Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Foras Feasa ar Éirinn III
Title
Foras Feasa ar Éirinn III
Author(s)
Céitinn, Seathrún,
Compiler/Editor
Dinneen, P.S.
Composition Date
1640
Publisher
(Londain: I.T.S., 1906)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Foras Feasa ar Éirinn. Liber Secundus. I. Ag so síos do ríoghaibh Éireann agus da ndálaibh d'éis Chreidimh agus da hannálaibh go tigheacht Ghall innte agus gur ghabhadar a h-orlamhas. Adeir Sanderus san chéidleabhar do Shiosma na Sacsan go dtugadar Gaedhil do láthair iar ngabháil chreidimh iad féin agus an mhéid do bhí aca ar chumas is fá smacht Easpuig na Rómha, is nach raibhe airdphrionnsa oile orra acht Easpog na Rómha go rochtain flaithis Éireann do Ghallaibh. Ag so briathra an ughdair: "Tugadar Éireannaigh" ar sé, "do láthair iar ngabháil chreidimh dóibh, iad féin agus a raibhe aca ar chur is fá smacht Easpuig na Rómha, is ní raibhe admháil aca ar airdphrionnsa oile do bheith ar Éirinn acht Easpog na Rómha amháin gus an aimsir úd," .i. go Gabháltas Gall. Gidheadh ní fíor an ní-se adeir Sanderus, mar is follus a Psaltair Chaisil, mar a labhrann ar Írial Fáidh mac Éireamhóin, is mar a bhfoillsigheann an t-áireamh ríogh do shíol Éireamhóin do ghabh Éire ré bPádraig do shíoladh an chreidimh i nÉirinn agus da éis. "Do ghabh Írial Faidh flaitheas Éireann deich mbliadhna, agus sul do síoladh riaghail Chríost lé Pádraig i nÉirinn do ghabhadar 57 rígh do shíol an ríogh chéadna flaitheas Éireann agus fós do
bhádar caogad rígh do shliocht an fhir chéadna i bhflaitheas Éireann d'éis Phádraig." Agus atá so follus a hannálaibh aosta Eireann agus as an Réim Ríoghruidhe. Ag so mar thig Policronicon ar an ní gcéadna-so, mar a n-abair: "Ó thigheacht Phádraig go haimsir Fheidhlimidh rígh (.i. rí Mumhan) do bhádar 33 rígh i bhflaitheas Éireann feadh cheithre céad bliadhan; i n-aimsir iomorro Fheidhlimidh tángadar Fionnlochlonnaigh ré ráidhtear Noruaegienses mar aon ré n-a dtaoiseach Turgesius go hÉirinn." As sin is iontuigthe go rabhadar ríghthe ar Eirinn do Ghaedhealaibh i ndiaidh aimsire Phádraig. Agus adeir an t-ughdar céadna na briathra céadna-so síos san áit chéadna: "Ó aimsir Thuirgéis gus an rígh ndéidheanach Ruaidhrí righ Connacht do bhádar 17 rígh ar Eirinn." As gach ní dhíobh so is follus nach fíor a rádh nach raibhe rí ar Éirinn ó aimsir Phádraig go Gabháltas Gall. Agus tig leis so an ní léaghthar san 36 eipistil do scríobh Anselmus naomhtha, airdeaspog Chanterburie, mar a scríobhann go Muircheartach Ó Briain rí Éireann, amhail léaghthar ag Doctúir Usser san deascán do chnósaigh sé do leitreachaibh naoimhchléire Éireann is Sacsan go aroile; agus do réir an ughdair chéadna mar a scríobhann Anselmus gus an Muircheartach gcéadna an tan fá haois don Tighearna 1100, mar a n-abair: "Anselmus óglách eagailse Chanterburie go Muircheartach ghlórmhar tré ghrásaibh Dé rí Éireann"; agus mar scríobhas airdeaspog Canterburie Lanfrancus go Toirrdhealbhach Ó Briain rí Éireann an tan fá haois don Tighearna 1074, do réir Dhoctúir Usser
san áit do haithléaghadh linn, "Lanfrancus peacthach agus airdeaspog neamhdhiongmhálta naoimheagailse Dorobernensis beannacht go seirbhís is go nguidhe go Toirrdhealbhach rígh Éireann." Atá ag neartughadh lé firinne an neithe-se an ní léaghthar san 41 eipistil san leabhar chéadna, mar a scríobhann an céid-Henrí rí Sacsan go Radulphus airdeaspog Canterburie ag a iarraidh air grádha do thabhairt do shagart dar bh'ainm Gregorius agus a oirneadh 'n-a easpog i n-Áth Cliath tré fhoráileamh ríogh Éireann. Ag so briathra ríogh Sacsan an tan fá haois don Tighearna 1123: "Do fhoráil rí Éireann orm-sa lé 'n-a scríbhinn agus buirghéisigh Dhuibhlinne gur thoghadar an Greagóir-se 'n-a easpog, is do chuireadar chugat-sa é da oirneadh. Uime sin foráilim-se ort-sa, ionnus go dtugthá a n-iarraidh dóibh, cóimhlíonadh gan chairde do dhéanamh ar a oirneadh." As gach ní da ndubhramar is follus nach fíor ré a rádh nach raibhe rí ná arduachtarán ar Éirinn go Gabhaltas Gall; agus is follus fós nach raibhe cur cinnte ag Pápa na Rómha ar Éirinn riamh, acht mar do bhí ar an Spáinn nó ar an bhFraingc nó ar chríochaibh oile go haimsir Dhonnchadha mic Briain Bhóraimhe do-chuaidh don Róimh tuairim is seacht mbliadhna déag ar thrí fichid sul tángadar Gaill i nÉirinn. Gidheadh ar ndul do Dhonnchadh mac Briain don Róimh, amhail adubhramar thuas, tug féin agus uaisle Éireann aonta ré cur do bheith ag Easpog na Rómha orra, do bhrígh go mbídís féin easaontach ré chéile fá iomchosnamh Éireann. Óir tar ceann go scríobhaid ughdair go coitcheann gur bhronn Constantinus impir iar ngabháil bhaiste dhó oiléin iarthair Eorpa do Shilbhester Pápa, níor shealbh don Phápa ar Éirinn sin, do bhrígh nach raibhe sealbh na hÉireann ag aoinimpir da raibhe riamh san Róimh ná ag Constaintin. Da
réir sin cionnus b'éidir go mbiadh brígh san cheart do-bhéaradh an t-impir don Phápa ar an ní nach raibhe 'n-a sheilbh féin ná i seilbh aonduine da dtáinig 'n-a dhiaidh san impireacht ó shoin? Agus uime sin ní hinmheasta go mbiadh comhmór na hÉireann do ríoghacht - gan chead do Dhoctúir Sanderus - gan airdfhlaith ná airdrí uirre ó aimsir Phádraig go Gabháltas Gall acht an Pápa amháin. Cuirfeam síos annso as an seanchus, sul laibheoram ar ríoghaibh Éireann iar gcreideamh, an modh ar a ndéintí ríogha d'ordughadh i nÉirinn, agus créad fá n-orduighthí iad, idir airdrígh is rígh cúigidh is phríomhfhlaith fearainn. Tuig nach bíodh do ghairm i nÉirinn i n-allód acht gairm ríogh ag a bhflathaibh fearainn, amhail fá nós don chine Iúduidheach (acht amháin go mbídís diuicidhe ag an gcine Iúduidheach) agus do mhórán de chineadhaibh oile, amhail do bhíodh taoiseach i nAlbain ag Dál Riada nó gur ríoghadh Fearghus Mór mac Earca orra. Is é fáth iomorro fá ríoghthar aon duine amháin ós cionn na bpuibleach is na gcríoch ionnus go mbiadh gach aon 'n-a fhlaitheas féin umhal dó, is gan ar breith do neach dhíobh freasabhra ná cur 'n-a aghaidh feadh a fhlaithis féin, agus a thuigsin gurab ó Dhia is codhnach agus is cumhachtach ós cionn cháich do horduigheadh 'n-a rígh ós cionn na bpuibleach é da bhfollamhnughadh, agus da réir sin go ndleaghair dóibh umhla do thabhairt dó is a thuigse gurab é an t-aoin-Dia céadna is codhnach ar neamh ar talmhain is ar ifreann tug an smacht soin dó, is gurab uaidh fuair flaitheas; agus is minic gurab iad na daoine is glioca agus is foghlumtha do bhíodh i nÉirinn do toghthaoi i bhflaitheas do smachtughadh an uilc is do choimhcheangail na cána is do shnadhmadh na síothchána, mar atá Sláinghe mac Deala mic Loich fá airdbhreitheamh i nÉirinn 'n-a aimsir féin, Ollamh Fódla do bhí foghlumtha agus Tighearnmhus a mhac do bhí feasach mar
an gcéadna, agus Cormac mac Airt do bhí eolach san Bhreitheamhnas Tuaithe is ro scríobh an Teagasc Ríogh: agus mar sin i dtús na n-aimsear is iad lucht an fheasa agus an dream ba mó fonn don mhaitheas phuiblidhe do mhéadughadh do toghthaoi lé fearaibh Éireann ós cionn na gcríoch go dtáinig Pádraig is neart na heagailse. Agus ó tháinig Pádraig, is ag na heaspogaibh ag na huaislibh agus ag na croinicibh do bhíodh togha na ríogh is na dtighearnadh go Gabháltas Gall; agus na garma chleachtar anois, mar atá Barún Bhíocont Iarla Marqueis nó Diuice, níor cleachtadh i Éirinn iad acht Triath Tighearna Flaith nó Rí, agus a slonnadh ó na críochaibh do bhíodh 'n-a seilbh. Ré linn iomorro gharma do ghlacadh dhóibh tigeadh an croinice agus an leabhar da ngairthear an Teagasc Ríogh leis, mar a mbíodh suim chumair nós is reacht na críche, agus mar a mbíodh foillsiughadh an luaidheacht bhíos ó Dhia is ón phobal tré mhaith do dhéanamh, agus an díoghaltas bhíos ós a chionn féin is ós cionn a shleachta tré neamhchomhall ceirt is córach, amhail orduigheas Leabhar na Ríogh is an Teagasc Ríogh do dhéanamh. Is minic fós do beantaoi urruidhe da gcáirdibh do dhruing díobh fá choimhlíonadh reachta na críche do réir Theagaisc na Ríogh, nó an righe do léigean díobh gan imreasan, amhail do bheanfadh Tuatha Dé Danann do Bhreas mac Ealathan i n-aimsir ríoghachta Éireann do thabhairt dó. Is é an croinice do-bheireadh slat i láimh gach tighearna ré linn garma do ghabháil; agus d'éis na slaite do dháil dó, do chuireadh i gcéill do na tuathaibh nach rígheadh an tighearna nó an rí a leas arm do ghlacadh ó shoin amach do smachtughadh a thíre acht bheith umhal da shlait amhail scoláire da mháighistir. Óir amhail do-bheir an scoláire críonna
grádh is umhlacht is buidheachas da mháighistir, is mar sin dlighthear do na híochtaránaibh bheith da ríoghaibh, tré mar is lé slait córa is ceirt stiúras na híochtaráin, is nach lé faobhar airm na héagcóra. Is amhlaidh bhíos an tslat do-bheir an t-ollamh i láimh an ríogh geal go hiomlán, do chomhartha na fírinne lé dtuigthear an ghile bhíos san slait, do bhrígh go samhailtear an geal ris an bhfírinne is an dubh ris an mbréig. Is í cúis fá mbí an tslat díreach, da chur i gcéill do na puibleachaibh is do na tuathaibh gurab díreach glan gan chlaon dhligheas an rí bheith 'n-a bhriathraibh is 'na bhreathaibh idir charaid is námhaid, idir thréan is anbhfann, do réir mar do bheith imreasan idir a dhá láimh. Is uime orduighthear an tslat soin gan fhadhb gan chnapán uirre acht coimhréidh uile, da chur i gcéill do na tuathaibh gurab amhlaidh dhlighid na tighearnaidhe bheith gan anshocracht gan ghairbhthean acht coimhréidh fá chúis cheirt is chomhthruim do gach aonduine, do charaid is do námhaid, do réir a gcóra, srl. I dTeamhraigh do gairthí gach rí do ríoghaibh Éireann riamh ag a mbíodh ríoghacht Éireann uile, do thoil na n-ollamhan is na n-uasal ria gcreideamh, agus do thoil eagailse uaisle is ollamhan ó shoin anuas, ar Leic na Ríogh. I dTulaigh Óg do gairthi Ó Néill; agus Ó Catháin is Ó hÁgáin do ghaireadh é. Ó Donnghaile a mharuscál sluaigh is muinntear Bhrisléin is clann Bhiorthagra breitheamhain fhéineachais Uladh uile. I gCill mic Creannáin do gairthi Ó Domhnall; agus Ó Fiorghail do ghaireadh é, agus Ó Gallchubhair a mharuscál sluaigh. Ar Maigh Adhar do gairthí Ó Briain; Mac na Mara do ghaireadh é; Ó Duibhidhir Choill na Manach agus Mag Cormáin a mharuscáil sluaigh; muinntear Flannchuidhe a
bhreitheamhain fhéineachais; clann Chraith a ollamhain ré dán; clann Chruitín nó clann Bhruaideadha a ollamhain ré seanchus. Ar Lios Beannchair do gairthí Mac Carrthaigh; Ó Súilleabháin Mór agus Ó Donnchadha Mór do ghaireadh é; muinntear Ruairc a mharuscáil sluaigh; clann Aodhagáin a bhreitheamhain; muinntear Dhálaigh a ollamhain ré dán, agus muinntear Dhuinnín a ollamhain ré seanchus. Ar Chnoc an Bhogha do gairthí Mac Murchadha; agus Ó Nualláin do ghaireadh é; a each is a earradh do Nualláin; Ó Deoradháin a bhreitheamh, agus Mac Eochadha a ollamh ré dán. Ar Leic mic Eochadha do gairthí tighearna Cinnsiolach; agus Mac Eochadha do ghaireadh é. Ar Dhún Caillighe Béirre do gairthí Ó Brain, agus Mac Eochadha do ghaireadh é. II. Do ríoghaibh Éireann d'éis Chreidimh annso síos. Do ghabh Laoghaire mac Néill Naoighiallaigh mic Eochach Muighmheadhóin mic Muireadhaigh Thírigh mic Fiachrach Sraibhthine do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna ar fhichid; agus fá hí Ríoghnach a mháthair; agus is í an ceathramhadh bliadhain da fhlaitheas do chuir Coelestinus Pápa Pádraig i nÉirinn do shíoladh an chreidimh, an tan fá haois don Tighearna 431 bliadhan. Agus bliadhain is trí fichid fá haois do Phádraig an tan soin. Óir an tan tugadh i mbroid é, an naomhadh bliadhain do fhlaitheas Néill, is sé bliadhna déag fá haois dó; agus do chaith na hocht mbliadhna déag do bhí roimhe do fhlaitheas Néill, ionnus go raibhe mar sin cheithre bliadhna déag ar fhichid; agus cuirthear
leis sin na trí bliadhna fichead do bhí Dáthí i bhflaitheas Éireann, ionnus go raibhe Pádraig seacht mbliadhna déag is dá fhichid an tan ro marbhadh Dáthí; agus cuirthear cheithre bliadhna do fhlaitheas Laoghaire leis sin, go ndéin sin bliadhain is trí fichid d'aois ag Pádraig ag teacht i nÉirinn dó. Agus is móide is inchreidthe fírinne an neithe-se mar léaghthar san leabhar da ngoirthear Martyrologium Romanum garab dá bhliadhain agus sé fichid fá haois do Phádraig an tan fuair sé bás. Ionann sin agus gurab bliadhain is trí fichid fá slán dó ag teacht i nÉirinn 'n-a easpog. Óir is dearbh gurab bliadhain is trí fichid do bhí ag síoladh an chreidimh i Éirinn sul fuair bás. Gidheadh do chuir Coelestinus ré bPádruig Paladius 'n-a easpog do shíoladh an chreidimh i nÉirinn an tan fá haois don Tighearna 430, do réir Bheda i n-annálaibh Staire na Sacsan. Ag so mar adeir: "An tan fá haois don Tighearna 430 bhliadhan do chuir Coelestinus Pápa Paladius 'n-a easpog ar dtús gus na Scotaibh ré creideamh do Chríost dóibh." Agus is í sin an treas bliadhain do fhlaitheas Laoghaire agus an bhliadhain ria bPádraig dó theacht i nÉirinn. Agus iar rochtain Éireann dó mar aon ré dá chléireach dhéag, do ghabh tír i n-íochtar Laighean ag Innbhearr Deaghaidh, is do bheannuigh trí cealla ann sin, mar atá Ceall Fhine mar ar fhágaibh a leabhair agus cuid do thaisibh Póil is Peadair; an dara cill Teach na Rómhanach; agus an treas cill Domhnach Arda; agus iar mbeannughadh na gceall soin dó, tig Náthí mac Garrchon tighearna na tíre sin agus ionnarbais as an gcrích sin é, go ndeachaidh i nAlbain go bhfuair bás ann sin. Dála Phádraig táinig i nÉirinn i gcionn bhliadhna i ndiaidh Phaladius agus ceathrar ar fhichid do naoimhchléir 'n-a fhochair; nó do réir Henricus Antisiodorensis i mBeathaidh S. Germanus, amhail léaghthar san 168 ca. go dtug Pádraig tríochad easpog leis i nÉirinn. Ag so
briathra an ughdair: "Do chuir Pádraig beannuighthe," ar sé, "ar dteacht eachtra fhada agus a crích imchéin lúthgháir ar a mhuinntir féin ar dtús 'n-a láthair, agus ar gcruinniughadh tríochad easpog do hoirneadh leis féin tar lear, do chuir i bhfóghmhar an Tighearna iad, ar mbeith don fhóghmhar mór is don mheithil beag." As so is iontuigthe go dtángadar fuireann phréaláideadh lé Pádraig i nÉirinn do shíoladh an chreidimh. Leaghthar fós san seanchus an tan do bhí Pádraig ag teacht i nÉirinn, an mhéid fuair do chine Scuit ag a raibhe solus an chreidimh, go dtug leis i nÉirinn iad, agus do bhí foghluim is creideamh is reacht ar coimhéad i nÉirinn feadh cheithre céad bliadhan d'éis Phádraig do theacht go teacht Lochlonnach innte. Do bhíodh fós airgead da bhualadh i nArd Macha is i gCaiseal an tan soin. Atá Henricus thuas san 174 ca. aga rádh gur roinn Pádraig Éire idir fhonn duine agus spréidh, agus gur bhean an deachmhadh mír dhíobh don eaglais, mar atá an deachmhadh cuid do na daoinibh don fhearann is don spréidh; agus do rinne manaigh do na fearaibh is cailleacha dubha do na mnáibh, agus do thógaibh mainistreacha dhóibh. Ag so mar adeir an t-ughdar céadna ag labhairt ar an druing úd ráinig san deachmhaidh: "Do-níodh manaigh do na fearaibh uile is cailleacha dubha do na mnáibh is do thógaibh iomad mainistreach is do orduigh an deachmhadh mír don fhearann is an deachmhadh mír don spréidh ré cothughadh na druinge céadna." Adeir fós an t-ughdar céadna go dtáinig don ordughadh do chuir Pádraig síos nach raibhe cúil ná cearna ná fásach i nÉirinn nachar lán d'aos crábhaidh is do naomhaibh, ionnus go dtáinig dhe sin gurab é ainm cinnte do bhíodh ar Éirinn feadh na gcríoch oile go coitcheann Oiléan na Naomh. Adeir Neinnius, ughdar Breathnach, i Stair na Breatan,
ag labhairt ar Phádraig, na briathra-so: "Do thógaibh," ar sé, "355 eagluis, do hoirneadh leis an nuimhir chéadna, 355, easpog, tugaibh cheana grádha eagailse do thrí mhíle sagart." Ag so mar thig an seanchus lé Neinnius ar an líon easpog úd do hoirneadh lé Pádraig:
A cúig lé caogad sruitheaspog Ró oirnidh an cáidh, Um thrí céadaibh crutharnaigh Forsa dtormaigh gráidh.
Cibé do chuirfeadh i n-iongantas an líon easpog-so do bheith i n-aoinfheacht ré linn Phádraig i nÉirinn, léaghadh an ní adeir S. Bearnard i mBeathaidh Mhalachias ar ghnáthughadh na hÉireann do leith a heaspog. Ag so mar adeir: "Do-níthear malairt is iomadughadh ar easpogaibh do réir thoile an airdeaspuig, ionnus nach lór lé haoin easpogóideacht amháin aoin easpog amháin, acht bí beagnach easpog ag gach aoineaglais aca." As na briathraibh-se S. Bearnard is iontuigthe nar chuirthe i n-iongantas an lear easpog do luaidheamar do bheith i nÉirinn ré linn Phádraig, ar mbeith don eaglais fá bhláth an tan soin. Is lughaide is ionchuirthe i n-iongantas an t-áireamh easpog do luaidheamar thuas mar léaghthar linn i seinleabhraibh go raibh easpog i nÉirinn i n-aghaidh gach deagántachta da bhfuil innte. Is dearbh fós a hannálaibh Éireann go ndearna Pádraig dá airdeaspog i nÉirinn, mar atá airdeaspog Ard Macha príomháidh Éireann, agus airdeaspog Caisil; príomháidh iomorro Ard Macha ós cionn Éireann uile is go cinnte ós cionn Leithe Cuinn; agus airdeaspog Caisil ós cionn Leithe Mogha go cinnte; agus ardchur ag an bpríomháidh air; agus is é adhbhar fá ndearnadh an t-ordughadh soin, do bhrígh go dtarla ardfhlaitheas Éireann i seilbh sleachta Éireamhóin, mar atá ag Laoghaire mac Néill; agus níor ghabh Eoghan is Conall is
an chuid oile d'uaislibh an chinidh sin do ghabh baisteadh ó Phádraig gan an eaglais ba prinnsiopálta san ríoghacht do bheith ar a leith féin d'Éirinn, mar atá Leath Cuinn, agus cur do bheith aice ar eagailsibh Éireann ar lorg an ardfhlaithis do bhí 'n-a seilbh an tan soin. Síol Éibhir, cheana, fuaradar ó Phádraig an dara heaglais ba prinnsiopálta do dhéanamh i Leith Mogha .i. i gCaiseal, do bhrígh go raibhe ceart aca féin ar Leith Mogha fá rígh Éireann gus an dtráth soin ó aimsir Chuinn. Is córaide so do chreideamhain nach eadh amháin airdeaspog Mumhan ghairthear i seanleabhraibh irsi is annálach Éireann d'airdeaspog Caisil, acht fós go ngairthear airdeaspóg Leithe Mogha uile dhe. An ní eile iomorro adeirid drong san aimsir-se go raibh Imleach Iobhair 'n-a cathaoir airdeaspuig, is amhlaidh is iontuigthe sin go raibhe airdeaspog is cliar Chaisil seal ar díbirt a Caiseal tré fhoirneart Lochlonnach an tan soin i n-aimsir Mhaoilsheachlainn mic Maolruanaidh do bheith i bhflaitheas Midhe, agus Néill Chaille 'n-a rígh Éireann, agus Olchobhair do bheith i bhflaitheas Mumhan, agus Turgesius an t-anfhlaith Lochlonnach do bheith ag buaidhreamh Éireann. Óir níor dóthcha Forannán príomháidh Éireann do thathfann a hArd Macha lé Turgesius, gur bha héigean dó teacht ar díbirt don Mhumhain, ioná airdeaspog Caisil go n-a chléir do thathfann a Caiseal lé Lochlonnaibh, agus dul da ndídean féin go hImleach Iobhair, mar a rabhadar coillte is bogach is móinte an tan soin. Agus do chaitheadar seal da n-aimsir ann sin ré linn leathtruim Lochlonnach do bheith orra. Ní faghthar linn i n-annálaibh Éireann do bheith i n-Éirinn acht dá airdeaspog, mar atá airdeaspog Ard Macha agus airdeaspog Caisil go haimsir an Cháirdionál Ioannes
Papiron do theacht i nÉirinn mar aon ré Giolla Críost Ó Conairce, easpog Leasa Móir, leagáid an Phápa i nÉirinn an tan soin, an tan fá haois don Tighearna 1152. Óir an bhliadhain sin do chruinnigheadar comhairle choitcheann ag Ceannanus na Midhe, mar ar hoirneadh airdeaspog i nÁth Cliath agus airdeaspog i dTuaim, mar a bhfuair gach airdeaspog dhíobh Pallium, amhail chuirfeam síos da éis so a hannálaibh aosta Éireann do scríobhadh i gCluain Eidhneach. III. Ar mbeith do Phádraig ag síoladh an chreidimh i nÉirinn i n-aimsir Laoghaire, is é Aonghus mac Natfraoich fá rí Mumhan; agus ré triall do Phádraig do sheanmóir don Mhumhain, tig Aonghus mac Natfraoich céadna i gcoinne Phádraig d'fháiltiughadh roimhe go Maigh Feimhean i nDéisibh tuaisceirt, is beiris go ríoghphort Caisil é i nEoghanacht ré ráidhtear an Trian Meadhónach aniú; agus do ghabh Aonghus creideamh is baisteadh uaidh ann. Ag so mar adeir seinbheatha Phádraig do haithléaghadh linn ag tráchtadh ar Niall thuas: "Ré mbeith ag triall don Mhumhain dó, tig rí Mumhan, Aongus mac Natfraoich, 'n-a dháil go Magh Feimhean i dtalamh na nDéise is do threoruigh go lúthgháireach don ríoghchathair da ngairthear Caiseal i gcrích Eoghanachta é, agus is ann sin do chreid an rí Aonghus is do ghabh baisteadh." Agus san áit chéadna luaidhtear gurab tré bhonn Aonghusa do chuir Pádraig los a bhaichle. Ag so an ní léaghthar ann: "Iar mbeith do Naomh Pádraig 'n-a sheasamh ag beannachadh an ríogh do sáthadh leis rinn a naomhbhaichle i gcois an ríogh." As so is iontuigthe gurab tré chois ríogh
Mumhan, Aonghusa mic Natfraoich, do chuir Pádraig rinn a bhaichle, is nach tré chois Eoghain mic Néill ríogh Uladh. Tig saoi ré seanchus do Leith Cuinn féin leis an ní thuas san laoidh darab tosach: Buaidh n-easpog ar fhuil nÉibhir, .i. Torna mac Muiris Uí Mhaoilchonaire. Ag so mar adeir:
Tré bhonn Aonghuis anba an bhroid, Do chuaidh rinn bhaichle bPádroig; Gur líon an t-urlár da fhuil, An gníomh ní cómhrádh coguir.
Do bhádar cheithre mic fichead is cheithre hingheana fichead ag an Aonghus-so, agus do bhronn dá mhac déag is dá inghin déag don Eaglais díobh. Is é an tAonghus-so fós do orduigh screaball baithis Pádraig ar gach neach da ngabhadh baisteadh san Mhumhain, .i. trí pinginne; agus is mar so síos do díoltaoi an cháin sin, mar atá cúig céad bó, cúig céad caor iarainn is cúig céad brat, cúig céad léine is cúig céad caora gacha treas bliadhain do chomhorba Pádraig mar chíos ó ríoghaibh Mumhan; agus do bhí an cíos soin 'ga dhíol go haimsir Chormaic mic Cuileannáin. Léaghthar fós i Leabhar Ruadh Mic Aodhagáin go gcleachtadh Aonghus mac Natfraoich dias easpog is deichneabhar sagart is dá mhaiccléireach dhéag is trí fichid do bheith mar ghnáthmhuinntir 'n-a fhochair féin do shíor, ré rádh aifreann is ré guidhe Dé. Ré linn Phádraig do bheith ag síoladh an chreidimh i nÉirinn i n-aimsir Laoghaire, do bhádar cheithre mic fichead ag Brian mac Eochach Muighmheadhóin, agus fá lucht comhaimsire do Laoghaire mac Néill iad, agus ar mbeith do Phádraig ag beannachadh Éireann, téid i gConnachtaibh agus triallais i ndáil an mhic dhíobh soin do ba taoiseach orra, Eichen fá hainm dó. Mar do chonnairc an fear soin Pádraig ag teacht 'n-a láthair téid ar a each agus gabhais ag a slatadh, agus adubhairt ré a bhráthraibh an ní céadna do dhéanamh, agus gan cádhas do thabhairt don chléireach; agus do-níd
amhlaidh sin acht an mac fá hóige dhíobh, dar bh'ainm Duach Galach. Anais an fear soin da chois is téid i gcoinne Phádraig is cuiris fáilte roimhe is do-bheir umhla is onóir dó. Leis sin triallais Pádraig roimhe go ndeachaidh do láthair Eichen, fá taoiseach orra, is fiafruighis de nar bh'é Eichen é. "Ní mé," ar Eichen. "Masa tú," ar Pádraig, "beanaim-se rath is ríghe dhíot féin is don mhéid dot bhráithribh atá id fhochair acht an t-aonmhacaomh dhíobh tug cádhas is onóir damh féin ar son mo Thighearna." Agus adubhairt an macaomh soin dá madh é féin budh rí orra go ndéanadh réir Phádraig. "Maseadh," ar Pádraig, "do-bheirim-se beannacht duit-se, is budh rí thusa, is biaidh an righe agat shíol id dhiaidh;" agus do fíoradh fáistine Phádraig, óir do bhí Pádraig is dá easpog dhéag 'n-a fhochair ag ríoghadh Duach Galaigh, agus do gnáthuigheadh lé ríghthibh Connacht comhorbaidhe an dá easpog dhéag soin is dá thaoiseach dhéag shíol Muireadhaigh agus Ó Maoilchonaire do bheith 'ga ríoghadh ó shoin i le ar chnoc dá ngairmthear Carn Fraoich. Aoinbhliadhain déag ar fhichid ar cheithre céad ó ghein Chríost go tigheacht Phádraig i nÉirinn, an ceathramhadh bliadhain do fhlaitheas Laoghaire mic Néill, amhail adubhramar; agus bliadhain is trí fichid do Phádraig i nÉirinn sul fuair bás; agus dá gcuirthear an t-áireamh soin leis an áireamh thuas, do-níd cheithre céad nochad is dá bhliadhain; gonadh da dhearbhadh soin adeir an seancha an rann-so:
Ó geanair Críost, áireamh ait, Cheithre céad ré taobh nóchait, Is dá bhliadhain saor iar soin, Go bás Phádraig phríomh-apstoil.
Léaghthar i mBeathaidh Phádraig gurab bliadhain is trí fichid do bhí Pádraig i nÉirinn iar dteacht 'n-a easpog innte, ag síoladh is ag seanmóir na soiscéal, is ag déanamh
feart is míorbhal do réir mar léaghthar i mBeathaidh Phádraig do réir ughdair d'áirithe. Ag so mar adeir:
Trí fichid bliadhan is bliadhain, Is tearc neach ar nach diamhair. I nÉirinn go n-iomad bhfeart Do bhi Pádraig ag proicheapt.
Agus cibhé adéaradh nach fuil an rann-so i mBeathaidh Phádraig, bíodh a fhios aige gur léaghadh linn i bprímhleabhar sheanchusa gur scríobhadh 64 beatha Phádraig, gach aon díobh ar leith ris féin. Agus is cosmhail gur scríobh gach neach ní nua ar Phádraig nachar scríobh neach oile do chách. Uime sin ní cuirthe i n-iongantas don tí do léigh beatha Phádraig ag aonughdar amháin, da dteagmhadh scéal nó míorbhal ar Phádraig i leabhar oile nachar léigh san bheathaidh sin. Is ré linn Laoghaire tug Dubhthach hUa Lughair is Fearghus File is Ros mac Trichim seanchus Éireann da fhromhadh is da ghlanadh do Phádraig. Agus táinig de sin gur cuireadh i gcead Laoghaire comhdháil choitcheann do dhéanamh, mar a mbiadh cruinniughadh ríogh cléire is ollamhan Éireann ré glanadh an tsearchusa; agus iar rochtain ar aonláthair dhóibh uile do toghadh asta naonbhar ré glanadh an tseanchusa, mar atáid trí rígh, trí heaspuig is trí ollamhain ré seanchus. Na trí rígh, Laoghaire mac Néill rí Éireann, Dáire rí Uladh, is Corc mac Luighdheach rí Mumhan. An triúr easpog, Pádraig, Beinén is Cairneach. Na trí hollamhain ré seanchus, Dubhthach, Fearghus is Ros. Agus do glanadh is do cuireadh i n-eagar is i n-ordughadh an seanchus leis an naonbhar soin, agus is de do gairthí an Seanchus Mór. Atá an duain darab tosach "Aimhirgin glúingheal" ag fíoradh an neithe-se. Ag so síos na roinn as an duain gcéadna ag suidheamh an neithe-se:
Ughdair an tSeanchusa Mhóir Naonbhar ros cóirigh go cóir, Naoimhfhios a ainm caomda cain Lé fios naomhtha an naonbhair sain.
Pádraig Beinén Cairneach cain, Laoghaire mac Néill neartmhair, Fearghus File, gáire glan, Agus Daire rí Uladh. Agus rí Mumhan gan mheirg, Corc mac Luighdheach go láimhdheirg, Dubhthach Ua Lughair don linn, Saoi an Bhéarla Ros mac Trichim. Naoi saoithe nar shaobh a snas, Lér riaghluigheadh an Seanchas, Iar na thúr dhóibh tré ghaois ghil, I ngach aois ó Aimhirgin.
IV. Iar nglanadh iomorro an tSeanchusa mar sin is eadh do horduigheadh lé huaislibh Éireann urlamhas an tSeanchusa do chur ar choimhéad préaláideadh na hÉireann; agus tugadar na préaláide céadna fá deara a scríobhadh 'n-a bprímheagailsibh féin. Agus atáid cuid do na seinleabhraibh ar marthain aniú, nó na micleabhair do scríobhadh asta, mar atá Leabhar Ard Macha, Psaltair Chaisil, Leabhar Glinne dá Loch, Leabhar na hUa Chongmhála, Leabhar Chluana Mic Nóis, Leabhar Fionntain Chluana hEidhneach, Leabhar Buidhe Moling, is Leabhar Dubh Molaga, agus prímhleabhair Éireann ó shoin amach, mar ar coimhéadadh an Seanchus gan leathtrom do dhéanamh ar neach seoch a chéile d'uaislibh Eireann. Do bhíodh fós suim seanchusa na leabhar-so uile i Psaltair na Teamhrach; agus do-níthí fromhadh orra gacha treas bliadhain i bhFeis Teamhrach, amhail adubhramar thuas ag labhairt ar fhlaitheas Chormaic. Gidheadh ré linn na Págántachta, is iad so síos na príomh-ughdair do bhí ris an seanchus ó aimsir go haimsir, mar atá Aimhirgin glúingheal, Sean mac Áighe, Bridhe banughdar ó ráidhtear Briathra
Bridhe, Connla Caoinbhriathrach saoi Chonnacht, Seancha mac Cúil Chlaoin, Fachtna a mhac soin, Seancha mac Oiliolla, Morann mac Maoin, Fearghus Fiannaithe a crích Chiarraidhe Luachra, Feircheirtne File, Néidhe mac Adhna, Aithirne, Amhnas, Fearghus File mac Aithirne, Neara mac Fionnchuill a Síodhaibh, Seadhamus mac Morainn, Fearadhach Fionn Feachtnach ríoghughdar gaoise Éireann, Fitheal, Fearghus File, Ros mac Trichim is Dubhthach mac hUa Lughair, agus is iad an triúr déidheanach-so tug an Seanchus do Phádraig da fhromhadh is da ghlanadh. Ré linn iomorro na Págántachta do bheith i nÉirinn, ní bhíodh cion ollamhan ná ughdair san seancus ar aoinneach ré seanchus ar a bhfionntaoi claonadh seanchusa do dhéanamh aoin fheacht amháin. Ní bhíodh fós cion breitheamhan ar an tí do-bheireadh claoinbhreath; do bhíodh mar an gcéadna geasa ar dhruing dhíobh ré linn na Págántachta. Ar dtús an tan do-bheireadh Sean mac Áighe claoinbhreath do fhásadaois boilgléasa ar a dheasghruaidhe; agus an tan do-bheireadh an fhíorbhreath ní fhásadaois. Ní rug Connla Caoinbhriathrach bréigbhreath riamh, óir do ba duine iodhan fírionnraic do réir sholuis na nádúire é. Ní bheireadh Seancha mac Cúil Chlaoin breath choidhche gan troscadh an oidhche ria n-a breith. An tan do-bheireadh Fachtna a mhac soin bhréigbhreath, madh i n-aimsir an fhoghmhair do bheireadh í, do thuiteadh meas na tíre a mbíodh an oidhche sin. Gidheadh an tan do-bheireadh fírbhreath do anadh an toradh go hiomhlán ar na crannaibh; nó madh i n-aimsir an bhlátha do-bheireadh an bhréigbhreath, do shéandaois na ba a laoigh san tír sin. Ní bheireadh Morann mac Maoin breath gan an iodh Morainn um a bhrághaid; agus an tan do-bheireadh bréigbhreath do theannadh an iodh um a bhrághaid; agus an tan do-bheireadh an fhírbhreath do shíneadh an iodh tar a ghuaillibh amach, amhail adubhramar thuas. Mar sin iomorro do mhórán d'ughdaraibh Págánta oile, do bhídís geasa ortha da
dtoirmeasc ó chlaonadh seanchusa nó breitheamhnais do dhéanamh. As a ndubhramar is inchreidthe do sheanchus Éireann mar sheanchus gacha críche oile, do bhrígh go bhfuil ar n-a dhearbhughadh lé scríbhnibh seanughdar bPágánta is lé fromhadh naoimhchléire agus préaláideadh eagailse Éireann. Do commóradh Feis Teamhrach lé Laoghaire d'aithnuadhadh nós is reachta Éireann, amhail fá gnáth ris na ríoghaibh roimhe do dhéanamh i bhFeis Teamhrach. An tan iomorro do coimhthionóldaois uaisle is ollamhain Éireann don chomhdháil sin, do bhíodh príomhlongphort ar leith ag airdrígh Éireann go n-a fhuirinn, mar atá Teach Miodhchuarta. Do bhíodh fós príomhlongphort ag gac rígh cúigeadhach i nÉirinn, mar atá an Long Mhuimhneach ag rígh Mumhan; ionann iomorro long is teach, amhail adeir an file:
Ní móide is doichlioch Donn Cuan Droichtheach 'ga shluagh nó long lán;
agus is uaidh sin adeirthear longphort .i. port na dteach ris an mbaile 'n-a mbí áitiughadh; agus an Long Laighneach ag rígh Laighean, agus an Chóisir Chonnachtach ag rígh Connacht, agus an Eachrais Uladh ag rígh Uladh. Do bhídís fós trí teallaighe oile i dTeamhraigh an tan soin, mar atá Carcair na nGiall, mar a mbídís géill nó bhraighde an ríogh i gcoimhéad. An dara teach da ngairthí Réalta na bhFileadh, mar a mbídís breitheamhain is filidhe Éireann ré cumadh cánach ar an druing do sháruigheadh reacht is riaghail na críche. An treas teach da ngairthí Grianán na nInghean, mar a mbídís bainríoghna na gcúigeadhach, agus áitreabh ar leith san longphort soin ag gach ríoghain díobh go n-a bantracht. Gidheadh an tan do shuidheadh an chomhdháil uile ré cinneadh is ré críochnughadh reacht is nós na críche, is é Teach mór Miodhchuarta fá teach coitcheann comhairle dhóibh. Ag so iomorro an suidhiughadh do bhíodh orra san teach soin. Do shuidheadh rí Éireann féin 'n-a ríoghchathaoir ar
dtús i gceirtmheadhón an áruis is a aghaidh siar, agus rí Mumhan don leith theas de, óir soir agus siar do bhádar dá éadan an tighe, rí Laighean 'n-a fhiadhnaise, rí Connacht ar a chúl, agus ollamhain Éireann ar cúlaibh ríogh Connacht; agus rí Uladh don leith adtuaidh dhe ar a dheasláimh, agus fuireann d'fhíoruaislibh a chúigidh féin ré hais gach ríogh dhíobh. Ag so deismireacht an tseanchaidh go cumair ar an suidhiughadh-so theallaigh Theamhrach:
Fir Mhumhan don leith andeas, Gan ainbhfíor gan anoircheas, Agus Laighin, lór do bhríogh, Aghaidh ar aghaidh ria 'n airdríogh. Connachtaigh ar cúl an ríogh, Ré coimhéad seanchuis go fíor, Uirrígh Aruidhe i maille, I n-airdiomdha áiridhe. Láimh dheas ríogh Teamhrach tréine Gan ainbhfíor gan ainfhéile, Lé Oirghiallaibh sonna sain, Gan fhuigheall gan imreasain.
Is ar Laoghaire tugadh Cath Átha Dara lé Laighnibh agus lé Criomhthann mac Éanna, mar ar gabhadh Laoghaire leo, go dtug grian is éasca is reanna nimhe i gcoraidheacht air féin fá chomhall dóibh gan agra na Bóraimhe orra; agus níor chomhaill sin dóibh. Gidheadh i ndíoghail na bréige sin, go grod da éis sin do marbhadh Laoghaire lé saighnéan teinntighe i nGreallaigh Dhabhaill láimh ré Lithfe, amhail adeir an file:
Atbath Laoghaire mac Néill, Láimh ré Lithfe, glas a tír, Dúile Dé atragaid ráith Tugsad dál bháis for an rígh.
Anghus inghean Tasaigh, rí Ó Liatháin, bean Laoghaire, máthair Luighdeach mic Laoghaire; agus, ní hionann is
Laoghaire, do ghabh sí creideamh ó Phádraig. Lá n-aon iomorro da dtáinig Pádraig d'fhios na bainríoghna, fáiltighis roimhe agus ré n-a choimhthionól cléire, agus cuiris biadh da ollmhughadh dhóibh, agus do ghabh Lughaidh mac Laoghaire, a mac oighearachta, ag ithe an bhídh leo go hairceasach, go dtarla greim 'n-a bhrághaid lér tachtadh é; go bhfuair bás do láthair. Beadhgais an bhainríoghan, is cuiris an mac ar chomairce Phádraig. Téid Pádraig i n-árus uaigneach agus tug fá deara corp an leinbh do bhreith 'n-a fhochair; is do ghéaruigh féin ar a ghuidhe go Dia, agus anais san ngnáthghuidhe sin gan bhiadh gan chodladh feadh trí lá, go dtáinig i gceann an treas lá Míchéal Archaingeal i gcruth choluim 'n-a láthair san árus 'n-a raibhe, agus beannchais do Phádraig agus adubhairt gur thoil ré Dia an leanbh d'aithbheodhadh ar impidhe Phádraig. Leis sin ar mbeith don leanbh agus a dhruim faoi agus a bhéal osluigthe téid an tArchaingeal, do bhí i gcruth choluim, is cuiris a ghob i mbrághaid an leinbh, is do tharraing an greim aiste, go dtáinig anam do láthair leis sin ann. Agus do láthair leis sin do chuaidh an t-aingeal ar ceal uatha, agus do éirigh an leanbh Lughaidh. Agus mar do chualaidh an bhainríoghan an leanbh do bheith beo tig go lúthgháireach d'fhios Phádraig is sléachtais ar a glúinibh 'n-a fhiadhnaise, is gabhais ag breith buidheachais ris tré aithbheodhadh a mic. "A bhanfhlaith," ar sé, "ní riom-sa is beirthe dhuit buidheachas do mhic, acht lé Míchéal Archaingeal lér aithbheodhadh do mhac"; agus nochtais di éirim an sceoil amhail adubhramar. Mar do chualaidh an bhainríoghan gurab é Míchéal do rinne an mac d'aithbheodhadh, do ghabh mar chuing uirre féin caora as gach tréid da raibhe aice do thabhairt gacha bliadhna agus mír as gach proinn da n-íosadh feadh a ré do bhochtaibh Dé i n-onóir Mhíchíl Archaingeal; agus fós do orduigh mar nós feadh na hÉireann é, ar gach
ndruing dar gabh baisteadh is creideamh ó Phádraig; gonadh uaidh sin atá gnáthughadh caorach na féile Míchíl agus na míre Míchíl i nÉirinn ó shoin. Do ghabh Oilill Molt mac Dáthí mic Fiachrach mic Eochadh Mhuighmheadhóin do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Uichtdhealbh inghean Aonghusa mic Natfraoich bean Oiliolla Muilt, agus is uime do gairthí Oilill Molt de, .i. mian feola muilt do bhí ar a mháthair Eithne inghin Orach ar mbeith torrach ar Oilill di, agus tug bean uasal do bhí 'n-a fochair, dar bh'ainm Fial inghean Eochach Séididh, Oilill Molt mar fhorainm air iar 'n-a bhreith. Is i bhflaitheas Oiliolla fuair Amhalghuidh mac Fiachrach mic Eochach Muighmheadhóin do bhí 'n-a rígh Connacht fiche bliadhan bás agus fuair Muireadhach Muindearg mac Feargna mic Dalláin mic Dubhthaigh mic Mianaigh mic Luighdheach mic Aonghusa Finn mic Fearghusa Duibhdhéadaigh mic Iomchadha mic Fionnchadha mic Oghamhail mic Fiataigh Finn a quo Dál bhFiatach do bhí 'n-a rígh Uladh dá bhliadhain déag bas. V. Do rinneadh Feis Teamhrach lé hOilill Molt. Trí comhdhála coitcheanna iomorro do bhíodh i nÉirinn i n-allód mar atá Feis Teamhrach, Feis Eamhna, agus Feis Chruachan. Do chuireamar síos roimhe so na neithe do luaidhtí i bhFeis Teamhrach. Anois cheana is é adhbhar cruinnighthe is mó do bhíodh ag Feis Eamhna agus ag Feis Chruachan ré fromhadh do dhéanamh ar lucht daoircheard i nÉirinn, mar atá an drong do bhíodh ré gaibhneacht nó ré ceardacht nó ré saoirseacht nó ré n-a samhail oile do dhaoircheardaibh. Agus do toghthaoi leis na huaislibh is leis na hollamhnaibh do bhíodh san dá chomhdháil sin trí fichid saoi ris gach ceird as gach comhdháil díobh, is do roinntí fá Éirinn da éis sin iad; agus ní lámhadh fear comhcheirde dhóibh feidhm na ceirde sin do dhéanamh gan chead
don tsaoi ris an gceird sin do bhíodh san tír, go bhfromhadh an tsaoi an mbíodh cliste ré déanamh na ceirde. Agus do gairthí ioldánaigh do na saoithibh-se. Ionann iomorro ioldánach is ilcheardach, do bhrígh gurab ionann dán is ceard. Is ar Oilill Molt do-bheir an Leabhar Irsi rí na Scot. Is ré n-a linn fuair Benignus comhorba Pádraig bás. Is ar Oilill mar an gcéadna tugadh Cath Dumha Aichir lé Laighnibh, áit ar thuit iomad do dhaoinibh da gach leith. Is fán am-so do bhí cogadh idir Ambrosius rí Breatan agus Picti is Scoti. Is i bhflaitheas Oiliolla fós fuair Conall Créamhthainne bás, agus Iarlaithe an treas easpog i nArd Macha i ndiaidh Phádraig. Simplisius fá Pápa an tan soin. Is ar Oilill Molt rí Éireann tugadh Cath Ocha lé Lughaidh mac Laoghaire is lé Muircheartach mac Earca is lé Fearghus Ceirrbheoil mac Conaill Chréamhthainne is lé Fiachaidh Lonn mac Caolbhaidh rí Dál nAruidhe, amhail adeir an file:
Lé Lughaidh is lé Fiachaidh Lonn, Is lé Muircheartach móroll, Agus lé Fearghus gan locht, Do marbhadh Oilill saor-Mholt.
Fiche bliadhain i ndiaidh an chatha soin do chur do chuadar seisear mac Eirc mic Eochach Muinreamhair i nAlbain, mar atá dá Aonghus dá Lodharn agus dá Fhearghus. Trí chéad is seacht mbliadhna ó aimsir Chonchubhair mic Neasa go haimsir Chormaic mic Airt. Dá chéad is cheithre bliadhna ó aimsir Chormaic go dtugadh Cath Ocha. Agus fiche bliadhan da éis sin do chuadar clanna Eirc mic Eochach Muinreamhair i nAlbain. Duach Teangumha mac Fearghusa mic Muireadhaigh Mháil mic Eoghain Sreibh mic Duach Galaigh mic Briain mic
Eochach Mhuighmheadhóin fá rí Connacht seacht mbliadhna an tan soin gur thuit lé hEochaidh Tiormcharna. Do ghabh Lughaidh mac Laoghaire mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhain. Anghus inghean Tasaigh do Uíbh Liatháin máthair Lughaidh. Is é Fraoch mac Fionnchadha fá rí Laighean an tan soin. Is fán am-so tugadh Cath Ceall Osnadh i Maigh Fea i gConntae Cheithearlach, cheithre mhíle ó Leithghlinn soir, mar ar thuit Aonghus mac Natfraoich do bhí 'n-a rígh Mumhan sé bliadhna déag ar fhichid, agus Eithne Uathach inghean Chriomhthainn mic Éanna Chinnsealaigh a bhean mar aon ris lé Muircheartach mac Earca is lé hOilill mac Dúnluing; gonadh uime sin adeir an file an rann-so:
Atbath craobhdhos bhile mhóir Aonghus Molbhthach mac Natfraoich Fágbhaidh lá hOilill a rath I gcath Ceall Osnadha claoin.
Da éis sin fuair Fraoch mac Fionnchadha a mharbhadh i gCath Gráine lé hEochaidh mac Cairbre. Felix an treas Pápa don ainm sin, an deachmhadh bliadhain do fhlaitheas Luighdheach mic Laoghaire do rinneadh Pápa dhe. Is fán am-so tugadh cath Sleamhna Midhe lé Cairbre mac Néill ar Laighnibh, agus tugadh Cath Seaghsa, mar ar marbhadh Duach Teangumha rí Connacht lé Muircheartach mac Earca, amhail adeir an file san rann-so:
Cath Dealga, Cath Muchromha, Agus Cath Tuama Drubha, Agus fós Cath na Seaghsa, A dtorchair Duach Teangumha.
Is fán am-so tugadh Cath Lochmhaighe lé Laighnibh ar Uíbh Néill, áit ar thuit iomad do dhaoinibh ann; agus do chuaidh Fearghus Mór mac Earca i nAlbain mar aon ré Dál Riada agus do ghabhadar flaitheas innte. An naomhadh bliadhain déag do fhlaitheas Luighdheach mic Laoghaire fuair Pádraig
bás, iar gcaitheamh dá bhliadhain is sé fichid ar an saoghal-so, amhail adubhramar thuas. Da éis sin fuair Lughaidh mac Laoghaire bás i nAchadh Fharcha lé caoir theinntighe do thuit ó neamh air tré mhíréir Phádraig do dhéanamh dó. An bhliadhain déidheanach do fhlaitheas Luighdheach do bhí Gelasius 'n-a Phápa. Do ghabh Muircheartach mac Earca mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna ar fhichid. Earc inghean Lodhairn rí Alban máthair Mhuircheartaigh mic Earca; agus is i dtosach a fhlaithis rugadh Ciarán mac an tSaoir do bhí do shliocht Chuirc mic Fearghusa mic Róigh. An ceathramhadh bliadhain do fhlaitheas Muircheartaigh do rinneadh Pápa do Anastasius an dara Pápa don ainm sin. Is fán am-so rugadh an naomh Comhghall Beannchair, an t-abb naomhtha, an tí ag a rabhadar dá fhichid mile manac fá n-a óighréir nó fá n-a smacht, amhail leághthar i Leabhar Ruadh Mic Aodhagáin; agus is córaide so do chreideamhain go léaghthar ag ughdar bharántamhail .i. ag S. Bearnard i mBeatha Mhalacias go dtáinig deisciobal dar bh'ainm Soanus ón Abb Comhghall lér tógbhadh céad mainistir; agus is ar sliocht Íriail mic Conaill Chearnaigh mic Aimhirgin do chlannaibh Rudhruighe atá an Comhghall-so. Ag so mar adeir an duain naoimhsheanchais da dhearbhadh sin:
Comhghall Beannchair mac Séadna, Ar nar cheist uamhan éaga, Fréamh Uladh ar nach fríoth faill Do shíol Íriail mic Conaill.
Is fán am-so fuair Anastasius impir bás agus Cainneach Achaidh Bó, an naomh; agus is do shliocht Fhearghusa mic Róigh an naomh-so; agus rugadh Colum Cille mac Feidhlimidh mic Fearghusa mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh. Is fán am-so fuair Brighid, inghean Dubhthaigh mic Dreimhne mic Breasail mic Déin mic Connla mic Airt mic Cairbre Niadh mic Cormaic mic Aonghusa Mhóir mic Eochach Finn Fuath
nAirt mic Feidhlimidh Reachtmhair mic Tuathail Teachtmhair do shíol Éireamhóin bás i n-aois a seacht mbliadhan is cheithre fichid; nó do réir dhruinge oile i n-aois a deich mbliadhan is trí fichid. Ionann iomorro Brighid is breo-shaighead .i. saighead teine; agus ní héigcneasta sin do ghairm dhi, do bhrígh go raibhe 'n-a teine ar lasadh do ghrádh Dé ag diubhrogadh a guidhe do ghréis go Dia. Agus do réir an Fhéilire, is í do rinne an rann-so:
Mírín aráin eorna áin, Is í mo chuid-se don chlár: Gas bhiorair is uisce te, Is í mo chuid gach n-oidhche.
VI. An seiseadh bliadhain do fhlaitheas Mhuircheartaigh mic Earca do rinneadh Pápa do Shimmachus agus do bhí 'n-a Phápa cúig bliadhna déag agus ocht mí; agus an t-aonmhadh bliadhain ar fhichid do fhlaitheas an Mhuircheartaigh chéadna do rinneadh Pápa do Hormisda agus do bhí 'n-a Phápa naoi mbliadhna. Is fán am-so do fríoth go míorbhaileach naoimhchorp Antonius manach agus rugadh go hAlexandria é agus do cumhduigheadh i nEaglais Eoin Baiste é. Tug Muircheartach mac Earca na catha-so síos i n-aonbhliadhain do réir mar adeir an file san rann-so:
Cath Cinn Eich, Cath Almhaine, Lé haimsir oirdheirc amhra, Orgain Chliach, Cath Eibhlinne, Agus Cath Maighe Ailbhe.
Go grod d'éis na gcath-so do chor, fuair Muircheartach bás i dtigh Cleitigh; agus fuair Ailbhe Imligh bás. Do ghabh Tuathal Maol Garbh mac Cormaic Chaoich mic Cairbre mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna déag. Is uime ghairthear Tuathal Maol Garbh dhe, Comáin inghean Daill Bhrónaigh a mháthair,
agus an tan rugadh Tuathal lé, do bhuail a cheann ar chloich mar gheasaibh ag tuar sonais dó, go ndearna an chloch claig 'n-a cheann, agus ní fhásadh gruag san gclaig sin; gonadh de sin tugadh Tuathal Maol Garbh air. Is i bhflaitheas Tuathail fuair Moctaeus deisciobal Phádraig bás, agus do mhair sé trí chéad bliadhan; agus do rugadh Baoithín dalta Choluim Chille; agus clann an deise dearbhráthar Baoithín agus Colum Cille, agus fuair Comhghall rí Alban bás, agus fuair Mobhí da ngairthí Bearchán na Fáistine do shliocht Fhiachach Aiceadha mic Cathaoir Mhóir bás. Is i bhflaitheas Tuathail fós tugadh Cath Tortan lé Laighnibh, áit ar marbhadh Earc mac Oiliolla Muilt; agus is uaidh sin tángadar Fir Cheara. Is fan am-so tugadh Cath Sligighe lé Fearghus is lé Domhnall, dá mhac Muircheartaigh mic Earca, mar ar thuit Eoghan Béal do bhí 'n-a rígh Connacht cúig bliadhna déag ar fhichid leo; agus fuair Odhrán naomh Leathraighe, do shliocht Chonaire mic Mogha Lámha, bás, agus Ciarán mac an tSaoir i n-aois a aoinbhliadhna déag ar fhichid, agus Béoaidh fá hainm da athair agus Dáirearca ainm a mháthar, amhail adeir sé féin san rann-so:
Dáirearca mo mháthair-se, Níor bho banscáil bhocht, Béoaidh an saor fós mh'athair-se, Ó Latharnaibh Molt.
Is fán am-so do thuit a cheann d'Abacuc i n-aonach Tailltean tré láimh Chiaráin do thabhairt i n-éitheach; agus do mhair sé cheithre bliadhna mar sin gan cheann idir na manchaibh. Da éis sin do marbhadh Tuathal Maol Garbh rí Éireann lé Maol Mór mac máthar do Dhiarmaid mac Fearghusa Ceirrbheoil i nGreallaigh Eilte. Is i bhflaitheas Tuathail fós do ghabh Guaire mac Colmáin ceannas Connacht i ndiaidh Eoghain Béil; agus tarla an tráth soin an mac fá sine ag Eoghan 'n-a dhalta foghluma ag Ciarán ar tí bheith 'n-a mhanach. Ceallach fá hainm do, agus
bréagthar lé caraid Eoghain a coimhthionól Chiaráin é ré ceannas feadhna do dhéanamh orra féin i n-aghaidh Ghuaire. Gidheadh ar dtigheacht amach do Cheallach, thug Ciarán a mhallacht dó, is iarrais ar Dhia bás foiréigneach da bhreith. Ar mbeith iomorro sealad mar sin dó, do thuig gurab olc do rinne míréir Chiaráin do dhéanamh. Agus téid d'fhios an naoimh Chiaráin agus ciontuighis é féin dó, agus geallais go n-anfadh ar a thoil feadh a ré. Tug Ciarán a bheannacht dó; gidheadh adubhairt gurab bás foiréigneach do-bhéaradh é. Anais Ceallach san chóimhthionól ó shoin amach, go ndearnadh i gcionn aimsire easpog dhe, agus ar mbeith 'n-a easpog san tír dhó, do bhí ag déanamh rannta agus carad do dhearbhráthair fá hóige ioná é féin, i ndóigh go roichfeadh leis ríoghacht Chonnacht do bhuain amach dhó; agus ar a chlos soin do Ghuaire ollmhuighthear leis triúr do mhuinntir dhílis Cheallaigh féin; gur marbhadh leo é; gonadh mar sin do fíoradh an tuar do rinne Ciarán dó, mar do thairrngir gurab bás foiréigneach do-ghéabhadh Ceallach. Do ghabh Diarmaid mac Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá bhliadhain is fiche. Corbach inghean Mhaine bean do Laighnibh máthair Dhiarmada mic Fearghusa. Is i bhflaitheas an rígh-se fuair Tighearnach easpog Chluana Eoais, do shliocht Dáire Bharraigh mic Cathaoir Mhóir, bás, agus Oilill mac Muireadhaigh do bhí 'n-a rígh Laighean naoi mbliadhna. Agus do bhí Cormac mac Oiliolla mic Eochach mic Dáire Cearb mic Oiliolla Flann Big 'n-a rígh Mumhan. Is fán am-so tugadh Cath Cúile Conaire i gCeara lé Fearghus is lé Domhnall dá mhac Mic Earca, áit ar marbhadh Oilill Anbhann rí Connacht is a bhráthair Aodh Fortamhail; agus is i bhflaitheas an Diarmada-so tarla pláigh i nÉirinn
da ngairthí an Chrom Chonaill, is do éagadar iomad do naomhaibh ria, is go háirithe Mac Táil Chille Cuilinn. Is fán am-so tugadh Cath Cúile, áit ar thuiteadar iomad do lucht Corcaighe tré ghuidhe Mhidhe .i. bannaomh uasal do shliocht Fhiachach Suighdhe mic Feidhlimidh Reachtmhair da dtugadar an dream soin míochádhas. Is fán am-so fuair Eochaidh mac Connlo mic Caolbhaigh mic Cruinn Badhraoi mic Eochach Cobha mic Luighdheach mic Rossa mic Iomchadha mic Feidhlimidh mic Cais mic Fiachach Aruidhe do bhí 'n-a rígh Uladh dá bhliadhain ar fhichid bás, agus do b'é céidrí Dál nAruidhe é. Agus fuair Cormac mac Oiliolla rí Laighean bás agus Beag Mac Dé an fáidh; agus rugadh Molua naomhtha mac Sinill mic Aimhirgin mic Éirnín mic Duach mic Briain mic Eochach Mogha; agus fuair Cathfuidh easpog Achadh Chuinnire bás is an naomh Neasán Lobhar; is do thógaibh Bréanainn naomhtha do shliocht Chéir mic Fearghusa Eaglais Chluana Fearta; agus fuair Gabhrán rí Alban bás; agus tug Gruige mac Maolchon rí Cruithneach maidhm is ruaig ar Albanchaibh. Is fán am-so tugadh Cath Cúile Dreimhne lé Fearghus is lé Domhnall dá mhac Muircheartaigh Mic Earca ar Dhiarmaid mac Fearghusa, gur cuireadh i raon madhma é féin is gur marbhadh urmhór a mhuinntire tré ghuidhe Choluim Chille. Óir do mharbh seisean, tar chomhairce Choluim, Cuarnán mac Aodha mic Eochach Tiormcharna, is do dhíoghail Dia sin air san chath-so. Do briseadh Cath Cúile Uinnseann i dTeathbha ar Dhiarmaid lé hAodh mac Bréanainn rí Teathbha, áit ar marbhadh iomad da mhuinntir; agus da éis sin do chuaidh Colum Cille i nÍ i nAlbhain, i n-aois a trí bliadhna is dá fhichid; agus tugadh Cath Móna Doire i nAlbain lé clannaibh Néill an tuaisceirt, mar ar thuiteadar seacht minríogha do Chruithneachaibh leo. Is fán am-so fuair Colmán Mór mac
Cairbre mic Oiliolla mic Dúnlaing, do bhí 'n-a rígh Laighean tríochad bliadhan, bás. Is i n-aimsir Dhiarmada mic Cearbhaill do bheith i bhflaitheas Éireann táinig file Albanach dar bh'ainm Labhán Draoi i nEirinn; agus do chualaidh iomrádh ar oineach Eochach Aontsúla sinnsear síl Súilleabháin, agus táinig da ionnsuighe d'iarraidh tabhartais air, agus ní ghéabhadh bronntanas oile uaidh acht a leathshúil; agus d'uamhan a cháinte don draoi do rad Eochaidh a leathshúil dó. Tárla fán am soin Ruadhán Lothra ar an láthair, agus mar do chualaidh an itghe aindlightheach, iarrais ar Dhia súile Labháin do chur i gceann Eochach, agus an feidhm do-nídís do Labhán do dhéanamh dó; agus táinig d'aithchuinge an naoimh go ndeachadar súile Labháin i gceann Eochach agus go ndeinidís an feidhm sin dó feadh a ré. VII. An seachtmhadh bliadhain do fhlaitheas an Diarmada-so ríogh Éireann táinig cailleach dhubh dar bh'ainm Sineach Chró do chasaoid ar Ghuaire mac Colmáin ré Diarmaid tré bhreith na haonbhó do bhí aice uaithe. Do thionóil Diarmaid sluagh líonmhar ré dul do bhuain díolaidheachta i mboin na caillighe do Ghuaire, agus triallais go Sionainn don chur soin. Do bhí iomorro tionól sluagh is sochuidhe ag Guaire ar a chionn don leith oile; agus do chuir Guaire Cuimín Foda mac Fiachna da iarraidh ar Dhiarmaid gan dul go ceann cheithre n-uaire bhfichead tar Sionainn siar. "Ni mór an athchuinge dhuit-se sin d'fhagháil," ar Diarmaid, "agus do-ghéabhthá ní budh mhó dá madh é do iarrfá." Do bhádar trá leath ar leath don tSionainn, an rí Diarmaid don leith thoir is Guaire don leith thiar, go maidin ar n-a mhárach. "Is iongnadh liom," ar Cuimín, "laighead an tsluaigh-se agat is méad an tsluaigh atá id aghaidh." "Tuig a chléirigh," ar Diarmaid, "nach
iomad curadh chuireas cath acht mar is toil ré Dia; agus ma's dímheas atá agat ar ar sluagh-ne, tuig nach iad na crotha caomha acht na croidheadha cruaidhe chuireas cath." Do commóradh an comhrac eatorra, an rí go n-a shluagh do thaoibh, agus Guaire go neart Connacht is Mumhan don leith oile. Gidheadh do briseadh do Ghuaire is da shluagh, gur marbhadh mórán do mhaithibh Connacht is d'fhearaibh Mumhan ann. Agus is do ghuidhe Cháimín naomhtha do bheannuigh i nInis Cealltrach táinig buaidh gcatha do bhreith ar Ghuaire; óir do throisc Cáimín trí thráth air fá díommbuaidh gcatha do bheith ar Ghuaire. An naomh-so Cáimín is do shliocht Fiachach Aiceadha mic Cathaoir Mhóir é. Táinig trá Guaire go Cáimín is tug umhla is óighréir dó, agus do shléacht 'n-a láthair. "Ní fhuil breith air gan díommbuaidh gcatha do bheith ort," ar Cáimín. Iar gcur iomorro an chatha ar Ghuaire táinig 'n-a aonar go mainistir bhig a raibhe aoinbhean amháin riaghalta, is do fhiafruigh an bhean cia hé. "Fear gráidh do Ghuaire mé," ar sé. "Is truagh linn," ar ise, "maidhm do bheith ar an rígh sin is mó déirc is daonnacht is eineach da bhfuil i nÉirinn, agus deargár a mhuinntire do thabhairt." Téid an bhean riaghalta gus an sruth do bhí láimh ria is atchí bradán ann; tillis go Guaire ris na scéalaibh sin. Téid Guaire amach gus an sruth is marbhais an bradán is rug buidheachas ré Dia bheith taoibh ris an mbradán an oidhche sin, is a mhionca do bhádar deich mairt oidhche oile aige. Téid Guaire ar n-a mhárach i ndáil a mhuinntire is do-ní comhairle riú an dtiubhradh cath oile do rígh Éireann nó an ngiallfadh do rinn ghai dhó. Is air do chinn Guaire is a mhuinntear dul go Diarmaid agus gialladh dhó. Gidheadh is é modh ar ar ghiall dó, rinn ghai nó chloidhimh an ríogh do chur 'n-a bhéal idir a fhiaclaibh agus é faon ar a ghlúinibh. Agus ar mbeith do
Ghuaire mar sin, adubhairt an rí lé lucht da mhuinntir féin ós iseal, "Fionnfam," ar sé, "anois an tré ghlóir dhíomhaoin do-ní Guaire an t-eineach mór úd." Tug ar dhraoi da mhuinntir ní d'iarraidh air a los ealadhna, is ní tug Guaire aire dhó. Cuiris lobhar d'iarraidh déirce air ar son Dé. Tug an dealg óir do bhí 'n-a bhrat don bhocht. Téid an bocht uaidh, is tarla duine do mhuinntir an ríogh Dhiarmada ris is beanais an dealg óir de, is do-bheir do Dhiarmaid é. Tig an bocht arís go Guaire da chasaoid sin ris, is tug Guaire an crios óir do bhí tairis dó, agus beanaid muinntear Dhiarmada an crios don bhocht, agus tig arís go Guaire agus rinn chloidhimh Dhiarmada idir a fhiaclaibh; agus mar do chonnairc Guaire an bocht go tuirseach do thuit sruth déar uaidh. "A Ghuaire," ar an rí, "an ar a thruaighe riot bheith fám chumhachtaibh-se ataoi ag caoi mar sin?" "Do-bheirim briathar nach eadh," ar sé, "acht ar a thruaighe liom bocht Dé do bheith gan ní." Is ann sin adubhairt Diarmaid ris éirghe is nach biadh ó shoin amach fá n-a smacht féin, agus go raibhe rí na n-uile dhúl ós a chionn dá ngiallfadh, is gur leor leis sin uaidh. Ceanglaid síoth eatorra féin agus adubhairt Diarmaid ris teacht go haonach Tailltean i bhfiadhnaise fhear nÉireann, "agus do-bhéar féin mo thighearnas óm lá féin amach dhuit," ar sé. Téid Guaire iar sin go haonach Tailltean agus miach nó mála airgid ré n-a chois i gcoinne a bhronnta d'fhearaibh Éireann. Tug iaramh Diarmaid ar fhearaibh Éireann gan aon díobh d'iarraidh aoinneithe ar Ghuaire san aonach. Dá lá dhó amhlaidh sin; an treas lá iomorro adubhairt Guaire ré Diarmaid fios do chur ar easpog chuige go ndearnadh a fhaoisidin is a ongadh. "Créad sin?" ar Diarmuid. "Bás
atá im ghar," ar Guaire. "Cionnus tuigeas tú sin?" ar Diarmaid. "Tuigim," ar Guaire, "fir Éireann ar aon láthair agus gan neach dhíobh ag iarraidh neithe orm." Tug Diarmaid ann sin cead bronntais do Ghuaire. Gabhais Guaire ag bronnadh neithe do gach aonduine an tan soin; agus ma's fíor, ba faide an lámh lé ndáileadh ní do na bochtaibh ioná an lámh lé dtiodhlaiceadh ní don éigse. Do rinne Diarmaid síoth is síothcháin ré Guaire an tráth soin do láthair fhear nÉireann is do bhádar muinnteardha da chéile ó shoin amach. Tarla go raibh duine naomhtha cráibhtheach do dhearbhráithar ag Guaire dar bh'ainm Mochua; agus aimsir da ndeachaidh do dhéanamh an chorghais go tobar fíoruisce atá láimh ré Buirinn siar budh dheas, cúig mhíle ó Dhurlus Guaire, is gan 'n-a fhochair acht aon mhaiccléireach amháin do bhíodh ag friothólamh an aifrinn dó. Is ní chaitheadh féin ná an maiccléireach san ló go n-oidhche acht aonphroinn, is ní caithtí ann sin leo acht beagán d'arán eorna is biorar is fíoruisce. Agus iar dteacht laoi Cásca is iar rádh aifrinn do Mhochua do ghabh mian feola an maiccléireach, is adubhairt ris an naomh Mochua go rachadh go Durlus d'fhios Ghuaire d'fhagháil a shásuighthe feola. "Ná déin," ar Mochua, "an agam-sa go nguidhinn Dia d'iarraidh feola dhuit." Agus leis sin léigis a ghluine ré lár is do ghéaruigh ar a ghuidhe go Dia ar iarraidh feola don mhaiccléireach. I n-aoinfheacht sin is biadh da fhreastal go bordaibh tighe Guaire, táinig do ghuidhe Mochua gur sciobadh na miasa is an fheoil do bhí orra a lámhaibh an luchta do bhí ag a bhfreastal, is trialltar leo tar sleasaibh an mhúir amach go ndearnadar go réimdhíreach gus an bhfásach 'n-a raibhe Mochua; is téid Guaire go líon a theaghlaigh ar marcuidheacht i dtóiruidheacht na mias. Agus nuair rángadar na miasa do láthair Mhochua do ghabh ag mioladh is ag móradh anma Dé, agus adubhairt ris an maiccléireach a shásadh don fheoil d'ithe.
Leis sin tug súil seacha is atchí an machaire lán do mharcshluagh, is adubhairt nár shochar dó féin an fheoil d'fhagháil is méad na tóire sin do bhí 'n-a diaidh. "Ní heagal duit," ar Mochua, "mo dhearbráthair go n-a theaghlach atá ann, is guidhim-se Dia gan neach dhíobh do léigean tairis siúd go beith sáthach dhuit-se." Agus leis sin leanaid buinn na n-each don talamh go nach raibhe neart dóibh triall tairis sin go beith sáthach don mhaiccléireach. Is ann sin do ghuidh Mochua Dia 'ga iarraidh air scaoileadh da dhearbhráthair is da theaghlach. Scaoiltear leis sin díobh is tigid do láthair Mhochua. Léigis Guaire ar a ghlúinibh é féin do láthair an naoimh Mochua is iarrais maithmheachas air. "Ni heagal duit a dhearbhráthair; gidheadh ithtear an biadh libh annso." Agus iar gcaitheamh a phroinne do Ghuaire is da mhuinntir ceileabhraid do Mhochua is tillid go Durlus ar a n-ais. Is dearbhadh ar fhírinne an sceoil-se gurab Bóthar na Mias ghairthear do na cúig mhílibh do shlighe atá ó Dhurlus gus an dtobar 'n-a raibhe Mochua an tan soin. VIII. Is i n-aimsir Dhiarmada mic Fearghusa ríogh Éireann do bhí Béacán naomhtha ann. Adeirid drong ré seanchus go raibhe mac oile i n-éagmais Fhiachach Muilleathain ag Eoghan Óg .i. Diarmaid, agus is ar sliocht an Diarmada-so táinig Béacán naomhtha do bheannuigh i gCill Bhéacáin i Múscruidhe Chuirc; agus fós adeirid na seancaidh go rabhadar triúr mac ag Fiachaidh Muilleathan féin .i. Oilill Flann Mór Oilill Flann Beag is Deachluath. Ag so deismireacht ar sin:
Béacán ó Dhiarmaid naomh nár, Déanam clann Fhiachach d'iomrádh, Dream dar chomhaill tír is tuath, Dá Oilill díobh is Deachluath.
Is fán am-so do mheas Breasal mac Diarmada mic Fearghusa .i. mac ríogh Éireann, fleadh d'ollmhughadh da athair ag Ceanannus na Midhe, is níor mhaise leis aoinní da raibhe
aige i gcomhair na fleidhe sin gan mairtfheoil 'n-a mbiadh foirrcheas ré n-a dáil ar an bhfleidh sin da athair. Gidheadh ní fhuair a samhail sin do mhairtfheoil i gcomhfhoigse dhó acht aonmhart do bhí ag mnaoi riaghalta i gCill Ealchruidhe, agus iarrais Breasal an mart go háiseach umhal ar an mnaoi, is do thairg seacht mba is tarbh do chionn na haonbhó d'fhagháil dó. Éimghis an bhean é. Tairis sin tug seisean an bhó da haimhdheoin uaithe gur mharbh ar an bhfleidh í. Agus iar mbeith i n-áineas na fleidhe do rígh Éireann is da mhuinntir, tig an chailleach is do rinne casaoid ar Bhreasal ris an rígh. Ar gclos iomorro na casaoide sin do Dhiarmaid .i. an rí, do ghabh dásacht feirge é, is adubhairt go mbáiseochadh sé Breasal tré shárughadh chaillighe Chille hEalchruidhe, is beiris leis é ar bruach abhann Lorcaighe, gur báthadh leis Breasal amhlaidh sin. Gabhais aithreachas Diarmaid tré n-a mhac do bháthadh, is téid da cheisneamh sin ré Colum Cille, is adubhairt Colum ris teacht d'fhios an athlaoich Bhéacáin don Mhumhain, agus triallais féin is Colum Cille mar aon ris go rángadar Cill Bhéacáin don leith thuaidh do Shliabh gCrot. Agus is amhlaidh fuaradar an naomh is é ag déanamh cloidh timcheall a reilge is a aibíd fliuch 'n-a thimcheall. Mar fuair Béacán amharc ar Dhiarmaid, is eadh adubhairt: "Fán dtalamh a fhionghalaigh," ar sé. Leis sin téid Diarmaid go glúinibh i dtalmhain. "D'iarraidh comairce ort-sa san ngníomh do rinne táinig sé," ar Colum Cille, "agus ag iarraidh ort t'impidhe do chur go Dia fá n-a mhac d'aithbheodhadh." Leis sin guidhis Béacán Dia go dúthrachtach fá thrí ar fhoráileamh Choluim Chille; agus is mar sin do haithbheodhadh mac ríogh Éireann, .i. Breasal, tré ghuidhe Bhéacáin naomhtha; gur móradh ainm Dé is Bhéacáin trés an mhíorbhal soin. Tarla Guaire mac Colmáin, fá fear comhaimsire don Diarmaid-se, is Cuimín Foda mac Fiachna is Cáimín Inse
Cealltrach i dteampull mór na hinse. Agus do cuireadh trí ceasta eatorra. Ar dtús adubhairt Cáimín, "Créad, a Ghuaire," ar sé, "an ní budh mhaith leat agat?" "Ór is ionnmhas ré a bhronnadh," ar Guaire. "Agus tusa, a Chuimín," ar Guaire, "créad an ní budh mhian leat?" "Iomad leabhar ré friotal na fírinne," ar Cuimín. "Agus tusa, a Cháimín," ar Cuimín, "créad do mhian-sa?" "Iomad galar ar mo chorp," ar Cáimín. Agus fuaradar a dtriúr a miana, acht i ndeireadh a ré gur heascaineadh Cuimín lé Mochua, agus gur bhean gach rath dhe, ma's fíor don tseanchus. Táinig Guaire mac Colmáin trí catha do shluagh Connacht d'argain Mhumhan go dtarla Díoma mac Ronáin mic Aonghusa fá rí Caisil an tan soin dó i nUíbh Fidhghinnte ré ráidhtear Clár Chonntae Luimnigh aniú, agus tug Díoma is Guaire cath da chéile ag Carn Fearadhaigh, gur briseadh do Ghuaire is do Chonnachtaibh ann. Agus do marbhadh an nuimhir dho- áirmhighthe dhíobh mar aon ré sé triathaibh d'uaislibh Connacht. Is é adhbhar fá dtáinig Guaire ar an sluagh soin ag éiliughadh a raibhe ó Shliabh Echtghe go Luimneach do bhí do sheanroinn Chonnacht nó go dtug Lughaidh Meann mac Aonghusa Tírigh seacht gcatha ar Chonnachtaibh mar ar mharbh seacht ríogha dhíobh, agus gan do shluagh aige acht amhsuidh is giollanraidh go ndearnaidh sé fearann cloidhimh da bhfuil ó Bheirn trí gCarbad ag Carn Fhearadhaigh go Luchad .i. Bealach an Luchaide, agus ó Áth na Bóraimhe go Léim an Chon; gonadh da dhearbhadh sin do rinne Cormac mac Cuileannáin an rann-so:
Fá hé sin an Lughaidh Láimhdheirg Tall ar Chóigeadh Chonnacht chain, Ó Charn Fhearadhaigh fá uchad, Go hÁth Luchad lán do ghail.
Fá lucht comhaimsire dá chéile Mochua is Colum Cille,
agus ar mbeith i ndíthreibh an fhásaigh do Mhochua nó Mac Duach, ní raibhe do spréidh shaoghalta aige acht coileach is luchóg is cuil. Is é feidhm do-níodh an coileach dó, iarmhéirghe an mheadhóin oidhche do choimhéad. An luchóg iomorro ní léigeadh dó acht cúig uaire do chodladh san ló go n-oidhche, agus an tan do thogradh ní-sa mhó do chodladh do dhéanamh, ar mbeith tuirseach dó ó iomad croisfhidhiol is sléachtan, do ghabhadh an luchóg ag slíobadh a chluas go ndúscadh amhlaidh sin é. An chuil, cheana, is é feidhm do-níodh bheith ag siubhal ar gach líne da léaghadh 'n-a Psaltair, is an tan do-níodh scíoth ó bheith ag cantain a psalm do chomhnuigheadh an chuil ar an line d'fhágbhadh go tilleadh arís do rádh a psalm dhó. Tarla go grod da éis sin go bhfuaradar na trí seoide sin bás; agus scríobhais Mochua leitir da éis sin go Colum Cille ar mbeith i nÍ i nAlbain dó, agus do-ní casaoid ar éag na healtan soin. Scríobhais Colum Cille chuige agus is eadh adubhairt: "A bhráthair," ar sé, "ní cuirthe dhuit i n-iongantas éag na healtan do chuaidh uait, óir ní bhí an tubaist acht mar a mbí an spréidh." Measaim ar an súgradh-so na bhfíornaomh nach raibhe suim aca sna sealbhaibh saoghalta, ní hionann is mórán do luchth na haimsire-se. Da éis sin do marbhadh Diarmaid mac Fearghusa Ceirrbheoil rí Éireann i Ráith Bhig i Maigh Line lé hAodh Dubh mac Suibhne Aruidhe, agus tugadh a cheann go Cluain Mic Nóis, is do hadhnaiceadh a cholann i gCuinnire. Do ghabh Feargus is Domhnall dá mhac Muircheartaigh mic Earca mic Muireadhaigh, mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoin bhliadhain amháin. Duinnseach inghean Duach Teangumha ríogh Connacht máthair na mac-so. Is fán am-so tugadh Cath Gabhra Lithfe ar Laighnibh lé Fearghus is lé Domhnall, áit ar thuit cheithre céad do Laighnibh is do marbhadh Díomán mac Cairill mic Muireadhaigh Mhuindeirg, do bhí 'n-a rígh Uladh deich mbliadhna, lé bachlachaibh Boirne. Agus 'n-a dhiaidh sin fuair Fearghus is Domhnall bás.
Do ghabh Eochaidh mac Domhnaill mic Muircheartaigh mic Earca agus Baodán mac Muircheartaigh mic Earca do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann. Trí bliadhna dhóibh. Is fán am-so fuair Cairbre Crom mac Criomhthainn Sréibh mic Eochach mic Aonghusa mic Natfraoich do bhí 'n-a rígh Mumhan tríochad bliadhan bás. Tairis sin is é an Cairbre Crom-so ré n-a bhás tug Cath Feimhean ar Cholmán Bheag mac Diarmada, áit ar briseadh do Cholmán is ar marbhadh iomad da mhuinntir ann. Agus is uime do gairthí Cairbre Crom dhe ar n-a bheith da oileamhain nó da altrom i gCromghlaise, amhail adeir an file san rann-so:
Díreach é ó fhionn go bonn, Fear fírfhéata Cairbre Crom, Is air do ghabh ainm ré ais, Ar a altrom i gCromghlais.
Is é an Cairbre Crom-so do bhronn Cluain Uama do Dhia is do mhac Léinín. Adeirid dream ré seanchus gurab fán am-so fuair Bréanainn Biorra bás. Gidheadh do mhair sé naoi bhfichid bliadhan do réir an tseanchusa san rann-so síos:
Mairg nach roicheann mór a rath Bréanainn fá hálainn a rioth, Ceithre fichid agus céd, Is é méd baoi ar an mbioth.
Da éis sin tugadh Cath Tola is Forthola lé Fiachaidh mac Baodáin ar Éilibh agus ar Osruighibh, áit ar thuit iomad d'Éilibh is d'Osruighibh ann. Agus fuair Conall mac Comhghaill rí Dál Riada i nAlbain bás, ar mbeith sé bliadhna déag i bhflaitheas na hAlban dó; agus is é an Conall-so do bhronn oilean Í i nAlbain do Cholum Chille. Da éis sin do thuit Eochaidh is Baodán lé Crónán mac Tighearnaigh rí Ciannachta Ghlinne Geimhean. Do ghabh Ainmire mac Séadna mic Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna. Brighid inghean
Chobhthaigh mic Oiliolla do Laighnibh Arda Ladhrann bean Ainmire máthair Aodha mic Ainmire. Da éis sin do thuit Ainmire lé Fearghus mac Néill ar earbadh Bhaodáin mic Ninneadha i gCarraig Léime an Eich. Do ghabh Baodán mac Ninneadha mic Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoin bhliadhain amháin. Cacht inghean ríogh Fionnghall bean Bhaodáin; agus is i bhflaitheas Bhaodáin fuair an naomh, Bréanainn Chluana Fearta, bás, agus Aodh mac Eochach Tiormcharna rí Connacht do marbhadh i gCath Bágha, is Baodán mac Cairill rí Uladh, is Ruadhán Lothra an naomh. Do shliocht Oiliolla Flann Big mic Fiachach Muilleathain dó. Agus do marbhadh Baodán mac Ninneadha rí Éireann leis an dá Chuimín .i. Cuimín mac Colmáin Bhig is Cuimín mac Libhréin i gCarraig Léime an Eich i nIomairg. Is í fá haois don Tighearna do réir Bheda, san cheathramhadh chaibidil don treas leabhar do Stair na Sacsan, ag dul do Cholum Cille i nAlbain 565. IX. Do ghabh Aodh mac Ainmireach mic Séadna mic Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna ar fhichid. Brighid, inghean Chobhthaigh mic Oiliolla do Laighnibh, máthair an Aodha-so. Is é Aodh mac Ainmireach tug Cath Béal Dáthí, mar ar thuit Colmán Beag mac Diarmada agus cúig míle mar aon ris tré fháistine Choluim Chille. Is fán am-so fuair Seanach easpog Chluana hIoraird bás, is Fiachaidh mac Baodáin mic Cairill mic Muireadhaigh Mhuindeirg do bhí 'n-a rígh Uladh cúig bliadhna ar fhichid, gur thuit an tráth-so i
gCath Beatha lé Fiachaidh mac Déamáin. Agus fuair Feidhlim mac Tighearnaigh rí Mumhan bás. Is lé hAodh mac Ainmireach do commóradh mórdháil Droma Ceat mar a raibhe comhdháil uaisle is eagailse Éireann. Agus is trí hadhbhair prinnsiopálta do bhí ag Aodh ré cruinniughadh na comhdhála soin. An céadadhbhar díobh do dhíbirt na bhfileadh a hÉirinn ar a méid do mhuirear is ar a dheacracht a riar. Óir do bhíodh tríochad i mbuidhin an ollaimh agus cúig fhir déag i mbuidhin an anroth .i. an té fá goire céim san bhfilidheacht don ollamh. Agus do bhádar fán am soin, beagnach, trian bhfear nÉireann ré filidheacht, is do bhídís ó Shamhain go Bealltaine ar coinnmheadh ar fhearaibh Éireann. Ar n-a mheas d'Aodh mac Ainmireach gur throm an t-ualach d'Éirinn iad, do chuir roimhe a ndíbirt as an ríoghacht uile. Adhbhar oile fós do bhí ag Aodh ré díbirt na bhfileadh, mar do chuadar d'iarraidh deilg óir do bhí i mbrat Aodha. Dealg sin trá do fhágbhadh gach rí mar shéadchomhartha ag gach rígh thigeadh 'n-a dhiaidh; agus is é iarraidh an deilg go ainmhianach dóibh do ghríosuigh Aodh ré n-a n-athchur gur hionnarbadh go Dál Riada Uladh iad. Do bhí díochur roimhe sin ar na fileadhaibh ré linn Chonchubhair mic Neasa Ríogh Uladh tré n-a n-ainbhreathaibh féin. Do thionóladar fileadha Éireann an tráth soin i gcoinne is i gcomhdháil a chéile; agus do b'é a líon ar an gcomhdháil sin deich gcéad d'fhileadhaibh ag a raibhe buidhean; agus do bhádar an tráth soin ag cinneadh chomhairle ar dhul i nAlbain; agus mar do chualaidh Conchubhar sin téid Cú Chulainn 'n-a ndáil, agus tug congbháil seacht mbliadhan dóibh, amhail adeir an file san rann-so do beanadh as an duain darab tosach, Eamhain Uladh ionmhain leam:
Éirghid Ulaidh, amhra an sluagh, Um Chonchubhar chloidheamhruadh; Coinnmheadh sheacht mbliadhan go mblaidh, Uainne do na fileadhaibh.
Da éis sin do scaoilsiod na fileadha fá Eirinn is ní raibhe díochur ortha ó shoin amach go haimsir Fhiachna mic Baodáin ríogh Uladh, ná ó aimsir Fhiachna go haimsir Mhaoilchobha mic Déamáin mic Cairill ríogh Uladh, ná ó aimsir Mhaoilchobha go haimsir Aodha mic Ainmireach. Fá thrí iomorro do dhiúltadar fir Éireann do na fileadhaibh gur fhostuidheadar Ulaidh gach uair díobh soin iad. An chéaduair do díbreadh iad fá hé a líon míle; gur ro fhost Conchubhar go maithibh Uladh seacht mbliadhna iad, amhail adubhramar. An dara díbirt do rinneadh orra ro fhost Fiachna mac Baodáin rí Uladh bliadhain iad, agus seacht gcéad a líon um Eochaidh Ríghéigeas, amhail adeir an file san duain réamhráidhte:
Eochaidh Ríghéigeas reacht rán, Luidh go Fiachna mac Baodáin, Fofríoth fáilte dhíomhor dhe Na filidh ros fostaighthe.
An treas feacht do díbreadh iad go ro fhost Maolcobha rí Uladh iad, dá chéad déag a líon, um Dhallán Forgaill is um Sheanchán, amhail adeir an file san duain chéadna. Ag so mar adeir:
Feacht do Mhaolcobha na gcliar, Ré hIobhar Chinn Tráchta aniar; Dá chéad déag file fosfuair Fris an Iobhar aniar-dtuaidh; Do rad dóibh Maolcobha, an cing, Coinnmheadh teora mbliadhan mbinn, Méaraidh go ló an bhrátha bháin Do chine dhealbhdha Dhéamáin.
An dara hadhbhar fár commóradh mórdháil Droma Ceat, i ndóigh go gcuirfeadh Aodh buinchíos ar Dhál Riada i nAlbain, agus gan do chíos aige orra roimhe sin acht éirghe shluagh ar muir is ar tír is íoc éarca lé rígh Éireann, amhail do
orduigh Colmán mac Coimhgheallaigh, do réir mar adeir sé féin san rann-so:
Sluaigheadh la fonnaibh do ghrés, Cobhlach ar muir go mbithbhés - Mo bhreath bheilghlic gan bhine - Is éiric lá deirbhfhine.
An treas adhbhar fár commóradh mórdháil Droma Ceat, do dhíochur Scannláin Mhóir mic Cinnfhaolaidh a flaitheas Osruighe, tré gan buinchíos d'íoc ré hAodh, agus ar tí a mhic Iollainn mic Scannláin do ríoghadh ar Osruighibh tré bheith umhal san mbuinchíos d'Aodh. Gonadh iad soin na trí fátha fár horduigheadh mórdháil Droma Ceat, amhail adeir Dallán Forgaill san rann-so:
Trí fátha fríotha don dáil, Ar tí aithríoghtha Scannláin, Um Dhál Riada, ríodhgha an treas, Is um dhíochur na n-éigeas.
Ag so na ríogha cúigeadhach is na flatha fearainn do bhí i mórdháil Droma Ceat. Ar dtús Criomhthann Cearr rí Laighean; Iollann mac Scannláin mic Cinnfhaolaidh rí Osruighe; Maoldúin mac Aodha Beannáin rí iarthair Mhumhan; Finghin mac Aodha Duibh mic Criomhthainn rí Mumhan uile; Criomhthann Deilgneach rí deisceirt Éireann; Guaire mac Colmáin i ríghe chloinne Fiachrach theas is thuaidh; Raghallach mac Uadach do ba rí ar Thuathaibh Taidhion is ar Bhréithfne Uí Ruairc go Cliabhán Modhairn; Ceallach mac Cearnaigh mic Duibh Dhothra ar Bhréithfne Uí Raghallaigh; Conghalach Chinn Maghair ar Thír Chonaill 'n-a rígh; dá rígh Oirghiall .i. Daimhín mac Aonghusa ó Chlochar Deasa go Fionncharn i Sliabh Fuaid; Aodh mac Duach Galaigh ó Fhionncharn Sléibhe Fuaid go Bóinn. An tan fá clos do Cholum Chille i nAlbain cruinniughadh
na comhdhála soin agus na trí hadhbhair fár tionóileadh í, mar atá, aithríoghadh Scannláin, díbirt na bhfileadh is cur bhuinchíosa ar Dhál Riada, do thriall féin a hÍ go hÉirinn mar aon ré coimhthionól naoimhchléire; agus is é líon cléire do bhí 'n-a fhochair ag teacht fá thuairim na comhdhála soin: dá fhichid sagart, fiche easpog, caoga deochan is tríochad maiccléireach, amhail adeir Amra Choluim Chille san rann-so:
Dá fhichid sagart a líon, Fiche easpog uasal bríogh, Fri gabháil psalm, clú gan acht, Caoga deochan tríochad mac.
Do féadfaidhe go mbiadh díchreideamh ag an léaghthoir ar an ní chuirthear síos annso, mar atá go mbeidís easpuig i gcoimhdeacht abbadh. Gidheadh dá léaghthar an dara caibidil do Stair na Sacsan do scríobh Beda mar a labhrann ar phribhiléid oiléin Í i nAlbain, is follus go mbídís easpuig na hAlban umhal d'abbaidh Í i n-allód. Ag so iomorro mar adeir: "Fá gnáth," ar sé, "ris an oiléan-so do shíor uachtarán do bheith air do bhiadh 'n-a abb is 'n-a shagart ag a mbíodh an chríoch uile fá n-a smacht agus fá n-a dhligheadh, agus fós fá dlightheach do na heaspogaibh féin, gér nós neamhghnáthach é, bheith umhal dó, do réir shompla an chéaddoctúra do bhí ar an oiléan nach raibhe 'n-a easpog acht 'n-a shagart is 'n-a mhanach." Agus is follus gurab é Colum Cille an céaddoctúir fuair an phribhiléid ar dtús i nÍ, amhail adeir Beda san deachmhadh caibidil don chúigeadh leabhar don Stair chéadna. "Fá hé Colum," ar sé, "céaddoctúir an chreidimh Chatoilice do na Pictibh san aird thuaidh ar na sléibhtibh is an céadduine do thógaibh mainistear i n-oiléan Í do bhí cádhasach cian d'aimsir ag iomad do phoibleachaibh na Scot is na bPict." As na briathraibh-se Beda is iontuigthe gurab
é Colum Cille an céaddoctúir do chuaidh do shíoladh an chreidimh do na Pictibh i dtuaisceart Alban, is gurab uime sin ní headh amháin do ghabhadar na sagairt is na manaigh orra féin bheith umhal do Cholum Chille is d'abbaidh Í da éis, acht fós do ghabhadar na heaspuig féin orra é, do bhrígh gurab é Colum Cille tug solus an chreidimh ar dtús dhóibh. Agus is uime sin tángadar easpuig i nÉirinn i gcoimhdeacht Choluim Chille go mórdháil Droma Ceat. X. Is amhlaidh táinig Colum Cille i nÉirinn agus bréid ciartha tarsna ar a shúilibh go nach faicfeadh úir Éireann. Óir do bhí d'fhiachaibh air gan úir Éireann d'fhaicsin ón tráth do chuir Molaise do bhreith aithrighe air dul i nAlbain agus gan fonn na hÉireann d'fhaicsin go bás, ionnus go dtáinig dhe sin gur chonghaibh an bréid ciartha ar a shúilibh an seal do bhí i nÉirinn go tilleadh i nAlbain dó; gonadh ag faisnéis an chomhaill do rinne Colum Cille ar an mbreith sin, do rinne Molaise an rann-so:
Gé tháinig Colum anoir, I n-eathar tar an mórmhuir, Ní fhacaidh ní i nÉirinn áin, Iar dtigheacht is in mórdháil.
Is é adhbhar iomorro fá rug Molaise do bhreith ar Cholum Chille dul i nAlbain, mar tháinig do Cholum Chille trí catha do chur i nÉirinn, mar atá Cath Cúile Dreimhne, Cath Cúile Rathan, is Cath Cúile Feadha. Is é adhbhar Catha Cúile Dreimhne do réir an tseinleabhair da ngairthear Uidhir Chiaráin: Feis Teamhrach do rinne Diarmaid mac Fearghusa Ceirrbheoil rí Éireann is do marbhadh duine uasal ar an bhfeis sin lé Cuarnán mac Aodha mic Eochach Tiormcharna; agus is uime do mharbh Diarmaid an Cuarnán-so tré mar do mharbh seisean an duine uasal ar an bhfeis i n-aghaidh
dhlighidh is tearmainn na feise. Agus sul do marbhadh Cuarnán do chuaidh ar chomhairce dá mhac Mic Earca .i. Fearghus is Domhnall is cuirid sin ar chomhairce Choluim Chille é, agus tar chomhairce Choluim marbhthar lé Diarmaid é tré choill reachta na Teamhrach; agus táinig dhe sin gur thionóil Colum Cille clanna Néill an tuaisceirt (tré n-a chomhairce féin is tré chomhairce chloinne Mic Earca do shárughadh) gur cuireadh Cath Cúile Dreimhne ar Dhiarmaid is ar Chonnachtaibh; gur bhriseadh dhíobh tré ghuidhe Choluim Chille. Cuiridh Leabhar Dubh Molaga adhbhar oile síos fá dtugadh Cath Cúile Dreimhne, mar atá trés an gclaoinbhreith rug Diarmaid i n-aghaidh Choluim Chille an tan ro scríobh an Soiscéal a leabhar Fionntain gan fhios, agus adubhairt Fionntain gur leis féin an maicleabhar do scríobhadh as a leabhar féin. Uime sin do thoghadar leath ar leath Diarmaid 'n-a bhreitheamh eatorra; agus is í breath rug Diarmaid gurab leis gach boin a boinín, is gurab leis gach leabhar a mhaicleabhar; gonadh é sin an dara hadhbhar fá dtugadh Cath Cúile Dreimhne. Is é adhbhar fá dtug Colum Cille fá deara Cath Cúile Rathan do thabhairt ar Dhál nAruidhe is ar Ulltachaibh do thoisc iomrasain tarla idir Cholum Chille is Chomhghall mar do thaispeánadar Dál nAruidhe is Ulltaigh iad féin leathtromach san imreasan. Is é adhbhar fá dtug Colum Cille fá deara Cath Cúile Feadha do thabhairt ar Cholmán mac Diarmada i ndíol a sháruighthe fá Bhaodán mac Ninneadha rí Éireann do marbhadh lé Comán mac Colmáin i Léim an Eich tar chomhairce Choluim. Triallais iomorro Colum go n-a naoimhchléir a hAlbain, amhail adubhramar, go Éirinn, agus an tan do bhí ag teacht i ngar na comhdhála adubhairt an ríoghan, bean Aodha,
ré n-a mac Conall gan cádhas do thabhairt don choirrchléireach ná da bhuidhin; agus ar bhfagháil scéal air sin do Cholum sul ráinig an láthair is eadh adubhairt: "Is cead liom-sa an ríoghan go n-a hinnilt do bheith i riocht dá choirr i gcionn an átha-so thíos go dtí an Bráth." Ag so deismireacht na hAmhra ag aithfhriotal bhriathar Choluim san rann-so:
Is cead di-se bheith 'n-a coirr, Ar an cléireach go ró-loinn, 'S is cead da hinnilt go beacht, Bheith 'n-a coirr 'n-a coimhideacht.
Agus is uime do orduigh an innilt do bheith 'n-a coirr mar aon ris an ríoghain, do bhrígh gurab í tháinig i dteachtaireacht ón ríoghain go Conall ag a rádh ris gan cádhas do thabhairt don choirrchléireach ná da buidhin. Agus do chluinim ó n-a lán do dhaoinibh go bhfaicthear dá choirr do ghnáth ar an áth atá láimh ré Druim Ceat ó shoin ale. Dála Choluim Chille, ar rochtain na comhdhála dhó is é oireacht Chonaill mic Aodha mic Ainmireach ba neasa dhó don chomhdháil; agus mar do chonnairc Conall na cléirigh greasais daoscarshluagh an oireachta fúthaibh, trí naonbhair a líon, gur ghabhadar do chaobaibh criadh orra, gur brúghadh is gur breodhadh na cléirigh leo. Is do fhiafruigh Colum cia do bhí ag a mbualadh amhlaidh sin. Do chualaidh Colum gurab é Conall mac Aodha do bhí ag a ngreasacht ré déanamh an ghníomha soin, is cuiris Colum fá deara trí naoi gceoláin do bhuain an tráth soin ar Chonall gur heascaineadh lé Colum é, is gur bhean ríghe is aireachas ciall is cuimhne is a inntleacht de. Agus ó na clogaibh sin do beanadh air, ghairthear Conall Clogach dhe. Do chuaidh Colum iar sin go hoireacht Domhnaill mic Aodha; is éirghis Domhnall 'n-a choinne is do fhear fáilte roimhe is tug póg da ghruaidh is do chuir 'n-a ionadh féin 'n-a shuidhe é. Tug Colum a bheannacht do Dhomhnall mac Aodha, is iarrais ar Dhia ríoghacht Éireann da rochtain, agus ráinig
fá dheireadh go raibhe trí bliadhna déag i bhflaitheas Éireann sul fuair bás. Triallais Colum as sin go hoireachtas an ríogh is Domhnall 'n-a fhochair; agus ar rochtain do Cholum do láthair an ríogh fáiltighis roimhe - do ghabh eagla mhór an rí roimhe trés an ní do rinne ré Conall ris an ríoghain is ré n-a hinnilt, amhail adubhramar. "Do b'í m'fháilte mo riar," ar Colum. "Do-ghéabhair sin," ar an rí. "Maiseadh," ar Colum, "is é riar iarraim: trí hitghe iarraim ort, mar atá fastódh na bhfileadh ataoi do thathfann as Éirinn, is scaoileadh do Scannlán Mhór mac Cinnfhaolaidh rí Osruighe as an mbroid 'n-a bhfuil agat, is gan dul do chur bhuinchíosa ar Dhál Riada i nAlbain." "Ní toil liom," ar an rí, "fastódh na bhfileadh, ar mhéid a n-ainbhreath is ar a líonmhaire atáid. Óir bíd tríochad i mbuidhin an ollamhan is a cúig déag i mbuidhin an anroth agus mar sin do na grádhaibh file oile ó shoin síos." Do bhíodh buidhean ar leith ag gach aon díobh do réir a chéime féin, ionnus go raibhe trian bhfear nÉireann ré filidheacht beagnach. Adubhairt Colum Cille ris an rígh go madh cóir mórán do na fileadhaibh do chur ar gcúl ar a líonmhaire do bhádar ann. Gidheadh adubhairt ris file do bheith 'n-a ardollamh aige féin ar aithris na ríogh roimhe, is ollamh do bheith ag gach rígh cúigidh, is fós ollamh do bheith ag gac tighearna triúcha chéad nó tuaithe i nÉirinn; agus do cinneadh ar an gcomhairle sin lé Colum Cille, is aontuighis Aodh é; gonadh ag maoidheamh na commaoine sin do chuir Colum Cille ar na fileadhaibh do rinne Maolsuthain an rann-so:
Ro saoradh dhe na filidh Tré Cholum an chaoimhdhlighidh; File gach tuaithe ní trom, Is eadh do orduigh Colom.
Táinig don ordughadh-so do rinne Aodh mac Ainmireach is Colum Cille go mbíodh ollamh cinnte ag rígh Éireann is ag gach rígh cúigeadhach is ag gach tighearna triúcha chéad, is fearann saor ag gach ollamh dhíobh ó n-a thighearna féin; agus fós saoirse choitcheann is tearmann ó fhearaibh Éireann ag fearann is ag maoin tsaoghalta gach ollamhan díobh. Do orduigheadar fós fearann coitcheann do na hollamhnaibh go cinnte, mar a mbiadh múnadh coitcheann aca amhail Universitie, mar atá Ráith Cheannait is Masruidhe Mhaighe Sléacht san mBréithfne, mar a mbíodh múnadh na n-ealadhan i n-aiscidh aca d'fhearaibh Éireann, gach aon do thogradh bheith foghlumtha i seanchus nó sna healadhnaibh oile do bhí ar gnáthughadh i nÉirinn an tan soin. Is é fá hardollamh i nÉirinn an tráth soin Eochaidh Éigeas mac Oiliolla mic Eirc, agus is ris a deirthí Dallán Forgaill, is do chuir ollamhain uaidh ar chúigheadhaibh Éireann, mar atá Aodh Éigeas ar chrích Bhreagh is ar an Midhe, Urmhaol airdéigeas ar dá Chúigeadh Mumhan, Seanchán mac Cuairfheartaigh ar Chúigeadh Connacht agus Fear Firb mac Muireadhaigh mic Mongáin i n-ollamhnacht Uladh, agus fós ollamh i ngach triúcha chéad i nÉirinn fá na hardollamhnaibh-se, is fearann saor ó n-a bhflaithibh fearainn dóibh agus tearmann, amhail adubhramar, is duasa cinnte ar son a nduan is a ndréacht da gach aon díobh. An dara hathchuinghe do iarr Colum ar Aodh, scaoileadh do Scannlán Mhór rí Osruighe agus a léigean da chrích féin; do éimidh Aodh sin. "Ní leanamh tairis sin ort," ar Colum, "masa toil lé Dia é go raibhe ag buain mh'iallchrann nó mo bhróg dhíom-sa anocht san iairmhéirghe mar a mbiad." "An treas athchuinghe iarraim ort," ar Colum Cille, "cairde do thabhairt do Dhál Riada gan dul da n-argain
go hAlbain do thabhach bhuinchíosa orra. Óir ní dlightheach dhuit d'fhagháil uatha acht airdchíos is éirghe shluagh ar muir is ar tír." "Ní thiubhrad cairde dhóibh gan dul da n-ionnsuighe," ar Aodh. "Maseadh," ar Colum, "biaidh cairde go bráth uait"; agus fá fíor sin. Leis sin ceileabhrais Colum Cille go n-a chléir don rígh is don chomhdháil; agus adeir Leabhar Ghlinne Dá Loch go raibhe Aodhán mac Gabhráin mic Domhanghuirt rí Alban san chomhdháil-se, is gur cheileabhair i n-aoinfheacht ré Colum Cille don rígh is don chomhdháil. Adeir an leabhar céadna go raibhe an chomhdháil-se Dhroma Ceat 'n-a suidhe bliadhain is mí ag ordughadh reachta is dligheadh chánach is cháirdeasa idir fhearaibh Éireann. XI. Dála Choluim Chille iar gceileabhradh don chomhdháil triallais go Duibheaglais i nInis Eoghain; agus iar dtigheacht na hoidhche da éis sin táinig lasair dheallruightheach theineadh san chomhdháil ar an bhforfhaire do bhí ag coimhéad an chraoi 'n-a raibhe Scannlán Mór i mbroid ag Aodh, is dá shlabhra dhéag iarnuidhe do chuibhreach air, go dtugadar an fhorfhaire a ngnúise ré lár ar mhéid an lonnraidh do chonncadar. Agus táinig dlúimh dheallruightheach sholusta go Scannlán san áit chéadna 'n-a raibhe, agus adubhairt an guth san dlúimh ris: "Éirigh, a Scannláin, is fágaibh do shlabhradha is do chró is tar amach is lean mise is tabhair do lámh im láimh." Tig Scannlán amach iar sin agus an t-aingeal roimhe. Do mhothuighsiod lucht an choiméada é agus do fhiafruigh siad cia do bhí ann. "Scannlán," ar an t-aingeal. "Dá madh é ní inneosadh," ar iad-san. Gluaisis an t-aingeal is Scannlán i ndiaidh Choluim Chille iar sin; agus an tráth do bhí Colum ag an iairmhéirghe ag dul tar crann saingeal siar is é Scannlán do bhí ag buain a bhróg dhe; is do fhiafruigh Colum Cille cia do bhí ann; is do innis
seisean gur bh'é féin Scannlán. An tan do fhiafruigh Colum Cille scéala dhe, "deoch," adeireadh seisean, ar mhéid a tharta, óir feoil shaillte do-bheirdís dó san chró, is gan deoch 'n-a diaidh; agus ar a mhionca do-bheireadh sin do fhreagra ar Cholum Cille do fhágaibh Colum Cille righneas labhartha ar gach rígh da shliocht da mbeith i nOsruighe. Tairis sin tug Colum Cille fá deara ar Bhaoithín trí deocha do thabhairt do Scannlán; ann sin nochtais Scannlán a scéala do Cholum, amhail adubhramar thuas. Adubhairt Colum Cille ré Scannlán triall i nOsruighe. "Ní fhéadaim," ar Scannlán, "d'eagla Aodha." "Ní heagail duit," ar Colum, "beir mo bhachall féin mar chomairce leat, agus fágaibh agam chomthionól i nDurmhaigh i nOsruighibh í. Leis sin triallais Scannlán i nOsruighibh is do ghabh ceannas a chríche féin feadh a ré; óir níor léig eagla Cholum Chille d'Aodh buaidhreamh do dhéanamh air ó shoin amach. Do cheangail Scannlán i gcúitiughadh a shaortha mar sin screaball nó trí pinginne ar gach teach muinntire 'na dhúthaigh ó Bhladhma go muir gacha bliadhna do choimhthionól Choluim Chille i nDurmhaigh i nOsruighibh, amháil léaghthar i nAmhra Choluim Cille ag athfhriotal an gheallaimh tug Scannlán do Cholum:
Do riar om thuathaibh om thoigh, Cia budh lir luachair is luibh, Screaball gacha hadhbha soin, An mír ó Bhladhma go muir.
Tug fós Colum Cille a bheannacht d'Osruighibh uile, ar choinghioll go mbeidís féin is a rí umhal dó féin is da choimhthionól i nDurmhaigh ó aimsir go haimsir fá dhíol na cánach do cheangail Scannlán orra féin agus ar a sliocht, amhail léaghthar san Amhra:
Beannacht ar Osruighibh uaim, Ar a mbosghlaine go gcéill, Beannacht do mhuir is do thír, Uaim tré bheith da rígh dom réir.
An Colum Cille atámaoid do luadh annso is é fá hainm baiste dhó Criomhthann, agus Axal fá hainm don aingeal choimhdeachta do bhí aige, agus Demal an deamhan do bhíodh go cinnte ar tí a bhuaidheartha, amhail léaghthar san Amhra. Ag so mar adeir:
Criomhthann Ua Cuinn, comhall ngle, Ainm baiste Choluim Chille; Axal ainm a aingil gan on, Agus Demal a dheamhon.
Is uime trá do lean Colum Cille d'ainm air, an tan do bhí 'n-a leanbh ag a mhúnadh ag Dubhghlaise i dTír Luighdheach i gCinéal Chonaill, do léigthí lá gacha seachtmhaine fán mbaile amach é do reabhradh i measc a luchta comhaoise, mar shaordháil ar mbeith don fhuil ríoghdha dhó; agus mar do chleachtadh dul amach lá san tseachtmhain mar sin, do thionóldaois leinbh an cheanntair 'n-a choinne an lá do chleachtadh éirghe amach; agus ar mbeith ar aon láthair dhóibh ag feitheamh ris, an tan atchídís ag triall ón mainistir chuca é do thógbhadaoís a lámha tré lúthgháir ag a rádh d'aongháir "ag súd Colum na Cille chugainn." Agus mar do chualaidh a oide go gcleachtaoi ris na leanbhaibh Colum Cille do ghairm dhe, do mheas gur thoil ré Dia an t-ainm sin tarla i mbéalaibh na leanbh neamhurchóideach do ghairm do shíor de, agus an t-ainm baiste, mar atá Criomhthann, do thabhairt i ndearmad. Agus is minic tarla a shamhailt sin do mhalairt ar anmannaibh na naomh; bíodh a fhiadhnaise sin ar Mhochuda dar bh'ainm Carrthach ar dtús, is ar Chaomhán naomhtha, dalta Phádraig, dar bh'ainm ar dtús Mac Neise, is ar Phádraig féin dar bh'ainm baiste Sochet, is ar a dtug Germanus Magonius air an tan do rinne lámhchur air is mar tug Coelestinus Pápa Pádraig d'ainm air ré hucht a chuirthe i nÉirinn do shíoladh an chreidimh, is ar Fhionnbharr Corcaighe dar bh'ainm baiste Luan, is ar easpog Iobhair dar bh'ainm Loichead do
bheannuigh i mBeig-Éirinn i n-íochtar Laighean, is ar Chonnlaoch naomhtha easpog Chille Dara dar chéadainm Roincheann, is ar Mholing dar chéadainm Dairchill, is mar sin do mhórán da n-ionntsamhlaibh oile, ionnus nach cuirthe i gconntabhairt gurab Criomhthann fá hainm baiste do Cholum Chille, tar ceann gur lean Colum Cille d'ainm coitcheann de do réir an adhbhair thuas. Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, gurab fír-Éireannach Colum Cille do leith a athar is a mháthar agus nach Albanach, amhail adeirid cuid do na hAlbanchaibh. Óir is follus gurab Éireannach do thaoibh a athar é, do bhrígh go léaghthar i naoimhsheanchus Éireann gurab é Feidhlimidh mac Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do ba airdrí ar Éirinn fá hathair do Cholum Chille. Ag so dearbhadh an tseanchaidh air sin, amhail léaghthar san duain darab tosach: Naoimhsheanchus naomh Inse Fáil:
Colum Cille críche Cuinn, Mac Feidhlimidh uas gach druing, Mic Fearghusa an ghníomha ghairg, Mic Conaill Ghulban ghlanaird.
Is dearbh fós gurab Éireannach Colum Cille do leith a mháthar, do réir sheanschusa na hAmhra mar a n-abair gurab í Eithne inghean Díoma mic Naoi do shliocht Chairbre Nia Fear rí Laighean a mháthair. Ag so mar adeir an Amhra:
Eithne aireachta nodbí, An ríoghan do Dhál gCairbrí, Máthair Choluim diadha dhe, Inghean Díoma mic Noe.
Do ciorrbhadh a chorp lé Colum Cille comhmór soin lé troscadh lé hurnuighthibh is lé sléachtanaibh, ionnus gur shearg comhmór soin lé cruas crábhaidh, gur léir a easnach tré n-a aibíd, an tan do luigheadh san ghainimh 'n-a dhúrbhoith re séideadh na gaoithe ar a chorp trés an bhfroigh, amhail adeir an Amhra san rann-so:
Glé do luigheadh is in ngaineamh, I n-a lighe fá mór saoth, Sliocht a easnach tré n-a éideadh, Fá léir lé séideadh na ngaoth.
Do b'é aois Choluim Chille, an tan fuair sé bás, seacht mbliadhna déag is trí fichid, amhail adeir Dallán Forgaill i nAmhra Choluim Chille féin, do scríobhadh lé Dallán go grod d'éis bháis Choluim Chille:
Colum gein baoi san mbioth mbán, Saothrach ón gcuing a chorpán, Téid go hainglibh as a chacht Iar seacht mbliadhnaibh seachtmhoghat,
mar atá, trí bliadhna is dá fhichid do chaith da aimsir i nÉirinn, is da éis sin cheithre bliadhna déag ar fhichid i nAlbain, amhail adeir an Amhra san rann-so:
Trí bliadhna ceathrachad díobh Dó i nÉirinn gan imshníomh; Cheithre bliadhna tríochad teann, I nAlbain d'aithle Éireann.
Ag so na trí háite 'n-a gcleachtadh Colum Cille comhnuidhe, i nÍ i nAlbain, i nDoire, is i nDún dá Leathghlas, mar ar hadhlaiceadh é, mar adeir sé féin san rann-so mar a nochtann a ionmhaine do na trí háitibh sin:
Mo rath i nI gan choire, Agus mh'anam i nDoire, Agus mo chorpán fán lic Fá dtá Pádraig is Brighit.
An tráth do bhíodh Colum Cille ag rádh aifrinn nó ag psalmaireacht nó ag seanmóir, do cluintí míle go leith a ghuth, agus ní fhulaingeadh deamhan a ghuth gan teitheadh roimhe, amhail adeir an Amhra san rann-so:
Soin a ghotha, Choluim Chille, Lór a binne ós gach cléir, Go ceann chóig céd dég céimeann, Aidhbhle réimeann, eadh ba réil.
Do bhí sagart i dTír Chonaill i n-aimsir Choluim Chille do chumhduigh nó do thógaibh eaglais do chlochaibh uaisle agus do rinne altóir ghloine innte, agus do chuir dealbh ghréine is éasca da ndealbhughadh san eaglais sin. Go grod da éis sin táinig anbhfainne mhór ar an sagart is táinig deamhan chuige iar sin go rug leis san aieor é. Agus an tráth rángadar i ngar do Cholum Chille ós a chionn, fuair amharc orra is do rinne comhartha na croiche ós a chionn san aieor, gur thuit an sagart leis sin anuas. Agus da bhíthin sin do iodhbair an sagart an eaglais do rinne do Cholum Chille tré n-a fhóirithin a lámhaibh an deamhain, is do chuaidh féin i n-ord manach, gur chaith a aimsear go maith ó shoin amach. Do bhí naomh i nUíbh Faircheallaigh i nOsruighe dar bh'ainm Coisfhionn is téid Colum Cille aimsear da fhios i ndóigh go dtiubhradh radharc a leabhar dó, óir do ba duine ró-fhoghlumtha ag a raibhe iomad leabhar é. Agus do héimgheadh leis a radharc do thabhart do Cholum Chille; agus guidhis Colum Dia aga iarraidh air gan aoinleabhar dhíobh do bheith inléaghtha do neach 'n-a bheathaidh; agus níor féadadh focal do léaghadh ionnta ó shoin amach gur chríonadar. Do chonnairc Baoithín d'aislinge trí cathaoire ar neamh mar atá cathaoir óir, cathaoir airgid is cathaoir ghloine; is nochtais Colum Cille dhó gurab i gcomhair Chiaráin mic an tSaoir do bhí an chathaoir óir, ar mhéid a oinigh d'aoidheadhaibh, "agus an chathaoir airgid id comhair-se féin a Bhaoithín atá, ar ghloine do chrábhaidh; an chathaoir iomorro ghloine im chomhair-se atá, óir ciodh glan mo chrábhadh, is aibrisc codluidhe go minic mé." Ag so cheithre cána Éireann .i. cáin do chuir Pádraig gan cléirce do mharbhadh; cáin Adhamnáin gan mná do mharbhadh; cáin Doire Choluim Chille gan ba bleachta do mharbhadh; agus cáin Domhnaigh gan aistear do dhéanamh ann.
XII. Is i bhflaitheas an Aodha-so mic Ainmireach fuair Colum Cille bás. Tuig, a léaghthóir, gurab é Colum Cille mac Feidhlimidh mic Fearghusa an Colum ar a bhfuilim ag labhairt go ró-so. Adeir iomorro Leabhar Ruadh Mic Aodhagáin is naoimhsheanchus naomh Éireann go rabhadar iomad do naomhaibh is do bhannaomhaibh Éireann 'n-a lucht comhanmann. Óir adeirid go rabhadar dá Cholum is fiche naomhtha i nÉirinn, agus fá hé Colum Cille an céad-Cholum dhíobh. Agus fós is mar chuimhniughadh ar naomhthacht Choluim Chille tugadh Colum ar gach aon do chách. Do bhádar cúig Ciaráin is fiche naomhtha i nÉirinn, agus fá díobh Ciarán Chluana Mic Nóis is Ciarán Saighre is Ciarán Tiobraide Naoi. Do bhádar dá Aodhán déag is fiche naomhtha i nÉirinn; do bhádar seacht mBairrfhinn i nEirinn is fá díobh sin Bairrfhionn nó Fionnbharr Corcaighe. Agus fá mac an Fionnbharr soin d'Aimhirgin mac Duibh Dhuibhne mic Ninneadha mic Eochach mic Cairbre Aird mic Briain mic Eochach Muighmheadhóin fá rí Éireann. Do bhádar iomorro seacht naoimheaspuig déag is seacht gcéad duine riaghalta i gcomthionól Corcaighe i bhfochair Fhionnbhairr. Do bhádar cheithre Baoithín naomhtha i nÉirinn, mar atá Baoithín mac Bréanainn, Baoithín mac Fionnaigh, Baoithín mac Allaidh is Baoithín mac Cuanach. Do bhádar cúig Brighid déag naomhtha i nÉirinn, is fá díobh sin Brighid inghean Dubhthaigh do Laighnibh atá iomráidhteach feadh na hEorpa; agus is follus gurab do shliocht Eochach Finn Fuath nAirt í; agus fá dearbhráthair do Chonn Chéadchathach fá rí Éireann an tEochaidh Fionn soin. Ag so dearbhadh naoimhsheanchais Éireann air sin, amhail léaghthar san duain darab tosach: Naoimhsheanchas naomh Inse Fáil:
Brighid inghean Dhubhthaigh Duinn, Mic Dreimhne, mic Breasail Bhuirr, Mic Dein mic Connla mic Airt, Mic Cairbre Nia mic Cormaic, Mic Aonghusa Mhóir miadh ngart, Mic Eochach Finn Fuath ré hArt, Mic Feidhlimidh Reachtmhair ráin, Mic Tuathail Teachtmhair thioghnáir.
Ag so síos na ceithre Brighid déag naomhtha do bhí i nÉirinn i n-éagmais na Brighde thuas: Brighid inghean Díoma, Brighid inghean Mhianaigh, Brighid inghean Mhomáin, Brighid inghean Éanna, Brighid inghean Cholla, Bhrighid inghean Eachtair Aird, Brighid Inse Brighde, Brighid inghean Damhair, Brighid tSeanbhotha, Brighid inghean Fhiadhnat, Brighid inghean Aodha, agus Brighid inghean Luinge. Is ré linn Aodha mic Ainmireach ar a bhfuilmíd ag trácht agus Aodháin mic Gabhráin ríogh Alban do bhí cianaosta an tan soin do léigeadar Gaedhil Manainn díobh. Is ré linn Aodha mic Ainmireach, fós, fuair an naomh Cainneach Achadh Bó bás i n-aois a cheithre mbliadhan ar cheithre fichid; agus is ar sliocht Fhearghusa mic Róigh do bhí an Cainneach-so. Is fán am-so tug Colmán Rímhidh Cath Sleamhna, áit ar briseadh ar Chonall mac Aodha, agus Cath Cúile Caoil lé Fiachaidh mic Baodáin, áit ar briseadh d'Fhiachaidh mic Déamáin, is i dtugadh ár a mhuinntire. Da éis sin tug Conall mac Suibhne briseadh i gcath ar na trí hAodhaibh i n-aonló, mar atá Aodh Sláine is Aodh Buidhe rí Ó Maine is Aodh Róin, rí Ó bhFáilghe. I mBruighin dá Choga do bhris orra, amhail adeir an file san rann-so:
Ba ró-mhór an ruachuma, Ar ríoghruidh Éireann uile, Aodh Sláine go sochuidhe, Aodh Róin agus Aodh Buidhe.
Do bhíodh iomorro easaonta ghnáthach idir an dá Fhiachaidh do luaidheamar go grod romhainn, mar atá Fiachaidh mac Baodáin agus Fiachaidh mac Déamáin; agus táinig do ghuidhe Chomhghaill naomhtha buaidh do bheith go minic ag mac Baodáin; agus an tan do chuir mac Déamáin sin i leith an naoimh do fhiafruigh Comhghall de-sean cia budh fearr leis neamh is a mharbhadh d'fhagháil, ioná bhuaidh do bhreith is bheith seal beo agus ifreann fá dheireadh. Adubhairt mac Déamáin go madh fearr leis buaidh do bhreith ar a námhaid, ionnus na háir is na héachta do-bhéaradh orra go mbeidís da n-aithris i gcomhdhálaibh coitcheanna ó aimsir go haimsir. Ba holc ré Comhghall an roghain rug; agus rug an Fiachaidh oile neamh do roghain is diommbuaidh gcatha do bheith air; agus fuair sin tré ghuidhe Chomhghaill. Do bhíodh trá céile comairce naoimh ag gac airdaicme d'uaislibh Gaedheal Éireann. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na drongaibh-se síos: óir do bhíodh Caoimhghin Ghlinne dá Loch ag Tuathalachaibh is ag Branachaibh; Maodhóg Fearna ag Uíbh gCinnsealaigh; Moling ag Caomhánachaibh; Fionntain Chluana hEidhneach ag síol Mhórdha; Cainneach Achadh Bó ag Osruighibh; Ruadhán Lothra ag síol gCinnéididh; Deaglán ag na Déisibh; Séanna ag cloinn Bhriain Eatharlach; Gobnuid i Múscraidhe mic Diarmada; Colmán i nUíbh Mac Coille; agus mar sin ní bhíodh críoch ná cine i nÉirinn gan coimairce chinnte naoimh nó bannaoimh aca da dtugaid cádhas is onóir. Gidheadh atáid naoimh oile ann is coitchinne ioná an drong do luadhamar, mar atá Colum Cille, Finnén Mhuighe Bile, Ciarán Cluana, Comhghall Beannchair, Brighid Chille Dara, Ailbhe Imligh, agus Naomh Pádraig, amhail adeir Aonghus Céile Dé san Leabhar da ngairthear Psaltair na Rann. Ag so mar adeir:
Uí Néill uile ar cúl Choluim, Ní ar scáth muine; Ar cúl Fhinnéin Mhuighe Bile, Ulaidh uile;
Clanna Connacht ar cúl Chiaráin, Gion nach comhroinn; Dál nAruidhe uasal imghrinn, Ar cúl Chomhghoill; Bíd Laighin ar cúl Bhrighde, Clú go saidhbhre; Mumha uile gona toirthe, Ar cúl Ailbhe; Ardnaoimh Éireann go n-a manchaibh, Is é a n-uidhe Gach raon 'n-a dtéid a mbeith fo scéith Phádraig uile.
Is ré linn Aodha mic Ainmireach do bheith i bhflaitheas Éireann do bhaoi Brandubh mac Eochach mic Muireadhaigh mic Aonghusa mic Feidhlimidh mic Éanna Cinnsealaigh 'n-a rígh Laighean aoinbhliadhain amháin. Agus is leis féin is lé Laighnibh do marbhadh Aodh mac Ainmireach i gCath Bhealaigh Dhúin Bolg. Adeirthear fós gurab iad Laighin féin do mharbh Brandubh i gCath Camchluana, nó gurab lé Sárán Saoibhdhearg airchinneach Seanbhoithe Sine do thuit sé, amhail adeir an file san rann-so:
Sárán Saoibhdhearg seol amne, Airchinneach Seanbhoith Sine, Ní dalbh, gér bh'annamh i gcath, Do mharbh Brandubh mac Eochach.
Is fán am-so fuair an naomh Colmán Eala bás. Do ghabh Aodh Sláine mac Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthainne mic Niall Naoighiallaigh is Colmán Rímhidh mac Muircheartaigh Mic Earca do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann. Sé bliadhna i gcomhfhlaitheas dóibh. Mughainn inghean Choncharainn mic Duach do Chonnachtaibh máthair Aodha Sláine; agus Eithne inghean Bréanainn Daill do Chonnachtaibh fá bean dó; is rug seisear mac dó .i. Diarmaid, Donnchadh, Maolbreasail, Maolodhar, Comhghall, is Oilill. Is uime tugadh Aodh Sláine d'ainm air .i. ar
an abhainn darab ainm Sláine rugadh é. Is i bhflaitheas na deise-se do chuir Gréaghóir Mór na Rómha S. Augustine manach mar aon ré comhthionól naoimhchléire do shíoladh an Chreidimh Chatoilice i mBreatain. Do thuit Colmán Rímhidh lé Lóchán Diolmhain. Do marbhadh Aodh Sláine lé Conall nGuithbhinn mac Suibhne. Do ghabh Aodh Uairiodhnach mac Domhnaill mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna ar fhichid. Brigh inghean Orca mic Eirc mic Eochach máthair Aodha Uairiodhnaigh. Agus is uime ghairthear Aodh Uairiodhnach dhe, .i. readhga fuara tinnis do ghabhadh é, agus dá madh leis maitheas an domhain do-bhéaradh do chionn fortachta aonuaire d'fhagháil dó. Ionann iomorro uara eidhnigh is readhg fuar, gonadh aire sin ghairthear Aodh Uairiodhnach dhe. Is i bhflaitheas an Aodha-so tugadh Cath Odhbha lé hAonghus mac Colmáin, áit ar thuit Conall Laoghbhreagh mac Aodha Sláine. Agus do thuit Aodh Uairiodhnach rí Éireann i gCath dá Fhearta. Do ghabh Maolcobha mac Aodha mic Ainmireach mic Séadna mic Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna. Cróinseach inghean Aodha Finn rí Osruighe bean an Mhaoilchobha-so. Do thuit Maolcobha lé Suibhne Meann i gCath Sléibhe Bealgadáin.
XIII. Do ghabh Suibhne Meann mac Fiachna mic Fearadhaigh mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh ríoghacht Éireann trí bliadhna déag. Is i bhflaitheas tSuibhne Meinn fuair Caoimhghin Ghlinne dá Loch bás i n-aois a shé fichid bhliadhan; Caoimhghin mac Caomhlogha mic Caoimhfheadha mic Cuirb mic Fearghusa Laoibdheirg mic Fothaigh mic Eochach Láimhdheirg mic Meisin Corb do shliocht Labhradha Loingsigh. Is fán am-so fuair Aodh Beannain rí Mumhan bás, agus an naomh Adhamnán mac Rónáin mic Tinne mic Aodha mic Coluim mic Séadna mic Fearghusa mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do bhí 'n-a abb Í i nAlbain. Róna inghean Dunghaile rí Ua dTurtaire bean tSuibhne Meinn ríogh Éireann. Do marbhadh Suibhne Meann rí Éireann lé Conghal Claon mac Scannláin Sciathleathain. Do ghabh Domhnall mac Aodha mic Ainmireach mic Séadna mic Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna déag. Agus is é an Domhnall-so thug Cath Dhúin Ceitheirn ar Chonghal Chlaon, áit ar bhris de féin is ar mharbh iomad da mhuinntir. Is i bhflaitheas Domhnaill fós fuair an naomh da ngairthí Munna bás, is do díbreadh Carrthach .i. Mochuda a Rathain go Lios Mór. Agus is ar sliocht Chéir mic Fearghusa do bhí Mochuda. Iar ndul iomorro do Mhochuda a Ciarraidhe ar oilithre go Rathain, do rinne mainistir ann agus cuiris comhthionól manach san mainistir, go rabhadar deichneabhar is seacht gcéad manach 'n-a fhochair ann do-bheireadh a mbeatha comh cráibhtheach agus sin as, go mbíodh aingeal ag labhairt ris an treas manach díobh, ionnus go dtáinig de sin gur fhás
clú is oirdhearcas mór naomhthachta ar chomhthionól Raithne. Uime sin do ghabh uiréad naoimh chloinne Néill is cuirid scéala go Mochuda da fhógra dhó Rathain do thréigean agus triall da dhúthaigh féin .i. don Mhumhain. Freagrais Mochuda do na teachtaibh táinig ris na haitheascaibh sin agus adubhairt nach tréigfeadh Rathain acht muna gcuireadh lámh easpuig nó ríogh as é. Agus ar rochtain na scéal soin go naomhaibh cloinne Néill, iarraid ar Bhláthmhac is ar Dhiarmaid Ruanuidh, dá mhac Aodha Sláine do bhí do chlannaibh Néill, dul do dhíbirt Mochuda as Rathain; agus lé greasacht na druinge sin téid Bláthmhac is Diarmaid Ruanuidh d'ionnsuighe Raithne agus drong do chléir an taoibhe thuaidh 'n-a bhfochair. Ar n-a chlos do Mhochuda go dtángadar n-a ghar, do chuir tighearna do na Pictibh nó do Chruithneachaibh a hAlbain dar bh'ainm Constantín, do bhí 'n-a mhanach tuata san chomhthionól, do ghuidhe na n-uasal soin um chairde bliadhna do thabhairt do Mhochuda is da choimhthionól gan a ndíbirt a Rathain; agus fuair sé sin d'impidhe uatha. Agus ar gcaitheamh na bliadhna amach tigid na huaisle céadna i gcionn bliadhna go mbuidhin do na cléiribh céadna 'n-a bhfochair; agus ar rochtain i bhfochair Raithne dóibh cuiris Bláthmhac scéala go Mochuda aga iarraidh as an mainistir; agus leis sin cuiris Mochuda an Constantín céadna da nguidhe um chairde bliadhna oile do thabairt dó, agus do aontuigheadar sin, gér leasc leo é. Agus i gcionn an treas bliadhna gríostar lé ladrannaibh Ua Néill na huaisle is an chliar chéadna ré teacht do dhíbirt Mochuda an treas bliadhain a Rathain; agus ar dtigheacht i ngar don bhaile do chuireadar an chomhdháil sin d'aonaonta Diarmaid Ruanuidh agus airchinneach Chluana Conghusa is sochuidhe oile maille riú do thabhairt Mochuda ar láimh as an mainistir; agus ar rochtain na heagailse dhóibh, téid an t-airchinneach isteach is anais Diarmaid ré hursain an doruis don leith amuigh.
Tig Mochuda, iar gclos Diarmada do bheith san dorus, d'fháiltiughadh roimhe agus iarrais san eaglais isteach é. "Ní rachad," ar Diarmaid. "An dom bhreith-se as an mainistir thángais?" ar Mochuda. "Is eadh," ar Diarmaid, "gidheadh ní obraim a dhéanamh, agus is aithreach liom tigheacht san dáil-se ar mhéid do naomhthachta is d'onóra-sa ag Dia." "Onóir ar neamh is i dtalmhain duit-se," ar Mochuda, "is cumhacht is righe is flaitheas Éireann duit, is rath ar do shliocht dot éis; agus an tan fhillfeas tú san gcomhdháil do-bhéaraid na hóig atá ann Diarmaid Ruanuidh mar aithis ort. Gidheadh is i n-onóir duit-se is dot shliocht rachas an forainm sin." Leis sin tillis Diarmaid gus an gcomhdháil; agus ar rochtain do láthair dó, fiafruighis Bláthmhac dhe créad as nar chuir lámh i Mochuda da thabhairt as an mainistir. "Nior obras é," ar Diarmaid. "Is ruanuidh, a Dhiarmaid, an gníomh soin," agus ar n-a chlos sin don chomhdháil tugadar Diarmaid Ruanuidh d'ainm air. Ionann iomorro ruanuidh is deargthach, gonadh sliocht Diarmada Ruanuidh ghairthear da shliocht ó shoin i le." Dála Bhláithmhic, téid go bhfuirinn leis don mhainistir, is cuiris lámh i Mochuda, agus tug go heasaontach as an mainistir amach é, mar aon ré n-a choimhthionól. Malluighis iomorro Mochuda Bláthmhac. Triallais iomorro Mochuda as sin mar aon ré n-a chomhthionól manach ag déanamh feart is míorbhal go ráinig na Déise; agus ar rochtain annsin dó, táinig rí na nDéise 'n-a choinne is tug cádhas is onóir dó is do thiomain a chorp is a anam ar a chomairce; agus triallaid mar aon go Dún Scinne ré ráidhtear Lios Mór aniú. Comhnuidhis Mochuda is a choimhthionól ann sin is do-nídh eaglais ann ionnus go raibhe an áit sin onórach iomráidhteach i gcrábhadh is i bhfoghluim ó shoin i le. Gonadh é sin triall Mochuda a Rathain go Lios Mór go ró-so.
Is lé Domhnall mac Aodha mic Anmireach rí Éireann tugadh Cath Maighe Rath, áit ar marbhadh Conghal Claon do bhí 'n-a rígh Uladh deich mbliadhna. Agus is urusa a aithne as an stair-se da ngairthear Cath Maighe Rath gurab orduighthe an t-inneall is an t-ordughadh do bhíodh ar sluaghaibh Gaedheal ré hucht dola i n-iommbualadh nó do chur chatha dhóibh. Óir do bhíodh ardtaoiseach ar an sluagh uile, agus taoiseach ar gach sluaghbhuidhin da mbíodh fá n-a smacht, agus suaitheantas i mbrataigh gach taoisigh fá leith as a n-aitheantaoi gach sluaghbhuidhean díobh seoch a chéile leis na seanchaidhibh ar a mbíodh d'fhiachaibh bheith do láthair na n-uasal ré linn catha nó coinbhliocht do thabhairt da chéile, ionnus go mbiadh radharc súl ag na seanchaidhibh ar ghníomharthaibh na n-uasal ré faisnéis fhírinnigh do dhéanamh ar a ndálaibh leath ar leath. Agus is uime sin do bhí a sheancha féin i bhfochair Dhomhnaill mic Aodha ríogh Éireann ré hucht Catha Maighe Rath. Óir ar mbeith do Dhomhnall ag triall i gcoinne Conghail ríogh Uladh, agus iad da gach leith d'abhainn, agus ar bhfaicsin tsluagh a chélie dhóibh, fiafruighis Domhnall da sheancha gach meirge go n-a suaitheantas fá seach dhíobh, agus nochtais an seancha sin dó, amháil léaghthar san laoidh darab tosach: Tréan tiaghaid catha Conghail, mar a bhfuil an rann-so ar shuaitheantas ríogh Uladh féin:
Leomhan buidhe i sróll uaine, Comhartha na Craobhruaidhe, Mar do bhí ag Conchubhar cháidh, Atá ag Conghal ar congbháil.
Is imchian ó do thionnscnadar Gaedhil gnáthughadh na suaitheantas ar lorg chloinne Israel lér gnáthuigheadh san Égipt iad ré linn Ghaedhil do mharthain, an tan do bhádar clann Israel ag triall trés an Muir Ruaidh agus Maoise 'n-a ardtaoiseach orra. Dá threibh déag iomorro do bhádar ann, agus sluaghbhuidhean is suaitheantas ar leith ag gach treibh díobh fá seach.
Treabh Ruben, mandragra 'n-a brataigh mar shuaitheantas; Treabh Shimeon, ga 'n-a brataigh mar shuaitheantas; Treabh Leui, an Airc 'n-a brataigh mar shuaitheantas; Treabh Iuda, leomhan 'n-a brataigh mar shuaitheantas; Treabh Isacar, asal 'n-a brataigh mar shuaitheantas; Treabh Stabulon, long 'n-a brataigh mar shuaitheantas; Treabh Neptalem, dealbh dhaimh allaidh 'n-a brataigh mar shuaitheantas; Treabh Ghad, dealbh bhainleomhain 'n-a brataigh mar shuaitheantas; Treabh Ioseph, tarbh 'n-a brataigh mar shuaitheantas; Treabh Beniamin, faolchú 'n-a brataigh mar shuaitheantas; Treabh Dan, nathair neimhe 'n-a brataigh mar shuaitheantas; Treabh Aser, craobh oladh 'n-a brataigh mar shuaitheantas; Ag so síos suidheamh an tseanchaidh ar shuaitheantasaibh chloinne Israel, amhail léaghthar i seanleabhar Leacaoin i nUrmhumhain is i mórán do leabhraibh oile san laoidh-se síos:
Aithne dhamh gach meirge mór, Ro baoi ag cloinn uallaigh Iacob, Tearc neach as a haithle ann Aga mbeith aithne a n-anmann; Treabh Ruben rath ros cobhair, Ro b'é a meirge mandroghair; Ré bhuan ro chaith an treabh the, Ro lean sluagh maith a meirge. Treabh Shimeon, níor shir meirge Acht ga duaibhseach díbhfeirge; Simeon an críonna cealgach Um Dhíonna ba díbhfeargach. Treabh Leui, lucht na hÁirce, Iomdha a dtreoid 'sa dtromtháinte; Ba taisce da sláinte so Faicsin no hÁirce aca. Meirge ag treibh Iuda amhra Samhail leomhain lanchalma; Treabh Íodais i n-uair fheirge Sluaigh dhíomais mun deighmheirge. Treabh Isacar an óir ghlain Meirge aice mar asain; Minic slógh go ndeirge ndreach Um an meirge mór maiseach.
Treabh Stabulon na stiall nglan Dealbh a meirge long luchtmhar; Ba gnáth for thonnaibh tana Cách 'n-a longaibh luchtmhara. Dealbh dhaimh allaidh mhásghirr mhir Ag treibh Neptalem neimhmgh; Don treibh ro chleacht fraoch feirge Níor thearc laoch mun luaithmheirge. Meirge ag treibh Ghad i ngleoghail Mar dheilbh bhíos ar bhainleomhain; Nochar thim ré fraoch feirge Gach laoch rinn mun ríghmheirge. Meirge mar tharbh go nós neirt Thoir ag treibh Ioseph oirdheirc; Suaithndh noshireadh badhbha An cineadh dán comhardha. Treabh Beniamin go mbrígh mir, Ro bhíodh a meirge ós meirgibh; Meirge mar an bhfaol bhfoghlach, Deirge san chaomh chomhordhach. Treabh Dan ba duaibhseach an dream, Oireacht neimhneach toighe tuaicheall; Tréan ré hathghoin ba dóigh dhe Mar nathruigh mhóir a meirge. Treabh Aser níor chruaidh um chradh Meirge dar lean mar lothar; Mar aon táruill a togha Is craobh áluinn fhionnola, Ro áirmhios thall a dtreabha Ro áirimh mé a meirgeadha; Mar táid diongna na dtreabh dte, Fear cá n-iomdha anaithne? Aithne.
Is i bhflaitheas Domhnaill mic Aodha ríogh Éireann ar a labhramaoid fuaradar na naoimh-se síos bás .i. Mochua do shliocht Oiliolla mic Cathaoir Mhóir do bheannuigh i dTeach Mochua i Laoighis, agus Mochuda is Molaise Leithghlinne do bhí do shliocht Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh, agus
Comhdhán mac Da Cearda agus Cronán easpog Caondroma. Agus fuair Domhnall mac Aodha mic Ainmireach rí Éireann bás. XIV. Do ghabh Conall Caol is Ceallach dá mhac Maoilchobha mic Aodha mic Ainmireach mic Séadna mic Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann. Trí bliadhna déag dóibh i gcomhfhlaitheas. Is 'n-a bhflaitheas fuair Cuanna mac Cailchín rí bhFearmaighe .i. Laoch Liathmhaine bás; agus fá fear comhaimsire do Ghuaire mac Colmáin an Cuanna-so, agus do bhí coimhmheas oinigh is daonnachta eatorra; gonadh uime sin do rinne an dá óinmhid .i. Comhdhán is Conall an rann leathach iomarbhádha eatorra araon, mar a n-abraid:
Dáil gach neith dá mbí 'n-a láimh; Do-ní Guaire mac Colmáin; A mhian féin da gach nduine Dáiltear lé Laoch Liathmhuine.
Is 'n-a bhflaitheas fós do marbhadh Raghallach mac Uadach do bhí 'n-a rígh Connacht cúig bliadhna ar fhichid lé Maoilbrighde mac Mothlacháin is lé n-a mhoghaibh. Is amhlaidh do bhí an Raghallach-so lán d'fhuath is d'fhormad ré mac dearbhráthar fá sine ioná féin, d'eagla go dtiocfadh fá n-a bhrághaid do bhuain ríghe Chonnacht de. Gidheadh ní bhfuair árach ar mhac a dhearbhráthar do mharbhadh; go dtáinig dhe sin gur ghabh seirglighe é tré neamhchaitheamh bídh tré fhormad ré mac a dhearbhráthar. Tairis sin do chuir teachta i ndáil a bhráthar 'ga iarraidh air teacht da fhéachain. Dála an bhráthar do thuig cealg Raghallaigh is do chuir tionól ar sluagh is téid i ndáil a bhráthar Raghallaigh, agus ar
ndul do láthair tug ar a mhuinntir a gcloidhmhe do bheith nocht fá n-a gcoimibh aca, agus mar do chonnairc Raghallach sin adubhairt, "Is truagh an tí is annsa liom san bhioth, agus is mian liom do bheith 'n-a oighre oram, nach taobhach leis mé, is mé ré hucht bháis." Mar do chuala iomorro an bráthair sin, táinig a chroidhe go mór air, agus táinig 'n-a uathadh ar 'n-a mhárach da fhios, is linghid muinntear Raghallaigh air gur marbhadh leo é. Leis sin do éirigh Raghallach slán an tráth soin is do ghabh ag fleadhughadh go subhach forbhfáilteach. Do fhiafruigh iomorro Muireann .i. bean Raghallaigh da draoi iar marbhadh a bhráthar do Raghallach an raibhe guais 'n-a cionn. Adubhairt an draoi ó do mharbh Raghallach a bhráthair go dtiocfadh a mbás araon da gcloinn féin go luath; agus fós gurab don ghein do bhí 'n-a broinn do thiocfadh a mbás. Do nocht sise sin do Raghallach, agus adubhairt ria iar mbreith na geine a marbhadh do láthair. Rug Muireann inghean is do chuir i mála í, go dtugadh do mhuicidhe da muinntir da marbhadh í. Ó do chonnairc an muicidhe gnúis na naoidheine, táinig a chroidhe uirre, is do chuir san mála céadna 'n-a bhfuair ó n-a máthair í, is rug ós íseal go dorus mhná cráibhthighe do bhí 'n-a fhochair í, agus fágbhais ar beinn croise láimh ré teach na mná riaghalta an mála. Táinig an bhean riaghalta gus an mála, agus mar fuair an naoidhin ann grádhuighis í go mór is do oil go heaglusta í. Agus ní raibhe i nÉirinn 'n-a comhaimsir gein ba sciamhdha ioná í, ionnus go dtáinig a clú go Raghallach, is do chuir teachta da hiarraidh ar a buimigh; is níor fhaomh an bhuimeach sin. Rugadh iar soin ar éigin chuige í, is mar do chonnairc í do líon da grádh, is do bhíodh aige 'n-a leannán leaptha. Gabhais iomorro éad a bhean féin .i. Muireann, is téid go rígh Éireann do chasaoid an ghníomha
soin. Ráinig trá míochlú an uilc sin fá Éirinn, is fá dochradh ré naomhaibh Éireann sin, agus táinig Feichin Fabhair d'ionnsuighe Raghallaigh da choiriughadh, is tángadar naoimh iomdha maille ris da iarraidh air scaradh ris an olc soin. Agus níor léig dhe orra uile é, cia do throiscsiod air. Gidheadh mar rabhadh do dhaoinibh ainmhianacha oile, do ghuidhsiod na naoimh Dia fá gan eisean do mharthain an Bhealltaine ba neasa dhóibh, agus a thuitim lé drochdhaoinibh, agus fós lé harmaibh dearóile agus i n-ionadh shalach; agus tarladar sin uile dhó ré hucht na Bealltaine. Fiadh allta iomorro iar n-a lot tarla ar siadhán san oiléan 'n-a raibhe Raghallach is é ag coimhéad na hinse, agus mar do chonnairc an fiadh do ghabh a gha is tug urchar don fhiadh gur chuir an ga thríd. Téid an fiad ar snámh uaidh, agus do chuaidh-sean i gcoite 'n-a dhiaidh, is téid an fiadh seal ón loch go dtarla é ré moghaibh do bhí ag buain mhóna is marbhaid an fiadh is rannaid eatorra é. Táinig Raghallach da n-ionnsuighe is do rinne bagar orra tré roinn an fhiadha agus adubhairt riú an fheoil d'aiseag. Is eadh iomorro do cinneadh leis na moghaibh an rí do mharbhadh; agus leis sin do ghabhadar da rámhaibh is dá sásaibh oile air, gur mharbhadar é, amhail do tairrngireadh leis na naomhaibh dhó. Agus fuair Muireann .i. a bhean bás tré éad ré n-a hinghin féin. Is fán am-so tugadh Cath Cairn Chonaill lé Diarmaid mac Aodha Sláine, áit ar marbhadh Cuan mac Amhalghuidh do bhí 'n-a rígh Mumhan deich mbliadhna, agus Cuan mac Conaill rí Ó bhFidhghinnte agus Talamonach rí Ó Liatháin; agus is tré ghuidhe choimhthionóil Chiaráin i gCluain Mic Nóis rug Diarmaid buaidh an chatha soin. Agus iar dteacht tar ais do Dhiarmaid go Cluain Mic Nóis do bhronn fearann don eaglais sin mar fhód ré haltóir. Agus is é ainm an fhearainn sin aniú Liath Mhancháin, agus is i gCluain Mic
Nóis do fhágaibh Diarmaid é féin d'adhnacal an tan do-ghéabhadh bás. Is fán am-so fuair Fursa naomhtha do shliocht Luighdheach Lámha dearbhráthar Oiliolla Óluim bás, agus Moicheallóg an naomh do bheannuigh i gCill Moicheallóg; agus is ar sliocht Chonaire mic Eidirsceoil do bhí an naomh-so. Da éis sin do thuit Ceallach san Bhrugh ós Boinn agus do marbhadh Conall Caol lé Diarmaid mac Aodh Sláine. Do ghabh Bláthmhac is Diarmaid Ruanuidh dá mhac Aodha Sláine mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna i gcomhfhlaitheas; agus is 'n-a bhflaitheas tugadh Cath Pancti lé Hossa, áit ar thuit rí Sacsan mar aon ré triochad tighearna da mhuinntir. Is fán am-so fuair Ulltán naomhtha bás agus Maodhóg Fearna mac Séadna mic Eirc mic Fearadhaigh mic Fiachrach mic Amhalghuidh mic Muireadhaigh mic Carrthainn mic Eirc mic Eochach mic Colla Uais, agus Cuimín Foda mac Fiachna, an naomh, agus Maonach mac Fínghin rí Mumhan. Fuair Diarmaid Ruanuidh is Bláthmhac bás don phláigh da ngairthear an Bhuidhe Conaill. Do ghabh Seachnasach mac Bláithmhic mic Aodha Sláine mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna. Is i bhflaitheas an rígh-se tugadh Cath Feirt idir Ulltaibh is Cruithnigh, áit ar marbhadh iomad do dhaoinibh da gach leith. Is fán am-so fuair Baoithín abb Beannchair bás. Da éis sin do thuit Seachnasach rí Éireann lé Dubh nDúin do Chinéal gCairbre. Do ghabh Ceannfaolaidh mac Bláithmhic mic Aodha Sláine mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin
ríoghacht Éireann cheithre bliadhna. Agus is 'n-a fhlaitheas do loisceadh Beannchair is do marbhadh a cómhthionól lé heachtrannchaibh. Agus is uime ghairthear Beannchair don áit sin, Breasal Breac rí Laighean do chuaidh líon sluagh do chreachadh Alban, go dtug iomad buair is bótháinte leis i nÉirinn, agus iar dteacht i dtír dó féin is da shluagh do rinneadh foslongphort leo san áit da ngairthear Beannchair anois, is marbhthar iomad do na buaibh leo mar fheolmhach, go ráinig iomad d'adharcaibh na mbó nó da mbeannaibh feadh an mhachaire, go ráinig Magh Beannchair d'ainm ar an áit de sin. Agus aimsear imchian da éis sin an tan do thógaibh an t-abb naomhtha Comhghall mainistear san áit chéadna, tug fá deara a slonnadh ón áit ionar tógbhadh í, gonadh uime sin ráidhtear mainistear Bheannchair ria. Go grod i ndiaidh loiscthe na mainistreach-so d'allmhurrchaibh do marbhadh Ceannfaolaidh rí Éireann lé Fionnachta Fleadhach mac Donnchadha i gCath Cealltrach. Do ghabh Fionnachta Fleadhach mac Donnchadha mic Aodha Sláine do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; agus is 'n-a fhlaitheas do-níthí iomad fleadh is féastadh i nÉirinn, gonadh uime sin ghairthear Fionnachta Fleadhach dhe. Is 'n-a fhlaitheas fós fuair Colmán easpog Inse Bó Finne bás, agus Fionán do bheannuigh i nAird Fhionáin; agus is ar sliocht Fiachach Muilleathain do bhí an Fionán soin; agus fuair Arannán naomhtha bás. Is é Fionnachta do chuir Cath Locha Gabhair ar Laighnibh, áit ar thuit iomad do Laighnibh leis. Is 'n-a fhlaitheas fuair Ceannfaolaidh na foghluma bás, is do loisceadh Dúnghal mac Scannail rí Cruithneach, agus Ceannfaolaidh rí Ciannachta Ghlinne Geimhean, lé Maoldúin mic Maoilfhithrigh i nDún Ceitheirn. Is 'n-a fhlaitheas fós tugadar Breathnaigh ruaig i nÉirinn, do réir Bheda san 26 cabaidil don cheathramhadh leabhar. Táinig taoiseach sluaigh ríogh do
Shacsaibh dar bh'ainm Egberthus, agus fá hé ainm an taoisigh Berthus, agus do hairgeadh mórán d'Éirinn leis, an tan fá haois don Tighearna 684. Ag so mar do-ní Beda eagnach ar an ngníomh-so. "Dohairgeadh go truaghaigmhéil an cine neimhchionntach lé Berthus atá do shíor róghrádhach do chine nó do threibh na Sacsanach." Agus tugadar Cath Rátha Móire i Maigh Line, áit ar mharbhadar Cumascach rí Cruithneach agus drong mhór do Ghaedhealaibh mar aon ris. Tugadar fós Breathnaigh ruaig as soin go hOrcades, is do hairgeadh an t-oiléan soin leo. Tángadar drong dhíobh fós i dtír i n-oirthear Laighean is do hairgeadh cealla is tuatha leo, agus tillid tar a n-ais tar éis iomad creach is airgthe do dhéanamh dhóibh. Ag so rann do rinne Adhamnan d'Fhionnachta an tráth do mhaith an Bhóraimhe do Moling:
Fionnachta mac Donnchadha, Ro mhaith mór do naomh, Trí chaogad céad bó shlabhra, Is gach bó go n-a laogh.
Is grod da éis sin gur marbhadh Fionnachta rí Éireann lé hAodh mac Dlúithigh is lé Conghalach mac Conaing i nGreallaigh Doluidh.
XV. Do ghabh Loingseach mac Aonghusa mic Domhnaill mic Aodha mic Ainmireach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna. Is 'n-a fhlaitheas táinig Adhamnán a hAlbain go hÉirinn do sheanmóir, is fuair Moling Luachra bás, is do creachadh Magh Muirtheimhne lé Breathnachaibh. Is i bhflaitheas an rígh-se tarla bo-ár mór i Sacsaibh is i nÉirinn, is tarla gorta trí mbliadhan i nÉirinn, go mbídís na daoine ag ithe a chéile innte an tráth soin. Is fán am soin táinig Egberthus naomhtha do sheanmóir go hAlbain, agus fuair Muireadhach Muilleathan rí Connacht bás, is tugadh Cath Maighe Cuilinn lé hUlltachaibh ar Bhreathnachaibh, áit ar thuit iomad do Bhreathnachaibh ann. Is fán am-so fuair Adhamnán, abb Í, bás i n-aois a sheacht mbliadhan déag is trí fichid; agus do chuadar na Saracení sluagh líonmhar ré hucht Constantionopuil go ndearnadar foslongphort trí mbliadhan 'n-a timcheall. Tairis sin do thréigeadar an chathair gan a gabháil. Da éis sin fuair Coibhdhean easpog Arda Srath bás. Go grod 'n-a dhiaidh sin tugadh Cath Corainn lé Ceallach mac Raghallaigh do bhí 'n-a rígh Connacht seacht mbliadhna, áit ar marbhadh Loingseach mac Aonghusa rí Éireann leis. Do ghab Conghal Ceannmhaghair mac Fearghusa Fánad mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiollaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann naoi mbliadhna. Is leis an gConghal-so do loisceadh Cill Dara uile idir eaglais is tuaith. Gidheadh tarla bás obann aonuaire dó féin trés an ngníomh soin. Do ghabh Fearghal mac Maoiledúin mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnaill mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna déag. Ceacht inghean Cheallaigh mic Maoilchobha rí Cinéil gConaill fá máthair don Fhearghal-so. Is 'n-a fhlaitheas iomorro fuair
Baodán easpog Inse Bó Finne bás, agus tugadh cath idir Dhál Riada is Bhreathnaigh san áit da ngairthear Cloch Mhionnuirc, is do briseadh do Bhreathnachaibh ann. Is fán am-so do dhíbir Neachtain rí Alban comhthionól manach tar druim Breatan, tré bheith ag fagháil lochta 'n-a ainmhianaibh. Is i bhflaitheas an rígh-se do fearadh na trí frasa ó ráidhtear Niall Frasach, do bhrígh gurab lé linn na bhfras nó na gceath soin do chur rugadh é; fras meala ar Fhothain Bhig is fras airgid ar Fhothain Mhóir, fras fola ar Mhaigh Laighean. Is fán am-so tugadh cath Almhuine idir Mhurchadh mac Brain do bhí 'n-a rígh Laighean cúig bliadhna déag agus Fearghal mac Maoiledúin rí Éireann, agus is é líon sluagh táinig rí Éireann gus an gcath soin .i. míle is fiche; agus is é líon táinig rí Laighean ann naoi míle, agus ocht bhfíchid príomh-laoch i dtimcheall chuirp an rígh féin ag dul san chath. Bristear iomorro an cath ar rígh Éireann, is do chuadar dá chéad is naonbhar is trí fichidi ngealtacht da mhuinntir, agus marbhthar trí mhíle is dá chéad díobh; agus drong eile adeir gur marbhadh seacht míle dhíobh. Is é fáth fá dtáinig an míorath soin ar rígh Éireann, ré hucht triallta do thabhairt Catha Almhaine téid drong da mhuinntir d'argain eagailse da ngairthear Cillín, is beirid ar éigin leo aonbhó do bhí ag díthreabhach na heagailse sin, agus malluighis an díthreabhach soin an rí go n-a shluagh, agus da bhíthin sin tarla míorath catha dhóibh; is do thuit rí Éireann is iomad da mhuinntir ann, amhail adubhramar thuas. Do ghabh Foghartach mac Néill mic Cearnaigh Shotail mic Diarmada mic Aodha Sláine do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoinbhliadhain amháin, gur thuit lé Cionaoth mac Iorghalaigh i gCath Beilge. Do ghabh Cionaoth mac Iorghalaigh mic Conaing Churraigh
mic Conghail mic Aodha Sláine do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna. Is i bhflaitheas an rígh-se tugadh taise Adhamnáin a hAlbain i nÉirinn. Da éis sin tugadh Cath Droma Corráin lé Flaithbheartach mac Loingsigh ar Chionaoth mic Iorghalaigh, áit ar thuit Cionaoth rí Éireann agus iomad do dhaoinibh mar aon ris. Do ghabh Flaithbheartach mac Loingsigh mic Aonghusa mic Domhnaill mic Aodha mic Ainmireach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Muireann inghean Cheallaigh máthair an Fhlaithbheartaigh-se. Is i bhflaitheas an rígh-se do réir Bheda tugadh Cath Droma Deirg i nAlbain idir Dhrust is Aonghus, dá rígh na gCruithneach, fá iomchosnamh na críche, agus do thuit Drust agus iomad da mhuinntir ann. Agus go grod da éis sin tugadh Cath Murbhuilg idir Dhál Riada is na Pictibh .i. na Cruithnigh, áit ar marbhadh iomad do na Pictibh ann. Is fán am-so tugadh Cath Fotharta i Muirtheimhne lé hAodh Olláin is lé clannaibh Néill ar Ulltachaibh, áit ar marbhadh Aodh Róin do bhí 'n-a rígh Uladh tríochad bliadhan agus Conchadh mac Cuanach rí Cobha. Da éis sin fuair Flaithbheartach mac Loinsigh rí Éireann bás i nArd Macha. Do ghabh Aodh Ollán mac Fearghaile mic Maoiledúin mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnaill mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann naoi mbliadhna. Brighe inghean Orca mic Carrthainn máthair Aodha Olláin. Is i bhflaitheas an Aodha-so tugadh Cath Bhealaigh Féile idir an Mumhain is Laighin, áit ar thuit iomad do Mhuimhneachaibh is do Laighnibh ann, mar aon ré Ceallach mac
Faolchuir rí Osruighe. Cathal mac Fionghaine rí Mumhan rug buaidh an chatha soin. Da éis sin tug Aonghus mac Fearghusa rí na bPict ruaig is maidhm ar Dhál Riada i nAlbain, gur hairgeadh is gur creachadh leis iad is gur loisc Dún Creige; agus do gabhadh Donnghal is Fearghus, dá mhac Sealbhuidhe rí Dál Riada leis, agus do chuir i ngéibheann iad. Is fán am-so tarla dál idir Aodh Ollán rí Éireann is Cathal mac Fionghaine rígh Mumhan ag Tír dhá Ghlas i nUrmhumhain, mar ar horduigheadh reacht is dlighe is cíos Phádraig ar Éirinn leo. Is gearr 'n-a dhiaidh sin go dtugadh Cath Átha Seannaigh .i. Cath Úchbhaidh idir Aodh Ollán rígh Éireann is Aodh mac Colgan rígh Laighean, áit ar tromghonadh Aodh Ollán is ar marbhadh Aodh mac Colgan agus Bran Beag mac Murchadha leithrí Laighean is iomad d'uaislibh Laighean mar aon riú, gur thuiteadar naoi míle do Laighnibh ann. Da éis sin fuair Flann mac Cronnmhaoil easpog Reachruinne bás, agus Cathal mac Fionghaine, rí Mumhan, is Aodh Balbh mac Innreachtaigh do bhí 'n-a rígh Connacht seacht mbliadhna, agus do marbhadh Aodh Ollán rí Éireann i gCath Seiridmhidh .i. i gCeanannus, lé Domhnall mac Murchadha. Do ghabh Domhnall mac Murchadha mic Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne mic Colmáin Mhóir mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá bhliadhain is dá fhichid. Ailpín inghean Chomhghaill do Dhealbhna Mhóir máthair Dhomhnaill mic Murchadha ríogh Éireann. Is 'n-a bhflaitheas do marbhadh Colmán easpog Laosáin lé hUíbh dTurtaire, agus fuair Cormac easpog Átha Truim bás. Is fán am-so do connarcas samhailt nathrach neimhe ar luamhain san aieor; agus
fuair Seachnasach mac Colgan rí Ua gCinnsealaigh bás, is do marbhadh Caitheasach mac Oiliolla rí Cruithneach i Raith Beitheach lé Laighnibh. Is i bhflaitheas an rígh-se fuair Suairleach easpog Fobhair bás agus Osbhrán easpog Chluana Créamhuidh. Da éis sin tugadh Cath Bhealaigh Chró lé Criomhthann mac Éanna, áit ár thuit Fionn mac Airb ag Tiobraid Fhinn agus tugadh ár Dealbhna uime, agus as an ngníomh soin ghairthear Loch an Bhealaigh Cró don loch atá san áit sin, agus Tobar Finn don tiobraid atá san áit cheadna. Is fán am-so do thuit Cumuscach rí Ó bhFáilghe lé Maoldúin mac Aodha Beannáin, rí Mumhan, agus fuair Aonghus, rí Alban, bás, is tugadh Cath Bealaigh Gabhráin lé mac Coinchearca rí Osruighe ar Dhúnghal mac Laidhghein rí Ua gCinnsealaigh, áit ar marbhadh Dúnghal is iomad d'uaislibh Laighean mar aon ris; agus fuair Muircheartach mac Murchadha rí Laighean bás. Da éis sin fuair Domhnall mac Murchadha céidrí Éireann do chloinn Cholmáin bás. Do ghabh Niall Frasach mac Fearghaile mic Maoiledúin mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnaill mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna. Aithiochta inghean Chéin Uí Chonchubhair ríogh Ciannachta máthair Néill Fhrasaigh. Agus is uime ghairthear Niall Frasach dhe, trí ceatha do fearadh i nÉireann an tan rugadh é, frais mheala ar Fhothain Bhig is frais airgid ar Fhothain Mhóir is frais fhola ar Mhaigh Laighean. Ionann iomorro frais agus cioth. Is i bhflaitheas an Néill-se fuair Duibhionnracht mac Cathail mic Muireadhaigh Mhuilleathain do bhí 'n-a rígh Connacht cúig bliadhna bás; agus tarla maidhm talmhan is iomad gorta i nÉirinn, agus fuair Dúnghal mac
Ceallaigh rí Osruighe bás. Da éis sin tugadh Cath Achadh Liag idir Uíbh mBriuin is Uibh Maine, áit ar thuit iomad da gach leith; agus fuair Cronnmhaol easpog Chille Móire bás, agus Ailpín rí na bPicht agus Aolgnat easpog Arda Breacáin. Go grod da éis sin do chuaidh Artghaile mac Cathail da oilithre go hÍ Choluim Chille i nAlbain; agus fuair Fearghus easpog Daimhliag bás; agus tugadh cath i gCorann idir Chinéal gConaill is gCinéal Eóghain, áit i rug Maoldúin mac Aodha Olláin rí an Fhochla buaidh, is do briseadh do Dhomhnall mac Aodha Muindeirg is do marbhadh iomad da mhuinntir ann. Da éis sin fuair Niall Frasach rí Éireann bás i nÍ Choluim Chille i nAlbain. XVI. Do ghabh Donnchadh Mac Domhnaill mic Murchadha mic Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne mic Colmáin Mhóir mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthaine mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna ar fhichid; agus is d'éag lé hadhart do chuaidh sé. Do ghabh Aodh Oirndighe mac Néill Fhrasaigh mic Fearghaile mic Maoiledúin mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnall mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna fichead. Dúnlaith inghean Fhlaithbheartaigh mic Loingsigh rí Chinéil gConaill máthair Aodha Oirndighe. Agus is uime ghairthear Aodh Oirndighe dhe .i. an tan do coisceadh do chíochaibh a bhuimighe é, do ghabh ag diúl a dhorn amhail do bheith ag diúl chíoch a bhuimighe; gonad uime sin ghairmthear Aodh Oirndighe nó Aodh Doirndighe dhe.
Is i bhflaitheas Aodha Oirndighe tángadar Lochlonnaigh ar dtús i nÉirinn Anno Domini 820. Agus i gcionn dá bhliadhan déag 'n-a dhiaidh sin táinig an t-anfhlaith Turgesius i nÉirinn agus fá hé Olchobhar mac Cionaotha mic Conghail mic Maoiledúin mic Aodha Beannáin fá rí ar an Mumhain an tan soin, do réir dhruinge ré seanchus. Gidheadh adeir Policronicon, mar a dtráchtann ar Éirinn 'n-a chroinic, gurab ré linn Fheidhlimidh mic Criomhthainn do bheith i bhflaitheas Mumhan tángadar Lochlonnaigh ar dtús i nÉirinn. Ag so mar adeir: "Ó thigheacht Phádraig go haimsir Fheidhlimidh mic Criomhthainn ríogh Mumhan do ghabhadar trí rígh déag ar fhichid flaitheas Éireann ré ré na gceithre gcéad bliadhan do bhí ó thigheacht Phádraig i nÉirinn go gabháil fhlaithis Mumhan d'Fheidhlimidh; i n-aimsir trá Fheidhlimidh tángadar lucht na Noruaegia mar aon ré n-a dtaoiseach Turgesius do ghabháil na críche-se" .i. Éire. Adeirid drong oile gurab ré linn Airtre mic Cathail do bheith i bhflaitheas Mumhan do thionnscnadar Lochlonnaigh teacht d'argain Éireann ar dtús. Agus is fíor dhóibh sin. Gidheadh níor ghabhadar greim d'Éirinn acht ge do rinneadar buaidhreamh orra. Is fíor fós an ní adeir Policronicon mar a n-abair gurab i bhflaitheas Fheidhlimidh mic Criomhthainn ar an Mumhain táinig an t-anfhlaith Turgesius lér cuireadh anbhroid ar Éirinn. Is fíor fós don druing adeir go dtángadar Lochlonnaigh i nÉirinn ré linn Olchobhair do bheith i bhflaitheas Mumhan, gidheadh is iad aicme táinig ann an tráth soin .i. Dainfhir ón Dania .i. Denmarke, agus is díobh ghairthear Duibhgheinnte no Dubhlochlonnaigh sna seinleabhraibh seanchusa agus Finngheinnte no Fionnlochlonnaigh do lucht na Noruaegia. Tuig trá, a léaghthóir, nach ainm cinnte chinidh san bhioth do réir na Gaedhilge Lochlonnaigh, acht is ionann Lochlonnach ré
rádh is duine láidir ar fairrge; óir is ionann lonn is láidir agus is ionann loch is fairrge; agus do bhrígh go rabhadar lucht na gcríoch-so thuaisceirt na hEorpa go tréan ar Éirinn sealad aimsire, amhail chuirfeam síos da éis so, do gairthí lé fearaibh Eireann Lochlonnaigh .i. daoine láidre ar fairrge dhíobh, ar mhéad na treise do ghabhadar ar Ghaedhealaibh, amhail fhoillseocham i n-ar ndiaidh do réir an leabhair da ngairthear Cogadh Gall ré Gaedhealaibh. Ag so síos suim aithghearr na staire. Is i bhflaitheas Aodha Oirndighe ar Eirinn agus Airtre mac Cathail do bheith 'n-a rígh Mumhan tángadar Gaill i gCaoininis Ó bhFathaidh, lucht trí fichid long a líon, agus ro hionnradh an tír leo, is do hairgeadh is do loisceadh Inis Labhrainne is Dairinis leo, agus tugsad Eoghanacht Locha Léin cath dhóibh, is do marbhadh sé fir déag is cheithre chéad do Ghallaibh ann. Táinig loingeas oile d'Fhionnlochlonnaibh .i. lucht na Noruaegia i nÉirinn an dara bliadhain iar ngabháil righe Mumhan d'Fheidhlimidh mac Criomhthainn gur hionnradh is gur hairgeadh Inis Teimhin is Beannchair is Cluain Uama is Ros Maolaidh is Sceilig Mhichíl leo. Táinig loingeas oile i dtuaisceart Éireann is do hairgeadh Beannchair Uladh is do marbhadh a heaspog is a daoine foghlumtha is do briseadh scrín Chomhghaill leo. Táinig loingeas oile don lucht chéadna i nUíbh gCinnsealaigh is do hairgeadh Teach Munna is Teach Moling is Inis Tíog leo; agus tángadar iar sin i nOsruighibh is ro hairgeadh an tír leo; is tugadar Osruighe cath dhóibh, áit ar thuit móirsheisear is seacht gcéad do Lochlonnaibh ann. Do hionnradh mar an gcéadna Dún Deargmhuighe is Inis Eoghanáin is Disirt Tiobraide is Lios Mór leo. Do loisceadh is do hairgeadh Ceall Molaise, Gleann dá Loch is Cluain Aird Mobheadhóg is Sord Choluim Chille is Daimhliag Chiaráin is Sláine is Cealla Sáile is Cluain Uama is Mungairid is urmhór cheall Éireann uile leo.
Táinig iomorro loingeas oile dhíobh i gCuan Luimnigh gur hionnradh agus gur hairgeadh Corca Baiscinn is Tradruidhe is Uí Chonaill Gabhra leo, agus tugsad Uí Chonaill cath dhóibh ag Seannaid, gur marbhadh iomad do Lochlonnaibh ann, agus ní feas dúinn cá mhéad a líon. Da éis sin táinig Tuirgéis an t-anfhlaith go loingeas mór leis i dtuaisceart Éireann agus do ghabh ceannas a raibhe do Lochlannaibh i nÉirinn fán am soin, gur hionnradh tuaisceart Éireann uile leo, agus do scaoilsiod na Danair fá Leith Cuinn uile; is do chuirsiod arthraigh uatha ar Loch nEachach is arthraigh oile i Lughmhuigh is ar Loch Ríbh, gur hairgeadh Ard Macha fá thrí i n-aonmhí amháin leo. Agus do ghabh Turgéis abdhaine Ard Macha, amhail ro thairrngir Colum Cille, amhail adeir sé féin:
Loingeas so Locha Ríbh dhe, Budh maith do mhóradh geinnte, Budh uathaibh Abb Ard Macha, Budh forlamhas anfhlatha.
Do thairrngirsiod trá naoimh Éireann olc do theacht ar Éirinn tré uabhar a dtriath is tré na n-aindlighe, go dtáinig leis sin foirneart Lochlonnach orra ré linn Airtre mic Cathail do bheith i gceannas Mumhan is Aodha Oirndighe do bheith i bhflaitheas Éireann uile. Agus is leis an anfhlaith Tuirgéis tángadar Lochlonnaigh arís i nÉirinn an tan fá rí Mumhan Feidhlimidh mac Criomhthainn; agus is é an Tuirgéis-se do dhíbir Faramán an príomháid go n-a chléir a hArd Macha, amhail adubhramar, is do shuidh féin 'n-a n-áit gur gabhadh lé Maoilseachlainn é, da éis sin, gur bháidh i Loch Ainninn amhail adéaram 'n-a dhiaidh so. Is i bhflaitheas Aodha Oirndighe ar Éirinn do hairgeadh Inis Pádraig is mórán do na hoiléanaibh atá idir Éirinn is Albainn lé Lochlonnaibh. Is fán am soin do cuireadh cíos Phádraig ar Chonnachtaibh lé Gormghal mac Dín Dáthaidh agus do roinn Aodh
Oirndighe an Mhidhe idir dá mhac Donnchadha mic Domhnaill, .i. Conchubhair is Oilill, agus do loisceadh Í Choluim Chille i nAlbain lé Lochlonnaibh an tráth sdin; is do hairgeadh Laighin fá dhó i n-aonmhí lé hAodh Oirndighe rí Éireann. San bhliadhain 'n-a dhiaidh sin do bhí tóirneach mhór is teinnteach i nEirinn d'éis fhéile Pádraig, gur marbhadh deichneabhar is míle do dhaoinibh idir fhior is mhnaoi lé idir Chorca Bhaiscinn is muir, agus do roinn Inis Fíde í féin i dtrí rannaibh gur folchadh ithir dá bha déag d'fhearann na háite sin iar dteacht na mara tairsi. Is fán amso do chuaidh Aodh Oirndighe rí Éireann go sluagh líonmhar mar aon ris i Laighnibh go Dún Cuair agus do roinn Cúigeadh Laighean idir dhís, .i. idir Mhuireadhach mac Ruarach is Mhuireadhach mac Brain. Da éis sin do loisceadh Inis Muireadhaigh lé Lochlonnaibh. Is fán am-so fuair Eochaidh easpog Tamhlachta bás, is tugadar Lochlonnaigh ár mór ar fhearaibh Umhaill, áit ar marbhadh Corcrach mac Floinn Abhradh agus Dúnadhach rí Umhaill; is fuair Eidirsceol mac Ceallaigh easpog Ghlinne dá Loch bás is Siadhal easpog Rosa Commáin. Da éis sin do marbhadh Aodh Oirndighe rí Éireann i gCath dá Fhearta lé Maolcanaigh.
XVII. Do ghabh Conchubhar mac Donnchadha mic Domhnaill mic Murchadha mic Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne mic Colmáin Mhóir mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna déag. Is i bhflaitheas an Chonchubhair-se ar Éirinn fuair Ceannfaolaidh easpog Átha Truim bás, is Eochaidh Ó Tuathail easpog Lughmhaigh; agus do hairgeadh Inis Daimhlí is Corcach lé Lochlonnaibh; agus do cuireadh cíos Phádraig ar an Mumhain lé Feidhlimidh mac Criomhthainn is lé hAirtre mac Conchubhair, is do cuireadh cíos Phádraig ar Chonnachtaibh leis an Airtre-se; agus do hairgeadh Beannchair is Dún Leathghlaise lé Lochlonnaibh; agus do loisceadh Magh Bile go n-a déirthighibh leo. Is fán am-so do bhí Muireadhach mac Eochach 'n-a rígh Uladh agus tug Conchubhar mac Donnchadha rí Éireann Maidhm Aonaigh Tailltean ar Ghaileangaibh, áit ar thuit iomad díobh ann, agus tugadar Lochlonnaigh maidhm mór ar Laighníbh i nDruim Chonnla, áit ar thuit Conuing mac Con Choingiolt rí na bhForthuath agus mórán maille ris. Da éis sin do hairgeadh Ard Macha lé Lochlonnaibh; agus i gcionn míosa 'n-a dhiaidh sin do hairgeadh Lughmhagh is Fine Chiannachta is Lios Mór go n-a gceallaibh uile leo. Do bhádar iomorro gus an am-so cheithre príomhscola i nÉirinn, .i. scol i nArd Macha mar a rabhadar seacht míle mac léighinn do réir sheanrolla fríoth i nOxford, is scol i gCaiseal, scol i nDún dá Leathghlais, agus scol i Lios Mór mar aon ré hiomad coláisteadh ó shoin amach. Gidheadh
do cuireadh ar gcúl an tráth-so iad. Dá éis sin fuair Conchubhair mac Donnchadha rí Éireann bhás. Do ghabh Niall Caille mac Aodha Oirndighe mic Néill Fhrasaigh mic Fearghaile mic Maoiledúin mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnaill mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cúig bliadhna déag. Meadhbh inghean Innreachtaig mic Muireadhaigh rí Connacht máthair an Néill-se. Agus is uime ghairthear Niall Caille dhe, .i. lá n-aon da dtáinig Niall marcshluagh mór d'ionnsuighe na habhann darab ainm Callann, agus do bhí tuile mór san abhainn an tan soin; téid trá giolla óg do mhuinntir an ríogh rompa d'fhios na habhann is do báthadh é. Do ráidh an rí ré cách dul da fhortacht is ní bhfuair ó neach dul ann. Do chuaidh an rí féin ar a each da fhóirithin, agus mar do bhean cosa an eich ré bruach na habhann do bhris an bruach is rug an abhann an rí léi gur bháthadh é, óir do thairrngireadh dó gurab é a bháthadh i gCallainn do-ghéabhadh; gonadh aire sin adeirthear Niall Caille ris. Is i bhflaitheas an Néill-se fuair Diarmaid mac Tomaltaigh rí Connacht bás; is do hairgeadh Loch Bricirnne ar Chonghalach mac nEachach is do marbhadh é féin lé Lochlonnaibh; agus do chuaidh Niall Caille rí Éireann go sluagh líonmhar mar aon ris i Laighnibh ag cur ríogh orra, .i. Bran mac Faoláin. Da éis sin do hairgeadh Fearna Mhaodhóg lé Lochlonnaibh, is do loisceadh Mungairid is iomad ceall i nUrmhumhain leo; agus do hairgeadh Cill Dara mar an gcéadna lé Lochlonnaibh. Is fán am-so táinig lucht trí fichid long ón Nórmandie ar Bóinn, agus dá fhichid long ar abhainn Lithfe, gur airgsiod an loingeas soin Magh Lithfe, .i. Conntae Átha Cliath, agus Magh Breagh, .i. Fine Ghall, idir chealla is dúna is treabha. Da éis sin tugadar
Lochlonnaigh cath ar Uíbh Néill ag Innbhear na mBárc ó Shionainn go muir, áit ar thuit iomad nach áirmhighthear acht a bpríomhthaoisigh; agus do loisceadh Inis Cealltra is Cluain Mic Nóis is cealla Locha hÉirne uile lé Lochlonnaibh. Is fán am-so do bhí Feidhlimidh mac Criomhthainn 'n-a rígh Mumhan is 'n-a airdeaspog Leithe Mogha, agus do chuaidh d'argain Leithe Cuinn ó Bhiorra go Teamhair Bhreagh, agus do fastódh i dTeamhraigh é, is do marbhadh Innreachtach mac Maoiledúin lé muinntir Fheidhlimidh i dTeamhraigh; agus go grod da éis sin fuair Feidhlimidh mac Criomhthainn bás, ar mbeith seacht mbliadhna fichead 'n-a rígh Mumhan roimhe sin; agus is í teist do-bheir an Leabhar Irsi air: "Do chumsanaidh an t-eagnuidh ró-mhaith agus angcaire na Scot." As so is iontuighthe gur dhuine eagnuidhe cráibhtheach Feidhlimidh mac Criomhthainn 'n-a aimsir féin. Tug an Feidhlimidh-se meadharchuairt Leithe Cuinn is do íoc riú an cíos do dhligheadar d'fhagháil ó rígh Caisil, agus an biathachas do bhí d'fhiachaibh orra-san do thabhairt 'n-a aghaidh sin, agus na tuarastail do bhíodh ó ríoghaibh Caisil do ríoghaibh Leithe Cuinn is do ríoghaibh Laighean is do na príomhfhlathaibh fearainn do bhíodh fúthaibh, amhail chuireas Beinén naomhtha mac Seiscnéin príomháidh Éireann síos é i Leabhar na gCeart san duain darab tosach: Dligheadh gach rí ó rígh Caisil. Ag so iomorro cíos is tuarastail na ríogh-so ó ríoghaibh Caisil is a chuairt-sean is a aimsear bhiadhta orra da chionn, .i. céad cloidheamh, céad corn, céad each, is céad brat do rígh Cruachan is biathadh dá ráithe ó rígh Cruachna do rígh Caisil, agus a dhul leis i dTír Chonaill; fiche fail nó fáinne, fiche ficheall is fiche each do
rígh Chinéil gConaill agus biathadh míosa ó rígh Chínéil Chonaill agus a dhul leis i dTír Eoghain; caoga corn, caoga cloidheamh do rígh Oiligh agus biathadh míosa is a dhul leis go Tulaigh nÓg. Tríochad corn, tríochad cloidheamh do fhlaith Tolcha nÓg; biathadh dá thráth dhéag uaidh do rígh Mumhan agus a dhul leis i nOirghiallaibh. Ocht lúireacha, trí fichid ionar is trí fichid each do rígh Oirghiall is a bhiathadh mí i nEamhain, agus a dhul leis i nUlltaibh ar chlannaibh Rudhruighe. Céad corn, céad matal, céad cloidheamh, céad each is deich longa do rígh Uladh is biathadh dá mhíos ó chlannaibh Rudhruighe dhó-san, is dul da choimhdeacht go Teamhraigh. Tríochad lúireach, tríochad fail, céad each, is tríochad ficheall do rígh Teamhrach agus biathadh míosa ó rígh Teamhrach dó; agus ceitheora fine na Teamhrach lais go hÁth Cliath. Deich mná, deich longa, deich n-eich do rígh Átha Cliath is biathadh míosa dó ó rígh Átha Cliath, agus a dhul lais i Laighnibh. Tríochad bó, tríochad long, tríochad each, tríochad cumhal nó cailín do rígh Laighean agus biathadh dhá mhíos dó ó Laighnibh, .i. mí ó uachtar Laighean is mí ó íochtar Laighean. Tríochad each, tríochad lúireach, tríochadh cloidheamh do fhlaith íochtair Laighean ó rígh Caisil. Meas, a léaghthóir, nach mise is ughdar ris an ní-se acht an naomh Beinén, amhail is follus a Leabhar na gCeart.
XVIII. Agus d'éis Feidhlimidh mic Criomhthainn d'fhagháil bháis do ghabh Olchobhar, abb Imligh Iobhair, ríghe Chaisil; agus san mbliadhain sin tug Maoilseachlainn rí Midhe cath ar Lochlonnaibh i gCasán Brige san Midhe mar ar thuit seacht gcéad díobh; agus tug Tighearnach briseadh orra i nDoire Dhisirt dhá Chonna. Is fán am-so do marbhadh Saxolbh taoiseach na Lochlonnach lé Ciannachtaibh Ghlinne Geimhean, is tugadh ár mór ar Lochlonnaibh i gCarn Fearadhaigh agus deargár oile ag Eas Ruaidh. Da éis sin do gabhadh Áth Cliath lé Lochlonnaibh ar dtús. Is fán am-so fós rugadh Cormac mac Cuileannáin, fá rí Mumhan seacht mbliadhna is fá hairdeaspog i gCaiseal i n-aoinfheacht; agus do marbhad easpog Teilge dar bh'ainm Exnich; is tugadar Lochlonnaigh cath ar Chonnachtaibh, áit ar thuit Maoldúin mac Muirgheasa is iomad do Chonnachtaibh mar aon ris; agus fuair Brian mac Faoláin rí Laoighse bás. Da éis sin tángadar Lochlonnaigh cabhlach mór ar Loch nEachach gur hairgeadh tuatha is cealla thuaisceirt Éireann leo, is do loisceadh Fearna is Corcach mar an gcéadna leo. Do chuaidh Niall Caille rí Éireann an tráth-so go sluagh líonmhar leis d'argain is do chreachadh Fear gCeall is Dealbhna Eathra; is fuair Murchadh mac Aodha rí Connacht bás an tráth-so, is Ioseph easpog Cluana Uais. Is fán am-so fós do rinneadar Lochlonnaigh longphort ag Linn Duachaill as ar hairgeadh tuatha Teathbha leo. Do rinneadar Lochlonnaigh mar an gcéadna longphort oile ag Duibhlinn as ar hairgeadh Laighin is Uí Néill is a dtuatha is a gcealla go Sliabh Bladhma leo. Da éis sin iomorro
do hairgeadh Cluain Eidhneach is Cluain Ioraird is Cluain Mic Nóis leo; agus fuair Fearghus mac Fothaigh rí Connacht bás; agus do tógbhadh dún is daingean lé Tuirgéis flaith Lochlonnach ar Loch Ríbh; gur airgsiod Cluain Mic Nóis arís is Cluain Fearta Bréanainn is Tír dá Ghlas is Lothra is cathracha iomdha oile. Agus da éis sin fuair Gormghall mac Dín Dathaidh easpog Lainne Léire bás. Agus tug Niall Caille rí Éireann cath do Lochlonnaibh ar Maigh Íotha, mar ar thuit iomad díobh leis. Agus is grod 'n-a dhiaidh sin gur báthadh Niall Caille rí Éireann i gCallainn, amhail adubhramar. Do ghabh an t-anfhlaith Turgesius ón Noruaegia go n-a fhuirinn d'Fhionnlochlonnaibh barántas Éireann trí bliadhna déag, tar éis mar do bhí sé ag buaidhreadh Éireann seacht mbliadhna déag; agus do bhí sé ag imirt foirneirt is foiréigin ar Éirinn ris an ré sin, iar dtigheacht do loingeas mhór ón Noruaegia do chongnamh dhó; gur ghabhadar cuan i dtuasceart Éireann; gur hairgeadh an chríoch soin leo, agus gur gabhadh a mbraighde; agus do chuireadar báid go bhfuirinn ionnta ré foghail do dhéanamh ar an Loch nEachach is ar Loch Ríbh, amhail adubhramar, do réir mar do thairrngir Colum Cille san rann romhainn. Do thairrngir fós Bearchán na Fáistine go mbiadh rí anfhlaitheach do Lochlonnaibh ar Éirinn, agus mar an gcéadna go mbiadh abb ar gach cill i nÉirinn do Lochlonnaibh. Ag so mar adéir san rann-so:
Tiocfaid Geinnte tar muir meann, Meascfaid ar fhearaibh Éireann, Budh uathaibh Abb ar gach cill, Budh uathaibh rí for Éirinn.
Mar do chonncadar uaisle Éireann Tuirgéis ag coimhmheascadh na críche is ag gabháil urlamhais ós a cionn, agus é ag imirt moghsaine is daoire uirre, do ghabh meisneach meanman cródhacht is calmacht intinne na huaisle céadna, gur chuireadar duadh is dochar mór orra féin ag cathughadh
ris na hanfhlathaibh sin. Ag so síos cuid do na madhmaibh tugadar Gaedhil orra, mar atá an briseadh tugadar Cinéal Conaill orra ag Eas Ruaidh, áit ar marbhadh iomad díobh, is an briseadh tugadar Dál gCais ag Ard Breacáin dóibh, is mar do marbhadh Saxolbh iarla Lochlonnach go n-a bhuidhin lé hUíbh gColgan, is mar thug Olchobhar mac Cionaotha rí Mumhan, is Lorcán mac Ceallaigh rí Laighean Cath Scéithe Neachtain orra, áit ar marbhadh Iarla Tumair tánaiste ríogh Lochlonn leo, is dá chéad déag do mhaithibh Lochlonnach mar aon ris. Do bhris fós an tOlchobhar céadna is Eoghanacht Caisil cath orra láimh ré Caiseal, áit ar thuit cúig céad díobh ag Dún Mhaoile Tuile. Do thuit trí chéad is trí fichid lé hUíbh bhFidhghinnte dhíobh, is dá chéad lé Ciannachtaibh, is dá fhichid déag ag Druim dá Chon lé Tighearnach rí Locha Gabhair. Do bhris iomorro mar an gcéadna Maoilseachlainn mac Maolruanuidh rí Midhe Cath Glaislinne orra, áit ar marbhadh seacht gcead déag do Lochlonnaibh ann. Gér bh'iomdha iomorro catha is coimhghleaca tugadh idir na Gaedhil is Turgéis go n-a Lochlonnaibh, tré líonmhaire na gcabhlach is tré iomad sluagh tigeadh do chongnamh leis ón Noruaegia is ó chríochaibh oile tuaisceirt na hEorpa, do chuaidh aige ar Gaedhealaibh, gur chuir fá bhroid is fá mhoghsaine dó féin is da allmhurrchaibh iad. Ag so síos go cumair do mhoghsaine Gaedheal fá Lochlonnaibh, is an cíos is an cháin do bhíodh orra, mar atá rí ar gach triúcha chéad i nÉirinn do Lochlonnaibh, is taoiseach ar gach tuaith is abb ar gach cill, maor ar gach baile, suaithreach nó buanna ar gach toigh, is gan uiread eoin chirce da mhaoin féin ar chumas fhir an tighe, agus muna mbeith
acht an aonghamhnach istigh ní bhfuigheadh an naoidhin aonoidhche ná an galrach a bainne, acht a choimhéad don bhuanna; agus mun budh sásuighthe é do-bheireadh fear an tighe ris san oireachtas i ngeall ré n-a bhuannacht. Do bhíodh uinge d'ór gacha bliadhna ag Lochlonnaibh ar gach fear i nÉirinn nó an tsrón ón cheann. Ní bhíodh iomorro brat ná éadach ar thighearna ná ar bhanfhlaith, acht éadaighe is brait athchaithte na Lochlonnach; gan neart léigheann do theagasc ioná eagailse d'aithidhe acht Lochlonnaigh 'n-a dteamplaibh is na ndúntaibh, gan sruithe gan cléirigh gan leabhair náid mionna i reighléis ná i mainistir da n-eagla, gan file gan feallsamh gan oirfideach ag leanmhain dlighidh na dúthchasa, gan inghean ríogh ná tighearna ná taoisigh ré cur síoda ná gréis, gan mac ríogh ná taoisigh ag foghluim lúith ná lámhaigh, gan fleadh ná féasta da caitheamh idir cháirdibh acht an fuigheall do bhíodh d'éis Danar da sásughadh féin di. Do bhí do thruime na daoirse-se Lochlonnach ar Ghaedhealaibh gur ghabh tuirse mhór fir Éireann uile; is ar t-iarmhar da gcléir do mhair is do bhíodh ag a ndísliughadh féin i gcoilltibh is i n-ionadhaibh diamhaire go dearóil ag tabhairt a mbeathadh as go cráibhtheach, do ghuidheadar Dia go dúthrachtach fá iad féin d'fhóirithin ó anfhlaitheas Turgesius. Do troisceadh fós leo air, agus tugadar fá deara ar gach tuatha fíréanta do bhí umhal dóibh an ní céadna do dhéanamh. Agus do éist Dia ré n-a nguidhe maille ré Turgésius do thabhairt ar chumas na nGaedheal, amhail chuirfeam síos do láthair annso. Ar mbeith iomorro do Thurgesius san anfhlaitheas fhoiréigneach-so, agus Gaedhil tré umhlacht aimhdheonaigh ag gialladh dhó, do rinne longphort comhnuidhthe do féin láimh ré dúinlios Mhaoilsheachlainn mic Maoilruanuidh ríogh Midhe;
agus lá n-aon da dtáinig go teach Maoilsheachlainn, atchí inghean álainn aontumha do bhí ag Maoilseachlainn, agus ar mbeith aosta ainmhianach dó féin, iarrais an inghean ar a hathair ré luighe ria ar leannántacht. "A thighearna," ar Maoilseachlainn, "is dearbh liom nach anfá ar mh'inghin mar mhnaoi phósta acht go madh lór leat sealaidheacht d'fhagháil di. Gidheadh iarraim ort gan mh'inghean d'iarraidh ós ard ionnus nach cuirfidhe nuachar amugha uirre; agus ó tharla do longphort-sa i ngar don lios-so 'n-a bhfuilim-se, cuirfead mh'inghean ós íseal id dháil mar aon ris na cúig mnáibh óga déag is áilne agus is searcamhla san Midhe uile; agus is dearbh liom an tan atchífir an bantracht soin, nach biaidh seadh ná suim im inghin féin agat, ar a n-áille seoch mh'inghean féin." Do ba toil lé Turgéis sin, agus do cumadh oidhche chinnte leo 'n-a gcuirfidhe an inghean go n-a bantracht i ndáil Thuirgéis da longphort. Tarla fán am soin cruinniughadh is coimhthionól ar a rabhadar do thaoiseachaibh Lochlonnach i nÉirinn go hÁth Cliath i gcoinne Thuirgéis ré cinneadh comhairle dhóibh um cheann na críche do chosnamh is do chaomhna; agus iar mbeith ann sin dóibh, nochtais Tuirgéis do chuid do na taoiseachaibh sin an dáil do bhí idir é féin is Maoilseachlainn, is geallais mná don druing díobh-san do rachadh leis, agus triallaid leis na cúig fhir déag ba mhó meisneach is macnais do na taoiseachaibh sin, agus ní dhearnadar fos ná comhnuidhe go rochtain longphuirt Tuirgéis dóibh mar aon ré n-a dtighearna. Dála Mhaoilsheachlainn do chuir tionól ós íseal ar chúig fhearaibh déag do na hógaibh gan fhéasóga is urramhanta do bhí san Midhe, agus tug fá deara earradha ban do chur orra is cloidheamh gearr fá choim gach aoin díobh, agus a gcur mar sin i riocht bantrachta ag coimhdeacht a inghine. Agus an tan táinig an oidhche do gealladh ise do chur i ndáil Thuirgéis,
triallais an inghean go n-a bantracht go ndeachaidh i ngar don longphort; agus cuiris scéala ós iseal go Tuirgéis da nochtadh dhó í féin go n-a bantracht do bheith i ngar don toigh ré dul da fhios; agus ar n-a chlos sin dó, tug fá deara ar na ceannaibh feadhna do bhí 'n-a fhochair dul da seomradhaibh, agus adubhairt go gcuirfeadh mná chuca amhail ro gheall. Leis sin do-níd aoin bheart amháin da n-armaibh ar an mbord do bhí ar an halla, is téid siad da seomradhaibh, gach aon díobh ar leabaidh ar leith, ag feitheamh ris an mbantracht soin do roinn orra. Tarla fán am soin Maoilseachlainn, go sluaghbhuidhin 'n-a fhochair, i bhfochair a inghine, agus a dubhairt ré droing do na hógaibh sin do bhí i reachtaibh ban 'n-a fochair, an tan do chuirfeadh Tuirgéis lámh san inghin da fastódh aige, breith go heasaontach air is bráighe do dhéanamh de; agus drong oile do dhul i seilbh airm an tighe agus lingeadh ar na ceannaibh feadhna do bhí istigh; agus go mbiadh féin is an tsluaghbhuidhean do bhí 'n-a fhochair láimh ris an dtigh, is go lingfeadh an teagh isteach ris an gcéadgháir do chongnamh dhóibh ré marbhadh na Lochlonnach. Téid an ingean go n-a bantracht leis sin tré chúldoras do bhí ar an dteach go ráinig seomra Thuirgéis; agus ar rochtain n-a láthair dóibh, tug súil tairis ar an mnaoi uasail is ar a bantracht, is níor thaitin leis díobh acht í féin, agus leis sin cuiris lámh innte da fastódh aige. Ar n-a fhaicsin sin do na hógaibh do bhí 'n-a fochair, beirid drong díobh go heasaontach ar Thuirgéis is do-níd bráighe dhe. Do-bheirid an drong oile amus ar na harmaibh gur ghabhadar a n-urlamhas dóibh féin, is tig Maoilseachlainn leis sin go sluaghbhuidhin san teagh is lingid ar an líon Lochlonnach do bhí san longphort, gur marbhadh uile iad idir taoiseach is daoscarshluagh acht Tuirgéis amháin; agus iar lomairt a longphuirt dóibh beirid Tuirgéis i laimh go
dúinlios Maoilseachlainn mar a raibhe sealad i ngeibheann aca. Ar n-a chlos iomorro don mhéid Lochlonnach do bhí i nÉirinn gur marbhadh na taoisigh do bhí orra féin, is gur gabhadh Tuirgéis an t-anfhlaith lé Maoilseachlainn rí Midhe, do ghabh meatacht is mímheisneach iad, ionnus gach fuireann díobh do bhíodh i gcrioslach na tíre istigh i gcéin ó bhailtibh cuain, go mbídís ag triall tré ealódh oidhche d'fhios a long ré hÉirinn d'fhágbháil; agus an lucht do bhíodh i mbailtibh cuain díobh do rithidís 'n-a longaibh da ndídean féin ar iomruagadh na nGaedheal do bhíodh ag tóraidheacht orra, ionnus gur díbreadh Lochlonnaigh uile a hÉirinn an tan soin, acht iarmhar beag do an fá smacht na nGaedheal díobh. Agus i ndiaidh a ruagtha do báthadh Tuirgéis lé Maoilseachlainn i Loch Ainninn agus táinig don ghníomh soin gur thoghadar uaisle Éireann d'aonaonta Maoilseachlainn 'n-a airdrígh ar Éirinn uile, tré mar do fóireadh an chríoch leis a hanbhroid Lochlonnach. An tan fá haois don Tighearna 877 adeir Buccananus go dtáinig Greaghóir rí Alban go sluagh líonmhar leis d'argain Éirinn is gur marbhadh Brian is Conchubhar da dhíonuidhtheoir ríogh Éireann leis, ar mbeith do rígh Éireann 'n-a leanbh. Gidheadh ní héidir so do bheith fírinneach, do bhrígh nach léaghthar san seanchus go raibhe aoinrí ar Éirinn riamh ó aimsir Shláinghe go Gabhaltas Gall acht rí tháinig lé togha an phobail agus lé harrachtas a ghníomh is lé neart a láimhe i gceannus Éireann. Agus fós fá hé Tuirgéis an t-anfhlaith fá rí Éireann an tráth soin.
XIX. Do ghabh Maoilseachlainn mac Maolruanuidh mic Donnchadha mic Domhnaill mic Murchadha mic Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne Meinn mic Colmáin Mhóir mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna déag. Aróg inghean Chathail mic Fiachrach rí bhFear gCúl máthair an Mhaoilsheachlainn-se. Ar mbeith do Lochlonnaibh ar a ndíbirt lé Maoilseachlainn, amhail adubhramar, is le huaislibh Éireann, do cinneadh comhairle san Noruaegia lé Fionnlochlonnaibh cionnus nó créad an modh 'n-a bhféadfadaois cos do chur i nÉirinn, i ndóigh ré hurlamhas Éireann da rochtain arís. Is é ní ar a dtángadar triúr taoiseach do ba dearbhráithre dha chéile d'fholaibh uaisle na Noruaegia d'ollmhughadh ré a gcur i nÉirinn mar aon ré cabhlach leo ar seilbh ceannaidheachta is iomad do ghréithibh geanamhla is do sheoidibh uaisle ré a mbronnadh is ré a reic ré fearaibh Éireann, do shúil ré cáirdeas is ré síothcháin fhear nÉireann do ghreamughadh; agus leis sin go bhféadfadaois go cealgach clipe do chur san chrích da hathbhuaidhreadh arís. Ag so mar adeir Policronicon ar an ní-se: "I ndiaidh bháis Thuirgéis tángadar a hoirear na Noruaegia ar leirg síothchána is ar scáth ceannaidheachta triúr dearbhráthar, Amhlaoibh, Sitric is Íomhar, don oiléan-so go na bhfuirinn leo agus d'aonta na nÉireannach, ag a raibhe dúil i ndíomhaoineas, do orduigheadar nó do thógbhadar trí bhaile chuain ré n-a n-áitiughadh dhóibh féin, mar atá i Port Lairge, Áth Cliath is Luimneach. Agus da éis sin ar bhfás do na drongaibh táinig leo do lingdís go minic ar áitightheoiribh na críche."
As na briathraibh-se is iontuigthe gurab lé ceilg an triair taoiseach-so fuaradar Fionnlochlonnaigh ón Noruaegia árach ar bheith ag aithmhilleadh Éireann. Agus is tré dhá adhbhar do chuadar i neart an athuair i nÉirinn. An céadadhbhar díobh tré n-a líonmhaire thigeadh congnamh sluaigh is loingis ón Noruaegia chuca ó aimsir go haimsir; agus an dara hadhbhar trés an easaonta is trés an siosma síor do bhíodh idir na Gaedhealaibh féin fán am soin gur traothadh a chéile go mór leo. Agus fós fá gnáth leo congbháil buannachta do thabhairt do Lochlonnaibh leath ar leath, go dtáinig dhe sin gur ghabhadar arrachtas an athuair i nÉirinn, is go rabhadar Gaedhil fá athbhroid aca ón am-so go bás Bhriain, amhail fhoillseocham a hannálaibh Éireann san trácht-so romhainn síos. Ar mbeith iomorro d'Fhionnlochlonnaibh ag buaidhreadh Éireann ar an ordughadh soin táinig loingeas mór Dubhlochlonnach ón Dania .i. Denmarke, go hÁth Cliath, agus airgthear imeall na críche is marbhthar iomad do dhaoinibh leo; agus leis sin cruinnighid Fionnlochlonnaigh 'n-a n-aghaidh, gur fearadh cath eathorra leath ar leath ag Linn Duachuill, mar ar briseadh d'Fhionnlochlonnaibh is mar ar marbhadh míle dhíobh; gur ghabhadar Dubhlochlonnaigh neart mór i nÉirinn da bhíthin sin. Agus go grod da éis sin táinig Amhlaoibh mac ríogh Lochlonn i nÉirinn do ghabháil bharántais Dainfhear nó Dubhlochlonnach, agus do chuir mórán d'fhearaibh Éireann fá chíoscháin dó. Is fán am-so fuair Olchobhar mac Cionaotha rí Mumhan bás, is Flaithnia easpog Biorair is Cormac easpog Lathraigh Briuin is Niall mac Giolláin, ar mbeith tríochad bliadhan 'n-a bheathaidh don fhior-so gan bhiadh gan digh. Is fán am- so do bhí ríoghdháil nó cóimhthionól fhear nÉireann ag Ráith Aodha
mic Bric um Mhaoilseachlainn rí Teamhrach is um Etgna comhorba Pádraig ag déanamh síodha idir fhearaibh Éireann, agus is ann sin tug Cearbhall rí Osruighe óighréir do chomhorba Pádraig. Is ann fós do rinne Maolguala mac Donnghaile rí Mumhan is Cearbhall rí Osruighe ceangal síodha ré Leith Cuinn. Da éis sin do mharbhadar lucht na Normandie Maolguala rí Mumhan lé clochaibh. Is fán am-so tug Maoilseachlainn rí Éireann Cath Droma Dámhuighe, áit i dtug ár mór ar Lochlonnaibh Átha Cliath; is fuair Domhnall mac Ailpín rí na bPict bás. Go grod da éis sin fuair Maoilseachlainn rí Éireann bás. Do ghabh Aodh Finnliath mac Néill Chaille mic Aodha Oirndighe mic Néill Fhrasaigh mic Fearghaile mic Maoiledúin mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna déag. Gormfhlaith inghean Donnchadha mic Domhnaill máthair Aodha Finnléith is Maolmuire, inghean Chionaotha mic Ailpín rí Alban, a bhean, máthair Néill Ghlúnduibh. Is i bhflaitheas Aodha Finnléith do rinneadh na gníomha-so síos .i. Conchubhar mac Donnchadha leithrí Midhe do marbhadh lé hAmhlaoibh mac ríogh Lochlonn i gCluain Ioraird. Da éis sin do chuaidh an tAmhlaoibh-se go sluagh líonmhar do Lochlonnaibh leis i bhFoirthrén i nAlbain, gur chreach is gur airg na Pictí agus go dtug a ngéill uatha. Is fán am-so tug Aodh Finnliath rí Éireann cath mór ar Lochlonnaibh Locha Feabhail go dtug dá fhichid ceann taoisigh gan cholainn díobh leis, iar marbhadh dá mhile dhéag díobh; agus ro chreach is ro airg an longphort idir chradh is ionnmhus. Is grod 'n-a dhiaidh sin go bhfuair Conall easpog Chille Scire bás; is gur
loisceadh dún Amhlaoibh ríogh Lochlonn i gCluain Dolcáin lé mac Gaoithín is lé mac Ciaráin mic Rónáin; gur marbhadh céad taoiseach do Lochlonnaibh leo. Da éis sin do hairgeadh is do creachadh Ard Macha lé hAmhlaoibh, is do marbhadh míle do Ghaedhealaibh leis, is tug iomad maoine is mórchánach as. Is fán am-so fuair Ceannfaolaidh mac Moichthighearn do bhí trí bliadhna déag bás, agus do ghabh Donnchadh mac Duibh dha Bhuireann ríoghacht Mumhan cheithre bliadhna déag, agus tugadh cath idir na Pictí is Dubhlochlonnaigh, áit ar marbhadh iomad do na Pictibh ann. Da éis sin táinig Rudhruighe mac Moirmhinn rí Breatan ar teitheadh ré Dubhlochlonnaibh go hÉirinn, agus tugadh taise Choluim Chille a hAlbain i nÉirinn ar teitheadh rés an druing chéadna. Is fán am-so do réir Chormaic mic Cuileannáin do bhí Lorcán mac Lachtna 'n-a rígh Tuadhmhumhan; is an tan do bhídís Dál gCais taoibh ré Tuadhmhumhain is aca do bhíodh an slios tuaidh do ríghtheach Caisil ó chúil go doras; agus do bhíodh dá thriúcha déag do roinn aca mar atá ó Léim Chon gCulainn go Bealach Mór i nOsruighe agus ó Shliabh Echtghe go Sliabh Eibhlinne; agus is aca do bhíodh tosach shluagh Muimhneach ag dul i gcoinne námhad, agus deireadh ag dealughadh riú, amhail adeir Cormac mac Cuileannáin san rann-so:
Tosach ag dul i dtír námhad, Is deireadh leo ag teacht tar ais, Ré méid a n-ágh fri gach ndoilgheas, Is ní do ruidhleas Dál gCais.
Fuair Aodh Finnliath rí Éireann bás i nDruim Ionascluinn i gcrích Chonaill; is fuair Tighearnach mac Muireadhaigh easpog Droma Ionasclainn bás an tráth soin. Dho ghabh Flann Sionna mac Maoilsheachlainn mic Maolruanuidh mic Donnchadha mic Domhnaill mic Murchadha mic
Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne Mheinn do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna déag ar fhichid. Lann inghean Dúnghail mic Fearghaile rí Osruighe máthair Fhloinn mic Maoilsheachlainn. Is i bhflaitheas Fhloinn Sionna ríogh Éireann do rinneadh na gníomha-so síos. Óir do hairgeadh is do creachadh an Mhumha uile leis an rígh-se is tug braighde uatha. Is 'n-a fhlaitheas fós do marbhadh Domhnall mac Muireigéin le 'n-a chompánaibh féin, is fuair Fiachna mac Ainbhiotha mic Aodha Róin do bhí 'n-a rígh Uladh aoin bhliadhain amháin bás, agus Donnchadh mac Duibh dhá Bhuireann rí Mumhan. Is fán am-so do hairgeadh Cill Dara is Cluain Ioraird lé Lochlonnaibh; agus do rinne Flann Sionna rí Éireann aonach Tailltean do chommóradh; is fuair Dubhlachtna mac Maolghuala mic Donnghaile do bhí 'n-a rígh Mumhan seacht mbliadhna bás, is do marbhadh Sitric mac Íomhair lé druing don Normandie; is do marbhadh Aidheit mac Laighnigh, do bhí 'n-a rígh Uladh, i bhfeall le 'n-a chompánaibh féin; is do hairgeadh Ard Macha lé Lochlonnaibh Locha Feabhail; gur ghabhsad Cumuscach rí Uladh ann, agus Aodh mac Cumuscaigh a mhac; is fuair Domhnall mac Constaintín rí Alban bás.
XX. Is fán am-so do ghabh Cormac mac Cuileannáin mic Sealbhaigh mic Ailghionáin mic Eochach mic Breasail mic Aonghusa mic Natfraoich mic Cuirc mic Luighdheach Gaot mic Oiliolla Flann Big mic Fiachach Muilleathain mic Eoghain Mhóir mic Oiliolla Óluim ríoghacht Mumhan seacht mbliadhna. Agus fá mór rath Éireann ré linn Chormaic do bheith i bhflaitheas Mumhan. Óir do líonadh Éire do rath dhiadha is do shonas shaoghalta is do shíothcháin choitchinn ré n-a linn, ionnus nach bíodh buachaill ag boin ná aodhaire ag tréid 'n-a réimheas; agus do bhíodh anacal ag reilgibh ré a linn; is do rónadh iomad teampull is mainistreach is scol gcoitcheann ré múnadh léighinn breitheamhnais is seanchusa ré a linn, is iomad treabhtha, iomad beach is beachlann, iomad troiscthe is urnuighthe is gacha crábhadh ar cheana; is iomad teach n-aoidheadh 'ga ndéanamh is leabhair da scríobhadh ré n-a linn: agus gach maith do fhoráileadh ar chách do dhéanamh, go ngníomhuigheadh féin rompa í, idir dhéirc daonnacht urnuighthe aifreann is gach deighghníomh oile ó shoin amach. Agus fós do bhí do rath air, an mhéid Lochlonnach do bhí i nÉirinn ré foghail do dhéanamh, gur thréigeadar an chríoch an feadh do bhí seisean i bhflaitheas Mumhan. Tarla iomorro Cormac mac Cuileannáin 'n-a chomhnuidhe i gCaiseal ré hucht na Cásca gur chuir fógra fá na hEoghanachtaibh 'ga rádh riú biadh is lón do chur ré hucht na féile uaisle chuige go Caiseal, agus do éimgheadar é. Ar n-a chlos sin iomorro do Dhál gCais cuirid biadha is lóinte iomdha go Cormac ionnus go raibhe buidheach dhíobh. Cuiris Cormac teachta arís go síol nEoghain 'ga iarraidh orra seoide is maoine do chur chuige ré a mbronnadh do dheoradhaibh ó nar chuireadar biadh chuige; agus is eadh do rinneadar
siol nEoghain na hairm is na hearradha is measa do bhí aca do chur chuighe agus fá diomdhach dhíobh é tríd sin. Ar n-a chlos sin cheana do Dhál gCais cuirid rogha arm is éadaigh is seod chuige ré a mbronnadh go raibhe buidheach dhíobh is go dtug a bheannacht dóibh, amhail adeir sé féin san rann-so:
Go dtugtar dhóibh ar ndúthracht, Do chlannaibh Táil na dtréinneart, Ríghe chaoin go bráth buaincheart, Laochtacht ordan cruth cléirceacht.
Léaghthar linn san seanchus go rabhadar cheithre rígh is dá fhichid do shíol Eoghain i bhflaitheas Mumhan ó ré Aonghusa mic Natfraoich go Mathghamhain mac Cinnéididh, is nach raibhe an feadh soin ag Dál gCais acht ríoghacht Tuadhmhumhan (acht Lorcán do bhí bliadhain go leith ann i ndiaidh Chormaic mic Cuileannáin do réir Uí Dhubhagáin go bhfuair bás i gcionn na ré sin), mar atá ó Shlighe Dhála ré a ráidhtear Bealach Mór Osruighe go Léim Chon gCulainn i n-iarthar Corca Baiscinn, agus is iad an Dál gCais chéadna do bhíodh ré freastal cogaidh i n-aghaidh Laighean is Leithe Cuinn ag ríoghaibh Caisil; gonadh uime sin adeir file éigin an rann-so:
Dleaghair do shluagh shíol Luighdheach Sreathnughadh cath sluagh Muimhneach Agus bheith i luirg fá dheoidh A críochaibh ána aineoil.
Iar gcaitheamh iomorro sheacht mbliadhan do Chormac mac Cuileannáin i bhflaitheas Mumhan go síodhach sona amhail adubhramar, gríostar lé cuid d'uaislibh na Mumhan é, agus go háirithe lé Flaithbheartach mac Ionmhainéin abb Inse Cathaigh, do bhí don fhuil ríoghdha, d'agra airdchíosa ar Chúigeadh Laighean ar mbeith do leith Mogha dhi. Leis sin cuiris Cormac cruinniughadh is coimhthionól ar sluaghaibh Mumhan go haonláthair. Agus ar rochtain go haoinionadh da n-uaislibh is í comhairle ar ar cinneadh leo dul do thabhach an airdchíosa ar Laighnibh i gceart na ronna do
rinneadh idir Mhogh Nuadhat is Chonn. Gidheadh fá leasc lé Cormac triall ar an eachtra soin, do bhrígh gur foillsigheadh dó go dtuitfeadh san turas soin. Tairis sin aontuighis dul ann, is ré hucht imtheachta dhó, do fhágaibh leagáide ar a anmain ag eagailsibh prinnsiopálta Éireann, mar atá uinge d'airgead is uinge d'ór is a earradh is a each ag Druim Abhrad .i. Ard Fhionáin; corn óir is airgid is cochall sróill ag Lios Mór; corn óir is airgid is cheithre uinge d'ór is céad uinge d'airgead ag Caiseal; trí huinge d'ór is leabhar aifrinn ag Imleach Iobhair; uinge d'ór is uinge d'airgead do Ghleann dá Loch; earradh is each uinge d'ór is brat sróill do Chill Dara; cheithre uinge fichead d'airgead is d'ór ag Ard Macha; trí huinge d'ór ag Inis Cathaigh; trí huinge d'ór is cochall sróill ag Mungairid agus beannacht Chormaic. Is mór iomorro an teist do-bheir Cormac ar choimhthionól Mungairide, amhail léaghthar san duain darab tosach: A ghille ceangail ar lóin, mar a gcuireann síos an líon manach do bhí san choimhthionól ag freastal na sé dteampull do bhí san chill. Cathair Dheochain Neasáin ghairthear don chill sin. Ag so an líon manach do bhí innte, mar atá cúig céad manach foghlumtha ré seanmóir; sé céad psalmaire ré freastal coradh; is cheithre céad seanóir ré rinnfheitheamh nó ré contemplation. Dála Chormaic ré hucht triallta i Laignibh dhó, do chuir fios ar Lorcán mac Lachtna rí Dal gCais agus ar rochtain go ríghtheach Chaisil dó, fáiltighis Cormac roimhe is nochtais d'uaislibh shíl nEoghain do bhí 'n-a fhochair gurab do Lorcán fá dual flaitheas Mumhan do ghabháil da éis féin do réir udhachta Oiliolla Óluim lér horduigheadh flaitheas Mumhan
do bheith gach ré nglún ag sliocht Fhiachach Muilleathain is ag sliocht Chormaic Chais. Gidheadh níor comhailleadh toil Chormaic san ní sin. Iomthúsa Chormaic iomorro ar dtionól mhórshluagh bhfear Mumhan dó féin is do Fhlaithbheartach mac Ionmhainéin triallaid i Laighnibh d'iarraidh braighde nó cíosa orra do dhíol ré rígh Mumhan ar mbeith do Leith Mogha dhóibh. Ar mbeith do shluagh Mumhan i n-aon longphort ré triall san turas soin dóibh, do chuaidh Flaithbheartach mac Ionmhainéin abb Inse Cathaigh ar a each ar fud sráide an longphuirt, is do thuit an t-each i gclais doimhin faoi, is ba drochfháistine dó-san sin. Táinig dhe sin sochuidhe da mhuinntir is don tsluagh uile d'anmhain ón turas soin, óir do ba drochthuar leo tuitim an duine naomhtha ré ndul ar eachtra dhóibh. Tángadar trá teachta uaisle ó Laighnibh is ó Chearbhall mac Muireigéin d'ionnsuighe ar Chormac ar dtús is tagraid teachtaireacht shíodha ris ó Laighnibh .i. aointsíoth amháin do bheith i nÉirinn uile go Bealltaine ar a gcionn, óir coidhcís d'fhoghmhar an tain soin, agus braighde do thabhairt i láimh Mhaonaigh abb Disirt Diarmada .i. duine naomhtha eagnuidhe cráibhtheach an fear soin, agus iomad seod is maitheasa do thabhairt do Chormac is do Fhlaithbheartach ó Laighnibh i gcommaoin na síothchána soin. Do ba lántoil lé Cormac an tsíoth soin do dhéanamh, is táinig da fhoillsiughadh do Fhlaithbheartach go dtángadar teachta ó rígh Laighean chuige d'iarraidh síodha go Bealltaine ar a gcionn, is do thairgsin séad is maoine dhóibh ar aon ó Laighnibh tré thilleadh don Mhumain tar a n-ais go síodhach. An tan do chualaidh Flaithbheartach sin gabhais fearg adhbhalmhór é, agus is eadh ro ráidh: "Is urusa a aithne ar mhaoithe do mheanman dearóile th'intinne
is th'aigeanta," agus tug iomad táir is tarcaisne ar Chormac an tráth soin. Is é freagra tug Cormac air-sean: "Is deimhin liom-sa," ar Cormac, "an ní thiocfas de sin .i. cath do thabhairt do Laighnibh, is muirbhfidhear mise ann, agus is cosmhail do bhás-sa do thigheacht de." Agus an tan adubhairt Cormac na briathra soin, táinig da phuball féin is é tuirseach dobrónach, agus an tan do shuidh, tugadh soitheach ubhall chuige is gabhais ag a roinn ar a mhuinntir agus is eadh do ráidh: "A mhuinntir ionmhain," ar sé, "ní roinnfead-sa ubhla oraibh ón uair-se amach go bráth." "Ó a thighearna ionmhain," ar a mhuinntear, "tugais orainn-ne bheith dobrónach tuirseach is fá minic leat drochfháistine do dhéanamh duit féin." "Créad sin, a mhuinntear chroidhe," ar Cormac, "óir is beag an t-iongnadh gion go dtugainn-se ubhla as mo láimh féin daoibh go mbiadh neach éigin oile im fharradh do shínfeadh ubhla dhaoibh." Iar sin do iarr Cormac forfhaire do chur 'n-a thimcheall, is do iarr an duine cráibhtheach Maonach .i. comhorba Comhghaill do thabhairt chuige go ndearnadh a fhaoisidin is a thiomna 'n-a láthair; is do chaith Corp Críost 'n-a fhiadhnaise is do dhiúlt sé don tsaoghal do láthair Mhaonaigh. Óir do ba dearbh lé Cormac go muirfidhe san gcath soin é féin; gidheadh níor mhaith leis a fhios sin do bheith ag a mhuinntir. Do orduigh iomorro a chorp do bhreith go Cluain Uama, dá mbeith ar cumas do chách a bhreith ann, is muna mbeith, a bhreith go roilig Diarmada mic Aodha Róin .i. Disirt Diarmada, áit a raibhe féin da fhoghluim i bhfad d'aimsir. Gidheadh do b'fhearr leis a adhnacal i gCluain Uama ag mac Léinín. Ba fearr iomorro ré Maonach a adhnacal i nDisirt Diarmada mar a raibhe coimhthionól manach do mhuinntir Chomhghaill, is fá hé Maonach comharba Comhghaill an tan soin agus fá duine cráibhtheach eagnuidhe é, agus
is mór d'ulc is do shaothar fuair ag iarraidh síodha do tharraing idir Laighnibh is rígh Mumhan an tan soin. Acht cheana gluaisid iomad d'fhearaibh Mumhan go neimhcheaduightheach as an gcath óir do chualadar Flann mac Maoilsheachlainn rí Éireann do bheith i longphort Laighean go sluagh líonmhar da gcois is ar marcaidheacht. Is ann sin do ráidh Maonach, "A dheaghdhaoine Mumhan," ar sé, "do budh críonna dhaoibh na braighde maithe thairgthear daoibh do ghabháil i n-orláimh dhaoine gcráibhtheach go Bealltaine, .i. mac Cearbhaill ríogh Laighean is mac ríogh Osruighe." Do bhádar fir Mhumhan uile ag a rádh d'aonghlór gurab é Flaithbheartach mac Ionmhainéin do choimhéignigh iad um thigheacht i Laighnibh. A haithle na casaoide sin triallaid fir Mhumhain tar Sliabh Mairge soir go Droichead Léithghlinne. Do chomhnuidh iomorro Tiobraide comhorba Ailbhe is buidhean mhór do chléircibh mar aon ris i Léithghlinn, is giollaidhe an tsluaigh is a gcapaill lóin. Do sinneadh iar sin stuic is caismearta catha ag fearaibh Mumhan is tángadar rompa i Maigh nAilbhe. Do bhádar ann sin i n-ucht choille is daingin ag fuireach ris an námhaid. Do rónsad fir Mhumhan trí catha comhmhóra dhíobh féin, mar atá Flaithbheartach mac Ionmhainéin is Ceallach mac Cearbhaill rí Osruighe i gceannas feadhna an chéadchatha; Cormac mac Cuilleannáin rí Mumhan ós cionn an dara catha; Cormac mac Mothla rí na nDéise is fuireann d'uaislibh Mumhan ós cionn an treas catha. Tángadar iomorro amhlaidh sin ar Maigh nAilbhe, agus fá gearánach iad ar iomad a námhad is ar a luighead féin do shluagh. Óir is eadh scríobhaid ughdair go rabhadar Laighin cheithre uiread do shluagh ré fearaibh Mumhan. Ba thruagh iomorro an gháir do bhí san gcath-so amhail innisid eolaigh .i. gáir ag sluagh Mumhan aga marbhadh, is gáir ag sluagh Laighean ag comhmhaoidheamh an mharbhtha soin.
Dá chúis cheana fá deara briseadh go hobann d'fhearaibh Mumhan .i. Céileachair bráthair Chinn Ghéagáin ríogh Mumhan do chuaidh ar a each is mar ráinig uirre is eadh adubhairt: "A shaorchlanna Mumhan," ar sé, "teithidh go luath ón gcath adhuathmhar-so is léigidh do na cléircibh féin cathughadh do dhéanamh ó nar ghabhsad cumhaidh oile acht cath do thabhairt do Laighnibh." Triallais Céileachair is sochaidhe maille ris a láthair an chatha amhlaidh sin. Cúis oile fár briseadh d'fhearaibh Mumhan .i. Ceallach mac Cearbhaill mar do chonnairc sé a mhuinntear 'ga dtuargain go tinneasnach san chath, do ling go hobann ar a each is adubhairt ré a mhuinntir, "Éirghidh ar bhar n-eachaibh," ar sé, "is díbridh uaibh an lucht atá i nbhar n-aghaidh." Agus gé adubhairt sin ní do chathughadh adubhairt é, acht do theitheadh. Táinig don dá chúis sin gur ghabhadar fir Mhumhan briseadh chuca, i n-aoinfheacht. Uch trá ba mór an t-ár baoi ar fud Mhaighe Ailbhe an tan soin. Óir ní tugthaoi comairce do chléireach seoch laoch ann gan comhmharbhadh do thabhairt orra leath ar leath. Agus an tráth do haincidhe laoch nó cléireach leo, ní do thrócaire do-nídís sin acht do shainnt ré fuascladh d'fhagháil asta. Triallais Cormac mac Cuilleannáin i dtosach an chéadchatha. Gidheadh do ling a each i gclais uaidh is do thuit seisean di, is do chonncadar drong da mhuinntir do bhí ag teitheadh as an maidhm é, is tángadar da fhortacht gur chuireadar ar a each é. Is ann sin do chonnairc Cormac dalta saorchlannda dó féin, Aodh a ainm, saoi eagna is breitheamhnais is seanchusa is Laidne an fear soin, agus is eadh adubhairt an rí Cormac ris. "A mhic ionmhain," ar sé, "ná lean díom-sa, acht beir as tú mar is fearr go dtiocfaidh riot, agus do innis mé duit go muirbhfidhe san gcath-so mé. Triallais Cormac roimhe agus fá iomdha fuil daoine is each ar feadh na slighe sin gur sciorrsad cosa deiridh an eich do bhí faoi, ré sleimhne na slighe ó lorg na
fola. Tuitis an t-each leis sin tar a hais go dtarla Cormac fúithe, gur briseadh a mhuinéal is a dhruim mar aon san eascar soin. Agus adubhairt ag tuitim dhó: In manus tuas et relq.. Éagais san tráth soin agus tigid an mhuinntear mhalluighthe gur ghabhadar da ngaothaibh ann, agus do beanadh a cheann de. Adeir Doctúir Hanmer 'n-a chroinic gurab le Lochlonnaibh do thuit Cormac mac Cuileannáin is Cearbhall mac Muireigéin rí Laighean, an tan fá haois don Tighearna 905. Gidheadh ní fíor do Hanmer so; óir níor thuit Cearbhall ann, agus ní hiad Loclonnaigh do chuir an cath acht Flann Sionna rí Éireann, mar is follus as an stair ré ráidhtear Cath Bealaigh Mughna, mar ar thuit Mac Cuileannáin. I bhfíorthosach iomorro an chatha-so do marbhadh Ceallach mac Cearbhaill rí Osruighe is a mhac. Is mór do chléircibh maithe is do ríoghaibh, do thaoiseachaibh is do laochraidh, do marbhadh san chath-so. Do marbhadh ann Foghartach mac Suibhne rí Ciarraidhe, is Oilill mac Eoghain, duine uasal óg eagnuidhe, is Colmán abb Cinn Eitigh ardollamh breitheamhnais Éireann, is sochuidhe mhór mar aon riú. Ag so na huaisle do thuit ann .i. Cormac rí na nDéise, Dubhagán rí bhFear Maighe; Ceannfaolaidh rí Ua gConaill; Conn a hAdhar, Ainéislis d'Uíbh Toirrdhealbhaigh, Eidhion rí Eidhne do bhí ar ionnarbadh san Mhumhain; Maolmuaidh, Madagán, Dubh dhá Bhuireann, Conall, Fearadhach, Aodh rí Ua Liatháin, is Domhnall rí Dúin Cearmna. Is iad trá do bhris an cath-so ar Mhuimhneachaibh .i. Flann mac Maoilsheachlainn, rí Éireann, is Cearbhall mac Muireigéin, rí Laighean, is Tadhg mac Faoláin, rí Ua gCinnsealaigh, is Teimheanain rí Ua nDeaghadh, Ceallach is Lorcán dá rígh na
gCineál agus Innéirghe mac Duibhghiolla rí Ó nDróna; Follamhain mac Oiliolla rí Fothorta Feadha; Tuathal mac Ughaire rí Ua Muireadhaigh; Odhran mac Cinnéididh rí Laoighse; Maolcallann mac Fearghaile rí na bhForthuath; is Cleircén rí Ua mBairrche. XXI. Táinig iar sin Flann Sionna rí Éireann marcshluagh mór ríoghdha do chur Dhiarmada mac Cearbhaill i righe Osruighe i ndiaidh bháis a dhearbhráthar Cheallaigh mic Cearbhaill do bhí i bhflaitheas Osruighe roimhe, gur thuit san chath-so ag congnamh lé Cormac, ar mbeith umhal dó fá chíos do dhíol ris tré bheith 'n-a rígh Leithe Mogha dhó. Is ann sin tángadar drong i ndáil Fhloinn Sionna ríogh Éireann agus ceann Chormaic mic Cuileannáin aca, agus is eadh adubhradar ré Flann: "Beatha is sláinte dhuit, a rí choscraigh chumhachtaigh, ag so ceann Chormaic ríogh Mumhan againne dhuit, agus amhail is béas do na ríoghaibh oile, tógaibh do shliasad agus cuir an ceann fúithe is foirdhing é dot shliasaid. Óir fá nós ag na ríoghaibh romhat an tan do marbhthaoi rí i gcath leo a ceann do bhuain de is a chur fá n-a sliasaid da fhoirdhinge." Gidheadh ní buidheachas tug ar an druing sin acht aithbhear an ghníomha soin do thabhairt orra go rómhór, agus adubhairt gur thruaighe a cheann do bhuain don easpog naomhtha agus do ráidh nach diongnadh féin a fhoirdhinge; agus do ghabh Flann an ceann 'n-a láimh is do phóg é go dtug 'n-a thimcheall fá thrí ceann coisreacdha an easpuig naomhtha. Agus rugadh uaidh iar sin an ceann go honórach d'ionnsuighe an chuirp mar a raibhe Maonach mac Siadhail comhorba Comhghaill, agus rug sé corp Chormaic go Disirt Diarmada gur hadhnaiceadh go honórach ann sin é. Cia tra an croidhe ris nach truagh an gníomh-so .i. marbhadh
is teascadh an duine naomhtha do ba mó eagna d'fhearaibh Éireann 'n-a chomhaimsir, saoi i nGaedhilg is i Laidin agus an t-airdeaspog lánchráibhtheach iodhan urnuightheach geanmnaidhe diadha, ceann foirceadail is fíreagna is soibhéas, agus airdrí dá chúigeadh Mumhan! Do thill iomorro Flann Sionna rí Éireann ar bhfágbháil Diarmada mic Cearbhaill i righe Osruighe is ar ndéanamh síodha idir é féin is a bhráithribh. Tillid Laighin tar a n-ais mar an gcéadna go mbuaidh gcoscair. Táinig iar sin Cearbhall mac Muireigéin rí Laighean roimhe go Cill Dara is drong mhór d'fhearaibh Mumhan i láimh aige is Flaithbheartach mac Ionmhainéin mar aon riú. Tugadh iar sin Flaithbheartach go Cill Dara, agus gabhaid cliar Laighean ag tabhairt achmhasáin mhóir dó, óir fá dearbh leo gurab é ba ciontach ris an gcath do chur. Ar n-éag iomorro do Chearbhall rí Laighean do léigeadh Flaithbheartach amach, agus i gcionn bliadhna do thionnlaic Muireann banchomhorba Brighde é is do chuir sluagh mór do chléir Laighean da choimhéad go ráinig go Maigh nAirbh, agus ar rochtain na Mumhan amhlaidh sin dó, do chuaidh da mhainistir féin .i. go hInis Cathaigh is do chaith seal da aimisir go cráibhtheach caondúthrachtach innte go dtáinig amach a hInis Cathaigh arís do ghabháil ríghe Mumhan i ndiaidh bháis Dhuibh Lachtna mic Maoilghuala fá rí ar an Mumhain seacht mbliadhna d'éis Chormaic; gur chaith seal bliadhan i bhflaitheas Mumhan da éis sin, amhail adeir seinleabhar annálach Cluana hEidhneach Fionntain i Laoighis lé gcuirthear síos an cath-so Bhealaigh Mughna mar a léaghthar i laoidh seanchusa do rinne Dallán ollamh Cearbhaill ríogh Laighean mar a gcuireann éirim an chatha-so síos go cumair, is mar a luaidheann na huaisle is an líon sluagh do thuit
san chath-so. Gidheadh ní chuirfead don laoidh annso acht an céadrann di, do bhrígh gur luaidheamar na huaisle do réir a n-anmann romhainn thuas. Ag so an rann:
Cormac Feimhean Foghartach, Colmán Ceallach cruaidh n-ughra, Go sé míle torchradar I gCath Bhealaigh muaidh Mughna.
Da éis sin fuair Flann Sionna rí Éireann bás. Do ghabh Niall Glúndubh mac Aodha Finnléith mic Néill Chaille mic Aodha Oirndighe mic Néill Fhrasaigh mic Fearghaile mic Maoiledúin mic Maoilfhrithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna. Do hathnuaidheadh aonach Tailltean leis. Is é an Niall-so do chuaidh mar aon ré neart Gaedheal do thabhairt chatha do Lochlonnaibh Locha dá Chaoch i nUlltaibh, gur marbhadh iomad do Lochlonnaibh is do Ghaedhealaibh san chath soin. Is i bhflaitheas Néill iomorro tugadh Cath Cinn Fhuaid ar Laighnibh lé hÍomhar taoiseach Lochlonnach, áit ar thuit sé céad do Laighnibh ann um Mhaolmórdha mac Muireigéin rí Iarthair Lithfe, um Úghaire mac Oiliolla, um Mhughrón mac Cinnéididh rí na dtrí gComann is Laoighse, agus iomad do dhaoinibh uaisle oile nach áirmhighthear annso. Is fán am-so do chuaidh Oitir taoiseach do Lochlonnaibh go sluagh líonmhar mar aon ris ó Loch dá Chaoch go hAlbain agus tug Caus mac Aodha cath dhóibh, gur thuit Oitir is iomad do Lochlonnaibh ann. Is i bhflaitheas Néill Ghlúnduibh táinig loingeas mór do Lochlonnaibh i nÉirinn mar aon ré Sitric is ré cloinn Íomhair gur ghabhsad baile Átha Cliath d'aimhdheoin fhear nÉireann. Tionólais Niall Glúndubh rí Éireann mórshluagh Leithe Cuinn go dtug cath do Lochlonnaibh ag Áth Cliath, áit ar
marbhadh é féin is Conchubhar mac Maoilsheachlainn ríoghdhamhna Éireann, is Aodh mac Eochagáin rí Uladh is Mhaolmithidh mac Flannagáin rí Breagh, Maolcraoibhe ó Duibhshionnaigh rí Oirghiall, is iomad do thaoiseachaibh is do dhaoinibh oile ó shin amach. Do ghabh Donnchadh mac Floinn tSionna mac Maoilsheachlainn mic Maoilruanuidh mic Donnchadha mic Domhnaill mic Murchadha mic Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne Meinn do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Gormfhlaith inghean Fhloinn mic Conaing máthair an Donnchadha-so agus Sadhbh inghean Donnchadha mic Ceallaigh ríogh Osruighe fá bean dó. Agus do réir Leabhair Ard Macha do chuaidh an Donnchadh-so mac Floinn rí Éireann go bhfuirinn mhóir leis do dhéanamh mhúir nó chloidh timcheall Saighre Chiaráin, ar fhoráileamh a mhná .i. Sadhbh inghean Donnchadha mic Ceallaigh; óir fá tnúthach lé múr nó cloidh timcheall gacha hairdchille i nÉirinn agus a cill féin .i. Saighir gan mhúr; óir is i Saighir Chiaráin do bhiodh adhnacal ríoghruidhe Osruighe an ionbhaidh sin. Tángadar uime sin fir Mhidhe go tulaigh nDonnchadha láimh ré Saighir anoir is do ghabhadar ag déanamh an chloidh gach laoi timcheall na cille; gonadh ann sin ráinig corp Dhonnchadha mic Ceallaigh .i. rí Osruighe da adhnacal go Saighir, agus i ndiaidh a adhnaicthe, iar dtigheacht dorchadais na hoidhche, tángadar naonbhar do chrosánaibh ciabhacha cíordhubha ar an uaigh gur ghabhadar ag cliaraidheacht, amhail is béas do chrosánaibh ó shoin anall; agus fá gile a súile is a bhfiacla ioná sneachta, is fá duibhe ioná gual gabhann gach ball oile dhíobh. Is amhlaidh iomorro tángadar is duain leo do rígh Osruighe; is gach duine atchíodh iad do-níodh galar laoi go n-oidhche dhóibh. Ag so an duain:
Muinntear Dhonnchadha mhóir mic Ceallaigh Coinnmheadh uabhair, Cliara binne bíd ag glaodhaigh Sinne ar sluaghaidh; Sluaigh ag míolradh muighe lána, Tighthe óla, Ógmhná fionna, flatha fiala, Maithe móra; Gáir a chliar is a cheithearn, Coinnmheadh deaghshluaigh, Sreatha sirthe ins an sáimhghréin, Crithle creamhnuaill; Crota cuisleanna go gcuibhde Filidhe Faibhle, La dán ndath-nglan tigdís go rígh Rathmar Raighne. Dod dor dod dán a mhic ríogh Raighne Go rathaibh, Caidhe na cuirn caidhe an mhuirn Do bhí god athair? Rongabha greim don fhior Ro oirfidsiod uile, Álainn an rioth for a raibhe For bioth mbuidhe; Baptais báptain for a anmain Uair ro cluinntear Mór a luach iar ndol san alltar Sinne a mhuinntear.
Do cleachtadh iomorro leis an gcléir sin ó chrónadh na hoidhche go maidin bheith ag cliaraidheacht leis an duain sin ar uaigh Dhonnchadha gach n-oidhche, gur fhás tríd sin ceist ar chléircibh is ar laochaibh, óir ba hiongnadh leo deamhna go follus i gcoimhdeacht chuirp an ríogh lánchráibhthigh sin. Fá cuid iomorro do chrábhadh an ríogh sin faoisidin mhinic is glacadh Chuirp Críost is urnaighthe dhúthrachtach. Fá cuid fós da chaondúthracht crábhaidh biadh is lón do chur da thabhairt do bhochtaibh Dé i n-uilefhéiltibh na n-apstal i ngach uile airdchill i nOsruighe. Do chuireadh fós dilleachta nó duine bocht ar altrom ar son Dé i ngach teach muinntire i
nOsruighe timcheall, agus fós trí pheillce nó trí mhala leathair i ngach teach, mar atá mála i n-a gcuireadh gach aon don mhuinntir deachmhaidh an bhídh do hithtí leis, agus mála iona gcuireadh gach aon a mhír Míchíl, agus an treas mála iona gcuirthear tuirtín ciric do bhíodh ar ionchaibh mhná an tighe lé riar na mbocht gus ná roicheadh roinn don deachmhaidh ná don mhír Míchíl. Dála na gcléireach do-níd tréigheanas is urnaighthe feadh trí lá go bhfoillsighthí dhóibh ciodh fár leansad na deamhna corp an ríogh; go dtáinig aingeal Dé i bhfís go céile Dé do chinéal Fhiachach mic Néill do bhí san chomhdháil sin. "Is maith," ar an t-aingeal, "do rinneabhar an troscadh soin do dhéanamh. Naonbhar iomorro do chléir Ó gCoingheoidh iad súd, agus is é so an treas feacht tángadar i nÉirinn a hifreann agus ó nar fhéadadar árach d'fhagháil ar an rígh úd 'n-a bheathaidh, atáid iar n-a éag ag déanamh bhuaidheartha ós cionn a chuirp; agus déantar aifreann is uisce coisreacdha amárach libh-se," ar an t-aingeal, "agus croithtear ar an uaigh agus ar an roilig uile é, agus imtheochaidh na deamhna uile." Do rónadh sin agus tángadar cliar Ó gCoingeoidh i reachtaibh éan gcíordubh san aeoir ós a gcionn, agus níor lámhsad luighe ar úir na reilge ón gcoisreagadh do rinneadh uirre. Agus adubhradar nar bhforáil an troscadh is an coisreagadh do rónsad an chliar ar an uaigh "óir do bheimís-ne i ndiaidh an chuirp san saoghal ó nach fuil cumhachta againn ar a anam ar neamh." Agus leis sin do imthigh siad a hamharc cáich is ní fhacadar ó shoin i lé iad. Is fán am soin do bhí an crósan Fionn Ó Cionga is Mac Rionntach O Conoráin ann, agus is iad do mheabhruigh an duain réamhráidhte ó chléir Ó gCoingheoidh ré linn bheith ag cliaraidheacht ar uaigh Donnchadha mic Ceallaigh ríogh Osruighe dhóibh, is do leanadar an dias réamhráidhte don chrosántacht mar ealadhain go bás.
XXII. Is i bhflaitheas Donnchadha mic Floinn tSionna rí Éireann do rinneadh na gníomha-so síos. Óir is i dtosach a fhlaithis do ghabh Ceallachán mac Buadhacháin ré ráidhtear Ceallachán Caisil ceannas dá chóigeadh Mumhan ar feadh deich mbliadhan. Féach mar tháinig Cinnéide mac Lorcáin go Gleannamhain i gcomhdháil uaisle Mumhan sul do ríoghadh Ceallachán agus do mheas Cinnéide teacht idir Cheallachán is ríoghacht Mhumhan. Gidheadh táinig máthair Cheallacháin a Caiseal, óir is ann do chomhnuigh sí i bhfochair a hoideadha comhorba Pádraig, agus ar dteacht san gcomhdháil di adubhairt ré Cinnéide cuimhniughadh ar an dáil do bhí idir Fhiachaidh Muilleathan is Chormac Cas fá oighreacht Mhumhan do bheith fá seach idir an dá shliocht thiocfadh uatha leath ar leath; gonadh da fhaisnéis sin atá an rann-so ar bhriathraibh na mná:
Cuimhnigh a Chinnéide chais, Dáil Fhiachach is Chormaic Cais, Gur fhágsad Mumhain do roinn Go ceart idir a gcaomhchloinn.
Agus táinig d'aitheasc na mná gur léig Cinnéide flaitheas Mumhan do Cheallachán. Da éis sin do ghabhadar Lochlannaigh Ceallachán i gceilg, gur bheanadar síol nEoghain is Dál gCais amach da n-aimhdheoin é. Iar mbriseadh iomorro iomad cath do Cheallachán is d'uaislibh Muimhneach ar Lochlonnaibh, agus iar n-a n-ionnarbadh as an Mumhain, is í comhairle ar ar chinn Sitric mac Tuirgéis fá hardtaoiseach orra cleamhnas do luadh ré Ceallachán, mar atá a shiúr féin Béibhionn inghean Tuirgéis do thabhairt mar bhainchéile dó, agus saoirse dá Chúigeadh Mumhan do bheith aige ó Lochlonnaibh gan agra gan
éiliughadh 'n-a diaidh air, ionnus an tan do rachadh Ceallachán ar a ionchaibh féin do phósadh a sheathrach go muirbhfidhe é féin is an mhéid d'uaislibh Muimhneach do bhiadh mar aon ris; agus do léig cogar na ceilge sin le Donnchadh mac Floinn rí Teamhrach ar mbeith i bhfaltanas ré Ceallachán dó tré gan cíos Mumhan do dhíol ris, agus uime sin aontuighis do Shitric an chealg d'imirt ar Cheallachán is ar uaislibh Muimhneach. Leis sin cuiris Sitric teachta do luadh an chleamhnasa ré Ceallachán agus ar rochtain do na teachtaibh do láthair Cheallacháin is eadh do thogair mórshluagh do thabhairt leis do phósadh na mná. "Ní hamhlaidh is cóir," ar Cinnéide mac Lorcáin, "óir ní dleaghair an Mhumha d'fhágbháil gan chosnamh; agus is eadh is indéanta dhuit neart sluagh d'fhágbháil ag coimhéad na Mumhan agus cheithre fichid mac tighearna do bhreith leat do phósadh na mná." Agus is í sin comhairle ar ar cinneadh leo; agus ar dtriall san turas soin do Cheallachán an oidhche sul ráinig go hÁth Cliath, fiafruighis Mór, inghean Aodha mic Eachach inghean ríogh Inse Fionnghall do ba bean do Shitric, créad fá raibhe ag déanamh cleamhnasa ré Ceallachán i ndiaidh ar thuit d'uaislibh Lochlonnach leis? "Ní ar a leas luaidhtear an cleamhnas liom," ar sé, "acht ar tí ceilge d'imirt air." Beadhgais an bhean leis na briathraibh sin, ar mbeith dhi i ngrádh folaightheach ré Ceallachán ré cian d'aimsir roimhe sin, ón tráth do chonnairc i bPort Lairge é, agus do-ní moichéirghe ar maidin ar n-a mhárach is téid ós íseal ar an raon 'n-ar shaoil Ceallachán do bheith ag teacht; agus mar ráinig Ceallachán do láthair beiris sise i bhfód fá leith é agus nochtais dó an chealg do bhí ar n-a hollmhughadh ag Sitric 'n-a chomhair ré a mharbhadh; agus mar do mheas Ceallachán tilleadh ní raibhe sé ar cumas dó óir do bhádar na maighe ar gach leith don ród lán do scoraibh Lochlonnach i n-oirchill ar a ghabháil. Mar do thogair tilleadh tar a
ais luighthear leo-san da gach leith air agus marbhthar drong do na huaislibh do bhí 'n-a fhochair, is marbhthar leo-san mar an gcéadna lucht do na Lochlonnaibh. Gidheadh lingid antrom an tsluaigh ar Cheallachán gur gabhadh é féin is Donn Cuan mac Cinnédidh ann, is rugadh go hÁth Cliath ar láimh iad, is as sin go hArd Macha mar a rabhadar naoi n-iarla do Lochlonnaibh go n-a mbuidhin da gcoimhéad. Dála na druinge do chuaidh as ón gcoinbhliocht soin d'uaislibh Muimhneach, triallaid don Mhumhain is nochtaid a scéala do Chínnéide agus leis sin ollmhuighthear dá shluagh lé Cinnéide do thóraidheacht Cheallacháin, mar atá sluagh do thír is sluagh do mhuir; agus do rinne taoiseach ar an sluagh do bhí do thír do Dhonnchadh mac Caoimh rí an dá Fhearmaighe, agus do ghabh Cinnéide ag cur mheisnigh ann aga mhaoidheamh air go rabhadar aoinrí déag da shinnsearaibh i bhflaitheas Mumhan, mar atá Airtre, Cathal mac Fionghaine, Fionghaine mac Cathail, Cú gan Mháthair, Cathal ré ráidhtí Ceann Géagáin, Aodh, Flann Cathrach, Cairbre, Criomhtann, Eochaidh, is Aonghus mac Natfraoich. Do chuir Cinnéide fós deich gcéad do Dhál gCais leis is triúr taoiseach ós a gcionn, mar atá Coscrach Longargán is Conghalach, amhail adeir an laoidh: Éirgheadh fiche céad budh thuaidh. Ag so an rann as an laoidh chéadna ag aithfhriotal briathar Chinnédidh:
Éirgheadh ann Coscrach na gcath, Agus Longargán laghach, Éirgheadh Conghalach ón linn, Mo thrí dearbhráithre adeirim.
Do chuir Cinnéide fós cúig céad oile do Dhál gCais lé Síoda mac Síoda ó chloinn Choiléin ann, agus cúig céad oile do Dhál gCais lé Deaghaidh mac Domhnaill i n-éagmais a ndeachaidh do shluagh ó shaorchlannaibh oile Mumhan ann. Do chuir an dara mórshluagh do mhuir ann agus Failbhe Fionn rí Deasmhumhan 'n-a thaoiseach orra. Dála na sluagh do thír, triallaid as an Mumhain i
gConnachtaibh is do léigeadar sceimhiolta go Muaidh is go hIorrus is go hUmhall do thionól chreach go foslongphort Muimhneach; agus ní cian do bhádar an foslongphort ag fuireach ris na sceimhealtaibh an tan atchonncadar sluagh deigheagair ag teacht da n-ionnsaighe, agus fá hé a líon deich gcéad agus aonóglaoch 'n-a réamhthosach; agus mar ráinig do láthair fiafruighis Donnchadh mac Caoimh cia hiad an tsluaghbhuidhean soin. "Dream do Mhuimhneachaibh iad," ar sé, "mar atáid Gaileanga is Luighne do chloinn Taidhg mic Céin mic Oiliolla Óluim agus fir Dhealbhna do shliocht Dealbhaoith mic Cais mic Conaill Eachluaith atá ag tabhairt neirt a lámh libh-se tré chommbáidh bhráithreasa ré cur i n-aghaidh Dhanar agus ré buain Cheallacháin ríogh Mumhan díobh. Agus atáid trí taoisigh ághmhara i gceannas an tsluaigh-se, mar atá Aodh mac Dualghusa is Gaileanga uile uime, Diarmaid mac Fionnachta is Luighnigh uime, is Donnchadh mac Maoldomhnaigh ós fearaibh Dealbhna ann; agus is da dhearbhadh sin atá an laoidh seanchusa darab tosach an céadrann-so:
Atfuilit sonn clanna Céin, Agus Dealbhaoith ar aoinréim, Ag toigheacht is an sluaghadh, Is budh libh-se a n-iommbualadh.
Agus is amhlaidh do bhádar an sluagh-so .i. cúig céad díobh 'n-a lucht sciath is cloidheamh agus cúig céad 'n-a saighdeoiribh. Triallaid as sin i dTir Chonaill an sluagh Muimhneach agus an fhuireann soin táinig do chongnamh leo mar aon, agus creachtar an tír leo. Tig Muircheartach mac an Arnalaidh d'iarraidh aisig na gcreach go háiseach ar Dhonnchadh mac Caoimh; agus adubhairt Donnchadh nach tiubhradh acht fuigheall sásuighthe na sluagh dhó don chreich. Leis sin tréigis Muircheartach an sluagh agus cuiris teachta ós íseal go cloinn Tuirgéis i nArd Macha 'gá fhaisnéis
dóibh an sluagh Muimhneach do bheith ag tóraidheacht Cheallacháin ar tí a bhuana amach. Dála chloinne Tuirgéis triallaid a hArd Macha naonbhar iarla go n-a sluagh Lochlonnach, is Ceallachán is Donn Cuan i mbroid leo. Iomthúsa sluagh Mumhan triallaid go hArd Macha is marbhaid a dtarla da gcóir do Lochlonnaibh agus ar a chlos ar n-a mhárach dhóibh Sitric go n-a shluagh do dhul ré Ceallachán go Dún Dealgan triallaid 'n-a dtóraidheacht, agus mar do mhothuigh Sitric iad ag teacht i ngar don bhaile, téid féin is a shluagh 'n-a longaibh is Ceallachán is Donn Cuan leo, agus tig an sluagh Muimhneach ar imeall na trágha ar a gcomhair, agus iad ag agallmha Lochlonnach. Agus leis sin atchíd cabhlach mór ag tigheacht san chuan chuca, agus tugadar Muimhnigh aithne gurab é Failbhe Fionn go n-a chabhlach do bhí ann. Triallais Failbhe go n-a chabhlach go réimdhíreach i ndáil na Lochlonnach agus tug ucht ar an luing i n-a raibhe Sitric is Tor is Maghnus, agus lingis ar bord luinge Shitreaca isteach agus dá chloidheamh 'n-a dhá láimh; agus gabhais ag gearradh na dtéad lé raibhe Ceallachán ceangailte don tseolchrann, leis an gcloidheamh do bhí 'n-a láimh chlí, gur scaoil do Cheallachán is gur léig ar chláraibh na luinge anuas é; agus leis sin tug cloidheamh na láimhe clí do Cheallachán. Téid Ceallachán a luing Shitreaca i luing Fhailbhe agus anais Failbhe ag comhthuargain Lochlonnach gur marbhadh tré anfhorlann Lochlonnach é, is gur bheanadar a cheann de. Tig Fianghal taoiseach da mhuinntir 'n-a áit san choinbhliocht soin, is beiris go heasaontach ar bhrollach ar Shitric, is teilgis iad ar aon tar bord na luinge amach, go ndeachadar go grian, gur báthadh amhlaidh sin iad. Tig Séaghdha is Conall dá thaoiseach oile is beirid ar dhá bhráthair Shitreaca, .i. Tor is Maghnus is beirid tar bord na luinge amach iad, gur báthadh amhlaidh sin iad a
gceathrar. Agus mar sin da gach fuireann oile do Ghaedhealaibh, lingid ar Lochlonnaibh, gur briseadh is gur bearnadh gur marbhadh is gur míochóirigheadh leo iad, go nach téarna dhíobh uatha acht beagán do chuaidh tré luas a long as, agus tigid féin is Ceallachán i dtír ar n-a fhóirithin a hanbhroid Lochlonnach amhlaidh sin lé cródhacht is lé calmacht na Muimhneach; agus triallaid as sin don Mhumhain mar aon lé Ceallachán, gur ghabh sé ceannas a chríche féin arís. Agus ré dtriall dóibh ó Áth Cliath don Mhumhain do thogair Murchadh mac Floinn rí Laighean cath do thabhairt dóibh tré mharbhadh Lochlonnach ag buain Cheallacháin díobh. Gidheadh ar bhfaicsin chródhachta is chalmachta na Muimhneach do léigeadar tarsa iad gan cath do thabhairt dóibh. XXIII. Iar dtilleadh iomorro do Cheallachán don Mhumhain do mheas méid na hanbhroide do bhí ag Lochlonnaibh ar an Mumhain, agus do rinne féin is uaisle Muimhneach do chomhairle ucht do thabhairt orra da ndíbirt, agus lingid ar dtús ar Luimneach, agus marbhais Ceallachán is a shluagh cúig céad díobh, agus tug a mbraighde leis. Da éis sin airgthear Corcach leis, agus tug a mbraighde is a maoine leis. Airgthear fós Caiseal leis, agus marbhthar trí céad do Lochlonnaibh ann. Téid as sin go Port Lairge is gabhthar an baile is airgthear leis é, agus tug maidhm mór ar Shitric mac Íomhair agus marbhais cúig céad da mhuinntir, agus teithis Sitric féin 'n-a loingeas, agus fillis Ceallachán go Domhnall Ó bhFaoláin rí na nDéise, agus tug a shiúr féin Gormfhlaith inghean Bhuadhacháin 'n-a mnaoi dhó. Is grod da éis sin go bhfuair Ceallachán bás is do ghabh
Feargráidh mac Ailghionáin mic Donnghaile flaitheas Mumhan iar mbás Cheallacháin gur mharbhadar a chine féin i bhfeall é. Gabhais Mathghamhain mac Cinnéididh da éis sin flaitheas Mumhan dá bhliadhain déag agus Echthighearn mac Cinnéididh i gceannas Tuadhmumhan ré a linn. Is é Mathghamhain mac Cinnéididh rí Mumhan is a dhearbhráthair Brian mac Cinnéididh, do bhí 'n-a mhacaomh óg an tráth soin, tug Cath Sulchóide ar Lochlonnaibh, áit ar marbhadh Teitill Tréinmhíleadh Ruamonn is Bearnard Muiris Luimnigh is Torolbh is dá chéad déag do Lochlonnaibh mar aon riú; agus do lean Mathghamhain is Brian is Dál gCais an ruaig orra fá shráidibh Luimnigh isteach agus do marbhadh iomad díobh ar na sráidibh agus ann sna tighthibh, go dtugsad uatha iomad óir is airgid seod is maoine; do loiscsiod is do thrascairsiod a ndúinte is a ndaingne mar an gcéadna. Go grod da éis sin do fealladh ar Mhathghamhain mac Cinnéididh lé Donnabhán 'n-a thigh féin, is do thiodhlaic do mhac Brain is do Ghallaibh é tar chomairce Cholaim mic Ciaragáin comhorba Bairre, is do marbhadh Mathghamhain tar chomhairce an naoimh lé mac Brain. Is ré linn Donnchadha mic Floinn tSionna ríogh Éireann ar a bhfuilmíd ag tráchtadh, tarladar na neithe-se romhainn síos, mar atá, bás Chiaráin easpuig Tuiléin agus triall an Donnchadha céadna d'argain is do chreachadh Chonnacht. Gidheadh do marbhadh iomad da mhuinntir i nDuibhthír Átha Luain, áit ar thuit Cionaoth mac Conchubhair rí Ó bhFáilghe. Is fán am-so do hairgeadh Cluain Mic Nóis lé Lochlonnaibh agus a dteacht as sin ar Loch Ríbh gur airgsiod na tíortha da gach leith dhi. Do hairgeadh fós is do creachadh Éininse lé Lochlonnaibh, is do marbhadh dá chéad déag do Ghaedhealaibh ann. Da éis sin do báthadh dá chéad déag do
Lochlonnaibh ar Loch Rudhruighe, agus do ghabhadar Lochlonnaigh Átha Cliath Faolán mac Muireadhaigh rí Laighean is a chlann mar aon ris, agus no hairgeadh Dún Sobhairce lé Lochlonnaibh Locha Cuan is do hairgeadh Cill Dara lé Lochlonnaibh Puirt Lairge. Go grod da éis sin tugadh ár rómhór ar Lochlonnaibh lé hUlltaibh, áit ar thuit ocht gcéad do Lochlonnaibh ann, mar aon ré triúr taoiseach do bhí orra, mar atá Albdán Aufer is Roilt, lé Muircheartach mac Néill. Is fán am-so do bhí an oiread soin do thrácht ceannaidheachta i nÉirinn an tan táinig iarla Oilfinn do Lochlonnaibh go neart Luimnigh is Connacht do Lochlonnaibh fá aonach Rosa Cré lá Peadair is Póil, gur éirgheadar lucht an aonaigh 'n-a gcoinne, gur fearadh cath eatorra, is do marbhadh a trí nó a ceathair do mhíltibh do Lochlonnaibh ann; agus an t-iarla féin do marbhadh é mar aon riú, do réir Fhinghin mic Carrthaigh san leabhrán ro scríobh go cumair ar dhálaibh Éireann ó thús gus an am-so. Is é iomorro Tadhg mac Cathail fá rí Connacht fiche bliadhan an tan soin; agus fuair Sitric mac Íomhair rí Fionnlochlonnach is Dubhlochlonnach bás an tráth-so. Is fán am-so tugadh ár mór ar Lochlonnaibh Locha Oirbsean lé Connachtaibh, agus tugadh deargár ar Lochlonnaibh Loch nEachach lé Conaing mac Néill, áit ar thuit dá chéad déag díobh. Da éis sin tángadar Lochlonnaigh ar Loch Éirne, gur hairgeadh cealla is tuatha leo; agus do hairgeadh Ard Macha lé Gothfraidh taoiseach Locha Cuan; do hairgeadh Cill Chuilinn le hAmhlaoibh mac Gothfradha, go dtug deich gcéad do bhraighdibh as leis. Do hairgeadh Oileach Néid lé Lochlonnaibh is do gabhadh Muircheartach mac Néill ann, gur fhuascail Dia go míorbhaileach é. Go grod da éis sin do marbhadh Aralt mac Íomhair taoiseach Lochlonnach Luimhnigh lé Connachtaibh agus fuair Amhlaoibh mac Gothfradha rí
Fionnlochlonnach is Dubhlochlonnach bás, agus do marbhadh Lorcán mac Faoláin rí Laighean lé lucht na Normandie. Is fán am-so táinig mac prionnsa na Breatan, Rodoricus a ainm, d'argain Éireann agus marbhthar lé hÉireannchaibh é, do réir Hanmer, an tan fá haois don Tighearna 966. Is fán am-so do hairgeadh Áth Cliath lé Conghal mac Maoilmhithidh, áit ar marbhadh dá fhichid is céad do Lochlonnaibh ann, agus tugadh a seoide is a maoine uatha. Da éis sin fuair Donnchadh mac Floinn tSionna rí Éireann bás. Do ghabh Conghalach mac Maoilmhithidh mic Flannagáin mic Ceallaigh mic Conaing mic Conghaile mic Aodha Sláine do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna. Muire inghean Chionaotha mic Ailpín ríogh Alban máthair an Chonghalaigh-se. Is 'n-a fhlaitheas do rinneadh na gníomha- so síos. Óir is ann fuair Etimonn rí Sacsan bás agus Bláthchuire mac Íomhair rí na Normandie, agus tugadh Cath Muine Brógáin lé Conghalach mac Maoilmhithidh rí Éireann ar Lochlonnaibh, áit ar thuit seacht míle dhíobh is iomad do Ghaedhealaibh don leith oile. An ceathramhadh bliadhain do fhlaitheas an Chonghalaigh-se mic Maoilmhithidh do ghabh Brian Bóroimhe mac Cinnéididh ríoghacht Mhumhan; agus an dara bliadhain iar ngabháil fhlaithis Mumhan do Bhrian do fhógair Cath Bealaigh Leachta ar Mhaolmuaidh mic Brain rí Ó nEachach i ndíoghail a dhearbhráthar Mathghamhna do marbhadh i bhfeall lé muinntir mic Brain. Tionólais mac Brain mórshluagh do Ghallaibh is do Ghaedhealaibh, ionnus go rabhadar míle go leith do Lochlonnaibh aige agus cath mór do Ghaedhealaibh. Tairis sin do bhris Brian is Dál gCais díobh gur marbhadh iomad nach áirmhighthear dhíobh, agus an mhéid nachar marbhadh do
gabhadh lé Brian iad. Da éis sin do thógaibh Domhnall O Faoláin rí na nDéise is Íomhar Phuirt Lairge cogadh ar Bhrian agus do hairgeadh urmhór na Mumhan leo. Gidheadh an tan rug Brian orra, is do fearadh cath eatorra i bhFán Mic Connrach, do bhris Brian do Lochlonnaibh is do rígh na nDéise, agus leanais Brian is Dál gCais an briseadh go Port Lairge, agus do marbhadh Domhnall Ó Faoláin is urmhór Ghall Phuirt Lairge lé Brian an tan soin. Do hairgeadh is do loisceadh an baile leis. I gcionn ocht mbliadhan iar ngabháil fhlaithis Mumhan do Bhrian, fá héigean do Leith Mogha uile giall dó. Gidheadh iar n-éag do Dhomhnall Chlaon mac Domhnaill rí Laighean, do chuadar Lochlonnaigh is Gaedhil Laighean i n-easumhla ar Bhrian. Tionólais Brian mórshluagh Mumhan i n-aghaidh Ghall is Laighean gur commóradh Cath Ghlinne Máma eatorra. Acht cheana do bhris Brian do Lochlonnaibh is do Laighnibh, gur marbhadh cheithre míle dhíobh san chath soin. Ga dtám ris do bhris Brian cúig catha fichead ar Lochlonnaibh ón gcéadchath tug orra gus an gcath ndéidheanach i n-ar marbhadh é féin .i. Cath Cluana Tarbh. Da éis sin téid Conghalach mac Maoilmhithidh rí Éireann d'argain is do chreachadh Mumhan gur marbhadh dá mhac Cinnédidh mic Lorcáin leis .i. Echthighearn is Donn Cuan. Do hairgeadh da éis sin Ceanannus is Domhnach Pádraig is Ard Pádraig is Cill Scire is iomad ceall oile ó shoin amach lé Gothfraidh mac Sitreaca is lé Lochlonnaibh Átha Cliath, áit ar gabhadh trí mhíle do dhaoinibh ann mar aon ré hiomad óir is airgid is éadála do bhreith as leo. Is fán am-so fuair Eithne inghean Fhearghaile bainríoghan Éireann .i. bean Chonghalaigh mic Maoilmhithidh bás is Maolcolum mac Domhnaill rí Alban is Gaoithinne easpog Dúin
Leathghlaise is Tadhg mac Cathail rí Connacht. Is grod da éis sin gur marbhadh Conghalach mac Maoilmhithidh rí Éireann i nArd Macha lé Lochlonnaibh Átha Cliath is lé Laighnibh. Do ghabh Domhnall mac Muircheartaigh mic Néill Ghlúnduibh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna. Is i bhflaitheas an ríogh-so do hairgeadh Cill Dara lé hAmhlaoibh mac Sitreaca is lé Lochlonnaibh Átha Cliath; agus do chuaidh Domhnall mac Muircheartaigh rí Éireann do chreachadh is d'argain Chonnacht, go dtug creacha is braighde ó Fhearghal Ó Ruairc do bhí 'n a rígh Connacht an tan soin. Is fán am-so fós do tógbhadh teampull mhór Thuama Gréine is a chloigtheach lé Cormac Ua Cillín easpog Thuama Gréine, is do marbhadh Fearghal Ua Ruairc rí Connacht lé Domhnall mac Conghalaigh mac Maoilmhithidh, agus do hairgeadh is do loisceadh Luimneach ar Lochlonnaibh lé Brian mac Cinnédidh rí Mumhan. Da éis sin do chuaidh Domhnall Ó Néill go sluagh líonmhar mar aon ris go Laighnibh gur airg an chríoch ó Bhearbha soir go fairrge, is go ndearnaidh foslongphort dá mhíos ann d'aimhdheoin Lochlonnach is Laighean; agus fuair Maoilfinnéin mac Uchtáin easpog Ceanannsa is comhorba Ulltáin bás, agus do hairgeadh Ceanannus lé hAmhlaoibh Cuarán is lé Lochlonnaibh Laighean, go dtug creach mhór is iomad éadála as, agus tug maidhm mór adhbhal ar Uíbh Néill, áit ar thuit iomad da gach leith. Is fán am-so tugadh Cath Cille Móna lé Domhnall mac Conghalaigh is le Lochlonnaibh Átha Cliath ar Dhomhnall mac Muircheartaigh rí Éireann, áit ar thuit Ardghal mac Madagáin do bhí 'n-a rígh Uladh seacht mbliadhna déag, is Donnagán mac Maoilmhuire rí Oirghiall is iomad do dhaoinibh uaisle oile mar aon ris. Go grod
da éis sin fuair Béacán easpog Finne bás, agus Cionaoth Ó Hartagáin príomháidh Ard Macha, agus do gabhadh Ughaire mac Tuathail rí Laighean lé Lochlonnaibh Átha Cliath. Da éis sin do hairgeadh Inis Cathaigh ar Lochlonnaibh lé Brian mac Cinnéididh rí Mumhan, áit ar thuit ocht gcéad do Lochlonnaibh ann; agus do gabhadh triar taoiseach do Lochlonnaibh ann .i. Íomhar, Amhlaoibh is Duibhgheann; gonadh de sin adeir an file:
An t-ár i nInis Cathaigh Leat tugadh, ní gníomh meathaigh, Dar mharbhais ríoghruidh na nGall Um Íomhar is um Dhuibgheann.
Is fán am-so tugadh Cath Biothlainne ar Laighnibh lé Lochlonnaibh Átha Cliath, mar ar marbhadh Ughaire mac Tuathail rí Laighean. Go grod da éis sin fuair Domhnall mac Muircheartaigh rí Éireann bás i nArd Macha. XXIV. Do ghabh Maoilseachlainn mac Domhnaill mic Floinn tSionna mic Maoilsheachlainn mic Maolruanuidh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna fichead. Dúnlaith inghean Mhuircheartaigh mic Néill máthair an Mhaoilsheachlainn-se; agus Glúiniarann rí Lochlonnach i nÉirinn. Is i bhflaitheas an Mhaoilsheachlainn-se do rinneadh na gníomha-so síos. Óir is lé Maoilseachlainn féin tugadh Cath Teamhrach ar mhacaibh Amhlaoibh agus ar Lochlonnaibh Átha Cliath, áit ar marbhadh Raghnall mac Amhlaoibh ríoghdhamhna Lochlonnach is cúig céad do Lochlonnaibh mar aon ris. Da éis sin do chuaidh Maoilseachlainn rí Éireann is Eochaidh
mac Ardghail, do bhí 'n-a rígh Uladh cúig bliadhna déag ar fhichid, do chreachadh is d'argain Átha Cliath ar Lochlonnaibh go ndearnsad foslongphort trí lá is trí n-oidhche ann, go dtugsad an mhéid a bhí i mbroid ag Lochlonnaibh as .i. Domhnall Claon rí Laighean is urruidhe Uí Néill ar cheana, agus do bheanadar do Lochlonnaibh gan oighréir do bheith orra, is saoirse do bheith aca ó Shionainn go muir gan cíos ná cáin uatha do Lochlonnaibh. Is fán am-so do cuireadh Amhlaoibh mac Sitreaca ardtaoiseach Lochlonnach i nÉirinn ar díbirt is ar deoraidheacht go hÍ Choluim Chille i nAlbain iar n-a ionnarbadh a hÉirinn lé Gaedhealaibh. Téid Maoilseachlainn rí Éireann d'airgain is do chreachadh Dál gCais, is do teascadh bile Maighe hAdhar leis. Gidheadh féach, a léaghthóir, an ndeachaidh leis gan díoghail ó Bhrian, amhail is follus da éis so. Agus do hairgeadh Gleann dá Loch lé trí macaibh Cearbhaill mic Lorcáin. Gidheadh do marbhadh iad a dtriúr i n-aon oidhche go grod da éis sin tré fheartaibh Caoimhghin do bheannuigh san áit sin. Is fán am soin fuair Mór inghean Donnchadha mic Ceallaigh bainríoghan Éireann bás, agus Iorard mac Coise príomháidh Ard Macha; agus do hairgeadh Domhnach Pádraig lé Lochlonnaigh Átha Cliath is lé Muircheartach Ua Conghalaigh. Gidheadh do dhíoghail Dia sin orra .i. a mbás do theacht i ndeireadh an mhíosa soin féin. Da éis sin tug Maoilseachlainn rí Éireann fail nó fáinne óir ar éigin ó thaoiseach do Lochlannaibh dar bh'ainm Tomair agus cloidheamh ó thaoiseach oile dar bh'ainm Carlus. Tairis sin ar n-a mheas d'uaislibh Leithe Mogha is urmhóir Connacht gurab é Brian mac Cinnéididh do bhí ag fagháil duaidh is doghruinge ré díbirt Lochlonnach a hÉirinn is go dtug Maoilseachlainn do ba rí ar Éirinn an tan
soin é féin do shádhaile is do sheascaireacht is do shuaimhneas, inneall fá héadtarbhach ré cosnamh Éireann an tráth soin, uime sin, is í comhairle do cinneadh lé Brian is leis na huaislibh do bhí 'n-a fhochair teachta do chur uatha go Maoilseachlainn .i. rí Éireann, da nochtadh dhó nar bh'oircheas do neach flaitheas Éireann do ghabháil acht don tí do chreanfadh é féin ré tathfann eachtrann as an gcrích, agus ó's é Brian do bhí ag fagháil duaidh a ndíbeartha gur dhlightheach dó flaitheas Éireann d'fhagháil trés an gcrích d'fhóirithin a hanbhroid allmhurrach. Iarraid fós ar an rígh coinne do fhreagra dhóibh ag Maigh dá Chaomhóg, agus níor aontuigh sin. Da éis sin do chuir Brian mac Cinnéididh cruinniughadh is coimhthionól ar uaislibh Leithe Mogha idir Lochlonnaibh is Ghaedhealaibh go haonláthair, óir fá héigean don mhéid do Lochlonnaibh do bhí i Leith Mogha bheith umhal dó fán am soin, agus triallais Brian leo go Teamhraigh na Ríogh. Leis sin iomorro cuiris teachta uaidh go Maoilseachlainn fá rí Éireann, da iarraidh air braighde do chur chuige fá bheith umhal urramach mar rígh Éireann dó féin, nó cath do fhreagra dhó. Gidheadh tug Brian a rogha do Mhaoilseachlainn díobh. Do b'é freagra Mhaoilsheachlainn ar na teachtaibh, dá bhfaghadh cairde míosa ó Bhrian ré coimhthionól Leithe Cuinn chuige go haonláthair go dtiubhradh cath no géill do Bhrian; agus do ghabh comairce ag na teachtaibh gan a léigean do Bhrian an Mhidhe d'ionnradh ná d'argain acht anmhain i dTeamhraigh ar feadh na míosa soin, agus an tan do-ghéabhadh freagra ó Leith Cuinn go dtiubhradh féin cath nó braighde dhó. Tillid na teachta tar a n-ais go Brian agus nochtaid freagra Mhaoilsheachlainn orra. "Maseadh," ar Brian, "do-bheirim an cairde sin dóibh." Acht cheana is í comhairle ar ar cinneadh lé Maoilseachlainn Giolla Comhghaill Ó Sléibhín .i. a ollamh féin do chur
ar ceann Aodha Uí Néill is Eochach mic Ardghail ríogh Uladh, is Cathail Uí Chonchubhair ríogh Connacht, 'ga iarraidh orra tigheacht gan fuireach do fhreastal chatha leis féin i n-aghaidh Bhriain is Dál gCais, agus muna dtigdís sin uile do chosnamh shaoirse Teamhrach da gcine féin atá 'n-a seilbh lé cian d'aimsir go dtiubhradh féin braighde do Bhrian fá bheith umhal dó, do bhrígh nach raibhe ionchomhlainn ris, "agus is fíor," ar Maoilseachlainn, "nach mó do náire dhamh-sa gan Teamhair do chosnamh ioná do chlannaibh Néill is do shluagh Leithe Cuinn ar cheana." Triallais an t-ollamh leis na scéalaibh sin go huaislibh Leithe Cuinn, agus nochtais a thuras is a thoisc dóibh. Gidheadh is é freagra thug Aodh Ó Néill air: "An tan do bhí Teamhair ag Cinéal Eoghain," ar sé, "do chosnadar féin í, agus an té ag a bhfuil sí anois seasuigheadh a saoirse;" agus adubhairt fós nach cuirfeadh féin Dál gCais i bhfala ris ag cosnamh ríghe do neach oile. Táinig an t-ollamh tar a ais go Maoilseachlainn is nochtais freagra Aodha Uí Néill dó. Acht cheana téid Maoilseachlainn féin d'ionnsuighe Aodha, is gabhais ag a ghuidhe um theacht lais do chur chatha i n-aghaidh Dál gCais, agus adubhairt ris, "Cosain Teamhair duit féin," ar sé, "agus do-bhéar-sa braighde dhuit fá Theamhair do léigean chugat, óir is fearr liom ionás a beith ag Brian. Taire sin muna dtigidh tusa liom caithfead umhla do Bhrian ó nach fuilim ionchomhraic ris." Cuiris Aodh Ó Néill cruinniughadh is comthionól ar Chinéal nEoghain go haonláthair chuige, agus nochtais dóibh turas Mhaoilsheachlainn da n-ionnsuighe agus na tairgsiona tug dó féin tré dhul leis do chur chatha i n-aghaidh Bhriain is Dál gCais. Do fhreagairsiod Cinéal Eoghain dó agus is eadh adubhradar nach raibhe acht cealg i ngealladh Mhaoilsheachlainn dó, "óir is dearbh lais gurab sine is gurab fearr é féin ioná thusa, agus uime sin nach iarrfá flaitheas Éireann air
féin feadh a ré. Gidheadh," ar siad, "do badh maith lais sinne is tusa do dhul lais do fhreastal chatha dhó i n-aghaidh Dhál gCais." Tairis sin do ráidh Aodh riú dul do chinneadh chomhairle eatorra féin fán gcúis sin, agus freagra maith do thabhairt ar Mhaoilseachlainn, "ionnus," ar sé, "nach budh dortadh flaithis dúinn a thuras chugainn." Do chuadar iomorro Cinéal Eoghain i gcogar is i gcomhairle eatorra féin fán gcúis sin, agus is eadh do measadh leo dá dtéidís féin do chur chatha i n-aghaidh Dhál gCais, nar chosmhail a bheag díobh do thilleadh tar a n-ais ón gcathughadh soin. Ar an adhbhar soin adubhradar nar bhfuláir leo sochar d'fhagháil da gcloinn tar a n-éis. "Óir ní bhiadh ar súil-ne ré sochar ná ré somhaoin dar rochtain féin," ar siad, "dá ndeachmaois do chathughadh ré Dál gCais .i. an cine is cródha agus is calma i gcathláithribh, agus an cine fós nar theith ré Lochlonnaibh riamh; is deimhin nach teithfidís rómhainn-ne acht mar sin." Uime sin is í comhairle ar ar cinneadh leo leath na Midhe is fhearainn na Teamhrach d'fhagháil ó Mhaoilseachlainn dóibh féin is da sliocht 'n-a ndiaidh, tré theacht leis san gcomhdháil sin, agus nochtaid do Mhaoilseachlainn gurab í sin comhairle ar ar chinnsiod. Ar n-a chlos sin do Mhaoilseachlainn gabhais fearg mhór é, agus do imthigh uatha fá dhiomdaigh da thigh, agus cuiris cruinniughadh ar chloinn Cholmáin chuige, is innisis freagra Aodha Uí Néill is Chinéil Eoghain dóibh. Acht cheana is í comhairle do rónsad uime sin, Maoilseachlainn do dhul ar a aghaidh go teach Bhriain, mar a raibhe a fhoslongphort i dTeamhraigh ré mí roimhe sin, agus fir Mhidhe ag a bhiathadh ann. Triallais iomorro Maoilseachlainn go Teamhraigh agus dá chéad is dá fhichid marcach 'n-a fhochair, gur thuirling ar faithche na Teamhrach amhlaidh sin, agus téid do láthair gan chor gan chomairce go teach Bhriain ar
oineach Bhriain féin is Dál gCais, is do innis a scéala ó thús go deireadh do Bhrian, agus adubhairt dá mbeith féin ionbhuailte ré Brian go madh cath do-bhéaradh dó. Agus ó nach raibhe gur do thabhairt bhraighde is ghiall dó tháinig an tráth soin. Ar n-a chlos sin do Bhrian is eadh adubhairt, "Ó thángais im theach-sa gan cor gan comairce do-bheirim cairde bliadhna dhuit gan géill ná braighde d'iarraidh ort, agus rachad-sa féin d'fhios na druinge sin budh thuaidh .i. Aodh Ó Néill is Eochaidh mac Ardghail rí Uladh go bhfeasainn gá freagra do-bhéaraid orm; agus madh cath do-bhéaraid damh, ná cuir-se im aghaidh leo. Geallais Maoilseachlainn ná cuirfeadh, agus adubhairt nar bh'í a chomhairle féin do Bhrian dul budh thuaidh an tráth soin, acht gur bh'fhearr dó triall da thigh go ham oile, "óir is lór duit mise do ghiall duit don turas-so." Do cinneadh ar an gcomhairle sin leo, agus fá maith lé Dál gCais é, do bhrígh go rabhadar i ndeireadh a lóin do chaitheamh; agus ar mbeith ag tilleadh tar a ais do Bhrian do bhronn sé dá fhichid déag each do Mhaoilseachlainn, mar aon ré hiomad óir is airgid do dháil da mhuinntir. I gcionn bhliadhna iar sin do cruinnigheadh is do comhthionóileadh mórshluagh Leithe Mogha uile idir Ghaedhealaibh is Lochlonnaibh lé Brian mac Cinnéididh. Tángadar ann Lochlonnaigh Átha Cliath is Phuirt Lairge, Locha Garman is Ó nEachach Mumhan, Corca Luighdheach is Uíbh gCinnsealaigh; agus triallais Brian leis an mórshluagh soin go hÁth Luain, go dtugadar uaisle Connacht braighde uatha fá bheith umhal mar airdrígh dhó. Cuiris iomorro Brian teachta go Maoilseachlainn da iarraidh air braighde do chur chuige go hÁth Luain is táinig Maoilseachlainn féin do thabhairt ghiall is bhraighde dhó. Is ann sin cheana do rónadh mórshluagh fhear Mumhan is Chonnacht
is Laighean is fear Midhe lé Brian, agus téid leo go Dún Dealgan, gur gabhadh gialla is braighde Uladh uile leis. Agus is mar sin do ghabh Brian Bóraimhe ríoghacht Éireann lé calmacht is lé cródhacht a ghníomh goile is gaiscidh, ag ionnarbadh eachtrann is danar as an gcrích, agus ní go cealgach amhail adeirid drong oile. Óir ní hé an mac i n-áit an athar fá gnáth ag gabháil fhlaitheasa Éireann, mar is follus as an stair anuas go ró so, acht an tí fá mó oirbheart is arrachtas gníomh, is dó do léigthí flaitheas Éireann. Agus do bhrígh gurab é Brian fá mó oirbheart 'n-a aimsir féin d'Éireannchaibh do thoghadar urmhór uaisle Éireann ré ceannas na críche do ghabháil é, agus an mhéid díobh nar aontuigh flaitheas Éireann da rochtainn, fá héigean dóibh giall da n-aimhdheoin dó, agus fá héigean do Mhaiolseachlainn flaitheas Éireann do thréigean is a léigean do Bhrian, amhail adubhramar. XXV. Do ghabh Brian Bóraimhe mac Cinnéididh mic Lorcáin mic Lachtna mic Cuirc mic Annluain mic Mathghamhna mic Toirrdhealbhaigh mic Cathail mic Aodha Caoimh mic Conaill mic Eochach Bailldeirg mic Carrthainn Fhinn mic Bloid mic Cais mic Conaill Eachluaith mic Luighdheach Meinn mic Aonghusa Tírigh mic Fir Chuirb mic Mogha Corb mic Cormaic Cais mic Oiliolla Óluim do shíol Éibhir ríoghacht Éireann dá bhliadhain déag. Béibhionn inghean Archadha mic Murchadha mic Maonaigh, rí iarthair Chonnacht, máthair Bhriain. Ag so mar tháinig Béibhionn. Cianóg inghean Chiocharáin do Connachtaibh rug mac is inghean do thaoiseach do Laighnibh dar bh'ainm Criachán
tré ghuidhe Chairill abbadh is seacht gcéad manach mar aon ris, ag comhghuidhe Dé d'iarraidh sleachta don lánamhain sin do bhí seasc i bhfad da n-aimsir, gur éist Dia guidhe Chairill is a chomhthionóil, go rug Cianóg mac is inghean do Chriachán. Maoilmitheadh ainm an mhic is Osnadh ainm na hinghine; agus do pósadh an inghean lé hArchaidh mac Murchadha mic Maonaigh rí iarthair Chonnacht, agus rug sí Béibhionn dó .i. máthair Bhriain Bhóraimhe mic Cinnéididh. Is i bhflaitheas Bhriain do rinneadh na gníomha-so síos .i. Sitric mac Amhlaoibh do dhul do dhéanamh creach i nUlltaibh i luingeas mór, gur hairgeadh leis Cill Chleite is Inis Cumhscraigh, go dtug iomad braighde is maoine asta. Da éis sin fuair Naomhán mac Maoilchiaráin prímhcheard Éireann bás agus Raghnall mac Gothfradha mic Arailt rí na nInseadh do Lochlonnaibh. Is fán am-so do chuaidh Brian Bóraimhe mac Cinnéididh rí Éireann go sluagh líonmhar mar aon ris go Cinéal Eoghain i nUlltaibh, agus as sin don Mhidhe, go rabhadar oidhche i dTailltin, as sin go hArd Macha, go rabhadar seachtmhain ann, gur fhágaibh Brian fiche uinge d'ór ar altóir Ard Macha. Triallaid as sin i nDál nAruidhe go bhfuair Brian urruidhe ré comhall síodha ó Chúigeadh Uladh uile. Go grod da éis sin do chuaidh Brian mórshluagh oile i gCinéal nEoghain is i dTír Chonaill go dtug iomad braighde uatha i ngeall ré comhall síodha. Is fán am-so fuair Maolruanuidh mac Ardghail rí Uladh bás, agus Clothna mac Aonghusa prímhfhile Éireann is Cathal mac Conchubhair do bhí 'n-a rígh Connacht fiche bliadhan go bhfuair bás i nIorras Domhnann. Da éis sin do chuaidh Murchadh mac Briain go bhfearaibh Mumhan is