Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tiomna Nuadh ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost

Title
Tiomna Nuadh ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost
Author(s)
Ó Domhnaill, Uilliam,
Composition Date
1602
Publisher
(B.Á.C.: Uilliam Uiséir, l602)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



L. Mt



L. Mt1:1


Leabhar geinealuigh Iósa Criosd mhic Daibhí, mhic Abraham.


L. Mt1:2


Do ghein Abraham Isaac. Agus do ghein Isaac Iacob. Agus do
ghein Iacob Iudas agus a dhearbhráithreacha.


L. Mt1:3


Agus do ghein Iudas Phares agus Sarah ó Thamar. Agus do
ghein Phares Esrom. Agus do ghein Esrom Aram.


L. Mt1:4


Agus do ghein Aram Aminadab. Agus do ghein Aminadab Naasson.
Agus do ghein Naasson Salmon.


L. Mt1:5


Agus do ghein Salmon Boos ó Rachab. Agus do ghein Boos Obed
ó Ruth. Agus do ghein Obed Iesse.


L. Mt1:6


Agus do ghein Iesse Dáví an Rí. Agus do ghein Dáví an Rí
Solomon ón mnaoi dobhí ag Urias.


L. Mt1:7


Agus do ghein Solomon Roboam. Agus do ghein Roboam Abia. Agus
do ghein Abia Asa.


L. Mt1:8


Agus do ghein Asa Iosaphat. Agus do ghein Iosaphat Ioram. Agus do
ghein Ioram Osias.


L. Mt1:9


Agus do ghein Osias Ioatham. Agus do ghein Ioatham Achas. Agus
do ghein Achas Esekias.


L. Mt1:10


Agus do ghein Esekias Manasses. Agus do ghein Manasses Amon.
Agus do ghein Amon Iosias.


L. Mt1:11


Agus do ghein Iosias Iechonias agus a dhearbhráithreacha ag bruid
na Babilone.


L. Mt1:12


Agus tar éis bhruide na Babilone do ghein Iechónias Salathiel,
do ghein Salathiel Sorobabel.


L. Mt1:13


Agus do ghein Sorobabel Abiud. Agus do ghein Abiud Eliakim.
Agus do ghein Eliakim Azor.


L. Mt1:14


Agus do ghein Azor Sadoc. Agus do ghein Sadoc Achím. Agus do
ghein Achím Eliud.


L. Mt1:15


Agus do ghein Eliud Eleazar. Agus do ghein Eleazar Matthan. Agus
do ghein Matthan Iacob.


L. Mt1:16


Agus do ghein Iacob Ioseph fear Mhuire as ar geineadh Íosa, dá
ngoirthear Críosd.


L. Mt1:17


Uime sin anuile gheinealach ó Abraham gu Dáuí is ceithre
geinealuigh dhég íad: agus ó Dhauí go bruid na Babilone ceithre
gluíne dég: agus ó bhruid na Babilone gu Críosd, ceithre glúine dég.


L. Mt1:18


Agus is mar so dobhí geineamhuin Iósa Críosd, óir tar éis
daingin do thabhairt eidir a mháthair Muire agus Ioseph, níis taosga na
thángadur a ngar a cheíle frioth torrach í ón Spioruid Naomh.


L. Mt1:19


Ach dar mbeith do Ioseph a fear na dhuine chomhthrum, agus nar
aíll leis isimpláir do dhenamh dhi, do budh mian ris a cur uadha gós
íseall.


L. Mt1:20


Agus ag smuaintiughadh na neithise dhó, féch do fhoillsigh aingeal an
Tighearna é féin dó anaislinn, ag rádha, a Ioseph mhic Dábhí ná
bíoth egla ort do bhen féin Muire do ghabhail chughad, óir an ní atá
arna gheineamhuin innte, is ón Spiorad Naomh é.


L. Mt1:21


Agus béruidh sí mac, agus dobheruidh tú Íosa dainm air, óir
slanochadh se a fpubal féin óna bpecuighibh.


L. Mt1:22


Agus dorinnedh so uile dochum gu gcoimhlíonfuighthe an ní adubhairt
an Tigherna thríd an bfáidh, ag rádha,


L. Mt1:23


Tabhair dodhaire, bíaidh maiden torrach agus béruidh sí mac,
agus dobhéruidh tú Emmanúel dainm air (Is ionann sin ré rádha, arna
mhiniughadh, Dia maille rinn.)


L. Mt1:24


Agus ar musgladh do Ioseph as a chodladh, dorinne sé mar do aithin
aingeal an Tigherna dhe, agus do ghabh sé chuige a bhen.


L. Mt1:25


Agus níor aithin sé í nó gu rug sí a céudmhac agus tug sé Iósa
dainm air.



<L Mt2.>


L. Mt2:1


Agus an tan dorugadh Iósa a mBethleem atá a nIúdea a
laithibh Iorúaith an rí, féuch tangadar Draoithe ónaird thoir go
Hiarusalem.


L. Mt2:2


Ag rádha, ga háit ina bfuil an Rí úd na nIúduigheadh atá arna
bhreith? óir dochunncamairne a réalta ann sanaird tshoir, agus tangamar
dá onórughadh.


L. Mt2:3


Achd an tráth dochúaláidh an rí Iorúaith sin, dobhí sé arna
bhúaidhredh, agus Iárusaleim uile maille ris.


L. Mt2:4


Agus ar gcruinniughadh úachdarán na sagart uile dho, agus
scríobuidhegh an fphubail, do fhíafruigh sé dhíobh, cía anáit anna
mbérthaoi Críosd.


L. Mt2:5


Agus adubhradarsan ris a mBeithleem atá a Niudea, óir is
mar so atá sé arna sgríobhadh ag an bfáigh:


L. Mt2:6


Agus tusa a Bheithleem talamh Iúda, ní tú is lugha eidir
dhiúicidhibh Iúda: óir is asad tiocfas an diuíce bhethóchas mo
fpubal Israel.


L. Mt2:7


Agus annsin do ghoir Iorúaith na dráoithe gós íseal chuige, agus do
fhíafruigh sé dhíobh gu roighér cia anaimsear ionar foillsigheadh an
réllta dhóibh.


L. Mt2:8


Agus aga gcur don Bheithleem dhó, adubhairt sé, imdhigh agus iárruigh
an naoidhe gu dithcheallach agus tar éis a fhadhála dhaoíbh, innisigh
dhamhsa é, dochum go rachainnsi féin agus go dtiobhruinn onóir dhó.


L. Mt2:9


Agus ar gcluinsin an ríogh dhóibh, do imthighedar: agus féch, an rélta
dochunncadar ann sanaird tshoir, dochuáidh sé rompa nó gu dtainic sé agus
gur chomhnuigh sé ós cionn anionuid ann a raibhe an náoidenán.


L. Mt2:10


Agus ar bfhaicsin an rélta dhóibh, do ghabh gairdechus romhór iád.


L. Mt2:11


Agus ar ndul asdech don tigh dhóibh fúaradar an naoidhe a bfochair a
mhathar Muire: agus arna leigean air a ngluinibh dhóibh, do onóruighedar
é, agus ar nosgladh a gcisdegh dhóibh tugadar tioghluicthe dhó iodhon ór,
agus túis, agus mirr.


L. Mt2:12


Agus ar bhfadhail teguisg ó Dhía anaisling dhóibh gan filledh
dochum Iorúaith, do iompuidhedar a slighe eile da dtír féin.


L. Mt2:13


Agus ar nimthechd air a nais dóibh, féach do toibhreadh aingeal an
Tighearna a mbrionglóid do Ioséph, ag rádha, eirigh agus gabh
an náoidhenán agus a mháthair chugad, agus teith donÉigipt: agus bí
annsin nó gu labhruidh mheise riot óir iárrfuidh Iorúaith an náoidhe
dochum a mhillte.


L. Mt2:14


Agus ar néirghe dhósan do ghabh sé an náoidhe chuige agus a
mháthair ann sanoidhche, agus do imthigh sé donÉigipt.


L. Mt2:15


Agus dobhí se annsin gu bás Ioruaith: dochum go gcoimhlíonfuighthi
an ní adubhairt an Tigherna leis an bhfáigh, adeir, do ghoir mé ma
mhac féin as anÉigipt.


L. Mt2:16


Annsin, an tan dochunnaic Ioruaith gu ndernadar na dráoithe
fonómhad fáoi, do las sé lé feirg: agus ar gcur luchda dichennta úadha,
do mharbh sé a raibhe do léanbaibh fer a mBethleem agus ann a tórannaibh
uile ó aois a dhá mblíadhan nó fáoi, do réir na haimsire do fhoghluim sé go
dithcheallach ó na dráoithibh.


L. Mt2:17


Is annsin do coimhliónadh an ní adubhairt Ieremias an fáigh, adeir,


L. Mt2:18


Dochlos guth a Ráma, cáoi, agus gul, agus uállfurtach romhór,
Rachel ag caoínedh a cloinne, agus níorbháil lé sólás do léigean
chuice, tré nach rabhadar na mbeathaidh.


L. Mt2:19


Agus an tan fúair Iorúaith bás, féuch do toibhridheadh aingeall an
Tigherna a mbrínglóid do Ioséph ann sanÉigipt,


L. Mt2:20


Ag rádha, eirigh, gabh chugad an lenabh agus a mhathair, agus imthigh
gu talamh Iósraél, óir fúaradar an dream dobhí ag iáiruidh anma an
leinibh, bás.


L. Mt2:21


Agus do éirigh seisen, agus do ghabh sé an lenabh agus a mháthair
chuige agus táinic sé gu talamh Iosrael.


L. Mt2:22


Agus an tan dochúaluidh sé Archelaus do bheith na rí a nIúdea
anionadh Iorúaith a athar, dobhí egla air dhul innte: achd
chena ar bfagháil teguisg ó Dhía dhó a mbrionglóid dó iompuidh sé gu
críochaibh na Galile.


L. Mt2:23


Agus an tan táinic sé annsin, do chomhnuigh sé sa gcathair dá
ngoirther Nasaréth, dochum go gcomhlíonfuidhthe an ní adubhradh ris na
Fáighibh, iodhon go ngoirfidhthe Nasardha dhe.


L. Mt3



L. Mt3:1


Agus ann sna laithibh sin dobhí Eóin baisde a denamh sennmóra air
fásach Iúdea,


L. Mt3:2


Agus ag rádha: dénuidh aithrighe, oir do dhruid ríoghachd Dé ribh.


L. Mt3:3


Óir as é so an té úd air ar labhair Isaias fháigh, ag rádha, guth an
té eimhgheas air an bfásach, ullmhuighidh slighe an tigherna, dénuidh a
chasain díreach.


L. Mt3:4


Agus así culuigh dobhíodh uime an Eoin sin édach do rúaidhnech
chámhall, agus crios lethair a dtimchell a lesruigh, agus asé do budh
bíadh dhó, locuste agus mil fhiáín.


L. Mt3:5


Dochúaidh Iarusaléim amach chuige an tansoin, agus Iúdea uile, agus
luchd na talmhan atá a dtimchell Iordán uile.


L. Mt3:6


Agus do ghabhadar baisdegh uadha ann Iordán ag admháil a bpecuighedh.


L. Mt3:7


Agus an tan dochunnaic sé mórán do na Phairisínechaibh agus do na
Sadúichechaibh ag techd dochum a bhaisdigh féin, adubhairt sé ríu, a
shíol na naithrech neimhe cía do fhoillsigh dháoibh teithemh ón fheirg
atá ag techd?


L. Mt3:8


Ar anadhbharsoin tabhruigh toradh bhus iomchubhuigh donaithrighe
uaibh.


L. Mt3:9


Agus na smúainidh a rádha ionnaibh féin, atá Abraham na athair
aguinn: óir adeirim ribh, gurab éidir lé Dia clann do dhénamh
dAbrahám do na clochuibhsi.


L. Mt3:10


Agus anois atá an túagh arna cur dochum fréimhe na gcrann: air
anadhbharsoin giodhbé crann nach iomchrann toradh maith, gerrthar é,
agus teilgther ann sa teinidh é.


L. Mt3:11


Gu deimhin baisdimsi sibh lé huisge dochum aithrighe: achd chena
an té thig am dheghuidh is láidire é iona mhé, agus ní fiú mheisi a bhróga
diomchur: baisdfidh seisean leis an Spioraid Náomh agus lé teinigh sibh:


L. Mt3:12


Agá bfuil a chríathar ann a láimh, agus glanfuidh sé urlár a
bhúailte: agus cruinneochaidh sé a chruithnechd anáit thaisgeadha, agus
loisgfidh sé an cháith lé teinigh nach eidir do mhuchadh.


L. Mt3:13


Táinic Iósa an tansoin ón nGailile gu Iordán dochum Eóin, dochum
gu mbaisdfedh sé é.


L. Mt3:14


Achd chena do thoirmeisg Eóin go gér é, ag rádha, atá a ríachdanus
oramsa thusa dom bhaisdeadh, agus an bfuil tusa ag techd chugamsa?


L. Mt3:15


Agus do fhregair Íosa é, agus adubhairt sé ris, léig dhó anois:
óir is mar so is iomchubhaigh dhúinn gach uile chert do choimhlíonadh: do
fhuluing sé dhó an tansoin.


L. Mt3:16


Agus ar mbeith arna bhaisdegh dIósa, dochuaidh sé air ball
súas as anuisge: Agus féch do hosgladh nemh dhó, agus dochunnaic
Eóin spioruid Día ag tuirrling a gcosamhlachd choluim, agus ag
teachd airsion.


L. Mt3:17


Agus féch guth ó nemh, ag rádha, ag so an mac grádhach úd agamsa,
dá bfuil mo mhórthoil.


L. Mt4



L. Mt4:1


Andsin do threoruigh an spioruid Iósa dochum an fhásaigh, dochum gu
gcuirfedh an Díabhal cathughadh air.


L. Mt4:2


Agus an tan do throisg sé dá fhiched lá agus dá fhiched oidhche, (do
ghabh) ocras é na dhíaigh sin.


L. Mt4:3


Agus a teachd donabhírseoir chuige, adubhairt sé, más tusa mac
Dé, aithin do na clochuibhsi bheith na narán.


L. Mt4:4


Achd do fhregair seisen, agus adubhairt sé, atá sé arna sgríobhadh,
ní lé harán amháin mhairfeas an duine, achd lé gach uile bhreithir dá dtig
a béul Dia.


L. Mt4:5


Rug an Díabhal leis é an tansoin, don chathruigh náomhtha, agus do
chuir sé air bheinn an teampuill hé.


L. Mt4:6


Agus adubhairt sé ris, más tú mac Dé teilg thú féin siós: óir atá
sé sgriobhtha, gu ttiobhruigh sé aithne dá ainglibh ad thimchell agus
toigebhuidh siad thú ann a lámhaibh dochum nach búailfithe do chos fá
chloich.


L. Mt4:7


Adubhairt Iósa ris, atá arna sgríobhadh mar an gcéna, ní chuirfidh
tú buaidhredh ar an tigherna do Dhía féin.


L. Mt4:8


Rug an Díabhal arís hé dochum sleibhe roaird, agus do fhoillsigh sé
dhó ríoghachda an domhain uile agus a nglóir.


L. Mt4:9


Agus adubhairt sé ris, dobhéruidh mise iád so uile dhuit, má
shléchdann tú dhamh dom onórughadh.


L. Mt4:10


Adubhairt Iósa ris an tansoin, imigh romhad a chathuightheóir: óir
atá sgríobhtha, onorfuidh tú an tighearna do Dhiá féin, agus is dó na
aonar dodhéna tú seirbhís.


L. Mt4:11


Do fhágaibh an díabhal é an tansoin: agus féch, tangadar na
haingill agus dorinneadar friothólamh dhó.


L. Mt4:12


Agus an tan dochúaluidh Iósa gur cuiredh Eoin a láimh do
imdhigh sé don Ghalile.


L. Mt4:13


Agus ar bhfágbháil Nasarét, tainic sé do dhénamh comhnuighe go
Capeirnaum, dobhí cois na fairge a leithimeall Sabulón agus
Neiptailim.


L. Mt4:14


Dochum go gcoimhlíonfuidhthe an ní adubhairt Esaias fáigh, neoch
adeir,


L. Mt4:15


Talamh Sabulón, agus talamh Neptalim, agus a dtimchell shlighedh
na fairge, ar an dtáobh thall do Iórdan, Galile na gcinedhach:


L. Mt4:16


An pubal dobhí na shuidhe a ndorchadas, dochunnaic sé soillsi mhór,
agus atá solus ar néirghe dochum na ndáoine atá na gcomhnuidhe a gcrích
agus a sgáile an bháis.


L. Mt4:17


Uáidh sin amach do thionnsgain Iósa seanmóir do dhénamh, ag rádh,
dénuidh aithrighe, oír do dhruid an ríoghachd neamhdha ribh.


L. Mt4:18


Agus ag siobhal dÍosa ré taobh fhairge na Gailile, dochunnaic sé
días derbhráthar, Símon dá ngoirthear Peadar, agus Andriú a
dhearbhráthair, ag teilgen lín ann sa bfairge (óir dob íasgairighe iád.)


L. Mt4:19


Agus adeir sé ríu, leanaigh mheisi, agus dodhéna mé iasgairighe air
dháoinibh dhíbh.


L. Mt4:20


Agus ar bfágbháil a lióntadh air ball dóibh do leanadar eisean.


L. Mt4:21


Agus ar nimtheachd as sin dó, dochunnaic sé dias eile derbhráthar
Séumas mhac Sébede, agus Eoin a dherbhráthair, a mbád a bfochair
Shebede a nathar, ag córughadh a líontadh: agus do ghoir sé iad.


L. Mt4:22


Agus ar bfágbháil an bháid agus a nathar féin dhóibhsen, do
leanadar é.


L. Mt4:23


Agus do ghabh Iósa a dtimcheall na Galile uile ag tegasg ann a
sionagóguibh agus ag seanmóir shoisgéil
na ríoghachda, agus ag slánachadh gach tinnis agus gach égcruais a mesg
an fpubail.


L. Mt4:24


Agus dochúaidh a chlú fá Shiria uile: agus tugadar chuige gach
áon dá raibhe easlán le galruighthibh éugsamhla, agus arna gcuibhreabhadh lé
heasláintibh, agus aga mbidís deamhain ionnta, agus dobhíodh tinn lé goin an
ré, agus luchd pailirise, agus do shlánuigh sé iad.


L. Mt4:25


Agus do lean cuideachda mhór é, ón Ghailile, agus ó Dhecapoli,
agus ó Iarusalém, agus ó Iudéa, agus ó na críochaibh atá don taobh
thall do Iórdán.


L. Mt5



L. Mt5:1


Agus an tan dochunnaic Iósa an slúagh, dochuaidh sé suás ar
shlíabh: agus ar suighe dho, tangadar a dhisgiobuil chuige.


L. Mt5:2


Agus ar nosgladh a bhéil do, do theagaisg sé iád, ag rádha:


L. Mt5:3


Is beannuighthe na boichd a sbioruid, óír is léo ríoghachd
fhlaitheamhnuis.


L. Mt5:4


Is beannuighthe na daóine doní dobrón: óir doghébhaid siád sólás.


L. Mt5:5


Is beannuighthe na daóine míne: óir bíaidh selbh na
talmhan aca do dhlighedh oighrechda.


L. Mt5:6


Is bennuighthe an dream air a bfuil ocras agus tart na córa: óir
saishéochthar iad.


L. Mt5:7


Is bennuighthe na daóine trocaireacha: óir doghébhaid siád trócaire.


L. Mt5:8


Is beannuighthe na daóine atá glan na gcroidhe: óir dochífid siád
Día.


L. Mt5:9


Is beannuighthe luchd na síothchána do dhénamh: óir goirfidhther clann
Dé dhíbh.


L. Mt5:10


Is bennuighthe an drem fhuilngeas dochar ar son na córa: óir is
léo ríoghachd fhlaitheamhnuis.


L. Mt5:11


Is bennuighthe bheithí an tan imdhergfuid daóine sibh, agus
dhíbéoruid siád sibh, agus adéuruid gach uile dhrochfhocal ribh gu
bréugach, ar mo shonsa.


L. Mt5:12


Bíoth gairdechas agus luáthgháir oruibh, óir is mór bhur lúaighechd
ar neamh: óir is mar sin do bhuáidhreadar na faídhe thainic romhaibh.


L. Mt5:13


Is sibhsi salann na talmhan: giodh eadh dá mbé an salann gan bhlas,
créud lé a saillfidhthear hé? ni fhuil feidhm air ó sin súas, achd a
theilgen amach, agus a shaltairt fá chosaibh dáoine.


L. Mt5:14


Is sibhsi solus an domhain: ní héidir cathair atá arna suighiughadh
ar shlíabh dfolach.


L. Mt5:15


Agus ni lasaid (dáoine) coinneall dochum go gcuirfeadáois fá bhéul
buiséil í, achd a gcoinnléoir agus doní sí solas dá a mbíonn asdigh.


L. Mt5:16


Gu madh mar sin dhelróchus bhur soillsisi a bhfíadhnuisi na ndáoine,
a gcruth gu bhfaicfid siád bhur ndeghoibrighthe, agus gu dtiobhruid
glóir dá bhar nathair atá ar nemh.


L. Mt5:17


Ná measaidh go dtáinic meisi do sgáoileadh an dlighidh nó na
bhfáighenn: ní dá sgáoileadh thainic mé, achd dá gcoimhlíonadh,


L. Mt5:18


Óir adeirim ribh go fírinnech, nó ghu ndechaidh neamh agus talamh
thort, ní rachaidh én iota ná áon phunc don dligheadh thart, nó go
gcoimhlíontar gach uile ní.


L. Mt5:19


Ar an adhbhar soin giodhbé nech bhrisfes áon aithne do na
haithentaibh roibhega so, agus theagoisgfes na dáoine mar sin,
goirfidhthear dhe an duine is lugha a ríoghachd neimhe: achd giodhbé
neach dodhéna agus theagoisgfeas (iád), goirfidhther duine mór dhe a
ríoghachd neimhe.


L. Mt5:20


Oír adeirim ribh, muna sáruighidh bhur bhfiréntachtsa fíréntachd
na sgríobuighedh agus na bhfairisínech, nach rachtháoi asdech sa
bhflaitheas neamhdha gu brách.


L. Mt5:21


Dochúalabhair gu ndubhradh ris na seinnseraibh, na déuna
dúnmharbhadh, agus giodhbé dodhéna dúnmharbhadh biáigh sé cionntach ó
bhreitheamhnas.


L. Mt5:22


Achd adeirimsi ribh, gach nech doní fearg réna dhearbhráthair gan
adhbhar, budh cionntach don bhreithemhnus é: agus giodhbé neach
adéuruidh réna dherbhráthair Raca, budh cionntach do bhreith na
comhairle é: agus giodhbé adéuruidh a amadáin, budh cionntach é do
theinigh ifeirn.


L. Mt5:23


Uime sin má thugann tú do thabhartus dochum na haltóra, agus gu
gcuimhneochaidh tú annsin gu bhfuil ní ar bioth agad dherbhráthair ad
haghaidh,


L. Mt5:24


Fágaibh do thabhartus annsin a bhfiádhnuisi na haltóra, agus
imthigh, agus ar tús réidhigh réd dherbhráthair, agus tar éisi sin ar
dteachd duit tabhair uáit do thinnlacadh.


L. Mt5:25


Réidhigh gu lúath rédh esgcaruid, an feadh bhiás tú na
fhochair sa slighe: deagla gu dtiobradh teasgcara don bhreitheamh
thú, agus gu dtiobhradh an breithemh thú don mháor, agus gu dteilgfidhthi
a bpríosún tú.


L. Mt5:26


Adeirim riot gu fírinneach, nach rachaidh tú as sin amach, nó gu
níoca tú an fheoirling dheighenach.


L. Mt5:27


Dochúalabhair gu ndubhradh ris na seinnsearaibh, ní dhéna tú
adhaltrannas.


L. Mt5:28


Achd adeirimsi ribh, giodhbé nech fhéchas air mhnáoi chum a
sanntaighthe, go ndernuidh sé adhaltrannas lé cheana ann a chroidhe.


L. Mt5:29


Ar an adhbhar soin más cionntach do shúil deas le hoilbhéim
dfhagháil duit, béan asad hí, agus teilg uait hí: óir is ferr dhuit
aon bhall dod bhallaibh do dhul amugha, ná do chorp uile do theilgean gu
hifearn.


L. Mt5:30


Agus má dobheir do lámh dheas sgannail dhuit, gearr dhiót hí, agus
teilg uáit hí. Óir is ferr dhuit aon bhall dod bhallaibh do dhul amugha,
ná do chorp uile do theilgean gu hifearn.


L. Mt5:31


Agus atá arna rádh, giodhbé léigfeas a bhean fpósda, tabhradh sé
leitir dhealuighthe dhí.


L. Mt5:32


Achd cheana adeirimsi ribh, giodhbé neach léigfeas a bhean fpósda
féin (ach amháin ar son adhaltrannais) gu dtabhrann sé uirrthe adhaltrannas
do dhenamh, agus an té dobhéraidh an bhean soin do léigeadh, doní sé
adhaltrannas.


L. Mt5:33


Mar an gcéna dochúalabhair gu ndubhradh ris na seinnsearaibh, ní
thiobhruidh tú héitheach: achd dobhéra tú don Tigherna na neithe ré a
dtuguis mionna.


L. Mt5:34


Achd adeirimsi ribh, ná tabhruidh mionna ar mhodh ar bioth: ná
tabhruidh neamh, óir as í caithír Dhia hé.


L. Mt5:35


Ná tabhraidh an talamh, óir as é sdól a chos é: ná tabhruidh
Iarusaléim, óir as í cathair an Ríogh mhóir hí.


L. Mt5:36


Ná tabhair do cheann féin mar mhionnaibh: óir ní héidir riot áonruibe
geal ná dubh do dhéunamh.


L. Mt5:37


Achd gu madh hé bhús comhrádh dháoibh, as eadh, as eadh, ní headh,
ní headh: achd gidhbé ni bhías as a gcionn so, is ón olc atá sé.


L. Mt5:38


Dochúalabhair gu ndubhradh, súil ar son tsúl, agus fíacail ar son
fhíacal.


L. Mt5:39


Achd chena adeirimsi ribh, ná cuiridh anadhaigh an uilc: achd
giodhbé neach bhúailfeas tú ár do ghiall deas, iompaigh chuige an iall
oile.


L. Mt5:40


Agus an té lérab aill cúis bhreitheamhnuis do chur ort, agus do chóta
do bhúain díot, leig leis do chlóca fós.


L. Mt5:41


Agus giodhbé bhéras leis ar feadh míle ar éigin tú, imthigh leis ar
feadh dhá mhíle.


L. Mt5:42


Tabhair ní don té iarrfus ort é, agus giodhbé lenab mian
airleagadh dfhagháil uait, ná fill uadha .


L. Mt5:43


Dochualabhair gu ndubhradh, grádhóchuigh tú do chomharsa, agus
biaidh fúath agad dod námhaid.


L. Mt5:44


Achd adeirimsi ribh, bíogh grádh agaibh dá bhur naímhdibh,
beannaighidh na dáoine mhallaigheas sibh, déunaidh maith do na dáoinibh
ar a beag sibh, agus déunaidh urnaighthe ar son na muinntire
bhuaidhreas agus dhíbreas sibh.


L. Mt5:45


Dochum gu mbeith sibh ion bhur gcloinn ag bhur nathair féin atá air
neamh, óir dobheir seisean fá deara gu néirgheann a ghrian féin air na
drochdhaoínibh agus air na deghdhaóinibh, agus doní sé fethruin air
na fírénacaibh agus air na neamhfhíréncuibh.


L. Mt5:46


Óir má bhíonn grádh agaibh don muinntir agá bhfuil grádh dháoibh,
créud é an lúagheachd doghéubhthaói? an é nach dénaid na puibliocáin an
ní céudna.


L. Mt5:47


Agus má chuirthí fáilte roimh bhur nderbhraithrechaibh féin amháin,
créud doníthí do bhárr air chách? an é nach deúnuid na publeacáin féin
mar an gcéudna?


L. Mt5:48


Ar an adhbhar soin bídhidhsi dengmhálta, mar atá bur nathair ata ar
neamh deangmhálta.


L. Mt6



L. Mt6:1


Tabhraidh bhur naire nach deúntáoi bhur ndeírc a bhfiadhnuisi dáoine,
dochum gu bhfaicfeadáois sibh: nó ní fhuighthi lúaghuidheachd ó bhur nathair
atá air neamh.


L. Mt6:2


Ar an adhbhar soin an uair doní tú déirc, ná cuir galltrompa dhá
sheinm romhat, mar doní luchd an fhúarchrabhaigh ann sna sínagógaibh agus
annsna sráideannaibh, dochum gu bhfuidhidís glóir ó dhaóinibh: gu
fírinneach adeirimsi ribh, gu bfuil a dtúarasdal aca.


L. Mt6:3


Achd cheana an tan doní tú deírc, ná bíodh a fhios agad láimh chlí
créud doní do lámh dheas.


L. Mt6:4


Dochum go mbíadh do dhéirc a bhfolach: agus dobhéruidh hathair
dochí an uaigneas lúaghuigheachd duit gós aírd.


L. Mt6:5


Agus an tan doní tú urnuidhe na bí mar lucd an fhúarchrábhaigh: óir
is ionmhain léo urnuighthe do dheúnamh annsna sinagógaibh, agus a gcomhrac
na ród na seasamh, dochum go bhfaicfeadáois na dáoine iád: go deimhin a
deirimsi ribh go bhfuil a dtuarusdal aca.


L. Mt6:6


Achd cheana an tan doní tusa urnuighthe, imthigh asdeach ann do sheómra,
agus ar niadhadh do dhoruis duit guidh hathair féin ata a bhfolach:
agus dobhéraidh hathair dochí a bhfolach luághuidheachd gós aird
duit.


L. Mt6:7


Achd cheana ag déunamh urnuidhthe dháoibh ná bithí rochainnteach mar na
cineadhacha, óir saoilid siád gu néisdfidhthear ríu ann aniomad briathar.


L. Mt6:8


Uime sin ná samhlaighthear sibh ríu: óir atá a fhios ag bhur nathair
féin cia híad na neithe atá dhuireasbhaigh oruibh, níis táosga ná
iarfuighthi air iád.


L. Mt6:9


Air an adhbhar soin dénaidhsi bhur nurnuighe mar so. Ar nathairne
atá ar neamh, náomhthar hainm:


L. Mt6:10


Tigeadh do ríoghachd. Deúntar do thoil ar an dtalamh, mar atá ar neamh.


L. Mt6:11


Tabhair dúinn aniu ár narán léthamhail:


L. Mt6:12


Agus maith dhúinn ár bhfíacha, amhail agus mar mhaithmídne dár
bhféitheamhnuibh féin.


L. Mt6:13


Agus ná treóruigh dochum búaidheartha sinn, achd saor sinn ón olc.
Óir is leat féin an ríogháchd, agus an chumhachd, agus an ghlóir gu
siórruighe. Amen.


L. Mt6:14


Óir má mhaiththí a gcionnta do dháoinibh, maithfidh bhur nathair
neamhdha dáoibhsi mar an gcédna.


L. Mt6:15


Achd muna maiththísi a gcoirthe do na dáoinibh, ní mhaithfidh bhur
nathair féin dáoibhsi bhur gcoirthe.


L. Mt6:16


Agus an tan doníthí trosgadh, na bídhidh grúama mar luchd an
fhúarchrábhaidh: óir dorchuidhid siád an aithe dochum gu madh follus
dona dáoinibh iád do throsgadh: adeirimsi ribh go fírinneach, gu bfuil
a dtuarasdal aca.


L. Mt6:17


Achd cheana, an tan dodhéna tusa trosgadh, cuir ola ar do cheann,
agus ionnail haghaidh:


L. Mt6:18


Dochum nach bhudh follas do na dáoinibh go ndenann tú trosgadh, achd
dodh athair atá a bfolach: agus dobhéuraidh hathair dochí a bfolach
(hiaratuis) dhuit gós aírd.


L. Mt6:19


Ná cruinnighidh ionnmhas ar an dtalamh, mar a ttruailleann an léoghan
agus na meirge é, agus mar a ttochlaid agus mar a ngoidid na
biothamhnuigh.


L. Mt6:20


Achd cruinnighidh ionnmhas dháoibh féin air neamh, ós ann nach
truáilleann an míol críon naíd na meirge, agus nach tochlaid agus nach
goidid na gaduidhthe.


L. Mt6:21


Óir giodhbé ball iona bfuil bhur nionnmhas, is annsin bhias bhur
gcroidhe mar an gcédna.


L. Mt6:22


As í an tsúil solas an chuirp: uime sin má bhíonn do shúil glan,
biáidh do chorp uile solus:


L. Mt6:23


Achd dá raibh do shúil gu holc, biáidh do chorp uile dorcha: ar
an adhbhar soin má atá an solus atá ionnad na dhorchadus, créud é méd an
dorchaduis sin?


L. Mt6:24


Ní héidir le neach air bioth seirbhís do dhéunamh do dhá
thigherna, óir biaidh fuath aige do dhuine aca, agus grádh don duine
eile: nó adharfuigh sé do neach aca, agus dobhéraidh sé tarcuisne ar
an dara fer: ní heídir libh seirbhís do dhénamh do Dhía agus do
Mhamon.


L. Mt6:25


Ar an adhbhar soin adeirimsi ribh, ná bidhidh lán do chúram a
ttimcheall bhur mbeatha, créud íosdáoi nó iobhtháoi: ná a dtimcheall bhur
gcuirp, créud chuirfí iomaibh. An é nach mó an tanam ná an biadh, agus
an corp ioná an téudach?


L. Mt6:26


Féchaigh ar éunlaith an aiéir: óir ní chuirid síol, agus ní bhenuid
siad, agus ní chruinnighid siád anna sgiobólaibh; agus fós bethaighidh
bhur nathair nemhdhasa iád: an é nach ferr sibhsi gu mór iona iádsan?


L. Mt6:27


Agus cía agaibh léna iomad cúruim fhédas aon bhannlámh do chur léna
airde féin?


L. Mt6:28


Agus créud fá a bfuiltí rochúramach a ttimcheall bhur gculadh?
foghlomaidh cionnas fhásaid lilighe an mhachuire: ní dhénaid siád saothar,
agus ní shníomhaid siad.


L. Mt6:29


Gidhedh adeirimsi ribh, nach raibhe Solomh féin guna uile ghlóir,
arna eúdughadh mar aón díobh so.


L. Mt6:30


Agus má doní Día luibh an mhachaire atá aniugh ann, agus amárach
arna
theilgein annsan úamhain deúdughadh mar sin an é nach mó na sin sibhsi, a
dhaóine begchreidmhecha?


L. Mt6:31


Uime sin na brisidh bhur gcroidhe ré cúram, a rádha, créd iósam?
nó créd iobham? nó créd chuirfeam iomainn?


L. Mt6:32


(Óir as iád so uile iarruid na cinedhaigh) óir atá a fhios aga bhur
nathair nemhdhasa gu bfuil a ríachdanas so uile oraibh.


L. Mt6:33


Achd íarraigh ar tús flaithes Dé, agus a fhiréntachdsan, agus
teilgfidhther na neithesi uile chugaibh.


L. Mt6:34


Uime sin ná bíoth rochúram oruibh timcheall an laói amáruigh, óir
biaidh a sháith cúruim air an lá a márach timcheall a neithe féin: is leor
don lá a olc féin.


L. Mt7



L. Mt7:1


Na beiridh breth, dochum nach bérthaói breth oraibh.


L. Mt7:2


Óir is do reír na breithe bheirthí, bheúrthar breth oruibh: Agus is
leis an mésúr thomhaisti, thoimheósfuidhther dhaoibh arís.


L. Mt7:3


Achd créd fá a bhfaicenn tú an brobh atá a súil do dherbhráthar,
agus nach cuireann tú an umhail an tsail atá ann do shúil féin?


L. Mt7:4


Nó cionnas adeúraidh tú réd dhearbhráthair, fulaing dhamh an brobh
do bhuain ód shúil, agus féuch an tsail ann do shúil féin?


L. Mt7:5


A fhir an fhúarchrábaidh, ben an tsail ar tús as do shúil féin, agus
annsin budh léir dhuit an brobh do bhuáin as súil do dherbhráthar.


L. Mt7:6


Ná tabhraidh an ní naómtha do mhadruighibh, agus ná teilgidh bhur
gclocha úaisle a bhfiadhnuisi na muc air eagla go sailtéoradaóis orrtha léna
gcosuibh, agus ar bfilleadh dhóibh gu dtarróngadaóis sibh féin as a
chéile.


L. Mt7:7


Iarruigh agus dobéurthar dhaóibh: lurgairidh agus doghébhtháoi:
búalidh an dorus agus oisgéoltar dhaoibh.


L. Mt7:8


Oír gach uile neach iárrus, glacuidh sé: agus giodhbé lurgaireas
doghéibh sé, agus is don té bhúaileas an dorus oisgéoltar.


L. Mt7:9


Oír cía an duine agaibhsi, má atá gu níarrfuigh a mhac arán air,
dobhéraidh cloch dhó?


L. Mt7:10


Agus mas iásg iárrfus sé, an aithir neimhe dobheúraidh sé dó?


L. Mt7:11


Ar an adbhar soin ma atá a fhios agaibhsi atá olc créd hé
tioghluicthe maithe do thabhairt dá bhur gcloinn, an é nach mó iona sin
dobhéraidh bhur nathairse atá air neamh, neithe maithe don dreim
iárrus air iád?


L. Mt7:12


Uime sin gach uile ní budh mían libh do dhénamh dhaóibh do dhaóinibh,
deúnaidhsi a leithéide dhoibhsean mar an gcédna: oír as é so an
dligheadh agus na faíghe.


L. Mt7:13


Imthighidh asdeach sa dorús chumhang: óír is fairsing an dorus, agus
is lethan an tslighe thréoraighes dochum damanta, agus is mór théid asdeach
thríthe.


L. Mt7:14


Óir is cumhang an doras, agus is caól an tslighe thréoraighes chum
na bethadh, agus is beg dogheibh éolus uirrthe.


L. Mt7:15


Tuilleadh eile, coimhédaigh sibh féin ar na fáighennaibh fallsa,
thigh chugaibh a gculaidhibh caórach, agus atá leath asdigh na
madruidhibh allta aimeartnacha.


L. Mt7:16


Air a dtórthaibh aitheóntaoi iád. an gcruinnighid daoíne caóra
fínemhna do dhrisech, nó fígighe do na fóthannánaibh?


L. Mt7:17


Is mar sin dobheir gach uile chrann maith tortha maithe úadha,
achd dobheir an drochchrann drochthoirthe uadha.


L. Mt7:18


Ní héidir leis an gcrann maith drochthortha diomchar, ná leis an
gcrann gcríon tortha maithe do thabhairt.


L. Mt7:19


Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith, gearthar é, agus
teilgthear annsa teinidh hé.


L. Mt7:20


Ar an adhbhar soin is air a ttorthaibh aitheontaói iád.


L. Mt7:21


Ní hé gach uile neach adeir riomsa, a thighearna, a thighearna,
rachas asdeach sa rioghachd neamhdha, achd an té doní toil mhatharsa
atá air neamh.


L. Mt7:22


As iomdha daóine adeúraidh ríumsa annsa la úd: a thighearna, a
thigherna, an é nach ad hainmsi dorinneamair fáigheadóireachd, agus
ad hainmsi do theilgeamar amach na deamhain, agus dorinneamar iomad
míorbhaileadh?


L. Mt7:23


Achd chena aidmhéochuidh meisi gós aird dhóibh an tan soin, níor
aithnid damh riamh sibh, imthighidh uáim a luchd deúnta na heúgcóra.


L. Mt7:24


Ar an adhbhar soin gach uile neach dochluin na briathrasa agamsa
agus doní íad, saimhléochaidh mé lé duine glic hé, neach dorinne a theagh
air charraig.


L. Mt7:25


Agus do thuirling an fhearthain agus tangadar na tuilte, agus do
shéideadar na gaótha, agus do bhuaileadar ar an tteagh úd, agus níor thúit
sé: óir dobhí a fhuiniméd air charraig.


L. Mt7:26


Agus gach uile neach dhochluin mo bhriathrasa, agus nach
gcoimhlíonann iad, saimhléochthar hé lé duine leamh, neoch do thógaibh a
theagh air ghaineamh.


L. Mt7:27


Agus do thuirling an fhearthain, agus tangadar na tuilte, agus do
shéideadar na gaótha, agus do bhuaileadar air an dteach úd, agus do thuit
sé, agus dobudh mhór a thuitim.


L. Mt7:28


Agus tárrla an tan do chríochnaigh Iósa na bríathrasa, gur ghabh
uathbhás an pubal trína theagasgsan.


L. Mt7:29


Óir do theagaisg sé iád mar neach agá raibhe cumachda, agus ní mar na
sgríobuighe.


L. Mt8



L. Mt8:1


Agus tar éis teachd anúas don tsliabh dhó, do lenadar cuidechda mhór hé.


L. Mt8:2


Agus tabhair huídh, tainic lóbhar chuige agus do shléchd sé dhó,
ag rádha, a thighearna, mádh áill leat, is éidir leat mheisi do ghlanadh.


L. Mt8:3


Agus ar síneadh a laímhe do bhean Íosa ris a rádha, is áill: bi glan,
agus ar an mball dobhí a lobhradh arna ghlanadh.


L. Mt8:4


Agus adeir Iósa ris, tabhair dod haire gan a innisin do dhuine ar
bhioth: achd imthigh, foillsigh thú féin don tsagart, agus beir chuige an
tighlacadh do aithin Máoisi, mar fhíadhnuisi dhóibh.


L. Mt8:5


Agus ar ndul dIósa asdeach go Capernáum dochúaidh cintúrion
chuige dá ghuidhe.


L. Mt8:6


Agus ag rádha, a thighearna atá móglach na luighe asdigh a
bpairilis, agus arna phiánadh go roiomarcach.


L. Mt8:7


Agus adeir Iósa ris, a teachd damhsa sláinéochaigh mé hé.


L. Mt8:8


Agus ar bhfreagra don chaptain adubhairt sé, a thighearna ní fíu
mheisi thusa do theachd asdeach fam chleith, achd amháin abair an focál,
agus sláinéochthar móglách.


L. Mt8:9


Óir is duine meisi féin atá fá chumhachdaibh, aga bhfuilid díolmhuinigh
fúm, agus adeirim ris an bhfear so, imthigh, agus imthighidh sé, agus ris
an bhfear oilesi, tar, agus tig sé: agus rém shearbhfhoghantaighe déna
so, agus doní sé hé.


L. Mt8:10


Achd arna chluinsin dIósa do ghabh iongantas hé, agus adubhairt
sé ris an muinntir dobhí na dhiáigh, go fírinneach adeirim ribh, nach
bhfúair mé an oireadsa do chreideamh an Iosráel féin.


L. Mt8:11


Agus adeirim ribh go ttiocfuidh morán ón aird tsoir agus ón aird
tsíar, agus suighfid siad a bhfochair Abraham agus Isaac agus
Iacob annsa rioghachd neamhdha.


L. Mt8:12


Agus gu tteilgfidhthear clann na ríoghachda annsa dorchadas atá léath
amuigh, biáigh gul agus gearradh fíacal annsúd.


L. Mt8:13


Agus adubhairt Iósa ris an gcaptain, imthigh romhat, agus bioth
dhuit do réir mar do chreid tú: agus do slánuigheadh a sherbhfoghantaidhe
ar an úair sin.


L. Mt8:14


Agus an tan tháinic Iósa go tigh fPedair, dochunnaic sé máthair
a mhná na luighe, agus hí a bhfíabhrus.


L. Mt8:15


Agus do bhean sé réna láimh, agus do fhágaibh an fíabhrus hí: agus do
éirigh sí agus dorinne sí friothólamh dhóibh.


L. Mt8:16


Achd an tan dobhí deíreadh an láoi , tugadar mórán do dháoinibh
ann a rabhadar deamhain chuige, agus do theilg sé na spioruidighe amach lé
focal, agus do shlánaigh sé gach uile dhuine dá raibh easlán.


L. Mt8:17


Dochum go gcoimhliónfuighthe an ní adubhairt Esaias fáigh, adeir:
do ghabh séisean ar négcrúaisne air, agus do iomchair sé ar
ngalruighthe.


L. Mt8:18


Agus an tan dochunnaic Iósa slúagh mór na thimcheall, do aithin sé
dhul tar obhainn anunn.


L. Mt8:19


Agus ag techd do sgríobhaidhe dháiridhthe, adubhairt sé ris:
a mhaighisdir, leanfuigh meisi thú giodhbé ar bhioth ball ann a rachaidh
tú.


L. Mt8:20


Agus adeir Iósa ris, atáid fúachaisighe ag na sionnchaibh agus neid
ag enlaithibh an aighéir: achd ní fhuil aít ag mac an duine ann a
gcúirfeadh sé a cheann fáoi.


L. Mt8:21


Agus adubhairt fear eile dá dhisgiobluibh féin ris: a thighearna,
léig dhamhsa imtheachd ar tús, agus mathair daghlacadh.


L. Mt8:22


Achd adubhairt Iósa ris, lean meisi, agus léig do na márbhuibh a
mairbh féin daghlacadh.


L. Mt8:23


Agus an tan dochúaigh sé anarthach do leanadar a dhisgiobuil hé.


L. Mt8:24


Agus féuch, do éirigh sdoirm mhór ar an bhfairge, ionnas gur
fholaígheadar na tonna an tarthrach: achd dobhí seisean na chodladh.


L. Mt8:25


Agus ar ndul chuige dá dhisghiobluibh, do dhúisgeadar hé, ag rádha, a
thigherna, fóir oruinn, atámáoid air fágbháil


L. Mt8:26


Agus adeir seisean riú, creúd fá a bhfuiltí eaglach, a luchd an
chreidimh bhig? Ar néirghe dosan an tan soin do bhagair sé air an
ngáoith, agus air an bhfairge, agus táinic ciúnas mór ann.


L. Mt8:27


Agus do ghabh iongnadh na daóine, ag rádha, creúd é an fear so, aga
bhfuilid na gáotha agus an fhairge ag umhlughadh dhó.


L. Mt8:28


Agus an tan tainic sé don taobh eile gu tír na nGeirgesíneach,
tarrladar días do dháonibh air ann a rabhadar demhain, a teachd as na
tuámaighibh, agus dobhí robhuileamhail, ionnas narbh éidir do dhuine ar
bhioth an tslighe sin do ghabháil.


L. Mt8:29


Agus féuch, do éimhgheadar, ag rádha, creud hí ar gcuidne dhiót
a Iósa a mhic Dé? an dtainic tú annso dhár gcéusadhne roimhe an aimsir?


L. Mt8:30


Agus dobhí sealbh mhór mhuc a bhfad uátha ag inghilt,


L. Mt8:31


Agus do iarradar na deamhain athchuinghidh airsean, ag rádha, má
theilgeann tú amach sinn, léig dhúinn dul annsa tréud muc úd.


L. Mt8:32


Agus adubhairt seisean ríu, imthidh: agus ar nimtheachd dóibh do
chúadar annsa tréd muc, agus féuch, do thuit an tréud uile don áill a
ndeaghaigh a gcinn sa bhfairge, agus fuaradar bás annsna huisgeadhaibh.


L. Mt8:33


Agus do theitheadar na búachuillighe agus dochuadar don chathraigh,
agus do innisedar na neithesi uile, agus fós na neithe do eirigh don
luchd ann a rabhadar na deamhain.


L. Mt8:34


Agus féuch dochuadar an chathair uile amach do theangmháil air Iósa:
agus an tan dochunncadar hé, do iarradair air imtheachd as a ttórannaibh
féin.


L. Mt9



L. Mt9:1


Agus ar ndul a loing dhó, dochuaigh sé tar uisge, agus taínic sé dhá
chathraigh féin.


L. Mt9:2


Agus féuch, tugadar fear pairilise na luighe air a leabaidh chuige:
agus an tan dochunnaic Iósa a gcreideamh, adubhairt sé re fear na
pairilísi, bíodh muinighin mhaith agad a mhic, atáid do fpéacaigh arna
maitheamh dhuit.


L. Mt9:3


Agus féuch, adubhradar cuid dáirighe dona sgríobaighibh ionnta féin,
is masluightheach labhras an fear so an adhaigh Dé.


L. Mt9:4


Agus an tan dochunnaic Iósa a smúaintighthe, adubhairt sé, créud fá
smúaintithísi uilc ann bhur gcroidhthibh?


L. Mt9:5


Oír cia is usa a rádha, atáid do fpeacaigh arna maitheamh dhuit: nó a
rádha, éirigh agus siobhail?


L. Mt9:6


Achd dochum gu mbeith a fhios agaibh gu bhfuil cumhachda ag mac an
duine peacaigh do mhatheamh ar an ttalamh (adeir sé an tan soin ré fear
na pairilise) éirigh, tógaibh do leabaigh, agus imthigh dod thigh.


L. Mt9:7


Agus ar néirghe dhósan dochúaigh sé dhá thigh féin.


L. Mt9:8


Achd an tan dochunnaic an pubal an ní si do ghabh iongantas iád,
agus tugadar glóir do Dhía thug a leithede sin do chumhachdaibh do
dháoinibh.


L. Mt9:9


Agus an tan dochuaigh Iósa as an aít sin, dochunnaic sé óglách na
shuighe ag bord an chusduim darbh ainm Matha, agus adubhairt sé ris,
lean meisi, agus ar néirghe dhó do léan sé é.


L. Mt9:10


Agus táinic chum críche ar suidhe dhósan chum bidh a ttigh an fhir
sin, féuch, tangadar iomad puiblicanach agus peacthach, agus do suigheadar
chum bídh maraón ré hÍosa agus réna dhisgibluibh.


L. Mt9:11


Agus an tan dochunncadar na Phairisinigh sin, adubhradar réna
dhisgiobluibhsean, créud fá nitheann bhur maighisdirsi biádh a bhfochair
na bpuiblicánach agus na bpeacach?


L. Mt9:12


Agus an tan dochúalaigh Iósa, adubhairt sé ríu, ní haige an
muinntir atá slán atá féidhm ar an líaigh, achd ag an muinntir atá
easlán.


L. Mt9:13


Achd imdhigh, agus foghlomaigh a chíall so: trócaire is áill lem,
agus ní híobuirt: óir ní thainic mé do ghairm na bhfírénach, achd
na bpeacach dochum aithrighe.


L. Mt9:14


Annsin tangadar disgióbail Eóin chuige, ag rádha, créud fá a
ndénamaóidne agus na Fpairisinigh iomad troisgidh, agus nach troisgid do
dhisgiobailsa?


L. Mt9:15


Agus adubhairt Iósa ríu, an éidir lé cloinn tséomra an fhir
núaphósda bheith dobrónach an feadh bhís an té do pósadh na bhfochair?
achd cheana tiocfuidh lá ann a dtoígébhthar an té atá núapósda uatha,
agus annsin dodhéunaid siád trosgadh.


L. Mt9:16


Agus ní chuireann duine ar bhioth preabán déudach gan chórughadh air
shenédach, oír beanuidh sé a lán féin as an édach, agus doníthear an
briseadh níis measa.


L. Mt9:17


Agus ní chuirid dáoine fíon núa a senbhuidéulaibh, no brisdear na
buidéil agus dóirtear an fíon, agus téid na buidéil amugha: achd cuirid
siád fíon núa a mbuidélaibh náadha, agus bíd siád aráon slán.


L. Mt9:18


Agus ag labhairt na neitheann so dhó ríu, tabhair húigh ar tteachd
dúachdarán dáirighthe chuige do onóruígh sé hé, ag rádha,
fuáir minghean bás ar an mball, achd tarrsa agus cuir do lámh
uirrthe, agus bíaidh sí béo.


L. Mt9:19


Agus ar néirghe dhIósa do len sé féin agus a dhisgiobail hé.


L. Mt9:20


(Agus tabhair dod haire, tainic bean ar a raibhe dórthadh fola le dhá
bhliaghain dég táobh tsíar dhe, agus do chuimil sí lé himeall a eúdaigh.


L. Mt9:21


Oír adubhairt sí innte féin, ma bheanaim léna eúdach abhaín,
biaídh mé slán.


L. Mt9:22


Agus ar bhfilledh dhIósa agus arna faicsin sean dó, adubhairt sé,
bióth muinighin mhaith agad a inghean, do shlánaigh do chreideamh thú,
agus dobhí an bhean slán ó an uáir sin amach.)


L. Mt9:23


Agus an tan tainic Iósa gu tigh an úachdaraín, agus dochunaic sé an
luchd céoil agus an chuideachda ag déunamh míshúaimhnis,


L. Mt9:24


Adeir sé ríu, imthighidh romhaibh: óir ní bhfuil an cailín marbh,
achd na codladh, agus dorinneadarsan fonómhad fáoi.


L. Mt9:25


Agus an tan do cuireadh an chuidechda amach, ar ndul asdeach
dhIósa rug sé air láimh uirrthe, agus do eírigh an cailín.


L. Mt9:26


Agus dochuáigh an tásgsa amach ar feadh na talmhan soin uile.


L. Mt9:27


Agus an tan do imthigh Iósa as sin do leanadar días dall hé ag éimhghe
agus ag rádha, déuna trócaire oruinn a mhic Dabhí.


L. Mt9:28


Agus an tráth tainic sé asdeach don tegh, tangadar na doill chuige,
agus adeir Iósa ríu, an gcreidtí gurab éidir leamsa so do dhénamh?
adeirid siadsan ris, creidimíd gu deimhin, a thighearna.


L. Mt9:29


Annsin do bhen sé réna súilibh, ag rádha, teangmhadh dháoibh do réir
bhur gcreidimh.


L. Mt9:30


Agus do hosgladh a súile súd: agus do bhagair Iósa gu géur orrtha ag
rádha, tabhraidh dhá bhur naire nach fuidhe duine ar bioth a fhios só.


L. Mt9:31


Achd ar a ndul amach dhóibhsean do leathnuighedar a clúsan fán
ttalamh soin uile.


L. Mt9:32


Agus an tan dochúadarsan amach, tabhair húigh, tugadar duine balbh
chuige ann a raibh deamhan.


L. Mt9:33


Agus tar éis an deamhuin do theilgen amach, do labhair an balbhán,
agus do ghabh iongantas an pubal, ag rádha, ni facas a leithéide so an
Íosrael ríamh.


L. Mt9:34


Achd adubhradar na Fpairisinigh, trí fprionnsa na ndeamhan
theilgeas sé amach na deamhain.


L. Mt9:35


Agus do ghabh Iósa timcheall gach uile chathrach agus bhaile, ag
teagasg ann a sinagógaibh, agus ag seanmóir shoisgéil na rioghachda, agus
a slánachadh gach uile easláinte agus égcruáis a measg an fpubail.


L. Mt9:36


Agus an tan dochunaic sé an slúagh, do ghabh trúaighe ghér dhóibh hé,
ar son gu rabhadar arna leathnughadh agus arna sgaradh, mar cháorcha ag
nach fuil búachuill.


L. Mt9:37


Adeir sé an tan soin rena dhisgiobhlaibh, gu deimhin is mór an
foghmhar agus is beag an luchd oibre.


L. Mt9:38


Uime sin guidhidh tighearna an fhoghmhair, luchd oibre do chur amach
chum a fhoghmhair féin.


L. Mt10



L. Mt10:1


Agus ar ngairm a dhá dhisgiobal dég, tug sé cumhachda dhóibh an aghaidh na
spiorad nemhghlan, dochum gu dteilgfeadaoís amach iád, agus gu
slánéochaidís gach uile easláinte agus éagcruas.


L. Mt10:2


Agus as iád so anmanna an dá easbal déug: an chéad duine dhíobh
Síomón da ngoirthear Pedar, agus Ainndrías a dherbháthair,
Séumas mhac Sebede agus Eóin a dhearbhráthair.


L. Mt10:3


Philip agus Bartalomeus, Tomás agus Matha fear chruinnighthe an
chusduím, Sémus mhac Alpheus agus Lebus, dara comhainm Tádeus.


L. Mt10:4


Siomón ó Chánan, agus Iudás Iscariótes, iodhan an té fós do
bhraith eisean.


L. Mt10:5


Do chuir Iósa an dá fhear dhéug so amach, a tabhairt aitheantadh
dhóibh ag rádha, ná gabhaidh gu slighe na gcineadhach, agus na heirghigh
asdeach a gcathuir na Samaritánach.


L. Mt10:6


Achd gu madh táosga rachtáoi dochum cáorach thighe Israel atá ar ndul
amudha.


L. Mt10:7


Agus ar nimthechd dháoibh dénuidh senmóir ag rádha, do dhruid
rióghachd neimhe ribh.


L. Mt10:8


Slánaighidh na dáoine éugcrúaidhe, glanaigh na lobhair, dúisgidh na
mairbh, teilgidh amach na deamhain. An aisgidh fúarabhair, tabhruidh
uáibh an aisgidh.


L. Mt10:9


Na soláthruigh ór, na aírgead, ná umha in bhur gcreasganaibh,


L. Mt10:10


Na mála dochum na sligheadh, na dhá chóta, na bróga, na bata: oir is
fiu an fear oibre a chuid dfhagháil.


L. Mt10:11


Achd giodhbé ar bioth cathair, nó baile ann a rachuidhe asdeach,
fiafruighidh cía bhías deangmhálta innte, agus anaidh annsin nó gu
bhfágtháoi hí.


L. Mt10:12


Agus ar ndul asdeach don tigh dháoibh beannuighidh dhó.


L. Mt10:13


Agus mas fíu an tegh soin é, gu bhfoghnuigh bhur mbeannugadh dhó: agus
muna fhiú gu bhfillidh bhur mbeannughadh chugaibh féin arís.


L. Mt10:14


Agus giodhbé neach nach gébhaidh sibhsi chuíge, agus nach éisdfidh
bhur mbríathra, ar ndul amach as an teagh, nó as an gcathruigh sin díbh,
craithidh dhíbh lúaithreadh bhur gcos.


L. Mt10:15


Adeirim ribh gu deimhin gu madh socamhluidhe do thalamh luchd
Shodóm, agus Ghomorra a ló an bhreithemhnuis, ina don chathruigh
sin,


L. Mt10:16


Féch, cuirimse sibhse mar cháorchaibh a meásg mhadradh állta: ar
an adhbhar soin bídhidh glic mar na haithreacha neimhe, agus
neamhurchóideach mar na colama.


L. Mt10:17


Achd bídhidh ar bhur gcoimhéd ar na dáoinibh: óir dobhéraid siád a
láimh sibh do chomhairleachaibh, agus sgiúrsfuid síad sibh ann a siónagógaibh.


L. Mt10:18


Agus fós bérthar sibh dochum úachdarán agus dochum ríoghthedh ar mo
shonsa, mar fhíné dhoibhsean agus do na cineadhachuibh.


L. Mt10:19


Achd an tan dobhéraid síad úatha a láimh síbh, ná bíodh na
rochás oruibh cionnas, nó créd laibhéortháoi, oír dobérthar dháoibh ar
an uair sin féin an ní laibhéortháoi.


L. Mt10:20


Oír ní sibhsi labhrus, achd spiorad bhur nathar féin labhrus
ionnaibh.


L. Mt10:21


Agus dobhéruidh an derbhráthair an dearbhráthair eile chum báis,
agus an tathair, an mac; agus éireochuidh an chlann anaghuidh a naithreach,
agus a máithreach, agus dobhéuraid fa deara a gcur chum báis.


L. Mt10:22


Agus bíaidh fúath ag gach uile dhuine dhibh ar son mhanmasa: achd
giodhbé fhuiléongas gu dtí deiredh, as é so shlaínéochthar.


L. Mt10:23


Agus an tan bhúaidhéoraid siád sibh annsa chathruighsi, teithidh gu
chathruigh eile, óir gu dearbhtha, adeirimsi ribh nach géubhtháoi
timcheall chaithreach Israél suil thiocfas mac an duine.


L. Mt10:24


Ní fhuil an disgiobal as cionn a mhaighisdir, iona an
searbhfhóghantuighe os cionn a thighearna.


L. Mt10:25


As lór don deisgiobal bheith mar a mhaighisdir, agus don
tshearbhfhoghantuidhe bheith mar a thighearna: ma dho ghoireadar
Belsébub dfhior an tighe, an é nach mo iona sin hoirfid siád é dá
mhuinntir?


L. Mt10:26


Ar an adhbhar soin na bíodh aneagla oraibh; oír ní fhuil ní ar
bioth folaighthe nach tiocfuidh chum soillsi: agus ní fhuil énní ar
ceilt nach aithéontar.


L. Mt10:27


An ní adeirimsi ribh ann sa dorchadus, abruidhsi é ann sa
tsolus: Agus an ní dochluintí in bhar gclúais, dénaidh a chraoiáil ar na
tigthibh.


L. Mt10:28


Agus ná bíodh eagla na muinntire mharbhas an corp oraibh, agus leis
nach éidir an tanam do mharbhadh, achd gumadh mó bhías eagla an tí ud
oraibh lenab éidir an corp agus an tanam do mhilleadh anifearn.


L. Mt10:29


An é nach reacthar dá ghealbhann ar fhéorling, agus ní thuitfidh aon
aca ar an dtalamh gan bhur nathairse?


L. Mt10:30


Achd cheana atá grúag bhur gceind uile arna comhaireamh.


L. Mt10:31


Ar an ádhbhar soin na bíodh egla oraibh: is fearr sibhsi iona mórán
gealbhann.


L. Mt10:32


Ar an adhbhar soin giodhbé aidmhéochas mheisi a bhfiaghnuisi na
ndáoine, aidmhéochuidh meisi eision a bhfiaghnuisi mhathar atá ar neamh.


L. Mt10:33


Agus gidhbé nech shénfas mé a bhfíaghnuisi na ndáoine, sénfuidh
meisi eisean a bhfiaghnuisi mhathar atá ar neamh.


L. Mt10:34


Ná measaigh, gu dtáinic mheisi do chur shíodhchána ar an dtalamh: ní
dochum shíodhchána do chur tháinic mé, achd dochum cloidhimh.


L. Mt10:35


Oír táinic mé do chur dhuine anaghuidh a athar, agus na hinghine
anaghuidh a mathar, agus mhna an mhic anaghuidh mhathar a céile.


L. Mt10:36


Agus budh naímhde do dhuine a mhuinntear féin.


L. Mt10:37


Agus giodhbé grádhuigheas a athair, nó a mhathair, níis mó na
mheisi, ní fíu é meisi do bheith aige agus giodhbé ghradhuigheas a mhac
nó a inghean ós mó chionnsa, ní fíu é mheisi.


L. Mt10:38


Agus an té nach glacann a chros, agus nach leanann mhéisi,
is olc an díol air mheisi.


L. Mt10:39


Giodhbé doghébhaidh a anam, caillfidh sé é: agus giodhbé
chaillfeas a anam air mo shonsa, doghébhaidh sé é.


L. Mt10:40


An té ghabhas sibhse chuige, gabhaidh sé mheisi, agus giodhbé
ghabhas mheisi, ghabhuid sé an té do chuir uáidhe me.


L. Mt10:41


An té ghabhas fáidh anainm fháidhedh, doghébhuidh sé tuarasdal
fháidheadh: agus giodhbé ghabhas fíréun anainm fhíréin, doghébhaidh sé
lúadhuighechd fhióréunaigh.


L. Mt10:42


Agus giodhbé dobhéura deoch iodhón cupán duisge fhúar amháin
déinnech do na daóinibh beagasa anainm dhisgiobuil, adeirimsi ribh go
fírinneach, nach leigfidh sé a lúaghuidheachd amugha.


L. Mt11



L. Mt11:1


Agus tarla an úair do chríochnuigh Iósha aitheanta do thabhairt dá
dhá dhisgiobal deúg, gur imthigh sé as sin do sheanmóir, agus do
theagasg ann a gcaithreachuibh súd.


L. Mt11:2


Agus an tan dochúalaigh Eoin ann sa phríosún gníomhartha
Chriósd, ar gcur dheisi dá dhisgiobluibh úadha,


L. Mt11:3


Adubhairt sé ris, an tusa an té úd dobhí chum teachda, nó an mbía
súil againn réd haithearrach?


L. Mt11:4


Agus ar bhfregra dhIósa adubhairt sé ríu, imthighidh agus innisigh
dhÉoin na néithe dochluintí agus dochítí:


L. Mt11:5


Doghebhid na doill radharc, agus siobhluid na bacaigh, glantar na
lobhair, agus dochluinid na boghair, dúisgthear na máirbh, agus atá an
soisgél dá sheanmóir do na bochdaibh.


L. Mt11:6


Agus is beannuighthe an té nach fúair oilbhéim ionnamsa.


L. Mt11:7


Agus ar nimthechd dóibhsin, do thionnsgain Iósa teachd tar Eóin
ris an gcoimhthinól, ag rádha créd é an ní aga ndechabhair amach fan
bfásach dá fhéchain? an giolcach dá bhogadh ag an ngáoith?


L. Mt11:8


Achd créd é an ní aga ndeachabhair amach da fhéuchuin? an
dfhéchain duine atá arna édughadh re héduighibh míne? féuch,
an mhuinntear chuireas éduighe míne iompa, is a dtighthibh na ríoghthedh
bhíd siád.


L. Mt11:9


Achd créd é an ní aga ndeachabhair amach dá fhéuchain? an
dfhéuchain fáidheadh? adeirim ribh gu deimhin, gurab dfhéuchain
duine is mó iona fáidh,


L. Mt11:10


Oír as é so an té air a sgríobhthar, féuch, cuirimsi mo
theachdaire romhat, neach uillmhéochas do shlidhe romhat.


L. Mt11:11


Adeirim ribh gu fírinneach, nachar éiridh eidir chlannaibh na mban
neach is mó iona Eóin baisde: achd chena giodhbé is lugha ann sa
ríoghachd neamhdha, is mó é iona eisean.


L. Mt11:12


Agus ó laithibh Eóin baisde gus anois atá foireigean dá dhénamh
ar an ríoghachd neamhdha, agus fúaduighid luchd an fhoireigin í.


L. Mt11:13


Oír dorinneadar na fáighe uile agus an dligheadh fáigheadóireachd gu
hÉoin.


L. Mt11:14


Agus mas toil libh a ghabháil, is eisean an tÉlias úd dobhí chum
teachda.


L. Mt11:15


Giodhbé aga bhfuil clúasa dochum eisdeachda, eísdeadh sé.


L. Mt11:16


Achd cía lé a samhlóchuidh mé an geinealach so? is cosmhail é ré
garlachuibh shuigheas ar na marguidhibh, agus éimhgheas ar a
gcompánachoibh,


L. Mt11:17


Agus adeir, dorinneamar céol dáoibh, agus ní dhearnámhair dámhsa: do
cháoineamar dháoibh, agus ní dhearnamhair gul.


L. Mt11:18


Oír táinic Eóin, ní ag ithe ná ag ól, agus adeirid siád atá
deamhan ann.


L. Mt11:19


Taínic mac an duine ag ithe agus ag ól, agus adeirid, féuch, an
duine craósach agus pótaire fíona, cara na bpuibleacánach agus na
bpecthach; gidhedh atá an gliocas arna sháoradh óna chloinn féin.


L. Mt11:20


Do thionnsgain sé an tan soin milleán do thabhairt do na
cathrachaibh ann ar fhoillsigheadh mórán dá shubhaltuidhibh, ar son nach
dearnadar aithríghe ag radha.


L. Mt11:21


Is anáoibhinn duit a Chórasin, is anáoibhinn duit a Bheithsáida:
óir dá madh a tTírus agus a Sídon dodhéntuidhe na míorbhuile
dorinneadh ionnaibhsi, is fada ó shoin dodhéndáois aithrighi a
nédach róin agus a lúaith.


L. Mt11:22


Achd cheana adeirimsi ribh, gu madh socamhluighe do Thírus agus do
Shídon a ló an bhreitheamhnuis, iona dháoibhsi.


L. Mt11:23


Agus tusa a Chapernaum, atá arnad thógbhail súas gu neamh,
téilgfidhthear síos gu hifearnn tú, óir dá madh a measg luchd Shodaim
dodhéntuidhe na míorbhuile dorinneadh ionnatsa, do anfadáois gan
sgrios gus aniú.


L. Mt11:24


Achd cheana adeirimsi ribh, gu madh socamhluighe do dhúthaidh luchd
Shodaim a ló an bhreitheamhnuis, ioná dhuitsi.


L. Mt11:25


Do fhreagair Iósa an uáir sin agus adubhairt sé, dobheirim
buidheachas dhuit, a athair, a thighearna neimhe agus talmhan, ar son gur
fholuigh tú na neithe se ó dhaoinibh eagnuidhe agus tuigseanacha, agus gur
nocht tú iád do na náidhenánaibh.


L. Mt11:26


As eadh a athair, do bhríodh gurab mar sin dobhí do dheadhthoilse.


L. Mt11:27


Atá gach uile ní arna thabhairt dhamhsa ó mathair: agus ní
haithnidh déinneach an mac achd don athair: agus ní haithnidh
dhéinneach an tathuir achd don mhac, agus dá gach áon dárab áill leis
an mac a fhoillsiughadh.


L. Mt11:28


Tigidh chugamsa uile a bhfuiltí tuirseach, agus fá anúalach, agus
dobhéraidh mé fúaradh dháoibh.


L. Mt11:29


Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim, óir atú
macánta agus umhal a gcroidhe: agus doghébhtháoi súaimhneas da
bhur nanmannaibh.


L. Mt11:30


Óir atá mo chuingsi soiomchuir, agus atá mhúalach édtrom.


L. Mt12



L. Mt12:1


Dochuáidh Iósa fan ám soin air an tsaóire tríd na gortaibh: agus
dobhí ocaras air a dhisgiobluibh, agus do thionnsgnadar désach do
bhúain, agus a nithe.


L. Mt12:2


Agus an tan dochoncadar na Phairisínigh, adubhradar risean, féch,
doní do dhisgiobail ní nach cóir do dhénamh ann sa ló sháoire.


L. Mt12:3


Agus adubhairt seision ríu, an é nár léghabhair créd dorinne
Dáibhí an tan dobhí ocaras air féin, agus ar an muinntir dobhí na
fharradh?


L. Mt12:4


Cionnas dochúaidh sé asdeach go tigh Dé, agus do ith sé araín na
hibartha, nár cheaduightheach dhó féin, ná don droing dobhí na
fhochair dhithe, achd do na sagartaibh abháin?


L. Mt12:5


Nó an é nár léghabhair ann sa dlighedh, gu mbrisid na sagairt
ann sa teampoll air an tsáoire lá na saboíde, agus nách coir dhóibh é?


L. Mt12:6


Achd adeirim ribh, gu bhfuil neach is mó iona an teampoll annso.


L. Mt12:7


Agus dá mbeith a fhios agaibh créd is cíall dó so, is trócaire is
áill leam agus ní hibairt, ní dhaimnéochadh sibh na dáoine
neamhchionntacha.


L. Mt12:8


Oír as é mac an duine tighearna na saboíde féin.


L. Mt12:9


Agus tar éis imtheachda as sin dó, tainic sé dá sinagógaibh súd.


L. Mt12:10


Agus féuch, dobhí duine annsin ag a raibhe lámh sheirgthe: agus do
fhiosruigheadar dhe, ag rádh, an cheaduightheach leidheas do dhénamh
ann sa tsáoire?


L. Mt12:11


Achd adubhairt séisean ríu, cía agaibhsi duine aga mbíadh
áoncháora amháin, agus dá dtuite sí air an tsaoire a bpoll, nach
béradh uirrthe, agus nach tóigebhadh aniós í?


L. Mt12:12


An é nach mór is fearr duine iona cáora? ar an adhbhar soin is
ceaduightheach maith do dhénamh air an tsáoire.


L. Mt12:13


Annsin adeir seisean ris an duine úd, sín amach do lámh, agus
do shín: agus dobhí sí arna haiseag slán mar an láimh eile.


L. Mt12:14


Agus ar ndul amach do na Phairisíneachaibh, dochúadar a gcomhairle
na aghaidhsean, dochum gu millfidís é.


L. Mt12:15


Agus an tan do aithin Iosa, do imthigh sé as sin, agus do lean
slúagh mór é, agus do shlánaigh sé iád uile.


L. Mt12:16


Agus dorinne sé bagar orrtha dochum nach déndáois follus é.


L. Mt12:17


Dochum gu gcoimhlíonfuidhthe an ní a bhí arna rádh tré Esaias fáidh,
adeir:


L. Mt12:18


Tabhair dodhúidh mo shearbhfhoghantuidhe féin, do thogh mé,
mo ghrádh féin dá a bfuil toil mhór ag a manam: cuirfidh mé mo spiorad féin
air, agus inneósuidh sé breitheamhnus do na cineadhachaibh.


L. Mt12:19


Ní dhénaidh sé ceandairc, ní dhénaidh sé eimhghe, agus ní chluinfidh
neach ar bioth a ghuth air na sráideannaibh.


L. Mt12:20


Ní bhrisfidh sé giolcach brúite, agus ní mhúchaidh sé lion doní
deatach: no go dtuguidh sé breitheamhnus dochum búadha:


L. Mt12:21


Agus is ann a ainmsin bhiás muinidhin ag na cineadhachuibh.


L. Mt12:22


Tugadh chuige an tan soin duine ann a raibhe deamhan, dobhí dall,
agus balbh: agus do shlánaigh sé é, ionnus gur labhair an balbhán, agus gu
bhfacuidh an dall.


L. Mt12:23


Agus do ghabh iongantus an pubal uile, agus adubhradar, an é nach é
so an mac úd Dáibhí?


L. Mt12:24


Agus an tan dochúaladar na phairisínígh so, adubhradar, ní
theilgeann an fear so na deamhain amach, achd tré Bheilsóbubh
uachdarán na ndemhan.


L. Mt12:25


Achd an tan do aithin Iósa a smúaintighthe, adubhairt sé ríu, gach
rioghachd atá roinnte na haghaigh féin, biáidh sí na fásach: agus
gach uile chathair, nó theagh atá roinnte na aghaidh féin, ní sheasfuidh
sé.


L. Mt12:26


Agus má theilgeann Sátan, Sátan amach, atá sé roinnte na aghaidh
féin: ar an adhbhar soin cionnus anfus a ríoghachd na seasamh?


L. Mt12:27


Agus más le cumhachdaibh Bheilsébub theilgimsi amach na deamhain,
cía lé a dteilgid bhur gclannsa amach iád? air an adhbhar soin
beid siádsan na mbreitheamhuin oraibh.


L. Mt12:28


Achd más lé spioruid Dé theilgimsi amach na deamhain, tainic
rioghachd Dé chugaibhsi gu deimhin.


L. Mt12:29


Nó cionnas is éidir le héinneach dul gu tigh dhuine láidir, agus a
airnéis tighe dfúadach leis, achd muna gcengluidh sé ar tús an duine láidir,
agus annsin sladfuidh sé a theagh.


L. Mt12:30


Giodhbé nach fuil leamsa, atá sé a maghaidh: agus giodhbé nach
cruinnighenn leamsa, leathnuighigh sé.


L. Mt12:31


Air an adhbhar soin adeirim ribh, gu maithfidhthear gach peacadh agus
gach cainnt asonórach do na dáoinibh: gidheadh ní maithfidhthear do na dáoinibh
cainnt asonórach anaghaidh an Spiorad Náoimh.


L. Mt12:32


Agus giodhbé neach adéraidh focal anaghaidh mhic an duine,
maithfidhthear dhó é: achd giodhbé neach laibhéoras anaghaidh an Spiorad
Naóimh, ní maithfidhther dhó é ann sa tsháoghal so, na ann sa
tsháoghal atá a teachd.


L. Mt12:33


Cechdar dha do dhá ní, dénaidh an crann maith, agus a thoradh maith: nó
dénaidh an crann lobhtha agus a thoradh lobhtha: óir is as a thoradh
aithéantar an crann.


L. Mt12:34


A shliochd na naithreach neimhe, cionnas is eidir libh neithe maithe
do labhairt, ó atátháoi féin gu holc? óir is as anlán an chroidhe
labhrus an béul.


L. Mt12:35


Dobheir an duine maith neithe maithe as ionnmhas mhaith a chroidhe:
agus dobheir an drochdhuine droichneithe as a dhroichchisde.


L. Mt12:36


Achd adeirim ribh go dtiobraid na dáoine cúntas úatha lá an
bhreitheamhnuis ar son gach aóinbhreithre dímhaóinighe dá laibhéoraid
síad.


L. Mt12:37


Oír is as do bhríathruibh sháorfuidhthear thú, agus is as do
bhríathruibh dhaiméontar thú.


L. Mt12:38


Annsin do fhreagradar dream do na sgríobuidhibh agus do na
Fairisínechaibh, ag rádh, a Mhaighisdir is mían linn comhartha dfhaicsin
úait.


L. Mt12:39


Achd ar bhfreagra dhósan, adubhairt sé ríu; íarruidh an geinealach
olc agus adhaltrannach comhartha: achd ní tiobharthar comhartha dhóibh,
achd an comhartha úd Íonás an fáidh.


L. Mt12:40


Oír mar dobhí Iónás a mbroinn an mhíl mhóir trí lá agus trí
hoidhche, is mar sin bhías mac an duine a gcroidhe na talmhan trí lá agus
trí hoidhche.


L. Mt12:41


Eíréochaidh luchd Niníuí a mbreithemhnus leis an an ngeinealach so,
agus daimnéochaid síad é: oír dorinneadarsan aithrighe ag seanmóir
Íonás: agus féuch atá neach is mó iona Íonas annso.


L. Mt12:42


Eíreochuidh bannríoghan an táoibhe bhudh dheas a mbreitheamhnus leis
an ngeinealach so, agus daimnéochuidh sí é: oír tainic sisí ó
leithimealluibh na talmhan déisdeachd re hegna Sholaimh: agus
féuch, atá neach as mó ioná Solamh annso.


L. Mt12:43


Achd cheana tar eís dul don spioraid neamhghlain as an duine amach,
síobhluidh sí trí ionadaibh tíorma ag iárraidh súaimhnis: agus ní
fhaghbhann.


L. Mt12:44


Adeir sí an tan soin, fillfidh mé dom thigh féin, as a ttainic mé.
Agus tar éis techda dhí, doghebh sí folumh, sgúabtha, deaghmhaiseach
.


L. Mt12:45


Imthighidh sí an tan soin, agus dobheir sí seachd spioraide eile is
measa iona í féin lé: agus ar ndul asdeach áitrighid síad annsúd, agus
is measa críoch dheigheanach an duine úd iona a thosach: agus is mar sin
teigémhas don droichgheinealach so.


L. Mt12:46


Agus ar mbeith dó fós ag labhairt ris an bpubal, tabhair dodhaire
do shesadar a mháthair agus a dearbhraíthrecha a muich ag iárruidh
labhartha ris.


L. Mt12:47


Agus adubhairt nech eígin ris, féch, atá do mhathair agus do
dherbhráithreacha na seasamh amuigh ag iárraidh labhartha riot.


L. Mt12:48


Agus ar bhfreagra dhósan adubhairt sé rís án té do innis dhó,
cía hí mo mhathair, agus cía hiád mo dhearbhraithreacha?


L. Mt12:49


Agus ar síneadh a laimhe chum a dhisciobal dó, adubhairt sé,
tabhair dodhúidh mo mhathairsi, agus mo dhearbhraithreacha.


L. Mt12:50


Óir giodhbé neach dodhénaidh toil mhatharsa atá air neamh, as é
so mo dhearbhrathairsi, agus mo dheirbhshíur, agus mo mhathair.


L. Mt13



L. Mt13:1


Agus ar nimtheachd dIósa amach as an dteach an lá soin do shuidh
sé laimh ris an bhfhairge.


L. Mt13:2


Agus do chruinnighedar sluaighte móra chuige, ionnas ar ndul asdeach
a luing gur shuidh sé: agus do sheas an slúagh uile ar an dtráigh.


L. Mt13:3


Agus do labhair sé móran ríu a gcosamhlachduibh, ag rádha, tabhair
dodhairé, dochúaidh síoladóir amach do chur shíl:


L. Mt13:4


Agus ag cur an tsíl do, do thuit cuid dhe chois na sligheadh: agus
tangadar an énlaith, agus a dúadar í.


L. Mt13:5


Agus do thuit cuid eile dhe a bhfearann chlochach mar nach raibhe mórán
uíre aige: agus do fhás sé gu lúath do bhríodh nach fúair sé doimhneachd
na talmhan.


L. Mt13:6


Agus ar neírghe don ghréin do dóidhedh é, agus ar son nach raibhe
frémh aige, do shearg sé.


L. Mt13:7


Agus do thuit cuid eile dhe eidir muineach, agus do eírgheadar an
muinech súas, agus do mhúchadar é.


L. Mt13:8


Agus do thuit cuid eile dhe a dtalamh mhaith, agus tug sé toradh
iodhón, gráinne céud, agus gráinne trí fichid, agus gráinne a deich fichead.


L. Mt13:9


Giodhbé aga bhfuil clúasa dochum éisdeachda, éisdeagh sé.


L. Mt13:10


Agus a teachd do na disghiobuil chuige, adubhradhar ris: créd fá
labhrann tú ríu a gcosamhlachduibh?


L. Mt13:11


Agus ar bhfhreagra dhósan adubhairt sé ríu, do bhríodh gurab
daóibhsi atá éolus shécreidedh na ríoghachda neamhdha airna thabhairt,
agus nach fuil sé arna thabhairt dóibhsean.


L. Mt13:12


(Oír giodhbé neach aga bhfuil ní, is dó dobhérthar, agus bíaidh
gu léor aige: achd giodhbé neach atá gan ní, tóigébhthar úadha fós an
ní atá aige.)


L. Mt13:13


Air an adhbhar soin labhraim ríu a gcosamhlachdaibh, oír giodh atá
radharc aca ní fhaicid síad, agus giodh atá éisdeachd aca, ní chluinid
síad, agus ní thuigid síad.


L. Mt13:14


Agus coimhlíontar ionnta fáigheadóireachd Esaiás, adeir, lé
héisdeachd dochluinfidhe, agus ní thuigfidhe: agus ag amharc dochífidhe,
agus ní budh léir dhaóibh.


L. Mt13:15


Oír atá croidhe an phubailsi arna reamhrughadh, agus dochúaladar
gu bobhar léna gclúasaibh, agus do chaochadar a súile, degla gu
bhfaicfeadaois léna súilibh, agus gu gcluinfeadáois léna gcluasaibh, agus
gu dtuigfeadaóis léna gcroidhe, agus gu bhfillfeadaóis, agus gu
bhfóirfinnsi orrtha.


L. Mt13:16


Achd as beannaighthe bhur súilesi, do bhríodh gu bhfaicid síad, agus
bhur gclúasa, do bhriodh gu gcluinid síad.


L. Mt13:17


Oír adeirimsi ribh gu fírinneach, gurab iomdha fáidhe agus
fírénuigh lé nar mhían na neithesi dochithisi dfhaicsin, agus nach
facadar iád. agus na neithe dochluintí do chloisdin, agus nach cúaladar
iad.


L. Mt13:18


Air an adhbhar soin éisdigh ré cosamhlachd an tshioladóra.


L. Mt13:19


Coimh mionca agus éisdfeas duine bríathar na ríoghachda úd, agus nach
tuigeann sé í, tig an droichspiorad, agus fúaduighidh sé an ní do cuireadh
ann a chroidhe: ag so an duine úd ionar cuireadh an síol chois na
sligheadh.


L. Mt13:20


Agus an té úd ann ar cuireadh an síol a bhfhearann chlochach, as é súd
an té dochluin an bhríathar, agus ghabhas chuige í do láthair maille re
gairdechas:


L. Mt13:21


Achd ní fhuil frémh aige ann féin, achd anuidh sé ar fedh tamaill: agus an tan
tig tribulóid nó búaidhreadh ar son na bréithre, air ball dogheibh sé oilbhéim.


L. Mt13:22


Agus an neach úd inar cuiredh an síol a measg an mhuinigh, ag so an
té dochluin an bhríathar: agus múchaidh róchúram an tshaoghailsi, agus
mealltóireachd an tsaibhris an bhríathar, agus bí sé gan toradh.


L. Mt13:23


Agus an té úd inar cuireadh an síol a bhferann mhaith, as é so an
té dochluin agus thuigeas an bhríathar, agus iomchras toradh, agus dobheir
neach dióbh céd, neach eile trí fichid, agus neach eile a deich
fichead.


L. Mt13:24


Do chuir sé cosamhlachd eile chuca, ag rádha, is cosmhail ríoghachd
neamhdha ré duine do chuir síol maith ann a fhearann.


L. Mt13:25


Agus an tan dobhádar dáoine na gcodladh, tainic a námhaid agus do
chuir sé cogal tríd an gcruithneachd, agus do imthigh se roimhe.


L. Mt13:26


Agus an tan do fhás an gemhar, agus tug sé a thoradh, annsin do
fhoillsigh an cogal é féin.


L. Mt13:27


Achd ar dtechd do shearbhfhóghantáoibh fhir an tighe, adubhradar ris:
a thighearna, an é nach síol maith do chuir tú ann tfhearann? air
an adhbhar soin, caít as a bhfadhann sé an cogal.


L. Mt13:28


Agus adubhairt seision ríu, easgcara éigin dorinne so; agus adubhradar
na searbhfhóghantuidhe ris, an áill let air an adhbhar soin gu
ndeachmáoisne agus gu gcruinnidhemís a bhfhochair a chéile iád?


L. Mt13:29


Agus adubhairt seisean ríu, ní háill: air egla a cruinnebhadh an
chogail dáoibh gu mbenfadh sibh an chruithneachd as a frémhaibh a
naoinfheachd ris.


L. Mt13:30


Fuilngidh dóibh aráon fás no gu dtí an fhóghmhar, agus anaimsir an
fhóghmhair adéra meisi rém luchd búana, cruinnighidh air tús an cogal, agus
cengluidh é na fpunnannaibh, dochum a loisgthe, agus cruinnighidh an
chruithneachd dom sgioból.


L. Mt13:31


Do chuir sé cosamhlachd eile chuca aga rádh: is cosmhuil ríoghachd
nemhdha ré grainne musdaird do ghabh nech chuige, agus do chuir sé ann a
fherann.


L. Mt13:32


As é gu deimhin as lugha do na huile shíoltuibh: gidheadh an tan
fhásas sé, as é is mó do na luibheannaibh, agus doní crann de:
ionnas gu ttigid énlaith an aiéir, agus gu ndénaid a nid ann a ghégaibh.


L. Mt13:33


Do labhair sé cosamhlachd eile ríu ag rádha: as cosmhail ríoghachd
neamhdha ré laibhín do ghlac bean, agus do fhoiligh sí a dtrí fpeice
mineadh, nó gur ghabh an mhin uile laibhín.


L. Mt13:34


Do labhair Iósa na neithesi uile ris an bpubal a gcosamhlachdaibh:
agus níor labhair sé ríu achd a gcosamhlachdaibh.


L. Mt13:35


Dochum gu gcoimhlíonfuidhthe an ní adubhradh leis an bhfaídh, adeir,
oisgéoluidh mé mo bhéul tré cosamhlachdaibh: nochdfuidh mé na
neithe atá foluighthe ó thosach an domhain.


L. Mt13:36


Air leigean an tsluaigh úadhe an tan soin, tainic Iósa asdeach a
dtig: agus tangadar a dhisgiobail chuige, ag rádh: mínigh dhúinne
cosamhlachd chogail an fhearainn úd.


L. Mt13:37


Agus ar bhfhregra dhósan, adubhairt sé ríu, an té chuires an síol
maith, as é mac an duine é.


L. Mt13:38


Agus as é an fearann an domhan, agus as é an síol maith clann na
ríoghachda: agus as é an cogal, clann an droichspiorad.


L. Mt13:39


Agus an námhaid do chuir é, as é an díabhal é: agus as é an
fóghmhar deireadh an tsáoghail, agus as íad na búanuidhe na haingil.


L. Mt13:40


Agus amhail mar chruinnighthear an cogal, agus loisgthear é lé
teinidh: is mar sin bhías a ndeireadh an tsháoghailsi.


L. Mt13:41


Cuirfidh mac an duine a aingil féin, agus cruinnéochuid síad as a
ríoghachd gach ní dá dtig oilbhéim, agus an drem doní egcóir:


L. Mt13:42


Agus teilgfid síad íad anúamhain air dearglasadh: mar a mbía gul agus
gíosgán fíacal.


L. Mt13:43


Soillséochaid na fírénaigh an tan soin mar an ngréin, a ríoghachd a
nathar féin: giodhbé aga bhfhuilid clúasa dochum éisdechda, éisdeagh sé.


L. Mt13:44


Mar an gcéudna, is cosmhail ríoghachd neimhe lé hionnmhas arna
fholach a bhfhearann: néoch tar éis a fhadhála do fholuigh duine, agus
tríd an ngáirdeachus dobhí air ar a shon, imthighidh sé agus racaidh sé
gach a bhfhuil aige, agus ceannchuidh sé an fearann soin.


L. Mt13:45


Arís is cosmhail an ríoghachd neamhdha le ceannuighe dháirghthe,
iarras clocha úaisle,


L. Mt13:46


Agus ar bhfhaghbháil aon chloiche úaisle mhórlúaighe dhó, do imthigh sé
agus do reac sé a raibhe aige uile, agus do cheannaigh sé í.


L. Mt13:47


Arís is cosmhail an ríoghachd nemhdha ré líon arna theilgean
ann sa bhfairge, agus chruinnigheas dá gach uile shórt éisg:


L. Mt13:48


Néoch an tan do líonadh, do thairrngeadar na híasgairighe dochum na
trágha, agus ar suidhe dhóibh, do chruinnigheadar na heísg mhaithe a
soithighibh, achd do theilgeadar na droichéisg amach.


L. Mt13:49


Is mar sin bhías a ndeireadh an tsáoghail: rachaid na haingil amach,
agus dealéochuid síad na drochdháoine as lár na bhfírénach.


L. Mt13:50


Agus teilgfid síad íad anúamhain teineadh: mar a mbía gul agus
gíosgarnach fiácal.


L. Mt13:51


Adeir Iósa riu, nar thuigeabhair na neithe se uile? adeirid sion
ris, do thuigeamar a thighearna.


L. Mt13:52


Agus adubhairt seisen ríu, ar an adhbhar soin gach uile sgríoba da
bhfhuil fóghlomtha dochum na ríoghachda neamhdha, is cosmhail é ré fear tighe,
dobheir as a chisde neithe núadha agus seanneithe.


L. Mt13:53


Agus an tan do chríochnaigh Iósa na cosamhlachdasa, tárla dhó, gur
fhágaibh sé an áit sin.


L. Mt13:54


Agus an tan thainic sé dá dhuthuidh féin: do theagoisg sé íad ann a
Sionagóig: ionnas gur ghabh iongnadh mór íad, agus go ndubhradar, caít a
bhfhúair an fear so an eagna so, agus na subháltuighe.


L. Mt13:55


An é nach é so mac úd an tsáoir? an é nach dá mhathair ghoirthear
Muire, an é nach íad a dhearbhraithreacha Séumas, agus Iósés, agus
Símon, agus Iúdás?


L. Mt13:56


Agus an é nach fuilid a dheirbhsheathracha uile eadruinne? air
an adhbhar soin caít ann a bhfhúair sé íad so uile?


L. Mt13:57


Agus fúaradar óilbhéim annsan: achd adubhairt Iósa ríu, ní fhuil
fáidh fá neimhchion, achd ann a dhúthaidh féin, agus ann a thigh féin.


L. Mt13:58


Agus ní dhearnuidh sé mórán miorbhuileadh annsin air son a
míchreidimh.


L. Mt14



L. Mt14:1


Fa an ám soin, dochúalaidh Iórúaith an Tétrarca clú Iósa.


L. Mt14:2


Agus adubhairt sé réna shearbhfhóghantuidhibh, as é so Eóin baisde:
do éirigh sé ó mharbhaibh, agus is dá bhríodh sin ataíd subháltuighe
ag oibrebhadh ann.


L. Mt14:3


Oír do ghlac Iorúaith Eóin, agus do cheangail sé é, agus do
theilg sé a bpríosún é ar son Héródiás, mhná a dhearbhráthar
Fpilib.


L. Mt14:4


Oír adubhairt Eóin ris, ní dlighthech dhuit a beith agad.


L. Mt14:5


Agus an tan do budh mían leis a chur chum báis, dobhí eagla an
fpubail air, óir dobhí cion fáidhe aca air Eoin.


L. Mt14:6


Agus an tan dobhí sollamain an láoi ann a rugadh Iorúaith dhá
dhénamh, dorinne inghean Heródias dámhsa iona bhfhíadhnuisi: agus do
thaitnidh sí ré hIorúaith:


L. Mt14:7


Ionnas gur gheall sé maille lé mionnaibh gu dtiobhradh sé dhi giodhbé
ar bhioth ní do iárrfadh sí.


L. Mt14:8


Agus air bhfhagháil teagaisg óna mathair dhi, adubhairt sí,
tabhair dhamh annso ceann Eóin baisde air mhéis.


L. Mt14:9


Agus do ghabh doilgheas an rí: achd ar son a mhíonn agus na muinntire
dobhí na suidhe na chuibhreann, do aithin sé a thabhairt di.


L. Mt14:10


Agus ar gcur fhir dicheannta úadha, do bhean sé a cheann
dÉoin ann sa fpríosún.


L. Mt14:11


Agus tugadh a cheann air méis, agus tugadh don chailín é, agus tug
sisi dá mathair é.


L. Mt14:12


Agus tangadar a dhisciobail an tan soin, agus rugadar a chorp léo,
agus do adhlacadar é, agus tangadar agus do inniseadar sin dÍosa.


L. Mt14:13


Agus an tan dochúalaidh Iósa so, dochúaidh sé as sin anarthrach
anionadh fhásamhail air leith: agus an tan dochúalaidh an pubal sin, do
leanadar dá gcois é ó na caithreachaibh.


L. Mt14:14


Agus ar ndul amach dhIosa, dochonaic sé coimhthionól mór, agus do
ghabh trúaighe mhór dhóibh é, agus do shlánaigh sé a ndáoine easlána.


L. Mt14:15


Agus an tan tainic deireadh an láoi, tangadar a dhisgiobuil
chuige, ag rádh, ionadh fhásamhail so, agus dochúaidh an aimsear tharainn
cheana: leig uáit an slúag, dochum go niméochaidáois do na bailtibh, agus
gu gceannochadáois bíadh dhóibh féin.


L. Mt14:16


Achd adubhairt Iósa ríu, ní rigid siad a leas imtheachd:
tabhruidhsi dhóibh ní léna ithche.


L. Mt14:17


Agus adubhradarsan ris, ní fhuil againn annso ach chúig aráin agus
dá iasg.


L. Mt14:18


Achd adubhairt seisean ríu, tabhraidh chugamsa íad annso.


L. Mt14:19


Agus arna aithne don fpubal suidhe air an bhfhéur, agus ar nglacadh
na gcúig narán agus an dá íasg, ag féchain súas chun flaitheamhnuis, do
bheannaigh sé, agus arna mbrisedh tug sé na haráin do na disgioblaibh, agus
tugadar na disciobail don tshluagh íad.


L. Mt14:20


Agus a dúadar uile ní, agus do sásuigheadh íad: agus do thógbhadar
lán dhá chlíabh dhég don bhiádh bhrisde dobhí dhfhoidheall aca.


L. Mt14:21


Agus an mhuinntir dobhí ag ithche, dobhádar a dtimcheall chúig mhíle
fer, leath amuigh do mhnáibh agus do leanbaibh.


L. Mt14:22


Agus air ball do chuir Iósa dfhíachaibh ar a dhisgiobluibh dhul
anarthrach agus dul roimhe féin don táoibh anúnn don uisge, nó gu
léigeadh sé an pubal úaidhe.


L. Mt14:23


Agus an tan do léig sé an pubal úadha, dochúaidh sé súas air shlíabh
na áonar chum urnuighthe do dhénamh, agus an tan dobhí deireadh an láoi ann,
dobhí sé na áonar annsúd.


L. Mt14:24


Agus dobhí an tarthrach fá an ám soin a meadhón na fairge, dá
theilgen anunn agus anall ag na tonnaibh: oír dobhí an gháoth na
nadhaidh.


L. Mt14:25


Agus a gcionn an cearamhadh fáire don oidhche dochúaidh Iósa
chuca, ag siobhal air an bhfhairge.


L. Mt14:26


Agus an tan dochunncadar a dhisgiobail ag siobhal air an bhfhairge é,
dobhádar arna mbuaidhreadh, ag rádha, is gósda é: agus do eimhgheadar lé
heagla.


L. Mt14:27


Agus do labhair Iósa ríu air an mball, ag rádh, bíodh misneach maith
agaibh: is misi atá ann, ná bíodh eagla oraibh.


L. Mt14:28


Agus tug Peadar freagra air, agus adubhairt sé, a thigearna más tú
atá ann, aithin díomsa dhul chugad air na huisgeadhuibh.


L. Mt14:29


Agus adubhairt seisean, tarra: agus an tan dochúaidh Peadar síos as
an arthrach do shíobhail sé ar na huisgeadhuibh, dochum teachd chum
Iósa.


L. Mt14:30


Agus air bhfhaicsin na gáoithe láidire dho, do ghabh eagla é: agus
an úair do thosaigh sé air dhul aníochdar, do sgread sé, ag rádh, a
thighearna fóir orum.


L. Mt14:31


Agus ar síneadh a láimhe ar an mball dhIósa, rug sé air, agus adeir
sé ris, a fhir an chreidimh bhig, créd far ghabh mídhóchas tú.


L. Mt14:32


Agus an tan dochúadar asdech annsan arthrach, do choisg an gháoth.


L. Mt14:33


Agus tangadar an luchd dobhí san arthrach agus do onóruigheadar é, ag
rádha, go fírinneach is tusa mac Dé.


L. Mt14:34


Agus an tan dochúadar tar uisge, tangadar gu talamh Genésareth.


L. Mt14:35


Agus an tan do aithnidheadar luchd na háite sin é, do chuiredar fios
air fedh na tíre sin uile ar gach táobh dhíobh: agus tugadar chuige gach a
raibhe eslán innte.


L. Mt14:36


Agus do chuiredar impidhe air búain lé himeall a éduigh amháin: agus an
mhéid díobh do bhean, do slánaigheadh íad.


L. Mt15



L. Mt15:1


Annsin tigid Sgríobuighe agus Fairisínigh ó Iérusalém dochum Iósa,
ag rádha.


L. Mt15:2


Créd fá a sáruighid do dheisgiobailsi gnáthughadh na sinnsear? oír
ní ionnluid síad a lámha an úair ithid arán.


L. Mt15:3


Agus ar bhfhreagra dhósan adubhairt sé ríu, créd fá sáruigheann
sibhsi leis, aithne Dé, lé bhur ngnáthughadh féin?


L. Mt15:4


Oír tug Dia aithne, ag rádh, Onóruigh hathair agus do mhathair.
Agus giodhbé mhalluigheas a athair nó a mhathair, cuirthear chum báis é.


L. Mt15:5


Achd adeirthísi giodhbé neach adéara réna athair nó réna
mhathair, gach tabhartus dá dtuguimsi don egluis, rachaidh sé a dtarbha
dhuitsi: agus dá mbeith nach onórfuidh sé a athair nó a mhathair bíaidh sé
gan chionnta.


L. Mt15:6


Agus mar sin do chuirebhair a neimhmbhrígh aithne Dé tré bhur
ngnáthughadh féin.


L. Mt15:7


A luchd an fhúarchrábhaidh, is maith an fháigheadóireacht dorinne
Esaías in bhar dtimcheall, ag rádha,


L. Mt15:8


Druidid an pubalsa leamsa léna mbél, agus onóruighid síad mhé
léna bpusuibh: achd cheana is fada úaim atá a gcroidhe.


L. Mt15:9


Achd is a ndímháoineas onóruighid síad mheisi, ag teagasc aitheanta na
ndáoine mar theagasg.


L. Mt15:10


Agus ar ngairm an tshloígh, adubhairt sé ríu, éisdigh agus tuigidh.


L. Mt15:11


Ní hé an ní théid asdeach ann sa bhéul shaluigheas an duine, achd an
ní thig as an mbéul, as é so shaluigheas an duine.


L. Mt15:12


Annsin tangadar a dhisgiobuil chuige, agus adubhradar ris, an é
nach dtuigeann tú go bhfhúaradar na Pharisínigh dochúala an glór sa
oilbhéim ann?


L. Mt15:13


Agus ar bhfhreagra dhósan, adubhairt sé, gach uile fhphlanta nachar
chuir mhathair neamhdhasa, benfuidhther as a phfhrémhach é.


L. Mt15:14


Léigidh dhóibh féin: is éoluighthe dalla a gcionn dall íad, agus má
thréoruighenn an dall an dall éile, tuitfid aráon sa díg.


L. Mt15:15


Agus ar bhfhreagra do FPheadar, adubhairt sé ris, mínigh
dhúinne an chosamhlachd sa.


L. Mt15:16


Agus adubhairt Iósa, an bhfhuiltísi leis fós ainbhfheasach?


L. Mt15:17


An é nach tuigthísi fós, giodhbé ní théid asdeach ann sa bhéul, gu
dteid sé sa bholg, agus gu dtéilgthear as sin don chamra é?


L. Mt15:18


Achd na neithe théid amach as an mbéul, is as an gcroidhe thigid síad,
agus is síad sin shaluigheas an duine.


L. Mt15:19


Oír is as an gcroidhe thighid na drochsmuaintighthe, dúnmarbhtha,
adhaltrannas, strípachas, gaduidheachd, fiaghnuisighe bréige, sgannalacha.


L. Mt15:20


Is íad so na neithe shalchas an duine: achd bíadh dhithe lé lamhuibh
gan ionnladh, ní shaluigeann sé an duine.


L. Mt15:21


Agus ar ndul dIósa as sin, dochúaidh sé gu leithimlibh Thirus
agus Shidon,


L. Mt15:22


Agus tabhair dodhúidh, táinic bean do Chánan ó na chríochaibh
sin, agus do éigh sí, ag rádha ris, déna trócaire oram a thigearna, a
mhíc Dáibhí, atá mhinghean arna búaidhreadh gu adhúathmhar ó
dheamhan.


L. Mt15:23


Achd ní thug seisean fregra ar bioth uirthe, agus tangadar a
dhísgiobail chuige, agus do iárradar air, ag rádh, cuir úainn í: óir atá
sí ag éighmhe ionar ndeadhuidh.


L. Mt15:24


Agus ar bhfhreagra dhósan, adubhairt sé, nior cuireadh mheisi achd
dochum na gcáorach do thigh Isráel dochúaidh ar seachrán.


L. Mt15:25


Gidheadh táinic sisi agus dorinne sí sléchdain dó, ag rádh, a
thighearna, fóir orum.


L. Mt15:26


Agus ar bhfhreagra dhósan, adubhairt sé, ní cóir arán na cloinne do
ghlacadh, agus do theilgean dochum na ngadhar.


L. Mt15:27


Achd adubhairt sisi, is fíor sin a thighearna, gidheadh fós, ithid na
coilén cuid don sbrúighleach thuiteas ó bhord a dtighearnadh.


L. Mt15:28


Ar bhfhreagra dhIósa an tan soin, adubhairt sé ria; ó a bhean is
mór do chreideamh, teagmadh dhuit mar is toil leat: agus dobhí a hinghean
slán ó an úair sin amach.


L. Mt15:29


Agus ar nimtheachd dIósa as sin, tainic sé láimh ré fairrge na
Gailelé: agus an tan dochúaidh sé súas ar an slíabh, do shuidh sé
ann.


L. Mt15:30


Agus dochúadar slúaighte móra chuige, aga rabhadar bacuigh, doill,
balbháin, dáoine uiresbhadheacha, agus mórán eile: agus do theilgeadar fá
chosaibh Iósa íad: agus do shlánaigh sé íad:


L. Mt15:31


Ionnas gur ghabh iongantus an slúagh, an tan dochoncadar na balbháin
ag labhairt, agus na dáoine easbhadhacha slán, na bacaigh ag siobhal,
agus a radharc ag na dallaibh: agus tugadar gloír do Dhia Israhél.


L. Mt15:32


Agus ar ngairm a dhisgiobal chuige dhIósa, adubhairt sé, atá
trúaidhe agam don tslúagh: oír do anadar síad anois ré trí lá amfhochair,
agus ni fhuil ní aca do iósdáois: agus ní háill leam a léigen úaim na
dtrosgadh, deagla gu rachdáois ananbhfhainne ar an slighe.


L. Mt15:33


Agus adeirid a dhisgiobail ris, cía an aít as a bhfuidheamáois ar an
bhfhásach an oiread soin darán, lé a sáiseóchamáois a choimhéd so do
shlúagh?


L. Mt15:34


Agus adeir Iósa ríusan, ga mhéd arán atá agaibh? agus adubhradarsan,
a seachd, agus beagan diásgaibh beaga.


L. Mt15:35


Agus do aithin seisean don tslúagh suidhe siós ar an dtalamh.


L. Mt15:36


Agus ar nglacadh na seachd narán agus na níasg soin dó, ag tabhairt
buidheachais, do bhris sé íad, agus tug sé dhá dhisgiobluibh féin; agus
tugadar na disgiobail don tslúagh íad.


L. Mt15:37


Agus do itheadar uile ní, agus do sásuigheadh iád: agus do
thógbhadar lán seachd gclíabh dfhuigheall an bhídh bhrisde.


L. Mt15:38


Agus dobhádar an luchd a dúaidh ceithre mhíle fear, leath amuich
do mhnáibh agus do leanbaibh.


L. Mt15:39


Agus ar léigean an tslúaigh úadha, dochúaidh sé a luing, agus tainic
sé gu leithimlibh Mhagdala.


L. Mt16



L. Mt16:1


Agus ar dteachd do na Phairisíneachaibh agus do na Saduichíneachuibh,
a cur chathuighthe air, do iárradar air comhartha do thaisbénadh ó
neamh dhóibh.


L. Mt16:2


Agus ar bhfhreagra dhósan adubhairt sé ríu, an tráth tig deireadh an
laoi aderthí, bíaidh sé na shoininn: óir atá an taidhér dearg.


L. Mt16:3


Agus ar madain adeirthí bíaidh drochaimsear ann aníu: oír atá an
taidhér ag dergadh agus ag dorchudhadh. Ó a luchd an fhúarchrabhaigh, is
éol dáoibh gnúis an aiér do bhrethnughadh: achd an é nach éidir libh
comharthuidhe na naimsearach do thuigsin?


L. Mt16:4


Iárraidh an droichchineadh adhaltrannach comhartha: achd ní
tiobharthar comhartha dhó, achd comhartha Iónás an fáidh, agus ar
ndelughadh ríu, do imthigh sé.


L. Mt16:5


Agus an tráth thangadar a dhisgiobail a dtír ann sa fport thall, do
dhermadadar arán do bhreith léo.


L. Mt16:6


Agus adubhairt Iósa ríu, tabruidh dhá bhur naire agus coimhéduidh
sibh ó laibhín na bhFairisínech agus na Saduichíneach.


L. Mt16:7


As do thagradarsan etorra féin, ag rádha, is ar son nach tugamar arán
linn.


L. Mt16:8


Agus arna thuigsin sin dhIósa adubhairt sé ríu, a luchd an
chreidimh bhig, créd fá a dtagartháoi eadraibh féin, gurab ar son nach
dtugabhair arán libh?


L. Mt16:9


An é nach tuigthí fós, agus an é nach cuimhnighthí na cúig aráin ud
na gcúig míle fear, agus ga mhéd do chliabhaibh do thógabhair?


L. Mt16:10


Nó na seachd naráin úd na gceithre mhíle fear, agus ga mhéd gclíabh do
thógabhair?


L. Mt16:11


Cionnas nach tuigthí nach a dtimcheall aráín adubhairt mé ribh, bhur
naire do thabhairt dháoibh ar laibhín na bhPhairisíneach, agus na
Saduichíneach?


L. Mt16:12


Do thuigeadar an tráth soin nach ó laibhín an aráin adubhairt sé
ríu íad féin do choimhéd achd ó theagasc na bhPhairisíneach agus
na Saduichíneach.


L. Mt16:13


Agus ar dteachd dIósa go críchaibh Chesária FPhilippí, do
fhíafruidh se dhá dhisgiobluibh, ag rádha, créd í baramhail na ndáoine,
cía misi mac an duine?


L. Mt16:14


Agus adubhradarsan, adeirid cuid díobh gurab tú Eoin baisde,
agus cuid eile Elías, agus cuid eile Ieremías, nó duine do na
fáidhibh.


L. Mt16:15


Adeir seisean ríu, achd créd í bhur mbaramhailsi cia mé?


L. Mt16:16


Agus ar bhfhreagra do Shímón Peadar adubhairt sé, is tusa an
Criósd úd, mac Dé bhí.


L. Mt16:17


Agus ar bhfhreagra dhIósa an tráth soin adubhairt sé ris: atá tú
beannuighthe, a Shímoin mhic Ióna, oír ní féoil iona fuil do
fhoillsigh sin duit, achd mhathairsi atá a bhflaitheamhnus.


L. Mt16:18


Agus adeirimsi riot, gurab tusa Peadar, agus gurab ar an
gcarruicsi thóigébhus misi méagluis féin: agus nach béruid getuidhe
ifeirn búaidh uirthe.


L. Mt16:19


Agus dobhéra mé dhuit eochracha na ríoghachda neamhdha, agus giodhbé
ní cheingéolus tú ar an dtalamh, biáidh sé ceanguilte ar neamh: agus
giodhbé ní sgáoilfeas tu ar an dtalamh, biáidh sé sgáoilte ar neamh.


L. Mt16:20


Annsin do aithin sé dhá dhisgiobluibh gan a innisin do neach ar bioth,
gurbh é féin Iósa an Críosd úd.


L. Mt16:21


Ó an úair sin amach do thionnsgain Iósa a fhoillseachadh dhá
dhisgiobluibh gurab éigin dó dhul gu hÍarusaléim agus mórán
dfulang ó na sinnsearuibh agus ó úachdaránaibh na sagart, agus ó na
sgriobuidhibh, agus bás dfulang, agus a eiséirghe an treas lá.


L. Mt16:22


Agus arna bhreith do leathtáobh do Fpeadar, do thionnsgaín sé
athchasán do thabhairt dó, ag rádha: déna trúaidhe dhe dhuit féin a
thighearna: ní theigébha so dhuit ar chruth ar bioth.


L. Mt16:23


Achd ar gcasadh dhósan adubhairt sé ré Pedar, imhthigh úaim a
abhairséoir, is adhbhar oilbhéime dhamh thú: óir ní thuigenn tú na neithe
bheanas ré Diá, achd na neithe bheanas reis na dáoinibh.


L. Mt16:24


Adubhairt Iósa an tan soin réna dhisgiobluibh, más áill lé neach
teachd amdheadhaidhsi, díultadh sé dhó féin, agus tógbhadh sé a chros,
agus leanadh se mheisi.


L. Mt16:25


Oír giodhbé neach lénab mían a anam féin do chumhdach, caillfidh sé
é, agus giodhbé neach cháillfeas a anam ar mo shonsa, doghébha sé é.


L. Mt16:26


Oír créd é a tharbha do dhuine dhá ngnodhuighedh sé an domhan uile,
agus a anam féin do leigean amugha? nó créd í an iomláoid dobhéradh
duine ar son a anma féin?


L. Mt16:27


Oír tiocfuidh mac an duine a nglóir a athar féin maille léna
ainglibh: agus dobhéra sé an tráth soin dá gach neach do réir a
ghníomharthadh.


L. Mt16:28


Go fírinneach adeirimsi ribh gu bhfhuil cuid don luchd atá na
seasámh annso, nach blaisfidh bás nó go bhfaicid síad mac an duine ag teachd
ann a rióghachd féin.


L. Mt17



L. Mt17:1


Agus a gcionn sé lá beiridh Iósa Peadar agus Séumas agus Eóin a
dhearbhráthair, agus tréoruighidh sé íad ar leith gu sliabh ard.


L. Mt17:2


Agus do hathruigheadh a chruth an a bhfíadhnuisi, agus do dheallruigh
a adhuidh mar an ngréin, agus dorinneadh a éudhuighe geal mar an solas.


L. Mt17:3


Agus tabhair dodhúigh, do taidhbhrighedh dhóibh Máoise, agus
Elías, a comhrádh ris.


L. Mt17:4


Agus ar bhfhreagra do Pheadar adubhairt sé ré hÍosa, a
thighearna is maith dhúinn bheith annso: mas áill leat, dénam trí
botha annso, both dhuitsi, both do Mháoisi, agus both dhElías.


L. Mt17:5


Suil do sguir seisean do labhairt, tabhair dodhúigh, do theilg néll
solus sgáile orrtha: agus féuch, tainic guth as an néll ag rádha, ag so an
mac grádhach úd agamsa, an a bhfhuil mo thoil mhaith: eisdigh ris.


L. Mt17:6


Agus an tráth dochúaladar na disgiobuil so, do thuiteadar air
a naghuidh, agus do ghabh eagla romhór íad.


L. Mt17:7


Agus ar dteachd dIósa do bhean sé ríu, agus adubhairt sé,
éirghidh, agus ná bíodh eagla oruibh.


L. Mt17:8


Agus ar dtógbhail a súl dóibh, ni fhacadar éin neach, achd Iósa na
áonar.


L. Mt17:9


Agus an tráth tangadar anúas don tslíabh, do aithin Iósa dhióbh, ag
rádha, ná hinnisidh déinnech an ní do taidhbhridheadh dháoibh, nó gu
néirghe mac an duine ó mharbhaibh.


L. Mt17:10


Agus do fhiáfruigheadar a dhisgiobhail dhesean, ag rádha, maseadh
créd fa a nabruid na Sgríobuidhe, gurab éigen Elías do theachd air
tús?


L. Mt17:11


Agus ar bhfhregra dhIósa adubhairt sé ríu, tiocfuidh Elías gu
fírinneach ar tús, agus aiséoghuidh sé gach éin ní:


L. Mt17:12


Achd adeirimsi ribh go dtainic Elías cheana, agus nachar
aithnigheadar é, achd gu ndearnadar a dtoil féin ris: is mar sin
fhuiléongas mac an duine mar an gcédna úatha.


L. Mt17:13


Do thuigedar na disgiobuil an tráth soin gurab a dtimcheall Eóin
baisde do labhair sé ríu.


L. Mt17:14


Agus an tan tangadar a gceann an choimhthionóil, dochúaidh neach
dhairighe chuige, ag sléchduin ar a ghlúinibh dhó,


L. Mt17:15


Agus ag rádha, a thighearna déna trocaire ar mo mhac, oír bhíodh sé tinn
lé goin na rée, agus is mór dholc fhuilngeas sé: óir tuitidh sé a dteinidh
gu minic, agus anuisge gu minic.


L. Mt17:16


Agus do thairg mé dod dhisgiobluibhsi é, agus níor fhédadar a
leidheas.


L. Mt17:17


Agus ar bhfhregra dhIosa adubhairt sé, a chinidh do theaguisg gan
chreideamh, ga fad fós bhías mé in bhar bfochair? ga fad fós fhuiléongas me
sibh? tabhruidh chugamsa annso é.


L. Mt17:18


Agus do imdhearg Iósa an deamhan, agus do imthigh sé as: agus dobhí an
leanabh slán ón úair sin amach.


L. Mt17:19


Ar dteachd do na disgiobluibh chum Iósa an tráth soin fa leith,
adubhradar, créd é an fáth nachar fhédamairne súd do theilgean amach?


L. Mt17:20


Agus adubhairt Iósa ríusan, ar son bhur míchreidimh: óir adeirim
ribh go fírinnech: dá mbeith oiread re gráinne musdaird do chreidemh
agaibh, adérthaoi ris an sliabh so, athruigh as so annsúd anunn: agus
aithréochuidh sé: agus ní bhía ní ar bioth nach bhudh heidir libh.


L. Mt17:21


Achd cheana ni théid an sórt demhan so amach, achd lé hurnuighthe
agus lé trosgadh.


L. Mt17:22


Agus ar ndénamh comhnuighe ann sa Ghalile dhóibh, adubhairt Iósa
ríu, dobérthar mac an duine a lámhaib na ndáoine.


L. Mt17:23


Agus muirfid síad é, achd an treas lá eiréochaidh sé: agus do ghabh
dobrón romhór íadsan.


L. Mt17:24


Agus an tan tangadar gu Capernaum, tangadar lucht an didrachma
iodhón an dáoirchiósa do thógbháil chum Pedair: agus adubhradar, an
íocann bhur maighisdirsi an didrachma?


L. Mt17:25


Adeir seisean, iócuidh: agus an tráth dochúaidh sé asdeach don tigh,
do labhair Iosa risean ar tús, ag rádha, créd í do bharamhuilsi a
Shímóin? cía ar a dtógbhuid ríghthe na talman ciós, nó cánáchas? an
óna gcloinn féin? nó ó dháoinibh eile?


L. Mt17:26


Adeir Peadar ris, ó dháoinibh eile: adubhairt Iósa ris, ar
an adhbhar soin atáid an chlann sáor.


L. Mt17:27


Achd dochum nach tiobhramáois oilbhéim dhóibh, imthighsi dochum na
fáirge, agus teilg innte dubhán: agus tógaibh an céd iásg thiocfas aniós:
agus ar nosgladh a bhéoil, doghébha tú sdatér iodhón, gné airgid
airighthi: glac sin agus tabhair dhóibh é ar mo shonsa agus ar do shon féin.


L. Mt18



L. Mt18:1


An úair sin tangadar a dhisgiobuil chum Iósa, ag rádha, cía is mó
ann sa rioghachd neamhdha?


L. Mt18:2


Agus ar ngairm léinib bhig chuige dhIósa, do chuir sé an a lársan é.


L. Mt18:3


Agus adubhairt sé, go fírinneach adeirim ribh, muna fhilltí, agus
muna bheithí mar leanbána, nach rachdáoi asdeach don ríoghachd nemhdha.


L. Mt18:4


Ar an adhbhar soin giodhbé ísléochus é féin mar an leanbán so, as é
sin is mó a rióghachd neimhe.


L. Mt18:5


Agus gidhbé neach ghébhus chuige én leanbán dá leithéid so a
mainmsi, gabhuidh sé mheisi chuige.


L. Mt18:6


Agus gidhbé neach bhéra oilbhéim déinneach don mhuinntir bhig si
chreides ionnamsa, dob fhearr dhó chloch mhuilinn do chrochadh fana
mhuinél, agus a bháthadh a ndubhaigén na fairge.


L. Mt18:7


Is mairgneach don domhan ar son oilbhéimeann, óir is eigin do na
hoilbhéimeannaibh teachd: achd cheana is anáoibhinn don duine úd tré a dtig
an toilbhéim.


L. Mt18:8


Achd ma dobheir do lámh no do chos adhbhar oilbhéime dhuit, gearr
dhiót agus teilg uaít íad; is fearr dhuit dul asdeach dochum na beatha ar
leathhois nó ar leathláimh, ioná dhá láimh agus dá chois do bheíth agad
agus do theilgean ann sa teine shiórruidhe.


L. Mt18:9


Agus ma dobheir do shúil adhbhar oilbhéime dhuit, bean asad agus teilg
uáit í: is fearr dhuit dul don bheathaidh ar leathshúil, iona dhá shúil do
bheith agad agus do theilgen a dteinidh ifeirn.


L. Mt18:10


Tabhruidh dha bhur naire nach tiobhartháoi tarcuisne air éinneach don
mhuinntir bhig si: oír adeirim ribh gu bhfaicid anaingilsion a
bhfhlaitheamhnas do ghnáth adhaidh mhatharsa atá ar neamh.


L. Mt18:11


Oír táinic mac an duine do tharrachdoin an neithe dochúaidh amugha.


L. Mt18:12


Créd docíthear dháoibh? dá mbeith céd caora ag áonnduine agus go
rachadh áoncháora dhíobh ar seachrán, an é nach fúigfeadh sé na náoi
gcáoiridh dég agus ceithre fichid, agus an é nach rachadh sé ar na sléibhtibh
diárruidh na cáorach dochúaidh amudha.


L. Mt18:13


Agus má theagmhann go bhfhadhann sé í, adeirimsi ribh go fírinneach
gurab mó a lúáthgháir tríthe, iona ar son na náoi gcáorach ndég agus
cheithre fichid nach deachuidh ar seachrán.


L. Mt18:14


Mar an gcéadna ní hí toil bhur natharsa atá ar neamh, go rachadh
éinneach do na dáoinibh beaga sa ámudha.


L. Mt18:15


Achd má fpeacuigheann do dhearbhráthair adhadhuidh, imthigh agus
spreag é eadrad féin agus é féin amháin: agus má éisdeann sé riot, do
ghnodhuigh tú do dhearbhráthair.


L. Mt18:16


Agus muna éisde sé riot, beir leat fós duine nó días eile: dochum
gu mbíadh gach éinní a mbél deisi no trír dfhíadhnuisibh seasmhach.


L. Mt18:17


Agus má dhiúltann sé iádsan déisdechd, innis don eagluis: agus má
dhiúltann sé an eagluis déisdeachd, bíoth mes Eitnic iodhón
anchríosduighe agus phuibliocáin agad air.


L. Mt18:18


Gu fírinneach adeirimsi ribh, giodhbé ar bioth neithe ceangóltáoi
ar an dtalamh, gu mbeid síad cheangailte ar neamh, agus giodhbé ar bioth
neithe sgáoilfidhe ar an dtalamh, gu mbeid sgáoilte ar neamh.


L. Mt18:19


Arís adeirim ribh má theagmhann días agaibh ar áonfhocal ar an
dtalamh, a dtimcheall gach uile ní íarrfuid síad, gu bhfuighid síad é ó
mhathairse atá ar neamh.


L. Mt18:20


Óir gidhbé áit ann a bhfuilid días nó tríur arna gcruinnechadh
a mhainmsi, atáimsi annsin ann a lár súd.


L. Mt18:21


Ar ndul do Fpeadar chuige an tráth soin, adubhairt sé, a thighearna,
ga a mhioncachd doghéna mo dhearbhráthair coir a madhaidh, agus
mhaithfeas mé dhó? an go nuige an seachdmhadh húair?


L. Mt18:22


Adeir Iósa ris, ni abruim riot gus an seachdmhadh húair amháin,
achd gu soithe a deich agus trí fichid seachd núaire.


L. Mt18:23


Ar an adhbhar soin is cosmhuil ríoghachd flaitheamhnais ré rí
dháirighthe, lérb áill cúntas do dhénamh, réna serbhfhóghantuidhibh.


L. Mt18:24


Agus an tráth do thionnsgain sé cúntas do dhénamh, tugadh chuige
féitheamh dháirighthe dár dhligh sé deich míle talann.


L. Mt18:25


Agus an tan nárbh éidir leis na fiácha so dhióc, do aithin a
thighearna, é féin, agus a bhean, agus a chlann, agus a raibhe aige don
tsáoghal do reic, dochum na bhfíach do dhíol.


L. Mt18:26


Ar an adhbhar soin ag dénamh úmhla don tsearbhfhoghantuighe sin do
íarr sé athchuinghidh air, ag rádha, a thighearna, déna foidhide riúm, agus
dobhéra mé tfhíacha uile dhuit.


L. Mt18:27


Annsin ar ngabháil trúaidhe moíre tighearna an óglaóich úd, dó,
do léig sé úadha é, agus do mhaith sé na fíacha dhó.


L. Mt18:28


Agus ag dul amach don tsearbhfhoghanthuigh úd, fuáir sé duine dá
chomhshearbhfhoghantuidhibh féin, dar dhligh sé céd pinginn: agus arna
fhosdadh rug sé ar sgórnuigh air agá rádha, díol rium an ní dhligheas tú.


L. Mt18:29


Ar an adhbhar soin ag tuitim dhá chomshearbhfhogantuidhe ag a
chosuibhsean, do ghuidh sé é, agá rádha, déna foidhide ríum, agus dobhéra
mé tfhiacha uile dhuit.


L. Mt18:30


Achd níorbh áill leisean sin: achd ar nimtheachd dó, do theilg sé a
bprísún é, nó gu niócadh sé na fíacha.


L. Mt18:31


Agus an tráth dochoncadar a choimhshearbhfoghantuidhesion na
neithe dobhí arna ndénamh, do ghabh doilghes romhór íad, agus tangadar,
agus do fhoillsigheadar dá dtighearna gach ní dá ndearnadh ann.


L. Mt18:32


Annsin do chuir a thighearna fios airsean agus adeir sé ris, a
dhroichshearbhfoghantuidh, do mhaith mé na fíacha úd uile dhuit, do
bhríogh gur chuir tú impidhe oram:


L. Mt18:33


Agus an é nár chóir dhuitsi trócaire do dhéanamh ar do
choimhshearbhfhoghantuidh féin, amhail agus mar dorinne meisi trócaire
ortsa?


L. Mt18:34


Agus ar ngabháil fheirge a thighearna, tug sé don luchd piorríachuidh
é, nó gu niócadh sé a fhíacha uile ris.


L. Mt18:35


Agus is mar sin doghéna mhathair nemhdhasa ribhsi, achd muna
maithe gach áon duine agaibh dá dhearbhráthair ó bhur gcroidhthibh a
gcionnta.



Cap. 19


L. Mt19:1


Agus tarrla an tráth do chríóchnuigh Iósa na comhraítesi, gur sgáoil
sé a luing on Ghalile, agus tainic sé gu críochuibh Iúdea tar
Iordán.


L. Mt19:2


Agus do lean cuidechda mhór é: agus do shlánuigh sé íad annsúd.


L. Mt19:3


Tangadar na FPhairisínigh chuige an tráth soin dá bhuaidhreadh,
agus aga rádha ris; an ceaduightheach do dhuine a bhean do leigean trí gach
uile adhbhar?


L. Mt19:4


Agus ar bhfheagra dhósan adubhairt sé ríu, an e nar léghabhair gu
ndearna an crúthaighthéoir ó thús an fear agus an bhean?


L. Mt19:5


Agus gu ndubhairt sé, ar an adhbhar sa fúigfidh duine a athair agus a
mhathair, agus adharfuidh sé dhá mhnáoi: agus beid aráon na
néinfhéoil amhaín.


L. Mt19:6


Ar an adhbhar soin ní fhuilid iona ndís nibhus mo, achd iona
néinfhéoil, uime sin an ní do cheanguil Día, na sgáoileadh duine é.


L. Mt19:7


Adubhradarsan ris, mas fiór sin créd far aithin Máoisi leitir
dhealuighthe do thabhairt, agus ise do leigean?


L. Mt19:8


Adeir seisen ríu, do fhuluing Máoisi dháoibhsi ar son chruáis bhur
gcroidhedh bhur mná do leigean: achd cheana ní mar sin dobhí se ó thús.


L. Mt19:9


Achd adeirimsi ribh, giodhbé neach leigfeas a bhean, achd ar son
sdrípachuis, agus dobhéra bean eile, gu ndénann sé adhaltrannas: agus
giodhbé do fpós an bhean do leigeadh, gu ndénann sé adhaltrannas.


L. Mt19:10


Adeirid a dhisgiobuil risean, ma as é sin is cor don fhior réna
mhnáoi, ní maith an pósadh ré a dhénamh.


L. Mt19:11


Achd adubhairt seisean ríu, ní hé gach áonduine ghabhus an glór sa,
achd an dream dha dtugadh é.


L. Mt19:12


Oir atáid dáoine coillte noch rugadh mar sin as bhroinn a máthar:
agus ataíd caillteánuigh ag ar bhenadar dáoine asda: agus atáid
caillteánuigh do bhean asda féin ar son na ríoghachda neamhdha: giodhbé
fhédus a ghabháil chuige, gabhadh.


L. Mt19:13


Tugadh chuige an tráth soin leinibh bhega, dochum gu gcuirfeadh sé
a lámha orrtha, agus gu ndiongnadh sé urnuidhthe: agus do spreagadar na
disgiobuil íad.


L. Mt19:14


Agus adubhairt Iósa, fuilngidh do na lenbaibh, agus na bacuidh
dhióbh techd chugamsa, oír is léna leithéidibh sin ríoghachd
fhlaitheamhnuis.


L. Mt19:15


Agus tar éis a lámha do chur ortha, do imthigh sé as súd.


L. Mt19:16


Agus tabhair dodhúidh, adubhairt nech dháirighthe ag teachd
chuige ris, a mhaighisdir mhaith, créd í an mhaith doghéna mé, dochum gu
bhfhuidhinn an bhetha mharthanach?


L. Mt19:17


Agus adubhairt seisean ris, créd fá a ngoireann tú maith dhiómsa?
ni fhuil éinneach maith, achd áon Día? achd mas a mhían leat dul
dochum na betha, coimhéd na haitheanta.


L. Mt19:18


Adeir seisean ris, cía híad? agus adubhairt Iósa, Ní dhiongna tú
dúnmharbhadh, ní dhiangna tú adhaltrannas, ní dhiagna tú gaduidheachd, ní
dhiongna tú fíadhnuisi bhréige.


L. Mt19:19


Onóruigh hathair agus do mhathair, agus grádhuigh do chomharsa mar
thú féin.


L. Mt19:20


Adeir an tógánach ris, do choimhéd mé na neithesi uile ó móige,
créd atá dhuireasbhuidh oram fós?


L. Mt19:21


Adubhairt Iósa ris, mas áill leat bheith diongmhála, imthigh, reac
a bfuil don tsáoghal agad, agus tabhair do na bochduibh é: agus doghébha
tú ionnmhas ar neamh, agus tarra, agus lean mheisi.


L. Mt19:22


Agus an tráth dochúaluidh an tógánach an comhrádh soin, do imthigh
sé gu dobrónach: oír dobhí iomad saidhbhris aige.


L. Mt19:23


Agus adubhairt Iósa réna dhisgioluibh, adeirim ribh gu fírinneach
gurab docomhlach rachas duine saidhbhir asdeach a bhfhlaitheamhnus Dé.


L. Mt19:24


Agus arís adeirim ribh, gurab usa do chámhall dul tré chró na
snáthuide, iona do dhuine sháidhbhir dhul asdeach a bhfhlaitheamhnus Dé.


L. Mt19:25


Agus arna chluinsin so dhá dhisgiobluibh, do ghabh machdnadh mór íad,
aga rádha; ar an adhbhar soin cía is éidir do shlánughadh?


L. Mt19:26


Agus ar bhfhéchain dIósa orrtha adubhairt sé ríu, ni fhuil so ar
cumas do na dáoinibh: achd cheana atá gach uile ní ar cumas do Dhía.


L. Mt19:27


Ar bhfhreagra do Fpeadar an tráth soin, adubhairt sé ris, tabhair
dodhúidh, do thréigeamairne gach uile ní, agus do leanamar thusa:
ar an adhbhar soin créd doghébham?


L. Mt19:28


Agus adubhairt Iósa ríu, adeirimsi ribh gu deimhin, an tráth
shuidhfeas mac an duine a gcaithír a ghlóire féin, gu suidhfidhesi
an mhuinntear do lean mheisi, annsan aithgheineamhuin mar an gcédna
ar dhá chaithír dhég, ag breith breithe ar dhá threibh dhég
Isráel.


L. Mt19:29


Agus giodhbé neach do thréig tighthe, nó dhearbhráithreacha, nó
deirbhsheathracha, nó athair, nó mathair, nó ben phósda, nó clann, nó
dúthuidh ar son mhanmasa, doghébha sé a gcéd oiread, agus an bheatha
mharthanach do dhligheadh oidhreachda.


L. Mt19:30


Achd cheana atá mórán ar tosach, bhías fa dheireadh: agus fa
dheireadh, bhiás ar tosach.


L. Mt20



L. Mt20:1


Oir is cosmhuil an rióghachd neamhdha ré fear tighe dháirighthe,
dochuaidh amach lé héirghe an láoi do chur lochda oibre ar formáil ann a
fhíneamhuin.


L. Mt20:2


Agus tar éis réidhighthe ris an luchd oibre ar fphinginn sa ló, do chuir
sé ana fhíneamhain íad.


L. Mt20:3


Agus ar ndul amach dhó timcheall an treas úair, dochonaic sé drong
eile dímháoineach iona seasamh ar an margadh.


L. Mt20:4


Agus adubhairt sé ríu, imdhighsi leis don fhíneamhuin, agus giodhbé
ní bhús ceart dobhéra mé dhíbh é.


L. Mt20:5


Agus do imdhigheadarsan. Arís ar nimtheachd amach dhó, timcheall an
seiseadh agus an náomhadh húair, dorinne sé mar an gcédna.


L. Mt20:6


Agus ar ndul amach dhó a dtimchell an áonmhadh húair dég, fúair sé
drem eile iona seasamh dímháoineach, agus adeir sé ríu, créd ioma
bhfhuiltísi ion bhar seasamh annso feadh an láoi dímháoineach?


L. Mt20:7


Adeirid siádsan ris, ar son nár chongaimh duine ar bioth ar túarasdal
sinn. Adeir seisean ríu, imdhighidhsi mar an gcédna don fhíneamhain,
agus giodhbé ni bhus coír doghéubhtháoi é.


L. Mt20:8


Agus ar dteachd don tráthnóna adeir tighearna na fíneamhna réna
sdíobhard, goir an luchd oibre, agus tabhair dhóibh a dtúarasdal, ag
tosughadh ón luchd táinic fá dheireadh, gu soithe na céd dáoine.


L. Mt20:9


Agus ar dteachd don druing úd do fostadh a dtimcheall an áonmhadh
húair dég, fúair gach duine dhióbh pinginn.


L. Mt20:10


Agus ar dteachd don chéid dreim do sháoiledar gu bhfuighbhidís féin
ní bhudh mó: achd chena fúair gach áon díobh mar an gcédna pinginn.


L. Mt20:11


Agus arna ghlacadh dhóibh, dorinneadar monabar anadhuidh fhir an
tighe,


L. Mt20:12


Agá rádha, an dream so thainic fa dheireadh, ni dhearnadar obair achd
aonúair amháin, agus do chuirisi a gcoimhmeas rinne, do iomchuir
muiridhin agus teasbhach an láoi, íad.


L. Mt20:13


Agus ar bhfhreagra dhósan adubhairt sé ré fear dhíobh, a chompánuigh,
ní fhuilim ag dénamh égcóra ort: an é nár réidhigh tú ríom ar fphinginn?


L. Mt20:14


Tógaibh leat do chuid féin, agus imdhigh, as í mo thoilsí a
thabhairt don tési tháinic fá dheireadh mar thug mé dhuitsi.


L. Mt20:15


An é nach ceaduightheach dhamhsa an ní is toil leam féin do dhénamh
rém chuid féin? an bhfhuil do shúilsi gu holc air son gu bhfhuilimsi
maith?


L. Mt20:16


Is mar sin bheid na dáoine thig fa dheireadh a dtosach: agus na
dáoine atá a dtosach fa dheireadh. Oír is mór atá arna ngairm, agus
is beg atá arna dtogha.


L. Mt20:17


Agus ag dul súas dhIósa gu hIárusaléim, rug sé an dá dhisgiobal
dég leis fa leith ann sa tslighidh, agus adubhairt sé ríu,


L. Mt20:18


Féch atámáoid ag dul súas gu hIárusaléim, agus dobhérthar mac
an duine dhúachdaránaibh na sagart agus do dhoctúraibh an dlidhidh,
agus béruid siad breath bháis air:


L. Mt20:19


Agus dobhéruid síad do na cineadhachuibh é dochum gu ndéndáois
fonámhad fáoi, agus gu sgíursfadáois agus gu gcrochfadáois é: achd an
treas lá éiréochaidh sé arís.


L. Mt20:20


Tainic máthair chloinne Shebedei chuige an tráth soin, maille
réna cloinn, dá onórughadh agus ag iárruidh neithe dháirighthe air.


L. Mt20:21


Agus adubhairt seisean ría, créd í do thoil? adeir sisi ris, abair
gu suidhfid an diás mac so agamsa, fear aca ar do láimh dheis, agus fear
eile ar do láimh chlé, ad ríoghachd.


L. Mt20:22


Agus ar bhfhreagra dhIósa adubhairt sé, ní fhuil a fhios agaibh
créd iárrtháoi, an éidir libh an cupán íobhas meisi dhól, agus bhur
mbaisdeadh leis an mbaisdeadh lé a mbaisdear mheisi? adubhradarsan ris,
is éidir.


L. Mt20:23


Agus adeir seisean ríu, íobhtháoi gu deimhin dom chupánsa agus
baisdfidhthear ribh leis an mbaisdedh lé a mbaisdear mheisi: achd suidhe ar
mo láimh dheis agus chlé, ní lemsa a thabhairt, achd dobérthar é don
dreim úd dá bhfhuil sé arna ullmhughadh ómathair.


L. Mt20:24


Agus an tráth dochúaladar an deichneabhar eile so, dobhí
neimhchion aca ar an días dearbhráthar.


L. Mt20:25


Agus arna ngairm chuige dhIósa, adubhairt sé, atá a fhios
agaibh gu bhfhuil úachdaránachd aga dtighernuibh ar na cineadhachaibh, agus
gu bhfhuilid na daoine móra trén orrtha.


L. Mt20:26


Achd cheana ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd giodhbé neach lé
madh mían bheith na dhuine mhór eadruibh, bíoth sé na
sheirbhiseach agaibh.


L. Mt20:27


Agus giodhbé neach lénab áill bheith na úachdarán eadruibh, bíoth
sé iona shearbhfhoghantuidhe agaibh.


L. Mt20:28


Fá mar nach táinic mac an duine dochum gu ndingéntáoi seirbhís
dhó, achd do dhénamh seirbhísi, agus do thabhairt a anma féin mar
lúaghuidheachd ar son mhóráin.


L. Mt20:29


Ar ndul amach dhóibh an tráth soin as Iericó, do lean slúagh mór
eisean.


L. Mt20:30


Agus tabhair dod húidh, días do dháoinibh dalla dobhí iona suidhe
chois na slidheadh, an tráth dochúaladar gu raibhe Iósa ag gabháil
tharsa, do eighmheadar agá rádha, déna trócaire oruinn, a thighearna
a mhic Dhábhí.


L. Mt20:31


Achd do sbreagadar an slúagh íad dochum gu gcoisgfidis: achd chena
is móide do eighmheadarsan sin, agá rádha, déna trócaire oruinn, a
thighearna a mhic Dhábhí.


L. Mt20:32


Agus ar seasamh dhIósa, do ghoir sé íad, agus adubhairt sé, créd
is áill libh do dhénamh dhamhsa dháoibh?


L. Mt20:33


Adeiridsean ris, a thighearna, ar súile dhosgladh.


L. Mt20:34


Agus do ghabh trúaidhe ghér Iósa dhóibh, agus do bhean sé réna súilibh:
agus táinic radharc dá súilibh ar an mball, agus do leanadar eisean.


L. Mt21



L. Mt21:1


Agus an tráth do dhruideadar ré hÍarusaléim, agus tángadar gu
Bethpháge dochum tsléibhe na nOluidhedh, annsin do chuir Iósa diás
disgiobal úadha,


L. Mt21:2


Agá rádha ríu, imdhighidh don bhaile atá as bhur gcomhair, agus ar an
mball doghébhtháoi asal ceanguilte agus searrach iona fhochair:
sgáoilidh agus tabhraidh chugamsa íad.


L. Mt21:3


Agus má labhránn áonnduine ní ar bioth ribh, abruidhsi gu bhfhuil
feidhm ag an dtighearna orrtha: agus leigfidh sé úadha ar an mball íad.


L. Mt21:4


Agus táinic so uile dochum críche dochum gu gcoimhlíonfuidhthe an ní
atá arna rádha trés an bhfháidh, adeir,


L. Mt21:5


Innisidh dinghin tSión, tabhair dodhúidh atá do rí ag teachd
chugad gu ciúin, ar muin asuil, agus bhromuigh mac an asail ar a
gcuirthear cuing.


L. Mt21:6


Agus do imthighedar na disgiobuil, agus dorinneadar mar do aithin
Iósa dhíobh,


L. Mt21:7


Agus tugadar an tasal agus an bromach léo, agus do chuireadhar a
néduighe orrtha, agus do chuireadar eisean na shuidhe ar a muin.


L. Mt21:8


Agus do leathnuigheadar mórán do dháoinibh a mbruit ar an slighidh: agus
do ghearradar drong eile cráoibhech do chrannaibh, agus do sgaradar ar an
slighidh íad.


L. Mt21:9


Agus do thógaibh an slúagh dobhí roimhe agus na dheadhaidh gáir,
ag rádha, hósanna do mhac Dábhí: is bennuighthe an té thig anainm an
tighearna, hósanna annsna hardaibh.


L. Mt21:10


Agus ag dul dIósa asdeach gu hIárusaléim, dobhí an chathair
uile arna búaidhreadh, ag rádha, cía hé so?


L. Mt21:11


Agus adubhairt an coimhthionól, as é so Iósa an fáidh úd ó Násaréth
na Galilé.


L. Mt21:12


Agus dochúaidh Iósa asdeach gu teampoll Día, agus do theilg sé amach
a raibhe ag reic agus ag ceannach annsa teampoll: agus do theilg sé buird
luchda malarta an airgid bun scíonn, agus caithíreacha luchda reactha na
gcolum.


L. Mt21:13


Agus adubhairt sé ríu, atá sgríobhtha, goirfidhthear tech
urnuighthe dom theachsa: achd dorinneabhairsi tuinidhthe bithbhíneach
dhe.


L. Mt21:14


Tangadar chuige an tráth soin doill, agus bacaigh ann sa teampoll:
agus do shlánaigh sé íad.


L. Mt21:15


Agus an tan dochoncadar úachdaráin na sagart agus na Sgríobuidhe na
míorbhuile dorinne sé, agus na leinibh ag eighmhe sa teampoll, agus ag
rádha, hósanna do mhac Dhábhí, do ghabhadar chuca gu feargach é.


L. Mt21:16


Agus adubhradar ris, an gcluin tú créd adeirid an mhuinntir so?
Agus adeir Iósa ríu, dochluinim. An é nachar léghabhair, as bél
leanabh agus náoidhean ciche do chríochnuigh tú moládh?


L. Mt21:17


Agus arna bhfágbháil, dochúaidh sé amach as an gcathraigh gu
Bethanía, agus do an sé annsin an oidhche sin.


L. Mt21:18


Agus ag filleadh dhó dochum na cathrach ar madain, do ghabh ocarus é.


L. Mt21:19


Agus an úair dochonaic sé crann fíge ar an slighidh, táinic sé
chuige, agus ní fhúair sé ní ar bith air achd duillebhar amháin: agus
adeir sé ris, nár fhása toradh ó so amach go brách ort. Agus do chríon an
crann fíge ar an mball soin.


L. Mt21:20


Agus arna fhaicsin do na disgiobluibh, do ghabh iongantus íad, agá
rádha, cionnas do mheath an crann fíge ar an mball?


L. Mt21:21


Agus ar bhfhreagra dhIósa adubhairt sé ríu, adeirim ribh gu
fírinneach, ma bhíonn creideamh agaibh, agus nach cuirfithí cunntabhairt
ann, ní hé amháin an ní si tharla don chrann fíge doghéntáoi, achd mar
an gcédna má adeirthí ris an slíabh so, togaibhthear thú, agus teilgther
ann sa bhfhairge thú, bíaidh sin dénta.


L. Mt21:22


Agus gidhbé ar bith neithe iárrfuidhthe ann bhur nurnuighe, má
chreidtí, doghébhtháoi íad.


L. Mt21:23


Agus an tráth tainic sé don teampoll, tangadar úachdaráin na sagart
agus sinnsir an fpobuil chuige agus é ag teagosc, agá rádha ris,
créd é an tughdarrás ré a ndénann tusa na neithe si? agus cía thug na
cumhachda sa dhuit?


L. Mt21:24


Agus ar bhfhreagra dhIósa adubhairt sé ríu, fíafróchuidh meisi mar
an gcédna dhíbhsi ní dhaírighthe: agus dá ninnisdi dhamh é, innéosuidh
meisi dháoibhsi mar an gcédna cía an tughdarrás as a ndéanuim na
neithe si:


L. Mt21:25


Ga háit as a dtainic baisdedh Eóin ó neamh, no ó dháoinibh? achd
do smúainteadarsan ionnta féin, aga rádha, ma adeirmíd, ó neamh: adéra sé
rinn, ar an adhbhar soin créd fa nar chreideabhairse dhó?


L. Mt21:26


Agus má adeirmíd ó dháoinibh: atá eagla an fpobail oruinn: óir atá
cion fáidhe ag gach uile dhuine ar Eóin.


L. Mt21:27


Agus ag tabhairt fhreagartha ar Iósa adubhradar, ní fhuil a fhios
aguinn: agus adubhairt seisean ríu, ní mó innéosadsa dháoibhse cía an
tughdarrás as a ndénuim na neithe si.


L. Mt21:28


Achd créd docíthear dháoibhsi? dobhádar días mac ag duine
dháirighthe: agus ag dul a gceann an chéd mhic, adubhairt sé, a mhic,
imdhigh, déna obair aniu am fhíneamhain.


L. Mt21:29


Agus ar bhfreagra dhósan adubhairt sé, ní dhiongan: achd iona
dhiaidh sin an tráth do ghabh aithreachas é, do imdhigh sé.


L. Mt21:30


Agus ag dul a gceann an dara mac, adubhairt sé mar an gcédna. Agus ar
bhfhreagra dhósan adubhairt sé, doghéun a thighearna: gidheadh niór
imdhigh sé.


L. Mt21:31


Cía don dís se dorinne toil a athar? adeiridsean ris, an
cédfhear. Adeir Iósa ríusan, adeirimse ribh gu fírinneach, go
dtéid na puiblicáin agus na sdrípacha romhaibhsi gu flaitheamhnas Dé.


L. Mt21:32


Oír táinic Eóin chugaibh a slighidh na córa, agus nior chreidebhair
dhó: achd do chreideadar na puiblicaín agus na sdríopacha dhó: achd gé do
chonncabhairsi, ní dhearnabhair aithrighe na dhiaidh sin, dochum
gu gcreidfedh sibh dhó.


L. Mt21:33


Eísdigh ré cosamhlachd eile, dobhí fer tighe dháirighthe ann, do
chuir fíneamhuin, agus do chuir sé fál iona timcheall, agus do thochail sé
ionad brúighte an fhíona innte, agus do thogaibh sé tor agus tug sé do
sgológaibh ar feirm í, agus do imdhidh sé féin a gcoigcrich.


L. Mt21:34


Agus an tráth do dhruid aimsear na dtorthadh ríu, do chuir sé a
shearbhfhoghantuidhe dochum na sgológ, do ghlacadh na dtorthadh.


L. Mt21:35


Agus rugadar na sgológa ar a sherbhfhoghantuidhib, agus do ghabhadar
ar fhear dhióbh, agus do mharbhadar fear eile, agus do ghabhadar do
chlochaibh ar fhear eile.


L. Mt21:36


Arís do chuir sé searbhfhoghantuidhe eile úaidh dobúdh lía iona an
chéad chuideachda: agus dorinneadarsan mar an gcédna ríu.


L. Mt21:37


Agus fa dheireadh do chuir sé a mhac féin chuca, agá rádha, dobhéruid
síad onóir dom mac.


L. Mt21:38


Agus ar bhfhaicsin an mhic do na sgológaibh, adubhradar eatorra féin,
as é so an toíghre, tigidh, marbham é, agus congbham a oidhreachd.


L. Mt21:39


Agus ar mbreith air do theilgeadar as an bhfíneamhuin amach é, agus do
mharbhadar é.


L. Mt21:40


Ar an adhbhar soin an tráth tiocfas tighearna na fíneamhna, créd
doghéna sé ris na sgológaibh úd?


L. Mt21:41


Adeiridsean ris, sgriosfuidh sé gu díoghaltach na drochdháoine úd:
agus dobhéra sé a fhíneamhuin air feirm do sgológaibh eile, dobhéra na
toirthe dhó an a naimsearaibh féin.


L. Mt21:42


Adeir Iósa ríu, an é nár léghabhair ríamh annsna sgrioptúraibh,
an chloch úd do dhiúltadar na sáoir, as í atá arna denamh na ceann
ann sa chúainne? as é an tighearna dorinne so, agus atá sé iongantach
ann ar suilibhne.


L. Mt21:43


Ar an adhbhar soin adeirim ribh, gu dtoigébhthar ríoghachd Dé
úaibhsi, agus gu dtiobharthar í do chíneadh dobhéra a toradh úatha.


L. Mt21:44


Agus giodhbé neach thuitfeas ar an gcloich se, dogéntar slígreach
dhe: agus giodhbé ar a dtuitfi sí, doghéna sí luáithreadh lé gáoith dhe.


L. Mt21:45


Agus an tráth dochúaladar úachdaráin na sagart agus na
fPhairisínigh a chosmhalachda san, do aithnigheadar gurab na dtimcheall féin
labhrus sé.


L. Mt21:46


Agus an tráth do shantuighedar breith air, dobhí eagla an fpobail
orrtha: óir dobhí meas fáidhe aca airsean.


L. Mt22



L. Mt22:1


Agus ar bhfhreagra dhIósa, do labhair sé arís ríu a gcosmhalachdaibh,
agá rádha,


L. Mt22:2


Is chosmhuil an flaitheas neamhdha ré rígh dháirighthe, dorinne
banais fpósda dhá mhac féin.


L. Mt22:3


Agus do chuir sé a shearbhfhoghantuidhe do ghairm na muinntire fúair
cuireadh dochum an fphósta: achd niórbh áill leosan teachd.


L. Mt22:4


Arís do chuir sé searbhfhoghantuidhe eile chuca, da rádha, abruidhsi
ris an muinntir úd dá dtugadh cuireadh, féch, do ullmhuigh mé mo dhínnér,
atáid mo dhaimh agus mhainmhinntighe bíadhta arna marbhadh, agus atá
gach uile ní ullamh: tigidh dochum an fphósta.


L. Mt22:5


Achd tugadarsan faillighe annso, agus do imthigheadar, fear dhíob dá
fhearann féin, agus fear eile dochum a cheannuigheachda.


L. Mt22:6


Agus rugadar an chuid eile dhíobh ar a shearbhfhogantuidhibhsean,
agus tugadar esonóir dhóibh, agus do marbhadar íad.


L. Mt22:7


Agus an tan dochúalaidh an rí do ghabh fearg é: agus ar gcur a
shlúaighte úadha, do sgrios sé an luchd dúnmharbhtha úd, agus do loisg sé a
gcathair.


L. Mt22:8


Adeir sé an tan soin réna shearbhfhoghantuighibh, gu fírinneach atá
an pósadh ullamh, gidheadh níorbh fhiú an dream úd fúair an cuireadh
a fhagháil.


L. Mt22:9


Ar an adhbhar soin imdhighsi a gcomhrac na ród, agus giodhbé ar bioth
dáoine doghébhtháoi ann, goiridh dochum an fphósta íad.


L. Mt22:10


Agus ar ndul amach do na searbhfhoghantuidhibh úd ar na slighthibh, do
chruinnigheadar gach uile dhuine dá bhfhuaradar, eidir olc agus mhaith:
agus do líonadh teagh an fphósta do dháoinibh do shuidh chum bídh,


L. Mt22:11


Agus ar ndul asdeach don rígh dféchain ar a luchd gcuiridh,
dochonnaic sé duine annsúd ag nach raibhe édach budh iomchubhaidh don
fphósadh uime:


L. Mt22:12


Agus adeir sé ris, a chomhpánuigh, cionnas táinic tusa asdeach annso
gan édach budh iomchubhaidh don fphósadh iomat? achd ní raibhe áon fhocal
aigesean.


L. Mt22:13


Adubhairt an rí réna mhinisdrighibh an tráth soin, ar gceangal a chos
agus a lámh súd, tógbhuidh é, agus teilgidh ann sa dorchadus amuich ,
mar a mbía gul agus gisgarnach fíacal.


L. Mt22:14


Oír is mór atá arna ngairm, agus is beag atá arna dtogha.


L. Mt22:15


Ag imdheachd annsin do na FPhairisíneachaibh, dochúadar a
gcomhairle cionnas doghébhdáois i bpaindtér é iona bhríathruibh.


L. Mt22:16


Ar an adhbhar soin cuirid síad a ndisgiobuil féin chuige maille ré
muinntir Ióruaith, agá rádha, a mhaighisdir, atá a fhios aguinn gurab
duine fírinnech thusa, agus gu dteagasgann tú slighe Dé gu fírinneach,
agus nach fuil cás agad anáonnduine: óir ní fhéchann tu do fhphearsain
na ndáoine.


L. Mt22:17


Ar an adhbhar soin innis dúinne créd docíthear dhuit, an cóir cíos
do thabhairt do Chésar, nó gan a thabhairt?


L. Mt22:18


Agus ar naithne a mailíse dhIósa adubhairt sé, créd fa a gcuirthí
cathughadh oram a luchd an fhúarchrábhaigh?


L. Mt22:19


Taisbénuidh dhamh airgead an chíosa, agus tugadarsan pinginn chuige.


L. Mt22:20


Agus adubhairt sé ríu, cía dárab íomháidh so, agus cía ré a mbeanann
an sgríbhenn so na timcheall?


L. Mt22:21


Adeiridsean ris, ré César. Adeir seisean ríusan an tráth soin, ar
an adhbhar soin tabhruidh do Chésar na neithe is lé César, agus na
neithe is lé Día, do Dhía.


L. Mt22:22


Agus arna chluinsin do ghabh iongantas íad: agus ar sgur dhe, do
imdhigheadar.


L. Mt22:23


An lá soin féin tangadar na Sadusínigh, adeir nach fuil eiseirghe ann,
chuige: agus do chuireadar ceisd air,


L. Mt22:24


Agá rádha, a mhaighisdir, adubhairt Máoisi, dá bhfaghadh áon nduine
bás gan chloinn aige, pósfuidh a dhearbhrathair a bhean do dhlighedh
comhfhoguis, agus tóigébhuidh sé siól dá dhearbhráthair.


L. Mt22:25


Agus go bhádar móirsheisear dearbhráthar eadrainne: agus tar éis mhná
do thabhairt don chéd duine fúair sé bás: agus an tan nach raibhe slichd
aige, do fhágaibh sé a bhean agá dhearbhráthair.


L. Mt22:26


Agus mar an gcédna fúair an dara dearbhráthair, agus an treas
derbhráthair, bás gu soithe an seachdmhadh dearbhráthair bás.


L. Mt22:27


Agus na ndiáigh uile fúair an bhean bás.


L. Mt22:28


Ar an adhbhar soin annsan eiseirghe, cía don mhóirsheisear dá madh
bean í? óir dobhí sí aca uile.


L. Mt22:29


Agus ar bhfhreagra dhIósa adubhairt sé ríu, atátháoi ar seachrán,
gan eolus na Sgrioptúr ná cumhachd Dé agaibh.


L. Mt22:30


Oír annsan eiseirghe, ní thabhruid fir mná, agus ní tugthar mná
dfhearaibh: achd atáid síad mar ainglibh Dé ar neamh.


L. Mt22:31


Achd an é nachar léghabhair an ní adubhairt Dia ribh a dtimchell
eiseírghe na marbh, agá rádha,


L. Mt22:32


Is meisi Dia Abrahám, agus Día Isác, agus Día Iacób? ni hé Día,
Día na marbh, achd Día na mbéo.


L. Mt22:33


Agus an tráth dochúaluidh an pobal sin, do ghabh iongnadh iád tréna
theagosgsan.


L. Mt22:34


Agus an tan dochúaladar na FPhairisínigh gur chuir sé na Saduisínigh
na dtochd do chruinnigheadar a gceann a chéile:


L. Mt22:35


Agus do chuir doctúir dlighidh dháirighthe dhióbhsan ceisd air dá
bhúaidhreadh agus agá rádha,


L. Mt22:36


A mhaigisdir, cía hí an aithne is mó sa dlidheadh?


L. Mt22:37


Agus adubhairt Iósa ris, grádhóchuidh tú do thighearna Día léd
chroidhe uile, agus lédh anam uile, agus léd smuáintiughadh uile.


L. Mt22:38


As í so an chéd aithne, agus an aithne mhór.


L. Mt22:39


Agus is cosmhuil an dara haithne ría so, grádhóchuidh tú do chomharsa mar
thú féin.


L. Mt22:40


Is ann sa dá aithne se atá bunáit an dlidhidh, agus na bhfáidheadh.


L. Mt22:41


Agus an tan dobhádar na FPhairisínigh cruinn a bhfhochair a chéile,
do fhíafruidh Iósa dhíobh,


L. Mt22:42


Ag rádha, créd í bhur mbaramhuilse a dtimcheall Chriósd? cía dhára
mac é? adeiridsean ris, mac Dhábhí.


L. Mt22:43


Adeir seisean ríu, mas eadh cionnas ghoireas Dábhí thríd an spioruid
tighearna dhe? agá rádha,


L. Mt22:44


Adubhairt an tighearna rém thighearna, suidh ar mo láimh dheis
no gu gcuiri mé do náimhde na sdól fád chosuibh.


L. Mt22:45


Ar an adhbhar soin má ghoireann Dábhí tighearna dhe, cionnas atá sé
na mhac aige?


L. Mt22:46


Agus níorbh éidir lé háon nduine fregra ar bioth do thabhairt air:
agus níor lamh éinneach ón lá soin suás ní ar bioth dfhiafruighidh dhe.


L. Mt23



L. Mt23:1


Do labhair Iósa an tráth soin ris an bpobal agus réna dheisgiobluibh féin,


L. Mt23:2


Agá rádha, atáid na Sgríobuidhe agus na FPhairisínigh na suidhe a
gcaithír Mháoisi:


L. Mt23:3


Ar an adhbhar soin gach uile ní adéruid síad ribh do choimhéd,
coimhéduidh agus dénaidh íad: achd ná dénuidh do réir a noibrighthe. Oír
adeirid síad, agus ní dhénuid.


L. Mt23:4


Oír ceangluid síad úaluighe troma do iomchuir, agus cuirid síad íad ar
shlinnénuibh na ndáoine: achd cheana ní háill léo féin cor do chur dhíobh
lé hén mhér dá méruibh.


L. Mt23:5


Achd cheana is dochum gu bhfhéchfadáois dáoine orrtha doníd síad a
noibrighthe uile: óir doníd síad a bhfhiolactérighe leathna, agus doníd
síad imill a néduigheadh taidhbhseach.


L. Mt23:6


Agus as ionmhuin léo an céd ionad suidhe annsna fésduidhibh: agus na
céd chaithíreacha annsna coimhthionóluibh.


L. Mt23:7


Agus fáiltighe dfhagháil ar na marguidhibh, agus dáoine do ghairm
Rábbi, Rábbi, iodhón, maighisdrí dhióbh.


L. Mt23:8


Achd ná goirthear Rábbi dhíbhsi. Oír is aon mhaighisdir atá agaibh,
iodhón Criósd: agus is dearbhráithreacha dhá chéile sibh féin uile.


L. Mt23:9


Agus na goiridh bhur nathair do dhuine ar bioth ar dtalamh: oír is áon
athair atá agaibh, noch atá ar neamh.


L. Mt23:10


Ná goirthear doctúridhe dhíbh: oír is áon ndoctúir atá agaibh iodhón
Criósd.


L. Mt23:11


Achd an té is mó eadruibh, bioth sé na óglach aguibh.


L. Mt23:12


Oír giodhbé duine airdéochus é féin, ísléochthar é: agus giodhbé
ísléochas é féin, airdéochthar é.


L. Mt23:13


Achd is truagh dháoibhsi a Sgríobuidhe agus a FhPhairisíneacha, a
luchd an fhúarchrábhuidh, óir íadhtháoi an flaitheamhnus neamhdha rés na
dáoinibh: oír ní théighthí féin asdeach, agus ní fhuilngthí don luchd atá
ag dul asdeach, dul asdeach.


L. Mt23:14


Is anáoibhinn dáoibh a Scríobuidhe agus a Phairisíneacha, a luchd an
fhúarchrábhaidh, oír ittí tighe na mbaintreabhthach, agus sin fós ar sgáth
bheith gu fada ag urnuighthe: ar a shon so doghébhthaoi an breitheamhnus is
truime.


L. Mt23:15


Is anáoibhinn dáoibh a Sgríobuighe agus a Phairisínecha, a luchd an
fhúarchrábhaidh, oír gabhtháoi timcheall mara agus tíre dochum gu ndiongnadh
sibh áon nduine ar bhar ríaghail féin, agus an tráth bhís sé arna dhénamh,
doníthi mac ifeirnn de nísa mhó fá dhó iona dhíbh féin.


L. Mt23:16


Is anáoibhinn daóibh a thréoruightheóra dalla, adeir, giodhbé duine
dobhéra an teampoll mar mhionna, ni ní ar bíoth é: achd giodhbé dobhéradh
ór an tempoill mar mhionna, atá sé cionntach.


L. Mt23:17


A dháoine leamha dalla: an mó an tór, iona an teampoll náomhas an tór?


L. Mt23:18


Agus giodhbé duine dobhéra an altóir: mar mhionna, ni fhuil tabhachd
ann: achd giodhbé duine dobhéra an tiodhlacadh atá uirrthe mar mhionna, doní
sé coir.


L. Mt23:19


A dháoine leamha dalla, an mó an óthráil iona an altóir náomhas an
othráil?


L. Mt23:20


Ar an adhbhar sóin giodhbé dobheir an altóir mar mhionna, dobheir sé í
féin, agus gach ní dha bhfhuil uirrthe mar mhionna.


L. Mt23:21


Agus giodhbé dobheir an teampoll mar mhionna, dobheir sé é féin, agus
an té atá na chomhnuidhe ann, mar mhionna.


L. Mt23:22


Agus giodhbé neach dobheir neamh mar mhionna, dobheir sé caithír Dhia
agus an tí atá na shuidhe uirrthe, mar mhionna.


L. Mt23:23


Is anáoibhinn dáoibh a Scríobuidhe agus a FhPhairisíneacha, a luchd an
fhúarchrábhaidh, oír gabhtháoi deachmhuidh an mhionnduis, agus na hainíse,
agus an choimín; agus leigthí tharuibh an cuid is tábhachduighe don dligheadh,
mar atá comhthrom, agus trócaire, agus fírinne: dobudh cóir dháoibh íad so
do dhénamh, agus gan íad súd dfhágbháil gan dénamh.


L. Mt23:24


A thréoraidhthí dalla, sgagus an mhíoltóg thrí bhur bhfhíacluibh agus
shluigeas an cámhall.


L. Mt23:25


Is anáoibhinn dáoibh a Scriobuidhe agus a FhPhairisíneacha, a luchd an
fhúarchrábhaidh, oír glantáoi an chuid amuich don chupán agus don mhéis,
achd atáid síad táobh asdigh lán do shracaireachd agus do neamhmeasardhachd.


L. Mt23:26


A FhPhairisínigh dhoill, glan ar tús an chuid asdigh don chupán agus don
mhéis, dochum gu mbiadh an táobh amuich dhíobh glan mar an gcédna.


L. Mt23:27


Is anáoibhinn dáoibh a Scriobuidhe agus a FhPhairisíneacha, a luchd an
fhúarchrábhuidh, oír is cosmhuil sibh ré túamuidhibh fionnaólta atá
deaghmhaiseach don taobh amuich, agus atá asdigh lán do chnámhaibh dáoine
marbh agus dá gach uile shalchar.


L. Mt23:28


Is mar an gcédna atátháoisi leth amuich a bhfhíadhnuisi na ndáoine ion
bhar bhfhírénchuibh, achd don táobh asdigh atáthaoi lán dfhúarchrábhadh
agus dégcóruigh.


L. Mt23:29


Is anáoibhinn dáoibh a Sgríobuidhe agus a FhPhairisíneacha, a luchd an
fhúarchrábhuidh, oír donithí túmbuidhe do na Fáidhibh, agus deaghmhaisighthí
fúarulaidh na bhfhírénach:


L. Mt23:30


Agus adeirtí, da mbémís a láithibh ar naithreach, ni bhemís
pairteach ríu a bhfhuil na bhfáidheadh.


L. Mt23:31


Agus is mar sin doníthí fíadhnuisi ion bhar nadhuidh féin, gurab sibh
clann na muinntire úd do mharbh na fáidhe.


L. Mt23:32


Agus líonuidhsi mar an gcédna mesúr bhar naithreach féin.


L. Mt23:33


A naithreacha neimhe, a shíol na naithreach neimhe, cionnas is éidir libh
teitheadh ó dhamnughadh ifeirn?


L. Mt23:34


Ar an adhbhar soin, tabhair dodhúidh cuirim chugaibh fáidhe, agus
dáoine glioca, agus Sgríobuidhe, agus cuirfidhísi cuid dhíobh chum báis, agus
crochfuidhthí cuid eile, agus sgiúrsfuidhthí cuid eile: ann bhur
sínagógaibh, agus díbéortháoi íad ó chathair gu cathair.


L. Mt23:35


Dochum gu dtiocfadh oruibh gach uile fhuil fhírénta dar dóirteadh ar an
dtalamh, ó fhuil Abél fhírénta gu fuil Shacarias mhic Barachías, neoch do
mharbhabhairsi eidir an teampoll agus an altóir.


L. Mt23:36


Gu fírinnech adeirimsi ribh, gu dtiocfuid na neithesi uile ar an
línesi.


L. Mt23:37


A Iárusaléim, a Iárusaléim, mharbhus na fáidhe , agus ghabhus do
chlochuibh ar an luchd chuirthear chugad, créd a mhionca dobudh áill lem do
chlann do chruinníughadh, mar chruinnigheas an chearc a gearrcuigh fa na
sgiathánaibh, agus níorbh áill libh?


L. Mt23:38


Tabhair dodhúidh, fáguibhthear bhur dteach agaibh iona fhásach.


L. Mt23:39


Oír adeirimsi ribh, nach faicfithí mheisi ó so súas, no gu nabartháoi,
is beannuighthe an té thig anainm an tighearna.


L. Mt24



L. Mt24:1


Agus ar bhfhágbháil an teampuill dIósa, do imthigh sé: agus tangadar
a dhisgiobuil chuige do thaisbénadh oibreach an teampuill dó.


L. Mt24:2


Agus adubhairt Iósa ríu, an bhfaicthí íad so uile? gu fírinneach
adeirimsi ribh, nach fúicfidhthear cloch ar muin chloiche annso, nach
sgáoilfidhthear.


L. Mt24:3


Agus ar suidhe dhó ar shlíabh na nOluidheadh, dochuadar a
dhisgiobuil chuige fa leith, ag rádha, innis dúinne, ga húair
thiocfuid na neithesi chum críche, agus créd é comhartha do
theachdasa, agus dheiridh an tsáoghail?


L. Mt24:4


Agus ar bhfhreagra dhIósa adubhairt sé ríu, tabhruidh dhá bhar
naire nach meallfa neach ar bioth sibh.


L. Mt24:5


Oír tiocfuid mórán am mainmsi, agá rádha, is meisi Criósd, agus
mellfuid síad mórán.


L. Mt24:6


Dochluinfithí cogthuidhe, agus túarasghbháil cogthadh: tabhruidh dhá bhur
naire gan búaidhreadh do bheith oruibh. Oír is éigin na neithe si uile do
theachd chum críche: achd ní fhuil deireadh ann fós.


L. Mt24:7


Oír éiréochuidh cineadh anadhaidh chinidh, agus ríoghachd anadhaidh
ríoghachda: agus beid pláidheanna agus gorta agus crioth talmhan a mórán
dionaduibh.


L. Mt24:8


Achd ni fhuil ionnta so uile achd tosach amhgar.


L. Mt24:9


Annsin dobhéruid síad sibhsi dá bhur gcésadh, agus muirbhfid síad sibh:
agus bíaidh fúath ag na huile chineadhachuibh dháoibh ar son mhanmasa.


L. Mt24:10


Annsin doghébhuid mórán adhbhar oilbhéime, agus bráithfid daoine a
chéile, agus bíaidh fúath aca dhá chéile.


L. Mt24:11


Agus éiréochuid mórán dfháidhibh fallsa, agus meallfuid síad mórán.


L. Mt24:12


Agus do bhríodh gu mbía an égcóir arna médughadh, fúairéochuidh grádh
mórán.


L. Mt24:13


Achd giodhbé fhuiléongas gu deiredh, as é shláinéochthar.


L. Mt24:14


Agus doghéntar an soisgél sa na ríoghachda do sheanmóir ar feadh an
domhain uile, dochum gu mbíadh sé na fhíadhnuisi do na huile
chineadhachuibh:agus annsin tiocfuidh an deireadh.


L. Mt24:15


Ar an adhbhar soin an tráth dochífidhe an adhúathmhuireachd úd an
fhásuigh do labhradh lé Dániél fáidh, na seasamh annsan ionad
choisearca: (an té léghus tugadh sé dhá aire.)


L. Mt24:16


Annsin an luchd bhías a nIúdea, teithidh síad fa na sléibhtibh:


L. Mt24:17


In té atá ar mhullach an tighe, ná tigeadh sé anúas do bhreith neith ar
bioth leis as a thigh.


L. Mt24:18


Agus an té atá ar an machaire, ná filleadh sé ar a ais do thógbháil a
éduighedh leis.


L. Mt24:19


Agus budh truágh do na mnáibh torrcha, agus don luchd dobheir cíche
úatha annsna laithibh sin.


L. Mt24:20


Agus guidhidh gan bur dteitheadh do bheith ann sa gheimhreadh, ná sa
tsaboíd.


L. Mt24:21


Oír bíaidh amhgar mór ann an tráth soin, amhail nach raibhe ann ó thús
an domhain gus anois, agus nach bía, go brách.


L. Mt24:22


Agus muna ngearruighthí na laithe úd, ní rachadh féoil ar bioth as: achd
gerrócthar na laithe úd ar son na ndáoine atá arna dtogha.


L. Mt24:23


Annsin ma adeir áon nduine ribh, féch atá Críosd annso, nó annsúd, ná
creididh é.


L. Mt24:24


Oír eiréochuidh Críosdanna fallsa, agus fáidhe fallsa, agus doghénuid
síad comharthuidhe agus miorbhuile móra: ionnas gu meallfuid síad (dá madh
éidir e) na dáoine tóghtha féin.


L. Mt24:25


Tabhair dodhaire, tug mé sgéula dháoibh rés anaimsir.


L. Mt24:26


Ar an adhbhar soin dá nabruid síad ribh, tabhair dodhúidh atá sé
ar an bhfásach, ná himdhigh amach. Féuch atá sé a seomruidhibh úaigneacha,
na creididh sin.


L. Mt24:27


Oír do réir mar thig téinnteach ó an aird toir, agus docíthear í gu
soithe an aird tíar: gu deimhin is mar sin bhías teachd mhic an duine.


L. Mt24:28


Óir giodhbé ball an a mbía an conablach, is annsin chruinnéochthar na
hioluir.


L. Mt24:29


Ar an mball a ndíaigh bhúaidheartha na laitheadh úd, bíaidh an ghrían
arna dorchughadh, agus ni thiobhra an ghealach a soillsi uaithe, agus
tuitfid na réltanna do neamh, agus craithfidhthear subháltuidhe neimhe.


L. Mt24:30


Annsin docífidhthear comhartha mhic an duine a nemh: agus annsin cáoifid
trebha na talmhan uile, agus dochífid síad mac an duine, ag teachd a néllaibh
neimhe maille ré cumhachdaibh, agus ré glóir mhóir.


L. Mt24:31


Agus cuirfidh sé a aingil lé guth mór trompa, agus cruinnéochuid síad a
dháoine toghthasan ó na ceithre gáothaibh, ó leithimeall neimhe gu soithe an
leithimeall eile dhe.


L. Mt24:32


Agus foghlomuidh cosamhailes ón chrann fhíge: an úair bhís a ghég bog,
agus fhásas a dhuilleabhar, aitheantar gurab fogas an samhradh.


L. Mt24:33


Mar an gcédna bíth a fhios agaibhsi, an tráth dochífidhe na neithisi
uile, gu bfuil sé a ngar dháoibh annsna doirsibh.


L. Mt24:34


Adeirim ribh gu fírinneach nach racha an líne si tharuinn no gu ndéntar
na neithe si uile.


L. Mt24:35


Rachuidh neamh agus talamh thart: achd ní rachuid mo bhríathrasa gu
brách thart.


L. Mt24:36


Achd ni fhuil fios an láoi na húaire úd ag duine ar bioth, iona fós ag
ainglibh neimhe, achd aga mathairse amháin.


L. Mt24:37


Agus mar dobhádar laithe Náoi, is mar sin bhías teachd mhic an
duine.


L. Mt24:38


Oír mar dobhádar annsna laithibh rés an dílinn ag ithe agus ag ól, ag
pósadh ban agus ag tabhairt ban dfhearuibh gu soithe an lá an a ndeachuidh
Náoi asdeach annsan Aírc:


L. Mt24:39


Agus ni raibhe a fhios aca nó go dtáinic an díle, agus gur thógaibh sí lé
íad uile, agus is mar sin bhías teachd mhic an duine.


L. Mt24:40


Beid días ar an machaire an tráth soin: gébhthar lé fear aca,
agus fuigfidhthear an fear eile.


L. Mt24:41


Beid días ban ag meilt ann sa mhuileann: gébhthar lé mnáoi aca, agus
fuigfidhthear an bhean eile.


L. Mt24:42


Ar an adhbhar soin dénuidhsi faire: oír ni fhuil a fhios agaibh ga húair
thiocfas bhur dtighearna.


L. Mt24:43


Achd bíoth a fhios so agaibh, dá mbeth a fhios ag fear an tighe cía an
fhaire don oidhche an a dtiocfadh an gaduidhe, gu deimhin doghénadh sé
faire, agus ní fhuiléongadh sé a theach do thochailt tríd.


L. Mt24:44


Agus ar an adhbhar soin bíthísi ullamh: oír is annsan úair nach sáoiltí
thiocfas mac an duine.


L. Mt24:45


Uime sin cía atá na óglach fhírinneach ghlic, noch do chuir a
thighearna ós cionn a mhuinntire do thabhairt bhídh dhóibh na am féin?


L. Mt24:46


Is bennuighthe an tóglach úd, agá bhfuidhe a thighearna dá dhénamh mar
sin é, ag teachd dó féin.


L. Mt24:47


Gu fírinneach adeirimsi ribh, gu gcuirfe sé ós cionn a bhfuil aige é.


L. Mt24:48


Achd má adeir an drochshearbhfhoghantuidhe úd an a chroidhe, atá mo
thighearna ag cur a thechda a ríghnes.


L. Mt24:49


Agus má thionnsgnann sé a chomhsherbhfhoghantuidhe féin do bhúaladh, agus
fós bheith ag ithe agus ag ól a bhfhochair luchd meisge:


L. Mt24:50


Tiocfuidh tighearna an ógláoich úd ann sa lá nach fuil súil aige rís,
agus annsan úair nach fuil a fhios aige:


L. Mt24:51


Agus doghéna sé dhá leith de, agus dobhéra sé a chuid dó a bhfhochair
luchda an fhúarchrábhaidh, mar a mbía gul agus giosgarnach fíacal.


L. Mt25



L. Mt25:1


Annsin budh cosmhuil an flaitheas nemdha ré deichneabhar do mhaighdeanuibh
do ghlac a lampuidhe, agus dochúaidh amach do theagmháil ar an bhfear
núafphósda.


L. Mt25:2


Agus dobhí cúigear dhióbh glic, agus cúigear eile oínmhideach.


L. Mt25:3


Agus an chuid dobhí aimidech dhíobh, ar mbreith a lampuidhe léo, ni
rugadar ola léo:


L. Mt25:4


Achd an chuid dobhí glic, rugadar ola an a soithighibh léo ré cois a
lampuidheadh.


L. Mt25:5


Agus ar ndénamh moille don fhior núafpósda, do thuit smédearnach
chodalta orrtha uile, agus do chodladar.


L. Mt25:6


Agus ann sa meadhón oidhche, do heighmheadh ann agá radha tabhair
dodhúidh atá an fear núafpósda ag teachd, imdhigh amach do theagmháil
air.


L. Mt25:7


Annsin do éirgheadar na hógha úd uile, agus do dheasuigheadar a lampuidhe.


L. Mt25:8


Agus adubhradar na haimide ris an gcuid nglic, tabhruidh dhúinne cuid dá
bhur nola: oír atáid ar lampuidhene ar ndul as.


L. Mt25:9


Achd do fhreagradar an chuid ghlic, agá rádha, ni tíobhram, ar eagla
nach bíadh ar sáith aguinn féin, agus aguibhsi; imdhighsi nisa tháosga dochum
na gceannuightheadh, agus ceannchuigh ola dhíbh féin.


L. Mt25:10


Agus an feadh dobhádar ag dul do cheannach, táinic an fear núafpósda:
agus an chuid úd dobhí ullamh, dochúadar leis asdeach dochum anf pósda,
agus do híadhadh an dorus.


L. Mt25:11


Agus na dhíaidh sin tángadar na hógha eile, agá rádha, a
thighearna, a thighearna osguil dúinne.


L. Mt25:12


Agus ar bhfhreagra dhósan adubhairt sé, gu fírinneach adeirim ribh,
nach fuil a fhios agam cía sibh féin.


L. Mt25:13


Ar an adhbhar soin dénuidh faire, oír ni fhuil fios an láoi iona na
húaire agaibh an a dtiocfuidh mac an duine.


L. Mt25:14


Oír is amhluidh atá mac an duine fa mar dobhíadh duine ag dul a
gcoigcrích do ghoir a shearbhfhoghantuidhe chuige agus tug sé a
shaidhbhreas dóibh.


L. Mt25:15


Agus tug sé chúig thallanna do dhuine aca, agus dá thallann do dhuine
eile, agus do dhuine eile áon tallann: dá gach neach do réir a acfuinne: agus
ar an mball do imthigh sé a gcoigcrích.


L. Mt25:16


Agus do imthigh an té fúair na cúig thallanna, agus dorinne sé
ceannuigheachd léo, agus do ghnodhuigh sé chúig thallanna eile léo.


L. Mt25:17


Agus ar an nós gcédna dorinne an té fúair an dá thallainn, agus
fúair sé dhá thalluinn eile do bhiseach.


L. Mt25:18


Achd do imthigh an té úd fúair an áon tallunn, agus dorinne sé tochuilt
ann sa talamh, agus do fholuigh sé airgead a thighearna ann.


L. Mt25:19


Agus tar éis aimsire faide, táinic tighearna na searbhfhoghantuidheadh
úd, agus doní sé cúntus ríu.


L. Mt25:20


Agus ar dtechd don té fúair na cúig thallanna, tug sé chúig thallanna
eile leis, agá rádha, a thighearna, chúig thallanna tug tú dhamhsa: féch,
do ghnodhuigh mé chúig thallanna eile léo.


L. Mt25:21


Agus adubhairt a thigherna ris, is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe
mhaith fhírinnigh, dobhí tú ionnruic ar bheagán, cuirfidh mé ós cionn
mhóráin tú: imthigh asdeach a ngáirdeachus do thighearna féin.


L. Mt25:22


Agus ar dteachd chuige don té úd fúair an dá thalluinn, adubhairt sé, a
thighearna is dá thalluinn tug tú dhamhsa: féch do ghnodhuig mé dhá
thalluinn eile léo.


L. Mt25:23


Adubhairt a thighearna ris, is maith sin a shearbhfhoghantuidhe
mhaith ionnruic: dobhí tú ionnruic a mbeagán, cuirfidh meisi ós cionn
mhoráin thú: imthigh asdeach a ngáirdeachas do thighearna féin.


L. Mt25:24


Agu ar dteachd don té úd fúair an áon tallann adubhairt sé, a
thighearna, dobhí a fhios agám gur dhuine crúadhdhálach thú, bheanus
annsan áit nachar chuir tú síol, agus chruinnigheas as an áit nachar
leathnuigh tú:


L. Mt25:25


Uime sin do ghabh egla mheisi, agus do imthigh mé agus do fholuigh mé do
thallann ann sa talamh: féch, ag sin do chuid féin agad.


L. Mt25:26


Agus ar bhfhreagra dhá thighearna, adubhairt sé ris, a
dhroichshearbhfhoghantuidhe leisg, dobhí a fhios agad go mbenuimsi annsan
áit nach derna mé siolchur, agus gu gcruinnighim as an áit nar leathnuigh mé:


L. Mt25:27


Uime sin dobudh cóir dhuitsi mo chuid airgid do thabhairt do luchd
iomluit, agus ag teachd damh doghébhuinn mo chuid féin maille lé biseach.


L. Mt25:28


Ar an adhbhar soin beanuigh dhe an tallann, agus tabhruidh don tí úd
ag á bhfhuilid na deich dtallanna.


L. Mt25:29


(Oír dobérthar da gach duine aga bfhuil ní aige, agus bíaidh a sháith
aige: achd an té atá gan ní aige, toígébhthar úaidhe fós an ní atá aige.)


L. Mt25:30


Agus teilgidh an searbhfhoghantuidhe neamhtharbhach úd ann sa
dorchadus atá leath amuich mar a mbía gul agus drandtughadh fhíacal.


L. Mt25:31


Agus an tráth tiocfas mac an duine an a ghlóir féin, agus na haingil
náomhtha uile maille ris, annsin suidhfidh sé ar chaithir a ghlóire féin.


L. Mt25:32


Agus cruinnéochthar na huile chinedhuigh an a fhíadhnuisi: agus
dealóchuidh sé ó chéile íad, mar dheluighes an táoghaire na cáoirigh ó na
gabhruibh.


L. Mt25:33


Agus cuirfidh sé na cáoirigh ar a láimh dheis, agus na
meannain ar a láimh chlé.


L. Mt25:34


Annsin adéra an Rí ris an luchd bhías ar a láimh dheis, tigidh a dháoine
bennuighthe mhatharsa, gabhuidh chugaibh oighrechd na ríoghachda atá arna
hullmhughadh dháoibh ó thosach an domhuin.


L. Mt25:35


Oír dobhí ocarus oram, agus tugabhair ní ré a ithe dhamh: dobhí tart
oram, agus tugabhair deoch dhamh: dobhí mé am dhuine coigcríche, agus
tugabhair áoidhigheachd dhamh.


L. Mt25:36


Dobhí mé lomnochd, agus do chuirebhairsi édach iomam: dobhí mé ag
ég, agus tangabhair dom fhéchuin: dobhí mé a bpríosún, agus tangabhuir
ar cúairt chugam.


L. Mt25:37


Annsin freagóruid na fírénuigh é, agá rádha, a Thighearna, ga húair
dochoncamairne ocaras ort, agus do shásamar thú? no tart ort, agus tugamar
deoch dhuit?


L. Mt25:38


Agus ga húair dochoncamar ad choigcrích thú, agus tugamar lebuidh
thighe dhuit? nó lomnochd, agus do chuireamar édach iomad?


L. Mt25:39


Nó ga húair dochoncamar ag ég, nó a bprísún tú, agus tangamar
dodfhiosrughadh?


L. Mt25:40


Agus freagóruidh an Rí, agus adera sé ríu, adeirim ribh gu fírinneach,
an tionadh dorinneabhair é, don duine is lugha do na dearbhráithreachaibhsi
agumsa, gurab damhsa dorinnebhair é.


L. Mt25:41


Annsin adera sé mar an gcédna ré luchd na láimhe clí, a dháoine
malluighthe, imthidhidh úaim ann sa teinidh shíorruidhe, atá arna
hullmhughadh don díabhal agus dá ainglibh:


L. Mt25:42


Oír dobhí mé ocrach, agus ní thugabhair bíadh dhamh: dobhí tart oram,
agus ní thugabhuir deoch dhamh.


L. Mt25:43


Dobhí mé coigcríchi, agus ní thugabhair leabuidh thighe dhamh: dobhí
mé lomnochd agus níor chuireabhair édach iomam: dobhí mé égcrúaidh agus a
bpríosún, agus ní thangabhair dom fhéchuin.


L. Mt25:44


Annsin dobhéruid siádsan mar an gcédna freagra air, ag rádha, a
Thighearna, ga húair dochoncamairne ocarach, nó tartmhar, iona
ad dhéora, nó lomnochd, nó égcrúaidh, nó a bprísún tú, agus nar fhóireamar
ar do ríachdanas?


L. Mt25:45


Annsin dobhéra seisean freagra orrtha, agá rádha, adeirim ribh go
fírinnech, an mhéid nach dearnabhair é dhéinneach don mhuinntír
roibhigsi, nach dernabhair dhamhsa é.


L. Mt25:46


Agus iméochuid so a bpennuid tsíorruidhe: achd iméochuid na fírénuigh
don bheathuigh mharthanuigh.


L. Mt26



L. Mt26:1


Agus tarrla an tan do chríochnuigh Iósa na bríathrasa uile, gu ndubhairt
sé réna dhisgiobluibh,


L. Mt26:2


Atá a fhios agaibh gu bhfhuil an Chaísg táobh asdigh do dhá lá, agus gu
dtiobharthar mac an duine dá chrochadh.


L. Mt26:3


Annsin do chruinnigheadar úachdaráin na sagart agus na sgriobuidhe
agus seinnsir an fpobuil gu halla an ardshagairt, dá ngoirthior,
Caiaphás:


L. Mt26:4


Agus dorinneadar comhairle ré chéilé, dochum gu mbérdáois ar Iósa a
bhfheall, agus gu muirfidis é.


L. Mt26:5


Achd adubhradar, na dénam ann sa bhfhésda, deagla gu mbíadh
búaidhreadh a measg an fpobuil.


L. Mt26:6


Agus an tráth dobhí Iósa a mBetania a dtigh Shimóin an lobhair.


L. Mt26:7


Tainic bean chuige ag á raibhe boxa duinniment rouásuil aici, agus do
dhóirt sí ar a cheannsan agus é na shuidhe ar an mbord.


L. Mt26:8


Agus arna fhaicsin sin dá dhisgiobluibhsean, dorinneadar mícheudfuidh,
agá rádha, créd da bhfhoghnann an diombhail si?


L. Mt26:9


Oír dob éidir an oinnment sa do reic ar mhórán, agus a tabhairt do na
bochduibh.


L. Mt26:10


Agus an tan do aithin Iósa, adubhairt sé ríu, créd fa gcuirthí
búaidhreadh ar an mnáoi? oír dorinne sí obair mhaith am thimcheallsa.


L. Mt26:11


Oír béid boichd do ghnáth agaibh: achd ní bhía meisi do ghnáth ion bhur
bhfhochair.


L. Mt26:12


Óir ar ndórtadh an uinnment si ar mo chorpsa dhí, is fa chomhair
mhadhluice dorinne sí é.


L. Mt26:13


Adeirim ribh gu fírinneach, giodhbé ar bíoth ball ar feadh an domhuin a
ndéntar an soisgél sa do sheanmhóir, gu naithréosdar mar an gcédna an ní si
dorinne an bhean sa, mar chuimhne uirrthe.


L. Mt26:14


Annsin do imthigh fer don dá fher dég, darab ainm Iúdas Isgáiriotés,
dochum úachdarán na sagart.


L. Mt26:15


Agus adubhairt sé ríu, créd dobhértháoi dhamhsa agus braithfidh mé
dháoibh é? agus do mheadhuigheadar dhó deich bpíosa fhichead airgid.


L. Mt26:16


Agus ó sin amach, do iárr sé uain airsean do bhrath.


L. Mt26:17


Agus an céd lá do laithibh an aráin gan laibhín, tangadar a dhisgiobuil
dochum Iósa, agá rádha ris, cáa an áit an a toil let sinne do dhénamh
ullmhuighthe dhuit do chaitheamh an úain chasgdha?


L. Mt26:18


Agus adubhairt seisean, imdhigh don chathruigh dochum duine
dháirighthe, agus abruidh ris, adeir an maighisdir, atá mhaimsear ag
drud riom, is ad thighsi doghéna mé féin, agus mo dhisgiobuil an
Cháisg.


L. Mt26:19


Agus dorinneadar na disgiobuil mar do aithin Iósa dhíobh: agus do
ullmuigheadar an túan cásgdha.


L. Mt26:20


Agus an tan dobhí deireadh an láoi ann, do shuidh sé a bhfhochair an dá
fhear dhég.


L. Mt26:21


Agus ar mbeith ag ithe bídh dhóibh, adubhairt sé, adeirim ribh gu
fírinnech, gu mbraithfi fear dhíbh, meisi.


L. Mt26:22


Agus do ghabh dobrón romhór íadsan, agus do thionnsgain gach duine aca fa
leith a rádha ris, an meisi é a thighearna?


L. Mt26:23


Agus ar bhfhreagra dhósan, adubhairt sé, an té thumas a lámh
ann sa mhéis am fhochairsi, as é bhraithfeas mheisi.


L. Mt26:24


Gu deimhin atá mac an duine ag imtheachd do réir mar scríobhthar air,
achd is anáoibhinn don té lé mbraitear mac an duine: dobudh maith do nach
beirthí é.


L. Mt26:25


Agus ar bhfhreagra dhIúdás, do bhraith eisean, adubhairt sé, an
meisi é, a mháighisdir? adubhairt seisean ris, adubhairt tú é.


L. Mt26:26


Agus ar mbeith ag caitheamh a gcoda dhóibh, do ghlac Iósa arán, agus tar
éis a bheannuighthí do bhris sé , agus tug sé dhá dhisgiobluibh , agus
adubhairt sé, glacuidh, ithidh, as é so mo chorpsa.


L. Mt26:27


Agus ar mbreith ar an gcupán dó, agus ar dtabhairt bhuidheachuis, tug sé
dhóibh é, agá rádha, ibhidh uile as so.


L. Mt26:28


Oír is í so mhfhuilsi na tiomna núaidhe, dhóirter ar son mhóráin
dochum maitheamhnuis na bpeacadh.


L. Mt26:29


Adeirim ribh, úaidh so súas, ni íobha mé don toradh sa na fíneamhna, go
soithe an lá úd an a niobha me é gu núa maille ribhsi a ríoghachd
mhathar.


L. Mt26:30


Agus an úair do chanadar salm, dochuadar amach go slíabh na
nOluidheadh.


L. Mt26:31


Annsin adeir Iósa ríu, doghébhtháoi uile oilbhéim ionnamsa anochd.
Oír atá sgríobhtha, búailfidh mé an táodhuire, agus sgarfuidhthear cáoirigh an
tréda.


L. Mt26:32


Agus tar éis na heiséirghe do dhénamh dhamh rachuidh mé romhuibh don
Ghalile.


L. Mt26:33


Agus ar bhfhreagra do Fpeadar, adubhairt sé ris, dá mbeath gu
bhfhuighbhedís cách uile oilbhéim ionnad, ní fhuidhe meisi oilbhéim ionnad
gu brách.


L. Mt26:34


Adubhairt Iósa risean, adeirim riot gu fírinnech, gu sénfa tú mé trí
cúarta anochd níis táosga iona ghláoidhfeas an coileach.


L. Mt26:35


Adeir Peadar ris, gu deimhin ma héigin damhsa bás dfhulang
ad tfhochair, ní shénfa mé thú: agus adubhradar na disgiobuil uile mar
an gcédna.


L. Mt26:36


Dochúaidh Iósa léo an tráth soin don ionadh dá ngoirthear Gedsemané:
agus adeir sé réna dhisgiobluibh, suidhighsi annso, gu ndeacha meisi do
dhénamh urnuighthe annsúd anunn.


L. Mt26:37


Agus ar mbreith Fpeadair agus deisi mac Sebideí leis, do
thionnsgain sé bheith gu dobrónach agus gu rodhoimheanmnach.


L. Mt26:38


Annsin adeir sé ríu, atá mhanám lán do dhobrón gu soithe an bás:
anuidhsi annso, agus dénaidh faire am fhochair.


L. Mt26:39


Agus ar nimtheachd dó beagán as sin do leig sé é féin sios ar a adhuidh
ag dénamh urnuidhthe, agus agá rádha, a athair, mas éidir é, gabhadh an cupán
sa tharamsa, achd cheana na biodh sé mar is toil lemsa, achd mar is áill
leatsa.


L. Mt26:40


Agus tig sé dochum a dhisgiobal, agus dogheibh sé na gcodladh íad,
agus adeir sé ré Peadar, an mar sin narbh éidir libh faire do dhénamh áon
uair amháin am fhochairsi?


L. Mt26:41


Dénuidh faire agus urnuighthe, dochum nach tuitfeadh sibh a gcathughadh.
Atá an spiorad gu deimhin ullamh, achd atá an cholann gu hégcrúaidh.


L. Mt26:42


Do imthigh sé an dara húair, agus dorinne sé urnuighthe, agá rádha,
A athair, má tá nach éidir leis an gcupán sa dul taram gan mé dhá ól, déntar
do thoilse.


L. Mt26:43


Agus ar dteachd dhó fúair sé arís na gcodladh íad. Oír dobhádar a
súile tróm.


L. Mt26:44


Agus arna bhfhagbháil, do imthigh sé arís, agus dorinne sé urnuighthe an
treas úair, ag rádha na mbríathar gcédna.


L. Mt26:45


Annsin tig sé dochum a dhisgiobal, agus adeir sé ríu, codluidh ó so
amach agus cumhsanuighidh: tabhair dodhúidh do dhruid an úair rinn, agus
atá mac an duine agá thabhairt a lámhaibh na bpeacach.


L. Mt26:46


Eírgidh, bíom ag imtheachd, féch, is fogus dúinn an té bhraitheas
mheisi.


L. Mt26:47


Agus an feadh dobhí sé ag rádha na mbríathar sa, féch, táinic Iúdás,
duine don dá fhear dhég, agus cuidechda mhór na fhochair maille lé
cloidhmhibh agus lé batuidhibh, ó úachdaránuibh na sagart, agus ó shinnseruibh
an fpobail.


L. Mt26:48


Achd tug an fear do bhraith é comhartha dhóibhsean, agá rádha, giodhbé
nech dhá dtiobhra meisi póg, as é sin é: beiridh air.


L. Mt26:49


Agus ar an mball an úair tháinic sé dochum Iósa, adubhairt sé, gu
mbeannuighthear dhuit a mhaighisdir; agus tug sé póg dhó.


L. Mt26:50


Agus adubhairt Iósa risean, a chara, créd é an tadhbhar fa dtig tú?
tangadarsan an tráth soin, agus do chuireadar lámha anÍosa, agus do
ghabhadar é.


L. Mt26:51


Agus féuch, ar síneadh a láimhe dfhior don mhuinntir dobhí a
bhfhochair Iósa, do tharraing sé a chloidheamh amach agus ar mbúaladh
searbhfhoghantuighe an árdshagairt do bhean sé a chlúas de.


L. Mt26:52


Annsin adeir Iósa ris, cuir do chloidheamh arís an a ionat féin. Oír
gach uile dhuine ghlacus cloidhemh, is lé cloidheamh thuitfeas sé.


L. Mt26:53


An e nach saoileann tú gurab éidir leamsa mhathair do ghuidhe
anois, agus dobhéradh sé dhamh do láthair nísa mhó iona dhá léghión dég
dhainglibh?


L. Mt26:54


Achd cionnus do coimhlíonfuidhthe na sgrioptúirí mar sin adeir, gurab
mar so is éigean a theachd chum críche.


L. Mt26:55


Adubhairt Iósa ris a slúagh an úair sin, is mar dothiocfadh sibh
chum méirligh tangabhair amach lé cloidhmhibh agus lé batuidhibh
dom ghlacadhsa; dobhínn am shuidhe gach áon lá eadruibh sa teampoll
ag teagosg, agus ní rugabhair oram.


L. Mt26:56


Achd táinic so uile chum críche, dochum gu gcoimhlíonfuidhthí
sgrioptúiridhe na bhfáidheadh. Arna thréigean da dhisgiobluibh uile
annsin, do theitheadar.


L. Mt26:57


Agus ar mbreith ar Iósa dhóibhsean, rugadar léo dochum Caiphás an
tardshagart é, mar a rabhadar na Sgríobuidhe agus na sinnsir ar
gcruinneachadh.


L. Mt26:58


Agus do lean Peadar a bfad úadha é, gu halla an ardshagairt: agus ar
ndul asdech dhó, do shuidh sé a bfochair na searbhfhoghantuidheadh, dochum
gu bhfhaicfeadh sé an deireadh.


L. Mt26:59


Agus do iárradar úachdaráin na sagart agus na seinnsir agus an chomhairle
uile fiadhnuisi bhréige anadhuidh Iósa, dochum gu gcruirfidís chum báis é.


L. Mt26:60


Agus ní fhúaradar: agus fós gé thangadar mórán dfhíadhnuisibh fallsa,
ní fhúaradar. Agus fa dheireadh ar dtechd do dhiás dfhíadhnuisibh
brégacha,


L. Mt26:61


Adubhradar, adubhairt an fear so, is éidir leamsa teampoll Dé do
legadh, agus a thógbháil a dtrí lá.


L. Mt26:62


Agus ar neirghe dúachdarán na sagart, adubhairt sé ris, créd fa
nach tabhair tú freagra éigin úait? créd ioma bhfhuilid so ag dénamh
fíadhnuisi ad hadhuidh?


L. Mt26:63


Giodheadh níor labhair Iósa áon fhocal. Agus do fhreagair úachdaráin na
sagart, agus adubhairt sé ris, cuirim ort a huchd Día béo, a innisin dúinn,
an tú Críosd úd mac Dé.


L. Mt26:64


Adeir Iósa ris, adubhairt tusa é: achd cheana adeirimsi ribh,
na dhiáidh so dochífidhe mac an duine na shuidhe ar deasláimh
chumhachd Dé, agus ag teachd a nélluibh neimhe.


L. Mt26:65


Annsin do réb úachdarán na sagart a éduighe, agá rádha, gur labhair sé gu
hesanorach anaghuidh Dé: créd í an uireasbhuidh fhíadhnuisi atá oruinn nísa
mó? Féuch dochúalabhair anois an masla dobheir sé do Dhia.


L. Mt26:66


Créd docíthear dháoibhsi? agus ar bhfhreagra dhóibhsean adubhradar,
do thuill sé bás.


L. Mt26:67


Annsin do ghabhadar do sheilidhibh an a édan, agus do ghabhadar do
bhasuibh air: agus do ghabhadar dream eile do shlataibh air,


L. Mt26:68


Agá rádha, déuna faidheadoíreachd dhúinn a Chríosd, cía do bhúail thú.


L. Mt26:69


Agus dobhí Peadar na shuidhe amuich ann sa halla: agus
táinic cailín daírighthe chuige, agá rádha: dobhí tusa leis a bhfhochair
Iosa an Galiléach.


L. Mt26:70


Achd do shén seisean a bhfhíadhnuisi cháich uile, agá rádha: ní fhidir mé
créd adeir tú.


L. Mt26:71


Agus ar ndul amach dhó ann sa fpóirsi, dochonaic cailín eile é,
agus adubhairt sí ris an luchd dobhí do láthair: dobhí an fear sa leis a
bhfhochair Iósa Nasardha.


L. Mt26:72


Agus do shén sé arís maille ré mionnaibh, agá rádha ní haithnidh dhamh
an duine sin.


L. Mt26:73


Agus tamall na dhíaidh sin tangadar an drem dobhí na seasamh
do láthair, agus adubhradar ré Peadar, gu fírinneach is díobh súd féin
tusa: óir atá do chainnt féin dod bhrath.


L. Mt26:74


Annsin do thionnsgain sé é féin do mhallughadh, agus mionna do thabhairt
agá rádha ní haithnidh dhamh an duine: agus ar an mball do ghláoidh an
coileach.


L. Mt26:75


Agus annsin do chuimhnigh Peadar ar bhríathruibh Iósa adubhairt ris,
níis táosga iona ghoirfeas an coileach, sénfuidh tú mé trí cúarta. Agus ar
ndul amach dhó, do ghuil sé gu gér.


L. Mt27



L. Mt27:1


Agus an tan táinic an mhaidean, dorinneadar úachdaráin na sagart, agus
sinnsir an phobuil uile comhuirle anaghuidh Iósa, cionnas do chuirfidís
dochúm báis é.


L. Mt27:2


Agus arna cheangal dóibh rugadar léo é, agus tugadar do Fpoinncíus
Pilait an túachdarán é.


L. Mt27:3


Annsin mar dochonaic Iúdas do bhraith é gur damnuigheadh é, do ghabh
aithmhéula é, agus do aisig sé na deich bpíosa fhichead airgid
dúachdaránuibh na sagart, agus do na sinnsearuibh:


L. Mt27:4


Agá rádha, do fpeacaigh mé ag brath na fola neamhurchóidighe: achd
adubhradarsan, créd é sin dúinne, biodh ad leith féin?


L. Mt27:5


Agus ar dteilgean na nairgead úd áadha ann sa teampoll do dhealuigh
sé ríu, agus ar nimtheachd dó do thachd sé é féin.


L. Mt27:6


Achd ar nglacadh an airgid úd dúachdaránuibh na sagart adubhradar,
ní cóir a gcur ann sa chisde, óir is lúach fola íad.


L. Mt27:7


Agus ar ndénamh comhairle dhóibhsean, do cheannchadar léo súd fearann do
bhí ag fior soighthigheadh gcriadh do dhénamh, dochum dáoine gcomhuidhtheach
dadhlucadh ann.


L. Mt27:8


Ar an adhbhar soin ghoirthear don fhearunn úd acra na fola gus aniugh.


L. Mt27:9


(Annsin do coimhlíonadh an ní adubhradh tré Ieremia fáidh, agá
rádha, do ghabhadar chuca na deich nairgid fhiched lúach an té do
measadh, dobhí arná mheas ó chlannuibh Israhél.


L. Mt27:10


Agus tugadar íad ar fhearann fhir na soidhthigheadh gcríadh do dhénamh,
mar do órduigh an tighearna dhamhsa.)


L. Mt27:11


Agus do sheasaimh Iósa a bhfhíadhnuisi an úachdaráin, agus do fhíafruigh
an túachdarán de, agá rádha, an tusa an rí úd na nIúdaighe? agus
adubhairt Iósa ris, adeir tusa sin.


L. Mt27:12


Agus an tan do élighedar úachdaráin na sagart agus na sinnsir é, níor
fhregair sé én ní.


L. Mt27:13


Adeir Pioláit ris an tan soin, an é nach cluin tú créd a
líonmhuireachd atáid so do dhénamh dhfhíadhnuisi a taghaidh?


L. Mt27:14


Agus ní thug sé freagra ar én fhocal dó, ionnus gur gabh iongantus mór an
túachdarán.


L. Mt27:15


Achd cheana do chleachdadh an túachdarán én bhragha amháin do leigean
amach an gach féusda dochum an fpobuil, an té budh áill léo.


L. Mt27:16


Agus dobhí aca an tan soin braighe rooirdheirc ar olc darbh ainm
Barabbas.


L. Mt27:17


Ar an adhbhar soin arna gcruinniughadhsan adubhairt Píolait ríu, cía
is toil libh do léigean chugaibh, Barabbas nó Iósa ré nabarthar Críosd.


L. Mt27:18


Oír dobhí a fhios aige gurab tré thnúth tugadar úatha é.


L. Mt27:19


Agus ar suidhe dhósan ana caithír bhreitheamhnuis do chuir a bhean
teachduireachd chuige, agá rádha, ná bíodh búain agad ris an bhfhíréunach
úd: oír is mór do fhuiling meisi aníugh a mbringlóid ar a shon.


L. Mt27:20


Achd cheana tugadar úachdaráin na sagart agus na sinnsir fa deara don
phobal Barabbas diárruigh, agus Iósa do chur dochum báis.


L. Mt27:21


Agus ar bhfhreagra don úachdarán adubhairt sé ríu, cía don días úd is
mían libh do léigen chugaibh damh? achd adubhradarsan, Barabbás.


L. Mt27:22


Adubhairt Píolaid ríu, ar an adhbhar soin créd doghéna me ré hIósa
ré nabarthar Críosd? adubhradarsan uile ris, crochthar é.


L. Mt27:23


Agus adubhairt an túachdarán, créd é an tolc dorinne sé? achd is
móide do éighmheadarsan, agá rádha, crochdar é.


L. Mt27:24


Agus ar bhffaicsin do Fphiolaid nach raibhe tarbha dhó an én ní da
ndubhairt achd gur mó sa chách an bhuaidhirt táinic dhe, ar ngabháil uisge
chuige do ionnail sé a lámha a bhfhíadhnuisi an fpobail, agá rádh,
atáimsi neamhchiontach ó fhuil an fhírénuigh so, féuchuidhsi dhíbh féin.


L. Mt27:25


Agus ar bhfhreagra don fpobal uile adubhradar síad, bíodh a fhuil
oruinne agus air ar gcloinn.


L. Mt27:26


Do léig sé chuca an tan soin Barabbás, agus ar sgíuirseadh Iósa tug
sé dochum a chrochda é.


L. Mt27:27


Annsin rugadar saighdíuirí an úachdaráin Iósa léo don halla choitchionn,
agus do chruinnigheadar síad an corughadh uile na thimcheall.


L. Mt27:28


Agus do nochdadar é, agus do chuiredar brat corcra uime.


L. Mt27:29


Agus do fhíghedar coroín spíne, agus do chuireadar fán a cheann í, agus
slat ghiolcuigh an a láimh dheis, agus do léigeadar ar a nglúinibh na
fhíadhnuisi íad, agus dorinneadar fónamhad fáoi, ag rádh, gu mbeannuighe Día
dhuit, a Rí na nÍodhal.


L. Mt27:30


Agus an tan do ghabhadhar do sheilighibh air, do glacadar an tslat
ghiolcuigh úd, agus do bhúaileadar an a cheann é.


L. Mt27:31


Agus an tan dorinneadar fonámhad fáoi, do bheanadar an róba dhe, agus do
chuireadar a éuduighe féin uime, agus rugadar amach é dochum a chrochda.


L. Mt27:32


Agus ar ndul amach dhóibh, fúaradar óglach ó Cirén darbh ainm
Simón, agus do chuireadar dfhíachuibh air dul leis dochum a
chroiche diomchar.


L. Mt27:33


Agus an tan tangadar dochum an ionaid darab ainm Golgótá is ionann sin
ré rádh, agus áit an chloiginn:


L. Mt27:34


Tugadar fínégra agus domblas áo trina chéile ré ól dó, agus an tan do
bhlais sé ní dhe níorbh áill leis a ól.


L. Mt27:35


Agus a ndiaigh a chrochda dhóibh, do roinneadar a éduighe ag cur
chrannchuir orrtha dochum gu gcoimhlíonfuidhe an ní adubhradh ón fháidh:
Do roinneadar mhéduighe dhóibh féin, agus do chuireadar chrannchar ar mo
chuluidh.


L. Mt27:36


Agus ar suidhe dhóibh do choimhédadar é annsin.


L. Mt27:37


Agus do chuireadar a choir bháis sgríobhtha ós a chionn: IS E SO IOSA RI
UD NA NIÚDAIGHEADH.


L. Mt27:38


Do crochadh días ghaduidhe maille ris an tan soin, fear ar a dheis, agus
fear ar a láimh chlí.


L. Mt27:39


Agus an mhuinntir do gabhadh thairis do imdheargdáois é ag crothadh a
gceann,


L. Mt27:40


Agus ag rádh, Ó a fhir úd leagus an teampoll agus chuirios súas a dtrí lá
é, fóir ort féin: más tú mac Dé tarra anúas as an gcroich.


L. Mt27:41


Agus mar an gcédna adubhradar úachdaráin na sagart maille ris na
Sgríobuidhibh, agus ris na sinnsearuibh ag fonámad fáoi,


L. Mt27:42


Do fhóir sé ar dháoinibh eile, agus ní héidir leis é féin
dfhóirighthin: más é rí Israhél é, tegedh sé anúas anois as an gcroich
agus creidfimáoidne dhó.


L. Mt27:43


Dobhí a dhóchus a nDía, sáoradh sé é anois mas áill leis é, óir
adubhairt sé, is meisi mac Dé.


L. Mt27:44


Agus tugadar na gaduighthe do crochadh mar áon ris an sgannail chéudna
dhó.


L. Mt27:45


Agus dobhí dorchadas ar an dtalamh uile ón seiseadh húair gu soithe an
náomhadh húair.


L. Mt27:46


Agus timcheall an náomhadh húair do éigh Iósa do guth ard, agá rádha,
Elí, Elí, lamá Sabachthání: iodhon, mo Dhía, mo Dhía, créd far thréig
tú mé.


L. Mt27:47


Agus arna chloisdin sin adubhradar cuid dá raibh na seasamh a
láthair annsin, atá an fear so ag gairm Eliás.


L. Mt27:48


Agus do rioth fear dhíobh ar an mball agus ar nglacadh spuing, agus arna
líonadh do mhineigre, agus arna chur a dtímcheall tslaite ghiolcaigh,
tug sé deoch dhó ré hól,


L. Mt27:49


Achd adubhradar an chuid eile, léig dó, faiceam an dtiocfa Eliás da
sháoradh.


L. Mt27:50


Agus ar néigheamh arís dIósa do guth mhór, dochúaidh a spiorad
as.


L. Mt27:51


Agus tabhair dod thaire do réb brat roinnte an teampoill na
dhá chuid ó úachdar gu hióchdar, agus do chriothnuigh an talamh agus do
sgoilteadar an cairgeach.




L. Mt27:52


Agus do osgladar na tumbaidhe, agus do éirgheadar mórán do chorpuibh na
ndáoine náomhtha dobhí na gcodladh.


L. Mt27:53


Agus ar ndul amach as na tumbuidhibh dhóibh a ndeaghuidh a eiséirgesean,
dochúadar asdeach don chathuir náomhtha, agus do fhoillsigheadar íad
féin do mhórán.


L. Mt27:54


Achd ar bhfhaicsin an chreatha talmhun agus na neitheadh do éirigh ann don
Chaptaein agus dá raibhe na fhochair ag coimhéd Iósa, do ghabh egla
mhór íad, ag rádh, gu fírinneach dob é so mac Dé.


L. Mt27:55


Agus dobhádar annsúd mórán ban, ag féchain air a bhfhad úadha, noch do
lean Iósa ón Ghailile, ag dénamh seirbhíse dhó.


L. Mt27:56


Eidir a raibhe Muire Mágdalen, agus Muire
Mathair Iacób, agus Iosé, agus máthair chloinne Sebedeí.


L. Mt27:57


Achd an tan dobhí deireadh an láoi ann, táinic duine saidhbhir ó
Arímátéá dárbh ainm Ioséph, dobhí fós ana dhisgiobal ag Iósa.


L. Mt27:58


Agus dochúaidh sé a gceann Fpiolaíd, agus do íarr sé corp Iósa.
Annsin adubhairt Pioláid an corp do thabhairt dó.


L. Mt27:59


Agus an tan fúair Ióséph an corp, do fhill sé línéudach glan na
thimcheall:


L. Mt27:60


Agus do chuir sé ana thumba núa féin é, noch do thochuil sé a gcarruig,
agus ar niompódh leice móire dhó dochum dhoruis an túama, do imthigh sé
roimhe.


L. Mt27:61


Agus dobhí Muire Magdalén, agus an Mhuire eile annsúd iona suidhe
as comhair an tumba.


L. Mt27:62


Agus an lá a ndeaghuidh anollmhuighthe, do chruinnigheadar úachdaráin na
sagart, agus na Phairisínigh go Pioláid,


L. Mt27:63


Agá rádha, a thighearna, is cumhain linn an tan dobhí an mealltóir úd
béo, gu ndubhairt sé, éiréochuidh mé a gcionn an treas lá:


L. Mt27:64


Ar an adhbhar soin fuláir coimhéd do chur ar an dtumba gu ceann an treas
lá: ar eagla gu dtiucfadáois a dhisgiobail annsan oidhche, agus gu
ngoidfidáois é, agus gu naibéoradáois ris an bpobal, do éirigh sé ó
mharbhuibh: agus bíaidh an seachrán deigheanach niis measa iona an céud
sheachrán.


L. Mt27:65


Adubhairt Pioláit ríu, atá faire agaibhsi: imthighidh, daingnighidh
mar is éol dáoibh féin é.


L. Mt27:66


Agus ar nimtheachd dóibhsean do dhaingníodar an tumb ar gcur chomhartha
ar an gcloich maille ré faire.


L. Mt28



L. Mt28:1


Agus a ndeireadh na saboíde, an tan do shoillsigh an céud lá don
tseachdmhuin, táinic Muire Mhagdalén, agus an Mhuire eile dfhéchain
an túmba.


L. Mt28:2


Agus tabhair dodhúigh, dobhí crith mór talmhan ann. Oír táinic
aingeal an tighearna anúas ó neamh, agus dochúaidh sé agus do iomlait sé an
chloch ón dorus agus do shuidh sé uirrthe.


L. Mt28:3


Agus dobhí a ghnúis mar theinnteach, agus a édach geal mar shneachda.


L. Mt28:4


Agus do chriothnuigheadar an luchd coimhéda ar a eaglasan, agus dobhádar
a riochd mhairbh.


L. Mt28:5


Achd ar bhfhreagra don aingeal adubhairt sé ris na mnáibh, ná bíodh eagla
oruibhsi: oír atá a fhios agam gurab é Iósa do crochadh atátháoi
diarruigh,


L. Mt28:6


Ní fhuil sé annso: oír do éirigh sé mar adubhairt sé, teguidh, féchaidh
an áit an a raibh an tighearna na luighe.


L. Mt28:7


Agus ar nimtheachd dáoibh gu lúath, innsidh dá dhisgiobluibh, gur
éirigh sé ó mharbhuibh, agus féuch atá sé ag dul romhuibh don
Ghalilé: dochífidhe annsin é. Féuch, adubhairt meisi ribh é,


L. Mt28:8


Agus ar nimtheachd ón tumba gu deithneasach dhóibh maille ré heagla, agus
ré gáirdeachus mór, do riothadar dá fhoillsiughadh sin dá dhisgiobluibhsion.


L. Mt28:9


Agus an tan do imthigheadar dochum go bhfhoillséochadáois sin dá
dhisgiobluibhsion: féuch, tarla Iósa orrtha, agá rádha, gu mbeannuighe Día
dháoibh. Achd tangadarsan, agus rugadar ar a chosaibhsion, agus do
onóruigheadar é.


L. Mt28:10


Adeir Iósa an tan soin ríu, ná bíoth eagla oruibh, imthighidh, beiridh
sgéula dochum mo dhearbhraithreach dochum go rachadáois don Ghalilé:
agus dochífid síad mheisi annsin.


L. Mt28:11


Agus ar nímtheachd dóibhsean: féch, tangadar cuid don luchd faire don
chathair, agus do innisidear dhúachdaránuibh na sagart gach uile ní dá
ndearnadh ann.


L. Mt28:12


Agus do chruinnigheadar a gceann a chéile maille ris na sinnsioruibh, agus
ar ndénamh comhairle dhóibh, tugadar mórán airgid do na soighdiuiribh,


L. Mt28:13


Agá rádha, abruidh gu dtangadar a dhisgiobuil annsan oidhche, agus gur
ghoideadar é, an feadh dobhámuirne nar gcodladh.


L. Mt28:14


Agus má dochluin an túachdarán an ní so, dobhéruimne fa deara dhó,
nach bía gúasachd ar bioth oruibhsi.


L. Mt28:15


Agus ar ngabáil an airgid dóibhsion, dorinneadar mar do múinedh dhóibh:
agus aithrisdior an glór sa a measg na nIúduigheadh go soithe an lá aníugh.


L. Mt28:16


Achd do imthigheadar an táoin dhisgiobail dég dochum Galilé dochum
an tsléibhe mar ar orduigh Iósa dhóibh.


L. Mt28:17


Agus an tan dochoncadar é, do onóruigheadar é: achd dobhí
amharus ag cuid díobh air.


L. Mt28:18


Agus ar dtoigheachd dIósa do labhair sé ríu, agá rádha; atá gach
uile chumhachda ar neamh, agus ar talamh arná dtabhairt damhsa:


L. Mt28:19


Ar an adhbhar soin imthighidhsi, teaguisgidh na huile chineadhacha, dá
mbaisdeadh anainm an athar, agus an mhic, agus an Spiorad náoimh.


L. Mt28:20


Agus teguisgidh íad gach uile ní dhár aithin meisi dhíbh do choimhéud:
agus féch, atáimsi in bhur bhfhochair gach én lá gu deireadh an tsáoghail.
Amen.


L. Mc



L. Mc1:1


Tosach soisgeil Iósa Chriosd mhic Dé:


L. Mc1:2


Mar atá sé arna scríobhadh ann sna fáidhibh, féuch, cuirim mo theachdaire
romhad, noch oillmheochas do shlighe romhad.


L. Mc1:3


Guth an tí éigheas ar an bhfhásach, ollmhuighidh slighe an
tighearna, dénuidh a chasáin díreach.


L. Mc1:4


Dobhí Eóin ag baisdeadh ar an bhfhásach, agus ag seanmóir bhaisdigh
na haithrighe dochum maithmheachuis na bpeacadh.


L. Mc1:5


Agus dochuaidh tír Iúdea uile, agus luchd Iarusaléim amach
chuige: agus do baisdeadh leis iad uile a sruth Iordáin, ag admháil a
bpeacadh.


L. Mc1:6


Agus dobhí Eóin arna édughadh do ruainneach cámhall, agus crios
leathair timcheall a leasruigh, agus asé bíadh do itheadh sé
locúsduighe, agus mil choillteamhail.


L. Mc1:7


Agus dorinne sé seanmóir, agá rádh, tig am dheaghuidhsi neach is
neartmhuire ná meisi, ag nách fiú mé cromadh, agus iallach a bhróg do
sgáoiledh.


L. Mc1:8


Gu deimhin do bhaisd meisi sibh lé huisge, achd cheana baisdfidh
seision sibh leis an spiorad náomh.


L. Mc1:9


Agus tárrla ann sna laithibh úd gu dtáinic Iósa ó Nasaréth na
Galilé, agus gur baisdeadh é annsa Iórdán lé Héoin.


L. Mc1:10


Agus ar ndul súas dó ar an mball as anuisge, dochonnaic Eóin
nemh arná sgoltadh ó chéile, agus an spiorad ag tuirrling air a
riochd choluim.


L. Mc1:11


Agus táinic guth ó na neamhdhaibh, agá rádh, is tusa mo mhac
grádhachsa, an a bhfhuil mo lántoil.


L. Mc1:12


Agus ar an mball do tharruing an spiorad é ar an bhfhásach.


L. Mc1:13


Agus dobhí sé annsúd ar an bhfhásach dhá fhichead lá, ag fulang
chathuighthe ó Shatan: agus dobhí sé a bhfhochair na mbeathadhach allta:
agus dorinnedar na haingil mionasdrálachd dó.


L. Mc1:14


Agus tar éis Eóin do chur a bpríosún, táinic Iósa don Galilé, ag
seanmóir soisgéil ríoghachda Dé:


L. Mc1:15


Agus agá rádha, do coimhlíonadh anáimsior, agus do dhruid ríoghachd Dé
rinn: dénuigh aithríghe, agus creidigh don tsoisgél.


L. Mc1:16


Agus ar siubhal dó láimh ré fairge na Galilé, dochonnaic sé
Síomón, agus Ainndriás, a dhearbhráthair, ag teilgen lín annsa
bhfhairge, (oír do budh iasguireadha iad.)


L. Mc1:17


Agus adubhairt Iósa ríu, leanaidh meisi, agus doghéna mé
íasguireadha ar dháoinibh dhíbh.


L. Mc1:18


Agus ar bhfhagbháil a líontadh ar an mball dóibhsion, do leanadar é.


L. Mc1:19


Agus ar nímtheachd dó beagán as sin, dochonnaic sé Séumas mhac
Sebedéi, agus Eóin a dhearbhráthair, agus íad ag córughadh a
líontadh a narthrach:


L. Mc1:20


Agus do ghoir sé iad ar an mball: agus ar bhfhagbháil Sebedeí a
nathar dhóibhsion annsa nárthrach maille ris an luchd formála, do
leanadar é.


L. Mc1:21


Agus tiaghuid asdeach gu Capérnáum. Agus ar an mball sa tsaboid
dochuaidh Iósa don tsínagóig, agus do theaguisg sé ann.


L. Mc1:22


Agus do ghabh iongnadh íadsan ioma theagasg: oír do theaguisg sé
íad mar neach agá raibhe cumhachda, agus ní mar na sgríobuighibh.


L. Mc1:23


Agus dobhí an a sionagóigsion nech an a raibhe spiorad
neamhghlan, agus do éigh sé,


L. Mc1:24


Agá rádha, ó, créd í an bhúain atá aguinne riotsa a Iósa
Nasardha?
an dtáinic tú dár sgriosne? atá a fhios agamsa cía thú iodhón an
nech náomhtha úd Dé.


L. Mc1:25


Agus do imdhearg Iósa é, ag rádha, bí ad thochd, agus tarra
amach as.


L. Mc1:26


Agus do réb an spiorad neamhghlan é, agus ag éighmhe do ghuth ard,
táinic sí amach as.


L. Mc1:27


Agus do ghabh adhúathmhuireachd cách uile, ionnus gur fhiafruigheadar
eatorra féin, agá rádha, créd é so? créd é an teagusg núa so, gu gcuireann sé
smachd maille ré cumhachduibh ar na spioraduibh neamhghlana, agus gu
númhluighid síad dó?


L. Mc1:28


Agus dochuaidh a chlúsan ar an mball ar feadh na tíre uile a
dtimcheall na Galilé.


L. Mc1:29


Agus mar is lúaithe dochuadar as an sionagóig, tangadar gu tigh
Shiómóin, agus Ainndriás, maráon ré Séumas agus ré Héoin.


L. Mc1:30


Agus dobhí mathair mhná Shiomóin na luidhe a bhfhíabhrus, agus
do labhradarsan do láthair risean na timcheall.


L. Mc1:31


Agus táinic seision chuice, agus do thógaibh sé í, ag breith ar láimh
uirrthe, agus do dhealuigh an fíabhrus ría ar an mball, agus dorinne sí
friotháileamh dhóibh.


L. Mc1:32


Agus an tan dobhí deiredh an láoi ann, ar ndul don ghréin faoi,
tugadar chuige gach áon dá raibhe easlán, agus an a rabhadar deamhain.


L. Mc1:33


Agus dobhí an chathair uile ar gcruinníughadh dochum an doruis.


L. Mc1:34


Agus do shlánuigh sé mórán ar a rabhadar easláinteadha ilghnéthecha:
agus do theilg sé amach mórán deamhan, agus níor fhulaing sé dona
deamhnuibh a rádha, gu raibhe eolus aca air.


L. Mc1:35


Agus ar maidin gu romhoch ar néirghe dhó a ndeireadh na hoidhche,
dochuaidh sé amach, agus do imthigh sé gu háit fhásamhuil, agus dorinne sé
urnuighthe annsin.


L. Mc1:36


Agus do lean Siómón é, agus an drem dobhí na fhochuir.


L. Mc1:37


Agus an tan fúaradar é, adubhradar ris, atá gach áonnduine dod
hiárruigh.


L. Mc1:38


Agus adeir seision ríu, dénam do na bailtibh beaga so láimh rinn,
dochum gu ndiongnuinn seanmóir annsin leis: oir is chuige so tháinic mé
amach.


L. Mc1:39


Agus dorinne sé seanmóir an a sionaghógaibh ar feadh na Galilé uile,
agus do theilg sé na deamhain amach.


L. Mc1:40


Agus tig lobhar chuige, dá leigean ar a ghlúinibh dó, agus dá rádha
ris, más a thoil leat, is éidir leat mheisi do ghlanadh.


L. Mc1:41


Agus ar ngabháil trúaighe móire Iósa dho, agus ar síneadh a láimhe,
do bhen sé ris, agus adubhairt sé ris, is toil: bí glan.


L. Mc1:42


Agus ar labhairt dósan do imthigh an lubhra úadha ar ball, agus dobhí
sé arna ghlanadh.


L. Mc1:43


Agus tar eis Iósa do thabhairt aithne dhó maille ré bagar, do chuir
sé úadha é do láthair:


L. Mc1:44


Agus adubhairt sé ris, tabhair dod thaire nach innéosa tú én ní do
dhuine ar bioth: achd imdhigh táisbén tú féin don tsagart, agus iodhbair ar
son do ghlanta, na neithe do aithin Máoise, dochum gu mbeath so an a
fhíadhnuisi dhóibh.


L. Mc1:45


Agus ar nimtheachd dósan amach do thionnsgain sé mórán
dfhoillsiughadh, agus an ní do chur ós aird, ionnas nach raibhe neart ag
Iósa dul asdeach sa chathruigh ós aird: achd bheith amuigh a nionadaibh
fásamhla: agus tangadar chuige as gach uile aird.


L. Mc2



L. Mc2:1


Agus a gcionn bheagáin aímsire na dhíaigh sin, dochuaidh sé aris gu
Capernaum, agus do clos eisean do bheith a dtigh.


L. Mc2:2


Agus ar an mball do chruinnigheadar mórán a gceann a cheile, ionnas nar
thuilleadar ann sna hionadaibh a dtimcheall an doruis sin: agus dorinne sé
an bhríathar do sheanmóir dhóibh.


L. Mc2:3


Agus tangadar chuige dream ag iomchar fhir phailirisi, agá raibhe
cethrar agá iomchar.


L. Mc2:4


Agus do bhríogh nárbhéidir léo techd a ngar dhó ag an slúagh, do
nochdadar mullach an tighe an a raibhe sé: agus arna fpolladh dhóibh do
léigeadar síos lé téuduibh an leabuidh an a raibhe fear na pairilesi
na luighe:


L. Mc2:5


Agus an tan dochonnaic Iósa a gcreideamh súd, adubhairt sé ré fear na
pairilisi, a mhic, atáid do fpheacaidh arna maitheamh dhuit.


L. Mc2:6


Agus dobhádar annsúd drong dháiríghthe dona sgríobuidhibh ana
suidhe, agus iad ag smúaintiughadh an a gcroidheadhaibh féin,


L. Mc2:7


Créd fá labhrann an fear so gu hesanórach do Dhía mar so? cía fhéudus
peacuigh do mhaithheamh achd Día na áonar.


L. Mc2:8


Agus ar an mball arna aithne Dhiósa an a spioraid féin,
gu rabhadarsan ag smuáintiughadh mar sin ionnta féin, adubhairt sé ríu,
créd fá smuáintighthísi na neithesi an bhur gcroidheadhuibh?


L. Mc2:9


Cia is usa a rádh ré fear na Pairilisi, atáid do fpheacuigh arna
maitheamh dhuit: na a rádh, éirigh agus tóguibh do leaba, agus siobhail?


L. Mc2:10


Achd dochum gu mbeath a fhios agaibh gu bhfhuil cumhachda ag mac an
duine peacuigh do mhaitheamh ar an dtalamh, (adeir sé ré fear na
pairilesi.)


L. Mc2:11


Adeirimsi riot, éirigh, agus tóguibh do leabuidh, agus imthigh dod
tigh.


L. Mc2:12


Agus do éirighsiumh ar an mball, agus ar dtógbháil a leabtha,
dochuaidh sé amach na bhfhiadhnuisi uile: ionnas gur ghabh anbhfháth
íad uile,
agus gu dtugadar glóir do Dhía, agá rádha, ní fhacamairne a leitheid so
ríamh.


L. Mc2:13


Agus dochuaidh sé amach arís dochum na fairge: agus táinic an slúagh
uile chuige, agus do theaguisg sé íad.


L. Mc2:14


Agus ag gabháil tairis dó, dochonnaic sé Léui mhac Alphéi na
shuidhe láimh ré háit gabhála an chusduim: agus adubhairt sé ris,
lean mheisi.


L. Mc2:15


Agus ar néirghe dhósan, do lean sé é, agus tarrla an tan do shuidh
Iósa dochum bídh an a thig súd, gur shuigheadar mórán puibleacán, agus
peacthach fós maráon ré Híosa, agus réna dhisgiobluibh: óir dob iomdha
dhióbh ann, agus do leanadar é.


L. Mc2:16


Agus an tan dochonncadar na sgríbuidhe, agus na Phairisínigh eision
ag caitheamh bídh a bhfhochair na publicán agus na bpeacthach, adubhradar
réna dhisgiobluibh, créd fá nitheann, agus fa nibheann bhur maighisdir
a bhfhochair na bpubleacán agus na bpeacach?


L. Mc2:17


Agus an tan dochualuidh Iósa, adubhairt sé ríu, ní fhuil
ríachdanus agna dáoinibh slána ré líaigh, achd agna dáoinibh atá easlán.
Ní tháinic mé do ghairm na bhfhiréunach, achd na bpeacach dochum
aithríghe.


L. Mc2:18


Agus do throisgeadar disgiobail Eóin, agus na bhPhairisíneach:
agus tigid agus adeirid risen, créd fá dtroisgid disgiobail Eóin agus
na bhPhairisíneach, agus nach déunuid do dhisgiobailsi trosgadh?


L. Mc2:19


Adubhairt Iósa ríu an tan sin, anéidir lé cloinn tséomra an fhir
núaphósda, an fad bhías an fear núaphósda na bhfhochair, trosgadh do
dhénamh? an fad atá an fear núafpósda aca na bhfhochair ní héidir léo
trosgadh do dhénamh.


L. Mc2:20


Achd tiocfuid na láithe an a mbéurthar úatha an fear núafpósda, agus
annsin doghénuid siad trosgadh ann sna laithibh sin.


L. Mc2:21


Agus ní fhúaidheann neach ar bioth preabán déudach núa lé senéudach:
no no beanuidh an preabán núa úd cuid don tsenéudach, agus is móide an
briseadh.


L. Mc2:22


Agus ní chuireann neach ar bioth fíon núa a seanbhuidéuluibh: nó no
brisidh an fíon núa na buidéil, agus doirter an fíon, agus téid na
buidéil amugha: achd is a mbuidéuluibh núadha is coir fíon núa do chur.


L. Mc2:23


Agus tarla ag gabháil tré ghortuibh dhó isin tsaboíd, gur
thionnsgnadar a dhisgiobail ag siobhal na slígheadh déusa do bhúain.


L. Mc2:24


Agus adubhradar na Phairisínigh ris, féuch, créd fa ndénuid síad sa
tsabóid an ní nach ceaduightheach?


L. Mc2:25


Agus adubhairt seisean ríu, an né nar léughabhair ríamh créd
dorinne Dábhí, an tan dobhí riachdanus air, agus dobhí ocrus air féin,
agus ar an muinntir dobhí maille ris?


L. Mc2:26


Cionnas dochúaidh sé asdeach a dtigh Dhé an tan dobhí Abiátar
na ardshagart, agus do ith sé arán na fiadhnuisi, nach ar cheaduightheach
dhithe achd do na sagartuibh: agus fós tug sé é don dréim dobhí maille
ris?


L. Mc2:27


Agus mar an gcédna adubhairt sé ríu, is ar son an duine do
hórduigheadh an tsabóid, agus ní ar son na sabóide an duine.


L. Mc2:28


Ar an nadhbharsoin is tighearna mac an duine ar an sabóid féin.


L. Mc3



L. Mc32:1


Agus dochúaidh Iósa asdeach arís don tsionagóig: agus dobhí neach
annsúd agá raibhe a lámh arna seargadh:


L. Mc3:2


Agus dobhádar agá bhrath an sláinéochadh sé é isin tsabóid dochum go
gcuirfidís adhbhar air.


L. Mc3:3


Agus adeir sé ris an duine agá raibhe an láimh seirgthe, éirigh ad
sheasamh a meadhón cháich.


L. Mc3:4


Agus adubhairt sé ríusan, an ceaduightheach maith iona olc do dhénamh
isin tsabóid? anum do shlánughadh, nó dho mharbhadh? achd do
eisdeadarsan.


L. Mc3:5


Agus ar bhfhéchain gu fergach orrthasan an a thímcheall, ar ngabháil
doilghis chuige ar son chruais a gcroidhedhsan, adubhairt sé ris an
duine, sín amach do lámh, agus do shín: agus do haiseagadh a lámh slán
dó mar an láimh eile.


L. Mc3:6


Agus ar ndul amach do na FPhairisíneachuibh dorinneadar comhairle
ar an mball ris na Hérodiánachuibh iona aghaidhsion, cionnas do
mhillfhidís é.


L. Mc3:7


Achd dochúaidh Iósa maille réna dhisgiobluibh do leathtáoibh
dochum na fairge: agus do lean slúagh mór ón Ghalilé, agus ón
Iudéa é,


L. Mc3:8


Agus ó Ierusaléim, agus ó Iduméa, agus ón taobh thall do Iórdán,
agus an dream do aitreabh timcheall Tirus agus Sidon, an tan
dochúaladar méud na neitheadh dorinne, tangadar chuige buidhean mhór.


L. Mc3:9


Agus adubhairt seisean réna dhisgiobluibh, long bheag do bheith do
ghnáth ag feitheamh air, do bhríogh an tslúaigh, dochum nach brúidhfidís é.


L. Mc3:10


Oír do shlánuigh sé mórán, ionnus gur lingeadar air an mhéid ar a
rabhadar easláinteadha dochum gu gcuiméoldaois ris.


L. Mc3:11


Agus an tan dochidís na spioraidighe neamhghlana é, do slechdadáois
dó, agus do éighmhidís, agá rádha, is tusa an mac úd Dé.


L. Mc3:12


Achd dorinne seisean bagar mór orrtha, dochum nach
bhfhoillséochadáois ós aird cía hé.


L. Mc3:13


Agus dochúaidh sé súas an tansoin ar an slíabh, agus do ghoir sé
chuige an dream do budh toil leis: agus tangadar chuige.


L. Mc3:14


Agus do orduigh sé dhá fhear dhéug do bheith iona fhochair, dochum gu
gcuirfeadh sé do dhéunamh seanmóra íad:


L. Mc3:15


Agus ar cor gu mbíadh aca cumhachda na neasláinteadh do leigheas, agus
na deamhain do sgrios.


L. Mc3:16


An céudneach díobh Siómón ar a dtug sé Peadar mar ainm.


L. Mc3:17


Agus Séumas mac Sebidei, agus Eóin dearbhrathair Shéumuis, (agus
tug sé boanérges danmannuibh orrtha, is ionann sin ré rádh, agus
clann na toirrnighe.)


L. Mc3:18


Agus Ainndriás, agus Philip, agus Bartolomeus, agus Maithtéu, agus
Tomás, agus Séumas mac Alphéi, agus Tadéus, agus Síomón an
cannánach.


L. Mc3:19


Agus Iudás Isgariot, an tí do bhraith é, agus tangadar don tigh.


L. Mc3:20


Agus do chruinnigheadar an slúagh arís, ionnus nach arbhéidir leo
fíu an bhídh do chaitheamh.


L. Mc3:21


Agus an tan dochúaladar a dháoine gáoil tangadar amach do bhreith
air: oír adubhradar gu raibhe sé ar míchéill.


L. Mc3:22


Agus adubhradar na sgríobuidhe táinic anúas ó Iarusaléim, gu raibhe
Belsébub ann, agus gurab tré phrionnsa na ndemhan do chuiredh sé amach
na demhain.


L. Mc3:23


Agus do ghoir sé chuige íad, agus adubhairt sé a mbaramhlachuibh
ríu, cionnas is éidir lé Satan Satan do theilgean amach?


L. Mc3:24


Agus ma bhíonn ríoghachd roinnte na haghaidh féin, ní héidir leis
an ríoghdhachd sin sesamh:


L. Mc3:25


Agus ma bhíonn teach roinnte na aghaidh féin, ní héidir leis an
dtech sin sesamh:


L. Mc3:26


Agus is amhluigh sin ma éirghenn Satan na adhaigh féin, agus gu
mbía sé roinnte, ní héidir leis seasamh, achd atá deireadh aige.


L. Mc3:27


Ní héidir lé neach ar bioth dul asdech gu tegh dhuine láidir, agus a
airnéis tighe dhfhuadach leis, achd muna chuibhrighe sé ar tús an duine
láidir úd: agus annsin sladfuidh sé a thech:


L. Mc3:28


Adeirim ribh gu fírinneach gu maithfithear na huile pheacadh do
chlannuibh na ndáoine, agus gach anfhocal lé dtabhruid síad sgannall úatha:


L. Mc3:29


Achd giodhbé dobhéra sgannall don spiorad náomh, ní
fhaghann sé maithfeachus choidhche, achd atá sé cionntach ón
bhreitheamhnus tsíoruighe.


L. Mc3:30


Oír adubhradar, is spiorad neamhghlan atá aige.


L. Mc3:31


Uime sin tangadar a dhearbhraithreacha agus a mhathair: agus ar seasumh
amuigh dhóibh, do chuireadar fios chuigesion, dá ghairm.


L. Mc3:32


Agus do shuidh an slúagh iona thimchell agus adubhradar ris, tabhair
dod haire, atá do mhathair agus do dhearbhbhraithreacha amuich ag ad
tiarruidh.


L. Mc3:33


Agus ar bhfhreagra dhóibh adubhairt sé: cia hí mo mhathair nó mo
dherbhbhraithreacha?


L. Mc3:34


Agus ar bhfhéchain ar an mhuinntir dobhí na suidhe na
thimcheall, adeir sé, féuch mo mhathairsi, agus mo dherbhbhraithreacha.


L. Mc3:35


Oír giodhbé neach doghéna toil Dé, is é so mo dhearbhráthair, agus
mo dheirbhshiúr, agus mo mhathair.


L. Mc4



L. Mc4:1


Agus do thionnsgain sé teagasg do dhénamh láimh ris an bhfhairge:
agus do chruinnigh slúagh mór chuige, ionnas gu ndeachuidh sé asdeach a
luing, agus gur shuidh sé ar an bhfhairge: agus dobhí an slúagh uile ar
an dtír anaice na fairge.


L. Mc4:2


Agus do theaguisg sé mórán dóibh a gcosamhlachuibh, agus adubhairt sé
ríu an a theagasg:


L. Mc4:3


Éisdigh, tabhruigh dá bhur naire: dochúaidh an síoladóir amach do
chur shíl:


L. Mc4:4


Agus tarrla ag cur an tsíl dó, gur thuit cuid de laimh ris an slighidh:
agus gu dtangadar énluith an aiéoir, agus gur itheadar é.


L. Mc4:5


Agus do thuit cuid eile dhe anáit chlochaidh, mar nach raibhe mórán
úire aige: agus do fhás sé do láthair, do bhríogh nach raibhe doimhne
thalmhan aige:


L. Mc4:6


Agus ar néirghe don ghréin do dóigheadh é lé teasbhach, agus do bhríogh
nach raibhe fréumh aige, do shearg sé.


L. Mc4:7


Agus do thuit cuid eile dhe eidir mhuineach: agus do eirgheadar an
muineach súas, agus do thachdadar é, agus ní thug sé toradh úadha.


L. Mc4:8


Agus do thuit cuid eile dhe a dtalamh maith: agus tug sé toradh úadha
do éirigh suas agus do fhás, agus tug áonghráinne dhe a deich fichead,
agus gráinne eile trí fichid, agus gráinne eile céud:


L. Mc4:9


Agus adubhairt sé ríu, giodhbé agá bhfhuilid clúasa dochum
éisdeachda, éisdeadh sé.


L. Mc4:10


Agus an tan dobhí sé iona áonar, do fhíafruigheadar an mhuinntear dobhí
na fhochair maille ris an dá fhear dhéug, cíall na cosamhlachda dhe.


L. Mc4:11


Agus adubhairt sé ríu, is díbhsi atá arna thabhairt éolus ar
sheichréid ríoghachda Dé: achd adeirthear na neithe so uile a
mbaramhlachuibh, ris an dréim atá leath amuigh:


L. Mc4:12


Dochum ar bhfhaicsin dóibh gu bhfaicfidís, agus nach tiubhraidís dá
naire. Agus ar gcloisdin dóibh gu gcluinfidís, agus nach tuicfidís: deagla
gu bhfhillfidís uair ar bioth, agus gu maithfighe a bpeacuigh dhóibh.


L. Mc4:13


Arís adubhairt sé ríu, an bhfhuil ainbhfhios na cosamhlachda so oruibh?
Agus ma atá, cionnas tuigfídhe an uile chosmhalachd?


L. Mc4:14


An sioladóir úd, is í an bhríathar shíolchuireas sé.


L. Mc4:15


Agus is íad so an drong atá láimh ris an tslighidh, an a gcuirthear an
bhríathar, achd tar éis a cloisdeana, tig satan ar an mball, agus
tógbhuidh sé an bhríathar do sióladh an a gcroidheadhuibh úadha.


L. Mc4:16


Agus mar an gcéudna is íad so an dream an ar cuireadh an síol a
bhfhearann chlochach, iodhón, an dream éisdeas an bhríathar, agus gabhus
chuca í do láthair maille ré gáirdeachus.


L. Mc4:17


Agus ní fhuil fréumh aca ionnta féin, achd anuid siad ar fedh tamuill:
agus na dheaghaidh sin an tan eirgheas trioblóid, agus buaidhirt tríd an
mbréithir, ar an mball do gheibhid síad oilbhéim.


L. Mc4:18


Agus is íad so an dream ghabhus an síol chuca ann sa sgecharnaigh,
iodhón, an dream úd éisdeas ris an mbréithir,


L. Mc4:19


Achd téid róchúram an tsaoghail so, agus mealltóireachd an
tsaidhbhris, agus míanghus na neitheadh eile asdeach, agus tachduid síad an
bhríathar, agus bí sí neamhthoirtheach.


L. Mc4:20


Agus is íad so an dream an ar cuireadh an síol ann sa talamh maith,
noch éisdeas an bhríathar, agus ghabhus í, agus dobheir toradh úatha,
áon a deich fichead, áon trí fichid, agus áon eile céud gráinne.


L. Mc4:21


Agus adubhairt sé ríu, an dtig an choinneall dochum a cora fá bhéul
tsoighthigh, nó fá lebuigh? an né nách dochum gu gcuirfídhe a
gcoinnléoir í?


L. Mc4:22


Oír ní fhuil ní ar bioth foilightheach nach foillseochar, ná
seicréideach nach tiocfa dochum soluis.


L. Mc4:23


Giodhbé neach agá bhfhuilid clúasa dochum éisdeachda, éisdeadh sé.


L. Mc4:24


Agus adubhairt sé ríu, tabhruidh dhá bhur naire créd an ní
adchluintí: cíbé miosúr a dtomhuisdí, toimheósdar chuguibh é, agus
dobéurthar tuilleadh dáoibhsi a dhream úd éisdeas.


L. Mc4:25


Oír giodhbé neach agá bhfhuil ní, dobéurthar dhó: agus giodhbé
neach atá gan ní aige, toigéubhthar úadha an ní atá aige.


L. Mc4:26


Tuilleadh eile adubhairt sé ríu, is amhluigh atá ríoghachd Dé, mar
do chuirfeadh neach síol a bhfhearann,


L. Mc4:27


Agus do choidéoladh sé, agus do éireóchadh sé sanoidhche, agus ann sa
lá: agus do fhásfadh an síol, agus do aírdéochadh sé, ar cruth nach raibhe a
fhios aigesion.


L. Mc4:28


Oír is da dheóin féin dobheir an talamh toradh, ar tús an geamhar,
agus na dhíaigh sin déus, agus na dhíaigh sin arbhar iomshlán
sa déis:


L. Mc4:29


Agus an tan taisbéunas an toradh é féin, ar an mball cuiridh sé
corrán ann, do bhríogh gu bhfhuil an foghmhar do láthair.


L. Mc4:30


Agus fós adubhairt sé, créd é an ní ré a ndiongnum ríoghachd Dé do
shamhlughadh? nó créd í an bharamhail ré samhuilfimís í?


L. Mc4:31


Is cosmhail ré gráinne musdaird: noch an tan churthar ann sa
talamh é, is é is lugha don uile shíol dá bhfhuil aran dtalamh:


L. Mc4:32


Achd tar éis a chora, fásaidh sé súas, agus is mó é ina éunluibh do na
luibhibh: agus fásaid géuga móra air, ionnus gu bhfhédfaidís énlaith
an aieóir nid do dhénamh ar a sgáth.


L. Mc4:33


Agus do labhair sé an bhríathar ríu a mórán dá leithéidibh sin do
chosmhalachaibh, do réir fá mar dobéidir léo a chloisdin.


L. Mc4:34


Agus níor labhair sé ríu achd a gcosmhalachaibh: achd cheana do
mhínidh sé gach uile ní dá dhisgiobluibh féin ar leith.


L. Mc4:35


Agus adubhairt sé an lá úd ríu, an tan táinic deireadh an láoi: déunum
don táobh úd anunn don abhuinn.


L. Mc4:36


Agus ar bhfhágbháil an choimthionóil rugadar éisean mar dobhí sé ann
sa luing: agus dobhádar fós longa bega éile iona fhochair.


L. Mc4:37


Agus do éirigh sdoirm mhór gháoithe ann: agus do lingeadar na tonna
ann sa luing, ionnas gu raibhe sí anois arna líonadh.


L. Mc4:38


Agus dobhí seisean ar an dtileadh ana chodladh ar chearchaill: agus
dúisighid síad é, agus adeirid ris, a mhaighisdir, nach misde leat sinne
do dhul amugha?


L. Mc4:39


Agus ar néirghe dhósan tug sé achmhasan don gháoith, agus adubhairt
sé ris an bhfhairge, coisg, bí balbh. Annsin do chíunaigh an gháoth, agus
dobhí súaimhneas mór ann.




L. Mc4:40


Annsin adubhairt sé ríu, créd fá bhfhuiltí a choimheaglach sin?
créd fá nach fuil creideamh aguibh?


L. Mc4:41


Agus do ghabh eagla mhór íadsan, agus adubhradar ré chéile, cía hé
an fear so, agá ndénann an gháoth féin, agus an fhairrge fós úmhlachd dó?


L. Mc5



L. Mc5:1


Agus tangadar don táoibh éile don fhairge, gu duthuigh na Ngadarénach.


L. Mc5:2


Agus ar ndul amach dhó as an luing, ar an mball tárrla duine an a raibhe
spiorad neamhghlan air, ag teachd as na húaghuibh.


L. Mc5:3


Agá raibhe a áit chomhnuighe ann sna tumbuighibh, agus nárbhéidir lé
neach ar bioth a cheangal lé slabhradhuibh féin:


L. Mc5:4


Do bhríogh ar mbeith ceanguilte gu meinic dó lé geimhlibh, agus lé
slabhradhuibh, gu mbriseadh sé na slabhruidhe, agus gu mionuigheadh sé
na geimhleacha: agus níorbhéidir lé nech ar bioth a smachdughadh.


L. Mc5:5


Agus dobhíodh sé do ghnáth, do ló agus doidhche ar na sléibhtibh,
agus a measg na bhfhúaralach ag éighmhe, agus ag gabháil do chlochaibh
air féin.


L. Mc5:6


Agus ar bhfhaicsin Iósa dhó a bhfhad úadha, do rioth sé chuige,
agus dorinne sé eadurghuidhe air:


L. Mc5:7


Agus ar néigheamh dó do ghuth árd, adubhairt sé, créd í mo chuidsi
dhíot a Iósa a mhic Dé róaird? cuirim a huchd Dé ort gan mo phíanadh.


L. Mc5:8


(Oír adubhairt sé ris, a spiorad neamhghlan tarra amach as an duine.)


L. Mc5:9


Agus do fhíafruigh sé dhe, créd is ainm dhuit? agus do fhreagair
seisean agá rádha, léghíon is ainm dhamh: oír atámáoid mórán ann.


L. Mc5:10


Agus do íarr sé gu roighéur air gan a gcur amach as an dúthaidh sin.


L. Mc5:11


Agus dobhí tréd mór muc annsúd ar na sléibhteibh ag ingheilt.


L. Mc5:12


Agus do íarradar na deamhuin uile air, agá rádha, cuir sinne ann sna
mucuibh, dochum gu rachmáois asdech ionnta.


L. Mc5:13


Agus tug Iósa ced dóibh ar an mball: agus ar ndul amach do na
spioradaibh neamhghlana sin dochúadar ann sna mucaibh: agus do thuid an
tréd a ndeaghuidh a gceann ris an aill is an bhfhairge, (agus dobhádar
timcheall dhá mhíle muc ann) agus do múchadh íad ann sa bhfhairge.


L. Mc5:14


Agus do theitheadar búachaillidhe na muc, agus do inneasadar sin don
chathraigh agus don túaith, agus tangadarsan amach dá fhéuchain créd do
rinneadh ann.


L. Mc5:15


Agus tigid síad dochum Iósa, agus dochíd an té an a raibhe an deamhan,
iodhón, an léghión deamhan, na shuidhe agus a éudach uime, agus a chíall
aige: agus do ghabh eagla íad.


L. Mc5:16


Agus do inniseadar an líon dochonnaic dhóibhsion, cionnas
dorinneadh ris an té an a raibhe an deamhan, agus a dtimcheall na muc.


L. Mc5:17


Agus do thionnsgnadarsan a íarruigh airsion imtheachd as a dtórannuibh
féin.


L. Mc5:18


Agus ar ndul a luing dhósan, do íarr an té ana raibhe an deamhan air,
é féin do bheith na fhochair.


L. Mc5:19


Achd nír léig Iósa dhó, achd adubhairt sé ris, imthigh dod tigh a
gceann do mhuinntire, agus foillsigh dhóibh méd na neitheadh dorinne
an tighearna dhuit, agus gu ndearna sé trócaire ort.


L. Mc5:20


Agus do imthigh seision, agus do thionnsgain sé a sheanmórughadh a
Ndécapolis méud na neitheadh dorinne Iósa dhó: agus do ghabh iongantus
íad uile.


L. Mc5:21


Agus an tan dochúaidh Iósa a luing arís tar a ais don chaladh
anúnn, do chruinnigh slúagh mór chuige: agus dobhí sé láimh ris an
bhfhairge.


L. Mc5:22


Agus tabhair dod taire, táinic fear dháirighe dúachdaránuibh na
síonagóige, darbhainm Iairus: agus an tan dochonnaic sé eisean, do
léig sé é féin síos agá chosaibh.


L. Mc5:23


Agus do ghuidh sé é gu roighér, agá rádh, atá mhinghean bheag a
núdhachd bháis: iárruim ort teachd agus do lámha do chur uirrthe,
dochum gu sláinéochaidhe í: agus gu mairfeadh sí.


L. Mc5:24


Agus do imthigh Iósa leis: agus do len slúagh mór é, agus do
bhrúigheadar é.


L. Mc5:25


Agus dobhí bean daírighe annsin ar a raibhe dortadh fola ré dhá
bhliadhain déug:


L. Mc5:26


Agus do fhulaing mórán ó leaghuibh iomdha, agus do chaith a raibhe aice
uile, agus nírbhfheirrde í é, achd do budh measa sa chách í:


L. Mc5:27


An tan dochúalaidh sí teachd tar Iósa, táinic sí don táobh thíar
dhe a measg an choimhthionóil, agus do chuimil sí réna éudach.


L. Mc5:28


Oír adubhairt sí, má bheanuim réna éudach amháin, slainéochthar
mhé.


L. Mc5:29


Agus do thiormaigh a dortadh fola do láthair: agus do airigh sí ar a
corp féin gu raibhe sí slán ón phláigh úd.


L. Mc5:30


Agus do aithin Iósa ar an mball ann féin na súbhaltuighe sin dochúaidh
as, agus do fhill sé ar an slúagh, agus adubhairt sé, cía do chuimil rém
éuduighibh?


L. Mc5:31


Agus adubhradar a dhisgiobail ris, dochí tú an slúagh dod
bhrúdh, agus an bhfhíafruigheann tú, cía co chuimil ríum?


L. Mc5:32


Agus do fhéuch seision ina thimcheall dochum gu bhfhaicfeadh sé an bhean
dorinne so.


L. Mc5:33


Agus do ghabh crioth agus eagla an bhean, ar naithne an neith do
rinneadh innte féin, agus táinic sí agus do shléuchd sí dhó, agus do innis
sí an fhírinne uile dhó.


L. Mc5:34


Agus adubhairt seision ría, a inghean, is é do chréideamh do shlánuigh
thú; imthigh a síothcháin, agus bí slán od phláigh.


L. Mc5:35


Agus ar mbeith dhósan ag labhairt, tigid dáoine ó úachdarán
na sínagóge, agá rádha, fúair hinghean bás, créd fá gcuireann tú
búaidhreadh ar an maighisdir feasda?


L. Mc5:36


Agus mar dochúalaidh Iósa an comhrádh so adubhradh, adubhairt sé
ré húachdarán na síonagóge, ná bíoth eagla ort, créid amháin:


L. Mc5:37


Agus níor fhulaing sé neach ar bioth dá leanmhuin, achd Peadar agus
Séumus, agus Eóin dearbhráthair Shéumuis.


L. Mc5:38


Agus táinic sé gu teagh úachdaráin an tsiónagóig, agus dochonnaic sé
an búaidhreadh, agus luchd an cháointe agus na húalfartuighe móire.


L. Mc5:39


Agus ar ndul asdeach, adubhairt sé ríu, créd fá bhfhuil búaidhreadh
oruibh, agus créd fá nguiltí? ní fhúair an cailín bás, achd is ana
codladh atá sí.


L. Mc5:40


Agus dorinneadarsan fónamhad fáoi, achd cheana ar gcur chaích uile
amach dhósan, beiridh sé athair agus máthair an chailín leis, agus an
dream úd dobhí na fhochair féin, agus téid sé asdeach mar a raibhe
an cailín na luighe.


L. Mc5:41


Agus ar mbreith dó ar láimh an chailín, adubhairt sé ría, Talíta
coumí: is é sin má eidirmhínighthear é, a chailín (adeirim riot)
éirigh:


L. Mc5:42


Agus do éirigh an cailín ar an mball, agus do shiubhail sí: óir dobhí
sí a gcionn a dhá blíadhan déug, agus do ghabh adhúathmhaireachd romhór
íadsan.


L. Mc5:43


Agus do aithin sé dhíobh gu roighéur, gan a fhios so do thabhairt
dénduine: agus adubhairt sé ní do thabhairt don chailín ré a ithe.


L. Mc6



L. Mc6:1


Agus do imthigh sé as sin, agus táinic sé da thír féin: agus do
leanadar a dhisgiobuil féin é.


L. Mc6:2


Agus an tan táinic an tsabóid, do thionnsgain sé teagasg do dhénamh
ann sa tsínagóig: agus do ghabh iongnadh mórán da gcúalaidh é, agá rádha,
créd as a dtigid na neithesi dochum an fhirsi? agus créd í aneagna so
atá arná tabhairt dó, ionnus gu ndéuntar a leitheide so do chumhachdaibh
tré na lámhuibhsion?


L. Mc6:3


An né nach é so an sáor úd, mac Muire, agus dearbhráthair Shéumais
agus Iosé agus Iudé agus Tsímóin? agus an né nach fuilid a
dheirbhsheathracha annso eadruinne? agus fúaradar oilbhéim ann.


L. Mc6:4


Achd adubhairt Iósa ríu, ni fhuil fáidh gan chion achd ana thír
féin, agus eidir a dháoinibh gáoil, agus ana thigh féin.


L. Mc6:5


Agus níorbhéidir leis súbhaltuighe ar bioth do dheunamh ann sanáit
sin, achd ar gcur a lámh ar beagán do dháoinibh éugcrúaidhe, do shlánaigh
sé íad.


L. Mc6:6


Agus dobhí iongnadh aige ana neamhchreideamh súd: agus do
thimchealluidh sé na bailte fághcúaird, ag teagusg.


L. Mc6:7


Annsin do ghoir sé an dá fhear dhéug, agus do thionnsgain sé a gcur
iona ndís, agus iona ndís: agus tug sé cumhachda dhóibh ar na spioraduibh
neamhghlana.


L. Mc6:8


Agus do aithin sé dhíobh gan ní ar bioth do bhreith léo dochum na
slighéadh, achd slat amháin, gan mhála, gan arán, gan úmha iona gcrios.


L. Mc6:9


Achd a mbróga do chur iompa: agus gan dá chóta do bheith iompa.


L. Mc6:10


Agus adubhairt sé ríu, giodhbé háit ar bioth an a rachdáoi asdech
a dtigh, anuidh annsin nó gu nimdhighthí as an mball sin.


L. Mc6:11


Agus giodhbé ar bioth nach ghéubha sibh, agus nach éisdfi ribh, ar
nimtheachd díbh as sin, craithidh an lúaithreadh bhías fá bhur gcosaibh
mar fhíadhnuisi iona nadhaigh súd. Gu firínneach adeirimsi ribh, gu ma
socamhluighe do Shodom nó do Ghomorra a ló an bhreitheamhnuis, na dhon
chathruigh sin.


L. Mc6:12


Agus do imthighedarsan, agus do fhúagradar aithríghe do dhéunamh.


L. Mc6:13


Agus do theilgeadar mórán deamhan amach: agus do ungadar mórán do
dháoinibh tinne lé hola, agus do shlánuigheadar íad.


L. Mc6:14


Agus dochúalaidh an rí Iorúaith na neithe so, (oír dochúaidh ainm
orrdhairc airsion) agus adubhairt sé, gur éirigh Eóin baisde ó
mharbhuibh, agus dá bhríogh sin atáid subháltuighe ag oibriughadh
ann.


L. Mc6:15


Adubhradar dream eile, gurbhé Eliás é. Agus adubhradar dream
eile, gurbhfháidh é, nó mar áon do na fáidhibh.


L. Mc6:16


Achd arna chluinsin Diorúaith adubhairt sé, is é so an Téoin do
dhícheann meisi: do éirigh sé ó mharbhuibh.


L. Mc6:17


Oír ar gcur dháoine úadha Dhioruaith, do ghabh sé Eóin, agus do
cheangail sé a bpríosún é, ar son Herodías mhná pósda Pilip a
dhearbhráthar féin, do bhríogh gur phós sé í.


L. Mc6:18


Oír adubhairt Eóin ré Hiorúaith ní ceaduightheach dhuit bean
fpósda do dhearbhráthar féin do bheith agad.


L. Mc6:19


Achd dobhí Heródías ar a thísean, agus do budh mían lé a mharbhadh:
achd níorbhéidir lé.


L. Mc6:20


Oír dobhí eagla Eóin ar Ioruaith, ar mbéith a fhesa aige gur dhuine
comhthrom náomhtha é, agus dobheireadh sé modh dhó: agus ar néisdeachd ris
donídh sé mórán air, agus do éisdeadh sé ris gu toileamhail.


L. Mc6:21


Agus an tan dobhí lá iomchúbhaidh ann, an a ndearna Iorúaith suipér
dá uaislibh, agus dá chaptéinibh, agus dúachdaránuibh na Galilé,
comhainm an láoi fá rugadh é:


L. Mc6:22


Dochúaidh inghean an Heródías úd asdeach, agus dorinne sí dámhsa,
agus do thaitin sí ré Hiorúaith, agus ris an gcuideachda dobhí ar an
mbord na fhochair, agus adubhairt an rí ris an gcailín, íarr oramsa
giodhbé ní is áill leat, agus dobhéura mé dhuit é.


L. Mc6:23


Agus tug sé mionna dhi, giodhbé ní íarrfus tú oram, dobhéura mé dhuit
é, gu leath mo ríoghachda.


L. Mc6:24


Achd ar nimtheachd amach dhisi adubhairt sí ré na mathair, créd
iárfas mé? agus adubhairt sisi, cenn Eóin baisde.


L. Mc6:25


Agus táinic sisi ar an mball asdeach dochum an ríogh maille ré
deithbhir, agus do íarr sí agá rádh, is í mo thoil tusa do thabhairt chinn
Eóin baisde dhamh anois ar méis annso.


L. Mc6:26


Agus dobhí an rí lán do dhoilgheas, iodheadh níorbháill leis ar
son a mhionn, agus na druinge úd dobhí iona suidhe na fhochair, issi
dho dhíultadh.


L. Mc6:27


Agus ar gcur fhir dhícheannta amach dhon rígh do láthair, do aithin sé
a cheannsan do thabhairt asdeach.


L. Mc6:28


Agus do imthigh an fear úd, agus do dhícheann sé eisean ann sa
phríosún: agus tug sé a cheann leis ar méis, agus tug sé don
chailín é, agus tug an cailín súd dá máthair.


L. Mc6:29


Agus an tan dochúaladar a dhisgiobuilsion tangadar, agus do
thógbhadar a chorp, agus do chuireadar a dtumba é.


L. Mc6:30


Agus do chruinnigheadar na hasbuil dochum Iósa, agus do
fhoillsighedar dhó na huile ní, agus gach ní dá ndernadar, agus gach ní
dár mhúinedar.


L. Mc6:31


Agus adubhairt sé ríu, tigidhsi ar leith gu hionad úaigneach, agus
déunaidh suaimhneas tamall beag. Oír dobhádar mórán ag teachd, agus ag
imtheachd: agus ní fhúaradar ám ar bhíadh amháin dithe.


L. Mc6:32


Agus dochúadar a luing ar leith gu hionad fhásamhuil.


L. Mc6:33


Agus dochonnaic an slúagh íadsan ag imtheachd: agus do aithneadar
mórán eisean: agus do ritheadar dá gcois as na cathrachuibh uile annsúd,
agus dobhádar rompasan, agus do chruinnigheadar chuigesion.


L. Mc6:34


Agus ar ndul amach Dhiósa, dochonnaic sé an slúagh mór, agus do
ghabh trúaighe mhór dhóibh é, óir dobhádar mar cháorcha gan áodhaire aca:
agus do thionnsgain sé mórán do mhúnadh dhóibh.


L. Mc6:35


Agus an tan táinic mórán don lá, dochúadar a dhisgiobuil
chuigesion, agá rádha, atá an tionadh iona fhasach, agus táinic mórán don
lá:


L. Mc6:36


Léig úait íad, dochum gu rachdáois fán dtír, agus fá na bailtibh
na dtimcheall, do cheannach aráin dóibh féin: oír ní fhuil ní aca do
íosdáois.


L. Mc6:37


Achd ar bhfhreagra dhósan adubhairt sé ríu, tabhruidhsi dhóibh ní ré
a ithe, agus adubhradarsan ris, an rachmáois dho cheannach lúach dhá
chéud pinginn daránuibh, dochum gu dtiobhramáois ní dhóibhsion ré a ithe.


L. Mc6:38


Agus adubhairt seisean ríu, gá mhéud narán atá agaibh? imthighidh,
agus fechuidh: agus ar bhfhaghbhail a fhesa sin dóibhsion, adubhradar,
chúig aráin agus dá íasg.


L. Mc6:39


Agus do aithin sé dhíobh cách uile do chur na suidhe na
gcomhlánuibh ar an bhfhéur nglas.


L. Mc6:40


Agus do shuighedar síos iona mbuidhneachuibh as comhair a chéile, ana
gcéuduibh, agus ana gcáogaduibh.


L. Mc6:41


Agus ar ngabháil na gcúig narán úd chuige, agus an dá íasg, ar
bhfhéchain súas ar neamh dhó, do bheannuigh sé, agus do bhris sé na
haráin: agus tug sé dhá dhisgiobluibh íad dochum gu gcuirfidís na
bhfhíadhnuisi súd iad: agus do roinn sé an dá íasg orrtha uile.


L. Mc6:42


Agus do itheadar cách uile, agus do sáthuigheadh íad.


L. Mc6:43


Agus do thógbhadar dhá chlíabh dhéug lán do bhíadh bhrisde, agus dona
híasguibh.


L. Mc6:44


Agus dobhádar an dream adúaigh an tarán, a dtúairim chúig mhíle
fear.


L. Mc6:45


Agus do chuir sé dhfhíachuibh ar a dhisgiobluibh do láthair dul a
lúing, agus dul roimhe tar sruth anunn gu Bethsaida, nó gu léigeadh sé
féin an slúagh úadha.


L. Mc6:46


Agus an tan do chuir sé úadha íad, dochúaidh sé ar an slíabh do dhénamh
urnuighthe.


L. Mc6:47


Agus an tan dobhí deiredh an láoi ann, dobhí an long a lár na
fairge, agus eisean na áonar ar tír.


L. Mc6:48


Agus dochonnaic sé íadsan ag cur sháothair mhóir orrtha féin ag
iomramh: (oír dobhí an gháoth na naghuidh) agus táinic sé chuca
timcheall an cethramhadh faire don oidhche, ag siobhal ar an bhfhairge:
agus do mhéadhuigh sé dul tarrsa.


L. Mc6:49


Achd arna fhaicsin dóibhsion ag siobhal ar an bhfhairge, do
sháoileadar gur thádhbhás é: agus do éighmheadar:


L. Mc6:50


(Oír dochonncadar uile é, agus dobhádar arna mbúaidhreadh) agus do
labhair sé ríu ar an mball, agus adubhairt sé ríu, bíodh meisneach maith
aguibh, meisi atá ann, na bíodh eagla oruibh.


L. Mc6:51


Annsin dochúaidh sé súas chuca ann sa luing: agus do chíunaigh an
gháoth: agus is móide gu mór dobhí adhúathmhuireachd, agus iongantus
orrthasan sin.


L. Mc6:52


Oír ní thugadar dhá naire an ní dorinneadh ris na haránubh: óir
dobhí a gcroidhe crúaidh.


L. Mc6:53


Agus an tan dochúadar tar uisge, tangadar gu talumh Geinesareth, agus
tangadar a dtír.


L. Mc6:54


Agus tar éis teachda amach as an luing dhoibh, ar an mball do
aithnigheadar eisean,


L. Mc6:55


Agus do ritheadar luchd na tíre sin uile fágcúairt, agus do
thionnsgnadar na dáoine tinne dhíomchar ar lepthachuibh, dá gach áit
na gcluindís eision do bheith.


L. Mc6:56


Agus gidhbé bailte, nó cathracha, no dúthaigh, an a ndechuidh sé
asdech, do chuirdis na dáoine tinne ar na sráidibh agus do iarradar air
cuimeilt ré himeall a éuduigh amháin: agus an mhéid do chuimil ris fúaradar
a sláinte.


L. Mc7



L. Mc7:1


Agus do cruinnighedar na Phairisínigh chuige, agus cuid do na
sgríbuidhibh tainic ó Iarusaléim.


L. Mc7:2


Ag
us arna fhaicsin dóibh gu ndúadar cuid dá dhisgiobluibhsion arán lé
lamhuibh salcha (adhón gan ionnladh) dorinneadar gearán.


L. Mc7:3


(Oír ní ithid na Pharisínigh agus na Hiuduighe uile bíadh, achd muna
ionnlaid síad a lámha gu meinic, ag coimhéd órduighthe na sínnsior.


L. Mc7:4


Agus an tan tigid síad ón mhargadh, muna ionnlaid síad, ní ithid síad,
agus atáid mórán do neithibh eile do ghabhadar réna nais do choimhéud,
mar atá níghe na gcopán, agus na bpotadh, agus na soightheach bpráis,
agus na lebhthach.)


L. Mc7:5


Do fhíafruigheadar na Phairisínigh, agus na Sgríbuidhe dhe tar a éis
sin, créd fá nách siubhluid do dhisgiobuilsi do réir órduighthe na
sínnsior, achd ithid síad arán le lamhuibh gan ionnladh?


L. Mc7:6


Agus do fhregair seision agus adubhairt sé ríu, gu fírinneach is
maith dorinne Isaias fáidheadóireacdh in bhar dtimcheall a luchd an
fhúarchrábhuidh: mar atá arna sgriobhadh, Onóruighid an pobal so mhé
léna bpussuibh, achd atá a gcroidhe a bhfhad úaim.


L. Mc7:7


Achd is díomháoineach doníd síad seirbhís damhsa, ag teagasg aithentadh
na ndaoine mar theagasg.


L. Mc7:8


Oír ar dtréigen aithne Dé, congaibhthí órdughadh na ndáoine, mar
atá nighe na bpotadh agus na gcopan: agus doníthí mórán do neithibh
eile is cosmhail ríu so.


L. Mc7:9


Agus adubhairt sé ríu, is maith churtháoi ar gcúl aithne Dé, dochum gu
gcoimhéudfadh sibh bhur ngnáthughadh féin.


L. Mc7:10


Oír adubhairt Máoisi, Onóruigh hathair agus do mháthair féin, agus
gidhbé adéra olc réna athair nó réna mhathair, cuirthear dochum báis é.


L. Mc7:11


Achd adeirthísi, dá nabradh éin neach ré na athair nó ré na
mháthair Corbán (adhón, an tiodhlacadh) dobheirimsi úaim, rachaidh sé
a dtarbha dhuitsi.


L. Mc7:12


Agus ní léigthí dhó as sin amach nísa mhó do dhéunamh dá athair ná dhá
mháthair féin:


L. Mc7:13


Ag cur bhréithre Dé ar gcúl leis an ngnáthughadh do órduigheabhair
féin: agus is mór dá leitheidibh so doníthí.


L. Mc7:14


Agus ar ngairm an tslúaigh uile chuige dhó, adubhairt sé ríu,
éisdigh ríumsa uile, agus tuigidh.


L. Mc7:15


Ní fhuil ní ar bioth ar an dtáobh amuigh don duine théid asdeach ann,
lénab éidir a shalchadh: achd na neithe thig as amach, as íad súd na
neithe shalchus an duine.


L. Mc7:16


Ma táid clúasa dochum éisdechda ag neach ar bhioth, éisdeadh sé.


L. Mc7:17


Agus an tan dochúaidh sé asdeach a dtigh ón tslúagh, do chuireadar a
dhisgiobuil ceisd air, a dtimchell na baramhla.


L. Mc7:18


Agus adubhairt sé ríu, an bhfhuiltísi leis mar an gcéudna gan tuigsin?
an né nach tuigthí giodhbé ní don táobh amuigh théid asdeach sa dhuine,
nach éidir leis eisean do shalchadh?


L. Mc7:19


Oír ní théid sé asdeach ana chroidhe, achd ana bholg: agus téid sé
amach sa chamra, ghlanus an uile bhíadh.


L. Mc7:20


Achd adubhairt sé, an ní théid as an duine, gurab é súd shalchus
an duine:


L. Mc7:21


Oír is don táobh asdigh, ó chroidhe na ndáoine, tigid na
drochsmúaintighe, adhaltrannas, sdríopachus, dúnmharbhtha,


L. Mc7:22


Goid, sainnt, aingídheachd, mealltóireachd, míonáire, drochshúil,
aithiomrádh, úabhar, cuthach,


L. Mc7:23


Tigid na huilcsi uile ón táobh asdigh, agus salchuid síad an duine.


L. Mc7:24


Agus ar néirghe dhó as sin, dochúaidh sé gu léithimlibh Thírus
agus Tsídon: agus ar ndul asdeach gu teagh dháirighthe,
nírbháill leis duine ar bioth dfhaghail a fheasa: gidheadh
nírbhéidir leis bheith a bhfholach.


L. Mc7:25


Oír an tan dochúalaidh bean dáirighthe a thuarascbháil, agá raibhe
spiorad neamhghlan ana hinghin, táinic sí agus do léig sí í féin síos
agá chosaibh:


L. Mc7:26


(Agus do budh Gréugach an bhen, do chinéal Sirophenissa) agus do
ghuidh sí é an deamhan do theilgean amach as a hinghin.


L. Mc7:27


Achd adubhairt Iósa ría, fulaing ar tús an chlann do sháthughadh:
oír ní cuibhdheasach arán na cloinne do ghlacadh, agus a theilgen dochum
na gcoiléun.


L. Mc7:28


Achd do fhregair sisi, agus adubhairt sí ris, is fíor sin a
thighearna, gidheadh ithid na cuiléin fán mbord ní do sbrúileach na
leanabh.


L. Mc7:29


Agus adubhairt seisean ríasi, ar son na cainnti so imthigh romhat:
dochúaidh an deamhan amach as tinghin.


L. Mc7:30


Agus dochúaidh sí dhá tigh, agus fúair sí an deamhan ar nimtheachd,
agus a hinghean na luighe ar a leabuidh.


L. Mc7:31


Agus do fhill sé arís ó thórannuibh Thíruis agus Shidon, agus
táinic sé dochum fairge na Galilé, tré lár leithimeall Dhecapolis.


L. Mc7:32


Agus tugadar duine bodhar balbh chuige: agus do íarradar air a lámh do
chur air.


L. Mc7:33


Agus arna bhreith leis fó leith ón fpobal dó, do chuir sé a mhéoir
ana chlúasaibh: agus ag seileagar dhó, do bhean sé réna theanguidh.


L. Mc7:34


Agus ar bhfhéchain súas ar neamh dho, do léig sé osnadh as, agus
adubhairt sé ris, Ephphatha, adhón, bí osgailte.


L. Mc7:35


Agus ar an mball do hosgladh a chlúasa súd: agus do sgáoileadh
cuibhrech a theangadh, agus do labhair sé gu soiléir.


L. Mc7:36


Agus do aithin sé dhíobh gan sin dinnisin do neach ar bioth: achd ní
fhuil dá mhéud dár thoirmisg sé iompa, nach móide gu mór
do fhoillsighidísion é.


L. Mc7:37


Agus do ghabh iongantus romhór íad, agus adubhradar, dorinne sé
gach uile ní gu maith: dobheir sé fá deara gu gcluinid na bodhair: agus
gu labhruid na bailbh.


L. Mc8



L. Mc8:1


Ann sna laithibh sin ar gcruinniughadh do phóbal romhór, agus gan ní
aca do iosdáois, ar ngairm a dhisgiobal Diosa chuige, adubhairt sé
ríu:


L. Mc8:2


Atá trúaighe romhór agam don phobal: do bhríogh gur anadar anois
trí lá am fhochair, agus nach fuil ní ar bioth ré a ithe aca.


L. Mc8:3


Agus dá léige mé iona dtrosgadh dhá dtighibh féin íad, rachaid síad
an anbhfhainne ar slighidh, óir táinic cuid aca a bhfhad.


L. Mc8:4


Agus do fhreagradar a dhisgiobuil é, agá rádha gá háit as a
bhfhédfadh duine íad so do shásadh lé harán annso ar an bhfhásach?


L. Mc8:5


Agus do fhíafruigh seisean díobh, gá mhéud narán atá agaibh? agus
adubhradarsan, a seachd.


L. Mc8:6


Agus do aithin seision don tslúagh suidhe síos ar an dtalamh: agus ar
nglacadh na seachd narán úd dó, tar éis bhuidheachuis do thabhairt do,
do bhris sé, agus tug sé dá dhisgiobluibh íad dochum a gcura ana
bhfhíadhnuisi: agus do chuiredarsan a bhfhíadhnuisi an tslúaigh íad.


L. Mc8:7


Agus dobhádar beagán díasgaibh bega aca: agus an tan tug sé
buidheachus, adubhairt sé íad soin fós do chur na bhfhíadhnuisi.


L. Mc8:8


Agus do itheadar, agus do sásadh íad: agus do thóghbhadar seachd gcléibh
do bhíadh bhrisde dobhí dhfhuighleach aca.


L. Mc8:9


Agus dobhí an luchd do chaith an bíadh a dtúairim cheithre míle:
agus do léig sé úadha íad.


L. Mc8:10


Agus ar an mball ar ndul a luing dhó maille réna dhisgiobluibh,
táinic sé go rann Dalmanutha.


L. Mc8:11


Agus tángadar na Phairisínigh amach, agus do thionnsgnadar connspóid
do chur air, ag íarruigh comhartha ó nemh air, ag cur chathuighthe air.


L. Mc8:12


Agus ar ndéunamh osnaidh doimhne dhósan ana spioraid, adubhairt sé,
créd fá níarrann an cineadh so comhartha? adeirim ribh gu fírinneach, nách
tiobharthar comhartha don chineadh so.


L. Mc8:13


Agus arna bhfhagbháil dó, ar ndul a luing arís dó, dochúaidh sé tar
abhuinn.


L. Mc8:14


Agus do dhearmadadar na disgiobuil arán do bhreith léo: agus ní
raibhe aca achd áon arán amháin ann sa luing.


L. Mc8:15


Agus do aithin sé dhióbh, agá rádha, féuchaidh, tabhruidh dhá bhur
naire ribh ó laibhín na Bhpairisínéach, agus ó laibhín Iorúaith.


L. Mc8:16


Agus do thagradar eatorra féin, agá rádha, is tré nách fuilid
aráin aguinn atá sé.


L. Mc8:17


Agus arná aithne sin Diósa, adubhairt sé ríu, créd dobheir ag
disbóireachd sibh, ar son nach fuilid aráin aguibh? an né nach tugtháoi
fós dá bhur naire an bhfhuiltí fós gan tuigsin? an bhfhuilid croidheadha
crúaidhe aguibh fós?


L. Mc8:18


O atáid súile aguibh créd fá nach faicthí? agus ó táid clúasa
aguibh créd fá nach cluintí, agus nach cuimhnighthí?


L. Mc8:19


An tan do bhris mé na cuig aráin úd ar na cuig mhíltibh, ga mhéud
clíabh lán do bhíadh bhrisde do thógabhair? adeiridsean ris, da chlíabh
dhéug.


L. Mc8:20


Agus a núair do bhris mé na seachd naráin ar na ceithre mhíle fear,
gá mhéud gclíabh lán dfhuigheall do thógabhair? agus
adubhradarsan, a sechd.


L. Mc8:21


Agus adubhairtsion ríu, cionnas nách tuigthí na neithesi?


L. Mc8:22


Agus táinic sé gu Bethsaida: agus tugadar dall chuige, agus do
íarradar air búain ris.


L. Mc8:23


Agus ar mbreith ar láimh an doill dó, do threóruigh sé as an mbaile
amach é: agus ar gcur a sheile ar a shúilibh súd, agus ar gcur a lámh air,
do fhíafruigh sé dhe an bhfhacuidh sé én ní.


L. Mc8:24


Agus ar dtógbháil a shúl súas dósan, adubhairt sé, dochím dáoine ag
siobhal mar chranna.


L. Mc8:25


Na dhíaidh sin, do chuir sé a lámha arís ar a shúilibh, agus tug
sé fá deara dhó, a shúile do thógbháil súas: agus do haiseagadh a radharc
dhó, agus dochonnaic sé cách uile gu soiléir a bhfhad úadha.


L. Mc8:26


Agus do chuir Iósa dhá thigh féin é, agá rádha, na himthigh don
bhaile úd asdeach, agus ná hinnis dénduine sa bhaile.


L. Mc8:27


Agus dochúaidh Iósa agus a dhisgiobail amach gu bailtibh Cesaria
Philippi: agus do chuir sé ceisd ar a dhisgiobluibh ar an slighidh,
ag rádha ríu, créd adeirid na dáoine cía mheisi?


L. Mc8:28


Achd do fhreagradarsan, adeir cuid díobh gurab tú Eóin baisde:
agus cuid eile Elías: agus cuid eile áon do na fáidhibh.


L. Mc8:29


Agus adubhairt seisean ríu, achd cía adeirthísi mheisi dho bheith? ar
bhfreagra do Pheadar, adubhairt sé ris, as tú an Críosd úd.


L. Mc8:30


Agus dorinne sé bagar orrtha, gan sin do rádha ré duine ar bioth
na thimcheall féin.


L. Mc8:31


Agus do thionnsgain sé a dteagasg, gurab éigean do mhac an duine mórán
dfhulang, agus a dhíultadh ó na sínnsearuibh, agus ó úachdaránuibh na
sagart, agus ó na sgríobuidhibh, agus a mharbhadh: agus a éirghe arís a
gcionn trí lá.


L. Mc8:32


Agus do labhair sé an glórsa ós aird. Agus ar mbreith do Pheadar
air, do thionnsgain sé milleun do thabhairt do.


L. Mc8:33


Achd ar gcassadh dhósan, agus ar bhfhéchain ar a dhisgiobluibh,
do imdhearg sé Peadar agá rádha, beir úaim thú a shataín: óir ní
thuigeann tú na neithi thig ó Dhia, achd na neithe thig ó
dháoinibh.


L. Mc8:34


Agus ar ngairm an tslúaigh agus a dhisgiobal chuige dhó, adubhairt
sé ríu: giodhbé lénab áill mheisi do leanmhuin, díultadh sé dhó féin,
agus tógbhadh sé a chros, agus leanadh se mheisi.


L. Mc8:35


Oír gidhbé neach lénab áill a anam do choimhéd, caillfidh sé é:
agus gidhbé neach chaillfeas a anum féin ar mo shonsa, agus ar son an
tsoisgéil coimhéudfaidh sé é.


L. Mc8:36


Oír créd é an tarbha dho neach ar bioth, dá bhfhaghadh sé an domhan
uile dhéudáil, agus a anum féin do chailleamhain?


L. Mc8:37


Nó créd í an mhaluirt dobhéuradh neach ar bioth ar son a anma féin?


L. Mc8:38


Oír gidhbé neach lé madh nár mheisi, agus mo bhríathra ann sa chineadh
adhaltrannach agus pheacthach so, bhudh nár lé mac an duine eisean mar an
gcédna, an tan tiocfas sé a nglóir a athar féin, maille ré na ainglibh
náomhtha.


L. Mc9



L. Mc9:1


Agus adubhairt sé ríu, gu fírinneach adeirimsi ribh, gu bhfhuil
cuid dá bhfhuil ina seasamh annso dho lathair, nách blaisfi bás, no gu
bhfhaicid siad ríoghachd Dé ar dtechd maille ré cumhachduibh.


L. Mc9:2


Agus a gcionn sé lá na dhíaigh sin, rug Iósa Peadar, agus Séumas,
agus Eóin leis, agus do thréoruigh sé íad na naonar fá leith, gu sliabh
ro árd: agus do hathruigheadh a chruth ina bhfhiadhnuisi.


L. Mc9:3


Agus dobhádar a éduighe deallruightheach, roigheal mar an sneachta, a
gcruth nách éidir lé háoin fhear bheirthi anéudach ar an dtalumh a
ngealadh.


L. Mc9:4


Agus do taidhbhreadh dhóibh Elías maille ré Máoisi, agus dobhádar
ag comhradh ré Hiosa.


L. Mc9:5


Agus ar bhfhreagra dho Pheadar, adubhairt sé ré Hiósa, a
mhaighisdir, is maith sinne do bheith annso: ar anadhbharsin déunam
trí botha, both dhuitsi, agus both do Mháoisi, agus both Délías.


L. Mc9:6


Oír ní raibhe a fhios aige créd do laibhéoradh sé: oír dobhádar ar
crith ré heagla.


L. Mc9:7


Agus do éirigh néull do chuir sgáile na dtimcheall: agus táinic guth as
an néull, agá rádha, ag so an mac gradhach úd agamsa, éisdigh ris.


L. Mc9:8


Agus ar bhfhéchain ina dtimcheall gu hobann doibh, ní fhacadar éin
neach as sin súas, achd Iósa na áonar ina bhfhochair.


L. Mc9:9


Agus an tan dobhádar ag teachd anúas don tslíabh, do thoirmisg sé iompa,
gan na neithe dochonncadar dinnisin déin neach, no gu neiséirghedh mac an
dhuine ó mharbhuibh.


L. Mc9:10


Agus do chongmhadar an glór sin aca féin, dá fhíafruighidh dhá chéile,
ciodh is ciall dó súd, eiséirghe ó na marbhaibh.


L. Mc9:11


Agus do fhíafruigheadar dheisean agá rádha, créd fá nabruid na
sgriobuidhe, gurab éigean do Elías do thoigheachd ar tús?


L. Mc9:12


Agus ar bhfhreagra dhósan adubhairt sé ríu, gu deimhin ar dtoigheachd
Delías ar tús, aiséogaidh sé gach uile ní: agus mar atá arná sgríbhadh a
dtimchell mhic an duine, gu gcaithfedh sé mórán dfhulang, agus bhéith fá
neimhchion.


L. Mc9:13


Achd adeirimsi ribh, gu dtáinic Elías, agus gu ndearnadar ris
gidhbé ní do thogradar, mar atá arná sgríobhadh air.


L. Mc9:14


Agus ar dteachd dó dochum a dhisgiobal, dochonnaic sé slúagh mór ina
dtimcheall, agus na sgriobuidhe ag diosbóireachd ríu.


L. Mc9:15


Agus ar an mball a bhfhacaidh an slúagh uile é, do ghabh úathbhás íad:
agus ag rioth chuige do chuireadar fáilte roimhe.


L. Mc9:16


Agus do fhíafruigh sé do na Sgríobuidhibh, créd é an ní so thagartháoi
eadruibh féin?


L. Mc9:17


Agus ar bhfhreagra dho neach dhon tslúagh, adubhairt sé, a mhaighisdir,
tug mé mo mhac chugad, an a bhfhuil spiorad bhalbh.


L. Mc9:18


Agus gach uile bhall a mbeirenn sí air, tairrngidh sí as a chéile é:
agus cuiridh se cubhar thar a bhéul, agus doní sé gíosgarnach léna
fhíacluibh, agus téid se a seirgtheachd: agus adubhairt mé réd
dhisgiobluibhsi a cur amach as, achd cheana níor fhéudadar.


L. Mc9:19


Agus ar bhfhregra dhósan adubhairt sé ris, a chíneadh gan
chreideamh, gá fad bhías mé eadruibh? agus gá fad fós fhuiléongus mé sibh?
tabhruidh chugamsa é.


L. Mc9:20


Agus tugadar chuige é. Agus an tan dochonnaic sé é, do tharraing an
spiorad as a chéile é ar ball: agus ar dtuitim ar an dtalamh dhó, dobhíodh
sé dhá únfairt ag cur chubhair as a bhéul.


L. Mc9:21


Agus do fhiafruigh Iósa dhá athair, gá fad daimsir ó tharla so
dhó? achd adubhairt seision, ó dobhí sé na leanabh,


L. Mc9:22


Agus is meinic do theilg sí a dteinidh agus an uisgibh é, dochum gu
millfeadh sí é. Achd má atá cumhachda ar bioth agadsa, fóir oruinne, maille
ré trúaighe do bheith dhúinn.


L. Mc9:23


Achd adubhairt Iósa ris, más éidir leat so do chreideamhuin, atá
gach én ní sodhénta don té chreidios.


L. Mc9:24


Agus ar neigheamh dhathair an bhúachalla ar an mball maille ré
déruibh, adubhairt sé creidim a thighearna, fóir mo mhíchreideamh.


L. Mc9:25


Agus an tan dochonnaic Iósa an slúagh uile ag coimhrith chuige, do
imdhearg sé an spiorad neamhghlan, agá rádha ría, a spiorad bhalbh agus
bhodhar, aithnimsi dhíot, imthigh amach as, agus na héirigh asdeach
ann nísa mhó.


L. Mc9:26


Agus ar neigheamh dhi, agus arna tharrang as a chéile gu ro
úathbhásach dhí, dochúaidh sí amach as: agus dobhí sé a riochd mhairbh,
ionnas gu ndubhradar mórán, gu bhfhúair sé bás.


L. Mc9:27


Achd ar mbreith Díosa ar a láimh, do thógaibh sé súas é: agus
do éirigh seision.


L. Mc9:28


Agus an tan dochúaidh sé asdeach a dtigh, do fhíafruigheadar a
dhisgiobail de gu seicréidech, créd é an fáth nách ar fhédamairne an
spiorad úd do theilgean amach?


L. Mc9:29


Agus adubhairt seisean ríu, ní héidir an ghné dheamhan so do dhul
amach lé ní ar bioth eile, achd tré úrnuighthe, agus tré throsgadh.


L. Mc9:30


Agus ar nimtheachd dóibh as súd, dochúadar a náoineachd tríd an
Ngalilé: agus nírbháil leis a fhios do bheith ag áoinneach.


L. Mc9:31


Oír do thegaisg sé a dhisgiobail féin, agus adubhairt sé ríu,
dobéurthar mac an duine a lámhuibh na ndáoine, agus cuirfid síad
dochum báis é: agus tar éis bháis dfhaghbháil dó, éiréochuidh sé an
treas lá.


L. Mc9:32


Achd nír thuigeadar an comhrádhsa, agus dobhí eagla orrtha a
fhíafruighe dheisean.


L. Mc9:33


Agus táinic sé gu Capernaum: agus ar mbeith a dtigh dhó, do
fhíafruigh sé dhíobh, créd dobhí aguibh dhá thagra edruibh féin ar an
slighidh?


L. Mc9:34


Achd do thochdadarsan: óir dho bhádar ag tagra an adhaigh a chéile
ar an slighidh, cía aca budh mhó.


L. Mc9:35


Agus ar suidhe dhó, do ghoir sé an dá fhear dhéug chuige, agus
adubhairt sé ríu, gidhbé neach lénab mían bheith a dtosach, búdh é bhus
déigheanuighe dho chách uile, agus bhus minisdir dhóibh uile.


L. Mc9:36


Agus ar mbreith ar leanabh dhó, do chuir sé ana lár é: agus arna
ghabháil ana uchd do, adubhairt sé riu,


L. Mc9:37


Gidhbé neach ghéubhus chuige aon dá leitheidibh so do leanbuibh am
mainmsi, gabhuidh sé mheisi chuige: agus gidhbé neach ghéubhus mheisi
chuige, ní meisi ghabhus sé chuige, achd an té úd do chuir úadha mhé.


L. Mc9:38


Achd do fhreagair Eóin é, agá rádha, a mhaighisdir, dochonncamair
neach ag cur na ndeamhan amach ad tainmsi, nách leanann sinne: agus do
chuireamair toirmeasg air, ar son nách leanann sé sinne.


L. Mc9:39


Agus adubhairt Iósa, ná toirmeasguidh é: oír ní fhuil áoinnech
dhoghéna míorbhuile tré mainmsi, agus fhédus olc do rádh ríum ar an
mball.


L. Mc9:40


Oír gidhbé neach nách fuil anar naghuidhne, atá sé ar ar son.


L. Mc9:41


Oír gidhbé neach dobhéura cupán uisge ré a ól dáoibhsi am
mainmsi, tré gurab lé Críosd sibh, adeirim ribh gu fírinneach, nach
léigfi sé a lúaighidheachd amugha.


L. Mc9:42


Agus gidhbé dobhéura adhbhar oilbhéime dáoin neach do na dáoinibh
beaga so chréideas ionnamsa, do budh fhearr dhó gu mór gu gcuirthí cloch
mhuilinn fána bhrághuid, agus gu dteilgthí é ann sa bhfhairge.


L. Mc9:43


Agus más ciontach do lámh ré hoilbhéim dhfhagháil duit, gearr dhíot
í: is fearr dhuit dul ar leathláimh don bheathaidh, iná dhá láimh do
bheith agad, agus dul gu hifearnn, a dtéinidh nách éidir do mhúchadh:


L. Mc9:44


A náit nach téid a bpéisd déug, agus nách múchtar an teine.


L. Mc9:45


Agus más ciontach do chos ré hoilbhéim dhfhagháil duit, gearr dhíot í:
is fearr dhuit dul don bheathuidh mharthanuigh ar leathchois, iná dhá
chois do bheith agad agus do theilgean gu hifearn, ann sa teinidh nách
éidir dhó mhúchadh:


L. Mc9:46


A náit nách téid a bpéisd déug, agus nách múchtar an teine.


L. Mc9:47


Agus más ciontach do shúil ré hoilbhéim do thabhairt dhuit, teilg
assud í: is fearr dhuit dul asdeach gu ríoghachd Dé ar éunshúil, ná dhá
shúil do bheith agad, agus do theilgean gu teinidh ifeirn:


L. Mc9:48


A náit nách téid a bpéisd déug, agus nách múchtar an teine.


L. Mc9:49


Oír saillfithear gach áoin neach lé teinidh: agus saillfithear gach
áoin iodhbairt lé salann.


L. Mc9:50


Is maith an salann: achd cheana má bhíonn an salann gan bhlas, créd
lé a ndéuntáoi deaghbhlasda é? biodh salann agaibh ionnaibh féin, agus
biodh síodhcháin aguibh ré chéile.


L. Mc10



L. Mc10:1


Agus ar néirghe as sin dó, táinic sé gu críochuibh Iudéa, trés an
dtáobh thall do Iórdán: agus do chruinnighedar slúagh arís chuige:
agus mar bhudh ghnáthach leis, do theaguisg sé íad arís.


L. Mc10:2


Agus ar dteachd do na Phairisíneachuibh chuige, do fhíafruigheadar
dhe, ag cur chathuighthe air, nar cheaduightheach dhfhior a bhean do
ligean.


L. Mc10:3


Achd ar bhfhreagra dhósan, adubhairt sé ríu, créd do aithin
Máoisi dhíbh?


L. Mc10:4


Agus adubhradarsan, do fhulaing Máoisi leitir dhealaighthe dho
sgríobhadh, agus a leigean.


L. Mc10:5


Agus ar bhfhreagra Dhiósa adubhairt sé ríu, is ar son chrúais bhur
gcroidhesi do sgríobh sé anaithnesi dhíbh.


L. Mc10:6


Gidheadh ó thósach an chruthaighthe, dorinne Día an fear agus an bhean.


L. Mc10:7


Ar anadhbharsin fúicfidh neach a athair féin, agus a mháthair, agus
adharfuidh sé dhá mhnáoi fpósda:


L. Mc10:8


Agus beid síad aráon na náoin fhéoil: ionnas nách días íad as sin
amach, achd éin fhéoil.


L. Mc10:9


Ar anadhbharsin gidhbé ní do chengail Día ré chéile, na
sgáoileadh duine é.


L. Mc10:10


Agus asdigh arís do chuireadar a dhisgiobuil ceisd fán ni gcéudna
sin air.


L. Mc10:11


Agus adubhairt seision ríu, gidhbé ar bioth duine leigfios a bhean
féin, agus dobhéura bean eile, doní sé adhaltrannus na haghaidh.


L. Mc10:12


Agus má léigenn ben a fear féin, agus gu bpósfadh sí ré fear eile,
doní si adhaltrannas.


L. Mc10:13


Agus tugadar chuige leinibh, dochum gu mbenfadh sé ríu: agus do
imdhergadar a dhisgiobail an mhuinntear thug léo íad.


L. Mc10:14


Achd an tan dochonnaic Iósa sin dobhí míchéudfaidh aige orrtha,
agus adubhairt sé ríu: léigidh do na leanbaibh teachd chugamsa, agus ná
toirmeasgaidh íad. Oír is léna leithéidibh súd flaitheas Dé.


L. Mc10:15


Adeirim ribh gu fírinnech, gidhbé nách géubha ríghachd Dé chuige
mar leanb, nách racha sé asdeach gu bráth innti.


L. Mc10:16


Agus an tan do ghabh sé chuige íad ana uchd, ar gcur a lámh orrtha,
do bheannaigh sé íad.


L. Mc10:17


Agus an tan dochúaidh sé amach ar an slighidh, do rith óglach
chuige, agus do léig sé ar a ghlúinibh dhó é, agus do fhíafruigh sé dhe: a
mhaighisdir mhaith, créd doghéuna mé, dochum gu bhfhuighinn an bheatha
mharthanach dhoighreachd.


L. Mc10:18


Agus adubhairt Iósa ris, créd fá ngoireann tú maith díomsa, ní
fhuil nech ar bioth maith, achd an táon adhón Día.


L. Mc10:19


Atá fíos na naitheantadh agud, ná déuna adhaltrannus, ná déuna
dúnmharbhadh, ná déuna goid, ná déuna fíadhnuisi bhreige, ná déuna díoghbháil
do neach ar bioth, onóruigh thathair féin agus do mháthair.


L. Mc10:20


Achd ar bhfhreagra dhósan, adubhairt sé ris, a mhaighisdir, do
choimhéud mé íad so uile ó móige.


L. Mc10:21


Achd ar bhfhéuchain Diósa air, tug sé toil dó, agus adubhairt sé ris,
atá én ní dhuireasbhuidh ort: imthigh, reac a bhfhuil don tsáoghal agad,
agus tabhair do na bochdaibh: agus doghébha tú ionnmhas ar neamh: agus tarra,
lean meisi, ar dtógbháil do chroisi ort.


L. Mc10:22


Agus do ghabh doilgheas eisean ar son an chomhráidh sin, agus do
imthigh sé gu tuirseach: óir dobhí iomad saidhbhris aige.


L. Mc10:23


Agus an tan do fhéuch Iósa ina thimcheall, adubhairt sé réna
dhisgiobluibh, créd é a dhocamhluighe dhon mhuinntir úd agá bhfhuil
saidhbhrios aca, dul asdeach gu flaitheas Dé.


L. Mc10:24


Agus dobhí faitcheas ar a dhisgiobluibh réna bhríathruibh. Agus ar
bhfhregra Dhiósa arís, adubhairt sé ríu: a chlann, créd é a dhocrachd
don mhuinntir chuireas a ndóigh ana saidhbhreas, dul asdeach gu flaitheas
Dé?


L. Mc10:25


As usa dho chámhall dul tré chró shnáthaide, iná dho dhuine shaidhbhir
dul asdech a bhfhlaitheas Dé.


L. Mc10:26


Achd do ghabh barr úathbháis íadsan, agá rádha eatorra féin, más fíor
sin cía is éidir dho shlánughadh?


L. Mc10:27


Agus ár bhfhéuchuin Diosa orrtha adubhairt sé, ní fhuil so a
gcumhachdaibh na ndáoine do dhéunamh, achd atá sé ar cumas do Dhía, óir
atáid na huile neith soidhéunta dho Dhía.


L. Mc10:28


Agus do thionnsgain Peadar a rádha ris, féuch, do thréigeamairne
gach uile ní, agus do leanamair thusa.


L. Mc10:29


Achd ar bhfhreagra Dhiósa, adubhairt sé, adeirim ribh gu
fírinneach,
nách fuil éin neach fhúigfeas a theagh, nó a dherbhráithreacha, nó a
dheirbhsheathracha, nó a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó a chlann,
nó a dhúthaidh, ar mo shonsa agus ar son an tsoisgéil,


L. Mc10:30


Nach fuighe sé a chéud oiread anois ann sanaimsirso, tighthe,
agus dearbhraithreacha, agus deirbhsheathracha, agus máithreacha, agus
clann, agus dúthaidh maille ré hannro, agus ann sa tsáoghal atá ag
teachd an bheatha mharthanach.


L. Mc10:31


Achd atáid mórán ar tús, bhías fá dheireadh: agus ar deiredh, bhías
a dtosach.


L. Mc10:32


Agus dobhádar ar an slighidh ag dul súas gu Híarusaléim: agus do
bhí Iósa rompa, agus do ghabh adhúathmhuireachd iad, agus dá leanmhuin do
ghabh eagla íad. Agus ar mbreith an dá fhear dhéug dhó fá leith leis
arís, do thionnsgain sé na neithe do theigéumhadh dhó dhinnisin dóibh.


L. Mc10:33


Agá rádha tabhruidh dhá bhur naire, atámaíd ag dul súas gu
Híarusaléim, agus dobérthar mac an duine dúachdaránuibh na sagart,
agus do na sgríbuidhibh, agus béuruid síad bhreith mbáis air, agus
dobhéruid síad do na cineadhachuibh é.


L. Mc10:34


Agus doghéunaid síad fonámhad fáoi, agus sgíursfuid síad é, agus
géubhaid síad dá seilidhibh air, agus cuirfid síad dochum báis é; achd
éiréochuidh sé arís an treas lá.


L. Mc10:35


Agus tangadar clann mhac Sebidei, adhón, Séumas agus Eóin
chuige, agá rádha, a mhaighisdir, is sí ar dtoil gidhbé ní
íarrfam ort, do dhéunamh dhuinn.


L. Mc10:36


Achd adubhairt seisean ríu, créd bhudh áill libh dho dhéunamh
dhamhsa dhíbh?


L. Mc10:37


Agus adubhradarsan ris, áontaigh dhúinn gu suidhfi fear aguinn ar
dho láimh dheis, agus fear eile ar dho láimh chlí, ad ghlóir féin.


L. Mc10:38


Achd adubhairt Iósa ríu, ní fhuil a fhios aguibh, créd íarrtháoi.
Anéidir libh an cupán ibhimsi dól, agus bhur mbaisdedh, leis an
mbaisdedh, lé a mbaisder mheisi?


L. Mc10:39


Agus adubhradarsan ris, is éidir. Achd adubhairt Iósa ríu, gu
deimhin an cupán ibhimsi iobhtháoisi é: agus an baisdeadh lé a mbaisdear
mheisi, baisdfither sibhsi leis:


L. Mc10:40


Achd suidhe ar mo láimh dheis, agus ar mo láimh chli, ní lemsa a
thabhairt úaim, achd dobéurthar é dhon dreim úd dar hullmhuigheadh é.


L. Mc10:41


Agus an tan dochúaladar an deichneabhar so, do thionnsgnadar
míchédfáidh do dhéunamh ar Shéumas agus ar Eóin.


L. Mc10:42


Agus arna ngairm súd Díosa, adubhairt sé ríu: ata a fhios
aguibh an mhuinntear agá bhfhuil cumhachda ar na cinedhachaibh, gu
bhfhuil tighearnus aca orrtha: agus gu mbíd a ndáoine móra tréun orrtha.


L. Mc10:43


Achd cheana ní mar sin bhías sé edruibhsi: achd gidhbé lénab mian
bheith na dhuine mhór an bhur measgsa, bíaidh sé na mhinisdir
aguibh:


L. Mc10:44


Agus gidhbé aguibh lénab mían bheith a dtosach, bíodh sé na
óglách ag cách uile.


L. Mc10:45


Oír ní tháinic mac an duine díarruidh seirbhíse do dhénamh dhó, achd do
dhénamh seirbhísi, agus do thabhairt a anma féin mar éiric ar son mhóráin.


L. Mc10:46


Agus tangadar gu Iericó: agus ar nimthechd dósan agus dá
dhisgiobluibh, agus do bhuidhin mhóir as Ierico, do shuidh an dall
Bartimeus, mac Thimaius, ar an slighidh ag íarruidh derca.


L. Mc10:47


Agus an tan dochúaluidh sé gurbé Iósa Nasardha dhobhí ann, do
thionnsgain sé éighmhe, agus a rádha, a Iósa a mhic Daibhí, déna
trocaire orum.


L. Mc10:48


Agus do imdheargadar mórán é, dochum gu mbíadh sé na thóchd: achd is
móide do éighmheadh seision sin agá rádha a mhic Dábhí, déuna
trócaire oram.


L. Mc10:49


Agus ar seasamh Dhiósa adubhairt sé, eisean do ghairm chuige. Agus do
ghoireadarsan an dall, dá rádha ris, bíodh dóchas maith agad, éirigh: atá
sé dhod ghairm.


L. Mc10:50


Agus ar dteilgean a bhruit úadha dhósan, do eirigh sé, agus táinic sé
dochum Iósa.


L. Mc10:51


Agus ar bhfhreagra Dhiósa adubhairt sé rís, créud is mían leat
mheisi
do dhéunamh dhuit? achd adubhairt an dall ris, Rabbóni, adhón, a
mhaighisdir mo radharc dhaiseag dhamh.


L. Mc10:52


Agus adubhairt Iósa ris, imthigh, do shlánuigh do chréideamh thú.
Agus ar an mball fúair sé a radharc, agus do lean sé Iósa sa tslighidh.


L. Mc11



L. Mc11:1


Agus an tan tangadar a bhfhogus Díarusaleim, gu Bethphage agus
gu Betanía gu slíabh na Noluidheadh, do chuir sé días dá
dhisgiobluibh úadha,


L. Mc11:2


Agus adubhairt sé ríu, imthighidh don bhaile úd tháll as bhur
gcomhair. Agus mar ráchtháoi asdeach ann, doghéubhtháoi searrach
ceanguilte, ar nách deachuigh éunduine ríamh: sgáoilidh é agus tabhruidh libh
é.


L. Mc11:3


Agus dá nabra éinneach ribh, créud fá ndéuntáoi so? abruidh, gu bhfhuil
a ríachdanus ar an dtighearna: agus cuirfidh sé úaidh annso ar ball é.


L. Mc11:4


Achd do imthigheadarsan, agus fúaradar an searrrach ceangailte
ag an dorus don táoibh amuigh ag gcomhrug dhá shlighedh: agus do
sgáoileadar é.


L. Mc11:5


Agus adubhradar dream dháirighthe don mhuinntir dobhí ina sesamh
annsúd ríu, créd doníthí ag sgáoileadh an tsearruigh?


L. Mc11:6


Achd adubhradarsan ríu, mar dho aithin Iósa dhíobh: agus do
leigedar úatha íad.


L. Mc11:7


Agus tugadarsan an searrach dochum Iósa, agus do theilgeadar a mbruit
air, agus do shuidh sé air.


L. Mc11:8


Agus do leathnuigheadar morán a mbrait ar an slighidh: agus do
ghearradar drong eile géuga do na crannuibh, agus do chroithedar ar an
slighidh íad.


L. Mc11:9


Agus an luchd dobhí rompa, agus an luchd dobhí ina ndeaghuidh, do
éighmhedar, agá rádha, hosanna, is beannaighthe an té thig a nainm an
tighearna.


L. Mc11:10


Is beannuighthe ríoghdhachd ar nathairne Dábhí, táinic a nainm an
tighearna: hosanna atá ann sna neamhdhaibh roárda.


L. Mc11:11


Agus dochúaidh Iósa asdech gu Híarusaléim, agus don teampoll:
agus ar bhfhéuchain ina thimcheall ar gach én ní dhó, ar mbeith don
tráthnóna ann, dochúaidh sé amach gu Betania maille ris an dá fhear
dhéug.


L. Mc11:12


Agus an lá na dheaghaidh sin, an tan dochúadar amach as
Betanía, do ghabh ocrus é.


L. Mc11:13


Agus an tan dochonnaic sé crann fíge a bhfhad úadha, ar a raibhe
duilleabhar, táinic sé dhá fhéuchain an bhfhuighbheadh sé éin ní air:
agus an tan táinic sé chuige, ní fhúair sé ní ar bioth air achd na duilléoga:
óir nírbhí aimsir na bhfhighidhe í.


L. Mc11:14


Agus ar bhfhreagra Díósa, adubhairt sé ris an gcrann bhfhige, ó
so súas nár ithe duine ar bioth toradh dhíot gu bráth, agus dochúaladar a
dhisgiobail é,


L. Mc11:15


Agus tangadar gu Híarusaléim: agus ar ndul asdeach dhon teampoll
Díosa, do thionnsgain sé an dream úd dobhí ag reic, agus ag ceannach ann
sa teampoll do chur amách, agus do theilg sé buird lochda malarta an
airgid, agus caithíreacha luchda reaca na gcolum bunscionn.


L. Mc11:16


Agus ní fhuilngedh sé gu nímchóradh duine ar bioth soightheach thríd
an dteampoll.


L. Mc11:17


Agus tug sé teagasg úadha, agá rádha ríu, an né nach fuil sgríobhtha,
gu ngoirfithear teach úrnuighthe dom thíghse, ag na huile
chineadhachuibh? achd dorinneabhairsi tuinidhe bhithbhineach dhe.


L. Mc11:18


Agus dochúaladar na sgriobuidhe, agus úachdaráin na sagart so, agus
dobhádar dhá íarruidh cionnus do mhillfidís é. Oír dhó bhí eagla orrtha,
do bhríogh gu raibhe adhúathmhuireachd ag an tslúagh uile ana theagasg.


L. Mc11:19


Agus an tan táinic an tráthnóna, dochúaidh sé amach as an
gcathruigh.


L. Mc11:20


Agus ar ngabháil réna tháobh ar maidin dóibh, dochonncadar an
crann fíge arná chrionadh as a fhréumhach.


L. Mc11:21


Agus ar gcuimhniughadh do Fpeadar, adubhairt sé ris, a mhaighisdir,
féuch, an crann fíge úd do mhalluigh tú, atá sé ar gcríonadh.


L. Mc11:22


Agus ar bhfhreagra Dhíosa adubhairt sé ríu, bíodh creideamh Dé aguibh.


L. Mc11:23


Oír gu fírinneach adeirimsi ribh, gidhbé neach adéura ris an
slíabh so, tógaibhthear thú, agus teilgthear ann sa bhfhairge thú: agus
nách bía
cunntabhairt aige ana chroidhe, achd gu gcréide sé gu dtiucfaid na
neithe adeir sé dochum críche, teigéumhaidh dhó gach ní a déura sé.


L. Mc11:24


Ar anadhbharsoin adeirim ribh, gidhbé ní íarrtháoi an tan
doníthí úrnuighthe, creididh gu bhfhuighthí: agus doghéubhtháoi é.


L. Mc11:25


Agus an tan bhéithí an bhur seasamh ag dénamh úrnaighthi, maithidh má
tá ní ar bioth aguibh anaghuidh dhuine ar bioth: dochum gu maithfeadh bhur
nathairsi atá ann sna neamhdhaibh, bhur gcoirthe dháoibhsi mar an
gcéudna.


L. Mc11:26


Oír muna mhaithtísi, ní mhaithfi bhur nathair atá ann sna neamhdhaibh
bhur gcoirrthe féin díbhsi.


L. Mc11:27


Agus tangadar arís gu Híarusaléim: agus ar mbeith ag siobhal sa
teampoll dósan, tangadar úachdaráin na sagart, agus na sgríobuidhe, agus
na sinnsir chuige:


L. Mc11:28


Agus adeirid síad ris, créd é an túghdarrás lé a ndéunann tusa na
neithesi? agus cía thug na cumhachda so dhuit, dochum na neitheadh so
do dhéunamh?


L. Mc11:29


Achd ar bhfhreagra Dhíosa adubhairt sé ríu, fíafróchaidh meisi éin ní
amháin díbhsi: agus tabhruidh freagra oram, agus innéosaidh mé dhíbh cía
an tughdarrás a ndéunuim na neithe so?


L. Mc11:30


An ó neamh tháinig baisdeadh Eóin, nó an ó dháoinibh? tabhruidh freagra
orum.


L. Mc11:31


Agus dobhádar ag disbóireachd eatarra féin, agá rádha, ma deirmid
ó neamh: adéura sé, ar anadhbharsin créd fá nár chréideabhairsi dhó?


L. Mc11:32


Achd má deirmíd, ó na dáoinibh: atá eagla an fpobuil oruinn: oír
dobé a mbreathnughadh uile ar Eóin, gurbhfháidh é gu fírinneach.


L. Mc11:33


Agus ar bhfhregra dhóibhsion adubhradar ré Híosa, ní fhuil a fhios
againn. Agus ar bhfhregra Dhíosa, adubhairt sé ríu, ní mó innéosus
meisi dhíbhsi cía an tughadarrás lé a ndéunuim na neithe so.


L. Mc12



L. Mc12:1


Agus do thionnsgain sé labhairt riu a gcosmhalachaibh agá rádh, do
chuir duine dháirighthe fíneamhuin, agus do chuir sé fál na
timcheall, agus do thochuil sé clais an a mbrúidhfidhe an fíon, agus
do thogaibh sé tor, agus
tug sé ar cios do sgológaibh í: agus dochúaidh sé féin a gcoigcrích.


L. Mc12:2


Agus do chuir sé searbhfhoghantuidhe chum na sgológ na am
féin, dochum gu bhfhuighbheadh sé ni do thoradh na fíneamhna ó na
sgológuibh.


L. Mc12:3


Achd ar mbreith air dhóibhsean do ghabhadar air, agus do leigeadar
úatha folumh é.


L. Mc12:4


Agus arís do chuir sé chuca searbhfhoghantuighe eile: agus ar
ngabháil do chlochaibh ar an bhfhearsoin, do bhriseadar a cheann, agus
do chuireadar úatha fá mhímhodh é.


L. Mc12:5


Agus arís do chuir sé neach eile chuca: agus do mharbhadar an
fearsin: agus mórán eile, ag gabháil ar chuid aca, agus ag marbhadh choda
eile.


L. Mc12:6


Achd dobhí aige fós éun mhac amháin ionmhuin, agus do chuir sé eisean
chuca fá dheireadh, agá rádha, dobhéuraid síad onoir dom mhac.


L. Mc12:7


Achd adubhradar na sgológa úd eatorra féin, is é so an toidhre: tigidh,
marbhum é, agus bhudh linn féin an oidhreachd.


L. Mc12:8


Agus ar mbreith air do mharbhadar agus do theilgeadar as an
bhfíneamhain amach é.


L. Mc12:9


Ar anadhbharsin, créud doghéna tighearna na fíneamhnach? tiocfaidh
sé, agus sgriosfuidh sé na sgológa, agus dobhéura sé an fhíneamhuin do
dháoinibh eile.


L. Mc12:10


An né nár léughabhair an sgriobtúir so, an chloch dho dhíultadar na
sáoir, is í so atá arná cur na cloich uillenn sa chúinne.


L. Mc12:11


Is é an tighearna dorinne so, agus is iongnadh é an ar súilibhne?


L. Mc12:12


Agus do íarradarsan breith airsion, achd dobhí eagla an fpobail
orrtha: oír do thuigeadar gurab ana naghaidh féin adubhairt sé an
chosmhalachdsoin, agus arna fhagbháil do imthigheadar rompa.


L. Mc12:13


Agus do chuireadar chuige dream dháirighthe do na Phairisíneachuibh,
agus do na Herodianachuibh, dochum gu ngreamóchadáois é ana chainnt.


L. Mc12:14


Agus an tan tangadar súd adubhradar ris, a mhaighisdir, atá a fhíos
aguinne gu bhfhuil tusa fírinneach, agus nách fuil cás agad a
náonduine: oír ní fhéuchann tú ar fpersuin na ndáoine, achd múinidh tú
slighe Dé do réir na fírinne: an ceaduightheach cíos do thabhairt do
Chesar, nó gan a thabhairt? an dtiubhrum nó an né nách dtiubhrum?


L. Mc12:15


Agus ar naithne a gcealgaireachda dhósan, adubhairt sé ríu,
créd fá mbuaidheartháoi mhé? Tabhruidh chugam pinginn dá féuchain.


L. Mc12:16


Agus tugadarsan sin léo. Agus adubhairt seision ríu, cía dhárab
íomháigh so, agus cía an sgríbheann? agus adubhradarsan
ris, iomhaigh Cheusair.


L. Mc12:17


Agus ar bhfhreagra Dhíosa adubhairt sé ríu, tabhraidh do Chésair, na
neithe is lé Césair: agus do Dhía, na neithe is lé Dia. Agus do
biongnadh léo é.


L. Mc12:18


Agus tangadar na saduicínigh chuige, adeir nách fuil eiséirghe
ann: agus do fhíafruigheadar dhe agá rádh,


L. Mc12:19


A mhaighisdir do sgríobh Máoisi dhuinn, da bhfhagadh dearbhráthair
dhuine ar bioth bás, agus gu bhfhúigfeadh sé a bhean, agus nach fuigfeadh
sé clann, a dhearbhráthair do ghabháil a mhná súd chuige, do thógbháil
tsleachda da dhearbhráthair.


L. Mc12:20


Dobhádar móirsheisior dearbhráthar ann: agus tug an céudfhear dhíobh
ben, agus ar bhfhaghail bháis do, nír fhágaibh sé sliochd.


L. Mc12:21


Agus do ghabh an dara fear chuige í, agus fúair sé bás, agus nír
fháguibh seision fos sliochd: agus an treas fear mar an gcéudna.


L. Mc12:22


Agus tugadar an móirsheiser úd í, agus nír fhágbhadar sliochd: agus tar
éis cháich uile fúair an bhen bás mar an gcédna.


L. Mc12:23


Ar anadhbharsin ann saneiséirghe, an tan doghéunuid síad a
neiséirghe, cía aca dá madh bean í? oír dobhí sí ag an móirsheisior na
mnáoi.


L. Mc12:24


Agus ar bhfhregra Dhíosa adubhairt sé ríu; an né nách uime so
atátháoi ar seachrán, tré nách fuil éolus na sgriobtúra aguibh, ná
chumhachd ndé?


L. Mc12:25


Oír an tan éiréochuid síad ó mharbhuibh, ní thabhruid fir mná, agus ní
tabharthar mná dhfhearuibh: achd atáid síad mar na hainglibh atá ar neimh.


L. Mc12:26


Achd a dtimcheall na marbh, gu néireochuid síad arís, an né nár
léughabhair a leabhar Mháoisi, cionnas do labhair Día ris ann sa
sceich, agá rádha, is meisi Día Abrahám, agus Día Iósac, agus Día
Iacob?


L. Mc12:27


Ní hé Día na marbh é, achd Día na mbéo: ar anadhbharsin atátháoisi
ar seachrán gu mór.


L. Mc12:28


Agus táinic neach do na Sgríobuidhibh chuca dochúalaidh ag
disbóirechd íad, agus mar dochonnaic sé gur maith do fhreagair sé iad,
do fhiafruigh sé dhe, cía an chéudaithne do na haithentuibh uile?


L. Mc12:29


Agus do fhreagair Iósa é, gurab í an chéudaithne do na huile
aitheantuibh, éisd a Israhél, an tigherna ar Ndiane, is áointighearna é:


L. Mc12:30


Ar anadhbharsin grádhóchuidh tú an tigherna do Dhía fein, as do
chroidhe uile, agus as tanum uile, agus as tinntinn uile, agus as do
bhríoghuibh uile, ag so an chéudaithne.


L. Mc12:31


Agus is cosmhuil ría so an dara haithne, mar atá so, grádhóchuidh tú do
chomharsa mar thú féin: ní fhuil aithne éile ann, is mó ná íad so.


L. Mc12:32


Agus adubhairt an Sgríobuidhe úd ris, maith, a mhaighisdir,
is fírinneach adubhairt tú sin: gurab éindia atá ann, agus nách fuil
a aithearrach ann achd é féin:


L. Mc12:33


Agus a ghrádhughadh as an gcroidhe uile, agus as an dtuigsin uile, agus
as an nanum uile, agus as ar mbríoghuibh uile: agus an chomharsa do
ghrádhughadh mar é féin, is mó sin ná na huile iodhbarta agus ofráil.


L. Mc12:34


Agus an tan dochonnaic Iósa gur thuigseach do fhreagair sé,
adubhairt sé ris, ní fada ó fhlaitheas Dé atá tú. Agus nír lamh neach
ar bioth ó sin súas ceisd do chur air.


L. Mc12:35


Agus ar bhfhregra Dhiósa adubhairt sé, ag tegasg ann sa tempoll,
cionnas adeirid na Sgríobuidhe gurab é Críosd mac Dábhí?


L. Mc12:36


Oír adubhairt Dábhí féin tríd an spíorad náomh, adubhairt an
tigherna rém thighernasa, suidh ar mo láimh dheis, no gu gcuire mé do
námhaid na sdól fád chosuibh.


L. Mc12:37


Ar anadhbharsin goiridh Dábhí féin a thighearna dhe: agus cionnas
atá sé na mhac aige? agus do éisd cuideachda mhór gu fonnmhar ris.


L. Mc12:38


Agus adubhairt sé ríu ana theagasg, coimhéuduidh sibh ó na
Sgríobuidhibh lénab ionmhuin siobhal a gculadhaibh fada, agus fáiltíghe
dhfhaghail ar na margudhaibh,


L. Mc12:39


Agus na céud ionuid tsuidhe ann sna sínagógaibh, agus tús suidhe súas
ar na féusdadhuibh.


L. Mc12:40


Noch shluigeas tighe na mbaintrebhthach, agus sin fós ar sgáth bheith
gu fada ag úrnuighthe: doghéubhuid so an breitheamhnus is truime.


L. Mc12:41


Agus an tan do shuidh Iósa as comhair inaid choimhéuda an ionnmhuis,
tug sé dhá aire cionnas do chuireadh an pobal monadh ann, agus do
chuireadar mórán do dháoinibh saidhbhre mórán ann.


L. Mc12:42


Agus ar dtechd do bhaintrebhthaigh bhoichd dháirighthe, do theilg
sí dá phíosa bheaga umha commáith ris an gcethramhadh cuid do
fpinginn.


L. Mc12:43


Agus ar ngairm a dhisgiobal dó, adubhairt sé ríu, gu fírinneach
adeirimsi ribh, gurab mó do chuir an bhainntreabhthach bhochd so ann sa
chisde, ná cách uile do chuir ní ann.


L. Mc12:44


Oír is don ní dobhí dhiomarcaigh aca do chuiredarsan uile ann: achd
do chuir so dhá dáibhreas féin, a ráibhe aice ann adhón a beatha féin
uile.


L. Mc13



L. Mc13:1


Agus an tan dochúaidh sé amach as an dteampoll, adubhairt neach dhá
dhisgiobluibh féin ris. A mhaighisdir, féuch gá hionnus na clocha, agus gá
hionnus na haithtrebhtha so.


L. Mc13:2


Agus ar bhfhreagra Dhíosa adubhairt sé rís, an bhfhaiceann tú na
hoibreacha móraso? ní fúicfidhear cloch ar muin chloiche dhíobhso,
nách sgarfuidhear ó chéile.


L. Mc13:3


Agus ar mbeith na shuidhe dhó ar shlíabh na Noluigheadh, as comhair
an teampuill, do fhíafruigh Peadar, agus Séumas, agus Eóin, agus
Ainndrías ós íseall de,


L. Mc13:4


Innis dúinne gá tráth theigéumhuid na neithe so, agus créd é an
comhartha bhias an tan chríochnóchthar na neithe so uile.


L. Mc13:5


Agus ar bhfhreagra Dhíosa dhóibh, do thionnsgain sé a rádh, tabhruidh
dhá bhur naire nach meallfadh éinneach sibh.


L. Mc13:6


Oír tiucfuid mórán am mainmsi, agus adéruid síad is meisi Criosd agus
meallfuid síad mórán.


L. Mc13:7


Achd an tan dochluinfidhe coguidh, agus túarasgbhála cogthadh, ná
biodh amhlúadh orúibh: oír is éigean na neithe so dho theachd. Achd
ní thiocfa an deireadh fós.


L. Mc13:8


Oír éiréochuidh cineadh a naghaidh chinidh, agus ríoghdhachd a naghaidh
ríoghdhachda: agus bíaidh crioth talmhan a nionaduibh iomdha, agus bíaidh
gorta agus buaidhreadh ann.


L. Mc13:9


Budh tosach doilghis na neithe so, achd tabhruidhsi dhá bhur naire ribh
féin: oír béuraid síad sibh do láthair oireachdas agus coimhthionól:
sgiúrsfuidhear sibh, agus bérthar sibh a bhfhíadhnuisi na núachdarán,
agus na ríogh ar mo shonsa, mar fhíadhnuisi dhóibh.


L. Mc13:10


Agus is éigean an soisgél do sheanmóir do na huile chineadhachuibh ar
tús.


L. Mc13:11


Agus an tan bhéuruid síad a láimh sibh, na biodh na róchúram oruibh
roimh láimh créd adéurtháois agus ná smúainidh air: achd gidhbé ní
dobérthar ar an momeintsin dhibh, abruidh é. Oír ní sibhsi labhrus, achd
an Spiorad náomh.


L. Mc13:12


Achd cheana dobhéura an dearbhráthair an dearbhráthair éile,
agus an tathair an mac dochum báis: agus éiréochuid an chlann a nadhuigh a
naithredh, agus a maithreach, agus dobhéuruid fá deara a gcur dochum báis.


L. Mc13:13


Agus bíaidh fúath ag gach uile dhuine dháoibh ar son mhanmaso: achd
gidhbé anfus gu búan gu deireadh, as é shláinéochar.


L. Mc13:14


Achd an tan dochífidhe adhúathmhuireachd an fhásuigh úd, ar ar
labhair Daniél an fáidh, na sheasamh ann sanionad nár chóir,
(an té léghas tabhradh dhá aire,) annsin teithid an dream bhías an
Iúdea, fá na sléibhtibh:


L. Mc13:15


Achd an neach bhías ar an dteach, na tigeadh sé anúas dochum dul
asdeach don tigh, agus ná himthigheadh sé asdech do thogbháil neith ar
bhioth as a thigh.


L. Mc13:16


Agus gidhbé neach bhías ar an machaire, na casadh sé tar a ais, do
thógbháil a éuduigh.


L. Mc13:17


Achd bhudh trúagh do na mnáibh torrcha agus do na mnáibh dobhéura
cíocha úatha ann sna laithibh úd.


L. Mc13:18


Achd guidhidhsi gan bhar dteitheadh do bheith ann sa gheimhreadh.


L. Mc13:19


Oír béid na laithesin ina leithéid sin damhgar, amhail nach raibhe
a leithéid ann ó thús chruthuighthe na neithedh do chruthuigh Día, gu
soithe so, agus nách bía gu bráth.


L. Mc13:20


Agus muna ghearruigheadh an tighearna na laithe úd, ní rachadh
éinfhéoil as: achd ar son na ndáoine dtoghtha, do thogh sé, do ghearraidh
sé na laithe úd.


L. Mc13:21


Agus annsin dá nabra neach ar bioth ribh, féuch, atá Críosd
annso, nó, féuch, atá sé annsúd, na creididh é.


L. Mc13:22


Oír éiréochuid Críosdanna fallsa, agus fáidhe fallsa: agus
doghéunuid comharthuidhe agus míorbhuile, do mhealladh na ndáoine dtoghtha
féin, dá madh éidir é.


L. Mc13:23


Achd tabhruidhsi bhar naire ribh: féuch, do innis mé dháoibh gach uile
ní résanaimsir.


L. Mc13:24


Achd ann sna laithibh úd, tar éis anámhghair úd, dorchóchthar an
ghrían, agus ní thiobhra an ghealach a soillsi féin úaithe.


L. Mc13:25


Agus tuitfid réllanna neimhe, agus beid na cumhachda atá ann sna
neamhaibh ar crioth.


L. Mc13:26


Agus annsin dochífid síad mac an duine ag teachd ann sna nélluibh
maille ré cumhachdaibh móra, agus ré glóir.


L. Mc13:27


Agus cuirfidh sé a aingil an tansoin, agus cruinnéochuidh sé a
dháoine toghtha féin ó na ceithre gáothaibh, ó leithimell na talmhan gu
leithimeall neimhe.


L. Mc13:28


Agus foghlomuidh baramhail ón chrann fhíge: an tráth bhíos a ghég
máoth, agus chuireas sé a dhuille thríd, atá a fhios agaibh gurab fogus
an samhradh:


L. Mc13:29


Agus mar an gcéudna sibhsi, an tan dochífidhe na neithesi arna
ndénamh, bioth a fhios agaibh gu bhfhuil flaitheas Dé gu gar dháoibh ann
sna doirsibh.


L. Mc13:30


Adeirimsi ribh gu fírinneach, nach racha an línesi tharuinn, no gu
ndearntar na neithesi uile.


L. Mc13:31


Rachuidh neamh agus talamh thart, achd ní rachaid mo bhríathrasa
choidhchi thart.


L. Mc13:32


Achd ní fhuil fios an láoi úd, ná na húaire úd ag neach ar bioth, ina fós
ag na hainglibh atá ar neamh, ná ag an mac fein, achd ag anathair
na aonar.


L. Mc13:33


Féuchuidh, dénuidh faire agus úrnuighthe: oír ní fhuil a fhios
agaibh, gá tráth thiocfas anaimsear úd.


L. Mc13:34


Oír is amhluidh atá mac an duine mar do bheith duine ag dul a
gcoigcrích, noch do fhágaibh a theach, agus tug cumhachda dá
shearbhfhóghantuibh, agus a obair féin dá gach áonnduine, agus do aithin dá
dhóirséoir faire do dhénamh.


L. Mc13:35


Ar anadhbharsin dénuidhsi faire: (oír ní fhuil a fhios aguibh gá
ham thiocfas fear an tighe, an tráthnóna, nó a meadhón oidhche, nó a
ngairm an choiligh, nó ar madain.)


L. Mc13:36


Deagla ar dteachd gu hobann dó, gu bhfhuigheadh sé sibhsi ion bhar
gcodladh.


L. Mc13:37


Agus na neithe adeirim ribhsi, adeirim ré gach áon eile íad,
déunuidh faire.


L. Mc14



L. Mc14:1


Agus a gcionn dá lá na dhiaigh sin, dobhí an Chaisg agus sollamuin
anaráin gan laibhín ann: agus do iarradar úachdaráin na sagart agus na
Sgríobuidhe, cionnas dobhéurdáois a bhfheall airsean, dochum a
mharbhtha.


L. Mc14:2


Achd adubhradar, na dhénam é sa tsollamuin, ar eagla gu néiréochadh
búaidhreadh a measg an fpobuil.


L. Mc14:3


Agus ar mbeith dó a Mbetania, a dtigh Shimóin an lobhair, ar
suidhe dhó ar an mbord, táinic bean aga raibhe box uinneminnte, do
spicnard mhórlúaighe: agus ar mbriseadh an bhoxa dhí, do dhoirt sí
ar a cheann é.


L. Mc14:4


Agus dorinneadar dream aca michédfuidh an a ninntinn féin, agus
adubhradar, créud fá ndentar an diombail uinnemenntsi?


L. Mc14:5


Oír do budh éidir so do reic ar nísa mhó ina trí chéd pinginn, agus a
thabhairt do na bochdaibh. Agus dobhádar rodhiomdhach dhí.


L. Mc14:6


Agus adubhairt Iósa, leigidh dhi: créd fá gcuirthi búaidhreadh
uirrthe? dorinne sí obair mhaith oramsa.


L. Mc14:7


Oír atáid boichd in bhar bhfhochair do ghnáth, agus giodhbé húair bhus
toil libh, is éidir dháoibh maith do dhénamh dhóibh: achd ní bhía meisi
agaibh do ghnáth.


L. Mc14:8


A ní dob éidir lé, dorinne sí é: táinic sí roimh láimh dungadh mo
chuirpsi dochum anadhnacuil.


L. Mc14:9


Adeirimsi ribh gu fírinneach, gidhbé ar bioth ball ar feadh an
domhain uile an a ndéntar an soisgélsa do sheanmóir, gu ninnéosdar an
nísi dorinne sisi leis, mar chuimhne uirrthe.


L. Mc14:10


Agus do imthigh Iúdás Isgaríot, fear don dá fhear dhég, dochum
úachdarán na sagart, dochum gu mbraithfeadh sé éisean dóibh.


L. Mc14:11


Agus arna chluinsin sin dóibhsean, do ghabh gairdeachus íad: agus
do ghelladar gu dtibhradáois airgead do: agus do íarr seision am
iomchubhaidh ar a bhrath dóibh.


L. Mc14:12


Agus an céd lá do shollamhain anáráin gan laibhin, an tan do
ghnáthaighdís an túan Cásg do mharbhadh, adubhradar a dhisgiobail
ris, gá háit an bhudh áill leat sinni do dhul dullmhughadh, dochum gu
níosdá úan na Cásg.


L. Mc14:13


Agus do léig sé úadha días dá dhisgioblaibh, agus adubhairt sé ríu,
imthighidh dhon chathraigh: agus téigemhaidh neach oraibh ag iomchar
tsoidhigh uisce: leanaidh é:


L. Mc14:14


Agus gidhbé ar bioth teach a racha sé asdeach, abraidh ré fear an
tighe, gu nabair an maighisdir, cáit a bhfhuil an séomra an a níosa mé
an túan Cásg, a bhfhochair mo dhisgiobal.


L. Mc14:15


Agus taisbénfuidh seision díbh séomra ard, fairsing, deaghmhaiseach,
ullumh: ullmhuighidhsi an túan dúinn ann.


L. Mc14:16


Agus do imthigheadar a dhisgiobail, agus tangadar don chathraigh, agus
fúaradar mar adubhairt seision ríu: agus do ullmhuigheadar an Cháisg.


L. Mc14:17


Agus ar dteachd don tráthnóna, táinic seision maille ris an dá fhear
dhéug.


L. Mc14:18


Agus an tan do shuidheadar, agus do chaitheadar bíadh, adubhairt
Iósa, adeirim ribh gu fírinneach, gu mbraithfi fear dhíbhsi mhé, noch
atá ag ithe bídh am fhochair.


L. Mc14:19


Agus do thionnsgnadarsan bheith gu dubhach, agus gach fear aca
agá rádh ris a ndíaigh a chéile, an meisi é? agus fear eile, an meisi é?


L. Mc14:20


Agus ar bhfhreagra dhósan, adubhairt sé ríu, is fear dhon dá fhear
dhéug é, thumas a lámh máráon riumsa sa mhéis.


L. Mc14:21


Atá mac an duine ag imtheachd gu fírinneach, mar atá arna sgríobhadh
air: achd is anáoibhinn don fhior úd lé a mbraithtear mac an duine:
dobfhearr dhon fhior úd nách beirthí ríamh é.


L. Mc14:22


Agus ar mbeith ag caitheamh bídh dhóibhsean, do ghlac Iósa arán,
agus tar éis a bheannaighthe, do bhris sé é: agus tug sé dhóibhsen é,
agus adubhairt sé, glacaidh, ithidh: is sé so mo chorpsa.


L. Mc14:23


Agus ar nglacadh an chopáin dó, an tan rug sé buidheachus, tug sé
dhóibhsion é, agus do ibheadar uile as.


L. Mc14:24


Agus adubhairt sé ríu, ag so mhfhuilsi na Timna núaidhe, dhoirtear
ar son mhóráin.


L. Mc14:25


Adeirim ribh gu fírinneach, nach íobha mé ó so amach do thoradh na
fínemhnach, gu nuige an lá úd an a níobha mé núa é a ríghachd Dé.


L. Mc14:26


Agus an tan do chanadar salm, dochúadar amach gu slíabh na
Noluigheadh.


L. Mc14:27


Agus adubhairt Iósa ríu, doghébhtháoi uile oilbhéim ionnamsa
anochd: oír atá sgríobhtha, búailfidh mé an táodhaire, agus
sgarfuidhear na cáorigh.


L. Mc14:28


Achd tar éis na heiséirghe do dhéunamh dhamh, rachaidh mé romhaibhsi
don Ghalilé.


L. Mc14:29


Achd adubhairt Pedar ris, dá dtegmhadh gu bhfhuighid cách uile
oilbhéim innud, ní fúigheabhsa é.


L. Mc14:30


Agus adubhairt Iósa rissen, adeirim riot gu fírinneach, aniugh,
ann sanoidhche anochd féin, níis táosga ná ghoirfeas an coileach fá dhó,
gu sénfa tú mheisi trí cúarta.


L. Mc14:31


Achd is mó sa chách adubhairt seision, dá madh héigean damh bás
dfhulang ad tfhochair, ní shénfa mé thú gu bráth, agus adubhradar cách
uile mar an gcédna.


L. Mc14:32


Agus tangadar don ionad dárab ainm Gedsemane: annsin adubhairt
seisin réna dhisgiobluibh, suidhigh annso gu ndearna mé úrnaighthe.


L. Mc14:33


Agus rug sé Peadar agus Séumas, agus Eóin leis: agus do
thionnsgain sé bheith gu hamhluadhach ro dhobrónach.


L. Mc14:34


Agus adubhairt sé ríu, atá mhanam rodhobrónach gu dtí an bás:
anaidhsi annso, agus dénaidh faire.


L. Mc14:35


Agus ar nimthechd roimhe dhó beagan, do thuit sé ar an dtalamh: agus
dorinne sé urnuighthe, dochum dá madh éidir é, gu rachadh an úair thairis.


L. Mc14:36


Agus adubhairt sé, Abbá, a athair, atá gach ní soidhénta dhuitsi:
cuir an cupánso tharamsa: gidhedh nárab é an ní bhus toil lemsa,
achd an ní bhus toil letsa.


L. Mc14:37


Agus táinic sé, agus fúair sé íadsan ana gcodladh: agus adubhairt sé
ré Peadar, a Shimóin, an bhfhuil tú ad chodladh? an né
nárbhéidir leat faire én úaire dho dhéunamh?


L. Mc14:38


Déunuidh faire agus urnuighthe, dochum nách teigemhadh a mbúaidhreadh
sibh: atá an spiorad ullamh gu deimhin, achd atá an cholann éugcrúaidh.


L. Mc14:39


Agus ar nimtheachd uatha arís, dorinne sé urnaighthe, ag rádh na
mbríathar gcéudna.


L. Mc14:40


Agus ar bhfhilledh dhó, fúair sé arís ina gcodladh íad, (oír do
bhadar a súile trom) agus ní raibhe a fhios aca cionnas dobhéurdáois
freagra air.


L. Mc14:41


Agus táinic sé an treas úair, agus adubhairt sé ríu, codluidh as so
súas, agus cumhsanuighidh: is lór sin, táinic an úair: féuch, dobeirthear mac
an duine a lámhuibh na bpeacthach.


L. Mc14:42


Eírghidh, imthigheam: féuch, is fogus dúinn an té bhraitheas mheisi.


L. Mc14:43


Agus ar an mball, an feadh dobhí sé ag cainnt, táinic Iudás duine
dhon dá fher dhéug, agus slúagh mór na fharradh, maille ré clóidhmhibh
agus ré batuidhibh, ó úachdaránuibh na sagart, agus ó na sgríobuidhibh,
agus ó na sinnsioruibh.


L. Mc14:44


Agus tug an té do bhraith é comhartha coitcheann dóibh eatarra, agá
rádha; gidhbé neach dhá dtiobhra meisi póg, is é sin é: beiridh air,
agus tabhraidh libh é gu coimhéudach.


L. Mc14:45


Agus ar dteachd dhó, dochúaidh sé ar ball chuigesion, agus
adubhairt sé ris, a mhaighisdir, a mhaighisdir: agus tug sé fpóig dhó.


L. Mc14:46


Agus do chuireadar súd a lámha annsan: agus do ghabhadar é.


L. Mc14:47


Achd ar dtarrang a chloídhimh amach dfhior don mhuinntir do sheasaimh
dho láthair, do bhúail sé óglách an árdshagairt, agus do bhean sé a chlúais
de.


L. Mc14:48


Agus ar bhfhregra Dhíosa adubhairt sé ríu, an dtangabhair amach dom
ghlacadhsa, lé cloidhmhibh, agus lé batuidhibh, mar dhothiocfadh sibh
dochum méirligh?


L. Mc14:49


Dobhí mé gach láoi aguibh sa teampall ag teagasg, agus nír
ghlacabhair mhé. Achd is éigean so do dhéunamh dochum gu
gcoimhlíonfuidhe na sgríobtúiridhe.


L. Mc14:50


Agus arna thréigean san, do theitheadar a dhisgiobuil uile.


L. Mc14:51


Agus do leán ógánach dháirighthe é, imá raibhe línéudach, ag folach a
lómnochdaighe: agus rugadar na hógánaigh air.


L. Mc14:52


Agus ar bhfhágbhail an línédaigh dhósan, do theith sé lomnochd
úatha.


L. Mc14:53


Agus rugadar Iósa léo dochum an ardshagairt: agus do chruinnigheadar
ina fharradh úachdaráin na sagart uile, agus na sinnsir, agus na
sgríobuidhe,


L. Mc14:54


Agus do lean Peadar a bhfhad úadha é nó gu raibhe sé asdigh an alla
anárdshagairt: agus dobhí sé ina shuidhe a bhfhochair na
searbhfhoghainteadh, agus dá ghoradh ag an dteinidh.


L. Mc14:55


Agus dobhádar úachdaráin na sagart agus an chomhairle uile ag
íarraidh fíadhnuisi a nadhaidh Iósa, dochum gu gcuirfidís dochum
báis é: agus ní fhúaradar.


L. Mc14:56


Oír dorinnedar mórán dáoine fíadhnuisi bhréige ana adhaigh: achd ní
thangadar a bhfhíadhnuisidhe lé chéile.


L. Mc14:57


Agus do éirgheadar dáoine dháirighthe, agus dorinneadar fíadhnuisi
bhréige na adhaidh, agá rádha,


L. Mc14:58


Dochualamairne é agá rádh, brisfidh mé sios an teampollso atá
arná dhénamh lé lámhaibh, agus táoibh asdigh dho thrí lá, tóigébhaidh mé
teampoll eile gan obair lámh.


L. Mc14:59


Achd mar sin féin ní raibhe a bhfhíadhnuisi ag teachd lé chéile.


L. Mc14:60


Agus ar néirghe na sheasamh a lár cháich don ardshagart, do chuir sé
ceisd ar Iósa, agá rádha, an né nách tabhair tú freagra ar bioth úait?
créd fá ndénaid so fíadhnuisi ad tadhaidh?


L. Mc14:61


Agus do thochd seision, agus nír fhregair sé én ní. Do fhíafruigh
an tardshagart de arís, agus adubhairt sé ris, an tusa an Críosd úd mac
Dé bhennuighthe?


L. Mc14:62


Agus do fhreagair Iósa, is mé: agus dochífidhesi mac an duine
na shuidhe ar deis chumhachd Dé, agus ag techd lé nélluibh neimhe:


L. Mc14:63


Agus do réb úachdarán na sagart a éudach, agá rádha, créd é an
feidhm atá aguinn ar fhíadhnuisibh feasda?


L. Mc14:64


Dochúalabhair a thathaoir ar Dhía: créd docíthear dháoibhsi? agus
rugadarsan uile breath na adhuidhsean, gur thuill sé bás.


L. Mc14:65


Agus do thionnsgnadar drem dhairighthe gabháil do sheilidhibh air,
agus a adhaidh dhfholach, agus basa do bhúaladh air: agus a rádha ris, déna
fáidheadóirechd: agus do ghabhadar na hoifigigh do shlatuibh air.


L. Mc14:66


Agus ar mbeith do Fpeadar ann sa halla thíos, taínic
cailín do chailínibh an ardshagairt:


L. Mc14:67


Agus ar bhfhaicsin Fpeadair dá ghoradh dhi, tug sí dhá haire é, agus
adubhairt sí ris, dobhí tusa fós a bhfhochair Iósa Nasardha.


L. Mc14:68


Achd do shén seisean sin, agá rádha, ni thuigim, agus ni fhuil a fhios
agam créd adeir tú. Agus dochúaidh sé amach don phóirsi: agus do ghoir
an coileach.


L. Mc14:69


Agus dochonnaic aninneilt é arís, agus do thionnsgain sí a rádha ris
an druing dobhí na seasamh dho láthair, is díobh súd an fearso.


L. Mc14:70


Agus do shén seisean arís. Agus fá cheann beagáin na dhíaidh sin
arís adubhradar an mhuinntear dobhí na seasamh dho láthair ré
Peadar, gu fírinnech is díobh súd thusa: oír is Galiléach thú, agus is
cosmhail hurlabhra ríu.


L. Mc14:71


Achd do thionnsgain seisean mallachadh, agus mionna dho thabhairt, agá
rádha, ní haithnidh dhamh an duinesi adeirthí.


L. Mc14:72


Agus do ghoir an coileach an dara húair, agus do chuimhnigh Peadar
ar na bríathruibh adubhairt Iósa ris, niis táosga na ghoirfeas an coileach
fá dhó, sénfuidh tú mheisi trí cúarta. agus ar ndul do leathtáobh dhó do
ghuil sé.


L. Mc15



L. Mc15:1


Agus gu moch ar madain ar ndénamh comhairle dhóibh, rugadar na
hardshagairt, maille ris na sinnsearaibh, agus ris na sgríobuidhibh,
agus ris an gcomhairle uile, Iósa ceangailte léo, agus tugadar do
Phioláit é.


L. Mc15:2


Agus do fhíafruidh Píláid deisean, an tusa an rí úd na
Níuduigheadh? agus ar bhfhreagra dhósan adubhairt sé ris, adeir
tusa sin.


L. Mc15:3


Agus do chuireadar úachdaráin na sagart mórán na adhaidh.


L. Mc15:4


Agus do fhíafruidh Piláid de arís, agá rádha, an né nach tabhair tú
freagra éigin úait? féuch, a iomadamhlachd doníd síad fíadhnuisi ad
tadhaidh.


L. Mc15:5


Agus nír fhreagair Iósa ní ar bioth ó shin amach, ionnas gur ghabh
iongantus Píláid.


L. Mc15:6


Agus ann sa tsollamain do leigeadh sé fá sgáoil dóibh, gidhbé én
phrisúnach amháin do íarrdáois.


L. Mc15:7


Agus dobhí nech dhairighthe dárbhainm Barabbás ceangailte a
bhfhochair a chompánach ceannairce, noch dorinne marbhadh a gceannairc.


L. Mc15:8


Agus ar néighemh dhon phobal, do thionnsgnadar a íarruidh air,
a dhéunamh dhóibh do réir mar doníodh sé dhóibh a gcomhnuidhe.


L. Mc15:9


Do fhreagair Píláid dóibh, agá rádha, anáill libh gu sgáoilinn
dáoibh an rí úd na Niúduidheagh?


L. Mc15:10


(Oír dobhí a fhios aige gurab tré thnúth tugadar úachdaráin na
sagart úatha é.)


L. Mc15:11


Agus do bhogadar úachdaráin na sagart an pobal, dochum gu madh
táosga do sgáoilfeadh sé Barabbás chuca.


L. Mc15:12


Achd ar bhfhreagra do Phíláid, adubhairt sé ríu arís, ar
anadhbharsin créd bhudh áill libh do dhénamh dhamh ris an tési dá
ngoirthí rí na Níuduighedh?


L. Mc15:13


Agus do éighmhedarsan arís, croch é.


L. Mc15:14


Achd adubhairt Píláid ríu, créd é an tolc dorinne sé? agus is
móide do gháireadarsan sin, croch é.


L. Mc15:15


Agus do bhríogh gur mhían lé Píláid toil an phobail do dhénamh, do
sgáoil sé Barabbás dóibh, agus tar éis gabhála do sgíursuidhibh ar Iósa,
tug sé úadha dochum a chrochda e.


L. Mc15:16


Agus rugadar na soighdíuruidhe asdech don halla é, adhón gu cúirt
anúachdaráin, agus do ghoiredar an córughadh uile a bhfhochair a chéile:


L. Mc15:17


Agus do chuireadar édach purpuir uime, agus ar bhfhighe choróna
spíne dhóibh, do chuireadar air í:


L. Mc15:18


Agus do thionnsgnadar beannughadh dhó, agá rádha, gu mbeannaighí Día
dhuit a rí na Níuduidheadh.


L. Mc15:19


Agus do bhúaileadar é ana cheann lé giolcach, agus do ghabhadar do
sheilidhibh air, agus ar léigean a nglún fútha, dorinneadar úmhla dhó.


L. Mc15:20


Agus an tan dorinneadar fonámhad fáoi, do bhenadar an tédach
purpair dhe, agus do chuireadar a éduighe féin uime: agus tugadar amach
é, dochum gu gcrochdáois é.


L. Mc15:21


Agus do chuireadar dhfhíachuibh ar óglách dháirighthe dobhí ag
gabháil tarrsa darbhainm Simón Cúrénach (athair Alexander agus
Ruphus, táinic ón túaith amuich) a chroch dhiomchar.


L. Mc15:22


Agus rugadar léo é donionad darab ainm Golgota, is sé sin ré na
éidirmhíníughadh, ionadh na gcloigceann.


L. Mc15:23


Agus tugadar fíon ar ar cuireadh mirr ré a ól dó: achd nír ghabh
seisen é.


L. Mc15:24


Agus an tan do chrochadar é, do roinnedar a éduighe, ar dteilgean
chrannchuir orrtha, créd do roithfeadh dá gach nech aca.


L. Mc15:25


Agus dobhí an treas úair ann, an tan do chrochadar é.


L. Mc15:26


Agus dobhí tiodal a choire, arna sgríobhadh ós a chionn, adhón
AN RI UD NA NIUDUIGHEADH.


L. Mc15:27


Agus do chrochadar días gaduidhedh na fhochair: fear ar a láimh
dheis, agus fear ar a láimh chlí.


L. Mc15:28


Annsin do coimhlíonadh an sgríobtúir adeir, agus a measg dháoine
gcoirtheach do comhairmheadh é.


L. Mc15:29


Agus an dream do ghabhadh thairis, dobheirdís aithis do, ag crathadh
a gceann, agus agá rádha, ó a fhir úd leagas an teampoll, agus tógbhas é a
dtrí laithibh:


L. Mc15:30


Fóir ort féin, agus tarra anúas as an gcroich.


L. Mc15:31


Agus is mar an gcéudna adubhradar úachdaráin na sagart agus na
sgríbuidhe ré chéile ag fonámhad fáoi, do fhóir sé ar dháoinibh éile,
agus ní héidir leis é féin dfóirighthin.


L. Mc15:32


Tigeadh Críosd an rí úd Israhél anúas anois as an gcroich,
dochum gu bhfhaicfimís agus gu gcreidfimís. Agus na dáoine do crochadh
na fhochair tugadar aithis dó.


L. Mc15:33


Agus an tan táinic an seiseadh húair, dobhí dorchadus ar feadh na
talmhan uile gu soithe an náomhadh húair.


L. Mc15:34


Agus ann sa náomhadh húair do éigh Iósa do ghuth ard, agá rádha,
Eloí, Eloí, lamá sabachthaní? asé sin arna eidirmhíniughadh, ó ma Dhía,
ma Dhía, créd far thréig tú mhé?


L. Mc15:35


Agus adubhradar cuid da raibhe na seasamh dho láthair an tan do
chúaladar sin, féuch, atá sé ag gairm Elías.


L. Mc15:36


Agus do rioth fear dhíobh, agus ar líonadh sboing dfhínégra dhó,
agus arna chur a dtimcheall shlaite giolcuigh, tug sé déoch dhó,
agá rádha, leigidh dhó: fécham an dtiocfa Elías dá legadh anúas.


L. Mc15:37


Agus ar leigean eighimh móir as Díosa, tug sé a spíoruid úadha.


L. Mc15:38


Agus do rébadh brat roinnte an tempuill na dhá chuid, ó úachdar
gu híochdar.


L. Mc15:39


Agus an tan dochonnairc an Centúrion dobhí na sheasamh as a
chomhair thall, gu ndeachuidh a anam as tar éis éighimh mar sin, adubhairt
sé, gu fírinneach dobé an duine so mac Dé.


L. Mc15:40


Agus dobhádar mar an gcéudna mná a bhfhad úadha ag féchain: eidir a
raibhe Muire Magdalén, agus Muire mathair Shéumuis bhig agus
Iósé, agus Salómé:


L. Mc15:41


Noch do lean é an tan dobhí sé fós sa Ghalilé, agus dorinneadar
minisdrálachd do: agus mórán do mhnáibh eile dochúaidh a náoinfheachd
ris súas gu Hiarusaléim.


L. Mc15:42


Agus anois ar dtechd don tráthnóna, (do bhríogh gurbhé lá an
ullmhuighthe é, adhón, an la roimh an tsabbóid.)


L. Mc15:43


Táinic Ioséph ó Arimatea, comhairleach onórach, agá raibhe fós
suil ré ríghachd Dé, agus dochúaidh sé asdeach gu dána a gcenn
Philáid, agus do íarr sé corp Iósa.


L. Mc15:44


Agus dobiongnadh lé Pílaíd gu mbíadh sé chena tar éis bháis:
agus do ghoir sé an Centúrion, agus do fhíafruigh sé dhe, an fada ó
fúair sé bás.


L. Mc15:45


Agus ar bhfhaghbháil sgél ón Chentúrion, do bhronn sé an corp do
Ioséph.


L. Mc15:46


Agus do cheannuigh Ioséph línédach, agus do leg sé anúas é, agus
do chuir sé uime é, agus do chuir sé é a dtúama dobhí arna
thochailt amach as carraig: agus do iomluit sé leac ar dhorus an
túama.


L. Mc15:47


Agus dobhí Muire Magdalén, agus Muire mathair Iosé ag
féuchain gá háit a gcuirfidhe é.


L. Mc16



L. Mc16:1


Agus ar ndul don tsabbóid tarrsa, do cheannuigh Muire Magdalén
agus Muire mathair Shéumuis, agus Shalóme spíosradh
deaghbhaluidh, dochum gu dtiocfadáois agus gu nungfadáois é.


L. Mc16:2


Agus tangadar gu romhoch ar maidin an céd lá don tshechdmhuin
dochum an túama, lé héirghe na gréine.


L. Mc16:3


Agus adubhradar eatorra féin, cía iompóbhas dhúinn an leac, ó dhorus
an túama?


L. Mc16:4


Agus ar bhfhéchain dóibh, dochonncadar an chloch arna hiomlat: oír
dobhí sí romhór.


L. Mc16:5


Agus ar ndul asdeach ann sa túama dhóibh, dochonncadar ógánach na
shuidhe ar a láimh dheis, ima raibhe éudach glégheal: agus do ghabh
adhúathmhuirechd íad.


L. Mc16:6


Agus adubhairt seisean ríu, ná bíodh eagla oraibh, atátháoi ag
íarruidh Iósa Nasardha do césadh: do éirigh sé, ni fhuil sé annso:
féuch anáit an ar chuireadar é.


L. Mc16:7


Achd imthighidh, innisidh dá dhisgiobluibh, agus do Pheadar, gu
bhfhuil sé ag dul romhuibh don Ghalilé: dochífidhe annsin é, fá
mar adubhairt sé ribh.


L. Mc16:8


Agus ar nimtheachd dóibhsean amach gu deithniosach, do theithedar
ón túama: oír dobhí crioth agus úathbhás orrtha: agus nír labhradar ní
ar bioth ré héinneach: oír dobhí eagla orrtha.


L. Mc16:9


Agus ar ndénamh na heiséirghe Dhíosa ar maidin an céd lá don
tseachdmhuin, do thaisbén sé é féin ar tús do Mhuire Mhagdalén, as
ar theilg sé seacht ndeamhain.


L. Mc16:10


Agus ar nimtheachd disi do fhoillsigh sí sin don druing dobhíodh
na fhochairsean, dobhí ag gul agus ag cáoi.


L. Mc16:11


Agus an tan dochúaladarsan eisean do bheith béo, agus gu bhfhacuidh
sisi é, nír chreideadar.


L. Mc16:12


Achd tar éise so do thaisbén seisen é féin do dhías aca a gcruth
eile, agus íad ag dul fan dtúaith.


L. Mc16:13


Agus do imthigheadar súd, agus do fhoillsigheadar sin don chuid eile,
gidheadh nír chreideadar íadsan fós.


L. Mc16:14


Fa dheireadh ar mbeith ar áonbhall donáoinfhear dég, do thaisbén
sé é féin dóibh, agus do chuir sé na nadhaidh a michreideamh, agus a
gcrúas croidhe: tré nár chreideadar don druing úd dochonnaic é ar
neiséirghe.


L. Mc16:15


Agus adubhairt sé ríu, imthighidh ar feadh an domhain uile,
déunuidh an soisgél do shenmóir dá gach uile chreatúir.


L. Mc16:16


Gidhbé chreidfeas agus bhaisdfither, slainéochthar é: achd gidhbé
nach creidfi, daiméontar é.


L. Mc16:17


Agus leanfuid na comharthadhasi an dream úd chreidfeas, sgriosfuid
síad deamhuin tré mainmsi: laibhéoruid síad lé teangthuibh núadha:


L. Mc16:18


Tóigébhaid síad naithreacha neimhe ana lamhaibh, agus má ibhid síad
ni marbhthach ar bioth, ni ghoirtéocha sé íad, cuirfid síad lámha ar na
dáoinibh égcrúaidhe, agus beid síad slán.


L. Mc16:19


Agus tar éis an tighearna do labhairt ríu, do gabhadh súas ar neamh
arís é, agus do shuidh sé ar deis Dé,


L. Mc16:20


Agus ar ndul amach dhóibhsean dorinneadar seanmóir ann gach uile
áit, ar mbeith don tighearna ag coimhoibriughadh ríu, agus ag tabhairt
bhríghe dá mbríathruibh, leis na comharthadhaibh do lean íad.


L. Lc



L. Lc1:1


Do bhríogh gur ghabhadar mórán do laimh, sdair na
neitheadh úd agá bhfhuil a sáirfhios aguinne do sgríobhadh,


L. Lc1:2


Do réir mar thugadar na dáoine dochonnaic léna súilibh féin ó thús,
agus dobhí ag minisdrálachd na bréithre dhúinne íad:


L. Lc1:3


Doconncas damhsa mar an gcéudna a Théophilus roordhraic, ar
bhfhagháil fheasa gach uile neich óna bhfhíorthosach dhamh, a
sgríobhadh chugadsa a nordughadh:


L. Lc1:4


Dochum gu mbeth deimhin na mbríathar úd do múineadh dhuit agad.


L. Lc1:5


Ré línn Iorúaith an Rí úd na Híudea dobhí sagart dáirighthe
dárbháinm Sacharías, do sheal Abía: agus a bhen dingheanuibh
Aróin, agus Elisabet dobainm dhi.


L. Lc1:6


Agus dobhádar aráon na ndáoinibh fírénta a bhfhiadhnuisi dé, ag
siobhal gu neamhchoirtheach an uile aitheantuibh agus orduighthibh an
tighearna.


L. Lc1:7


Agus ní raibhe sliochd orrtha, do bhríogh gu raibhe Elisábet aimrid,
agus gu raibhe áois mhór aca aráon.


L. Lc1:8


Agus tarla, an tan dobhí sé ag dénamh oifige an tsagairt a
bhfhiadhnuisi Dé, fá mar tháinic a aimsear do réir órduighthe,


L. Lc1:9


Do réir ghnáthuighthe oifige an tsagairt, gu ráinic dhó an túis do
losgadh, tar éis dula asdech gu teampoll an tighearna dhó.


L. Lc1:10


Agus dobhí coimhthionól an Phobuil uile ag dénamh úrnuighthe amuigh,
an tráth do loisgeadh an túis.


L. Lc1:11


Agus do taidhbhreadh dhó aingeal an tighearna, ina sheasamh ar an
dtáoibh ndeas daltóir na túise.


L. Lc1:12


Agus arna fhaicsin do Shacharías dobhí sé arna bhúaidhreadh, agus
do thuit eagla air.


L. Lc1:13


Achd adubhairt an taingeal ris, na bíodh eagla ort a Shacharías:
oir do héisdeadh húrnuighthe: agus béruidh do bhean Elisábet mac
dhuit, agus dobhéra tú Eoin mar ainm air.


L. Lc1:14


Agus bhudh gáirdeachus agus lúthgháir dhuit é, agus bíaidh lúthgháir
ar mhórán fána bhreith.


L. Lc1:15


Oír bíaidh sé na dhúine mhór a bhfhíadhnuisi an tighearna, agus ní
íobha sé fíon na deoch láidir: agus fós bíaidh sé lán don spiorad náomh ó
bhroinn a mháthar:


L. Lc1:16


Agus fillfidh sé mórán do chlannuibh Israhél dochum an tighearna a
Ndia féin.


L. Lc1:17


Oír gébhaidh seisean roimhe na fhíadhnuisi, a spioraid agus a
subháltaibh Elías, dfilleadh chroidheadh na naithrech dochum
na cloinne, agus na neasumhal dochum ghliocuis na ndáoine gcomhthrom:
agus dullmhughadh phobuil dhingmhála don tighearna.


L. Lc1:18


Agus adubhairt Sacharías ris an aingeal, cionnas bhías a fhios so
agum? óir ataimsi arsuidh, agus atá áois mhór agam mhnáoi.


L. Lc1:19


Agus ar bhfhreagra don aingel adubhairt sé ris, is meisi Gabriél
tsheasmhuigheas a bhfhiadhnuisi Dé: agus do cuireadh mhé do labhairt
riotsa, agus dinnisin na núaidhigheacht maith so dhuit.


L. Lc1:20


Agus féuch, bíaidh tú gan urlabhra, agus níbá héidir leat
labhairt, go soithe an lá an a dtiocfaid na neithe so dochum críchi: do
bhríogh nár chréid tú dom bríathraibhsi, noch coimhlíonfuidhear na nam
féin.


L. Lc1:21


Agus dobhí an pobal ag fuireach ré Sacharías: agus dobiongnadh léo
a fhad do an sé sa teampoll.


L. Lc1:22


Agus ar ndul amach dhó, nír éidir leis labhairt riú: agus do
aithnigheadar gu bhfhacaidh sé taidhbhsi sa teampoll: óir do sméid sé
orrtha: agus do an sé balbh.


L. Lc1:23


Agus tarrla dhó, an tan do coimhlíonadh laithe a mhionisdrálachda, gu
ndechaidh sé dá thigh féin.


L. Lc1:24


Agus tar éis na laithesi, do toirrcheadh Elísabet a bheansan: agus
do fholaigh sí í féin ar feadh chuig míos, agá rádha,


L. Lc1:25


Oir is mar so dorinne an tighearna rium, ann sna laithibh an ar
fhéch sé oram, do thógbháil mo neimhcheana dhíom a measg na ndáoine.


L. Lc1:26


Agus annsa seisiodh mí, do cuireadh an taingeal Gabríel ó Dhía, gu
cathruigh don Ghalilé dár ainm Nasaret,


L. Lc1:27


A gceann oíghe ar a raibhe ceart ag fior do thigh Dhábhí, dár
ainm Ioséph: agus dobé dobainm donóigh, Muire.


L. Lc1:28


Agus ar ndul asdeach na ceann donaingeal, adubhairt sé, bí
forbhfáoilteach a ógh do toghadh tré ghrásaibh: atá an tighearna
maille riot: is beannuighthe thú eidir na mnáibh.


L. Lc1:29


Agus an tan dochonnaic sí é, dobhí sí arna búaidhreadh fá na
bhríathraibh: agus dobhí sí agá smúaineadh créd an ghné bheannuighthi so.


L. Lc1:30


Agus adubhairt an taingeal ría, ná bíodh eagla ort a Mhuire: óir
fúair tú grása ó Dhia.


L. Lc1:31


Agus féuch, bíaidh tú torrach, agus béraidh tu mac: agus dobhéra
tú Iósa dhainm air.


L. Lc1:32


Bíaidh an té so na dhúine mhór, agus goirfidhear mac an té is airde dhe,
agus dobhéara an tighearna Dia catháoir Dhábhí a athair féin dó.


L. Lc1:33


Agus bíaidh sé na rígh ar thegh Iácob go bráth, agus ní bhía
deireadh ar a ríoghachdsan.


L. Lc1:34


Agus adubhairt Muire ris anaingel; cinnus bhías so, oír ní
fhuil fios fir agamsa.


L. Lc1:35


Agus ar bhfhreagra dhonaingeal adubhairt sé ría, tuirléonguidh an
spiorad náomh ort, agus foiléochaid cumhachda an té as airde thú: uime
sin an ní náomhtha bhéras tú, goirfidher mac Dé dhe.


L. Lc1:36


Agus féuch, Elizabet do shíur, atá sisi leis torrach air mac ina
harrsuighechd: agus is sé so an seisiodh mí don mhnaoi úd dá
ngoirthear bean aimrid.


L. Lc1:37


Oír ní bhía ní ar bioth nach éidir lé Día do dhénamh.


L. Lc1:38


Agus adubhairt Muire, féuch, banóglach an tighearna, teagmhadh
dhamhsa do réir do bhréithrisi, agus do imthigh an taingeal úaithe.


L. Lc1:39


Agus an tan do éirigh Muire is na laithibh sin, dochúaidh sí gu
deithneasach chois tsléibhé gu cathraigh Iúda.


L. Lc1:40


Agus dochúaidh sí asteach do thigh Shacharías, agus do bheannaigh
sí Dhelizabet.


L. Lc1:41


Agus tarrla mar dhochúalaidh Elizabet bennughadh Muire, gur
bhéadhg an toirrches dobhí na broinn: agus dobhí Elizabet arna
línadh don spiorad náomh.


L. Lc1:42


Agus do eigh sí do ghuth mhór, agus adubhairt sí, is beannaighthe thú
eidir na mnaibh, agus is beannaighthe toradh do bhronn.


L. Lc1:43


Agus cionnus do éirigh so dhamhsa, gu dtiocfadh máthair mo thighearna
féin chugam.


L. Lc1:44


Oír féch, mar is táosga tháinic fúaim do bheannaighthe am chlúasaibh,
do bhedhg an naoidheanán lé gairdeachus ann mo bhroinn.


L. Lc1:45


Agus is bennaighthe an bhean do chreid: óir coimhlíonfuidhear na neithe
do ghell an tighearna dhi.


L. Lc1:46


Agus adubhairt Muire an tansin, adhmholaidh mhanam an
tighearna,


L. Lc1:47


Agus doní mo spiorad gáirdeachus ar son Día ma shlánuighthéora.


L. Lc1:48


Oir do fhéch sé ar ísle a bhanógláighe féin. Oír féch, ó so
súas adéruid na huile áosa meisi do bheith beannuighthe.


L. Lc1:49


Oir dorinne an té úd atá cumhachdach neithe móra dhamhsa, agus is
beannaighthe a ainm:


L. Lc1:50


Agus atá a thrócaire ó áois gu háois don dréim úd ar a bhfhuil a eagla.


L. Lc1:51


Dorinne sé gniomh láidir léna láimh: do leathnuigh sé na dáoine
úaibhreacha lé smúaintighthibh a gcroidheadh féin.


L. Lc1:52


Do tharruing sé na dáoine cumhachdacha as a gcatháoiribh, agus do
arduigh sé na dáoine umhla.


L. Lc1:53


Do lion sé na dáoine ocracha lé neithibh maithe, agus do chuir sé
úadha na dáoine saidhbhre folumh.


L. Lc1:54


Do thóghaibh sé súas Israhél a shearbhfhoghantuidhe féin, dochum gu
gcuimhnéochadh sé ar a thrócaire,


L. Lc1:55


(Mar do labhair sé rénar naithreachuibh, adhón Abraham, agus
ré na shíol) gu bráth.


L. Lc1:56


Agus do an Muire ina fochair súd timcheall trí míos: agus tar a éisi
sin do fhill sí dhá tigh féin.


L. Lc1:57


Agus táinic ionbhuidh Elizabet: agus rug sí mac.


L. Lc1:58


Agus dochúaladar a comharsain agus a dáoine gáoil, gur fhoillsigh an
tighearna a thrócaire mhór féin di: agus dorinneadar gáirdeachus máráon
ría.


L. Lc1:59


Agus tarrla, go dtangadar an tochdmhadh lá dochum gu ndingéndáois
an náoidhe do thimcheallghearradh, agus do ghoireadar Sacharias de,
do réir anma a athar.


L. Lc1:60


Achd ar bhfhreagra dhá mháthair adubhairt sí, ní hámhluid bhías:
achd Eoin ghoirfidhear dhe.


L. Lc1:61


Et adubhradar ría, ní fhuil énnduine dod chineadh dá ngoirthear
an tainmsi.


L. Lc1:62


Agus dorinneadar comharthadha dhá athair, créd an tainm do budh
mian leis do thabhairt air.


L. Lc1:63


Agus ar niarruidh thabhuill dhósan, do sgríobh sé, agá rádh,
is Eóin is ainm dhó, agus do ghabh iongantus íad uile.


L. Lc1:64


Agus ar an mball do hosgladh a bhélsan, agus a theanga, agus do
labhair sé ag moladh Dé.


L. Lc1:65


Agus do ghabh eagla a gcomharsuin uile: agus do haithriseadh na
neithe so uile chois tsléibhe thíre Iúdea uile.


L. Lc1:66


Agus gach uile dhuine dhá gcúalaidh sin, do chuireadar a dtaisgidh an
a gcroidhthibh féin íad agá rádh, gá hionnas bhías an leanabh so? agus
dobhí lámh an tighearna maille ris.


L. Lc1:67


Agus dobhí Sacarias a athair lán don Spíorad náomh: agus dorinne sé
faidheadóireachd agá rádh,


L. Lc1:68


Gu madh beannaighthe an tighearna Dia Israhél, ar son gur fhiosruigh
sé, agus gur fhúasgail sé a fpobal féin.


L. Lc1:69


Agus do thógaibh sé súas adharc na sláinte dhúinne, a dtigh Dábhi
a sherbhfhoghantuidhe féin.


L. Lc1:70


Do réir mar dho labhair sé tré bhéul a fháidheadh náomhtha féin, do
bhí ann ó thús an domhain.


L. Lc1:71


Gu gcuimhdéochadh sé sínn ó ar naimhdibh, agus ó láimh gach uile
dhuine agá bhfhuil fúath dhúinn.


L. Lc1:72


Go ndingénadh sé trócaire ar ar naithreachuibh, agus gu gcuimhnéochadh
sé ar a chunnradh náomhtha féin:


L. Lc1:73


Agus ar na mionnaibh lé a dtug sé móid Dábrahám ar nathairne,
ádhón gu dtiubhradh sé dhúinn,


L. Lc1:74


Gu mbeimís gan egla ar nár sáoradh ó láimh ár námhad, dochum
seirbhísi do dhénamh dhó féin,


L. Lc1:75


A náomhthachd agus a bhfhíréntachd na fhíadhnuisisean, a láithibh ar
mbeathadh uile.


L. Lc1:76


Agus goirfithear Dhíotsa a náoidhenáin, fáidh an té as airde: óir
rachuidh tú roimh aghaidh an tighearna dullmhughadh a shligheadh.


L. Lc1:77


Do thabhairt éoluis na sláinte dá phóbal, tré maitheamhnus na
bpeacadh.


L. Lc1:78


Tré thrócaire romhóir ár Ndía féin, lér fhiosfruigh sé sinn ag éirghe
ón ionad árd:


L. Lc1:79


Do thabhairt shoillsi dhon droing dobhí na suidhe a ndorchadas, agus a
sgáile an bháis, agus do dhíorghadh ar gcos a slighidh na síothchána.


L. Lc1:80


Agus do fhás an leanb, agus do neartuigheadh é a spíoruid: agus do
bhí sé ar na fásuighibh gu soithe an lá úd agá bhfhoillséochadh sé é féin
Dísrahél.


L. Lc2



L. Lc2:1


Agus tarla ann sna laithibh úd, gu ndeachuidh aithne ó Chésair
Augustus, an domhan uile dho mheas.


L. Lc2:2


(Ag so an céudmheas dorinneadh, an tan dobhí Círenius na úachdarán
ar Shíria).


L. Lc2:3


Agus dochúadar uile dhá meas, gach áon fá leith dhá chathruigh féin.


L. Lc2:4


Agus dochúaidh Ióseph mar an gcéudna súas ón Ghalilé, as an
gcathraigh Nazarét, don Iúdea, gu cathruigh Dhábhi, dá
ngoirthear Bethleem, do bhríogh gu raibhe sé do thigh agus do
shliochd Dábhí.


L. Lc2:5


Dochum gu gcuirfidhe meas air a bhfhochair Mhuire dobhí arna
ceangal ris mar mhnáoi, dobhí torrach.


L. Lc2:6


Agus tarrla ar mbeith dóibh annsúd, go dtangadar laithe a
hionbhuidhesean.


L. Lc2:7


Agus rug sí mac, a céudduine cloinne, agus do chuir sí giobuil
cheangail na thimcheall, agus do chuir sí na luighe a mainnséur é: do
bhríogh nách raibhe áit aca sa tigh ósda.


L. Lc2:8


Agus dobhádar búachailleadha cáorach sa dúthuidh sin na
gcomhnuidhe amuigh, agus ag dénamh faire oidhche ar a dtréd.


L. Lc2:9


Agus tabhair dod húidh, táinic aingel an tighearna gu hobann
na gceann, agus do shoillsigh glóir an tighearna na dtimcheall:
agus do ghabh eagla mhór íad.


L. Lc2:10


Agus adubhairt an taingeal ríu, na bíodh eagla oruibh: óir atáim ag
soisgélughadh ghairdeachuis mhoir dhíbh, noch bhías dá gach uile phobal.


L. Lc2:11


Oír rugadh an slánuightheoir dháoibh aníu (adhón, Críosd an
tighearna) a gcathruigh Dhábhí.


L. Lc2:12


Agus bíodh so mar chomhartha aguibh, doghéubhtháoi an leanab
ceanguilte a ngiobluibh, na luighe a mainnséur.


L. Lc2:13


Agus dobhí gu hobann cuideachda mhór do shlúagh neamhda a bhfhochair
an aingil, ag moladh Dé, agus agá rádha,


L. Lc2:14


Glóir dho Dhía ann sna neamhdhaibh roárda, agus síodhcháin ar an
dtalamh, deaghthoil do na dáoinibh.


L. Lc2:15


Agus tarrla, mar dho imthigheadar na haingil úatha ar neamh, gu
ndubhradar na háoghaireadha ré chéile, imthigheam dhon Bhethléem,
agus féucham an ní so dorinneadh, noch do fhoillsigh an tighearna
dhúinn.


L. Lc2:16


Agus tangadar gu deithneasach, agus fúaradar Muire agus Ióseph, agus
an náoidhe na luighe a mainnséur.


L. Lc2:17


Agus an tráth dochonncadar sin, do aithrisedar an ní adubhradh
ríu a dtimcheall an leinibhsin.


L. Lc2:18


Agus gach uile dhuine dhá gcúaluidh so, do ghabh iongantus íad, fá
na neithibh adubhradar na háoghaireadha ríu.


L. Lc2:19


Achd do thaisigh Muire na bríathrasa uile, dá mbreathnughadh an a
croidhe.


L. Lc2:20


Agus do fhilleadar na háoghaireadha, ag tabhairt ghlóire, agus ag moladh
Dé, tré gach ní dhá gcúaladar, agus dá bhfhacadar, mar adubhradh ríu.


L. Lc2:21


Agus an tan do coimhlíonadh na hochd lá an tráth bhudh chóir an leanb
do thimcheallghearradh, tugadh Iósa mar ainm air, adhón, an tainm do
ghoir an taingeal de, sul do geineadh a mbroínn é.


L. Lc2:22


Agus an tan do coimhlíonadh laithe glanta Muire do réir rechda
Máoisi, rugadar léo go Hiarusaléim é, dá thaisbénadh dhon
tighearna,


L. Lc2:23


(Mar atá arna sgríobhadh a reachd an tighearna, gach céudghein mhic
thuismheas brú, bíaidh sé náomhtha dhon tighearna.)


L. Lc2:24


Agus do thabhairt ofrála, do réir mar atá arna rádh a reachd an
tighearna, cúpla turtair nó dhá ghearrcach coluim.


L. Lc2:25


Agus féuch, dobhí neach a Níarusaléim, dárbhainm Simeón: agus
dobhí an fear so na dhuine chomhthrom Dhíadha, agus a shúil ré
comhfhurtachd Israhél: agus dobhí an spíorad náomh air.


L. Lc2:26


Agus do fhoillsigh an spiorad náomh dhó, nách faicfeadh sé bás, nó
gu bhfhaiceadh sé an Críosd úd an tighearna.


L. Lc2:27


Agus táinic an fearso maille ré tréoir na spioraide don teampoll:
agus an tan tug a athair agus a mháthair an leanb Iósa, dochum gu
ndinghéundaois ar a shon do réir ghnáthuighthe an dlighidh:


L. Lc2:28


Annsin do ghabh seision chuige an a uchd é, agus do mhol sé Dia, agus
adubhairt sé,


L. Lc2:29


A thighearna, anois leigeas tú do shearbhfhoghantuidhe a síodhcháin, do
réir thfhocail.


L. Lc2:30


Oír dochonncadar mo shúilesi do shlánughadhsa:


L. Lc2:31


Noch do ullmhuigh tú a bhfhíadhnuisi na nuile phobal.


L. Lc2:32


Solus doghéuna soillsi do na cineadhachuibh, agus glóir do phobuil
féin Israhél.


L. Lc2:33


Agus do ghabh iongantus Ioséph agus a mháthairsion fá na neithibh
adubhradh na thimcheall.


L. Lc2:34


Agus do bheannuigh Simeón íad, agus adubhairt sé ré Muire a
mháthairsion, féch, atá an mac so arná órdughadh dochum tuitme agus
eiséirghe mhóráin a Nisrahél, agus an a chomhartha agá gcuirfithear ina
aghaidh:


L. Lc2:35


(Agus fós rachaidh cloidheamh tré tanamsa) dochum gu nochdfuidhe
smúaintighthe as mórán do chroidhibh.


L. Lc2:36


Agus fós dobhí banfháidh, dárbháinm Anna, inghean Phanúel, do
thréibh Aser: agá raibhe áois mhór, tár éis sechd mblíadhan a
ndíaigh a maighdenuis do chaitheamh dhi ag fior.


L. Lc2:37


Agus ar mbeith na baintreabhthuigh a dtimcheall cheithre mblíadhan agus
cheithre bhfhichid dhi, nír fhágaibh sí an teampoll, achd ag déunamh
seirbhísi dho Dhia do ló agus doidhche, lé trosgadh agus lé húrnuighthe.


L. Lc2:38


Agus táinic so dho láthair ar an úair gcéudna, agus do aduimh sí an
tighearna maráon ríu, agus do labhair sí na thimcheal ré gach áon agá
raibhe súil ré fúasgladh an Iarusaléim.


L. Lc2:39


Agus mar dho chríochnuigheadar gach uile ní do réir reachda an
tighearna, do fhilleadar don Ghalilé, dá gcathruigh féin Nasarét.


L. Lc2:40


Agus do fhás an macáomh, agus do neartuigheadh a spioraid é, agus do
bhí sé lán deagna: agus dobhí grása Dé maille ris.


L. Lc2:41


Agus do ghnáthuigheadh a athair agus a mháthair dul gacha bliadhna
gu Hiarusaléim, a sollumuin na Cásg.


L. Lc2:42


Agus ar mbeith a dhá bhlíadhan déug dhó, dochúadar súas gu
Hiarusaléim, do réir ghnathuighthe na sollamnach:


L. Lc2:43


Agus ar gcríochnughadh na laitheadh úd, an tan do chasadarsan
do an an leanbh Iósa a Niarusaléim: gan fhios do Ioseph, ná dhá
mháthair.


L. Lc2:44


Agus an tan do sháoileadar go raibhe sé na gcuideachda, do shiobhladar
aisdear láoi, agus do íarradar é a measg a ndáoine gáoil agus aitheanta.


L. Lc2:45


Agus an tan nách fúaradar é, do fhilleadar gu Híarusaléim, dhá
íarruigh.


L. Lc2:46


Agus tarrla trí lá dhá éis sin, gu bhfhuaradar é ann sa teampoll an
a shuidhe a measg na ndoctúireadh, ag éisdeachd ríu, agus ag cur
cheasd orrtha.


L. Lc2:47


Agus do ghabh iongnadh gach uile dhuine dá gcúalaidh é, fána
thuigsin, agus fána fhreagarthaibh.


L. Lc2:48


Agus arna fhaicsin dóibh, do ghabh adhúathmhuireachd íad: agus
adubhairt a mháthair ris, a mhic, créd fá ndearna tú mar so rinn? féuch, do
bhí meisi agus tathair lán do dhobrón dod lorgaireachd.


L. Lc2:49


Agus adubhairt seision ríu, créd fá rabhabhair dom lorgaireachdsa?
An né nách raibhe a fhios agaibh gurbhéigean damhsa bheith ag dénamh
ghnódhaighthe mhathar?


L. Lc2:50


Achd nír thuigeadarsan na bríathra do labhair sé ríu.


L. Lc2:51


Agus dochúaidh sé léo síos, agus táinic sé go Nasaret: agus dobhí
sé umhal dóibh. Agus do thaisigh a mháthair na bríathra so uile an a
croidhe.


L. Lc2:52


Agus do mhéuduigh Iósa an eagna, agus a bpearsuin, agus a ngean ag
Día agus ag dáoinibh.


L. Lc3



L. Lc3:1


Agus an cúigeadh blíadhan déug dhimpireachd Thiberius Chesair, ar
mbeith do Fpoinncius Philáid na Ghíusdis ann sa Niúdea, agus
Iorúaith na úachdaráin ar an gceathramhadh cuid don Ghaililé,
agus Pilip a dhearbhráthair na úachdarán ar an gceathrumhadh cuid
do Itúrea agus ar chrích Thraconítis, agus Lisánias na
úachdarán ar an gceathramhadh cuid don Abiléne.


L. Lc3:2


An tan dobhí Annas agus Caiphás na nardshagartuibh, táinic
bríathar Dhé dochum Eóin mheic Shacharías, ar an bhfhásach.


L. Lc3:3


Uime sin táinic sé ar feadh na dúithchi a dtimcheall Iórdán, ag
seanmóir bhaisdigh na haithrighi dochum maithmhechuis na bpeacadh
dhfhagháil:


L. Lc3:4


Mar atá arna sgríobhadh a leabhar comhráidhteagh Esaías fáidh,
adeir, guth an té éighmheas ar an bhfhásach, ullmhuighidh shlighidh an
tighearna, dénuidh a chasain díreach.


L. Lc3:5


Líonfuidhear gach uile ghleann, agus ísléochthar gach uile shlíabh agus
chnoc: agus beid na neithe cama díreach, agus na slighthi garbha mín.


L. Lc3:6


Agus dochífi gach uile fhéoil slánughadh Dé.


L. Lc3:7


Uime sin adubhairt sé ris an slúagh tháinic amach chuige, dochum gu
mbaisdfeadh sé íad, á shlíochd na naithreach neimhe, cía thug
robhadh dháoibh, teitheadh ón fheirg atá ag teachd?


L. Lc3:8


Ar anadhbharsin tabhraidh torrtha bhus iomchubhaidh don naithrighe
úaibh: agus ná tindsgnaidh a rádh ionnaibh féin, atá Abraham ina
athair aguinn. Oír adeirimsi ribh, gurabéidir lé Dia clann do
dhusachd as na clochuibh so féin DAbrahám.


L. Lc3:9


Agus atá an túagh anois fós arna cur dochum Phréimhe na gcrann: ar
anadhbhar sin gach uile chrann nách tabhair toradh maith, gearrthar é,
agus teilgthear sa teinidh é.


L. Lc3:10


Agus do fhíafruigh an slúagh uile dhe, agá rádha, ar anadhbharsin
créud doghéunam?


L. Lc3:11


Agus ar bhfhreagra dhósan adubhairt sé riú, an té agá bhfhuil dá
chóta, roinneadh ris an té atá gan én chóta: agus gidhbé agá bhfhuil
bíadh, dénadh sé mar an gcéudna.


L. Lc3:12


Agus tangadar na Puiblicáin mar an gcéudna, dochum gu mbaisdfidhe
íad: agus adubhradar ris, a mhaighisdir, créud doghéunaimne?


L. Lc3:13


Agus adubhairt seision ríu, na déunuidh nísa mhó ná dho hórduigheadh
dháoibh.


L. Lc3:14


Agus do chuireadar na soighdíuirí fós ceisd air, agá rádha, agus créud
doghéunuimne? agus adubhairt sé ríusan; ná déunaidh foiréigean ar
dhuine ar bioth, agus ná hagraidh duine ar bith gu héugcórach: agus gu
madh lór libh bhur dtúarasdal féin.


L. Lc3:15


Agus ar mbeith ag feitheamh don fpobal, agus ar mbeith ag
smúaintiughadh dhóibh uile an a gcroidhthibh a dtimcheall Eóin,
narbheisean an Críosd,


L. Lc3:16


Do fhreagair Eóin, agá rádh ríu uile, atáimse go deimhin
dá bhur mbaisdeadh lé huisge: achd atá neach is neartmhuire iná mheisi
ag teachd, ag nach fíu mhé iallach a bhróg dho sgáoileadh: baisdfidh
seision sibh leis an spíorad naomh, agus lé teinidh:


L. Lc3:17


Agá bhfhuil a roilléun an a láimh, agus glanfaidh sé a iothla féin:
agus cruinnéochuidh sé an chruithneachd dá inad taisgidhe,
achd loisgfidh sé an cháith lé teineidh nách éidir dho mhúchadh.


L. Lc3:18


Agus ag teagasg mhóráin eile fós dó, do mhínigh sé an soisgéul don
phobal.


L. Lc3:19


Agus ar gcur an aghaidh Iorúaith an Tetrarcha dhó, fá Herodías
ben a dhearbhbhráthar Philip, agus fá gach uile dhrochghníomhartha eile
dá nderna Iorúaith,


L. Lc3:20


Do chuir sé so leis do bharr ar gach ní, gur dhúin sé ar Eóin a
bpríosún.


L. Lc3:21


Agus tarrla an tan do baisdeadh an pobal uile, agus dobhí Iósa agá
bhaisdeadh, agus ag dénamh úrnaighthe, gur hosgladh neamh:


L. Lc3:22


Agus gur thuirrling an spiorad náomh a bhfhióghair chorpardha mar
cholum air: agus gu dtáinic guth ó neamh agá rádh, is tú mo mhac
grádhachsa, is ionnadsa atá mo dheaghthoil.


L. Lc3:23


Agus dobhí Iósa féin a dtúairim a dheich mblíadhan bhfhichead
dáois, ar mbeith (do réir bhreathnuighthe na ndaoine) na mhac ag
Ióseph, mac Heli,


L. Lc3:24


Mheic Matthat, mheic Léuí, mheic Melchi, mheic
Ianna, mheic Ioséph,


L. Lc3:25


Mheic Mattathias, mheic Amos, mheic Naum, mheic
Esli, mheic Nagge,


L. Lc3:26


Mheic Maath, mheic Mattathias, mheic Semei, mheic
Ioséph, mheic Iúda,


L. Lc3:27


Mheic Ioanna, mheic Résa, mheic Sorobabél, mheic
Salathiel, mheic Néri,


L. Lc3:28


Mheic Mhelchi, mheic Addi, mheic Chosam, mheic
Elmodam, mheic Er,


L. Lc3:29


Mheic Iosé, mheic Eliesér, mheic Iorim, mheic
Matthat, mheic Léui,


L. Lc3:30


Mheic Simeón, mheic Iúda, mheic Ioséph, mheic
Ionán, mheic Eliacim,


L. Lc3:31


Mheic Mhelea, mheic Mainán, mheic Mattatha, mheic
Nathan, mheic Dábhí,


L. Lc3:32


Mheic Iessé, mheic Obéd, mheic Boós, mheic Salmón,
mheic Naassón,


L. Lc3:33


Mheic Aminadáb, mheic Aram, mheic Esron, mheic
Phares, mheic Iúdas,


L. Lc3:34


Mheic Iacob, mheic Isaac, mheic Abraham, mheic
Thara, mheic Nachor,


L. Lc3:35


Mheic Saruch, mheic Ragu, mheic Phalec, mheic
Heber, mheic Sala,


L. Lc3:36


Mheic Cainán, mheic Arphaxad, mheic Sé, mheic Noe,
mheic Lamech,


L. Lc3:37


Mheic Mathusala, mheic Enoch, mheic Iaréd, mheic
Maleléel, mheic Cainán, mheic Enos, mheic Séth, mheic
Adhaimh, mheic Dé.


L. Lc4



L. Lc4:1


Agus ar mbeith Díosa lán don spíorad náomh, do fhill sé tar a ais ó
Iórdán, agus do tréoruigheadh leis an spioruid ar an bhfhásach é:


L. Lc4:2


Agus dobhí sé annsin dá fhichead lá, agus an díabhal ag cur
chathuighthi air: agus ní dhúaigh sé ní ar bioth ar fedh na laitheadh úd:
achd arna gcríochnughadh, annsin do ghabh ocras é.


L. Lc4:3


Agus adubhairt an Díabhal ris, más tú mac Dé, abair ris an gcloichsi
bheith na harán.


L. Lc4:4


Agus do fhreagair Iósa é, agá rádh, atá sgríobhtha, nách lé harán
amháin mhairfios an duine, achd lé gach uile bhréithir Dhé.


L. Lc4:5


Agus an tan do thréoruigh an Díabhal é ar shlíabh árd, do thaisbén sé
ríoghachda na talmhun uile dhó, a moimeint daimsir.


L. Lc4:6


Agus adubhairt an Díabhal ris, dobhéra meisi na cumhachda so uile
dhuit, agus a nglóir: oír atá sí arná tabhairt damhsa, agus dobheirim
í dhon tí dárab toil leam.


L. Lc4:7


Ar an adhbharsin dá ndearna tú onóir dhamhsa, budh leat íad uile.


L. Lc4:8


Agus ar bhfhreagra dhíosa, adubhairt sé ris, imthigh úaim a Shatain:
óir atá sgríobhtha, dobhéura tú onóir don tighearna do Dhía féin, agus
is dó na aonar doghéuna tú seirbhís.


L. Lc4:9


Agus do thréoruigh sé é gu Hiarusaléim, agus do shuidhidh sé é ar
bheinn an teampoill: agus adubhairt sé ris, más tú mac Dé, teilg thú
féin síos as so.


L. Lc4:10


Oir atá sgríobhtha, dobhéura sé aithne dhá ainglibh ad thimcheall,
tusa dho choimhéud:


L. Lc4:11


Agus toigéubhuid síad eidir a lámhuibh thú, deagla gu
mbuailfidhthea do chos fá chloich úair ar bioth.


L. Lc4:12


Agus ar bhfhregra dhíosa adubhairt sé ris, atá arna rádh,
ní chuirfe tú cathughad ar an dtighearna do Dhia féin.


L. Lc4:13


Agus ar gcur chríche ar a chathuighthibh uile dhon Diabhal,
do fháguibh sé eisen ar feadh tamuill.


L. Lc4:14


Agus do chas Iósa maille ré cumhachdaibh na spíoruide don Ghalilé:
agus dochúaidh a chlú ar feadh na tíre na thimcheall.


L. Lc4:15


Agus do theaguisg seision an a sínagogaibh súd, ag fághail glóire ó gach
uile dhuine.


L. Lc4:16


Agus táinic sé gu Nasaret, mar ar hoiledh é: agus dochúaidh sé
asdteach mar bhudh ghnáth leis, lá na sabóide, don tsínagóig: agus do
éirigh sé na sheasamh do leughthóireachd.


L. Lc4:17


Agus tugadh leabhar Esaías fáidh dhó, agus an tan do osgail sé an
leabhar, fúair sé an tionad an a raibhe sgríbhtha,


L. Lc4:18


Spíorad an tighearna oramsa, tré gur ong sé mhé: do chuir se úadha mhé
dochum gu ndingénuinn an soisgél do sheanmóir do na bochduibh, dochum
gu sláinéochuinn na dáoine agá bhfhuilid croidhthe brisde brúidhti, dochum
gu ndingénuinn senmóir do na braighdibh gu bhfhúaisgéoltáoi íad, agus
do na dalluibh u bhfhuighdís radharc, agus gu dtiobhruinn sáoirsi don
mhuinntir atá arna gcombrudh:


L. Lc4:19


Dochum gu seanmóruinn bliadhuin fhorbháilteach an tighearna.


L. Lc4:20


Agus ar ndúnadh an leabhair dhó, agus arna thabhairt don mhinisdir,
do shuidh sé: agus dobhádar súile a raibhe ann sa tsínagoig uile ag féchain
air gu géur.


L. Lc4:21


Agus do thionnsgain sé a rádh ríu, aníugh atá an sgriobtúirso arna
choimhlíonadh an bhur gclúasuibhsi.


L. Lc4:22


Agus dorinneadar uile fíadhnuisi leis, agus dobhí iongantus aca ann
sna comhráitibh grásamhla dothigeadh as a bhéul, agus adeirdís, an né
nach é so an mac úd Ióséph?


L. Lc4:23


Agus adubhairt sé ríu, adértháoi rium gan amharus an seanfhocalsa,
a líaigh, leighis tú féin: leitheíd na neitheadh dochúalamar dorinne tú
a Gcapernaum, déna mar an gcéudna annso ad dhúthuidh féin íad.


L. Lc4:24


Agus adubhairt seision, adeirim ribh go fírinneach, nach fuil cion
ar fháidh an a thír féin.


L. Lc4:25


Achd adeirimsi gu fírinneach ribh, gu rabhadar mórán baintreabhthach a
laithibh Elías an Israél, an tráth dobhí an fhiormámeint trí
blíadhna agus sé mhí arna híadhadh, ionnas gu raibhe gorta mhór ar feadh
na talmhan uile:


L. Lc4:26


Achd nír cuireadh Elias dochum áon bhaintreabhthaighe aca súd,
achd gu Sarepta adhón, cathair na Sidoni, dochum mná dhobhí
na baintreabhthaigh.


L. Lc4:27


Agus dobhádar mórán lobhar an Israél, ré línn Eliseus an fáidh:
agus nír glanadh éin neach aca, achd Náaman an Sírénach.


L. Lc4:28


Agus do líonadh a raibhe annsa tsínagóig dfheirg, an tan dochúaladar
na neithesi.


L. Lc4:29


Agus ar néirghe na seasamh dhóibh, do theilgeadar as an gcathruigh
amach é: agus rugadar léo é ar mhaluidh an tsléibhe ar a raibhe a
gcathair arna tógbháil, dochum go dteilgfidís síos a ndíaigh a chinn é.


L. Lc4:30


Achd ar nimthechd dosan tré na lár, dochúaidh sé as úatha.


L. Lc4:31


Agus dochúaidh sé síos go Capernaum, cathair don Ghalilé, agus do
bhíodh sé dhá dteagasg ann sna sabóidibh.


L. Lc4:32


Agus dobhí adhúathmhuireachd acasan ana theagasg, oir dobhí a
chomhrádh maille ré hughdarrás.


L. Lc4:33


Agus dobhí neach ann sa tsíonagóig an a raibhe spiorad deamhnaighe
neamhghlan, agus do éigh sé do ghuth mhór,


L. Lc4:34


Agá rádh, uch, créud í an bhuain atá aguinne riot a Iósa
Nasardha? an dár sgrisne tháinic tú? atá a fhios agumsa cia thú:
adhón an neach náomhtha úd Dé.


L. Lc4:35


Agus do imdhearg Iósa é, agá rádha, bí ad tochd, agus tarr amach as.
Agus do imthigh an deamhan as arná thrasgairt do láthair, gan díoghbháil
ar bioth do dhenamh dhó.


L. Lc4:36


Agus do ghabh crith cách uile: agus do labhradar ré chéile, agá rádh,
créud é an níse, gu naithnigheann sé do na spioradaibh neamhghlana lé
cumhachdaibh, agus lé neart, agus gu dtigid síad amach?


L. Lc4:37


Agus dochúaidh a thúarasgbháil an gach uile ionad don réghión
gacha táobha.


L. Lc4:38


Agus an tan do éirigh Iósa as an tsínagóig, dochúaidh sé asdteach
gu teagh Símóin: agus dobhí fíabhrus romhór ar mháthair mhná
Símóin: agus do chuireadar impidhe air ar a son.


L. Lc4:39


Agus ar seasamh dhósan ós a cionn, do imdhearg sé an fíabhrus: agus
do fhágaibh an fiabhrus í, agus ar néirghe dhisi dho láthair, dorinne sí
friotháileamh orrtha.


L. Lc4:40


Agus ar ndul don ghréin fáoi, gach áon agá rabhadar dáoine éugcrúaidhe,
ó thinneasaibh éugsamhla, tugadar chuigesean íad: agus ar gcur a lámh
dhósan ar gach áon díobh, do shlánuigh sé íad.


L. Lc4:41


Agus fós do imthighidís na deamhain as mórán, ag éighmhe, agus agá
rádh, is tusa an Críosd úd mhac Dé. Achd dá nimdheargadh dhosan ní
léigeadh sé dhóibh a rádha, gu raibhe a fhios aca gurbhé féin an Críosd.


L. Lc4:42


Agus ar néirghe dhon lá do imthigh sé amach, agus dochúaidh sé
anionad fhásamhail, agus dobhí an slúagh agá lorgaireachd, agus tangadar
chuige: agus do chongbhadar é dochum nách rachadh sé úatha.


L. Lc4:43


Achd adubhairt seision ríu, gu fírinneach is éigean damhsa flaitheas
Dé dho sheanmóir do chathrachuibh éile leis: óir is chuige so do cuireadh
mhé.


L. Lc4:44


Agus dobhíodh sé ag déanamh senmóra a síonagógaibh na Galilé.


L. Lc5



L. Lc5:1


Agus tarrla an tan do ling an pobal air, déisdeachd ré bréithir Dé,
gur sheasuimh seision laimh ré Loch Ghenesarét:


L. Lc5:2


Agus dochonnaic sé dhá luing dobhí ar an loch: achd do imthigheadar
na híasgairedha asda, agus do nighedar a líonta.


L. Lc5:3


Agus ar ndul dósan a luing dhíobh do budh lé Síomón, do íarr sé air
dul beagán ón tír: agus ar suidhe dhó do theagaisg sé an pobal as an
luing.


L. Lc5:4


Agus mar dho sguir sé dho labhairt, adubhairt sé ré Símón; déunuigh
romhaibh ar an ndubhaigéun, agus leigidh siós bhur líonta dochum
éisg do ghabháil.


L. Lc5:5


Agus ar bhfhregra dho Shímon adubhairt sé ris, a mhaighisdir,
do thuirrsigheamair sinn féin feadh na hoidhche uile, agus nír
ghabhamair éin ní: achd cheana ar tfhuáireamhsa cuirfidh mé siós an
lion.


L. Lc5:6


Agus an tan dorinnedar so, do íadhadar ar iomarcuigh éisg: ionnus gur
briseadh a líon.


L. Lc5:7


Agus do sméideadar ar a gcompánachuibh dobhí ann sa luing éile,
dochum gu dtiocfadáois chuca do thabhairt chunganta dhóibh, agus
tangadarsan, agus do líonadar an da arthrach, ionnas gu rabhadar an innmhe
a mbáidhte.


L. Lc5:8


Agus an tan dochonnaic Símon Peadar so, do shléchd sé ag
glúinibh Iósa, agá rádh, imthigh úaim a thigherna, oir is duine peacthach
mhé.


L. Lc5:9


Óir do ghabh eagla é féin, agus a raibhe na fhochair uile, ar son na
gabhála éisg do ghabhadar:


L. Lc5:10


Agus mar an gcéudna Séumas agus Eóin, clann Sebedei, dobhí na
gcompánachuibh ag Símon, agus adubhairt Iósa ré Símon, na bíodh egla
ort: as so amach bíaidh tú ad tíasgaire ar dháoinibh.


L. Lc5:11


Agus an tan tugadarsan a longa dochum tíre, ar bhfhágbháil an uile
neith dóibh, do leanadar eisean.


L. Lc5:12


Agus tarrla an tan dobhí sé a gcathruigh dháirighthe, féch, dobhí
óglách lán do lubhra innte: agus ar bhfhaicsin Iósa dhó, do léig sé é
féin fíos ar a aghaidh, agus do ghuidh sé é, agá rádh, a thighearna,
más a thoil leat é, is éidir leat mheisi dho ghlanadh.


L. Lc5:13


Agus ar síneadh a láimhe Dhíosa, do bhean sé ris, agá rádh,
as toil, bí glan, agus do fháguibh an lubhra é ar an mball.


L. Lc5:14


Agus do aithin sé dhe gan a innisin do dhuine ar bioth: achd
imthigh ar seisean foillsigh thú féin don tsagart, agus iodhbair ar son
do ghlanta, mar do aithin Máoisi, dochum gu mbeth sé na fhíadhnuisi
dhóibh.


L. Lc5:15


Achd is móide dho leathnuigh a thúarasgbháil sin: agus do chruinnigh
slúagh mór dhéisdeachd ris, agus dfhagháil fhoirithne a dteinneas
úaidhe.


L. Lc5:16


Achd dochúaidh seisean fá leith ar an bhfhásach, agus dorinne sé
urnaighthe.


L. Lc5:17


Agus tarrla gu raibhe sé lá dháirighthe ag teagasg: agus gu rabhadar
na Fpairisínigh, agus dochtúirí an dlighidh na suidhe dho láthair, noch
tháinic as gach uile bhaile don Ghalilé, agus don Iúdea, agus ó
Iarusaléim: agus dobhí cumhachda an tigherna aigesion dochum a
slánuighthe:


L. Lc5:18


Agus féuch, do iomchradar dáoine a leabuidh, óglach dobhí a
bpairilis: agus do íarradar a thabhairt asdeach, agus a chur na
fhíadhnuisisean.


L. Lc5:19


Agus an tráth nach fúaradar cáoi ar a thabhairt asdeach, ag méud
na cuideachda, dochúadar súas ar an dteagh, agus do léigeadar é féin, agus a
leabuidh síos tríd an slinnteach ar lár, a bhfhiadhnuisi Iósa.


L. Lc5:20


Agus ar bhfhaicsin a gcreidimh dhó, adubhairt sé ris, a dhuine,
atáid do fpeacuidh arná maitheamh dhuit.


L. Lc5:21


Agus do thionnsgnadar na sgríobuidhe, agus na Phairisínigh
disbóireachd do dhéunamh, agá rádh, créd é an fearsa labhras gu
tatháoireach ar Dhia?: cía fhéudus peacuigh dho mhaitheamh achd Día na
áonar?


L. Lc5:22


Achd ar naithne a smúaintighthe dhíosa, do fhreagair sé, agus
adubhairt sé ríu, créd é an ní so smuaintighthisi an bhur gcroidhthibh?


L. Lc5:23


Cía is usa? a rádha, atáid do pheacuidh arna maitheamh dhuit: na a
rádha, éirigh, agus siobhail?


L. Lc5:24


Achd dochum go mbeth a fhios agaibh, gu bhfhuil cumhachda ag mac an
duine, peacuidh dho mhaitheamh ar an dtalamh, (adubhairt sé ré fear na
pairilisi) adeirimsi riot, éirigh, tóguibh do leabuidh, agus imthigh dod
thigh.


L. Lc5:25


Agus ar néirghe dhósan ar an mball an a bhfhiadhnuisi, do thógaibh sé
an leabuidh an a raibhe sé na luighe, agus dochúaidh sé dhá thigh, ag
moladh Dé.


L. Lc5:26


Agus do ghabh uathbhás cách uile, agus do mholadar Día: agus do
líonadh dhegla íad, aga rádh, dochonncamair neithe doichreite aníugh.


L. Lc5:27


Agus tar éisi so dochúaidh Iósa amach, agus dochonnaic sé
puiblecán dárbhainm Leuí, na shuidhe ag bord an chusduim do ghlacadh,
agus adubhairt sé ris, lean mheisi.


L. Lc5:28


Agus ar bhfhágbháil gach éin neithe dhósan, do éirigh sé, agus do lean
sé eisean.


L. Lc5:29


Agus dorinne Leui féusda mór dhó ana thigh féin: agus dobhí
cuideachda mhór phuibleacán, agus dáoine eile ar suidhe na bhfhochair.


L. Lc5:30


Agus dorinne cuid díobh dhobhí na sgríobhuidhibh, agus na
BPhairisíneachuibh monabar an aghaidh a dhisciobalsan, agá rádha,
créud fá nithtísi agus fá nibhthí a bhfhochair na bpuiblicán, agus na
bpeacthach?


L. Lc5:31


Agus ar bhfhreagra Dh'íosa adubhairt sé ríu, ní fhuil ríachdanus
an leagha ar na dáoinibh slána, achd ar na dáoinibh tinne.


L. Lc5:32


Ní tháinic mé dho ghairm na bhfhíréunach achd na bpeacthach dochum
aithrighe.


L. Lc5:33


Achd adubhradarsan ris, créud fá dtroisgid disgiobail Eóin gu
minic, agus créd fá ndéunuid síad urnaighthe, agus mar an gcéudna
disgiobail na hPhairisíneach: achd ithid agus ibhid do dhisgiobailsi.


L. Lc5:34


Agus adubhairt seision ríu, an bhfhédtáoisi a thabhairt fá deara do
chloinn tséomra an fhir núa fpósda trosgadh dho dhéunamh, an feadh bhías
sé féin na bhfhochair?


L. Lc5:35


Achd tiocfaid na laithe an tan bhéurthar an fear núafpósda úatha, ann
sna laithibh sin, doghéunuid síad trosgadh.


L. Lc5:36


Agus adubhairt sé fós tré chosmhalachd ríu, ní chuireann neach ar
bioth preabán éuduigh núa a seanchulaidh, nó no brisidh an téudach nua
an seinéudach agus ní thig an preabán núaéuduigh leis an seinéudach.


L. Lc5:37


Agus ní chuireann duine ar bioth fíon núa a seanbhuidéulubh, nó
no brisfidh an fíon núa na buidéil, agus doirtfidhear an fíon, agus rachuid
na buidéil amugha.


L. Lc5:38


Achd fíon nua is cóir dho chur a a mbuidéuluibh núadha, agus beid
síad aráon slán.


L. Lc5:39


Agus ní fhuil duine ar bioth ibheas seinfhíon, lénab áill fíon núa
ar ball: oír adeir sé, is é an seinfhíon is folláine.


L. Lc6



L. Lc6:1


Agus tárrlá ar ngabháil trí ghortuibh dhosan an dara sabóid don
tsollamain, gur bheanadar a dheisgiobail déusa, agus tar éis agcuimealta
eidir a lamhuibh dhóibh, adúadar íad.


L. Lc6:2


Achd adubhradar cuid dona Phairisineachuibh ríu: créd fá ndéuntaoi an ní
nách indénta, annsa tsaoire?


L. Lc6:3


Agus ar bhfhreagra Dhiosa adubhairt sé ríu, an né nár
léughabhuirsi an ní so dhorinne Dabhí, an tan dobhí ocrus air féin,
agus ar an muintir dhobhí na fharradh:


L. Lc6:4


Cionnus dochúaidh sé asdeach go teagh dé, agus do ghlac sé arán na
fíadhnuisi, agus a duaigh sé hé, agus tug sé fós don mhuintir dobhí na
fhochair hé: noch nár chóir dhéin neach dh'ithe, achd dona
sagurtuibh amháin?


L. Lc6:5


Agus adubhuirt seisean ríu, as tighearna dhon tsábbóid fein mac an
duine.


L. Lc6:6


Agus tarrla fós a saboíd eile, go ndeachuidh seisean asdeach don
tsinagog, agus gur theaguisg sé, agus dobhí óglách annsin agá raibhe a
lámh dheas arna seargadh.


L. Lc6:7


Agus dobhí coimhéud ag na sgríobhuidhi agus ag na Pharisineachuibh
airsean, dá fhéuchuin an ndingnadh se leigheas annsa tsabóid, dochum go
bhfhuighbhidís adhbhar gearáin air.


L. Lc6:8


Achd do aithin seisean a smúainthighthe: agus adubhairt sé ris an
nduine agá raibhe an lámh sheirgthé: éirigh, agus seasuimh a lár cháich.
Agus do éirigh seision agus do sheasuimh sé.


L. Lc6:9


Ar an adhbhar sin adubhart Iósa ríusan, fiafróchaidh meisi dhíbhsi ní
dháirighthe, an cóir maith nó olc dho dhéunamh sa tsabóid: anum do
theasargadh nó dho ligean amugha?


L. Lc6:10


Agus an tan do fhéuch sé orrtha uile na thimcheal, adubhairt sé ris
an nduine, sín amach do láimh: agus dorinne seisean mar sin: agus do
haiseagadh a lámh comhshlán ris an láimh eile.


L. Lc6:11


Agus do líonadh íadsan do chuthach: agus do luaidheadar ré a chéile,
créd doghéundís ré hÍosa.


L. Lc6:12


Agus tarrla ann sna laithibh sin, go ndeachuidh seisean amach ar
sliabh, do dhéunamh úrnaighthe: agus do chaith sé an oidhche ag guidhe Dé.


L. Lc6:13


Agus ar néirghe dhon lá, do ghoir sé a dheisgiobail chuige, agus do
thogh sé dhá fhear dhéug asda, dár ghoir sé absdail:


L. Lc6:14


Eadhón Símon dár ghoir sé fós Peadar, agus Ainndriás a
dhearbhráthoir, Séumas agus Eóin, Philip, agus Bartolomeus.


L. Lc6:15


Maithteu agus Tomás, Séumas mac alphei, agus Símon dá
ngoirthear Selótes.


L. Lc6:16


Iudás dearbhráthair Shémuis, agus Iudás Iscaríot, (an té fós
do bhraith eision.)


L. Lc6:17


Agus táinig sé anúas léo, agus do sheasuimh sé ar mhachuire réidh, agus a
choimhthionól deisgiobal, agus mórán mór dho phobal ón Iudea uile
agus ó Iarusalem, agus ó chois fhairrge Tirus agus Sidon, noch tháinig
dhéisdeachd rission, agus dfhaghbháil leighis ar a neaslaíntibh.


L. Lc6:18


Agus a raibhe arná gciorrbhadh ag spioraduibh neamhghlana, agus do
leighiseadh iád.


L. Lc6:19


Agus dobhí an slúagh uile ag iárruidh cuimealta ris, óir do
bhíod cumhachda ag dul úaidh, agus do shlánuidh sesion iád uile.


L. Lc6:20


Agus ar dtógbháil a shúl súas dósan ar a dheisgiobluibh, adúbhairt
sé: as beandaighthe sibhsi a dháoine bochda: oír as libh flaitheas
Dé.


L. Lc6:21


As beannaighthe sibh a dháoine atá ocrach anois: óir saiseóchthar
sibh: As beannaighthe sibhsi cháoidheas anois: oír doghéuntáoi gáire.


L. Lc6:22


As beannaighthe beithí an tráth fhúathóchuid dáoine sibh, agus
chuirfid síad as a gcuideachda sibh, agus imdhergfuid síád sibh, agus
chuirfid siad bhur nainm as, mar go madh olc he, ar son mheic an duine.


L. Lc6:23


Déunuidh gairdeachus an lá sin, agus éirghidh anairde re lúthghair,
óir féuch, as mór bhur lúaidhigheachd ar neamh. Oir as mar sin dorinneadar
a naithreacha ris na fáidhibh.


L. Lc6:24


Achd as anáoibhinn dáoibhsi a dhaoine saidhbhre: oir atá bhur sólás
aguibh.


L. Lc6:25


As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá sáitheach: oír bíaidh ocras
oruibh. As anáoibhinn díbhsi, a dhaoine atá ag gáire anois: oír
cáoifidhe, agus goilfidhe.


L. Lc6:26


As anáoibhinn dáoibhsi an tráth adéuruid na huile dháoine maith ribh:
oír as mar sin dorinneadar a naithreacha ris na fáidhibh fallsa.


L. Lc6:27


Achd adheirim ribhsi, a dhream dhobheir éisdeachd damh,
grádhuighidh bhur námhuid: déunuidh maith dhon dréim ar a leag sibh:


L. Lc6:28


Tabhruidh bhur mbeannachd don dréim mhalluigheas sibh: agus déunuidh
urrnaighthe ar son na muinntire dhoní bhur ndíoghbháil.


L. Lc6:29


Agus an té bhuáileas ar dho ghíall thú, iompó chuige an gíall eile leis:
agus an té bheanus do bhrat leithimeallach dhíot, ná bac dhe do chóta fós
do bhuáin díot.


L. Lc6:30


Agus tabhuir dhá gach neach iarrus ort: agus ón té thógbhus do chuid
uáit, ná hiárr tar a hais hí.


L. Lc6:31


Agus fá mar as toil libh dáoine do dhéunamh dhíbh, déunuidhsi mar an
gcéudna dhóibhsion.


L. Lc6:32


Oír má tá grádh águibh dhon mhuinntir ghradhuigheas sibh, créud hé an
buidheachus bhias oruibh? óir grádhuighíd na peacuigh féin, na dáoine
ghrádhuigheas íad.


L. Lc6:33


Agus má dho nithí maith don dreim ud doní maith dhíbh, créud hé an
buidheachus bhias oruibh? óir doníd na peacuidh féin, a leithéid sin.


L. Lc6:34


Agus dá dtugtháoi áirleagadh do na daoinibh ó a saoiltí a fhagháil
arís, créud hé an buidheachus bhias oruibh? óir dobheirid na peacaidh
áirleagadh do na peacthachaibh, dochum go bhfhuighdís a leithéid arís.


L. Lc6:35


Ar anadhbhar sin grádhuighidh bhur námhuid, agus déunuidh maith, agus
tabhruidh áirleagadh úaibh, gan tsúil ré ní ar bioth dfagháil da tharla:
agus bhudh mór bhur luáigidheachd, agus beithí in bhur gcloinn ag an té as
airde. Oír as úr toirbheartach hé, dona drochdháoinibh, dobhuidhachuis.


L. Lc6:36


Ar anadhbhar sin bithísi trócaireach, mar atá bhur nathuir
trócuireach.


L. Lc6:37


Agus ná beiridh breath, agus ní béurthar breath oruibh: ná
damnuighe, agus ní daiméontar sibh: maithidh, agus maithfidhear dháoibh.


L. Lc6:38


Tabhruidh úaibh, agus dobéurthar dháoibh: agus dobhéuruid dáoine
dáoibh an bhur nuchd measúr maith, dingthe, croithte, ag dul thairis. Oir
as leis an measúr an a dtoimheosdaoí, toimheósdar mar an gcéudna dháoibh.


L. Lc6:39


Agus do labhuir sé baramhuil ríu, an bhfhéudann an dall éolus do
dhéunumh dhon dall eile? an ne nách tuitfid siad aráon sa díg?


L. Lc6:40


Ni fhuil an deisgiobal ós cionn a mhaighisdir, achd gidhbé neach
bhus dhiongmhála, bíaidh sé mar a mhaighisdir.


L. Lc6:41


Agus créud fá abhfhaiceann tú an brobh beag asúil do dhearbhráthar,
agus nach tabhroir dhod taire, an tsail atá ad tsúil féin?


L. Lc6:42


Nó cionnus as éidir leat arádh réd dhearbhráthuir, a
dhearbhráthuir léig dhamh an tsimhin atá ad tsúil do bhuáin aisde: águs
nách faiceann tú an tsail atá ad tsúil féin? a fhir an
fhúarchrábhuidh, ar tús teilg amach an tsail as do shúil féin, agus ansin
bhus léir dhuit, an tsimhin atá a súil do dhearbhráthar do bhuáin aisde.


L. Lc6:43


Oír ní maith an crann iomchras drochthoradh, agus ní holc an crann
iomchras toradh maith.


L. Lc6:44


Óir is as a thoradh aítheantar gach uile chrann. Oír ní chruinnighid
dáoine fígeadha dhon droighean: na cáora fíneamhna, dhon drisleach.


L. Lc6:45


Dobheir an duine maith, ní maith, as cisde mhaith a chroidhe féin: agus
dobheir an drochdhuine drochní, as drochchisde a chroidhe fein. Oír is
as acfuinn a chroidhe, labhrus a bhéul.


L. Lc6:46


Achd créud fá ngoirthísi, a thighearna, a thighearna dhíomsa: agus
nach déuntaoi na neithe adeirim?


L. Lc6:47


Gach uile neach thig chugamsa, agus éisdeas rém bríathruibh, agus do
ní dhá reir: foillséochuidh mé dhaoibhsi cía réna cosmhuil hé.


L. Lc6:48


As cosmhuil hé ré neach dho thógaibh a theach, agus do thochail, agus
dochuaidh go domhuin a dtalumh, agus do chuir a fuinnemennt ar charruig:
agus mar tháinig an tuile, do bhúail an sruth fán dteach úd, achd
nírbhéidir leis a chorrughadh: oír dobhí sé arna fhunndámentughadh ar
charruig.


L. Lc6:49


Achd gidhbé dhochúalaidh ma bhríathrasá, agus nach dearrna
dhá réir, as cosmhuil hé ré neach dho thóguibh a theach ar thalamh gan
fhunndámennt, ar ar bhúail an tuile: agus do thuit sé dho láthuir,
agus do budh mór tuitim an tighe úd.


L. Lc7



L. Lc7:1


Agus an tráth dho chríochnuigh sé a bhriathra uile anéisdeachd an
phobail, dochúaidh sé asdeach go Capernaum.


L. Lc7:2


Agus dobhí óglách chaptín dáirighthe gu bréoite a riochd bhaís, ar a
raibhe cion mór aige.


L. Lc7:3


Agus an tan dochúaluidh sé tuarasgbáil Iósa, do chuir sé sinnsir na
niuduighe chuige, aga iarruidh air, teachd, agus a shearbhfhoghantuidhe
dhfhoirithin.


L. Lc7:4


Agus an tan tangadar so dochúm Iósa, do iárradar air go dítheallach, agá
rádh, gurbhfhíu hé so dho thabhuirt do.


L. Lc7:5


Oír atá grádh aige dhar gcineadhne, agus do thóguidh sé sionagóg
dhúinne.


L. Lc7:6


Agus dochúaidh Íosa léo. Agus an tan dobhí sé a ngar dhon tigh, do
chuir an captiein caruid chuige, agá rádh ris, a thighearna, ná cuir
buaidhreadh ort fein: oír ní fiú meisi go rachdá asdeach fá cléith mo
thighi.


L. Lc7:7


Ar anadhbhar sin níor mheas mé gurbhfhiú mé féin dul ad cheann,
achd abuir a bhfocal, agus bíaidh mhóglách slán.


L. Lc7:8


Óir as duine meisi féin atá fá chumhachdaibh (duine eile), aga
bhfuilid soighdíuirí fúm, agus adeirim ris an bhfhear so imthigh, agus
imthighidh sé: agus ré fear éile, tarr, agus tig sé: agus rém
shearbhfhoghantaidhe deuna so: agus doní sé hé.


L. Lc7:9


Agus arná gcloisdin so dhíosa, dobhí iongnadh aige ann, agus ar
bhfhilleadh dhó, adubhairt sé ris an sluagh dho lean hé, adeirim ribh,
nách fúair mé fós an Israhél féin a chommór so dho chreideamh.


L. Lc7:10


Agus ar bhfhilleadh dhá dtigh dhona teachduiribh úd do cuireadh chuige,
fúaradar an searbhfoghantaidh dhobhí tinn, slán.


L. Lc7:11


Agus tárrlá an lá na dheaghuidh sin, go ndeachaidh sé dhon chathruigh,
dá ngoirthear Náin: agus dochuadar morán dá dheisgiobluibh leis, agus
buidhean mhór.


L. Lc7:12


Agus an tan tánig sé angar dho dhoras na cathrach, fhéuch, dobhí
duine marbh aga bhreith amach, dobhí ina aon mhac agá mháthuir, agus hí na
baintreabhthaigh: agus dobhí cuimhthionól mór ón chathruigh na fochair.


L. Lc7:13


Agus arna faicsin don tighearna, do ghabh trúaighe mhór dhi hé, agus
adubhairt sé ría, ná guil.


L. Lc7:14


Agus ar ndrud ris, do bhean sé ris an gcomhraidh, (agus do
sheasmhuigheadar an luchd dobhí agá iomchar) agus adubhairt sé,
a ógánaigh, adeirim riot, éirigh.


L. Lc7:15


Agus do éirigh an duine marbh na shuidhe, agus do thinnsgain sé,
labhairt, agus tug sé dhá mháthuir féin hé.


L. Lc7:16


Agus do ghabh eagla iad uile, agus tugadar glóir dho Dhia, agá radh:
atá fáidh mór ar néirghe an ar measg, agus do fhéuch Dia ar a fpobal féin.


L. Lc7:17


Agus dochúaidh an tuarasgbháil so amach air féadh Iudéa
uile, agus feadh an reigioín uile ar gach taobh.


L. Lc7:18


Agus do innseadar a dhéisgiobail na neithe so uile Dhéoin. Agus ar
ngairm Dhéoin deisi dhairighthe dhá deisgiobluibh chuige,


L. Lc7:19


Do chuir sé a gceann Iosa, iad, agá rádh: an tusa an té úd do
bhí dochum teachda, nó an bhfhuiréochum ré neach eile?


L. Lc7:20


Agus an tan tángadar na daoine úd chuigesean, adubhradar, do chuir
Eoin baisde sinne chugad, agá rádh: an tusa an té úd dobhí dochum
teachda, nó an bhfuiréochum ré neach eile?


L. Lc7:21


Agus ar an uáir sin fein do shlanuigh sé mórán daoine, ó
easlaíntibh, agus ó pláighibh, agus ó dhróch spioraduibh: agus tug sé a
ragharc dho mhórán do dhalluibh.


L. Lc7:22


Agus ár bhfreagra Diosa, adubhairt sé ríu, ár nimtheachd díbh,
innisidh dhéoin, na neithe dhochonncabhair, agus dochúalubhair:
go naiseagthar dho na dalluibh a radharc: go siubhlaid na bacuidh:
go nglantar na lobhair: go gcluinid na buibhir: go néirghid na mairbh:
go bhfhuil an soisgéul dá sheanmóir do na bochdaibh.


L. Lc7:23


Agus as beannaighthe an té nách fuighi oilbhéim ionnumsa.


L. Lc7:24


Agus an tráth do imthigheadar teachdaireadha Eoin, do thinnsgoin
seision arádh ris an bpobal a dtimcheall Eoin, créud hé an ní agá
ndeachubhuir dhá fhéuchain amach ar an bhfhásach? an d'fhéughuin
ghiolchuigh arná bhogadh ag an ngaoith?


L. Lc7:25


Achd créud hé an ní agá ndeachubhair amach dhá fhéuchuin? an
dfhéchuin duine atá arná éudughadh anéuduighibh mine? fhéuch, an
luchd bhíos an éudaighibh onóracha agus a sáimhe, is a bpálásuibh na
ríogh bhíd síad.


L. Lc7:26


Achd créd hé an ní agá ndeachubhair amach dhá fhéuchuin? an
d'fhéuchuin fáidh? adeirim ribh go fírinneach gurab dféuchuin dhuine
as mó ioná fáidh.


L. Lc7:27


Ag so an té ar a bhfhuil sgríobhtha, féuch, cuírim mo theachdaire
romhad, oillmhéochus do shlighe ad tfhiadhnuisi.


L. Lc7:28


Oír adeirim ribh, nách fuil fáidh as mó ioná Eóin baisde, edir
chlannuibh na mban. Achd cheana an té as lugha a ríoghachd Dé, as mó
hé ná eisean.


L. Lc7:29


Agus arna gcloisdin so, do mholadar an pobal uile, agus na
Puibleacain Dia, dobhí arná mbaisdeadh re baisdeadh Eóin.


L. Lc7:30


Achd tugadar na Phairisínigh agus an luchd dlighidh tarcuisne ar
chomhairle Dhé iona naghuidh féin, ar ndíultadh baisdigh úadhasan.


L. Lc7:31


Agus adubhuirt an tighearna, cía ré saimhéola mé dáoine an chinidh
so? agus cia réna cosmhuil iad?


L. Lc7:32


As cosmhuil iád re leanbuibh na suidhe ar áit an mharguidh, agus
eighmeas ar á chéile, agus adeir: dorinneamair píobaireachd dáoibh,
agus ní dhearnubhair damhsa: dorinneamair cáoi dhíbh, agus ní
dhearnubhair gúl.


L. Lc7:33


Oír thánig Eóin baisde, ní ag ithe aráin, ná ag ól fhíona, agus
adeirthísi atá an diabhal ann.


L. Lc7:34


Táinig mac an duine ag ithe, agus ag ól, agus adeirthí, feuch, an
duine craosach, agus pótaire fíona, cara na bPuibleacan agus na bpeacthach.


L. Lc7:35


Achd atá an eagna arná sáoradh óna cloinn féin uile.


L. Lc7:36


Agus do iárr duine dháirighthe dona fairisíneachaibh air,
biadh dhithe na fhochair. Agus ar ndul asdeach go tigh an fhairisínigh
dhó, do shuidh sé síos dochum bídh.


L. Lc7:37


Agus tabhair dodhúidh, an tráth fúair bean don chathraigh, dobhí
na peacthach, a fhios go raibhe sé na shuidhe ag bíadh a dtigh an
fhairisínigh, tug sí boxa duinnemennt lé,


L. Lc7:38


Agus ar seasamh agá chosuibh don taobh thiár dhe ag gul, do
thionnsgain sí a chosa dionnladh léna deúruibh, agus a dtiurmughadh lé
grúaig a cinn, agus do phóg sí a chosa, agus do ong sí leis an uinement iád.


L. Lc7:39


Agus an tan dochonnaic an pairisínneach tug an cuireadh dhósan sin,
do smúain sé na inntinn, agá rádh, dá madh fháidh an fear so do aithéonadh
sé, cía, agus gá hionnus an bhean so bheanus ris, óir as peacthach hí.


L. Lc7:40


Agus ar bhfhreagra DhÍosa adubhairt sé ris; a Shimóin, atá ní
agum ré rádh riot: agus adubhairt seision, a mhaighisdir, abuir romhat.


L. Lc7:41


Dobhadar ar Iósa días dfhéitheamhnuibh ag fior airligthe do
thabhairt úaidh, do dhligh sé chúig céud pinginn dfhior aca, agus
deich bpinginne agus dá fhichead don dara fear.


L. Lc7:42


Agus an tráth nach raibhe díoluigheachd ag ceachdar aca ré a
thabhairt dó, do mhaith sé na fiacha dhóibh araon: uime sin innis damhsa,
cía aca lénab annsa hé?


L. Lc7:43


Agus ar bhfreagra dho Shímón adubhairt sé, measuim gur leis an té
dhár mhaith sé an tsuim as mó. Agus adubhuirt seision ris, as maith
an bhreath rug tú.


L. Lc7:44


Agus ar bhfhilleadh dhó dochum na mná, adubhairt sé ré Símón, an
bhfhaiceann tú an bhean so? táinig meisi asdeach dod thighsi agus ní
thug tú uisge dochum mo chos dionnladh, achd do nigh an bhean so mo chosa
léna deuruibh, aghus do thiormuigh sí iád lé grúaig a cind.


L. Lc7:45


Ní thug túsa pog dhamh: achd ó tháinig mé asdeach, nír choisg sisi
dho fhógadh mu chos.


L. Lc7:46


Níor ong tú mo cheann lé hola, achd do ong an bhean so mo chosa ré
huinnemennt.


L. Lc7:47


Ar anadhbhar sin adeirim riut, go bhfhuilid a hiomad peacaidh arná
maitheamh dhi: oir as mór do ghrádhuigh sí. Achd gidhbé dhá maithear
beagán as beag ghrádhoigheas sé.


L. Lc7:48


Agus adubhairt sé ría, atáid do pheacuidh arna maithteamh dhuit.


L. Lc7:49


Agus do thionnsgnadar an líon dobhí na suidhe na fhochair ar an
mbórd, arádh ionnta féin, cía an fear so maitheas na peacuidh?


L. Lc7:50


Agus adubhairt sé ris an mnaoí, do shlanuigh do chréideamh thú
imthigh a síothcháin.


L. Lc8



L. Lc8:1


Agus tarrla na dheghaidh so, gur shiobhuil seisean tré gach cathair,
agus tré gach baile, ag seanmórúgadh, agus ag soisgéulughadh rioghachda Dé.
Agus dobhádar an dá fhear dhég ina fhochair:


L. Lc8:2


Agus mná dháirighthe dobhí arna slánughadh ó dhroichspioraduibh,
agus ó easláintibh mar atá, Muire dá ngoirthí Maghdalén, as a ndeachadar
seachd ndeamhain,


L. Lc8:3


Agus Ioanna bean Chúsa fheadhmannuigh Ioruaith, agus Susanna,
agus mórán do mhnáibh do chaith risean dá gcuid féin.


L. Lc8:4


Agus an tan do chruinnigh buidhean mhór, agus tángadar as gach uile
chathruigh chuigesion, do labhair sé a gcosamhlachd ríu.


L. Lc8:5


Dochuaidh síoladoír dháirighthe amach do chur a shíl, agus ag cur an
tsíl dó, do thuit cuid de chois na shlighedh, agus do brúigheadh fá
chosaibh daoine hé, agus do itheadar enlaith anaigheir hé:


L. Lc8:6


Agus do thuit cuid eile dhe ar charraic, agus ar bhfás dó, do shearg sé,
do bhrídh nach raibhe taisleach aige:


L. Lc8:7


Agus do thuit cuid eile dhe a mesg sgeacharnuighe: agus ar bfás
don sgeacharnuigh anaoinfheachd ris, do thachdadar hé:


L. Lc8:8


Agus do thuit cuid eile a dtalamh mhaith: agus an tan do fhás sé, tug
sé toradh cédach uadha. Agus arna rádh so dhó, do éigh sé, giodhbe aga
bhfhuilid clúasa dochum eisdeachda, eísdeagh sé.


L. Lc8:9


Agus do fhiáfruigheadar a dhisgiobuil de, ag radha, cred do bhudh ciall don
chosamhlachdsoin.


L. Lc8:10


Agus adubhairt seisean ríu: is daoibhsi atá arna thabhairt
séicreide rioghachda Dé dhaithni, achd labhruimsi tré
chosamhlachduibh ré cách eile, dochum ar bhfaicsin
dóibh nach bhfaicfeadaoís, agus ar gcluinsin dóibh nach tuigfeadaois:


L. Lc8:11


Ag so an bharamhuil: as é an síol bríathar Dhé:


L. Lc8:12


Agus an dréam hlacas an síol chois na sligheadh, asíad súd
éisdeas, na dhiaidh sin tig an diabhal, agus tógbhuidh sé an bhríathar
as a gcroidhe, deagla gu gcreidfeadáois, agus go slainéochthaoi iad.


L. Lc8:13


Agus an dream do ghlac an síol ar an gcarruic, asiád so noch
an tan dochluinid siád ghabhas chuca an bhríathar maille lé gáirdeachas:
achd ní fhuil frémh aca so, noch chreideas feadh tamuill, agus fhilleas
ar a nais an aimsir an chathaighthe.


L. Lc8:14


Achd an ní úd do thuit a measg na sgeacharnuidhe, asiad so do eisd:
achd ar nimthechd dóibh, múchtar iád lé cúramuibh, agus lé saidhbreas, agus
lé saímhe na beatha sáoghalta so agus ní thabruid toradh úatha.


L. Lc8:15


Achd an ní do thuit ann sa talamh mhaith, asiad súd éisdeas ris an
mbréithir, agus chunnmhas hí a gcroidhe shocraidh mhaith, agus dobheirid
toradh úatha á bhfhoighide.


L. Lc8:16


Achd ní fhuil neach ar bioth lasas coinneall, fholchas fa
shoightheach hí, na chuireas fá leabuidh hí: achd cuiridh sé a gcoinnleoir
hí, dochum go bhfhaicfeadh an luchd teid asdeach an solas.


L. Lc8:17


Oír ní fhuil éin ní foluightheach nach biaidh sé follas: na
ní ar bith seicréideach, nach fuidhthear a fhios agus nach tiocfaidh
dochum soillsi.


L. Lc8:18


Ar anadhbharsoin tabhruidh bhur naire ribh cionnas eisdeas sibh:
Oír giodhbé neach aga bhfhuil, is dó dobhérthar: agus gidhbé neach ag
nach fuil, bérthar úadha an ní fós shaoíltear do bheith aige.


L. Lc8:19


Agus tángadar a mhathair agus a dhearbhraithreacha chuige, agus
níorbhéidir leó dhul a ngar dhósan ag an slúagh.


L. Lc8:20


Agus do hinniseadh dhó, ag rádha, atá do mháthair agus do
dhearbhrathireacha na seasamh amuich ag iárruidh dfaicsiona.


L. Lc8:21


Agus ar bhfreagra dhósan adubhairt sé riú, asiad so mo
mháthair, agus mo dhearbráithreacha noch eisdeas briathar Dhé, agus doní
dá réir.


L. Lc8:22


Agus tarrla lá dháirighthe gu ndeachaidh seisean agus a dhisgiobuil a
luing: agus adubhairt sé ríu, dénam ar an mbrúach úd anunn an locha.
Agus do sdiuradar rompa.


L. Lc8:23


Agus ag luingseórachd dóibh do thuit a chodladh airsean: agus do
éirigh sdoirm gháoithe ar an loch: agus do líonadh suas iád, agus dobhádar
a ngábhadh.


L. Lc8:24


Agus ar ndol chuigesen dóibh do dhuisgedar hé: ag rádha, a
mhaighisdir, a mhaighisdir, atámaoid ar fágbháil. Agus ar néirghe
dhosan do bhagair sé ar an ngaoith agus ar thonnghail anuisge: agus do
chiúnuigheadar, águs táinic suaimhnes ann.


L. Lc8:25


Agus adubhairt sé riú cáit a bhfhuil bhar gcréideamh? agus ar
mbeith ar crioth le hegla dhóibhsion do ghabh iongnadh iad, aga rádh ré
chéile; cia hé so, adeir ris na gaothaibh, agus ris anuisge fós, bheith
na dtochd, agus umhluighid siád dó?


L. Lc8:26


Agus dorinnedar loingseórachd go crích na nGadarénach, atá as
comhair na Galilé anunn.


L. Lc8:27


Agus ar ndol a dtír dhosan, tarrla óglach dháirighthe as an
gcathruigh air, ann a rabhadar demhuin re haimsir fhada, agus ag nach bíoth
édach uime, agus ni chomhnuidheadh sé a dtigh achd an sna tuámaidhibh.


L. Lc8:28


Agus ar bhfhaicsin Íosa dhó, agus ar néigheamh do theilg sé é féin
siós aga chosaibh, agus adubhairt sé do ghuth árd, créd é mo chuidsi dhiot
a Iósa a mhic Dé roáird? iarruim ort gan mo phiánadh.


L. Lc8:29


Oír do aithin sé don spiraid nemhghlain úd dol as anduine. Oír is
iomdha uair do ghreamuigheadh sí hé: agus do ceangladh lé
slabhraidhibh agus do coimhédadh lé geimhleachuibh é: agus ar mbriseadh
na gcuibhreach dhósan do thiománadh an demhan fá na fásaghibh hé.


L. Lc8:30


Agus dfhiafruidh Íosa dhe, ag rádha, crédh is ainm dhuit? agus
adubhairt séision, léigión, do bhríogh go ndeachadar mórán deamhan asdeach
ann.


L. Lc8:31


Agus do iarradar air gan a chur dfiachaibh órrtha dhul ann sa
dubhaigén.


L. Lc8:32


Agus dobhí tréd mór muc annsúd ag inghilt ar an slíabh: agus
do iárradar air a léigean dóibh dhul ionnta: agus do fhulaing seision sin
dhóibh.


L. Lc8:33


Agus ar ndul dona deamhnuibh as anduine úd, dochuadar ann sna
mucaibh: agus do rioth an tréd muc ris anaill ann sa loch, agus do múchadh
iád.


L. Lc8:34


Agus an tráth dochunncadar na haodhairidhe an ní dorínneadh ann, do
theitheadar: agus ar nimtheachd doibh, dinniseadar sin ann sa
chathruigh agus ar na machairibh.


L. Lc8:35


Agus dochúadarsan amach dfhéchain an neithe dobhí arna dhénamh:
agus dochuadar agceann Iósa, agus fúaradar an duine as a ndeachadar na
deamhuin arna édughadh, agus é ar deaghcheill na shuidhe ag cosaibh
Iósa, agus do ghabh eagla iád.


L. Lc8:36


Agus do fhoillsigheadar an dream dochunnairc dhóibhsion, cinnas
do slánaigheadh an tí ina rabhadar na demhuin.


L. Lc8:37


Agus do iárradar luchd chríche na nGadarénach uile airsion,
imtheachd úatha, oír dobhí eagla romhór orrtha: agus ar ndol dósan ann sa
loing do fhill sé tar a ais.


L. Lc8:38


Agus do iárr an fear úd as a ndeachadar na deamhuin air, é féin do bheith
na fhochair: achd do léig Iósa uaidh hé, ag rádha,


L. Lc8:39


Fíll dod thigh féin, agus innis méd na neitheann dorinne Dia dhuit.
Agus do imthigh seision ar feadh na cathrach uile, ag innisin créd iád
na neithe dorinne Íosa dhó.


L. Lc8:40


Agus tarrla an tan do fhill Iósa tar a ais, gur ghabh an slúagh chuca
hé: oír dobhádar uile ag feitheamh ris.


L. Lc8:41


Agus tabhair dod haire, táinic neach dháirighthe darbhainm
Iairus dobhí na úachdarán ar an Sínagóg: agus an tan do shléchd sé ag
cosaibh Iósa, do iarr sé dathchuinghidh air dol leis dá thigh féin.


L. Lc8:42


Oír dobhí éinghein inghini aige timcheall a dhá blíadhan
dég, agus fuair sí bhás (agus ar mbeith ag imtheachd dhó do mhuchadar
an sluagh é.


L. Lc8:43


Agus bean dobhí a bhfhluxa fola dhá bhliadhuin dég, agus do chaith a
raibhe don tsaoghal aice le leadhaibh, agus narbéidir le neach a leigheas;


L. Lc8:44


Dochúaidh sí taobh thíar dheision, agus do chumil sí ré himeall a
bhruit: agus do sguir a dortadh fola ar an mball.


L. Lc8:45


Agus adubhairt Iósa, cía so do bhen rium? agus arna shéna do
chách uile, adubhairt Peadhar, agus an dream dobhí na fharradh, a
mhaighisdir, atá an sluagh agad bhrúghadh, agus agad mhúchadh, agus an
bfíafruidhonn tú, cia do bhean rium?


L. Lc8:46


Agus adubhairt Iosa, do bhean duini éigin riom. Oír do mhothuigh me
subhaltuidhe a dul asam.


L. Lc8:47


Agus an tráth dochunnuic an bhen úd gur hairigheadh hí, táinic sí ar
crioth, agus ar sléchdain dósan, do fhoillsigh sí dhó a bhfiadhnuisi an
phubuil uile créd é an tadhbhar far chumail sí ris, agus cionnus do
leigheasadh hí ar an mball.


L. Lc8:48


Agus adubhairt seisean ría, bith muinighin mhaith agad a inghean,
do fhoír do chredemh ort: imthigh romhad a síthcháin.)


L. Lc8:49


An feadh dobhí seision ag labhairt, táinic neach dháirighthe
ó úachdarán na Sinagóge, da rádha ris: Fuair hinghean bás: na cuir
buadhairt ar an maighisdir.


L. Lc8:50


Agus arna chluinsin dIósa, do fhreagair sé é, ag rádha, ná
bíoth eagla ort: creid amháin, agus sláineochthar hí.


L. Lc8:51


Agus ar ndol asdeach don tigh dhó, níor fhuiling sé neach ar bith do
dhol asdeach, achd Peadar, agus Sémus, agus Eóin, agus athair agus
máthair an chalín.


L. Lc8:52


Agus dobhádar cách uile a gul, agus dá cáoineadhsi: achd adubhairt
seision, ná guilidh: ní fhuil sí tar éis báis dfhaighail achd na codladh.


L. Lc8:53


Agus dorinniodarsan fonomhad faoi, tré gu raibhe a fhios acá, gu raibhe
sí ar bhfhaghail bháis.


L. Lc8:54


Agus ar gcur cháich uile amach dhósan, agus ar mbreith ar a láimh, do
éigh sé ag rádha; a chalín éirigh.


L. Lc8:55


Agus táinic a spiraid arís innte, agus dho éirigh sí ar an mball: agus
do aithin sé báadh do thabhairt dí.


L. Lc8:56


Agus do ghabh anbháthadh a hathair agus a mathair: gidheadh dho aithin
seision díobh gan an ní dobhí arna dhénamh dinnisin do neach ar bioth.


L. Lc9



L. Lc9:1


Agus ar ngairm a dhá dhisgiobal dég dhó, tug sé neart agus cumhachda
dhóibh ar na huile dheamhnuibh, agus ar easláintibh do leigheas.


L. Lc9:2


Agus do chuir sé iád do sheanmoír ríghechda Dé, agus do leigheas na
ndáoine easlán.


L. Lc9:3


Agus adubhairt sé riú, ná beiridh ní ar bith libh chum na sligheadh,
bataighe, ná tiách loín, na arán, na airgead: na bíodh dhá cóta aguibh.


L. Lc9:4


Agus gidhbé ar bith teach an a rachtaoi asdeach, dénuidh comhnuidh
annsin agus gurab ás rachtaoi amach.


L. Lc9:5


Agus gidhbé nach gébhuidh chuca sibh, ar bhfhagbháil na
cathrachsain daoibh, craithidh fós an luaithreabhán dá bhur gcosaibh
mar fhiadhnuisi na nadhaigh.


L. Lc9:6


Agus do imthigheadarsan, agus do ghabhadar timcheall na mbailteagh ag
dénamh seanmóra agus ag leigheas ann gach uile bhall.


L. Lc9:7


Agus dochualuidh Ioruáith an Tétrarca gach uile ní dá ndearnuidh
seision, agus dobhí sé anamharus, do bhrídh go ndubhradar daóine
dháirighthe, gur éirigh Eóin ó mharbhuibh.


L. Lc9:8


Agus gu ndubhradar cuid eile, gur fhoillsigh Elias é féin: agus gu
ndubhradar cuid eile, gur eiséirigh fáigh éighin dhona seanfháighibh.


L. Lc9:9


Agus adubhairt Ioruaith, do bhean meisi a cheann dEóin: agus
cia hé so ar a gcluinim a leithéde so? agus do iárr sé eision dfhaicsin.


L. Lc9:10


Achd ar bhfilleadh dhoná habsdaluibh do inniseadar dhósan gach ní dhá
ndearnadar, agus arna mbreith leis dó, dochuaidh sé fá leith ar
fásach na caithrech da ngoirthear Beithsáida.


L. Lc9:11


Agus an tan do aithin an pubal sin, do leanadar é: agus arna ngabháil
chuige dhó, do labhair sé ríu a dtimcheall rioghachda Dé, agus do
leighis sé an chuid díobh ar a raibhe úireasbhuidh slainte.


L. Lc9:12


Agus dobhí an lá ag dol tarrsa, agus tangadar an dá fhear dhég
chuigesion, agus adubhradar ris, léig úait an sluagh dochum gu
niméochadáois fá na bailtibh, agus fán tír do leathnughadh, agus dfhagháil
bhídh: oír atámaoid annso anionad fhásamhuil.


L. Lc9:13


Achd adubhairt seision ríu, tabhruidhsi ní léna ithchi dhóibh. Agus
adubhradarsan, ní fhuil níis mó aguinn ná chuíg aráin, agus dhá iásg,
achd muna dtéimis do cheannach bhídh don phobal so uile.


L. Lc9:14


Oír dobhádar a dtimcheall chuig míle fear: achd adubhairt seision ré
rna dhisgiobluibh, cuiridh na suidhe iád na gcáogadaibh agus na
gcáogadaibh.


L. Lc9:15


Agus dorinneadarsan mar sin, agus do chuireadar na suidhe iad uile.


L. Lc9:16


Agus ar ngabhail na gcuig narán úd agus an dá iásg dósan, agus ar
bhfhéchain súas ar neamh, do bheannuigh sé iád, agus do bhris sé iád,
agus tug sé dhá dhisgiobluibh iad dochum gu gcuirfeadaois a
bhfhíadhnuisi an phubail iád.


L. Lc9:17


Agus aduádar, agus do sasaigheadh iád uile: agus do tógbhadh dhá
chliabh dhég don fhaoileach bídh bhrisde dobhí aca.


L. Lc9:18


Agus tarrla an tan dobhí sé na aonar ag dénamh urnuighthe, go rabhadar
a dhisgiobuil na fhochair: agus gur fhiafruidh sé dhíobh, ag rádha,
créd hí baramhail an tsluaigh, cia meisi?


L. Lc9:19


Agus do fhreagradarsan agus adubhradar; Eóin baisde: agus cuid
eile urab tú Elias: agus cuid eile gur éirigh faigh éigin dona
seanfháigheannibh arís.


L. Lc9:20


Agus adubhairt seision ríu, achd créd í bhur mbaramhuilsi
dhamh, cía mé? agus ar bhfhreagra do Pheadar adubhairt sé, adeirmid
gurab tú an Críosd úd Dé.


L. Lc9:21


Agus ar ndénamh bagair orrtha dhó, do aithin sé dhíobh gan so
dhinnisin do dhuine ar bioth:


L. Lc9:22


Ag rádh gurab éigin do mhac an duine mórán dfhulang, agus a
bheith arna dhiultadh ó shinnsearuibh, agus ó uachdaránuibh na sagart,
agus ó na sgríobuidhibh, agus bás dfhulang, agus éirghe an treas lá.


L. Lc9:23


Agus adubhairt sé ríu uile, madh áill ré héinneach meisi do
leanmhuin, díultadh sé dhó féin, agus tógbadh sé a chros gach laoi, agus
leanadh sé mheisi.


L. Lc9:24


Óir giodhbé lenab áill a anam dho shlánughadh, caillfidh sé hé:
agus gidhbé neach chaillfeas a anam ar mo shonsa, asé an neach so
shlaíneochas hé.


L. Lc9:25


óir créd é a tharbha do dhuine dá ngnoghuigheadh sé an domhan uile,
agus gu gcaillfeadh sé, nó gu léigfeadh sé amugha hé féin?


L. Lc9:26


Oír giodhbé le budh nár mheisi agus mo bhriathra, budh nár le mac an
duine eision, an tráth thiocfas sé ann a ghloir féin, agus athar, agus na
naingeal náomhtha.


L. Lc9:27


Agus adeirim ribh gu fírinneach, gu bhfhuilid cuid don mhuintirsi
atá do láthair annso, nach blaisfidh bás nó gu bhfhaicfid siad rioghachd Dé.


L. Lc9:28


Agus tárrla, a dtimcheall ochd lá tar éis na mbriatharsa, ar mbreith
Pheadair, agus Eoin, agus Shémuis, leis dó gu ndeachaidh sé
súas ar shliabh dochum gu ndéradh sé urnuighthe.


L. Lc9:29


Agus tarrla ag dénamh urnuighthe dhó, gur hathruigheadh fioghair a
aidhe, agus gu ndearnadh á edach geal agus dealruighthe.


L. Lc9:30


Agus tabhair dod haire, dobhádar días fear ag comhrádh ris,
mar atá Máoisi agus Elias.


L. Lc9:31


Noch docunncas a nglóir, agus do fhoillsigh a bhás, do fhuileongadh sé
a nIarusalém.


L. Lc9:32


Agus dobhí codladh trom ar Pheadar agus ar androing dobhí na
fharradh, agus an tan do dhuisgeadar, dochunncadar a ghloírsion, agus an
días fear úd dobhí na seasamh na fhochair.


L. Lc9:33


Agus tarrla an tan do fhágbhadar é, gu ndubhairt Peadar ré hÍosa, a
mhaighisdir, is maith sinne do bheith annso: agus dénam trí botha, both
dhuitsi, agus both do Mhaoísi, agus both dhElias: agus gan a fhios
aige créd adubhairt sé.


L. Lc9:34


Agus an tan adubhairt sé so, táinic néll agus do fhoiligh sé iad:
agus do ghabh eagla iádsan an tan dochuadar ann sa néll.


L. Lc9:35


Agus táinic guth as a néll, ag rádha, ag so an mac grádhach úd agamsa
éisdigh ris.


L. Lc9:36


Agus ar dteachd don ghuthsoin, fríoth Iósa na aonar: agus do
bhádarsan na dtochd, agus nir innisiodar do dhuine ar bioth annsna
laithibh sin ní ar bioth dhá bhfhacadar.


L. Lc9:37


Agus tarrla an lá na dheadhuidh sin, ar ndol síos don tsliabh dhóibh,
gu dtarrla sluagh mór airsion:


L. Lc9:38


Agus féch, do éigh neach don tsluagh, aga rádha; a mhaighisdir,
iárruim ort, feúch ar mo mhac: óir asé mhaonmhac é.


L. Lc9:39


Agus tabhair dod haire, beiridh an spiorad air, agus éimhigh sé
go hobann, agus tairrngidh sí as a cheile é, agus é ag cur chubhair, agus
is ar éigin fhágbhas sí é tar éis a rébtha.


L. Lc9:40


Agus do iárr mé ar do disgioblaibhsi a cur as: achd nír fhédadar.


L. Lc9:41


Agus ar bhfreagra dhÍosa adubhairt sé, a chineadh míchreidmheach,
cám, gá fad fós bhias mé eadruibh, agus fhuileongas mé sibh? tabhuir do
mhac leat annso.


L. Lc9:42


Agus a teachd chuige dhó do bhuail an deamhan fán talamh é, agus do
tharruing sé as a chéile hé: achd do imdhearg Iósa an spiorad neamhglan,
agus do leighis sé an leanab: agus tug sé dhá athair féin é.


L. Lc9:43


Achd do ghabh adhúathmhuireachd cách uile trí mhórchumhachduibh Dé.
Agus ar mbeith ag dénamh iongantuis dóibh uile ann gach uile ní dá
ndearnuidh Íosa, adubhairt sé réna dhisgioblaibh.


L. Lc9:44


Taisgidh na bríathrasa in bhar gcluasaibh: oír tiocfuidh chum
críche go dtibhartar mac an duine a lámhuibh na ndaoine.


L. Lc9:45


Achd nír thuigeadarsan an comhrádhsa, agus dobhí sé arna fholach
uatha, an mhéidesin, ionnas nar mhothuigheadar é, agus dobhí eagla
orrtha ceisd do chur airsion a dtimcheall an chomhráidh sin.


L. Lc9:46


Agus do éirigh diospoireachd eatarra cia dhíobh féin budh mó.


L. Lc9:47


Agus ar bhfaicsin smuaintightheagh a gcroidhtheagh dhÍosa, do
ghabh sé leanabh chuige agus do chuir sé na aice féin hé.


L. Lc9:48


Agus adubhairt sé riú; gidhbé neach ghébhas chuige an leanabhso
amainmsi, is meisi ghabhas se chuige: agus gidhbé neach ghébhas
mheisi chuige, gabhuidh se chuige an té do chuir uadha mhé. Óir gidhbhé
is lugha eadruibhsi uile, biaidh sé mór.


L. Lc9:49


Agus ar bhfhreagra dhEoin adubhairt sé, a mhaighisdir,
dochunncamairne duine dháirighthe a teilgean deamhan amach
adainmsi, agus do thoirmeasgamar é, ar son nach leanann se tusa
mar áon rinne.


L. Lc9:50


Agus adubhairt Íosa ríu; ná toirmeasguidh : óir gidhbé nach fuil
nar nadhuidhne atá sé linn.


L. Lc9:51


Agus tarrla an tan do comhlíonadh laithe a dula suas ar neamh
gur chuir sé roimhe dhol gu hIarusalém.


L. Lc9:52


Agus do chuir sé teachdairíghe roimhe: agus ar nimtheachd dóibh
dochuadar asdeach a mbaile na Samáritánach, dochum gu ndénadaois
ullmhughadh roimhesion.


L. Lc9:53


Achd niór ghabhadarsin chuca é, ar son go raibhe a ghothadh air, dol
gu hIarusalém.


L. Lc9:54


Agus an tráth dochunncadar a dhisgiobuilsion Sémas agus Eoin so,
adubhradar; a Thighearna, anáill leat gu nabramaois teine do theachd
anuas ó neamh, dá losgadh súd, mar dorinne Elías leis?


L. Lc9:55


Agus ar gcasadh orrtha dhÍosa, do imdhearg sé iad, agus adubhairt
sé, ní fhuil a fhios aguibh, créd í an spiruid atá ionnuibh.


L. Lc9:56


Oír ní thainic mac an duine do mhilleadh anmann na ndaóine, achd dá
slánughadh. Agus dochuadar as sin go baile eile.


L. Lc9:57


Agus tarrla ar nimtheachd dóibh, go ndúbhairt neach dháirighthe
rision ar an slighe, leanfuidh meisi thú, giodhbé háit ann a racha tú, a
Thighearna.


L. Lc9:58


Agus adubhairt Íosa ris, atáid fúachaisighe ag na sionnchaibh, agus
neid, ag énlaith anaidheír: achd ní fhuil áit ag mac an duine ann a
gcurfeadh sé a cheann fáoi.


L. Lc9:59


Agus adubhairt sé ré neach eile, leansa mheisi: achd adubhairt
seision, a Thighearna, léig dhamh imtheachd ar tús agus m'athair
dhadhlacadh.


L. Lc9:60


Achd adubhairt Iósa ris, léig dona marbhuibh a mairbh
dhaghlacadh: achd imthighsi agus déna righachd Dé do shenmóir.


L. Lc9:61


Agus mar an gcédna adubhairt nech eile leanfuidh meisi thú, a
Thighearna. Achd leig dhamh ar tús, mo chead do ghabhail ag am mhuintir.


L. Lc9:62


Achd adubhairt Íosa ris, giodhbé ar bith neach chuireas a lámh ar an
gcéchd, agus fhéchas na dhiaigh, ní fhuil sé iomchubhaidh do ríoghachd
Dé.


L. Lc10



L. Lc10:1


Agus tar a éisi so, do órduigh an tighearna mar an gcédna
deithnebhar agus trí fichid eile, agus do chuir sé na ndís agus na ndís
roimhe féin iád da gach uile chathruigh agus ionadh ann a raibhe a teachd.


L. Lc10:2


Ar anadhbhar sin adubhairt sé ríu, is mór an fóghmhar, achd is
beag an luchd oibre: uime sin gudhidh tighearna an fhoghmuir luchd oibre
do chur amach dochum a fhóghmhair féin.


L. Lc10:3


Imthighidh, féch, atáim dá bhur gcur uaimh mar úana a measg
mhadra allta.


L. Lc10:4


Ná hiomchruidh sbarán, ná tiách loín, na bróga: agus ná beannaighidh
do nech ar bioth ann sa tslighe.


L. Lc10:5


Agus giodhbé ar bioth teach iona rachtáoi asdeach, abruidh ar tús,
gu raibhe síotthchaín don tighse.


L. Lc10:6


Agus má bhíonn mac na síothchána annsin, dodhénuidh bhur
síothcháinsi comnuidhe air: achd muna raibh, fillfidh sí chugaibh féin
arís.


L. Lc10:7


Agus anaidh ann sa tighsin ág ithche agus ag ól gach neith dá
gcuirfid siád ann bhur bhfhiadhnuisi: oír is fíu an saothruighe a
thuarasdal dhfhaghail. Ná hathraghidh ó thigh gu tigh.


L. Lc10:8


Agus giodhbé ar bioth cathair ann a rachtáoi asdeach, agus go ngébhaid
siád sibh, ithidh na neithe chuirfid siad in bhar bhfhiadhnuisi.


L. Lc10:9


Agus slánaighidh na hesláin bhiás innte, agus abruidh ríu, do dhruid
rioghachd Dé ribh.


L. Lc10:10


Agus giodhbé ar bioth cathair ann a rachtaoi asdeach, agus
nach gébhuid siád sibh, ar nimtheachd daoibh amach ar na sráidibh, abruidh:


L. Lc10:11


Craithmíd dínn inbhur nadhuidhsi gu fiú an luaithridh do len dínn as
bhur gcathruigh: achd cheana bioth a fhios so aguibh, gur dhruid rioghachd
Dé ribh.


L. Lc10:12


Agus adeirim ribh, go madh socumhluighe dona Sodomachaibh an lá úd
ná don chathraighsin.


L. Lc10:13


Is ánaoibhinn duit a Chorásin, is anaoibhinn duit a Bhetsaída:
oír dá madh a dTírus agus a Sídon dodéntaoi na miorbhuile dorinneadh
ionnabhsi, is fada ó dodhéntaois aithrighe na suidhe anédach roín
agus a luáithreagh.


L. Lc10:14


Ar anadhbhársoin budh socamhluighe do Thírus agus do Shídon ann
sa breitheamhnus na dháoibhsi.


L. Lc10:15


Agus tusa a Chapernáum atá arnad tógbháil suas gu neamh,
teilgfidhthear siós gu hífearnn tú.


L. Lc10:16


Giodhbé éisdeas ribhsi, is riomsa eisdeas sé: agus gidhbé dobheir
neimhchin oruibhsi, is oramsa dobheir sé neimhchion: agus gidhbé dobheir
neimhchion oramsa, is ar an té do chuir uaidh mhé dobheir sé
neimhchion.


L. Lc10:17


Agus do fhilleadar an deithneabhar agus na trí fichid úd maille lé
gairdeachas, ag rádh, a thighearna, ataíd na deamhuin féin fa smachd
aguinni tréd hainmsi.


L. Lc10:18


Agus adubhairtsion ríu; dochunnaic mé Sátán mar theinnteach a
tuitim ó neamh.


L. Lc10:19


Féch dobheirim cumhachda shaltartha ar na haithreacaibh
neimhi agus ar na sgorpiónuibh, agus ar uile neart námhad daoibh, agus ní
ghoirteochaidh éinní sibh.


L. Lc10:20


Achd cheana ná bíoth gáirdechas oraibh ar son gu bhfhuilid na
spiraididhe fa bhur smachd: achd gu madh mó bhias gáirdeachas oruibh fa
gu bhfhuilid bhur nanmanna sgríobhtha ar neamh.


L. Lc10:21


Ar anuairsion féin do ghabh gáirdechas iona spirid Íosa, agus
adubhairt sé, dobheirim buidheachas duit a athair, a thighearna neimhe
agus talmhan, tri gur fhoiligh tú na neithesi ó na daoinibh glioca,
tuigseacha, agus gur nochd tu iád dona naoighionánuibh: aseadh a athair,
tré gurab mar sin do budh tollet féin é.


L. Lc10:22


Ataíd na huile neithe arna dtabhairt dhamhsa óm athair: agus ní
fhuil a fhios ag éinneach ciá hé an mac, achd ag anathair: agus ciá
hé an tathair, achd ag an mac, agus giodhbé neach ag a dtoigéora an mac
a nochdadh dhó.


L. Lc10:23


Agus ar bhfhilleadh dochum a dhisgiobal dó, adubhairt sé fá leith
riu, is beannaighthe na suile dochí na neithe dochithísi.


L. Lc10:24


Oír adeirim ribh, gurab iomdha faighe agus ríghthe lér mhian na
neithe dochithísi dfaicsin, agus nach fhacadar íád: agus na neithe
dochluintí do chlunsin, agus nach cualadar iád.


L. Lc10:25


Agus feuch, do éirigh fear dlighidh dháirighthe na sheasamh, ag cur
chathaighthe airsion, agus ag rádha: a mhághisdir, créd dodhéna mé dochum
gu bfhuidhinn an bheatha mhathrannach dhoighreacht?


L. Lc10:26


Achd adubhairt seision ris, créd atá sgríobhtha ann sa reachd?
cionnas léaghas thú?


L. Lc10:27


Agus ar bhfreagra dhósan adubhairt sé, grádhóchuidh tú do thighearna
Dia féin as do chroidhe uile, agus as tanam uile, agus as do bhríoghuibh
uile, agus as do smuaintighthibh uile: agus do chomharsa mar thú féin.


L. Lc10:28


Agus adubhairt seision ris, as díreach do fhreagair tú. Dénasa so,
agus mairfidh tú.


L. Lc10:29


Achd ar mbeith funnmhar dhósan dochum a fhiréntachda féin do
thaisbénadh, adubhairt sé ré hÍosa; masedh cía is chomharsa damh?


L. Lc10:30


Agus ar bhfreagra dhÍosa adubhairt sé, dochuaidh duine
dáirighthe sios ó Ierusalém gu Ierico, agus tarrla a measg
bhithbhineach é, do shlad agus do loit é, agus do imthigh rompa arna
fhagbháil leathmharbh.


L. Lc10:31


Agus tárrla do chinneamhain gur ghabh sagart dháirighthe síos sa
slighe sin: agus arna fhaicsin sion dó, do gabh sé thairis don taobh eile don
thshlighe.


L. Lc10:32


Agus mar an gcédna Leuíta dháirighthe a teachd dochum anionaid
sin, arna fhaicsin dó, do ghabh sé thairis don taobh eile.


L. Lc10:33


Agus ar mbeith a gabháil na slighedh do Shamaritánach dáirighthe,
tainic sé mar a raibh seision, agus arna fhaicsin do ghabh truaidhe ghér
dó hé.


L. Lc10:34


Agus ar ndrud ris do cheangail sé a chneadha, ag dortadh ola agus
fhióna ionnta: agus arna chur air a ainmhide féin dó, rug sé leis go tigh
ósda hé, agus do ghabh sé chúram air.


L. Lc10:35


Agus ag imtheachd dó lá arna mhárach, do bhean sé dá phighinn amach
agus tug sé don osdóir iád, agus adubhairt sé ris, bíoth cúram an
fhirsi ort: agus giodhbé chaithfeas tú as a chionn so, an trath
fhillfeadsa, dobhéra mé dhuit hé.


L. Lc10:36


Ar anadhbharsion cía don triúrsa bhreathnaigheas tusa do
bheith na chomharsain ag an tí úd tarrla ameasg na mbhithbhineach.


L. Lc10:37


Agus adubhairt seision an tí úd dorinni trocaire air. Ar
anadhbharsoin adubhairt Íosa ris, imthighsi, agus déna mar an
gcédna.


L. Lc10:38


Agus tárrla ag imtheachd dóibhsion, gu ndeachaidh seision gu
baile dháirighthe: agus gu rug bean dháirighthe darbhainm
Martha dá tigh féin é.


L. Lc10:39


Agus dobhí deirbhshiúr aicesi dá ngoirthí Muire, agus ar suidhe dhi
ag cosaibh Iósa, do eisd sí léna bhriathraibh.


L. Lc10:40


Agus dobhí Márta lán do chúram lé hiomad friotholuimh: agus
táinic sí do láthair agus adubhairt sí, a thighearna, an é nach
meisde leatsa mar do fhágaibh mo dheirbhshiúr meisi amáonar ag
fritholamh? ar anadhbhar sin abair riá cungnamh do thabhairt damh.


L. Lc10:41


Agus ar bhfreagra dhÍosa adubhairt sé ría: a Mhartha, a
Mhartha, atá tú rochúramac, agus buaidhridh tú thu féin fá mhórán
do neithibh:


L. Lc10:42


Achd cheana rigthear aleas eínní amhain, rug Muire an chuid
mhaith do roghain, nach bérthar uaithe.


L. Lc11



L. Lc11:1


Agus tárrla an tan dhobhí se ag dénamh urnuighthe anáit
dáirighthe, mar do sguir sé, go ndubhairt fear dháirighthe dá
dhisgiobluibh ris, a thighearna múin dúinne urnuighthe do dhénamh,
amhail agus mar do mhúin Eóin dá dhisgiobluibh féin:


L. Lc11:2


Agus adubhairt seision ríu, anúair dodhéntaoí urnuighthe, abraidh,
O ar nathairne atá ar neamh, gu naomhthar hainm: gu dtí dho
rioghachd: gu déntar do thoil ar an talamh, mar atá ar neamh.


L. Lc11:3


Tabhair dhúinn ar narán laoitheamhuil gach láoi.


L. Lc11:4


Agus maith dúinn ar bpeacaigh, Oír maithmidni da gach áon ar a bfhuil
fiacha aguinn: agus na leig a mbuaidhreadh sinn, achd sáor sinn ón olc.


L. Lc11:5


Agus adubhairt sé ríu, cía agaibhsi aga mbíadh cara, agus go rachadh
sé chuige a meadhón oidhche, agus go naibeoradh sé ris, a chara, tabhair
trí haráin damh air airleagadh:


L. Lc11:6


Oír táinic cara dhamh as an slighe am cheann, agus ní fhuil
éinní agam do chuirfinn na fhiadhnuisi?


L. Lc11:7


Agus aga bhfreigeóradh seision asdigh, agus aga naibeóradh sé, ná cuir
buaidhreadh oram: atá glas air andoras anois, agus atáid mo chlann am
fhochair sa tseomhra: ní fhéduim éirghe agus a dtabhairt duit.


L. Lc11:8


Adeirim ribh, ar néirghe dhó dá mbeith nach dtiobhradh sé sin uaidh,
ar son gur chara dhó hé: gidheadh go firinneach ar son a lisdachda do
éiréochadh sé, agus dobhéradh sé dhó an mhéid dobhiádh do riachdanus
air.


L. Lc11:9


Agus adeirimsi ribh, iárraidh agus dobhérthar dhaoibh: lurgairigh
agus doghebhthaoi: buailidh an doras, agus oisgéoltar dhaoibh.


L. Lc11:10


Óir giodhbé iarras, glacaidh sé: agus giodhbé doní lurgaireachd,
dogheibh sé: agus oisgéoltar don té bhuaileas an doras.


L. Lc11:11


Agus cía agaibhsi athair ar a niarrfadh a mhac arán, dobhéradh
cloch dhó? nó dhá niárradh sé iásg, dobhéradh naithair neimhe
anionad éisg dhó?


L. Lc11:12


Nó mar an gcédna dá niarradh sé ugh, an dtiobhradh sé scorpíon dó?


L. Lc11:13


Ar anadhbharsin más eól dáoibhsi agus sibh gu holc, tioghluice
maithe do thabhairt da bhur gcloinn, an é nach mó ina sin dobhéra bhur
nathair nemhdha an spirad naomh dona daoinibh irrfas air hí?


L. Lc11:14


Agus dobhí sé ag teilgean deamhain amach dobhí balbh: agus tárrla ar
ndul don deamhan amach, gur labhair an balbhán, agus do ghabh iongnadh an
sluágh?


L. Lc11:15


Agus adabhairt dream acasan, is tri Bheelsébúb prionnsa na ndeamhan
theilgeas sé amach na deamhuin.


L. Lc11:16


Agus dream eile a cur chathaighthe air, do iárradar comhartha ó neamh
air.


L. Lc11:17


Agus ár bhfhaicsin a smuaintightheadh súd dósan, adubhairt sé riú, gach
rioghachd bhíos roinnte na hadhaidh féin, donithear fásach dhi: agus an
teach bhíos roinnte na adhuidh féin, tuitidh sé.


L. Lc11:18


Agus mar an gcédna dá raibh Satán arna roinn na adhuidh féin, cionnas
anfas a rioghachd na seasamh? Oír adeirthísi gurab trí Bheelsebúb
theilgímsi amach na deamhain.


L. Lc11:19


Agus más trí Bhelsébúb sgriosaimsi na deamhuin, cia thré sgriosaid
bhur gclannsa iád? ar anadhbhairsain beid siadsan na mbreitheamhnaibh
oraibhsi.


L. Lc11:20


Achd cheana más le mér Dé theilgimsi amach na deamhain, gan
chunntabhairt taínic rioghachd Dé chuguibhsi.


L. Lc11:21


An tan choimhédas duine laídir armáilte a chuirt féin, atá a bhfuil
aige a sithchaín:


L. Lc11:22


Achd an tráth thig duiné is neartmhaire iona é, beiridh sé buaidh air,
agus togbhuidh sé a uile armáil ann ar chuir sé a mhuinighin, agus
roinnidh sé a édáil.


L. Lc11:23


An té nach bhfuil leamsa, atá sé am aghaidh: agus giodhbé nach
gcruinnigheann leamsa, leathnuighidh sé.


L. Lc11:24


An tráth imthigheas an spiorad neamhghlan ó dhuine ar bioth, imdhigh
sí trí ionaduibh tiorma, ag iárruidh suaimhnis: agus an tráth nach
bhfaghann sí sin, adeir sé, fillfidh mé dom thigh féin ó dtáinic mé.


L. Lc11:25


Agus ar dteachd di, dogheibh sé arna sguabadh agus arna
dheaghmhaisíoghadh hé.


L. Lc11:26


Imthighidh sí ansin agus beirid sí lé seachd spiraide eile is
measa ina hí féin, agus ar ndol asdeach dhóibh doníd siad comhnaidhe annsúd:
agus is measa deireadh an duine úd, iona a thosach.


L. Lc11:27


Agus tarrla ag rádh na neitheannso dhó, gur árduigh bean
dáirighthe don tslúagh a guth, agus go ndubhairt sí, as beannaighthe
an bhrú do iomchuir thú, agus na ciocha do ibh tú.


L. Lc11:28


Agus adubhairt seision, achd as beannaighthe an dream eisdeas briáthar
Dhé, agus choimhéudus í.


L. Lc11:29


Agus an tan do cruinnidh an sluagh chuige, do thionsgain sé aradh,
as olc an cineadh so: iárraidh sé comhartha agus ní tiubhurthur
comhartha dhó: achd an comhartha úd Íonás fáidh.


L. Lc11:30


Óír amhail dobhí Íonas na chomhartha dona Niniuíteachaibh, as mar
sin bhiás mac an duine mar an gcéudna don chineadh so.


L. Lc11:31


Eireóchaidh bannrióghan an taoíbhe ó dheas a mbreitheamhnus maille ré
daoinibh an chinidh si, agus daimneochaidh sí íad: oír táinic sisi ó
leithimlibh na talmhan deísdeachd re heagna Sholaimh: agus féuch
atá duine as mó ná Solamh annso.


L. Lc11:32


Eireóchaidh luchd Nineui a mbreitheamhnus maille ris an gcineadh so,
agus daimneóchaid siád é: oír dorinneadarsan aithrighe ag seanmóir
Íonás: agus féuch, atá duine as mó ná Íonas annso.


L. Lc11:33


Ní lasann duine ar bioth coinneall dochum a cur a bfholach nó fá
bhuiseúl, achd dochum a cora a gcoinnleoir: dochum gu bhfaicfeaddaoís
an dream thig asdeach an solus.


L. Lc11:34


Así an tsúil solus an chuirp: ar anadhbharsin an uair bhias
do shúil glan, biaidh do chorp uile solus mar an gcédna: achd dá raibh
do shúil gu holc, biáidh do chorp mar an gcédna dorcha.


L. Lc11:35


Ar anadhbhar sin tabhair thaire riot nach biáidh an solus atá
ionnad na dhorchadus.


L. Lc11:36


Ar anadhbhar sin dá raibh do chorp uile solus gan énchuid de
dorcha: biáidh sé solus uile, amhail mar dheallruigheas coinneal
thú ré soillse.


L. Lc11:37


Agus tar éis na mbriátharsa dho labhairt dó, do chuir fPhairisíneach
dháirighthe impídhe air, a dhínnér do chaitheamh na fhochair: agus ar
ndul asdeach dhó do shuigh sé dochum bídh.


L. Lc11:38


Agus an tan dochonnaic an fPhairisíneach sin, dob iongnadh leis nár
ionnail sé ar tús roimh dhínnér.


L. Lc11:39


Agus adubhairt an tighearna ris, go deimhin doní sibhse a
fPhairisineacha an táobh amuigh don chupan agus don mhéis glan: achd
atá an táobh asdigh dhíobh lán do shracaireachd agus dolc.


L. Lc11:40


A dháoine gan chéill, ané nách hé an tí dorinne an táobh amuigh,
dorinne an táobh asdigh mar an gcédna.


L. Lc11:41


Ar anadhbharsin tábhruidh déirc uaibh do na neithibh
atá dho láthair aguibh: agus féuch biaídh na huile neithe glan dhíbh.


L. Lc11:42


Achd is anáoibhinn dhaoibh a fhPhairisíneacha, do bhrígh go
ngabhtháoi deachmhaidh an mionnduis, agus na ruibhe, agus na nuile luibheann:
achd gabhtháoi thar bhreitheamhnus agus tar ghrádh Dé. Do búdh coír iád so
dho dhenamh, agus gan iád súd do léigean gan deúnamh.


L. Lc11:43


As anáoibhinn dáoibh a FhPhairisíneacha: oír ios ionmhuin libh an
céud ionadh suidhe ann sna sionagógaibh, agus fáilteagha dhfhaghail
ar na márguidhibh.


L. Lc11:44


As anáoibhinn dáoibh a sgriobuidhe agus a Phairisíneacha, a luchd
an fúarchrábhaidh: oír atáthaoi mar thuámbuidhibh nách faicthear, agus
nách aithid do na daoinibh shiubhlus ortha.


L. Lc11:45


Agus ar bhfhreagra dho dhuine dháirighthe don luchd dlighidh
adeir sé ris, a mhaighisdir ag rádh na neitheann sa dhuit, dobheir tú
masla dhuinne fós.


L. Lc11:46


Achd adubhairt seision; as anáoibhinn dáoibhsi leis a luchd
mhínighthe an dlighidh, oír curtháoi úaluidhe doiomchuir ar na dáoinibh,
agus ní bheanntaoi féin ris na háalladhaibh lé háon mheúr dá bhur meóraibh.


L. Lc11:47


As anáoibhinn dáoibh: óir tógtháoi túmbuidhe na bhfaídheadh, agus
asiad, bhur naithreacha do mharbh iád.


L. Lc11:48


Go deimhin doníthí fiádhnuisi, agus moltaoi gníomhartha bhur
naithreach: oír do mharbhadarson iád, agus doníthíse túmbuidhe
dhóibh.


L. Lc11:49


Ar anadhbharso adubhairt eagna Dé, cuirfe mé fáidhe agus absdail
chuca, agus muirbhfid siád cuid díobh, agus díbéoraid siad cuid eile.


L. Lc11:50


Dochum gu leanfuidhe ar an gcineadhsa fuil na bhfáidheadh uile do
doirteadh ó thús an domhain.


L. Lc11:51


O fhuil Aibéil go fuil Shacharias, do mharbhadh eidir analtóir
agus an teampall: gu fírinneach adeirim ribh go leanfuidhear hí ar an
gcinedhso.


L. Lc11:52


As anáoibhinn dáoibh a lúchd eidirmhínighthe an reachda: oír
rugabhair libh eochair anéolais, ní dheachabhair féin asdeach, agus do
thoirmisgeabhair an dream dhobhí ag dul asdeach.


L. Lc11:53


Agus anuáir adubhairt sé na neitheise ríu, do thionnsgnadar na
sgríobuidhe, agus na fhPhairisínigh consbóid ghéur dho dhénamh ris, agus a
thabhairt fá deara dho labhairt ar mhórán do neithibh;


L. Lc11:54


Ag luidheachán air, agus ag iárraidh neithe éigin do ghreamughadh as a
bhéul, ina naigeoraidís hé.


L. Lc12



L. Lc12:1


Faanám sin ar mbeith dho fphubal romhór croinn a bhfhochair a chéile,
ionnus go rabhadar ag saltairt ar a chéile, do thionnsgain sé a rádh
réna dhisgiobluibh ar tús comhéduigh sibh pféin ar laibhín na
bhFhairisíneach, eadhon an fuarchrábhadh.


L. Lc12:2


Óir ní fhuil einí foluightheach nách tiocfuidh dochum soillsi; agus
ní fhuil ní seicreíteach nách fuighthear a fhios.


L. Lc12:3


Ar anadhbhar sin giodhbé neithe do labhrabhair a ndorchadus,
cluinfidhthear iád sa solus: agus giodhbé ní do labhrabhair a gcluáis a
seómruidhibh uaígneacha, doghéntar a chroidhail ar na tighthibh.


L. Lc12:4


Agus adeirim ribhse a cháirde, ná bíodh eagla na muinntire oraibh
mhárbhus an corp, agus tar a éise sin leis nach eidir nísa mhó do
dhénamh.


L. Lc12:5


Achd foillséochaidh mé dháoibh cía ré a mbia bhur neagla: biódh eagla
an tí úd oraibh, noch tar éis mharbhtha dho ghénamh, agá bfhuil cumhachda,
teilgthe gu hifearn: aseadh, adeirim ribh, biódh eagla so oraibh.


L. Lc12:6


Ané nach ceannaighthear chúig ghealbhainn ar dhá fheórling, agus fós
ni fhuil áon healbhann aca ar dearmad a bhfhiádhnuise Dé?


L. Lc12:7


Achd fós atá gruag bhar gcinn uile arna comháireamh: ar
anadhbharsin na biódh faitcheas oraibh: as fearr sibh iná morán
gealbhann.


L. Lc12:8


Agus adeirim ribh, giodhbé ar bioth aidmhéochus meisi a bhfhiádhnuise na
ndáoine: aidmhéochaidh mac an duine mar an gcédna eisean, a bhfiadhnaisi
aingeal Dé.


L. Lc12:9


Achd giodhbé shénfus meíse a bhfiadhnaise na ndáoine, sénfuighear
eisean leis a bhfhiadhnaise aingeal Dé.


L. Lc12:10


Agus giodhbé neach laibheóras focal anadhaidh mhic an duine,
maithfighthear dhó hé: achd ní maithfighear don tí bhérus masla don spiorad
naomh.


L. Lc12:11


Agus an tan bhéruid siád sibh dochum na Sinagóg agus dochum na
nuachdarán, agus dochum na ndáoine gcumhachdach, ná bíoth no rochúram
oraibh cionnas nó créd fhregórthaoi, nó créd adérthaoi.


L. Lc12:12


Oír muinfidh an spiorad náomh dhaoibh ar anuairsin féin, na neithe
is coír dhaoibh do rádha.


L. Lc12:13


Agus adubhairt oglách dháirighthe don tsluagh ris; a mhaighisdir,
abair rem dhearbhrathair anoighreachd do roinn rium.


L. Lc12:14


Agus adubhairt seision ris, a dhuine, cía do chuir mheisi ós bhur gcionn
am bhreitheamh, nó am rannadóir:


L. Lc12:15


Agus adubhairt sé riú, féchaidh, agus seachnuidh sibh ar an saint.
Oír dá mbé acfuinn ag duine ar bioth, fós ní hann a shaibreas atá a
bheatha.


L. Lc12:16


Agus adubhairt sé cosamhlachd ríu, ag rádha na mbriatharsa: tug
fearann dhuine sháibhir dháirighthe toradh mór.


L. Lc12:17


Agus do smuaintigh sé ann féin, a rádha: créd dodhéna mé? Oír ní fhuil
ait agam ann a gcruinneócha mé mo thórthuighe.


L. Lc12:18


Agus adubhairt sé, dodhéna mé so: leagfuídh mé mo sgiobóil, agus
toigébhuidh mé sgiobóil bhus mó iona iád: agus cruinneochaidh mé mo thortha
uile agus mo mhaitheas ionnta:


L. Lc12:19


Agus adéra mé rém anam féin, a anuim, atáid iomad maitheasa agad arna
gcur a dtaisge fa chomhair mhórán bliadhan: an ad chomhnuidhe, ith, ibh,
bí go súgach.


L. Lc12:20


Agus adubhairt Diá ris, a amadáin, sanoidhche anochd féin
béruid siád hanam uait: agus cía le madh leis na neithe do sholáthair tú?


L. Lc12:21


Is mar sin atá an té chruinnigheas ionnmhas dó féin, agus nach fuil
sáidhbhir a nDía.


L. Lc12:22


Agus adubhairt sé réna dhisgiobluibh, uime so adeirim ribhsi,
ná bídhidh rochúramach fa bhur mbheatha, créd é an ní iosdáoi, na fa
bhur gcorp, créd é an ní chuirfí iomuibh.


L. Lc12:23


As mó an tanam iona an biádh, agus an corp iona an chuluidh.


L. Lc12:24


Tabhraidh da bhur naire ná précháin, óir ní chuirid siad siól,
agus ní bhéanuid siád: agus ní fhuil teach taisgeadha na sgioból acá, agus
fós beathaighidh Diá iád: agus ané nach fearr sibhsi gu mór ina anénlaith?


L. Lc12:25


Achd cía agaibhsi léna iomad cúruim fhédas áon chnáimhrigheadh
amháin do chur dhairde air féin.


L. Lc12:26


Ar an adhbhar sain muna bhfhuil ar bhur gcumas an ní as lugha, créd fá
bhfhuil cúram na neitheann eile oraibh?


L. Lc12:27


Tabhraidh dá bhur naire na lilidhe, cinnas fhásaid siád: ní dhénuid
siád saothar, agus ní shníomhuid síad; achd adeirim ribh, nách raibhe
Solamh fhéin ann a ghlóir uile arna édughadh mar aon díobh so.


L. Lc12:28


Agus má éduigheann Diá mar sin an fér atá aniú ar an machaire, agus
chuirthear amárach ann sanuamhaidh: ané nach mó ná sin dodhéna sé
ribhse do chlúdadh ó a luchd an chreidimh bhig?


L. Lc12:29


Ar anadhbharsoin ná fiáfruidhidhsi créd iósdaoi, nó créd iobhthaoi:
agus ná bíthe amhairseach.


L. Lc12:30


Óir as iad na neithesi uile iárraid cineadhuigh an domhuin: achd atá
a fhios aga bhur nathair gu bhfuil a riachdanas a leas so oraibh.


L. Lc12:31


Achd cheana iárruidhsi rioghachd Dé, agus teilgfidhthear na neithe si
uile chuguibh.


L. Lc12:32


Ná bióth eagla ort a thréd beag: óir así toil bhur nathar rioghachd
do thabhairt dáoibh.


L. Lc12:33


Racaidh a bhfhuil aguibh, agus tabhruidh déirc uáibh: dénuidh
sparain daoibh féin, nách racha a narsaidheachd, ionnmhas ar nách racha
caitheamh ar nemh, anait nach dtig gaduidhe a ngar dhó, agus nach
truáilleann an leóghan.


L. Lc12:34


Óir giodhbé áit ina bhfuil bhur nionnmhas, is ansin bhiás bhur
gcroidhe mar an gcédna.


L. Lc12:35


Bíoth bhur gcreasganna a dtimcheal bhur leasrach, agus bhur lóchrainn ar
lasadh:


L. Lc12:36


Agus bíthi féin comhchosmhuil ré dáoinibh ag fuireach réna
dtighearna, gá huair do fhillfeadh sé ón phósadh, ionnas ar dteachd agus
ar mbualadh an doruis dó, go noisgéoladaois ar ball dó.


L. Lc12:37


Ios beannaighthe na searbhfhoghantaoi úd, dogheibh an tigherna ag
dénamh faire an tan tig sé: aderim ribh go fírinnioch, gu
gcuirfidh sé a chris tairis agus gu gcuirfidh sé iádsúd na suidhe,
agus ar dteachd amach dhó gu ndénuidh sé friothólamh dhóibh.


L. Lc12:38


Agus má thig sé sa dara faire, agus má thig sé sa tres faire, agus gu
bhfuidhe sé mar sin iád, is beannaighthe na searbhfoghantuighe úd.


L. Lc12:39


Achd bíoth a dheimhin so aguibh, dá mbeith a fhios ag fear an tighe,
cia anuair dothiocfadh an gaduighe, go ndénadh sé faire, agus nach
fuileóngadh sé a theach féin do tholladh thríd.


L. Lc12:40


Agus ar anadhbharsin bithísi ullamh, óir is ar anuair nách
saoltí, thicfus mac an duine.


L. Lc12:41


Agus adubhairt Peadar ris, a thighearna, an rinni adeir tú an
chosamhlachd so, nó fós in ré cách uile?


L. Lc12:42


Agus adubhairt an tigherna, giodhbé atá na fheadhmannach
fhírinneach ghlic, chuirfeas an tighearna ós cionn a mhuintire féin,
dochum gu dtiobhradh sé a miosúr dhoibh na am féin?


L. Lc12:43


Is bheannaighthe an searbhfhoghantuidhe úd, agá bhfhuidhe a thighearna an
tan thiocfus sé, aga dhénamh mar sin hé


L. Lc12:44


Go fírinneach adeirim ribh, go gcuirfe sé ós cionn a bhfhuil aige hé.


L. Lc12:45


Achd má deir an searbhfhoghantuighe úd ann a chroidhe féin, cuiridh mo
thighearna a theachd a rineas: agus gu dtionnsgónuidh sé gabhail ar na
searbhfhoghantuidhibh fear agus ban, agus bheith ag ithe agus ag ól agus ar
mheisge:


L. Lc12:46


Tiocfa tighearna an tsearbhfhoghantuighe úd sa lá nach sáoileann sé
hé, agus ann sanuair nach fhuil a fhios aige: agus dealóchaidh sé
uaidh é, agus dobhéra sé a chuid dó, a bhfhochair na ndáoine gan
chreideamh.


L. Lc12:47


Achd an searbhfhoghantuidhe úd aga raibhe fis tola a thighearna féin,
agus nar ullmhuidh é féin, agus nach dearna do réir a thola, gébhtar
mórán air.


L. Lc12:48


Achd an tí úd ag nách raibhe a fhios, agus fós dorinni na neithe do
thuill buillidhe, buailfithear beagán air, óir giodhbé dá dtugadh mórán,
iárrfuidhthear mórán air, agus giodhbé dá dtugadh mórán a dtaisge,
iárrfuidhthear nísa mhó air.


L. Lc12:49


Taínic mé do chur theineadh ann sa talamh, agus créd eile do iárrfuinn
má atá sí arna lasadh cheana?


L. Lc12:50


Achd is éigean damhsa mo bhaisdedh lé baisdeagh, agus créd a mhéd
chubhrighthear mé, nó gu gcrióchnuighthear é?


L. Lc12:51


An saoiltí gurab dochum sióthchána do thabhairt ar an dtalamh thaínic
méisi? adeirim ribh nach eadh, achd do chur ceannairce.


L. Lc12:52


Óir ó so amach, béid cúiger anéintigh arna roinn, triúr anadhuidh
deisi, dias anadhuidh trír.


L. Lc12:53


Biaidh an tathair animreasain ris an mac, agus an mac anadhuidh
an athar: an mháthair anadhuidh na hinghine, agus aninghean anadhuidh na
máthar: agus máthair an fhir phósda anadhuidh a mhná, agus
an bhean phósda anadhuidh mháthar a fir.


L. Lc12:54


Agus adubhairt sé mar an gcédna ris an bpubal: an tan dochíthí
néll ag éirghe ón táoibh aníar, adeirthí ar ball, atá an cioth ag
teachd: agus is amhluidh bhiós.


L. Lc12:55


Agus an tráth dochithí an gháoth andeas ag séideadh, adeirthí,
biaidh sé na theasmhach: agus bí sé mar sin.


L. Lc12:56


A luchd an fhuárchrábhuigh, is éol daoibh fioghair na talmhan
agus anaidhéir do bhreathnughadh: achd cionnas nach breathnuighthí
anaimsior sa?


L. Lc12:57


Agus créd fá nach breathnuighthí uaibh féin créd is coír ann?


L. Lc12:58


Agus fós an tan téid tú réd heasgcaruid i gceann anuachdaráin, déna
do dhicheall ar slighe ar hú féin do reiteach uadha: deagla gu
dtarrongadh sé dochum an bhreitheamhan thú, agus gu dtiobhradh an
breitheamh don tsiorríam thú, agus go dteilghfeadh an siorríam a bpríosún
tú.


L. Lc12:59


adeirim riot nách dtiocfa tú amach as sin, nó gu níoca tú an
fheoirlinn deigheanach.


L. Lc13



L. Lc13:1


Agus fanamsain féin tangadar daoine dháirighthe chuige ag innisin
sgél na nGaliléánach dhó, ag ar mheasg Piolat a bhfhuil tri
fhuil a niobarthadh.


L. Lc13:2


Agus ar bfreagra dhÍosa adubháirt sé riú, an saoiltísi gurab mó
na peacaigh na Galiléanuighsi ina an chuid eile dona galiléánachaibh,
ar son gur fhuilngeadar a leitéide so?


L. Lc13:3


Adeirimsi ribh, nach mó: achd muna ndéntaoisi áithrighe, gu
sgrisfuidhthear sibh uile mar an gcédna.


L. Lc13:4


Nó an saoiltí na hochd bhfhir dhég úd, ar ar thuit an tor a
Siloam, agus ag ar mharbh sé iád, gur mhó na peacaigh iád na gach
aon nduine eile da raibhe na gcomhnuidhe a nIárúsalém:


L. Lc13:5


Adeirim ribh nach ar mhó: achd muna ndearntaoisi aithrighe, gu
sgrisfuidhthear sibh uile mar an gcédna:




L. Lc13:6


Agus adubhairt sé an chosamhlachdsa, dobhí crann fíge ag duine
dháirighthe curtha and a fhineamhain: agus thaínic sé diarruidh
toraidh air, agus ní fhuair.


L. Lc13:7


Agus adubhairt sé ris an ngarrghadoír, féuch, atáim ré trí bliánuibh
ag teachd diárruidh toruidh ar an gcrann fhígisi, agus ní fhaghaim: gearr
hé: créd fá gcunnmhann sé an fearann gu neamhtharbhach?


L. Lc13:8


Agus ar bhfhreagra dhósan adubhairt sé ris, a thighearna leig dhó
ar an mbliadhainsi mar an gcédna nó gu rómhraidh mé na thimcheall, agus gu
gcuire mé aoileach fáoi:


L. Lc13:9


Agus ma dhobheir sé toradh, leigfidh tú dhó: achd muna dtuga,
gearrfuidh tú tara éisi sin é.


L. Lc13:10


Agus dobhí sé ag teagasg a sinagog dhairighthe lá na saboíde.


L. Lc13:11


Agus féuch, dobhí bean do látháir, aga a raibh spiorad égcrúais lé
hochd mblianuibh dég: agus dobhí sí dronnach, niorbhéidir lé í féin do
dhireachadh ar chruth ar bioth.


L. Lc13:12


Agus an tráth dochunnaic Iósa hí do ghoir sé chuige hí, agus adubhairt
sé ría, a bhean, atá tú sgaoilthi od hégcruas.


L. Lc13:13


Agus dho chuir sé a lámha urre: agus dorinneadh díreach ar ball hí, agus
tug sí gloír do Dhía.


L. Lc13:14


Agus ar bhfhreagra dhuachdarán na sinagóge, ar mbeith diomghach dhó
fa Íosa do dhénamh leidhís ann sa tsaboid, adubhairt sé ris an bpobal,
atáid sé laithe ann ar coir obair do dhenamh: ar anadhbharsain gurab
ionnta sin thiocfathaoi dá bhur leidheas, agus narab a lá na saboidi.


L. Lc13:15


Uime sin do fhreagair an tighearna dhó, agus adubhairt sé, a fhir an
fhuairchrabhuidh, ané nach sgaoileann gach aon nduine agaibh féin a dhamh
nó a asal on mhainnsér lá na sabboide, agus ané nach beireann sé dochum
uisge hé?


L. Lc13:16


Agus an bheansa atá na hinghin ag Abraham noch ag ar chuibhrigh
Satán hí anois le hochd mblianuibh dég: ané nar chóir a sgaoileadh ón
chuibhreachsa a lá na saboide?


L. Lc13:17


Agus an tan adubhairt sé na neithesi, do ghabh naire gach aon nduine
da raibhe a cur na adhuidh: achd dobhí gáirdeachas ar an sluagh uile tré gach
uile ní ionmholta da ndearnuidh seision.


L. Lc13:18


Agus adubhairt sé, cía lenab cosmhuil rioghachd Dé, agus cía ré
samhlóchaidh mé hí?


L. Lc13:19


Is cosmhuil ré gráinni musdaird hí, do ghabh duine chuige agus do chuir
sé ann a gharrgha: agus do fhás sé, agus dorinne crann mór dhe, agus
dorinneadar énlaith an aidhéir neid ann a ghéguibh.


L. Lc13:20


Agus adubhairt sé arís, cia ré samhlóchaidh mé rioghachd Dé?


L. Lc13:21


Is cosmhuil hí ré laibhín do ghabh ben chuice agus do fhoilidh sí a
dtrí cronnóguibh mineadh, nó gur gabh sí uile laibhín.


L. Lc13:22


Agus dochuaidh sé trí gach cathair agus gach baile, ag teagasg, agus a
gabháil na sligheadh gu hIerúsalém.


L. Lc13:23


Agus adubhairt duine dháirighthe ris, a thighearna, an beag
shláineochthar? agus adubhairt seision ríu,


L. Lc13:24


Denuidh bhur dteinndithcheall ar dhol asdeach sa doras chumhang: oír
adeirim ribh, is iomdha iárrfas dol asdeach, agus nach búdh héidir leó é:


L. Lc13:25


O anuair fá néireochaidh fear án tighe, agus fa a nduínfe sé a dhoras,
agus thoiseóchthaoisi seasamh amuich agus an doras do bhualadh, ag rádha,
a thighearna, a thighearna, osguil dúinni: agus ar bhfhregra dhósan
adéra sé ribh, ní fhuil a fhios agam ga has dáoibh.


L. Lc13:26


Annsin toiseóchthaoisi a rádha, dobhímis ag ithche agus ag ól
ad fhiadhnuisisi, agus dobhiothá ag teagasg ann ar sraidibh.


L. Lc13:27


Agus adéraidh sé, adeirim ribh, ní fhuil a fhios agam ga has daoibh.
Imdhigh uaim uile a luchd dénta na hégcóra.


L. Lc13:28


Annsúd bhias gul agus gísgarnach fhiacal, anuair dochifi Abraham,
agus Iosac, agus Iacab, agus na fáidhe uile a bhfhlaitheas Dé, agus sibh
féin da bhur dteilgean amach.


L. Lc13:29


Agus tiocfaid mórán ónaird tsoir, agus ónaird tsiar, agus thuaidh
agus theas: agus suidhfid siad sís a bhfhlaitheas Dé.


L. Lc13:30


Agus feuch, ataíd daoine ar deireadh bhias a dtosach, agus atáid
a dtosach bhias ar deireadh.


L. Lc13:31


An lásain féin tángadar cuid dairighthe dona Phairisíniochuibh
chuige, aga rádh ris, imthigh amach, agus fágaibh anaitsi: oir is mián ré
hIoruáith do mharbhadh.


L. Lc13:32


Agus adubhairt seision ríu, ar nimtheachd dáoibh, abruidh ris an
sionnachsain, tabhair dod haire, teilgimsi deamhain amach, agus doním
leighes aniú, agus amárach, agus críchnóchar leam an treas lá.


L. Lc13:33


Achd cheana is eigean damh aniú, agus amárach, agus anoirrther mo
shlighe do chur tharam: oír ní héidir fáigh do bhásachadh taobh amuich
dhIarusalém.


L. Lc13:34


O a Iárúsalém, a Iarúsalém mharbhas na fáighe, agus ghabhas do
chlochaibh ar na daoinibh chortar chugat, ga mhioncachd bhudh aill leam
do chlann do chruinnioghadh, mar chruinnigheas an cherc a gearrcuigh fá na
sgiothánuibh, agus níorbháill libh?


L. Lc13:35


Féuch fagthar bhur dteach na fhásach aguibh. Agus adeirimsi ribh gu
fírinnioch, nach faicfí mheisi no gu dti anaimsear iona naibeortháoi,
is beannaighe an té thig anainm an tighearna.


L. Lc14



L. Lc14:1


Agus tarrla ar dteachd dó gu tigh dhuine dháirighthe
duachdaránuibh na bPairisíneach a lá na sábóide do chaitheamh bídh,
go rabhadar a coimhéd air.


L. Lc14:2


Agus féuch, dobhí duine dháirighe anioropuis na fhiadhnuisi.


L. Lc14:3


Achd ar bhfreagra dhIósa do labhair sé ris an luchd dlighidh
agus ris na Phairisíneachaibh, ag rádha; an ceadaightheach leighes do
dhénamh lá na saboíde?


L. Lc14:4


Achd do thosdadarsan. Agus ar mbreith ar anóglach dhósan do
leghis sé hé, agus do leig sé úaidh hé.


L. Lc14:5


Agus ar bhfreagra dóibhsen adubhairt sé, ciá aguibhsi aga dtuitfeadh
a asal nó a bhó a ndióguidh nach dtóigebhadh aníos hé a lá na saboíde?


L. Lc14:6


Agus níorbheídir leó freagra do thabhairt air ann sna neithibhsi.


L. Lc14:7


Agus do labhair sé cosamhlachd ris an muintir thaínic ar cuireadh, arna
thabhairt dá aire mar dobhadar ag togha an chédionuidh suidhthe, aga rádha
riú:


L. Lc14:8


An tan doghébha tú cuireadh ó neach ar bioth dochum bainnsi, ná suidh
ann sa chéad ionad: ar eagla go bhfúair duine bhúdh onóruighe iona thusa
cuireadh uaidh mar an gcédna:


L. Lc14:9


Agus go dtiocfadh an tí do ghoir thusa agus eission, agus gu naibeoradh
sé riot, tabhair ionad dó so: agus annsin do thoiseóchthá maille le náire
suidhe ann sanionad is ísle.





L. Lc14:10


Achd an tan ghoirfidhthear thú, imthigh, agus suidh ann sanionad
is ísle, dochum an tan thiocfas an tí thug cuireadh dhuit, go naibeoradh
sé riot, a chara, suidh níis foide suás iona sin. Annsin doghébha tú
onoir a bhfhiadhnuisi a mbhia na suidhe ar an mbord.


L. Lc14:11


Óir é árduigheas é féin, ísleóchthar e: agus gidhbé ísligheas
é féin, airdeochthar é.


L. Lc14:12


Agus fós adubhairt sé ris an té úd thug cuireadh dhó, an tráth
dodhéna tú dínér, nó suipér, ná goir do charuid féin, ná do
dhearbhraithreacha, ná do dháoine gaoil, ná do chomharsanna saidhbhre: ar
eagla go dtiobhradáois cuireadh dhuit mar an gcédna agus gu bhfuightheá
an chomáoin chédna.


L. Lc14:13


Achd an tan doní tú fésda, goir na boichd, na dáoine
easbhadhacha, na bacaigh, agus na doill:


L. Lc14:14


Agus biaidh tú beannuighthe: oír ní fhuil acfuinn aca an
chomaoin chédna do thabhairt duit, oír dobérthar luaghuidheachd duit
aneiséirghe na bfírénach.


L. Lc14:15


Agus an tan dochualaidh duine dháirighthe da raibh ar aonbhord ris na
neithesi, adubhairt sé ris, is beannaighthe an té itheas arán a
bhflaitheas Dé.


L. Lc14:16


Achd adubhairt seision ris, dorinne duine dháirighthe suipér mór,
agus do ghoir sé mórán:


L. Lc14:17


Agus do chuir sé a shearbhfhoghantaidhe anam shuipéir dá rádha ris an
muinntir fuair cuíreadh, tigidh uaibh, oír atáid na huile neithe anois
ullamh.


L. Lc14:18


Agus do thionnsgnadar uile dáonghuth a leithsgél do ghabháil.
Adubhairt an cédduiné ris, do cheannaigh mé fearann, agus is éigean dhamh
dhol amach, agus a fhéchain: iárruim ort, gabh mo leithsgéul.


L. Lc14:19


Agus adubhairt fear eile, do chéannuigh mé chuig cuingealuigh do
dhamhuibh, agus atáim ag dol dá ndearbhadh: iárruim ort gabh mo
leithsgél.


L. Lc14:20


Agus adubhairt fear eile, do phós mé bean, ar anadhbharsain ní
fhéduim theachd.


L. Lc14:21


Agus ar dteachd don tshearbhfhoghantuidhe úd, do innis sé na neithesi
dá thighearna. Annsin ar ngabháil fheirge dhfhear an tighe, adubhairt sé
réna óglach; imthigh go tapuidh fá shráidibh agus fá chuileannuibh na
caithreach, agus tabhair leat asdeach annso na boichd, na daoine
ciorrbhuidhthe, agus na bacaigh, agus na doill.


L. Lc14:22


Agus adubhairt an searbhfhoghantuidhe, a thighearna atá an ní
adubhairt tú arna dhénamh: giodheadh ata áit folamh fós ann.


L. Lc14:23


Agus adubhairt an tighearna ris anóglách, imthigh fá na slíghthibh
agus fá na fáltuibh, agus cuir dfhiachuibh orrtha theachd asdeach,
dochum gu lionfuidhthe mo theach.


L. Lc14:24


Óir adeirim ribh nách blaisfidh aon nduine don mhuinntir úd fúair
cuireadh, dom shuipérsa.


L. Lc14:25


Agus dobhí slúagh mór na chuideachdain, agus ar bhfilleadh dhó
adubhairt sé ríu,


L. Lc14:26


Da dtí neach ar bioth chugamsa, agus nach fuathuigheann sé a athair, agus
a mhathair, agus a bhean, agus a chlann, agus a dhearbhraithreacha, agus
fós a anam féin, ní héidir leis bheith na dhisgiobhal agamsa.


L. Lc14:27


Agus giodhbé duine nach iomchrann a chros féin, agus nach
leanann mheisi ní héidir leis bheith ná dhisgiobal agamsa.


L. Lc14:28


Óir cía agaibhsi duine lé madh mián tor dho dhénamh, nach suidhfeadh
ar tús do theilgean chúntais an chosduis, an bhfhuil acfuinn aige dochum
críche do chur air?


L. Lc14:29


Ar eagla, dhéis an fhuinniméid do chur dhó, agus gan cumas aige
críoch do chur air, go dtoiséochadh gach aon nduine dhá bfaiceann é, ar
fhonómhad do dhénamh faoí,


L. Lc14:30


Ag rádha, do thionnsgain an fearsa obair do chur ar siobhal, agus
níor fhéd sé crích do chur uirrthe.


L. Lc14:31


Nó cía an Rí rachadh do dhenamh coguidh anadhuidh ríogh eile, nach
suidhfeadh ar tus do dhénamh comhairle in bhúdh héidir leis lé deich míle,
teangmháil don té úd thig na aghuidh lé fiche míle?


L. Lc14:32


Nó no, ar mbeith dhósan fós a bhfad uadha, cuiridh sé teachdaireachd
úaidh, agus iarruidh sé siothcháin.


L. Lc14:33


Mar an gcédna gach uile dhuine agaibhsi nach diúltann dá bhfhuil
aige, ní héidir dhó bheith na dhisgiobal agamsa.


L. Lc14:34


Is maith an salann, achd má bhíonn an salann gan bhlas, créd lé
gcuirfidh blas air?


L. Lc14:35


Ní bhfuil feidhm air dochum na talmhan ná dochum anaoiligh:
achd teilgid dáoine amach é: giodhbé aga bhfhuilid cluasa dochum
éisdeachda, éisdedh sé.


L. Lc15



L. Lc15:1


Agus tángadar na Puibleacaín uile, agus na peacaigh chuige,
déisdeachd ris:


L. Lc15:2


Agus dorinneadar na Phairisínigh agus na sgríbuidhe munmar, ag
rádha, gabhuidh an fear so peacaigh chuige, agus ithchid sé biádh na
bhfhochair.


L. Lc15:3


Achd do labhair seision an chosamhlachd sa riú, ag rádha,


L. Lc15:4


Cía agaibhsi duine, aga bfhuil céd cáora, agus do leigfeadh cáora
dhióbh amudha, nach fagann na náoi gcáoiridh déug agus ceithre fichid ar
an bhfásach, agus nach teíd a ndiáidh na cáorach úd dochuaidh amudha,
nó go bhfhadhann sé hí?


L. Lc15:5


Agus arna faghail dó, nach cuireann go luaithghaireach ar a
ghuaillibh hí?


L. Lc15:6


Agus ar dteachd dá thigh dhó, goiridh sé a charuid agus a chomharsain
a gceann a chéile? aga rádha riú, dénuidh luathghaire leamsa: oír fuair mé
mo cháora dochuáidh amugha.


L. Lc15:7


Adeirim ribh, gurab mar sin bhiás forbhfháilteachas ar neamh ar son éin
pheacaigh doní aithrighe, níis mó iona ar son naoí bhfear ndég agus
cheithre fichid do dháoinibh comhthroma, ar nach bhfuil riachdanas aithrighe.


L. Lc15:8


Nó cía an bhean agá mbiadaoís deich mboinn, agus do léigfeadh aon bhonn
díobh amudhá, nach lasfadh solus agus nach sguaibéochadh an teagh, agus
nach iárrfadh go dithcheallach, nó gu bhfaghadh sí hé?


L. Lc15:9


Agus an tráth doghébhadh sí nach goirfeadh a banchairde
agus a banchomharsain a gceann a chéilé ag radha, dénuidh gáirdeachas
léamsa: oír fuair mé mo bhonn do léig mé amudha.


L. Lc15:10


Is mar an gcédna, adeirim ribh, gu mbí gáirdeachas ar ainglibh
Dé trí éin pheacach amháin doní aithrighe.


L. Lc15:11


Agus adubhairt sé fós, dobhádar dias mac ag duine dáirighte.


L. Lc15:12


Agus adubhairt an tí dob oíge aca réna athair, a athair, tabhair dhamh
an chuid roitheas damh dod mhaitheasa. Agus do roinn seision a mháoin
eatorra.


L. Lc15:13


Agus tar éis bheagaín aimsire, ar gcruinneabhadh a chodach uile
don mhacsain dob óige, dochuaidh sé as an dtír gu dtalamh a bhfad
úadha: agus do dhiombáil sé annsin a mhaitheas léna bheathuidh dhíoblásaigh.


L. Lc15:14


Agus tar éis a chodach uile do chaitheamh dhó, do éirigh gorta romhór
ann sa tír sin: agus do thosaigh seision ar bheith a riáchdanus.


L. Lc15:15


Agus do imthigh sé roimhe, agus do lean sé dhóglách dhar aitrigh
sa tír sin: noch do chuir sé fána dhúthaidh amach é do bhúachuilleachd
mhuc


L. Lc15:16


Agus dobudh mian leis a bholg do líonadh do na féithleóguibh
do ithdís na muca: agus ní thug éunduine dhó iad.


L. Lc15:17


Agus an tan do chuimhnigh sé air féin, adubhairt sé, gá mhéd do luchd
formála mhathar agá bhfuil iomarchaidh aráin, agus meisi ag dul
amudha lé gorta.


L. Lc15:18


Eíreóchaidh mé, agus rachaidh mé a gceann mhathar, agus adéruidh
mé ris, a athair, do pheacaigh mé anadhuidh nimhe agus
ad tfhiadhnuisisi:


L. Lc15:19


Agus ní fiú mé ó so suás do mhachsa do ghairm dhióm: déna mé mar áon
dod luchd tuarasduil.


L. Lc15:20


Agus do éirigh sé, agus dochuaidh sé a gceann a athar, agus ar
mbeith fós a gcián uadha dhó, dochunnuic a athair é, agus do ghabh
truaidhe mhór dhó hé, agus a rioth chuige dhó, do chrum sé fána
bhrághuid, agus do phóg sé hé.


L. Lc15:21


Agus adubhairt an mac ris, a athair, do pheacaigh mé anadhuidh
fhlaitheamhnuis agus ad tfhiadhnuisisi, agus ní fiú mé nísa mhó
do mhacsa do ghairm dhíom.


L. Lc15:22


Achd adubhairt an tathair ré na searbhfhoghantaibh, tabhruidh an
chuluidhsin is fearr libh, agus cuiridh uime hí, agus cuiridh fáinni air a
laimh, agus bróga ima chosaibh:


L. Lc15:23


Agus tuguidh libh agus marbhuidh an laogh biátha: agus caitheam biádh,
agus bíom go súgach.


L. Lc15:24


Óir fuair mo mhac annso bás, agus do aithbeouigh sé, agus dochuaidh
sé amugha, agus frioth hé. Ar anadhbharsain do thinnsgnadar
bheith go súgach.


L. Lc15:25


Achd dobhí an mac do budh seine aige air an machaire amuich: agus ar
dteachd angar don teagh dhó, dochualuidh sé an céol agus na damhsaidhe.


L. Lc15:26


Agus ar ngairm dhuine dona searbhfhoghantuibh chuige dhó, do fhiafruidh
sé dhe créd iád na neithe si?


L. Lc15:27


Agus adubhairt seision ris, do dherbhráthairsi tháinic: agus do
mharbh hathair an laogh biadhta úd: ar son gu bhfuair sé shlán arís hé.


L. Lc15:28


Agus do gabh ferg eision, agus niorbháill leis dul asdech:
uime sin táinic a athair amach, agus do iarr sé dhathchuinghidh air
theachd asdeach.


L. Lc15:29


Achd ar bhfreagra dhósan adubhairt sé ris an athair, féuch,
atáimsi ag déanamh seirbhísi dhuit anoiread so do bhliadnuibh, agus nír
sháruigh mé haithne ariamh, gidheadh ní thug tú fiú an mheannainn
riamh dhamh, dochum go mbéinn go súgach eidir mo charuid:


L. Lc15:30


Achd an tan táinic an macsa agad do shluig do mhaitheas a bhfhochair
mheirdreach, do mharbh tú an láogh biáta úd dhó.


L. Lc15:31


Achd adubhairt seision ris, a mhic, atá tusa do ghnáth am fhochairsi,
agus na huile neithe is leamsa, is leatsa iad.


L. Lc15:32


Achd do budh cóir dhuínn súghachas agus forbháilteachas do dhénamh,
tré go raibhe an dearbhráthairsi agadsa tar éis bháis, agus gur
aithbhéouigh sé: agus gu ndeachaidh sé amudha, agus gu bhfrioth arís é.


L. Lc16



L. Lc16:1


Agus adubhairt sé fós réna dhisgiobluibh, dobhí duine saidhbhir
dháirighthe ann, aga raibhe sdiobhard: agus dorinneadh casaoid ris air,
gur dhiombail sé a mhaitheas.


L. Lc16:2


Agus arna ghairm chuige dhó, adubhairt sé ris, créd é so dochluinim
ort? tabhair cúntas do sdíobardachda uáit, óir ní héidir dhuit bheith ad
sdiobhard níbhus foide.


L. Lc16:3


Agus adubhairt an sdíobhard ris féin, créd dodhéna mé, oír atá mo
thighearna ag búain na sdiobhardachda dhíom? ní heol damh romhar do
dhénamh, agus is nár leam deirc dhiarruidh.


L. Lc16:4


Atá a fhios agam créd dodhéna mé, dochum an tan chuirfidhthear as an
sdíobhardachd mhé, go ngebhuid siád chuca mé dá dtighthibh féin.


L. Lc16:5


Agus ar ngairm gach aoín fá leith dar dhligh a thighearna fiacha,
adubhairt sé ris an gcéd fhear dhíobh: gá mhéd dfiachaibh dhligheas
mo thighearna dhíot?


L. Lc16:6


Agus adubhairt seision, céd miosúr dhola: agus adubhairt seision ris,
gabh chugad do sgribhneóireachd, agus suidh go luath, agus sgrióbh a deich agus
dá fithcheadh.


L. Lc16:7


Agus adubhairt sé na dhiaigh sin ré duine eile, créd dhlighthear
dhiotsa? agus adubhairt seision, céd mhiosúr cruithneachda: agus a
dubhairt seision ris, gabh chugad do sgriobhneoireachd, agus sgríobh ceithre
fithchid.


L. Lc16:8


Agus do mhol an thighearna an sdiobhard eúgórach, do bhríogh gu
ndearnuidh sé ní glic. Oír is glioca clann an tsaoghail si, iona clann an
tsolais ina gcinél féin.


L. Lc16:9


Agus adeirimsi ribh, dénuidh caruid daoibh féin, lé saibhreas na
hégcóra: dochum an tráth bhiás uiresbhuidh oruibh, gu ngebhdaois chuca sibh
ann a lóisdínibh siórruidhe.


L. Lc16:10


An tí atá ionnraic sa ní is lúgha, atá sé ionnruic a mórán: agus
giodhbhé atá éghcórach sa ní is lugha, atá sé égcórach a mórán mar an
gcédna.


L. Lc16:11


Ar anadhbharsain sin muna rabhabhair fírinnioch annsa tshaibhreas
bhrégach, cía do thaoibheóchadh an saibhreas fírinnioch ribh?


L. Lc16:12


Agus mun bhfrioth ionnruic sibh a gcuid duine eile, cía dobhéradh
dhaoibh an ní is libh féin?


L. Lc16:13


Ní héidir le searbhfhoghantuidhe ar bioth seirbhís do dhénamh do
dhá thighearna: oír ceachdar do dhá ní biaidh fuath aige do neach aca,
agus grádh don dára fear: nó adhárfuidh sé dho neach aca, agus dobhéra
sé nemhchion ar an dara fear: ní héidir libh seirbhís do dhénamh
do Dhia agus don tshaibhreas.


L. Lc16:14


Agus dochualadar na Phairisínigh shanntacha mar an gcédna
na neithesi uile: agus dorinniodar fonómhad faoision.


L. Lc16:15


Agus adubhairt seision riú, is sibhsi an dream úd shaoras sibh féin a
bhfiadhnuisi na ndaoine: achd is aithnid do Dia bhur gcroidhtheacha: oír
an ní atá fá mhórchion a bhfiádhnuisi na ndaoine, atá sé gráineamhuil a
bhfiadhnuisi Dé.


L. Lc16:16


Dobhí an reachd agus na fáighe ann gu teachd dEoin: ó shoin a
leith atá ríoghachd Dé dhá soisgélughadh, agus atá gach uile dhuine a
coinglinn dochum dola innte


L. Lc16:17


Achd as usa neamh agus talamh do dhol thart, iona aonphunc dhon
dlighedh do thuitim.


L. Lc16:18


Giodhbé neach léigeas a bhean, agus phósus bhean eile, doní sé
adhaltrannas: agus giodhbé dobheir an bheansain do leigeadh, doní sé
adhaltrannas.


L. Lc16:19


Achd dobhí dhuine saibhir dháirighthe ann, agus is é do budh hédach
dhó purpuir agus sióda, agus dothéighedh sé chum bídh gu roshóghamhuil gach
laoí.


L. Lc16:20


Agus dobhí duine bochd dáirighthe ann, darbhainm Lásarus, do
bhí na luidhe aga gheatasan, lán do chréchduibh:


L. Lc16:21


Agus ler mhián é féin do shásadh leis an sbruileach do thuiteadh do
bhord an duine shaibhir: agus dothigdis na mhadruidhe, agus do ligheidís
a chréuchda.


L. Lc16:22


Agus tárrla gu bhfhuair an duine bochd bás, agus gur iomchradar na
haingail gu huchd Abrahám hé: agus mar an gcédna fuair an duine
saibhir úd bás, agus do hadhluiceadh é.


L. Lc16:23


Agus ar mbeith dhó anifearn a bpiánuibh, do thóguibh sé a shuile
suás, agus dochunnaic sé Abrahám a bhfad úadha, agus Lasarus iona uchd.


L. Lc16:24


Agus ar neimhghe dhósan an tan soin adubhairt sé, a athair a
Abrahám, déna trocaire oram, agus cuir Lásarus do thumadh bhairr
a mheóir anuisge, agus dfhuaradh mo theangadh: oír atáim dom
roiphianadh annsa lásair si.


L. Lc16:25


Achd adubhairt Abrahám, a mhic, cuimhnigh gu bhfhuair tú do
shomhaóin lé linn do bheith beó, agus u bhfhuair Lásarus mar an
gcédna amhgar: achd atá sólás aigesion anois da fhaghail, agus atá
tusa dod phianadh.


L. Lc16:26


Agus do bhárr orrtha so uile, atá fodhomhain mhór arna chur
eadruinni, agus sibhsi, ionnas nach éidir leis na dáoinibh lé bhudh
mián é, dol as so chugaibhsi, na teachd as sin chuguinne.


L. Lc16:27


Agus adubhairt seision, ar anadhbhar sain iarruim ort a athair,
eision do chur gu tigh mhathar féin.


L. Lc16:28


Óir atáid cúigear dearbhraithreach agam, do thabhairt sgel dóibh, dochum
nach tiocfadaoision mar an gcédna ann sanionadsa na péine.


L. Lc16:29


Adeir Abraham ris, atáid Maoisi agus na fáighe aca: éisdid siad
riúsan.


L. Lc16:30


Achd adubhairt seision, ní hamhluidh atá a athair a Abraham: achd da
ndeacha duine ó na marbhuibh chuca, dodhéndais aithrighe.


L. Lc16:31


Agus adubhairt Abrahám rís, muna néisdid siád ré Maóisi agus ris
na faighibh, da néirgheadh duine ó mharbhuibh féin, ní thiobhradáois
credeamhuin dó.


L. Lc17



L. Lc17:1


Agus adubhairt sé ris na disgiobluibh, ní héidir nach tiocfuid
sgannalacha: achd is trúagh don tí úd tré a dtigid siád.


L. Lc17:2


Do budh fearr don té úd cloch mhuilinn do chur a dtimcheall a
mhuinil, agus a bheith arna theilgean ann sa bhfhairrge, ná áon
don mhuinntir bhigsi dhoilbemeachadh


L. Lc17:3


Tabhruid bhur naire dhaoibh féin. Má pheacaigheann do bhrathair
ad haghuidh, imdhearg é: agus má doní sé aithrighe maith dó hé.


L. Lc17:4


Agus má pheacaigheann sé ad hadhaidh seachd núaire ann sa ló, agus go
bhfillfe sé chugad seachd nuaire ann sa ló, ag rádha; atá aithreachas oram:
maith dhó .


L. Lc17:5


Agus adubhradar na hasbuil ris an dthighearna, meudaigh ar
gcrédéamh.


L. Lc17:6


Agus adubhairt an tighearna, dá mbeith oiread ghráine mhuisdaird do
chreideamh aguibh, adéradh sibh ris an gcrann bhfigeadhsa, éirigh as do
fhrémhach, agus curthar an sa bhfhairge thú: agus do umlochadh sé
dháoibh.


L. Lc17:7


Agus cía aguibh aga bhfhuil searbhfhoghantuidhe a treabhadh, no a
coimhéd tréda, aga naibeoradh sé ris ar an mball, an tan dothiocfadh sé ón
bhfherann, imthigh agus suidh síos ar an mbord?


L. Lc17:8


Achd ané nach aibeóra sé ris, ullmhuigh an ní iosas mé ar mó shuipér,
agus cuir do chris tort, agus fritheoil mheisi nó gu nithe mé agus gu
nibhe mé: agus tar éisi sin ithsi, agus ibh?


L. Lc17:9


An mbiá buidheachas aige ar an searbhfhoghantuidhe úd, do bhrígh gu
nderna sé na neithe do haithneadh dhe? ní shaoilim go mbiá.


L. Lc17:10


Agus is mar sin dáoibhsi, an tan dodhéntáoi gach uile ní da
bhfhuil arna naithni dhíbh, ábruidh, is searbhfhoghantuidhe neamhtharbhacha
sinn: oír dorinneamar an ní dobhí dfhiachaibh oruinn do dhénamh.


L. Lc17:11


Agus tárrla ag dol suás gu hIerúsalém dhó, gur ghabh sé trí lár na
Samária agus na Galilé.


L. Lc17:12


Agus an tráth dochuaidh sé asdeach gu baile dháirighthe, tarrladar
deithneabhar loghar air, do sheas a bhfad uada:


L. Lc17:13


Agus do arduigheadar a nguth, ag rádha; a Íosa a mhaighisdir, déna
trócaire oruinn.


L. Lc17:14


Agus an tan dochunnaic sé iád, adubhairt sé riú, imthighidh,
foillsighidh sibh féin dona sagartuibh: agus tarrla an fad dobhádar
ar siobal gur glanadh iád.


L. Lc17:15


Achd fear aca mar dochunnaic sé é féin arna shlánughadh, do fhill sé
tar a ais, ag moladh Dé do ghuth mhór.


L. Lc17:16


Agus do thuit sé ar a aghuidh aga chosaibhsean, ag breith
bhuidheachais ris: agus do budh Samaritánach an tí si.


L. Lc17:17


Agus ar bhfhreagra dhÍosa, adubhairt sé, ané nach fuilid
deithneabhar arna nglanadh? agus cait a bhfhuil naonbhar aca?


L. Lc17:18


Ní fhuilid ar faghbháil maille ré filleadh do thabhairt ghloíre
do Dhía, acht an teachdarchinélachsa


L. Lc17:19


Agus adubhairt sé ris, éirigh, imthigh romhad: do shlánuigh do
chreideamh thu.


L. Lc17:20


Agus arna fhiafruidhe dhe dona Phairisíniochaibh, cia an
tráth dothiocfadh rioghachd Dé: do fhreagair sé iád, agus adubhairt sé,
ní thiocfa rioghachd Dé, maillé ré coimhéd do bheith uirrthe:


L. Lc17:21


Agus ní aibeóruid siád, feuch annso, nó, féuch annsúd: oír
tabhair dod huidh, atá flaitheas Dé aguibh ann bhur measg.


L. Lc17:22


Agus adubhairt sé réna dhisgiobluibh, tiocfuidh anaimsior,
an tráth bhiás míangus oruibh aon do laithibh mhic an duine dfhaicsin:
agus ní fhaicfithí.


L. Lc17:23


Agus adhéruidh siád ribh; féuch annso, nó, féuch annsúd: achd na
hímdhigh, agus na leanuidh iad.


L. Lc17:24


Óir amhuil agus mar dheallruidheas an tinnteach shoillsigheas ónaird
gu chéile fá neamh: is mar sin bhiás mac an duine mar an gcéudna ana
lá féin.


L. Lc17:25


Achd is éigin dhó ar tús mórán dfhulang, agus a dhiultadh ón
cineadhsa.


L. Lc17:26


Agus mar tárrla a laithibh Náoi, is mar sin fós bhiás a laithibh
mhic an duine.


L. Lc17:27


Do ithidís, do ibhedís, do phosadhedís, agus dobheirdís chum pósda,
gus an lá úd ann a ndeachaidh Naoi donAirc: agus taínic an díle,
agus do sgris sí iád uile.


L. Lc17:28


Agus ar a nós gcédna mar thárrla a laithibh Lot: do ithedís,
do ibhdís, do cheannchadaoís, do reacdáois, do phlantuighedís,
do thogbhadaois tighthe:


L. Lc17:29


Agus an lá úd dochuaidh Lot amach as Sodom, do fearadh teine
agus ruibh ó neamh, agus do sgrios sé iád uile.


L. Lc17:30


Is da réir so bhiás an lá an a bhfhoillseochthar mac an duine.


L. Lc17:31


Annsa lá úd an té bhiás ar an dtegh, agus a mhaitheas ann sa tigh sin,
na tuirlingeadh sé chum a dtógbhála: agus an tí atá ar an machaire, na casadh
sé tar a ais mar an gcédna.


L. Lc17:32


Cuimhnigh ar mhnaoi Lot.


L. Lc17:33


Giodhbé ar bioth neach iarrfas a anam féin dfoírightin,
caillfidh sé hé: agus giodhbé ar bioth neach chaillfeas hé,
beóafuidh sé hé.


L. Lc17:34


Adeirim ribh, béid diás anaon lebaigh ann sanoidhe úd:
gébtar lé háon aca, agus fuigfighthear an dara fear.


L. Lc17:35


Beid días ban ag bróinteórachd anaoinfheachd: gebhthar lé mnaoí
aca, agus fuigfighthear an dara bean.


L. Lc17:36


Beid diás fear ar an machaire: gébhthar lé háon aca, agus
fuigfighthear an neach eile.


L. Lc17:37


Agus ar bhfreagra dhoibhsion adeirid ris, gá hionadh a thighearna?
agus adubhairt seision riú, giodhbé ball iona mbia an corp, is annsin fós
chruinneochthar na hiolair.


L. Lc18



L. Lc18:1


Agus adubháirt sé fós cosamhlachd ríu, gurab éigean dóibh urnuighthe
do dhénamh do ghnáth, gan leisge.


L. Lc18:2


Ag radha, dobhí breitheamh dháirighthe a gcathraidh
dhairighthe ar nach raibhe eagla Dé air, agus nach raibhe onoír aige do
neach ar bioth:


L. Lc18:3


Agus dobhí bantreabhthach dháirighthe ann sa chathruigh úd, noch
thanic chuige, ag rádha, déna coír dhamh anadhuigh fhir mhéilighthe.


L. Lc18:4


Agus níorbháill leision ar feadh aimsire faide: achd tar a éisi sin
adubhairt sé ris féin, gé nach fuil faitchéas Dia oram, agus nach fuil onoir
agam dáonduine:


L. Lc18:5


Giodheadh trí gu mbuaidhreann an bhantreabhthachsa mhé, dodhena mé
coír dhi í, dochum nach ticfadh sí fa dheireadh dom bhuáidhreadh.


L. Lc18:6


Agus adubhairt an tighearna, cluinidh créd adeir an breithemh
égcomhthrom úd:


L. Lc18:7


Ané nach déna Día dioghaltas ar son a dhaoine toghtha féin,
eimhgheas air do ló agus doidhce, ge chuireas sé a fhearg ar cairde ortha.


L. Lc18:8


Adeirim ribh, gu ndéna sé dioghaltas ar a son gu luáth. Achd cheana
an tan thiocfas mac an duine an bhfuidhbhe sé creideamh ar an dtalamh?


L. Lc18:9


Agus adubhairt sé fós ré dreim do sháoil iád féin do bheith na
bfírénachaibh, agus do tharcaisnigh cách eile, an chosamhlachdsa:


L. Lc18:10


Dochuadar diás do dhaoinibh suas don teampall dochum urnuidhthe,
aon aca na Fhairisíneach, agus araile na phuiblicánach:


L. Lc18:11


Ar seasamh don FhPhairisínioch anaonar ag so anurnuighthe dorinne
sé a Dhiá, beirim buidheachas riot nach fuilim mar atáid daoine
eile, iona luchd fuaduigh, égcórach, ina luchd adhaltrannuis: no fós
mar an bpuibliocanachsa.


L. Lc18:12


Troisgim fa dhó ann sa tseachdmhuin, dobheirim deachmuidh ar gach ní
dá sealbhuighim.


L. Lc18:13


Agus ar seasamh don fphubleacán a bhfad uadha, nirbháill leis fiú a
shúl do thógbháil suás dochum neimhi: achd do bhuail sé a uchd, ag rádha,
a Dhia, déna trócaire oramsa an peacach.


L. Lc18:14


Adeirim ribh, go dtaínic an tési anuas iona fhirénach dá thigh féin
níis mó ina na an tí úd: oír giodhbé arduigheas é féin, ísléochthar
hé: agus giodhbé neach ísligheas é féin, áirdeochthar é.


L. Lc18:15


Agus fós tugadar chuige naoidhenáin, dochum gu mbeanfadh sé riú: agus
an tan dochunncadar na disgiobuil so, do imdheargadar iád.


L. Lc18:16


Achd ar ngairm na leanabh dhÍosa chuige, adubhairt sé, fuilngidh na
leinbh do theachd chugamsa, agus na toirmeasguidh iad: oír is léna
leithéididhibh so rioghachd Dé.


L. Lc18:17


Adeirim ribh go fírinneach, giodhbé ar bioth nach gébha chuige
riogachd Dé mar naoidheanán, nach racha sé gu brách asdeach innte.


L. Lc18:18


Agus do fhiafruigh duine dháirighthe dona huachdaránuibh an tansain
de; a mhaighisdir mhaith, créd dodhéana mé lé a seabhócha mé
an bheatha mharthanach?


L. Lc18:19


Agus adubhairt Íosa ris: créd fá ngoireann tú máith dhíomsa? ní
fhuil éinneach maith achd an taon eadhon Día.


L. Lc18:20


Atá eolas na náitheantadh agád, ná déna adhaltranas, ná déna
dúnmharbhadh, ná déna goid, ná déna fiadhnuisi bhrége: onóiruigh
hathair agus do mháthair.


L. Lc18:21


Agus adubhairt seision, do choimhéid mé na neithesi uile óm óige.


L. Lc18:22


Agus ar gcluinsin na neitheannsa dhÍosa, adubhairt sé ris,
atá éinní dhuireasbhuidh ort fós, reac a bhfhuil agad, agus roinn
ar na bochduibh, agus biaidh ionnmhas ar neamh agad: agus tarra lean mheisi.


L. Lc18:23


Agus arna gcloinnsin so dhósan, dobhí sé arna ghénamh
rodhobrónach, oír dobhí sé roshaidhbhir.


L. Lc18:24


Agus an tan dochunnaic Iósa gu raibhe sé lán do dhobrón, adubhairt
sé, créd é a dheacrachd dona dáoinibh saidhbhre dul asdéch a rioghachd
Dé.


L. Lc18:25


Oír is usa camhall do dhol tri chró snáthuide, iona do dhuine shaidhbhir
dol asdeach a rioghachd Dé.


L. Lc18:26


Agus adubhradar an dream dochualuidh so, máseadh cía bhus éider do
shlánughadh?


L. Lc18:27


Achd adubhairt seision, na neithe atá doidhénta ag na daoinibh,
atáid siád soidhénta ag Dia.


L. Lc18:28


Agus adubhairt Peadar, féuch, do fhágamairni na huile neithe, agus
do leanamair thusa.


L. Lc18:29


Agus adubhairt seision riú, adeirimsi ribh go fírinneach, nách
fuil éinneach do fhágaibh a theach ná a athair, ná a mháthair, ná a
dhearbhraithreacha, ná a bhean phósda, ná a chlann ar son rioghachda Dé.


L. Lc18:30


Nach glacfa sé mórán nísa mhó ann sanaimsir so, agus an bheatha
mharthanach an sa tsaoghal tig.


L. Lc18:31


Agus ar mbreith an dá fhear dég úd leis dÍosa, adubhairt sé riú;
féuch, téghmaoíd suas go hIarusalém, agus críchnócthar a dteimcheall
mhic an duine na huile neithe atá arna sgriobhadh tríd na faíghibh


L. Lc18:32


Óir dobhérthar do na cineadhachaibh hé, agus doghéuntar fonomhad
faoi, agus maisleochthar hé, agus géubhthar do chroinntselighibh air.


L. Lc18:33


Agus arna sgiúrsadh dhóibh, muirfidh siád hé: achd éireodhaidh
sé arís an treas lá,


L. Lc18:34


Agus níor thuigeadarsan éinní dhíobh so: agus dobhádar na
briathrasa foilightheach uatha, agus níor aithnigheadar na neithe adubhradh
ann.


L. Lc18:35


Agus tárrla an tan do dhruid sé ré Ierico, gur shuidh dall
dáirighthe cois na sligheadh ag iarruidh déirce.


L. Lc18:36


Agus an tan dochualuidh sé an slúagh ag gabháil thairis, do fhiafruidh
sé créd é so.


L. Lc18:37


Agus do inniseadar dhó gurab hé Íosa Nazardha dobhí a gabháil tairis.


L. Lc18:38


Agus do éigh seision ag ráda, a Iosa a mhic Dáibhi déuna trócaire
oram.


L. Lc18:39


Agus an dream dobhí roimhe do imdheargadar hé dochum gu mbiadh sé na
thochd: achd is móide do éidheadh seision sin, aga rádh, a mhic
Dháibhí déna trócaire oram.


L. Lc18:40


Agus ar seasamh dhÍosa, do aithin sé a thabhairt chuige: agus an tan
do dhruid sé ris: do fhiafruidh sé dhe,


L. Lc18:41


Ag rádha créd is mián leat meisi dodhéna dhuit? agus adubhairt
seision a thighearna, mo roidhearc dhaiseag dhamh.


L. Lc18:42


Agus adubhairt Íosa ris, gabh chugad hamharc: do shlánuigh do
chreidemh thú.


L. Lc18:43


Agus do gabh sé a radharc chuige ar an mball, agus do lean sé hé, ag
tabhairt ghlóire do Dhiá: agus an tan dochunnaic an poball uile,
tugadar moladh dho Dhia.


L. Lc19



L. Lc19:1


Agus ar ndol asdeach gu Iérico dhÍosa, do ghabh sé tríthe:


L. Lc19:2


Agus tabhair dodhúidh, dobhí duine dháirighthe ann
dhárbhainmh Saceus, dobhí na mhaighsidir air na publeacánachaibh, agus
dobhí sé na dhuine shaidhbhir:


L. Lc19:3


Agus dobhí fonn air a fhaicsin cía hé Íosa: agus níorbh édir ris ag an
sluagh, tré go raibhe sé ísiol do fhphearsain:


L. Lc19:4


Agus ar rioth roimhi dhó, dhochuáidh sé suás a gcrann fige
fiádhain, dochum gu bhfhaicfeadh sé hé: oir dobhí fáoi an tslighesin
do ghabháil.


L. Lc19:5


Agus an tan táinic Iósa dochum na háite sin, ar bhfhéachain suás dó,
dochunnaic sé hé, agus adubhairt sé ris; a Shaceus tuirrling gu
difraech oir is ad thigh is éigean damhsa comhnuidhe dhénamh aniú.


L. Lc19:6


Agus ar ndéúnamh difreach dhósan, do thuirrling sé, agus do
ghabh sé chuige é go luáthgháireach.


L. Lc19:7


Agus an tan dochunncadar cách uile so, dorinniodar monabhar, ag rádha,
gu ndeachaigh sé asdeach gu tigh pheacaigh dochum gu mbiadh sé ar
aoidheachd ann.


L. Lc19:8


Agus ar seasamh do Shaceus adubhairt sé ris an dtighearna, féuch, a
thighearna, dobheirim leath mo mhaitheasa dona bochdaibh: agus má
dho bhean mé ní air bioth do dhuine tré mhealltóireachd dobheirim
a cheithre oiread dó.


L. Lc19:9


Agus adubhairt Íosa ris, tarrla sláinte don tighsi aniugh,
trí gu bhfhuil tusa fós ad mhac ag Abrahám.


L. Lc19:10


Óir taínic mac an duine dochum gu niarrfadh sé agus gu
slaíneóchadh sé an ní dochuaidh amugha.


L. Lc19:11


Agus ar gcloisdin na neithedhso dhóibhsin, ar gcur thuillidh leis
sin, adubhairt sé cosamhlachd tré go raibhe sé láimh ré hIárúsalém,
agus gur shaoileadarsan nach fada gu bhfhoillseochthaoi rioghachd
Dé.


L. Lc19:12


Ar anadhbhar soin adubhairt sé, dochuaidh duine uasal dáirighthe a
régíon a bhfhad uadha, dochum gu ngébhadh sé rioghachd dó féin, agus gu
gcasfadh sé tar a ais.


L. Lc19:13


Agus ar ngairm a dheíchneabhár searbhfoghantuighe dhó, tug sé deich
bpíosa airgid dóibh, agus adubhairt sé riú déunuidh gnouighthe nó gu
dtí mé.


L. Lc19:14


Achd dobhí fuath ag luchd a chaithreach dhó, agus do chuireadar
teachdaireachd na dheaghuidh, ag rádha, ní háill linn an tísi do ríoghadh
oruinn.


L. Lc19:15


Agus tarrla an tan do fhill sé, ar ngabháil na rioghachda chuige, gur
aithin sé na searbhbhogantaighe úd dá dtug sé an tairgead, do ghairm
chuige: dochum gu mbiadh a fhíos aige créud do ghnouigh gach neach aca.


L. Lc19:16


Agus taínic an céd duine, ag rádha, a thighearna, do ghnouigh do
phísa, deich bpiósa.


L. Lc19:17


Agus adubhairt seision ris, is maith sin a shearbhfhoghantuighe
mhaith: oír dobhí tú fírinneach ar an mbeagán, bíoth comhachda agad ar
dheich gcaithreachaibh.


L. Lc19:18


Agus táinic an dára neach, ag rádha, a thighearna, dorinni do phísa
chuig phiosa.


L. Lc19:19


Agus adubháirtsion ris an tési, bísi mar an gcédna ós cionn
chuig gcathrach.


L. Lc19:20


Agus taínic an neach eile chuige, ag rádha, a thighearna, féuch do
phiósa dobhí agamsa arna choimhéd a naipigín:


L. Lc19:21


Oír dobhí heaglasa oram, tré gurab duine forrghruama thú: tógbhuidh tú
suas an ní nar chuir tú sios, agus beanuidh tú an ní nár shíolchuir tú.


L. Lc19:22


Adubhairtsion ris an tansain, as do bhél féin dodhéna
mé breitheamhnas ort, a dhroichshearbhfoghantaighe: dobhí a fhios
agad mheisi do bheith am dhuine fhorrghruama thógbhus suas an ní
nach ar chuir mé síos, agus bheanas an ní nach ar chuir mé?


L. Lc19:23


Ar anadhbhar sain créd nach tug tú mo chuid airgid chum an bhuird,
agus ar dteachd damhsa do thóigebhuinn hé maille lé biseach?


L. Lc19:24


Agus adubhairt sé ris an muinntir dobhí na seasamh, tógbhuidh uadha an
píosa, agus tabhruidh don té úd aga bhfhuilid na dheich bpíosa hé.


L. Lc19:25


Agus adubhradarsan ris, a thighearna atáid deich bpiósa aige.


L. Lc19:26


Oír adeirim ribh, gurab dá gach aon aga bhfhuil, dobérthar: agus
ón té ag nach fuil ní aige, gu mbeanfuidhthear dhe fós an ní atá aige.


L. Lc19:27


Agus fós tabhruidh libh anso na naimhde úd agamsa lé narbháill
meisi do ríoghadh ós a gceann, agus marbhaidh am fhiadhnuisi iad.


L. Lc19:28


Agus arna rádha so, dochúaidh sé rompa ag dol suás gu hIarusaléim.


L. Lc19:29


Agus tarrla an tan do dhruid sé lé Bethpháge agus ré Betánia, láimh
ris an sliabh dá ngoirthear sliabh na noluidhe, gur chuir sé diás
da dhisgiobluibh uadha,


L. Lc19:30


Ag rádh, imthighidh don bhaile atá as bhur gcomhair: ar ndol asdeach
ann daoibh, doghebhthaoi searrach ceangailte, ar nar shuidh aon nduine
riamh: arna sgaoileadh tabhruidh libh hé.


L. Lc19:31


Agus dá bhfhiafruidhe éin neach dhíbh, créd fá sgáoiltí ? is mar so
adértháoi ris, ar son gu bhfuil féidhmh ag an tighearna air.


L. Lc19:32


Agus ar nimtheachd don mhuinntir úd do cuireadh a dteachdaireachd,
fuaradar mar adubhairt sé riú.


L. Lc19:33


Agus ar sgaoileadh an tserraigh dhóibhsion, adubhradar a
thighearnuidhe riú créd fá sgaoiltí an searrach?


L. Lc19:34


Agus adubhradarsan, tré gu bhfhuil a uireasbhuigh ar an dtighearna.


L. Lc19:35


Agus rugadar leo hé chum Íosa: agus ar dteilgean a mbrat ar an
searrach, do chuireadar Íosa air.


L. Lc19:36


Agus ag imtheachd dósan do leathnuigheadar a néduighe air an
slighe.


L. Lc19:37


Agus an tan do dhruid sé ré dortadh ré fanuidh shléibhe na
noluidheadh, do thinnsgain an chuideachda dhisgiobal uile ar a
raibhe gáirdeachas Dia do mholadh do ghuth mhór ar son gach uile
subhailcuighe dá bhfhacadar,


L. Lc19:38


Ag rádha, is bennaighthe an Rí úd tháinic anainm an
tighearna: síocháin ar neamh, agus glóir an sna harduibh.


L. Lc19:39


Agus adubhradar dream dona Phairisineachaibh as an sluagh,
a maighisdir, tabhuir achmhasán dod dhiscgoblaibh féin.


L. Lc19:40


Agus ar bhfreagra dhósan adubhairt sé riú, adeirim ribh, má
thochduid so, gu neighfid na clocha féin.


L. Lc19:41


Agus mar do dhruid sé a radharc na cathrach, do ghuil sé ar a son,


L. Lc19:42


Ag rádha, ó dá naitheanta ann sa lá sa agad féin fós na neithe
bheanas réd shíocháin: achd atáid siad anois foluighthe ód shúilibh.


L. Lc19:43


Oír tiocfuid laithe ort ann a dteilgfid do naimhde dióg ad thimcheall,
agus ina dtimchillfid siad agus ina gcuibhreochaid siád tú gach a táobha:


L. Lc19:44


Agus dodhénuid comhchothrom ris an dtalamh thú, agus do chlann
ionnad asdhigh: agus ní fhuicfid siád cloch ar muin cloithe ionnad: tré nach ar
aithin tú aimsear tfhiosruighthe.


L. Lc19:45


Agus ar ndol asdeach don tempall dó, do thionnsgain sé an dream
dobhí a reic agus ag ceannach ann do chur amach.


L. Lc19:46


Aga rádha riú, atá sgríobhtha, mo theachsa, is teagh
urnuighthe hé: achd cheana dorinneabhairsi tuinuighthe ghádhuidhthe dhe.


L. Lc19:47


Agus do theagaisgeadh sé gach láoi ann sa teampall. Agus do iarradar
uachdaráin na sagart agus na sgriobuidhe, agus cinn an phobuil eision do
mhilleadh.


L. Lc19:48


Giodheadh ní raibhe a fhios aca créd dodhéunadáois: oír do
leanadh an pobal uile dheision an tan dochluindís hé.


L. Lc20



L. Lc20:1


Agus tárrla a lá dháirighthe dona laithibh úd, an tann do
theagaisg seision an puball ann sa teampall, agus do sheanmoir sé
an soisgéul, go dtangadar uachdaráin na sagart agus na sgríbuidhe,
maille ris na sinnsearuibh gan fhios air.


L. Lc20:2


Agus do labhradar ris ag rádha, innis dúinne, cía an tudarrás as a
ndénann tú na neithe si, nó cía thug an tudarrása dhuit?


L. Lc20:3


Agus ar bhfreagra dhÍosa adubhairt sé riú, fiofrochaidh meisi
dhibhsi mar an gcédna ní dháirighthe: ar anadhbharsoin tabhruidh
freagra oram.


L. Lc20:4


In ó neamh dobhí baisdheadh Eóin, nó ó dhaoinibh?


L. Lc20:5


Agus dobhádarsan ag tagra eatarra féin, ag rádha, da nabram ó nemh:
adéra se, ar anadhbharsoin créd fa nár chreideabhairsi dhó?


L. Lc20:6


Giodheadh da nabram ó dháoinibh: gébhuidh an poball uile do chlochaibh
orainn. Oír is deimhin léo gurab faigh Eoin.


L. Lc20:7


Agus do fhreagradár nach raibhe a fhios aca féin ga has dó.


L. Lc20:8


Agus adubhairt Íosa riú, ní mó inneósas meisi dhaoibhsi, cía an
túdarrás as a ndéanuim na neithesi.


L. Lc20:9


Agus do thionnsgain sé an chosamhlachdsa do rádha ris an bpobal, do
chuir duine dháirighthe fíneamhuin, agus tug sé amach do sgológuibh hí:
agus dobhí sé féin a gcoigcrích ré feadh aimsire foide.


L. Lc20:10


Agus na am féin do chuir sé a shearbhfoghantuighe dochum na sgológ
úd dochum gu dtiobhradaois ní as torádh na fíneamhna dhó: agus ar ngabháil
air súd do na sgológaibh do chuireadar folamh uátha hé.


L. Lc20:11


Agus do chuir sé searbhfhoghantuighe eile uadha arís: achd ar ngabháil
air sin leis, agus ar dtabhairt asonóra dhó, do chuireadar folamh uátha hé.


L. Lc20:12


Agus na cheann sin do chuir sé an treas searbhfhoghantuighe uadha:
achd do chuireadarsan amach an tésin leis arna lot.


L. Lc20:13


Ar anadhbharsoin adubhairt tigherna na fíneamhna, créd dodhéna
mé? cuirfidh mé mo mhac grádhach féin chuca: a muinidhin an
tan dochifeadhaois hé, gu dtibhradaois onoír dhó.


L. Lc20:14


Agus arna fhaicsin dona sgológuibh, do labhradar eatarra féin, ag
rádha, as é so an toighre: tigidh, marbham é, dochum gu mbiadh
anoighreachd aguinn féin.


L. Lc20:15


Agus arna theilgeán don taobh amach don fhíneamhain, do mharbhadar
hé. Ar anadhbharsoin créd dodhéna tighearna na fíneamhna riú súd?


L. Lc20:16


Tiocfuidh se agus sgriosfuidh sé na sgológa úd, agus dobhéura sé a
fhíniomhuin do dhaoinibh eile. Agus an tan dochúaladarsan so,
adubhradar, nár léige Día sin.


L. Lc20:17


Achd ar bhféchain dósan órrtha adubhairt sé: ar anadhbharsoin
créd é an ní úd atá arna sgríobhadh, an cloch do dhiúltadar na saoir,
is di so dorinneadh ceann an chuainne?


L. Lc20:18


Giodhbé ar bioth duine thuitfeas ar an gcloich úd, dodhéntar
greamanna dhe: agus giodhbé duine ar a dtuitfidh sí, dodhéna sí luaithreadh
dhe.


L. Lc20:19


Agus do iarradar uachdaráin na sagart agus na sgríbuidhe lámha do chur
annsan ar anuair sin féin: achd dobhí eagla an fpobuil orrtha: óir do
aithneadar gurab na nadhuidh féin adubhairt sé an chosamhlachdso.


L. Lc20:20


Ar anadhbharsoin a dhénamh aireachuis air dhóibh, do
chuireadur luchd breith do chuiméochadh iád féin do bheith na
bfírénachaibh: dochum gu ngreamóchaidaois a chomhradh, dochum a
thabhartha dimpireachd, agus do chumhachduibh anuachdaráin.


L. Lc20:21


Agus do fhiafraigheadar dhe, ag rádha, a mhaighisdir, atá a fhios
againni gurab ceart labhras tú, agus theagaisges tú, agus nach fuil cion
agad ar fphearsain tar a chéile, achd go dteagasgann tú slighe Dé do réir
na fírinne:


L. Lc20:22


An ceaduidhtheach dhúinne cánachus do thabhairt do Chésár, nó gan
a thabhairt?


L. Lc20:23


Agus ar dtabhairt a mheabhla súd dá aire dhó, adubhairt sé riú,
créd fá gcurthaoi cathachadh oram?


L. Lc20:24


Taisbénaigh dhamhsa pinginn: cía lénab leis aníomháigh agus an
sgríbhneóireachd atá uirthe? agus ar bhfregra dhoibhsion adubhradar
lé Césár.


L. Lc20:25


Adubhairt séision riú an tansoin, ar anadhbhar soin, tabhruidh do
Chésar, na neithe is lé César: agus na neithe is lé Dia, do Dhia.


L. Lc20:26


Agus níor fhédadar a bhriathra san do ghreamughadh a bhfiadhnuisi an
fpobuil: agus ar ngabháil iongantais ann a fhreagarthuibhsion, do
thochdadar.


L. Lc20:27


Agus ar dteachd do dhruing do na Saduceachaibh chuige, (noch shénas
aneiséirghe do bheith ann) do fhiafruigheadar dhe,


L. Lc20:28


Ag rádha, a mhaighisdir, do sgríobh Maoisi dúinn, dá bhfaghbha
dearbhráthair dhuine ar bioth bás, aga mbiá bean fpósda, agus go
bhfuidhbhe sé bás gan chloinn aige, go ngébhadh a dhearbhrathair chuige an
bhean úd, águs go dtóigébhuidh sé sliochd dá dhearbhrathair.


L. Lc20:29


Ar anadhbharsoin dobhádar móirsheisior dearbhrathar ann, agus ar
ngabháil mná chuige don chéd fhior, fuair sé bás gan chloinn.


L. Lc20:30


Agus do ghabh an dara dearbhrathair chuige an bhean, agus fuair
seision leis bás gan chloinn.


L. Lc20:31


Agus do ghabh an treas dearbhráthair chuige hí: agus is mar an gcédna
dorinneadar an móirsheisior úd: agus níor fhágbhadar clann, agus
fuaradar bás.


L. Lc20:32


Agus a ndiagh cháith uile fuair an bhean bás mar an gcédna.


L. Lc20:33


Ar anadhbharsoin ann saneiséirghe, cía aca súd dá madh bean hí?
Oír dobhí sí ag an móirsheisior úd na mhnáoi.


L. Lc20:34


Agus ar bhfhreagra, adubhairt Íosa riú, pósaid clann an tshaoghailsi
mná, agus dobeirthear dfhearuibh iad:


L. Lc20:35


Achd cheana an dream mheasfuidhthear do bheith deangmhálta dochum
an tsaoghuil úd, agus eiséirghe ó na marbhuibh, ní fpósaid siad mná
agus ní phósaid mná iád:


L. Lc20:36


Óir ní héidir léo bás dfhagháil nísa mhó. Óir atáid siád mar
na haingle: agus atáid siád na gcloinn ag Día, ar mbeith na gcloinn
ag aneiséirghe.


L. Lc20:37


Agus do fhoillsidh Máoisi leis ag an muini gu néireochaidh na
mairbh, an tan adeir sé, an tighearna Dia Abraham, agus Dia Iosac,
agus Dia Iacób.


L. Lc20:38


Achd ní hé Dia na marbh é, achd Dia na mbeo: óir atáid siad uile na
mbeáthaigh dhósan.


L. Lc20:39


Agus ar bhfreagra do dhruing dona sgríobuidhibh do adubhradar, a
mhaighisdir, is maith adubhairt tú sin.


L. Lc20:40


Agus níor lamhadar ó sin suás ní ar bioth dfhiáfruighe dhe.


L. Lc20:41


Agus adubhairt sé riú, cionnas adeirid siad gur mac do Dháibhi
Criósd?


L. Lc20:42


Agus adeir Dáibhi féin a leabhar na salm, adubhairt an tighearna
rém thighearnasa, suidh ar mo laímh dheis,


L. Lc20:43


No go gcuire mé do namhuid na sdól fád chosaibh?


L. Lc20:44


Ar anadhbharsain goiridh Dáibhi tighearna dhe, agus cionnas is mac
dhó hé?


L. Lc20:45


Agus anéisdeachd an fpobuil uile, adubhairt sé réna dhisgiobluibh
féin,


L. Lc20:46


Tabhruidh aire dhaoibh féin ar na sgríobuidhibh, lenab áil siobhal a
róbuidhibh fada, agus lénab ionmhuin fáiltighe ar na marguidhibh, agus na
céd ionuid suighthe ann sna coimhthionóluibh, agus na céd chuibhrinn ann
sna fésdaidhibh:


L. Lc20:47


Noch shluigeas tighthe na mbaintreabhthach, agus sin fós ar sgáth
bheith go fada ag urnuighthe: doghébhuid so an damnadh is truime.


L. Lc21



L. Lc21:1


Agus ar bhfhéchain na thimcheall dó, dochunnaic sé na daoíne
saidhbhre ag cur a dtioghlaiceadh anáit choimhéda anionnmhuis.


L. Lc21:2


Agus dochunnaic sé fós baintreabhthach dáirighthe bhochd,
a cur dhá fpiosa bheaga umha ann.


L. Lc21:3


Agus adubhairt sé, adeirim ribh go fírinneach, gurab mó do chuir an
bhaintreabhthach bhochdsa ann, iná cách uile.


L. Lc21:4


Oír is doniomarcuidh atá aca, thugadar so uile tioghlaice do Dhia:
achd do chuir sisi dá bochdachd féin a beatha uile ann.


L. Lc21:5


Agus adubhairt sé ré druing dháirighthe dobhí ag labhairt ar an
dteampall: tré go raibhe sé arna dheaghmhaisiughadh do chlochaibh áille,
agus do shuaitheantasaibh.


L. Lc21:6


Ann orrtha so atáthaoi ag féchain?, tiocfuid na laithe ann nach
fuigfighthear cloch air chloith díbh so, nach sgaoilfidhthear ó chéile.


L. Lc21:7


Agus do fhiafraigheadar dhe ag rádha, a mhaighisdir, cia anuair bhéid na
neithesi? agus créd é an comhtharra bhias ann an tan dodhéntar iad
so?


L. Lc21:8


Achd adubhairt seision, féchaidh nach meallfuidhthear sibh: oír
tiocfuid mórán am ainmsi, aga rádha, is meisi Criosd agus atá
anaimsior úd fogas. Ar anadhbharsoin ná leanuidh iad.


L. Lc21:9


Agus an tan dochluinfidhe cogtha águs buaidhertha, ná bíodh eagla
oruibh: óir is éigean iad so do theachd ar tús, achd ní bhia an
deireadh do láthair.


L. Lc21:10


Adubhairt sé riú an tansoin, éireochaidh cineadh anadhaidh
chinidh, agus rioghachd anadhaigh rioghachda:


L. Lc21:11


Agus beid mórán do chriothnuighthibh talmhan ann gach uile áit,
agus gorta, agus plagha, agus neithe aduathmhara agus comharthuige móra ó neamh.


L. Lc21:12


Achd rompa so uile, cuirfid síad lámha ionnuibhsi, agus foileanfaid siád
sibh, dá bhar dtabhairt do na coimhthionolaibh, agus dona príosúnuibh,
da bhur mbreith dochum na righthe, agus dochum na nuachdarán, ar son
manmasa.


L. Lc21:13


Achd teigémhuid na neithesi dhaoibh mar fhiadhnuisi.


L. Lc21:14


Ar anadhbharsain, daingnidhidh ion bhar gcroidhthibh féin gan a
smuáinteachadh roimh láimh cionnas do fhreagóradh sibh ar bhar son féin,


L. Lc21:15


Óir dobhéra meisi béul daoibh, agus eagna nach budh héidir lé bhur
neasgcáirdibh uile labhairt, ná cur na hadhuidh.


L. Lc21:16


Agus braithfidhthear sibh fós ó bhar naithreachaibh, agus ó bhar
maithreachaibh, agus ó bhar ndearbhráithrechaibh, agus ó bhar ngaoltuibh,
agus ó bhar gcáirdibh: agus dobhéruid siád fá deara cuid dhíbh do chur chum
báis.


L. Lc21:17


Agus biaidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh ar son mhanmasa.


L. Lc21:18


Achd ní racha aon ruainne do ghruaig bhar gcinn amudha.


L. Lc21:19


Sealbhuighidh bhar nanamanna féin lé bhar bhfaidhide.


L. Lc21:20


Agus an tan dochífí Iérusalem arna timcheallughadh ó shluaguibh,
bit a fhios aguibh an tansoin gurab fogas a fásughadh.


L. Lc21:21


An dream bhias a nIudéa an tansoin, teithid siád fá na
sléibhtibh: agus an luchd bhiás ina lár, imdhighid siad isde: agus án
dream bhiás ar na machairidhibh ná héirgid siád asdeach innte.


L. Lc21:22


Óir asiad so laithe an dioghaltuis, dochum gu gcoimhlionfuidhthe na
huile neithe atá arna sgríobhadh.


L. Lc21:23


Agus budh truagh don mhuinntir bhias torrach, agus bhias ag
oileamhuinn ann sna laithibh úd. Óir biaidh riachdanas romhór ann sa
dúthaighsi, agus fearg ris an bpobalsa.


L. Lc21:24


Agus tuitfid siád lé faobhar an chloidhimh, agus bérthar a mbraighdeanas
iad chum na na nuile chineadheach: agus biaidh Iarúsalém arna saltairt
fá chossaibh na gineadhach. Nó gu gcoimhlíontar aimsearacha na gcineadheach.


L. Lc21:25


Agus béid comhtharradha ann sa gréin, agus annsa ghealuigh, agus
ann sna rellannuibh an tan soin: agus comhbhrúgh na gcinidheach ar
an dtalamh tre dhith comhairle, ag sgreadaigh don fhairrge agus don nuisge:


L. Lc21:26


Agus racha a nanam as na daoinibh tré eagla agus tré bheith ag
feitheamh ris na holcaibh thicfas ar an dómhan. Óir croithfithear
cumhachda neimhe.


L. Lc21:27


Agus annsin dochífid siád mac an duine ag teachd a néll maille lé
cumhachda, agus lé glóir mhóir.


L. Lc21:28


Agus an tan thionsgóntar na neithesi do dhénamh, féchuidh suás agus
tógbhaidh bhar gcinn, oír is gar dhaoibh bhar bhfuasgladh.


L. Lc21:29


Agus adubhairt sé an chosamhlachdsa riú, féchaigh an crann fíge agus
na huile chroinn eile:


L. Lc21:30


An tan sgeithfid siád a nduilleabhar arna bhfaicsin daoibhsi
aithentaoi féin gu bhfuil an samhradh anois a ngar dhaoibh.


L. Lc21:31


Is mar sin daoibhsi an tan dochífí na neithesi uile arna
gcríochnughadh, bíoth a fhios aguibh gurab fogas atá rioghachd Dé.


L. Lc21:32


Adeirim ribh go fírinneach, nach racha an línisi tharuinn nó gu
ndéntar na neithesi uile.


L. Lc21:33


Imeochaidh neamh agus talamh, achd ní imeóchaidh mo bhriathrasa
gu brách tharuibh.


L. Lc21:34


Achd tabhruidh bhur naire dhaoibh féin, deagla gu mbiadh sibh
tromchroidhtheach uair ar bioth ó chráos agus ó mheisge, agus ó
rochuramuibh na beathasa: agus gu dtiocfadh an lá úd gu hobann oraibh.


L. Lc21:35


Oír tiocfa sé mar phaintér ar na huile dhaoine dá náitrigheann
ar uachdar na talmhan uile.


L. Lc21:36


Ar anadhbharsain dénuidh faire, ag dénamh urnuidhthe gach uile
uair dochum gu measfuidhthe gu madh fiú sibh dol as ó na neithibhsi uile
atá chum teachda, agus go seasmhóchadh sibh a bhfiadhnuisi mhic an duine.


L. Lc21:37


Agus do theagaisgeadh sé sa ló ann sa teampall: achd ar nimtheachd
do amach ann sanoidhche, do chomhnuigheadh sé ar an sliabh dá
ngoirthear sliabh na noluidheadh.


L. Lc21:38


Agus dothigeadh an poball uile chuige gu moch, dochum éisdeachda
ris ann sa teampall.


L. Lc22



L. Lc22:1


Agus do dhruid fésda anaráin gan laibhín riú, dá ngoirthear an
Cháisg:


L. Lc22:2


Agus do iárradar uachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe caoi
ar eision do mharbhadh: óir dobhí eagla an fpobuil órtha.


L. Lc22:3


Achd dochuaigh Sátan a nIúdas dár chomhainm Iscairiót, dobhí
donuibhir an dá asball déug.


L. Lc22:4


Agus ar nimtheachd amach dhó, do labhair sé ris na hárdshagartaibh,
agus ris na huachdaránuibh, cionnas do bhraithfeadh sé eision dóibh.


L. Lc22:5


Agus do ghabh luathgháire iadsan: agus dorinneadar cunnradh ris,
airgead do thabhairt dó.


L. Lc22:6


Agus do gheall seision sin, agus do iárr sé uáin ar eision do bhrath
dóibh an tan nach biadh an poball do láthair.


L. Lc22:7


Achd taínic lá anaráin gan laibhín, ann arbéigean an tuan
Cásg do mharbhadh.


L. Lc22:8


Agus do chuir Íosa Peadhar agus Eoin uadha, ag rádha, imdhigh, agus
ullmhuighidh dhúinn an tuan Cásg dochum gu nismáois é.


L. Lc22:9


Achd adubhradarsan ris, cía anáit an a toil leat sinn dá
ullmhughadh?


L. Lc22:10


Agus adubhairt sé riú, féuch, tar éis dola asdeach sa chathraigh
dhaoibh, teigémhuidh duine dháirighthe oruibh ag iomchar shoighthigh uisge,
leanaidh hé don tigh iona racha sé asdeach.


L. Lc22:11


Agus abruidh ré fear an tighe, adeir an maighisdir riot, cáit a
bhfuil an loísdín iona níosa mé an Cháisg maille rem dhisghiobluibh?


L. Lc22:12


Agus foillseóchaidh seision daoibh an tansoin seomra mór deaghmhaisioch:
ullmhuighidh annsúd é.


L. Lc22:13


Agus ar nimtheachd dóibhsion fuaradar gach éin ní mar a
dubhairt seision riú: agus do ullmhuigheadar an Cháisg.


L. Lc22:14


Agus an tráth thaínic an aimsior úd do shuidh sé siós, agus a dhá
dhisgiobal déag na fhochair.


L. Lc22:15


Agus adubhairt sé riú, dobhí fonn romhór oram an Cháisgse do
chaitheamh maille ribhsi níbhus taosga na fhuileongas mé.


L. Lc22:16


Oír adeirim ribh, nach íosa me níbhus mhó dhe, nó go gcoimhlióntar hé
a rioghachd Dé.


L. Lc22:17


Agus ar ngabháil an chupáin chuige, ar mbreith buidheachas dó, adubhairt
sé; glacaidh so, agus roinnidh eadruibh hé.


L. Lc22:18


Oír adeirim ribh, nach iobha mé do thoradh na fíneamhna, nó gu dtí
rioghachd Dé.


L. Lc22:19


Agus ar ngabháil anaráin chuige, an tráth rug sé buidheachas, do
bhris sé , agus tug sé dóibh ag rádha, as é so mo chorpsa, dobeirthar
tar bhar gcionnsa: dénuidh so mar chuimhni oramsa.


L. Lc22:20


Agus mar an gcédna fós tug sé dhóibh an cupán. tar éis tsupéir,
ag rádha, asé an cupánsa an tiomna nua úd trém fhuilsi, doirtear
ar bhar sonsa.


L. Lc22:21


Achd cheana, féuch atá, lámh an té úd braitheas mheisi am
fhochair ar an mbord.


L. Lc22:22


Agus imthighídh mac an duine go deimhin, do réir mar do
hórduigheadh: achd cheana is mairg don duine úd lé mbraitear é.


L. Lc22:23


Agus do thionnsgnadarsan a iomradh eatarra féin, cia aca do bheith ar
a thí so do dhénamh.


L. Lc22:24


Agus fós do éiridh imreasain eatarra, cía aca do measfuidthe do bheith
níbhudh mó.


L. Lc22:25


Achd adubhairt seision riú, atá tíghearnas ag rithibh na
gcineadheach orrtha, agus an dream ag á bhfuil cumhachda orrtha, goirthear
daoine flaitheamhla dhíobh.


L. Lc22:26


Achd na bíthisi mar sin: achd an ti bhus mó eadruibh, bíoth sé mar an
té is ludha, agus an té is áirde eadruibh bioth sé mar an té doní
minisdralachd.


L. Lc22:27


Óir cía aca is mó, an té shuidheas ar an mbord, nó an tí doní
friotholamh? ané nach hé an té shuidheas? achd atáimsi eadruibh mar
an té doní friotholamh.


L. Lc22:28


Agus issibhsi an dream úd do an am fhochairsi ann mo bhuaidhearthuibh.


L. Lc22:29


Ar anadhbharsoin órduighim dhaoibhsi rioghachd, mar do orduigh
mháthair féin damhsa.


L. Lc22:30


Dochum gu níosdaoi agus go niobhthaoi ar mó bhórdsa ann mo
rioghachd féin, agus gu suidhfí ar chaithíreachaibh ag breith bhreithe
ar dhá threibh dhéug Isráeil.


L. Lc22:31


Agus adubhairt an tighearna, a Shímoin, a Shímóin, féuch, do iarr
Satán sibhsi le bhar gcáthadh, mar chruithneachd:


L. Lc22:32


Achd dorinne meisi urnuighthe ar do shon, dochum nach biadh do
chreideamh uireasbhach ar anadhbharsoin ar bhfilleadh duitsi, neartuigh
do bhraithreacha.


L. Lc22:33


Agus adubhairt seision ris, a thighearna, atáim ullamh air dhol
leatsa dochum príosúin, agus dochum báis leis.


L. Lc22:34


Achd adubhairt seision, adeirim riot a fPeadair, nach goirfe an
coileach aniu, nó gu séna tú trí huaire gu bhfhuil aithne agad oramsa.


L. Lc22:35


Agus fós adubhairt sé riú, an tan do chuir mé uaim sibh gan sparán,
agus gan mala, agus gan bhróga, an raibhe uireasbhuigh éin neithe
oruibh? agus adubhradarsan, ní raibhe.


L. Lc22:36


Ar anadhbhar soin adubhairt sé riú, achd anois, giodhbé ag á
bhfhuil sparán tógbhadh sé hé, agus a thiachóg mar an gcédna: agus
giodhbé ag nach bhfuil sin aige, reacadh sé a bhrat, agus ceannchadh
sé cloidheamh.


L. Lc22:37


Óir adeirim ribh, gurabéigean fós an ní atá arna sgríobhadh do
choimhlínadh ionnamsa, agus atá sé arna chomháireamh a measg na
ndaoine gcoirtheach: oír na neithe úd atá arna sgríobhadh oramsa,
atá deireadh aca.


L. Lc22:38


Achd adubhradarsan, a thighearna, féuch, ataíd dhá chloidheamh ann
so. Achd adubhairt seision riú, is lór sin.


L. Lc22:39


Agus ar nimtheachd amach dhó, dochuaidh sé do réir a ghnáthuighthe
go sliabh na noluidheadh: Agus fós do leanadar a dhisgiobuil hé.


L. Lc22:40


Agus an tan taínic sé chum anionuid úd, adubhairt sé riú, dénuidh
urnuighe dochum nach teigémhadh a mbuaidhreadh sibh.


L. Lc22:41


Agus do tairrngeadh eision uatha, an tansoin a dtimcheall
urchair cloithe, agus aga leigean ar a ghlúinibh, dorinne sé urnuighe,


L. Lc22:42


Ag rádha, a athair, más toil leat , cuir an cupánsa tharam: achd
cheana narabhí mo thoilsi, achd do thoilsi dodéntar.


L. Lc22:43


Agus do taisbénadh dhó aingeal do neamh dá chomhfhurthachd.


L. Lc22:44


Agus ar mbeith ananbhuain mhoír dhósan, dorinne sé urnuighthe ní
dhíthchealluighe. Agus dobhí a allas mar bhraona fola ag tuitim ar an
dtalamh.


L. Lc22:45


Agus an tan do éirigh sé ó urnuighthe, taínic sé chum a dhisgiobal,
agus fuair sé na gcodladh iád trí thuirsi.


L. Lc22:46


Agus adubhairt sé riú, créd fa gcodaltaói? éirghidh, agus dénuidh
urnuidhthe, dochum nach dtuitfeadh sibh a gcathughadh.


L. Lc22:47


Agus ag labhairt do fós, tabhair dod húigh an sluagh, agus an tí úd
dá ngoirthí Iúdas, aon don dá fhear dhéag, dochuaidh sé rompa, agus
do dhruid sé ré hÍosa dochum gu dtiobruid sé póg dhó.


L. Lc22:48


Agus adubhairt Íosa ris, a Iúdais, an lé póig bhraitheas tú mac an
duine?


L. Lc22:49


Agus an tan dochunncadar an drem úd dobhí na thimcheallsan an ní do
bhí ag teachd, adubhradar ris, a thighearna, an mbuailfeam le
chloidheamh?


L. Lc22:50


Agus do bhuail fear dhíobh searbhfhoghantuidhe anardshagairt, agus
do bhean sé a chluas deas de.


L. Lc22:51


Agus ar bhfreagra dhÍosa, agus adubhairt sé, fuilngidh go soithe
so. Agus ar mbuain ré na chluais súd, do shlánuigh sé hé.


L. Lc22:52


Agus adubhairt Íosa ris andruing úd taínic chuige eadhon
ris na hardshagartaibh, agus ré huachdaránaibh an teampuill, agus ris
na seinnseraibh, an dtangabhair amach mar dothiocfadh sibh chum
bithbheanuigh lé cloimhthibh agus lé batuidhibh?


L. Lc22:53


An tan dobhí mé gach laoi ion bhár bhfhochair sa teampall,
níor shíneabhair lámha dhamh: achd así so bhar nuairsi, agus
cumhachda an dorchaduis.


L. Lc22:54


Achd ar mbreith airsion rugadar leo hé, agus do threoruigheadar
gu tigh uachdaráin na sagart é. Agus do lean Peadar a bhfad uadha
hé.


L. Lc22:55


Agus an tráth do lasadár teine ar lár an halla, agus do shuidheadar
anéinfheachd a bhfochair a chéile, do shuidh Peadar eatarra.


L. Lc22:56


Agus an tan dochunnaic cailín dáirighthe hé na shuidhe ag an
dteinidh, ar bhféchain go gér dhí air, adubhairt sí, dobhí an tísi mar
an gcéudna na fhochair súd.


L. Lc22:57


Agus do shén seision é, ag rádha, a bhean, níorbhaithnid damh hé.


L. Lc22:58


Agus beagán na dheaghaidh sin, arna fhaicsin do neach eile, adubhairt
sé, agus is díobh súd tusa fós: achd adubhairt Peadar, a dhuine, ní
diobh meisi.


L. Lc22:59


Agus a dtímcheall aonuaíre amháin na dhiaigh sin, do dhearbh
neach dháirighthe eile, ag rádha, go fírinneach dobhí an tési leis na
fhochair súd: óir is galiléach hé.


L. Lc22:60


Achd adubhairt Peadar, a dhuine ní fhuil a fhios agam créd adeir
tú. Agus ar an mball an feadh dobhí sé ag labhairt, do ghoir an
coileach.


L. Lc22:61


Agus ar gcasadh don tighearna do fhéch sé ar Pheadar: agus do
chuimhnigh Peadar ar chomhrádh an tigherna, cionnas adubhairt sé ris,
níbhus taosga na ghoirfeas an coileach, sénfuidh tu me fa thrí.


L. Lc22:62


Agus ar ndol amach do Phéadar, do ghuil sé go searbh.


L. Lc22:63


Agus na daoine do chuinnimh Iósa, dorinneadar fonómhad faoi, da
bhualadh:


L. Lc22:64


Agus an tan do fholuigheadar é, do bhuaileadar a aghuidh, agus
do fhiafruidheadar dhé, ag rádha, déna faígheadóireachd, ciá do bhuail thú.


L. Lc22:65


Agus adubhradar mórán do neithibh eile na adhaidh dhá mhaslughadh.


L. Lc22:66


Agus mar do éirigh an lá, do chruinnigheadar sinnsir an fpobuil, agus
uachdaráin na sagart, agus na sgríbuidhe, a bhfochair a chéile, agus tugadar
eision chum a gcomhairle féin,


L. Lc22:67


Ag rádha, an tusa an Críosd? innis dúinne. Agus adubhairt
seision riú, má innisim sin daoibh, ní chreidfidhe mé.


L. Lc22:68


Agus fós ma fhiafruighim ni dhíbh ní thiobharthaoi freagra oram,
agus ní léigfi uaibh mé.


L. Lc22:69


O so amach biaidh mac an duine na shuidhe ar deis chumhachd Dé.


L. Lc22:70


Agus adubhradar uile ris, ar anadhbharsoin an tusa mac Dé? agus
adubhairt seision riú, adeirthísi gurab mé.


L. Lc22:71


Achd adubhradarsan, créd é an riachdanus fiadhnuisi nísa mhó
atá oruinn: óir dochualamar féin as a bhéul féin hé.


L. Lc23



L. Lc23:1


Agus ar néirge dá gcuidechda súd uile, rugadar chum Piolaíd hé.


L. Lc23:2


Agus do thionnsgnadar adhbhar do chuir air, ag rádha, fuaramar an
fearsa ag iompódh ar gcinidh, agus ag toirmeasg chíosa do thabhairt
do Chésar, aga rádha gurab é féin Críosd an Rí.


L. Lc23:3


Agus do fhiafruidh Piláit de, ag rádha, an tusa Rí na niúdhal
agus ar bhfreagra dhósan adubhairt sé ris, adeir tusa hé.


L. Lc23:4


Agus adubhairt Pilát ris na hárdshagartuibh agus ris an sluagh,
ní fhaghbhuimsi adhbhar ar bioth ar a bhfhear so.


L. Lc23:5


Achd do shasaigheadarsan ag rádha, buaidhridh sé an pobal, ag
teagasg ar feadh tíre Iudeá uile, ag tosughadh ón Ghalilé, go
soithe so.


L. Lc23:6


Agus mar dochualuidh Píolát techd tar an nGalilé, do fhiafruidh
sé dhe nar ghalileach é.


L. Lc23:7


Agus an tan do aithin sé gurab fa chumhachduibh Ioruaith dobhí sé,
do chuir sé chum Ioruaith, dhobhí a nIarúsalém ann sna laithibh
úd, tar ais hé.


L. Lc23:8


Agus ar bhfhaicsin Iósa dhIoruaith, do ghabh luathgháire mhór é:
óir dobhí fonn air ré fada eision dfhaicsin, trí go gcualuidh sé morán
air: agus dobhí dóchas aige go bhfhaicfeadh sé comhtharra éigin arna
dhenamh leis.


L. Lc23:9


Agus do fhiafruidh sé mórán do cheasdannuibh dhe: achd ní thug seision
fregra ar bioth air.


L. Lc23:10


Agus do sheasadar uachdaraín na sagart agus na sgríobuidhe ag dénamh
casáoide air gu roidhichiollach.


L. Lc23:11


Agus tug Ioruaidh maille réna luchd coguidh tarcuisni air, agus
dorinneadar fonómhad faoi, agus arna édughadh le hédach geal, do
chuireadar chum Piláit arís hé.


L. Lc23:12


Agus an lásoin féin, dorinneadh Ioruaith agus Piolát na gcáirdibh
dhá chéile: óir dobhádar na naimhdibh aga chéile roimhe sin.


L. Lc23:13


Agus ar ngairm na nardshagart agus na nuachdarán, agus an fpobuil
do fPiláit,


L. Lc23:14


Adubhairt sé riú, tugabhair chugamsa an duine si, mar neach
iompuidheas an pobal: agus feuch, ar gcesdughadh ris damhsa ion bhar
bhfiadhnuisi féin, ní fhuair mé coir ar bioth ar anduinisi dona neithibh
agá ndéntaoisi casaoid air:


L. Lc23:15


Agus fós ní fhuair Ioruaidh: oír dho chuir mé chuige sibh, agus féch,
ní dhearnuidh sé ní ar bioth do thuillfeadh bás.


L. Lc23:16


Ar anadhbharsain arna smachdughadh léigfidh mé uaim hé.


L. Lc23:17


Óir dob éigean dó, neach éigin do leigean amach dhóibh ann sa bhfésda:


L. Lc23:18


Achd do éigh an choimhthionól uile anaóinfheachd, ag rádha,
cuir an fersa as an slighe, agus sgaoil Barabas dúinne:


L. Lc23:19


Dobhí arna chur a bprisún tre cheannairc éigin, agus trí
mharbhadh dorinneadh ann sa chathraigh.


L. Lc23:20


Ar anadhbhar soin do labhair Pílát riú arís, ar mbeith fonnmhar
dhó ar Iósa do léigean uádha.


L. Lc23:21


Achd do éimhgheadarsan arís, ag rádha, croch, croch hé.


L. Lc23:22


Agus adubhairt sé riú an treas uair, achd créud é an tolc dorinne
sé? ní fhuair meisi adhbhar báis ar bioth chuige: ar anadhbharsain arna
smachdughadh leigfidh mé amach hé.


L. Lc23:23


Achd do sheasmhuigheadarsan gu cruaidh na adhuidh lé
gothannuibh móra, ag iarruidh eision do chrochadh: agus do
bhuadhuigheadar a ngothasan agus otha uachdarán na sagart.


L. Lc23:24


Agus rug Pílát do bhreith an ní do iarradarsan do dhénamh.


L. Lc23:25


Agus do léigh sé amach chuca an tí dobhí arna theilgean a
bprisún ar son cheanairce, agus mharbhtha, noch do iárradar: agus
tug sé Iósa dhá anantoilsion.


L. Lc23:26


Agus an tan do threoruigheadar leo hé, ar mbreith ar Shirénach
dháirighthe darbhainm Símon, dobhí ag teachd ón tuaith,
do chuireadar an chroch air dá hiomachar andeaghuidh Íosa.


L. Lc23:27


Agus do lean cuideachda mhór don fpobal agus dona mnaibh hé, dobhí
fós ag gul agus da chaoineadhsan.


L. Lc23:28


Agus ar bfilleadh dhÍosa chuca adubhairt sé, a ingheana
Iarúsaléim, ná guilidh ar mo shonsa, achd guilidh ar bhar son féin,
agus ar son bhar gcloinne:


L. Lc23:29


Óir féuch, tiocfuid na laithe iona naibeóruid siád is bheannuighthe
na mná seasga, agus na bronna nach ar thuismhidh, agus na cíocha nach tug
bainne uatha.


L. Lc23:30


Annsin thoiseochaid na dáoini a rádha ris na sléibhtibh,
tuitigh oruinne: agus ris na cnocaibh, folchaidh sinn.


L. Lc23:31


Óir má dhoníd siad na neithesi ris an gcrann úr, créd dodhéntar
ris an crann gcríon?


L. Lc23:32


Agus fós tugadh diás eile do luchd feillghníomha do dhénamh
dochum gu gcuirfí dochum báis na fhochairsion iád.


L. Lc23:33


Agus an tan tangadar donionadh dá ngoirthear áit na cloigceann, do
chrochadar annsúd hé féin, agus na meirligh: fear ar a láimh dheis,
agus fear eile air a láimh chlí.


L. Lc23:34


Agus adubhairt Íosa, a athair, maith dhóibh: oír ní fhuil a fhios
aca créd doníd siád. Agus a roinn a éduighsion, do theilgeadar
crannchar órtha.


L. Lc23:35


Agus do sheasaimh an pobal ag féchain air. Agus dorinneadar na
huachdaráin leis fonómhad fáoi maille riúsúd, ag rádha, do fhoír sé ar
dhaoinibh eile, foíreadh sé air féin, mas é so an Críosd úd do thogh Dia hé.


L. Lc23:36


Agus fós dorinneadar na soidiúruighe fonómhad fáoi, ag drud ris,
agus ag tairgsin fhinégra dhó:


L. Lc23:37


Agus aga rádha ris, mas tusa an Rí úd na nIúduigheadh,
foír ort féin.


L. Lc23:38


Agus fós dobhí sgribhneoireachd sgríobhtha ós a chionn do leitreachaibh
gréige, agus laidni, agus eabhra, ASE SO AN RI ÚD NA NIUDUIGHEADH.


L. Lc23:39


Achd do imdhearg fear dona daoinibh droithbheardachasoin dobhí
crochta hé, ag rádha, más tú an Críosd úd, foír ort féin agus oruinne.


L. Lc23:40


Agus ar bhfreagra don fhior eile, do cháin sé é, ag rádha, ané nach
fuil eaglé Dé ort, agus tú fa aondamnadh ris?


L. Lc23:41


Gu deimhin is coír rinne do bheith mar so: (óir fuáramar na
neithe do thuilleadar ar ngniomhartha): achd ní dhearna an tési ní
ar bioth nach raibhe iondéunta.


L. Lc23:42


Agus adubhairt sé ré hIósa, a thighearna, cuimhnigh oramsa an tan
thiocfas tú ad rioghachd féin.


L. Lc23:43


Agus adubhairt Íosa ris, adeirim riot gu fíririnneach, go mbia tú
am fhochair aniu a bpáthras.


L. Lc23:44


Agus dobhí sé a dtimcheall an seiseadh huair, agus dorinneadh
dorchadas ar an dtalamh uile gus a naomhadh huair.


L. Lc23:45


Agus do dorchuigheadh an ghrián, agus do briseadh brat roinnte an
teampuill ann a lár.


L. Lc23:46


Agus ar néigheamh dhÍosa do ghuth mhór, adubhairt sé, a athair,
cuirim mo spiorad ann do lámhaibhsi. Agus an tan adubhairt sé na
neithe si, dochuaidh a spiorad as.


L. Lc23:47


Agus an tráth dochunnaic an Centuírion an ní dobhí arna dhénamh,
tug sé glóir do Dhia, ag rádha, gu fírinneach dob fírénach an duinesi.


L. Lc23:48


Agus an pobal uile thaínic anaoinfheachd dá fhéchainsoin,
an uair dochunncadar na neithe dorinneadh ann, ar mbualadh a nochda, do
fhilleadar tar a nais.


L. Lc23:49


Agus do sheasmhuidheadar a dhaoine muinntire a bhfad uadha,
agus na mná do lean é ón Ghalilé, ag féchain ar na neithibh si.


L. Lc23:50


Agus féuch táinic fear dharbhainm Ióseph, dobhí na
chomhairleach, na duine mhaith, agus na fhírénach:


L. Lc23:51


Nach ar aontaigh dá gcomhairle, na dhá ngníomh súd, ó Arimátea
cathair na nIúduigheadh: aga raibhe súil aige fós ré rioghachd Dé:


L. Lc23:52


Ar ndol dó so chum Piolaít do iarr sé corp Iósa.


L. Lc23:53


Agus arna bhuain anuas dó, do chuir sé línédach na thimcheall, agus
do chuir sé a dtuama dobhí arna thochailt a gcarraic hé, ann nach ar
cuireadh aonduine roimhesion riamh.


L. Lc23:54


Agus do budh é súd lá anullmhuighthe, agus dobhí an tsaboít ag druid
riú.


L. Lc23:55


Agus fós na mná do lean , agus táinic leis ón Ghalilé, dochunncadar
an tuama, agus cionnas dobhí a chorpsan arna chur.


L. Lc23:56


Agus ar bhfhilleadh dhóibh do ullmhuigheadar spísruidhe deaghbhaluidh,
agus uinniméntighe: agus dorinniodar comhnuidhe lá na saboide do réir na
haithni.


L. Lc24



L. Lc24:1


Agus an céd lá don tseachdmhuin tangadar gu romhoch dochum an tuama,
ag tabhairt leó na neitheadh ndeaghbhaluidh do ullmhuigheadar léo: agus mná
dháirighthe eile maile friú.


L. Lc24:2


Agus fuaradar an chloch arna hiomlat ón tuáma:


L. Lc24:3


Agus ar ndol asdeach dhóibh, ní fhuaradar corp an tighearna Iósa.


L. Lc24:4


Agus tarrla gur ghabh uathbhás iád fán ní sin, agus féuch, do sheasadar
días fear na naice anéduighibh dealruightheacha:


L. Lc24:5


Agus ar ngabháil eagla, agus ar gcromadh a naithe dochum
na talmhan dona mnáibh, adubhradarsan riú, creúd fa niárrthaoi
eidir na marbhuibh, an té úd atá beo?


L. Lc24:6


Ní fhuil sé annso, achd do éirigh sé. Cuimhnighidh mar adubhairt
sé féin ribh an feadh dobhí sé fós ann sa Ghalilé,


L. Lc24:7


Ag rádha, is éigean mac an duine do thabhairt a lámhuibh na ndaoine
bpecach, agus a chrochadh: agus a eiséirghe an treas lá.


L. Lc24:8


Agus do chuimnigheadarsan ar a bhriathraibhsion.


L. Lc24:9


Agus ar bhfilleadh ón tuama do fhoillsigheadar na neithesi uile don
éin easbal dég, agus do chách eile uile.


L. Lc24:10


Achd así Muire Mhagdalén, agus Iohanna, agus Muire máthair
Shémais, agus na mná eile dobhí maille riú, do innis na neithesi do na
habsdolaibh.


L. Lc24:11


Agus do bhreathnuigheadarsan gurab édromachd chéile a mbriathrasan,
agus níor chreideadar dhóibh.


L. Lc24:12


Agus ar néirghe do Pheadar do rioth sé chum an tuama: agus an tan
do fhéuch sé asdeach, dochunnaic sé ion linédach na luighe leis féin,
agus do imthigh sé ag dénamh iongantais leis féin fán ngníomhsa.


L. Lc24:13


Agus féuch, dochuadar diás díobhsan an lásoin féin gu baile atá
trí fithid sdaíde ó Iérúsalém, darab ainm Emmáus.


L. Lc24:14


Agus dobhádar ag labhairt eatarra féin ar na neithibhsi uile tárrla
ann.


L. Lc24:15


Agus tárrla ar mbeith ag comhrádh dhóibh, agus ag ceasnúghadh ré
chéile, gu dtaínic Iósa féin, agus gur shiubhuil sé anaoinfheachd riú.


L. Lc24:16


Achd do chunnmhadh a súilesion, dochum nach aithneochadaois eision.


L. Lc24:17


Agus adubhairt sé riú, créd iad na comhráitesi tar a bhfhuiltí ag
teachd eadruibh féin, agus sibh ar siobhal, agus sibh dobrónach?


L. Lc24:18


Agus ar bhfreagra do neach acasan, darbhainm Cleópás, adubhairt
sé ris, an bhfhuil tusa ad haonar ad dhuine choigcríche a
nIarusalém, agus gan fios na neitheann dorinneadh innte ann sna
laithibhsi agad?


L. Lc24:19


Agus adubhairt seision riú, créd iád na neithe? agus adubhradarsan
ris, na neithe dorinneadh ré hÍosa Nasardha, dobhí na fháigh
chumhachdach do ghniómh agus do bhreithir a bhfhiadhnuisi Dé, agus an
fpobuil uile.


L. Lc24:20


Cionnas tugadar na hardshagairt, agus ar nuachdaráinne dochum
breithe báis do bhreith air hé, agus do chrochadar é.


L. Lc24:21


Achd dobhí ar súilne gurbhé súd an té do fhuaisgeoladh Iosrahel:
agus leath amuich diobh so uile, asé aniu an treas lá ó dhorinneadh na
neithe si.


L. Lc24:22


Agus mar an gcédna do chuireadar mná dháirighthe dhínn féin
adhuathmhuireachd oruinn, taínic gu moch dochum an tuáma.


L. Lc24:23


Agus mar nach fuaradar a chorp, tángadar, ag rádha gu bhfacadar
féin fós taibhsi aingeal adubhairt gu raibhe sé na bheathaigh.


L. Lc24:24


Agus dochuadar dream dháirighthe dhá raibhe maille rinne,
chum an tuama, agus fuaradar mar adubhradar na mná, achd ní fhacadar eision.


L. Lc24:25


Agus adubhairt seision riú an tan soin, ó a dhaoine gan chéill,
agus a luchd mallchroidhtheach dochum creidmhe dá gach éinní dar
labhradar na fáighe,


L. Lc24:26


Ané nárbhéigean do Chríosd na neithesi dhfhulang, agus dol
asdeach ann a ghlóir féin?


L. Lc24:27


Agus ar dtinnsgnadh ó Mhaoisi, agus ó na fáighibh uile, do
eidirmhínigh sé dhóibh ann sna huile sgriptúraibh na neithe dobhí
arna sgríobhadh na timcheall féin.


L. Lc24:28


Agus do dhruideadar ris an mbaile dochum a rabhadar ag dol, agus do léig
seision air gu rachadh sé níis foide.


L. Lc24:29


Achd do chuimhéignigheadarsan é, aga rádha, comhnuigh maille
rinne, oír atá sé na easbort, agus is deireadh laoi ann. Agus dochuaidh sé
asdeach dochum anmhana maille riú.


L. Lc24:30


Agus tarrla an tan do shuidh sé dochum bí na bhfhochair, ar mbreith ar
anarán go rug sé buidheachas, agus arna bhriseadh, tug sé dhóibhsion é.


L. Lc24:31


Agus do hosgladh a súilesion, agus do aithnidheadar eision, agus do
tógbhadh as a namharc hé.


L. Lc24:32


Agus adubhradarsan eatarra féin, ané nach rabhadar ar gcroidhtheacha
ar lasadh ionnuinn, an feadh dobhí sé ag labhairt rinn ar an slighe,
agus an tan do osguil sé dhúinn na sgriptúruidhe?


L. Lc24:33


Agus ar néirghe dhóibh ar anuairsin féin, do fhilleadar go
hIarúsalém, agus fuaradar an téin fhear déug cruinn a bhfhochair a
chéile, agus an dream dobhí maille friú,


L. Lc24:34


Ag rádha, do éirigh an tighearna go fírinneach, agus do foillsigheadh do
Shíomón hé.


L. Lc24:35


Agus dinnisiodarsan na neithe dobhí arna ndénamh ar an slighe,
agus mar dho aithinidheadar he a mbriseadh anaráin.


L. Lc24:36


Agus arna labhairt so dhóibhsion, do shesaimh Íosa féin
iona meadhon, agus adubhairt sé riú, síocháin maille ribh.


L. Lc24:37


Achd ar mbeith dhóibhsion ar crioth agus lán daithcheas, do
shaoileadar gurab spioruid dochunncadar.


L. Lc24:38


Agus adubhairt seision riú, créd fá bhfhuiltí arna bhar mbuaireadh,
agus créd fá a néirghid smuaíntighthe ion bhar gcroidhthibh?


L. Lc24:39


Féuchaidh mo lámha agus mo chosasa: óir is meisi féin atá
ann: glacaidh, agus féuchaidh mé: óir ní fhuil feoil na cnámha ag
spioruid, mar dochithí agamsa.


L. Lc24:40


Agus an tan adubhairt sé na neithesi, do fhoillsigh sé dhóibh a lámha
agus a chosa.


L. Lc24:41


Agus ar mbeith míchreidmheach dhóibhsion fós tré ghairdeachas, agus ag
dénamh iongantais, adubhairt seision riú, an bhfhuil biadh ar bioth agaibh
annso?


L. Lc24:42


Agus tugadarsan dó an tansoin cuid diasg rosduighe, agus cuid
do chír mheala.


L. Lc24:43


Agus arna nglacadh sin dósan, aduaidh sé na
bhfhiadhnuisision iád.


L. Lc24:44


Agus adubhairt sé riú, ag so na briathra do labhair mé ribh,
an uair dobhí mé fós ion bhar bhfochair, iodhón gurab éigin na huile
neithe atá arna sgríbhadh a reachd Mhaoisi, agus ann sna fáighibh,
agus ann sna salmuibh am thimcheallsa, do choimhlíonadh.


L. Lc24:45


Annsin do osguil sé a nintinn, dochum gu dtuigfedaois na sgriptúir,


L. Lc24:46


Agus adubhairt sé riú, gurab mar so dobhí sé arna sgríobhadh,
agus gurab mar so dob éigean do Chriosd fulang, agus eiséirghe ó
mharbhuibh an treas lá:


L. Lc24:47


Agus aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do shenmóir na ainm dona
huile chineadheachuibh ag tionnsgnadh ó Iarusalém.


L. Lc24:48


Agus is sibhsi fiadhnuiseadha na neitheann sa.


L. Lc24:49


Agus tabhair dod huigh, cuirfidh meisi geallamhuin mhathar
chugaibh: achd anuidh a gcathair Iarusalém nó gu gcuirthear cumhachda anuas
iomuibh.


L. Lc24:50


Agus rug sé amach gu soithe Betánia iád: agus ar dtógbháil a lámh, do
bheannuigh sé iád.


L. Lc24:51


Agus tárrla ar mbeith dá mbeannughadh dhó gur sgaradh riú hé, agus gur
tógbhadh suas ar neamh é.


L. Lc24:52


Agus arna onórughadh dhóibhsean do fhilleadar go hIarusalém maille
le gáirdeachus mór.


L. Lc24:53


Agus dobhídaois do ghnáth ann sa teampall, ag moladh Dé, agus ag
tabhairt ghloire dho. Amen.


L. En1:1


Dobhí an bhriathar and sa tosach, agus dhobhí an bhríathar a bhfhochair
Dhé, agus dobudh hí an bhríathar sin Día.


L. En1:2


Dobhí so ar tús a bhfhochair Dhé.


L. En1:3


Ataíd na huile neithe arna ndéunamh trí san mbréithirsi: agus
ní fhuil ní ar bioth dá ndéarnadh arna dhéunamh na féugmais.


L. En1:4


Is ann sa mbreithir dobhí an bheatha, agus dobudh hí an bheatha an
solus úd na ndaoine:


L. En1:5


Agus soillsighidh an solus soin annsa dorchadas, agus nír ghabh an
dorchadas chuige hé.


L. En1:6


Dobhí duine arna chur ó Dhía dhárbhainm Eóin:


L. En1:7


Taínic an té so dochum fíadhnuisi, dochum gu ndiongnadh sé fiadhnuisi don
tsolus, dochum gu gcreidfidís cách uile thríd.


L. En1:8


Nirbhé súd an solus úd, achd do cuireadh hé dochum gu ndiongnadh sé
fíadhnuise don tsolus úd.


L. En1:9


Dobudh hé so an solus fírinneach úd shoillsigheas gach uile dhuine
dhá dtig ar an ndomhan.


L. En1:10


Dobhí sé air an ndomhan, agus atá an domhan arna dhéunamh thríd: achd
nír aithin an domhan hé.


L. En1:11


Dochum a dháoine féin taínic sé, agus nír ghabhadar a dhaoine
féin chuca é.


L. En1:12


Achd an mhéid do ghabh chuca hé, tug sé na cumhachda so dhóibh bheith
ana gcloinn ag Dia, eadhón don droing chreideas ann a ainmsean:


L. En1:13


Nách fuil arna ngeineamhain ó fhuil, na ó ainmián ná colla, ná ó
thoil fhir, achd ó Dhía.


L. En1:14


Agus dorinneadh féoil don bhreithir úd, agus do chomhnuigh sí
eadruinne, agus dochunncamar a glóirsi, mar ghloír éingheine meic ón
athair lán do grásuibh agus dhfírinne.


L. En1:15


Dorinne Eoin fiadhnuisi dhó, agus do éigh sé, agá rádh; as é so an té
ar ar labhuir mé, an té thig am dheaghaidhsí, dobhí sé romhan: oír
dobudh taosga hé iná mheisi.


L. En1:16


Agus do ghabhamair uile chugainn as a lán san, agus grása ar son
ghrás.


L. En1:17


Oír atá an reachd arna thabhairt tré Mháoisi: achd taínic
grása agus firinne tré Iósa Críosd.


L. En1:18


Ní fhacaidh neach ar bioth Día riámh: an áoinghein mheic úd atá an
uchd an athar, as hé do fhoillsigh hé dhúinne.


L. En1:19


Agus as hí so fíadhnuisi Eóin, an tan do chuireadar na híudaighe ó
Ierúsalém Sagairt agus Lébhití, dochum gu bhfhiafróchaidís de, cía
thusa?


L. En1:20


Agus do adaimh seision, agus niór shéun sé: do adaimh sé adeirim
nárbhé féin an Críosd úd.


L. En1:21


Agus do fhiafruigheadar dhé, créd eile thú? an tú Eliás? agus
adubhairt seision, ní mé. An fáidh tú? Agus do fhreagair seision, ní headh.


L. En1:22


Ar anadhbharsin adubhradar ris, cia tú?, dochum gu dtiobhramáois
freagra ar an ndreim úd do chuir úatha sinn: créd adeir tú ad thimcheall
féin?


L. En1:23


Adubhairt seisean, mheisi guth an té éighmheas ar an bhfásach,
dírghidh shlighidh an tighearna, mar adubhairt Esahias an fáidh.


L. En1:24


Agus an dream úd dobhí arná gcur leis an dteachdaireachd, dobudh do na
Phairisíneachuibh iad.


L. En1:25


Agus do fhiáfruigheadar dhesean, agus adubhradar ris; ar
anadhbhársain créd fá ndéunann tú baisdeadh, muna tú Chríosd, nó
Eliás, nó fáidh?


L. En1:26


Do fhreagair Eóin dóibh, agá rádh; baisdimsi lé huisge: achd atá na
sheasamh an bhur meadhónsa an tí nách fuil a fhios aguibh.


L. En1:27


As é so an té úd tig am dheaghaidhsi, dobhí romhamsa: ag nách
fíú meisi iallach a bhróg dho sgaoileadh.


L. En1:28


Dorinneadh na neithe so a Mbetabara ar an dtaobh thall do Iordán, an
aít anar bhaisd Eóin.


L. En1:29


An lá an a dheaghaidh sin dochunnaic Eóin Iósa ag teachd chuige féin,
agus adubhairt sé; féuch an túan úd Dé, thógbhas peacadh an domhain.


L. En1:30


Ag so an té úd ar ar labhair mé, tig am dheaghaidhsi neach do
bhí romham: óir dobudh taosga hé na mheisi.


L. En1:31


Agus ní raibhe aithne agumsa air: achd dochum gu mbeadh sé follus
d'israhél, as uime sin taínic meisi ag baisdeadh lé huisge.


L. En1:32


Agus dorinne Eóin fíadhnuisi, agá rádh; dochunnaic mé spioruid ag
tuirleing amhail cholam do neamh. Agus do chomhnuidh sé airsion.


L. En1:33


Agus nír aithin meisi hé, achd an té do chuir meisi dochum gu
mbaisdfind lé huisge, as é adubhairt rium; gidhbé ar a bhfaicfe tú
an spioraid ag tuirrling agus ag comhnuighe air, ag so an té bhaisdeas
leis an spiorad náomh.


L. En1:34


Agus dochunnaic meisi, agus doním dhfíadhnuisi gurab é so
anmac úd Dé.


L. En1:35


An lá ina dheaghaidh sin arís do sheasaimh Eóin, agus diás dá
dheisgioblaibh:


L. En1:36


Agus ar bhfhaicsin Iósa ag siobhal adubhairt sé; féuch an túan úd
Dé.


L. En1:37


Agus dochualadar an dís deisgiobal úd hé ag labhairt, agus do
leanadar Iósa.


L. En1:38


Agus ar bhfhilleadh Dhíosa, agus arná bhfhaicsinsean dá
leanmhuin féin, adubhairt sé riú;


L. En1:39


Créud atátháoi dhíarraigh? agus adubhradarsan ris, Rabbi
ré n-abarthar, má eidirmhínigheann tú hé a mhaighisdir gá haít an a
mbí ad chomhnuighe?


L. En1:40


Adubháirt sé riú; tigidh agus féuchaidh. Tangadar agus dochunncadar
an tionad a gcomhnuigheadh seisean: agus do anadar aige an la úd uile:
oír dobhí an úair sintimcheall a deich.


L. En1:41


Agus dobé Ainndréas dearbhráthair Shimóin Peaduir fear dhon
dís úd dochúalaidh na neithe úd ó Eóin, agus do lean eisean:


L. En1:42


Asé so céud duine fár búaileadh a dhearbhbhráthair féin Síomon, agus
adubhairt sé ris; fúaramar an Messías, as sé sin arna eidirmhíniughadh, an
Críosd.


L. En1:43


Agus rug sé dochum Iósa hé. Agus ar bhfhéuchcain Díosa air,
adubhairt sé; as tusa Siomón Ioná: goirfidhear Céphas díot, dárab
ciall carraig.


L. En1:44


Arna mhárach dobudh mían lé Híosa dul don Ghalilé: agus fuáir sé
Pilib, agus adubhairt sé ris; lean mheisi.


L. En1:45


Agus dobudh as Bedsaída do FhPilib, cathair Ainndréas agus
Pheadair.


L. En1:46


Fuáir Pilib Nathanael agus adubhairt sé ris; fuáramar an té ar ar
sgríobh Máoisi annsa reachd, agus na fáidhe adhón Iósa an mac úd
Ióséubh ó Násaréth.


L. En1:47


Agus adubhairt Nathanael ris; an éidir ní air bioth maith
do thoigheachd ó Nasaréth? Adubhairt Pilib ris, tarr agus féuch.


L. En1:48


Dochunnaic Iósa Nathanael ag teachd chuige, agus do labhair sé air;
féch an tisrahelach fírinneach ann nach fuil meabhuil.


L. En1:49


Adubhairt Natánael ris; cionnas aithnigheas tú mheisi? do fhreagoir
Iosa, agus adubhairt sé ris; nías taosga ina do ghoir Pilib thú, an tráth
dobhí tú fá an gcrann bhfhíge, dochunnaic me thú.


L. En1:50


Do fhreagair Natanael agus adubhairt sé ris; Rabbi, as mac tusa mac úd
Dé, as tú an rí úd Israhél.


L. En1:51


Do fhreagair Iósa agus adubhairt sé ris; tré gu ndubhairt mé riot,
dochunnaic mé fán gcrann bhfhígthe thú, an gcreideann tú? dochífi tú
neithe as mó ina iád sho.


L. En1:52


Agus adubhairt sé ris; gu fíreanneach fíreannach adeirim ribh, gu
bhfhaicfidhe ó so amach neamh osgailte, agus aingil Dé ag dul suás agus ag
teachd anúas ar mhac an duine.


L. En2



L. En2:1


Agus an treas lá dorinneadh pósadh a gCána baile dhon Ghalile:
agus dobhí máthair Íosa annsúd.


L. En2:2


Agus fós do goireadh Iósa agus a dheisgiobail dochum an fhphosda.


L. En2:3


Agus án tan dochuaidh as an bhfhíon, adubhairt máthuir Íosa ris;
ní fhuil fíon áca.


L. En2:4


Adubhairt Iósa ría, créud atá damhsa riot, a bhean? ní thaínic
mhaimsirsi fós.


L. En2:5


Adubhairt a mháthair ris an luchd bhfriotháilmhe; giodhbé ar
bioth ní adéra sé ribh, déunaigh é.


L. En2:6


Agus dobhádar sé soithighe cloiche arna gcur annsúd do réir
ghnáthaighthe ghlanta na níudaigheadh, dhá chíndeircín nó a trí do an
gach áon aca.


L. En2:7


Adubhairt Iósa riú; líonaidh na soithighe so dhuisge. Agus do
lionadar iád gó a mbrúachaibh.


L. En2:8


Agus adubhairt sé riú an tansin: tairrngidh anois agus beiridh
dochum uachdaraín an fhéusda hé; agus rugadar.


L. En2:9


Agus mar do bhlais an túachdarán an tuisge úd dobhí arna
dhéunamh a na fhíon, agus ní raibh a fhios aige créd as a dtaínic sé:
achd dobhí a fhios ag an luchd bhfhriothóilmhé do thairraing an tuisge:
do ghoir an túachdarán an fear nuafpósda chuige,


L. En2:10


Agus adhubhairt sé ris; cuiridh gach uile dhuine an fíon maith amach
ar tús, agus an tanibhid dáoine a sáith, annsin an fíon as measa; achd
do choimhéud tusa an fíon maith gus anois.


L. En2:11


As hé so tosach míorbhuile dorinne Iósa, a gCcána na Galile,
agus dorinne sé a ghloír féin follus: agus do chreideadar a dheisgiobail
ann.


L. En2:12


Agus na dheaghaidh sin dochuaidh sé síos gu Capernáum, é féin agus a
mháthair, agus a dhearbhráithreacha agus á dheisgiobail: achd níor
anadar annsúd mórán do laithibh:


L. En2:13


Oír dobhí Cáisg na níudaigheadh a bhfogus. Agus dochuaidh Iósa
suas go Hierúsalém.


L. En2:14


Agus fuáir sé annsa teampallluchd reactha damh, agus caorach, agus
colum, agus luchd malarta an airgid an a suidhe.


L. En2:15


Agus ar ndéunamh sgíursi dhó do chórduighibh, do chuir sé amach as an
dteampoll iad uile, maille ré na gcáorchaibh, agus ré na ndamhuibh, agus
do dhoirt sé amach monuidhe luchd an airgid diomlat, agus do leag sé a
mbuird bunsgionn.


L. En2:16


Agus adubhairt sé ré luchd reactha na gcolam; tógbhuídh iad so as so,
ná deunuidh teagh mhatharsa ana theach ceannuigheachda.




L. En2:17


Agus do chuimhnigheadar a dheisgiobailsean, gu raibhe arna sgríobhadh:.
do shluig éud do thighesi mhé.


L. En2:18


Ar anadhbharsin do fhreagradar na híudaidhe, agus adubhradar rís;
créd hé an comhartha fhoillsigheas tú dhúinne, fá ndéunann tú na neithesi?


L. En2:19


Do fhreagair Iósa agus adubhairt sé riú, leagaidh síos an teampoll
so, agus tóigéubhuidh meisi hé a dtrí laithibh.


L. En2:20


Ar anadhbharsin adubhradar na hIuduidhe; sé bliádhna agus dá
fhichead dobhí an teampall so agá dhéunamh, agus an dtóigéubha tusa a
dtri laithaibh é?


L. En2:21


Achd ios do theampoll a chuirp féin do labhair seision.


L. En2:22


Ar anadhbharsin an tan do éirigh sé ó mharbhaibh, do
chuimhnigheadar a dheisgiobail gu ndubhairt sé so riú: agus do chreideadar
dhon sgriobtúir, agus don bhréithir adubhairt Iósa.


L. En2:23


Agus ar mbeith a Niérusalém dhó fá Chaísg sa bhfhéusda, do
chreideadar mórán ana ainmsean, ag faicsin na gcomharthadh dorinne sé.


L. En2:24


Achd nír tháobhadh Iósa hé féin riú, tré gur aithin sé iád uile:


L. En2:25


Agus ní raínig sé a leas neach ar bith do dhéunamh fiadhnuisi dho
ar dhuine: oír dobhí a fhios aige féin créd dobhí annsa duine.


L. En3



L. En3:1


Achd dobhí duine dháirighthe do na Phairisíneachuibh, darbhainm
Nícodémus, dúachdaránuibh na níudaigheadh.


L. En3:2


Taínig an té so dochum Iósa annsanoidhche, agus adubhairt sé ris; a
maighisdir, atá a fhios aguinn gurab ó Dhía thaínig tusa ad dfhior
teaguisg: oír ní héidir lé héinneach na comharthuidhe so doní tusa do
dhéunamh, achd muna bheath Día maille ris.


L. En3:3


Do fhreaguir Iósa agus adubhairt sé ris; go fírinneach, fírinneach,
adeirim riot, achd muna gheintear duine arís, nách éidir leis ríoghachd Dé
dhfhaicsin.


L. En3:4


Agus dubhairt Nícodémus ris; cionnos as éidir lé duine atá arsaidh, a
gheineamhuin? an éidir leis dul asdeach a mbroinn a mháthar an dara
huáir, agus a gheineamhain?


L. En3:5


Do fhreagair Iósa; gu fírinneach fírinneach adeirim riot, achd
muna raibhe neach arna gheineamhuin ó uisge agus ó an spioruid, nach éidir
léis dul asdeach a bhfhlaitheas Dé.


L. En3:6


An ní atá arna gheineamhuin ó an bhfhéoil, as feoil hé: agus an ní
atá arna gheineamhuin ón spioraid, is spiorad hé.


L. En3:7


Na bíodh iongnadh agad gu ndubhairt meisi riot, gurab éigean dáoibh
bhur ngeineamhuin arís.


L. En3:8


Séidigh an gháoth mar as áil lé, agus dochluin tú a torann, achd ní
fhuil a fhios agad créad as a dtig sí, nó caít a dtéid sí: is mar sin
atá giodhbé neach atá arna gheineamhuin ón spioruid.


L. En3:9


Do fhreagair Nicodémus, agus adubhairt sé ris; cionnas as eidir na
neithe so do bheith:


L. En3:10


Do fhreagoir Iósa agus adubhairt sé ris; an bhfhuil tusa ad
mháighisdir a Nisraheul, agus gan fiós na neitheannsa agad.


L. En3:11


Go fírinneach, fírinneach, adeirim riot, gu labhramáoid an ní a
bhfhuil a fhios aguinn agus gu mbeirmíd fiadhnuisí ar an ní dochunncamar:
achd ní ghabhtháoisi ar bhfhíadhnuisi chuigaibh.


L. En3:12


Más neithe talmhuidhe adubhairt mé ribh, agus nach gcreidthí: cionnas
chreidfidhe dá nabra mé neithe neamhdha ribh?


L. En3:13


Oír ní dheachuidh neach ar bioth suás ar neamh, achd an té do thuirrling ó
neamh, eadhón mac an duine atá ar neamh.


L. En3:14


Agus mar do árduigh Máoisi a nathuír neimhe ar an bhfhásach, as mar
sin as éigean mac an duine dhárdughadh:


L. En3:15


Dochum giodhbé neach do chreidfeadh ann, nach rachadh sé dho dhíth,
achd gu mbeath an bheatha shiórruidhe aíge.


L. En3:16


Oír is mar so do ghrádhaigh Día an domhan, gu dtug sé a éinghein
mheic féin, dochum giodhbé neach chreideas ann nach rachadh sé amugha, achd
gu bhfhághbhadh sé an bheatha mharrthanach.


L. En3:17


Oír níor chuir Día a mhac féin don domhan, dochum gu
ndaiméonadh sé an domhan, achd dochum gu slainéochaidhe an domhan
tríd.


L. En3:18


An tí chreideas ann, ní damantar é: achd an tí nách creideann, atá sé
arná dhamnughadh cheana: tré nár chréid sé a nainm aoingheine mheic Dé.


L. En3:19


Agus as é so an damnughadh; gu dtaínig an solus ar an
domhan, agus gur mhó do ghrádhuigheadar na dáoine an dorchadas ina an solus:
ar son gu bhfhuilid a noibrighthe gu holc.


L. En3:20


Oír giodhbé neach doní olc, fúathaighidh sé an solus, agus
ní thig sé dochum an tsolais, deagla gu ndiommolfuidhe a oibrighthe.


L. En3:21


Achd gidhbé doní an fhírinne, thig sé dochum an tsoluis: dochum gu
mbeidís a oibrighthe follus, tré gurab do réir Dhé atáid siad arna
ndéunamh.


L. En3:22


Taínig Iósa agus a dheisgiobail an a dheaghaidh sin gu talamh Iúdea:
agus do chomhnuigh sé annsúd maille riú, agus do bhaisd sé.


L. En3:23


Agus fós do bhaisd Eóin, mar an gcédna a Nenón láimh ré Sálim,
oír dobhí iomad uisge annsúd: agus tangadar agus do baisdeadh iád.


L. En3:24


Oír ní raibhe Eóin arna dteilgean a bpríosún fós.


L. En3:25


Uime sin do éirigh ceisd eidir chuid do dheisgiobluibh Eóin agus na
híudaidhe a dtímcheall an ghlanta.


L. En3:26


Agus tangadar dochum Eóin, agus adubhradar ris; a mhaighisdir, an
té dobhí ad tfochair ar an dtáoibh thall do Iordán, dá ndearna tú
fíadhnuisi, féuch baisdigh sé, agus tigid na huile dhaoine chuige.


L. En3:27


Do fhreagair Eóin agus adubhairt sé; ní héidir lé duine ní ar bioth
do ghabháil chuige achd muna raibhe sé arna thabhairt dhó ó neamh.


L. En3:28


Atathaoisi féin in bhur bhfhíadhnuisi agumsa gu ndubhairt mé, ní meisi
an Críosd, achd gu bhfhuilim arnam chur dhollmhughadh reimhe.


L. En3:29


An té aga bhfhuil an bhean nuaphósda, as hé an fear núafphósda hé:
achd cara an fhir nuafpósda noch sheasmhuigheas agus éisdeas ris, gabhuidh
gáirdeachus mór é tré ghuth an fhir núaphósda. Ar anadhbharsin atá
mó gháirdeachusa arna choimhliónadh.


L. En3:30


As éigean dósan fás, agus damhsa laighdiughadh.


L. En3:31


An té thig anuas atá sé ós cionn cháigh uile: an té atá ón talamh,
atá sé talmhuidhe, agus labhraidh sé neithe talmhuidhe: an té thig ó
neamh, atá sé ós cionn cháich uile.


L. En3:32


Agus an ní dochunnaic agus dochúalaidh sé doní sé so
dfhiadhnuise: achd ní ghabhann neach ar bioth a fhíadhnuisisean chuíge.


L. En3:33


An neach ghabhus a fhíadhnuisisean chuige do chuir sé séula air
gu bhfhuil Día fírinneach.


L. En3:34


Oir an té do chuir Día uádha, labhraidh sé briathra Dé. Oír ní do
réir mhiosúir thug Día an spiorad dó.


L. En3:35


Atá grádh ag an athair dhon mhac, agus tug sé na huile neithe ina
laímh.


L. En3:36


An té chreideas annsa mhac, atá an bheatha mharrthanach aige: achd
an té bhíos easumhal don mhac, ní fhaicfe sé an bheatha, achd comhnuighidh
fearg Dhé air.


L. En4



L. En4:1


Ar anadhbharsin an tan do aithin an tighearna gu gcúaladar na
Pairisínigh gurab mó do dheisgiobluibh doniodh Iósa agus do bhaisdeadh sé
ina Eoin:


L. En4:2


Bíodh nách baisdeadh Iósa féin, ach a dheisgiobail


L. En4:3


Do fhágaibh sé an Iúdeá, agus dochúaidh sé arís don Ghalilé.


L. En4:4


Agus dobudh éigean dó dul thríd Shamária.


L. En4:5


Ar anadhbharsin tháinig sé gu cathair Shamaría dá ngoirthear
Síchar, laimh ris an bhfearann tug Iacób dhá mhac féin Iósébh.


L. En4:6


Agus dobhí tobar Iacób annsúd: Ar anadhbharsin ar mbeith tuirrseach
Dhiósa óna aisdear, do shuidh sé mar sin ar an dtobar. Oír dobhí sé a
dtimcheal an seiseadh huáir.


L. En4:7


Taínig bean ó Shamariá dochum gu dtarraingfeadh sí uisge: adubhairt
Iósa ría, tabhair dhighdhámhsa.


L. En4:8


Óir dochúadar a dheisgiobailsion don chathraigh dochum gu
gceineochdaoís bíadh.


L. En4:9


Ar anadhbharsin adubhairt an bhean Shamaritánach úd rís; cionnas
ár mbeith duitsi ad Iúdaighe, iarrus tú deoch oramsa atá am mnáoi
Shamaritánaigh? oír ní ghnathuighid na hiudaighe na samaritánuigh.


L. En4:10


Do fhreagair Iosa agus adubhairt sé ría; da mbeath fios an
tiodhluighthe úd Dé agud, agus cía hé an té adeir riot, tabhair dhamh
deoch: do iárrfása air, agus dobhéuradh sé uisge béo dhuit.


L. En4:11


Adubhairt an bhean ris; a thighearna, ní fhuil ní agad lé dtairrengtháoi,
agus atá an tobar domhain: ar anadhbharsin gá háit a bhfuil an
tuisge béo sin agud:


L. En4:12


An mó thusa inaar nathairne Iacób, tug dhúinne an tobarso, as ar ibh
sé féin, agus a chlann, agus a aírnéis?


L. En4:13


Do fhreagair Iósa agus adubhairt sé ría; gidhbé neach ibheas as
an uisgeso biaidh tart air arís:


L. En4:14


Achd gidhbé neach ibheas as an uisge úd dobhéura meisi dhó, ní
bhía tart air gu bráth: achd an tuisge úd dobhéra meisi dhó, bíaidh sé
ana thobar uisge fhiuchaigh ann dochum na beatha marrthannuighe.


L. En4:15


Agus adubhairt an bhean ris; a thighearna, tabhair dhamhsa an t-uisge
sin, dochum nach bia tart oram, agus nach tiocfa mé annso dá tharraing.


L. En4:16


Adubhairt Iósa ría; imthigh, goir thfear féin, agus tarr annso.


L. En4:17


Do fhreagair an bhean agus adubhairt sí ris; ní fhuil fear agam.
Adubhairt Iósa ría, as maith adubhairt tú, ní fhuil fear agam.


L. En4:18


Oír dobhádar cúigear fear agad: agus an té atá agad anois, ní hé
thfear hé. Adubhairt tú so gu fírinneach.


L. En4:19


Adubhairt an bhean ris; a thighearna, dochím gurab fáidh thú.


L. En4:20


Dorinneadar ar naithre eadarghuidhe ar an sliábh so: agus a
deirthísi gurab a Niarúsalém atá an tionad úd ana béigean guidhe
do dhéunamh.


L. En4:21


Adubhairt Iósa ría; a bhean, creid damhsa tig an uáir nach
guidhfidhesi an tathair ar an sliabh so na a Niarúsalém.


L. En4:22


Doníthísi eadarghuidhe ar an ní nach fuil a fhios aguibh, doníomáoidne
eadarghuidhe ar an ní aga bhfhuil a fhios aguinn: oír as ó
na hiudaidhibh atá slaínte.


L. En4:23


Achd tig an uáir, agus ata sí ann anois, an tan ghuidhfidh na
headarghuidheadoíreadha fírinneacha an tathair a spioraid agus a
bhfhírinne: oír gu deimhin iárruidh an tathuir a leithéidighso dá ghuidhe.


L. En4:24


Ios spiorad Día: agus an dream ghuidheas hé, as éigean doíbh a
eadarghuidhe a spioraid agus a bhfhirinne.


L. En4:25


Adubhairt an bhean ris, atá a fhios agum gu dtiocfa an Messías ré a
nabarthar Críosd, an tan thiocfas sé, foillséochuidh sé na huile
neithe dhuinne.


L. En4:26


Adubhairt Iósa ría; as meisi hé labhrus riotsa.


L. En4:27


Agus fan amsin tangadar a dheisgiobailsion, agus dobiongnadh léo
gur labhair sé ris an mnáoi: achd cheana ní dhubhairt aoínneach, créd
iárrus tú? nó créud labhrus tú ría?


L. En4:28


Ar anadhbharsin do fháguibh an bhean a soitheach uisge, agus dochúaidh
sí dhon chathraigh, agus adubhairt sí ris na dáoinibh,


L. En4:29


Teaguidh, féuchuidh an duine adubhairt riumsa gach éinní dá ndearna
mé: ané nách hé so Críosd?


L. En4:30


Ar anadhbharsin dochuádar amach as an gcathraigh, agus tangadar
chuigision.


L. En4:31


Agus do iárradar a dheisgiobail air fá anámsin, aga rádh; a
mhaighisdir, ith bíadh.


L. En4:32


Agus adubhairt seisean riú; atá bíadh agamsa ré na ithe, nach fuil
a fhios aguibhsi.


L. En4:33


Ar anadhbharsin adubhradar a dheisgiobail ré chéile, an dtug
áoinneach chuige ní do íosadh sé?


L. En4:34


Adubhairt Iósa riú; as hé mó bhíadhsa toil an té úd do chuir uádha mé
do dhéunamh, agus a obair do chríochnughadh.


L. En4:35


An hé nach abartháoisi, gu bhfhuilid cheithre mhí fós, agus gu dtiocfa
an foghamhar ánnsein? féuch, adeirim ribh, tógbhuidh suás bhur súile, agus
féuchuidh na reghíon: oír atáid siád geal cheáná dochum an fhoghamhair.


L. En4:36


Agus an té bheanas, gabhaidh sé túarasdal chuige, agus cruinnighe sé toradh
dochum na beatha marrthanuighe: ar cor gu mbeidh an té shíolchuireas agus an
té bheanus forbhfhailteach a bhfhochair a chéile.


L. En4:37


Oír as annso atá an rádh úd fírinneach, gu síolchuireann neach, agus
gu mbeanann neach eile.


L. En4:38


Do chuir meisi sibhsi do bhuáin an neithe nár shaothrabhair: do
sháothraigheadar dáoine eile, agus dochúabhairsi ana sáothar asdteach.


L. En4:39


Agus do chreideadar mórán do Shamaritanachaibh na cathracha úd annsan
ar shon chomhraidh na mná, rug fiadhnuisi gu ndubhairt sé ría giodhbé ar
bioth neithe dorinne sí.


L. En4:40


Ar anadhbharsin an tan tangadar na Samaritánaigh chuige,
do iárradar air anmhuin aca féin: agus do chomhnuigh sé dhá lá annsúd.


L. En4:41


Agus as rómhó iná sin do chreid ar son a bhréithre féin.


L. En4:42


Agus adubhradar ris an mnáoi; ní ar son do chomhráídheadhsa
chreidmáoidne feasda: oír dochúalamarni féin hé, agus atá a
fhios aguinn gu fírinneach gurab é so Críosd, slánuightheóir an domhain.


L. En4:43


Agus dhá lá tar a éisi sin dochúaidh sé as sin, agus dochúaidh sé dhon
Ghalilé.


L. En4:44


Oír rug Iósa féin dhfhíadhnuisi, nach fuil cion ar fháidh ana thír
féin.


L. En4:45


Ar anadhbharsin an tan taínig sé don Ghalilé, do ghabhadar luchd
na Galilé chuca é tar éis mar dochonocadar gach ní dá ndearna sé a
Niérúsalém lá an fhéusda: oír tangadarsan féin dochum an fhéusda.


L. En4:46


Ar anadhbharsin taínig Iosa arís gu Cána na Galilé mar a
ndéarnuidh sé fíon don uisge. Agus dobhí tighearna dháirighthe a
gCapernáum aga raibhe a mhac ag éug.


L. En4:47


An tan dochúaluidh an té so go dtainig Iósa as an Iudeá don
Ghalilé, dochuaidh sé amach chuige, agus do iárr sé air dul sios agus a
mhac do shlánughadh: oír dobhí sé ré huchd mbáis.


L. En4:48


Ar anadhbharsin adubhairt Iósaris; muna fhaicthí comharthadha
agus míorbhuile ní chreidfidhe.


L. En4:49


Adubhairt an tighearna úd ris; a mhaighisdir, éirigh síos nías as
táosga na dho ghéubha mo mhac bás.


L. En4:50


Adubhairt Iosa ris; imthigh romhad, mairfidh do mhac. Agus do
chreid an dhuine don fhocal adubhairt Iósa ris, agus do imthidh sé.


L. En4:51


Agus ar ndul síos dhó do láthuir, tarrladar a shearbhfhoghantaidhe air,
agus do fhoillsigheadar dhó aga rádh; mairidh do mhac.


L. En4:52


Ar anadhbharsin do fhíafruigh sé dhíobh an uáir fuair sé fáoiseamh:
agus adubhradarsan ris, ané timcheall an seachdmhadh huair do fhágaibh an
fiabhrus hé.


L. En4:53


Ar anadhbharsin do aithin an tathair gurab annsan uáir úd féin
ana ndubhairt Iósa ris, mairidh do mhac: do fhaothaigh air agus do
chreid seasean agus a theagh uile.


L. En4:54


Ag so an dara comhartha dorinne Iósa arís, an tan taínig sé ón
Iudéa don Ghalilé.


L. En5



L. En5:1


Tar a éisi so dobhí lá féusda na Níuduigeadh, agus dochúaidh Iósa
súas gu Hiárusalém.


L. En5:2


Agus atá a Niárusalém laimh ré geata na hairnéisi, loch dá
ngoirther an eabhra Bethesda, agá bhfhuilid chuig calaidh.


L. En5:3


Dobhádar mórán do dháoinibh éugcruaidhe na luighe ionnta so, do
dhalluibh, do bhacachuibh agus do luchd seirglidhe dobhí ag fuireach ré
corrughadh an uisge.


L. En5:4


Oír do thuirlingeadh aingeal a naimsir dháirighthe ar an loch, agus
do bhuáidhreadh sé an tuisge: ar anadhbharsin giodhbé cédneach do
theigheadh síos ann tar éis bhuáidheartha an uisgi, doníthí slán hé ó gach
tinnés ar bioth dhá mbíodh air.


L. En5:5


Agus dobhí duine dháirighthe annsúddobhí ochd mblíadhna déug ar
fhichid an easláinte.


L. En5:6


An tan dochunnaic Iósa an té so ana luighe, agus do aithin sé gu
raibhe sé tinn ré haimsir fháda, adubhairt sé ris; an mían leat do
dhéunamh slán?


L. En5:7


Do fhreagair an teaslán úd hé; a thighearna, ní fhuil éinneach agum do
chuirfeadh mhé annsa loch an tanbhíos an tuisge arna bhuáidhreadh: achd
an gcéin bhímsi ag teachd, téid neach eile síos romham.


L. En5:8


Adubhairt Iósa ris, éirigh, tóghaibh do leabuidh, agus siobhail.


L. En5:9


Agus dorinneadh an duine úd slán do lathair: agus do thógaibh sé a
leabuidh féin agus do shiobhail sé. Agus dobudh sabboíd ann an lá úd.


L. En5:10


Ar anadhbharsin adubhradar na Híuduidhe ris an té úd dobhí
arna shlánughadh, as hí an tsábboíd hí, ní dlightheach dhuit do leabuidh
dhiomchar.


L. En5:11


Do fhreagair seision dóibh; an té úd dorinne slán mé, as hé adubhairt
riúm, togaibh do leabaidh, agus siobhail.


L. En5:12


Ar anadhbharsin do fhiafruigheadar dhé; cía hé an té úd adubhairt
riot tógaibh do leabhaidh agus siobhail?


L. En5:13


Achd ní raibhe a fhios ag an té úd dobhí arna shlánughadh cía hé:
oír do éuló Iósa as an slúagh dobhí annsanionadh ud.


L. En5:14


Fuair Iósa hé ana dheaghaidh sin annsa teampoll, agus adubhairt sé
ris; féuch, atá tú arnad dhéunamh slán: na peacuigh nísa mhó, deagla gu
dteigéumhadh ní bhudh mheasa dhuit.


L. En5:15


Do imthigh seisean, agus do fhoillsigh sé do na Híudaidhibh gurbhé
Iósa an té úd dorinne slán hé.


L. En5:16


Agus ar anadhbharsin do fhoileanadar na Híudaidhe Iósa, agus do
smúaineadar a mharbhadh, tré gu ndearna sé na neithe so sa tsabboíd.


L. En5:17


Agus do fhreagair Iósa dhóibh, oibrighidh mhathairsi gus anosa,
agus oibhrighimsi.


L. En5:18


Ar anadhbarsin as móide do smúaineadar na Híudaidhe easean do
mharbhadh so, tré nach hé amháin gur bhris sé an tsabboíd, achd gu ndubhairt
sé fós gurbhé Día a athair féin, dá dhénamh féin coimhionann ré Día.


L. En5:19


Ar anadhbharsin do fhreagair Iósá agus adubhairt sé riú, gu
firinneach, fírinneach adeirim ribh, nách éidir leis an mac ní ar
biothdhoibriughadh uádha féin, achd muna fhaiceadh sé an tathair ag
oibriughadh: oír giodhbé neithe doní seision, doní fós an mac iád
mar an gcédna.


L. En5:20


Oír grádhuighidh an tathair an mac, agus foillsighidh sé na huile
neithe doní sé féin dó: agus taisbeúnfuidh sé oibrighthe as mó ina iád so
dhó, dochum gu mbeith iongantus oruibhsi.


L. En5:21


Oír amhail mar dhuísgeas agus mar bhéoaigheas an tathair na mairbh, as
mar an gcéudna bhéoaigheas an mac an dream as áill leis.


L. En5:22


Oír ní bheireann an tathair breath ar dhuine ar bioth, achd tug sé
gach uile breitheamhnus don mhac:


L. En5:23


Dochum gu nonórfadh gach uile dhuine an mac, mar onóraidsiád an
tathair: an té nach onóruigheann an mac, ní onóruigheann sé an tathair
do chuir uádha hé.


L. En5:24


Gu fírinneach, fírinneach adeirim ribh, an té éisdeas rém
bhréithirsé, agus chreideas don té úd do chuir uádha mé, gu bhfuil an bheatha
mharrthanach aige, agus nach tiocfa sé dochum damnuighthe: achd gur
athruigh sé ó bhás gu beathaidh.


L. En5:25


Gu fírinneach, fírinneach adeirim ribh, tiocfaidh a naimsir agus atá sí
anois ann, an tráth chluinfid na mairbh guth mheic Dé: agus an dream
chluinfeas, mairfid siád.


L. En5:26


Oír mar atá an bheatha ag an athair ann féin, is mar sin tug sé don mhac
fós beatha do bheith aige ann féin.


L. En5:27


Agus fós tug sé ughdarras dó breitheamhnus do dhéunamh, an méid gurab
hé mac an duine.


L. En5:28


Ná bíodh iongnadh aguibh annso: oír tiocfaidh an uáir an a gcluinfid
an mhéid atá annsna tumbuidhibh a ghuthsan:


L. En5:29


Agus rachaid amach an dream dorinne deághghníomhartha gu
heiséirghe na beatha: agus an dream úd dorinne drochghniomhartha gu
heiséirghe na damanta.


L. En5:30


Ní heidir leamsa ní ar bioth do dhénamh uáim féin: do réir mar
chluinim, beirim bhreith: agus atá mó bhreitheamhnus coír: óir ní iárruim
mo thoil féin, achd toil an té úd do chuir uádha mé eadhón a nathar.


L. En5:31


Má dhónímsi fíadhnuisi dhamh féin, ní fhuil bhfíadhnuisi fírinneach.


L. En5:32


Atá neach eile doní fiadhnuisi dhamhsa, agus atá a fhios agam gurab
fírinneach an fhiadhnuisi doní sé orum.


L. En5:33


Do chuireabhuirsi teachdaireadha dochum Eóin, agus tug sé fíadhnuisi
dhon fhírinne.


L. En5:34


Achd ní ó dhuine do gheibhimsi fíadhnuisi: achd adeirim na neithe so
dochum gu slaínéochtháoi sibhsi.


L. En5:35


Dobhí an té úd an a lóchrunn lasárrghá tsolasda, agus do
thograbhairsi, ar feadh tamaill gáirrdeachus do dhéunamh an a sholus.


L. En5:36


Achd atá fíadhnuisi agumsa as mó ná fíadhnuisi Eóin: oír
na hoibrighthe tug an tathair dhamhsa dochum gu gcríochnóchuind iád,
na hoibhrighthe sin donímse, beirid siád fiádhnuisi leam gurab é an
tathair do chuir mheisi uadha.


L. En5:37


Agus an tathair féin do chuir úadha mhé, rug sé fíadhnuisi lium.
Agus ní chúalabhair a ghuth riamh, agus ní fhacabhair a ghné.


L. En5:38


Agus ní fhuil a bhríatharsan ina chomhnuighe ionuibh: oír ní chreidtí
dhon té úd do chuir seision uádha.


L. En5:39


Cuartuighidh na sgriobtúiridhe, oír docíthear dháoibh féin gurab
ionnta do gheibhthí an bheatha mharrthanach: agus as iad súd bheireas
fíadhnuisi leamsa:


L. En5:40


Agus ní háill libh teachd chugamsa, dochum gu bhfhuighbheadh sibh an
bheatha.


L. En5:41


Ní ghabhaim gloír ó dháoinibh:


L. En5:42


Achd atá dhéolus agum oruibhse, nach fuil grádh Día ionnuibh.


L. En5:43


Thaínig meisi a nainm mhathar, agus ní ghabhtháoi chugaibh
mhé: ma thig neach eile ana ainm féin, géubhtháoi chugaibh é.


L. En5:44


Cionnas as éidir libhsi creideamh, an tan ghabhtháoi gloír ó a
chéile, agus nach iárrthaoi an ghloír thig ó Dhía ina áonar?


L. En5:45


Ná breathnuighidh gu ndiongna meisi casáoid oruibh ag an athuir:
atá neach doní casáoid oruibh, eadhón Maoisi, ana gcuirtháoisi
bhur ndóchus.


L. En5:46


Oír dhá gcreideadh sibh dho Mháoisi, do chreidfeadh sibh dhamhsa:
oír do sgríobh seision orumsa.


L. En5:47


Achd muna chreidtí dhá sgribheannuibh súd, cionnus chreidfidhe dhom
bhriathruibhsi?


L. En6



L. En6:1


Ana ndeaghaidh so dochúaidh Iósa tar fairrge na Galile,
Thibérias.


L. En6:2


Agus do lean buidhean mhór hé, tré gu bhfacadar a chomharthadha dorinne sé
ar na dáoinibh éugcruaidhe.


L. En6:3


Agus dochuaidh Iósa suas ar shliabh, agus do shuidh sé annsúd maile
ré na dheisgiobluibh.


L. En6:4


Agus dobhí an Cháisg, féusda na Níudaidheadh a bhfogus.


L. En6:5


Ar anadhbharsin an tan do thógaibh Iósa a shuíle suás, agus
dochunnaic sé gu dtaínic buidhean mhór chuige, adubhairt sé ré
Pilib, ga háit as a gceinnéochamáois arán dochum gu n-íosdáois
so ní?


L. En6:6


Achd adubhairt sé so, da dhearbhadhsan: oír dobhí a fhios aige
féin cred doghéunadh sé.


L. En6:7


Do fhreagair Pilib dhó, ní budh lór dhóibh luách dhá chéud pighind
daránuibh, dochum gu ngéubhadh gach aon aca beagán chuige.


L. En6:8


Adubhairt fear dhá dheisgiobluibh ris, eadhón Ainndréas
dearbhrathair Shimoín Pheadair:


L. En6:9


Atá búachoill beag dháirighthe annso aga bhfhuilid chúig aráin
eórna agus dá iásg bheaga: achd créud iád sin eidir an uiread so?


L. En6:10


Agus adubhairt Iósa, tábhruidh fá deara dona dáoinibh suidhe síos.
Agus dobhí mórán feóir annsanionadh úd. Ar anadhbharsin do
shuidheadar na dáoine síos, a nuimhir timcheall chúig míle.


L. En6:11


Agus do ghabh Iósa na haráin úd chuige, agus ar mbreith
bhuidheachus do roinn sé ar na deisgiobluibh iád, agus do
roinneadar na deisgiobail ar na cuibhreannuibh iad: agus
mar an gcéudnafós dona hiásgaibh beaga úd an mheid dobúdh áill léo.


L. En6:12


Agus an tan do sasadh iád, adubhairt sé ré na dheisgiobluibh féin;
cruinnighidh an sbrúilleach dobhí dhiomarcuigh, dochum nach rachadh
éinní amugha.


L. En6:13


Ar anadhbharsin do chruinnigheadar, agus do lionadar dhá chliabh
déug do sbrúilleach dona cúig aránuibh eorna úd, dobhí dhfhuighleach ag
an dréim úd do ith.


L. En6:14


Ar anadhbharsin an tan dhochunncadar na dáoine úd an comhartha
dorinne Iósa, adubhradar; as hé so gu fírinneach an fáidh úd dobhí dochum
teachda dhon domhan.


L. En6:15


Ar anadhbharsin an uáir do aithin Iósa gu raibhe fúthasan teachd
agus breith air dochum riogh dho dhéunamh dhé dochúaidh sé dhá
leaththáoibh arís ar an sliabh ina áonar.


L. En6:16


Agus an tan taínig an tráthnóna, dochuadar a dheisgiobail síos
dochum na fairrge.


L. En6:17


Agus ar ndul asdeach a luing dhóibh, dochúadar tar fairrge dochum
Capernaúm. Agus dobhí dorchudus ann an uáirsin, agus ní
thaínig Iósa chuca.


L. En6:18


Agus do éirigh an fhairrge ar séideadh do gháoith mhoír.


L. En6:19


Ar anadhbharsin an tan dorinneadar iomramh timcheall a cúig no a
deich fichead do sdáidibh, dochunncadar Iósa ag siobhal ar an bhfhairrge,
agus ag drud ris an luing: agus do ghabh eagla iád.


L. En6:20


Achd adubhairt seisean riú; is meisi ata ann, ná bíodh eagla oruibh.


L. En6:21


Ar anadhbharsin do ghabhadar chuca hé gu toileamhail don luing: agus
ráinig an lung do láthuir don reghión ana rabhadar ag dul.


L. En6:22


An lá na dheaghuidh sin in sluagh do sheasuimh ar an dtáobh
thall don fhairrge, mar dochunncadar nach raibhe long ar bioth eile annsúd,
achd an áon long úd ana ndeachadar a dheisgiobáilsion, agus nach
deachaidh Iósa lé na dheisgiobluibh don luing, achd amháin a
dheisgiobail, do imthigheadar rompa.


L. En6:23


Agus tangadar longa beaga eile ó Thibérias laímh ris an aít anar
itheadar an tarán, tar éis an tighearna do bhreith bhuidheachuis:


L. En6:24


Ar anadhbharsin an tan dochunnaic an slúágh nach raibhe Iósa annsúd,
ina a dheisgiobail, dochúadarsan leis a nárrthruighibh, agus tangadar
gu Capernáum, ag iárruidh Iósa.


L. En6:25


Agus arna fhaghbháil doíbh ar an dtáoibh thall don fhairrge, adubhradar
ris; a mhaighisdir, gá huáir thaínig tú annso?


L. En6:26


Do fhreagoir Iósa dhoíbh, agus adubhairt sé; gu fírinneach,
firinneach adeirim ribh, gu niárrtháoi mhé, ní tré gu bhfhacabhair na
comharthadha, achd tré gur itheabhar na haráin úd agus gur sasadh sibh.


L. En6:27


Déunaidh sáothar, ní ar son an bhídh théid amugha, achd ar son an
bhídh úd mhaireas dochum na beatha mharrthanuigh dobhéura mac an duine dhíbh:
oír as hé so an té do chomharthaigh an tathair eadhón Día.


L. En6:28


Ar anadhbharsin adubhradar ris, créud do dhéunum dochum gu
n-oibréochamáois oibrighthe Dé?


L. En6:29


Do fhreagair Iósa agus adubhairt sé riú; ag so obair úd Dé, sibhsi
do chreideamh annsa té úd do chuir sé uadha.


L. En6:30


Uime sin adubhradarsan ris: ar anadhbarsain, créud é an comhartha
doní tusa, dochum gu bhfhaicfiomáois hé agus gu gcreidfiomáois duit?
créud hí an obuir doní tú?


L. En6:31


Do itheadar ar naithrene maind ar an bhfhásach: mar atá arna
sgriobhadh tug sé arán neamhdha dhóibh ré a ithe.


L. En6:32


Ar anadhbharsin adubhairt Iósa riú; gu fírinneach, firinneach
adeirim ribh, nach hé Máoise thug an taránneamhdha dhaoibh: achd
mhathairsi dobheir dhaoibh an tarán neamhdha firinneach úd.


L. En6:33


Oír as hé an tarán úd Dé, an neach do thuirling dhó neimh, agus
dobheir beatha dhon domhan.


L. En6:34


Ar anadhbharsin adubhradar ris; a thighearna, tabhuir dhúinne an
taránso a gcomhnuidhe.


L. En6:35


Agus adubhairt Íosa riú; is meisi an tarán úd na beathadh:
an té thig chugamsa, ni bhía ocras gu bráth air: agus giodhbé chreideas
ionnumsa, ní bhía tart gu bráth air.


L. En6:36


Achd adubhairt mé ribh, dochunncabhair mé fós, agus ní chreidtí.


L. En6:37


Giodhbé ní dobheir an tathair dhamh, tiocfaidh sé chugam:
agus an té thig chugam, ní chuirim gu bráth uáim hé.


L. En6:38


Oír do thuirrling mé do neimh ní dochum gu ndiongnuinn mo thoil féin,
achd toil an té úd do chuir uadha mé.


L. En6:39


Agus as hí so toil an té úd do chuir uádha mhé eadhón an tathair,
nach léigfinn amugha ní ar bioth dha dtug sé dhamh, achd gu ndúisgfinn
súd annsa lá deigheanach.


L. En6:40


Agus as hí so toil an té úd do chuir mhéisi uádha, gu bhfuidhbhe
gach aon dochí an mac, agus chreideas ann, an bheatha mharrthanach:
agus dúiseóchuidh meisi hé an lá déigheanach.


L. En6:41


Ar anadhbharsin dorinneadar na Hiúdaidhe monabar air,
tré gu ndubhairt sé, as meisi an tarán úd do thuirrleing dhó neimh.


L. En6:42


Agus adubhradar; an né nach hé so Iósa an mac úd Iósébh,
agar ab aithnid dúinne a athair agus a mháthair? ar anadhbharsin cionnus
adéir sé, dó neimh do thuirrling mé?


L. En6:43


Ar anadhbharsin do fhreagair Iósa agus adubhairt sé riú; na
déunaidh monabar eadruibh féin.


L. En6:44


Ní héidir lé neach ar bioth teachd chugamsa, achd muna thairrnge an
tathair, do chuir uádha mhé, hé; agus dúiséochuidh meisi é annsa lá
dhéigheanach hé.


L. En6:45


Atá sgriobhtha annsna faidhibh; agus beid siád uile arna dteagasg ó
Dhía. Ar anadhbharsin giodhbé ar bioth neach dochúalaidh ónathair
agus do fhoghluim, tig se chugamsa.


L. En6:46


Ní hé gu bhfhacuidh neach ar bioth an tathair, achd an té úd
atá ó Dhía: ag so an té dochunnaic an tathair.


L. En6:47


Gu fírinneach, fírinneach, adeirim ribh, an té chreideas ionnumsa,
gu bhfhuil an bheatha mharrthanach aige.


L. En6:48


As meisi an tarán úd na beathadh.


L. En6:49


Do itheadar bhur naithreachasa manna ar an bhfhásach, agus fúaradar
bás.


L. En6:50


Ag so an tarán úd do thuirleing ó neimh, dochum giodhbé neach
itheas de, nach fuighbheadh sé bás.


L. En6:51


Is meisi an tarán béo úd do thuirrling ó neimh: giodhbé neach
iosas don arán so, mairfidh sé gu bráth: agus an tarán dobhéura meisi,
as hí bhfhéoil féin hé, dobhéura mé ar son bheathadh an domhain.


L. En6:52


Ar anadhbharsin do chathuigheadar na Hiúdaidhe a naghaidh
a chéile, aga rádha, cionnas as éidir leis an neach so fhéoil
fein do thabhairt duinn ré a ithe?


L. En6:53


Ar anadhbharsin adhubhairt Iósa riú; go fírinneach, fírinneach
adeirim ribh; muna ithí féoil mhic an duine, agus muná ibhthí a fhuil, nach
fuil beatha aguibh ionnuibh.


L. En6:54


An té itheas mhfhéoilsi, agus ibheas mhfhuilsi, atá an bheatha
mharrthanach aige: agus dúiseóchaidh meisi hé annsa lá dheigheanach.


L. En6:55


Oír as bíadh gu fírinneach mhfheoilsi, agus as deoch gu fírinneach
mhfhuilsi.


L. En6:56


Giodhbé itheas mhfhéoilsi, agus ibheas mhfhuilsi, comhnuighidh
sé ionnamsa, agus mheisi annsan.


L. En6:57


Mar dho chuir an tathair béo úd meisi uádha, agus mhairimsi
trés anathair: as mar sín mar an gcéudna giodhbé itheas mheisi,
mairfidh sé fós triom.


L. En6:58


Ag so an tarán úd do thuirrling dho neimh: ní mar dho itheadar bhur
naithresi an mhanna, agus fuáradar bás. An té itheas an tarán so,
mairfidh ré gu bráth.


L. En6:59


Adubhairt sé na neithesi annsa tsinagog, an tan do theagaisg sé a
gCapernáum.


L. En6:60


Ar anadhbharsin arna gcloisdinso dho mhórán dá dheisgiobluibhsion
adubhradar; as crúaidh an comhrádh so: cía lénab éidir éisdeachd ris?


L. En6:61


Agus arna aithne Dhiósa ann fein gu rabhadar a dheisgiobail ag
monabar air so, adubhairt sé riú; an dtabhuir so oilbhéim dhíbh?


L. En6:62


Créud cheana dhá bhfhaiceadh sibh mac an duine ag dul suás annsan
aít an a raibhe sé ar tús?


L. En6:63


As hí an spioraid bhéoaigheas, ní fhuil tarbha ar bioth sa bhfheoil: na
bríathra labhruimsi ribh, is spioraid agus as beatha iád.


L. En6:64


Achd ataíd dream dhíbhsi nach creideann. Oír do aithin Iósa ó thús
cía hiad an dream nachar chreid, agus cía an neach bhí dochum a bhraithti.


L. En6:65


Agus adubhairt sé; as ar anadhbharsin adubhairt mé ribh nach
éidir lé háoinneach teachd chugamsa, muna raibhe sé arna thabhairt dó ó
mathuir.


L. En6:66


O shoin amach dochúadar mórán dá dheisgiobluibh tar a nais, agus nír
shiobhladar nísa mhó leis.


L. En6:67


Ar anadhbharsin adubhairt Iósa ris an dá fhear dhéug; a náill
libhsi leis imtheachd?


L. En6:68


Do fhreagair Síomon Peadar an tan sin dó: a thighearna, cía dochum a
rachamaois? as agadsa ataíd bríathra na beatha marrthanuighe.


L. En6:69


Agus creidmáoidne, agus atá a fhios aguinn gurab tusa an Críosd
úd mac Dé bhéo.


L. En6:70


Do fhreagair Iósa dhóibh; an hé nar thoghasa sibhsi, an dá fhear
dhéug, agus atá fear agaibh ana dhiabhal?


L. En6:71


Achd is ar Iudás Iscariót mhac Simoín do labhair sé: oír dobhí
fáoi so eision do bhrath, ar mbeith ina fhear dhon da fhear dhéug dhó.


L. En7



L. En7:1


Agus tar a éisi so dho chomhnuigh Iósa annsa Ghalilé: oír
nírbháil leis comhnuighe annsanIudea, tré gur smuaineadar na
Híudaidhe a mharbhadh.


L. En7:2


Agus dobhí féusda ná Níudaidheadh eadhón Scenopégia, a bhfhogus.


L. En7:3


Ar anadhbharsin adubhradar a bhráithreachasan ris; fáguibh so,
agus imthigh dhon Iudéa, dochum gu bhfhaicfidís do dheisgiobail
fós na hoibreacha dhoní tú.


L. En7:4


Oír ní dhéunann neach ar bioth éinní a bhfholach, agus iárrus hé féin
do bheith ordheirc: má doní tú iád so, foillsigh thú féin don tsáoghal.


L. En7:5


Oír nír chreideadar a bhráithreacha féin fós ann.


L. En7:6


Uime sin adubhairt Iósa riú; ní thaínig mhaimsearsa fós: achd atá
bhur naimsearsa do ghnáth ullamh.


L. En7:7


Ní héidir leis ion sáoghal sibhsi dhfhúathughadh: achd atá fúath aige
dhamhsa, do bhríogh gu ndéunuim fiadhnuisi air, gurab olc a oibrighthe.


L. En7:8


Imthighidhsi suás dochum na sollaman so: ní racha meisi suás fós dochum
na sollamanso, oir níor ní fhuil mhaimsearse coimhlíonta fós.


L. En7:9


An tan adubhairt sé na neitheso riú, do an sé annsa Ghalilé.


L. En7:10


Achd tar éis a bhráithreach do dhul suás, dochúaidh seisean mar an
gcédna suás dochum na solluman, ní hós aird, achd mar dho bhiádh
sé ós íseal.


L. En7:11


Ar a-nadhbharsin do iarradar na Híudaidhe hé sa tsollamain, agus
adubhradar; gá haít a bhfhuil an fear úd?


L. En7:12


Agus dobhí monabar mór a measg an fpobuil ana thimcheallsan;
óir adubhairt cuid diobh, as duine maith hé: achd adubhairt cuid eile, ní
headh: achd mealluidh sé an pobal.


L. En7:13


Gidheadh ní thanig áonduine thairis ós aírd, ar eagla na
Níudaidheadh.


L. En7:14


Achd tar éis leatha na sollamun do chríochnughadh, dochuaidh Iósa
suas don teampoll, agus do theaguisg sé.


L. En7:15


Agus dobiongnadh leis na Híudaidhibh sin, agá rádh; cionnas as
aithnidh dhon fhiorsa a léighionn, agus gan hé arna fhoghluim?


L. En7:16


Do fhreagair Iósa iád, agus adubhairt sé; ní leam féin mó theagasg,
achd leis an tí do chuir úádha mhé.


L. En7:17


Giodhbé neach lénab áill a thoilsean do dhéunamh, aithéonaidh sé a
dtimcheall an teaguisg más ó Dhía atá sé, nó an uaim féin labhruimsi.


L. En7:18


Giodhbé labhrus uáidhe féin, así a ghloír féin iárrus sé: achd giodhbé
iárrus glóir an té chuireas a dteachdaireachd hé, atá sé fírinneach agus
ní fhuil égcóir ann.


L. En7:19


An né nách tug Máoisi dligheadh dhibhsi, agus fós ní choimhlíonann
aoinneach aguibh an dligheadh? créd fá a niárrtháoi mheisi do mharbhadh.


L. En7:20


Do fhreaguir an pobal, agus adubhradar, atá an díabhal ionnad: cía
atá ag iárruidh do mharbhtha?


L. En7:21


Do fhreaguir Iósa, agus adubhairt sé riú; dorinne mé éun obair
amhaín, agus atá sí na hiongnadh oruibhsi uile.


L. En7:22


Ar anadhbharso tug Máoisi an timcheallghearradh dhíbhsi ní ar
son gurab ó Mháoisi atá sé, achd ó na haithribh agus doníthí duiné
dho thimcheallghearradh annsa tsaboíd.


L. En7:23


Má ghlacunn duine timcheallghearradh ann sa tsabboíd, dochum nach
brisfidhe dligheadh Máoisi, an bhfhuil fearg oruibh riumsa, ar son duine
uile do shlánughadh annsa tsaboíd?


L. En7:24


Na beiridh bhreith do réir na faicsiona, achd beiridh an bhreath
cheart.


L. En7:25


Uime sin adubhradar dream dhairighthe ó Iarusalém, ané nach hé
so an té iárruid siád dochum a mharbhtha?


L. En7:26


Agus tabhuir dhod thúidh, labhruidh sé ós aírd, agus ní
abruidsion éinní ris: an bhfhuil a dheirbhfhios ag na huáchdaránuibh,
gurab hé so Críosd dáríribh?


L. En7:27


Achd atá a fhios aguinn ga has dó so, gidheadh an tan tiocfas an
Críosd, ní bhía a fhios ag áonnduine ga has dó.


L. En7:28


Uime sin do éigh Iósa annsa teampoll, ag teagasg agus aga rádha: atá a
fhios aguibh cía mheisi, agus atá a fhios aguibh ga has damh: agus ní huáim
féin taínig mé, achd as fírinneach an té do chuir uáidh mé, ar nach fhuil
éolus aguibhsi.


L. En7:29


Achd atá éolus agumsa air, óir as uáidh atáim, agus as hé do chuir
uáidhe mhé.


L. En7:30


Ar anadhbharsin do shanntuigheadar breith air: gidheadh nír chuir
éunduine lámh ann, do bhríogh nach taínig a uair fós.


L. En7:31


Agus do chreideadar mórán don phobal ann, agus adubhradar; an tan
thiocfas Críosd, an ndiongna sé níbhus lía dhó mhíorbhuilibh, ina dorinne
an fear so?


L. En7:32


Dochualadar na Phairisinigh an pobal ag monabar na neitheadhso na
thimcheallsan, agus do chuireadar na Phairisínigh, agus uáchdaráin na
sagart máoir dhá ghlacadh.


L. En7:33


Uime sin adubhairt Iósa riú; bíaidh mé fós sealad beag in bhur
bhfhochair, agus ana dhiágh sin imdhéocha mé dochum an té do chuir uádha
mhé.


L. En7:34


Iárrfuidhe mé, agus ní bhfhuighthí: agus a naít a mbía mé, ní
fhédfuidhesi teachd innti.


L. En7:35


Ar anadhbharsin adubhradar na Híuduidhe eatarra féin; gá háit a
racha an fear so, nach bhfuighemne hé? an racha sé dochum na muinntire atá
sgartha a measg na ngréugach, agus an dteaguisgfidh sé na gréuguidh?


L. En7:36


Créud as ciall don chomhrádhso adubhairt sé; iárrfuidhe mhé, agus ní
bhfhuighthí: agus an aít a mbía mé, ní budh éidir libhsi teachd innte?


L. En7:37


Agus annsa lá mhór dhéigheanach dhon tsollamuin, do sheasuimh Iósa
agus do éigh sé aga rádh, má tá tart ar ionduine tigeadh sé chugamsa,
agus ibheadh sé.


L. En7:38


Giodhbé chreideas ionnamsa, mar adubhairt an sgrioptúir, lingfid
srothanna duisge bhéo as a bhroinn.


L. En7:39


Do labhair sé so a dtimcheall na spioraide, doghéubhdáois na
dáoine do chreidfeadh ann féin: óir ní raibhe an spioraid náomh arna
thabhairt fós, ar son nach raibhe Iósa arna ghlórughadh fós.


L. En7:40


Uime sin an tan dochúaladar mórán don phobal an comhrádhso, adubhradar;
gu firinneach as é so an fáidh úd.


L. En7:41


Adubhradar cuid eile; as é so an Criósd. Achd adubhairt dream eile;
an nón Ghalilé thiocfas an Criosd?


L. En7:42


An né nach dubhairt an sgriobtuir, gu dtiocfadh Criosd do shiol
Dábhí, agus as an Mbetelém an baile an a raibhe Dábhí?


L. En7:43


Ar anadhbharsin déirigh siosma a measg an phobail ar a
shonsan.


L. En7:44


Agus do bhreathnuigheadar cuid diobh a ghlacadh, achd nír chuir
éunduine lámha ann.


L. En7:45


Uime sin tangadar na máoir dochum na nardshagart agus na
bhPhairisíneach: agus do fhiáfruigheadarsan díobh, créud fá nach tugabhair
libh hé?


L. En7:46


Do fhreagradar na hoifigidh, nír labhair duine ríamh mar an dhuinesi.


L. En7:47


Ar anadhbharsin do fhreagradur na Phairisínigh iádsan; in
bhfhuiltísi mar an gcéudna ar bhur mealladh?


L. En7:48


Ionar chreid áoineach dona húachdaránaibh ann, nó dho na
Phairisíneachaibh?


L. En7:49


Achd atá in luchdso ag nach fuil éolas an dlighidh, mallaighthi.


L. En7:50


Adubhairt Nicodémus riú, eadhón an té thainig chuige
annsanoidhche, agus dobhí na áon díobhsun,


L. En7:51


An ndáorann ar ndligheadhne duine ar bioth, nías taosga na
chluinfeas sé uaidh, agus aitheónaidh sé cred dorinne sé?


L. En7:52


Do fhreagradár, agus adubhradar ris, in don Ghalilé thusa leís?
lorgair, agus féuch, óir nír éirigh fáidh ón Ghalilé riámh.


L. En7:53


Agus do imthigh gach áon díobh dhá thigh féin.


L. En8



L. En8:1


Agus do imthigh Iósa dochum shleibhe na noluidheadh.


L. En8:2


Agus taínig sé gu moch arís don teampull, agus tangadar an pobal uile
chuige, agus ar suidhe dho do theagaisg sé iád.


L. En8:3


Agus tugadar na sgriobuidhe, agus na Phairisinigh bean ar a rugadh a
nadhaltrannus chuige: agus arna cur anna lár,


L. En8:4


Adubhradar ris; a mhaighisdir, rugadh ar an mnáoisi sa ngníomh féin,
ag dénamh adhultrannais:


L. En8:5


Agus do aithin Máoisi dhín sa dligheadh, a leithéidso do bhásughadh
lé clochaibh: ar anadhbharsin créd adeir tusa?


L. En8:6


Agus as hé adhbhur fá a ndubhradar sin dá dhearbhadhsan, dochum gu
gcuirfidís coir air. Achd ar gcromadh síos diosa, do sgriobh sé lé na
mhéur ar an dtalamh.


L. En8:7


Agus an tan do leanadar ag cur na céasda sin air, do éirigh sé suás,
agus adubhairt sé riú; giodhbé aguibhsi atá gan pheacadh gu má hé
céud duine chaithfeas chloich ria é.


L. En8:8


Agus ar gcromadh arís siós dó arís, do sgriobh sé ar an dtalamh.


L. En8:9


Achd mar dochualadar na neithesi, agus a gcogús dá nagra, do
imthigheadar amach an fear a ndíaigh a chéile, ag tosughadh ó na
sinnsioraibh gus na dáoinibh déigheanacha: agus do fágbhadh Iósa na
áonar, agus an bhean na seasamh a lár.


L. En8:10


Agus ar néirghe suás Diósa, an tan nach fhacuidh sé áonduine achd
an bhean, adubhairt sé ría; a bhean, cáit a bhfhuilid an mhuinntir úd do
chuir coir ort? nar dhamhuin duine ar bioth thú?


L. En8:11


Adubhairt sisi; a thighearna, nír dhamhuin áoinduine. Agus adubhairt
Íosa riá, ní mó dhamnuighimsi thú: imthigh romhad, agus ná
peacuidh uáidh so amach.


L. En8:12


Ar anadhbharsin do labhair Iósa riú arís, agá rádh; is meisi solus
an domhain: giodhbé leanus mheisi, ní shiobhalfa sé a ndorchadas, achd
doghéubha sé solus na beathadh.


L. En8:13


Uime sin adubhradar na phairísinigh ris; atá tú ag déunamh
fíadhnuisidhuit féin, ni fhuil tfhiadhnuisi fírinneach.


L. En8:14


Do fhreagoir Iósa agus adubhairt sé riú; gé donímsi fínné dhamh
féin, atá mhfinné fírinneach: do bhríogh gu bhfhuil a fhios agum ga haít
as a dtaínig mé, agus ga haít a bhfhuilim ag dul: achd ní fhuil a fhios
aguibhsi ga haít as a dtaínig mé, nó gá haít a dtéighim.


L. En8:15


Do réir na féola bheirthísi breath, ní bheirimsi breath ar áonduine.


L. En8:16


Agus fós dá mbeirinn breath, as fírinneach mó bhreitheamhnus: oír ní
fhuilim am áonar, achd meisi agus an té do chuir uádha mhé eadhón
an tathuir.


L. En8:17


Agus atá sgriobhtha an bhur ndligheadhsa, gurab fíor fínné deisi.


L. En8:18


As meisi an té dhoní finné dhomtháobh féin agus an té do chuir úaidh
mhé eadhón an tathair, doní sé fíadhnuisi leam.


L. En8:19


Uime sin adubhradarsan ris; gá haít a bhfhuil tathuirsi? do
fhreagair Iósa iád; ní haithnidh dháoibhse ceachdar aguinn, mheisiina
mhathair: da mbeath eolus aguibh oramsa, do bheith éolus aguibh ar
mhathuir mar an gcédna.


L. En8:20


Do labhair Iósa na bríathrasa an áit choimhéda an ionnmhuis, ag
teagasg annsa teampall: agus nír chuir éunnduine lámh ann: oír ní
thainig a uáir fánamsin.


L. En8:21


Agus na dhíaigh sin do labhuir Iósa riú arís; atáimsi ag imtheachd
agus iárrfuidhesi mhé, agus dogheubhtháoi bás in bhur bpeacadh; mar a
dtéighimsi ní héidir libhsi teachd.


L. En8:22


Uime sin adubhradar na Híudaighe, an muirbhfe sé hé féin, fá a nabair
sé; mar a dteighimsi ní héidir libhsi teachd.


L. En8:23


Agus adubhairt sé riú; is don mhuinntir atá thíos sibhsi, agus
don mhuinntir atá thúas mheisi: don tsaoghalsa sibhsi, ní dhon
tsáoghalsa meisi.


L. En8:24


Ar anadhbharsin adubhairt mé ribh, gu bhfhuighbheadh sibh bás in
bhur bpeacadhuibh; oír muna chreidtí gurab mheisi atá ann, doghéubhtháoi bás
an bhur bpeacadhuibh.


L. En8:25


Uime sin adubhradar ris; cía thú féin? agus adubhairt Iósa riú; an
ní adeirim ribh ó thús.


L. En8:26


Atá mórán agum ré labhairt agus ré na bhreitheamhnus in bhur dtáobhsa:
achd as fírinneach an té do chuir uádha mé: agus labhruim ris an sáoghal
na neithe dochualuidh mé uádhasan.


L. En8:27


Agus nír thuigeadar gurab a dtimcheall a nathar do labhuir sé riú.


L. En8:28


Ar anadhbharsin adubhairt Iósa riú; an tan thóigéubhtháoi suás
mac an duine, annsin aithéonthaoi gurab meisi atá ann, agus nach déunuim
éinní uáim féin, achd gurab mar do theaguisg an tathuir mhé, labhruim na
neithesi.


L. En8:29


Agus atá an té do chuir uaidh mhé am fhochuir. Nír fháguibh an
tathuir am áonar mhé, do bhrigh gu ndéunuim do ghnáth na neithe as mían
leision.


L. En8:30


Ar labhairt na neitheadhso dhó do chréideadar mórán ann.


L. En8:31


Ar anadhbharsin adubhairt Iósa ris na Híudaidhibh do chreid dhó;
má chomhnuighthísi am bhréithirsi, gu fírinneach beithí in bhar
ndisgioblaibh agum.


L. En8:32


Agus aithéontáoi anfhírinne, agus sáorfaidh anfhírinne sibh.


L. En8:33


Do fhreagradarsan hé; síol Abraham sinn, agus ní dhearnumair
ógláchus déunnduine riámh: cionnas adeir tusa, beithí sáor?


L. En8:34


Do fhreaguir Iósa iád; gu fírinneach, fírinneach adeirim ribh,
giodhbé doní peacadh gurob óglách dhon pheacadh hé.


L. En8:35


Achd ní chomhnuigheann an t-óglách annsa tigh a gcomhnuighe: achd
anuidh an mac gu síorruidhe.


L. En8:36


Ar anadhbharsin má sháorann an mác sibhsi, beithí sáor gu fírinneach.


L. En8:37


Atá a fhios agum gurab do shiól Abrahám sibh, gidheadh iárrtháoi
mheisí dho mharbhadh: oír ní fhaghann mó bhríathar ionad ionnuibh.


L. En8:38


Labhruimsi an ní dochunnaic mé aga mathuir, agus donithísi an ní
dochunncabhair aga bhur nathuir féin.


L. En8:39


Do fhreagradarsan, agus ádubhradar ris; as hé Abrahám as athuir
dhúinne. Adubhairt Iósa riú, dá madh clann Dabrahám sibh,
doghéunadh sibh oibreacha Abrahám.


L. En8:40


Achd iárrtháoisi anois mheisi dho mharbhadh, neach do innis dáoibh
an fhírinne, dochúaluidh mé ó Dhía: ní dhearna Abrahám so.


L. En8:41


Doníthísi oibreacha bhur nathar féin. Uime sin adubhradarsan
ris; ní a meirdreachus rugadh sinne: atá áon athuir aguinn, eadhon Día.


L. En8:42


Ar anadhbharsin adubhairt Iósa riú; dá madh hé Dia bhur
nathairsi, gan chunntabhairt do ghrádhochadh sibh mheisi: oír is ó Dhía
do ghluáis mé, agus taínig mé: agus ní uáim féin tainig mé, achd eisean
do chuir uádha mhé.


L. En8:43


Créd fá nach tuigtí mó chomhrádhsa? ar son nach féudtáoi mó
bhriathar dhéisdeachd.


L. En8:44


As hé an diabhal as athair dháoibh, agus as iád na neithe as mían
leis a nathuir sin as toil libhsi do dhéunamh. Dobhí seision na fhear
dúnmharbhtha ó thus, agus nír chomhnuidh sé sa bhfhírinne: oír ní fhuil
fírinne ann: an uáir doní sé brég, uáidhe féin labhrus sé, oír as
bréguire hé, agus as sé as athuir dhon bhréig.


L. En8:45


Achd ar anadhbhar gu labhruimsi an fhírinne, ní creidtí mhé.


L. En8:46


Cía dhíbhsi chuireas peacadh am leith? má adeirim an fhírinne, cred
fá nach creidtí dhamh?


L. En8:47


Giodhbé atá ó Dhía, éisdidh sé briathra Dé, is uime nach
éisdtísi iád, ar son nach ó Dhía sibh.


L. En8:48


Uime sin do fhreagradar na Híudaidhe, agus adubhradar ris; an né
nach maith adeirmíd gurab Samaritanach thú, agus gu bhfhuil deamhan ionnad?


L. En8:49


Do fhreaguir Iósa, ní fhuil an deamhan ionnamsa: achd dobheirim
onoír dhom athair, agus dobheirthísi easonóir dhamhsa.


L. En8:50


Agus ní hí mó gloír féin iárruimsi, gidheadh atá neach iarrus
hí agus bheireas breath.


L. En8:51


Gu fírinneach, fírinneach, adeirim ribh, dá gcoimhéda neach ar bioth
mó bhríatharsa, ní fhaicfi sé bás gu siórruidhe.


L. En8:52


Ar anadhbharsin adubhradar na Hiuduidhe ris; aithnimíd anois gu
bhfhuil an diabhal ionnad. Dochuáídh Abrahám agus na fáidhe déug:
agus adeir tusa, giodhbé neach choimhéudfas mo bhríatharsa, ní
bhlaisfe sé bas gu siórruidhe.


L. En8:53


An mó thusa na ar nathuir Abrahám noch fuáir bás? agus fuáradar na fáidhe
bás: créd an neach dhoní tusa dhiót féin?


L. En8:54


Do fhreagair Iósa, mámholuimsi mhé féin, ní fhuil
tábhachd ann mo mholadh: as hé mhathair mholus mé, noch
adeirthísi as Diá dhíbh féin.


L. En8:55


Agus ní fhuil aithne aguibhsi air: gidheadh is aithnidh dhamhsa hé:
agus má adeirim nach aithnidh dhamh hé, biáidh mé cosmhuil ribhsi, am
dhuine bhrégach: gidheadh as aithnidh damh he, agus coimhéuduim a bhriathar.


L. En8:56


Dobhí gáirdeachus mor ar bhur nathuirse Abrahám, fám lása
dhfhaicsin: agus dochunnaic sé hé, agus dobhí luathgháir air.


L. En8:57


Uime sin adubhradar na Hiuduidhe ris; ní fhuil deich mbliadhna agus
dá fhichead daois agad fós, agus an bhfhacuidh tú Abrahám?


L. En8:58


Adubhairt Iósa riú, gu fírinneach, fírinneach, adeirim ribh,
gu bhfhuilimsi ann sul dobhí Abrahám.


L. En8:59


Uime sin do thógbhadar clocha, dochum gu gcaithfidís ris iád: achd
do fholuigh Iósa hé féin, agus dochuáidh sé amach as an teampall, ag dul
tré na lár; agus is mar sin dochuáidh sé thárrsa.


L. En9



L. En9:1


Agus ag gabháil tarrsa Dhiósa dochunnaic sé duine dhobhí dall ó
rugadh hé.


L. En9:2


Agus do fhiáfruigheadar a dheisgiobuil de, aga rádh; a mhaighisdir, cía
dhíobh dho fpheacuidh, an fearso féin, nó a athuir agus a mhathuir, fá
rugadh dall hé?


L. En9:3


Do fhreaguir Iósa, nír pheacuidh an duinesi, agus nír fpheacuidh
a athair agus na mhathair lé mbéurthaoi dall hé; achd is mar so
rugadh é dochum gu bhfhoilséochtháoi oibreacha Dé ann.


L. En9:4


Is éigean damhsa oibreacha an té ó dtáinig mé dho dhéunamh, an feadh bhus
lá ann: atá anoidhche ag teachd, in tan nach fédann éunnduine obuir dho
dhéunamh.


L. En9:5


An feadh atáim ar an sáoghal, as mé solus an tsáoghuil.


L. En9:6


An tan adubhairt sé so, do chuir sé seile ar an dtalamh, agus dorinne sé
lathach dhon tseile, agus do chuimil sé an lathach dho shúilibh an
doill:


L. En9:7


Agus adubhairt sé ris; imthigh, ionnail a loch Shíloam, noch
mhínighthear, arna chur. Uime sin do imthigh sé, agus do ionnail sé,
agus taínig arís agus a radharc aige.


L. En9:8


Ar anadhbharsin adubhradar na comharsain, agus na dáoine dochunnaic
dall hé roimhe sin; an né nách hé so an té dobhí na shuidhe ag
iarruidh na déurca?


L. En9:9


Adubhradar cuid dhíobh, as hé so hé; agus adubhradar cuid eile,
as cosmhuil ris hé, gidheadh adubhairt sé féin, as meisi féin hé.


L. En9:10


Uime sin adubhradar ris; cred é an modh ar ar hosgladh do shúile?


L. En9:11


Do fhreáguir seision, agus adubhairt sé; an té dhárab ainm Iósa
dorinne sé láib, agus do chuimil sé dom shúilibh hí, agus adubhairt rium,
imthigh dochum locha Shiloam, agus ionnail; agus do imthigh meisi, agus
do ionnuil mé, agus fúarus mo radharc.


L. En9:12


Adubhradarsan ris annsin; gá haít a bhfhuil sé? adubhairt
seision, ní fhuil a fhios agum.


L. En9:13


Rugadar léo dochum na bpairisíneach, an tí úd adeirim dobhí
dall reimhe sin.


L. En9:14


Agus dobudh sabboíd ann an tan dorinne Iósa an lathach, agus
do osguil sé a shúile.


L. En9:15


Ar anadhbharsin do fhíafruigheadar na Phairisínigh arís de, cionnus
fuáir sé aradharc. Agus adubhairt seisean riú; do chuir sé láib ar mo
shúilibh, agus do ionnuil mé, agus dochím.


L. En9:16


Uime sin adubhradar cuid dona Phairisíneachuibh; ní ó Dhía an
duinesi; oír ní chongbhann sé an tsabboíd: adubhradar cuid eile, cionnus
as éidir lé duine peacthach, a leithéidighe so do chomharthadhuib dho dhéunamh?
Agus dobhí siosma eatorra.


L. En9:17


Adeirid siádsan arís risin dall; créud í do bharamhuil don té úd,
ar son gur osguil sé do shúile? agus adubhairt seisean, is fáidh hé.


L. En9:18


Uime sin nír chreideadar na Híudaidhe uáidh gu raibhe sé dall, agus gu
bhfhuáir sé a radharc, nó gur ghoireadar athuir agus mathuir an té fuáir a
radharc.


L. En9:19


Agus do fhiáfruigheadar dhíobh, aga rádh; an né so bhur macsa, noch
adeirthí rugadh dall? ar anadhbharsin cionnas dochí sé anois?


L. En9:20


Do fhreaguir a athuir agus a mhathuir iad, agus adubhradar; atá a
dheimhin aguinn gurab é so ar mac, agus gu rugadh dall hé:


L. En9:21


Achd cionnus dochí sé anois ní fhuil a fhios aguinn: nó cía do
osguil a shúile ní fhuil a fhios aguinn: atá áois aige, fíafruighidh
dhe féin, freigéoruidh sé ar a shon féin.


L. En9:22


Adubhairt a athuir agus a mhathuir na bríathraso, ar eagla na
Niudaidheadh: oír do orduigheadar na Hiudaidhe roimhe sin, giodhbé
do aideomhadh eisean do bheith na Chríosd, a chur as an tsinagoig.


L. En9:23


Ar anadhbharsin adubhradar a athair agus a mhathair; atá aois
aige, fiáfruighidh dhe féin.


L. En9:24


Ar anadhbharsin do ghoireadarsan an dara huair an duine dobhí dall,
agus adubhradar ris; tabhair glóir do Dhía: atá a dheimhin aguinne gurab
peacthach an duinesi.


L. En9:25


Ar anadhbharsin do fhreagoir seision agus adubhairt sé riú: masa
fpeacthach hé, ní fhuil a fhios agumsa: gidheadh atá fios anaoin
neithesi agum, gu raibhe mé dall, agus gu bhfhaicim anois.


L. En9:26


Agus adubhradarsan arís ris; créd dorinne sé riot? cionnas
do osguil sé do shúile.


L. En9:27


Do fhreaguir seisean iád; do innis mhé dhíbh cheana hé, agus nír
éisdeabhuir: créud fa niárrtháoi a chloisdin arís? in mían libhsi leis
bheith bhur ndisgiobluibh aige?


L. En9:28


Uime sin tugadar aithis dó, agus adubhradar ris: bísi ad dhisgiobal
aige: achd is do Mháoisi is disgiobail sinne.


L. En9:29


Atá a fhios aguinne gur labhuir Día ré Máoisi: achd ní fhuil a fhios
aguinn ga has don fhiorsa.


L. En9:30


Do fhreagair seisean, agus adubhairt sé riú; ata cuid iongantuis annso,
nach fuil a fhios aguibhsi ga has dó, agus fós gur osguil sé mó shúilesi.


L. En9:31


Achd atá a fhios aguinn nach éisdeann Día na peacuidh: achd má dhobheir
duine onoír do Dhía, agus má dhoní sé a thoil, éisdidh sé an fearso.


L. En9:32


Ní clos ó thosach an tsáoghail, gur osguil duine ar bioth súile duine
rugadh dall.


L. En9:33


Muna bheath an fearso ó Dhía, ní bhudh éidir leis ní ar bioth do
dhéunamh.


L. En9:34


Do fhreagradar, agus adubhradar ris; a bpeacadhuibh rugadh thusa
uile, agus an dteaguisgeann tú sinne? agus do theilgeadar amach hé.


L. En9:35


Dochuáluidh Iósa gur theilgeadar amach é: agus mar thárrla sé air,
adubhairt sé ris; an gcreideann tusa a mac Dé.


L. En9:36


Do fhreaguir seision, agus adubhairt sé; cia hé, a thighearna, dochum gu
gcreidfinn ann?


L. En9:37


Adubhairt Iósa ris, dochunnaic tú hé: agus as hé an té labhrus riot
hé.


L. En9:38


Agus adubhairt seision, creidim, a thighearna. Agus do onóruidh sé hé.


L. En9:39


Agus adubhairt Iósa; dochum breitheamhnuis taínig mé ar an
sáoghalsa: dochum gu bhfhaicfidís na daoine nach faiceann, agus gu
ndallfuidhe na dáoine dochí.


L. En9:40


Agus dochuáladar cuid dairighthe do na Phairisíneachuibh dobhí na
fhochair na neithesi, agus adubhradar ris; an bhfhuilmídne dall leis?


L. En9:41


Adubhairt Iósa riú; dá mbeath sibh dall, ní bhíadh peacadh oruibh:
achd anois adeirthí, dochímíd: ar anadhbharsin, anuidh bhur
bpeacadh, oruibh.


L. En10



L. En10:1


Go fírinneach, fírinneach, adeirim ribh, giodhbé nach teid asdeach thríd
an ndorus gu cró na gcáorach, achd téid ar dreapaireachd asdeach a dtaoibh
eile, is bithbhineach agus sladuidhe hé.


L. En10:2


Achd giodhbé théid asdeach annsa dorus, as hé buáchuill na gcáorach hé.


L. En10:3


Is dó so osglas an doirrseóir, agus eisdid na cáoirigh a ghuth: agus
goiridh sé a cháoirigh ag rádh a nanmann fá leith, agus tréoruighidh sé
amach iád.


L. En10:4


Agus an tan léigeas sé a cháoirigh féin amach, siobhluidh sé rómpa,
agus leanuid na cáoirigh hé: oir aithnighid siád a ghuth.


L. En10:5


Gidheadh ní leanfaid siád buáchuill comhnuightheach, achd teithfid siád
uáidh: do bhríogh nach aithnid dóibh guth na gcomhuightheach.


L. En10:6


Do labhair Iósa an chosmhalachdso riú. Gidheadh nír thuigeadar
na bríathra adubhairt sé riú.


L. En10:7


Ar anadhbharsin adubhairt Iósa riú arís; go fírinneach, fírinneach,
adeirim ribh, gurab mheisi dorus na gcáorach.


L. En10:8


A dtainig romham uile as bhithbhinigh agus is sladuighthe iád: achd nír
éisdeadar na cáoirigh riú.


L. En10:9


Is meisi an dorus, gidhbé neach rachas asteach thríomsa,
slaínéochthar hé: agus rachuidh sé asteach, agus amach, agus doghéubha sé
inbhiur.


L. En10:10


Ní thig an gaduidhe, achd dochum gu ngoidfeadh sé, gu muirfeadh sé,
agus gu millfeadh sé an tréud: taínig meisi dochum gu bhfhuigdís
beatha, agus dochum gu bhfhuighdís hi gu fairsing.


L. En10:11


As meisi an táodhuire maith: cuiridh an táodhaire maith a anum
féin ar son na gcáorach.


L. En10:12


Achd an formáluidhe, agus an té nach fhuil na bhuáchuill, agus nach
leis féin na cáoirigh, dochí sé an mac tíre ag teachd, agus fágbhuidh sé na
cáoirigh, agus teithidh sé: agus fuáduighid an mac tíre na cáoirigh, agus
leathnuighidh sé iád.


L. En10:13


Achd teithidh an formáluidhe, ar son gurab formáluighe hé, agus nach
fuil suim aige annsna cáorchuibh.


L. En10:14


As meisi an táodhaire maith, agus aithnighimh mo cháoirigh féin, agus
aithnighid mo cháoirigh féin mhé:


L. En10:15


Mar aithnigheas an tathuir mhé, aithnighimsi an tathuir mar an gcéudna,
agus dhobheirim mhanam ar son na gcáorach.


L. En10:16


Agus atáid cáoirigh eile agum nach don chróso: agus caithfidh mé iád
sin leis do thabhuirt leam, agus éisdfid siád mo ghuth, agus biaidh
áon chró amháin, agus áon bhuachuill amhaín ann.


L. En10:17


Ar anadhbharsin ghrádhuigheas mhathuir mheisi, ar son gu gcuirim
mhanam uáim, dochum gu nglacfuinn hé arís.


L. En10:18


Ní bheireann eunnduine uáim hé, achd cuirim féin uáim féin hé: atá
cumhachda agum a chur uáim, agus atá cumhachda agum a ghabháil chugam
arís. Fuáir mé an aithnesi ó mathair.


L. En10:19


Ar anadhbharsin do éirigh siosma arís eidir na Híuduidhibh trés
na bríathraibhse.


L. En10:20


Agus adubhradar mórán díobh; atá diábhal ann, agus atá sé ar buile:
créd fá néisdtí ris?


L. En10:21


Adubhradar cuid eile; ní bríathra duine ina bhfhuil diabhal iád
so: an bhfhéudann an díabhal súile na ndáoine ndall dosgladh?


L. En10:22


Agus dobhí sollamain choimhnighthe aththogbhála an teampoill a
Niarusalem, agus dobudh geimhreadh ann an tansoin.


L. En10:23


Agus dobhí Iósa ag siobhal annsa teampall a bpóirsi Sholuimh.


L. En10:24


Uime sin do chruinnigheadar na Híuduidhe na thimcheall, agus
adubhradar ris; gá fad choingéubhas tú sinn an amharus? Innis duinn
ós aírd más tú Críosd.


L. En10:25


Do fhreaguir Iosa iád; do inniseas dáoibh, agus ní chreidtí mhé: na
hoibreacha dhoním a nainm mhathar, doníd siád fínné dámh.


L. En10:26


Gidheadh ní chreidtísi: oír ní dom chaorchaibhsi sibh, mar adubhairt
mé ribh.


L. En10:27


Dochluinid mo chaoirighsi mó ghuth, agus aithnighim iád, agus
leanuid siád mhé:


L. En10:28


Agus dobheirim an bheatha mharrthanach dhóibh, agus ní rachaid siád
amugha gu bráth, agus ní fhúaidéochaidh neach ar bioth as mó láimh iád.


L. En10:29


Mhathair noch thug dhamhsa iád as mó hé ina na huile: agus ní
fhéudann éuneach a bhfhuadach as laímh mhathar.


L. En10:30


As áon mheisi agus an tathuir.


L. En10:31


Uime sin do thógbhadar na Híuduidhe clocha arís, dochum a gcaithte ris.


L. En10:32


Do fhreaguir Iósa iád; do thaisbéun mé mórán doibreachuibh maithe
dháoibh ó mathair: cía aca obair ar son a ngabhtháoi dho chlochuibh
oram.


L. En10:33


Do fhreagradar na Híudaidhe hé, aga rádh; ní ar son toibre maithe
ghabhmáoid do chlochuibh ort, achd ar son na masla dobheir tú dho
Dhía agus gan ionnad achd duine, gu ndéunann tú Día dhiót féin.


L. En10:34


Do fhreaguir Iosa iád; an né nach fuil sgriobhtha an bhur
ndligheadhsa, adubhairt meisi as Déé sibh?


L. En10:35


Má adubhairt sé gurab Déé na dáoine úd dochum a dtaínig bríathar Dé,
agus nach éidir an sgriobtúir do shárughadh:


L. En10:36


Anabartháoisi ris an té dho bheannuigh an tathair, agus do chuir sé
uaidh dochum an tsáoghuil; dobheir tú masla do Dhía, do bhríogh gu
ndubhairt mé gurab mé mac Dé?


L. En10:37


Munandéunaim oibreacha mhathar na creididhsi dhamh.


L. En10:38


Achd má dhoním iád, gé nach creidtí dhamhsa, creididh do
na hoibreachuibh: dochum gu naithéonadh sibh, agus gu gcreidfeadh sibh,
gu bhfhuil an tathair ionnamsa, agus meisi annsan.


L. En10:39


Uime sin do iárradar arís a ghlacadh: agus do imthigh sé as a lamhuibh.


L. En10:40


Agus do imthidh sé arís tár Iordán, don ionadh anar bhaisd Eoin ar
tús: agus do chomhnuidh sé annsin.


L. En10:41


Agus tangadar mórán chuige, agus adubhradar; ní dhearna Eóin
míorbhuile ar bioth: achd gach uile ní dhá ndubhairt Eóin a dtáobh
an duinesi dob fhíor iád.


L. En10:42


Agus do chreideadar móran annsanáit sin ann.


L. En11



L. En11:1


Agus dobhí óglách dhairighthe ag éug, darbhainm Lasarus ó
Bhethania baile Muire agus Martha a deirbhsheathrach.


L. En11:2


Agus dobhí an Mhuiresin do ong an tighearna lé huinnement, agus do
thiormuigh a chosa lé na grúaig dár dhearbhráthair Lasarus dobhí ag
éug.


L. En11:3


Uime sin do chuireadar a dheirbhsheathracha fios chuigesion, aga rádh;
a thighearna féuch, atá an tí as ionmhuin leat ag éug.


L. En11:4


Agus arna chloisdin sin Díosa, adubhairt sé riú: ní fhuil an
tégcruás so dochum báis, achd dochum gloire Dé: dochum gu bhfhuighbheadh
mac Dé gloír dhá tháoibh.


L. En11:5


Agus dob ionmhuin lé Híosa Martha, agus a deirbhshiur, agus Lasarus.


L. En11:6


Uime sin mar dochuáluidh sé gu raibhe sé éugcrúaidh, do an sé fós dhá
lá na comhnuidhe annsanáit a raibhe sé:


L. En11:7


Agus tar a éisi sin adubhairt sé ré na dhisgioblaibh; déunam arís
don Iudéa.


L. En11:8


Adubhradar a dhisgiobail ris; a mhaighisdir, anois do iárradar na
Híudaidhe gabháil do chlochuibh ort: agus an bhfhuile ag dul arís ann?


L. En11:9


Do fhreagair Iósa, an né nach fuil dá uair dhégsa ló? má
shiobhlann duine annsa ló, ní fhaghann sé oilbhéim: oír dochí sé solus
an tsáoghailsi?


L. En11:10


Gidheadh má shiobhlann duine sanoidhche, dogheibh sé tuisleadh: oír
ní fhuil solus ann.


L. En11:11


Adubhairt sé na neithese, agus an a dhiáidhsin adubhairt sé riú;
atá ar gcara Lasarus na chodladh: achd ataím ag dul dá dhúsachd as a
chodladh.


L. En11:12


Annsin adubhradar a dhisgiobail; a thighearna, má tá sé na
chodladh, biáidh sé slán.


L. En11:13


Gidheadh as a dtimcheall a bháis do labhuir Iósa: achd do
sháoileadarsan gurab a dtimcheall tsuain chodalta dho labhair sé.


L. En11:14


Uime sin adubhairt Iósa an tan sin ós aird riú; dochuáidh
Lasarus déug.


L. En11:15


Agus ata luthghair oram air bhur sonsa, dochum gu gcreidfeadh
sibh nach raibhe mé dho láthuir annsin: achd dénam na cheann.


L. En11:16


Ar anadhbharsin adubhairt Tomás, ré ráidhtear Didimus, ré na
choimhdhisgiobluibh; dénaimne leis dfagháil bháis ina fhárradh.


L. En11:17


Uime sin taínig Iosa, agus fúair sé hé ar gcaitheamh cheithre lá
cheana annsa tumba.


L. En11:18


Agus dobhí Bethania a bhfhogus Diárusalém mar adéurthá chuig
sdaide dég:


L. En11:19


Agus tangadar mórán dona Hiudaidhibh dochum Martha agus Muire dá
gcomhfhurtachd adtimcheall a ndearbhráthar.


L. En11:20


Agus mar dochuálaidh Martha gu raibhe Críosd ag teachd, dochuáidh
sí dho teagmháil dó: achd do an Muire na suidhe asdigh.


L. En11:21


Uime sin adubhairt Martha ré Híosa; a thighearna, dhá mbeithéasa
annso, ní fuighbheadh mó dhearbhráthairsi bás:


L. En11:22


Achd atá a dheimin agum anois mar an gcédna, giodhbé ní iárrfus tú
ar Dhía, gu bhfhuidhe tú uáidh hé.


L. En11:23


Adubhairt Iósa ría; éireochuidh do dhearbhráthuir arís.


L. En11:24


Adubhairt Martha ris, atá a fhios agum gu néiréocha sé
annsan eiséirghe, an lá déigheanach.


L. En11:25


Adubhairt Iósa ría; is meisi aneiséirghe agus an bheatha: giodhbé
chreideas ionnam, da mbeath gu mbíadh sé tar éis bháis, marfidh sé:


L. En11:26


Agus gidhbé mhaireas , agus chreideas ionnamsa: ní fhuíghe sé bás
gu bráth: an gcreideann tú so?


L. En11:27


Adubhairt sí ris; creidim a thighearna; do chreid mé gurab tú
Críosd mhac Dé, dobhí ag teachd dochum an tsáoghailsi.


L. En11:28


Agus an tan adubhairt sí so, do imthigh sí, agus do ghoir sí a
deirbhshúir Muire a nuáignios, agá rádh; atá an mhaighisdir ar
dteachd, agus atá sé dod iarruidhsi.


L. En11:29


An tan dochuáluidh sisi sin, do éirigh sí gu tapaidh, agus tainig sí
na cheann.


L. En11:30


Oír ni tháinig Iósa fánamsin don bhaile: achd dobhí sé annsan aít
na dtárrla Martha dhó.


L. En11:31


Uime sin na Híudaidhe dhobhí a bhfhochair Mhuire astigh, dá
comhfhurtachd, an tan dochunncadar ag éirghe gu tapuidh hí, agus ag
dul amach, do leanadar hí, aga rádh; atá sí ag dul dochum an tuáma,
do cháoineadh ann.


L. En11:32


Ar anadhbharsin an tan taínig Muire sanaít a raibhe Iósa, agus
dochunnaic sí hé, do theilg si hí féin fá na chosaibh, agus adubhairt sí
ris; a thighearna, dá mbeithéa dho láthair, ní fhuigheadh mó
dhearbhráthairsi bás.


L. En11:33


Ar anadhbharsin an tan dochunnaic Iósa ag gul hí, agus na
Híudaidhe thaínig lé ag gul mar an gcédna, dobhí sé ag osnadhaidh
ana spioraid, agus do bhuaidhir sé hé féin.


L. En11:34


Agaus adubhairt sé; ga haít nar chuireabhair hé? adubhradar ris; a
thighearna, tarr agus féch.


L. En11:35


Agus do ghuil Iósa.


L. En11:36


Uime sin adubhradar na Híudaidhe, tabhair dod taire méud a ghrádha dhó.


L. En11:37


Agus adubhradar cuid díobh; ané nach féudfadh an téso dho osgail
suile an doill, a tabhairt fá deara mar an gcédna, nach fuigheadh an fearso
bás?


L. En11:38


Uime sin tainig Iósa arís, agus hé ag osnaidhaigh ann féin, dochum an
tumba: agus dobhí an tumba ana fháspholl agus cloch arna cur ósa chionn.


L. En11:39


Adubhairt Iósa, tógbhuidh an gcloich. Adubhairt Martha deirbhshiur an
duine mhairbh ris; a thighearna, atá drochbhaladh anois air: oír atáid
ceithre lá ó fúair se bás.


L. En11:40


Adubhairt Iósa ría; nach dubhairt mé riot má chreideann tú, gu
bhfhaicfe tú glóir Dhé?


L. En11:41


Uime sin do thógbhadar an chloch dhon aít a raibhe an duine marbh
arna chur. Agus do thóguibh Iósa a shúile suás, agus adubhairt sé; a athuir,
dhobheirim buidheachus duit, do bhríogh gur éisd tú rium.


L. En11:42


Agus ata a dheimhin agum, gu gcluin tú mhé dho ghnáth: achd ar son an
phobail atá na seasamh am thimcheall, adubhairt mé so, dochum gu
gcreidfidís gurab tú do chuir uaít mhé.


L. En11:43


Agus tar éisi so dho rádh dhó, adubhairt sé dho ghuth ard; a
Lasaruis, tarr amach.


L. En11:44


Agus ar an mball taínig an duine marbh amach, agus hé ceanguilte
re héudach ceanguil eidir lamhaibh agus chosaibh, agus a aghaidh
ceanguilte ré naipigín. Adubhairt Iósa riú; sgaoilidh hé, agus
leigidh dhó imtheachd.


L. En11:45


Uime sin mórán dona Hiuduighibh thainig dochum Muire mar dhochuncadar
na neithe dhorinne Iósa, do chreideadar ann.


L. En11:46


Agus do imthigheadar cuid aca dochum na bpairisineach, agus
do inniseadar dhoibh na neithe dhorinne Iósa.


L. En11:47


Ar anadhbharsin do chruinnigheadar uachdaráin na sagart agus na
Phairisínigh comhairle, agus adubhradar; créd dodhénam? oír as iomdha
míorbhuile dhoní an fear so.


L. En11:48


Má fhuilngemíd hé mar so, creidfidh na huile dháoine ann, agus
tiocfaid na Rómhánuigh agus sgrisfuid siád ar náitne, agus ar gcineadh.


L. En11:49


Annsin adubhairt fear dhíobhsan darbhainm Caíphas, fear
dobhí na cheann ar na sagartuibh an bhliadhuinsin riú; ní
thuigthísi ní ar bioth:


L. En11:50


Agus ní smuáintighthí gurab é ar leasne gu bhfuighbheadh áonduine
amhaín bás ar son an fpobuil, agus gan an cineadh uile dho sgrios.


L. En11:51


Achd ní huáidhe féin adubhairt sé so: achd ar mbeith dhó na
árdsagart an bhliadhuinsin, do thárrnguir sé gu bhfhuighbheadh Iósa bás ar
son an chinidh:


L. En11:52


Agus ní ar son an chinidhsin amhaín, achd dochum gu gcruinnéochadh
sé a gceann a chéile clann Dé dobhí arna leathnughadh.


L. En11:53


Uime sin ón lá sin amach dorinneadar dho chomhairle ré chéile eisean
do mharbhadh.


L. En11:54


Ar anadhbharsin nír shiobhail Iósa ó sin suás gu follus ameasg
na Níudaidheadh, achd dochuáidh sé as sin don chuid don tír dobudh
goire dhon fhásach dhon chathruigh ré a raidhtear Ephrem: agus do
chomhnuidh sé annsin a bhfhochair a dhisgiobal.


L. En11:55


Agus dobhí Cáisg na Níuduidheadh a bhfhogas dóibh, agus do
imthigheadar mórán as an dtírsin suás gu Hiarusalém roimh Cháisg
dá nglanadh féin.


L. En11:56


Uime sin do iárradar Iósa, agus do labhradar eatarra féin, ag seasamh
annsa teampoll dhóibh: créd hí bhur mbaramhail nach tig sé dochum an
fhéusda?


L. En11:57


Agus tugadar na hárdshagairt agus na Phairisínigh aithne, giodhbé ar
bioth doghéubhadh a fhios gá háit a raibhe sé, a innisin, dochum gu
mbéurdáois air.


L. En12



L. En12:1


Ar anadhbharsin taínig Iósa sé lá roimh Cháisg gu Bethánia, mar á
raibhe Lasarus dhobhí marbh, noch do dhúisigh seisean ó mharbhuibh.


L. En12:2


Uime sin dorinneadar suipér dhó annsin, agus dobhí Martha ag
friothalamh: achd dobhí Lasarus ana áon don mhuinntir do shuidh na
fharradh ar an mbord.


L. En12:3


Agus ar ngabháil do Mhuire an tan sin phúint duinnement náird
tana roúasail, agus do ong sí cosa Iósa, agus do thiormuigh sí a chosa
lé na grúaig: agus dobhí an teach arna líonadh do bhaladh na
huinnemeinnte.


L. En12:4


Ar anadhbharsin adubhairt áon dá dhisgiobluibhsean, eadhón
Iudás Iscariot mac Simoin, noch dhobhí ar tí a bhraithesion;


L. En12:5


Créd fá nar díoladh anuinnementso ar thrí chéud pighinn, agus a
dtabhuirt dona bochduibh?


L. En12:6


Achd adubhairt seision so, ní hé gu raibhe suim aige annsna
bochdaibh, achd ar son gur ghaduidhe hé, agus gurab aige dhobhí an sparán,
agus gurab hé diomchradh an ní do chuirthí ann.


L. En12:7


Uime sin adubhairt Iósa, léig dhi: fá chomhair laithe mhadhnacuil
do thaisgidh sí so.


L. En12:8


Uair atáid na boichd in bhur bhfharradh do ghnáth, achd ní do
ghnáth bhiás meisi in bhur bhfhochuir.


L. En12:9


Agus dobhí a fhios ag cuid mhóir dhona Híudaidhibh gu raibhe sé annsin:
agus tangadar, ní ar son Chríosd amhaín, achd dochum gu bhfhaicfidís
Lasarus nar an gcédna noch dho dhúisigh sé ó mharbhuibh.


L. En12:10


Uime sin dhorinneadar na hardshagairt do chomhairle, Lasarus do
mharbhadh leis:


L. En12:11


Ar son gu ndeachadar mórán dona Híudaidhibh dhá bhríoghsan agus
gur chreideadar an Iósa.


L. En12:12


Achd arna mhárach mórán dá dtaínig dochum an fhéusda, an tan
dochuáladar gu raibhe teachd Iósa gu Hiarusalém,


L. En12:13


Do ghlacadar cráobha pailme, agus dochuádar amach dho theagmháil dó,
agus do éighmheadar aga rádh, Hosanna, as beannaigthe an tí thig a
nainm an tighearna, rí Israhél.


L. En12:14


Agus ar bhfagháil asail Diósa, dho shuidh sé air, mar atá
sgriobhtha,


L. En12:15


Na biodh eagla ort a inghean Shióin: tabhair dhod taire, atá do rí
ag teachd, na shuidhe ar shearrach asail.


L. En12:16


Achd nír thuigeadar a dhisgiobail na neithe so ar tús, gidheadh an
tan do gloírigheadh Iósa, annsin do chuimhnigheadar gu rabhadar na
neithesi sgriobhtha air, agus gu ndearnadar na neithe so dhó.


L. En12:17


Uime sin dorinneadar an pobal dobhí na fharradh, fíadhnuisi dhó, do
bhriogh gur ghoir sé Lasarus as an uáigh, agus gur dhuisig sé hé ó
mharbhuibh.


L. En12:18


As trídsin taínig an pobal do theagmhail dhó, do bhríogh mar dhochualadar
gu ndearna sé an mhíorbhuilsi.


L. En12:19


Ar anadhbharsin adubhradar na Phairisínigh eatarra féin; an
bhfhaicthí nach feirde dhíbh aon ní dhá ndéuntáoi? féuch, atá an sáoghal
dhá leanmhuinsion.


L. En12:20


Agus dobhí dream dháirighthe dhona Gréugachuibh ameasg na muintire
dochuáidh suás do dhénamh seirbhísi dho Dhía san bhféusda:


L. En12:21


Agus tangadar agceann Fpilib, noch dobhí ó Bhethsáida na
Galile: agus do iarradar air, aga rádh; a mhaighisdir, dobudh mhián
linn Íosa dhfhaicsin.


L. En12:22


Táinig Pilib agus do innis sé sin Dhainndriás: agus do innis
Ainndriás agus Pilib arís Díosa hé.


L. En12:23


Agus do fhreaguir Iósa iád, aga radh; táinig an uair dhochum gu
bhfhuighbheadh mac an duine gloír.


L. En12:24


Gu fírinneach, fírinneach, adeirim ribh, muna fhagha an gráinne
cruithneachda a thuiteas annsa talmhuin bás, anuidh sé na aonar: achd má
theid sé déug, dobheir sé toradh mór uádha.


L. En12:25


Giodhbé ghradhuigheas a anum féin, cáillfidh sé hé: agus gidhbé
fhuáthuigheas a anum féin ar an sáoghalso, coimhéudfaidh sé hé dochum na
beatha marthanuighe.


L. En12:26


Má doní neach ar bioth seirbhís damhsa, léanadh sé mhé: agus
giodhbe aít ambiá meisi, biáidh mo sheirbhíseach ann mar an gcédna:
agus má dhoní duine ar bioth seirbhís damh, biáidh cion ag an athuir air.


L. En12:27


Atá mhanam buáidheartha anois: agus créd adéura mé? a athuir,
sáor mhé ónuáir si: achd as chuige so thaínig mé dochum na huáiresi.


L. En12:28


A athuir, tabhair glóir dhod tainm féin. Uime sin taínig guth ó neamh,
tugas gloír agus dobhéur gloír dhó arís,


L. En12:29


Uime sin adubhradar an drong dhobhí na seasamh dho lathuir,
agus dhochuáluidh hé gur thóirrneach dhobhí ann. Adubhairt cuid
eile, gurbhaingeal do labhair ris.


L. En12:30


Do fhreagair Iósa, agus adubhairt sé; ní ar mo shonsa tháínig an
guthsa, achd ar bhur sonsa.


L. En12:31


Anois atá breitheamhnus an tsáoghailsi dho láthair: anois
teilgfidhear amach uáchdarán an tsáoghailsi.


L. En12:32


Agus má thógaibhthear mheisi suás dhon talamh, tairreóngaidh mé
an uile chugam féin.


L. En12:33


Achd adubhairt sé so, dhá chur a gcéill, créud hí an ghne bháis
doghéabhadh sé.


L. En12:34


Do fhreaguir an pobal hé; dochuálamairne ón dligheadh, gu nanann
Críosd gu síorraidhe: agus cionnus adeir tusa, gurab éigean mac an duine
do thógbháil a naírde? cía hé an mac so an duine?


L. En12:35


Uime sin adubhairt Iósa riú; atá an solus in bhur measg fós ar feadh
tamuill bhig: siubhlaidh an feadh bhiás an solus aguibh, deagla gu mbéuradh
an dorchadus oruibh. Oir giodhbé shiobhlus annsa dorchadus, ní feas dó
ga haít a ngabhann sé.


L. En12:36


An féadh atá án solus aguibh, creididh annsa tsolus, dochum gu mádh
clann don tsolus sibh. Do labhair Iósa na neithesi, agus ar nimtheachd
dó do fholuigh sé he féin uátha.


L. En12:37


Agus gé dorinne sé anoireid so dho mhíorbhailibh na bhfhíadhnuisi, nír
chreideadar ann:


L. En12:38


Dochum gu gcoimhlíonfuidhe bríathar an fháidh Esaias, noch
adubhairt, a thighearna, cia dho chreid ar ngloírne, agus cía
dhár nochdadh lámh an tighearna?


L. En12:39


As uime sin nár fhédadar creideamh, do bhriogh mar adubhairt Esaias
arís;


L. En12:40


Do dhall sé a súile, agus do chruadhaigh sé a gcroidhe, d'eagla gu
bhfhaicfidís lé na súilibh, agus gu dtuigfedhís lé na gcroidheadhuibh, agus
gu bhfillfedís, agus gu slaínéochuinn iád.


L. En12:41


Do labhair Esaias na neithe so, an tan dochunnaic sé a ghloírsean,
agus do labhair sé na thimcheáll.


L. En12:42


Achd fós dho chreideadar móran dhona huáchdaránuibh féin ann: achd ar
son na bpairisíneach nír admhuigheadar sin, deagla gu gcuirfidhe amach
as an tsinagóig iad.


L. En12:43


Oír dob annsa leo gloír na ndáoine, ina gloír Dhé.


L. En12:44


Agus do labhair Iósa dho ghuth árd, agus adubhairt sé; giodhbé
chreideas ionnamsa, ní hionnamsa chreideas sé, achd annsa té do chuir
uaidh mé.


L. En12:45


Agus giodhbé dochí mheisi, dochí sé an té do chuir uáidh mhé.


L. En12:46


Táinig mé mar sholus dochum an tsáoghail, dochum giodhbé chreideas
ionnam, nach diongnadh sé comhnuidhe a ndorchadas.


L. En12:47


Agus gidhbé neach éisdeas mo bhríathra, agus nach gcreidfe iád:
ní bhéirimsi bhreith na aghaidh. Oír ní thainig mé do dhamnughadh
an domhain, achd do shlánughadh an domhuin.


L. En12:48


Gidhbé dhíultus mhé, agus nach gabhann chuige mó bhríathra, atá aige
neach dháorus hé: an bhríathar dho labhair mé, as hí dháorfus hé sa ló
dheigheanach.


L. En12:49


Oír nír labhair meisi uáim féin, achd an té ó dtaínig mé eadhón
an tathuir, tug sé aithne dhamh cred as coir dhamh dho thagra, agus créd as
coír dhamh dho rádh.


L. En12:50


Agus atá a dheimhin agum gurab beatha mharrthanach a aithnesion. Ar
anadhbharsin na neithe adeirimsi, is amhluidh adeirim iád, mar adubhairt
an tathuir rium.


L. En13



L. En13:1


Agusroimh shollamain na Cásg, arna aithne Dhiósa gu dtaínig a
uáir ana rachadh sé as an sáoghalsa dochum anathar; ar
ngrádhughadh a mhuinntire féin dobhí ar an sáoghal, do ghrádhuigh
sé gu deireadh iád.




L. En13:2


Agus a ndíagh shúípéir (an tan do chuir an diábhal a gcroidhe
Iudais Iscariót mheic Shimóin eisean do bhrath.)


L. En13:3


Arna aithne Dhiosa gu dtug an tathair na huile neithe fá na
lámhuibh, agus gurab ó Dhía thaínig sé, agus gurab dochum Día dhobhí sé
ag dul:


L. En13:4


Do éirigh sé ó shuipéur, agus do chuir sé a bhrat de: agus ar ngabháil
tuáille dhó chuige do cheanguil fá na chóm hé.


L. En13:5


Na dhiágh sin do chuir sé uisge a mbáisín, agus do thionnsgain sé cosa
a dhisgiobal dionnladh, agus do thiormughadh leis an dtuáille dobhí imá
chóm.


L. En13:6


Annsin taínig sé dochum Simóin Peadair: agus adubhairt Peadar ris;
a thighearna, an bhfhuil tusa ag ionnladh mo chossa?


L. En13:7


Do fhreaguir Iósa, agus adubhairt sé ris; ní fhuila fhios agadsa
anois, créd donímsi, achd biáidh a fhios agad tar a éisi so.


L. En13:8


Adeir Peadar ris, ní innóla tú mo chosasa gu bráth. Do fhreaguir
Iósa hé; muna ionnla mé thú, ní bhía cumann agad rium.


L. En13:9


Adubhairt Símón Peadar ris, a thighearna, ní hiád mó chosa
amhaín, achd mo lámha agus mó cheann mar an gcédna.


L. En13:10


Adubhairt Iósa ris, giodhbé atá ionnalta, ní fhuil duireasbhuidh
air achd a chosa dhionnladh, achd atá sé glan uile: agus atátháoisi glan,
gidheadh ní fhuiltí uile lann.


L. En13:11


Oír dhobhí a fhios aige cía dho bhraithfeadh hé: uime sin adubhairt sé,
ní fhuiltí uile glan.


L. En13:12


Ar anadhbharsin tar éis a gcos dionnladh dhó, agus a bhruit do
ghabháil uime, ar suidhe siós dhó, adubhairt sé riú, an dtuigthí
créd dorinne mé ribh?


L. En13:13


Goirthísi maighisdir agus tighearna dhíomsa: agus as maith adeirthí
sin: oír as mar sin atáim.


L. En13:14


Ar anadhbharsin má dho ionnail meisi, atá am thighearna agus am
maighisdir, bhur gcosasa, as coír dháoibhsi mar an gcédna cosa a chéile
dhionnladh.


L. En13:15


Oír tug mé eisimplair dháoibh, dochum gu ndiongénadh sibhsi, fá mar
dorinne meisi dháoibhsi.


L. En13:16


Gu fírinneach, fírinneach, adeirim ribh, ní mó an tóglách iná a
mhaighisdir, agus ní mó an teachdaire ina an té dho chuir a dteachduireachd
hé.


L. En13:17


Má thuigthí na neithesi, atátháoi beannaighthi, má dhoníthí iád.


L. En13:18


Ní labhruim oruibh uile: atá a fhios agum cía an dream dho thogh mé:
achd dochum gu gcoimhlíonfuidhe an sgribtuir, an té atá ag ithe aráin
am fhochair, do thógaibh sé a shál am aghuidhsi.


L. En13:19


Anois adeirim ribh, sul tiocfus sé dochum críche, ionnas an tan
doghéuntar hé, gu gcreidfeadh sibh, gurab mé atá ann.


L. En13:20


Gu deimhin, deimhin, adeirim ribh, giodhbé ghabhus chuige an té
chuirim uáim, gabhuidh ré mheisi chuige: agus giodhbé ghabhus mheisi
chuige, gabhuidh sé an té dho chuir uáidh mhé chuige.


L. En13:21


Arna rádh so Dhíosa dobhí sé buaidheartha na sbioruid, agus
dorinne sé fínné, agus adubhairt sé; gu fírinneach, fírinneach, adeirim
ribh, gu mbraithfí áon dáoibh mhé.


L. En13:22


Uime sin do fhéuchadar na disgiobail ar a chéile, ag déunamh amhuruis
cía agár labhuir sé na thimcheall.


L. En13:23


Agus dobhí áondá dhisgiobluibh na luidhe an uchd Iósa, noch
dobionmhuin leis.


L. En13:24


Ar anadhbharson do sméid Simón Peadar ar an bhfhearsoin, dochum
gu bhfiafróchadh sé, cía a dtimcheall ar labhair sé.


L. En13:25


Annsin ar gcláonadh dhósan an uchd Iósa, adubhairt sé ris, a
thighearna cía hé?


L. En13:26


Do fhreaguir Iósa, as hé an té dhá dtiobhra meisi greim aráin déis a
thumtha hé: agus ar dtumadh an ghreama, tug sé Dhiudás Iscariót
mhac Simóin hé.


L. En13:27


Agus tar éis an ghreama do ghlacadh dhó dochuaidh an taibhirséoir
asdteach ann. Ar anadhbharsin adubhairt Iósa ris, gidhbé ní aga
bhfhuile ar a thí, déuna go tapaidh hé.


L. En13:28


Achd nír thuig áon dá raibhe a dtimcheall an bhuird, cred fá
ndubhairt sé ris.


L. En13:29


Oír do sháoileadar cuid díobh do bhríogh gurab ag Iudás dobhí an
sparán gurab hé ní adubhairt Iósa ris, ceannuigh dhuínn gidhbé bhiás
na ríachdanus oruinn dochum na sollaman: nó ní éigin do thabhairt dona
bochdaibh.


L. En13:30


Agus an tan do ghlac seision an greim, do imthigh sé amach ar ball.
Agus dobhí an oidhchi ann.


L. En13:31


Uime sin ar ndul amach dhó, adubhairt Iosa, anois atá mac an duine
ar bhfhagháil ghloíre, agus atá Día arna bhfhagháil ghlóire ann.


L. En13:32


Má atá Día arna bhfaghail ghloíre annsan, dobhéra Día glóir dhósan
ann féin mar an gcéudna, agus dobhéura sé gloír dhó ar an mball.


L. En13:33


Ó a chlann bheag, ataím fós seal beag in bhur bhfarradh: iárrfuidhe mhé,
gidheadh fá mar adubhairt mé ris na Híuduidhibh, giodhbé haít a dteighimsi,
ní fhéudtáoisi theachd ann: is mar sin adeirim ribhsi anois.


L. En13:34


Dobheirim aithne nua dhíbh, a chéile dho ghrádhughadh: fá mar dho
ghrádhuidh misi sibhsi, grádhuighidh féin a cheile mar sin.


L. En13:35


Air so aitheónaid na huile dháoine gurab disgiobail dámhsa sibh, má
bhíonn grádh aguibh féin dá chéile.


L. En13:36


Adubhairt Siomón Peadar ris; a thighearna, gá haít a dteid tú? Do
fhreaguir Iósa hé: mar a dtéighimsi, ní fhéudann tusa anois mo
leanmhoin: gidheadh leanfuidh tú mhé na dhiáigh so.


L. En13:37


Adubhairt Peadar ris, a thighearna, créud fá nach féduim do
leanmhuin anois? cuirfidh mé mhanum ar dho shon.


L. En13:38


Do fhreagair Iósa é, an gcuirfe tú thanam ar mo shonsa? gu
fírinneach, fírinneach, adeirim riot, ní ghoirfe an coileach, sul
tsénfas tú mhé trí huáire.


L. En14



L. En14:1


Na buáidhearthar bhur gcroidhesi: creidídh a Ndía, creididh
ionnamsa mar an gcédna.


L. En14:2


As iomdha teaghdhais a dtigh matharsa: agus muna bheath sin
mar sin, do innéosuinn dháoibhsi hé:


L. En14:3


Ataím ag dul dullmhughadh aíte dháoibh: agus má imthighim
dullmhughadh aite dháoibh, tiocfaidh mé arís, agus géubhuidh mé sibhsi
chugam féin: dochum gu mbeath sibhse mar a bhfhuilimsi mar an gcédna.


L. En14:4


Agus atá a fhios aguibhsi gá haít a dtéighimsi, agus atá éolus na
sligheadh aguibh.


L. En14:5


Adubhairt Tomás ris; a thighearna, ní feas duínne ga háit
a dtéighe: agus cionnas as éidir linn éolus na sligheadh do bheith aguinn?


L. En14:6


Adubhairt Iósa ris; as meisi an tslighe, agus an fhírinne, agus an
bheatha. Ní thig aonduine dochum anathar, achd tríomsa.


L. En14:7


Dá madh aithnidh dháoibh mheisi, do bheith éolus aguibh ar mhathair
mar an gcédna: agus as aithnidh dháoibh anois hé, agus dochunncabhair hé.


L. En14:8


Adubhairt Pilib ris; a thighearna, taisben tathuir dhúinn, agus
is lór linn hé.


L. En14:9


Adubhairt Iósa ris; an bhfhuilim an fadsa dhaimsir in bhur
bhfhochair, agus nach aithnidh dhuit mhé, a Philib? gidhbé
dhochunnaic mheisi, dhochunnaic sé an tathair, agus cionnas adeir
tusa, taisbén duínn an tathair.


L. En14:10


An né nach chreideann tú gu bhfhuilimsi annsanathair, agus an
tathuir ionnamsa? ní huaim féin labhruim na bríathra adeirim ribh: achd an
tathair atá na chomhnuidhe ionnam, as hé dhoní na hoibreacha.


L. En14:11


Creididh mhé gu bhfhuilimsi annsanathuir, agus an tathuir
ionnumsa: an ní aslugha dhe, creididh dhamh ar son na noibreach féin.


L. En14:12


Gu fírinneach, fírinneach, adeirim ribh, giodhbé chreideas
ionnamsa na hoibreacha dhonímsi doghéuna seisean iád agus
doghéuna sé oibreacha bhus mó ina iád. Oír atáimsi ag dul
dochum mhathar:


L. En14:13


Agus giodhbé ar bioth ní iárrfuidhe am ainmsi, doghéuna meisi
an ní so dochum gu bhfhúighbheadh an tathair onoír annsa mhac.


L. En14:14


Má iárrthaoi ní ar bioth a mainmsi, doghéuna meisi an nísi.


L. En14:15


Más ionmhuin libh meisi, coimhéuduidh maitheanta.


L. En14:16


Agus guidhfidh meisi an tathuir, agus dobhéura sé comhfhurtuighthéoir
eile dháoibh dochum gu nanfadh sé in bhur bhfhochair gu bráth:


L. En14:17


Eadhón spiorad na fírinne, noch nach féudann an sáoghal do ghabháil, ar
anadhbhar nach faiceann sé hé, agus nach aithnigheann sé hé: achd
aitheantáoisi hé, oír anuidh sé maille ribh, agus biaidh sé ionnuibh.


L. En14:18


Ní fhúighfe mé in bhur ndílleachduibh sibh: achd fillfidh mé chugaibh.


L. En14:19


Tamall beag fós, agus ní fhaicfe an sáoghal feasda mhé, achd
dochífidhísi mhé: do bhríogh gu bhfhuilimsi béo, beithísi béo mar an
gcédna.


L. En14:20


Annsa lá sin aithéontáoi gu bhfhuilimsi sanathair, agus sibhsi
ionnamsa, agus mheisi ionnuibhsi.


L. En14:21


Giodhbé aga bhfhuilid mhaitheantasa, agus choimhédas iad, as hé sin
ghrádhuigheas mheisi: agus giodhbé ghradhuigheas mheisi, grádhóchaidh
mhathair eisean: agus grádhóchuidh meisi hé, agus foillséochuidh mé mhé
féin dó.


L. En14:22


Adubhairt Iudás ris, ní hé Iscariót, a thighearna, créd hé an
tadhbhar fá dtasbénfá thú féin dúinne, agus ní don tsáoghal?


L. En14:23


Do fhreaguir Iósa, agus adubhairt sé ris; giodhbé ghrádhuigheas
mheisi, coimhéudfuidh sé mó bhríathar, agus grádhóchuidh mhathuir hé, agus
tiocfamáoid chuige, agus doghéunam comhnuidhe na fhochair.


L. En14:24


Giodhbé nách grádhuigheann mheisi, ní choimhéudann sé mo bhríathra: agus
an bhríathar chluintí, ní leamsa hí, achd leis anathair do chuir uáidh
mhé.


L. En14:25


Adubhairt mé na neithesi ribh, am chomhnuidhe in bhur bhfharradh.


L. En14:26


Achd an comhfhurtaighthéoireadhón an spioradnáomh, noch
chuirfeas an tathuir uaidh, a mainmsi, múinfidh sé na huile neithe
dhíbhsi, agus cuirfidh sé a gcuimhne dháoibh, gach uile ní dhá ndubhairt meisi
ribh.


L. En14:27


Fágbhuim siódhchaín aguibh, dobheirim mo shiódhchaín féin dáoibh:
ní mar dhobheir an sáoghal, dobheirimsi dháoibh. Na búaidheárthar bhur
gcroidhé, agus na biódh eagla air.


L. En14:28


Dochuálubhair gu ndubhairt mé ribh, téighim uáibh agus tiocfaidh mé
chuigaibh. Dá ngrádhuigheadh sibh mheisi, gu fírinneach dobhiádh lúthgháir
oruibh, do bhríogh gu ndubhairt mé, ataím ag dul dochum anathar; oír as mó
mathair ina mheisi.


L. En14:29


Agus do innis mé dháoibh, sul tiocfas sé dochum criche, dochum gu
gcreidfeadh sibh, an tan tiocfas sé dhochum críche.


L. En14:30


O so amach ní laibhéora mé mórán ribh: oir atá uáchdarán an tsáoghuilsi
ag teachd, agus ní fhuilní ar bioth aige ionnamsa.


L. En14:31


Achd is uime dhoníthear na neithesi dochum gu naitheonadh an saoghal
gurab ionmhuin leam an tathair: agus amhuil mar thug an tathair aithne
dhamh, is mar sin doním: éirghidh, deunam as so.




L. En15



L. En15:1


As meisi an fhíneamhuin fhírinneach, agus as críadhuire mhathair.


L. En15:2


Gach uile ghéug ionnamsa nach tabhair toradh, gearruidh sé hí: agus
gach uile hég dobheir toradh glanuidh sé hí, dochum gu madh móidi
dobhéuradh sí toradh uáithe.


L. En15:3


Anois atátháoisi glan tríd an mbréithir do labhuir mé ribh.


L. En15:4


Anuidh ionnamsa, agus mheisi ionnuibhsi. Do réir nach féudann an
ghéug toradh dho thabhuirt uáithe féin, muna ana sí sa bhfhíneamhuin: is
mar sin nách éidir libhsi toradh dho thabhuirt muna antáoi ionnamsa.


L. En15:5


As meisi an fhíneamhuin, agus is sibhsi na géuga: giodhbé
anus ionnamsa, agus mheisi annsan, dobheir sé toradh mór: oír ní
héidir libh ní ar bioth dho dhéunamh gan mheisi.


L. En15:6


Giodhbé nach anfa ionnumsa, teilgfithear amach hé, mar ghéig, agus
críonfuidh sé: annsin chruinnighthear iád, agus cuirthear sa teinidh iád, agus
loisgthear iád.


L. En15:7


Má antáoi ionnamsa, agus má anuid mo bhríathrasa
ionnuibhse, iárruidh gach ní bhus áil libh, agus dogéuntar dháoibh hé.


L. En15:8


As so dogheibh mhathuirsi gloír, sibhsi dho thabuirt mhóráin
toraidh: agus bheith in bhur ndisgiobluibh agumsa.


L. En15:9


Fá mar dho ghrádhuigh an tathuir mheisi, as mar sin do ghradhuigh meisi
sibhsi; anuidh am ghrádhsa.


L. En15:10


Má choimhéudtáoi maitheanta, anfuidhe am ghrádh: fá már dho choimhéud
meisi aitheanta mhathar, agus anuim ana ghrádh.


L. En15:11


Adubhairt mé na neithe soribh, dochum gu nanfadh mo ghairdeachus
ionnuibh, agus dochum gu mbiádh bhur ngairdeachus lán.


L. En15:12


As hí so mhaithnesi, sibhsi dho ghrádhughadh a chéile, fá mar dho
ghrádhaigh meisi sibhsi.


L. En15:13


Ní fhuil grádh as mó iná so ag neach ar bioth, na a anum dho thabhuirt
ar son a charad.


L. En15:14


Is caruid damhsa sibhsi má dhoníthí gach ní dhá naithnighim dhíbh.


L. En15:15


Uaidh so suás ní ghoirfe mé searbhfhoghantaidhe dháoibh, oír ní fhuil a
fhios ag an searbhfhoghantuidh créud doní a thighearna: achd do ghoir mé
caruid dibh, oír na huile neithe dhochuáluidh mé ó mathair, do léig mé
a bhfios chugaibhsi.


L. En15:16


Ní sibhsi do thogh meisi, achd meisi do thogh sibhsi, agus do chuir mé
sibh dochum gu nimdhéochadh sibh agus gu dtiubhradh sibh toradh, agus dochum
gu nanfadh bhur dtoradh: ar chor giodhbé ní ar bioth iárrfuidhe a
mainmsi ar anathair, gu dtiobhradh sé dhíbh hé.


L. En15:17


Aithnighim na neithesi dhíbh, dochum grádha dho bheath aguibh féin dhá
chéile.


L. En15:18


Má fhúathuighéann an sáoghal sibh, biodh a fhios aguibh gur fhuáthaigh
sé mheisi romhuibh.


L. En15:19


Dá mádh don tsáoghal sibh, do ghrádhóchadh an sáoghal a ní féin:
gidheadh ar son nách don tsáoghal sibh, achd gur thogh meisi sibh as an
sáoghal, ar anadhbharsin atá fúath ag an tsáoghal daoibh.


L. En15:20


Cuimhnighidh ar an mbreithir adubhairt mé ribh, ní mó an
searbhfhoghantaidh ina a mhaighisdir; má dho dhíbreadar meisi; díbeóraid
siád sibhsi mar an gcéudna: má dho choimhéudadar mo bhríatharsa,
coimhéudfuid siad bhur mbríathersa mar an gcédna.


L. En15:21


Achd doghéunuid siád na neithesi uile ribh, ar son mhanmasa: do
bhriogh nach fuil fios an tí ó a dtaínig mé aca.


L. En15:22


Muna bheith gu dtaínig mé, agus gur labhuir mé riú, ní bhiadh peacadh
orra: achd anois ní fhuil leisgéul a bpeacuidh aca.


L. En15:23


Giodhbé aga bhfhuil fuáth dhamhsa, fuáthuighidh sé mhathoir mar an
gcédna.


L. En15:24


Muna dhearnuinn oibreacha na measg, nach dearna neach ar bioth eile, ní
bhiádh peacadh orra: achd anois dochunncadar, agus fós do fhuáthuigheadar
mheisi, agus mhathuir.


L. En15:25


Achd as chuige dhorinneadar so dochum gu gcoimhliónfuidhe an
rádh atá sgriobhtha ana ndligheadh féin: eadhón dho fhuáthaigheadar
mheisi gan adhbhar.


L. En15:26


Achd an tan tiocfas an comhfhurtuightheoir noch chuirfeas meisi
chugaibh ón athuir, eadhón spioradna fírinne, thig amach ón athair,
doghéuna sé fíadhnuisidhom tháobhsa.


L. En15:27


Agus doghéantáoisi leis fíadhnuisi dhamh,oíratáthaoi
am fhochuir ó thús.


L. En16



L. En16:1


Adubhairt mé na neithesi ribh, deagla gu bhfhuighbheadh sibh
oilbheím.


L. En16:2


Cuirfhid siád as na sínagóguibh sibh: agus fós tiocfuid anaimsior,
giodhbé chuirfeas dochum báis sibh, gu mbreathnócha sé gu ndénann sé
seirbhís do Dhía.


L. En16:3


Agus doghéunuid siád na neithe so ribh, ar son nach aithnid dóibh an
tathuir ina mheisi.


L. En16:4


Achd do labhuir mé na neithe so ribh, dochum an tan tiocfas an uáir gu
gcuimhnéochadh sibh na neithesi, gur innis mé dhíbh iád. Gidheadh nír
innis mé dháoibh ó thús iád, do bhriogh gu raibhe mé féin in bhfhochuir.


L. En16:5


Agus anois ataím ag imtheachd dochum an tí do chuir uáidh mé, agus ní
fhiáfruigheann éunduine aguibh dhióm, cá haita dteid tú?


L. En16:6


Achd do bhríogh gu ndubhairt mé na neithesi ribh, do lióndóbrón bhur
gcroidhthe.


L. En16:7


Gidheadh atáim ag innisin na fírinne dhíbh, is é bhur leassa
mheisi dhimtheachd. Oír muna nimthighe mé, ní thiocfa an
comhfhurthaightheóir chugaibh: gidheadh má imthighimsi, cuirfidh mé
chugaibh hé.


L. En16:8


Agus an tan tiocfas sé, aigéoraidh sé an domhan a dtaobh peacuidh,
agus chomhthruim, agus bhreitheamhnuis.


L. En16:9


A dtáobh peacuidh, ar son nach creidid siád ionnamsa:


L. En16:10


Agus a dtáobh chomhthruim, do bhríogh gu bhfhuilim ag dul dochum
mhathar, agus ní fhaicfidhesi mhé ó so suás:


L. En16:11


Agus a dtáobh breitheamhnuis, ar son gu bhfhuil uáchdaran an
tsáoghailsi arna dhamnughádh.


L. En16:12


Atá mórán agum fós ré rádh ribh, achd ní fhéudtáoi aniomchar
anois.


L. En16:13


Achd an tan tiocfus seisean, spiorad na fírinne,
tréoróchaidh sé sibh dochum gach uile fhírinne; oír ní huáidhe féin
laibheóras sé, achd laibhéoruidh sé na huile neithe chluinfeas
sé: agus foillséochuidh sé dhíbh na neithe atá dochum teachda.


L. En16:14


Dobhéura seisean gloír dhamhsa, oír as uáimsi dho ghéubha sé,
an ní thaisbeunas sé dháoibhsi.


L. En16:15


As leamsa na huile neithe dhá bhfhuil ag anathuir: ar anadhbharsin
adubhairt mé gu ngéubhadh seisean uáimsi agus gu bhfoillséochadh sé
dháoibhsi hé.


L. En16:16


Sealad beag fós, agus ní fhaicfidhe mhé: agus arís, tamall beag
eile, agus dochífidhe sibh mé: óir ataím ag dul chum anathar.


L. En16:17


Uime sin adubhradar cuid dá dhisgiobluibh ré chéile, créd hé so adeir
sé rinn, sealad beag agus ní fhaicfidhe mé, agus arís sealad beag agus
dochífidhe mé: agus, oír atáim ag dul dochum an athar?


L. En16:18


Ar anadhbharsin adubhradar, crédas cíall don ní so adeir sé,
tamall beag? ní thuigmíd créd adeir sé.


L. En16:19


Achd dobhí a fhios ag Iósa gur mhián léo a fhiáfruighe dhe, agus
adubhairt sé riú; an bhfhuiltí dhá fhiáfruighe so eadruibh féin, mar
adubhairt mé, sealad beag, agus ní fhaicfidhe mé: agus arís sealad beag
agus dochífí mé?


L. En16:20


Gu fírinneach, fírinneach, adeirim ribh, gu nguilfidhe agus gu
gcaoinfidhe, agus gu ndiongna an sáoghal gárdeachus: achd beithísi
dóbrónach; gidheadh fillfidhear bhur ndóbhrón a ngairdeachus.


L. En16:21


Ag breith leinb dho mhnáoi, bí sí a bpéin, oír tainig a huáir: achd
tar éis leinb dho bhreith dhi, ní chuimhnigheann sí a doilgheas níbhus
foide, lé gairdeachus gu rugadh duine dochum an tsáoghuil.


L. En16:22


Agus sibhsi mar an gcédna, atátháoi anois gu dóbrónach: gidheadh
dochífe mé arís sibh, agus doghéunaidh bhur gcroidhe gairdeachus, agus ní
bhéura éunduine bhur ngairdeachus uáibh.


L. En16:23


Agus annsa ló soin ní fhiáfróchtháoi éunní dhíomsa. Gu fírinneach,
fírinneach, adeirim ribh, giodhbé ar bioth neithe iárrfuidhe ar anathuir
a mainmsi, gu dtíubhra sé dháoibh hé.


L. En16:24


Gu nuige so níor iárrabhair ní ar bioth a mainmsi: iárruidh, agus
doghéubhtháoi, dochum gu mbiádh bhur ngairdeachus lán.


L. En16:25


Do labhuir mé na neithesi ribh a mbríathruibh dorcha: tiocfuidh
anaimseár, ann nach laibheóra mé ribh a mbríathruibh dorcha, achd
laibhéoruidh mé ribh gu follus a dtimcheall anathar.


L. En16:26


Annsa ló sin iárrfuidhe a mainmsi, agus ní abruim ribh, gu nguidhfhe
mé an tathair ar bhur son.


L. En16:27


Oír atá grádh ag anathair féin dáoibh, ar son gur ghrádhuigheabhuirsi
mheisi, agus gur chreideabhuir gurab ó Dhía thaínig mé.


L. En16:28


Taínig mé amach ónathuir, agus taínig mé dochum an tsáoghail: fágbhuim
an sáoghal arís, agus téighim dhochum anathar.


L. En16:29


Adubhradar a dhisgiobail ris; féch, anois labhrus tú gu soiléir,
agus ní labhrann tú cosamhlachd ar bioth.


L. En16:30


Anois aithneamáoid gu bhfhuil fios na nuile neitheann agad, agus nach
righeann tú a leas duine ar bioth do chur cheasda ort: as so chreidmáoid,
gurab ó Dhía thaínig tú.


L. En16:31


Do fhreaguir Iósa iád; an gcreidtí anois?


L. En16:32


Féuch, tiocfuidh anaimsior, agus taínig sí cheana, ana
sgarfuidhear gach áon díbh ó a chéile, gach uile dhuine dha ionad féin,
agus fúigfidhe mheisi am áonar: gidheadh ní fhuilim am áonar, oír atá an
tathuir am fhochuir.


L. En16:33


Do labhuir mé na neithesi ribh, dochum gu mbeith síodhchaín aguibh
ionnumsa. Doghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd biódh dóchus maith
aguibh; do bhuadhaigh meisi ar an sáoghal.


L. En17



L. En17:1


Do labhuir Iósa na neithesi, agus ag tógbháil a shúl dochum neimhe dhó,
adubhairt sé, a athair taínig an uáir, tabhuir glóir dhod mhac féin,
dochum gu dtíubhradh do mhac gloír dhuit mar an gcédna.


L. En17:2


Fá mar thug tú cumhachda dhósan ós cionn gach uile fhéola, dochum
gu dtiobhradh se an bheatha mharrthanach, dá gach uile neach dha dtug tú
dhó.


L. En17:3


Agus as sí so an bheatha mharrthanach, gu mbeath a fhios aca tusa
amháin do bheith: ad Dhía fhírinneach agus an té dho chuir tú uáit
Iósa Críosd.


L. En17:4


Tug meisi glóir duitsi ar an dtalumh: do chríochnuigh mé an obair thug
tú damh ré a dénamh:


L. En17:5


Agus tabhairsi a athuir anois gloír dhamhsa, ad dfhochair féin,
maille ris an ngloír dhobhí agum ad tfhochair sul do chruthuigheadh an
sáoghal.


L. En17:6


Do fhoillsigh mé thainm dhona dáoinibh thug tú dhamh as an
sáoghal: dobudh leatsa iád, agus thug tú dhamhsa iád, agus do
choimhédadar do bhriathar.


L. En17:7


Anois do aithnigheadar gurab uáitsi atáid na huile neithe, dhá dtug
tú dhamhsa.


L. En17:8


Oír tug meisi dhóibh na bríathra thug tusa dhámhsa: agus do ghabhadar chuca
iád, agus do aithnigheadar gu deimhin gurab uáitsi thainig meisi, agus
do chreadeadar gurab tusa dho chuir uáit mhé.


L. En17:9


Atáimsi ag guidhe ar a son: ní ar son an tsáoghuil doním guidhe,
achd ar son na muinntire tug tusa dhamh, oír is leatsa iád.


L. En17:10


Agus as leatsa na huile neithe is leamsa, agus as leamsa na
neithe as leatsa: agus atáim ar mo ghlóiriughadh ionntasa.


L. En17:11


Agus ní fhuilim ó so amach ar an sáoghal, gidheadh atáid so sa tsaoghal,
agus atáimsi ag teachd chugadsa. A athuir náomhtha, coimhéid léd thainm
féin an mhuinntear tug tú dhamhsa, dochum gu mbeidís ina naon, fá mar
atámáoidne.


L. En17:12


An feadh dhobhí meisi na bhfharradh sa tsaoghal, do choimhéd mé
iád ad tainmsi: do choimhéd mé an mhuinntear tug tusa dhamh, agus
ní dheachuidh áonduine aca amugha, achd an mac damanta úd: dochum gu
gcoimhlíonfuidhe an sgriobtúir.


L. En17:13


Achd atáim anois ag teachd chugadsa, agus labhruim na neithesi ar an
sáoghal, dochum gu mbiádhmo ghairdeachas iomlán ionntasan.


L. En17:14


Tug mé do bhríatharsa dhóibh agus do fhúathuigh an sáoghal iád, ar
son nách don tsáoghal iád, mar nách fuilimsi dhon tsáoghal.


L. En17:15


Ní fhuilim ag iarruidh ambeirrthe dhuit as an sáoghal, achd gu
gcoimhéda tú ar olc iád.


L. En17:16


Ní don tsáoghal iád, mar nách don tsáoghal mheisi.


L. En17:17


Beannaigh iád léd tfírinne: as hí do bhríatharsa an fhírinne.


L. En17:18


Ar an gcor ar ar chuir tusa mheisi dochum an tsáoghail, is mar sin
do chuir meisi iádsan dochum an tsáoghail.


L. En17:19


Agus is ar a sonsannáomhaimsi mhé féin, dochum gu mbéidísean mar an
gcédna arna náomhadh sa bhfhírinne.


L. En17:20


Ní ar a sonsan amháin doním guidhe, achd mar an gcéudna ar son na
ndáoine chreidfios ionnam, tré na mbreithirsean:


L. En17:21


Dochum gu mbéidís uile ná náon, mar atá tusa a athuir ionnamsa, agus
meisi ionnadsa: dochum gu mbéidision mar an gcédna na naon
ionnuinne: dochum gu gcreidfeadh an sáoghal, gurab tusa dho chuir uáit mhé.


L. En17:22


Agus tug meisi dhóibhsean an ghloír thug tusa dhámhsa: dochum gu
mbeidís na naon, fá mar atámáoidne ar naon.


L. En17:23


Meisi ionntasan, agus tusa ionnamsa, dochum gu mbeidís gu diongmhála
ina naon, agus dochum gu mbiádh a fhios ag an sáoghal gurab tú do chuir
uait mhé, agus gur ghradhuidh tú iádsan, mar dho ghradhuigh tú mheisi.


L. En17:24


A athuir, is áil leam an dream úd tug tú dhámh, do bheith am
fhochair mar a bhfhuilim: dochum gu bhfhaicfidís mo ghloír, noch thug
tusa dhamh, oír do ghradhuigh tú mhé sul do cruthuigheadh an domhan.


L. En17:25


O a athuir chomhthruim, níor aithin an sáoghal tusa, achd do aithin meisi
thú, agus do aithnigheadar so gurab tusa do chuir uáit mhé.


L. En17:26


Agus do fhoillsigh mé thainmsi dhóibh, agus foillséochaidh mé
dhóibh hé, dochum gu mbeith an grádh lér ghrádhuigh tusa meisi
ionntasan, agus gu mbeínnsi ionnta.


L. En18



L. En18:1


An tan adubhairt iósa na neithesi, dochuáidh sé féin maille ré na
dhisgioblaibh tar sruth Chédrón, mar a raibhe garrdha, an a
ndeachuidh seision, agus a dhisgiobail.


L. En18:2


Agus dobhí fios na haíte sin ag Iudás fós, noch dho bhraith eisean;
oir do chruinnigheadh Iósa agus a dhisgiobail a gceann a chéile gu meinic
sanáitsin.


L. En18:3


Uime sin anuáir fuáir Iudás buidhean, agus oifigidh ó na
hardshagurtuibh, agus ó na fpairisínibh, taínig sé dhon ionadh sin
lé lainndéuruibh agus lé toírsidhibh, agus lé harmuibh.


L. En18:4


Annsin arna aithne Dhíosa na huile neithe dho theigéumhadh dho
féin, ar ndul amach dhó na gceannsan adubhairt sé riú; cía atátháoisi
dhiárruidh?


L. En18:5


Do fhreagrádar hé; Iósa Nasardha. Adubhairt Iósa riú, as meisi hé.
Agus dobhí Iudás, noch dho bhraith hé, na sheasamh na bhfhochuir.


L. En18:6


Annsin mar is táosga adubhairt sé riú, is meisi hé; dochuádar ar a
gcúl, agus do thuiteadar ar an dtalumh.


L. En18:7


Uime sin do fhiáfruigh sé dhíobh arís; cía atá ar iárruidh agaibh? Agus
adubhradarsan, Iósa Nasardha.


L. En18:8


Do fhreaguir Iósa, do innis mé dháoibh gur mheisi é. Ar anadhbharsin
más meisi iárrtháoi, léigidh dhóibh so imtheachd.


L. En18:9


Dochum gu gcoimhliónfuidhe an bhríathar adubhairt seisean, nír léig
mé éunnduine amugha dhá dtug tú dhamh.


L. En18:10


Annsin do tharruing Simón Peadar, aga raibhe cloidheamh, amach hé
agus do bhúail sé óglach an árdshaguirt, agus do ghearr sé a chluás
deas de. Agus as hé dhobainm dhon óglách Malcus.


L. En18:11


Uime sin adubhairt Iósa ré Peadar, cuir do chloidheamh ana
thrúaill:an né nach íobha meisi an cupán tug mhathuir dhamh?


L. En18:12


Annsin rugadar an córughadh, agus an caiptéin, agus oifigidh na
Níuduidheadh ar Iósa, agus do cheangladar hé.


L. En18:13


Agus rugadar a bhfiádhnuisi Annas ar tús hé: (oír dobé athuir
chéile Chaipháis hé, noch dhob árdshagart an bhliadhain sin:)


L. En18:14


Agus dobé an Caiphas sin tug comhairle dhona Hiudaidhibh, gur
tharbhach éunduine amháin dfhagháil bháis ar son an phobail.


L. En18:15


Agus do lean Simón Peadar, agus disgiobal eile Iósa. Agus dob
aithnidh dhon ardshagurt an disgiobal sin: ar anadhbharsoin dochuáidh sé
asdteach lé Hiósa gu cúirt an árdshaguirt.


L. En18:16


Achd do sheasaimh Peadar ag an dorus leath amuigh. Ar anadhbhar
soin dochuáidh an disgiobal eile sin, noch dhob aithnidh dhon
ardshagart, agus do labhuir sé ris an gcalín dobhí ambun an doruis,
agus tug sé Peadar asdteach.


L. En18:17


Annsin adubhairt an cailín dobhí a mbun an doruis ré Peadar; nach do
dhisgiobluibh an fhirsi thusa leis? adubhairt seision, ní díobh meisi.


L. En18:18


Agus dobhadar na searbhfhoghantaidhe agus na hoifigidh na seasamh ag
an dteinidh, oír dobhí an aimsear fuár, agus dobhádar dhá ngoradh féin.
Agus do sheasaimh Peadar mar an gcéudna dha ghoradh na measg.


L. En18:19


Annsin do chuir an tardshagurt ceisd ar Iósa adtáobh a dheisgiobal
agus a theaguisg.


L. En18:20


Do fhreaguir Iosa hé; do labhair meisi ós aird ris an sáoghal: do
theagaisg mé dho ghnáth annsa tsínagoig, agus annsa teampoll, mar a
gcruinnigheid na Híudaighe uile a gceann a chéile, agus nír labhair mé
ní ar bioth a bhfholach:


L. En18:21


Créud fá bhfhiáfruigheann tú dhíomsa? fiáfruigh dhon mhuinntir
dhochuáluidh créd adubhairt mé riú: féuch, atá a fhíos aca so créd
adubhairt mé.


L. En18:22


Agus an tan adubhairt sé na neithisi, do bhuáil óglách dhona
máoruibh dhobhí na shesamh dho láthuir, buille dho shlait ar Iósa,
aga rádh; an mar sin fhreagrus tú an tardshagurt?


L. En18:23


Do fhreaguir Iósa hé; más olc adubhairt mé, déna fínné an
uilc: achd más a mhaith, créd fá mbuaileann tú mhé?


L. En18:24


Ar anadhbharsin do chuir Annas ceanguilti dochum Caipháis
anairdshaguirt hé.


L. En18:25


Agus dobhí Simón Peadar na sheasamh agus dá ghoradh fhéin: uime
sinadubhradarsan ris, nách dhá dhisgiobluibh súd thusa leis? do
shén seisean agus adubhairt sé; ní díobh meisi.


L. En18:26


Adubhairt fear dho mhuinntir anardshaguirt, brathair don té agár
ghearr Peadar a chluás; nách facaidh mé thú annsa ghárrdha na
fhochuir súd?


L. En18:27


Ansin do shén Peadar arís; agusar an mball do ghoir an coileach.


L. En18:28


Na dhiáigh sin beirid siád Iósa leo ó Chaiphás gu teagh na Cúirte,
agus dobudh maidean ann: agus ní dheachadar féin don chúirt asdeach,
dochum nách truáillfídhe iád, achd gu bhfhéudfaidís uán na Cásg dhithe.


L. En18:29


Ar anadhbharsin dochuáidh Piláit amach chucasan, agus adubhairt
sé, créd hí an choir chuirthi ar anduinesi?


L. En18:30


Do fhreagradarsan, agus adubhradar ris; mun bhudh fhear
droichghníomharthadh dho dhéunamh hé, ní thiobhramáoisne chugadsa hé.


L. En18:31


Annsin adubhairt Piláit riúsan; beiridhsi féin libh hé, agus beiridh
breath na aghuidh do réir bhur ndlighidh féin. Uime sin adubhradar na
Híuduidhi ris; ní dleisdeanach dhúinne duine ar bioth do chur dochum báis:


L. En18:32


Dochum gu gcoimhliónfuidhe an bhríathar adubhairt Iósa, ag
taisbéunadh créd hí an ghné bháis doghéubhadh sé.


L. En18:33


Ar anadhbharsin do imthigh Pilát arís don chuírt, agus do
ghoir sé Iósa, agus adubhairt sé ris; an tusa rí na Níudaidheadh?


L. En18:34


Do fhreaguir Iósa hé; an uáit féin adeir tú sin, nó nar inneasasdar
dáoine eile dhuit hé am thimcheallsa?


L. En18:35


Do fhreaguir Pilát, an don chineadh Iúdaidhe mheisi? do chineadh
féin agus na hardshagairt tug chugamsa thú. Créd dorinne tú?


L. En18:36


Do fhreaguir Iósa, ní don tsáoghalsa mo rióghachdsa: dá
madh don tsáoghalsa mo ríoghachd, gan chunntabhairt doghéunduis mo
mhuinntear cathughadh dochum nach tiobhartháoi do na Híuduidhibh mhé:
gidheadh ní as so mo rioghachdsa.


L. En18:37


Ar anadhbharsin adubhairt Pilát ris; maseadh an rí thú? do
fhreaguir Iósa, adeir tusa gurab rí mé. Is chuige so rugadh mhé, agus is
chuige thainig mé ar an sáoghal, dochum gu ndingenuinn fínné dhon fhírinne:
gach uile dhuine ata ar tháobh na fírinne, éisdidh sé mo ghuthsa.


L. En18:38


Adubhairt Pílát ris; cidh is fírinne ann? agus an tan adubhairt
sé so, dochuáidh sé amach arís dochum na Níudaidheadh, agus adubhairt sé
riú, ní fhaghuimsi adhbhar ar bioth air.


L. En18:39


Achd atá gnáth aguibhsi, gu sgáoilfinnduine éigin dáoibh gacha
Cásg: ar anadhbharsin an áill libh gu sgáoilinnsi chugaibh an rí úd na
Níudaidheadh?


L. En18:40


Annsin do thógbhadarsan uile gáir arís, aga rádh; ní heisean
iarrmáoid, achd Barabbás, agus dobadh meirrleach an Barabás so.


L. En19



L. En19:1


Ar anadhbharsin do ghlac Pilát Iósa annsin, agus do ghabh sé
do sgíursadhuibh air.


L. En19:2


Agus ar bhfhighe choróine spíne dho na soighdíuiribh, do chuireadar ar a
cheann hí, agus do chuireadar brat purpair uime.


L. En19:3


Agus adubhradar, gu mbeannuighe Día dhuit a rí na Níudaidheadh.
Agus do ghabhadar air lé sgiursadhaibh.


L. En19:4


Annsin dochuáidh Pilát amach arís, agus adubhairt sé riú; féuch,
atáim dha thabhairt so amach chugaibh, dochum gu mbíadh a fhios aguibh,
nach faghuim coir ar bioth air.


L. En19:5


Uime sin taínig Iósa amach, agus coróin spíne air, agus an brat
purpair uime. Agus adubhairt Pilát riú, féuch an duine.


L. En19:6


Ar anadhbharsin an tan dochunncadar na hardshaguirt agus a
muinntear hé, do thogbhadar gáir, agá rádh; croch, croch hé. Adubhairt
Pilát ríu, glacuidh féin, agus crochuidh hé. oír ní fhaghuimsi coir
air.


L. En19:7


Do fhreagradar na Híuduidhe hé, atá dligheadh aguinne, agus
ios cóir eisean do chur dhochum báis do réir na ndlighidhne, ar son
gu ndearna sé mac Dé dhe féin.


L. En19:8


Ar anadhbharsin an tan dochuálaidh Pilát an glórsa, dobadh
móide a eagla hé.


L. En19:9


Agus dochuáidh sé dhon chúirt arís, agus adubhairt sé ré Hiósa, gá
as duitsi? achd ní thug Iósa freagra air.


L. En19:10


Uime sin adubhairt Pilát ris, an né nach tabhuir tú freagra oramsa?
nach fuil a fhios agad gu bhfhuil cumhachda agumsa do chrochadh, agus gu
bhfhuil cumhachda agum do léigean fá sgáoil?


L. En19:11


Do fhreaguir Iósa; ní bhiádh cumhachda ar bioth agud oramsa, achd muna
tugtháoi duit ó neamh hé; ar anadhbharsin as móide peacadh an té
dothug meisi dhuit.


L. En19:12


Uáidh sin suás dobadh mián lé Pilát a leigean fá sgáoil: achd do
thógbhadar na Híudaidhe na gáirthe, agá rádh, má leigeann tú an fearso as, ní
cara do Chesar thú. Oír giodhbé ar bioth dhoní rí dhe féin, labhruidh
sé a naghuidh Chesair.


L. En19:13


Ar anadhbharsin an tan dochuáluidh Pilát na bríathrasa, tug sé
Iósa amach, agus do shuidh sé sa chatháoir bhreitheamhnuis, sanaít
dárab ainm a ngreig Lithostrotos eadhón an paiment, agus
a neabhra Gabatha.


L. En19:14


Agus dobé ullmhughadh na Cásg hé, agus a dtimcheall an seiseadh
huáir: agus adubhairt seisean ris na Híudaidhibh, féuchuidh bhur rí.


L. En19:15


Achd do eighmheadarsan; beir uáinn, beir uainn, croch hé. Adubhairt
Pilát riú, an gcrochfa meisi bhur righse? do fhreagradar ná
hardshagairt, ní fhuil rí aguinn achd Césair.


L. En19:16


Ar anadhbharsin tug sé dhóibh hé annsin dochum a chrochda. Agus
do ghlacadarsan Iósa, agus rugadar léo hé.


L. En19:17


Agus ag iomchar a chroiche dhó, dochuáidh sé amach don aít dá
ngoirthear aít an chloiginn dárab ainm a neabhra Golgotá:


L. En19:18


An ar chrochadar hé, agus diás eile na fhochair, duine ar gach dtaobh
dhe, agus Iósa ana lár.


L. En19:19


Agus do sgriobh Pilát tiodal mar an gcéudna, agus do chuir sé ós cionn na
croiche hé, agus as é dhobhí sgriobhtha ann. IOSA NASARDHA RI NA
NIUDAIDHEADH.


L. En19:20


Uime sin do léughudar mórán do na Híuduidhibh an tiodal so: do bhriogh
gu raibhe anaít inar crochadh Iósa gu gar dhon chathruigh: agus dobhí
sé sgriobhtha an eabhra, a ngréig, agus a laidin.


L. En19:21


Ar anadhbharsin adubhradar ardshaguirt na Níudaidheadh ré
Pilát, na sgríobh, rí na Níudúidheadh: achd gu ndubhairt sé féin,
as meisi Rí na Níuduidheadh.


L. En19:22


Do fhreaguir Pilát, giodhbé ní dho sgriobh mé, do sgriobh mé hé.


L. En19:23


Na dhiágh sin anuair dho chrochadar na saighdíuirí Iósa, do
ghlacadar a éudaighe (agus dorinneadar cheithri cotanna dhióbh,
cuid dá gach soighdíuir) agus a chóta mar an gcédna. Agus dobhí
an cóta gan fhuáighéul ann, arna fhighe siós ar fad.


L. En19:24


Ar anadhbharsin adubhradar ré chéile; ná gearram hé, achd dénam
crannchar ciá agá mbiá sé. Dochum gu gcoimhliónfuidhe an sgriobtúir,
adubhairt, do roinneadar mhéadaighe eatorra, agus do theilgeadar
crannchar ar mo chóta. Is ar anadhbharsin dorinneadar na soighdíurí
na neithesi.


L. En19:25


Agus dobhí a mháthair na seasamh a naice chroiche Iósa, agus
deirbhshiur a mhathar, Muire bean Cleopha, agus Muire Mhagdalén.


L. En19:26


Agus an tan dochunnaic Iósa a mháthuir, agus an disgiobal dob
ionmhuin leis do láthair, adubhairt sé ré na mháthair; a bhean,
féuch do mhac.


L. En19:27


Na dhiáigh sin adubhairt sé ris an disgiobal; féuch do mháthuir.
Agus uáidh sin suás, rug an disgiobal chuige féin dá thigh hí.


L. En19:28


Tar a éisi sin arna aithni Dhiósa gu raibhe gach uile ní arna
chríochnughadh, dochum gu gcoimhlíonfuidhe an sgriobtúir, adubhairt sé;
atá tart oram.


L. En19:29


Agus dobhí soitheach lán dfínégra dho láthair. Agus ar
líonadh spuing do mhineigre dhóibh, agus arna chur a dtimcheall
Isoipi, do shíneadar dochum a bheoil hí.


L. En19:30


Annsin ar ngabháil an fhínégra Dhiósa, adubhairt sé; atá sé
arna chríochnughadh: agus ar gcláonadh achinn, tug sé a spiorad uáidh.


L. En19:31


Annsin na Hiudaighe dochum nách anfaidís na cuirp annsa chroich
sa tsabboit, do bhríogh gu raibh ullmhughadh na Cásg ann, oír
dobadh mór an lálá na sabbóiti sin, diárradar ar Philát a
luirgne dho bhriseadh agus a dtabhuirt anuas.


L. En19:32


Uime sin tangadar na soighdiuirí: agus do bhriseadar luirgne an
chéd duine, agus an dara duine, do crochadh a bhfhochuir Iósa.


L. En19:33


Achd an tan tangadar dhochum Iósa, agus dochunncadar gu raibhe sé
cheana ar bhfhagháil bháis, nír bhriseadar a luirgne:


L. En19:34


Achd do tholl áon dona soidíuiribh a tháobh lé ga, agus ar an mball
taínig fuil agus uisge as.


L. En19:35


Agus an té dochunnaic sin, doní sé fíadhnuisi, agus as
fírinneach a fhiádhnuisi: agus atá a fhios aige gurab fíor na neithe adeir
sé dochum gu gcreidfeadh sibhsi.


L. En19:36


Oír dhorinneadh na neithesi, dochum gu gcoimhlíonfuidhe an
sgriobtúir noch adeir: ní brisfidhear éun chnaimh dhá chnámhuibh.


L. En19:37


Agus arís adeir sgriobtuir eile, dochífid siad an té agár
tholladar a tháobh.


L. En19:38


Agus tar éis na neitheadhso, do iárr Íoséph on Arimathea
noch dhobhí na dhisgiobal ag Iósa, gidheadh gu foluightheach ar
eagla na Níuduidheadh ar Philat, corp Iósa do leagadh siós:
agus tug Pilát an cead sin do. Taínig seisean annsin agus
rug sé leis corp Iósa.


L. En19:39


Agus mar an gcéudna taínig Nicodémus noch thaínic dochum
Iósa sanoidhche ar tús agus tug sé a dtimcheall chéud punt do mhiorr
agus do alóes arna gcumusg trí na chéile, leis.


L. En19:40


Annsin do thógbhadarsan corp Iósa, agus do cheangladar a linédach
hé maille ré spísradhuibh deaghbhaluidh, fá mar as gnáth leis na Híudaidhibh
adhlacadh dho dhéunamh.


L. En19:41


Agus dobhí gárrdha annsanaít inar crochadh hé, agus dobhí tumba
núa annsa gharrdha ionnar cuireadh duine riamh.


L. En19:42


Ar anadhbharsin tré ullmhughadh Chásg na Niuduidheadh, do bhriogh
gu raibhe an tumba soin a ngar dhóibh, do chuireadar Iósa ann.


L. En20



L. En20:1


Agus an céd lá dhon tseachdmhuin taínig Muire Mhagdaléun ar maduin
annsa dorchadas dochum an tumba, agus dochunnaic sí an leac arna
togbhail ón tumba.


L. En20:2


Uime sin do rioth sí, agus taínig sí mar a raibhe Simón Peadar, agus
an disgiobal eile, noch dhob ionmhuin lé Hiósa, agus adubhairt sí riú,
rugadar an tighearna léo as andtumba, agus ní fhuil a fhios aguinn gá
haít ar chuireadar hé.


L. En20:3


Ar anadhbharsin dochuáidh Peadar agus an deisgiobal eile sin amach,
agus tangadar dhochum an tumba.


L. En20:4


Agus do ritheadar aráon a naoínfheachd: achd dobudh luaithe do rioth an
disgiobal eile iná Peadar, agus taínig sé ar tús dochum an tumba.


L. En20:5


Agus ar gcromadh asdeach dhó, dochunnaic sé an línédach na luidhe:
gidheadh ní dheachuidh sé asdteach.


L. En20:6


Annsin taínig Simón Peadar na dheaghaidhsean, agus dochuaidh sé
asdeach sa tumba, agus dochunnaic sé an línéudach na luidhe:


L. En20:7


Agus an línédach dobhí má cheann, ní a bhfhochair an línédaigh
eile, achd arna fhilleadh ar a chéile a naít ar leith leis féin.


L. En20:8


Annsin dochuáidh an disgiobal eile asdeach mar an gcéudna, noch
thaínig ar tús dochum an tumba, agus dochunnaic sé sin, agus do chreid
sé.


L. En20:9


Oír ní raibhe fios an sgriobtúra fós aca, adeir gurbhéigean eision
deiséirghe ó mharbhaibh.


L. En20:10


Ar anadhbharsin do fhilleadar na disgiobail dochum a gcuideachdan féin.


L. En20:11


Achd do sheas Muire ag an tumba amuigh, a gul. Agus ag gul di, do
chróm sí asdeach annsa tumba.


L. En20:12


Agus dochunnaic sí dhá aingeal na suidhe a gculaidhibh glégheala,
fear aga cheann, agus fear aga chosaibh, sanaít ina raibhe corp Iósa
na luidhe:


L. En20:13


Agus adubhradar riá; a bhean creud fá a nguileann tú? adubhairt
sise riú, do bhriogh gu rugadar mo thighearna léo, agus nách fios damh ca
háit inar chuireadar hé.


L. En20:14


Agus an tan adubhairt sí so, do fhill sí ar a hais, agus dochunnaic
sí Iósa na sheasamh, agus nior aithin sí gurab hé Iósa dobhí ann.


L. En20:15


Adubhairt Iósa riá, a bhean, créud fá a nguileann tú? ciá atá tú
dhiárraigh? arna sháoilsin dise gurab hé an gárrghadhoir dobhí ann,
adubhairt sí ris, a thighearna, má rug tusa leat hé, innis damhsa gá
haít inar chuir tú hé, agus béuruidh meisi leam é.


L. En20:16


Adubhairt Iósa riá, a Mhuire. Ar niompódh dhise adubhairt sí
ris, Rabbóni, ionnan ré a rádh agus a mhaighisdir.


L. En20:17


Adubhairt Íosa ría, ná bean rium: oír ní dheachaidh mé fós suas
dochum mathar: achd imhigh romhad dochum mo dhearbhraithreach, agus
abair riú, gu bhfhuilim ag dul suás dhochum mhathar, agus dochum bhur
natharsa, dochum mo Dhé, agus bhur Ndíasa.


L. En20:18


Taínig Muire Mhagdalén da innisin dona disgioblaibh, gu bhfacaidh
sí an tighearna, agus gu ndubhairt sé na neithese riá.


L. En20:19


Agus ar dteachd dheiridh an láoi an lá sin féin, ar mbeith dó na
chéud lá don tseachdmhuin, agus ar mbeith dho dhoírrsibh na haíte dunta
mar a rabhadar na disgiobail ar gcruinniughadh a bhfhochuir a chéile
deagla na Níuduigheadh, taínig Iósa, agus do sheas sé na lár, agus
adubhairt sé riú, sichaín maille ribh.


L. En20:20


Agus arna rádh so dhó, do thaisbéin sé a lamha agus a thaobh dhóibh.
Uime sin dobhí gairdeachus arna disgiobluibh an tan dochunncadar an
tighearna.


L. En20:21


Uime sin adubhairt Iósa riú arís, sichaín maille ribh:
fá mar dho chuir an tathuir meisi uáidh, ios mar sin chuirimsi
sibhse mar an gcéudna.


L. En20:22


Agus an tan adubhairt sé so, do leig sé fogháoth fútha,
agus adubhairt sé riú, gabhuidh an spiorad náomh.


L. En20:23


Gidhbé dhá maithfidhe sibh a bpeacaidh, ataíd siad maithmheach aca:
agus giodhbé peacaidh choingébhtháoi, ataíd siád congaibhthe.


L. En20:24


Achd ní raibhe Tomás, ré a raítear Didimus, áon don dá fhear dhéug na
bhfochair, anuair taínig Iósa.


L. En20:25


Ar anadhbharsin adubhradar na disgiobail eile ris, dochunncamairne
an tighearna. Agus adubhairt seision riú, muna fhaice meisi lorg na
dtairrngeadh ana lámhuibh, agus muna gcuire mé mo mhéur a náit na
dtairngeadh, agus muna chuire mé mo lámh ina tháobh, ní chreidfe mé sin.


L. En20:26


Agus a gcionn ochd lá na dheaghaidh sin, dobhádar a dhisgiobail arís
astigh, agus Tomas na bhfochair. Taínig Iósa ar mbeith dona
doírrsibh dúnta, agus do sheas sé ana lár, agus adubhairt sé, sicháín
maille ribh.


L. En20:27


Na dhiáigh sin adubhairt sé ré Tomás, cuir do mhéur annso, agus
féuch mo lámha, agus tabhair do lamh leat agus cuir ann mo thaobh hí,
agus na bí neamhchreidmheach, achd creidmheach.


L. En20:28


Agus do fhreagair Tomás agus adubhairt sé ris, ios tú mo
thighearna, agus mo Dhía.




L. En20:29


Adubhairt Iósa ris, ar son gu bhfacaidh tú mé a Thomáis do chreid
tú: as beannaighthe na dáoine nách facaidh, agus do chreid.


L. En20:30


Agus dorinne Iósa mórán do mhíorbhuilibh eile a bhfíadhnuisi a
dhisgiobal féin, nách fuil sgriobhtha sa leabhar so.


L. En20:31


Achd ataíd so sgríobhtha, dochum gu gcreidfeadh sibh, gurab é
Iósa Críosd mac Dé: agus dochum ar gcreideadh dhíbh, gu bhfhuighbheadh
sibh beatha tré na ainmsion.


L. En21



L. En21:1


Na dhiáigh so do thaisbén Iósa hé féin arís dá dhisgiobluibh, ag
fairrge Thibérias. Agus as mar so do thaisbén sé hé féin.


L. En21:2


Dobhí Simón Peadar, agus Tomás da ngoirthear Didimus, agus
Nathánael ó Chaná na Gailile, agus clann mhac Shebedéi, agus
diás eile dhá dhisgiobluibh, a bhfochair a chéile.


L. En21:3


Adubhairt Simón Peadar riú, ataím ag dul diásgaireachd.
Adubhradarsan ris, rachmáoidne leat mar an gcéudna. Do imthigheadar
rómpa, agus dochuádar ar a mball a luing: agus niór ghabhadar ní ar bioth
anoidhche sin.


L. En21:4


Agus anuáir taínig an mhaiduin, do sheas Iósa ar an dtraígh:
gidheadh niór aithnigheadar na disgiobail gurab hé Iósa dobhí ann.


L. En21:5


Ar anadhbharsin adubhairt Iósa riú, a chlann, an bhfuil biadh ar
bioth aguibh? do fhreagradarsan hé, ní fhuil.


L. En21:6


Agus adubhairt seision riú, theilgidh bhur lión ar an dtáobh ndeas don
luing, agus doghéubhtháoi. Uime sin do theilgeadar amach a lión, agus
niórbheidir léo ar ghléus ar bioth a thairruing asdteach lé hiomad éisg.


L. En21:7


Ar anadhbharsinadubhairt an disgiobal dobionmhuin le Hiósa,
adubhairt sé ré Peadar, asé an tighearna atá ann. Uime sin an tan
dochuálaidh Simón Peadar gurab hé an tighearna dhobhí ann, do chuir sé
éudach uime, óir dobhí sé nochduighthe agus do theilg sé hé féin sa
bhfairrge.


L. En21:8


Agus tangadar an chuid eile dona disgiobluibh a luing, oír
niórbhfada ó thír dobhádar, achd a dtimcheall dá chéud cubhfhad do
thairruing an lín éisg.


L. En21:9


Agus mar thangadar a dtír, dochunncadar gríosach dhearg, agus iásg
arna leathnughadh uirrthe, agus aran.


L. En21:10


Adubhairt Iósa riú, tabhraidh libh cuid don iásg do gabhabhair
anois.


L. En21:11


Dochuáidh Simón Peadar suás, agus do thairruing sé an liónn a
dtír, lán diásguibh móra, eadhón céud trí heisg dhéug agus da fhichid:
agus gé dhobhí anoiread sin ann, niór briseadh an lión.


L. En21:12


Adubhairt Iósa riú, taguidh, ithidh bhur ndínnéur. Agus niór lamh
aon dona disgiobluibh a fhiafruighe dhe, ciá thusa? do bhriogh gur
aithnigheadar gurab hé an tighearna é.


L. En21:13


Uime sin taínig Iósa, agus do ghlac sé arán, agus tug sé dhoibhsean
hé, agus iásg mar an gcéudna.


L. En21:14


As sé so anois an treas uáir do thaisbén Iósa hé féin da
dhisgiobluibh, tar éis a eiséirghe ó mharbhuibh.


L. En21:15


Annsin ar nithe a ndineír dhóibh, adubhairt Iósa ré Simón Peadar,
a Shimón mhic Ioná, an annsa leat mheisi, iná léo so?
Adubhairt seision ris, aseadh a thighearna, atá a fhios agudsa
gurab ionmhuin liom thú. Adubhairt seision ris, beathaidh mhuaín.


L. En21:16


Adubhairt Iósa ris arís an dara huáir; a Shimóin mhic Iona,
anionmhuin leat mheisi? adubhairt seision ris; as deimhin sin a
thighearna, atá a fhios agudsa gurab ionmhuin liom thú. Adubhairt
Iósa ris, beathuidh mo cháoirigh.


L. En21:17


Adubhairt sé ris an treas uáir, a Shimón mhic Ioná,
anionmhuin leat mheisi? do ghabh doilgheas Peadar, do bhríogh gu
ndubhairt sé ris an treas uáir, anionmhuin leat mheisi? agus adubhairt sé
ris, a thighearna, atá fios na nuile neithionn agad: atá a fhios agad gurab
ionmhuin leam thú. Adubhairt Iósa ris, beathaidh mocháoirigh.


L. En21:18


Gu fírinneach, fírinneach, adeirim riot, an tan dobhádhais níios oíge,
do chuirthea do chrios thort, agus do shiubhalta mar a dtugartha féin:
achd an tan bhiás tú arrsuidh, sinfe tú do lámha amach, agus cuirfe duine
eile do chrios thort, agus treoróchaidh sé thú sanionadh nach budh mián leat.


L. En21:19


Agus adubhairt sé so, dhá fhoillsiughadh créd hí an ghné bháis ré a
dtibhreadh sé gloír dho Dhiá. Agus an tan adubhairt sé so, adubhairt sé ris,
lean mheisi.


L. En21:20


Agus ar bhfilleadh dho Pheadar tar a ais, dochunnaic sé an disgiobal
dhobionmhuin lé Hiosa dha leanmhuin, noch fós do chláon a nuchd Iósa ar
a shuipér, agus adubhairt, a thighearna ciá bhraitheas tú?


L. En21:21


Ar anadhbharsin an tan dochunnaic Peadar eision, adubhairt sé
ré Hiósa, a thighearna, créd dodhena an fear so?


L. En21:22


Adubhairt Iosa ris, másí mo thoilse eision danmhuin gu
teacht damh, créud hé sin duitse? leansa misi.


L. En21:23


Uime sin dochuáidh an rádh so amach ameasg na ndearbhraithreach,
nach fuigheadh an disgiobal sin bás: gidheadh ní dhubhairt Iósa ris,
ní bhfhuighe sé bás: achd másí mo thoilse eision danmhuin gu teacht
damh, créd é dhuitsé hé?


L. En21:24


Asé an disgiobal so, doní fínné dona neithibh so, agus do sgriobh
na neithe se: agus atá a fhios aguinn gurab fíor a fhiádhnuisi.


L. En21:25


Agus ataíd mórán do neithibh eile noch dhorinne Iósa, agus da
mbeithdáois sgriobhtha a ndiáigh a chéile, así mo baramhail nách
coingéubhadh an domhan féin a sgriobhéochtháoi dho leabhruibh. Amén.


L. Gn



Gniomhartha na nEaspal Náomhtha


L. Gn1



L. Gn1:1


Dorinne mé an céudleabhar, a Theóphilus, a dtimcheall gach uile
neithe dhár thionnsgain Iósa do dhénamh, agus do theagasg,


L. Gn1:2


Gu soithe an lá iona rugadh suás é, ar dtabhairt aitheantadh do na
heasbaluibh, noch do thogh sé, trés an spioruid náomh.


L. Gn1:3


Agus dhár thaisbén sé é féin béo a ndiáigh a fpáisi, maille le mórán do
chomharthachuibh fírinneacha, ar feadh dhá fhichead lá dá fhoillsiughadh
féin dóibh, agus a teachd tar na neithibh do bhean ré rioghachd Dé.


L. Gn1:4


Agus ar mbeith a bhfhochair a dhisgiobal, do aithin sé dhíobh gan dul
as Iarusalém, achd fuireach lé gealladh a nathar, noch ar sé
dochualabhair uaimsi.


L. Gn1:5


Oír do bhaisd Eóin gu deimhin lé huisge, achd beithisi ar bhur
mbaisdeadh leis an spiorad náomh leath asdigh don bheagán laitheadhsa.


L. Gn1:6


Ar an adhbhar sin ar gcruinníughadh a gceann a chéile dhóibh,
do fhiáfruigheadar dhe aga rádh, a thighearna, an annsan aimsirsi aiséogas
tú an rióghachd DIosraél?


L. Gn1:7


Achd adubhairt seisean riú; ní bheanann ribhsi na haimsearacha naíd
na sésúir dhaithne, noch do chuir an tathair ina chumhachduibh féin.


L. Gn1:8


Achd gébtháoi subhaltuighe chugaibh ón spioruid náomh, thuirrleóngas
oruibh, agus beithi bhar bhfhiadhnuisibh dhamhsa a nIarusalém,
agus annsan Íudéa uile, agus a Samária, agus gu soithe leithimeall
na talmhan.


L. Gn1:9


Agus an tan adubhairt sé na neithesi, do tógbhadh suás é, agus
iádsan dá fhéchain: agus rug néll as a namharc hé.


L. Gn1:10


Agus an feadh dobhádar ag féchuin go gér dochum neimhe, agus eisean ag
imtheachd; féuch, do sheasadar diás fear anédach gheal láimh riú:


L. Gn1:11


Noch adubhairt fos, a mhuinntear Galilé, créd fá seasaimhthisi ag
féchuin, dochum neimhe? An tIosaso atá arna thogbháil uáibh dochum
neimhe, is amhluidh thiocfas sé, mar dochunncabhair é ag imtheachd ar
neamh.


L. Gn1:12


Annsin do filleadar gu hIárusalém ón tsliábh ré a nabarthar
slíabh na nOluidheadh, noch atá laímh lé hIárusalém aisdear
shaboide.


L. Gn1:13


Agus an tan dochuádar asdeach, dochuádar suás a seomra uáchdarach, mar
ar an Peadar, agus Sémus, agus Eóin, agus Andreas, Philip agus
Tomás, Bartolomeus, agus Matthe, Sémus mhac Alphéi, agus
Simón Selótes, agus Iudás dearbhrathair Shémuis.


L. Gn1:14


Do chomhnuidheadar so uile lé héntoil amháin a núrnuighe, agus a
nguidhe maille ris na mnaibh, agus lé Muire mathair Iósa, agus léna
bhráithreachuibh.


L. Gn1:15


Agus annsna laithibhsin ar néirghe do Fpeadar a lár na ndisgiobal
adubhairt se, (ar mbeith don uimhir nanmann dobhí ar an láthair sin a
dtimcheall chéd agus fiche)


L. Gn1:16


A dháoine agus a bhráithreacha, dob éigin an sgrioptúrso a choimhliónadh,
noch ar ar labhair an spiorad náomh roimhe so tré bhéul Dabhí, a dtimcheall
Iudáis, noch dhobhí na éolach ag an muintir do chuir lámha a nIósa:


L. Gn1:17


Oír dobhí sé arna chomháireamh inar measgne, agus fuáir sé cuid don
minisdralachdso.


L. Gn1:18


Uime sin do sholáthair an fearso fearann lé lúaigheachd egcora: agus
arna thilgean féin siós do a ndiáigh a chinn, do bhris sé ann a lár, agus do
sginneadar a inne uile amach.


L. Gn1:19


Agus fuaradar aitreabhuigh Iarusalém uile aithne air so, a gcruth go
ngoirthear don fhearannsin an a dteanguidhsion, Aceldáma, adhon fearann
na fola.


L. Gn1:20


Oír atá sgríobhtha a leabhar na salm; bioth a aít chomhnuidhe na
fhasach, agus na haítreabhadh duine ar bioth innte. Agus glacadh neach
eilé a oifig.


L. Gn1:21


Ar an adhbharsin is éigean duine don mhuinntirsi dobhí már áon rinne
ar feadh na haimsire uile ana dtaínig an tighearna asdeach agus
amach inar measg.


L. Gn1:22


(Ag tosughadh ó bhaisdeadh Eóin gu soithe an lá ana rugadh suas uáinn
é,) do bheith arna ordughadh inar bhfhochairne na fhiádhnuisi ar
eiséirgesean.


L. Gn1:23


Agus do orduigheadar diás, Ióseph dhá ngoirthí Barrabas, noch
ohar chomhainm Iustus, agus Matthías,


L. Gn1:24


Agus ag dénamh urnuighthe dhóibh adubhradar; as tusa a thighearna,
aithnidheas croidhthe na nuile dháoine, foillsigh ciá don díasa dho thogh
tú:


L. Gn1:25


Do ghlacadh ionuid na minisdrálachda so agus na heabsdaltachda, ó a
ndeachuidh Iúdas ar seachrán, dochum dhula dhó ina ionadh féin.


L. Gn1:26


Annsin do theilgeadhar a gcrannchar, agus do thuit an crannchar ar
Mhatthías, agus do toghadh é gu háontadhach a bhfhochair anéineasbal
dég.


L. Gn2



L. Gn2:1


Agus an tan thaínig lá na Cingcíse dobhádar uile dháontoil ar
áonbhall.


L. Gn2:2


Agus thaínig torann ó neamh gu hobann, mar dothiocfadh séideadh do
ghaoíth roaintréin, agus do líon si an teach uile mar a rabhadarsan na
suidhe.


L. Gn2:3


Agus do foillsigheadh dhóibh teangtha sgoiltidhghe mar theine, noch do
shuidh air gach áon dióbh.


L. Gn2:4


Agus dobhádar uile arna liónadh don spioraid náomh, agus do thosuigheadar
labhairt lé teangthuibh eile, do réir mar thug an spiorad dóibh labhairt.


L. Gn2:5


Agus dobhádar na gcomhnuidh a nIarusalém Iúduidhe, dáoine
diágha dá gach uile cheinél dá bhfhuil fá neamh.


L. Gn2:6


Agus ar ndul don tásgso amach, do chruinnigh an coimhthionol a gceann
a chéile, agus dobhádar buáidheartha, do bhrígh gu gcualuidh gach áon aca
iadsan ag labhairt ann a dteanguidh féin.


L. Gn2:7


Agus do ghabh adhuathmhuireachd, agus iongantas iád uile, dhá rádh ré
céile, féuch, an é nach Galileánuigh an mhuinntear iule noch labhras?


L. Gn2:8


Agus cionnas dochluin sinne gach duine aguinne iád ag labhairt
na theanguidh féin ina rugadh sinn?


L. Gn2:9


Parti, agus Médi, agus Elamíti, agus na dáoine aítigheas a
Mesopotámia, agus a nÍudéa, agus a gCappadócia, a bPontus,
agus annsan Ásia.


L. Gn2:10


A bhFrígia, agus a bPamphília, annsan Égipt, agus a ranntuibh
Líbia noch atá timcheall Chiréne, agus coigcrióchtha na Rómha, agus
Iúduidhe, agus Proseliti,


L. Gn2:11


Luchd Chréta agus Arábia, dochluinmíd iád ag labhairt ann ar
dtengthuibh féin oibreacha iongantacha Dé.


L. Gn2:12


Agus do ghabh adhuáthmhuireachd agus amharas iád uile, ag rádh, an fear ré
a chéile; créd is ciáll dó so?


L. Gn2:13


Agus adubhradar dáoine eile ag fonomhad, atáid an muinntearsa lán
dfhión mhilis.


L. Gn2:14


Achd ar seasamh do Fpheadar a bhfhochair an aóin easbuil dég, do
ardaigh sé a ghuth, agus do labhair sé ríu, ag rádha a fpobal Iúdaidhe,
agus a luchd áitighthe Iarusalém uile, bíoth a dheimhin so agaibh, agus
éisdigh rém bhríathruibh.


L. Gn2:15


Oír ní fhuilid na dáoinesi mar mhestaóise ar meisge, an tan nach fuil
sé achd an treas uair don ló:


L. Gn2:16


Achd asé so an ní adubhradh trésan bhfáidh Ióel,


L. Gn2:17


Agus biáidh ann sna laithibh déigheancha (adeir Diá,) dóirtfidh mé
dom spiorad féin air gach uile fheóil: agus doghéunuid bhar gclann
mhac, inghean fáidheadoíreachd, agus dochífid bhur nógánaigh taibhrighthe,
agus bhur seandáoine aislingthe.


L. Gn2:18


Agus fós dóirtfidh mé dom spioruid féin ar mo shearbhfhoghantuidhib
fear agus ban annsna laithibhsin, agus dodhéanuid faídheadoireachd.


L. Gn2:19


Agus foillséochuidh mé iongantuis ar neamh thuas, agus comharthadha
an an dtalamh thiós, fuil, agus teine, agus gal deathuighe.


L. Gn2:20


Iomptheóchar an ghrían a ndorchadas, agus an ghealach a bhfhuil, ní
bhus táosga ina thiocfás an lá mór deallruightheach sin an tighearna.


L. Gn2:21


Agus tiocfuidh dochum críche, gidhbé ghuidhfeas ainm an tigherna,
slaineochthair é.


L. Gn2:22


Eisdigh na bríathrasa a chlann Israél; Iósa Nasárrgha, duine
dearbhtha ó Dhía eadruibhsi maille lé cumhachduibh agus lé miórbhailibh,
agus le comharthadhuibh noch dorinne Diá maille risean in bhar measgsa, fá
mar is aithnid dháoibh féin,


L. Gn2:23


Ar an bhfhearso adeirim rugabhair lé lámhuibh dháoine gcoirbthe,
agus arna chésadh do mharbhabhair, arna thabhairt dháoibh do chomhairle
dhiongmhálta agus do reimhfhéchuin Dé.


L. Gn2:24


Noch do thóguibh Diá suás ar sgáoileadh dhoilghis an bhaís, ar an adhbhar
narbhéídir don bhás a chungmháil.


L. Gn2:25


Oír adeir Dáibhi na thimcheallsan, dochunnaic mé an tighearna
am fhíadhnuisi do ghnáth: oír atá sé ar mo laímh dheis, dochum nach
corróchthaoi mé.


L. Gn2:26


Ar a shon so dobhí mo croidhe gu subhach, agus dorinne mo theanga
luáthghair: agus na cheann sin suáimhneóchuidh mfeóil a ndóchas:


L. Gn2:27


Ar an adhbhar nach fuigfe tú mhanam san uáigh, agus ní fhuileónga
tú do dhuine naomhtha féin dhfaicsin truáillidhthe.


L. Gn2:28


Do fhoillsigh tú dhamhsa slighthe na beathadh, liónfuidh tú mé dho
gháirdechus léd ghnúis féin.


L. Gn2:29


A fhiora agus a bhráithreacha, is ceaduidhtheach damhsa labhairt gu dána
ribh a dtimcheall an Phatriárca Dábhí, go bhfhuil sé ar bhfhaghbháil
bháis, agus arna adhlacadh, agus atá a thumba eadruinne gus an lá aniú.


L. Gn2:30


Ar an adhbharsin ar mbeith na fháidh dhó, agus ar mbeith a
fheasa aige go dtug Diá moíd maille lé mionnuibh dhó, gu dtoígebhadh sé
Críosd suás do shíol a leasruighsion do réir na féola, agus gu
suidhéochadh sé ana chatháoirsean é:


L. Gn2:31


Arna fhaicsin dhó roimhe, do labhair sé a dtimcheall eiséirghe
Chríosd, nách fuigfithí a anam san uáigh, agus nách faicfeadh a cholann
truáilleadh.


L. Gn2:32


Do thógaibh Diá an tIosaso suás noch aga bhfhuilimidne uile nar
bhfhiádhnuisibh do.


L. Gn2:33


Ar an adhbharsin arna bhreith suás lé laímh dheis Dé, agus ar bhfhadhail
an spiorada náoimh do réir gheallamhna an athar, do dhóirt sé amach an nísi
dochíthísi anois, agus dochluintí.


L. Gn2:34


Oír ní dheachuidh Daví gu neamh suás: gidheadh adeir sé; adubhairt an
tighearna rém thighearnasa, suidh ar mo láimh dheis,


L. Gn2:35


Nó gu gcuire mé do námhaid na sdól fád chosuibh.


L. Gn2:36


Uime sin bith a fhios go dearbhtha ag teagh Iosraél uile, go ndearnuidh
Diá tighearna agus Críosd don Iosasa do chrochabhairsi.


L. Gn2:37


Agus arna chloinsin so dhóibh, do goineadh ana gcroidhe iád, agus
adubhradar ré Peadar agus ris an gcuid eile do na heasbaluibh; a fhiora,
agus a bhráithreacha, créud do dhéunam?


L. Gn2:38


Agus do fhreagair Peadar dóibh, dénuidh aithrighe, agus baisdear gach
áonduine agaibh anainm Iósa Críosd, dochum maitheamhnuis na bpeacadh,
agus gébhthaoi chugaibh tiodhlacadh a spioruid náoimh.


L. Gn2:39


Oír is dáoibhsi dorinneadh an gealladh, agus dá bhar gcloinn, agus
dá gach nduine dá bhfuil a bhfad úaibh adhón giodhbé ar bioth dáoine
ghoirfeas ar dtighearna Dia.


L. Gn2:40


Agus do ghuidh sé, agus do theaguisg sé iád ré morán eile do
bhríathruibh, ag rádha, coimhéduidh sibh féin ón drochgheinealachsa.


L. Gn2:41


Annsin na dáoine do ghabh chuca a bhriáthra go toileamhail, do baisdeadh
iád. Agas do cuireadh leis an eagluis an lá soin a dtimcheall thrí mhíle
anam.


L. Gn2:42


Agus do chomhnuideadar a dteagasg na neasbal, agus ina gcomhluádar a
mbriseadh aráin, agus anurnuidhthibh.


L. Gn2:43


Agus do ghabh eagla gach uile anam: agus dorinneadh mórán do
mhíorbhuilibh agus do chomharthuibh leis na heasbaluibh.


L. Gn2:44


Agus na huile dháoine do chreid dobhádar a bhfochair a chéile, agus
dobhádar na huile neithe coitcheann aca:


L. Gn2:45


Agus do reacadar a bhfhineachas agus a máoin, agus do roinneadar íad ar
gach áon fá leith do réir a riáchdanuis.


L. Gn2:46


Agus ag anmhuin gach láoi maille ré héntoil ann sa teampoll, agus ag
briseadh araín ó thigh go tigh, do chaithdís biádh maille lé gairdeachas,
agus lé neamhúirchoid chroidhe:


L. Gn2:47


Ag moladh Dé, agus ág fagháil cheána ón fpobal uile: agus do chuir an
tighearna leis aneagluis gach láoi, an dream do slainéochtháoi.


L. Gn3



L. Gn3:1


Agus dochúaidh Peadar agus Eóin an áoineachd suás don teampoll,
anám urrnuighthe, a dtimcheall a náomhadh huáir.


L. Gn3:2


Agus do hiomchradh duine dháirighe dobhí na mhartíneach ó
bhruinn a mharthar: noch dho chuirdís gach láoi ag dorus an teampuil, ré a
raítear an dorus sglamhgha, dochum déirce dhiárruidh ar a ndruing
dothéigheadh asdeach dhon teampoll.


L. Gn3:3


An tan dochunnaic an fear so Peadar agus Eóin ar tí dul asdteach
dhon teampoll, do iárr sé déirc dathchuinge órrtha.


L. Gn3:4


Agus ar bhféuchain gu géur do Pheadar air maille lé hEóin, adubhairt
sé; féuch oruinne.


L. Gn3:5


Agus tug seision aire dhóibh, a ndóchus neithe éigin dhfághail úatha.


L. Gn3:6


Achd adubhairt Peadar; ní fhuil airgead na ór agamsa: achd an ní
atá agum dobheirim dhuitse hé: an ainm Iósa Críosd Nasárrgha,
éiridh, agus siubhail.


L. Gn3:7


Agus ar mbreith air a láimh dheis dó, do thóguibh sé suás hé: Agus ar an
mball do neartuigheadh mugharlaín agus bonnaidheach a chos.


L. Gn3:8


Agus do léim sé suás, do sheas, agus do shiubhail sé; agus dochuáidh
sé riú asdteach don teampoll, ag siubhal, agus ag léimnidh, agus ag moladh
Dé.


L. Gn3:9


Agus dochunnaic an pobal uile hé, ag siubhal, agus ag moladh Dé.


L. Gn3:10


Agus do aithneadar hé, gurab é dobhíodh ag iárruidh dérca na
shuidhe ag geata sgiámhgha an teampuill: agus do liónadh iád do
chriothnughadh, agus daghuáthmhaireachd, fá a ní sin thárla dhó.


L. Gn3:11


Agus an feadh dho chunnaimh an mairtíneach úd dobhí arna slánughadh,
Peadar agus Eóin do rioth an pogal uile chuca ag iongantus, don phóirse dá
ngoirthear póirse Sholaimh.


L. Gn3:12


Agus arna fhaicsin sin do Pheadar do fhreagair sé an pobal, ag
rádha a fheara Israél, créd fá bhfuil iongnadh aguibh annso? nó créd fá
bhfuiltí ag siórfhéchuin oruinne, fá mar dhothiocfadh dhínn dár
gcumhachdaibh pféin nó dhár ndiághachd, a thabhairt fá deara dhon tíre
siubhal.


L. Gn3:13


Dia Abrahám, agus Isáac, agus Iacob, Diá ar naithreachne, do
ghlóiriughadh sé a mhac féin Iósa, noch do bhraitheabhairsé, agus do
shénneabhair a bhfiádhnuise Philát, an tan rug sé do bhreith a léigean
sgáoil.


L. Gn3:14


Achd do shéuneabhairse an neach náomhtha fírénda, agus do iárrabhair
dathchuinghe a neach dúnmharthach do thiodhlacadh dhíbh:


L. Gn3:15


Achd do mharbhabhairse úghdar na beatha, noch do dhúisigh Diá ó
mharbhaibh, agá bhfuilmidne nar bhfiádhnuisibh.


L. Gn3:16


Agus tré chreideamh a anmasan, do neartaidh a ainmsean an tíre dochíthí
agus aitheantáoi: agus an creideamh atá dhá tháobhsan, tug sé dhó so an
tiomlánadhsa ion bhur bhfiádhnuisibhse uile.


L. Gn3:17


Agus anois, a dhearbhraithreacha, atá a fhios agum gurob tré ainbhfios
dorinneabhair na neithe so, fá mar dorinneadar bhur nuáchdaraín mar
an gcédna.


L. Gn3:18


Achd is mar so do choimhlíon Diá na neithe do fhoillsigh sé tré
bhéul a fhaídheadh uile, go bhfuileóngadh a Chríosd an phaís.


L. Gn3:19


Ar anadhbhar sin déuna aithrighe, agus fillidh, dochum gu
sgriosfuidhe bhur bpeacaidh, an uáir thiocfus aimear an fhuáraidh ó
fhiádhnuise an tighearna,


L. Gn3:20


Agus chuirfeas sé chugaibh Iósa Críosd noch dho seanmóruigheadh
dhíbh roimhe.


L. Gn3:21


Agár ob éigin do neamh a ghabháil, gu teachd daimsearachaibh
aiseagtha na nuile nitheann, noch dho labhair Diá tré bhéul a uile
fháidheadh náomhtha ó thús an domhain.


L. Gn3:22


Oír adubhairt Máoise ris na haithreachuibh; toigéubhaidh bhur
dtighearna Diá faídh suás díbh, dá bhur ndearbhraithreachaibh féin, mar
mheisi: éisdfidh sibh ris na huile neithibh laibheórus sé ribh.


L. Gn3:23


Agus tiocfuidh chum críche giodhbé neach nách éisdfidh ris an bhfáidhsin,
gu sgriosfuighthear hé as an bpobal.


L. Gn3:24


Agus do fhoillsigheadar na huile fháidhe mar an gcéudna, ó Shamuél,
agus ón druing dho lean hé ó shoin, an mhéid dho labhair dhióbh, na laithe
so.


L. Gn3:25


As sibhsi clann na bhfáidheadh, agus an chonnartha dorinne Día ré ar
naithreachaibh, ag rádh ré hAbrahám; agus ann do shiólsa bheanneóchthar
cineadhaidh na talmhan uile.


L. Gn3:26


As chuguibhse ar tús do chuir Diá a mhac féin Iósa, arna dhusachd ó
mharbhuibh, dá bhur mbeannughadh, agus do fhilleadh gach áoin aguibh ó bhur
nolcaibh.


L. Gn4



L. Gn4:1


Agus an feadh dobhádar ag labhairt ris an bpobal, tanagadar na
sagairt, agus uachdarán an tempoill, agus na Saducíni ortha:


L. Gn4:2


Arna ghahbáil chuca gu díbhfhirgeach, iádsan do bheith ag teagasg an
phobail, agus ag seanmórughadh anainm Iosa, a neiséirghe ó mharbhuibh.


L. Gn4:3


Agus do chuireadar lámha ionnta, agus do chuireadar a ngreamughadh iád,
gu dtáinic arna mhárach, oír dobhí sé fá anamsin déigheanach.


L. Gn4:4


Giodheadh fós do chuireadar mórán noch dhochuáluidh an bhríathar: agus
dobhí an uimhir dháoine a dtimcheall chúig míle.


L. Gn4:5


Agus tárrla arna mhárach, gur chruinnidheadar a nuachdaráin, agus a
sinnsir, agus a sgríobuidhe a bhfochair a chéile a NIarusalém:


L. Gn4:6


Agus Annas an tárdshagurt, agus Caiaphas, agus Eóin, agus
Ailixándar, agus an mhéid dobhíodh chinéul na nárdshagurt.


L. Gn4:7


Agus an tan do chuireadar ina meadhón íad, do fhiáfruigheadar; créud hé an
túghdarrás, nó an tainm as a ndearnabhair a ní so.


L. Gn4:8


An sin ar mbeith dho Pheadar an tan sin árna liónadh dhon spiorad náomh,
adubhairt sé riú, a luchd riághalta phobuil, agus a shinnseara
Israél,


L. Gn4:9


O atámuidne aniugh ar nar dtabhairt chum ceasda, a dtimcheall na
maitheasa dorinneamar dhon duine égruáidh cionnus do slánuigheadh é;


L. Gn4:10


Bíodh a fhios aguibh uile, agus ag pobal Israél uile, gurob tré ainm
Iósa Críosd Nasárrdha, noch dho chrochabhairse, noch dho dhúisigh Diá
ó mharbhuibh, gurob tríd sin adeirim sheasus an ferso slán ion bhur
bhfiadhnuisesi.


L. Gn4:11


Así so an chloch úd dobhí fá neimhchion aguibhse, a sháora; dá
ndearnadh cloch chinn na huilleann:


L. Gn4:12


Agus ní fhuil slánughadh a neach ar bioth eile. Oír ní fhuil ainm ar
bioth eile fá neamh arna thabhairt do na dáoinibh, lénab éidir sinne do
shlánughadh.


L. Gn4:13


Agus an tan tugadar dhá naire dánachd Pheadair agus Eóin, agus gur
thuigeadar a mbeith na ndáoinibh gan fhoghluim, gan éolus, do ghabh
iongantus iád, agus do aithneadar gu rabhadar a bhfochair Iósa.


L. Gn4:14


Agus ar bhfaicsin anfhir dobhí arna shlánughadh, na sheasamh
na bhfochair, ní raibhe ní ar bioth aca ré rádh ina nadhuidh


L. Gn4:15


Achd arna fhógra dhóibh dul amach as an gcomhairle, do iomraidheadar
eatorra féin,


L. Gn4:16


Agá rádh, créud do dhéunm ris an muintirse? oír gu deimhin atá
comhargha foillsightheach aca arna dhénamh, agus is ní follus a gach áon
aítigheas a nIárusalem hé, agus ní féidir linne a shéna:


L. Gn4:17


Achd deagla leathnuighthe dhóní bhús faide ameasg an phobail,
toirmisgeam iád go bagrach fá labhairt feasda ó so amach, ré neach ar
bioth sanainmse.


L. Gn4:18


Agus arna ngaírm dhóibh, do aithneadar dhióbh, gan labhairt a gcás ar
bioth, agus gan teagusg do dhéunamh anainm Iósa.


L. Gn4:19


Achd ar bhfreagra dho Pheadar agus dEóin, adubhradar riú,
beirid féin breith an córa a bhfiádhnuise Dé, sibhsi dheisdheachd ina Día.


L. Gn4:20


Oír ní héidir linne, gan na neithe dochuálamar, agus dochunncamar
dho labhairt.


L. Gn4:21


Agus ar ndénamh bagair dhóibhsean, do léigeadar uátha iád, mar nách
fuaradar slighe ar bioth chum pionuís do thabhairt doíbh, ar son an
phobail: oír tugadar uile gloír do Dhiá, ar son a neithe dorinneadh ann.


L. Gn4:22


Oír dobhí an tí ar a ndearnadh an comharrgha slaínte úd, ós cionn dá
fhichead bliadhan dáois.


L. Gn4:23


Agus arna ligean fá sgáoil, tangadar dochum a gcompánach, agus do
fhoillsigheadar dhóibh gidhbé ar bioth neithe adubhradar na hardshaguirt
agus na sinnsir riú.


L. Gn4:24


Agus arna chlos so dhóibhsen, do thógbhadar suás a nguth gu
háontadhách dochum Dé, agus adubhradar; a thighearna, is tusa an Día
dorinne neamh, agus talamh, an fhaírrge, agus na huile neithe ataíd
ionnta:


L. Gn4:25


Noch adubhairt sa spioruid náomh tré bhéul Dabhí do
shearbhfhoghantuighe fein; créud fár liónadar na cineadhuigh a bhfeirg, agus
fár smuaíneadar na puibleacha neithe dímháoineacha?


L. Gn4:26


Do sheasadar ríghthe na talmhan, agus do chruinnigheadar na huachdaráin
a bhfochair a chéile, anadhuigh an tighearna, agus anadhaigh a
Chríosd.


L. Gn4:27


Oír do chruinnigheadar gan chonntabhairt a bhfochair a chéile sa
chathraighse, Ioruaidh, agus Poinnsius Pilát, maille ris na cinedhaibh,
agus ré puibleachaibh Israél, anaghaidh do mhic náomhtha Iósa, noch dho
óng tú,


L. Gn4:28


Dochum dénta gach neithe dhár ordaigh do lámhsa, agus do chomhairle
roimh laimh dho chríochnughadh.


L. Gn4:29


Agus anois a thighearna, tabhair haire dá a mbagur, agus tabhair
dod shearbhfhoghantuidhe féin, do bhriáthar dho labhairt, maille ré gach
uile dhánachd,


L. Gn4:30


Ar sínedh dhuitse do laímhe amhach dochum leighis, agus comharthadh, agus
miórbhuileadh do dhénamh, tré ainm do mhic náomhtha féin Iósa.


L. Gn4:31


Agus ar ndéunamh urnuighthe dhóibh, dobhí an tionadh a rabhadar a
bhfochair a chéile ar crioth: agus do líonadh iád uile dhon spiorad náomh,
agus do labhradar briáthar Dhé maille ré dánachd.


L. Gn4:32


Agus dobhí áon chroidhe agus áon anum amhaín ag an druing úd dho chreid:
agus ní dhubhairt áoneach aca gu madh ris féin aón ní dhá raibhe ina sheilbh,
achd dobhádar na huile neithe comhchoitcheann aca.


L. Gn4:33


Agus tugadar na habsduil maille ré cumhachdaibh móra fíádhnuise eiséirghe
an tighearna Iósa uátha: agus dobhádar uile arna lionadh dho mhór ghrásaibh.


L. Gn4:34


Oír ní raibhe neach ar bioth eatorra ar a raibhe riachdanus; oír an mhéid
dobhí na sealbhaightheóiribh fearuinn, nó tightheadh, do reacdáois iad, agus
dobheirdís léo a lúach arna reic,


L. Gn4:35


Agus do chuirdís siós ag cosaibh na nabsdal hé: agus do ruinntí é ar gach
áon do réir a riáchdanuis.


L. Gn4:36


Agus Ioséubh dar ghoireadar na habsdail Barnabás (ionann sin ré a
rádh arna eidirmhíniughadh agus mac na comhfhurthachda) ar mbeith dó na
Lebhíte, agus do fhréimh na Sioprus,


L. Gn4:37


Ar mbeith fhearann aige, do reac sé hé, agus tug sé ris an tairgead,
agus do chuir síos hé ag cosaibh na nabsdal.


L. Gn5



L. Gn5:1


Agus do reac fear dháiridhthe darbhainm Ananías, maille réna
mhnáoi Sapphira, fearann dobhí ina sheilbh:


L. Gn5:2


Agus do chonnaimh aige gu folaightheach cuid do luách an fhearainn gu
bhfios dá mhnáoi, agus ar dtabhairt choda éigin ris, do chuir sé síos
hí ag cosaibh na nabsdal.


L. Gn5:3


Adubhairt Peadar, a Ananías, créd fár lión Satán do chroidhe dochum
bréige dho dhéunamh anadhaidh an spiorid náoimh, agus dochum coda éigin do
luách an fhearuinn do chonnmháil gu folaidhtheach?


L. Gn5:4


Ané nar leat féin hé dhá gcongaibhthea hé, agus an hé nach raibhe sé
ad chumhachdaibh féin, iár na reic? créd fár smuaín tú a ní so ad chroidhe?
ní lé dáoinibh dhorinne tú brég, achd ré Diá.


L. Gn5:5


Agus ar gcloinsin na mbriátharsa dhAnanías, do thuit sé siós, agus
dochuáidh a anum as: agus do-bhí eagla mhór ar nu huile dháoinibh
dhochuáluidh na neithe so.


L. Gn5:6


Agus ar néirghe dhona hógánaibh, rugadar dho leathtáoibh hé, agus arna
iomchor dhóibh dho adhlacadar hé.


L. Gn5:7


Agus tárrla a dtimcheall thrí núair na dhiáigh sin, gu dtaínig a
bhean asdteach, ar mbeith dhí ainbhfheasach sa ní dhorinneadh ann.


L. Gn5:8


Agus adubhairt Peadar riá, innis damh nar reacabhair an fearann ar
anoiread so? Agus adubhairt sise, dorinneamer ar anoiread sin.


L. Gn5:9


Annsin adubhairt Peadar riá a tan sin, créud fá a dtangabhair aráon
ré chéile, dochum cathaighthe do chur ar spioruid an tighearna? féch, ataíd
cosa na muinntire dho adhluic thfhear ag an dorus, agus béuruid siád thúsa
riú.


L. Gn5:10


Agus ar anúairsin féin do thuit sise agá chosaibh, agus dochuaidh
a spiorad eisde: agus ar dteachd asdteach dona hógánuibh, fuaradar marbh
hí, agus arna breith léo, do adhluiceadar hí anaice a fir.


L. Gn5:11


Agus dobhí eagla mhór air aneagluis uile, agus ar na huile dháoinibh
dochuáilaidh na neithe so.


L. Gn5:12


Agus donithí mórán do chomharthadhaibh, agus do mhíorbhalaibh, tré
lámhuibh na nabsdal, a measg an phobail, agus dobhídís uile gu háontadhach
a bpóirse Sholaimh.


L. Gn5:13


Achd don druing eile, niór lámh éuneach aca teachd ina ngar: gidheadh
do árduigheadh an pobal iad.


L. Gn5:14


Achd fós is moíde do mhéudaigh an uimhir dháoine dho chreid don tighearna,
eidir fhiora agus mhná.


L. Gn5:15


Ionnus gu niomchradáois amach fá na sráidibh na dáoine éugcruáidhe, agus
gu gcuirdaois ar leapthuibh iád, dochum ar dteachd do Pheadar gu
gcuirfeadh a sgáile amháin sgáile ar neach éigin dióbh.


L. Gn5:16


Agus dothigdís morán a gceann a chéile as na caithreachaibh fágcuáirt gu
hIárusalém, ag tabhairt easlán, agus dháoineadh buaidheartha ó spioradaibh
neamhghlana riú: noch dho slánuighthi uile.


L. Gn5:17


Achd ar néirge suás don nardshagurt, agus don luchd uile dhobhí ina
fhochair, (mar atá úrd na Saducíneach,) do liónadh dho thnúdh iád.


L. Gn5:18


Agus do chuireadar a lámha sna habsdalaibh, agus do chuireadar sa
bpríosún choitcheann iád.


L. Gn5:19


Achd do fhosgail aingeal an tigherna sanoídhche doírse an phriosuin,
agus arna dtreórughadh amach, adubhairt sé,


L. Gn5:20


Imthighidh romhaibh, agus ar seasamh sa dteampall dáoibh, labhruidh ris
an bpobal, na huile bhriáthra na beathasa.


L. Gn5:21


Agus arna chloinsin so dhóibhsean, dochúadar asdteach don teampall gu
moch ar maidin, agus do theaguisgeadar. Achd ar dteachd don ardshagurt, agus
don druing dobhí ina fhochair, do ghoireadar a gcomhairligh, agus sinnsir
chloinne Israél uile a gceann a chéile: agus do chuireadar teachda ar a
gceannsan chum an phriósúin.


L. Gn5:22


Agus ar dteachd dona hoifigeachaibh, ní bhfuáradar iádsan sa bpriosún:
agus ar bhfilleadh dhóibh do inniseadar sin,


L. Gn5:23


Ag rádh; fuáramar gu deimhin an príosún dúnta, comhdhaingean agus dobudh
féidir, an luchd coimhéuda na seasamh amuigh as comhair na ndoírrseadh:
achd ar nosgladh na ndoírrseadh dhúinn, ní bhfuáramar áonduine asdtigh.


L. Gn5:24


Agus ar gclos na mbríatharsa donardshagart, agus duachdarán an
teampuill, agus duachdarán an teampuill, agus don chuid eile
dhuachdaránaibh na sagurt, dobhí conntabhairt aca na dtimcheallsan,
créud dothiocfadh as so.


L. Gn5:25


Agus ar dteachd do neach dhárighthe dho fhoillsigh sé dhóibh, ag
rádh; féuch, na fir do chuireabhair a bpriósún, atáid siád na seasamh sa
dteampall, agus ag teagusg an phobail.


L. Gn5:26


Ar nímtheachd don chaiptín an tan sin, maille ris na hoifigibh, tug sé
leis iád, gan éigean ar bioth dho dhénamh ortha. (Oír dobhí eagla an
phobail ortha, gu gclochfadís iád.)


L. Gn5:27


Ar anadhbharsin tar éis a dtabhartha léo dhóibh, do chuireadar a
bhfiádhnuise na comhairle iád, agus do fhiáfruigh an tardshagart dióbh,


L. Gn5:28


Agá rádh, ané nar aithneamar gu ródhithcheallach dhíbh, gan teagusg do
dhéunamh sanainmse? agus féch, do liónabhair Iarusalém lé bhur dteagusg,
agus dobudh mián libh fuil an duinese do thairruing oruinne.


L. Gn5:29


Agus ar bhfreagra do Pheadar, agus do na habsdaluibh, adubhradar;
ios córa duínne umhla dho Dhía, iná dho dháoinibh.


L. Gn5:30


Do thóguibh Día ar naithreadhne Iósa súas, noch dho mharbhabhairse,
arna chrochadh a gcrann.


L. Gn5:31


Adeirim gur thógaibh Diá an tíre suás anairde maille réna laímh dheis
féin, ionnus gu mbeith sé na phriónnsa, agus na shlánaightheóir,
dochum aithrighe, agus maithmheachais na bpeacadh, dho thabhairt
DIsraél.


L. Gn5:32


Agus atámuidne inar bhfíadhnuisibh dhó, ar na neithibhse adeirmáoid:
agus mar an gcéudna an spiorad náomh, noch thug Diá dhon druing dobheir
umhlachd dó.


L. Gn5:33


Agus ar gclos na neitheadhsa dhóibhsean, dobhádar ag cognamh a
bhfiácal, ré reachd, agus dorinneadar dho chomhairle iadsan do
mharbhadh.


L. Gn5:34


Achd ar néirghe suás dhfairisíneach dháirighthe sa gcomhairle,
dárbhainm Gamáliel, doctúr dlighid, dobhí fá chion ag an bpobal uile, do
aithin sé na habsdail do chur amach ar feadh tamuill.


L. Gn5:35


Agus adubhairt sé riú; a fhiora Israél, tabhraidh bhur naire ribh
féin, créd dodhéuntáoi a dtáobh na muinntirese.


L. Gn5:36


Oír roimh anaimsirse, do éiridh Theudas suás, agá rádh; gumadh
neach éigin hé féin, dár adhar uimhir dháoine a dtimcheall cheithre gcéud:
noch dho marbhadh, agus an mhéid dho áontuigh dhó, do leathnuigheadar, agus
do cuireadh a neimbrígh iád.


L. Gn5:37


Tar éis an fhirse, do éirigh Iudás an Galileánach suás, a laithibh
an daorchíosa, agus do thairruing sé mórán don phobal chuige féin: agus do
sgriosadh an fearsa fós, agus do leathnuighedar an mhéid tug anáonta dhó.


L. Gn5:38


Agus adeirim ribh anois, seachnuidh sibh pféin ar an muinntirse, agus
léigidh dhóibh: oír más ó dháoinibh thig an chomhairlese, nó anobairse,
cuirfighthear a neimbrídh hí.


L. Gn5:39


Achd mas ó Dhiá thig sí, ní héidir libh a cur a neimbrídh: agus tabhruidh
bhur naire ribh nách fioghthí ion bhur luchd coguidh anadhaidh Dé sibh.


L. Gn5:40


Agus do áontuigheadar dhó: agus ar ngairm na nabsdal dóibh, agus ar
ngabháil orthadh, tugadar fógra dhóibh, gan labhairt anainm Iósa: agus do
léigeadar uátha iád.


L. Gn5:41


Ar anadhbharsin do imtigheadarsan go luathghaireach as amharc na
comhairle, do bhrídh gur measadh gurbhfiú iád easanóir do fhulang ar son
anma Iósa.


L. Gn5:42


Agus gach láoi sa teampall, agus ó theach gu theach, niór sgurreadar dho
bheith ag teagasg, agus ag seanmórughadh Iósa Críosd.


L. Gn6



L. Gn6:1


Agus an sna laithibhsin, ar méudughadh do na disgiobluibh, do éirigh
monmhur na nGréugacha anaghaidh na nÁbhruigheadh, do bhrígh
neimhcheana a mbaintreabhach sa miniosdrálachd láoitheamhuil.


L. Gn6:2


Uime sin ar ngairm iomuid do na disgiobluibh a gceann a chéile don dá
fhear dhéug, adubhradar: ní hiomchuibhghe dhúinne briathar Dé dhfagbháil
dochum na mbord do fhriotheólamh.


L. Gn6:3


Ar anadhbharsin a dhearbhraithreacha, féuchaidh amach ion bhur measg
féin, mórsheisear do dháoinibh deaghtheasda, lán don spioruid náoimh agus
deagna, noch budh curtha dhuinn a dtimcheall na hoibhreise.


L. Gn6:4


Agus bíadhmaidne go comhnuightheach anurnuighthe, agus a miniosdrálachd
na bréithre.


L. Gn6:5


Agus do áontuigheadar an comhluádar uile dhon rádh so, agus do thoghadar
Sdiómhna, fear lán do chreideamh, agus don spioruid náomh, agus
Philip, agus Próchorus, agus Nicánor, agus Timon, agus Parménas,
agus Nicolás, neach do cheanguil hé féin don neagluis, agus tainic ó
Ainntióchia.


L. Gn6:6


Noch do chuireadar a bhfiádhnuise na nabsdal, agus ar ndéunamh
urnuighthe dhóibhsean, do chuireadar a lámha órrtha.


L. Gn6:7


Agus do fhás briáthar Dhé, agus do mhéudaigh uimhir na ndisgiobal gu
romhór a nIarusalém, agus do umhluidh cuid mhór do na sagurtaibh don
chreideamh.


L. Gn6:8


Agus dorinne Stiomhna ar mbreith dhó lán do chreideamh, agus do
chumhachdaibh, miorbhuile agus comharthadha móra, a measg an phobail.


L. Gn6:9


Agus do éirgheadar suás dream dháirighe don tsinagóg, dárob ainm
Sionagóg na libeartínigh, agus na Cirénians, agus luchd Alexándria,
agus luchd Chilícia, agus na hAsia, ag diosbórachd lé Stiómhna.


L. Gn6:10


Achd niórbhféidir léo cur anadhaidh na heagna, agus na spioraide
tríd ar labhair sé.


L. Gn6:11


An sin tugadar asdteach dream dháirighthe noch adubhairt, dochuálamar féin
hé ag labhairt bhríathar nasanórach anadhaigh Mháoise, agus Dé.


L. Gn6:12


Agus do bhogadar an pobal, agus na sinnsir, agus na sgriobuidhe: agus
ag cur chuige rugadar air, agus rugadar léo dochum na comhairle hé.


L. Gn6:13


Agus do chuireadar amach fiádhnuiseadha bréugacha, noch adubhairt; ní
sguireann an fearso dá beith ag labhairt bhríathar nasanórach anaghaidh na
haíte náomhthasa, agus an reachda.


L. Gn6:14


Oír dochuálamar hé agá rádh, gu sgriosfaidh an tIósa Nasárrgha úd
anáitse, agus gu niompochaidh sé na hórduighthe tug Máoise dhúinne.


L. Gn6:15


Agus ar bhféuchain gu friochnamhach air don luchd uile dobhí na
suidhe sa gcomhairle, dochunncadar a adhaigh mar adhaigh aingil.


L. Gn7



L. Gn7:1


Adubhairt an tárdshagart, an tan sin, an bhfuilid na neithese mar
so?


L. Gn7:2


Agus adubhairt seision, a bhraithreacha, agus a aithreacha, éisdigh:
do fhoillsigh Día na gloíre hé féin dar nathair Abraham, an tan dobhí sé
sa Mésopotámia, sul do chomhnuidh sé a gCárran:


L. Gn7:3


Agus adubhairt sé ris; fáguibh do thír féin agus do chineadh, agus tárr
dhon tír fhoillséochas meisi dhuit.


L. Gn7:4


Do imthigh sé annsin as talamh na gCaldéans, agus do chomhnuigh sé a
gCarran. Agus as sin tar éis bháis a athar, do arthuigh sé hé don
talamhsa ina bhfuiltíse anois ion bhur gcomhnuidhe.


L. Gn7:5


Agus ní thug sé sealbh dhó ann, go fiú leithead troighthe, biódh gur gheall
sé a thabhairt na fhinfheachus do, agus dá shíol ina dheaghaidh, gé nách
raibhe an tan sin air.


L. Gn7:6


Achd do labhair Diá, mar so sis, biáidh do shiólsa ar sé na
neachdarchinéul a dtír choimhuighthe, mar a gcongéubhthar iád fá dháoirse,
agus fá leathtrom ceithre chéud bliádhan.


L. Gn7:7


Achd dodhéunaidh meisi breitheamhnus ar an gcineadh agá mbiáidh siád fá
dháoirse, do raidh Día: agus na dheaghaidh sin rachaid siád amach, agus
dodhéunuid siád seirbhís dámhsa sanionadhsa.


L. Gn7:8


Tug sé dhó mar an gcéadna connradh an timchillghearraidh, agus is mar sin
do ghin Abrahám Isác, agus do thimchillghearr sé hé an tochdmhadh lá:
agus do ghin Isac Iacob, agus do ghein Iacób an dá phatriárca
dhéug.


L. Gn7:9


Agus ar ngabháil thnúidh do na huasalaithreachaibh, do reacadar
Ioséph dhon Eigipt: agus dobhí Diá maille ris.


L. Gn7:10


Agus do réidhigh sé hé ónuile bhuáidhearthauibh, agus tug sé grása agus
eagna dhó a bhfíadhnuise Phárao Rí na hÉigipte, noch dhorinne uachdarán
de ar a nÉigipt, agus ar a theagh féin uile.


L. Gn7:11


Agus taínig gorta go tír na hÉigipte, agus Chánaan uile: ionnus nách
fuáradar ar naithreacha beatha.


L. Gn7:12


Agus arna chlos dIacób gu raibhe arbhar sanÉigipt, do chuir sé
ar naithreacha ar tús innte.


L. Gn7:13


Agus an dara húair do aithneadar a dhearbhraithreacha Ioséph, agus
do foillsigheadh do Pharao cineadh Ioséph.


L. Gn7:14


Agus ar gcur theachdaireachd uádha dho Ioséuph, co chuir sé teachd
ar Iacób a athair, agus ar a chineadh uile, eadhón cuíg phearsoa déug
agus trí fichid.


L. Gn7:15


Agus dochuáidh Iacób siós don Eigipt, agus fuáir sé féin agus
ar naithreacha bás,


L. Gn7:16


Agus do hathruigheadh iád gu Sícheim, agus do cuireadh iád
ann sa túmba noch do cheannaidh Abraham ar a luách airgid ó chloinn
Emmor, athair Shícheim.


L. Gn7:17


Agus ar ndrud aimsire na geallamhna tug Día DhAbrahám maille ré
mionnaibh riú, do fhás an pobal gu hiomaduíl san Éigipt,


L. Gn7:18


Nó gur éiridh rí eile suás, ag nach raibhe aithne air Ioséph aige.


L. Gn7:19


Ar ndéunamh gliocas don fhiorsa anadhaidh ar gcinighne, do chláoi
sé ar naithreacha, as gu dtug sé fá deara a a gclann do theilgean amach,
ionnus nach fasfadís.


L. Gn7:20


Fá anam sin rugadh Máoise, dobhí na mhacáomh róaluinn: agus do
hoileadh é feadh thrí miós a dteagh a athar.


L. Gn7:21


Agus ar mbeith dhó arna theilgean amach, do thógaibh inghean
Pharaó ria hé, agus do oil si hé mar mhac dhi féin.


L. Gn7:22


Agus dobhí Máoise foghlomtha anuile eagna na nÉgiptiánach: agus do
bhí sé cumhachdach a mbriáthruibh agus a ngniomharthuibh.


L. Gn7:23


Agus ar gcoimhlíonadh áimsire a dhá fhichead bliádhan dó, taínic ina
chroidhe dul dhféuchain a dhearbhráithreach féin, chloinne Israél:


L. Gn7:24


Agus ar bhfaicsin dhuine aca ag fulang eugcóra, do cháomain sé é, agus
ar mbuáladh anÉigiptaigh dhó, dorinne sé dioghaltas do tháobh an tí
ar a ndearnadh aneugcoír.


L. Gn7:25


Oír do mheas sé gu dtuigfedís a dhearbhráithreacha, gu dtiubhradh Diá
fuásgladh, tré na laímhsion dóibh: gidheadh niór thuigeadar sin.


L. Gn7:26


Agus an lá na dheaghaidh sin, ar mbeith dhóibh ag comhrag, do
thaisbéun sé hé féin dóibh, agus dobudh mián ris a ndéunaimh réidh re
chéile, agá rádh, a dháoine, as dearbhráithreacha da chéile sibh: créud as
a ndéunatáoi eugcóir ar a chéile?


L. Gn7:27


Achd do chuir an tí dhorinne eugcoír ar a chomhairsuin uáidh hé, aga
rádh, ciá dhorinne uachdarán agus breitheamh dhíodsa ós ar gcionne?


L. Gn7:28


An mián riot meisi do mharbhadh, fá mar do mharbh tú an tÉgiptach ané?


L. Gn7:29


Do theith Máoisi annsin ris an rádh so, agus dobhí sé na
dhéoraidh a dtalamh Mhádiam, sanionadh ina rugadh dhá mhac dhó.


L. Gn7:30


Agus ar gcrióchnughadh dhá fhichead bliádhan, do taibhreadh dhó, a
bhfásach shléibhe Shína aingeal an tighearna, a dteine lasargha a
ndroighean.


L. Gn7:31


Agus ar bhfaicsin an táibhse dho Mháoise, do ghabh iongnadh hé: agus
ar dteachd dó dhá bhreathnughadh, taínic guth an tighearna chuige, agá
rádh,


L. Gn7:32


As meisi Día haithreach, Día Abrahám, agus Día Isac, agus Día
Iacob: agus ar mbeith do Mháoise ar crioth, níor lámh sé aire dho
thabhairt dó.


L. Gn7:33


Achd adubhairt an tighearna ris, sgáoil do bhróga dhod chosaibh:
oír is talamh náomhtha an tionadh ina bhfuil tú ad sheasamh.


L. Gn7:34


Tug mé dhom aire gu friochnamach, amhghar mo phobail, noch atá
sanÉigipt, agus dochuálaidh mé anosnadhach, agus do thuirrling mé
dochum a bhfuásgalta: agus ar anadhbharsin tarra a leith, cuirfe me thusa
dhon Eigipt.


L. Gn7:35


An Máoise so dho dhiúltadar, aga rádh; ciá dhorinne uachdarán agus
breitheamh dhiótsa, do chuir Dia an tíre mar uachdarán agus mar fhear
sáortha, fá laímh anaingeal, dho taíbhreadh dhó sa droighean.


L. Gn7:36


Tug an tíre amach iád, ar ndéunamh míórbhaileadh agus comharthadh a
dtalamh na hÉigipte, agus anns a muir ruáidh, agus ann sa
bhfásach, dhá fhichead bliádhain.


L. Gn7:37


Asé so an Máoisi úd noch adubhairt ré cloinn Israel, toigéubhaidh
Día bhur dtighearna, fáidh súas dáoibh as meadhón bhur ndearbhraithreach, mar
mheisi: éisdfidh sibh ris.


L. Gn7:38


Asé so an tí dobhí sa gcoimhthionól ar an bhfásach, a bhfochair
anaingil dho labhair ris ar shliabh Shína, agus ré ar naithribhne, noch
dho ghlac mar an gcéudna briathra na beatha dochum a dtabhartha dhuínne.


L. Gn7:39


Dá nárbháill ré ar naithreibhne umhlachd do thabhairt, achd do
dhiultadar hé, agus do fhilleadar ina gcroidheadhaibh tar a nais don
Eigipt:


L. Gn7:40


Agá rádh ré hAarón, déunaidh dhuínn Dée, dorachadh romhuinn. Oír
ní fhuil a fhios aguinn créud do éirigh dhon Mháoisese noch do
threóraidh sinn as talamh na hÉigipte.


L. Gn7:41


Agus dorinneadar láogh annsna laithibhsin, agus do fhoraíleadar
iobhairt don íodhail, agus dorinneadar gáirdeachus as oibrighthibh a
lámh féin.


L. Gn7:42


Agus do fhill Día hé féin uátha, agus tug sé iád dochum seirbhíse
dho shluágh nimhe: do réir mar atá sgríobhtha a leabhar na bhfáidheadh, nar
fhorlaíleabhar dhámhsa, beathadhaigh mharbha, agus ióbartha ar feadh dhá
fhichead bliádhan ar an bhfásach, a theagh Israél?


L. Gn7:43


Achd do iomchrabhair pubuil Mholoch, agus réula bhur nDée féin
Rémphan, fióghracha noch dhorinneabhair, dochum umhla dho dhéunamh
dhóibh: ar anadhbharsin áthreócha mé sibh dhon táobh thall don
Bhabiloín.


L. Gn7:44


Dobhí tabernacel na fíadhnuise agá bhur naithribhne ar an bhfásach, do
réir mar dho aithin a neach dho labhair ré Máoisi a dhéunamh dho réir na
heisemplara dhochunnairc sé.


L. Gn7:45


Noch dho ghlacadar ar naithrene, agus tugadar léo maille ré hIósa
gu seilbh na gcineadhach, noch do theilg Día amach as amharc ar naithreach,
gu laithibh Dhábhi.


L. Gn7:46


Noch fuáir grása a bhfíadhnuise Dé, agus do shir tabernacel dhfagháil
do Dhía Iacób.


L. Gn7:47


Giodheadh asé Solamh dho thógaibh teach dhó.


L. Gn7:48


Achd fós ní na dteampluibh dhoibrighthibh lámh atá an tí as áirde
na chomhnuidhe, do réir mar adeir an fáidh:


L. Gn7:49


A sé neamh iós catháoir dhamh, agus an talamh iós sdól cos damh.
Créd hé an teach thoigéubhus sibh dhamh, adeir an tighearna: nó créud hé
mionad comhnuighe?


L. Gn7:50


Ané nách hí mo lámh dhorinne na neithesi uile?


L. Gn7:51


A dháoine cruáidhmhuineulacha, agus a dháoine neamhthimcheallghearrtha a
gcroidhe agus a gcluásaibh, atáthí ag seasamh riámh anaghaidh an spiorad
náoimh, amhuil dorinneadar bhur naithreacha, as mar an gcéudna
dhoníthíse.


L. Gn7:52


Cia dhona fáidhibh nár dhíbhreadar bhur naithreacha? Agus do mharbhadar
an dream dho fhoillsigh roimh laímh teachd anfioréin úd, aga rabhabhairse
anois bhur luchd churtha amach, agus ion bhur luchd dúnmharbhtha.


L. Gn7:53


As gur ghlacabhair an reachd tré mhiniosdrálachd na naingeal, agus
nár choimhéudabhair hé.


L. Gn7:54


Agus ar gclos na neitheadhsa dhóibhsion, do gonadh ina gcroidheadhuibh
iád, agus dobhádar ag cognamh a bhfíacal ré hacais.


L. Gn7:55


Achd ar mbeith dho Stiómhna lán don spiorad náoimh, agus ar bhféchain
dó gu friochnamhach ar neamh, dochunnairc sé gloír Dhé, agus Iósa na
sheasamh ar láimh dheis Dhé.


L. Gn7:56


Agus adubhairt sé; féuch, dochím neamh osguilte, agus mac an duine
na sheasam ar laímh dheis Dé.


L. Gn7:57


Do gháireadarsan annsin do ghuth mhór, agus do stopadar a gcluása, agus
do shaitheadar dhéuntoil airsion,


L. Gn7:58


Agus arna theilgean amach as an gcathraidh dhóibh, do ghabhadar dho
chlochaibh air: agus do chuireadar na fiadhnuisi anéuduighe siós ag cosaibh
ógánaidh dháirighthe darbhainm Saul.


L. Gn7:59


Agus dochlochadar Sdiómhna, dhobhí ag guidhe Dé, agus ag rádh; a
thighearna a Iósa gabh mo spiorad chugad.


L. Gn7:60


Agus arna léigean féin ar a ghlúinibh dhó, do éigh sé dho ghuth mhór
ag rádh, a thighearna na cuir an peacadhsa ina leith. Agus arna rádh so
dhó, do chodail sé.


L. Gn8



L. Gn8:1


Agus do áontuigh Saul dochum a bhasaighthe. Agus do éirigh sa ló sin
foileanmhuin mhór anaghaidh na heasgluise dobhí a nIárusalém:
agus dobhádar uile arna sgaradh feadh réigión thíre na hIudéa, agus
na Samária, achd amhaín na habsdail.


L. Gn8:2


Agus do thógbhadar dáoine dháirighthe ar a raibhe eagla Dé
Stiomhna riú, agus do cháoieadar gu mór ar a shon.


L. Gn8:3


Achd tug Saul cabóg na heagluise, ag dul asdteach ion gach uile
theagh: agus ag tarraing amach fhior agus bhan, dochum a gcurtha a
bpriosún.


L. Gn8:4


Uime sin an dream dobhí arna sgaradh, dochuádar feadh na tíre, ag
seanmhórughadh bhréithre Dé.


L. Gn8:5


Agus ar dteachd do Philip gu cathair na Samária, do sheanmóir sé
Críosd dhóibh.


L. Gn8:6


Agus tugadar an pobal gu háontadhach aire dho na neithibh do labhair
Philip, ag éisdeachd, agus ag féuchain na gcomharthadh dhorinne sé.


L. Gn8:7


Oír dochuádar spiorada neamhghlana amach as mórán ina rabhadar, ag
éimhghe do ghuth mhór: agus do slánuigheadh morán do luchd paileirise, agus
do bhacachaibh.


L. Gn8:8


Agus dobhí gairdeachus mór sa gcathraighsin.


L. Gn8:9


Agus dobhí roimhe sin sa gcathraigh, duine dháirighthe darbhainm
Síomón, dobhí na dhráoi, agus do mheall léna ghliocas pobal na
Samária, ag rádh, gur dhuine mór éigin hé féin.


L. Gn8:10


Dhá dtugadar uile a naire ón mbeag gus an mór, agá rádh; asé so
mórchumhachda Dé.


L. Gn8:11


Agus tugadar a naire dhó, do bhrígh gur mhéall sé iád aimsir fháda léna
dhráoieachd.


L. Gn8:12


Achd anúair do chreideadar do Philib ag soisgéulughadh na
neitheadh bheanus ré rioghachd Dé, agus ré hainm Iósa Críosd, do
ghabhadar baisdeadh chuca, eidir fhiora agus mhná.


L. Gn8:13


Agus do chreid Síomón féin mar an gcéudna: agus ar ngabháil baisdigh
chuige, do chomhnuigh sé a bhfochair Philib: agus ar bhfaicsin dó na
gcomharthadh agus na miorbhaileadh móra dobhí arna ndéunamh, do ghabh
adhuáthmhaireachd hé.


L. Gn8:14


Agus ar gclos dona habsdalaibh dobhí a nIárusalém, gur ghabh
Samária chuice breithir Noé, do chuireadar chuca Peadar agus
Eóin.


L. Gn8:15


Agus ar ndul siós dóibh, do ghuidheadar ar a son, dochum gu ngéubhdais
chuca an spiorad náomh.


L. Gn8:16


(Oír niór thuirrling sé fós ar éuneach aca, achd do ghabhahdar
baisdeadh chuca amhaín, anainm an tighearna Iósa.)


L. Gn8:17


Ina dhiáigh sin do chuireadar lámha ortha, agus do ghabhadar an spiorad
náomh chuca.


L. Gn8:18


Agus arna fhaicsin do Shíomón, gu raibhe an spiorad náomh arna
thabhairt, tré lámhuibh na nabsdal do chur ortha, do thairg se airgead dóibh.


L. Gn8:19


Agá rádh; tabhraidh dhamhsa mar an gcéudna na cumhachdasa, gu
bhfuighbhe giodhbé ar bioth neach ar a gcuirfe mé lámha, an spiorad náomh.


L. Gn8:20


Achd adubhairt Peadar ris, go dtéighe do chuid aírgid amugha maille
riot féin, do bhrídh gu measann tú gu bhfaghthar tiodhlacadh Dé ar airgead.


L. Gn8:21


Ní fhuil cuid ina cumann agud ann sa miniosdrálachdsa: oír ní
fhuil do chroidhe díreach a bhfiádhnuise Dé.


L. Gn8:22


Uime sin déuna aithrighe ar son anuilcse, agus iárr ar Dhía, más féidir
smuáineadh do chroidhe do mhaitheamh dhuit.


L. Gn8:23


Oír dochím gu bhfuil tú andómlus an tsearbhuis, agus andaingean na
heugcóra.


L. Gn8:24


Agus ar bhfreagra dho Shiomón adubhairt sé, guidhighse an tighearna
ar mo shon, gan ní ar bioth do na neithibhse adubhradar dho theagmháil
damh.


L. Gn8:25


Uime sin ar ndéunamh fíadhnuise dhóibhsion, agus ar labhairt bhréithre
Dé, do fhilleadar gu hIarusalém, agus do sheanmóraigheadar an soisgéul a
mórán do bhailtibh na Samáritanach.


L. Gn8:26


Agus do labhair aingeal an tighearna ré Philib, aga rádh; éiridh, agus
imthigh don táoibh theas, an tslighe siós ó Ierusalém gu Gása: noch
atá na fhásach.


L. Gn8:27


Agus ar néirghe dhósan, do imthigh sé roimhe: agus féuch, cailltéanach
dháirighthe ó Ethiópia, duine cumhachdach ré Canndáces bannrióghan na
hEithiópia, noch dhobhí ós cionn a hionnmhusa uile, taínic sé gu
hIarusalém dochum Dé dhonórughadh:


L. Gn8:28


Agus do fhill sé tar a ais, agus ag suidhe dhó ina charbad, do léigh sé
leabhar Esaias fáidh.


L. Gn8:29


Agus adubhairt an spiorad ré Pilib, druid a bhfogus, agas greamaidh
thú féin don charbad úd.


L. Gn8:30


Agus do rioth Philib, agus dochuálaidh sé hé, ag léughadh anfháidh
Esaías, agus adubhairt sé ris, an dtuigenn tú na neithe léigheas tú?


L. Gn8:31


Agus adubhairt seision, cionnus ios éidir lióm, muna raibhe éolach éigin
agum? agus do iárr sé ar Philib teachd aniós, agus suidhe ina fhochair.


L. Gn8:32


Agus asé so an ball don sgriobtúir dho léigh sé: do thróruigheadh
hé már cháoiridh dochum báis é: agus amhail uaín ina thochd a bhfíadhnuise
a fhir lomartha, is mar sin nár fhosgail sé a bhéul.


L. Gn8:33


Ina umhlachd dho harduigheadh a bhreitheamhnus: agus ciá fhoillseóchus a
sháoghal? Oír tógaibhthear don talamh a bheatha.


L. Gn8:34


Agus ar bhfreagra air don chailltéanach dho Philib, adubhairt sé
iárruim dhathchuinge ort, ciá ar a labhran an fáidh mar so? Anair
féin, nó ar neach éigin eile?


L. Gn8:35


Ar nosgladh a bhéil do Philib, agus ar dtósgnughadh ón sgriobtúrsa, do
sheanmoír sé Iósa dhó.


L. Gn8:36


Agus ar mbeith dhóibh ag imtheachd sa slighe, tangadar chum uisge
dháirighe: agus adubhairt an cailltéanach; féuch an tuisge: créud
thoirmisgeas mheise gan mo bhaisdeadh?


L. Gn8:37


Agus adubhairt Philib ris: má chreideann tú gu hiomlán ó chroidhe,
ios ní iondéunta sin. Ar bhfreagra dhósan annsin adubhairt sé, creidim
gurob hé Iósa Criosd mac Dé.


L. Gn8:38


Do aithin sé an carbad annsin do chonnmháil na chomhnuidhe: agus
dochuádar aráon siós sanuisge, Philib, agus an cailltéanach
anáoineachd, agus do bhaisd sé hé.


L. Gn8:39


Agus ar dteachd aniós as ánuisge dhóibh, do fhuádaigh spiorad an
tighearna Philib ria, agus ó shoin amach ní fhacaidh an cailltéanach hé:
agus do imthigh roimhe angairdeachus.


L. Gn8:40


Achd fríth Philib a nAsótus: agus ag dul tríd an dtír dhó,
dorinne sé an soisgéul do sheanmórughadh dona huile chathrachaibh,
gu teachd dó gu Cesárea.


L. Gn9



L. Gn9:1


Agus ar mbeith do Shaul fós ag séideadh bagair agus marbhtha
anaghaidh dhisgiobal an tighearna, dochuáidh sé dochum
anardshagairt.


L. Gn9:2


Agus do shír sé leitreacha air, gu Damascus dochum na sínagóg, dochum
dá bhfaghadh sé neach ar bioth, dhfior nó do mhnáoi dhon reachdsa, gu
dtíubhradh sé ris iád gu hIarusalém ceangailte.


L. Gn9:3


Agus ag imtheachd sa slighe dhó, tárrla dhó teachd a bhfogus do
Dhamascus: agus go hobann do dheallruidh soillse neimhe mar theinnteach
na thimcheall.


L. Gn9:4


Agus ar dtuitim dhó dochum na talmhan, dochualaidh sé guth agá rádh
ris; a Shauil, a Sháuil, créud fá a bhfuil tú ag foileanmhuin
orum?


L. Gn9:5


Agus adubhairt seision; ciá thú féin, a thighearna? Agus adubhairt
an tighearna, as mé Iósa, ar a bhfuil tusa ag dénamh foileanmhana.
Ios cruáidh dhuit bheith ag gabháil dod shálaibh anaghaidh
dhealg.


L. Gn9:6


Agus ar mbeith do Shául ar crioth agus lán dadhuáthmhaireachd, adubhairt
sé; a thighearna, créud, is áil leat do dhéunamh dhamh? agus adubhairt an
tighearna ris; éiridh, agus imthigh asdeach don chathruidh, agus foillseóchar
dhuit créud is cóir dhuit dhéunamh.


L. Gn9:7


Mar an gcédna an dream dho aisdrigh máráon ré Sául, do sheasadar gu
tochdach, ag éisdeachd ris a ghotha, achd gan amharc ar áoineach aca.


L. Gn9:8


Agus do éiridh Saul don talamh: agus ar nosgladh a shúl dó, ní
fhacaidh sé neach ar bioth: agus arna ghlacadh dhóibhsion ar láimh, do
threóraigheadar gu Damáscus hé.


L. Gn9:9


Agus dobhí sé trí laithe gan amharc ar bioth aige, agus niór ith, agus
niór ibh euní:


L. Gn9:10


Agus dobhí disgiobal dháirighthe a nDamáscus, darbhainm
Ananías, ré a ndubhairt an tighearna a dtáibhse, a Ananía. Agus
adubhairt seision; féuch, ataím annso a thighearna.


L. Gn9:11


Adubhairt an tighearna ris an tan sin; éiridh, agus imthigh don tsraid
darob ainm an tsráid dhíreach, agus iárr a dtigh Iudáis, an tí darob ainm
Saul ó Tharsus, oír tabhair húidh atá sé ag déunamh urnuighthe.


L. Gn9:12


(Agus dochonnairc sé a dtaibhse fear dháirighthe darbhainm
Ananías ag teachd asdteach chuige, agus a cur a láimhe air, dochum
gu hfuigheadh sé aiseag aradhairc.)


L. Gn9:13


Achd do fhreagair Ananías an tan sin, a thighearna, dochuálaidh mé ó
mhórán ar an bhfear so, a mhéud dolcaibh dhorinne sé dod
náomhaibhse a nIarusalém.


L. Gn9:14


Agus atá cumhachda aige mar an gcédna san ionadsa ó na hárdshagurtaibh,
na huile dháoine dho chengal, ghuidhes hainmse.


L. Gn9:15


Adubhairt an tighearna ris an tan sin, imthigh romhad: oír atá sé ina
shoighthech thóghtha agumsa, dochum mhanma dhiomchar a bhfiadhnuise
na gcineadhach, agus na ríghtheadh, agus chloinne Israél.


L. Gn9:16


Oír foillseóchaidh meisi dhó, créud hé méud na neitheann is éigin dó
fhulang ar son mhanmasa.


L. Gn9:17


Do imthigh Ananías annsin, agus dochuáidh sé asdteach don tighsin,
agus ar gcur a lámh airsion, adubhairt sé; a Sháuil a dhearbhráthair, do
chuir an tighearna meisi, (eadhón Iósa do táibhreadh dhuit sa slighe ina
dtaínic tú) dochum aisig do radharc dhfaghail dhuit agus do bheith
liónta ón spiorad náomh,


L. Gn9:18


Agus ar an mball do thuiteadar óna shúilibh mar do bheith sgamail, agus
fuáir sé a radharc gan fhuireach: agus ar néirghe suás do ghabh sé baisdeadh
chuige.


L. Gn9:19


Agus do chaith biádh, agus do neartuigheadh hé. Agus dobhí Saul
laithe dháirighthe a bhfochair na ndisgiobal dobhí a nDamáscus.


L. Gn9:20


Agus ar an mball do sheanmoír sé Criosd annsna Sinagógaibh,
eadhón gurbhé mac Dé hé.


L. Gn9:21


Agus do ghabh adhuáthmhaireachd na huile dháoine dochuálaidh hé,
agus adubhradar; ané nach é so an tí úd do sgrios a nIarusalém an
dream do ghuidh an tainmse. Agus is chuige tainic sé annso, dá
mbreith ris ceangailte dochum na nardshagart?


L. Gn9:22


Achd ios moíde do neartuigheadh Sául, agus do chláoi sé na
hIudaighe do aítrigh a nDamascus, ag deimhniughadh gurbé so Críosd.


L. Gn9:23


Agus ar ndul mhoráin do laitibh thárrsa, dorinneadar na hÍudaighe do
chomhairle a bhfochair a chéile, eision do mharbhadh.


L. Gn9:24


Achd do aithin Sául a gcoma ceilge; giodheadh dobhí coimhéud acasan ar
na geataidhibh do ló agus doidhche, dochum eision do mharbhadh.


L. Gn9:25


Uime sin arna ghabháil chuca dhona disgiobluibh sanoidhche, do
chuireadar amach trésan mballa hé, dhá léigean síos a gclíabh.


L. Gn9:26


Agus ar dteachd do Shaul go hIarusalém, do chuir sé roimhe hé
féin do cheangal dona disgiobluibh: achd dobhí faitcheas ortha uile roimhe,
agus níor chreidedar bheith dhó ina dhisgiobal.


L. Gn9:27


Achd arna gabháil chuige dho Bharnabás, rug sé gus na habsdalaibh
hé, agus do fhoillsigh sé dhóibh, cionnus dochonnairc sé an tighearna sa
tslighe, agus gur labhair sé ris, agus cionnus do labhair sé gu dána an
Damascus anainm Iósa.


L. Gn9:28


Agus dobhí sé ina gcaidreadh súd a nIarusalém.


L. Gn9:29


Agus do labhair sé go dána anainm an tighearna Iósa, agus dobhiódh
sé ag diosboíreachd anadhaidh na nGréugach: agus do ghabhadarsan do
laímh eision do mharbhadh.


L. Gn9:30


Achd ar bhfagháil fheasa dhona dearbhraithreachaibh, do
threóraigheadar hé gu Césárea, agus do chuireadar as sin gu Tarsus hé.


L. Gn9:31


Uime sin fuair gach eagluis ar féadh na hIúdéa, agus na Galile, agus
na Samária sióchain, ar mbeith dhóibh u tárbhach arna dtogbháil suás
sa gcreideamh: agus ag siubhal aneagla Dé, agus dobhádar arna liónadh do
chomhfhurtachd an spiorad náoimh.


L. Gn9:32


Agus tárrla ar ngabháil do Pheadar tré san heagluisibh uile, gu
dtaínic sé chum na náomh do aítrigh a Liddá.


L. Gn9:33


Agus fuair sé annsin duine dhairighthe dharbhainm Enéas, do
bhí a bpailiris, agus nár éirigh as a leabaidh feadh ochd mbliádhan.


L. Gn9:34


Agus adubhairt Peadar ris; a Enéa, doní Iósa Críosd slán thú:
éirigh, agus tógaibh do leabaidh. Agus ris sin féin do éirigh seision.


L. Gn9:35


Agus dochunncadar an mhéid do aítrigh a Lidda agus a Sáron hé, noch
do fhill dochum an tighearna.


L. Gn9:36


Agus dobhí banndisgiobal dáirighthe a Ioppá, darbhainm
Tabitha, (ré a raítear arna eidirmhíniughadh Dorcás sa ngréig .i.
eilit.) dobhí an bheansa lán do dheaghoibrighthibh, agus do dhéurcaibh
doniódh si.


L. Gn9:37


Agus tárrla ann sna laithibh sin, gu raibhe sí tinn agus gu bhfuair sí
bás: agus arna hionnladh dhóibh, do chuireadar a seómra uachdarach hí.


L. Gn9:38


Agus ar mbeith do Lidda a bhfogus do Ioppá, ar bhfagháil sgéul do na
disgiobluibh gu raibhe Peadar annsin, do chuireadar dís dhfearaibh
chuige, da iárraidh air, gan muill do dhénamh ré theachd chuca.


L. Gn9:39


Annsin ar néirghe dho Pheadar thaínic sé riú: agus ar dteachd dó,
rugadar suás don tseómra uachdarach hé, sanaít a rabhadar na
baintreabhthacha uile na seasamh ina aice, ag cáoi, agus ag taisbénadh na
gcótadh, agus na gculadhach dorinne Dorcás, an feadh dhobhí sí ina
bhfochair.


L. Gn9:40


Agus ar gcur amach gach a ráibhe asdigh, arna ligean féin ar a
ghlúinibh dho Pheadar, dorinne sé urnaighthe: agus ar bhfilleadh dochum
an chuirp, adubhairt sé, éiridh a Thabitha. Agus do fhosgail sisi a suile,
agus ar bhfaicsin Pheadar dhi, do éirigh sí ina suidhe.


L. Gn9:41


Tug sé a lámh dhi an tan sin, agus do thógaibh sé ina seasamh hí: agus ar
ngairm na náomh agus na mbaintreabhthach dhó, do aisig sé ise béo.


L. Gn9:42


Agus frith fios a neitheisi feadh Ioppá uile, agus do chreideadar morán
sa tighearna.


L. Gn9:43


Agus tárrla gur chomhnuigh Peadar morán do laithibh a nIoppa, a
bhfochair Shimóin dáirighe fear leasaighe leathair.


L. Gn10



L. Gn10:1


Agus dobhí duine dháirighthe a Césárea, dárbhainm Cornélius,
caiptín an bhanna dhá ngoirthear an banna eadáileach,


L. Gn10:2


na dhuine riághalta ar a raibhe eagla Dé, maille réna thecgh uile,
noch dhobheireadh iomad déirce dhon phobal,


L. Gn10:3


Agus dobhiódh ag guidhe Dé dho ghnáth. Dochonnairc sé gu soilléir a
dtáibhse a dtimcheall a náomadh huáir don ló, aingeal Dé ag teachd asdteach
chuige, agus aga rádh ris; a Chórnéliuis.


L. Gn10:4


Agus ar bhféuchain dósan air gu friochnamhach, agus ar mbeith dó lán
daitcheas, adubhairt sé; créd é féin a thighearna? agus adubhairt
seision ris; dochuáidh húrnaighthe, agus do dhéurca suás a gcoimhne a
bhfiadhnuise Dé.


L. Gn10:5


Agus anois cuir teachdaireachda gu Ioppá, agus cuir teachd ar
Shiomón darob comhainm Peadar.


L. Gn10:6


Atá sé ar áoidheachd a bhfochair Shimón dáirighthe fear leasaighthe
leathair, agá bhfuil a theach láimh ris an bhfaírrge: foillseóchaidh sé
dhuit créud ios coír dhuit dho dhéunamh.


L. Gn10:7


Agus ar nimthigheachd don aingeal do labhair lé Cornéluis, do ghoir sé
chuige dís dá mhuinntir, agus soighdiúir diágha don druing dobhí a
gcomhnuighe ina fhochair:


L. Gn10:8


Agus ar bhfoillsiughádh na nuile neitheann dóibh, do chuir sé iád gu
Ioppa.


L. Gn10:9


Agus arná mhárach ar mbeith dhoibh ag cur na sligheadh thárrsa, agus ag
druid ris an gcathraigh, dochuáidh Peadar suás ar an dteagh do dhéunamh
úrnaighthe, a dtimcheall an seiseadh húair.


L. Gn10:10


Agus tárrla gur ghabh ocarus romhór hé, agus ba mián ris biádh
chaitheamh: agus an feadh dobhádarsan ag ullmhughadh neithe éigin,
dochuáidh seision a néul.


L. Gn10:11


Agus dochonnairc sé neamh fhosgluithe, agus soightheach
dháirighthe ag teachd anúas chuige, amhail mhór bhraithlin, agus a
cheithre beanna ceangailte, noch dho léigeadh siós ar an dtalamh:


L. Gn10:12


Ina raibhe gach uile ghné bheathadhaigh cheithir chosaidh san mbioth,
agus bheathadhach nallta, agus phíasd shnámhus an talamh, agus éunlaith
anaidhéir.


L. Gn10:13


Agus taínic guth chuige, aga rádh, éiridh a Pheadair, marbh, agus ith.


L. Gn10:14


Achd adubhairt Peadar, ní headh a thighearna: oír niór ith mé riámh
éuní coitcheann, nó neamhghlan.


L. Gn10:15


Agus adubhairt an guth ris arís an dara húair; na neithe do ghlan Día,
ná déunsa neamhghlan iád.


L. Gn10:16


Agus dorinneadh so fo thrí: agus arís do tógbhadh an soitheach suas
gu neamh.


L. Gn10:17


Agus ar mbeith dho Pheadar ag déunamh amharuis ann féin, créud í an
táibhseso dochunnairc sé, tabhair húidh, dobhádar na
teachdaireadha dho cuireadh ó Chornélius, ag iárraidh thighe
Shiomóin, agus do sheasadar ag andorus.


L. Gn10:18


Agus ar ngairm dhuine dhairighthe dhóibh, do fhiáfruigheadar
dhe, an raibh Siomón dár chomhainm Peadar annsin.


L. Gn10:19


Agus ar mbeith dho Pheadar ag smuáineadh ar an dtáibhse, adubhairt an
spiorad ris; tabhair húidh, atá triur dho dháoinibh dhod íarraidh.


L. Gn10:20


Uime sin éiridh agus imthigh siós, agus imthigh riu, gan amharus ar
bioth dho bheith ort: oír is meisi dho chuir uaím iád.


L. Gn10:21


Ar ndul siós do Pheadar an tan sin dochum na muinntire úd dho cuireadh
chuige ó Chornélius, adubhairt sé; féuchaidh, ios meisi an tí ata sibhse
dhiárraidh: créud hé an tadhbhar fá dtangabhair?


L. Gn10:22


Agus adubhradarsan; fuáir Cornélius an caiptín, duine comhthrom
eaglach roimh Dhía, agus fear deághtheasda ag an gcineadh Iúdaighe uile,
fógra ó neamh ó aingeal náomhtha, fios do chur ortsa dá thigh fein, agus
do bhriáthra dhéisdeachd.


L. Gn10:23


Arna ghairm asdteach dho Pheadar an tan sin, tug sé áoidheachd dóibh.
Agus arna mhárach do imthigh Peadar riú, agus dochuádar dream
dháirighthe dona dearbhraithreachaibh dobhí a Ioppa mar áon ris.


L. Gn10:24


Agus an lá ina dheaghaidh sin, dochuádar asdteach gu Cesárea. Agus do
bhí Cornélius ag fuireach riú, ar ngairm a gháoil, agus a charud
ndiongmhala a gceann a chéile dhó.


L. Gn10:25


Agus tárrla ré dteachd Pheadar asdeach, gu dtaínic Cornélius dho
theagmháil dhó, agus do onóraigh sé hé, dhá léigean féin siós aga chosaibh.


L. Gn10:26


Achd do thógaibh Peadar suás hé, agá rádh; éiridh: oír as duine
mheisi féin.


L. Gn10:27


Agus ar mbeith dhó ag comhradh ris, dochuáidh sé asdteach, agus
fuáir sé mórán ar gcruinniughadh a gceann a chéile:


L. Gn10:28


Agus adubhairt sé ríu; atá a fhios agaibhse nách dlightheach dho
Iúdaighe, hé féin do cheangal deachdrannach, nó theachd ana ghar:
giodheagh do fhoillsigh Día dhamhsa, gan duine coitcheann nó neamhghlan do
ghairm dho neach ar bioth.


L. Gn10:29


Ar anadhbharsin taínig mé chugaibhsi ar gcur fheara oram, gu
neamhchonntrárrthgha. Uime sin fíafruighim créud é an tádhbhar fár
chuireabhair fios oram?


L. Gn10:30


Adubhairt Cornélius an tan sin, a dtimcheall na huáireise, ceithre
laithe ó shoin, dobhí mé ag déunamh troisgidh, agus sa náomhadh huáir do
bhí mé ag déanamh urnaighthe ag am theagh: agus tabhair húidh, do sheas
neach am fhiádhnuise, anéudach dheallruightheach:


L. Gn10:31


Agus adubhairt sé, a Chornélius, do héisdeadh húrnaighthe, agus do
coimhnigheadh do dhéurca a bhfíadhnuise Dé.


L. Gn10:32


Uime sin cuir fios gu Ioppa, agus cuir teachd ar Shiomón darab
chomainm Peadar: atáan tire ar áoidheachd a dtigh Shíomóin, fhir
leasaighthe leathair, láimh ris an bhfaírrge: noch ar dteachd dó, laibheórus
riotsa.


L. Gn10:33


Ar anadhbharsa anúair sin féin do chuir me fios ortsa: agus as
maith dhorinne tú theachd. Uime sin anois atámuid uile a bhfiádhnuise
Dé, dochum eisdeachda gacha uile neithe dho haithnigheadh dhiótsa ó Dhía.


L. Gn10:34


Agus ar nosgladh a bhéil do Pheadar adubhairt sé, do gheibhim gu
fírinneach nach bhféuchann Día dho phearsannaibh seach a chéile:


L. Gn10:35


Achd gu ngabhann sé ion gach uile chineadh ris an tí ar ambí eagla,
agus leanus don fhioréndachd.


L. Gn10:36


An bhriáthar noch dho fhoillsigh sé dho chloinn Israél, ag soisgéulughadh
sióchána tré Iosa Criosd, noch atá ina thighearna ós cionn na nuile.


L. Gn10:37


Atá a fhios agaibhse créud dorinneadh feadh na hÍudea uile, ag
tosughadh ón nGalile, tar éis an bhaisdigh noch dho sheanmóraidh
Eóin:


L. Gn10:38


Cionnus do úng Día Iósa Nasárrgha ris an spiorad náomh agus lé
cumhachdaibh, noch dhochuáidh timcheall ag déunamh maitheasa, agus ag
slánughadh na nuile dhobhí fá chumhachdaibh an diábhail, oír dobhí Día
maille ris.


L. Gn10:39


Agus atámaidne dhfiádhnuise ar na huile neithibh dhorinne sé, a
gcrích na nÍudaighe, agus a nIarusalém: noch dho mharbhadar dhá
chrochadh a gcroich.


L. Gn10:40


Do thógaibh Día an tíre suás an treas lá, agus tug sé fá deara a bheith
foillsightheach.


L. Gn10:41


Ní don fphobal uile, achd do na fiádhnuisibh dho thogh Día roimh láimh,
eadhón duínne, noch dho ith, agus do ibh ina fhochair, tar éis a eiséirghe
ó mharbhaibh.


L. Gn10:42


Agus tug aithne dhúinne, seanmoír dho déunamh don phobal, agus fiádhnuise
do dhéunamh, gurob eision do hórduigheadh ó Día, ina bhreitheamh ar bhéoaibh
agus ar mharbhaibh.


L. Gn10:43


As dó so mar an gcéudna doníd na fáidhe uile fiádhnuise, gu
bhfaghann gach áon chreideas ann, maitheachus na bpeacadh tré na ainm.


L. Gn10:44


Ar mbeith fós dho Pheadar ag labhairt na mbríatharsa, do thuirrling
an spiorad náomh ar gach áon dhochuálaidh an bhriáthar.


L. Gn10:45


Agus do ghabh adhuáthmhaireachd an luchd dho chreid dobhí arna
ngearradh timcheall, an mhéid taínic ré Peadar, do bhrigh gur dóirteadh fós
ar na cineadhachaibh tiodhlacadh an spiorad náoimh,


L. Gn10:46


Oír dochuáladar iádsan ag labhairt lé teangthaibh, agus ag admoladh Dé.
Do fhreagair Peadar an tan sin, agá rádh,


L. Gn10:47


An féidir dho neach ar bioth uisge dho thoirmeasg ar ghléus nách
baisdfi iad so, noch dho ghabh an spiorad náomh amhail do ghabhamairne?


L. Gn10:48


Agus do aithin sé dhíobh baisdeadh dho ghabháil chuca anainm an
tighearna. Do iárradar airsion an tan sin anmhuin ina bhfochair laithe
dháirighthe.


L. Gn11



L. Gn11:1


Agus dochuáladar na habsdail agus na dearbhraithreacha dobhí a
nIudéa, gur gabhadar na cineadhaidh mar an gcéudna briáthar Dhé
chuca.


L. Gn11:2


Agus ar ndul do Pheadar suás go hIárusalém, dorinneadar an drung
dobhí don timcheallghearradh, coinghlic ris,


L. Gn11:3


Agá rádh; dochuáidh tú asdeach gus an muinntir ar nách raibhe an
timcheallghearradh, agus do chaith tú biádh imaráon riu.


L. Gn11:4


Agus ar dtionnsgnamh do Pheadar, do fhoillsigh sé na huile
neithe anordughadh dhóibh, agá rádh,


L. Gn11:5


Dobhí mé a gcathair Ioppa ag déunamh úrrnaighthe: agus dochonnairc mé
an táibhseisi a néul, soitheach dháirighthe ag teachd anuás, amhail
mhórbhruitlin, do ligeadh anuás ó neamh ar a cheithre beannaibh, agus taínic
sé chugam.


L. Gn11:6


Ar bhféuchain damh gu friothchnamhach air, tug mé dhom aire, agus
dochonnairc mé beathadhaigh cheithir chosacha na talmhan, agus beathaidh
allta, agus na piásda snámhus an talamh, agus éunlaith anaidhéir.


L. Gn11:7


Agus dochuálaidh mé guth aga rádh riom; éiridh a Pheadar, marbh,
agus ith.


L. Gn11:8


Achd adubhairt meisi; ní headh a thighearna: oír ní dheachaidh ní ar
bioth coitchean nó neamhghlan um bhéul asdteach riámh.


L. Gn11:9


Agus do fhreagair an guth mé an dara huáir ó neamh agá rádha, na neithe
dhorinne Día glan, ná déunsa neamhghlan iád.


L. Gn11:10


Agus dorinneadh so fo thrí, agus arís do tógadh suás iád gu huilidhe
gu neamh.


L. Gn11:11


Agus tabhair húidh, tangadar triúr fear an tan sin don teach ina
raibhe mé, do cuireadh ó Chesárea chugum.


L. Gn11:12


Agus adubhairt an spiorad riom dhul riú, gan amharus ar bioth do bheith
oram. Agus tangadar na sé dearbhraithreachasa maráon rióm, agus dochuámar
asdteach gu teagh anfhir úd.


L. Gn11:13


Agus do fhoillsigh sé dhúinn, cionnus dochunnaic sé aingeal ina theagh,
ina sheasamh, agus ag rádh ris, cuir teachdaireadha gu Ioppa, cuir fios ar
Shiomón darob comhainm Pedar:


L. Gn11:14


Noch laibheórus briáthra riot, ré a slaineóchar thú féin agus do theagh
uile.


L. Gn11:15


Agus an tan do thionnsgain mé labhairt, do thuirrling an spiorad náomh
ortha súd, amhail mar dho thúirrling sé mar an gceudna óirne ar tús.


L. Gn11:16


Do chuimhnigh meisi an tan sin ar bhréithir an tighearna, mar adubhairt
sé, do bhaisd Eóin lé huisge, achd baisdfighthear sibhsi ris an spiorad
náomh.


L. Gn11:17


Uime sin má thug Día an tiodhlacadh céudna dóibhsion, tug sé dhúinne,
ar gcreideamh dhóibh sa tighearna Iósa Críosd, cía hé misi dho
fhéudfadh toirmeasg dho chur ar Dhía?


L. Gn11:18


Agus ar gclos na neitheannsa dhóibhsion, do thochdadar, agus tugadar
gloír dho Dhía, agá rádh, uime sin tug Día aithrighe dona cineadhachaibh
fós dochum beatha.


L. Gn11:19


Tuilleadh eile, an dream dobhí arna sgaradh trés an mbuáidhirt do éiridh
ar son Stiomhna, do aisdrighedar gu Phenicia, agus gu Ciprus,
agus gu hAntióchía, gan bheith dhóibh ag labhairt bhréithre Dé ré
neach ar bioth, achd ris na hIúdaighibh amhaín.


L. Gn11:20


Agus dobhádar cuid dióbh ó Chíprus agus ó Chiréne, noch ar ndul
asdteach dhóibh gu hAntióchia, dho labhair ris na Gréugachaibh, agus
dorinne an tighearna dho sheanmórughadh.


L. Gn11:21


Agus dobhí lámh an tighearna maille riú: agus do fhilleadar a
gcreideamh dochum an tighearna uimhir mhór.


L. Gn11:22


Agus taínic na sgéulasa go cluásaibh na heagluise dhobhí a
nIarusalém agus do chuireadar Barnabas uátha dochum dula dhó gu
hAntióchia.


L. Gn11:23


Agus ar dteachd dó, agus ar bhfaicsin ghrása Dé, do ghabh gáirdeachus
hé, agus do theaguisg sé iád uile, fá anmhuin a bhfochair an tighearna ré
ró thoil chroidhe.


L. Gn11:24


Oír dobhí sé ina dhuine mhaith, agus lán don spiorad náomh agus do
chreidemh; agus do cuireadh ris an dtigherna buidhen mhór.


L. Gn11:25


Do imthigh Barnabas an tan sin gu Tarsus, do iárraidh Sháuil:
agus arna fhaghail dhó, rug sé ris é gu hAntióchia.


L. Gn11:26


Agus tárrla gu rabhadar ag gnáthughadh a chéile feadh bliadhna
saneagluis, agus gur teaguisgeadh léo iomad do dháoinibh, ionnus gurob
sanAntióchia do goireadh ar tús críosduighthe dona disgioblaibh.


L. Gn11:27


Agus ann sna laithibh sin, tangadar fáidhe ó Ierusalém gu hAntióchia.


L. Gn11:28


Agus ar néirghe suás do neach aca darbhainm Agabus, do fhoillsigh sé
trésan spiorad, gu mbiádh gorta mhór feadh na talmhan uile: noch tarrla
mar an gcéudna a laithibh Chlaudius Chésair.


L. Gn11:29


Annsin do chuir gach áon do na disgioblaibh roimhe an tan sin, congnamh
dho chur do réir a acfuinne, dochum na nderbhráithreach dho aítrigh
a nIudéa.


L. Gn11:30


Agus fós dorinneadar sin, ag cur a gcunganta uátha dochum na sinnser
tré laímh Bharnabais, agus Shauil.


L. Gn12



L. Gn12:1


Agus fá anámsin do shín Ioruáidh an rígh lámha, do dhénamh uilc do
dhruing dháirighthe don negluis


L. Gn12:2


Agus do mharbh sé Séúmus déarbhráthair Eóin, lé cloidheamh.


L. Gn12:3


Agus ar bhfaicsin dó gur tholtanach ris na hIudaighibh sin, do chuir sé
roimhe Peadar do ghabháil mar an gcéudna, (achd dobhádar laithe anaráin
gan laibhin ann.)


L. Gn12:4


Agus arna ghabháil dó, do chuir sé a bpriosún hé, arna thabhairt dá
choimhéud do cheithre choírighthibh do shoighdíuiribh, ar mbeith fonnmhar
dhó dochum a thabhartha amach chum an fhpobail a ndiáigh na Cásg.


L. Gn12:5


Uime sin do coimhéudadh Peadar a bpriosún: agus dorinne aneagluis
úrrnaighthe go dúthrachdach ar a shon dochum Dé.


L. Gn12:6


Agus ar mbeith dhIóruáidh ar tí a thabhartha amach, sanoidhche sin
féin do chodail Peadar eidir dhís do shoighdiúraibh, arna cheangal a ndá
shlábhradh, agus dobhádar an luchd coimhéuda, ag coimhéud an phriosúin ag
an dorus.


L. Gn12:7


Agus tabhair huídh, do sheas aingeal an tighearna do lathair, agus do
dheallruidh solus sa teagh: agus ar mbuáladh Pheadar ina tháobh, do
thógaibh sé suás hé, agá rádh, éiridh gu dián. Agus do thuiteadar na
géimhleacha dhá lámhaibh.


L. Gn12:8


Agus adubhairt an taingeal ris, cuir do chrios thort, agus cuir iomad
do bhroga. Agus dorinne sé mar sin. Agus adubhairt sé ris mar an
gcéudna, cuir do bhrat iomad, agus lean meisi.


L. Gn12:9


Agus ar nimtheachd amach dho Pheadar do lean sé hé, agus ní raibhe
a fhios aige gurbhfíor a ní dorinneadh trésanaingeal, achd do sháoil
sé gurob táibhse dochunnaic sé.


L. Gn12:10


Agus ar nimtheachd dóibh trésan gcéud fhaire, agus trésan dara
faire, tangadar dochum aniárainngheata, threóraighais dochum na caithreach,
noch dho fhosgail dóibh uádha féin: agus ar ndul amach dhóibh, do
shiubhladar an áon tsráid: agus ar an mball do imthigh an taingeal uádha.


L. Gn12:11


Agus ar dteachd do Pheadar chuige féin, adubhairt sé; atá a
fhios agum gu déarbhtha anois, gur chuir an tighearna a aingeal uádha, agus
gur sháor sé mé ó laímh Ioruáidh, agus ó uile choimhéud an phobail
Iúdaighe.


L. Gn12:12


Agus ar mbreathnughadh a neithese dhó, thaínic sé gu teach Mhuire
mathair Eóin, dar chomhainm Marcus, aít a rabhadar mórán ar
gcruinniughadh a bhfochair a chéile, agus ag déunamh úrnaighthe.


L. Gn12:13


Agus ar mbuáladh dhoras an phoírse do Pheadar, thaínic cailin chuige
dárbhainm Róde, chum éisdeachda ris.


L. Gn12:14


Agus ar naithne ghotha Pheadair dhi, tré ghairdeachus, niór fhosgail
sí an dorus, achd ag rioth dhi asdteach, do innis sí, gu raibhe
Peadar na sheasamh sa phoírse.


L. Gn12:15


Achd adubhradarsan ria, atá tú ar dhíth céille. Giodheagh do lean sisi
gu cinnte dhá bheith mar sin. Achd adubhradarsan, asé a aingeal atá
ann.


L. Gn12:16


Agus do lean Peadar dá bheith ag buáladh an dorais agus ar
nosgladh dhóibhsion, dochunncadar hé, agus do ghabh adhuáthmhaireachd iád.


L. Gn12:17


Agus ar sméideadh a laímhe dhósan órtha dochum bheith ina dtochd,
do fhoillsigh sé dhóibh, cionnus tug an tighearna amach hé as an bpriosún:
agus adubhairt sé, innisigh na neitheise do Shéumus agus dona
dearbhráithreachaibh. Agus ar nimtheachd as sin dó, dochuáidh sé gu
háit eile.


L. Gn12:18


Agus ar néirghe don lá, do éiridh buáidhirt nar bheag ameasg na
soighdiuirí, a dtimcheall créd tharrla do Pheadar.


L. Gn12:19


Agus arná iárraidh dho Ioruáidh, agus nách fuáir, ar dteasdughadh an
luchda coimhéuda dhó, do aithin sé a mbreith amach dochum pionuís dho
thabhairt dóibh. Agus ar ndul siós dhó ónIudéa, gu Cesárea,
do chomhnaigh sé annsin.


L. Gn12:20


Dobhí Ioruáidh an tan sin rodhiómghach do luchd Thíruis agus
Shídoin: achd tangadarsan gu háontadhach chuige, agus ar dtabhairt
Bhlastuis eadhón seómradoír an rí ar a dtoil, do iárradar
sióchain: do bhrígh go raibhe a ndúthaigh dhá cothughadh ré fearann
an rí.


L. Gn12:21


Agus lá dháirighthe dobhí arna ordughadh, ar mbeith
dIoruáidh arna éudughadh anéudach rióga, agus ina shuidhe sa
gcatháoir bhreitheamhnais, dorinne sé oraíd dóibh.


L. Gn12:22


Agus do gháireadar an pobal aga rádh, as guth Dé so, agus ní
uth duine.


L. Gn12:23


Agus anuáirsin féin do bhuail aingeal an tighearna hé, do bhrígh
nách tug se gloír dho Dhía: agus arna ithe dho phiásdaibh, dochuáidh a
spiorad as.


L. Gn12:24


Agus do fhás briáthar Dhé, agus do méudaigheadh hí.


L. Gn12:25


Agus do fhill Barnabas agus Saul ó Ierusalém, ar gcoimhliónadh a
mionisdrálachda, ar mbreith fós Eóin riú, dár comhainm Marcus.


L. Gn13



L. Gn13:1


Agus dobhádar aneagluis na hAntióchia fáidhe dháirighe agus luchd
teaguisg, mar atá Barnabás agus Simeon da ngoirthí Niger, agus
Lúcius ó Chiréne, agus Manahen noch dho hoileadh a bhfochair
Ioruáidh an Tetrarcha, agus Sául.


L. Gn13:2


Agus ar mbeith dhóibh ag minisdrálachd don tighearna, adubhairt an
spiorad náomh; cuiridh dho leithridh leith dhamh Barnabas agus
Sául, fá chomhair na hoibre dochum ar ghoir mé iád.


L. Gn13:3


An sin ar ndéunamh troisgidh agus úrnaighthe dhóibh, agus ar gcur lámh
ortha, do léigeadar uátha iád.


L. Gn13:4


Uime sin ar mbeith dhóibhsion arna gcur amach ón spiorad náomh,
dochuádar siós gu Seleucia, agus as sin do sheoladar gu Cíprus.


L. Gn13:5


Agus ar dteachd dhóibh gu Salamis, do sheanmóraigheadar briáthar Dhé,
a sinagógaibh na nÍudaighe: agus dobhí Eóin aca fós ina mhisidir.


L. Gn13:6


Agus ar ndul dóibh trés anoiléun gu Páphus, fuaradar dráoi
dháirighthe ina fháidh fallsa agus ina Iúdaigheach, dárbhainm
Bariesus.


L. Gn13:7


Noch dhobhí a bhfochair anuachdaráin Sergius Paulus, duine
tuigsionach. ar ngairm Bharnabais agus Shauil dhó so chuige, do iárr sé
briáthar Dhé dhéisdeachd.


L. Gn13:8


Achd do chuir Elimas eadhón an dráoi, (óir as mar so eidirmhínighthear a
ainm) na naghaidh, ag iárraidh anuachdaraín do iompógh ón gcreideamh.


L. Gn13:9


Achd ar mbeith dho Shaul (da ngoirthear fós Pól) lán don spiorad
náomh, dá fhéuchain dó gu friochnamhach,


L. Gn13:10


Adubhairt sé ris, a fhir lán do mheabhail, agus luáth dochum gach
droichbheirte, a mhic an deamhain, agus a namhuid na huile fhioréndachda,
an hé nách sguirfe tú dho shlighthibh diórgha De do chur bunsionn?


L. Gn13:11


Agus anois tabhair húidh , atá lámh an tighearna ad aghaidh:
agus biadh tú dall, gan amharc na gréine agud feadh sealaid. Agus ris sin
féin do thuit ceó agus dorchadus air: agus do shir sé fágcuairt dream éigin
do threoróchadh ar laímh hé.


L. Gn13:12


Ar bhfaicsin don uachdarán an tan sin a ní dhorinneadh ann, do chreid
sé, ag iongantus fá theagusg an tighearna.


L. Gn13:13


Agus ar nimtheachd do Phól agus don druing dobhí ina fhochair a
luing ó Pháphus, tangadar gu Pérge cathair sa bPamphilia.
Agus ar ndealughadh dhEóin riú, do fhill sé gu hIarusalém.


L. Gn13:14


Agus ar ndul dóibhsion ó Pheirge, tangadar go hAntiochia
cathair sa bPisídia: agus ar ndul asdteach dhóibh don tsinagóig
lá na saboíde, do shuigheadar siós.


L. Gn13:15


Agus tar éis léighthe an reachda agus na bhfáigheadh, do chuireadar
uachdaráin na sionagóige teachdaireachd chuca, agá rádh; a dháoine agus a
dhearbhráithreacha, má atá agaibh briathar ar bioth ionraidh lé a dteagaisgfí
an pobal, labhruidh hí.


L. Gn13:16


Ar néirghe suás do Phól an tan sin, agus ar sméideadh dhó réna laímh
dochum iádsan do bheith ina dtochd, adubhairt sé, a fhiora Israélacha, agus
sibhse ar a bhfuil eagla Dé, éisdigh.


L. Gn13:17


Do thogh Día an phobailse Israél ar naithreacha, agus do árdaigh sé
an pobal an tan dobhádar ina gcomhnuighe sanÉigipt, agus do threóraigh
sé as sin amach íad ré laímh aírd.


L. Gn13:18


Agus a dtimcheall aimsire dhá fhichead bliádhan, do fhulaing sé
amogha sa bhfásach.


L. Gn13:19


Agus ar sgrios dó na seachd gcineadhach a dtír Chánaan, do roinn sé
ré crannchar a bhfearann dóibh.


L. Gn13:20


Agus ina dheaghaidh sin, a dtimcheall dheich mbliádhan agus dá fhichead
agus cheithre gcéud, tug sé breitheamhain dóibh, gu teachd Shamuel an
fáidh.


L. Gn13:21


Agus ina dhiáigh sin do iárradar rí, agus tug Dia Saul dóibh mac
Chis, fear do threibh Bheniamin, feadh dhá fhichead bliadhan.


L. Gn13:22


Agus arna athrughadh súd dhó, do thógaibh sé suás Daibhí ina rígh
dhóibh: dá ndearnaidh sé mar an gcédna fiádhnuise, ag rádh fuair mé
Daibhí mac Iesse na dhuine do réir mo chroidhe, noch
dhodhéunaigh mo thoile.


L. Gn13:23


As dá shíol so do thógaibh Día suás do réir na geallamhna an
slánaighthóir Iósa dIosraél:


L. Gn13:24


Ar mbeith dhEóin, roimh laímh ag teachd dósan do láthair ag
seanmorughadh, bhaisdigh na haithrighe do phobal Israél uile.


L. Gn13:25


Agus ar gcoimhlíonadh a sheala dhEóin, adubhairt sé; an té
sháoiltí, ní meisi é: achd tabhair húidh, tig neach um dheaghaidhse, ag
nach fiú mé iállach a bhróg do sgáoileadh.


L. Gn13:26


A fheara, agus a dhearbhraithreacha, a chlann dhfine Abraham,
agus an mhéid agaibh ar a bhfuil eagla Dé, is chugaibhse do cuireadh an
bhriáthar slaínteise.


L. Gn13:27


Oír an dream dho aítrigh a nIarusalém, agus anuáchdaráin, ar mbeith
dhóibh gan a fhiosan aca, agus fós ainbhfeasach a mbriáthruibh na
bhfáidheadh, léughthar gacha sabóide, arna dhamnughadsan dóibh do
choimliónadar iád:


L. Gn13:28


Agus bhiódh nach fuaradar coir ar bith bhaís air, do iárradar ar
Philáit a bhásughadh.


L. Gn13:29


Agus ar gcriochnughadh na nuile neitheann dóibh dobhí arna
sgriobhadh na thimcheallsan, do leagadar hé anuás as an gcroich,
agus do chuireadar a dtúmba hé.


L. Gn13:30


Achd do thógaíbh Día súás ó mharbhaidh hé:


L. Gn13:31


Noch dho taiséunadh feadh mhoráin do laithibh don druing dochuáidh
anáoinfheachd ris suás ón nGalilé gu hIarusalém, agus atá ina
bhfiádhnuisibh dhó a dtáobh an phobail.


L. Gn13:32


Agus soisgéulum dhíbhse an gealladh dhorinneadh dona
haithreachaibh, gur choimhlión Día hé dhá gcloinn , eadhón dúinne, ar
dtógbháil Iósa suas:


L. Gn13:33


Amhail atá sgríobhtha mar an gcéudna ann sa dara Salm; is tusa mo mhacsa,
aniugh dho ghineadh uaim thú.


L. Gn13:34


Agus do bhrígh gur thógaibh sé súas hé ó mharbhaibh, agus nach bhfillfidh
tar a ais dochum na huáidhe, adubhairt sé mar so, dobhéura mé dhíbh neithe
náomhtha Dháibhí noch atá diongmhála.


L. Gn13:35


Uime sin adeir sé anionad eile mar an gcéudna, ní fhuileóngaidh tú do
náomhtha féin dhfaicsin truáidhlighthe.


L. Gn13:36


Oír gu deimhin ar ndéunamh seirbhíse dho Dhábhi dho chomhairle Dé,
do chodail sé, agus do cuireadh a bhfochair a aithreadh hé, agus
dochunnaic sé truáilleadh.


L. Gn13:37


Achd ní fhacaidh an tí noch dho thógaibh Día suás truáilleadh.


L. Gn13:38


Ar anadhbharsin biódh a fhios agaibh a bhraithreacha, gurob trésan
bhfear so foillsighthear dhíbh maithfeachus na bpeacadh:


L. Gn13:39


Agus gu bhfuil gach áon chreideas, arna sháoradh thrídsion, ó na huile
neithibh dá nárbhféidir sibhse do sháoradh a reachd Mháoise.


L. Gn13:40


Uime sin tabhraidh bhur naire ribh, nách teigeumhadh dháoibh a ní
atá arna rádh ris na fáidhibh,


L. Gn13:41


Féuchaidh a luchd na tarcaisne, agus bioódh iongantus oraibh, agus
leathnuighidh mar chéo: oír oibridhim obair ion bhur laithibhse, obair
nach creidfeadh sibh, dhá bhfoillsigheadh duine dhíbh hí.


L. Gn13:42


Agus ar nimthigheachd amach as an tsiogóig dona hIudaighibh,
do iárradar na cineadhaigh dhachuinghe orrtha, na briathrasa dho
labhairt riú féin, roimh lá na sabóide do theachd.


L. Gn13:43


Agus ar sgáoileadh dhon choimhthionól, do leanadar mórán dona
hÍudaighibh, agus do dhaoinibh riághalta coigcríchthe taínic chum
creidmhe, Pól agus Barnabas: noch do labhair riú, agus do tharruing iád
chum anmhana a ngrás Dé.


L. Gn13:44


Agus an céudlá saboíde ina dheaghaidh sin ios beág nar chruinnigh an
chathair uile a bhfochair a chéile, déisdeachd bhréithre De.


L. Gn13:45


Achd ar bhfaicsin an phobail dona hÍudaighibh, do liónadh dho thnúth
iád, agus tangadar anaghaidh na neitheann dho labhair Pól, dá
gconntrárghadh, agus ag labhairt ortha gu masluightheach.


L. Gn13:46


Achd ar ndéunamh dánachda do Phól agus do Bharnabas, adubhradar;
ios ribhse ar tús dob éigean briáthar Dhé dho labhairt: giodheadh ó
churtáoi ar gcúl hí, agus gu mbeirthí dho bhreith nách fiú sibh an
bheatha mharthanach dhfagháil, féchaidh, atámaidne ag filleadh dochum na
gcineadhach.


L. Gn13:47


Oír is mar sin do aithin an tigherna dhínn, agá rádh; do chur mé
thú mar dochum bheith dhuit a sholas dona cineadhachaibh, agus
ad shlánughadh gu leithimlibh na talmhan.


L. Gn13:48


Agus ar gclos na neitheannsa dona cineadhachaibh, do ghabh
gairdeachus iad, agus do ghloírigheadar briáthar an tighearna: agus do
chreideadar an mhéid dobhí arna nórdughadh dochum na beatha marthanaighe.


L. Gn13:49


Agus do leathnaigh briáthar an tighearna trésan región uile.


L. Gn13:50


Achd do bhrosduigheadar na hÍudaighe mná dháirighthe riághalta,
onoracha, agus uaisle na cathrach, agus do bhogadar ann pobal dochum
bheith ag fholeanmhuin ar Phól agus ar Bharnabás, agus do chuireadar
amach as a dteórannaibh iád.


L. Gn13:51


Achd ar gcrathadh dhóibhsion luáithrigh a gcos na nadhaigh súd,
tangadar gu hIconium.


L. Gn13:52


Agus do lionadh na disgiobail do gháirdeachas agus don spiorad náomh.


L. Gn14



L. Gn14:1


Agus tárrla a nIcónium, gu ndeachadar aráon anáoinfheachd gu
sionagoíg na nÍudaigheadh, agus gur labhradar, ar ghléus gur chreideadar
buidhean mhór dona hÍudaighibh, agus mar an gcéudna dona Gréugachaibh.


L. Gn14:2


Achd do bhrosdaigheadar na hÍudaighthe dhíthchreidmheacha, agus do
liónadar daingidheachd inntinneacha na gcineadhach anadhaigh na
ndearbhraithreach.


L. Gn14:3


Uime sin do chomhnuigheadar aimsear fhada san ionad sin, ag labhairt gu
dána sa tighearna, dhorinne fiádhnuise do bhréithir a ghrás féin, agus tug
fá deara comharthadha agus míorbhuileadha dho dhéunamh tréna lámhaibhsion.


L. Gn14:4


Agus tárrla siosma eidir luchd na caithreach, ionnus gu raibhe dream
aca ris na hÍudaighibh, agus dream eile ris na habsdalaibh.


L. Gn14:5


Agus ar dtosughadh bruighne dona cineadhachaibh, agus dona
hÍudaighthibh, maille réna núachdaranaibh, dochum iádsan do
mhaslughadh, agus gabhála dho chlochaibh orrtha,


L. Gn14:6


Arna thuigsin dhóibhsion, do theitheadar gu caithreachaibh
Licaónia, eadhón Listra, agus Derbe, agus don región ar gach táobh.


L. Gn14:7


Agus dobhádar ag seanmórughadh an tsoisgéil annsin.


L. Gn14:8


Fa anám sin dobhí duine dháirighthe a Listra ina shuidhe, ag nách
raibhe a chosa ar a chumus, dobhí na mhairtíneach ó bhroinn a mháthar,
agus nar shiubhail riámh.


L. Gn14:9


Dochuálaidh an tíse Pól ag labhairt: agus ar mbeith do Phól ag
féuchain gu friochnamhach air, águs ar mbreathnughadh dhó gu raibhe creideamh
aige dochum a shlánuighthe,


L. Gn14:10


Adubhairt sé dho ghuth mhór, seasaimh suás gu díreach ar do
chosaibh. Agus do léim seision suás, agus do shiubhail sé.


L. Gn14:11


Agus ar bhfaicsin a neithe dhorinne Pól don phobal, do
ardaigheadar a nguth, ag rádhá a dteangaidh na Licaónia, tangadar
Dée anúas chugainn a gcosmhaileas dháoine.


L. Gn14:12


Agus do ghoireadar Iupiter do Bharnabas: agus Mercúrius do
Phól: do bhrígh gurbhfear labhartha laín hé.


L. Gn14:13


Agus ar mbeith do shagurt Iupiter as comhair a gcathrach súd, ar
dtabhairt tharbh agus atán ris chum na ngeatadh, budh mián ris iodhbairt do
dhéunamh, máráon ris an bpobal.


L. Gn14:14


Achd arna chlos dona habsdalaibh eadhón Bharnabas agus
Phól, ag réubadh a gculadhach dhóibh, do ritheadar asdeach ameasg an
phobail, ag éighmhe,


L. Gn14:15


Agus agá rádh; a dháoine, créud fá a ndéntáoi na neithe so? oír is
dáoine sinne féin, cosmhail a bhfulangthaibh ribhse, aga bhfuilimíd ag
soisgéulughadh dhíbh filleadh ó na neithibh diomháoineachsa dochum an Déi
bheó, noch dhorinne neamh, agus talamh, agus anfaírrge, agus na huile
neithe atáid ionnta.


L. Gn14:16


Noch sna haimsiribh dhochuáidh thorain do fhulaing, dona huile
chineadhachaibh siubhal ann a slighthibh pféin.


L. Gn14:17


Bíodh nar fhágaibh sé hé féin gan fhiádhnuise, ar mbeith dhó ag déunamh
maitheasa, ag tabhairt fearthana dhúinn ó neamh, agus sheusúir thórthaigh, ag
liónadh ar gcroidheadh do bhiadh agus do ghairdeachus.


L. Gn14:18


Agus ar rádh na neitheannsa dhóibh, is ré héigean do chonnmhadar an
pobal ó iodhbairt do dhéunamh dhóibh.


L. Gn14:19


Giodheadh tangadar Iúdaightheadha dháirighthe ó Antióchia agus
ó Iconium ina gceann, noch ar dtarruing an phobail, agudóibh ar a dtoil
féin, agus ar ngabháil do chlochaibh ar Phól, do tharruing amach as an
gcathruidh hé, arna sháoilsin dóibh gu raibhe sé marbh.


L. Gn14:20


Achd ar mbeith do na disgiobluibh na seasamh ina thimcheall, do
éiridh sé suás ina sheasamh, agus dochuáidh sé asdteach don chathraigh, agus
arnamhárach do imthigh sé as sin máráon ré Barnabas go Derbe.


L. Gn14:21


Agus ar seanmórughadh an tsoisgéil don chathraigh sin dóibh, agus ar
dtarruing mhorain do dhisgioblaibh chuca, do fhilleadar uo Listra
agus gu hIcónium, agus gu hAntióchia.


L. Gn14:22


Ag neartughadh anmann na ndisgiobal, aga dteagusg fá anmhuin sa
gcreideamh, agus aga rádh, ios tré iomad buáidheartha as éigean dúinn dul
asdteach gu rióghachd Dé.


L. Gn14:23


Agus ar nórdughadh sinnsear dhóibh do réir thoghtha ion gach eagluis,
agus ar ndéunamh úrrnaighthe dhóibh maille ré troisgthibh, do chuireadar ar
choimhéud an tighearna, ionar chreideadar iád.


L. Gn14:24


Agus ar ndul dóibh tré Phisidia, tangadar gu Pamphilia.


L. Gn14:25


Agus ar labhairt bhréithre an tighearna dhóibh a bPerge,
dochuádar siós gu hAttália,


L. Gn14:26


Agus do shéoladar as sin gu hAntióchia, anáit as ar cuireadh ar
choimhéud ghrás Dé iád, dochum na hoibre do choimhliónadar.


L. Gn14:27


Agus ar dteachd agus ar gcruinniughadh na heagluise a gceann a chéile
dhóibh, do fhoillsigheadar méud na neitheann dhorinne Día thríothadh, agus
gur fhosgail sé dorus an chreidimh do na cineadhachaibh.


L. Gn14:28


Agus do chomhnuigheadar aimsear fhada annsin a bhfochair na ndisgiobal.


L. Gn15



L. Gn15:1


Agus ar dteachd do dhruing dháirighthe, anuás ónIudea, do
theaguisgeadar na bráithreacha, aga rádh, muna thimcheallghearthar
sibh do réir reachda Mháoisi, ní héidir bhur slánughadh.


L. Gn15:2


Uime sin ar néirghe chonndtrardhachda agus imreasan nár bheag ag
Pól agus ag Barnabas na naghuidhsion, do orduigheadar Pól agus
Barnabas agus cuid eile dhíobhsan do dhul suás gu hIarusalém i
gceann na nabsdal agus na sinnsear, a dtimcheall na ceasda so.


L. Gn15:3


Uime sin ar gcur chuideachdan riú doneagluis, do ghabhadar tré
Phenice agus Shamaria, ag innisin fhillte na gcineadhach, dochum
Dia: agus do chuireadar lúthgháir mhór ar na bráithreachuibh uile.


L. Gn15:4


Agus ar dteachd gu hIarusalém dhóibh, do ghabhadar aneagluis agus
na habsduil agus na sinnsir chuca iád, agus do inniseadar dhóibh méud na
neitheann dhorinne Dia thriothadh.


L. Gn15:5


Gidheadh ar siádsan do éirgheadar dream dháirighthe dho lean
seachrán na bPairisíneach dho chreid, agá rádh, gu raibhe
dhfhiachuibh a dtimcheallghearradh, agus aithne dhóibhligheadh
Máoisi dho choimhéud.


L. Gn15:6


Ar anadhbharsin tangadar na habsduil agus na seinnsir ar áonbhall
dfhéuchuin a dtimcheall anadhbhuirsi.


L. Gn15:7


Agus ar ndéunamh móráin diosbóireachda dhóibh, do éirigh Peadar suás
agus adubhairt sé ríu, a fhiora agus a bhráithreacha, atá a fhios
aguibhsi gur thogh Día meisi eadruinne fada o shoin, gu gcluinfidís na
cineadhuigh briáthar an toisgeil as mo bhéulsa, agus gu gcreidfidís.


L. Gn15:8


Agus dorinne Día darab aithnidh na croidheadha fíndé dhóibhsion, ag
tabhuirt an spiorad náoimh dhóibh amhail agus mar thug sé dhúinne:


L. Gn15:9


Agus ní dhearna sé éidirdhealughadh ar bioth eadruinne agus iád,
déis ghlanta a gcroidheadh lé creideamh.


L. Gn15:10


Uime sin anois créud fá bhfhuiltí ag cur chathuighthe ar Dhía, ag cur
chuinge ar mhuinéuluibh na ndisgiobal, nar fhéudadar ar naithreacha
romhuinn agus nach feudnmáoid féin diomchar?


L. Gn15:11


Achd creidmíd gu sláineóchthar sinn tré ghrásuibh an tighearna Iósa
Críosd, fa mar doníd siádsan.


L. Gn15:12


Annsin do choisgeadar an chuideachda uile, agus tugadar éisdeachd do
Bharnabas agus do Phól, ag innisin chalmachda na gcomharthuigheadh agus na
míorbhuileadh dorinne Día thrióthadh pféin éidir na cineadhachuibh.


L. Gn15:13


Agus ar sgur dha dtagra dhóibh, do fhreaguir Séumus, agá rádh; a
fhiora agus a bhráithreacha, éisdigh riumsa.


L. Gn15:14


Do innis Simón dáoibh cionnus do fhéuch Día ó thosach ar na
cineadhachaibh, maille ré pobal do bhúain asda da ainm féin.


L. Gn15:15


Agus tigid bríathra na bhfáidheadh leis an nísi: do réir mar atá
sgríobhtha,


L. Gn15:16


Fillfidh mé na dhiáigh so, agus tóigéubuidh mé suás arís
duirrteach Dhábhí atá ar dtuitim, agus cóireóchaidh mé ar thuit de, agus
cuirfidh mé suás hé arís:


L. Gn15:17


Dochum gu niárrfaidís an chuid eile dona dáoinibh an tighearna,
agus na huile chineadhacha ar a ngoirthear mainm: adeir an tighearna
noch dhoní na neithesi uile.


L. Gn15:18


Atá fios a oibreach féin uile ó thosach an tsáoghail ag Día.


L. Gn15:19


Uime sin mheasuimsi nách cóir míshuáimhneas do chur air andreim do
na cineadhachuibh, atá ar bhfilleadh dochum Día.


L. Gn15:20


Achd as insgríobhtha dhúinn chuca iád féin do sheachna ar
thruáillighthibh na niomhaigheadh, agus ar stríobthachus, agus ó ní
thachduighthe, agus ó fhuil.


L. Gn15:21


Oír atáid ag Máoisi ó na seanaimsireachuibh anall, luchd doní a
sheanmórughadh in gach áon chathruigh, annsna shinagóguibh ina
léughthar gacha sábbóide hé.


L. Gn15:22


Annsin dochonncas dona habsdalaibh agus dona sinnsearaibh maille
ris aneagluis uile, dáoine toghtha dhíobh féin do chur gu hAntióchia
lé Pól agus lé Barnabas: eadhon Iudas dar chomhainm Barsabas, agus
Silas, na dáoine doboirrdhearca eidir na bráithreachuibh:


L. Gn15:23


Ar sgríobhadh leitreach riú mar so, eadhón Beatha agus sláinte ó na
heasbuluibh, agus ó na seinnsearuibh, agus ó na bráithreachaibh dochum na
mbráithreach dona cineadhachuibh atá a nAinntióchia, agus a Siria, agus
a Cilicia.


L. Gn15:24


Do bhríogh gu gcuálamar gu ndeachadar dáoine dháirighthe uáinn in
bhur gceannsa noch do bhuaidhir sibh lé bríathruibh, agus do chláochluidh
bhur ninntinne, dá rádh ribh bheith ar bhur dtimcheallghearradh, agus an
reachd do choimhéud, da nach tugamar a leitheid sin daithne:


L. Gn15:25


Dochonncas dúinn an tan tangamair déuntoil a gceann a chéile, dáoine
thoghtha do chur chugaibhsi máráon ré ar mbráithribh grádhacha
Barnabas, agus Pól,


L. Gn15:26


Dáoine thug a nanmanna féin ar son anma ar dtighearna Iósa
Críosd.


L. Gn15:27


Ar anadhbharsin do chuireamar chuguibh Iudás agus Sílas, noch
innéosas na neithesi as béul mar an gcédna dháoibh.


L. Gn15:28


Oír dochonncas don spiorad náomh agus dúinne, gan oire bhus mó do chur
oruibh, iná na neithesi atá na ríachdanus a leas.


L. Gn15:29


Eadhón sibh féin do sheachna ar neithibh atá arna niodhbuirt
diomháighibh, agus ar fhuil, agus ní atá arna mhúchadh, agus ar
stríophthachus: má chonguibhthí sibh féin uátha so, is maith dhoghéuntáoi
hé. Slán libh.


L. Gn15:30


Agus tangadar an dream so dobhí arna gcur ar siobhal gu hAntióchia:


L. Gn15:31


Agus an tan do léigheadarsan an leitir, do ghabh gairdeachus iád do
bhríogh na comhfhurtachda,


L. Gn15:32


Mar an gcéadna ar mbeith na bhfáidhibh do Iúdas agus do Shilas
do theaguisgeadar, agus do neartuigheadar na bráithreacha lé mórán
bríathar.


L. Gn15:33


Agus ar nanmhuin dóibh annsin ar feadh tamuill, do leigeadar na
bráithre a siothcháin uátha iád dochum na napsdal.


L. Gn15:34


Achd do mheadhuidh Silas anmhuin annsin a gcomhnuighe.


L. Gn15:35


Achd do an Pól agus Barnabas a nAintióchia, ag teagusg agus ag
soisgélughadh bhreithre an tighearna, maille ré mórain do dháonaibh
eile.


L. Gn15:36


Achd a ndiáigh laitheadh dháirighthe adubhairt Pól ré Barnabas,
filleam dhféuchain ar mbráithreach atá an gach áon chathruigh na
ndearnumair bríathar an tighearna do sheanmóir, agus feucham cionnus
atáid siád.


L. Gn15:37


Agus do shanntuigh Barnabas Eóin dá ngoirthear Marcus do
bhreith léo dhóibh.


L. Gn15:38


Achd nírbhfhiú lé Pól an tí dochuáidh uátha as Pamphilia, agus
nách deachaidh riú chum na hoibre, dho bhreith ina gcuideachda.


L. Gn15:39


Uime sin do éirigh easáonta eatorra, a gcruth gur sgaradar ré chéile:
achd rug Barnabas Marcus leis, agus dochuáidh sé a luing gu
Ciprus:


L. Gn15:40


Achd do thogh Pól Siolas dó féin, agus do imthigh sé roimhe, arna
chur ar comairci grás Dé dona braithreachuibh.


L. Gn15:41


Agus do shiobhail sé ar feadh Shiria agus Chilicia ag
coimhneartughadh na neagluiseadh.


L. Gn16



L. Gn16:1


Annsin táinic sé gu Derbe, agus gu Lisdra: agús féch, dobhí
disgiobal dáirighthe annsoin dárbhainm Timothéus, mac mhná
dháirighthe dheaghchreidmhighe don chineadh Iúduidhe, agus dobudh
Gréuguch a athuir,


L. Gn16:2


Ar a dtugadar na bráithreacha dobhí a Lisdra agus a nIconium
teisd mhaith.


L. Gn16:3


Do ghabh fonn Pól an fearso do bhreith leis na chuideachda: agus
arna bhreith leis dó, do thimcheallghearr sé hé, ar son na nIudaidheadh
dobhí ann sna háitibh sin: óir dobhí a fhios aca uile gur Ghréugach a
athuir.


L. Gn16:4


Agus mar do shiobhladar ar na cathrachaibh, tugadar dhóibh ré a gcoimhéud
na hordaighthe dho órduigheadar na hapsduil agus na sinnsir dobhí
a nIarusalém.


L. Gn16:5


Uime sin dobhádar na heagluiseadha arna ndaingniughadh ann sa
chreideamh, agus dobhí a nuimhir ag méudughadh gach éun lá.


L. Gn16:6


Agus ar ngabháil tré Phrígia agus tré chrích na Galátia dhóibh,
do thoirmisg an spiorad náomh iád, fá bhréithir Dhé do labhairt
sanAisia.


L. Gn16:7


Agus ar dteachd gu Mísia dhóibh, do chuireadar rómpa dul as sin gu
Bithinia: gidheadh nír fhulaing spiorad Iósa dhóibh imtheachd.


L. Gn16:8


Ar anadhbharsin ar ngabháil tré Mhísia dhóibh, dochuádar siós go
Tróas.


L. Gn16:9


Agus doconncas do Fpol a dtaidhbhsi sanoidhche, duine
dháirighthe ó Macedonia na sheasamh, dá ghuidhe, agus dá rádh;
tarr gu Macedónia, agus tabhuir cabhuir dhúinn.


L. Gn16:10


Agus mar dhochonnuic sé an taidhbhsi, do shandtuigheamair ar an mball
dul gu Macedonia, oír do thuigeamuir gurbhé an tighearna do ghoir sinn
dochum an tsoisgéil do sheanmóir dhóibh.


L. Gn16:11


Uime sin ag séoladh dhúinn ó Thróas tangamar gu díreach gu
Samothrace, agus lá arna mhárach gu Neapolis.


L. Gn16:12


Agus as sin gu Philippi príomhchathuir na coda sin do Mhacedónia,
dobhí na gabháltus ag Rómhánchuibh. Agus do anamhuir annsa
chathruigh sin suim dháirighthe dho laithibh.


L. Gn16:13


Agus dochuámuir amach as an gcathruigh lá na sabboide chois a tsrotha
mar a ngnáthuighthí urnaighthe do dhéunamh: agus ar suidhe dhúinn annsin,
do labhramuir ré mnáibh dhobhí ar gcruinniughadh ann.


L. Gn16:14


Agus do éisd bean dáirighthe sinn do onóruigheadh Día dárbhainm
Lidia, noch do reacadh purpuir a gcathruigh na dTiarírach: ag ar osguil
an tigearna a croidhe dochum aire dho thabhuirt dona neithibh adubhairt
Pól.


L. Gn16:15


Agus ar ngabháil bhaisdidh dhi féin agus do luchd a tighe, do ghuidh
sí sinn, agá rádh; másé bhur mbreathnughadh gu bhfuilim díleas don
tighearna, tigidh do dhéunamh comhnuidhe dom thigh. Agus dobhí ag déunamh
coimhéigin oruinn.


L. Gn16:16


Agus tárrla ag dul dúinn do dhéunamh urnaighthe, gu dtárrla cailín
dáirighthe orúinn agá raibhe spiorad fháisthsine aice, fuáir faghaltus
neith mór dá tighearnuibh féin lé faisdine do dhéunamh.


L. Gn16:17


Agus do lean sí Pól agus sinne, agus do éigh sí agá rádh; is do
mhuinntir an Dé úd is airde na dáoinesi, noch shoisgéulas dáoibh slighidh na
sláinte.


L. Gn16:18


Agus dorinne sí so mórán do laithibh: achd do ghoill sin ar Phól, agus
do fhill sé tar a ais, agus adubhairt sé ris a spioruid sin, aithnim dhíot
anainm Iósa Críosd teachd amach aisde. Agus ar anúair sin do imthigh
an spiorad aisde.


L. Gn16:19


Agus an tan dochunncadar a tighearnuidhesi gur imthigh muinighin a
bhfhaghala neich féin, do chuireadar lámh a bPól, agus a Silas, agus
rugadar léo don mhargadh iád dochum na nuáchdarán.


L. Gn16:20


Agus arna dtairgsin dona huáchdaránuibh, adubhradar; buáidhreid na
dáoinesi ar gcathuirne, oír is don chineadh Iúduidhe iád.


L. Gn16:21


Agus muinid siád órduighthe nach dleisdeanach dhúinne do ghabháil, na
dho leanmhuin, do briogh gur Rómhánuigh sinn.


L. Gn16:22


Agus do éiridh an pobal anáoinfheachd na naghuidh: agus ar réubadh
a néuduigheadh dona hoifigibh, do aithneadar gabháil do shlatuibh
orrtha.


L. Gn16:23


Agus ar ngabháil órrtha gu romhór dhóibh, do chuireadar a bpríosún
iád dá aithne dho coimhéudaidhe an phríosuin a gcoimhéud gu ró dhaingean.


L. Gn16:24


Agus ar bhfhagháil na haithne sin dósan, do theilg sé iád
ann sa fpríosún dob fhaide asdteach, agus do dhaingnigh sé a gcosa a
gciop.


L. Gn16:25


Agus a dtimcheall mheadhóin oidhche ar ndéunamh urnaighthe dho
Phól agus do Shilas, do chanadar salm dadhmoladh Dé: agus
dochualadar na príosúnchuibh iad.


L. Gn16:26


Agus gu ró obann do éirigh crith mór talmhun ann, a gcruth gu raibhe
fúindimennt ann phríosúin ar bogadh: agus ar an mball dobhádar na doirrsi
uile osguilti, agus a ngeimhleacha uile sgáoilte.


L. Gn16:27


Agus ar músgladh dho choimhéuduidhe an phríosúin, agus ar bhfaicsin
doírrseadh an fpríosúin osguilte dhó, ar dtarruing a chloidhimh amach, do
smuáin sé é féin dho mharbhadh, oír do sháoil sé gur éulaigheadar na
braighde:


L. Gn16:28


Achd do éigh Pól do ghuth mhór, aga rádh; na déuna olc ar bioth
dhuit féin: oír atamáoidne uile annso.


L. Gn16:29


Agus ar ngairm ar sholus dósan, do sháith sé asdteach, agus ar
mbeith dó ar coimhchrith, do thuit sé siós ag cosuibh Phóil agus
Shílais.


L. Gn16:30


Agus arna mbreith leis amach dhó, adubhairt sé riú a
mhaighisdreagha, créd chaithfeas meisi dhéunamh dochum gu
sláineóchtháoi mé?


L. Gn16:31


Agus adubhradarsan ris creid ann sa tighearna Iósa Críosd, agus
sláineóchthar thú féin agus do theagh.


L. Gn16:32


Agus dorinneadar bríathar an tighearna do sheanmóir dhó féin agus dá
raibhe ina thigh uile.


L. Gn16:33


Agus anuáir sin féin donoidhche do ghlac sé iad, agus do nigh sé
sliochd a mbuilleadh: agus ar an mball do ghabh sé féin agus lión a thighe
uile baisdeadh chuca.


L. Gn16:34


Agus arna mbreith leis dó dhá thoigh féin, do chuir sé bórd na
bhfiádhnuisi, agus dorinne sé gairdeachus ar son hé féin agus a thoighe
uile do chreideamh anDía.


L. Gn16:35


Achd ar néirghe dhon lá do chuireadar na húachdaráin máoir uátha da
rádh; léig na dáoine sin amach,


L. Gn16:36


Agus do innis coimhéuduidhe na bríathra so do FPól, agá radh do
chuireadar na huáchdaráin fios uátha bhur léigean amach: uime sin
siobhluidh romhuibh anois, agus imthighidh a siothchain.


L. Gn16:37


Achd do fhreaguir Pól dóibhsean; tar éis gabhála oruinn gu puiblidhe
agus sinn neimhchiontach agus inar Rómhanachuibh, do theilgeadar a bpríosún
sinn, agus an né bhudh áil léo anois ar gcur amach ós íseal? ní headh
gu fírinneach: achd teaghuid féin agus beirid amach sinn.


L. Gn16:38


Agus do inniseadar na máoir na bríathraso dona huáchdaránuibh: agus
dho ghabh eagla iádsan an tan dochuáladar gur Rómhánuigh íad.


L. Gn16:39


Agus ar dteachd dóibh do chuireadar impidhe ortha, agus arna dtabhuirt
amach do ghuidheadar iád fá imtheachd amach as an gcathruidh.


L. Gn16:40


Agus ar dteachd as an bpriosún dóibh, dochuadar gu teagh Lidia,
agus ar bhfaicsin a mbráithreach tugadar comhfhurtachd dóibh, agus do
imthigheadar rompa.


L. Gn17



L. Gn17:1


Agus ar nimtheachd tré Amphípolis agus tré Apollónia dhóibh,
tangadar gu Theassalónica, mar a raibhe sinagóig ag na hÍuduidhibh.


L. Gn17:2


Agus fá mar do ghnáthuigheadh Pól, dochuáidh sé asdteach chuca, agus
dorinne sé diosbóireachd riú as na sgriobtúiribh, ar feadh thrí lá sabboíde,


L. Gn17:3


Ag miniughadh agus agá chur na bhfhiádhnuisi gurbhéigin do
Chríosd fulang, agus éirghe arís ó mharbhuibh: agus as hé so an
tÍosa Críosd sin dhonímsi sheanmóir dháoibh.


L. Gn17:4


Agus do chreideadar cuid dáirighthe dhíobh, agus do leanadar dho
Fpól agus do Shilas, agus mar an gcédna morán dona Gréugachaibh ar
a raibhe eagla Dé, agus fós mórá do mhnáibh uáisle.


L. Gn17:5


Achd do ghabh iomthnúdh na hÍudaidhe nár chreid, agus do cheangladar
dhrochdháoine dháirighthe agus chorramarguidh léo féin, agus ar mbeith
dóibh na gcuideachda mhóir, agus do bhuádhreadar an chathuir, agus
tangadar a dtimcheall tighe Iasóin ag iárruidh iádsan do thabhairt as
dochum an phobuil.


L. Gn17:6


Agus an tan nách fuáradar iádsan ann sin, do thairngeadar Iason, agus
cuid dáirighthe dhona bráithreachaibh dobhí annsin dochum úachdarán
na cathrach, ag éighmhe, agá rádh, as iád so dho láthair an mhuinntear do
chuir an saoghal bunsgcionn:


L. Gn17:7


Noch dhá dtug Iáson aoidhigheachd: agus atáid siád uile ag cur
anaghuidh orduighthe Chésair, ag rádh gu bhfhuil rí eile ann eadhón
Iósa.


L. Gn17:8


Agus do bhuáidhreadar an pobal agus uáchdaráin na cathrach ar gclos
na neitheadhso dhóibh.


L. Gn17:9


Agus ar ngabháil urraidhe ó Iason agus ón chuid eile, do léigeadar
uátha iad.


L. Gn17:10


Agus ar an mball do chuireadar na bráithreacha sanoidhche uáthadh
Pól, agus Silas gu Beréa: agus ar dteachd dóibh annsin,
dochuádar asteach gu sinagóig na nIuduidhe.


L. Gn17:11


Agus dob uáisle na hIuduidhe sin, ina ion mhuintear dobhí a
dTessalonica, agus do ghabhadar an bhríathar gu ró lúthgháireach
chuca, ag cuártughadh na sgriobtúireadh gach éun lá, dá fhéuchuin an mar sin do
bhádar na neithesin.


L. Gn17:12


Uime sin do chreideadar mórán díobh, agus mar an gcéudna mórán ban
uásal dona Gréugachuibh, agus fear leis.


L. Gn17:13


Agus ar bhfhagháil fheara dona hÍudaitheibh dobhí a
dTessalonica, gu ndearna Pól briáthar Dhé dho sheanmóir a
gcathruidh Bheréa leis, dochuádar annsin mar an gcéudna do chur
bhuaidheartha ar an bpobal.


L. Gn17:14


Achd do chuireadar na bráithreacha Pól uátha ar an mball, mar
budheadh gu rachadh sé ar fairrge, achd do an Sílas agus Timotheus
annsin na gcomhnuidhe.


L. Gn17:15


Agus do thréoraigheadar an chuideachda dhochuáidh lé Pól gu
cathuir Athens hé: agus ar bhfaghbháil aithne dhóibh dochum
Sílas agus Timotheus, dochum gu dtiocfaidis mar is luáithe do
fhéudfaidis chuige, dimthigheadar rompa.


L. Gn17:16


Agus ar mbeith do Phól ag fuireach riúsan a nAthens, do cuireadh
míshuáimhneas ar a spioraid fá mar dochunnaic sé an chathuir lán
diodhaladhradh.


L. Gn17:17


Ar anadhbharsin dorinne sé diosbóireachd ann sa síonagoig ris na
hÍuduighibh, agus ris na dáoinibh riaghalta, agus ré gach áon dá dteagmhadh
dhó ar an margadh gach éun lá.


L. Gn17:18


Agus dorinneadar drong dháirighthe dona hEpicurachuibh agus
dona Sdoiceachaibh dobhí na bhfeallsamhnuibh connspóid ris: agus
adubhradar cuid díobh, créd bhudh áill leis an bhfhear mbriosgghlórachso
dho rádh? Agus adubhradar cuid eile; as cosmhuil ris bheith na
shenmóntuidhe ar dhéibh coimhuightheacha, ar son gur sheanmóir sé Iósa agus
aneiseirghe dhóibh.


L. Gn17:19


Agus ar mbreith air, rugadar dhon tigh chúirte dá ngoirthear
Areopágus hé, agá rádh; an bhfhéudmáoid a fhios dfaghail créd
hé an teagusg nuá so labhrus tusa?


L. Gn17:20


Oír ata tú ag cur neitheadh nuá dháirighthe inar gcluásuibhne: ar
anadhbharsin dobudh mian linn a fios dfhagháil créd as ciáll dóibh.


L. Gn17:21


(Oir ní raibhe aire ar ní ar bioth eile ag luchd Athens, agus ag na
comhaightheachuibh tháinig daitreabhadh na measg, achd nuaidheachd
éigin dinnisin, nó dhéisdeachd.)


L. Gn17:22


Agus ar seasumh dho Phól a meadhón Areopágus adubhairt sé;
dochím a luchd Athens, gu bhfuiltí gu huilidhe ródhíthcheallach
aniódhaladhradh.


L. Gn17:23


Oír an tan do shiobhail mé ó áit gu háit, agus dochunnaic mé bhur
neithe naomhtha, fuáir mé altóir dháirighthe ina raibhe sgríobhtha, Don Día
feas cía hé. Ar anadhbharsin as hé an Día sin onórtháoi, as gan a fhios
aguibh cía hé, atáimsi do sheanmóir dhíbh.


L. Gn17:24


Oír ní dhénann an Día dorinne an domhan, agus gach uile ní dha bhfhuil
ann, ar mbeith dó na thighearna ar neamh agus ar an dtalamh, comhnuidhe
a dteampluibh atá arna ndéunamh lé lamhuibh dáoine:


L. Gn17:25


Agus fós ní tugthar onóir dhó lé lamhuib dáoine, fá mar dho bhiadh
riáchdanus neich ar bioth air, oír ios hé féin dobheir beatha, agus anál, agus
gach uile ní, dona huile neithibh.


L. Gn17:26


Agus dorinne sé anuile cheinél dáoine dhéunfhuil amhain, dochum
gu naitéoghdais ar druim na talmhan uile, agus do chuir sé siós na haimseara
do réir uird, agus do chuir sé tóranna fánáit an aíéoghdais:


L. Gn17:27


Dochum gu niarrfaidís an tighearna, dá madh éidir léo a fhaghbháil ré
a ghlacadh: gé nach fada ó éunduine aguinn hé.


L. Gn17:28


Oír is annsan mhairmíd, agus chorruighemíd, agus atámáoid: do réir mar
adubhradar cuid dá bhur bhfileadhaibhsi; oir ios dá chinéulsan fós sinn.


L. Gn17:29


Ar anadhbharsin ar mbeith dhúinn do chinéul Dé, ní cóir dhúinn a
bhreathnughadh gurab cosmhuil an diághachd ré hór, na ré hairgead, na ré
cloich arna grabháil lé healuidhin nó lé hinntleachd dáonda.


L. Gn17:30


Uime sin ar léigean aimsear anainbhfisi tairis do Dhía, dobheir
sé anois furfhúagra uádha dá gach uile dhuine aithreachus do dhéunamh in
gach aít.


L. Gn17:31


Ar anadhbhar gur órduigh sé lá ana mbéura sé breath chomhthrom ar an
sáoghal, tres an bhfear úd dho orduigh sé: agus mar dhearbhadh ar so
dá gach uile dhuine, do thóguibh sé suás ó mharbhuibh hé.


L. Gn17:32


Achd an tan dochúaladarsan eiséirghe na marbh, dorinneadar cuid
diobh fonámhad, achd adubhradar cuid eile, cluinfeamáoid thú ag teacht tar
an ní si arís.


L. Gn17:33


Agus as mar sin do imthigh Pól amach as a lár.


L. Gn17:34


Agus do adhradar cuid díobh dhe, agus do chreideadar: eidir a raibhe
Dionisius Areopagíta, agus bean dárbhainm Damaris, agus dream
eile maille riú.


L. Gn18



L. Gn18:1


Tar éisi so ar bhfagbháil Athens do Phól, taínic sé gu
Corinthus.


L. Gn18:2


Agus fuáir sé Iudaidhe dháirighthe annsin darbhainm Acuilas noch
rugadh a bPontus, taínic gu déigheanach ónEadáill, é féin agus a
bhean Priscilla, (ar anadhbhur gur aithin Claudius dona
hIuduidhibh uile dul as an Róimh) agus dochuaidh sé na gceann:


L. Gn18:3


Agus do bhríogh gu raibh sé dáoincheird ríu; do an sé na bhfhochair, agus
dorinne sé obair na bhfharradh: oír aseadh do ba ceard dóibh pailliúin
do dhéunamh.


L. Gn18:4


Agus doniódh sé disbóireachd sa tsinagóig gach éun lá sábbóide,
ionnus gur tharruing sé na hÍuduidhe agus na Gréuguidh, ar a sdaid féin.


L. Gn18:5


Agus mar thainic Sílas agus Timotheus ó Mhacedónia, do las Pól
an a spioruid, ag déunamh fínné dona hÍuduidhibh gurbhé Iósa an
Críosd úd.


L. Gn18:6


Agus an tráth do chuireadarsan na aghuidh, agus do easonóruigheadar
ainm Dé, ar gcrothadh a éudaigh dhósan adubhairt sé riú; biódh bhur
bhfhuil ar bhur gceann féin: Atáimsi glan uáidhe so suas rachuidh mé dochum
na gcineadhach.


L. Gn18:7


Agus ar nimtheachd dó as sin, dochúaidh sé gu teagh dhuine
dháirighthe dárbhainm Iustus, duine agá raibhe eagla Dé air, agus aga
raibhe a theach laímh ris an sionagoig.


L. Gn18:8


Agus do chreid Crispus uáchdarán na sinagoige, maille ré luchda thighe
uile ann sa tighearna: agus tugadar mórán dona Corintianachuibh éisdechd
uátha do chreideadar, agus do ghabhadar baisdeadh chuca.


L. Gn18:9


Agus adubhairt an tighearna sanoidhche a dtaidhbhsi ré Pól, na
biódh eagla ort, achd labhuir, agus na bí ad thochd:


L. Gn18:10


Oir atáimsi maille riot, agus ní thiocfa duine ar bith ort do dhéunamh
uilc dhuit: oír atá pobal mór agumsa ann sa chathraigh so.


L. Gn18:11


Agus do an seisean sanionadhsin bliádhuin agus sé mhí, ag teagusg
bhréithre Dé na measg.


L. Gn18:12


Agus an tráth dobhí Gallio na ghiúistís a nAchaia, do
éirgheadar na hÍuduidhe dhéuntoil anaghuidh Phóil, agus rugadar
a bhfhiádnuisi na catháoireach breitheamhnuis hé.


L. Gn18:13


Agá rádh, taírrngidh an fear so léna bhriáthraibh na dáoine, dochum Dé
dhonorughadh anaghaidh an dlighidh.


L. Gn18:14


Agus an tan do shantuigh Pól a bhéul dosgladh, adubhairt Gallio
ris na hÍuduidhibh, ó a Iúduidheadha da madh égcóir ar bioth nó
drochghníomh do éiléochadh sibh, do iomchóruinn libh do réir
chuibhdhis:


L. Gn18:15


Gidheadh más a dtimcheall bhriáthar agus anmann agus bhur ndlighidh atá bhur
gceisd, féuchuidh féin dó: oír ní bhíus am breitheamh ar a leitheidibh sin do
neithibh.


L. Gn18:16


Agus do chuir sé ón chatháoir bhreitheamhnuis iád.


L. Gn18:17


Annsin ar mbreith dona Gréuguibh uile ar Shostenes uáchdarán na
sinagóige, do ghabhadar air a bhfhíadhnuisi na chatháoireach
breitheamhnuis: achd nír chuir Gallio suim an ní ar bith dona
neithibhsin,


L. Gn18:18


Agus ar nanmhuin do Phól ann sin fós mórán do laithibh, do
fháguibh sé soruid ag na bráithreachuibh, agus dochuáidh sé a luing gu
Síria, agus dochuáidh Priscilla agus Acuilas leis, tar éis a chinn do
bhearradh dhó a gCenchrea: oír dobhí móidghealladh air.


L. Gn18:19


Agus táinic sé gu hÉphesus, agus do fhágaibh sé annsin iád,
gidheadh dochuáidh sé féin asdteach don tsinagóig, agus do thaguir
sé ris na hÍuduidhibh.


L. Gn18:20


Agus do iárradar air anmhuin na bhfochair ní bhudh fhoide,
gidheadh nír áontaigh seisean sin:


L. Gn18:21


Achd do fháguibh beannachd aca, agá rádh; is éigin dámhsa gu deimhin
an tsollomuin so chugainn do dhéunamh a nIarusalém: achd más a
thoil lé Día hé, fillfidh mé chuguibhsi arís. Agus do sheól sé ó
Ephesus.


L. Gn18:22


Agus ar ndul dó siós gu Cesárea, agus suás gu hIarusalém, agus ar
mbeannughadh dhoneagluis dó, dochuáidh sé siós gu hAntióchia.


L. Gn18:23


Agus ar nanmhuin dó ann sin ar feadh tamuill, do imthigh sé roimhe,
agus do shiobhuil sé anórdughadh ar féadh chríche na Galátia, agus
Phrigia, ag neartughadh na ndisgiobal uile.


L. Gn18:24


Agus tháinig Iúdaighe dháirighthe gu hEphesus dárbhainm
Apollós, rugadh a nAlexándria, fear labhartha láin, dobhí
cumhachdach ann sna sgriobtúiribh.


L. Gn18:25


Dobhí an fear so arna theagusg a slighidh an tighearna, agus ar mbeith
dó ar fiuchadh sa spioruid, do labhuir, agus do theaguisg sé go díthcheallach
neithe a dtimcheall an tighearna, agus gan déolus aige achd baisdeadh
Eóin amháin.


L. Gn18:26


Agus do thionnsguin sé labhuirt gu dána ann sa tsinagóig. Agus an
tráth dochuáluidh Acuilas agus Priscilla hé, rugadar léo chuca féin
hé, agus do fhoillsigheadar shlighidh an tighearna dhó nías dhiongmhála.


L. Gn18:27


Agus an tan dobáil leis dul gu hAchaia, tugadar na bráithreacha
comháirle dho, agus do sgríobhadar dochum na ndisgiobal a ghabháil chuca:
agus ar dteachd dhó ann sin, tug sé furtachd mhór don lión do creid tré
ghrásuibh.


L. Gn18:28


Oir dorinne sé diosbóireachd mhór shaothrach a bhfiádhnuisi an
fpobuil ris na hÍuduighibh, dá fhoillsiughadh as na sgriobtúiribh gurbhé
Iósa an Críosd úd.


L. Gn19



L. Gn19:1


Agus tárrla anúair dhobhí Apollos a gCorinthus, gur shiobhail
Pól tres na rannuibh uáchdaracha, agus gu dtaínic sé gu hEphesus:
agus ar bhfagháil dhisgiobal dáirighthe dhó annsin,


L. Gn19:2


Adubhairt sé riú; nar ghabhabhuir an spiorad náomh ó dho
chreideabhair? Agus adubhradarsan ris; ní chuálamar anoiread sin féin
gu bhfhuil spiorad náomh ann.


L. Gn19:3


Agus adubhairt seision riú; uime sin créd inar baisdeadh sibh? Agus
adubhradarsan, a mbaisdeadh Eóin.


L. Gn19:4


Agus adubhairt Pól riú, gu deimhin do bhaisd Eóin lé baisdeadh
na haithrighe, agá rádh ris an bpobal, creideamh ann sa tí
dothiocfadh na dhiáigh féin, eadhon a nIósa Criosd.


L. Gn19:5


Agus arna chlos so dhóibhsion, do ghabhadar baisdeadh chuca anainm
an tighearna Iósa.


L. Gn19:6


Agus ar gcur a lámh dho Phól orrtha, tainic an spiorad náomh orrtha,
agus do labhradar lé teangthuibh, agus dorinneadar fáideadoireachd.


L. Gn19:7


Agus dobhí an mhuinntear sin uile a dtimcheall dá fhéar dhéug.


L. Gn19:8


Agus ar ndul asdteach dhó don tsinagoig, do labhuir sé gu dána, ar
feadh thrí míos ag diosbóireachd, agus ag fuláireamh na neitheadh do bhean
ré rioghacdh Dé.


L. Gn19:9


Achd an tráth do chruaidhigheadar dream aca, agus dochuádar a
neasumhal, ag labhairt gu holc ar shlighidh Dhé a bhfhiádhnuisi an
fpobuil, do imthigh Pól uátha, agus do leathnuigh sé na disgiobail, agus do
bhíodh sé ag diospóireachd gach éun lá a sgoil duine dháirighthe darbhainm
Tiránnus.


L. Gn19:10


Agus dobhí so dhá dhéunamh ar feadh dhá bliádhan: a gcruth gu gcualadar
a raibhe annsanAisia uile, éidir Iuduidhe agus Ghréugach, briáthar an
tighearna Iósa.


L. Gn19:11


Agus as mór na miórbhuile dhorinne Día tré lámhuib Póil.


L. Gn19:12


A gcruth gu mbeirthí óna chorp, éudaighe lámh nó cinn, dochum na
ndáoine dtinn, agus gu ndealughadh a neasláinte riú, agus gu nimthighdís
drochspioruide asda.


L. Gn19:13


Agus do ghabhadar dream dháirighthe dhona hÍuduidhibh dobhiódh ag
siobhal ó áit gu háit ag cur spiorad fá gheasuibh dho láimh, ainm an
tighearna Iósa a dhainmniughadh ós cionn na ndáoine aga mbíodh
drochspioruda ionnta, agá rádh, cuirmíd fá gheasuibh sibh tré Iósa doní
Pól a sheanmóir.


L. Gn19:14


Agus dobhádar móirsheiseardh dhairighthe mac ag Iúdaighe
dárbhainm Sceua dobhí ana ardshagurt, noch doníodh so.


L. Gn19:15


Achd ar bhfreagra don drochspioraid, adubhairt sí riú; atá éolus ar
Iósa agum, agus as aithnidh dhamh Pól: gidheadh cía sibhsi?


L. Gn19:16


Agus do shaith an duine aná raibhe an drochspiorad orrtha, agus arna
gcláoi dhó do bhuadhuigh sé orrtha, a gcruth gur theitheadar créuchdach
lomnochdach as an dteagh sin.


L. Gn19:17


Agus fuaradar na hÍuduighe agus na Gréuguigh uile do aítrigh
a nEphesus a sgéula so: agus do ghabh eagla iád uile. Agus do
hoirrdhearcaidheadh ainm an tighearna Iósa.


L. Gn19:18


Agus tangadar mórán don mhuinntir do chreid, ag admháil, agus ag innisin a
ngníomharthadh féin.


L. Gn19:19


Agus mar an gcédna tugadar mórán don mhuinntir do ghnáthuigheadh
drochealadhna a leabhuir léo, agus do dhóigheadar a bhfhiádhnuisi cháich
uile iád: agus do chomháireadar a luách, agus fuáradar hé na dheich míle
agus dá fhichead do phiósadhaibh airgid.


L. Gn19:20


Do fhás briáthar Dhé a chomhcumhachdachsin, agus rug sí buáidh.


L. Gn19:21


Agus ar gcríochnughadh na neitheadhsa, do chuir Pól roimhe ina
intinn tar éis dul tré Macedónia agus Achaia dhó, dul gu
hIarusalém, agá rádh; as éigin damh tar éis bheith annsin damh, dul
dfhéuchain na Rómha.


L. Gn19:22


Agus ar gcur dheisi dhon mhuinntir dobhiódh ag minisdrálachd dó,
eadhon Timotheus agus Erastus gu Macedónia, do an sé féin a
nAsia ar feadh tamuill.


L. Gn19:23


Agus fánamsin do eirigh trioblóid nár bheag a dtimcheall tsligheadh
an tighearna.


L. Gn19:24


Oír dobhí ceard dáirighthe dárbhainm Demetrius, doníodh
teampuill airgid do Dhiána, agus fuáir faghuil neith nar bheag
don luchd céirde.


L. Gn19:25


Agus ar gcruinniughadh dhó, agus a raibhe réna leithéid sin do cheird,
adubhairt sé riú: a dhaoine, atá a fhios aguibh gurab leis an gcéirdse
dhogheibhmídne ar saibhreas.


L. Gn19:26


Agus dochíthí, agus dochluintí gur fhill an Pólsa léna bhríathraibh
pobal mór, ní hé amháin pobal na hEphesus, achd mar an gcéudna na
hAsia uile achd beagán, agá rádh; nách Dée na neithe úd atá arna
ndéunamh lé lámhuibh daoine.


L. Gn19:27


Agus ní hí ar gcéird abháin as guáis dúinn do theachd chum masla,
achd mar an gcéudna teampall na baindée móire Dhiána do dhul a
dtarcuisne, agus fós gu dtiocfadh dochum críche gu gcuirfí ar gcúl
a morrdhachdsa, noch onóruidheas a nAisia, agus an domhan mhór uile.


L. Gn19:28


Agus ar gclos na neithe sa dhóibh, do liónadh iad dhfeirg, agus do
ghaireadar aga rádh, is mór Diána na nEphesiánach.


L. Gn19:29


Agus dobhí an chathuir uile arna líonadh do bhuáidhreadh, agus do
thíomáineadar dhéuntoil gu háit chruinnighthe an phobail, agus
rugadar ar Ghaius, agus ar Aristarcus Macedónaigh, dobhí ina
luchd comhaisdir ag Pól.


L. Gn19:30


Agus arna shanntughadh dho Phól dhul asdteach a measg an fpobuil, nír
leigeadar na disgiobail dó.


L. Gn19:31


Agus mar an gcédna do chuireadar cuid dáirighthe duáchdaranuibh na
hAsia dobhí na gcairdibh aige teachda chuige, dá iárruidh air gan
dul gu haít chruinnighthe an fpobuil.


L. Gn19:32


Uime sin do éigh cuid diobh an nísi, agus cuid ní eile: oír dobhí an
coimhthionól buáidheartha, agus ní raibhe a fhios ag an gcuid dobudh mó
dhíobh, créd é an tadhbhar fá a dtangadar a gceann a chéile.


L. Gn19:33


Agus rugadar amach riú as an tsluágh duine dháirighthe
dárbhainm Alexanndar, noch dho thiomaíneadar na hÍuduighe romra. Agus
ar sméideadh dhAlexanndar léna láimh ag iárruidh éisdeachda, dob
áill leis an tadhbhar dhinnisin don fphobal.


L. Gn19:34


Agus an tan do aithnigheadar gur Iúdaighe hé, do thógbhadar uile gáir,
ag éighmhe feadh dhá uáir achd beag, agá rádh, is mór Diána na
nEphesiánach.


L. Gn19:35


Do chiúnaidh an cleireach na comhairle an pobal, ag rádh; a luchd
Ephesus, cía an dúine ag nách fuil a fhios gurob ar chathair na
nEphesiánach cúruim teampuill an bhaindée moire Dhiána do
chonnmháil gu deaghmhaiseach, agus na hiomhaidhe do thuit anuás ó
Iubiter?


L. Gn19:36


Ar anadhbharsin ó nach féudann duine ar bioth cur na aghuidh so,
is cóir dhíbhsi suáimhneas do dhéunamh, agus gan ní ar bioth do dhéunamh gu
hobann.


L. Gn19:37


Oír tugabhuir na dáoinesi libh, nách ar ghoid áoin ní as na heagluisibh,
agus nách dtug aithis do bhur mbaindée.


L. Gn19:38


Ar anadhbharsin má atá adhbhar ag Demétrius agus ag luchd a cheirde
atá na fhochuir ar dhuine ar bioth, atá an cdligheadh osguilte aca,
atá achomhairle dho láthuir, éilighid féin a chéile:


L. Gn19:39


Achd má atá bhur gceisd fá adhbhuruibh eile, réidhfidhear hí a
gcoimhthionól dhlightheach.


L. Gn19:40


Oír atámáoid a ngábhadh gu néileóchthar sinn a gcúis cheannairrce, ar son
an laoi aniugh, oír ní fhuil adhbhar ar bioth ina bhfhéudmaid reusún do
thabhuirt ar son an chruinnighthesi. Agus an tan adubhairt sé so, do léig
sé sgáoileadh dhon choimhthionól.


L. Gn20



L. Gn20:1


Agus tar éis na ceandairrce dho chosg, do ghoir Pól na disgiobail
chuige, agus do theann sé ris iád, agus do thriall sé dul uátha gu
Macedónia.


L. Gn20:2


Agus ar ndul trés na críochuibhsin dó, agus arna dteagusg lé hiomad
briathar, taínic sé dhon Gréig.


L. Gn20:3


Agus ar mbeith thrí mhí dhó ann sin, ar gcur luigheachaín dona
hIudaighibh air, fá mar dhobhí fáoi dhul a luing gu Siria,
do chuir sé reimhé filleadh tar a ais gu Macedónia.


L. Gn20:4


Agus dochuáidh ris na chuideachdain gus anAsía, Sópater ó
chathruigh Bheréa: agus do luchd Thessalónica, Aristarchus
agus Secundus, agus Gaius ó chathruigh na Deirbe, agus
Timotheus: agus do luchd na hAsia, Tichicus agus Trophimus:


L. Gn20:5


Do imthigheadar an chuideachda so romhainne, agus do anadar rinn a
dTróas:


L. Gn20:6


Achd dochuámairne a luing ó Philippi tar éis laithe anaráin gan
labhín, agus tangamair chucasan gu Tróas a gcionn chuig lá, agus
do anamair annsin ar feadh seachdmhuine.


L. Gn20:7


Agus an céud lá dhon tseachdmhuin ar gcruinniughadh do na
disgiobluibh a gceann a chéile, do bhriseadh aráin, do bhríogh gu
raibhe fáoi Fpól imtheachd uatha lá arna mhárach, dorinne sé
seanmóir dhóibh, agus do shín sé a sheanmóir gu meadhón na hoidhche.


L. Gn20:8


Agus dobhádar móran lóchrann a seómra árd inar chruinnigheadar a
gceann a chéile.


L. Gn20:9


Agus do shuidh ógánach dháirighthe dárbhainm Eutichus ar
fuinneóig asdtigh, agus do thuit codladh trom air, agus ar mbeith
do Phól a bhfhad ag déunamh seanmóra agus an codladh ar mbreith
neirt airsean, do thuit sé siós ón treas lota, agus to tógbhadh suás
marbh hé.


L. Gn20:10


Agus ar ndul do Phól siós, do luigh sé air, agus arna fásgadh ris
dó, adubhairt sé, na biódh buáidhreadh ar bioth oruibh: oír atá a anum
ann.


L. Gn20:11


Agus ar ndul dó Phól suás arís, do bhris sé arán, agus a duáidh
sé, agus dorinne sé comhrádh fada gu dtaínic maidean, agus is mar
sin do imthigh sé uátha.


L. Gn20:12


Agus tugadarsan an tógánach léo na bheathuigh, agus nír bheag a
ngairdeachus.


L. Gn20:13


Achd ar ndul a luing dhúinne do shéolamar gu hAssos, ar chor gu
mbéurmais Pól linn as. Oír is mar sin do orduigh sé hé, arna chur
roimhe dhó féin imtheachd do thír.


L. Gn20:14


Agus anúair tárrla sé oruinn a nAssos, arna bhreith linn dúinn
tangamar gu Mitiléne.


L. Gn20:15


Agus ag séoladh dhúinn as sin, tangamar lá arna mhárach as comhair
Chios, agus an lá na dhiáigh tangamar a dtír Samos, agus do
ananmair a dTrogillium, agus tangamar lá arna mhárach gu
Milétum.


L. Gn20:16


Oír dorinne Pól do chomhairle gabháil dfhairrge ré táobh
Ephesus, deagla gu gcuirfidhe moill ar bioth air annsanAsia.
Oír dobhí sé ag déunamh deithbhireach dochum dá madh éidir dhó é, gu
mbiádh sé a nIarusalém am chingcidhís.


L. Gn20:17


Agus ar gcur theachdaireadha uádha ó Mhilétum gu hEphesus, do
cuir sé fios ar shinnsearaibh na heagluisi.


L. Gn20:18


Agus mar thangadar na cheann, adubhairt sé ríu, atá a fhios aguibhsi
cionnus dobhí meisi in bhur bhfhochuir in gach uile aimsir, ón chéud lá
tháinic mé gu hAsia,


L. Gn20:19


Ag déunamh seirbhísi don tighearna maille ré gach uile umlachd intinne,
agus maille ré gach uile umhlachd intinne, agus maille ré mórán déur agus
cathaighth, noch dho éirigh dhamh do bhríogh cheilge na nIudaigheadh:


L. Gn20:20


Agus nár chongaimh mé ní ar bioth gu folaightheach dár fhoghuin, gan a
fhoillsiughadh dhibh, agus gan bhur dteagusg gu puiblidhe, agus ní in gach
tegh fo leith:


L. Gn20:21


Ag déunamh fiádhnuisi do na hÍuduighibh agus do na Greugauibh, fá
fhilleadh dochum Dé, anaithrighthe agus a gcreideamh ar dtighearna Iósa
Críosd.


L. Gn20:22


Agus tabhuir dhod dúidh anois, atáim ag dul gu hIarusalém
ceanguilte ann sa spioruid, gan a fhios agum créd theigéumhus dhamh
ann:


L. Gn20:23


Achd amháin gu ndéunann an spiorad náomh fiádhnuisi in gach uile
chathruigh dhámh, agá rádh, gu bhfhuilid geimhleacha agus míshuáimhneas
ullamh am oirchill.


L. Gn20:24


Achd ní fhuil cás agum an ní ar bioth, agus ní fhuil cion agum ar
mhanum féin, achd gu dtí dhíom mo thuras agus an mhiniosdrálachd fuáir mé
ón dtighearna Iósa do choimhliónadh maille ré gáirdeachus, ré fiádhnuise
dhéunamh do shoisgéul ghrás Dé.


L. Gn20:25


Agus féuch anois, atá a fhios agam nach faicfidh éunduine aguibhsi, ar
ar shiobhail mé ag seanmóir rioghachda Dé, maghuidh ó so amach.


L. Gn20:26


Ar anadhbharsin tógbhuim sibhsi dhfhíadhnuisi ann sa ló amuigh,
gu bhfhuilim glan ó fhuil na nuile dháoine.


L. Gn20:27


Oír nír choimhéud mé ní ar bioth uáibh, gan comhuirle Dhé uile
dhfhoillsiughadh dháoibh.


L. Gn20:28


Ar anadhbharsin tabhruidh bhur naire féin, agus don tréud uile ar a
ndearna an spiorad náomh áoghaireadha dhíbh, dochum gu ndingénuadh sibh
eagluis Dé noch do cheannaigh sé léna fhuil féin do bheathughadh.


L. Gn20:29


Oír atá a fhios so agamsa, tar éis imeachda dhamh féin, gu dtiocfuidh
madruigh allta ghéura in bhur measg, nách coigéola an tréd.


L. Gn20:30


Agus fós éiréochuid dáoine dhíbh féin, noch laibhéorus neithe sáobha,
dochum gu dtairréongdais disgiobal na ndiáigh féin.


L. Gn20:31


Ar anadhbharsin déunaidh faire, agus cuimhnighidh nár sguir meisi ar
feadh thrí mbliádhan, ag teagusg gach áoin díbh dho ló agus doidhche
maille ré déuruibh.


L. Gn20:32


Agus anois, a bhráithreácha ar cumairce Dhé agus bhriáthar a ghrásdibh,
noch fhéudas bhur dtógbháil suás, agus oighreachd do thabhuirt díbh a
bhfhochair na nuile náomh.


L. Gn20:33


Nír shanntuigh mé airgead mé airgead na ór na éudach dhuine ar bioth.


L. Gn20:34


Agus ní hé sin amhain achd is aithnidh dáoibhsi fein, gurab iád
na lámhasa do sholáthar dhamh gach ní dhá raibhe na riáchdanus orum
féin, agus ar na dáoinibh dho bhiódh amfhochair.


L. Gn20:35


Do fhoillsigh mé dhíbh annsna huile neithibh, gurob aamhluidh so is
cóir dháoibh saothar dho dhéunamh, ag cungnamh leis na hanbhannuibh, agus
briáthra a tighearna Iósa do chuimhniughadh, fá mar adubhairt sé, is mó
as beannaighthe ní dho thabhairt ná dho ghlacadh.


L. Gn20:36


Agus an tan adubhairt sé na briáthraso, dhá léigean féin ar a
ghlúinibh, dorinne sé urnaighthe maille ríusan uile.


L. Gn20:37


Annsin do ghuileadar uile gu mór, agus ag luighe ar mhuinéul
Fpóil, do phógadar é:


L. Gn20:38


Gu mormhór do cháoieadar fán mbréithirse adubhairt sé, eadhón nách
faicfidís a aghaidh as sin suas: agus dochuádar dhá thiodhlucadh gus an
luing.


L. Gn21



L. Gn21:1


Agus tárrla ar ndealughadh riúsan dúinn, gur shéolumuir fán
bhfhairrge, agus tangamar gu díreach gu Cóos; agus lá arna
mhárach gu Rhódus, agus as sin gu Padara.


L. Gn21:2


Agus ar bhfagháil luinge dhúinn annsin, dobhí ag triáll gu
Phenice, dochuámar innte, agus do shéolamair romhainn.


L. Gn21:3


Agus ar dteachd a radharc Chipruis, agus arna fhagbháil ar ar
láimh chlí dhúinn, do shéolamair gu Siria, agus tangamair as sin gu
Tirus: oír as annsin dobudh mián leis an luing a lasd do chur
amach.


L. Gn21:4


Agus ar bhfhagháil disgiobal annsin dúinn, do anamair seachdmhain
na bhfhochair: agus do inneasadar dho Phól trésan spioraid,
nárbhiondulta dhó suás gu hIarusalém.


L. Gn21:5


Agus ar gcríochnughadh na laitheadh soin. do thríallamairne romhainn
ar slighe, agus tangadársan uile, agus a mná, agus a gclann inar
gcuideachda as an gcathruigh amach: agus do leigeamair ar ar nglúinibh
sinn ar an dtráigh agus dorinneadar urrnuighthe.


L. Gn21:6


Agus tar éis a chéile do fpógadh dhúinn, dochuámar sa luing: agus
do fhilleadarsan dá dtighthibh féin.


L. Gn21:7


Agus ar gcríochnughadh ar loingséoreachda dhúinne, tangamar ó
Thirus gu Ptolemais: agus ar mbeannughadh dhona bráithreachaibh
dhúinn, do anamar lá na bhfhochair.


L. Gn21:8


Agus lá arna mhárach ar nimthígheachd do Phól, agus dúinne dobhí
na chuideachdain, tangamair gu Cesárea: agus ar ndul asdteach
dhúinn gu teagh Philib suibhisgel noch dhobhí dhon
mhóirsheisear úd do anamair na fhochair.


L. Gn21:9


Agus dobhádar ceathrar maighdean dingheanuibh aigesion, noch do
niódh fáidheadóireachd.


L. Gn21:10


Agus ar nanmhuin dúinne ansin morán do laithibh, taínic fáidh
dháirighthe ónIudéa dhárbhainm Agabus:


L. Gn21:11


Agus ar dteachd chugainne dhó, do ghlac sé crios Póil, agus do
cheanguil sé a lámha féin agus a chosa, agus adubhairt sé, is mar
so adeir an spiorad náomh, is ar an gcorsa cheingléouid na
hIudaidhe an tí lénab leis an crios so a nIarusalém, agus
dobhéuruidh siád a láimh na gcineadhach hé.


L. Gn21:12


Agus an tan dochuálamar na neithesi, do iárramair féin agus luchd na
háite sin air, gan dul suás gu hIarusalém.


L. Gn21:13


Do fhreaguir Pól annsin, agus adubhairt sé, créd dobheir sibhsi
ag gul, agus ag briseadh mo chroidhe? Oír atáimsi ollamh, ní dochum
bheith cuibhrighthe amháin, achd mar an gcédna dochum báis dhfulang
a nIarusalém, ar son anma an tigherna Iosa.


L. Gn21:14


Agus an tan nár ghabh sé comhairle, do sguireamar, agá rádh; biódh mar
as toil leis an tighearna.


L. Gn21:15


Agus tar éis na laitheadhsa, ar mbeith ullamh dhúinn, dochuámar suás
gu hIarusalém.


L. Gn21:16


Agus tangadar druing dona disgiobluibh linn ó Chesárea, agus
tugadar seindisgiobal dáirighthe léo dhárbhainm Mnason dorugadh
a Chíprus, agá mbeimís ar ósda.


L. Gn21:17


Agus ar dteachd gu hIarusalém dhúinn, do ghabhadar na bráithreacha
chuca sinn gu lúthgháireach.


L. Gn21:18


Agus lá arna mhárach dochuáidh Pól maille rinne asdteach mar a
raibh Séumus, agus do chruinnigheadar na sinsir uile annsin.


L. Gn21:19


Agus ar dteannadh ris do Phól, do innis sé a ndiáigh a chéile,
créd dorinne Día tré na dheirbhís féin ameasg na gcineadhach.


L. Gn21:20


Agus arna chlos so dhóibhsion, tugadar glóir dhon tighearna: agus
adubhradar ris, dochí tusa a bhráthair ga mhéud míle dhona hIudaidhibh
taínic dochum creidimh: agus atáid siád uile lán do ghrádh an reachda.


L. Gn21:21


Agus dochuáladar ortsa, gu dteagaisgeann tú dá gach uile Iúduighe
dhá bhfuil ameasg na gcineadhach Máoisi dho thréigean, agus gu
nabuir tú nách cóir dhóibh a gclann mhac dho thimcheallghearradh, na
siobhal do réir an ghnáthuighthe.


L. Gn21:22


Ar anadhbharsoin créd doghénam? ní fhuil amharus gurab éigean don
phobal cruinniughadh a gceann a chéile: oír dhochluinfid siád gu dtánuig
tusa.


L. Gn21:23


Ar anadhbharsin déuna an nísi adeirmídne riot: atáid ceathrar
dho dháoinibh aguinne agá bhfhuil móid ortha:


L. Gn21:24


Beir iád so leat, agus glantar thú maille riú, agus tabhuir bárr
cosduis dóibh a chor gu mbearrfaidís a gcinn, agus aithéonaidh gach uile
dhuine nach fuil eifeachd inar cuireadh ort, achd gu siobhlann tú féin ag
coimhéud an reachda.


L. Gn21:25


Achd a dtáobh ar chreid dona cineadhachuibh do sgríobhamair, agus
do ordaigheamair dhóibh gan a leithéide sin do ghnáthughadh, achd amháin
iád féin do choimhéd ó gach ní iodhbarthar, dhíodhaluibh, agus ó fhuil,
agus ó neithib atá arna múchadh, agus ó sdríopachas.


L. Gn21:26


Annsin rug Pól na fir úd leis, agus arna mhárach arna náomhadh
maille riú dochuáidh sé dhon teampoll, ag foillsiughadh choimhliónta
laitheadh an ghlanta sin, nó gu dtúgtháoi ofráil ar son gach áonduine
aca.


L. Gn21:27


Agus tar éis na seachd lá sin do choimhliónadh achd beag, dochunncadar
Iúdaightheacha dhárighthe dhon Asia eisean ann sa teampoll,
agus do bhogadar an pobal uile, agus do chuireadar lamha ann san.


L. Gn21:28


Ag éighmhe, cobhair a luchd Israél: asé so an fear ud theaguisgeas
in gach uile ait anaghuidh an phobuil, agus an reachda, ahus na haítesi:
agus tuilleadh eile fós tug sé Gréuguigh asdteach dhon teampoll, agus do
shaluigh sé anaít náomhthasa.


L. Gn21:29


(Oír dochunncadar Trophimus Ephesiánach na fhochuirsean sa
chathraigh reimhe sin, noch dho sháoileadrar do bhreith dho Phól
don teampall.)


L. Gn21:30


Uime sin do bhuáidhreadh an chathuir uile, agus do ritheadar an pobal
a gceann a chéile: agus ar mbreith ar Phól dóibh do thairrngeadar
amach as an dteampoll é: agus ar an mball do hiádhadh na doirrsi.


L. Gn21:31


Agus an tan do bhreathnuigheadar a mharbhadh, taínic sgéula gu
hárdchaipdéin an bhanna, gu raibhe Iarusalém uile arna buáidhreadh:


L. Gn21:32


Agus ar an mball rug seisean soighdiúirighe agus caiptéinighe leis,
agus do rioth sé chucasan. Agus an tan dochunncadarsan an
tuáchdarán agus na soighdíuiri chuca, do sguireadar dho ghabháil ar
Phól.


L. Gn21:33


Annsin ar ndrud ris donuáchdarán, rug sé air, agus do aithin sé a
cheangal lé dha shlabhradh: agus do fhiáfruigh sé cia hé, agus créd
dorinne sé.


L. Gn21:34


Agus do éigh cuid mar so, agus cuid mar súd ameasg an phobail: agus
do bhriogh nárbhéidir leision deimhin sgéul dfagháil do bhrígh na
buáidheartha, do aithin sé eisean do bhreith don chaisléun.


L. Gn21:35


Agus tárrla ar dteachd do Phól dochum a sdaighre, gur iomchradar
na saighdíuirighe hé do bhriogh fhoiréigin an phobail.


L. Gn21:36


Oír do lean mórán don phobal , ag éighmhe, agus agá rádh, beir uainn
é.


L. Gn21:37


Agus an tráth dobhí Pól dá bhreith asdteach don chaisléun, adubhairt
sé ris an uáchdarán, an ceaduightheach dhamh ní dho labhuirt riot? agus
adubhairt seision, an labhrann tú Gréigis?


L. Gn21:38


An né nach tusa an tÉigiptach úd do thóguibh ceannarraic mhór roimhe
so, agus do thréoruigh cheithre mhíle dho dháoinibh drochbheartacha leat ar an
bhfhásach?


L. Gn21:39


Agus adubhairt Pól ris, gan amharus air as Iúdaighe mhisi, ó
chathruigh roordhairc Tharsus a Cilicia: agus guidhim thusa
fulaing dhamh labhuirt ris an bpobal.


L. Gn21:40


Agus an tan tug sé cead dó: ar seasamh dho Phól ar an sdaighre, do
sméid sé léna láimh ar an bpobal, ag iárraidh éisdeachda: agus ar
ndénamh cíunuis mhóir dóibh, do labhuir sé sa teanguidh eabhra ríu,
agá rádh.


L. Gn22



L. Gn22:1


A dháoine, a bhráithreacha, águs a aithre, éisdigh anois rém
sháoradhsa dháoibh.


L. Gn22:2


(Agus an tan dochuáladar gurab sa teanguidh eabhra do labhair sé ríu,
as móide dhorinneadar cíunus hé. Agus adubhairt seisean,)


L. Gn22:3


As Iúdaighe mhé gan amhurus, rugadh a dTarsus na Cilícia,
gidheadh as ann sa chathruighsi ag cosaibh Ghamaliél do hoileadh
mé, agus do múineadh go diongmhála a ndligheadh ar naithreadh mhé,
agus dobhí mé ar lasadh dho ghrádh Dé, amhail agus atathísi uile
aníu.


L. Gn22:4


Agus dobhadusa ag foileanmhuin na sligheadhso gus an mbás, ag
ceangal fhear agus bhan, agus dá dtarraing dochum príosúin.


L. Gn22:5


Fá mar atá uachdarán na sagurt dfiádhnuisi agum, agus na sinnsir
uile: ó bhfhuáir mé leitreachha mar an gcéudna chum na mbraithreach ré
dhul gu Damascus, ar chor gu dtiubhruinn leam ceanguilte gu
hIarusalém an mhuinntear dhobhí annsin, dfhaghail fpeannuide:


L. Gn22:6


Agus tárrla dhamh ar mo thuras, ar rochdain damh gu gar dho
Dhamascus, timcheall mheadhóin láoi, gur dheallruigh solus mór ó
neamh gu hobann am thimcheall.


L. Gn22:7


Agus do thuit mé ar dtalamh, agus dochuáluidh mé guth dá rádh riúm; a
Shauil, a Sháuil, créd fá bhfhoileanann tú mé?


L. Gn22:8


Agus do fhreaguir meisi, agá rádh, cía thú féin, a thighearna? agus
adubhairt seisean rium, as meisi Iósa Nasarrdha ar a bhfuil tusa ag
déunamh foilleanmhna.


L. Gn22:9


Agus na dáoine dhobhí am fhochair, dochunncadar an solas gu deimhin,
agus do ghabh eagla iád, gidheadh ní chuáladar guth an té do labhuir ríum.


L. Gn22:10


Agus adubhairt mé, créd doghéuna mé, a thighearna? agus adubhairt
an tighearna rium, éirigh, agus imthigh gu Damascus: agus innéosdar
dhuit annsin, gach uile ní dhár hórduigheadh dhuit do dhéunam.


L. Gn22:11


Agus mar nách raibhe amharc agum do bhríogh ghlóire na soillsi sin, do
thréoruigheadar mo luchd éinshligheadh ar láimh mé, nó gu dtáinic mé
gu Damascus.


L. Gn22:12


Agus táinic óglách dháirighthe dárbhainm Ananias chugam, duine
diádha dho réir an dlighidh, agá raibhe teisd mhaith air gach uile
Iúduighe dhár aítigh annsin.


L. Gn22:13


Agus ar seasamh dhó láimh rium, ádubhairt sé, a Shauil a bhráthuir,
gabh chugad do radharc. Agus ar anúair sin féin ar bhfhaghuil mo
radhuirc, do fhéuch mé airsion.


L. Gn22:14


Agus adubhairt sé rium, do thogh Día ar naithreachne roimh láimh
thusa, dochum a thoile féin daithne, agus an neach comhthrom úd, agus
gu néisdidhthéa glór a bhéil:


L. Gn22:15


Oír biádh tú ad tfhíadhnuisi aige dho láthuir na nuile dháoine, ar
na neithibh dochunnuic agus dochuála tú.


L. Gn22:16


Agus anois créd dobheir ag déunamh moille thú? éirigh, gabh baisdeadh
chugad, agus bí arnad ghlanadh ód pheacadhaibh, ar ngairm ar ainm an
tighearna.


L. Gn22:17


Agus tárrla an tan do fhill mé gu hIarusalem, agus dorinne mé
urnaighthe ann sa teampoll, gu ndeachaidh mé a néull,


L. Gn22:18


Agus dochunnaic mé eisean dá rádh rium, déuna deithbhir, agus
imthigh gu tapuidh as Iarusalém, oír ní ghéubhuid siád chuca
thfhiádhnuisi am thimcheallsa.


L. Gn22:19


Agus adubhairt meisi; a thighearna, as aithnídh dhóibhsean gu
gcuirinnsi a bpriosún an lión do chreideadh ionnadsa, agus gu ngabhainn
orrtha in gach uile shínagog.


L. Gn22:20


Agus anuáir dho dóirtheadh fuil do mhairtír Sdiomhna, dobhí meisi
dho láthuir: agus tug mé áonta dochum a mharbhtha, agus do choimhéud
mé éudaighe na muinntire dho mharbh é.


L. Gn22:21


Agus adubhairt seisean rium, imthigh romhat: oír cuirfidh misi a
gcéin tú, dochum na gcineadhach.


L. Gn22:22


Agus do éisdeadarsan ris gus an bhfhocalsin: achd ann sin do
thógbhadar a nguth os aird, ag rádh, beir uáinn don talumh a leithéid so
do dhuine, oír ní cóir a bheith na bheathuidh.


L. Gn22:23


Agus an tan do éigmheadar, agus do theilgeadar a néuduighe dhíobh,
agus do theilgeadar luáithreadh sanaidhér,


L. Gn22:24


Do aithin an tuáchdarán eisean do bhreith dhon chaisléun, agus adubhairt
sé fios sgél do bhuáin lé sgíursadhuibh dhe: dochum go mbeath a fhios aige
créd hé an tadhbhar fár éighmheadar mar sin na aghuidh.


L. Gn22:25


Agus mar dho cheangladar hé lé cordadhuibh, adubhairt Pól ris an
gcaiptéin do sheasuimh dho láthair, an cóir dháoibhsi Rómhánach
dho sgíursadh, agus gan é arna dhamnadh?


L. Gn22:26


Agus arna chlos don chaiptín, dochuáidh sé a gceann anuáchdaráin,
agus do fhoillsigh sé dhó, agá rádh, tabhair dod taire créd
atá tú dho dhéunamh: oír is Rómhánach an fearso.


L. Gn22:27


Annsin ar dteachd donúachdarán chuige, adubhairt sé ris, innis
damhsa an Rómhánach thú? agus adubhairt seisean, aseadh.


L. Gn22:28


Agus do fhreaguir an túachdarán; as mór an tsuim ar a bhfhuáir
misi sáoirsi na cathrach sin. Agus adubhairt Pól, achd is ann sa
tsáoirsi rugadh mhisi.


L. Gn22:29


Ar anadhbharsoin an luchd dobhí ar tí a sgiúrsaighthe do
imthigheadar uáidhe ar an mball: agus mar an gcédna do ghabh eagla an
túachdarán, ar bhfhagháil a fheasa gur Rómhánach hé, agus gu dtug
sé fá deara a cheangal.


L. Gn22:30


Agus arna mhárach ar mbeith dó fonnmhar air dheimhin sgéul
dfhaghail, créd hí an choir dho chuirfidís na hÍudaighe na
aghuidhsion, do sgáoil sé hé óna chuibhrighibh, agus tug sé aithne
uáchdaráin na sagart agus a gcomhairle uile dho tteachd do láthuir,
agus ar dtabhairt Phóil amach do chuir sé an a bhfhiádhnuisi hé.


L. Gn23



L. Gn23:1


Agus ar ngéurfhéchuin do Fpól ar an gcomhairle, adubhairt sé, a
dháoine agus a bhráithreacha, dorinne meisi seirbhís do Dhía in
gach uile choinsiás mhaith gus an lá aniugh.


L. Gn23:2


Achd do aithin Ananias an tardshagart dona dáoinibh do sheasuimh láimh
ris, a bhuáladh ar a bhéul.


L. Gn23:3


Annsin adubhairt Pól risean, buáilfidh Día thusa, a bhalla
fionnáolta: an suidheann tú do dhéunamh breitheamhnuis orumsa do réir an
dlighidh, agus an dtabhuir tú aithne mo bhúaladh anaghuidh an dlighidh.


L. Gn23:4


Annsin adubhradar an mhuinntear do sheasuimh láimh ris, an bhfhuil tú ag
imdheargadh árdshaguirt Dé.


L. Gn23:5


Agus adubhairt Pól, ní raibhe a fhios agum, a bhráithreacha, gurbhé
an tárdshagart hé: oír atá sgríobhtha, ní abéora tú olc ré huáchdarán do
phobuil.


L. Gn23:6


Agus arna thuigsin do Phól gu raibhe cuid don fpobal na
Saducíneachuibh, agus an chuid eile na bPairisíneachuibh, do éigh sé
dho láthair na comhairle, agá rádh a dháoine agus a bhráithreacha,
as Phairisíneach mhé, mac Phairisínigh: agus atáim dhom éiliughadh
fá shúil do bheith agum ré heiséirghe na marbh.


L. Gn23:7


Agus an tan adubhairt sé so, do éirigh imreasan eidir na
Phairisíneachaibh agus na Saducínigh: agus do roinneadh an coimhthionól.


L. Gn23:8


Oír adeirid na Saducínigh nach fuil eiséirghe ann, ná aingeal, ná
spiorad: achd admhuighíd na Phairisínigh iád so uile.


L. Gn23:9


Ar anadhbharsin do tógbhadh gáir mhór na measg,, agus ar
néirghe dhona sgríobuidhibh do tháobh na bPairisíneach, do chathaigheadar
na naghaidhsean, agus adubhradar; ní fhaghmáoidne olc ar bioth
sanóglachsa: achd má dho labhair spiorad, nó aingeal ris, na cathuigheamne
anaghaidh Dé.


L. Gn23:10


Agus an tan do éirigh ceannairc mhór eatarra, degla gu
dtairreóngdais Pól as a chéile, do aithin an tuáchdarán dona soighdiúiribh
dul síos, agus a fhúadach as a lár, agus a bhreith don chaisléun.


L. Gn23:11


Agus anoidhche na dhiáigh sin do sheasuimh an tighearna láimh ris,
agus adubhairt sé, biódh misneach mhaith agad a Phóil: oír do
réir mar dhorinne tú fiádhnuisi am thimcheallsa a nIarusalém, as
mar sin as éigean duit fiádhnuisi dho dhéunamh am timcheall sa
Róimh.


L. Gn23:12


Agus ar néirghe dhon lá, do chruinnigheadar dream dháirighthe dona
hÍudaighibh a gceann a chéile, agus tugadar mionna nách iobhdais
dhigh, nó gu marbhdais Pól.


L. Gn23:13


Agus dobhádar an lión dorinne an ceangalso ré chéile fá mhionnaibh
ós cionn dá fhichead fear.


L. Gn23:14


Agus ar ndul a gceann na nárdshagurt, agus na sinnsear dhóibh,
adubhradar, tugamairne móid agus mionna nách blaisfeamís ní ar bioth nó
gu marbhmais Pol.


L. Gn23:15


Ar anadhbharsin iárruidhsi ar anúachdarán do thoil na comhairle
a thabhairt dá bhur láthuir amárach, fá mar dho bhiádh sibh níbbudh
ghéire na chéile ar tí fheasa ghníomharthadh dfhaghbhail: agus
atámáoidne ullamh dochum a mharbhtha níbhus táosga ná thiocfas sé
chuguibhsi.


L. Gn23:16


Achd an tan dochuáluidh mac deirbhsheathar Póil na cealga so,
taínuic sé agus dochuáidh sé asdteach don chaisléun, agus do innis sé
do Phól.


L. Gn23:17


Annsin ar ngairm chaptéin dona captéinibh chuige do Phól.
adubhairt sé ris, beir an tógánach leat a a gceann an uáchdarain:
oír atá ní aige ré a innisin dó.


L. Gn23:18


Agus rug an caiptéin an tógánach leis dochum anuáchdarain, agus
adubhairt sé, do ghoir an príosúnach Pól chuige mhé, agus do iárr sé orum,
an tógánach so, aga bhfhuil ní aige do innéosadh sé dhuit, do
thabhairt ad cheann.


L. Gn23:19


Agus ar mbreith ar láimh anógánaigh don nuáchdarán, rug sé leis a
leathtaobh hé, agus do fhiáfruigh sé dhe, créd atá agad ré a innisin
damhsa?


L. Gn23:20


Agus adubhairt an tógánach, dorinneadar na hÍuduighe dho chomhairle
a iárraidh ortsa, Pól do thabhuirt amach amárach dochum an choimhthionóil,
ionann agus dobheidís nísa ghéire na chéile ar tí a theasduighthe.


L. Gn23:21


Uime sin na tabhuirsi áonta dhóibh. Oír atá ós cionn dá fhichead fear
dhíobh a luigheachán air, noch thug a mionna nách iósdais biádh, agus nach
ióbhdaois dhigh, nó gu marbhdáois hé: agus atháid siád ullamh anois ag
feitheamh réd ghealladhsa.


L. Gn23:22


Agus do léig an tuáchdarán an tógánach uáidh, arna aithne dhe gan a
fhios do thabhairt do dhuine ar bioth gur fhoillsigh sé na neithesi dhó
féin.


L. Gn23:23


Agus do goir sé dhá chaiptín dáirighthe chuige, agus adubhairt sé
riú, ullmhuighidh dhá chéd soighdiúir rachas gu Cesárea, agus deichneabhar
agus trí fichid ar eachuibh, agus da chéud agá mbeidh gáoithe, ón trés uáir
donoidhche amach:


L. Gn23:24


Agus mar an gcéudna ullmuighidh eachruidh iomchórus Pol slán dochum
anuáchdaráin Félix:


L. Gn23:25


Agus do sgríobh sé litir ar an éifeachdso.


L. Gn23:26


Beatha agus sláinte ó Chlaudius Lísias dochum an ghíusdis
roorrdhairc Félix.


L. Gn23:27


An tan dobhí an fearso tar éis a ghabhála ag na hÍuduighibh, agus
iád ar tí a mharbhtha, taínig meisi orrtha lé banna soighdiúr, agus an tan
fuáir mé sgéla gur Rómhánach hé, do bheanus díobh hé.


L. Gn23:28


Agus mar dhobhí a fhonn orum fios sgéul dfhaghail créd é an
tadhbhar fár éiligheadar hé, tug mé amach dochum a gcomhairlesean hé.


L. Gn23:29


Annsin do thuig mé gurab fá cheasduibh a dtimcheall andlighidh féin do
héiligheadh hé, agus nách raibhe coir bháis na bhraighdeanuis ar
bioth air.


L. Gn23:30


Agus an tráth do hinniseadh dhámhsa gur mhián ris na hÍuduighibh
luigheachán do chur air, do chuir mé ar an mball chugadsa hé, agus
adubhairt mé fós ré luchd a éilighthe gach adhbhar dá mbeith aca air, a
chur na leith ad tfhiádhnuisisi. Slán riot.


L. Gn23:31


Uime sin do réir mar do haithnigheadh dho na soighdiúiribh, rugadar
Pól léo annsanoidhche gu hAntipatris.


L. Gn23:32


Agus lá arna mhárach do léigeadar don mharcshlúagh dul leisean, agus
do fhilleadar féin don chaisléun.


L. Gn23:33


Agus anúair rangadar gu Cesárea, agus tugadar an litir dhon ghíusdís,
do chuireadar Pól na sheasamh na fhiadhnuisi.


L. Gn23:34


Agus tar éis a léighthe na litre dhon ghiúisdís, agus a fhiáfruighe
dhesean gá provinnsi dhó, agus a fheara dhfagháil gurab ó
Chilicia hé,


L. Gn23:35


Adubhairt sé ris, éisdfidh mé riut, an tan thiocfuid luchd
théilighthe mar an gcédna. Agus do aithin sé eisean do choimhéud a
gcúirt Ioruáigh.


L. Gn24



L. Gn24:1


Agus a gcionn chúig lá na dhiáigh sin, taínig Ananias an
tárdshagurt anuás maille ris na sinnsearuibh, agus ré Tertullus fear deagh
labhartha dháirighthe: noch do fhoillsigh iád féin a bhfhiádhnuisi an
ghiúisdís an aghuidh Phóil.


L. Gn24:2


Agus anuáir dho goireadh amach hé, do thionnsguin Tertullus coir
dho chur air, agá rádh,


L. Gn24:3


A Fhélix rooirrhairc, admhamáoidne gu follus agus an gach uile
bhall, maille ré gach uile bhuidheachus, gu bhfhuilmíd ag fagháil iomad
siódhchána thríodsa, agus go bhfhuilid mórán do neithibh arna
gceartughadh a measg an chinidhsi, do bhríogh do ghliocuisi


L. Gn24:4


Achd deagla gu dtuirséochuinn thú nísa mhó, guidhim thú,
dhod tuáisle féin éisdeachd ré beagán briáthar uáinne.


L. Gn24:5


Oír dho dhearbhamair gurab pláigh eadruinn an fearsa, agus gur chuir
ré cheannairc eidir na hÍuduighibh uile ar feadh an domhuin, agus hé ios
ceannfeadhna dhord na nAsaréunach:


L. Gn24:6


Agus mar an gcéudna dho thogair sé an teampall do shalchadh: agus do
chuireamairne lámh ann, agus do shanntuigheamar breitheamhnus do thabhairt
air do réir ar ndlighidh féin.


L. Gn24:7


Achd táinic an tuáchdarán Lisias orainn, agus rug sé lé hainneart mór
as ar lámhuibh hé:


L. Gn24:8


Agus do aithin sé dho luchd a éilighthe teachd ad cheannsa: óna
bhfhéudfa tusa gach éun sgéula dhfhagháil fá na neithibhse chuirmídne
na leith, dá leana tú ar a niárruidh.


L. Gn24:9


Agus do áontuigheadar na hÍudaighe mar an gcéudna leis, dá rádh gurab
mar sin dobhádar na neithe sin.


L. Gn24:10


Achd do fhreaguir Pól, ar sméideadh dhon ghiúisdís air dochum
labhartha, as romhóide mfhonn fá fhreagra ar mo shon féin, gu bhfhuil a
fhios agum gu bhfhuil thusa ré mórán do bhlíádhnuibh ad bhreitheamh ar an
gcineadhso.


L. Gn24:11


Oír féuduigh tú a fhios dfhaghuil, nach mó ná dhá lá dhéug, ó
dhochuaidh meisi suás gu hIarusalém do dhéunamh eadarghuidhe:


L. Gn24:12


Agus nách fuáradar ag dispóireachd ré duine ar bith sa teampall mhé,
na ag cruinniughadh chuideachda, ina sinagoguibh, na fós sa chathraigh:


L. Gn24:13


Agus ní héidir léo na neithesi atáid siád déiliughadh orum anois,
do shuidheachadh.


L. Gn24:14


Achd admhuim so dhuitsi, gu ndéunuim searbhís do Dhía ar naithreach do
réir na sligheadh úd dá ngoiridsean eiriticeachd: ag creideamh dá gach uile ní
dhá bhfhuil sgríobhtha ann sa dligheadh, agus annsna fáidhibh:


L. Gn24:15


Agus gu bhfhuil dóigh agum anDía, agus atá a súilsean fós ris, gu
dtiocfa éiséirghe na marbh, eidir fhirén, agus neimhfhíréun.


L. Gn24:16


Is ar a shon so fós tsháothruighim coinsiás glan do bheith agum, gach uile
uáir, a dtáobh Dé agus dáoine.


L. Gn24:17


Agus táinic mé anois, tar éis mhóráin bliádhan, ameasg mo chinidh féin,
dochum déurca agus ofrála dho dhéunamh.


L. Gn24:18


Ana bhfhuáradar Iúdaighe dháirighthe dhon Aisia mhé ar mo
ghlanadh sa teampoll, gan chongháir, gan bhuáidhreadh,


L. Gn24:19


Agár chóir dhóibh seasamh annso ad tfhiádhnuisisi maille riumsa,
agus mhéiliughadh, dha mbeith ní ar bioth aca ré a chur am aghaidh.


L. Gn24:20


Nó abruid an mhuintirse féin, ma fuáradar éugcóir ar bith ionnum, an
tan do sheasuimh mé a bhfhiadhnuisi na comhairle.


L. Gn24:21


Monob ar son anénghotha so amháin do éigh mé, an tráth do sheasuimh mé
na lár, gurab fa eiséirghe na marbh atáim dhom éiliughadh aguibhsi
aniugh.


L. Gn24:22


Agus mar dochuáluidh Felix na neithesi, do chuir sé ar athlá iád, ag
rádh; anúair dhoghéubha mé fios na neitheadh bheanus ris an slighidh so
nías fearr, anuáir thiocfas Lisias an tuachdarán anuás, cuirfidh mé bhur
gcúis a gcrích.


L. Gn24:23


Agus do aithin sé dhon chaiptain Pól do chumhdach, agus socamhal do
thabhairt dó, agus gan a bhacadh dhéunduine dhá cháirdibh a fhriothólamh,
ná dhul dá ionnsuighidh.


L. Gn24:24


Agus a gcionn laitheadh dháirighthe ar mbeith dhFhelix maille
réna mhnáoi Drusilla, noch dobhí na hÍudaighe dho láthair, do
chuir sé fios ar Phól, agus do éisd sé ris a dtimcheall an
chreidimh a gCríosd.


L. Gn24:25


Agus an tan do labhair sé riú, a dtimcheall fhiréntachda, agus
mheasarrdhachda agus an bhreitheamhnuis atá ag teachd, ar gcriothnughadh
dhFelix, adubhairt sé; imthigh romhad anois: agus anúair bhías úain
agumsa air cuirfidh mé teachd ort.


L. Gn24:26


Agus dobhí súil aige fós go dtiubhradh Pól airgead dó dho chionn a
sgáoilte: ar anadhbharsin do chuireadh sé fios gu meinic air agus, do
labhradh sé ris.


L. Gn24:27


Agus ar gcoimhliónadh dhá bhliádhan, taínic iuisdis eile dá
ngoirthí Porcius Festus anaít Fhélix: agus ar mbeith fonnmhar
dhFhelix: air bhuidheachas na nÍudaigheadh do thuilleamhuin, do
fháguibh sé Pól ceanguilte.


L. Gn25



L. Gn25:1


Agus an tan taínic Féustus don phrovinnsi, dochuáidh sé a gcionn
trí lá na dhiáidh sin ó Chesarea suás gu hIarusalém.


L. Gn25:2


Agus dochuáidh an tárdshagurt, agus maithe na nIudaigheadh dhá
láthair anaghuidh Fpóil, agus do chuireadar impidhe air,


L. Gn25:3


Ag iárruidh foghuir anaghuidh Phóil, as gu gcuirfeadh sé teachd
air gu hIaruisalém: ar gcur luigheacháin ar an slighidh fá chomhair
a mharbhtha.


L. Gn25:4


Achd do fhreaguir Festus gu raibhe Pól fá chumhdach a Cesárea,
agus go rachadh sé féin gu haíthghearr annsin.


L. Gn25:5


Uime sin, ar seisean, giodhbé aguibhsi fhéudfus hé, teaghuid siád
anáoinfheachd rinne siós, agus má tá olc ar bith ann sa bhfhearso,
éilighid siád hé.


L. Gn25:6


Agus ar nanmhuin dhó na measg tuáirim dheich lá, dochuáidh sé siós
gu Cesárea: agus lá arna mhárach do shuidh sé ann sa chatháoir
bhreitheamhnuis, agus do aithin sé Pól do thabhuirt do láthuir.


L. Gn25:7


Agus an tan táinic sé, do sheasmhuigheadar na hÍudaighe táinic anuás
ó Iarusalém na thimcheall, agus tugadar mórán déilighthibh troma,
nár fhéadadar dho shuidhiughadh anaghaidh Phóil:


L. Gn25:8


Ar bhfreagra dho Phól dá ghlanadh féin, nách dearna sé ní ar
bioth anaghaidh dhlighidh na nÍudaigheadh, na an teampuill, na
Chesair.


L. Gn25:9


Gidheadh dfhonn fhoghair dhfhaghail ó na hÍudadhuibh, do fhreaguir
Fertus do Fpól, agus adubhairt sé, anáill leat dul suás gu
hIarusalém, agus breitheamhnus dfhulang annsin a dtimcheall na
neitheadhso am fhiádhnuisisi?


L. Gn25:10


Achd adubhairt Pól, atáim am sheasamh ag catháoir bhreitheamhnuis
Chesair inab cóir breath dho bhreith orum. Ní dhearna mé eugcóir ar
bioth ar na hÍudaidhibh, fá mar as maith atá a fhios agadsa féin.


L. Gn25:11


Oír má dhorinne mé éugcóir ar bith, ná ní ar bioth do thuill bás, ní
fhuilim ag díultadh bháis dfhagháil: gidheadh muna dhearna mé
áoinní dho na neithibhsi éilighid siád orum, ní fhéudann áon nduine
mo thíodhlacadh dhóibh: tiághuim ar comairce Chesair.


L. Gn25:12


Annsin do labhuir Feustus ris an gcomhairle, agus do fhreaguir
sé; a ndeachaidh tú ar comairce Chesair? is dochum Chesair
rachus tú.


L. Gn25:13


Agus ar gcaitheamh laithe dháirighthe, táinic an Rí Agrippa agus
Bernice gu Cesárea, do chur fháilte roimh Fhestus.


L. Gn25:14


Agus ar nanmhuin dóibh annsin mórán do laithibh, do fhoillsigh
Festus cúis Fpóil don rí, aga rádh, do fháguibh Felix duine
dháirighthe na fpríosúnach:


L. Gn25:15


Agus an tan dobhí meisi a nIarusalém, tangadar uáchdaráin na
sagart agus sinnsir na nÍudaigheadh am cheann na thimcheall, agus do
iárradar breith ndamanta na aghuidh;


L. Gn25:16


Ar a dtugasa an fhreagra so, nár bhés do na Romhánchuibh duine ar
bioth dho thabhairt dá mhilleadh, nó gu dtigdis na héilighthéoireadha do
láthuir an tí éilighthear, agus gu faghail ionad dó ré hé féin do ghlanadh,
ann sa ní na néileoghtháoi hé.


L. Gn25:17


Ar anadhbharsin ar dteachd annso dhóibh a gceann a chéile, arna
mhárach gan cháirde ar bioth, do shuidh mé ann sa chatháoir bhreitheamhnuis,
agus do aithin mé an fearsoin do thabhuirt dom láthuir.


L. Gn25:18


Agus do sheasmhuigheadar luchd a éilighthe na fhochair, agus nír
chuireadar coir ar bioth air dona neithibh dho sháoil meisi.


L. Gn25:19


Achd dobhádar ceasda dháirighthe a dtimcheall a niodhaladhruidh féin
aca na aghuidh, agus a dtimcheall Iósa éigin fuáir básh, noch adubhairt
Pól bheith béo.


L. Gn25:20


Agus do bhríogh gu raibhe meisi amharusach ina hionnamhail sin do
cheisd, do fhiáfruigh mé dhe,, an bhudh áill leis dul gu
hIárusalém, agus breitheamhnus do dhéunamh air ann, fá na
neithibhsi.


L. Gn25:21


Agus an tan rug Pól do rogha é féin do choimhéud nó gu sgagtháoi a
chúis a bhfhiádhnuisi Augustus, do aithin meisi a chumhdach nó gu
gcuirinn dochum Chesair hé.


L. Gn25:22


Agus adubhairt Agrippa ré Festus, budh mián riumsa mar an
gcédna an fear soin do chluinsin. Agus adubhairt seisean, cluinfidh
tú amárach hé.


L. Gn25:23


Uime sin arna mhárach táinic Agrippa, agus Beirnice maille ré
poimp romhóir, agus dochuadar asdteach maille ris na húachdaránuibh
agus ré maithibh na cathrach dho teagh cúirte, agus arna aithne
dhFhestus, tugadh Pól do láthuir.


L. Gn25:24


Annsin adubhairt Festus, a Rí Agrippa, agus a bhfhuiltí do
dháoinibh dho láthuir annso, dochíthí an fearso agá dtangadar
pobal na nÍudaigheadh gu huilidhe a nIárusalém, agus annso am
chennsa na thimcheall, ag gairm na ngáirtheadh agá rádh nár
chóir a bheith beó ní bhudh fhoide.


L. Gn25:25


Achd anuáir do thuig meisi nách dearna sé ní ar bioth dho thuill
bás: agus gu ndeachuidh sé féin ar comairce Augustus, do chuir mé
romham a chur chuige.


L. Gn25:26


Agus ní feas damh ghá ní dháirighthe do sgriobhéochuinn dochum mo
thighearna na thimcheall, ar anadhbharsin tug mé dhá bhur
láthuirsi hé, agus gu mórmhór do láthuirsi a Rí Agrippa, ar chor
a ndiáigh sgagtha a adhbhuir, gu mbeith agum ní dho sgríobhéochuinn.


L. Gn25:27


Oír dochíthear dhámhsa gurab neamhrésúnta dhamh príosúnach dho chur
uáim, agus gan na coirthe do cuirfidhe an aghaidh dhfhoillsiughadh.


L. Gn26



L. Gn26:1


Agus adubhairt Agrippa ré Pól, as ceadaightheach dhuit labhairt ar do
shon féin. Annsin ar sínedh a láimhe amach do Phól, do fhreagair
sé dhá sháoradh féin mar so.


L. Gn26:2


A Rí Agrippa, measuim gurab sona mé, ó bheith aniugh dochum labhartha
ar mo shon féin ad tfhiádhnuisise, sna huile neithibh ina néilighid na
hÍudaighe mhé:


L. Gn26:3


Gu mórmhór do bhríogh gur feasach dhamh, thusa dho bheith éolghach
anuile ghnáthaighthibh agus cheasd na nIudaigheadh. Ar
anadhbharsin guidhim thú fá éisdeachd rióm gu foighidneach.


L. Gn26:4


Is aithnidh dona hÍudaighibh uile mo bheatha ó móige, agus cionnus
dobhí sí ameasg mo chinidh féin a nIarusalém ó thosach.


L. Gn26:5


Noch do aithin mé roimhe so, (dá madh áil riú fiádhnuise dho dhéunamh) ar
mbeith dhamh am Fhairisíneach ó ma shinnsearaibh, do réir riághla anúird
rodhírighse aguinne.


L. Gn26:6


Agus anois seasuim ar mbeith dhamh dhom éiliughadh, tré dhóchus
na geallamhna dhorinne Día dhár naithreachaibh:


L. Gn26:7


Ré a bhfuil súil ag ar ndá threibh dhéugne, doní seirbhís do
Dhía do ghnáth do ló agus doidhche. Is do tháobh an dóchais sin,
a Rí Agrippa, éilighid na hIudaigheadha mheisi.


L. Gn26:8


Créd fá a measadar ribhsé na ní dhíchreidmheach, dúsachd na marbh
arís do Dhía:


L. Gn26:9


Gu deimhin do mheas meisi ionnam féin, gur chóir dhamh móran do neithibh
contrarrgha dho dhéanamh, anaghaidh anma Iósa Nasárrgha.


L. Gn26:10


Noch dhorinne mé mar an gcéudna a nIarusalém: oir do chuir mé
iomad dona náomhuibh, a bpriosúnaibh ar bhfaghail chumhachd damh ó
uáchdaránaibh na sagurt: agus an tan do básuigheadh iád, tug meisi
mháonta.


L. Gn26:11


Agus ag tabhairt pionúis dóibh go minic trés na huile shinagógaibh,
agus do chomhéignigh mé iád, dochum labhartha gu maslaightheach: agus ar
ndul damh tar mógh ré buile na naghaidh, dorinne mé foleanmhuin órrtha a
gcathrachaibh coigcríche.


L. Gn26:12


Fá anámsin ar mbeith dhamh fós ag dul gu Damáscus lé
cumhachdaibh agus lé barántus na nardshagurt,


L. Gn26:13


Dochunnaic mé, a rí, a meadhón láoi sa slighe, solus ó neamh bá mó
ná soillse na gréine, noch do dheallruidh um thimcheallsa, agus a dtimcheall
na druinge dobhí um fhochair sa slighidh.


L. Gn26:14


Agus ar dtuitim dhúinn uile ar an dtalamh, dochuálaidh mé guth ag
labhairt riom, agus aga rádh sa dteangaidh eabhra; a Shauil, a
Shauil, créd fá bhfuil tú ag foleanmhuin orum? is cruáidh dhuit
beith ag gabháil dod shálaibh anaghaidh dhealg.


L. Gn26:15


Agus adubhairt meisi, cía thú féin a thighearna? agus adubhairt
seision, is meisi Iósa ar a bhfuil tusa ag foleanmhuin.


L. Gn26:16


Achd éiridh suás, agus seasaimh ar do chosaibh: oír is chuige so do
fhoillsigh mé me féin duit, dochum gu nóirdeóchainn thú ad mhinistir, agus
adt fhiádhnuise, ní hé amháin ar na neithibh dhochunnaic tú, achd mar an
gcéudna ar na neithibh na bhfoillséochar dhuit mhé.


L. Gn26:17


Dod shaoradh ón bpobal, agus ó na cineadachaibh, dochum a bhfuilim
anois dod chur,


L. Gn26:18


Dochum a súl dosgladh, agus dochum a bhfillte ó dhorchadus dochum an
tsolais, agus ó chumhachdaibh Shatáin dochum Dé, dochum maithfeacháis na
bpeacadh dhfágháil dóibh, agus oidhreachda ameasg na muinntire atá arna
náomhadh tré chreideamh ionnamsa.


L. Gn26:19


Uime sin a rí Agrippa, ní raibh mé easamhal don táibhse neamhgha:


L. Gn26:20


Achd do fhógair mé dho luchd Dhamascus ar tús, agus a nIarusalém,
agus ar feadh réigión na hÍudea gu huilidhe, agus na dhiáigh sin
dona cineadhachaibh, aithreachus do dhénamh, agus filleadh dochum Dé,
ag déunamh oibreach niomchuibhghe dhon aithrighe.


L. Gn26:21


Ar son na nadhbharsa dho ghreamaigheadar na hÍudaightheadha sa
teampall mhé, agus do chuireadar rompadh mo mharbhadh réna lámhuibh féin.


L. Gn26:22


Giodheadh tug Día cobhair dhamh, agus do sheas mé gus aniugh, ag déunamh
fiádhnuise don ar na neithibhse eidir an mbeag agus an mór, gan rádh
neith ar bioth dhamh, áchd na neithe adubhradar na fáidhe agus
Máoisi do bheith chum teachda:


L. Gn26:23


Eadhón gu bhfuileóngadh Críosd an pháis, agus go madh hé céudneach do
eiréochadh ó mharbhaibh hé, agus gu bhfollséochadh sé solus don phobalsa
agus dona cineadhachaibh.


L. Gn26:24


Agus ar mbeith dhó ag rádh na neitheadhsa ar a shon féin, adubhairt
Festus do ghuth mhór; atá tú ar buile a Phóil, cuiridh iomad
foghlomtha ré cuthach thú.


L. Gn26:25


Adubhairt Pól an tan sin; a Fhéstuis ro orrdhairc, ní fhuilimse
ar buile, achd labhruim briáthra fírinneacha ó intinn chiállaigh.


L. Gn26:26


Oír atá fios na neitheannsa ag an rí, agá labhraimse gu dána na
láthair: oír ní shaoilim gu bhfuil ainbhfios áonneithe dhíobh so air. Ar
nách a gclúid dorinneadh so.


L. Gn26:27


An gcreideann tú, a rí Agrippa, na fáidhe? atá a fhios agum gu
gcreidir.


L. Gn26:28


Adubhairt Agrippa an tan sin ré Pól, is beag nách tairrngeann tú
mhé chum bheith um Chriosduighe.


L. Gn26:29


Agus adubhairt Pól, dobfearr leam gu bhfaghuinn dathchuinge ó Dhía,
ní hé amháin thusa, achd mar an gcéudna an mhéid éisdeas rióm aniugh, do
bheith gan beagnach air, achd tríd amach cosmhail riom feín, achd na
géimhleachasa amháin.


L. Gn26:30


Agus arna rádh so dhó, do éiridh an rí suás, agus an tuáchdarán,
agus Bernice, agus an dream dho shuidh na bhfochair.


L. Gn26:31


Agus ar ndul do leathtáobh dhóibh, do labhradar ría a chéile, agá rádh; ní
dhéunann an fearso éun ní thuilleas bás na cuibhrighthe.


L. Gn26:32


Agus adubhairt Agrippa ré Festus, dobéidir ris an fearso bheith
fá sgáoil, mona bheith dhul dó ar chomhairce Chésair.


L. Gn



L. Gn27:1


Agus ar dteachd a gcomhairle dhóibh ar shéoladh dho Neadáill
dúinne, tugadar Pól agus bráighde dhairighthe eile do chaiptín
bhanna Augustus dárbhainm Iulius.


L. Gn27:2


Agus ar ndul dúinn a luing dho longaibh Adramittium, do
chuireamar romhuinn dhul ar luingséorachd ré táobh chósdadh na
hAisia, agus do thógbhamar ar séolta, agus dobhí Aristarcus
Macedónach ó Thessalonica inar gcuideachda.


L. Gn27:3


Agus an lá na dhiáigh sin tangamar gu Sidon: agus ar mbeith gu
muinntearrgha ré Pól do Iulius, do fhulaing sé dhó dhul dfios a
charad, dochum comhfurtachda dhfhagháil uáthadh.


L. Gn27:4


Agus ar nimtheachd dhúinn as sin, do shéolamar ré táobh Chipruis,
do bhrígh gu raibhe an gháoth contrarrgha dhúinn.


L. Gn27:5


Agus ar seóladh dhúinn trés an bhfáirrge láimh ré Cilícia agus ré
Pamphilia, tangamar gu Mira cathair a gcrích Licia.


L. Gn27:6


Agus ar bhfaghail luinge annsin ó Alexandria, dobhí ag tríall
do nEadáill don chaiptin, do chuir sé sinne innte.


L. Gn27:7


Agus ar mbeith dhúinn morán do laithibh ag séoladh gu mall, agus ar
dteachd dúinn ar éigin as comhair Ghníouim, do bhrígh nar lig an
gháoth dhúinn, do shéolamar a ngar dho Chréta, láimh ré
Salmóne.


L. Gn27:8


Agus ar seóladh thairis dúinn ar éigin, tangamar gu hionadh dháirighthe, dá
ngoirthear na cúanta breágha, dhárbhfogus cathair Lacéa.


L. Gn27:9


Agus ar gcaitheamh mhórain aimsire dhúinn, agus ar mbeith dhár
luingseórachd cheana guásadhdach, do bhrígh an troisgidh dho dhul cheana
thorainn, do theaguisg Pól iád,


L. Gn27:10


Agá rádh riú; a dháoine, dochím gu mbiáidh bhur luingséorachd maille ré
dochar agus ré dul amugha mór, ní hé amháin na ladála agus na luinge, achd ar
nanmann féin mar an gcéudna.


L. Gn27:11


Giodheadh is mó dho chreid an caiptín an tuáchdarán agus maighisdir na
luinge, ná na neithe adubhairt Pól.


L. Gn27:12


Agus ar mbéith don chuán neamhgharamhail aca ré hanmhuin ann sa
gheimhreadh, dorinnidh anormhór dho comhairle sgáoileadh as, dfhios an
bhfédfaidís ar ghléus ar bioth teachd gu Pheníce, dochum an gheimhridh
dho chaitheamh ann: cuán do chuántuibh Chréta, atá arna shuidhiughadh
aniárndeas agus aniárdtuáidh.


L. Gn27:13


Agus ar séideadh gu cíuin don gháoith andeas arna sháoilsin dóibhsean
go néireóchadh a dturus riú, ar dtógbháil a séoltadh dhóibh, do shéoladar
nísa ghoire dho Chréta.


L. Gn27:14


Achd gu haithghearr na dhiáigh sin do shéid gáoth sdoirmeamhail dobhí
na gáoith anoirdtuáidh ar anoiléun.


L. Gn27:15


Agus ar mbeith don luing dhá fuádach, agus gan neart aice cur anaghaidh
na gáoithe, arna léigean ris an ngáoith dhúinn, do séoladh fan
bhfairge sinn.


L. Gn27:16


Agus ar ndul asdeach gu dián dúinn fá oiléun beag dháirighthe darob ainm
Clauda, is ar éigin rugamar ar an mbád.


L. Gn27:17


Noch dho thógbhadar suás, agus do fhéuchadar gach uile ghléus
cobhartha, ag creasugadh na luinge fáoithe: deagla gu mbuáilfeadáois
fá Shirtis: agus ar léogean a nuile ghléus seólta siós dóibh, do
hiomchradh iád mar sin.


L. Gn27:18


Agus ar mbeith dhúinn an lá ina dhiáigh sin, dár dteilgean ó dtoinn gó
a chéile ré sdóirm romhóir, do theilgeadar a niorruidhe amach:


L. Gn27:19


Agus an treas lá do theilgeamar amach lé ar lámhuibh iorruidhe na luinge
féin.


L. Gn27:20


Agus ar mbeith don ghréin, agus dona réullannaibh gan tsoillsiughadh
dhúinn mórain do laithibh, agus ar luidhe dho sdóirim nár bheag orainn,
rugadh uáinn gach uile dhóchas cobhartha dhá raibhe aguinn ó shoin amach.


L. Gn27:21


Agus ar mbeith ar dhíbhail bídh dhóibh gu hiomarcach, do sheasaimh
Pól ina meadhón, agus adubhairt sé, a luchdsa, dobfhearr dháoibh
aire dho thabhairt dámhsa, agus gan sgáoileadh ó Chreta: ionnus gu
seachonadh sibh an docharsa agus an dibháil.


L. Gn27:22


Agus anois guidhim sibh fá mhisnigh mhaith do bheith agaibh: oír ní
chaillfidh éunduine agaibh a anum, achd an lúng amháin.


L. Gn27:23


Oír do sheas aingeal Dé lénab ris mhé, agus dá ndéunuim seirbhís,
sanoidhche anochd láimh rium,


L. Gn27:24


agá rádh, na biódh eagla ort a Phóil, is éigean duit seasamh dho
lathair Chesaír: agus tabhuir húidh, do thiodhlaic Día dhuit, an
mhéid sheólus maille riot.


L. Gn27:25


Uime sin a luchdsa, biódh misneach mhaith agaibh: oír creidimse Día,
gurab amhluidh bhiás sé mar adubhradh leam.


L. Gn27:26


Thairis sin ios éigean dúinn buáladh fá oiléun dáirighthe.


L. Gn27:27


Agus ar dteachd don cheathromhadh hoidhche déug, ar mbeith dúinn dar
dteilgean ón dtoinn gó a chéile sa bhfairrge Adriattic a
dtimcheall mheadhóin oidhche, do sháoileadar na mairnéulaidh gu
rabhadar a bhfogus do thír éigin.


L. Gn27:28


Agus ar léigean an luáidhe siós dóibh, do theasdughadh an ghrinneill,
fuáradar hé na fhichid feadh ar dhoimhne: agus ar ndul as sin beagán
dóibh, ar léigean an luáidhe siós arís dóibh, fuáradar hé ina chúig
fheadhaibh déug.


L. Gn27:29


Agus ar mbeith dhóibh eaglach fá bhuáladh fá ionadaibh garbha, ar dteilgen
ceithre nancaireadh ó dheiredh na luinge dhóibh, dobfhearr léo gu mbiádh
sé ina lá.


L. Gn27:30


Agus ar mbeith dona mairnéulachaibh ar tí theithmhe as an luing, agus
ar léigean an bháid siós dóibh sa bhfáirrge, ar sgáth bheith dóibh ar tí
ancaireadh do shíneadh amach ó thosach na luinge,


L. Gn27:31


Adubhairt Pól ris an gcaiptín, agus ris na soighdiúiribh; muna
fhanaidso sa luing, ní héidir sibhse dho shabháil.


L. Gn27:32


Do ghearradar na soighdiúiri anuáirsin téuda an bháid, agus do léigeadar
dhó tuitim amach.


L. Gn27:33


Agus an feadh dobhí an lá ag éirghe, tug Pól dó chomhairle dhóibh
uile biádh do chaitheamh, agá rádh; asé so an ceathromhadh lá déug
dhíbh ag fuireach ion bhar dtrosgadh, gan bhíadh ar bioth dho
chaitheamh.


L. Gn27:34


Uime sin guidhim sibh fá bhiádh dho chaitheamh, oír is ní bheanus ré bhur
sláinte hé. Oír ní rachaidh fíu an roínne do ghruáig chinn éunnduine
aguibh amugha.


L. Gn27:35


Agus ar rádh na neitheadh so dhó, agus ar nglacadh aráin rug sé
buidheachais ré Día ina bhfiádhnuise uile: agus ar mbriseadh anaráin dó,
do thionnsgain sé ithe.


L. Gn27:36


Annsin ar ngabháil misnighe chuca dho cách uile, do chaitheadar biadh
mar an gcéudna.


L. Gn27:37


Agus asé uimhir dháoine dobhámair sa luing, dhá chéd sé fir dhéug
agus trí fichid.


L. Gn27:38


Agus tar éis a saith bídh dho chaitheamh dhóibh, do éudromuigheadar an
lung, ar dteilgeaan na croithneachda amach fán bhfairrge.


L. Gn27:39


Agus ar néirghe don ló, ni raibhe fios na tíre sin aca: achd tugadar
caladh dháirighthe dha a naire ann a raibhe tráidh, an ar áontuigheadar an
lung dho shathamh, dá madh éidir riú.


L. Gn27:40


Agus ar dtógbháil na nancaireadh dhóibh, do léigeadar an lung fán
bhfáirrge, agus ar sgáoileadh cheangluightheadh na sdiúire dhóibh mar an
gcéudna, do thógbhadar an lántséol ris an ngáoith, agus do thriálladar
dochum na trágha.


L. Gn27:41


Agus ar dteagmháil anionadh dhóibh ionar bhuáil dá fháirrge fá chéile,
do bhuáileadar an lung fá thaladh: agus ar ndaingniughadh do thosach na
luinge do an sí gan chorrughadh, agus do sgáoileadh adeireadh ó chéile ré
haimhneart na dtonn.


L. Gn27:42


Dorinneadar na soighdiúiri dho chomhairle na bráighde dho mharbhadh,
deagla snámha éunduine aca dhá bhreith as.


L. Gn27:43


Achd ar mbeith don chaiptín fonnmhar ar Phól do shabháil, do
thoirmisg sé iád ón gcomhairleisi: agus do aithin sé don luchd do
fhéud snámh, iád féin do théilgean amach ar tús, agus dhul a dtír:


L. Gn27:44


Agus do cách eile, cuid díobh dho greamughadh do chláraibh, agus
cuid eile do chotannaibh bhrisde dháirighthe don luing: agus
tárrla mar sin gu ndeachadar uile slán dochum tíre.


L. Gn28



L. Gn28:1


Agus ar dteachd dóibh slán, do aithneadar annsin gurob Melita
dobainm dhon oilén.


L. Gn28:


Agus niór bheag an dáonnachd dorinneadar na dáoine Barbárrgha oruinn.
Oír ar bhfadógh theineadh dhóibh do ghabhadar sinn uile chuca, ar son an
cheatha deachachdaigh, agus an fhuáchda dhobhí ann.


L. Gn28:3


Agus ar gcruinniughadh mhoráin spriosán do Phól, agus arna gcur
dhó ar an dteine, táinic aithir nimhe amach as an teas, agus do
leím sí ar a láimh.


L. Gn28:4


Agus ar bhfaicsin na péisde ar liubarnaigh as a láimh dona dáoinibh
barbárrgha, adubhradar ría chéile, gu deimhin duine dúnmharbhthach an
fear so, agus biodh gu dtáinic sé slán ón bhfairrge, niór fhulaing
fós dioghaltus Dé dho bheith béo.


L. Gn28:5


Achd ar gcrothadh na péisde dhósan sa teini, niór airidh sé dochar ar
bioth.


L. Gn28:6


Gidheadh dobhí súil acadhsan ré hat dó, nó réna thuitim siós marbh gu
hobann, achd ar mbeith dhóibh gu fada ag fuireach, agus nách facadar dochar
ar bioth ag teagmháil dó, ar nathrughadh inntinne, adubhradar gur Dhía é.


L. Gn28:7


Agus a dtimhcheall na háitesin dobhí fearann ag ceannphort anoiléin,
dárbhainm Publius, noch dho ghabh sinne chuige, agus tug áodhaigheachd
dúinn ar feadh thrí lá gu rocháirdeamhail.


L. Gn28:8


Agus tárrla gu raibhe athair Phuibliuis na luidhe ré fiábhrus agus
ré fluxa fola: agá ndeachaigh Pól na cheann, agus ar ndéanamh
urrnaighthe, ar gcur dho lámh air, do shlánuigh sé hé.


L. Gn28:9


Agus arna dhéunamh so, tangadar an mhéid dobhí easlán sanoiléun
chuige, agus do slánaigheadh iád:


L. Gn28:10


Noch mar an gcéudna tug dhúinn onoír mhór, agus ar ndealachan dúinn riú,
do chuireadar linn na neithe dobhí na riachdanus orainn.


L. Gn28:11


Agus a gcionn thrí miós na dhiáigh sin, do sheolamar a luing dho
longaibh Alexándria, dobhí ag caitheamh an ghéimhridh sanoiléun,
agus asé fá chomhárrgha dhi Castor agus Pollux.


L. Gn28:12


Agus ar dteachd dúinn gu Siracusa, do anamar annsin trí lá.


L. Gn28:13


Agus ar séoladh dhúinn thimcheaall as sin, tangamar gu Rhégium: agus
a gcionn láe na dhiáigh sin do shéid an gháoth andeas, agus
tangamar lá arna mhárach gu Puteoli.


L. Gn28:14


Mar a bhfuáramar dearbhraithreacha, agus do chuireadar dhimpidhe
oruinn anmhuin ina bhfochair feadh seachdmhuine: agus mar sin do
thriállamar romhuinn don Róimh.


L. Gn28:15


Agus as sin ar bhfagáil ar sgéul do na braithreáchaibh, tangadar dho
theagmháil dúinn gu margadh Appius, agus gus na trí táibheirnibh:
agus arna bhfaicsin do Phól, rug sé buidheachus ré Día, agus do
ghabh sé misneach chuige.


L. Gn28:16


Agus ar dteachd dúinn don Róimh, tug an caiptín na braighde
dáirdghinerál na slógh: achd tugadh cead do Phól bheith ris féin a
bhfarradh shoighdiúir dho choimhéudfadh hé.


L. Gn28:17


Agus tárrla a gcionn trí lá na dhiáigh sin, gur ghoir Pól uaisle na
nÍudaigheadh a gceann a chéile: agus ar gcruinniughadh dhóibh, adubhairt
sé riú; a dháoine agus a bhraithreacha, biódh nách dearna meisi éunní
anaghaidh an phobail, iná ghnáthaighe na sinnsear, tugadh mé fós ceangailte
ó Ierusalém a lámhaibh na Rómhanach.


L. Gn28:18


Noch lér mhián tar éis mo theasdaighthe mo léigean fá sgáoil, do bhrígh
nách roibhe coir ar bioth bháis orum.


L. Gn28:19


Achd ar labhairt gu contrárrgha dona hIudaigheadhibh, dobéigean damh
dul fá chomairce Chesair, ní hé gu bhfuil adhbhar ar bioth agum fá a
neileochainn mo chineadh.


L. Gn28:20


Uime sin ios fá anadhbharsa dho chuir mé fios oraibhse, dochum ar
bhfaicsiona, agus labhartha ribh. Oír is ar son mhuinighne Israél, atáim
ceangailte sa slabhradhsa.


L. Gn28:21


Agus adubhradarsan ris, niór ghlacamairne fiú na leitre ónÍudéa ad
thimcheall: agus ní tháinic fós neach ar bith dona dearbhraithreachaibh
dhfoillsiughadh ná dhinnisin uilc ar bioth ort.


L. Gn28:22


Achd budh mián rinn a chlos uáit na neithe bhreathnuigheas tú. Oír do
tháobh anuirdse, is aithnigh dhúinn gu dticthear ina adhaigh sanuile
ait.


L. Gn28:23


Agus ar ndéunamh láe ris dóibh, tangadar mórán chuige dhá loisdín, noch
dhar fhoillsigh sé rioghachd Dé maille ré fiádhnuise dho dhéunamh, dhá
dtairraing réna theagusg dochum na neitheadh dho bhean ré hIosa, a rechd
Mháoisi agus ann sna fáidhibh, ó mhaidin gu hoidhche.


L. Gn28:24


Agus do áontuigheadar cuid dióbh dona neithibh adubhairt sé, agus
cuid eile nar áontaigh.


L. Gn28:25


Agus ar mbeith dóibh contrárrgha dhá chéile, do sgáoileadar as sin, ar
rádh na héunbhréithresi dho Phól; eadhón, is maith dho labhair an
spiorad náomh trésan bhfáidh Esaiás ré ar naithreachaibhne,


L. Gn28:26


agá rádh; imthigh romad dochum an phobailse, agus abair, cluinfidh sibh
ré bhur gcluásaibh, agus ní thuigfidhe: agus dochifidh ré bhur súilibh, agus
ní budh leir dháoibh.


L. Gn28:27


Oír atá croidhe an phobailse arna ramhrughadh, agus dobhádar a gcluása
bobhar dochum éisdeachda, agus do cháochadar a súile: deagla gu
bhfaicfeadáois réna súilibh, agus gu gcluinfeadáois réna gcluasaibh, agus
gu dtuigfeadáois réna gcroidheadhaibh, agus gu bhfillfeadáois, agus gu
sláineochainnse iád.


L. Gn28:28


Uime sin biódh a fhios agaibhse, gu bhfuil an slánughadhsa Dé arna
chur dochum na gcineadhach, agus gu gcluinfid siádsan hé.


L. Gn28:29


Agus ar rádh na neitheannsa dhó, do imthigheadar na hÍudaighe amach,
agus dobhí iomad diosbóireachda aca eatorra féin.


L. Gn28:30


Agus do chomhnuigh Pól dhá bhliádhain go hiomlán a dtigh dho réidhigh
sé dhó féin: agus do ghabhadh chuige na huile dháoine dothigeadh asdteach
chuige:


L. Gn28:31


Ag seanmorughadh rióghachda Dé, agus ag teagusg na neitheann bheanus
ris an dtighearna Iósa Críosd, maille ré gach uile chumus labhartha gan
toirmeasg.


L. Rm


Eipisteil Phoil Absduil dóchum na Romhánach.


L. Rm1



L. Rm1:1


Pol searbhfhoghantuighe Iósa Críosd, do goireadh dochum bheith na
absdal, agus, do toghadh dochum soisgéil Dé dho sheanmórughadh,


L. Rm1:2


(Noch dho gheall sé roimhe tré na fháidhibh sna sgriobtúraibh náomhtha,)


L. Rm1:3


A dtimcheall a mhic Iósa Críosd ar dtighearna, (dho gineadh dho shíol
Daibhí do réir na féola:


L. Rm1:4


Do foillsigheadh na mhac Dé a gcumhachdaibh, do réir spioraide na
náomhthachda, tré eiséirghe ó mharbhaibh.)


L. Rm1:5


Tré a bhfuáramairne grása agus absdaltachd, dochum umhlachda an chreidimh,
ameasg na nuile chineadhach ar son anmasan:


L. Rm1:6


(Eidir a bhfuil sibhsi lais arna bhur ngairm ré hÍosa Criosd:)


L. Rm1:7


Chugaibhsi uile an mhéid atá sa Róimh, arna bhur ngrádhughadh ó Dhía,
agus ionbhur náomhaibh do réir ghárma: Grása agus siothcháin maille ribh,
ó Dhía ar nathair, agus ón dtighearna Iósa Críosd.


L. Rm1:8


Ar tús beirim buidheachus ré mo Dhía féin tré Iósa Críosd, ar bhur
sonsa uile, do bhrígh gu bhfuil tuárasgbháil bhur gcreidmhe ar feadh an
domhain uile.


L. Rm1:9


Oír atá Día dhfiádhnuise agum, dhá ndénaim seirbhís am spioraid a soisgéul
a mhic, gu mbím gan sgur ag teachd thoraibh,


L. Rm1:10


agá iárraidh dho shiór am urrnaighthe, a afhagháil do thoil Dé, aisdear
séunmhar ar chor éigin do dhéunamh dhamh fa dheireadh ré theachd
chugaibhse.


L. Rm1:11


Oír atá rofhónn oram sibhse dhfaicsin, ar ghléus gu roinnfinn ribh
tiodhlacadh éigin spioradálta dochum bhur nearthuighthe.


L. Rm1:12


Eadhón, ionnus go bhfuighinn ionbhur bhfochairse foirceadal
comhchoitcheann tré chreideamh a chéile eadhon bhur gcreideamhsa agus mo
chreideamhsa.


L. Rm1:13


Agus a dhearbhraithreacha, ni háill leam gan a fhios do bheith agaibh,
gur chuir mé romham gu minic teachd chugaibh, (giodheadh do cuireadh toirmeasg
oram gus anois) dochum gu bhfuighinn toradh éigin ion bhur measgsa,
amhail fuáir mé eidir na cineadhachaibh eile.


L. Rm1:14


Atáim am fhéitheamh ag na Gréugachaibh agus ag na dáoinibh barbárrgha,
ag dáoinibh glioca agus neamhghlioca.


L. Rm1:15


Ar anadhbharsin do réir mar dhothig dhióm, atáim ullamh dochum an
tsoisgéil do sheanmóir dháoibhse mar an gcéudna, a bhfuiltí sa
Róimh.


L. Rm1:16


Oír ní fhuil ádhnáire óram fá shoisgéul Chríosd, do bhrígh gurob hé
cumhachd Dé é, dochum slánaighthe, dá gach áon chreideas, don Iúdaighe ar
tús, agus don Ghréugach mar an gcéudna.


L. Rm1:17


Oír as ann fhoillsighthear fíoréundachd Dé, ó chreideamh gu creideamh,
amhail atá sgríobhtha, doghéubhaidh an fiorén beatha tré chreideamh.


L. Rm1:18


Oír foillsighthear fearg Dhé dhó nimh anaghaidh gach uile
neamhdhiághachda, agus égcóra na ndáoineadh chongmhas anfírinne a
neamhfhíréndachd:


L. Rm1:19


Oír an mhéid déolus is éidir dhfagháil ar Dhía, atá sé gu follus
ionntasan: oír dorinne Dia follus dóibh hé.


L. Rm1:20


Oír a neithesion nach éidir dhfaicsin, mar atá a chumhad siórraidhe
agus a dhiághachd, atáid siád soiléir sóthuigsiona ó chruthughadh an domhain
an oibrighthibh: dochum nach beith leisgéul aca.


L. Rm1:21


Do bhrígh ar naithne Dhé dhóibh nach tugadar glóir dhó mar Dhía, agus
nach rugadar buidheachus ris: achd gur liónadar dho dhiomháoineas ina
smuáintighthibh, agus gur dalladh a gcroidhe neamhthuighsionach.


L. Rm1:22


Ar gcur amach dhóibh orrtha féin gur dháoine eagnuidhe iád, dorinneadh
dáoine éigcrídhnne dhíobh.


L. Rm1:23


Oir do iompuidheadar glóir Dhé nách éidir dho thruáilleadh, a
gcosamhaileas iomháidhe dhuine shothruáillighthe, agus éunlaithe, agus
ainmhinnteadh cheithre gcos, agus phéisdeagh.


L. Rm1:24


Ar anadhbharsin tug Día íadsan mar an gcéudna dainmhiánaibh a
gcroidheadh féin do neamhghlon chum a gcorp do shalchadh eatorra féin:


L. Rm1:25


Mar dhruing dho iompuidh firinne Dhé a mbréig, agus dorinne onóir agus
seirbhís don chreatúir, ag tréigean an chruthaighthéora, noch atá beannaighthe
gu síorraidhe. Amén.


L. Rm1:26


Ar anadhbharsa tug Día iád dainmhiánaibh graineamhla: oír do
athruigheadar a mná a ngnáthughadh nadúrrgha, a ngnáthughadh mhínádurrgha:


L. Rm1:27


Agus mar an gcéudna na fir, ar dtréigean ghnáthaighthe nadúrrgha na mban
dóibh, do lasadar ina nainmiánaibh an fear anadhaidh a chéile, na
fireannaidh ag déunamh gráineamhla ris na fireannachaibh, agus fuáradar ionnta
féin luádhaigheachd a seachráin, mar búdh coir.


L. Rm1:28


Agus amhail mar nár chuireadar súim anéolus Dé ddo chongmháil: as mar
sin tug Día íadsan dinntinn neamhchéillidhe, dochum gu ndéunaidís neithe
nárbhiomchuibhghe.


L. Rm1:29


Arna liónadh donuile éugcóir, do mhailís, do dhrúis, do
dhroichmhéin, do shaint: arna liónadh dho thnúth, do dhúnmharbhadh, do
cheannarraic, do mheabhail, do dhrochbharamhluibh.


L. Rm1:30


Ar mbeith dóibh na luchd siosarrnuidhe, na luchd ithiomradh, na luchd
fuáthaighthe Dé, na luchd tarcuisne, na ndáoinibh diomsacha, mordhálacha,
na luchd comtha uilc, easumhal dáithreachuibh agus do mhaithreachaibh,


L. Rm1:31


Eugciállaidhe, neamhchuingheallach, gan ghrádh nadúrrgha, doriártha,
neamhthróchaireach:


L. Rm1:32


Noch ar naithne dhlighidh Dé dhóibh, (eadhón gu dtuillid luchd na
ngniomhsa dho dhéunamh bás) ní hé amháin fós iád féin dá ndéunamh,
achd mar an gcéudna cáomhnuid siád luchd a ndéunta.


L. Rm2



L. Rm2:1


Ar anadhbharsin ní héidir do leisgél do ghabháil a dhuine gidhbé
ar bioth tú dhamnuigheas duine eile. Oír ann sa ní a ndáorann tú neach
eile, dáoradh tú thú féin: óir dhoní tú féin dháorus thu duine eile na
neithe cédna.


L. Rm2:2


Achd atá a fhios aguinne gu bhfhuil breitheamhnas Dé dho réir na fírinne
anadhuidh na muinntire dhoní ionnshamhail na neitheadh sin.


L. Rm2:3


Agus an measann tusa so, ó a dhuine dhamnuigheas an dream doní a leithed
súd, agus tú féin dá ndéunamh, gu racha tú as ó bhreitheamhnus Dé?


L. Rm2:4


Nó an dtarcuisnidheann tú saidhbhres a mhaitheasa, agus a fhoighide,
agus fhoide a fhulaing, gan a fhios agud gu dtréoruigheann maitheas Dé thú
dhochum aithrighe?


L. Rm2:5


Achd do réir do chruáis féin, agus do chroidhe gan aithrighe taisgidh tú
dhuit féin fearg, fá chomhair láoi na feirge, agus fhoillsighthe
cheirtbhreitheamhnuis Dé:


L. Rm2:6


Dobhéra dhá gach éinneach dho réir a ghníomhartha:


L. Rm2:7


Eadhón don druing iárrus tré fhoighide na deaghoibre, glóir, agus onóir
agus neamhthruáilleadh, an bheatha mharrthanach:


L. Rm2:8


Achd don dreim atá ceannairceach, agus nach umhluigheann don fhírinne, achd
umhluigheas donégcóruigh, dhobéurthar diomdhá agus fearg.


L. Rm2:9


Biáidh triubalóid agus doghruing fá chomhair anma gach áonnduine dhoní
olc, anÍuduidhe ar tús, agus an Ghréugaigh mar an gcéudna.


L. Rm2:10


Achd biáidh glóir, agus onóir, agus siothcháin dá gach áon doní an
mhaith, don Iúduighe ar tús, agus don Ghréugach mar an gcéudna.


L. Rm2:11


Oír ní fhuil cion ag Día ar fpearsain seach a chéile.


L. Rm2:12


Oír an mhéid do fpeacuigh gan an dlidheagh, rachuid amugha gan an
dligheadh: agus an mhéid do fpeacuigh fá andligheadh, daimeóntar iád
leis andligheadh.


L. Rm2:13


(Oír ní hiád luchd éisdeachda an dlighidh atá na bhfhirénchuibh a
bhfhiádhnuisi Dé: achd luchd choimhliónta an dlighidh asiád sháorfuidhear.


L. Rm2:14


Oír na cineadhaigh ag nách fuil an dligheadh, doníd siád ó nádúir
na neithe bheanas rís an dligheadh, iád so ag nach fuil an dligheadh aca,
atáid siád na ndligheadh dhóibh féin.


L. Rm2:15


Noch fhoillsigheas obair an dlighidh sgríobhtha an a gcroidhthibh, ar
mbeith dá gcogús ag déunamh fiádhnuise máráon riú, agus a smuáintighthe
ag éileabhadh a chéile, nó fos ag gabháil a leisgéil.)


L. Rm2:16


Ann sa lá an a mbéra Día bhreith ar sheicréidib na ndáoine maille ré
hIósa Críosd, do réir mo shoisgéilsi.


L. Rm2:17


Féuch, goirthear Iúduidhe dhiótsa, agus muinighidh tú as andligheadh,
agus doní tú mórdháil as Día,


L. Rm2:18


Agus atá fios a thoile agad, agus derbhuidh tú na neithe
eidirdhealuighthecha, ar mbeith foghlomtha dhuit ón dligheadh:


L. Rm2:19


Agus atáoi dochasach gu bhfhuil tú ad héoluuch ag na dalluibh, agus
ad sholas ag na muinntir atá a ndorchadas,


L. Rm2:20


A tfior muinte na ndáoine neamheagnuidhe, ad theagasgthóir na leanabh,
ar son gu bhfuil foirm aneóluis agus na fírinne agad sa dligheadh.


L. Rm2:21


Tusa ar anadhbharsin mhúineas duine eile, créd nách múineann tú
thú féin? tusa sheanmóireas gan ghoid do dhénamh, a ndéanann tú féin
goid?


L. Rm2:22


Tusa adeir gan adhalthrannas do dhénamh, a ndéanann tú féin adhaltrannas?
tusa agá bhfhuil grain ar na hiómháidhibh, an sladann tú aneaglais?


L. Rm2:23


Tusa dhoní mórdháil as a ndlighedh, an dtabhair tú asonóir do Día tré
bhriseadh an dlighidh?


L. Rm2:24


Oir masluighther ainm Dé thríbhsi eidir na cinedhachuibh, mar atá
sgríobhtha.


L. Rm2:25


Oír is tarbhach an timcheallgherradh gu deimhin má coimhéidann tú an
dlighedh: achd má bhiónn tú ad fhios sháruighthe an dlighidh, atá do
thimcheallghearradh gan bheith na thimcheallghearradh.


L. Rm2:26


Ar anadhbharsin má choimédann an neamhthimcheallghearradh ordaighthe
an dlighidh, ané nách measfuidhthear a neamhthimcheallghearradh do
bheith na thimcheallghearradh.


L. Rm2:27


Agus ané nách daiméona an neamhthimcheallghearradh atá ó nadúir, ma
choimhéudann sé an dligheadh, tusa atá ad tfior sáruighthe an dlighidh
trésan litir agus trésan dtimcheallghearradh.


L. Rm2:28


Oír ní hé an tí atá gu follas na Iúduidhe, is Iúduighe ann; ná fós
an timcheallghearradh atá gu leithimeallach sa bhfeóil, ios
timcheallgearradh:


L. Rm2:29


Achd an té atá ós íseal na Iúduidhe, agus timcheallghearradh an
chroidhe, ann sa spioruid, agus ní sa litir: agá bhfuil a mholadh, ní ó
dháoinibh, achd ó Dhía.


L. Rm3



L. Rm3:1


Ar anadhbharsin créd é an bárr atá ag an Iúduidhe, nó créd é tarbha an
timcheallghearrtha?


L. Rm3:2


Ios mór ar gach áonchor; agus gu prinnsiopálta do bhríogh gurab
riúsan do táobhadh bríathra Dé.


L. Rm3:3


Oír créd ma dobhádar dream dháirighthe dhiobh gan creideamh? a
ndiongna a neamhchreideamhsan fírinne Dé gan eifeachd?


L. Rm3:4


Nár léigidh Día sin: achd bíoth Día fírinneach, agus gach uile dhuine
brégach: mar atá sgríobhtha, ar chor go sáorfuidhe thú ad bhriáthruibh, agus
gu mbérthá buáidh, an tan bheireas tú bhreith.


L. Rm3:5


Achd má neartuigheann ar négcóirne cóir Dhé, créd adéram? an bhfhuil
Día égcórach doní dioghaltus? (do réir mhodha na ndáoine labhruim.)


L. Rm3:6


Nár léige Día sin: nó no cionnas bhias Día na bhreitheamh ar an domhan?


L. Rm3:7


Oír más móide dho lióm fírinne Dé trém bhréigsi dochum a ghlóiresion,
créd fá a ndamantur mhéisi ó so suás mar pheacach?


L. Rm3:8


Agus créd fá nách diongnamáoid uilc, dochum gu dtiocfadh: maith dhíobh,
(do réir mar maslaighthear sinn, agus do réir mar adeirid dáoine
dháirighthe) ar a dtig damnadh ó cheart, gu nabramáoid?


L. Rm3:9


Créd eile má seadh? an bhfhuilmídne ag breith bháirr? ní fhuilmíd
ar mhodh ar bioth: óir do shuidhigheamar roimhe so na hÍuduighthe agus na
Gréguigh uile dho bheith fá pheacadh.


L. Rm3:10


Mar atá sgríobhtha, nach fuil fírénach ann, fós ní fhuil áonnduine:


L. Rm3:11


Ní fhuil neach ann thuigeas, ní fhuil neach iárrus Día.


L. Rm3:12


Do chláonadar uile, atáid siád anéinfheachd arna ndéunamh mítharbhach:
ní fhuil neach ann do dhéunadh maith, ní fhuil gu héinneach.


L. Rm3:13


As uáimh osguilte a sgornach, dorinneadar meabhail léna dteangthuibh,
atá neimh na naithreach neimhe fána bpusuibh.


L. Rm3:14


Agá bhfhuil a mbél lán do mhallachadh agus do shearbhas.


L. Rm3:15


Atáid a gcosa luath dochum fola do dhortadh:


L. Rm3:16


Agá bhfhuil briseadh croidhe agus anshógh ana slighthibh:


L. Rm3:17


Agus niór aithnigheadar slighe na siothchána:


L. Rm3:18


Ní fhuil eagla Dé a bhfhíadhnuisi a súl.


L. Rm3:19


Agus atá a fhios aguinn gidhbé ar bioth neithe adeir an dligheadh,
gurab ris andreim atá fán dligheadh labhrus sé: dochum go dtochdfuidh gach
uile bhél, agus gu mbeath an domhan uile cionntach dho bhreithemhnus Dé.


L. Rm3:20


Ar anadhbharsin ní sáorfuidhthear éinneach na fhiádhnuisision ó
oibrighthibh an dlighidh: oír is trésan dligheadh tig aithne an
fpeacuigh.


L. Rm3:21


Achd anois anégmuis an dlighidh atá fíréntachd Dé arna dhéunamh follas,
arna dhearbhadh lé fiádhnuisi an dlighidh agus na bhfáidheadh.


L. Rm3:22


Firéntachd Dé adeirim tré chreideamh Iósa Críosd dá gach áonnduine,
agus ar gach áon chreideas: oír ní fhuil eidirdhealughadh ann.


L. Rm3:23


Oír do pheacaigheadar na huile dháoine, agus dá bhríogh sin atáid
siád anégmuis ghlóire Dé.


L. Rm3:24


Agus atáid arna sáoradh anaisgidh réna ghrásuibhsean trésan
bfuásgladh dorinneadh lé hIósa Críosd:


L. Rm3:25


Noch dho órduigh Día na cheann réidhtigh tré chréideamh ina fhuil,
dochum a fhíréntachda dfoillsiughadh, tré mhaithmheachas na bpeacadh
dochuáidh tharuinn,


L. Rm3:26


A bhfhoighide Dé, dochum a fhiréntachda féin dfoillsioghadh ann
sanaimsirsi dho lathair: dochum gu mbiádh sé féin ceart, agus gu sáorfadh
sé an té atá do chreideamh Iósa.


L. Rm3:27


Ar anadhbharsoin cáit a bhfhuil an mhórdháil? atá sí arna cur
amach. Cía an dlighedh lér cuireadh amach hí? an tré dhligheadh na
noibreacha? ní headh, achd tré dhlighedh an chreidimh.


L. Rm3:28


Isí ar mbhreith ar anadhbharsin, gurab lé creideamh sháorthar an
duine anégmuis oibrightheadh an dlighidh.


L. Rm3:29


Ané Día Día na nÍuduidheagh amháin? ané nach é Día na
gcineadhach mar an gcédna? gu deimhin asé Día na gcineadhach
leis.


L. Rm3:30


Oír is éin nDía sháorfas an timcheallghearradh lé creideamh, agus an
neamhthimcheallghearradh trésan gcreideamh.


L. Rm3:31


Uime sin a ndéunmáoid an dligheadh neamhthábhachdach trésan
gcreideamh? nár léige Día sin: achd fós neartuighemíd an dligheadh.


L. Rm4



L. Rm4:1


Uime sin créd adéram fuáir Abrahám ar nathair dho réir na feóla?


L. Rm4:2


Oír más ó oibrighthibh dho sáoradh Abraham, atá adhbhar máoidhimhaighe
aige, achd ní a dtáobh Dé.


L. Rm4:3


Oir créd adeir an sgríobtúr? do chreid Abrahám do Dhía, agus do
measadh sin dó ina fhíréantachd.


L. Rm4:4


Achd don té doní obuir, ní dho réir ghrás mheasdar tuárasdal dó, achd
dho réir fhiách:


L. Rm4:5


Achd dhon té nách déineann obair, ach chreideas ann sa tí sháorus an duine
neamhdhiagha, measdar a chreideamh mar fhíréntachd.


L. Rm4:6


Amhail adeir Dábhí mar an gcéudna, gurob beannuighe an duine dhá
measann Día fíréntachd gan oibríghthe: ag rádh,


L. Rm4:7


Is beannuighthe an dream agá bhfuil a neimhfhiréuntachd arna
maitheamh dhóibh, agus agá bhfhuilid a bpeacuigh arna bhfholach:


L. Rm4:8


Is beannuighthe an té ag nách cuirfi an tighearna peacadh na leith.


L. Rm4:9


Ar anadhbharsin an dtig an beannachdsa ar an timcheallghearradh
abháinn, nó ané nach tig se ar a neamhthimcheallghearradh mar
angcéudna? oír adeirimíd gur measadh a chreideamh dhAbrahám mar
fhíréntachd.


L. Rm4:10


Uime sin cionnas do measadh dhó é? ané anúair dobhí sé sa
timcheallghearradh, nó anúair nách raibhe? ní ré linn timchillghearraidh,
achd anuáir dobhí sé na égmuis.


L. Rm4:11


Agus do ghabh sé chuige chomhartha an timchillgheartha, séla fíréntachda an
chreidimh dobhí aige anégmuis an timcheallghearra, dochum gu mbeith sé
na athair ag gach áon do chreidfeadh anégmuis an timchillghearruidh, dochum
go measfuidhe fíréntachd dhóibhsean mar an gcéudna:


L. Rm4:12


Agus u mbiádh sé na athair an timchillghearrtha, ní hé amháin don
dreim mhuinigheas as an dtimchillghearradh, achd mar an gcéudna don dreim
leanas lurg chreidimh ar nathar Abraham, noch dobhí aige ann sa
neamhthimcheallghearradh.


L. Rm4:13


Oír ní trésan dligheadh dorinneadh an gelladh dhAbraham nó dhá
shliochd, gu mbiath sé na oidhre ar an domhan, achd tré fhíréndachd
an chreidimh.


L. Rm4:14


Oír má atá an dream mhuinigheas as a ndligheadh na noidhrighibh, atá
an creideamh arna dhéunamh diomhaóin, agus an gealladh neamhthábhachdach.


L. Rm4:15


Oír is fearg oibrigheas an dligheadh, oír giodhbé aít nách fuil dligheadh
ní fhuil briseadh dlighidh annsin.


L. Rm4:16


Uime sin is ó chreideamh atá anoidhreachd, dochum u mbiádh sí tre
ghrásuibh, dochum na geallamhna do bheith diongmhála don tsíol uile: ní hé
amháin don chuid atá dhon dligheadh, achd mar an gcéudna don chuid atá
dho chreideamh Abrahám, atá na athair aguinne uile.


L. Rm4:17


(Mar atá sgríobhtha, do orduigh mé thú ad athair do chineadhachuibh
iomdha,) a bhfhiádhnuisi an té ann ar chreid sé iodhón Día, bhéouigheas
na mairbh, agus ghoireas na neithe nách fuil ann fá mar dho bheidís.


L. Rm4:18


Abrahám noch do chreid anadhuidh dóchuis, fá dhóchus, gu mbeath sé
na athair iomad cineadhach, do réir mar adubhradh ris, is mar sin bhiás do
shíolsa.


L. Rm4:19


Agus ar mbeith neimhmeirb dhó a gcreideamh, nír chuir sé súim ina
chorp féin dobhí cheana gan spracadh, ar mbeith dhó a dtimcheall
chéd bliádhan, iná fós a neamhmbrioghmhuireachd bhronn Shara.


L. Rm4:20


Agus niór chuir sé cunntabhairt a ngealladh Dé lé míchreideamh: achd
do neartuigheadh hé a gcreideamh, ar dtabhairt ghlóire dho Dhía:


L. Rm4:21


Agus dobhí a láindeimhin aige, an té thug an gealladh, gur chumhachdach
é ar a choimhlíonadh.


L. Rm4:22


Ar anadhbharsin do measadh dhó mar fhíréntachd.


L. Rm4:23


Giodheadh ní ar a shonsan amháin do scríobhadh gur measadh dhó
mar fhíréntachd:


L. Rm4:24


Achd mar an gcéudna ar ar soinne dá measfuidhear é, eadhón don mhéid
chreideas ann sa té do dhúisigh Iósa ar dtighearna ó mharbhuibh,


L. Rm4:25


Noch do bhásuigeadh air son ar gciontaine, agus do haithbhéodhuigheadh
dochum sinne dho sháoradh.


L. Rm5



L. Rm5:1


Ar anadhbharsoin tar éis ar sáortha tré chreideamh, atá siothcháin
aguinn ré Día, tré ar dtighearna Iósa Críosd:


L. Rm5:2


Tréna bhfhuáramar mar an gcédna slighe trésan gcreideamh dochum na
ngrássa ann a seasmáoid, agus a ndénmaoid gáirdeachas fá mhuinghin ghlóire
Dé.


L. Rm5:3


Agus ní hé amháin, achd donimíd gáirdeachus mar an gcédna a dtrioblóidibh,
do bhríogh gu bhfhuil a fhios aguinn gu noibrigheann an trioblóid foidhide:




L. Rm5:4


Agus an fhoidhide dearbhadh, agus an dearbhadh dóchús:


L. Rm5:5


Tuilleadh eile, ní adhnáirigheann án dóchus, do bhríogh gu bhfhuil grádh
Dé arna dhortadh an ar gcroidhibhne trésan spioruid náomh atá arna
thabhairt dúinn.


L. Rm5:6


Oír do fhulaing Críosd bás na am féin ar son na ndáoineadh neamhdhíagha,
an tan dobhámar fós anbhann.


L. Rm5:7


Oír gu deimhin is deacair gu bhfhuileongadh duine bás ar son fhírénuigh:
agus dobhiádh a naigneadh fós gu naointéochadh duine éigin bás dfhulang
ar son duine mhaith:


L. Rm5:8


Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne annso, do bhríogh ar mbeith
dúinn fós nar bpeacachuibh, gur fhuiling Críosd bás tar ar son.


L. Rm5:9


Ar anadhbharsin tar éis ar sáortha anois léna fhuilsion, is mó gu
mór choimhéudfuidhthear sinn thrídsion ó fheirg.


L. Rm5:10


Oír má dho réidhigheadh eadruinn agus Día tré bhás a mhic, anuáir dho
bhámar nar náimhdibh: is mó ioná sin gu mór ar mbeith na athmhuinntearas
dúinn choimhédfuidhthear sinn tréna bheathasan.


L. Rm5:11


Agus ní hé sin amháin, achd már an gcéudna donímíd máoidheamh a nDía, tré
ar dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfhuáramar anois an tathmhuinntearas.


L. Rm5:12


Ar anadhbharsin mar tháinic an peacadh dochum an domhain tré áonduine
amháin, agus an bás trésan bpeacadh: is mar sin ráinic an bás na huile
dháoine, ar son gur pheacuigheadar uile.


L. Rm5:13


Oír gus an dligheadh dobhí an peacadh ann sa tsáoghal, achd ní cuirthear
an peacadh a leith dhuine anuáir nách biónn dligheadh ann.


L. Rm5:14


Giodheadh dobhí rioghachd ag an mbás ó Adhamh gu Máoisi, ar a
ndreim úd fós nar pheacaigh do réir chosamhlachda asumhlachda
Adhuimh, noch atá na fhiodhair ag an té úd dobhí chum teachda.


L. Rm5:15


Achd ní mar an gcoir atá an tabhartus dobheir Día uadha, oír má
fuáradar mórán bás tré thuitim anáonduine amháin, is romhó iona sin do
acfuinnigh grás Dé, agus an tabhartas tré grás anáonnduine Iósa Críosd do
mhórán.


L. Rm5:16


Agus ní mar an ní tháinic trésanáonnduine do pheacuigh atá an
tabhartas: oír táinic cionnta ó anaonchor amháin dochum damanta: achd
taínic an tabhartus ó iomad cionnradh dochum sáortha.


L. Rm5:17


Oír más do bhrígh áonchoire amháin do ghabh an bás rioghachd tré
áonnduine, ios mó iona sin gu mór doghéubhá an mhuinntear ghlacas fairsingi
ghrása agus thabhartais na fíréntachda, rioghachd a mbeatha tré áon, eadhon
Iósa Chríosd.


L. Rm5:18


Ar anadhbharsin do réir mar thainic trésanénchoir bheith
cionntach dona huile dháoinibh dochum damanta: is mar sin do
fhairsinghidh an tabhartas tré aon tsáoradh amháin, da gach uile dhuine,
dochum sáortha na beatha.


L. Rm5:19


Oír fá mar is tré easumhlachd énnduine amháin, dorinneadh peacuigh do
mhorán, is mar sin tré umhlachd éunnduine amháin, doghéntar firénuigh
dho mhórán.


L. Rm5:20


Tuilleadh eile, is chuige tháinic an dligheadh, dochum gu médóchthaoi an
choir: achd sa bhall ar mhéduigh an peacadh, is ann rug an grás bárr.


L. Rm5:21


Ionnas do réir mar do thighearnuigh an peacadh dochum báis, gu
dtighernóbhadh grás mar an gcéudna tré fíréntachd dochum na beatha
marthanuighe, tré Iósa Críosd ar dtighearna.


L. Rm6



L. Rm6:1


Ar anadhbharsin créd adéurum? ananfum a gcomhnuidhe a bpeacadh,
dochum gu liónfadh grás Dé?


L. Rm6:2


Nár léige Día sin. Cionnas do fhédfamáoisne atá marbh dho pheacadh
anmhuin beó fós ann?


L. Rm6:3


Ané nách fuil a fhios agaibh, an mhéid dhínne dho baisdeadh dochum
Iósa Criosd, gur baisdeadh sinn dochum a bháis?


L. Rm6:4


Ar anadhbharsin atámuid adhlaice máráon risean tré bhaisdeadh dochum
báis: ionnus do réir mar dho tógbhadh suás Críosd ó mharbhaibh, dochum
glóire anathar: gurob mar sin mar an gcéudna dodhéunmais siubhal a
núadhaigheachd bheatha.


L. Rm6:5


Oír dá raibh sinn ar nar bplanndughadh máráon rision a gcosmhuileas a
bháis: biám mar an gcédna a gcosmhuileas a eiséirghe:


L. Rm6:6


Ar mbeith da fhios so aguinn, gu bhfuil ar seannduine arná céusadh maráon
rision, dochum gu sgriosfuidhe corp an pheacaidh, ionnus nách diongnamáois
seirbhís ó so suás don pheacadh.


L. Rm6:7


Oír an tí fuáir bás, ios sáor hé ó pheacadh.


L. Rm6:8


Agus má fuáramar bás maráon ré Críosd, creidmáoid go mairfeam mar an
gcéudna maráon ris.


L. Rm6:9


Ar mbeith a fheasa aguinn, ar néirghe do Chríosd ó marbhaibh, nách
fuighbhidh sé bás nísa mhó: ní fhuil tighearnus feasda ag an mbás air.


L. Rm6:10


Oír ar bhfagháil bháis dó, ios don pheacadh fuáir sé bás éunuáir: achd ar
mbeith béo dhó, is do Dhía atá sé béo.


L. Rm6:11


Agus mar an gcéudna ios measda dháoibhsi gu bhfuiltí marbh don pheacadh,
agus béo do Dhía, tré Iósa Críosd ar dtighearna.


L. Rm6:12


Ar anadhbharsin na bíoth riogheachd ag an bpeacadh ion bhur gcorp
somharbhtha, ionnas gu dtiubhradh sibh umhlachd dó ina mhiánaibh.


L. Rm6:13


Agus na tugaidh bhur mbaill na nármuibh éugcóra dhon pheacadh: achd
tugaidh sibh féin do Dhía, mar dhruing atá béo ó mharbhuibh, agus bhur
mbaill na nármuibh fíréntachda dho Dhía.


L. Rm6:14


Oír ní bhiáidh tighearnus ag an bpeacadh oraibh, do bhrígh nách fá
an dligheadh atá sibh, achd fá ghrásuibh.


L. Rm6:15


Créd eile maseadh? an leanfum do pheacadh, ar anadhbhar nách
fuilmáoid fá an dligheadh, achd fá ghrásuibh? nar léige Día sin.


L. Rm6:16


An hé nách fuil a fhios aguibh, giodhbé dhá dtabhartháoi sibh féin
mar shearbhfhoghantuigheadhuibh dochum umhlachda, gurob
searbhfhoghantuigheadha sibh don tí dá dtabhartháoi umhlachd, más do pheacadh
dochum báis, nó dhumhlachd dochum fíréntachda?


L. Rm6:17


Achd a bhuidheachas ré Día gu rabhabhair bhur searbhfhoghantuigheadhaibh
ag an bpeacadh, achd gu dtugabhair umhlachd ó chroidhe don fhoirm theaguisg
da dtugadh sibh.


L. Rm6:18


Agus ar mbeith dháoibh arna bhur sáoradh ó pheacadh, dorinneadh
searbhfhoghantuidheadha don fhíréuntachd dáoibh.


L. Rm6:19


Is do réir ghnáthaighthe na ndáoine labhruim, ar son égcruáis bhur
hbféolasa. Oír do réir mar thugabhair bhur mbaill na
shearbhfhoghantuigheadhaibh dho neamhghloine agus dho neamhghloine agus do
bhriseadh na naitheantadh dochum égcóra: tabhruidh anois mar an gcéudna
bhur mbáill na searbhfhoghantuigheadhaibh don fhíréntachd dochum
náomhachda.


L. Rm6:20


Oír an tan dobhábhair ion bhur searbhfhoghantuigheadhaibh ag an bpeacadh,
dobhábhair sáor ó fhiréntachd.


L. Rm6:21


Ar anadhbharsin créd hé an toradh fuárabhair anuáirsin ann sna
neithibh fá a bhfhuil náire anois oraibh. Oír as é as críoch dhóibh bás.


L. Rm6:22


Achd anois ar mbeith dháoibh arna bhur sáoradh ó pheacadh, agus arna
bhur ndéunamh ion bhur searbhfhoghantuigheadhaibh dho Dhía, atá toradh aguibh
dochum náomhthachda, agus an chríoch dheigheanach, an bheatha mharrthanach.


L. Rm6:23


Oír asé as tuarasdal don pheacadh, bás: achd asé tabhartus Dé an
beatha mharrthanach, tré Iósa Críosd ar dtighearna.


L. Rm7



L. Rm7:1


Ané nách fuil a fhios aguibh a dhearbhraithreacha, (óir as ris an luchd
agá bhfuil fios an reachda labhruim) gu bhfuil cumhachda ag an reachd ar
dhuine, ar feadh a sháoghail?


L. Rm7:2


Oír an bhean atá pósda ré fear, atá sí ceangailte dhe feadh a sháoghail, do
réir an reachda: giodheadh dá bhfaghaidh a fear bás, atá sise sáor ó reachd
anfhir.


L. Rm7:3


Uime sin ré saoghal a fir dá raibh sí ag fear eile, goirrfighthear
meirdreach dhí: giodheadh dá bhfaghaidh a fear bás, atá sí sáor ón reachd,
ionnus nách meirdreach hí, ar son gabhtha dhí ré fear eile.


L. Rm7:4


Ar anadhbharsin a bhraithreacha atá sibhse leis marbh don reachd
tré chorp Críosd: dochum bheith ceangailte dhíbh dho neach eile,
eadhón don tí úd do tógbhadh suas ó mharbhaibh, dochum toraidh dho
thabhairt dochum báis.


L. Rm7:5


Oír an tan dobhámair sa bhfeóil, dobhiódh miánguis na bpeacadh trésan
reachd ag oibriughadh ion ar mballaibh, dochum toraidh dho thabhairt dochum
báis.


L. Rm7:6


Achd anois atámaid arna bhur sáoradh ón reachd, ar mbeith don ní lér
congmhadh sin marbh: ionnus gu ndiongnamáois seirbhís do Dhía a núaidheachd
spioraide, agus ní a seanndachd na leitre.


L. Rm7:7


Ar anadhbharsin créud adéuram? ané gurob peacadh an reachd? nar
leige Día sin. Giodheadh fós ní raibhe fios peacaigh agum achd trésan reachd.
Oír ní bhiádh fios mhiánguis agum, muna abradh an reachd, ná biádh
miánghus ort.


L. Rm7:8


Agus ar ngabáil chionfátha dhon pheacadh trésanaithne, do oibrigh sé
ionnum gach uile ghné mhiánguis,


L. Rm7:9


Oír a bhféugmhuis an reachda dobhí an peacadh marbh: Agus dobhí meisi
ar uáiribh béo a bhféugmais an reachda: achd ar dteachd donaithne, do
athbhéoaidh an peacadh, agus fuáir meisi bás.


L. Rm7:10


Agus anaithne úd do hórduigheadh dochum beatha, frith dhamhsa hí
dochum báis.


L. Rm7:11


Oír ar ngabháil chionfátha dhon pheacadh trésanaithne, do mharbh sé mé.


L. Rm7:12


Ar anadhbharsin atá an reachd gan amhras náomhtha, agus anaithne
náomhtha, agus comhthrom, agus maith.


L. Rm7:13


Uime sin a ní maith an bhfuil sé arna dhéunamh na bhás dámhsa? nar
léigidh Día sin. Achd an peacadh, dochum gu mbiádh sé follus na pheacadh,
dho oibrigh bás ionnum, trésaní úd atá maith, dochum gu mbiádh an
peacadh ag sárughadh tar mhogh trés anaithne.


L. Rm7:14


Oír atá a fhios aguinn gu bhfuil an reachd sbioradálta, achd atáimse
féolmhar arná mo reic fá pheacadh.


L. Rm7:15


Oír ní thuigim an ní doním: óir an ní is mían riom ní hé dhoním, achd
a ní fuáthaighim asé dhoním.


L. Rm7:16


Agus másé a ní nach mián rioó dhoním, tigim ris an reachd gurob maith
hé.


L. Rm7:17


Ar anadhbharsin ní meisi feasda dhoní hé, achd an peacadh atá
comhnaightheach ionnum.


L. Rm7:18


Oir atá a fhios agum nách fuil maith ar bioth na comhnuidhe ionnum,
eadhon um fhéoil: oír atá mián na toile a bhfogus damh, achd ní fhaghuim
slighe ar bioth dochum na maitheasa dho chriochnughadh.


L. Rm7:19


Oír ní dhiongnuim an mhaith is mián riom: achd an tolc nách mian rióm,
asé dhoním.


L. Rm7:20


Agus má dhonímse a ní nách mián riom, ní meisi dhoní hé feasda, achd an
peacadh atá ina chomhnuidhe ionnum.


L. Rm7:21


Ar anadhbharsin do gheibhim ar mbeith damh fonnmhar chum maitheasa
dho dhéunamh gu bhfuil an chuingse arna cur orum, eadhón an tolc dho
bheith láimh rióm.


L. Rm7:22


Oír atá fonn agum a reachd Dé, do réir an duine dhon táobh asdigh:


L. Rm7:23


Achd dochím reachd eile ann mo bhallaibh ag cathughadh anadhaigh
reachda mhinntinne, agus dom thabhairt a mbruid do reachd an pheacaidh,
noch atá am bhallaibh.


L. Rm7:24


Uch as meisi an truaghán: cía sháorfus mhé ó chorp an bháis so?


L. Rm7:25


Beirim buidheachus ré Día tré Iósa Críosd ar dtighearna. Uime sin
donímse gu deimhin am intinn seirbhís do reachd Dé, achd am fhéoil do reachd
an pheacaidh.


L. Rm8



L. Rm8:1


Ar anadhbharsin ní fhuil damnughadh ar bioth anois don dreim atá
a nIósa Críosd, nách siobhlann do réir na féola, achd do réir na spioruide.


L. Rm8:2


Oír do sháor dligheadh spioruide na beathadh atá a nÍosa Críosd,
mheisi ó dhligheadh an fpeacaidh agus an bháis.


L. Rm8:3


Oír an ní nárbhéidir don dligheadh do dhéunamh, ar mbeith dó éugcruáidh
san bhfhéoil, ar gcur a mhic féin do Dhía a gcosamhlachd cholla an
fpeacuigh, agus ar son fpeacaigh, do dhamuin sé an peacadh sa
choluinn.


L. Rm8:4


Dochum gu gcoimhlionfuidhe ceart an dlighidh ionnuinne, nách siobhlann do
réir na colla, achd do réir na spioruide.


L. Rm8:5


Oír an dream atá do réir na feóla, smuáintighid siád neithe bheanas
ris an bhfhéoil: achd an dream atá do réir na spioruide, na neithe
bheanas ris an spioruid.


L. Rm8:6


Oír is bás gliocas na feóla: achd is beatha agus sióthcháin gliocas na
spioruide:


L. Rm8:7


Oír is námhadus anaghuidh Dé gliocas na féola, oír ní umhluigheann sé
do dhligheadh Dé: agus fós ní héidir leis.


L. Rm8:8


Ar anadhbharsin an dream atá do réir na feóla, ní héidir léo toil
Dé do dhéunamh.


L. Rm8:9


Achd ní fhuiltísi do réir na féola, achd do réir na spioruide: má
atá spioruid Dé na comhnuidhe ionnuibh. Achd dá mbé énnduine gan spiorad
Chríosd aige, ní lé Críosd an duinesin.


L. Rm8:10


Agus má atá Críosd ionnuibh, atá an corp gu deimhin marbh do
tháobh an fpeacuigh: achd is beatha an spiorad tré fhiréntachd.


L. Rm8:11


Achd má chomhnuigheann ionnuibh spiorad an té do dhúisigh Iósa ó
mharbhuibh: an té do dhúisigh Iósa ó mharbhuibh, béoóbhuigh sé bhar gcuirp
shomharbhthachasa mar an gcéudna, tréna spioruidsion chomhnuigheas
ionnuibh.


L. Rm8:12


Uime sin a bhráithreacha ní don fheóil atamáoid nar bhfhéitheamhnuibh,
ar chor gu gcaithfeadhmáois ar mbeatha do réir na feóla: achd don
spioruid.


L. Rm8:13


Oír más do réir na feóla chaithfidhe bhar mbeatha, doghéubtháoi bás:
achd má mhartháoi gniómhartha na colla leis an spioruid, dogheubhtháoi beatha.


L. Rm8:14


Oír an mhéid thréoruighthear lé spiorud Dé, asiad clann Dé iád.


L. Rm8:15


Oír nír ghabhabhair chuigaibh spiorad na searbhfhoghantachda dochum eagla,
do bheith oruibh arís, achd do ghabhabhair chuguibh spiorad macachda,
trésa ngoirmíd Abba eadhon a athair.


L. Rm8:16


Doní an spioradsa fiádhnuisi lé ar spioruidne, ghurob clann do Dhía
sinn.


L. Rm8:17


Agus más clann sinn, is oidhrighe sinn mar an gcéudna: oidhrighe gan
amharas do Dhía, agus comhoidhreagha do Chríosd: má fhuilngmíd
anáoinfheachd ris, dochum gu bfuighemis glóir mar an gcéudna
anáoinfheachd ris.


L. Rm8:18


Oír measuim inchoimhmeasta na neithe fhuilngemíd sa bheathaso do
láthair ris an nglóir fhoillséochthar dhúinn ann sa bheathuidh atá ag
teachd.


L. Rm8:19


Oír atá feitheamh díthcheallach gach creatúir agus a súile suás ag
fuireach ré foillseachadh chloinne Dé.


L. Rm8:20


Oír atá an creatúir fá mhursantachd an diomháoinis, ní dhá thoil
féin, achd ar son an té úd do chuir fá mhursantachd hé.


L. Rm8:21


A muinidhin gu sáorfuidhe an cretúir féin ó shearbhfhoghantachd an
truáillidh, gu sáoirsi ghloire chloinne Dé.


L. Rm8:22


Oír atá a fhios aguinn gu bhfuil anuile chreatúir ag osnadhuigh, agus
a bpéin mar mhnáoi ré niodhnuibh máráon rinne gus anaimsirsi.


L. Rm8:23


Agus ní hiádsan amháin, achd sinne féin agá bhfhuilid cédthoirthe
na spioruide, bímídne adeirim ag osnadhuigh ionnuinn féin, ag feitheamh
ris an mactabhartus fuasgladh ar gcuirp.


L. Rm8:24


Oír as lé muiidhin atámaoid arnár sáoradh, achd má dhochíthear an
muinidhin, ní uinidhin í. Oír créd fá a mbiath muinidhin ag neach ris an ní
dhochí sé.


L. Rm8:25


Achd má bhión súil aguinn ris an ní nach faicmíd, donimíd fuireach
ris trí fhoidhide.


L. Rm8:26


Agus is mar an gcédna fhóireas an spiorad ar négcruásne. Oír ní fhuil
a fhios aguinn créd do iárrfadhmaois anurnuighthe mar budh cóir:
achd doní an spiorad féin urnuighthe ar ar son lé hosnaidhibh nach éidir
dhinnisin.


L. Rm8:27


Achd atá a fhios ag sgrúdaighthóir na gcroidheadh cred í inntinn na
spioruide: oír is do réir thoile Dé ghuidheas an spiorad ar son na náomh.


L. Rm8:28


Agus atá a fhios aguinn gu gcomhoibrigheann gach uile ní dochum
maitheasa dona dáoinibh ghrádhuigheas Día, eadhón don dreim atá arna
ngairm do réir orduighthesion.


L. Rm8:29


Oír an dream do aithin sé roimhe, do orduigh sé résanaimsir a
mbeith comhchosmhuil diomháidh a mhic f;éin, ar chor gu beath seisean na
chéoighein eidir mhórán derbhraithreach.


L. Rm8:30


Agus an dream do thogh sé roimh láimh, do ghoir sé iád mar an gcédna:
agus an dream do ghoir sé, do sháor sé iád mar an gcéudna: agus an dream
do shaor sé, tug sé glóir dhóibh mar an gcéudna.


L. Rm8:31


Uime sin créd adéram fá na neithibhsi? má atá Día linn, cía
fhédus bheith nar nadhuidh?


L. Rm8:32


An té nar choigill a mhac díleas féin, achd tug ar ar soinne uile é,
cionnas nách tiodhluigfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris?


L. Rm8:33


Cía chuirféas coirthe anadhuidh dháoine toghtha Dé? asé Día a
sháoras.


L. Rm8:34


Cía dhaiméonas? Críosd fuáir bás: Agus fós dorinne aneiséirghe:
noch fós atá ar deis Dé, agus fós ghuidhes ar ar soinne.


L. Rm8:35


Cía dhealóchas sinn ó ghrádh Chríosd? an mursantachd, no amhgar, nó
díbeirt, nó gorta, mó lomnochduighe, nó peiríacuil, nó chloidheamh?


L. Rm8:36


(Mar atá sgríobhtha, is ar do shonsa mharbhthar sinn ar feadh an
láoi: atámáoid ar ar meas mar cháorcha ré huchd a marbhtha.)


L. Rm8:37


Achd is mó ina buádhuaghadh donímíd ionnta so uile, trésan té úd do
ghrádhuigh sinn.


L. Rm8:38


Oir atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás na lé beathaidh,
ina lé hainglibh, ina lé huáchdaránachd, ina lé cumhachduibh, ná leis na
neithibh atá dho láthair, ina leis na neithibh atá dochum teachda,


L. Rm8:39


Na lé hairde, na lé doimhne, na lé creatúr ar bioth eile, sinne dho
dhealughadh ó ghrádh Dé, atá a nIósa Críosd ar dtighearna.


L. Rm9



L. Rm9:1


Adeirim anfírinne a gCríosd, ní dhéunuim brég, ar mbeith do mo
chogús a déunamh fiádhnuise dhamh tríd an spiorad náomh,


L. Rm9:2


Gu bhfuil tuirsi mhór oram, agus doilgheas a gcomhnuidhe ar mo chroidhe.


L. Rm9:3


Oír do ordéochuinn mhé féin do bheith dealuighthe ó Chríosd ar son mo
dhearbhraithreach, eadhón mo dháoine gáoil do réir na féola.


L. Rm9:4


Noch atá na nIosrahéluibh: ag arab léo macthabhartus, agus an ghlóir,
agus na cunnartha, agus ordughadh an reachda, agus seirbhís Dé, agus
na geallamhnacha.


L. Rm9:5


Ag arab dióbh na haithre, agus ó dtáinic Críosd do réir na féola, atá
na Dhía ós cionn na nuile beannaighthe gu siórruidhe. Amén.


L. Rm9:6


Giodheadh ní héidir briáthar Dhé do bheith gan éifeachd: oír ní hé gach
éunnduine thig ó Israhél; atá na Israhélach.


L. Rm9:7


Agus ní ar son gu bhfhuilid siad na síol ag Abrahám, atáid siád uile
na gcloinn: achd a nIosác ainmneochar dhuit siól.


L. Rm9:8


Asé sin ré a rádh ní hiád clann na féola, clann Dé: achd clann
na geallamhna mheastar mar shiól.


L. Rm9:9


Oír así so briáthar na geallamhna; tiocfuidh mé fánamsa arís,
agus biáidh mac ag Sára.


L. Rm9:10


Agus ní hé amháin, achd Rebecca mar an gcéudna anuáir do toircheagh
hí ó neach dháirighe eadhón Isác ar nathairne fuáir sí dearbha ar na
neithibhsi.


L. Rm9:11


Oír suil rugadh na leinibh agus suil dorinneadar maith ná olc, ar
chor gu mbiádh ordughadh Dé do réir na toghtha seasmhach, ní ó oibrighthibh
achd ón té ghoireas,


L. Rm9:12


Adubhradh riá, gu ndiongnadh an té is seine seirbhís don té is oige.


L. Rm9:13


Mar atá sgrióbhtha, do ghrádhuigh mé Iacób, agus do fhuáthuigh mé
Esau.


L. Rm9:14


Uime sin créd adéram? an bhfuil égcóir ag Día? bióth a bhfad uáin sin
do rádh.


L. Rm9:15


Oír adeir sé ré Máoise, doghéna mé trócaire ar an té ar a ndéuna
mé trócaire, agus doghéuna mé truáidhe don té dhá a ndéunuidh mé truáidhe.


L. Rm9:16


Ar anadhbharsin ní do réir thoile an té lénab áill, na an té
riothas atá an togha, achd do réir thoile Dé doní trócaire.


L. Rm9:17


Oír adeir an sgrioptúr ré Pharao, is chuige so féin do bhrosdaigh mé
suás thú, ar chor gu bhfhoillséochuinn mo chumhachda ionnad, agus gu
ninnéstaoi mhainm ar feadh na talmhan uile.


L. Rm9:18


Uime sin doní sé trócaire ar an té is áill leis, agus cruáidhighidh sé
an té is áill leis.


L. Rm9:19


Ar anadhbharsoin adéra tú rióm, créud fá bhfhuil fearg air fós? óir
cía do chuir anadhuidh thoile?


L. Rm9:20


Achd ó a dhuine cía thusa thagrus anadhuidh Dé? anaibéora an
ní do cumadh ris an té dochum é, créd fá a ndéarnuidh tú mhé mar so?


L. Rm9:21


Ané nach fuil cumhachda ag ceard na críádh ar an gcréfóig,
ionnas gu ndéanadh sé soitheach dochum onóra, agus soitheach eile dochum
neamhonóra denadhbhar amháin?


L. Rm9:22


Achd créd má do fhuluing Día da thoil féin, dochum a fheirge
dfhoillseachadh, agus a chumhachd do dhénamh follas lé hiomad foidhide
soighthighe na feirge do hórduighedh dochum damanta?


L. Rm9:23


Agus dochum gu bhfoillseóchadh sé saidhbres a glóire féin do
shoithighibh na trócaire do ullmhuigh sé ó thús dochum glóire?


L. Rm9:24


Eadhon dúinne noch do ghoir sé, ní has na hIúduidhibh amháin, achd
as na cineadhachuibh mar an gcéudna.


L. Rm9:25


Fá mar adeir sé fós a nOsea, goirfidh mé mo fpobal féin don
fpobal nár leam: agus mo ghrádh féin don mhnáoi nach raibhe am ghrádh.


L. Rm9:26


Agus teigémhuidh an sanionad a ndubhradh riú, ní sibhsi mofpobalsa,
gu ngoirfithear sanáit chédna díobh clann Dé mharrthanaigh.


L. Rm9:27


Agus éighidh Esaías ar Israhél ag rádha, biódh gu mbeath nuimhir
chloinne Israhél mar ghaineadh na fairge, ní sláinéochthar a
bhfhuighleach.


L. Rm9:28


Oír doghéna sé cúntas agus cuirfidh sé anaithghearr é maille ré
comhthrom: oír is cúntas aithgearr doghéna an tighearna ar an dtalamh.


L. Rm9:29


Agus mar adubhairt Esaias roimhe, muna bhfágbhadh tighearna na
sluágh siól aguinn, doghéntaoi sinn mar Shodom, agus dobhiádhmaois
cosmhuil lé Gomorra.


L. Rm9:30


Ar anadhbharsin créd adéram? gu rugadar na cineadhaigh nár lean
don fhíréntachd ar an bhfhíréntachd an fhíréntachd úd tig ón
chreidemh.


L. Rm9:31


Achd Israhél do len rechd na fíréntachda, ní rangadar gu rechd na
fíréntachda.


L. Rm9:32


Créd uime? do bhríogh nach ó chreideamh, achd mar do bheith ó
oibrighthibh an reachda do iárradar í: óir fuáradar oilbhéim fá chloich
anoilbhéime.


L. Rm9:33


Fá mar atá sgríobhtha, féch, cuirim a Sión chloich oilbhéime agus
carruic thuislidh, agus gidhbé chreideas ann ní fhuighe sé náire.


L. Rm10



L. Rm10:1


A bhraithreacha, gu deimhin atá deaghthoil mo chroidhe agus mhurnuighthe
dochum Dé ar son Israhél dochum a slánuighthe.


L. Rm10:2


Oír doním dhfiádhnuisi dhóibh, gu bhfhuil teas ghrádha Dé aca, achd
ní do réir éoluis.


L. Rm10:3


Oír ar mbeith ainbhfheasach dhóibh a bhfhiréntachd Dé, agus ag iárruidh a
bhfhíréntachda féin do neartughadh, nír ísligheadar iád féin dfíréntachd Dé.


L. Rm10:4


Oír asé Críosd foircheann an reachda dochum fíréntachda dá gach áon
chreideas.


L. Rm10:5


Oír sgríobhuidh Máoise ar an bhfíréntachd thig ón reachd mar so:
giodhbé duine dhiongnus iád, mairfidh sé tríotha.


L. Rm10:6


Achd an fhíréntachd thig ó chreidemh, is mar so adeir sí; ná habair ann
do chroidhe féin cía rachas suás ar nemh? is ionann sin agus Críosd do
thabhairt anuás.


L. Rm10:7


Nó cía rachas siós don dubhaigén? is ionann sin agus Críosd do
thabhairt arís ó mharbhuibh.


L. Rm10:8


Achd créd adeir sí? atá an bhriáthar a ngar dhuit ann do bhél agus an do
chroidhe, así so an bhriáthar úd an chreidimh donimíd do sheanmóir.


L. Rm10:9


Eadhón dá nadmha tú dod bhéol an tigherna Iósa, agus dá gcreide tú ad
chroidhe gur dhuisigh Dia é ó mharbhuibh, sláinéochthar thú.


L. Rm10:10


Oír is ris an gcroidhe chreidthear dochum fíréntachda, agus leis an mbél
doníthear admháil dochum slánaighthe.


L. Rm10:11


Oír adeir an sgrioptúir giodhbé chreideas ann san, ní fhuighe sé
náire.


L. Rm10:12


Oír ní fhuil deithbhir ar bioth eidir anÍuduidhe agus an Grégach
ann. Oír is éintighearna dhóibh uile, atá saidhbhir dá gach uile dhuine
ghuidheas é.


L. Rm10:13


Oír giodhbé duine ghuidhfeas ainm an tighearna, sláineóchthar é.


L. Rm10:14


Achd cionnas ghuidhfid siád an té nar chreideadar ann? agus cionnas
chreidfid siád ann sa té nách chuáladar teachd tairis? agus cionnas
chluinfid síad gan fhear seanmóra do dhénamh?


L. Rm10:15


Agus cionnas doghénuid siád senmóir muna chuirthear chuige iád? mar atá
sgríobhtha, ó créd hé sgíamhchachd chos na muinntire shoisgéulas an
tsiothcháin, agus shoisgélas neithe maithe.


L. Rm10:16


Achd nír umhluigheadar uile don tsoisgél. Oír adeir Esaias, a
thighearna cía do chreid dar senmóirne?


L. Rm10:17


Uime sin is tré éisdechd tig an creidemh, agus an téisdeachd tré
bhréithir Dhé.


L. Rm10:18


Achd fiáfruighimse fós, ané nách cuáladar? id derbh gu ndeachuidh a
bhfuáim fa gach uile thalamh, agus a mbriáthra fá chríochuibh
leithimeallacha an domhuin.


L. Rm10:19


Achd fiáfruighim fós, ané nách raibhe a éolas ag Israhél ar Dhía:
adeir Máoisi ar tús cuirfidh mé tnúth oruibh lé cinedh nach fuil na
chinedh: lé cineadh míthuigseach cuirfidh mé cuinntinn oruibh.


L. Rm10:20


Agus atá Esaias dána ar arádh, frioth mé leis a ndreim nach ar iárr mhé:
dorinneadh follus mhé don dreim nár iárr mo thuárasgbháil.


L. Rm10:21


Achd adeir sé anadhuidh Israhél, do shín mé amach mo lámha feadh an
láoi dochum fpobuil easmhuil labhrus amaghaidh.


L. Rm11



L. Rm11:1


Uime sin fiáfruighim nar theilg Día a fpobal féin uádha? nar leige Día
sin. Oír is Israhélach meisi féin do shliochd Abraham, do threibh
Bheniamín.


L. Rm11:2


Nír theilg Día uáidh a fpobal féin do aithin sé ó thús. Ané nach fuil
a fhios aguibh créd adeir an sgrioptúir a dtimchell Elías: cionnas doní sé
casaoid ré Día anaghaidh Israhél ag rádha:


L. Rm11:3


A thighearna do mharbhadar thfaidhe: agus do leagadar siós haltóracha:
agus do fágbhadh meisi am áonar, agus atáid siad ag iárruidh mhanma.


L. Rm11:4


Achd créd é an fhregra dobheir Día air? do choimhéd mé dhamh féin seachd
míle fear nár fhill a nglúine dhiomhaigh Bháil.


L. Rm11:5


Ar anadhbharsoin is mar sin do fágbhadh fáoileach ann sanaimsirsi
do réir thoghtha na ngrás.


L. Rm11:6


Agus más tré ghrás, ní ó oibrighthibh fesda, nó no ní grás an grás uaidh
sin amach. Achd más ó oibrighthibh ní grás é as sin suás: nó no ní hobair
anobair feasda.


L. Rm11:7


Créd eile másedh? an ní iárras Israhél, ní fhuáir se é: achd fuáradar
na dáoine toghtha é, agus do dalladh an chuid eile.


L. Rm11:8


(Mar atá sgríobhtha, tug Día spiorad chollatach dhóibh: súile dochum
nach faicfeadáois, agus cluása dochum nach cluinfeadáois) gus aníu.


L. Rm11:9


Agus adeir Dábhi, bíoth a mbórd mar fpainnrér, agus mar shás gabhála,
agus mar adhbhar oilbhéime, agus mar mhalairt dóibh.


L. Rm11:10


Gu ndalltar a súile ar chor nach faicfeadáois, agus crómsa a ndromanna a
gcomhnuidhe.


L. Rm11:11


Uime sin fiáfraighim, an bhfuáradar tuisleagh dochum gu dtuitfeadaois?
nar leigidh Día sin: Achd tréna dtuitimsin tárrla slánughadh dona
cineadhachuibh, dochum tnútha do chur orrthasan.


L. Rm11:12


Agus más hé a dtuitimsion saidhbhreas an domhain, agus a ladughadh
shaidhbhreas na gcineadhach: ané nách mó iná sin a liónmhuireachd?


L. Rm11:13


Oír is ribhsi na cineadhuigh labhruim, do bhríogh gurab mé easbal na
gcineadhach, óirrdhearcaighim mhoifig.


L. Rm11:14


Dá fhéuchuin an bhféudfuinn ar chor ar bioth tnúth do chur ar mo
comhgháol féin, agus cuid éigin díobh do shlánughadh.


L. Rm11:15


Oir más é a ndíultadhsan is réiteach dhon domhan, créd hé a
nathghabháil, achd beatha ó mharbhuibh?


L. Rm11:16


Oír má atáid na cédthoirthe náomhtha, ata an chuid eile náomhtha mar
an gcéudna: agus má atá an frémh náomhtha, atáid na géuga leis.


L. Rm11:17


Achd má atá cuid éigin dona géguibh arna ngearradh dhe, agus gur
cuireadh thusa na nionad, agus gur roinneadh frémh agus súgh chroinn na
hola fíre riot, ar mbeith duit ad chrann ola fhiádháin:


L. Rm11:18


Na bí uáill ort anadhuidh na ngég: achd ma bhíonn uáil ort, ní tusa
iomchras an fhrémh, achd an fhrémh iomchras thusa.


L. Rm11:19


Uime sin adéra tú, do gearradh na géga dhe dochum gu bplanndéochthaoi
mheisi na náit.


L. Rm11:20


Is maith: ios tré mhíchreideamh do gearradh iád, agus seasmhuighidh tusa
tré chreideamh: ná bí áirdinntinneach, achd bíoth eagla ort.


L. Rm11:21


Oír má nar choigill Día na géga nadúra, tabhairse dhod haire nach
coigéoladh sé thu féin mar an gcédna.


L. Rm11:22


Ar anadhbharsoin tabhair dod haire toirbheartas agus buirbe Dé:
buirbe do táobh na muinntire dho thuit, achd a toirbheartas dhuitsi, dá
nana tú na thoirbheartus: nó no gearrfuidhear thusa mar an gcédna.


L. Rm11:23


Agus plainntéochthar iád súd arís, achd muna anuid siád a mhíchreideamh:
oír is éidir lé Día a gcur asdteach arís.


L. Rm11:24


Oír má do gearradh thusa don chronn ola dobhí fiodháin do réir nadúra,
agus gur cuireadh thusa anadhuidh nadúra a gcrann na fiórola: ané nach mó
na sin chuirfidhear na géugasa atá nadúrdha iona gcrann ola féin.


L. Rm11:25


Oír ní háill leam a bhráithreacha, ainbhfhios na seicreidesi do bheith
oruibh, (dochum nách biádh sibh glic ion bhur mbaramhluibh féin:) gu dtárrla
cruás croidhe do tháobh éigin dIósraél, nó gu dtí iomláine na gcineadhach
asteach.


L. Rm11:26


Agus mar sin sláinéochthar Israél uile: mar atá sgríobhtha, tiocfa
an fear sáortha as Sión, agus fillfidh sé neamhdhiadhachd ó Iacób.


L. Rm11:27


Agus asé so mo chunnradh riú, an tan thogébhas mé a bpeacuigh uátha.


L. Rm11:28


Uime sin do tháobh an tsoisgéil, atáid siád na náimhdibh ar bhur
sonsa: achd do tháobh na toghtha, atáid siád grádhaighthe ar son na
naithreach.


L. Rm11:29


Oír atáid tiodhlaice agus gairm Dé gan aithmhéula na gcionn.


L. Rm11:30


Oír do réir mar nach tugabhairse anallód umhlachd do Dhía, agus
fuárabhair trócaire anois, tréna neasumhlachdsan:


L. Rm11:31


As mar an gcéudna anois nách tugadarsan umhlachd uátha, dochum trócaire
dhfaghail dhóibh mar an gcéudna, do réir na trócaire dho taisbéunadh
dháoibhse.


L. Rm11:32


Oír do dhúin Día iád uile a neasumhlachd, dochum trócaire dho dhéunamh
orrtha uile.


L. Rm11:33


O créd é doimhne shaidhbhris eagna agus éolais Dé. Créd é deacrachd a
bhreitheamhnuis do chuartughadh, agus lorg a shlightheadh dho leanmhuin.


L. Rm11:34


Oir cía agá raibh fios inntinne an tighearna? nó cía bá comhairleach dhó?


L. Rm11:35


Nó cía thug dhóní ar tús, agus doghéubhaidh sé a chúitiughadh leis?


L. Rm11:36


Oir is úadhasan, agus thrídsion, agus ar a shonsan atáid na huile
neithe. Glóir dhósan gu sióruidhe. Amén.


L. Rm12



L. Rm12:1


Ar anadhbharsin sirim dhachuinge oraibh a dhearbhraithreacha, tré
thrócaire Dé, bhur gcuirp dho thabhairt na mbeó iodhbairt, náomhtha,
gheanamhail do Dhía, agárob hí bhur seirbhís réusúnta:


L. Rm12:2


Agus na cumaidh sibh féin ris a sáoghalsa, achd cuiridh sibh féin a
naithearrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, dochum gu mbiádh a
dhearbh aguibh, créud hí toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.


L. Rm12:3


Oír adeirim ré gach áon eadruibhse, trésan ngrás dotugadh dhamh, gan
gabháil ré a ais ní dho thuigsin os cionn a neithe ios iomchubhghe dhó dho
thuigsin: achd a thuigsi dho bheith do réir mheasárrdhachda, do réir mar do
roinn Día ré gach áonneach miosúr creidimh.


L. Rm12:4


Oír do réir mar atá iomad ball aguinn anéunchorp amháin, agus nach
éunoifig amháin atá ag na huile bhallaibh sin:


L. Rm12:5


As mar an gcéudna atámáoidne morán nar nénchorp a gCríosd, agus gach
aón dínn fo leith nar mballaibh agá chéile.


L. Rm12:6


Uime sin ar mbeith do thiodhlaicibh éugsámhla aguinn, do réir an ghrás
tugadh dhúinn, más fáidhedóireachd atá aguinn, dénam faidhedóireachd do réir
mheide an chreidimh:


L. Rm12:7


Nó más oifig atá aguinn, tugam aire dhon oifig: nó an té theaguisgeas,
tugadh aire dha theagusg:


L. Rm12:8


Nó an té dhobheir foirceadal uádha, tugadh aire dhá fhoirceadal, an té
roinneas an déirc, roinneadh hí maille ré neamhurchóid: an tí agá bhfuil
ceannus ós cionn cháich, déunadh hé maille ré dúthrachd, an tí doní
trócaire, déunadh hí maille ré subhachus.


L. Rm12:9


Biódh bhur ngrádh gán chluáin ar bioth. Bíodh gráin agaibh ar anolc,
agus adhruidh dhon mhaith.


L. Rm12:10


Bíoth toil aguibh dhá chéile, maille ré grádh bráithreamhuil. Ag tabhairt
onora uáibh, a neach ag dul roimh a chéile.


L. Rm12:11


Na bígidh leasg fá bhur ndithcheall do dhéunamh dhá chéile.
Bígidh ar fiuchadh ion bhur spioraid: ag dénamh seirbhísi dhon tighearna.


L. Rm12:12


Ag déunamh gáirdeachais a muinighin: foighideach a mbuáidhearthuibh:
comhnuightheach a núrnaighthe:


L. Rm12:13


Ag comhroinn ris na náomhaibh iona riáchdanusaibh: dá bhar dtabhairt
féin do theach nadidheagh dho chongmhail.


L. Rm12:14


Tabruidh bhur mbeannachd don dreim dhíbreas sibh, tabhruidh bhur
mbeannachd dóibh, agus na malluidhe iád.


L. Rm12:15


Biódh gairdeachus oráibh maráon ris an muinntir ar a bhfhuil
gairdeachus, agus bíghidh ag cáoi maráon ris an muinntir dhoní cáoi.


L. Rm12:16


Gu madh háontoil díbh ré chéile. Na bigidh áirdinntinneach, achd
cumaidh sibh féin ris a ndreim is ísle: Na bígidh glic ion bhur mbarámhluibh
féin.


L. Rm12:17


Na dénaidh olc anadhaidh uilc ar neach ar bioth. Biódh ceist na
neitheann maith oraibh a bhfiádhnuise na nuile dháoineadh.


L. Rm12:18


Más féidir hé an mhéid tig dhíbhse dhe, biodh siothcháin agaibh ris na
huile dáoinibh.


L. Rm12:19


A dhearbhraithreacha grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin:
achd anaidh ris an bhfeirg, oír atá sgríobhtha, is leamsa bheanas an
dioghaltus do dhéunamh: dobhéura meisi cúiteachadh uáim, adeir an tighearna.




L. Rm12:20


Uime sin dá raibh ocarus ar do námhuid, tabhair biádh dhó; dá raibh tart
air, tabhair dhigh dhó: oír ó sin do dhéunamh dhuit, cárnfuidh tú griósach
ar a cheann.


L. Rm12:21


Na beireadh an tolc buáidh ort: achd beirse buáidh ar anolc ré
maith.


L. Rm13



L. Rm13:1


Biódh gach uile anum umhal dona cumhachdaibh atá ós a chionn. Oír
ní fhuil cumhachda ar bioth achd ó Dhía: agus na cumhachda atá ann, as ó
Dhía dho hórduigheadh iád.


L. Rm13:2


Ar anadhbharsin giodhbé ar bith chuireas anadhaigh an chumhachda,
cuiridh sé anadhaigh órdaighthe Dé: agus an dream chuireas iona adhaigh,
géubhaid breitheamhnaus chuca.


L. Rm13:3


Oír ní bhí faitcheas roimh uáchdaránaibh ar son dheaghghniomharthadh, achd
ar son dhroichghniomharthadh. Uime sin an mián riot bheith gan eagla an
chumhachd ort? déuna maith, agus do ghéuba tú moladh uáithe.


L. Rm13:4


Oír asé searbhfhoghantuidhe Dé hé dochum do mhaitheasasa. Achd dá
ndearnaidh tú olc, biódh eagla faitcheas: oír ní gu diomháoineach iomchras sé
an cloidheamh: oír asé searbhfhoghantuidhe Dé hé, na fhear fhéirge
dho dhioghailt ar an tí doní olc.


L. Rm13:5


Uime sin as éigean bheith umhal, ní deagla feirge amháin, achd mar an
gcéudna ar son chogúis.


L. Rm13:6


Oír ios uime so iocas sibh cánachus: do bhrígh gurob
searbhfhoghantuigheadha do Dhía iád, ag deunamh a ndithchill sa ní chéudna.


L. Rm13:7


Ar anadhbharsin tabhruidh dona huile dháoinibh a nduálgas: cánachus
don tí danaob duál cánachus: cusdum dhon tí dánab duál cusdam: eagla
résan tí réna cóir eagla: onóir dhon tí dánob cóir onóir.


L. Rm13:8


Na biódh fiácha ag áoineach oraibh, achd amháin sibh féin do ghrádhughadh a
cheile. (Oír an tí ghrádhaigheas a chomharsa, do choimhlíon sé an reachd.


L. Rm13:9


Oír na haitheantasa, na déuna adhaltrannus, na déuna dúnmharbhadh, na
déuna goid, na déun fiádhnuisi bhréige, na déuna saint, agus gach aithne eile
dhá bhfuil ann, atá gu hathchumair fá bhrígh an ráidh so, eadhón,
grádhaigh do chomharsa mar thú féin.


L. Rm13:10


Ní dhiongnann grádh olc don chomharsain: ar anadhbharsin asé an
grádh coimhlíonadh an reachda)


L. Rm13:11


Agus sin ré meas na haimsire, gur mithidh dhúinn anois mosgladh ó
chodladh: óir ios goire dhúinn anois ar slánughadh, ina anuáir do
chreideamar.


L. Rm13:12


Dochuáidh anoidhche thorainn, agus do dhruid an lá rinn. Uime sin
teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuiream umainn éideadh an
tsolais.


L. Rm13:13


Agus siubhlam gu cúibhghe do réir mar dodhiongnamáois sa ló: ní a
gcráos, ná a misge, ná aseómradóireachd, ná a macnus, ná a gceannarraic, ná a
dtnúth.


L. Rm13:14


Achd cuiridh umuibh an tighearna Iósa Críosd, agus ná biódh cúram na
colla oraibh, dochum a miánguis do choimhliionadh.


L. Rm14



L. Rm14:1


Gabhaidh chugaibh an tí atá égcruáidh sa gcreideamh, achd ní dochum
ímreasan diosbóireachda.


L. Rm14:2


Creideadh neach u bhfhuil dlightheach aige, gach uile biádh dho
chaitheamh: agus ithidh neach eile bhiós éugcruáidh a gcreideamh
luibheanna.


L. Rm14:3


Ná tugadh an té itheas, tárcuisne ar an tí nách itheann: agus na beireadh
an tí nach itheann breath ar an tí itheas. Oír do gabh Día leis.


L. Rm14:4


Cía thusa bheireas bhreith ar shearbhfhoghantuidhe dhuine eile? as dá
thighearna féin sheasus nó thuiteas sé. Agus coingéubhthar suás hé: Oír ios
éidir lé Día a chongmháil na sheasamh.


L. Rm14:5


Bí cion ag neach ar lá tar lá eile: agus bí cion ag neach eile ar gach
lá mar a chéile. Biódh gach éunduine lándearbhtha ina inntinn féin.


L. Rm14:6


An tí chongmhus an lá, as don tighearna chongmhas sé hé: agus an tí nach
connmhann an lá, ní chonnmhann sé don tighearna hé. An té itheas, as don
tighearna itheas sé: oír beiridh sé buidheachus ré Día: agus an té nách
itheann, ní itheann sé dhon tighearna, agus beiridh abhuidhe ré Día.


L. Rm14:7


Oír ní dó féin mhaireas éunduine aguinn, agus ní dó féin dogeibh éunduine
aguinn bás.


L. Rm14:8


Oír más béo dhúinn, as don tighearna atámaid béo: agus más marbh dhúinn,
as don tighearna atámáoid marbh. Uime sin más béo nó marbh dhúinn, as leis an
tighearna sinn.


L. Rm14:9


Oír ios chuige so fuáir Críosd bás, agus do eiseirghe sé, agus do
aithbheóaidh sé dochum bheith na thighearna dhó ar bheóaibh agus ar
mharbhaibh.


L. Rm14:10


Achd créd fá mbeireann tusa breath ar do dhearbhráthair? nó fós créud
fá dtarcuisnigheann tú do dhearbhráthair? oír seasfum uile a bhfíadhnuise
chaithíreach bhreitheamhnuis Chríosd.


L. Rm14:11


Oír atá sgríobhtha, mairimse, adeir an tighearna, agus feacfuidh gach
uile ghlún damh, agus dodhiongna gach uile theangaidh admháil do Dhía.


L. Rm14:12


Ar anadhbharsin dobhéura gach áon dínn conndus ar a shon féin do Dhía.


L. Rm14:13


Uime sin na bímaid nísa mhó ag breith bhreithe ar a chéile: achd gu
madh mó dhiongnus sibh breitheamhnus air so, eadhón gan adhbhar oilbhéime ná
tuitme dho thabhairt da bhur ndearbhrathair.


L. Rm14:14


Atá a fhios agum, agus ios dearbh leam trésan dtighearna Iósa, nách
fuil biádh ar bioth neamhghlan uádha féin: achd an tí mheasas éuní dho
bheith neamghlan, atá sé dhó sin neamhghlan.


L. Rm14:15


Giodheadh dhá raibh doilgheas ar do dhearbhrathair ar son an bhídh, ní
shiubhlann tú anois do réir ghrádha. Ná cuir amugha réd bhiádh an té agá
bhfuáir Críosd bás ar a shon.


L. Rm14:16


Ar anadhbharsin na tugaidh fá deara bhur maith dho mhaslughadh.


L. Rm14:17


Oír ní biádh ná deoch rioghachd Dé, achd firéndachd, agus siothcháin,
agus gairdeachus san spiorad náomh.


L. Rm14:18


Oír giodhbé ar bioth dhoní seirbhís do Chríosd ann sna neithibhse,
atá gean ag Día air, agus is dearbhtha ré dáoinibh hé.


L. Rm14:19


Uime sin leanum na neithe bheanus ré siothcháin, agus na neithe bheanus
ré follamnughadh a chéile.


L. Rm14:20


Ná cuir amugha obair Dhé ar son bhídh. Gu deimhin atá anuile bhiádh
glan: achd téid andochar dhon tí itheas maille ré hoilbhéim.


L. Rm14:21


As iondéunta gan feóil dithe, ná fión dibhe, na ní ar bioth do
dhénamh tré bhfúighbhe do dhearbhráthair tuisleadh nó oilbhéim, nó tré a
ndiongantáoi éugcruáidh hé.


L. Rm14:22


Atá creideamh agadsa: biódh sé agad leat féin a bhfiádhnuise Dé. As
beannaighthe an tí nách damnuigheann hé féin, fásaní ré dtig sé.


L. Rm14:23


Achd an tí ar a mbí amhrus, atá sé damanta dá nithidh sé, ar ó
chreideamh itheas: oír gach ní nach fuil ó chreideamh, ios peacadh hé.


L. Rm15



L. Rm15:1


Atá dhfiachaibh orainne an drem atá láidir, éugcruás na ndáoineadh
meirbh dhiomchar, agus gan ar dtoil féin do leanmhuin.


L. Rm15:2


Uime sin déunadh gach áon aguinn toil a chomharsan ré maith chum
follamnuighe.


L. Rm15:3


Oír ní hí a thoil féin dorinne Críosd, achd do réir mar atá
sgríobhtha, do luidh imdheargadh na druinge do imdhearg thusa oramsa.


L. Rm15:4


Oír giodhbé neithe do sgríobhadh roimhe so, ios dochum sinne dho theagusg
do sgríobhadh iád: dochum gu mbeath muinighin aguinn tré fhoighid, agus
tré chumhfhurtachd na sgríobtúr.


L. Rm15:5


Agus gu dtugaidh Día na foighide agus na cumhfhurtachda dháoibh, bheith
dhaoninntinn a dtáobh a chéile, do réir Iósa Críosd.


L. Rm15:6


Ionnus gu madh héidir libh gu haontadhach ré hénbhél amháin, Día athair ar
dtigherna Iósa Críosd do mholadh.


L. Rm15:7


Uime sin gabhaidh chugaibh a chéile, do réir mar dho ghabh Críosd sinne
chuige dochum glóire Dé.


L. Rm15:8


Agus adeirim so, gu raibhe Iósa Críosd na mhinistir an
timchillghearrtha, ar son fhírinne Dé, dochum geallamhnach tugadh dona
haithribh.


L. Rm15:9


Agus dochum gu molfadh na cineadhaigh Día, ar son thrócaire: do réir
mar atá sgríobhtha, ar anadhbharsa aidmheócha mé thú a measg na
gcineadhach, agus dodhéuna mé céol dod tainm.


L. Rm15:10


Agus adeir sé arís; déunaidh gairdeachus a chineadhacha maille réna
phobal.


L. Rm15:11


Agus arís, molaidh an tighearna a uile chineadhacha, agus a phuibleacha
uile molaidh hé a bhfochair a chéile.


L. Rm15:12


Agus arís adeir Esaias, biáidh frémh Iesse ann, agus an tí éiréochas
dochum bheith na uáchdarán ar na cineadhachaibh.


L. Rm15:13


Agus gu liónaidh Día ughdar na muinighne sibh, dá gach uile ghairdeachus
agus tshiothcháin ó chreideamh dháoibh, dochum gu madh móide bhur
muinighin, tré chumhachdaibh an spiorad náoimh.


L. Rm15:14


Agus a dhearbhraithreacha, as dearbh leamsa féin dá bhur dtáobhsa, gu
bhfuiltí lán do mhaith, ar mbeith dháoibh liónta da gach uile éolas, agus
gu dtig dháoibh fós a chéile dho theagusg.


L. Rm15:15


Giodheadh fos, a bhráithreacha, do sgríobh mé chugaibh a gcáil maille
ré gné dhánachda, fá mar dho bhéinn dá bhur gcur agcuimhne trésan ngrás
tugadh dhamh ó Dhía,


L. Rm15:16


Dochum bheith dhamh am mhinistir ag Iósa Críosd do tháobh na
gcineadhach, ag minisdralachd thsoisgéil Dé, dochum gu mbeith gean ar
ofráil na gcineadhach, ar mbeith di náomhgha, trésan spiorad náomh.


L. Rm15:17


Uime sin atá adhbhar gairdeachais agum a nIósa Críosd, ann sna
neithibh bheanus ré Día.


L. Rm15:18


Oír ní bhía mé dána ar éuní dho labhairt nar oibridh Críosd thríom,
a dtarruing na gcineadhach dochum umhlachda, a mbréithir agus a ngniómh.


L. Rm15:19


Maille ré cumhachd chomharthadh, agus mhiórbhuileadh, tré neart
spioraide Dé: ionnus gur choimhlión mé oifig thsoisgéil Chríosd
do seanmórughadh ó Ierusalém, agus ó na crióchaibh na timcheall, gu
soithe Illiricum.


L. Rm15:20


Agus mar sin do choimhéignidh mé mé féin dochum an tsoisgéil do
shenmórughadh, ní sanionadh ionar hainmnighedh Críosd, degla
mhoibre dho thogbháil damh ar fhunndameint dhuine eile.


L. Rm15:21


Achd do réir mar atá sgríobhtha, dochífid an dream nach fuáir a
thuarasgbháil hé: agus an drong nách cuálaidh, tuigfid siád.


L. Rm15:22


Ar anadhbharsin fós do cuireadh toirmesg oram gu minic fá theachd
chugaibhse.


L. Rm15:23


Achd anois ó nách fuil ionadh nísa mhó agum sna chriochaibhse,
agus rofhonn oram ré morán bliadhán teachd chugaibhse.


L. Rm15:24


An tan thriállfus mé dhon Sbáin, tiocfadh mé chugaibh: oír atá súil
agum ré sibhse dhfaicsin ag gabháil seacha dhíbh, agus sibhse do theachd
riom dhom sheóladh dhon nionadh sin: achd gu raibhe mé saitheach a gcáilibh
dha bhur gcuideachdasa.


L. Rm15:25


Achd anois atáim ag dul gu hIarusalém, do ghénamh miniosdrálachda
dhona náomhaibh.


L. Rm15:26


Oír dobhádar luchd Mhacedónia agus Achaia fonnmhar, ar chuid
éigin dá máoin do chomhruinn ris na náomhaibh atá a nIarusalém.


L. Rm15:27


Oír bá rothoil riú hé, agus atáid siádsan na bhféitheamhnuibh aca.
Oir má dho roinneadh ris na cineadhachaibh a neithe sbiordáltasan, atá
dhfiachaibh órthasan mar an gcéudna minisdrálachd do dhénamh dhóibhsion,
sna neithibh bheannus ris an gcolainn.


L. Rm15:28


Uime sin arna chrióchnughadh so dhamh, agus ar gcur shéula dhamh ar
an toradhsa dhóibh, gébhaidh mé ré bhur dtáobhsa ag dul don
Sbáinn.


L. Rm15:29


Agus as deimhin leam ar dteachd dhamh chugaibhse, gu dtiocfaidh mé
maille ré beannachadh liónmhar thsoisgéil Chríosd.


L. Rm15:30


Agus iarruim dhathchuinghe oraibh a dhearbhraithreacha, tré ar
dtighearna Iósa Críosd, agus ar son ghrádha na spioraide, bhur
dteinndithcheall do ghéunamh maráon rióm, anurrnaighibh dochum Dé ar mo
shon.


L. Rm15:31


Dochum mo sháortha ón druing atá easumhal a nIudéa, agus dochum
gu bhfúighbheadáois na náomh gean ar a tseirbhísi atá agum sé a déunamh
a nIarusalém


L. Rm15:32


Ionnus gu madh héidir leam teachd chugaibhse maille ré gáirdeachus do
thoil Dé, agus furtachd ddfagháil dámh maráon ribh.


L. Rm15:33


Agus Día na siothchána maille ribh uile. Amén.


L. Rm16



L. Rm16:1


Agus aithnim dhibh Phébe ar ndearbhshíur, noch as searbhfhoghantuidhe
dhon neagluis atá a gCenchrea:


L. Rm16:2


Dochum gabhála dhíbh ría sa dtighearna, mar ios cuibhghe dho náomhaibh,
agus cungnamh ria ion gach adhbhar ina mbía bhur riachdanus uirthe. Oír
tug sí áodhaoigheachd do mhorán, agus dámhsa féin mar an gcéudna.


L. Rm16:3


Beiridh beatha agus sláinte dochum Phriscilla agus Acuilais luchd
cunganta riom a nIósa Criosd.


L. Rm16:4


Noch do chuir a muinéul féin siós ar son mhanmasa: dá nách meisi
amháin dobheir buidheachas, achd na huile eagluiseacha na gcineadhach mar
an gcéudna.


L. Rm16:5


Agus beiridh beatha agus sláinte dochum na heagluisi atá iona dtigh.
Beiridh beatha agus sláinte dochum ma charad dioghraisigh Epénetus,
agarob hé céudtoradh na hAchaía a gCríosd.


L. Rm16:6


Beiridh beatha agus sláinte dochum Mharía noch dhorinne saothar mór
inar dtimcheillne.


L. Rm16:7


Beiridh beatha agus sláinte dochum Andronicuis agus Iunia, má dháoine
gáoil, agus mo chumpána príosúin, noch atá oirrdheirc eidir na habstalaibh,
noch fós dobhí a gCríosd romhamsa.


L. Rm16:8


Beiridh beatha agus sláinte dochum Ampliais ma dhearbhrathair
dioghraiseach sa dtighearna.


L. Rm16:9


Beiridh beatha agus sláinte dochum Urbánuis ar bhfear cobhartha a
gCríosd, agus dochum Stachis ma dhearbhrathair ionmhuin.


L. Rm16:10


Beiridh beatha agus sláinte dochum Apelles, noch atá dearbhtha a
gCríosd. Beiridh beatha agus sláinte dochum luchda éntighe
Aristoboluis.


L. Rm16:11


Beiridh beatha agus sláinte dochum Heródion, ma bhrathair. Beiridh
beatha agus sláinte dochum luchd éntighe Narchissuis, noch atá sa
dtighearna.


L. Rm16:12


Beiridh beatha agus sláinte dochum Triphéna agus do Triphósa, mná
shaothruigheas sa dtighearna. Beiridh beatha agus sláinte dochum
Phersis an bhen dhioghrasach, noch dhorinne moran sáothair sa dtighearna.


L. Rm16:13


Beiridh beatha agus sláinte dochum Ruphuis, duine toghtha sa
dtighearna, agus dochum a mháthar agus ma mhátharsa.


L. Rm16:14


Beiridh beatha agus sláinte dochum Asincrituis, Phlegoin,
Hermais, Phatrobais, Hermeis, agus dochum na dearbhraithreach
atá na bhfarradh.


L. Rm16:15


Beiridh beatha agus sláinte dochum Philológuis, agus dochum
Iuliais, dochum Nereais, agus dochum a dhearbhsheathrach, agus dochum
Olimpais, agus dochum na náomh uile atá na bhfarradh.


L. Rm16:16


Beannaighe féin dá chéile, maille ré póig náomhtha. Cuirid eagluiseagha
Chríosd beatha agus sláinte chugaibh.


L. Rm16:17


Agus iárruim dhathchuinghe oruibh, a dhearbhraithreacha, géurchoimhéud
do dhéunamh dháoibh ar an muinntir thógbhus siosma agus is ciontach ré
hoilbhéim dho thabhairt uátha, contrarrdha dhon teagasg do fhoghluim sibh:
agus seachnaidh iád.


L. Rm16:18


Oír an luchd is cosmhuil riú so, ní don tighearna Iósa Críosd doníd
siád seirbhís, achd dá mbolg féin: agus meallaid siád ré briathraibh
millsi agus ré clúain, croidheadha na ndáoine neamhurchóideach.


L. Rm16:19


Oír ráinic tuarasgbháil bhur numhlachdsa, na huile dháoine. Ar
anadhbharsin atá gáirdechas orum bhur dtáobhsa: giodheadh is mián rióm
bheith daoibh eagnuighe a dtaobh na maitheasa, agus neamhurchoidheach a
dtáobh anuilc.


L. Rm16:20


Agus bruighfidh Día na síothchána Satan fá bhur gcossaibh go
hathghairid. Grása ar dtighearna Iósa Críosd maille ribh. Amén.


L. Rm16:21


Cuiridh Timotheus mo chompánach, agus Lucius, agus Iason, agus
Sosipater, mo dháoine gáoil, beatha agus sláinte chugaibh.


L. Rm16:22


Cuirimsi Tertius noch dho sgríobh an eipistilse, beatha agus sláinte
chugaibh sa dtighearna.


L. Rm16:23


Cuiridh Gaius mhosdóir, agus osdóir na heagluisi uile, beatha agus
sláinte chugaibh. Cuiridh Erastus procadóir na cathrach, beatha agus
sláinte chugaibh, agus Quartus ar ndearbhráthair.


L. Rm16:24


Gu raibhe grása ar dtighearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amén.


L. Rm16:25


Agus anois don té lénab féidir sibh do dhaingniughadh do réir mo
shoisgeilsi, agus shenmóra Iósa Críosd, do réir fhoillsighthe na
seicréide noch dho congmhadh gu folaightheach ó thús an domhain:


L. Rm16:26


Achd anois atá arna nochdadh, agus arna fhoillsighadh dona huile
chineadhachaibh, tré sgrioptúraibh na bhfaidheagh do réir aithne Dhé
bhiothbúain, dochum umhlachda an chreideimh.


L. Rm16:27


Don náondía eagnaidhe amháin u raibhe glóir gu síorruidhe tré Iósa
Críosd. Amén.



Ios ó Chorinthus do sgríobhadh an eipisdil so dochum na Romhánach agus
ios lé Phébe searbhfhoghnathuighe eagluisi Chénchrea do cuireadh hí.


L. 1Cr



CEUD EPISTEIL PHOIL ABSDAIL dochum na gCorinthiánach.


L. 1Cr1:1


Pol, Absdal Iosa Críosd do réir gharma, tré thoil Dé, agus
Sortenes ar ndearbhrathair,


L. 1Cr1:2


Dochum eagluise Dé atá a gCorintus, eadhón dochum na druinge atá
arna náomhadh anIósa Críósd, náoimh do réir gharma, maille ris na huile
dháoinibh ghoireas ar ainm ar dtighearna Iósa Críosd, án gach uile
ionadh, a dtighearnasan agus ar dtighearnaine.


L. 1Cr1:3


Grása maille ribh, agus sióthcháin ó Dhía ar nathair, agus ón
dtighearna Iosa Críosd.


L. 1Cr1:4


Beirim a bhuidhe do ghnáth ré ma Dhía ar bhur sonsa, do tháobh ghrás Dé
atá arna thabhairt dáoibh anIósa Críosd:


L. 1Cr1:5


Ar anadhbhar gu bhfuil sibh arna bhur ndénamh saidhbhir sna huile
neithibh thrídsion, ion gach uile hné urlabhra, agus ion gach uile
hné éolais.


L. 1Cr1:6


Do réir mar dho daingnidheadh fiádhnuisi Iosa Críosd ionnuibh.


L. 1Cr1:7


Ionnas nách fuil riachdanas én tiodhluice oraibh, achd sibh ag fuireach
theachda ar dtighearna Iósa Críosd.


L. 1Cr1:8


Noch fós dhaingnéochas sibh gu foircheann bhur mbeatha, dochum bheith
dháoibh neimhchiontach a ló ar dtighearna Iósa Críosd.


L. 1Cr1:9


Ata Día díleas trés ar goireadh sibh dochum cumuinn a mhic Iósa
Críosd ar dtighearna.


L. 1Cr1:10


Agus iárruim dhathchuinge oraibh a dhearbhraithreacha, tré ainm ar
dtigherna Iósa Críosd, sibh uile dho labhairt aoneithe amháin, agus gan
siosma dho bheith ion bhur measg: achd a bheith ceangailte dhá chéile gu
diongmhalta anaoinintinn agus anáon chéill.


L. 1Cr1:11


Oír a dhearbhraithreacha do foillsigheadh dhamh oraibhsi ré luchd
tighe Chlóe, gu bhfuilid imreasana eadraibh.


L. 1Cr1:12


Ag so a ní adeirim do réir raidh gach aoin agaibhsi, gabhaimse ré
Pól, neach eile gabhaimsi ré hApollo, neach eile gabhaimsi ré
Cephas, neach eile gabhaimsi ré Críosd.


L. 1Cr1:13


An bhfuil Críosd arna roinn? an hé Pól do ceúsadh ar bhur son? nó
na nainm Phóil do baisdeadh sibh?


L. 1Cr1:14


Beirim a bhuidhe ré Día nár bhaisd mé aoineach agaibh, achd amháin
Crispus agus Gaius.


L. 1Cr1:15


Deagla gu nabéoradh éuneach gurab a mainm féin do bhaisd mé.


L. 1Cr1:16


Giodheadh fós do bhaisd mé muinntir Stepháin: agus ós a chionn sin ní
feassach dhamh gur bhaisd mé aoneach eile.


L. 1Cr1:17


Oír ní dochum baisdigh dho dhéunamh do chuir Críosd mé, achd dochum an
tsoisgéil do sheanmórughadh; iodheadh ní ré gliocas briathar, deagla
croichthe Chríosd do chur a neimbrígh.


L. 1Cr1:18


Oír ní fhuil achd égcrionnas don dreim dhamnuighthear a seanmóir na
croichthe: achd as hí an tseanmóirsin cumhachd Dé dhuinne , áta arnár
slánughadh.


L. 1Cr1:19


Oír atá sgrióbhtha, sgriosfaidh mé eagna na ndáoineadh eagnaighe,
agus cuirfidh mé ar gcúl tuigse na ndáoineadh dtuigsionach.


L. 1Cr1:20


Cá hionadh a bhfhuil an teagnuidhe? Cá háit a bhfuil an fear
eidirmhinighthe an reachd? Cá háit a bhfuil fear tagartha an
tsaoghailsi? Ané nách dearna Día aimhghliocas do ghliocas an
tsaoghailsi.


L. 1Cr1:21


Oír ó nár aithin an saoghal Día tré aigne aneagna Dé, bá toil lé Día
tré éigciónanachd na seanmóra, an dream chreideas do shlanughadh.


L. 1Cr1:22


Agus biódh gu niárraid na hÍuduigheadha comharrgha, agus gu sirid na
Grégaidh eagna:


L. 1Cr1:23


Giodheadh fós donímaoidne Críosd do chéusadh do sheanmórughadh, na
oilbhéim dona hÍudaigheadhaibh, agus na éigcriónnas dona Gréugaibh,


L. 1Cr1:24


Achd don druing atá arna ngairm, eidir Iudaighe agus Ghréugach,
donímaoid Críosd, cumachd Dé, agus eagna Dé, do seanmórughadh.


L. 1Cr1:25


Oír ios glioca aimhghliocas Dé náid dáoine: agus as neartmhaire
meirbheas Dé náid dáoine.


L. 1Cr1:26


Oír, a dhearbhraithreacha, dochí sibh bhur ngairm, nách iomgha aguibh
eagnuighe do réir na féola, ní hiomgha cumhachdach againn, ní hiomgha uásal.


L. 1Cr1:27


Achd do thogh Día neithe eigcríonna an tsáoghail, dochum adhnáire dho
chur ar na dáoinibh eagnuidhe: agus do thogh Día neithe neimhneartmhara an
tsáoghail, dochum adhnáire dho chur ar na neithibh neartmhara.


L. 1Cr1:28


Agus do thogh Día neithe anuáisle an tsaoghail, agus na neithe
tarcuisneacha, agus na neithe nách fuil ann, dochum na neitheann atá ann
do chur a neimbrígh:


L. 1Cr1:29


Dochum nách diongnadh feóil air bioth uáill aisde féin ina fhiádhnaise.


L. 1Cr1:30


Achd as uádhasan atá sibhse anIósa Críosd, noch atá arna
dhéunamh ó Dhía dhúinne, na eagna, agus na fhioréundachd, agus na
náomhdhachd, agus na fhuasgladh:


L. 1Cr1:31


Ionnus u mbiádh do réir mar atá sgriobhtha; an tí dhoní gairdeachus,
déunadh gairdeachus sa dtighearna.


L. 1Cr2:1


Uime sin ar dteachd dámhsa chugaibh, a dhearbhráithreacha, ní ré hóradh
briáthar, na ré gliocas taínic me dhfoillsiughadh fhiádhnuise Dé dhíbh.


L. 1Cr2:2


Oír niór léig mé oram féin iobhur measgsa éolas do bheith agum a ní ar
bioth, achd amháin anIósa Críosd, agus hé fós arna chéusadh.


L. 1Cr2:3


Agus dobhí mé ionbhur measgsa anéugcruás, agus a bhfaitcheas, agus a
gcriothnughadh mhór.


L. 1Cr2:4


Agus ní rabhadar mo bhriáthra na mo sheanmóir a millseachd bhriáthar an
ghliocais dáonna, achd a bhfoillsiughadh dhearbhtha chumachda na spioraide:


L. 1Cr2:5


Dochum nách biádh bhur gcreideamhsa a ngliocas na ndaoine, achd a
gcumhachd Dé.


L. 1Cr2:6


Giodheadh fós lábhramáoid gu heagnuidhe ameasg na ndáoineadh iomlána;
biodh nách do réir eagna an tsaoghailse, na phrionnsadh an tsaoghailse
atá ag dul amugha labhramaoid:


L. 1Cr2:7


Achd labhramáoid eagna Dé a seicreid, eadhon aneagna fholaightheach,
noch dho orduigh Dia roimh chruthughadh an domhain dochum ar nglóirine.


L. 1Cr2:8


Aneagna narbhaithne dháoneach dho phrionnsadhaibh an tsáoghailse: oír
dá madh aithnidh dhóibh hí, ní chéusfadáois tighearna na glóire.


L. 1Cr2:9


Giodheadh foillsighmáoid, do réir mar atá sgriobhtha, na neithe nách
facaidh suíl, agus nach chuálaidh cluás, agus nár smuáin croidhe duine, noch
do ullmhuigh Día don druing ghrádhaigheas hé.


L. 1Cr2:10


Gidheadh achd do fhoillsigh Día dhúinne iád tréna spioraid. Oír
sgrúdaigh an spiorad na huile neithe, agus fós neithe doimhne Dé.


L. 1Cr2:11


Oír cía hé a neach agá bhfuil fios na neitheann is lé duine, achd
amháin ag an spioraid atá a nduine? as mar an gcéudna nach fuil fios na
neitheadh ios ré Día ag áoneach, achd amháin ag spioraid Dé.


L. 1Cr2:12


Gíodheadh ní hí spiorad an tsaoghail do ghabhamairne chugainn, achd an
spiorad atá ó Dhía: dochum gu mbiadh fios na neitheann aguinn noch dho
tiodhlaiceadh dhúinn ó Dhía.


L. 1Cr2:13


Noch fhoillsighemáoid mar an gcédna, ní sna briathraibh theaguisgeas
an gliocas dáonna, achd a mbriáthraibh theaguisgeas an spiorad náomh, ag
coimhcheangal na neitheann spioradálta ré chéile.


L. 1Cr2:14


Achd ní feas don duine nádúrgha na neithe thig ó spioraid Dé; Oir as
aimhghliocas ris iád: agus fós ní féidir leis a bhfios do bheith aige, do
bhrígh gurob gu sbioradálta aitheantar iad.


L. 1Cr2:15


Giodheadh ios léir don duine sbioradálta na huile neithe, agus fós ní
fhuil féin fa bhreith áonduine.


L. 1Cr2:16


Oír cia dho aithin inntinn an tighearna, noch dho bhéuradh teagusg dhó?
achd atá inntinn Chríosd aguinne.


L. 1Cr1:3



L. 1Cr3:1


Agus, a dhearbhraithreacha, niórbhféidir leamsa labhairt ribhse mar
dháoinibh sbioradálta, achd mar dáoinibh colluidhe, amhuil náoidheanuib
a gCríosd.


L. 1Cr3:2


Do bheathaidh mé sibh ré bainne, agus ní ré biádh: oír niórbhféidir
libh fós a ghabháil chugaibh: agus fós anois ní fhuil sibh ion aghabhála
chugaibh.


L. 1Cr3:3


Oir ata sibh fós colluidhe. Oír ó atá tnúth, agus imreasain, agus
aimhréiteach eadruibh, ané nách fuiltí colluidhe, agus ané nach siobhlann
sibh do réir dháoineadh?


L. 1Cr3:4


Oír an tan adeir neach agaibh, adhruimse dho Phól, agus neach
eile adhruimse do Apollós, ané nách fuiltí colluidhe?


L. 1Cr3:5


Oír cía hé Pól? agus cía hé Apollós, achd na minisdrí tré ar
chreideabhair, agus do réir mar tug an tighearna da gach áoneach?


L. 1Cr3:6


Do phlanndaigh meisi, do chraith Apollós an tuisge: achd asé Día tug
an fás.


L. 1Cr3:7


Ar anadhbharsin ní fhuil eifeachd sa tí phlanndaigheas, na fós sa
tí chroitheas an tuisge, achd a nDía dobheir an fás.


L. 1Cr3:8


Agus ios ionnann an tí phlanndaigheas, agus an tí chroitheas an tuisge:
agus doghéubhaidh gach aon a thuárasdal do réir a sháothair.


L. 1Cr3:9


Oír is comhluchd oibre do Dhía sinne: is sibhse treabhaire Dé, agus
áitreabh Dé.


L. 1Cr3:10


Do réir ghrás Dé tugadh dhámhsa do chuir mé an fhonndameint, mar
mhaighisdir iúlmhar oibre, agus tógbhuidh neach eile obair air. Giodheadh
tabhradh gach áon dá aire cionnus thógbhus sé anobair.


L. 1Cr3:11


Oír ní héidir ré háoneach fonndameint ar bioth eile do chur, taobh
amuidh don fhonndameint atá arna chur cheana, eadhon Iósa Críosd.


L. 1Cr3:12


Agus dá dtógbhuidh áoneach ar bhfonndameintsi, ór, airgead, clocha
uáisle, adhmad, féur, nó connlach:


L. 1Cr3:13


Doghéntar obair gach áonduine follus: oír foillseóchaidh an lá hí: do
bhrígh gu madh léir hí ris an dteine. Agus foillseóchaidh an teine cionnus
bhiás obair gach áonduine.


L. 1Cr3:14


Da nanaidh obair áonduine noch dho thógaibh sé ar an bhfonndameint
doghéubhaidh sé tuárasdal:


L. 1Cr3:15


Da loisgear obair éunduine, rachaidh a sháothar amugha: giodheadh
sáorfuighthear hé féin, achd sin fós amhuil dobhiádh ré tré theine.


L. 1Cr3:16


Ané nach fuil a fhios aguibh gur sibh teampoll Dé, agus go
gcomhnuigheann sbiorad Dé ionnaibh?


L. 1Cr3:17


Má thruáillidh euneach teampoll Dé, sgriosfuidh Día an tí sin: oír atá
teampoll Dé náomhtha, agarob sibhse hé.


L. 1Cr3:18


Na mealladh éuneach hé féin: dá bhfaicthear dhéunduine aguibh hé féin do
bheith glic sa sáoghalsa, bíodh sé ina amadán, dochum bheith glic dhó.


L. 1Cr3:19


Oír is aimhghliocas ré Día gliocas an tsaoghailse. Oír atá sgríobhtha,
greamuidhe sé na dáoine glioca ina slighthibh féin.


L. 1Cr3:20


Agus arís, atá a fhios ag an dtighearna gurob diomháoineach smuaintighe
na ndáoineadh nglioc.


L. 1Cr3:21


Uime sin na déunadh áoneach máoithmheachas as dáoinibh: óir is libhse na
huile neithe:


L. 1Cr3:22


Da madh é Pól hé, nó Apollós, nó Cephás, nó an sáoghal, nó beatha,
nó bás, nó na neithe atá dho láthair, nó na neithe atá dochum teachda, ios
libhse iád uile.


L. 1Cr3:23


Agus as lé Críosd sibhse, agus as lé Día Críosd.


L. 1Cr4



L. 1Cr4:1


Gumadh hamhluidh mheasfus duine sinne mar mhinisdribh Chríosd, agus
mar fheadhmanntachaibh seicréideadh Dé.


L. 1Cr4:2


Tuilleadh eile iárrthar arna feadhmanntachaibh gach áon diobh
dhfaghail díleas.


L. 1Cr4:3


Ar mo shonsa, ios ro bheag mo shuim a mbhreitheamhnus do dhéunamh
dháoibhse oram, ná fós a mbreitheamhnus dáonna: achd fós ní bheirim breath
oram féin.


L. 1Cr4:4


Oír ní feasach dhamh ní ar bioth dhom tháobh fein: giodheadh ní sháorann
sin mé: achd asé an tighearna an tí ios breitheamh oram.


L. 1Cr4:5


Uime sin ná beiridh breith ar áonní roimh anam, eadhón gu teachd
don tighearna; noch fhoillseochas neithe folaightheacha an dorchadais: agus
nochdfus rún na gcroidheadh: agus annsin doghéubaidh gach áon moladh ó
Dhía.


L. 1Cr4:6


Agus, a dhearbhráithreacha, do tharruing mé na neithesi chugum féin agus
dochum Apollois a bhfioghair ar bhur sonsa: dochum sibhse dhá
fhoghluim uáinn gan bheith dhaoibh nísa ghlioca ná mar atá sgriobhtha, gan
neach aguibh dho lasadh anadhaigh a chéile ar son éunduine.


L. 1Cr4:7


Oír cía chuireas ar leith thusa? agus créud atá agad nách bhfuáir tú?
agus má fuáir tú hé, créd fá ndiongnann tú ancháil as, mar nách
fuighthea hé?


L. 1Cr4:8


Atá sibh anois saitheach: atá sibh anois arna bhur ndéunamh saidhbhir:
do ghnodhaigheabhair rioghachd ionar bhféugmaisne: agus dobhfearr leam gu
bhfaghbhadh sibh rioghachd, dochum bheith dhúinne mar an gcéudna ionar
rióghaibh maille ribh.


L. 1Cr4:9


Oír así mo dhóigh gur chuir Día sinne amach na habsdail dheireannacha,
mar dhruing atá arna dteilgean dochum báis: oír dorinneadh sgáthán dínn don
tsaoghaol, agus dainglibh, agus do dháoinibh.


L. 1Cr4:10


As amadáin sinne ar son Chríosd: achd atá sibhse glic a gCríosd,
atamáoidne éugcruáidh, achd atá sibhse láidir: atá sibhse ag fagháil onóra,
agus sinne ag fagháil easonóra.


L. 1Cr4:11


Gus anamsa féin atámáoid ag fagháil ocaruis, agus iótan, agus atámáoid
lomnochdach, agus gabhthar dho dhornaibh orainn, agus ní fhuil ionadh
comhnuidhe ar bioth dháirighthe aguinn,


L. 1Cr4:12


Agus atámáoid ag faghail sháothair ag déunamh oibre ria ar lámhuibh
féin: an tan mhallaighthear sinn, dobheirmaoid ar mbeannachd uáinn: an tan
fholeantar sinn dobheirmáoid fulang uáinn.


L. 1Cr4:13


An tan mhaslaighthear sinn, donímáoid úrrnaighthe: atamáoid arnar
ndéunamh mar shalchar an domhain, agus mar sgím na nuile nitheann gus
aniugh.


L. 1Cr4:14


Ní dochum sibhse dho náiriughadh sgríobhuim na neithesi, achd mar mo
chloinn ionmhuin theaguisgim sibh.


L. 1Cr4:15


Oír biódh gu bhfuil deich míle dho luchd teaguisg agaibh a gCríosd,
ní híomgha fós bhur naithre. Oír is meisi dho ghin sibh anIósa Críosd
trésan tsoisgéul.


L. 1Cr4:16


Uime sin iárruim dhachuinge oraibh mo lorg féin do leanmhuin.


L. 1Cr4:17


As chuige so do chuir mé Timotheus chugaibh, atá na mhac ghrádhach
agum, agus díleas sa dtighearna, noch chuirfeas a gcuimhne dhíbh mo
shlighesi a gCríosd, do réir mar theaguisgim sna huile eagluisibh ion
gach uile áit.


L. 1Cr4:18


Achd mar nách tiocfuinn nísa mhó chugaibh, atá dream aguibh arnat súas.


L. 1Cr4:19


Gidheadh do thoil an tighearna tiocfuidh mé chugaibh gu haithghearr, agus
aitheónuidh mé, ní hiád briáthra na druinge sin atá arnat suás, achd a
gcumhachda.


L. 1Cr4:20


Oír ní na mbriáthraibh atá rioghachd Dé, achd a gcumhachdaibh na
sbioraide.


L. 1Cr4:21


Créud ios áill libh? an lé sgiúrsa as mian ribh mo theachd chugaibh, nó
ré grádh, agus ré spioraid cheannsachda?



Cap 5


L. 1Cr5:1


Atá sé dhá aithris gu coitcheann gu bhfuil sdriópachas eadruibh, agus a
ionnsamhuil do sdríopachas nách ainmnighthear ameasg na gcineadhach féin,
eadhon gu mbiádh bean anathar ag an mac.


L. 1Cr5:2


Agus atá sibh arnat suás, agus niór ghabh dóbrón sibh mar bá cóir, dochum
fhir dhéunta an ghníomhasa do thogbháil as bhur lár.


L. 1Cr5:3


Oír gu deimhin do bhreathnuigh meisi cheana, mar neach nách fuil do láthair
a bpearsuinn, achd atá dho láthair a sbioraid, amhuil mar do bhéinn a láthair,
an tí dhorinne mar so an gníomhsa,


L. 1Cr5:4


Ar mbeith díbhse agus dom spioraidse croinn a bhfochair a chéile anainm
ar dtighearna Iósa Críosd, maille ré cumhachd ar dtighearna Iósa Críosd,


L. 1Cr5:5


Ionnshamhail anfhirsin adeirim do thabhairt do Shatan, dochum na
colla dho cháochludh, ionnus gu sáorfuidhe an sbiorad a ló an tighearna Iósa.


L. 1Cr5:6


Ní fhuil bhur ngáirdeachus ionmholta. Ané nách fuil a fhios aguibh gu
ngéuruigheann beagán laibhín an táos uile?


L. 1Cr5:7


Uime sin sgriosaidh uáibh an sean láibhín, dochum gu mbíath sibh bhur
dtáos nuádh, amhail ata sibh gan laibhín: Oír fuáir Críosd ar núan
cásgne a iodhbairt ar ar son.


L. 1Cr5:8


Ar anadhbharsin déunam an féusda dho choimhéud, ní ré seanlaibhín, na
ré laibhín uilc agus droichmhéine: achd ré harán fíorghloine agus fírinne gan
laibhín.


L. 1Cr5:9


Do sgríobh mé chugaibh a leitir, gan bheith dhíbh a gcaidreabh sdríopach:


L. 1Cr5:10


Achd ní hiád sdríopacha an tsaoghailse gu huilidhe, náid a dháoine
sanntacha, náid a luchd sracaireachda, náid a luchd iodhaladhruidh: óir dá
madh iád, do chaithfeadh sibh an sáoghal dhfágbháil.


L. 1Cr5:11


Achd anois do sgríobh mé chugaibh gan sibh dho chaidreabh a chéile,
eadhón dá raibhe éuneach dá ngoirthear dearbhráthair na sdríopaigh, nó na
dhuine shanntach, nó na fhear iodhaladhruidh, nó na fhior misge, nó na
fhior eigeandála: na caithidh fiú an bhídh na fhochair.


L. 1Cr5:12


Oír créud hí mo chuidse dho bhreitheamhnus do dhéunamh ar an druing
atá dhon táobh amuigh don neagluis? ané nách air an druing atá dhon
táobh asdigh dhoní sibhse breitheamhnus?


L. 1Cr5:13


Achd doní Día breitheamhnus ar an druing atá dhon táobh amuigh. Uime sin
tógbhuidhsi uáibh as bhur lár an drochdhuine sin.


L. 1Cr6



L. 1Cr6:1


An bhfuil do dhánachd anéuneach aguibh, ghreamuigheas cúis anadhaidh
dhuine eile, dul fá bhreitheamhnus dháoineadh míchomhthrom, agus gan dul
fá bhreith na náomh?


L. 1Cr6:2


Ané nách fuil a fhios aguibh gu mbéuraid na náoimh breath ar an domhan?
agus más ribhse bheirthar breath ar an domhan, ané nach fiú sibh bheith ion
bhur mbreitheamhnuibh ar na hadhbhoraibh is lugha?


L. 1Cr6:3


An bhfuiltí ainbhfeasach ar gu ndiongnamne breitheamhnus ar na hainglibh?
créud fá nabudh mó ina sin ar na neithibh bheanus ris an an mbeathaidh so?


L. 1Cr6:4


Uime sin ó tá sibh anionadh bhreitheamhnuis do dhéunamh ar na
neithibh bheanus ris an mbeathaidh so, cuiridh na suidhe aniónadh
bhreitheamhnuis an dream atá fá tharcuisne saneagluis.


L. 1Cr6:5


As chuige labhruim dochum adhnáire dho chur oraibh. An mar sin nach
fuil duine ar bioth eagnuidhe eadruibh, gu fiú éunduine amháin, dá dtiocfadh
breitheamhnus do dhéunamh eidir dhearbhráithreachaibh?


L. 1Cr6:6


Achd téid dearbhráthair dochum dlighidh ré dearbhráthair eile, agus sin
fós fá dháoinibh gan chreideamh.


L. 1Cr6:7


Uime sin anois atá lochd gu cinnte ionnuibh, tré dhul díbh dochum dlighe
eadruibh féin. Créd fá nách bhfuilngthí éugcóir nísa tháosga? créd fá nách
gabhtháoi chugauibh dul amugha bhur gcoda dho bheith oraibh nísa tháosga?


L. 1Cr6:8


Giodheadh fós doní sibh féin éugcóir agus díbháil, agus sin do
dhéunamh ar bhur ndearbhráithreachaibh.


L. 1Cr6:9


Ané nach fuil a fhios aguibh, nách faghuid luchd na heugcóra dho
dhéunamh aodhaireachd rioghachda Dé? ná mealltar sibh. Ní bhfuighidh
sdríopthacha, na luchd iodhaladhruidh, ná luchd adhaltrannais, na dáoine
macnuchasa, na dáoine mínadúrrgha,


L. 1Cr6:10


Ná bithbhionaidh, ná dáoine sanntacha, ná luchd misge, ná luchd
imdheargtha, náid sracaireadha, oidhrechd rioghachda Dé.


L. 1Cr6:11


Agus dobhí gach aon agaibhse na riochd so: giodheadh atá sibh arna
bhur nionnladh, giodheadh ata sibh arna bhur náomhadh, giodheadh atá sibh
arna bhur sáoradh, anainm an tighearna Iósa, agus tré spioraid ar
nDéine.


L. 1Cr6:12


Atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, achd tarbhach dhamh na
huile neithe: atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, giodheadh ní bérthar
fá neart aoneithe mhé.


L. 1Cr6:13


As don bholg do hórduigheadh an baid, agus don bhiádh an bolg:
giodheadh sgriosfuidh Dia iád aráon. Achd ní do sdriopachais do
horduigheadh an corp, achd don tighearna, agus an tighearna don chorp.


L. 1Cr6:14


Agus do thógaibh Día an tighearna suás, agus tóigebhaidh sé sinne súas
réna chumhachdaibh féin mar an gcédna.


L. 1Cr6:15


Ané nách fuil a fhios aguibh gurob bóill do Chríosd bhur gcuirp?
uime sin an dtóigeubháidh mé bóill Chríosd, dochum ball sdriópaidhe do
dhéunamh dhióbh? nár léige Día sin.


L. 1Cr6:16


Ané nách fuil a fhios aguibh, an tí atá ceangailte dho sdríopaidh,
gurob éunchorp ría hé? oír biádh, ar sé, días na naonfheóil.


L. 1Cr6:17


Giodheadh an tí atá ceangailte dhon tighearna, ios áonspiorad ris hé.


L. 1Cr6:18


Seachnuidh sdríopachas. Atá gach péacadh dhá ndiongna duine leath
amuigh don chorp: achd an tí dhoní sdríopachas, dhoní sé peacadh anadhaigh
a choirp féin.


L. 1Cr6:19


Ané nách fuil a fhios aguibh, gurob hé bhur gcorp teampoll an spiorad
náoimh, noch atá ionnuibh, agus atá aguibh ó Dhía, agus nách libh féin sibh?


L. 1Cr6:20


Oir do ceannghadh sibh ar luách: uime sin tugaidh glóir dho Dhia, ré
bhur gcorp, agus ré bhur spioraid, óir ios lé Día íad.


L. 1Cr7



L. 1Cr7:1


Tuilleadh eile a dhtáobh na neitheann do sgríobh sibh chugam: do
rachadh a sochar dfior gan buáin ré mnáoi.


L. 1Cr7:2


Taire sin dochum sdríopachais do sheachna, biódh a bhean féin ag gach
áoneach, agus a fear féin ag gach éunmhnáoi.


L. 1Cr7:3


Tugadh an fear a duálgus féin don mhnáoi: agus an bhean don fhior mar
an gcéudna.


L. 1Cr7:4


Ní ag an mnáoi atá cumus a cuirp féin, achd ag an bhfear: agus ní ag an
bhfear atá cumas a chuirp féin mar an gcéudna, achd ag an mnaoi.


L. 1Cr7:5


Ná meallaidh a chéile, achd amháin do thoil a chéile feadh tamuill, dochum
sibh féin do thabhairt do throsgadh, agus dúrrnaighthe: agus arís taguidh a
gceann a chéile, deagla gu gcuirfeadh Satán cathughadh oraibh o bheith
aibrisg dhíbh.


L. 1Cr7:6


Achd ios a gcás comhairle adeirim so ribh, agus ní na gcás aithne.


L. 1Cr7:7


Oír dobfearr leam gu mbiádh na huile dháoine amhuil ataim féin:
giodheadh atá a thiodhlacadh féin ag gach éunduine ó Dhía, ag neach sa
gcása, agus ag neach a gcas eile.


L. 1Cr7:8


Uime sin adeirim ris an druing nách fuil pósda, agus ris na
baintreabhthachaibh, gurob maith dhóibh dhá nanuid siád mar anuim féin.


L. 1Cr7:9


Giodheadh monab féidir riú iád féin do chongmháil geanmnuidh, déunuidh
pósadh: oír as fearr pósadh dho dhénumh ná bheith ar lasadh.


L. 1Cr7:10


Achd aithnighim don druing atá pósda, biódh nach meisi, achd an tighearna,
gan dealughadh dhon mhnáoi réna fear.


L. 1Cr7:11


Giodheadh dhá ndealuighe sí ris, anadh sí gan phósadh, nó biódh sí
réidh réna fear, agus mar an gcéudna na ligedh an fear a bhean.


L. 1Cr7:12


Achd adeirimsi ría cách, agus ní hé an tighearna: dá raibh bean gan
chreideamh ag dearbhráthair ar bioth, agus gu dtig a háonta ar anmhuin na
fhochair, ná cuireadh sise uáithe hé.


L. 1Cr7:13


Agus an bhean mar an gcéudna agá bhfuil fear gan chreideamh, agus gu
dtig a áonta ar anmhuin na fochair, na chuireadh sise uáithe hé.


L. 1Cr7:14


Oír atá an fear gan chreideamh, arna náomhadh sa mnáoi, agus atá an bhean
gan chreideamh arna náomhadh san bhfear: no no dobhiádh gan amharus ar
gclannsa neamhghlan: gé gu bhfuil siád anois náomhtha.


L. 1Cr7:15


Giodheadh dá ndealuighe an duine gan chreideamh hé féin, biódh sé
dealuighthe: ní fhuil dearbhráthair, nó deirbhshíur fá dháoirse ina
nionshamhuil sin do chásaibh: giodheadh is dochum sithchána do ghlóir
Día sinn.


L. 1Cr7:16


Oír gá fios duit a bhean, nách sláineochthá an fear? nó gá fios duit
a fhir, nách sláineócthá an bhean.


L. 1Cr7:17


Achd do réir mar dho roinn Día a thiodhlaice ré gach éunduine, do
réir na gárma tug an tighearna dá gach áon, gu madh hamhluidh sin shiubhalfus
sé. Agus is mar sin órduighimse sna huile eagluisibh.


L. 1Cr7:18


An bhfuil éuneach arna ghairm ar mbeith dó timchiollghearrtha: na
táirrngeadh sé a chroiceann: an bhfuil éuneach arna ghairm gan bheith dó
timchiollghearrtha? ná timchiollghearrthar hé.


L. 1Cr7:19


Ní fhuil éifeachd sa dtimchiollghearradh, agus ní fhuil éifeachd sa
neamhthimchiollghearradh, achd a gcoimhéd aitheantadh Dé.


L. 1Cr7:20


Anadh gach áon sa ngairm ionar goireadh hé.


L. 1Cr7:21


Nar goireadh thú ar mbeith dhuit ad shearbhfhoghantuidhe? na biódh
súim agad ann: giodheadh más féidir leat bheith sáor, gumadh hí sin do rogha.


L. 1Cr7:22


Oír an tí atá arna ghairm sa dtighearna ar mbeith dó na
shearbhfhoghantuidhe, ios duine sáor hé dhon tighearna: is mar an gcéudna
fós an tí atá arna ghairm ar mbeith dó na dhuine sháor, as
searbhfhoghantuidhe dho Chríosd hé.


L. 1Cr7:23


Do ceannchadh sibh ar luach, ná bíghidh nar searbhfhoghantuidheadhaibh
do dháoinibh.


L. 1Cr7:24


A dhearbhráithreacha, anadh gach áon ag Día, sa ngairm a fuáir sé.


L. 1Cr7:25


Achd a dtáobh mhoighdean, ní fhuil aithne an tighearna agum: giodheadh
dobheirim mo chomhairle, mar neach fuáir trócaire ón dtighearna ré bheith
díleas.


L. 1Cr7:26


Uime sin sáoilim gurob maith so ar son an riachdanuis atá dho lathair,
adeirim gurob tarbhach dho dhuine bheith mar sin.


L. 1Cr7:27


An bhfuil tú ceangailte dho mhnáoi? na hiárr dealachan ría. An bhfuil
tú sgáoilti ó mhnáoi? ná hiárr bean.


L. 1Cr7:28


Achd fós dá bpósaidh tú, ní fhuil peacadh dhuit ann: agus dá bpósaidh
moighdean, ní fhuil peacadh dhi ann: giodheadh doghéubhaid anionnshamhuil
sin buáidhirt do tháobh na féola: achd atáimse ag iárraidh socamhail dáoibh.


L. 1Cr7:29


As uime adeirim so a dhearbhraithreacha, do bhrígh na haimsire do bheith
aithghearr: dochum go mbiáth an drung agá bhfuilid mná, mar dháoinibh
gan mhnáibh aca.


L. 1Cr7:30


Agus u mbiádh an dream doní cáoi, mar dhruing nach déin cáoi: agus an
dream doní gairdeachus, mar luchd nach déin gairdeachus: agus an dream
cheannchus, mar dháoinibh nách gnóuighean:


L. 1Cr7:31


Agus an dream chaitheas an sáoghalsa, mar dhruing nach caitheann hé:
oír atá sgéimh an tsaoghailse ag tenógh mar cheó.


L. 1Cr7:32


Agus bá mián leam sibhse do bheith gan rochúram. An té nách bí
pósda, bí cúram na neítheann bheanus ris an tighearna air, cionnus budh
dhféidir ris toil an tighearna do dhéunamh:


L. 1Cr7:33


Achd an té bhiós pósda, bí cúram na neitheann sáoghalta air: dfhios
cionnus búdh dhfhéidir leis toil a mhná do dhéunamh.


L. 1Cr7:34


Atá deithfir eidir mhnáoi agus mhoighdin: bí cúram na neitheann bheanus
ris an dtighearna ar an mnáoi nách bí pósda, dochum bhieth náomhtha dhi a
gcorp agus a spioraid: achd bí cúram na neitheann bheanus ris an sáoghal ar an
mnáoi bhiós pósda, dfhios cionnus búdh dfhéidir ría toil a fir do dhéunamh.


L. 1Cr7:35


Agus ios ar mhaith libhse adeirim na neithesi: ní dochum bhur ngabhála
a bpaintéur, achd dochum adhartha dhibh dhon tighearna gu cneasda gan
eidirdhealughadh.


L. 1Cr7:36


Achd dá sáoilidh éuneach nách iomchuibhghe dhá mhóighdin bláth a haimsire
dho léigean tháirrsi, agus riachdanus ag iárruidh a dhéunta mar sin: déunadh
mar ios áill ris féin, ní fhuil peacadh dhó ann: pósdar iád.


L. 1Cr7:37


Achd an tí atá dearbhtha as a chroidhe féin, ar nách fuil riachdanus, agus
fhéudus a thoil féin do cheannsughadh, agus do chuir so roimhe iona
chroidhe, a mhoighdean do choimhéud, ios maith dhoní sé hé.


L. 1Cr7:38


Uime sin ios maith dhoní an té dhobheir do fhior hí: achd is fearr
dhoní an té nách tabhair dhfior hí.


L. 1Cr7:39


Atá an bhean ceangailte ó dhligheadh ar feádh sháoghail a fir: giodheadh
dá bhfaghuidh a fear bás, atá sáor aice pósadh do dhéunamh ris an tí as
áill ría: amháin sa dtighearna.


L. 1Cr7:40


Achd do réir mar sháoilimse, as mó ios beannaighe dhi dá nanaidh sí
mar sin: agus is dóigh leamsa gu bhfuil spiorad Dé agum féin.


L. 1Cr8



L. 1Cr8:1


Tuilleadh eile a dtáobh na neitheann iodhbarthar diomháighibh, atá a
fhios aguinn gu bhfuil éolus aguinn uile. Arduighe an teólus inntinn
dhuine, achd doní an grádh follamnughadh.


L. 1Cr8:2


Achd mása dhóigh ré héunduine fios éuneithe dho bheith aige, ní feas do
fós éuní, do réir mar bhúdh chóir fios do bheith aige.


L. 1Cr8:3


Achd dá dtuguidh éuneach grádh dho Dhía, asé dhorinne éolas dó.


L. 1Cr8:4


Uime sin a dtáobh ithe bhídh iodhbarthar dhiomháighibh, atá a fhios
aguinn nách fuil eifeachd ar bioth aniomháigh, agus nách fuil Día eile ann,
achd an táondía.


L. 1Cr8:5


Oír biódh gu bhfuilid neithe ann dá ngoirthear Dée, ar neamh agus ar
talamh, (amhail atáid iomad Dée, agus iomad tighearnadh.)


L. 1Cr8:6


Gidheadh ní fhuil aguinne achd áon ndía amháin, eadhón an tathair, ó
bhfuilid na huile neithe, agus sinne annsan: agus éuntighearna Iósa
Críosd, tré a bhfuilid na huile neithe, agus sinne thrídsion.


L. 1Cr8:7


Giodheadh ní fhuil an teólus sin ag gach éunduine. Oír atá dream
dháirighthe, agá bhfuil gcoguás dá nagra do tháobh na hiomháidhe
gus anois, itheas aní iodhbharthar diomháighibh, a riochd a neithe
iodhbharthar dhóibh: agus ar mbeith dá gcoguás éugcruáidh, salaighthear hé.


L. 1Cr8:8


Achd ní moltar sinn ar son bhídh a bhfiádhnuise Dé: oír dá nítheam, ní
saidhbhride sinn hé: agus muna itheam ní dáibhride sinn é.


L. 1Cr8:9


Giodheadh tugaidh bhur naire ribh nách biáidh an cumhachdasa atá
aguibh, a gcáil ar bioth, na adhbhar oilbhéime don druing atá lag.


L. 1Cr8:10


Oír dá bhfaicidh éunduine thusa aga bhfuil éolas, ad shuidhe ar bhórd a
dteampoll na niomháidheadh, ané nach neirteochar coguás an tí atá
meirbh, dochum na neitheann iodhbarthar dhiomháighibh dhithe?


L. 1Cr8:11


Agus do bhrígh heólaise, an rachaidh an dearbhráthair éugcruidh
amugha, aga bhfuáir Críosd bás ar a shon?


L. 1Cr8:12


Agus mar sin ag peacughadh dhíbh anadhaigh na ndearbhraithreach,
agus ag lot a gcoguáis éugcruáidh, doní sibh peacadh anaghaidh Chríosd.


L. 1Cr8:13


Uime sin dá dtugaidh biádh adhbhor oilbhéime dom dhearbhrathair, ní
iósaidh mé feóil gu brách, dochum gan adhbhar oilbhéime dho thabhairt damh
dom dhearbhráthair.


L. 1Cr9



L. 1Cr9:1


Ané nách easbol meisi? ané nách fuilim sáor? ané nach facaidh mé
Iósa Críosd ar dtighearna? ané nach sibhse mhobair sa tighearna?


L. 1Cr9:2


Biódh nach easbol mé dho dháoinibh eile, as easpol fós gu cinnte
dháoibhse mhé. Oír as sibhse séula mhabsdaltachda sa tighearna.


L. 1Cr9:3


Así so mo fhreagra don druing chuireas ceisd oram,


L. 1Cr9:4


Ané nach fuil cumhachd ithe agus ibhthe aguinne?


L. 1Cr9:5


Ané nách fuil cumhachd aguinn bean ná deirbhshiáir do bhreith linn
fágcuairt, amháil doníd an chuid eile do na habsdalaibh, agus bráithreacha
an tighearna agus Céphas?


L. 1Cr9:6


Nó an bhfuilimse amháin agus Barnabas gan cumhachd aguinn bheith sáor
ó obair?


L. 1Cr9:7


Cía hé an soighdiúir théid dochum cogaidh uáir ar bioth ar a chosdús
féin? cía chuireas fíneamhuin, agus nách itheann féin dá toradh? nó cía
bheathaigheas tréud, agus nách blaiseann do bhainne an tréuda?


L. 1Cr9:8


An do réir nóis dáonna labhruim na neitheso? ané nách abair an reachd na
neithesi mar an gcéudna?


L. 1Cr9:9


Oír atá sgrióbhtha a reachd Mháoisi, ná cuir ceangal ar bhéul an daimh
bhriseas an tarbhar. An bhfuil cúram na ndamh ar Dhía?


L. 1Cr9:10


Nó ané nach air ar soine gu huilidhe adeir sé so? gu deimhin as
air bhur soine atá sé sgríobhtha. Oír as maille ré mhuinighin is cóir dhon
treabhaire, treabhadh dho dhénamh: agus don bhuailteóir buáladh dho
dhénamh, a muinighin gu bhfuighedh sé tárbha a mhuinighne.


L. 1Cr9:11


Má dho shiólchuireadh sinne neithe sbioradálta dháoibhse, an mór libhsi
sinne dho bhuáin bhur neitheann saoghaltasa?


L. 1Cr9:12


Má atáid dáoine eile ag faghail thoraidh a gcumhachd uáibh, créud fá nách
biádh ar faghail aguinne nísa mhó? Giodheadh fos niór chuireamar na
cumhachdsa a ngnás: achd iomchramáoid na huile neithe, dochum nách
dtiocfadh dhínn toirmeasg ar bioth do chur ar shoisgéul Chriosd.


L. 1Cr9:13


Ané nách fuil a fhios aguibh, an dream sháothruigheas a dtimcheall na
neitheann náomhtha, gu nithid siád do neithibh an teampoill? agus an dream
bhiós do ghnáth ag fritheóladh na haltóra, go bhfaghaid cuid ranna dhon
naltóir?


L. 1Cr9:14


As mar an gcéudna dho ordaigh an tighearna dhon druing fhoillsigheas an
soisgéul, a mbeatha dhfagháil dho tháobh an tsoisgéul.


L. 1Cr9:15


Giodheadh niór chuir meisi éuní dhíobh so á ngnás. Agus fós ní huime
dho sgríobh mé na neithesi, dochum gu ndiongantáoi mar sin leam féin. Oír
dobhfearr dham bás dhfagháil, ná gu dtiucfadh dho neach ar bioth mo
ghairdeachas do chur a neimhbhrígh.


L. 1Cr9:16


Oír biódh gu ndiongnuinn an soisgéul do sheanmórughadh, ní fhuil adhbhar
máoithnhighe agum: do bhrígh gu bhfuil sé na éigean oram. Agus as truágh
dhamh mona ndiongna mé an soisgéul do sheanmórughadh.


L. 1Cr9:17


Oír dá ndearna mé so do dhruim thoile, atá luaidhaigheachd agum: achd
dá ndearna mé hé anadhaigh mo thoile, atá fós a chúram arna léigean
táobh rióm.


L. 1Cr9:18


Uime sin créd í mo luadhaigheachd? gu fírinneach soisgéul Chríosd do
thabhairt uáim dhaisgidh an tan sheanmóruim hé, dochum gan na cumhachda
ata agam sa tsoisgél dísliughadh.


L. 1Cr9:19


Oír biódh gu bhfuilim sáor ó na huile dháoinibh, dorinne mé fós
serbhfhoghantuidhe dhióm féin do na huile dháoinibh, dochum gnouighthi
dhamh nísa mhó.


L. 1Cr9:20


Agus dobhí mé um Iúduighe do na hIúduigheadhaibh, dochum na
nÍuduigheadh do ghnodhughadh: dobhí mé don druing atá fáoi an reachd,
amhuil mar dho bheinn fáoi an reachd, dochum na druinge gan reachd do
ghnóughadh dhamh:


L. 1Cr9:21


Dobhí mé don druing atá gan reachd mar dobheinn gan reachd (biódh
nach fuilim gan reachd do tháobh Dé, achd umhal do reachd Chríosd) dochum na
druinge gan reachd do ghnodhughadh dhamh.


L. 1Cr9:22


Dobhí mé dhon dreim atá meirbh, amhuil mar dobheinn meirbh, dochum na
druinge atá meirbh do ghnodhughadh dhamh. Dobhí mé sanuile chruth do na
huile dháoinibh, dochum go saorfuinn cuid éigin ar gach uile chor.


L. 1Cr9:23


Agus as ar son an tsoisgéil doním so, dochum gu mbiádh mo chuid agum
dhe máráon ribhse.


L. 1Cr9:24


Ané nach fuil a fhios aguibh, an dream bhiós ag coimhrioth ré cheile, go
riothaid uile, biódh gurob éunduine bheireas an geall? gu madh hamhluidh
dhiongantáoisi rioth, dochum gu madh éidir libh gnoughadh.


L. 1Cr9:25


Agus gach áon chleachdus sbairn, is measarrgha hé sna huile neithibh.
Agus ios uime doníd siádsan bheith measarrgha, dochum coróine
truáillighthe dfhagháil: achd ios chuige as déunta dhúinne hé, dochum
coróine neamhthruáillighthe dhfaghail.


L. 1Cr9:26


Uime sin as amhluidh riothaimsi, ní mar dho bheinn ag rioth fá
thuáirim: as amhluidh doním sbáirn, ní mar neach bhuaileas an taidhéur.


L. 1Cr9:27


Achd muchaim siós an cholann, agus dobheirim fá umhlachd hi: deagla
ar éunchor ar ndéunamh seanmóra dho dhruing eile dhamh, gu mbiádh lochd
ionnum fein.


L. 1Cr10



L. 1Cr10:1


Tuilleadh eile fós a dhearbhraithreacha, ní háill leam bheith dhíbh
ainbhfeasach, gu rabhadar ar naithre uile fáoi sa néul, agus gu ndeachadar
uile thríd a bhfairrge:


L. 1Cr10:2


Agus gur baisdeadh iád uile lé Máoisi sa néull, agus sa bhfáirrge:


L. 1Cr10:3


Agus gur itheadar uile áon bhiádh amháin sbioradálta:


L. 1Cr10:4


Agus gur ibheadar uile dháondigh amháin sbioradálta. Oír do ibheadar don
charruic sbioradálta dho lean íad: agus dob hí an charruic sin Críosd.


L. 1Cr10:5


Achd ní raibhe Día réidh ré mórán aca: oír do sgriosadh iad sa bhfásach.


L. 1Cr10:6


Atáid na neithesi anois na neisiompláiribh aguinne, dochum nách
biádh fonn droichneithe orainne, amhail dobhí orrthasan.


L. 1Cr10:7


Uime sin na bígidhsi ion bhur luchd iodhaladhruigh, fá mar dobhí dream
acasan, amhail atá sgríobhtha, do shuigh an pobal síos dochum ithe, agus
ibhthe, agus do éirgheadar na seasamh dochum súgartha.


L. 1Cr10:8


Agus ná dénamne sdríopachas, amhuil dorinneadar cuid acasan, agus
do thuiteadar anéunló, trí mhíle ar fhichid pearsa.


L. 1Cr10:9


Agus ná cuireamne cathughadh ar Chríosd, amhuil do chuireadar cuid
acasan, agus do sgriosadh iád ré haithreachaibh neimhe.


L. 1Cr10:10


Agus na déunaidhsi monmhur, amhuil dorinneadar cuid acasan, agus
do sgriosadh iád ris an sgriosdóir.


L. 1Cr10:11


Agus tárrla na neithesi uile dhóibhsion na neisiompláraibh: agus
ios dochum fógartha do thabhairt dúinne, ar a rug deireadh an domhuin, do
sgríobhadh iád.


L. 1Cr10:12


Uime sin an tí sháoileas bheith na sheasamh, tugadh aire ris féin,
deagla gu bhfuigheadh se leagadh.


L. 1Cr10:13


Ní thárrla cathughadh ar bioth dhíbh, achd an cathughadh leanus gach
áon: agus atá Día fírinneach, nách fuleóngaidh cathughadh dho chur oraibh ós
cionn bhur neirt, achd dodhéuna sé slighe dhíbh ann sa gcathughadh, ionnus gu
madh féidir libh a iomchar.


L. 1Cr10:14


Ar anadhbharsin, a dhearbhráithre grádhacha, seachnaidh iodhaladhradh.


L. 1Cr10:15


Labhruim, mar laibheóruinn ré dáoinibh tuigsionacha: beiridh féin breith
ar a ní labhruim.


L. 1Cr10:16


Ané nach hé comáoin fhola Chríosd, cupán na mbeannachd, doníomáoidne
do bheannughadh? Ané nách é comáoin choirp Chríosd, an tarán
bhrismáoid?


L. 1Cr10:17


Oír as áon an tarán, agus ios áonchorp sinne biódh gu bhfuilmíd
morán, do bhrígh go nglacmáoid uile ar gcuid déunarán.


L. 1Cr10:18


Tabhruidh Israél dá bhur núidh, noch shiubhlus do réir na feóla:
ané nách bí cuid ronna dhon altóir, ag an druing itheas na hiódhbartha?


L. 1Cr10:19


Uime sin créud adeirim: ané gu bhfhuil éifeachd saniomháigh, nó gu
bhfuil éifeachd sa ní íodhbarthar dhiomháighibh?


L. 1Cr10:20


Ní hamhluidh. Giodheadh adeirim so gurob do dhiabhlaibh iodhbruid na
cineadhaigh na neithe iodhbruid siád, agus nách do Dhía: agus ní háill leam
comann do bheith aguibhsi ris na diabhluibh.


L. 1Cr10:21


Ní héidir libh cupán an tighearna dhibhe, agus cupán na ndeamhan: ní
héidir libh comhruinn bhuird an tighearna dfhagháil, agus bhuird na ndeamhan.


L. 1Cr10:22


An bhfuilmíd ag brosdughadh an tighearna dochum feirge? an treisi linne
ina leision?


L. 1Cr10:23


Atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, giodheadh ní fhuilid uile
tarbhach dhamh: atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, giodheadh ní
fhollamnuighid na uile neithe.


L. 1Cr10:24


Nárob hé a ní bheanus ris féin shirfeas neach ar bioth, achd sireadh gach
áon a ní rachus a sochar dhá chomharsuin.


L. 1Cr10:25


Ithidh gach ní reacthar sa tseamlus, gan cheisd ar bioth do tháobh
choguáis.


L. 1Cr10:26


Oir as leis an dtighearna an talamh, gun alíonmháireachd.


L. 1Cr10:27


Agus dá dtugaidh éunduine don druing atá gan chreideamh cuiredh dhíbh,
agus gu madh toil libh dul riú: Ithidh gach ní churthar ion bhur bhfiádhnuisi,
gan ceisd ar bioth do chur do tháobh choguáis.


L. 1Cr10:28


Giodheadh dhá nabrudh éunduine ribh, ios diomháighibh do híodhbradh so,
ná hithidh hé, ar son an tí dho fhoillsigh dhíbh é, agus ar son choguáis.
Oir as leis an tighearna an talamh, gona líonmhaireachd.


L. 1Cr10:29


Agus ní dod choguása labhruim, achd do choguás an duine eile sin. Oír
créud fá a ndaimeóntáoi mo sháoirsise ré coguás duine eile.


L. 1Cr10:30


Agus más tré ghrás Dé ranntar riomsa é, créud fá lábhartar gu holc oram
ar son a neithe fá dtabhruim buidheachas?


L. 1Cr10:31


Uime sin más ithe, nó ibhe dháoibh, nó giodhbé ar bith ní dhoní sibh, go
madh dochum glóire Dé dhiongnus sibh na huile neithe.


L. 1Cr10:32


Ná tábhruidh adhbhar oilbhéime dona hÍuduigheadhaibh, ná dona Gréugachaibh,
ná dheagluis Dé.


L. 1Cr10:33


Do réir mar dhonímse toil gach áoin sna huile neithibh, agus ní
diárraidh eudála dham féin, achd diárraidh éudála dho morán, dochum a
slánaighthe.


L. 1Cr11



L. 1Cr11:1


Bigidh ion bhur luchd leanmhana dhámhsa, do réir mar atáimse dho
Chríosd.


L. 1Cr11:2


Agus moluim sibh a dhearbhráithreacha, fá choimhne dho bheith aguibh oram
sna huile neithibh, agus fá bheith dhíb ag coimhéud na norduightheadh, amhuil
tug mé dhíbh iád.


L. 1Cr11:3


Giodheadh as mián rióm a fhios do bheith aguibh, gurob hé Críosd ceann
gach fhir: agus gurob é an fear ceann na mná: agus gurob hé Día ceann Chríosd.


L. 1Cr11:4


Gach uile fhear agá mbí folach ar a cheann, ag urrnaighthe dhó, nó ag
fáidhedóireachd, dobheir sé easanóir dhá cheann.


L. 1Cr11:5


Giodheadh gach bean agá mbí a ceann nochdaighthe, ag urrnaighthe nó ag
fáidhedóireachd dhi, dobheir sí naire dhá ceann, oír ios ionann sin agus a
bheith bearrtha dhi.


L. 1Cr11:6


Oír muna raibhe folach ar cheann na mná, beárrthar í mar an gcéudna: achd
masa ghrána dho mhnáoi bheith beárrtha, nó lom, cuireadh sí folach uirthe.


L. 1Cr11:7


Oír ní cóir dhon fhior a cheann dhfolach, do bhrígh gurob é iomháigh
ghlóire Dé é: achd así an bhean glóir an fhir.


L. 1Cr11:8


Oír ní ón mhnáoi táinic an fear: achd ios ón fhior táinic an bhean.


L. 1Cr11:9


Oír ní ar son na mná do cruthuigeadh an fear: achd ios ar son anfhir
do cruthuigheadh an bhean.


L. 1Cr11:10


Uime sin, ios cóir dhon mhnáoi folach do bheith ar a ceann, ar son na
naingeal.


L. 1Cr11:11


Táire sin, ní fhuil an fear anéugmais na mná, ná an bhean
anéugmais anfhir, sa dtighearna.


L. 1Cr11:12


Oír amhail mar ios ón bhfear táinic an bhean, mar an gcéudna as tríd an
mnáoi tig an fear: achd ios ó Dhía thigid na huile neithe.


L. 1Cr11:13


Measaidh ionnuibh féin, an cuibhghe dho mhnáoi gan folach ar a ceann,
Día dho ghuidhe?


L. 1Cr11:14


Ané nách fuil an nádúir féin dá theagusg dhíbh, gurob nár dhfior
gruág fhada do bheith air?


L. 1Cr11:15


Giodheadh dá raibhe gruág fhada ar mhnáoi, as glóir dhi é: oír is mar
fholach tugadh a gruagh dhi.


L. 1Cr11:16


Giodheadh dá raibhe fonn consbóide ar éunduine, ní fhuil a ionnshamhuil
sin do ghnáth aguinne, nó ag eagluisibh Dé.


L. 1Cr11:17


Agus dá fhoillsiughadh so dhamh, ní mholaim sibh, fá theachd a gceann
a chéile dhibh, ní dochum bhur leasa, achd dochum bhur naimhleasa.


L. 1Cr11:18


Oír ar tús, ar gcruinniughadh dhíbh a gceann a chéile saneagluis,
dochluinim gu mbíd siosmadha eadruibh, agus atá cáil a gcreidim hé.


L. 1Cr11:19


Oír ios éigin fós eireticeachd do bheith ionbhur measgsa, dochum na
druinge atá dearbhtha eadruibh dho bheith follus.


L. 1Cr11:20


Uime sin ar gcruinniughadh dhíbh a gceann a chéile, ní hionann sin
agus suipéur an tighearna dho chaitheamh.


L. 1Cr11:21


Oír ithidh gach áon a shuipéir féin an chéduair: agus bí ocarus ar dhuine
aguibh, agus duine eile ar misge.


L. 1Cr11:22


Ané nách fuil tighthe aguibh dochum ithe, agus ibhthe? nó an bhfuiltí
ag tarcaisniughadh eagluisi Dé, agus ag tabhairt náire dhon druing nach
fuil ní aca? Créud adéura mé libh? an molfad sibh? ní mholaim sibh sa
gcássa.


L. 1Cr11:23


Oír ios ón dtighearna fuáir meisi a ní tug mé dhíbhse mar an gcéudna,
eadhón gur ghlac an tighearna Iósa arán sanoidhche ionar braitheadh é:


L. 1Cr11:24


Agus ar mbreith bhuidheachais dó, do bhris sé hé, agus adubhairt sé,
glacaidh, ithidh: asé so mo chorpsa brisdear ar bhur sonsa: déunaidh so
mar choimhniughadh oramsa.


L. 1Cr11:25


Mar an gcéudna fós do ghlac sé an copán, tar éis shuipéir, agá rádh:
asé an cupánsa an tiomna nuá, trém fhuilse: déunaidh so, dhá
mhioncachd iobhtháoi hé, mar choimhniughadh oramsa.


L. 1Cr11:26


Oír ní fhuil dá mhionca íosas sibh an taránsa, agus iobhthas sibh an
cupasa, nách foillsigheann sibh bás an tighearna, go teachd dó.


L. 1Cr11:27


Uime sin giodhbé iósas an taránsa, nó ióbhas cupa an tighearna gu
neimhiomchuibhghe, biáidh sé cionntach dho chorp agus dfhuil an tighearna.


L. 1Cr11:28


Ar anadhbharsin dearbhadh gach áon duine hé féin, agus mar sin
itheadh sé dhonaránsa, agus ibheadh dhon chupasa.


L. 1Cr11:29


Oír giodhbé itheas agus ibheas gu neamhiomchuibhghe, ithidh agus
ibhidh sé dochum a dhamnuighthe féin, an tan nach déin sé eidirdhealughadh
eidir chorp an tighearna agus bhíadh eile.


L. 1Cr11:30


Dá bhrígh so atáid morán meirbh agus ar dhíth neirt eadruibh, agus
morán ar néug mar an gcéudna.


L. 1Cr11:31


Oír dá mbeith breathnughadh aguinn oruinn féin, ní bérthaoi breath oruinn.


L. 1Cr11:32


Gidheadh an tan bheirthear breath oruinn, ios ris an tighearna
smachdaighthear sinn, deagla ar ndamnaighthe maille ris an sáoghal.


L. 1Cr11:33


Uime sin a dhearbhráithreacha, ar dteachd díbh a gceann a chéile dochum
chuirp an tighearna dho chaitheamh, fuirghidh ré chéile.


L. 1Cr11:34


Agus dá ráibhe ocarus ar éuneach, itheadh sé agá thigh, deagla theachd
dáoibh a gceann a chéile dochum damnaighthe: agus cuirfe mé ar dteachd
damh, neithe eile anórdughadh.


L. 1Cr12



L. 1Cr12:1


Tuilleadh eile a dhearbhráithreacha, ní háill leam bheith dháoibh
ainbhfeasach a dtáobh dheadhlaiceadh spioradálta.


L. 1Cr12:2


Atá a fhios aguibh, gu rabhabhair ion bhur gcineadhachaibh, agus gur
tairrngeadh sibh gu hiomháighibh balbha, do réir mar dho trearuigheadh sibh.


L. 1Cr12:3


Uime sin foillsighim dháoibh, nách abair éuneach labhrus ó spioruid
Dé, Iósa dho bheith mallaighthe: agus nach féidir dháoneach a rádh
urob hé Iósa an tighearna, achd trésan sbiorad náomh.


L. 1Cr12:4


Atáid tiodhlaice eidirdhealaightheacha ó chéile ann, achd ní fhuil achd éun
sbiorad.


L. 1Cr12:5


Agus atáid miniosdrálachda eidirdhealaighthe ó chéile ann, giodheadh ní
fhuil achd éuntighearna.


L. 1Cr12:6


Agus atá oibriugadh eidirdhealaighthe ann, giodheadh asé an táon nDía
oibrigheas na huile neithe, sna huilibh.


L. 1Cr12:7


Agus dogheibh gach áon foillsiughadh na sbioraide, dochum tairbhuighthe.


L. 1Cr12:8


Oír dogheibh neach bríathar eagna trésan sbioruid, agus neach eile
bríathar eóluis trésan sbioruid chéudna:


L. 1Cr12:9


Dogheibh neach eile creideamh trésan sbioruid chéudna: agus neach eile
tabhartus leighis, trésan spioruid chéudna: agus neach eile oibriughadh
miórbhuileadh: agus neach eile faidhedóireachd: agus neach eile breathnughadh
sbiorad:


L. 1Cr12:10


Agus dogheibh neach eile morán do ghnéithibh teangthadh: agus neach
eile míniughadh teangthadh.


L. 1Cr12:11


Agus as áon sbiorad amháin oibrigheas na neitheise uile, ag roinn ré
gach áon fóleith, do réir mar as áill ris an sbioruid.


L. 1Cr12:12


Oír amhuil mar as áon an corp, agus morán do bhallaibh aige, agus buill
anéunchuirp uile, biodh gurob iómgha iád, nach fuil ionnta achd énchorp:
as mar an gcéudna atá Críosd.


L. 1Cr12:13


Oír ios tré áon sbioruid do baisdeadh sinn uile dochum éunchoirp, mása
Iúduigheadha sinn, nó Gréugaidh, más sáor nó dáor sinn: agus tugadh deoch
dhúinn uile ré a hibhe dochum éunsbioruide.


L. 1Cr12:14


Oír ní hénbhall an corp, achd morán.


L. 1Cr12:15


Dá nabradh an chos, do bhrígh nách mé an lámh, ni dhon chorp mé: ané
nach don chorp hí ar a shon sin?


L. 1Cr12:16


Agus dá nabradh an chluás, do bhrígh nách mé an tsúil, ní don chorp mé:
ané nách don chorp hí ar a shon sin?


L. 1Cr12:17


Dá mbiádh an corp uile ina shúil, cá háit a mbiádh an téisdeachd?
dá mbiádh uile na éisdeachd, cá háit a mbiádh an boltanus?


L. 1Cr12:18


Achd anois do chuir Día na búill sa gcorp, gach ball dióbh fó leith,
do réir a thoile féin.


L. 1Cr12:19


Achd dá mbiádais uile na néunbhall, cá háit a mbiádh an corp?


L. 1Cr12:20


Giodheadh anois atáid siád na morán ball, biódh nach fuil achd
énchorp.


L. 1Cr12:21


Agus ní héidir ris an tsúil a rádh ris an láimh, ní fhuil feidhm agum
ort: nó arís ní héidir dhon cheand arádh ris na cosaibh, ní fhuil
féidhm agum oraibhse.


L. 1Cr12:22


Achd go mór mhór buill an chuirp rénab cosmhuile bheith ró lag, atá
feidhm órrtha.


L. 1Cr12:23


Agus ios ar bhallaibh an chuirp noch sháoilmáoid do bheith neamhonórach,
as mó chuirmíd donóir: agus ar na ballaibh as aimhdheisi aguinn, as mó
chuirmid do dheisi.


L. 1Cr12:24


Oír ní bhí ar mbuill deasa na riáchdanus: achd do chomuisg Día an corp
ar a chéile, ar dtabhairt na honóra as mó don chuid ó dteasdaigh sí.


L. 1Cr12:25


Dochum nách biádh siosma ar bioth sa gcorp, achd gu mbiádh an cúram
céudna ag na ballaibh ar son a chéile.


L. 1Cr12:26


Uime sin dá bhfuilngidh éunbhall, comhfhuilngid na buill uile mar an
gcéudna: nó dhá bhfaghuidh éunbhall aca onóir, doníd na buill uile
gáirdeachas máráon ris.


L. 1Cr12:27


Agus as sibhse corp Chríosd, agus as buill fó leith.


L. 1Cr12:28


Agus do orduigh Día dream dháirighthe saneagluis, mar atá absduil
ar tús, na dhiáigh sin fháidhe, an treas uáir luchd teagusg: arís luchd
miórbhuile do dhéunamh, na dhiáigh sin luchd leighis, luchd cobhartha,
luchd riághalta, agus iomad do ghnéithibh teangthadh.


L. 1Cr12:29


An bhfuilid uile na habssdaluibh? an bhfuilid uile na bhfáidhibh, an
bhfuilid uile na luchd teaguisg?


L. 1Cr12:30


An cumhachdach iád uile ar mhiórbhuilibh dho dhéunamh? an bhfuilid
tiodhlaice leighis aca uile? an labhruid uile ré teanghthuibh? an dtig dhibh
uile na sgriobtúir dho mhíniughadh?


L. 1Cr12:31


Achd biódh mián na subhailceadh as fearr oraibh: agus fós foillseochaidh
mé slighe dhíbh ré mbéra sibh bárr.


L. 1Cr13



L. 1Cr13:1


Biódh gu laibheóruinn ré teanghthuibh dháoine agus aingeal, agus gan
grádh ionnam, ní fhuilim achd mar phrás ag déunamh fuáime, nó mar chimbal
ag cluigíneachd.


L. 1Cr13:2


Agus biódh gu mbeath fáidhedóireachd agum, agus go mbeath fios na
nuile sheicréideadh, agus gach uile eólais agam: agus bíodh go mbeith an
creideamh uile agum, ar ghléus gu bhfédfuinn sléibhte dhathrughadh, agus mé
dho bheith gan grádh, ní fhuil éifeachd ionnam.


L. 1Cr13:3


Agus biódh go gcaithfinn a bhfuil agum ré bochdaibh do chothughadh,
agus gu dtiubhruinn mo chorp féin dá losgadh, agus mé bheith gan grádh, ní
fhuil tarbha dhamh ann.


L. 1Cr13:4


As fada foighne an ghrádha: as cáonmharrach an grádh: ní ghabhann an grádh
tnúth: ní dhiongnann ní ar bioth gu neamhchóir: ní máoithmheach hé.


L. 1Cr13:5


Ní dhiongnann ní ar bith ré tarcuisne: ní iárrann sé na neithe bheanus
ris féin: ní sobhrosduighthe hé dochum féirge: ní smuáineann sé ar anolc:


L. 1Cr13:6


Ní dhiongnann gáirdeachus sanéugcóraidh, achd gabhuidh gáirdeachus hé
sa bhfírinne:


L. 1Cr13:7


Fuilngidh sé na huile neithe: creidigh sé na huile neithe: bí muinighin
aige as na huile neithibh: iomcraidh ris na huile neithibh.


L. 1Cr13:8


Ní théid an grádh ar gcúl choidhche: biódh go rachaidh fáidhedoireachd
ar gcúl, agus gu gcoisgfid na teangtha, agus gu gcuirfighthear an teólas
atá aguinn anois ar gcúl.


L. 1Cr13:9


Oír ní fhuil anois aguinn achd gné éoluis, agus gné fáidhedóireachda.


L. 1Cr13:10


Achd an tan thiucfus a ní iomlán, cuirfighthear an tansin a ní easbadhach
ar gcúl.


L. 1Cr13:11


An tan dobhí mé um náoidhin, do labhair mé mar dho laibheóradh náoidhe,
niór thuig mé achd mar náoidhin, as ciáll náoidhean dobhí agum: achd ar
dteachd damh gu háois iomláin, do chuir mé na neithe leanbuidhe ar gcúl.


L. 1Cr13:12


Oír ios radharc spéucláire dorcha atá aguinn anois, achd anuáirsin
biám agus ar naithche a chéile: anois, atá gné aithne agum, achd an tan sin
aitheónad do réir mar atá aneólais ghéubhas mé ó Dhía.


L. 1Cr13:13


Agus anois anaid na trí neithesi, eadhón creideamh, muinighin,
agus grádh: giodheadh asé an grádh ios mó dhióbh so.


L. 1Cr14



L. 1Cr14:1


Leanuidh an grádh, agus biodh mián na subhaltadh sbioradálta oraibh:
agus gu madh mó iná sin bhiás fonn aguibh a bhfáidheadóireachd do
dhéunamh.


L. 1Cr14:2


Oír an tí labhrus a dteanguidh chomhthuighe, ní ré dáoinibh labhrus
sé, achd ré Día. Oír ní thuigeann éunduine hé: biódh gu labhrann sé tré
san sbioruid neithe seicréideacha.


L. 1Cr14:3


Achd an tí dhoní fáidheadóireachd, as ré dáoinibh labhrus sé dochum
follamnuighthe, dochum teaguisg, agus dochum comhfhurtachda.


L. 1Cr14:4


An tí labhrus a dteanguidh chomhthuighthe asé féin fhollamnuigheas
sé: achd an tí dhoní fáidheadóireachd, follamnuighidh sé aneagluis.


L. 1Cr14:5


Agus dobhfearr leam gu labhradh sibh uile ré teangthuibh, achd bá
fonnmhaire leam ina sin, sibh dho dhéunamh fáidheadóireachda: óir is mó an
tí dhoní fáidhedoireachd, ina an tí labhrus ré teangthuibh, achd muna
chuiridh sé a gcéill iád, dochum follamnuighthe dhfagháil don eagluis.


L. 1Cr14:6


Agus anois, a dhearbhráithreacha, dhá dtigidh mé chugaibh ag labhairt
ré teangthuibh, créud hé an sochar dhodhéunad díbh, muna labhra mé ribh a
bhfoillsiughadh, nó anéolas, nó a bhfáidheadóireachd, nó a dteagusg?


L. 1Cr14:7


Tuilleadh eile fós, na neithe gan anum dhoní fuáim, mas piób, nó
cláirseach, muna dheárna siád eidirdhealughadh ina ngothanuibh, cionnus
dogéubthar a fhios créud shinntear ar an bpiób, nó ar an gcláirsigh?


L. 1Cr14:8


Mar an gcéudna dhá dtuguidh an trompa fuáim neimhthuigsionach uádha, cía
uillmheóchas hé féin dochum catha?


L. 1Cr14:9


As amhluidh sin sibhse, muna labhartháoi bríathra sothuigsiona tresan
dteanguidh, cionnus aitheóntar a ní labharthar? óir ios fá anaidhéur
laibheórus sibh.


L. 1Cr14:10


Atáid (do réir mar thárrla ann) anoiread sin do ghnéithibh gothann
sa domhan, agus ní fhuil éunghuth dhíobh ar dhíth céille.


L. 1Cr14:11


Uime sin muna thuige mé brígh an ghotha, biaidh mé am dhuine bharbarrgha
ag an tí labhrus, agus biáidh an tí labhrus na dhuine bharbarrgha agumsa.


L. 1Cr14:12


As mar sin sibhse mar an gcédna, do bhrigh gu sanntuigheann sibh
subhaltáoi sbioradálta, iárraidh barr dho bhreith dochum follamnuighthe na
heagluisi.


L. 1Cr14:13


Uime sin an tí labhrus a dteanguidh chomhthuighhe sireadh sé , ar
Dhía, fios a mínighthe dho thabhairt dó.


L. 1Cr14:14


Oír dá ndiongna mé urrnuighthe a dteanguidh chomthuighthe, doní mo
spiorad urrnuighthe: giodheadh atá mo thuigsi neamhtharbhach.


L. 1Cr14:15


Créud eile maseadh? dodhéuna mé urrnuighthe ris an sbioruid, giodheadh
dodhéna me urrnuighthe ré tuigsi mar an gcéudna: dodhéuna mé céol ris
an sbioruid, achd fós dodhéuna mé céol ré tuigse mar an gcéudna.


L. 1Cr14:16


Nó no dá mbeiridh tu buidheachas ris an sbioruid, cionnus adeuruidh an tí
atá a leabuidh an túata. Amén, ré breith bhuidheachais duitsi, agus nách
feas dó créud adéir tú?


L. 1Cr14:17


Oír gu deimhin as maith bheireas tusa buidheachas, giodheadh ní
fhaghann neach eile a fhollamnughadh.


L. 1Cr14:18


Beirim abhuidhe rém Dhía gurob mó labhruim dho theangthuibh ina sibh
uile.


L. 1Cr14:19


Taire sin dobfearr leam chúig fhocail maille rém thuigsi dho
labhairt saneagluis, dochum dáoineadh eile do theagusg mar an gcéudna, na
deich míle focal a dteanguidh chomhthuighe.


L. 1Cr14:20


A dhearbhráithreacha, na bígidh ion bhur leanbhuibh a dtuigsi: achd a
dtáob dhrochmhéine bígidh ion bhur leanbuibh, giodheadh a dtuigse bigidh
foirfe.


L. 1Cr14:21


Atá sgríobhtha sa reachd, laibheóra mé ris an bpobalsa tré cháoinibh
agá mbiáidh aithearrach teangthadh, agus urlabhra: agus mar sin fós ní
chluinfid mé, adeir an tighearna.


L. 1Cr14:22


Uime sin, as na gcomhárrgha atáid na teangtha comhthuightheacha, ní
don druing chreideas, achd don druing atá ar dhíth creidimh: giodhedh ní
don druing atá ar dhíth creidimh fhoghnus fáidhedóireachd, áchd don druing
chreideas.


L. 1Cr14:23


Uime sin da gcruinnighe aneagluis uile a gceann a chéile, agus gu
laibhéoruid uile ré teangthuibh comhthuightheacha, agus go dtiucfuid
túatadha nó daoine ar dhíth creidimh asdeach, ané nách aibeóruid siád
gu bhfuil sibh ré cuthach?


L. 1Cr14:24


Giodheadh dá rabhuid uile ag fáidhedóireachd, agus duine gan chreideamh
nó túata dho theachd asdeach, sbreagthar uátha uile hé, agus doníd uile
breitheamhnus air.


L. 1Cr14:25


Agus mar sin fhoillsighthear neithe folaightheacha a chroidhe, agus ios
amhluidh sin ar dtuitim ar a adhaigh dhó, dobhéura onóir dho Dhía, ag
foillsiughadh gu bhfuil Día eadruibhse gu fírinneach.


L. 1Cr14:26


Uime sin, a dhearbhráithreacha, créd ios iondéunta? ar dteachd a gceann a
chéile dhíbh, atá salm ag gach aon aguibh, atá teagusg, atá teanguidh,
foillsiughadh, míniughadh: déuntar na huile neithe dochum follamnuighthe.


L. 1Cr14:27


Dá labhruidh áonduine a dteanguidh chimhthuighe, labhradh diás no
triúr an chuid ios mó dhe, agus sin andiáigh a chéile: agus déunamh eunduine
eidirmhíniughadh.


L. 1Cr14:28


Achd muna mbiá fear eidirmhínighthe ann, biódh an tí labhrus a
dteanguidh chomhnuighthe na thochd saneagluis, agus labhradh ris féin
agus ré Día.


L. 1Cr14:29


Agus labhradh diás nó triúr dona fáidhibh, agus déunamh an chuid eile
breitheamhnus.


L. 1Cr14:30


Achd dá bhfaghaidh faidh eile shuidheas na naice taiséunadh ar
bioth biódh an céuduine na thochd.


L. 1Cr14:31


Oír ios féidir libh uile fó leith fáidheadóireachd do dhéunamh, dochum
foghlama agus comhfhurtachda dhfagháil díbh uile.


L. 1Cr14:32


Agus atáid sbiorada na bhfáidheadh, umhal dona fáidhibh.


L. 1Cr14:33


Oír ní hé Día ughdar na buáidheartha, achd asé ughdar na siothchána,
fá mar as léir anuile eagluisibh na náomh.




L. 1Cr14:34


Biodh bhur mná na dtochd sna coimhthionóluibh: oír ní ceaduigheach
dhóibhsion labhairt, achd as cóir dóibh bheith umhal, amhuil adeir an
reachd mar an gcéudna.


L. 1Cr14:35


Agus dá raibhe fonn áoneithe dhfoghluim orrtha, fiafruighid da bhfearaibh
hé aga dtighibh, oír as nár dho mhnáibh labhairt saneagluis.


L. 1Cr14:36


An uáibhse táinic bríathar Dhé? nó an chugaibhse amháin ráinic sí?


L. 1Cr14:37


Más dóigh ré héuneach gur fáidh, nó duine sbioradálta hé féin, biódh a
fhios aige na neithe sgríobhuimse chuguibh, gurob iád aitheanta an tighearna
íad.


L. 1Cr14:38


Achd an tí atá ainbhfeasach, biódh ainbhfeasach.


L. 1Cr14:39


Uime sin, a dhearbhráithre, bhiódh ro fhonn oruibh fáidheadóireachd do
dhéunamh, agus ná cuiridh toirmeasg fá labhairt ré teangthuibh.


L. 1Cr14:40


Déuntar na huile neithe gu deaghmhaiseach, agus do réir órduighthe.


L. 1Cr15



L. 1Cr15:1


Tuilleadh eile a dhearbhráithreacha, atáim ag foillsiughadh an tsoisgéil
díbh, noch dhorinne mé cheana dho sheanóir dhíbh fós noch do ghabhabhair
chugaibh, agus ann ar sheasabhair mar an gcéudna:


L. 1Cr15:2


Agus tré a slánaighthear sibh fós, dá gconnmhuidh sibh an bhriáthar
ionar sheanmóir mé dhíbh hé: achd munar chreideabhair gu diomháoin.


L. 1Cr15:3


Oír tug mé dhibh ar tús a ní fuáir mé mar an gcéadna, eadhon gu
bhfuair Críosd bás ar son ar bpeacaidhne, do réir na sgriobtúr:


L. 1Cr15:4


Agus gur hadhlaiceadh hé, agus gur éiridh sé an treas lá do réir na
sgriobtúr:


L. 1Cr15:5


Agus gu bhfacas hé ré Céphas, agus na dhiáigh sin ris an dá fhear
dhéug.


L. 1Cr15:6


Na dhiáigh sin fuáir ós cionn chuig céud dearbhráthair radharc air
anáoinfheachd: agá bhfuil a lán díobh na mbeathaidh gus anois, agus dream
eile na gcodladh.


L. 1Cr15:7


Na diaigh sin dochonnairc Séumus hé: arís na habsduil uile.


L. 1Cr15:8


Agus na ndiáigh uile dochonnairc meisi féin hé, mar neach rugadh ananam.


L. 1Cr15:9


Oír as mé as lugha dhona habsdaluib, agus ní fiú mé absdal do gháirm
dhíom, do bhrígh gu raibhe mé ag foleanmhuin eagluisi Dé.


L. 1Cr15:10


Achd tré ghrás Dé atáim mar atáim: agus ní raibhe a ghrásasan do
tiodhlaiceadh dhamh gan bhrígh, oír ios mó an sáothar dhorinne mé ina
iádsan uile: biodh nách meisi fós, achd grás Dé atá maille riom.


L. 1Cr15:11


Uime sin giodhbé dhínn, meisi nó íadsan, as amhluidh so dhonímaid
seanmóir, agus as amhluidh so dho chreideabhairsi.


L. 1Cr15:12


Agus ma dhoníthear dho sheanmóir gur eiridh Críosd ó mharbhuibh,
cionnus adeir cuid dá bhfuil eadruibhse, nach fuil eiséirghe na marbh ann.


L. 1Cr15:13


Oír muna bhfuil eiséirghe na marbh ann, niór éiridh Críosd fós.


L. 1Cr15:14


Agus munar éiridh Críosd, gu deimhin as diomháoineach ar seanmóirne,
agus as diomháoineach bhur gcreideamhsa mar an gcéudna.


L. 1Cr15:15


Agus dogeibhthear sinne fós nar luchd fiádhnuisi bréige ar Dhía: óir
dorinneamar fíadhnuisi do tháobh Dé, gur dhúisigh sé Críosd ó mharbhuibh:
an tí nár dhúisigh sé, muna eiséirghid na mairbh.


L. 1Cr15:16


Oír muna éirghid na mairbh, niór éiridh Críosd féin fós.


L. 1Cr15:17


Agus muna éiridh Críosd, as díomháoin bhur gcreideamhsa: atá sibh fós
ann bhur bpeacadhaibh.


L. 1Cr15:18


Agus mar sin an mhéid do chodail a gCríosd, atáid ar ndul amugha.


L. 1Cr15:19


Más sa mbeathasa amháin ata dóthchas aguinn as Críosd, as sinn ios
mó dho dhíol truáighe dona huile dháoinibh.


L. 1Cr15:20


Achd anois do eiseirgidh Críosd ó mharbhuibh: agus dorinneadh
céudthoradh na druinge dobhí na gcodladh dhe.


L. 1Cr15:21


Oír do bhrígh gurob tré dhuine táinic an bás, as tré dhuine mar an
gcéudna tig eiséirge na marbh.


L. 1Cr15:22


Oír amhuil mar gheibhid na huile bás anÁdham, as mar an gcédna
doghéntar na huile dhaithbheódhughadh a gCríosd.


L. 1Cr15:23


Giodheadh gach áon iona ordughadh féin: asé Críosd an céud thoradh,
na dhiáighsin, an luchd bheánus ré Críosd, agá theachd:


L. 1Cr15:24


Annsin bhiás an chríoch dhéigheanach, ar dtabhairt na rióghachda suás
dó a láimh Dhé athar: an tan chuirfeas sé ar gcúl gach uile uachdaránachd,
agus gach uile chumhachd, agus gach uile neart.


L. 1Cr15:25


Oír as éigean dó bheith na rí, nó gu gcuiridh an tathair naimhde uile
fána chosaibh.


L. 1Cr15:26


Asé an bás an namhuid dheigheanach sgriosdar.


L. 1Cr15:27


Oír do chuir sé na huile neithe fána chosaibh. Giodheadh an tan adeir
sé gur cuireadh na huile neithe fáoi, as follus nach beanann an rádh so ris an
tí dho chuir na huile neithe fáoi.


L. 1Cr15:28


Agus an tan chuirfidhthear na huile neithe fáoi, biáidh an mac féin
annsin fáoi an tí dho chuir na huile neithe fáoi, dochum Dé dho bheith na
uile sna huilibh.


L. 1Cr15:29


Nó no créud dhéunus an dream atá arna mbaisdeadh a riochd mharbh? muna
néirgidh na mairbh ar éunchor, créud fá mbaisdear iád a riochd mharbh?


L. 1Cr15:30


Créud fá bhfuilmídne fós a nguáis gach uile uáir?


L. 1Cr15:31


Dar bhur ngáirdeachusa noch atá agumsa a nÍosa Críosd ar dtighearna,
dogheubhim bás gach láoi.


L. 1Cr15:32


Más do réir nóis dáonna do chomhruic mé ré hainmhitibh anEphesus,
créud hé an tarbha a dtéid damh, achd muna néirghid na mairbh? itheam,
agus ibheam: oír doghéubham bás amárach.


L. 1Cr15:33


Ná mealltar sibh: truáillidh drochchomuirsaíd tréighe maithe.


L. 1Cr15:34


Musgluidh dochum firéundachda, agus na déunaidh peacadh: óir ní fhuil
éolus Dé ag cuid aguibh: as dochum adhnáire dho chur oraibh labhruim
so.


L. 1Cr15:35


Achd adéuraidh neach éigin, cionnus éirghid na mairbh? agus créud é
samhail an chuirp ina dtigid siád?


L. 1Cr15:36


O a dhuine mhichiálluidhe, an siól chuireas tusa, ní bheóaighthear hé,
achd muna dtruailltear hé ar tús.


L. 1Cr15:37


Agus a ní shiólchuireas tú, ní hé an corp bhiás, shiólchuireas tú,
achd grán lóm, cruithneachda, nó arbhar éigin eile, do réir mar eirgheas
duit.


L. 1Cr15:38


achd dobheir Día corp dhó do réir a thoile féin, agus dá gach uile shiól a
chorp féin fó leith.


L. 1Cr15:39


Ní háon fheóil amháin gach uile fheóil, achd atá feóil ar leith ag
dáoinibh, agus feóil ar leith ag ainmhitib, agus feóil ar leith ag
iásguibh, agus feóil ar leith ag éunlaith.


L. 1Cr15:40


Agus atáid cuirp neamhgha ann, agus cuirp thalmhuidhe: giodheadh
atá glóir ar leith ag na corpuibh neamhgha, agus glóir ar leith ag na
corpuibh talmhuidhe.


L. 1Cr15:41


Atá glóir ar leith ag an ngréin, agus glóir ar leith ag an ngealuidh,
agus glóir ar leith ag na réullanuibh: oír atá deithfir ghlóire edir réulta,
agus réulta eile.


L. 1Cr15:42


As mar an gcédna bhiás eiséirghe na marbh. Bí an corp truáillighthe
aga chur, agus eirghidh sé gan truailleadh.


L. 1Cr15:43


As neamhonórach hé agá chur, agus éirghidh sé maille ré glóir: ní bhí
neart ar bioth ann aga chur, agus éirghidh sé maille ré neart: bí sé na
chorp nadúrrgha agá chur, agus éirghidh réna chorp sbioradálta.


L. 1Cr15:44


Atá corp nadúrrgha ann, agus corp sbioradálta.


L. 1Cr15:45


Amhuil fós atá sgriobhtha mar an gcédna, dorinneadh an céuduine
Adhamh na bheathadhach bheó: agus sbiorad dobheir beatha don Adhamh
dheigheanach.


L. 1Cr15:46


Giodheadh ní raibhe an chéud ní na ní sbioradálta dobhí air tús, achd
an ní nadúrrgha na dhiáigh sin táinic a ní sbioradalta.


L. 1Cr15:47


An céuduine talmhuidhe, ón dtalamh: an dara duine an tighearna ó neamh.


L. 1Cr15:48


Sa gcosmhuileas an tí talmhuidhe úd, atáid an luchd atá talmhuidhe:
agus amhuil atá a neach neamhgha, as amhluidh sin atáid an luchd atá
neamhgha.


L. 1Cr15:49


Agus amhuil do iomchramar iomháigh an tí thalmhuidhe, iomchóram mar an
gcéudna iomháigh an tí neamhgha.


L. 1Cr15:50


Ag so an ní adeirim, a dhearbhráithreacha, do bhrígh nách féidir lé feóil
agus ré fuil oighreachd rióghachda Dé dhfaghail: ná ré truáilleadh bheith
na oighre ar neamhthruáilleadh.


L. 1Cr15:51


Tabhruidh dhá bhur núidh, as ní dorcha labhruim ribh, ní choideólam uile,
ach cuirfighthear a naithearrach crotha sinn uile, a momeint, ré leagadh
súl, ré uth an sduic dheigheanaigh.


L. 1Cr15:52


Oir séidfidh an sdoc, agus dúiseóchar na mairbh, neamhthruáillighthe, agus
cuirfighthear sinne a naithearrach crotha.


L. 1Cr15:53


Oír as éigean don ní thruáillighthesi, neamhthruáilleadh do ghabháil
uime, agus don ní shomharbhthasa, neamhmarbhthachd do ghabháil uime.


L. 1Cr15:54


Agus an tan ghéubhus a ní truáillighthesi, neamhthruáilleadh uime, agus
a ní somharbhthasa, neamhmarbhthachd uime, biáidh an tan sin an bhriathar atá
sgríobhtha arna coimhliónadh eadhón gur sluigeadh an bás a mbuádhughadh
air.


L. 1Cr15:55


O a bháis, ga háit a bhfuil do cháilg? ó a uáimh gá háit a bhfuil do
bhuádha?


L. 1Cr15:56


Asé an peacadh cáilg an bháis: agus asé an reachd neart an
pheacaidh.


L. 1Cr15:57


Giodheadh abhuidhe ré Día, dobheir dhúinn buáidh dho bhreith tré ar
dtighearna Iósa Críosd.


L. 1Cr15:58


Uime sin, a dhearbhráithreacha grádhacha, bígidh comhnuightheach,
neamhchorrach, ag méudughadh dho shiór anobair an tighearna, ar mbeith a
fheasa aguibh nách diomháoin bhur sáothar sa dtighearna.


L. 1Cr16



L. 1Cr16:1


Tuilleadh eile a dtáobh dhéirce dho an chruinniughadh fá chomhair na
náomh, do réir mar dho órduigh mé deagluisibh na Galatia, déunaidhsi fós
mar an gcéudna.


L. 1Cr16:2


Gach éun chéud lá dhon tseachdmhuin cuireadh gach áon aguibh ní
éigin do leithridh leis féin, ag dénamh cisde do réir an bhisigh fuáir sé
ó Dhía: dochum nach biáidh tionól ré dhéunamh, ar dteachd dámhsa.


L. 1Cr16:3


Agus ar dteachd damh, giodhbé ar bioth dream mholfas sibhse
dhamh, cuirfidh mé iád maille ré leitribh, do bhreith bhur
nálmsana gu hIarusalém.


L. 1Cr16:4


Agus más iomchuibhghe mé féin fós do dhénamh aisdir, rachuid siádsan am
chuideachdain.


L. 1Cr16:5


Agus géubhuidh mé chugaibhsi, tar éis dul damh tré Mhacedónia. (Oír
géubhuidh mé tré Mhacedónia.)


L. 1Cr16:6


Agus dob éidir mé dhanmhuinn, no fós do chaitheamh an gheimhridh ion bhur
bhfochairsi, dochum sibhse fós do dhul fó shlighe leam, giodhbé ar bioth
ionadh ina rachaidh mé.


L. 1Cr16:7


Oír ní mían rióm dhul dá bhur bhféchain anois don dulsa: giodheadh atá
súil agum anmhuin ion bhur bhfochair feadh tamuill, do chead an tighearna.


L. 1Cr16:8


Agus doghéuna mé comhnuidhe anEphesus gu cingcís.


L. 1Cr16:9


Oír do hosgladh dorus mór éifeachdach dhamh, agus as iomgha na
náimhde.


L. 1Cr16:10


Agus dá dtigidh Timotheus, tugaidh aire ribh gu mbiáidh sé gan faitcheas
ion bhur bhfochair: oír saothruidhe sé anobair an tighearna, amhuil
donímse.


L. 1Cr16:11


Uime sin ná tugadh éunduine neimhchion air: achd treoruidhe uáibh a
sithcháin hé, dochum teachda chugamsa dhó: oír atá súil agum ris maille ris
na derbhraithribh.


L. 1Cr16:12


Agus a dtáobh ar ndearbhráthar Apollós, do shir mé gu dithcheallach air,
techd chugaibhse maille ris na dhearbhráithreachaibh, achd ní raibhe a aignedh
ar énchor ré theachd anuáirse: giodheadh tiucfuidh sé an tan ghéubhus sé
ám iomchuibhghe.


L. 1Cr16:13


Déunaidh faire, seasaidh sa gcreideamh, bígidh fearrgha, bígidh láidir.


L. 1Cr16:14


Denaidh na huile neithe maille ré grádh.


L. 1Cr16:15


Agus íarruim dhachuinghe oruibh, a dhearbhráithreaca, ós aithnidh
dhíbh muinntir thighe Sdeapháin, gurob iád cédthoradh na hAchaia
iád, agus gu dtugadar iád féin dá bheith ag miniosdrálachd dona
náomhuibh:


L. 1Cr16:16


Bheith dháoibh mar an gcédna umhal dá nionamhuil sin, agus dá gach áon
doní obair agus sáothar maille rinn.


L. 1Cr16:17


Agus atá luáthgháire oram tré theachd Sdeapháin, agus Fhortunátuis,
agus Achaicuis, do bhrígh gu ndearnadar bhur nionadhsa dhamh.


L. 1Cr16:18


Oír tugadar furtachd dom sbioruidse, agus da bhur sbioruidsi. Uime
sin biodh meas aguibh ar a samhuil sin do dháoinibh.


L. 1Cr16:19


Cuirid eagluiseadhe na hAsia beatha agus sláinte chugaibh. Cuiridh
Acuilas, agus Priscilla maille ris aneagluis atá ina dtigh, beatha
agus sláinte gu dioghraiseach sa dtighearna chugaibh.


L. 1Cr16:20


Cuirid na dearbhraithreacha uile beatha agus sláinte chugaibh. Teannuidh
féin ré chéile maille ré póig náomhtha.


L. 1Cr16:21


Beatha agus sláinte uáimse Pól sgríobhtha ré mo láimh féin chugaibh.


L. 1Cr16:22


Giodhbé nách grádhuigheann an tighearna Iósa Críosd, biodh sé
mallaighthe gu siórruidhe.


L. 1Cr16:23


Grásta an tighearna Iósa Críosd maille ribh.


L. 1Cr16:24


Biódh mo ghrádhsa maille ribh uile a nIósa Críosd. Amén.


L. 2Cr



DARA HEPISTIL PHOIL ABSDUIL
dochum na gCorinthiánach.


L. 2Cr1:1


POL Absdal Iosa Críosd, tré thoil Dé agus ar dearbhráthair
Timotéus, dochum eagluisi Dé noch atá a gCorinthus, maille ris na
huile náomhuibh atá ar feadh na hAchaia.


L. 2Cr1:2


Grása maille ribh, agus síothcháin o Dhía ar nathair, agus ón dtighearna
Iósa Críosd.


L. 2Cr1:3


Gu raibhe glóir agus moladh dho Dhía, eadhón, athair ar dtighearna Iósa
Críosd, athair na trócaire, agus Día na huile fhurtachda:


L. 2Cr1:4


Dobheir furtachd dúinn ionar nuile thriublóid: dochum gu dtiucfadh dhínn
comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bioth, tré san
gcomhfhurtachd tré a bhfaghmáoid féin furtachd ó Dhía.


L. 2Cr1:5


Oír amhuil mar liónuidh na neithe fhuilgemáoid ar son Chríosd ionnuinn:
as amhluidh sin liónus ar bhfurtachdne mar an gcédna tré Chríosd.


L. 2Cr1:6


Agus más buáidhirt dúinn, as ar son bhur gcomhfhurtachdasa, agus bhur
slánuighthe tig sí: nó más furtachd dúinn, is furtachd dúinn ar son bhur
gcomhfhurtachdasa, oibrighthear ionnuibh a bhfulang anamhghair chéudna
fhuilngemáoid féin.


L. 2Cr1:7


Atá muinighin dhaingean aguinn asuibhsi: do bhrígh a fheasa do bheith
aguinn, fá mar dhogheibh sibh bhur gcuid don nanshógh, u bhfúighbhe
sibh bhur gcuid don tsógh mar an gcéudna.


L. 2Cr1:8


Oír ní háill linn ainbhfeas do bheith oruibh, a dhearbhráithreacha,
a dtáobh na buáidheartha tárrla dhúinn a nAsía, eadhón, gur
brughadh tar mhogh sinn ós cionn ar neirt, ionnus gu raibhe amharus
aguinn fós ar a bheith béo.


L. 2Cr1:9


Achd fós do bhreathnuigheamar ionnainn féin gu rabhamar fá bhreith an
bháis, dochum nách asuinn féin dobhiádh muinighin aguinn, achd as Día
dhúisigheas na mairbh.


L. 2Cr1:10


Noch dho sháor sinn óna chomhór sin do bhás, agus sháorus sinn: agus
as a bhfuil ar ndóigh gu sáorfuidh sé sinn fós mar an gcéudna.


L. 2Cr1:11


Ar mbeith dhíbhse ag comhchungnamh ré chéile anúrnuighthe ar ár son,
dochum mhoráin do bhrieth bhuidheacháis ré Día ar ar soine, do bhrígh
an tiodhlaice fúaramar do tháobh mhoráin.


L. 2Cr1:12


Oír asé so ar ngáirdeachaisne eadhón fiádhnuisi ar gcoguáis, gurob
a neámhórchoid agus a bhfiórghloine dhiáigha, agus nách á ngliocus
cholluidhe, achd maille ré grás Dé, dobhí ar gcoinuearsáid sa sáoghal, agus
gu mórmhór eadruibhsi.


L. 2Cr1:13


Oír ní neithe eile sgríobhamáoid chugaibh, achd na neithe léigheas sibh nó
fós agá bhfuil a bhfios dearbhtha aguibh: agus atá súil agum gu mbíaidh
sibh deimhneach asda gu dteachd don chrích dhéigheanuidh.


L. 2Cr1:14


Amhuil do admhuigh sibh a gcáill, gur sinne bhur ngáirdeachas, fá mar ás
sibhse ar ngáirdeachaisne, a ló an tighearna Iósa.


L. 2Cr1:15


Agus as uchd na muinighin bá mián rióm teachd chugaibh roimhe so,
dochum gu bhfuigheadh sibh grása dúbalta:


L. 2Cr1:16


Agus dochum gabhála uáibhse gu Macedónia, agus theachd arís ó
Macedónia chugaibh, agus sibhse dho theachd rióm dhom sheóladh gu
hIudéa.


L. 2Cr1:17


Uime sin arna chur so romham dhamh, an raibhe édromachd oram? nó an do
réir na feóla chuirim romham na neithe chuirim romham, ionnus gu mbiádh
aseadh, agus ní headh agum?


L. 2Cr1:18


Atá a fhios ag Día fírinneach, nárbhí ar seanmóine ribhse, aseadh
agus ní headh.


L. 2Cr1:19


Oír mac Dé Iósa Críosd, noch dhorinneamairne dho sheanmóir
eadruibhse, eadhón meisi agus Siluánus, agus Timótheus, níorbhá
aseadh, agus ní headh hé, achd annsan bá aseadh hé.


L. 2Cr1:20


Oír gach gealladh dhá dtug Día, aseadh annsan íad, agus ios Amén
annsan iád, dochum glóire Dé dhár dtáoibhne.


L. 2Cr1:21


Agus asé Día dhaingnigheas rinne maille ribhse a gCríosd, agus do
ung sinn.


L. 2Cr1:22


Noch fós do chuir séula oruinn, agus tug comhartha daingnigthe na
sbioruide ionar gcroidheadhaibh.


L. 2Cr1:23


Agus goirim Día dfhiadhnuisi anaghuidh mhanma, gurob ghabháil
aguibhse, nách dtáinic mé fós gu Corinthus.


L. 2Cr1:24


Ní hé gurob tighearnuidhe sinn ar bhur gcreideamhsa, achd urob luchd
cunganta sinn dá bhur ngáirdeachas. Oír ios tré chreideamh sheasus sibh.


L. 2Cr2



L. 2Cr2:1


Achd do smuáin mé so rióm féin, gan teachd arís chugaibh a ndoilgheas.


L. 2Cr2:2


Oír má chuiridh meisi doilgheas oraibhse, cía hé an tí chuireas solás damh
féin, achd an tí atá fá dhoilgheas dom tháobh?


L. 2Cr2:3


Agus as chuige dho sgríobh mé a ní so féin chugaibh, deagla ar dteachd
dhamh, gu ngéubhadh doilgheas mhé do tháobh na muinntire, agár chóír dhamh
gáirdeachas do bheith oram dhá dtáobh: ar mbeith dhamh muinighineach asaibh
uile, gurob hé mo gháirdeachasa, bhur ngáirdeachasa uile.


L. 2Cr2:4


Oír ios as buáidhirt mhóir, agus as doilgheas croidhe do sgríobh mé
chugaibh maille ré hiomad déur: ní dochum doilgheasa dho chur oraibh, achd
dochum gu dtuigfeadh sibh an grádh roliónmhar atá agum dhíbh.


L. 2Cr2:5


Achd má tháinic doilgheas do tháobh éunduine, niór chuir sé doilgheas
oramsa, achd a gcáilibh oraibhse uile, degla gu gcuirfinn ro uálach
airsen.


L. 2Cr2:6


Is lór dhá leitheid sin do dhuine, an timdhearghadh fuáir sé ó mhórán.


L. 2Cr2:7


Ionnus anois contárrgha dho sin, gurob córa dhíbh maitheamhnus do
thabhairt dó, agus meanma dho chur air, deagla go sluigfidhe súas hé lé
hiomarcuidh doilgheasa.


L. 2Cr2:8


Uime sin íarruim dhathchuinghe oruibh, bhur ngrádh do dhaingniughadh
dhá tháobh.


L. 2Cr2:9


Oír as chuige so fós do sgríobh mé, dochum gu mbiáth fios dearbhtha
agum oraibhse, an mbiadh sibh umhal sna huile neithib.


L. 2Cr2:10


Agus giodhbé dhá dtabhair sibhse maithmheachas áonneithe, atá
maithmheachas aige uáimsi mar an gcédna: oír má thug meisi maithmheachas
anáon ní uáim, giodhbé dhá dtug mé an maithnheáchas, ios ar bhur sonsa
yug mé uáim hé, a bhfiádhnaisi Chríosd, deagla Shatáin do bhreith
bhuáidhe oruinn réna ghliocas:


L. 2Cr2:11


Oír ní fhuil ainbhfios a shlightheadhsan oruinn.


L. 2Cr2:12


Tuilleadh eile, ar dteachd damh gu Troás, air son shoisgéil
Chríosd do sheanmóir, biódh gur hosgladh doras damh ón dtighearna, ní
bhfuáir mé suáimhneas dom sbioruid, do bhrígh nách dtárrla dhamh mo
dhearbhráithair Títus.


L. 2Cr2:13


Achd ar ngabháil mo cheada acasan damh, do imthigh mé uátha gu
Macedónia.


L. 2Cr2:14


Agus abhuidhe ré Día, dobheir fá deara dhúinn buáidh do bhreith a
gcomhnuidhe a gCríosd: agus fhoillsigheas baladh a eólais thrín sanuile
áit.


L. 2Cr2:15


Oír is sinn deaghbhaladh Chríosd do Dhía, sa druing shlánuighthear agus
so druing dhamnuighthear.


L. 2Cr2:16


Do dhruing dhíobh, atámuid nar mbaladh báis, dochum báis: agus don
dara druing, nar mbaladh beatha, dochum beatha: agus cía atá acfuinneach
dochum na neitheannsa?


L. 2Cr2:17


Oír ní fhuilmídne mar mhórán doní imcheannuigheachd do bhréithir Dhé:
achd labhrámaoid ar Chríosd, amhuil ó fhíorghloine, no mar luchd labhrus ó
Dhía, a bhfiádhnuisi Dé.


L. 2Cr3



L. 2Cr3:1


An dtionnsgnamáoid arís sinn féin do mholadh? nó an bhfuil na riachdanus
oruinn, mar atá ag dhruing dháirighthe, leitreacha molta dhfaghail
chugaibh, nó leitreacha molta fhfaghail uáibh?


L. 2Cr3:2


Así ar liteirne sibhsi sgríobhtha ionar gcriodheadhuibh, thuigtear
agus léighthear ris na huile dháoinibh,


L. 2Cr3:3


Ar mbeith follus gurob sibh eipisdil Chríosd, dorinneadh do
mhiniosdrálachd rinne, agus atá arna sgríobhadh, ní ré dubh, achd ré
sbioruid Dé bhéo: ní na gcláruibh feólmhara an chroidhe.
achd a gcláruibh feólmhara an chroidhe.


L. 2Cr3:4


Agus atá a leithéid so dho dhóchas aguinn tré Chríosd, a nDía.


L. 2Cr3:5


Ní hé gu bhfuilmíd comasach ar áonní dho smuáineadh uáinn féin, fá mar búdh
uáinn féin dothiucfadh sé: achd ios ó Dhía thig ar gcumas:


L. 2Cr3:6


Noch fós dorinne minisdrí acfuinnieahca dhín don tiomna nuáidh, ní don
leitir, achd don sbioruid: oír marbhuidh an leitir, achd dobheir an
sbioruid beatha.


L. 2Cr3:7


Agus má dobhí miniosdrálachd an bháis sgríobhtha a leitribh, agus
arna tarruing a gclochaibh, glórmhór, ionnas narbhféidir ré clannuibh
Israél féucháin gu friochnamhach ar adhuigh Mháoisi, do bhrígh dheallruigh
a ghnúisi, noch dho cuireadh ar gcúl:


L. 2Cr3:8


Cionnus nách biáidh miniosdrálachd na sbioruide nísa ghlórmhuire?


L. 2Cr3:9


Oír má dobhí miniosdrálachd an damnuighthe ghlórmhar, as ro mhó ina
sin bheireas miniosdrálachd na fíréndachda bárr a nglóir.


L. 2Cr3:10


Oír a ní úd dorinneadh glórmhar, ní dearnadh glórmhar hé sa chás so,
eadhón a dtáobh na glóire is áirde.


L. 2Cr3:11


Oír má dhobhí a ní sin curthar ar gcúl glórmhar, as ro mhó ina sin
atá a ní comhnuightheach glórmhar.


L. 2Cr3:12


Uime sin, ar mbeith dhá samhuil so dho mhuinighin aguinn, as ro
shoiléir an comhradh chleachdmáoid.


L. 2Cr3:13


Agus ní fhuilmíd mar Mháoisi, do fholuidh a adhuigh, dochum nách
féuchfadáois clanna Israél gu grinn air ghrinneall a neithe churthar ar
gcúl.


L. 2Cr3:14


Uime sin do dhalladh a ninntinneacha: oír anuidh an folach ud gus
aniugh a léghadh na sean tiomna gan athrughadh, noch curthar ar gcúl ré
Críosd.


L. 2Cr3:15


Achd fós gus aniugh an tan léighthear Máoisi, curthar an folach ar a
gcroidheadhuibh.


L. 2Cr3:16


Giodheadh an tan fhillfid siád dochum an tighearna, toigéubhthar an
folach uátha.


L. 2Cr3:17


Agus asé an tighearna an sbiorad úd: agus giodhbé hionadh ina bhfuil
sbioruid a tighearna, atá sáoirsine sanionadh sin.


L. 2Cr3:18


Agus ar mbeith dhúinn uile gan folach ar ar nadhuigh ag féuchuin
ghlóire an tighearna amhuil dobhiádh a sgathán, curthar a naithearrach
crotha sinn saniomháigh chéudna sin, ó ghlóir gu glóir, ré sbioruid an
tighearna.


L. 2Cr4



L. 2Cr4:1


Ar anadhbhar sin ar mbeith dhon mhiniosdrálachdsa aguinn, do réir mar
fuaramar trócaire, ní théighmid ananmhuinne:


L. 2Cr4:2


Achd do thréigeamar na neithe folaightheacha thuilleas náire dhúinn,
agus ní a slighthedóireachd bhímáoid ag siubhal, na ré mealltóireachd, ag
truáilleadh bhréithre Dé: achd maille ré foillsiughadh na fírinne donímuid
sinn féin ionmholta do choguás gach áoin, a bhfiádhnuisi Dé.


L. 2Cr4:3


Uime sin má atá ar soisgéulne arna fholach, ios ar an druing théid amugha
atá sé arna fholach:


L. 2Cr4:4


Agár dhall Día an tsáoghailse aninntinneacha, eadhón an mháid atá
ar dhíth creidimh, dochum nach biádh soillse shoisgéil ghlórmhar Chríosd,
agárob iomháigh dho Dhía hé, ag deallrughadh dhóibh.


L. 2Cr4:5


Oír ní sinn féin donímid do sheanmóir, achd Iósa Críosd an tighearna:
agus sinn féin do bheith dháoibhse nar searbhfhoghantuigheadhuibh, ar son
Iósa.


L. 2Cr4:6


Oír asé an Día dho aithin don tsolas soillsiughadh as an dorchadus,
do dhealruidh ion ar gcroidheadhuibhne, dochum soillsi eólais ghlóire Dé
dho thabhairt uainn a ngnúis Iósa Críosd.


L. 2Cr4:7


Giodheadh atá an tionnmhus so aguinn a soithighibh críadh, dochum
oirrdhearcuis an chumhachd sin do bheith ó Dhía, agus ní huáinn féin:


L. 2Cr4:8


Bímáoid dar mbuáidhreadh ar gach táobh, gé nach curthar a gcumhgach
sinn: bimáoid a gconntabhairt, gé nách dtéid sinn anéudóchas:


L. 2Cr4:9


Bí foleanmhuin dá dénamh oruinn, giodheadh ní tréigthear sinn: téilgthear
síos sinn, giodheadh ní théid sinn amugha.


L. 2Cr4:10


Iomchramáoid fágcuáirt sna huile aitibh bás an tighearna Iósa ionar
gcorp, dochum gu mbeith beatha Iósa mar an gcéadna follus ionar gcorp.


L. 2Cr4:11


Oir sinne atá beó, bímuid do shiór dar dtabhairt do bhás ar son
Iosa, dochum go mbeath beatha Iósa foillighthe mar an gcéudna, ionar
bhfeóil shomharbhtha.


L. 2Cr4:12


Uime sin bí an bás ag oibriughadh ionnuinne, agus an bheatha ionnuibhsi.


L. 2Cr4:13


Agus do bhrígh gurob áon sbiorad chreidimh atá aguinn, do réir a neithe
atá sgríobhtha, eadhón do chréid mé, agus ar anadhbharsin do labhair mé:
creidmídne fós, agus ar anadhbharsin labhramáoid mar an gcéadna.


L. 2Cr4:14


Ar mbeith a fheasa aguinn, an tí dho thóguibh suas an tighearna Iósa,
gu dtoigéubhaidh sé sinne mar an gcédna tré Iósa, agus gu dtiúbhra sé sinn
dá bhur laithairse.


L. 2Cr4:15


Oír is ar bur sonsa atáid na huile neithesi, dochum gu liónfadh
an grás ro lionmharsa, tré bhreith bhuidheachais mhoráin, dochum glóire
Dé.


L. 2Cr4:16


Uime sin ní fhuilmíd ag dul ananmhuinne: achd bíodh gu dtruáilltear ar
nduine leithimellach, athnuádhaighthear fós an tí atádhon táobh asdigh gu
laéthamhuil.


L. 2Cr4:17


Oír oibrighidh ar mbuáidhirt édrom neambuán, tromghachd mharthanach
ghlóire gu ro lionmhar dhúinn:


L. 2Cr4:18


Ar mbeith dúinn ag tabhairt ar naire do na neithib nách bhfuil ré a
bhfáicsin, agus ní dona neithibh atá ré a bhfaicsin. Oír ios neamhbuán na
neithe atá ré a bhfaicsin: agus ios síorruidhe na neithe nach faicthear.


L. 2Cr5



L. 2Cr5:1


Oír atá a fhios aguinn dá sgáoiltear ó chéile ar dteagh talmhuidhe na
boithesi, gu bhfuil aitreabh aguinn ó Dhía, eadhón teagh nách ré lamhuibh
dho thobhadh, marthanach sna neamhuibh.


L. 2Cr5:2


Oir atámuid ag osnamhuidh annso, ag iárruidh maille ré miángus ar dteagh
neamhdgha féin do chur iomuinn.


L. 2Cr5:3


Oír ar gcur an tighe sin iomuinn dúinn, ní fuighibhthear lomnochd
sinn.


L. 2Cr5:4


Oír bímuidne luchd na boithesi ag osnamhuidh, ar mbeith uáluidh oruinn:
ar nách mián rinn bheith gan éudach, achd tuilleadh éuduigh do chur iomuinn,
dochum gu sluigfidhe suás an ní somharbhthachd ré beatha.


L. 2Cr5:5


Agus asé Día dho chruthuigh sinn chuige so, agus fós tug dhúinn
comharrgha daingnighthe na sbioruide.


L. 2Cr5:6


Uime sin atámuid deaghmheisnigh a gcomhnuidhe, agus a fhios aguinn an
feadh bheam coigcríche sa gcoluinn, gu bhfhuilmíd a dtír chomhthuighthe ó
an dtighearna:


L. 2Cr5:7


(Oír as do réir chreidimh shiubhlamáoid, agus ní do réir radhairc.)


L. 2Cr5:8


Giodheadh atá deaghmhisneach aguinn, agus taire sin ios mó thig ré
ar ninntinn an cholann dfágbháil, agus dul do chomhnuidhe a bhfochair an
tigherna.


L. 2Cr5:9


Uime sin fós is ro fhonnmhar sinn, ar mbeith comhnuightheach sa
gcoluinn dúinn, agus ag athrughadh as an gcoluinn, ar a thoilsean do
dhénamh.


L. 2Cr5:10


Oír as éigean dúinn uile dul a lathair chaithíre bhreitheamnuis Chríosd,
dochum gu ngéubhadh gach éunduine chuige na neithe dorinne sé sa gcoluinn,
do réir an ghníomha dhorinne sé, más maith nó más olc hé.


L. 2Cr5:11


Uime sin ar mbeith feasach dhúinn ar bhuirbhe an tighearna, tairrngemáoid
dáoine dochum creidmhe, agus dorinneadh follus do Día sinn: agus atá súil
agum gu ndearnadh follas dá bhur gcoguásuibhse mar an gcéadna.


L. 2Cr5:12


Oír ní fhuilmíd arís dar moladh féin ribhse, achd dobheirmíd fáth
gáirdeachais díbh dhár dtáobh: dochum gu mbiádh freagra aguibh ré thabhairt
ar an druing doní gáirdeachas a ngnúis, agus nách déin gáirdeachus a
gcroidhe.


L. 2Cr5:13


Oír má atámuid ar sáobh céille, ios do Dhía atámuid ar sáobh céille:
nó más deaghchíall atá aguinn, ios dáoibhse atámuid ar deghchéill.


L. 2Cr5:14


Oír atá grádh Críosd dár mbrosdughadh;


L. 2Cr5:15


Arna bhreathnughadh so dhúinn, eadhón má fuáir éunduine bás ar son
na nuile, gu rabhadar na huile dháoine ar bhfaghail bháis: agus gu
bhfuáir seisean bás ar son na nuile, dochum nách biádh an dream atá beó ó
so amach beó dhóibh féin, achd don tí fuáir bás ar a son, agus do eiséirghe.


L. 2Cr5:16


Uime sin ní haithne dhúinni ó so amach éunduine do réir na feóla: agus
biódh gu raibhe aithne aguinn ar Chríosd do réir na feóla, giodheadh ní
haithnigh dhúinn anois feasda hé.


L. 2Cr5:17


Ar anadhbharsin má atá éunduine a gCríosd, as créutúr núadh hé:
do imthigheadar na seineithe thoruinn, tabhuir húidh dorinneadh na huile
neithe nuádh.


L. 2Cr5:18


Agus as ó Dhía atáid na huile neithesi, do réidhigh sinne ris féin tré
Iósa Críosd, agus tug dhúinne miniosdrálachd an réitigh sin:


L. 2Cr5:19


Oír gu deimhin dobhí Día a gCríosd, ag réiteach an tsáoghuil ris féin,
gan conndus do dhéunamh ríu fána gciónntuibh, agus do chuir sé ionnuínne
briáthar an réitigh sin.


L. 2Cr5:20


Uime sin is teachdaireadha sinn as uchd Chríosd, agus amhuil do
chuirfeadh Día impidhe oruibhsi thríne, iárrmáoidni dachuinghe oruibh
as uchd Chríosd, bhur mbeith réidh ré Día.


L. 2Cr5:21


Oír dorinne seisean ar ar soinne, peacadh dhon tí nách raibhe fios
peacuigh aige, dochum gu ndiongantáoi fíréundachd Dé dhínne, annsan.


L. 2Cr6



L. 2Cr6:1


Agus ar mbeith dúinne ag cungnamh reision, iárrmuid fós dachuinghe
oruibh gan grás Dé dho ghabháil chuguibh gu diomháoin.


L. 2Cr6:2


(Oir adeir Día do éisd mé riot anám iomchuibhghe, agus a ló an
tslánaighthe tug mé cabhair dhuit: tabhair dá bhur núidh, is anois
atá an tam iomchuibhghe, tabhruidh dá bhur núidh, as anois atá lá an
tslánaighthe.)


L. 2Cr6:3


Ní thabhramáoid adhbhar ar bioth oilbhéime uáinn anéinní, deagla gu
mbeith an mhiniosdrálachd dá diomoladh:


L. 2Cr6:4


Achd donímid sinn féin ionmholta sanuile ní, mar mhinisdribh Dé, ré
foighide fhada, a mbuáidhearthuibh, a riachdanus, a namhghar,


L. 2Cr6:5


A mbuilleadhuibh, a bpriosúnuibh, a ndíbirt ó ait gu háit, a sáothar,
a bhfaire, a dtroisgibh.


L. 2Cr6:6


A ngloine, a neólus, a niomchar fhada, a macántas, maille ris an sbiorad
náoimh, maille ré grádh neamhfhallsa,


L. 2Cr6:7


Maille ré bréithir na fírinne, maille ré cumhachd Dé, maille ré harmuibh
fíréundachda, ar ar láimh dheis, agus chlé.


L. 2Cr6:8


Tré onóir agus easonóir, tré dhrochtheisd agus dheagtheisd: mar
meallta dáoine, agus fós sinn fírinnach:


L. 2Cr6:9


Mar dhruing nách aitheantar, agus fós iád dá naithne: mar dhruing ag
fagháil bháis, agus tabhuir húidh atámuid beó mar dhruing smachduighthear,
agus fós ní marbhthar sinn.


L. 2Cr6:10


Mar dhruing ag déunamh doilgheasa, agus fós sinn ag siór gháirdeachas:
mar dháoinibh bochda, agus fós ag déunamh moráin saidhbhir: mar dháoinibh
gan ní ar bioth aca, agus sinn fós ag faghail na nuile neitheann.


L. 2Cr6:11


O a Chorinnthiánacha, atá ar mbéulne osguilte chuguibhse, atá ar
gcroidhe arna dhéunamh fairsing.


L. 2Cr6:12


Ní fhuiltí ionnuinne dá bhur gcongmháil a gcumhgach, achd atá sibh
cumhang ann bur ninnibh féin.


L. 2Cr6:13


Achd dhfagháil na malarta céudna uáibh, (is mar dho
laibheóruinn rém chloinn, labhruim,) bighidhse mar an gcédna arna bhur
ndéunamh fáirrsing.


L. 2Cr6:14


Na hiomchruidh cuing mhichomhthrom a bhfochair dháoineadh gan chreideamh.
Oír créud hé caidreabh na fíréuntachd ré neamhfhíréundachd? nó créud hé
cumann atá ag an tsolas ris an dorchadas?


L. 2Cr6:15


No cionnus thig Críosd agus an diábhal ré chéile? nó créd hí an roinn
dobhiádh ag an tí chreideas, ris an tí ag nách fuil creideamh?


L. 2Cr6:16


Nó créud hé an ceangal dobhiádh ag teampoll Dé, agus ag iomhaighibh ré
chéile? oír is sibhse teampoll Dé bhéo: do réir mar adubhairt Día, biáidh mé
um chomhnuidhe ionnta, agus siubhóladh na measg: agus biáidh mé um Dhía aca,
agus beid síadsan na bpobal agumsa.


L. 2Cr6:17


Uime sin taguidh amach as a lár, agus dealuidhe ríu, adeir an tighearna:
agus ná biódh buáin aguibh ré ní neamhghlan: agus géubhuidh meisi chugam sibh:


L. 2Cr6:18


Agus biáidh mé aguibh um atháir, agus biáidh sibhse nar gcloinn mhac
agus inghean agumsa, adeir tighearna na nuilechumhachd.


L. 2Cr7



L. 2Cr7:1


Uime sin a dhearbhráithreacha grádhacha, ar bhfagháil na
ngeallamhnachdsa dhúinn, glanum sinn féin ó uile shalchar na feóla, agus na
sbioruide, ag crióchnughadh ar náomhdhachdá aneagla Dé.


L. 2Cr7:2


Gabhuidh sinne chuguibh: ní dhearnamar eugcóir ar éunduine, niór
thruáilleamar éunduine, ní dhearnamar eudáil ar éunduine.


L. 2Cr7:3


Ní dochum sibhse dho dháoradh adeirim so: oír adubhairt mé roimhe gu
bhfuiltíse ann ar gcroidhibhne, dochum báis agus beatha dhfagháil a
bhfochair a chéile.


L. 2Cr7:4


As mór an dánachd cháinte doním oruibh: is mór mo gháirdeachas ar bhur son:
atáim lán do mheanma: ios ro liónta mé do gháirdeachas ion ar nuile bhuáidhirt.


L. 2Cr7:5


Oír ar dteachd dúinn gu Macedónia, ní bhfuáir ar bhfeóil suáimhneas ar
bioth, achd dobhámar dhár mbuáidhreadh ar gach táobh: comhraic don táobh
amuigh dhínn, agus eagla dhon táobh asdigh.


L. 2Cr7:6


Achd Día dhobheir furtachd dona dáoinibh anmhanna, tug sé furtachd
dúinne ré teachd Thítuis.


L. 2Cr7:7


Agus ní réna theachdsan amháin, achd mar an gcéudna ris an bhfurtachd
fuáir seision uáibhse, an tan do aithris sé dhúinn bhur bhfonn romhórsa, bhur
gcáoineadh, agus bhur ngrádh lasarrgha dhamhsa: ionnus gurob móide dho ghabh
gáirdeachas mé.


L. 2Cr7:8


Oír ge gur chuir mé doilgheas oruibh rém leitir, ní fhuil sé na
aithreachas oram, ge go raibh sé na aithreachas oram: Oír dochím gur chuir an
leitir sin doilgheas oruibhsi, biódh nár chuir achd ar fedh tamuill.


L. 2Cr7:9


Ata gáirdeachas anois oram, ní ar son dhoilghesa dho bheith oruibhsi,
achd fá dhoilgheas do bheith oruibh, dochum na haithrighe: oír is do réir
Dhé dobhí doilgheas oruibh, ionnas nách dearnadh díbháil díbh ar énchor dár
dtáoibhne.


L. 2Cr7:10


Oír dobheir an doilgheas bhiós do réir Dhé, fó deara anaithrighe
dochum slánaighthe, nách aithreach linn: achd dobhéir doilgheas an tsáogháil
fá deara bás.


L. 2Cr7:11


Oír tabhruidh dhá bhur núidh a níse féin, créd é méd na dúthrachda dho
oibrigh ionnuibh, doilgheas do bheith oruibh do réir Dhé? agus fós créud
hé an glanadh oruibh féin? agus créud hé an reachd féirge? agus créud
hé an faitcheas? agus créud hé an ro mhiangus? agus créd hé an
teasgrádha? agus fós créd hé an dioghaltus? do fhoillsigheabhair sibh
fein ar gach énchor do bheith glan sanadhbharsa.


L. 2Cr7:12


Uime sin biódh gur sgríobh mé chuguibh, ní ar son an tí dhorinne
anégcóir dho sgríobh mé, na ar son an tí ar a ndearnadh anéugcóir: achd
dochum gu mbiádh ar ndúthrachdne dhá bhur dtáobhsa, follus dáoibh a
bhfiádhnuisi Dé.


L. 2Cr7:13


Ar anadhbharsa, fuáramar comhfhurtachd, do bhrígh na furtachda
fuárabhairse: achd bá ro mhó ná sin dobhí gáirdeachas oruinn, fá
gháirdeachas Thituis, do bhrígh gur meanmnuigheadh a spiorad
uáibhse uile:


L. 2Cr7:14


Agus do bhrígh má dhorinne mé mortachas anéun ní rision dá bhur
dtáobhsa, nár cuireadh adhnáire oram: achd amhuil do labhramar ribhse na
huile neithe a bhfírinne, gurob amhluidh sin mar an gcédna fríth ar
mortachas asuibhsi ré Titus, na fhírinne.


L. 2Cr7:15


Agus as líonmhuire ina sin atá toil a chroidhesion dáoibhse, ag
coimniughadh bhur numhlachdsa uile dhó, mar do ghabhabhair chugaibh hé,
maille ré faitcheas agus ré criothnughadh.


L. 2Cr7:16


Uime sin atá gáirdeachas oram, do bhrígh gurob feidir leam bheith
dána asuibh sanuile ní.


L. 2Cr8



L. 2Cr8:1


Tuilleadh eile a dhearbhráithreacha, foillsighemáoid grás Dé dháoibh, noch
tugadh deagluisibh na Macedónia.


L. 2Cr8:2


Eadhón a ngáirdeachas liónmhar sa mbuaidhirt mhóir lér dearbhadh iád, agus
gur lión a mbochduine romhór, dochum saidhbhris a ndáonachda.


L. 2Cr8:3


Oír (doním dfíadhnuisi dhóibh) u rabhadar dáonachdach dhá dtoil
féin do réir anacfuinne, nó fós ós cionn anacfuinne:


L. 2Cr8:4


Dhá iarruidh go gér dhachuinghe oruinne, an grása, agus comhruinn sa
miniosdrálachdsa do tháobh na náomh, do ghabháil chuguinn.


L. 2Cr8:5


Agus ní do réir mar dhobhí ar súilne ríu dorinneadar achd tugadar
iád féin ar tús don tighearna, agus na dhiaigh sin duine dho thoil Dé:


L. 2Cr8:6


Dochum impidhe dho chur ar Thítus dúinn do réir mar dho thionnsguin sé,
gu gcuirfeadh sé mar an gcéudna crioch ar an déircsi fos eadruibhse.


L. 2Cr8:7


Uime sin amhuil atá sibh iomlán sna huile neithibh, a gcreideamh, agus a
mbréithir, agus aneólas, agus sanuile dhúthrachd, agus a ngrádh dhá bhur
dtáobhne, gurob mar sin bhias sibh iomlán sa ngrássa mar an gcéudna.


L. 2Cr8:8


Ní a gcáilcheannuis do bheith agum oruibh adeirim so, achd do bhrígh
dhúthrachd dháoineadh eile, agus do dhearbhadh chinéil bhur ngrádhasa.


L. 2Cr8:9


Oír is aithne dháoibh grása ar dtighearna Iosa Críosd, eadhón ar mbeith
dhó saidhbhir, gu ndearnadh duine fíorbhochd de ar bhur sonsa: dochum sibhse
do dhéunamh saidhbhir, réna bhochdainesion.


L. 2Cr8:10


Agus foillsighim mhinntinn sa níse. Oír téid so a sochar dháoibhsi,
noch dho thionnsguin cheana bliádhan o shoin, ní hé amháin a dhéunamh, achd
bheith fonnmhar fós dáoibh ar a dhéunamh.


L. 2Cr8:11


Uime sin, anois cuiridh crioch ar a dhéunamh, ionnus mar dobhábhair
ó thoil ro ullamh dochum a dhéunta, gu madh hamhluidh sin mar an gcéudna
chuirfeas sibh a gcrích hé, don ní atá aguibh.


L. 2Cr8:12


Oír dá raibhe inntinn fhonnmhar ag neach ar tús, gabhthar sin uádha, do
réir a neithe atá aige, agus ní do réir a neithe nach fuil aige.


L. 2Cr8:13


Agus ní huime adeirim so, dochum socamhuil do bheith ag dáoinibh
eile, agus sibhse dho bheith fá dháoirsi: achd ar chonnradh chomhthrom,
dochum bhur nacfuinnesi anois do fhóirighthin a riachdanuision:


L. 2Cr8:14


Dochum gu bhfoirfeadh a nacfuinnsean ar bhur riachdanusa mar an
gcéudna, ar ghleus gu mbiadh comhthrom eadruibh:


L. 2Cr8:15


Do réir mar atá sgríobhtha, an tí dho chruinnigh morán, ní raibhe ós
cionn na córa aige: agus an tí dho chruinnigh beagán, ní raibhe nísa
lugha ná an chóir aige.


L. 2Cr8:16


Agus a bhuidhe ré Día, dho chuir an dúthrachd chéudna a gcroidhe
Thítuis dá bhur dtáobhsa.


L. 2Cr8:17


Oír is forbhfáoilid do ghabh sé cuideachduin, an dearbhráthair ar
abhfuil deaghtheisd sa soisgéil trés na huile eagluisibh.


L. 2Cr8:18


Agus do chuireamar leis na chuideachduin, an dearbhráthair ar a bhfuil
deaghtheisd sa soisgéul trés na huile eagluisibh.


L. 2Cr8:19


(Agus ní hé amháin, achd do tógadh hé mar an gcéudna, ris na heagluisibh,
dochum bheith dhó na fhior comhaisdir aguinne, do tháobh na deírcesi
donímuid do mhiniosdrálachd, dochum glóire an tighearna, agus dochum u
bhfoillseóchtháoi bhur ninntinn ro ullamhsa.)


L. 2Cr8:20


Ar mbeith dhúinn ag seachna ar ndiomolta dho neach ar bioth, sa
bhfairsingesi doníthear do mhiniosdrálachd sinn.


L. 2Cr8:21


Ar mbeith dhúinn ag soláthar dheaghneitheann, ní hé amháin a bhfiádhnuisi
an tighearna, achd a bhfiádhnuisi na ndáoine mar an gcéudna.


L. 2Cr8:22


Agus do chuireamar ar ndearbhráthair maráon riu, noch dho dhearbhamar
gu minic dho bheith dúthrachdach a morán do neithibh, agus anois nísa
dhúthrachduighe ina sin, do bhrígh an rodhóchuis atá agumsa asuibhse.


L. 2Cr8:23


Agus má fhiafruigheann énduine cía hé Títus, asé mo chompánachsa
hé, agus bhfear cobhartha dhá bhur dtáobhsa: no dha gcurthar ceisd
do tháobh ar ndearbhráithreach, asiád teachdaireadha na neagluiseadh iád, agus
glóir Chríosd.


L. 2Cr8:24


Uime sin cuiridh dearbhthachd bhur ngrádha, agus ar ngáirdeachaisne dhá
bhur dtáobhsa anumhail dóibh, a bhfiadhnuisi na neagluiseadh.


L. 2Cr9



L. 2Cr9:1


Oir a dtáobh mhiniosdrálachda dho dhéunamh do na náomhuibh, as iomarcuidh
dhamh sghríobhadh chuguibh.


L. 2Cr9:2


Oír atá fios ullmhachda bhur ninntinne agum, as a ndiongnuim mórtachas
dá bhur dtáobh ris na Macedónachaibh, ag rádha gu bhfuíl bliadhuin ó
dobhí Acháia ullamh: ionnas gur bhrosduigh bhur ngrádh lasarrghasa morán.


L. 2Cr9:3


Agus do chuir mé na dearbhráithreachasa ar siubhal, deagla gu mbiádh mo
mhórtachas aruibhsi diomháoin sa gcáilsi: dochum sibhse dho bheith
ullamh, mar adubhairt mé.


L. 2Cr9:4


Deagla dá dtigid na Macedónaigh rióm, agus gu bhfuighid siád sibhse
neamhullamh, gu mbiádh adhnáire oruinne, (ní hé gu nabramáoid oruibhsi)
sa dtréine mhórtachais donímáoid asuibh.


L. 2Cr9:5


Uime sin do bhreathnuidh mé gu raibhe na ríachdansa leas na
dearbhráithreacha do bhrusdughadh, dochum teachda chugaibhsi dhóibh ar tús,
agus bhur nalmsana ar ar labhradh cheana do chríochnughadh roimh láimh,
dochum gu mbiádh sí ullamh, mar ní dhogheibhthear dho dhruim
dháonnachda, agus ní ré cruádháil.


L. 2Cr9:6


Agus biódh so ar cuimhne aguibh, eadhón an tí shiólchuireas gu tana, ios
gu tana beanfus sé: agus an tí shiólchuireas gu tiugh, ios gu tiugh beanfus
sé.


L. 2Cr9:7


Tabhradh gach áon uádha do réir thogra a chroidhe: ní maille ré
doithcheall, nó ré héigean. Oír is ionmhuin ré Día an tí bhronnus go
soilbhir.


L. 2Cr9:8


Agus as cumusach Día ar sibhse dho liónadh do na huile ghrásaibh: ionnas
ar bhfagháil bhur sátha dháoibh a gcomhnuidhe do na huile neithibh, gu
líonfadh sibh dochum gach uile dheaghoibre.


L. 2Cr9:9


(Do réir mar atá sgríobhtha, do leathnuidh sé, agus tug sé dona
bochdaibh: mairidh a fhíréundachd gu siórruidhe.


L. 2Cr9:10


Agus an tí dhobheir siól don tsioladóir, agus arán dochum beatha, gu
dtuguidh agus gu méuduighe sé bhur síolchursa, agus go dtuguidh sé dho
thórthuibh bhur bhfiréuntachda fás.)


L. 2Cr9:11


Ar mbeith dhaoíbh ar bhur ndénamh saidhbhir sanuile chás, dochum na
huile dháonnachda, noch dhobheir fó deara thríne buidheachas do bhreith
ré Día.


L. 2Cr9:12


Oír dobheir miniosdrálachd na hofrálasa, ní hé amháin fóirighthin do
riachdanusuibh na náomh, achd líonuidh sí mar an gcéudna tré mhorán
buidheachais do bhreith dho tháobh Dé, ré dearbhthachd na miniosdrálachdasa.


L. 2Cr9:13


Ar mbeith dhóibh ag moladh Dé, do bhrígh bhur numhlachdasa an a bhfuil
sibh admhálach do thoisgéul Chríosd, agus do bhrígh bhur gcumuinn
dháonnachduigh riú féin, agus ris na huile naómhuibh.


L. 2Cr9:14


Agus iona núrnuighthe ar bhur sonsa, ios rofhonmhar iád ionnuibh, ar
son ghrás Dé lióas ionnuibh.


L. 2Cr9:15


Uime sin buidheachas ré Día ar son a thiodhlaice nách tig ré teanguidh
dhfoillsiughadh.


L. 2Cr10



L. 2Cr10:1


Tuilleadh eile, sirimse Pól dathchuinghe oruibh, tré mhacántus, agus
cheannsachd Chríosd, noch ar mbeith dhamh dho láthair, bhíos íseal
eadruibh, achd doní dánachd oruibh an tan nách bím dhá bhur láthair:


L. 2Cr10:2


Agus asé a ní shirim, eadhón gan sibh dhom éigniughadh, ar mbeith
damh dhá bhur láthair, dochum bheith teann damh, ris an muinighin a
sáoilthear mé dho bheith teann anadhuigh dhruinge dháirighthe, mheasas
sinn, mar dho bheimís ag siubhal do réir na feóla.


L. 2Cr10:3


Oír bíodh gu bhfuilmíd ag siubhal sa bhfeóil, ní do réir na feóla
donímid cogadh:


L. 2Cr10:4


(Oír ar náirm coguidhne, ní hairm fheólmara iád, achd fós ios
cumhachdach iád ó Dhía dochum na ndaingnightheadh dho leagadh siós.)


L. 2Cr10:5


Ag cur theilgin na hinntinne ar gcúl, agus gach uile áird, dá nárduigheann
hé féin anadhuigh eólais Dé, agus ag breith gach uile smuáintighthe a
mbróighdeanus, dochum umhluidhthe dho Chríosd.


L. 2Cr10:6


Agus aga bhfuil dioghaltus ullamh ré dhéunamh ar anuile easumhlachd,
an tan choimhlíontar bhur numhlachdsa.


L. 2Cr10:7


An do réir a bhfaicseana mheasas sibh neithe? má atá dóchas ag áoneach as
féin, gurob lé Críosd hé, smuaineadh sé so arís uádha féin, amhuil ios ré
Críosd eision, gurob lé Críosd sinne fós mar an gcéudna.


L. 2Cr10:8


Oír biódh gu ndiongnuinn ní éigin nísa mhó dho mhórtachas as na
cumhachduibh atá aguinn, tug an tighearna dhúinn, dochum bhur
bhfollamnuighthesi, agus ní dochum bhur gcurtha ar gcúl, ní bhiádh
adhnáire oram.


L. 2Cr10:9


As uime adeirim so, deagla gu measfuidhe oram fá mar dhobhínn ag
cur fhaidcheasa oruibh rém leitribh.


L. 2Cr10:10


Oír atáid na litreacha adeirid siád nimhneach, láidir: achd is meirbh a
phearsa dho láthair, agus ní fhuil eifeachd na bhiáthruibh.


L. 2Cr10:11


An tí atá amhluidh sin, smuáineadh sé ar so, do réir mar bhímuid a
mbréithir tré leitribh ar mbeith dhúinn as láthair, gu mbiám mar an gcéudna
dhá réir sin a ngniómh, an tan bhíam dho láthair.


L. 2Cr10:12


Oír ní léigeann an faitcheas deínn, sinn féin do cheangal, nó dho chur a
gcomórtus ré druing dháirighthe bhiós dá moladh féin: giodheadh ní thuigid
siád, gurob dá dtomhas féin ríu féin bhíd síad, agus dá gcomórtus féin ré
chéile.


L. 2Cr10:13


Achd ní dhiongnamáoidne mórtachas as na neithibh théid thar ar dtomhas:
achd do réir mhiosúir na ríaghla, noch do thomhuis Día dhúinn, ré rochduin
fós dúinn gu soithe sibhse.


L. 2Cr10:14


Oir ní shínemíd sinn féin tar mhogh fá mar nách tiucfadh dhínn rochduin
chuguibhsi: oír rangamar fós chuguibh, maille ré soisgéul Chríosd.


L. 2Cr10:15


Ní ag déunamh cáile as na neithibh nar toimhseadh dhúinn atámuid,
eadhón as sáothruibh dháoinneadh eile: achd as muinighneach sinn, ar mbeith
dá bhur gcreideamhsa ag fás ionnuibh gu léigfighthear tuilleadh fairsinge
chuguinn, sa ní do toimhseadh dhúinn.


L. 2Cr10:16


Dochum an tsoisgéil do sheanmóir sna crióchaibh atá dhon táobh amuigh
dháoibhsi: ní dochum cáille do dhénamh as na neithibh atá ullamh cheana,
noch atá arna dtomhas do neach eile.


L. 2Cr10:17


Achd an tí dhoní cáill, déunamh cáill as an dtighearna.


L. 2Cr10:18


Oír ní hé an tí mholás é féin, ata ionmhalta, achd an tí mholtar ón
dtighearna.


L. 2Cr11



L. 2Cr11:1


Dobhfearr leam gu niomchradh sibh beagán ré mo leimhe: agus fós
iomchruidh leam.


L. 2Cr11:2


Oír atáim éud agum ribh na héud dhiágha: oír do ullmhuigh mé sibh dochum
bhur dtabhartha mar óig fhiórghloin dhénfhior, eadhon do Chríosd.


L. 2Cr11:3


Giodheadh atá eagla oram fá mar dho mheall anaithir neimhe Eúbha réna
gliocas, gu dtruáillfidhe bhur ninntinneachasa mar an gcéudna, agus gu
dtuitfeadh sibh ón tsimplidheachd noch atá a gCríosd.


L. 2Cr11:4


Oír dá dtigidh neach dho sheanmórughadh Iósa eile, nách dearnamairne
dho sheanmóir, nó dhá nglacuidh sibh spioruid eile nár ghlacabhair chuguibh,
dobiondéunta dhíbh a fhulang.


L. 2Cr11:5


Oír sáoilimse nách raibhe uachdaránachd a gcáill ar bioth ag an gcuid dob
áirde dhona habsdaluibh oram.


L. 2Cr11:6


Agus biódh gu bhfuilim tuátamhuil a mbriáthruibh, achd ní fhuilim fós mar
sin aneólas: achd dorinneadh follus ion bhur measgra thríd amach sna huile
neithibh.


L. 2Cr11:7


Ané gur chionntuigh mé tré bheith dhom ísliughadh féin dochum sibhse
dhárdughadh, tré bheith dhamh ag soisgéulughadh thsoisgéil Dé dháoibhsi
anaisge?


L. 2Cr11:8


Do shlad mé eagluiseacha eile, ar nglacadh thuárasduil uátha, dochum
seirbhíse dho dhéunamh dhíbhsi.


L. 2Cr11:9


Agus an tan dobhí mé dhá bhur láthair, agus riáchdanas oram, niór léig mé
mo thróm ar énduine: oír do fóireadh aneasbhuidh dhobhí oram ris na
deabhráithribh táinic ó Mhacedónia agus ar anuile ghlés do choimhéid mé
féin ó mo thróm do léigean oruibhsi, agus fós coimhéudfad.


L. 2Cr11:10


Atá fírinne Chriosd ionnam, nách dúnfuighthear an mórtachachussa um
adhuigh a gcrióchaib na hAcháia.


L. 2Cr11:11


Créd uime? an do bhrígh nách fuil grádh agum dhíbhse? atá a fhios
sin ag Día.


L. 2Cr11:12


Achd a ní dhoním, dodhénad fós hé: dochum nách tiubhruinn cionfátha
don druing lena mián cionfátha dhfagháil, dochum a bhfaghála comhchosmhuil
rinne, sa ní as a ndiongnuid siád máoithfeachus.


L. 2Cr11:13


Oír atáid a macsamhla sin dabsdaluibh fállsa, na luchd oibre
fhallásach, dá gcur féin a gcosmhaileas chrotha absdal Chríosd.


L. 2Cr11:14


Agus ní hiongnadh sin: oír cuiridh Satán é féin a gcosmhaileas chrotha
aingil na soillse.


L. 2Cr11:15


Uime sin as ní gan bheith mór hé, dá gcuirid a mhinisdrí iád féin mar an
gcédna a gcosmhailes chrotha ré minisdridhibh na firéndachda, aga mbiáidh a
gcrióch dheighenach do réir a noibrighthedh.


L. 2Cr11:16


Adeirim arís, ná tugadh énduine meas dhuine gan chéill oram: nó no fós
gabhuidh chuguibh mé mar neach gan chéill, dochum gu ndiongnuinnsi fós
beagán mórtachais asam féin.


L. 2Cr11:17


A ní labhruim, ní do réir an tighearna labhruim he, achd mar neach ar a
bhfuil díth céille sa mórtachas tréunsa.


L. 2Cr11:18


Do bhrígh gu ndiongnuid morán mórtachas do réir na feóla, dodhénsa
mórtachas mar an gcéudna.


L. 2Cr11:19


Oír fuilngidh sibh dáoine gan chéill gu toltanach, do bhrígh sibh féin
do bheith ciálluidh.


L. 2Cr11:20


Oir iomcharthaoi dá mbeire neach a ndáoirsi sibh, dá sluige neach sibh, dá
mbeana neach ar gcuid díbh, da nárduighe neach hé féin, dá mbuáile neach
sibh ar anadhuigh.


L. 2Cr11:21


Sa dtáobh na heasonóra dogheibh sibh uátha adéirim so: amhuil
adubhradar nách raibhe brigh ionnuinne: máseadh fos giodhbé ar bioth ní
as a bhfuil neach eile dána, (labhruim gu míchialluidhe) atáimse mar an
gcéudna dána as.


L. 2Cr11:22


An abhruidhe iádsan? aseadh meisi mar an gcéudna. An Iosraéluidh
iád? aseadh meisi mar an gcéudna. An do shiól Abrahám iád? Aseadh
meisi mar an gcéudna.


L. 2Cr11:23


An minisdrí do Chríosd iád? (labhruim mar neach mhiciálluidhe) atáimse
ós a gcionn sa cháil sin. Nísa líonmhuire a sáothruibh: a mbuilleadhuibh
dhfulang ós a gcionnsan: a bpríosúnaibh nísa mhionca na iadsan: a
nguáis bháis gu minic.


L. 2Cr11:24


Fuáir mé ó na hÍuduighibh cuíg uaire, buille dho theasduigh dho dhá
fhichead.


L. 2Cr11:25


Do gabhadh dho shlatuibh oram trí húaire: do gabhadh oram éunuáir do
chlochuibh: do fhulaing mé luingbhriseadh trí huaire: dobhí mé lá gun
oidhche a ndubhaigéun na fairrge:


L. 2Cr11:26


Anaisdribh go minic, a ngábhadh áibhneadh, a mbáodhal biothbhionach, a
mbáodhal ó mo chineadh féin, a mbáodhal ameas na gcineadhach, a mbáodhal
sa gcathruidh, a mbáodhal sa bhfásach, a mbáodhal sa bhfáirrge, a
mbáodhal a mesg dherbhráithrech bhfállsa.


L. 2Cr11:27


A dtuirse agus a mbriseadh croidhe, a bhfaire gu minic, anocarus agus
aniotuin, a dtrosgthibh gu minic, a bhfuáchd agus a lomnochduighe.


L. 2Cr11:28


Os cionn na neitheann tig dhon táobh amuigh dhióm, luighigd oram gu
laétheamhuil cúram na nuile eagluisedh.


L. 2Cr11:29


Cía bhíos lag, agus nách bímse lag? cia gheibh oilbhéim, agus nach
bímse dhom losgadh?


L. 2Cr11:30


Más éigean damh mórtachas do dhéunamh, ios as na neithibh bheanas rém
éugcruás doghéun mórtachas.


L. 2Cr11:31


Atá a fhios ag Día, eadhón athair ar dtighearna Iósa Críosd atá
beannuighthe dho shiór, nach fuilim ag déunamh bréige.


L. 2Cr11:32


An Damascus, do chuir uachdarán an phobuil dobhí fáoi an rí
Arétas, coimhéud ar chathair na nDamascenach, a ndóigh mheisi
dho ghabháil:


L. 2Cr11:33


Achd do léigeadh siós mé a gclíábh tré fhuinnoig ris an mballa, agus ios
mar sin dochuáidh mé as a lámhuibh.


L. 2Cr12



L. 2Cr12:1


Gu deimhin ní hiomchuibhghe dámhsa mórtachas do dhénamh: oír tiucfuidh mé
dochum na neitheann do táibhreadh agus do taiséunadh dhamh ón dtighearna.


L. 2Cr12:2


As aithnidh dhamh neach a gCríosd ós cionn cheithre mbliádhan ndéug
ó shoin, (más a gcoluinn dó, ní eadar: nó as an gcoluinn, ní eadar: do
eadair Día,) noch dho fuáduigheadh suás gus an treas neamh.


L. 2Cr12:3


Agus as aithnidh dhamh a ionnshamhail sin do neach, (más a gcoluinn dó, nó
as an gcoluinn, ní eadair mé: do eadair Día,)


L. 2Cr12:4


Gur fuáduigheadh suás gu Párrthas hé, agus gu gcuáluidh sé briáthra nách
éidir dhaithris, agus nách tig ré duine ar bioth dhfoillsiughadh.


L. 2Cr12:5


Doghéun mortachas as a shamhuil sin do neoch: giodheadh ní ghéun mórtachas
asam pféin, muna dhearnadh hé as mhéugcruásuibh.


L. 2Cr12:6


Oír dá raibh na mhián oram mórtachas do dhéunamh, ní bhiáidh mé ar dhith
céille: oír adéura mé anfhírinne. Giodheadh atáim ag congmháil oram féin,
deagla éunduine dhom mheas, tar mar dhochí sé mé, nó mar dhochluin sé
uáim.


L. 2Cr12:7


Agus deagla áirde inntinne dhom bhreith tar mhogh, tré iomad sgéimhe
na dtaiséuntadh, fuáir mé sgolb lér gonadh mhfeóil, eadhón an taingeal
Satán, dochum gabhála dho dhornuibh oram, deagla airde inntinne dom bhreith
tar mhogh.


L. 2Cr12:8


Dá tháobh so do chuir mé impidhe ar an tighearna fo thrí, fána dhul
uáim.


L. 2Cr12:9


Achd adubhairt sé rióm: is lór dhuit mo ghrássa: oír crióchnuighthear
mo chumhachdsa tré éugcrúas. Uime sin budh ro mhóide mhfonn mórtachais do
ghéunamh as méugcrúasuibh, dochum go ndiongnadh cumhachd Chríosd comhnuidhe
ionnam.


L. 2Cr12:10


Uime sin bí sáimhe oram anéugcruásuibh, animdheargthuibh, a
riáchdanusuibh, a bhfoleanmhanuibh, a namhgharuibh ar son Chríosd: oír an
tan bhím lag, bim láidir an tan sin.


L. 2Cr12:11


Dobhí mé míchialluidhe ré déunamh mórtachuis asam féin: ios sibhse dho
choimhéignidh mhé. Oir do bá cóir dhamh mo mholadh uáibhse: oír ní raibhe
mé a gcáil ar bioth fáoi an luchd dob áirde dona habsdaluibh, biódh nach
fuil éifeachd ionnam.


L. 2Cr12:12


Gu deimhin do hoibrigheadh comharrgha absduil eadruibhse maille ris
anuile fhoighide, a gcomharthuibh, agus a niongantuibh, agus a
gcumhachduibh.


L. 2Cr12:13


Oír créud hí an cháill a rabhabhair fáoi eagluisibh eile, achd munabé nár
léig meisi mo thróm oruibh? tuguidh maithmheachas damh sanéugcóirse.


L. 2Cr12:14


Tabhruidh dhá bhur núidh, ios ullamh anois mhé an treas uáir dochum
teachda chuguibh, agus fós ní chuirfe mé mo thróm oruibh: oír ní hí bhur
máoin iárruim, achd sibh féin. Oír ní har an gcloinn as fiácha ionnmhus do
chruinniughadh fá chomhair na naithreach, achd ar na haithribh fá
chomhair na cloinne.


L. 2Cr12:15


Agus búdh ro mhián leamsa caitheamh ribhsi, agus mé féin fos do
thabhairt ar son bhur nanmann: biodh dhá mhéud ghrádhighim sibh, gur
lughaide bhur ngrádh dhamh hé.


L. 2Cr12:16


Achd biódh nár chuir mé muirighin oruibh: fós ar mbeith damh glic,
do ghabh mé sibh rém ghliocas.


L. 2Cr12:17


A nderna mé eudáil oruibh a dtáobh éunduine dhár chuir mé chuguibh?


L. 2Cr12:18


Do iárr mé dhathchuinge ar Thítus dul chuguibh, agus do chuir
mé dearbhráthair máráon ris: a ndearnuidh Titus eudáil oruibh a ní
ar bioth? ané nách anáon spioruid amháin do shiubhlamar? ané
nach éunlorg amháin do leanamair?


L. 2Cr12:19


An saoiltí arís gu bhfuilmíd ag gabháil ar léisgéil ribh? as a
bhfiádhnuisi Dé labhramáoid a gCríosd; agus is dochum bhur
bhfollamnuighthese a dhearbhráithreacha grádhacha, donímuid na
huile neithese.


L. 2Cr12:20


Oír atá na fhaitcheas oram ar dteachd damh chugaibh, nách fúighbhe mé
sibh mar as mián rióm, agus nách fúighbhe sibhse meisi mar is mián ribh. Agus
gu mbiáidh imreasuin, tnúth, rabhart féirge, consbóid, ithiomradh, siosarnach,
liónadh, drochmhéine agus ceannarruic, eadruibh.


L. 2Cr12:21


Agus atá na fhaitcheas oram ar dteachd arís chuguibh dhamh, gu
nísleóchuidh mo Dhía mhé eadruibh, agus gu gcáoinfe mé morán don druing do
pheacuhidh cheana, agus nach dearna aithrighe sa neamhghloine, agus sa
sdriópthachas, agus sa mionáire dhorinneadar.


L. 2Cr13



L. 2Cr13:1


Ag so an treas uáir dhamh ag eachd chuguibh. A mbéul dheisi no
trír, biáidh gach uile bhriáthar ar bun.


L. 2Cr13:2


Do innis mé dháoibh roimhe so, agus innisim dháoibh roimh láimh an dara
huair, amhuil dobhinn da bhur láthair, sgríobhuim anois dochum na druinge
dho pheacuidh roimhe so, agus dochum na coda eile uile, dhá dtigidh mé arís
nách caigeóladh sibh:


L. 2Cr13:3


Os luchd sibh iárrus dearbha ar Chríosd labhrus ionnam, noch dhá bhur
dtáobhsa nách fuil éugcruaidh, achd atá cumhachdach ionnuibh.


L. 2Cr13:4


Oír biódh gur céusadh hé a dtáobh éugcruáis, mairidh sé fós ó chumhachd Dé.
Oír atámuidne fós éugcruáidh maille reision: giodheadh biám beó maille reis
ó chumhachd Dé dhá bhur dtáobhsa.


L. 2Cr13:5


Feuchuidh sibh pféin an bhfuil sibh sa gcreideamh: cuártuighe sibh pféin.
Ané nách feasach sibh oruibh féin, gu bhfuil Iósa Chríosd ionnuibh? achd
muna dáoine éidearbhtha sibh.


L. 2Cr13:6


Achd atá súil agum go mbiáidh a fhios aguibh, nách dáoine éidearbhtha
sinne.


L. 2Cr13:7


Agus iárruim dhathchuinghe ar Dhía, gan sibhse dho dhénamh uilc ar bioth:
ní dochum go measfuidhe sinne do bheith dearbhtha, achd dochum sibhse
do ghéunamh neithe iomchúibhghe, biódh gu mbeimísne éidearbhtha.


L. 2Cr13:8


Oír ní féidir linn ní ar bioth dho dhénamh anadhuigh na firinne, achd ar
son na fírinne.


L. 2Cr13:9


Oir bí luáthgháir oruinn an tan bhimuid féin éugcruáidh, agus sibhse
láidir: agus iárrmuid so dhathchuinghe ar Dhía mar an gcéudna, eadhón
sibhse do ghéunamh diongmhálta.


L. 2Cr13:10


As uime sin sgríobhuim na neithe so ar mbeith damh as bhur láthair,
deagla mo bheith borb ar mbeith dhá bhur lathair dhamh, do réir na gcumhachd
tug an tighearna dhamh, dochum follamnuighthe, agus ní dochum sgriosda.


L. 2Cr13:11


An chuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biódh gáirdeachas oruibh: bigidh
diongmhálta: biódh deaghmheisneach aguibh: bígidh dhéninntinn: leanuidh dhon
tsióthcháin: agus biáidh Día an ghrádha, agus na siothchána maille ribh.


L. 2Cr13:12


Teannuidh féin ré chéile maille ré póig náomhtha. Cuirid na náoimh uile a
mbeannachd chuguibh.


L. 2Cr13:13


Grása an tighearna Iósa Críosd, agus grádh Dé, agus cumann an sbioruid
náóimh maille ribh uile. Amén.


L. Gl



EPISTIL PHOIL Absdail dochum na nGalatiánach.


L. Gl1:1


POL absdal (ní ó dháoinibh, ná tré dhuine, achd tré Iósa Críosd,
agus tré Dhía athar, noch dho thóguibh suás hé ó mharbhuibh)


L. Gl1:2


Agus na dearbhráithreacha uile atá maille rióm, dochum eagluiseadh na
Galátia.


L. Gl1:3


Grása maille ribh, agus sióthcháin ó Dhía athar, agus ó ar dtighearna
Iósa Críosd:


L. Gl1:4


Tug hé féin ar son ar bpeacuighne, dochum ar sáortha ón drochsháoghalsa
dho láthair, do réir dheaghthoile Dé, eadhón ar nathairne.


L. Gl1:5


Agá bhfuil glóir a sáoghal na sáoghal. Amén.


L. Gl1:6


As iongnadh leam bheith ar niompúgh dhíbh comhluath sin dochum soisgéil
eile, ón tí dho ghoir sibh dochum grás Chríosd:


L. Gl1:7


Ag nách soisgéul eile hé: achd amháin gu bhfuil dream dháirighthe dá bhur
mbuáidhreadh, agus léna mián soisgél Chríosd do chur a neimbrígh.


L. Gl1:8


Achd bíodh gu ndiongnamáoisne, no aingeal ó neamh soisgéul eile do
sheanmóir dhaoibh, tar an tsoisgéul dhorinneamar dho sheanmóir dháoibh
cheana, biódh se malluighthe.


L. Gl1:9


Amhuil adubhramar roimhe, adeirim anois arís mar an gcédna, dá
ndiongna éunduine soisgéul do sheanmóir dháoibh, tar an tsoisgéul
do ghabhabhair chuguibh, biódh sé malluighthe.


L. Gl1:10


Oír anois an iád na neithe bheanus ré dáoinibh, nó ré Día theaguisgim?
nó aní toil na ndáoine iárruim dho gheunamh? gu deimhin dá mbinn gus anois
ag déunamh toile na ndáoine, ní bhinn um shearbhfhoghantuidhe ag Críosd.


L. Gl1:11


Agus dobheirim a fhios dhíbh a dhearbhráithreacha, an soisgéul do
sheanmóradh leamsa, nách do réir dhuine atá sé.


L. Gl1:12


Oír ní ó dhuine fuáir mé hé, ná dho teaguisgeadh mé, achd tré thaiséunadh
Iósa Críosd.


L. Gl1:13


Oír dochuálabhair mo choinbhearsáid anallód a gcreidemh na
nÍuduigeadh, eadhón gu raibhe mé ag fóleanmhuin eagluisi Dé tar mhogh,
agus dá sgrios.


L. Gl1:14


Agus gurob mó táinic mé ar mhadhuigh a gcreideamh na nÍuduigheadh, ná
morán dom mhac samhla ameasg mo chinidh, ar mbeith damh nísa dhúthrachduighe
na iádsan ag leanmhuin lúirg mo shinnsear.


L. Gl1:15


Giodheadh an tan do thoguir Día, (noch dho chuir dho leithrigh mhé ó
bhruinn mo mháthar, agus do ghoir mé tréna ghrás)


L. Gl1:16


A mhac féin dfoillsiughadh ionnam, dochum gu mbinn dá sheanmóir amesg
na gcineadhach: air anuáirsin ní dhearna mé comhairle ré fuil agus ré
feóil:


L. Gl1:17


Agus niór fhill mé gu hIarusalém, dochum na druinge dhobhí na
napsdaluibh romham: achd do imthigh mé gu hArabía, agus táinic mé ar
mhais arís gu Damascus.


L. Gl1:18


Na dhiáigh sin a gcionn thrí mbliádhan do fhill mé gu hIarusalém,
dhféucháin Pheadair: agus do an mé na fhochair cúig lá dhéug.


L. Gl1:19


Agus ní fhaca mé neach ar bioth eile dona hapsdaluibh, achd amháin
Séumus dearbhráthair an tighearna.


L. Gl1:20


Agus sna neithibh sgriobhuim chuguibh, tabhruidh dhá bhur núidh, tógbhuim
Día dhfiádhnuisi, nách bréug dhoním.


L. Gl1:21


Na dhiáigh sin táinic mé gu críochaibh na, Shíria agus Cilicia.


L. Gl1:22


Agus ní raibhe eólas oram do réir mhfhaicsiona ag eagluisibh na
hÍudéa noch dobhí a gCríosd, oram.


L. Gl1:23


Achd amháin dochuáladar dhá aithris an tí dhobhí dhár bhfóleanmhuin
roimhe so, gu bhfuil sé anois ag soisgéulughadh an chreidimh, do sgrios sé
roimhe.


L. Gl1:24


Agus tugadar glóir dho Dhía dhom tháobh.


L. Gl2



L. Gl2:1


Agus a gcionn cheithre mbliádhan ndéug na dhiáigh sin, dochuáidh
mé suás arís gu hIarusalém máráon ré Barnabas, ar mbeith
Thítuis rióm mar an gcéudna um chuideachduin.


L. Gl2:2


Agus ios do réir thaisénta dochuáidh mé suás, agus do chuir mé a gcéill
dóibh an soisgéul doním dho sheanmóir ameasg na gcineadhach: achd ós
íseal don druing dob óirrdheirc aca ar leith, deagla a gcáill ar bioth gu
riothfuinn gu diómháoin, nó gur riothas.


L. Gl2:3


Achd fós niór cuireadh dhfiáchuibh ar Thítus dobhí um chuideachduin,
bióth gu raibhe sé na Ghreugach, na timchiollghearradh dho ghabhail
chuige.


L. Gl2:4


Agus sin ar son na ndearbhráithreach bhfallsa dobhí ar dteltógh asdteach,
noch dho théultuigh asdteach dochum na sáoirsiona aa aguinn a gCríosd do
do bhraith, agus sinne dho bhreith fá dháoirse:


L. Gl2:5


Dá nach tugamar urraim ar feadh momeinti amháin, ré bheith umhal
dóibh, dochum gu mbiádh fírinne an tsoisgéil na comhnuidhe aguibhse.


L. Gl2:6


Agus níor teaguisgeadh mé ón druing ar a sáoiltear cáill éigin
oirrdheircuis dho bheith, giodhbé mar dho bhádar roimhe so, ní bhenann sé
dhamhsa: ní ar phearsain dhuine bhios mes ag Día. Oír an dream sháoiltear
dho bheith oirrdheirc, niór chuireadar bárr ar mo theagusgsa.


L. Gl2:7


Achd gu contrárrgha dhó sin, ar bhfaicsin dóibh gur fágbhadh soisgéul a
neamhthimchillghearrtha um leithse, fá mar dho fágbhadh soisgéul an
timchiollghearrtha a leith Pheadair:


L. Gl2:8


(Oír an tí dobhí cumhachdach tré Pheadar dochum absdaltachda an
timchiollghearrtha, bá chumhachdach hé mar an gcéudna thriómsa do tháobh
na gcineadhach)


L. Gl2:9


Agus ar naithne dho Shéumus agus do Chéphas, agus dEóin, ar a
bhfuil meas bheith na bposduighibh, an grás dotugadh dhamh:
tugadar dhamhsa agus do Bharnabas, lámha deasa a gcruth
chumainn: dochum sinne dho sheanmórughadh an tsoisgéil dona
cineadhachuibh, agus iád féin don timchiollghearradh.


L. Gl2:10


Amháin ag fógra dhúinn cuimhne dho bheith aguinn ar na bochduibh: an ní
céudna aga raibh mé féin dúthrachdach dochum a dhéunta.


L. Gl2:11


Agus an tan tháinic Peadar gu hAntióchia, do sheas mé anadhuigh
a éduin, oír do thuill sé a gabháil dó.


L. Gl2:12


Oír sul tangadar dream dháirighthe ó Shéumas, do chaith sé biádh a
bhfochair na gcineadhach: achd tár éis teachda dhóibh, do théultó sé
uátha agus do sgar sé ríu, ar mbeith eaglach dhó roimh an luchd dobhí
arna timchiollghearradh.


L. Gl2:13


Agus dobhádar an chuid eile dona hÍuduighibh mar an gcédna ag
cluánaireachd na fhochair: ionnus gur tháirrngedar Barnabas réna gcluáin.


L. Gl2:14


Achd an tan dochonnáirc meisi, nách hí an tslighe dhíreach dho
shíubhladar dochum fírinne an tsoisgéil, adubhairt mé ré Peadar na
bhfiádhnuisi uile; má atá tusa, agus tú ad Iúduighe, ag caitheamh do
bheatha do nós na gcineadhach, agus ní do nós na nÍuduigheadh, créd fá
gcuireann tú dhfiáchuibh arna cineadhchuibh, aithris do dhénamh ar na
hÍuduigheadhibh.


L. Gl2:15


Atá a fhios aguinne atá ar nÍuduighthibh ó nadúir, agus ní ar
bpeacthachuibh dona cineadhachuibh,


L. Gl2:16


Nach sáorthar duine ó oibrighthibh an reachda, achd tré chreideamh Iósa
Críosd: do chreideamairne a nIósa Críosd, dochum gu sáorfuighe sinn tré
chreideamh Chríosd, agus ní tré oibrighibh an reachda: ar nách sáorfuighthear
feóil ar bioth tré oibrighibh an reachda.


L. Gl2:17


Agus má geibhthear sinne inar bpeacthachuibh, agus sinn ag iárruidh
ar sáortha a gCríosd, ané gu bhfuil Críosd na mhinisdir ag an
bpeacadh? nar léige Día sin.


L. Gl2:18


Oír má thógbhuim suas arís na neithe dho leag mé siós, doním fear
sáruighthe an reachda dhíom féin.


L. Gl2:19


Oir atáimse trésan reachd, marbh ag ab reachd, dochum gu mbinn beó
do Dhía.


L. Gl2:20


Do céusadh mé máráon ré Críosd: giodheadh atáim beó, bíodh nách meisi
fesda, achd Críosd atá beó ionnam: agus an bheatha chaithim anois sa
gcoluinn, is tré chreideamh mhic Dé chaithim hí, noch dho ghrádhuigh mé,
agus tug hé féin ar mo shon.


L. Gl2:21


Ní ag cur ghrás Dé ar gcúl atáim. Oír más trésan reachd tig
fíréundachd, is gan adhbhar fuáir Críosd bás.


L. Gl3



L. Gl3:1


O a Ghalatiánacha gan chéill, cía dhorinne pisóga dháoibh, as nách
géillfeadh sibh dhon fhírinne: agár taiséunadh Iósa Críosd dháoibh roimhe so
a bhfiádhnuisi bhur súl, agus agár céusadh hé ion bhur measg?


L. Gl3:2


Bá mián rióm so amháin dhfoghluim uáibh, an ó oibrighthibh an reachda
fuárabhair an spiorud, nó ó éisdeachd an chreidimh?


L. Gl3:3


An bhfuiltí comhmíchéillidhe sin, ar dtosughadh dháoibh sa spioruid,
gu mádh mián ribh anois bhur gcrióchnughadh sa bhfeóil?


L. Gl3:4


An gu diomháoin do fhuluing sibh anoiread sin do neithibh? más diomháoin
fós iád.


L. Gl3:5


Uime sin an tí dhobheir an sbiorad gu fairsing dháoibh, agus oibrighear
subhaltadha miórbhuileacha ionnuibh, an tré oibrighthibh an reachda, nó tré
éisdeachd an chreidimh dobheir iád?


L. Gl3:6


Amhuil do chreid Abrahám do Dhía, agus do measadh dhó na fhiréndachda hé.


L. Gl3:7


Uime sin ios tuigthe dháoibh, an drung atá dho tháobh an chreidimh, gurob
iád sin clann Abrahám.


L. Gl3:8


Oír arna fhaicsin roimhe dhon sgriobtúir, gu sáorfadh Día na cineadhacha
tré chreideamh, do thsoisgéil sé sin roimhe dhAbrahám, ag rádh biáidh
na huile chineadhacha arna mbeannughadh ionnadsa.


L. Gl3:9


Uime sin an dream atá dho tháobh an chreidimh, atáid siád beannuighthe
maille ré hAbrahám dheaghchreidmhech.


L. Gl3:10


Oír an mhéid atá do tháobh oibrightheadh an reachda, atáid siád fáoi an
mallachadh. Oír atá sgríobhtha, as malluighthe gach áon nach comhnuigheann sna
huile neithibh atá sgríobhtha a leabhar an reachda, dochum a ndéunta.


L. Gl3:11


Agus as ní follas nách sáorthar éunduine trésan reachd a bhfiádhnuisi
Dé: oír as tré chreideamh mhairfeas an firéun.


L. Gl3:12


Giodheadh ní fhuil an reachd don chreideamh: achd an tí dhéunas iád,
mairfidh sé thriothadh.


L. Gl3:13


Achd do fhuasluig Críosd sinne ó mhallachadh an reachda, ar mbeith dó
arna dhéunamh na mhallachadh ar ar son: Oír atá sgríobhtha, as malluighthe
gach áon chrochdar a gcrann.


L. Gl3:14


Dochum gu dtiucfadh beannachadh dho gealladh dhAbrahám dochum na
gcineadhach a nIósa Críosd, dochum sinne dhfagháil geallamhna na
spioruide tré chreideamh.


L. Gl3:15


A dhearbhráithreachha, is do réir nóis dáonna labhruim: biódh nách biádh
ann achd connradh duine, ar mbeith dó daingnighthe, ní chuireann éuneach ar
gcúl hé, agus ní curthar tuilleadh ar bioth leis.


L. Gl3:16


Má seadh is dAbrahám agus dá shiól tugadh na geallamhnacha. Ní
abair sé agus dona síoltuibh, mar dobhiadh sé ag labhairt ar mhorán: achd
mar do laibeóradh sé ar áon, agá rádh agus dod shiolsa, agárob hé
Criosd hé.


L. Gl3:17


Agus adeirim so, nách cuireann an reachd noch dho thosuigh a gcionn
cheithre gcéud agus dheich mbliádhan bhfichead na dhiáigh, an connradh
dho daingnigheadh roimhe ré Día a dtáobh Chríosd, a neimbrígh, ionnas gu
gcuirfeadh sé an gheallamhuin ar gcúl.


L. Gl3:18


Oír más ón reachd tig anoighreachd, ní thig sí feasda ón
ngeallamhuin: achd tug Día hí gu sáor dAbrahám tré ghealladh.


L. Gl3:19


Uime sin créud é fár horduigheadh an reachd? is uime dho hórduigheadh hé
ar son sháruighthe na naitheantadh, gu teachd don tsiól dá ndearnadh an
gealladh: arna hórdughadh ris na hainglibh, tré láimh eidirmheadhonthóra.


L. Gl3:20


Achd an teidirmheadhanthóir, ní heidirmheadhanthóir áoin hé: achd is
áon hé Día.


L. Gl3:21


Uime sin an bhfuil an reachd anadhuigh na ngeallamhnach tug Día
uádha? gu raibhe a bhfad uáinn sin do rádha. Oír dá mbeith reachd arna
thabhairt, lérbhféidir beatha dho thabhairt uádha, gu deimhin ios do tháobh
an reachda dho thiucfadh fíréundachd.


L. Gl3:22


Achd do fháguibh an sgriobtúir na huile dúnta fá fpheacadh, dochum gu
dtiubhartháoi an gheallamhuin ó chreideamh Iósa Críosd, don druing chreideas.


L. Gl3:23


Achd suil táinic an creideamh, do connmhadh sinn fá smachd an reachda:
agus do dúnadh oruinn dochum an chreidimh, dobhí ré hadhuigh a
fhoillsighthe.


L. Gl3:24


Uime sin asé an reachd fá sgolmhaighisdir dhúinn, dochum ar
dtreóruighthe gu Críosd, as gu sáorfuidhe sinn ó chreideamh.


L. Gl3:25


Achd ar dteachd don chreideamh, ní fhuilmíd feasda fá sgolmhaighisdir.


L. Gl3:26


Oír atá sibh uile ion bhur gcloinn ag Día, tré chreideamh anIósa
Críosd.


L. Gl3:27


Oír an mhéid aguibh dho baisdeadh a gCríosd, do chuireabhair Críosd
iomuibh.


L. Gl3:28


Ní fhuil Iúduighe ná Gréugach, ní fhuil sáor na dáor, ní fhuil
fear ná bean nách fuil coimhionann: oír is áon sibh uile anIósa Críosd.


L. Gl3:29


Agus más lé Críosd sibh, as sibh siól Abrahám gan amhras, agus is
oighrighe sibh do réir na geallamhna.


L. Gl4



L. Gl4:1


Giodheadh adeirim so, an feadh bhiós an tóighre na leanbh, nách fuil
deithfir ar bioth éidir hé agus searbhfhoghantuidhe, biódh gu bhfuil na
thighearna ós cionn gach neithe:


L. Gl4:2


Achd bí fá luchd a chóimhéuda, agus fán luchd ar a mbí a chúram, gu teachd
na haimsire dho orduigh an tathair.


L. Gl4:3


As mar an gcéudna sinne, an tan dobhámar nar leanbuibh, dobhámar a
ndáoirse fá chéadtosuighibh an tsáoghail.


L. Gl4:4


Achd ar gcoimhlíonadh na haimsire, do chuir Día a mhac féin uadha, do
gineadh ó mhnáoi, agus do gineadh fán reachd.


L. Gl4:5


Dochum na druinge dobhí fán reachd dhfuásgladh dhó, dochum gu
bhfuighbhemísne áit cloinne.


L. Gl4:6


Agus do bhrígh gu bhfuiltí ion bhur gcloinn, do chuir Día uadha ion bhur
gcroidheadhuibh spiorad a mhic féin, ghoireas Abba eadhón athair.


L. Gl4:7


Uime sin ní fhuil tú ad shearbhfhoghantuighe feasda, achd ad dhuine
cloinne: agus más don chloinn thú, ios oighre thú mar an gcéudna dho
Dhía tré Chríosd.


L. Gl4:8


Achd an tan sin ar mbeith dháoibh gan eólas Dé aguibh, dobhíodh sibh
ag seirbhís dona déeibh, nách fuil na ndéibh ó nadúir.


L. Gl4:9


Achd anois ó atá eólas Dé aguibh, nó fós eólas Dé oruibh, cionnas
fhilleas sibh arís arna céud tosuighibh eugcruáidhe uireasbhacha, agá madh
mián ribh ag filledh ar bhur nais arís?


L. Gl4:10


Bí coimhéud aguibh ar laithibh, agus ar mhiósuibh, agus ar aimsearuibh,
agus ar bhliághanuibh.


L. Gl4:11


Atá na fhaitches oram dá bhur dtimcheall, gurob gu diomháoin do
thuirsigh mé féin ribh.


L. Gl4:12


Iárruim dhachuinghe oruibh a dhearbhráithreacha, bhur mbeith mar mheisi,
ar gu bhfuilimse mar sibhse. Ní dhearnabhair eugcoir ar bioth oram.


L. Gl4:13


Agus atá a fhios aguibh gurob tré eugcrúas na feóla do sheanmóir mé
dháoibh an soisgéul ar tús.


L. Gl4:14


Agus ní raibhe tarcuisne ná gráin aguibh ar a ndearbha dhorinneadh
oramsa um fheóil: achd do ghabhabhair chuguibh mé mar aingeal Dé, nó fós mar
Iósa Críosd.


L. Gl4:15


Uime sin créd hí an cháill shonuis dobhí oruibh? Oír doním
dhfíadhnuise dháoibh, gu mbenfadh sibh, da madh éidir hé, bhur súile
féin amach réna dtabhairt damhsa.


L. Gl4:16


Ar anadhbharsin an bhfuilim um námhuid aguibh fán bhfírinne dinnisin
díbh?


L. Gl4:17


Ní ré máith atá grádh lasárrgha acadhsan dáoibh, achd bá mián ríu sinne
do chur amach uáibhse, dochum gu mbiádh grádh lasárrgha aguibhsi dhóibh
féin.


L. Gl4:18


Achd as maith an grádh lasárrgha ré bheith gu siórruidhe a ní mhaith, agus
ní hé amháin an tan bhímse dhá bhur láthair.


L. Gl4:19


A lenba bega as clann damh, agá bfuilim arís ré níodhnuibh dhá bhur
dtaobh, nó gu ndealbhthar Críosd ionnuibh.


L. Gl4:20


Agus dobhferr lem go mbéinn dhá bhur láthair anois, dochum mo ghotha
dhathrughadh: oír atáim amharusach dhá bhur dtáobh.


L. Gl4:21


Innisigh dhamh, a dhream léna mián bheith fáoi an reachd, an gcluin
sibh an reachd?


L. Gl4:22


Oír atá sgríobhtha, go rabhadar diás mac ag Abrahám: mac aca ré hinnilt,
agus mac eile ré mnáoi dhobhí sáor.


L. Gl4:23


Agus an mac dhobhí ris aninnilt, as do réir na feóla rughadh hé: achd
an mac dobhí ris an mnaoi sháoir, as do bhrígh na geallamhna rugadh hé.


L. Gl4:24


Atá ní eile ré thuigsin as na neithibhse. Oír asiád na mná so an
dá thiomna: tiomna dhíobh agárob hé Agar é ó shliábh Sína,
bheireas clann dochum searbhfhoghantachda.


L. Gl4:25


Oír as ionnan Agar agus Sína, slíabh sanArábia: agus as cosmhuil
hí ris a nIarusalém atá anois ann, agus atá sí fá dháoirse maille
ré na cloinn.


L. Gl4:26


Achd atá an tIarusalém atá fúas sáor, noch as máthair dhúinne uile.


L. Gl4:27


Oír atá sgríobhtha, biódh gáirdeachas ort a bhean aimrid nách beireann
clann: réub amach agus éigh, a bhean nách fuil ré niódhnuibh: oír is lía clann
na mná fásaighthe, ná na mná agá bhfuil fear.


L. Gl4:28


Uime sin a dhearbhráithreacha, is sinne clann na geallamhna do réir
Isaac.


L. Gl4:29


Achd amhuil dobhí anuáirsin an tí rugadh do réir na feóla ag
foleanmhuin ar an tí rugadh do réir na sbioruide: ios mar sin atá anois mar
an gcéudna.


L. Gl4:30


Giodheadh créd adeir an sgriobtúir? teilg amach aninnilt agus a mac:
oír ní bhiáidh mac na hinnilte na oighre máráon ré mac na mná sáoire.


L. Gl4:31


Gu deimhin a dhearbhráithreacha, ní clann don innilt sinne, achd don
mhnáoi sháoir.


L. Gl5



L. Gl5:1


Uime sin seasuidh sa sáoirse léur sháor Críosd sinn, agus ná bígidh arís
arná bhur gcrapall ré cuing na dáoirse.


L. Gl5:2


Tabhruidh dá bhur núidh, adeirimse Pól ribh, dá dtimchiollghearrthar
sibh, nách fuighbhe sibh tarbha ar bioth a gCríosd.


L. Gl5:3


Oír doním dhfiádhnuisi arís dá gach áon thimchiollghearrthar, gu
bhfuil dhfiáchuibh air an reachd uile dho choimhliónadh.


L. Gl5:4


Atá an mhéid aguibh sháorthar trésan reachd arna bhur ndeanamh nar
soithighibh folbha, ar mbeith dháoibh dealuighthe ré Críosd: agus do
dhealuigheadar ris an ngrás.


L. Gl5:5


Oír atámuidne trésan sbioruid ó chreideamh, ag fuireach ré muinighin
na firéundachda.


L. Gl5:6


Oír a nIósa Críosd ní fhuil éifeachd ar bioth a dtimchiollghearradh, ná
a neamhthimchiollghearradh: achd a gcreideamh oibrigheas tré ghrádh.


L. Gl5:7


As maith do riothabhair: cía dho chuir toirmeasg oruibh, fá bheith umhal
don fhírinne.


L. Gl5:8


Ní ón tí ghoireas sibh, táinic an brosdughadh so.


L. Gl5:9


Géuruidhe beagán laibhín an táos uile.


L. Gl5:10


Atá muinighin agumsa asuibh sa dtighearna, nách biádh sibh ar aithearrach
inntinne: giodheadh an tí chuireas buáidhreadh oruibh, biáidh sé fá bhreith
dhamanta, giodhbé ar bioth hé.


L. Gl5:11


Agus a dhearbhráithreacha, má dhonímse mar an gcéudna an
timchiollghearradh dho sheanmóir, créud fá bhfuil fóleanmhuin fós dá
dhéunamh oram? gu deimhin atá sgannuil na croithe arná cur ar gcúl.


L. Gl5:12


Dobfearr leam fós an drung chuireas míshuaimhneas oruibh, gu mbeidís ar
arna ngearradh uaibh.


L. Gl5:13


Oír a dhearbhráithreacha, as dochum sáoirsiona do goireadh sibh: amháin
ná déunuidh an tsáoirse na cionnfátha dhon choluinn: achd bígidh féin ag
seirbhís da chéile tré ghrádh.


L. Gl5:14


Oír coimhlíontár an reachd uile anáonbhréithir amháin, eadhón sa
mbréithirse, grádhuigh do chomharsa mar thú féin.


L. Gl5:15


Achd dá raibhe sibh ag crinn agus ag slugadh a chéile, tabhruidh aire
ribh nách cnáoithear sibh ré chéile.


L. Gl5:16


Uime sin adeirim siubhluidh sa sbioruid, agus ní choimhlionfuidh sibh
miánghus na feóla.


L. Gl5:17


Oír bí miánghus na feóla anadhuigh na sbioruide, agus miánghus na
sbioruide anadhuigh na ceóla: agus atáid so contrárrgha dhá chéile, ionnas
nach féidir libh na neithe as mhián ribh dho ghéunamh.


L. Gl5:18


Agus ma treóruighthear sibh ris an sbioruid, ní fhuilti fáoi an
reachd.


L. Gl5:19


Tuilleadh eile, is follas oibrighthe na feóla, mar atá adhaltrannas,
sdríopthachas, neamhghloine, macnas,


L. Gl5:20


Iodhaladhradh, pisóga, naimhdeanas, imreasuin, comórtus, miosguis,
consbóid, ceannarruic, eireticeachd,


L. Gl5:21


Tnúth, dúnmharbhadh, misge, cráos, agus a samhail sin, ar a labhruim ribh
roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nách fuighbhe an drung dhoní
a samhail so, oighreachd rioghachda Dé.


L. Gl5:22


Achd asé as toradhdon spioruid, grádh, gáirdeachas, sióthcháin,
foighide fhada, ceannsachd, rún maitheasa dho ghéunamh, creideamh, macántas,
measarrghachd.


L. Gl5:23


Ní fhuil dligheadh anadhuigh a samhuil sin.


L. Gl5:24


Oír an drung as le Críosd, do chéusadar anfheóil, maille réna toil
agus réna miánghusuibh.


L. Gl5:25


Más beó dhúinn sa sbioruid, siubhlam mar an gcéudna sá sbioruid.


L. Gl5:26


Ná biódh dúil a nglóir dhiomháoin aguinn, ag cur chaithighyhe ar a chéile,
ag tnúth ré chéile.


L. Gl6



L. Gl6:1


A dhearbhráithreacha, dhá ghreamuighthear neach a gcoir ar bioth go hobann,
tuguidhse a dream spioradálta a shamhuil sin do dhuine ar a ais ré sbiorad
ceannsachda: ag tabhairt aire leat féin a dhuine nách cuirfidhe buáidhirt
ortsa mar an gcéudna.


L. Gl6:2


Iomchruidh uáluidhe a chéile: agus mar sin coimhliónfuidh reachd Chríosd.


L. Gl6:3


Oír dá sáoilidh éunduine hé féin do bheith eifeachdach, ar mbeith dhó gan
éifeachd ar bioth, atá sé dhá mhealladh ina inntinn féin.


L. Gl6:4


Achd déunamh gach áon a obair féin dearbhtha: agus mar sin biáidh adhbhar
gairdeachais aige dhá tháobh féin amháin, agus ní do tháobh dhuine eile.


L. Gl6:5


Oír iomchóruidh gach áon a uálach féin.


L. Gl6:6


Tugadh an tí teaguisgthear sa mbréithir, don tí theaguisgeas hé, roinn dá
uile mhaitheasuibh.


L. Gl6:7


Ná mealltar sibh: ní ghabhann Día sgige chuige. Oír gíodhbé ní
shiolchuireas neach, asé an ní céudna bheanfas sé.


L. Gl6:8


Oír an tí shiólchuireas don fhéoil, ios truáillighthe an toradh
bheanfus sé dhon fheóil: achd an tí shiólchuireas dod sbioruid, así an
bheatha marthanach bheanfas sé.


L. Gl6:9


UIme sin ná bímuid tuirseach dhá bheith ag déunamh na maitheasa, Oir
beanfuim ina am féin, achd muna ndeacham a neimbrígh.


L. Gl6:10


Uime sin an feadh atá an tám aguinn, déunamh maith dona huile dháoinibh,
agus gu mórmhór do luchd tighe an chreidimh.


L. Gl6:11


Dochí sibh fairsinge na leitre do sgríobh mé chuguibh ré mo láimh féin.


L. Gl6:12


An mhéid léna mián iád féin do thaiséunadh gu sgíamhgha sa bhfeóil,
cuirid dhfiáchuibh oruibhse an timchiollghearradh do ghabháil chuguibh,
amháin deagla gu ndiongantáoi fóleanmhuin orrtha orrtha ar son chroithe
Chríosd.


L. Gl6:13


Oír an dream sin féin atá timchiollghearrtha ní choimhéuduid siád an
reachd: achd as mián ríu sibhse dho bheith timchiollghearrtha, dochum
mórtachus do ghéunamh dhóibh as bhur bhfeóil.


L. Gl6:14


Giodheadh nár léige Día gu ndiongnuinnse mórtachas, achd as croith ar
dtighearna Iósa Críosd, tré bhfuil an sáoghal céusda agamsa, agus meisi ag
an tsáoghal.


L. Gl6:15


Oír a nIósa Críosd ní fhuil éifechd ar bioth a dtimchiollghearradh, ná
a neamhthimchiollghearradh, achd sa gcruthughadh nuádh.


L. Gl6:16


Agus an mhéid shiubhalfus do réir na riághlasa, luidhfidh síothcháin
agus trocaire orrtha, agus ar Israél Dé.


L. Gl6:17


O so amach ná cuireadh éunduine míshuáimhneas oramsa: oír iomchruim um
chorp comharthadha an tigherna Iósa.


L. Gl6:18


Grása ar dtighearna Iósa Críosd maille ré bhur spioruid, a
dhearbhráithreacha. Amén.


L. Ef



EPISTIL PHOIL ABSDuIL DOCHUM na nEphesiánach.


L. Ef1



L. Ef1:1


POL absdal IOSA Críosd tré thoil Dé, dochum na náomh atá a
nEphesus, agus dochum na druinge chreideas a nIósa Críosd:


L. Ef1:2


Grása maille ribh agus sióthcháin ó Dhía ar nathair, agus ón dtighearna
Iósa Críosd.


L. Ef1:3


Glóir agus moladh dho Dhía, eadhon dathair ar dtighearna Iósa Críosd,
noch dho bheannuidh sinn lé gach uile bheannachadh sbioradálta, sna nemhuibh, a
gCríosd:


L. Ef1:4


Amhuil dho thogh sé sinn annsan, sul do cruthuigheadh an domhan, ionnus
gu mbemís náomhtha agus neimhchiontach, dhá láthairsion a ngrádh.


L. Ef1:5


Agus do chinn sé dhúinn bheith aige féin anáit cloinne, tré Iósa
Críosd, ar a shon féin, do réir dheaghfhuinn a thoile:


L. Ef1:6


Dochum molta glóire a ghrás, tré a ndéarna sé sinne ionghabhtha sinn dó
féin sa mac ghrádhach úd,


L. Ef1:7


Iona bhfuil fuásgladh aguinn, tréna fhuil, eadhón maithmheachas na
bpeacadh, do réir sháidhbhris a ghrássan:


L. Ef1:8


Trénar lión sé chuguinne, anuile eagna agus thuigse:


L. Ef1:9


Ar bhfoillsiughadh sheicréide a thoile dhúinn dó, do réir a dheaghfhuinn
féin noch do chuir sé siós roimhe ris féin,


L. Ef1:10


Eadhón a miniosdrálachd na haimsire coimhliónta, na huile neithe noch atá
ar neamh agus ar talamh do chruinniughadh a gceann a chéile a gCríosd:


L. Ef1:11


A gCríosd adeirim ionar toghadh sinn fós, ar bhfaghail na cinneamhna
dúinn, do réir orduighthe an tí oibrigheas na huile neithe, ó chomhairle a
thoile féin.


L. Ef1:12


Ionnas gu mbemísne, lér tosuighedh muinighin do bheith aguinn a
gCríosd, dochum molta a ghlóiresion.


L. Ef1:13


An ar chuireabhairse bhur muinighin mar an gcédna, ar gclos
bhréithre na fírinne dhíbh, eadhón shoisgéil bhur slánaighthe, trér
cuireadh fos séula oruibh ar gcreideamh dháoibh,


L. Ef1:14


Agárobb hé ios geall connartha aguinne ré ar noighreachd, gu teachd
dúinn a seilbh ar sáoirsiona, dochum molta a ghlóiresion.


L. Ef1:15


Uime sin ar gclos dámhsa mar an gcéudna, an chreidimh atá aguibhse sa
dtighearna Iósa, agus bhur ngrádh dona huile náomhuibh.


L. Ef1:16


Ní sguirim dhá bheith ag breith bhuidheachais ar bhur son, ag
coimhniughadh oruibh um úrrnuighthibh:


L. Ef1:17


Dochum gu dtíubhradh Día ar dtighearna Iósa Críosd, athair na glóire
sbiorad eagna agus foillsighedháoibh, tré bheith dhá eólasan ag fás
ionnuibh:


L. Ef1:18


Agus gu dtíubhradh solas do shúilibh bhur dtuigsiona: dochum a fheasa
dho bheith aguibh créud hí muinighin a ghármasan, agus créd hé
saidhbhreas ghlóire a oighreachda sna náomhuibh:


L. Ef1:19


Agus créd hé roimhéud a chumhachd dár dtáoibhne an dream chreideas,
as oibriughadh a mhóirnéirt,


L. Ef1:20


Noch dho oibrigh sé a gCríosd, an tan do thóguibh sé suás ó mharbhuibh,
hé, agus do shuighidh sé hé ar a dheis féin sna neamhuibh,


L. Ef1:21


Gu hárd ós cionn gach uile uachdaránachda agus chumhachd, agus neirt,
agus tighearnuis, agus gach uile anma dhá nainmnighthear, ní sa sáoghalsa
amháin, achd mar an gcéudna sa sáoghal atá dochum teachda.


L. Ef1:22


Agus do chuir sé na huile neithe siós fána chosuibh, agus tug sé hé
na cheann ós na nuile don neagluis,


L. Ef1:23


Noch atá ina corp aige, agus na coimhlíonadh ag an tí choimhliónas na
huile sna huilibh.


L. Ef2



L. Ef2:1


Agus do bheóuigh sé sibhse, ar mbeith díbh marbh a gcionntuibh agus a
bpeacuighibh:


L. Ef2:2


Ion a rabhabhair anallód ag siubhal, do réir nóis an tsáoghailse, agus
do réir an phrionnsa agá bhfuil cumachda anaighéir, agus na sbioruide
oibrigheas anois a gcloinn na heasumhlachda.


L. Ef2:3


Agá rabhamairne uile mar an gcédna na gcoinbhearsáid anallód,
ananmhiánuibh na colla, ag tabhairt a toile féin don choluinn agus dona
smuáintighibh: agus dobhámar ó nadúir nar gcloinn na féirge mar chách.


L. Ef2:4


Achd Día noch atá saidhbhir a dtrócaire, tréna mhórghrádh lér grádhuigh sé
sinn,


L. Ef2:5


Ar mbeith dhúinn fós marbh tré chionntuibh, do choimhbheódhuigh sé sinn
maille ré Críosd, agá slánaighthear sibh tré ghrásuibh:


L. Ef2:6


Agus do chomhthóguibh sé suás sinn, agus do chomhshuighidh sé sinn sna
neamhuibh, a nIósa Críosd.


L. Ef2:7


Dochum gu bhfoillseóchadh sé sna haimsearuibh atá dochum teachda,
saidhbhreas roliónmhar a ghrás, tré mhaitheas dár dtáobhne a nÍosa
Críosd.


L. Ef2:8


Oír as maille ré grás atá sibh arna bhur slánughadh tré chreideamh: (agus
ní uáibh pféin so: oír asé tiodhlacadh Dé hé.)


L. Ef2:9


Ní ó oibrighthibh, deagla gu ndiongnadh áonduine cáill as féin.


L. Ef2:10


Oír as sinne a obairsion, ar nar gcruthughadh a nIósa Críosd dochum
deaghoibrigheadh, noch dho ullmhuigh Día roimh láimh, dochum sinne dho
shiubhal ionnta.


L. Ef2:11


Uime sin biódh ar coimhne aguibh, ar mbeith dháoibh anallód ion bhur
gcineadhachuibh sa bhfeóil, da ngoirthí a neamhthimchiollghearradh ris
an druing dá ngoirthear an timchiollghearradh, doníthear lé lámhuibh
sa bhfeóil.


L. Ef2:12


Go rabhabhair sanaimsirsin anéugmuis Chríosd, ar mbeith dháoibh
gan buain aguibh ré maitheas puiblidhe Israél, agus ion bhur
gcoimhightheachuibh do chonnarthuibh na geallamhna, ar mbeith dhíbh gan
muinighin aguibh, agus gan Día ar bioth.


L. Ef2:13


Achd anois a nIósa Críosd, atá sibhse dhobhí ar uáiribh
neamhchomhgharach, arna bhur ndéunamh comhgharach, tré fhuil Chríosd.


L. Ef2:14


Oír as eision ar sióthcháinne, noch dhorinne áon dínn aráon, agus do
bhris siós balla meadhónach na teóruinne:


L. Ef2:15


Ar gcur a naimhdeanuis ar gcúl dó tréna fheóil, eadhon reachda na
naitheantadh maille ris na hórduighthibh, dochum go ndéanadh sé áonduine
amháin nuádh dho dhías ann féin, ag déunamh siothchána.


L. Ef2:16


Agus dochum gu ndiongnnadh réidh aráon iád ré Día anáonchorp trésan
gcroith, lér chuir sé a naimhdeanas ar gcúl.


L. Ef2:17


Agus ar dteachd dhó do shoisgéil sé sióthcháin díbhse nách raibhe na
chomhghar, agus don druing dobhí na chomhghar.


L. Ef2:18


Oír is trídsion atá ar slighe aráon, ré dhul asteach dochum anathar,
anáon spioruid.


L. Ef2:19


Uime sin, ní fhuiltí nísa mhó ion bhur gcomhuightheachuibh, iná ion bhur
gcoigcrióchuibh: achd ion bhur luchd áonchaithreach dona náomhuibh, agus
ion bhur luchd tighe Dé:


L. Ef2:20


Ar mbeith díbh áitrighthe ar fhonndameint na napsdal, agus na
bhfáidheadh, ar mbieth dIósa Críosd féin na chloich chinn ag an gcúinne:


L. Ef2:21


as a bhfasann an teághuis uile suás, ar mbeith di gu ceart ceanguilte
dá chéile, dochum bheith na teampoll náomhtha sa dtigheartna.


L. Ef2:22


Ion a bhfuil sibhse mar an gcéudna arna bhur gcomhthógbháil suás,
dochum gu mbiádhsibh ion bhur dteaguis comhnuidhe ag Día tré san
spioruid.


L. Ef3



L. Ef3:1


Ar anadhbharsa, atáimse Pól um bhrághuid dIósa Críosd, ar bhur
sonsa, a chineadhacha:


L. Ef3:2


Má dhochualabhair iomrádh ar feadhmanntas ghrás Dé tugadh dhamh dá bhur
dtáobhsa.


L. Ef3:3


Eadhón gur fhoillsigh Día dhamh do réir thaiséunta, an tseicréid
úd, (mar dho sgríobh mé roimhé gu hathchumair:


L. Ef3:4


As ar féidir libh arna léghadh dhíbh, mo thuigsise a seicréid
Chríosd do thuigsin.)


L. Ef3:5


Noch sna haimsearuibh eile nár foillsigheadh do chlannuibh na ndáoine,
do réir mar atá sí anois arna foillsiughadh dá absdaluibh náomhtha,
agus da fháidhibh, tré san spioruid.


L. Ef3:6


Eadhón gu mbeidís na cineadhacha na gcomhoighredhuibh agus na
gcomhchorp, agus na gcomhluchd cuidighthe a gheallamhnasan a gCríosd,
trésan soisgéul:


L. Ef3:7


Ar a ndearnadh minisdir dhiómsa, do réir thiodhluice ghrás Dé tugadh
dhamh, maille ré hoibriughadh bríghmhar a chumhachdsan:


L. Ef3:8


Adeirim gu dtugadh dhámhsa an tí as lugha dona huile náomhuibh, an
grás so, eadhón saidhbhreas dochuárduighthe Críosd do shoisgéulughadh a
measg na gcineadhach.


L. Ef3:9


Agus a fhoillsiugadh dona huile dháoinibh, créud hé cumann na seicréide,
noch dhobhí folaighthe ó thús an domhain a nDía, noch dho chruthuigh na
huile neithe tré Iósa Críosd:


L. Ef3:10


Dochum gu ndiongantáoi anois follas trésaneagluis, eagna éugsamhuil
Dé, dona húachdaránuibh agus do chumhachduibh atá ar neamh:


L. Ef3:11


Do réir an téilgin shiórruidhe, noch dhorinne sé a nIósa Críosd ar
dtighearnaine.


L. Ef3:12


As a bhfuil dánachd aguinn, agus slighe ré dhul asdteach maille ré
dóchas, tré chreideamh annsan.


L. Ef3:13


Uime sin sirim dhathchuinghe oruibh, gan sibh dho dhul ananmhuinne tré
ma bhuáidhearthuibhse ar bhur sonsa, noch as glóir dháoibhse.


L. Ef3:14


Ar anadhbharsa feacuim mo ghlúine dathair ar dtighearna Iósa Críosd:


L. Ef3:15


As a naimnighthear an mhuinntir uile aga bhfuil énathair ar neamh agus
ar talamh.


L. Ef3:16


Dochum gu dtíubhradh sé dhíbh, do réir shaidhbhris a ghlóire, bheith
láidir neartmhar tréna sbioruid, sa duine atá dhon táobh asdtigh.


L. Ef3:17


Dochum gu ndiongnadh Críosd comhnuidhe tré chreideamh ion bhur
gcroidheadhuibh:


L. Ef3:18


Ionnas ar mbeith díbh arna bhur bhfréumhughadh agus arna bhur
bhfonndameantughadh a ngrádh, gu madh féidir libh a choimsiughadh maille ris
na huile náomhuibh, créd hé leithead, agus fad, agus doimhne, agus áirde a
thrócaire:


L. Ef3:19


Agus eólas ghrádha Críosd teid tar gach eólas do bheith aguibh:
dochum gu liófuidhe sibh ré huile iomláine Dé.


L. Ef3:20


Uime sin don tí lénab féidir na huile neithe dho ghéunamh gu hiomarcach
tar mar shirmid, nó mar smuáinemíd, do réir an chumhachd oibrigheas ionnainn,


L. Ef3:21


Don tí sin, u raibhe glóir saneagluis, tré Iósa Críosd, ó áois gu
haois, a sáoghal na sáoghal. Amen.


L. Ef4



L. Ef4:1


Uime sin sirimse atá um bhrághuid ar son an tighearna, dhachuinghe
oruibh, siubhal daoibh gu cuibhghe don ghairm dochum ar goireadh sibh:


L. Ef4:2


Maille ris anuile umhlachd inntinne agus cheannsachda, maille ré foighide
fhada, ag iomchur ré chéile a ngrádh:


L. Ef4:3


Ag déunamh díthchill ré háondachd na sbioruide dho choimhéud, a
gcoimhcheangal sióthchána.


L. Ef4:4


Ní fhuil ann achd éunchorp, agus áon sbioruid atá, amhuil fós do goireadh
sibh anéunmhuinighin bhur ngarma.


L. Ef4:5


Ní fhuil ann achd éuntighearna, éunchreideamh éun bhaisdeadh,


L. Ef4:6


Eún nDía, agus athair na nuile, noch atá ós cionn na nuile, agus
trés na huilibh, agus ionnuibhse uile.


L. Ef4:7


Achd tugadh grás dá gach áon aguinn do réir mhiosúir thiodhlaice Chríosd.


L. Ef4:8


Uime sin adeir sé ar ndul dó suás sanáirde, gu rug sé an bhruid a
mbroighdeanas ris, agus tug sé tiodhlaice do dháoinibh.


L. Ef4:9


Achd an rádh so eadhón gu ndeachuid sé suás, créd is ciáll dó achd gu
ndeachuid sé siós ar tús mar an gcéudna go hionaduibh iachdaracha na talmhan?


L. Ef4:10


An tí dochuáidh siós, asé a neach céudna dhochuáidh suás go hárd
ós na huile neamhuibh, dochum na nuile dho liónadh dhó.


L. Ef4:11


Uime sin tug sé drung dháirighthe na nabsdaluibh, agus drung eile na
bhfáidhibh, agus drung eile na soibhisgéuluibh, agus drung eile na
náodhairighibh agus na luchd teaguisg:


L. Ef4:12


Dochum na náomh dho cheangal gu diongmhálta ré chéile, dochum oibre na
miniosdrálachda, agus dochum follamnuighthe choirp Chríosd:


L. Ef4:13


Gu teachd dúinn uile anáonnachd an chreidimh, agus eólais mhic Dé,
dochum bheith nar nduine iomshlán, agus dochum mhiosúir áoise iomláine
Chríosd:


L. Ef4:14


Dochum nách bemís ó so amach nar leanbuibh, dár mbogadh agus dár
nglúasachd fágcuáirt ré gach uile shuinnéun teaguisg, ré cleasradh
dáoineadh, agus ris an ngliocas céilge na luighid siád dochum dáoineadh
dho mhealladh:


L. Ef4:15


Achd ar mbeith dúinn ag leanmhuin don fhírinne a ngrádh, fásam sna huile
neithibh dochum an tí as ceann ann, eadhon Críosd:


L. Ef4:16


O na bhfaghann an corp uile, ar mbeith dó gu ceart coimhcheanguilte, agus
dlutaighthe ré chéile tré choimhcheangal na nuile bhall ré a gcoimhlíontar
é, maille ré hoibriughadh bhríghmhar bhios ann do réir mhiosúir gach
éunbhuill, fás iomchuibhghe cuirp, dochum a fhollamnuighthe féin a ngrádh.


L. Ef4:17


Uime sin adeirim so, agus tógbhuim an tighearna dfhíadhuise, ar gan
sibhse do shiubhal feasda, mar shiubhluid na cineadhacha eile, a
ndiomháoineas a ninntinne,


L. Ef4:18


Agá bhfuil a dtuigse arna dalladh, ar mbeith dhóibh na
gcoimhuightheachuibh do bheatha Dhé, do bhrígh anainbhfis atá ionnta,
tré chrúas a gcroidhe.


L. Ef4:19


Noch ar mbeith dóibh gan mothughadh ionnta, tug iád féin do mhínáire,
dochum gach uile neamhghloine dho ghéunamh maille ré rosáinte.


L. Ef4:20


Achd ní mar sin fuarabhairse foghluim Chríosd:


L. Ef4:21


Má dhochuálabhair hé, agus má dho teaguisgeadh sibh ris, (amhuil atá
anfhírinne a nIósa,)


L. Ef4:22


Eadhón gurob cóir dháoibh an seanduine d reir na céud choinbhiorsáide
do chur uáibh, noch atá arna thruáilleadh ó ainmhiánuibh seachrain:


L. Ef4:23


Agus bheith dháoibh arná bhur nathnuádhughadh a sbioruid bhur ninntinne.


L. Ef4:24


Agus an duine nuádh dho chur iomuibh, noch atá arna chruthughadh do réir
Dhé, a bhfiréundachd, agus a bhfiórnáomhdhachd.


L. Ef4:25


Uime sin ar ndealughadh ris an mbréig dháoibh, lábhradh gach áon aguibh
anfírinne réna chomharsuin: oír as buill dá chéile sinn.


L. Ef4:26


Biodh fearg oruibh, giodheadh ná déunuidh peacadh: ná maireadh ar bhfearg
gu dul na gréine fáoi:


L. Ef4:27


Agus ná tuguidh áit don Diábhal.


L. Ef4:28


An tí dhorinne goid, ná gadadh nísa mhó: achd gu madh luáithe dhiongnas
saothar anoibriughadh maitheasa réna lámhuibh féin, dochum gu mbiadh ní
aige ré thabhairt don tí air a bhfuil riáchdanus.


L. Ef4:29


Ná tigedh briáthar ar bioth thruáillighthe amach as bhur mbéul: ach
giodhbé briáthar fhoghnas dochum follamnuighthe, dochum gu dtíubhradh
grása do luchd a héisdeachda.


L. Ef4:30


Agus ná cuiridh doilgheas ar sbioruid náomhtha Dhé, lér cuireadh séula
oruibh gu lá an fhuásluighthe.


L. Ef4:31


Bíodh gach uile shearbhus, agus gach aingidheachd, agus gach fearg, agus
gach gáirthe, agus gach ithiomradh, arná thogbháil uáibh, maille ris anuile
olc.


L. Ef4:32


Bígidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt mhaitheachuis
uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a gCríosd.


L. Ef5



L. Ef5:1


Uime sin bigidhse inar luchd leanmhana Dé, mar chloinn ghrádhuigh:


L. Ef5:2


Agus siubhlúidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé
hé féin ar ar son, na ofráil agus na iodbairt dheaghbhaluidh dho Dhía.


L. Ef5:3


Giodheadh na hainmnighthear amháin ion har measg, sdriópachas, na
neamhghloine ar bioth, na sáint, fá mar as iomchuibhghe dho náomhuibh.


L. Ef5:4


Ná broghuighechd, na comhradh báoth, nácnaid chainte, noch ios neithe
neamhchuibhghe: achd gu madh fearr libh breith bhuidheachais.


L. Ef5:5


Oír atá a fhios so aguibh, nách fuil aodhaireachd a rióghachd Chríosd
agus Dé, ag sdriopuidh ar bioth, ná ag duine neamhghlan, ná ag duine
shánntach, noch as fear iódhaladhruigh.


L. Ef5:6


Ná mealladh neach ar bioth sibh ré briáthruibh diomháoineacha: oír tig
fearg Dhé ar a son so ar chloinn na heasumhlachda.


L. Ef5:7


Uime sin ná bíghidh na gcumann.


L. Ef5:8


Oír dobhábhair ar uáiribh nar ndorchadus, achd anois atá sibh nar
solas sa dtighearna: siubhluid mar chloinn an tsolais.


L. Ef5:9


(Oír atá toradh na sbioruide sanuile mhaith, agus a bhfírénndachd agus
a bhfírinne.)


L. Ef5:10


Ar mbeith dháoibh agá dhearbha créud hé a ní ina mbí deagthoil an
tighearna.


L. Ef5:11


Agus ná bíodh cumann aguibh ré hóibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis,
achd gu madh luáithe ribh dhá lochdughadh.


L. Ef5:12


Oír as gráineamhuil ré aninnisin amháin, na neithe dhoníd síad ós íseal.


L. Ef5:13


Giodheadh bíd na huile neithe follas, ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas:
oír asé an solas doní gach ní foillsighthe.


L. Ef5:14


Uime sin adeir sé, musguil a dhuine atá ad chodladh, agus eirigh ad
shesamh o mharbhuibh, agus dobhéra Criosd solas duit.


L. Ef5:15


Uime sin tabhruidh dhá bhur naire cionnas dothiucfadh ribh siubhal gu
haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe:


L. Ef5:16


Ag fuásgladh na haimsire, do bhrígh gu bhfuilid na laithe go holc.


L. Ef5:17


Uime sin ná bígidh neamhghlic, achd tuigidh créud í toil an tighearna.


L. Ef5:18


Agus na bígidh ar misge ó fhíon, ina bhfuil cráos: achd bíghidh arna
bhur liónadh don sbioruid:


L. Ef5:19


Ag labhairt ré chéile a salmuibh, agus a bhfonnuibh diagha, agus a
gcainnticibh sbioradálta, ag seinm, agus ag dénamh ceóil don tighearna
ion bhur gcroidhthibh.


L. Ef5:20


Ag breith bhuidheachais do shiór ré Día athar, anainm ar dtighearna
Iósa Críosd, ar son na nuile neitheann.


L. Ef5:21


Ag dénamh umlachda dhá chéile anegla Dé.


L. Ef5:22


A mhná bígidh urramach dá bhur bhfearuibh pféin, amhuil dobhiádh
sibh dhon tighearna:


L. Ef5:23


Ar anadhbhar gurob hé an fear ceann na mná, amhuil asé Críosd ceann
na heagluise: agus ios asé slánaighthóir an chuirp hé.


L. Ef5:24


Uime sin amhuil umhluigheas anegluis hí féin do Chríosd, gu madh
hamhluidh sin bhiás na mná umhla dá bhfearuibh féin ion gach éun ní.


L. Ef5:25


A fhiora, biódh grádh aguibh dá bhur mnáibh, mar dho ghrádhuigh Críosd
aneagluis, agus tug sé hé féin ar a son:


L. Ef5:26


Dochum gu ndiongnádh náomhtha hí, arna glanadh dhó anamar uisge,
trésan mbréithir:


L. Ef5:27


Dochum a déunta dhó féin na heagluis ghlórmhuir, gan cháidhe gan
chasadh, ná ní as cosmhuil ríu sin, achd dochum gu mbiádh sí náomhtha
neimhchionntach.


L. Ef5:28


As amhluidh sin as cóir dhona fearuibh a mná dho ghrádhughadh mar a
gcorpuibh pféin. An tí ghrádhuigheas a bhean, asé féin ghrádhuigheas sé.


L. Ef5:29


Oír ní thug éunduine riámh fós fuath dhá fheóil féin, achd dobheir beatha
agus clúdadh dhi, do réir mar dobheir an tighearna dhon neagluis.


L. Ef5:30


Oír as buill dá chorpsan sinne, dá fheóil agus dá chnámhuibh.


L. Ef5:31


Dá bhrígh so fúigfidh duine a athair agus a mhathair, agus biádh sé
ceanguilte dhá mhnáoi, agus beid aráon na náonfheóil.


L. Ef5:32


As seicréid mhór so, achd as ar Chríosd agus air aneagluis labhruimse.


L. Ef5:33


Uime sin biódh grádh fó leith ag gach áonduine aguibh dhá mhnáoi,
amhuil dobhiádh dhó féin: agus tugadh a bhean dá haire bheith
eaglach roimh an bhfear.


L. Ef6



L. Ef6:1


A Chlann bíghidh umhal dá bhur naithribh agus da bhur maithribh
sa dtighearna: oír as cóir so.


L. Ef6:2


Tabhair onóir dod tathair agus dod mhathair, (agárob hí an chéud aithne
maille ré geallamhuin.)


L. Ef6:3


Dochum gu mhbíadh rath ort, agus gu mbiádh fad sáoghail agud ar an
dtalamh.


L. Ef6:4


Agus a aithreacha, ná brosduighe bhur gclann dochum féirge, achd tógbhuidh
suás iád a dteagusg, agus a bhfoirceadal an tighearna.


L. Ef6:5


A shearbhfhoghantuigheadha bígidh umhal dá bhur maighisdribh do réir na
feóla, maille ré faithcheas agus ré chriothnughadh, a bhfiorghloine bhur
gcroidhedh, amhuil dobhiádh sibh, do Chríosd.


L. Ef6:6


Ní ag déunamh seirbhíse dhon tsúil, mar an luchd doní toil na ndáoine,
achd mar shearbhfhoghantuigheadhuibh Chríosd, ag déunamh thoile Dé ó
chroidhe:


L. Ef6:7


Maille ré deaghthoil ag dénamh seirbhíse, amhuil do dhéunamh sibh hí don
tighearna, agus ní do dháoinibh:


L. Ef6:8


Ar mbéith a fheasa aguibh gu bhfóighbhe gach áon tarbha gach maitheasa
dhá ndiongna ré ón dtighearna, más dáor nó sáor dhó.


L. Ef6:9


Agus a mhaighisdri déunuidhse na neithe céudna dhóibhsion, ag cur
bhaghair ar gcúl: ar mbeith a fheasa aguibh, gu bhfuil bhur maighisdir
féin air neamh mar an gcéudna, agus nách fuil féuchuin do phearsuinn seach
a chéile aige.


L. Ef6:10


Fá dheóigh a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa dtighearna, agus
a gcumhachd a neirtsion.


L. Ef6:11


Cuiridh iomuibh armáil Dé gu huilidhe, dochum gu madh féidir libh seasamh
anadhuigh shlighthedóireachda an Diábhail.


L. Ef6:12


Oír ní ré fuil agus ré feóil donímuid sbáirn, achd ré huáchdánachduibh,
ré cumhachduibh ré prionnsuidhibh an domhuin, eadhón dhorchaduis an
tsáoghailse, agus ré drochsbioraduibh, noch atá sna hionaduibh árda.


L. Ef6:13


Uime sin glacuidh chuguihb armáil Dé go huilidhe, dochum gu madh féidir
libh cur na nadhuigh a ló an riáchdanuis, agus ar gcríochnughadh na nuile
neitheann dáoibh, seasamh.


L. Ef6:14


Uime sin seasuidh, ar mbeith dá bhur leasrachuibh arna gcreasrughadh ré
fírinne, agus ar gcur éidigh ochda na fíréuntachda iomuibh:


L. Ef6:15


Agus bróga ullmhuighthe shoisgéil na siothchána fá bhur gcosaibh.


L. Ef6:16


Agus tar gach uile ní glacuidh chuguibh sgíath an chreidimh, tréna
dtiucfuidh dhíbh, uile ghóithe tinntighe na drochsbioruide do mhúchadh.


L. Ef6:17


Agus gabhuidh chuguibh cloguid na sláinte, agus cloidhemh na sbioruide,
eadhon briáthar Dé.


L. Ef6:18


Ar mbeith díbh ag úrrnuighthe dho shiór, ré gach áon ghné úrnuighthe agus
achuinghe trésan sbioruid: agus ag faire sa ní gcéudna maille ré gach uile
bhuanas agus ré gach uile ghuidhe ar son na nuile náomh.


L. Ef6:19


Agus ar mo shonsa; dochum gu dtiubhartháoi dhamh cumas labhartha
anosgladh mo bhéil maille ré danachd, dochum sheicreide an tsoisgéil do
fhoillsiughadh dhamh:


L. Ef6:20


Dá bhfuilim um theachdaire agus mé a slábhradh ceangailte, dochum
gu ndiongnuinn dánachd lahartha as. Fá mar as éigeann damh labhairt.


L. Ef6:21


Agus dochum gu mbiádh fios na neitheann bheanas riómsa aguibhse agus
créd doním, foillseóchuidh Tichicus dearbhráithair dioghraiseach, agus
minisdir dileas sa dtighearna, na huile neithe dhíbh:


L. Ef6:22


Noch dho chuir mé chuguibh a dtimchioll anadhbhairse féin, dochum gu
mbiádh fios na neitheann beanus rinne aguibhse, agus go dtíubhradh
comhfhurtachd dá bhur gcroidheadhuibh.


L. Ef6:23


Siothcháin maille ribhse na derbhraithreacha, agus grádh maille ré
creideamh ó Dhía athar, agus ón dtighearna Iósa Críosd.


L. Ef6:24


Grása maille ris na huile dháoinibh ghrádhuighes ar dtighearna Iósa
Críosd maille ré neamhthruáilleadh. Amén.


L. Fl



EPISDIL PHOIL ABSDAIL DOCHUM na bhFilippiánach.


L. Fl1



L. Fl1:1


POL agus Timotheus searbhfhoghantuigheadha Iósa Criosd, dochum na
nuile náomh a nIósa Críosd noch atá a bhFilippí, maille ris na
heasbuguibh agus ris na deochanuibh:


L. Fl1:2


Grása maille ribh agus sióthcháin ó Dhía ar nathair, agus ón dtighearna
Iósa Críosd.


L. Fl1:3


Beirim buidheachas ré mó Dhía gach uáir choimhnighim oruibhse,


L. Fl1:4


Ag siór déunamh úrnuighthe maille ré gáirdeachas, um uile ghuidhe ar bhur
sonsa uile.


L. Fl1:5


Do bhrígh bhur gcumuinn ris a soisgéul, ón gcéud lá gus anois.


L. Fl1:6


Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní gcéudnasa, eadhón an tí dho
thionnsguin obair mhaith ionnuibh, gu gcuirfe sé crióch uirrthe, gu lá Iósa
Críosd:


L. Fl1:7


Fá már as cóir dhamh an breathnughadhsa do bheith agum oruibh uile, do
bhrígh gu bhfuilim dha choimhne um chroidhe, gu rabhabhair uile ré linn
bheith a ngeimhlibh dhamh, agus ré linn mo chosanta agus mo
dhaingnighthe ar an soisgéul, páirteach ré mo ghrása.


L. Fl1:8


Oír atá Día dhfíadhnuise agum, ar mhéud mo dhúile ionnuibh uile ó
fhréumhach mo chroidhe a nIósa Críosd.


L. Fl1:9


Agus iárruim so dhachuinghe, bhur ngrádhsa dho líonadh fós nísa mhó
ná chéile, aneólas agus anuile thuigse:


L. Fl1:10


Dochum u dtiucfadh dhíbh breitheamhnus do ghéunamh a neithibh
eidirdhealuightheacha, as gu mbiádh sibh fiórghlan gan tuisleadh ar bioth gu
teachd láe Chríosd:


L. Fl1:11


Ar mbeith liónta dháoibh do thórrthuibh fíréundachda, noch tré Iósa
Críosd liónus, dochum glóire agus molta Dé.


L. Fl1:12


Agus as mián rióm a fhios do bheith aguibh a dhearbhraithreacha, na neithe
thárrla dhamh gur éiridh ríu barr oirrdhearcuis do chur ar an soisgéul:


L. Fl1:13


Ionnas gu bhfuilid mo chuibhrighthese ar son Chríosd oírrdheirc ar
feadh chúirte animpir uile, agus sna huile aitibh eile mar an gcéudna:


L. Fl1:14


Ionnas gurob móide dánachd na coda as mó dhona dearbhráithribh sa
dtighearna, dochum na bréithre dho labhairt gu neamheaglach, an mhisneach do
ghabhadar chuca as mó chubhrighthibhse.


L. Fl1:15


Doní dream dháirighthe go dearbhtha Críosd do sheanmórughadh tré thnúth
agus tré chonsbóid, agus dream eile tré dheaghthoil:


L. Fl1:16


Adeirim gu ndiongnam dream dháirighthe fos Críosd do sheanmórughadh
tré chonsbóid, agus ní ó inntinn ghloin, ag sáoilsin dóibh gu gcuirfidh
tuilleadh buáidheartha a gceann na gcuibhreach atá oramsa:


L. Fl1:17


Achd doní dream eile sin ó ghrádh, ar mbeith a fheasa aca, gu
bhfuilimse ar shuighiughadh dochum seasda ar son an tsoisgéil.


L. Fl1:18


Créud eile má seadh? atá Críosd fós dá sheanmórughadh ar gach éunchor,
más a riochd fhírinne hé, nó fós a bhfírinne féin: agus donímse dhá
bhrígh so gáirdeachas, agus fós doghéunad gáirdeachas.


L. Fl1:19


Oír atá a fhios agum gu rachuidh so chum slánuighthe dhamh tré bhur
núrnuighthese, agus tré chongnadh iomlán sbioruide Iósa Críosd:


L. Fl1:20


Do réir mar atá mo shúil agus mo mhuinighin gu géur ris, nách
cuirfighthear adhnáire oram anáon ní, achd maille ré gach uile dhóchas,
amhuil tárrla dhamhsa riámh, gu náirdeochar Críosd anois mar an
gcéudna um chorp, más tré bhetha nó tré bhás hé.


L. Fl1:21


Oír as éudáill dámhsa Críosd más beatha nó bás damh.


L. Fl1:22


Agus dá dteagmhuigh dhamh bheith béo sa gcoluinn, biáidh sé tarbhach
dhamh: agus créd do bhéuruinn do roghain, ní eadair mé.


L. Fl1:23


Oír atáim a gcumhgach ar gach táobh, ar mbeith dhamh fonnmhar ar bheith
a bhfochair Chríosd: oír ní fhuil ann nías fearr ina sin.


L. Fl1:24


Giodheadh as mó atá sibhse a riachdanas anmhana sa gcoluinn damh.


L. Fl1:25


Agus atá a fhios dearbhtha so agum, gu nanfad agus gu ndiongnad
comhnuidhe ion bhur bhfochairse uile, dochum sibhse dho thabhairt ar bhur
nadhuigh, agus dochum gáirdeachais bhur gcreidimh:


L. Fl1:26


Dochum méuduighthe dhá bhur mórtachas a nIósa Chríosd dom
tháobhsa, ó bhieth dhamh arís do láthiar agaibh.


L. Fl1:27


Amháin iomchruidh sibh pféin gu cuibhghe dho shoisgéul Chríosd, ionnas
dá dtigidh mé agus gu bhfaicfead sibh, nó dhá raibhe mé uáibh, gu
bhfuighead sgéula oruibh, gu bhfuiltí ag anmhuin anáon sbioruid, agus ag
cur lé chéile dhéuninntinn a gcreideamh an tsoisgéil:


L. Fl1:28


Agus ná biódh eagla na druinge chuireas ion bhur nadhuigh oruibh a gcáill
ar bioth: noch ios comharrgha sgriosda dhóibhsion, achd atá díbhse na
chomharrgha slánaighthe, agus sin ó Dhía.


L. Fl1:29


Oír tugadh dhíbhse anaisgidh ar son Chríosd, ní hé amháin creideamh
dhíbh ann, achd mar an gcéudna fulang ar a shon:


L. Fl1:30


Ar mbeith don chomhrac chéudna aguibhse, noch dhochonncabhair
ionnamsa, agus anois dochluintí dho bheith ionnam.


L. Fl2



L. Fl2:1


Uime sin má atá comhfhurtachd ar bioth a gCríosd, má atá solás ar
bioth grádha, má atá cumann ar bioth sbioruide, má atá truáighe ar bioth nó
trócaire:


L. Fl2:2


Coimhlíonuidh mo gháirdeachasa, ré bheith díbh dhéninntinn,
dáonghrádh, dhéuntoil, agus déun bhreitheamhnas.


L. Fl2:3


Gan déunamh áon neithe tré chonsbóid, na tré ghlóir dhiomháoin, achd
anumhlachd inntinne, ag meas dá gach áon gach áon dá aire mar an
gcéudna na neithe bheanas ré dáoinibh eile.


L. Fl2:4


Nárob iád na neithe bheanas ris féin bheuras gach áon dá aire, achd
tugadh gach áon dá aire mar an gcéudna na neithe bheanas ré dáoinibh eile.


L. Fl2:5


Uime sin biódh aninntinn chéudna ionnuibh noch dhobhí fós a nIósa
Críosd:


L. Fl2:6


Noch ar mbeith dó a bfoirm Dhé, nár mheas sé na shlad bheith dhó
comhchothrom ré Día:


L. Fl2:7


Giodheadh do chuir sé hé féin a neamhshuim, ar ndul dó a riochd
shearbhfhoghantuighe, arna dhéunamh féin cosmhail ré dáoinibh.


L. Fl2:8


Agus arna fhagháil a bhfioghair mar dhuine, do ísligh sé hé féin, ar
mbeith dhó arná ghénamh umhal gus an mbás, eadhón bás na croiche.


L. Fl2:9


Ar anadhbharsin do arduigh Día é gu ro árd mar an gcéudna, agus tug
sé ainm dhó ós cionn gach uile anma:


L. Fl2:10


Dochum gu bhfeacfadh gach uile ghlúin dainm Iósa eadhón glúine na
neitheann atá ar neamh, agus ar talamh, agus fáoi an dtalamh:


L. Fl2:11


Agus gu naidéumhadh gach uile theanguidh gurob hé Iósa Críosd an
tighearna, dochum glóire Dé athar.


L. Fl2:12


Uime sin a dhearbhráithreacha grádhacha amhuil tug sibh umhlachd uáibh a
gcomhnuidhe, ní hé amháin dom láthairse, achd anois gu mórmhór ar mbeith
damh dá bhur bhféugmuis, cuiridh crióch ar bhur slánughadh féin maille ré
faitcheas agus ré criothnughadh.


L. Fl2:13


Oír asé Día oibrigheas ionnuibh an toil agus an gníomh, do réir
dheaghthoile féin.


L. Fl2:14


Déunuidh na huile neithe gan monmar agus gan challoid:


L. Fl2:15


Dochum bheith dháoibh neimhchiontach, agus neamhorchoideach, ion bhur
gcloinn neamhlochduigh ag Día, ameasg dhroch chinidh chrosda, eidir a
bhfuil sibh ag déallrughadh mar lochrannuibh soillse sa sáoghal.


L. Fl2:16


Agus síneadh bhréithre na beatha uáibh amach, dochum gu dtiucfadh
dhiómsa mórtachas do ghénamh a ló Chríosd, as nár rioth má gu diómháoin,
agus nar sháothruidh mé gu díomháoin.


L. Fl2:17


Achd fós biódh gu bhfuilim dhom iodhbairt ar muin iodhbartha agus
sheirbhíse bhur gcreidimhse, atá luathgháir oram agus gáirdeachas máráon
riomsa.


L. Fl2:18


Ar son anadhbhair chéudna dénuighse fós luathgháir agus gáirdeachas
máráon riomsa.


L. Fl2:19


Agus atá muinighin agum sa dtighearna Iósa, ré Timotheus do chur
chuguibh gu haithghearr, dochum gu mbinn deaghmhisnigh, ar bhfagháil
fheasa créud as cor dháoibhse.


L. Fl2:20


Oír ní fhuil a shamhuil agum ar fheabhus a inntinne, do neoch ar a
mbíadh cúram na neitheann bheanas ribhse go dúthrachdach.


L. Fl2:21


Oír asiád na neithe beanas ríu féin iárruid na huile, agus ní híad
na neithe bheanas ré hIósa Críosd.


L. Fl2:22


Achd atá fios a dhearbhthachdsan aguibhse, eadhón gu ndearna sé
miniosdrálachd um fhochairse sa soisgéul, amhuil do ghéunamh mac a
bhfochair a athar.


L. Fl2:23


Uime sin atá suil agum ris anfhiorsa do chur chuguibh, comhluáth
agus bhiás a fhios agum créud bhus cor dhamh pféin.


L. Fl2:24


Agus atá muinighin agum sa dtighearna, gu dtiucfuidh mé féin mar an
gcéudna chuguibh gu haíthghearr.


L. Fl2:25


Giodheadh do mheas mé gu raibhe na riachdanas, mo dhearbhráthair
Epaphroditus do chur chuguibh, mo chomhoibrighe, agus mo choimhfhior
coguidh, agus bhur dteachdairese, agus an tí dho fhóir oram anam mo
riacdanuis.


L. Fl2:26


Oír dobhí fonn a chroidhe ionnuibhse uile, agus do liónadh é do thuirse
tréna chlos dháoibhse gu raibhe sé lag.


L. Fl2:27


Agus gu deimhin so bhí sé lag a bhfogus don bhás: giodheadh dorinne
Día trócaire air, agus ní hair amháin, achd oramsa mar an gcéudna, dochum
nách biádh doilgheas ar muin doilghis oram.


L. Fl2:28


Uime sin bá móide mo dhúrthachd fána chur chuguibh, dochum arna
fhaicsin arís dháoibh gu ngéubha gáirdeachas sibh, agus go madh lughaide mo
doilgheassa hé.


L. Fl2:29


Ar anadhbharsin gabhuidh chuguibh hé sa dtighearna maille ris anuile
gháirdeachas: agus biodh cion mór aguibh ar a samhuilsion.


L. Fl2:30


Do bhrígh gu dtáinic sé gu gar dhon bhás ar son oibre Chríosd, agus nár
chuir suim ina anum, dochum gu gcoimhliónfadh sé anuireasbhaidh dhobhí
oramsa a dtáobh bhur seirbhísse.


L. Fl3



L. Fl3:1


Tuilleadh eile a dhearbhraithreacha, dénuidh gairdeachas sa dtigherna. Gu
deimhin ní leasg leam na neithe céudna dho sgríobhadh chuguibh, agus as ní
sabhálta dhíbhse hé.


L. Fl3:2


Coimhéuduigh sibh pféin ar mhadruighibh: coimhéuduigh sibh pféin ar
dhrochluchd oibre: coimhéuduigh sibh pféin ar an gcoimhghearradh.


L. Fl3:3


Oír as sinne an timchiollghearradh, noch dhoní seirbhís do Dhía a
sbioruid, agus doní gáirdeachas a nIósa Críosd, agus nách cuireann ar
muinighin sa bhfeóil:


L. Fl3:4


Biodh gurob féidir leamsa fós bheith muinighneach as an bhfeóil. Má
sháoileann éuneach eile gurob féidir leis a mhuinighnin do chur sa bhfeóil,
as mó ina sin as féidir leamsa hé,


L. Fl3:5


Ar mbeith damh timchiollghearrtha an tochdmhadh lá, do chineadh
Israél, do threibh Bheniamin, am abhraidhe dona habhruighibh,
am Fhairisíneach do réir an reachda.


L. Fl3:6


Re hiomad grádha dho tháobh an reachda dorinne mé fóleanmhuin air
aneagluis: do tháobh an cheirt atá sa reachd, dobhí mé neimhchiontach.


L. Fl3:7


Achd na neithe dobhí na neudáil agum, do mheas mé gur dhulamugha iád
ar son Chríosd.


L. Fl3:8


Agus fós gu deimhin, measuim na huile neithe dho bheith na ndulamugha,
ar son eólais ro oirrdheirc Iósa Críosd mo thighearna: agár léig mé dhíom na
huile neithe ar a shon, agus measuim nách bhfuil ionnta achd áoileach,
dochum Críosd do ghnoughadh damh:


L. Fl3:9


Agus dochum gu bhfuighthí annsan mé, gan bheith dhom fhiréunndachd féin
agum, eadhó anfhíréundachd tig ón reachd, achd anfhiréundachd tig
tré chreideamh Críosd, an fhíréndachd atá ó Dhía tré chreidemh:


L. Fl3:10


Dochum gu mbiádh aithne agum airsion, agus ar chumhachd a eiséirghe,
agus ar chumann a pheannuidhe, ar mbeith dhamh dhom chur a gcosmhaileas
chrotha réna bhás:


L. Fl3:11


Dá fhéuchain an dtiucfadh dhióm ar éunchor, rochdain go heiséirghe na
marbh:


L. Fl3:12


Ní hé gu ráinic mé cheana hí, nó gu bhfuilim fós ar dteachd chum críche:
achd atáim ag rioth dhféucháin an dtiucfadh dhíom fós breith uirrthe,
do bhrígh gu rugadh oram cheana ré Críosd.


L. Fl3:13


A dhearbhraithreacha, ní mheasuim gur bhuáill mé cheana an comharrgha:


L. Fl3:14


Achd doním éun ní amháin: ar mbeith damh ag dearmad na neitheann atá ar
mo chúl, agus ag déunamh mo dhíthchill dochum na neitheann atá romham,
riothuim gu dián dochum an chomharrgha, do mhián luádhaigheachda ardghárma Dé
a nIósa Críosd.


L. Fl3:15


Uime sin an mhéid dínn atá diongmhalta, bioth aninntinnse aguinn:
achd má tá sibh ar aithearrach inntinne, foillseóchuidh Día a ní céudna dhíbh.


L. Fl3:16


Giodheadh siubhlam ar ar nadhuigh sa ní dochum a dtangamar, do réir
áon riaghla amháin, agus bímid déuninntinn:


L. Fl3:17


A dhearbhráithreacha, bígidh ré chéile ion bhur luchd leanmhana agumsa,
agus tabhruidh aire don druing shiubhlas do réir na heisímpláire
dhobheirmídne dhíbh.


L. Fl3:18


Oír atáid morán ag siubhal, fár labhair mé ribh gu minic, agus fá a
bhfuilim ag gul anois dá innisin díbh, gurob naimhde iád do chroich Chríosd:


L. Fl3:19


Agárob damhnughadh a gcríoch dheigheanach: agus agarob hé a ndía a
mbolg, agus agá dtéid a nglóir a náire dhóibh, noch smuáineas ar neithibh
talmhuidhe.


L. Fl3:20


Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne, an tionad as a bhfuil súil
aguinn fós ré teachd an tslánaightheóra eadhón an tighearna Iósa Críosd:


L. Fl3:21


Noch chuirfeas ar gcorp truáillighthe a naithearrach crotha, dochum a
dhéunta comhchosmhuil réna chorp glórmhar féin, ónoibriughadh lénab féidir
leis na huile neithe fós do chur fáoi féin.


L. Fl4



L. Fl4:1


Uime sin a dhearbhráithreacha grádhacha, dá bhfuil toil mo chroidhe, mo
sholás agus mo choróin, seasuidh mar so sa dtighearna, a
dhearbhraithreacha grádhacha.


L. Fl4:2


Sirim dhathchuinghe ar Evodias, agus sirim Shintiche, bheith
dhéuninntinn sa dtighearna.


L. Fl4:3


Agus sirim dhachuinghe ortsa mar an gcéudna, a chompánuigh
charthanaigh, cungnamh ris na mnáibh, noch dhorinne díthchioll maille
riómsa sa soisgéul, agus maille ré Clement, agus ris an gcuid eile
dom luchd cobhartha, agá bhfuilid a nanmanna a leabhar na beatha.


L. Fl4:4


Déunuidh gáirdeachas do shiór sa dtighearna: adeirim arís déunuidh
gáirdeachas.


L. Fl4:5


Biódh suáimhneas bhur ninntinne follas dona huile dháoinibh. Atá an
tigherna láimh ribh.


L. Fl4:6


Ná biodh róchúram neithe ar bith oruibh: achd sanuile ní biodh bhur
niárratuis foillsighthe do Dhía, anurnuighthe agus anathchuinghe maille
ré breith bhuidheachais.


L. Fl4:7


Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sharuigheas anuile thuigse, bhur
gcroidthe agus bhur ninntinneacha a nIósa Críosd.


L. Fl4:8


Tuilleadh eile a dhearbhraithreacha, giodhbé ar bioth neithe atá
fírinneach, giodhbé neithe atá thrómgha, giodhbé neithe atá ceart,
giodhbé neithe atá glan, giodhbé bé neithe as fíu grádh, giodhbé neithe
ar a bhfuil deaghtheisd, má tá subhalcadha ar bioth, agus má tá moladh, gu
madh híad bhiás sibh dho smuáineadh.


L. Fl4:9


Na neithe fós do fhoghluim sibh, agus do ghlacabhair, agus dochuálabhair,
agus dochonncabhair ionnamsa, déunuidh iád: agus biáidh Día na siothchána
maille ribh.


L. Fl4:10


Agus do ghabh gáirdeachas gu mór sa dtighearna mé, do bhrígh gur
éiridh ribh fá dheireadh mo chúramsa dho bheith oruibh, a ní dobhí
na chás oruibh, achd nách fuárabhair ám.


L. Fl4:11


Ní hé adhbhar fá a labhruim a gcáill riachdanuis do bheith oram:
oír do fhoghluim mé iomchar gu toltanach ré gach cor dhá neirgheann damh.


L. Fl4:12


As eól damh bheith uiríseal, agus as eól damh bheith iomlán: sanuile áit
agus sna huile neithibh dho teaguisgeadh mé, ré bheith sáitheach agus ré
bheith ocarach, ré bheith liónta agus ré bheith a riachdanas.


L. Fl4:13


Tig dhióm na huile neithe dho ghéunamh, trésan tí neartuigheas mé
eadhón Chríosd.


L. Fl4:14


Thairis sin is maith dhorinneabhairse bheith pártach rém bhuáidhirtse.


L. Fl4:15


Agus fós atá a fhios aguibhse a Fhilippiánacha, a dtosughadh an
tsoisgéil an tan do fháguibh mé Macedónia, nár roinn eagluis ar
bioth rium a gcúnndus thabhartha agus ghabhála, achd sibhse amháin.


L. Fl4:16


Oír ar mbeith damh fós a dTessalonica, do chuireabhair chugam
uáir nó dhó, fóirighthin mo riachdanuis.


L. Fl4:17


Ní hé gu bhfuilim ag iárruidh tabhartuis, achd amháin ag iárruidh toruidh
roliónmhuir noch dhoghéubhthar ion bhur gconndusa.


L. Fl4:18


Fuáir mé anois na huile neithe, agus atá mo theannsháith agum: do líonadh
mé ar nglacadh dhamh ó Epaphrodítus na neithe táinic uáibhse, atá
na mbaladh dheaghbhaluidh, agus na niodhbairt thaitneamhach, ar a
bhfuil gean ag Día.


L. Fl4:19


Agus fóirfidh mó Dhíasa gach uile uireasbhuidh dhá mbía oruibhse, do
réir a sháidhbhris maille ré glóir, a nIósa Críosd.


L. Fl4:20


Agus glóir do Dhía, eadhón ar nathairne a sáoghal na sáoghal. Amén.


L. Fl4:21


Teannuidh ribh gach uile náomh a nIósa Críosd. Cuirid na
dearbhraithreacha atá um fhochairse a mbeannachd chuguibh.


L. Fl4:22


Cuirid na náoimh uile a mbeannachd chuguibh, agus go mórmhór an dream
atá dho luchd tighe Chéusair.


L. Fl4:23


Grása ar dtighearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amén.


L. Cl



EPISTIL PHOIL ABSDAIL DOCHUM na gColossiánach.


L. Cl1



L. Cl1:1


POL absdal IOSA Críosd tré thoil Dé, agus Timotheus ar
ndearbhráthair,


L. Cl1:2


Dochum na náomh agus na ndearbhráithreach ndíleas a nIósa Críosd,
atá a gColosse. Grása maille ribh, agus siothcháin ó Dhía athair, agus
ón dtighearna Iósa Críosd.


L. Cl1:3


Beirmíd a bhuidhe ré Día, agus ré hathair ar dtighearna Iósa Críosd, ag
déunamh úrnuighthe do shíor ar bhur sonsa.


L. Cl1:4


On tráth fá gcuálamar iomradh bhur gcreidimh a nIósa Críosd, agus bhur
ngrádh a dtáobh na nuile náomh:


L. Cl1:5


Ar son na muinighne atá arna cur a gcoimhéud bhur noirchill sna
neamhuibh, agá bhfuárabhair a tuarasgbháil roimhe, a mbréithir na fírinne
eadhón an tsoisgéil,


L. Cl1:6


Noch táinic chuguibhse, amhuil táinic ré dochum an domhain uile mar
an gcéudna: agus dobheir toradh uádha, mar dobheir ion bhur measgsa ón lá
fá gcuálabhair agus fá bhfuárabhair eólas ar ghrás Dé gu fírinneach,


L. Cl1:7


Amhuil fós do fhoghluim sibh ó Epaphras ar gcomhsearbhfoghantuidhe
grádhach, noch atá ar bhur sonsa na mhinisdir dhíleas ag Críosd.


L. Cl1:8


Noch fós do fhollsigh dhúinne bhur ngrádhsa trésan sbioruid.


L. Cl1:9


Uime sin ón lá fá a gcuálamar hé, ní sguirmíd dá bheith ag úrnuighthe ar
bhur son, agus ag achuinghe sibhse dho bheith liónta deólas a thoilesion,
anuile eagna agus thuigse sbioradalta.


L. Cl1:10


Dochum gu siubhalfadh sibh gu cuibhghe dhon tighearna, maille réna thoil
do ghénamh sna huile neithibh, ag tabhairt toruidh uáibh sanuile
dheaghobair, agus ag fás aneólas Dé:


L. Cl1:11


Arná bhur neartughadh maille ris anuile neart tréna chumhachd
glórghasan, dochum na huile fhoighide agus fhulaing maille ré gáirdeachas:


L. Cl1:12


Ag breith bhuidheachais ris anathair, noch dhorinne sinne iomchuibhghe
dochum coda, dhfaghail doighrechd na náomh sa soillse.


L. Cl1:13


Noch dho sháor sinn ó chumhachduibh an dorchaduis, agus do aithrigh sinn
go rioghachd a mhic ionmhuin féin:


L. Cl1:14


Ion a bhfuil an fuásgladh aguinn tréna fhuil, eadhón maithmheachas na
bpeacadh.


L. Cl1:15


Noch atá na iomháigh dhon Día nách féidir dhfaicsin, agus na
chéudghin na nuile chreatúr:


L. Cl1:16


Oír ios leisean do chruthuigheadh na huile neithe, na neith atá ar neamh
agus ar talamh, na neithe atá ré bhfaicsin, agus na neithe nách féidir
dhfaicsin: más ardchaithireacha iád, nó tighearnuis, nó uáchdaránachd, nó
cumhachdacha, as leision, agus ar a shonsan do cruthuigheadh iád uile.


L. Cl1:17


Agus atá féin roimh na huile neithibh, agus is trídsion sheasaid na huile
neithe a bhfochair a chéile.


L. Cl1:18


Agus as eision ceann chuirp na hegluisi: asé fós an tosach, agus
an chéidghinó mharhadh, dochum airdcheannuis do bheith aige os cionn na
nuile.


L. Cl1:19


Oír do thogair an tathair anuile iomláine dho chomhnuidhe annsan:


L. Cl1:20


Agus ar ndéunamh siothchána tré fhuil a chroicesean, na huile neithe
dhá bhfuil ar talamh agus ar neamh, dho ghéunamh réidh ris féin
thriódsion.


L. Cl1:21


Agus sibhse dobhí anallód nar gcomhuightheachuibh agus nar naimhdibh,
ar mbeith dá bhur ninntinn fonnmhar a ndrochoibrighthibh, do réidhigh sé
anois gu cinnte dháoibh:


L. Cl1:22


A gcorp a fheóla féin, tré bhás: dochum bhur ndéunta náomhtha
neimhchiontach agus sáor na fhiádhnuise féin:


L. Cl1:23


Má chomhnuigheann sibh go fonndameinteach daingean sa gcreideamh, gan
bheith díbh arna bhur nathrughadh ó mhuinighin an tsoisgéil dochuálabhair,
agus dorinneadh dho sheanmóir dá gach uile chreatúr dá bhfuil fó neamh,
eadhón an soisgéul dá bhfuilimse Pól am mhinisdir.


L. Cl1:24


Nóch dhoní anois gáirdeachas ann sna neithibh dhoním dhfulang ar bhur
sonsa, agus choimhlíonas fuigheall buáidheartha Críosd am fheóil, ar son a
chuirpsion, eadhon aneagluis:


L. Cl1:25


Dá ndearnadh minisdir dhíom, do réir fheadhmanntuis Dé, tugadh dhamh da
bhur dtáobhsa, dochum bhréithre Dé dho choimhlíonadh.


L. Cl1:26


Eadhón an tseicréid dobhí folaighthe ó thús an domhuin, agus ó ré na
sean, achd anois atá arna foillsiughadh dhá náomhuibhsion,


L. Cl1:27


Dár thogair Dia a fhoillsiughadh, créd hé saidhbhreas ghlóire na seicréide
a measg na gcineadhach, agárob hé Críosd hé ion bhur measgsa, muinighin
na glóire:


L. Cl1:28


Noch dhonímuidne dho sheanmóir, ag tabhairt fhógra dhá gach áon, agus ag
teagusg gach áoin, sanuile eagna, dochum gach áoin do thabhairt do láthair
iomlán a nIósa Críosd:


L. Cl1:29


A ní dochum a bhfuilimse ag déunamh díthchill, ar mbeith damh ag sbáirn
do réir mar oibrigheas a oibriughadhsan ionnam gu cumhachdach.


L. Cl2



L. Cl2:1


Oír dobfhearr leam gu mbiádh a fhios aguibh, créud hé méud mo chomhruic
ar bhur sonsa, agus ar son na druinge atá a Laodicéa, agus ar son na
méide nách facuigh mhadhuigh sa bhfeóil:


L. Cl2:2


Dochum furtachda dhfagháil dá gcroidheadhuibh, ar mbeith dóibh
dluthuighthe ré chéile a ngrádh, agus anuile shaidhbhrios shardeimhnighthe
tuigse dochum eólais sheicréide Dé eadh;on anathar, agus Chríosd:


L. Cl2:3


Ann a bhfuilid na huile ionnmhusa eagna agus eólais folaighthe.


L. Cl2:4


Agus as uime adeirim so, deagla gu meallfadh éunduine sibh ré hóradh
bríathar:


L. Cl2:5


Oír biódh nach fuilim dhá bhur láthair sa gcoluinn, atáim fós dá bhur
láthair sa sbioruid, ag déunamh gáirdeachais agus féuchain bhur norduighthe,
agus dhiongmhaltachda bhur gcreidimh a gCríosd.


L. Cl2:6


Uime sin amhuil do ghabhabhair an tighearna Iósa Críosd chuguibh, gu
madh hamhluidh sin shiubhalfas sibh ann:


L. Cl2:7


Ar mbeith dhíbh arná bhur bhfrémhughadh agus arná bhur bhfollamnughadh
ann, agus arná bhur ndaingniughadh sa gcreideamh, do réir mar do teaguisgeadh
sibh, ag liónadh ann díbh maille ré breith bhuidheachais.


L. Cl2:8


Tabhruid bhur naire ribh, nách creacfuidh éunduine sibh tré
fheallsamhnachd agus tré mhealltoireachd dhiomháoin, do réir thráchduighthe
na ndáoine, do réir chéudthosuigheadh an domhuin, agus ní do réir Chríosd.


L. Cl2:9


Oir ata anuile iomláine dhiághachda na comhnuidhe annsan gu corparrgha.


L. Cl2:10


Agus atá sibhse arna bhur lómliónadh annsan, eadhón sa tí as ceann
don uile uachdaránachd, agus dona huilechumhachduibh.


L. Cl2:11


Ann a bhfuiltí mar an gcéudna timchiollgearrtha, ré timchiollghearradh
nách ré lámhuibh dhoníthear, a gcur chuirp fpheacuidh na feola dhíbh, tré
thimchiollghearradh Chríosd.


L. Cl2:12


Ar mbeith díbh adhluice máráon ris tré bhaisdeadh, na ndearnabhair
eséirghe fós máráon ris tré chreideamh Dé oibrigheas gu bríghmhar, do
thóguibh súas é ó mharbhuibh.


L. Cl2:13


Agus do aithbheóuigh sé sibhse maille rision, ar mbeith díbh marbh a
bpeacadhuibh, agus a neamhthimchiollghearradh bhur bhfeola, ag maitheamh
bhur nuile pheacuidh dhíbh:


L. Cl2:14


Agus ar sgrios na sgríbhinne dhobhí ionar nadhuighne dh'o, noch
dhobhí anórduighthibh, agus dobhí gu folaightheach contrárrgha dhúinne,
do thóguibh ré as an láthair hí, arna cur a leanmhuin don chroich.


L. Cl2:15


Agus ar bhfádhbhadh na nuachdaránachd agus na gcumhachd dó, do thaiséin
sé gu follas iád ar ndul dó gu caithréimeach ós a gcionn tré san gcroich.


L. Cl2:16


Uime sin ná damnuigheadh éuneach sibh ar son bhídh ná dhighe, ná a dtáobh
láe tsáoire, ná fán re nuáidh, ná a dtáobh na sabóideadh:


L. Cl2:17


Nách fuil achd na sgáille dona neithibh atá dochum teachda: achd
is a gCríosd ata an corp.


L. Cl2:18


Na biódh airdcheannas ag éunduine oruibh uádha féin, anumhlachd
inntinne agus a dtabhairt onóra dhainglibh, dhá sháthadh féin sna neithibh
nách fachuid sé riámh ar mbeith dó ro mhearrgánta ag rioth ré hinntinn a
cholla fein:


L. Cl2:19


Agus nách connmhann sé an ceann, as a bhfaghann an corp uile, ar mbeith dó
gan uireasbhaidh dluthuighe ré chéile tré altuibh agus tré choimhcheangaltuibh,
fás na fhás dhiágha.


L. Cl2:20


Uime sin má fuárabhair bás máráon ré Críosd, agus gu bhfuiltí sáor
mar sin ó chéudthosuighibh an domhain: creud a má bhfuil sibh mar dháoinibh
chaitheas a mbeatha sa sáoghal, ag leanmhuin dórduighthibh,


L. Cl2:21


Dá samhail so ná bean, na blais, na láimhsigh?


L. Cl2:22


Noch théid uile a dtruáilleagh réna gcleachdadh, ar mbeith dóibh do
réir aitheantadh agus theaguisg na ndaoine.


L. Cl2:23


Neithe agá mbí cáil eagna orrtha, sa tseirbhís chumuid dáoine uátha
féin, agus anumhlachd inntinne, agus a neamhchoigilt an chuirp,
iodheadh ní neithe iád ion a cóir suim do bheith, do bhrígh gurob lé
lionadh na colla bheanas siad.


L. Cl3



L. Cl3:1


Uime sin má dhoeiséirghe sibh máráon ré Críosd, iárruidh na neithe
atá fuás, sanionadh na bhfuil Críosd na shuidhe ar dheis Dé.


L. Cl3:2


Biódh bhur ndúil sna neithibh atá fuás, agus ní sna neithibh atá ar
an talamh.


L. Cl3:3


Oír atá sibh marbh, agus atá bhur mbeatha folaighthe máráon ré Críosd
a nDía.


L. Cl3:4


An tan fhóillseóchar Críosd noch as beatha dhúinne, foillseóchar
sibhse fós an tan sin a nglóir máráon ris.


L. Cl3:5


Uime sin cláoidhigh bhur mbuill thalmhuidhe, mat atá sdríopachas,
neamhghloine, fonn colluidhe, ainmhían, agus saint noch as iodhaládhradh:


L. Cl3:6


Tréna dtig dióghaltus Dé ar chloinn na heasumhlachda.


L. Cl3:7


An a rabhabhairse fós ag siubhal anallód, ar mbeith díbh ag caitheamh
bhur mbeatha ionnta.


L. Cl3:8


Achd anois cuiridh uáibh na neithesi uile mar an gcéudna, mar atá
fearg, buirbe, droichmhéin, ithiomradh, agus comhrádh salach bhur mbéil.


L. Cl3:9


Na déunuidh bréug ré chéile, ó dho chuireabhair an seanduine dhíbh maille
réna ghniómharthuibh:


L. Cl3:10


Agus ó dho chuireabhair an duine nuádh iomuibh, noch atá arna
athnuadhughadh aneólas, do réir iomháighe an tí dho chruthaidh hé:


L. Cl3:11


Mar nách fuil Gréugach agus Iúduighe, timchiollghearradh agus
neamhthimchiollghearradh, duine barbarrgha agus Scithian, dáor agus sáor:
ach Críosd na uile agus ann sna huilibh.


L. Cl3:12


Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha náomhtha ionmhuin Dé,
innighe trócaire, cáonmharrachd, umhlachd inntinne, ceannsachd, agus foighide:


L. Cl3:13


Ag tabhairt iómchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá
gearan ag neach anadhuigh ar oile: amhuil tug Críosd maithmheachas díbhse,
gu madh hamhluidh sin bhéras sibhse maithmheachas uáibh.


L. Cl3:14


Agus do thuileadh ris na neithibhse, cuiridh grádh iomuibh,
ágarobhé as coimhcheangal diongmháltachda ann.


L. Cl3:15


Agus biódh siothcháin Dé ag riághlughadh bhur gcroidheadhuibh, dochum a
bhfuiltí fós arna bhur ngairm anéunchorp: agus bíghidh buidheach.


L. Cl3:16


Biódh briáthar Chríosd na comhnuidhe ionnuibh gu sáidhbhir sanuile
eagna: dhá bhur múnadh agus dá bhur dteagusg féin a salmuibh, agus a
bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta, ag déunamh ceóil don
tighearna ion bhur gcroidheadhuibh maille ré gean.


L. Cl3:17


Agus giodhbé ar bioth ní dhiongantáoi, a mbreithir nó a ngniómh, déntar
iád uile anainm an tighearna Iósa, ag breith bhuidheachais díbh ré Día
eadhón an tathair, thrídsion.


L. Cl3:18


A mhná, bíghidh umhal do bhur bhfearuibh, fá mar is cuibhghe sa dtighearna.


L. Cl3:19


A fhiora grádhuighe bhur mná, agus ná bíghidh searbh dhóibh.


L. Cl3:20


A chlann, bíghdh umhal dá bhur naithribh agus dá bhur máithribh sna
huile neithibh: oír as mór gean an tighearna ar so.


L. Cl3:21


A aithreacha, na brosduighe bhur gclann dochum féirge, deagla a misnighe
dho chur ar gcúl.


L. Cl3:22


A shearbhfhoghantuigheadha, bíghidh umhal sna huile neithibh don druing is
maighisdreadha oruibh do réir na feóla, ní ag déunamh seirbhíse don tsúil,
mar an luchd doní toil na ndáoine, achd maille ré neamhorchóid chroidhe, ar
mbeith eaglach roimh Dhía dhíbh.


L. Cl3:23


Agus gidhbé ar bioth ní dhoní sibh, déunuidh hé ó chroidhe, amhuil
doghénamh sibh hé dhon tighearna agus ní do dháoinibh:


L. Cl3:24


Ar mbeith a fheasa aguibh, gu bhfuighe sibh ón dtighearna luádhaigheachd
oighreachda: oir as don tighearna Críosd doní sibh seirbhís.


L. Cl3:25


Achd giodhbé dhoní eugcóir, doghéubhuidh sé luach sáothair na heugcóra
dorinne sé: agus ní fhuil féuchuin do phearsuinn seach a chéile.


L. Cl4



L. Cl4:1


A Mhaighisdreaghe, déunuidh cóir agus comhthrom ré bhur
searbhfhoghantuighibh: ar mbeith a fheasa aguibh, gu bhfuil maighisdir
aguibh pféin mar an gcéudna ar neamh.


L. Cl4:2


Bíghid buán anurnuighthe, ag faire innte maille ré breith bhuidheachais.


L. Cl4:3


Ag úrnuighthe mar an gcéudna ar ar soine, dochum Dé dfosgladh dhoruis na
hurlabhra dhúinn, as gu laibhéoramis seicréid Chríosd, tré a bhfuilim fos
a gcuibhrighthibh:


L. Cl4:4


As gu bhfoillseóchuinn hí, amhuil as cóir dhamh labhairt.


L. Cl4:5


Siubhluidh gu heag na druinge atá dho ... ar mbeith
díbh ag fuasgladh anama.


L. Cl4:6


Biódh bhur gcomhrádh do ghnáth grásamhuil, amhuil dobhiádh se arna
thumadh a salann: ionnas gu mbiádh a fhios aguibh cionnas as cóir dhíbh gach
áon do fhreagra.


L. Cl4:7


Foillseóchuidh Tichicus dearbhráthair grádhach, agus minisdir díleas,
agus mo chomhshearbhfhoghantuidhe sa dtighearna, mo chorsa uile dhíbh:


L. Cl4:8


Noch dho chuir mé chuguibh fá anadhbhar chéudna, dochum gu mbiádh
a fhios aige créud as cor dháoibh, agus dochum furtachda dho thabhairt dá
bhur gcroidheadhuibh:


L. Cl4:9


Máráon ré Honesimus dearbhráthair dileas grádhach, noch as díbh pféin.
Foillseóchuid díbh na huile neithe dhoníthear annso.


L. Cl4:10


Cuiridh Aristarchus mo chomhphriósúnach beatha agus sláinte chuguibh,
agus Marcus bráthair Bharnabais agá bhfuárabhair áitheanta dhá
tháobh: má thig sé chuguibh, gabhuidh leis.


L. Cl4:11


Agus Iósa da ngoigthear Iustus, noch as don timchiollghearradh:
asíad amháin mo luchd cungantasa dochum rióghachda Dé, agus
asíad bá furtachd damh.


L. Cl4:12


Cuiridh Epaphras searbhfhoghantuidhe Chríosd noch is díbh pféin
beannachd chuguibh, ag dénamh sbárna dho shiór anúrnuighthibh ar bhur son,
dochum seasda díbh gu diongmhálta agus liónta anuile thoil Dé.


L. Cl4:13


Oír doním dhfiádhnuise ris, gu bhfuil grádh lasárrgha aige dhíbhse, agus
do luchd Laodicéa, agus do luchd Hierapólis.


L. Cl4:14


Cuiridh s an liáigh grádhach, agus beannachd
chuguibh.


L. Cl4:15


Beiridh beannachd dochum na ndearbhráithreach atá a Laodicéa, agus
dochum Nimpháis, agus dochum na heagluise atá ina thigh.


L. Cl4:16


Agus an tan léighfighthear anepisdilse eadruibh, tuguidh fá deara
a lughadh mar an gcéudna aneagluis na Laodíceánach: agus léighidhse
fós aneipisdil do sgríobhadh ó Laodicéa.


L. Cl4:17


Agus abruidh ré Harchippus, tabhair haire leat fán miniostrálachd
fuair tú sa dtigherna dho choimhlionadh.


L. Cl4:18


Beatha agus sláinte sgríobhtha ré mo láimhse Pól chuguibh. Biodh
cuimhne aguibh ar mo ghéimhleachuibh. Grása maille ribh. Amén.


L. 1Ts



CEUD EPISTIL PHOIL ABSDAIL DOchum na dThessalonicanach


L. 1Ts1



L. 1Ts1:1


POL agus Silvánus agus Timothéus dochum eagluise na dThessalonicánach,
noch atá a nDía athar, agus sa dtighearna Iósa CRIOSD. Grása maille ribh
agus siothcháin ó Dhía ar nathairne, agus ón dtighearna Iósa Críosd.


L. 1Ts1:2


Beirmíd buidheachas ré Día dho shiór ar bhur sonsa uile, dhá bhur
gcoimhniughadh ionar núrnuighthibh:


L. 1Ts1:3


Gan sgur dá bheith ag coimhniughadh bhur gcreidimh bhríghmhair, agus
dhúthrachduighe bhur ngrádha, agus fhoighide bhur muin ighne ion ar
dtighearna Iósa Críosd, a bhfiádhnuisi Dé eadhón ar nathairne.


L. 1Ts1:4


Ar mbeith a fheasa aguinn a dhearbhráithreacha atá gradhuighthe ó
Dhía, gu bhfuil sibhse arná bhur dtogha.


L. 1Ts1:5


Oír ní a mbréithir amháin dobhí an soisgéul dorinneamar dho sheanmóir
dháoibhse, achd a gcumhachd mar an gcéudna, agus sa sbioruid náoimh, agus a
lándeimhin: do réir mar as aithnigh dhíbh an gléus na rabhamar ion bhur measg
ar bhur sonsa.


L. 1Ts1:6


Agus dorinneadh luchd leanmhana dhúinne agus don tighearna dhíbh, ar
ngabháil na breithre chuguibh a mbuáidhirt mhóir, maille ré gáirdeachas an
sbiorad náoimh:


L. 1Ts1:7


Ionnas gu rabhabhair ion bhur neisiompláiribh, don mhéid agá bhfuil
creideamh a Macedónia agus a nAcháia.


L. 1Ts1:8


Oír do clos fuáim bhréithre an tighearna uáibhse amach, ní hé amháin
a Macedónia agus a nAcháia: achd do leathnuidh bhur gcreideamh a
nDía sanuile áit mar an gcéudna, ionnas nách fuil riáchdanas oruinne éunní dho
labhairt.


L. 1Ts1:9


Oír foillsighid féin oruinn, cionnas dochuámar asdteach chuguibhse,
agus an gléus ar ar fhill sibhse ó iomhaighibh dochum Dé, dochum seirbhíse
dho ghéunamh dhon Día bhéo fhírinneach:


L. 1Ts1:10


Agus dochum anmhana réna mhac u teachd ó neamh dhó, noch dho
thóguibh sé suás ó mharbhuibh, eadhon Iósa, sháorus sinne ón bhfeirg
atá dochum teachda.


L. 1Ts2



L. 1Ts2:1


Oír atá a fhios aguibh pféin, a dhearbhráithrecha, nár dhiomhaoin ar ndul
asdteachne chuguibh:


L. 1Ts2:2


Achd fós ar bhfulang mhóráin anshóidh dhúinn roimhe, agus tar éis
ar masluighthe a bhFilippí, do réir mar as aithnigh dhíbhse,
dorinneamar dánachd as ar nDía féin ré soisgéul Dé dho
sheanmórughadh dhíbhse maille ré hiomad sbarna.


L. 1Ts2:3


Oír ní raibh ar dteagusgne maille ré mealltóireachd, ná ó neamhghloine,
ná maille ré ceilg:


L. 1Ts2:4


Achd amhuil fuáir Día dúil ionnuinn ré cúram an tsoisgéil do chur
oruinn, as dá réir sin labhramáoid, ní mar dhruing doní toil na
ndáoinedh, achd toil Dé, dearbhus ar gcroidheadha.


L. 1Ts2:5


Oír ní dhearnamar riámh sliomadóireachd bhriáthar, fa mar as aithnigh
dhíbhse, agus niór iárramar cionfátha dochum sainte: atá Dia
dhfiádhnuise air.


L. 1Ts2:6


Agus nior iárramar glóir ó dháoinibh, ná uaibhse, ná ó dháoinibh eile:
biodh gurbhféidir linn ar dtrom dho ligean oruibhse, mar apsdaluibh
Críosd.


L. 1Ts2:7


Achd dobhámar cáoin ion bhur mesg.


L. 1Ts2:8


Agus amhuil dobhiádh buime ag altrom a cloinne, ios mar sin, ar mbeith
dhúinne fonnmhar ionnuibhse, bá mián rinn ní hé amháin soisgéul Dé dho
roinn ribh, achd ar nanmanna féin mar an gcéudna, do bhrígh go rabhabhair
dioghraiseach dhúinn.


L. 1Ts2:9


Oír as cumhain libh, a dhearbhráithreacha, ar sáothairne agus ar
nanshógh: oír ar mbeith dúinn ag déunamh sáothair do ló agus doidhche,
deagla ar dtruim dho léigean ar éunduine aguibhse, dorinneamar soisgéul Dé
dho sheanmóir dháoibh.


L. 1Ts2:10


As fiádhnuiseadha sibhse agus Día mar an gcédna, créud hé a
náomhghachd, agus a chomhthruime, agus a neamhlochduighe dho iomchramar sinn
féin eadruibhse an drung chreideas.


L. 1Ts2:11


Fá mar as aithnigh dhíbh cionnas dobhímís ag teagasg agus ag furtachd
gach áoin fó leith aguibh, amhail do ghéunamh athair réna chloinn,


L. 1Ts2:12


Agus dá achuinghe oruibh siubhal díbh gu cuibhghe dho Dhía, ghoireas
sibh dochum a rióghachda agus a ghlóire féin.


L. 1Ts2:13


Ar anadhbharsoin, bímídne mar an gcéudna gan sgur ag breith
bhuidheachais ré Día, do bhrígh ar ngabháil bhréithre Dé chuguibh noch
dhochuálabhair uáinne, gur ghabhabhair chuguibh hí, ní mar bhréithir
dháonna, achd (do réir mar atá sí gu fírinneach) na bréithir Dhé, noch fós
oibrigheas ionnuibhse an drung chreideas.


L. 1Ts2:14


Oír a dhearbhráithreacha, dorinneadh luchd leanmhana eagluiseadh Dé noch
atá a nIúdea a nIósa Críosd dhíbhse: Do bhrígh gur fhulaing sibh na
neithe céudna ó bhur luchd éuntíre féin, amhuil do fhuilngeadarsan mar
an gcéudna ó na hIúduighthibh:


L. 1Ts2:15


Noch fós do chuir an tighearna Iósa dochum báis, agus na fáidhe dobhí
acá féin, agus dorinne fóleanmhuin oruinne: agus nách fuil gean ag Día, agus
atá contárrgha dhona huile dháoinibh:


L. 1Ts2:16


Agus thoirmeasgeas sinne fá labhairt ris na cineadhachuibh dochum a
slánuighthe, dochum bheith dóibh ag siorliónadh a bpeachuighibh: oír atá
ferg Dhé dhá ngreamughadh gu siórruidhe.


L. 1Ts2:17


Agus ar mbeith dúinne dealuighthe ribh a dhearbhráithreacha, ar feadh
tamuill bhig, a bpearsuinn, ní a gcroidhe achd a bpearsuin, as móide
dorinneamar díthcheall hé dochum bhur naidhthe dhfaicsin maille ré hiomad
miána.


L. 1Ts2:18


Uime sin bá mián rinn teachd chuguibh, (riumsa Pól go háirighthe) uáir
no dhó, achd do chuir Satan toirmeasg oruinn:


L. 1Ts2:19


Oír créud hí ar muinighin, nó ar ngáirdeachas, nó ar gcoróin
mhortachais? ané nách sibhse íad so a bhfiádhnuise ar dtigherna Iósa
Criosd, aga theachd?


L. 1Ts2:20


As sibh gu deimhin ar nglóir agus ar ngairdeachas.


L. 1Ts3



L. 1Ts3:1


Ar anadhbharsin ó nárbhféidir linn congmháil oruinn ní búdh dhfaide,
doconncas dúinn gurbhiondéunta ar bhfágbháil a nAthens ar
naónar.


L. 1Ts3:2


Agus do chuireamar Timotheus ar ndearbhráthair, agus minisdir Dé, agus
ar bhfear cabhartha a soisgéul Chríosd, dochum sibhse dho neartughadh agus
do theagusg do tháobh bhur gcréidimh:


L. 1Ts3:3


Dochum nách bhiádh éunduine aguibh sobhogtha sna buáidhearthuibhse: oír
atá a fhios aguibh féin gur hórduigheadh sinn chuige so.


L. 1Ts3:4


Oír an tan dobhámar ion bhur bhfochair, do inniseamar dhíbh roimh láimh, gu
néireóchadh buáidhirt dúinn, do réir mar thárrla, agus mar atá a fhios
aguibhse.


L. 1Ts3:5


Ar anadhbharso, ó nárbhféidir leamsa connmháil oram ní budh dhfaide,
do chuir mé eision chuguibh, dochum fheasa bhuir gcreidimh dhfagháil,
deagla gur chuir an cathuighthóir cathughadh oruibh a gcás ar bioth, agus
gu mbiádh ar sáothairne diomháoin.


L. 1Ts3:6


Achd anois gu déigheanach, ar dtechd do Thimotheus uáibhse chuguinne,
agus ar dtabhairt deaghtheisde ar bhur gcreidemh agus ar bhur ngrádh
dhúinne dhó, agus ar bhfoilsiughadh gu bhfuil deaghchoimhne aguibh
oruinn ar mbeith dhíbh do shíor fonnmhar ar sinn dhfaicsin, amhuil
atámuidne fós ribhse.


L. 1Ts3:7


Dá bhrígh sin a dhearbhráithreacha, fuáramar furtachd bhur dtáobh ion ar
nuile bhuáidhirt agus riachdanas, tré bhur gcreideamh:


L. 1Ts3:8


Oír atámuidne anois béo, dá seasuidh sibhse sa dtighearna.


L. 1Ts3:9


Oír créd hé an buidheachas as féidir linne do thabhairt mar mhalairt do
Dhía ar bhur sonsa, do bhrígh anuile gháirdeachais ré a ndiongnamáoid
gairdeachas thríbhse a bhfiádhnuise ar nDé,


L. 1Ts3:10


Dá iárruidh dhachuinghe gu ro dhithchiollach do ló agus dóidhche bhur
nadhuigh dhfhaicsin, agus uireasbhuidh bhur gcreidimh dho leasughadh?


L. 1Ts3:11


Agus gu dtreóruidhe Día féin eadhón ar nathair, agus ar dtighearna
Iósa Criosd sinn sa slighe dhírigh chuguibhse.


L. 1Ts3:12


Agus gu méuduighe an tighearna sibh, agus gu dtuguidh fó deara dhíbh
liónadh a ngrádh dhá chéile, agus dona huile dháoinibh, do réir mar
atámuidne fós díbhse.


L. 1Ts3:13


Dochum bhur gcroidheadh dho dhaingniughadh agus do ghéunamh
neimhchiontach a náomhghachd a bhfiádhnuisi Dé eadhon ar nathar, a dteachd
ar dtighearna Iósa Críosd maille rena uile náomhuibh.


L. 1Ts4



L. 1Ts4:1


Tuilleadh eile a dhearbhráithreacha, cuirmíd dimpidhe agus dachuinghe
oruibh trésan tighearna Iósa, teachd dibh ar bhur nadhuigh nísa mhó ná
chéile, do réir mar fuárabhair uáinne an gléus ar ar cóir dháoibh siubhal,
agus toil Dé do ghénamh.


L. 1Ts4:2


Oír atá a fhios aguibh créud iád na haitheanta tugamar dháoibh trésan
dtighearna Iósa.


L. 1Ts4:3


Oír así so toil Dé, eadhón sibhse do bheith náomhtha, dho bheith
náomhtha, agus sdriopachas do sheachna dhíbh:


L. 1Ts4:4


Agus fios do bheith ag gach áon aguibh ar a shoitheach féin do chongmháil a
náomhghachd agus anonóir:


L. 1Ts4:5


Agus ní na bhfonn ainmhiánach, amhuil doníd na cineadhacha, ag nách
fuil eólas Dé:


L. 1Ts4:6


Agus gan leatrom ná meabhail do ghéunamh dho neach ar bioth ar a
dhearbhrathair, ná eadáill do ghéunamh air a gcáill ar bioth: oír doní Día
dióghaltus sna neithibhse uile, do réir mar adubhramar cheana ribh, agus
dorinneamar dhfiádhnuisi.


L. 1Ts4:7


Oír ní dochum neamhghloine do ghoir Dia sinn, achd dochum náomhghachda.


L. 1Ts4:8


Ar anadhbharsin an tí chuireas a nemhshuim na haitheantasa, ní a
nduine atá neamhshuim aige achd a nDía, noch fós tug dhúinne a sbiorad náomh
féin.


L. 1Ts4:9


Achd a dtáobh ghrádha brátharrgha, ní fhuil na riachdanas oruibhse mé
dho sgríobhadh chuguibh: oír do teaguisgeadh sibh ó Dhía, dochum a chéile
dho ghrádhughadh.


L. 1Ts4:10


Agus fós doníthí an ní céudna dona huile dhearbhráithreachuibh, noch
atá ar feadh Mhacedónia uile. Giodheadh iárrmuid dachuinghe oruibh a
dhearbhráithreacha, teachd ar bhur nadhuigh nísa mhó ná chéile:


L. 1Ts4:11


Agus ar ndithchioll do ghéunamh ré bheith ciúin, agus ré bhur
ngnouighthibh pféin do ghéunamh, agus ré sáothrughadh dhíbh ré bhur lámhuibh
pféin, do réir na naitheantadh thugamairne dhíbh:


L. 1Ts4:12


Dochum sibh pféin diomchar gu cuibhghe a dtáobh na druinge atá dhon
táobh amuith, agus dochum nách biádh uireasbhuidh áon neithe oruibh.


L. 1Ts4:13


Agus a dherbhráithreacha, ní háill leam ainbhfios do bheith oruibh a
dtáobh na muintire atá na gcodladh, dochum nách dénadh sibh doilgheas, mar
an druing ag nách fuil muinighin.


L. 1Ts4:14


Oír má chréidmíd gu bhfuáir Iósa bás agus gur eiséirghe sé, as amhluidh
sin fós bhéuras Día an drung chodlus a nIósa, maráon ris.


L. 1Ts4:15


Oir adeirmíd so ribh a mbréithir an tighearna, nách rachmídne an luchd
atá béo, agus fhágthar na bhfuighrall gu teachd an tighearna, roimh an
luchd atá na gcodladh.


L. 1Ts4:16


Oír tiucfuidh an tighearna féin anúas ó neamh, maille ré gáir, ré guth
anarchaingil, agus ré sdoc De: agus eireóchuid na mairbh fuáir bás a
gCriosd ar tús.


L. 1Ts4:17


Na dhiáigh sin fuaideóchar suás sinne bhiás bhéo, agus fhúighthear
nar bhfuigheall, maráon ríusan sna néuluibh, dochum teagmhála dhon
tigherna sanaighéur agus mar sin bhiám gu siórruidhe a bhfochair an
tighearna.


L. 1Ts4:18


Uime sin tuguidh furtachd dhá chéile ris na briáthruibhse.


L. 1Ts5



L. 1Ts5:1


Giodheadh a dhearbhráithreacha, ní fhuil na ríachdanus oruibh sinn do
sgríobhadh chuguibh, a dtáobh na haimsire agus na huáire.


L. 1Ts5:2


Oír atá a sháirfhios aguibh pféin, gu dtiucfuidh lá an tighearna,
amhuil tig bithbhionach sanoidhche.


L. 1Ts5:3


Oír an tan adéuruidh siád, as siothcháin dúinn agus atámuid a
neambáodhal: tiucfuidh sgrios obann orrtha an tan sin, mar thig iodhana gu
mnáoi thorruidh, agus ní bhiaidh conair theithmheacha.


L. 1Ts5:4


Gidheadh a dhearbhráithreacha, ní fhuil sibhse a ndorchadas, as gu
dtiucfadh an lá sin oruibh mar thig bhithbhionach.


L. 1Ts5:5


As clann don tsoillse sibh uile, agus as sibh clann an láoi: ní clann
donoidhche, ná dhon dorchadas sinn.


L. 1Ts5:6


Uime sin ná déunam codladh do nós cháich, achd déunam fáire agus bióm
measárrgha.


L. 1Ts5:7


Oír an dream chodlas, ios ann sanoidhche chodluidh siád: agus an
dream ar a mbí misge, is an sanoidhche bhíd ar misge.


L. 1Ts5:8


Giodheadh bímuidne atá ar gcloinn ag an lá meassárrgha, ar gcur
éidigh ochda an chreidimh agus an ghrádha iomuinn dúinn, agus mhuinighne an
tslánuighthe, na clogad.


L. 1Ts5:9


Oír ní dochum féirge dho orduigh Día sinn, achd dochum an tslánaighthe
dho ghnoughadh tré ar dtighearna Iósa Críosd,


L. 1Ts5:10


Noch dho fuáir bás ar ar son, dochum, mas dúsachd no codladh dhúinn,
gu mairfemís na fhochairsion.


L. 1Ts5:11


Uime sin theaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil
doní sibh mar an gcéudna.


L. 1Ts5:12


Agus iárrmuid dachuinghe oruibh a dhearbhraithreacha, aithne do bheith
aguibh ar an luchd doní sáothar ion bhur measg, agus atá ós bhur gcionn sa
dtighearna, agus theaguisgeas sibh:


L. 1Ts5:13


Agus grádh rodhióghraiseach do bheith aguibh dhóibh, ar son a noibhre.
Bígidh sióthchánta eadruibh pféin.


L. 1Ts5:14


Agus iárrmuid dhachuinghe oruibh a dhearbhraithreacha, theagusg dho
thabhairt dona dáoinibh miriághalta: furtachd do thahirt dhon druing
bhíos drichmhisnigh: iomchar ris an druing bhiós lag: agus bheith
foighidmheach ris na huile dháoinibh.


L. 1Ts5:15


Tuguidh aire ribh nách diongnuidh éuneach aguibh olc anadhuigh uilc ar
neach ar bioth: achd leanuidh an mhaith dho ghnáth, da bhur dtáobh pféin,
agus do tháobh na nuile dháoineadh.


L. 1Ts5:16


Biódh gáirdeachas oruibh dho shiór.


L. 1Ts5:17


Bíghidh ag úrnuighe gan sgur.


L. 1Ts5:18


Beirídh bhuidheachas sna huile neithibh: oír así sin toil Dé a nIósa
Críosd dá bhur dtáobhsa.


L. 1Ts5:19


Ná múchaidh an sbiorad:


L. 1Ts5:20


Ná tuguidh neamhshuim a bhfáidheadóireachd:


L. 1Ts5:21


Dearbhuidh na huile neithe: congmhuidh an ní bhiás maith.


L. 1Ts5:22


Seachnuidh gach uile chosmhuileas uilc.


L. 1Ts5:23


Agus gu ndearna Día na siothchána féin náomhtha sibh gu hiomlán: agus
uidhim Día fá bhur spiorad, agus fá bhur nanam, agus fá bhur gcorp gu
huilighe dho choimhéud ó chionntuibh, gu teachd ar dtighearna Iósa Críosd.


L. 1Ts5:24


As díleas an tí dho ghoir sibh, noch fós dhéunas sin.


L. 1Ts5:25


A dhearbhráithreacha, dénuidh úrnuighthe ar ar soine.


L. 1Ts5:26


Teannuidh ribh na dearbhráithreacha uile maille ré póig náomhtha.


L. 1Ts5:27


Cuirim dhfuálach oruibh a bhfíadhnuise an tighearna, aneipisdilse
do léughadh dona dearbhráithreachuibh naomhtha uile.


L. 1Ts5:28


Grása ar dtighearna Iósa Críosd maille ribh. Amén.


L. 2Ts



DARA EPISDIL PHOIL ABSDUIL DOchum na dThessalonicánach.


L. 2Ts1



L. 2Ts1:1


POL agus Siluánus agus Timothéus, dochum eagluise na
dThessalónicánach noch atá a nDía ar nathairne, agus sa
dtighearna Iósa Críosd:


L. 2Ts1:2


Grása maille ribh agus sióthcháin ó Dhía ar nathairne, agus ón dtighearna
Iósa Críosd.


L. 2Ts1:3


Atá dhfiáchuibh oruinn buidheachas do bhreith ré Día do shiór, ar bhur
sonsa a dhearbhráithreacha, mar as iomchuibhghe, do bhriógh gu bhfuil bhur
gcreideamh ag fás go liónmhar, agus grádh gach áoin aguibh uile ag méudughadh
dhá chéile:


L. 2Ts1:4


Ionnas gu ndiongnamáoidne féin mórtachas dá bhur dtáobhsa
aneagluiseachibh Dé, ar son bhur bhfoighidhe agus bhur gcreidimh ann gach
fóleanmhuin da ndiongantar oruibh, agus san huile bhuaidhearthuibh
iomchras sibh.


L. 2Ts1:5


Noch as comhárrgha follas ar cheart bhreitheamhnuis Dé, dochum gu
measfuidhe gu madh diól oruibh rióghachd Dé dhfaghail, ar son a bhfuiltí
fós ag fulang na buáidhearthasa:


L. 2Ts1:6


Oír as ní ceart ag Día, malairt buáidheartha dho thabhairt don druing
bhuáidhreas sibh:


L. 2Ts1:7


Agus suáimhneas do thabhairt díbhse fhuilngeas buáidhirt máráon
rinne, an tan fhoillseóchas an tighearna Iósa hé féin ó neamh, maille réna
ainglibh cumhachdacha.


L. 2Ts1:8


A dteine lasárrgha, ag déunamh dióghaltuis ar an druing ag nach fuil eólas
Dé, agus nách tabhair umhlachd do thsoisgéul ar dtighearna Iósa Críosd:


L. 2Ts1:9


Noch ghéubhus pionús an damnuighthe shíorruidhe, tar éis a dteilgthe
ó adhuigh an tighearna, agus ó ghlóir a chumhachd:


L. 2Ts1:10


An tan thiucfus sé dochum glóire dhfagháil ina náomhuibh, agus dochum a
dhéunta iongantach sna huile dháoinibh chreideas (do bhrígh gur creideamh
anfhiádhnuisi dhorinneamairne eadruibhse) sa lá sin.


L. 2Ts1:11


An tádhbhar fá ndiongnamídne fós úrnuighthe do shíor ar bhur sonsa,
dochum gu measfadh ar nDía gurob diól oruibh an ghairmse dhfaghail, agus
dochum gu gcoimhliónfadh sé deaghthoil a mhaitheasa gu huilidhe, agus obair
an chreidimh maille ré cumhachduibh.


L. 2Ts1:12


Ionnas gu ndiongantáoi ainm ar dtighearna Iósa Críosd glórgha
ionnuibhsi, agus sibhse annsan, do réir ghrás ar nDé, agus an tighearna
Iósa Críosd.


L. 2Ts2



L. 2Ts2:1


Agus iárrmuid dachuinghe oruibh a dhearbhráithreacha, tré theachd ar
dtighearna Iósa Críosd, agus ar gcomhchruinnighthne chuigesion.


L. 2Ts2:2


Gan bheith dhíbh gu hobann sobhogtha óninntinn atá aguibh, ná bheith
buáidheartha, ó spioruid ná ó bhréithir, ná ó litir, fá mar dothiucfadh sí
uáinne amhuil dobhiadh lá Chríosd do láthair.


L. 2Ts2:3


Ná mealladh éunduine sibh ar ghléus ar bioth: oír ní thiucfa lá Criosd
gu teachd do thréigean an chreidimh ar tús, agus no go bhfoillsighthear an
duine peacthach, mac an damnuighthe,


L. 2Ts2:4


Noch is biódhbha dho Chríosd, agus arduigheas hé féin ós cionn gach
neithe dhá ngoirthear Dia no dhoníthear dhonórughadh: ionnas gu suigheann
sé mar Dhía a dteampoll Dé, dá chur chur i gcéill gurob Dia hé féin.


L. 2Ts2:5


Ané nách cumhuin libh, ar mbeith damh fhós ion bhur bhfochair, gu
ndubhairt mé na neithese ribh?


L. 2Ts2:6


Agus anois atá a fhios aguibh créud is toirmeasg ann, dochum a
fhoillsighthe ina ám féin.


L. 2Ts2:7


Oír atá seicreid na neamhdhiághachda ag oibriughadh cheana: amháin an tí
thoirmisgeas anois, cuirfidh sé toirmeasg, nó gu dtogaibhthear as láthair
hé.


L. 2Ts2:8


Agus foillseóchar an tan sin an duine neamhdhiághasin, noch chláoifeas an
tighearna ré sbiorad a bhéil, agus sgriosfus sé ré deallradh a theachd:


L. 2Ts2:9


Eadhon an tí agá bhfuil a theachd ó oibriughadh Shatáin, maille ris
anuile chumhachd, agus ré comharrthuibh, agus ré hiongantuibh bréige:


L. 2Ts2:10


Agus maille ris anuile mhealltóireachd eugcóruidh, a measg na druinge
théid amugha: do bhrígh nár ghabhadar grádh na firinne chuca, dochum a
slánaighthe.


L. 2Ts2:11


Agus ar anadhbharsa cuirfe Día chuca oibriughadh bríghmhar seachráin,
dochum iád do chreideamh na bréige.


L. 2Ts2:12


Dochum gu ndaimeóntáoi an mhéid uile nár chreid anfhírinne, achd
agá raibh a ndúil a neimhfiréndachd.


L. 2Ts2:13


Giodheadh atá dhfiachuibh oruinne, buidheachas do bhreith dho shiór
ré Día ar bhur sonsa, a dhearbhráithreacha gráduighthe ón dtighearna, ar
anadhbhar gur togh Día sibh ó thosuigh dochum slánaighthe, tré náomhghachd
na spioruide, agus tré chreideamh na fírinne:


L. 2Ts2:14


Dochum ar ghoir sé sibh tré ar soisgélne, dochum gnouighthe ghlóire ar
dtighearna Iósa Críosd.


L. 2Ts2:15


Uime sin a dhearbhráithreacha, seasuidh gu daingean, agus connmuidh na
teaguisg fúarabhair, noch dho múineadh dhíbh, tré bhréithir nó tré ar
neipisdilne.


L. 2Ts2:16


Agus gu dtuguidh ar dtighearna féin Iósa Críosd, agus Día eadhon ar
nathair, noch dho ghrádhuigh sinn, agus thug dhúinn comhfhurtachd
shíorruidhe agus muinighin mhaith tré ghrás,


L. 2Ts2:17


Furtachd da bhur gcroidheadhibh, agus gu ndaingnidhe sé sibh sanuile
bhréithir agus sanuile dheaghobair.


L. 2Ts3



L. 2Ts3:1


Tuilleadh eile a dhearbhráithreacha, déunuidh úrnuighthe ar ar soine,
dochum gu mbíadh cumus reatha ag bréithir an tighearna, agus gu ndiongantáoi
glórgha hí, do réir mar atá sí aguibhse:


L. 2Ts3:2


Agus dochum sinne dho sháoradh ó dhrochdháoinibh, gan chúibhgheas. Oír ní
ag gach éun neach atá creideamh.


L. 2Ts3:3


Giodheadh atá an tighearna díleas, noch dhaingneóchas dibh, agus
choimhéudfus sibh ó olc:


L. 2Ts3:4


Agus atá muinighin aguinn sa dtighearna bhur dtáobhsa, gu bhfuiltí dhá
ndéunamh, agus gu ndiongna sibh na neithe donímid daithne dhíbh.


L. 2Ts3:5


Agus gu dtreóruidhe an tighearna bhur gcroidheadha sá tslighe dhírigh
dochum grádha Dé, agus dochum feithmhe gu foighidmheach ré Críosd.


L. 2Ts3:6


Agus dobheirmíd fógra dhíbh, a dhearbhráithreacha, anainm ar dtighearna
Iósa Críosd, sibh pféin do dhealughadh ré gach dearbhráthair shiúbhlus gu
miríaghalta, agus nách siúbhlann do réir an teaguisg fuáir sé uáinne.


L. 2Ts3:7


Oír atá a fhios aguibh pféin cionnas as cóir sinne leanmhuin: oír níor
iomchramar sinn féin gu míriághalta eadruibhse.


L. 2Ts3:8


Agus ní anaisgidh do itheamar an tarán do ghlacamar ó áoin neach: achd
maille ré sáothar agus ré hanshógh, ag déunamh oibre do ló agus doidhche,
deagla ar dtruim dho léigean ar áon neach aguibhse.


L. 2Ts3:9


Ní hé nach fuil úghdarrás aguinn ré sin do ghénamh: achd ionnus go
ndiomgnamís eisiompláir dhínn féin díbhse, dochum sinne dho leanmhuin.


L. 2Ts3:10


Oír fós an tan dobhámar eadruibh, do aithneamar so dhíbh, eadhón má
atá áon neach ris nách áill obair do ghéunamh, ná hitheadh biádh mar an
gcéudna.


L. 2Ts3:11


Oír dochluinmíd gu bhfuilid dáoine dháirighthe ag siubhal eadruibh gu
mírighalta, nách déin obair ar bioth, achd sháitheas iád féin a neithibh
nach beanann ríu.


L. 2Ts3:12


Dobheirmíd fógra dhá shamhuil sin, agus iárrmid orrtha tré ar dtighearna
Iósa Críosd a narán féin dithe dhóibh, ag sáothrughadh maille ré suáimhneas.


L. 2Ts3:13


Agus ná bíghidse a dhearbhráithreacha, tuirseach do ghéunamh na maitheasa.


L. 2Ts3:14


Agus má atá duine ar bioth nach tabhair umhlachd dár mbréithirne
saneipisdilse, cuiridh comharrgha air: agus seachnuidh a chomhluádar,
dochum gu mbiádh adhnáire air.


L. 2Ts3:15


Tairis sin, na biódh meas námhad aguibh air, achd teaguisgidh hé mar
dhearbhráthair.


L. 2Ts3:16


Agus gu dtuguidh tighearna na siothchána féin siothcháin díbh dho shíor ar
gach éunchor. Gu raibhe an tighearna maille ribh uile.


L. 2Ts3:17


Beatha agus sláinte chuguibh ré mo láimhse Pól chuguibh,, noch as
comhárrgha ion gach éin eipisdil: is mar so sgríobhuim.


L. 2Ts3:18


Grása ar dtighearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amén.


L. 1Tm



CEUD EPISTIL PHOIL ABSDUIL Dochum Timotheui.


L. 1Tm1



L. 1Ts1:1


POL absdal Iósa Críosd do réir órduighthe Dé ar slánaighthóir, agus
an tighearna Iósa Críosd, ar muinighin.


L. 1Tm1:2


Dochum Timotéuis mo mhic grá nadúrrgha sa gcreideamh: grása maille
riot, trócaire, agus siothcháin ó Dhía ar nathair, agus ó IOSA CRIOSD ar
dtighearna.


L. 1Tm1:3


Fá mar do chuir mé dhimpidhe ort, anmhuin ad chomhnuidhe a
nEphesus, ar ndul gu Macedonia dhamh, u madh hamhluidh sin
dhiongnus tú, dochum gu dtibhiorthá fógra uáit do dhruing
dháirighthe, gan aithearrach teaguisg do thabhairt uátha:


L. 1Tm1:4


Ná aire dho thabhairt do chumadóireachd sgéul, ná dho sheanchusuibh
neamhchríochnuighthe, noch bhrosduigheas ceasdanna nísa mhó na follamnughadh
diágha thig tré chreideamh.


L. 1Tm1:5


Óir asé as crióch don naithne grádh ó chroidhe ghlan, agus ó
choguás mhaith, agus ó chreideamh neamhfallásach.


L. 1Tm1:6


Na neithe ó ndeachuidh dream dháirighthe ar seachrán, agus do fhilleadar
dochum díomháoinis cáinte:


L. 1Tm1:7


Bá mían ríu bheith na ndoctúiribh an dlighidh, agus fós ní thuigid créud
adeirid féin, ná na neithe dheimhnighid siád.


L. 1Tm1:8


Giodheadh atá a fhios aguinne gur maith an dligheadh, dá leanuidh duine
gu dlisdeanach hé.


L. 1Tm1:9


Ar mbeith dhá fhios so aige, nach dho dhuine cheart órduighthear an
dligheadh, achd don druing dhobheir neamhshuim sa dligheadh, agus bhiós
easumhal, do dháoinibh neamhdhiágha agus do pheacthachuibh, do dháoinibh
neamhnáomhtha agus neamhglana, do luchd fionghuile dho ghéunamh ar
naithreachuibh agus ar a maithreachuibh, do luchd dúnmharbhtha,


L. 1Tm1:10


Do sdriópthachuibh, do dháoinibh mínádúrrgha, do luchd dáoineadh dho
ghoid, do dháoinibh bréugacha, do luchd anéithigh, agus má tá ní ar bioth
eile contrárrgha dho theagusg fhalláin,


L. 1Tm1:11


Do réir thsoisgéil ghlórrgha Dhé beannuighthe, do fágbhadh táobh
riúmsa:


L. 1Tm1:12


Ar anadhbharsin beirim buidheachas ris an tí dho neartuigh mé, eadhon
Iósa Críosd ar dtighearna: do bhrígh gur mheas sé mo bheith díleas, dom
chur sa miniosdálachd.


L. 1Tm1:13


Ar mbeith damh roimhe um fhear sgannala do thabhairt do Dhía, agus um
fhear fóleanmhana dho ghénamh ar aneagluis, agus um dhuine eugcórach:
achd dorinneadh trócaire oram, ar anadhbhar gurob ó ainbhfios dorinne
mé na neithese, ar mbeith damh ar dhith creidimh.


L. 1Tm1:14


Achd do mhéuduigh grása ar dtighearna gu rolíonmhar ionnam, maille
ré creideamh, agus ré grádh a nIósa Críosd.


L. 1Tm1:15


Atá an rádhsa fírinneach, agus as fíu hé ar gach éunchor gabháil ris:
gu dtáinic Iósa Críosd ar an sáoghal dochum peacthach dho shlanughadh, agá
bhfuilimse um cheann orrtha.


L. 1Tm1:16


Giodheadh as uime so dhorinneadh trócaire oram, dochum gu dtaisbéunfadh
Iósa Críosd ionnamsa ar tús, anuile fhoighide, dochum gu mbinn um
eisiompláir don druing chreidfeas annsan, dochum na beatha marrthannuighe.


L. 1Tm1:17


Uime sin don Rí shíorruidhe, mharrthannach, nách féidir dhfaicsin, don
Día atá na aónar eagnuidhe, u raibhe onóir agus glóir, a sáoghal na saoghal.
Amén.


L. 1Tm1:18


Fágbhuim anaithnese agad a mhic Thimoteuis, eadhón troid mhaith dho
ghéunamh dhuit do réir ma fáidhedóireachda dhorinneadh ort roimhe so, ar
ngabháil mhisnigh thríthe.


L. 1Tm1:19


Ar mbeith chreidimh agus choguáis mhaith agad: noch arna thréigean
do dhruing dháirighthe, do luingbhriseadar an creideamh.


L. 1Tm1:20


Agárob díobh Himenéus, agus Alexandar: noch tug meisi uáim dho
Shatán, dochum ar mbeith dóibh smachduighthe, gu ndiongnadís fóghluim ar
gan Dia dho mhaslughadh.


L. 1Tm2



L. 1Tm2:1


Uime sin teaguisgim roimh na huile neithibh, achuinghe, guidhe, urnuighdhe
do ghéunamh, agus buidheachas do bhreith ar son na nuile dháoineadh:


L. 1Tm2:2


Ar son na Ríghtheadh, agus ar son na nuile agá bhfuil cumhachda: dochum
ar mbeatha do chaitheamh gu suaimhneach sithchánta dhúinn, anuile
sheirbhís díaga, agus dhlisdionnuis dháonna:


L. 1Tm2:3


Oír ios maith agus is geanamhuil so a bhfíadhnuise Dé ar slánaighthóra,


L. 1Tm2:4


Réna mián na huile dháoine dho sháoradh, agus iád do theachd dochum
eólais na fírinne.


L. 1Tm2:5


Oír ios áon nDía atá ann, agus áon eidirmheadhanthóir eidir Dhía
agus dháoinibh, eadhón an duine Iósa Críosd:


L. 1Tm2:6


Noch tug hé féin na fhuásgladh ar son na nuile dháoineadh: mar
fhíadhnuise úd do hórduigheadh dhfoillsiughadh anám iomcúibhghe.


L. 1Tm2:7


Dochum ar hórduigheadh meisi um fhear gárma agus um absdal, (lábhruim
anfhírinne a gCríosd, ní dhiongnuim bréug) um fhear teaguisg na
gcineadhach, a gcreideamh agus a bhfírinne.


L. 1Tm2:8


Uime sin as mián riúm na fir do ghéunamh úrnuighthe sanuile áit, ag
tógbháil suás lámh náomhtha, gan fheirg, gan amharus.


L. 1Tm2:9


Agus na mná mar an gcéudna do chur éuduigh iomchuibhghe iompa, maille
ré hádhnáire agus ré sduámghachd, ní ré gruáig chasda, ná ré hór, ná ré
péurlaighibh, ná ré culuigheachuibh mórluáidh:


L. 1Tm2:10


Achd (fá mar is cúibhghe do mhnáibh ghabhus ré anais eagla Dé dho
bheith orrtha,) ré deaghoibrighthibh.


L. 1Tm2:11


Déunamh an bhean foghluim a gciúnus maille ris anuile umhlachd.


L. 1Tm2:12


Oír ní thabhruim cead do mhnáoi teagusg dho thabhairt uáithe, ná
ceannas dho bheith aici ós cionn anfhir, achd aidhnim dhi bheith na
tochd.


L. 1Tm2:13


Oir asé Adhamh dho cruthuigheadh ar tús: agus na dhiáigh sin Eúbha.


L. 1Tm2:14


Agus ní hé Adhamh dho mealladh: achd ar mbeith dhon mhnáoi arna
mealladh, así bá ciontach ré briseadh na haithne.


L. 1Tm2:15


Giodheadh slaineóchar hí ré breith chloinne, dá gcomhnuighid siád a
gcreideamh, agus a ngrádh, agus a náomhghachd maille ré sduámhghachd.


L. 1Tm3



L. 1Tm3:1


As rádh fírinneach so, má atá fonn ar áon neach óifig easbuig dho ghabhail
chuige, as a ndeaghobair atá a dhúil.


L. 1Tm3:2


Uime sin as cóir easbog dho bheith neamhlochdach, na fhior éunmhná, na
dhuine fhaireach, mheassárrgha, sduámgha, dháonnachdach, aipche chum
teaguisg do thabhairt uadha:


L. 1Tm3:3


Gan bheith rofhonnmhar a bhfíon, gan bheith buáilteach, gan dúil do bheith
aige aneudáill neamhghloin: achd bheith do ceannsa, neamhcheannairceach,
neamhshanntach:


L. 1Tm3:4


Agus na dhuine riághluigheas a theach féin gu cuibhghe, agus agá mbí a
chlann fá umhlachd maille ris anuile thrómghachd:


L. 1Tm3:5


(Oír munab eól do neoch a theach féin do riághlughadh, cionnas bhías cúram
eagluise Dé air?)


L. 1Tm3:6


Gan bheith dó na nemhaipche a gcreidemh, deagla ar mbeith dó liónta
dhuábhar ré háirde a ghárma, gu dtuitfeadh sé a ndamnughadh an díabhail.


L. 1Tm3:7


As cóir dhó fós deaghtheisd do bheith air ag an druing atá amuith: deagla
gu bhfuigheadh sé sgannuil, agus gu dtuitfeadh sé a bpainntéur an diábhail.


L. 1Tm3:8


Mar an gcéudna as cóir dhona deochánuibh bheith trómgha, agus gan a
dteanguidh dho bheith liom leat, gan bheith ro fhonnmhar a bhfíon, ná
dúil do bheith aca anéudáill neamhghloin:


L. 1Tm3:9


Ag congmháil sheiscréide an chreidimh a gcoguás ghlan.


L. 1Tm3:10


Agus déuntar iád so do dhearbha mar an gcéudna ar tús, ná dhiáigh sin
déunuid miniosdrálachd má gheibhthear neamhlochdach iád.


L. 1Tm3:11


As cóir dhá mnáibh mar an gcéudna bheith tromgha, neamhthatháoiseach,
suaimhneach, agus díleas sna huile neithibh.


L. 1Tm3:12


Biódh na deochain na bhfearuibh áon mhná, ag riághlughadh a gcloinne
agus a dtightheadh féin gu cúibhghe.


L. 1Tm3:13


Oir an dream doní miniosdrálachd maille ré cuibhgheas, gnouighid siád
gradam ceana dóibh pféin, agus sáoirse mhór trésan gcreidheamh atá a nIósa
Críosd.


L. 1Tm3:14


Sgríobhuim na neithese chugad, ar mbeith dhamh muinighneach ré theachd go
haithghear chugad:


L. 1Tm3:15


Achd ma dhoním muill ré theachd, dochum a fheasa do bheith agud, cionnas
as cóir dhuit thú féin diomchar a dteagh Dé, agárob hé eagluis Dé bhéa
hé, posda agus daingean na fírinne.


L. 1Tm3:16


Agus gan amharus as mór seicréid na diághachda: dorinneadh Día
foillsighthe sa choluinn, do foillsigheadh hé na fhiréun ris an sbioruid:
doconncas hé ré hainglibh, dorinneadh a sheanmóir dona cineadhachuibh, do
creideadh dhó sa sáoghal, agus do gabhadh suás é dochum glóire.


L. 1Tm4



L. 1Tm4:1


Agus adeir an sbiorad gu follas, gu dtréigfidh dream dháirighthe an
creideamh sna haimsearuibh dheigheanacha, ag tabhairt aire dho sbioraduibh
seachránacha, agus do theagusguibh deamhan,


L. 1Tm4:2


Tré chluáinereachd luchda labhartha na bréige, ar mbeith dá gcoguásuibh
arna losgadh ré hiárann dearg,


L. 1Tm4:3


Noch thoirmisgeas pósadh, agus aithnigheas an biádh dho sheachna, noch
dho chruthuigh Día dochum a chaithmhe maille ré breith bhuidheachais, don
druing chreideas agus agá bhfuil fios na fírinne.


L. 1Tm4:4


Oír as maith gach ní dho chruthuigh Día, agus ní cóir ní ar bioth
deiteach, achd gu ngabhthar hé maille ré breith bhuidheachuis.


L. 1Tm4:5


Oír doníthear náomhtha é tré bhréithir Dhé, agus tré úrrnuighthe.


L. 1Tm4:6


Dá gcuiridh tú na neithesi a gcéill dona dearbhráithreachuibh, biáidh tú
ad mhinisdir mhaith dIósa Críosd, ar mbeith dhuit oilte a mbriáthruibh
an chreidimh, agus an teaguisg mhaith, dhár lean tú.


L. 1Tm4:7


Giodheadh seachain sgéulta fábhuill neamhdhiágha caillchúla: agus cleachd
thú féin dochum diághachda.


L. 1Tm4:8


Oír as beag an tarbha a dtéid an cleachdadh corpárrgha: achd ios tarbhach
an diághachd dochum na nuile neitheann, agá bhfuil gealladh na beathasa
atá dho láthair, agus dochum teachda.


L. 1Tm4:9


As rádh fírinneach so, agus atá sé ionghabhála ris ar gach éun chor.


L. 1Tm4:10


Oír as uime donimíd sáothar, agus imdheargthar sinn, do bhrígh gu bhfuil
ar muinighin a nDía beo, agarob hé as fearr sáortha dona huile dháoinibh,
agus gu mórmhór don druing chreidheas.


L. 1Tm4:11


Fógair agus teaguisg na neithese.


L. 1Tm4:12


Ná bíodh tarcuisne ag áon neach ar hóige, achd bí mar eisiomplair
don druing agá bhfuil creideamh, a mbréithir, a gcoinbhiorsáid, a ngrádh,
a sbioruid, a gcreideamh, agus a bhfíorghloine.


L. 1Tm4:13


Gu teachd damh tabhair haire dho léughthóireachd, do theagusg, agus
dhfoirceadal.


L. 1Tm4:14


Ná léig faillidhe sna tiódhlaicibh atá ionnad, noch tugadh dhuit tré
fháidheadóireachd maille ré leagadh lámh na sinnsear.


L. 1Tm4:15


Smuáin arna neithibhse, agus comhnuigh ionnta: dochum gu mbiádh do
theachd ar hadhuigh follas dona huile dháoinibh.


L. 1Tm4:16


Tabhair aire dhuit féin, agus do teagusg: comhnuigh ionnta. Oír dá
ndiongna tú sin, sáorfuidh tú thú féin, agus an drung éisdeas riot.


L. 1Tm5



L. 1Tm5:1


Na himdhearg seanóir, achd teaguisg hé mar athair: agus na hogánuigh
mar dhearbhráithribh:


L. 1Tm5:2


Na mná áosda, mar mháithribh, agus na mná óga, mar dearbhsheathrachuibh,
maille ris anuile fhíorghloine.


L. 1Tm5:3


Tabhair onóir do bhaintreabhthachuibh, agárob baintreabhthacha dáríribh.


L. 1Tm5:4


Giodheadh má tá baintreabhthach ar bioth agá bhfuil clann, no clann
chloinne, déunuid an chlann foghluim ar tús, ar iád féin thaiséunadh gu
diágha dhá dtighthibh pféin, agus ar mhalairt do thabhairt dá
dtuismighthóiribh: oír is ní maith geanamhuil so a bhfiádhnuisi Dé.


L. 1Tm5:5


Agus an bhean atá na baintreabhthuigh dháríribh, agus arná fagbháil
na háonar, cuiridh sí a muinighin a nDía, agus comhnuidhe sí do ló agus
doidhche a nguidhe agus anúrnuighthibh.


L. 1Tm5:6


Achd an bhaintreabhthach dobheir hí féin do mhacnus, biódh gu bhfuil
sí béo, atá sí marbh.


L. 1Tm5:7


Uime sin aithin na neithese dhióbh, dochum bheith dóibh neamhlochdach.


L. 1Tm5:8


Agus má atá áonnduine nách déin soláthar dá dháoinibh pféin, agus gu
mórmhór do luchd a thighe, do shéun sé an creideamh, agus is measa hé ná
neach gan chreideamh.


L. 1Tm5:9


Ná toghthar baintreabhthach ar mbeith di nísa lugha ná trí fichid bliághuin
dáois, dobhí na mnáoi éinfhir:


L. 1Tm5:10


Ar a raibhe cáil mhaith as deaghoibrighthibh: má dorinne sí a clann
doileamhuin, má dho chonnaimh sí teach áoidheagh, má dho ionnuil sí cosa na
náomh, má dho thug fóirighthin do luchd anshóigh, má dho lean sí dho ghnáth
gach deaghobair.


L. 1Tm5:11


Achd diúltuigh na baintreabhthacha óga: oír ar mbeith dóibh macnasach
anadhuigh Chríosd, is mián ríu pósadh dho ghéunamh:


L. 1Tm5:12


Agá bhfuil damnughadh na gcionn, do bhrígh gur thréigedar an céud
chreideamh.


L. 1Tm5:13


Agus mar an gcédna fós ar mbeith dhóibh dímháoin, doníd foghluim ar
dhul fágcuáirt ó thigh gu tigh: agus ní hé amháin bheith diomháoin, achd
bid mar an gcéudna biodánach, agus dá sáthadh pféin sna neithibh nách
beanann ríu, ag rádh neitheann nách bí ionnráidh.


L. 1Tm5:14


Uime sin as í mo toil na mná óga dho dhéunamh pósda, clann do bhreith
dóibh, aire dho thabhairt do ghnouighibh an tighe, agus gan cionfátha ar
bioth dho thabhairt dá mbiodhbha ré labhairt gu holc órrtha.


L. 1Tm5:15


Oír do fhilleadar dream dháirighthe cheana ar a nais a ndiáigh
Shatáin.


L. 1Tm5:16


Má atá fear nó bean don druing chreideas, agá bhfuilid baintreabhthacha,
tuguid dóibh fóirighin a riachdanuis, agus ná biódh muirighin ar
aneagluis, dochum bheith neamhuireasbheach dhi ré ní dho thabhairt don
druing atá na mbaintreabhthachuibh dháríribh.


L. 1Tm5:17


Na sinnsir riághluigheas gu maith, bioth meas órrtha gurob fíu iád onóir
dhúbhalta dhfaghail: gu mór mhór an luchd sháothruigheas sa mbréithir
agus a dteagusg.


L. 1Tm5:18


Oír adeir an sgriobtúir, ná cuir ceangal ar bhéul an daimh bhrisios
an tarbhar. Agus as fíu an toibrighe luách a sháothair dhfagháil.


L. 1Tm5:19


Ná gabh casáoid anadhuigh sheanóra, gan fiádhnuisi dhéisi nó trír.


L. 1Tm5:20


An dream pheacuidheas, imdhearg iad a bhfiádhnuisi cháich uile, as gu
ngéubhadh eagla an chuid eile mar an gcéudna.


L. 1Tm5:21


Cuirim dhúalach ort a bhfiádhnuisi Dé, agus an tighearna Iósa Críosd,
agus na naingeal dtoghtha, na neithese dho choimhéud, gan suim do bheith
agud a neach seach ar oile, agus gan ní ar bioth dho ghéunamh dhuit gu
cláon.


L. 1Tm5:22


Ná leag do lámha gu hobann ar áon neach, agus ná bí pártach ré
peacuighibh dháoineadh eile: connaimh thú féin glan.


L. 1Tm5:23


Ná hibh uisge nísa mhó, achd cleachd beagán fióna ar son do ghoile,
agus héugcruás minic.


L. 1Tm5:24


Bíd peacuighe dháoineadh dháirighthe follas roimh láimh, ag dul rómpa
dochum breitheamhnuis: agus leanuid a bpeacuidh dream eile:


L. 1Tm5:25


Mar an gcéudna fós bíd deaghoibre follas roimh láimh: agus na hoibreacha
atá ar ghléus eile, ní féidir a bheith foluighthe dhóibh.


L. 1Tm6



L. 1Tm6:1


Tugadh an mhéid do shearbhfhoghantuigheadhibh atá fá chuing, meas gurob
fíu a maighisdreagha gach uile onóir dhfagháil, dochum nách fuigheadh ainm
Dé agus a theagusg sgannail.


L. 1Tm6:2


Agus an dream agá bhfuilid maighisdreadha deaghchreidmheacha, ná bíodh
tarcuisne aca orrtha do bhrígh gurob dearbhráithreacha iád: achd gu madh
móide dhiongnuid seirbhís, do bhrígh gu bhfuilid siád deaghchreidmheach
grádhach, agus pártach sa dteaghlacadh Dé. Múin agus teaguisg na neithese.


L. 1Tm6:3


Dá dtabhruid áon neach aithearrach teaguisg uádha, agus nách tabhair áonta
dho bhriáthruibh falláine ar dtighearna Iósa Críosd, agus don teagusg, atá
dho réir dhiághachda,


L. 1Tm6:4


Atá sé liónta dhuabhar inntinne, agus gan fios áonneithe aige, achd é
ar sáobh céille a dtimcheall cheasdann, agus imreasan bhfocal: tré na dtig
misguis, connsbóid, anchaint, drochbharamhla,


L. 1Tm6:5


Agus diosbóireachd chiopálach dháoineadh dtruáillighthe na ninntinn, agus
atá dealuighthe ris an bhfírinne, agus sháoileas gurob diághachd anéudáill.
Dealuidh réna samhuil sin do dháoinibh.


L. 1Tm6:6


Gidheadh is mór anéudaill diághachd, achd gu madh lór lé neach ina
intinn, mar dobheir Día dhó.


L. 1Tm6:7


Oír ní thugamar ní ar bioth linn dochum an tsáoghal, agus ios follas
nach féidir linn ní ar bioth do bhreith as.


L. 1Tm6:8


Uime sin an feadh atá biádh agus éudach aguinn ar fagháil, gu madh
lór linn hé.


L. 1Tm6:9


Achd an dream léna mián bheith saidhbhir, tuitid siád a gcathughadh agus
a bpainntéur, agus aniomad mhiánuibh éigciálluidhe dochracha, noch mhúchas
dáoine a sgrios agus a milleadh.


L. 1Tm6:10


Oír asé grádh anairgid frémh na nuile olc: noch ar mbeith do
dhruing dháirighthe dhá shanntughadh, dochuádar ar seachrán ón gcreideamh,
agus do tholladar iád féin thríthadh ré hiomad doilgheasa.


L. 1Tm6:11


Achd tusa, ógláoich Dhé, seachuin na neithese: agus lean
dhfióréunndachd, do dhiághachd, do chreideamh, do ghrádh, dhfoighide,
agusdo cheannsachd.


L. 1Tm6:12


Déun comhrac na chomhrac mhaith sa gcreideamh: beir greim ar an mbeatha
marrthannuigh, dochum ar goireadh thú, agus ar a ndearnuidh tú admháil
mhaith do láthair mhóráin dhfiághnuibh.


L. 1Tm6:13


Aithním dhiot a bhfiádhnuisi Dé bheóuigheas na huile neithe, agus
Iósa Críosd noch dhorinne fiádhnuisi agus admháil mhaith dho
láthair Phuing Phioláit:


L. 1Tm6:14


Na haitheantasa dho choimhéud gan cháidh gan lochd, gu teachd ar
dtighearna Iósa Críosd:


L. 1Tm6:15


Noch fhoillseóchas na ám pféin an tí atá beannuighthe, eadhón an cuimghe
cumhachdach na áonar, Rí na rightheadh, agus tighearna na dtighearnadh:


L. 1Tm6:16


Agá bhfuil an mharrthuin na áonar, atá na chomhnuidhe sa tsoillse nách
féidir dho rochduin, nách facuidh duine riámh, agus nách féidir dhó
dhfaicsin: u mairidh a onóir agus chumhachd siórruidhe. Amén.


L. 1Tm6:17


Fogair dhon druing atá sáidhbhir sa sáoghalsa, gan bheith
áirdinntinneach, ná a muinighin do chur a saidhbhreas neamhbuán, achd sa Día
bheó dobheir dhúinne gu sáidhbhir na huile neithe dochum a ngnáthuighthe.


L. 1Tm6:18


Fógair mar an gcédna dhóibh maith dho ghénamh, bheith sáidhbhir a
ndeaghoibrighthibh, bheith éusguidh fána gcuid do thabhairt uátha, agus do
roinn ré daoinibh eile, maille ré cáonmharrachd:


L. 1Tm6:19


Agus cisde dho chur a dtaisge ar fhonndameint mhaith dhóibh pféin, ré
hadhuidh na haimsire atá dhochum teachda, dochum na beatha marrthannuigh
dho ghnoughadh dhóibh.


L. 1Tm6:20


O a Thimotéuis, coimhéid a ní dho fágbhadh táobh riot, agus seachain
ciopáil bhriáthar neamhdhíagha gan eifeachd, agus conntrárrghachd ealadhan,
nách fuil achd na hainm ealadhan.


L. 1Tm6:21


Noch ar mbeith do dhruing dháirighthe dhá hadmháil, dochúadar ar seachrán
a dtimchioll an chreidimh. Grása maille riot. Amén.


L. 2Tm



DARA HEIPISDIL PHOIL ABSDUIL DOchum Timotheuis.


L. 2Tm1



L. 2Tm1:1


POL absdal IOSA Críosd tré thoil Dé, do réir geallamhna na beatha,
noch atá a nIósa Críosd,


L. 2Tm1:2


DOchum Timotheuis mo mhic ghrádhuigh, u raibhe grása, trócaire,
agus siothcháin ó Dhía athar, agus ó Iósa Críosd ar dtighearna.


L. 2Tm1:3


Beirim buidheachas ré Día dá ndiongnuim seirbhís ag leanmhuin luirg na
sinnsear maille ré coguás ghlan, fá bheith gu comhnuightheach dhod
choimhnese am úrnuighthibh do lo agus dóidhche:


L. 2Tm1:4


Ar mbeith damh fonnmhar an thusa dhfaicsin, an tan choimhnighim ar do
dhéoruibh, dochum gu mbinn liónta dho gháirdeachas:


L. 2Tm1:5


Ar mbeith damh coimhnightheach ar an gcreideamh neamhfhallsa atá ionnad,
noch dhobhí na chomhnuidhe ar tús ann do sheanmháthair Lois, agus ann do
mháthair Eunice: agus is deimhin leam gu bhfuil ionnadsa mar an gcéudna.


L. 2Tm1:6


Ar anadhbharsa cuirim a gcoimhne dhuit, tiodhlacadh Dé atá ionnad,
tré leagadh mo lámhsa ort, do bhíodhgadh suás.


L. 2Tm1:7


Oír ní sbiorad fhaitchis tug Día dhúinne, achd sbíorad chumhachd, agus
ghrádha, agus shláinte inntinne.


L. 2Tm1:8


Uime sin ná bíodh adhnáire ort fá fhiádhnuise ar dtighearna, ná am
thimchiollsa as priosúnach ar a shon: achd bíodh do chuid agad do
bhuáidhirt an tsoisgéil do réir chumhachd Dé:


L. 2Tm1:9


Noch dho sháor sinn, agus do ghoir sinn maille ré gairm náomhtha: ní do
réir ar noibrightheadh, achd do réir a thriálla féin agus a ghrás, noch dho
tugadh dhúinn a nIósa Críosd roimh chruthughadh an domhuin:


L. 2Tm1:10


Achd atá anois arna fhoillsiughadh tré theachd deallruightheach ar
dtighearna Iósa Críosd, noch dho dhíbir an bás, agus tug beatha agus
marthuin dochum soillse trésan soisgéul.


L. 2Tm1:11


Dochum ar hórduigheadh misi um fhior gárma,, agus um absdal, agus
um fhior teaguisg na gcineadhach.


L. 2Tm1:12


An tadhbhar fá a bhfuilim ag fulang na neitheadhsa: giodheadh ní fhuil
adhnáire oram. Oír atá a fhios agum cíá dhár chreid mé, agus as deimhim leam
gurob féidir leis a ní do fáguibh mé táobh ris do choimhéud fá chomhair an
láoi úd.


L. 2Tm1:13


Biódh sompla fírinneach na mbríathar bhfalláin dhochualuidh tú uáimse
agud, a gcreideamh agus a ngrádh a nIósa Críosd.


L. 2Tm1:14


Coimhéid an taisge armacach do fágbhadh agad, trés an sbiorad náomh
chomhnuigheas ionnuinn.


L. 2Tm1:15


Atá a fhios so agud gur thréigeadar luchd na hAsía uile mé: agárob
dióbh Phigellus, agus Hermogenes.


L. 2Tm1:16


Go dtuguidh an tighearna trócaire dho theach Onesiphoruis: oír tug
sé fuáradh gu minic dhamhsa, agus níor ghabh adhnáire hé fán tslábhradh
ina raibhe mé ceanguilte.


L. 2Tm1:17


Achd ar mbeith dó sa Róimh, do lorgair sé mé gu rodhíthchiollach, agus
fuáir sé mé.


L. 2Tm1:18


Gu dtuguidh an tighearna dhósan trócaire dhfághail ón dtighearna sa ló
úd. Agus atá a sháirfhios agudsa, créd é a mhéud do fhóir sé oramsa
a nEphesus.


L. 2Tm2



L. 2Tm2:1


Uime sin a mhic, bíse láidir sa ngrás atá a nIósa Críosd:


L. 2Tm2:2


Agus na neithe dochuáluidh tú uáimse a láthair mhoráin dfiághnuibh,
táobh na neithe céudna dho dháoinibh dísle, noch bhiás foirtill ar dháoinibh
eile dho theagusg mar an gcéudna.


L. 2Tm2:3


Uime sin fulaingse anshógh mar shoighdiúr maith dhIósa Críosd.


L. 2Tm2:4


Ní chraiplighthear éuneach dhá leanann an cogadh ré gnouighthibh na
beathasa, dochum gu ndiongnadh toil an tí dho thogh é na shoighdiúr.


L. 2Tm2:5


Agus fós dá ndiongna áoineach sbáirn dochum gill do bhreith, ní curthar
coróin air, achd muna dhearna sbáirn gu dlisdionach.


L. 2Tm2:6


As éigean don treabhthach sáothar dho ghénamh sul dogheibh sé na tortha.


L. 2Tm2:7


Smuain ar na neithibh adeirim: agus gu dtuguidh an tighearna tuigsi
dhuit sna huile neithibh.


L. 2Tm2:8


Cuimhnigh gur eiséirghe Iósa Criosd táinic dho shiól Daibhí, ó
mharbhuibh, do réir mo shoisgéilse.


L. 2Tm2:9


Ar son a bhfuilim ag fulang bhuáidheartha gu géimhlibh, mar fhear
droch-bheart do ghéunamh: giodheadh ní fhuil briáthar Dhé ceanguilte.


L. 2Tm2:10


Uime sin iomchruim na huile neithe ar son na druinge atá arna dtogha,
dochum an tslánaighthe atá a nIósa Críosd do ghnoughadh dhóibhsion mar an
gcéudna, maille ré glóir shíorruidhe.


L. 2Tm2:11


As rádh fírinneach so. Oír más bás dúinn ina fhochair, búdh marthuinn
dúinn mar an gcéudna na fhochair:


L. 2Tm2:12


Má dhonimíd fulang ar a shon, biám a rióghachd mar an gcéudna maille
ris: dá séunam hé, séunfa seision sinne mar an gcéudna:


L. 2Tm2:13


Má atá nách creidmídne, ní lughuide anas seision díleas: ní féidir
leis hé féin do shéuna.


L. 2Tm2:14


Cuir na neithesi a gcuimhne dhóibh, agus aithin dióbh a bhfiádhnuisi an
tighearna, gan bheith imriosnach a dtimchioll fhocal, nách téid a dtárbha ar
bioth, achd téid a ródhochar dhon druing éisdeas.


L. 2Tm2:15


Déun díthchioll ar thú féin do bheith ionmholta ré do thaiséunadh do
Dhía, atfior oibre nách rig a leas adhnáire do bheith air, ag gearradh
bhréithre na fírinne gu comhthrom.


L. 2Tm2:16


Toirmisg ciopáil bhríathar neamhdhiagha gan éifeachd: oír tiucfuidh
ar a nadhuigh dochum tuillidh neamhdhiághachda.


L. 2Tm2:17


Agus biáidh a mbríathar ag cnáoi mar chainnsiol: agárob díobh
Himenéus agus Philétus:


L. 2Tm2:18


Noch a dtáobh na fírinne dhochuáidh ar seachrán ón gcomharrgha, ag rádh
gu ndeachuidh aneiséirghe thoruinn cheana: agus sgriosas creideamh dhruinge
dháirighthe.


L. 2Tm2:19


Giodheadh anuidh fonndameint daingean Dé ar bun, agá bhfuil an séulasa,
eadhón gu bhfuil fios a mhuinntire féin ag an dtighearna: agus gach áon
ghoireas ar ainm Chríosd, seachnadh sé anéugcóir.


L. 2Tm2:20


Giodheadh bídh a dtigh mhóir ní hé amháin soithighe óir agus airgid, ach
fós soithighe croinn agus criádh: cuid dióbh dochum onóra, agus cuid eile
dochum neamhonóra.


L. 2Tm2:21


Uime sin dá nglana neach ar bioth hé féin uátha so, biáidh sé na
shoitheach dochum onóra, arna ghéunamh náomhtha, oireamhnach dhon
tighearna, agus ullamh dochum gach uile dheaghoibre.


L. 2Tm2:22


Seachuin mar an gcéudna ainmiána na hóige: agus lean dhfióréundachd,
do chreideamh, do ghrádh, agus do shíothcháin, maille ris an druing
ghoireas air an tighearna ó chroidhe ghlan.


L. 2Tm2:23


Agus seachain ceasda éigciálluidhe neamhfhoghlomtha, ar mbeith a fheasa
agud gu mbrosduighid siád ceannarruic.


L. 2Tm2:24


Giodheadh ní cóir dho shearbhfhoghantuidhe an tighearna bheith
ceannarraiceach, achd bheith ceannsa ris na huile dháoinibh, aipche a
dteagusg, ag iomchar ré drochdháoinibh:


L. 2Tm2:25


Ag teagusg na druinge bhiós conntarrgha dhá inntinn, maille ré ceannsachd:
dfios an dtíubhradh Día dhóibh aithmhéula dho ghéunamh uáir ar bioth,
dochum na fírinne dhadmháil:


L. 2Tm2:26


Agus teachda dhóibh ar a nais, ó phainntéur an diábhail, agá bhfuilid
gabhtha, dochum a thoile dho ghéunamh.


L. 2Tm3



L. 2Tm3:1


Agus biódh a fhios so agad, gu dtiucfuid aimseara báodhlacha sna laithibh
déigheanacha.


L. 2Tm3:2


Oír beid dáoine rocheanamhuil órrtha féin, sanntach, aibhéil, diómsach,
ithiomráiteach, easumhal dá naithribh agus dá máithribh, dobhuidheach,
neamhnáomhtha.


L. 2Tm3:3


Gan grádh nadúrrgha, luchd drochchoingill, na luchd éilighthe gu heugcóir,
neameassárrgha, borb, neamhghrádhach fá éun ní mhaith,


L. 2Tm3:4


Na luchd braith, mearrgánta, áirdinntinneach, luchd ghrádhuigheas sáimhe
na colla nísa mhó ná Día:


L. 2Tm3:5


Agus leigeas orrtha féin bheith diágha, achd do dhíult do chumhachd na
diághachda. Agus seacháinse a samhuil sin.


L. 2Tm3:6


Oír is don druingse an luchd bhiós ag teultógh asdteach a dtighthibh,
agus bheireas ríu a mbruidh mná simplidhe liónta dho pheacadh, agus agá
dtreóruighthear iád ré hainmhiánuibh éugsamhla:


L. 2Tm3:7


Mná bhiós ag siór fhoghluim, agus nách tig dhióbh gu brách teachd
chum éolais na fírinne.


L. 2Tm3:8


Agus do réir mar dho chuir Iannes agus Iambres anadhuigh
Mháoisi, as mar an gcéudna chuirid an dreamsa anadhuigh na
fírinne: luchd inntinne thruáillighthe, mearuighthe a dtáobh an
chreidimh.


L. 2Tm3:9


Giodheadh ní bhéuruid buáidh nísa mhó: oír biáidh a gcuthach follas dona
huile dháoinibh, amhuil dobhí a gcuthach súd mar an gcéudna.


L. 2Tm3:10


Achd atá fios mo theaguisge agudsa, agus réime mo bheatha, agus fios
an triálla do chuir mé romham, mo chreidimh, mo cheannsachda, mo ghrádha,
agus mhfoighide,


L. 2Tm3:11


Fios ar a mhioncachd dorinnedh foleanmhuin oram, agus na neithe dho
fhulaing mé a nAntióchia, a nIcónium, agus a Lisdra: na
fóleanmhana noch do iomchuir mé: achd do sháor an tighearna mé uátha
uile.


L. 2Tm3:12


Agus fós an mhéid léna mían a mbeatha chaitheamh go diágha a nIósa
Críosd, beid siád agá bhfóleanmhuin.


L. 2Tm3:13


Achd budh mheasa sa chách na drochdháoine, agus luchd na mealltóireachda,
bhiós ag melladh, agus aga mealltar iád.


L. 2Tm3:14


Achd comhnuighse sna neithibh dho fhoghluim tú, agus do fágbhadh táobh
riot, ar mbeith a fheasa agad cia ór fhoghluim tú iád.


L. 2Tm3:15


Agus gu raibhe eólas na sgrioptúr náomhtha agud ó dhobhí tú ad leanab,
lénab féidir do ghéunamh eagnuidhe dochum slánaighthe, trésan gcreideamh
noch atá a nIósa Críosd.


L. 2Tm3:16


As ó sbioruid Dé táinic an sgriobtúir uile, agus ios tarbhach hé
dochum teaguisg, dochum na bréige dho chur ar gcúl, dochum ceartuighthe,
agus dochum foirceaduil na fíréuntachda:


L. 2Tm3:17


As gu mbiádh óglach Dé diongmhalta, agus ullmhuighthe gu hiomlán dochum
na huile dheaghoibre.


L. 2Tm4



L. 2Tm4:1


Uime sin cuirim dhuálach ort a bhfíadhnuise Dé, agus an tighearna
Iósa Críosd, noch bhéuras breath ar bheóuibh agus ar mharbhuibh agá
theachd deallruightheach agus ina rióghachd:


L. 2Tm4:2


An bhriáthar dho sheanmóir: bheith dúthrachdách anám, agus ananám:
an bhréug dho chur ar gcúl, smachdughadh dho ghéunamh, agus teagusg
dho thobhairt uáit maille ris anuile cheannsachd agus fhoirceadal.


L. 2Tm4:3


Oír tiucfuidh aimsir nách biáidh fulang aca ar theagusg fhalláin: achd
ar mbeith dá gcluásuibh líonta dho thochas, cruinneóchuid siád dóibh féin
do réir anainmián, iomad do luchd teaguisg:


L. 2Tm4:4


Agus fillfid síad a gcluása ón bhfírinne, agus géillfid do sgéultuibh
fabhuill.


L. 2Tm4:5


Giodheadh déunsa faire sna huile neithibh, fulaing anshógh, déin obair
shoibhisgéil, tabhair fá deara do mhiniosdrálachd do bheith dearbhta.


L. 2Tm4:6


Oír atáimse anois féin dom iódhbairt, agus is fogas damh aimsear mo
dhealuighthe ris an sáoghal.


L. 2Tm4:7


Dorinne mé comhrac no chomhrac mhaith, ráinic mé ceann mo choimhleanga, do
choimhéid mé an creideamh.


L. 2Tm4:8


O
so amach atá coróin na fíréundachda arna taisge fám chomhair, noch
bhéuras an tighearna an breitheamh comhthrom dhamh, sa ló úd: agus ní damhsa
amháin, achd mar an gcéudna dona huilibh ghrádhuigheas a theachd
deallruightheach.


L. 2Tm4:9


Deunuidh deithneas ré theachd chugam gu haithghearr.


L. 2Tm4:10


Oír do thréig Démas mé, ar dtabhairt ghrádha dhon tsáoghalsa dho
láthair, agus do imthig sé gu Tessalonica. Do imthigh Crescens gu
Galátia, agus Títus gu Dalmátia.


L. 2Tm4:11


Atá Lucás na áonar um fhochair. Ar mbreith duit ar Mhárcus
tabhair leat hé: óir as roshochrach dhamhsa hé dochum miniosdrálachda.


L. 2Tm4:12


Agus do chuir mé Tichicus uáim gu hEphesus.


L. 2Tm4:13


An tan thiucfas tú tabhair leat an brat noch do fhág mé a dTróas ag
Carpus, agus na leabhair, agus gu háirighthe na meamruim.


L. 2Tm4:14


As mór dholc dhorinne Alexandar an céard copair oram: gu dtuguidh
an tigherna dhó do réir a ghníomharthadh.


L. 2Tm4:15


Agus bíse mar an gcéudna ar do choimhéud air: óir is mór do chuir sé
anadhuigh ar mbriáthairne.


L. 2Tm4:16


Sna chéudbhriáthruibh dho labhair mé dhom sháoradh féin do láthair
Chésair, níor sheas éunduine dhom thaobh, achd do thréigeadar uile mé:
iárruim ar Dhía gan a ngrá órrtha.


L. 2Tm4:17


Giodheadh do sheas an tighearna láimh rium, agus do neartuigh sé mé,
dochum gu mbiádh seanmóir an tsoisgéil dearbhtha thriómsa, agus gu
gcluinfedáois na cineadhacha uile hí: agus do sáoradh mé ó bhéul a
leoghain.


L. 2Tm4:18


Agus sáorfa an tighearna mé ó gach uile dhrochobair, agus coimhéudfuidh
mé dochum a rióghachda neamhgha féin: u raibhe glóir dhósan a sáoghal
na sáoghal. Amén.


L. 2Tm4:19


Beir beannachd dochum Phrisca agus Acuila, agus dochum luchda
tighe Onesíphoruis.


L. 2Tm4:20


Do chomhnuidh Erastus a gCorinnthus. Agus do fáguibh mé
Trophimus a Milétum gu héugcruáidh.


L. 2Tm4:21


Déun deithneas ré theachd roimh an ngéimhreadh. Cuiridh Eubulus,
agus Pudens, agus Línus, agus Cláudia, agus na dearbhráithreacha
uile a mbeannachd chugad.


L. 2Tm4:22


Gu raibhe an tighearna Iósa Críosd maille réd sbioruid. Grása
maille ribh. Amén.


L. Tt



EPISTIL PHOIL ABSDUIL DOCHUM Tituis.


L. Tt1



L. Tt1:1


POL searbhfhoghantuighe Dé, agus absdal Iósa Críosd, do réir chreidimh
an luchda do thogh Día, agus admhála na fírinne, noch atá dho réir
dhiághachda:


L. Tt1:2


Dochum muinighne na beatha marthanuighe, noch do ghéill Día ris nách
féidir bréugh do ghéunamh, sul do chruthuigheadh an domhan,


L. Tt1:3


Achd do fhoillsigh sé a bhriáthar anám iomchuibhghe, tré sheanmóir an
tsoisgéil do fágbhadh táobh riúmsa, do réir aithne Dé ar slánaightheóra:


L. Tt1:4


Dochum Tituis mo mhic nadúrrgha, do réir an chreidimh choitchinn:
grása maille riot, trócaire, agus siothcháin ó Dhía athar, agus ón dtigherna
Iósa Críosd ar slánaighthóir.


L. Tt1:5


Asé adhbhar fár fháguibh mé thú a gCréta, dochum gu leanfá dho
cheartughadh na neitheann atá fós gan cheartughadh, agus gu gcuirféadh na
suidhe seanóireachda ion gach cathair, do réir mar dho órduigh mé dhuit:


L. Tt1:6


Má atá neach ar bioth neamhlochdach, na fhior éun mhná, agá bhfuil
clann ionnruic, nách féidir dhéuliughadh fá neamhmheasarrghachd, ná
fáneasumhal.


L. Tt1:7


Oír as cóir easbog do bheith neamhlochdach, mar fheadhmanntach Dé, gan
bheith dó ag rioth do réir a thoile féin, ná feargach, ná ró fhonnmhar a
bhfíon, ná buáilteach, ná dúil do bheith aige anéudaill neamhgloin:


L. Tt1:8


Bheith dó na fhear tighe áoidheadh do chonnmháil, na dhuine dhobheir
grádh dho dháoinibh maithe, na dhuine aireach, chomhthrom, náomhtha,
mheasarrgha:


L. Tt1:9


Ag congmháil na bréithre dísle gu daingean do réir theaguisg, as gu madh
féidir leis teagusg dho thabhairt uádha maille ré foircedal falláin, agus an
drem labhrus na adhuigh dho bhrégnughadh.


L. Tt1:10


Oír atáid iomad do dhaóinibh easúmhla ann, labhras gu héugciálluidhe, agus
do luchd inntinne do mhealladh, gu háirighthe an luchd atá dhon
timchiollghearradh.


L. Tt1:11


Agárob éigean a mbéul do stopadh: dream chuireas tighthe gu huilidhe fá
chéile, ag teagusg neitheann nách cóir, do ghrádh eudála neamhghloine.


L. Tt1:12


Adubhairt neach dháirighthe dhióbh pféin, eadhón a bhfáidh díleas
féin; ios luchd bréige dho ghéunamh dho ghnáth na Crétiánacha, ios
drochainmhiteadha iád, agus builg leasga.


L. Tt1:13


As fiór an fhiádhnuisese: uime sin cronuigh iád gu géur, dochum bheith
dóibh diongmhálta sa gcreideamh:


L. Tt1:14


Agus gan aire dho thabhairt do sgéultuibh fábhuill, agus daitheantuibh
dáoineadh atá ar niompúgh ón bhfírinne.


L. Tt1:15


Atáid na huile neithe go deimhin glan don druing atá glan: achd don
druing atá salach agus gan chreideamh ní fhuil éun ní glan, achd fós atá a
ninntinn agus a gcoguás salach.


L. Tt1:16


Admhuighid siád eólas Dé dho bheith aca, giodheadh séunuid a
ngniómharthuibh hé, ar mbeith dóibh adhuáthmhar, easumhal, agus mearuighthe
a dtáobh gach uile dheaghoibre.


L. Tt2



L. Tt2:1


Achd labhairse na neithe thig ré teagusg falláin:


L. Tt2:2


Eadhon dáoine áosda dho bheith aireach, trómgha, measárrgha, diongmhálta
a gcreideamh, a ngrádh, agus a bhfoighide:


L. Tt2:3


Na mná áosda mar an gcéudna dho bheith anaibíd iomchuibhghe dho
náomhthachd, gan bheith dóibh na luchd éilighthe gu héugcóir, gan iád féin
do thabhairt gu hiomarcach dhfión, achd bheith dóibh na luchd teaguisg
neitheann niomchuibhghe:


L. Tt2:4


As gu dtiubhradáois fo deara dhona mnáibh óga bheith suáimhnech ina
ninntinn, grádhach fána bhferuibh agus fána gcloinn,


L. Tt2:5


Measárrgha, geanmnuibh, comhnuigheach na dtighthibh, maith, agus umhal
dá bhfearuibh: deagla bhréithre Dé dho mhaslughadh,


L. Tt2:6


Teaguisg na hóganuidh mar an gcéudna fá bheith suáimhneach na ninntinn.


L. Tt2:7


Taiséin thú féin sna huile neithibh ad eisiompláir dheaghoibrightheadh,
maille ré teagusg neamhthruáillighe, trómgha,


L. Tt2:8


Agus ris an mbréithir fhalláin nách féidir dho lochdughadh: as gu mbiádh
adhnáire ar an tí chuireas ion bhur nadhuigh, ar mbeith dó gan drochní ar
bioth aige ré aráon bhur dtáobhsa.


L. Tt2:9


Teaguisg na searbhfhoghantuigheadha fá bheith umhal dá maighisdreaghuibh,
agus fána dtoil do ghéunamh sna huile neithibh, agus gan cur anadhuigh a
mbriáthar:


L. Tt2:10


Gan éun ní dhá gcuid do teultógh uátha, achd anuile dhísle maith do
thaiséunadh dhóibh, as gu ndniongnadís teagusg Dé ar slánaighthóra
taithneamhach ar gach éunchor.


L. Tt2:11


Oír do shoillsigh grás Dé gu deallruightheach dobheir slánughadh ris
dochum na nuile dháoineadh:


L. Tt2:12


Agus dobheir teagusg dhúinne, fá Ag tabhairt teagusg dhúinne, fá
neamhdhíaghachd agus fá ainmhiánuibh an tsáogháilse dho sheachna, agus fá
ar mbeatha dho caitheamh dhúinn go measárrgha, agus gu comhthrom, agus gu
diágha, sa sáoghalsa dho láthair:


L. Tt2:13


Ar mbeith dhúinn ag fuireach ris an muinighin beannuighthe, agus ré
teachd deallruightheach ghlóire an Dé mhóir, eadhón ar slánaighthóra Iósa
Críosd,


L. Tt2:14


Tug hé féin air ar son, dochum ar bhfuásgalta, ó gach uile pheacadh, agus
dochum ar nglanta, as gu mbeimís nar bpobal geanamhuil aige féin, ag
leanmhuin gu dúthrachdach dho dheaghoibrighthibh.


L. Tt2:15


Labhair, agus teaguisg na neithese: agus ceartuigh maille ris anuile
úghdarrás. Ná taircaisnigheadh éunduine thú.


L. Tt3



L. Tt3:1


Cuir a gcuimhne dhóibh bheith umhal dúachdaránachduibh agus do
chumhachduibh, urraim do thabhairt uátha, agus bheith dóibh ullamh dochum
gach uile dheaghoibre:


L. Tt3:2


Gan neach ar bioth do mhaslughadh, gan bheith dóibh brúighneach,
suaimhneach, ag taisbéunadh na huile cheannsachda dona huile dháoinibh.


L. Tt3:3


Oír dobhámairne féin ar úairibh éigciálluidhe, easumhal, ag dul ar
sechrán, ag leanmhuin dainmiánuibh agus danntoilibh eugsámhla, ag caitheamh
ar mbeatha a miosguis agus a dtnúth, fuáthmhar ag fuáthughadh a chéile:


L. Tt3:4


Achd an tan do shoillsigh féile agus grádh Dé ar slánaighthóra do
dháoinibh,


L. Tt3:5


Ní do réir na noibrightheadh bhfirénnda dorinneamairne, achd do
réir a thrócaire féin do sháor sé sinn, tré ionnladh na haithghineamhna,
agus tré athnúadhughadh an spiorad náoimh:


L. Tt3:6


Dho dhóirt sé oruinn gu saidhbhir, tré Iósa Críosd ar dtighearna:


L. Tt3:7


Ionnas ar mbeith dhúinn ar nar sáoradh tréna grásuibhsion, gu
ndiongantáoi áodhaireadha dhínn do réir mhuinighne na beatha marthannuighe.


L. Tt3:8


As fírinneach an rádh so, agus ios áill leam thú dho dheimhniughadh na
neitheannsa, dochum gu mbíadh an dream do chreid do Dhía ro dhithchiollach
a ndeaghoibrighibh dho ghéunamh. As iád so na neithe théid a sochar agus a
dtarbha do dháoinibh.


L. Tt3:9


Achd toirmisg ceasda éugciálluidhe, agus seanchuis, agus connsbóid, agus
imreasana a dtimchioll an reachda: oír atáid siád gan tarbha gan éifeachd.


L. Tt3:10


Seachuin an tí atá na eireticeach, achd gu dtuga tú fógra dhó a dtaobh
a sheachráin uáir nó dhó:


L. Tt3:11


Ar mbeith a fheasa agud gu bhfuil a shamhuil sin do neoch ar ndul fá
chéile, agus gu bpeacuigheann sé, ar mbeith dhó dhá bhreitheamhnas féin
damnuighthe.


L. Tt3:12


An tan chuirfeas mé Artemas chugud, nó Tichicus, déun deithneas ré
theachd chugam gu Nicopolis: oír is ann do chuir mé romham an geimhreadh
dho chaitheamh.


L. Tt3:13


Seól uáit gu dúthrachdach sa tslighe Senas an fear dlighidh, agus
Apollo, ar ghléus nách biáidh uireasbhuidh aon neithe órrtha.


L. Tt3:14


Agus déunuid an dream as dínne mar an gcéudna foghluim ar
dheaghoibrighthibh do ghéunamh dochum na ngnáthuightheadh nuireasbach,
dochum gan bheith dóibh neamhthorthach.


L. Tt3:15


Cuirid a bhfuil um fhochairse uile a mbeannachd chugad. Teann riot an
mhéid ghrádhuigheas sinne sa gcreideamh. Grása maille ribh uile. Amén.


L. Fm



EPISTIL PHOIL ABSDAIL DOCHUM Philémoin.


L. Fm1



L. Fm1:1


POL priosúnach Iósa Críosd, agus Timotheus mo dhearbhráthair,
dochum Philémoin ar gcaruid dhiograiseach, agus ar bhfear cobhartha,


L. Fm1:2


Agus dochum Apphia ar ndeirbhshiúr ghrádhach, agus dochum
Archippuis ar gcoimhfhior coguidh, agus dochum na heagluisi atá ad theagh:


L. Fm1:3


Grása maille ribh, agus sióthcháin ó Dhía ar nathairne, agus ón
dtighearna Iósa Críosd.


L. Fm1:4


Beirim buidheachus rém Dhía, dhod shíor chuimhnese um urnuighthibh,


L. Fm1:5


(Do bhrígh gu gcluinim iomrádh do ghrádhasa, agus an chreidimh atá
agud do tháobh an tighearna Iósa, agus do tháobh na nuile náomh:)


L. Fm1:6


Dochum gu mbiádh cumann do chreidimh éifeachdach, anadmháill na huile
mhaitheasa atá ionnuibh tré Iósa Críosd.


L. Fm1:7


Oír is mór an gairdeachas agus an solás atá aguinn ann do ghrádhsa,
do bhrígh go bhfúaradar innighe na náomh furtachd thriódsa, a
dhearbhráthair.


L. Fm1:8


Uime sin biódh gur féidir leam bheith ro dhána a gCriosd ris an ní
atá iomchuibhghe daithne dhíot:


L. Fm1:9


Giodheadh cheana tré ghrádh, is usa liom impidhe chur ort, ar
mbeith damh mar atáim um Phól fhoirfe agus anois fós um
príosúnach ar son Iósa Críosd.


L. Fm1:10


Cuirim dhimoidhe ort a dtáobh mo mhic Onesimus, noch dho ghein mé a
gcúibhrighthibh.


L. Fm1:11


An tí dobhí ar uairibh neamhtarbhach dhuitse, achd anois atá
rótharbhach dhuitse agus dámhsa.


L. Fm1:12


An tí do chuir mé ar a ais: agus gabhsa chugad hé, mar mo chroidhe féin:


L. Fm1:13


Noch bá mián riúmsa dho chongmháil um fhochair féin, dochum gu
ndiongnadh sé miniosdrálachd damh ationadsa, a gcuibhrighthibh an
tsoisgéil.


L. Fm1:14


Giodheadh niór áontuigh mé éun ní dhéunamh gan do thoilse, as gu
mbiádh do thabhartusa, ní amr dho bhiádh do réir éigin, achd do réir do
thoile féin.


L. Fm1:15


As dóigh gurob uime dho dhealruidh sé riot ar feadh tamuill, dochum
a ghabhála uáimse dhuit gu sióoruidhe:


L. Fm1:16


Ní mar shearbhfhoghantuighe feasda, achd ós cionn shearbhfhoghantuighe,
na dhearbhráthair ghrádhach, gu háirighthe dhámhsa: Ané nách mó iná sin
duitse sa gcoluinn, agus sa dtighearna?


L. Fm1:17


Uime sin má atá cumann eadrad agus meisi, gabh chugad hé mar mhé féin.


L. Fm1:18


Agus má dho ghortuigh sé thú anáon ní, nó ma dhlighean tú ní ar bioth
dhe, biádh sé um leithse.


L. Fm1:19


Meisi Pól do sgríobh rém láimh pféin, dobhéur dioluidheachd uáim:
biódh nách abruim riot gu ndlighim thú féin fós ós a cheann sin diót.


L. Fm1:20


Aseadh, a dhearbhráthair, faghuim an tabhartusa uáit sa dtigherna.
Comhfhurtuigh mo chroidhe sa dtigherna.


L. Fm1:21


Do sgríobh mé chugad ar mbeith damh muinighneach as humhlachd, ar mbeith a
fheasa agum gu ndiongna tú nísa mhó na mar adeirim.


L. Fm1:22


Agus maille ris sin, ullmhuigh loisdín damh: óir atá muinighin agum gu
dtibhearthar mar thiodhlacadh dhíbh me tré bhur nurnuighthibh.


L. Fm1:23


Cuiridh Epaphras (mo chomhphriósúnach a nIósa Críosd).


L. Fm1:24


Marcus, Aristarchus, Démas, agus Lucás, mo chomhluchd cabhartha,
a mbeannachd chugud.


L. Fm1:25


Grása ar dtighearna Iósa Críosd ré bhur sbioruid. Amén.


L. Eb



EPISTIL PHOIL ABSDAIL DOCHUM na nAbhruigheadh


L. Eb1



L. Eb1:1


Do labhair Día anallód gu minic agus ar mhoghuibh éugsamhla ris na
haithreachuibh trésna fáidhibh, achd sna laithibh déigheanachsa do
labhair sé rinne trésan mac,


L. Eb1:2


Do órduigh sé na oighre ós cionn na nuile, trénar chruthuigh mar an
gcéunda an domhan:


L. Eb1:3


Noch ar mbeith dhó na dheallradh glóire, agus na iomháigh fhíre a
phearsuin anathar, agus ag congmháil suás na nuile neitheann ré cumhachd a
bhréithre, ar nglanadh ar bpeacuighne dhó thríd féin, do shuigh sé ar
láimh dheis na mórghachda sna hionaduibh is áirde.


L. Eb1:4


Ar mbeith dhó arna ghéunamh nísa ro óirrdhearca ná na haingil, ar gurob
óirrdhearca an tainm fuáir sé ná iádsan.


L. Eb1:5


Oír cía do na hainglibh ré a ndubhairt sé riámh, As tú mo mhac, aniugh dho
ghin mé thú? agus arís, Biáidh mé um athair aige, agus biáidh seision na
mhac agumsa?


L. Eb1:6


Agus arís an tan dobheir sé asdteach an chéidghin don domhan, adeir
sé; agus tuguid aingil Dé uile onóir dhó.


L. Eb1:7


Agus adeir sé a dtáobh na naingeal, doní sé a theachdaireadha dhona
sbioraduibh, agus a mhinisdreadha, dhon teine lasárrgha.


L. Eb1:8


Achd adeir sé, ris an mac, a Dhía, mairidh do chátháoir rióghasa
gu siórruidhe: ios slat chomhthrómh, slat do rioghachdasa.


L. Eb1:9


Do ghrádhuigh tú an fhiréuntachd, agus do fhuáthuigh thú anéugcóir: uime
sin do ung Día do Dhía féin thú ré hola an gháirdeachuis ós cionn do
chompánach.


L. Eb1:10


Agus as tusa a thighearna tug fonndameint daingean don talamh ó thosuigh,
agus asiád na flaitheamhnuis oibrighthe do lámh.


L. Eb1:11


Rachuid siadsan as a gcruth, achd anuidh tusa u marthanach: agus
rachuid uile a gcaitheamh amhuil téid culuidh.


L. Eb1:12


Agus fillfir ar a chéile iád mar bhrat, agus béid siád arna gclaochlúgh:
achd as tusa an tí céudna, agus ní rachuidh crióch ar do bhlíadhnuibh.


L. Eb1:13


Agus cía dhona hainglibh ré a ndubairt ré riámh; suidh ar mo dheis,
nó gu gcuiridh mé do náimhde na sdól cos fúd?


L. Eb1:14


Ané nách sbiorada freasduil iád uile, curthar amach dochum
miniosdrálachda ar son na druinge gheubhus oighreachd an tslánaighthe?


L. Eb2



L. Eb2:1


Ar anadhbharsa as cóir dhúinn aire rodhúthrachdach dho thabhairt dona
neithibh dhochuálamar, deagla a ligthe thrínn dúinn uáir ar bioth.


L. Eb2:2


Oír má dhobhí an bhriáthar do lábhradh tre ainglibh seasmhach, agus mhá
fuáir gach uile shárughadh aitheantadh agus gach uile easumhlachd an luách
sáothair dho dhligheadar:


L. Eb2:3


Cionnas rachmáoidne as dá raibhe neamhshuim aguinn ion a chomhmór so dho
shlánughadh? noch dho tionnsgnamh dho sheanmórughadh ar tús ris an
dtighearna féin, agus do deimhnigheadh dhúinne na dhiáigh sin ris an
druing dhochuáluidh hé:


L. Eb2:4


Ar mbeith do Dhía ag déunamh coimhfhíadhnuise ríu maille ré comharrthuibh,
agus ré hiongantuibh, agus ré subhaltuibh éugsamhla, agus ré tiodhlaicibh an
sbiorad náoimh, do réir a thoile féin.


L. Eb2:5


Oír ní thug sé ceannas an tsáoghail atá dochum teachda, ar a bhfuilmídne
ag labhairt dona hainglibh.


L. Eb2:6


Achd doroínne neach anionadh dháirighthe fiádhnuise, agá rádh; créud é
an ní an duine gu mbeith coimhne agud air: nó mac an duine, as gu mbíadh dúil
agud ann?


L. Eb2:7


Dorinne tu hé feadh sealuid bhig nísa ísle ná na haingil: do chuir tú
coróin ghlóire agus onora air, agus do chuir tú hé ós cionn oibrigheadh do
lámh.


L. Eb2:8


Do chuir tú na huile neithe siós fána chosuibh. Oír ar gcur na nuile
neitheann fáoi dhó, niór fháguibh sé éun ní gan chur fáoi: giodheadh ní
fhaicmíd anois gu fóill na huile neithe fá umhlachd dó.


L. Eb2:9


Achd dochímáoid Iósa ar bhfágháil choróine glóire agus onóra, noch do
rinneadh feadh sealuid bhig nísa ísle ná na háingil, tré fhulang an bháis:
ionnas go mblaisfeadh sé tré ghrás Dé bás ar son gach áoin.


L. Eb2:10


Oír dob iomchuibhghe don tí ar son a bhfuilid na huile neithe, agus
tréna bhfuilid na huile neithe, ar dtabairt mhóráin cloinne dhó dochum
glóire, ceannurra a slánaighthe do ghénamh iomlán tré bhuáidhearthuibh.


L. Eb2:11


Oír an tí náomhus, agus an dream donithear náomhtha, ios ó áon atáid
uile. Uime sin ní ghabann adhnáire hé fá dhearbhráithribh dho ghairm
dhióbh,


L. Eb2:12


Ag rádh; foillseóchuidh mé hainm dom dhearbhráithreachuibh, molfuidh mé
thú maille ré ceól a meadhón na heagluise.


L. Eb2:13


Agus arís, cuirfe mé mo mhuinighin ann. Agus arís, tabhair húidh
dhámhsa agus don chloinn tug Día dhamh.


L. Eb2:14


Uime sin ó atá fuil agus feóil arna roinn ris an gcloinn, do ghabh
seision mar an gcéudna a chuid dióbh sin chuige, dochum an tí agá bhfuil
cumhachd an bháis, eadhón an díabhal, dionnarbadh dhó tré bhás:


L. Eb2:15


Agus dochum sáoirsiona dho thabhairt don mhéid dobhí feadh a mbeatha tré
fhaitcheas an bháis fá chuing dhaoirse.


L. Eb2:16


Oír gu deimhin, ní hé nadúir na naingeal do ghabh sé uime, achd
asé nadúir Abraham do ghabh sé uime.


L. Eb2:17


As gu raibhe dhfiáchuibh air bhieth cosmhuil réna dhearbhraithreachuibh
sna huile neithibh, dochum gu mbiádh sé trócaireach, agus na árdshagart
díleas sna neithibh bheanas ré Día, dochum an phubail do ghlanadh óna
bpeacadhuibh maille réna iodhbairt.


L. Eb2:18


Oír do bhrígh na buáidhertha dho fhulaing sé an tan do cuireadh
cathughadh air, is féidir leis cabhair dho thabhairt don druing ar a gcurthar
cathughadh.


L. Eb3



L. Eb3:1


Uime sin a dhearbhráithreacha náomhtha, agá bhfuil bhur gcuid ranna don
ghairm neamhdha, tuguidh dhá bhur naire absdal agus ardshagairt ar nadmhála,
eadhón Iósa Críosd:


L. Eb3:2


Noch dobhí díleas don tí dho órduigh é, amhuil dobhí Máoisi fós
díleas ina theaghsan uile.


L. Eb3:3


Oír measdar gurob fíu an fearsa glóir as óirrdhearca ná lóir
Mháoisi dhfaghail, ar gurob áirde onóir fhir an tighe dho
thoghbhail, ná onóir an tighe féin.


L. Eb3:4


Oír ní fhuil teach ar bioth nách duine éigin thógbhus hé: agus an tí dho
thóguibh na huile neithese, as Día hé.


L. Eb3:5


Agus gu deimhin dobhí Máoise díleas ina thighsean uile, mar
searbhfhoghantuighe, dochum fiádhnuise do ghéunamh ar na neithibh dobhí
dochum a labhartha:


L. Eb3:6


Achd atá Críosd mar an mac a gceannas a thighe féin: agárob sinne a
theagh, dá gconnmhamaoid gu daingean gu teachd don chrích dhéigheanuigh,
dóchas agus gáirdeachas na muinighne.


L. Eb3:7


Uime sin amhuil adeir an sbiorad náomh: aniugh dhá gcluine sibh a ghuth,


L. Eb3:8


Ná déunuigh bhur gcruidheadha cruáidh, amhuil dorinneabhair an lá do
bhrosduigheabhair hé dochum féirge, eadhón lá an chathaighthe sa bhfásach.


L. Eb3:9


Sanáit ar chuireadar bhur naithreacha cathughadh oram, ar dhearbhadar
mé, agus a bhfacadar moibrighthe ar feadh dhá fichead blíadhan.


L. Eb3:10


Uime sin dobhí rofhearg oram ris an gcineadh sin, agus adubhairt mé:
atáid siád do ghnáth ar seachrán na gcruidheadhuibh, agus ní bhfuáradar
eólas mo shlightheadhsa.


L. Eb3:11


Ionnus gu dtug mé mionna um fheirg, nách rachdáois asdteach dhom
ionad shuáimhniosa.


L. Eb3:12


Tuguidh aire ribh a dhearbhráithreacha, nách biáidh drochchroidhe gan
chreideamh ag éun neach aguibh uáir ar bioth, ré dtuitfeadh sibh ón Día bhéo:


L. Eb3:13


Achd teagusguidh a chéile gu láetheamhuil, an feadh ghoirthear an lá
aniugh dhe: deagla éunduine aguibh dho dhul a gcruás tré mhealltóireachd
an pheacuidh.


L. Eb3:14


Oír atá ar gcuid do Chríosd aguinn, má chonnmhamáoid gu diongmhálta gu
teachd don chrích dhéigheanuidh, céudthosach an chreidimh ré a
gconnmhuighthear suás sinn:


L. Eb3:15


An feadh adeirthear, aniugh dhá gcluin sibh a ghuth, na deunuidh bhur
gcruidheadha cruáidh, amhuil dorinneabhair an lá dho bhrosduigheadar hé
dochum féirge.


L. Eb3:16


Oír arna chluinsin do dhruing dháirighthe, do bhrosduigheadar an
tighearna dochum féirge: biodh nách dearnadar uile an mhéid tháinic as
a nÉigipt tré Mháoise mar sin.


L. Eb3:17


Achd cía an dream ré a raibhe a fhearg ar feadh dhá fhichead bliádhain?
an é nách ris an druing dho pheacuidh, agár thuiteadar a gcuirp sa
bhfásach?


L. Eb3:18


Agus cía an dream dhá dtug sé mionna nách rachdáois asdteach dhá
ionadh suáimhniosa, achd amháin don luchd dobhí easumhal?


L. Eb3:19


Agus dochímaoid narbhféidir ríu dhul asdteach do bhrígh
mhíchreidimh.


L. Eb4



L. Eb4:1


Uime sin biódh faitcheas oruinn, deagla ar dtréigean na geallamhna uáir ar
bioth ré dhul asdteach na ionadh shuáimhnios, gu madh chosmhuil aon neach
aguibhse dho bheith anéugmuis a sochair.


L. Eb4:2


Oír do seanmóruighadh an soisgéul dúinne, amhuil dorinneadh dhóibhsion
mar an gcéudna: giodheadh ní dheachuidh an bhriáthar dhochuáladar a
dtarbha dhóibh, do bhrígh nách raibhe sí arna cumusg ré creideamh sa druing
dochuáluidh hí.


L. Eb4:3


(Oír téighemidne an dream dho chreid asdteach anionadh an tsuáimhnis)
do réir mar adubhairt sé, ar anadhbharsin tug mé mo mhionna um fhéirg,
nach rachuid siádsan asdteach dhom ionadh suáimhnis, biódh gur
crióchnuigheadh na hoibreacha ó thús an domhuin.


L. Eb4:4


Oír do labhair sé anionadh dháirighthe ar an seachdmhadh lá mar so, agus
do chumhsgnuidh Día an seachdmhadh lá ó na oibrighthibh uile.


L. Eb4:5


Agus sanionadhsa arís, ní rachuid siad asdteach dhom ionadh
suáimhniosa:


L. Eb4:6


Uime sin do bhrígh gu dtuighthear as so gu rachuidh dream dháirighthe
asdteach ann, agus nách deachuidh an dream dhár seanmóruigheadh an soisgéul ar
tús asdteach, do bhrígh neasúmhlachda:


L. Eb4:7


Orduighe sé arís lá dháirighthe, aniugh, ag rádh a nDáibhí, a
ndiáigh a comhfhad sin daimsir (fá mar adubhradh) aniugh dhá
gcluine sibh a ghuth, ná déunuidh bhur gcroidheadha cruáidh.


L. Eb4:8


Oír dá dtugadh Iósa suáimhneas dóibh, ní laibheóradh sé na dhiáigh so
ar lá eile.


L. Eb4:9


Uime sin fágaibhthear lá suáimhniosa ag pobal Dé.


L. Eb4:10


Oír an tí dhochuáidh asdteach dhá ionaddh suáimhneasa, do chumhsgnuidh
sé mar an gcéudna ó na oibrghthibh, amhuil dorinne Día ó na oibrighthibh
féin.


L. Eb4:11


Uime sin déunam díthchioll ré dhul asdteach sa tsuáimhnios sin, deagla
éun nduine dho thuitim saneisiompláir chéudna easumhlachda.


L. Eb4:12


Oír atá briáthar Dé béo, agus bríghmhar, agus nísa ghéire ná cloidheamh
ar bioth dhá fháobhar, agus téid sí thrínn asdteach gu roinn ananma agus na
sbioruide, na nalt agus an smeara ré chéile, agus is breatheamh hí ar
smuaintighthibh, agus ar bhreathnuighibh an chroidhe.


L. Eb4:13


Agus ní fhuil creatúr ar bioth, nách fuil follas na fhíadhnuisision:
achd na huile neithe nochduighthe soilléir, do shúilibh an
tí ar a bhfuilmídne ag labhairt.


L. Eb4:14


Uime sin ó atá árdshagurt mór aguinn, dochuáidh asdteach sna
neamhuibh, eadhón Iósa mac Dé, connmham gu daingean admháil ar
gcreidimh.


L. Eb4:15


Oír ní fhuil árdshagart aguinn, ris nách féidir ar néugcruáis do
mhothughadh, achd ar ar cuireadh cathughadh sna huile neithibh a
gcosamhaileas rinne, achd eision amháin gan pheacadh.


L. Eb4:16


Ar anadhbharsin déunam maille ré dóchas gu hárdchatháoir na ngrás,
dochum trócaire dho ghnoughadh, agus ghrás dhfagáil dúinn, dochum ar
bhfurtachda anám riachdanais.


L. Eb5



L. Eb5:1


Oir gach uile árdshagart, as ó dháoinibh thógaibhthear hé, is ar son
dáoineadh orduighthear é, a dtáobh na neitheann bheanas ré Día, dochum ofrála
agus iodhbartha do ghéunamh ar son na bpeacaidheadh.


L. Eb5:2


Noch agá bhfuil cumas lórthruáighe dho bheith aige don druing atá
ainbhfhiosach agus ar seachrán, do bhrígh gu dtimchiolltar hé féin mar an
gcéudna dhéugcrúas:


L. Eb5:3


Agus dá bhrígh so atá dhfiachuibh air iodhbairt do ghéunamh ar son na
bpeacuigheadh, ar son an phubail, agus ar a shon féin mar a gcédna.


L. Eb5:4


Agus ní ghabhann éunduine anonóirse chuige féin, achd an tí atá
arna ghairm ó Dhía, amhuil dobhí Aarón.


L. Eb5:5


As mar an gcéudna nách uádha féin do ghabh Críosd anonóirse chuige,
eadhón a ghéunamh na árdshagart, achd ón tí adubhairt risl, as tú mo mhac,
aniugh dho gineadh uáim thú.


L. Eb5:6


Do réir mar adeir sé fós a salm eile, as sagart gu siórruidhe thú,
do réir uírd Mhélchísedec.


L. Eb5:7


Noch a laithibh a fheóla, do fhoráil úrrnuighthe agus guidhe maille ré
héighmhe láidir agus ré deóruibh ar an tí agá raibhe cumhachda a sháortha ó
bhás, agus do héisdeadh ris mar an gcéadna, agus do sáoradh hé
fhaitcheas:


L. Eb5:8


Agus bíodh gurbhé an mac hé, do fhoghluim sé umhlachd as na neithibh dho
fhulaing sé:


L. Eb5:9


Agus ar mbeith dhó arná ghéunamh iomlán, dorinnedh úghdar an tslánuighe
shiórruidhe dhe do na huile dháoinibh dhobheir úmhlachd dó.


L. Eb5:10


Agus atá sé arna gháirm ó Dhía na árdshagart do réir úird
Mhelchisedec.


L. Eb5:11


Ar a bhfuil morán aguinn ré a labhairt do neithibh atá dóchurtha amach, do
bhrígh gu bhfuil muill eisdeachda oruibhse.


L. Eb5:12


Oír sibhse dhá mádh chóir bheith ion bhur luchd teaguisg do réir aimsire,
as riáchdanus oruibh arís sinne dhá bhur dteagusg a gcéudthosuighibh
bhréithre Dé: agus tárrla dhíbh bheith sa riochdsin gur mó atá
bainne dhuireasbhuidh oruibh, ná biádh láidir.


L. Eb5:13


Oír gach áon chleachdas bainne, atá sé neamhiúlmhar a mbréithir na
firéuntachda: (óir is náoidhe hé.)


L. Eb5:14


Achd is don luchd tig dochum áoisi fhoghnas an biáidh laidir, agá
bhfuilid a gcéudfadha tré fhad ngnáthaigthe dhá gcur a gcleachdah
dochum eidirdhealuighthe na maitheasa agus an uilc.


L. Eb6



L. Eb6:1


Uime sin ar léigean thoruinn dúinn theaguisg chéudtosugheadh Chríosd,
tigeam ar ar nadhuigh dochum bheith diongmhálta: gan bheith dúinn arís ag
cur fhonndameint na haithrighe ó oibrighthibh marbha, agus chreidmhe a
dtáobh Dhé,


L. Eb6:2


Theagusg na mbaisdeadh, agus leaguidh na lámh, agus eiséirghe na marbh,
agus an bhreitheamhnuis shiórruidhe.


L. Eb6:3


Agus doghéunam so, dho chead Dé.


L. Eb6:4


Oír as ní ar nách féidir eadhón an dream dhobhí arna soillsiughadh
áon uair amháin, agus fuáir blas an tiodhluice neamhgha, agus lér roinneadh
an spiorad naomh.


L. Eb6:5


Agus do bhlais deaghbhriáthar Dé, agus subhaltadha an tsáoghail atá
dochum teachda,


L. Eb6:6


Mas dul ar gcúl dóibh, anathnuádhughadh arís dochum aithrighe: do bhrígh
gu bhfuilid ag ceúsadh mhic Dé arís dóibh pféin, agus ag sgige faoi.


L. Eb6:7


Oír an talamh shúigheas anfhearthuinn tig gu minic air, agus dobheir
luibhionna uádha théid a dtarbha don druing sháothruigheas hé, dogheibh sé
beannachd ó Dhía:


L. Eb6:8


Achd an talamh dhobheir sgeathach agus driseach uádha, atá sé diomolta,
agus ios fogus hé dhá bheith malluighthe, agarob hé a chríoch a losgadh.


L. Eb6:9


Giodheadh a dhearbhráithreacha grádhacha, atámuid deimhneach asuibhse fá
na neithibh atácoimhcheanguilte dhon tslánughadh, biódh go lábhramáoid mar so.


L. Eb6:10


Oír ní fhuil Día neamhchomthrom, as gu mbiádh dearmud aige ar bhur
nobair, agus air sháothar bhur ngrádha, noch dho fhoillsigheabhair dhá
ainm, sa miniosdrálachd dorinneabhair dona naomhuibh, agus dá bhfuitighe
fós ag miniosdrálachd.


L. Eb6:11


Agus fós as mián rinn gach áon aguibh do thaiséunadh na dúthrachda céudna
gu deireadh, dochum bheith dhá bhur muinighin láindearbhtha.


L. Eb6:12


Ionnas nách biáidh leisge oruibh, achd u bbiáidh sibh ion bhur luchd
leanmhana ag an druing noch tré chreideamh agus tré fhoighide agá bhfuil
oighreachd na ngeallamhnach.


L. Eb6:13


Oír an tan thug Día gealladh dhAbraham, do bhrígh nárbhféidir leis
neach bá mó dho thabhairt mar mhionnuibh, tug sé hé féin mar mhionnuibh,


L. Eb6:14


Ag rádh, gu deimhin liófadh thusa rém bheannachdain, agus dobhéur
méudughadh ro lionmhar dhuit.


L. Eb6:15


Agus mar sin ar bhfuireach gu foighidmheach dhó, fuáir sé toradh na
geallamhna.


L. Eb6:16


Oír gu deimhin dobheirid dáoine an tí is mó ina iád féin mar mhionnubh,
agus cuirid na mionna a gcrích gach imreasans dá mbí aca arna dtabhairt
dochum deimhnighthe.


L. Eb6:17


As mar an gcéudna ar mbeith do Dhía fonnmhar ar a chomhairle
neamhchorruidh do fhoillsiughadh gu ro fhoirrleathan doighrighibh na
geallamhna, dochuáidh sé dhurruidh maille ré mionnuibh:


L. Eb6:18


Ionnas tré dhá ní nách féidir dhaithearrach, agus ann nách féidir lé Día
bhréugnughadh, gu mbeith meanma láidir aguinne noch dho sháith sinn féin
dochum reatha dochum greamuighthe dhon mhionighin atá romhuinn:


L. Eb6:19


Noch atá aguinn mar angcaire dhaingean dhiongmhálta ananma, agus théid
asdteach gu soithe a ní atá dhon táobh asdigh dhon bhrat.


L. Eb6:20


Sanáit a ndeachuidh an reathuighe tosanach ar ar soine eadhón
Iósa, dá ndearnadh ardshagart siórruidhe do réir úird Mhelchisedec.


L. Eb7



L. Eb7:1


Oir doBhí an Melchisedecsa na Rí a Salém, na shagart ag an
Día is airde, noch thárrla sé dhAbraham ar mbeith dó ag filleadh
tar ais ó mharbhadh na ríghtheadh, agus do bheannuigh hé:


L. Eb7:2


Agus dá dtug Abrahám deachmhuigh na nuile neitheann: noch dhá
ngoirthear ar tús arna eidirmhíniughadh Rí na firéuntachda, agus na
dhiáigh sin mar an gcéudna Rí Saileim, eadhón Rí na sióthchána:


L. Eb7:3


Gan athair, gan mháthair, gan chineadh, gan tosach laitheadh, na deireadh
beatha aige: achd arná chur a gcosamhlachd mhic Dé, fanuigh sé na shagart
go síorruidhe.


L. Eb7:4


Tuguidh anois do bhur naire a mhéud so dho neach, dhá dtug
Abraham féin an tuásalathair deachmhuigh na héudála.


L. Eb7:5


Agus gu deimhin an dream dho chloinn Levi ghabhus an tsagarthachd
chuca, atá aithne aca deachmhuigh dho ghabhail ó bpobal do réir an
reachda, mar atá ó na ndearbhráithreachaibh, biódh gurob ó leasrach
Abrahám tangadar.


L. Eb7:6


Achd an tí nách áirmhighthear dho bheith déinchineadh ríusan, do
ghlac sé deachmhuigh ó Abraham, agus do bheannuigh sé an tí agá
rabhadar na geallamhnacha.


L. Eb7:7


Agus gan imreasuin ar bioth, beannaighthear a ní is lugha ón ní is mó.


L. Eb7:8


Agus a sagartachd na Levití glacuid na dáoine dho gheibh bás
deachmhuigh: achd sa sagartachdsa lacadh an tí iád ré ndearnadh
fiádhnuise gu maireann sé.


L. Eb7:9


Agus (do rádh na fírinne) tug Leví féin, noch ghlacas an deachmhuigh,
deachmhuigh uádha a nAbrahám.


L. Eb7:10


Oír dobhí sé fós a leasrach a athar Abraham, an tan tárrla
Melchisedec dhó.


L. Eb7:11


Ar anadhbharsoin dá dtigeadh iomláine tré shagarthachd na Levíti,
(óir ios ré linn na sagarthachda sin tugadh an reachd don fphobal,)
créd fá raibhe riachdanus nísa mhó ré sagart eile dhéirghe ann do
réir úird Mhelchisedec, agus gan bheith dó arna ghairm do réir
úird Aarón?


L. Eb7:12


Oír ar mbeith don tsagartachd arná hathrughadh, is éigean an reachd
dathrughadh mar an gcéudna.


L. Eb7:13


Oír an tí air a labharthar na neithese, is ré treibh eile bheanas sé,
dá nách dearnuigh éuneach dhióbh miniosdralachd ag analtóruigh.


L. Eb7:14


Oír as ní follas gurob do threibh Iudá do éirigh ar dtighearna:
treabh ar nár labhair Máoise én ní a dtáobh na sagartachda.


L. Eb7:15


Agus fós ios móide ás follas hé, do bhrígh gu bhfuil sagart eile ar
néirghe ann a gcosmhuileas Mhelchisedec,


L. Eb7:16


Dá nách dearnadh sagart do réir reachda na haithne colluidhe, achd
do réir chumhachd na beatha siórruidhe.


L. Eb7:17


Oír doní Día fiádhnuise: ag rádh as sagart gu siórruidhe thú, do
réir úird Mhelchisedec.


L. Eb7:18


Oír anaithne dhobhí roimhe ann, atá sí arná cur ar gcúl, do
bhrígh a méirbhe agus a neamhthárbhuidhe.


L. Eb7:19


Oír ní dhearna an reachd ní ar bioth iomlán, achd asé teachd
asdteach na muinighne as fearr, tréna dtigmáoid a bhfogus do Dhía,
doní gach ní iomlán.


L. Eb7:20


Agus an mhéid nách gan mhionnuibh, atá teachd asdteach na muinighne,


L. Eb7:21


(Oír dorinneadh sagairt dióbhsan gan mhionnuibh: achd as maille ré
mionnuibh dhorinneadh sagart don fhiorsa trésan tí adubhairt ris,
tug an tighearna mionna, agus ni ghéubhuidh aithmhéula hé, as sagart gu
siorruidhe thú, do réir úird Mhelchisedec.)


L. Eb7:22


Dorinneadh gu fíu anoiread sin urra an chonnarrtha is feárr
dhIósa.


L. Eb7:23


Agus dorinneadh iomad dióbhsan na sagartuibh, do bhrígh gur
thoirmisg an bás bheith buán dóibh:


L. Eb7:24


Achd do bhrígh gu maireann an fearsa go siórruidhe, atá sagartachd
shiórruidhe aige.


L. Eb7:25


Ionnas gurob féidir leis an dream thig dochum Dé thríd féin do shlánughadh
gu hiomlán, ar mbeith dó beó go siórruidhe dochum eadarghuidhe dho ghéunamh
ar a son.


L. Eb7:26


Oír asé shamhuil sin dárdshagart dob iomchuibhghe dhúinne do bheith
aguinn, noch atá náomhtha, neamhchiontach, gan cháidhe ar bioth, arna sgaradh
ré peacthachuibh, agus dorinneadh nías áirde ná na flaitheamhnuis:


L. Eb7:27


Ar nách fuil riachdanus gu láetheamhuil, fá mar dobhí ar na
hárdshagartuibh úd, iodhbartha do ghénamh ar tús ar son a pheacuigheadh
féin, na dhiáigh sin ar son pheacuigheadh an fphobail: óir dorinne sé
so éunuáir amháin, an tan dorinne sé iodhbairt de féin.


L. Eb7:28


Oír doní an reachd árdshagairt do dháoiníbh bhiós eugcruáidh; achd doní
briáthar na mionn tugadh a ndiáigh an reachda ardshagart don mhac, noch
atá arna náomhadh gu siórruidhe.


L. Eb8



L. Eb8:1


Agus asé so suim na neitheann adeirmáoid, gu bhfuil a shamhuil sin
dardshagart aguinn, noch dho shuigh ar dheis árdchatháoire na mórdhachda sna
neamhuibh,


L. Eb8:2


Atá na mhinisdir sna hionaduibh náomhtha, agus don tabearnácail
fhírinnigh úd, noch dho shuighidh an tighearna, agus ní duine.


L. Eb8:3


Oír as chuige órduighthear gach uile árdshagart dochum na dtabhartus agus
na niodhbarthadh dhfoiráileadh: ionnas gurbhéigin don fhiorsa mar an
gcéudna ní éigin do bheith aige ré a iodhbairt.


L. Eb8:4


Oír ní bhíadh sé na shagart, dá mbiádh sé ar an dtalamh, an feadh
atáid sagairt ann fhoráileas tabhartuis do réir an reachda,


L. Eb8:5


Noch dhoní seirbhís do shompla agus do sgáille na neitheann neamhgha,
amhuil do fhógair Día do Mháoise, ar mbeith dhó ar tí an
tabearnacail do chríochnughadh; tabhair haire riot, ar sé, gu
ndiongna tú na huile neithe do réir an tsompla dho taiséunadh dhuit
sa sliábh.


L. Eb8:6


Achd anois fuáir an tardshagart atá aguinne oifig as óirrdhearca
iná sin, an mhéid gu bhfuil sé na eidirmheadhonthóir an chonnartha
as fearr, noch atá arna dhaingniughadh ris na geallamhnachaibh is
fearr.


L. Eb8:7


Oír dá mbeith an céudchonnradh úd neamhuiriosbhach, ní shirfidhe ionadh don
dara connradh.


L. Eb8:8


Oír adeir sé dhá néiliughadhsan: tabhruidh dá bhúr núidh, tiucfuidh na
laithe adeir an tighearna, na gcrióchnóchuigh mé connradh nuádh ré teach
Israél agus ré teach Iuda:


L. Eb8:9


Ní do réir an chonnartha dorinne mé ré na naithribh, sa lá na rug
mé ar láimh órrtha, dochum a dtreóruighthe as talamh na hEigipte:
óir niór anadar a mbun mo chonnartha, agus ní raibhe cás agumsa
ionntadhsan, adeir an tighearna.


L. Eb8:10


Uime sin ag so an connradh doghéna mé ré teach Israél a ndiáigh na
laetheadhsin, adeir an tighearna: cuirfe mé mo dhlighthe ina
ninntinn, agus sgribheóchadh iad na gcroide, agus biáidh mé um Dhía
aca, agus béid síadsan na bpobal agumsa.


L. Eb8:11


Agus ní bhiáidh gach áon fó leith ag teagusg a chomharsan, agus gach áon fó
leith ag teagusg a dhearbhráthar, ag rádh, biodh aithne ar an dtighearna
agad: oír biáidh eólus aca uile oramsa, ón mbeag gus an mór.


L. Eb8:12


Oír biáidh mé trócaireach dha néugcóruibh, agus cuirfe mé a bpeacuidhe
agus an sárughadh dhoníd ar mhaitheantuibh as mo choimhne feasda.


L. Eb8:13


An tan adeir sé an connradh nuádh, do chuir sé an seanchonnradh a
neimbrígh: agus an ní atá arna chur a neimbriígh agus atá sean, as fogus dó
bheith ar dtéurnógh.


L. Eb9



L. Eb9:1


Uime sin dobhádar fós ag an gcéud chonnradh órduighthe a dtáobh
sheirbhíse Dé, agus náomhiosdadh sáoghalta.


L. Eb9:2


Oír do tógbhadh an tabearnácail, ina raibhe sa gcéud iosdadh dhe, an
coinnleóir agus an bórd, agus an tarán do curtháoi a bhfiádhnuise Dé, an
tiosdadh, dá ngoirthear an náomhiosdadh.


L. Eb9:3


Agus dobhí táobh asdtigh dhon dara brat, an tabearnácail dá ngoirthear
an náomh iosdadh ro náomhtha.


L. Eb9:4


Sanáit a raibh an sionnsa órrgha, agus áirc an chonnartha arná folach
timchioll ré hór, ion a raibh an pota órrgha na raibhe an manna, agus slat
Aaróin noch do sgeith, agus cláir an chonnartha:


L. Eb9:5


Agus ós cionn na háirce dobhádar na Cherubini glórgha, ag cur sgátha
ar fholach na háirce: neithe ar nách féidir leam labhairt fó leith anois.


L. Eb9:6


Agus ar mbeith dona neithibhse órduighthe mar so, dothéighedís na
sagairt do ghnáth asdeach don chéud tabernácail, do choimhlíónadh sheirbhíse
Dé:


L. Eb9:7


Achd don dara tabearnácail dothéigheadh an tárdshagart na áonar áon
úair amháin gacha bliádhna, ní gan fhuil, noch dho fhoráileadh sé ar a
shon féin, agus ar son sheachrain an phobail.


L. Eb9:8


Ar mbeith don sbiorad náoimh dhá fhoillsiughadh so, eadhon nár hosgladh
fós an tslighe dochum aniosda ronáomhtha, an feadh dhobhí an céud
tabearnácail na sheasadh:


L. Eb9:9


Noch dhobhí na sompla dhon naimsir dobhí dho láthair, ion a mbiódh
tabhartuis agus iodhbartha dhá bhfoiráileadh, lénár bhféidir an tí
dhoniódh an tseirbhís sin, do náomhadh a dtáobh a choguáis,


L. Eb9:10


Ar mbeith dóibh amháin a mbiádhuibh, agus a ndeochuibh, agus
anionlatuibh éugsámhla, agus a ngnáthuighthibh colluidhe, do cuireadh órrtha
dhuálach gu teachd aimsire an cheartuighthe.


L. Eb9:11


Achd ar dteachd do Chríosd na ardshagart na neitheann maith dobhí
dochum teachda, tré thabearnácail bá mó agus bá diongmhálta, nách ré lámhuibh
dhorinneadh, ionann sin ré rádh agus nach don nobairse,


L. Eb9:12


Agus fós ní tré fhuil ghabhar na láodh, achd tréna fhuil féin, dochuáidh
sé asdteach éun uáir amháin sna hiosdadhuibh náomhtha, ar bhfagháil
úasluighthe shiórruidhe dhúinne dhó.


L. Eb9:13


Oír má dhoní fuil tarbh agus ghabhar, agus luáithreadh seachbhuaidhthe,
arna crothadh ar an druing neamhghlan, a náomhadh a dtáobh ghlanta na feóla,


L. Eb9:14


Ané nách romhó ioná sin doghéunuidh fuil CHRIOSD, noch do fhoráil hé
féin gan cháidhe do Dhía trésan sbioruid shíorruidhe, bhur gcoguása dho
ghlanadh ó oibrighthibh marbha, dochum seirbhíse do ghéunamh don Día bheó?


L. Eb9:15


Agus ar a shon so aseision eidirmheadhonthóir an chonnartha nuáidh,
ionnas trésan mbás do fhulaing sé dochum fuásluighthe sháruighthe na
naitheantadh dobhí sa gcéudchonnradh, gu bhfuighedís an dream atá arna
ngairm, geallamhuin na hoighreachda siórruidhe.


L. Eb9:16


Oír sanáit iona bhfuil tiomna, as éigean bás an tí dhorinne an tiomna
dho bheith ann.


L. Eb9:17


Oír bí an thiomna diongmhálta an tan bhíd dáoine ar néug: óir atá sí
fós gan bhrígh an feadh mhaireas an tí dorinne í.


L. Eb9:18


Uime sin niór daingnigheadh an chéud tiomna féin gan fhuil.


L. Eb9:19


Oír an tan do labhair MAOISE na huile aitheanta ris an bpobal uile do
réir an reachda, ar nglacadh fola láodh, agus gabhar dhó maille ré huisge
agus ré holuinn phurpair agus ré híosóip, do chraith sé hí ar an leabhar,
agus ar an bpobal uile mar an gcéudna,


L. Eb9:20


Ag rádh, así so fuil na tiomna noch dho aithin Día dhíbh.


L. Eb9:21


Agus fós do chraith sé anfhuil chéudna ar an tabearnácail, agus ar
shoithighibh na miniosdrálachda náomhtha uile.


L. Eb9:22


Agus as beag nach ré fuil ghlantar na huile neithe do réir an reachda,
agus ní faghthar maitheamhnas ar bioth gan dortadh fola.


L. Eb9:23


Uime sin dob éigin sompla na neitheann atá ar neamh, do ghlanadh ríu
so: achd lantar na neithe neamhgha féin ré hiódhbarthuibh as fearr iná
iád so.


L. Eb9:24


Oír ní dheachuidh CRIOSD asdteach don náomhiosdadh dorinneadh ré
lámhuibh, noch bá heisiompláir dona hiosdadhuibh fírinneacha: achd gu
flaitheamhnas féin, dochum hé féin do thaiséunadh anois a bhfiádhnuise Dé
ar ar soine.


L. Eb9:25


Agus ní huime dhochuáidh asdteach dochum hé féin diodhbairt gu
minic, amhuil do thegheadh an tardshagart asdteach don náomhiosdadh gacha
bliádhna, ré fuil nách raibhe dhá fhuil féin:


L. Eb9:26


(Oír mar sin bá héigean dó páis dfhulaing gu minic ó thús an domhain,)
achd anois do foillsigheadh hé éun uáir amháin a ndeireadh an tsáoghail,
dochum an pheacuidh dho sgrios tréna iodhbairt féin.


L. Eb9:27


Agus amhuil atá a ndán do dháoinibh bás dhfagháil áonuáir amháin,
agus na dhiáigh sin an breitheamhnus:


L. Eb9:28


As mar an gcéudna fuáir Críosd a iodhbairt éunuáir amháin, dochum
peacuidh mhóráin do sgrios dó, agus búdh léir hé an dara huáir gan
pheacadh don druing atá ag fuireach ris, dochum slánuighthe.


L. Eb10



L. Eb10:1


Oir ar mbeith do sgáille na neitheann maith dobhí dochum teachda ag an
reachd, agus ní hí dealbh fíre na neitheann féin, ní féidir leis coidhche an
dream thig chuige dho náomhadh, ris na hiodhbarthuibhsin bhíd
dhforáileadh do ghnáth gacha bliádhna.


L. Eb10:2


Nó no ané nách coisgfeadh na hiódhbartha dá bheith dhá bhforáileadh?
Do bhrígh ar mbeith do luchd na niodhbarthadhsin do ghéunamh arna
nglanadh éunuáir amháin, nách biádh a gcoguás nísa mhó dá néiliughadh a
dtáobh pheacuigh ar bioth.


L. Eb10:3


Achd sna hiodhbarthuibh sin, doníthear athchoimhniughadh na bpeacadh
gacha bliádhna.


L. Eb10:4


Oír ní féidir dhfuil tharbh agus ghabhar na peacuigh dho chur ar gcúl.


L. Eb10:5


Uime sin ag teachd dó dochum an tsáogháil, adeir sé; niórbháil leat
iodhbairt ná ofráil, achd dochum tú corp dhamhsa.


L. Eb10:6


Aníodhbarthuibh loisgidhthe, agus aníodhbarthuibh ar son pheacuidh ní
raibhe fonn agad.


L. Eb10:7


Adubhairt meisi an tan sin, tabhair húidh atáim ag teachd (a dtosach
an leabhair atá sgríobhtha oram) dochum do thoilese do ghénamh a Dhé.


L. Eb10:8


Arna rádh shuás dó, niórbháil leat iodhbairt ná ofráil, ná iodhbartha
loisgidhthe, ná iodhbartha ar son pheacuigh, agus ní raibhe fonn agud ionnta:
(noch dhonithear dhforáileadh do réir an reachda)


L. Eb10:9


Adubhairt seision an tan sin, tabhair húidh, atáim ag teachd dochum
do thoilese a Dhé do ghéunamh. Cuiridh sé an céud ní ar gcúl, dochum an
dara neithe dho sheasadh dhó.


L. Eb10:10


An toil ré a bhfuilmídne arnár ndéunamh náomhtha, tré iodhbairt chuirp
Iósa Críosd dorinneadh dhiódhbairt éunuáir.


L. Eb10:11


Agus seasuidh gach sagart gu láetheamhuil ag miniosdrálachd agus ag
foráileadh na níodhbarthadh gcéudna gu minic, ris nách féidir choidhche
peacuidh do chur ar gcúl:


L. Eb10:12


Achd ar bhforáileadh éin iodhbartha amháin mhaireas gu siórruidhe ar
son na bpeacadh dhon tíse, do shuigh sé ar deis Dé:


L. Eb10:13


Ag fuireach ó shoin amach, nó gu gcurthar a náimhde na sdól cos fáoi.


L. Eb10:14


Oír dorinne sé diongmhálta gu siórruidhe ré héuniodhbairt amháin, an
dream atá arna náomhadh.


L. Eb10:15


Agus doní an sbiorad náomh mar an gcéudna fhiádhnuise dhúinn ar so: óir
arna rádh dhó roimhe,


L. Eb10:16


Ag so an connradh dhiongnas mé ríu a ndiáigh na laetheadh úd, adeir
an tighearna, cuirfe mé mo dhlighthe ion a gcroidheadhuibh, agus
sgríbheóchad iád ina ninntinneachuibh:


L. Eb10:17


Adeir ré na dhiáigh sin agus cuirfe mé a bpeacuidh agus an sárughadh
dhoníd as mo choimhne feasda.


L. Eb10:18


Agus sanáit ion a bhfuil maithmheachas na neitheannso, ní fhuil
iodhbairt ar son pheacuidh ann nísa mhó.


L. Eb10:19


Ar anadhbharsoin a dhearbhráithreacha, ó atá sáoirse aguinn ré dhul
asdteach don náomhiosdadh tré fhuil Iósa,


L. Eb10:20


An tslighe nuádh bheó noch dho ullmhuigh sé dhúinn réna bhás, trésan
mbrat, as ionann sin ré a rádh agus tréna fheóil féin:


L. Eb10:21


Agus ó atá sagart mór aguinn, agá bhfuil ceannas thighe Dé:


L. Eb10:22


Druideam a ngar do Dhía maille ré croidhe fírinneach sárdheimhnighthe a
gcreideamh, ar mbeith dár gcroidhthibh arna nglanadh ó dhrochchoguás ré
crothadh a fholasan órrtha:


L. Eb10:23


Agus ar mbeith dár gcorp ionnailte ré huisge ghlan, connmham gan
chorruidhe admháil ar muinighne, (oír as díleas an tí tug gealladh dhúinn.)


L. Eb10:24


Agus tugam aire dhá chéile, as gu mbeam dhár mbrosdughadh féin
dochum grádha agus deaghoibrightheadh:


L. Eb10:25


Gan tréigeann an chomhchruinnighthe donímaoid a gceann a chéile, do réir
nóis dhruinge dháirighthe: achd bióm ag teagusg a chéile, agus gu madh
móide dhiongnam sin an mhéid as léir dhíbh an lá úd ag drud rinn.


L. Eb10:26


Oír dá bpeacuigheam dhéuntoisg tar éis eólais na fírinne dho ghabháil
chuguinn, ní fhagthar iodhbairt aguinn nísa mhó ar son na bpeacadh:


L. Eb10:27


Achd feitheamh báodhlach ris an mbreitheamhnus, agus ré teas na teineadh,
noch shluigfeas an dream chuireas anadhuigh an sbioraid naoimh.


L. Eb10:28


An tí dobheir tarcuisne ar reachd Mháoise, dogheibh sé bás gan
truáighe dho bheith dhó dhfíadhnuise deise nó trír:


L. Eb10:29


An hé nách tuillfidh (do réir bhur mbaramhlasa) an tí shaltras mac Dé
fána chosuibh, agus mheasas fuil an chonnartha lér náomhadh hé do bheith
neamhghlan, agus dobheir masla dho spioruid na ngrás, pionus as ro mhó
ná sin?


L. Eb10:30


Oír as aithnigh dhúinn an tí adubhairt, is leamsa bheanas dióghaltus do
ghénamh. Dobhéur cuitiughadh uáim, adeir an tighearna. Agus arís, do
dhiongna an tighearna breitheamhnus ar a fphobal.


L. Eb10:31


As ní robháodhlach tuitim a lámhuibh an Dé bhéo.


L. Eb10:32


Biódh athchoimhne aguibh arís ar na laithibh dochuáidh thoruibh ion
a rabhabhair tar éis bhur soillsighthe ag fulang throda móire a
mbuáidhearthuibh.


L. Eb10:33


Cuid de, an tan dorinneadar cách sgathán dibh, maille ré masla agus
ré buáidhearrthuibh dhfaghail díb: agus cuid eile an tan dorinneadh sibh
ion bhur gcompánuibh dhon druing dhobhí sa riochd chéudna sin.


L. Eb10:34


Oír dobhábhair ag fulang máráon ríomsa um ghéimhlibh, agus do
ghabhabhair chuguibh gu luathgháireach an fábhadh tugadh oruibh fá bhur
máoin, ar mbeith a fheasa aguibh ionnuibh pféin gu bhfuil máoin
shiórruidhe as fearr iná sin aguibh ar neamh.


L. Eb10:35


Uime sin ná téilgidh uáibh bhur muinighin admhálach, agá bhfuil
mórluách sáothair.


L. Eb10:36


Oír atá foighide na riáchdanus oruibh, dochum ar ndéunamh thoile Dé
dhíbh, gu bhfúighbhe sibh toradh na gellamhna.


L. Eb10:37


Oír anuidh sealadh ro bheag gu fóill, agus an tí atá dochum
teachda tiucfuidh sé, agus ní dhiongna sé muill.


L. Eb10:38


Agus mairfidh an fíréun tré chreideamh: giodheadh dhá ndealuidhe
éuneach ris, ní bhfúighbhe mhanamsa fonn ann.


L. Eb10:39


Giodheadh ní sinne an druing dhealuigheas ris dochum dámnuighthe
achd an dream chreideas dochum ananma dho shlánughadh.


L. Eb11



L. Eb11:1


Agus asé an creideamh as bun dona neithibh agá bhfuil dóigh, agus
as foillsiughadh dearbhtha dona neithibh nách faicthear.


L. Eb11:2


Oír as tríd fuáradar na sinnsir deaghtheisd.


L. Eb11:3


As tré chreideamh thuigmíd gur cruthuigheadh an domhan tré bhréithir Dhé,
ionnas gu ndearnadh neithe dhochímáoid, dona neithibh nách raibhe réna
bhfaicsin.


L. Eb11:4


As tré chreideamh do fhoráil Abiáil iodhbairt do Dhía, bá mó ná
iodhbairt Chain: tré a ndearnadh fiádhnuise dhó gu raibhe sé na
fhíréun, ar mbeith do Dhía ag déunamh fiádhnuise dhá thiodhlaicibh: agus
trésan gcreideamhsoin, ar bhfagháil bháis dó, lábhruidh sé fós.


L. Eb11:5


As tré chreideamh dho háthruigheadh Enóch, dochum nách faicfeadh sé an
bás, agus ní frith hé, do bhrígh gur athruigh Día hé. Oír sul do
hathruigheadh hé, dorinneadh fiádhnuise ris gu ndearna sé toil Dé.


L. Eb11:6


Achd a bhféugmuis chreidimh ní féidir toil Dé dho ghéunamh. Oír an tí
tig dochum Dé, ios éigean dó a chreideamh gu bhfuil Día ann, agus gu
dtabhair sé luách sáothair don druing iárras hé.


L. Eb11:7


As tré chreideamh, ar bhfaghail fógartha ó Dhía do Náoi a dtimchioll
na neitheann nách raibhe fós réna bhfaicsin, ar ngabáil fhaitchis dó,
dhoullmhuigh sé anáirc, dochum cáomhanta a thighe féin: anáirc trér
dhamnuigh sé an domhan, agus dorinneadh óighre na fíréuntachdha atá do
réir chreidimh dhe.


L. Eb11:8


As tré chreideamh tug Abrahám arna gháirm, dochum dula dhó as a thír
féin gu hionadh noch dhogheubadh sé na dhiáigh sin doighreachd: agus do
thriall ré roimhe agus gan a fhios aige cá háit ion a raibhe ag dul.


L. Eb11:9


As tré chreideamh do chomhnuigh sé a dtír na geallamhna, amhuil dobhiádh
a dtír chomhuighthe, ar ndénamh comhnuighe dhó a mbothuibh maille ré
hIsaac agus ré Iacób, comhóighreadha na geallamhna céudna.


L. Eb11:10


Oír dobhí a shúil ris an gcathruigh úd, agá bhfuil fonndameint, agárob
hé Día a sáor agus a cruthaightheóir.


L. Eb11:11


As tré chreideamh mar an gcéudna fuáir Sára féin neart dochum síl do
ghabháil chuice, agus rug sí mac tar éis í dhul tar áois chloinne do
bhreith, do bhrígh gur mheas sí an tí tug an gealladh dho bheith
fírinneach.


L. Eb11:12


Uime sin do gineadh sliochd ó áon amháin, agus hé fós a riochd mhairbh,
coimhlíonmhar ré réullanuibh nimhe, agus ré gaineamh thrágha na fáirrge nách
féidir dháireamh.


L. Eb11:13


As do réir chreidimh fuáradar so uile bás, biódh nách fuáradar na neithe
dho gealladh dhóib, achd gu bhfacadar iád a bhfad uátha, agus do
theannadar ríu iád, agus do admhuigheadar gu rabhadar féin na ndeóradhuibh
agus na nnoilirtheachuibh ar an dtalamh.


L. Eb11:14


Oír an dream adeir na neithese, cuirid siád a gcéill gu follas, gu
bhfuilid siád ag iárruidh dúthuighe.


L. Eb11:15


Agus dá mbeith an dúthaidh úd as a dtangadar amach ar coimhne aca,
dobhí ám aca ré filleadh tar a nais:


L. Eb11:16


Achd anois atá a ndúil andúthaidh as fearr, eadhón sa ndúthaidh
neamhgha. Uime sin ní nár lé Día dhá dtáobhsan, a nDía do ghairm dhe.
Oír do ullmhuigh sé cathair dóibh.


L. Eb11:17


As tré chreidemh dho fhoráil Abrahám Isaac, an tan do dearbhadh hé,
agus an tí fuair na geallamhnacha do fhoráil sé anéunghin úd,


L. Eb11:18


Lé a ndubhradh, is a nIosáac ghoirfighthear do shiól:


L. Eb11:19


Ar mbreathnughadh dhó gu raibh Día chumhachdach ar a mhac dho
thógbháil suás ó marbhuibh: as ar ghlac sé hé fós a gcosamhuileas na
heiséirghe.


L. Eb11:20


As tré chreideamh dho bheannuigh Isáac Iacob agus Esáu, a
dtáobh na neitheann dobhí dochum teachda.


L. Eb11:21


As tré chreidemh dho bheannuigh Iacób ag fagháil bháis dó, diás mac
Ioséuph: agus tug sé onóir dho Dhía dá chrumadh féin siós ar phint
a bhata.


L. Eb11:22


As tré chreidemh do chuir Ioséuph a gcoimhne, ag fagháil bháis dó,
imthigheachd chloinne Israéul as a nÉigipt: agus tug sé aithne
a dtimchioll a chnámh dho bhreith ríu dhóibh.


L. Eb11:23


As tré chreideamh dho cuireadh Máoise a bhfolach réna athair agus
réna mháthair feadh thrí mís an tan rugadh hé, do bhrígh gu bhfacadar
u raibhe sé na lenab áluinn agus ní raibhe faitcheas roimh aithne an riógh
órrtha.


L. Eb11:24


As tré chreideamh dho dhíult Máoise ar mbeith dhó na fhior mhór, mac
ingine Pharaó do ghairm dhe:


L. Eb11:25


Ar mbreith dó dho roghain bheith ag fulang bhuáidheartha a bhfochair
phubail Dé, tar bheith a sáimhe an pheacuidh nách maireann achd gu
haithghearr.


L. Eb11:26


Ar na mheas dó, gur mhó an saidhbhreas masla dhfulang ar son Chríosd,
ná ionnmhas na hÉigipte: oír dobhí súil aige ré luách sháothair
dhfaghail.


L. Eb11:27


As tré chreideamh dho thréig sé a nÉigipt, gan faitcheas air roimh
fheirg an rígh, óir dobhí sé comh láidir sin ina inntinn, ionann agus
dochífeadh sé an tí nách féidir dhfaicsin.


L. Eb11:28


As tré chreideamh dho órduigh sé an túan cásg, agus an dortadh fola,
deagla gu mbeanfadh an tí dho sgrios gach céudghin, ríusan.


L. Eb11:29


As tré chreideamh dhochuádar trésan muir ruáidh amhuil dorachdís
tré thalamh thirim: an mhuir léur sluigeadh na hÉigiptigh ar dteachd dá
teasdughadh dhóibh.


L. Eb11:30


As tré chreideamh do thuiteadar balluidhe Jerico, tar éis gabhála na
dtimchioll seachd lá.


L. Eb11:31


As tré chreideamh nár sgriosadh an mhéirrdreach Rahab anáoinfheachd
ris an druing dobhí easumhal, ar dtabhairt áodhaigheachda uáithe dhi dhon
luchd braith gu siothchánta.


L. Eb11:32


Agus créd adéuruinn nísa mhó? óir dobhiádh anaimsir roghearr agum ré
bheith ag cráobhsgáoileadh ar Ghedeon, agus ar Bharac, agus ar
Shampson, agus ar Iephte, agus ar Dháibhi, agus ar Shamuel,
agus ar na fáidhibh:


L. Eb11:33


Noch tré chreideamh dho bhuádhuigh rióghachda, do oibhrigh fíréuntachd,
do ghnouigh na neithe dho geallamh dhóibh, do sdop beoil na leoghan,


L. Eb11:34


Do mhúch neart na teineadh, dochuáidh as ó fháobhar an chloidimh,
tugadh ó laige gu láidireachd, dorinneadh neartmhar a gcath, do chuir a
dteitheamh sluáighte na neachdrannach.


L. Eb11:35


Tréna bhfuaradar na mná a máirbh dheiséirghe. Do céusadh drung eile
mar an gcéudna, gan suim na sáoradh aca, dochum eiséirghe budh feárr
dhfagháil dóibh:


L. Eb11:36


Agus do dearbhadh drung eile, ré bheith ag sgige fúthadh, agus dá
sgíursadh, agus fós re na gcur a ngéimhleachuibh, agus a bpriosún.


L. Eb11:37


Do clochadh iad, do gearradh ó chéile iád, do cuireadh cathughadh
órrta, do marbhadh ré chloidheamh iad, dobhádar ar seachrán anonn
sanall, a gcraicnibh cáorach agus gabhar, ar mbeith dhóibh a riáchdanus,
dá mbuáidhreadh, agus dá gcrádh.


L. Eb11:38


Dream nárbhfíu an sáoghal a mbeith air, do bhdar ag dul amugha a
bhfásuighibh, agus a sléibhtibh, agus a dtuinighthibh, agus anuamhuibh
talmhan.


L. Eb11:39


Agus fuáradar so uile deaghtheisd tré chreideamh, biódh nách rainic
riu breith ar choimhliónadh na geallamhna:


L. Eb11:40


Ar mbeith do Dhía ag soláthar dhúinne a neithe as feárr, dochum gan
íadsan do bheith iomlán nar bhfégmuisne.


L. Eb12



L. Eb12:1


Ar anadhbharsoin ó thárrla a chomhmór sin do néull fiádhnuiseadh nar
dtimchiollne mar an gcéudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an
pheacuigh leanus dínn gu héusguidh, riotham maille ré foighid dochum chinn
na coimhleanga atá romhuinn:


L. Eb12:2


Ag féuchuin ar Iósa, ceannphort agus fear crióchnuighthe an chreidimh,
noch ar son an tsoláis dochonnairc as a chomhair, do fhulaing céusadh na
croithe, ar gcur na masla tugadh dhó a neamhshuim, agus do shuigh ar dheis
árdchatháoire Dé.


L. Eb12:3


Oír smuáinigh ribh féin ar an tí úd do fhulaing a samhuil sin do chaint do
chur na adhuigh ó pheacachuibh, deagla dhul a dtuirse agus ananmhuinne
dhíbh ion bhur ninntinnibh.


L. Eb12:4


Níor sheasabhair fós gu dtortadh bhur bhfola, ag cathughadh anadhuigh
an pheacuidh.


L. Eb12:5


Agus ané gur dhearmuid sibh an foirceadal labhras ribh, amhuil do
laibheóradh ré cloinn? ag rádh, a mhic ná biódh neamhshuim agud a smachd an
tighearna, agus ná héiridh ananmhuinne an tan chronuigheas sé thú.


L. Eb12:6


Oír smachduighe an tighearna an tí ghrádhuigheas sé: agus sgiúrsuidh
sé gach mac ré ngabhann sé.


L. Eb12:7


Dá bhfuilnge sibh smachdughadh, atá Día dhá fhoráileadh féin oruibh,
amhuil do ghéunamh ré cloinn. Oír cía hé an mac nach smachduigheann an
tathair?


L. Eb12:8


Achd dá raibh sibh gan an smachdughadh, roinntear ris na huilibh, gu
deimhin as clann bhasdaird sibh, agus ní clann díleas.


L. Eb12:9


Dobhádar fós ar naithreacha colluidhe aguinn na luchd smachduighthe,
agus dobheirmís urruim dhóibh: ané nách ro mhó ná sin as córa dhúinn
umhlachd dathair na spiorad, as a mbeam ar marthuin?


L. Eb12:10


Oír dobhámarsan dár smachdughadh acasan sealadh beag dhár naimsir,
do réir a dtoile féin: achd as dochum ar leasa doní seision a
smachdughadh, dochum coda dhá náomhhthachd do roinn sinn.


L. Eb12:11


Achd ní cosmhuil smachdughadh air bioth ré headh na huáire sin do bheith
solásach, achd dolásach: giodheadh dobheir sé na dhiáigh sin toradh
suáimhneach na fíréuntachda don druing chleachdas hé.


L. Eb12:12


Uime sin tógbhuidh suás gu díreach bhur lámha sínte, agus bhur nglúine
gan sbracadh:


L. Eb12:13


Agus déunuidh céimniughadh díreach ré bhur gcosuibh, deagla a neithe
atá bacach do chláonadh as an slighe, achd leigheasdar hé nísa tháosga.


L. Eb12:14


Leanuigh an tsíothcháin ris na huile dháoinibh, agus náomhthachd, óir ní
fhaicfidh éunneach gan hí an tigherna.


L. Eb12:15


Tabhruidh aire ribh fá gan áonneach aguibh dho chláonadh ó ghrás Dé:
agus fá gan fréumh shearbhuis ar bioth do fhás suás da bhur mbuáidhreadh,
as gu ndiongantáoi morán neamhghlan tríthe.


L. Eb12:16


Ná biódh éuneach aguibh na sdriópuigh, ná na dhuine neamhdhiágha,
amhuil dobhí Esáu, noch dho reac a cheart óighreachda ar son éunchinn
amháin bídh.


L. Eb12:17


Oír atá a fhios aguibh an tan bá mián ris fós na dhiágh sin an bheannachd
dhfagháil do dhligheadh óighreachda, gur diultadh hé: óir ní bhfuáir sé
slighe ré haithreachas do chur ar a athair, biódh gur iárr sé hí maille
ré deóruibh.


L. Eb12:18


Oír ní dochum an tsléibhe ré a bhféudtar cumailt tangabhair, ná dochum
na tineadh lasárrgha, ná dochum na sdóirme, ná an dorchaduis, na ghairbhthin
síne:


L. Eb12:19


Ná dochum fuáime an sduic, ná ghotha na mbríathar, agár shireadar an
dream dhochualuidh hé dhathchuinghe gan an bhriáthar dho labhairt ríu
féin nísa mhó:


L. Eb12:20


(Oír niórbhféidir ríu a ní dhobhí arná aithne dhíobh
dhiomchur, agus dá mbeanuidh fíu anainmhidhe féin ris an slíabh, géubhthar
dho chlochuibh air, nó dhogheubhuidh sé a tholladh ré ga.


L. Eb12:21


Agus dobhí an ní dhochonncadar comh adhuáthmhar sin, ionnas gu
ndubhairt Máoise féin, atáim lán dfaitcheas agus do chrioth)


L. Eb12:22


Achd as dochum sléibhe Sióin atá sibh ar dteachd, agus dochum
cathrach an Dé bhéo, dochum na hIarusalém neamhgha, agus dochum
cumainn na mílteadh aingeal,


L. Eb12:23


Agus dochum comhchruinnighthe agus coimhthionóil gacha céudghine noch atá
sgrióbhtha ar neamh, agus dochum Dé breitheamh na nuile, agus dochum spiorad
na bhfirénach ndiongmhálta,


L. Eb12:24


Agus dochum Iósa eidirmheadhonthóir na tiomna nuáidhe, agus dochum na
fola dho craitheadh, lábhrus neithe as feárr ná dho labhair fuil
Aibéill.


L. Eb12:25


Tabhruidh dá bhur naire gan éura dho thabhairt don tí lábhras ribh:
óir muna dheachuigh an dream úd as, tug díultadh dhon tí dho labhair ríu as
uchd Dé ar an dtalamh, ané nách lugha ná sin rachmáoidne as, dá ndíultam
dhon tí atá ó neamh?


L. Eb12:26


Agár chriothnuigh an talamh anuáir sin rena ghuth: agus anois tug
sé gealladh uádha, ag rádh, fós éunuáir eile cuirfe mé, ní hé amháin an
talamh ar crioth, achd neamh mar an gcéudna.


L. Eb12:27


Agus foillsighidh an rádh so, fós éunuáir eile, athrughadh na neitheann
atá neamhsheasmhach, mar atá na neithe dhorinneadh, ré lámhuibh, as gu
mbiádh na neithe atá seasmhach comhnuightheach.


L. Eb12:28


Uime sin ar bhfaghail rióghachda dhúinn nách féidir dho chorrughadh,
biódh grás aguinn, tréna bhféudfum seirbhís a dhéunamh dho Dhía ion a
mbíadh dúil aige, maille ré náire agus ré faitcheas.


L. Eb12:29


Oír as teine dhiánloisgeach ar nDiáne.


L. Eb13



L. Eb13:1


Biódh grádh bráthárrgha gu comhnuightheach eadruibh.


L. Eb13:2


Ná dearmaduigh riár na náoidheadh dho ghéunamh: óir dá réir so tugadar
dream dháirighthe áoidhechd dainglibh gan fhios dóibh pféin.


L. Eb13:3


Biodh coimhne aguibh ar an druing atá a ngeimhlibh, amhuil dobhiádh
sibh pféin a ngeimhlibh maráon ríu: agus ar an druing fhuilngeas
anshógh, amhuil dobhiádh sibh pféin ag fulang anshóigh sa gcoluinn mar an
gcédna.


L. Eb13:4


As onórach an pósadh a measg na nuile, agus an leabuidh neamhshalach:
achd béruidh Dia breath dhámhnuighthe ar luchd na drúise agus
anadhaltrannuis.


L. Eb13:5


Seachnuidh sibh pféin ar shaint: Agus gu madh lór libh na neithe atá dho
lathair aguibh. Oír adubhairt an tighearna, ní dhealeócha mé riot, agus ní
thréigfeadh thú:


L. Eb13:6


Ionnas gurob féidir linn a rádh gu dána, asé an tighearna bhfear
cobhartha, agus ní bhiáidh eagla oram fá ní dhár féidir dho dhuine
dho ghéunamh oram.


L. Eb13:7


Biódh coimhne aguibh ar luchd bhur dtreóruighthe, noch dho labhair bríathar
Dhé ribh: agus leanuidh dhá gcreideamh, ag tabhairt dhá bhur naire
créud bá críoch a gcoinbhiorsaid.


L. Eb13:8


Iósa Críosd ané agus aniugh, agus gu siorruidhe, an tí céudna.


L. Eb13:9


Ná gluáisdear sibh fágcuáirt ré teagusguibh éugsamhla coimhthigheacha:
óir as maith an croidhe do bheith diongmhálta a ngrás Dé, agus ní a
mbiádhuibh, nach deachuigh a dtarbha dhon druing dho ghnáthuigh iád.


L. Eb13:10


Atá altóir aguinne, dá nách bhfuil a gcumhachdaibh na druinge dhoní
seirbhís dhon tabearnácail ní dhithe.


L. Eb13:11


Oír na hainmhinntighe aga mbeireann an tárdshagart a bhfuil leis
asdteach dhon niosdadh ro náomhtha ar son pheacuidh, loisgthear a gcuirp
don táobh amuigh don champa.


L. Eb13:12


Uime sin do fhulaing Iósa an fpháis mar an gcéudna don táobh amuigh
dhon sbarra, dochum an phubail do náomhadh dhó réna fhuil féin.


L. Eb13:13


Ar anadhbharsin imthigheam amach as an gcámpa chuigesin, ag iomchur
mhasla air a shon.


L. Eb13:14


Oír ní fhuil cathair chomhnuightheach aguinn annso, achd atá iárruidh
aguinn ar an cathruigh atá dochum teachda.


L. Eb13:15


Uime sin foráilem thrídsion iodhbhairt mholta do ghnáth dho Dhía, eadhon
toradh na mbeól admhuigheas a ainm.


L. Eb13:16


Ná dearmaduigh maith dho ghéunamh, agus bhur gcuid do roinn ré luchd
riáchdanuis: oir bí dúil ag Día na samhuil sin dióbartuibh.


L. Eb13:17


Tabhruidh umhlachd do luchd bhur dtreóruighthe, agus íslighe sibh
féin dóibh: oír bíd siád ag faire bhur nanmann mar an luchd bhéuras
conndas uathadh: dochum so do ghéunamh dhóibh maille ré gáirdeachas, agus ní
ré hosnamhuigh: oír atá sin neamhtharbhach dhíbhse.


L. Eb13:18


Déunuidh úrnuighthe ar ar soine, óir ios muinighneach sinn as coguás
mhaith do bheith aguinn, ar mbeith fonnmhar dhúinn ar sinn féin diómchar
gu cúibhghe sna huile neithibh.


L. Eb13:19


Agus as móide shirim so oruibh, dochum gu madh luáthaide ghéubhus sibh
mé dhaiseag dhíbh arís.


L. Eb13:20


Agus Día na sióthchána tug air ais ó mharbhuibh an tighearna Iósa,
ardáodhaire na gcáorach, tré fhuil an chonnartha shiórruidhe,


L. Eb13:21


Gu ndiongna sé sibh diongmhalta sanuile dheaghobair, dochum a thoile
do génamh, maille ré bheith ag oibriugidh ionnuibh a neithe bhiás
geanamhuil na fhiádhnuise, tré Iósa Críosd, dá dtíubhram glóir a sáoghal
na sáoghal. Amén.


L. Eb13:22


Iárruim fós dathchuinghe oruibh, a dhearbhráithreacha, briáthar an
teaguisg do fhulang dhíbh: oír do sgrióbh mé gu hathchumair chuguibh.


L. Eb13:23


Bíodh a fhios aguibh gur leigeadh ar ndearbhrathair Timotéus fá
sgaoil, an tí ré a racha mé bhur bhfios, (má thig sé gu haithghearr.)


L. Eb13:24


Teannuidh ribh bhur nuile luchd treóruighthe, agus na huile náoimh.
Cuiridh na hEeadáilligh a mbeannachd chuguibh:


L. Eb13:25


Grása maille ribh uile. Amén.


L. Sm


EIPISDIL GHINEARALTA SHEUMUIS absduil.


L. Sm1



L. Sm1:1


Cuiridh Séumus searbhfhoghantuighe Dé agus an tighearna Iósa Críosd,
dochum an dá threibh dhéug atá sgartha ó chéile, beatha agus sláinte.


L. Sm1:2


A dhearbhráithreacha, measuidh na rogháirdeachas, an tan thuitfeas sibh a
gcaithighthibh éugsamhla:


L. Sm1:3


Ar mbeith a fheasa agaibh gu noibrigheann dearbha bhur dhoníthear ar
bhur gcreideamh foighide.


L. Sm1:4


Agus bíodh hobair dhiongmhálta ag an bhfoighide, dochum sibh pféin do
bheith diongmhálta iomlán, gan uireasbhuidh áon neithe.


L. Sm1:5


Agus má atá áon neach aguibh aneasbhuidh eagna, iárradh hí air
Dhía, noch dobheir a thiodhlaice gu fairsing uádha dona huilibh, agus
nách dein máoidheamh: agus biáidh sí ar faghail aige.


L. Sm1:6


Achd iárradh sé maille ré creideamh, gan bheith amhrusach a gcáill ar
bioth: oír an tí ar a mbí amhrus, is cosmhuil hé ré tuinn fhairge
ghluáisdear ris an ngáoith, agus bhíos dá tiomáin anonn sanall.


L. Sm1:7


Ná sáoileadh an tí sin gu bhfúighbhe sé áon ní ón dtighearna.


L. Sm1:8


Ar mbeith dó na fhior dhá inntinne, neamhsheasmhach na uile
shlighthibh.


L. Sm1:9


Agus biódh gáirdeachas ar an dearbhráthair atá íseal fána árdughadh:


L. Sm1:10


Agus ar an tsáidhbhir fána ísliughadh: oír biáidh sé ag téurnógh mar
bhláth na luibhe.


L. Sm1:11


Oír amhuil sheargus an ghrián ar néirghe dhi an luibh ré
teas, agus thuiteas a bláth, agus théid maise a faicseana ar gcúl: is
amhluidh
sin rachas an duine saidhbhir a seirg ina shlighthibh.


L. Sm1:12


As beannuighthe an tí iomchras cathughadh: oír tar éis a fhaghala
dearbhtha, dogheabhuidh sé coróin na beatha, noch do gheall an tighearna
dhon druing ghrádhuigheas hé.


L. Sm1:13


Ná habradh éuneach an tan bhiós a gcathugadh, ios ó Dhía churthar
cathughadh oram: oír ní féidir cathughadh anuilc do chur air Dhía, agus ní
chuireann sé cathughadh ar áon neach.


L. Sm1:14


Achd bí gach áon a gcathughadh, an tan thairrngeas, agus bhréugas a
ainmhiána féin hé.


L. Sm1:15


Na dhiáigh sin ar ngabháil thoirrcheasa chuige dhon nainmhián,
beiridh sé peacadh, agus an tan crióchnuighthear an peacadh, beiridh sé bás.


L. Sm1:16


Ná biódh seachrán oruibh a dhearbhráithreacha grádhacha.


L. Sm1:17


As anuás atá gach deaghthabhartus, agus gach tiódhlacadh
diongmhálta, ag teachd ó athair na soillse, ar nách téid athrughadh, na fíu
sgáile dhiompúgh.


L. Sm1:18


As dá thoil féin do aithghin sé sinne ré bréithir na fírinne, dochum
bheith dhúinn nar gcéud torthuibh dhá chreatúraibhsion.


L. Sm1:19


Uime sin a dhearbhráithreacha grádhacha, biódh gach áon ullamh dochum
éisdeachda, mall dochum labhartha, agus mall dochum féirge.


L. Sm1:20


Oír ní chuireann fearg dhuine cóir Dhé a ngniómh.


L. Sm1:21


Uime sin ar gcur uaibh na huile neamhghloine, agus bhur nuilc
iomarcuidh uáibh dhíbh, gabhuidh chuguibh maille ré ceannsachd an bhriáthar
atá arna plánndughadh ionnuibh, lénab féidir bhur nanmanna dho shlánughadh.


L. Sm1:22


Agus bígidh nar luchd na bréithre dho chur a ngníomh, agus ní ion
bhur luchd héisdechda amháin, dá bhur melladh féin.


L. Sm1:23


Oír dá néisdigh éuneach ris an mbreithir, agus nách déin sé dhá
réir, as cosmhuil hé ré duine bhiós ag brethnughadh a ghnúise nadúrgha a
sgathán.


L. Sm1:24


Oír arna bhreathnughadh féin dó, imthighe roimhe, agus ar ball
dearmaduigh sé créud bá hé a chosmhuileas féin do dhuine:


L. Sm1:25


Achd an tí fhéuchas gu grinn ar reachd dhiongmhálta na sáoirse, agus
chomhnuigheas ann, do bhrígh nách fear éisdeachda dearmadach hé, achd fear
gniómha dho ghéunamh, biáidh sé beannuighthe as sin do ghéunamh dhó.


L. Sm1:26


Má atá áoneach eadruibh léur cosmhuil bheith riaghalta, agus nách
cuireann srián réna theanguidh, achd bhiós ag mealladh a chroidhe féin,
as diomháoin riághail an tíse.


L. Sm1:27


Ag so an riághail ghlan gan cháidhe a bhfiádhnuise Dé agus anathar,
eadhón dul dhféuchain na ndileachdadh, agus na mbaintreabhthach anám a
riáchdanuis, agus coimhéd do ghénamh dho neoch ar féin, as gu mbiáidh sé
gan cháidhe ón tsáoghal.


L. Sm2



CAP. 2.


L. Sm2:1


A dhearbhráithreacha, ná biódh creideamh ar dtighearna ghlórmhar Iósa
Críosd aguibh maille ré féuchain do phearsuin seach a chéile.


L. Sm2:2


Oír dá dtí neach asteach dá bhur gcoimhthionól ar a mbiáidh fáinne óir,
anédach lonnrach, agus gu dtiucfuidh duine bochd mar an gcéudna anéudach
thruáillighthe:


L. Sm2:3


Agus gu mbiáidh féuchain aguibh dhon tí ar a mbí an téudach lonnrach,
agus gu naibeóra sibh ris, suighse sanionadh onórachsa: agus gu naibeóra
sibh ris an duine bochd, seasaimhse annsin thall, nó suigh annso fá sdól mo
chos:


L. Sm2:4


Ané nách drung sibh dhoní deifir eidir phearsannaibh ionnuibh pféin,
agus dá ndearnadh luchd breathnuighthe ar dhrochsmuáintighthibh?


L. Sm2:5


Eisdigh a dhearbhraithreacha grádhacha, ané nár thogh Día boichd an
tsáoghailse, dochum bheith dhóibh sáidhbhir a gcreideamh, agus na
noighreadhuibh na rioghachda noch do gheall sé dhon druing ghrádhuigheas
hé?


L. Sm2:6


Achd tugabhairse easanóir don bhochd. Ané nách déunuid na sáidhbhir
ro iomarcuigh oruibh, agus ané nách tairrgnid sibh dochum breitheamhnuis?


L. Sm2:7


Ané nách dtabhruid siád masla dhon nainm óirrdheirc as a nainmnighthear
sibhse?


L. Sm2:8


Gu deimhin dá gcoimhlióna sibh an reachd riógha do réir an sgriobtúir, noch
adeir, grádhuigh do chomharsa mar thú féin, as maith dhoní sibh hé:


L. Sm2:9


Giodheadh dá raibhe féuchain do phearsuin seach a chéile aguibh, doní sibh
peacadh, agus éilighthear sibh ón reachd mar luchd sáruighthe.


L. Sm2:10


Oír giodhbé neach choimhliónfus an reachd uile, agus gheubhas tuisleadh
anéun aithne amháin, atá sé ciontach ionnta uile.


L. Sm2:11


Oír an tí adubhairt, ná déin adhaltrannas, adubhairt sé mar an gcédna,
ná déin dúnmharbhadh. Agus biódh gan adhaltrannas do ghénamh dhuit, achd gu
ndiongna tú dúnmharbhadh, dorinneadh fear sáruighthe an reachda dhíot.


L. Sm2:12


Gu madh hámhluigh laibheórtháoi, agus gu madh hámhluidh dhiongnas sibh,
mar an luchd ar a ndingéuntar breitheamhnus tré reachd na sáoirsiona.


L. Sm2:13


Oír breatheamhnus gan trócaire don tí nách dearnadh trócaire: agus doní
an trócaire gáirdeachas anadhuigh an bhreitheamhnuis.


L. Sm2:14


Créud hé an tarbha, a dheabhráithreacha do neoch arádh gu bhfuil
creideamh aige, agus gan oibrighthe aige? an bhféudann an creideamh sin
a sháoradh?


L. Sm2:15


Oír dá raibhe dearbhráthair nó deirbhshiúr lomnochduighthe, agus a
riachdanas na beatha laétheamhla:


L. Sm2:16


Agus gu naibeóra neach aguibhse ríu, imthighe romhuibh a sióthcháin,
goruidh sibh pféin, agus liónuigh bhur mbuilg, agus gan sibh dho thabhairt
na neitheann atá na riachdanas ar an gcolainn dóibh, créd an tarbha a
dtéid sin?


L. Sm2:17


As amhluidh sin an chreideamh mar an gcéudna, muna bhfuilid oibrighthe aige,
atá sé marbh ann féin.


L. Sm2:18


Achd adéuruidh neach éigin, atá creideamh agudsa, agus atáid oibrighthe
agumsa: taiséinse dhamhsa do chreideamh a bhféugmuis hoibrigheadh, agus
taiséunadsa mo creidimh as mhoibrighthibh.


L. Sm2:19


Creidigh tusa áon nDía dho bheith ann: as maith dhoní tú sin: creidid
na deamhuin féin mar an gcédna, agus crithnuighid siád.


L. Sm2:20


Achd a dhuine dhiomáoin, an mián leat a fhios dhfaghail, gu bhfuil an
creideamh atá gan oibrighthibh marbh?


L. Sm2:21


Ané nách as oibrghthibh dorinneadh ar nathair Abrahám fíréunda,
an tan do fhoráil sé a mhac Isaac ar analtóruigh?


L. Sm2:22


Ané nách léir dhuit gu raibhe an creideamh ag comhoibriughadh maille
réna ghniomharthuibh, agus urob as na gníomharthuibh dorinneadh an
creideamh diongmhálta?


L. Sm2:23


Agus do coimhlíonadh an sgriobtúir noch adeir, do chreid Abrahám Día,
agus do mheasadh dhó hé na fhiréuntachd, agus do goireadh caruid Dé dhe.


L. Sm2:24


Ar anadhbharsin dochí sibh gurob as oibrghthibh doníthear duine
firéunta, agus nách as creideamh amháin.


L. Sm2:25


Agus mar an gcédna fós an mhéirrdreach Rahab, ané nách as oibrighthibh
dorinneadh firéunta hí, an tan tug sí áodhaigheachd dona teachdaireadhibh,
agus do chuir sí uáithe iád a slighe eile?


L. Sm2:26


Oír amhuil is marbh an corp a bhfégmuis na spioruide, as amhluidh sin mar
an gcéudna bhiós an creideamh atá gan oibrighthibh marbh.


L. Sm3



CAP. 3.


L. Sm3:1


A Dhearbhráithreacha, ná dénuidh iomad maighisdreachda, ar mbeith a fheasa
aguibh gurob móide dhingéuntar breitheamhnus trom oruinn hé.


L. Sm3:2


Oír as ciontach sinn uile a móran do neithibh. Giodhbé nách ciontuigheann
a mbreithir, as duine diongmhálta hé, lénab éidir fós srián do chur ris an
gcoluinn uile.


L. Sm3:3


Tábhruidh dhá bhur nuidh, cuirmíd sriánta a mbeóluibh na neach dochum
bheith dóibh umhal dúinn, agus dobheirmíd ar a gcorp uile iompúgh fágcuáirt:


L. Sm3:4


Tabhruidh dhá bhur núidh mar an gcéudna na longa, biódh gu bhfuilid ro
mhór, agus gu ngluáisdear iád ré gáothuibh garbha, fós iómpuighthear iád
fágcuáirt ré sdiúir ro bhig, giodhbé ar bioth áird a dtogrann fear na
sdiúire:


L. Sm3:5


As amhluidh sin as ball beag an teanguidh, agus doní rómhórtáchas: tabhruidh
dhá bhur núidh, créd hé méud anadhbhair lasas ré teine bhig.


L. Sm3:6


Agus as teine an teanguidh, agus domhan éugcóra: as mar sin atá an
teanguidh arna suighiughadh a measg ar mball, as gu ndiongnann sí an corp
uile cáidheach, agus gu gcuireann tré lasadh sdaid ar mbeatha ó geintear sinn,
agus ios ó ifrionn lastar hí.


L. Sm3:7


Oír ceannsuighthear, agus dorinneadh ceannsa ris a nadúir dháonna, gach uile
nádúir ainmhinnteadh nallta, agus éunlaithe, agus na neitheann snámhas an
talamh agus anfhairrge:


L. Sm3:8


Ach ní héidir dháon neach an teanguidh dho cheannsughadh: is olc doriártha
hí, lán do nimh mharbhthuigh.


L. Sm3:9


Dobheirmid riá glóir dho Dhía agus don nathair, agus bimáoid ag mallughadh na
ndáoine riá, noch dho cruthuigheadh do réir chosmhaileasa Dé.


L. Sm3:10


Tig mallughadh agus beannughadh as éun bhéul amháin. A dhearbhráithreacha, ní
cóir na neithese dho bheith mar so.


L. Sm3:11


An gcuireann tiubruid uáithe amach as éun tslighe amháin, uisge milis agus
searbh?


L. Sm3:12


An éidir a dhearbhráithreacha, do chronn fíge, cáora chroinn ola thabhairt
uádha, nó dhon chrann fíneamhna ubhla fíge? ios amhluidh sin nách éidir dho
thiubruid ar bioth uisge sáile agus fióruisge do thabhairt uáithe.


L. Sm3:13


Cía atá na dhuine eagnuidhe iúlmhar eadruibh? taiséunadh sé as
deadhchoinnbhiorsáid a oibrighthe, maille ré ceannsachd eagna.


L. Sm3:14


Giodheadh dá raibhe séarbhus tnútha, agus brosdughadh feírge aguibh ion bhur
gcroidhthibh, ná déunuidh mórtachas, ná bréug anadhuigh na fírinne.


L. Sm3:15


Oir ní ó neamh tig aneagnasa, achd ios eagna talmhuighe, nadurgha,
diábhalta hí.


L. Sm3:16


Oír sanáit ion a bhfuil tnúth agus consbóid, bí buáidhirt ann, agus gach
uile dhroichghníomh.


L. Sm3:17


Achd aneagna tig ó neamh, atá sí glan ar tús, na dhiáigh sin sióthchánta,
ceannsa, sotheaguisg, lán do thrócaire agus do dheaghthortuibh, gan chláon gan
fhallás.


L. Sm3:18


Agus siólchurthar toradh na fíréntachda a síothcháin, do luchd ghgéunta
na síothchána.


L. Sm4



CAP. 4.


L. Sm4:1


Créud as anéirghid cogtha agus comhruic eadruibh? Ané nách uáidh
so, eadhón ó bhur nanntoluibh pféin bhiós ag cathughadh ion bhur mballuibh?


L. Sm4:2


Bí mián neithe dhfaghail oruibh, agus ní bhí ar faghail aguibh: bí
tnúth oruibh, agus rofhonn neithe dho ghnoughadh, agus ní dhíbh
ghnoughadh: doní sibh comhrac agus cogadh, agus ní fhagann sibh bhur
mián, do bhrigh nách guidheann sibh Día.


L. Sm4:3


Bí sibh ag guidhe, agus ní ghnouigheann sibh, do bhrigh gurob neamhchoir
doní sibh guidhe, dochum bheith dibh ag caitheamh ré bhur miánghusaibh
pféin.


L. Sm4:4


A fhiora agus a mhná anadhaltrannais, ané nách fuil a fhios aguibh gur
naimhdeanus anadhuigh Dé, cáirdeas an tsáoghailse? uime sin giodhbé
réna mián an sáoghal bheith na charuid aige, doní sé namhuid Dé dhe féin.


L. Sm4:5


An sáoileann sibh gurob diomháoin adeir an sgriobtúir, gu mbí an spiorad
chomnuigheas ionnuinn fonnmhar a dtnúth?


L. Sm4:6


Giodheadh dobheir uádha grása nísa mhó, uime sin adeir sé; cuiridh Día
anadhuigh na nuáibhreach, achd dobheir grása do luchd na humhlachda.


L. Sm4:7


Uime sin umhluighe sibh pféin do Dhía, cuiridh anadhuig an diabhail, agus
teithfidh sé uáibh.


L. Sm4:8


Druidigh ré Día, agus druidfe sé ribh: glanuidh bhur lámha a pheacacha,
agus glanuidh bhur gcroidheadha a luchd na dá intinne.


L. Sm4:9


Fuilngidh anshógh, agus déunuidh máoith agus gul. Iompuighthhear bhur ngáire
a máoithneachas, agus bhur ngairdeachas a ndobrón.


L. Sm4:10


Islighe sibh pféin a bhfiádhnuise an tighearna, agus áirdéocha sé sibh.


L. Sm4:11


Ná lábhruidh gu holc ar a chéile, a dhearbhráithreacha. An tí lábhras gu
holc ar a dhearbhráthair, agus an tí dhamnuigheas a dearbhráthair, lábhruigh sé
gu holc ar an reachd, agus damnuighe sé an reachd. Agus má dhamnuigheann tú an
reachd, ní fear coimhlíonta an reachda thú, achd breitheamh.




L. Sm4:12


Atá áon ann dobheir reachd uádha, agá bhfuil cumhachda sáortha agus sgriosda:
cía thusa dhamnuigheas neach eile?


L. Sm4:13


Súd chuige sibh anois a dhream adeir, racham aniugh nó amárach dhá samhail
so dho chathruigh, agus do ghéunam comhnuighe innte feadh bliádhna, agus
biam ag reic agus ag ceannach, agus ag fagháil eudála.


L. Sm4:14


Agus fós gan a fhios aguibh créud bhur cor dhíbh amárach. Oír créd léur
cosmhail bhur mbeatha? as cosmhuil hí ré gal bhiós ré fhaicsin ar feadh
tamuill, agus na dhiáigh sin théid a neifní,


L. Sm4:15


Sanáit ar chóir dhíbh dho rádha, agus dá rabhum béo, dénam so no súd.


L. Sm4:16


Achd anois doní sibh cáil as bhur mórtachas féin: ios olc gach mórtachus dá
shamhuil sin.


L. Sm4:17


Uime sin an tí atá iúlmhar ar mhaith do ghéunamh, agus nách déin hí, atá
peacadh dhó ann.


L. Sm5



CAP. 5.


L. Sm5:1


Ag súd chuige sibh anois a dháoine sáidhbhre, déunuidh gul agus uáillfeartach,
ar son na namhgar thiucfus oruibh.


L. Sm5:2


Atá bhur saidhbhrios morguidhthe, atá bhur gculuigheacha arna nithe ó
leoghanuibh.


L. Sm5:3


Atá bhur nór agus bhur náirgead ar dtruáilleadh o mhirge, agus biáidh a mírge
na fiádhnuise ion bhur nadhuigh, agus cnáoifidh sí bhur bhfeóil amhuil
theine: dorinneabhair cisde fá chomhair na laétheadh ndeigheanach.


L. Sm5:4


Tabhruigh dá bhur núigh, atá tuárasdal an luchda oibre noch dho bhean bhur
nguirt do chunnaimh sibh uátha, ag éighmhe, agus dochuádar éighmhe an luchda
buána asdteach a gcluásaibh thighearna na sochuidhe.


L. Sm5:5


Do chaitheabhair bhur mbeatha a sáimhe agus a macnus ar an dtalamh: tugabhair
oileamhuin dá bhur gcroidhedhuibh amhuil doghénamh sibh a ló fhéusda.


L. Sm5:6


Do dhamnuigh agus do mharbh sibh an firéun, agus níor chuir sé ion bhur
nadhuigh.


L. Sm5:7


Uime sin a dhearbhráithreacha, bíghidh foighidmheach gu teachd an tighearna.
Tábhruidh dhá bhur núigh, bí an treabhthach ag fuireach ré toradh uasal na
talmhan agus doní fuireach ris maille ré foighidmhe, nó gu bhfaghann sé
fearthuin na maidne agus an trátha nóna.


L. Sm5:8


Bíghidhse mar an gcédna foighidmheach, agus neartuighe bhur gcroidheadha,
óir ios fogus dúinn teachd an tighearna.


L. Sm5:9


Ná bíghidh ag gnúsachduigh ar a chéile a dhearbhráithreacha, deagla bhur
ndamnuighthe. Tábhruidh dhá bhur núigh, atá an breitheamh na sheasamh ag an
doras.


L. Sm5:10


Gabhuidh chuguibh a dhearbhráithreacha, na fáidhe dho labhair anainm an
tighearna, na neisiompláiribh anshóigh dhfulang agus fhoghide imchéine.


L. Sm5:11


Tabhruidh dá bhur núigh, measmáoid gurob sona dhon druing dhobheir fulang
uátha. Dochualabhair teachd tar fhoighide Ióib, agus dochonnairc sibh an
chríoch dho chuir an tighearna uirthe. Oír atá an tighearna lán do
thruáighe agus do thrócaire.


L. Sm5:12


Agus roimh na huile neithibh a dhearbhráithreacha, ná tabhruidh mionna, mar
atá neamh, ná talamh, ná mionna ar bioth eile: achd gu madh hé bhur comhrádh
aseadh, aseadh, agus ní headh, ní headh: deagla tuitmhe dhíbh a
ndamnughadh.


L. Sm5:13


An bhfuil éuneach eadruibh arná bhuáidhreadh? Déunadh sé úrnuighthe. An
bhfuil subhachas ar éuneach? canadh sé sailm.


L. Sm5:14


An bhfuil éuneach éugcruáidh eadruibh? cuireadh sé fios ar sinnsearuibh na
heagluise, agus déunuid guidhe ar a shon arna ungadh dhóibh ré hola anainm
an tighearna.


L. Sm5:15


Agus fóirfidh úrnuighthe an chreidimh an teaslán, agus tóigéubhuidh an
tighearna suás hé, agus má dhorinne sé pecuigh, doghéubhuidh sé
maithmhechas ionnta.


L. Sm5:16


Admhuighe bhur gcionta dhá chéile, agus déunuidh guidhe ar son a chéile,
dochum leighis dhfaghail dibh. Oír as mór an bhrígh atá anurnuighthe
anfiréin an tan bhiós eifeachdach.


L. Sm5:17


Dobhí Elias na dhuine anmhann cosmhuil rinne, agus do ghuidh sé gu
dúthrachdach fá gan fearthuin do bheith ann: agus ní dhearnadh fearthuin ar an
dtalamh feadh thrí mbliadhan agus shé miós.


L. Sm5:18


Agus do ghuidh sé arís, agus tug neamh fearthuin uadha, agus tug an talamh a
thoradh.


L. Sm5:19


A dearbhráithreacha, má atá áoin neach ion bhur measg ar ndul ar seachrán ón
bhfírinne, agus gur iompuigh éuneach hé,


L. Sm5:20


Biódh a fhios aige gu sáorfuidh an tí dho iompuigh an peacach ó seachrán a
shligheadh, anam ó bhás, agus gu gcuirfe folach ar iomad do pheacuighibh.


L. 1Pd



CEUD EPISDIL GHINEARALTA PHEAdair absduil.


L. 1Pd1



CAP. 1.


L. 1Pd1:1


Peadar absdal Iósa Críosd, dochum na gcoigcríoch atá sgartha ó
chéile ar fedh Phontus, Ghalátia, Chappadócia, na hAsia,
agus na Bithinia,


L. 1Pd1:2


Noch atá arna dtogha do réir fheasa Dé athar atá roimh gach ní
dochum náomhthachda na sbioruide, tré umhlachd agus chrothadh fhola
Iosa Críosd: grása agus siothcháin gu ro líonmhar maille ribh.


L. 1Pd1:3


Glóir agus moladh dho Dhía, eadhón dathair ar dtighearna Iósa Críosd, noch
do aithghin sinn do réir a mhorthrócaire, dochum béomhuinighne, tré eiséirghe
Iósa Críosd ó mharbhuibh,


L. 1Pd1:4


Dochum oighreachda neamhthruaillighthe gan cháidhe, nách téid a seirg,
choimhéudtar ar neamh far gcomhairne,


L. 1Pd1:5


Chumhduighthear ré nert Dé tré chreideamh, dochum slánuighthe noch atá ullamh
ré a fhoillsiughadh sanaimsir dheigheanuidh.


L. 1Pd1:6


An ní na bhfuil sibhse ag dénamh gairdeachais, biódh gu bhfuil sibh anois
ré sealad (má atá na ríachdanus) fá thuirse a gcathuighthibh éugsamhla:


L. 1Pd1:7


Dochum gu bhfuighthe an dearbha dhoníthear ar bhur gcreideamh noch is
rouáisle na ór théid air neifní, biodh gu ndearbhthar lé teine hé, na mholadh
agus na onóir agus na ghlóir dháoibhse an tan fhoillseóchas Iósa Críosd
hé féin:


L. 1Pd1:8


An tí dhá dtugabhair grádh, biódh nach bhfacabhair hé: ann a bhfuil sibh
anois ag creideamh, gé nach léir dhíbh hé: agus as a ndiongantaoi gairdeachas
na gháirdeachas dhofhaisnéise ghlórmhar:


L. 1Pd1:9


Ag glacadh chríche bhur gcreidimh, eadhón shlánuighthe bhur nanmann.


L. 1Pd1:10


An slánughadh ar a ndearnadar na fáidhe lorgairechd agus cúartughadh noch
dorinne fáidhedóireachd ar an ngrás dobhí dochum teachda chuguibhse,


L. 1Pd1:11


Ag cuartughadh créud hí anuáir nó anáimsir do fhoillséochadh spiorad
Chríosd noch dhobhí ionntadh, ag dénamh fiádhnuise roimh theachd na
haimsire, na neithe dhobhí a ndán do Chriosd dhfulang, agus an ghlóir
romhór dho leanfadh dhíobh:


L. 1Pd1:12


Dár foillsigheadh, nách dóibh pféin achd dúinne dodhiongnadáois
miniosdrálachd na neitheann atá anois arna bhfoillsiughadh dhíbhse leis an
druing lér seanmóruigheadh an soisgéul díbh trésan spioruid náoimh do
cuireadh ó neamh anúas: na neithe ios mián ris na hainglibh dhfhaicsin.


L. 1Pd1:13


Uime sin ar gcreasrughadh leasruigh bhur ninntinne dhíbh, maille ré
measarrghachd, biódh dóchas diongmhálta aguibh as an ngrás atá arna thabhairt
chuguibh, agá bhfuighbhe sibh a thoradh an tan fhoillseóchar Iosa Críosd.


L. 1Pd1:14


Mar chloinn na humhlachda, gan bheith dhíbh dá bhur nathchuma féin ris na
hainmiánuibh dho ghnáthuigh sibh roimhe do bhrígh bhur nainbhfiosa.


L. 1Pd1:15


Achd do réir mar atá an tí dho ghoir sibh náomhtha, bíghidhse mar an gcéudna
náomhtha sanuile choinbhiorsáid.


L. 1Pd1:16


Do bhrígh gu bhfuil sgríobhtha, bighidhse náomhtha, oír atáimse náomhtha.


L. 1Pd1:17


Agus dá ngoiridh sibh athair don tí doní breitheamhnus do réir gniómha gach
áoin, gan féuchain do phearsuin seach a chéile, caithidh aimsir bhur noilirthe
sa sáoghalsa maille ré faitcheas.


L. 1Pd1:18


Ar mbeith a fheasa aguibh nách lé neithibh truáillighthe, mar atá airgead
no ór do fuásgladh sibh ó bhur gcoinbhearsáid oinmhidigh dár leanabhair
do réir luirg na sinnsear:


L. 1Pd1:19


Achd ré fuil mhórluáidh Chríosd, amhuil uáin gan cháidhe gan lochd.


L. 1Pd1:20


Noch do hórduigheadh roimh chruthughadh an domhain, achd dorinneadh
foillsightheach sna haimsearuibh deigheanacha ar bhur sonsa,


L. 1Pd1:21


Noch thrídsean creideas a nDía, dho thóguibh suás hé ó mharbhuibh, agus
tug glóir dhó, ionnus gu mbeith bhur gcreideamh agus bhur muinighin a nDía.


L. 1Pd1:22


Uime sin ó dhorinneabhair bhur nanmanna glan anumhlachd na fírinne
trésan spiorad, dochum grádha brátharrgha gan fhallás do bheith eadruibh,
biódh grádh dióghraiseach aguibh dhá chéile ó chroidhe ghlan:


L. 1Pd1:23


Ar mbeith dhíbh arna bhur naithghineamhuin ó shíllne thruaillighthe, achd
ón tsillne neamhthruáillighthe, edhón tré bhréithir Dhé, mhaireas agus
chomhnuigheas gu siórruidhe.


L. 1Pd1:24


Oír atá anuile fheóil mar an mhféur, agus anuile ghlóir dháonna
mar bhláth anfhéir. Searguidh an féur, agus tuitigh a bhláth dhe:


L. 1Pd1:25


Achd anuigh briáthar an tighearna gu siórruidhe: agus así so an bhríathar
dorinneadh dho shoisgéulughadh dhíbhse.


L. 1Pd2



CAP. 2.


L. 1Pd2:1


Uime sin ar gcur na huile aingidheachda, agus mheabhla, agus fhalláis, agus
thnútha, agus anuile ithiomráidh uáibh dhíbh,


L. 1Pd2:2


Mar náoidheanuibh nuáidhbheirtha, biódh fonn aguibh a mbainne fhiórghlan na
bréithre, dochum bheith dhíbh ag fás ris:


L. 1Pd2:3


Má dho bhlaiseabhair créud hé millse an tighearna.


L. 1Pd2:4


An tí dochum a bhfuil sibh ar dteachd, noch ios cloch bhéo, do diúlthadh ó
dháoinibh, achd atá toghtha, mórluáidh ag Día:


L. 1Pd2:5


Agus bíghidhse mar bheóchlochaibh tógaibhthe suás, nar dteach spioradálta,
agus nar sagartachd náomhtha, dochum iodhbarthadh spioradálta ar a
mbiáidh gean ag Día do fhoráileadh, tré Iósa Críosd.


L. 1Pd2:6


Uime sin atá sgríobhtha sa sgriptúir, tabhruigh dhá bhur núigh, cuirim
a Síon cloch thoghtha mhóluáidh, na cloich iachdair sa gcúinne:
an tí chreideas innte ní bhfuighe sé náire.


L. 1Pd2:7


Ar anadhbharsin atá sí mórluáidh dhíbhse a dhream chreideas: achd don
druing atá easumhal, don chloich úd dho dhíultadar na sáoir cloch chinn an
chúinne, agus cloch oilbhéime, agus carruic thuislidh:


L. 1Pd2:8


Eadhón don druing bhiós easumhal, dogheibh oilbhéim a mbréithir an
tsoisgéil, dochum ar hórduigheadh fós iád.


L. 1Pd2:9


Achd ios cinéul tóghtha sibhse, sagartachd riógha, cineadh náomhtha, pubal
do chuir Dia ar leith dhó féim: dochum gu bhfoillseóchadh sibh subhálcadha
an tí dho ghoir sibh as dorchadus dochum a sholais iongantuigh féin.


L. 1Pd2:10


A dhream dobhí anallód gan bheith díbh nar bpobal Dé, as pobal do
Dhía sibh anois: a dhream nach fuáir trócaire do ghéunamh oruibh roimhe
so, atá sibh anois ar bhfagháil trócaire.


L. 1Pd2:11


A dhearbhráithreacha grádhacha iárruim dhachuinghe oruibh, mar
dheóradhuibh agus mar oilirtheachuibh sibh pféin do sheachna ar ainmhiánuibh
na colla, noch bhiós ag cathughadh anadhuigh ananma.


L. 1Pd2:12


Agus biódh deaghchoinbhiorsáid aguibh a measg na ghcineadhach, ionnas gu
madh héidir ríu annáit anithiómraidh dhoníd oruibh mar luchd drochbheart
do ghénamh, as na deaghghniómharthuibh dhochífid siád, glóir dho thabhairt
do Dhía, sa lá na bhféuchfuidh órtha.


L. 1Pd2:13


Uime sin bíghidh umhal dá gach uile oifigeach ar son an tighearna: ní hé amháin
don Rí, mar an tí agá bhfuil áirdcheannas:


L. 1Pd2:14


Achd dona huáchdaránuibh mar an gcéudna, mar an luchd curthar uádha, dochum
dióghaltuis do ghéunamh ar luchd na míghniómh, agus dochum mholta luchda na
ndéighghniómh.


L. 1Pd2:15


Oír ios amhluidh as toil lé Día srián do chur ré hainbhfios na ndáoineadh
éigciálluidhe, a ndéunamh na maitheasa dhíbh.


L. 1Pd2:16


Mar an druing atá sáor, agus ní mar an druing agá bhfuil an tsáoirse na
brat foluidhthe anuilc, achd mar shearbhfhoghantuigheadhuibh Dé.


L. 1Pd2:17


Tuguidh onóir dona huile dháoinibh. Grádhuighe na dearbhráithreacha. Biódh
eagla Dé oruibh. Tuguidh onóir dhon Rí.


L. 1Pd2:18


A shearbhfoghantuigheadha, bíghidh umhal dá bhur maighisdreadhuibh maille ris
anuile fhaitcheas, ní hé amháin dona maighisdreadhuibh maithe
deaghchroidhtheacha, achd mar an gcédna dona drochmhaighisdreadhuibh.


L. 1Pd2:19


Oír is ní so is fíu buidheachas, dá niomchruidh neach ar son choguais do
tháobh Dé na doilghis, churthar air, ag fulang na héugcóra.


L. 1Pd2:20


Oír créd hé mar ádhbhar molta, dá dtuguidh sibh fulang gu foighidmheach uáibh
an tan ghabhthar dho dhornuibh oruibh, ar ndéunamh an pheacuigh dhíbh? achd dá
bhfuilnge sibh gu foighidmheach sa mbuáidhirt churthar oruibh, agus sibh ag
déunamh na maitheasa, as ní sin dá bhfuil Día buidheach.


L. 1Pd2:21


Oír ios chuige so fós do goireadh sibh: óir do fhuluing Críosd mar an
gcédna ar ar soine, ag fágbháil shómpla aguinn, dochum sibhse dho
leanmhuin dá lorg.


L. 1Pd2:22


An tí nách dearnuidh peacadh, agus ag nách fríth meabhail na bhéul.


L. 1Pd2:23


An tí nách dearnuidh ancháint anadhuigh na hancháinte dhorinneadh air:
an tí nách dearnuidh bagar, an tan dobhí ag fulang bhuáidheartha: achd tug
a chúis féin a láimh an tí dhoní breitheamhnus gu ceart.


L. 1Pd2:24


An tí agár thoguibh féin ar bpeacuighne ina chorp suás iosan gcrann, dochum
ar mbeith dhúinne dealuighthe ris na peacuighibh, gu mairfemís a
bhfíréuntachd: an tí agár leighiseadh sibhse réna chreuchduibh.


L. 1Pd2:25


Oír dobhábhair mar cháorchuibh seachráin: achd anois do filleadh sibh gu
háodhaire agus gu heasbog bhur nanmann.


L. 1Pd3



CAP. 3.


L. 1Pd3:1


Biódh na mná mar an gcédna umhal dá bhfearuibh, ionnas gu bhféudfuidhe an dream
nách tabhair umhlachd don bhréithir, do thairruing a bhféugmuis na bréithre tré
choinbhearsáid na mban,


L. 1Pd3:2


An tan chífid siád bhur gcoinbhearsáid fhiorghlan noch atá maille ré
faitcheas.


L. 1Pd3:3


Agus nárob don táobh amuigh bhias a maise, a ngruáig chasda, ná a gcur oír
dtimchioll, ná a gcur chuluigheach órrtha:


L. 1Pd3:4


Achd u madh hé a maise duine foluightheach an chroidhe, noch atá arná
shuidiughadh a neamhthruáilleadh spioruide ceannsa ciúin, noch ios morluáidh a
bhfiádhnuise Dé.


L. 1Pd3:5


Oír ios mar so doniódh anallód na mná náomhtha dho chuireadh a muinighin a
nDía iád féin do dheaghmhaisiughadh, ar mbeith dhóibh umhal dá bhferuibh:


L. 1Pd3:6


Amhuil tug Sára umhlachd dAbraham, ag gairm thighearna dhe: dárob
ingheana sibhse, an feadh dhoní sibh maith, agus nách criothnuighthear
sibh ré faitchios ar bioth.


L. 1Pd3:7


A fhiora mar an gcéudna déunuidh comhnuighe a bhfochair bhur mban, fá mar
ios cuibhghe dho dháoinibh iúlmhara, ag tabhairt onóra dhon mhnáoi, mar an
soitheach as laige, amhail fós atá sibh nar gcoimhoighreadhuibh ghrás na
beatha, deagla thoirmisg do chur ar bhur nurnuighthibh.


L. 1Pd3:8


Fá dheóigh, bígidh uile dhéuninntinn: ar dhochar a chéile: biódh grádh
bráthárrgha eadruibh: bígidh lán do thrócaire: bigidh sochaidridh:


L. 1Pd3:9


Ná déunuigh olc anadhuigh uilc, ná anchaint anadhuigh anchainte: achd gu
contrárgha dhó sin, tuguidh bhur mbeannachd, ar mbeith a fheasa aguibh, gurob
chuige so do goiredh sibh dochum gu bhfuigheadh sibh pféin beannachd do
dhligheadh mar oighreachd.


L. 1Pd3:10


Oír giodhbé agá bhfuil dúil ina bhetha, agus réna mián laithe maithe
dhfaicsin, connmhadh sé a theanguidh na tochd ó olc, agus a bhéul ó
bhriáthruibh meabhlacha dho labhairt:


L. 1Pd3:11


Seachnadh an tolc, agus déunadh an mhaith: iárradh an tsióthcháin, agus
leanadh dhi.


L. 1Pd3:12


Oír atáid súile an tighearna ag féuchain gu grinn ar na fírénuibh, agus
atáid a chlúasa osguilte dhá nurnuighthe: achd atá gnúis an tighearna
anadhuigh na druinge dhoní na huilc.


L. 1Pd3:13


Agus ciá dhéunas olc oruibh dhá leana sibh dhon mhaith?


L. 1Pd3:14


Giodheadh fós dá bhfuilngthidh sibh buáidhirt ar son na firéuntachda, ios
beannuighthe sibh: agus ná biódh eagla mar a neaglasan oruibh, agus ná
bígidh buáidheartha.


L. 1Pd3:15


Achd foillsighthear libh ion bhur gcruidheadhuibh. Agus bígidh ullamh dho
ghnáth lé freagra dho thabhairt uáibh dá gach áon neach shireas réusún na
muinighne atá aguibh, maille ré ceannsachd agus ré faitcheas,


L. 1Pd3:16


Ar mbeith do choguás maith aguibh: ionnas an tan labhruid gu holc oruibh mar
luchd drochghniomha do ghénamh, gu mbiádh náire orrtha fá bheith ag fagháil
lochda ar bhur ndeaghchoinbhersáid a gCríosd.


L. 1Pd3:17


Oír is fearr dhíbh, mas amhluidh as toil lé Día hé, buáidhirt dhfulang
ó dhéunamh na maitheasa, ná ó dénamh anuilc.


L. 1Pd3:18


Oír do fhuluing Críosd fós éun uáir ar son na bpeacadh, an firéun ar son na
neimhfhiréun: agus gu dtiubhradh sinne dochum Dé: agus do básuigheadh hé
a dtáobh na colla, achd do beóuigheadh hé ris an spioruid.


L. 1Pd3:19


Tré a ndeachuigh sé fós do sheanmóir dona spioraduibh atá a bpriosún,


L. 1Pd3:20


Noch dhobhí easumhal anallód, an tan do fhuiridh fulang fada Dé éun uáir a
laithibh Náoi, an feadh dhobhí anáirc dha hullmhughadh, ionar cáomhnadh
beagán eadhon ochd bpearsanna sanuisge.


L. 1Pd3:21


A ní fós ré dtig an baisdeadh ré sáorthar sinn anois, ag freagra na
heisiomplára sin, (ní hé cur uáinn shalchair na colla, achd fiárfuidhe
dheaghchoguáis do tháobh Dhé,) tré eiséirghe Iósa Críosd.


L. 1Pd3:22


Noch atá ar deis Dé, tar éis dul ar neamh, dá bhfuilid na haingil, agus na
cumhachda, agus na subhaltadha fá umhlachd.


L. 1Pd4



CAP. 4.


L. 1Pd4:1


Uime sin ó dho fhulaing Críosd an pháis ar ar soinne sa gcoluinn,
cuiridhse an smuáineadh céudna na arm iomuibh, eadhón gur sguir an tí dho
fhulaing sa gcolionn, do dhéunah an pheacadh,


L. 1Pd4:2


Dochum nách caithfeadh sé feasda fuigheall na haimsire atá aige sa
gcoluinn doréir ainmhián na ndáoineadh, achd do réir thoile Dé.


L. 1Pd4:3


Oír is lór dhúinn an mhéid dochuáidh thoruinn dár mbeatha do chaitheamh do
réir thoile na gcineadhach, ar mbeith dúinn ag siubhal a macnas,
anainmhiánuibh, a misge, a gcráos, a bpótaireachd, agus aniódhghaladhradh
ainndlightheach.


L. 1Pd4:4


An ní ann a bhfaghuid iongnadh, gan sibhse dho rioth ríu sa neamhmeasarrghachd
chéudhna, uime sin labhruidh gu masluightheach oruibh:


L. 1Pd4:5


An dream bhéuras conndas uátha dhon tí atá ullamh dochum breitheamhnuis
do ghéunamh air bheóuibh agus air mharbuibh.


L. 1Pd4:6


Oír as chuige so do seanmóruigheadh an soisgéul dona marbhuibh mar an gcédna,
dochum breitheamhnuis do ghéunamh órtha do réir dháoineadh sa gcoluinn, agus
dochum marthana dhóibh do réir Dé sa spioruid.


L. 1Pd4:7


Agus atá críoch na nuile neitheann ag drud rinn. Uime sin bígidh
measarrgha, agus déunuigh faire anurnuighthibh.


L. 1Pd4:8


Agus roimh na huile neithibh biódh grádh ro dhióghraiseach aguibh dhá chéile:
óir cuirfidh an grádh folach ar iomad na bpeacadh.


L. 1Pd4:9


Tuguidh áodhaigheachd dá chéile gan monmhar.


L. 1Pd4:10


Déunamh gach áon aguibh do réir an tiodhlaice fuáir, miniosdrálachd dá
chéile, mar dheaghfheadhmanntachuibh na ngrás dobheir Día uádha gu
héugsamhuil.


L. 1Pd4:11


Dá labhruigh neach ar bioth, lábhradh sé do réir mar thig sé
briathruibh Dé: dá ndearna nech ar bioth miniosdrlachd, dénadh hí do réir
na hacfuinne dhobheir Día dho: as gu bhfúighbhe Día glóir sna huile
neithibh tré Iosa Críosd, agá bhfuil glóir agus cumhachda a sáoghal na
sáoghal. Amén.


L. 1Pd4:12


A dhearbhráithreacha grádhacha, ná biódh iongnadh aguibh sa dteasdughadh
tinntighe, dhonithear oruibh dochum bhur ndearbhtha, amhuil do theigéumhadh
ní comhuightheach éigin dibh:


L. 1Pd4:13


Achd gu madh haoibhinn libh sibh pféin do bheith pártach ré buáidhearthuibh
Chríosd, as gu mbiáidh gáirdeachas agus meanma mhór oruibh mar an gcédna, an
tan fhoillseóchar a ghlóirsion.


L. 1Pd4:14


Dá masluighthear sibh ar son anma Críosd, ios beannaighthe sibh: oír
doní sbiorad na glóire, agus Dé comhnuighe oruibh: noch dhogheibh masla
dhá dtáobhsan, agus glóir dá bhur dtáobhsa.


L. 1Pd4:15


Achd cheanna ná fuilngeadh éunduine aguibh mar fhear dúnmharbhtha, nó mar
bhithbhionach, nó mar fhear drochbheart do ghéunamh, nó mar neach
shaitheas hé féin a neithibh nách beanann ris:


L. 1Pd4:16


Achd dá bhfhuilngidh éuneach mar chríosduighe, ná gabhadh náire hé: achd
tugadh glóir dho Dhía dhá tháobh.


L. 1Pd4:17


Oír táinic aimsir an bhreitheamhnuis do tosnughadh ó tigh Dhé. Agus más
uáinne thosnuighthear hé ar tús, créud bhur crioch don druing atá easumhal
do thsoisgéul Dé?


L. 1Pd4:18


Agus más gan sháothar an firéun, ca háit a dtaisbéunfa an duine neamhdhiágha
agus an peacach hé féin?


L. 1Pd4:19


Uime sin an dream fhuilngeas buáidhirt do réir thoile Dé, cuirdís cumhdach
ananmann airsion mar chruthaighthéoir díleas, a ndéunamh na maitheasa.


L. 1Pd5



CAP. 5.


L. 1Pd5:1


Iarruim dhachuinghe arna seanóiribh bhur measg ar mbeith, damh pféin um
sheanóir mar an gcéudna, agus um fhiádhnuise ar na neithibh do fhulaing
Críosd, agus um phártuighe a dtáobh na glóire atá ré hadhuigh a
foillsighthe,


L. 1Pd5:2


Tréud Dé do bheathughadh díbh, do fágbhadh táobh ribh, ar mbeith dhá chúram
oruibh, ní do réir éigin, achd do réir thoile: ní ar son éudála neamhghloine,
ach maille ré hinntinn ullaimh.


L. 1Pd5:3


Ní fá mar dho bhiádh sibh ion bhur dtighearnadhuib ós cionn eagluise Dé, ach
mar dhruing atá na neisiompláire dhon tréud.


L. 1Pd5:4


Agus an tan fhoillséochar an tárdáodhaire, doghéubha sibh coróin ghlóire
bhiás marthannach:


L. 1Pd5:5


Mar an gcéudna a dháoine óga, tuguidh umhla dhona sinnsearuibh: agus
bígidh uile umhal dá chéile. Déunuidh sibh pféin deaghmhaiseach don táobh
asdtigh ó umhlachd inntinne: oír cuiridh Día anadhuigh na nuáibhreach, agus
dobheir grása dho na húmhla.


L. 1Pd5:6


Uime sin umhluidhe sibh pféin fáoi láimh chumhachduigh Dhé, dochum bhur
nárduighthe dhó anam iomchuibhghe.


L. 1Pd5:7


Téilgidh bhur nuile chúram airsion, oír is cúramach hé ion bhur dtimchioll.


L. 1Pd5:8


Bíghidh measarrgha: déunuidh faire: oír atá bhur namhuid an díabhal, mar
leóghan bhéicfeach, ag gabháil fágcuáirt ag féuchain cía dhoghéubhadh sé
ré a shlugadh.


L. 1Pd5:9


An tí agárob ionchurtha dhíbh na adhuigh ar mbeith díbh diongmhalta sa
gcreideamh, ar mbeith a fheasa aguibh, gu gcomhlióntar na buáidheartha
céudna sa gcuid eile dhá bhur ndearbhraithreachuibh atá sa sáoghal.


L. 1Pd5:10


Agus Día na nuile ghrás, noch dho ghoir sinn dochum a ghlóire siórruidhe
anIósa Críosd, tar éis bheagáin buáidheartha dhfulang dhíbh, dá bhur
ndénamh iomlán, diongmhálta, neartmhar, fondameiteach.


L. 1Pd5:11


Gu raibhe glóir agus neart dhósan a sáoghal na sáoghal. Amén.


L. 1Pd5:12


Do sgríobh mé gu hachumar chugaibh ré Silbhánus dearbhráthair díleas do réir
mo bharamhla, dá bhur dteagusg, agus ag déumamh fiádhnuise gurob hé so
fíorghrás Dé ann a bhfuil sibh ag seasamh.


L. 1Pd5:13


Cuiridh aneagluis atá sa mBaibilóin do togadh máráon ribh, agus mo mhac
Marcus, beatha agus sláinte chuguibh.


L. 1Pd5:14


Teannuidh sibh pféin ré chéile maille ré póig an ghrádha. Síthcháin maille
ribh uile an mhéid aguibh atá anIósa Críosd. Amén.


L. 2Pd



DARA HEPISTIL GHINEARALTA PHEAdair absduil.


L. 2Pd1



CAP. 1


L. 2Pd1:1


Simón Peadar searbhfhoghantuigh agus absdal IOSA Críosd, dochum na
druinge fuair creideamh comhuásal rinne, tré fhiréuntachd ar nDéi agus
ar slánaightheóra Iósa Críosd,


L. 2Pd1:2


Grása agus síothcháin gu ro lionmhar maille ribh, tré eólas Dé, agus Iósa ar
dtighearna:


L. 2Pd1:3


Fá mar do thiodhluic a chumhachd diághasan na huile neithe dhúinne
beanas ré beatha agus ré diághachd, tré éolas an tí dho ghoir sinn dochum
glóire agus subhaltadh.


L. 2Pd1:4


Do bhrígh gu dtug sé dhúinn geallamhnacha ro mhóra mórluáidh, as gu mbíadh
cumann aguibh ris a nádúir dhiágha thrítheadh, ar mbeith díbh ag seachna an
truáillidh atá sa sáoghal tré ainmhían.


L. 2Pd1:5


Agus fós ar ndéunamh na huile dhúthrachda dhíbhse dhá tháobh so, cuiridh
subhaltadha ré bhur gcreideamh, agus éolas ré bhur subhaltadhuibh,


L. 2Pd1:6


Agus measárrghachd ré bhur néolas, agus foighide ré bhur measarrghachd,
agus diághachd ré bhur bhfoighide,


L. 2Pd1:7


Agus cáoineas bráthárrgha ré bhur ndíaghachd, agus grádh ré bhur gcáoineas.


L. 2Pd1:8


Oír dá rabhuidh na neithese eadruibh, agus bheith ag líonadh dóibh, dobhéuruid
fo deara dhíbh gan bheith díomhaóin ná neamhthorthach anéolas ar dtighearna
Iósa Críosd.


L. 2Pd1:9


Oír an tí atá gan na neithese aige, atá sé dall, agus ní léir dhoní
ar bioth a bhfad uádha, arná dhearmud dó gur glanadh hé ó na
shenpheacuighibh.


L. 2Pd1:10


Uime sin a dhearbhráithreacha, gu madh móide dhiongnas sibh dúthrachd, ré
bhur ngairm agus ré bhur dtogha do ghéunamh diongmhalta: oír dá ndearna sibh na
neithese, ni bhfuighbhe sibh tuitim choidhche.


L. 2Pd1:11


Oír as amhluidh so gheabhus sibh gu fairsing slighe ré dhul asdteach a
rioghachd shíorruidhe ar dtighearna agus ar slánaightheóra Iósa Críosd.


L. 2Pd1:12


Ar anadhbharsa ní dhiongna mé faillidhe ré bheith ag síorchur na
neitheannsa a gcuimhne dhíbh, biódh gu bhfuil sibh iúlmhar agus daingean
sa bhfírinne atá dho lathair.


L. 2Pd1:13


Achd cheana measuim gurob cóir dhamh, ré seal bheith damh sa mboithse,
sibhse dho dhúsachd ré bhur gcur a gcoimhne:


L. 2Pd1:14


Ar mbeith a fheasa agum gurob fogas damh ám sgáoilte mo bhoithese atá um
thimchioll, amhuil fós do thaiséin ar dtighearna Iósa Críosd dhamh hé.


L. 2Pd1:15


Agus fós doghéun mo dhithchioll do ghnáth dochum gu madh héidir sibhse na
neithese do choimhne tar eis mhimthigheachdasa uaibh.


L. 2Pd1:16


Oír ní ag leanmhuin do sgéultuibh ealadhanta fábhuill dobhámar, an
tan do fhoillsigheamar dhíbhse cumhachda agus teachd ar dtighearna Iósa
Críosd: achd dochonncamar ré ar súilibh féin a mhórghachd.


L. 2Pd1:17


Oír fuáir sé onóir agus glóir ó Dhía athair, an tan táinic a shamhuil so do
ghuth chuige ón nglóir mhórghasin, agá rádha, ag so mo mhac grádhachsa.
Ion a bhfuil mo dheaghthoil.


L. 2Pd1:18


Agus dochúalamairne an guthsa tháinic ó neamh, ar mbeith dhúinn na
fhochairsean ar an sliabh náomhtha.


L. 2Pd1:19


Agus atá briáthar rodiongmhálta na bhfáidheadh aguinn, dana maith dhoní sibh
aire dho thabhairt, amhuil dobhéuradh dho lóchrann dobhiadh ag dénamh
solais anionadh dhorcha, gu soillsiughadh an láoi, agus gu héirghe dho réulta
na maidne ion bhur gcruidheadhibh.


L. 2Pd1:20


Ar mbeith dhá fhios so aguibh ar tús, nách bhfuil fáideadóireachd ar bioth
dhon sgriobtúr ó eidirmhíniughadh thig ó dhuine féin.


L. 2Pd1:21


Oír ní do réir thoile dhuine tháinic an fháidheadóireachd anallód, ach
do labhradaois dáoine náomhtha Dé, do réir mar do seóltuighe iád ón spioruid
náomh.


L. 2Pd2



CAP. 2


L. 2Pd2:1


Agus dobhádar mar ar gcédna fáidhe fallsa ameasg a phobuil, amhuil
bhiás fós luchd teaguisg fhallsa eadruibhse, noch bhéurus asdteach ós
íseal eireticeachd dhamnuighthe, agus shéunfas an tighearna dho cheannuigh
iád, ag tarruing sgresda obuinn orrtha féin.


L. 2Pd2:2


Agus leanfuid morán a dteaguisg dhamnuighthe, ré maisleóchar slighe na
fírinne.


L. 2Pd2:3


Agus tré shaint béid dá bhur nímcheannuigheachd maille ré bríathruibh blasda:
dream dhár cinneadh fada ó shoin damnughadh nách téid a síneadh, agus ní
ghabhann codladh an sgrios thiucfus orrtha.


L. 2Pd2:4


Oír monar choigil Día na haingil do pheacuidh, achd arná dteilgean siós gu
hifrionn dó, gu dtug iád do shlabhraidhibh an dorchaduis dochum a
gconnmhála ris an mbreitheamhnus:


L. 2Pd2:5


Agus monar choigil ré an seandomhan, achd gur sháor sé Náoi ann tochdmhadh
pearsa seanmóntuighe na fíréuntachda, ar dtabhairt na dileann dó ar an domhan
dobhí lán do dháoinibh neamhdhiágha:


L. 2Pd2:6


Agus gu ndearna sé luáithridh do chaithreachuibh Shoduim agus
Ghomorra, agus do dhamhnuigh iad maille ré na sgrios, arna
ndéunamh na neisiompláir dhon druing dho chaithfeadh a mbeatha gu
neamhdhiágha:


L. 2Pd2:7


Agus do sháor sé Lot an firéunach do tuirsigheadh ré coinbhiorsáid
neamhghloin na ndáoineadh neamhdhiágha.


L. 2Pd2:8


(Oír ar mbeith don fhiréun úd na chomhnuidhe eatorra, fuáir a anam firéunda a
phiánadh ó ló gu ló réna ngníomharthuibh neamhdhlisdionacha, dá bhfaicsin agus
dá gcluinnsin dó.)


L. 2Pd2:9


As éol don tighearna na dáoine diágha do sháoradh ó chathughadh, agus na
dáoine neamhfhiréunta dho choimhéud gu lá an bhreitheamhnuis a bpeannuid:


L. 2Pd2:10


Agus gu mórmhór an dream leanus ainmhiana na colla a nemhghloine, agus dobheir
neimhchion ar uachdaránachd; ar mbeith dóibh anndána, lán asda pféin,
agus ar nách bí faitcheas fá anchaint do ghéunamh ar an luchd atá a
gcumhachduibh árda.


L. 2Pd2:11


An tan nách beirid na haingil féin atá ós a gcionnsan a neart agus a
gcumhachduibh, breath mhasluightheach na nadhuigh a bhfíadhnuise an tighearna.


L. 2Pd2:12


Achd bhíd an dreamsa, mar ainmhinntibh brúideamhla leanas dá ndúchas,
agárob chuige do cruthuigheadh iád dochum a ngabhála agus a sgriosda, ag
labhairt gu masluightheach arna neithibh nách aithnidh dhóibh, agus
sgriosfuighthear iád óna dtruáilleadh féin.


L. 2Pd2:13


Agus doghéubhuid siád tuárasdal neamhfhiréundachda, mar an druing mheasas
gurob sáimhe dhóibh a mbetha dho chaitheamh a só gach láoi; buill cháidheacha
shalcha, bhíos lán dfonn ion a mealltóireachd féin, an tan bhíd ion bhur
bhfochair ar fhéusdadhuibh.


L. 2Pd2:14


Agá bhfuilid súile lán dadhaltrannas, agus nách féudann sgur dho pheacadh, ag
mealladh na nanmann neamhsheasmhach: agá bhfuilid croidheadha dobheir iád
féin do ghnáth dho shaint, clann na mallachd:


L. 2Pd2:15


Noch do sheachuin an tslighe dhíreach, agus dochuáidh ar seachrán,
ag leanmhuin luirg Bhálaaim mhic Bósoir, noch tug grádh do
thuarasdul na héugcóra.


L. 2Pd2:16


Achd fuáir sé achmhasán ar son a pheacuigh: oir ar labhairt do ghlór
dháonna don neasal balbh do chleachdadh bheith fá chuing, do
thoirmisg sé an saobh céille dhobhí ar an bhfáid.


L. 2Pd2:17


As tobair gan uisge iád so, neóill dá dtiomáin ré sdóirm gháoithe:
agá bhfuil an dorchadas fiórdhorcha dhá thaisge fá gcomhair gu
síorruidhe.


L. 2Pd2:18


Oír ar mbeith dhóibh ag labhairt bhríathar mbladhmannach gan
éifeachd, mealluid siád ré hainmhiánuibh macnusacha na colla, an dream
dho dhealuigh gu fírinneach ré luchd an tseachráin do leanmhuin:


L. 2Pd2:19


Ag geallamhuin sáoirsiona dhóibh, agus gan ionntadh féin achd
searbhfhoghantuigheadha dhon truáilleadh: oír giodhbé ní bheireas buáidh ar
neach, doní an ní céudna fós searbhfhoghantuidhe dhe.


L. 2Pd2:20


Oír tar éis dhealuighthe dhóibh ré neamhghloine an tsáoghailse, tré
eolas an tighearna agus an tslanaighthéora Iósa Críosd, dá
gcraiplighthear iád arís innte, as gu mbeurthar buáidh órrtha as measa a gcríoch
dheigheanach ná a dtosach.


L. 2Pd2:21


Oír dobfearr dhóibh gan eólas do bheith aca ar shlighe na firéuntachda, ná
tar éis eólais dhfagháil, impúgh dhóibh ónaithne náomhtha tugadh dhóibh.


L. 2Pd2:22


Giodeadh do éiridh dhóibh do réir an tseanfhocail fhírinnigh, eadhón do
fhill an madradh tar a ais dochum asgeathruighe, agus an mhuc dobhí arná
nighe, dochum a hunfurta sa lathuigh.


L. 2Pd3



CAP. 3.


L. 2Pd3:1


Ag so anois an dara heipisdil sgríobhuim chuguibh a dhearbhráithreacha
grádhacha, ré bhfuilim ag togbháil suás bhur ninntine fhíorghloine dá bhur
gcur a gcuimhne,


L. 2Pd3:2


Ar nách biáidh dearmad oruibh air na briáthruibh dho labhradar na fáidhe
náomhtha roimhe so, ná fá anaithne tugamairne absdail an tighearna agus an
tslánaightheóra uáinn.


L. 2Pd3:3


Ar mbeith dá fhios so aguibh ar tús, gu dtiucfuid sna laithibh deigheanacha
luchd sgige, leanfus dá nainmhiánuibh féin:


L. 2Pd3:4


Agus adéuruid, ca háit a bhfuil geallamhuin a theachda? Oír ón tráth
fá ndeachadar na haithreacha dhéug, anuid na huile neithe anéunsdaid ó
thús an chruthuighthe.


L. 2Pd3:5


Oír atáid na ainbhfios so déuntoisg, eadhón gu raibhe neamh ann fada ó
shoin tré bhréithir Dhé, agus an talamh sheasas gu daingean as anuisge agus
ann sanuisge.


L. 2Pd3:6


Uime sin so sgriosfadh an domhan dobhí anuáirsin é ar dteachd don
díle thairis.


L. 2Pd3:7


Achd neamh agus talamh atá anois ann, atáid dá dtaisge ris an mbréithir
gcéudna, agus dá gcoimhéud fá chomhair theineadh gu lá damnuighe agus sgriosda
na ndáoineadh neamhdhiágha.


L. 2Pd3:8


Agus a dhearbhráithreahca grádhacha, ná biodh an táon níse na ainbhfios
oruibh, eadhón gurob ionnann éunlá amháin ag an dtighearna mar mhíle
bliághain, agus mar an gcédna míle blíaghain, agus éunlá amháin.


L. 2Pd3:9


Ní cuireann an tighearna muill ar a gheallamhuin (mar mheasuid dream
áirighe muill) achd atá sé foighideach rinne, do brígh nach mían ris
éinneach dhul amugha, achd na huile dháoine theachd chum aithrighe.


L. 2Pd3:10


Gidheadh tiucfuidh lá an tighearna mar ghaduighe sanoidhche, ann a
rachuidh neamh thoruinn maille ré tormán, agus ann a mbéid na dúile ag
leaghadh ré teas, agus ann a loisgfighthear an talamh, agus na hoibreacha
atá air.


L. 2Pd3:11


Uime sin ós éigin na neithese uile dho sgáoileadh ó chéile, cruéd an
riochd ion ar cóir dháoibhse bheith, dá bhur sióriomchar féin gu náomhtha
agus gu diágha,


L. 2Pd3:12


Maille ré bheith dhíbh ag fuireach agus ag déunamh deithnis ré lá Dé dho
theachd, ion a sgáoilfighthear neamh ó chéile ar mbeith dó tré theinidh,
agus ion a mbéid na dúile ag leaghadh ré teas?


L. 2Pd3:13


Achd atá súil aguinne, do réir a gheallamhnasan, ré neamhuibh
nuádha agus ré talamh nuádh, ion a gcomhnuigheann an fhiréuntachd.


L. 2Pd3:14


Uime sin a dhearbhráithreacha grádhacha, ó atá súil ris na neithibhse
aguibh, bígidh dúthrachdach dochum ar bhfaghála dhósan gan cháidhe gan
chiontuibh a síthcháin.


L. 2Pd3:15


Agus measuidh foighide fhada ar dtighearna dho bheith na slánughadh, amhuil
do sgríobh fós ar ndearbhráthair grádhach Pól chuguibh, do réir na heagna
tugadh dhó:


L. 2Pd3:16


Amhuil fós sgríobhus sé ina uile eipisdlibh, ag labhairt ionntadh ar na
neithibhse, ina bhfuilid neithe dháirighthe atá dothuigsiona, noch
iompuighid an dream neamhfhoghlomtha, neamhshesmhach ón gcéill dhírigh,
amhuil doníd an chuid eile dhona sgrioptúruibh mar an gcéudna, dochum a
ndamnuighthe féin.


L. 2Pd3:17


Ar anádhbharsin a dhearbhráithreacha grádhacha, ó atá fios a na
neitheannsa aguibh roimh láimh, tuguidh aire ribh, deagla bhur
gcomhfhuádhaigh ré seachrán na druinge neamhdhiágha sin, agus thuitme dhibh ó
bhur ndiongmháltachd féin.


L. 2Pd3:18


Achd bígidh ag fás a ngrás, agus anéolas ar dtighearna agus ar
slánaighthéora Iósa Críosd: u raibhe glóir dhósan anois agus gu siórruidhe
Amén.


L. 1Eo



CEUD EPISTIL GHINEARALTA EOIN absduil.


L. 1Eo1



CAP. 1


L. 1Eo1:1


An ní dhobhí ann ó thosuigh, a ní dhochuálamar, a ní dochonncamair ré ar
súilibh pféin, a ní air ar fhéuchamar, agus do ghlacadar ar lámha, a
dtáobh bhréithre na beatha:


L. 1Eo1:2


(Oír do foillsigheadh an bheatha foillsightheach, agus dochonncamairne agus
donímáoid dhfiádhnuise, agus foillsighemáoid díbhse an bheatha marthannach
úd, noch dobhí ag anathair, agus atá arna foillsiughadh dhúinne.)


L. 1Eo1:3


A ní adeirim dhochonncamar agus dochuálamar, atámáoid dá fhoillsiughadh
dhíbhse, as gu mbiádh cumann aguibhse mar an gcéudna rinne: agus u
mbiádh ar gcumainne fós ris anathair, agus réna mhac Iósa Críosd.


L. 1Eo1:4


Agus as chuige sgríobhamáoid na neithese chuguibh, dochum bhur
ngáirdeachais do bheith iomlán.


L. 1Eo1:5


Agus así so an teachdaireachd dochuálamar uádhasan, agus
fhoillsighemáoid dhíbhse, eadhon gurob solas hé Día, agus nach bhfuil
dorchadus ar bioth ann.


L. 1Eo1:6


Dá nabram gu bhfuil cumann aguinn ris, agus sinn ag siubhal a ndorchadus,
donímáoid bréug, agus ní leanmáoid an fhírinne.


L. 1Eo1:7


Achd dá siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann
aguinn ré chéile, agus glanuidh fuil Iósa Críosd a mhicsion sinn
ónuile pheacadh.


L. 1Eo1:8


Dá nabram nach fuil peacadh oruinn, atámuid dár mealladh féin, agus ní fhuil
an fhírinne aguinn.


L. 1Eo1:9


Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach firéunda, ré maithmhechas
do thabhairt dúinn ion ar bpeacadhauibh, agus ré sinn do ghlanadh onuile
neamhfhiréuntachd.


L. 1Eo1:10


Dá nabram nach dearnamar peacadh, bréugnuidhemíd eisean, agus ní
fhuil a bhriathar ionuinn.


L. 1Eo2



CAP. 2.


L. 1Eo2:1


A Leanbha beaga is clann damh, as chuige sgríobhuim na neithese chuguibh,
dochum gan peacadh dho ghénamh dhíbh. Agus má dhorinne éuneach peacadh, atá
oighne aguinn a bhfochair anathar, eadhón Iósa Críosd an firéun.


L. 1Eo2:2


Agus aseision aniodhbairt do réidhigh dhúinn a dtáobh ar bpeacuighne
amháin, achd a dtaobh pheacuigh an domhuin uile mar an gcéudna.


L. 1Eo2:3


Agus is as so is deimhin linn aithne dho bheith aguinn air, dá gcoimhéudam a
aithenta.


L. 1Eo2:4


An tí adeir, atá aithne agum air, agus nách coimhéudann a aitheanta,
as fear bréige dho ghéunamh hé, agus ní fhuil fírinne ann:


L. 1Eo2:5


Achd an tí choimhéudus a bhriáthar, as ann atá grádh Dé arná choimhliónadh
gu fírinneach: as so aithnighemíd sinn féin do bheith annsan.


L. 1Eo2:6


An tí adeir gu bhfuil sé na chomhnuighe annsan, atá dhfiáchuibh air
siubhal, do réir mar dho shiubhail seision.


L. 1Eo2:7


A dhearbhráithreacha, ní haithne nuádh sgríobhuim chuguibh, achd an tseanaithne
dhobhí aguibh ó thosuigh. Así an tseanaithnese an bhriáthar úd
dochúalabhair ó thosuigh.


L. 1Eo2:8


Arís sgríobhuim aithne nuádh chuguibh, noch atá fírinneach annsan, agus
ionnuibhse: oír atá an dorchadas ag imthigheachd thoruinn, agus atá an solas
fírinneach anois ag soillsiughadh.


L. 1Eo2:9


An tí adeir hé féin do bheith sa solas, agus fós dobheir fuáth dhá
dhearbhráthair, atá sé sa dorchadus gus anois.


L. 1Eo2:10


An tí dobheir grádh dhá dhearbhráthair, atá sé na chomhnuighe sa solas, agus
ní fhuil oilbhéim ann.


L. 1Eo2:11


Achd an tí dobheir fuáth dhá dhearbhráthair, atá sé a ndorchadas agus
siubhluidh sé a ndorchadas, agus ní eadair sé cá háit a ngabhann, do bhrígh gur
dhall an dorchadas a shúile.


L. 1Eo2:12


Sgríobhuim chuguibh, a chlann bheag, do bhrígh gu bhfuilid bhur bpeacuidh
arna maitheamh dhíbh ar son a anmasan.


L. 1Eo2:13


Sgríobhuim chuguibh, a aithreacha, do bhrígh éolais an tí atá ann ó thosuigh
do bheith aguibh. Sgríobhuim chuguibh a ogánacha, do bhrígh go rugabhair
buáidh ar an droch spioruid.


L. 1Eo2:14


Do mé sgríobh chuguibh, a leanbha bheaga, do bhrígh éolais do bheith aguibh
ar anathair. Do sgríobh mé chuguibh, a aithreacha, do bhrígh éolais do
bheith aguibh ar an tí atá ann ó thosuigh. Do sgríobh mé chuguibh a
ogánacha, do bhrígh gu bhfuil sibh láidir, agus gu bhfuil briáthar Dhé na
chomhnuighe ionnuibh, agus gu rugabhair buáidh ar an droch spioruid.


L. 1Eo2:15


Ná tuguidh grádh dhon tsáoghal, ná dona neithibh atá sa sáoghal. Dá dtuguidh
neach ar bioth grádh dhon tsáoghal, ní fhuil grádh a anathar ann.


L. 1Eo2:16


Oír gach ní atá sa sáoghal, mar atá ainmhián na colla, agus ainmhián na súl,
agus uábhar na beatha, ní ónathair atáid siád, achd is ón tsáoghal atáid.


L. 1Eo2:17


Agus atá an sáoghal ag imthigheachd thoruinn, agus a ainmhían: achd an tí
dhoní toil Dé, mairidh sé gu síorruidhe.


L. 1Eo2:18


A leanba beaga, atá anaimsir dhéigheanach ann: agus amhuil dochuálabhair gu
dtiucfadh an tainticríosd, atáid anois cheana morán dainnticríosduibh
ar
néirghe ann: ar a naithnighemíd anaimsir dheigheanach do bheith a láthair.


L. 1Eo2:19


Dochúadar amach as ar measgne, giodheadh ní rabhadar dhínn: oír dá mbéidís
dínn, do anfadís gu deimhin máráon rinn: achd ios chuige sin do sgaradar
rinn, dochum gu madh follas nach dínne íad uile.


L. 1Eo2:20


Giodheadh atá ungadh aguibhse ón neach náomhtha, agus atá eólas
aguibh ar na huile neithibh.


L. 1Eo2:21


Ní hé adhbhar dar sgríobh mé chuguibh, a ndóigh bheith ainbhfiosach sa
bhfírinne: achd ar anadhbhar gu bhfuil a héolus aguibh, agus nách fuil
bréug ar bioth on bhfírinne.


L. 1Eo2:22


Cía atá na bhréugaire, achd an tí shéunus gurob é Iósa ios Críosd
ann? asé so an tAinticríosd, noch shéunus an tathair, agus an mac.


L. 1Eo2:23


Giodhbé shéunas an mac, ní fhuil an tathair aige: giodhbé admhuigheas an
mac, atá an tathair aige mar an gcéudna.


L. 1Eo2:24


Uime sin comhnuigheadh a ní dhochúalabhair ó thosuigh ionnuibh: dá
gcomhnuighidh a ní dhochúalabhair ó thosuigh ionnuibh, biaidh sibhse mar
an gcéudna gcomhnuighe sa mac agus sanathair.


L. 1Eo2:25


Agus asé so an gealladh dho gheall sé dhúinn, eadhon an bheatha
mharthannach.


L. 1Eo2:26


Do sgríobh mé na neithese chuguibh a dtimchioll na druinge bhiós dá bhur
mealladh.


L. 1Eo2:27


Achd atá an tungadh do ghlacabhair uádhasan, na chomhnuighe ionnuibh: agus ní
bhfuil na riachdanus oruibh neach ar bith bhur múnadh, ach mar mhúineas an
tungadh sin sibh a dtáobh na nuile neitheann, agus as fírinneach hé, agus ní
fhuil bréugach: agus do réir mar do mhúin sé sibh, doghéunuidh sibh comhnuighe
annsan.


L. 1Eo2:28


Agus anois, a chlann bheag, dénuigh comhnuighe annsan, ionnas an tan
fhoillseóchar hé, gu mbiáidh sinn dána, agus nách biáidh náire oruinn na
fhiádhnuise, an tan thiucfas sé.


L. 1Eo2:29


Más feasach sibh ar eision do bheith fíréunda, as feasach sibh mar an
gcéudna gurob uádha thuirmighthear gach áon leanas don fhiréuntachd.


L. 1Eo3



CAP. 3.


L. 1Eo3:1


Tuguidh dá bhur naire créd hé méud an ghrádha tug an tathair dhúinne,
as a ngoirfidhe clann Dé dhínn. Ios uime so nách aithnidh dhon tsáoghal
sinn, do bhrígh nách aithnidh dhó eisean.


L. 1Eo3:2


A dhearbhráithreacha grádhacha, as clann do Dhía sinn anois, achd ní léir fós
créud bús sinn: giodheadh atá a fhios aguinn an tan fhoillséochar eision, gu
mbiám cosmhuil ris: oír dochífeam Hé do réir mar atá sé.


L. 1Eo3:3


Agus gach neach agá bhfuil an mhunighinse aige annsan, glanuidh sé hé
féin, do réir mar atá seision glan.


L. 1Eo3:4


Giodhbé neach dhoní peacadh, sáruighe sé an reachd mar an gcéudna: oír
asé as peacadh ann, sárughadh an rechda.


L. 1Eo3:5


Agus atá a fhios aguibh gurob uime dho foillsigheadh eision, dochum ar
bpeacuighne do chur ar gcúl, agus ní fhuil peacadh ar bioth annsan.


L. 1Eo3:6


Giodhbé neach chomhnuigheas annsan, ní pheacuigheann sé: giodhbé neach
dhoní peacadh, ní fhacuidh sé eision, agus ní raibhe aithne aige air.


L. 1Eo3:7


A chlann bheag, ná mealladh éunneach sibh: an tí leanas dhfíréuntachd, as
firéun hé, do réir mar atá seision na fhiréun.


L. 1Eo3:8


An tí leanas dá bheith ag déunamh an pheacaidh, as ó diábhal atá sé: oír
atá an diabhal ag déunamh peacuigh ó thosach an domhain: as chuige dho
foillsigheadh mac Dé, dochum gu sgaoilfeadh sé oibreacha an diábhail.


L. 1Eo3:9


Giodhbé neach atá arná thuismeadh ó Dhía leanann sé dha bheith ag
déunmah peacaidh: oír doní a shiólsan comhnuighe ann: agus ní héidir leis
pecadh do ghéunamh, do bhrígh gu bhfuil sé arná thuismeadh ó Dhía.


L. 1Eo3:10


Is ar so aitheantar clann Dé, agus clann an diábhail: giodhbé nách leanann
dhfíréuntachd, ní ó Dhía atá sé, ná fós an tí nách tabhair grádh dhá
dhearbhrathair.


L. 1Eo3:11


Oír así so an teachdaireachd noch dhochúalabhair ó thosuigh, eadhon
sinne do thabhairt grádha dhá chéile.


L. 1Eo3:12


Ní do nós Cháin noch dhobhí ón drochspioruid, agus do mharbh a
dhearbhráthair. Agus créud hé an tádhbhar fár marbh sé hé? Achd do bhrígh
gu rabhadar a oibreacha féin na ndrochoibreachuibh, agus oibreacha a
dhearbhráthar fíreunta.


L. 1Eo3:13


A dhearbhráithreacha, ná biódh iongnadh aguibh, fán sáoghal do bheith dhá
bhur bhfuáthughadh.


L. 1Eo3:14


Atá a fhios aguinne gur hathruigheadh sinn ó bhás gu beatha, do bhrígh grádha
do bheith aguinn dona dearbhráithreachuibh: an tí nách gráduigheann
dhearbhrathair, comhnuighe sé a mbás.


L. 1Eo3:15


Giodhbé neach fhuathuigheas a dhearbhráthair, as fear dúnmharbhtha dho
ghéunamh hé: agus atá a fhios aguibh nach déunann an bheatha marthannach
comhnuighe a ndúnmharbhthach ar bioth.


L. 1Eo3:16


Ios as so is aithnigh dhúinn grádh Dé, gur chuir sé a anum siós air ar
soine: uime sin atá dhfíachuibh oruinne ar nanmanna do chur siós ar
son ar ndearbhráithreach.


L. 1Eo3:17


Agus giodhbé agá bhfuil máoin an tsáoghailse, agus dochí a dhearbhráthair a
riáchdanas, agus nach déin trúaighe dhó, cionnus chomhnuigheas grádh Dé ann?


L. 1Eo3:18


A chlann bheag, nárob a mbréithir na a dteanguidh amháin bhiás bhur ngrádh,
achd a ngníomh agus a bhfírinne mar an gcéudna.


L. 1Eo3:19


Agus aithnighemáoid ar so gurob don fhírinne sinn, agus dobhéuram fó deara
dár gcruidheadhuibh bheith deimhnighthe na fhiádhnuisesion.


L. 1Eo3:20


Oír dá ndáoruidh ar gcroidhe sinn, as mó fós Día ná ar gcroidhe, agus
atá fios na nuile neitheann aige.


L. 1Eo3:21


A dheabhráithreacha grádhacha, achd muna dháoruigh ar gcruidhe sinn, as éidir
linn bheith dána ar Dhia.


L. 1Eo3:22


Agus gach ní shirmid, dogheibhmíd uádha hé, do bhrígh gu gcoimhéudamáoid a
aitheanta, agus gu ndéunamáoid na neithe ar a bhfuil gean aige.


L. 1Eo3:23


Agus así so a aithne, eadhón sinn do chreideamh anainm a mhic
IÓSA Críosd, agus a chéile do ghrádhughadh, do réir na haithne tug
seision dúinn.


L. 1Eo3:24


Oír an tí choimhéudas a aitheanta, comhnuighe sé ann, agus eisean annsan: agus
as as so aithnighemíd eisen do bheith na chomhnuighe ionnuinn, eadhon as an
sbioruid tug sé dhúinn.


L. 1Eo4



CAP. 4.


L. 1Eo4:1


A dhearbhraithreacha grádhacha, ná creidigh gach éun spioruid, achd
dearbhuidh na spioruda , dhfios an ó Dhía atáid: oír dochúadar morán
dhfáidhibh fallsa amach fán domhan.


L. 1Eo4:2


Ios ar so as aitheanta dhíbh spiorad Dé: gach spiorad admhuigheas gu dtainic
Iósa Críosd a gcoluinn, ios ó Dhía atá sí.


L. 1Eo4:3


Achd gach sbiorad nách admhuigeann gu dtáinic Iósa Críosd a gcoluinn,
ní ó Dhía atá sí: achd así spiorad anAinnticríosd hí, ar a
gcuálabhair iomrádh gu dtiocfadh sé, agus atá sé anois cheana sa domhan.


L. 1Eo4:4


A chlann bheag, as ó Dhía atá sibhse, agus rugabhair buáidh orrthasan: oír as
mó an tí atá ionnuibhse, ná an tí atá sa domhan.


L. 1Eo4:5


As don tsáoghal iádsan, uime sin lábhruid neithe sáoghalta, agus dobheir an
sáoghal éisdeachd dóibh.


L. 1Eo4:6


As ó Dhía atámuidne: an tí atá aneólas Dé, éisdigh sé rinn: an tí nách fuil
ó Dhía, ní éisdeann sé rinn. Is as so aithnighemíd sbiorad na fírinne agus
sbiorad an tseachráin.


L. 1Eo4:7


A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: oír as ó Dhía tig an grádh:
agus gidhbé neach ghrádhuigheas, atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus
is aithnidh dhó Día.


L. 1Eo4:8


An tí nach grádhuigheann, ní bhfuil eólas Dé aige: oír as grádh é Día.


L. 1Eo4:9


Annso do foillsigheadh grádh Dé dhúinne, eadhon gur chuir sé úadha
a éinghin mhic air a tsáoghal, chum gu mairfeadh sinne thríd.


L. 1Eo4:10


As annso atá an grádh, ní hé gu dtugamairne grádh do Dhía, achd go
dtug seision grádh dhúinne, agus gur chuir úadha a mhac féin na
íodhbairt réitigh air son ar bpeacuighne.


L. 1Eo4:11


A dhearbhráithreacha grádhacha, má dho ghrádhuigh Dhía sinne mar sin, atá
dhfiáchuibh oruinne mar an gcéudna a chéile do ghrádhughadh.


L. 1Eo4:12


Ní fhacuidh éuneach Día riamh. Dá raibhe grádha aguinn dá chéile, atá Día na
chomhnuighe ionuinn, agus atá a ghrádh gu diongmhálta ionnuinn.


L. 1Eo4:13


Is ar so aithnighemíd sinn do bheith ar gcomhnuighe annsan, agus eisean
ionnuinne, do bhrígh gu dtug sé dhúinn tiodhluice a sbioruide.


L. 1Eo4:14


Agus dochonncamar, agus donímuid dhfiádhnuise, gur chuir an tathair an mac
uádha, dochum bheith dó na shlánaightheóir an domhuin.


L. 1Eo4:15


Giodhbé aidmheóchas gurob hé Iósa mac Dé, atá Día na chomhnuighe
ann, agus eision a nDía.


L. 1Eo4:16


Agus do aithneamar, agus do chreideamar an grádh atá ag Día dhúinn. Ios
grádh hé Día: agus an tí chomhnuigheas a ngrádh, comhnuighe sé a nDía,
agus Día annsan.


L. 1Eo4:17


As tríd so atá an grádh arna choimhliónadh ionnuinne, as gu mbiádh dánachd
aguinn a ló an bhreitheamhnuis, do bhrígh gurob do réir mar
atá seision, atámuidne fós sa tsáoghalsa.


L. 1Eo4:18


Ní fhuil eagla san ngrádh, achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach uadha:
oír atá pián ceanguilte dhon neagla, uime sin giodhbé ar a mbí eagla ní fhuil
sé diongmhálta a ngrádh.


L. 1Eo4:19


As uime bheirmíd grádh dhósan, do bhrígh gur gráduigh sé sinn ar tús.


L. 1Eo4:20


Dá nabra éuneach, atá grádh agum do Dhía, agus fúath do bheith aige dhá
dhearbhráthair, ios fear bréige dho ghéunamh hé. Oír cionnas ios éidir don
tí nách grádhuigheann a dhearbhráthair dhochonnairc sé, grádh dho thabhairt
do Dhía nách facuidh sé?


L. 1Eo4:21


Agus atá anaithnese aguinn uádhasan, eadhón an tí ghrádhuigheas Día,
gho grádhughadh sé a dhearbhráthar mar an gcéudna.


L. 1Eo5



CAP. 5.


L. 1Eo5:1


Giodhbé ar bioth chreideas gurob hé Iósa as Críosd, atá sé arna
thuismeadh ó Dhía: agus gach áon ghrádhuigheas an tuismightheóir, grádhuidhe
sé mar an gcéudna an tí dho thuismeadh uádha.


L. 1Eo5:2


As air so aithnigheamáoid gu bhfuil grádh aguinn do chloinn Dé, an tan
bhíos grádh dho Dhía aguinn, agus choimhéudamáoid a aitheanta.


L. 1Eo5:3


Oír asé so grádh Dé, eadhon sinne do choimhéud a aitheantadh: agus ní
fhuilid a aitheanta tróm.


L. 1Eo5:4


Oír beiridh gach ní atá arna thuismeadh ó Dhía, buáidh ar an sáoghal: agus
así so an bhuáidh rug buáidh ar an sáoghal, eadhon ar gcreideamh.


L. 1Eo5:5


Cía bheireas buáid ar an sáoghal, achd an tí chreideas gurob hé Iósa
mac Dé?


L. 1Eo5:6


Asé so an tí táinic tré uisge agus tré fhuil, eadhón Iosa Criosd: ní tré
uisge amháin, achd tré uisge agus tré fhuil: agus asé an spiorad naomh doní
dhfíadhnuise gurob hí an fhírinne an spiorad.


L. 1Eo5:7


Oír atá tríur ar neamh dhoní fiádhnuise, eadhón an tathair, an bhriáthar,
agus an spiorad náomh: agus atáid an tríursa na náon.


L. 1Eo5:8


Agus atá tríur ar an dtalamh doní fíadhnuise, eadhó an sbiorad, agus an
tuisge, agus an fhuil: agus tigid an tríursa ré chéile ar áon ní.


L. 1Eo5:9


Dá ngabham chuguinn fíadhnuise dáoineadh, as mó iná sin is gabhtha dhúinn
chuguinn fíadhnuise Dé: oír así so fiádhnuise Dé, noch dhorinne sé
dfiádhnuise a dtáobh a mhic.


L. 1Eo5:10


An tí chreideas a mac Dé, atá an fhiádhnuise aige ann féin: an tí nách
creideann Día, dorinne sé brégach dhe, do bhrígh nar chréid sé don fhiádhnuise
noch dhorinne Día a dtáobh a mhic.


L. 1Eo5:11


Agus así so an fhiádhnuise sin, eadhón gu dtug Día an bheatha mharthannach
dhúinn: agus ios ann a mhac atá an bheathasa.


L. 1Eo5:12


An tí agá bhfuil an mac aige, atá an bheatha aige: an tí ag nách fuil mac Dé
aige, ní fhuil an bheatha aige.


L. 1Eo5:13


Do sgríobh mé na neithese chuguibhse, a dhream chreideas anainm mhic Dé:
dochum a fheasa dho bheith aguibh, gu bhfuil an bheatha mharthannach aguibh,
agus dochum gu gcreidfeadh sibh anainm mhic Dé.


L. 1Eo5:14


Agus asé so an dóchas atá aguinn as, eadhón dá sireann éunni air do réir a
thoile, gu néisdeann sé rinn.


L. 1Eo5:15


Agus má atá a fhios aguinn gu néisdeann sé sinn fá gach ní dá sirmíd, atá a
fhios aguinn, gu bhfuilid na hiárratais do iárramar air, ar fagháil aguinn.


L. 1Eo5:16


Dá bhfaicidh neach ar bioth a dhearbhráthair ag peacughadh a bpeacadh nách
fuil dochum báis, sireadh sé maithnheachas ar Dhia dhá thaobh, agus
dobhéura beatha dhó, eadhón don druing nách déin peacadh ann dochum báis:
ní abruim impidhe dho chur dhá tháobh sin.


L. 1Eo5:17


As peacadh gach uile neamhfhiréundachd: giodheadh atá peacadh ann nach
fuil dochum báis.


L. 1Eo5:18


Atá a fhios aguinn, gach neach atá arna thuismeadh ó Dhía, nách peacuigheann
sé: achd an tí atá arná thuismeadh ó Dhía, bí coimhéudach air féin, agus ní
bheanann an drochspiorad ris.


L. 1Eo5:19


Atá a fhios aguinn gurob ó Dhía atámuid, agus gu bhfuil an sáoghal
uile na luidhe sanolc.


L. 1Eo5:20


Achd atá a fhios aguinn gu dtáinic mac Dé, agus gu dtug sé tuigse
dhúinn ris aneach fhirinneach dhaithne: agus atámuid sa neich fhírénneach
soin, agus ann a mhac Iósa Críosd. Asé so an fíor Dhía, agus an bheatha
mharthannach.


L. 1Eo5:21


A chlann bheag, coimhéuduigh sibh pféin air iomhaighibh. Amén.


L. 2Eo



DARA HEIPISDIL EOIN ABSDAIL.


L. 2Eo1



CAP. 1.


L. 2Eo1:1


An seanóir dochum na bainntighearna toghtha, agus dochum a cloinne, dá
bhfuil mo ghrádh gu fírinneach, agus ní hé mo ghrádhsa amháin, achd grádh
na nuile mar an gcéudna noch fuáir éolas ar an bhfírinne:


L. 2Eo1:2


Ar son na fírinne chomhnuigheas ionnuinn agus bhiás maille rinn go siórruidhe:


L. 2Eo1:3


Grása, trocaire, agus síothcháin maille ribh, ó Dhía athar, agus ón
dtighearna Iósa Críosd mac anathar, agus ón dtighearna Iósa Críosd maille
ré fírinne agus ré grádh.


L. 2Eo1:4


Dobhí gairdeachas mór oram, do bhrígh gu bhfuáir mé cuid dod chloinnse
ag siubhal do réir na fírinne, amhuil fuáramar aithne ónathair.


L. 2Eo1:5


Agus anois iárruim dhathchuinghe ort, a bhainntighearna, (ní fá mar do
bhéinn ag sgríobhad aithne nuáidhe chugad, achd na haithne dobhí aguinn
ó thosuigh,) eadhón a chéile dho ghrádhughadh dhúinn.


L. 2Eo1:6


Agus asé so an grádh, eadhón sinn do shiubhal do réir a aitheantasan. Asé
so anaithne, do réir mar dhochuálabhair ó thosuigh, dochum bheith díbh ag
siubhal innte.


L. 2Eo1:7


Oír is iomgha mealltóir táinic asdteach sa domhan, nach admhuigheann
Iósa Críosd do theachd a gcoluinn. Giodhbé atá mar sin, as mealltóir
agus Ainnticríosd é.


L. 2Eo1:8


Tuguidh aire ribh pféin nách léigfem amugha na neithe dho sáothruigheamar,
achd gu madh héidir linn lanlúach sáothair do ghlacadh chuguinn.


L. 2Eo1:9


Giodhbé neach sháruigheas an aithne agus nach comhnuigheann a
dteagusg Chríosd, ní fhuil Día aige: an tí chomhnuigheas a dteagusg
gCríosd atá an tathair agus an mac aige.


L. 2Eo1:10


Dá dtigidh neach ar bioth chuguibh, agus nach dtabhair ris an teagusgsa,
ná gabhuidh chuguibh ion bhur dteagh hé, agus ná beannuighe dhó.


L. 2Eo1:11


Oír an tí bheannuigheas dó, atá sé pártach réna dhrochghniómharthuibh.


L. 2Eo1:12


Bíodh gu raibhe morán do neithibh agum ré a sgríobhadh chuguibh, iodheadh
cheana niórbháil leam sgríobhadh ré papéur agus ré dubh: achd atá súil agum
ré theachd chuguibh, agus ré labhairt ribh béul ar bhéul, dochum ar
ngáirdechais do bheith iomlán.


L. 2Eo1:13


Cuirid clann do dheirbhsheathar toghtha, beatha agus sláinte chugad. Amén.


L. 3Eo



TREAS EPISTIL EOIN ABSDUIL.


L. 3Eo1



CAP. 1.


L. 3Eo1:1


Cuiridh an seanóir dochum Gháiuis ghrádhuigh, dá bhfuil mo
ghrádh gu fírinneach, beatha agus sláinte.


L. 3Eo1:2


A dhearbhrathair ghrádhuigh, dobhfearr leam ar tús gu bhfaghthá
séun agus sláinte chorpárrgha, amhuil atá séun ar thanam.


L. 3Eo1:3


Oír do ghabh gáirdeachas mór mé, an tan tangadar na dearbhráithreacha,
agus dorinneadar fiádhnuise dhon fhírinne atá ionnadsa, do réir mar
shiubhlas tú sa bhfírinne.


L. 3Eo1:4


Ní fhuil gáirdeachas agum as mó iná so, eadhon gu gcluinim gu bhfuilid
mo chlann ag siubhal sa bhfírinne.


L. 3Eo1:5


A dhearbhráthair ghrádhuigh, is fá mar ios iomchúibhghe dho dhuine
dheighchreidmheach dhoní tú, giodhbé ar bioth ní dhoní tú dona
dearbhráithreachuibh, agus do dheóraidhibh,


L. 3Eo1:6


Noch dhorinne fiádhnuise dhod ghrádh dho láthair na heagluise: agus dá
ndeachuidh tú fá slíghe ríu fá mar ios cuibhghe dhon tí admhuigheas ainm Dé,
as maith ré a dhéunamh hé:


L. 3Eo1:7


Oír ios ar son a anmasan dochuádar amách, gan ní ar bioth do ghlacadh
dhóibh, ó na cineadhachuibh.


L. 3Eo1:8


Uime sin atá dhfíachuibh oruinne a mac samhla sin dho ghabháil chuguinn,
dochum bheith dúinn nar gcomhluchd cabhartha dhon fhírinne.


L. 3Eo1:9


Do sgríobh mé dochum na heagluise: achd ní ghabhann Diotrephes, réna mián
áirdcheannas do bheith aige ós a gcionn, ní ghabhann sé chuige sinn.


L. 3Eo1:10


Ar anadhbharsa, más teachd dhamh, cuirfeadh a gcéill a gniómhartha
doní sé, ag cur callóide oruinn ré briáthruibh urchóideacha: agus ní lór
leis sin, achd ní ghabhann sé féin na dearbhráithreacha chuige, agus cuiridh
toirmeasg ar an druing léna mián a ngabháil chuca, agus cuiridh sé amach as
aneagluis íad.


L. 3Eo1:11


A dhearbhráthair ghrádhuigh, ná lean don nolc, achd lean don mhaith: an
tí doní an mhaith, ios ó Dhía atá sé: achd an tí doní an tolc, ní fhacuidh
sé Día.


L. 3Eo1:12


Atá deaghtheisd ar Dhemetrius ag na huile dhearbhráithribh, uile agus ag
an bhfírinne féin: agus donímuidne fós fíadhnuise ris: agus atá a fhios
aguibhse gurob fírinneach an fhiádhnuise dhonímuid.


L. 3Eo1:13


Dobhí mórán agum ré a sgríobhadh, achd ní háill leam a sgríobhadh chugad ré
dubh agus ré peann.


L. 3Eo1:14


Oír atá súil agum ré thusa dhfaicsin gu haithghearr, agus anuáir sin
laibheóram béul ar bhéul.


L. 3Eo1:15


Síthcháin maille riot. Cuirid na cáirde a mbeannachd chugad. Beir beannachd
dochum na gcarad amhuil adéuruinn na nanmannuibh iád.


L. Id



EPISDIL GHINERALTA IUDAIS ABSDUIL.


L. Id1



CAP. 1.


L. Id1:1


Iudás searbhfhoghantuighe Iósa Críosd, agus dearbhráthair Shémuis,
dochum na druinge atá arna ngáirm, arna náomhadh ó Dhía athar, agus arna
gcoimhéud fá chomhair Iósa Críosd:


L. Id1:2


Trócaire, síthcháin, agus grádh, gu raibhe maille ribh gu ro líonmhar.


L. Id1:3


A dhearbhraithreacha grádhacha ar ndéunamh anuile dhíthchill damh ar
sgríobhadh chuguibh, a dtimchioll an tslánuighthe choitchinn, dobhí na
riachdanus oram sgríobhadh chuguibh, dochum bhur dteaguisg fá chathughadh
gu dithchiollach ar son an chreidimh tugadh éunuáir amháin dona náomhuibh.


L. Id1:4


Oír tangadar dáoine dháirighthe neamhdhiágha ar teultógh asdteach, noch dho
bhí fada ó shoin roimh láimh orduighthe dochum an bhreitheamhnuis so, noch
iompoigheas grás ar ndéine a neamhghloine, agus shéunas an táon mhaighisdir
ar nDía agus ar dtighearna Iósa Críosd.


L. Id1:5


Ar anadhbharsoin, is mián leam iád so dho chur a gcuimhne dhíbh, ar
bhfagháil a fhesa so éunuáir, eadhón an tan do sháor an tighearna an pobal
ónÉigipt, gur sgrios sé na dhiáigh sin an dream nár chreid.


L. Id1:6


Na haingil mar an gcéudna nár choimhéid an chéud sdaid an a rabhadar, achd do
fháguibh anionadh comhnuighe féin, do choimhéid sé íad a ngeimhlibh
siórruidhe fá dhorchadas, dochum breithemhnuis an láe mhóir.


L. Id1:7


Do réir mar atá Sodom agus Gomorra, agus na caithreacha na dtimchioll,
noch do lean do dhrúis dá nós soin, agus do lean dainmhíanuibh coimhthigheacha
na colla, arna gcur síos na neisiompláir, ag fulang péine na teineadh
síorruidhe.


L. Id1:8


Achd fós mar an gcéudna, saluighid an dreamsa tréna gcodladh an cholann,
agus cuirid uáchdaránachd a dtarcuisne, agus doníd anchaint ar an luchd agá
bhfuil áirdcheannas.


L. Id1:9


Giodheadh Míochéull an tarchaingeal, an tan do chathuigh sé anadhuig
an díabhail, agus dorinne sé diosbóireachd ris a dtimchioll chuirp Mháoise,
niór lamh sé breath mhasluigheach do bhreith air, achd adubhairt, gu bhfagha
tú imdhearghadh ón dtighearna.


L. Id1:10


Achd doníd an dreamsa anchaint ar na neithibh nách aithnidh dhóibh: agus
giodhbé neithe ar a bhfuil éolas nadúrtha aca, do réir na nainnmhinnteadh gan
réusun, truáillid iád féin ionnta.


L. Id1:11


Budh hanaóibhinn dóibh: oír do leanadar lorg Cháin, agus dochuádar amugha
tré mhealltóireachd thuárasduil Bhaláim, agus do sgriosadh iád tré bheith
dóibh comhcontrárrgha ré Córe.


L. Id1:12


As buill cháidheacha íad so ion bhur bhféusduighibh grádha, an tan bhíd ar
fhéusda maille ribh, dá mbeathughadh féin gan fhaithcheas ar bioth: as
neóill gan uisge iád, dá mbreith fágcuáirt ris na gáothuibh: croinn do
mheath, ar nách fuil toradh, do éug fá dhó, arna mbuáin as a bhfréumach;


L. Id1:13


As garbhthonna fáirge, sgeithes a náire féin amhuil chubhar: is réullanna
seachráin iád, fá chomhair a bhfuil an dorchadas fíordhorcha dá thaisge gu
siórruidhe.


L. Id1:14


Agus dorinne Enoch fós an seachdmhadh pearsa ó Adhamh fáidheadóirechd ar
a samhuil so, ag rádh; tábhruigh dá bhur núigh, atá an tighearna ag teachd
guna mhíltibh dainglibh náomhtha:


L. Id1:15


Dochum breitheamhnuis do ghénamh ar na huile dháoinibh, agus dochum na nuile
atá neamhdhiagha na measg do imdheargadh, ar son na nuile ghníomharthadh
neamhdhiagha dhorinneadar, agus ar son na nuile bhiáthar ngér noch
dho labhradar na peacuich nemhdhiagha na adhuigh.


L. Id1:16


As luchd monmhuir agus gearáin an dreamsa, bhiós ag siubhal do réir
anainmhían féin: agus agá labhrann a mbéul neithe aibhéile, maille ré
bheith dhóibh ag déunamh iongantuis do phearsanuibh dáoineadh do ghrádh éudála.


L. Id1:17


Giodheadh bíodh coimhne aguibhse a dearbhráithreacha grádhacha, ar na
briáthruibh noch dho labhradar apsduil ar dtighearna Iósa Críosd roimhe so,


L. Id1:18


Eadhon gu ndubhradar ribh gu mbiádh luchd sgige sanaimsir dheigheanuigh, ag
siubhal do réir a nainmhián neamhdhiágha féin.


L. Id1:19


Asiád so an dream sgaras iád féin ré cách agus íad nádurrgha gan
an spiorad.


L. Id1:20


Achd ar mbeith dhíbhse, a dhearbhráithreacha grádhacha, dhá bhur
bhfollamnughadh féin ann bhur gcreideamh ro náomhtha, maille ré bheith dhíbh
ag urnuighe sa sbiorad náoimh,


L. Id1:21


Coimhéuduigh sibh féin a ngrádh Dé, ag súil ré trócaire ar dtighearna Iósa
Críosd, dochum na beatha marthanuighe.


L. Id1:22


Agus biódh truáighe aguibh do dhruing dháirighthe ar ndéunamh
eidirdhealuighthe dhíbh eatorra:


L. Id1:23


Agus sáoruidh dream eile ré faitcheas do chur órrtha, dá dtairruing as an
dteine: agus fós biódh fuáth aguibh dhon néudach atá arna shalchadh ón
gcoluinn.


L. Id1:24


Fá dheóigh, don tí lénob éidir bhur gcoimhéud ar oilbhéim dhfagháil, agus bhur
gcur a bhfíadhnuise a ghlóire féin gan choir ar bioth maille ré ro
gháirdeaghais,


L. Id1:25


Don náon nDía eagnuighe na áonar eadhón dar slánaightheóir, u raibhe
glóir agus morghachd, neart agus cumhachda, anois agus a sháoghal na sáoghal.
Amén.


L. Ap



AN TAISEUNAIDH FUAIR EOIN AN diaghaire.


L. Ap1



CAP. 1.


L. Ap1:1


Taisbéunadh Iósa Críosd, noch tug Día dhó, dochum na neitheann is
éigean do bheith ann do láthair, dhfoillsiughadh dhá
shearbhfhoghantuigheadhuibh: agus ar gcur theachdaireachda uádha réna aingeal
dó, do thaiséin hé dá shearbhfhoghantuighe Eóin:


L. Ap1:2


An tí dorinne fiádhnuise dho bhréithir Dé, agus dhfiádhnuise Iósa Críosd,
agus dá gach ní dhá bhfacuidh sé.


L. Ap1:3


As beannuighthe an tí leigheas, agus an dream éisdeas briáthra na
fáidheadóireachd so, agus choimhéudus na neithe atá sgríobhtha innte. Oír atá
anaimsir dho láthair.


L. Ap1:4


Eóin, dochum na seachd neagluiseadh atá sanAsía; grása maille ribh,
agus síthcháin, ón tí atá, agus dobhí, agus bhiás: agus ó na seachd
spioraduibh noch atá a bhfiádhnuise a árdchatháoire.


L. Ap1:5


Agus ó Iósa Críosd, an fhiádhnuise fhíre, an chéidghin ó mharbhuibh, agus
prionnsa ós rióghuib na talmhan: an tí dho ghrádhuigh sinn, agus do ionnail
sinn ór bpeacadhuibh réna fhuil féin:


L. Ap1:6


Agus dorinne dhínn ríghthe agus sagairt do Dhía agus dá athair: dósan u
raibhe glóir agus cumhachda a sáoghal na sáoghal. Amén.


L. Ap1:7


Tabhruidh dá bhur núidh, atá sé ag teachd maille ré néulluibh, agus dochífidh
gach uile shúil hé, agus an dream féin do tholl hé: agus cáoifid na huile
threabha na talmhan na fhíadhnuise: as amhluidh bhías, Amén.


L. Ap1:8


As mise Alpha agus Oméga, eadhón an tosach agus an deireadh, adeir an
tighearna, an tí atá, agus dobhí, agus bhías, an tí atá uilechumhachdach.


L. Ap1:9


Dobhí meise Eóin, bhur ndearbhráthair, agus bhur gcomhchompánach a
dtáobh bhuáidheartha agus ríoghachda agus fhulaing Iósa Críosd,
sanoiléun dá ngoirthear Patmos, ar son bhreithre Dé, agus ar son
fhíadhnuise Iósa Críosd.


L. Ap1:10


Agus do coimhéignigheadh mé ris an spioruid a ló an tighearna, agus do
chúaluidh mé don táobh thíar dhióm guth mór mar fhúaim sduic,


L. Ap1:11


Agá rádh, as mise Alpha agus Oméga, an céudneach agus a neach deigheanach,
agus sgríobhsa a leabhar an ní dochí tú, agus cuir uáit é dochum na seachd
neagluiseadh atá sanAsía, dochum Ephesuis, agus chum
Smirna, agus chum Phergamuis, agus chum Tiatíra, agus chum Sardis,
agus chum Philadelphia, agus chum Laodicéa.


L. Ap1:12


Agus do iompuigh mé ar mo chúl, dochum an ghotha dho labhair rióm
dhfaicsin: agus ar niompughadh dhamh, dochonnairc mé seachd
gcoinnleóireadha órrgha:


L. Ap1:13


Agus a meadhón na seachd gcoinnleóireadh sin, neach bá cosmhuil ré mac an
duine, noch fá raibhe éudach ráinic siós go a sháluibh, agus crios órrgha
thairis a dtimchioll a chióch.


L. Ap1:14


Agus dobhí a cheann agus a ghruág coimhgeal ré holuinn ghil, nó ré snechda:
agus dobhádar a shúile cosmhuil ré lasair theineadh.


L. Ap1:15


Agus bá cosmhuil a chosa ré fionnbhrun, agus dobhádar amhuil do bhiádáois
ar dearglasadh a nuáimh thineadh: agus bá cosmhuil a ghuth ré fuáim mhoráin
duisgeadhuibh.


L. Ap1:16


Agus dobhí aige na láimh dheis seachd réullanna: agus cloidheamh géur
dhá áobhar ag teachd amach as a bhéul: agus a ghnúis ag deallrughadh, amhuil
dheallruighes an ghrían iona lán neart.


L. Ap1:17


Agus an tan dochonnairc mé hé, do thuit mé síos agá chosuibh a riochd
mhairbh, agus do chuir seision a lámh dheas oram, ag rádh rióm; ná bíodh
faitcheas ort: as meise an céidneach agus a neach deigheaneach,


L. Ap1:18


Agus an tí atá béo, gé gu raibh mé marbh: agus tabhair húidh, atáim béo
a sáoghal na sáoghal. Amén. Agus atáid eochracha ifrinn agus an bháis agum.


L. Ap1:19


Sgríobh na neithe dhochonnairc tú, agus na neithe atá ann, agus na neithe
thiucfus na dhiáigh so.


L. Ap1:20


Así so secréid na seachd réullann dochonnairc tú um láimh dheis, agus na
seachd gcoinnleóireadh nórrgha: asiád na seachd réullanna, seachd naingil na
neagluiseadh: agus na seachd gcoinnleoireadha dhochonnairc tú, asiád na
seachd neagluiseacha iád.


L. Ap2



CAP. 2.


L. Ap2:1


Sgríobh dochum aingil eagluise na hEphesuis, ag so na neithe adeir
an tí connmhas na seachd réullanna na láimh dheis, agus shiubhlas
a meadhón na seachd gcoinnléoireadha nórrgha:


L. Ap2:2


As aithnidh dhamh hoibreacha, agus do sháothar, agus tfoighide, agus
nách éidir leachd iomchar ris na drochdháoinibh: agus gur dhearbh tú an dream
adeir gurob apsduil iád féin, agus nách eadh, agus fuáir tú na luchd bréige
iád.


L. Ap2:3


Agus do cuireadh eire ort, agus iomchruidh tú gu foighiomheach: agus ar son
mhanmasa dorinne tú sáothar, agus niór tuirsigheadh thú.


L. Ap2:4


Giodheadh atá agum ré a chur a tadhuigh, gur thréig tú do chéudghrádh.


L. Ap2:5


Uime sin bíodh coimhne agud, cá hionadh as ar thuit tú, agus biódh
aithmhéula ort, agus déun na céudoibreacha: nó no, tiucfuidh mé chugad gu
haithghearr, agus aithreóchad do choinnleóir as a ionadh, mona dhearna tú
aithrighe.


L. Ap2:6


Giodheadh atá so agad, eadhón gu bhfuil fuáth agad doibreachuibh na
Nícoláiteach, dá bhfuil fuáth agumsa mar an gcéudna.


L. Ap2:7


An tí agá bhfuil cluás, éisdeadh sé créd adeir an spiorad ris na heagluisibh:
dobhéura mé dhon tí bheireas buáidh, ní ré a ithe do chrann na beatha, noch
atá a meadhón Phárrthais Dé.


L. Ap2:8


Agus sgríobh dochum aingil eagluise na Smiornach: ag so na neithe adeir
an céudneach agus a neach deigheaneach, noch fuáir bás, agus atá béo.


L. Ap2:9


As aithnidh dhamh hoibreacha, agus do bhuáidhirt agus do bhochdaine
(giodheadh atá tú sáidhbhir) agus is aithnidh dhamh an mhasla dhobheir an
dream, noch adeir gurob Iúdaighthe iád féin, agus nach eadh, achd Sinagóig
Shatáin.


L. Ap2:10


Ná bíodh eagla éuneithe dhá bhfuiléonguidh tú ort: tabhair húidh,
tigeumhuidh gu dteilgfe an diábhail cuid aguibh a bpríosún, dochum bhur
ndearbhtha: agus biáidh sibh dhá bhur mbuáidhreadh deich lá. Bí díleas gu
bás, agus dobhéursa dhuit coróin na beatha.


L. Ap2:11


An tí agá bhfuil cluás, éisdeadh sé créud adeir an spiorud ris na
heagluiseadhuibh: an tí bheireas buáidh, ní bhfuighbhe sé dochar ón dara bás.


L. Ap2:12


Agus sgríobh dochum aingil na heagluise atá a bPergamus: ag so na
neithe adeir an tí agá bhfuil an cloidheamh géur dhá fháobhar:


L. Ap2:13


As aithnidh dhamh hoibreacha, agus hionad comhnuighe, eadhón
anáit ana bhfuil árdchatháoir Shátain, agus coimhéudann tú
mhainmse, agus nárr shéun tú mo chreideamh, sna laithibh fós ionar
marbhadh Ainntipas mhfíadhnuise fhíre eadruibhse, sanionad na
bhfuil Satán na chomhnuighe.


L. Ap2:14


Giodheadh atá beagán agum ré cur atadhuigh, eadhón gu bhfuil
agud sanáit sin dream leanas do theagusg Bhálaam, an tí dho
theaguisg Bálac fá adhbhar oilbhéime dho chur roimhe chloinn
Israheúl, as gu niósdaois na neithe dhobhí arna niódhbhairt
diomháighibh, agus gu ndiongnadaóis sdríopachas.


L. Ap2:15


As amhluidh sin atá agudsa mar an gcéudna, dream leanas do theagusg
na Nicoláiteach, a ní dá bhfuil fuath agumsa.


L. Ap2:16


Biódh aithmhéula ort: nó no, tiucfa mé atadhuigh gu haithghearr, agus
troidfead ríu ré cloidheamh mo bhéil.


L. Ap2:17


An tí agá bhfuil cluás, éisdeadh sé créud adeir an sbiorad ris na
heagluiseadhuibh: dobhéurad don tí bheireas buáidh, ní ré a ithe don mhanna
fholuighech: agus dobhéur dhó cloch gheal, agus ainm nuádh sgríobhtha
air an gcloich, nách aithnidh dáon neach achd amháin don tí ghlacas hí.


L. Ap2:18


Agus sgríobh dochum aingil na heagluise atá a dTiatíra: ag so na neithe
adeir mac Dé, agá bhfuilid a shúile mar lasair theineadh, agus a chosa
cosmhuil ré fionnbhrunn.


L. Ap2:19


As aithnidh dhamh hoibreacha, agus do ghrádh, agus do mhiniosdrálachd,
agus do chreideamh, agus tfoighide, agus do ghniómhartha, agus gurob
liónmhuire iád fá dheireadh ná ó thosuigh.


L. Ap2:20


Giodheadh atá beagan agum ré chur a tadhuigh, eadhón gu bhfuilngeann tú
don mhnáoi Iesabel, adeir gur banfháidh hí féin, teagusg do thabhairt
uáithe, agus mo shearbhfhoghantuigheadhsa do mhelladh, dhá dtarruing dochum
sdríopachais do ghéunamh, agus dochum na neitheann atá arna níodhbairt
diomháighibh dhithe.


L. Ap2:21


Agus tug mé aimsir dhi dochum aithrighe dho ghéunamh a dtáobh a sdríopachais:
agus ní dhearna sí aithrighe.


L. Ap2:22


Tabhair húidh, teilgfe mé hí a leabuidh, agus an dream dhoní drúis ría, a
mbuáidhirt romhóir, muna dhearnuid siád aithrighe a dtáobh a ngníomharthadh.


L. Ap2:23


Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás: agus tuigfid na heagluiseacha uile gur
meisi sgruduightheóir na narán agus na gcruitheach: agus dobhéur dá gach áon
aguibhse do réir bur ngníomharthadh.


L. Ap2:24


Agus adeirim ribhse, agus ris an gcuid eile do luchd Thiatíra, an
mhéid nach connmhann an teagusgsa, agus dá nách fearr doimhne
Shátain, (amhuil mar adeirid siád) nach cuirfeadh oruibhse úalach
eile.


L. Ap2:25


Giodheadh connmhuigh an ní atá aguibh gu teachd damh.


L. Ap2:26


Agus an tí bheireas buáidh, agus chonnmhus moibreachasa gus an gcrích
dheigheanuidh, dobhéur dhó cumhachda ós cionn na gcineadhach:


L. Ap2:27


Agus doghéunuidh a riághlughadh, ré slait iáruinn: agus dooghéuntar a
gcoimbriseadh amhuil doníthear soithighe criádh, do réir na gcumhachd
fuáir meise fós óm athair:


L. Ap2:28


Agus dobhéur dhó réulta na maidne.


L. Ap2:29


An tí agá bhfuil cluás, éisdeadh sé, créd adeir an sbiorad ris na
heagluiseadhuibh.


L. Ap3



CAP. 3.


L. Ap3:1


Agus sgríobh dochum aingil na neagluise atá a Sardis ag so na neithe
adeir an tí agá bhfuilid seachd sbiorada Dé, agus na seachd réullanna: as
aithnidh dhamh hoibreacha, eadhón gu bhfuil ainm ort bheith béo,
giodeadh atá tú marbh.


L. Ap3:2


Bí ad dhúsachd, agus neartuigh an chuid eile atá a mbáodhal éuga: óir
ní bhfuáir mé hoibreacha iomlán a bhfiádhnuise Dé.


L. Ap3:3


Uime sin biódh na neithe do ghlac, agus dochuála tú ar coimhne agud, agus
connaimh iád agus déun aithrighe. Achd cheanna muna dhearna tú faire,
tiucfa mé ort amhuil tig bithbhionach, agus ní bhiáidh fios na huáire a
dtiucfa mé ort agud.


L. Ap3:4


Giodheadh atá beagán danmannuibh fós agad a Sardis, nár shaluidh
a néuduighe: agus siubhéoluid siád máráon riomsa anéuduighibh gléighela:
oír as fíu iád sin.


L. Ap3:5


An tí bheireas buáidh, biáidh sé arna éudughadh déuduighibh gléigheala: agus
ní sgriosfad a ainm choidhche as leabhar na beatha, achd doghéuna mé a ainm
dhadmháil a bhfiádhnuise mhathar, agus a bhfiádhnuise a aingeal.


L. Ap3:6


An tí agá bhfuil cluás, éisdeadh sé, créud adeir an sbiorad ris na
heagluisibh.


L. Ap3:7


Agus sgríobh dochum aingil na heagluise atá a bPhiladelphia: ag so
na neithe adeir an neach náomhtha fírinneach, agá bhfuil eochair
Dháibhi: an tí osglas, agus nách éidir dhéun neach na dhiaigh:
agus dhúnas, agus nách éidir dhéun neach osgladh na dhiáigh:


L. Ap3:8


As aithnidh dhamh hoibreacha: féuch, do chuir mé doras osguilte romhad,
agus ní héidir déinneach a dhúnadh: do bhrígh gu bhfuil brígh beag
ionnad, agus gur choimhéid tú mo bhríatharsa, agus nar shéun tú mainm.


L. Ap3:9


Tabhair húidh, dobhéura mé air an druing do shinagóig Shatáin noch
adeir iád féin do bheith na nIuduighthibh, agus gan iád amhluidh,
achd iád ag déunamh bréige, tabhair húidh, adeirim dobhéura mé fó
deara dhóibh, teachd agus sléuchduin do ghéunamh ag ad chosuibhse,
agus biáidh a fhios aca gu dtug meise grádh dhuit:


L. Ap3:10


Do bhrígh gur choimhéid tú briáthar mhfoighide, doghéunsa thusa dho
choimhéud ar aimsir an chathuighthe, noch atá dochum teachda ar an sáoghal
uile, dochum an luchda aitreabhas an talamh dho dhearbhadh.


L. Ap3:11


Tabhair húidh, tiucfa mé gu haithghearr: connaimh an ní atá agud, dochum
nách béuradh neach ar bioth do choróin uáit.


L. Ap3:12


Dodhéuna mé posda don tí bheires buáidh a dteampoll mo Dhé, agus ní
racha sé nísa mhó amach as: agus cuirfead sgríobhtha air ainm mo Dhé, agus
ainm chaithreach mo Dhé, eadhón Ierusalém nuádh, noch thig anuás ó neamh ó
mo Dhía, agus mhainm nuádh féin.


L. Ap3:13


An tí agá bhfuil cluás, éisdeadh sé créd adeir an sbiorad ris na heagluisibh.


L. Ap3:14


Agus sgríobh dochum aingil eagluise na Laodicéanach: ag so na neithe adeir
Amén, an fhíadhnuise dhíleas fhírinneach úd, tosach chreatúr nDéi:


L. Ap3:15


As aithnidh dhamh hoibreacha, eadhón nách fuil tu fúar ná té: dobhfearr
leam gu mbeitheá fuár nó te.


L. Ap3:16


Uime sin, do bhrígh gu bhfuil tú eidir eatorra, gan bheith fuár ná te, atá fúm
sceitheadh amach as mo bhéul tú.


L. Ap3:17


Oir adeir tú, atáim sáidhbhir, agus liónta do mháoin, agus ní fhuil
uireasbhuidh áon neithe oram: agus gan a fhios agad gu bhfuil tú dearóil, agus
ad thruaghán, agus bochd, agus dall, agus lomnochdach.


L. Ap3:18


Dobheirim dho chomhairle dhuit, ór dho cheannach uáimse dho dearbhadh a
dteine, dochum bheith duit saidhbhir: agus éuduighe geala, dochum a gcur
iomad, as nách budh léir gráineamhlachd do lomnochduighe: agus úng do shúile
ré fobhairt na súl, ionnus gu madh léir dhuit.


L. Ap3:19


An mhéid ios ionmhuin leamsa, cronuighim agus smachduighim íad. Uime
sin biódh teas creidmhe agud, agus dein aithrighe.


L. Ap3:20


Tabhair húidh, seasaim ag an doras, agus bím dhá bhualadh: dá néisdigh
neach ar bioth ré mo ghuth, agus gu noisgéoluidh an doras, racha mé asdteach
chuige, agus íosad mo chuid maille ris, agus eision maille riómsa.


L. Ap3:21


Dobhéur cead don tí bheires buáidh, suidhe maille riom um chatháoir riógha,
amhuil fós rug meise buáidh, agus shuighim a bhfochair mhathar an a
chatháoir rióghasan.


L. Ap3:22


An tí agá bhfuil cluás, éisdedh sé créd adeir an sbiorad ris na hegluisibh.


L. Ap4



CAP. 4.


L. Ap4:1


Na dhiáigh so dho fhéuch mé, agus tabhair húidh, dobhí doras osgluithe
ar neamh, agus an céud ghuth dochúaluidh mé, bá cosmhuil hé ré fuáim
sduic ag labhairt rióm, agá rádh; gabh aníos annso, agus foillséochad duit na
neithe as éigean do ghéunamh na dhiáigh so.


L. Ap4:2


Agus do coimhéignidheadh mé dho láthair ris an sbioruid, agus tabhair
húidh, dobhí catháoir riógha arna suighiughadh ar neamh, agus dobhí
neach na shuidhe sa gcatháoir.


L. Ap4:3


Agus an tí dho shuigh innte, bá cosmhuil hé réna fhéuchain ré cloich
Iaspis agus Shardis: agus dobhí bogha uisge a dtimchioll na catháoire
fágcuáirt, bá cosmhuil réna fhéuchain ré cloich Smaragad.


L. Ap4:4


Agus a dtimchioll na catháoireach fágcuáirt, dobhádar ceithre caithireacha
fichead: agus dochonnairc mé sna catháoireachuibh sin na suidhe ceathrar ar
fhichid do sheanóireadhuibh umá raibhe éuduighe gléigheala: agus dobhádar
coróineacha órrgha aca ar a gceannuibh.


L. Ap4:5


Agus táinic amach ón gcatháoir sin, tinnteach, agus tóirrneach, agus
gothanna: agus dobhádar reachd lampuighe teineadh ar dearglasadh a
bhfíadhnuise na catháoireach, agárob íad seachd sbiorada Dé íad.


L. Ap4:6


Agus dobhí a bhfíadhnuise na catháoireach, fáirrghe ghloinidhe bá
cosmhuil ré criosdal: agus eirdir an gcatháoir agus na neithe dobhí na
timchioll, dobhádar ceithre beathadhuigh lán do shúilibh rompadh agus na
ndiáigh.


L. Ap4:7


Agus bá cosmhuil an céud bheathadhach ré léoghan, agus an dara beathadhach
cosmhuil ré láodh, agus dobhí adhuigh mar dhuine ag an dtreas beathadhach,
agus bá cosmhuil an ceathramhadh beathadhach ré hiolar ag eitealluidh.


L. Ap4:8


Agus dobhí ar gach beathach fó leith do na ceithre beathuighibh sin, sé
sgiotháin fágcuáirt, agus dobhádar don táobh asdtigh lán do shúilibh: agus
niór sguireadar do ló ná doidhche dá bheith ag rádh; is náomhtha,
náomhtha, náomhtha an tighearna Día uilechumhachdach, an tí dhobhí, agus
atá, agus bhías.


L. Ap4:9


An tan thugadar na beathuidh sin glóir, onóir agus buidheachas don té
bhí na shuidhe sa gcatháoir, noch a mhaireas gu sáoghal na sáoghal,


L. Ap4:10


Do léigeadar an ceathrar air fhichid seanóir íad féin síos a bhfíadhnuise an té
do shuigh sa gcatháoir, agus tugadar onóir don té mhaireas gu sáoghal na
sáoghal, agus do theilgeadar a gcorónacha a bhfíadhnuise na catháoire, ag rádh;


L. Ap4:11


As fíu thú a thighearna, glóir agus onóir, agus cumhachda dhfagháil: oír as tú
do chruthuigh na huile neithe, agus as tré do thoilse atáid, agus do
cruthuigheadh iád.


L. Ap5



CAP. 5.


L. Ap5:1


Agus dochonnairc mé ar láimh dheis an tí dobhí na shuidhe sa gcatháoir,
leabhar sgríobhtha don táobh asdtigh agus don táobh amuigh, do daingnigheadh ré
seachd séula.


L. Ap5:2


Agus dochonnairc mé aingeal nertmhar, noch dho sheanmóruigh dho ghuth árd,
agá rádh, cía atá iomchuibhghe dochum an leabhair dhfosgladh, agus dochum
a shéuluigheadh sgáoileadh?


L. Ap5:3


Agus níor féidir do neoch ar bioth ar neamh, ná air talamh, ná fáoi an dtalamh,
an leabhar dhfosgladh, ná fós féuchain air.


L. Ap5:4


Annsin do cháoi meise gu mór, do bhrígh nách raibhe neach ar bioth ré a
fhaghail, dar chuibhghe an leabhar dhosgladh ná a léughadh, na fós féuchain
air.


L. Ap5:5


Agus adubhairt neach dhona seanóireadhuibh rióm; léig dhod cháoi, tabhair
húidh, rug an léoghan do threibh Iúda, is fréumh dho Dháibhí, buáidh
air an leabhar dhfosgladh, agus ar a sheachd seúluighibh dho sgáoileadh.


L. Ap5:6


Uime sin do fhéuch mé, agus tabhair húidh, a meadhón na caithireach, agus
na gceithre mbeathadhach, agus a medhón na seanóireadh, uán na sheasamh
agus hé amhuil dobhiádh tar éis a mharbhtha, ar a rabhadar seachd
nadharca, agus seachd súile, agárob iád seachd sbiorada Dé iád, do cuireadh
amach feadh na talmhan uile.


L. Ap5:7


Agus táinic sé, agus do ghlac sé an leabhar as láimh dheis an tí dhobhí
na shuighe sa gcatháoir.


L. Ap5:8


Agus ar nglacadh an leabhair dhó, do leigeadar na ceithre beathadhuigh,
agus an ceathrar ar fhichid do sheanóireadhuibh iád féin siós a bhfíadhnuise
anuáin, ar mbeith chláirseach agus shoitheach nórgha ag gach áon díobh fó
leith, lán do dheaghbhaladhuibh, agárob iád urnuighthe na náomh iád.


L. Ap5:9


Agus do chanadar cainntic nuádh, agá rádh; ar fíu thusa an leabhar dho
ghlacadh, agus a shéuluidhe dhfosgladh: do bhrígh gur marbhadh thú, agus
gur cheannuidh tú sinne dho Dhía ré tfhuil féin, as anuile threibh,
agus theanguidh, agus fphubal, agus chineadh:


L. Ap5:10


Agus gu ndearna tú ríghthe agus sagairt dínn dár nDía féin: agus biám ag
riaghlughadh air an dtalamh.


L. Ap5:11


Do fhéuch mé an tan sin, agus dochuáluidh mé guth mhórain dainglibh
a dtimchioll na catháoireach agus na mbeathadhach, agus na seanóireadh: agus
asé lión dobhádar ann, míle ar mhíle dho mhíltibh aingeal:


L. Ap5:12


Agá rádh do ghuth árd; as fíu an tuán do mharbhadh, cumhachda agus
saidhbhrios, agus eagna, agus neart, agus onóir, agus glóir, agus moladh
dhfagháil:


L. Ap5:13


Agus dochuála mé gach uile chreatúir dá bhfuil ar neamh, agus ar talamh, agus
fón taladh, agus dá bhfuil sa bhfairge, agus na huile neithe atáid ionnta,
agá rádh, moladh, agus onóir, agus glóir, agus cumhachda don
té atá na shuidhe sa gcatháoir, agus don uán, gu sáoghal na sáoghal.


L. Ap5:14


Agus adubhradar na ceithre beathadhuigh, Amén. Agus do léigedar an ceathrar
ar fhichid do sheanóireadhuibh iád féin siós ar a naidhtheachuibh, agus tugadar
onóir dhon tí mhaireas a sáoghal na sáoghal.


L. Ap6



CAP. 6.


L. Ap6:1


Na dhiáigh sin dochonnairc mé, an tan do fhosguil an tuán an céid shéula
dona séuluighibh, agus dochuáluidh mé beathadhach dona ceithre
beathadhachuibh agá rádh, amhail dobhiádh fhuáim tóirrnighe ann, gabh a
leith, agus féuch.


L. Ap6:2


Agus do fhéuch mé, agus tabhair húidh, do táibhreadh dhamh each bán:
agus an tí dho shuigh uirrthe, dobhí bogha aige: agus tugadh coróin dó, agus
dochuáidh sé amach maille ré buáidh, agus dochum buáidhe dho bhreith dhó.


L. Ap6:3


Agus an tan do fhosguil sé an dara séula, dochúaluidh mé an dara beathadhach
ag rádh; gabh a leith, agus féuch.


L. Ap6:4


Agus dochuáidh each eile dobhí na heach ruádh amach: agus tugadh cumhachda
dhon té dobhí na shuidhe uirrthe, síthcháin na talmhan do bhreith ris, as gu
dtiubhradh orra a chéile dho mharbhadh: agus tugadh dhó cloidheamh mór.


L. Ap6:5


Agus an tan do fhosguil sé an treas séula, dochualuidh mé an treas beathadhach
agá rádh; gabh a leith, agus féuch. Agus do fhéuch mé, agus tabhair
húidh, do taibhreadh dhamh each dubh, agus an té dobhí na shuighe
uirrthe, dobhí meadh aige na láimh.


L. Ap6:6


Agus dochuáluidh mé guth a meadhón na gceithre mbeathadhach agá rádh;
miosúr cruithneachda air phighinn, agus trí miosúir éorna ar phighinn:
agus ná mill ola ná fión.


L. Ap6:7


Agus an tan do fhosguil sé an ceathramhadh séula, dochúala me guth an
cheathramhadh beathadhuigh agá rádh; gabh a leith, agus féuch.


L. Ap6:8


Agus do fhéuch mé, agus tabhair húidh, do taibhreadh dhamh each
glasbhán, agus asé dob ainm dhon tí dobhí na shuidhe uirrthe, an bás: agus
do lean ifrionn hé: agus tugadh cumhachda dhóibh ar an gceathramhadh cuid don
talamh, a marbhadh dho ghéunamh ré cloidheamh, agus ré gorta, agus ré bás, agus
ré hainmhinntibh állta na talmhan.


L. Ap6:9


Agus an tan do fhosguil sé an cúigeadh séula, dochonnairc mé fáoi analtóir
anmanna na druinge dho marbhadh ar son bhréithre Dé, agus ar son na fíadhnuise
dho chosnadar.


L. Ap6:10


Agus do éigheadar do ghuth árd, agá rádh, cá fad bhiás tú a thighearna
náomhtha fhírinnigh, gan breitheamhnus do bhreith agus dioghaltus do ghénamh ar
son ar bhfolaine, ar an druing aitreabhas ar an dtalamh?


L. Ap6:11


Agus tugadh dá gach áon díobh fó leith róbuidhe fada gléigheala, agus
ádubhradh ríu , bheith sgítheach ar feadh tamuill bhig, nó gu mbeith uimhir
a gcoimhshearbhfhoghantuigheadh agus a ndearbhraithreach arná choimhlíonadh,
noch dobhí ré hadhuigh a marbhtha mar iádsan.


L. Ap6:12


Agus do fhéuch mé an tan do fhosguil sé an seiseadh séula, agus tabhair
húidh, do chrithnuigh an talamh gu mór, agus dorinneadh an ghrían
comh dhorcha ré héudach róin, agus dorinneadh an ghealach uile cosmhuil ré
fuil:


L. Ap6:13


Agus do thuiteadar réullanna neimhe dochum talmhan, amhuil theilgeas an
crann fíge a ubhla anabuidh, an tan bhogthar hé ré gáoith thréin.


L. Ap6:14


Agus do imthigh neamh thoruinn, mar leabhrán fhilltear ar a chéile: agus do
hathruigheadh gach sliábh agus gach oiléun as a nionaduibh pféin:


L. Ap6:15


Agus do fholuigheadar ríghthe na talmhan, agus na dáoine móra, agus na dáoine
saidhbhre, agus na hárdchaiptínighe, agus na dáoine cumhachda, agus gach
searbhfhoghantuighe, agus gach duine sáor iád féin, a dtuinthighibh, agus a
measg cháirrgadh na sléibhteadh:


L. Ap6:16


Agus adubhradar ris an sléibhtibh agus ris an cairrgíbh, tuitidh oruinn, agus
folchuidh sinn ó ghnúis an tí atá na shuidhe sa gcatháoir, agus ó fheirg
anuáin:


L. Ap6:17


Oír táinic lá mór a fheirge, agus cía fhéudus seasamh?


L. Ap7



CAP. 7.


L. Ap7:1


Agus na dhiáigh sin dochonnairc mé ceithre haingeal na seasamh ar cheithre
corruib na talmhan, ag connmháil cheithre ngáoth na talmhan, as nách séidfeadh
an gháoth ar an dtalamh, ná ar an bhfairge, ná ar chrann ar bioth.


L. Ap7:2


Agus dochonnairc mé aingeal eile ag éirghe ón áird anoir agá raibhe
séula Dé bhéo: agus do éigh sé do ghuth árd ar na ceithre hainglibh dá
dtugadh cumhachda ar an talamh agus ar an bhfáirrge dho mhilleadh.


L. Ap7:3


Agá rádh; ná déunuidh dochar don talamh, ná don fháirrge, ná do na
crannuibh, nó gu gcuiream séula ar searbhfhoghantuigheadhuibh ar nDé a
gcláruibh anéudan.


L. Ap7:4


Agus dochúala mé nuimhir na druinge ar ar cuireadh an séula: agus do
séuluigheadh céud ceithre mhíle ar dhá fhichead do mhíltibh, do threabhuibh
chloinne Israél uile.


L. Ap7:5


Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Iúda: do séuluigheadh dhá
mhíle dhéug do threibh Rúben: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do
threibh Gad:


L. Ap7:6


Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Aser: do séuluigheadh dhá
mhíle chéug do threibh Nephthali: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug
do threibh Mhanasses:


L. Ap7:7


Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Shímeon: do séuluighe
dhá mhíle dhéug do threibh Lévi: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do
threibh Issachar:


L. Ap7:8


Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Shabulón: do séuluigheadh dhá
mhíle dhéug do threibh Ioséph: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh
Bheniamin.


L. Ap7:9


Tar a éise sin do fhéuch mé, agus tabhair húidh, do taibhreadh dhamh
buidhean mhór nár éidir dhéuneach dháireamh, dá gach uile chineadh, agus
dá gach uile threibh, agus fphubal, agus teanguidh, na seasamh a
bhfiádhnuise na catháoireach, agus a bhfiádhnuise anuáin, umá rabhadar
róbuidhe fada gléigeala: agus pailm ana lámhuibh.


L. Ap7:10


Agus do éigheadar do ghuth árd, agá rádha; as ó ar nDíane atá na
shuidhe sa gcatháoir, agus ó anuán, dogeibhthear slanughadh.


L. Ap7:11


Agus do sheasadar na haingil uile a dtimchioll na catháoireach, agus na
seanóireadh, agus na ceithre mbeathach, agus do léigeadar iád féin síos ar a
naighthibh a bfiadhnuisi na catháoireach, agus tugadar onóir dho Dhía,


L. Ap7:12


Ag rádha, Amén: moladh, agus glóir, agus eagna, agus buidheachas, agus
onóir, agus cumhachda, agus neart dár nDíane a sáoghal na sáoghal. Amén.


L. Ap7:13


Agus do fhreagair neach dona seanóireadhuibh, agá rádha rióm, créud iád an
luchdsa umá bhfuilid na róbuidhe fada gléigheala, agus cá hionadh as a
dtangadar?


L. Ap7:14


Agus adubhairt meise ris; a thighearna, ios aithnidh dhuitse sin.. Agus
adubhairt seision riómsa; ag so an dream táinic as buáidhirt mhóir, agus
do nigh a róbuidhe fada, agus do gheal iád a bhfuil anuáin.


L. Ap7:15


Uime sin atáid siád a bhfíadhnuise árdchatháoire Dé, agus doníd searbhís
dósan do ló agus doidhche an a theampoll: agus an tí atá na shuighe sa
gcatháoir, doghéuna iádsan do cháomhna réna sgáile.


L. Ap7:16


Ní bhiáidh ocarus ná tart feasda orrtha, agus ní luighfidh an ghrián
órrtha, ná teas ar bioth.


L. Ap7:17


Oír doghéna an túan atá a meadhón na catháoireach iádsan do bheathughadh,
agus doghéunuidh a dtreórughadh gu tiubruidibh fióruisge: agus glanfuidh Día
gach deór óna súilibh.


L. Ap8



CAP. 8.


L. Ap8:1


Agus an tan do fhosguil sé an seachdmhadh séula, dobhí ciúnas ar neamh
tuáirim leathuáire.


L. Ap8:2


Agus dochonnairc mé na seachd naingil do sheas a bhfíadhnuise Dé, agus tugadh
seachd sduic dhóibh.


L. Ap8:3


Agus táinic aingeal eile, agus do sheas sé a bhfiádhnuise na haltóra, agá
raibhe sionnsa órrgha: agus tugadh morán do neithibh deaghbhaluidh dhó,
dochum a gcurtha maille ré hurnuighibh na nuile náomh ar analtóir nórrgha
noch atá a bhfíadhnuise na catháoire.


L. Ap8:4


Agus dochuáidh deathach na neitheann ndeaghbhaluidh sin, maille ré
hurnuighibh na náomh, as láimh anaingil, a bhfíadhnuise Dé.


L. Ap8:5


Agus do ghlac an taingeal an sionnsa, agus do lión sé do theine na
haltóra, agus do theilg sé fán dtalamh hé: agus do éirigh tóirneach, agus
gothanna, agus tinnteach, agus crioth talmhan ann.


L. Ap8:6


Agus do ullmhuigheadar na seachd naingil agá rabhadar na seachd sduic iád
féin, dochum na sdoc dho shéideadh.


L. Ap8:7


Agus do shéid an céudaingeal a sdoc, agus tárrla cloithshneachda agus
teine ann, arna gcumasg ré fuil, agus do téilgeadh iád fón dtalamh: agus
do dóigheadh an treas cuid dona crannuibh, agus do dóigheadh an feúr glas
uile.


L. Ap8:8


Agus do shéid an dara haingeal a sdoc, agus do teilgeadh cosamhuileas sléibhe
móir tré theinidh fán bhfáirrge: agus dorinneadh fuil don treas cuid don
fhairrge.


L. Ap8:9


Agus fuáir an treas cuid dona creatúruibh dobhí sa bhfairrge, ann a
raibhe anam, bás: agus do hadhmhilleadh an treas cuid dona longuibh.


L. Ap8:10


Agus do shéid an treas aingeal a sdoc, agus do thuit réulta mór ó neamh ar
dearglasadh mar lóchrann sholasda, agus do thuit sé sa treas cuid do na
haibhnibh, agus sna tiubruidibh.


L. Ap8:11


Agus asé ainm ghoirthear don réulta sin, mormónta: agus do hiompuigheadh an
treas cuid dona huisgeadhuibh a mormónta: agus fuáradar morán bás dona
huisgeadhuibh, air gu rabhadar searbh.


L. Ap8:12


Agus do shéid an ceathromhadh aingeal a sdoc, agus do buáileadh an treas cuid
don ghréin agus an treas cuid dona ghealuidh, agus an treas cuid dona
réullannuibh: ionnas gu ndearnadh an treas cuid díobh dorcha, agus
do buáileadh an lá, ionnas nár agus nár dheallruidh an lá an treas cuid de,
agus mar an gcédna anoidhche.


L. Ap8:13


Agus dochonnairc mé, agus dochuáluidh mé, aingeal na áonar ag eitealluidh a
meadhón neimhe, agá rádh do ghuth árd, mo thruáighe, mo thruáighe, mo
thruáighe aitreabhuidh na talmhan, ar son ghothann sdoc na dtrí naingeal
atá fós dochum teacdha, ar tí a sdoc dho shéideadh.


L. Ap9



CAP. 9.


L. Ap9:1


Agus do shéid an cúigedh aingeal a sdoc, agus dochonnairc mé réult ag tuitim ó
neamh dochum na talmhan, agus tugadh dhó eochair an phuill dubhaigéin.


L. Ap9:2


Agus do fhosguil sé an poll dubhaigéin. Agus do éiridh deatach as an bpoll
amhuil do eireóchadh deathach as uámhuigh mhóir theineadh: agus dorinneadh
an ghrían agus an taighéur dorcha ó dheatuigh an phuill.


L. Ap9:3


Agus tangadar lócusduighe amach as an deathuigh ar an dtalamh, agus tugadh
cumhachda dhóibh, do réir na gcumachd atá ag aithreachuibh nimhe na talmhan.


L. Ap9:4


Agus adubhradh ríu gan dochar do ghéunamh dhféur na talmhan, ná doní glas ar
bioth, ná do chrann ar bioth: achd dona dáoinibh amháin ag nách bhfuil séula
Dé a gcláruibh a néudan.


L. Ap9:5


Agus tugadh aithne dhóibh gan a marbhadh, achd bheith dhá bpiánadh feadh
chúig miós: agus a bpián do bheith amhuil na péine tig ónaithir nimhe, an
tan chailgeas sí neach.


L. Ap9:6


Agus ann sna laithibhsoin beid dáoine ag iárruidh an bháis, agus ní
bhfuighid hé: agus budh mián ríu bás dhfagháil, agus teithfidh an bás uátha.


L. Ap9:7


Agus bá cosmhuil faicsin na bpiásd sin ré heachuibh ullamh dochum catha:
agus dobhádar neithe ar a gceannuibh mar dho bhiádh coróineacha cosmhuil
ré hór, agus bá cosmhuil a naighthe ré haightheachuibh dáoine.


L. Ap9:8


Agus dobhí gruág orrtha bá cosmhuil ré gruáig bhan: agus bá cosmhuil a
bhfiacla ré fiacluibh léoghan:


L. Ap9:9


Agus dobhádar lúireacha orrtha cosmhuil ré lúireachuibh iáruinn: agus bá
cosmhuil fuáim a sgiathán ré fuáim charbad, an tan riothuid morán each a
gceann chatha.


L. Ap9:10


Agus dobhádar iorbuill órrtha bá cosmhuil ré haithreachuibh nimhe, agus do
bhí cailg an a niorbluibh: agus asé bá cumhachda dhóibh, bheith ag gortughadh
dháoineadh feadh chúig miós.


L. Ap9:11


Agus dobhí Rí aca ós a gcionn, eadhón aingeal an dubhaigéin, dárob ainm
an abhra Abaddon, agus a nGréigis asé is ainm dhó Apollión, eadhon
sgriosdóir.


L. Ap9:12


Dochuáidh áon truáighe amháin thoruinn, agus tabhair húidh, atá dhá
thruáighe fós dochum teachda na dhiáigh so.


L. Ap9:13


Agus do shéid an seiseadh aingeal a sdoc, agus dochuáluidh mé guth
dháirighthe ag teachd ó ceithre hadharcuibh na haltóra órrgha, noch atá a
bhfíadhnuise Dé,


L. Ap9:14


Agá rádh ris an seiseadh aingeal agá raibhe an sdoc; sgáoil na ceithre
haingil noch atá ceanguilte ag anabhuinn mhóir Euphrates.


L. Ap9:15


Agus do sgáoileadh na ceithre haingeal, noch dobhí ullamh dhuáir, agus do ló,
agus do mhí, agus do bhlíadhain, dochum an treas coda dho dháoinibh do
mharbhadh.


L. Ap9:16


Agus asé nuimhir an tshluáigh mharcshluáigh dhobhí ann, fithche míle
úair deich míle: oír dochuáluidh mé a nuimhir.


L. Ap9:17


Agus as amhluidh so dochonnairc mé na heich a dtáibhse, agus an luchd dobhí
ar a muin, umá rabhadar lúireacha tinntighe agus ar dhath na na cloichthe
Iacinth agus na ruibhe: agus bá cosmhuil cinn na neach, ré ceannuibh
léoghan: agus táinic teine, agus deatach, agus ruibh as a mbéuluibh amach.


L. Ap9:18


As ris na trí neithibhse do marbhadh an treas cuid dona dáoinibh, eadhón
ris an dteine, agus ris a ndeathuigh, agus ris an ruibh tháinic as a mbéuluibh
amach.


L. Ap9:19


Oír is ann a mbéul atá a gcumhachda, agus ina niorbluibh: oír is cosmhuil a
niorbuill ré haithreachuibh nimhe, agus atáid cinn ar na hiorbluibhsin ré a
ndiongnuid dochar.


L. Ap9:20


Agus an chuid do na dáoinibh do fágbhadh gan mharbhadh ris na plághuibhse, ní
dhearnadar aithrighe ar son oibreacha a láimh, as nach diongnadís seirbhís do
dhiabhluibh, agus diomháighibh óir, agus airgid, agus phráis, agus chloithe,
agus chroinn, ris nách éidir ní dhfaicsin, ná dhéisdeachd, ná siubhal
do ghéunamh.


L. Ap9:21


Agus ní dhearnadar aithrighe ar son a ndúnmharbhtha, ná ar son a bpisóg, ná ar
son a sdriópachais, ná ar son a ngaduigheachda.


L. Ap10



CAP. 10


L. Ap10:1


Agus dochonnairc mé aingeal neartmhar eile ag teachd anuás ó neamh, arna
éudughadh dho néull, agus an bogha uisge ar a cheann, agus do dheallruigh a
aghuidh amhuil dheallruigheas an ghrián, agus dobhádar a chosa cosmhuil ré
peiléuruibh teineadh:


L. Ap10:2


Agus dobhí leabhrán osgluigthe aige ana láimh: agus do chuir sé a chos
deas ar muir, agus a chos chlé ar tír.


L. Ap10:3


Agus do éigh sé do ghuth árd, amhuil bhéiceas leoghan: agus an tan do éigh sé,
do labhradar seachd dtóirrnighe a ngothanna féin.


L. Ap10:4


Agus an tan do labhradar na seachd dtoirrnighe a ngothanna, dobhí
fúm sgríobhadh: achd dochúaluidh mé guth ó neamh ag rádh riom; cuir
séula air na neithibh do labhradar na seachd dtóirrnighe, agus ná sgríobh
iád.


L. Ap10:5


Agus do thóg an taingeal dochonnairc mé na sheasamh ar an muir agus ar an
tír, a lámh suás dochum neimhe,


L. Ap10:6


Agus tug sé an tí mhaires gu sáoghal na sáoghal, noch dho chruthuigh neamh agus
na neithe atá ann, agus an talamh agus na neithe atá ann, agus anfháirrge
agus na neithe atá innte, mar mhionnuibh, nach biádh aimsear ann feasda:


L. Ap10:7


Achd a laithibh ghotha an seachdmhadh aingeal, an tan shéidhfeas sé a sdoc,
biáidh seicréid Dé arna chríochnughadh, do réir mar dho fhoillsigh sé dhá
shearbhfhoghantuigheadhuibh féin eadhón na fáidhe.


L. Ap10:8


Agus do labhair an guth dhochúaluidh mé ó neamh, arís rióm, agus adubhairt:
imthigh romhad, glac an leabhrán osguilte úd noch atá a láimh anaingil
sheasas air muir agus air tír.


L. Ap10:9


Agus do imthigh mé dochum anaingil, agus adubhairt mé ris; tabhair
dhamh an leabhrán. Agus adubhairt seision rióm; glac agus sluig hé: agus
doghéna sé do bhruinne searbh, achd biáidh sé ad bhéul comhmilis ré mil.


L. Ap10:10


Agus do ghlac mé an leabhrán as láimh anaingil, agus do shluig mé hé: agus
dobhí sé um béul comhmilis ré mil: achd an tan do shluig mé é, dorinneadh
sé mo bhruinne searbh.


L. Ap10:11


Agus adubhairt sé rióm; is éigean duit fáidheadóireachd do ghénamh aris, a
bhfiádhnuise phuibleach, agus chineadhach, agus theangthadh, agus mhoráin
ríghtheadh.


L. Ap11



CAP. 11.


L. Ap11:1


Agus tugadh dhamh giolcach cosmhuil ré slait, agus do sheas an taingeal láimh
rióm, agus adubhairt; éiridh, agus tomhais teampoll Dé agus analtóir, agus
an dream dhoní seirbhís ann.


L. Ap11:2


Achd teilg amach an chúirt atá dhon táobh amuigh dhon teampoll, agus ná tomhais
hí: oír tugadh hí dona cineadhachuibh: agus doghéunuidh an chathair náomhtha
dho shaltairt fána gcosuibh, ré headh dhá mhiós agus dá fhichead.


L. Ap11:3


Agus dobhéura mé cumhachda dom dhiás dhfíadhnuiseadhuibh, agus beid siád ag
fáidheadóireachd míle dhá chéud agus trí fichid lá, arna néudughadh
déuduighibh róin.


L. Ap11:4


Ag dá chrann ola iád so agus an dá choinnleóir, sheasas a bhfiádhnuise
tighearna an talmhan.


L. Ap11:5


Agus má atá na mhián ar éuneach dochar do ghéunamh dhóibh, tig teine amach as a
mbéul, agus sluigidh sí a naimhde: agus má atá na mhían ar éuneach dochar
dho ghéunamh dhóibh, as amhluidh so as éigean a mharbhadh.


L. Ap11:6


Atá dho chumhachduibh acadh so neamh dho dhúnadh, ionnas nách biáidh
fearthuin ann a laethibh a bhfáidheadóireachda: agus atá cumhachda acadh
ós na huisgeadhuibh ar a niompógh a bhfuil: agus ar an dtalamh dho bhúaladh
ré gach uile ghné phláighe, cominic as áill ríu.


L. Ap11:7


Agus an tan chriochnóchuid siád a bhfiádhnuise, doghéunuidh an tainmhide
éirgheas ón bpoll dubhaigéin cogadh ríu, agus béuruidh sé buáidh orrtha, agus
muirfidh sé íad.


L. Ap11:8


Agus beid a gcuirp sínte ar shráidibh na caithreacha móire, dá ngoirthear
gu spioradálta Sodom agus anÉigipt, sanionadh fós ionar céusadh ar
dtighearna.


L. Ap11:9


Agus dochífid cuid dona treabhuibh, agus dona puibleachuibh, agus
dona teangthuibh, agus do na cineadhachuibh, a gcuirp feadh thrí lá gu
leith, agus ní léigfid a gcuirp do chur a dtúmuighibh.


L. Ap11:10


Agus doghéunuid aitreabhuidh na talmhan gáirdeachas ós a gcionn, agus
biáidh luathgháir órrtha: agus cuirfid tabhartuis dochum a chéile: do
bhrígh gur phíanadar an dá fháighse áitreabhuigh na talmhan.


L. Ap11:11


Achd a gcionn thrí lá gu leith, rachuidh spiorad na beatha tig ó Dhía
ionntadh, agus seasfuidh siád ar a gcosuibh, agus ghéubhuidh eagla mhór an
dream dhochonnairc iád.


L. Ap11:12


Agus dochluinfidh siád guth árd ó neamh, agá rádh ríu; taguidh aniós annso.
Agus rachuidh siád suás ar neamh a néull: agus dochifidh a naimhde iád.


L. Ap11:13


Agus ar anuáirsin féin bhiáidh crioth mór talmhan ann, agus tuitfidh an
deachmhadh cuid don chathruigh, agus do muirbhfighthear seachd míle pearsa ris
an gcríth talmhan sin, agus géubhuidh faitcheas an chuid eile, agus
dobhéuruidh glóir do Dhía neimhe.


L. Ap11:14


Dochuáidh an dara truáighe thoruinn, agus tabhair húidh, tiucfuidh an
treas truáighe gu haithghearr.


L. Ap11:15


Agus do shéid an seachdmhadh aingeal a sdoc, agus dobhádar gothanna móra ar
neamh, ag rádh; ios lé ar dtighearnaine, agus lé na Chríosd rioghachda an
domhuin, agus biáidh seisean na Rí gu sáoghal na sáoghal.


L. Ap11:16


Agus do léigeadar an ceathrar air fhichid do sheanóireadhuibh noch dhobhí
na suidhe a bhfíadhnuise Dé an a gcaithíreachuibh, iád féin síos ar a
naighthibh, agus tugadar onóir dho Dhía,




L. Ap11:17


Agá rádh; beirmíd buidheachas riotsa a tighearna a Dhé uilechumhachduigh,
noch atá, agus dobhí, agus bhiás, oír do ghabh tú chugad do mhórchumhachda
féin, agus do ghnouigh tú do rióghachd.


L. Ap11:18


Agus do ghabh fearg na cineadacha, agus táinic thfeargsa, agus
aimsir bhreitheamhnuis na marbh, agus luáidheachda do thabhairt dod
shearbhfhoghantuighthibh dona fáidhibh, agus dona náomhuibh, agus don luchd
ar a mbí eagla hanma, eidir bheag agus mhór: agus sgreasda na druinge
sgriosus an talamh.


L. Ap11:19


Agus do hosgladh teampoll Dé ar neamh, agus bá léir áirc a chonnartha
ina theampoll: agus dobhí tinnteach, agus gothanna, agus tóirrneach,
agus crioth talmhan, agus cloithneachda mór ann.


L. Ap12



CAP. 12.


L. Ap12:1


Agus bá léir comharrgha mór iongantach ar neamh: eadhón bean arna
héudughadh ris an ngréin, agus an ghealach fóna cosuibh, agus coróin dhá
réulta dhéug air a ceann.


L. Ap12:2


Agus ar mbeith dhí torrach, do éigh sí ré tinneas leinb, agus do piánadh hí do
mhián a tóirrcheasa do bhreith.


L. Ap12:3


Agus bá léir comharrgha iongantach eile ar neamh: agus tabhair húidh,
bá hé an comharrgha sin dragún mór rúadh, ar a rabhadar seachd gcinn, agus
deich nadharca: agus seachd gcorónacha ar a cheannuibh.


L. Ap12:4


Agus do tharruing a iorball an treas cuid do réullannuibh neimhe, agus do
theilg iád dochum talmhan: agus do sheas an dragún a bhfíadhnuisi na mná
dobhí ré hadhuigh a tóirrcheasa do bhreith dochum a leinb do shlughadh dhó
arna bhreith,


L. Ap12:5


Agus rug sí mac, riághlóchus na huile chineadhacha ré slait iárruinn: agus do
tógbhadh suás a mac dochum Dé agus chum a chaithíreach.


L. Ap12:6


Agus do theith an bhean dochum an fhásuigh, mar ar ullmhuigh Día áit di
dochum a beathuighe annsin, ar feadh mhíle dhá chéud agus thrí fichid lá.


L. Ap12:7


Agus dobhí cath ar neamh: do chathuigh Michéul agus a aingil ris an dragún,
agus do chathuigh an dragún agus a aingil riusan:


L. Ap12:8


Gidheadh ní rugadar buáidh, agus ní fríth anáit ó shoin amach ar neamh.


L. Ap12:9


Agus do teilgeadh amach an dragún mór, an tseanaithir nimhe, dá ngoirthear an
diábhal agus Sátan, an tí mheallas an domhan uile, do teilgeadh amach hé fán
dtalamh, agus do teilgeadh amach a aingil maille ris.


L. Ap12:10


Agus dochuála mé guth mór ar neamh, agá rádh; anois atá slánughadh agus neart
agus rióghachd ar nDéine, agus cumhachda a Chríosdsan: oír do téilgeadh
siós fear éilighthe ar ndearbhráithreach, noch dhobhí dhá néiliughadh do
ló agus doidhche a bhfiádhnuise ar nDé.


L. Ap12:11


Giodheadh rugadar buáidh air tré fhuil anuáin, agus tré bhréithir a
fhíadhnuise: agus ní raibhe súim aca na nanum féin gu bás.


L. Ap12:12


Uime sin a fhlaithemhnasa biódh gáirdechas oruibh, agus oruibhse a luchd
aitrebhas ionnta. A thruáighe sibh a luchd aitrebhas an talamh agus
anfairrge, oír táinic an diábhal anuás chuguibh lán do chuthach feirge, ar
mbeith a fheasa aige gurob aithghearr a aimsear.


L. Ap12:13


Agus an tan dochonnairc an dragún gur teilgeadh síos ar an dtalamh hé,
dorinne sé fóleanmhuin air an mnáoi rug an leanab mic.


L. Ap12:14


Agus tugadh dhon mhnáoi dhá sgiáthán iolair mhóir, dochum dula di ar
eitealluigh fán bhfásach dá hionadh féin, sanáit a noiltear hí, feadh
aimsire agus aimsiorach agus leithe aimsire, ó amharc na haithreach
nimhe.


L. Ap12:15


Agus do theilg a naithir nimhe uisge mar shruth as a béul a ndiáigh na mná,
dochum gu dtiubhradh fó deara dhi imthigheachd ré fánuigh ris an tsruth.


L. Ap12:16


Achd tug an talamh cabhair dhon mhnáoi, agus do fhosguil an talamh a
bhéul, agus do shluig sé an sruth dho theilg an dragún as a bhéul.


L. Ap12:17


Agus do ghabh fearg an dragún ris an mnáoi, agus do imthigh sé do ghéunamh
coguidh ris an gcuid eile dhá siól, choimhéudas aitheanta Dé, agus agá bhfuil
fiádhnuise IOSA Críosd.


L. Ap12:18


Agus do sheas meise air ghaineamh na fáirrge.


L. Ap13



CAP. 13.


L. Ap13:1


Agus dochonnairc mé ainmhidhe ag éirghe as an bhfairrge, air a rabhadar seachd
gcinn agus deich nadharca: agus dobhádar deich gcorónacha ar a adharcuibh,
agus ainm na masla dhobheir sé uádha ar a cheannuibh air a cheannuibh.


L. Ap13:2


Agus bá cosmhuil an tainmhidhe dochonnairc mé ré Liopard, agus bá cosmhuil a
chosa ré cosuibh mhathghamhuin mhóir, agus bá cosmhuil a bhéul ré béul
leoghain: agus tug an dragún a neart féin, agus a chatháoir, agus cumhachda
móra dhó.


L. Ap13:3


Agus dochonnairc mé ceann dhá cheannuibh, agus hé amhuil dobhíadh cneadh
bháis air: agus do leigheasadh a chneadh bháis: agus do ghabh iongnadh an
talamh uile agus do leanadar an tainmhidhe.


L. Ap13:4


Agus tugadar onóir don dragún noch tug cumhachda dhon nainmhidhe, agus
tugadar onóir don nainmhidhe, ag rádh; cía atá cosmhuil ris anainmhidhe?
cía fhéudus cogadh dho ghénamh ris?


L. Ap13:5


Agus tugadh béul dó labhrus neithe móra masluightheacha: agus tugadh cumhachda
dhó neithe dho ghéunamh air feadh dhá mhiós agus dá fhichead.


L. Ap13:6


Agus do fhosguil sé a bhéul dochum Dé dho mhaslughadh, dochum a anma dho
mhaslughadh, agus a thabernácil, agus na druinge aitreabhas air neamh.


L. Ap13:7


Agus tugadh cead dhó cogadh dho ghénamh ris na náomhuibh, agus buáidh dho
bhreith orrtha: agus tugadh cumhachda dhó ós cionn gach uile threibhe,
agus theanguidh, agus chinidh.


L. Ap13:8


Uime sin dobhéuruidh na huile dháoine áitreabhas an talamh onóir dhó, an luchd
nách fuilid a nanmanna sgríobhtha a leabhar bheatha anuáin úd do marbhadh ó
thosach an domhain.


L. Ap13:9


Giodhbé agá bhfuil clúas, éisdeadh sé.


L. Ap13:10


Dá mbeiridh neach ar bioth neach eile ris a mbruid, rachuidh sé féin a
mbruid mar an gcédna: dá ndearna neach ar bioth marbha ré cloidhemh is
éigean hé féin do mharbhadh ré cloidheamh. Is annso atá foighide agus
creideamh na náomh.


L. Ap13:11


Agus dochonnairc mé ainmhidhe eile ag éirghe as an dtalamh ar a rabhadar dhá
adhairc cosmhuil ré hadharcuibh uáin, achd do labhair sé amhuil labhras an
dragún.


L. Ap13:12


Agus dorinne sé gach ní dárbhféidir ris an gcéud ainmhidhe dho ghéunamh
dhá lathair, agus tug sé fó deara don talamh agus air an druing aitreabhas ann,
onóir dho thabhairt don chéud ainmhidhe úd, agár leighisedh a chneadh bháis.


L. Ap13:13


Agus dorinne sé miórbhuile móra, ionnas gu dtug sé fó deara teine do theachd
anuás ó neamh dochum na talmhan, a bhfiadhnuise na ndáoineadh.


L. Ap13:14


Agus do mheall sé an luchd áitreabhas an talamh, do bhrígh na miórbhuileadh
tugadh dhó ré a ndéunamh do láthair anainmhidhe, agá rádh ris an luchd
aitreabhas an talamh, iomháigh dho ghénamh dhon nainmhidhe, noch dho
loitedh ré cloidheamh, agus dobhí béo.


L. Ap13:15


Agus tugadh dho cumhachdaibh dhó, sbiorad do thabhairt díomháigh
anainmhidhe ionnus gu laibheóradh iomháigh anainmhidhe, agus gu dtiubhradh
fó deara an mhéid nách dtíubhradh onóir diomháigh anainmhidhe, do mharbhadh.


L. Ap13:16


Agus tug sé fó deara dona huilibh, eidir bheag agus mhór, eidir shaidhbhir
agus dhaidhbhir, eidir sháor agus dháor, comharrgha dho ghabháil chuca na
láimh dheis, nó a gcláruibh a nédan:


L. Ap13:17


As nách biádh cumas ag neach ar bioth reic nó ceannach dho ghéunamh achd amháin
ag an tí ar a mbiádh an comharrgha, nó ainm anainmhidhe, nó uimhir a anma.


L. Ap13:18


Atá eagna annso. An tí agá bhfuil inntleachd aige, airmheadh sé uimhir
anainmhidhe: oír as uimhir dhuine hí: agus asé as uimhir dhó, sé
chéud trí fichid agus a sé.


L. Ap14



CAP. 14.


L. Ap14:1


Agus do fhéuch mé, agus tabhair húidh uan na shesamh ar shliabh
Sióin, agus céud ceithre mhíle agus dá fhichead dho mhíltibh ina
fhochair, agá raibhe ainm a athar sgríobhtha a gcláruibh a nédan.


L. Ap14:2


Agus dochuáluidh mé guth ó neamh mar dho bhiádh fuáim mhóráin
duisgeadhuibh, agus mar dho bhiádh fuáim tóirrnigh mhóir: agus
dochuáluidh mé fuáim cláirseóradh ag déunamh ceóil ré na
gcláirseachuibh:


L. Ap14:3


Agus dorinneadar ceól bá cosmhuil ré ceól nuadh a bhfiádhnuise na catháoire,
agus a bhfíadhnuise na gceithre mbeathadhach, agus na seanóireadh: agus niór
éidir dhéuneach an ceól sin dhfoghluim, achd
amháin don chéud agus do na ceithre mhíle ar dhá fhichead do mhíltibh, do
bhí arna gceannach ón dtalamh.


L. Ap14:4


Asiád so an dream nár salchadh ré mnáibh: oír as ógha íad. Asíad so an
dream leanas an tuán giodhbé hionadh a dtéid: atáid so arná gceannach as
meadhón dáoineadh, ar mbeith dóibh na gcéud torthibh do Dhía agus donúan.


L. Ap14:5


Agus ní fríth cealg na mbéuluibh: oír atáid gan cháidhe a bhfiádhnuisi
chathíre Dé.


L. Ap14:6


Agus dochonnairc mé aingeal eile ag eitealluigh a meadhón neimhe, agá
raibhe soisgéul siórruidhe, dochum a shoisgéulta don druing aitreabhas an
talamh, agus donuile chineadh agus threibh, agus theanguidh, agus
fpubal:


L. Ap14:7


Agá rádh do ghuth árd; biódh faitches Dé oruibh, agus tuguidh glóir dhó:
óir táinic uáir a bhreitheamhnuis: agus déunuigh umhla dohn tí dho chruthuigh
nemh, agus talamh, agus an fháirrge, agus na tiubruideacha fioruisge.


L. Ap14:8


Agus do lean aingeal eile hé, ag rádh; do thuit, do thuid an
Bhabilóin, an chathair mhór: oír tug sí fó deara dona huile
chineadhachuibh fión feirge a sdríopachuis do ibhe.


L. Ap14:9


Agus do lean an treas aingeal iád, ag rádh do ghuth árd, dá dtuguidh áoneach
onóir don nainmhidhe agus dá iomháigh, agus gu ngéubha chuige chomharrgha
a gclár a éudain nó ar a láimh.


L. Ap14:10


Ióbhuidh an tíse fós dhfíon fhírge Dé, donfhíon ghlan lióntar a gcupá a
fhéirge, agus doghéubhuidh a phiánadh a dteine agus a ruibh a bhfiadhnuise na
naingeal náomhtha, agus a bhfíadhnuise anuáin.


L. Ap14:11


Agus biáidh deathach a bpeannuide ag éirghe suás gu sáoghal na sáoghal: agus ní
bhiáidh suáimhneas do ló agus doidhche ag an druing dobheir onóir don
nainmhidhe agus dá iomháigh, ná ag an tí ghabhus chuige comhárrgha a anmasan.


L. Ap14:12


Ios annso atá foighide na náomh arna dearbhadh: ios annso dhearbhtar an
dream choimhéudas aitheanta Dé, agus creideamh Iósa.


L. Ap14:13


Agus dochúala mé guth ó neamh ag rádh rióm; sgríobh, ios beannuighthe na
mairbh dogheibh bás ar son an tighearna: Aseadh adeir an spiorad, oír
cumhsgnuidhid siád óna sáothar, agus leanuid a noibreacha iád.


L. Ap14:14


Agus do fhéuch mé, agus tabhair húidh, do taibhreadh dhamh néull geal,
agus neach na shuidhe sa néull bá cosmhuil ré mac an duine, agá raibh
coróin órrgha ar a cheann, agus corrán géur ina láimh.


L. Ap14:15


Agus táinic aingeal eile amach as an dteampoll, ag éighmhe do ghuth árd ar an
tí dobhí na shuidhe sa néull; sáith asdteach do chorrán, agus déuna buáin:
óir rug aimsir na buána ort: oír atá fomhar na talmhan aipche.


L. Ap14:16


Agus do sháith an tí dobhí na shuidhe sa néull a chorrán asdteach fán
dtalamh: agus do beanadh fomhar na talmhan.


L. Ap14:17


Agus táinic aingeal eile amach ón altóir, agá raibh cumhachda ós cionn na
teineadh, agus do éigh sé do ghuth árd ar an tí agá raibhe an corrán géur,
agá rádh; sáith asdteach do chorrán géur, agus cnúasuigh tarpáin fhínemhna na
talmhan, oír atáid a cáora aipche.


L. Ap14:19


Agus do sháith an taingeal a chorrán asdteach fán dtalamh, agus do chnúasuigh
sé cáora fíneamhna na talmhan, agus do theilg iád anumair mhór fhéirge Dé.


L. Ap14:20


Agus do brughadh an tamar ré cosuibh don táobh amuigh don chathruigh: agus
táinic fuil amach as anamar rainic gu sríantuibh na neach, feadh mhíle ar
shé chéud sdáid.


L. Ap15



CAP. 15.


L. Ap15:1


Dochonnairc mé na dhiáigh sin comhartha mór iongantach eile ar neamh:
eadhón seachd naingil, agá rabhadar na seachd bplágha deigheanacha, oír is
ríu sin do coimhliónadh fearg Dhé.


L. Ap15:2


Agus dochonnairc mé cosmhaileas fháirrghe gloinidhe arná cumasg ré teine,
agus an luchd rug buáidh ar anainmhidhe, agus ar a iomháigh, agus ar a
chomharrgha, agus ar uimhir a anma, na seasamh ag an bhfáirrge ghloinidhe,
agus cláirseacha Dé aca:


L. Ap15:3


Agus do chanadar cainntic Mháoise shearbhfhoghantuighe Dé, agus cainntic
anuáin, agá rádh; as mór iongantach hoibhreachasa, a thighearna a Dhé
uilechumhachduigh: ios comhthrom fírinneach do shlighese a Rí na naomh.


L. Ap15:4


Cía nách ghéubhadh faitcheas romhad a thighearna, agus nách dtiubhradh glóir
dhod ainm? oír as tú tiucfuid na huile chineadhacha agus sléuchdfuid ad
tfhiádhnuise: oír atáid do bhreitheamhnuis arna bhfoillsiughadh.


L. Ap15:5


Agus do fheuch mé na dhiáigh sin, agus tabhair húidh, do hosgladh teampoll
thabernacil na fíadhnuise ar neamh.


L. Ap15:6


Agus tangadar na seachd naingil amach as an dteampoll, agá rabhadar na seachd
bplágha, agá raibh línéudach glan deallruightheach, agus iad arna
gcreasrughadh ré creasgannuibh órrgha a dtimchioll anochda.


L. Ap15:7


Agus tug beathach do na ceithre beathadhachibh do na seachd nainglibh,
seachd soithighe órrgha, liónta dhfeirg nDé mhaireas a sáoghal na sáoghal.


L. Ap15:8


Agus do liónadh an teampoll ris an deathuigh táinic amach ó ghlóir Dhé, agus
óna chumhachduibh: agus niórbhféidir dhéuneach dul asdteach don teampoll, nó
gu rabhadar seachd bplágha na seachd naingeal arna gcríochnughadh.


L. Ap16



CAP. 16.


L. Ap16:1


Agus dochúala mé guth árd as an dteampoll, agá rádh ris na seachd nainglibh;
imthighidh romhuibh, agus dóirtigh soithighe fheirge Dé ar an dtalamh.


L. Ap16:2


Agus do imthigh an chéudaingel roimhe, agus do dhóirt sé a shoitheach ar an
dtalamh: agus do éiridh dhá bhrígh sin drochneasgóid nimhneach don druing ar
a raibh comhartha anainmhidhe, agus don luchd do onóruigh a iomháigh.


L. Ap16:3


Agus do dhóirt an dara haingeal a shoitheach fán bhfáirrge, agus tárrla
dhi bheith na fuil mar fhuil dhuine mhairbh: agus fuáir gach bheathadhach
dhá raibhe sa bhfáirrge bás.


L. Ap16:4


Agus do dhóirt an treas aingeal a shoitheach sna háibhnibh agus sna tiubruidibh
fióruisge: agus dorinneadh fuil dióbh.


L. Ap16:5


Agus dochúala mé aingeal na nuisgeadh agá rádh; ios comhthrom thú a
thighearna, noch atá, agus dobhí, agus bhiás, air gu rug tú breath air
na neithibhse.


L. Ap16:6


Oír do dhóirteadarsan fuil na náomh agus na bhfáidheadh, agus tug tusa
fuil ré hibhe dóibh: oír do thuilleadar sin.


L. Ap16:7


Agus dochúaluidh mé neach eile óniosdadh náomhtha ag rádh; aseadh
a thighearna a Dhé uilechumhachduigh, is fírinneach comhthrom do bhreathasa.


L. Ap16:8


Agus do dhóirt an ceathromhadh aingeal a shoitheach ar an ngréin, agus tugadh
cumhachda dhó dáoine dho phiánadh ré hainteas teineadh.


L. Ap16:9


Agus dobhádar dáoine ar fiuchadh ré hainteas mhór, agus do mhasluigheadar ainm
Dé, agá bhfuil cumhachda ós na plághuibhsi: agus ní dhearnadar aithrighe,
dochum glóire dho thabhairt dósan.


L. Ap16:10


Agus do dhóirt an cúigeadh aingeal a shoitheach ar chatháoir anainmhidhe,
agus dorinneadh a rióghachd dorcha, agus do chognadar a dteangtha ré hiomad
doilgheasa:


L. Ap16:11


Agus do mhasluigheadar Día neimhe tré iomad a ndoilgheasa agus a neasgóideadh,
agus ní dhearnadar aithrighe ar son a noibreacha.


L. Ap16:12


Agus do dhóirt an seiseadh aingeal a shoitheach sanabhuinn mhóir
Euphrátes, agus do thiormuigh a huisge, as gu mbiádh an tslighe
réidh ag ríoghuibh na háirde thoir.


L. Ap16:13


Agus dochonnairc mé trí spiorada nemhghlana bá cosmhuil ré froguibh,
eadhón gné phíasd, ag teachd amach as béul an dragúin, agus as béul
anainmhidhe, agus as béul an fháidh fhallsa.


L. Ap16:14


Oír ios spiorada deamhan iád, bhíos ag déunamh comharthadh, agus téid amach
gu ríoghuibh na talmhan agus an domhuin uile, dochum a gcomhchruinnighthe a
gceann chatha láe mhóir Dhé uilechumhachduigh.


L. Ap16:15


(Tabhruidh aire ribh, atáim ag teachd amhuil tig bithbhionach.) Ios
beannuighthe an tí doní faire, agus choimhéudus a éuduighe, deagla
bheith dó ag siubhal lomnochduighthe, agus gu bhfaicfedáois dáoine anáire.


L. Ap16:16


Agus do chruinnidh Día iád gu háit dáirighthe dá ngoirthear anÁbhra
Armageddon.


L. Ap16:17


Agus do dhóirt an seachdmhadh aingeal a shoitheach fá anaighér: agus táinic
guth árd amach as teampoll neimhe ón gcathaóir agá rádh, dobhí an
Bhabilóin ann.


L. Ap16:18


Agus dobhádar gothanna, agus teinnteach, agus tóirrneach ann: agus tárrla
crioth mhór talmhan ann, nách raibhe a chosmhaileas riámh ann ón trath fá
rabhadar dáoine ar an dtalamh, dobhí sé chomór sin do chrioth talmhan.


L. Ap16:19


Agus do rannadh an chathair mhór a dtrí cotannuibh, agus do thuiteadar
caithreacha na gcineadhach, agus táinic an Bhabilóin mhór a
gcuimhne a bhfiádhnuise Dé, dochum gu dtíubhradh dhi cupa dhfión chuthuigh a
fheirge sé a ibhe:


L. Ap16:20


Agus do theith gach uile oiléun, agus ní raibhe na sléibhte re a bhfagháil.


L. Ap16:21


Agus do thuit cloithshneachda mór anuás ó neamh a gcomhthrom talluinne ar
dháoinibh: agus do mhasluigheadar dáoine Día, do bhrígh phláighe an
chloithshneachdasin: oír bá romhór an phláigh táinic dhe.


L. Ap17



CAP. 17.


L. Ap17:1


Agus táinic aingel dona seachd nainglibh agá rabhadar na seachd soithighe,
agus do labhair sé riom, agá rádh rióm; gabh a leith, foillséochad duit an
bhreath damnuighthe bheirthear ar an méirrdrigh móir, atá na suidhe ar
uisgeadhuibh iomgha:


L. Ap17:2


Agá ndearnadar ríghthe an talmhan sdríopachas ría, agus agá bhfuilid
áitreabhuidh an talmhan ar misge ó fhión a sdríopachais.


L. Ap17:3


Agus rug sé ris mé fán bhfásach trésan spioruid, agus dochonnairc mé bean
na suidhe ar ainmhidhe dhobhí air dhath na sgárrláoide, agus an
tainmhidhe sin lán danmannuibh masluightheacha, ar a rabhadar seachd gcinn,
agus deich nadharca.


L. Ap17:4


Agus an bean arná héudughadh do phurpáir agus do sgárrláoid, agus arna hóradh
ré hór, agus ré clochuibh morluáidh, agus ré péurluighibh, agus dobhí cupá
órrgha aice na láimh, lán do ghráineamhlachd agus do neamhghloine a
sdríopachais.


L. Ap17:5


Agus dobhí ainm sgríobhtha a gclár a héuduin, eadhón seicréid an Bhabilón
mhór mathair sdríopachais agus ghráineamhlachda na talmhan.


L. Ap17:6


Agus dochonnairc mé an bhean sin air misge dhfuil na náomh, agus dhfuil
mhairtíreach Iósa: agus arna faicsin damh, do ghabh iongnadh na iongnadh
mhór mé.


L. Ap17:7


Adubhairt an taingeal riómh, créud fá ngabhann iongnadh thú? foillseóchadsa
dhuit seicréid na mná, agus anainmhidhe iomchras hí, ar bhfuil seachd gcinn,
agus deich nadharca.


L. Ap17:8


An tainmhidhe dhochonnairc tú, dobhí sé ann, agus ní fhuil: agus eireóchuidh
aniós as an bpoll dubhaigéin, agus doghéubhuidh a sgrios: agus budh hiongnadh
ris an luchd aítreabhas an talamh (ag nách fuil a nanmanna sgríobhtha a
leabhar an bheatha ó thús an domhain) an tan dochífid an tainmhidhe, dobhí
ann, agus nách fuil, agus fós atá.


L. Ap17:9


As annso atá aninntinn agá bhfuil eagna. Na seachd gcinn úd, is
seachd gcnuic iád, ar a bhfuil an bhean na suidhe.


L. Ap17:10


As seachd ríghthe iád mar an gcéudna: do thuiteadar cúigfhear dhióbh, agus
mairidh áon, agus atá áon eile gan teachd fós: agus an tan thiucfus sé, ní
bhiáidh cumas anmhanna aige achd tamall.


L. Ap17:11


Agus an tainmhidhe dobhí ann, agus nách fuil, asé fós an tochdmhadh hé,
agus as aon don mhóirsheisear é, agus dogheubhuidh a sgrios.


L. Ap17:12


Agus na deich nadharca dochonnairc tú, as deich ríghthe iád, nar ghabh
rióghachd chuca mar ríoghuibh, achd ghéubhus cumhachda chuca mar ríoghuibh,
anáonuair ris anainmhidhe.


L. Ap17:13


Atáid so dhéunchomhairle, agus dobhéuruid a neart, agus a gcumhachda dhon
nainmhidhe.


L. Ap17:14


Comhruicfid an dreamsa ris anuán, agus beuruidh an tuán buáidh órrtha: oír
asé tighearna na dtighearnadh hé, agus Rí na ríghtheadh: agus an luchd atá
dhá tháobh, atáid siád arna ngáirm, agus arná dtogha, maille ré bheith dóibh
ionnruic.


L. Ap17:15


Agus adubhairt sé rióm; na huisgeadha dhochonnairc tú, sanionadh na bhfuil
an mheirrdrech na suidhe, as puiblecha, agus coimhthionoil,
agus cinedhuigh, agus tengtha iád.


L. Ap17:16


Agus na deich nadharca dochonnairc tú air anainmhidhe, biáidh fúath aca don
mheirrdrigh, agus fúigfid fásuighe lomnochdach í, agus iósuid a feóil, agus
loisgfid siád ré teine hí.


L. Ap17:17


Oír do chuir Día na gcroidhthibh a thoil féin do ghéunamh, agus iád féin do
bheith dhéuntoil, agus a rióghachd do thabhairt don nainmhidhe, gu
coimhliónadh briáthra nDé.


L. Ap17:18


Agus an bhean dochonnairc tú, así an chathair mhór hí, agá bhfuil rióghachd
ós rióghuibh an talmhan.


L. Ap18



CAP. 18.


L. Ap18:1


Agus a ndiáigh na neitheannsa, dochonnairc mé aingeal ag teachd anúas ó
neamh, agá raibhe cumhachda móra: agus do dheallruidh an talamh réna ghlóir.


L. Ap18:2


Agus do éigh sé gu láidir do ghuth árd, ag rádh; do thuit, do thuit an
Bhabilón mhór, agus dorinneadh áit comhnuighthe deamhan di, agus ionadh
congmhála gach spioruide neamhghloine, agus áit cumhduigh gach éin fhúathmhair
neamhghloin.


L. Ap18:3


Oír do ibheadar na huile chineadhacha dhfión fhéirge a sdríopachuis, agus
dorinneadar ríghthe an talmhan sdríopachas ría, agus atáid cennuighthe an
talmhan arná ndénamh sáidhbhir ré hiomad a sáimhe.


L. Ap18:4


Agus docuála mé guth eile ó neamh ag rádh, tigidh amach aisde, a dhream ios
pobal dámhsa, deagla bheith díbh pártach réna peacadhuibh, agus phárta
dhfagháil díbh dhá plághuibh.


L. Ap18:5


Oír do leanadar a peacthuigh a cheile u rochdain dóibh gu neamh, agus do
choimhnigh Día ar a drochbheartuibh.


L. Ap18:6


Tuguidh dhi do réir mar thug sise dhíbhse, agus tugadh dhi gu dúbalta do réir
a gníomhartha, agus liónuidh dhi gu dúbalta an cupán dho liónuidh dhi gu
dúbalta an cupa dho lión sise dhíbhse.


L. Ap18:7


Ionann agus do árduigh sí hí féin a nglóir agus anáoibhneas, tuguidh dhi sa
méid chéudna peannuid agus doilgheas: oír adeir sí na croidhe atáim um
shuidhe anionadh bannríoghna, agus ní báinntreabhthach mé, agus ní fhaicfead
ádhbhar doilgheasa.


L. Ap18:8


Uime sin tiucfuidh a plágha anáon lá, eadhón bás, agus doilges, agus gorta:
agus loisgfighthear hí ré teine: oír is neartmhar an tighearna Día bhéuras
breath dhamnuighe uirrthe.


L. Ap18:9


Agus béid ríghthe na talmhan ag gul agus ag cáoi ar a son, noch do
chaith a mbeatha a nadhaltrannas agus a sáimhe maille ría, an tan chífid
deatach na teineadh ré loisgfighthear hí:


L. Ap18:10


Agus seasfuid siád a bhfad uáithe ré faitcheas a peannuide, agá rádh; a
a thruáighe, a truáighe, an chathair mhór Babilón, an chathair thréun, oír
táinic do bhreitheamhnus anáonuáir.


L. Ap18:11


Agus béid ceannuighthe an talmhan ag gul, agus ag caoi ós a cionn: do bhrígh
nách cennghann énduine a niorradha nísa mhó:


L. Ap18:12


Aniorradha óir, agus áirgid, agus chloch mbuadha, agus phéurluidheadh, agus
línéuduigh thóghtha, agus phurpair, agus shíoda, agus sgarrláoide, agus gach
gné adhmuid thine, agus gach gné sháoithidh doníthear dhfiáclaibh an
nOlephaint, agus gach gné sháoithidh doníthear dhadhmad rouásal, agus
do phrás, agus diárann, agus do mharmar,


L. Ap18:13


Agus cainéul, agus neithe deaghbhaluidh, agus oinnemeint, agus túis, agus fión,
agus ola, agus plúr míngheal, agus cruithneachd, agus ainmhinntighe, agus
cáoiridh, agus eich, agus carbuid, agus shearbhfhoghantuighedha, agus anmanna
dáoineadh.


L. Ap18:14


(Agus do imthigheadar na thórtha ina raibh fonn agad tanam uáit, agus do
imthigheadar na huile neithe méithe maiseacha uáit, agus ní bheid siád ar
fagháil feasda agud.)


L. Ap18:15


Seasfuid ceannuightheadha na neitheannsa dorinneadh saidhbhir ría, a bhfad
uáithe, ar fhaitcheas a peannuide, ag gul agus ag cáoi,


L. Ap18:16


Agus agá rádh; a thruáighe, a thruáighe, an chathair mhór, dobhí arna
héudughadh do línéudach tóghtha, agus do phurpair, agus do sgarrláoid, agus
dobhí arna hóradh ré hór, agus ré clochuibh buádha, agus ré péurluighibh.
Cionnas do cuireadh fá chéile a chomhmór sin do sháidhbhrios ré headh
éunuáire.


L. Ap18:17


Agus seasfuidh gach maighisdir luinge, agus gach luchd doní foghnadh ré
longuibh, agus na mairnéuluigh, agus an mhéid dogheibh sochar na fáirrge,
a bhfad uáithe,


L. Ap18:18


Agus béid ag éighmhe, an tan chífid deathach na teineadh réna loisgfightear hí,
agá rádh, cía an chathair bá cosmhail ris an gcathair mhóir úd?


L. Ap18:19


Agus téilgfid luáithreadh ar a gceannuibh, agus béid ag éighmhe, ag gul, agus
ag cáoi, agá rádh; a thruáighe, a thruáighe, an chathair mhór, ré a
ndearnadh saidhbir an mhéid agá rabhadar longa ar an bhfáirrge do bhrígh a
saidhbhriosa sin: oír do fásuigheadh hí anéunuáir.


L. Ap18:20


O a fhlaitheamhnuis, biódh gáirdeachas ort dá táobh, agus oruibse a
apsdala agus a fháidhe náomhtha, oír dorinne Día dioghaltus uirrthe ar
bhur sonsa.


L. Ap18:21


Agus do thóguibh aingeal neartmhar dháirighthe cloch suás mar chloich mhóir
mhuilinn, agus do theilg hí sa bhfairrge, agá rádh; ios ré fóirneart mar
so téilgfidhthear an Bhabilón an chathair mhór as a hionadh, agud ní
bhiáidh ré a faghail nísa mhó.


L. Ap18:22


Agus ní cluinfighthear nísa mhó ionnad fuáim chláirséoradh, ná luchd ciúil, ná
phíobaireadh, ná thrompóireadh: agus ní bhiáidh ré a fhaghail ionnad nísa mhó,
éunfhear céirde, giodhbé ar bioth céird ré a mbiáidh: agus cluinfighthear
ionnad nísa, hó, fuáim chloichthe muilinn:


L. Ap18:23


Agus ní shoillseóchuigh solas coinnle nísa mhó ionnad: agus ní cluinfighthear
guth fir na mná nuádhphósda nísa mhó ionnad: oír bá hiád do cheannuighthe
dáoine móra an talmhan, agus ios réd phisóguibh do mealladh na huile
chineadhacha.


L. Ap18:24


Agus ios innte fríth fuil na bhfáidheadh, agus na náomh, agus na nuile
dháoineadh do marbhadh ar an dtalamh.


L. Ap19



CAP. 19.


L. Ap19:1


Agus a ndiáigh na neitheannsa, dochuála mé guth árd búidhne móire ar neamh,
agá rádh; alleluía, slánughadh, agus glóir, agus onóir, agus cumhachda don
tighearna ar nDiáne.


L. Ap19:2


Oír is fírinneach comhthrom a bhreathasan: oír do dhamnuigh sé an mheirrdreach
mhór úd, noch dho thruáill an talamh réna sdríopachas, agus do dhíoghail sé
fuil a shearbhfhoghantuigheadh, do dóirteadh réna láimhse.


L. Ap19:3


Agus adubhradar an dara huáir, alleluiá: agus do éiridh a deathach suás a
sáoghal na sáoghal.


L. Ap19:4


Agus do léigeadar an ceathrar ar fhichid do sheanóireadhuibh, agus na ceithre
beathadhuigh iád féin síos ar a naithreachuibh, agus tugadar onóir dho Dhía
dobhí na shuidhe sa gcatháoir, agá rádh; Amén, alleluía.


L. Ap19:5


Agus táinic guth amach ón gcatháoir, agá rádh, moluidh ar nDía a uile
shearbhfhoghantuigheadha, agus a luchd air a bhfuil a fhaitcheas, eidir bheag
agus mhór.


L. Ap19:6


Agus dochúala mé cosmhaileas gotha búidhne móire, agus cosmhaileas fuáime
uisgeadh niómgha, agus cosmhaileas fuáime tóirrnidh ainntréin agá rádh,
alleluía, oír asé an tighearna Día uilechumhachdach as Rí ann.


L. Ap19:7


Biódh gáirdeachas agus luáthgháir oruinne, agus tugam glóir dhósan: óir
táinic pósadh anuáin, agus do ullmhuigh a bhean hí féin.


L. Ap19:8


Agus tugadh dhonóir dhi hí féin do éudughadh dho línéudach thoghtha, ghlan
dhellruightheach: oír asé ios línéudach tóghtha ann, fíreundachd na náomh.


L. Ap19:9


Adubhairt sé riom an tan sin, sgríobh, ios beannuighthe an dream fuáir
cuireadh shuipéir bhainnse anuáin. Agus adubhairt rióm, atáid na
briathrasa Dé fírinneach.


L. Ap19:10


Agus do thuit mé siós agá chosuibh, dochum a onóruighthe: achd adubhairt sé
rióm, seachuin tú ar sin do ghéunamh: as comhshearbhfhoghantuighe dhuit mé,
agus dod dhearbhráithreachuibh, agá bhfuil fiádhnuise Iósa aca. Tabhair
onóir dho Dhía: oír así fiádhnuise Iósa spiorad na fáidheadóireachda.


L. Ap19:11


Agus dochonnairc mé neamh osgluithe, agus tabhair húidh, do taibhreadh
dhamh each bán, agus asé dob ainm don tí dhobhí na shuidhe uirrthe, a
neach díleas fírinneach, agus as do réir chirt doní breitheamhnus agus cogadh.


L. Ap19:12


Agus bá cosmhail a shúile ré lasair theineadh, agus dobhádar mórán do
choróineach ar a cheann: agus dobhí ainm sgríobhtha aige, nár mhaithnidh
dháoineach achd dó féin.


L. Ap19:13


Agus dobhí arna éudughadh dhéudach dho tomadh a bhfuil: agus asé ainm
ghoirthear dhe, bríathar Dhé.


L. Ap19:14


Agus do leanadar slóigh neimhe hé ar eachuibh bána, arna néudughadh dho
línéudach thóghtha, ghléigheal glan.


L. Ap19:15


Agus tháinic cloidheamh géur amach as a bhéul, dochum na gcineadhach dho
bhualadh ris: agus doghéunuidh sé a ríaghlughadh ré slait iáruinn: agus asé
shaltras fá na chosuibh, amar fióna cuthuigh féirge Dé uilechumhachduigh.


L. Ap19:16


Agus dobhí ainm sgríobhtha aige air a éudach, agus air a shliásaid, eadhón
Rí na ríghtheadh, agus tighearna na dtighearnadh.


L. Ap19:17


Agus dochonnairc mé aingeal dáirighthe na sheasamh sa ngréin, noch dho éigh
dho ghuth árd, agá rádh ris an uile éunlaith dobhí ag eitealluigh a lár
neimhe, tagidh, agus cruinnighthear sibh dochum suipéir Dé mhóir.


L. Ap19:18


Dochum feóla ríghtheadh dhithe dhíbh, agus feóla árdchaiptíneadh, agus
fheóla dháoineadh gcumhachdach, agus fheóla each, agus an mharcshluáigh
bhíos orrtha, agus feóla na nuile, eidir sháor, agus dháor, eidir bheag
agus mhór.


L. Ap19:19


Agus dochonnairc mé an tainmhidhe, agus ríghthe an talmhan, agus a slóigh
arna gcruinniughadh a bhfochair a chéile, dochum coguidh dho ghéunamh
ris an tí dobhí ar muin aneich, agus réna shluágh.


L. Ap19:20


Agus do gabhadh an tainmhidhe, agus an fáidh fállsa maille ris, noch dhorinne
comharrthadha iongantacha na fhiádhnuise, léur mheall sé an dream dho ghabh
comharrgha anainmhidhe chuca, agus tug onóir dhá iomháigh: agus do teilgeadh
iád aráon a loch theineadh ar dearglasadh ré ruibh:


L. Ap19:21


Agus do marbhadh an chuid eile ré cloideamh an tí dhobhí air muin aneich,
eadhón táinic amach as a bhéul: agus do sásadh na huile éunlaith réna
bhfeóil.


L. Ap20



CAP. 20.


L. Ap20:1


Agus dochonnairc mé aingeal ag teachd anuás ó neamh, agá raibhe eochair an
phuill dubhaigéin, agus slabhradh mór ina láimh.


L. Ap20:2


Agus rug sé ar an ndragún, eadhón an tseanathair nimhe, noch ios díabhal agus
ios Satán ann, agus do cheanguil sé é míle bliághain.


L. Ap20:3


Agus do theilg hé sa bpoll dubhaigéin, agus do dhún, agus do shéuluigh an
dorus air, dochum nách meallfadh sé na cineadhacha nísa mhó, gu coimhliónadh
an mmíle bliághan: agus na dhiáigh sin ios éigean sgáoileadh feadh aimsire
aithghiorra.


L. Ap20:4


Agus dochonnairc mé catháoireacha, agus do shuigheadar dream ionnta, agus
dotugadh cumhachda dóibh ar bhreitheamhnus do ghéunamh: agus
dochonnairc mé anmanna na druinge dho dícheannadh ar son fhiádhnuise Iósa,
agus ar son bhréithre Dé, agus nách dtug onóir don nainmhidhe, ná dhá
iomháigh, agus nár ghabh a chomharrgha chuca a gcláruibh a néudan, ná na
láimh: agus mairfid, agus beid na rióghuibh a bhfochair Chríosd míle
bliaghuin.


L. Ap20:5


Agus an chuid eile dhona marbhuibh, ní búdh béo iád arís, gu críochnughadh an
mhíle bliághan. Así so an chéud eiséirghe.


L. Ap20:6


As beannuighe agus ios náomhtha an tí agá bhfuil chuid aige sa gcéud
eiséirghe: óir ní fhuil cumhachda ag an dara bás ós a gcionn so: achd béid
siád na sagartuibh do Dhía agus do Chríosd, agus béid na ríoghuibh na
fhochairsean, míle bliághuin.


L. Ap20:7


Agus an tan chríochnóchar an míle bliághan, léigfighthear Satán fá sgáoil
as a phríosún.


L. Ap20:8


Agus racha sé amach dochum na cineadhacha dho mhealladh noch atá a
gceithre corruibh an talmhan, eadhón Góg, agus Magóg, dochum a
gcruinnighthe a gceann a chéile dochum catha, agá bhfuil anuimhir
amhuil ghaineamh na fáirrge.


L. Ap20:9


Agus dochuádar suás ar leitheadh an talmhan, agus do thimchiolladar cámpa na
náomh, agus an chathair ghrádhach: agus táinic teine anuás ó neamh ó Dhía,
agus do shluig sí iád.


L. Ap20:10


Agus do teilgeadh an diábhal do mheall iád a loch theineadh agus ruibhe,
san ionad a bhfuil an beathadhach agus an fáidh fallsa, agus beid siád dá
bpiánadh do ló agus doidhche a sáoghal na sáoghal.


L. Ap20:11


Agus dochonnairc mé catháoir mhór gheal, agus neach dháirighthe na shuidhe
innte, agár theith talamh agus neamh roimhe, agus ní fríth anáit.


L. Ap20:12


Agus dochonnairc mé na mairbh eidir bheag agus mhór na seasamh a bhfiádhnuise
Dé: agus do hosgladh na leabhair: agus do hosgladh leabhar eile, eadhon
leabhar na beatha: agus rugadh breath ar na marbhaibh as na neithibh dobhí
sgríobhtha sna leabhruibh, do réir a ngníomharthadh.


L. Ap20:13


Agus tug an fháirrge uáithe na mairbh dobhí innte: agus tug an bás agus ifearn
uátha na mairbh dhobhí aca: agus rugadh breath órrtha fó leith do réir a
ngníomharthadh.


L. Ap20:14


Agus do téilgeadh an bás agus ifearn a loch teineadh: asé so an dara
bás.


L. Ap20:15


Agus giodhbé nách fríth sgríobhtha a leabhar na beatha, do teilgeadh hé
sa loch theineadh.


L. Ap21



CAP. 21.


L. Ap21:1


Agus dochonnairc mé neamh nuádh, agus talamh nuádh: oír dochuáidh an céud
neamh agus an céud talamh thoruinn: agus ní raibhe fáirrge ann nísa mhó.


L. Ap21:2


Agus dochonnairc meisi Eóin an chathair náomhtha eadhón Ierusalém
nuádh, ag teachd ó Dhía anúas ó neamh, arna hullmhughadh, amhuil ghléusas
bean nuádhphósda hí féin fá chomhair a fir.


L. Ap21:3


Agus dochúala mé guth árd ó neamh, agá rádh, tabhair húidh, atá
tabernacil Dé ag dáoinibh, agus dodhéunuidh seision comhnuidhe na bhfochair:
agus béid siádsan na bpubal aige, agus biáidh Día féin na bhfochairsion,
na Dhía aca.


L. Ap21:4


Agus glanfuidh Día gach uile dhéor ó na súilibh: agus ní bhiáidh bás
ann nísa mhó, ná cáoi, ná éighmhe, agus ní bhiáidh sáothar ann nísa mhó:
óir dochúadar na céidneithe thoruinn.


L. Ap21:5


Agus adubhairt an tí dobhí na shuidhe sa gcatháoir, tabhair húidh,
doním na huile neithe núadh. Agus adubhairt sé ríom, sgríobh: oír ios
fírinneach díleas na bríathrasa.


L. Ap21:6


Agus adubhairt sé rióm, dobhádar na céud neithe ann: as meise Alpha
agus Oméga, an tosach agus agus an deiredh. Dobhéura mé dhon tí ar
a bhfuil tart ní ré aibhe dho thobar uisge na beatha anaisgidh.


L. Ap21:7


An tí bheireas buáidh, budh hóighre hé ar na huile neithibh: agus biáidh
meise um Dhía aige, agus biáidh seision na mhac agumsa.


L. Ap21:8


Achd doghéubhuid na dáoine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus
luchd an dúnmharbhtha, agus anadhaltrannuis, agus na bpisóg, agus
aniodhaladhruigh, agus anuile luchd bréige dho ghéunamh, a gcuid sa loch
atá ar dearglasadh dho theine agus do ruibh, noch ios dara bás ann.


L. Ap21:9


Agus táinic neach do na seachd nainglibh chugum agá rabhadar na seachd
soithighe liónta do na seachd bplághuibh deigheanacha, agus do labhair sé riom,
agá rádh; gabh a leith, taiséunfadsa dhuit an bhean nuádhphósda, bean
anuáin.


L. Ap21:10


Agus rug sé leis mé trésan sbioruid dochum sléibhe móir áird, agus do
thaiséin sé dhamh an chathair mhór, eadhón Ierusalém náomhtha, ag teachd ó
Dhía anuás ó neamh:


L. Ap21:11


Agá raibhe glóir Dhé: agus bá cosmhail an lonnradh dhobhí innte ré cloich
ro úasail, mar chloich Iaspis comhghlan ré criosdal.


L. Ap21:12


Agus dobhí balla mór árd aice, ar a rabhadar dhá gheata dhéug, agus
dhá aingeal déug ag na geataidhibh, agus anmanna sgríobhtha orrtha, eadhon
anmanna dhá threabh dhéug chloinne Israél.


L. Ap21:13


Dobhádar trí gheata don táobh shoir: trí gheata don táobh thuáigh,
trí gheata dhon táobh theas, agus trí gheata don táobh thíar.


L. Ap21:14


Agus dobhádar dhá fhonndameint déug ag balla na caithreach, ar a
rabbhadar anmanna dhá absdal déug anuáin.


L. Ap21:15


Agus dobhí ag an tí dho labhair riom giolcach órrgha, dochum na caithreach,
agus a geatuigheadh, agus a balla dho thomhas dó.


L. Ap21:16


Agus dobhí an chathair arna suighiughadh gu ceithir uilleannach, agus dob
ionann fad agus leithfhadh di: agus do thomhais sé an chathair ris an
ngiolcach, agus asé bá suim dhon tomhas sin dhá mhíle dhéug sdáid:
agus is ionann fad agus leithfhadh agus áirde dhi.


L. Ap21:17


Agus do thomhais sé a balla, céud agus asé bá suim dhon tomhas sin céud ar
cheithre agus dá fhichead chubhaduibh, do réir mhiosúir dhuine, eadhon
anaingil.


L. Ap21:18


Agus ios ré cloich Iaspis do tógbhadh suás a balla: agus bá hór glan an
chathair féin, agus bá cosmhail hí ré gloine ghloin.


L. Ap21:19


Agus dobhádar fonndameinntighe bhalla na caithreach arná ndéunamh
deaghmhaiseach ris anuile ghné do chlochuibh uaisle. Bá cloch Iaspis an
céud fhundameint: bá cloch Shaphir an dara fonndámeint: bá cloch Chalcédoin
an treas fonndameint: bá cloch Smaragaid an ceathromhadh fonndameint:


L. Ap21:20


Bá cloch Shardónix an cúigeadh fonndameint: bá cloch Shardiuis an seiseadh
fonndameint: bá cloch Chriosolit an seachdmhadh fonndameint: bá cloch
Bherill an tochdmhadh fonndameint: bá cloch Thopáis an náomhadh
fonndameint: bá cloch Chrisophrasuis an deachmhadh fonndameint: bá cloch
Iácint an táonughadh fonndameint déug: bá cloch Ametist an dara
fonndamheint déug:


L. Ap21:21


Agus dobhádar an dá gheata dhéug na dhá bpéurla dhéug, agus ios
déunphéurla dhorinneadh gach geata dhíobh fó leith: agus dobhí sráid na
caithreach na hór ghlan, amhuil dobhiádh gloine dheallruigheach.


L. Ap21:22


Agus ní fhacuidh mé teampall innte: oír asé an tighearna Día uile
chumhachdach, agus an túan as teampall di.


L. Ap21:23


Agus ní fhuil grián ná gealach na riáchdanus ar an gcathruighse, dochum
soillsighthe dhóibh innte: oír do shoillsigh glóir Dé hí, agus asé an
tuán is solas di.


L. Ap21:24


Agus an mhéid sháorthar dona cineadhachuibh, beid siád ag siubhal na
solas sin: agus béuruid ríghthe an talmhan a nglóir agus anonóir chuice.


L. Ap21:25


Agus ní dúnfuighthear a geatuidhe do ló: oír ní bhiáidh oidhche annsúd.


L. Ap21:26


Agus béurthar glóir agus onóir na gcineadhach chuice.


L. Ap21:27


Agus ní racha ní ar bioth asdteach inte na ní ar bioth dhoní
gráineamhlachd ná bréug: achd asiád amháin an dream atá sgríobhtha a leabhar
bheatha anuáin rachas asdteach innte.


L. Ap22



CAP. 22.


L. Ap22:1


Agus do thaiséin sé dhamh sruth glan duisge na beatha, coimhdheallruigheach
ré criosdal, ag teachd amach ó chatháoir Dé, agus anuáin.


L. Ap22:2


Agus a lár shráide na caithreachsin, agus ar gach táobh dhon tsruth, do
bhí crann na beatha, agus dobheireadh dhá thoradh dhéug uádha gacha miós:
agus do fhoghain duille an chroinnsin dochum leighis na gcineadhach.


L. Ap22:3


Agus ní bhiáidh mallughadh ar bioth a gcion éunduine nísa mhó: achd biáidh
catháoir Dé, agus anuáin innte: agus doghéunuidh a shearbhfhoghantuigheadha
seirbhís dó.


L. Ap22:4


Agus dochífid siád a adhuigh, agus biáidh a ainm a gcláruibh a néudan.


L. Ap22:5


Agus ní bhiáidh óidhche annsin, agus ní fhuil uireasbhuidh lóchruinn ná
sholais gréine órrtha: oír dobheir an tighearna Día solas dóibh: agus béid
síad na ríoghuibh a sáoghal na sáoghal.


L. Ap22:6


Agus adubhairt sé rióm, is díleas fírinneach na bríathrasa: agus do chuir an
tighearna Día na bhfáidheadh náomhtha a aingeal uádha, dochum foillsighthe dá
shearbhfhoghantuighibh pféin, na neithe ios éigean do ghéunamh gu haithghearr.


L. Ap22:7


Tabhair húidh, ios gearr gu dtiucfa mé. Ios beannuighthe an tí
choimhéudus briáthra fáidheadóireachda an leabhairse.


L. Ap22:8


Agus as mise Eóin an tí dhochonnairc agus dochúaluidh na neithese. Agus
an tan dochúala, agus dochonnairc íad, do thuit mé síos dochum sléuchdana
dho ghéunamh a bhfiádhnuise chos anaingil do fhoillsigh na neithese dhamh.


L. Ap22:9


Achd adubhairt sé rióm, seachuin thú ar sin do ghénamh: oír ios
coimhshearbhfhoghantuighe dhuit mé, agus dod dhearbhráithreachuibh dona
fáidhibh, agus don druing choimhéudas briáthra an leabhairse: déun
umhla dho Dhía.


L. Ap22:10


Adubhairt rióm an tan sin, ná séuluidh briáthra fáidheadóireachda an
leabhairse, oír atá anaimsir dho lathair.


L. Ap22:11


An tí dhoní éugcóir, déunadh eugcóir dho ghnáth: agus an tí atá neamhghlan,
biódh neamhghlan do ghnáth: agus an tí atá na fhiréun, biodh firéunda dho
ghnath: agus an tí atá náomhtha, biódh náomhtha dho ghnáth.


L. Ap22:12


Agus tabhair húidh, ios gearr gu dtiucfa mé, agus atá mo luách sáothair
agum, dochum a thabhartha dá gach áon do réir mar bhiás a ghníomh.


L. Ap22:13


As meise Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh, an chéudneach
agus an neach déigheanach.


L. Ap22:14


As beannuighthe an dream choimhéudas a aitheanta: as gu mbiáidh cumas chroinn
na beatha aca, agus cumas dhula asdteach trésna geatadhuibh dhon chathruigh.


L. Ap22:15


Oír beid don táobh amuigh na madruigh, agus luchd na bpisóg, agus
anadhaltrannuis, agus an dúnmharbhtha, agus aniodhaladhruigh, agus
gach neach ghrádhuigheas an bhréug, agus doní hí.


L. Ap22:16


Do chuir meise Iósa mhaingeal uáim, dochum fiádhnuise dho ghénamh dhíbhse
ar na neithibhse sna heagluiseachuibh. Ios meise fréum Dháibhí agus ios da
shliochd mhé, agus ios mé réulta deallruightheach na maidne.


L. Ap22:17


Agus adeir an sbiorad agus an bhean nuádhphosda, tárra. Agus abradh an tí
dhochluin, tárra. Agus tagadh an tí ar a bhfuil tart: agus an tí lénab áill,
glacadh sé uisge na beatha anaisgidh.


L. Ap22:18


Oír doním dhfiádhnuise dhá gach áon dá gcluin bríathra fáidhedóireachda an
leabhairse, dá gcuiridh áon neach tuilleadh ríu so, gu gcuirfe Día airsean na
plágha atá sgríobhtha sa leabharsa:


L. Ap22:19


Agus dá mbeanuidh neach ar bioth cuid do bhriothruibh leabhair na
fáidheadóireachdsa, beanfuidh Día a chuidsion as leabhar na beatha, agus
as an gcathair náomhtha, agus as na neithibh atá sgríobhtha sa leabharsa.


L. Ap22:20


Adeir an tí dhoní fiádhnuise na neitheannsa, gu deimhin ios gearr gu
dtiucfa mé. Amén. Uime sin tárra a thighearna a Iósa.


L. Ap22:21


Grása ar dtighearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amén.



FINIS.


L. Rr



DOCHUM AN LEUGHTHORA.



Ag sin agad a Léughthóir, tiomna nuádh ar dtighearna agus ar slánaighthéora
IOSA CRIOSD, arná tarruing gu diongmhalta do réir mo bharamhla a
ngáoidheilg, as an dteanguidh fhoirfe Ghréigise inar scríobhadh hí ar tús,
tré thréoir an spiorad náoimh. Obair agá raibe suil na diáigh ag na
sinnsearuibh cián ó shoin, agus nach tugadh dochum criche gus anois. Biódh
gu bhfuáradar daóine diágha, foirfe, foghlomtha lór sáothair dha táobh roimhe
so: mar atá Séan O Cearnuidh, dobhí na threisenéir a dteampall
Phádruic a mbaile atha Cliath, agus Nicolás Bhailis dobhí na Easbog
rooirrdheirc a Nosruidhe, maille ré Fearganainm ó nDomhnalláin atá
anois na Airdeasbog a Dtuaim, noch do ghabh sáothar mór air féin maille
riomsa agus ré Máoilín og mhac Bruaideadha, duine iúlmhar sa teanguidh
ghaoidheilge, sa Gcoláisde nuádh laimh re Baile atha Cliáth, ait nar
chriochnuigheamar maille re na chur a gcló gháoidheilge, (ar chosdus
Chóigidh Chonnachd, re linn Shior Risdeard Bingem do bheith na
uachdarán innte) gus an seiseadh caibidil do thsoisgeul Lucais, agus an
chuid eile dhon tsoisgéul sin, agus soisgéul Eóin, sgriobhtha re láimh
gan chur a gcló an tan sin, ná fós gu ceann cúig mbliádhan na dhiaigh, nó
gu dtáinic dhiómsa tré thoil Dé, maille ré cungnamh Domhnuill óig
I Uiginn, (air ar chuir mé uálach na coda eile dho sgríobhadh do réir
óghuim agus chirt na gháoidheilge,) crioch dho chur uirrthe, ar
chosdus mhaighistir Uilliam Uiséir, Cléireach na comhairle, dobhí
rofhonnmhar ar gach cosdus do chaitheamh ría, dochum an tsáothairse
dho theachd chum maitheasa dhá thír, noch atá o ré na sean a
ndorchadas agus a sgaile an bháis, tré bheith dóibh anainbhfios
bhréithre na fírinne, eadhón thsoisgéil an tslánuighthe. Atámuid ag
fosáileamh an tsaothairse ortsa a Léughthóir, agus ar eagluis De,
mar an seúd ios uáisle agus ios onoruighe ios éidir dho neoch ar bioth dho
thairgsin uádha. Uime sin iárrmuid dathchuinghe ort anainm ar dtighearna
Iósa, noch is úghdar ris an soisgéulsa, gan an táirgsin so dho ghabháil
chugad gu diomháoin, achd amhuil thiodhlacadh tig ó Dhia dochum a fphobail,
dochum méuduighthe a rióghachda, agus chomhfhurtachda a eagluise, gu madh
hamhluidh sin ghéubhus tu chugad hé, maille ré na léugadh gu dúthrachdach,
agus ré na sduidéur gu dithchiollach, agus ris an tegusg náomhtha atá ann do
leanmhuin feadh do bheatha. Dá bhfágha tú comhfhurtachd ar bioth do thaobh
na hoibrese, beir a bhuidhe ré Día. Agus dá bhfágha tú lochd ar bioth
innte foillsigh dhúinne hé, maille ré na cheartughadh gu compánta: oír ní
héidir dhuit do ghrádh dfoillsiughadh dhúinn nísa dhúthrachduighe ina
sin. Agus déagla a sháoilseana dhuit gu dtruáillfemis an texa re
barruigheachd ar bioth dho chur leis uáinn féin, tabhair húidh, niór
chuireamar éunfhocal ris, achd amháin a gcás chéille iomláine na gáoidheilge
do chur siós, dob éigean dúinn anionaduibh dairighthe, (fá mar is gnáth ion
gach uile thranslasion,) focail dáirighthe dho chur leis, maille ris an
gcomharrghasa. Agus ní eile ios deimhin linn féin, gu bhfuilid lochda
sa bprionndasa, agárob neimhchiontach sinn féin ríu. Iárrmáoid dathchuinghe
ortsa na lochda sin do cheartughadh, agus ar leisgéul do ghabháil ionta.
Grása maille rinn uile. Amén.
Do charuid ionmhuin a gCríosd,
Uilliam O Domhnuill.


L. Ur



URRNUIGHTHE.
Glóir, agus moladh, agus móronóir dhuitse a thighearna a Dhé uile
chumhachduigh, agus athair ar dtighearna Iósa Chríosd, do chríochnuigh
anobairse, noch dho thionsgnamh ad tainm pféin. Admhuighemáoid a
thighearna gur dhuill a bpeacuighni, agus peacadh na sinnsear
thrómmhdhióghaltus do ghéunamh oruinn an mhéid atámuid gu huilidh sanoilen
bhochdsa hÉireann, agus ar bhfagbháil andorchadus shiorruidhe agus
sgáile an bháis, tré bheith ainbhfiosach dhúinn a mbréithir na fírinne,
eadhón a soisgéul an tslánuighthe: Giodheadh a thighearna ós tusa tobar na
trocaire, ná déun dioghaltus oruinn do réir ar míghníomh, achd gu madh
treise réd thrócaire, ná re ar bpeacadhne. Agus biódh nách fíu sin ar
súile do thógbháil damharc súas dochum neimhe, giodheadh fós iárrmuid ort
as uchd do mhic ionmhuin Iósa Criosd ar dtighearna, ar náonóighne, agus
ar náontslánaighthóir, an sáotharsa dho ghabháil ghreama agus do dhul a
dtárbha dhon noiléun chéudnasa. agus sgrios uádha a thighearna, gach
eireticeachd agus gach seachrán créidmhe dhá bhfuil ann, maille réna
chogthuibh agus réna bhuaidhearthuibh dho chur ar gcúl mar an gcéudna, agus
ré síthcháin shiórruidhe dho thabhairt ann, tré éolas fhoirfe dothoile
náomhtha féin, agus tré chreideamh dhiongmháltana fírinne. Eisd rinn a
athair ghrádhuigh tré Iósa Críosd ar dtigherna, dha dtíubhram glóir,
moladh, agus onóir anois agus tré bhioth siór. Amén.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services