Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhráin Shéamais Mhic Cuarta

Title
Amhráin Shéamais Mhic Cuarta
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas,
Compiler/Editor
Ua Muireadhaigh, Lorcán
Composition Date
1733
Publisher
(Dún Dealgan: Preas Dhún Dealgan, 1925)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AMHRÁIN SHEUMAIS MHIC CHUARTA.



Dúithche Chréamhaoin.



Is ag an mBóinn do ghlacas gleódh, tráth scar mé le
fód Chréamhaoin
Fearann tórrthach an Bhárúin Leomhain in aice an óird
Ghaedhealaigh,
Toirbhir dóibh beannacht fós, má's do bheó Réadhmonn
Deich gcéad scór, is gan a bheith i gcór, i gcoinne gach
óg-mhaighdion.



I gCréamhaoin thíos atá mo dhiaidh amharc séimh fásaigh,
Radharc réidh coilleadh 's féir agus uisge tréan támhaill
Tá teas o'n ghréin, tuilte ó'n Éirne, a's breic ar
léim a snámha
Meadhair ghéar chon is gadhar i dtús gach lae ar árd
ann.


L. 35


Rachad suas, glacaim gruaim in aice an chuain Ghaedhealaigh,
Fiche sluagh do bheannacht uaim i bhfearann nuadh Chréamhaoin,
Is iomdha buaidhreadh ortha 's gruaim ó scar mo chuairt
féin léi:
Bíonn rabhairt ruag ar labhairt cuach a's ceileabhar
suairc ag éanlaith.



Is iomda seód annsa' Chloich-Nuadh ag an bhárún óg chráibhtheach
Ní lia na ceól a seinnfear dóibh is imirt mheoir ar chlársaigh
Deich gcéud córnn suidhte ar bórd líonta de bheóir Spáinneach,
Togha gach sórt sack le n-ól a shilfeas leo a's fáilte.



Beir beannacht uaim go hÁth-an-Uisge-Fhuair mar a
bhfuil na mná uaisle is féile
Céad slán don uair ar ghnáth mo chuairt faoí áltáin
uaigneach' Chréamhaoin
Ó d'árduigheas uatha fa'n Ghálldacht suas, mo cháirde
buan gur thréig mé;
Bíom lán de'n ghruaim, 'mo sháimh 's mo shuan, smé
cráite buaidhirthidh tréithlag.



An uimhir éisg an Bhárúin tséimh, is i Loch-na-Séad
atá sé,
Mar a bhfuil na céadtha d'ealaibh glégeal' ar an abhainn
is iad ag snámha;


L. 36


Ceileabhar éan i mbarraibh géag a's duilleabhar go
tréan ag fás ann,
Nach truagh don té tá sgaramhuint léi, 's go bhfuighinn
sé féin an tsláinte ann?



Siomdha búr i gConntae Lúghbhaidh nach seasann clú do
chéile,
A dhruidfeadh a súile go daingion dlúth, nuair a
chífeadh siad chuca mo léithid-se
Ní mar sud a cleachtadh damhsa nuair a bhí mé i n-dúithche
Chréamhaoin.
Acht ól gan diúltadh ar hallaí cúnra, agus clársach
chiuin ar théadaibh.



Sí dúithche na fáilte, dúithche na sláinte í, dúithche nach
ndearnadh díoghbháil,
'Sí an dúithche is fheárr ins na Cúigibh Gallda, dúithche
shalmhar shíolmhar,
Dúithche na ndán, agus dúil le n-a fághail, dúithche nach
dtarlann fiabhrán
Nach dubhchroidheach atáim, faoí smúid gach lá, fá'n
dún agus áille 'n ghrianáin.



Is binn guth loin os cionn na h-uamha i gcoilltibh cnudh
na n-éanlaith
'S nach bhfuil ponc den cheól nach seinnfear leó ar
bhráinnsíbh óga an Ghrianáin;
Budh grinn a nglór i gcionn gach neóin 's ní buan
mo bheó dá bhféagmhuis
Ag burraibh na Bóinne go cinnte i mbrón, 's mé
líonta deórfaidh i bhfiabhrán.


L. 37


Ar mo thriall 'ann a' dúin 'sann a' ghárrda nuaidh mar
bhfuighmuis áirní dubha gus sceach-chaoraí
Measa cúnra ar chrannaibh dlútha agus mil go ciuin
ar chuiseogaibh;
Loin gan smúid a' seinm dúinn i dtús gach lae ar
muchóirighe
Tá Alt na n-Uan, mo chrádh 's mo chumhaidh! faoí choirce
dlúth ag sgológaibh.


L. 38


Cúirt na Féile.



MacCuarta:
Ceist agam ort, a Chúirt na Féile, cár ghabh m'fháilte?
'S go bhfaca tú mise in aois gan chéill air thaobh do ráille.



Cúirt:
What is that you say air an staedhire, nó goidé
fáth d'ádhbhair?
I cannot understand your Gaelic, agus labhair liom
go Gállta.



MacCuarta:
Níl ach mise tá fiafraidhe sgéil do d'éadan bádhbhdhuin
Cá ndeachaidh na Fianna a bhíod dod' ríar, nó meadhair
na cláirsighe.



Cúirt:
Is gníomh gan chéill do-ghnídhidh sibh, Gaedhil, díbh
féin an tráth sin
A bheith pronnadh bhur gcíos air chaoin na dtéud agus d'a
spréidheadh air lucht dántaidh.



MacCuarta:
Gidh nach fiú píghinn leat caoin na dtéud no réidhteach
dántaidh,
Do thigidís cléir ó thír ó chéile a léigheadh na páise.



Cúirt:
Gníomh eile gan chéill bheith maoidheadh bhur gcléir
air léigheadh na páise
Budh bhinne liom "prayers" do mhíniughadh i mBéurla
as Bíobla Gallta.



MacCuarta:
Is iongnamh sin 's gurab iad ar gcléir-inne a gheillios
don bPápa
'S go dtiubhradh siad bráigh as piantaidh daora a
léim go Parrthas.


L. 39


Cúirt:
Goidé'n Scrioptúir ann ar léigh tú a léithid sin de rádhmhuill
Nó cá h-uair a thug Críosd cumhachta do bhur gcléir
a bheith a méudughadh grása?



MacCuarta:
Annsa chúigeadh caibideal ag Naomh Séam, ma léigh
tu san áit sin,
Gheobhaidh tú ann sgríobhtha, guidhe na cléire a's óla
roimh an mbás ann.



Cúirt:
Cá fios duit-sa sin a's nach bhfuil agat léis air
léighionn nó átharradh
'S go mbíonn tú go cinnte ag innsigh bréug a's go
n-éisdeann cách leat.



MacCuarta:
Gidh nach léur damh líne a léigheadh a mBíobla Gallta
Tuigim an Ghaedhilig a's guidhe na cléire, 's
do-ghnídhim gnáthas de.



Cúirt:
An uair nach gcreidionn tú fíor nó bréug uaim,
bí mar 'tá tú
Nó téigh mar a bhfuil Gaodhail a n-Íochtar Éireann,
as fan 'do sclábhuighe.



MacCuarta:
Sibhse, air éigin, an síol sin a' Bhéurla d'fáig
Gaodhail 'na sclábhuighe,
A gcíos, a spré, a maoin 'sa n-éadáil - gur libh-se
a thábhacht.



Cúirt:
Le faobhar cloimhthe, le géur-lannaibh, 's le neart lámha
A bhainfeamuid cíos is maoin do Ghaodhalaibh, 's
geillfear do Ghalltacht.


L. 40


MacCuarta:
Tcífidh sibh a n-Éirinn, aimsir éigin a's béidh gan atharradh;
Deir na naoimh 's na fíor-chléirigh go sgriosfar Gálltacht.



Cúirt:
Gach uair da dtug muinn buaidh air Ghaodhalaibh,
bíthear a rádh sin
Acht béidh sibh go cinnte faoí n-ar n-géur-smacht,
's cha dtig Spáinnidh.



MacCuarta:
b'fhada bhí puball Israel san Égipt i mbruid ag Pháró
Nó go dtug an t-Athair Síorrthuidh a's Maoise saor
iad thríd an lán-mhuir.



Cúirt:
Cá h-uair a rinne sinn díoghaltas air Ghaodhail mar
do rinne Pháró?
'S nar fháig sé aon-mhac míosa gan éug don tsliocht
sin Iacób.



MacCuarta:
Is faide muinne faoí smacht lucht Béarla ná Puball Aáron
Air feadh dhá chéud bliadhain in aois ó chéile gan
Riaghal chrábhaigh.


L. 47


An Dara Mairgneadh.



Idir dhá thír ma chailltear mé a choidhche
Ó'n Chabraigh go taobh Dhún-léire,
Tiocfaidh Bartamon Fuighit, seabhac bharraidh na laoch
Le corradh agus trí mhíle tréan-fhear.


L. 48


Ann sa talamh, ma bhíom-sa seachtmhain nó mí
Tóigfidh an macnaidh so aríst as an chré mé
Béidh mar ealta 'na scaoith ag dul faoí chorp an fhir chaoich
Nó go n-aodhlachthar aige gaol Uí Néill mé.



Dá n-aodhlachthaoi uaibh-se an uair sin an sean-dall
A bhí stuacach, cainnteach, cróin-bhuidhe,
Mar a bhfuil Brían suailceach, a chuallaigh 'sa chlann mhac
A bhí múirneach grinn le comharsainn
Air bhur ndul suas díbh a luaidhtear a n-annsacht
A thóigbheail bhur seamsain fóghmhair
Tugaidh sibh-se cuairt air m'uaigh 'san am sin
Agus gabhaidh bhur manabhas Dómhnaigh.



Tá an abhainn-seo a triall ó goineadh an Fear Ríadhach
Le Cúchulainn faoi phiantaí gach dócamhuil
Is tá an sruth seo síar le h-imeall na sliabh
'Sé mo chumhaidh-sa, a mbliadna, an teóraint.
Uch! m'anam-sa ag Día, a's choidhche feasda faoí n-A riaghail
'S mo cholann faoí phiantaí i gcomhnuidhe
Tagaidh agus iarraigidh cuideadh 'chur ann m'aodhlachadh
Go Roilig na n-Iarlaidh air lóisdin.


L. 49


Tá tuilte na Bóinne teacht chugainn 'na sroithte
Agus bheirfidh an Rígh glórmhar bás duinn
Gheobhaidh sibh m'iomchur air chróchar, agus cuideadh ann
mo thórraidh
Ó Sheabhac bharraidh chródha an bháire.
Tcídhfidh sibh na slóighte teacht 'mo choinne-sa, dar ndóigh,
Go n-iomcharaidh siad cual do mo chnámha
'S go dtóighfidh mé mo lóisdin in aice Néill óig
'S béidh Ruaidhrigh 's a chóir-bhean láimh liom.



Bhéarfaidh me an chuairt seo suas thríd annsacht
Go bruach deas sgiamhach na Bóinne
Mar a bhfuil na buachaillidhe a shuathfadh gan fhallsacht,
Tuataidh bhur dteannfachais pónair.
Tabhair na mílte beannacht uaim-se mar bhfuil slóighte
na h-annsacht'.
A d'fuasglochadh an Dall as a dhócamhal
Mar bhfuil fuil Néill air uaisle fá bhailte Theamhrach thuas
A fuair buaidhe air bhanntracht na Fodla.



Suas a's anuas béidh mo chuairt fhéin feasta
Ó buaileadh bhur measg mé, a chomharsainn,
Ó cuireadh ann san uaigh mo chuallaidh a dtaisgidh
Tá mo chroidhe bocht loiscthe leonta.


L. 50


Ag osnaidh gach uair air uaigh mo ghaisgídh
A's nach truagh libh mé feasta a chomharsainn,
A dtuirse faoí ghruaim ó fuair mé 'n deasgaidh,
'S tá Ruaidhrigh air m'easbhuigh a gcomhnuidhe.



Tá mé lag claoidhte caithte ag an aois,
Agus fearanntaigh mo chroidhe 'stoigh brónach
Gé gur chaith mé fá aoibh seal tamaill ann bhur dtír
Le gach duine ud da'r mhian leis mo chómhradh.
Mo cháirde gur h-aodhlachadh a bhfeartaibh uaim thíos
Faoí leacaibh le taobh na Bóinne,
A's tá mé gan mhaoin a's gan charaid ann sa tír
Acht cuidigheadh gach aon don chómharsain.


L. 69


Sgannradh an Daill.



A dhaoine, nach truagh libh mé 'mo thruall bocht ag éagcaoin,
Ta mé 'nocht fuigh ghruaim 's gan m'fhuasgailt ag áonneach
Fá na hocht ngeinidh dhéag do bhí me a chúdach
Gur fúaideadh go léir iad ó'n gcréatur gan súile.



Gé bé neach a rinnidh mo dhíoghbháil, nó chuir na daoine
le chéile
Nó shalaigh Lios-Caomhan, Dia dílis na dhiaigh air;
Mallacht na naomh air, 's lom-díoghbháil a chéille air
Go n-aidmheochaidh sé na gníomhartha-sa a bhfíoghnaise
fhearaibh Éirionn.



Gé bé d'fhuadaigh mo stór uaim, no mo lón a gcuinne
an tsamhraidh,
Go mbudh bliadhain fhada faoí bhrón é, 'sé deórfaid
le h-amhgar,
An námhuid go raibh 'sa tóir air, idir bóirthidh a's
gleanntáin
Gan fhurtacht gan fhoirint 'sgo ndóitear gach ball de.


L. 70


Ce bé d'fhuadaigh mo spré uaim, 's gan léurs ann mo shúile
Cuiriom cách 'sa "Ratreat" 'siad a réiteach mo chúrsaidh;
An Trionóid a's an Mhaighdion le chéile go dtugaidh cúl dó,
An t-Iúdas bradach breugach, scrios a's léun air a dhúblaigh.



Cé bé d'fáig anocht gan bhíadh me 'smé i bpíanaid go cinnte
'S nach bhféadaim a dhol da iarraidh gan síapach a bheith
ann mo cheann-sa
Ce bé d'fáig anocht faoi chían me, cuiriom Dia in a
dhiaigh go cinnte
'S nar fháigidh sé an bhliadhain so go n-imtheochaidh a
chiall uath 'sa chuimhne.



Cuiriom leis sgrios agus amhgar Pálsaidh 'gus múchadh,
Air a chroidhe ann a chliabh sgallta d'fáig an dall bocht
gan súile,
An éiric a chlampair a rinnidh an fealltóir go tútach
Go dtagaidh Iúdas d'a cheannsughadh 's d'a phleancáil
le suístigh.



Lá an bhreitheamhnais béidh na slóighte ag Ríogh an
Dómhnaigh d'a gcunntas
Is cídfigh tú Mac na hÓighe ag roinnt glóir' air a mhuinntir;
Béidh tú do dheóraidhe 's béidh tóir ag na hAingle ort;
Cha leigionn siad d'a gcóir thú, as lón bocht an Daill leat.


L. 72


A Chaoin Róis.



A Chaoin Róis
'Sé d'aon phóg
A d'fág pian mhór
Agus creapaill ann mo chlíabh
'S gurab é d'aon ró-shearc
Is buan beó-lag
Gach aon óigfhear
Da'r thathuig tú riamh.
Is baoghal dóibh
A dhul faoí 'na fhód
Muna bhfuighid fóirinth
Ó ainnir na gciabh
'S béidh naoí sgór díobh
A gcaol-chómhraidh
Agus trí tórsaidh
Dhul bealach Áth' Cliath.


L. 73


Ta sgaoith chuachach
Mar líon na dhualaibh
De'n dlaoith is uaisle
Da'r fhas thríd cheann
Air níghin an ghruagaidh
D'fhág claoidhte buairthidh mé
'S gan faoiseadh uaire agam
D'á grádh acht tinn.
Má's do dhíobhail uaisle
Nach bhfuighinn mo luath léithi
A Dhia! nach bhfuair mé í
Bheith dailteach liom;
Muna bhfuigh' mé fuascailt
Ó níghin a stuaim-mhnaoí
Béidh cíos air m' uaigh
Gan spas 'san chill.



A ghrís ghrinn
D'fág pian cinn
Ann gach aon bhrainnse
De'n aicmidh go léir
Go bhfuil na trí tuilte
De na naoí Nuinnsiúin
Agus braon millseacht'
D'fhuil cheart Uí Néill
Ann do shaoith cheannsuigh,
Do shíol prionnsaidh
Go mór-chuimseach
A borradh ó fhréamh,
'S da bhfuighfeadh m' inntinn
Gach nídh dá'r mhían liom
'S tú chuirfinn go Teamhair
A phlúir gach scéimh.


L. 74


A ainnir múinte
Nach luidheann smúid ort
Acht mar bhíos Lúna
Ameasg a cuid reult
'S go bhfuil gach dlaoigh úr-chasta,
Air lí an driúict leat
Agus naoí n-úrfhuilt
Ann gach alt le méin.
Ma's críoch damhsa
Gach nídh adubhras
Is gníomh díthmhúinte
Don té shamhlochadh gur bréug,
'S gurab é críoch úghdair
Na dtrí gcúigeadh
Gur síol dúthchais
Treise bheith le Gaodhail.


L. 78


B 1695c 17D
Clann Chlement Bhéilghrinn.



Atá ceathrar éachtach de sgoith na dtréunfhear,
Siúd Brían an chéad-fhear de'n aicme, an leomhan,
A's Roibeart réimeamhuil ar gealladh an séun dó,
Le toil Mhic Dé, nach mbíonn air easfaidh óir.
An Caiptín Éadhmonn a chleacht na réugain
'S fuair rabhradh léighinn ós cionn ghaisgidh an tslóigh,
Dá dteagadh an méid sin a chosnadh Gaedhealtacht'
Budh tapaidh tréitheach na 'naice Sheóin.


L. 79


Tá ceathrar óg-mhac ag Clement eolmhar,
Ag neartughadh cródhacht' in aice 'n rígh,
Nar fhán faoí fhoirneart a dtalamh Fódla
Tá faoí smacht gan socamhal go h-athtuirsígh'.
Is iomda órd a's bean faoí shról
Atá ag guidhe leó theacht arís
Le neart na slóighte 's gach fear 'na Chóirnéal
Chum an bhaile bóchna a chleacht na laoch.



Tá na curaidh buadh-neartmhair 'na gcinn ar shluaightibh,
De aicme chruaidh-mheasta Mhílidh 'n áigh,
De'n chineal uachtarach ar ghnáth bheith buadhach
A gcathaibh cruadhlann a gCríochaib Fáil
Brian an Buacach, mac Chlement uasail
Nach ngabhadh duais ó lucht ceaptha Gaedheal
Acht thug a ruaig uainn soir, mo thruaighe!
Gan aon 'na chuainne a bheith 'na dhéidh.



An Caiptín Éudhmonn a scabadh séuda
A gCúige Laighean mar badh dual d'a ghaol,
An seabhach féadhmach a chuaidh as Éirinn
Ag árdughadh céimeann gan ceasnadh baoghail.
Tá loingeas gléusta faoí bhratachaibh dhaora
A's ógáin thréuna ag umhlughadh dó,
As caogad spéirbhean a ghlacfadh mar raedhín é
Seach gach tréunfhear air thalamh beo.


L. 80


Mo Roibeart bán deas na gcuachann fáingheach,
An t-óigfhear áluinn rug buaidh gach réim,
An curadh ághamhuil nar chrom don Ghalltacht
Acht ghluais thar sáile ag árdughadh céim'.
Go dtigeadh an lá sin a mbéidh basa 'náirde
A's seinm cláirseach fá Dhómhnach-Mór
Ag cur feara fáilte roimh mo pháiste
A's fíon na Spáinne 'ga scabadh 's beóir!



Tá'n marcach stéudmhar sin, Seón na féile,
'Na Chóirnéal éuchtach le taobh an rígh,
Tá iomad séud air a bhrollach ghléigeal
Noch do thuill a éifeacht a's é 'gcóigcrích.
Má's dual aon fhaoiseadh ó ghlasaibh daora
Do'n chineal Ghaedhealach fá dheóigh arís
Béidh an ceathrar tréun-churadh, clann Chlement Bhéilghrinn
Ag gabháil géille ó Ghallaibh 'stír.




L. 82


B 1900 19
B



Bríghid Nic Dhómhnaill.



A Bhríghid óg na gciabh, do chuimrighe air Dhia,
Réidhtigh damh an bealach a's na leig mé i bpían;
Nó rachaidh mé fó'n tsliabh mar gcomhnuigheann an fiadh,
Ag déanamh leannduibh leis na gleanntaí mar's leat
a chaill mé mo chiall.



Tá grádh agam air mhnaoí acht chráidh sí mo chroidhe,
Is binne liom naoí n-uaire i ná'n chuach air an chraoibh,
Nó ná londubh an bhéil bhuidhe, ná'n cheirseach le n-a thaoibh,
Sí an smóilin binn breugach a ghéur-loit mo chroidhe.



Shiubhal mé go leór acht cha shiubhlaim níos mó,
Ó Cháirlinn go Droichead a's go geaftaí 'n Toighe Mhóir
Acht siubhalfhaidh mé 'n ród leis an chailin bheag óg
A dheanfas an t-aran 's bhearfas damhsa póg.



Cha phósaim go deóigh bean síoda nó sróill,
Búclaí geala airgid agus fáinní buidhe óir;
Chan leóbhtha 'tá mo dhóigh acht leat-sa, a mhíle stór,
Siúr don Iarla Antruim agus plannda an Pháil Mhóir.


L. 83


B 1733ob 18L

Beartamhain A'l Chraoibh.



Sásta nach mbíom go dtráchtfaidh me aríst
Air mo sgáine deas coin-bhuachaill,
An spárnaidh ud do bhí mar Pháiris mhac Phrí
A thug báinríoghan ó'n Rígh búadhach.
Tá do mháthair ag caoí, a's do dheirbhshuir 'na luighe
A's d'athair air shlíghe bhuartha
Fá Bheartaigh geal úr a bheith d'a shíneadh anns an úir
A gCillanaigh 's gan dúil le'n éirigh.



Níl bláth deas nó duilleabhar fá na haltaibh gan mhilleadh
"Bhálnuts" nó crannaibh úbhlaidh
Fiú'n íasc a bhí san linn nar éug le do linn,
Atá éanlaith na coilleadh ag cruaidh-ghol;
Is fíor é go deimhin nac mbréugnuighthear an chinneamhuin,
Ann sa cré go mbéidh sinn curtha dúnta
Béidh mé féin ann mar dhuine, mo thrí mhíle buile,
'Sa Mhuire nach truagh ár gcúrsaidhe.



Nach cuimhneach leat mar bhí Beartaidh A'l Chraoibh
'Na thréanfhear i dtús óige,
Agus óigmhná na críche ag éagcaoin d'a dhíth
Ó Chréamhaoin go bruach Bóinne.


L. 84


Dá bhfuighinn mar gift ó'n Rí cead glaodhadh air gan sgíth,
Mar Lasarus do dheanfainn beó é,
Acht a chladhaire atá do luighe, go das nach néirgheann
tú do shuidhe.
As MacCuarta ag deanamh ceóil duit.



Tá lán do dhaoine uaisle chois na hAnaidh so thúas
A bheirfeadh beatha-uisge dúinn mar luach saothair;
Spéiseamhail budh dual do Shéumas MhacCuarta
An file ceart suairc saoitheamhail.
Cha ghoireann siad, na cuacha, i gCillanaidh le gruaim
Ó fáigead ann sa tuamba sínte é,
Cha dtig, a's cha dual, a's chan fheicthear go lá'n luain
Beartaidh air a chuairt míosa.



Óganaigh ó Lúghmhaighe! choidhche bheirim duit-sa an cliú
Feasta go mbudh thú an sparnaidh;
'Sgur minic do dhúil go Cillin-a'-chúil.
Mar a bhí Maghnus an laoch laidir.
Tá an ghealach faoí smúid, 'san ghrian a gculaith chúmhaidh
A's Eclipse air Lúna tarruingte
Ó chuaidh sé san úir, mo Bheartaidh geal úr
A choidhche feasta, níl dúil fághail air.



A gCillanaigh, mo bhrón, sínte tá an leóghan
'Sé thóigfeadh gach tuirse díomsa;
Rún croidhe ghach óigmhná is milse póg
Do phlannda de'n bpor braoilleán.


L. 85


Réir mar léightear ann sa Bhíobla, is na hAbstail go fíor,
A's na h-eaglais, air an tsaoghal seo is truagh sinn,
Clann Éabha béidh arís o'n chré seo seal 'na suidhe
Tráth shéidfeas Micheál an buabhal.



An Luinnsigheach Státamhail



Sé mo léun géur a's m'amhgar gan Éire thart go h-iomlán
Ag géilleadh don Luinnsigheach mar státa:
Dá mbéadh, niorbh eagal liom bheith ngéibhionn faoí anró,
Bhéinn m'Agent gan mhoill air an áit-seo.
Gheobhainn léighse is fód sealbha air na mílte acra talaimh
Ó Shléibhte Dhúndealgan go Cáirlinn
'S aige Droichead a chois fairrge cead meadair agus sealga
Agus aer air choillte bréag' fásaigh.


L. 86


Tá stuaim agus inntleacht ins an Ghruagach nar innsigh mé,
'Sis luaimneach mar sheinnfeadh sé air théadaibh,
Níl Joiner nó Millwright, ó Éirne go h-Aontruim
Nach mbuailfeadh sé dall air an mhéid sin.
Dheanfadh se bád a's luing a rachadh amach air thuinn,
Bhearfadh slán iad gan chontabhairt go hÉirinn
'San tráth bhíodh sé ann goidé'n fáth damh bheith ag cainnt air,
Badh á ailleacán cuimseach na maighdean.



Thig rabhairt ann san gheimhreadh air iasg anns na linnte
Ag triall air an Luinnsigheach ó'n Éirne,
Agus eunlaith na gcoillte go béilbhinn thart timchioll
Ag deanamh pléisiúir dó in aimsir gach féile;
Go leor do lucht striongán dá mbudh eól uaim a n-innsigh,
A deanamh eolais go cinnte air a théaghlach
'S gurb é a phócaidh bhearfadh cunntas air mhorán d'a n-dearbhuighim,
Is tá ór-chiste aige pronntóir na seuda.



Is go deóigh nach ndeanaim dearmad do Bhríghid óg na ndearg-
ghruaidh,
A caoin-leaca leanabaidh' dá réir sin,
'S gur míne ná'n Cambric gach dlaoith chasta chuirlinneach
Síos mar a n-Eomra léithe spréighte.
Tá caol-chum seang aicí, 'sa caol-mhalaidhe gann'
Beul tanaidh mall-fhoclach céillidhe
'Sa céadfaidh uilig da roinn mar glégheal-shneachta gheimhridh,
'Sa brághaid mar an eala air an Éirne.


L. 89


Agalladh idir Shéumas Mac Chuarta agus Chaisleán na Glasdromainn.



MacCuarta:
A shean-chloch uasal goidé an súan-sa air dháimh do
thíre
Nach air ghoir fúadhachus fá do bhrat uachtar, sgáth do
dhídean.
Caisleán:
Tá mo lucht trúaighe sínte a t-túambaibh, mo ádhbhar
caointe
A choisgfeadh m' fhuacht 's do chuingbheadh súbhailce
a lár mo bhruighne.
MacCuarta:
Cá'r ghabh na cúacha, bhéidheadh dá lúasgadh ó lámhaibh
laochraidh
Nach ndeanfadh súaimhneas, gan a bheith súas a ndáil
an fhíona.
Caisleán:
D'imthigh m'uaisle ameasg na slúagh go Párrthas
naomhtha
Ag a mbéidheadh cúacha a's coirnn dá ruagadh, gáir
gan íota.


L. 90


MacCuarta:
A Chaisleáin úagnídh, an tusa rinne uabhar, cathair
na Traoidhthe
Fá'r baineadh núas do cheann 's gan fuagra d'fhághail
do thíortha.
Caisleán:
Cailleadh mo chuainne a's theastaigh úaim mo ghárda
Ríoguin
Ag a mbíodh cruadh-ghol, fá mo bhrat úachtar, do
fhághail fám' íochtar.
MacCuarta:
A shean-chloch shúathnaidh, fá a mbíodh slúaighte, ag
airmhéad cíosa
Cia hiad a lucht fúatha le'r baineadh an uair sin,
an sgath sin díotsa.
Caisleán:
Cuid de mo thúairgnibh catha da ccnuasfaidh
d'fhearaibh mo ghaolta
Do nocht mo ghuaille a n-aimsir fúaicht chum mearbhdáil
máoine.
MacCuarta:
Cía haca do uaisle na h-Eamhna ó thuaith nó Teamhra
taobhghil?
Ainmníghidh uait, cia'n dream lé'r luaidheadh an
argain chéadna.
Caisleán:
An fear a chóir m'fhúasgailt 's nach ar thuill m'uaisle,
fearg na díombaidh
'S nach measaim go luaidhfeadh an tseilbh ó air ghlúais
sé ceilg na díth dhomh.

Caisleán:
Acht is beag a díth agus a dúath agus an dochar domhsa féin
an argain chéadna agus an t-imdheargadh dheighionach sin
a fuair mo choluinn chláoidhte chaithte, a ndeireadh


L. 91


m'aoise agus m'aimsire d'fhoillsiughadh agus do ainmniughadh
daoibhse; tá na liacht tar agus tarcuisne dá'r fhulaing
mesi ó lá Sir Heanruidh Uí Néill agus a mhac Toirdhealbhach,
mhac Sir Éanruidh mhic Fheidhlime Ruaidh mhic Áirt mhic
Aodh' mhic Éoghain, Mhic Néill óig, mhic Néill mhóir,
mhic Aodh' mhic Dhomhnaill, mhic Bhriain-Chatha-an-Dúin
le'r tóigeadh mise go fada fionn-aolta, ó ghríanan
go grinneal na talmhan. Ché hiomdha éachtranaidh agus
allmhuireadh a chodail fuigh mo dhíon agus fuigh mo dhíonsgath-sa
ó'n amsin, gus an t-amsa, níor lúadh agus níor lámh
aon díobh sin mo tholladh ná mo thraothadh, nó go
dtainic bráinnsi do shaor-chlannaibh na fíneamhna, ó'r
fhás mo ríoghraidh-si féin, mar atá Pádruic Ó Murchadha,
duine úasal áirthigh atá air shliocht Bheirnn Mhic Fearghail,
mhic Máola-dúin mhic Máola Fríthridh, mhic Aodha
Úiriodhnach, mhic Dhómhnaill Ilchealgaigh mhic Mhuirceartigh
mhic Mhuireadhaigh, mhic Eoghuin mhic Néill-Naói-ngialladh
gur thuargain agus gur thrasgair go lár agus go lán-talmhain
'mo bhladhaibh beaga, béal-sgaoilte mesi chum méadughadh
máoine agus mionairgit dó fhéin ann san am fá bhfuair
sé mesi mo bhainntreabhaidh anbhfann éitreórach, gan
chloinn, gan chéile, gan chléir, gan chonach, gan ríoghraidh
nó rígh-mhná do mo dhídean, gan úaisle, nó árd-oireacht
do mo chosnamh, gan mhaicnidh gan bhandáil do mo
mheidhreadh, gan chíos, gan chíontíre gan chuirm ná
chómhál dá chaitheadh le sleasaibh mo bhrúighne mar do
bhí anallód, gan aóis chiúil, oirfide ná ealaidhne, do
mo chealgadh, gan ollamhuin ná saóith le sír-sheanchas do
mo ghríseadh, ná do mo shíor-mholadh; gan aon d'fhearaibh
an domhain do mo shábháil ná do mo thárrtháil:




Níl tárrtháil damh, ná fúasgailt, trúagh mo dhíoghal sa!
Ag so an bás a teacht am chlúasa, buan 'mo luigh-sa!


L. 92


MacCuarta:
Cá'r ghabh na gárrtha a bhíodh fá bhúaidh, le sluaigh do
bhruighne?
Nó an maireann na gárdaigh a chuirfeadh uait, le
lúach an fhíona?



Caisleán:
Féuch! a ccnámha, atáid, mo-nuair! na ccúala
críona
Fir na dtáinte, do bheireadh duais air dhúain do
dhráoithibh.



MacCuarta:
A Chaisleáin áluinn, gídh táir búairthe, grúama,
cláoidhte,
Is iomdha ár lé'r fanadh suas thú, ag gabháil na gáoithe?



Caisleán:
Dá maireadh a láthair, mo mhaith, mo uaisle, mór-shliocht
Aodh-sa
Budh mhairg lámh, le leagfaidhe 'nuas, de mo ghúaille
an t-aol-sa.



MacCuarta:
Éighthe sáraigh, do ghnídh tú úait air úaisle ríoghraidh
Tar éis a mbáis sa mbasgadh 'núaigh go luain gan éiríghe.



Caisleán:
Sé sin a fáth fa nguiliom a n-úaigneas, crúacha cáointe!
Gan neach air fághail anois, dá 'r n-uaisle, a n-guais
mo sgaoilte.



MacCuarta:
A Chaisleáin áird, dá ccluinfídhe h-úaill-ghol, uair,
do b'iongnadh


L. 93


B'iomdha gárrtha, bosa ag bualadh agus rosg ag líonadh.



Caisleán:
Gé táimse ársaidhe 's go bhfuil mo bhrúacha anúas
dá spíonadh
Acht muna b'é bás shliocht Fheidhlime Rúaidh, budh
bhúan mo shaoghal-sa.



MacCuarta:
Gídh táir sgáinte 's go bhfuil do ghúaille crúaidhe críonadh
Bhí tú lá gan easbhfuigh slúagh a's do ghrúaidhe air
n-áolughadh.




Ní shé fionnáolughadh do ghrúaidhe, ná áille do
ghealchuirp do thráothughadh nó do theannughadh, is cas
dócamhuil ná doilghíosa, doláis na dubhróin, tuirse
na trom-ghola, éagnaidh ná árd-osnaidh do úaisle, do
mhaicne ná do bhanndala, do chródhacht do mharcshlúaigh,
ná do mhór-oireacht, mur atáid treibh uasal oireadha
Oilliolla mhic Eóghain mhic Néill Naoí-Ghiallaidh, dá
ngoirthear Muintir Choinne; agus cuid eile de do chraobhaibh
choimhneasa cineail féin air lorg tShéaghain Uí Néill
da ngoirthear díobhtha Clann tSéaghain; géaga fíor-leathna
fíneamhna de do chrannaibh; mar an ccéadna,
sliocht Árdghuil Mhóir Mhic Mhathghamhna da n-ainmníghthear
úatha clann Árdghail, is iad so na trí dronga
díana dasachtach, do-éadrana, a bhíodh ag cungnamh
agus ag coimhdheachta an úir-thimchioll do ríoghraidh ann
gach conair inna ngabhaidís, dá nanacol air inghream
agus air an fhórlan éachtranaidh, gach neach a mhaireas dá
n-íarsma ná dá níadhanaibh so atáid a rosg ag ró-shileadh
agus a mbosa ag basg-bhúaladh, agus a ccroidhe créachtach
cróbhlíontach ag caoineadh do ríoghraidh-sa agus do ríoghmhná
nach maireann. Agus ag caoineadh mar a d'imthigh


L. 94


a neart agus a ccúl-dhídean uatha féin agus nach dtig leo
furtacht ná fóirighinn a thabhairt duitse ó lámhaibh na
ndaoí neamhcharthannach atá ag do bhriseadh agus ag do
bhúan-réubadh; níor cheist leó mur an ccéadna do
theasgadh ná do thóirneamh le Turcaigh ná le Tiaránaigh
as an Aifrica Aisia, ná America acht bráinnse do
sháor-chrannaibh tórrthamhla tuinneamhla na Teamhrach
féin a bheith ag do dhibirt agus ag do dhíthcheannadh ann
san am a bhfúaradar cúmhachta ós do cheann agus lámh a
n-úachtair.




MacCuarta:
Lámh an úachtar a bpáirt na núadh-Ghall is ortsa
díoghaladh,
Báidh na húaisle a d'fhág do ghúaille is olc do
ríomhadh.



Caisleán:
Is iomdha cúaine theastaigh uaim budh teasgaidh
tíortha,
A bhriseadh sluaighte sa chreachadh buailte a n-geall
mo sgaoilte.



MacCuarta:
Muna tteasdúighionn uait acht sliocht Cholla Úais
ón cceann sin shíos díot
Clann Dómhnaill úasail ainmnigh' shúathnaidh, mheanmnaigh
Mhílidh.



Caisleán:
Rígh Óirthíor úaim, budh léor a chrúas ann aimsir
bráoine
Mo leóghan úasal, mo chrann búadha, mo chornn
fíona.


L. 95


MacCuarta:
Comharsainn uait, gan comháirmhadh súas, bhí ccómhair
do ríoghraidh
Is budh leo an bhúaidh ó Bhóinn anúas go bórd
Easchraoibhe.



Caisleán:
Mac Mhathghamhna úaim Maguidhir na ccúach, mo lón,
mo láochraigh,
Budh leo an bhúaidh, ó bhórd Uí Rúairc go teoraint
Maoile.



MacCuarta:
Budh teann do ghúaille a n-am na ruaga, sean shliocht
Íre
Ansacht bhúan na ndrong sna ndrúadh thug geall
gach tíre.



Caisleán:
Rígh Easa-Ruadh a fúair cómharthadh búaidh ó'r bpátrún
náomhtha,
Ó Dochartaidh úaim, Mac Suibhne na tTúagh a's
Clann Uí Báoilte.



MacCuarta:
Ó Raghallaigh, Ó Ruairc na Breifne uait, a's Ó Cathain
an fhíona,
A's Ó Donnghaile an tslúaigh budh tonnghail a tuargain
lann le bíothbhaidh.


L. 98


Ceithre Ráithche na Bliadna.



Tá an Fóghmhar d'ar dtréigbheál, cúl feasta le féile,
'S gan orrainn a chasbháil acht fearthainne 's fuacht,
'San Gheimhreadh maol féithleach ag teacht chugainn 'na dhéidh sin,
Sé lomas na géaga a's gníonn sé an raithneach ruadh.
Chualaidh mé aréir iad 's mo dhá chluais ag éisteacht,
Ceithre ráithche na bliadna 's iad in iomrascál chruaidh;
Bhí ómáid a's caithréim le tabhairt don té b'fhéile,
Acht chan umhlochadh éinne an giofta 'thabhairt uaidh.



An Geimhreadh:
Ars' an Geimhreadh go teann leis an Earrach go fann
"Is tú an searganach seang a lomas ga'n nídh,
'S nach bhfuil tréith-lag nó fann air an tír seo gan roinn
Nach gceasnuigheann an fheall atá 'gceart-lár do chroidhe.
Lucht plúphtha agus consinsiúin, cuireann a' Mhárt 'na
cille iad.
'San t-eallach a bhíonns lag-ghlórthach, feannann sí iad;
'Sa chreachtóir nach teann thú 's gan ded' éachta le
h-ársuighe
Acht an cré a bhíonns tú a theanntodh, 's ag síor-char a'
tsíl."


L. 99


An Samhradh
ag labhairt leis an Earrach:
Má's tú a chuireas in am, chan tú a chaithrigheas an plannda,
Bheir bláth air chrainn-ubhla nó meas air an chraoibh;
Toradh na talamhna a líonas an t-arbhar
Bheir cná air na coilltibh nó a'n dadadh mar ghním.
Bíonn dealradh na gréine ga'n lá in mo éadan,
An lile, an samharclann 'san rós in mo ghruaidh;
'S gur i mbarraí mo ghéaga bhíonns fárus ag éanlaith,
'S le mo linn a thig féar agus bainne chuig na buaibh.



Freagra an Earraigh:
Nach cumasach stráic'l thusa air an bhláth sin,
A sheargas gan spás 'gus a imthigheas le gaoith;;
'S 'a mbéadh ocras air chách cha dteanfadh sé sásamh
Pósaidh de'n bhláth a chur chuca 'n-áit bídh.
Do sholá'r le ráithche cha bheathochadh sé páisde
A' mur' n-íosad sé crág de'n bhiolar nó'n fhraoch
A's feasta, na trácht air a'n ómáid 'fhághail
Agus peicidh na sráide go bhfágann tú daor.



An Geimhreadh:
Arsa'n Geimhreadh go h-acfuinn: "Mise 's féile d'a
bhfacthas,
Is liomsa an ómáid agus umhlaigidh 'n-am;
A dtearn sibh do thacar le bliadhain a's do sholá'r
Le féile 's le fairs'neacht go scapfainn gan mhoill.


L. 100


Cha bhím-sa, mar an Earrach, ag ithe neanntóg nó
preasaigh,
Fear daoirse na bpeicidh 'dtig scairt air ga'n am.
Fear faobhrach ag leagan thig i dtír de na measaibh,
Ag ithe sméar agus min-ghreadain 's gach ailp d'á
bhfuil ann.



An t-Earrach:
A chraosaire bhréagaigh a bhfuil lasair in d'éadan
Le feannadh, le céasadh, le fearthainne 's le fuacht
'S tú mhasluigheas gach éinne dá bhfuil ins an tír seo
'Gus air áilne na gréine go gcuirfeá droch-shnuadh.
Chan umhluighim go h-éag le mur ngaisge 's chan éistim
'S mé saothróir an tsaoghail-seo, 'sa chuireas go luath
Chan fheil sé faói'n ghréin air bhocht mo léithid fhéin ag
teacht
'S gur i mbarraí mo ghéaga a cluintear an chuach.



An Fóghmhar:
Molaim do ghach aon agaibh umhlughadh damh fhéin,
Sé mo urradh-sa is féile 'sis fearamhla gníomh;
'S mé abuigheas gach aon rud dá dtig ins na réaguin,
A bhaineas 'na dhéidh sin, 'sa chruinnigheas go dian.
'Mur mbeath' uilig go léir, ibh! is agam atá'n réidhteach
Mur sábáil de'n chreachtóir a leigeas le gaoith,
Is mé ocaróir an t-saoghail, in mo chiste tá an saidhbhreas,
Ómáid chan fhéadaim a thabhairt a choidhch'.


L. 101


An File:
Tá an t-Earrach ag saothrughadh 's ag síor-chur an t-síl,
Agus síleann sé fhéin gurab aige tá'n bhuaidh;
An Samhradh, mar a gcéadna, ag cathrughadh 'sa líonadh,
'S an Fóghmhar go faobhrach ag leagan le luas.
Tá an Geimhreadh lom craosach ag scabadh 's ag scaoileadh,
'S gur i gceart-lár a chroidhe 'stoigh a thigeas an fuacht;
'Siúd ceist ar gach aon dá gcualaidh mo sgéal:
Ceathrar i mbruighin 's ca h-aca thug buaidh?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services