaoinibh cén mo thát, cona terna acht
aon chath esbadhach do na tríbh cathaibh
tangattar an dú sin.
Torcrattar i bfriothghuin an catha sin Tadhg mac
an Liathanaigh Ui Conchobhair,
Muirchertach Ua Cathaláin, taoisech Cloinne Fogartaigh,
agus Aedh mac Maoilruanaidh Uí Follamhain, taoiseach
Cloinne hUattach, agus cethrar do Luighnibh co sochaidhibh
oile. Ardnert Mumhan do ghabhail do
Thoirdhealbhach Ua Conchobhair don cur sin
agus Toirdhealbhac Ua Briain Dionnarbadh.
Slóighedh lá mac Néill Uí Lochlainn co


L. 1100


Cenél cConaill, Eoghain, agus Airghiallaibh dar Eass Ruaidh, co
rangattar Coirrsliabh na Seghsa i cCorann. Tugtha eidire
ó Toirrdhealbhach Ua cConchobhair chuca
co sin, agus ro shóidhsiod dia ttighibh. Braighde Laighen
bheós do iodhnacal go a thech do mhac Néill mic
mac Lachlainn .i. do righ Ailigh, agus Teamhra.
Tindscettal daimhliag Cluana coirpthe lá Coinchaille mac
Mic Scolaighi, agus lá Giollacoimhdhe, mac mic an
Lestair Ui Ainlighi, lá taoisech Cenel Dobhtha.
Mórchreach lá Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh Ui Chonchobhair,
for Tuadhmhumhan, go ttard buar iomdha, agus co ro
loisceadh Cromadh.
Conchobhar, mac Domhnaill Ui Bhriain, tigherna airthir Mumhan,
agus mac mic Donnchadha uí Ghiollaphattraicc, tigherna leithe
Osraighe, do erghabhail lá
Diarmaitt mac Mec Murchadha lá righ Laighen tré
fhéill agus meabhail. Domhnall mac Toirrdhealbhaigh Uí
Conchobhair do erghabháil lá Cathal, lá dherbhrathair
budhéin. Gamh ilshíonach,
gaethach, ainbhthionach co ffolc ndearmhair.
Toirrdhealbhach Ua Briain do dhul i Luimneach, agus nochan fhuair
a dhíon isin Mumhain, agus do rad séoid iomdha lais
.i. deich fichit uinge dór, agus lx
séd soinemhail im chorn
Briain Bhoromha, agus ro rannait lais eitir
mhaithibh Shíl Muiredhaigh, Ua mBriuin, agus Conmhaicne.



Aois Críost, mile céd caecca adó.
Fionn, mac mic Célechair hUi Ceinneittigh,
comharba Colaim mic Criomhthainn,
agus comharba Bairre frí ré.
Giolla na naemh Ua Follamhain, comharba Comáin,
agus Ferghal Ua Fercubhais, ferléighinn Arda Macha
frí ré, agus Recclesa
Choluim Chille i nArd Macha bheós,
dég. Coimhthionól seanaidh
i nDroichet Atha ag epscopaibh Ereann im comharba
Phátraicc imon cCairdional Iohannes Paprion, co ttribh mílibh
mac neglastacda etir mhanchaibh agus chananchaibh,
co ro ordaighset araill do
riaghlaibh ann. Atiad sídhe .i. mna
cúil, agus cairdeasa dionnarbhadh ó fheraibh,
gan lógh diarraidh ar ongadh,


L. 1102


nó ar baisteadh. Acht chena ní maith gan a ttabhairt
dia raibhe a ccumhang duine gan lógh do ghabháil ar domhan
necclastucdha, agus deachmhadh do ghabhail
go hiondraic. Imleach Iobhair, agus Luimneach do losccadh.
Scrín Choluim Chille, Domhnach Seachnaill, agus Treóid dorccain
ó Uibh Briúin. Creachshluaigheadh la Mag Lochlainn co
Cenél Eóghain co ráinic Inis Mochta do dhíochur
I Chearbhaill, agus ro aircc sochaidhe don chur sin,
agus ro athchuir Ua Cearbhaill a cendus Oirghiall a ccionaidh
comharba Patraic ro
ghonsidhe agus ro sháraigh fecht riamh. Comhdhál etir
Ua Lachlainn, agus Toirrdhealbhach Ua Conchobhair i
Maigh Ene, co ndernsat caradradh fo
bhachaill Iosa, agus ro mhiondaibh Cholaim Chille.
Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua cConchobhair i Mumhain, co
ro rann an Mhumha ar dhó etir mac
Chorbmaic mic mec Carthaigh, agus
Siol mBriain .i. Tadhg agus Toirrdhealbhach.
Sluaighedh lá Mag Lochlainn i Mídhe co Raith Cendaigh
hi ccomhdhail fer nEreann, agus Toirrdhealbhach
Ua Conchobhair do dhol i Mídhe i ccomhdhail
Uí Lachlainn agus Diarmada mec Murchadha rí Laighen. Ro
rannsat dna, Mídhe ar dhó don chur sin. Tucsat
ó Chluain Eraird siar do
Mhurchadh Ua Mhaoileachlainn, agus Airther Mídhe dia mhac dó
Mhaoileachlainn. Ro benaid dna Conmaicne do Thighernán
Ua Ruairc iar sraoineadh fair, agus ro loisg an baile
dianad ainm Bun cuilinn, agus do radadh ríghe do mac
Giolla braide Uí Ruairc,
agus do rattaitt a mbraighde do
Thoirrdhealbhach Ua Chonchobhair.
Rugadh dna, Dearbhforgaill, inghen
Murchadha Uí Mhaoileachlainn, ben
Tighernan Uí Ruairc lá rí Laighen .i. Diarmaid co na crodh,
agus co na hairilledh don turus sin, agus ro


L. 1104


fhaoi lé do réir comhairle a bráthar
Mhaoilechlainn. Ro fhás dná, cogadh etir
Uí Briúin, agus fheraibh Midhe.
Braighde Uí Ruairc .i. Tighernáin, do iodhnacal co hAth Luain
lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair tar
cenn Ua mBriuin nama.
Finghin mac Donnchadha, mac mec
Carthaigh, do mharbhadh lá a bhráithribh
tre mhearaithne. Domhnall mac Ríoghbhardáin
Uí Cherbhaill, tigherna Ele, do
mharbhadh la mac an Chosfhada Uí Cearbhaill.
Cathal mac Toirrdhealbhaigh Uí Conchobhair, ríoghdhamhna
Connacht, do mharbhadh lá mac Cruinn luachra Uí Cosccracháin,
agus la Calraighibh in Chorainn .i. la Calraighiph móraibh.
Diarmaitt Ua Conchobhair, tigherna Ciarraighe
Luachra dionnarbadh, agus dorgain lá mac
Corbmaic mic mec Carthaigh, la tigherna Deasmhumhan.
Aodh mac Mec Amhalghadha, taisech Cloinne Maolduibh,
décc. Inghen hUi Caellaighe, ben
Laoighsigh Uí Mhórdha, décc.
Cúmídhe Ua Cormaidhe, taiseach Ua Mac Uais Midhe,
décc. An Mhumha do lot co mór etir chill
agus thuaith tré choccadh Shíl mBriain, agus Chloinne Cárthaigh,
co ro fhás terce mhór isin Mumhain tres an ccogadh isin, co ro scailset
a ffodhaoine uatha i lLeith Chuinn, agus
ca nerbaltatar sochaide ele díbh do ghorta.



Aois Críost, míle céd caecca a trí.
Aodh Ua Maeleóin, comharba Ciaráin Cluana mic Nóis, tobar sonusa
agus saidhbhresa Leithe Cuinn, fer
co ndesheirc, agus co ttrócaire do chríochnughadh a
bheathadh. Colman Ua Breislein, uasal shaccart Cenannsa, saoi
eccnaidhe esidhe. Dunlang Ua Cathail, comharba Caoimhghin,
décc. Cuairt Dál cCoirpre, agus Ua Eachdhach Uladh do
thabhairt lá Flaithbertach Ua Brolcháin, comharba Cholaim Chille,
agus do bert each ó gach toiseach, agus caora ó gach
deataigh, screpall, each, agus cóicc mbó on tigherna Ua Duinnsléibhe,
agus uinge dór bheós ó a mhnaoi.
Murchadh Ua Maoilechlainn, rí Temhra agus Mídhe co na
forthuathaibh, Airghiall agus ermhór Laighen frí ré, tuile ordain
aireachais, agus shaorchlandachta Ereann, décc i
nDermaigh Cholaim Chille.
Flaithbhertach Ua Canannáin, tigherna Cenél cConaill, agus a
bhen Dubhchobhlaigh, inghen Toirrdhealbhaigh Uí
Chonchobhair, do bhadhadh co lucht luinge do dhaoinibh ina
bfarradh fors an bfaircce fo
erchomhair Cairpre Droma cliabh.
Domhnall Ua Cathasaigh, tigherna na Saithne, do
mharbhadh lá Maolseachlainn, mac Murchadha


L. 1106


Uí Mhaoileachláinn, agus
Conchobhar mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn, do dhalladh leis
bheós. Niall Ua Mórdha, tigherna Laoighisi, do
légadh a geimhel lá rí Laighean Diarmaid mac Murchadha, iar na
dhalladh dar snadhadh laoch agus cléireach.
Muirghius, mac mic Murchadha (no Muirchertaigh) Uidhir,
toisech Cloinne Tomaltaigh, décc.
Donncathaigh, mac Aireachtaigh Uí Rodhuibh décc iar
ndeighbhethaidh. Sluaighedh lá Toirrdhealbhach
Ua cConcobhair co Doire an ghabhláin a ccoinne
Meic Murchadha, rí Laighen, agus tuc inghen
Uí Mhaoileachlainn co na crodh uadha co raibhe for
comus fer Midhe. Tainic Tighernan Ua Ruairc ina
theach don chur sin, agus ro fhágaibh
braighde occa. Toirrdhealbhach Ua Briain do ionnarbhadh i
ttuaisccert Ereann lá
Toirrdhealbhach Ua cConchobhair, agus Mumha do roinn ar dhó etir
Thadhg Ua mBriain agus Diarmaitt mac
Corbmaic mic Muiredhaigh mec Carthaigh.
Slóighedh lá Muirchertach mac
Néill Mhég Lachlainn, agus
lá tuaiscert Ereann i foirithin
Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain, dia
thabhairt i ríghe Mumhan doridhisi, co ráinic co Craib Teine.
Toirrdhealbhach Ua Conchobhair do
thionól Connacht, co riacht co
Magh Lici Patraic i naghaidh an tuaisceirt. Tainic dna
Tadhg Ua Bríain co na shlóchc co
Raithin Uí Shuanaigh hi fóirithin Connacht co ttorachtatar co
Magh Cisi. Luidh din Ua Lachlainn dhá chath do roighnibh a
shlóigh dar Ath Maighne, agus foraccaibh a
slógh archena (cen mo thaitsíde) occ Craibh teine, agus
do dheachaidh co na uathadh slóigh do fhobairt
longphuirt Taidhg Uí Bhriain, co ttaratt maidhm fair, agus gur
chuir ár a mhuintire. Do rat dna bheos maidhm for
mharcshluagh Laighen. Ro ascomhlaidh iaromh
co a longport feisin co Craibh tene,
agus bú iomdha lais, iar norgain droinge dferaibh Teathbha.
Tainic aissidhe do saighidh Connacht
co ttorracht Iseal Ciaráin.
Luidh Toirdhealbhach Ua Conchobhair dar Ath Luain siar. Tainic
Ruaidhri, mac Toirrdhealbhaigh, agus cath iarthair Connacht,
agus glaslaith Shil Muireadhaigh hí Fordruim. An tan
tra robhattar ag gabháíl longpuirt andsin ro


L. 1108


dhoirtset treóin an tuaisceirt ina ccend gan rathughadh
dóibh, agus ro marbhadh sochaídhe do Chonnachtaibh leó im
Ghiollacheallaigh Ua nEidhin, tigherna Aidhne,
agus immo mac .i. Aodh, im Brian Ua nDúbhda, tigherna
Ua fFiachrach an tuaisceirt, im
Muirchertach mac Conchobhair .i. mac
Toirrdhealbhaigh Ui Conchobhair, im
Domhnall Ua mBirn, im
Dhomhnall mac Cathail Uí Chonchobhair, agus im Sitriucc mac mic
Dubhghaill. Tainic Ua Lachlainn iarsin
co na shlócchaibh co Loch nAindind, agus
táinic Ua Maoileachlainn ina
thigh co bfárccaibh gialla aige, agus do radsomh
an Midhe uile dhó ó Sionainn co fairrge, agus Ui bhFaolain, agus
Ui bhFailge. Do rad Ui Briúin agus
Conmaicne do Thighernán Ua Ruairc, agus rug a mbraighde
dibhlinibh lais, agus ria siu ro soí dia tigh ina fritheing, agus
ro coinnmhedh lá hUa Lachlainn Muimhnigh for feraibh Midhe, for
Breifne, for Airghiallaibh, for Ultaibh, for Conallchaibh, agus
for Eoganachaibh, uair ro ghabh galar
Toirrdhealbhach Ua Briain don turus sin co na eadh sin
ros toirmisc gan techt dó isin Mumhain.
Tadhg Ua Briain do erghabháil la
Diarmaid Find Ua mBriain, agus a dhalladh
lais fó chédoir. Toirrdhealbhach dna, co na mhuintir do dhol
isin Mumhain, agus leith ríghe Mumhan do
ghabháil do tria neart Muirchertaigh Mheg Lachlainn.
Braighde Ua bFailghe, agus Ua bFaoláin do ghabháil
lá Maoilseachlainn mac Murchadha, rí Midhe.
Gerr na ccuinneogh Ua Bric, tigherna na nDéisi, do mharbhadh
i ngeimhiul, lá Diarmaid mac Corbmaic mecc Carthaigh.
Cliathdroichet Atha Luain do
dhioscaoileadh lá Maolsechlainn mac
Murchadha, agus a daingen do losccadh.
Cliathdhroichet Atha Liag do dhénamh lá
Toirrdhealbhach Ua cConcobhair.
Flann Ua Flannaccáin, tigherna Teathbha do
écc. Derfforgaill, inghen
Murchadha Uí Mhaoileachlainn, do thocht
ó righ Laighen (ó Dhiarmaid) do
shaighidh Tighernain Uí Ruairc dorídhisi.



Aois Críost, míle céd caoccat a ceathair.
Muiredhach Ua Cluccain, abb Cenannsa,
agus Cian Ua Greacan, comharba Caindigh
dég. Tadhg Ua Brian, rí Mumhan,
décc. Ceall Dalua, Imleach Iubhair, Ros Cre, Lothra, agus
Daurmagh, do losccadh. Diarmaid Ua Conchobhair, tigherna
Ciarraighe Luachra, décc.


L. 1110


Mac Giollamocholmóg, tigherna Ua nDúnchadha, do
mharbhadh lá a bhraithribh. Fergal, mac mic Cionaoith
Uí Mhaoilbrighde, do thuitim lá tigherna Gaileng.
Mac Cuirr na cColpthach Uí Fiachrach,
tigherna Ua Feneachlais, do mharbhadh lá
Muircheartach Ua Tuathail, tigherna Ua Muireadhaigh.
Mac Raghnaill Duinn Uí Aireachtaigh,
taoiseach Muintire Maoilmartain, do mharbhadh lá mac Muircheartaigh
mic Brain Ui Fhearghail.
Aodh, mac Ruaidhri Uí Chanandáin do ghabháil tighernais
Tire Conaill. Cobhlach lá Toirrdhealbhach Ua cConcobhair
for muir timchell Ereann fo thuaith .i. loinges Duin Gaillmhe,
Chonmaicne mara, fhear nUmhaill, Ua nAmhalgadha, agus
Ua Fiachrach, agus an Cosnamhaigh Uí Dubhda hi ccennas forra, agus ro
airccset Tír Chonaill, agus Inis Eóghain. Do chuas ó
Chenel Eoghain, agus o Mhuircertach, mac Néill
dar muir


L. 1112


co ruaiclidis .i. go cendcadís longas Gallghaoidhel,
Arann, Cinntíre, Manann agus
centair Alban archena, agus mac Scelling í
ccennas forra, agus iar na ttorracht hi ccomhfhogus Innsi hEoghain
ima ccomhráinicc dóibh
agus don loinges oile feachair cath
longda co hamnus aighthighe eatorra, agus bháttar occan
iomtuarccain ó prim co nóin, agus marbhthar sochaidhe
mhor do Chonnachtaibh
imon cCosnamhaigh Ua nDubhda lás na hallmhu rachaibh.
Ro mheabhaidh, for an sluagh nallmhurach, agus ro
ládh a nár, agus fhagbhait a longa, agus ro benadh a fhiacla a Mac
Scelling. Sluaighedh lá Muirchertach Ua Lochlainn co
ttuaisceart Ereann hi cConnachtaibh, co ráinig
Dún Iomghain hi Maigh Aoi, agus ro aircc
an Dun, agus ro mhill arbhanna Maighe Luirg, agus Maighe Aoi. Ar
a aoi ní rug bú na braighde. Aseadh iaramh do choidh
tar Ath Innsin Sruthra san mBreifne co
ro riaraidh fir Bréifne do
Thighernán Ua Ruairc, agus ro
ionnarb Ua Lochlainn Gofraidh Ua Raghallaigh i cConnachtaibh.
Luidh aissidhe co hAth cliath, agus do ratsat Goill
Atha cliath a ríghe dhó. Do rad somh dá chéd
décc bo do Ghallaibh
ina ttuarastal, agus sóidh dia tigh iarttain.
Creach lá Toirrdhealbhach Ua cConcobhair
hi Midhe agus ro iompoidh gan bhú iar
marbhadh a mhic .i. Maolsechlainn, agus
Donnchadha Uí Cathail, tigherna Cenel Aodha na hEchtghe.
Maidhm ria nOssraighibh for Uibh Ceindselaigh, dú i ttorcrattar
ile im mac Eochadha Uí Nualláin.
Creachshluaigheadh lá Tighernán Ua Ruairc i Laichcnibh, agus
ro oircc Uibh Muireadhaigh eitir cella agus
tuaith. Muintir Maoilsiónna do orccain do
Mhaoilsechlainn, mac Murchadha,
agus a nionnarbadh i cConnachtaibh
iarttain co na ttaoiseach .i. Iomhar Mac Carrghamhna.
Creach lá Deasmumhain for Dhal cCais, creach lá Dal cCais dna
for Deasmhumhain.
A mac fein do dhalladh la mac nDeóradh Uí Fhlainn, uair ro
ghaibhsidhe tighernus Ua tTuirtre ar


L. 1114


bélaibh a athar. Mac Deóradh dna
dionnarbadh i cConnachtaibh lá hUa Lachlainn.
Ar mór for indilibh Ereann isin mbliadhainsi.
An dara Henry do ríoghadh ós Saxaibh 27 October.



Aois Críost, mile céd caogat a cúig.
Maolmaire, mac Giollachiaráin,
oirchinneach Lis aoidheadh Criost i nArd Macha,
cléireach airmhidneach aeidheachair do laochaibh agus
cléirchibh Ereand.
Fearghal Ua Finnachta uasal shaccart Rossa Commáin,
agus Maolruanaidh Ua hAinlighi uasal shaccart Cluana coirpthe,
décc. Ath Truim co na thempal do losccadh, agus Dermhagh fho dhí
i naoin mhí do losccadh bheós.
Ceall dara, Tuaim dá ghualann, Ceall Dálua, agus Cellmhedhoin do
losccadh. Maolseachlainn, mac Murchadha Uí Mhaoileachlainn, rí
Midhe agus urmhóir Laighean, do écc isin triochadmhadh bliadhain a
aoisi do digh nimhe i nDaurmaigh Cholaim Chille, hi ttuile
a ratha agus a ríghe, aidhche fhéle Brighde, iar mbuaidh
naithrighe. As muc rémhi téth mes, as craobh ria na bláth écc ind
fhir hisin. An taith chlérech Ua Conchobhair Failghe
do mharbhadh lá a mhuintir fein. Amhlaoibh, mac Cana, tigherna
Ceneoil Aenghusa, tuir gaisccidh agus beodhachta
Cenéil Eoghain uile, décc, agus a adhnacal i nArd Macha.
Aodh Ua hEaghra, tigherna Luighne, décc.
Fiacha, mac Cethernaigh Uí Cheirín, tigherna
Ciarraighe Locha na nairne, décc.
Sluaighedh lá Muirchertach, mac
Néill Uí Lochlainn co hAth Dúini Calman for Indeóin, agus
ro ghabh braighde Teathbha,
agus tug óghaisecc cruidh fer Midhe doneoch
ro airccset roimhe. Do rad dna, righe Mídhe ó Shionainn
co fairge do Dhonnchadh, mac Domhnaill Uí Mhaoilsechlainn, agus
ro shóidh dia thigh iar sin. Tighernán Ua Ruairc do ghabháil
Donnchadha Uí Chearbhaill, tigherna Oirghiall, iar na dhol
na chomhdhail go Cenandus ind uathadh sochaidhe,
agus a chur i laimh for Loch Silenn, agus ro
bhaoí coicthídhis ar mhís ann, agus ro


L. 1116


fuaslagadh dhó tria mhiorbhail Dé agus naomh Pattraicc agus na
naomh archena, la Gofraidh Ua Raghallaigh, agus ro mharbh an
lucht báttar occa forchoimhéd, agus ro ghabh
Donnchadh tighernas Oirghiall dorídhisi.
Creach la Tighernan Ua Ruairc isin Corann, agus do bert bú iomdha
lais. Cobhlach la Toirrdhealbhach Ua cConchobhair co
hAth Luain, agus cliathdhroichet Atha Luain do dhénamh
lais ar dhaigh ionnsaighthe Midhe.
Caislén na Cuilenntraighe
do losccadh agus do mhúradh lá
Ruaidhri, mac Toirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair.
Droichet Atha Luain do
scaoileadh, agus a longport do losccadh
la Donnchadh, mac Domhnaill Uí Mhaoilsechlainn.
An Giolla God Ua Ciardha do mharbhadh i cCluain Ioraird
la Donnchadh Ua Maoileachlainn, rí Midhe.
Donnchadh din do aithríghadh lá fearaibh Midhe feisin i
ndíoghail dí miccne Findén, agus
Diarmaid, mac Domhnaill do thabhairt chuca ina
ionadh. Cuilén na Claonghlaisi, tigherna Ua cConaill
Gabhra, do thuitim lá hUa Cindfhaoladh,
agus a mharbhadh somh fo chédóir lá muintir Chuilén.
Conchobhar mac Domhnaill Ui Bhriain, agus mac
Mic Giollamocholmóg do léccadh lá Diarmait Mac Murchadha
as a chuimhreach dar cenn braghat, agus comhluighe.
Maidhm ria nIomhar Mac Carrgamhna, agus
ria nGiollacriost a mhac, agus ria Muintir Mhaoilsionda for
Breaghmhainibh, agus for Muintir Thadhgain, agus for
Mhuintir Tlamáin, i ttorchair taoiseach Mhuintire
Tlamáin, Giollafiadnatan, mac
Aodha, agus a mac .i. an Giolla riabhach. Ciarán dan ro
bhris an cath sin for Bhreghmhainibh
uair do chuatar somh co Cluain,
agus rugsat a coitedha leó, co
ttuccsat ina bfuarattar do mhucaibh samhtha
Chiaráin. Do chuattar dna, an samhadh co na scrín ina ndedhaidh
go Lios an tsoiscela, agus ní fuairset a riarucchadh. Ro
briseadh maidhm forra arna bharach tria a aimhreir Samhtha Chiaráin.
Creach lá Domhnall Ua cConchobhair for
Thuaith rátha, co ruc buar dhírímhe.
Creach Maighe Find lá feraibh Teathbha, go
ro oirgset dream do Uibh Máine.


L. 1118


Aois Críost, míle céd caoccat a sé.
An chéd bhliadhain do Mhuirchertach Ua Lachlainn uas Erinn.
Maolmaodhócc mac Dubhradáin, ab Canánach Sabhaill, décc.
Tadhg Ua Catharnaigh, tigherna Teathbha,
décc i cclércheacht.
Eochaidh Ua Cuinn an tardmhaighistir do losccadh i
ccloicthech na Fearta.
Cenandas do losccadh tighibh templaibh, ó crois
dorais urdoim co Siofoicc.
Daurmagh Ua nDuach, Achadh mic Airt, Cúl Caissin, agus Ferta caerach
do losccadh. Cobhlach lá Toirrdhealbhach
Ua cConcobhair for Loch nDerg dheirc. Táinic
dna, Toirrdhealbhach Ua Briain ina theach,
co ttarat braighde dhó dar
cenn leithe Mumhan do thabhairt dhó.
Coinne etir Thoirrdhealbhach
Ua Conchobhair agus Tighernan Ua Ruairc, agus ro naidhmset sídh
agus osadh coitchenn eitir Breifneachaibh, agus Midheachaibh, agus
Connachtaibh co Beltaine baoi ar ccionn.
Toirrdhealbhach Ua Conchobhair, rí Connacht, Midhe, Breifne,
Mumhan, agus Ereann uile co
freasabhra, tuile ordáin agus oireachais Ereann, August
iarthair Eorpa, ferlán do
dhéseirc, agus trócaire, deineach, agus
doirbeart décc iar sin ochtmadh bliadhain
sesccat a aoisi, agus a adhnacal hi cCluain mic Nóis lá taobh
altóra Chiaráin iar ttiomna, agus iar roinn
óir agus airccit, bú agus eoch ar cleirchibh agus eccailsibh Ereann
i ccoitchinne. Ríghe Connacht
do ghabháil do Ruaidhri, mac
Toirrdhealbaigh Ui Conchobhair, gan nach
freasabhra. Trí mic Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair,
Brian Breifnech, Brian Luighnéch,
agus Muirchertach Muimhneach do
érghabháil lá Siol Muireadhaigh, agus a ttabhairt for chomus
Ruaidhri mic Toirrdhealbhaigh.
Brian Breifnech do dhalladh la
Ruaídhri Ua cConcobhair agus
lá Diarmaid Mac Taidhg.
Toirrdhealbhach Ua Briain do
thocht hi ccenn Ruaidhri Uí Conchobhair, agus
dá bhraghaid décc do mhaithibh Dail cCais do fhagbháil dó
aige. Aedh, mac Ruaidhri Uí Chanannáin, tigherna
Cenel cConaill, do


L. 1120


mharbhadh lá hUa gCatháin, agus
lá fearaibh na Craoibhe tria meabhail.
Iompudh dUltaibh for
Mhuirchertach Ua Lachlainn, agus coccadh
dfógra fair. Slóighedh lá Muirchertach
i nUltaibh, agus do bhert braighde Uladh fri a
réir, ara aoi do bertsat araill dUlltaibh im Eochaidh Ua nDuinnsléibhe
ammus ar dhruing don tsluaigh, agus ro
mharbhadh leó Ua hInneirghe, taoiseach na Cuileanntraighe.
Ua Loingsigh, tigherna Dháil Araidhe, do mharbhadh la Cenél nEóghain.
Sloighedh oile lá Muirchertach
agus la tuaisceart Ereann hi Laighnibh, co ttard ríghe Laighen
do Dhiarmaid Mac Murchadha, dar cenn braghad, agus ro innrestar
Osraighe etir cealla agus tuatha.
Maidhm la Diarmaid mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn for Dhonnchadh,
for a dherbhrathair, dú hi ttorchair mac Giolladeacair Ui Cairpri,
toiseach Tuaithe Buadhga.
Creach lá Diarmait mac Murchadha
agus lá Gallaibh Atha cliath, agus lá
Dondchadh mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn i nairthear Midhe, co
ro indirset an tír eitir chealla agus tuatha, agus rugsat bú
Ard Breacáin, Sláine, Cille Taillten, Domhnaigh Páttraicc, agus
araill do bhuar na tuaithe immaille friú.
Maidhm Cuasan ag Lios Luighdhi hi Laoghaire for Tighernán
Ua Ruairc ria nDiarmait Mac Murchadha agus ria nGallaibh
Athá cliath, agus
ria nDonnchadh mac Domhnaill Uí Mhaoilsechlainn, airm i ttorcrattar
ile im Dhomhnall mac Fionnbhairr, toiseach Mhuintire Geradhan, im
Fógartach Ua cCuinn, agus im
Aodh mac Duibhdothra, agus im
mac Cionaeith Bric Uí Ruairc.
Aedh, mac Donnchaidh Uí Mhaoilmhuaidh, tigherna Fer cCeall, do
mharbhadh lá Muintir Luainimh agus lá
Conchobhar Ua mBraoin Breghmaine i nInis Mochuda Raithne.
Muirchertach mac Domhnaill Uí Mhaoilseachlainn, do orccain agus do
ghabháil lá Donnchadh mac Domhnaill.
Donnchadh mac Domhnaill Uí Mhaoilseachlainn, do ghabháil righe
Midhe, agus Diarmaid, mac
Domhnaill, do ionnarbadh i cConnachtaibh.
Magh Teathbha, agus Machaire Cuircne dionnradh


L. 1122


la Ruaidhri Ua cConchobhair.
Dailfhind inghen Bracáin, ben Conuladh Uí Caoindealbhain, décc.
Snechta mór agus reódh dermhair i ngeimhreadh
na bliadhna so, gur ro reódhsat locha, agus aibhne Ereann. Bá sé
méd ad tseaca gur tairrngeadh lá
Ruaidhri Ua Conchobhair a longa, agus a ethra fors an leic oighreadh
otha Bléin ngaille go Rinn dúin. Badh marbha
imorro, ermór én Erenn lá méd an tsnechta agus an reóidh.



Aois Críost, mile céd caogad a seacht.
Giollapháttraicc, mac Donnchaidh Mec Cárthaigh, comharba
Bairre Corcaighe, décc.
Daimhinis, Lios mór, agus Lothra co na ttemplaibh do losccadh.
Cú uladh Ua Duinnsléibhe Uí Eochadha, rí Uladh, décc iar
bpeandaind i nDún da lethghlas, agus a adhnacal i ndún
budhdéisin. Domhnall Ua Raghallaigh do mharbhadh lá
Gailengaibh.
Ruaidhri Ua hEaghra, tigherna Luighne, do
mharbhadh lá a thuaigh fein.
Tadhg, mac Murchaidh Uí Eaghra, do mharbhadh lá mac Donnchaidh
Uí Eaghra.
Cúuladh Ua Caindealbháin, tigherna Laoghaire,
fer robharta ro einigh amhail Guaire Aidhne,
segainn soinemhail amhail Mhongán mac
Fiachna, locharn lasamhail ar dhésheirc fri
bochtaibh, aen chaindeal engnamha gasraidhe Gaoidheal do mharbhadh
tria fheill agus mheabhail for snadhadh (.i. comairce) laoch
agus cléireach Ereann, lá Donnchadh,
mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn,
lá rígh Mídhe. Atiat na comairgedha ro bháttar
fris, comharba Pháttraicc agus Bachall Isu, imon
légait .i. Ua Condoirche,
comharbha Colaimm Cille co na mhionnaibh, Grene, Epscop
Atha cliath, abb na manach, comharba Ciaráin co na mionnaibh
comharba Fechin co na mhionndaibh,
hUa Lochlainn rí Ereann (.i. co fresabhra), Donnchadh Ua
Cerbhaill, tigherna Oirghiall, Tighernan Ua Ruairc, tigherna
Breifne, Diarmaid Mac Murchadha, rí Laighen, maithe fher Midhe
agus fer Tethbha archena. Maircc tír a


L. 1124


ndearnadh an gníomh hisin.
Creach lá Donnchadh Ua cCearbhaill
agus lá Tighernan Ua Ruairc
i ndíoghail a neinigh, agus ro oirccset Saithne, do rochair dna,
Ferghal Ua Ruairc co sochaidhibh maraon fris las na Saithnibh.
Coimhthionol Senad ag cléirchibh Ereann, agus ag druing dia
ríocchaibh acc mainistir Droichit átha do choisreagadh tempaill
na manach. Seacht nepscop
décc imon léccaid, agus im comharba Pháttraicc. Dírimh imorro, do aos
gacha gráidh archena.
Ro bhaoi ann ó ríoghaibh
Muirchertach Ua Lachlainn,
Tighernán Ua Ruairc, hUa hEochadha, agus hUa Cerbhaill.
Iar ccoisreaccadh imorro in tempaill
lá comharba Pháttraicc, ro hesscoitcendadh
imorro, ó cleirchibh, agus
ro hionnarbadh ó ríoghaibh
Donnchadh Ua Maoileachlainn a righe Midhe, agus ro
ríghadh Diarmaid a bhráthair ina
ionadh. Do rat Muirchertach Ua Lochlainn secht fichit bó agus
trí fichit uinge
dór do Dhia agus dona chléirchibh i nidhbairt do raith a anma.
Do rad dóibh bheós baile oc Droichet átha
.i. Fionnabhair na ninghen. Do rad din O Cerbhaill tri
fichit oile uinge dór
dóibh, agus ro rad ben Tighearnain Uí
Ruairc inghean Ui Mhaoileachlainn an ccomatt
cedna agus caileach óir ar altoir Mhairi, agus edach
ar gach naltóir do na naoi naltoraibh oile
bátar isin teampall isin.
Slóighedh lá Muirchertach, mac
Néill Uí Lochlainn co ttuaisceart Ereann imme hi Laighnibh
go ttart rí Laighen, Diarmaid Mac Murchadha, géill dó.
Do lóttar dna, Laighis, agus Ui bhFailghe, agus leth Osraighe
hi cConnachtaibh for teicheadh. Do chóidh tra iarsin
go Laighnibh lais i nDesmumhain, agus do rad braighde Deasmhumhan
lais. Luidh assidhe go Dál cCais, agus ro
ionnarb a Tuadhmumhain iatt, agus oircter sochaidhe díobh
lais hi tTuadhmhumhain. Tucc iarsin forbhais for


L. 1126


Luimneach, co ttardsat Goill a ríghe dhó, agus go ro
dhiochuirset Toirrdhealbhach Ua Briain
uaidhibh. Ro rand Mumhain ar dhó iartain eitir mac
Mec Carthaigh .i. Diarmaid mac
Corbmaic, agus Conchobhar mac
Domhnaill Uí Briain. Táinic iaramh
co Magh Ua Farca, agus ro la creich dar Adhairceach
uadh hí Síol nAnmchadha. Ro
briseadh dna, maidhm for an sluagh hi sin, agus ro marbhadh sochaidhe
dhíbh im Ua cCatháin na Craoibhe. Ro
mhillset dna, na hEoghanaigh Ros Cré
don chur sin. Ro soí aissidhe dia thigh iar cosgar.
Cein tra ro gníthe na híse do dheachaidh
Ruaidhri Ua Concobhair i tTír nEoghain, gur ro loisc
Inis enaigh, agus ro thescc a habhallghort, agus ro indir an tír co
Cuaille Cianacht. Sluaighedh lá Ruaidhri Ua cConchobhair, lá
rígh Connacht, hi Mumhain,
co ttarat leith righe Mumhan do Thoirrdhealbhach Ua Briain,
agus do rad Diarmaid mac
Corbmaic Mec Cárthaigh braighde ina urlaimh frí hedh
dia ttuitim occa mena ttísadh Muirchertach Ua Lachlainn dia
ccosnamh. Cend Eachdhach .i. Eochaidh mac
Luchta, do fhaghbháil oc Fiondchoraidh,
ba méidither coire mór é, no raghadh gédh


L. 1128


as mó bís dar toll a shúla, agus dar toll a
smera Smentuine. Cobhlach mór lá
Ruaidhri Ua cConchobhair for Sionainn da ná frith a samhail
an tan sin ar líonmhaire agus iomat a long agus a ethar.



Aois Críost, míle céd caoccat a hocht.
Domhnall Ua Longarccáin, airdepscop Caisil,
aird senóir Mumhan, saoi ar eaccna
agus ar dhésheirc, décc ina
shendataidh. An breithemh Ua Dúilendáin, airchindeach Eassa
dara, ollamh feineachais, agus taoiseach athuaithe,
décc. Coimhthionól senaidh oc cléirchibh Ereann occ
Brí mic Taidhg hi
lLaoghaire, bhail i rabhattar cóicc epscoib
fichet im leccaitt comharba Phetair do
earail riaghla agus soibhés. As don chur sin ro
ordaighset cléirigh Ereann im comharba
Phátraicc cathaoir amhail gach neapscob do
chomharba Cholaim Chille, do Fhlaithbheartach Ua
Brolcháin, agus árdabdhaine ceall Ereann co coitchend.
Epscoib Connacht dna,
ro báttar oc dol gus an senadh sin do
shlatt agus do bhualadh, agus dias dia
muinntir do mharbhadh hi cCuirr Cluana, iar bfágbhail
Cluana dóibh, lá
hamhsaibh Diarmada Uí Maoileachlainn, rí Mídhe, agus ro sóitt
dia ttighibh. Conchobhar Ua Briain .i. mac
Domhnaill, tigherna Airthir Mumhan, agus a mhac do dhalladh
lá Toirrdhealbhach Ua mBriain tar comairce cléirech Mumhan
agus a laoch. Cearnachán Ua Brain, tigherna Luighne,
décc. Ua Domhnaill, tigherna Corca Bhaiscind, do mharbhadh
lá hUa cConcobhair Corca Modhruadh.
Ferghal, mac Aodha na namhus Uí Ruairc,
décc. Tadg, mac Aodha, mic
Ruaidri, décc.
Ua Failbhe, tigherna Corca


L. 1130


Duibhne, do mharbhadh lá hUibh Séghdha.
Cúuladh, mac Deóraidh Uí Fhlainn, tigherna
Ua tTuirtre agus Dáil Araidhe Guaire thuaisceirt
Erenn ar eineach, décc.
Cenél cConaill do iompódh ar Ua Lachlainn.
Slóigheadh lá Muirchertach Ua Lachlainn co nUltaibh agus
co nAirghiallaibh i tTír Conaill, agus ro indirset an
tír eitir ceallaib agus tuathaibh.
Tucsat dna, Cenél cConaill ammus
longpuirt for Ultaibh, agus ro marbhadh
Aodh Ua Duinnslébhe Uí Eochadha, ri Uladh, leó, agus
an Gall Ua Searraigh, agus sochaide duaislibh agus
danradhaibh oile cen mo thát somh.
Slóicchedh lá Ruaidhri Ua cConchobhair co ráinicc léithghlind,
agus ro ghabh braighde Osraighe,
agus Laoighisi, agus do rat geimheal
for Macraith Ua Mordha, tigherna Laoighise.
Sitriug mac Giolla Enáin Uí Domhnaill, toisech
Cloinne Flaithemhail, do mharbhadh lá
Murchadh, mac mic Taidhg Uí Cheallaigh. Dá mhac
Murchadha mic Taidhg dna do mharbhadh lá Ruaidhri Ua cConchobhair i
ngeimheal ina dhíoghail sidhe. Cobhlach mór do dul ó
Ruaidhri O Conchobhair hi tTír nEoghain, co ndernsat ulca
móra innte. Creach lá Ruaidhri Ua Conchobhair
lá rígh Connacht i tTethbha, agus ro oircc
dream do Mhuintir Cérin, agus rug bú iomdha.
Tugsat din fir Teathbha maidhm for druing dia mhuintir siomh
airm i ttorchair Tomaltach Ua Maoilbhrénainn, agus Donnchadh
mac mic Aodha mic Ruaidhri, agus mac Giolladé Uí Treasaigh, agus
Ua Macliacc, agus Mac Aedha na namhus agus
Ferchair Ua Follamhain, agus ro gabhadh mac
Uí Flaithbhertaigh, co ndruing oile do mharbhadh
cen mo thát.
Cairpre Ua Ciardha agus drong dferaibh Teathbha do
iompúdh ar Dhiarmait Ua Maoileachlainn,
agus Donnchadh do ríoghadh dóibh.
Tighernan Ua Ruairc agus
Diarmaid do thocht ina ndeatthaidh, agus maidhm
Atha Maighne do bhriseadh forra, agus creacha móra do
dhénamh dóibh for Síol Rónáin, agus for Cairpribh.
Cairpre dna, agus Donnchadh dionnarbadh i Laighnibh. Sídh
Cairpre do dhénamh iarsin, agus Donnchadh do dhol i
cConnachtaibh. Maidhm siodha din, eitir Connachtaibh
Bréifneachaibh agus Midheachaibh.
Folc dermhair isin
samhradh dia ttáinic tola uisce in Abhainn insi na subh
hi Sliabh Fuaid, agus ro báithit


L. 1132


triar ar fhichit do dhaoinibh in inis na subh.
Cúcóirne Ua Madadhain, tigherna Síl nAnmchadha, décc.



Aois Críost, míle céd coeccat a naoi.
Maolmaire Ua Loingsigh, epscop Lis móir, décc.
Abél agus Giollamuiredhaigh, da angcoire Arda Macha, décc.
Giollacaoimhghin Ua Ceinneittigh, tigherna Urmumhan,
décc ina oilithre i cCill Dalua.
Ceinneittigh Ua Briain .i. mac mic
Murchadha, décc.
Domhnall mac Conmara do bádhad for Sionaind.
Diarmaid, mac Taidhg Ui Mhaoilruanaidh, tigherna
Mhaighe Luircc, cend comhairle, céille,
agus déghimpidhe choiccidh Connacht, décc.
Aodh, mac Donnchaidh Uí Conchobhair, tigherna
Ua bFailghe, do mharbhadh lá Maolsechlainn mac
Conghalaigh mic Conaifne Ui Chonchobhair.
Ua Maoldoraidh agus a dhias
bhráthar do mharbhadh lá hUa Canannáin, i meabhail.
Sloighedh lá Muirchertach mac
Néill Uí Lochlainn co Rubha Chonaill, hi Midhe, agus ro
iondarb Diarmaid, mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn a ríghe
Mídhe, agus do rad ríghe Midhe do
Dhonnchadh, mac Domhnaill Uí Maoileachlainn ó Shionainn co
fairrge. Comhdhál síodha etir Ruaidhri Ua Conchobhair agus
Tighernán Ua Ruairc, agus ro ronsat sídh agus comhluighe do réir ratha agus
miond. Tighernán
dna do iompód co bferaibh Breifne ar
Mhuirchertach Ua Lachlainn, agus adhul i cleith Connacht.
Cliath dhroichet do dhénamh oc
Ath Luain lá Ruaidhri Ua cConchobhair ar daigh innsaighthi Midhe.
Sluaigheadh lá fearaibh Midhe agus lá fearaibh Tethbha im
rígh Mídhe, Donnchadh Ua Maoilsechlainn, do thoirmesc an droichit,
agus ro ronsat deabhaidh cechtarnae im Ath Luain, agus ro guineadh
Aodh mac Ruaidhri Uí Chonchobhair,


L. 1134


rioghdhamhna Connacht, co nerbhailt i cind sechtmhaine dia
ghonaibh. Slóighedh mór la Ruaidhri Ua Conchobhair iarsin co
Connachtaibh ina fharradh, agus co ccath do Thuadhmhumhain, agus la
Tighernán Ua Ruairc co bferaibh Breifne i Midhe, co
rainic Loch Semhdhidhe. Lotar aissidhe iaramh co hAth Fhirdhiaidh.
Slóighedh oile la Muirchertach Ua Lachlainn co maithibh
Chenél Conaill agus Eoghain, agus an tuaisceirt archena
i foirithin Oirghiall co hAth Fhirdhiadh bheós.
Feachair cath etorra annsin, agus maidhm for Chonnachtaibh, for
Chonmhaicnibh, agus for Uibh Briuin amhail ro bhattar uile sé
catha comhmóra, agus laait an
dá cath oile a ndearg ár im Ghiollachriost, mac
Taidhg Uí Mhaoilruanaidh, tigherna Muighe Luirg, im Muirchertach
Mac Taidhg, im Muiredhach Ua Mannacháin, tigherna
Ua mBriúin na Sionna, im
Branán Mac Branáin, toisech Corco Achlann, im
Cethernach Ua Follamhain .i. taoiseach Cloinne hUattach, im
Aodh mac Mic Uallacháin, toiseach Mhuintire Cionaetha,
im Gealbhuidhe Ua Seachnasaigh, im Donnchadh mac mic Aodha mic
Ruaidhri, im Diarmaid Ua Concheanainn, im Aithius mac
mic Cnaimhín, im dhá mac Conchobhair Uí Chonchobhair, agus im
Murchadh mac Domhnaill Uí Fhlaithbhertaigh, co sochaidhibh oile duaislibh,
agus danradhaibh immaille friú. Atiat na maithe torchratar
annsin ó Uibh Briúin, Mac na haidhche Ua Cernachain,
Cúmara Ua Cumráin, Giolla na naomh Ua Galáin, taoiseach
Cloinne Dunghalaigh, Annadh mac Noennenaigh Uí
Chearbhaill, agus a brathair, mac confraich
Uí Loingsígh, taiseach Cenél Bacaitt, Macraith Ua Tormadáin, Macraith
Ua Cuaggain, da taoiseach Cenél Duacháin, mac
Mic Fionnbhairr Uí Geradháin,
agus sochaidhe ele cen mo thátsomh. Drong mór do
Mhuimhneachaibh im mac mic Giollaciaráin Uí Cinnéittigh.
Ro innrustair Muircertach Uí Briúin, agus ro oircc
Muintir Géradhain. Do rad dna Tír mBeccon, agus Tír Fhiachach,
agus Cailli Follamhain, agus Sodain, agus Fionntain dia fherann
fein do fheraibh Midhe, agus ro soiset iar sin Conaill
agus Eoghain im Muircertach dia ttíghibh co


L. 1136


ccosccar agus comhmaoidhemh.
Sluaighedh oile lá Muirchertach co
maithibh Cenel Conaill, Eoghain, Airghialla, agus an
tuaiscceart uile ar aon ris co Connachtaibh, agus ro loiscset
Dún mór, Dún ciarraighe, Dún na nGall, agus ro mhillset
mór don tír archena. Soais dia thigh iaromh gan síth gan gialla.
Sluaighedh ele bheós lá hUa Lachlainn i Mídhe do ionnarbadh
Uí Ruairc. Ro coinnmhedh da chath Cenél Conaill agus Eoghain
frí ré mís for feraibh Midhe .i. cath in iarthar Midhe, agus
cath ina hairther. Do róine síth iarttain
frí hUa Rúairc, agus ro léicc
a fherann fein dó .i. feronn an iomchosnamha.
Do rád dna ríghe Laighen uile do Mac Murchadha
agus ro ionnarb mac Mic Faoláin. Occ soadh
do dia thígh ro oircc Delbhna mhór, agus Ui mac uais Breagh.



Aois Críost, míle céd seasccat.
Fiond Mac Gormáin, epscop Cille dara,
agus abb manach Iubhair Chind trachta frí ré,
dég. Neachtan epscop décc.
Giolla na naemh Ua Duinn ferléighinn Insi Clothrann, saoi
senchusa, agus dána, agus deghfher labhra,
ro fhaidhsein a spirat co a athardha etir coraidh aingel an
17 do December iars an ochtmhadh
bliadhain ar chaogad a aoise.
Giollachriost Ua Maoilbeltaine,
an tuasal shacart, agus
an tárdmhaighistir, décc ina
shendataidh iar ndeghbhethaidh.
Aodh ó Doimhliacc décc.
Lúghmhadh agus Cendcoradh do loscadh.
Donnchadh mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn,
rí Midhe, do marbhadh


L. 1138


lá Murchadh Ua Findolláin, tigherna Dealbhna móire, agus
la a mhacaibh tria a anfoltaibh agus
tria chiontaibh féin.
Dá Ua Maoldoraidh do mharbhadh hi fioll
lás an Aithchléreach Ua cCanannáin, lá tigherna Cenél
Conaill for snadhadh laoch agus
cléireach Cenél Conaill buddhéin. An
tAithcleireach feisin agus dá Ua Canannáin oile immaille fris
do mharbhadh lá Cenél Conaill
i ndíoghail a nEinigh.
Lorcán Ua Caindelbháin, tigherna Laoghaire, do
thuitim lá hAodh mac Conuladh Uí Caindealbháin i nAth Truim.
Domhnall Ua Gairmleadhaigh, toiseach Ceneoil Moáin
do thuitim la Maolruanaidh, tigherna Fer Manach, agus
maithe Cenel Moain imaille fris tria fhéill,
agus mebhail, ar forccongra Muirchertaigh Uí Lochlainn.
Aedh Ua hAnmchadha, tigherna Ua Maccaille,
do mharbhadh la macaibh an giollachaoich Uí Anmchadha.
Brodar mac Turcaill, tigherna
Atha cliath, do mharbhadh lá Maolcrón Mac Giollasechnaill.
Flaithbhertach Ua Cathusaigh, tigherna Saithne,
caindeal ghaisccidh agus engnamha Midhe, dég.
Domhnall mac Giollasechnaill, tigherna deisceirt Breagh, do
mharbhadh la Muirchertach, mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn gan
chionaid. Murchadh Ua Ruadhacán, tigherna Ua nEachdhach,
dég. Tadhg Ua Ferghail do mharbhadh lá a
bhráthair féisin, Aedh Ua Fearghail.
Ruaidhri Ua Tomaltaigh, taoiseach Muintire Duibhetáin,
eineach agus engnamh Ua Tuirtre, do tuitim lá feraibh Breifne.
Drong do Chenél Eóghain im
Ua nGairmleadhaigh, agus im mac Uí Néill, do iompud for
Ua Lachlainn, agus creach mhór do dhénamh dóibh fair.
Míchostadh mór do fhás hi ttuaisceart Ereann de sin gur ro mhill
an tír co mór. Creach dna lá hUa Lachlainn
ina ndiaidh siomh hí tTearmann Dábheócc, gur ro bhen buar dírímhe
dhíobh. Maidhm Mhaighe Luadhat ria cCenél Eoghain Tolcha Occ for
Ua nGairmleadhaigh, agus for Domhnall Ua Criocháin, agus for
Uibh Fiachrach, dú in ro marbhadh sochaidhe dhíobh,
agus as don chur sin do rochair, co neimhchiontach,
Muirchertach Ua Néill lá Lochlainn Mac Lochlainn, agus do rochair
Lochlainn iaramh ina dhíoghail lá mac Uí Néill. Sluaighedh dna, lá
Ruaidhri Ua cConchobhair, lá rígh Connacht, co hAth feine co Ioraras,
agus ro ghabh braighde fer


L. 1140


Tethbha, agus fer Midhe,
agus do rad Diarmaid, mac Domhnaill Uí Maoileachlainn a ccennas,
agus a ttighernas forra. Comhdhál síodha occ
Eas Ruaidh eitir Ruaidhri Ua Chonchobhair, agus
Muirchertach Ua Lochlainn, agus ro scaoil a ccoinne ó aroile gan
naidhm síodh na osadh eatorra.
Sluaighedh lá Muirchertach Ua Lochlainn co ttuaiscceart Ereann immi co
hAth na Dairbhríghe ar dhaigh fer Midhe agus fer mBreifne do
ghabháil. Sloighedh lá Ruaidhri Ua cConchobhair
co Magh nGartchon hi foirithin
Tighernáin Uí Ruairc, tigherna Breifne,
agus Dhiarmada Ui Mhaoileachlainn, rí Mídhe. Acht ro
deiligh Dia gan cath, gan cathrae, gan sídh, gan osadh.
Cobhlach lá Ruaidhri Ua cConchobhair ar Sionainn, agus ar
Loch nDergdheirc, agus ro ghabh braighde
Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain agus Dal cCais.



Aois Críost, mile céd seasccat a haon.
Aodh Ua hOissein, airdepscop Thuama, agus cenn
crábhaidh, agus genmnaighechta Leithe Chuinn,
Tadhg Ua Longarcan, epscop Tuadhmhumhan,
Isac Ua Cuanáin, epscop Ele agus
Ruis Cré, ógh, agus airdshenóir Airthir Mumhan,
Maolbhrénainn Ua Ronáin, epscop Ciarraighe Luachra,
agus Iomhar Ua hInnreachtaigh, airchinneach Mucnamha, agus
tigherna Ua Meith fri ré, décc.
Raghnall Ua Dálaigh, ollamh Desmhumhan le dán, décc.
Ruaidhri Ua Conchobhair, ri Connacht, do ghabhail ghiall
Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain.
Sloighedh lá Ruaidhri Ua cConchobhair go
cConnachtaibh, agus lá Tighernán Ua Ruairc go bferaibh Breifne,
hi Midhe, agus ro gabh braighde Ua bFaoláin
agus Ua bFailghe, agus ro fháccaibh Faolan, mac Mic Fhaoláin
hi tighernas Ua bFaoláin agus Maolsechlainn


L. 1142


Ua Conchobhair hi ttighernas Ua bFailghe.
Sluaigheadh la Muirchertach Ua Lachlainn i
nUibh Briúin, agus ro indir an
tír roimhe go ráinic Lic mBladhma. Tangattar gaill agus
Laighin co na rígh, Diarmaid Mac Murchadha, ina theach connicce
sin. Do rad Ruaidhri Ua Conchobhair ceithre braighde dhó
dar cenn Ua mBriuin agus Conmhaicne leithe Mumhan
agus Midhe, agus tuc Ua Lachlainn a chóicceadh
comhlán dosomh. Do rad dna, coighedh Laighen
uile do Dhiarmaid Mac Murchadha. Rí Ereann dna cen fresabhra
Muirchertach Ua Lachlainn don chur sin.
Do rad an leth ráinic dó don Mhídhe do
Dhiarmaid Ua Mhaoileachlainn, agus baoi an leath oile occ
Ruaidhri Ua Conchobhair. Ro sói Ua Lachlainn dia thigh iaromh.
Do rad dna Diarmait Ua Maoilsechlainn
Bend Artghaile do Dhia agus dó Chiaran. Slóighedh oile
lá hUa Lachlainn i Mídhe hi ccomhdháil fer nEreann, laechaibh,
clérchibh co hAth na Dairbrighe, agus ro gabh a mbraighde uile. As
don chur sin ro saoraitt cealla Cholaim Chille
hi Mídhe agus hi Laighnibh la comharba Colaim Chille,
Flaithbhertach Ua Brolcháin, agus tugadh dhó a ccáin, agus a smacht
uair robtar daora roimhe sin. Cuairt Osraighe
do thabhairt lá Flaithbhertach
Ua mBrolcháin, agus aseadh bá dior dhó seacht fichit damh, acht asé
fiach ro toibhgheadh ann fiche uinge ar ceithri céd dairgeat ghil.
Gofraidh Ua Raghallaigh do mharbhadh hí
cCenandus la Maolseachlainn Ua Ruairc. Do rochair dna, a mhac
Giolla Iosú lás an Maolseachlainn
cédna arnabhárach.
Teach do ghabháil do Chathal Ua Raghallaigh, .i. mac
Gofradha, for Maolsechlainn Ua Ruairc for lár
Sláine, agus ro marbhadh ann
Muirchertach Ua Ceallaigh, tigherna Bregh,
agus a bhen .i. Indearbh,
inghen Uí Caindealbhain. Terna imorro Maolseachlainn as don chur sin.
Maidhm ria nDomhnall Caomhanach, mac mic Murchadha, agus ria
nUibh Ceinnsealaigh for Ghallaibh Locha Carman, dú i ttorcrattar
ile im Ua nDomhnaill.
Matudhan, mac mic Cronáin, tigherna Cairpre


L. 1144


Gabhra, do thuitim lá macaibh Mec Congheimhle.
Domhnall, mac Conghalaigh mic
Conaifne Ui Chonchobhair Failghe, tanaisi Ua Failghe, do
mharbhadh la Cloinn Mhaoilioghra.
Maidhm ria tTuadhmhumhain for Dheasmhumhain, i ttorchair
Maolsechlainn, mac Ceallachain, mac mec
Carthaigh, agus Amhlaoibh Ua Donnchadha co sochaidhibh oile.
Maidhm oile dna, las an lucht cédna for Deasmhumhain i ttorchair
Aodh Ua Caoimh, tigherna Fermuighe, agus dá Ua Anmchadha.
Loinges demhnacdha do fhaicsin for
Cuan Gaillmhe, agus siad occ seoladh i naghaidh gaoithe.
Dun Gaillmhe do losccadh arabhárach da dhaigh.
Domhnall, mac Conmhedha Uí Laeghacháin, taoiseach
Cloinne Suibhne, do mharbhadh lá
Ruaidhri Ua cConchobhair, i ngeimhiul,
iar mbeith dhó ar chomairce comharba Chiaráin.
Fallamhan Fionn Ua Fallamhain, taoiseach Cloinne hUadach, do
écc hi cclérceat.



Aois Críost, míle céd seasccat a dó.
Gréine, airdepscop
Gall agus Laighen, saoi ecna
agus ilbhérla, décc, agus
Lorcán Ua Tuathail, comharba Caoimhghin, do
oirdneadh ina ionad lá comharba Phatraicc.
Cathasach Mac Comhaltáin, fer leighinn
Doire Cholaim Chille, dég. Saoi toghaidhe esídhe.
Diarmaid Ua Laighenáin, fer leighinn Cluana hUamha, saoi
Mumhan, do mharbhadh lá hUibh Ciarmhaic.
Taisi epscoip Maoinenn agus Cummaine Foda do thabhairt a


L. 1146


talmhain lá samhadh Brénainn, agus ro cuireadh scrín cumhdaighthe iompa.
Cairbre Mac Samuel, ard ollamh Ereann hi
scribhenn, décc in Ard Macha an 4 lá Febhru.
Mainistir manach occ Iubhar Cinntrechta do losccadh co na huilibh
aidmibh agus leabraibh agus bheós an tiubhar do chuir
Pátraic féisin.
Imleach Iubhair co na teampal do losccadh.
Erscartadh na ttighedh o tempal Doire do dhénamh lá comharba
Colaim Cille Flaithbhertach Ua Brolcháin,
agus lá Muirchertach Ua Lachlainn, lá rígh
Ereann, agus ro thógbhait ochtmhoghat teagh nó ní as uille as in
maighin i rabhattar, agus Caiseal an urláir do dhénamh lá
comharba Colaim Cille
bheós, agus do bhert mallacht fors an tí nó thiocfadh thairis.
Senadh cléirech nEreann im comharba Phátraicc, Giolla mac liacc,
mac Ruaidhri, hi cClaonaidh, airm i rabhattar sé hepscoip
fichet go nabadhaibh iomdha, occ erail riaghla agus soibhés, for
feraibh Ereann, laechaibh cléirchibh, agus as don chur sin ro
chinnset clérigh Ereann na badh ferleighinn i ccill i
nErinn an fer na badh dalta Arda Macha
cédus. Cuairt Cenél Eoghain do thabhairt lá comharba
Phátraicc, Giolla mac liacc, mac Ruaidhri, dá nach
fríth a hionsamhail reimpe.
Sluaighedh lá Muirchertach Ua Lachlainn co ttuaiscert Ereann,
agus co bferaibh Mídhe, agus go ccath do Chonnachtaibh ar aon
friú, co hAth cliath dforbais for Ghallaibh.
Acht ro impódh Ua Lachlainn gan cath, gan ghialla, iar nindreadh
Fine Gall. Ro fhágaibh dna, Laighnigh
agus Midhigh i ccoccadh for Ghallaibh. Do ronadh sídh iaramh eittir
Ghallaibh, agus Ghaoidhealaibh, agus do radadh secht fichit uinge
óir ó Ghallaibh do Ua Lachlainn,
agus do radadh cúig fichitt uinge dór
ó Dhiarmaid Ua Maoilechlainn do
Ruaidhri Ua cConchobhair, dar chenn Iarthair Midhe.
Ceall Ua Nilucáin, agus Ros Mídhe do saoradh do
Dhiarmaid Ua Maoilsechlainn do


L. 1148


Dhia agus do Chiarán ar choinnimh ríogh flatha co bráth.
Conchobhar mac Taidhg Ui Bhriain, do mharbhadh lá
Muirchertach mac mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain.
Cathal, mac mic Cathail Uí Mughróin, toiseach Cloinne Cathail,
frí ré, décc.
Donnchadh, mac mec Giollapatraicc, tigherna Osraighe,
décc. Cathal Ua Raghallaigh, tigherna Muintire Maoilmhórda,
eineach agus eangnamh Ua mBriúin, do bhádhadh.
Creach lá Maolsechlainn Ua Ruairc i cCairpri Ua Ciarrdha, maidhm
dna ria cCairpribh fairsiomh co bfarccaibh ár
daoine. Maolsechlainn, mac
Tighernáin Uí Ruairc, ríoghdhamhna Bréifne, caindel gaisccidh,
agus enigh Leithe Chuinn, do mharbhadh la Muintir Maoilmhórdha,
agus lá mac Annaidh Uí Ruairc.
Creach la Diarmaid Ua Maoilsechlainn, la
rígh Mídhe, for fheraibh Breifne, agus
torchair Tadhg mac mic Carrghamhna Ui Gilleultáin lá feraibh
Bréifne. Creach la Tighernán Ua Ruairc ar
Cairpribh Ua Ciarrdha, agus do rochair mac
Mic Findbhairr Uí Gerudháin don
chur sin la Cairpribh.
Coccadh mór eitir Deasmumhain, agus
Tuadhmumháin co ndernadh ilchreacha,
agus gur ro marbhadh ár daoine etorra.
Macraith Ua Macliacc, taoiseach Ceneoil Lughne,
décc.
Mac Donnchaidh mic mec Carthaigh, do ghabhail la
Corbmac mac mec Cárthaigh. Creach mhór lá hUibh Failge
i nEile, agus i nUrmhumhain, co tucsat búar dírímhe.


L. 1150


Mac Donnchaidh mic mec Carthaigh do elúdh a geimheal.
Uí Diomusaigh .i. Ceallach, Cúbroga, agus
Cuilén do mharbhadh lá Maoilsechloinn Ua cConcobhair,
tigherna Ua Failghe, for lár Cille hachaidh.
An Cosnamhaigh Ua Dubhda, tigherna Ua nAmhalgadha
do mharbhadh lá a derbhfhine.



Aois Críost, mile céd seasccat a trí.
Maoliosa Ua Laighenán, epscop Imleacha, agus comharba Ailbhe,
Maoliosa Ua Corcráin, comharba Comhghaill,
agus abb cananach Bendchair, Giollachiaráin Ua Draighnén, comharba
Fechin, agus Maolchiarain, airdshenoir fear Mídhe, saoi eagna agus
crábhaidh, décc.
Giollabrighde Ua Diomusaigh, comharba an dá Sinchell,
agus Caillech Domhnaill, inghen Naoneanaigh, ban abb Cluana Bronaigh,
agus comarba Samhthainne, decc. Gleann dá locha do losccadh im
Cró Chiaráin, im Cró Chaoimhghin, agus im reccles an dá Sinchell.
Tene aoil i raibe lxx
traighedh ar gach leth do dhénamh la comharba Cholaim Chille,
la Flaithbheartach Ua Brolchain, agus
lá samhadh Choluim Chille fri ré fhichet lá.
Coinnmhedh ríoghdhamhna lá Niall, mac Muirchertaigh Uí Lachlainn la mac
rígh Ereann for Leth Chuinn. Aseadh do dheachaidh co hUltaibh
artús co Cill slébhe. Iarsin a nAirghiallaibh, i
tTír Bhriúin, agus i Mídhe, co
nderna éccne iomdha i ttuathaib agus chellaibh, agus do róine cétus i
cCenandus i nArd Breacáin, i Fobhar fhechin, agus in
Eacharud Lobrain, agus hí cCluain mic Nóis. Do choidh iar
sin dar Ath luain hi cConnachtaibh da fichet décc a líon agus
do ronsat a ccoinnmheadh for Uibh Maine, agus ro marbait uile lá
Conchobhar Ua Ceallaigh, agus la Concobhar
Maonmhaighe, agus lá hUibh Máine tria fheill agus
mheabhail cén mó thát sceolunga agus lucht eludha,
agus ro gabhadh Niall, mac Muirchertaigh Uí Lochlainn,
agus ro hiodhnaicedh slán é dia thigh tria chomairle a naireacht.
Muirchertach Ua Maoilsechlainn, .i. mac Domhnaill,
ríoghdhamhna Temhrach, do thuitim do Droichet Corcaighe, agus a
bhádhadh isin Sabhraind.
Mac Find Ui Cherbhaill, tigherna Ele Tuaisceirt,
do mharbhadh lá Domhnall, mac Toirrdhealbhaigh


L. 1152


Uí Bhriain. Aithrighadh Diarmada Uí Mhaoilechlainn lá
feraibh Mídhe, agus cóicc fichit uinge dór do
thabhairt do Muirchertach Mac Lochlainn tar cenn ríghe Mídhe.
Cucaisil Ua Fiondalláin do mharbhadh
lá hAodh Ua Ruairc tria tangnacht .i. tria mheabhail.



Aois Críost, míle céd seasccat a cethair.
Donnchadh Ua Briain, .i. mac Diarmada, epscop Cill Dalua,
agus Maolchaoimhghin Ua Gormáin, maighistir Lughmaidh ard shaoi
Ereann, agus abb mainistreach canánach Termainn Fechine fri ré, do écc.
Teampall mór Doire i fail ochtmoghat traigheadh, do dhénamh lá comharba
Colaim Chille, Flaithbertach Ua Brolcháin,
agus lá samadh Cholaim Chille, agus la
Muirchertach Ua Lachlainn, lá rígh Ereann, agus tairnic a
dhénamh frí ré cethrachat láithe. Losccadh
Arda Macha, Cluana mic Nóis, Cluana ferta Brénainn, agus
Tuama dá ghualann.
Losccadh Lughmhaidh as ind raind ba moo a
taigh Donnchaidh Uí Chearbhaill, tigherna Oirghiall, agus
Muirchertach, mac Néill, rí Ailigh,
agus maithe Cenel Eoghain ann iar neasonorughadh Bachla Iosa.
Mac Donnchadha, mic mec Cárthaigh, do
mharbhadh lá a bhrathair lá mac Corbmaic.
Creach mhor lá Feraibh Manach, agus lá hUibh Fiachrach Arda sratha i
tTír Eóghain.
hUa Críocháin, tigherna Ua Fiachrach Arda Sratha, do
Thuitim la mac Néill Uí Lochlainn.
Muirchertach Ua Tuathail, tigherna Ua Muireadhaigh,
agus flaith laighen ar eineach agus ghaisccidh, décc iar naithríghe.
Tuaim Gréine, agus Tír da ghlas do losccadh.
Dabhid, mac Duinnsléibhe Uí Eochadha, do mharbhadh lá hUibh Eachdhach
Uladh i ffiull.
Maolsechloinn Ua Conchobhair Failghe, do mharbhadh lá Cloinn Mhaoilúghra.
Amhlaoibh, mac Giollachaoimhghin Ui Cindéittigh, tigherna
Urmhumhan, do dhalladh la Toirdhealbhach Ua mBriain.


L. 1154


Aois Críost, míle céd seasccat a cúig.
Maghnas Ua Canannáin, tigherna Cenel Conaill,
décc. Coccadh mór, agus coimhchreachadh eitir feraibh Mídhe,
agus feraibh Breifne.
Sitriug Ua Ruairc, tanaisi Breifne, do mharbhadh
lá hUa Ciarrdha agus lá Cairpribh. Creach mór lá
Ruaidhri Ua cConchobhair, agus lá cóigheadh Chonnacht uile for
Cairpribh i ndioghail Sitriucca. Creach oile lás na feraibh
cédna for feraibh Breagh, agus for Saithnibh, agus for
Uibh Colgan go ro oirccset an tir uile.
Ro thriallsat ulaidh iompudh ar
Mhuircertach Ua Lachlainn, agus do chóidhset sluagh for
Uibh Méth, agus ruccsat bú, agus ro mharbhsat
ile. Creach dna, leó for Uibh Breasail Airthir, agus creach
oile for Dháil Riada. Slóicchedh mór la
Muirchertach iaramh éittir Cenel Conaill, Eoghain, agus
Airghiallaibh i nUltoibh, agus ro chroithset, agus ro
airgset an tír uile cen mo thát primh chealla Uladh, agus
tucsat ár dírímhe ar dhaoinibh, im Eachmarcach mac Giolla epscoib,
agus im Ua Lomáin, agus ro hionnarbadh Eocha, mac Duinnslebhe a
hUltoibh, iar mbein a ríghe dhe, agus do radsat Ulaidh uile i ngeill
dUa Lochlainn a neart righe.
Luidh Muirchertach Ua Lochlainn co Cenel Eoghain co
hInis Lacháin ro loisccset agus ro mhúrsat an innsi.
Tegaitt iaramh Cenel nEoghain dia ttighibh iar ccosgar
co nédalaibh aidhbhle, agus co longaibh iomdha leó. Do dheachaidh
iaramh Ua Lachlainn co hArd Macha. Táinic din Donnchadh Ua
Cearbhaill tigherna Oirghiall, agus Eochaidh Mac Duinnsléibhe
hi ccomhdháil Muirchertaigh do chuinghidh righe dorídhisi do
Mac Duinnsléibhe.
Do rad Ua Lachlainn an ríghe dó dar cend ghiall nUladh uile,
agus tucc Eochaidh mac gach toisigh do Ultaibh
dhó, agus a inghen féin a ngiallnas do Ua Lachlainn,
agus tuctha seóid iomdha dhó im cloidhemh mhec an Iarla,
agus do rad bheós Bairche do Ua Lochlainn, agus tug
Muirchertach dUa Cherbhaill fo chédóir .i. do
Donnchadh, agus tuccadh dna, baile do chlérchibh
Sabhaill tria rath righe Mhec Lochlainn.
Toirrdhealbhach Ua Briain do aithríghadh lá
Muirchertach mac Toirrdhealbhaigh, agus a ionnarbadh
i Laighnibh. Slóighedh lá


L. 1156


Ruaidhri Ua cConchobhair go Connachtaibh go Desmumhain co
ttangattar maithe Deasmhumhan ina theach
imma ttigherna Diarmaid mac Corbmaic Méc Cárthaigh.
Domhnall Mac Giollapháttraicc, tigherna Osraighe, do
mharbhadh lá Laoighis Uí Mhórdha.
Macraith Ua Conchobhair, tigherna Ciarraighe Luachra, décc
iar naithrighe. Ferghal Ua Maolmhuaidh, tigherna
Fer cCeall, agus Cenél Fiachach, caindel gaisccidh agus
einigh fer Mídhe, do mharbhadh lá hUibh Braccain.
Giollacriost Ua Maoilbrénainn, taoiseach Cloinne Concobhair,
décc.



Aois Críost, míle céd seasccat a sé.
Giollamacaiblén Ua hAnmchadha, comharba Brénainn Cluana ferta, do
écc. Celechair Ua Conghaile, airchindeach tíghe
aoidheadh Cluana mic Nóis,
agus Giolla na naomh Ua Ceallaigh, comharba Uí Suanaigh hi Rathain,
décc. Scrin Mancháin Maothla, do cumhdach lá
Ruaidhri Ua Conchobhair, agus for bhrat óir
do thabhairt tairsi lais feibh as deach ro cumhdaighedh feathal a
nErinn.
Macraith Ua Móráin do athchur a
epscopóide, agus Giolla Criost Ua hEochaidh do oirdnedh i cathair
Conmaicne iarttáin.
Ard Macha do loscadh na dí sreith ó chrois Cholaim Chille co Crois
Epscoip Eoghain, agus ó Chrois Eapscoip Eoghain an dara sreith co
Crois Dorais ratha, agus an ráith uile co na teamplaibh cenmothá reccles
Póil agus Petair, agus uaithe do tighibh archena, agus Sreith fri ráith
aniar ó tha Cross Sechnaill co Crois mBríghde acht madh beg.
Doire Cholaim Chille gus an Duibh reccles do


L. 1158


losccadh. Lughbhadh, Suird Cholaim Chille, agus Ard bó, do losccadh.
Aedh Ua Maelfhabhaill, tigherna Cairrcce Brachaidhe, do mharbhadh
lá mac Néll Uí Lochlainn.
Eochaidh mac Duinnslebhe Ui Eochadha, ri Uladh, tuir gaisccidh,
agus enigh na nGaoidheal, do dhalladh lá
Muirchertach Ua Lochlainn, agus an
tríur bá fearr do Dhál Araidhe .i. dá mhac
Loingsigh, agus mac mic Cathasaigh Uí Flathrae, do
mharbhadh lás an rígh ccetna dar comairge comharba
Pháttraicc, agus Bachla Iosa, Dhonnchaidh Uí Cerbhaill,
tigherna Oirghiall, agus dar comairge mind, laech agus
clérech tuaisceirt Erenn uile.
Sluaighedh lá Donnchadh Ua cCearbhaill iar sin hi
tTir nEocchain do dhíoghail einigh Phatraicc,
agus a einigh féin. Trí catha
comhmóra líon a shluaigh, cath Oirghiall, cath Ua mBriuin Bréifne,
agus cath Conmhaicne. Rangattar na slóigh sin co Leitir Luin i
Fedhaibh Ua nEachdhach i tTír Eoghain,
imma comráinic dhóibh agus do Ua Lachlaind, agus do
Chenél Eoghain co nuathadh slóigh, Fechtar cath amhnus
ettrócair ettorra diblinibh, agus ro mheabhaid for Chenél nEoghain,
agus ro marbhadh Muirchertach Ua Lachlainn, áirdrí Ereann
uile, an chaindeal gaile, agus
ghaisccidh, einigh, agus engnamha iarthair domhain ina
ré, fer ar nár brisedh cath ná comhlann
riamh go sin, agus ro bhris iolchatha. Ro marbhadh ina fharradh isin
cath hi shin hUa Giollalainne, agus hUa hAdhmaill, dá thoiseach
thoghaidhe iadsídhe, agus Mac Gillemartain, toiseach
Cenél Fearadhaigh co sochaidhibh oile. As acc
tairngire catha Lethi caimm, agus an chatha so ro
ráidh Dáchiarócc .i. naomh a hAireccal:




Lethi Camm,
Do faethsat mór ngeratt and,
Tarrustair occ Letir Lúin,
Cídh cian, cidh cuin, is cidh mall.


L. 1160



Sluaighedh lá Ruaidhri Ua Conchobhair co hEas Ruaidh, agus ro
ghabh gell Cenél Conaill. Slóighedh lá Ruaidhri Ua cConchobhair
go Connachtaibh, go bfearaibh Midhe,
agus go bferaibh Tethbha co hAth cliath, agus ro ríghadh ann
Ruaidhri Ua Concobhair febh as onóraighe
ro ríghadh rí riamh do Ghaoidhealaibh, agus
ro thíodhnaic siomh a ttuarastal do na Gallaibh do bhuar
iomdha, uair ro sreathait da fichit céd bó for fearaibh Ereann
dóibh. Do deachattar Goill co na sochraitte don
chur sin lá Ruaidhri co Droichet atha, agus táinic
Donnchadh Ua Cerbhaill agus maithe Airghiall ina
theach, agus do bhertsat a ngialla dó. Losgadh Ferna la
Mac Murchadha, ar omhan Connacht do losgadh a chaisteóil agus
a thaighi. Do luid dna an rí Ruaidhri gus an
sochraide cédna lais ar ccúla hi Laighnibh, agus ro ghabh a
ngialla, agus do luidh iarsin go ro
réidheadh Fiódh ndorcha, agus iaromh i nUibh Ceinnsealaigh, agus
ro ghabh braighde Diarmada mic Murchadha agus Ua Ceinnselaigh
archena. Slóighedh mór do ridhisi lá Ruaidhri
Ua Conchobhair go cConnachtaibh go bferaibh Breifne
agus go bferaibh Mídhe i lLaighnibh i nOsraighibh,
agus i Mumhain iarttain, agus
tangattar rioghraidh Leithe Mogha uile ina theach. Ro rand
tra an Mhumhain ar dhó .i. a leth do shiól mBriain,
agus an leth naile do Dhiarmaid mac Corbmaic.
Sluaighedh lá Tighernan Ua Ruairc co bferaibh Breifne, go
bferaibh Midhe, go nGallaibh Atha cliath, agus co Laighnibh
in Uibh Ceinnsealaigh, agus ro hionnarbadh


L. 1162


leo Diarmaid Mac Murchadha dar muir agus
ro múradh a caistiall hí Fearna. Ríoghthar leó
Murchadh mac mec Murchadha dar cend secht mbraghat
décc do thabhairt do Ruaidhri Ua Conchobhair co
tír Fiachrach Aidhne. Maidhm ria nDartraighibh, agus ria
mac Donnchaidh Uí Ruairc ar Feraibh Luircc, agus ar thuaith ratha,
dú i ttorcrator sochaidhe.
An dall Ua Conallta .i. Giollamaire, rígh druth Ereann dég. Do
Uibh Briúin a chenél. Mac Domhnaill Bracanaigh mic mec Carthaigh,
do mharbhadh lá Corbmac mac mec Carthaigh.



Aois Críost, míle céd seasccat a seacht. Torgesli epscob Luimnigh,
hUa Flannáin, epscob Cluana hUamha, Cionaeth Ua Cethernaigh,
sagart Insi Clothrann,
mór inghen Domhnaill Uí Choncobhair Fhailgigh, banabb Cille dara,
Maolmichael Mac Dotheacháin uasal shaccart, agus áird eagnaidh, agus
tuir crabhaidh do mhuintir Arda Macha,
agus hUa Dubhucán, .i. Giollagóri, comharba Ende Airne, décc.
Toirrdhealbhach, mac Diarmada Uí Bhriain, rí Mumhan, agus Lethe Mogha,
fer ro ionnsaigh Erind uile,
fer is feárr táinic ina aimsir fri tiodhnacal
seód agus maeine do bhochtaibh agus daidhilgneadhaibh
an choimhdedh, décc.
Muirchertach, mac Ladhmainn Uí Dhuibhdhíorma, tigherna
For droma, tuir airechais tuaisceirt Ereann uile, do mharbhadh
i meabhail lá Donnchadh Ua nDuibhdhíorma,
agus las an mbrédaigh for lár Maighe Bile, agus a
dhá mhac do mharbhadh arnabhárach, agus mac oile do dhalládh.
Conn Ua Maoilmhiadhaigh, toiseach muintire hEolais,
décc. Mór choinne lá
Ruaidhri Ua cConcobhair go maithibh Leithe Chuinn etir
laech agus clérerech,
agus go maithibh Gall Atha cliath occ Ath buidhe Tlachtgha.
Táinic ann comharba Phátraicc, Cadhla Ua Dubhthaigh,
airdepscop Connacht, Lorcán Ua Tuathail, airdepscop Laighen,
tighernán Ua Ruairc, tigherna Breifne,
Donnchadh Ua Cerbhaill, tigherna Oirghiall,
agus Mac Duinnslébhe Uí Eochadha, rí Uladh, agus
Diarmaid Ua Maoileachlainn, rí Teamhrach, Raghnaill mac Raghnall,
tigherna Gall.
Bá hé líon a ttiomaircc agus a ttionoil trí mhíle dhécc marcach,
tri fichit céd do Chonnachtaibh cá fhichitt
céd im Ua Ruairc, fiche céd im


L. 1164


Ua Maoileachlainn, da fhichitt céd lá hUa cCerbhaill,
agus lá hUa nEochadha, fiche céd lá Donnchadh Mac Faolain agus
déch céd lá Gallaibh Atha cliath.
Ro cinnit tra deigh chinnte iomdha isin comhdháil hí shin eitir
chádhus ceall agus cléireach, agus smacht treabh agus
tuath, go nimthightís na haon mhna erind, agus tuccadh aiseacc
a chreiche do comharba Patraicc lá hUíbh Failghe a
lámhaibh na ríogh rémhráite. Ro scarsat sein iar sin fó shídh,
agus fo chaoin loisi gan ughra gan agra gan athchosan nech for a
chéle isin comhdháil tré rath an rígh ro thionóil
na maithe sin co na slóghaibh go haoin ionadh.
Sluaighedh, agus tochastal fer nEreann, immo ríoghraidh lá
Ruaidhri Ua cConcobhair. Táinic ann Diarmaid mac
Corbmaic, tigherna Deasmhumhan, Muirchertach Ua mBriain,
tigherna Tuadhmhumhan, Diarmaid Ua Maoilseachlainn, rí Midhe,
Donnchadh Ua Cerbhaill, tigherna Oirghiall, agus maithe
Laighen archena. Rangattar iaramh hi
tTír Eóghain, agus ro rann Ua Conchobhair an
tír i ndó .i. Tír Eoghain o
Shléibh Challain fo thuaidh do Niall Ua Lachlainn dar cend
da bhrághadh .i. Ua Catháin na Craoibhe, agus mac an
Ghaill Uí Bhrain, agus Cenél Eoghain
ó shlebh fodheas do Aedh Ua Néill dar cend dá bhrághatt
oile .i. Ua Maoilaedha do Chenél Aonghusa, agus hUa hUrthuile do
hUibh Tuirtre, comhaltai Uí Néill fodhéisin.
Lotar fir Ereann ar ccúla fodheas dar Sliabh Fuait ar
fud Tíre Eoghain agus Conaill, dar Eassruaidh i ccoinne a
ccobhlaigh muiride, agus ro iodhnaic Ua Conchobhair
tigherna Deasmhumhan, co na sochraide dar Tuadhmhumhain fo
dheas go hAine cliach go
sédaibh agus mainibh iomdha leó.
Tainig tra Diarmait Mac Murchadha a Saxaibh co sochraide Gall,
agus ro ghabh ríghe Ua cCeinnsealaigh.
Sluaighedh oile lá Ruaidhri Ua cConchobhair, agus lá
Tighernán Ua Ruairc i nUibh cCeinnsealaigh, go rangattar
Ceall Osnadh. Fearthar deabhaidh eittir
droing do glaslaith, agus do marcshluagh Connacht, agus
marcshluagh Ua cCeindsealaigh, agus
torcrator feisiur do Chonnachtaibh im Domhnall mac
Taidhg mic Maoilruanaidh isin céd ruaig. Do rochrattar din,


L. 1166


don ruaicc ele tanaisi lá Tighernán Ua Ruairc cuiger ar fichit
do Uíbh Ceindsealaigh im mac rígh Bretan,
agus bá hesidhe tuir chatha insi
Bretan, tainic tar muir hí sochraide mic Murchadha. Táinic
iaramh Diarmaid Mac Murchadha go hUa cConcobhair, co ttaratt
secht mbraighde dhó dar cenn déc ttriuca chéd dá fleiscclámha
fodéisin, agus céd uinge dhór do Thighernan Ua Ruairc ina eineach.
Dearbhail inghen Donnchaidh Uí Maoilsechlainn, decc i
cCluain mic Nóis iar mbuaidh ttiomna agus ccoibhsean.
Uada Ua Conchenainn, tigherna Ua nDiarmada
cédus, dég iaromh i cclércecht i cCluain mic Nóis.
Teampall Cailleach Cluana mic Nóis do forbadh
lá Dearbforgaill inghen Murchadha Ui Maoilsechlainn.
Fabhar Fechine, Ail finn, agus Biorra do losccadh.
Muireadhach, mac Mic Cana, do mharbhadh la
macaibh Uí Lochlainn.
Teampall do dhénamh i cCluain mic Nóis i nionadh an
dearthaighe lá Conchobhar Ua cCeallaigh, agus lá hUíbh Maine.



Aois Críost, míle cétt seasccat a hocht.
Flannagán Ua Dubhthaigh, epscop agus ard shaoi na nGaoidheal
i lleighind, hi senchus, agus i nairchetal, agus in gach
aicniudh atces do dhuine ina aimsir, décc i leabaidh
Muiredhaigh Uí Dhubthaigh i cCunga.
Macraith Ua Móráin .i. epscop fer mBreifne, mac Dalta
Uí Dhúnáin décc i nArdachadh Epscoip Mél isin treas bhliadhain
ochtmoghat a aoisi. An tepscop Ua Cearbhaill,
epscop Ruis ailithir, do écc.
Murchadh Ua Muiredhaigh, airdeagnaidh coiccidh Connacht, agus
uasal shacart, Maolpattraicc Ua Callada, comharba
Cronáin Rossa Cré, an saccart mór
Ua Mongachain, comharba Molaisi Daimhinsi,
agus Gallbhrat, mac duairic Uí Thadhgáin, sagart
mor Cluana mic Nois, décc.
Muirchertach, mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain,


L. 1168


rí Mumhan, agus rioghdhamhna Ereann (mac mathar do
Ruaidhri Ua Conchobhair eisidhe) do mharbhadh lá mac mic
Chonchobair Ui Bhriain, agus a mharbhadh
féin fo chedóir co na lucht coccair
lá hUa fFaeláin tighearna na nDeisi Mumhan, agus bá do
Ruaidhri Ua cConcobhair do roine siumh an
gniomh hishin. Ro marbhadh fo chédóir mac mic
Conchobhair ina dhíoghail lá Diarmait fFind, agus lá
hUa fFaoláin, agus secht meic thoiseach co na muinteroibh.
Righe Mumhan do ghabháil do Domhnall, mac
Toirrdhealbhaigh Uí Briain dar éisi Muircheartaigh, a bhráthar.
Murchadh Ua Findalláin, tigherna Dealbhna móiri, do
mharbhadh lá Diarmaid mac Donnchadha Uí Maoilseachlainn i
ndíoghail a athar tar comairge chóigeadh Connacht agus Airghiall.
Enda mac Murchadha, rioghdhamhna Laighen, do dhalladh
lá hUa nGiollapháttraic .i. Donnchadh, tigherna Osraighe.
Coinne lá Ruaidhri Ua cConcobhair, lá rígh
Ereann go ccóigeadh Condacht uile, agus lá
Tighernán Ua Ruairc, tigherna Breifne,
agus lá Dondchadh Ua cCearbhaill, co nAirghiallaibh oc Ochaind, do
chuingid a neinigh ar Dhiarmaid Ua Maoilsheachlainn, agus ar feraibh
Mídhe ar marbhadh Uí Findalláin leó dar comairge choigidh Connacht
agus Airghiall. Do radsad ámh, fir Mídhe co na
rígh ocht ccéd bó ina nEineach
dóibh, agus eraic oile do Delbhna. Aonach Taillten imorro
do dhénamh lá rígh Ereann, agus lá Leth Chuinn don cur sin agus ro
lethsett a ngraifne agus a marcsluagh ó Mullach aidi go Mullach taiten.
Diarmaid Ua Maoileachlainn do aithrioghadh lá hAirther Mídhe
a níoc na mbó rémhráite.
Maidhm atha an chomair occ Druim Criaaigh ria nUa Maolsechlainn
co nIarthar Míde for cath Tuath Luighne, dú hi ttorchrattar sochaidhe
im mac Gairbhféth Uí Sirtén do Ghailengaibh, agus ro
marbhadh Conchobhar mac Mic Carrghamhna ann i
friothghuin an mhadhma. Dubhchobhlaigh, inghen Uí Chuinn,
ben Mic Carrgamhna, décc iar mbuaidh


L. 1170


ongtha agus aithrighe, agus a hadhnacal i nInis Clothrann.
Donnchadh Ua Cearbhaill, tighearna Airghiall, tuile ordáin agus oirechais
tuaisceirt Ereann, décc iar na lettradh do thuaigh dfhior dia
muintir fein .i. Ua Duibhne, do Cenel Eoghain, iar mbuaidh ongtha,
agus aithrighe, agus iar ttiodhnacal trí ccéd unga dór ar
sheirc an choimdhe do cleirchibh, agus eccailsibh.
Sluaighedh lá Ruaidhri Ua cConcobhair, agus lá
Tighernán Ua Ruairc, co hAine Cliach, go ttartsat braighde, agus
ro randsat Mumha i ndó eitir Mac Corbmaic Még Carthaigh,
agus Domhnall mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain, agus
do radadh dá fhichit décc bó fo thrí in eneclann Muirchertaigh Ui Bhriain
lá Desmhumhain do Ruaidhri Ua Conchobhair.
Conchobhar Leth dhearg, mac Maoilseachlainn
Uí Choncobhair, tighearna Corcomodhruadh, do marbhadh lá mac a
bhráthar. Domhnall Ua Slébhin árd ollamh Oirghiall,
dég. Amhlaoibh Mac Innaighneorach, ard ollamh Ereann i
ccruitirecht, décc. Dubhcobhlach, inghen mic
Taidhg .i. Maoileachlainn Ui Mhaoilruanaidh, ben
Toirrdhealbhaigh, rí Connacht, dég. Maithe Cenél Eóghain,
agus comarba Doire, do thocht hi teach
Ruaidhri Uí Chonchobhair, rí Ereann co hAth Luain,
agus rucsat ór agus édach agus bú iomdha leó dia tticchibh.



Aois Críost, mile céd seasccat a naoi.
Conghalach Ua Tomaltaigh, uasal shaccart, agus airdfherleighinn
Cluana mic Nóis agus saoi egna na nGaoidheal, décc.
Magh eó na Saxan co na recclés, Fabhar Fhechine, agus
Doimhliag Chianáin do loscadh.
As í so bliadhain hi ttaratt Ruaidhri Ua Concobhair, rí Ereann,
dech mbú gacha bliadhna uadha féin, agus ó gach rígh ina
dheaghaidh co bráth dfhior leighind Arda Macha i nonóir
Pháttraicc ar leighinn do dhénam do


L. 1172


macaibh leighind Ereann agus Alban archena.
Diarmaid Ua Maoilseachlainn, rí Mídhe agus Gall Atha cliath, Ua
Failghe, agus Ua fFaoláin, cend sonusa
agus sobharthain a chinidh, do mharbhadh lá
Domhnall mBreghach, mac Maoileachlainn Crosaigh,
agus lá Donnchadh Ceinnsealach Ua Ceallaigh agus lá feraibh
Bregh. Slóigheadh lá Ruaidhri Ua cConchobhair co
hAth na riach, agus ro ionnarb Domhnall Breghach i ndíoghail an
échta sin, agus ro rann Midhe i ndó, agus tuc an leth airthearach do
Tighernán Ua Ruairc, agus dferaibh Breifne, agus an leath
iartharach dó fein. Brian Slébhe Bladhma, mac
Toirrdhealbaigh Uí Bhriain, rí Mumhan, agus an
dá éle, do dhalladh lá Domhnall mac Toirrdhealbhaigh i mephail.
Ferchair Ua Fallamhain, toiseach Cloinni Uatach,
agus maor Ua Maine, décc iar naithrighe.
Raghnall Ua Maoilmhiadhaigh, toiseach Muintire Eolais,
décc iar naithrighe. Loinges na fFlémendach do thocht a
Saxaibh hi socraide Mec Murchadha .i. Diarmada, do chosnamh righe
Laighen dó. Báttar din, lx laech co lúireachaibh leó.
Sluaighedh fer nEreann lá Ruaidhri Ua cConchobhair, go temhraigh,
agus tángattar maithe thuaisceirt Ereann
ina choinne im Maghnus Ua Eochadha, rí Uladh, agus im
Murchadh cCearbhaill, tigherna Oirghiall,
agus do deachattar assidhe co hAth cliath, agus ro léiccitt ar
ccúla dia ttíribh dorídhisi. Luidh iaromh rí Ereann
Ruaidhri Ua cCloncobhair i Laighnibh, agus
Tighernán Ua Ruairc, tigherna Breifne,
agus Diarmaid Ua Maoileachlainn, rí Temhrach,
agus Goill Atha cliath, hí ccoinne fer Mumhan, Laighen, agus
Osraighe, agus ro chuirset for nemhthní na Flemendaigh,
agus do rad Diarmaid Mac Murchadha a mhac a ngiollnus dUa Chonchobhair.
Ríghe Cenél nEóghain do ghabhail do Conchobhar Ua Lochlainn.


L. 1174


Aois Críost, míle céd seachtmoghatt.
Taisi Chommáin, mic Faolchon do
thabhairt a talmhain do Ghiolla Iarlaithe Ua Carmcaáin, comharba
Commáin, agus scrín do chor iompo lais go ccumhdach óir agus airgid.
Maolruanaidh Ua Ruadháin, epscop Luighne Connacht,
airdshenóir, saoi egna agus crábhaidh,
Maolmórdha Mac Uaireirghe, sruith senóir déshearcach, sonus,
agus saidhbhres Cluana mic Nóis, cend a Chéled Dé, do écc i mí Nouember.
Corbmac Ua Lumluini, ferleighind Cluana ferta Brénainn, iarsma
shuadh Ereann ina aimsir, décc.
Diarmaid Ua Braoin, comharba Commáin,
agus áirdshenóir airthir Connacht, décc i nInis Clothrann iars an
cúicceadh bliadhain nochad a aoisi.
Conchobhar, mac Muirchertaigh Ui Lochlainn, tigherna
Cenél Eóghain, agus ríoghdhamhna Ereann, do marbhadh lá
hAodh mBecc Mac Cana agus do Uibh Caracáin Satharn Cáscc
ar lár trín mhóir i nArd Macha.
Mac Ceallacháin, mac mic Carthaigh, do
mharbhadh lá mac Taidhg Uí Bhriain.
Taillte, inghen Muirchertaigh Uí Mhaoilsechlainn,
ben Domhnaill mic Murchadha Uí Fherghail, taoisech
Muintire Anghaile, décc isin cethrachtmhadh bliadhain a haoisi.
Aindíles, mac Giolla Aonghusa Uí Chlúmháin, ollamh i
filidhecht esidhe, décc.
Domhnall mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain, tigherna
leithe Mumhan, do iompódh ar Ruaidhri Ua cConchobhair, agus
é do dhilsiúghadh ghiall Dhál cCais.
Robert mac Stephni, agus Ricard mac Gillebert .i. Iarla ó Strangbouu
do theacht a Saxaibh i nErind go slógh ndírimhe, agus


L. 1176


go niolar Ridireadh, agus saighdeoraibh hi sochraide Mec Murchadha do
chosnamh Laighen dó, agus do chombuaidhreadh Gaoidheal Ereann
archena, agus do rad mac Murchadha a inghen do Iarla o Strangbouu ar
tocht ina shochraide. Ro ghabhsatt Loch Garman,
agus do dheachattar ar éigin ar Port Láircce, agus ro ghabhsat
mac Gillemaire armand an dúin, agus
Ua Faoláin, tigherna na nDéisi, agus a mhac, agus ro
mharbhsat secht ccéd ainnsidhe.
Domhnall Breaghach Ua Maoileachlainn co
sochaidhibh dferaibh Bregh uime do dhul hi Laighnibh, agus
Donnchadh Ua Ceallaigh, tigherna Bregh, do thuitim la Laighnibh
don chur sin. Sluaighedh lá Ruaidhri Ua cConchobhair, ri Ereann,
agus lá Tighernán Ua Ruairc tigherna Breifne agus lá Murchadh
Ua Cearbhaill, tigherna Oirghiall, ind aires Laighen, agus na
nGall remhraite, agus baoi imnisi chatha etorra frí ré trí
ttráth, gur ro loisg tene do ait Ath cliath, uair ro
thréiccsett Goill an duine Connachtaigh agus Leth Chuinn archena.
Do ronadh miorbhal for Ghallaibh Atha cliath indsin ar ro fheall
Murchadha agus na Saxanaigh forra, agus ro chuirsett a
nár ar lár a ndúine féin, agus ruccsat a ccrodh agus a nionnmas tria
mí chomhall a mbréithre frí feraibh Ereann. Adlaoi uadhaibh
asgall, mac Raghnaill mic Turcaill áirdrí Gall Atha cliath.
Maidhm la mac Corbmaic mic mec Cárthaigh, agus lá Deasmhumain for na
ridireadhaibh ro fagaibhset ag coimhed Phuirt Láirge.
Sluaighedh lá mac Murchadha co na ridireadhaibh hi Midhe
agus i mBreifne, agus ro airgset Cluain Eraird, agus ro loisccsett
Cenannus, agus Cill Taillten, Dubhadh, Sláine, Tuilén, Cell
Scíre, Disirt Chiaráin, agus do ronsat creach iarttáin i tTír mBriúin,
agus ruccsat braitt agus buar iomdha leó do chom a longphoirt.
Braighde Dhiarmada mic Murchadha do mharbhadh lá
Ruaidhri Ua Conchobhair, rí Ereann, occ Athluain,


L. 1178


.i. Conchobhar mac Diarmada, rioghmhacaomh Laighen, agus mac mic
Diarmada .i. mac Domhnaill Chaomhanaigh, agus mac a
chomhalta .i. Ua Caollaighe.
Domhnall Breghach agus Airther Mídhe do iompúdh ar O Ruairc,
agus ar O cConchobhair agus braighde do thabhairt do Mac Murchadha.
Braighde Airthir Midhe do mharbhadh lá Tighernan Ua Ruairc.
Mac mic Faoláin, agus mac Donnchaidh Mic Giollapháttraicc do
ionarbadh lá Mac Murchadha.
Sluaighedh lá mac Murchadha is in mBreifne, agus sraintear for
dreimh dia Mhuintir lá hamhsuibh Tighernain Uí Ruairc, agus do radsat
iarttáin ammus longpuirt fair féin co Laighnibh, Gallaibh, Feraibh
Mídhe, agus co nAirghiallaibh imme, agus torcratar
sochaidhe dhíobh, agus ro fhágaibhset a longphort.
Domhnall Ua Briain agus Dál cCais do iompúdh for Ruaidhri.
Cobhlach dermhair lá Ruaidhri Ua cConchobhair for Sionainn
dionnradh Mumhan. Creach lá hUibh Maine a nUrmhumhain, agus
creach la hIarthar Connacht, i tTuadhmumhain. Ro hindreadh
Urmhumha leó don chur sin, agus ro scaoilset clárdroichet Cille Dalua.
Lorcán Ua hEchtighern do mharbhadh la
macaibh mic Mec Conmara, agus lá hUibh Caisin.
Diarmaid Ua Cuinn, toiseach Cloinne hIfernain, do mharbhadh lá
Cenél Aodha na eEchtghe.
Diarmaid Ua hAinbfeth, tigherna Ua Meth,
agus toiseach marcshluaigh tigherna Oiligh, do mharbhadh for
Inis lacháin lá loinges táinic a hInsibh hOrc.
Creach lá Tighernán Ua Ruairc i nGailengaibh agus
hi Saidhnibh, agus do bert buar iomdha lais.
Creach la hAirghiallaibh hi tTír Bhriúin.
Murchadh Ua Fearghail, tigherna na fForthuath,
do mharbhadh lá hUa Fiachrach, tighearna Ua fFineachlais.
Ruaidhri Mac Aodha, tigherna Cloinne Cosccraigh, décc
ina oilithre i Tuaim dá ghualann.
Gníomh anaithnidh ainiarmartach do dhénamh lá
Maghnus Ua hEochadha, rí Uladh, agus don
manach Amhlaoibh, mac comharba Findén Maighe bile, agus
la hUltaibh archena (cenmótha


L. 1180


Maoilíosa epscop, agus Giolladomanghuirt mac
Corbmaic, comharba Comghaill, agus Maolmartain, comharba
Finnén co na muintir) .i. coimhthionol manach
riaghalta co na nabbadh ro ordaigh
Maolmaodhocc Ua Morghair, legaid comarba Petair, i
Sabhall Pháttraicc do iondarbadh as an
mainistir ro thógaibhseat, agus
ro chumhdaighset féin, agus a nargain go léir
eitir leabhraibh agus aidhmibh ecclastachta, bú, eocha,
agus caorcha, agus na huile ro thionóilset
ó aimsir an légaid remraite go
sin. Mairg tigherna, agus toisigh do roine an gníomh hísin tria
comhairle an tí ro dhichuirset manaigh Droichit átha as an abdhaine
tria na chionnaidh féin. Maircc
tír a ndernadh, acht ni dheachaidh gan indechadh
on ccoimdhe, uair ro marbhait in aoinfhecht la huaithibh námhat
na toisigh do roinne an gníomh sin,
agus ro gonadh an rí, agus ro marbhadh gar becc
iarttain co hainfechtnach isin baile i ndernadh an comhairle
ainffirén hisin .i. i ndún. Dia mairt ro
dí chuireadh an coimhtionol. Dia mairt tra i ccind bliadhna
ro marbhadh maithe Uladh, agus ro gonadh a rí. Dia mairt gar
uair iarttain ro marbhadh é i nDún lá a derbhrathair.



Aois Críost, míle céd sechtmhoghat a haon.
Petrus Ua Mórdha, epscop Cluana ferta Brénainn, manach
cráibhdheach cétus, do bhádhadh isin Sionaind an
27 do December.
Sadhbh, inghen Glúiniairn Mic Murchadha, banchomharba Brighde,
dég iar naithríghe. Cloictheach Telcha áird do losccadh lá
Tighernán


L. 1182


Ua Ruairc co na lán do dhaoinibh ann.
Diarmaid Mac Murchadha, rí Laighen, an
fer las a ndernadh fód crithigh dErinn uile, iar ttochustal Saxan,
agus iar ndenamh ulc Gaoidheal go hiomdha, iar narccain agus
losccadh ceall niolardha, Cenannus, Cluain Eraird, etc, do écc ria
ccind bliadhna do ghalair ettuailngeach anaithnidh, uair ro bhrén
ina bhethaidh tria mhiorbhail Dé, Choluim Chille, agus Findéin,
agus naomh Ereann isa cealla ro sháraigh, agus ro loiscc fecht
riamh, agus i Ferna mhóir atbáth gan tiomna, gan aithrighe, gan
corp criost, gan ongadh, amhail ro thuill a dhrochairilleadh.
Maolcrón mac Giolla Seachnaill tigherna Desceirt Bregh, do écc.
Tailltin, inghen Conchobhair Uí Maoilsechlaind, ben
Iomhair Uí Chathasaigh, tigherna Saithne, dég.
Domhnall, mac mic Ruaidhri Uí Mhaoilmhuaidh, tigherna Fear cCeall,
do mharbhadh lá Muintir Muimhneacha.
Domhnall Ua Fógarta, tigherna Ele déisceirt, do mharbhadh lá
Domhnall mac Donnchadha Osraighe, agus ro chuir ár an dá Ele,
dú i ttorcratar fiche ar tribh cédaibh.
Creach chobhlach lá hUltaibh hí tTír Eóghain, dia ruccsat bú
iomdha leó. Creach lá Niall mac Mec Lachlaind go
cCenél Eóghain i nUltaibh, agus ro
marbhadh sochaidhe leó, agus do bhertsat buar
dirímhe. Braighde Airghiall iaromh do ghabháil lá Niall Ua Lochlainn.
Creach mhór lá Maghnus mac Duinnsleibhe Uí Eochadha co nUlltoibh
i cCúil an tuaisceirt, agus ro airgset Cúil rathain, agus cealla oile,
agus rugsat uathadh beag do Cenél Eoghain forra im
Chonchobhar Ua Chatháin, agus ro feradh iomairecc
etorra, agus ro meabhaidh for Ultoibh, agus torchair fer ar fhichit
do thoiseachaibh, agus do mhacaibh toiseach co sochaidhibh iomdhaibh
oile o Ultaibh, agus ro gonadh Maghnus fein, agus terna as an cathghliaidh
don chur sin. Ro marbhadh iaromh lá a derbhrathair féin,
lá Donnsléibhe, agus lá Giolla Aenghusa


L. 1184


mac Mic Giollaepscoip, rechtaire Manaigh, i nDún, iar ndénamh ulc
iomdha. Creach ar Saithnibh lá
Tighernán Ua Ruairc go bferaibh Breifne. Ro mharbhadh leó
sochaidhe, agus do bhertsat buar iomdha.
Creach oile lá Tighernán i nDesceart Bregh, agus ro marbhadh lais
Giolla Nénáin Mac Lughadha, .i. taoisech Cuircne,
agus Mac Giollaseaclainn (.i. taoiseach Deisceirt Brecch.) Torchair
lá feraibh Mídhe don chur sin Ua Lamhdhuibh.
Domhnall Breghach, tigherna Mídhe, do
thabhairt ghiall do Thighernán Ua Ruairc. Seacht ccreacha do
dhénamh lá hUibh Maine for Urmhumhain ó domhnach na himrime co
domhnach mionchasg. Creach Doimhliag Chianáin do dhénamh lá
ridiredhadh Míli Chocan, agus torchratar aroile dhíobh
arnabhárach lá gallaibh Atha cliath in eineach Chianáin.
Cath Atha cliath eitir Mili Cocan agus Asgall,
.i. mac Racchnaill, rí gall nEreann fecht riamh.
Torcratar a nár cechtarnae a diú, agus anall eitir rideredhaibh
Saxan agus Galla Atha cliath. Do rochair ann Asgall mac
Raghnaill, agus Eoan lochlandach a hInsibh hOrc, co sochaidhibh aile
cenmothát. Sluaighedh lá Ruaidhri Ua cConcobhair, lá
Tighernán Ua Ruairc, agus lá Murchadh Ua Cerbhaill go hAth cliath,
dforbhais ar an Iarla .i. Strangbuu, agus ar Míli Cocan. Baoi trá
deabhaidh agus iomghuin etorra frí ré coicthidhisi. Do chóidh iaromh
O Conchobhair i ccoinni Laighen, agus marcshluagh
fer mBreifne agus Airghiall do bhuain
agus do losccad arbhann na Saxanach. Do deochadar iarttáin
an tIarla agus Mili Cocan co na rideraibh illongport
Leithe Cuinn, ro marbhsat sochaidhe dia ndaosgar shluagh, agus tucsat
a lón, a nedeadh, agus a ccaiplibh.
Maidhm lá mac Corbmaic Még Carthaigh ar Ghallaibh Luimnigh. Ro
marbhadh sochaidhe mhór díobh lais im Foirne mac Giollacaindigh,
agus im Torchair mac Tréni, agus ro loiscc an marccadh, agus leth
an dúine armeadhón. Slóighedh lá Tighernan Ua Ruairc co bferaibh


L. 1186


Breifne doridhisi, agus lá hAirghiallaibh co hAth cliath, agus ro
chuirset deabhaidh frí Míli Cocan co na ridiridhaibh, go raeimidh
for fhearaibh Breifne agus for Airghiallaibh. Do rochair ann
Aedh mac Tighernáin Uí Ruairc, tanaisi Breifne, agus mac mic
Diarmada Ui Chuinn, agus sochaidhe oile immaille friú.
Creach lá dréim do Shíol Muireadhaigh i tTuadhmumhain, agus ro
oirccset Sirtheachán Ua Litiudha,
agus ro mharbhsat é budhdhéin i ccliathaidh.
Creach lá síol nAnmchadha agus lá Muintir Chionaetha
i nEle, agus do bhertsat bú iomdha.
Creach lá mac an Iarla go ro oircc cealla Maighe Laighen agus drong
mhor do Uibh Faoláin. Creach lá hIarthar Connacht,
agus lá dreim do Shíol Muiredhaigh go ro airccset Iarmhumha,
Corcumdruadh, agus tuccsat buar díríme.
Creach la muintir mic an Iarla dia ro
oirccset Cluain Conaire, Galam, agus Lathrach mBriuin.
Inghen Uí Eochadha, ben Murchadha Uí Cearbhaill, tigherna Oirghiall,
décc. Cobhlach Connacht ó Shamhain co Bealtaine for Sionainn,
agus for Loch nDergdherc.
Síth do dhénamh do Dhomhnall Breghach lá Tighernán Ua Ruairc, agus
airther Mídhe do thocht dia thigh. Rí Saxan an
dara Henrí Diuce na Nortmann, agus Aquitaine Iarla Andegauia,
agus tigherna ar morán do thíribh oile,
do thecht in Erinn an bhliadhainsi, dá fichit ar dá chéd líon a
long, agus as ann ro ghabhsat i Portlairge.




L. lv



Epistle Dedicatory



Guidhim Dia im tabhairt gacha haoibhnes do rachadh i les do churp, agus
da anmain dFergal o ghadhra ticcherna
Mhaighe Uí Ghadhra agus chúile o ffind,
aon don dias Ridiredh Parlemente ro toghadh
as condaé Sliccigh co hath cliath an bhliadhain si daois Criost,
1634.



As ní coitchend soilleir fon uile
domhan in gach ionadh i mbí uaisle no
onoir in gach aimsir da ttainicc riamh
diaidh i ndiaidh nach ffuil ní as glórmaire,
agus as airmittnighe onoraighe (ar adhbharaibh iomdha)
ina fios sendachta na senughdar, agus eolas na naireach, agus
na nuasal ro bhádar ann isin aimsir


L. lvi


rempo do thabhairt do chum solais ar
dhaigh co mbeith aithentas, agus eolas ag
gach druing i ndeadhaidh aroile cionnas
do chaithsiot a sinnsir a ré agus a
naimsir, agus cia hairett ro battar i
tticcernas a nduithce, i ndignit, no
i nonoir diaidh i ndiaidh, agus cred i an
oidheadh fuairsiott.



Tanaccsa an brathair bocht durd
.S. Fronseis Michel o clericch (iar
mbeith deich mbliadhna damh acc Sccriobhadh
gach sendachta da bhfuaras ar
naomhaibh na hereann a maille le humhlacht
gach Prouinsiail da raibhe in
erinn a ndiaidh a chele do beith accam)
da bhar lathairsi a uasail A Fherghail uí
Ghadhra. Do bhraithes an bhar nonoir
gur bhadbar truaighe, agus nemhele, doghailsi,
agus dobroin libh (do chum gloire
dé agus onora na hereann) a mhed do
dheachattar sliocht Gaoidhil meic Niuil
fo chiaigh agus dorchadas, gan fios ecca
na oidhedha Naoimh, na bannaoimhe
Airdepscoip, Epscoip, na abbadh, na
uasal graidh eccailsi oile, Righ, na
Ruirigh, tighearna na toisicch, comhaimsir
na coimhsinedh neich dibhsidhe fri
aroile. Do fhoillsighesa daoibhsi gur bhó
doigh lem go ffuighinn cuidiucchadh na
ccroinicighe ar ar mó mhes do chum
leabhair Annaladh do sccríobhadh i ccuirfidhe
i ccuimhne na neithe remraite, agus


L. lvii


do leiccthi ar cáirde gan a Sccriobhadh
do lathair nach ffuighti iad doridhisi
le a fforaithmet, agus le a ccuimhniucchadh
go crich, agus go foircenn an betha. Do
cruinniccheadh lem na leabhair Annáladh
as ferr agus as líonmhaire as mó do beidir
lem dfághail i nerinn uile (biodh
gur dhecair damh a ttecclamadh go haoin ionad)
do chum an leabhairsi do sccriobhadh in
bhar nainmsi, agus in bhar
nonóir óir as ssibh tucc luach saothair
do na croinicidhibh lás ro sccriobhadh é,
agus braithre chonuente duin na ngall
do chaith costas bídh, agus friothailmhe
riú mar an ccedna. Gach maith da
ttiocfa don leabhor sin da thabhairt
solaiss do chach i ccoittchinne as
fribhsi as beirthe a bhuidhe, agus nir chóir
machtnadh, no iongnadh éd no iomthnuth
do beith fa mhaith da ndingenadh sibh, óir
as do shiol Eimhir meic Mileadh gheinsiot
30 righ do rioghaibh ereann, agus a haén
ar thrí fichtibh do naomhaibh; on Tadhg sin
mac Cein mic oilella oluim ór siolsat
a hocht décc do na naomhaibh sin as
eidir do bhreith ó ghlún go glún gus an
tadg cédna. Ro gabhlaighsiot agus ro
aittreabhsat clann an Taidhg sin i
nionadaibh examhla ar fud Ereann .i.


L. lviii


Sliocht Corbmaic Gaileng illuighibh
connacht or gheineabhairsi muintir
gadhra, an dá Ua Eaghra hi cconnachtoibh,
agus o heghra an Rúta, O Cearbhaill
i nEle, agus o Mechair i nuibh Cairín,
o concobhair i cciannachta glinne geimhin.



Do dherbhadh ar bhar ttechtsa on
fhuil uasail sin a dubhramar acc so bhar ngeinealach ...


L. lxi


An dara la fichet do mí Iannuary
anno domini 1632, do ttionsgnadh an
leabhor so i cconueint Dhuin na ngall,
agud do criochnaigheoh isin cconueint
chedna an deachnadh la daugust,
1636. An taonmadh bliadhain decc do
righe ar Righ Carrolus os Saxain,
Frainc, Albain, agus os Eirinn.



Bhar ccara ionmhain,



Brathair Michel O Clerigh.




L. lxiii


Atátt na haithre do Urd .S.
Fronseis chuires a lamha ar so
aga fhiadhnughadh gur ab é Ferghal
ó Gadhra tucc ar an mbrathair
Michel o Clericch na Croinicidhe agus
an taos ealadhna do chruindiughadh
co haoin ionadh las ro sccriobhadh
leabhair oiris agus Annala na hEriond
(an mheitt rob eidir dfaghail le a
sccriobhadh dhiobh) agus gor ab e an Ferghal
cédna tucc loighidheacht dhoibh ar a sccriobhadh.



Atá an leabhar randta ar dhó,
As é ionadh in ro sgriobhadh é ó thus
co deiredh i cconuent brathar Dúin


L. lxiv


na ngall, ar a mbiadh, agus ar a bhfriothailemh.
Do tionnsccnadh agus do sccriobadh
an céid leabhar dhe isin Conuent
chettna an bliadhain si 1632,
an tan ro badh gairdian an tathair Bernardin
ó Cléricch.



As iatt na Croinicidhe, agus an taos
ealadhna do bháttar acc sccriobhadh
an leabhair sin, agus aga theglamadh a
leabhraibh éccsamhla an brathair Míchél ó Clericch,
Muiris mac Torna uí Mhaoilconaire fri ré aoin mhiosa;
Ferfesa mac Lochlaind uí Maoílchonaire,
iaittsidhe ina ndís a contaé Rossa commain,
Cúcoigcriche ó cléricch
a contae Dhúin na ngall, cucoigcriche
ó Duibhgendáin a contae liath droma,
agus conaire ó cléricch a contae Dúin na ngall.



A tiad na seinleabhair ro bhátor
aca, leabhar cluana mic nóis in ro
bhennaigh Naoimhchiarán mac an tsaoír.
Leabhar oiléin na naemh for loch Ribh,
Leabhar Shenaidh mec Maghnussa
for Loch Erne Leabhar chloinne uí


L. lxv


Maoílconaire, Leabhar muintere Duibgendáin
chille Rónáin, agus leabhar oirisen
Leacain meic Firbisicch fríth chuca
iar scriobhadh urmhoir an leabhair, agus
as ro scriobhsatt gach lionmhaireacht
da bhfuairsett (Rangator a
les) nach raibhe is na céitt leabhraibh
bátor aca, ar ní bhaoí i leabhar cluana,
ina fos i leabhar an oiléin acht gus
an mbliadhain si daois ar ttigherna 1227.


L. lxvi


Do tionnsccnadh an dara leabhar
darab tosach an bliadain si 1208, an
bliadhain si daois Criost in ro ba gairdian
an tathair Criostoir ultach
1635, agus do sccríobhadh an chuid oile
dhe go 1608 an ched bliadhain in ro badh
gardian an tathair Bernardin
O Clericch doridhisi. An brathair
Michel O Clérigh a dubhramor, Cúcoicccriche
ó Clérigh agus Conaire ó
Clericch do scriobh an leabhar deidhenach
óthá 1332 go 1608. As iat
na leabhair as ro scriobhsat an triar
remhráite urmhór an leabhair, an leabhar
cetna sin chloinne uí Maoilconaire go
míle cuicc ced a cúig, agus as í sin an
bliadhain deidhenach baoi and, leabhar
na muintire duibhgendán tar a ttangamar
o thá naoí ccéd go míle cúicc
céd Seasccatt a trí, Leabhar Seanaidh
mec Maghnusa ina raibhe co Míle
cuicc céd triochat adó, bladh do
leabhar Chonoiccriche meic Diarmatta
mic Taidhg caimm uí clerigh
on mbliadhain si Míle da chéd, ochtmhoghatt
a haon, co mile cuicc céd
triochatt a Seacht, leabhar Mec
bruaidedha Mhaolín óicc on mbliadhain
si Mile, cúig céd, ochtmoghat a
hocht, go mile Sé chéd a tri, leabhar


L. lxvii


Lughach uí clerigh, ó Mhíle, cuicc
céd, ochtmoghat, a Sé, go Míle, Sé
chéd a dó.



Do chonncamor na leabhair sin uile
ag an aes ealadhna tar a ttangamor
Romhainn agus leabhair oirisen oile nach
iatt ro badh eimhelt dainmniughadh. Do
derbadh gach neth dar scriobhadh annsin
Romainn Ataimne na persanna so
síos ag cor ar lamh ar so hi cconuent
Dhúin na ngall an deachmadh lá do
August, aois Chriost Mile, Se chéd,
triochat a Sé.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services