Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tiomna Nuadh ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost
Title
Tiomna Nuadh ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost
Author(s)
Ó Domhnaill, Uilliam,
Composition Date
1602
Publisher
(B.Á.C.: Uilliam Uiséir, l602)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Leabhar geinealuigh Iósa Criosd mhic Daibhí, mhic Abraham.
Do ghein Abraham Isaac. Agus do ghein Isaac Iacob. Agus do ghein Iacob Iudas agus a dhearbhráithreacha.
Agus do ghein Iudas Phares agus Sarah ó Thamar. Agus do ghein Phares Esrom. Agus do ghein Esrom Aram.
Agus do ghein Aram Aminadab. Agus do ghein Aminadab Naasson. Agus do ghein Naasson Salmon.
Agus do ghein Salmon Boos ó Rachab. Agus do ghein Boos Obed ó Ruth. Agus do ghein Obed Iesse.
Agus do ghein Iesse Dáví an Rí. Agus do ghein Dáví an Rí Solomon ón mnaoi dobhí ag Urias.
Agus do ghein Solomon Roboam. Agus do ghein Roboam Abia. Agus do ghein Abia Asa.
Agus do ghein Asa Iosaphat. Agus do ghein Iosaphat Ioram. Agus do ghein Ioram Osias.
Agus do ghein Osias Ioatham. Agus do ghein Ioatham Achas. Agus do ghein Achas Esekias.
Agus do ghein Esekias Manasses. Agus do ghein Manasses Amon. Agus do ghein Amon Iosias.
Agus do ghein Iosias Iechonias agus a dhearbhráithreacha ag bruid na Babilone.
Agus tar éis bhruide na Babilone do ghein Iechónias Salathiel, do ghein Salathiel Sorobabel.
Agus do ghein Sorobabel Abiud. Agus do ghein Abiud Eliakim. Agus do ghein Eliakim Azor.
Agus do ghein Azor Sadoc. Agus do ghein Sadoc Achím. Agus do ghein Achím Eliud.
Agus do ghein Eliud Eleazar. Agus do ghein Eleazar Matthan. Agus do ghein Matthan Iacob.
Agus do ghein Iacob Ioseph fear Mhuire as ar geineadh Íosa, dá ngoirthear Críosd.
Uime sin anuile gheinealach ó Abraham gu Dáuí is ceithre geinealuigh dhég íad: agus ó Dhauí go bruid na Babilone ceithre gluíne dég: agus ó bhruid na Babilone gu Críosd, ceithre glúine dég.
Agus is mar so dobhí geineamhuin Iósa Críosd, óir tar éis daingin do thabhairt eidir a mháthair Muire agus Ioseph, níis taosga na thángadur a ngar a cheíle frioth torrach í ón Spioruid Naomh.
Ach dar mbeith do Ioseph a fear na dhuine chomhthrum, agus nar aíll leis isimpláir do dhenamh dhi, do budh mian ris a cur uadha gós íseall.
Agus ag smuaintiughadh na neithise dhó, féch do fhoillsigh aingeal an Tighearna é féin dó anaislinn, ag rádha, a Ioseph mhic Dábhí ná bíoth egla ort do bhen féin Muire do ghabhail chughad, óir an ní atá arna gheineamhuin innte, is ón Spiorad Naomh é.
Agus béruidh sí mac, agus dobheruidh tú Íosa dainm air, óir slanochadh se a fpubal féin óna bpecuighibh.
Agus dorinnedh so uile dochum gu gcoimhlíonfuighthe an ní adubhairt an Tigherna thríd an bfáidh, ag rádha,
Tabhair dodhaire, bíaidh maiden torrach agus béruidh sí mac, agus dobhéruidh tú Emmanúel dainm air (Is ionann sin ré rádha, arna mhiniughadh, Dia maille rinn.)
Agus ar musgladh do Ioseph as a chodladh, dorinne sé mar do aithin aingeal an Tigherna dhe, agus do ghabh sé chuige a bhen.
Agus níor aithin sé í nó gu rug sí a céudmhac agus tug sé Iósa dainm air.
Agus an tan dorugadh Iósa a mBethleem atá a nIúdea a laithibh Iorúaith an rí, féuch tangadar Draoithe ónaird thoir go Hiarusalem.
Ag rádha, ga háit ina bfuil an Rí úd na nIúduigheadh atá arna bhreith? óir dochunncamairne a réalta ann sanaird tshoir, agus tangamar dá onórughadh.
Achd an tráth dochúaláidh an rí Iorúaith sin, dobhí sé arna bhúaidhredh, agus Iárusaleim uile maille ris.
Agus ar gcruinniughadh úachdarán na sagart uile dho, agus scríobuidhegh an fphubail, do fhíafruigh sé dhíobh, cía anáit anna mbérthaoi Críosd.
Agus adubhradarsan ris a mBeithleem atá a Niudea, óir is mar so atá sé arna sgríobhadh ag an bfáigh:
Agus tusa a Bheithleem talamh Iúda, ní tú is lugha eidir dhiúicidhibh Iúda: óir is asad tiocfas an diuíce bhethóchas mo fpubal Israel.
Agus annsin do ghoir Iorúaith na dráoithe gós íseal chuige, agus do fhíafruigh sé dhíobh gu roighér cia anaimsear ionar foillsigheadh an réllta dhóibh.
Agus aga gcur don Bheithleem dhó, adubhairt sé, imdhigh agus iárruigh an naoidhe gu dithcheallach agus tar éis a fhadhála dhaoíbh, innisigh dhamhsa é, dochum go rachainnsi féin agus go dtiobhruinn onóir dhó.
Agus ar gcluinsin an ríogh dhóibh, do imthighedar: agus féch, an rélta dochunncadar ann sanaird tshoir, dochuáidh sé rompa nó gu dtainic sé agus gur chomhnuigh sé ós cionn anionuid ann a raibhe an náoidenán.
Agus ar bfhaicsin an rélta dhóibh, do ghabh gairdechus romhór iád.
Agus ar ndul asdech don tigh dhóibh fúaradar an naoidhe a bfochair a mhathar Muire: agus arna leigean air a ngluinibh dhóibh, do onóruighedar é, agus ar nosgladh a gcisdegh dhóibh tugadar tioghluicthe dhó iodhon ór, agus túis, agus mirr.
Agus ar bhfadhail teguisg ó Dhía anaisling dhóibh gan filledh dochum Iorúaith, do iompuidhedar a slighe eile da dtír féin.
Agus ar nimthechd air a nais dóibh, féach do toibhreadh aingeal an Tighearna a mbrionglóid do Ioséph, ag rádha, eirigh agus gabh an náoidhenán agus a mháthair chugad, agus teith donÉigipt: agus bí annsin nó gu labhruidh mheise riot óir iárrfuidh Iorúaith an náoidhe dochum a mhillte.
Agus ar néirghe dhósan do ghabh sé an náoidhe chuige agus a mháthair ann sanoidhche, agus do imthigh sé donÉigipt.
Agus dobhí se annsin gu bás Ioruaith: dochum go gcoimhlíonfuighthi an ní adubhairt an Tigherna leis an bhfáigh, adeir, do ghoir mé ma mhac féin as anÉigipt.
Annsin, an tan dochunnaic Ioruaith gu ndernadar na dráoithe fonómhad fáoi, do las sé lé feirg: agus ar gcur luchda dichennta úadha, do mharbh sé a raibhe do léanbaibh fer a mBethleem agus ann a tórannaibh uile ó aois a dhá mblíadhan nó fáoi, do réir na haimsire do fhoghluim sé go dithcheallach ó na dráoithibh.
Is annsin do coimhliónadh an ní adubhairt Ieremias an fáigh, adeir,
Dochlos guth a Ráma, cáoi, agus gul, agus uállfurtach romhór, Rachel ag caoínedh a cloinne, agus níorbháil lé sólás do léigean chuice, tré nach rabhadar na mbeathaidh.
Agus an tan fúair Iorúaith bás, féuch do toibhridheadh aingeall an Tigherna a mbrínglóid do Ioséph ann sanÉigipt,
Ag rádha, eirigh, gabh chugad an lenabh agus a mhathair, agus imthigh gu talamh Iósraél, óir fúaradar an dream dobhí ag iáiruidh anma an leinibh, bás.
Agus do éirigh seisen, agus do ghabh sé an lenabh agus a mháthair chuige agus táinic sé gu talamh Iosrael.
Agus an tan dochúaluidh sé Archelaus do bheith na rí a nIúdea anionadh Iorúaith a athar, dobhí egla air dhul innte: achd chena ar bfagháil teguisg ó Dhía dhó a mbrionglóid dó iompuidh sé gu críochaibh na Galile.
Agus an tan táinic sé annsin, do chomhnuigh sé sa gcathair dá ngoirther Nasaréth, dochum go gcomhlíonfuidhthe an ní adubhradh ris na Fáighibh, iodhon go ngoirfidhthe Nasardha dhe.
Agus ann sna laithibh sin dobhí Eóin baisde a denamh sennmóra air fásach Iúdea,
Agus ag rádha: dénuidh aithrighe, oir do dhruid ríoghachd Dé ribh.
Óir as é so an té úd air ar labhair Isaias fháigh, ag rádha, guth an té eimhgheas air an bfásach, ullmhuighidh slighe an tigherna, dénuidh a chasain díreach.
Agus así culuigh dobhíodh uime an Eoin sin édach do rúaidhnech chámhall, agus crios lethair a dtimchell a lesruigh, agus asé do budh bíadh dhó, locuste agus mil fhiáín.
Dochúaidh Iarusaléim amach chuige an tansoin, agus Iúdea uile, agus luchd na talmhan atá a dtimchell Iordán uile.
Agus do ghabhadar baisdegh uadha ann Iordán ag admháil a bpecuighedh.
Agus an tan dochunnaic sé mórán do na Phairisínechaibh agus do na Sadúichechaibh ag techd dochum a bhaisdigh féin, adubhairt sé ríu, a shíol na naithrech neimhe cía do fhoillsigh dháoibh teithemh ón fheirg atá ag techd?
Ar anadhbharsoin tabhruigh toradh bhus iomchubhuigh donaithrighe uaibh.
Agus na smúainidh a rádha ionnaibh féin, atá Abraham na athair aguinn: óir adeirim ribh, gurab éidir lé Dia clann do dhénamh dAbrahám do na clochuibhsi.
Agus anois atá an túagh arna cur dochum fréimhe na gcrann: air anadhbharsoin giodhbé crann nach iomchrann toradh maith, gerrthar é, agus teilgther ann sa teinidh é.
Gu deimhin baisdimsi sibh lé huisge dochum aithrighe: achd chena an té thig am dheghuidh is láidire é iona mhé, agus ní fiú mheisi a bhróga diomchur: baisdfidh seisean leis an Spioraid Náomh agus lé teinigh sibh:
Agá bfuil a chríathar ann a láimh, agus glanfuidh sé urlár a bhúailte: agus cruinneochaidh sé a chruithnechd anáit thaisgeadha, agus loisgfidh sé an cháith lé teinigh nach eidir do mhuchadh.
Táinic Iósa an tansoin ón nGailile gu Iordán dochum Eóin, dochum gu mbaisdfedh sé é.
Achd chena do thoirmeisg Eóin go gér é, ag rádha, atá a ríachdanus oramsa thusa dom bhaisdeadh, agus an bfuil tusa ag techd chugamsa?
Agus do fhregair Íosa é, agus adubhairt sé ris, léig dhó anois: óir is mar so is iomchubhaigh dhúinn gach uile chert do choimhlíonadh: do fhuluing sé dhó an tansoin.
Agus ar mbeith arna bhaisdegh dIósa, dochuaidh sé air ball súas as anuisge: Agus féch do hosgladh nemh dhó, agus dochunnaic Eóin spioruid Día ag tuirrling a gcosamhlachd choluim, agus ag teachd airsion.
Agus féch guth ó nemh, ag rádha, ag so an mac grádhach úd agamsa, dá bfuil mo mhórthoil.
Andsin do threoruigh an spioruid Iósa dochum an fhásaigh, dochum gu gcuirfedh an Díabhal cathughadh air.
Agus an tan do throisg sé dá fhiched lá agus dá fhiched oidhche, (do ghabh) ocras é na dhíaigh sin.
Agus a teachd donabhírseoir chuige, adubhairt sé, más tusa mac Dé, aithin do na clochuibhsi bheith na narán.
Achd do fhregair seisen, agus adubhairt sé, atá sé arna sgríobhadh, ní lé harán amháin mhairfeas an duine, achd lé gach uile bhreithir dá dtig a béul Dia.
Rug an Díabhal leis é an tansoin, don chathruigh náomhtha, agus do chuir sé air bheinn an teampuill hé.
Agus adubhairt sé ris, más tú mac Dé teilg thú féin siós: óir atá sé sgriobhtha, gu ttiobhruigh sé aithne dá ainglibh ad thimchell agus toigebhuidh siad thú ann a lámhaibh dochum nach búailfithe do chos fá chloich.
Adubhairt Iósa ris, atá arna sgríobhadh mar an gcéna, ní chuirfidh tú buaidhredh ar an tigherna do Dhía féin.
Rug an Díabhal arís hé dochum sleibhe roaird, agus do fhoillsigh sé dhó ríoghachda an domhain uile agus a nglóir.
Agus adubhairt sé ris, dobhéruidh mise iád so uile dhuit, má shléchdann tú dhamh dom onórughadh.
Adubhairt Iósa ris an tansoin, imigh romhad a chathuightheóir: óir atá sgríobhtha, onorfuidh tú an tighearna do Dhiá féin, agus is dó na aonar dodhéna tú seirbhís.
Do fhágaibh an díabhal é an tansoin: agus féch, tangadar na haingill agus dorinneadar friothólamh dhó.
Agus an tan dochúaluidh Iósa gur cuiredh Eoin a láimh do imdhigh sé don Ghalile.
Agus ar bhfágbháil Nasarét, tainic sé do dhénamh comhnuighe go Capeirnaum, dobhí cois na fairge a leithimeall Sabulón agus Neiptailim.
Dochum go gcoimhlíonfuidhthe an ní adubhairt Esaias fáigh, neoch adeir,
Talamh Sabulón, agus talamh Neptalim, agus a dtimchell shlighedh na fairge, ar an dtáobh thall do Iórdan, Galile na gcinedhach:
An pubal dobhí na shuidhe a ndorchadas, dochunnaic sé soillsi mhór, agus atá solus ar néirghe dochum na ndáoine atá na gcomhnuidhe a gcrích agus a sgáile an bháis.
Uáidh sin amach do thionnsgain Iósa seanmóir do dhénamh, ag rádh, dénuidh aithrighe, oír do dhruid an ríoghachd neamhdha ribh.
Agus ag siobhal dÍosa ré taobh fhairge na Gailile, dochunnaic sé días derbhráthar, Símon dá ngoirthear Peadar, agus Andriú a dhearbhráthair, ag teilgen lín ann sa bfairge (óir dob íasgairighe iád.)
Agus adeir sé ríu, leanaigh mheisi, agus dodhéna mé iasgairighe air dháoinibh dhíbh.
Agus ar bfágbháil a lióntadh air ball dóibh do leanadar eisean.
Agus ar nimtheachd as sin dó, dochunnaic sé dias eile derbhráthar Séumas mhac Sébede, agus Eoin a dherbhráthair, a mbád a bfochair Shebede a nathar, ag córughadh a líontadh: agus do ghoir sé iad.
Agus ar bfágbháil an bháid agus a nathar féin dhóibhsen, do leanadar é.
Agus do ghabh Iósa a dtimcheall na Galile uile ag tegasg ann a sionagóguibh agus ag seanmóir shoisgéil na ríoghachda, agus ag slánachadh gach tinnis agus gach égcruais a mesg an fpubail.
Agus dochúaidh a chlú fá Shiria uile: agus tugadar chuige gach áon dá raibhe easlán le galruighthibh éugsamhla, agus arna gcuibhreabhadh lé heasláintibh, agus aga mbidís deamhain ionnta, agus dobhíodh tinn lé goin an ré, agus luchd pailirise, agus do shlánuigh sé iad.
Agus do lean cuideachda mhór é, ón Ghailile, agus ó Dhecapoli, agus ó Iarusalém, agus ó Iudéa, agus ó na críochaibh atá don taobh thall do Iórdán.
Agus an tan dochunnaic Iósa an slúagh, dochuaidh sé suás ar shlíabh: agus ar suighe dho, tangadar a dhisgiobuil chuige.
Agus ar nosgladh a bhéil do, do theagaisg sé iád, ag rádha:
Is beannuighthe na boichd a sbioruid, óír is léo ríoghachd fhlaitheamhnuis.
Is beannuighthe na daóine doní dobrón: óir doghébhaid siád sólás.
Is beannuighthe na daóine míne: óir bíaidh selbh na talmhan aca do dhlighedh oighrechda.
Is bennuighthe an dream air a bfuil ocras agus tart na córa: óir saishéochthar iad.
Is bennuighthe na daóine trocaireacha: óir doghébhaid siád trócaire.
Is beannuighthe na daóine atá glan na gcroidhe: óir dochífid siád Día.
Is beannuighthe luchd na síothchána do dhénamh: óir goirfidhther clann Dé dhíbh.
Is bennuighthe an drem fhuilngeas dochar ar son na córa: óir is léo ríoghachd fhlaitheamhnuis.
Is bennuighthe bheithí an tan imdhergfuid daóine sibh, agus dhíbéoruid siád sibh, agus adéuruid gach uile dhrochfhocal ribh gu bréugach, ar mo shonsa.
Bíoth gairdechas agus luáthgháir oruibh, óir is mór bhur lúaighechd ar neamh: óir is mar sin do bhuáidhreadar na faídhe thainic romhaibh.
Is sibhsi salann na talmhan: giodh eadh dá mbé an salann gan bhlas, créud lé a saillfidhthear hé? ni fhuil feidhm air ó sin súas, achd a theilgen amach, agus a shaltairt fá chosaibh dáoine.
Is sibhsi solus an domhain: ní héidir cathair atá arna suighiughadh ar shlíabh dfolach.
Agus ni lasaid (dáoine) coinneall dochum go gcuirfeadáois fá bhéul buiséil í, achd a gcoinnléoir agus doní sí solas dá a mbíonn asdigh.
Gu madh mar sin dhelróchus bhur soillsisi a bhfíadhnuisi na ndáoine, a gcruth gu bhfaicfid siád bhur ndeghoibrighthe, agus gu dtiobhruid glóir dá bhar nathair atá ar nemh.
Ná measaidh go dtáinic meisi do sgáoileadh an dlighidh nó na bhfáighenn: ní dá sgáoileadh thainic mé, achd dá gcoimhlíonadh,
Óir adeirim ribh go fírinnech, nó ghu ndechaidh neamh agus talamh thort, ní rachaidh én iota ná áon phunc don dligheadh thart, nó go gcoimhlíontar gach uile ní.
Ar an adhbhar soin giodhbé nech bhrisfes áon aithne do na haithentaibh roibhega so, agus theagoisgfes na dáoine mar sin, goirfidhthear dhe an duine is lugha a ríoghachd neimhe: achd giodhbé neach dodhéna agus theagoisgfeas (iád), goirfidhther duine mór dhe a ríoghachd neimhe.
Oír adeirim ribh, muna sáruighidh bhur bhfiréntachtsa fíréntachd na sgríobuighedh agus na bhfairisínech, nach rachtháoi asdech sa bhflaitheas neamhdha gu brách.
Dochúalabhair gu ndubhradh ris na seinnseraibh, na déuna dúnmharbhadh, agus giodhbé dodhéna dúnmharbhadh biáigh sé cionntach ó bhreitheamhnas.
Achd adeirimsi ribh, gach nech doní fearg réna dhearbhráthair gan adhbhar, budh cionntach don bhreithemhnus é: agus giodhbé neach adéuruidh réna dherbhráthair Raca, budh cionntach do bhreith na comhairle é: agus giodhbé adéuruidh a amadáin, budh cionntach é do theinigh ifeirn.
Uime sin má thugann tú do thabhartus dochum na haltóra, agus gu gcuimhneochaidh tú annsin gu bhfuil ní ar bioth agad dherbhráthair ad haghaidh,
Fágaibh do thabhartus annsin a bhfiádhnuisi na haltóra, agus imthigh, agus ar tús réidhigh réd dherbhráthair, agus tar éisi sin ar dteachd duit tabhair uáit do thinnlacadh.
Réidhigh gu lúath rédh esgcaruid, an feadh bhiás tú na fhochair sa slighe: deagla gu dtiobradh teasgcara don bhreitheamh thú, agus gu dtiobhradh an breithemh thú don mháor, agus gu dteilgfidhthi a bpríosún tú.
Adeirim riot gu fírinneach, nach rachaidh tú as sin amach, nó gu níoca tú an fheoirling dheighenach.
Dochúalabhair gu ndubhradh ris na seinnsearaibh, ní dhéna tú adhaltrannas.
Achd adeirimsi ribh, giodhbé nech fhéchas air mhnáoi chum a sanntaighthe, go ndernuidh sé adhaltrannas lé cheana ann a chroidhe.
Ar an adhbhar soin más cionntach do shúil deas le hoilbhéim dfhagháil duit, béan asad hí, agus teilg uait hí: óir is ferr dhuit aon bhall dod bhallaibh do dhul amugha, ná do chorp uile do theilgean gu hifearn.
Agus má dobheir do lámh dheas sgannail dhuit, gearr dhiót hí, agus teilg uáit hí. Óir is ferr dhuit aon bhall dod bhallaibh do dhul amugha, ná do chorp uile do theilgean gu hifearn.
Agus atá arna rádh, giodhbé léigfeas a bhean fpósda, tabhradh sé leitir dhealuighthe dhí.
Achd cheana adeirimsi ribh, giodhbé neach léigfeas a bhean fpósda féin (ach amháin ar son adhaltrannais) gu dtabhrann sé uirrthe adhaltrannas do dhenamh, agus an té dobhéraidh an bhean soin do léigeadh, doní sé adhaltrannas.
Mar an gcéna dochúalabhair gu ndubhradh ris na seinnsearaibh, ní thiobhruidh tú héitheach: achd dobhéra tú don Tigherna na neithe ré a dtuguis mionna.
Achd adeirimsi ribh, ná tabhruidh mionna ar mhodh ar bioth: ná tabhruidh neamh, óir as í caithír Dhia hé.
Ná tabhraidh an talamh, óir as é sdól a chos é: ná tabhruidh Iarusaléim, óir as í cathair an Ríogh mhóir hí.
Ná tabhair do cheann féin mar mhionnaibh: óir ní héidir riot áonruibe geal ná dubh do dhéunamh.
Achd gu madh hé bhús comhrádh dháoibh, as eadh, as eadh, ní headh, ní headh: achd gidhbé ni bhías as a gcionn so, is ón olc atá sé.
Dochúalabhair gu ndubhradh, súil ar son tsúl, agus fíacail ar son fhíacal.
Achd chena adeirimsi ribh, ná cuiridh anadhaigh an uilc: achd giodhbé neach bhúailfeas tú ár do ghiall deas, iompaigh chuige an iall oile.
Agus an té lérab aill cúis bhreitheamhnuis do chur ort, agus do chóta do bhúain díot, leig leis do chlóca fós.
Agus giodhbé bhéras leis ar feadh míle ar éigin tú, imthigh leis ar feadh dhá mhíle.
Tabhair ní don té iarrfus ort é, agus giodhbé lenab mian airleagadh dfhagháil uait, ná fill uadha .
Dochualabhair gu ndubhradh, grádhóchuigh tú do chomharsa, agus biaidh fúath agad dod námhaid.
Achd adeirimsi ribh, bíogh grádh agaibh dá bhur naímhdibh, beannaighidh na dáoine mhallaigheas sibh, déunaidh maith do na dáoinibh ar a beag sibh, agus déunaidh urnaighthe ar son na muinntire bhuaidhreas agus dhíbreas sibh.
Dochum gu mbeith sibh ion bhur gcloinn ag bhur nathair féin atá air neamh, óir dobheir seisean fá deara gu néirgheann a ghrian féin air na drochdhaoínibh agus air na deghdhaóinibh, agus doní sé fethruin air na fírénacaibh agus air na neamhfhíréncuibh.
Óir má bhíonn grádh agaibh don muinntir agá bhfuil grádh dháoibh, créud é an lúagheachd doghéubhthaói? an é nach dénaid na puibliocáin an ní céudna.
Agus má chuirthí fáilte roimh bhur nderbhraithrechaibh féin amháin, créud doníthí do bhárr air chách? an é nach deúnuid na publeacáin féin mar an gcéudna?
Ar an adhbhar soin bídhidhsi dengmhálta, mar atá bur nathair ata ar neamh deangmhálta.
Tabhraidh bhur naire nach deúntáoi bhur ndeírc a bhfiadhnuisi dáoine, dochum gu bhfaicfeadáois sibh: nó ní fhuighthi lúaghuidheachd ó bhur nathair atá air neamh.
Ar an adhbhar soin an uair doní tú déirc, ná cuir galltrompa dhá sheinm romhat, mar doní luchd an fhúarchrabhaigh ann sna sínagógaibh agus annsna sráideannaibh, dochum gu bhfuidhidís glóir ó dhaóinibh: gu fírinneach adeirimsi ribh, gu bfuil a dtúarasdal aca.
Achd cheana an tan doní tú deírc, ná bíodh a fhios agad láimh chlí créud doní do lámh dheas.
Dochum go mbíadh do dhéirc a bhfolach: agus dobhéruidh hathair dochí an uaigneas lúaghuigheachd duit gós aírd.
Agus an tan doní tú urnuidhe na bí mar lucd an fhúarchrábhaigh: óir is ionmhain léo urnuighthe do dheúnamh annsna sinagógaibh, agus a gcomhrac na ród na seasamh, dochum go bhfaicfeadáois na dáoine iád: go deimhin a deirimsi ribh go bhfuil a dtuarusdal aca.
Achd cheana an tan doní tusa urnuighthe, imthigh asdeach ann do sheómra, agus ar niadhadh do dhoruis duit guidh hathair féin ata a bhfolach: agus dobhéraidh hathair dochí a bhfolach luághuidheachd gós aird duit.
Achd cheana ag déunamh urnuidhthe dháoibh ná bithí rochainnteach mar na cineadhacha, óir saoilid siád gu néisdfidhthear ríu ann aniomad briathar.
Uime sin ná samhlaighthear sibh ríu: óir atá a fhios ag bhur nathair féin cia híad na neithe atá dhuireasbhaigh oruibh, níis táosga ná iarfuighthi air iád.
Air an adhbhar soin dénaidhsi bhur nurnuighe mar so. Ar nathairne atá ar neamh, náomhthar hainm:
Tigeadh do ríoghachd. Deúntar do thoil ar an dtalamh, mar atá ar neamh.
Tabhair dúinn aniu ár narán léthamhail:
Agus maith dhúinn ár bhfíacha, amhail agus mar mhaithmídne dár bhféitheamhnuibh féin.
Agus ná treóruigh dochum búaidheartha sinn, achd saor sinn ón olc. Óir is leat féin an ríogháchd, agus an chumhachd, agus an ghlóir gu siórruighe. Amen.
Óir má mhaiththí a gcionnta do dháoinibh, maithfidh bhur nathair neamhdha dáoibhsi mar an gcédna.
Achd muna maiththísi a gcoirthe do na dáoinibh, ní mhaithfidh bhur nathair féin dáoibhsi bhur gcoirthe.
Agus an tan doníthí trosgadh, na bídhidh grúama mar luchd an fhúarchrábhaidh: óir dorchuidhid siád an aithe dochum gu madh follus dona dáoinibh iád do throsgadh: adeirimsi ribh go fírinneach, gu bfuil a dtuarasdal aca.
Achd cheana, an tan dodhéna tusa trosgadh, cuir ola ar do cheann, agus ionnail haghaidh:
Dochum nach bhudh follas do na dáoinibh go ndenann tú trosgadh, achd dodh athair atá a bfolach: agus dobhéuraidh hathair dochí a bfolach (hiaratuis) dhuit gós aírd.
Ná cruinnighidh ionnmhas ar an dtalamh, mar a ttruailleann an léoghan agus na meirge é, agus mar a ttochlaid agus mar a ngoidid na biothamhnuigh.
Achd cruinnighidh ionnmhas dháoibh féin air neamh, ós ann nach truáilleann an míol críon naíd na meirge, agus nach tochlaid agus nach goidid na gaduidhthe.
Óir giodhbé ball iona bfuil bhur nionnmhas, is annsin bhias bhur gcroidhe mar an gcédna.
As í an tsúil solas an chuirp: uime sin má bhíonn do shúil glan, biáidh do chorp uile solus:
Achd dá raibh do shúil gu holc, biáidh do chorp uile dorcha: ar an adhbhar soin má atá an solus atá ionnad na dhorchadus, créud é méd an dorchaduis sin?
Ní héidir le neach air bioth seirbhís do dhéunamh do dhá thigherna, óir biaidh fuath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile: nó adharfuigh sé do neach aca, agus dobhéraidh sé tarcuisne ar an dara fer: ní heídir libh seirbhís do dhénamh do Dhía agus do Mhamon.
Ar an adhbhar soin adeirimsi ribh, ná bidhidh lán do chúram a ttimcheall bhur mbeatha, créud íosdáoi nó iobhtháoi: ná a dtimcheall bhur gcuirp, créud chuirfí iomaibh. An é nach mó an tanam ná an biadh, agus an corp ioná an téudach?
Féchaigh ar éunlaith an aiéir: óir ní chuirid síol, agus ní bhenuid siad, agus ní chruinnighid siád anna sgiobólaibh; agus fós bethaighidh bhur nathair nemhdhasa iád: an é nach ferr sibhsi gu mór iona iádsan?
Agus cía agaibh léna iomad cúruim fhédas aon bhannlámh do chur léna airde féin?
Agus créud fá a bfuiltí rochúramach a ttimcheall bhur gculadh? foghlomaidh cionnas fhásaid lilighe an mhachuire: ní dhénaid siád saothar, agus ní shníomhaid siad.
Gidhedh adeirimsi ribh, nach raibhe Solomh féin guna uile ghlóir, arna eúdughadh mar aón díobh so.
Agus má doní Día luibh an mhachaire atá aniugh ann, agus amárach arna theilgein annsan úamhain deúdughadh mar sin an é nach mó na sin sibhsi, a dhaóine begchreidmhecha?
Uime sin na brisidh bhur gcroidhe ré cúram, a rádha, créd iósam? nó créd iobham? nó créd chuirfeam iomainn?
(Óir as iád so uile iarruid na cinedhaigh) óir atá a fhios aga bhur nathair nemhdhasa gu bfuil a ríachdanas so uile oraibh.
Achd íarraigh ar tús flaithes Dé, agus a fhiréntachdsan, agus teilgfidhther na neithesi uile chugaibh.
Uime sin ná bíoth rochúram oruibh timcheall an laói amáruigh, óir biaidh a sháith cúruim air an lá a márach timcheall a neithe féin: is leor don lá a olc féin.
Na beiridh breth, dochum nach bérthaói breth oraibh.
Óir is do reír na breithe bheirthí, bheúrthar breth oruibh: Agus is leis an mésúr thomhaisti, thoimheósfuidhther dhaoibh arís.
Achd créd fá a bhfaicenn tú an brobh atá a súil do dherbhráthar, agus nach cuireann tú an umhail an tsail atá ann do shúil féin?
Nó cionnas adeúraidh tú réd dhearbhráthair, fulaing dhamh an brobh do bhuain ód shúil, agus féuch an tsail ann do shúil féin?
A fhir an fhúarchrábaidh, ben an tsail ar tús as do shúil féin, agus annsin budh léir dhuit an brobh do bhuáin as súil do dherbhráthar.
Ná tabhraidh an ní naómtha do mhadruighibh, agus ná teilgidh bhur gclocha úaisle a bhfiadhnuisi na muc air eagla go sailtéoradaóis orrtha léna gcosuibh, agus ar bfilleadh dhóibh gu dtarróngadaóis sibh féin as a chéile.
Iarruigh agus dobéurthar dhaóibh: lurgairidh agus doghébhtháoi: búalidh an dorus agus oisgéoltar dhaoibh.
Oír gach uile neach iárrus, glacuidh sé: agus giodhbé lurgaireas doghéibh sé, agus is don té bhúaileas an dorus oisgéoltar.
Oír cía an duine agaibhsi, má atá gu níarrfuigh a mhac arán air, dobhéraidh cloch dhó?
Agus mas iásg iárrfus sé, an aithir neimhe dobheúraidh sé dó?
Ar an adbhar soin ma atá a fhios agaibhsi atá olc créd hé tioghluicthe maithe do thabhairt dá bhur gcloinn, an é nach mó iona sin dobhéraidh bhur nathairse atá air neamh, neithe maithe don dreim iárrus air iád?
Uime sin gach uile ní budh mían libh do dhénamh dhaóibh do dhaóinibh, deúnaidhsi a leithéide dhoibhsean mar an gcédna: oír as é so an dligheadh agus na faíghe.
Imthighidh asdeach sa dorús chumhang: óír is fairsing an dorus, agus is lethan an tslighe thréoraighes dochum damanta, agus is mór théid asdeach thríthe.
Óir is cumhang an doras, agus is caól an tslighe thréoraighes chum na bethadh, agus is beg dogheibh éolus uirrthe.
Tuilleadh eile, coimhédaigh sibh féin ar na fáighennaibh fallsa, thigh chugaibh a gculaidhibh caórach, agus atá leath asdigh na madruidhibh allta aimeartnacha.
Air a dtórthaibh aitheóntaoi iád. an gcruinnighid daoíne caóra fínemhna do dhrisech, nó fígighe do na fóthannánaibh?
Is mar sin dobheir gach uile chrann maith tortha maithe úadha, achd dobheir an drochchrann drochthoirthe uadha.
Ní héidir leis an gcrann maith drochthortha diomchar, ná leis an gcrann gcríon tortha maithe do thabhairt.
Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith, gearthar é, agus teilgthear annsa teinidh hé.
Ar an adhbhar soin is air a ttorthaibh aitheontaói iád.
Ní hé gach uile neach adeir riomsa, a thighearna, a thighearna, rachas asdeach sa rioghachd neamhdha, achd an té doní toil mhatharsa atá air neamh.
As iomdha daóine adeúraidh ríumsa annsa la úd: a thighearna, a thigherna, an é nach ad hainmsi dorinneamair fáigheadóireachd, agus ad hainmsi do theilgeamar amach na deamhain, agus dorinneamar iomad míorbhaileadh?
Achd chena aidmhéochuidh meisi gós aird dhóibh an tan soin, níor aithnid damh riamh sibh, imthighidh uáim a luchd deúnta na heúgcóra.
Ar an adhbhar soin gach uile neach dochluin na briathrasa agamsa agus doní íad, saimhléochaidh mé lé duine glic hé, neach dorinne a theagh air charraig.
Agus do thuirling an fhearthain agus tangadar na tuilte, agus do shéideadar na gaótha, agus do bhuaileadar ar an tteagh úd, agus níor thúit sé: óir dobhí a fhuiniméd air charraig.
Agus gach uile neach dhochluin mo bhriathrasa, agus nach gcoimhlíonann iad, saimhléochthar hé lé duine leamh, neoch do thógaibh a theagh air ghaineamh.
Agus do thuirling an fhearthain, agus tangadar na tuilte, agus do shéideadar na gaótha, agus do bhuaileadar air an dteach úd, agus do thuit sé, agus dobudh mhór a thuitim.
Agus tárrla an tan do chríochnaigh Iósa na bríathrasa, gur ghabh uathbhás an pubal trína theagasgsan.
Óir do theagaisg sé iád mar neach agá raibhe cumachda, agus ní mar na sgríobuighe.
Agus tar éis teachd anúas don tsliabh dhó, do lenadar cuidechda mhór hé.
Agus tabhair huídh, tainic lóbhar chuige agus do shléchd sé dhó, ag rádha, a thighearna, mádh áill leat, is éidir leat mheisi do ghlanadh.
Agus ar síneadh a laímhe do bhean Íosa ris a rádha, is áill: bi glan, agus ar an mball dobhí a lobhradh arna ghlanadh.
Agus adeir Iósa ris, tabhair dod haire gan a innisin do dhuine ar bhioth: achd imthigh, foillsigh thú féin don tsagart, agus beir chuige an tighlacadh do aithin Máoisi, mar fhíadhnuisi dhóibh.
Agus ar ndul dIósa asdeach go Capernáum dochúaidh cintúrion chuige dá ghuidhe.
Agus ag rádha, a thighearna atá móglach na luighe asdigh a bpairilis, agus arna phiánadh go roiomarcach.
Agus adeir Iósa ris, a teachd damhsa sláinéochaigh mé hé.
Agus ar bhfreagra don chaptain adubhairt sé, a thighearna ní fíu mheisi thusa do theachd asdeach fam chleith, achd amháin abair an focál, agus sláinéochthar móglách.
Óir is duine meisi féin atá fá chumhachdaibh, aga bhfuilid díolmhuinigh fúm, agus adeirim ris an bhfear so, imthigh, agus imthighidh sé, agus ris an bhfear oilesi, tar, agus tig sé: agus rém shearbhfhoghantaighe déna so, agus doní sé hé.
Achd arna chluinsin dIósa do ghabh iongantas hé, agus adubhairt sé ris an muinntir dobhí na dhiáigh, go fírinneach adeirim ribh, nach bhfúair mé an oireadsa do chreideamh an Iosráel féin.
Agus adeirim ribh go ttiocfuidh morán ón aird tsoir agus ón aird tsíar, agus suighfid siad a bhfochair Abraham agus Isaac agus Iacob annsa rioghachd neamhdha.
Agus gu tteilgfidhthear clann na ríoghachda annsa dorchadas atá léath amuigh, biáigh gul agus gearradh fíacal annsúd.
Agus adubhairt Iósa ris an gcaptain, imthigh romhat, agus bioth dhuit do réir mar do chreid tú: agus do slánuigheadh a sherbhfoghantaidhe ar an úair sin.
Agus an tan tháinic Iósa go tigh fPedair, dochunnaic sé máthair a mhná na luighe, agus hí a bhfíabhrus.
Agus do bhean sé réna láimh, agus do fhágaibh an fíabhrus hí: agus do éirigh sí agus dorinne sí friothólamh dhóibh.
Achd an tan dobhí deíreadh an láoi , tugadar mórán do dháoinibh ann a rabhadar deamhain chuige, agus do theilg sé na spioruidighe amach lé focal, agus do shlánaigh sé gach uile dhuine dá raibh easlán.
Dochum go gcoimhliónfuighthe an ní adubhairt Esaias fáigh, adeir: do ghabh séisean ar négcrúaisne air, agus do iomchair sé ar ngalruighthe.
Agus an tan dochunnaic Iósa slúagh mór na thimcheall, do aithin sé dhul tar obhainn anunn.
Agus ag techd do sgríobhaidhe dháiridhthe, adubhairt sé ris: a mhaighisdir, leanfuigh meisi thú giodhbé ar bhioth ball ann a rachaidh tú.
Agus adeir Iósa ris, atáid fúachaisighe ag na sionnchaibh agus neid ag enlaithibh an aighéir: achd ní fhuil aít ag mac an duine ann a gcúirfeadh sé a cheann fáoi.
Agus adubhairt fear eile dá dhisgiobluibh féin ris: a thighearna, léig dhamhsa imtheachd ar tús, agus mathair daghlacadh.
Achd adubhairt Iósa ris, lean meisi, agus léig do na márbhuibh a mairbh féin daghlacadh.
Agus an tan dochúaigh sé anarthach do leanadar a dhisgiobuil hé.
Agus féuch, do éirigh sdoirm mhór ar an bhfairge, ionnas gur fholaígheadar na tonna an tarthrach: achd dobhí seisean na chodladh.
Agus ar ndul chuige dá dhisghiobluibh, do dhúisgeadar hé, ag rádha, a thigherna, fóir oruinn, atámáoid air fágbháil
Agus adeir seisean riú, creúd fá a bhfuiltí eaglach, a luchd an chreidimh bhig? Ar néirghe dosan an tan soin do bhagair sé air an ngáoith, agus air an bhfairge, agus táinic ciúnas mór ann.
Agus do ghabh iongnadh na daóine, ag rádha, creúd é an fear so, aga bhfuilid na gáotha agus an fhairge ag umhlughadh dhó.
Agus an tan tainic sé don taobh eile gu tír na nGeirgesíneach, tarrladar días do dháonibh air ann a rabhadar demhain, a teachd as na tuámaighibh, agus dobhí robhuileamhail, ionnas narbh éidir do dhuine ar bhioth an tslighe sin do ghabháil.
Agus féuch, do éimhgheadar, ag rádha, creud hí ar gcuidne dhiót a Iósa a mhic Dé? an dtainic tú annso dhár gcéusadhne roimhe an aimsir?
Agus dobhí sealbh mhór mhuc a bhfad uátha ag inghilt,
Agus do iarradar na deamhain athchuinghidh airsean, ag rádha, má theilgeann tú amach sinn, léig dhúinn dul annsa tréud muc úd.
Agus adubhairt seisean ríu, imthidh: agus ar nimtheachd dóibh do chúadar annsa tréd muc, agus féuch, do thuit an tréud uile don áill a ndeaghaigh a gcinn sa bhfairge, agus fuaradar bás annsna huisgeadhaibh.
Agus do theitheadar na búachuillighe agus dochuadar don chathraigh, agus do innisedar na neithesi uile, agus fós na neithe do eirigh don luchd ann a rabhadar na deamhain.
Agus féuch dochuadar an chathair uile amach do theangmháil air Iósa: agus an tan dochunncadar hé, do iarradair air imtheachd as a ttórannaibh féin.