Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Amhráin Shéamais Mhic Cuarta
Title
Amhráin Shéamais Mhic Cuarta
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas,
Compiler/Editor
Ua Muireadhaigh, Lorcán
Composition Date
1733
Publisher
(Dún Dealgan: Preas Dhún Dealgan, 1925)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AMHRÁIN SHEUMAIS MHIC CHUARTA. Dúithche Chréamhaoin. Is ag an mBóinn do ghlacas gleódh, tráth scar mé le fód Chréamhaoin Fearann tórrthach an Bhárúin Leomhain in aice an óird Ghaedhealaigh, Toirbhir dóibh beannacht fós, má's do bheó Réadhmonn Deich gcéad scór, is gan a bheith i gcór, i gcoinne gach óg-mhaighdion. I gCréamhaoin thíos atá mo dhiaidh amharc séimh fásaigh, Radharc réidh coilleadh 's féir agus uisge tréan támhaill Tá teas o'n ghréin, tuilte ó'n Éirne, a's breic ar léim a snámha Meadhair ghéar chon is gadhar i dtús gach lae ar árd ann.
Rachad suas, glacaim gruaim in aice an chuain Ghaedhealaigh, Fiche sluagh do bheannacht uaim i bhfearann nuadh Chréamhaoin, Is iomdha buaidhreadh ortha 's gruaim ó scar mo chuairt féin léi: Bíonn rabhairt ruag ar labhairt cuach a's ceileabhar suairc ag éanlaith. Is iomda seód annsa' Chloich-Nuadh ag an bhárún óg chráibhtheach Ní lia na ceól a seinnfear dóibh is imirt mheoir ar chlársaigh Deich gcéud córnn suidhte ar bórd líonta de bheóir Spáinneach, Togha gach sórt sack le n-ól a shilfeas leo a's fáilte. Beir beannacht uaim go hÁth-an-Uisge-Fhuair mar a bhfuil na mná uaisle is féile Céad slán don uair ar ghnáth mo chuairt faoí áltáin uaigneach' Chréamhaoin Ó d'árduigheas uatha fa'n Ghálldacht suas, mo cháirde buan gur thréig mé; Bíom lán de'n ghruaim, 'mo sháimh 's mo shuan, smé cráite buaidhirthidh tréithlag. An uimhir éisg an Bhárúin tséimh, is i Loch-na-Séad atá sé, Mar a bhfuil na céadtha d'ealaibh glégeal' ar an abhainn is iad ag snámha;
Ceileabhar éan i mbarraibh géag a's duilleabhar go tréan ag fás ann, Nach truagh don té tá sgaramhuint léi, 's go bhfuighinn sé féin an tsláinte ann? Siomdha búr i gConntae Lúghbhaidh nach seasann clú do chéile, A dhruidfeadh a súile go daingion dlúth, nuair a chífeadh siad chuca mo léithid-se Ní mar sud a cleachtadh damhsa nuair a bhí mé i n-dúithche Chréamhaoin. Acht ól gan diúltadh ar hallaí cúnra, agus clársach chiuin ar théadaibh. Sí dúithche na fáilte, dúithche na sláinte í, dúithche nach ndearnadh díoghbháil, 'Sí an dúithche is fheárr ins na Cúigibh Gallda, dúithche shalmhar shíolmhar, Dúithche na ndán, agus dúil le n-a fághail, dúithche nach dtarlann fiabhrán Nach dubhchroidheach atáim, faoí smúid gach lá, fá'n dún agus áille 'n ghrianáin. Is binn guth loin os cionn na h-uamha i gcoilltibh cnudh na n-éanlaith 'S nach bhfuil ponc den cheól nach seinnfear leó ar bhráinnsíbh óga an Ghrianáin; Budh grinn a nglór i gcionn gach neóin 's ní buan mo bheó dá bhféagmhuis Ag burraibh na Bóinne go cinnte i mbrón, 's mé líonta deórfaidh i bhfiabhrán.
Ar mo thriall 'ann a' dúin 'sann a' ghárrda nuaidh mar bhfuighmuis áirní dubha gus sceach-chaoraí Measa cúnra ar chrannaibh dlútha agus mil go ciuin ar chuiseogaibh; Loin gan smúid a' seinm dúinn i dtús gach lae ar muchóirighe Tá Alt na n-Uan, mo chrádh 's mo chumhaidh! faoí choirce dlúth ag sgológaibh.
Cúirt na Féile. MacCuarta: Ceist agam ort, a Chúirt na Féile, cár ghabh m'fháilte? 'S go bhfaca tú mise in aois gan chéill air thaobh do ráille. Cúirt: What is that you say air an staedhire, nó goidé fáth d'ádhbhair? I cannot understand your Gaelic, agus labhair liom go Gállta. MacCuarta: Níl ach mise tá fiafraidhe sgéil do d'éadan bádhbhdhuin Cá ndeachaidh na Fianna a bhíod dod' ríar, nó meadhair na cláirsighe. Cúirt: Is gníomh gan chéill do-ghnídhidh sibh, Gaedhil, díbh féin an tráth sin A bheith pronnadh bhur gcíos air chaoin na dtéud agus d'a spréidheadh air lucht dántaidh. MacCuarta: Gidh nach fiú píghinn leat caoin na dtéud no réidhteach dántaidh, Do thigidís cléir ó thír ó chéile a léigheadh na páise. Cúirt: Gníomh eile gan chéill bheith maoidheadh bhur gcléir air léigheadh na páise Budh bhinne liom "prayers" do mhíniughadh i mBéurla as Bíobla Gallta. MacCuarta: Is iongnamh sin 's gurab iad ar gcléir-inne a gheillios don bPápa 'S go dtiubhradh siad bráigh as piantaidh daora a léim go Parrthas.
Cúirt: Goidé'n Scrioptúir ann ar léigh tú a léithid sin de rádhmhuill Nó cá h-uair a thug Críosd cumhachta do bhur gcléir a bheith a méudughadh grása? MacCuarta: Annsa chúigeadh caibideal ag Naomh Séam, ma léigh tu san áit sin, Gheobhaidh tú ann sgríobhtha, guidhe na cléire a's óla roimh an mbás ann. Cúirt: Cá fios duit-sa sin a's nach bhfuil agat léis air léighionn nó átharradh 'S go mbíonn tú go cinnte ag innsigh bréug a's go n-éisdeann cách leat. MacCuarta: Gidh nach léur damh líne a léigheadh a mBíobla Gallta Tuigim an Ghaedhilig a's guidhe na cléire, 's do-ghnídhim gnáthas de. Cúirt: An uair nach gcreidionn tú fíor nó bréug uaim, bí mar 'tá tú Nó téigh mar a bhfuil Gaodhail a n-Íochtar Éireann, as fan 'do sclábhuighe. MacCuarta: Sibhse, air éigin, an síol sin a' Bhéurla d'fáig Gaodhail 'na sclábhuighe, A gcíos, a spré, a maoin 'sa n-éadáil - gur libh-se a thábhacht. Cúirt: Le faobhar cloimhthe, le géur-lannaibh, 's le neart lámha A bhainfeamuid cíos is maoin do Ghaodhalaibh, 's geillfear do Ghalltacht.
MacCuarta: Tcífidh sibh a n-Éirinn, aimsir éigin a's béidh gan atharradh; Deir na naoimh 's na fíor-chléirigh go sgriosfar Gálltacht. Cúirt: Gach uair da dtug muinn buaidh air Ghaodhalaibh, bíthear a rádh sin Acht béidh sibh go cinnte faoí n-ar n-géur-smacht, 's cha dtig Spáinnidh. MacCuarta: b'fhada bhí puball Israel san Égipt i mbruid ag Pháró Nó go dtug an t-Athair Síorrthuidh a's Maoise saor iad thríd an lán-mhuir. Cúirt: Cá h-uair a rinne sinn díoghaltas air Ghaodhail mar do rinne Pháró? 'S nar fháig sé aon-mhac míosa gan éug don tsliocht sin Iacób. MacCuarta: Is faide muinne faoí smacht lucht Béarla ná Puball Aáron Air feadh dhá chéud bliadhain in aois ó chéile gan Riaghal chrábhaigh.
An Dara Mairgneadh. Idir dhá thír ma chailltear mé a choidhche Ó'n Chabraigh go taobh Dhún-léire, Tiocfaidh Bartamon Fuighit, seabhac bharraidh na laoch Le corradh agus trí mhíle tréan-fhear.
Ann sa talamh, ma bhíom-sa seachtmhain nó mí Tóigfidh an macnaidh so aríst as an chré mé Béidh mar ealta 'na scaoith ag dul faoí chorp an fhir chaoich Nó go n-aodhlachthar aige gaol Uí Néill mé. Dá n-aodhlachthaoi uaibh-se an uair sin an sean-dall A bhí stuacach, cainnteach, cróin-bhuidhe, Mar a bhfuil Brían suailceach, a chuallaigh 'sa chlann mhac A bhí múirneach grinn le comharsainn Air bhur ndul suas díbh a luaidhtear a n-annsacht A thóigbheail bhur seamsain fóghmhair Tugaidh sibh-se cuairt air m'uaigh 'san am sin Agus gabhaidh bhur manabhas Dómhnaigh. Tá an abhainn-seo a triall ó goineadh an Fear Ríadhach Le Cúchulainn faoi phiantaí gach dócamhuil Is tá an sruth seo síar le h-imeall na sliabh 'Sé mo chumhaidh-sa, a mbliadna, an teóraint. Uch! m'anam-sa ag Día, a's choidhche feasda faoí n-A riaghail 'S mo cholann faoí phiantaí i gcomhnuidhe Tagaidh agus iarraigidh cuideadh 'chur ann m'aodhlachadh Go Roilig na n-Iarlaidh air lóisdin.
Tá tuilte na Bóinne teacht chugainn 'na sroithte Agus bheirfidh an Rígh glórmhar bás duinn Gheobhaidh sibh m'iomchur air chróchar, agus cuideadh ann mo thórraidh Ó Sheabhac bharraidh chródha an bháire. Tcídhfidh sibh na slóighte teacht 'mo choinne-sa, dar ndóigh, Go n-iomcharaidh siad cual do mo chnámha 'S go dtóighfidh mé mo lóisdin in aice Néill óig 'S béidh Ruaidhrigh 's a chóir-bhean láimh liom. Bhéarfaidh me an chuairt seo suas thríd annsacht Go bruach deas sgiamhach na Bóinne Mar a bhfuil na buachaillidhe a shuathfadh gan fhallsacht, Tuataidh bhur dteannfachais pónair. Tabhair na mílte beannacht uaim-se mar bhfuil slóighte na h-annsacht'. A d'fuasglochadh an Dall as a dhócamhal Mar bhfuil fuil Néill air uaisle fá bhailte Theamhrach thuas A fuair buaidhe air bhanntracht na Fodla. Suas a's anuas béidh mo chuairt fhéin feasta Ó buaileadh bhur measg mé, a chomharsainn, Ó cuireadh ann san uaigh mo chuallaidh a dtaisgidh Tá mo chroidhe bocht loiscthe leonta.
Ag osnaidh gach uair air uaigh mo ghaisgídh A's nach truagh libh mé feasta a chomharsainn, A dtuirse faoí ghruaim ó fuair mé 'n deasgaidh, 'S tá Ruaidhrigh air m'easbhuigh a gcomhnuidhe. Tá mé lag claoidhte caithte ag an aois, Agus fearanntaigh mo chroidhe 'stoigh brónach Gé gur chaith mé fá aoibh seal tamaill ann bhur dtír Le gach duine ud da'r mhian leis mo chómhradh. Mo cháirde gur h-aodhlachadh a bhfeartaibh uaim thíos Faoí leacaibh le taobh na Bóinne, A's tá mé gan mhaoin a's gan charaid ann sa tír Acht cuidigheadh gach aon don chómharsain.
Sgannradh an Daill. A dhaoine, nach truagh libh mé 'mo thruall bocht ag éagcaoin, Ta mé 'nocht fuigh ghruaim 's gan m'fhuasgailt ag áonneach Fá na hocht ngeinidh dhéag do bhí me a chúdach Gur fúaideadh go léir iad ó'n gcréatur gan súile. Gé bé neach a rinnidh mo dhíoghbháil, nó chuir na daoine le chéile Nó shalaigh Lios-Caomhan, Dia dílis na dhiaigh air; Mallacht na naomh air, 's lom-díoghbháil a chéille air Go n-aidmheochaidh sé na gníomhartha-sa a bhfíoghnaise fhearaibh Éirionn. Gé bé d'fhuadaigh mo stór uaim, no mo lón a gcuinne an tsamhraidh, Go mbudh bliadhain fhada faoí bhrón é, 'sé deórfaid le h-amhgar, An námhuid go raibh 'sa tóir air, idir bóirthidh a's gleanntáin Gan fhurtacht gan fhoirint 'sgo ndóitear gach ball de.
Ce bé d'fhuadaigh mo spré uaim, 's gan léurs ann mo shúile Cuiriom cách 'sa "Ratreat" 'siad a réiteach mo chúrsaidh; An Trionóid a's an Mhaighdion le chéile go dtugaidh cúl dó, An t-Iúdas bradach breugach, scrios a's léun air a dhúblaigh. Cé bé d'fáig anocht gan bhíadh me 'smé i bpíanaid go cinnte 'S nach bhféadaim a dhol da iarraidh gan síapach a bheith ann mo cheann-sa Ce bé d'fáig anocht faoi chían me, cuiriom Dia in a dhiaigh go cinnte 'S nar fháigidh sé an bhliadhain so go n-imtheochaidh a chiall uath 'sa chuimhne. Cuiriom leis sgrios agus amhgar Pálsaidh 'gus múchadh, Air a chroidhe ann a chliabh sgallta d'fáig an dall bocht gan súile, An éiric a chlampair a rinnidh an fealltóir go tútach Go dtagaidh Iúdas d'a cheannsughadh 's d'a phleancáil le suístigh. Lá an bhreitheamhnais béidh na slóighte ag Ríogh an Dómhnaigh d'a gcunntas Is cídfigh tú Mac na hÓighe ag roinnt glóir' air a mhuinntir; Béidh tú do dheóraidhe 's béidh tóir ag na hAingle ort; Cha leigionn siad d'a gcóir thú, as lón bocht an Daill leat.
A Chaoin Róis. A Chaoin Róis 'Sé d'aon phóg A d'fág pian mhór Agus creapaill ann mo chlíabh 'S gurab é d'aon ró-shearc Is buan beó-lag Gach aon óigfhear Da'r thathuig tú riamh. Is baoghal dóibh A dhul faoí 'na fhód Muna bhfuighid fóirinth Ó ainnir na gciabh 'S béidh naoí sgór díobh A gcaol-chómhraidh Agus trí tórsaidh Dhul bealach Áth' Cliath.
Ta sgaoith chuachach Mar líon na dhualaibh De'n dlaoith is uaisle Da'r fhas thríd cheann Air níghin an ghruagaidh D'fhág claoidhte buairthidh mé 'S gan faoiseadh uaire agam D'á grádh acht tinn. Má's do dhíobhail uaisle Nach bhfuighinn mo luath léithi A Dhia! nach bhfuair mé í Bheith dailteach liom; Muna bhfuigh' mé fuascailt Ó níghin a stuaim-mhnaoí Béidh cíos air m' uaigh Gan spas 'san chill. A ghrís ghrinn D'fág pian cinn Ann gach aon bhrainnse De'n aicmidh go léir Go bhfuil na trí tuilte De na naoí Nuinnsiúin Agus braon millseacht' D'fhuil cheart Uí Néill Ann do shaoith cheannsuigh, Do shíol prionnsaidh Go mór-chuimseach A borradh ó fhréamh, 'S da bhfuighfeadh m' inntinn Gach nídh dá'r mhían liom 'S tú chuirfinn go Teamhair A phlúir gach scéimh.
A ainnir múinte Nach luidheann smúid ort Acht mar bhíos Lúna Ameasg a cuid reult 'S go bhfuil gach dlaoigh úr-chasta, Air lí an driúict leat Agus naoí n-úrfhuilt Ann gach alt le méin. Ma's críoch damhsa Gach nídh adubhras Is gníomh díthmhúinte Don té shamhlochadh gur bréug, 'S gurab é críoch úghdair Na dtrí gcúigeadh Gur síol dúthchais Treise bheith le Gaodhail.
Clann Chlement Bhéilghrinn. Atá ceathrar éachtach de sgoith na dtréunfhear, Siúd Brían an chéad-fhear de'n aicme, an leomhan, A's Roibeart réimeamhuil ar gealladh an séun dó, Le toil Mhic Dé, nach mbíonn air easfaidh óir. An Caiptín Éadhmonn a chleacht na réugain 'S fuair rabhradh léighinn ós cionn ghaisgidh an tslóigh, Dá dteagadh an méid sin a chosnadh Gaedhealtacht' Budh tapaidh tréitheach na 'naice Sheóin.
Tá ceathrar óg-mhac ag Clement eolmhar, Ag neartughadh cródhacht' in aice 'n rígh, Nar fhán faoí fhoirneart a dtalamh Fódla Tá faoí smacht gan socamhal go h-athtuirsígh'. Is iomda órd a's bean faoí shról Atá ag guidhe leó theacht arís Le neart na slóighte 's gach fear 'na Chóirnéal Chum an bhaile bóchna a chleacht na laoch. Tá na curaidh buadh-neartmhair 'na gcinn ar shluaightibh, De aicme chruaidh-mheasta Mhílidh 'n áigh, De'n chineal uachtarach ar ghnáth bheith buadhach A gcathaibh cruadhlann a gCríochaib Fáil Brian an Buacach, mac Chlement uasail Nach ngabhadh duais ó lucht ceaptha Gaedheal Acht thug a ruaig uainn soir, mo thruaighe! Gan aon 'na chuainne a bheith 'na dhéidh. An Caiptín Éudhmonn a scabadh séuda A gCúige Laighean mar badh dual d'a ghaol, An seabhach féadhmach a chuaidh as Éirinn Ag árdughadh céimeann gan ceasnadh baoghail. Tá loingeas gléusta faoí bhratachaibh dhaora A's ógáin thréuna ag umhlughadh dó, As caogad spéirbhean a ghlacfadh mar raedhín é Seach gach tréunfhear air thalamh beo.
Mo Roibeart bán deas na gcuachann fáingheach, An t-óigfhear áluinn rug buaidh gach réim, An curadh ághamhuil nar chrom don Ghalltacht Acht ghluais thar sáile ag árdughadh céim'. Go dtigeadh an lá sin a mbéidh basa 'náirde A's seinm cláirseach fá Dhómhnach-Mór Ag cur feara fáilte roimh mo pháiste A's fíon na Spáinne 'ga scabadh 's beóir! Tá'n marcach stéudmhar sin, Seón na féile, 'Na Chóirnéal éuchtach le taobh an rígh, Tá iomad séud air a bhrollach ghléigeal Noch do thuill a éifeacht a's é 'gcóigcrích. Má's dual aon fhaoiseadh ó ghlasaibh daora Do'n chineal Ghaedhealach fá dheóigh arís Béidh an ceathrar tréun-churadh, clann Chlement Bhéilghrinn Ag gabháil géille ó Ghallaibh 'stír.
Bríghid Nic Dhómhnaill. A Bhríghid óg na gciabh, do chuimrighe air Dhia, Réidhtigh damh an bealach a's na leig mé i bpían; Nó rachaidh mé fó'n tsliabh mar gcomhnuigheann an fiadh, Ag déanamh leannduibh leis na gleanntaí mar's leat a chaill mé mo chiall. Tá grádh agam air mhnaoí acht chráidh sí mo chroidhe, Is binne liom naoí n-uaire i ná'n chuach air an chraoibh, Nó ná londubh an bhéil bhuidhe, ná'n cheirseach le n-a thaoibh, Sí an smóilin binn breugach a ghéur-loit mo chroidhe. Shiubhal mé go leór acht cha shiubhlaim níos mó, Ó Cháirlinn go Droichead a's go geaftaí 'n Toighe Mhóir Acht siubhalfhaidh mé 'n ród leis an chailin bheag óg A dheanfas an t-aran 's bhearfas damhsa póg. Cha phósaim go deóigh bean síoda nó sróill, Búclaí geala airgid agus fáinní buidhe óir; Chan leóbhtha 'tá mo dhóigh acht leat-sa, a mhíle stór, Siúr don Iarla Antruim agus plannda an Pháil Mhóir.
Beartamhain A'l Chraoibh. Sásta nach mbíom go dtráchtfaidh me aríst Air mo sgáine deas coin-bhuachaill, An spárnaidh ud do bhí mar Pháiris mhac Phrí A thug báinríoghan ó'n Rígh búadhach. Tá do mháthair ag caoí, a's do dheirbhshuir 'na luighe A's d'athair air shlíghe bhuartha Fá Bheartaigh geal úr a bheith d'a shíneadh anns an úir A gCillanaigh 's gan dúil le'n éirigh. Níl bláth deas nó duilleabhar fá na haltaibh gan mhilleadh "Bhálnuts" nó crannaibh úbhlaidh Fiú'n íasc a bhí san linn nar éug le do linn, Atá éanlaith na coilleadh ag cruaidh-ghol; Is fíor é go deimhin nac mbréugnuighthear an chinneamhuin, Ann sa cré go mbéidh sinn curtha dúnta Béidh mé féin ann mar dhuine, mo thrí mhíle buile, 'Sa Mhuire nach truagh ár gcúrsaidhe. Nach cuimhneach leat mar bhí Beartaidh A'l Chraoibh 'Na thréanfhear i dtús óige, Agus óigmhná na críche ag éagcaoin d'a dhíth Ó Chréamhaoin go bruach Bóinne.
Dá bhfuighinn mar gift ó'n Rí cead glaodhadh air gan sgíth, Mar Lasarus do dheanfainn beó é, Acht a chladhaire atá do luighe, go das nach néirgheann tú do shuidhe. As MacCuarta ag deanamh ceóil duit. Tá lán do dhaoine uaisle chois na hAnaidh so thúas A bheirfeadh beatha-uisge dúinn mar luach saothair; Spéiseamhail budh dual do Shéumas MhacCuarta An file ceart suairc saoitheamhail. Cha ghoireann siad, na cuacha, i gCillanaidh le gruaim Ó fáigead ann sa tuamba sínte é, Cha dtig, a's cha dual, a's chan fheicthear go lá'n luain Beartaidh air a chuairt míosa. Óganaigh ó Lúghmhaighe! choidhche bheirim duit-sa an cliú Feasta go mbudh thú an sparnaidh; 'Sgur minic do dhúil go Cillin-a'-chúil. Mar a bhí Maghnus an laoch laidir. Tá an ghealach faoí smúid, 'san ghrian a gculaith chúmhaidh A's Eclipse air Lúna tarruingte Ó chuaidh sé san úir, mo Bheartaidh geal úr A choidhche feasta, níl dúil fághail air. A gCillanaigh, mo bhrón, sínte tá an leóghan 'Sé thóigfeadh gach tuirse díomsa; Rún croidhe ghach óigmhná is milse póg Do phlannda de'n bpor braoilleán.
Réir mar léightear ann sa Bhíobla, is na hAbstail go fíor, A's na h-eaglais, air an tsaoghal seo is truagh sinn, Clann Éabha béidh arís o'n chré seo seal 'na suidhe Tráth shéidfeas Micheál an buabhal. An Luinnsigheach Státamhail Sé mo léun géur a's m'amhgar gan Éire thart go h-iomlán Ag géilleadh don Luinnsigheach mar státa: Dá mbéadh, niorbh eagal liom bheith ngéibhionn faoí anró, Bhéinn m'Agent gan mhoill air an áit-seo. Gheobhainn léighse is fód sealbha air na mílte acra talaimh Ó Shléibhte Dhúndealgan go Cáirlinn 'S aige Droichead a chois fairrge cead meadair agus sealga Agus aer air choillte bréag' fásaigh.
Tá stuaim agus inntleacht ins an Ghruagach nar innsigh mé, 'Sis luaimneach mar sheinnfeadh sé air théadaibh, Níl Joiner nó Millwright, ó Éirne go h-Aontruim Nach mbuailfeadh sé dall air an mhéid sin. Dheanfadh se bád a's luing a rachadh amach air thuinn, Bhearfadh slán iad gan chontabhairt go hÉirinn 'San tráth bhíodh sé ann goidé'n fáth damh bheith ag cainnt air, Badh á ailleacán cuimseach na maighdean. Thig rabhairt ann san gheimhreadh air iasg anns na linnte Ag triall air an Luinnsigheach ó'n Éirne, Agus eunlaith na gcoillte go béilbhinn thart timchioll Ag deanamh pléisiúir dó in aimsir gach féile; Go leor do lucht striongán dá mbudh eól uaim a n-innsigh, A deanamh eolais go cinnte air a théaghlach 'S gurb é a phócaidh bhearfadh cunntas air mhorán d'a n-dearbhuighim, Is tá ór-chiste aige pronntóir na seuda. Is go deóigh nach ndeanaim dearmad do Bhríghid óg na ndearg- ghruaidh, A caoin-leaca leanabaidh' dá réir sin, 'S gur míne ná'n Cambric gach dlaoith chasta chuirlinneach Síos mar a n-Eomra léithe spréighte. Tá caol-chum seang aicí, 'sa caol-mhalaidhe gann' Beul tanaidh mall-fhoclach céillidhe 'Sa céadfaidh uilig da roinn mar glégheal-shneachta gheimhridh, 'Sa brághaid mar an eala air an Éirne.
Agalladh idir Shéumas Mac Chuarta agus Chaisleán na Glasdromainn. MacCuarta: A shean-chloch uasal goidé an súan-sa air dháimh do thíre Nach air ghoir fúadhachus fá do bhrat uachtar, sgáth do dhídean. Caisleán: Tá mo lucht trúaighe sínte a t-túambaibh, mo ádhbhar caointe A choisgfeadh m' fhuacht 's do chuingbheadh súbhailce a lár mo bhruighne. MacCuarta: Cá'r ghabh na cúacha, bhéidheadh dá lúasgadh ó lámhaibh laochraidh Nach ndeanfadh súaimhneas, gan a bheith súas a ndáil an fhíona. Caisleán: D'imthigh m'uaisle ameasg na slúagh go Párrthas naomhtha Ag a mbéidheadh cúacha a's coirnn dá ruagadh, gáir gan íota.
MacCuarta: A Chaisleáin úagnídh, an tusa rinne uabhar, cathair na Traoidhthe Fá'r baineadh núas do cheann 's gan fuagra d'fhághail do thíortha. Caisleán: Cailleadh mo chuainne a's theastaigh úaim mo ghárda Ríoguin Ag a mbíodh cruadh-ghol, fá mo bhrat úachtar, do fhághail fám' íochtar. MacCuarta: A shean-chloch shúathnaidh, fá a mbíodh slúaighte, ag airmhéad cíosa Cia hiad a lucht fúatha le'r baineadh an uair sin, an sgath sin díotsa. Caisleán: Cuid de mo thúairgnibh catha da ccnuasfaidh d'fhearaibh mo ghaolta Do nocht mo ghuaille a n-aimsir fúaicht chum mearbhdáil máoine. MacCuarta: Cía haca do uaisle na h-Eamhna ó thuaith nó Teamhra taobhghil? Ainmníghidh uait, cia'n dream lé'r luaidheadh an argain chéadna. Caisleán: An fear a chóir m'fhúasgailt 's nach ar thuill m'uaisle, fearg na díombaidh 'S nach measaim go luaidhfeadh an tseilbh ó air ghlúais sé ceilg na díth dhomh.
Caisleán: Acht is beag a díth agus a dúath agus an dochar domhsa féin an argain chéadna agus an t-imdheargadh dheighionach sin a fuair mo choluinn chláoidhte chaithte, a ndeireadh
m'aoise agus m'aimsire d'fhoillsiughadh agus do ainmniughadh daoibhse; tá na liacht tar agus tarcuisne dá'r fhulaing mesi ó lá Sir Heanruidh Uí Néill agus a mhac Toirdhealbhach, mhac Sir Éanruidh mhic Fheidhlime Ruaidh mhic Áirt mhic Aodh' mhic Éoghain, Mhic Néill óig, mhic Néill mhóir, mhic Aodh' mhic Dhomhnaill, mhic Bhriain-Chatha-an-Dúin le'r tóigeadh mise go fada fionn-aolta, ó ghríanan go grinneal na talmhan. Ché hiomdha éachtranaidh agus allmhuireadh a chodail fuigh mo dhíon agus fuigh mo dhíonsgath-sa ó'n amsin, gus an t-amsa, níor lúadh agus níor lámh aon díobh sin mo tholladh ná mo thraothadh, nó go dtainic bráinnsi do shaor-chlannaibh na fíneamhna, ó'r fhás mo ríoghraidh-si féin, mar atá Pádruic Ó Murchadha, duine úasal áirthigh atá air shliocht Bheirnn Mhic Fearghail, mhic Máola-dúin mhic Máola Fríthridh, mhic Aodha Úiriodhnach, mhic Dhómhnaill Ilchealgaigh mhic Mhuirceartigh mhic Mhuireadhaigh, mhic Eoghuin mhic Néill-Naói-ngialladh gur thuargain agus gur thrasgair go lár agus go lán-talmhain 'mo bhladhaibh beaga, béal-sgaoilte mesi chum méadughadh máoine agus mionairgit dó fhéin ann san am fá bhfuair sé mesi mo bhainntreabhaidh anbhfann éitreórach, gan chloinn, gan chéile, gan chléir, gan chonach, gan ríoghraidh nó rígh-mhná do mo dhídean, gan úaisle, nó árd-oireacht do mo chosnamh, gan mhaicnidh gan bhandáil do mo mheidhreadh, gan chíos, gan chíontíre gan chuirm ná chómhál dá chaitheadh le sleasaibh mo bhrúighne mar do bhí anallód, gan aóis chiúil, oirfide ná ealaidhne, do mo chealgadh, gan ollamhuin ná saóith le sír-sheanchas do mo ghríseadh, ná do mo shíor-mholadh; gan aon d'fhearaibh an domhain do mo shábháil ná do mo thárrtháil:
Níl tárrtháil damh, ná fúasgailt, trúagh mo dhíoghal sa! Ag so an bás a teacht am chlúasa, buan 'mo luigh-sa!
MacCuarta: Cá'r ghabh na gárrtha a bhíodh fá bhúaidh, le sluaigh do bhruighne? Nó an maireann na gárdaigh a chuirfeadh uait, le lúach an fhíona? Caisleán: Féuch! a ccnámha, atáid, mo-nuair! na ccúala críona Fir na dtáinte, do bheireadh duais air dhúain do dhráoithibh. MacCuarta: A Chaisleáin áluinn, gídh táir búairthe, grúama, cláoidhte, Is iomdha ár lé'r fanadh suas thú, ag gabháil na gáoithe? Caisleán: Dá maireadh a láthair, mo mhaith, mo uaisle, mór-shliocht Aodh-sa Budh mhairg lámh, le leagfaidhe 'nuas, de mo ghúaille an t-aol-sa. MacCuarta: Éighthe sáraigh, do ghnídh tú úait air úaisle ríoghraidh Tar éis a mbáis sa mbasgadh 'núaigh go luain gan éiríghe. Caisleán: Sé sin a fáth fa nguiliom a n-úaigneas, crúacha cáointe! Gan neach air fághail anois, dá 'r n-uaisle, a n-guais mo sgaoilte. MacCuarta: A Chaisleáin áird, dá ccluinfídhe h-úaill-ghol, uair, do b'iongnadh
B'iomdha gárrtha, bosa ag bualadh agus rosg ag líonadh. Caisleán: Gé táimse ársaidhe 's go bhfuil mo bhrúacha anúas dá spíonadh Acht muna b'é bás shliocht Fheidhlime Rúaidh, budh bhúan mo shaoghal-sa. MacCuarta: Gídh táir sgáinte 's go bhfuil do ghúaille crúaidhe críonadh Bhí tú lá gan easbhfuigh slúagh a's do ghrúaidhe air n-áolughadh.
Ní shé fionnáolughadh do ghrúaidhe, ná áille do ghealchuirp do thráothughadh nó do theannughadh, is cas dócamhuil ná doilghíosa, doláis na dubhróin, tuirse na trom-ghola, éagnaidh ná árd-osnaidh do úaisle, do mhaicne ná do bhanndala, do chródhacht do mharcshlúaigh, ná do mhór-oireacht, mur atáid treibh uasal oireadha Oilliolla mhic Eóghain mhic Néill Naoí-Ghiallaidh, dá ngoirthear Muintir Choinne; agus cuid eile de do chraobhaibh choimhneasa cineail féin air lorg tShéaghain Uí Néill da ngoirthear díobhtha Clann tSéaghain; géaga fíor-leathna fíneamhna de do chrannaibh; mar an ccéadna, sliocht Árdghuil Mhóir Mhic Mhathghamhna da n-ainmníghthear úatha clann Árdghail, is iad so na trí dronga díana dasachtach, do-éadrana, a bhíodh ag cungnamh agus ag coimhdheachta an úir-thimchioll do ríoghraidh ann gach conair inna ngabhaidís, dá nanacol air inghream agus air an fhórlan éachtranaidh, gach neach a mhaireas dá n-íarsma ná dá níadhanaibh so atáid a rosg ag ró-shileadh agus a mbosa ag basg-bhúaladh, agus a ccroidhe créachtach cróbhlíontach ag caoineadh do ríoghraidh-sa agus do ríoghmhná nach maireann. Agus ag caoineadh mar a d'imthigh
a neart agus a ccúl-dhídean uatha féin agus nach dtig leo furtacht ná fóirighinn a thabhairt duitse ó lámhaibh na ndaoí neamhcharthannach atá ag do bhriseadh agus ag do bhúan-réubadh; níor cheist leó mur an ccéadna do theasgadh ná do thóirneamh le Turcaigh ná le Tiaránaigh as an Aifrica Aisia, ná America acht bráinnse do sháor-chrannaibh tórrthamhla tuinneamhla na Teamhrach féin a bheith ag do dhibirt agus ag do dhíthcheannadh ann san am a bhfúaradar cúmhachta ós do cheann agus lámh a n-úachtair.
MacCuarta: Lámh an úachtar a bpáirt na núadh-Ghall is ortsa díoghaladh, Báidh na húaisle a d'fhág do ghúaille is olc do ríomhadh. Caisleán: Is iomdha cúaine theastaigh uaim budh teasgaidh tíortha, A bhriseadh sluaighte sa chreachadh buailte a n-geall mo sgaoilte. MacCuarta: Muna tteasdúighionn uait acht sliocht Cholla Úais ón cceann sin shíos díot Clann Dómhnaill úasail ainmnigh' shúathnaidh, mheanmnaigh Mhílidh. Caisleán: Rígh Óirthíor úaim, budh léor a chrúas ann aimsir bráoine Mo leóghan úasal, mo chrann búadha, mo chornn fíona.
MacCuarta: Comharsainn uait, gan comháirmhadh súas, bhí ccómhair do ríoghraidh Is budh leo an bhúaidh ó Bhóinn anúas go bórd Easchraoibhe. Caisleán: Mac Mhathghamhna úaim Maguidhir na ccúach, mo lón, mo láochraigh, Budh leo an bhúaidh, ó bhórd Uí Rúairc go teoraint Maoile. MacCuarta: Budh teann do ghúaille a n-am na ruaga, sean shliocht Íre Ansacht bhúan na ndrong sna ndrúadh thug geall gach tíre. Caisleán: Rígh Easa-Ruadh a fúair cómharthadh búaidh ó'r bpátrún náomhtha, Ó Dochartaidh úaim, Mac Suibhne na tTúagh a's Clann Uí Báoilte. MacCuarta: Ó Raghallaigh, Ó Ruairc na Breifne uait, a's Ó Cathain an fhíona, A's Ó Donnghaile an tslúaigh budh tonnghail a tuargain lann le bíothbhaidh.
Ceithre Ráithche na Bliadna. Tá an Fóghmhar d'ar dtréigbheál, cúl feasta le féile, 'S gan orrainn a chasbháil acht fearthainne 's fuacht, 'San Gheimhreadh maol féithleach ag teacht chugainn 'na dhéidh sin, Sé lomas na géaga a's gníonn sé an raithneach ruadh. Chualaidh mé aréir iad 's mo dhá chluais ag éisteacht, Ceithre ráithche na bliadna 's iad in iomrascál chruaidh; Bhí ómáid a's caithréim le tabhairt don té b'fhéile, Acht chan umhlochadh éinne an giofta 'thabhairt uaidh. An Geimhreadh: Ars' an Geimhreadh go teann leis an Earrach go fann "Is tú an searganach seang a lomas ga'n nídh, 'S nach bhfuil tréith-lag nó fann air an tír seo gan roinn Nach gceasnuigheann an fheall atá 'gceart-lár do chroidhe. Lucht plúphtha agus consinsiúin, cuireann a' Mhárt 'na cille iad. 'San t-eallach a bhíonns lag-ghlórthach, feannann sí iad; 'Sa chreachtóir nach teann thú 's gan ded' éachta le h-ársuighe Acht an cré a bhíonns tú a theanntodh, 's ag síor-char a' tsíl."
An Samhradh ag labhairt leis an Earrach: Má's tú a chuireas in am, chan tú a chaithrigheas an plannda, Bheir bláth air chrainn-ubhla nó meas air an chraoibh; Toradh na talamhna a líonas an t-arbhar Bheir cná air na coilltibh nó a'n dadadh mar ghním. Bíonn dealradh na gréine ga'n lá in mo éadan, An lile, an samharclann 'san rós in mo ghruaidh; 'S gur i mbarraí mo ghéaga bhíonns fárus ag éanlaith, 'S le mo linn a thig féar agus bainne chuig na buaibh. Freagra an Earraigh: Nach cumasach stráic'l thusa air an bhláth sin, A sheargas gan spás 'gus a imthigheas le gaoith;; 'S 'a mbéadh ocras air chách cha dteanfadh sé sásamh Pósaidh de'n bhláth a chur chuca 'n-áit bídh. Do sholá'r le ráithche cha bheathochadh sé páisde A' mur' n-íosad sé crág de'n bhiolar nó'n fhraoch A's feasta, na trácht air a'n ómáid 'fhághail Agus peicidh na sráide go bhfágann tú daor. An Geimhreadh: Arsa'n Geimhreadh go h-acfuinn: "Mise 's féile d'a bhfacthas, Is liomsa an ómáid agus umhlaigidh 'n-am; A dtearn sibh do thacar le bliadhain a's do sholá'r Le féile 's le fairs'neacht go scapfainn gan mhoill.
Cha bhím-sa, mar an Earrach, ag ithe neanntóg nó preasaigh, Fear daoirse na bpeicidh 'dtig scairt air ga'n am. Fear faobhrach ag leagan thig i dtír de na measaibh, Ag ithe sméar agus min-ghreadain 's gach ailp d'á bhfuil ann. An t-Earrach: A chraosaire bhréagaigh a bhfuil lasair in d'éadan Le feannadh, le céasadh, le fearthainne 's le fuacht 'S tú mhasluigheas gach éinne dá bhfuil ins an tír seo 'Gus air áilne na gréine go gcuirfeá droch-shnuadh. Chan umhluighim go h-éag le mur ngaisge 's chan éistim 'S mé saothróir an tsaoghail-seo, 'sa chuireas go luath Chan fheil sé faói'n ghréin air bhocht mo léithid fhéin ag teacht 'S gur i mbarraí mo ghéaga a cluintear an chuach. An Fóghmhar: Molaim do ghach aon agaibh umhlughadh damh fhéin, Sé mo urradh-sa is féile 'sis fearamhla gníomh; 'S mé abuigheas gach aon rud dá dtig ins na réaguin, A bhaineas 'na dhéidh sin, 'sa chruinnigheas go dian. 'Mur mbeath' uilig go léir, ibh! is agam atá'n réidhteach Mur sábáil de'n chreachtóir a leigeas le gaoith, Is mé ocaróir an t-saoghail, in mo chiste tá an saidhbhreas, Ómáid chan fhéadaim a thabhairt a choidhch'.
An File: Tá an t-Earrach ag saothrughadh 's ag síor-chur an t-síl, Agus síleann sé fhéin gurab aige tá'n bhuaidh; An Samhradh, mar a gcéadna, ag cathrughadh 'sa líonadh, 'S an Fóghmhar go faobhrach ag leagan le luas. Tá an Geimhreadh lom craosach ag scabadh 's ag scaoileadh, 'S gur i gceart-lár a chroidhe 'stoigh a thigeas an fuacht; 'Siúd ceist ar gach aon dá gcualaidh mo sgéal: Ceathrar i mbruighin 's ca h-aca thug buaidh?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services