Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Foras Feasa ar Éirinn III

Title
Foras Feasa ar Éirinn III
Author(s)
Céitinn, Seathrún,
Compiler/Editor
Dinneen, P.S.
Composition Date
1640
Publisher
(Londain: I.T.S., 1906)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Foras Feasa ar Éirinn.
Liber Secundus.
I.



Ag so síos do ríoghaibh Éireann agus da ndálaibh d'éis Chreidimh
agus da hannálaibh go tigheacht Ghall innte agus gur ghabhadar a
h-orlamhas.



Adeir Sanderus san chéidleabhar do Shiosma na Sacsan
go dtugadar Gaedhil do láthair iar ngabháil chreidimh iad
féin agus an mhéid do bhí aca ar chumas is fá smacht Easpuig
na Rómha, is nach raibhe airdphrionnsa oile orra acht Easpog
na Rómha go rochtain flaithis Éireann do Ghallaibh. Ag so
briathra an ughdair: "Tugadar Éireannaigh" ar sé, "do
láthair iar ngabháil chreidimh dóibh, iad féin agus a raibhe aca
ar chur is fá smacht Easpuig na Rómha, is ní raibhe admháil
aca ar airdphrionnsa oile do bheith ar Éirinn acht Easpog
na Rómha amháin gus an aimsir úd," .i. go Gabháltas Gall.
Gidheadh ní fíor an ní-se adeir Sanderus, mar is follus
a Psaltair Chaisil, mar a labhrann ar Írial Fáidh mac
Éireamhóin, is mar a bhfoillsigheann an t-áireamh ríogh do
shíol Éireamhóin do ghabh Éire ré bPádraig do shíoladh an
chreidimh i nÉirinn agus da éis. "Do ghabh Írial Faidh
flaitheas Éireann deich mbliadhna, agus sul do síoladh
riaghail Chríost lé Pádraig i nÉirinn do ghabhadar 57 rígh
do shíol an ríogh chéadna flaitheas Éireann agus fós do


L. 4


bhádar caogad rígh do shliocht an fhir chéadna i bhflaitheas
Éireann d'éis Phádraig." Agus atá so follus a hannálaibh
aosta Eireann agus as an Réim Ríoghruidhe.



Ag so mar thig Policronicon ar an ní gcéadna-so, mar
a n-abair: "Ó thigheacht Phádraig go haimsir Fheidhlimidh
rígh (.i. rí Mumhan) do bhádar 33 rígh i bhflaitheas Éireann
feadh cheithre céad bliadhan; i n-aimsir iomorro Fheidhlimidh
tángadar Fionnlochlonnaigh ré ráidhtear Noruaegienses mar
aon ré n-a dtaoiseach Turgesius go hÉirinn." As sin is
iontuigthe go rabhadar ríghthe ar Eirinn do Ghaedhealaibh i
ndiaidh aimsire Phádraig. Agus adeir an t-ughdar céadna
na briathra céadna-so síos san áit chéadna: "Ó aimsir
Thuirgéis gus an rígh ndéidheanach Ruaidhrí righ Connacht do
bhádar 17 rígh ar Eirinn."



As gach ní dhíobh so is follus nach fíor a rádh nach raibhe
rí ar Éirinn ó aimsir Phádraig go Gabháltas Gall. Agus
tig leis so an ní léaghthar san 36 eipistil do scríobh
Anselmus naomhtha, airdeaspog Chanterburie, mar a
scríobhann go Muircheartach Ó Briain rí Éireann, amhail
léaghthar ag Doctúir Usser san deascán do chnósaigh sé do
leitreachaibh naoimhchléire Éireann is Sacsan go aroile;
agus do réir an ughdair chéadna mar a scríobhann Anselmus
gus an Muircheartach gcéadna an tan fá haois don
Tighearna 1100, mar a n-abair: "Anselmus óglách eagailse
Chanterburie go Muircheartach ghlórmhar tré ghrásaibh
Dé rí Éireann"; agus mar scríobhas airdeaspog Canterburie
Lanfrancus go Toirrdhealbhach Ó Briain rí Éireann an
tan fá haois don Tighearna 1074, do réir Dhoctúir Usser


L. 6


san áit do haithléaghadh linn, "Lanfrancus peacthach agus
airdeaspog neamhdhiongmhálta naoimheagailse Dorobernensis
beannacht go seirbhís is go nguidhe go Toirrdhealbhach rígh
Éireann."



Atá ag neartughadh lé firinne an neithe-se an ní léaghthar
san 41 eipistil san leabhar chéadna, mar a scríobhann an
céid-Henrí rí Sacsan go Radulphus airdeaspog Canterburie
ag a iarraidh air grádha do thabhairt do shagart dar
bh'ainm Gregorius agus a oirneadh 'n-a easpog i n-Áth Cliath
tré fhoráileamh ríogh Éireann. Ag so briathra ríogh Sacsan an
tan fá haois don Tighearna 1123: "Do fhoráil rí Éireann
orm-sa lé 'n-a scríbhinn agus buirghéisigh Dhuibhlinne gur
thoghadar an Greagóir-se 'n-a easpog, is do chuireadar
chugat-sa é da oirneadh. Uime sin foráilim-se ort-sa,
ionnus go dtugthá a n-iarraidh dóibh, cóimhlíonadh gan chairde
do dhéanamh ar a oirneadh."



As gach ní da ndubhramar is follus nach fíor ré a rádh
nach raibhe rí ná arduachtarán ar Éirinn go Gabhaltas Gall;
agus is follus fós nach raibhe cur cinnte ag Pápa na
Rómha ar Éirinn riamh, acht mar do bhí ar an Spáinn nó ar
an bhFraingc nó ar chríochaibh oile go haimsir Dhonnchadha
mic Briain Bhóraimhe do-chuaidh don Róimh tuairim is seacht
mbliadhna déag ar thrí fichid sul tángadar Gaill i nÉirinn.
Gidheadh ar ndul do Dhonnchadh mac Briain don Róimh, amhail
adubhramar thuas, tug féin agus uaisle Éireann aonta ré
cur do bheith ag Easpog na Rómha orra, do bhrígh go mbídís
féin easaontach ré chéile fá iomchosnamh Éireann. Óir tar
ceann go scríobhaid ughdair go coitcheann gur bhronn
Constantinus impir iar ngabháil bhaiste dhó oiléin iarthair
Eorpa do Shilbhester Pápa, níor shealbh don Phápa ar
Éirinn sin, do bhrígh nach raibhe sealbh na hÉireann ag aoinimpir
da raibhe riamh san Róimh ná ag Constaintin. Da


L. 8


réir sin cionnus b'éidir go mbiadh brígh san cheart do-bhéaradh
an t-impir don Phápa ar an ní nach raibhe 'n-a
sheilbh féin ná i seilbh aonduine da dtáinig 'n-a dhiaidh san
impireacht ó shoin? Agus uime sin ní hinmheasta go mbiadh
comhmór na hÉireann do ríoghacht - gan chead do Dhoctúir
Sanderus - gan airdfhlaith ná airdrí uirre ó aimsir Phádraig
go Gabháltas Gall acht an Pápa amháin.



Cuirfeam síos annso as an seanchus, sul laibheoram
ar ríoghaibh Éireann iar gcreideamh, an modh ar a ndéintí
ríogha d'ordughadh i nÉirinn, agus créad fá n-orduighthí iad,
idir airdrígh is rígh cúigidh is phríomhfhlaith fearainn. Tuig
nach bíodh do ghairm i nÉirinn i n-allód acht gairm ríogh ag
a bhflathaibh fearainn, amhail fá nós don chine Iúduidheach (acht
amháin go mbídís diuicidhe ag an gcine Iúduidheach) agus do
mhórán de chineadhaibh oile, amhail do bhíodh taoiseach i nAlbain
ag Dál Riada nó gur ríoghadh Fearghus Mór mac Earca
orra.



Is é fáth iomorro fá ríoghthar aon duine amháin ós cionn
na bpuibleach is na gcríoch ionnus go mbiadh gach aon 'n-a
fhlaitheas féin umhal dó, is gan ar breith do neach dhíobh
freasabhra ná cur 'n-a aghaidh feadh a fhlaithis féin, agus
a thuigsin gurab ó Dhia is codhnach agus is cumhachtach ós
cionn cháich do horduigheadh 'n-a rígh ós cionn na bpuibleach
é da bhfollamhnughadh, agus da réir sin go ndleaghair dóibh
umhla do thabhairt dó is a thuigse gurab é an t-aoin-Dia
céadna is codhnach ar neamh ar talmhain is ar ifreann tug
an smacht soin dó, is gurab uaidh fuair flaitheas; agus
is minic gurab iad na daoine is glioca agus is foghlumtha
do bhíodh i nÉirinn do toghthaoi i bhflaitheas do smachtughadh
an uilc is do choimhcheangail na cána is do shnadhmadh na
síothchána, mar atá Sláinghe mac Deala mic Loich fá
airdbhreitheamh i nÉirinn 'n-a aimsir féin, Ollamh Fódla do
bhí foghlumtha agus Tighearnmhus a mhac do bhí feasach mar


L. 10


an gcéadna, agus Cormac mac Airt do bhí eolach san
Bhreitheamhnas Tuaithe is ro scríobh an Teagasc Ríogh: agus
mar sin i dtús na n-aimsear is iad lucht an fheasa agus an
dream ba mó fonn don mhaitheas phuiblidhe do mhéadughadh
do toghthaoi lé fearaibh Éireann ós cionn na gcríoch go
dtáinig Pádraig is neart na heagailse. Agus ó tháinig
Pádraig, is ag na heaspogaibh ag na huaislibh agus ag na
croinicibh do bhíodh togha na ríogh is na dtighearnadh go
Gabháltas Gall; agus na garma chleachtar anois, mar atá
Barún Bhíocont Iarla Marqueis nó Diuice, níor cleachtadh
i Éirinn iad acht Triath Tighearna Flaith nó Rí, agus a
slonnadh ó na críochaibh do bhíodh 'n-a seilbh.



Ré linn iomorro gharma do ghlacadh dhóibh tigeadh an
croinice agus an leabhar da ngairthear an Teagasc Ríogh
leis, mar a mbíodh suim chumair nós is reacht na críche,
agus mar a mbíodh foillsiughadh an luaidheacht bhíos ó Dhia
is ón phobal tré mhaith do dhéanamh, agus an díoghaltas bhíos
ós a chionn féin is ós cionn a shleachta tré neamhchomhall
ceirt is córach, amhail orduigheas Leabhar na Ríogh is an
Teagasc Ríogh do dhéanamh.



Is minic fós do beantaoi urruidhe da gcáirdibh do
dhruing díobh fá choimhlíonadh reachta na críche do réir
Theagaisc na Ríogh, nó an righe do léigean díobh gan
imreasan, amhail do bheanfadh Tuatha Dé Danann do Bhreas
mac Ealathan i n-aimsir ríoghachta Éireann do thabhairt dó.



Is é an croinice do-bheireadh slat i láimh gach tighearna
ré linn garma do ghabháil; agus d'éis na slaite do dháil
dó, do chuireadh i gcéill do na tuathaibh nach rígheadh an
tighearna nó an rí a leas arm do ghlacadh ó shoin amach do
smachtughadh a thíre acht bheith umhal da shlait amhail scoláire
da mháighistir. Óir amhail do-bheir an scoláire críonna


L. 12


grádh is umhlacht is buidheachas da mháighistir, is mar sin
dlighthear do na híochtaránaibh bheith da ríoghaibh, tré mar is
lé slait córa is ceirt stiúras na híochtaráin, is nach lé
faobhar airm na héagcóra.



Is amhlaidh bhíos an tslat do-bheir an t-ollamh i láimh an
ríogh geal go hiomlán, do chomhartha na fírinne lé dtuigthear
an ghile bhíos san slait, do bhrígh go samhailtear an
geal ris an bhfírinne is an dubh ris an mbréig.



Is í cúis fá mbí an tslat díreach, da chur i gcéill do
na puibleachaibh is do na tuathaibh gurab díreach glan gan
chlaon dhligheas an rí bheith 'n-a bhriathraibh is 'na bhreathaibh
idir charaid is námhaid, idir thréan is anbhfann, do réir
mar do bheith imreasan idir a dhá láimh.



Is uime orduighthear an tslat soin gan fhadhb gan
chnapán uirre acht coimhréidh uile, da chur i gcéill do na
tuathaibh gurab amhlaidh dhlighid na tighearnaidhe bheith gan
anshocracht gan ghairbhthean acht coimhréidh fá chúis cheirt is
chomhthruim do gach aonduine, do charaid is do námhaid, do
réir a gcóra, srl.



I dTeamhraigh do gairthí gach rí do ríoghaibh Éireann
riamh ag a mbíodh ríoghacht Éireann uile, do thoil na
n-ollamhan is na n-uasal ria gcreideamh, agus do thoil
eagailse uaisle is ollamhan ó shoin anuas, ar Leic na Ríogh.



I dTulaigh Óg do gairthi Ó Néill; agus Ó Catháin is
Ó hÁgáin do ghaireadh é. Ó Donnghaile a mharuscál sluaigh
is muinntear Bhrisléin is clann Bhiorthagra breitheamhain
fhéineachais Uladh uile.



I gCill mic Creannáin do gairthi Ó Domhnall; agus Ó
Fiorghail do ghaireadh é, agus Ó Gallchubhair a mharuscál
sluaigh.



Ar Maigh Adhar do gairthí Ó Briain; Mac na Mara
do ghaireadh é; Ó Duibhidhir Choill na Manach agus Mag
Cormáin a mharuscáil sluaigh; muinntear Flannchuidhe a


L. 14


bhreitheamhain fhéineachais; clann Chraith a ollamhain ré dán;
clann Chruitín nó clann Bhruaideadha a ollamhain ré
seanchus.



Ar Lios Beannchair do gairthí Mac Carrthaigh; Ó Súilleabháin
Mór agus Ó Donnchadha Mór do ghaireadh é;
muinntear Ruairc a mharuscáil sluaigh; clann Aodhagáin
a bhreitheamhain; muinntear Dhálaigh a ollamhain ré dán,
agus muinntear Dhuinnín a ollamhain ré seanchus.



Ar Chnoc an Bhogha do gairthí Mac Murchadha; agus
Ó Nualláin do ghaireadh é; a each is a earradh do Nualláin;
Ó Deoradháin a bhreitheamh, agus Mac Eochadha a ollamh ré
dán.



Ar Leic mic Eochadha do gairthí tighearna Cinnsiolach;
agus Mac Eochadha do ghaireadh é.



Ar Dhún Caillighe Béirre do gairthí Ó Brain, agus
Mac Eochadha do ghaireadh é.



II.
Do ríoghaibh Éireann d'éis Chreidimh annso síos.



Do ghabh Laoghaire mac Néill Naoighiallaigh mic Eochach
Muighmheadhóin mic Muireadhaigh Thírigh mic Fiachrach Sraibhthine
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna
ar fhichid; agus fá hí Ríoghnach a mháthair; agus is í an
ceathramhadh bliadhain da fhlaitheas do chuir Coelestinus
Pápa Pádraig i nÉirinn do shíoladh an chreidimh, an tan
fá haois don Tighearna 431 bliadhan. Agus bliadhain is
trí fichid fá haois do Phádraig an tan soin. Óir an tan
tugadh i mbroid é, an naomhadh bliadhain do fhlaitheas Néill,
is sé bliadhna déag fá haois dó; agus do chaith na hocht
mbliadhna déag do bhí roimhe do fhlaitheas Néill, ionnus go
raibhe mar sin cheithre bliadhna déag ar fhichid; agus cuirthear


L. 16


leis sin na trí bliadhna fichead do bhí Dáthí i bhflaitheas
Éireann, ionnus go raibhe Pádraig seacht mbliadhna déag
is dá fhichid an tan ro marbhadh Dáthí; agus cuirthear
cheithre bliadhna do fhlaitheas Laoghaire leis sin, go ndéin
sin bliadhain is trí fichid d'aois ag Pádraig ag teacht i
nÉirinn dó. Agus is móide is inchreidthe fírinne an
neithe-se mar léaghthar san leabhar da ngoirthear Martyrologium
Romanum garab dá bhliadhain agus sé fichid fá
haois do Phádraig an tan fuair sé bás. Ionann sin agus
gurab bliadhain is trí fichid fá slán dó ag teacht i
nÉirinn 'n-a easpog. Óir is dearbh gurab bliadhain is
trí fichid do bhí ag síoladh an chreidimh i Éirinn sul fuair
bás. Gidheadh do chuir Coelestinus ré bPádruig Paladius
'n-a easpog do shíoladh an chreidimh i nÉirinn an tan fá
haois don Tighearna 430, do réir Bheda i n-annálaibh
Staire na Sacsan. Ag so mar adeir: "An tan fá
haois don Tighearna 430 bhliadhan do chuir Coelestinus
Pápa Paladius 'n-a easpog ar dtús gus na Scotaibh
ré creideamh do Chríost dóibh." Agus is í sin an treas
bliadhain do fhlaitheas Laoghaire agus an bhliadhain ria
bPádraig dó theacht i nÉirinn. Agus iar rochtain Éireann
dó mar aon ré dá chléireach dhéag, do ghabh tír i n-íochtar
Laighean ag Innbhearr Deaghaidh, is do bheannuigh trí cealla
ann sin, mar atá Ceall Fhine mar ar fhágaibh a leabhair
agus cuid do thaisibh Póil is Peadair; an dara cill Teach
na Rómhanach; agus an treas cill Domhnach Arda; agus
iar mbeannughadh na gceall soin dó, tig Náthí mac Garrchon
tighearna na tíre sin agus ionnarbais as an gcrích sin é,
go ndeachaidh i nAlbain go bhfuair bás ann sin.



Dála Phádraig táinig i nÉirinn i gcionn bhliadhna i
ndiaidh Phaladius agus ceathrar ar fhichid do naoimhchléir
'n-a fhochair; nó do réir Henricus Antisiodorensis i
mBeathaidh S. Germanus, amhail léaghthar san 168 ca. go
dtug Pádraig tríochad easpog leis i nÉirinn. Ag so


L. 18


briathra an ughdair: "Do chuir Pádraig beannuighthe,"
ar sé, "ar dteacht eachtra fhada agus a crích imchéin lúthgháir
ar a mhuinntir féin ar dtús 'n-a láthair, agus ar gcruinniughadh
tríochad easpog do hoirneadh leis féin tar lear, do
chuir i bhfóghmhar an Tighearna iad, ar mbeith don fhóghmhar
mór is don mheithil beag." As so is iontuigthe go
dtángadar fuireann phréaláideadh lé Pádraig i nÉirinn
do shíoladh an chreidimh.



Leaghthar fós san seanchus an tan do bhí Pádraig ag
teacht i nÉirinn, an mhéid fuair do chine Scuit ag a raibhe
solus an chreidimh, go dtug leis i nÉirinn iad, agus do
bhí foghluim is creideamh is reacht ar coimhéad i nÉirinn
feadh cheithre céad bliadhan d'éis Phádraig do theacht go
teacht Lochlonnach innte. Do bhíodh fós airgead da bhualadh
i nArd Macha is i gCaiseal an tan soin. Atá Henricus
thuas san 174 ca. aga rádh gur roinn Pádraig Éire idir
fhonn duine agus spréidh, agus gur bhean an deachmhadh mír
dhíobh don eaglais, mar atá an deachmhadh cuid do na daoinibh
don fhearann is don spréidh; agus do rinne manaigh do
na fearaibh is cailleacha dubha do na mnáibh, agus do
thógaibh mainistreacha dhóibh. Ag so mar adeir an t-ughdar
céadna ag labhairt ar an druing úd ráinig san
deachmhaidh: "Do-níodh manaigh do na fearaibh uile is cailleacha
dubha do na mnáibh is do thógaibh iomad mainistreach is do
orduigh an deachmhadh mír don fhearann is an deachmhadh mír
don spréidh ré cothughadh na druinge céadna."



Adeir fós an t-ughdar céadna go dtáinig don ordughadh
do chuir Pádraig síos nach raibhe cúil ná cearna ná fásach
i nÉirinn nachar lán d'aos crábhaidh is do naomhaibh, ionnus
go dtáinig dhe sin gurab é ainm cinnte do bhíodh ar Éirinn
feadh na gcríoch oile go coitcheann Oiléan na Naomh.
Adeir Neinnius, ughdar Breathnach, i Stair na Breatan,


L. 20


ag labhairt ar Phádraig, na briathra-so: "Do thógaibh,"
ar sé, "355 eagluis, do hoirneadh leis an nuimhir chéadna,
355, easpog, tugaibh cheana grádha eagailse do thrí mhíle
sagart." Ag so mar thig an seanchus lé Neinnius ar an
líon easpog úd do hoirneadh lé Pádraig:




A cúig lé caogad sruitheaspog
Ró oirnidh an cáidh,
Um thrí céadaibh crutharnaigh
Forsa dtormaigh gráidh.




Cibé do chuirfeadh i n-iongantas an líon easpog-so do
bheith i n-aoinfheacht ré linn Phádraig i nÉirinn, léaghadh an
ní adeir S. Bearnard i mBeathaidh Mhalachias ar ghnáthughadh
na hÉireann do leith a heaspog. Ag so mar adeir:
"Do-níthear malairt is iomadughadh ar easpogaibh do réir
thoile an airdeaspuig, ionnus nach lór lé haoin easpogóideacht
amháin aoin easpog amháin, acht bí beagnach easpog
ag gach aoineaglais aca." As na briathraibh-se S. Bearnard
is iontuigthe nar chuirthe i n-iongantas an lear easpog
do luaidheamar do bheith i nÉirinn ré linn Phádraig, ar
mbeith don eaglais fá bhláth an tan soin. Is lughaide is
ionchuirthe i n-iongantas an t-áireamh easpog do luaidheamar
thuas mar léaghthar linn i seinleabhraibh go raibh
easpog i nÉirinn i n-aghaidh gach deagántachta da bhfuil
innte.



Is dearbh fós a hannálaibh Éireann go ndearna Pádraig
dá airdeaspog i nÉirinn, mar atá airdeaspog Ard Macha
príomháidh Éireann, agus airdeaspog Caisil; príomháidh
iomorro Ard Macha ós cionn Éireann uile is go cinnte ós
cionn Leithe Cuinn; agus airdeaspog Caisil ós cionn Leithe
Mogha go cinnte; agus ardchur ag an bpríomháidh air; agus is
é adhbhar fá ndearnadh an t-ordughadh soin, do bhrígh go dtarla
ardfhlaitheas Éireann i seilbh sleachta Éireamhóin, mar atá
ag Laoghaire mac Néill; agus níor ghabh Eoghan is Conall is


L. 22


an chuid oile d'uaislibh an chinidh sin do ghabh baisteadh ó
Phádraig gan an eaglais ba prinnsiopálta san ríoghacht
do bheith ar a leith féin d'Éirinn, mar atá Leath Cuinn, agus
cur do bheith aice ar eagailsibh Éireann ar lorg an ardfhlaithis
do bhí 'n-a seilbh an tan soin. Síol Éibhir, cheana,
fuaradar ó Phádraig an dara heaglais ba prinnsiopálta
do dhéanamh i Leith Mogha .i. i gCaiseal, do bhrígh go raibhe
ceart aca féin ar Leith Mogha fá rígh Éireann gus an
dtráth soin ó aimsir Chuinn. Is córaide so do chreideamhain
nach eadh amháin airdeaspog Mumhan ghairthear i seanleabhraibh
irsi is annálach Éireann d'airdeaspog Caisil,
acht fós go ngairthear airdeaspóg Leithe Mogha uile dhe.



An ní eile iomorro adeirid drong san aimsir-se go
raibh Imleach Iobhair 'n-a cathaoir airdeaspuig, is amhlaidh is
iontuigthe sin go raibhe airdeaspog is cliar Chaisil seal
ar díbirt a Caiseal tré fhoirneart Lochlonnach an tan soin
i n-aimsir Mhaoilsheachlainn mic Maolruanaidh do bheith i
bhflaitheas Midhe, agus Néill Chaille 'n-a rígh Éireann,
agus Olchobhair do bheith i bhflaitheas Mumhan, agus Turgesius
an t-anfhlaith Lochlonnach do bheith ag buaidhreamh Éireann. Óir
níor dóthcha Forannán príomháidh Éireann do thathfann a
hArd Macha lé Turgesius, gur bha héigean dó teacht ar
díbirt don Mhumhain, ioná airdeaspog Caisil go n-a chléir
do thathfann a Caiseal lé Lochlonnaibh, agus dul da ndídean
féin go hImleach Iobhair, mar a rabhadar coillte is bogach
is móinte an tan soin. Agus do chaitheadar seal da
n-aimsir ann sin ré linn leathtruim Lochlonnach do bheith
orra.



Ní faghthar linn i n-annálaibh Éireann do bheith i n-Éirinn
acht dá airdeaspog, mar atá airdeaspog Ard Macha agus
airdeaspog Caisil go haimsir an Cháirdionál Ioannes


L. 24


Papiron do theacht i nÉirinn mar aon ré Giolla Críost Ó
Conairce, easpog Leasa Móir, leagáid an Phápa i nÉirinn
an tan soin, an tan fá haois don Tighearna 1152. Óir
an bhliadhain sin do chruinnigheadar comhairle choitcheann ag
Ceannanus na Midhe, mar ar hoirneadh airdeaspog i nÁth
Cliath agus airdeaspog i dTuaim, mar a bhfuair gach airdeaspog
dhíobh Pallium, amhail chuirfeam síos da éis so a
hannálaibh aosta Éireann do scríobhadh i gCluain Eidhneach.



III.
Ar mbeith do Phádraig ag síoladh an chreidimh i nÉirinn
i n-aimsir Laoghaire, is é Aonghus mac Natfraoich fá rí
Mumhan; agus ré triall do Phádraig do sheanmóir don
Mhumhain, tig Aonghus mac Natfraoich céadna i gcoinne
Phádraig d'fháiltiughadh roimhe go Maigh Feimhean i nDéisibh
tuaisceirt, is beiris go ríoghphort Caisil é i nEoghanacht ré
ráidhtear an Trian Meadhónach aniú; agus do ghabh Aonghus
creideamh is baisteadh uaidh ann. Ag so mar adeir seinbheatha
Phádraig do haithléaghadh linn ag tráchtadh ar Niall
thuas: "Ré mbeith ag triall don Mhumhain dó, tig rí
Mumhan, Aongus mac Natfraoich, 'n-a dháil go Magh Feimhean
i dtalamh na nDéise is do threoruigh go lúthgháireach don
ríoghchathair da ngairthear Caiseal i gcrích Eoghanachta é, agus
is ann sin do chreid an rí Aonghus is do ghabh baisteadh."
Agus san áit chéadna luaidhtear gurab tré bhonn Aonghusa
do chuir Pádraig los a bhaichle. Ag so an ní léaghthar
ann: "Iar mbeith do Naomh Pádraig 'n-a sheasamh ag
beannachadh an ríogh do sáthadh leis rinn a naomhbhaichle i
gcois an ríogh." As so is iontuigthe gurab tré chois ríogh


L. 26


Mumhan, Aonghusa mic Natfraoich, do chuir Pádraig rinn a
bhaichle, is nach tré chois Eoghain mic Néill ríogh Uladh. Tig
saoi ré seanchus do Leith Cuinn féin leis an ní thuas san
laoidh darab tosach: Buaidh n-easpog ar fhuil nÉibhir,
.i. Torna mac Muiris Uí Mhaoilchonaire. Ag so mar adeir:




Tré bhonn Aonghuis anba an bhroid,
Do chuaidh rinn bhaichle bPádroig;
Gur líon an t-urlár da fhuil,
An gníomh ní cómhrádh coguir.




Do bhádar cheithre mic fichead is cheithre hingheana fichead
ag an Aonghus-so, agus do bhronn dá mhac déag is dá
inghin déag don Eaglais díobh. Is é an tAonghus-so fós
do orduigh screaball baithis Pádraig ar gach neach da
ngabhadh baisteadh san Mhumhain, .i. trí pinginne; agus is
mar so síos do díoltaoi an cháin sin, mar atá cúig
céad bó, cúig céad caor iarainn is cúig céad brat,
cúig céad léine is cúig céad caora gacha treas bliadhain
do chomhorba Pádraig mar chíos ó ríoghaibh Mumhan; agus do
bhí an cíos soin 'ga dhíol go haimsir Chormaic mic
Cuileannáin. Léaghthar fós i Leabhar Ruadh Mic Aodhagáin go
gcleachtadh Aonghus mac Natfraoich dias easpog is deichneabhar
sagart is dá mhaiccléireach dhéag is trí fichid do
bheith mar ghnáthmhuinntir 'n-a fhochair féin do shíor, ré rádh
aifreann is ré guidhe Dé.



Ré linn Phádraig do bheith ag síoladh an chreidimh i nÉirinn
i n-aimsir Laoghaire, do bhádar cheithre mic fichead ag Brian
mac Eochach Muighmheadhóin, agus fá lucht comhaimsire do
Laoghaire mac Néill iad, agus ar mbeith do Phádraig ag
beannachadh Éireann, téid i gConnachtaibh agus triallais i
ndáil an mhic dhíobh soin do ba taoiseach orra, Eichen fá
hainm dó. Mar do chonnairc an fear soin Pádraig ag
teacht 'n-a láthair téid ar a each agus gabhais ag a slatadh,
agus adubhairt ré a bhráthraibh an ní céadna do dhéanamh,
agus gan cádhas do thabhairt don chléireach; agus do-níd


L. 28


amhlaidh sin acht an mac fá hóige dhíobh, dar bh'ainm Duach
Galach. Anais an fear soin da chois is téid i gcoinne
Phádraig is cuiris fáilte roimhe is do-bheir umhla is onóir
dó. Leis sin triallais Pádraig roimhe go ndeachaidh do
láthair Eichen, fá taoiseach orra, is fiafruighis de nar bh'é
Eichen é. "Ní mé," ar Eichen. "Masa tú," ar Pádraig,
"beanaim-se rath is ríghe dhíot féin is don mhéid dot bhráithribh
atá id fhochair acht an t-aonmhacaomh dhíobh tug cádhas is
onóir damh féin ar son mo Thighearna." Agus adubhairt an
macaomh soin dá madh é féin budh rí orra go ndéanadh réir
Phádraig. "Maseadh," ar Pádraig, "do-bheirim-se beannacht
duit-se, is budh rí thusa, is biaidh an righe agat shíol id
dhiaidh;" agus do fíoradh fáistine Phádraig, óir do bhí Pádraig
is dá easpog dhéag 'n-a fhochair ag ríoghadh Duach Galaigh, agus
do gnáthuigheadh lé ríghthibh Connacht comhorbaidhe an dá easpog
dhéag soin is dá thaoiseach dhéag shíol Muireadhaigh agus Ó
Maoilchonaire do bheith 'ga ríoghadh ó shoin i le ar chnoc dá
ngairmthear Carn Fraoich.



Aoinbhliadhain déag ar fhichid ar cheithre céad ó ghein
Chríost go tigheacht Phádraig i nÉirinn, an ceathramhadh
bliadhain do fhlaitheas Laoghaire mic Néill, amhail adubhramar;
agus bliadhain is trí fichid do Phádraig i nÉirinn
sul fuair bás; agus dá gcuirthear an t-áireamh soin leis
an áireamh thuas, do-níd cheithre céad nochad is dá bhliadhain;
gonadh da dhearbhadh soin adeir an seancha an rann-so:




Ó geanair Críost, áireamh ait,
Cheithre céad ré taobh nóchait,
Is dá bhliadhain saor iar soin,
Go bás Phádraig phríomh-apstoil.




Léaghthar i mBeathaidh Phádraig gurab bliadhain is trí
fichid do bhí Pádraig i nÉirinn iar dteacht 'n-a easpog
innte, ag síoladh is ag seanmóir na soiscéal, is ag déanamh


L. 30


feart is míorbhal do réir mar léaghthar i mBeathaidh Phádraig
do réir ughdair d'áirithe. Ag so mar adeir:




Trí fichid bliadhan is bliadhain,
Is tearc neach ar nach diamhair.
I nÉirinn go n-iomad bhfeart
Do bhi Pádraig ag proicheapt.




Agus cibhé adéaradh nach fuil an rann-so i mBeathaidh
Phádraig, bíodh a fhios aige gur léaghadh linn i bprímhleabhar
sheanchusa gur scríobhadh 64 beatha Phádraig, gach aon
díobh ar leith ris féin. Agus is cosmhail gur scríobh gach
neach ní nua ar Phádraig nachar scríobh neach oile do chách.
Uime sin ní cuirthe i n-iongantas don tí do léigh beatha
Phádraig ag aonughdar amháin, da dteagmhadh scéal nó
míorbhal ar Phádraig i leabhar oile nachar léigh san
bheathaidh sin.



Is ré linn Laoghaire tug Dubhthach hUa Lughair is Fearghus
File is Ros mac Trichim seanchus Éireann da fhromhadh is da
ghlanadh do Phádraig. Agus táinig de sin gur cuireadh i
gcead Laoghaire comhdháil choitcheann do dhéanamh, mar a mbiadh
cruinniughadh ríogh cléire is ollamhan Éireann ré glanadh
an tsearchusa; agus iar rochtain ar aonláthair dhóibh uile
do toghadh asta naonbhar ré glanadh an tseanchusa, mar
atáid trí rígh, trí heaspuig is trí ollamhain ré seanchus.
Na trí rígh, Laoghaire mac Néill rí Éireann, Dáire rí Uladh,
is Corc mac Luighdheach rí Mumhan. An triúr easpog,
Pádraig, Beinén is Cairneach. Na trí hollamhain ré seanchus,
Dubhthach, Fearghus is Ros. Agus do glanadh is do
cuireadh i n-eagar is i n-ordughadh an seanchus leis an
naonbhar soin, agus is de do gairthí an Seanchus Mór.
Atá an duain darab tosach "Aimhirgin glúingheal" ag
fíoradh an neithe-se. Ag so síos na roinn as an duain
gcéadna ag suidheamh an neithe-se:




Ughdair an tSeanchusa Mhóir
Naonbhar ros cóirigh go cóir,
Naoimhfhios a ainm caomda cain
Lé fios naomhtha an naonbhair sain.


L. 32



Pádraig Beinén Cairneach cain,
Laoghaire mac Néill neartmhair,
Fearghus File, gáire glan,
Agus Daire rí Uladh.



Agus rí Mumhan gan mheirg,
Corc mac Luighdheach go láimhdheirg,
Dubhthach Ua Lughair don linn,
Saoi an Bhéarla Ros mac Trichim.



Naoi saoithe nar shaobh a snas,
Lér riaghluigheadh an Seanchas,
Iar na thúr dhóibh tré ghaois ghil,
I ngach aois ó Aimhirgin.




IV.



Iar nglanadh iomorro an tSeanchusa mar sin is eadh do
horduigheadh lé huaislibh Éireann urlamhas an tSeanchusa
do chur ar choimhéad préaláideadh na hÉireann; agus tugadar
na préaláide céadna fá deara a scríobhadh 'n-a
bprímheagailsibh féin. Agus atáid cuid do na seinleabhraibh
ar marthain aniú, nó na micleabhair do scríobhadh asta, mar
atá Leabhar Ard Macha, Psaltair Chaisil, Leabhar Glinne
dá Loch, Leabhar na hUa Chongmhála, Leabhar Chluana Mic
Nóis, Leabhar Fionntain Chluana hEidhneach, Leabhar Buidhe
Moling, is Leabhar Dubh Molaga, agus prímhleabhair
Éireann ó shoin amach, mar ar coimhéadadh an Seanchus gan
leathtrom do dhéanamh ar neach seoch a chéile d'uaislibh
Eireann.



Do bhíodh fós suim seanchusa na leabhar-so uile i
Psaltair na Teamhrach; agus do-níthí fromhadh orra gacha
treas bliadhain i bhFeis Teamhrach, amhail adubhramar thuas
ag labhairt ar fhlaitheas Chormaic. Gidheadh ré linn na
Págántachta, is iad so síos na príomh-ughdair do bhí ris an
seanchus ó aimsir go haimsir, mar atá Aimhirgin glúingheal,
Sean mac Áighe, Bridhe banughdar ó ráidhtear Briathra


L. 34


Bridhe, Connla Caoinbhriathrach saoi Chonnacht, Seancha mac
Cúil Chlaoin, Fachtna a mhac soin, Seancha mac Oiliolla,
Morann mac Maoin, Fearghus Fiannaithe a crích Chiarraidhe
Luachra, Feircheirtne File, Néidhe mac Adhna, Aithirne,
Amhnas, Fearghus File mac Aithirne, Neara mac Fionnchuill
a Síodhaibh, Seadhamus mac Morainn, Fearadhach Fionn
Feachtnach ríoghughdar gaoise Éireann, Fitheal, Fearghus File,
Ros mac Trichim is Dubhthach mac hUa Lughair, agus is iad
an triúr déidheanach-so tug an Seanchus do Phádraig da
fhromhadh is da ghlanadh.



Ré linn iomorro na Págántachta do bheith i nÉirinn,
ní bhíodh cion ollamhan ná ughdair san seancus ar aoinneach
ré seanchus ar a bhfionntaoi claonadh seanchusa do dhéanamh
aoin fheacht amháin. Ní bhíodh fós cion breitheamhan ar an tí
do-bheireadh claoinbhreath; do bhíodh mar an gcéadna geasa
ar dhruing dhíobh ré linn na Págántachta. Ar dtús an tan
do-bheireadh Sean mac Áighe claoinbhreath do fhásadaois
boilgléasa ar a dheasghruaidhe; agus an tan do-bheireadh
an fhíorbhreath ní fhásadaois.



Ní rug Connla Caoinbhriathrach bréigbhreath riamh, óir do
ba duine iodhan fírionnraic do réir sholuis na nádúire é.
Ní bheireadh Seancha mac Cúil Chlaoin breath choidhche gan
troscadh an oidhche ria n-a breith. An tan do-bheireadh
Fachtna a mhac soin bhréigbhreath, madh i n-aimsir an fhoghmhair
do bheireadh í, do thuiteadh meas na tíre a mbíodh an oidhche
sin. Gidheadh an tan do-bheireadh fírbhreath do anadh an
toradh go hiomhlán ar na crannaibh; nó madh i n-aimsir an
bhlátha do-bheireadh an bhréigbhreath, do shéandaois na ba a
laoigh san tír sin. Ní bheireadh Morann mac Maoin breath
gan an iodh Morainn um a bhrághaid; agus an tan do-bheireadh
bréigbhreath do theannadh an iodh um a bhrághaid; agus an tan
do-bheireadh an fhírbhreath do shíneadh an iodh tar a ghuaillibh
amach, amhail adubhramar thuas. Mar sin iomorro do
mhórán d'ughdaraibh Págánta oile, do bhídís geasa ortha da


L. 36


dtoirmeasc ó chlaonadh seanchusa nó breitheamhnais do
dhéanamh. As a ndubhramar is inchreidthe do sheanchus
Éireann mar sheanchus gacha críche oile, do bhrígh go bhfuil
ar n-a dhearbhughadh lé scríbhnibh seanughdar bPágánta is lé
fromhadh naoimhchléire agus préaláideadh eagailse Éireann.



Do commóradh Feis Teamhrach lé Laoghaire d'aithnuadhadh
nós is reachta Éireann, amhail fá gnáth ris na ríoghaibh
roimhe do dhéanamh i bhFeis Teamhrach. An tan iomorro
do coimhthionóldaois uaisle is ollamhain Éireann don chomhdháil
sin, do bhíodh príomhlongphort ar leith ag airdrígh
Éireann go n-a fhuirinn, mar atá Teach Miodhchuarta. Do
bhíodh fós príomhlongphort ag gac rígh cúigeadhach i nÉirinn,
mar atá an Long Mhuimhneach ag rígh Mumhan; ionann
iomorro long is teach, amhail adeir an file:




Ní móide is doichlioch Donn Cuan
Droichtheach 'ga shluagh nó long lán;




agus is uaidh sin adeirthear longphort .i. port na dteach
ris an mbaile 'n-a mbí áitiughadh; agus an Long Laighneach
ag rígh Laighean, agus an Chóisir Chonnachtach ag rígh Connacht,
agus an Eachrais Uladh ag rígh Uladh. Do bhídís fós trí
teallaighe oile i dTeamhraigh an tan soin, mar atá Carcair na
nGiall, mar a mbídís géill nó bhraighde an ríogh i gcoimhéad.
An dara teach da ngairthí Réalta na bhFileadh, mar a mbídís
breitheamhain is filidhe Éireann ré cumadh cánach ar an druing
do sháruigheadh reacht is riaghail na críche. An treas teach
da ngairthí Grianán na nInghean, mar a mbídís bainríoghna
na gcúigeadhach, agus áitreabh ar leith san longphort soin ag
gach ríoghain díobh go n-a bantracht. Gidheadh an tan do
shuidheadh an chomhdháil uile ré cinneadh is ré críochnughadh
reacht is nós na críche, is é Teach mór Miodhchuarta fá teach
coitcheann comhairle dhóibh.



Ag so iomorro an suidhiughadh do bhíodh orra san teach
soin. Do shuidheadh rí Éireann féin 'n-a ríoghchathaoir ar


L. 38


dtús i gceirtmheadhón an áruis is a aghaidh siar, agus rí
Mumhan don leith theas de, óir soir agus siar do bhádar
dá éadan an tighe, rí Laighean 'n-a fhiadhnaise, rí Connacht
ar a chúl, agus ollamhain Éireann ar cúlaibh ríogh Connacht;
agus rí Uladh don leith adtuaidh dhe ar a dheasláimh, agus
fuireann d'fhíoruaislibh a chúigidh féin ré hais gach ríogh
dhíobh. Ag so deismireacht an tseanchaidh go cumair ar an
suidhiughadh-so theallaigh Theamhrach:




Fir Mhumhan don leith andeas,
Gan ainbhfíor gan anoircheas,
Agus Laighin, lór do bhríogh,
Aghaidh ar aghaidh ria 'n airdríogh.



Connachtaigh ar cúl an ríogh,
Ré coimhéad seanchuis go fíor,
Uirrígh Aruidhe i maille,
I n-airdiomdha áiridhe.



Láimh dheas ríogh Teamhrach tréine
Gan ainbhfíor gan ainfhéile,
Lé Oirghiallaibh sonna sain,
Gan fhuigheall gan imreasain.




Is ar Laoghaire tugadh Cath Átha Dara lé Laighnibh agus
lé Criomhthann mac Éanna, mar ar gabhadh Laoghaire leo, go
dtug grian is éasca is reanna nimhe i gcoraidheacht air féin
fá chomhall dóibh gan agra na Bóraimhe orra; agus níor
chomhaill sin dóibh. Gidheadh i ndíoghail na bréige sin, go
grod da éis sin do marbhadh Laoghaire lé saighnéan teinntighe
i nGreallaigh Dhabhaill láimh ré Lithfe, amhail adeir an
file:




Atbath Laoghaire mac Néill,
Láimh ré Lithfe, glas a tír,
Dúile Dé atragaid ráith
Tugsad dál bháis for an rígh.




Anghus inghean Tasaigh, rí Ó Liatháin, bean Laoghaire,
máthair Luighdeach mic Laoghaire; agus, ní hionann is


L. 40


Laoghaire, do ghabh sí creideamh ó Phádraig. Lá n-aon
iomorro da dtáinig Pádraig d'fhios na bainríoghna, fáiltighis
roimhe agus ré n-a choimhthionól cléire, agus cuiris
biadh da ollmhughadh dhóibh, agus do ghabh Lughaidh mac Laoghaire,
a mac oighearachta, ag ithe an bhídh leo go hairceasach, go
dtarla greim 'n-a bhrághaid lér tachtadh é; go bhfuair bás
do láthair. Beadhgais an bhainríoghan, is cuiris an mac ar
chomairce Phádraig. Téid Pádraig i n-árus uaigneach agus
tug fá deara corp an leinbh do bhreith 'n-a fhochair; is do
ghéaruigh féin ar a ghuidhe go Dia, agus anais san ngnáthghuidhe
sin gan bhiadh gan chodladh feadh trí lá, go dtáinig
i gceann an treas lá Míchéal Archaingeal i gcruth choluim
'n-a láthair san árus 'n-a raibhe, agus beannchais do Phádraig
agus adubhairt gur thoil ré Dia an leanbh d'aithbheodhadh ar
impidhe Phádraig. Leis sin ar mbeith don leanbh agus a
dhruim faoi agus a bhéal osluigthe téid an tArchaingeal,
do bhí i gcruth choluim, is cuiris a ghob i mbrághaid an leinbh,
is do tharraing an greim aiste, go dtáinig anam do láthair
leis sin ann. Agus do láthair leis sin do chuaidh an
t-aingeal ar ceal uatha, agus do éirigh an leanbh Lughaidh.
Agus mar do chualaidh an bhainríoghan an leanbh do bheith beo
tig go lúthgháireach d'fhios Phádraig is sléachtais ar a glúinibh
'n-a fhiadhnaise, is gabhais ag breith buidheachais ris tré
aithbheodhadh a mic. "A bhanfhlaith," ar sé, "ní riom-sa is
beirthe dhuit buidheachas do mhic, acht lé Míchéal Archaingeal
lér aithbheodhadh do mhac"; agus nochtais di éirim an
sceoil amhail adubhramar. Mar do chualaidh an bhainríoghan
gurab é Míchéal do rinne an mac d'aithbheodhadh, do ghabh mar
chuing uirre féin caora as gach tréid da raibhe aice do
thabhairt gacha bliadhna agus mír as gach proinn da n-íosadh
feadh a ré do bhochtaibh Dé i n-onóir Mhíchíl Archaingeal;
agus fós do orduigh mar nós feadh na hÉireann é, ar gach


L. 42


ndruing dar gabh baisteadh is creideamh ó Phádraig; gonadh
uaidh sin atá gnáthughadh caorach na féile Míchíl agus na
míre Míchíl i nÉirinn ó shoin.



Do ghabh Oilill Molt mac Dáthí mic Fiachrach mic Eochadh
Mhuighmheadhóin do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche
bliadhan. Uichtdhealbh inghean Aonghusa mic Natfraoich bean
Oiliolla Muilt, agus is uime do gairthí Oilill Molt de,
.i. mian feola muilt do bhí ar a mháthair Eithne inghin Orach ar
mbeith torrach ar Oilill di, agus tug bean uasal do bhí 'n-a
fochair, dar bh'ainm Fial inghean Eochach Séididh, Oilill Molt
mar fhorainm air iar 'n-a bhreith. Is i bhflaitheas Oiliolla
fuair Amhalghuidh mac Fiachrach mic Eochach Muighmheadhóin do
bhí 'n-a rígh Connacht fiche bliadhan bás agus fuair Muireadhach
Muindearg mac Feargna mic Dalláin mic Dubhthaigh mic Mianaigh
mic Luighdheach mic Aonghusa Finn mic Fearghusa Duibhdhéadaigh
mic Iomchadha mic Fionnchadha mic Oghamhail mic Fiataigh Finn a quo
Dál bhFiatach do bhí 'n-a rígh Uladh dá bhliadhain déag bas.



V.
Do rinneadh Feis Teamhrach lé hOilill Molt. Trí comhdhála
coitcheanna iomorro do bhíodh i nÉirinn i n-allód mar
atá Feis Teamhrach, Feis Eamhna, agus Feis Chruachan. Do
chuireamar síos roimhe so na neithe do luaidhtí i bhFeis Teamhrach.
Anois cheana is é adhbhar cruinnighthe is mó do bhíodh ag
Feis Eamhna agus ag Feis Chruachan ré fromhadh do dhéanamh
ar lucht daoircheard i nÉirinn, mar atá an drong do bhíodh ré
gaibhneacht nó ré ceardacht nó ré saoirseacht nó ré n-a
samhail oile do dhaoircheardaibh. Agus do toghthaoi leis na
huaislibh is leis na hollamhnaibh do bhíodh san dá chomhdháil sin
trí fichid saoi ris gach ceird as gach comhdháil díobh, is do
roinntí fá Éirinn da éis sin iad; agus ní lámhadh fear
comhcheirde dhóibh feidhm na ceirde sin do dhéanamh gan chead


L. 44


don tsaoi ris an gceird sin do bhíodh san tír, go bhfromhadh
an tsaoi an mbíodh cliste ré déanamh na ceirde. Agus do
gairthí ioldánaigh do na saoithibh-se. Ionann iomorro
ioldánach is ilcheardach, do bhrígh gurab ionann dán is
ceard.



Is ar Oilill Molt do-bheir an Leabhar Irsi rí na Scot.
Is ré n-a linn fuair Benignus comhorba Pádraig bás. Is
ar Oilill mar an gcéadna tugadh Cath Dumha Aichir lé
Laighnibh, áit ar thuit iomad do dhaoinibh da gach leith. Is fán
am-so do bhí cogadh idir Ambrosius rí Breatan agus Picti
is Scoti. Is i bhflaitheas Oiliolla fós fuair Conall
Créamhthainne bás, agus Iarlaithe an treas easpog i nArd
Macha i ndiaidh Phádraig. Simplisius fá Pápa an tan soin.
Is ar Oilill Molt rí Éireann tugadh Cath Ocha lé Lughaidh
mac Laoghaire is lé Muircheartach mac Earca is lé
Fearghus Ceirrbheoil mac Conaill Chréamhthainne is lé
Fiachaidh Lonn mac Caolbhaidh rí Dál nAruidhe, amhail adeir
an file:




Lé Lughaidh is lé Fiachaidh Lonn,
Is lé Muircheartach móroll,
Agus lé Fearghus gan locht,
Do marbhadh Oilill saor-Mholt.




Fiche bliadhain i ndiaidh an chatha soin do chur do chuadar
seisear mac Eirc mic Eochach Muinreamhair i nAlbain, mar
atá dá Aonghus dá Lodharn agus dá Fhearghus. Trí chéad is
seacht mbliadhna ó aimsir Chonchubhair mic Neasa go haimsir
Chormaic mic Airt. Dá chéad is cheithre bliadhna ó aimsir
Chormaic go dtugadh Cath Ocha. Agus fiche bliadhan da éis
sin do chuadar clanna Eirc mic Eochach Muinreamhair i
nAlbain. Duach Teangumha mac Fearghusa mic Muireadhaigh
Mháil mic Eoghain Sreibh mic Duach Galaigh mic Briain mic


L. 46


Eochach Mhuighmheadhóin fá rí Connacht seacht mbliadhna an tan
soin gur thuit lé hEochaidh Tiormcharna.



Do ghabh Lughaidh mac Laoghaire mic Néill Naoighiallaigh
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhain. Anghus
inghean Tasaigh do Uíbh Liatháin máthair Lughaidh. Is é Fraoch
mac Fionnchadha fá rí Laighean an tan soin. Is fán am-so
tugadh Cath Ceall Osnadh i Maigh Fea i gConntae Cheithearlach,
cheithre mhíle ó Leithghlinn soir, mar ar thuit Aonghus
mac Natfraoich do bhí 'n-a rígh Mumhan sé bliadhna déag ar
fhichid, agus Eithne Uathach inghean Chriomhthainn mic Éanna
Chinnsealaigh a bhean mar aon ris lé Muircheartach mac
Earca is lé hOilill mac Dúnluing; gonadh uime sin adeir
an file an rann-so:




Atbath craobhdhos bhile mhóir
Aonghus Molbhthach mac Natfraoich
Fágbhaidh lá hOilill a rath
I gcath Ceall Osnadha claoin.




Da éis sin fuair Fraoch mac Fionnchadha a mharbhadh i
gCath Gráine lé hEochaidh mac Cairbre. Felix an treas
Pápa don ainm sin, an deachmhadh bliadhain do fhlaitheas
Luighdheach mic Laoghaire do rinneadh Pápa dhe. Is fán am-so
tugadh cath Sleamhna Midhe lé Cairbre mac Néill ar
Laighnibh, agus tugadh Cath Seaghsa, mar ar marbhadh Duach
Teangumha rí Connacht lé Muircheartach mac Earca, amhail
adeir an file san rann-so:




Cath Dealga, Cath Muchromha,
Agus Cath Tuama Drubha,
Agus fós Cath na Seaghsa,
A dtorchair Duach Teangumha.




Is fán am-so tugadh Cath Lochmhaighe lé Laighnibh ar Uíbh
Néill, áit ar thuit iomad do dhaoinibh ann; agus do chuaidh
Fearghus Mór mac Earca i nAlbain mar aon ré Dál Riada
agus do ghabhadar flaitheas innte. An naomhadh bliadhain
déag do fhlaitheas Luighdheach mic Laoghaire fuair Pádraig


L. 48


bás, iar gcaitheamh dá bhliadhain is sé fichid ar an saoghal-so,
amhail adubhramar thuas. Da éis sin fuair Lughaidh mac
Laoghaire bás i nAchadh Fharcha lé caoir theinntighe do thuit ó
neamh air tré mhíréir Phádraig do dhéanamh dó. An bhliadhain
déidheanach do fhlaitheas Luighdheach do bhí Gelasius 'n-a
Phápa.



Do ghabh Muircheartach mac Earca mic Muireadhaigh mic
Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht
Éireann cheithre bliadhna ar fhichid. Earc inghean Lodhairn rí
Alban máthair Mhuircheartaigh mic Earca; agus is i dtosach
a fhlaithis rugadh Ciarán mac an tSaoir do bhí do shliocht
Chuirc mic Fearghusa mic Róigh. An ceathramhadh bliadhain do
fhlaitheas Muircheartaigh do rinneadh Pápa do Anastasius
an dara Pápa don ainm sin. Is fán am-so rugadh an naomh
Comhghall Beannchair, an t-abb naomhtha, an tí ag a rabhadar
dá fhichid mile manac fá n-a óighréir nó fá n-a smacht, amhail
leághthar i Leabhar Ruadh Mic Aodhagáin; agus is córaide so
do chreideamhain go léaghthar ag ughdar bharántamhail .i. ag
S. Bearnard i mBeatha Mhalacias go dtáinig deisciobal
dar bh'ainm Soanus ón Abb Comhghall lér tógbhadh céad
mainistir; agus is ar sliocht Íriail mic Conaill Chearnaigh
mic Aimhirgin do chlannaibh Rudhruighe atá an Comhghall-so.
Ag so mar adeir an duain naoimhsheanchais da dhearbhadh
sin:




Comhghall Beannchair mac Séadna,
Ar nar cheist uamhan éaga,
Fréamh Uladh ar nach fríoth faill
Do shíol Íriail mic Conaill.




Is fán am-so fuair Anastasius impir bás agus Cainneach
Achaidh Bó, an naomh; agus is do shliocht Fhearghusa mic Róigh
an naomh-so; agus rugadh Colum Cille mac Feidhlimidh mic
Fearghusa mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh. Is
fán am-so fuair Brighid, inghean Dubhthaigh mic Dreimhne mic
Breasail mic Déin mic Connla mic Airt mic Cairbre Niadh
mic Cormaic mic Aonghusa Mhóir mic Eochach Finn Fuath


L. 50


nAirt mic Feidhlimidh Reachtmhair mic Tuathail Teachtmhair do
shíol Éireamhóin bás i n-aois a seacht mbliadhan is cheithre
fichid; nó do réir dhruinge oile i n-aois a deich mbliadhan is
trí fichid. Ionann iomorro Brighid is breo-shaighead
.i. saighead teine; agus ní héigcneasta sin do ghairm dhi, do
bhrígh go raibhe 'n-a teine ar lasadh do ghrádh Dé ag
diubhrogadh a guidhe do ghréis go Dia. Agus do réir an
Fhéilire, is í do rinne an rann-so:




Mírín aráin eorna áin,
Is í mo chuid-se don chlár:
Gas bhiorair is uisce te,
Is í mo chuid gach n-oidhche.




VI.



An seiseadh bliadhain do fhlaitheas Mhuircheartaigh mic
Earca do rinneadh Pápa do Shimmachus agus do bhí 'n-a
Phápa cúig bliadhna déag agus ocht mí; agus an t-aonmhadh
bliadhain ar fhichid do fhlaitheas an Mhuircheartaigh chéadna
do rinneadh Pápa do Hormisda agus do bhí 'n-a Phápa naoi
mbliadhna. Is fán am-so do fríoth go míorbhaileach naoimhchorp
Antonius manach agus rugadh go hAlexandria é agus
do cumhduigheadh i nEaglais Eoin Baiste é. Tug Muircheartach
mac Earca na catha-so síos i n-aonbhliadhain do
réir mar adeir an file san rann-so:




Cath Cinn Eich, Cath Almhaine,
Lé haimsir oirdheirc amhra,
Orgain Chliach, Cath Eibhlinne,
Agus Cath Maighe Ailbhe.




Go grod d'éis na gcath-so do chor, fuair Muircheartach bás
i dtigh Cleitigh; agus fuair Ailbhe Imligh bás.



Do ghabh Tuathal Maol Garbh mac Cormaic Chaoich mic
Cairbre mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht
Éireann trí bliadhna déag. Is uime ghairthear Tuathal
Maol Garbh dhe, Comáin inghean Daill Bhrónaigh a mháthair,


L. 52


agus an tan rugadh Tuathal lé, do bhuail a cheann ar chloich
mar gheasaibh ag tuar sonais dó, go ndearna an chloch claig
'n-a cheann, agus ní fhásadh gruag san gclaig sin; gonadh
de sin tugadh Tuathal Maol Garbh air.



Is i bhflaitheas Tuathail fuair Moctaeus deisciobal
Phádraig bás, agus do mhair sé trí chéad bliadhan; agus do
rugadh Baoithín dalta Choluim Chille; agus clann an deise
dearbhráthar Baoithín agus Colum Cille, agus fuair Comhghall
rí Alban bás, agus fuair Mobhí da ngairthí Bearchán
na Fáistine do shliocht Fhiachach Aiceadha mic Cathaoir Mhóir
bás. Is i bhflaitheas Tuathail fós tugadh Cath Tortan lé
Laighnibh, áit ar marbhadh Earc mac Oiliolla Muilt; agus is
uaidh sin tángadar Fir Cheara. Is fan am-so tugadh Cath
Sligighe lé Fearghus is lé Domhnall, dá mhac Muircheartaigh
mic Earca, mar ar thuit Eoghan Béal do bhí 'n-a rígh Connacht
cúig bliadhna déag ar fhichid leo; agus fuair Odhrán naomh
Leathraighe, do shliocht Chonaire mic Mogha Lámha, bás, agus
Ciarán mac an tSaoir i n-aois a aoinbhliadhna déag ar
fhichid, agus Béoaidh fá hainm da athair agus Dáirearca
ainm a mháthar, amhail adeir sé féin san rann-so:




Dáirearca mo mháthair-se,
Níor bho banscáil bhocht,
Béoaidh an saor fós mh'athair-se,
Ó Latharnaibh Molt.




Is fán am-so do thuit a cheann d'Abacuc i n-aonach
Tailltean tré láimh Chiaráin do thabhairt i n-éitheach; agus do
mhair sé cheithre bliadhna mar sin gan cheann idir na
manchaibh. Da éis sin do marbhadh Tuathal Maol Garbh rí
Éireann lé Maol Mór mac máthar do Dhiarmaid mac
Fearghusa Ceirrbheoil i nGreallaigh Eilte.



Is i bhflaitheas Tuathail fós do ghabh Guaire mac Colmáin
ceannas Connacht i ndiaidh Eoghain Béil; agus tarla an
tráth soin an mac fá sine ag Eoghan 'n-a dhalta foghluma ag
Ciarán ar tí bheith 'n-a mhanach. Ceallach fá hainm do, agus


L. 54


bréagthar lé caraid Eoghain a coimhthionól Chiaráin é ré
ceannas feadhna do dhéanamh orra féin i n-aghaidh Ghuaire.
Gidheadh ar dtigheacht amach do Cheallach, thug Ciarán a
mhallacht dó, is iarrais ar Dhia bás foiréigneach da bhreith.
Ar mbeith iomorro sealad mar sin dó, do thuig gurab olc
do rinne míréir Chiaráin do dhéanamh. Agus téid d'fhios
an naoimh Chiaráin agus ciontuighis é féin dó, agus geallais
go n-anfadh ar a thoil feadh a ré. Tug Ciarán a bheannacht
dó; gidheadh adubhairt gurab bás foiréigneach do-bhéaradh é.
Anais Ceallach san chóimhthionól ó shoin amach, go ndearnadh i
gcionn aimsire easpog dhe, agus ar mbeith 'n-a easpog san
tír dhó, do bhí ag déanamh rannta agus carad do dhearbhráthair
fá hóige ioná é féin, i ndóigh go roichfeadh leis ríoghacht
Chonnacht do bhuain amach dhó; agus ar a chlos soin do Ghuaire
ollmhuighthear leis triúr do mhuinntir dhílis Cheallaigh féin;
gur marbhadh leo é; gonadh mar sin do fíoradh an tuar do
rinne Ciarán dó, mar do thairrngir gurab bás foiréigneach
do-ghéabhadh Ceallach.



Do ghabh Diarmaid mac Fearghusa Ceirrbheoil mic
Conaill Chréamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol
Éireamhóin ríoghacht Éireann dá bhliadhain is fiche. Corbach
inghean Mhaine bean do Laighnibh máthair Dhiarmada mic
Fearghusa. Is i bhflaitheas an rígh-se fuair Tighearnach
easpog Chluana Eoais, do shliocht Dáire Bharraigh mic
Cathaoir Mhóir, bás, agus Oilill mac Muireadhaigh do bhí
'n-a rígh Laighean naoi mbliadhna. Agus do bhí Cormac mac
Oiliolla mic Eochach mic Dáire Cearb mic Oiliolla Flann
Big 'n-a rígh Mumhan.



Is fán am-so tugadh Cath Cúile Conaire i gCeara lé
Fearghus is lé Domhnall dá mhac Mic Earca, áit ar marbhadh
Oilill Anbhann rí Connacht is a bhráthair Aodh Fortamhail;
agus is i bhflaitheas an Diarmada-so tarla pláigh i nÉirinn


L. 56


da ngairthí an Chrom Chonaill, is do éagadar iomad do
naomhaibh ria, is go háirithe Mac Táil Chille Cuilinn. Is
fán am-so tugadh Cath Cúile, áit ar thuiteadar iomad do
lucht Corcaighe tré ghuidhe Mhidhe .i. bannaomh uasal do shliocht
Fhiachach Suighdhe mic Feidhlimidh Reachtmhair da dtugadar an
dream soin míochádhas.



Is fán am-so fuair Eochaidh mac Connlo mic Caolbhaigh
mic Cruinn Badhraoi mic Eochach Cobha mic Luighdheach mic
Rossa mic Iomchadha mic Feidhlimidh mic Cais mic Fiachach
Aruidhe do bhí 'n-a rígh Uladh dá bhliadhain ar fhichid bás,
agus do b'é céidrí Dál nAruidhe é. Agus fuair Cormac mac
Oiliolla rí Laighean bás agus Beag Mac Dé an fáidh; agus
rugadh Molua naomhtha mac Sinill mic Aimhirgin mic Éirnín
mic Duach mic Briain mic Eochach Mogha; agus fuair Cathfuidh
easpog Achadh Chuinnire bás is an naomh Neasán Lobhar; is
do thógaibh Bréanainn naomhtha do shliocht Chéir mic Fearghusa
Eaglais Chluana Fearta; agus fuair Gabhrán rí Alban
bás; agus tug Gruige mac Maolchon rí Cruithneach maidhm
is ruaig ar Albanchaibh.



Is fán am-so tugadh Cath Cúile Dreimhne lé Fearghus is
lé Domhnall dá mhac Muircheartaigh Mic Earca ar Dhiarmaid
mac Fearghusa, gur cuireadh i raon madhma é féin is gur
marbhadh urmhór a mhuinntire tré ghuidhe Choluim Chille. Óir
do mharbh seisean, tar chomhairce Choluim, Cuarnán mac Aodha
mic Eochach Tiormcharna, is do dhíoghail Dia sin air san
chath-so. Do briseadh Cath Cúile Uinnseann i dTeathbha ar
Dhiarmaid lé hAodh mac Bréanainn rí Teathbha, áit ar
marbhadh iomad da mhuinntir; agus da éis sin do chuaidh
Colum Cille i nÍ i nAlbhain, i n-aois a trí bliadhna is dá
fhichid; agus tugadh Cath Móna Doire i nAlbain lé clannaibh
Néill an tuaisceirt, mar ar thuiteadar seacht minríogha do
Chruithneachaibh leo. Is fán am-so fuair Colmán Mór mac


L. 58


Cairbre mic Oiliolla mic Dúnlaing, do bhí 'n-a rígh Laighean
tríochad bliadhan, bás.



Is i n-aimsir Dhiarmada mic Cearbhaill do bheith i bhflaitheas
Éireann táinig file Albanach dar bh'ainm Labhán Draoi
i nEirinn; agus do chualaidh iomrádh ar oineach Eochach Aontsúla
sinnsear síl Súilleabháin, agus táinig da ionnsuighe
d'iarraidh tabhartais air, agus ní ghéabhadh bronntanas oile
uaidh acht a leathshúil; agus d'uamhan a cháinte don draoi do
rad Eochaidh a leathshúil dó. Tárla fán am soin Ruadhán
Lothra ar an láthair, agus mar do chualaidh an itghe
aindlightheach, iarrais ar Dhia súile Labháin do chur i gceann
Eochach, agus an feidhm do-nídís do Labhán do dhéanamh dó;
agus táinig d'aithchuinge an naoimh go ndeachadar súile
Labháin i gceann Eochach agus go ndeinidís an feidhm sin
dó feadh a ré.



VII.
An seachtmhadh bliadhain do fhlaitheas an Diarmada-so
ríogh Éireann táinig cailleach dhubh dar bh'ainm Sineach Chró
do chasaoid ar Ghuaire mac Colmáin ré Diarmaid tré bhreith
na haonbhó do bhí aice uaithe. Do thionóil Diarmaid sluagh
líonmhar ré dul do bhuain díolaidheachta i mboin na caillighe
do Ghuaire, agus triallais go Sionainn don chur soin. Do
bhí iomorro tionól sluagh is sochuidhe ag Guaire ar a chionn
don leith oile; agus do chuir Guaire Cuimín Foda mac Fiachna
da iarraidh ar Dhiarmaid gan dul go ceann cheithre n-uaire
bhfichead tar Sionainn siar. "Ni mór an athchuinge dhuit-se
sin d'fhagháil," ar Diarmaid, "agus do-ghéabhthá ní budh mhó
dá madh é do iarrfá." Do bhádar trá leath ar leath don
tSionainn, an rí Diarmaid don leith thoir is Guaire don leith
thiar, go maidin ar n-a mhárach. "Is iongnadh liom," ar
Cuimín, "laighead an tsluaigh-se agat is méad an tsluaigh
atá id aghaidh." "Tuig a chléirigh," ar Diarmaid, "nach


L. 60


iomad curadh chuireas cath acht mar is toil ré Dia; agus ma's
dímheas atá agat ar ar sluagh-ne, tuig nach iad na crotha
caomha acht na croidheadha cruaidhe chuireas cath."



Do commóradh an comhrac eatorra, an rí go n-a shluagh
do thaoibh, agus Guaire go neart Connacht is Mumhan don
leith oile. Gidheadh do briseadh do Ghuaire is da shluagh, gur
marbhadh mórán do mhaithibh Connacht is d'fhearaibh Mumhan
ann. Agus is do ghuidhe Cháimín naomhtha do bheannuigh i
nInis Cealltrach táinig buaidh gcatha do bhreith ar Ghuaire;
óir do throisc Cáimín trí thráth air fá díommbuaidh gcatha do
bheith ar Ghuaire. An naomh-so Cáimín is do shliocht Fiachach
Aiceadha mic Cathaoir Mhóir é. Táinig trá Guaire go
Cáimín is tug umhla is óighréir dó, agus do shléacht 'n-a
láthair. "Ní fhuil breith air gan díommbuaidh gcatha do bheith
ort," ar Cáimín.



Iar gcur iomorro an chatha ar Ghuaire táinig 'n-a aonar
go mainistir bhig a raibhe aoinbhean amháin riaghalta, is do
fhiafruigh an bhean cia hé. "Fear gráidh do Ghuaire mé," ar
sé. "Is truagh linn," ar ise, "maidhm do bheith ar an rígh
sin is mó déirc is daonnacht is eineach da bhfuil i nÉirinn,
agus deargár a mhuinntire do thabhairt." Téid an bhean
riaghalta gus an sruth do bhí láimh ria is atchí bradán ann;
tillis go Guaire ris na scéalaibh sin. Téid Guaire amach
gus an sruth is marbhais an bradán is rug buidheachas ré
Dia bheith taoibh ris an mbradán an oidhche sin, is a mhionca
do bhádar deich mairt oidhche oile aige. Téid Guaire ar n-a
mhárach i ndáil a mhuinntire is do-ní comhairle riú an
dtiubhradh cath oile do rígh Éireann nó an ngiallfadh do rinn
ghai dhó. Is air do chinn Guaire is a mhuinntear dul go
Diarmaid agus gialladh dhó. Gidheadh is é modh ar ar ghiall
dó, rinn ghai nó chloidhimh an ríogh do chur 'n-a bhéal idir a
fhiaclaibh agus é faon ar a ghlúinibh. Agus ar mbeith do


L. 62


Ghuaire mar sin, adubhairt an rí lé lucht da mhuinntir féin
ós iseal, "Fionnfam," ar sé, "anois an tré ghlóir dhíomhaoin
do-ní Guaire an t-eineach mór úd." Tug ar dhraoi da
mhuinntir ní d'iarraidh air a los ealadhna, is ní tug Guaire
aire dhó. Cuiris lobhar d'iarraidh déirce air ar son Dé.
Tug an dealg óir do bhí 'n-a bhrat don bhocht. Téid an bocht
uaidh, is tarla duine do mhuinntir an ríogh Dhiarmada ris is
beanais an dealg óir de, is do-bheir do Dhiarmaid é. Tig
an bocht arís go Guaire da chasaoid sin ris, is tug Guaire
an crios óir do bhí tairis dó, agus beanaid muinntear
Dhiarmada an crios don bhocht, agus tig arís go Guaire
agus rinn chloidhimh Dhiarmada idir a fhiaclaibh; agus mar do
chonnairc Guaire an bocht go tuirseach do thuit sruth déar
uaidh. "A Ghuaire," ar an rí, "an ar a thruaighe riot bheith
fám chumhachtaibh-se ataoi ag caoi mar sin?" "Do-bheirim
briathar nach eadh," ar sé, "acht ar a thruaighe liom bocht Dé
do bheith gan ní." Is ann sin adubhairt Diarmaid ris éirghe
is nach biadh ó shoin amach fá n-a smacht féin, agus go raibhe
rí na n-uile dhúl ós a chionn dá ngiallfadh, is gur leor leis
sin uaidh. Ceanglaid síoth eatorra féin agus adubhairt
Diarmaid ris teacht go haonach Tailltean i bhfiadhnaise fhear
nÉireann, "agus do-bhéar féin mo thighearnas óm lá féin
amach dhuit," ar sé.



Téid Guaire iar sin go haonach Tailltean agus miach nó
mála airgid ré n-a chois i gcoinne a bhronnta d'fhearaibh
Éireann. Tug iaramh Diarmaid ar fhearaibh Éireann gan
aon díobh d'iarraidh aoinneithe ar Ghuaire san aonach. Dá
lá dhó amhlaidh sin; an treas lá iomorro adubhairt Guaire
ré Diarmaid fios do chur ar easpog chuige go ndearnadh a
fhaoisidin is a ongadh. "Créad sin?" ar Diarmuid. "Bás


L. 64


atá im ghar," ar Guaire. "Cionnus tuigeas tú sin?" ar
Diarmaid. "Tuigim," ar Guaire, "fir Éireann ar aon
láthair agus gan neach dhíobh ag iarraidh neithe orm." Tug
Diarmaid ann sin cead bronntais do Ghuaire. Gabhais
Guaire ag bronnadh neithe do gach aonduine an tan soin;
agus ma's fíor, ba faide an lámh lé ndáileadh ní do na
bochtaibh ioná an lámh lé dtiodhlaiceadh ní don éigse. Do
rinne Diarmaid síoth is síothcháin ré Guaire an tráth soin
do láthair fhear nÉireann is do bhádar muinnteardha da
chéile ó shoin amach.



Tarla go raibh duine naomhtha cráibhtheach do dhearbhráithar
ag Guaire dar bh'ainm Mochua; agus aimsir da ndeachaidh do
dhéanamh an chorghais go tobar fíoruisce atá láimh ré Buirinn
siar budh dheas, cúig mhíle ó Dhurlus Guaire, is gan 'n-a
fhochair acht aon mhaiccléireach amháin do bhíodh ag friothólamh
an aifrinn dó. Is ní chaitheadh féin ná an maiccléireach san
ló go n-oidhche acht aonphroinn, is ní caithtí ann sin leo acht
beagán d'arán eorna is biorar is fíoruisce. Agus iar
dteacht laoi Cásca is iar rádh aifrinn do Mhochua do ghabh
mian feola an maiccléireach, is adubhairt ris an naomh
Mochua go rachadh go Durlus d'fhios Ghuaire d'fhagháil a
shásuighthe feola. "Ná déin," ar Mochua, "an agam-sa go
nguidhinn Dia d'iarraidh feola dhuit." Agus leis sin léigis
a ghluine ré lár is do ghéaruigh ar a ghuidhe go Dia ar
iarraidh feola don mhaiccléireach. I n-aoinfheacht sin is biadh
da fhreastal go bordaibh tighe Guaire, táinig do ghuidhe
Mochua gur sciobadh na miasa is an fheoil do bhí orra a
lámhaibh an luchta do bhí ag a bhfreastal, is trialltar leo
tar sleasaibh an mhúir amach go ndearnadar go réimdhíreach
gus an bhfásach 'n-a raibhe Mochua; is téid Guaire go líon a
theaghlaigh ar marcuidheacht i dtóiruidheacht na mias. Agus
nuair rángadar na miasa do láthair Mhochua do ghabh ag
mioladh is ag móradh anma Dé, agus adubhairt ris an
maiccléireach a shásadh don fheoil d'ithe.


L. 66


Leis sin tug súil seacha is atchí an machaire lán do mharcshluagh,
is adubhairt nár shochar dó féin an fheoil d'fhagháil
is méad na tóire sin do bhí 'n-a diaidh. "Ní heagal
duit," ar Mochua, "mo dhearbráthair go n-a theaghlach atá
ann, is guidhim-se Dia gan neach dhíobh do léigean tairis
siúd go beith sáthach dhuit-se." Agus leis sin leanaid buinn
na n-each don talamh go nach raibhe neart dóibh triall tairis
sin go beith sáthach don mhaiccléireach. Is ann sin do ghuidh
Mochua Dia 'ga iarraidh air scaoileadh da dhearbhráthair is
da theaghlach. Scaoiltear leis sin díobh is tigid do láthair
Mhochua. Léigis Guaire ar a ghlúinibh é féin do láthair an
naoimh Mochua is iarrais maithmheachas air. "Ni heagal
duit a dhearbhráthair; gidheadh ithtear an biadh libh annso."
Agus iar gcaitheamh a phroinne do Ghuaire is da mhuinntir
ceileabhraid do Mhochua is tillid go Durlus ar a n-ais.
Is dearbhadh ar fhírinne an sceoil-se gurab Bóthar na Mias
ghairthear do na cúig mhílibh do shlighe atá ó Dhurlus gus an
dtobar 'n-a raibhe Mochua an tan soin.



VIII.
Is i n-aimsir Dhiarmada mic Fearghusa ríogh Éireann do
bhí Béacán naomhtha ann. Adeirid drong ré seanchus go
raibhe mac oile i n-éagmais Fhiachach Muilleathain ag Eoghan
Óg .i. Diarmaid, agus is ar sliocht an Diarmada-so táinig
Béacán naomhtha do bheannuigh i gCill Bhéacáin i Múscruidhe
Chuirc; agus fós adeirid na seancaidh go rabhadar triúr
mac ag Fiachaidh Muilleathan féin .i. Oilill Flann Mór
Oilill Flann Beag is Deachluath. Ag so deismireacht ar
sin:




Béacán ó Dhiarmaid naomh nár,
Déanam clann Fhiachach d'iomrádh,
Dream dar chomhaill tír is tuath,
Dá Oilill díobh is Deachluath.




Is fán am-so do mheas Breasal mac Diarmada mic
Fearghusa .i. mac ríogh Éireann, fleadh d'ollmhughadh da athair
ag Ceanannus na Midhe, is níor mhaise leis aoinní da raibhe


L. 68


aige i gcomhair na fleidhe sin gan mairtfheoil 'n-a mbiadh
foirrcheas ré n-a dáil ar an bhfleidh sin da athair. Gidheadh
ní fhuair a samhail sin do mhairtfheoil i gcomhfhoigse dhó acht
aonmhart do bhí ag mnaoi riaghalta i gCill Ealchruidhe,
agus iarrais Breasal an mart go háiseach umhal ar an
mnaoi, is do thairg seacht mba is tarbh do chionn na haonbhó
d'fhagháil dó. Éimghis an bhean é. Tairis sin tug seisean
an bhó da haimhdheoin uaithe gur mharbh ar an bhfleidh í. Agus
iar mbeith i n-áineas na fleidhe do rígh Éireann is da
mhuinntir, tig an chailleach is do rinne casaoid ar Bhreasal
ris an rígh. Ar gclos iomorro na casaoide sin do
Dhiarmaid .i. an rí, do ghabh dásacht feirge é, is adubhairt go
mbáiseochadh sé Breasal tré shárughadh chaillighe Chille
hEalchruidhe, is beiris leis é ar bruach abhann Lorcaighe, gur
báthadh leis Breasal amhlaidh sin. Gabhais aithreachas Diarmaid
tré n-a mhac do bháthadh, is téid da cheisneamh sin ré
Colum Cille, is adubhairt Colum ris teacht d'fhios an athlaoich
Bhéacáin don Mhumhain, agus triallais féin is Colum Cille
mar aon ris go rángadar Cill Bhéacáin don leith thuaidh do
Shliabh gCrot. Agus is amhlaidh fuaradar an naomh is é ag
déanamh cloidh timcheall a reilge is a aibíd fliuch 'n-a
thimcheall. Mar fuair Béacán amharc ar Dhiarmaid, is eadh
adubhairt: "Fán dtalamh a fhionghalaigh," ar sé. Leis
sin téid Diarmaid go glúinibh i dtalmhain. "D'iarraidh
comairce ort-sa san ngníomh do rinne táinig sé," ar Colum
Cille, "agus ag iarraidh ort t'impidhe do chur go Dia fá
n-a mhac d'aithbheodhadh." Leis sin guidhis Béacán Dia go
dúthrachtach fá thrí ar fhoráileamh Choluim Chille; agus is mar
sin do haithbheodhadh mac ríogh Éireann, .i. Breasal, tré
ghuidhe Bhéacáin naomhtha; gur móradh ainm Dé is Bhéacáin
trés an mhíorbhal soin.



Tarla Guaire mac Colmáin, fá fear comhaimsire don
Diarmaid-se, is Cuimín Foda mac Fiachna is Cáimín Inse


L. 70


Cealltrach i dteampull mór na hinse. Agus do cuireadh
trí ceasta eatorra. Ar dtús adubhairt Cáimín, "Créad, a
Ghuaire," ar sé, "an ní budh mhaith leat agat?" "Ór is
ionnmhas ré a bhronnadh," ar Guaire. "Agus tusa, a
Chuimín," ar Guaire, "créad an ní budh mhian leat?"
"Iomad leabhar ré friotal na fírinne," ar Cuimín. "Agus
tusa, a Cháimín," ar Cuimín, "créad do mhian-sa?" "Iomad
galar ar mo chorp," ar Cáimín. Agus fuaradar a dtriúr
a miana, acht i ndeireadh a ré gur heascaineadh Cuimín lé
Mochua, agus gur bhean gach rath dhe, ma's fíor don tseanchus.



Táinig Guaire mac Colmáin trí catha do shluagh Connacht
d'argain Mhumhan go dtarla Díoma mac Ronáin mic
Aonghusa fá rí Caisil an tan soin dó i nUíbh Fidhghinnte ré
ráidhtear Clár Chonntae Luimnigh aniú, agus tug Díoma is
Guaire cath da chéile ag Carn Fearadhaigh, gur briseadh do
Ghuaire is do Chonnachtaibh ann. Agus do marbhadh an nuimhir dho-
áirmhighthe dhíobh mar aon ré sé triathaibh d'uaislibh Connacht.
Is é adhbhar fá dtáinig Guaire ar an sluagh soin ag éiliughadh
a raibhe ó Shliabh Echtghe go Luimneach do bhí do sheanroinn
Chonnacht nó go dtug Lughaidh Meann mac Aonghusa Tírigh
seacht gcatha ar Chonnachtaibh mar ar mharbh seacht ríogha dhíobh,
agus gan do shluagh aige acht amhsuidh is giollanraidh go
ndearnaidh sé fearann cloidhimh da bhfuil ó Bheirn trí
gCarbad ag Carn Fhearadhaigh go Luchad .i. Bealach an
Luchaide, agus ó Áth na Bóraimhe go Léim an Chon; gonadh
da dhearbhadh sin do rinne Cormac mac Cuileannáin an
rann-so:




Fá hé sin an Lughaidh Láimhdheirg
Tall ar Chóigeadh Chonnacht chain,
Ó Charn Fhearadhaigh fá uchad,
Go hÁth Luchad lán do ghail.




Fá lucht comhaimsire dá chéile Mochua is Colum Cille,


L. 72


agus ar mbeith i ndíthreibh an fhásaigh do Mhochua nó Mac
Duach, ní raibhe do spréidh shaoghalta aige acht coileach is luchóg
is cuil. Is é feidhm do-níodh an coileach dó, iarmhéirghe an
mheadhóin oidhche do choimhéad. An luchóg iomorro ní léigeadh dó
acht cúig uaire do chodladh san ló go n-oidhche, agus an tan do
thogradh ní-sa mhó do chodladh do dhéanamh, ar mbeith tuirseach
dó ó iomad croisfhidhiol is sléachtan, do ghabhadh an luchóg ag
slíobadh a chluas go ndúscadh amhlaidh sin é. An chuil, cheana,
is é feidhm do-níodh bheith ag siubhal ar gach líne da léaghadh
'n-a Psaltair, is an tan do-níodh scíoth ó bheith ag cantain a
psalm do chomhnuigheadh an chuil ar an line d'fhágbhadh go
tilleadh arís do rádh a psalm dhó. Tarla go grod da éis
sin go bhfuaradar na trí seoide sin bás; agus scríobhais
Mochua leitir da éis sin go Colum Cille ar mbeith i nÍ i
nAlbain dó, agus do-ní casaoid ar éag na healtan soin.
Scríobhais Colum Cille chuige agus is eadh adubhairt: "A
bhráthair," ar sé, "ní cuirthe dhuit i n-iongantas éag na
healtan do chuaidh uait, óir ní bhí an tubaist acht mar a mbí
an spréidh." Measaim ar an súgradh-so na bhfíornaomh nach
raibhe suim aca sna sealbhaibh saoghalta, ní hionann is
mórán do luchth na haimsire-se.



Da éis sin do marbhadh Diarmaid mac Fearghusa Ceirrbheoil
rí Éireann i Ráith Bhig i Maigh Line lé hAodh Dubh
mac Suibhne Aruidhe, agus tugadh a cheann go Cluain Mic
Nóis, is do hadhnaiceadh a cholann i gCuinnire.



Do ghabh Feargus is Domhnall dá mhac Muircheartaigh
mic Earca mic Muireadhaigh, mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoin bhliadhain
amháin. Duinnseach inghean Duach Teangumha ríogh Connacht
máthair na mac-so. Is fán am-so tugadh Cath Gabhra Lithfe
ar Laighnibh lé Fearghus is lé Domhnall, áit ar thuit cheithre
céad do Laighnibh is do marbhadh Díomán mac Cairill mic
Muireadhaigh Mhuindeirg, do bhí 'n-a rígh Uladh deich mbliadhna,
lé bachlachaibh Boirne. Agus 'n-a dhiaidh sin fuair Fearghus
is Domhnall bás.


L. 74


Do ghabh Eochaidh mac Domhnaill mic Muircheartaigh mic
Earca agus Baodán mac Muircheartaigh mic Earca do shíol
Éireamhóin ríoghacht Éireann. Trí bliadhna dhóibh. Is fán
am-so fuair Cairbre Crom mac Criomhthainn Sréibh mic
Eochach mic Aonghusa mic Natfraoich do bhí 'n-a rígh Mumhan
tríochad bliadhan bás. Tairis sin is é an Cairbre Crom-so
ré n-a bhás tug Cath Feimhean ar Cholmán Bheag mac Diarmada,
áit ar briseadh do Cholmán is ar marbhadh iomad da
mhuinntir ann. Agus is uime do gairthí Cairbre Crom dhe
ar n-a bheith da oileamhain nó da altrom i gCromghlaise,
amhail adeir an file san rann-so:




Díreach é ó fhionn go bonn,
Fear fírfhéata Cairbre Crom,
Is air do ghabh ainm ré ais,
Ar a altrom i gCromghlais.




Is é an Cairbre Crom-so do bhronn Cluain Uama do Dhia
is do mhac Léinín.



Adeirid dream ré seanchus gurab fán am-so fuair
Bréanainn Biorra bás. Gidheadh do mhair sé naoi bhfichid
bliadhan do réir an tseanchusa san rann-so síos:




Mairg nach roicheann mór a rath
Bréanainn fá hálainn a rioth,
Ceithre fichid agus céd,
Is é méd baoi ar an mbioth.




Da éis sin tugadh Cath Tola is Forthola lé Fiachaidh mac
Baodáin ar Éilibh agus ar Osruighibh, áit ar thuit iomad
d'Éilibh is d'Osruighibh ann. Agus fuair Conall mac Comhghaill
rí Dál Riada i nAlbain bás, ar mbeith sé bliadhna
déag i bhflaitheas na hAlban dó; agus is é an Conall-so
do bhronn oilean Í i nAlbain do Cholum Chille. Da éis
sin do thuit Eochaidh is Baodán lé Crónán mac Tighearnaigh
rí Ciannachta Ghlinne Geimhean.



Do ghabh Ainmire mac Séadna mic Fearghusa Ceannfhoda
mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol
Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna. Brighid inghean


L. 76


Chobhthaigh mic Oiliolla do Laighnibh Arda Ladhrann bean
Ainmire máthair Aodha mic Ainmire. Da éis sin do thuit
Ainmire lé Fearghus mac Néill ar earbadh Bhaodáin mic
Ninneadha i gCarraig Léime an Eich.



Do ghabh Baodán mac Ninneadha mic Fearghusa Ceannfhoda
mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol
Éireamhóin ríoghacht Éireann aoin bhliadhain amháin. Cacht
inghean ríogh Fionnghall bean Bhaodáin; agus is i bhflaitheas
Bhaodáin fuair an naomh, Bréanainn Chluana Fearta, bás,
agus Aodh mac Eochach Tiormcharna rí Connacht do marbhadh
i gCath Bágha, is Baodán mac Cairill rí Uladh, is Ruadhán
Lothra an naomh. Do shliocht Oiliolla Flann Big mic Fiachach
Muilleathain dó. Agus do marbhadh Baodán mac Ninneadha
rí Éireann leis an dá Chuimín .i. Cuimín mac Colmáin Bhig is
Cuimín mac Libhréin i gCarraig Léime an Eich i nIomairg.
Is í fá haois don Tighearna do réir Bheda, san cheathramhadh
chaibidil don treas leabhar do Stair na Sacsan, ag dul do
Cholum Cille i nAlbain 565.



IX.
Do ghabh Aodh mac Ainmireach mic Séadna mic Fearghusa
Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do
shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna ar fhichid.
Brighid, inghean Chobhthaigh mic Oiliolla do Laighnibh, máthair
an Aodha-so. Is é Aodh mac Ainmireach tug Cath Béal Dáthí,
mar ar thuit Colmán Beag mac Diarmada agus cúig míle
mar aon ris tré fháistine Choluim Chille. Is fán am-so
fuair Seanach easpog Chluana hIoraird bás, is Fiachaidh mac
Baodáin mic Cairill mic Muireadhaigh Mhuindeirg do bhí 'n-a
rígh Uladh cúig bliadhna ar fhichid, gur thuit an tráth-so i


L. 78


gCath Beatha lé Fiachaidh mac Déamáin. Agus fuair Feidhlim
mac Tighearnaigh rí Mumhan bás.



Is lé hAodh mac Ainmireach do commóradh mórdháil
Droma Ceat mar a raibhe comhdháil uaisle is eagailse
Éireann. Agus is trí hadhbhair prinnsiopálta do bhí ag
Aodh ré cruinniughadh na comhdhála soin. An céadadhbhar
díobh do dhíbirt na bhfileadh a hÉirinn ar a méid do mhuirear
is ar a dheacracht a riar. Óir do bhíodh tríochad i mbuidhin
an ollaimh agus cúig fhir déag i mbuidhin an anroth .i. an
té fá goire céim san bhfilidheacht don ollamh. Agus do
bhádar fán am soin, beagnach, trian bhfear nÉireann ré
filidheacht, is do bhídís ó Shamhain go Bealltaine ar coinnmheadh
ar fhearaibh Éireann. Ar n-a mheas d'Aodh mac
Ainmireach gur throm an t-ualach d'Éirinn iad, do chuir
roimhe a ndíbirt as an ríoghacht uile. Adhbhar oile fós do
bhí ag Aodh ré díbirt na bhfileadh, mar do chuadar d'iarraidh
deilg óir do bhí i mbrat Aodha. Dealg sin trá do fhágbhadh
gach rí mar shéadchomhartha ag gach rígh thigeadh 'n-a dhiaidh;
agus is é iarraidh an deilg go ainmhianach dóibh do ghríosuigh
Aodh ré n-a n-athchur gur hionnarbadh go Dál Riada Uladh
iad. Do bhí díochur roimhe sin ar na fileadhaibh ré linn
Chonchubhair mic Neasa Ríogh Uladh tré n-a n-ainbhreathaibh
féin.



Do thionóladar fileadha Éireann an tráth soin i gcoinne
is i gcomhdháil a chéile; agus do b'é a líon ar an gcomhdháil
sin deich gcéad d'fhileadhaibh ag a raibhe buidhean; agus do
bhádar an tráth soin ag cinneadh chomhairle ar dhul i nAlbain;
agus mar do chualaidh Conchubhar sin téid Cú Chulainn 'n-a
ndáil, agus tug congbháil seacht mbliadhan dóibh, amhail
adeir an file san rann-so do beanadh as an duain darab
tosach, Eamhain Uladh ionmhain leam:




Éirghid Ulaidh, amhra an sluagh,
Um Chonchubhar chloidheamhruadh;
Coinnmheadh sheacht mbliadhan go mblaidh,
Uainne do na fileadhaibh.


L. 80



Da éis sin do scaoilsiod na fileadha fá Eirinn is ní raibhe
díochur ortha ó shoin amach go haimsir Fhiachna mic Baodáin
ríogh Uladh, ná ó aimsir Fhiachna go haimsir Mhaoilchobha mic
Déamáin mic Cairill ríogh Uladh, ná ó aimsir Mhaoilchobha
go haimsir Aodha mic Ainmireach. Fá thrí iomorro do dhiúltadar
fir Éireann do na fileadhaibh gur fhostuidheadar
Ulaidh gach uair díobh soin iad. An chéaduair do díbreadh
iad fá hé a líon míle; gur ro fhost Conchubhar go maithibh
Uladh seacht mbliadhna iad, amhail adubhramar. An dara
díbirt do rinneadh orra ro fhost Fiachna mac Baodáin rí
Uladh bliadhain iad, agus seacht gcéad a líon um Eochaidh
Ríghéigeas, amhail adeir an file san duain réamhráidhte:




Eochaidh Ríghéigeas reacht rán,
Luidh go Fiachna mac Baodáin,
Fofríoth fáilte dhíomhor dhe
Na filidh ros fostaighthe.




An treas feacht do díbreadh iad go ro fhost Maolcobha
rí Uladh iad, dá chéad déag a líon, um Dhallán Forgaill
is um Sheanchán, amhail adeir an file san duain chéadna.
Ag so mar adeir:




Feacht do Mhaolcobha na gcliar,
Ré hIobhar Chinn Tráchta aniar;
Dá chéad déag file fosfuair
Fris an Iobhar aniar-dtuaidh;



Do rad dóibh Maolcobha, an cing,
Coinnmheadh teora mbliadhan mbinn,
Méaraidh go ló an bhrátha bháin
Do chine dhealbhdha Dhéamáin.




An dara hadhbhar fár commóradh mórdháil Droma Ceat, i
ndóigh go gcuirfeadh Aodh buinchíos ar Dhál Riada i nAlbain,
agus gan do chíos aige orra roimhe sin acht éirghe shluagh ar
muir is ar tír is íoc éarca lé rígh Éireann, amhail do


L. 82


orduigh Colmán mac Coimhgheallaigh, do réir mar adeir sé
féin san rann-so:




Sluaigheadh la fonnaibh do ghrés,
Cobhlach ar muir go mbithbhés -
Mo bhreath bheilghlic gan bhine -
Is éiric lá deirbhfhine.




An treas adhbhar fár commóradh mórdháil Droma Ceat,
do dhíochur Scannláin Mhóir mic Cinnfhaolaidh a flaitheas
Osruighe, tré gan buinchíos d'íoc ré hAodh, agus ar tí a mhic
Iollainn mic Scannláin do ríoghadh ar Osruighibh tré bheith
umhal san mbuinchíos d'Aodh. Gonadh iad soin na trí fátha
fár horduigheadh mórdháil Droma Ceat, amhail adeir Dallán
Forgaill san rann-so:




Trí fátha fríotha don dáil,
Ar tí aithríoghtha Scannláin,
Um Dhál Riada, ríodhgha an treas,
Is um dhíochur na n-éigeas.




Ag so na ríogha cúigeadhach is na flatha fearainn do
bhí i mórdháil Droma Ceat. Ar dtús Criomhthann Cearr rí
Laighean; Iollann mac Scannláin mic Cinnfhaolaidh rí
Osruighe; Maoldúin mac Aodha Beannáin rí iarthair
Mhumhan; Finghin mac Aodha Duibh mic Criomhthainn rí Mumhan
uile; Criomhthann Deilgneach rí deisceirt Éireann; Guaire
mac Colmáin i ríghe chloinne Fiachrach theas is thuaidh;
Raghallach mac Uadach do ba rí ar Thuathaibh Taidhion is ar
Bhréithfne Uí Ruairc go Cliabhán Modhairn; Ceallach mac
Cearnaigh mic Duibh Dhothra ar Bhréithfne Uí Raghallaigh;
Conghalach Chinn Maghair ar Thír Chonaill 'n-a rígh; dá rígh
Oirghiall .i. Daimhín mac Aonghusa ó Chlochar Deasa go
Fionncharn i Sliabh Fuaid; Aodh mac Duach Galaigh ó
Fhionncharn Sléibhe Fuaid go Bóinn.



An tan fá clos do Cholum Chille i nAlbain cruinniughadh


L. 84


na comhdhála soin agus na trí hadhbhair fár tionóileadh í, mar
atá, aithríoghadh Scannláin, díbirt na bhfileadh is cur bhuinchíosa
ar Dhál Riada, do thriall féin a hÍ go hÉirinn mar
aon ré coimhthionól naoimhchléire; agus is é líon cléire do
bhí 'n-a fhochair ag teacht fá thuairim na comhdhála soin: dá
fhichid sagart, fiche easpog, caoga deochan is tríochad
maiccléireach, amhail adeir Amra Choluim Chille san rann-so:




Dá fhichid sagart a líon,
Fiche easpog uasal bríogh,
Fri gabháil psalm, clú gan acht,
Caoga deochan tríochad mac.




Do féadfaidhe go mbiadh díchreideamh ag an léaghthoir ar
an ní chuirthear síos annso, mar atá go mbeidís easpuig i
gcoimhdeacht abbadh. Gidheadh dá léaghthar an dara caibidil
do Stair na Sacsan do scríobh Beda mar a labhrann ar
phribhiléid oiléin Í i nAlbain, is follus go mbídís easpuig
na hAlban umhal d'abbaidh Í i n-allód. Ag so iomorro
mar adeir: "Fá gnáth," ar sé, "ris an oiléan-so do
shíor uachtarán do bheith air do bhiadh 'n-a abb is 'n-a shagart
ag a mbíodh an chríoch uile fá n-a smacht agus fá n-a
dhligheadh, agus fós fá dlightheach do na heaspogaibh féin,
gér nós neamhghnáthach é, bheith umhal dó, do réir shompla
an chéaddoctúra do bhí ar an oiléan nach raibhe 'n-a
easpog acht 'n-a shagart is 'n-a mhanach." Agus is
follus gurab é Colum Cille an céaddoctúir fuair an
phribhiléid ar dtús i nÍ, amhail adeir Beda san deachmhadh
caibidil don chúigeadh leabhar don Stair chéadna.
"Fá hé Colum," ar sé, "céaddoctúir an chreidimh
Chatoilice do na Pictibh san aird thuaidh ar na sléibhtibh is
an céadduine do thógaibh mainistear i n-oiléan Í do bhí
cádhasach cian d'aimsir ag iomad do phoibleachaibh na Scot is
na bPict." As na briathraibh-se Beda is iontuigthe gurab


L. 86


é Colum Cille an céaddoctúir do chuaidh do shíoladh an
chreidimh do na Pictibh i dtuaisceart Alban, is gurab uime
sin ní headh amháin do ghabhadar na sagairt is na manaigh
orra féin bheith umhal do Cholum Chille is d'abbaidh Í da éis,
acht fós do ghabhadar na heaspuig féin orra é, do bhrígh
gurab é Colum Cille tug solus an chreidimh ar dtús dhóibh.
Agus is uime sin tángadar easpuig i nÉirinn i gcoimhdeacht
Choluim Chille go mórdháil Droma Ceat.



X.
Is amhlaidh táinig Colum Cille i nÉirinn agus bréid
ciartha tarsna ar a shúilibh go nach faicfeadh úir Éireann.
Óir do bhí d'fhiachaibh air gan úir Éireann d'fhaicsin ón tráth
do chuir Molaise do bhreith aithrighe air dul i nAlbain agus
gan fonn na hÉireann d'fhaicsin go bás, ionnus go dtáinig
dhe sin gur chonghaibh an bréid ciartha ar a shúilibh an seal
do bhí i nÉirinn go tilleadh i nAlbain dó; gonadh ag
faisnéis an chomhaill do rinne Colum Cille ar an mbreith
sin, do rinne Molaise an rann-so:




Gé tháinig Colum anoir,
I n-eathar tar an mórmhuir,
Ní fhacaidh ní i nÉirinn áin,
Iar dtigheacht is in mórdháil.




Is é adhbhar iomorro fá rug Molaise do bhreith ar Cholum
Chille dul i nAlbain, mar tháinig do Cholum Chille trí
catha do chur i nÉirinn, mar atá Cath Cúile Dreimhne, Cath
Cúile Rathan, is Cath Cúile Feadha. Is é adhbhar Catha Cúile
Dreimhne do réir an tseinleabhair da ngairthear Uidhir
Chiaráin: Feis Teamhrach do rinne Diarmaid mac Fearghusa
Ceirrbheoil rí Éireann is do marbhadh duine uasal ar an
bhfeis sin lé Cuarnán mac Aodha mic Eochach Tiormcharna;
agus is uime do mharbh Diarmaid an Cuarnán-so tré mar
do mharbh seisean an duine uasal ar an bhfeis i n-aghaidh


L. 88


dhlighidh is tearmainn na feise. Agus sul do marbhadh
Cuarnán do chuaidh ar chomhairce dá mhac Mic Earca
.i. Fearghus is Domhnall is cuirid sin ar chomhairce Choluim
Chille é, agus tar chomhairce Choluim marbhthar lé Diarmaid
é tré choill reachta na Teamhrach; agus táinig dhe sin gur
thionóil Colum Cille clanna Néill an tuaisceirt (tré n-a
chomhairce féin is tré chomhairce chloinne Mic Earca do
shárughadh) gur cuireadh Cath Cúile Dreimhne ar Dhiarmaid is ar
Chonnachtaibh; gur bhriseadh dhíobh tré ghuidhe Choluim Chille.



Cuiridh Leabhar Dubh Molaga adhbhar oile síos fá dtugadh
Cath Cúile Dreimhne, mar atá trés an gclaoinbhreith rug
Diarmaid i n-aghaidh Choluim Chille an tan ro scríobh an
Soiscéal a leabhar Fionntain gan fhios, agus adubhairt
Fionntain gur leis féin an maicleabhar do scríobhadh as a
leabhar féin. Uime sin do thoghadar leath ar leath Diarmaid
'n-a bhreitheamh eatorra; agus is í breath rug Diarmaid
gurab leis gach boin a boinín, is gurab leis gach leabhar
a mhaicleabhar; gonadh é sin an dara hadhbhar fá dtugadh
Cath Cúile Dreimhne.



Is é adhbhar fá dtug Colum Cille fá deara Cath Cúile
Rathan do thabhairt ar Dhál nAruidhe is ar Ulltachaibh do
thoisc iomrasain tarla idir Cholum Chille is Chomhghall mar
do thaispeánadar Dál nAruidhe is Ulltaigh iad féin leathtromach
san imreasan.



Is é adhbhar fá dtug Colum Cille fá deara Cath Cúile
Feadha do thabhairt ar Cholmán mac Diarmada i ndíol a
sháruighthe fá Bhaodán mac Ninneadha rí Éireann do marbhadh
lé Comán mac Colmáin i Léim an Eich tar chomhairce
Choluim.



Triallais iomorro Colum go n-a naoimhchléir a hAlbain,
amhail adubhramar, go Éirinn, agus an tan do bhí ag
teacht i ngar na comhdhála adubhairt an ríoghan, bean Aodha,


L. 90


ré n-a mac Conall gan cádhas do thabhairt don choirrchléireach
ná da bhuidhin; agus ar bhfagháil scéal air sin do Cholum sul
ráinig an láthair is eadh adubhairt: "Is cead liom-sa an
ríoghan go n-a hinnilt do bheith i riocht dá choirr i gcionn
an átha-so thíos go dtí an Bráth." Ag so deismireacht na
hAmhra ag aithfhriotal bhriathar Choluim san rann-so:




Is cead di-se bheith 'n-a coirr,
Ar an cléireach go ró-loinn,
'S is cead da hinnilt go beacht,
Bheith 'n-a coirr 'n-a coimhideacht.




Agus is uime do orduigh an innilt do bheith 'n-a coirr mar
aon ris an ríoghain, do bhrígh gurab í tháinig i dteachtaireacht
ón ríoghain go Conall ag a rádh ris gan cádhas do thabhairt
don choirrchléireach ná da buidhin. Agus do chluinim ó n-a
lán do dhaoinibh go bhfaicthear dá choirr do ghnáth ar an áth
atá láimh ré Druim Ceat ó shoin ale.



Dála Choluim Chille, ar rochtain na comhdhála dhó is é
oireacht Chonaill mic Aodha mic Ainmireach ba neasa dhó don
chomhdháil; agus mar do chonnairc Conall na cléirigh greasais
daoscarshluagh an oireachta fúthaibh, trí naonbhair a líon,
gur ghabhadar do chaobaibh criadh orra, gur brúghadh is gur
breodhadh na cléirigh leo. Is do fhiafruigh Colum cia do bhí
ag a mbualadh amhlaidh sin. Do chualaidh Colum gurab é
Conall mac Aodha do bhí ag a ngreasacht ré déanamh an
ghníomha soin, is cuiris Colum fá deara trí naoi gceoláin
do bhuain an tráth soin ar Chonall gur heascaineadh lé
Colum é, is gur bhean ríghe is aireachas ciall is cuimhne is
a inntleacht de. Agus ó na clogaibh sin do beanadh air,
ghairthear Conall Clogach dhe.



Do chuaidh Colum iar sin go hoireacht Domhnaill mic
Aodha; is éirghis Domhnall 'n-a choinne is do fhear fáilte
roimhe is tug póg da ghruaidh is do chuir 'n-a ionadh féin 'n-a
shuidhe é. Tug Colum a bheannacht do Dhomhnall mac Aodha,
is iarrais ar Dhia ríoghacht Éireann da rochtain, agus ráinig


L. 92


fá dheireadh go raibhe trí bliadhna déag i bhflaitheas Éireann
sul fuair bás.



Triallais Colum as sin go hoireachtas an ríogh is
Domhnall 'n-a fhochair; agus ar rochtain do Cholum do láthair
an ríogh fáiltighis roimhe - do ghabh eagla mhór an rí roimhe
trés an ní do rinne ré Conall ris an ríoghain is ré n-a
hinnilt, amhail adubhramar. "Do b'í m'fháilte mo riar,"
ar Colum. "Do-ghéabhair sin," ar an rí. "Maiseadh," ar
Colum, "is é riar iarraim: trí hitghe iarraim ort, mar
atá fastódh na bhfileadh ataoi do thathfann as Éirinn, is
scaoileadh do Scannlán Mhór mac Cinnfhaolaidh rí Osruighe
as an mbroid 'n-a bhfuil agat, is gan dul do chur bhuinchíosa
ar Dhál Riada i nAlbain." "Ní toil liom," ar an rí,
"fastódh na bhfileadh, ar mhéid a n-ainbhreath is ar a líonmhaire
atáid. Óir bíd tríochad i mbuidhin an ollamhan is a
cúig déag i mbuidhin an anroth agus mar sin do na grádhaibh
file oile ó shoin síos." Do bhíodh buidhean ar leith ag gach
aon díobh do réir a chéime féin, ionnus go raibhe trian bhfear
nÉireann ré filidheacht beagnach.



Adubhairt Colum Cille ris an rígh go madh cóir mórán
do na fileadhaibh do chur ar gcúl ar a líonmhaire do bhádar
ann. Gidheadh adubhairt ris file do bheith 'n-a ardollamh
aige féin ar aithris na ríogh roimhe, is ollamh do bheith ag gach
rígh cúigidh, is fós ollamh do bheith ag gac tighearna triúcha
chéad nó tuaithe i nÉirinn; agus do cinneadh ar an gcomhairle
sin lé Colum Cille, is aontuighis Aodh é; gonadh ag
maoidheamh na commaoine sin do chuir Colum Cille ar na
fileadhaibh do rinne Maolsuthain an rann-so:




Ro saoradh dhe na filidh
Tré Cholum an chaoimhdhlighidh;
File gach tuaithe ní trom,
Is eadh do orduigh Colom.


L. 94



Táinig don ordughadh-so do rinne Aodh mac Ainmireach
is Colum Cille go mbíodh ollamh cinnte ag rígh Éireann is
ag gach rígh cúigeadhach is ag gach tighearna triúcha chéad, is
fearann saor ag gach ollamh dhíobh ó n-a thighearna féin; agus
fós saoirse choitcheann is tearmann ó fhearaibh Éireann ag
fearann is ag maoin tsaoghalta gach ollamhan díobh. Do
orduigheadar fós fearann coitcheann do na hollamhnaibh go
cinnte, mar a mbiadh múnadh coitcheann aca amhail Universitie,
mar atá Ráith Cheannait is Masruidhe Mhaighe Sléacht
san mBréithfne, mar a mbíodh múnadh na n-ealadhan i
n-aiscidh aca d'fhearaibh Éireann, gach aon do thogradh bheith
foghlumtha i seanchus nó sna healadhnaibh oile do bhí ar
gnáthughadh i nÉirinn an tan soin.



Is é fá hardollamh i nÉirinn an tráth soin Eochaidh
Éigeas mac Oiliolla mic Eirc, agus is ris a deirthí
Dallán Forgaill, is do chuir ollamhain uaidh ar chúigheadhaibh
Éireann, mar atá Aodh Éigeas ar chrích Bhreagh is ar an
Midhe, Urmhaol airdéigeas ar dá Chúigeadh Mumhan, Seanchán
mac Cuairfheartaigh ar Chúigeadh Connacht agus Fear Firb
mac Muireadhaigh mic Mongáin i n-ollamhnacht Uladh, agus
fós ollamh i ngach triúcha chéad i nÉirinn fá na
hardollamhnaibh-se, is fearann saor ó n-a bhflaithibh fearainn
dóibh agus tearmann, amhail adubhramar, is duasa cinnte
ar son a nduan is a ndréacht da gach aon díobh.



An dara hathchuinghe do iarr Colum ar Aodh, scaoileadh
do Scannlán Mhór rí Osruighe agus a léigean da chrích féin;
do éimidh Aodh sin. "Ní leanamh tairis sin ort," ar Colum,
"masa toil lé Dia é go raibhe ag buain mh'iallchrann
nó mo bhróg dhíom-sa anocht san iairmhéirghe mar a mbiad."



"An treas athchuinghe iarraim ort," ar Colum Cille,
"cairde do thabhairt do Dhál Riada gan dul da n-argain


L. 96


go hAlbain do thabhach bhuinchíosa orra. Óir ní dlightheach dhuit
d'fhagháil uatha acht airdchíos is éirghe shluagh ar muir is ar
tír." "Ní thiubhrad cairde dhóibh gan dul da n-ionnsuighe,"
ar Aodh. "Maseadh," ar Colum, "biaidh cairde go bráth
uait"; agus fá fíor sin.



Leis sin ceileabhrais Colum Cille go n-a chléir don rígh
is don chomhdháil; agus adeir Leabhar Ghlinne Dá Loch go
raibhe Aodhán mac Gabhráin mic Domhanghuirt rí Alban san
chomhdháil-se, is gur cheileabhair i n-aoinfheacht ré Colum Cille
don rígh is don chomhdháil. Adeir an leabhar céadna go raibhe
an chomhdháil-se Dhroma Ceat 'n-a suidhe bliadhain is mí ag
ordughadh reachta is dligheadh chánach is cháirdeasa idir fhearaibh
Éireann.



XI.
Dála Choluim Chille iar gceileabhradh don chomhdháil
triallais go Duibheaglais i nInis Eoghain; agus iar dtigheacht
na hoidhche da éis sin táinig lasair dheallruightheach
theineadh san chomhdháil ar an bhforfhaire do bhí ag coimhéad
an chraoi 'n-a raibhe Scannlán Mór i mbroid ag Aodh, is
dá shlabhra dhéag iarnuidhe do chuibhreach air, go dtugadar
an fhorfhaire a ngnúise ré lár ar mhéid an lonnraidh do
chonncadar. Agus táinig dlúimh dheallruightheach sholusta
go Scannlán san áit chéadna 'n-a raibhe, agus adubhairt
an guth san dlúimh ris: "Éirigh, a Scannláin, is fágaibh
do shlabhradha is do chró is tar amach is lean mise is tabhair
do lámh im láimh." Tig Scannlán amach iar sin agus an
t-aingeal roimhe. Do mhothuighsiod lucht an choiméada é agus
do fhiafruigh siad cia do bhí ann. "Scannlán," ar an
t-aingeal. "Dá madh é ní inneosadh," ar iad-san. Gluaisis
an t-aingeal is Scannlán i ndiaidh Choluim Chille iar sin;
agus an tráth do bhí Colum ag an iairmhéirghe ag dul tar
crann saingeal siar is é Scannlán do bhí ag buain a bhróg
dhe; is do fhiafruigh Colum Cille cia do bhí ann; is do innis


L. 98


seisean gur bh'é féin Scannlán. An tan do fhiafruigh Colum
Cille scéala dhe, "deoch," adeireadh seisean, ar mhéid a
tharta, óir feoil shaillte do-bheirdís dó san chró, is gan deoch
'n-a diaidh; agus ar a mhionca do-bheireadh sin do fhreagra
ar Cholum Cille do fhágaibh Colum Cille righneas labhartha
ar gach rígh da shliocht da mbeith i nOsruighe. Tairis sin tug
Colum Cille fá deara ar Bhaoithín trí deocha do thabhairt do
Scannlán; ann sin nochtais Scannlán a scéala do Cholum,
amhail adubhramar thuas. Adubhairt Colum Cille ré
Scannlán triall i nOsruighe. "Ní fhéadaim," ar Scannlán,
"d'eagla Aodha." "Ní heagail duit," ar Colum, "beir
mo bhachall féin mar chomairce leat, agus fágaibh agam
chomthionól i nDurmhaigh i nOsruighibh í. Leis sin triallais
Scannlán i nOsruighibh is do ghabh ceannas a chríche féin
feadh a ré; óir níor léig eagla Cholum Chille d'Aodh buaidhreamh
do dhéanamh air ó shoin amach.



Do cheangail Scannlán i gcúitiughadh a shaortha mar sin
screaball nó trí pinginne ar gach teach muinntire 'na
dhúthaigh ó Bhladhma go muir gacha bliadhna do choimhthionól
Choluim Chille i nDurmhaigh i nOsruighibh, amháil léaghthar i
nAmhra Choluim Cille ag athfhriotal an gheallaimh tug
Scannlán do Cholum:




Do riar om thuathaibh om thoigh,
Cia budh lir luachair is luibh,
Screaball gacha hadhbha soin,
An mír ó Bhladhma go muir.




Tug fós Colum Cille a bheannacht d'Osruighibh uile, ar
choinghioll go mbeidís féin is a rí umhal dó féin is da
choimhthionól i nDurmhaigh ó aimsir go haimsir fá dhíol na
cánach do cheangail Scannlán orra féin agus ar a sliocht,
amhail léaghthar san Amhra:




Beannacht ar Osruighibh uaim,
Ar a mbosghlaine go gcéill,
Beannacht do mhuir is do thír,
Uaim tré bheith da rígh dom réir.


L. 100



An Colum Cille atámaoid do luadh annso is é fá
hainm baiste dhó Criomhthann, agus Axal fá hainm don
aingeal choimhdeachta do bhí aige, agus Demal an deamhan
do bhíodh go cinnte ar tí a bhuaidheartha, amhail léaghthar san
Amhra. Ag so mar adeir:




Criomhthann Ua Cuinn, comhall ngle,
Ainm baiste Choluim Chille;
Axal ainm a aingil gan on,
Agus Demal a dheamhon.




Is uime trá do lean Colum Cille d'ainm air, an tan do bhí
'n-a leanbh ag a mhúnadh ag Dubhghlaise i dTír Luighdheach
i gCinéal Chonaill, do léigthí lá gacha seachtmhaine fán
mbaile amach é do reabhradh i measc a luchta comhaoise, mar
shaordháil ar mbeith don fhuil ríoghdha dhó; agus mar do
chleachtadh dul amach lá san tseachtmhain mar sin, do thionóldaois
leinbh an cheanntair 'n-a choinne an lá do chleachtadh
éirghe amach; agus ar mbeith ar aon láthair dhóibh ag feitheamh
ris, an tan atchídís ag triall ón mainistir chuca é do
thógbhadaoís a lámha tré lúthgháir ag a rádh d'aongháir "ag súd
Colum na Cille chugainn." Agus mar do chualaidh a oide go
gcleachtaoi ris na leanbhaibh Colum Cille do ghairm dhe, do
mheas gur thoil ré Dia an t-ainm sin tarla i mbéalaibh na
leanbh neamhurchóideach do ghairm do shíor de, agus an t-ainm
baiste, mar atá Criomhthann, do thabhairt i ndearmad. Agus
is minic tarla a shamhailt sin do mhalairt ar anmannaibh
na naomh; bíodh a fhiadhnaise sin ar Mhochuda dar bh'ainm
Carrthach ar dtús, is ar Chaomhán naomhtha, dalta Phádraig,
dar bh'ainm ar dtús Mac Neise, is ar Phádraig féin dar
bh'ainm baiste Sochet, is ar a dtug Germanus Magonius
air an tan do rinne lámhchur air is mar tug Coelestinus
Pápa Pádraig d'ainm air ré hucht a chuirthe i nÉirinn do
shíoladh an chreidimh, is ar Fhionnbharr Corcaighe dar bh'ainm
baiste Luan, is ar easpog Iobhair dar bh'ainm Loichead do


L. 102


bheannuigh i mBeig-Éirinn i n-íochtar Laighean, is ar
Chonnlaoch naomhtha easpog Chille Dara dar chéadainm Roincheann,
is ar Mholing dar chéadainm Dairchill, is mar sin do mhórán
da n-ionntsamhlaibh oile, ionnus nach cuirthe i gconntabhairt
gurab Criomhthann fá hainm baiste do Cholum Chille, tar
ceann gur lean Colum Cille d'ainm coitcheann de do réir
an adhbhair thuas.



Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, gurab fír-Éireannach
Colum Cille do leith a athar is a mháthar agus nach Albanach,
amhail adeirid cuid do na hAlbanchaibh. Óir is follus
gurab Éireannach do thaoibh a athar é, do bhrígh go léaghthar
i naoimhsheanchus Éireann gurab é Feidhlimidh mac Fearghusa
Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh
do ba airdrí ar Éirinn fá hathair do Cholum Chille. Ag
so dearbhadh an tseanchaidh air sin, amhail léaghthar san duain
darab tosach: Naoimhsheanchus naomh Inse Fáil:




Colum Cille críche Cuinn,
Mac Feidhlimidh uas gach druing,
Mic Fearghusa an ghníomha ghairg,
Mic Conaill Ghulban ghlanaird.




Is dearbh fós gurab Éireannach Colum Cille do leith a
mháthar, do réir sheanschusa na hAmhra mar a n-abair gurab
í Eithne inghean Díoma mic Naoi do shliocht Chairbre Nia
Fear rí Laighean a mháthair. Ag so mar adeir an Amhra:




Eithne aireachta nodbí,
An ríoghan do Dhál gCairbrí,
Máthair Choluim diadha dhe,
Inghean Díoma mic Noe.




Do ciorrbhadh a chorp lé Colum Cille comhmór soin lé
troscadh lé hurnuighthibh is lé sléachtanaibh, ionnus gur shearg
comhmór soin lé cruas crábhaidh, gur léir a easnach tré n-a
aibíd, an tan do luigheadh san ghainimh 'n-a dhúrbhoith re
séideadh na gaoithe ar a chorp trés an bhfroigh, amhail adeir
an Amhra san rann-so:


L. 104



Glé do luigheadh is in ngaineamh,
I n-a lighe fá mór saoth,
Sliocht a easnach tré n-a éideadh,
Fá léir lé séideadh na ngaoth.




Do b'é aois Choluim Chille, an tan fuair sé bás, seacht
mbliadhna déag is trí fichid, amhail adeir Dallán Forgaill
i nAmhra Choluim Chille féin, do scríobhadh lé Dallán go
grod d'éis bháis Choluim Chille:




Colum gein baoi san mbioth mbán,
Saothrach ón gcuing a chorpán,
Téid go hainglibh as a chacht
Iar seacht mbliadhnaibh seachtmhoghat,




mar atá, trí bliadhna is dá fhichid do chaith da aimsir i
nÉirinn, is da éis sin cheithre bliadhna déag ar fhichid i
nAlbain, amhail adeir an Amhra san rann-so:




Trí bliadhna ceathrachad díobh
Dó i nÉirinn gan imshníomh;
Cheithre bliadhna tríochad teann,
I nAlbain d'aithle Éireann.




Ag so na trí háite 'n-a gcleachtadh Colum Cille comhnuidhe,
i nÍ i nAlbain, i nDoire, is i nDún dá Leathghlas, mar ar
hadhlaiceadh é, mar adeir sé féin san rann-so mar a nochtann
a ionmhaine do na trí háitibh sin:




Mo rath i nI gan choire,
Agus mh'anam i nDoire,
Agus mo chorpán fán lic
Fá dtá Pádraig is Brighit.




An tráth do bhíodh Colum Cille ag rádh aifrinn nó ag
psalmaireacht nó ag seanmóir, do cluintí míle go leith a
ghuth, agus ní fhulaingeadh deamhan a ghuth gan teitheadh roimhe,
amhail adeir an Amhra san rann-so:




Soin a ghotha, Choluim Chille,
Lór a binne ós gach cléir,
Go ceann chóig céd dég céimeann,
Aidhbhle réimeann, eadh ba réil.


L. 106



Do bhí sagart i dTír Chonaill i n-aimsir Choluim Chille
do chumhduigh nó do thógaibh eaglais do chlochaibh uaisle agus
do rinne altóir ghloine innte, agus do chuir dealbh ghréine
is éasca da ndealbhughadh san eaglais sin. Go grod da
éis sin táinig anbhfainne mhór ar an sagart is táinig
deamhan chuige iar sin go rug leis san aieor é. Agus an
tráth rángadar i ngar do Cholum Chille ós a chionn, fuair
amharc orra is do rinne comhartha na croiche ós a chionn san
aieor, gur thuit an sagart leis sin anuas. Agus da bhíthin
sin do iodhbair an sagart an eaglais do rinne do Cholum
Chille tré n-a fhóirithin a lámhaibh an deamhain, is do chuaidh
féin i n-ord manach, gur chaith a aimsear go maith ó shoin
amach.



Do bhí naomh i nUíbh Faircheallaigh i nOsruighe dar bh'ainm
Coisfhionn is téid Colum Cille aimsear da fhios i ndóigh go
dtiubhradh radharc a leabhar dó, óir do ba duine ró-fhoghlumtha
ag a raibhe iomad leabhar é. Agus do héimgheadh leis a
radharc do thabhart do Cholum Chille; agus guidhis Colum
Dia aga iarraidh air gan aoinleabhar dhíobh do bheith inléaghtha
do neach 'n-a bheathaidh; agus níor féadadh focal do léaghadh
ionnta ó shoin amach gur chríonadar.



Do chonnairc Baoithín d'aislinge trí cathaoire ar neamh
mar atá cathaoir óir, cathaoir airgid is cathaoir ghloine; is
nochtais Colum Cille dhó gurab i gcomhair Chiaráin mic an
tSaoir do bhí an chathaoir óir, ar mhéid a oinigh d'aoidheadhaibh,
"agus an chathaoir airgid id comhair-se féin a Bhaoithín atá,
ar ghloine do chrábhaidh; an chathaoir iomorro ghloine im
chomhair-se atá, óir ciodh glan mo chrábhadh, is aibrisc codluidhe
go minic mé."



Ag so cheithre cána Éireann .i. cáin do chuir Pádraig gan
cléirce do mharbhadh; cáin Adhamnáin gan mná do mharbhadh;
cáin Doire Choluim Chille gan ba bleachta do mharbhadh;
agus cáin Domhnaigh gan aistear do dhéanamh ann.


L. 108


XII.
Is i bhflaitheas an Aodha-so mic Ainmireach fuair Colum
Cille bás. Tuig, a léaghthóir, gurab é Colum Cille mac
Feidhlimidh mic Fearghusa an Colum ar a bhfuilim ag labhairt
go ró-so. Adeir iomorro Leabhar Ruadh Mic Aodhagáin
is naoimhsheanchus naomh Éireann go rabhadar iomad do
naomhaibh is do bhannaomhaibh Éireann 'n-a lucht comhanmann.
Óir adeirid go rabhadar dá Cholum is fiche naomhtha i
nÉirinn, agus fá hé Colum Cille an céad-Cholum dhíobh.
Agus fós is mar chuimhniughadh ar naomhthacht Choluim Chille
tugadh Colum ar gach aon do chách. Do bhádar cúig Ciaráin
is fiche naomhtha i nÉirinn, agus fá díobh Ciarán Chluana
Mic Nóis is Ciarán Saighre is Ciarán Tiobraide Naoi. Do
bhádar dá Aodhán déag is fiche naomhtha i nÉirinn; do
bhádar seacht mBairrfhinn i nEirinn is fá díobh sin Bairrfhionn
nó Fionnbharr Corcaighe. Agus fá mac an Fionnbharr
soin d'Aimhirgin mac Duibh Dhuibhne mic Ninneadha mic Eochach
mic Cairbre Aird mic Briain mic Eochach Muighmheadhóin fá
rí Éireann. Do bhádar iomorro seacht naoimheaspuig déag
is seacht gcéad duine riaghalta i gcomthionól Corcaighe i
bhfochair Fhionnbhairr. Do bhádar cheithre Baoithín naomhtha i
nÉirinn, mar atá Baoithín mac Bréanainn, Baoithín mac
Fionnaigh, Baoithín mac Allaidh is Baoithín mac Cuanach.
Do bhádar cúig Brighid déag naomhtha i nÉirinn, is fá díobh
sin Brighid inghean Dubhthaigh do Laighnibh atá iomráidhteach
feadh na hEorpa; agus is follus gurab do shliocht Eochach
Finn Fuath nAirt í; agus fá dearbhráthair do Chonn Chéadchathach
fá rí Éireann an tEochaidh Fionn soin. Ag so
dearbhadh naoimhsheanchais Éireann air sin, amhail léaghthar
san duain darab tosach: Naoimhsheanchas naomh Inse Fáil:


L. 110



Brighid inghean Dhubhthaigh Duinn,
Mic Dreimhne, mic Breasail Bhuirr,
Mic Dein mic Connla mic Airt,
Mic Cairbre Nia mic Cormaic,



Mic Aonghusa Mhóir miadh ngart,
Mic Eochach Finn Fuath ré hArt,
Mic Feidhlimidh Reachtmhair ráin,
Mic Tuathail Teachtmhair thioghnáir.




Ag so síos na ceithre Brighid déag naomhtha do bhí i
nÉirinn i n-éagmais na Brighde thuas: Brighid inghean Díoma,
Brighid inghean Mhianaigh, Brighid inghean Mhomáin, Brighid
inghean Éanna, Brighid inghean Cholla, Bhrighid inghean Eachtair
Aird, Brighid Inse Brighde, Brighid inghean Damhair,
Brighid tSeanbhotha, Brighid inghean Fhiadhnat, Brighid inghean
Aodha, agus Brighid inghean Luinge.



Is ré linn Aodha mic Ainmireach ar a bhfuilmíd ag trácht
agus Aodháin mic Gabhráin ríogh Alban do bhí cianaosta an
tan soin do léigeadar Gaedhil Manainn díobh.



Is ré linn Aodha mic Ainmireach, fós, fuair an naomh
Cainneach Achadh Bó bás i n-aois a cheithre mbliadhan ar
cheithre fichid; agus is ar sliocht Fhearghusa mic Róigh do bhí
an Cainneach-so. Is fán am-so tug Colmán Rímhidh Cath
Sleamhna, áit ar briseadh ar Chonall mac Aodha, agus Cath
Cúile Caoil lé Fiachaidh mic Baodáin, áit ar briseadh
d'Fhiachaidh mic Déamáin, is i dtugadh ár a mhuinntire.



Da éis sin tug Conall mac Suibhne briseadh i gcath ar
na trí hAodhaibh i n-aonló, mar atá Aodh Sláine is Aodh
Buidhe rí Ó Maine is Aodh Róin, rí Ó bhFáilghe. I mBruighin
dá Choga do bhris orra, amhail adeir an file san rann-so:




Ba ró-mhór an ruachuma,
Ar ríoghruidh Éireann uile,
Aodh Sláine go sochuidhe,
Aodh Róin agus Aodh Buidhe.


L. 112



Do bhíodh iomorro easaonta ghnáthach idir an dá Fhiachaidh do
luaidheamar go grod romhainn, mar atá Fiachaidh mac
Baodáin agus Fiachaidh mac Déamáin; agus táinig do ghuidhe
Chomhghaill naomhtha buaidh do bheith go minic ag mac Baodáin;
agus an tan do chuir mac Déamáin sin i leith an naoimh
do fhiafruigh Comhghall de-sean cia budh fearr leis neamh is
a mharbhadh d'fhagháil, ioná bhuaidh do bhreith is bheith seal
beo agus ifreann fá dheireadh. Adubhairt mac Déamáin go madh
fearr leis buaidh do bhreith ar a námhaid, ionnus na háir is
na héachta do-bhéaradh orra go mbeidís da n-aithris i
gcomhdhálaibh coitcheanna ó aimsir go haimsir. Ba holc ré
Comhghall an roghain rug; agus rug an Fiachaidh oile neamh
do roghain is diommbuaidh gcatha do bheith air; agus fuair
sin tré ghuidhe Chomhghaill.



Do bhíodh trá céile comairce naoimh ag gac airdaicme
d'uaislibh Gaedheal Éireann. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na
drongaibh-se síos: óir do bhíodh Caoimhghin Ghlinne dá Loch
ag Tuathalachaibh is ag Branachaibh; Maodhóg Fearna ag
Uíbh gCinnsealaigh; Moling ag Caomhánachaibh; Fionntain
Chluana hEidhneach ag síol Mhórdha; Cainneach Achadh Bó ag
Osruighibh; Ruadhán Lothra ag síol gCinnéididh; Deaglán ag
na Déisibh; Séanna ag cloinn Bhriain Eatharlach; Gobnuid
i Múscraidhe mic Diarmada; Colmán i nUíbh Mac Coille;
agus mar sin ní bhíodh críoch ná cine i nÉirinn gan coimairce
chinnte naoimh nó bannaoimh aca da dtugaid cádhas is
onóir. Gidheadh atáid naoimh oile ann is coitchinne ioná an
drong do luadhamar, mar atá Colum Cille, Finnén Mhuighe
Bile, Ciarán Cluana, Comhghall Beannchair, Brighid Chille
Dara, Ailbhe Imligh, agus Naomh Pádraig, amhail adeir
Aonghus Céile Dé san Leabhar da ngairthear Psaltair na
Rann. Ag so mar adeir:




Uí Néill uile ar cúl Choluim,
Ní ar scáth muine;
Ar cúl Fhinnéin Mhuighe Bile,
Ulaidh uile;


L. 114


Clanna Connacht ar cúl Chiaráin,
Gion nach comhroinn;
Dál nAruidhe uasal imghrinn,
Ar cúl Chomhghoill;
Bíd Laighin ar cúl Bhrighde,
Clú go saidhbhre;
Mumha uile gona toirthe,
Ar cúl Ailbhe;
Ardnaoimh Éireann go n-a manchaibh,
Is é a n-uidhe
Gach raon 'n-a dtéid a mbeith fo scéith
Phádraig uile.




Is ré linn Aodha mic Ainmireach do bheith i bhflaitheas
Éireann do bhaoi Brandubh mac Eochach mic Muireadhaigh
mic Aonghusa mic Feidhlimidh mic Éanna Cinnsealaigh 'n-a
rígh Laighean aoinbhliadhain amháin. Agus is leis féin is
lé Laighnibh do marbhadh Aodh mac Ainmireach i gCath Bhealaigh
Dhúin Bolg. Adeirthear fós gurab iad Laighin féin do
mharbh Brandubh i gCath Camchluana, nó gurab lé Sárán
Saoibhdhearg airchinneach Seanbhoithe Sine do thuit sé, amhail
adeir an file san rann-so:




Sárán Saoibhdhearg seol amne,
Airchinneach Seanbhoith Sine,
Ní dalbh, gér bh'annamh i gcath,
Do mharbh Brandubh mac Eochach.




Is fán am-so fuair an naomh Colmán Eala bás.



Do ghabh Aodh Sláine mac Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil
mic Conaill Chréamhthainne mic Niall Naoighiallaigh is
Colmán Rímhidh mac Muircheartaigh Mic Earca do shíol Éireamhóin
ríoghacht Éireann. Sé bliadhna i gcomhfhlaitheas dóibh.
Mughainn inghean Choncharainn mic Duach do Chonnachtaibh
máthair Aodha Sláine; agus Eithne inghean Bréanainn Daill
do Chonnachtaibh fá bean dó; is rug seisear mac dó
.i. Diarmaid, Donnchadh, Maolbreasail, Maolodhar, Comhghall,
is Oilill. Is uime tugadh Aodh Sláine d'ainm air .i. ar


L. 116


an abhainn darab ainm Sláine rugadh é. Is i bhflaitheas na
deise-se do chuir Gréaghóir Mór na Rómha S. Augustine
manach mar aon ré comhthionól naoimhchléire do shíoladh an
Chreidimh Chatoilice i mBreatain. Do thuit Colmán Rímhidh
lé Lóchán Diolmhain. Do marbhadh Aodh Sláine lé Conall
nGuithbhinn mac Suibhne.



Do ghabh Aodh Uairiodhnach mac Domhnaill mic Muircheartaigh
mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna ar
fhichid. Brigh inghean Orca mic Eirc mic Eochach máthair Aodha
Uairiodhnaigh. Agus is uime ghairthear Aodh Uairiodhnach dhe,
.i. readhga fuara tinnis do ghabhadh é, agus dá madh leis maitheas
an domhain do-bhéaradh do chionn fortachta aonuaire d'fhagháil
dó. Ionann iomorro uara eidhnigh is readhg fuar, gonadh
aire sin ghairthear Aodh Uairiodhnach dhe. Is i bhflaitheas an
Aodha-so tugadh Cath Odhbha lé hAonghus mac Colmáin, áit
ar thuit Conall Laoghbhreagh mac Aodha Sláine. Agus do
thuit Aodh Uairiodhnach rí Éireann i gCath dá Fhearta.



Do ghabh Maolcobha mac Aodha mic Ainmireach mic Séadna
mic Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill
Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre
bliadhna. Cróinseach inghean Aodha Finn rí Osruighe bean an
Mhaoilchobha-so. Do thuit Maolcobha lé Suibhne Meann i
gCath Sléibhe Bealgadáin.


L. 118


XIII.



Do ghabh Suibhne Meann mac Fiachna mic Fearadhaigh mic
Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill
Naoighiallaigh ríoghacht Éireann trí bliadhna déag. Is i
bhflaitheas tSuibhne Meinn fuair Caoimhghin Ghlinne dá Loch
bás i n-aois a shé fichid bhliadhan; Caoimhghin mac Caomhlogha
mic Caoimhfheadha mic Cuirb mic Fearghusa Laoibdheirg mic
Fothaigh mic Eochach Láimhdheirg mic Meisin Corb do shliocht
Labhradha Loingsigh. Is fán am-so fuair Aodh Beannain rí
Mumhan bás, agus an naomh Adhamnán mac Rónáin mic
Tinne mic Aodha mic Coluim mic Séadna mic Fearghusa mic
Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do bhí 'n-a abb Í
i nAlbain. Róna inghean Dunghaile rí Ua dTurtaire bean
tSuibhne Meinn ríogh Éireann. Do marbhadh Suibhne Meann
rí Éireann lé Conghal Claon mac Scannláin Sciathleathain.



Do ghabh Domhnall mac Aodha mic Ainmireach mic Séadna
mic Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill
Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí
bliadhna déag. Agus is é an Domhnall-so thug Cath Dhúin
Ceitheirn ar Chonghal Chlaon, áit ar bhris de féin is ar
mharbh iomad da mhuinntir. Is i bhflaitheas Domhnaill fós
fuair an naomh da ngairthí Munna bás, is do díbreadh
Carrthach .i. Mochuda a Rathain go Lios Mór. Agus is ar
sliocht Chéir mic Fearghusa do bhí Mochuda.



Iar ndul iomorro do Mhochuda a Ciarraidhe ar oilithre
go Rathain, do rinne mainistir ann agus cuiris comhthionól
manach san mainistir, go rabhadar deichneabhar is seacht
gcéad manach 'n-a fhochair ann do-bheireadh a mbeatha comh
cráibhtheach agus sin as, go mbíodh aingeal ag labhairt ris
an treas manach díobh, ionnus go dtáinig de sin gur fhás


L. 120


clú is oirdhearcas mór naomhthachta ar chomhthionól Raithne.
Uime sin do ghabh uiréad naoimh chloinne Néill is cuirid
scéala go Mochuda da fhógra dhó Rathain do thréigean agus
triall da dhúthaigh féin .i. don Mhumhain. Freagrais Mochuda
do na teachtaibh táinig ris na haitheascaibh sin agus adubhairt
nach tréigfeadh Rathain acht muna gcuireadh lámh easpuig
nó ríogh as é. Agus ar rochtain na scéal soin go naomhaibh
cloinne Néill, iarraid ar Bhláthmhac is ar Dhiarmaid
Ruanuidh, dá mhac Aodha Sláine do bhí do chlannaibh Néill,
dul do dhíbirt Mochuda as Rathain; agus lé greasacht na
druinge sin téid Bláthmhac is Diarmaid Ruanuidh d'ionnsuighe
Raithne agus drong do chléir an taoibhe thuaidh 'n-a
bhfochair.



Ar n-a chlos do Mhochuda go dtángadar n-a ghar, do chuir
tighearna do na Pictibh nó do Chruithneachaibh a hAlbain dar
bh'ainm Constantín, do bhí 'n-a mhanach tuata san chomhthionól,
do ghuidhe na n-uasal soin um chairde bliadhna do thabhairt
do Mhochuda is da choimhthionól gan a ndíbirt a Rathain;
agus fuair sé sin d'impidhe uatha. Agus ar gcaitheamh
na bliadhna amach tigid na huaisle céadna i gcionn
bliadhna go mbuidhin do na cléiribh céadna 'n-a bhfochair;
agus ar rochtain i bhfochair Raithne dóibh cuiris Bláthmhac
scéala go Mochuda aga iarraidh as an mainistir; agus
leis sin cuiris Mochuda an Constantín céadna da nguidhe
um chairde bliadhna oile do thabairt dó, agus do aontuigheadar
sin, gér leasc leo é. Agus i gcionn an treas
bliadhna gríostar lé ladrannaibh Ua Néill na huaisle
is an chliar chéadna ré teacht do dhíbirt Mochuda an treas
bliadhain a Rathain; agus ar dtigheacht i ngar don bhaile do
chuireadar an chomhdháil sin d'aonaonta Diarmaid Ruanuidh
agus airchinneach Chluana Conghusa is sochuidhe oile maille
riú do thabhairt Mochuda ar láimh as an mainistir; agus ar
rochtain na heagailse dhóibh, téid an t-airchinneach isteach is
anais Diarmaid ré hursain an doruis don leith amuigh.


L. 122


Tig Mochuda, iar gclos Diarmada do bheith san dorus,
d'fháiltiughadh roimhe agus iarrais san eaglais isteach é.
"Ní rachad," ar Diarmaid. "An dom bhreith-se as an
mainistir thángais?" ar Mochuda. "Is eadh," ar Diarmaid,
"gidheadh ní obraim a dhéanamh, agus is aithreach liom tigheacht
san dáil-se ar mhéid do naomhthachta is d'onóra-sa ag Dia."
"Onóir ar neamh is i dtalmhain duit-se," ar Mochuda, "is
cumhacht is righe is flaitheas Éireann duit, is rath ar do
shliocht dot éis; agus an tan fhillfeas tú san gcomhdháil
do-bhéaraid na hóig atá ann Diarmaid Ruanuidh mar aithis
ort. Gidheadh is i n-onóir duit-se is dot shliocht rachas an
forainm sin." Leis sin tillis Diarmaid gus an gcomhdháil;
agus ar rochtain do láthair dó, fiafruighis Bláthmhac dhe
créad as nar chuir lámh i Mochuda da thabhairt as an mainistir.
"Nior obras é," ar Diarmaid. "Is ruanuidh, a
Dhiarmaid, an gníomh soin," agus ar n-a chlos sin don
chomhdháil tugadar Diarmaid Ruanuidh d'ainm air. Ionann
iomorro ruanuidh is deargthach, gonadh sliocht Diarmada
Ruanuidh ghairthear da shliocht ó shoin i le."



Dála Bhláithmhic, téid go bhfuirinn leis don mhainistir, is
cuiris lámh i Mochuda, agus tug go heasaontach as an
mainistir amach é, mar aon ré n-a choimhthionól. Malluighis
iomorro Mochuda Bláthmhac. Triallais iomorro
Mochuda as sin mar aon ré n-a chomhthionól manach ag
déanamh feart is míorbhal go ráinig na Déise; agus ar
rochtain annsin dó, táinig rí na nDéise 'n-a choinne is
tug cádhas is onóir dó is do thiomain a chorp is a anam ar
a chomairce; agus triallaid mar aon go Dún Scinne ré
ráidhtear Lios Mór aniú. Comhnuidhis Mochuda is a choimhthionól
ann sin is do-nídh eaglais ann ionnus go raibhe an
áit sin onórach iomráidhteach i gcrábhadh is i bhfoghluim ó shoin
i le. Gonadh é sin triall Mochuda a Rathain go Lios Mór
go ró-so.


L. 124


Is lé Domhnall mac Aodha mic Anmireach rí Éireann
tugadh Cath Maighe Rath, áit ar marbhadh Conghal Claon do
bhí 'n-a rígh Uladh deich mbliadhna. Agus is urusa a aithne
as an stair-se da ngairthear Cath Maighe Rath gurab
orduighthe an t-inneall is an t-ordughadh do bhíodh ar sluaghaibh
Gaedheal ré hucht dola i n-iommbualadh nó do chur chatha
dhóibh. Óir do bhíodh ardtaoiseach ar an sluagh uile, agus
taoiseach ar gach sluaghbhuidhin da mbíodh fá n-a smacht, agus
suaitheantas i mbrataigh gach taoisigh fá leith as a n-aitheantaoi
gach sluaghbhuidhean díobh seoch a chéile leis na seanchaidhibh
ar a mbíodh d'fhiachaibh bheith do láthair na n-uasal ré linn
catha nó coinbhliocht do thabhairt da chéile, ionnus go mbiadh
radharc súl ag na seanchaidhibh ar ghníomharthaibh na n-uasal
ré faisnéis fhírinnigh do dhéanamh ar a ndálaibh leath ar leath.
Agus is uime sin do bhí a sheancha féin i bhfochair Dhomhnaill
mic Aodha ríogh Éireann ré hucht Catha Maighe Rath. Óir ar
mbeith do Dhomhnall ag triall i gcoinne Conghail ríogh Uladh,
agus iad da gach leith d'abhainn, agus ar bhfaicsin tsluagh a
chélie dhóibh, fiafruighis Domhnall da sheancha gach meirge go
n-a suaitheantas fá seach dhíobh, agus nochtais an seancha sin
dó, amháil léaghthar san laoidh darab tosach: Tréan tiaghaid
catha Conghail, mar a bhfuil an rann-so ar shuaitheantas ríogh
Uladh féin:




Leomhan buidhe i sróll uaine,
Comhartha na Craobhruaidhe,
Mar do bhí ag Conchubhar cháidh,
Atá ag Conghal ar congbháil.




Is imchian ó do thionnscnadar Gaedhil gnáthughadh na suaitheantas
ar lorg chloinne Israel lér gnáthuigheadh san
Égipt iad ré linn Ghaedhil do mharthain, an tan do bhádar
clann Israel ag triall trés an Muir Ruaidh agus Maoise
'n-a ardtaoiseach orra. Dá threibh déag iomorro do bhádar
ann, agus sluaghbhuidhean is suaitheantas ar leith ag gach
treibh díobh fá seach.


L. 126


Treabh Ruben, mandragra 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
Treabh Shimeon, ga 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
Treabh Leui, an Airc 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
Treabh Iuda, leomhan 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
Treabh Isacar, asal 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
Treabh Stabulon, long 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
Treabh Neptalem, dealbh dhaimh allaidh 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
Treabh Ghad, dealbh bhainleomhain 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
Treabh Ioseph, tarbh 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
Treabh Beniamin, faolchú 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
Treabh Dan, nathair neimhe 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
Treabh Aser, craobh oladh 'n-a brataigh mar shuaitheantas;



Ag so síos suidheamh an tseanchaidh ar shuaitheantasaibh
chloinne Israel, amhail léaghthar i seanleabhar Leacaoin i
nUrmhumhain is i mórán do leabhraibh oile san laoidh-se
síos:




Aithne dhamh gach meirge mór,
Ro baoi ag cloinn uallaigh Iacob,
Tearc neach as a haithle ann
Aga mbeith aithne a n-anmann;



Treabh Ruben rath ros cobhair,
Ro b'é a meirge mandroghair;
Ré bhuan ro chaith an treabh the,
Ro lean sluagh maith a meirge.



Treabh Shimeon, níor shir meirge
Acht ga duaibhseach díbhfeirge;
Simeon an críonna cealgach
Um Dhíonna ba díbhfeargach.



Treabh Leui, lucht na hÁirce,
Iomdha a dtreoid 'sa dtromtháinte;
Ba taisce da sláinte so
Faicsin no hÁirce aca.



Meirge ag treibh Iuda amhra
Samhail leomhain lanchalma;
Treabh Íodais i n-uair fheirge
Sluaigh dhíomais mun deighmheirge.



Treabh Isacar an óir ghlain
Meirge aice mar asain;
Minic slógh go ndeirge ndreach
Um an meirge mór maiseach.


L. 128


Treabh Stabulon na stiall nglan
Dealbh a meirge long luchtmhar;
Ba gnáth for thonnaibh tana
Cách 'n-a longaibh luchtmhara.



Dealbh dhaimh allaidh mhásghirr mhir
Ag treibh Neptalem neimhmgh;
Don treibh ro chleacht fraoch feirge
Níor thearc laoch mun luaithmheirge.



Meirge ag treibh Ghad i ngleoghail
Mar dheilbh bhíos ar bhainleomhain;
Nochar thim ré fraoch feirge
Gach laoch rinn mun ríghmheirge.



Meirge mar tharbh go nós neirt
Thoir ag treibh Ioseph oirdheirc;
Suaithndh noshireadh badhbha
An cineadh dán comhardha.



Treabh Beniamin go mbrígh mir,
Ro bhíodh a meirge ós meirgibh;
Meirge mar an bhfaol bhfoghlach,
Deirge san chaomh chomhordhach.



Treabh Dan ba duaibhseach an dream,
Oireacht neimhneach toighe tuaicheall;
Tréan ré hathghoin ba dóigh dhe
Mar nathruigh mhóir a meirge.



Treabh Aser níor chruaidh um chradh
Meirge dar lean mar lothar;
Mar aon táruill a togha
Is craobh áluinn fhionnola,



Ro áirmhios thall a dtreabha
Ro áirimh mé a meirgeadha;
Mar táid diongna na dtreabh dte,
Fear cá n-iomdha anaithne? Aithne.




Is i bhflaitheas Domhnaill mic Aodha ríogh Éireann ar a
labhramaoid fuaradar na naoimh-se síos bás .i. Mochua do
shliocht Oiliolla mic Cathaoir Mhóir do bheannuigh i dTeach
Mochua i Laoighis, agus Mochuda is Molaise Leithghlinne do
bhí do shliocht Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh, agus


L. 130


Comhdhán mac Da Cearda agus Cronán easpog Caondroma.
Agus fuair Domhnall mac Aodha mic Ainmireach rí Éireann
bás.



XIV.
Do ghabh Conall Caol is Ceallach dá mhac Maoilchobha
mic Aodha mic Ainmireach mic Séadna mic Fearghusa Ceannfhoda
mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol
Éireamhóin ríoghacht Éireann. Trí bliadhna déag dóibh i
gcomhfhlaitheas. Is 'n-a bhflaitheas fuair Cuanna mac Cailchín
rí bhFearmaighe .i. Laoch Liathmhaine bás; agus fá fear
comhaimsire do Ghuaire mac Colmáin an Cuanna-so, agus do
bhí coimhmheas oinigh is daonnachta eatorra; gonadh uime sin
do rinne an dá óinmhid .i. Comhdhán is Conall an rann
leathach iomarbhádha eatorra araon, mar a n-abraid:




Dáil gach neith dá mbí 'n-a láimh;
Do-ní Guaire mac Colmáin;
A mhian féin da gach nduine
Dáiltear lé Laoch Liathmhuine.




Is 'n-a bhflaitheas fós do marbhadh Raghallach mac Uadach
do bhí 'n-a rígh Connacht cúig bliadhna ar fhichid lé
Maoilbrighde mac Mothlacháin is lé n-a mhoghaibh. Is amhlaidh do
bhí an Raghallach-so lán d'fhuath is d'fhormad ré mac
dearbhráthar fá sine ioná féin, d'eagla go dtiocfadh fá n-a
bhrághaid do bhuain ríghe Chonnacht de. Gidheadh ní bhfuair
árach ar mhac a dhearbhráthar do mharbhadh; go dtáinig dhe
sin gur ghabh seirglighe é tré neamhchaitheamh bídh tré fhormad
ré mac a dhearbhráthar. Tairis sin do chuir teachta i
ndáil a bhráthar 'ga iarraidh air teacht da fhéachain. Dála
an bhráthar do thuig cealg Raghallaigh is do chuir tionól
ar sluagh is téid i ndáil a bhráthar Raghallaigh, agus ar


L. 132


ndul do láthair tug ar a mhuinntir a gcloidhmhe do bheith nocht
fá n-a gcoimibh aca, agus mar do chonnairc Raghallach sin
adubhairt, "Is truagh an tí is annsa liom san bhioth, agus is
mian liom do bheith 'n-a oighre oram, nach taobhach leis mé, is
mé ré hucht bháis." Mar do chuala iomorro an bráthair sin,
táinig a chroidhe go mór air, agus táinig 'n-a uathadh ar 'n-a
mhárach da fhios, is linghid muinntear Raghallaigh air gur
marbhadh leo é. Leis sin do éirigh Raghallach slán an tráth
soin is do ghabh ag fleadhughadh go subhach forbhfáilteach. Do
fhiafruigh iomorro Muireann .i. bean Raghallaigh da draoi
iar marbhadh a bhráthar do Raghallach an raibhe guais 'n-a
cionn. Adubhairt an draoi ó do mharbh Raghallach a bhráthair
go dtiocfadh a mbás araon da gcloinn féin go luath; agus
fós gurab don ghein do bhí 'n-a broinn do thiocfadh a mbás.
Do nocht sise sin do Raghallach, agus adubhairt ria iar
mbreith na geine a marbhadh do láthair.



Rug Muireann inghean is do chuir i mála í, go dtugadh
do mhuicidhe da muinntir da marbhadh í. Ó do chonnairc an
muicidhe gnúis na naoidheine, táinig a chroidhe uirre, is do
chuir san mála céadna 'n-a bhfuair ó n-a máthair í, is rug
ós íseal go dorus mhná cráibhthighe do bhí 'n-a fhochair í, agus
fágbhais ar beinn croise láimh ré teach na mná riaghalta an
mála. Táinig an bhean riaghalta gus an mála, agus mar
fuair an naoidhin ann grádhuighis í go mór is do oil go
heaglusta í. Agus ní raibhe i nÉirinn 'n-a comhaimsir
gein ba sciamhdha ioná í, ionnus go dtáinig a clú go
Raghallach, is do chuir teachta da hiarraidh ar a buimigh; is
níor fhaomh an bhuimeach sin. Rugadh iar soin ar éigin chuige
í, is mar do chonnairc í do líon da grádh, is do bhíodh aige
'n-a leannán leaptha. Gabhais iomorro éad a bhean féin
.i. Muireann, is téid go rígh Éireann do chasaoid an ghníomha


L. 134


soin. Ráinig trá míochlú an uilc sin fá Éirinn, is fá
dochradh ré naomhaibh Éireann sin, agus táinig Feichin Fabhair
d'ionnsuighe Raghallaigh da choiriughadh, is tángadar naoimh
iomdha maille ris da iarraidh air scaradh ris an olc soin.
Agus níor léig dhe orra uile é, cia do throiscsiod air.
Gidheadh mar rabhadh do dhaoinibh ainmhianacha oile, do ghuidhsiod
na naoimh Dia fá gan eisean do mharthain an Bhealltaine ba
neasa dhóibh, agus a thuitim lé drochdhaoinibh, agus fós lé
harmaibh dearóile agus i n-ionadh shalach; agus tarladar
sin uile dhó ré hucht na Bealltaine. Fiadh allta iomorro
iar n-a lot tarla ar siadhán san oiléan 'n-a raibhe
Raghallach is é ag coimhéad na hinse, agus mar do chonnairc
an fiadh do ghabh a gha is tug urchar don fhiadh gur chuir an ga
thríd. Téid an fiad ar snámh uaidh, agus do chuaidh-sean i
gcoite 'n-a dhiaidh, is téid an fiadh seal ón loch go dtarla é
ré moghaibh do bhí ag buain mhóna is marbhaid an fiadh is
rannaid eatorra é. Táinig Raghallach da n-ionnsuighe is
do rinne bagar orra tré roinn an fhiadha agus adubhairt
riú an fheoil d'aiseag. Is eadh iomorro do cinneadh leis na
moghaibh an rí do mharbhadh; agus leis sin do ghabhadar da
rámhaibh is dá sásaibh oile air, gur mharbhadar é, amhail do
tairrngireadh leis na naomhaibh dhó. Agus fuair Muireann
.i. a bhean bás tré éad ré n-a hinghin féin.



Is fán am-so tugadh Cath Cairn Chonaill lé Diarmaid
mac Aodha Sláine, áit ar marbhadh Cuan mac Amhalghuidh do
bhí 'n-a rígh Mumhan deich mbliadhna, agus Cuan mac Conaill
rí Ó bhFidhghinnte agus Talamonach rí Ó Liatháin; agus is
tré ghuidhe choimhthionóil Chiaráin i gCluain Mic Nóis rug
Diarmaid buaidh an chatha soin. Agus iar dteacht tar ais
do Dhiarmaid go Cluain Mic Nóis do bhronn fearann don
eaglais sin mar fhód ré haltóir. Agus is é ainm an
fhearainn sin aniú Liath Mhancháin, agus is i gCluain Mic


L. 136


Nóis do fhágaibh Diarmaid é féin d'adhnacal an tan do-ghéabhadh
bás. Is fán am-so fuair Fursa naomhtha do shliocht
Luighdheach Lámha dearbhráthar Oiliolla Óluim bás, agus
Moicheallóg an naomh do bheannuigh i gCill Moicheallóg;
agus is ar sliocht Chonaire mic Eidirsceoil do bhí an naomh-so.
Da éis sin do thuit Ceallach san Bhrugh ós Boinn agus
do marbhadh Conall Caol lé Diarmaid mac Aodh Sláine.



Do ghabh Bláthmhac is Diarmaid Ruanuidh dá mhac Aodha
Sláine mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic
Conaill Chréamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol
Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna i gcomhfhlaitheas;
agus is 'n-a bhflaitheas tugadh Cath Pancti lé Hossa, áit ar
thuit rí Sacsan mar aon ré triochad tighearna da mhuinntir.
Is fán am-so fuair Ulltán naomhtha bás agus Maodhóg
Fearna mac Séadna mic Eirc mic Fearadhaigh mic Fiachrach
mic Amhalghuidh mic Muireadhaigh mic Carrthainn mic Eirc mic
Eochach mic Colla Uais, agus Cuimín Foda mac Fiachna, an
naomh, agus Maonach mac Fínghin rí Mumhan. Fuair Diarmaid
Ruanuidh is Bláthmhac bás don phláigh da ngairthear an
Bhuidhe Conaill.



Do ghabh Seachnasach mac Bláithmhic mic Aodha Sláine mic
Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthainne
mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht
Éireann sé bliadhna. Is i bhflaitheas an rígh-se tugadh Cath
Feirt idir Ulltaibh is Cruithnigh, áit ar marbhadh iomad do
dhaoinibh da gach leith. Is fán am-so fuair Baoithín abb
Beannchair bás. Da éis sin do thuit Seachnasach rí Éireann
lé Dubh nDúin do Chinéal gCairbre.



Do ghabh Ceannfaolaidh mac Bláithmhic mic Aodha Sláine
mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill
Chréamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin


L. 138


ríoghacht Éireann cheithre bliadhna. Agus is 'n-a fhlaitheas
do loisceadh Beannchair is do marbhadh a cómhthionól lé
heachtrannchaibh. Agus is uime ghairthear Beannchair don
áit sin, Breasal Breac rí Laighean do chuaidh líon sluagh do
chreachadh Alban, go dtug iomad buair is bótháinte leis i
nÉirinn, agus iar dteacht i dtír dó féin is da shluagh do
rinneadh foslongphort leo san áit da ngairthear Beannchair
anois, is marbhthar iomad do na buaibh leo mar fheolmhach, go
ráinig iomad d'adharcaibh na mbó nó da mbeannaibh feadh
an mhachaire, go ráinig Magh Beannchair d'ainm ar an áit de
sin. Agus aimsear imchian da éis sin an tan do thógaibh an
t-abb naomhtha Comhghall mainistear san áit chéadna, tug fá
deara a slonnadh ón áit ionar tógbhadh í, gonadh uime sin
ráidhtear mainistear Bheannchair ria. Go grod i ndiaidh
loiscthe na mainistreach-so d'allmhurrchaibh do marbhadh
Ceannfaolaidh rí Éireann lé Fionnachta Fleadhach mac
Donnchadha i gCath Cealltrach.



Do ghabh Fionnachta Fleadhach mac Donnchadha mic Aodha
Sláine do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna;
agus is 'n-a fhlaitheas do-níthí iomad fleadh is féastadh i
nÉirinn, gonadh uime sin ghairthear Fionnachta Fleadhach dhe.
Is 'n-a fhlaitheas fós fuair Colmán easpog Inse Bó Finne
bás, agus Fionán do bheannuigh i nAird Fhionáin; agus is ar
sliocht Fiachach Muilleathain do bhí an Fionán soin; agus
fuair Arannán naomhtha bás. Is é Fionnachta do chuir Cath
Locha Gabhair ar Laighnibh, áit ar thuit iomad do Laighnibh leis.
Is 'n-a fhlaitheas fuair Ceannfaolaidh na foghluma bás, is do
loisceadh Dúnghal mac Scannail rí Cruithneach, agus Ceannfaolaidh
rí Ciannachta Ghlinne Geimhean, lé Maoldúin mic
Maoilfhithrigh i nDún Ceitheirn. Is 'n-a fhlaitheas fós tugadar
Breathnaigh ruaig i nÉirinn, do réir Bheda san 26 cabaidil
don cheathramhadh leabhar. Táinig taoiseach sluaigh ríogh do


L. 140


Shacsaibh dar bh'ainm Egberthus, agus fá hé ainm an taoisigh
Berthus, agus do hairgeadh mórán d'Éirinn leis, an tan
fá haois don Tighearna 684. Ag so mar do-ní Beda
eagnach ar an ngníomh-so. "Dohairgeadh go truaghaigmhéil
an cine neimhchionntach lé Berthus atá do shíor róghrádhach do
chine nó do threibh na Sacsanach." Agus tugadar Cath Rátha
Móire i Maigh Line, áit ar mharbhadar Cumascach rí Cruithneach
agus drong mhór do Ghaedhealaibh mar aon ris.
Tugadar fós Breathnaigh ruaig as soin go hOrcades, is do
hairgeadh an t-oiléan soin leo. Tángadar drong dhíobh fós
i dtír i n-oirthear Laighean is do hairgeadh cealla is tuatha
leo, agus tillid tar a n-ais tar éis iomad creach is airgthe
do dhéanamh dhóibh. Ag so rann do rinne Adhamnan d'Fhionnachta
an tráth do mhaith an Bhóraimhe do Moling:




Fionnachta mac Donnchadha,
Ro mhaith mór do naomh,
Trí chaogad céad bó shlabhra,
Is gach bó go n-a laogh.




Is grod da éis sin gur marbhadh Fionnachta rí Éireann lé
hAodh mac Dlúithigh is lé Conghalach mac Conaing i nGreallaigh
Doluidh.


L. 142


XV.



Do ghabh Loingseach mac Aonghusa mic Domhnaill mic
Aodha mic Ainmireach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann
ocht mbliadhna. Is 'n-a fhlaitheas táinig Adhamnán a hAlbain
go hÉirinn do sheanmóir, is fuair Moling Luachra bás, is
do creachadh Magh Muirtheimhne lé Breathnachaibh. Is i
bhflaitheas an rígh-se tarla bo-ár mór i Sacsaibh is i nÉirinn,
is tarla gorta trí mbliadhan i nÉirinn, go mbídís na daoine
ag ithe a chéile innte an tráth soin. Is fán am soin táinig
Egberthus naomhtha do sheanmóir go hAlbain, agus fuair
Muireadhach Muilleathan rí Connacht bás, is tugadh Cath
Maighe Cuilinn lé hUlltachaibh ar Bhreathnachaibh, áit ar thuit
iomad do Bhreathnachaibh ann. Is fán am-so fuair Adhamnán,
abb Í, bás i n-aois a sheacht mbliadhan déag is trí fichid; agus
do chuadar na Saracení sluagh líonmhar ré hucht Constantionopuil
go ndearnadar foslongphort trí mbliadhan 'n-a
timcheall. Tairis sin do thréigeadar an chathair gan a
gabháil. Da éis sin fuair Coibhdhean easpog Arda Srath
bás. Go grod 'n-a dhiaidh sin tugadh Cath Corainn lé Ceallach
mac Raghallaigh do bhí 'n-a rígh Connacht seacht mbliadhna,
áit ar marbhadh Loingseach mac Aonghusa rí Éireann leis.



Do ghab Conghal Ceannmhaghair mac Fearghusa Fánad mic
Conaill Ghulban mic Néill Naoighiollaigh do shíol Éireamhóin
ríoghacht Éireann naoi mbliadhna. Is leis an gConghal-so
do loisceadh Cill Dara uile idir eaglais is tuaith. Gidheadh
tarla bás obann aonuaire dó féin trés an ngníomh soin.



Do ghabh Fearghal mac Maoiledúin mic Maoilfhithrigh mic
Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnaill mic Muircheartaigh mic
Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol
Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna déag. Ceacht
inghean Cheallaigh mic Maoilchobha rí Cinéil gConaill fá
máthair don Fhearghal-so. Is 'n-a fhlaitheas iomorro fuair


L. 144


Baodán easpog Inse Bó Finne bás, agus tugadh cath idir
Dhál Riada is Bhreathnaigh san áit da ngairthear Cloch
Mhionnuirc, is do briseadh do Bhreathnachaibh ann. Is fán
am-so do dhíbir Neachtain rí Alban comhthionól manach tar
druim Breatan, tré bheith ag fagháil lochta 'n-a ainmhianaibh.



Is i bhflaitheas an rígh-se do fearadh na trí frasa ó
ráidhtear Niall Frasach, do bhrígh gurab lé linn na bhfras
nó na gceath soin do chur rugadh é; fras meala ar Fhothain
Bhig is fras airgid ar Fhothain Mhóir, fras fola ar Mhaigh
Laighean. Is fán am-so tugadh cath Almhuine idir Mhurchadh
mac Brain do bhí 'n-a rígh Laighean cúig bliadhna déag agus
Fearghal mac Maoiledúin rí Éireann, agus is é líon sluagh
táinig rí Éireann gus an gcath soin .i. míle is fiche; agus
is é líon táinig rí Laighean ann naoi míle, agus ocht bhfíchid
príomh-laoch i dtimcheall chuirp an rígh féin ag dul san chath.
Bristear iomorro an cath ar rígh Éireann, is do chuadar dá
chéad is naonbhar is trí fichidi ngealtacht da mhuinntir, agus
marbhthar trí mhíle is dá chéad díobh; agus drong eile adeir
gur marbhadh seacht míle dhíobh. Is é fáth fá dtáinig an
míorath soin ar rígh Éireann, ré hucht triallta do thabhairt
Catha Almhaine téid drong da mhuinntir d'argain eagailse
da ngairthear Cillín, is beirid ar éigin leo aonbhó do bhí ag
díthreabhach na heagailse sin, agus malluighis an díthreabhach
soin an rí go n-a shluagh, agus da bhíthin sin tarla míorath
catha dhóibh; is do thuit rí Éireann is iomad da mhuinntir ann,
amhail adubhramar thuas.



Do ghabh Foghartach mac Néill mic Cearnaigh Shotail mic
Diarmada mic Aodha Sláine do shíol Éireamhóin ríoghacht
Éireann aoinbhliadhain amháin, gur thuit lé Cionaoth mac
Iorghalaigh i gCath Beilge.



Do ghabh Cionaoth mac Iorghalaigh mic Conaing Churraigh


L. 146


mic Conghail mic Aodha Sláine do shíol Éireamhóin ríoghacht
Éireann cheithre bliadhna. Is i bhflaitheas an rígh-se tugadh
taise Adhamnáin a hAlbain i nÉirinn. Da éis sin tugadh
Cath Droma Corráin lé Flaithbheartach mac Loingsigh ar
Chionaoth mic Iorghalaigh, áit ar thuit Cionaoth rí Éireann agus
iomad do dhaoinibh mar aon ris.



Do ghabh Flaithbheartach mac Loingsigh mic Aonghusa mic
Domhnaill mic Aodha mic Ainmireach do shíol Éireamhóin
ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Muireann inghean
Cheallaigh máthair an Fhlaithbheartaigh-se. Is i bhflaitheas an
rígh-se do réir Bheda tugadh Cath Droma Deirg i nAlbain
idir Dhrust is Aonghus, dá rígh na gCruithneach, fá iomchosnamh
na críche, agus do thuit Drust agus iomad da mhuinntir ann.



Agus go grod da éis sin tugadh Cath Murbhuilg idir
Dhál Riada is na Pictibh .i. na Cruithnigh, áit ar marbhadh
iomad do na Pictibh ann. Is fán am-so tugadh Cath Fotharta
i Muirtheimhne lé hAodh Olláin is lé clannaibh Néill ar
Ulltachaibh, áit ar marbhadh Aodh Róin do bhí 'n-a rígh Uladh
tríochad bliadhan agus Conchadh mac Cuanach rí Cobha. Da
éis sin fuair Flaithbheartach mac Loinsigh rí Éireann bás i
nArd Macha.



Do ghabh Aodh Ollán mac Fearghaile mic Maoiledúin mic
Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnaill mic
Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill
Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann naoi
mbliadhna. Brighe inghean Orca mic Carrthainn máthair Aodha
Olláin. Is i bhflaitheas an Aodha-so tugadh Cath Bhealaigh
Féile idir an Mumhain is Laighin, áit ar thuit iomad do
Mhuimhneachaibh is do Laighnibh ann, mar aon ré Ceallach mac


L. 148


Faolchuir rí Osruighe. Cathal mac Fionghaine rí Mumhan
rug buaidh an chatha soin.



Da éis sin tug Aonghus mac Fearghusa rí na bPict
ruaig is maidhm ar Dhál Riada i nAlbain, gur hairgeadh
is gur creachadh leis iad is gur loisc Dún Creige; agus
do gabhadh Donnghal is Fearghus, dá mhac Sealbhuidhe rí
Dál Riada leis, agus do chuir i ngéibheann iad. Is fán
am-so tarla dál idir Aodh Ollán rí Éireann is Cathal
mac Fionghaine rígh Mumhan ag Tír dhá Ghlas i nUrmhumhain,
mar ar horduigheadh reacht is dlighe is cíos Phádraig ar
Éirinn leo. Is gearr 'n-a dhiaidh sin go dtugadh Cath Átha
Seannaigh .i. Cath Úchbhaidh idir Aodh Ollán rígh Éireann is
Aodh mac Colgan rígh Laighean, áit ar tromghonadh Aodh
Ollán is ar marbhadh Aodh mac Colgan agus Bran Beag
mac Murchadha leithrí Laighean is iomad d'uaislibh Laighean
mar aon riú, gur thuiteadar naoi míle do Laighnibh ann. Da
éis sin fuair Flann mac Cronnmhaoil easpog Reachruinne
bás, agus Cathal mac Fionghaine, rí Mumhan, is Aodh Balbh
mac Innreachtaigh do bhí 'n-a rígh Connacht seacht mbliadhna,
agus do marbhadh Aodh Ollán rí Éireann i gCath Seiridmhidh
.i. i gCeanannus, lé Domhnall mac Murchadha.



Do ghabh Domhnall mac Murchadha mic Diarmada mic
Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne mic
Colmáin Mhóir mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic
Conaill Chréamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol
Éireamhóin ríoghacht Éireann dá bhliadhain is dá fhichid.
Ailpín inghean Chomhghaill do Dhealbhna Mhóir máthair Dhomhnaill
mic Murchadha ríogh Éireann. Is 'n-a bhflaitheas do
marbhadh Colmán easpog Laosáin lé hUíbh dTurtaire, agus
fuair Cormac easpog Átha Truim bás. Is fán am-so do
connarcas samhailt nathrach neimhe ar luamhain san aieor; agus


L. 150


fuair Seachnasach mac Colgan rí Ua gCinnsealaigh bás, is do
marbhadh Caitheasach mac Oiliolla rí Cruithneach i Raith Beitheach
lé Laighnibh. Is i bhflaitheas an rígh-se fuair Suairleach
easpog Fobhair bás agus Osbhrán easpog Chluana Créamhuidh.



Da éis sin tugadh Cath Bhealaigh Chró lé Criomhthann
mac Éanna, áit ár thuit Fionn mac Airb ag Tiobraid
Fhinn agus tugadh ár Dealbhna uime, agus as an ngníomh
soin ghairthear Loch an Bhealaigh Cró don loch atá san áit
sin, agus Tobar Finn don tiobraid atá san áit cheadna.
Is fán am-so do thuit Cumuscach rí Ó bhFáilghe lé Maoldúin
mac Aodha Beannáin, rí Mumhan, agus fuair Aonghus, rí
Alban, bás, is tugadh Cath Bealaigh Gabhráin lé mac
Coinchearca rí Osruighe ar Dhúnghal mac Laidhghein rí Ua
gCinnsealaigh, áit ar marbhadh Dúnghal is iomad d'uaislibh
Laighean mar aon ris; agus fuair Muircheartach mac
Murchadha rí Laighean bás. Da éis sin fuair Domhnall mac
Murchadha céidrí Éireann do chloinn Cholmáin bás.



Do ghabh Niall Frasach mac Fearghaile mic Maoiledúin
mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnaill mic
Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill
Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre
bliadhna. Aithiochta inghean Chéin Uí Chonchubhair ríogh Ciannachta
máthair Néill Fhrasaigh. Agus is uime ghairthear Niall
Frasach dhe, trí ceatha do fearadh i nÉireann an tan rugadh
é, frais mheala ar Fhothain Bhig is frais airgid ar Fhothain
Mhóir is frais fhola ar Mhaigh Laighean. Ionann iomorro
frais agus cioth. Is i bhflaitheas an Néill-se fuair
Duibhionnracht mac Cathail mic Muireadhaigh Mhuilleathain do bhí
'n-a rígh Connacht cúig bliadhna bás; agus tarla maidhm
talmhan is iomad gorta i nÉirinn, agus fuair Dúnghal mac


L. 152


Ceallaigh rí Osruighe bás. Da éis sin tugadh Cath Achadh
Liag idir Uíbh mBriuin is Uibh Maine, áit ar thuit iomad
da gach leith; agus fuair Cronnmhaol easpog Chille Móire
bás, agus Ailpín rí na bPicht agus Aolgnat easpog Arda
Breacáin. Go grod da éis sin do chuaidh Artghaile mac
Cathail da oilithre go hÍ Choluim Chille i nAlbain; agus fuair
Fearghus easpog Daimhliag bás; agus tugadh cath i gCorann
idir Chinéal gConaill is gCinéal Eóghain, áit i rug Maoldúin
mac Aodha Olláin rí an Fhochla buaidh, is do briseadh
do Dhomhnall mac Aodha Muindeirg is do marbhadh iomad
da mhuinntir ann. Da éis sin fuair Niall Frasach rí
Éireann bás i nÍ Choluim Chille i nAlbain.



XVI.
Do ghabh Donnchadh Mac Domhnaill mic Murchadha mic
Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn
mic Suibhne mic Colmáin Mhóir mic Diarmada mic Fearghusa
Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthaine mic Néill Naoighiallaigh
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna ar
fhichid; agus is d'éag lé hadhart do chuaidh sé.



Do ghabh Aodh Oirndighe mac Néill Fhrasaigh mic Fearghaile
mic Maoiledúin mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh mic
Domhnall mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain
mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann
cheithre bliadhna fichead. Dúnlaith inghean Fhlaithbheartaigh
mic Loingsigh rí Chinéil gConaill máthair Aodha Oirndighe.
Agus is uime ghairthear Aodh Oirndighe dhe .i. an tan do
coisceadh do chíochaibh a bhuimighe é, do ghabh ag diúl a dhorn
amhail do bheith ag diúl chíoch a bhuimighe; gonad uime sin
ghairmthear Aodh Oirndighe nó Aodh Doirndighe dhe.


L. 154


Is i bhflaitheas Aodha Oirndighe tángadar Lochlonnaigh
ar dtús i nÉirinn Anno Domini 820. Agus i gcionn dá
bhliadhan déag 'n-a dhiaidh sin táinig an t-anfhlaith Turgesius
i nÉirinn agus fá hé Olchobhar mac Cionaotha mic Conghail
mic Maoiledúin mic Aodha Beannáin fá rí ar an Mumhain
an tan soin, do réir dhruinge ré seanchus. Gidheadh adeir
Policronicon, mar a dtráchtann ar Éirinn 'n-a chroinic,
gurab ré linn Fheidhlimidh mic Criomhthainn do bheith i bhflaitheas
Mumhan tángadar Lochlonnaigh ar dtús i nÉirinn. Ag
so mar adeir: "Ó thigheacht Phádraig go haimsir Fheidhlimidh
mic Criomhthainn ríogh Mumhan do ghabhadar trí rígh déag ar
fhichid flaitheas Éireann ré ré na gceithre gcéad bliadhan
do bhí ó thigheacht Phádraig i nÉirinn go gabháil fhlaithis
Mumhan d'Fheidhlimidh; i n-aimsir trá Fheidhlimidh tángadar
lucht na Noruaegia mar aon ré n-a dtaoiseach Turgesius
do ghabháil na críche-se" .i. Éire. Adeirid drong oile
gurab ré linn Airtre mic Cathail do bheith i bhflaitheas
Mumhan do thionnscnadar Lochlonnaigh teacht d'argain
Éireann ar dtús. Agus is fíor dhóibh sin. Gidheadh níor
ghabhadar greim d'Éirinn acht ge do rinneadar buaidhreamh
orra. Is fíor fós an ní adeir Policronicon mar a n-abair
gurab i bhflaitheas Fheidhlimidh mic Criomhthainn ar an Mumhain
táinig an t-anfhlaith Turgesius lér cuireadh anbhroid ar
Éirinn. Is fíor fós don druing adeir go dtángadar Lochlonnaigh
i nÉirinn ré linn Olchobhair do bheith i bhflaitheas
Mumhan, gidheadh is iad aicme táinig ann an tráth soin
.i. Dainfhir ón Dania .i. Denmarke, agus is díobh ghairthear
Duibhgheinnte no Dubhlochlonnaigh sna seinleabhraibh seanchusa
agus Finngheinnte no Fionnlochlonnaigh do lucht na
Noruaegia.



Tuig trá, a léaghthóir, nach ainm cinnte chinidh san bhioth do
réir na Gaedhilge Lochlonnaigh, acht is ionann Lochlonnach ré


L. 156


rádh is duine láidir ar fairrge; óir is ionann lonn is
láidir agus is ionann loch is fairrge; agus do bhrígh go
rabhadar lucht na gcríoch-so thuaisceirt na hEorpa go tréan
ar Éirinn sealad aimsire, amhail chuirfeam síos da éis so,
do gairthí lé fearaibh Eireann Lochlonnaigh .i. daoine láidre
ar fairrge dhíobh, ar mhéad na treise do ghabhadar ar
Ghaedhealaibh, amhail fhoillseocham i n-ar ndiaidh do réir an
leabhair da ngairthear Cogadh Gall ré Gaedhealaibh. Ag so
síos suim aithghearr na staire.



Is i bhflaitheas Aodha Oirndighe ar Eirinn agus Airtre
mac Cathail do bheith 'n-a rígh Mumhan tángadar Gaill i
gCaoininis Ó bhFathaidh, lucht trí fichid long a líon, agus
ro hionnradh an tír leo, is do hairgeadh is do loisceadh
Inis Labhrainne is Dairinis leo, agus tugsad Eoghanacht
Locha Léin cath dhóibh, is do marbhadh sé fir déag is cheithre
chéad do Ghallaibh ann. Táinig loingeas oile d'Fhionnlochlonnaibh
.i. lucht na Noruaegia i nÉirinn an dara bliadhain
iar ngabháil righe Mumhan d'Fheidhlimidh mac Criomhthainn gur
hionnradh is gur hairgeadh Inis Teimhin is Beannchair is
Cluain Uama is Ros Maolaidh is Sceilig Mhichíl leo. Táinig
loingeas oile i dtuaisceart Éireann is do hairgeadh
Beannchair Uladh is do marbhadh a heaspog is a daoine
foghlumtha is do briseadh scrín Chomhghaill leo. Táinig
loingeas oile don lucht chéadna i nUíbh gCinnsealaigh is do
hairgeadh Teach Munna is Teach Moling is Inis Tíog leo;
agus tángadar iar sin i nOsruighibh is ro hairgeadh an tír
leo; is tugadar Osruighe cath dhóibh, áit ar thuit móirsheisear
is seacht gcéad do Lochlonnaibh ann. Do hionnradh mar
an gcéadna Dún Deargmhuighe is Inis Eoghanáin is Disirt
Tiobraide is Lios Mór leo. Do loisceadh is do hairgeadh
Ceall Molaise, Gleann dá Loch is Cluain Aird Mobheadhóg
is Sord Choluim Chille is Daimhliag Chiaráin is Sláine is
Cealla Sáile is Cluain Uama is Mungairid is urmhór
cheall Éireann uile leo.


L. 158


Táinig iomorro loingeas oile dhíobh i gCuan Luimnigh
gur hionnradh agus gur hairgeadh Corca Baiscinn is
Tradruidhe is Uí Chonaill Gabhra leo, agus tugsad Uí
Chonaill cath dhóibh ag Seannaid, gur marbhadh iomad do
Lochlonnaibh ann, agus ní feas dúinn cá mhéad a líon. Da
éis sin táinig Tuirgéis an t-anfhlaith go loingeas mór leis
i dtuaisceart Éireann agus do ghabh ceannas a raibhe do
Lochlannaibh i nÉirinn fán am soin, gur hionnradh
tuaisceart Éireann uile leo, agus do scaoilsiod na Danair
fá Leith Cuinn uile; is do chuirsiod arthraigh uatha ar Loch
nEachach is arthraigh oile i Lughmhuigh is ar Loch Ríbh, gur
hairgeadh Ard Macha fá thrí i n-aonmhí amháin leo. Agus
do ghabh Turgéis abdhaine Ard Macha, amhail ro thairrngir
Colum Cille, amhail adeir sé féin:




Loingeas so Locha Ríbh dhe,
Budh maith do mhóradh geinnte,
Budh uathaibh Abb Ard Macha,
Budh forlamhas anfhlatha.




Do thairrngirsiod trá naoimh Éireann olc do theacht ar
Éirinn tré uabhar a dtriath is tré na n-aindlighe, go dtáinig
leis sin foirneart Lochlonnach orra ré linn Airtre mic
Cathail do bheith i gceannas Mumhan is Aodha Oirndighe do
bheith i bhflaitheas Éireann uile. Agus is leis an anfhlaith
Tuirgéis tángadar Lochlonnaigh arís i nÉirinn an tan fá rí
Mumhan Feidhlimidh mac Criomhthainn; agus is é an Tuirgéis-se
do dhíbir Faramán an príomháid go n-a chléir a hArd
Macha, amhail adubhramar, is do shuidh féin 'n-a n-áit gur
gabhadh lé Maoilseachlainn é, da éis sin, gur bháidh i Loch
Ainninn amhail adéaram 'n-a dhiaidh so. Is i bhflaitheas
Aodha Oirndighe ar Éirinn do hairgeadh Inis Pádraig is
mórán do na hoiléanaibh atá idir Éirinn is Albainn lé
Lochlonnaibh.



Is fán am soin do cuireadh cíos Phádraig ar Chonnachtaibh
lé Gormghal mac Dín Dáthaidh agus do roinn Aodh


L. 160


Oirndighe an Mhidhe idir dá mhac Donnchadha mic Domhnaill,
.i. Conchubhair is Oilill, agus do loisceadh Í Choluim Chille
i nAlbain lé Lochlonnaibh an tráth sdin; is do hairgeadh
Laighin fá dhó i n-aonmhí lé hAodh Oirndighe rí Éireann.
San bhliadhain 'n-a dhiaidh sin do bhí tóirneach mhór is
teinnteach i nEirinn d'éis fhéile Pádraig, gur marbhadh
deichneabhar is míle do dhaoinibh idir fhior is mhnaoi lé idir
Chorca Bhaiscinn is muir, agus do roinn Inis Fíde í féin
i dtrí rannaibh gur folchadh ithir dá bha déag d'fhearann
na háite sin iar dteacht na mara tairsi.



Is fán amso do chuaidh Aodh Oirndighe rí Éireann go
sluagh líonmhar mar aon ris i Laighnibh go Dún Cuair agus
do roinn Cúigeadh Laighean idir dhís, .i. idir Mhuireadhach
mac Ruarach is Mhuireadhach mac Brain. Da éis sin do
loisceadh Inis Muireadhaigh lé Lochlonnaibh. Is fán am-so
fuair Eochaidh easpog Tamhlachta bás, is tugadar Lochlonnaigh
ár mór ar fhearaibh Umhaill, áit ar marbhadh Corcrach mac
Floinn Abhradh agus Dúnadhach rí Umhaill; is fuair Eidirsceol
mac Ceallaigh easpog Ghlinne dá Loch bás is Siadhal
easpog Rosa Commáin. Da éis sin do marbhadh Aodh
Oirndighe rí Éireann i gCath dá Fhearta lé Maolcanaigh.


L. 162


XVII.



Do ghabh Conchubhar mac Donnchadha mic Domhnaill mic
Murchadha mic Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic
Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne mic Colmáin Mhóir mic
Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthainne
mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht
Éireann cheithre bliadhna déag. Is i bhflaitheas an
Chonchubhair-se ar Éirinn fuair Ceannfaolaidh easpog Átha
Truim bás, is Eochaidh Ó Tuathail easpog Lughmhaigh; agus
do hairgeadh Inis Daimhlí is Corcach lé Lochlonnaibh; agus
do cuireadh cíos Phádraig ar an Mumhain lé Feidhlimidh mac
Criomhthainn is lé hAirtre mac Conchubhair, is do cuireadh
cíos Phádraig ar Chonnachtaibh leis an Airtre-se; agus do
hairgeadh Beannchair is Dún Leathghlaise lé Lochlonnaibh;
agus do loisceadh Magh Bile go n-a déirthighibh leo. Is fán
am-so do bhí Muireadhach mac Eochach 'n-a rígh Uladh agus
tug Conchubhar mac Donnchadha rí Éireann Maidhm Aonaigh
Tailltean ar Ghaileangaibh, áit ar thuit iomad díobh ann,
agus tugadar Lochlonnaigh maidhm mór ar Laighníbh i nDruim
Chonnla, áit ar thuit Conuing mac Con Choingiolt rí na
bhForthuath agus mórán maille ris. Da éis sin do hairgeadh
Ard Macha lé Lochlonnaibh; agus i gcionn míosa 'n-a dhiaidh
sin do hairgeadh Lughmhagh is Fine Chiannachta is Lios Mór
go n-a gceallaibh uile leo.



Do bhádar iomorro gus an am-so cheithre príomhscola i
nÉirinn, .i. scol i nArd Macha mar a rabhadar seacht míle
mac léighinn do réir sheanrolla fríoth i nOxford, is scol
i gCaiseal, scol i nDún dá Leathghlais, agus scol i Lios
Mór mar aon ré hiomad coláisteadh ó shoin amach. Gidheadh


L. 164


do cuireadh ar gcúl an tráth-so iad. Dá éis sin fuair
Conchubhair mac Donnchadha rí Éireann bhás.



Do ghabh Niall Caille mac Aodha Oirndighe mic Néill
Fhrasaigh mic Fearghaile mic Maoiledúin mic Maoilfhithrigh
mic Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnaill mic Muircheartaigh
mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cúig bliadhna
déag. Meadhbh inghean Innreachtaig mic Muireadhaigh rí
Connacht máthair an Néill-se. Agus is uime ghairthear
Niall Caille dhe, .i. lá n-aon da dtáinig Niall marcshluagh
mór d'ionnsuighe na habhann darab ainm Callann, agus do
bhí tuile mór san abhainn an tan soin; téid trá giolla óg
do mhuinntir an ríogh rompa d'fhios na habhann is do báthadh
é. Do ráidh an rí ré cách dul da fhortacht is ní bhfuair ó
neach dul ann. Do chuaidh an rí féin ar a each da fhóirithin,
agus mar do bhean cosa an eich ré bruach na habhann do
bhris an bruach is rug an abhann an rí léi gur bháthadh é, óir
do thairrngireadh dó gurab é a bháthadh i gCallainn
do-ghéabhadh; gonadh aire sin adeirthear Niall Caille ris.



Is i bhflaitheas an Néill-se fuair Diarmaid mac Tomaltaigh
rí Connacht bás; is do hairgeadh Loch Bricirnne ar
Chonghalach mac nEachach is do marbhadh é féin lé Lochlonnaibh;
agus do chuaidh Niall Caille rí Éireann go sluagh líonmhar
mar aon ris i Laighnibh ag cur ríogh orra, .i. Bran mac
Faoláin. Da éis sin do hairgeadh Fearna Mhaodhóg lé
Lochlonnaibh, is do loisceadh Mungairid is iomad ceall i
nUrmhumhain leo; agus do hairgeadh Cill Dara mar an
gcéadna lé Lochlonnaibh. Is fán am-so táinig lucht trí
fichid long ón Nórmandie ar Bóinn, agus dá fhichid long
ar abhainn Lithfe, gur airgsiod an loingeas soin Magh
Lithfe, .i. Conntae Átha Cliath, agus Magh Breagh, .i. Fine
Ghall, idir chealla is dúna is treabha. Da éis sin tugadar


L. 166


Lochlonnaigh cath ar Uíbh Néill ag Innbhear na mBárc ó
Shionainn go muir, áit ar thuit iomad nach áirmhighthear
acht a bpríomhthaoisigh; agus do loisceadh Inis Cealltra
is Cluain Mic Nóis is cealla Locha hÉirne uile lé
Lochlonnaibh.



Is fán am-so do bhí Feidhlimidh mac Criomhthainn 'n-a rígh
Mumhan is 'n-a airdeaspog Leithe Mogha, agus do chuaidh
d'argain Leithe Cuinn ó Bhiorra go Teamhair Bhreagh, agus
do fastódh i dTeamhraigh é, is do marbhadh Innreachtach mac
Maoiledúin lé muinntir Fheidhlimidh i dTeamhraigh; agus go
grod da éis sin fuair Feidhlimidh mac Criomhthainn bás, ar
mbeith seacht mbliadhna fichead 'n-a rígh Mumhan roimhe sin;
agus is í teist do-bheir an Leabhar Irsi air: "Do chumsanaidh
an t-eagnuidh ró-mhaith agus angcaire na Scot." As
so is iontuighthe gur dhuine eagnuidhe cráibhtheach Feidhlimidh
mac Criomhthainn 'n-a aimsir féin.



Tug an Feidhlimidh-se meadharchuairt Leithe Cuinn is do
íoc riú an cíos do dhligheadar d'fhagháil ó rígh Caisil, agus
an biathachas do bhí d'fhiachaibh orra-san do thabhairt 'n-a
aghaidh sin, agus na tuarastail do bhíodh ó ríoghaibh Caisil
do ríoghaibh Leithe Cuinn is do ríoghaibh Laighean is do na
príomhfhlathaibh fearainn do bhíodh fúthaibh, amhail chuireas
Beinén naomhtha mac Seiscnéin príomháidh Éireann síos é
i Leabhar na gCeart san duain darab tosach: Dligheadh
gach rí ó rígh Caisil. Ag so iomorro cíos is tuarastail
na ríogh-so ó ríoghaibh Caisil is a chuairt-sean is a aimsear
bhiadhta orra da chionn, .i. céad cloidheamh, céad corn, céad
each, is céad brat do rígh Cruachan is biathadh dá ráithe
ó rígh Cruachna do rígh Caisil, agus a dhul leis i dTír
Chonaill; fiche fail nó fáinne, fiche ficheall is fiche each do


L. 168


rígh Chinéil gConaill agus biathadh míosa ó rígh Chínéil
Chonaill agus a dhul leis i dTír Eoghain; caoga corn, caoga
cloidheamh do rígh Oiligh agus biathadh míosa is a dhul
leis go Tulaigh nÓg. Tríochad corn, tríochad cloidheamh do
fhlaith Tolcha nÓg; biathadh dá thráth dhéag uaidh do rígh
Mumhan agus a dhul leis i nOirghiallaibh. Ocht lúireacha,
trí fichid ionar is trí fichid each do rígh Oirghiall is a
bhiathadh mí i nEamhain, agus a dhul leis i nUlltaibh ar
chlannaibh Rudhruighe. Céad corn, céad matal, céad
cloidheamh, céad each is deich longa do rígh Uladh is biathadh
dá mhíos ó chlannaibh Rudhruighe dhó-san, is dul da choimhdeacht
go Teamhraigh. Tríochad lúireach, tríochad fail, céad
each, is tríochad ficheall do rígh Teamhrach agus biathadh
míosa ó rígh Teamhrach dó; agus ceitheora fine na Teamhrach
lais go hÁth Cliath. Deich mná, deich longa, deich n-eich
do rígh Átha Cliath is biathadh míosa dó ó rígh Átha Cliath,
agus a dhul lais i Laighnibh. Tríochad bó, tríochad long,
tríochad each, tríochad cumhal nó cailín do rígh Laighean agus
biathadh dhá mhíos dó ó Laighnibh, .i. mí ó uachtar Laighean
is mí ó íochtar Laighean. Tríochad each, tríochad lúireach,
tríochadh cloidheamh do fhlaith íochtair Laighean ó rígh Caisil.



Meas, a léaghthóir, nach mise is ughdar ris an ní-se
acht an naomh Beinén, amhail is follus a Leabhar na
gCeart.


L. 170


XVIII.



Agus d'éis Feidhlimidh mic Criomhthainn d'fhagháil bháis
do ghabh Olchobhar, abb Imligh Iobhair, ríghe Chaisil; agus san
mbliadhain sin tug Maoilseachlainn rí Midhe cath ar Lochlonnaibh
i gCasán Brige san Midhe mar ar thuit seacht
gcéad díobh; agus tug Tighearnach briseadh orra i nDoire
Dhisirt dhá Chonna. Is fán am-so do marbhadh Saxolbh taoiseach
na Lochlonnach lé Ciannachtaibh Ghlinne Geimhean, is tugadh
ár mór ar Lochlonnaibh i gCarn Fearadhaigh agus deargár
oile ag Eas Ruaidh.



Da éis sin do gabhadh Áth Cliath lé Lochlonnaibh ar
dtús. Is fán am-so fós rugadh Cormac mac Cuileannáin,
fá rí Mumhan seacht mbliadhna is fá hairdeaspog i gCaiseal
i n-aoinfheacht; agus do marbhad easpog Teilge dar bh'ainm
Exnich; is tugadar Lochlonnaigh cath ar Chonnachtaibh, áit ar
thuit Maoldúin mac Muirgheasa is iomad do Chonnachtaibh
mar aon ris; agus fuair Brian mac Faoláin rí Laoighse
bás. Da éis sin tángadar Lochlonnaigh cabhlach mór ar Loch
nEachach gur hairgeadh tuatha is cealla thuaisceirt Éireann
leo, is do loisceadh Fearna is Corcach mar an gcéadna
leo.



Do chuaidh Niall Caille rí Éireann an tráth-so go
sluagh líonmhar leis d'argain is do chreachadh Fear gCeall is
Dealbhna Eathra; is fuair Murchadh mac Aodha rí Connacht
bás an tráth-so, is Ioseph easpog Cluana Uais. Is fán
am-so fós do rinneadar Lochlonnaigh longphort ag Linn
Duachaill as ar hairgeadh tuatha Teathbha leo. Do rinneadar
Lochlonnaigh mar an gcéadna longphort oile ag
Duibhlinn as ar hairgeadh Laighin is Uí Néill is a dtuatha
is a gcealla go Sliabh Bladhma leo. Da éis sin iomorro


L. 172


do hairgeadh Cluain Eidhneach is Cluain Ioraird is Cluain
Mic Nóis leo; agus fuair Fearghus mac Fothaigh rí Connacht
bás; agus do tógbhadh dún is daingean lé Tuirgéis flaith
Lochlonnach ar Loch Ríbh; gur airgsiod Cluain Mic Nóis arís
is Cluain Fearta Bréanainn is Tír dá Ghlas is Lothra is
cathracha iomdha oile. Agus da éis sin fuair Gormghall
mac Dín Dathaidh easpog Lainne Léire bás. Agus tug
Niall Caille rí Éireann cath do Lochlonnaibh ar Maigh Íotha,
mar ar thuit iomad díobh leis. Agus is grod 'n-a dhiaidh sin
gur báthadh Niall Caille rí Éireann i gCallainn, amhail
adubhramar.



Do ghabh an t-anfhlaith Turgesius ón Noruaegia go n-a
fhuirinn d'Fhionnlochlonnaibh barántas Éireann trí bliadhna
déag, tar éis mar do bhí sé ag buaidhreadh Éireann seacht
mbliadhna déag; agus do bhí sé ag imirt foirneirt is
foiréigin ar Éirinn ris an ré sin, iar dtigheacht do loingeas
mhór ón Noruaegia do chongnamh dhó; gur ghabhadar cuan i
dtuasceart Éireann; gur hairgeadh an chríoch soin leo,
agus gur gabhadh a mbraighde; agus do chuireadar báid go
bhfuirinn ionnta ré foghail do dhéanamh ar an Loch nEachach
is ar Loch Ríbh, amhail adubhramar, do réir mar do thairrngir
Colum Cille san rann romhainn.



Do thairrngir fós Bearchán na Fáistine go mbiadh rí
anfhlaitheach do Lochlonnaibh ar Éirinn, agus mar an gcéadna
go mbiadh abb ar gach cill i nÉirinn do Lochlonnaibh. Ag
so mar adéir san rann-so:




Tiocfaid Geinnte tar muir meann,
Meascfaid ar fhearaibh Éireann,
Budh uathaibh Abb ar gach cill,
Budh uathaibh rí for Éirinn.




Mar do chonncadar uaisle Éireann Tuirgéis ag coimhmheascadh
na críche is ag gabháil urlamhais ós a cionn, agus é
ag imirt moghsaine is daoire uirre, do ghabh meisneach
meanman cródhacht is calmacht intinne na huaisle céadna,
gur chuireadar duadh is dochar mór orra féin ag cathughadh


L. 174


ris na hanfhlathaibh sin. Ag so síos cuid do na madhmaibh
tugadar Gaedhil orra, mar atá an briseadh tugadar Cinéal
Conaill orra ag Eas Ruaidh, áit ar marbhadh iomad díobh,
is an briseadh tugadar Dál gCais ag Ard Breacáin dóibh,
is mar do marbhadh Saxolbh iarla Lochlonnach go n-a bhuidhin
lé hUíbh gColgan, is mar thug Olchobhar mac Cionaotha rí
Mumhan, is Lorcán mac Ceallaigh rí Laighean Cath Scéithe
Neachtain orra, áit ar marbhadh Iarla Tumair tánaiste ríogh
Lochlonn leo, is dá chéad déag do mhaithibh Lochlonnach mar
aon ris. Do bhris fós an tOlchobhar céadna is Eoghanacht
Caisil cath orra láimh ré Caiseal, áit ar thuit cúig céad
díobh ag Dún Mhaoile Tuile. Do thuit trí chéad is trí
fichid lé hUíbh bhFidhghinnte dhíobh, is dá chéad lé Ciannachtaibh,
is dá fhichid déag ag Druim dá Chon lé Tighearnach rí
Locha Gabhair. Do bhris iomorro mar an gcéadna Maoilseachlainn
mac Maolruanuidh rí Midhe Cath Glaislinne
orra, áit ar marbhadh seacht gcead déag do Lochlonnaibh
ann.



Gér bh'iomdha iomorro catha is coimhghleaca tugadh idir
na Gaedhil is Turgéis go n-a Lochlonnaibh, tré líonmhaire
na gcabhlach is tré iomad sluagh tigeadh do chongnamh leis
ón Noruaegia is ó chríochaibh oile tuaisceirt na hEorpa, do
chuaidh aige ar Gaedhealaibh, gur chuir fá bhroid is fá
mhoghsaine dó féin is da allmhurrchaibh iad.



Ag so síos go cumair do mhoghsaine Gaedheal fá Lochlonnaibh,
is an cíos is an cháin do bhíodh orra, mar atá rí
ar gach triúcha chéad i nÉirinn do Lochlonnaibh, is taoiseach
ar gach tuaith is abb ar gach cill, maor ar gach baile,
suaithreach nó buanna ar gach toigh, is gan uiread eoin chirce
da mhaoin féin ar chumas fhir an tighe, agus muna mbeith


L. 176


acht an aonghamhnach istigh ní bhfuigheadh an naoidhin aonoidhche
ná an galrach a bainne, acht a choimhéad don bhuanna; agus
mun budh sásuighthe é do-bheireadh fear an tighe ris san
oireachtas i ngeall ré n-a bhuannacht. Do bhíodh uinge d'ór
gacha bliadhna ag Lochlonnaibh ar gach fear i nÉirinn nó
an tsrón ón cheann. Ní bhíodh iomorro brat ná éadach ar
thighearna ná ar bhanfhlaith, acht éadaighe is brait athchaithte
na Lochlonnach; gan neart léigheann do theagasc ioná
eagailse d'aithidhe acht Lochlonnaigh 'n-a dteamplaibh is na
ndúntaibh, gan sruithe gan cléirigh gan leabhair náid mionna
i reighléis ná i mainistir da n-eagla, gan file gan feallsamh
gan oirfideach ag leanmhain dlighidh na dúthchasa, gan
inghean ríogh ná tighearna ná taoisigh ré cur síoda ná
gréis, gan mac ríogh ná taoisigh ag foghluim lúith ná lámhaigh,
gan fleadh ná féasta da caitheamh idir cháirdibh acht an
fuigheall do bhíodh d'éis Danar da sásughadh féin di.



Do bhí do thruime na daoirse-se Lochlonnach ar Ghaedhealaibh
gur ghabh tuirse mhór fir Éireann uile; is ar t-iarmhar
da gcléir do mhair is do bhíodh ag a ndísliughadh féin i
gcoilltibh is i n-ionadhaibh diamhaire go dearóil ag tabhairt
a mbeathadh as go cráibhtheach, do ghuidheadar Dia go dúthrachtach
fá iad féin d'fhóirithin ó anfhlaitheas Turgesius. Do
troisceadh fós leo air, agus tugadar fá deara ar gach
tuatha fíréanta do bhí umhal dóibh an ní céadna do dhéanamh.
Agus do éist Dia ré n-a nguidhe maille ré Turgésius do
thabhairt ar chumas na nGaedheal, amhail chuirfeam síos do
láthair annso.



Ar mbeith iomorro do Thurgesius san anfhlaitheas
fhoiréigneach-so, agus Gaedhil tré umhlacht aimhdheonaigh ag
gialladh dhó, do rinne longphort comhnuidhthe do féin láimh ré
dúinlios Mhaoilsheachlainn mic Maoilruanuidh ríogh Midhe;


L. 178


agus lá n-aon da dtáinig go teach Maoilsheachlainn, atchí
inghean álainn aontumha do bhí ag Maoilseachlainn, agus ar
mbeith aosta ainmhianach dó féin, iarrais an inghean ar a
hathair ré luighe ria ar leannántacht. "A thighearna," ar
Maoilseachlainn, "is dearbh liom nach anfá ar mh'inghin
mar mhnaoi phósta acht go madh lór leat sealaidheacht d'fhagháil
di. Gidheadh iarraim ort gan mh'inghean d'iarraidh ós ard
ionnus nach cuirfidhe nuachar amugha uirre; agus ó tharla do
longphort-sa i ngar don lios-so 'n-a bhfuilim-se, cuirfead
mh'inghean ós íseal id dháil mar aon ris na cúig mnáibh óga
déag is áilne agus is searcamhla san Midhe uile; agus is
dearbh liom an tan atchífir an bantracht soin, nach biaidh seadh
ná suim im inghin féin agat, ar a n-áille seoch mh'inghean
féin." Do ba toil lé Turgéis sin, agus do cumadh oidhche
chinnte leo 'n-a gcuirfidhe an inghean go n-a bantracht i ndáil
Thuirgéis da longphort. Tarla fán am soin cruinniughadh
is coimhthionól ar a rabhadar do thaoiseachaibh Lochlonnach i
nÉirinn go hÁth Cliath i gcoinne Thuirgéis ré cinneadh
comhairle dhóibh um cheann na críche do chosnamh is do chaomhna;
agus iar mbeith ann sin dóibh, nochtais Tuirgéis do chuid do
na taoiseachaibh sin an dáil do bhí idir é féin is Maoilseachlainn,
is geallais mná don druing díobh-san do rachadh leis,
agus triallaid leis na cúig fhir déag ba mhó meisneach is
macnais do na taoiseachaibh sin, agus ní dhearnadar fos ná
comhnuidhe go rochtain longphuirt Tuirgéis dóibh mar aon ré
n-a dtighearna.



Dála Mhaoilsheachlainn do chuir tionól ós íseal ar chúig
fhearaibh déag do na hógaibh gan fhéasóga is urramhanta do
bhí san Midhe, agus tug fá deara earradha ban do chur orra
is cloidheamh gearr fá choim gach aoin díobh, agus a gcur mar
sin i riocht bantrachta ag coimhdeacht a inghine. Agus an
tan táinig an oidhche do gealladh ise do chur i ndáil Thuirgéis,


L. 180


triallais an inghean go n-a bantracht go ndeachaidh i ngar
don longphort; agus cuiris scéala ós iseal go Tuirgéis da
nochtadh dhó í féin go n-a bantracht do bheith i ngar don toigh
ré dul da fhios; agus ar n-a chlos sin dó, tug fá deara ar
na ceannaibh feadhna do bhí 'n-a fhochair dul da seomradhaibh,
agus adubhairt go gcuirfeadh mná chuca amhail ro gheall.
Leis sin do-níd aoin bheart amháin da n-armaibh ar an mbord
do bhí ar an halla, is téid siad da seomradhaibh, gach aon
díobh ar leabaidh ar leith, ag feitheamh ris an mbantracht soin
do roinn orra.



Tarla fán am soin Maoilseachlainn, go sluaghbhuidhin
'n-a fhochair, i bhfochair a inghine, agus a dubhairt ré droing
do na hógaibh sin do bhí i reachtaibh ban 'n-a fochair, an tan
do chuirfeadh Tuirgéis lámh san inghin da fastódh aige, breith
go heasaontach air is bráighe do dhéanamh de; agus drong oile
do dhul i seilbh airm an tighe agus lingeadh ar na ceannaibh
feadhna do bhí istigh; agus go mbiadh féin is an tsluaghbhuidhean
do bhí 'n-a fhochair láimh ris an dtigh, is go lingfeadh
an teagh isteach ris an gcéadgháir do chongnamh dhóibh ré
marbhadh na Lochlonnach. Téid an ingean go n-a bantracht
leis sin tré chúldoras do bhí ar an dteach go ráinig seomra
Thuirgéis; agus ar rochtain n-a láthair dóibh, tug súil tairis
ar an mnaoi uasail is ar a bantracht, is níor thaitin leis
díobh acht í féin, agus leis sin cuiris lámh innte da fastódh
aige. Ar n-a fhaicsin sin do na hógaibh do bhí 'n-a fochair,
beirid drong díobh go heasaontach ar Thuirgéis is do-níd
bráighe dhe. Do-bheirid an drong oile amus ar na harmaibh
gur ghabhadar a n-urlamhas dóibh féin, is tig Maoilseachlainn
leis sin go sluaghbhuidhin san teagh is lingid ar an líon
Lochlonnach do bhí san longphort, gur marbhadh uile iad idir
taoiseach is daoscarshluagh acht Tuirgéis amháin; agus iar
lomairt a longphuirt dóibh beirid Tuirgéis i laimh go


L. 182


dúinlios Maoilseachlainn mar a raibhe sealad i ngeibheann
aca.



Ar n-a chlos iomorro don mhéid Lochlonnach do bhí i
nÉirinn gur marbhadh na taoisigh do bhí orra féin, is gur
gabhadh Tuirgéis an t-anfhlaith lé Maoilseachlainn rí Midhe,
do ghabh meatacht is mímheisneach iad, ionnus gach fuireann
díobh do bhíodh i gcrioslach na tíre istigh i gcéin ó bhailtibh
cuain, go mbídís ag triall tré ealódh oidhche d'fhios a long ré
hÉirinn d'fhágbháil; agus an lucht do bhíodh i mbailtibh cuain
díobh do rithidís 'n-a longaibh da ndídean féin ar iomruagadh
na nGaedheal do bhíodh ag tóraidheacht orra, ionnus gur
díbreadh Lochlonnaigh uile a hÉirinn an tan soin, acht iarmhar
beag do an fá smacht na nGaedheal díobh. Agus i ndiaidh a
ruagtha do báthadh Tuirgéis lé Maoilseachlainn i Loch Ainninn
agus táinig don ghníomh soin gur thoghadar uaisle Éireann
d'aonaonta Maoilseachlainn 'n-a airdrígh ar Éirinn uile,
tré mar do fóireadh an chríoch leis a hanbhroid Lochlonnach.



An tan fá haois don Tighearna 877 adeir Buccananus
go dtáinig Greaghóir rí Alban go sluagh líonmhar leis
d'argain Éirinn is gur marbhadh Brian is Conchubhar da
dhíonuidhtheoir ríogh Éireann leis, ar mbeith do rígh Éireann
'n-a leanbh. Gidheadh ní héidir so do bheith fírinneach, do bhrígh
nach léaghthar san seanchus go raibhe aoinrí ar Éirinn riamh ó
aimsir Shláinghe go Gabhaltas Gall acht rí tháinig lé togha an
phobail agus lé harrachtas a ghníomh is lé neart a láimhe i
gceannus Éireann. Agus fós fá hé Tuirgéis an t-anfhlaith
fá rí Éireann an tráth soin.


L. 184


XIX.



Do ghabh Maoilseachlainn mac Maolruanuidh mic Donnchadha
mic Domhnaill mic Murchadha mic Diarmada mic Airmeadhaigh
Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne Meinn
mic Colmáin Mhóir mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna déag. Aróg
inghean Chathail mic Fiachrach rí bhFear gCúl máthair an
Mhaoilsheachlainn-se.



Ar mbeith do Lochlonnaibh ar a ndíbirt lé Maoilseachlainn,
amhail adubhramar, is le huaislibh Éireann, do
cinneadh comhairle san Noruaegia lé Fionnlochlonnaibh
cionnus nó créad an modh 'n-a bhféadfadaois cos do chur i
nÉirinn, i ndóigh ré hurlamhas Éireann da rochtain arís.
Is é ní ar a dtángadar triúr taoiseach do ba dearbhráithre
dha chéile d'fholaibh uaisle na Noruaegia d'ollmhughadh ré a
gcur i nÉirinn mar aon ré cabhlach leo ar seilbh ceannaidheachta
is iomad do ghréithibh geanamhla is do sheoidibh uaisle
ré a mbronnadh is ré a reic ré fearaibh Éireann, do shúil ré
cáirdeas is ré síothcháin fhear nÉireann do ghreamughadh;
agus leis sin go bhféadfadaois go cealgach clipe do chur
san chrích da hathbhuaidhreadh arís. Ag so mar adeir Policronicon
ar an ní-se: "I ndiaidh bháis Thuirgéis tángadar
a hoirear na Noruaegia ar leirg síothchána is ar scáth
ceannaidheachta triúr dearbhráthar, Amhlaoibh, Sitric is
Íomhar, don oiléan-so go na bhfuirinn leo agus d'aonta na
nÉireannach, ag a raibhe dúil i ndíomhaoineas, do orduigheadar
nó do thógbhadar trí bhaile chuain ré n-a n-áitiughadh
dhóibh féin, mar atá i Port Lairge, Áth Cliath is Luimneach.
Agus da éis sin ar bhfás do na drongaibh táinig leo do
lingdís go minic ar áitightheoiribh na críche."


L. 186


As na briathraibh-se is iontuigthe gurab lé ceilg an
triair taoiseach-so fuaradar Fionnlochlonnaigh ón Noruaegia
árach ar bheith ag aithmhilleadh Éireann. Agus is tré dhá
adhbhar do chuadar i neart an athuair i nÉirinn. An céadadhbhar
díobh tré n-a líonmhaire thigeadh congnamh sluaigh is
loingis ón Noruaegia chuca ó aimsir go haimsir; agus an
dara hadhbhar trés an easaonta is trés an siosma síor do
bhíodh idir na Gaedhealaibh féin fán am soin gur traothadh a
chéile go mór leo. Agus fós fá gnáth leo congbháil buannachta
do thabhairt do Lochlonnaibh leath ar leath, go dtáinig
dhe sin gur ghabhadar arrachtas an athuair i nÉirinn, is go
rabhadar Gaedhil fá athbhroid aca ón am-so go bás Bhriain,
amhail fhoillseocham a hannálaibh Éireann san trácht-so
romhainn síos.



Ar mbeith iomorro d'Fhionnlochlonnaibh ag buaidhreadh
Éireann ar an ordughadh soin táinig loingeas mór Dubhlochlonnach
ón Dania .i. Denmarke, go hÁth Cliath, agus
airgthear imeall na críche is marbhthar iomad do dhaoinibh
leo; agus leis sin cruinnighid Fionnlochlonnaigh 'n-a n-aghaidh,
gur fearadh cath eathorra leath ar leath ag Linn Duachuill,
mar ar briseadh d'Fhionnlochlonnaibh is mar ar marbhadh míle
dhíobh; gur ghabhadar Dubhlochlonnaigh neart mór i nÉirinn da
bhíthin sin. Agus go grod da éis sin táinig Amhlaoibh mac
ríogh Lochlonn i nÉirinn do ghabháil bharántais Dainfhear nó
Dubhlochlonnach, agus do chuir mórán d'fhearaibh Éireann fá
chíoscháin dó.



Is fán am-so fuair Olchobhar mac Cionaotha rí Mumhan
bás, is Flaithnia easpog Biorair is Cormac easpog Lathraigh
Briuin is Niall mac Giolláin, ar mbeith tríochad bliadhan
'n-a bheathaidh don fhior-so gan bhiadh gan digh. Is fán am-
so do bhí ríoghdháil nó cóimhthionól fhear nÉireann ag Ráith Aodha


L. 188


mic Bric um Mhaoilseachlainn rí Teamhrach is um Etgna
comhorba Pádraig ag déanamh síodha idir fhearaibh Éireann,
agus is ann sin tug Cearbhall rí Osruighe óighréir do
chomhorba Pádraig.



Is ann fós do rinne Maolguala mac Donnghaile rí
Mumhan is Cearbhall rí Osruighe ceangal síodha ré Leith
Cuinn. Da éis sin do mharbhadar lucht na Normandie Maolguala
rí Mumhan lé clochaibh. Is fán am-so tug Maoilseachlainn
rí Éireann Cath Droma Dámhuighe, áit i dtug ár
mór ar Lochlonnaibh Átha Cliath; is fuair Domhnall mac
Ailpín rí na bPict bás. Go grod da éis sin fuair Maoilseachlainn
rí Éireann bás.



Do ghabh Aodh Finnliath mac Néill Chaille mic Aodha
Oirndighe mic Néill Fhrasaigh mic Fearghaile mic Maoiledúin
mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh do shíol Éireamhóin
ríoghacht Éireann sé bliadhna déag. Gormfhlaith inghean
Donnchadha mic Domhnaill máthair Aodha Finnléith is Maolmuire,
inghean Chionaotha mic Ailpín rí Alban, a bhean,
máthair Néill Ghlúnduibh.



Is i bhflaitheas Aodha Finnléith do rinneadh na gníomha-so
síos .i. Conchubhar mac Donnchadha leithrí Midhe do marbhadh
lé hAmhlaoibh mac ríogh Lochlonn i gCluain Ioraird. Da éis
sin do chuaidh an tAmhlaoibh-se go sluagh líonmhar do Lochlonnaibh
leis i bhFoirthrén i nAlbain, gur chreach is gur airg
na Pictí agus go dtug a ngéill uatha. Is fán am-so tug
Aodh Finnliath rí Éireann cath mór ar Lochlonnaibh Locha
Feabhail go dtug dá fhichid ceann taoisigh gan cholainn díobh
leis, iar marbhadh dá mhile dhéag díobh; agus ro chreach is ro
airg an longphort idir chradh is ionnmhus. Is grod 'n-a
dhiaidh sin go bhfuair Conall easpog Chille Scire bás; is gur


L. 190


loisceadh dún Amhlaoibh ríogh Lochlonn i gCluain Dolcáin
lé mac Gaoithín is lé mac Ciaráin mic Rónáin; gur marbhadh
céad taoiseach do Lochlonnaibh leo. Da éis sin do hairgeadh
is do creachadh Ard Macha lé hAmhlaoibh, is do marbhadh míle
do Ghaedhealaibh leis, is tug iomad maoine is mórchánach as.
Is fán am-so fuair Ceannfaolaidh mac Moichthighearn do bhí
trí bliadhna déag bás, agus do ghabh Donnchadh mac Duibh
dha Bhuireann ríoghacht Mumhan cheithre bliadhna déag, agus
tugadh cath idir na Pictí is Dubhlochlonnaigh, áit ar marbhadh
iomad do na Pictibh ann. Da éis sin táinig Rudhruighe mac
Moirmhinn rí Breatan ar teitheadh ré Dubhlochlonnaibh go
hÉirinn, agus tugadh taise Choluim Chille a hAlbain i
nÉirinn ar teitheadh rés an druing chéadna.



Is fán am-so do réir Chormaic mic Cuileannáin do bhí
Lorcán mac Lachtna 'n-a rígh Tuadhmhumhan; is an tan do
bhídís Dál gCais taoibh ré Tuadhmhumhain is aca do bhíodh an
slios tuaidh do ríghtheach Caisil ó chúil go doras; agus do
bhíodh dá thriúcha déag do roinn aca mar atá ó Léim Chon
gCulainn go Bealach Mór i nOsruighe agus ó Shliabh Echtghe
go Sliabh Eibhlinne; agus is aca do bhíodh tosach shluagh
Muimhneach ag dul i gcoinne námhad, agus deireadh ag
dealughadh riú, amhail adeir Cormac mac Cuileannáin san
rann-so:




Tosach ag dul i dtír námhad,
Is deireadh leo ag teacht tar ais,
Ré méid a n-ágh fri gach ndoilgheas,
Is ní do ruidhleas Dál gCais.




Fuair Aodh Finnliath rí Éireann bás i nDruim Ionascluinn
i gcrích Chonaill; is fuair Tighearnach mac Muireadhaigh
easpog Droma Ionasclainn bás an tráth soin.



Dho ghabh Flann Sionna mac Maoilsheachlainn mic Maolruanuidh
mic Donnchadha mic Domhnaill mic Murchadha mic


L. 192


Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn
mic Suibhne Mheinn do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht
mbliadhna déag ar fhichid. Lann inghean Dúnghail mic
Fearghaile rí Osruighe máthair Fhloinn mic Maoilsheachlainn.



Is i bhflaitheas Fhloinn Sionna ríogh Éireann do rinneadh
na gníomha-so síos. Óir do hairgeadh is do creachadh an
Mhumha uile leis an rígh-se is tug braighde uatha. Is 'n-a
fhlaitheas fós do marbhadh Domhnall mac Muireigéin le 'n-a
chompánaibh féin, is fuair Fiachna mac Ainbhiotha mic Aodha
Róin do bhí 'n-a rígh Uladh aoin bhliadhain amháin bás, agus
Donnchadh mac Duibh dhá Bhuireann rí Mumhan. Is fán am-so
do hairgeadh Cill Dara is Cluain Ioraird lé Lochlonnaibh;
agus do rinne Flann Sionna rí Éireann aonach Tailltean
do chommóradh; is fuair Dubhlachtna mac Maolghuala mic
Donnghaile do bhí 'n-a rígh Mumhan seacht mbliadhna bás, is
do marbhadh Sitric mac Íomhair lé druing don Normandie;
is do marbhadh Aidheit mac Laighnigh, do bhí 'n-a rígh Uladh, i
bhfeall le 'n-a chompánaibh féin; is do hairgeadh Ard Macha
lé Lochlonnaibh Locha Feabhail; gur ghabhsad Cumuscach rí
Uladh ann, agus Aodh mac Cumuscaigh a mhac; is fuair
Domhnall mac Constaintín rí Alban bás.


L. 194


XX.



Is fán am-so do ghabh Cormac mac Cuileannáin mic
Sealbhaigh mic Ailghionáin mic Eochach mic Breasail mic
Aonghusa mic Natfraoich mic Cuirc mic Luighdheach Gaot mic
Oiliolla Flann Big mic Fiachach Muilleathain mic Eoghain
Mhóir mic Oiliolla Óluim ríoghacht Mumhan seacht mbliadhna.
Agus fá mór rath Éireann ré linn Chormaic do bheith i
bhflaitheas Mumhan. Óir do líonadh Éire do rath dhiadha is
do shonas shaoghalta is do shíothcháin choitchinn ré n-a linn,
ionnus nach bíodh buachaill ag boin ná aodhaire ag tréid 'n-a
réimheas; agus do bhíodh anacal ag reilgibh ré a linn; is do
rónadh iomad teampull is mainistreach is scol gcoitcheann
ré múnadh léighinn breitheamhnais is seanchusa ré a linn, is
iomad treabhtha, iomad beach is beachlann, iomad troiscthe is
urnuighthe is gacha crábhadh ar cheana; is iomad teach n-aoidheadh
'ga ndéanamh is leabhair da scríobhadh ré n-a linn: agus gach
maith do fhoráileadh ar chách do dhéanamh, go ngníomhuigheadh
féin rompa í, idir dhéirc daonnacht urnuighthe aifreann is gach
deighghníomh oile ó shoin amach. Agus fós do bhí do rath air,
an mhéid Lochlonnach do bhí i nÉirinn ré foghail do dhéanamh,
gur thréigeadar an chríoch an feadh do bhí seisean i bhflaitheas
Mumhan.



Tarla iomorro Cormac mac Cuileannáin 'n-a chomhnuidhe
i gCaiseal ré hucht na Cásca gur chuir fógra fá na hEoghanachtaibh
'ga rádh riú biadh is lón do chur ré hucht na féile
uaisle chuige go Caiseal, agus do éimgheadar é. Ar n-a
chlos sin iomorro do Dhál gCais cuirid biadha is lóinte
iomdha go Cormac ionnus go raibhe buidheach dhíobh. Cuiris
Cormac teachta arís go síol nEoghain 'ga iarraidh orra
seoide is maoine do chur chuige ré a mbronnadh do dheoradhaibh
ó nar chuireadar biadh chuige; agus is eadh do rinneadar


L. 196


siol nEoghain na hairm is na hearradha is measa do bhí aca
do chur chuighe agus fá diomdhach dhíobh é tríd sin. Ar n-a
chlos sin cheana do Dhál gCais cuirid rogha arm is éadaigh is
seod chuige ré a mbronnadh go raibhe buidheach dhíobh is go
dtug a bheannacht dóibh, amhail adeir sé féin san rann-so:




Go dtugtar dhóibh ar ndúthracht,
Do chlannaibh Táil na dtréinneart,
Ríghe chaoin go bráth buaincheart,
Laochtacht ordan cruth cléirceacht.




Léaghthar linn san seanchus go rabhadar cheithre rígh is dá
fhichid do shíol Eoghain i bhflaitheas Mumhan ó ré Aonghusa mic
Natfraoich go Mathghamhain mac Cinnéididh, is nach raibhe an
feadh soin ag Dál gCais acht ríoghacht Tuadhmhumhan (acht
Lorcán do bhí bliadhain go leith ann i ndiaidh Chormaic mic
Cuileannáin do réir Uí Dhubhagáin go bhfuair bás i gcionn
na ré sin), mar atá ó Shlighe Dhála ré a ráidhtear Bealach
Mór Osruighe go Léim Chon gCulainn i n-iarthar Corca
Baiscinn, agus is iad an Dál gCais chéadna do bhíodh
ré freastal cogaidh i n-aghaidh Laighean is Leithe Cuinn
ag ríoghaibh Caisil; gonadh uime sin adeir file éigin
an rann-so:




Dleaghair do shluagh shíol Luighdheach
Sreathnughadh cath sluagh Muimhneach
Agus bheith i luirg fá dheoidh
A críochaibh ána aineoil.




Iar gcaitheamh iomorro sheacht mbliadhan do Chormac mac
Cuileannáin i bhflaitheas Mumhan go síodhach sona amhail
adubhramar, gríostar lé cuid d'uaislibh na Mumhan é,
agus go háirithe lé Flaithbheartach mac Ionmhainéin abb
Inse Cathaigh, do bhí don fhuil ríoghdha, d'agra airdchíosa
ar Chúigeadh Laighean ar mbeith do leith Mogha dhi. Leis
sin cuiris Cormac cruinniughadh is coimhthionól ar sluaghaibh
Mumhan go haonláthair. Agus ar rochtain go haoinionadh
da n-uaislibh is í comhairle ar ar cinneadh leo dul do
thabhach an airdchíosa ar Laighnibh i gceart na ronna do


L. 198


rinneadh idir Mhogh Nuadhat is Chonn. Gidheadh fá leasc
lé Cormac triall ar an eachtra soin, do bhrígh gur
foillsigheadh dó go dtuitfeadh san turas soin. Tairis
sin aontuighis dul ann, is ré hucht imtheachta dhó, do
fhágaibh leagáide ar a anmain ag eagailsibh prinnsiopálta
Éireann, mar atá uinge d'airgead is uinge d'ór
is a earradh is a each ag Druim Abhrad .i. Ard Fhionáin;
corn óir is airgid is cochall sróill ag Lios Mór;
corn óir is airgid is cheithre uinge d'ór is céad uinge
d'airgead ag Caiseal; trí huinge d'ór is leabhar aifrinn
ag Imleach Iobhair; uinge d'ór is uinge d'airgead do
Ghleann dá Loch; earradh is each uinge d'ór is brat sróill
do Chill Dara; cheithre uinge fichead d'airgead is d'ór ag
Ard Macha; trí huinge d'ór ag Inis Cathaigh; trí huinge
d'ór is cochall sróill ag Mungairid agus beannacht
Chormaic.



Is mór iomorro an teist do-bheir Cormac ar choimhthionól
Mungairide, amhail léaghthar san duain darab
tosach: A ghille ceangail ar lóin, mar a gcuireann síos
an líon manach do bhí san choimhthionól ag freastal na sé
dteampull do bhí san chill. Cathair Dheochain Neasáin
ghairthear don chill sin. Ag so an líon manach do bhí innte,
mar atá cúig céad manach foghlumtha ré seanmóir; sé céad
psalmaire ré freastal coradh; is cheithre céad seanóir ré
rinnfheitheamh nó ré contemplation.



Dála Chormaic ré hucht triallta i Laignibh dhó, do chuir
fios ar Lorcán mac Lachtna rí Dal gCais agus ar rochtain
go ríghtheach Chaisil dó, fáiltighis Cormac roimhe is nochtais
d'uaislibh shíl nEoghain do bhí 'n-a fhochair gurab do Lorcán
fá dual flaitheas Mumhan do ghabháil da éis féin do réir
udhachta Oiliolla Óluim lér horduigheadh flaitheas Mumhan


L. 200


do bheith gach ré nglún ag sliocht Fhiachach Muilleathain is
ag sliocht Chormaic Chais. Gidheadh níor comhailleadh toil
Chormaic san ní sin.



Iomthúsa Chormaic iomorro ar dtionól mhórshluagh bhfear
Mumhan dó féin is do Fhlaithbheartach mac Ionmhainéin
triallaid i Laighnibh d'iarraidh braighde nó cíosa orra do
dhíol ré rígh Mumhan ar mbeith do Leith Mogha dhóibh. Ar
mbeith do shluagh Mumhan i n-aon longphort ré triall san
turas soin dóibh, do chuaidh Flaithbheartach mac Ionmhainéin
abb Inse Cathaigh ar a each ar fud sráide an longphuirt, is
do thuit an t-each i gclais doimhin faoi, is ba drochfháistine
dó-san sin. Táinig dhe sin sochuidhe da mhuinntir is don tsluagh
uile d'anmhain ón turas soin, óir do ba drochthuar leo tuitim
an duine naomhtha ré ndul ar eachtra dhóibh.



Tángadar trá teachta uaisle ó Laighnibh is ó Chearbhall
mac Muireigéin d'ionnsuighe ar Chormac ar dtús
is tagraid teachtaireacht shíodha ris ó Laighnibh .i. aointsíoth
amháin do bheith i nÉirinn uile go Bealltaine ar
a gcionn, óir coidhcís d'fhoghmhar an tain soin, agus
braighde do thabhairt i láimh Mhaonaigh abb Disirt
Diarmada .i. duine naomhtha eagnuidhe cráibhtheach an fear
soin, agus iomad seod is maitheasa do thabhairt do
Chormac is do Fhlaithbheartach ó Laighnibh i gcommaoin na
síothchána soin. Do ba lántoil lé Cormac an tsíoth
soin do dhéanamh, is táinig da fhoillsiughadh do Fhlaithbheartach
go dtángadar teachta ó rígh Laighean chuige d'iarraidh
síodha go Bealltaine ar a gcionn, is do thairgsin séad is
maoine dhóibh ar aon ó Laighnibh tré thilleadh don Mhumain
tar a n-ais go síodhach. An tan do chualaidh Flaithbheartach
sin gabhais fearg adhbhalmhór é, agus is eadh ro ráidh: "Is
urusa a aithne ar mhaoithe do mheanman dearóile th'intinne


L. 202


is th'aigeanta," agus tug iomad táir is tarcaisne ar
Chormac an tráth soin.



Is é freagra tug Cormac air-sean: "Is deimhin liom-sa,"
ar Cormac, "an ní thiocfas de sin .i. cath do thabhairt
do Laighnibh, is muirbhfidhear mise ann, agus is cosmhail do
bhás-sa do thigheacht de." Agus an tan adubhairt Cormac
na briathra soin, táinig da phuball féin is é tuirseach
dobrónach, agus an tan do shuidh, tugadh soitheach ubhall chuige
is gabhais ag a roinn ar a mhuinntir agus is eadh do ráidh:
"A mhuinntir ionmhain," ar sé, "ní roinnfead-sa ubhla
oraibh ón uair-se amach go bráth." "Ó a thighearna ionmhain,"
ar a mhuinntear, "tugais orainn-ne bheith dobrónach
tuirseach is fá minic leat drochfháistine do dhéanamh duit
féin." "Créad sin, a mhuinntear chroidhe," ar Cormac,
"óir is beag an t-iongnadh gion go dtugainn-se ubhla as
mo láimh féin daoibh go mbiadh neach éigin oile im fharradh
do shínfeadh ubhla dhaoibh." Iar sin do iarr Cormac forfhaire
do chur 'n-a thimcheall, is do iarr an duine cráibhtheach
Maonach .i. comhorba Comhghaill do thabhairt chuige go
ndearnadh a fhaoisidin is a thiomna 'n-a láthair; is do chaith
Corp Críost 'n-a fhiadhnaise is do dhiúlt sé don tsaoghal do
láthair Mhaonaigh. Óir do ba dearbh lé Cormac go muirfidhe
san gcath soin é féin; gidheadh níor mhaith leis a fhios
sin do bheith ag a mhuinntir.



Do orduigh iomorro a chorp do bhreith go Cluain Uama,
dá mbeith ar cumas do chách a bhreith ann, is muna mbeith, a
bhreith go roilig Diarmada mic Aodha Róin .i. Disirt
Diarmada, áit a raibhe féin da fhoghluim i bhfad d'aimsir.
Gidheadh do b'fhearr leis a adhnacal i gCluain Uama ag
mac Léinín. Ba fearr iomorro ré Maonach a adhnacal
i nDisirt Diarmada mar a raibhe coimhthionól manach do
mhuinntir Chomhghaill, is fá hé Maonach comharba Comhghaill
an tan soin agus fá duine cráibhtheach eagnuidhe é, agus


L. 204


is mór d'ulc is do shaothar fuair ag iarraidh síodha do
tharraing idir Laighnibh is rígh Mumhan an tan soin.



Acht cheana gluaisid iomad d'fhearaibh Mumhan go
neimhcheaduightheach as an gcath óir do chualadar Flann mac
Maoilsheachlainn rí Éireann do bheith i longphort Laighean
go sluagh líonmhar da gcois is ar marcaidheacht. Is ann
sin do ráidh Maonach, "A dheaghdhaoine Mumhan," ar sé,
"do budh críonna dhaoibh na braighde maithe thairgthear
daoibh do ghabháil i n-orláimh dhaoine gcráibhtheach go Bealltaine,
.i. mac Cearbhaill ríogh Laighean is mac ríogh
Osruighe." Do bhádar fir Mhumhan uile ag a rádh d'aonghlór
gurab é Flaithbheartach mac Ionmhainéin do choimhéignigh
iad um thigheacht i Laighnibh.



A haithle na casaoide sin triallaid fir Mhumhain tar
Sliabh Mairge soir go Droichead Léithghlinne. Do chomhnuidh
iomorro Tiobraide comhorba Ailbhe is buidhean mhór
do chléircibh mar aon ris i Léithghlinn, is giollaidhe an
tsluaigh is a gcapaill lóin. Do sinneadh iar sin stuic is
caismearta catha ag fearaibh Mumhan is tángadar rompa
i Maigh nAilbhe. Do bhádar ann sin i n-ucht choille is
daingin ag fuireach ris an námhaid. Do rónsad fir
Mhumhan trí catha comhmhóra dhíobh féin, mar atá Flaithbheartach
mac Ionmhainéin is Ceallach mac Cearbhaill rí
Osruighe i gceannas feadhna an chéadchatha; Cormac mac
Cuilleannáin rí Mumhan ós cionn an dara catha; Cormac
mac Mothla rí na nDéise is fuireann d'uaislibh Mumhan
ós cionn an treas catha. Tángadar iomorro amhlaidh sin
ar Maigh nAilbhe, agus fá gearánach iad ar iomad a námhad
is ar a luighead féin do shluagh. Óir is eadh scríobhaid
ughdair go rabhadar Laighin cheithre uiread do shluagh ré
fearaibh Mumhan. Ba thruagh iomorro an gháir do bhí san
gcath-so amhail innisid eolaigh .i. gáir ag sluagh Mumhan aga
marbhadh, is gáir ag sluagh Laighean ag comhmhaoidheamh an
mharbhtha soin.


L. 206


Dá chúis cheana fá deara briseadh go hobann d'fhearaibh
Mumhan .i. Céileachair bráthair Chinn Ghéagáin ríogh Mumhan
do chuaidh ar a each is mar ráinig uirre is eadh adubhairt:
"A shaorchlanna Mumhan," ar sé, "teithidh go luath ón
gcath adhuathmhar-so is léigidh do na cléircibh féin cathughadh
do dhéanamh ó nar ghabhsad cumhaidh oile acht cath do thabhairt
do Laighnibh." Triallais Céileachair is sochaidhe maille ris
a láthair an chatha amhlaidh sin. Cúis oile fár briseadh
d'fhearaibh Mumhan .i. Ceallach mac Cearbhaill mar do
chonnairc sé a mhuinntear 'ga dtuargain go tinneasnach
san chath, do ling go hobann ar a each is adubhairt ré a
mhuinntir, "Éirghidh ar bhar n-eachaibh," ar sé, "is díbridh
uaibh an lucht atá i nbhar n-aghaidh." Agus gé adubhairt
sin ní do chathughadh adubhairt é, acht do theitheadh. Táinig
don dá chúis sin gur ghabhadar fir Mhumhan briseadh chuca, i
n-aoinfheacht. Uch trá ba mór an t-ár baoi ar fud Mhaighe
Ailbhe an tan soin. Óir ní tugthaoi comairce do chléireach
seoch laoch ann gan comhmharbhadh do thabhairt orra leath ar
leath. Agus an tráth do haincidhe laoch nó cléireach leo,
ní do thrócaire do-nídís sin acht do shainnt ré fuascladh
d'fhagháil asta.



Triallais Cormac mac Cuilleannáin i dtosach an
chéadchatha. Gidheadh do ling a each i gclais uaidh is do thuit
seisean di, is do chonncadar drong da mhuinntir do bhí ag
teitheadh as an maidhm é, is tángadar da fhortacht gur
chuireadar ar a each é. Is ann sin do chonnairc Cormac
dalta saorchlannda dó féin, Aodh a ainm, saoi eagna is
breitheamhnais is seanchusa is Laidne an fear soin, agus
is eadh adubhairt an rí Cormac ris. "A mhic ionmhain,"
ar sé, "ná lean díom-sa, acht beir as tú mar is fearr go
dtiocfaidh riot, agus do innis mé duit go muirbhfidhe san
gcath-so mé. Triallais Cormac roimhe agus fá iomdha fuil
daoine is each ar feadh na slighe sin gur sciorrsad cosa
deiridh an eich do bhí faoi, ré sleimhne na slighe ó lorg na


L. 208


fola. Tuitis an t-each leis sin tar a hais go dtarla
Cormac fúithe, gur briseadh a mhuinéal is a dhruim mar
aon san eascar soin. Agus adubhairt ag tuitim dhó: In
manus tuas et relq.. Éagais san tráth soin agus tigid an
mhuinntear mhalluighthe gur ghabhadar da ngaothaibh ann, agus
do beanadh a cheann de.



Adeir Doctúir Hanmer 'n-a chroinic gurab le Lochlonnaibh
do thuit Cormac mac Cuileannáin is Cearbhall mac
Muireigéin rí Laighean, an tan fá haois don Tighearna 905.
Gidheadh ní fíor do Hanmer so; óir níor thuit Cearbhall
ann, agus ní hiad Loclonnaigh do chuir an cath acht Flann
Sionna rí Éireann, mar is follus as an stair ré ráidhtear
Cath Bealaigh Mughna, mar ar thuit Mac Cuileannáin.



I bhfíorthosach iomorro an chatha-so do marbhadh Ceallach
mac Cearbhaill rí Osruighe is a mhac. Is mór do
chléircibh maithe is do ríoghaibh, do thaoiseachaibh is do
laochraidh, do marbhadh san chath-so. Do marbhadh ann
Foghartach mac Suibhne rí Ciarraidhe, is Oilill mac Eoghain,
duine uasal óg eagnuidhe, is Colmán abb Cinn Eitigh
ardollamh breitheamhnais Éireann, is sochuidhe mhór mar
aon riú. Ag so na huaisle do thuit ann .i. Cormac rí na
nDéise, Dubhagán rí bhFear Maighe; Ceannfaolaidh rí Ua
gConaill; Conn a hAdhar, Ainéislis d'Uíbh Toirrdhealbhaigh,
Eidhion rí Eidhne do bhí ar ionnarbadh san Mhumhain; Maolmuaidh,
Madagán, Dubh dhá Bhuireann, Conall, Fearadhach, Aodh
rí Ua Liatháin, is Domhnall rí Dúin Cearmna. Is iad trá
do bhris an cath-so ar Mhuimhneachaibh .i. Flann mac
Maoilsheachlainn, rí Éireann, is Cearbhall mac Muireigéin, rí
Laighean, is Tadhg mac Faoláin, rí Ua gCinnsealaigh, is
Teimheanain rí Ua nDeaghadh, Ceallach is Lorcán dá rígh na


L. 210


gCineál agus Innéirghe mac Duibhghiolla rí Ó nDróna;
Follamhain mac Oiliolla rí Fothorta Feadha; Tuathal mac
Ughaire rí Ua Muireadhaigh; Odhran mac Cinnéididh rí
Laoighse; Maolcallann mac Fearghaile rí na bhForthuath; is
Cleircén rí Ua mBairrche.



XXI.
Táinig iar sin Flann Sionna rí Éireann marcshluagh
mór ríoghdha do chur Dhiarmada mac Cearbhaill i righe
Osruighe i ndiaidh bháis a dhearbhráthar Cheallaigh mic
Cearbhaill do bhí i bhflaitheas Osruighe roimhe, gur thuit san
chath-so ag congnamh lé Cormac, ar mbeith umhal dó fá chíos do
dhíol ris tré bheith 'n-a rígh Leithe Mogha dhó. Is ann sin
tángadar drong i ndáil Fhloinn Sionna ríogh Éireann agus
ceann Chormaic mic Cuileannáin aca, agus is eadh adubhradar
ré Flann: "Beatha is sláinte dhuit, a rí choscraigh chumhachtaigh,
ag so ceann Chormaic ríogh Mumhan againne dhuit, agus
amhail is béas do na ríoghaibh oile, tógaibh do shliasad agus
cuir an ceann fúithe is foirdhing é dot shliasaid. Óir fá
nós ag na ríoghaibh romhat an tan do marbhthaoi rí i gcath leo
a ceann do bhuain de is a chur fá n-a sliasaid da fhoirdhinge."
Gidheadh ní buidheachas tug ar an druing sin acht aithbhear an
ghníomha soin do thabhairt orra go rómhór, agus adubhairt gur
thruaighe a cheann do bhuain don easpog naomhtha agus do
ráidh nach diongnadh féin a fhoirdhinge; agus do ghabh Flann
an ceann 'n-a láimh is do phóg é go dtug 'n-a thimcheall fá
thrí ceann coisreacdha an easpuig naomhtha.



Agus rugadh uaidh iar sin an ceann go honórach
d'ionnsuighe an chuirp mar a raibhe Maonach mac Siadhail
comhorba Comhghaill, agus rug sé corp Chormaic go Disirt
Diarmada gur hadhnaiceadh go honórach ann sin é.



Cia tra an croidhe ris nach truagh an gníomh-so .i. marbhadh


L. 212


is teascadh an duine naomhtha do ba mó eagna d'fhearaibh
Éireann 'n-a chomhaimsir, saoi i nGaedhilg is i Laidin agus
an t-airdeaspog lánchráibhtheach iodhan urnuightheach geanmnaidhe
diadha, ceann foirceadail is fíreagna is soibhéas,
agus airdrí dá chúigeadh Mumhan!



Do thill iomorro Flann Sionna rí Éireann ar bhfágbháil
Diarmada mic Cearbhaill i righe Osruighe is ar ndéanamh
síodha idir é féin is a bhráithribh. Tillid Laighin tar a n-ais
mar an gcéadna go mbuaidh gcoscair. Táinig iar sin
Cearbhall mac Muireigéin rí Laighean roimhe go Cill Dara
is drong mhór d'fhearaibh Mumhan i láimh aige is Flaithbheartach
mac Ionmhainéin mar aon riú. Tugadh iar sin Flaithbheartach
go Cill Dara, agus gabhaid cliar Laighean ag tabhairt
achmhasáin mhóir dó, óir fá dearbh leo gurab é ba ciontach
ris an gcath do chur.



Ar n-éag iomorro do Chearbhall rí Laighean do léigeadh
Flaithbheartach amach, agus i gcionn bliadhna do thionnlaic
Muireann banchomhorba Brighde é is do chuir sluagh
mór do chléir Laighean da choimhéad go ráinig go Maigh
nAirbh, agus ar rochtain na Mumhan amhlaidh sin dó, do
chuaidh da mhainistir féin .i. go hInis Cathaigh is do chaith
seal da aimisir go cráibhtheach caondúthrachtach innte go
dtáinig amach a hInis Cathaigh arís do ghabháil ríghe Mumhan
i ndiaidh bháis Dhuibh Lachtna mic Maoilghuala fá rí ar an
Mumhain seacht mbliadhna d'éis Chormaic; gur chaith seal
bliadhan i bhflaitheas Mumhan da éis sin, amhail adeir seinleabhar
annálach Cluana hEidhneach Fionntain i Laoighis lé
gcuirthear síos an cath-so Bhealaigh Mughna mar a léaghthar
i laoidh seanchusa do rinne Dallán ollamh Cearbhaill ríogh
Laighean mar a gcuireann éirim an chatha-so síos go cumair,
is mar a luaidheann na huaisle is an líon sluagh do thuit


L. 214


san chath-so. Gidheadh ní chuirfead don laoidh annso acht an
céadrann di, do bhrígh gur luaidheamar na huaisle do réir
a n-anmann romhainn thuas. Ag so an rann:




Cormac Feimhean Foghartach,
Colmán Ceallach cruaidh n-ughra,
Go sé míle torchradar
I gCath Bhealaigh muaidh Mughna.




Da éis sin fuair Flann Sionna rí Éireann bás.



Do ghabh Niall Glúndubh mac Aodha Finnléith mic Néill
Chaille mic Aodha Oirndighe mic Néill Fhrasaigh mic Fearghaile
mic Maoiledúin mic Maoilfhrithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna.
Do hathnuaidheadh aonach Tailltean leis. Is é an Niall-so
do chuaidh mar aon ré neart Gaedheal do thabhairt chatha do
Lochlonnaibh Locha dá Chaoch i nUlltaibh, gur marbhadh iomad
do Lochlonnaibh is do Ghaedhealaibh san chath soin. Is i
bhflaitheas Néill iomorro tugadh Cath Cinn Fhuaid ar Laighnibh
lé hÍomhar taoiseach Lochlonnach, áit ar thuit sé céad do
Laighnibh ann um Mhaolmórdha mac Muireigéin rí Iarthair
Lithfe, um Úghaire mac Oiliolla, um Mhughrón mac Cinnéididh
rí na dtrí gComann is Laoighse, agus iomad do dhaoinibh
uaisle oile nach áirmhighthear annso.



Is fán am-so do chuaidh Oitir taoiseach do Lochlonnaibh
go sluagh líonmhar mar aon ris ó Loch dá Chaoch go hAlbain
agus tug Caus mac Aodha cath dhóibh, gur thuit Oitir is iomad
do Lochlonnaibh ann. Is i bhflaitheas Néill Ghlúnduibh
táinig loingeas mór do Lochlonnaibh i nÉirinn mar aon ré
Sitric is ré cloinn Íomhair gur ghabhsad baile Átha Cliath
d'aimhdheoin fhear nÉireann.



Tionólais Niall Glúndubh rí Éireann mórshluagh Leithe
Cuinn go dtug cath do Lochlonnaibh ag Áth Cliath, áit ar


L. 216


marbhadh é féin is Conchubhar mac Maoilsheachlainn ríoghdhamhna
Éireann, is Aodh mac Eochagáin rí Uladh is Mhaolmithidh
mac Flannagáin rí Breagh, Maolcraoibhe ó Duibhshionnaigh
rí Oirghiall, is iomad do thaoiseachaibh is do dhaoinibh oile ó
shin amach.



Do ghabh Donnchadh mac Floinn tSionna mac Maoilsheachlainn
mic Maoilruanuidh mic Donnchadha mic Domhnaill mic
Murchadha mic Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill
Ghuithbhinn mic Suibhne Meinn do shíol Éireamhóin ríoghacht
Éireann fiche bliadhan. Gormfhlaith inghean Fhloinn mic
Conaing máthair an Donnchadha-so agus Sadhbh inghean
Donnchadha mic Ceallaigh ríogh Osruighe fá bean dó. Agus
do réir Leabhair Ard Macha do chuaidh an Donnchadh-so mac
Floinn rí Éireann go bhfuirinn mhóir leis do dhéanamh mhúir
nó chloidh timcheall Saighre Chiaráin, ar fhoráileamh a mhná
.i. Sadhbh inghean Donnchadha mic Ceallaigh; óir fá tnúthach lé
múr nó cloidh timcheall gacha hairdchille i nÉirinn agus a
cill féin .i. Saighir gan mhúr; óir is i Saighir Chiaráin do
bhiodh adhnacal ríoghruidhe Osruighe an ionbhaidh sin. Tángadar
uime sin fir Mhidhe go tulaigh nDonnchadha láimh ré
Saighir anoir is do ghabhadar ag déanamh an chloidh gach laoi
timcheall na cille; gonadh ann sin ráinig corp Dhonnchadha
mic Ceallaigh .i. rí Osruighe da adhnacal go Saighir, agus i
ndiaidh a adhnaicthe, iar dtigheacht dorchadais na hoidhche,
tángadar naonbhar do chrosánaibh ciabhacha cíordhubha ar an
uaigh gur ghabhadar ag cliaraidheacht, amhail is béas do
chrosánaibh ó shoin anall; agus fá gile a súile is a bhfiacla
ioná sneachta, is fá duibhe ioná gual gabhann gach ball
oile dhíobh.



Is amhlaidh iomorro tángadar is duain leo do rígh
Osruighe; is gach duine atchíodh iad do-níodh galar laoi go
n-oidhche dhóibh. Ag so an duain:


L. 218



Muinntear Dhonnchadha mhóir mic Ceallaigh
Coinnmheadh uabhair,
Cliara binne bíd ag glaodhaigh
Sinne ar sluaghaidh;



Sluaigh ag míolradh muighe lána,
Tighthe óla,
Ógmhná fionna, flatha fiala,
Maithe móra;



Gáir a chliar is a cheithearn,
Coinnmheadh deaghshluaigh,
Sreatha sirthe ins an sáimhghréin,
Crithle creamhnuaill;



Crota cuisleanna go gcuibhde
Filidhe Faibhle,
La dán ndath-nglan tigdís go rígh
Rathmar Raighne.



Dod dor dod dán a mhic ríogh Raighne
Go rathaibh,
Caidhe na cuirn caidhe an mhuirn
Do bhí god athair?



Rongabha greim don fhior
Ro oirfidsiod uile,
Álainn an rioth for a raibhe
For bioth mbuidhe;



Baptais báptain for a anmain
Uair ro cluinntear
Mór a luach iar ndol san alltar
Sinne a mhuinntear.




Do cleachtadh iomorro leis an gcléir sin ó chrónadh na
hoidhche go maidin bheith ag cliaraidheacht leis an duain sin
ar uaigh Dhonnchadha gach n-oidhche, gur fhás tríd sin ceist
ar chléircibh is ar laochaibh, óir ba hiongnadh leo deamhna
go follus i gcoimhdeacht chuirp an ríogh lánchráibhthigh sin.
Fá cuid iomorro do chrábhadh an ríogh sin faoisidin mhinic is
glacadh Chuirp Críost is urnaighthe dhúthrachtach. Fá cuid fós
da chaondúthracht crábhaidh biadh is lón do chur da thabhairt
do bhochtaibh Dé i n-uilefhéiltibh na n-apstal i ngach uile
airdchill i nOsruighe. Do chuireadh fós dilleachta nó duine
bocht ar altrom ar son Dé i ngach teach muinntire i


L. 220


nOsruighe timcheall, agus fós trí pheillce nó trí mhala
leathair i ngach teach, mar atá mála i n-a gcuireadh gach
aon don mhuinntir deachmhaidh an bhídh do hithtí leis, agus
mála iona gcuireadh gach aon a mhír Míchíl, agus an treas
mála iona gcuirthear tuirtín ciric do bhíodh ar ionchaibh
mhná an tighe lé riar na mbocht gus ná roicheadh roinn don
deachmhaidh ná don mhír Míchíl.



Dála na gcléireach do-níd tréigheanas is urnaighthe feadh
trí lá go bhfoillsighthí dhóibh ciodh fár leansad na deamhna
corp an ríogh; go dtáinig aingeal Dé i bhfís go céile Dé
do chinéal Fhiachach mic Néill do bhí san chomhdháil sin. "Is
maith," ar an t-aingeal, "do rinneabhar an troscadh soin
do dhéanamh. Naonbhar iomorro do chléir Ó gCoingheoidh
iad súd, agus is é so an treas feacht tángadar i nÉirinn
a hifreann agus ó nar fhéadadar árach d'fhagháil ar an
rígh úd 'n-a bheathaidh, atáid iar n-a éag ag déanamh
bhuaidheartha ós cionn a chuirp; agus déantar aifreann is
uisce coisreacdha amárach libh-se," ar an t-aingeal, "agus
croithtear ar an uaigh agus ar an roilig uile é, agus
imtheochaidh na deamhna uile."



Do rónadh sin agus tángadar cliar Ó gCoingeoidh i
reachtaibh éan gcíordubh san aeoir ós a gcionn, agus
níor lámhsad luighe ar úir na reilge ón gcoisreagadh
do rinneadh uirre. Agus adubhradar nar bhforáil an
troscadh is an coisreagadh do rónsad an chliar ar an
uaigh "óir do bheimís-ne i ndiaidh an chuirp san saoghal
ó nach fuil cumhachta againn ar a anam ar neamh." Agus
leis sin do imthigh siad a hamharc cáich is ní fhacadar ó
shoin i lé iad. Is fán am soin do bhí an crósan Fionn
Ó Cionga is Mac Rionntach O Conoráin ann, agus is iad
do mheabhruigh an duain réamhráidhte ó chléir Ó gCoingheoidh
ré linn bheith ag cliaraidheacht ar uaigh Donnchadha mic
Ceallaigh ríogh Osruighe dhóibh, is do leanadar an dias
réamhráidhte don chrosántacht mar ealadhain go bás.


L. 222


XXII.



Is i bhflaitheas Donnchadha mic Floinn tSionna rí
Éireann do rinneadh na gníomha-so síos. Óir is i dtosach
a fhlaithis do ghabh Ceallachán mac Buadhacháin ré ráidhtear
Ceallachán Caisil ceannas dá chóigeadh Mumhan ar
feadh deich mbliadhan. Féach mar tháinig Cinnéide mac
Lorcáin go Gleannamhain i gcomhdháil uaisle Mumhan
sul do ríoghadh Ceallachán agus do mheas Cinnéide teacht
idir Cheallachán is ríoghacht Mhumhan. Gidheadh táinig máthair
Cheallacháin a Caiseal, óir is ann do chomhnuigh sí i bhfochair
a hoideadha comhorba Pádraig, agus ar dteacht san gcomhdháil
di adubhairt ré Cinnéide cuimhniughadh ar an dáil do
bhí idir Fhiachaidh Muilleathan is Chormac Cas fá oighreacht
Mhumhan do bheith fá seach idir an dá shliocht thiocfadh uatha
leath ar leath; gonadh da fhaisnéis sin atá an rann-so ar
bhriathraibh na mná:




Cuimhnigh a Chinnéide chais,
Dáil Fhiachach is Chormaic Cais,
Gur fhágsad Mumhain do roinn
Go ceart idir a gcaomhchloinn.




Agus táinig d'aitheasc na mná gur léig Cinnéide
flaitheas Mumhan do Cheallachán.



Da éis sin do ghabhadar Lochlannaigh Ceallachán i gceilg,
gur bheanadar síol nEoghain is Dál gCais amach da n-aimhdheoin
é. Iar mbriseadh iomorro iomad cath do Cheallachán
is d'uaislibh Muimhneach ar Lochlonnaibh, agus iar n-a
n-ionnarbadh as an Mumhain, is í comhairle ar ar chinn
Sitric mac Tuirgéis fá hardtaoiseach orra cleamhnas do
luadh ré Ceallachán, mar atá a shiúr féin Béibhionn inghean
Tuirgéis do thabhairt mar bhainchéile dó, agus saoirse dá
Chúigeadh Mumhan do bheith aige ó Lochlonnaibh gan agra gan


L. 224


éiliughadh 'n-a diaidh air, ionnus an tan do rachadh Ceallachán
ar a ionchaibh féin do phósadh a sheathrach go muirbhfidhe é
féin is an mhéid d'uaislibh Muimhneach do bhiadh mar aon
ris; agus do léig cogar na ceilge sin le Donnchadh mac
Floinn rí Teamhrach ar mbeith i bhfaltanas ré Ceallachán
dó tré gan cíos Mumhan do dhíol ris, agus uime sin aontuighis
do Shitric an chealg d'imirt ar Cheallachán is ar
uaislibh Muimhneach. Leis sin cuiris Sitric teachta do luadh
an chleamhnasa ré Ceallachán agus ar rochtain do na teachtaibh
do láthair Cheallacháin is eadh do thogair mórshluagh do
thabhairt leis do phósadh na mná. "Ní hamhlaidh is cóir," ar
Cinnéide mac Lorcáin, "óir ní dleaghair an Mhumha
d'fhágbháil gan chosnamh; agus is eadh is indéanta dhuit
neart sluagh d'fhágbháil ag coimhéad na Mumhan agus
cheithre fichid mac tighearna do bhreith leat do phósadh na
mná."



Agus is í sin comhairle ar ar cinneadh leo; agus ar
dtriall san turas soin do Cheallachán an oidhche sul
ráinig go hÁth Cliath, fiafruighis Mór, inghean Aodha mic
Eachach inghean ríogh Inse Fionnghall do ba bean do Shitric,
créad fá raibhe ag déanamh cleamhnasa ré Ceallachán i
ndiaidh ar thuit d'uaislibh Lochlonnach leis? "Ní ar a leas
luaidhtear an cleamhnas liom," ar sé, "acht ar tí ceilge
d'imirt air."



Beadhgais an bhean leis na briathraibh sin, ar mbeith dhi
i ngrádh folaightheach ré Ceallachán ré cian d'aimsir roimhe
sin, ón tráth do chonnairc i bPort Lairge é, agus do-ní
moichéirghe ar maidin ar n-a mhárach is téid ós íseal ar an
raon 'n-ar shaoil Ceallachán do bheith ag teacht; agus mar
ráinig Ceallachán do láthair beiris sise i bhfód fá leith é
agus nochtais dó an chealg do bhí ar n-a hollmhughadh ag
Sitric 'n-a chomhair ré a mharbhadh; agus mar do mheas
Ceallachán tilleadh ní raibhe sé ar cumas dó óir do bhádar
na maighe ar gach leith don ród lán do scoraibh Lochlonnach
i n-oirchill ar a ghabháil. Mar do thogair tilleadh tar a


L. 226


ais luighthear leo-san da gach leith air agus marbhthar drong
do na huaislibh do bhí 'n-a fhochair, is marbhthar leo-san mar
an gcéadna lucht do na Lochlonnaibh. Gidheadh lingid antrom
an tsluaigh ar Cheallachán gur gabhadh é féin is Donn
Cuan mac Cinnédidh ann, is rugadh go hÁth Cliath ar láimh
iad, is as sin go hArd Macha mar a rabhadar naoi
n-iarla do Lochlonnaibh go n-a mbuidhin da gcoimhéad.



Dála na druinge do chuaidh as ón gcoinbhliocht soin
d'uaislibh Muimhneach, triallaid don Mhumhain is nochtaid a
scéala do Chínnéide agus leis sin ollmhuighthear dá shluagh
lé Cinnéide do thóraidheacht Cheallacháin, mar atá sluagh do
thír is sluagh do mhuir; agus do rinne taoiseach ar an
sluagh do bhí do thír do Dhonnchadh mac Caoimh rí an dá
Fhearmaighe, agus do ghabh Cinnéide ag cur mheisnigh ann aga
mhaoidheamh air go rabhadar aoinrí déag da shinnsearaibh i
bhflaitheas Mumhan, mar atá Airtre, Cathal mac Fionghaine,
Fionghaine mac Cathail, Cú gan Mháthair, Cathal ré ráidhtí
Ceann Géagáin, Aodh, Flann Cathrach, Cairbre, Criomhtann,
Eochaidh, is Aonghus mac Natfraoich. Do chuir Cinnéide fós
deich gcéad do Dhál gCais leis is triúr taoiseach ós a
gcionn, mar atá Coscrach Longargán is Conghalach, amhail
adeir an laoidh: Éirgheadh fiche céad budh thuaidh.



Ag so an rann as an laoidh chéadna ag aithfhriotal
briathar Chinnédidh:




Éirgheadh ann Coscrach na gcath,
Agus Longargán laghach,
Éirgheadh Conghalach ón linn,
Mo thrí dearbhráithre adeirim.




Do chuir Cinnéide fós cúig céad oile do Dhál gCais lé
Síoda mac Síoda ó chloinn Choiléin ann, agus cúig céad
oile do Dhál gCais lé Deaghaidh mac Domhnaill i n-éagmais
a ndeachaidh do shluagh ó shaorchlannaibh oile Mumhan ann.
Do chuir an dara mórshluagh do mhuir ann agus Failbhe
Fionn rí Deasmhumhan 'n-a thaoiseach orra.



Dála na sluagh do thír, triallaid as an Mumhain i


L. 228


gConnachtaibh is do léigeadar sceimhiolta go Muaidh is go
hIorrus is go hUmhall do thionól chreach go foslongphort
Muimhneach; agus ní cian do bhádar an foslongphort ag
fuireach ris na sceimhealtaibh an tan atchonncadar sluagh
deigheagair ag teacht da n-ionnsaighe, agus fá hé a líon
deich gcéad agus aonóglaoch 'n-a réamhthosach; agus mar
ráinig do láthair fiafruighis Donnchadh mac Caoimh cia hiad
an tsluaghbhuidhean soin. "Dream do Mhuimhneachaibh iad,"
ar sé, "mar atáid Gaileanga is Luighne do chloinn Taidhg
mic Céin mic Oiliolla Óluim agus fir Dhealbhna do shliocht
Dealbhaoith mic Cais mic Conaill Eachluaith atá ag tabhairt
neirt a lámh libh-se tré chommbáidh bhráithreasa ré cur i
n-aghaidh Dhanar agus ré buain Cheallacháin ríogh Mumhan
díobh. Agus atáid trí taoisigh ághmhara i gceannas an
tsluaigh-se, mar atá Aodh mac Dualghusa is Gaileanga uile
uime, Diarmaid mac Fionnachta is Luighnigh uime, is Donnchadh
mac Maoldomhnaigh ós fearaibh Dealbhna ann; agus is da
dhearbhadh sin atá an laoidh seanchusa darab tosach an
céadrann-so:




Atfuilit sonn clanna Céin,
Agus Dealbhaoith ar aoinréim,
Ag toigheacht is an sluaghadh,
Is budh libh-se a n-iommbualadh.




Agus is amhlaidh do bhádar an sluagh-so .i. cúig céad díobh
'n-a lucht sciath is cloidheamh agus cúig céad 'n-a saighdeoiribh.
Triallaid as sin i dTir Chonaill an sluagh
Muimhneach agus an fhuireann soin táinig do chongnamh leo
mar aon, agus creachtar an tír leo. Tig Muircheartach
mac an Arnalaidh d'iarraidh aisig na gcreach go háiseach
ar Dhonnchadh mac Caoimh; agus adubhairt Donnchadh nach
tiubhradh acht fuigheall sásuighthe na sluagh dhó don chreich.
Leis sin tréigis Muircheartach an sluagh agus cuiris teachta
ós íseal go cloinn Tuirgéis i nArd Macha 'gá fhaisnéis


L. 230


dóibh an sluagh Muimhneach do bheith ag tóraidheacht Cheallacháin
ar tí a bhuana amach.



Dála chloinne Tuirgéis triallaid a hArd Macha naonbhar
iarla go n-a sluagh Lochlonnach, is Ceallachán is
Donn Cuan i mbroid leo. Iomthúsa sluagh Mumhan triallaid
go hArd Macha is marbhaid a dtarla da gcóir do
Lochlonnaibh agus ar a chlos ar n-a mhárach dhóibh Sitric go
n-a shluagh do dhul ré Ceallachán go Dún Dealgan triallaid
'n-a dtóraidheacht, agus mar do mhothuigh Sitric iad ag
teacht i ngar don bhaile, téid féin is a shluagh 'n-a longaibh
is Ceallachán is Donn Cuan leo, agus tig an sluagh
Muimhneach ar imeall na trágha ar a gcomhair, agus iad ag
agallmha Lochlonnach. Agus leis sin atchíd cabhlach mór ag
tigheacht san chuan chuca, agus tugadar Muimhnigh aithne
gurab é Failbhe Fionn go n-a chabhlach do bhí ann.



Triallais Failbhe go n-a chabhlach go réimdhíreach i ndáil
na Lochlonnach agus tug ucht ar an luing i n-a raibhe Sitric
is Tor is Maghnus, agus lingis ar bord luinge Shitreaca
isteach agus dá chloidheamh 'n-a dhá láimh; agus gabhais ag
gearradh na dtéad lé raibhe Ceallachán ceangailte don
tseolchrann, leis an gcloidheamh do bhí 'n-a láimh chlí, gur
scaoil do Cheallachán is gur léig ar chláraibh na luinge
anuas é; agus leis sin tug cloidheamh na láimhe clí do
Cheallachán. Téid Ceallachán a luing Shitreaca i luing
Fhailbhe agus anais Failbhe ag comhthuargain Lochlonnach
gur marbhadh tré anfhorlann Lochlonnach é, is gur bheanadar
a cheann de. Tig Fianghal taoiseach da mhuinntir 'n-a áit
san choinbhliocht soin, is beiris go heasaontach ar bhrollach
ar Shitric, is teilgis iad ar aon tar bord na luinge amach,
go ndeachadar go grian, gur báthadh amhlaidh sin iad.



Tig Séaghdha is Conall dá thaoiseach oile is beirid ar
dhá bhráthair Shitreaca, .i. Tor is Maghnus is beirid tar
bord na luinge amach iad, gur báthadh amhlaidh sin iad a


L. 232


gceathrar. Agus mar sin da gach fuireann oile do Ghaedhealaibh,
lingid ar Lochlonnaibh, gur briseadh is gur bearnadh
gur marbhadh is gur míochóirigheadh leo iad, go nach téarna
dhíobh uatha acht beagán do chuaidh tré luas a long as, agus
tigid féin is Ceallachán i dtír ar n-a fhóirithin a hanbhroid
Lochlonnach amhlaidh sin lé cródhacht is lé calmacht
na Muimhneach; agus triallaid as sin don Mhumhain
mar aon lé Ceallachán, gur ghabh sé ceannas a chríche féin
arís.



Agus ré dtriall dóibh ó Áth Cliath don Mhumhain do
thogair Murchadh mac Floinn rí Laighean cath do thabhairt
dóibh tré mharbhadh Lochlonnach ag buain Cheallacháin díobh.
Gidheadh ar bhfaicsin chródhachta is chalmachta na Muimhneach
do léigeadar tarsa iad gan cath do thabhairt dóibh.



XXIII.



Iar dtilleadh iomorro do Cheallachán don Mhumhain do
mheas méid na hanbhroide do bhí ag Lochlonnaibh ar an
Mumhain, agus do rinne féin is uaisle Muimhneach do
chomhairle ucht do thabhairt orra da ndíbirt, agus lingid ar
dtús ar Luimneach, agus marbhais Ceallachán is a shluagh
cúig céad díobh, agus tug a mbraighde leis. Da éis sin
airgthear Corcach leis, agus tug a mbraighde is a maoine
leis. Airgthear fós Caiseal leis, agus marbhthar trí céad
do Lochlonnaibh ann. Téid as sin go Port Lairge is gabhthar
an baile is airgthear leis é, agus tug maidhm mór ar
Shitric mac Íomhair agus marbhais cúig céad da mhuinntir,
agus teithis Sitric féin 'n-a loingeas, agus fillis Ceallachán
go Domhnall Ó bhFaoláin rí na nDéise, agus tug a
shiúr féin Gormfhlaith inghean Bhuadhacháin 'n-a mnaoi dhó.
Is grod da éis sin go bhfuair Ceallachán bás is do ghabh


L. 234


Feargráidh mac Ailghionáin mic Donnghaile flaitheas Mumhan
iar mbás Cheallacháin gur mharbhadar a chine féin i bhfeall
é. Gabhais Mathghamhain mac Cinnéididh da éis sin flaitheas
Mumhan dá bhliadhain déag agus Echthighearn mac Cinnéididh
i gceannas Tuadhmumhan ré a linn.



Is é Mathghamhain mac Cinnéididh rí Mumhan is a
dhearbhráthair Brian mac Cinnéididh, do bhí 'n-a mhacaomh
óg an tráth soin, tug Cath Sulchóide ar Lochlonnaibh, áit
ar marbhadh Teitill Tréinmhíleadh Ruamonn is Bearnard
Muiris Luimnigh is Torolbh is dá chéad déag do Lochlonnaibh
mar aon riú; agus do lean Mathghamhain is Brian is
Dál gCais an ruaig orra fá shráidibh Luimnigh isteach agus
do marbhadh iomad díobh ar na sráidibh agus ann sna
tighthibh, go dtugsad uatha iomad óir is airgid seod is
maoine; do loiscsiod is do thrascairsiod a ndúinte is a
ndaingne mar an gcéadna. Go grod da éis sin do
fealladh ar Mhathghamhain mac Cinnéididh lé Donnabhán 'n-a
thigh féin, is do thiodhlaic do mhac Brain is do Ghallaibh é
tar chomairce Cholaim mic Ciaragáin comhorba Bairre, is
do marbhadh Mathghamhain tar chomhairce an naoimh lé mac
Brain.



Is ré linn Donnchadha mic Floinn tSionna ríogh Éireann
ar a bhfuilmíd ag tráchtadh, tarladar na neithe-se romhainn
síos, mar atá, bás Chiaráin easpuig Tuiléin agus triall
an Donnchadha céadna d'argain is do chreachadh Chonnacht.
Gidheadh do marbhadh iomad da mhuinntir i nDuibhthír Átha
Luain, áit ar thuit Cionaoth mac Conchubhair rí Ó bhFáilghe.
Is fán am-so do hairgeadh Cluain Mic Nóis lé Lochlonnaibh
agus a dteacht as sin ar Loch Ríbh gur airgsiod na tíortha
da gach leith dhi. Do hairgeadh fós is do creachadh Éininse
lé Lochlonnaibh, is do marbhadh dá chéad déag do Ghaedhealaibh
ann. Da éis sin do báthadh dá chéad déag do


L. 236


Lochlonnaibh ar Loch Rudhruighe, agus do ghabhadar Lochlonnaigh
Átha Cliath Faolán mac Muireadhaigh rí Laighean is a
chlann mar aon ris, agus no hairgeadh Dún Sobhairce lé
Lochlonnaibh Locha Cuan is do hairgeadh Cill Dara lé
Lochlonnaibh Puirt Lairge. Go grod da éis sin tugadh
ár rómhór ar Lochlonnaibh lé hUlltaibh, áit ar thuit ocht
gcéad do Lochlonnaibh ann, mar aon ré triúr taoiseach do
bhí orra, mar atá Albdán Aufer is Roilt, lé Muircheartach
mac Néill.



Is fán am-so do bhí an oiread soin do thrácht ceannaidheachta
i nÉirinn an tan táinig iarla Oilfinn do
Lochlonnaibh go neart Luimnigh is Connacht do Lochlonnaibh
fá aonach Rosa Cré lá Peadair is Póil, gur éirgheadar
lucht an aonaigh 'n-a gcoinne, gur fearadh cath eatorra, is
do marbhadh a trí nó a ceathair do mhíltibh do Lochlonnaibh
ann; agus an t-iarla féin do marbhadh é mar aon riú, do
réir Fhinghin mic Carrthaigh san leabhrán ro scríobh go
cumair ar dhálaibh Éireann ó thús gus an am-so. Is é
iomorro Tadhg mac Cathail fá rí Connacht fiche bliadhan an
tan soin; agus fuair Sitric mac Íomhair rí Fionnlochlonnach
is Dubhlochlonnach bás an tráth-so. Is fán am-so
tugadh ár mór ar Lochlonnaibh Locha Oirbsean lé Connachtaibh,
agus tugadh deargár ar Lochlonnaibh Loch nEachach lé
Conaing mac Néill, áit ar thuit dá chéad déag díobh. Da
éis sin tángadar Lochlonnaigh ar Loch Éirne, gur hairgeadh
cealla is tuatha leo; agus do hairgeadh Ard Macha lé
Gothfraidh taoiseach Locha Cuan; do hairgeadh Cill Chuilinn
le hAmhlaoibh mac Gothfradha, go dtug deich gcéad do
bhraighdibh as leis. Do hairgeadh Oileach Néid lé Lochlonnaibh
is do gabhadh Muircheartach mac Néill ann, gur
fhuascail Dia go míorbhaileach é. Go grod da éis sin do
marbhadh Aralt mac Íomhair taoiseach Lochlonnach Luimhnigh
lé Connachtaibh agus fuair Amhlaoibh mac Gothfradha rí


L. 238


Fionnlochlonnach is Dubhlochlonnach bás, agus do marbhadh
Lorcán mac Faoláin rí Laighean lé lucht na Normandie.
Is fán am-so táinig mac prionnsa na Breatan, Rodoricus
a ainm, d'argain Éireann agus marbhthar lé hÉireannchaibh
é, do réir Hanmer, an tan fá haois don Tighearna 966.
Is fán am-so do hairgeadh Áth Cliath lé Conghal mac
Maoilmhithidh, áit ar marbhadh dá fhichid is céad do Lochlonnaibh
ann, agus tugadh a seoide is a maoine uatha. Da
éis sin fuair Donnchadh mac Floinn tSionna rí Éireann
bás.



Do ghabh Conghalach mac Maoilmhithidh mic Flannagáin
mic Ceallaigh mic Conaing mic Conghaile mic Aodha Sláine
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna. Muire
inghean Chionaotha mic Ailpín ríogh Alban máthair an
Chonghalaigh-se. Is 'n-a fhlaitheas do rinneadh na gníomha-
so síos. Óir is ann fuair Etimonn rí Sacsan bás agus Bláthchuire
mac Íomhair rí na Normandie, agus tugadh Cath Muine
Brógáin lé Conghalach mac Maoilmhithidh rí Éireann ar
Lochlonnaibh, áit ar thuit seacht míle dhíobh is iomad do
Ghaedhealaibh don leith oile.



An ceathramhadh bliadhain do fhlaitheas an Chonghalaigh-se
mic Maoilmhithidh do ghabh Brian Bóroimhe mac Cinnéididh
ríoghacht Mhumhan; agus an dara bliadhain iar ngabháil
fhlaithis Mumhan do Bhrian do fhógair Cath Bealaigh Leachta
ar Mhaolmuaidh mic Brain rí Ó nEachach i ndíoghail a
dhearbhráthar Mathghamhna do marbhadh i bhfeall lé muinntir
mic Brain. Tionólais mac Brain mórshluagh do Ghallaibh
is do Ghaedhealaibh, ionnus go rabhadar míle go leith do
Lochlonnaibh aige agus cath mór do Ghaedhealaibh. Tairis
sin do bhris Brian is Dál gCais díobh gur marbhadh iomad
nach áirmhighthear dhíobh, agus an mhéid nachar marbhadh do


L. 240


gabhadh lé Brian iad. Da éis sin do thógaibh Domhnall O
Faoláin rí na nDéise is Íomhar Phuirt Lairge cogadh ar
Bhrian agus do hairgeadh urmhór na Mumhan leo. Gidheadh
an tan rug Brian orra, is do fearadh cath eatorra i
bhFán Mic Connrach, do bhris Brian do Lochlonnaibh is do
rígh na nDéise, agus leanais Brian is Dál gCais an
briseadh go Port Lairge, agus do marbhadh Domhnall Ó
Faoláin is urmhór Ghall Phuirt Lairge lé Brian an tan
soin. Do hairgeadh is do loisceadh an baile leis.



I gcionn ocht mbliadhan iar ngabháil fhlaithis Mumhan do
Bhrian, fá héigean do Leith Mogha uile giall dó. Gidheadh
iar n-éag do Dhomhnall Chlaon mac Domhnaill rí Laighean,
do chuadar Lochlonnaigh is Gaedhil Laighean i n-easumhla ar
Bhrian. Tionólais Brian mórshluagh Mumhan i n-aghaidh Ghall
is Laighean gur commóradh Cath Ghlinne Máma eatorra.
Acht cheana do bhris Brian do Lochlonnaibh is do Laighnibh,
gur marbhadh cheithre míle dhíobh san chath soin. Ga dtám
ris do bhris Brian cúig catha fichead ar Lochlonnaibh ón
gcéadchath tug orra gus an gcath ndéidheanach i n-ar marbhadh
é féin .i. Cath Cluana Tarbh.



Da éis sin téid Conghalach mac Maoilmhithidh rí Éireann
d'argain is do chreachadh Mumhan gur marbhadh dá mhac
Cinnédidh mic Lorcáin leis .i. Echthighearn is Donn Cuan.
Do hairgeadh da éis sin Ceanannus is Domhnach Pádraig
is Ard Pádraig is Cill Scire is iomad ceall oile ó shoin
amach lé Gothfraidh mac Sitreaca is lé Lochlonnaibh Átha
Cliath, áit ar gabhadh trí mhíle do dhaoinibh ann mar aon ré
hiomad óir is airgid is éadála do bhreith as leo. Is fán
am-so fuair Eithne inghean Fhearghaile bainríoghan Éireann
.i. bean Chonghalaigh mic Maoilmhithidh bás is Maolcolum
mac Domhnaill rí Alban is Gaoithinne easpog Dúin


L. 242


Leathghlaise is Tadhg mac Cathail rí Connacht. Is grod da
éis sin gur marbhadh Conghalach mac Maoilmhithidh rí Éireann
i nArd Macha lé Lochlonnaibh Átha Cliath is lé Laighnibh.



Do ghabh Domhnall mac Muircheartaigh mic Néill Ghlúnduibh
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna.
Is i bhflaitheas an ríogh-so do hairgeadh Cill Dara lé
hAmhlaoibh mac Sitreaca is lé Lochlonnaibh Átha Cliath;
agus do chuaidh Domhnall mac Muircheartaigh rí Éireann do
chreachadh is d'argain Chonnacht, go dtug creacha is braighde
ó Fhearghal Ó Ruairc do bhí 'n a rígh Connacht an tan soin.



Is fán am-so fós do tógbhadh teampull mhór Thuama
Gréine is a chloigtheach lé Cormac Ua Cillín easpog
Thuama Gréine, is do marbhadh Fearghal Ua Ruairc rí
Connacht lé Domhnall mac Conghalaigh mac Maoilmhithidh,
agus do hairgeadh is do loisceadh Luimneach ar Lochlonnaibh
lé Brian mac Cinnédidh rí Mumhan. Da éis sin do
chuaidh Domhnall Ó Néill go sluagh líonmhar mar aon ris go
Laighnibh gur airg an chríoch ó Bhearbha soir go fairrge, is
go ndearnaidh foslongphort dá mhíos ann d'aimhdheoin Lochlonnach
is Laighean; agus fuair Maoilfinnéin mac Uchtáin
easpog Ceanannsa is comhorba Ulltáin bás, agus do
hairgeadh Ceanannus lé hAmhlaoibh Cuarán is lé Lochlonnaibh
Laighean, go dtug creach mhór is iomad éadála as,
agus tug maidhm mór adhbhal ar Uíbh Néill, áit ar thuit
iomad da gach leith. Is fán am-so tugadh Cath Cille Móna
lé Domhnall mac Conghalaigh is le Lochlonnaibh Átha Cliath
ar Dhomhnall mac Muircheartaigh rí Éireann, áit ar thuit
Ardghal mac Madagáin do bhí 'n-a rígh Uladh seacht
mbliadhna déag, is Donnagán mac Maoilmhuire rí Oirghiall
is iomad do dhaoinibh uaisle oile mar aon ris. Go grod


L. 244


da éis sin fuair Béacán easpog Finne bás, agus Cionaoth
Ó Hartagáin príomháidh Ard Macha, agus do gabhadh Ughaire
mac Tuathail rí Laighean lé Lochlonnaibh Átha Cliath. Da
éis sin do hairgeadh Inis Cathaigh ar Lochlonnaibh lé Brian
mac Cinnéididh rí Mumhan, áit ar thuit ocht gcéad do Lochlonnaibh
ann; agus do gabhadh triar taoiseach do Lochlonnaibh
ann .i. Íomhar, Amhlaoibh is Duibhgheann; gonadh de
sin adeir an file:




An t-ár i nInis Cathaigh
Leat tugadh, ní gníomh meathaigh,
Dar mharbhais ríoghruidh na nGall
Um Íomhar is um Dhuibgheann.




Is fán am-so tugadh Cath Biothlainne ar Laighnibh lé
Lochlonnaibh Átha Cliath, mar ar marbhadh Ughaire mac Tuathail
rí Laighean. Go grod da éis sin fuair Domhnall mac
Muircheartaigh rí Éireann bás i nArd Macha.



XXIV.



Do ghabh Maoilseachlainn mac Domhnaill mic Floinn
tSionna mic Maoilsheachlainn mic Maolruanuidh do shíol
Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna fichead. Dúnlaith
inghean Mhuircheartaigh mic Néill máthair an Mhaoilsheachlainn-se;
agus Glúiniarann rí Lochlonnach i nÉirinn. Is
i bhflaitheas an Mhaoilsheachlainn-se do rinneadh na gníomha-so
síos. Óir is lé Maoilseachlainn féin tugadh Cath
Teamhrach ar mhacaibh Amhlaoibh agus ar Lochlonnaibh Átha
Cliath, áit ar marbhadh Raghnall mac Amhlaoibh ríoghdhamhna
Lochlonnach is cúig céad do Lochlonnaibh mar aon ris. Da
éis sin do chuaidh Maoilseachlainn rí Éireann is Eochaidh


L. 246


mac Ardghail, do bhí 'n-a rígh Uladh cúig bliadhna déag ar
fhichid, do chreachadh is d'argain Átha Cliath ar Lochlonnaibh
go ndearnsad foslongphort trí lá is trí n-oidhche ann, go
dtugsad an mhéid a bhí i mbroid ag Lochlonnaibh as
.i. Domhnall Claon rí Laighean is urruidhe Uí Néill ar cheana,
agus do bheanadar do Lochlonnaibh gan oighréir do bheith
orra, is saoirse do bheith aca ó Shionainn go muir gan cíos
ná cáin uatha do Lochlonnaibh. Is fán am-so do cuireadh
Amhlaoibh mac Sitreaca ardtaoiseach Lochlonnach i nÉirinn
ar díbirt is ar deoraidheacht go hÍ Choluim Chille i nAlbain
iar n-a ionnarbadh a hÉirinn lé Gaedhealaibh.



Téid Maoilseachlainn rí Éireann d'airgain is do
chreachadh Dál gCais, is do teascadh bile Maighe hAdhar
leis. Gidheadh féach, a léaghthóir, an ndeachaidh leis gan
díoghail ó Bhrian, amhail is follus da éis so. Agus do
hairgeadh Gleann dá Loch lé trí macaibh Cearbhaill mic
Lorcáin. Gidheadh do marbhadh iad a dtriúr i n-aon oidhche
go grod da éis sin tré fheartaibh Caoimhghin do bheannuigh
san áit sin. Is fán am soin fuair Mór inghean Donnchadha
mic Ceallaigh bainríoghan Éireann bás, agus Iorard mac
Coise príomháidh Ard Macha; agus do hairgeadh Domhnach
Pádraig lé Lochlonnaigh Átha Cliath is lé Muircheartach Ua
Conghalaigh. Gidheadh do dhíoghail Dia sin orra .i. a mbás do
theacht i ndeireadh an mhíosa soin féin. Da éis sin tug
Maoilseachlainn rí Éireann fail nó fáinne óir ar éigin
ó thaoiseach do Lochlannaibh dar bh'ainm Tomair agus cloidheamh
ó thaoiseach oile dar bh'ainm Carlus.



Tairis sin ar n-a mheas d'uaislibh Leithe Mogha is
urmhóir Connacht gurab é Brian mac Cinnéididh do bhí ag
fagháil duaidh is doghruinge ré díbirt Lochlonnach a hÉirinn
is go dtug Maoilseachlainn do ba rí ar Éirinn an tan


L. 248


soin é féin do shádhaile is do sheascaireacht is do shuaimhneas,
inneall fá héadtarbhach ré cosnamh Éireann an
tráth soin, uime sin, is í comhairle do cinneadh lé Brian
is leis na huaislibh do bhí 'n-a fhochair teachta do chur uatha
go Maoilseachlainn .i. rí Éireann, da nochtadh dhó nar
bh'oircheas do neach flaitheas Éireann do ghabháil acht don
tí do chreanfadh é féin ré tathfann eachtrann as an gcrích,
agus ó's é Brian do bhí ag fagháil duaidh a ndíbeartha gur
dhlightheach dó flaitheas Éireann d'fhagháil trés an gcrích
d'fhóirithin a hanbhroid allmhurrach. Iarraid fós ar an rígh
coinne do fhreagra dhóibh ag Maigh dá Chaomhóg, agus níor
aontuigh sin. Da éis sin do chuir Brian mac Cinnéididh
cruinniughadh is coimhthionól ar uaislibh Leithe Mogha idir
Lochlonnaibh is Ghaedhealaibh go haonláthair, óir fá héigean
don mhéid do Lochlonnaibh do bhí i Leith Mogha bheith umhal
dó fán am soin, agus triallais Brian leo go Teamhraigh
na Ríogh.



Leis sin iomorro cuiris teachta uaidh go Maoilseachlainn
fá rí Éireann, da iarraidh air braighde do chur
chuige fá bheith umhal urramach mar rígh Éireann dó féin,
nó cath do fhreagra dhó. Gidheadh tug Brian a rogha do
Mhaoilseachlainn díobh. Do b'é freagra Mhaoilsheachlainn
ar na teachtaibh, dá bhfaghadh cairde míosa ó Bhrian ré
coimhthionól Leithe Cuinn chuige go haonláthair go dtiubhradh
cath no géill do Bhrian; agus do ghabh comairce ag na
teachtaibh gan a léigean do Bhrian an Mhidhe d'ionnradh ná
d'argain acht anmhain i dTeamhraigh ar feadh na míosa soin,
agus an tan do-ghéabhadh freagra ó Leith Cuinn go dtiubhradh
féin cath nó braighde dhó. Tillid na teachta tar a n-ais go
Brian agus nochtaid freagra Mhaoilsheachlainn orra.
"Maseadh," ar Brian, "do-bheirim an cairde sin dóibh."



Acht cheana is í comhairle ar ar cinneadh lé Maoilseachlainn
Giolla Comhghaill Ó Sléibhín .i. a ollamh féin do chur


L. 250


ar ceann Aodha Uí Néill is Eochach mic Ardghail ríogh Uladh,
is Cathail Uí Chonchubhair ríogh Connacht, 'ga iarraidh orra
tigheacht gan fuireach do fhreastal chatha leis féin i n-aghaidh
Bhriain is Dál gCais, agus muna dtigdís sin uile do
chosnamh shaoirse Teamhrach da gcine féin atá 'n-a seilbh lé
cian d'aimsir go dtiubhradh féin braighde do Bhrian fá bheith
umhal dó, do bhrígh nach raibhe ionchomhlainn ris, "agus is
fíor," ar Maoilseachlainn, "nach mó do náire dhamh-sa gan
Teamhair do chosnamh ioná do chlannaibh Néill is do shluagh
Leithe Cuinn ar cheana." Triallais an t-ollamh leis na
scéalaibh sin go huaislibh Leithe Cuinn, agus nochtais a thuras
is a thoisc dóibh. Gidheadh is é freagra thug Aodh Ó Néill
air: "An tan do bhí Teamhair ag Cinéal Eoghain," ar sé,
"do chosnadar féin í, agus an té ag a bhfuil sí anois
seasuigheadh a saoirse;" agus adubhairt fós nach cuirfeadh
féin Dál gCais i bhfala ris ag cosnamh ríghe do neach oile.
Táinig an t-ollamh tar a ais go Maoilseachlainn is nochtais
freagra Aodha Uí Néill dó. Acht cheana téid Maoilseachlainn
féin d'ionnsuighe Aodha, is gabhais ag a ghuidhe um
theacht lais do chur chatha i n-aghaidh Dál gCais, agus adubhairt
ris, "Cosain Teamhair duit féin," ar sé, "agus do-bhéar-sa
braighde dhuit fá Theamhair do léigean chugat, óir is fearr
liom ionás a beith ag Brian. Taire sin muna dtigidh tusa
liom caithfead umhla do Bhrian ó nach fuilim ionchomhraic
ris."



Cuiris Aodh Ó Néill cruinniughadh is comthionól ar Chinéal
nEoghain go haonláthair chuige, agus nochtais dóibh turas
Mhaoilsheachlainn da n-ionnsuighe agus na tairgsiona tug
dó féin tré dhul leis do chur chatha i n-aghaidh Bhriain is Dál
gCais. Do fhreagairsiod Cinéal Eoghain dó agus is eadh
adubhradar nach raibhe acht cealg i ngealladh Mhaoilsheachlainn
dó, "óir is dearbh lais gurab sine is gurab fearr é féin
ioná thusa, agus uime sin nach iarrfá flaitheas Éireann air


L. 252


féin feadh a ré. Gidheadh," ar siad, "do badh maith lais
sinne is tusa do dhul lais do fhreastal chatha dhó i n-aghaidh
Dhál gCais." Tairis sin do ráidh Aodh riú dul do chinneadh
chomhairle eatorra féin fán gcúis sin, agus freagra
maith do thabhairt ar Mhaoilseachlainn, "ionnus," ar sé,
"nach budh dortadh flaithis dúinn a thuras chugainn." Do
chuadar iomorro Cinéal Eoghain i gcogar is i gcomhairle
eatorra féin fán gcúis sin, agus is eadh do measadh leo dá dtéidís
féin do chur chatha i n-aghaidh Dhál gCais, nar chosmhail
a bheag díobh do thilleadh tar a n-ais ón gcathughadh soin. Ar
an adhbhar soin adubhradar nar bhfuláir leo sochar d'fhagháil
da gcloinn tar a n-éis. "Óir ní bhiadh ar súil-ne ré sochar
ná ré somhaoin dar rochtain féin," ar siad, "dá ndeachmaois
do chathughadh ré Dál gCais .i. an cine is cródha agus is calma
i gcathláithribh, agus an cine fós nar theith ré Lochlonnaibh
riamh; is deimhin nach teithfidís rómhainn-ne acht mar sin."
Uime sin is í comhairle ar ar cinneadh leo leath na Midhe is
fhearainn na Teamhrach d'fhagháil ó Mhaoilseachlainn dóibh féin
is da sliocht 'n-a ndiaidh, tré theacht leis san gcomhdháil sin,
agus nochtaid do Mhaoilseachlainn gurab í sin comhairle ar
ar chinnsiod. Ar n-a chlos sin do Mhaoilseachlainn gabhais
fearg mhór é, agus do imthigh uatha fá dhiomdaigh da thigh, agus
cuiris cruinniughadh ar chloinn Cholmáin chuige, is innisis
freagra Aodha Uí Néill is Chinéil Eoghain dóibh.



Acht cheana is í comhairle do rónsad uime sin, Maoilseachlainn
do dhul ar a aghaidh go teach Bhriain, mar a raibhe
a fhoslongphort i dTeamhraigh ré mí roimhe sin, agus fir
Mhidhe ag a bhiathadh ann. Triallais iomorro Maoilseachlainn
go Teamhraigh agus dá chéad is dá fhichid marcach 'n-a
fhochair, gur thuirling ar faithche na Teamhrach amhlaidh sin, agus
téid do láthair gan chor gan chomairce go teach Bhriain ar


L. 254


oineach Bhriain féin is Dál gCais, is do innis a scéala ó
thús go deireadh do Bhrian, agus adubhairt dá mbeith féin
ionbhuailte ré Brian go madh cath do-bhéaradh dó. Agus ó
nach raibhe gur do thabhairt bhraighde is ghiall dó tháinig an
tráth soin. Ar n-a chlos sin do Bhrian is eadh adubhairt, "Ó
thángais im theach-sa gan cor gan comairce do-bheirim cairde
bliadhna dhuit gan géill ná braighde d'iarraidh ort, agus
rachad-sa féin d'fhios na druinge sin budh thuaidh .i. Aodh Ó
Néill is Eochaidh mac Ardghail rí Uladh go bhfeasainn gá
freagra do-bhéaraid orm; agus madh cath do-bhéaraid damh,
ná cuir-se im aghaidh leo. Geallais Maoilseachlainn ná
cuirfeadh, agus adubhairt nar bh'í a chomhairle féin do Bhrian
dul budh thuaidh an tráth soin, acht gur bh'fhearr dó triall
da thigh go ham oile, "óir is lór duit mise do ghiall duit
don turas-so." Do cinneadh ar an gcomhairle sin leo,
agus fá maith lé Dál gCais é, do bhrígh go rabhadar i
ndeireadh a lóin do chaitheamh; agus ar mbeith ag tilleadh
tar a ais do Bhrian do bhronn sé dá fhichid déag each do
Mhaoilseachlainn, mar aon ré hiomad óir is airgid do
dháil da mhuinntir.



I gcionn bhliadhna iar sin do cruinnigheadh is do comhthionóileadh
mórshluagh Leithe Mogha uile idir Ghaedhealaibh is
Lochlonnaibh lé Brian mac Cinnéididh. Tángadar ann Lochlonnaigh
Átha Cliath is Phuirt Lairge, Locha Garman is Ó
nEachach Mumhan, Corca Luighdheach is Uíbh gCinnsealaigh;
agus triallais Brian leis an mórshluagh soin go hÁth
Luain, go dtugadar uaisle Connacht braighde uatha fá bheith
umhal mar airdrígh dhó.



Cuiris iomorro Brian teachta go Maoilseachlainn da
iarraidh air braighde do chur chuige go hÁth Luain is táinig
Maoilseachlainn féin do thabhairt ghiall is bhraighde dhó. Is
ann sin cheana do rónadh mórshluagh fhear Mumhan is Chonnacht


L. 256


is Laighean is fear Midhe lé Brian, agus téid leo go
Dún Dealgan, gur gabhadh gialla is braighde Uladh uile
leis. Agus is mar sin do ghabh Brian Bóraimhe ríoghacht
Éireann lé calmacht is lé cródhacht a ghníomh goile is
gaiscidh, ag ionnarbadh eachtrann is danar as an gcrích,
agus ní go cealgach amhail adeirid drong oile. Óir ní
hé an mac i n-áit an athar fá gnáth ag gabháil fhlaitheasa
Éireann, mar is follus as an stair anuas go ró so, acht
an tí fá mó oirbheart is arrachtas gníomh, is dó do léigthí
flaitheas Éireann. Agus do bhrígh gurab é Brian fá mó
oirbheart 'n-a aimsir féin d'Éireannchaibh do thoghadar
urmhór uaisle Éireann ré ceannas na críche do ghabháil é,
agus an mhéid díobh nar aontuigh flaitheas Éireann da
rochtainn, fá héigean dóibh giall da n-aimhdheoin dó, agus fá
héigean do Mhaiolseachlainn flaitheas Éireann do thréigean
is a léigean do Bhrian, amhail adubhramar.



XXV.



Do ghabh Brian Bóraimhe mac Cinnéididh mic Lorcáin mic
Lachtna mic Cuirc mic Annluain mic Mathghamhna mic
Toirrdhealbhaigh mic Cathail mic Aodha Caoimh mic Conaill mic
Eochach Bailldeirg mic Carrthainn Fhinn mic Bloid mic Cais
mic Conaill Eachluaith mic Luighdheach Meinn mic Aonghusa
Tírigh mic Fir Chuirb mic Mogha Corb mic Cormaic Cais mic
Oiliolla Óluim do shíol Éibhir ríoghacht Éireann dá bhliadhain
déag. Béibhionn inghean Archadha mic Murchadha mic Maonaigh,
rí iarthair Chonnacht, máthair Bhriain. Ag so mar tháinig
Béibhionn. Cianóg inghean Chiocharáin do Connachtaibh rug
mac is inghean do thaoiseach do Laighnibh dar bh'ainm Criachán


L. 258


tré ghuidhe Chairill abbadh is seacht gcéad manach mar aon
ris, ag comhghuidhe Dé d'iarraidh sleachta don lánamhain sin
do bhí seasc i bhfad da n-aimsir, gur éist Dia guidhe Chairill
is a chomhthionóil, go rug Cianóg mac is inghean do Chriachán.
Maoilmitheadh ainm an mhic is Osnadh ainm na hinghine; agus
do pósadh an inghean lé hArchaidh mac Murchadha mic Maonaigh
rí iarthair Chonnacht, agus rug sí Béibhionn dó .i. máthair
Bhriain Bhóraimhe mic Cinnéididh.



Is i bhflaitheas Bhriain do rinneadh na gníomha-so síos
.i. Sitric mac Amhlaoibh do dhul do dhéanamh creach i nUlltaibh
i luingeas mór, gur hairgeadh leis Cill Chleite is Inis
Cumhscraigh, go dtug iomad braighde is maoine asta. Da
éis sin fuair Naomhán mac Maoilchiaráin prímhcheard
Éireann bás agus Raghnall mac Gothfradha mic Arailt rí
na nInseadh do Lochlonnaibh. Is fán am-so do chuaidh Brian
Bóraimhe mac Cinnéididh rí Éireann go sluagh líonmhar
mar aon ris go Cinéal Eoghain i nUlltaibh, agus as sin
don Mhidhe, go rabhadar oidhche i dTailltin, as sin go hArd
Macha, go rabhadar seachtmhain ann, gur fhágaibh Brian
fiche uinge d'ór ar altóir Ard Macha.



Triallaid as sin i nDál nAruidhe go bhfuair Brian
urruidhe ré comhall síodha ó Chúigeadh Uladh uile. Go grod
da éis sin do chuaidh Brian mórshluagh oile i gCinéal
nEoghain is i dTír Chonaill go dtug iomad braighde uatha
i ngeall ré comhall síodha.



Is fán am-so fuair Maolruanuidh mac Ardghail rí
Uladh bás, agus Clothna mac Aonghusa prímhfhile Éireann
is Cathal mac Conchubhair do bhí 'n-a rígh Connacht fiche
bliadhan go bhfuair bás i nIorras Domhnann. Da éis sin
do chuaidh Murchadh mac Briain go bhfearaibh Mumhan is


L. 260


Laighean is Uíbh Néill an deisceirt agus Flaithbheartach mac
Muireadhaigh go n-ógaibh an Fhochla mar aon ris d'argain
is do chreachadh Chinéil Luighdheach go dtugsad trí chéad i
mbraighdeanas as.



Sluaghadh lé Brian mac Cinnéididh rí Éireann go Magh
Corainn go dtug leis Maolruanuidh Ó Maoildoraidh rí
Chinéil gConaill i mbraighdeanas go Ceann Choradh. Do
creachadh is do loisceadh Cúigeadh Laighean go Gleann dá
Loch, agus as sin go Cill Mhaighnionn, lé Murchadh mac
Briain. Is fán am-so do chuadar Lochlonnaigh cabhlach mór
don Mhumhain gur hairgeadh is gur loisceadh Corcach leo;
agus do dhíoghail Dia sin orra, óir do marbhadh Amhlaoibh
mac Sitreaca, rí na Lochlonnach, is Mathghamhain mac Dubhghaill
mic Amhlaoibh lé Cathal mac Domhnaill mic Duibh
dá Bhuireann i bhfeall go grod 'n-a dhiaidh sin. Da éis sin
do chuadar Lochlonnaigh is Laighin i Midhe, gur hairgeadh
Tearmonn Feichín leo, agus go rugsad iomad do bhraighdibh
as, go ndearna Dia díoghaltas orra go grod da éis sin,
mar is follus romhainn as an ruaig tug Murchadh mac
Briain fá Laighnibh mar ar loiteadh Laighin is Lochlonnaigh
leis, amhail adubhramar.



Dála Bhriain mic Cinnéididh, ar mbeith 'n-a rígh Éireann
dó, is iar dtraothadh Lochlonnach leis, is lánmhór na commaoine
do chuir ar Éirinn, amhail léaghthar i leabhraibh an
tseanchusa. Ag so síos go cumair cuid do na commaoinibh
céadna:



Ar dtús do hathnuaidheadh is do tógbhadh eagailse leis,
agus tug a chill féin da gach cléireach do réir a chéime is
a cheirt uirre. Do thógaibh is do orduigh scola coitcheanna
ré múnadh léighinn is na n-ealadhan ar cheana; agus fós tug
luach leabhar is costas da gach aon, ag nach raibhe costas,
do thogradh leanmhain ar léigheann. Tug fós saoirse dá


L. 262


dtighearnaibh is da bhflathaibh fearainn; is gach éadáil ráinig
ó Lochlonnaibh é, do bhronn do Ghaedhealaibh í; agus gach
daoirse da raibhe ar Ghaedhealaibh ag Lochlonnaibh, do thógaibh
Brian díobh uile í; agus gach fearann dar bhean Brian
amach do Lochlonnaibh lé neart a láimhe, ní d'aon da chine
féin tug é, acht tug gach críoch da gach cine dar dhual í i
nÉirinn.



Is é Brian fós tug sloinnte fá seach ar fhearaibh
Éireann as a n-aitheantar gach síltreabh fá seach dhíobh.
Is lé Brian mar an gcéadna do tógbhadh teampull Chille
Dálua is teampull Inse Cealltrach agus do hathnuaidheadh
cloictheach Thuama Gréine. Do tógbhadh iomorro lé
Brian iomad droichead is tóchar is slighthe móra, is do
cumhduigheadh is do cóirigheadh dúinte is daingne is inseadha
is oiléin leis. Do cumhduigheadh leis fós Caiseal na Ríogh,
is Ceann Abhrad, Inis Locha Cé is Inis Locha Gair, Dún
Eochair Mháighe, Dún Iasc, is Dún Trí Liag, Dún gCrot
is Dún Cliach, Inse an Ghaill Duibh, is Inis Locha Saighlionn,
Ros na Ríogh, Ceann Choradh an Bhóraimhe, is ríoghphuirt
Mumhan ar cheana. Is i bhflaitheas Bhriain iomorro
táinig aoinbhean 'n-a haonar ó Thuinn Tuaidhe go Tuinn
Cliodhna theas, agus fail nó fáinne óir ar slait ré a hais
aice; agus ní bhfuair a slad ná a sárughadh tré ghéire
smachta Briain ar Éirinn; gonadh uime sin do rinne an
file an rann-so:




Ó Thoruidh go Cliodhna chais,
Is fail óir aice ré a hais,
I bhflaith Bhriain thaoibhghil nar thim,
Do thimchil aoinbhean Éirinn.




Do bhí Éire amhlaidh sin go saidhbhir sona síothchánta ar
feadh an dá bhliadhan déag do bhí Brian 'n-a rígh uirre;
gonadh dó ro chan an file an rann-so:




Fiuchadh fairrge, tuile tric,
Brian Breagh ós Banba bhláithbhric,
Gan chiamhair gan bhéd gan bhrath,
Da bhliadhain déag a dheagh-rath.


L. 264



Is urusa a aithne ar an dteist-se do-bheirid na seanchaidhe
ar Bhrian nar dhlightheach anfhlaith do ghairm dhe, óir ní
do réir a thoile nó a neirt do rinne follamhnughadh na
críche ré linn bheith i bhflaitheas dó, acht do réir reachta is
dlighidh na críche. Óir is é is anfhlaith ann an tí do-ní
follamhnughadh nó ríaghlughadh do réir neirt is ní do réir
cheirt; agus ó nach mar sin do rinne Brian, acht do réir
cheirt is reachta, ní hiontugtha anfhlaith air.



Nó ma's tré theacht fá bhrághaid Maoilsheachlainn i
bhflaitheas na críche ar thogha urmhóir uaisle Éireann do
gairfidhe anfhlaith dhe, féachadh an léaghthóir cia córa anfhlaith
do ghairm dhe ionáid anfhlaithe do ghairm d'urmhór a dtáinig
do ríoghaibh Éireann do chlannaibh Míleadh. Óir ní tháinig
an seachtmhadh fear díobh nach é marbhadh an ríogh roimhe do
dhéanadh; agus ó nach gairmthear anfhlaithe dhíobh, do bhrígh
go dtángadar don fhuil ríoghdha, tré mharbhadh na ríogh
táinig rompa, mar an gcéadna, ar mbeith do Bhrian don
fhuil ríoghdha, ní hiontugtha anfhlaith air tré theacht fá
bhrághaid Mhaoilsheachlainn, is nachar mharbh é, agus é ar a
chumas, amhail do-nídís cách ris na ríoghaibh do bhíodh rompa
i bhflaitheas Éireann, amhail adubhramar.



Ag so síos an chíoscháin is an ceart do bhíodh ag Brian
Bhóraimhe ar chúigeadhaibh Éireann leath amuigh don Mumhain
ré cothughadh thighe Chinn Choradh, amhail chuirthear síos lé Mac
Liag ardollamh Éireann san duain darab tosach: Bóraimhe
baile na ríogh. Ar dtús do-gheibheadh ó Chúigeadh Chonnacht
ocht gcéad bó is ocht gcéad torc. Do-gheibheadh ó Thír
Chonaill cúig céad brat is cúig céad bó; do-gheibheadh ó
Thír Eoghain trí fichid bó is trí fichid muc is trí fichid
tinne iarainn; do-gheibheadh ó chlannaibh Rudhruighe Uladh trí
chaoga bó is trí chaogat torc; do-gheibheadh ocht gcéad bó


L. 266


a hOirghiallaibh; trí chéad torc, trí chéad mart is trí chéad
tinne iarainn ó Chúigeadh Laighean; trí fichid bó, trí fichid
muc is trí fichid tinne iarainn ó Osruighibh; do-gheibheadh ó
Lochlonnaibh Átha Cliath trí chaoga dabhach fhíona; is
do-gheibheadh ó Lochlonnaibh Luimnigh tonna d'fhíon dearg gach
aon lá san mbliadhain. Agus an tan do shuidheadh Brian
n-a shuidhe ríogh is é rí Mumhan do shuidheadh ar a dheasláimh,
amhail fá gnáth ris gach rígh d'fhuil Éireamhóin ríogha Uladh
do chur ar a ndeasláimh. Ní lámhadh neach d'fhearaibh Éireann
arm d'iomchar i dteach Briain acht Dál gCais amháin, amhail
adeir an duain réamhráidhte san rann-so:




Gan aoinfhear d'fhearaibh Éireann,
Acht Dál gCais na gcaithréimeann,
Do lámhachtain a n-airm ann
I n-éintigh ré rígh Éireann.




Is iontuigthe ar mhéid an fheolmhaigh is an fhíona do bhí
d'áirithe ré cothughadh theaghlaigh thighe Chinn Choradh, leath
amuigh do Chormac mac Airt is do Chonaire Mór mac Eideirsceoil,
nach raibhe do ríoghaibh Éireann aoinrí do ba mó muirear is
muinntear is ba flaitheamhla do thigheasach ioná Brian.



Ar mbeith do Bhrian Bhóraimhe gan imreasan gan easaonta
'n-a chomhnuidhe i gCeann Choradh athchuinghis ar rígh
Laighean .i. Maolmórdha mac Murchadha trí seolchrainn
d'fhiodhbhadh áluinn a Fiodh Gaibhle do chur chuige. Do beanadh
na trí seolchrainn lé rígh Laighean is triallais féin leo go
Ceann Choradh, mar a raibhe Brian an tráth soin; is tug fá
deara ar Uíbh Fáilghe seolchrann díobh d'iomchar agus seolchrann
oile ar Uíbh Faoláin agus an treas seolchrann ar
Uíbh Muireadhaigh, go dtarla iomarbháidh chainnte eatorra ag
dul i n-aghaidh Shléibhe an Bhogaigh; agus leis sin téid rí
Laighean féin fá sheolchrann O bhFaoláin agus ionar sróill


L. 268


tug Brian dó roimhe sin uime, agus corrthair óir 'n-a
thimcheall, agus cnaipe airgid ann. Agus lé méid an
fheadhma do chuireadh rí Laighean air féin fán seolchrann, do
bhris an cnaipe do bhí 'n-a bhrat; agus ar rochtain dóibh go
Ceann Choradh, cuiris rí Laighean a ionar dhe is tug da shiair,
do Ghormfhlaith, inghin Mhurchadha, .i. bainchéile Bhriain, an
t-ionar do chur chnaipe ann. Do ghlac an ríoghan an t-ionar
is tug urchor de san teinidh do bhí 'n-a fiadhnaise, is do ghabh
ag iomcháineadh ar a dearbhráthair tré bheith fá mhoghsaine ná
fá dhaoirse do neach san domhan, "an ní," ar sí, "nar fhaomh
th'athair ná do sheanathair"; is do ráidh go sirfeadh mac
Briain ar a mhac an ní céadna. Acht cheana fá cuimhin lé
Maolmórda comhrádh na ríoghna; agus tarla do Mhurchadh mac
Briain is do Chonaing mac Duinn Cuan bheith ag imirt fithchle
ar n-a mhárach, nó do réir dhruinge oile is é comhorba
Caoimhghin Ghlinne dá Loch do bhí ag imirt ré Murchadh.
Gabhais Maolmórdha .i. rí Laighean ag teagasc ar Mhurchadh
is do theagaisc beart dia rugadh cluiche air. "Is tú thug
comhairle do Lochlonnaibh dar briseadh dhíobh i gCath Ghlinne
Máma," ar Murchadh. "Ma thugas comhairle dhóibh dar
briseadh dhíobh ann sin," ar Maolmórdha, "do-bhéarad comhairle
oile dhóibh ré mbrisfid siad díot-sa arís." "A shlán
soin fúthaibh," ar Murchadh.



Fá feargach Maolmórdha dhe sin, agus téid da thigh
leaptha, go nach fríoth uaidh dul san teach n-óla an oidhche
sin, is do imthigh i mocha na maidne ar n-a mhárach gan
cheileabhradh do Bhrian.



Ar n-a chlos iomorro do Bhrian gur fhágaibh rí Laighean
an longphort gan cheileabhradh dó féin, cuiris giolla grádha
da mhuinntir da fhastódh go dtugadh féin tuarastal is
tabhartas dó. Is ann rug an giolla air i gcionn chláir
Chille Dálua don leith thoir don tSionainn agus é ag


L. 270


dul ar a each; is nochtais an giolla a theachtaireacht ó
Bhrian dó. Iompuidhis Maolmórdha .i. rí Laighean ar an
ngiolla is buailis trí bhuille don tslait iobhair do bhí
'n-a láimh air, gur bhris cnámha a chloiginn, gurab ar iomchar
rugadh go teach Briain é. Cogarán ainm an ghiolla,
agus is uaidh atáid Uí Chogaráin san Mumhain.



Do sanntuigheadh lé fuirinn do theaghlach Chinn Choradh rí
Laighean do leanmhain, is gan a léigean go Laighnibh go
madh riarach do Bhrian é. Acht cheana do ráidh Brian nach
lámhthaoi feall do dhéanamh 'n-a thigh féin air. "Gidheadh,"
ar sé, "is do cholbha a thighe féin iarrfaidhear cóir air."



Triallais Maolmórdha rí Laighean da dhúthaigh féin is
cuiris cruinniughadh is coimhthionól ar mhaithibh Laighean
chuige, agus innisis dóibh míochádhas is aithis bhréithre
d'fhagháil dó féin is da chúigeadh uile i gCeann Choradh. Uime
sin is í comhairle ar ar cinneadh aca iompódh ar Bhrian
iad féin is neart Lochlonnach gur commóradh Cath Chluana
Tarbh eatorra; agus do bhrígh nar fhágaibh Brian líon
catha do chur do Lochlonnaibh i nÉirinn, acht an dream da
dtug fulong bheith ar seilbh ceannaidheachta i nÁth Cliath, i
Loch Garman, i bPort Lairge, i gCorcaigh is i Luimneach, ré
trácht ceannaidheachta do tharraing ó thíribh oile i nÉirinn,
is í comhairle ar ar cinneadh lé rígh Laighean is lé Lochlonnaibh
fios do chur go rígh Lochlonn d'iarraidh neirt
sluagh air ré freastal catha do Bhrian ar Magh nEalta i
gCluain Tarbh. Agus ar rochtain scéal go rígh Lochlonn
cuiris a dhias mac Carolus Cnutus agus Andreas
mar aon ré dhá mhíle dhéag do shluagh Lochlonnach do
chongnamh ré rígh Laighean, do chur Chatha Chluana Tarbh, agus
ar rochtain i dtír i nÁth Cliath dhóibh, do chuir rí Laighean


L. 272


scéala go Brian d'fhógra catha do chur ris i gCluain
Tarbh.



Dála Bhriain mic Cinnéididh ríogh Eireann, do choimhthionóileadh
neart Mumhan is Chonnacht leis, agus triallais
go hÁth Cliath ré cur Chatha Chluana Tarbh, amhail adubhramar.
Tángadar ann iomorro mar aon ris sliocht Fhiachach Muilleathain
go n-a ngabhlaibh geinealaigh, tromshluagh tairpeach
toicheastlach. Tángadar ann fós clann Chais mic Conaill
Eachluaith .i. Uí Bhloid is Uí Chaisín, is clann Aonghusa Chinn
nAthrach, is Cinéal mBaoith is Cinéal gCuallachtaigh, Cinéal
Failbhe, is clann Eachach um Cheallach mac Duibhghinn, is clann
Choiléin um Mheanman mac Eisíodha mic Síodha mic Maoilchluiche,
is Cinéal Fearmhaic um Mhaolmeadha mac Baodáin.
Tángadar ann fós mic Cinnéididh mic Lorcáin, Annluan,
Lachtna, Coscrach, Lorcán, Seanchán, Ógán, Maolruanuidh, is
Aingidh, Murchadh mac Briain is a mhac Toirrdhealbhach is
cúigear dearbhráthar Murchadha .i. Tadhg, Donnchadh, Domhnall,
Conchubhar is Flann. Tángadar ann mar an gcéadna
clann Duinn Cuan mic Cinnéididh .i. Longargán Céileachair
Cinnéide Fianghalach Innreachtach Eochaidh mac Innreachtaigh is
Duibhgheann mac Eochach is Beollán, is ar lean díobh-so da
n-aos gráidh is da lucht leanamhna. Táinig ann fós sluagh
mór d'fhearaibh Connacht um Thadhg mac Murchadha Uí Cheallaigh
rí Ua Maine agus um Mhaolruanuidh na Paidre Ó Eidhin rí
Eidhne, mar aon ré mórán d'uaislibh Connacht tré bháidh
bhráithreachais ré Brian, ar mbeith do Bhéibhionn fá máthair
dhó 'n-a mnaoi Chonnachtaigh. Tig mar an gcéadna Maoilseachlainn
mac Domhnaill go neart na Midhe uime i ndáil
Bhriain do chongnamh lais.



Agus ar rochtain ar aonláthair go Maigh nEalta dhóibh
cuirid inneall is ordughadh catha orra féin leath ar leath;


L. 274


rí Laighean is Lochlonnaigh do leith, agus dá mhac ríogh
Lochlonn, mar atá Carolus Cnutus is Andreas 'n-a
dtaoiseachaibh orra; Brian go maithibh Muimhneach, Chonnacht
is Mhidhe don leith oile, agus Murchadh mac Briain 'n-a
thaoiseach orra, acht amháin nar bh'áil lé Maoilseachlainn
congnamh leo.



Fearthair an cath go cródha eatorra, is bristear do
Lochlonnaibh is do Laighnibh, gur thuiteadar dá mhac
ríogh Lochlonn is uaisle an chabhlaigh táinig leo ann, mar
aon ré sé mhíle is seacht gcéad do Lochlonnaibh. Do thuit
ann fós lucht Átha Cliath is drong oile do Lochlonnaibh an
chabhlaigh tuairim cheithre mhíle ann. Do thuit mar an gcéadna
rí Laighean is urmhór uaisle Laighean is trí mhíle is céad do
Laighnibh mar aon riú.



Do thuit cheana don leith oile Murchadh mac Briain
ríoghdhamhna Éireann is urmhór uaisle Muimhneach is
Chonnacht 'n-a thimcheall mar aon ré cheithre míle fear.
Agus drong do Lochlonnaibh da raibhe ag teitheadh ón
árbhach fán dtír, tarla puball Bhriain dóibh agus tug
drong díobh aithne gurab é Brian do bhí ann, agus
triallais Bruadar a dtaoiseach do bhí ar an mbuidhin
sin i ndáil Bhriain is marbhthar leo é; agus marbhthar
eisean is a mhuinntear lé muinntir Bhriain. Ag so fós
drong oile do mhuinntir Bhriain do marbhadh san chath soin,
mar atá Toirrdhealbhach mac Murchadha mic Briain is Conaing
mac Duinn Cuan mic Cinnéididh is Mothla mac Domhnaill
mic Faoláin rí na nDéise Mumhan, Eochaidh mac Dúnadhaigh
flaith chloinne Scannláin is Niall Ua Cuinn is Cú Doiligh
mac Cinnéididh, trí caomhthaigh Bhriain, is Tadhg mac Murchadha
Uí Cheallaigh rí Ua Maine, is Maolruanuidh na Paidre Ó
hEidhin rí Eidhne, is Géibheannach mac Dubhagáin rí bhFear
Muighe, is Mac Beathaidh mic Muireadhaigh Chlaoin rí Ciarraidhe


L. 276


Luachra, Domhnall mac Diarmada rí Corca Bhaiscinn,
Scannlán mac Cathail rí Eoghanachta Locha Léin, is Domhnall
mac Éimhin mic Cainnigh is Mórmhaor Marr .i. Muireadhach
Mór na hAlban is iomad d'uaislibh oile nach áirmhighthear
annso. Aois an Tighearna an tan tugadh an cath-so Chluana
Tarbh 1034 bliadhna, an aoine ría gCáisc. Ag so dearbhadh
an tseanchaidh ar an áireamh bliadhan do bhí ó ghein Chríost go
bás Bhriain:




Cheithre bliadhna tríochad,
Ar mhíle gan mheabhail,
Ó do fhás liaigh dar gcabhair
Go bás Bhriain i mBreaghaibh.




Agus ocht mbliadhna is cheithre fichid fá haois do Bhrian an
tan soin, amhail adeir an file san rann-so:




Saoghal Bhriain go mbuadhaibh,
Gus an ngliadh go ngáiribh,
Cheithre fichid bliadhan
'Sa hocht iar n-a n-áireamh.




Do bhí fós Murchadh mac Briain trí bliadhna ar thrí fichid an
tan do thuit san chath-so.


L. 278


XXVI.



Ar dtabhairt iomorro Chatha Chluana Tarbh agus ar
marbhadh Bhriain is Mhurchadha is iomad do Ghaedhealaibh mar
aon riú, agus iar mbriseadh do Lochlonnaibh is do Laighnibh
is ar marbhadh a n-urmhóir san chath soin, is ar dtriall
Dhál gCais is do shliocht Fhiachach Muilleathain, an mhéid
do mhair tar éis an chatha soin, tar a n-ais go Mullach
Maistean, is ann sin do rónsad sliocht Fhiachach sluagh
ar leith dhíobh féin, is do scarsad ré Dál gCais, is do
cinneadh comhairle aca, ó fríoth Dál gCais i n-uathadh sluagh
is sochuidhe, teachta do chur go Donnchadh mac Briain, agus
géill d'iarraidh air, agus a nochtadh dhó go rabhadar géill
uatha-san ag a athair is ag bráthair a athar, agus adubhradar
gurab dóibh féin budh chóir ríghe Mumhan gach ré
bhfeacht. "Ní da bhar ndeoin do bhí sibh ag athair ná ag
bráthair damh-sa," ar Donnchadh, "acht iad féin do bhean
umhla da bhar n-aimhdheoin díbh is d'fhearaibh Éireann maille
ribh." Agus adubhairt Donnchadh nach tiubhradh géill ná
urruidhe dhóibh-sean ná do neach oile, agus do ráidh dá
mbeith coimhlíonadh catha dóibh-sean aige, nach léigfeadh uaidh
iad gan géill ré bheith umhal dó féin amhail do bhádar
da athair.



Ar gclos an sceoil sin do shluagh Deasmhumhan do
éirgheadar go hathlámh obann is do ghabhsad a n-arma is
tángadar do thabhairt chatha do Dhál gCais. Do ráidh
Donnchadh mac Briain an tan soin ré a mhuinntir a
n-othair do chur isteach i ráith Maistean agus trian an
tsluaigh da gcoimhéad, "agus freagradh," ar sé, "an dá
dtrian oile cath don lucht úd." Gidheadh ní rabhadar Dál
gCais acht aoin mhíle amháin d'fhuigheall áir an tan soin; agus
do bhádar Deasmhumhain trí mhíle do shluagh. Ód chualadar


L. 280


na hothair an comhrádh soin Donnchadha, do éirgheadar go
héascaidh is do chuirsiod caonnach 'n-a gcneadhaibh is 'n-a
gcréachtaibh, is do ghabhsad a n-arma 'n-a lámhaibh is do b'í
a gcomhairle an cath do thabhairt. Ód chonncadar sliocht
Fhiachach Muilleathain an meisneach soin do ghabh Dál gCais
idir shlán is easlán, do sochtadh leo fán gcath do thabhairt,
agus triallaid rompa da dtighthibh gan géill d'fhagháil ó
Dhál gCais.



Iomthúsa Dhál gCais triallaid rompa as sin go hÁth Í
ar brú Bearbha, is cromaid ar uisce d'ól ann. Do bhí
Donnchadh mac Giolla Phádraig rí Osruighe ar a gcionn ann
sin go líon a shluagh is a thionóil .i. Laighin is Osruighe ar
Maigh Chloinne Ceallaigh is coimhéad uaidh ar Dhál gCais gá
slighe a ngéabhdaois ar mhéad a fhala riú. Óir is é Brian
do cheangail is do chuibhrigh athair Dhonnchaidh, agus do bhí
bliadhain i gcuibhreach aige, agus do creachadh is do fásuigheadh
Osruighe uile is do marbhadh iomad da ndaoinibh leis. Uime
sin do chuimhnigh Mac Giolla Phádraig an fhala do Dhál
gCais, is do chuir teachta uaidh go hÁth Í da n-ionnsaighe 'ga
iarraidh orra braighde do chur chuige tré n-a léigean as an
áit sin tairis. Gidheadh fá hé freagra Dhonnchadha mic
Briain ar na teachtaibh nach tiubhradh braighde dhóibh.
"Maseadh," ar na teachta, "caithfidhe cath do fhreagra do
Mhac Giolla Phádraig." "Do-ghéabhaidh sé cath," ar Donnchadh,
"agus is truagh nach é an bás fuair ar n-athair
fuaramar-ne sul ráinig do léan orainn iad-san d'iarraidh
giall orainn." Adubhradar na teachta ris gan fearg do
bheith air, agus nach raibhe líon catha do thabhairt do Mhac
Giolla Phádraig. "Acht dá madh gnáth aithbhear a dteachtaireachta
do thabhairt ar theachtaibh ar bith," ar Donnchadh,
"do beanfaidhe bhar dteanga as bhar gceannaibh agam-sa;
óir gion go mbeinn-se acht aoin ghiolla amháin do shochraide
ní thiubhrainn obadh comhraic do Mhac Giolla Phádraig is
d'Osruighibh."


L. 282


Is ann sin do chuir Donnchadh mac Briain trian an
tsluaigh do choimhéad a n-othar agus an dá dtrian oile do
fhreastal an chatha. Ód chualadar na hothair sin do
éirgheadar go hobann, gur briseadh ar a gcneadhaibh is
ar a gcréachtaibh, gur líonsad do chaonnach iad, is do ghabhsad
a sleagha is a gcloidhmhe, is tángadar i measc cháich
amhlaidh sin, agus adubhradar ré mac Briain daoine do
chur fá choill is cuailleadha coimhneartamhra do thabhairt
leo agus a sáthadh san talmhain, "agus ceangailtear sinn
ré a n-ais," ar siad, "agus tugthar ar n-airm i n-ar
lámhaibh is cuirthear ar mic is ar mbráithre mar aon rinn
.i. dís d'fhearaibh slána timcheall an fhir ghonta againn,
ionnus gurab díochraide ar bhfeidhm lé chéile sin. Óir ní
léigfe an náire don fhior shlán gluasacht nó go ngluaise
an fear gonta ceangailte againn." Do rónadh amhlaidh
leo, agus ba machtnadh meanman is ba hiongantas adhbhalmhór
an t-ordughadh soin do chuireadar Dál gCais orra
féin.



Ód chonncadar Laighin is Osruighe an meisneach móradhbhal
soin ag éirghe i nDál gCais do ghabh gráin is eagla
iad rompa agus is eadh adubhradar, "Ní triall teithidh, ní
scaoileadh ná scannradh fhobruid Dál gCais do dhéanamh,"
ar siad, "acht cath dlúith daingean do dhéanamh dóibh féin.
Ar an adhbhar soin ní thiubhraim-ne cath dhóibh, óir is coimhdheas
ré bás nó ré beatha d'fhulang iad." Adubhairt Mac
Giolla Phádraig: "Is tláith dhaoibh-se sin do rádh, óir
atáthaoi líon a n-ithte súd dá madh biadh ollamh iad." "Is
fíor sin," ar iad-san, "agus giodh fíor ní muirbhfidhear
aonduine dhíobh súd gan cúigear nó seisear do thuitim
leis, is gá feirrde dúinne ar gcomhmharbhadh riú." "Ó nach
áil libh cath do thabhairt dóibh," ar Mac Giolla Phádraig,
"déinidh tóraidheacht orra." Agus fá measa lé Dál gCais
sin ioná cath do thabhairt dóibh. Triallaid iomorro Dál


L. 284


gCais dá ndúthaigh féin iar sin go heasbadhach éagcruaidh,
agus ní ráinig don bhaile i n-aoinfheacht ré mac Briain
díobh acht ocht gcéad go leith, óir do chaillsiod céad go
leith san iomruagadh soin ag Osruighibh ar locadh catha orra.



Ag so iomorro an tuarasgbháil do-bheir Maoilseachlainn
mac Domhnaill rí Midhe ar Chath Chluana Tarbh i
gcionn mhíosa d'éis an chatha do chur; óir do ghabhadar
clann Cholmáin ag fiafruighe scéil an chatha soin de. Is
ann sin adubhairt Maoilseachlainn nach facaidh féin riamh a
shamhailt do chath ná baramhail dó. "Óir dá mbeith," ar sé,
"aingeal Dé do nimh ag tabhairt a thuarasgbhála dhuit ba
díchreidmheach uaidh é. Do bhádhusa cheana is mo shluagh da
bhféachain agus gan d'agaidh eadrainn acht gort branair is
cloidh. Gidheadh an tan tugadar na catha soin a n-ochta is
a n-urbhruinne ar a chéile, do ghabhadar ag sústadh is ag
slatbhualadh ar oile, is ba samhalta lé troimealtain
fhaoilean ngeal ós cionn trágha, ag teacht tuile i dtír,
ceatha cailcidhe na sciath ós a gceannaibh; agus dá madh
mian linne dul do chongnamh do cheachtar don dá thaobh, ní
raibh sé ar cumas dúinn, óir do ceangladh is do cuibhreadh
ar sleagha is ar n-arma ós ar gceannaibh do na dlaoithibh
dioghainne dianscaoilte do sheoladh an ghaoth chugainn d'fholtaibh
is d'ulchadhaibh na laoch ar n-a leadairt is ar n-a
láinteascadh d'fhaobhraibh lann is lútharm da gach leith,
ionnus gur bha lánmhór ar bhfeidhm ag réidheachadh is ag
taithmhioch ar gcrannghaile ó chéile. Óir ba dóigh linn nar
mhó d'ulc don lucht do bhí san chath ioná dúinne fulang a
bhfaicseana gan dul ar féanscor is ar foluamhain."



Féach, a léaghthóir, bíodh gurab ar sluagh Briain do bhí
Maoilseachlainn is fir Mhidhe ag teacht go láthair an chatha,
maseadh dó bhí do cheilg idir sé féin is Lochlonnaigh nach
táinig san ordughadh i measc shluagh Briain, acht is eadh do


L. 286


rinne é féin is a shluagh d'anmhain do leathtaoibh an chatha,
amhail ro orduigheadar Lochlonnaigh dó.



Ní rabhadar Cinéal Eoghain ná síol gConaill san chath,
gidheadh ní hiad nar thairg teacht ann acht Brian adubhairt
tré mhéid meanman gurb 'n-a n-éagmais do rinne féin gach
áitheas da ndearnaidh riamh, "agus is eadh do-dhéan anois,"
ar sé.



Do ghabh Maoilseachlainn arís d'éis Bhriain ríoghacht
Éireann naoi mbliadhna. Is 'n-a fhlaitheas do rinneadh
na gníomha-so síos. Téid Maoilseachlainn rí Éireann,
sluagh líonmhar, is Ó Néill is Ó Maoldoraidh mar aon
ris, go hÁth Cliath, gur hairgeadh is gur loisceadh an
baile leo ar an iarmhar do Lochlonnaibh do mhair an tráth
soin gan tuitim i gCath Chluana Tarbh lé Brian. Triallaid
as sin i nUíbh Cinnsealaigh gur creachadh is gur
loisceadh an tír uile leo, is gur marbhadh iomad do dhaoinibh
ann. Dá éis sin do chuaidh Maoilseachlainn i nUlltaibh
go dtug iomad do bhraighdibh as. Is fán am-so do marbhadh
Donnagán rí Laighean is Tadhg Ó Riain rí Ó nDróna is
iomad do dhaoinibh oile lé Donnchadh Mac Giolla Phádraig
ar lár Leithghlinne, agus fuair Mac Liag ardollamh
Éireann bás. Sluaghadh lé Maoilseachlainn rí Éireann i
nOsruighibh gur marbhadh Dúnghal Mac Giolla Phádraig
mac Donnchaidh, is iomad do dhaoinibh oile mar aon ris
ann.



Is é an Maoilseachlainn-se ar a bhfuilmíd ag trácht
do rinne fundation ar mhainistir Mhuire i mBaile Átha
Cliath, aois an Tighearna an tan soin 1039. Agus do ba
duine cráibhtheach an Maoilseachlainn-se san aimsir
dhéidheanaigh; óir an tan do turnadh neart Lochlonnach i gCath
Chluana Tarbh ionnus nach bíodh aca acht bardacht i mbailtibh
cuain agus iad ar uairibh ag tabhairt ruag fán gcrích
amach ag déanamh creach is ruathar, do bhrígh nach rabhadar
líon catha do fhreastal do Ghaedhealaibh, do thionnscain
Maoilseachlainn scola d'athnuadhadh is cealla do chumhdach


L. 288


is do chórughadh ar aithris Bhriain. Léaghthar fós go dtugadh
cothughadh do thrí chéad mac léighinn ar a chostas féin.



Is i bhflaitheas an Mhaoilsheachlainn-se do dalladh Brian
mac Maoilmhórdha mic Murchadha, do bhí 'n-a rígh Laighean
dá bhliadhain, lé Sitric mac Amhlaoibh i nÁth Cliath tré
mheabhail. Do hairgeadh is do creachadh Ceanannus leis
an Sitric gcéadna gur mharbhsad iomad do dhaoinibh ann
is go dtugsad iomad do bhraighdibh as. Is fán am-so
tugadh maidhm mór lé Ughaire mac Dúnlaing mic Tuathail
mic Ughaire mic Oiliolla mic Dúnlaing, do bhí 'n-a rígh
Laighean trí bliadhna, ar Shitric mac Amhlaoibh is ar
Lochlonnaibh Átha Cliath, go dtugadh deargár Lochlonnach ann;
agus Donn Sléibhe mac Maoilmhórdha mic Muireigéin do
loisc teach Ughaire, gur loisceadh Ughaire ann ag Dubhloch
Leasa Cuile. Da éis sin do marbhadh Sitric mac Íomhair,
taoiseach Lochlonnach Phuirt Lairge lé rígh Osruighe, agus
fuair Maoilseachlainn rí Éireann bás i gCró Inis Locha
hAinninn.



Bíodh go n-áirmhid na seanchaidhe airdríogha do bheith ar
Éirinn i ndiaidh Mhaoilsheachlainn, ní mheasaim go dtáinig rí
gan fhreasabhra uirre go Gabháltas Gall, acht cia do
ghabhadar drong dhíobh ceannas feadhna Éireann ré a n-ais.
Ag so dearbhadh an tseanchaidh ar sin san rann-so:




Tar éis Mhaoilsheachlainn shona,
Mic Domhnaill mic Donnchodha,
Do scar caoimhrí ris gach cloinn
'S nochar ghabh aoinrí Éirinn.


L. 290



XXVII.



Do ghabh Donnchadh mac Briain Bhóraimhe ríoghacht Leithe
Mogha is urmhóir Éireann uile caogad bliadhan do réir
Fhínghin Mic Carrthaigh, san leabhrán ro scríobh do Stair na
hÉireann, is dhruinge oile ré seanchus; agus is mó mheasaim
an chéadfaidh-se do bheith fírinneach ioná céadfaidh na druinge
adeir nach raibhe Donnchadh i bhflaitheas acht dá bhliadhain déag.
Óir tig céadfaidh Fhinghin leis an áireamh bliadhan atá ó bhás
Bhriain go Gabháltas Gall; agus ní thig an chéadfaidh
dhéidheanach. Uime sin measaim gurab í céadfaidh Fhinghin
atá fírinneach, adeir gurab caogat bliadhan fad flaitheasa
Dhonnchaidh. Is i bhflaitheas Dhonnchaidh táinig Harolt
Conan prionnsa na Breatan ar teitheadh i nÉirinn, mar
a bhfuair cumhdach an tan fá haois don Tighearna 1050.
Is ré linn Donnchadha do rinneadh na gníomha-so síos.
Óir is ann do gabhadh Amhlaoibh mac Sitreaca taoiseach
Lochlonn i nÉirinn lé Mathghamhain Ó Riagáin rí Breagh, go
bhfuair dhá chéad déag bó is sé fichid each d'fhuascladh as.



Is fán am-so fós do chuaidh Flaithbheartach Ó Néill da
oilithre don Róimh, aois an Tighearna an tan soin 1073.
Dá éis sin fuair Tadhg mac Lorcáin rí Ua gCinnsealaigh
bás i nGleann dá Loch, agus é ag déanamh aithrighe ann, agus
fuair Gormfhlaith inghean Mhurchadha mic Floinn, rí Laighean,
máthair Shitreaca mic Amhlaoibh, taoiseach Lochlonn i nÉirinn,
bás, agus fá hí máthair Dhonnchaidh mic Briain Bhóraimhe í.
Is fán am-so do hairgeadh Cluian Fearta Bréanainn lé
hArt Coileach Ó Ruairc rí Bréithfne; agus tarla Donnchadh
mac Briain an lá céadna ris, go dtug deargár mhuinntire
Airt i ndíoghail na ceallairgthe sin do rónsat. Is grod
'n-a dhiaidh sin go ndeachaidh Cathal mac Ruaidhrí, rí iarthair


L. 292


Chonnacht, da oilithre go hArd Macha. Da éis sin do
hairgeadh is do loisceadh Port Lairge lé Diarmaid mac
Maoil na mBó rí Laighean, agus do hairgeadh Cluain Mic
Nóis lé Conmhaicnibh, gur dhíoghail Dia is Ciarán sin orra
.i. urmhór a ndaoine is a n-áirnéise d'éag go grod da éis sin.



Is fán am-so do loisceadh Carrthach mac Saoirbhreathaigh
rí Eoghanachta Caisil i dtigh theineadh lé mac Longargáin
mic Duinn Cuan maille ré hiomad do dhaoinibh uaisle oile
mar aon ris. Da éis sin do cuireadh Donnchadh mac Briain
a ríoghacht agus do chuaidh da oilithre don Róimh go bhfuair
bás ann i mainistir Steapháin. Agus an ní adeirid a lán
gurab do shliocht Donnchadha Puéraigh Eustásaigh is
Pluingcéadaigh, ní bhfuaras laoidh ná leitir da dhearbhughadh gurab
do shliocht Donnchadha ceachtar dhíobh, acht aon rann amháin atá
san duain darab tosach: Cuirfead commaoin ar chloinn
Táil, do rinne Maoilín Óg Mac Bruaideadha, fear comhaimsire
dhúinn féin. An beoloideas fós atá ag a lán do
thuatadhaibh, mar a n-abraid iar ndul do Dhonnchadh ar eachtra
don Róimh da oilithre gur chumaisc ar inghin an impire do
bhí ann an tráth soin, go rug mac dhó, agus gurab ón mac
soin tiocfaidís na trí chineadha do luaidheamar; gidheadh ní
héidir an scéal-so do bheith fírinneach; óir ré ndul ar an
eachtra soin dhó, do ba seanóir críonna cianaosta ós cionn
a cheithre fichid bliadhan é, agus níor chosmhail d'inghin impire
dúil do thabhairt do luighe ré n-a shamhailt d'athlaoch, agus
fós níor bh'oircheas dó-san do chuaidh ar eachtra ar leirg
oilithre is aithrighe dúil do chur i mnaoi san bhioth.



Agus do réir a ndubhramar measaim nar chumaisc
Donnchadh ar inghin an impire is nach rug mac dó ó dtiocfaidís
an drong adubhramar.


L. 294


Is córaide fírinne an neithe-se do mheas mar léaghthar
i seinleabhar annálach do scríobhadh a Leabhar Bhreac Mic
Aodhagáin tuairim trí chéad bliadhan ó shin go ndeachaidh
Donnchadh iar gcríochnughadh thurais na Rómha i mainistir
S. Stiabhna san Róimh do chomhnuidhe, agus gur ghabh cuing
chrábhaidh ré a ais ann, gur chaith a raibhe roimhe da ré go
haithrigheach san áit chéadna go bás.



Léaghthar fós i gcroinicibh Gall, mar a n-áirmhighthear na
huaisle táinig do Ghallaibh i nÉirinn ar dtús, gurab i
dtús Ghabháltais Gall táinig Robert le Power ór chinsiod
Puéraigh is Eustásaigh i nÉirinn, agus adeirid na
hughdair chéadna gurab do Lochlonnaibh Pluingcéadaigh.



Do ghabh Toirrdhealbhach mac Taidhg mic Briain Bhóraimhe
ríoghacht Mhumhan is urmhóir Éireann uile dá bhliadhain
déag. Mór inghean Ghiolla Bhrighde Uí Mhaoilmhuaidh rí
Chinéil Fhiachaidh is Fhear gCeall máthair an Toirrdhealbhaigh-
se Uí Bhriain. Is 'n-a fhlaitheas do rinneadh na gníomha-so
síos. Óir is ann do marbhadh Conchubhar mac Maoilsheachlainn
rí Midhe lé mac a dhearbhráthar féin .i. Murchadh
mac Floinn tré mheabhail, agus rugadh a cheann as a adhnacal
ar éigin ó Chluain Mic Nóis go Ceann Choradh lé Toirrdhealbhach
Ó mBriain dia hAoine iar gCáisc, agus rugadh an
ceann céadna ba thuaidh tar a ais go Cluain Mic Nóis san
Domhnach ba neasa dhóibh, agus sin do thigheacht do mhíorbhailibh
Chiaráin.



Is i bhflaitheas an Toirrdhealbhaigh-se do chuir Uilliam
Rufus rí Sacsan fios i nÉirinn i gcoinne adhmaid do chead
Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain ríogh nÉireann ré n-a chur ar
cheann Halla Westminster Anno Domini 1098; agus an


L. 296


bhliadhain roimhe sin do hoirneadh an céideaspog i bPort
Lairge, Malcus a ainm, ré Anselmus airdeaspóg Canterburie.
Is fán am-so fuair Dearbhforgaill inghean Taidhg
Mic Giolla Phádraig bean Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain ríogh
urmhóir Éireann bás. Da éis sin fuair Toirrdhealbhách Ó
Briain ríogh urmhóir Éireann uile bás iar gcaitheamh dá
bhliadhain déag i bhflaitheas dó.



Do ghabh Muircheartach mac Toirrdhealbhaigh mic Taidhg
mic Briain Bhóraimhe ríoghacht Léithe Mogha is urmhóir
Éireann uile fiche bliadhan. Cailleach Dhé inghean Uí Éidhne
máthair Mhuircheartaigh Uí Bhriain agus máthair Ruaidhrí Uí
Chonchubhair. Is 'n-a fhlaitheas do rinneadh na gníomha-so
síos. Ar dtús is é do bhronn Caiseal don Eaglais mar
iodhbairt do Dhia is do Phádraig an chéidbhliadhain da
fhlaitheas, an tan fá haois don Tighearna 1106; agus is
fán am soin do bhí comhdháil choitcheann fhear nÉireann
idir laoch is chléireach mar aon ré Muircheartach Ó
Briain rí Leithe Mogha i bhFiadh Mic nAonghusa. Ag so
an líon do chléircibh do bhí san gcomhdháil sin, .i. Maolmuire
Ó Dúnáin airdeaspog Mumhan is Ceallach mac
Aodha comhorba Pádraig .i. biocáire genearálta an phríomáidh,
is ochtar easpog, trí chéad is trí fichid sagart is
seacht bhfichid deochan is iomad do chléircibh nach áirmhighthear
ann so. Do horduigheadh cheana reachta is dlighthe is nóis
leo i gcill is i dtuaith. Da éis sin fuair Maolmuire Ó
Dúnáin airdeaspog na Mumhan bás.


L. 298


XXVIII.



Is ré linn an Mhuircheartaigh-se fós do horduigheadh
seanadh nó comhdháil choitcheann i nÉirinn i Ráith Breasail,
an tan fá haois don Tighearna 1100, do réir sheinleabhair
annálach eaglaise Chluana hEidhneach Fionntain i Laoighis,
mar a gcuirthear síos na neithe prinnsiopálta do rinneadh
san tseanadh soin; agus fá hé Giolla Easpuig easpog
Luimnigh fá leagáid ón Phápa i nÉirinn an tan soin do
b'arduachtarán ar an gcomhairle sin. Ag so síos iomorro
na neithe do horduigheadh innte:



Amhail do horduigheadh dá easpóg dhéag san leith theas
do Shacsaibh um Chanterburie, is dá easpog dhéag san leith
thuaidh um chathair Eborach, is mar sin do horduigheadh i
Seanadh Rátha Breasail i nÉirinn, mar atá dá easpog dhéag
i Leith Mogha is dá easpog dhéag i Leith Cuinn, is fós dá
easpog san Midhe. Is ann sa tseanadh-so tugadh cealla
Éireann go comhlán do na heaspogaibh gan cur na cíos do
bheith ag flaithibh tuaithe orra go bráth. Is ann fós do
horduigheadh faircheadha nó dioceses easpog na hÉireann.
Ag so líon easpog Leithe Cuinn: seisear i gCúigeadh Uladh
is an príomháidh d'áireamh orra, cúigear i gCúigeadh Chonnacht
is dias san Mhidhe. Gonadh é sin comhlíonadh dá easpog
dhéag Leithe Cuinn i n-éagmais an phríomháidh. Ag so
cathaoire Chúigidh Uladh, mar atá Ard Macha ag airdeaspog
Ard Macha is príomháid ós easpogaibh Éireann uile, Clochar,
Ard Sratha, Doire, Cuinneire, is Dún dá Leathghlas;
cathaoire Midhe, Daimhliag is Cluain Ioraird; cathaoire
Chúigidh Chonnacht .i. Tuaim dá Ghualann, Cluain Fearta
Bréanainn, Conga, Cill Aladh is Ard Charna. Cathaoire
Mumhan, Caiseal ag airdeaspog Leithe Mogha, Lios Mór nó


L. 300


Port Lairge, Corcach, Ráith Mhaighe deisceirt, Luimneach,
Cill Dálua, Imleach Iobhair. Ag sin na seacht gcathaoire
do horduigheadh san Mhumhain san tseanadh soin. Cúig
cathaoire i Laighnibh, Cill Chainnigh, Leithghlinn, Cill Dara,
Gleann dá Loch, Fearna nó Loch Garman. Cuirthear na cúig
cathaoire sin i gceann na seacht gcathaoireach atá san
Mhumhain go ndéinid dá chathaoir dhéag i Leith Mogha. Is uime
nach áirmhighthear Áth Cliath annso, do bhrígh nachar ghnáth leis
grádha do ghlacadh acht ó airdeaspog Canterburie i Sacsaibh.



Adeir Hanmer go bréagach go raibhe cur ag airdeaspog
Canterburie ar chléir Éireann ó aimsir Augustine manach
go Gabháltas Gall. Óir ní bhfuighbhe go raibhe cur ag
préaláidibh Canterburie ar chléir Éireann acht ré linn
Lanfrancus Ranulphus is Anselmus; agus an tan soin
féin is iad drong do chléir Éireann ar a raibhe cur aca,
cliar Átha Cliath, Phuirt Lairge, Locha Garman is Luimnigh,
táinig do shlioct iarmhair na Lochlonnach da ngairthí Normani,
agus is tré chomhmbáidh ré lucht na Normandie táinig uatha
féin tugadar na préaláide do bhí sna háitibh sin cur is
ceannas ag airdeaspog Canterburie orra féin, mar is
follus as an leabhrán do scríobh Doctúir Usser, ar n-a
mheas dóibh dá ndeachadh an ní ar thogha an phobail idir siad
féin is aon do Ghaedhealaibh do bhiadh ag iarraidh an chéime
chéadna, nach biadh comhthrom aca-san, do bhrígh go mbiadh
ní-sa mhó do ghuth an phobail ré toghadh an Ghaedhil seoch aoin
aca-san.



Measaim, ma tá nach cuireann an seinleabhar síos é,
gurab seisear easpog do bhí san Mumhain, is seisear i
Laighnibh is Airdeaspog Caisil ós a gcionn uile mar airdphréaláid
ós cionn Leithe Mogha ar lorg an ardfhlaithis
temporálta, amhail adubhramar thuas ag labhairt ar an
ní-se i bhflaitheas Laoghaire.


L. 302


Ag so síos do na faircheadhaibh nó do na dioséisibh is
da dteorannaibh amhail do horduigheadh san tSeanadh-so
Rátha Breasail.



Fairche airdeaspuig Arda Macha, ó Shliabh Breagh go
Cuaille Ciannachta is ó Bhior go hAbhainn Mhóir.



Fairche Chlochair, ó Abhainn Mhóir go Gabhail Liuin agus
ó Shliabh Beatha go Sliabh Largha.



Fairche Arda Sratha, ó Shliabh Largha go Carn nGlais is
ó Loch Chraoi go Binn Fhoibhne.



Fairche easpuig Doire nó Rátha Both, ó Eas Ruaidh go
Sruibh Broin is ó Charn nGlais go Sruibh Broin.



Fairche easpuig Cuinnire, ó Bhinn Fhoibhne go Torbhuirg,
is ó Phort Murbhoilg go hOllorbha go Cuan Snámha hAidhne,
is ó Ghlionn Ríogh go Colbha nGearmainn.



Fairche easpuig Dúin dá Leathghlas, ní faghthar san
tseinleabhar a teorainn.



Fairche easpuig Daimhliag, ó Shliabh Breagh go Carn Dúin
Cuair is ó Lochán na hImrime soir go fairrge.



Fairche Chluana hIoraird, ó Chlochán siar go Sionainn is
ó Iubhar Coillte go Cluain Conaire.



Fairche Chluana Fearta, ó Shionainn go Buirinn is ó
Echtghe go Succa.



Fairche Thuama, ó Shucca go hArd Charna is ó Áth an
Tearmainn go Sionainn.



Fairche Chonga, ó Abhainn Ó mBriuin budh thuaidh go Néimhthinn
is ó Áth an Tearmainn siar go fairrge.



Fairche Chille hAladh, ó Neimhthinn go hEas Ruaidh is ó
Chill Airdbhile go Sraith an Fhearainn.



Fairche Arda Carna nó Ardachadh, ó Ard Charna go Sliabh
an Iarainn is ó Chéis Choruinn go hIobhar Coilltéan. Ma's
aontach cliar Chonnacht ar an roinn-se is toil linne í, agus


L. 304


muna n-aontuighid bíodh ar an roinn is toil leo; agus is
maith linne an roinn is maith leo-san, acht amháin nach biaidh
i gConnachtaibh acht chúig easpuig.



Fairche airdeaspuig Caisil, ó Shliabh Eibhlinne go Siuir
is ó Chnámhchoill ag Tiobraid Árann go Gréin Airbh soir
.i. Cros Ghréine.



Fairche Leasa Móir nó Phuirt Lairge, ó Mhíleadhach ar
bruach na Bearbha ag Cumar na dtrí nUisceadh go Corcaigh
agus ó Shiuir budh dheas go fairrge.



Fairche Chorcaighe, ó Chorcaigh go Carn Uí Néid is ó
Abhainn Mhóir budh dheas go fairrge.



Fairche Ráth Mhaighe deisceirt ó Bhaoi Bhéirre go Ceann
mBeara is ó Fhéil go Dairbhre.



Fairche Chille Dálua, ó Shlighe Dhála go Léim Chon
gCulainn, is ó Echtghe go Sliabh Uidhe an Ríogh, is ó Shliabh
Uidhe an Ríogh go Sliabh Caoin nó Gleann Caoin.



Fairche Luimnigh, an Mhaoilchearn soir, Áth ar Choinne,
Lodan is Loch Gair, is an Laitheach Mhór ó Áine siar, is Ard
Pádraig budh dheas, is Bealach Feabhradh is Tulach Léis, Féil
siar, is Tairbiort, is Cuinche i dTuadhmhumhain, is Crossa i
Sliabh Uidhe an Ríogh, is Dubhabhann. Gibé tí tar na teorannaibh-
se is tar sárughadh an Choimdhe is Pheadair apstail
is Naomh Pádraig is a chomhorba is na heagailse Críostaidhe
thig sé; agus is é teampull Muire i Luimneach a príomheaglais.



Fairche Imligh Iobhair, ó Chluain Caoin go hAbhainn Mhóir
is ó Chnámhchoill ag Tiobrad Árann go hAbhainn Ealla.



Fairche Chille Cainnigh, ó Shliabh Bladhma go Míleadhach
is ó Ghréin Airbh go Sliabh Mairge.



Fairche Leithghlinne, ó Shliabh Bladhma go Sliabh Uidhe
Laighean, is ó Shliabh Mairge go Bealach Carcrach, is ó
Bhealach Mughna go Teach Moling go n-a thearmonn.


L. 306


Fairche Chille Dara, ó Ros Fionnghlaise go Nás Laighean,
is ó Nás go Cumar Chluana hIoraird is go Sléibhthibh Ghlinne
dá Loch.



Fairche Ghlinne dá Loch ó Ghrianóig go Beig-Éirinn is ó
Nás go Reachruinn.



Fairche Fhearna nó Locha Garman ó Bheig-Éirinn go
Míleadhach don leith thiar don Bhearbha, is ó Shliabh Uidhe
Laighean budh dheas go muir; agus ma aontuighid cliar
Laighean sin is toil linne é, acht nach biaidh acht chúig easpuig
aca.



Beannacht an Choimdhe is Pheadair apstail is Naomh
Pádraig ar gach n-easpog don chúigear ar fhichid-se nach
biaidh Cáisc gan ola do choisreagadh.



Et multa alia bona statuta sunt in hac sancta synodo
quae hic non scripsimus propter brevitatem.



chomhorba Peadair is a leagáide .i. Giolla Easpuig
easpog Luimnigh,



Ghiolla Ceallaigh comhorba Pádraig is príomháidh
Éireann,



Mhaoilíosa Uí Ainmire airdeaspuig Caisil,



Crosa na n-uile easpog is na n-uile laoch is chléireach
do bhí san tseanadh naomhtha-so Rátha Breasail ar an tí
thiocfas tar na horduighthibh-se, agus a mallacht uile ar gach
n-aon thiocfas 'n-a n-aghaidh.


L. 308


XXIX.



Léaghthar i gcroinic Hackluite an tan do bhí Muircheartach
Ó Briain i gceannas Éireann gur chuireadar lucht na
nOiléan teachta 'n-a dháil ag a iarraidh air duine éigin da
bhráithribh .i. don fhuil ríoghdha do chur i gceannas feadhna
ós cionn na nOiléan an feadh do bhiadh Olanus nó Amhlaoibh
mac Gothfruidh don leith istigh d'aois, an tí dar dhual bheith
'n-a rígh ar na hOiléanaibh; agus do chuir Muircheartach
duine uasal da chine féin dar bh'ainm Domhnall mac Taidhg
Uí Bhriain ós a gcionn, agus do ghabh a gceannus trí
bliadhna gur ghabh ag déanamh anfhlaithis orra; agus do
díbreadh tríd sin lé lucht na nOiléan go hÉirinn tar a
ais é.



Léaghthar ag an ughdar gcéadna gur chuir Maghnus mac
Amhlaoibh mic Arailt do bhí 'n-a rígh ar an Noruaegia
teachta go Muircheartach Ó mBriain is a bhróga féin leo ag
a fhógradh do Mhuircheartach na bróga d'iomchar ar a
ghuailnibh; agus ar dteacht do na teachtaibh do láthair, nochtaid
a dtoisc dó. Gabhais Muircheartach na bróga uatha is
cuiris ar a ghuailnibh iad; agus ar n-a fhaicsin sin do na
huaislibh do bhí 'n-a fhochair do ghabh fearg mhór iad, is
do-bheirid aithbhear dó trés an ní sin do dhéanamh. "Is fearr
liom-sa," ar Muircheartach, "so do dhéanamh ioná Maghnus
d'argain aonchúigeadh i nÉirinn." Ollmhuighthear da éis
sin cabhlach mór lé Maghnus, is triallais d'ionnsuighe na
hÉireann ón Noruaegia ré dochar is ré díoth do dhéanamh
di, agus ar dteacht i ngar na hÉireann dó, tig féin is
beann don chabhlach i dtir tré iomad deithbhire ré díbhfeirg
do dhéanamh; agus ar rochtain i dtír dhóibh tarla lucht na
críche i n-oirchill rompa; agus ar rochtain i dtír do Mhaghnus
go n-a shluaghbhuidhin lingid lucht na críche orra; agus marbhthar
Maghnus go n-a shluagh san turas soin; agus ar n-a


L. 310


chlos don chabhlach do bhí 'n-a dhiaidh gur marbhadh Maghnus
fá taoiseach dóibh, tillid tar a n-ais don Noruaegia.



An Muircheartach-so Ó Briain atáimíd do luadh, iar
gcaitheamh chúig mbliadhan i dtreabhluid dó, fuair bás
aithrigheach i nArd Macha, is do hadhnaiceadh i gCill Dálua
é san dteampull mhór.



Do ghabh Toirrdhealbhach Mór mac Ruaidhrí Uí Chonchubhair
ceannas urmhóir Éireann d'éis Mhuircheartaigh Uí Bhriain
ar feadh fhichead bliadhan. Is 'n-a fhlaitheas do rinneadh na
gníomha-so síos. Is leis an Toirrdhealbhach-so tógbhadh trí
príomhdhroichid i gConnachtaibh .i. droichead Átha Luain is
droichead Átha Cróchdha ar Sionainn agus droichead Dún
Leoghdha ar Succa. Sluaigheadh leis an dToirrdhealbhach-so
don Mhumhain, gur hairgeadh Caiseal is Ard Fhionáin leis;
agus ar mbeith ag dul do chreachadh Arda Fionáin dó,
táinig drong don Mhumhain fá dheireadh an tsluaigh is do
marbhadh leo Aodh O hEidhin rí Ó bhFiachrach is Muireadhach
Ó Flaithbheartaigh rí iarthair Chonnacht is iomad do dhaoinibh
uaisle oile nach áirmhighthear annso.



Da éis sin do chuaidh an Toirrdhealbhach-so go sluagh
líonmhar leis ar muir is ar tír go Corcaigh, agus gabhais
ag argain Mhumhan uile; agus do roinn an Mhumhain 'n-a
dhá leath, agus tug an leath theas do Dhonnchadh mac Carrthaigh
is an leath thuaidh do Chonchubhar Ó mBriain, agus rug
tríochad i ngiall leis uatha araon. Is fán am-so do beannuigheadh
teampull Cormaic i gCaiseal maille ré hiomad
do chléircibh is d'uaislibh na hÉireann do bheith ann, aois
an Tighearna an tan soin 1134. Da éis sin do marbhadh
Cormac mac Carrthaigh rí Mumhan i bhfeill lé Toirrdhealbhach
Ó mBriain .i. a chliamhain féin is a cháirdeas Críost; agus
fuair Maolmaodhóg .i. Malachias, do bhí n-a airdeaspog
Éireann is Alban, bás, aois an Tighearna an tan soin 1135.
Sluagheadh lé Toirrdhealbhach Ó Chonchubhair arís don Mhumhain
maille ré neart Connacht, Laighean, na Midhe is Fhear


L. 312


dTeabhtha is Ruarcach, go dtugsat saorchuairt na Mumhan
go rángadar Gleann Maghair, go dtarla dhóibh ann sin
Toirrdhealbhach Ó Briain rí Mumhan agus mac Conchubhair
Uí Bhriain go bhfearaibh Mumhan maille riú. Trí catha ba
headh á líon. Fearthair Cath Móna Móire eatorra, gur
briseadh do Dhál gCais is d'fhearaibh Mumhan ann, go
ndeachaidh tar áireamh ar thuit díobh. Do hionnarbadh
Toirrdhealbhach Ó Briain go Tír Eoghain, is do roinn
Toirrdhealbhach Ó Conchubhair an Mhumhain idir Thadhg Ó mBriain
is Diarmaid mac Cormaic mic Carrthaigh.



Is grod da éis sin go bhfuair Toirrdhealbhach Ó Chonchubhair
rí urmhóir Éireann bás, agus ocht mbliadhna is trí
fichid do b'aois dó an tan soin, gur hadhnaiceadh ag altóir
mhóir Chiaráin i gCluain Mic Nóis é, agus is mór an
leagáid d'fhágaibh ag an gcléir ar a anam, mar atá dá
fhichid ar chúig céad uinge d'ór, is dá fhichid marg d'airgead,
is a rabhadar do sheoidibh uile aige idir chorn is chloich
n-uasail, idir eachaibh is spréidh, éadach, fhithchill is bhrannuibh,
bhogha is bholgán soighead, stabhall is arm; is do orduigh féin
cuid gach cille do roinn do réir uird ar gach cill díobh fá
seach. Is fán am-so fuair Tadhg Ó Longargáin easpog
Chille Dálua bás.



Do ghabh Muircheartach mac Néill mic Lochloinn flaitheas
Leithe Cuinn is urmhóir Éireann ocht mbliadhna déag, gur
thuit lé fearaibh Fearnmhaighe is leis Ó mBriuin. Agus is
san seachtmhadh bliadhain do fhlaitheas an fhir-se do commóradh
comhdháil agus comhairle choitcheann eagailse Éireann i
gCeanannus na Midhe an tan fá haois don Tighearna 1152,
ré foillsiughadh an chreidimh Chatoilice is ré n-a ghlanadh, is
ré ceartughadh béas an phobail, is ré hoirneadh ceathrar
n-airdeaspog, is ré cheithre pallia do dháil dóibh. Óir ní


L. 314


raibhe roimhe sin i nÉirinn acht dá airdeaspog, mar atá
príomháidh Arda Macha is airdeaspog Caisil. Agus is iad
fá harduachtaráin ar an gcomhairle sin ón Phápa, Giolla
Críost Ó Conairce Easpog Leasa Móir is ceann manach
Éireann 'n-a leagáid, is cairdionál mar aon ris dar bh'ainm
Ioannes Papiron do dhéanamh riaghlaighthe is orduighthe i
nÉirinn, is do dhéanamh neithe ba measa lé hÉirinn ioná sin,
mar atá dáil cheithre pallia. Óir do ba lór lé hÉirinn
pallium i nArd Macha is pallium i gCaiseal, agus go
háirithe is tar sárughadh eagailse Arda Macha is Dúin dá
Leathghlas tugadh amach acht pallium i nArd Macha is
pallium i gCaiseal, amhail nochtas seinleabhar annálach
eagailse Chluana hEidhneach i Laoighis é, lé gcuirthear suim
na comhairle-se síos.



Iar suidhe iomorro san chomhairle dhóibh, do rinneadh
orduighthe is nóis somholta leo ar dháil na gceathra pallia-so.
Ag so síos briathra an tseinleabhair iris do scríobhadh
i gCluain Eidhneach Fionntain i Laoighis.



M.c.l.2 anno ab Incarnatione Domini nostri Iesu
Christi, bissextili et embolismali anno, Nobile Concilium
in vernali tempore ad Dominicam "Laetare Ierusalem"
apud Ceanannns celebratum fuit, in quo Presidens Dominus
Iohannes Cardinalis Presbiter Beati Laurentii in
Damasco inter viginti duos episcopos et quinque electos
et inter tot Abbates et Priores, ex parte Beatorum Apostolorum
Petri et Pauli et Domini Apostolici Eugenii,
simoniam et usuram omnibus modis extirpavit et damnavit,
et decimas dandas Apostolica auctoritate praecepit.
Quattuor pallia quattuor Archiepiscopis Hiberniae, Dublinensi
Caselensi Tuamensi Armachano tradidit. Insuper
Armachanum archiepiscopum in primatem super alios


L. 316


prout decuit ordinavit. Qui etiam Ioannes Cardinalis
protinus post peractum Concilium iter arripuit et nono
KaIendas Aprilis transfretavit. Hi sunt episcopi qui
huic Concilio interfuerunt .i. Giolla Críost Ó Conairce
easpog Leasa Móir, leagáid an Phápa i nÉirinn;
Giolla Mac Liag comhorba Pádraig is príomháidh Éireann;
Domhnall Ó Longargáin airdeaspog Mumhan; Gréine
easpog Átha Cliath; Giolla na Naomh Laighneach easpog
Glinne dá Loch; Dúnghal Ó Caolluidhe easpog Leithghlinne;
Toistius easpog Phuirt Lairge; Domhnall O
Foghartaigh biocáire genearálta easpuig Osruighe; Fionn
mac Cianáin easpog Chille Dara: Giolla an Choimdheadh
Ó hArdmhaoil, biocáire easpuig Imligh; Giolla Aodha
Ó Maighin, easpog Corcaighe; Mac Rónáin comhorba
Bréanainn easpog Ciarraidhe; Torgestius easpog
Luimnigh; Muircheartach Ó Maoilidhir easpog Cluana Mic
Nóis; Maoilíosa Ó Connachtáin easpog oirthir Chonnacht;
Ua Rudáin easpog Luighne; Mac Craith Ó Mugróin easpog
Conmhaicne; Etras Ó Miodhcháin easpog Chluana hIoraird;
Tuathal Ó Connachtaigh easpog Ó mBriuin; Muireadhach Ó
Cobhthaigh easpog Chinéil nEoghain; Maolpádraig Ó Bánáin
easpog Dál nAruidhe; Maoilíosa mac an Chléirigh Chuirr
easpog Uladh. I bPríd Nóin Mhárta do forbadh an
seanadh-so, mar ar ceartuigheadh is mar ar horduigheadh
eapogóideachta Éireann.



Iar gcríochnughadh na comhairle sin fuair Domhnall Ó
Longargáin, airdeaspog Mumhan bás; agus sealad aimsire
da éis sin fuair Muircheartach mac Néill do bhí
ag gabháil cheannais Leithe Cuinn is urmhóir Éireann an
tan soin bás - a mharbhadh lé fearaibh Fearnmhaighe agus
leis Ó mBriuin, amhail adubhramar thuas.


L. 318


XXX.



Do ghabh Ruaidhrí O Conchubhair ceannas Connacht is
urmhóir Leithe Cuinn, do bhrígh gur ghiall rí Oirghiall rí
Midhe is rí Bréithfne dhó, agus fós gairmthear rí Éireann
uile dhe san seanchus. Gidheadh ní raibhe acht rí go bhfreasabhra
ann, mar atá rí ag a raibhe mórán d'uaislibh
Éireann ag cur 'n-a aghaidh fá fhlaitheas Éireann do
bheith 'n-a sheilbh. Agus is ré linn Ruaidhrí Uí Chonchubhair
do bheith i gceannas mar sin do chuir bean Tighearnáin
Chaoich Uí Ruairc (Dearbhforgaill fá hainm dhi is fá hinghean
do Mhurchadh mac Floinn rí Midhe í, agus nochar bh'í bean
ríogh Midhe í, amhail adeir Cambrens) teachta ós íseal go
Diarmaid Mac Murchadha aga iarraidh air teacht 'n-a coinne
féin da breith leis ó Thighearnán mar mhnaoi dhó féin, agus
adubhairt ris na teachtaibh a nochtadh do Dhiarmaid go
ndeachaidh Tighearnán ar turas go huaimh Purgadóra
Pádraig, agus mar sin go bhfuighbheadh seisean uain is
uaigneas ar í féin do bhreith leis i Laighnibh. Do bhí
iomorro cumann mímhéine eatorra ré cian do bhliadhnaibh
roimhe sin.



Dála Dhiarmada ar rochtain na scéal soin chuige,
triallais go héascaidh d'fhios na mná go sluaghbhuidhin
mharcach 'n-a fhochair; agus ar rochtain mar a raibhe an
bhean dó, tug fá deara a tógbháil ar cúlaibh marcaigh;
agus leis sin guilis is screadais an bhean go cealgach,
mar gurab ar éigin do-bhéaradh Diarmaid leis í; agus
tillis lé mar sin go Laighnibh tar a ais. Iomthúsa
Thighearnáin, iar dtigheacht tar ais don Bhréithfne dhó, is iar
n-a chlos gurab dá haimhdheoin rugadh a bhean uaidh, éagcaoinis
an ainbheart soin lé Ruaidhrí Ó Conchubhair is lé
n-a cháirdibh ar cheana.


L. 320


Chuiris Ruaidhrí leis sin cruinniughadh ar fhearaibh Chonnacht,
Bhréithfne Oirghialla is Midhe, agus triallais do lot
Laighean go sluagh líonmhar maille ris i ndíoghail an mhíghníomha
soin do rinne Diarmaid.



Ar n-a chlos do Dhiarmaid Ruaidhrí do bheith ag teacht
do lot Laighean, cuiris cruinniughadh is coimhthionól ar
uaislibh Laighean as gach leith, agus ar rochtain go haonláthair
dhóibh, do b'é a bhfreagra ar Dhiarmaid nach rachdaois
do sheasamh an mhíghníomha do rinne seisean; agus leis sin
do thréigeadar mórán díobh é, agus do chuadar ar chomairce
Ruaidhrí, is nochtaid dó gurab iomdha éagcóir is aindlighe
do rinne Diarmaid roimhe sin orra.



Mar nach raibhe Diarmaid líon cathuighthe ré Ruaidhrí
leis sin tug Ruaidhrí ucht ar an mhéid do ghabh lé Diarmaid
do Laighnibh do lot is téid roimhe go Fearna gur
threascair teach Diarmada, is gur bhris a dhún is gur
dhíbir a hÉirinn uile é. Agus triallais Diarmaid gus
an dara Henrí rí Sacsan, do bhí san bhFraingc an tráth
soin; agus ar rochtain do láthair an ríogh dhó, fáiltighis an
rí roimhe is do rinne iomad muinnteardhais ris; agus an
tan do nocht fáth a thurais don rígh, scríobhais an rí leitreacha
cáirdheamhla leis i Sacsaibh mar a dtug cead do gach aon
lér bh'fheirrde teacht do neartughadh leis i nÉirinn do bhuain
a chríche féin amach. Ceileabhrais Diarmaid leis sin don
rígh, is triallais i Sacsaibh go ráinig Briostoe, is tug fá
deara a leitre do léaghadh go puiblidhe ann sin, agus
do gheall tairgsiona móra don druing do thiocfadh leis i
nÉirinn do bhuain a chríche féin amach.



Is annsin tarla Risteard Mac Gilbeirt mic Iarla
Stranguell air, is do cheangail connradh ris, mar atá a
inghean féin .i. Aoife inghean Diarmada do thabhairt 'n-a
mnaoi dhó, is oighreacht Laighean ris an inghin i ndiaidh a bháis
féin, agus d'fhiachaibh ar Risteard teacht 'n-a dhiaidh i


L. 322


Éirinn do bhuain a chríche amach dhó. Ar gceangal ar na
heachtaibh sin dóibh, triallais Diarmaid go Breatain go
prionnsa do bhí ann dar bh'ainm Raph Griffin do bhí i
gceannas na críche fán rígh Henrí, is nochtais a dháil
dó. Tarla an uair sin duine uasal arrachtach oirbheartach
dar bh'ainm Roibeard mac Stiabhna i bpríosún ag an
bprionnsa soin tré mhíréir an ríogh do dhéanamh, is ní raibhe
dáil chabhra 'n-a chionn acht muna ngabhadh ré a ais triall i
nÉirinn do thabhairt neirt a láimhe lé Mac Murchadha ré
buain a chríche amach dó. Agus ar n-a chlos d'easpog
S. Dáibhídh is do Mhuiris Mac Gearailt go dtáinig Mac Murchadha
d'fhios an phrionnsa soin ré hiarraidh Roibeird Mic
Stiabhna as an mbraighdeanas 'n-a raibhe, tángadar féin
do chur impidhe mar an gcéadna air fá scaoileadh do
Roibeard, is fá n-a léigean lé Mac Murchadha i nÉirinn.
Clann aonmháthar iomorro an t-easpog soin is Riobeard
Mac Stiabhna is Muiris Mac Gearailt.



Léigis trá an prionnsa Roibeard amach ar eacht go
leanfadh Mac Murchadha i nÉirinn an samhradh ba neasa dhó.
Geallais Diarmaid don leith oile Loch Garman is an dá
thriúcha céad fá goire dhi, mar dhúthaigh dhílis go bráth do
Roibeard Mac Stiabhna tré theacht do chongnamh leis i
n-aghaidh a eascarad; agus i ndiaidh an cheangail sin do
dhéanamh, ceileabhrais Diarmaid don druing sin is triallais
taoibh ré beagán buidhne go hÉirinn. Ar rochtain i dtír
dhó, mar a raibhe iomad eascarad is teirce carad aige, tig
ós íseal go Fearna Mhóir Mhaodhóg ar dhídean cléire is
coimhthionóil Fearna; agus do bhí go dubhach dearóil 'n-a
bhfochair feadh na haimsire sin go teacht don tsamhradh.



Dála Roibeird mic Stiabhna táinig do chomhall a
gheallaidh do Mhac Murchadha, agus is é líon sluagh tháinig
leis i nÉirinn tríochad ridireadh is trí fichid scuibhéir is trí
céad troightheach; agus is é áit ar ghabhadar tír i gCuan an
Bhainbh i n-imeall Chonntae Locha Garman theas, san áit ré


L. 324


ráidhtear Beag An Bun, agus fá hi aois an Tighearna an
tan soin 1170, agus an seachtmhadh bliadhain do fhlaitheas
Ruaidhrí Uí Chonchubhair. Do bhí fós ridire prionnsapálta
i bhfochair Roibeird mic Stiabhna an tan soin, mar atá
Herimont Morti ridire do mhuinntir iarla o' Stranguell
do chuir roimhe i nÉirinn do mheas na tíre; agus ar rochtain
i dtír dhóibh ann sin, cuiris Roibeard scéala go Diarmaid
da nochtadh dhó é féin do theacht i nÉirinn.



Ar n-a chlos sin do Dhiarmaid, do ghabh lúthgháir é, agus
téid cúig céad laoch 'n-a gcoinne, agus ar rochtain i gcomhdháil
a chéile dhóibh, triallaid d'aonchomhairle d'ionnsuighe
Locha Garman da bhuain amach; agus ar dtigheacht i ngar don
bhaile dhóibh, is í comhairle ar ar cinneadh leis na buirghéisibh
gialladh do Dhiarmaid is ceathrar d'uaislibh an bhaile do
thabhairt i ngiall ré comhall síodha dhó agus díol cíosa is
cánachais, is ré bheith umhal mar thighearna dhó. Is ann sin
iomorro do bhronn Diarmaid Loch Garman is an dá thriúcha
céad do b'fhoigse dhó do Roibeard mac Stiabhna, agus do
bhronn fós an dá thriúcha céad do b'fhoigse dhóibh sin arís
do Herimont Morti do réir an gheallaimh tug dhóibh i
mBreatain; agus iar gcoimhlíonadh an gheallaimh sin, do
chuir Diarmaid cruinniughadh ar a mhuinntir féin is ar na
Gallaibh go haonláthair; agus is é líon sluagh do bhádar
ann trí mhíle fear idir Ghaedheal is Ghall, agus triallaid
d'aoinmhéin as sin d'argain is do chreachadh Osruighe; agus is
é fá rí ar Osruighibh an tan soin Donnchadh mac Domhnaill
Reamhair, bíodhbhaidh bhunaidh do Dhiarmaid, agus mar rángadar
do lot Osruighe is gan cosnamh ag Donnchadh air féin,
is í comhairle ar ar chinn féin is maithe a dhúithche géill do
thabhairt dó ré díol airdchíosa ris; agus mar sin do coisceadh
Diarmaid ó lot na críche.



Mar do chualadar trá uaisle Éireann tigheacht Diarmada
is na nGall soin, is gach áitheas dar éirigh leo,


L. 326


do chuadar do chinneadh chomhairle ré Ruaidhrí Ó Conchubhar rí
Connacht do ghabh barántas Éireann ré a ais an tráth soin;
agus is eadh do commóradh leo congnamh sluaigh do thabhairt
as gach cúigeadh i nÉirinn dó; agus ar gcruinniughadh na
sluagh soin ar aonláthair, triallais Ruaidhrí leo go hUíbh
gCinnsealaigh, i ndóigh ré tathfann Dhiarmada is na nGall
a hÉirinn; agus mar ráinig Ruaidhrí go Laighnibh, do chuaidh
Diarmaid is na Gaill is an mhéid do lean do Laighnibh é, i
gcoilltibh daingne diamhaire láimh ré Fearna Mhóir Maodhóg
da ndídean féin ar antrom shluagh Ruaidhrí. Mar do
chonnairc iomorro Ruaidhrí nach rabhadar ar tí catha do
fhreastal dó, do chuir teachta go Roibeard mac Stiabhna 'ga
iarraidh air an tír do fhágbháil agus nach raibhe ceart ná
dúthchas aige ar bheith innte. Adubhairt Roibeard ag freagradh
do na teachtaibh, nach tréigfeadh an tighearna lé a dtáinig i
nÉirinn. Tillid trá na teachta leis na scéalaibh sin go
Ruaidhrí, agus ar n-a gclos dó, is fós ar n-a chlos dó nach
tréigfeadh Mac Murchadha na Gaill ar aonchor, do chuir
roimhe lingeadh líon sluaigh is sochaidhe ar Dhiarmaid is ar
na Gallaibh do bhí 'n-a fhochair da milleadh is da
míochórughadh.



Mar do chonncadar cliar Laighean an chríoch i mbaoghal
a millte is a míochóirighthe ón spairn sin do-níd dicheall ar
síoth do tharraing idir Ruaidhrí is Dhiarmaid. Agus is
amhlaidh do críochnuigheadh an tsíoth soin eatorra .i. Cúigeadh
Laighin do léigeadh do Dhiarmaid, amhail fá dúthchas dó; agus
d'fhiachaibh ar Dhiarmaid umhla is dísle do choimhéad do
Ruaidhrí amhail fá dual do gach rígh da mbíodh ar Laighnibh
do dhéanamh do ríoghaibh Éireann; agus i ngeall ré comhall
na síothchána soin, tug Diarmaid mac dó féin dar bh'ainm
Art 'n-a ghiall do Ruaidhrí. Do gheall fós Ruaidhrí a shiúr
féin do thabhairt 'n-a mnaoi do Dhiarmaid; agus ar na


L. 328


heachtaibh sin do scarsad go síodhach ré chéile; acht amháin gur
gheall Diarmaid do Ruaidhrí gan ní ba mhó do na Gallaibh
do thabhairt i nÉirinn. Agus go grod da éis sin táinig
Muiris mac Gearailt i dtús an tsamhraidh go hÉirinn do
réir an gheallaimh tug do Mhac Murchadha, agus fós do chionn
na cumha do gheall Mac Murchadha dhó féin is do Roibeard
mac Stiabhna an fóghmhar roimhe sin tré theacht do chongnamh
leis i nÉirinn do bhuain a chríche féin amach. Agus is é
líon sluaigh táinig lé Muiris i nÉirinn an tan soin, deichneabhar
ridireadh tríochad scuibhéir is céad troightheach. Agus
is é ionadh ar ghabhadar cuan ag Loch Garman.



XXXI.



Ar n-a chlos do Mhac Murchadha is do Roibeard mac
Stiabhna Muiris do thigheacht i nÉirinn, do chuadar 'n-a choinne
go Loch Garman; agus is ann sin do chuimhnigh Mac Murchadha
ar gach aindlighe da ndearnsad lucht Átha Cliath air féin is
ar a athair roimhe. Uime sin do thionóil Mac Murchadha an
sluagh soin ré dul d'argain Átha Cliath, is do fhágaibh
Roibeard Mac Stiabhna ag tógbháil chaisléin san ionadh
darab ainm an Charraig anois .i. dá mhíle ó Loch Garman
amach; agus triallais Mac Murchadha is Muiris Mac
Gearailt is urmhór na nGall soin mar aon riú go Fine
Ghall, gur hairgeadh is gur loisceadh an chríoch soin leo.



Ar n-a chlos iomorro do bhuirghéisibh Átha Cliath gur
hairgeadh is gur creachadh an chríoch 'n-a dtimcheall, do
chuadar i gcomhairle eatorra féin, agus is é ní ar ar
cinneadh leo seoide iomdha is tiodhlaicthe troma d'ór is
d'airgead do chur go Mac Murchadha do chionn síodha is
réidhtigh d'fhagháil uaidh; agus do chuireadar braighde chuige
mar aon ris an ionnmhus soin tar múraibh an bhaile amach;


L. 330


agus do ghealladar go dtiubhraidís gach ceart is gach
dualgas da raibhe ag Mac Murchadha orra roimhe sin dó.



Ód chonnairc Mac Murchadha iomorro gach ní dar chuir
roimhe ag teacht leis, do smuain 'n-a meanmain aige féin
go raibhe ríoghacht Éireann ag a shinnsearaibh roimhe .i.
Cathaoir Mór, Conchubhar Abhradhruadh, Labhruidh Loingseach,
Laoghaire Lorc is Ughaine Mór is gach rí oile dar ghabh
flaitheas Éireann díobh roimhe, agus adubhairt nar bh'fhearr
neart ná cumas gach ríogh oile dhíobh soin ar Éirinn do
chosnamh ioná a neart féin. Uime sin beiris Mac Murchadha,
Muiris Mac Gearailt is Roibeard Mac Stiabhna i bhfód
fá leith ris, gur léig a rún riú fán gcúis sin, agus do iarr
comhairle orra créad do b'indéanta dhó. Do fhreagairsiod
i n-aoinfheacht é, agus is eadh adubhradar, go madh urusa dhó
an ní sin do chríochnughadh dá madh áil leis teachta do chur
uaidh ar ceann tuilleadh daoine go Sacsaibh. Tairis sin
do ráidh Mac Murchadha riú-san teachta do chur uatha féin ar
ceann a ngaoil is a gcoimhfialasa agus adubhairt go
dtiubhradh a inghean féin 'n-a mnaoi do Mhuiris Mac Gearailt
nó do Roibeard Mac Stiabhna, gibé aca do-bhéaradh
í, agus a thighearnas ó n-a lá féin amach. Gidheadh níor fhaomh
ceachtar díobh an inghean do ghlacadh, óir do chuimhnigh Muiris
Mac Gearailt is Roibeard Mac Stiabhna gur gheall Mac
Murchadha an inghean soin d'iarla o' Stranguell is ríoghacht
Laighean lé, do chionn a neart do thabhairt leis ré buain a
dhúithche amach dhó; agus do iarr Muiris is Roibeard ar
Mhac Murchadha leitre do chur gus an Iarla 'ga iarraidh air
teacht do réir an gheallaimh tug dó i Sacsaibh, "agus foillsigh
dhó," ar siad, "go bhfuile féin i mbun do gheallaimh do
chomhall dó-san, maille ré t'inghean féin do thabhairt 'n-a
mnaoi dó, is ríoghacht Laighean ód lá féin amach; agus fós
na cheithre ranna nach fuil agat d'Éirinn, foillsigh dó go
bhfuil súil agat ré a mbeith fá chíos is fá umhla dhuit."


L. 332


Cuirthear teachta is leitreacha lé Mac Murchadha go
hIarla o' Stranguell ar an gcúis sin, agus ar rochtain do
na teachtaibh 'n-a láthair is ar léaghadh na leitreach dhó, is fós
ar gclos an neirt do ghabh Mac Murchadha is Roibeard Mac
Stiabhna is Muiris Mac Gearailt i nÉirinn, triallais féin
go hairm a raibhe rí Sacsan, is do iarr cead air teacht do
dhéanamh gabháltais cibé áit a sainnteochadh dul. Gidheadh
an tan do thuig an rí meanma is inntinn an iarla ní thug
aonta iomlán dó is ní mó do thug éara air. Acht cheana
do ghluais an t-iarla leis an gcead fuair, agus do ghabh
ag a ollmhughadh féin is ag ollmhughadh a mhuinntire ré teacht
i nÉirinn dóibh; agus sul ráinig ris féin bheith ollamh ré
teacht san turas soin do chuir Réamonn le Grós mac
Uilliaim Mic Gearailt, dearbhráthair ba sine ioná Muiris
Mac Gearailt, go sluaghbhuidhin leis roimhe féin i nÉirinn;
agus ar rochtain na críche dhó, is é áit ar ghabh cuan ag Dún
Domhnaill, cheithre mhíle ó Phort Lairge budh dheas; agus do
réir chroinic Stanihurst, fá hí nuimhir a mhuinntire deichneabhar
ridireadh is deichneabhar is trí fichid troightheach.
Agus ar dtigheacht i dtír dóibh do thógbhadar port daingean
cloch is criadh san ionadh soin.



Ar rochtain iomorro scéal go Port Lairge is go
Maoilseachlainn Ó bhFaoláin, rí na nDéise, go dtángadar
na Gaill sin i gcomhfhogus dóibh, do ghabh gráin is eagla
iad uile rompa, is do chuadar go haonláthair do chinneadh
chomhairle fán gcúis sin, agus do b'í críoch a gcomhairle
na deoraidh d'ionnsuige gus an longphort i rabhadar, is a
marbhadh is a míochórughadh.



Dá éis sin tángadar go haonláthair, is do b'é a líon
trí mhíle fear ag dul d'ionnsuighe na nGall soin. Ar n-a
bhfaicsin do Réamonn chuige, do chuaidh amach go mear
míchéillidhe leis an mbeagán buidhne do bhí aige i gcomhdháil


L. 334


an tromshluaigh sin, do thabhairt troda is teagmhála dhóibh.
An tan iomorro atchonnairc Réamonn nach raibhe ionbhuailte
riú, do chuaidh ar gcúlaibh gus an gcaisléan do
thógaibh sé féin. Ód chonncadar na Gaedhil na Gaill ag
iompódh, do leanadar go dian dásachtach iad gus an gcaisléan;
gidheadh an tan do mheas Réamonn de la Grós a
eascáirde 'n-a dhiaidh go dána do iompuidh orra is tug ár
do-fhaisnéise ar an dtromshluagh soin na nGaedheal, ionnus
i n-éagmais ar mharbh sé dhíobh gur loiteadh is gur
créachtnuigheadh cúig céad díobh leis ré halt na haonuaire.



Ar dteacht iomorro na Féile Parrtholóin san bhfoghmhar
'n-a dhiaidh sin, Anno Domini 1170, táinig Iarla o' Stranguell
i nÉirinn, agus do b'é líon a shluagh ag teacht dó
.i. dá chéad ridire is míle do scuibhéaraibh is do lucht bogha is
da gach ndruing ré gaiscidh; agus is é ionadh ar ghabhadar
cuan i bPort Lairge. Ar n-a chlos iomorro ar feadh na
críche go dtáinig iarla o' Stranguell i nÉirinn, táinig Mac
Murchadha go maithibh Laighean is Roibeard Mac Stiabhna is
Muiris Mac Gearailt is Réamonn de la Grós i gcoinne
is i gcomhdháil an iarla go lúthghaireach láinmheanmach, agus
ar n-a mhárach do chuadar d'aoinmhéin do ghabháil Phuirt
Lairge; agus an tan rángadar gus an mbaile tugadar a
n-aighthe i n-aoinfheacht air da bhaint amach is da chur ar a
gcumas féin; agus tar gach olc is tar gach imshníomh da
bhfuaradar muinntear an bhaile da gcoimhéad féin is da
gcosnamh, do lingeadar orra tar múraibh an bhaile, is do
mharbhsat gach a dtárla riú do lucht an bhaile, agus do
gabhadh Maoilseachlainn Ó Faoláin, rí na nDéise, leo, agus
is tre impidhe Mic Murchadha tugadh a anam dhó.



Tug cheana Mac Murchadha a inghean leis i gcoinne an
iarla an tráth soin, Aoife a hainm, agus do pósadh ris í,
agus ar ndaingniughadh is ar gcríochnughadh an chleamhnais sin
dóibh da gach leith fágbhais an t-iarla bárda láidir i bPort


L. 336


Lairge, is triallais féin is a shluagh d'ionnsuighe Átha Cliath
don chur soin; agus ní raibhe ar domhan duine ba lugha ar
lucht Átha Cliath ioná Mac Murchadha is na Gaill sin
d'fhaicsin chuca; agus do bhí Mac Murchadha lán d'fhíoch is
d'fhaltanas dóibh-sean mar an gcéadna. Oir is iad do
mharbh a athair; agus do adhlaiceadar go heasonórach anuasal
é, maille ré madradh marbh do chur i n-aonuaigh ris
mar aithis dó. Ar bhfaicsin na nGall soin is neirt Laighean
go líonmhar ag teacht orra, gabhais uamhan is imeagla lucht
Átha Cliath, is cuirid teachta uatha gus an iarla d'iarraidh
síodha is réidhtigh air .i. Labhrás Ó Tuathail airdeaspog Átha
Cliath. Agus geallais an t-airdeaspog don iarla cumha
is braighde ó lucht Átha Cliath do chionn síodha is anacail
d'fhagháil dóibh.



An tan iomorro do bhí an réidhteach aga dhéanamh
eatorra do bhí Réamonn de la Grós is Miles Gogan
is drong do ridiribh óga mar aon riú don taoibh oile
don bhaile, agus fuaradar árach ar bhallaidhibh an bhaile, gur
briseadh is gur réabadh leo iad; agus lingid féin san
mbaile is marbhaid gach aon ar a rugadar ann. Acht cheana
ar ngabháil Átha Cliath amhlaidh sin do Ghallaibh is do Mhac
Murchadha, is gearr an comhnuidhe do rónsat ann, agus
fágbhais an t-iarla Miles Gogan is drongbhuidhean mar aon
ris ag coimhéad an bhaile. Do bhí iomorro faltanas is
mioscais idir Ó Ruairc rí Bréithfne is Mac Murchadha, agus
rug Mac Murchadha an mórshluagh soin leis do Ghallaibh is
do Ghaedhealaibh don Bhréithfne, gur creachadh is gur loisceadh
an chríoch soin leo, is gur ghabhsad neart rómhór ar Ó Ruairc
is ar gach aon da dtarla riú i nÉirinn.


L. 338


XXXII.



Ót chonnairc Ruaidhrí mac Toirrdhealbhaigh Uí Chonchubhair
rí Connacht is urmhóir Éireann gur bhris Mac Murchadha ar
an síoth do bhí eatorra roimhe sin, cuiris Ruaidhrí teachta
chuige do thabhairt aithbhir air tré neamhchomhall na síothchána
do bhí eatorra, tré mar thug na Gaill sin leis gan chead gan
chomhairle do Ruaidhrí. Agus ar rochtain do na teachtaibh do
láthair Mhic Murchadha is eadh adubhradar: "Anois tuigmíd,"
ar siad, "nach fuil cion ná cádhas agat ar do mhionnaibh ná
ar do mhac thugais i ngeall ré comhall síodha uait, agus
adubhairt rí Connacht .i. Ruaidhrí O Conchubhair riot muna
gcuiridh tú na deoraidh-se agat uait go gcuirfidh sé ceann
do mhic chugat, is nach géabhaidh gan tú féin do chur arís i
Sacsaibh ar athchur is ar ionnarbadh." Do ráidh Mac
Murchadha nach cuirfeadh a dheoraidh uaidh ar chomhairle Ruaidhrí,
agus adubhairt go dtiubhradh tuilleadh deoradh leis 'n-a
gceann, is nach diongnadh síoth ná síothcháin lé haoinneach do
Ghaedhealaibh go beith d'Éirinn uile aige. Tángadar na
teachta tar a n-ais go Ruaidhrí is nochtaid dó freagra Mhic
Murchadha orra. Ót chualaidh Ruaidhrí aitheasc Mic Murchadha,
gabhais fearg adhbhalmhór é.



Tairis sin, iomorro, do leath clú is oirdhearcas na
nGall soin fá Éirinn uile, ionnus gur ghabh gráin is eagla
fir Éireann rompa. Rángadar trá scéala ón iarla is ó
na Gallaibh sin i Sacsaibh, agus an tan atchlos do rígh
Sacsan na scéala soin tug fógra gan long ná bárc do dhul
a haontalamh dar bhean ris féin go hÉirinn, agus gan
trácht ná ceannaidheacht do dhul innte. Agus tug mar an
gcéadna fógra do gach aon da dtáinig ó Shacsaibh i nÉirinn


L. 340


dul tar a n-ais arís fá phéin a n-oighreachta do bhuain díobh
go bráth. An tan adchonnairc an t-iarla gur bh'éigin da
mhuinntir imtheacht uaidh lé fógra an ríogh, uime sin do chuaidh
an t-iarla is a mhuinntear do dhéanamh comhairle eatorra
féin fán gcúis sin, agus is eadh do connarcthas dóibh
Réamonn de la Grós do chur go rígh Sacsan aga fhoillsiughadh
dhó gur da thoil-sean is da aonta tháinig an t-iarla is na
Gaill sin i nÉirinn do neartughadh leis an tí do gheall
umhla is ógláchas do dhéanamh dó-san .i. Diarmaid Mac
Murchadha rí Laighean; agus gibé gabháltas do rinneadar i
nÉirinn agus a raibhe aca do thairbhe Mhic Murchadha gurab
da thoil-sean ba mian leo a chongbháil. Téid Réamonn leis
an aitheasc soin go rígh Sacsan, agus is é ionadh a raibhe an
tan soin san Ghascúinn; agus san bhliadhain sin do marbhadh
Tomás airdeaspog Canterburie an cúigmheadh lá don
Nodlaig, agus fá hí aois an Tighearna an tan soin 1171.
Agus is i mBealltaine na bliadhna soin fuair Mac Murchadha
.i. Diarmaid rí Laighean bás; is do hadhnaiceadh i
bhFearna Mhóir Mhaodhóg é.



Dála an ríogh, táinig go Sacsaibh, agus ar rochtain ann
sin dó, do chuir ridire da mhuinntir dar bh'ainm Herimont
Morti go leitreachaibh leis go hiarla o' Stranguell i
nÉirinn mar aon le Réamonn de la Grós da fhógra don
iarla dul i Sacsaibh gan chairde; agus ar dtigheacht i nÉirinn
dóibh nochtais Heirimont a thoisc don iarla, agus triallais an
t-iarla do láthair mar aon lé Herimont i Sacsaibh, agus ar
rochtain do láthair an ríogh dhó, do gheall go dtiubhradh Áth
Cliath is Port Lairge is bailte cuan Laighean dó is da
oighreadhaibh da éis, agus an chuid oile do Chúigeadh Laighean
do bheith ag an iarla féin is ag a shliocht.



I ndiaidh iomorro an chonnartha soin do cheangal eatorra,
triallais an rí go sluagh líonmhar maille ris i nÉirinn,
gur ghabh cuan ag Port Lairge. Cúig céad ridire tháinig


L. 342


lais mar aon ré hiomad marcshluagh is troightheach, aois an
Tighearna an tan soin 1172. Ro an iomorro an rí i bPort
Lairge 'n-a dhiaidh sin go dtángadar uaisle na nGall do
bhí roimhe i nÉirinn is buirghéisigh Locha Garman do thabhairt
umhla is onóra dhó. Táinig fós rí Corcaighe .i. Diarmaid
Mór Mac Carrthaigh 'n-a láthair is do gheall umhla is ógláchas
do dhéanamh dhó. Táinig an rí as sin go Caiseal, agus
táinig Domhnall Ó Briain rí Luimnigh 'n-a choinne ann, is
tug umhla dhó, amhail tug Mac Carrthaigh.



Da éis sin do chuir rí Sacsan coimhéad uaidh féin ar
Chorcaigh is ar Luimneach. Tángadar maithe Mumhan chuige
iar sin is tugsad umhla is onóir dó mar an gcéadna.
Do chuaidh an rí tar a ais go Port Lairge, agus táinig
rí Osruighe chuige ann sin is tug umhla is onóir dhó,
amhail tugsat na ríogha roimhe sin. Triallais an rí as
sin go baile Átha Cliath, go dtángadar Gaedhil Laighean
chuige ann sin do thabhairt umhla is onóra dhó.



An tan iomorro adchuala Ruaidhrí Ó Conchubhair, rí
Connacht is Éireann, a chúigeadhaigh is an lucht cíosa is
cánachais do bhí aige, is an lucht da dtug féin tuilleamh is
tuarastal, do dhul ar scáth ríogh Sacsan, do mheas 'n-a mheanmain
féin go madh lugha do mhasladh dó umhla do thabhairt da
dheoin ioná da aimhdheoin uaidh do rígh Sacsan. Is ann sin
do chuir an rí dias da mhuinntir i gcoinne Ruaidhrí Uí
Chonchubhair, agus is iad do chuaidh ann Hugo de Lacy is
Uilliam mac Aldelmel. Táinig Ruaidhrí 'n-a gcoinne go
bruach na Sionna go ndearnaidh síoth is cáirdeas ris an rígh
'n-a láthair sin, agus do gheall umhla is onóir do thabhairt
dó. Táinig fós Murchadh mac Floinn rí Midhe chuige is tug


L. 344


é féin dó, amhail do rónsad cách oile, ionnus nach raibhe rí
ná taoiseach ná tighearna i nÉirinn nach tug umhla is
tighearnas orra féin do rígh Sacsan an tan soin.



Ar dteacht an gheimhridh chuca iar sin do líon an aimsear
d'fhuacht is do dhoininn róghránna, ionnus nach raibhe ar breith
do luing nó do bhárc teacht ré scéalaibh na Sacsan i nÉirinn
gus an rígh nó go dtáinig an mhí mheadhónach don earrach chuca.
Da éis sin tángadar longa i nÉirinn is tugadar scéala
gus an rígh ó Shacsaibh is ón bhFraingc nach ar mhaith ris;
agus tar gach ní nochtaid dó gur chuir an Pápa dias
cairdionál go Sacsaibh do lorgaireacht an bháis do himreadh
ar Sh.Tomás o' Canterburie; agus muna ndeachadh an rí
'n-a phearsain féin do thabhairt shásuighthe dhóibh san marbhadh
soin, is eadh adubhradar go gcuirfidís coinnealbháthadh air
agus ar gach talamh da ngabhadh leis. Gér dhoiligh ris an rígh
na scéala soin, do ba doilghe ioná soin dó na scéala tháinig
ó n-a mhac chuige 'n-a dhiaidh sin, mar atá an mac ro ba sine
aige do dhul i seilbh chóroine na Sacsan i ndóigh go n-anfadh
aige d'aimhdheoin a athar. Do fhás doilgheas dofhaisnéise ar
an rígh trés na scéalaibh sin. Gidheadh is mó do chuir air an
bás do himreadh ar Sh.Tomás ioná gach ní da ndearnsat a
chlann is a dhaoine air. Uime sin cuiris cruinniughadh ar
mhaithibh a mhuinntire chuige do dhéanamh comhairle riú, agus
nochtais dóibh gach contabhairt da raibhe 'n-a chionn féin;
agus is í comhairle ar ar chinnsiot drong mhór da mhuinntir
do chur roimhe go Sacsaibh agus é féin do dhul 'n-a ndiaidh
go grod. Do rinneadh amhlaidh sin leo, agus do an an rí ag
cur choimhéada is chosanta ar Éirinn.



An tan trá ro ba mithid leis an rígh dul i Sacsaibh ro
fhágaibh dronga ag coimhéad na críche, mar atá Hugo de Lacy
san Mhidhe is fiche ridire mar aon ris; agus fós do bhronn
bith díleas na Midhe do Hugo is da shliocht 'n-a dhiaidh. Do


L. 346


fhágaibh fós coimhéad bhaile Átha Cliath ar Roibeard Mac
Stiabhna is ar Mhuiris Mac Gearailt is dá fhichid ridire mar
aon riú go n-a bhfuirinn. Do fhágaibh mar an gcéadna i
Loch Garman Uilliam Mac Aldelmel is Pilib de Hastings
is Pilib de Brus is fiche ridire mar aon riú ag coimhéad
an bhaile. Do fhágaibh mar an gcéadna i bPort Lairge
Humfrie Bolum is Hugo de Gandeuille is Roibeard Mac
Bearnaird is da fhichid ridire mar aon riú. Triallais an rí
iar sin i Sacsaibh agus ar rochtain do láthair na gcairdionál
dó, adubhairt go dtiubhradh a dtoil féin dóibh i n-éiric
mharbhtha S. Tomás, gion go raibhe rún a bhásuighthe aige féin,
agus tré réidheachadh idir é féin is rígh Frangc ré a raibhe i
n-imreasain an tan soin.



XXXIII.



Ma's maith leat, a léaghthóir, a fhios d'fhagháil créad as
a ndeachaidh Diarmaid Mac Murchadha rí Laighean d'fhios
rígh Sacsan don Fhraingc do cheisneamh is do chasaoid an
tathfainn do rinneadh air féin a hÉirinn, seoch is a chasaoid
ré rígh Frangc nó lé rígh oile, bíodh a fhios agat gurab é
Donnchadh mac Briain Bóraimhe is fíoruaisle Éireann
maille ris do bhí easaontach ré chéile fá urlamhas Éireann
ó aimsir Bhriain go haimsir Dhonnchaidh, agus uime sin do
bhronnadar d'aonaonta sealbh nÉireann d'Urbanus, an dara
Pápa don ainm sin, an tan fa haois don Tighearna 1092;
agus do bhí sealbh is cur is ceannas na hÉireann ag Pápa
na Rómha ón am soin gus an am fár ghabh Adrianus an
ceathramhadh Pápa don ainm sin comhorbas Peadair, an tan
fá haois don Tighearna 1154. Agus fá Sacsanach an Pápa-so
agus fá hé a ainm baistidh Nicholas Breakespeare; agus
adeir Stoo 'n-a Chroinic gur bhronn an Pápa-so ríoghacht
Éireann don dara Henrí rí Sacsan an chéidbhliadhain do


L. 348


fhlaitheas an Henrí chéadna, an tan fá haois don Tighearna
1155. Agus adeir an t-ughdar céadna gurab iad coinghill
ar ar bhronn an Pápa Éirinn do rígh Sacsan ar eacht go
dtóigeobhadh an creideamh do bhí ar lár san gcrích agus go
gceirteóchadh dobhéasa an phobail, agus go gcoimhéadfadh is
go gcoiseonadh gach pribhiléid is gach tearmonn da raibhe
san gcrích agus go ndíolfadh an rí pinginn Pheadair as gach
aointeach i nÉirinn ris an bPápa gacha bliadhna. Iar
nglacadh an tabhartais-se scríobhtha ón bPápa don dara
Henrí do chuir sé Seon easpog Salisburie leis an ughdarrás
soin go hÉirinn, gur ghabh tír i bPort Lairge; agus ar n-a
chlos do chléir Éireann eisean do theacht lé hughdarrás an
Phápa triallaid 'n-a dháil da gach leith, agus ar rochtain ar
aonláthair dhóibh léaghthar leis an easpog Seon do luaidheamar
tabharthas an Phápa ar Éirinn don dara Henrí is da
shliocht, agus na coinghill do bhí san scríbhinn; agus ar meas
na gcoinghioll don chléir, aontuighid uile iad, is tugadar a
n-aonta fá n-a lámhaibh scríobhtha don tSeon soin; agus
tillis go Sacsaibh gus an rígh, is cuiris an rí leis an
scríbhinn sin gus an bPápa é, agus mar do chonnairc an
Pápa aonta chléire Éireann, do chuir fáinne mar chomhartha
seilbhe Éireann gus an dara Henrí.



Tig Bellarminus leis an ní thuas 'n-a chroinic, mar a
n-abhair: "Adrianus an ceathramhadh Pápa don ainm sin
do chine Shacsan, duine eagnuidhe cráibhtheach do dháil oiléan
Éireann don dara Henrí rí Sacsan, ar choinghioll go
ndiongnadh subhailche do phlandughadh san oiléan soin agus
lochta do chur ar gcúl ann, is go dtugadh fá deara pinginn
Pheadair do dhíol as gach aointeach gacha bliadhna, agus go
gcoimhéadfadh reachta na heagailse gan leonadh ann. Atá
an bulla 'n-a bhfuilid na neithe-se ré a fhaicsin san dara
leabhar dhéag d'annálaibh Chairdionál Baronius."


L. 350


Atá croinic Bhéarla Stanihurst ag teacht leis an ní-se
mar a n-abair gur sholáthair an dara Henrí bulla ón bPápa
Adrianus mar a bhfógrann do chléir is d'fhíoruaislibh
Éireann uile i bpéin choinealbháidhte umhlacht is oighréir do
thabhairt do Henrí rí Sacsan, ar scáth ceartuighthe do dhéanamh
ar chreideamh na críche, is leasuighthe do dhéanamh ar bhéasaibh
an phobail; agus ráinig an bulla-so ón rígh i nÉirinn gur
léaghadh i gcomhdháil choitchinn fhíoruasal is chléire i gCaiseal
é. Léaghthar fós ag an ughdar gcéadna gur chuir Alexander,
an treas Pápa don ainm sin, cairdionál dar bh'ainm
Vivianus i nÉirinn da chur i gcéill d'Éireannchaibh an
bronntanas do rinne féin is an Pápa do bhí roimhe ann ar
Éirinn do rígh Sacsan is da shliocht, acht go mbiadh pinginn
Phéadair dhó féin is da gach Pápa tiochfadh 'n-a dhiaidh ar
Éirinn ó bhliadhain go bliadhain ar gach teach muinntire da
mbiadh innte.



Meas, a léaghthóir, gurab uime do chuaidh Diarmaid Mac
Murchadha i ndáil ríogh Sacsan don Fhraingc seoch a dhola i
ndáil aoin ríogh oile, a los an bhronntanais do rinne an
Pápa do rígh Sacsan roimhe sin ar Éirinn, agus da réir sin
is ag rígh Sacsan do bhí cumhachta ar Éirinn ón bPápa, gurab
ris do bhean leasughadh nó lóirghníomh do bhuain amach san lot
do rinneadh do Mhac Murchadha.



Do-ním iongantas annso do choinghioll da raibhe i
mbulla Adrianus Pápa mar ar bhronn Éirinn don dara
Henrí. Ag so an coinghioll do réir chroinic Stoo, mar atá
go raibhe d'fhiachaibh ar an dara Henrí an creideamh Catoilice
do bhí ar dtuitinn i nÉirinn d'athchórughadh is do thógbháil.
Óir ní gar go gcuirfeadh an Pápa an coinghioll soin 'n-a
bhulla muna gcuirthí i gcéill dó lé druing éigin an creideamh
do dhul i mbáthadh i nÉirinn. Gidheadh gibé drong do
reac ris é, is bréag do rinneadar. Óir is follus nach
deachaidh báthadh ar ar gcreideamh tug Pádraig i nÉirinn


L. 352


gus an am-so; agus is iomdha ughdar barántamhail coigcríche
aga fhiadhnughadh sin ó aimsir go haimsir. Óir tar ceann,
do réir Bheda i Stair na Sacsan, go raibhe imreasan idir
chuid do chléir Éireann is chliar na Sacsan do thaoibh na
Cásca, agus fós gur salchadh cuid d'Éireannchaibh lé heiriticeacht
Phelagian, maseadh do bhí urmhór na nÉireannach
glan ó gach salchar dhíobh; agus an mhéid bheanas ris an
gcreideamh ó aimsir Bhriain anuas go Gabháltas Gall, is
follus go raibhe an creideamh ar marthain go hiomlán i
nÉirinn, agus da réir sin nach fíor don druing do reac
ris an bPápa go raibhe an creideamh ar lár i nÉirinn an
tan do bronnadh leis don dara Henrí í. Bíodh a fhiadhnaise
sin ar na somplaidhibh chuirfeam síos annso.



Ar dtús is follus as a ndeachaidh d'fhíoruaislibh Éireann
i ndeireadh a ré i bpríomheagailsibh Éireann do chríochnughadh
a mbeathadh go haithrigheach ó aimsir Bhriain go Gabháltas
Gall, go raibhe an creideamh ar marthain i nÉirinn an tan
soin. Ag so síos fuireann díobh, mar atá Flaithbheartach
Ó Néill da ngairthí Flaithbheartach an Trostáin, tug ar
dtús ucht ar aithrighe do dhéanamh i nÉirinn, agus do chuaidh
da éis sin don Róimh da oilithre, an tan fá haois don
Tighearna 1073, agus Donnchadh mac Briain Bhóraimhe do
chuaidh da oilithre don Róimh is do chríochnuigh a bheatha go
haithrigheach i mainistir San Stiabhna, agus Tadhg mac
Lorcáin rí Ua gCinnsealaigh do chríochnuigh a bheatha go
haithrigheach i gcill Chaoimhghin i nGlionn dá Loch, agus
Cathal mac Ruaidhrí rí iarthair Chonnacht tug a bheatha as i
nArd Macha go haithrigheach, agus Muircheartach Ó Briain rí
Leithe Mogha is urmhóir Éireann uile do dhul i nArd Macha do
chaitheamh chúig mbliadhan go haithrigheach ann go bhfuair bás,
agus mar sin do mhórán oile d'fhíoruaislibh Éireann tug a
mbeatha as go cráibhtheach Catoilice ó aimsir Bhriain go
Gabháltas Gall, ionnus da réir sin gurab bréagach don


L. 354


druing do reac ris an bPápa Adrianus Cuartus nach
raibhe an Creideamh Catoilice ar marthain ná ar coimhéad
i nÉirinn ré tigheacht Gall innte.



An dara dearbhadh do-bheirim ris an gCreideamh gCatoilice
do bheith ar coimhéad sul tángadar Gaill i nÉirinn, mar
do tógbhadh iomad mainistreach innte go grod sul tángadar
Gaill is uaisle Gaedheal da dtógbháil. Ar dtús do tógbhadh
lé Maoilseachlainn rí Midhe is Éireann uile mainistear
Mhuire i mbaile Átha Cliath, an tan fá haois don Tighearna
1139. Do tógbhadh lé Donnchadh Ó Cearbhaill rí Oirghiall
ar furáileamh Malacias Easpuig Dúin mainistear Mellifont
i gconntae Lughmhaigh, an tan fá haois don Tighearna
1142. Do thógaibh Malacias naomhtha easpog Dúin
mainistear Iobhair Cinn Trágha i gconntae an Dúin, aois an
Tighearna an tráth soin 1144. Aois an Tighearna an tan do
tógbhadh mainistear na Búille 1161. Do thógaibh Diarmaid
Mac Murchadha rí Laighean mainistear an Bhealaigh alias
Baltinglas an tan fá haois don Tighearna 1151. Do
thógbhadar sliocht Mhaoilsheachlainn rí Midhe mainistear
Bhectif alias De Beatitudine san Midhe, an tan fá haois
don Tighearna 1151. Aois an Tighearna an tan do tógbhadh
mainistear na Máighe i gconntae Luimnigh 1151. Aois an
Tighearna an tan do tógbhadh mainistear Ó Dorna i gconntae
Chiarraidhe 1154. Do thógaibh Domhnall O Briain rí Luimnigh
mainistear na Croiche Naoimh i gconntae Thiobrad Árann
an tan fá haois don Tighearna 1169, agus do thógaibh an
Domhnall céadna soin O Briain seacht mainistreacha déag
oile san Mumhan. Aois an Tighearna an tan do tógbhadh
mainistear Fear Muighe i gconntae Chorcaighe 1170. Agus
do tógbhadh ris an ré sin iomad teampull is mainistreach i
nÉirinn nach luaidhtear linn annso. Uime sin is follus
go raibhe an Creideamh Catoilice ar marthain i nÉirinn ré
hucht Ghall do theacht innte.


L. 356


An treas dearbhadh ar an Creideamh do bheith ar marthain
i nÉirinn ré hucht Ghall do theacht innte, mar léaghthar i
n-annálaibh aosta Éireann gur horduigheadh trí comhdhála
coithceanna i nÉirinn ré préláidibh is lé huaislibh Éireann
ó aimsir Dhonnchaidh mic Briain go tigheacht na nGall, mar
ar horduigheadh is mar ar fromhadh reacht cille is tuaithe i
nÉirinn.



An chéadchomhdháil i bhFiadh mic nAonghusa an chéidbhliadhain
do fhlaitheas Mhuircheartaigh Uí Bhriain, an tan fá haois don
Tighearna 1105, mar ar horduigheadh reachta is dlighthe is
mar ar leasuigheadh an Creideamh i nÉirinn.



Do commóradh comhdháil oile choitcheann i nÉirinn an
cúigmheadh bliadhain do fhlaitheas an Mhuircheartaigh chéadna,
mar a dtángadar uaisle is eaglais Éireann ar aonláthair
go Ráith Breasail, an tan fá haois don Tighearna 1110,
mar ar horduigheadh faircheadha nó dioseses go n-a dteorannaibh,
agus suim áirithe easpog ós a gcionn, amhail
adubhramar.



An treas comhdháil choitchionn do rinneadh i nÉirinn lé
cléircibh is le fíoruaislibh Éireann i gCeanannus na Midhe,
mar a raibhe Cristianus .i. Giolla Críost Ó Conairce easpog
Leasa Móir, leagáid an Phápa i nÉirinn an tan soin, mar
aon ré cairdionál dar bh'ainm Iohannes Papiron ré dáil
ceathra pallia do cheithre hairdeaspogaibh i nÉirinn, agus
ré cosc siomóntachta is úsuireachta, is ré díol deachmhuidhe,
ré cosc gada is éigin drúise is doibhéas is gach uilc ó
shoin amach.


L. 358


XXXIV.



Is follus as na sompladhaibh-se anuas go raibhe an
Creideamh Catoilice ar marthain i nÉirinn ré hucht Ghall
do thigheacht innte; agus an mhéid bheanas ré doibhéasaibh na
nGaedheal sul rángadar Gaill eatorra, is dearbh go dtángadar
lé Gabháltas Gall cúigear taoiseach do rinne ní-sa
mhó do dhoibheartaibh ioná a dtáinig do Ghaedhealaibh ó
aimsir Bhriain go Gabháltas Gall, maille ré hargain
cheall is chléire, lé feilbheartaibh folamhla is ré hanfhlaitheas
anfhorlannach do dhéanamh. Ag so a n-anmanna, iarla o'
Stranguell, Roibeard Mac Stiabhna, Hugo de Lacy, Seon
de Curcy, is Uilliam Mac Aldelmel. B'urusa fírinne
an neithe-se do thuigsin as an ní adéaram 'n-ar ndiaidh,
agus go háirithe a croinic Stanihurst, agus fós mar do
chuadar urmhór na druinge-se gan mac ag gabháil oighreachta
a athar orra tré n-a n-olcaibh féin.



Bíodh a fhiadhnaise sin ar Iarla o' Stranguell ar
Roibeard Mac Stiabhna ar Sheon de Curcy agus ar dhruing
oile do thaoiseachaibh táinig i dtús an chongcuis nach luaidhfeam
annso. Agus an mhéid bheanas ré Risteard Stranguell
do réir chroinic Stanihurst, i ndiaidh iomad creach is
ceallairgthe do dhéanamh ar thuaith is ar chill dó, fuair sé
bás i nÁth Cliath i gcionn seacht mbliadhan iar dtigheacht i
nÉirinn dó, an tan fá haois don Tighearna 1177; agus
ní raibhe do shliocht da éis lé hAoife inghin Dhiarmada acht
aoininghean dar bh'ainm Isabella, agus do pósadh an inghean
soin lé hUilliam Maruscál, is rug sí cúigear mac is
cúigear inghean dó; agus do éagadar na mic diaidh i ndiaidh
gan lorg gan oighre ar cheachtar díobh, agus do pósadh na
hingheana lé fuirinn d'uaislibh na Sacsan, go nar fhágaibh


L. 360


an t-iarla mac ag gabháil oighreachta air féin acht mar
sin.



Dála Hugo de Lacy mar fuair ceannas ón dara Henrí
ar an Midhe, do ghabhadh ag marbhadh is ag dícheannadh chloinne
Colmáin is uaisle na Midhe an mhéid ar a bhfaghbhadh scríob
díobh, agus ar mbeith ag déanamh dúnphuirt daingin i nDurmhaigh
san Mhidhe, táinig duine uasal óg don Mhidhe i gcruth
fhodhuine ré déanamh oibre dhó, gur marbhadh Hugo leis.
Adeir croinic Stanihurrt gur dhuine ainmhianach drúiseach
ró-shainnteach an Hugo-so. Adeir mar an gcéadna gur
ghabh Hugo óg a mhac soin is Seon de Curcy do láimh iomad
creach is marbhtha is díbhfeirge do dhéanamh ar lucht na Midhe
i ndíoghail bháis Hugo. Adeir an chroinic chéadna gur dhuine
cealgach meabhlach droichmhéine Uilliam Mac Aldelmel, agus
cuiridh síos mar do bhean go cealgach mainéir fá sealbh
dhíleas dóibh féin do chloinn Mhuiris Mic Gearailt, agus
fós adeir go mbíodh formadach ré Muiris is ré n-a chloinn do
shíor. Léaghthar fós i n-annálaibh aosta Éireann ar mbeith
d'Uilliam Mac Aldelmel i gceannas Luimnigh ó rígh Sacsan,
go dtarla imreasan idir dá chomhmbráthair do shíol gConchubhair
fá cheannas Connacht, mar atá Cathal Croibhdhearg is Cathal
Carrach, agus do ghabh Uilliam páirt Chathail Charraigh i
n-aghaidh Chathail Chroibhdheirg, agus do ghabh Seon de Curcy
páirt an Chathail oile. Do biathadh an easaonta soin leath
ar leath lé hUilliam is lé Seon idir an dá Chathal gur
milleadh is gur hairgeadh an chríoch uile leo, is gur
dícheannadh mórán d'uaislibh Connacht san spairn sin a
los an imreasain sin, go dtarla coimheascar idir an dá
Chathal, agus Gaill ar gach taoibh ag congnamh leo, gur
briseadh do Chathal Charrach is da mhuinntir is gur marbhadh
san deabhaidh sin é.



Da éis sin do tógbhadh caisléan i Mílioc Uí Mhadagáin


L. 362


lé hUilliam Mac Aldelmel, agus fágbhais barda mór ann
is téid féin go Luimneach. Tig Cathal Croibhdhearg i
bhfoslongphort 'n-a n-ucht, is do éalodar an barda san oidhche
is leanaid Uilliam go Luimneach; agus do trascradh caisléan
Mhílic ré Cathal Croibhdhearg. Do-ní Uilliam Mac
Aldelmel cruinniughadh sluagh da éis so, agus tug ucht ar
Chonnachtaibh gur creachadh is gur hairgeadh cealla is tuatha
leis agus go dtug deargár a dtarla da chóir dhíobh; ionnus
uime sin gur mhalluigheadar cliar Chonnacht é, amhail léaghthar
i nannálaibh aosta Éireann do scríobhadh tuairm trí chéad
bliadhan ó shoin i bpríomhleabhar sheanchusa da ngairthí
Leabhar Breac Mic Aodhagáin. Agus léaghthar san leabhar
chéadna gur chuir Dia go míorbhaileach, tré n-a mhíoghníomh,
ainimh ghránna is galar doileighis air lé bhfuair bás
déistineach, is nach ráinig ongadh ná aithrighe é agus
nach fuair adhnacal i gcill ar bith acht i ngráinsigh
fhásaigh.



Tarla easaonta da éis so idir Sheon de Curcy is Hugo
óg de Lacy gur thuiteadar mórán d'Ulltachaibh is d'fhearaibh
Midhe 'n-a spairn, is do hairgeadh is do creachadh an dá chrích
sin do bhíthin a n-imreasain; agus do b'í críoch na heasaonta
soin gur gabhadh Seon de Curcy lé Hugo óg de Lacy go
cealgach, agus gur cuireadh ar láimh Gall é, agus do ghabh
ré a ais tréatúireacht do chur air. Cuirthear 'n-a ghiall i
Sacsaibh é, go raibhe sealad aimsire i nglasaibh ann. Tug
an rí pardún da éis sin dó, is tug cead dó tilleadh i
nÉirinn; agus táinig sé ar muir ré triall i nÉirinn, gur
éirigh anfadh dhó, gur tilleadh tar a ais don tír é; agus mar
sin dó cheithre huaire déag ag dul ar muir is 'ga thilleadh
go Sacsaibh arís, do réir chroinic Stanihurst; agus an
chúigmheadh huair déag táinig ar muir, do seoladh lé
hanfadh gaoithe don Fhraingc é, go bhfuair bás san chrích sin.


L. 364


Léaghthar san chroinic chéadna gur marbhadh duine uasal
do chine Sheoin de Curcy do bhí na chomhnuidhe i nÉirinn lé
Hugo óg de Lacy is lé Bháiter de Lacy a dhearbhráthair,
gur fhás iomad buaidheartha is coinbhliocht da thoisc sin idir
charaid an duine uasail is an chloinn sin Hugo de Lacy,
ionnus gur bh'éigin don rígh Seon dul sluagh mór do Ghallaibh
is do Ghaedhealaibh don Mhidhe do smachtughadh na mac soin.
Agus ar n-a chlos sin dóibh, triallaid go Carraig Fhearghusa,
is téid an rí 'n-a dtóraidheacht ann sin, agus glacaid long
san áit sin, is triallaid ar teitheadh don Fhraingc, go
ndeachadar ar aon i riocht dá gharradóir do dhéanamh feadhma
i lubhghort abbadh i mainistir S. Taurín san Normandie;
gur chaitheadar seal da n-aimsir san mbréighriocht soin da
ndísliughadh féin, gur léigeadar i gceann aimsire da éis
sin a rún ris an abbaidh, agus gur iarradar air impidhe do
chur ar rígh Sacsan um shíothcháin is um mhaithmheachas do
thabhairt dóibh. Agus fuair an t-abbadh an ní sin dóibh,
go dtángadar i nÉirinn amlaidh sin i ndiaidh an ríogh do
thabhairt aisig a bhfola is a bhfearainn dóibh; agus fuair an
rí Seon bás da éis sin, an tan fá haois don Tighearna 1216.



Tarla fós da éis sin ré linn an treas Henrí cogadh
mór idir Hugo óg de Lacy is Uilliam Maruscál gur
milleadh an Mhidhe uile leo is gur thuiteadar morán de
Ghaedhealaibh da gach leith ag congnamh leo. Tarla fós
cogadh mór idir Míléir is Séathfruidh Moiréis is Uilliam
Maruscál gur milleadh mórán d'fhearaibh Laighean is
Mumhan eatorra da gach leith.



Adeir Hanmer 'n-a chroinic gur heascaineadh Uilliam
Maruscál lé heaspog Fearna tré dhá mhainéar da sheilbh
féin do bhuain de; agus ar mbeith coinnealbháidhte dhó, fuair
bás i Sacsaibh; agus do bhrígh nar bh'áil lé n-a chloinn aiseag
do thabhairt san seilbh sin, fuaradar a chúigear mac bás
diaidh i ndiaidh, gan neach ag gabháil oighreachta ar aon díobh;
agus do chuaidh an Míléir thuas go Cluain Mic Nóis go
sluagh líonmhar 'n-a fhochair, go ndearnadar foslongphort dá
oidhche dhéag ann; agus gur hairgeadh leo an baile idir chrodh


L. 366


is bhiadh; agus fós do hairgeadh teampuill is eagailse an
bhaile mar an gcéadna leo.



Mar thugadar iomorro Gaedhil da n-aire anfhlaitheas is
éagcóir creachadh is ceallargain na druinge adubhart,
agus fós mar do hairgeadh Lios Mór go n-a thearmonn lé
Herimont Morti is lé Réamonn de la Grós, do réir chroinic
Stanihurst, tar ceann go ndeachaidh an Herueus nó
Herimont céadna i n-aibíd mhanaigh is gur thógaibh mainistear
Dhúin Bróith i gconntae Locha Garman, an tan fá
haois don Tighearna 1179, i gcúitiughadh na n-olc do rinne
i nÉirinn, agus mar an gcéadna mar do hairgeadh eaglais
Inse Cathaigh is a tearmonn mar aon lé hiomad d'eaglaisibh
oile lé hUilliam Mac Aldelmel, agus arís mar is é ní
da dtugadar na Gaill chéadna aire, tré iomad uaille
uabhair is anuaille do bheith ag fás ionnta fein, siosma
síor do bhiathadh eatorra féin, agus bheith ag clódh is ag
caitheamh na nGaedheal idir gach dá rann díobh, is nach raibhe
dúil aca, amhail do saoileadh lé Gaedhealaibh, ceartughadh do
dhéanamh ar chreideamh ná leasughadh ar bhéasaibh i nÉirinn,
is eadh do mheasadar Gaedhil iad féin do shaoradh ó anbhruid
na druinge sin. Agus uime sin tángadar drong d'uaislibh
Gaedheal go teach Chonchubhair Maonmhuighe ríogh Connacht do
thabhairt cheannuis orra féin dó, ar mbeith 'n-a chomhnuidhe dhó
i nDún Leogha i nUíbh Maine.



Ar dtús táinig Domhnall Ó Briain rí Luimnigh is
Ruaidhrí Mac Duinn Sléibhe rí Uladh agus Domhnall Mac
Carrthaigh rí Deasmumhan, Maoilseachlainn Beag rí Midhe,
agus Ó Ruairc rí Ó mBriuin is Conmhaicne 'n-a theach agus
gibé comhairle ar ar cinneadh leo, sul do críochnuigheadh í do
marbhadh Conchubhar go cinneamhnach.



Is follus as na neithibh do luaidheamar anuas gurab
d'anfhlaitheas is d'éagcóir is da neamhchoimhéad ar a ndlighe
féin ag uachtaránaibh Gall i nÉirinn, táinig iomad do


L. 368


neamhumhla na nGaedheal do smacht Gall. Óir ní mheasaim go
bhfuil cine san Eoraip is mó do bhiadh umhal do dhlighe ionáid
Éireannaigh dá roinntí comhthrom an dlighidh riú: agus is í so
teist do-bheir Seon Dauis san leathanach dhéidheannach don
chéidleabhrán do scríobh ar Éirinn orra. Ag so mar adeir:
"Ní fhuil cine fán ngréin lé n-ar ab annsa ceart is
comhthrom breitheamhnais ní is fearr ionáid Éireannaigh, agus
is mó do bhiadh sásuighthe lé n-a chur i ngníomh ioná iad,
bíodh gurab 'n-a n-aghaidh féin do bhiadh, acht go bhfaghdaois
díon is sochar an dlighidh an tan iarraid é ar chúis
chomhthruim."



Is iontuigthe a teist an ughdair-se nach do dhrochdhúil i
nÉireannchaibh do bhí dul i n-easumhla go minic ar an ndlighe,
acht do neamhchomhall na n-uachtarán ar chomhthrom an dlighidh
do roinn riú.



Tángadar taoisigh oile i nÉirinn i dtús Ghabháltais
Gall i n-éagmais an chúigir do luaidheamar thuas nach
dearna na feilbhearta do rónsat an cúigear céadna, agus
do rinne mórán maitheasa i nÉirinn maille ré tógbháil
teampull is mainistreach ré dáil fhóid ré haltóir do
chléircibh da gcothughadh, is ré hiomad deighghníomh oile ó shoin
amach do dhéanamh, go dtug Dia do shochar da chionn soin dóibh
iomad do shleachtaibh uaisle do bheith ar a lorg aniú i nÉirinn,
mar atáid Gearaltaigh is Búrcaigh, Builtéaraigh is Barraigh,
Cúrsaigh is Róistigh, Puérigh, Clann Mhuiris is Grásaigh is
Prionndarghásaigh, Pléimionnaigh, Puirséalaigh is Priosdúnaigh,
Noinnsionnaigh is Breathnaigh, Tóibínigh is Suirtéalaigh
is Bluinnsínigh, clann Fheorais, Conndúnaigh, is
Cantualaigh, Deibhriusaigh, Dairsidhigh, is Diolmhainigh,
Moiréisigh, Easmontaigh, Léisigh, Brúnaigh, is Kéitinnigh,
is iomad do shleachtaibh uaisle oile Seanghall táinig ó
thaoiseachaibh oile dhíobh ná luaidhfeam annso.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services