Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Foras Feasa ar Éirinn II
Title
Foras Feasa ar Éirinn II
Author(s)
Céitinn, Seathrún,
Compiler/Editor
Dinneen, P.S.
Composition Date
1640
Publisher
(Londain: I.T.S., 1905)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FORAS FEASA AR ÉIRINN. LIBER PRIMUS (ar leanamhain). XV. Ag so síos do dhálaibh Féiniusa Farsaidh seanathair Ghaedhil go teacht tar a ais ó Mhaigh Seanáir dó agus go bhfuair bás. Ar mbeith d'Fhéinius Farsaidh 'n-a rígh ar an Scitia do mheas bheith go rói-eolach sna hilbhéarlaibh tar éis an choimhmheasctha tarla cian roimhe sin ar na teangthaibh ag tor na Baibiolóine do bhí dá thógbháil tré uabhar ré ré dá fhichid bliadhan ag Nemroth go n-a ranntaibh. Óir sul táinig an coimhmheascadh soin ar na teangthaibh ag an tor, is aointeanga amháin choitcheann do bhí ag na daoinibh uile do bhí ar marthain aca ó Ádhamh anuas. Agus is é ainm ghairmeas an Leabhar Gabhála dhi Goirtighern, amhail adeir an file:
Gortighern ainm an bhéarla Do bhí ag mac Dé deagheargna, Agus ag síol Ádhaimh uair, Ré gcumhdach an tuir Neamhruaidh.
Agus is é ainm ghairmid ughdair na Laidne dhi lingua humana .i. an teanga dhaonna. Gidheadh ar mbeith ag tógbháil an tuir do Nemroth go n-a bhráithribh mar tháinig coimhmheascadh ar a dteangthaibh da dtoirmeasc ó chríochnughadh an tuir do tionnscnadh leo tré uabhar, do beanadh an teanga dhaonna fuaradar ó Ádhamh dhíobh, an líon do bhádar ag tógbháil an tuir. Gidheadh do an sí ag Éibhear mac Sáile agus ag a threibh ionnus gur hainmnigheadh uaidh í; mar go dtugadar Eabhra uirre ó Éibhear. Ar n-a chlos iomorro d'Éibhear gurab é adhbhar fá rabhadar ag tógbháil an tuir ar tí iad féin do chaomhna ar an dara dílinn do bhí i
dtairrngire do theacht ar na daoinibh - do mheasadar nach biadh an dara dílinn ní-sa aoirde ioná an chéiddílinn agus do chuireadar rompa an tor do dhéanamh chomh hard soin go nach roichfeadh an dílinn go na hárusaibh uachtaracha do bhiadh ann, agus da réir sin go bhféadfadaois na huaisle do bhí orra bheith go hinnill ionnta gan baoghal na díleann - agus mar do chualaidh Éibhear gurab é sin fáth fá rabhadar ag tógbháil an tuir, adubhairt nach tiubhradh congnamh dhóibh agus nach raibhe acht díomhaoineas dóibh-sean gliocas d'iarraidh i n-aghaidh toile Dé do choimhlíonadh. Agus mar sin do dhealuigh riú gan chommaoin ar bith do thabhairt dóibh ré tógbháil an tuir; agus fós an tan táinig coimhmheascadh ar chách do fhágaibh Dia mar chomhartha buidheachais ar Éibhear an teanga dhaonna úd an tsinnsir go haonaránach aige féin is ag a threibh da éis. Is é adhbhar iomorro is mó fá ndeachaidh Féinius Farsaidh go Maigh Seanáir mar aon ré n-a scoil mar cheannach ar bheith i bhfochair na druinge dar theanga dhíleas an Eabhra, ionnus go dtiocfadh dhe sin fíreolas forusta do bheith aige féin is ag a scoil san teangaidh Eabhra. Dála Féiniusa, ar mbeith do rún aige bheith eolach sna hilbhéarlaibh, amhail a dubhramar, cuiris dá dheisciobal déag is trí fichid ar a chostas féin fá chríochaibh éagsamhla na dtrí rann-so don domhan do bhí ar áitiughadh an tan soin; agus tug orra anmhain amuigh seacht mbliadhna go bhfoghlamadh gach aon díobh teanga na críche 'n-a mbiadh féin an feadh soin. Agus i gcionn seacht mbliadhan tillid tar a n-ais go Féinius don Scitia; agus téid Féinius leo go Maigh Seanáir mar aon ré hiomad d'ógaibh na Scitia iar bhfágbháil an mhic fá sine aige .i. Neanúl i gceannas na Scitia, amhail adeir file d'áirithe san duain darab tosach, Canam bunadhas na nGaedheal:
Do luidh Féinius as an Scitia For an sluaghadh; Fear oireadha eagnuidh eolach, Bruthmhar buadhach.
Ba haoinbhéarla baoi san domhan Mar do ghabhsad; Dá bhéarla déag is trí fichid Tan ro scarsad. Scol mhór la Féinius ag foghluim As gach eargna; Fear adhamhra eagnuidh eolach I ngach béarla.
Agus adeirid cuid do na seanchaidhibh gurab trí fichid bliadhan do bhí ó dhéanamh an tuir go dtáinig Féinius go n-a scoil adtuaidh ón Scitia go Maigh Seanáir, amhail adeir file d'áirithe san rann-so:
Trí fichid bliadhan go mblaidh, Is eadh adféd gach seanchaidh, Go dtáinig Féinius adtuaidh, Iar gcumhdach an tuir Neamhruaidh.
Cuiris Féinius scola 'n-a suidhe ré múnadh na n-ilbhéarladh ar Maigh Seanáir san gcathraigh da ngairmeann Cin Droma Sneachta Eathéna, amhail adeir an file san rann-so síos:
I Maigh Seanáir, iars an dtor, Ro tionóileadh an chéadscol, I gcathair Eathéna, Do fhoghluim na n-ilbhéarla.
Agus tionóilid aos óg na gcríoch do b'fhoigse dhóibh d'fhoghluim na n-ilbhéarladh uatha; agus is iad trí saoithe do bhí i n-aird-cheannas na scoile sin Féinius Farsaidh féin ón Scitia, is Gaedheal mac Eathóir do shliocht Gomer ón nGréig, is Caoi Caoinbhreathach ón Iudea, nó Iar mac Neama, amhail adeir an file:
Ag so anmanna na suadh, Atbhéar-sa ribh go róluath; Gaedheal mac Eathóir go n-ius, Iar mac Neama is Féinius.
Ag so mar adeir file oile:
Féinius an saoi sreathach, Gaedheal is Caoi Caoinbhreathach; Triar do threibh scríbhinn na scol, Do lean d'fhíreing na n-ughdor.
Is iad an triar-so do scríobh i gcranntáibhlibh aibghitre na dtrí bprímhbhéarladh, mar atá Eabhra Gréigis is Laidean, do réir mar chuireas Ceannfaolaidh na foghluma síos é san Uraicheapt do scríobh sé i n-aimsir Choluim Chille. Adeir an t-ughdar céadna gurab é Nion mac Béil mic Nemroth fá hardfhlaith san domhan an tan soin. Adeir fós gurab fán am soin rugadh Niúl .i. mac tánaiste Féiniusa Farsaidh, is gur fhuirigh an Féinius céadna fiche bliadhan ós cionn na scoile mar cheannach ar an mac soin rugadh dó do bheith eolach sna hilbhéarlaibh. Do bhrígh gurab i gcionn dá bhliadhan is dá fhichid do fhlaitheas Nion mic Béil adeirid drong ré seanchus do suidheadh scol ar Maigh Seanáir lé Féinius Farsaidh, measaim gur chaith sé deich mbliadhna do fhlaitheas Nion mic Béil is deich mbliadhna da éis sin ar Maigh Seanáir sul do thill ón scoil don Scitia. Óir adeirid na seanchaidhe uile gurab fiche bliadhan do chaith ós cionn na scoile ré dteacht tar a ais dó. Measaim fós gurab i gcionn dá bhliadhan is dá fhichidh ar dhá chéad d'éis na díleann do suidheadh an scol lé Féinius ar Maigh Seanáir, do réir an áirimh aimsire do-ní Bellarminus 'n-a chroinic, mar a n-abair gurab é aos an domhain míle is ocht gcéad is sé bliadhna déag is dá fhichid an tan do thionnscain Nion mac Béil ardfhlaitheas do ghabháil. Ionann sin do réir áirimh na nEabhraidheach leantar lé Bellarminus agus gurab dá chéad bliadhan d'éis díleann do thionnscain flaitheas Nion. Do bhrígh do réir na nEabhraidheach gurab míle is sé céad is sé bliadhna déag is dá fhichid do bhí ó thús domhain go dílinn; cuirthear leis sin dá bhliadhain is dá fhichid do fhlaitheas Nion do caitheadh sul do thionnscain Féinius an scol, ionnus da réir sin gurab i gcionn dá bhliadhan is dá fhichid ar dhá chéad d'éis na díleann do thionnscain í, agus gur chaith fiche bliadhan ós a cionn, mar atá na deich mbliadhna do bhí roimhe do fhlaitheas Nion is deich mbliadhna dá éis.
Acht cheana i gcionn fhichead bliadhan tig Féinius tar a ais don Scitia is cuiris scola 'n-a suidhe innte is do rinne taoiseach do Ghaedheal mac Eathóir ós a gcionn. Is ann sin tug Féinius fá deara ar Ghaedheal an Ghaedhealg do chur i n-eagar is i n-ordughadh do réir mar atá sí 'n-a cúig codchaibh, mar atá Béarla na Féine, Béarla na bhFileadh, Béarla an Eadarscartha, Béarla Teibidhe is Gnáithbhéarla; agus a hainmniughadh go cinnte uaidh féin, da réir sin gonadh ó Ghaedheal mac Eathóir ghairmthear Gaedhealg di agus nach ó Ghaedheal Ghlas, amhail adeirid drong oile; agus fós is tré bháidh ré Gaedheal mac Eathóir tug Niúl mac Féiniusa Farsaidh Gaedheal ar a mhac féin rug Scota inghean Pharao Cincris dó, amhail adeir Ceannfaolaidh na Foghluma san Uraicheapt. Gidheadh is ceist ar ughdaraibh créad ó bhfuil an focal-so Gaedheal. Adeir Becanus gurab ón fhocal-so goedin .i. goethin .i. uasal, is ón fhocal-so all .i. uile adeirthear Gaedheal .i. uasal uile; nó ón fhocal Eabhraidheach gadhal .i. mór, do bhrígh go raibhe Gaedheal mac Eathóir ré ndubhradh Gaedheal ar dtús mór i bhfoghluim is i n-eagna is ann sna teangthaibh. Gidheadh adeirid na seanchaidhe gurab uime ghairthear Gaedheal de ón gcomhfhocal-so gaoith dhil .i. grádhuightheoir na heagna. Óir is ionann gaoith is eagnaidhe agus is ionann dil is grádhach, amhail adeir an Gréigeach philosophos .i. grádhuightheoir na heagna ré duine eagnaidhe. Dála Féiniusa Farsaidh ní háithristear do chloinn do bheith aige acht dias mac, mar atá Neanúl is Niúl, amhail adeir an file san rann-so:
Dá mhac ag Féinius, fíor dhamh, Neanúl is Niúl ba hághmhar; Rugadh Niúl ag an dtor thoir, Neanúl san Scitia sciathghloin.
Ar mbeith dá bhliadhain is fiche d'Fhéinius i bhflaitheas na Scitia, iar dtilleadh ó Mhaigh Seanáir dó, do thiomain, agus é
ré hucht bháis, flaitheas na Scitia do Neanúl an mac fá sine aige: is níor fhágaibh ag Niúl an mac fá hóige acht sochar na n-ealadhan is na n-ilbhéarladh do bhíodh aige 'ga seoladh do scolaibh coitcheanna na críche. XVI. Ag so síos do thriall Niuil don Éigipt ón Scitia agus da dhálaibh innte go bhfuair bás: Sul laibheoram ar thriall Niuil ón Scitia don Éigipt, féach mar adeir Herodotus gurab ón mBaibiolóin, táinig fios airde réaltann an taoibhe thuaidh is roinn na n-uaireann gus na Gréagaibh; agus adeir Solon nach raibhe fios seanchusa ag na Gréagaibh nó gur fhoghluimsiod ó lucht na hÉigipte é. Adeir Iosephus san chéidleabhar da Sheanchus nach raibhe leitre ag na Gréagaibh go haimsir Homer. As na hughdaraibh-se is iontuigthe nach ón nGréig ré ráidhtear an Ghréig anois do chuaidh Isis ná neach oile do sheoladh na n-ealadhan do shliocht na hÉigipte, acht Niúl mac Féiniusa Farsaidh do chuaidh ón Scitia do sheoladh na n-ealadhan ann. Agus cibé adéaradh nach túsca do bhí foghluim san Scitia, ór thriall Niúl, ioná san Éigipt, ní fíor dó é, do réir Polidorus san chéidleabhar ro scríobh "De Rerum Inventoribus," mar a n-abair: "Is fada an t-imreasan do bhí idir lucht na hÉigipte is lucht na Scitia, agus san ghleic sin do chonnarcas, ar mbeith claoidhte do lucht na hÉigipte, gur cianaosta lucht na Scitia ioná iad." As so is iontuigthe gurab túsca do bhí seoladh is foghluim ag lucht na Scitia ioná ag lucht na hÉigipte agus do bhrígh, do réir na n-ughdar thuas, gurab túsca do bhí foghluim san Éigipt ioná san Ghréig, ní hé Isis ón nGréig ná neach oile da shamhail do chuaidh ón nGréig do sheoladh scol don Éigipt acht Niúl mac
Féiniusa Farsaidh ón Scitia rugadh ar Maigh Seanáir is tugadh suas i bhfoghluim ann san chéadscoil do suidheadh i gcrích na Baibiolóine, agus fá hí an chéadscol i ndiaidh choimhmheasctha na dteangtha san domhan, amhail adubhramar thuas. Ar mbeith do Niúl aimsear imchian ag seoladh scol gcoitcheann san Scitia do chuaidh a chlú do leith eolasa is eagna fá na críochaibh i gcoitchinne, ionnus ar mhéid na tuarasgbhála do bhí air gur chuir Pharao Cincris rí Éigipte teachta 'n-a dháil 'ga iarraidh don Éigipt ré seoladh na n-ealadhan is na n-ilbhéarladh d'ógaibh na hÉigipte. Do thriall Niúl don Éigipt mar sin, amhail adeir an file san rann-so do beanadh as an duain darab tosach, Canam bunadhas na nGaedheal:
Rángadar scéala go Forann, Go méid ngreatha, Nél mac Féiniusa 'ga bhfuilid Béarla an bheatha.
Triallais iomorro Niúl lé teachtaibh Pharao don Éigipt, agus tug an rí fearann da ngairthear Capacyront (nó Campus Circit) láimh ré Muir Ruaidh dó; agus fós do phós a inghean féin ré ráidhtear Scota ré Niúl, amhail adeir Giolla Caomháin san duain darab tosach: Gaedheal Glas ó dtáid Gaedhil:
Do chuaidh san Éigipt iar soin, Go riacht Forann fortamhail; Go dtug Scota gan scéimh ngainn Inghean fhialghasta Fhorainn.
Iar bpósadh Scota do Niúl cuiris scola 'n-a suidhe ag Campus Circit do sheoladh na n-ealadhan is na n-ilbhéarladh d'ógaibh na hÉigipte; agus is ann sin do rug Scota Gaedheal mac Niuil. Do féadfaidhe go gcuirfeadh neach éigin i n-iongantas cionnus budh éidir Niúl, an cúigeadh glún ó Iaphet, do bheith i gcomhaimsir ré Maoise ann, agus gurab seacht mbliadhna déag is cheithre fichid ar sheacht gcéad ó
dhílinn gus an am fár ghabh Maoise ceannas Chloinne Israel. Mo fhreagra ar sin, nach doichreidthe go mairfeadh Niúl iomad do chéadaibh bliadhan, óir do-gheibhdís na daoine ré fhada fán am soin; bíodh a fhiadhnaise sin ar Éibhear mac Sáile, an ceathramhadh glún ó Shéim anuas, do mhair cheithre bliadhna is trí fichid ar cheithre chéad, agus ar Shéim do mhair cúig céad bliadhan d'éis mar rugadh Arfaxad dó, amhail léaghthar san aonmhadh caibidil déag in Genesi; uime sin nach cuirthe i gconntabhairt go bhféadfadh Niúl marthain ón dara bliadhain is dá fhichid do fhlaitheas Nion mic Béil, amhail adubhramar, go haimsir Mhaoise. Agus fós is lughaide is ionchuirthe i n-iongantas an ré fuair Niúl agus go mbéaradh ar aimsir Mhaoise san Éigipt, ma's fíor an ní adeir Marianus Scotus mar go n-abair gurab i gcionn aoinbhliadhna déag ar fhichid ar thrí chéad d'éis díleann táinig coimhmheascadh na dteangthadh san Bhaibiolóin agus do réir mar adubhramar thuas gurab cian d'éis comhmbuaidheartha na Baibiolóine rughadh Niúl. Do réir a ndubhramar is inchreidthe ughdair seanchusa chinidh Scuit do leith aoise Niuil mic Féiniusa Farsaidh, agus go raibhe 'n-a fhior comhaimsire ag Maoise san Éigipt. Dála Niuil ar mbeith ag áitiughadh ag Capacyront láimh lé Muir Ruaidh, agus ar mbeith do Ghaedheal ar n-a bhreith ó Scota, is ann sin do éalodar mic Israel ó Pharao is do thrialladar go bruach Mara Ruaidhe, go ndearnadar foslongphort láimh ré Capacyront mar a n-áitigheadh Niúl. Ar n-a chlos sin iomorro do Niúl, téid 'n-a ndáil da n-agallamh is da fhios cia do bhí ann. Tarla Aaron do leathtaoibh an tsluaigh air agus do innis scéala mac nIsrael is Mhaoise dhó agus na míorbhaile fiadhnaiseacha do imir Dia ar Pharao is ar a shluagh tré dhaoirse chloinne Israel. Do cheangail iomorro Niúl is Aaron cumann is caradradh ré chéile; agus do fhiafruigh Niúl do Aaron an rabhadar biadha náid lóinte aca; agus adubhairt fós an raibhe do chruithneacht is do mhaitheas aige féin go mbiadh uile ar a gcumas-san. Fá
buidheach Aaron de tríd sin. Táinig iomorro an oidhche iar soin, is téid Aaron go Maoise agus do innis dó na tairgsiona tug Niúl dó, agus fá buidheach Maoise is Aaron de tríd sin. Iomthúsa Niuil ráinig go n-a mhuinntir féin iar sin, agus do innis dóibh mic Israel do bheith láimh riú; agus do innis gach ní do dhálaibh mac nIsrael dóibh. Agus an oidhche chéadna tarla nathair neimhe do Ghaedheal mac Niuil is é ag snámh, gur chréachtnuigh é, go raibhe i nguais bháis. Agus adeirid drong oile gurab ón bhfásach táinig da chréachnughadh 'n-a leabaidh. Adubhradar a mhuinntear ré Niúl an mac do bhreith i ndáil Mhaoise; agus beiris leis Gaedheal do láthair Mhaoise. Do rinne Maoise guidhe go Dia agus do tháith an slait do bhí 'n-a láimh ris an gcréacht gur shlánuigh mar sin é. Agus adubhairt Maoise an áit a mbiadh treabh bhunaidh an mhic sin, nach biadh brígh i nathair neimhe ann go bráth; agus atá sin follus ar Chreta, oiléan atá san nGréig mar a bhfuil cuid da shliocht, ní bhfuil nathair neimhe ann acht mar Éirinn. Agus tar ceann go rabhadar nathracha neimhe i nÉirinn go teacht Phádraig, ní shaoilim go raibhe neimh ionnta; nó saoilim gurab do na deamhnaibh ghairmthear nathracha neimhe i mbeathaidh Phádraig. Adeirid cuid do na seanchaidhibh gur chuir Maoise glas ar an bhfleisc do bhí fá n-a láimh féin ar bhrághaid Ghaedhil, agus gurab uime sin ghairthear Gaedheal Glas de. Do bhíodh iomorro an tan soin fleasc fá láimh gacha taoisigh mar chomhartha ceannais feadhna, agus is uaidh sin adeirthear fleascach uasal ré ceann buidhne anois. Is da fhaisnéis gurab ó shnas na nathrach neimhe do lean do bhrághaid Ghaedhil ghairthear Gaedheal Glas de, is da fhoillsiughadh gurab é Maoise do fhóir é, atáid na rainn-se síos:
Gaedheal Glas cionnus do rádh Ris in bhfear gcrithir gcomhlán? An ní ó bhfuil Gaedheal Glas, Is tearc ga bhfuil a sheanchas.
Dar fhothruigh ar an dtuinn dtréin Gaedheal mac Niuil go ndeighmhéin; Gur iadh an nathair 'n-a chneas, Níor bh'furus é do leigheas. An tí ghlas ní dheachaidh de Nó gur fhóir go maith Maoise; Is eadh thuigid eolaigh as Gonadh de atá Gaedheal Glas.
Adeirid drong oile gurab uime ghairthear Gaedheal Glas de ó ghlaise a airm is a éididh. Gurab uime sin do rinne file éigin an rann-so:
Rug Scota mac do Niúl nár Ór chin mór gcineadh gcomhlán; Fá Gaedheal Glas ainm an fhir Ó ghlaise a airm 's a éididh.
Agus is ón nGaedheal soin ainmnighthear Gaedhil uile; gonadh uime sin do rinne an file an rann-so:
Féine ó Fhéinius atbearta, Brígh gan dochta; Gaedhil ó Ghaedheal Ghlas gharta, Scuit ó Scota.
Gidheadh adeirid drong oile gurab uime tugadh Scota ar mháthair Ghaedhil, do bhrígh gurab do chine Scuit ón Scitia athair Ghaedhil, agus gur nós aca na mná do shloinneadh o n-a bhfearaibh. Tuig nach í so an Scota fá bean do Ghalamh da ngairthear Mílidh Easpáinne agus rug seisear mac dó. Óir inghean Pharao Cincris fá máthair do Ghaedheal agus is aige do bhádar mic Israel i ndaoirse. An Pharao chéana darbh inghean bean Mhíleadh, fá hé an cúigeadh Pharao déag 'n-a dhiaidh sin é. Pharao Nectonibus fá hainm dó. Iomthúsa Niuil iomorro adubhairt ré Maoise go mbiadh fala Pharao Cincris ris féin tré fháilte do thabhairt dó. "Maseadh," ar Maoise, "triall-sa linne, agus dá roicheam an tír do tharngair Dia dhúinn do-ghéabhair-se roinn di; nó madh maith leat, do-bhéaram loingeas Pharao ar
do chumas féin duit, agus éirigh ionnta ar muir go bhfeasair cionnus scarfam is Pharao ré chéile." Is í sin iomorro comhairle ar ar chinn Niúl. Do cuireadh trá míle fear n-armach i ndáil na long leis agus tugadh dó iad ar a chumas féin, agus téid ionnta go bhfacaidh gníomhradh an laoi ar n-a mhárach, mar atá oscladh na mara ré gcloinn Israel, is a dluidheadh 'n-a ndiaidh ar Pharao is ar a shluagh, da mbáthadh, amhail adeir an file san rann-so do beanadh as an duain darab tosach: A dhuine nach creid iar gcóir:
Seascad míle dhíobh da gcois, Caogad míle marcachois; Anfa mara Romhair Ruaidh Ros foluigh uile i n-aonuair.
Trí fichid iomorro míle coisidhe is caogad míle marcach a líon. Seacht gcéad is seacht mbliadhna déag is cheithre fichid i ndiaidh na díleann do báthadh Pharao, amhail adubhramar thuas. Ód chonnairc iomorro Niúl Pharao go n-a shluagh do bháthadh, do an féin san bhfearann gcéadna, óir ní raibhe eagla air ó do báthadh Pharao, agus do fhás a chlann is a shíol go beith ionairm dhóibh. I gcionn aimsire da éis sin fuair Niúl bás, is do ghabh Gaedheal is a mháthair an fearann. Rugadh iaramh mac do Ghaedheal san Éigipt .i. Easrú mac Gaedhil, agus i gcionn tréimhse 'n-a dhiaidh sin rugadh mac dó sin arís, Srú mac Easrú mic Gaedhil, agus do ghabhadar sin an fearann céadna agus do áitigh siad ann. Dála shluaigh na hÉigipte, iomorro, gabhais da éis sin Pharao Intuir flaitheas na nÉigipte d'éis Pharao Cincris do bháthadh. Do gairthí cheana Pharao da gach rígh ro ghabh an Éigipt ó Pharao Cincris do báthadh san Muir Ruaidh go Pharao Nectonibus an cúigeadh rí déag i ndiaidh Pharao Cincris.
XVII. Ag so síos don ionnarbadh do rinne Pharao Intuir ar shliocht Ghaedhil as an Éigipt. Iomthúsa Pharao Intuir iar sin agus shluaigh na hEigipte ar mbeith tréan san tír dhóibh do chuimhnigheadar an tsean-fhala do chlannaibh Niuil is d'fhine Ghaedhil .i. an cáirdeas do rónsad ré clannaibh Israel agus loingeas Pharao Cincris do bhreith leis do Niúl, an tan do éalodar mic Israel. Do commóradh uime sin cogadh leo i gcoinne aicme Ghaedhil gur hionnarbadh go haimhdheonach a hÉigipt iad. Tig Tomas Ualsingham leis an ní sin i nIpodigmate mar a n-abair: "Iar mbáthadh luchta na hÉigipte, an drong don tír do mhair da n-éis do ruaigsiod duine uasal d'áirithe, Sciteadheach do bhí n-a chomhnuidhe eatorra, go nach géabhadh flaitheas ós a gcionn. Ar mbeith dó ar n-a dhíbirt go n-a threibh, táinig gus an Spáinn, mar ar áitigh sé iomad bliadhan agus mar a ndeachadar a shliocht i líonmhaireacht go mór, agus tángadar as sin go hÉirinn." Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, gurab é Srú mac Easrú mic Gaedhil an duine uasal-so agus nach é Gaedheal féin, gan chead do Hector Boetius, is fós gan chead do bharamhlaibh na nuaGhall scríobhas ar Éirinn shaoileas gurab é Gaedheal féin táinig don Spáinn. Óir do réir fhírinne sheanchusa na hÉireann, darab cóir creideamhain san ní-se, is ann san Éigipt rug Scota, inghean Pharao Cincris, Gaedhal agus is innte do chomhnuigh go bhfuair bás; agus ní hón nGréig, mar adeirid drong oile, táinig, acht a athair darbh ainm Niúl táinig ón Scitia. Agus tar ceann go n-abair an t-ughdar-so do haithléaghadh againn gurab don Spáinn
táinig an duine uasal do luaidheamar, ní headh, acht don Scitia do chuaidh, agus is é an cúigeadh glún déag uaidh anuas da ngairthí Brátha mac Deaghátha ráinig don Spáinn ar dtús. Ag so suidheamh an tseanchaidh air gurab é Srú mac Easrú fá taoiseach ag triall ón Éigipt ar an eachtra-so, amhail adeir Giolla Caomháin san duain darab tosach, Gaedheal Glas ó dtáid Gaedhil:
Srú mac Easrú mic Gaoidhil, Ar seanathair sluagh-fhaoilidh; É do luidh fá dtuaidh ó a thoigh Ar fud mhara Ruaidh Romhoir. Lucht cheithre long líon a shluaigh Ar fud mhara Romhair Ruaidh; Thall i ngach cláradhbha is cead Cheithre lánamhna fichead.
Tuig, amhail adubhramar, gurab é Srú mac Easrú fá taoiseach san eachtra soin go rángadar go hoiléan Creta, go bhfuair bás ann sin, gur ghabh a mhac Éibhear Scot ceannas feadhna cáich go rochtain don Scitia dhóibh. Gonadh uime sin adeir ughdar d'áirithe gurab é Éibhear Scot fá taoiseach orra san turas soin agus gurab ón fhorainm do bhí air .i. Scot ghairmthear cine Scuit do Ghaedhealaibh. Ionann iomorro Scot do réir ughdair d'áirithe is saighdeoir. Óir ní raibhe 'n-a chomhaimsir fear bogha do b' fhearr ioná é, agus ón bhforainm sin ráinig é do slonnadh an sliocht táinig uaidh; agus do cleachtadh leo bogha mar arm ar aithris na sean gus an aimsir ndéidheanaigh leath istigh dar gcuimhne féin. Gidheadh ní leanfam baramhail an ughdair-se do bhrígh gurab í céadfaidh choithcheann na seanchadh gurab uime ghairthear cine Scuit do shliocht Gaedhil tré bheith ar dteacht ón Scitia dhóibh do réir a mbunadhasa. Tuig, a léaghthóir, gurbh fear comhaimsire do Mhaoise Gaedheal, agus da réir sin go raibhe cheithre fichid bliadhan d'aois an tan do báthadh Pharao, agus go raibhe an ceathramhadh glún uaidh féin síos ar n-a bhreith mar atá Éibhear
Scot mac Srú mic Easrú mic Gaedhil sul do thrialladar mic Israel trés an Muir Ruaidh agus Maoise i gceannas feadhna ós a gcionn. Measaid drong do na seanchaidhibh gurab cheithre céad is dá fhichid bliadhan ó bháthadh Pharao san Muir Ruaidh go tigheacht chloinne Míleadh i nÉirinn, agus da dhearbhughadh sin ag so mar adeir ughdar dhíobh san rann-so:
Ceathracha is cheithre chéad Do bhliadhnaibh, ní hiomairbhréag, Ó do luidh Tuaith Dé, dearbh dhuibh, Tar muincheann mhara Romhair. Gur ghabhsad sceinn don Mhuir Meann Mic Míleadh i dtír nÉireann.
Acht cheana do réir an áirimh do-ní an Leabhar Gabhála ní fhuil acht seacht mbliadhna déag teasta do thrí chéad ón tráth fár ghabh Maoise ceannas chloinne Israel san Éigipt go teacht chloinne Míleadh i nÉirinn. Óir i gcionn seacht gcéad is seacht mbliadhan déag ar cheithre fichid d'éis díleann do ghabh Maoise ceannas mac nIsrael san Éigipt, agus do réir na haimsire do-bheir seanchus Éireann do Ghabhálaibh Éireann, is i gcionn míle ar cheitre fichid bliadhan d'éis díleann do ghabhadar mic Mhíleadh sealbh Éireann. Ag so mar adeir an Leabhar Gabhála gurab i gcionn trí céad bliadhan iar ndílinn táinig Parthalón, agus gurab trí chéad bliadhan do bhádar a shliocht i seilbh Éireann, agus gurab deich mbliadhna fichead do bhí Éire 'n-a fásach go teacht chloinne Neimhidh innte, agus gurab seacht mbliadhna déag ar dhá chéad fad flaitheasa na cloinne sin ar Éirinn, agus sé bliadhna déag ar fhichid do bhádar Fir Bolg i bhflaitheas, agus Tuatha Dé Danann trí bliadhna teasta do dhá chéad; agus ré cur an áirimh-se uile i n-aontsuim is cheithre fichid ar mhíle bliadhan an nuimhir iomlán do-níd ó dhílinn go tigheacht mac Míleadh i nÉirinn. Agus dá bhféachtar an t-áireamh-so ris na seacht mbliadhnaibh déag is cheithre fichid ar sheacht gcéad do bhí ó dhílinn go barántas Maoise ar chloinn Israel,
is follus nach fuil ón am soin go teacht chloinne Míleadh i nÉirinn acht seacht mbliadhna déag teasta do thrí céad, agus da réir sin gurab bréagach an chéadfaidh thuas adeir gurab i gcionn dá fhichid ar cheithre céad bliadhan d'éis mac nIsrael do dhul trés an Muir Ruaidh rángadar mic Mhíleadh i nÉirinn. Adeirid drong ré seanchus gurab é raon 'n-ar ghabh Srú mac Easrú go n-a fhuirinn ar an Muir Ruaidh agus soir budh dheas san aigéan, láimh dheas ré Taprobana, is láimh chlé ris an Asia soir, agus láimh chlé timcheall budh thuaidh dhi, agus as sin go rinn Sléibhe Rife san leith thiar thuaidh don Asia, agus san chaolmhuir ó dheas scaras an Eoruip is an Asia ré chéile, agus as sin don Scitia. Gidheadh ní hé sin raon do ghabh Srú ag triall ón Éigipt don Scitia go lucht cheithre long is tríochad i ngach luing díobh; acht a bun srotha Níl ar Muir dTorainn go Creta ris a ráidhtear Candia aniú, áit ar chomhnuigh sé sealad aimsire go bhfuair bás ann agus 'n-ar fhágaibh cuid da shliocht diaidh i ndiaidh; gonadh da bhithin sin do réir ughdar an tseanchusa nach bí nathair neimhe i gCreta acht mar Éirinn; agus triallaid as sin don Scitia agus Éibhear Scot 'n-a thaoiseach orra; agus gibé adéaradh nar bh' éidir dul ón Éigipt don Scitia i luing nó i n-eathar do réir na ronna do bhí ar an Scitia an tan soin, ní fíor do é, do bhrígh gur follus as gach aonstaruidhe thráchtas ar thuarasgbháil na gcríoch go bhfuil an t-innbhear da ngoirthear Tanais ag snighe go Muir Lárthalmhan agus an mhuir sin ag snighe gus an Éigipt mar a bhfuil sruth Níl; agus do réir na ronna do bhí ar an Scitia an tan soin áirmhighthear sruth Tanais ar aibhnibh na Scitia do réir sheanughdair bharántamhail Herodotus san cheathramhadh leabhar mar a n-abair: "Sruth Tanais chomhroinneas an Asia ón Eoruip áirmhighthear é idir na srothaibh atá ag lucht na Scitia." Agus ar rochtain don Scitia dhóibh tarla cogadh is coinbhliocht eatorra féin is a
gcomhmbráithre, mar atá sliocht Neanúil mic Féiniusa Farsaidh agus do bhí imreasan eatorra fá iomchosnamh na críche go dtarla d'Aghnón mac Táit, an cúigeadh glún ó Éibhear Scot anuas, a bhráthair féin, Reaflóir mac Rifill do shliocht Neanúil, do mharbhadh agus é 'n-a rígh ar an Scitia an tan soin, amhail adeir Giolla Caomháin san duain darab tosach: Gaedheal Glas ó dtáid Gaedhil:
Reaflóir is Aghnón gan on, Seacht mbliadhna fá iomchosnomh; Go dtorchair Reaflóir go nglóir Do láimh áitheasaigh Aghnóin.
Don ionnarbadh do rinneadh ar sliocht Ghaedhil as an Scitia. Iomthúsa chloinne Reaflóir mic Rifill, tarla dias mac aige, mar atá Neanúl is Rifill is tionóilid sluagh i gcoinne sleachta Gaedhil da n-ionnarbadh as an dtír uile; agus coimhthionóilid fine Ghaedhil is triallaid d'aonbhuidhin as an gcrích tré thír na gCíochloisceach da ngairthear Amazones go himeall mhara Chaisp; is gabhaid loingeas ann sin go ndeachadar ar an muir amach gur ghabhadar tír i n-oiléan atá ar muir Chaisp áit ar comhnuighsiod feadh bliadhna; agus is iad fá taoisigh dóibh ar an eachtra soin Aghnón is Éibhear, dá mhac Táit mic Aghnamain mic Beodhamain mic Éibhir Scuit mic Srú mic Easrú mic Gaedhil. Do bhádar triúr mac ag Aghnón ar an eachtra soin, mar atá Eallóit Láimhfhionn is Lámhghlas. Do bhádar dias mac ag Éibhear mac Táit, mar atá Caichér is Cing; agus fuair Aghnón bás san oiléan soin; agus triallaid cách i gcionn bliadhna as an oiléan soin lucht trí long, is trí fichid i ngach luing díobh, agus bean ag an treas fear díobh. Seisear taoiseach dhóibh ar an eachtra soin; go dtugadar ucht ar an gcaolmhuir atá ó mhuir Chaisp siar gus an bhfairrge gcaoil tig ón aigéan adtuaidh agus mar rángadar an mhuir sin
do éirigh anfadh orra gur seoladh i n-oiléan iad ré ráidhtear Caronia i Muir Phontic gur chomhnuighsiod bliadain is ráithe ann; agus san oiléan soin fuair Éibhear mac Táit is Lámhghlas mac Aghnóin bás. Triallaid as soin, ceathrar taoiseach dóibh .i. Eallóit Láimhfhionn Cing is Caichér a n-anmanna, agus tarla murrdhúchainn ar an muir rompa is do chandaois ceol do na loingseachaibh do bhíodh ag triall tarsna go gcuirdís codladh orra is go lingdís féin orra da marbhadh; agus is é leigheas do rinne Caichér Draoi air sin, céir do leaghadh 'n-a gcluasaibh go nach gcluindís an ceol d'eagla codalta ris; mar sin dóibh gur ghabhadar cuan ag rinn Sléibhe Rife thuaidh; agus is ann sin do rinne Caichér fáistine dhóibh nar bh'ionadh comnuidhe dhóibh aonáit go rochtain Éireann dóibh, agus nach iad féin do roichfeadh í, acht a sliocht. Triallaid as sin go rángadar go Gotia agus tarla go raibhe mac oirdheirc ag Láimhfhionn da ngairthí Éibhear Glúinfhionn agus do chomhnuigheadar sliocht Gaedhil san tír sin deich mbliadhna fichead is do anadar lucht díobh ann ó shoin i le; gonadh da dhearbhadh sin adeir Giolla Caomháin an rann-so:
Fine Ghaoidhil ghasta dhil, Tríochad bliadan san tír-sin; Anaid lucht díobh ann ó shain, Go dtí deireadh an domhain.
Measaid drong oile ré seanchus gurab caogad ar chéad bliadhan do chomhnuighsiod sliocht Gaedhil san Ghotia, agus is í sin céadfaidh is fírinnighe. Óir is follus gur chaitheadar aicme Ghaedhil ocht nglúine da ngeinealaigh san Ghotia mar atá ó Éibhear Ghlúinfhionn go Brátha. Ag so iomorro an geinealach ghlún sin: Brátha mac Deaghátha mic Earchadha mic Eallóit mic Nuadhat mic Neanúil mic Eibric mic Éibhir Ghlúinfhinn rugadh san Ghotia féin mic Láimhfhinn an céadtaoiseach táinig don chrích sin d'aicme Ghaedhil; agus do bhrígh nachar bh'éidir an oiread soin glún do theacht don leith istigh
do thríochad bliadhan is dearbh liom gurab í an chéadfaidh dhéidheanach atá fírinneach. Adeirid drong oile ré seanchus gurab trí chéad bliadhan do chomhnuighsiod sliocht Gaedhil san Ghotia. Gidheadh ní héidir sin do bheith fírinneach, do bhrígh, do réir na ngabháltas, do réir mar adubhramar thuas, nach raibhe iomlán trí chéad bliadhan ón tráth fár báthadh Pharao san Muir Ruaidh go tigheacht mhac Míleadh i nÉirinn. Uime sin ní héidir an chéadfaidh sin do bheith fírinneach, do bhrígh gurab don leith istigh don aimsir sin do rinneadar fine Ghaedhil gach turas da ndearnadar ón Éigipt go Creta, agus ó Chreta don Scitia, is ón Scitia go Gotia, ón Ghotia gus an Spáinn, ón Spáinn don Scitia, is ón Scitia go hÉigipt, is ón Éigipt go Tracia, ón Tracia go Gotia, is ón Ghotia go hEaspáinn, is ón Easpáinn i nÉirinn.
XVIII. Ag so síos do thriall fhine Ghaedhil as an nGotia go hEaspáinn. Brátha iomorro mac Deaghátha an t-ochtmhadh glún ó Éibhear Ghlúinfhionn anuas, is é do thriall as an nGotia láimh ré Creta is ré Sicilia deiseal Eorpa go hEaspáinn, go lucht cheithre long leis, amhail adeir Giolla Caomháin san rann-so:
Brátha mac Deaghátha dil Táinig do Chreit do Shicil; Lucht cheithre long seolta slán Deiseal Eorpa go hEaspán.
Ó Bhrátha ráidhtear Bragansa san Phoirtingéil, mar atá diuice na Bragansa. Ag so na cheithre taoisigh táinig mar aon ré Brátha san turas soin don Easpáinn .i. Oige agus Uige dias mac Eallóit mic Neanúil, Manntán is Caichér. Cheithre lánamhna déag is seisear amhus i ngach luing díobh agus tugadar trí madhmanna ar lucht na críche iar dteacht i dtír dóibh .i. sliocht Tubal mic Iafet. Acht cheana, da éis sin táinig támh aonláithe go muinntir mhic Eallóit gur éagadar uile go deichneabhar. Táinig fás 'n-a dhiaidh sin orra, agus rugadh Breoghan mac Brátha. Adeir croinic choitcheann na Spáinne do scríobhadh lé duine uasal Frangcach dar bh'ainm Lobhaois, do réir mar léaghthar ag Éadbhard Grimston san treas leathanach, gurab é céidrí do ghabh ceannas iomlán na Spáinne an tí da ngairthí Brigus lér tógbhadh iomad caisléan; agus is é sin an tí da ngoirthear san Leabhar Gabhála Breoghan, seanathair Mhíleadh Easpáinne, agus is uaidh ráidhtear Brigantes; agus is uaidh, do réir na croinice céadna, do gairthí Brigia i n-allód don chrích ré ráidhtear anois Castilia; agus is caisléan fá suaitheantas 'n-a scéith, amhail atá aniú ag rígh na Spáinne.
Is é fós an Breoghan soin do bhris iomad cath ar an Easpáinn, agus is é do chumhduigh nó do thógaibh Brigansia láimh ris an gCruinne, agus tor Breoghain san gCruinne féin; gonadh uime sin do rinne Giolla Caomháin an rann-so:
Do bhris mór gcomhlann is gcath Ar shluagh Easpáinne uallach, Breoghan na ngleoghal 's na ngliadh, Lé n-a ndearnadh Brigansia.
Do bhádar deich mic ag an mBreoghan soin .i. Breogha Fuad Muirtheimhne Cuailgne Cuala Bladh Eibhle Nár Íoth is Bile; gonadh aire sin do rinne an t-ughdar céadna an rann-so:
Deich mic Breoghain gan meirbhe, Breogha Fuad is Muirtheimhne Cuailgne Cuala Bladh amne Eibhle Nár Íoth is Bile.
Mac iomorro don Bhile sin Galamh da ngairthí Mílidh Easpáinne; agus tar ceann gurab é Bile duine déidheanach áirmhighthear do chloinn Bhreoghain san rann thuas, maseadh adeirid ughdair an tseanchusa gurab é Bile mac fá sine ag Breoghan. Ar bhfás iomorro do shliocht Breoghain agus ar ngabháil neirt urmhóir na Spáinne dhóibh, tarla mac arrachta oirbheartach ag Bile mac Breoghain da ngairthí Galamh, agus is ris ráidhtear Mílidh Easpáinne; agus do ghabh mian é dul líon cabhlaigh d'ógbhaidh na Spáinne don Scitia d'fhios a bhraithreach is do dhéanamh feadhma dhóibh. Agus iar gcinneadh ar an gcomhairle sin dó, cóirighthear tríochad long leis, is do chuir a bhforthainn laochruidhe ionnta agus téid ar Muir dToirrian, is do thriall go réimdhíreach soir budh thuaidh do Shicilia is do Chreta go ráinig an Scitia; agus ar rochtain i dtír ann sin dó do chuir scéala uaidh go Reaflóir mac Neomainn .i. an rí do bhí ar an Scitia an tan soin; agus fá do shliocht Reaflóir mic Rifill do luaidheamar thuas an Reaflóir-se mac Neomainn. Mar ráinig iomorro Mílidh
do láthair Reaflóir, fáiltighis roimhe; agus i gcionn athaidh da éis sin do rinne an rí taoiseach ar shluagh na Scitia dhe; agus do phós a inghean féin ris dar bh'ainm Seang inghean Reaflóir, agus rug sí dias mac dó mar atá Donn is Airioch Feabhruadh. Iar gcaitheamh cheana sealad aimsire do Mhílidh san Scitia do éirigh iomad áithis leis i n-aghaidh díbhfeargach is luchta foghla do dhéanamh san gcrích, ionnus tríd sin gur ghrádhuigheadar lucht na críche go mór é. Agus mar do mhothuigh an rí Reaflóir sin do ghabh eagla é go dtiocfadh Mílidh 'n-a aghaidh ré buain ríoghachta na Scitia dhe; agus do chogair da bhíthin sin Mílidh do mharbhadh tar ceann go raibhe sé 'n-a chliamhain aige; agus mar do chualaidh Mílidh sin iarrais árach ar an rígh Reaflóir gur marbhadh leis é; agus leis sin cuiris cruinniughadh is coimhthionól ar a mhuinntir dílis féin, agus tig ar muir go líon trí bhfichid long agus do thriall go réimdhíreach ar Muir dToirrian go ráinig bun srotha Níl; agus ar dteacht i dtír ann sin dó, do chuir teachta go Pharao Nectonibus 'ga fhaisnéis dó é féin do theacht don tír; agus cuiris an rí teachta i gcoinne Míleadh, agus ar rochtain da láthair dó, fáiltighis roimhe, agus tug fearann dó féin is da mhuinntir ré áitiughadh san tír; gonadh ag faisnéis an turais sin Mhíleadh ón Scitia go hÉigipt atá Giolla Caomháin san rann-so:
Ro ghoin Mílidh fá maith clann Refelóir nochar bh'anbhfann; Ro scuch go cruaidh ón tír thall Go sruth Níl go bhfuair fearann.
Tuig, a léaghthóir, go rabhadar an dias mac rug Seang inghean Reaflóir do Mhílidh, mar atá Donn is Airioch Feabhruadh, mar aon ris ag teacht don Éigipt iar n-éag a máthar san Scitia. Tarla fán am soin cogadh mór idir an rígh Pharao is rígh na Aetiopia. Do-ní Pharao taoiseach sluaigh do Mhílidh, iar meas a chródhachta is a chalmachta dó, i gcoinne shluaigh na
Aetiopia, agus tug féin is sluagh na Aetiopia iomad cath is coinbhliocht da chéile gur éirigh iomad áithis lé Mílidh is go ndeachaidh a chlú is a oirdhearcas fá na críochaibh; ionnus go dtáinig dhe sin go dtug Pharao a inghean féin 'n-a mnaoi dhó; agus Scota ghairthear di ar mbeith 'n-a mnaoi ag Mílidh do bhí do chine Scuit. Agus rug sí dias mac dó san Éigipt mar atá Éibhear Fionn is Aimhirgin; agus do láthair iar rochtain na hÉigipte do Mhílidh do chuir dá fhear dhéag do na hógaibh do bhí 'n-a fhochair d' fhoghluim prímhcheard na hÉigipte go beith da gach aon díobh cliste 'n-a cheird féin i gcionn na seacht mbliadhan do chomhnuigh sé san Éigipt. Iomthúsa Míleadh do smuain 'n-a mheanmain gur thairrngir Caichér Draoi cian roimhe sin da shinnsear, do Láimhfhionn, gurab i nÉirinn do-ghéabhdaois a shliocht flaitheas go bunadhasach, agus ollmhuighthear trí fichid long leis gur chuir forthainn sluagh ionnta, agus ceileabhrais do Pharao. Triallais iomorro leis sin ó bhun srotha Níl ar Muir dToirrian go ráinig i dtír i n-oiléan atá láimh ré Tracia, Irena ghoirthear dhe; agus is ann rugadh Ír mac Míleadh. Triallais as sin go hoiléan da ngairthear Gotia atá san bhfairrge chaoil téid san aigéan budh thuaidh, agus do rinne seal comhnuighthe ann sin, gonadh ann rug Scota mac dó da ngairthí Colpa an Chloidhimh. Triallaid as sin san gcaolmhuir budh thuaidh scaras an Asia is an Eoraip ré chéile, agus láimh chlé ris an Eoraip siar, go ráinig Cruitheantuaith ré ráidhtear Alba. Airgthear iomorro imeall na críche sin leo agus triallaid da éis sin láimh dheas ris an mBreatain Mhóir, go rángadar bun srotha Réin, agus láimh chlé ris an bFraingc siar budh dheas, gur ghabhsad cuan da éis sin san Bhioscáin. Ar rochtain iomorro san chrích sin dóibh, tigid a bhráithre d'fháiltiughadh ré Mílidh; agus nochtaid dó na Goti go
n-iomad eachtrann oile do bheith ag comhmbuaidhreamh na críche sin is na hEaspáinne uile. Ar na chlos sin iomorro do Mhílidh, do chuir tionól ar a ranntaibh féin feadh na hEaspáinne; agus ar gcruinniughadh ar aonláthair dóibh, triallais leo agus lé líon an chabhlaigh do chuaidh ris féin san tír i n-aghaidh na nGoti is na n-eachtrann, go dtug cheithre madhmanna déag is dá fhichid orra, gur thathfainn as an Easpáinn iad agus gur ghabh féin go n-a bhráithribh, mar atáid Clann Bhreoghain mic Brátha, urmhór na hEaspáinne dhóibh féin. Do bhí iomorro fán am-so dá mhac dhéag is fiche ag Mílidh, amhail adeir an file:
Tríochad mac agus dá mhac Ag Mílidh go ngile nglac; Ní ráinig dhíobh, deimhin linn, Acht aonochtar go hÉirinn.
Do bhádar iomorro cheithre mic fichead díobh sin rugadh ar leannántacht dó, sul do thriall as an Spáinn don Scitia; agus an dias ban do bhí diaidh i ndiaidh aige pósta rug an t-ochtar oile dhó, mar atá Seang inghean Reaflóir flaith na Scitia rug dias dhíobh san Scitia, mar atá Donn is Airioch Feabhruadh, is Scota inghean Pharao Nechtonibus rug an seisear oile dhíobh, mar atá dias san Éigipt .i. Éibhear Fionn is Aimhirgin, Ír ar Muir Tracia, Colpa an Chloidhimh i nGotia, Arannán agus Éireamhón san Galisia, amhail adeir Conaing file san laoidh seanchusa-so síos:
Ocht mic Ghalaimh na ngáire, Darbh ainm Mílidh Easpáine, Ro shleachtadar míle magh; Cidne tíre a ngeinsiodar? Airioch Feabhruadh 's Donn go ngliadh, Ro geineadh iad san Scitia; Rugadh san Éigipt aibhnigh Éibhear Fionn is Aimhirgin.
Ír, ní raibhe laoch ba lia, Ro genair i dtaobh Tracia; Ro genair Colpa an Chlaidhimh I nGlionn Colpa i nGaothlaidhibh. Ruga ag tur Breoghain gan brón Arannán is Éireamhón, Dá shóisear na laoch gan locht, Mac Dé ro thraoth a dtothocht. Ocht.
XIX. Ar bhfás don tsliocht-soin Breoghain mic Brátha do bhádar neartmhar daoineach san Easpáinn; agus ar mhéid a n-oirbheart, do chuireadar rompa tuilleadh flaithis do ghabháil do leith éigin oile. Adhbhar oile fós do bhí aca, mar tharla ré linn na haimsire sin teirce bídh san Easpáinn feadh sé mbliadhan bhfichead, tré iomad tiormaigh na haimsire an feadh soin, agus fós tré iomad coinbhliocht tarla eatorra is na Goti is gach drong oile eachtrann ré rabhadar ag gleic fá iomchosnamh na hEaspáinne. Cinnid uime sin comhairle cia an chríoch ar a ndéandaois braith nó cia do cuirfidhe da braith. Is í comhairle ar ar chinnsiod, Íoth mac Breoghain mic Brátha do bhí 'n-a dhuine ghaisceamhail, is do bhí fós eagnaidhe eolach sna healadhnaibh, do thogha ré dul do bhraith oiléin na hÉireann. Agus is é áit ar ar chinneadar ar an gcomhairle-se ag tor Breoghain san Galisia. Is mar sin tarla dhóibh Íoth do chur go hÉirinn, agus ní mar adeirid drong oile gurab i néallaibh nimhe oidhche gheimhridh do chonnairc do mhullach thuir Breoghain í. Óir do bhí caidreamh is roinn roimhe sin idir Éirinn is an Easpáinn, ón tráth fá dtug Eochaidh mac Eirc rí déidheanach Fhear mBolg Taillte inghean Mhaghmhóir rí Easpáinne 'n-a mnaoi. Do chleachtdaois trá leath ar leath bheith ag ceannaidheacht is ag malairt a n-earradh is a seod ar gach taoibh ré chéile, ionnus go raibhe aithidhe na hÉireann ag Easpáinneachaibh agus aithne na hEaspáinne ag Éireannchaibh sul rugadh Íoth mac Breoghain; ionnus da réir sin nach ó amharc aonoidhche d'fhagháil do mhullach thuir Breoghain fuair Íoth náid clann Bhreoghain eolas ar Éirinn, acht ó chaidreamh imchian aimsire roimhe sin do bheith idir an Easpáinn is Éirinn.
Dála Íotha iomorro ollmhuighthear long leis is cuiris trí chaogad laoch toghtha innte, is triallais ar muir go rángadar don leith thuaidh d'Éirinn, gur ghabhadar cuan i mBréantrácht Mhaighe Íotha; agus mar ráinig Íoth i dtír ann do rinne iodhbairt do Neaptúin, dia na mara, is do rinneadar na deamhain drochthuar dhó. Leis sin tángadar drong do lucht na críche do labhairt ris i Scoitbhéarla .i. i nGaedhilg, is do fhreagair seisean san teangaidh chéadna iad, agus adubhairt gurab ó Mhagog táinig féin amhail tángadar-san; agus gurab Scoitbhéarla, fá teanga bhunadhasach dó féin amhail do b'eadh dhóibh sin. Atáid na seanchaidhe, ar lorg na háite-se san Leabhar Ghabhála, ag a rádh gurab é an Scoitbhéarla, ré ráidhtear Gaedhealg, fá teanga bhunadhasach do Neimhidh is da aicme, agus da réir sin ag Fearaibh Bolg is ag Tuathaibh Dé Danann. Óir is inchreidte sin as an ní adubhramar thuas gurab é Gaedheal mac Eathóir ar fhoráileamh Féiniusa Farsaidh rí na Scitia do chuir an Scoitbhéarla i n-eagar is i n-ordughadh; gonadh ón nGaedheal soin ráidhtear Gaedhealg ris an Scoitbhéarla, amhail adubhramar thuas. Is túsca trá do bhí an Gaedheal-so ag múnadh scol gcoitcheann san Scitia ioná do thriall Neimhidh ar eachtra ón Scitia go hÉirinn; agus ós é an Scoitbhéarla fa teanga choitcheann san Scitia an tráth do thriall Neimhidh aiste, do réir na seanchadh, is é an Scoitbhéarla fá teanga dhíleas do Neimhidh is da fhuirinn ag teacht i nÉirinn dóibh; agus da réir sin ag gach gabháltas da dtáinig ar Éirinn uaidh nó da shliocht; ní áirmhim mic Mhíleadh dar teanga dhíleas an Scoitbhéarla ó do fhágaibh Niúl an Scitia gus an am-so. Tig Risteard Craobhach príomháidh Éireann leis an ní-se san leabhar do scríobh sé do bhunadhas na Gaedhilge is aicme Ghaedhil. Ag so mar adeir: "Atá" ar sé "an Ghaedhealg i ngnáthughadh i nÉirinn ó theacht Neimhidh 630 mbliadhan iar ndílinn gus an ló aniú." Do réir a ndubhramar ní díchreidthe
gurab i Scoitbhéarla do agaill Íoth is Tuatha Dé Danann a chéile. Iomthúsa Íotha, do fhiafruigh da éis sin ainm na críche dhíobh agus cia do bhí i bhflaitheas uirre an tan soin. Nochtaid an fhuireann soin tarla air ar dtús gurab Inis Ealga fá hainm don chrích, is gurab iad trí mic Chearmada Milbheoil mic an Daghdha do bhí i bhflaitheas innte ar sealaidheacht gach ré mbliadhain, amhail adubhramar thuas, go dtarla an tráth soin iad i nOileach Néid i dtuaisceart Uladh, agus iad i n-imreasan fá sheodaibh a sean. Triallais iomorro Íoth ar n-a chlos sin mar aon ré dhá dtrian na foirne táinig 'n-a luing leis, agus is é líon do bhí 'n-a luing trí chaogad laoch. Agus mar tháinig do láthair chloinne Cearmada fáiltighid roimhe, is foillsighid fáth a n-imreasain dó. Nochtais seisean dóibh-sean don leith oile gurab tré mhearughadh mara táinig féin don chrích, is nach raibhe a bhara faoi comhnuidhe do dhéanamh innte, acht triall tar a ais da thír féin. Gidheadh mar do measadh leo-san Íoth do bheith foghlumtha, do thoghadar 'n-a bhreitheamh san imreasan do bhí eatorra é, agus is í breath rug, na seoide do roinn tréanach eatorra; agus leis sin do ghabh ag moladh na hÉireann is adubhairt gurab éagcóir do bhí imreasan eatorra agus líonmhaire na hinse fá mhil is fá mheas, fá iasc is fá lacht, fá ioth is fá arbhar, agus measardhacht a haieoir ar theas is ar fhuacht. Adubhairt fós dá roinntí an tír tréanach eatorra go raibhe a bhforthainn uile innte. Ceileabhrais Íoth da éis sin dóibh agus triallais mar aon ré n-a chéad laoch d'fhios a luinge. Dála chloinne Cearmada tugadar da n-aire méid an mholta thug Íoth ar Éirinn; agus is eadh do measadh leo dá roicheadh lais dul da chrích féin go dtiubhradh iomad sluagh leis do ghabháil na hÉireann; agus is é ní ar ar chinneadar mac Cuill go líon trí chaogad laoch do chur 'n-a thóraidheacht; is rugadar air, is do ghabh Íoth féin deireadh ar a mhuinntir,
is rug leis iad go Maigh Íotha budh thuaidh, gur fearadh coimheascar eatorra, gur thuit Íoth ann; agus rugadar a mhuinntear leo é 'n-a luing, gur éag sé ar muir aca, agus gur hadhnaiceadh san Easpáinn é iar dtaispéanadh a chuirp do mhacaibh Míleadh da ngreannughadh ré teacht da dhíoghail go hÉirinn ar chloinn Chearmada. Is céadfaidh do dhruing ré seanchus gurab ar Druim Lighean do marbhadh Íoth is gurab ar Maigh Íotha do hadhnaiceadh é. Gidheadh is cinnte agus is fírinnighe an chéadfaidh thuas. Do ghabháil mhac Míleadh ar Éirinn annso, agus da ndálaibh, agus cia an chríoch as a dtángadar go hÉirinn. Adeir Hector Boetius, san treas caibidil do stair na hAlban, gurab clann do Ghaedheal Éibhear is Éireamhón. Gidheadh ní héidir sin do bheith fírinneach, do bhrígh, do réir Chormaic mic Cuileannáin 'n-a chroinic, gur bh' fhear comhaimsire do Mhaoise Gaedheal; agus adeir mar an gcéadna do réir an Leabhair Ghabhála gurab i gcionn trí mbliadhan ar cheithre fichid ar dhá chéad iar mbáthadh Pharao tángadar mic Mhíleadh i nÉirinn, agus da réir sin nar bh'éidir Gaedheal do bheith 'n-a athair ag Éibhear ná ag Éireamhón. Is sollus fós do réir Chormaic san áireamh glún do-ní ó Ghalamh da ngairthí Mílidh Easpáinne, fá hathair d'Éibhear is d'Eireamhón, go Noe, nar bh'é Gaedheal fá hathair dóibh. Ag so, do réir Chormaic, an geinealach go Noe: Galamh mac Bile mic Breoghain mic Brátha mic Deaghátha mic Earchadha mic Eallóit mic Nuadhat mic Neanúil mic Eibric Ghlais mic Éibhir Ghlúinfhinn mic Láimhfhinn mic Aghnóin mic Táit mic Ogamain mic Beodhamain mic Éibhir Scuit mic Srú mic Easrú mic Gaedhil Ghlais mic Niuil mic Féiniusa Farsaidh mic Baath mic Magog mic Iafet mic Noe.
Gibé do léaghfadh stair Hector Boetius do mheasfadh go saoileann sé gurab ó Ghaedheal éigin oile tángadar Gaedhil Alban seoch an Gaedheal ó dtángadar Éireannaigh. Gidheadh is leor liom ughdar barántamhail Albanach, da ngairthear Ioannes Maior, ag a rádh gurab ó Ghaedhealaibh Éireann tángadar Gaedhil Alban. Ag so mar adeir: "Adeirim ar an adhbhar soin" ar sé "gibé dream ó bhfuil bunadhas na nÉireannach, gurab ón ndruing gcéadna tángadar Albanaigh." Tig Beda leis an ní-se i Stair Eaglaise na Sacsan mar a n-abair, libro 1#o#, cap. 1#o#, "I gcionn sealad aimsire do ghlac an Bhreatain, i ndiaidh na mBreathnach is na bPict, an treas cine i gcuid nó i mír na bPict, cine do thriall a hÉirinn mar aon ré na dtaoiseach Rhéada, do ghreamuigh i measc na bPict ionadh suidhe dóibh féin, lé cáirdeas nó lé harm, atá 'n-a seilbh gus an am so." As so is iontuigthe do réir Bheda gurab a hÉirinn do chuadar cine Scuit lé Rhéada a dtaoiseach féin go hAlbain, agus go bhfuilid a sliocht ann ó shoin agus gurab díobh ghairmthear Scuit. Ag so mar adeir Humfredus, ughdar Breathnach, "Atá a dhearbh aca féin is ag cách gurab clann d'Éireannchaibh na Scuit is gurab aonainm amháin ghairmid lucht ar dtíre-ne (.i. na Breathnaigh) dhíobh mar atá Gaedhil." Atá fós Cambrens san seiseadh caibidil déag don treas distinct don leabhar do scríobh ar thuarasgbháil na hÉireann, da fhoillsiughadh gurab ré linn Néill Naoighiallaigh do bheith i bhflaitheas Éireann do chuaidh seisear mac Mhuireadhaigh ríogh Uladh go hAlbain gur ghabhadar neart is arrachtas ann; agus gurab fán am soin tugadh Scotia d'ainm ar Albain ar dtús, agus gurab ón gcloinn sin ríogh Uladh ghairmthear cine Scuit d'Albanchaibh. Ag so mar adeir, ag labhairt ar
an gcloinn sin, "Agus as sin," ar sé, "is uatha do craobhscaoileadh is do gairmeadh go speisialta cine Scuit do Gaedhealaibh Alban ón am soin gus aniú." Do réir a ndubhramar is bréagach an dá ní mheasas Hector Boetius i Stair na hAlban: an chéadní dhíobh, mar shaoileas gurab é Gaedheal fá hathair do chloinn Mhíleadh; agus an dara ní mar mheasas gurab ó Ghaedheal éigin ar leith tángadar fine Ghaedhil na hAlban seoch an Gaedheal ó dtángadar mic Mhíleadh lér gabhadh Éire. Adeir Buccananus ughdar Albanach san Stair ro scríobh ar Albain gurab ón bhFraingc tángadar mic Mhíleadh i nÉirinn; agus do-bheir, dar leis féin, trí réasúin ris sin; an céidréasún díobh, mar a n-abair go raibhe an Fhraingc cómh daoineach soin go ndéineadh an chuid don Fhraingc ré ráidhtear Gallia Lugdunensis trí chéad míle fear infheadhma; agus uime sin gur chosmhail gur bhrúcht sí foirne uaithe d'áitiughadh críoch oile, agus da réir sin gur chuir sí fuireann d'áitiughadh na hÉireann, mar atáid fine Ghaedhil. Mo fhreagra ar an réasún-so, nar bh'fheas don ughdar-so cá tráth tángadar mic Mhíleadh i nÉirinn, agus mar sin nar bh'fheas dó ar dhaoineach nó ar bh'uaigneach don Fhraingc an tan tángadar mic Mhíleadh i nÉirinn. Dá mbeith fós go mbiadh an Fhraingc comh líonmhar is adeir seisean a beith fá dhaoinibh an tan tángadar mic Mhíleadh i nÉirinn, ní hiontuigthe go héigeantach as sin gurab ón bhFraingc tiocfadaois mic Mhíleadh. Óir ciodh fár chóra don Fhraingc bheith líonmhar fá dhaoinibh an tráth soin ioná don Spáinn ó dtángadar mic Mhíleadh? Dá bhrígh sin is iontuigthe gurab suarach an réasún-so chuireas Buccananus síos ag a chruthughadh gurab ón bhFraingc tángadar mic Mhíleadh do réir a mbunadhasa. An dara baramhail baothánta do-bheir gurab ón bhFraingc tángadar mic Mhíleadh i nÉirinn, do bhrígh go bhfuilid focail Fhraingcise is Ghaedhilge ionann, mar atá dris agus dún atá
ionann i bhFraingcis is i nGaedhilg, agus beagán oile da gcosmhaileas. Mo fhreagra ar an réasún-so go bhfuilid focail as gach aointeangaidh ar airleagadh san cheathramhadh mír don Ghaedhilg ré ráidhtear Béarla Teibidhe ó aimsir Féiniusa Farsaidh anuas; agus mar sin amhail atáid focail ón bhFraingcis innte atáid focail ón Spáinnis ón Eadáilis ón nGréigis ón Eabhra ón Laidin is ó gach prímhtheangaidh oile innte. Agus uime sin ní suidhiughadh ar Ghaedhealaibh do thigheacht ón bhFraingc go mbiadh beagán focal ionann i nGaedhilg is i bhFraingcis. Agus fós an beagán focal atá ionann eatorra, measaim gurab ó Éirinn rugadh don Fhraingc iad, agus is móide mheasaim sin mar adeir Caesar san seiseadh leabhar da Stair gurab ó oiléanaibh na Breatan do chuadar draoithe don Fhraingc do bhíodh 'n-a mbreitheamhnaibh aca, agus ag a mbíodh tearmann is saoirse is cádhas ó uaislibh na Fraingce.
XX. Is inmheasta gurbh é oiléan na hÉireann an t-oiléan soin as a thrialladar na draoithe don Fhrainc do bhrígh gur bh'í Éire tobar draoidheachta iarthair Eorpa an tan soin, agus gur bh' í an Ghaedhealg fá teanga do na draoithibh céadna. Nó má's ón Mhanainn do thrialladar, is follus gurab í an Gaedhealg fá teanga dhíleas ann sin, do réir Ortelius ag labairt ar Mhanainn, mar a n-abair: "Gnáthuighid" ar sé "teanga na Scot nó an Ghaedhealg atá ionann." Da réir sin, ré linn bheith ag múnadh do na draoithibh san bhFraingc, is cosmhail gur thógbhadar aos óg na Fraingce, ó bheith i gcaidreamh na ndruadh, suim éigin d'fhoclaibh na Gaedhilge is go bhfuilid ar aithidhe i measc na Fraingcise ó shoin i le; agus fós go n-abair Camdenus, san leabhar da ngairthear Britannia Camdeni, gurab mó do theagascdaois na draoithe fán am soin ó theagasc beoil ioná ó scríbhinn da scolaibh. Adhbhar oile fós as nar bh'iongnadh focail Ghaedhilge do bheith i measc na Fraingcise, ar mhéid an chaidrimh do bhí ag Eireannchaibh ré Frangcaibh, óir adeir an Leabhar Gabhála gur bh' inghean do rígh Frangc fá bean d'Ughaine Mhór fá hairdrí ar Éirinn, agus do chuaidh an tUghaine-se do ghabháil neirt na Fraingce. Do chuaidh fós airdrí oile do bhí ar Éirinn .i. Niall Naoighiallach, aimsear imchian d'éis Ughaine, do ghabháil neirt na Fraingce, gur marbhadh ag sruth Loeir san bhFraingc é lé hEochaidh mac Éanna Chinnsealaigh rí Laighean. Do chuaidh Criomhthann mac Fiodhaigh rí Éireann ria Niall don Fhraingc. Do chuaidh fós airdrí oile do bhí ar Éirinn, mar atá Dáthí mac Fiachrach d'iarraidh neirt do ghabháil ar an bhFraingc gur mharbh caor theintighe san leith thoir don Fhraingc láimh ré sliabh Alpa é. Adeir mar an gcéadna Cornelius Tacitus go raibhe roinn is caidreamh
ceannaidheachta idir Éirinn is an Fhraingc. Do réir a ndubhramar, ní hiongnadh airleagadh focal do bheith ón Ghaedhilg san bhFraingcis, is ón bhFraingcis i nGaedhilg. Gidheadh ní hiontuigthe as sin go héigeantach gurab ón bhFraingc do thrialladar fine Ghaedhil i nÉirinn. Uime sin is suarach an dara baramhail do-bheir Buccananus. Is bréagach fós an treas baramhail do bheir Buccananus, mar a n-abair gurab ionann nóis is béasa do Fhrangcaibh is d'Éireannchaibh. Cibé iomorro léighfeas Ioannes Bohemus san leabhar ro scríobh do bhéasaibh is do nósaibh an uile chinidh, do-ghéabha go follus ann nach ionann nóis náid béasa na bhFrangcach is na nÉireannach anois ná i n-allód. Da réir sin is bréagach an treas réasún do-bheir mar chruthughadh ar shliocht Gaedhil do thriall ar dtús ón bhFraingc i nÉirinn. Adeirid cuid do na nuaGhallaibh-se ag scríobhadh ar Éirinn gurab ón Bhreatain Mhóir tángadar mic Mhíleadh ar dtús; agus is é fáth fá saoilid sin, do bhrígh go bhfuilid iomad focal ionann i nGaedilg is i mBreatnais. Mo fhreagra ar an réasún-so nach suidhiughadh ar aicme Ghaedhil do thigheacht ón Bhreatain Mhóir é ar dtús. Dá adhbhar atá ris sin. An céadadhbhar dhíobh, do bhrígh gurab í an Ghaedhealg fá teanga dhíleas do Bhriotán mac Fearghusa Leithdheirg mic Neimhidh, agus gurab uaidh ráidtear Britannia re Breatain do réir Chormaic mic Cuilleannáin is Leabhar nGabhála na hÉireann; agus gurab i mBreatain do áitigh sé féin is a shliocht da éis; gur chuir Éireamhón mac Míleadh Cruithnigh ré ráidhtear Picti ag comhroinn na hAlban riú, agus go dtáinig Brutus mac Siluias, ma's fíor do chuid da gcroinicibh féin, isteach orra is Rómhánaigh 'n-a dhiaidh sin, agus Saxones da éis sin, agus Lochlonnaigh is fá dheireadh Uilliam Concúr is na Frangcaigh, ionnus go dtáinig an oiread soin d'anfhorlann eachtrann orra nar bh'iongnadh an Scoitbhéarla,
fá teanga do Briotán is da shliocht da éis, do dhul i mbáthadh. Gidheadh, an t-iarmhar beag atá ar marthain di gan múchadh uile, atá sí féin agus an Ghaedhealg ionann, an mhéid atá ó aimsir Bhriotáin gan malairt di. An dara hadhbhar as nach iongnadh iomad focal do bheith ionann san Bhreathnais is san Ghaedilg, gion gurab on mBreatain tángadar mic Mhíleadh i nÉirinn, do bhrígh gur bh'í Éire fá cúil dídin do Bhreathnaibh ré linn gach leathtruim da luigheadh orra, do bhíthin na Rómhánach is na Sacsanach nó gach druinge oile da n-imreadh foirneart orra, ionnus go dtigdís foirne iomdha go n-a muirear is go n-a muinntearaibh is go n-a maoin ar teitheadh i nÉirinn díobh, go dtugdaois uaisle na hÉireann fearann ar feadh a gcuarta dhóibh; agus an sliocht tigeadh uatha ré linn a ndeoraidheachta, do fhoghlamthaoi an Ghaedhealg leo, agus go bhfuilid bailte i nÉirinn ainmnighthear uatha mar atá Gráig na mBreathnach is Baile na mBreathnach is Dún na mBreathnach etc; agus iar dtilleadh don Bhreatain tar a n-ais dóibh do bhíodh iomad focal don Ghaedhilg ar gnáthughadh aca is ag a sliocht da n-éis. Do réir a ndubhramar ní hinmheasta go héigeantach gurab ón mBreatain tángadar mic Mhíleadh ar dtús, tar ceann go bhfuilid focail ionanna san Bhreathnais is i nGaedhilg. Gibé adéaradh fós gurab cosmhail na Breathnaigh is na Gaedhil 'n-a nósaibh is 'n-a mbéasaibh ré chéile, óir mar bhíos an Gaedheal neamhchomhuightheach fá bhiadh do thabhairt i n-aiscidh uaidh, is mar sin bhíos an Breathnach; mar bhíos fós cion ag an Éireannach ar na seanchaidhibh, ar an aos dána, ar na bárdaibh, is ar aos seanma na gcláirseach, bí a shamhail sin do chion ag an mBreathnach ar an druing céadna agus bíd mar sin cosmhail ré chéile i mórán do bhéasaibh oile; gidheadh ní suidhiughadh sin ar Ghaedhealaibh do thigheacht ón mBreatain acht is mó is suidhiughadh é ar aithidhe do bheith ag Breathnaibh i nÉirinn, amhail adubhramar thuas; agus da réir sin ní hiontuigthe as na réasúnaibh réamhráidhte gurab ón mBreatain Mhóir tángadar mic
Mhíleadh ar dtús. Gidheadh is éidir go fírinneach a rádh go ndeachadar drong do shliocht Bhreoghain a hÉirinn d'áitiughadh na Breatan Móire, mar atá cuid do shliocht na dtaoiseach do chlannaibh Breoghain táinig lé macaibh Míleadh i nÉirinn. Ag so anmanna na mac soin Breoghain táinig i nÉirinn lé macaibh Míleadh, mar atá Breagha Fuad Muirtheimhne Cuailgne Cuala Eibhle Bladh is Nár. Is da sliocht-so go cinnte do réir seanchusa na hÉireann an dream ré ráidhtear Brigantes; agus is córaide sin do mheas 'n-a fhírinne mar adeir Tomasius san bhfoclóir Laidne ro scríobh gurab pobal ó Éirinn na Brigantes .i. clann Bhreoghain. Adeir ughdar Spáinneach darab ainm Florianus del Campo, ag teacht lé seanchus na hÉireann, gurab Spáinnigh do réir a mbunadhas na Brigantes agus gurab ón Spáinn tángadar i nÉirinn agus ó Éirinn don mBreatain. Is móide is ionchreidthe gach ní da ndubhramar do leith chaidrimh na mBreathnach lé hÉireannchaibh; agus gur bh' í Éire fá cúil dídin dóibh, mar adeir Caradocus ughdar Breathnach 'n-a chroinic agus Albion 'n-a chroinic, agus iomad d'ughdaraibh oile na mBreathnach, go dtigdís mórán do phrionnsaidhibh na Breatan agus da n-uaislibh go n-a muirear agus go n-a muinntir i nÉirinn, mar a ngabhthaoi riú, agus mar a nglacthaoi go cineálta iad, agus mar a dtugthaoi fearann ré háitiughadh dhóibh, amhail adubhramar thuas. Do-ní fós Doctúir Hanmer 'n-a chroinic speisialtacht ar chuid díobh. Ar dtús, adeir gur díbreadh go hÉirinn lé Eduin mac Athelfrid, rí do bhí ar an mBreatain, dar bh'ainm Cadualin, an tan fá haois don Tighearna 635, agus go bhfuair gabháil ris go grádhach ann, agus fuair congnamh sluaigh lér bhain sé a fhlaitheas féin amach arís. Adeir fós go dtángadar dá phrionnsa ó Bhreatain, mar atá Haralt agus Conan, go hÉirinn, an tan fá haois don Tighearna 1050, agus go bhfuaradar a nglacadh agus fós caidreamh agus cumhdach ó Éireannchaibh. Adeir mar an gcéadna go dtáinig Allgor iarla Chester ón mBreatain ar teitheadh
i nÉirinn, agus gur chuireadar Éireannaigh sluagh leis lér bhain a thalamh féin amach arís, an tan fá haois don Tighearna 1054. Táinig arís prionnsa oile do Breathnaibh dar bh' ainm Bleithin ap Conan ar teitheadh i nÉirinn an tan fá haois don Tighearna 1087; agus fuair congbháil ar feadh a chuarta innte. Mar sin dóibh i gcleamhnas is i gcaidreamh ó aimsir go haimsir. Léaghthar iomorro i gcroinic Hanmer gur phós Arnulfus iarla Pembroc inghean Mhuircheartaigh Uí Bhriain ríogh Éireann, an tan fá haois don Tighearna 1101. Agus do pósadh an dara hinghean dó lé Maghnus mac Arailt, rí na nOiléan. I n-aimsir fós an chéad-Henrí i ríoghacht Shacsan, do bhí prionnsa ar an mBreatain dar bh' ainm Griffin ap Conan do mhaoidheadh go minic gur bhean Éireannach fá máthair dó féin, agus fós fá seanmháthair, agus gurab i nÉirinn rugadh agus do béasmhúineadh é. Do réir an ughdair chéadna, do bhí fós prionnsa oile ar an mBreatain ré linn an dara Henrí, Biradus mac Guinethi fá hainm dó, agus fá bean Éireannach a mháthair. Mar sin do bhíodh iomad caidrimh cáirdeasa is cleamhnasa idir Ghaedhealaibh is na Breathnaigh, ionnus da réir sin nach ionchuir i n-iongantas iomad focal ionann do bheith 'n-a dteangthaibh leath ar leath agus cosmhaileas 'n-a mbéasaibh agus 'n-a nósaibh ré chéile, gion gurab ón mBreatain tángadar Gaedhil riamh do réir a mbunadhasa. Adeir Camden mar an gcéadna gur áitigheadar na Brigantes sna tíribh-se síos don Bhreatain Mhóir, mar atá críoch Yorke críoch Lancaster críoch Dhurham críoch Westmorland is críoch Chumberland; agus ní hiongnadh, do réir a ndubhramar, Breathnaigh is Éireannaigh do bheith cosmhail ré chéile 'n-a mbéasaibh is 'n-a nósaibh agus mórán focal ionann do bheith 'n-a dteangthaibh leath ar leath gion go dtángadar mic Míleadh do réir a mbunadhasa ó na Breathnaibh riamh, gan chead do Chamden adeir gurab ón mBrittania tángadar áitightheoire ar dtús i nÉirinn. Is córa
iomorro creideamhain do sheanchus Éireann, ar a bhfuil d'fhiachaibh fios is fíoreolas gach dála da dtarla d'Éirinn riamh do lorgaireacht is do choimhéad, ioná do bharamhail Chamden ris nar léig Seanchus Éireann a rún riamh as a mbeith fios dál na hÉireann aige. Adeir Cambrens, ag scríobhadh ar Éirinn, gurab ar fulong ríogh do bhí ar an mBreatain Mhóir tángadar mic Mhíleadh ón mBioscáin; agus fós gurab ar a tharraing tángadar 'n-a dhiaidh go hOrcades, agus gur chuir fuireann leo go hÉirinn da háitiughadh, ar eacht go mbeidís féin is a sliocht umhal dó féin is do ríoghaibh na Breataine Móire do shíor; agus is é ainm ghairmeas Cambrens don rígh-se Gorguntius mac Beilín. Mo fhreagra mar an gcéadna ar Chambrens gurab follus a bheith bréagach. Cibé iomorro léighfeas Croinic Stoo do-ghéabhaidh go follus nach fuil acht beagán lé trí chéad bliadhan ó fhlaitheas an Ghorguntius soin ar an mBreatain Mhóir go tigheacht Iulius Caesar da gabháil an t-ochtmhadh bliadhain do fhlaitheas Casibellanus ar an mBreatain Mhóir; agus léaghthar ag an ughdar gcéadna nach raibhe acht tuairim dá bhliadhan déag is dá fhichid ó Iulius Caesar go breith Chríost, ionnus, do réir áirimh Stoo, nach raibhe coimhlíonadh cheithre céad bliadhan ó aimsir Ghorguntius go gein Chríost. Gidheadh adeir Cormac mac Cuileannáin is Leabhair Ghabhála Éireann gurab tuairim trí chéad déag bliadhan roimh Chríost tángadar mic Mhíleadh i nÉirinn. Agus atá Policronicon ag teacht leo ar an áireamh gcéadna, mar a dtráchtann ar Éirinn. Ag so mar adeir: "Atáid" ar sé "míle is ocht gcéad bliadhan ó thigheacht na nÉireannach go bás Phádraig." Ionann soin ré a rádh is gurab tuairim trí chéad déag bliadhan sul rugadh Críost tángadar mic Mhíleadh i nÉirinn. Óir, bean an dá bhliadhain déag is cheithre fichid ar cheithre chéad ó ghein Chríost go bás Phádraig do na hocht
gcéad déag bliadhan úd áirmheas Policronicon do bheith ó thigheacht mhac Míleadh i nÉirinn go bás Phádraig, agus da réir sin atáid ocht mbliadhna ar thrí chéad déag ó thigheacht mhac Míleadh i nÉirinn go gein Chríost, ionnus go dtig Policronicon is Cormac mac Cuileannáin is na Leabhair Ghabhála lé chéile ar áireamh na haimsire ó ghabháil mhac Míleadh go gein Chríost; agus dá bhfromhthar, do réir Chroinic Stoo, an t-áireamh aimsire atá ó Ghorguntius go gein Chríost, agus mar an gcéadna, an t-áireamh aimsire do-ní Policronicon is Cormac mac Cuileannáin is na Leabhair Ghabhála ar an áireamh aimsire atá ó thigheacht mhac Míleadh i nÉirinn go gein Chríost do-ghéabhthar go follus go rabhadar mic Mhíleadh i nÉirinn tuilleadh is naoi gcéad bliadhan sul do ghabh Gorguntius flaitheas na Breataine Móire. Do réir a ndubhramar, is follus gur bhréag gan bharántus do rinne Cambrens 'n-a chroinic mar a n-abair gurab é an Gorguntius thuas do dháil mic Mhíleadh 'n-a dhiaidh go hOrcades, agus do chuir as sin go hÉirinn iad. Óir cionnus budh éidir do Ghorguntius a gcur i nÉirinn agus nach rugadh é féin, do réir gach ughdaráis da dtugamar síos annso, go ceann naoi gcéad bliadhan d'éis mhac Míleadh do thigheacht i nÉirinn?
XXI. Ag so síos do thigheacht mhac Míleadh i nÉirinn: Ar n-a chlos do mhacaibh Míleadh is do shliocht Breoghain uile go ndearnadar clann Chearmada feall ar Íoth mac Breoghain is ar a mhuinntir, agus ar bhfaicsin a chuirp créachtnuighthe marbh, do mheasadar teacht da dhíoghail i nÉirinn ar chloinn Chearmada, agus tionóiltear sluagh leo ré teacht i nÉirinn da gabháil ar Thuathaibh Dé Danann i ndíoghail na feilbheirte do rinneadar ar Íoth mac Breoghain is ar a mhuinntir. Adeirid cuid do na seanchaidhibh gurab ón mBioscáin do thrialladar mic Mhíleadh i nÉirinn as an áit ré ráidhtear Mondaca láimh ré hInnbhear Uerindo; agus is uime mheasaid sin, do bhrígh go raibhe Mílidh 'n-a rígh ar an mBioscáin tar éis mar do ruagadh lé foirneart iomad eachtrann a ceartlár na Spáinne é don Bhioscáin, mar a rabhadar iomad coillteadh is cnoc is daingneach ré cosnamh na Bioscáine ar anfhorlann eachtrann. Gidheadh ní hí so céadfaidh choitcheann na seanchadh, acht is eadh adeirid gurab ó thor Breoghain san Galisia do thrialladar i nÉirinn; agus is í sin céadfaidh is mó mheasaim do bheith fírinneach. Óir léaghthar san Leabhar Gabhála gurab ag tor Breoghain do chinneadar ar Íoth mac Breoghain do chur do bhraith na hÉireann, agus gurab ann táinig Lughaidh mac Íotha iar dtilleadh a hÉirinn dó lé corp a athar da thaispeánadh do chloinn Mhíleadh is do mhacaibh Breoghain; agus measaim da réir sin gurab as an áit chéadna do thrialladar i nÉirinn iar n-éag do Mhílidh go grod roimhe sin, agus do bhíthin bháis Mhíleadh, táinig Scota mar aon ré n-a chloinn i nÉirinn, ar mbeith don Spáinn an tráth soin 'n-a cnáimh choinghleaca idir an bhfuirinn do bhí san Spáinn féin agus iomad eachtrann táinig a tuaisceart na hEorpa do ghabháil neirt orra.
Dála chloinne Míleadh, tionóiltear sluagh leo ré teacht i nÉirinn do dhíoghail Íotha ar Thuathaibh Dé Danann is ar chloinn Chearmada, is do ghabháil na hÉireann orra; agus is é líon taoiseach do bhí aca ré ceannas feadhna do dhéanamh, dá fhichid, do réir mar léaghthar san duain darab tosach: Tóisigh na luingse tar lear, do rinne Eochaidh Ó Floinn:
Tóisigh na luingse tar lear 'N-a dtángadar mic Mhíleadh; Budh meabhair liom-sa rém lá A n-anmann, a n-oidheadha. Eibhle Fuad Breagha Bladh binn Lughaidh Muirtheimhne ón muirlinn; Buas Breas Buaidhne na mbríogh mór, Donn Ír Éibhear Éireamhón. Aimhirgin Colpa gan chrádh Éibhear Airioch Arannán; Cuala Cuailgne Nár amne, Muimhne Luighne is Laighne, Fulmán Manntán Bile séimh, Ér Orba Fearón Feirghéin; Én Ún Eatan Goistean gle Séadgha Sobhairce Suirghe. Palap mac Éireamhóin áin Agus Caichér mac Manntáin; Do dhíoghail Íotha na n-each Tríochad deichneabhar tóiseach. Tóisigh.
Tríochad long líon an chabhlaigh do bhí aca, agus tríochad laoch i ngach luing díobh, gan áireamh a mban ná a ndaoscarshluagh. Ag so a n-anmanna: Breagha mac Breoghain ó ráidhtear Magh Breagh i Midhe; Cuala mac Breoghain ó ráidhtear Sliabh Cuala; Cuailgne mac Breoghain ó ráidhtear Sliabh Cuailgne; Fuad mac Breoghain ó bhfuil Sliabh Fuaid; Muirtheimhne mac Breoghain ó ráidhtear Magh Muirtheimhne; Lughaidh mac Íotha táinig i nÉirinn do dhíoghail a athar is
uaidh adeirthear Corca Laighe i ndeisceart Mumhan; Eibhlinne mac Breoghain ó bhfuil Sliabh nEibhlinne san Mhumhain; Buas Breas is Buaidhne trí mic Tighearnbhaird mic Brighe; Nár ó ráidhtear Ros Náir i Sliabh Bladhma; Séadgha Fulmán Manntán Caichér is Suirghe mac Caichér; Ér Orba Fearón is Feargna cheithre mic Éibhir; Én Ún Eatan is Goistean; Sobhairce, ní feas dúinn a athair; Bile mac Brighe mic Breoghain; ocht mic Mhíleadh Easpáinne, mar atá Donn is Airioch Feabhruadh Éibhear Fionn is Aimhirgin Ír is Colpa an Chloidhimh Éireamhón is Arannán an sóisear agus cheithre mic Éireamhóin, mar atá Muimhne Luighne is Laighne is Palap, agus aonmhac Ír .i. Éibhear. Is iad soin iomorro an dá fhichid taoiseach tángadar mic Mhíleadh i nÉirinn. Írial Fháidh mac Éireamhóin, cheana, i nÉirinn féin rugadh é. Dála chloinne Míleadh is a gcabhlaigh, ní haithristear aoinní da scéalaibh gur ghabhadar cuan ag Innbhear Sláinghe i n-íochtar Laighean, áit ris a ráidhtear cuan Locha Garman aniú. Cruinnighid is coimhthionóilid Tuatha Dé Danann 'n-a dtimcheall gur chuireadar ceo draoidheachta ós a gcionn, ionnus gur taidhbhrigheadh dóibh gur dhruim muice an t-oiléan ar a gcionn, agus is de sin ráidhtear Muicinis ré hÉirinn. Ruaigthear iomorro lé draoidheacht Thuatha Dé Danann mic Mhíleadh ón dtír amach, gur ghabhadar timcheall Éireann, agus do ghabhsad cuan i nInnbhear Scéine i n-iarthar Mhumhan; agus ar dteacht i dtír dhóibh triallaid go Sliabh Mis go dtarla Banbha go n-a bantracht is go n-a draoithibh orra ann. Fiafruighis Aimhirgin a hainm dhi. "Banbha mh'ainm" ar sí "agus is uaim ráidhtear Inis Banbha ris an oiléan-so." Triallaid as sin i Sliabh Eibhlinne go dtarla Fódla dhóibh ann, agus fiafruighis Aimhirgin a hainm dhi. "Fódla mh'ainm" ar sí "agus is uaim ráidhtear Fódla ris an
gcrích-se." Triallaid as sin go hUisneach Midhe, go dtarla Éire dhóibh san áit sin agus fiafruighis an file a hainm dhi. "Éire mh'ainm" ar sí "agus is uaim ráidhtear Éire ris an oiléan-so." Agus is ag faisnéis an neithe-se thuas atá an rann-so as an duain darab tosach: Canam bunadhas na nGaedheal:
Banbha i Sliabh Mis go slóghaibh Séithreach tuisleach; Fódla i Sliabh Eibhlinne asnach, Éire i nUisneach.
Ag so thuas an triúr bainríoghan fá mná do thrí macaibh Cearmada; agus adeirid cuid dona seanchaidhibh nach roinn tréanach do bhí ar Éirinn ag cloinn Chearmada, acht sealaidheacht bliadhna ag gach fear díobh agus is é ainm mhná an té aca do bhíodh i bhflaitheas do bhíodh ar an gcrích ar feadh na bliadhna soin. Ag so deismireacht ar an sealaidheacht flaithis sin:
Gach ré mbliadhain do bhíodh soin An righe ag na flathaibh, Éire Fódla is Banbha Triúr ban na laoch lánchalma.
Triallaid mic Mhíleadh as sin go Teamhair go dtarladar trí mic Chearmada .i. Eathúr Ceathúr Teathúr go n-a sluagh draoidheachta orra ann; agus iarraid mic Mhíleadh cath nó ceart um cheann na críche ar chloinn Chearmada, agus adubhradar-san go dtiubhradaois breath Aimhirgin a ndearbhráthar féin dhóibh agus dá mbeireadh breath éagcóir orra, go muirbhfidís tré dhraoidheacht é. Is í breath rug Aimhirgin ar chloinn Míleadh triall tar a n-ais go hInnbhear Scéine, is iad féin go líon a sluagh do dhul 'n-a longaibh agus dul feadh naoi dtonn san muir amach, agus dá roicheadh leo teacht i dtír
d'aimhdheoin Tuatha Dé Danann ceart na críche do bheith aca. Agus do ba lór lé Tuathaibh Dé Danann sin, óir do mheasadar go dtiocfadh da ndraoidheacht féin gan a léigean tar a n-ais don chrích chéadna go bráth. XXII. Iomthúsa chloinne Míleadh triallaid tar a n-ais go hInnbhear Scéine, is téid siad 'n-a longaibh feadh naoi dtonn san muir amach, amhail do orduigh Aimhirgin dóibh. Mar do chonncadar draoithe Thuath Dé Danann iad-san ar an muir, do thógbhadar gaoth gháibhtheach gheintlidhe do chuir anfadh ar an muir; agus adubhairt Donn mac Míleadh gur ghaoth draoidheachta í. "Is eadh," ar Aimhirgin. Leis sin téid Arannán sóisear chloinne Míleadh san seolchrann suas, agus lé sonnadh da dtug an ghaoth tuitis Arannán ar chláraibh na luinge, gur marbhadh amhlaidh sin é. Agus leis sin do dhealuigh luascadh na garbhghaoithe an long 'n-a raibhe Donn ré cách, agus go grod da éis sin do báthadh é féin is lucht na luinge mar aon ris, mar atá ceathrar ar fhichid do laochraidh agus cúigear taoiseach, mar atá Bile mac Brighe Airioch Feabhruadh Buan Breas is Buaidhne agus dá mhnaoi dhéag agus ceathrar amhus agus ochtar ré hiomramh, caogad macaomh ar daltachas; agus is é áit 'n-ar báthadh iad ag na Dumhachaibh ré ráidhtear Teach Duinn i n-iarthar Mhumhan. Agus is ó Dhonn mac Míleadh do báthadh ann ghairmthear Teach Duinn de. Gonadh ag faisnéis bháis Duinn is na n-uasal-so do báthadh mar aon ris atá Eochaidh Ó Floinn san duain darab tosach: Tóisigh na luingse tar lear. Ag so mar adeir:
Donn is Bile Buan a bhean, Dil is Airioch mac Míleadh, Buas Breas Buaidhne go mbloidh, Do báthadh ag Dumhachaibh.
Ir mac Míleadh, iomorro, do scar an t-anfadh an long 'n-a raibhe ris an gcabhlach is do cuireadh i n-iarthar Dheasmhumhan
i dtír í; gur bathadh Ír ann agus gur hadhnaiceadh ag Sceilig Mhichíl é, amhail adeir an t-ughdar céadna:
Aimhirgin file na bhfear Marbh i gcath Bhile Theineadh; Marbh Ír ag Sceilig na scál, 'S is marbh san luing Arannán.
Gabhais Éireamhón, go gcuid don luingeas mar aon ris, lámh chlé ré hÉirinn go ráinig bun Innbheir Cholpa ré ráidhtear Droichead Átha. Is uime trá ghairthear Innbhear Cholpa don abhainn sin, do bhrígh gurab innte do báthadh Colpa an Chloidhimh mac Míleadh ag teacht i dtír ann mar aon ré hÉireamhón mac Míleadh. Is follus as sin gur báthadh cúigear do chloinn Mhíleadh sul do bheanadar sealbh Éireann do Thuathaibh Dé Danann; gonadh uime sin do rinne file éigin an rann-so:
Do báthadh cóigear díobh sin Do chlannaibh meara Mílidh; I gcuantaibh Éireann na rann, Lé draoidheacht Thuath Dé Danann:
mar atá Donn is Ír, Airioch Feabhruadh, Arannán is Colpa an Cloidhim, ionnus nach raibhe beo don chloinn chéadna ré linn na hÉireann do bhuain do Thuathaibh Dé Danann acht triúr, mar atá Éibhear Éireamhón is Aimhirgin. Iomthúsa na druinge oile do mhacaibh Míleadh tángadar i dtír i nInnbhear Scéine, mar atá Éibhear go n-a fhuirinn féin do chabhlach. Tarla Éire bean Mhic Gréine ar Sliabh Mis riú i gcionn trí lá iar dteacht i dtír dóibh, agus is ann sin tugadh Cath Sléibhe Mis idir iad féin is Tuatha Dé Danann, áit ar thuit Fás bean Úin mic Uige, agus is uaithe ráidhtear Gleann Fáis ris an ngleann atá ar Sliabh Mis da ngairthear aniú Gleann Fáis; gonadh da dhearbhughadh sin adeir an file an rann-so:
Gleann Fáis 's é an forus fíor, Gan imreasan gan imshníomh; Fás ainm na mná luaidhtear linn, Do marbhadh isin mórghlinn.
Is san chath chéadna do thuit Scota bean Mhíleadh, agus don leith thuaidh don ngleann soin atá sí adhlaicthe, láim ré muir; agus is do shuidhiughadh a báis is a fearta atáid an dá rann-so síos as an laoidh chéadna:
Is san gcath soin fós, ní chél, Fuair Scota bás is bithég; Ó nach maireann i gclí chain Fuair a marbhadh san ghleann-sain. De sin atá san leith thuaidh Feart Scota san nglionn nglanfhuar; Idir an Sliabh láimh ré linn Ní cian do cháidh ón gcoimhling.
Fá hé sin an céadchath tugadh idir mhacaibh Míleadh is Thuatha Dé Danann, amhail adeir an laoidh chéadna:
Céadchath mhac Míleadh go mblaidh, Ar dteacht a hEaspáinn éachtaigh, Ag Sliabh Mis fá mana leoin, Is forus fis is fíreoil.
Is iad an dias ban úd do luaidheamar, mar atá Scota is Fás, agus an dá dhraoi ba dearscnaighthe aca, mar atá Uar is Eithiar, dream ba táscamhla d'fhine Ghaedhil dar thuit san chath soin. Acht cia do marbhadh trí chéad díobh, gidheadh do marbhadh leo-san deich gcéad do Thuathaibh Dé Danann agus cuirid i raon madhma amhail séin iad; agus gabhais Éire .i. bean Mhic Gréine deireadh orra agus triallais go Tailltean agus nochtais a dáil do chloinn Chearmada. Anaid iomorro mic Mhíleadh ar láithreach an chatha, ag adhnacal na druinge da muinntir do marbhadh, is go háirithe ag adhnacal an dá dhruadh; gonadh aire sin do rinne an file na roinn seanchusa-so síos:
Fágbham san maidin Sliabh Mis, Fuaramar ágh is aithis; Ó chlannaibh an Daghdha duinn Do lannaibh calma comhluinn.
Do chuirsiom cath go calma Ar shiabhraibh Inse Banbha; Dar thuit deich gcéad ceann i gceann Linn do Tuathaibh Dé Danann. Sé caogad fear dar ndáimh-ne Do shluagh adhbhal Easpáinne, Ag sin a dtorchair dar sluagh, Ré heasbhaidh an dá dheaghdhruadh: Uar agus Eithiar na n-each Ionmhain dias dhána dheimhneach; Leac ós a leachtaibh go lom, 'N-a bhfeartaibh Féine fágbhom.
Ochtar iomorro do thaoiseachaibh an tsluaigh do thuit ar muir lé draoidheacht Thuaithe Dé Danann, amhail adubhramar thuas, mar atá Ír i Sceilig Mhichíl, Arannán as an seolchrann Donn go n-a chúigear taoiseach ar n-a mbáthadh ag Teach Duinn. Do thuiteadar fós ocht ríoghna ann .i. dias díobh mar aon ré Donn, mar atá Buan bean Bhile, is Dil inghean Mhíleadh Easpáinne, bean is siúr Dhuinn. Do báthadh iomorro Scéine bean Aimhirgin i n-Innbhear Scéine, gonadh uaithe ghairmthear Innbhear Scéine don abhainn atá i gCiarraidhe. Fuair Fial bean Lughaidh mic Íotha bás do náire ar bhfaicsin a nochta da céile ar dteacht ó shnámh dhi; gonadh uaithe ghairmthear Innbhear Féile don abhainn sin ó shoin i le; do marbhadh fós Scota is Fás i gCath Sléibhe Mis, amhail adubhramar thuas. Do éagadar fós dias eile dhíobh, mar atá bean Ír is bean Muirtheimhne mic Breoghain; gonadh iad sin na hocht ríoghna is na hocht dtaoisigh do cailleadh do shluagh chloinne Míleadh ó theacht i nÉirinn dóibh go cur Chatha Tailltean. Ag so síos anmanna an mhóirsheisir sin ban is fearr táinig lé macaibh Míleadh i nÉirinn do réir an Leabhair Ghabhála: Scota Tea Fial Fás Líobhra Odhbha agus Scéine. Ag so síos suidhiughadh an tseanchaidh air sin, agus
cia an fear do bhí ag gach mnaoi dhíobh ag ar mhair a fear ag teacht i nÉirinn dóibh.
Seacht mná is fearr táinig i le Lé macaibh Míleadh uile: Tea Fial Fás, feairrde dhe, Líobhra Odhbha Scot Scéine. Tea bean Éireamhóin na n-each, Is Fial fós fá bean Luighdheach; Fás bean Úin mic Oige iar sin, Agus Scéine bean Aimhirgin. Líobhra Bean Fhuaid, caoin a bla, Scota an aontumha is Odhbha; Ag sin na mná nachar mhear Táinig lé macaibh Míleadh.
Iomthúsa chloinne Míleadh, an drong díobh táinig i dtír le hÉibhear, lér cuireadh Cath Sléibhe Mis, triallaid i ndáil Éireamhóin go bun Innbhir Cholpa; agus mar rángadar a chéile ann sin do fhógradar cath ar thrí macaibh Cearmada is ar Tuaithaibh Dé Dannan ar cheana. Is ann sin do cuireadh Cath Tailltean eatorra agus do chuaidh an briseadh ar chloinn Chearmada ag macaibh Míleadh áit ar thuit Mac Gréine lé hAimhirgin, Mac Cuill lé hÉibhear, agus Mac Céacht lé Éireamhón, amhail adeir an seancha:
Atrorchair Mac Gréine geal I dTailltean lé hAimhirgean; Mac Cuill lé hÉibhear an óir, Mac Cécht do láimh Éireamhóin.
Do thuiteadar fós a dtrí ríoghna ann, mar atá Éire is Fódla is Banbha; gonadh uime sin is da dhearbhadh cia an dream lér thuiteadar, do rinne an seancha an rann-so:
Fódla lé hEatan go n-uaill, Lé Caichér Banbha go mbuaidh; Éire sonn lé Suighre iar sin: Is iad oidheadha an trír sin.
Tuitid iomorro urmhór shluagh Thuath Dé Dhanann ar cheana agus ar mbeith ag leanmhain na ruaige do shluagh mhac
Míleadh san aird budh thuaidh marbhthar san tóraidheacht soin dá thaoiseach do shluagh mhac Míleadh, mar atá Cuailgne mac Breoghain ar Sliabh Cuailgne agus Fuad mac Breoghain ar Sliabh Fuaid. XXIII. Tar éis iomorro Tuath Dé Danann do dhíbirt, is na hÉireann do bheith ar a gcumas féin aca, roinnis Éibhear is Éireamhón Éire eatorra; agus do réir druinge ré seanchus, is í roinn do rinneadh eatorra, an leath thuaidh do bheith ag Éireamhón ó Bhóinn is ó Shruibh Broin budh thuaidh; is ón teorainn chéadna budh dheas go Tuinn Clíodhna ag Éibhear. Ag so mar adeir an seancha ar an roinn-se. Éireamhón is Éibhear ard, tosach na duaine:
Ar an leith thuaidh, beart gan bhrón, Gabhais an fhlaith Éireamhón Ó Shruibh Broin, buadhach an roinn, Tar gach mbuidhin go Bóainn. Éibhear mac Míleadh go rath Do ghabh an leath theas deaghmhaith; Ó Bhóinn fuair, fá cródha an roinn, Go tuinn inghine Geanoinn.
Téid iomorro cúigear do phríomhthaoiseachaibh shluaigh mhac Míleadh lé hÉireamhón ar a mhir féin don roinn, agus gabhaid fearann uaidh, agus do rinne gach neach díobh dúnphort 'n-a roinn féin don fhearann. Ag so an cúigear taoiseach do ghabh lé hÉireamhón, mar atá Aimhirgin Goistean Séadgha Sobhairce is Suirghe. Ag so síos na ríoghratha do tógbhadh lé hÉireamhón is lé n-a chúigear taoiseach. Ar dtús do thógaibh sé féin Ráith Beitheach i nAirgeadros ar bruach na Feoire i nOsruighe. Do thógaibh fós Aimhirgin Turlach Innbhir Mhóir. Do tógbhadh lé Sobhairce Dún Sobhairce. Do tógbhadh lé Séadgha Dún Deilginse i gcrích Chualann. Do
tógbhadh lé Goistean Cathair Náir. Do tógbhadh lé Suirghe Dún Éadair. Ag so an cúigear do ghabh lé hÉibhear, mar atá Caichér Manntán Én Oige is Fulmán. Do tógbhadh mar an gcéadna ráith leis gach n-aon díobh. Ar dtús do tógbhadh lé hÉibhear féin Ráith Eoamhain i Laigheanmhaigh; lé Caichér Dún Inn i n-iarthar Éireann; lé Manntán Cumhdach Cairrge Bladhruidhe; lé hÉn mac Oige Ráith Airde Suird; lé Fulman Ráith Chairrge Feadha. Cúig glúine déag is fiche ó Éibhear go hÁdhamh, mar adeir an file:
Cúig glúine déag ré a ndeaghoil, Is fiche glún geinealoigh, Tréad féinneadh gan cruas um chradh Suas ó Éibhear go hÁdhamh.
Is i céadfaidh dhruinge oile ré seanchus gurab í roinn do rinne Éibhear is Éireamhón ar Éirinn, dá Chúigeadh Mumhan do bheith ag Éibhear; Cúigeadh Connacht is Cúigeadh Laighean do bheith ag Éireamhón; is Cúigeadh Uladh do bheith ag Éibhear mac Ír mic Míleadh agus ag cuid oile do na taoiseachaibh táinig lé macaibh Míleadh; is tríocha céad Chorca Laighdhe san Mhumhain teas tugadar do Lughaidh mac Íotha mac dearbhráthar a seanathar. Agus is móide mheasaim an chéadfaidh sin do beith fírinneach gurab i Laighnibh do bhí príomhlongport Éireamhóin, mar atá Ráith Beitheach i nAirgeadros, láimh ré Feoir, agus fós gurab san Mhumhain go bunadhasach do áitigheadar sliocht Éibhir agus sliocht Éireamhóin i gConnachtaibh is i Laighnibh, agus sliocht Rudhruidhe mic Sithrighe táinig ó Éibhear mac Ír mic Míleadh i nUlltaibh. Ón Rudhruidhe sin iomorro ghairmthear Clanna Rudhruidhe do na fíor-Ulltachaibh agus gach drong do na sleachtaibh-se do chuaidh i gcúigeadhaibh a chéile do dhéanamh fearainn is gabháltais, mar atá teacht chloinne Rudhruidhe go Laighnibh .i. sliocht Conaill
Chearnaigh i Laoighis agus sliocht Fearghusa mic Róigh i gConmhaicne Chonnacht is i gCorca Moruadh is i gCiarraidhe Mumhan, agus muinntear Dhuibhidhir do shliocht Cairbre Chluitheachair mic Conchorb do shliocht Labhraidh Loingsigh, agus muinntear Riain do shliocht Cathaoir Mhóir, ó Laighnibh tángadar don Mhumhain. Is cian d'éis na ronna-so do rinne Éibhear is Éireamhón ar Éirinn rángadar na foirne sin as a gcríochaibh féin i dtíribh oile i nÉirinn. Is follus fós gurab ré linn Mhuireadhaigh Tírigh do chuadar na trí Cholla go n-a mbráithribh ó Chonnachtaibh do dhéanamh gabháltais ar Ulltaibh, gur bheanadar roinn mhór do Cúigeadh Uladh dhíobh ar éigin, mar atá Modhairn Uí mac Uais is Uí Chriomhthainn go bhfuilid drong mhór dhíobh da háitiughadh aniú, mar atá Raghnall mac Samhairle Iarla Antruim nó nAondroma ó Cholla Uais; Mag Uidhir Mag Mathghamhna is Ó hAnnluain ó Cholla Dá Chríoch. Is ré linn Chormaic mic Airt fós tángadar Déisigh .i. cine do shliocht Éireamhóin, don Mhumhain, gur ghabhadar fearann innte. Is ré linn iomorro Fhiachaidh Muilleathain mic Eoghain Mhóir mic Oiliolla Óluim do bheith i ríoghacht Mumhan táinig Cairbre Músc, duine uasal do shliocht Éireamhóin, ré dán go Fiachaidh, go bhfuair a bhfuil d'fhearann ó Shlighe Dhála .i. Bealach Mór Osruighe go Cnoc Áine Cliach i nduais a dhána, amhail léaghthar i Leabhar Ard Macha, agus is ón gCairbre Músc-so ghairthear Múscruidhe Tíre don dá Urmhumhain. Agus go grod da éis sin rángadar cuid do shíol Éibhir mar atá sliocht Cormaic Gaileang i gConnachtaibh, mar atáid Gaileanga is Luighne, agus is da sliocht Ó hEadhra is Ó Gadhra san leith thuaidh. Agus mar sin da gach aicme is da gach cinéal oile ráinig i dtír oile i nÉirinn, ní do bhíthin na ronna do rinne Éibhear is Éireamhón do chuadar ionnta;
agus da réir sin measaim an chéadfaidh dhéidheanach do bheith fírinneach; óir ní hinmheasta gurab san mír ráinig Éibhear 'n-a bhfuil Airgeadros do thóigeobhadh Éireamhón a chéadphríomhráith, mar atá Ráith Beitheach i nAirgeadros. Uime sin measaim gurab 'n-a mhír féin do rinne í, agus da réir sin gurab do roinn Éireamhóin Cúigeadh Laighean, amhail adeir an chéadfaidh dhéidheanach. Tarla file foghlumtha is cruitire ceoilbhinn .i. Cir mac Cis an file, agus Ónaoi an cruitire, ar an druing táinig lé macaibh Míleadh i nÉirinn; agus adubhairt Éibhear gurab aige féin do bheidís; adubhairt Éireamhón cheana gurab aige féin do bheidís. Acht cheana is é ordughadh do chuaidh eatorra a roinn ré chéile tré chrannchur do chur ortha; agus tuitis crann Éibhir ar an oirfideach agus crann Éireamhóin ar an bhfile; gonadh ag faisnéis an imreasain-se atáid na roinn-se síos a Psaltair Chaisil:
Do chuirsiod crannchor go cóir Ar an dias ndána ndíomhóir; Go ráinig don fhior a ndeas An cruitire cóir coimhdheas. Ráinig fós don fhior a dtuaidh An t-ollamh gus an ollbhuaidh; Gonadh de sin ráinig smacht Órdan agus ollamhnacht, Téidbhinneas ciuil caoine dreann I ndeas i ndeisceart Éireann; Is amhlaidh bhias go bráth mbras, Amhail atá san seanchas.
Tángadar cheithre moghaidh fichead lé macaibh Míleadh i nÉirinn, agus do bheanadar cheithre maighe fichead a coill iar dteacht i nÉirinn dóibh, agus is uatha féin ainmnighthear na maighe sin. Ag so anmanna na bhfear soin: Aidhne An Asal Méidhe Morbha Midhe Cuibh Cliú Ceara Réir Slán Léighe Lithfe Line Lighean Trea Dula Adhar Airiu Déise
Deala Fea Feimhean agus Seara; agus atáid na hanmanna soin go cinnte ar na maighibh céadna i nÉirinn aniú. Tug fós Tea inghean Luighdheach mic Íotha .i. bean Éireamhóin fá deara múr do thógbhail di féin i Liathdruim ré raidhtear Teamhair aniú; agus is ó Thea inghin Luighdheach ghoirthear Teamhair don tulaigh sin .i. múr Tea. Do bhádar mic Mhíleadh i gcomhfhlaitheas Éireann feadh bliadhna go dtarla imreasan eatorra fá sheilbh na dtrí ndromonn is fearr do bhí i nÉirinn .i. Druim Clasaigh i gcrích Mhaine is Druim Beitheach i Maonmhaigh is Druim Finghin i gConnachtaibh. Is ann sin iomorro tugadh cath idir Éibhear is Éireamhón i nUibh Fáilghe ag Brú Bhriodáin ag tóchar idir dá mhagh i dtuaith Ghéisille. Do briseadh d'Éibhear san chath soin; is do marbhadh é féin is triar taoiseach da mhuinntir ann mar atá Suirghe Sobhairce is Goistean. Ag so mar adeir an file ar an ní-se ag faisnéis adhbhair an imreasain:
Do roinnsiod Banbha gan brón Éibhear agus Éireamhón, Go dtáinig uabhar a mban, Bliadhain gan chreich gan chogadh, Do ráidh bean Éibhir na gcath Mun budh lé Druim caoin Clasach, Druim Beitheach, Druim Finghin finn, Nach beith aonoidhche i nÉirinn. Torchair Éibhear, anba an fear, Lé hÉireamhón mac Míleadh; Fuair i dtuath Ghéisille a ghoin, San maidin ar Maigh Smearthoin.
Ag so mar adeir an file Tanuidhe ag teacht leis an ní gceadna:
A éigse Banbha go mblaidh, An feas daoibh nó an bhfeadbhair, Créad fár cuireadh an cath mór Ar Éibhear lé hÉireamhón?
Inneosad uaim daoibh-se sain - An fáth fá ndearna an fhionghail, Um thrí dromannaibh gan dreim Is fearr do bhí i nÉireinn: Druim Finghin Druim Clasaigh cain, Druim Beitheach i gConnnachtaibh; 'Ga gcosnamh sin ní rádh glé, Tugadh an t-ár-so, a éigse.
XXIV. Do ríoghaibh chloinne Míleadh ria gCreideamh annso, agus fad a bhflaitheasa i nÉirinn. Do ghabh Éireamhón, iar mbeith i gcomhfhlaitheas Éireann ré hÉibhear feadh bliadhna, flaitheas iomlán Éireann cheithre bliadhna déag d'éis mharbhtha Éibhir i gCath Airgeadrois, do réir dhruinge ré seanchus, amhail adeir an rann-so:
Cheithre bliadhna déag rodfeas d'Éireamhón i n-ardfhlaitheas; Iar gCath Airgeadrois go n-ágh Mar ar thuit Éibhear iomlán.
Gidheadh is í céadfaidh choithcheann na seanchadh nach i gCath Airgeadrois do marbhadh Éibhear acht i gCath Géisille, amhail adubhramar thuas. Is ré linn Éireamhóin do rinneadh na gníomha-so síos, mar atá Cath Cúile Caichéir i gcionn bliadhna d'éis mharbhtha Éibhir; agus is ann sin do thuit Caichér .i. taoiseach do mhuinntir Éibhir, lé hAimhirgin mac Míleadh. I gcionn bliadhna da éis sin, do thuit Aimhirgin lé hÉireamhón i gcath Bile Theineadh i gCúlaibh Breagh; agus is ann san mbliadhain sin do lingeadar naoi mBrosnacha Éile is trí hUinnsionna Ua nOiliolla fá thír i nÉirinn. An treas bliadhain da éis sin do thuit Fulmán agus Manntán .i. dias taoiseach do mhuinntir Éibhir, lé hÉireamhón i gCath Breoghain i bhFréamhainn. Do lingeadar ocht locha fó thír i nÉirinn i
bhflaitheas Éireamhóin, mar atá Loch Cime, agus Magh Sreing ainm an mhachaire tar ar ling an loch; Loch Buadhaigh Loch Bagha Loch Réin Loch Fionnmhaighe Loch Gréine Loch Riach, agus Magh Maoin ainm an mhachaire tar a dtáinig sí; Loch Dá Chaoch i Laighnibh agus Loch Laogh i nUlltaibh. An ceathramhadh bliadhain da éis sin do marbhadh Ún Én is Eatan i gcath Comhruire i Midhe lé hÉireamhón, agus do tógbhadh a bhfearta ann. An bhliadhain chéadna do lingeadar na trí Suca fá thír i gConnachtaibh. Adeirid drong ré seanchus gurab é Éireamhón do roinn cúig cúigeadha Éireann d'éis bháis Éibhir ar chuid do na taoiseachaibh do bhí aige. Tug ar dtús Cúigeadh Laighean do Chriomhthann Sciathbhéal do Dhomhnannchaibh, duine uasal d'iarmhar bhFear mBolg. Tug fós dá Chúigeadh Mumhan do cheithre macaibh Éibhir, mar atá Ér Orba Fearón is Feargna. Tug arís Cúigeadh Connacht d'Ún mac Oige agus do Eatan, dias taoiseach da dtáinig leis ón Easpáinn. Mar an gcéadna do fhágaibh Cúigeadh Uladh ag Éibhear mac Ír .i. mac a dhearbhráthar féin. Is i bhflaitheas Éireamhóin iomorro tangadar Cruithnigh .i. Picti, sluagh do thriall ón Tracia, go hÉirinn; agus do réir Chormaic mic Cuileannáin 'n-a Psaltair is é fáth fár fhágbhadar an Tracia tré mar do thogair Policornus, rí na Tracia, inghean álainn aontumha do bhí ag Gud ardtaoiseach na gCruithneach d'éigniughadh, agus iad féin i seilbh bhuannachta na críche. Ar n-a bhraith cheana do Ghud agus da Chruithneachaibh go raibhe an rí ar tí na hinghine d' éigniughadh, marbhthar leo é, agus tréigid an tír uime sin, agus triallaid ó chrích go crích go rochtain na Fraingce dhóibh mar a bhfuaradar congbháil buannachta agus fearann ó rígh Frangc áit ar thógbhadar cathair ris a ráidhtear Pictauium ó na Pictibh .i. Cruithnigh lér tógbhadh í. Agus mar do chualaidh rí Frangc teist scéimhe na hinghne do thogair a beith 'n-a leannán leaptha
aige féin. Ar n-a chlos sin do Ghud triallais go líon a mhuinntire ar teitheadh leis an inghin go hÉirinn, agus ar mbeith ar muir dhóibh, éagais an inghean aca; agus gabhaid féin da éis sin cuan i nInnbhear Sláinghe. Tig Beda leis an ní-se san chéadchaibidil don chéidleabhar do Stair Eagailse na Sacsan, acht amháin go n-abair gurab san taobh thuaidh d'Éirinn tángadar i dtír, mar a n-abair: "Tarla do chine na bPict teacht ón Scitia, amail adeirthear, i mbeagán do luingeas fhada san oigian lé seoladh nó lé séideadh na ngaoth, tigheacht leath amuigh do uile-theorannaibh na Breataine, teacht i nÉirinn, agus ar bhfagháil chinidh na Scot rompa do iarradar ionadh comhnuidhthe dhóibh féin ann sin, agus ní bhfuaradar." Gidheadh ní i dtuaisceart Éireann tángadar i dtír, acht ag bun Innbhir Shláinghe i gcuan Locha Garman, amhail adubhramar. Agus táinig Criomhthann Sciathbhéal, do bhí i gceannas Laighean ó Éireamhón an uair sin, n-a ndáil ann sin agus do rinne cáirdeas riú. Is iad fá taoisigh don chabhlach soin Gud agus a mhac Cathluan; agus is uime do cheangail Criomhthann cáirdeas riú, do bhrígh go rabhadar dronga d' uaislibh na Breataine da ngairthí Tuatha Fiodhgha ag gabháil neirt i bhFothartaibh do gach leith do bhun na Sláinghe. Is amhlaidh do bhádar an drong soin agus neimh ar arm gach aoin aca, ionnus madh beag nó mór an chréacht do-níthí leo ní ghabhadh leigheas ar bith greim don othar go bhfaghadh bás. Agus do chualaidh Criomhthann go raibhe draoi deigheolach da ngairthí Trostán i bhfochair na gCruithneach do-bhéaradh leigheas dó féin agus da mhuinntir i gcoinne na neimhe do bhíodh ar armaibh Tuaithe Fiodhgha; agus do fhiafruigh do Throstán créad an leigheas do dhéanadh i n-aghaidh neimhe arm na druinge úd do luaidheamar. "Cuirthear leat," ar Trostán, "trí caogad bó mhaol fhionn da gcrúdh is cuirthear an lacht do géabhthar uatha i log ar
lár an mhachaire 'n-a gcleachtar libh bheith ag comhrac riú, agus fógair cath orra ar an machaire gcéadna; agus gach aon dod mhuinntir loitfidhear leo, téidheadh don log da fhothrugadh, agus budh slán ó ghoimh na neimhe é. Do rinneadh lé Criomhthann a ndubhairt an draoi, agus fógrais Cath Arda Leamhnachta ar Thuathaibh Fiodhgha, agus brisis díobh go dtug a ndeargár ann. Is ón ngníomh agus ón gcath ghairthear Cath Arda Leamhnachta don chath soin ó shoin i le; gonadh ag dearbhadh an sceoil sin do rinne an file an laoidh seanchusa-so síos:
Ard Leamhnachta san tír theas, Fionnadh gach án is éigeas; Créad ó ngairthear ainm an fhuinn Do ghabh ó aimsir Chriomhthuinn; Criomhthann Sciaithbhéal é ro ghabh, Do shaoradh ár a churadh; Da ndídean ar ghéirneimh arm Na n-athach n-uathmhar n-athgharbh. Seisear Cruithneach, ro chinn Dia, Tángadar a tír Thracia; Soilen Ulpia Neachtain nár Aonghus Leathan is Trostán. Ro thiodhnuic Dia dhóibh tré ghus Da n-íoc ar ghéarghoimh othrus, 'S da ndídean ar ghéirneimh arm Na n-athach reachtmhar rógharg. Is é fíreolas fuair dóibh Draoi na gCruithneach, fá chéadóir Trí chaogad bó mhaol don mhaigh Do bhleodhan i n-aon chuthaigh. Do cuireadh an cath go cacht Mu'n log a raibhe an leamhnacht; Do mhuidh an cath go calma Ar athachaibh Ardbhanbha.
Dála na gCruithneach ann sin, mar atá Gud is Cathluan a mhac, cuirid rompa neart Laighean do ghabhail; agus mar
do chualaidh Éireamhón sin, tionóilis sluagh líonmhar agus tig da n-ionnsuighe; agus mar do chonncadar na Cruithnigh gan iad féin líon cathuighthe ris, ceanglaid síoth is cáirdeas ré hÉireamhón. Nochtais Éireamhón dóibh go raibhe dúthaigh don leith thoir thuaidh d'Éirinn agus adubhairt riú dul da háitiughadh. Is ann sin do iarradar na Cruithnigh ar Éireamhón cuid do na mnáibh uaisle do bhí i n-aontumha aige féin, do mhnáibh na dtaoiseach táinig leis ón Easpáinn ag ar marbhadh a bhfir, do thabhairt dóibh féin, do réir Bheda san chéadchaibidil don chéadleabhar do Stair na Sacsan; agus do cheangladar ráta gréine agus éasca orra féin gurab mó do bhiadh ríoghacht Cruitheantuaithe, ris a ráidhtear Alba aniú, aga sealbhughadh ó bharántas sleachta na mban ioná ó bharántas sleachta na bhfear, go crích an bheatha. Agus tug Éireamhón ar na heachtaibh sin triúr ban dóibh, mar atá bean Bhreise, bean Bhuais is bean Bhuaidhne; agus gabhais Cathluan fá hardtaoiseach dhóibh bean díobh dó féin; agus triallaid ainn séin go Cruitheantuath, is do ghabh Cathluan neart na críche agus fá hé céidrí Alban do Cruithneachaibh é. Do bhádar deich rígh is trí fichid do Chruithneachaibh .i. na Picti i bhflaitheas na hAlban da éis, amhail léaghthar i Psaltair Chaisil, san duain darab tosach: A eolcha Alban uile. Ag so mar adeir ar an ní-se:
Cruithnigh do ghabhsad iardtain Ar dtigheacht a hÉireannmhaigh; Deich rígh is seascad ríoghrán Do ghabh díobh an Cruitheanchlár. Cathluan an céidrí dhíobh sain, Inneosad daoibh go cumair: Ro b'é an rí déidheanach díobh An cur calma Constaintín.
Acht cheana anais Trostán Draoi is an cúigear Cruithneach oile luaidhtear san laoidh thuas i nÉirinn d'éis Chathluain,
go bhfuaradar fearann i mBreaghmhaigh i Midhe ó Éireamhón. An ceathramhadh bliadhain déag d'éis bháis Éibhir fuair Éireamhón bás i nAirgeadros i Ráith Beitheach láimh ré Feoir, agus is ann do hadhnaiceadh é. San bhliadain chéadna do ling an abhainn darab ainm an Eithne fá thír i nUibh Néill; is do ling an abhainn da ngairthear Freaghobhal fá thír idir Dhál nAruidhe is Dhál Riada. XXV. Do ghabhsad trí mic Éireamhóin da éis féin ríoghacht Éireann trí bliadhna, mar atá Muimhne Luighne is Laighne. Trí bliadhna dhóibh i gcomhfhlaitheas go bás Mhuimhne i Maigh Cruachan agus gur marbhadh Luighne is Laighne lé macaibh Éibhir i gCath Arda Ladhrann. Do ghabhadar cheithre mic Éibhir, Ér Orba Fearón is Feargna ríoghacht Éireann bladh do bhliadhain, gur mharbh Írial Fáidh mac Éireamhóin iad i ndíogháil a dhá bhráthar .i. Luighne is Laighne. Do ghabh Írial Fáidh mac Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna, óir ní raibhe sliocht ar an dtriúr dearbhráthar do bhí aige do ba sine ioná é féin. Taire sin an tan ráinig Irial san ríoghacht is do ghabh oirbheart is arrachtas ré a ais, do marbhadh cheithre mic Éibhir leis, mar atá Ér Orba Fearón Feargna, i ndíoghail a dhá bhráthar do marbhadh leo-san. Do réidheadh sé maighe déag a coill i nÉirinn i bhflaitheas Íriail. Ag so síos a n-anmanna: Magh Reichead i Laoighis; Magh Neiliu i Laighnibh; Magh Comair, Magh Seiliu i nUibh Néill; Magh Sanais i gConnachtaibh; Magh nInis i nUlltaibh; Magh Midhe, Magh Luinge i gCiannachta; Magh Téacht i nUibh mac Uais; Magh Fearnmhuighe i nOirghiallaibh; Magh Foithin sna hIartharaibh; Magh Cobha i nUibh Eachach; Magh Cuma
i nUibh Néill; Magh Cúile Feadha, Magh Riada, Magh nAirbhrioch i bhFothartaibh Airbhrioch i Laighnibh. Do thógaibh Írial Fáidh mac Éireamhóin seacht ríoghratha i nÉirinn 'n-a aimsir féin, mar atá Ráith Ciombaoith i nEamhain; Ráith Croichne i Maigh Inis; Ráith Bachaill i Lotharnaibh; Ráith Coincheadha i Seimhne; Ráith Mothaigh i nDeaghcharbad; Ráith Búireach i Sleachtaibh; Ráith Lochaid i nGlascharn. An bhliadhain da éis sin do lingeadar na trí haibhne dá ngoirthear na trí Fionna fá thír i nUlltaibh. An bhliadhain 'n-a dhiaidh sin do bhris Írial cheithre catha. An céadchath, Cath Arda Ionmhaith i dTeathbha, mar ar thuit Stirne mac Duibh mic Fomhóir; an dara cath, Cath Teannmhaighe tug Írial d'Fomhórchaibh, áit ar thuit rí Fomhórach dar bh'ainm Echtghe Ethcheann; an treas cath, Cath Lochmhaighe, i n-ar thuit Lughroth mac Mogha Feibhis; an ceathramhadh cath, Cath Cúile Márta mar ar bhris do cheithre macaibh Éibhir. Gonadh uime sin agus ag faisnéis na ngníomh soin, atá an duain darab tosach an rann-so síos:
Irial sóisear na clainne, Mac ríogh Fódla foltchaime, Rí Sléibhe Mis, rí Macha, Do bhris cheithre cruadhchatha.
An dara bliadhain da éis sin fuair Írial Fáidh mac Éireamhóin bás i Maigh Muaidhe, agus do hadhnaiceadh ann é. Do ghabh Éithrial mac Íriail Fhaidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Is ré linn an Eithriail-se do beanadh seacht machaire a coill i nÉirinn, mar atá Teannmhagh i gConnachtaibh; Magh Lioghat agus Magh mBealaigh i nUibh Tuirtre; Magh Géisille i nUibh Fáilghe; Magh Ochtair i Laighnibh; Lochmhagh i gConnachtaibh; Magh Rath i nUibh Eachach; agus iar gcaitheamh fichid bliadhan i bhflaitheas Éireann dó do marbhadh lé Conmhaol mac Éibhir é i gCath Raoireann i Laighnibh.
Do ghabh Conmhaol mac Éibhir ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead; agus fá hé céidrí Éireann do shíol Éibhir é. Do bhris iomorro an Conmhaol-so cúig catha is fiche ar shliocht Éireamhóin. Ag so síos naoi gcatha dhíobh mar atá Cath Ucha; Cath Cnucha; Cath Éile; Cath Sléibhe Beatha; is Cath Géisille mar ar thuit Palap mac Éireamhóin; Cath Sléibhe Modhairn mar ar thuit Samhra mac Ionbhotha; Cath Locha Léin mar ar thuit Mughroth; Cath Béirre; is Cath Aonaigh Macha mar ar thuit Conmhaol féin lé hÉibhear mac Tighearnmhais do shíol Éireamhóin. Agus do hadhnaiceadh don taoibh theas d'Aonach Macha é san ait da ngairthear Feart Conmhaoil aniú. Do ghabh Tighearnmhas mac Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna is dá fhichidh, nó do réir dhruinge oile seascad bliadhan; agus do bhris an Tighearnmhas-so seacht gcatha fichead ar shliocht Éibhir, mar atá Cath Éille 'n-ar thuit Rochorb mac Golláin; agus Cath Cumair; Cath Maighe Téacht; Cath Lochmhaighe i n-ar thuit Deighiarna mac Guill mic Golláin; Cath Cúile hAird i Maigh Inis; Cath Cúile Fraocháin; Cath Athghuirt i Seimhne; Cath Arda Niadh i gConnachtaibh; agus Cath Cairn Fhearadhaigh mar ar thuit Fearadhach mac Rochuirb mic Golláin; Cath Cluana Cuasa i dTeathbha; Cath Comhnuidhe i dTuaith Eibhe; Cath Cluana Muirisc i dtuaisceart Bréithfne; agus Cath Cúile Fabhair ar Earbhus; agus seacht gcatha i Lughlachta ar Loch Lughdhach i n-aonló; agus dá Chath Cúile i nAirgeadros, agus Cath Reibh mar ar marbhadh urmhór shleachta Éibhir lé Tighearnmhas. An bhliadhain da éis sin do bhrúchtadar naoi locha fá thír i nÉirinn, mar atá Loch Cé, tar Magh Sulchair do ling; agus Loch nAillinne i gConnachtaibh; Loch nIairn; Loch
nUair; Loch Saighlionn, Loch Gabhair i Midhe agus i mBreaghaibh; Loch Feabhail i dTír Eoghain, tar Feabhal mic Lodáin do mhuidh sí, agus Magh Fuinnsighe ainm an Mhaighe tar a dtáinig an loch; Dubhloch Arda Ciannachta is Loch Dá Bhaill i nOirghiallaibh, agus trí dubhaibhne Éireann, mar atá Fobhna Toronn is Callonn. Is é an Tighearnmhas céadna fuair mianach óir ar dtús i nÉirinn, agus Uchadán ainm an chearda do bhíodh ag bruithneadh an óir dó. I bhFothartaibh oirthir Lithfe do bhíodh ag a bhearbhadh. Is ré linn Tighearnmhais do cuireadh corcair is gorm is uaine ar éadaighibh ar dtús i nÉirinn. Is ré n-a linn fós do cuireadh gréasa is corthaire is cumhdaighthe ar bhrataibh ar dtús i nÉirinn. Is é mar an gcéadna do chuir mar nós i nÉirinn aondath i n-éadach moghaidh, dá dhath i n-éadach an aithigh; a trí i n-éadach an amhais nó óigthighearna, a ceathair i n-éadach bhrughaidh, a cúig i n-éadach flaithe tuaithe, a sé i n-éadach ollamhan is i n-éadaighibh ríogh is bainríoghan. Agus is é áit i n-a bhfuair Tighearnmhas féin bás ar Maigh Sléacht agus trí ceathramhna d'fhearaibh Éireann mar aon ris oidhche Shamhna agus iad ag adhradh do Chrom Chruaidh ríghiodhal Éireann. Óir is é an Tighearnmhas- so do thionnscain iodhaladhradh do dhéanamh ar dtús do Chrom Chruaidh (amhail do rinne Zoroastres san nGréig) timcheall chéad bliadhan iar dteacht i nÉirinn dóibh; agus is ó na sléachtaibh do-nídís fir Éireann don iodhal ráidhtear Magh Sléacht ris an machaire gcéadna soin atá san mBréithfne. Adeirid drong ré seanchus go raibhe Éire seacht mbliadhna gan rígh uirre d'éis bháis Thighearnmhais i mórdháil Mhaighe Sléacht, agus gurab é Eochaidh Faobharghlas mac Conmhaoil do ghabh ríoghacht Éireann da éis. Gidheadh ní fíor dhóibh é; óir adeir an Réim Ríoghruidhe gurab é Eochaidh Éadghothach do shliocht Luighdheach mic Íotha do ghabh í.
Do ghabh Eochaidh Éadghothach mac Dáire mic Conghail mic Éadhamain mic Máil mic Luighdheach mic Íotha mic Breoghain mic Brátha ríoghacht Eireann cheithre bliadhna, gur thuit lé Cearmna mac Eibric. Do ghabh Cearmna is Sobhairce dá mhac Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann dá fhichid bliadhan, agus fá hiad céidríogha Éireann do Ulltaibh iad; agus do roinneadar ríoghacht Éireann eatorra; agus is í teora do bhí san roinn sin, ó Innbhear Colpa ag Droichead Átha go Luimneach Mumhan, agus an leath budh thuaidh ag Sobhairce; agus do rinne dún ar a leith féin .i. Dún Sobhairce. Do ghabh Cearmna an leath budh dheas, agus do rinne dún láimh ré fairrge theas .i. Dún Cearmna agus is ris ráidhtear Dún Mic Pádraig i gcrích Chúirseach aniú. Do thuit Sobhairce lé hEochaidh Meann mac ríogh Fomhóire. Do thuit Cearmna lé hEochaidh Faobharghlas mac Conmhaoil i gCath Dúin Cearmna. Do ghabh Eochaidh Faobharghlas mac Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann fiche bliadhan; agus is uime do gairthí Eochaidh Faobharghlas de, óir fá glas géarfhaobhrach a dhá shleigh. Agus is é do chuir na catha-so romhainn ar shíol Éireamhóin, mar atá Cath Luachra Deaghaidh i nDeasmhumhain; Cath Fosaidh Dá Ghort; Cath Cumair na dTrí nUisce; Cath Tuama Dreagain i mBréithfne; is Cath Droma Liatháin. Do réidhigheadh seacht maighe a coill i nÉirinn leis, mar atá Magh Smeathrach i nUibh Fáilghe; Magh Laighne agus Magh Luirg i gConnachtaibh; Magh Leamhna, Magh nIonair, Magh Fubhna is Magh Dá Ghabhal i nOirghiallaibh. Agus do thuit an tEochaidh-se lé Fiachaidh Labhruinne mac Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearmhais i gCath Carman. Do ghabh Fiachaidh Labhruinne mac Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh
mic Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile seacht mbliadhna déag ar fhichid; agus is uime ghairthear Fiachaidh Labhruinne dhe, mar is 'n-a aimsir do ling Innbhear Labhruinne fá thír i nÉirinn; agus is 'n-a ré do lingeadar na trí haibhne-se síos, mar atá Innbhear Fleisce Innbhear Mainge agus Innbhear Labhruinne ó raidhtear Fiachaidh Labhruinne ris. Is ré n-a linn fós do bhrúcht Loch Éirne fá thír, agus Magh Geanainn ainm an mhachaire tar a dtáinig sí. Is é mac an Fhiachach-so .i. Aonghus Ollbhuadhach do bhris iomad cath ar na Cruithneachaibh is ar na seanBreathnaibh do bhí i nAlbain, agus do chuir Alba fá smacht iomlán na nGaedheal ar dtús, tar ceann ó aimsir Éireamhóin mic Míleadh go raibhe cíoscháin ag Gaedhealaibh orra. Tuairim dá chéad go leith bliadhan d'éis mhac Míleadh do theacht i nÉirinn do cuireadh Alba fá smacht is fá chíos lé hAonghus Ollbhuadhach mac Fiachach Labhruinne; agus is é an Fiachaidh Labhruinne-se tug cheithre catha ar shíol Éibhir, mar atá Cath Fairrge, Cath Gallaigh, Cath Sléibhe Feimhion, is Cath Sléibhe Bealgadáin mar ar thuit sé féin lé hEochaidh Mumhó mac Mo Feibhis. Do ghabh Eochaidh Mumhó mac Mo Feibhis mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann bliadhain is fiche, gur thuit lé hAonghus Olmucaidh i gCath Cliach.
XXVI. Do ghabh Aonghus Olmucaidh mac Fiachach Labhruinne mic Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna déag, agus do réir dhruinge oile bliadhain is fiche. Is uime ghairthear Aonghus Olmucaidh dhe ón fhocal-so oll .i. mór agus muca, do bhrígh gurab aige do bhádar na muca fá mó i nÉirinn 'n-a ré; agus is leis do cuireadh na catha-so síos, mar atá Cath Cléire, Cath Sléibhe Cailge mar ar thuit Baiscionn, agus Cath Maighe Éinsciath i gConnachtaibh, agus Cath Glaise Fraocháin mar ar thuit Fraochán Fáidh, agus caogad cath ar Chruithneachaibh is ar Fhearaibh Bolg agus ar lucht Orcades. Tomhaidhm trí loch 'n-a ré: Loch Éinbheithe i nOirghiallaibh, Loch Sailgheadáin agus Loch nGasáin i Maigh Luirg. Is 'n-a aimsir do réidhigheadh na maighe-se síos a coill, mar atá Magh Glinne Dearcon i gCinéal Chonaill; Magh nÉinsciath i Laighnibh; Magh Cúile Caol i mBoghaine; Aolmhagh i gCallruidhe; Magh Mucruimhe i gConnachtaibh; Magh Luachra Deaghaidh is Magh Archaill i gCiarraidhe Luachra. Agus i gCath Sléibhe Cua do marbhadh Aonghus Olmucaidh féin lé hÉanna mac Neachtain do Mhuimhneachaibh; agus adeirid cuid oile aca gurab é Éanna Airgthioch do mharbh é i gCath Carman; agur is í an chéadfaidh dhéidheanach is fírinnighe do réir na duaine darab tosach, Aonghus Olmucaidh atbath. Agus fós tig an Réim Ríoghruidhe leis an gcéadfaidh gcéadna. Do ghabh Éanna Airgthioch mac Eochach Mumhó mic Mo Feibhis mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann seacht mbliadhna fichead; agus is é do rinne scéith airgid i nAirgeadros ar dtús i nÉirinn agus do bhronn d'fhearaibh Éireann iad; agus
do thuit sé i gcath Raighne lé Roitheachtaigh mac Maoin mic Aonghusa Olmucaidh. Do ghabh Roitheachtaigh mac Maoin mic Aonghusa Olmucaidh mic Fiachach Labhruinne mic Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin rioghacht Éireann cuig bliadhna ficead; agus do thuit an Roitheachtaigh-se lé Séadna mac Airt mic Airtre i Ráith Cruachan. Do ghabh Séadna mac Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur marbhadh lé n-a mhac féin é ar dteacht "dubhloingis" go Cruachain. Do ghabh Fiachaidh Fíonscothach mac Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Agus is uime do gairthí Fiachaidh Fíonscothach de .i. scotha fíona do bhíodh ré n-a linn i nÉirinn go bhfáiscthí i gcornaibh iad; agus do marbhadh an Fiachaidh-se lé Muineamhón mac Cais Chlothaigh. Do ghabh Muineamhón mac Cais Chlothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais mic Nuadhat mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn ríoghacht Éireann cúig bliadhna; agus is é an Muineamhón-so do orduigh muinceadha nó slabhradha óir fá bhráighdibh na n-uasal ar dtús i nÉirinn; agus do éag sé do thámh i Maigh Aidhne. Do ghabh Ailldeargóid mac Muineamhóin mic Cais Chlothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais mic Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; agus is ré n-a linn do cuireadh fáinneadha óir ar ghlacaibh na n-uasal ar dtús i nÉirinn agus do marbhadh lé hOllamh Fódla é i gCath Teamhrach. Do ghabh Ollamh Fódla mac Fiachach Fíonscothaigh mic
Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead agus a éag 'n-a mhúr. Is uime ghairthear Ollamh Fódla dé, do bhrígh go raibhe 'n-a ollamh i n-eagna agus i n-eolus ré reachtaibh is ré dlighthibh d'ordughadh i nÉirinn 'n-a ré, agus is leis do rinneadh Feis Teamhrach ar dtús i nÉirinn, amhail adeir an file:
Ollamh Fódla feochair gal Do rinne múr na n-ollmhan; An céidrí rán, réim go rath, Lé n-a ndearnadh Feis Teamhrach.
Ionann iomorro Feis Teamhrach is ríoghdhail choitcheann, amhail pharlaimeint, mar a dtigeadh coimhthionól uasal is ollamhan Éireann go Teamhair gacha treas bliadhain um Shamhain, mar a gcleachtaoi leo reachta is dlighthe d'ordughadh is d'athnuadhadh, is fromhadh do dhéanamh ar annálaibh is ar sheanchus Éireann. Is ann fós do horduighthí ionadh suidhe da gach aon d'uaislibh na hÉireann do réir a chéime is a gharma féin, agus fós is ann do horduighthí ionadh suidhe da gach ceann feadhna da mbíodh ós cionn na laochraidhe do bhíodh ar buannacht ag ríoghaibh is ag tighearnaibh Éireann. Do bhíodh fós do nós i bhFeis Teamhrach cibé do-dhéanadh éigean nó goid, do bhuaileadh neach nó d'imreadh arm air, bas do thabhairt dó, agus gan neart ag an rígh féin ná ag aon oile maithmheachas do thabhairt dó san ghníomh soin. Do cleachtaoi leo fós bheith ar feadh sé lá ag comhól sul do shuidheadh an ríoghdháil, mar atá trí lá roimh Shamhain is trí lá da héis, ag snadhmadh síothchána is ag ceangal cáirdeasa ré chéile. Gonadh ag faisnéis na nós do bhíodh i bhFeis Teamhrach, atá Eochaidh Eolach san laoidh seanchusa-so síos:
Feis Teamhrach gach treas bliadhna Do chomhall reachta is riaghla, Do-níthí an tan soin go teann Ag ríoghaibh ána Éireann.
Do rinne Cathaoir cleamhnach Feis ró-chaomh na rígh-Theamhrach; Tángadar leis, feirrde dhe, Fir Éireann go haon bhaile. Trí lá ré Samhain do ghrés, Trí lá 'n-a diaidh fá deighbhés; Don tsluagh ro ba díomhór doigh Ag síoról ris an seachtmhoin. Gan ghoid is gan ghoin duine Aca an oiread soin uile; Gan imirt airm gan áladh Gan acradha d'iomrádhadh. Cibé do-níod ní dhíobh sin Fá bíodhbha troch go dtromnimh: Ní gabhtha ór arann uaidh Acht a anam ré haonuair.
Do ghabh Fionnachta mac Ollamhan Fódla mic Fiachach Fionscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann fiche bliadhan; agus is uime ghairthear Fionnachta dhe .i. Fínshneachta, do bhrígh gur fearadh fíon sneachta 'n-a fhlaitheas; agus fuair sé bhás i Maigh Inis. Do ghabh Slánoll mac Ollamhan Fódla mic Fiachach Fionscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann cúig bliadhna déag. Agus is uime ghairthear Slánoll de, ionann oll is mór .i. sláinte mhór do bhí ag gach aon feadh a fhlaitheasa, óir ní raibhe támh ná galar ar aonduine d'fhearaibh Éireann 'n-a fhlaitheas. Agus i dTigh Miodhchuarda i dTeamhraigh fuair sé bás; agus adeirid drong oile nach feas ca galar rug é. Do ghabh Geidhe Ollghothach mac Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann seacht mbliadhna déag; agus is uime ghairthear Ollghothach dhe .i. fá mór guth
gach aonduine i nÉirinn 'n-a fhlaitheas. Agus is lé Fiachaidh mac Fionnachta do marbhadh é. Do ghabh Fiachaidh mac Fionnachta mic Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead; gur thuit lé Bearnghal mac Geidhe Ollghothaigh. Do ghabh Bearnghal mac Geidhe Ollghothaigh mic Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag, gur thuit lé hOilill mic Slánuill. Do ghabh Oilill mac Slánuill mic Ollamhan Fódla mic Fiachach Fionscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann sé bliadhna déag gur thuit lé Siorna mac Déin. Do ghabh Siorna Saoghlach mac Déin mic Roitheachtaigh mic Maoin mic Aonghusa Olmucaidh mic Fiachach Labhruinne mic Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann bliadhain ar fhichid; agus is uime ghairthear Siorna Saoghlach dhe, ar fhad na ré fuair tar a lucht comhaimsire; gur thuit lé Roitheachtaigh mac Roáin i nAillinn, amhail adeir an duain darab tosach, "Éire ard inis na ríogh":
Ro chaith Siorna go srianaibh Ré trí sheacht do shaoirbhliadhnaibh: Oidhidh Shiorna go sleachtaibh I nAillinn lé Roitheachtaigh.
Do ghabh Roitheachtaigh mac Roáin mic Failbhe mic Cais Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid mic Muineamhóin mic Cais Clothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais
mic Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Fhaobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann seacht mbliadhna, gur loisc teine ghealáin é i nDún Sobhairce. Do ghabh Éilim mac Roitheachtaigh mic Roáin mic Failbhe mic Cais Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid mic Muineamhóin mic Cais Chlothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaidh mic Rossa mic Glais mic Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh ríoghacht Éireann aoinbhliadhain amháin, gur thuit lé Giallchadh mac Oiliolla Ólchaoin. Do ghabh Giallchaidh mac Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh mic Déin mic Roitheachtaigh mic Maoin mic Aonghusa Olmucaidh mic Fiachach Labhruinne mic Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann naoi mbliadhna, gur thuit i Maigh Muaidhe lé hArt Imleach. Do ghabh Art Imleach mac Éilim mic Roitheachtaigh mic Roáin mic Failbhe mic Cais Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid mic Muineamhóin mic Cais Chlothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais mic Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh ríoghacht Éireann dá bhliadhain is fiche, gur thuit lé Nuadha Fionn Fáil. Do ghabh Nuadha Fionn Fáil mac Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan, nó do réir druinge oile trí fichid bliadhan, gur thuit lé Breisrígh mac Airt Imligh. Do ghabh Breisrígh mac Airt Imligh mic Éilim mic Roitheachtaigh mic Roáin mic Failbhe mic Cais Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid mic Muineamhóin do shíol Éibhir ríoghacht Éireann
naoi mbliadhna; agus do bhris iomad cath ar Fhomhórchaibh fris an ré sin; agus do thuit féin fá dheireadh lé hEochaidh Apthach i gCarn Connluain. Do ghabh Eochaidh Apthach mac Finn mic Oiliolla mic Floinn Ruaidh mic Rothláin mic Mairtine mic Sithchinn mic Riaghláin mic Eoinbhric mic Luighdheach mic Íotha mic Breoghain ríoghacht Éireann aoinbhliadhain amháin; agus is uime ghairthear Eochaidh Apthach dhe, ar a liacht do-gheibheadh bás i nÉirinn ré n-a linn. Do lingeadh iomorro támh nó galar gacha míosa ar fhearaibh Éireann lé marbhthaoi iomad díobh, gonadh uime sin do lean Eochaidh Apthach dhe; ionann cheana apthach is marbhthach; gur thuit féin lé Fionn mac Brátha. Do ghabh Fionn mac Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann fiche bliadhan, nó do réir dhruinge oile, tríochad bliadhan, gur thuit lé Séadna Ionnarraidh. Do ghabh Séadna Ionnarraidh mac Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann fiche bliadhan: agus is uime ghairthear Séadna Ionnarraidh dhe .i. Séadna an Tuarastail, do bhrígh gurab é céidrí do dháil tuarastal d'amhusaibh ar dtús i nÉirinn é: ionann iomorro Ionnarraidh is tuarastal. Agus do riadhadh a bhaill ó chéile lé Simeon Breac, go bhfuair bás amhlaidh sin. Do ghabh Simeon Breac mac Aodháin Ghlais mic Nuadhat Fionn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna gur thuit lé Duach Fionn i ndíoghail a athar agus a riadhadh do rinne. Do ghabh Duach Fionn mac Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann cúig bliadhna; gur thuit lé Muireadhach Bolgrach. Do ghabh Muireadhach Bolgrach mac Simeoin Brich mic
Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna; gur thuit lé hÉanna Dearg mac Duach Fhinn. Do ghabh Éanna Dearg mac Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag. Is uime do gairthí Éanna Dearg dhe .i. dearg a oineach .i. a ghnúis. Is ré n-a linn do buaileadh airgead i nAirgeadros ar dtús i nÉirinn. Agus fuair sé bás do thámh ar Shliabh Mis go sochruide mhóir mar aon ris. XXVII. Do ghabh Lughaidh Iardhonn mac Éanna Deirg mic Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann naoi mbliadhna. Is uime ghairthear Lughaidh Iardhonn dhe, ionann iardhonn is dubhdhonn; gonadh tré fholt dubhdhonn do bheith air, ráinig Lughaidh Iardhonn d'fhorainm air; gur marbhadh lé Síorlámh i Ráith Clochair é. Do ghabh Síorlámh mac Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shíol Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann sé bliadhna déag. Is uime ghairthear Síorlámh dhe, ionann síor is fada .i. lámha fada do bhí aige, óir do shoichdís a dhá láimh an talamh agus é 'n-a sheasamh; agus is lé hEochaidh Uaircheas do marbhadh é. Do ghabh Eochaidh Uaircheas mac Luighdheach Iardhuinn mic Éanna Deirg mic Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag. Is uime ghairthear Eochaidh Uaircheas dhe .i. ceasa fuara do bhíodh aige mar loingeas; ionann iomorro ceasa is naomhóga nó coctaoi; agus do bhrígh go raibhe seisean dhá bhliadhain ar muir is é ar deoraidheacht a hÉirinn,
is amhlaidh do-níodh fuireann da mhuinntir do chur sna ceasaibh sin do chreachadh imill gacha críche tar a ngabhadh agus na héadála do thabhairt leis sna ceasaibh sin gus an luingeas; gonadh ó na ceasaibh sin do lean Eochaidh Uaircheas dhe; gur thuit lé hEochaidh Feadhmhuine is lé Conuing Beigeaglach. Do ghabh Eochaidh Fiadhmhuine agus Conuing Beigeaglach dá mhac Duach Teamhrach mic Muireadhaigh Bholgraigh mic Simeoin Bhric mic Aodhain Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann; cúig bliadhna i gcomhfhlaitheas dóibh. Is uime ghairthear Eochaidh Fiadhmhuine dhe do bhrígh go ngnáthuigheadh bheith ag seilg is ag fiadhach i muinidhibh nó i gcoilltibh; agus do thuit an tEochaidh-se lé Lughaidh Láimhdhearg mac Eochach Uaircheas. Do ghabh Lughaidh Láimhdhearg mac Eochach Uaircheas mic Luighdheach Iardhuinn mic Éanna Deirg mic Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Is uime ghairthear Lughaidh Láimhdhearg dhe do bhrígh go raibhe tí nó ball dearg ar a láimh; gur thuit lé Conuing Beigeaglach. Do ghabh Conuing Beigeaglach mac Duach Teamhrach mic Muireadhaigh Bolgraigh mic Simeoin Bric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deic mbliadhna. Is uime ghairthear Conuing Beigeaglach dhe do bhrígh nár ghabh taom eagla riamh é i gcath ná i gcomhrac, agus fós fá tréinfhear i n-iorghail é; gonadh uime sin do rinne an file an rann-so:
Conuing na gcoinghleac gcleathghlan, Nachar uaimhnigh ré neach riamh; A deich ro chaith for gach leath Nó gur mharbh Art mac Luighdheach.
Do ghabh Art mac Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas mic Luighdheach Iardhuinn mic Éanna Deirg mic Duach
Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann sé bliadhna; gur thuit lé Duach Laghrach mic Fiachach Tolgraigh agus lé Fiachaidh féin. Do ghabh Fiachaidh Tolgrach mac Muireadhaigh Bolgraigh mic Simeon Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; gur thuit lé hOilill Fionn. Do ghabh Oilill Fionn mac Airt mic Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas mic Luighdheach Iardhuinn mic Éanna Deirg mic Duach Fhinn mic Séadna Ionnairraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann naoi mbliadhna, gur thuit lé hAirgeadmhár is lé Fiachaidh is lé Duach mac Fiachach. Do ghabh Eochaidh mac Oiliolla Finn mic Airt mic Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas do shíol Éibhir ríoghact Éireann seacht mbliadhna; agus níor léig an righe d'Airgeadmhár, acht do rinne síoth ré Duach Laghrach, gur marbhadh lé Duach é ar aonach. Do ghabh Airgeadmhár mac Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann trí bliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile ocht mbliadhna déag ar fhichid gur thuit lé Duach Laghrach is lé Lughaidh Laighdhe. Do ghabh Duach Laghrach mac Fiachach Tolgraigh mic Muireadhaigh Bholgraigh mic Simeoin Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna. Is uime ghairthear Duach Laghrach dhe, ionann iomorro ladhgra is luathagra, óir ní thabhradh cairde do neach iar ndéanamh éagcóra gan é do agra ann do láthair; gonadh de sin ráinig an forainm Duach Laghrach air.
Do ghabh Lughaidh Laighdhe mac Eochach mic Oiliolla Finn mic Airt mic Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uuircheas do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna gur thuit lé hAodh Ruadh mac Badhairn. Adeir an Chóir Anmann gurab do na cúig Luigheachaibh fá clann do Dháire Dhoimhtheach an Lughaidh Laighdhe sin. Is eadh iomorro nochtas an leabhar céadna gur fháisnéis draoi d'áirithe tré fháistine do Dhaire Dhoimhtheach go mbeith mac aige da ngairfidhe Lughaidh do-ghéabhadh flaitheas Éireann; agus rugadh da éis sin cúigear mac diaidh i ndiaidh dó, agus tug Lughaidh d'ainm ar gach aon díobh. Ar bhfás don chloinn téid Dáire d'fhios an draoi chéadna is fiafruighis de cia an Lughaidh don chúigear do-ghéabhadh flaitheas Éireann. "Triall amárach go Tailltin" ar an draoi "mar aon réd chúigear mac agus tiocfaidh amárach laogh álainn alla fán aonach agus lingfid cách is do chlann ar a lorg; agus cibé dod chloinn-se chinnfeas air is muirbhfios é budh rí Éireann é." Ráinig an laogh ar n-a mhárach fán aonach is téid fir Éireann is clann Dáire 'n-a dhiaidh go rángadar Binn Éadair. Cuirthear ceo draoidheachta idir mhacaibh Dáire agus fir Éireann. Triallaid mic Dáire i ndiaidh an laoigh as sin go Dál Maschorb Laighean, agus táirthidhis Lughaidh Laighdhe an laogh agus marbhais é; gonadh ón laogh soin ghairthear Lughaidh Laighdhe .i. Lughaidh Laoghdha dhe. Is ar an Lughaidh-se atá an finnscéal filidheachta mar a n-aithristear go dtarla agus é ag seilg i ndíthreibh é ré cailligh urghránna ar a raibhe cealltair dhraoidheachta, agus go ndeachaidh 'n-a leabaidh gur bhean a cealltair dhraoidheachta dhi, gur taidhbhrigheadh dhó a beith 'n-a hógmhnaoi álainn da éis; agus go fáthach is í Éire an chailleach-so lér luigh Laighdhe, mar go bhfuair duadh is doghruing fá a ceann ar dtús agus áineas is soirbheas da éis sin. Tar ceann go n-abair an Chóir Anmann gur mhac do
Dháire Dhoimhtheach Lughaidh Laighdhe, ní mheasaim gurab é an Lughaidh Laighdhe-se luaidheas an Chóir Anmann fá rí ar Éirinn an Lughaidh úd, tar ceann gur tairrngireadh leis na draoithibh gomadh rí Éireann Lughaidh Laighdhe mac Dáire Dhoimhthigh. Do ghabh Aodh Ruadh mac Badhairn mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann bliadhain is fiche; gur báthadh ag Eas Ruaidh é. Do ghabh Díothorba mac Déamáin mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann bliadhain is fiche; gur thuit leis na Cuanaibh san Chorann .i. Cuan Mara Cuan Muighe is Cuan Sléibhe. Do ghabh Ciombaoth mac Fionntain mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann fiche bliadhan, nó do réir dhruinge oile ocht mbliadhna fichead, gur thuit do thámh i nEamhain Mhacha.
XXVIII. Do ghabh Macha Mhongruadh inghean Aodha Ruaidh mic Badhairn mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labardha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla ríoghacht Éireann seacht mbliadhna, gur mharbh Reachtaidh Ríghdhearg í. Agus is ré n-a linn do tógbhadh Eamhain Mhacha. Ag so iomorro an fáth fá ráidhtear Eamhain Mhacha ria .i. trí rígh do bhí i bhflaitheas Éireann a hUlltaibh, mar atá Aodh Ruadh mac Badhairn ó ráidhtear Eas Ruaidh, agus Díothorba mac Déamáin a hUisneach Midhe agus Ciombaoth mac Fionntain a Fionnabhair. Agus is ag an gCiombaoth soin do hoileadh Ughaine Mór mac Eachach Bhuadhaigh. Agus seacht mbliadhna da gach rígh díobh fá seach ar timcheall, go dtángadar fá thrí i bhflaitheas Éireann; agus is é Aodh Ruadh fuair bás ar dtús díobh; agus níor fhágaibh do shliocht da éis acht aoininghean amháin, Macha a hainm. Iarrais Macha seal don ríoghacht iar n-éag a hathar; agus adubhairt Díothorba is a chlann nach fuighbheadh bean ríoghacht uatha féin; agus do fearadh cath eatorra féin is Macha, go rug Macha buaidh an chatha soin orra; agus do ghabh flaitheas Éireann seacht mbliadhna; agus fuair Díothorba bás agus do fhágaibh cúigear mac da éis, mar atá Baoth Bédach Bras Uallach is Borbchas. Do iarradar flaitheas Éireann dóibh féin amhail do bhí ag a sinsear rompa. Adubhairt Macha nach tiubhradh dóibh acht cath tar ceann na ríoghachta. Do fearadh cath eatorra agus rug Macha buaidh orra. Téid clann Díothorba da ndídean féin i gcoilltibh dorcha diamhaire; agus tug Macha Ciombaoth mac Fionntain mar chéile agus mar cheann feadhna ar a laochraidh, agus do chuaidh féin ar lorg chloinne Díothorba i riocht claimhsighe, iar gcuimilt taois seagail da deilbh, agus fuair iad-san i gcoill diamhair i mBuirinn,
ag bruith thuirc allta. Fiafruighid clann Díothorba scéala dhi is tugadar mír don bhiadh dhi. Nochtais sise gach scéala da raibhe aice dhóibh. Is ann sin adubhairt fear díobh gurab álainn an rosc do bhí ag an gclaimhsigh agus go raibhe mian ar féin luighe ria. Leis sin triallais féin is Macha i ndiamhair na coille, agus ceanglais Macha an fear soin, agus fágbhais ann sin é, agus tillis go cách arís. Agus fiafruighid di "C'áit ar fhágbhais an fear do chuaidh leat?" ar siad. "Ní fheadar," ar sí, "acht saoilim gurab nár lais teacht da bhar láthair-se i ndiaidh aontuighthe ré claimh." "Ní nár," ar iad-san, "óir do-dhéanaimne an ní céadna." Téid iomorro ris gach n-aon aca fá seach san gcoill; is do cheangail uile iad, ionnus go rug i n-aoncheangal do láthair fhear Uladh go hEamhain iad, agus fiafruighis do mhaithibh Uladh créad an díol do-dhéanadh dhíobh. Adubhradar uile d'aoinmhéin bás do thabhairt dóibh. "Ní hamhlaidh is cóir," ar Macha, "óir do budh claonadh reachta sin; acht daorthar iad agus tugthar orra ráith do thógbháil damh-sa bhus príomhchathair don chúigeadh go bráth." Leis sin beanais Macha an dealg óir do bhíodh san mbrat do bhíodh fá n-a brághaid amach, agus do thomhais leis fóir na rátha fá héigean do chloinn Díothorba do thógbháil. Eamhain iomorro ghairmthear don ráith. Eó, cheana, ainm do dhealg, agus muin, bráighe; gonadh de sin ráidhtear Eamhain .i. eo mhuin, ris an ráith. Nó is uime ghairthear Eamhain di ó Eamhain Mhacha .i. bean Chruinn mic Adhnamain; agus fá héigean don mhnaoi sin da haimhdheoin dul do chómhruith ré heachaibh Chonchubhair ríogh Uladh, gur sháruigh iad agus í torrach; agus i gceann na scríbe rug sí mac is inghean; agus tug a mallacht d'fhearaibh Uladh, gonadh de sin táinig an ceas naoidhean orra; agus do bhí an ceas soin orra ré ré naoi ríogh .i. ó Chonchubhar go flaitheas Máil mic Rochruidhe.
Eamhain, amhlaidh sin, .i. amhaon; amh, ag a dhiúltadh nach aon rug Macha mu'n am soin, acht dias; gonadh de ráidhtear Eamhain Macha iars an gcéadfaidh-se. Do marbhadh Macha Mhongruadh iar sin lé Reachtaidh Ríghdhearg. Do ghabh Reachtaidh Ríghdhearg mac Luighdheach Laighdhe mic Eochach mic Oiliolla Finn mic Airt mic Luighdheach Láimhdhearg mic Eochach Uaircheas do shíol Éibhir ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Is uime ghoirthear Reachtaidh Ríghdhearg de .i. rígh dhearg do bhí aige .i. bun righe deirg; agus is lé hUghaine Mór do marbhadh i ndíoghail a bhuimighe é. Do ghabh Ughaine Mór mac Eachach Buadhaigh mic Duach Laghruigh mic Fiachach Tolgraigh mic Muireadhaigh Bholgraigh mic Simeoin Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile, dá fhichid bliadhan. Is uime ghairthear Ughaine Mór dhe, do bhrígh gur mhór a fhlaitheas, óir do bhí cur ar oiléanaibh iarthair Eorpa aige; agus do bhádar cúigear ar fhichid do chloinn ag an Ughaine sin, mar atá dias is fiche do chloinn mhac is triar inghean. Ar bhfás don chloinn sin do ghabh gach aon díobh fá leith buidhean 'n-a dhiaidh féin. Agus an tan do beirthí saorchuairt Éireann leo, mar a mbíodh mac dhíobh anocht, do bhíodh an mac oile amárach ann. Mar sin dóibh diaidh i ndiaidh ionnus gach taobh 'n-a dtugdaois aghaidh go gcaithtí leo a mbíodh do bhiadh is do lón ann. Agus mar thugadar fir Éireann sin da n-aire do chuadar do cheisneamh an dochair sin ris an rígh Ughaine. Agus is é ní ar ar chinneadar leath ar leath Éire do roinn i gcúig rannaibh fichead, agus a mhír féin do thabhairt da gach aon don chloinn sin di, agus gan ar breith do neach díobh caitheamh ar chuid a chéile; gonadh uime sin do rinne file éigin an rann-so:
Ughaine uallach amhra, Diar bha brugh buadhac Banbha; Rannsad a chlanna go ceart Éire i gcóig ranna fichead.
Agus is do réir na ronna soin do tógthaoi cíoschána is dualgais da gach rígh da raibhe ar Éirinn feadh trí céad bliadhan, mar atá ó aimsir Ughaine go haimsir na gcúigeadhach do mhair ré linn Eochach Feidhligh do bheith 'n-a rígh Éireann, amhail adeir an file san rann-so:
Trí céad bliadhan, buan an oil, Go dtángadar cóigeadhaigh; Cóigear gan chreideamh i gcrí Ronnsad Éirinn Ughaini.
Is é Eochaidh Feidhlioch do roinn cúigeadha Éireann idir an druing-se síos. Tug Cúigeadh Uladh do Fhearghus mac Léide. Tug Cúigeadh Laighean do Rossa mac Fearghusa Fairrge. Tug dá Chúigeadh Mumhan do Tighearnach Téidbheannach mac Luchta is do Dheaghaidh mac Sin. Tug mar an gcéadna Cúigeadh Connacht do thriúr, mar atá d'Fhidhic mac Féig d'Eochaidh Allad is do Thinne mac Connrach, do réir mar chuirfeam síos da éis so an tan laibheoram ar fhlaitheas Eochach Feidhligh féin. Agus ní lughaide do bhí an roinn sin chloinne Ughaine ar Éirinn go ndeachadar clann Ughaine gan shliocht acht dias, mar atá Cobhthach Caol mBreagh is Laoghaire Lorc ó dtáinig a maireann do shíol Éireamhóin. Agus is lé Badhbhchaidh mac Eachach Bhuadhaigh a dhearbhráthair féin do marbhadh Ughaine Mór i dTealaigh an Choscair; agus ní raibhe féin i righe nÉireann acht lá go leith an tan do marbhadh lé Laoghaire Lorc é i ndíoghail a athar.
XXIX Do ghabh Laoghaire Lorc mac Ughaine Mhóir mic Eachach Buadhaigh mic Duach Laghraigh mic Fiachach Tolgraigh mic Muireadhaigh Bholgruigh mic Simeoin Bhric mic Aodhain Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá bhliadhain. Ceasair Chruthach inghean ríogh Frangc bean Ughaine Mhóir máthair Laoghaire Luirc is Chobhthaigh Chaoil mBreagh. Agus is uime ghairthear Laoghaire Lorc de, ionann lorc is fionghal agus do rinne Laoghaire feall ar Bhadhbhchaidh mac Eachach Bhuadhaigh gur de sin do lean an forainn dhe .i. Laoghaire Lorc. Is lé Cobhthach Caol mBreagh a dhearbhráthair féin do marbhadh Laoghaire Lorc i nDionn Ríogh ar bruach na Bearbha. Is amhlaidh iomorro do bhí Cobhthach Caol mBreagh agus é ag seargadh tré fhormad ré Laoghaire Lorc fa ríoghacht Éireann do bheith aige; agus mar do chualaidh Laoghaire eisean do bheith éagcruaidh táinig buidhean armtha da ionnsuighe. An tan do chonnairc Cobhthach é, is eadh adubhairt gur thruagh da bhráthair an neimhiocht gnátach do bhíodh aige as féin do shíor is nach tigeadh da láthair gan sluaghbhuidhin. "Ní miste," ar Laoghaire, "tiocfaidh mise go síodhach do láthair an céidfheacht arís gan bhuidhin armtha im fhochair." Leis sin ceileabhrais Laoghaire do Chobhthach. Dála Chobhthaigh, do rinne comhairle ré draoi do bhí 'n-a fhochair cionnus do-ghéabhadh a bhráthair ré a mharbhadh. "Is eadh is indéanta," ar an draoi, "bás bréige do léigean chugat agus dul i n-eiliotrom amhail mharbh agus scéala do chur go Laoghaire air sin, agus tiocfaidh ar bheagán buidhne dot fhios agus ar dteacht do láthair dhó luighfidh ar
do chorp dot chaoineadh agus tabhair scian i n-íochtar a bhronn agus marbhthar leat mar sin é." Ar gcríochnughadh marbhtha Laoghaire amhlaidh sin lé Cobhthach do marbhadh Oilill Áine mac Laoghaire lé Cobhthach, agus iar ndéanamh na ngníomh soin dó fuair a shláinte. Tug fós fá deara leanbh óg dar bh'ainm Maon fá mac d'Oilill Áine do thabhairt da láthair, agus tug air mír do chroidhe a athar is a sheanathar d'ithe is luchóg go n-a los do shlogadh, agus táinig don déistin do ghabh an leanbh gur beanadh a urlabhra dhe; agus ar mbeith balbh dhó scaoilis Cobhthach uaidh é. Triallais an leanbh go Corca Dhuibhne gur chomhnuigh seal i bhfochair Scoiriath fá rí ar an gcrích sin; agus triallais as sin don Fhraingc go naonbhar do chuideachtain mar aon ris; acht ce adeirid drong ré seanchus gurab go crích Armenia do chuaidh. Agus do nochtadar an bhuidhean do chuaidh lais gur bh'é damhna ríogh Éireann é; agus táinig de sin go ndearna rí Frangc taoiseach teaghlaigh ar a mhuinntir dhe, agus do éirigh iomad áithis leis, ionnus go dtáinig de sin go raibhe iomrádh mór is oirdhearcas adhbhal i nÉirinn air; uime sin gur leanadar mórán d'fhearaibh Éireann don Fhraingc é. Agus do fhuirigh ann seal fada da aimsir. Do ghabh Cobhthach Caol mBreagh mac Ughaine Mhóir mic Eachach Bhuadhaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile, caogad bliadhan. Ceasair Chruthach ingean ríogh Frangc fá máthair dhó. Is uime ghairthear Cobhthach Caol mBreagh dhe .i. galar trom do ghabh é tré fhormad ré n-a dhearbhráthair Laoghaire Lorc fá rí Éireann roimhe féin, ionnus go ndeachaidh i seirglidhe is gur thréig a chuid fola is feola uile, gur chaol é; agus Magh Breagh ainm na háite 'n-a raibhe 'n-a luighe, go dtugadh Caol mBreagh air uime sin; agus do marbhadh an Cobhthach-so lé Labhraidh Loingseach mac Oiliolla Áine i nDionn Ríogh oidhche Nodlag mór i ndíoghail a athar agus a sheanathar do
marbhad leis-sean; gonadh tríd sin do rinne file éigin an rann-so:
Labhraidh Loingseach, lór a líon, Ro ort Cobhthach i nDionn Ríogh; Go sluagh Laighneach tar linn lir, Díobh ro hainmnigheadh Laighin.
Do ghabh Labhraidh Loingseach mac Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna, gur thuit lé Meilge mac Cobhthaigh Chaoil mBreagh. Agus is é ní da dtáinig a bhréagadh ón bhFraingc go hÉirinn, gradh éagmaiseach tug Moiriath inghean Scoiriath ríogh críche bhFear Morc i n-iarthar Mumhan dó, ar méid na clú is na dteastas do bhí air. Ollmhuighthear lé Craiftine Cruitire, oirfideach do bhí fán am soin i nÉirinn, ré dul 'n-a dhiaidh don Fhraingc agus iomad do ghréithibh geanamhla leis mar aon ré laoidh chumainn 'n-ar nocht sí díoghainne a dhiograise do Mhaon; agus sinnis port síthbhinn ar a chruit ar rochtain na Fraingce do Chraiftine an tan ráinig mar a raibhe Maon; agus gabhais an laoidh chumainn do rinne Moiriath inghean Scoiriath do Mhaon. Gabhais an oiread soin lúthghára ré hoirfideadh Chraiftine é go ndubhairt gur bhinn leis an laoidh is an port; agus ar n-a chlos soin da mhuinntir is do Chraiftine, do ghuidheadar rí Frangc fá chongnamh sluagh do thabhairt dó fá theacht do bhuain a chríche féin amach; agus tug an rí líon cabhlaigh dó .i. dá chéad ar fhichid céad; agus triallaid ar muir; agus ní haithristear a bheag da scéalaibh gur ghabhadar cuan ag Loch Garman; agus ar dtigheacht i dtír dóibh fuaradar scéala Cobhthach Caol mBreagh do bheith i nDionn Ríogh go n-iomad d'uaislibh Éireann 'n-a fhochair; agus leis sin triallaid do ló is d'oidhche go dtugadar amus longphuirt air gur mharbhadar Cobhthach mar aon ris na huaislibh sin. Is ann sin do fhiafruigh draoi do bhí san mbruidhin cia
do rinne an orgain sin. "An loingseach" ar an fear amuigh. "An labhair an loingseach" ar an draoi. "Labhraidh" ar an fear oile. Gonadh de sin do lean Labhraidh Loingseach mar fhorainm do Mhaon ó shoin i lé. Agus is leis do rónadh laighne leathanghlasa ar dtus i nÉirinn; ionann iomorro Laighne is sleagha ar a mbídís cinn leathanghlasa iarainn; agus ó na laighnibh sin ghairmthear Laighin do lucht chúigidh Gailian ris a ráidtear Cúigeadh Laighean aniú. Gonadh da dhearbhadh sin agus d'fhaisnéis nuimhreach an tsluaigh táinig lé Labhraidh Loingseach ón bhFraingc atá an file san rann-so:
Dá chéad ar fhichid céad Gall, Go laighnibh leathna leo anall; Ó na laighnibh sin gan oil Ghairmthear Laighin do Laighnibh.
Ar marbhadh iomorro Chobhthaigh Chaoil mBreagh do Labhraidh Loingseach agus ar ndul i seilbh Éireann dó, téid féin is Craiftine d'ionnsuighe ar Mhoiriath inghin Scoiriath inghin rígh críche bhFear Morc, an leannán lér cuireadh Craiftine da fhios don Fhraingc. Do phós Labhraidh í, agus is í fá ríoghan aige an gcéin do mhair. Is é fáth iomorro fá ndeachaidh Maon ré ráidhtear Labhraidh Loingseach don Fhraingc do bhíthin a ghaoil ré rígh Frangc; óir fá hí inghean ríogh Frangc, Ceasair Chruthach a hainm, fá bean d'Ughaine Mhór is fá máthair da chloinn, mar atá Laoghaire Lorc is Cobhthach Caol mBreagh agus mac mic don Laoghaire Lorc soin Labhraidh Loingseach. Gonadh tré n-a ghaol ré Frangcaibh do chuaidh ar a gcomairce. Adhbhar oile fós fá ndeachaidh don Fhraingc seoch dhula i dtír oile; do bhrígh go raibhe rann cinnte comhmbáidhe idir Laighnibh is Frangcaigh. Do bhíodh iomorro rann cinnte carad ag gach cúigeadh i nÉirinn don leith thall d'fhairrge, mar atá idir chlannaibh Néill is Albanaigh, idir fhearaibh Mumhan is
Sacsain, idir Ulltaibh is Easpáinigh, idir Chonnachtaibh is Breathnaibh is idir Laighnibh is Frangcaigh, amhail adeir Seán mac Torna Uí Mhaoilchonaire ardoide Éireann ré seanchus sna rannaibh-se síos:
Fríthe gach da chosmhaileas, Gion gurb ionann a mbunadh; Uí Néill agus Albanaigh; Sacsain agus fir Mhumhan; Ulaidh agus Easpáinnigh; Coinnmhe cogaidh gach críche; Connachtaigh is Briotáinigh; Laighin lé Frangcaibh fríthe.
Táinig don chomhmbáid do bhí idir na cúigeadhaibh is na críocha réamhráidhte go raibhe cosmhaileas 'n-a mbéasaibh eatorra leath ar leath do réir an cháirdeasa is an chumainn do bhí ré chéile aca. Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, gurab ar lorg an Labhraidh Loingsigh-se atáid a maireann do na fíor-Laighnibh do shíol Éireamhóin acht Ó Nualláin táinig do shliocht Chobhthaigh Chaoil mBreagh. Ag so síos na príomhshloinnte táinig do Laighnibh, mar atá Ó Conchubhair Fáilghe go n-a ghabhlaibh geinealach Caomhánaigh Tuathailaigh Branaigh Mac Giolla Phádraig Ó Duinn Ó Díomasaigh Ó Duibhidhir muinntear Riain is gach géag dar ghabhluigh ó na sloinntibh sin. Ó Chathaoir Mhór tángadar urmhór Laighean; gidheadh ní uaidh táinig Mac Giolla Phádraig, óir do scar Mac Giolla Phádraig is é féin ré chéile ag Breasal Breac mac Fiachach Foibhric, an ceathramhadh glún déag ó Chathaoir suas. Dá mhac iomorro do bhí ag an mBreasal-so mar atá Lughaidh Lóithfhionn is Connla; agus do roinneadh Cúigeadh Laighean idir an dias soin, mar atá ó Bhearbha soir ag Lughaidh is ag a shliocht, agus ón Bhearbha siar ag Connla is ag a shliocht. Gonadh ag
suidhiughadh na mac-so is na ronna atá an rann-so as an duain darab tosach, "Naoimhsheanchus naomh Inse Fáil":
Lughaidh is Connla gan chrádh, Dá mhac do Bhreasal Bhreac nár; Ósruighe ó Chonnla na gcneadh, Lughaidh seanathair Laighean.
Ó Lughaidh fós tángadar muinntear Dhuibhidhir, agus an cúigeadh glún ó Chathaoir Mhór suas scaraid féin is Cathaoir ré chéile. Cathaoir Mór iomorro mac Feidhlimidh Fíorurghlais mic Cormaic Ghealta Gaoth mic Nia Corb mic Conchorb. Mac don Choinchorb-so Cairbre Cluithiochair ó bhfuil Ó Duibhidhir; agus ó Náthí mic Criomhthainn mic Éanna Cinnsealaigh an seachtmhadh glún ó Chathaoir Mhór anuas tángadar muinntear Riain. An dara mac cheana d'Ughaine Mhór ar a dtáinig sliocht mar atá Cobhthach Caol mBreagh, is ar a shliocht atáid síol gCuinn uile idir shliocht Fiachach Sraibhtheine is Eochaidh Doimhléin is gach craobh coibhneasa oile dar fhás ó Chonn, amhail chuirfeam síos da éis so i gcraobhscaoileadh mhac Míleadh.
XXX. Léaghthar ar Labhraidh Loingseach gurab cuma chluas gcapall do bhí ar a chluasaibh; agus uime sin gach aon do bhíodh ag bearradh a fhuilt, do mharbhadh do láthair é, d'fhaitchios go mbiadh fios na hainmhe sin aige ná ag aonduine eile. Fá gnáth leis iomorro é féin do bhearradh gacha bliadhna, mar atá a mbíodh ó n-a dhá chluais síos da ghruaig do theascadh dhe. Fá héigean crannchur do chur da fhios cia da roichfeadh an rí do bhearradh gacha bliadhna, do bhrígh go gcleachtadh bás do thabhairt da gach aon da mbearradh é. Acht cheana tuitis an crannchur ar aonmhac baintreabhthaighe do bhí i n-earr a haoise agus í ag áitiughadh láimh ré longphort an ríogh. Agus mar do chualaidh an crannchur do thuitim ar a mac táinig do ghuidhe an ríogh ag a iarraidh air gan a haonmhac do bhásughadh agus í taoibh ris do shliocht. Geallais an rí dhi gan an mac do mharbhadh da ndearnadh rún ar an ní do chífeadh is gan a nochtadh do neach go bás. Agus iar mbearradh an ríogh don mhacaomh do bhí tormach an rúin sin ag siadadh 'n-a chorp gur bh'éigean dó bheith i luighe othrais go nachar ghabh leigheas san bhith greim dhe. Ar mbeith i bhfad i gcróilidhe dhó tig draoi deigheolach da fhios agus innsis da mháthair gurab tormach sceoil rúnda fá hadhbhar tinnis dhó, agus nach biadh slán go nochtadh a rún do ní éigin; agus adubhairt ris ó do bhí d'fhiachaibh air gan a rún do nochtadh do dhuine dul i gcomhgar cheithre rian, agus tilleadh ar a láimh dheis agus an céadchrann do theigéamhadh dhó do agallmha, is a rún do léigean ris. Is é céadchrann tarla dhó, soileach mhór, gur léig a rún ria. Leis sin scéidhis an t-oircheas tinnis do bhí fá n-a bhroinn, go raibhe slán do láthair, ag tilleadh go teach a mháthar tar ais dó. Acht cheana go grod da éis sin tárla gur briseadh cruit Chraiftine agus téid d'iarraidh adhbhair cruite go dtarla an tsoileach chéadna rér léig mac na baintreabhthaighe a rún
dó, agus beanais adhbhar cruite aiste agus ar mbeith déanta don chruit is í gléasta, mar do shinn Craiftine uirre is eadh do saoiltí ris gach n-aon da gcluineadh í gurab eadh do chanadh an chruit: Dá ó phill ar Labhraidh Lorc .i. Labhraidh Loingseach .i. Dá chluais chapaill ar Labhraidh Lorc; agus gach a mhionca do sheinneadh ar an gcruit sin is é an ní ceadna do tuigthí uaidh. Agus ar gclos an sceoil sin don rígh do ghabh aithmhéile é tré n-ar básuigheadh do dhaoinibh leis ag ceilt na hainmhe sin do bhí air, agus taispeánais a chluasa ós árd don teaghlach agus níor chuir ceilt orra ó shoin amach. Is mó saoilim an chuid-se don scéal do bheith 'n-a fhinnscéal fhilidheachta ioná 'n-a stair. Agus is lé Meilge mac Cobhthaigh Chaoil mBreagh do thuit an Labhraidh- se. Do ghabh Meilge Molbhthach mac Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna gur thuit lé Mogh Corb mac Cobhthaigh Chaoimh. Do ghabh Mogh Corb mac Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg mic Luighdheach Laighde mic Eochadha mic Oiliolla Finn mic Airt mic Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Is uime ghairthear Mogh Corb dhe, ar mbeith da mhac i gcarbad lá n-aon, bristear ball don charbad agus cóirighthear lé Mogh Corb é. Gonadh trés an bhfeidhim sin do dhéanamh da mhac dar bh'ainm Corb gairthear Mogh Corb dhe; gur thuit lé hAonghus Ollamh. Do ghabh Aonghus Ollamh mac Oiliolla mic Labhradha Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna déag gur thuit le hIarainnghleo mac Meilge. Do ghabh Iarainnghleo Fáthach mac Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; agus is uime ghairthear Iarainnghleo Fáthach dhe do bhrígh go raibhe seisean fáthamhail glic gaosmhar; agus fa dheireadh do thuit sé lé Fear Corb mac Mogha Cuirb.
Do ghabh Fear Corb mac Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann aonbhliadhain déag gur thuit lé Connla mac Iarainnghleo Fháthaigh. Do ghabh Connla Cruaidhchealgach mac Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaig Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna, gur thuit i dTeamhraigh. Do ghabh Oilill Caisfhiaclach mac Connla Chruaidhchealaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cúig bliadhna fichead, gur thuit lé hAdhamair Foltchaoin. Do ghabh Adhamair Foltchaoin mac Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur thuit lé hEochaidh Foiltleathan. Do ghabh Eochaidh Foltleathan mac Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoinbhliadhain déag gur thuit lé Fearghus Fortamhail. Do ghabh Fearghus Fortamhail mac Breasail Bhric mic Aonghusa Gailine mic Oiliolla Bhracáin mic Labhradha Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá bhliadhain déag. Agus is uime ghairthear Fearghus Fortamhail de .i. ba laochta láidir foirtil é 'n-a aimsir féin; gur thuit lé hAonghus Tuirbheach. Do ghabh Aonghus Tuirbheach mac Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile, trí fichid bliadhan; agus is uime ghairthear Aonghus Tuirbheach
dhe óir ba tuirbheach .i. ba nárach leis an mac do rinne ré n-a inghin féin tré mheisce .i. Fiachaidh Fear Mara ainm an mhic sin; agus is uime tugadh Fiachaidh Fear Mara air, do bhrígh gurb ar muir do cuireadh i gcurachán é mar dhísliughadh air go seoidibh uaisle 'n-a thimcheall budh inneamhail do mhac ríogh; go dtarladar iascaireadha ris go dtugadar i dtír é is gur chuireadar ar oileamhain é. Do bhí fós mac ré a mhnaoi phósta ag Aonghus Tuirbheach, Éanna Aighneach fá hainm dó, agus is uaidh tángadar síol gCuinn uile; is do marbhadh Aonghus Tuirbheach féin i dTeamhraigh; gonadh ó n-a mharbhadh i dTeamhraigh ghairthear Aonghus Tuirbheach Teamhrach dhe. Do ghabh Conall Collamhrach mac Eidirsceoil Teamhrach mic Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur thuit lé Nia Seaghamain. Do ghabh Nia Seaghamain mac Adhamair Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; agus is uime ghairthear Nia Seaghamain de .i. seachmhaoineach, óir fá mór an bhreis mhaoine dó seoch cach, mar do thigdís na heillte allta do thabhairt lachta go ceannsa amhail gach boin oile 'n-a ré i nÉirinn tré dhraoidheacht a mháthar dar bh'ainm Fliodhais; agus do thuit an Nia Seaghamain-se lé hÉanna Aighneach. Do ghabh Éanna Aighneach mac Aonghusa Thuirbhigh Teamhrach mic Eochach Fhoiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna fichead. Is uime ghairthear Éanna Aighneach dhe, ionann aighneach agus ógh eineach .i. oineach iomlán; óir do bhronnadh gach ní da
dteagmhadh 'n-a laimh; agus do thuit sé lé Criomhthann Coscrach. Do ghabh Criomhthann Coscrach mac Feidhlimidh Foirthriuin mic Fearghusa Fortamhail mic Breasail Bhric mic Aonghusa Gailine mic Oiliolla Bhrácáin mic Labhradha Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Is uime ghairthear Criomhthann Coscrach dhe ar a mhionca do bheireadh buaidh coscair is comhlainn i ngach cath i dteagmhadh; gur thuit lé Rudhruighe mac Sithrighe. Do ghabh Rudhruighe mac Sithrighe mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmhair mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead nó do réir dhruinge oile deich mbliadhna is trí fichid; gur thuit do thámh i nAirgeadros. Do ghabh Ionnadmhár mac Nia Seaghamain mic Adhamair Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann trí bliadhna; gur thuit lé Breasal Bóidhíobhadh. Do ghabh Breasal Bóidhíobhadh mac Rudhruighe mic Sithrighe mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorláimh do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann aoinbhliadhain déag. Is uime ghairthear Breasal Bóidhíobhadh dhe .i. bó-ár mór tarla i nÉirinn ré n-a linn. Do thuit an Breasal-so lé Lughaidh Luaighne. Do ghabh Lughaidh Luaighne mac Ionnadmháir mic Nia Seaghamain mic Adhamair Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur thuit lé Conghal Cláiringneach. Do ghabh Conghal Cláiringneach mac Rudhruighe mic Sithrighe
mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorláimh do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann cúig bliadhna déag; gur thuit lé Duach Dallta Deaghaidh. XXXI. Do ghabh Duach Dallta Deaghaidh mac Cairbre Luisc mic Luighdheach Luaighne mic Ionnadmháir mic Nia Seaghamain mic Adhamair Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann deich mbliadhna. Is uime ghairthear Duach Dallta Deaghaidh dhe, dá mhac do bhí ag Cairbre Luisc .i. Duach is Deaghaidh a n-anmanna, agus do bhí imreasan eatorra fá ríoghacht Éireann; óir ba hinneamhail mar adhbhar ríogh gach mac dhíobh ar dheilbh is ar dhéanamh ar ghníomh is ar ghaisceadh. Gidheadh do thogair Deaghaidh an mac do b'óige don dís teacht fá bhrághaid a dhearbhráthar do ba sine ioná é féin .i. Duach. An tan do chonnairc Duach an ní sin do chuir teachta uaidh ar cheann a dhearbhráthar .i. Deaghaidh. Táinig iomorro Deaghaidh go hairm a raibhe Duach agus mar ráinig do láthair gabhthar lé Duach é, gur bhean a dhá shúil as, go raibhe 'n-a dhall go dearbhtha; gonadh de sin do lean Duach Dallta Deaghaidh mar fhorainm air. Is ag faisnéis an ghníomha soin do rinne file éigin an rann-so:
Do gabhadh Deaghaidh 'n-a thoigh Ag Duach, ag a dhearbhráthoir; Agus do dalladh go dian An Deaghaidh sin, gér dhroichchiall.
Do thuit an Duach-so lé Fachtna Fáthach mac Cais. Do ghabh Fachtna Fáthach mac Cais mic Rudhruighe mic Sithrighe mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorláimh do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann sé bliadhna déag gur thuit lé hEochaidh Feidhlioch.
Do ghabh Eochaidh Feidhlioch mac Finn mic Fionnlogha mic Roighnéin Ruaidh mic Easamain Eamhna mic Bláthachta mic Labhradha Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa Thuirbhigh Teamhrach mic Eochach Fhoiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag. Beinia inghean Chriomhthainn máthair Eochach Feidhligh. Is uime ghairthear Eochaidh Feidhlioch dhe do bhrígh go raibhe osna i bhfad ann. Ionann iomorro feidhil is fada; ionann fós uch is osna; uime sin, is ionann feidhlioch is feidhil uch .i. fadosna; óir níor dhealuigh osna ré n-a chroidhe ó do marbhadh a mhaca leis i gcath Droma Criaidh go bhfuair féin bás. Na trí Finneamhna do gairthí do na trí macaibh sin. Agus is uime do gairthí Eamhna dhíobh ón fhocal-so amhaon, da dhiúltadh nach 'n-a aonar rugadh neach aca, acht gurab i n-aoinfheacht rugadh iad; agus Cloithfhionn inghean Eochach Uichtleathain bean Eochach Feidhligh fá máthair dhóibh, agus d'aon toirbheart rug sí iad. Breas is Nár is Lothar a n-anmanna. Agus is é an tEochaidh Feidhlioch-so do roinn is do orduigh cúigeadhaigh ar Éirinn ar dtús. Óir do roinn sé Cúigeadh Connacht 'n-a trí míribh ar thriar .i. Fidheac mac Féig, Eochaidh Allad, Tinne mac Connrach. Tug do Fhidheac Fir na Craoibhe ó Fhidheac go Luimneach; tug d'Eochaidh Allad Iorrus Domhnann ón nGaillimh go Duibh agus go Drobhaois; tug do Thinne mac Connrach Magh Sainbh agus Seantuatha Taidhean ó Fhidheac go Teamhair Bhrogha Niadh; tug fós Cúigeadh Uladh d'Fhearghus mac Léide; tug Cúigeadh Laighean do Rossa mac Fearghusa Fairrge; tug dá chúigeadh Mumhan do Thighearnach Théadbhannach is do Dheaghaidh; ionnus gur chuir Éire fá n-a smacht is fá n-a ordughadh féin go hiomlán feadh a fhlaithis.
Acht cheana téid Eochaidh iar sin i gConnachtaibh; agus tigid na trí rígh sin is trí ranna Connacht 'n-a dháil. Do iarr Eochaidh ionadh longphuirt ríogh i gConnachtaibh orra dhó féin. Adubhairt Eochaidh Allad is Fidheac nach tiubhradaois féin sin dó, is gur bh'fhearr leo a chíos is a dhualgas do chur chuige go Teamhair. Gidheadh do ba toil lé Tinne mac Connrach .i. an treas fear dhíobh ionadh longphuirt do bheith ag Eochaidh. Tug Eochaidh a inghean féin .i. Meadhbh 'n-a mnaoi do Thinne, agus do cheangladar cáirdeas ré chéile. Do fhiafruigh Eochaidh Feidhlioch da dhraoithibh c'áit a ndéanadh longphort; agus adubhradar ris a dhéanamh i nDruim na nDruadh ris a ráidhtear Cruachain. Do tionnscnadh an ráith ann sin leis an nGamhanruidh ó Iorrus Domhnann agus do rinneadar cloidh na rátha soin Eochach i n-aonló, amhail adeir an file:
Tug i n-aonló ar oireacht Domhnann Déanamh na diongna is a dheilbh; Ní thug rí Fáil go na fleadhaibh Dáil do na fearaibh mu'n bhfeidhm.
Do rinneadh foirghneamh iar sin innte; agus tug Eochaidh ríoghacht Chonnacht do Thinne mac Connrach, agus do phós a inghean féin .i. Meadhbh ris. Do mharbh Tinne Eochaidh Allad da éis sin agus tug righe Domhnannach d'Oilill Fhionn. Tug trá Meadhbh ceannas Rátha hEochach do Chróchain Chróidheirg máthair Mheidhbhe féin; agus is ón Chróchain sin ghairthear Cruachain do Ráith Cruachan aniú, amhail adeir an file san rann-so:
Druim na ndruadh is Tulach Oichne, Ráith hEochach a hainm iar soin; Ráith Cruachan ó Chróchain Chróidheirg, Do luathuigh móirfheirg san moigh.
Do bhí Meadhbh 'n-a mnaoi i bhfad 'n-a dhiaidh sin ag Tinne mac Connrach, gur thuit sé i dTeamhraigh do láimh Mhonuidhir
da ngairthí mac Céacht. Do bhí cheana Meadhbh deich mbliadhna i righe Connacht d'éis Tinne gan feis lé fear ar bith ós ard, acht gach fear ós íseal da sanntuigheadh féin do bheith aici. Tug Meadhbh Oilill Mór mac Rossa Ruaidh do Laighnibh mar chéile iar sin. Mada Muirisc bean Chonnachtach fá máthair dó; agus rug Meadhbh móirsheisear mac .i. na seacht Maine d'Oilill; agus is é Conall Cearnach ar mbeith 'n-a sheanóir i gCruachain do mharbh Oilill d'urchor do ghai; agus leanaid fir Chonnacht é féin is marbhaid 'n-a dhíol soin é. Is fada iomorro do bhí cogadh is coinbhliocht idir Chonnachtaibh is Ulltaigh ré linn Mheidhbhe do bheith i gceannas Chonnacht agus Chonchubhair do bheith 'n-a rígh Uladh. Ionnus cheana go mbeith fios fátha na heasaonta tarla eatorra agat, a léaghthóir, cuirfead síos annso mar do marbhadh clann Uisneach tar slánadh nó tar chomairce Fhearghusa mic Róigh agus Chormaic Conluingios agus Dubhthaigh Daoil Uladh. Ag so síos go cumair éirim na heachtra.
XXXII. Lá n-aon iomorro da ndeachaidh Conchubhar rí Uladh do chaitheamh fleidhe go tigh Fheidhlimidh mic Daill, scéaluidhe Conchubhair, agus ré linn na fleidhe sin rug bean Fheidhlimidh inghean álainn, agus do rinne Cathbhadh draoi tarla san chomhdháil an tan soin tuar is tairrngire don inghin go dtiocfadh iomad dochair is díotha don chúigeadh da toisc. Ar n-a chlos sin don laochraidh do thogradar a marbhadh do láthair. "Ní déantar" ar Conchubhar "acht béaraidh mise liom í agus cuirfead da hoileamhain í go raibhe 'n-a haonmhnaoi agam féin." Deirdre do ghairm an draoi Cathbhadh dhi. Do chuir Conchubhar i lios ar leith í agus oide is buimeach da hoileamhain; agus ní lámhadh neach don chúigeadh dul 'n-a láthair acht a hoide is a buimeach is bancháinteach Chonchubhair da ngairthí Leabharcham. Do bhí ar an ordughadh soin go beith ionnuachair dhi, agus gur chinn ar mhnáibh a comhaimsire i scéimh. Tarla iomorro da hoide laogh do mharbhadh ré proinn d'ollmhughadh dhisi lá sneachta; agus iar ndortadh fhola an laoigh san sneachta cromais fiach dubh da hól. Agus mar thug Deirdre sin da haire adubhairt ré Leabharchaim gomadh maith lé féin fear do bheith aice ar a mbeidís na trí datha adchonnairc mar atá dath an fhéich ar a fholt, dath fola laoigh ar a ghruaidh, is dath an tsneachta ar a chneas. "Atá a shamhail sin d'fhior ré ráidhtear Naoise mac Uisneach, i bhfochair Chonchubhair san teaghlach." "Maseadh, a Leabharcham," ar sí, "guidhim-se thusa a chur dom agallmha gan fhios." Agus nochtais Leabharcham an ní sin do Naoise. Leis sin táinig Naoise ós íseal i ndáil Deirdre, agus cuiris i suim méad a seirce dhó agus iarrais air í féin do bhreith ar éalódh ó Chonchubhar. Tug Naoise aonta leis sin, gér leasc leis d'eagla Chonchubhair é.
Triallais féin is a dhá bhráthair .i. Ainle is Ardán agus Deirdre is trí caogad laoch mar aon riú, go hAlbain, áit i bhfuaradar congbháil buannachta ó rígh Alban go bhfuair tuarasgbháil scéimhe Deirdre is gur iarr 'n-a mnaoi dhó féin í. Gabhais fearg Naoise go n-a bhráithribh uime sin, agus triallaid a hAlbain i n-oiléan mhara ar teitheadh ré Deirdre, tar éis iomad coinbhliocht do thabhairt do mhuinntir an ríogh is dóibh féin da gach leith roimhe sin. Acht cheana ar n-a chlos i nUlltaibh go rabhadar mic Uisneach san éigeandáil sin adubhradar mórán d'uaislibh an chúigidh ré Conchubhar gur thruaighe clann Uisneach do bheith ar deoraidheacht tré dhrochmhnaoi, agus gomadh cóir fios do chur orra is a dtabhairt don tír. Do-bheir Conchubhar aonta ris sin ar impidhe na n-uasal agus tug Fearghus mac Róigh is Dubhthach Daol Uladh is Cormac Conluingeas i slánadh air féin fá bheith díleas dóibh. Ar na heachtaibh sin cuiris Fearghus mac Róigh Fiachaidh a mhac féin i gcoinne chloinne hUisneach go dtug leis i nÉirinn iad go n-a mbuidhin agus Deirdre mar aon riú; agus ní haithristear a bheag da scéalaibh go rochtain fhaithche na hEamhna dhóibh. Tarla Eoghan mac Durrthachta flaith Fearnmhaighe orra ar an bhfaithche go sluagh líonmhar maille ris ré feall do dhéanamh ar chloinn Uisneach ar fhoráileamh Chonchubhair; is mar rángadar clann Uisneach do láthair téid Eoghan d'fháiltiughadh ré Naoise, agus ris an bhfáilte cuiris sáthadh sleighe thríd. Mar do chonnairc Fiachaidh mac Fearghusa sin lingeas idir Eoghan is Naoise go dtug Eoghan an dara sáthadh ar Fhiachaidh gur mharbh mar aon ré Naoise é; agus da éis sin lingis Eoghan is a shluagh ar chloinn Uisneach, gur marbhadh leo iad, agus go dtugadar deargár a muinntire. Mar do chualaidh iomorro Fearghus is Dubhthach marbhadh chloinne hUisneach tar a slánadh féin triallaid d'ionnsuighe na hEamhna, agus tugadar féin is muinntear Chonchubhair coimheascar da chéile gur thuit Maine mac Conchubhair leo
agus trí chéad laoch da mhuinntir mar aon ris. Loiscthear is airgthear Eamhain is marbhthar bantracht Chonchubhair leo; agus cruinnighid a rannta da gach leith iad féin is Cormac Conluingeas; agus fá hé líon a sluagh an tan soin, trí mhíle laoch; agus triallaid as sin i gConnachtaibh go Meidhbh is go hOilill mar a bhfuaradar fáilte is fastódh. Ar rochtain ann sin dóibh ní bhídís aonoidhche gan lucht foghla uatha ag argain is ag loscadh Uladh. Mar sin dóibh gur loisceadh críoch Chuailgne leo - gníomh da dtáinig iomad dochair is díbhfheirge idir an dá chúigeadh; is do chaitheadar seacht mbliadna ar an ordughadh soin gan osadh aonuaire eatorra; agus is don leith istigh don ré sin do chumaisc Fearghus ar Mheidhbh, gur toircheadh leis í, go rug sí triúr mac d'aon toirbheart dó, mar atá Ciar is Corc is Conmhac, amhail adeir an file:
Torrach Meadhbh i gCruachain chaoin Ó Fhearghus nar thuill tathaoir; Go rug triar gan locht nar lag Ciar is Corc agus Conmhac.
Is ón gCiar-so ráidhtear Ciarraidhe Mumhan, agus is ar a shliocht atá Ó Conchubhair Ciarraidhe. Ó Chorc atá Corca Moruadh agus Ó Chonmhac ráidhtear gach Conmhaicne da bhfuil i gConnachtaibh; agus cibé léighfeas an duain do rinne Lughair file Oiliolla darab tosach: Clann Fhearghusa clann ós cách: do-ghéabhaidh go follus gurab mór an t-arrachtas is an neart do ghabhadar an triúr mac soin Meidhbhe i gConnachtaibh agus san Mhumhain. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na tíorthaibh atá ainmnigthe uatha san dá chúigeadh soin. Dála Dheirdre da dtángadar na gníomha do luaidheamar, do bhí i bhfochair Chonchubhair feadh bliadhna d'éis mharbhtha chloinne hUisneach; agus ge madh beag tógbháil a cinn nó gean gáire do thigheacht tar a béal, ní dhearnaidh ris an ré sin é. Mar do chonnairc Conchubhar nar ghabh cluiche ná caoineas greim dhi, agus nach tug adhbhacht ná áineas ardughadh
ar a haigneadh, do chuir fios ar Eoghan mac Durrthachta flaith Fearnmhuighe; agus ar dtigheacht d'Eoghan 'n-a láthair adubhairt ré Deirdre ó nach fuair féin a haigneadh do chlaochlódh ó n-a cumhaidh go gcaithfeadh dul sealad oile lé hEoghan, agus leis sin cuirthear ar cúlaibh Eoghain 'n-a charbad í. Téid Conchubhar da dtiodhlacadh, agus ar mbeith ag triall dóibh do-bheireadh sise súil fhraochta ar Eoghan roimpe agus súil ar Chonchubhar 'n-a diaidh, óir ní raibhe dias ar talmhain is mó da dtug fuath ioná iad araon. Mar do mhothuigh iomorro Conchubhar ise ag silleadh fá seach air féin is ar Eoghan, adubhairt ria, tré adhbhacht, "A Dheirdre," ar sé, "is súil chaorach idir dá reithe an tsúil sin do-bheir tú oram-sa is ar Eoghan." Ar n-a chlos sin do Dheirdre do ghabh beadhgadh ris na briathraibh sin í, go dtug baoithléim as an gcarbad amach gur bhuail a ceann fá chairthe chloiche do bhí ar an lár roimpe, go ndearnadh míre mionbhruithte da ceann, gur ling a hinchinn go hobann aiste; gonadh amhlaidh sin táinig díbirt Fhearghusa mic Róigh is Chormaic Conluingeas mic Conchubhair, Dubhthaigh Daoil Uladh, agus bás Deirdre. Do bhrígh gurab i n-aimsir Chonchubhair is na gcuradh do bhí Meadhbh i bhflaitheas Chonnacht agus gur mhair deich mbliadhna i ndiaidh bháis Tinne mic Connrach an céidfhear pósta do bhí aice, agus cheithre fichid bliadhan da éis sin 'n-a mnaoi ag Oilill Mhór, agus i ndiaidh bháis Oiliolla ocht mbliadhna i n-aontumha gur marbhadh lé Forbhuidhe mac Conchubhair í, cuirfeam síos annso bás na druinge is dearscnaidhthe do na curadhaibh do bhí ann ré linn Meidhbhe, is cuid dá ndálaibh go cumair.
XXXIII. Ag so síos ar dtús go haithghearr éirim na heachtra da dtáinig bás Chonchubhair. Nós iomorro do bhíodh fán am soin ann mar ghríosadh ar lucht gaiscidh ré mbeith calma i gcomhlannaibh dóibh, mar atá mír curaidh mar chomhartha buadha do thabhairt don tí ba foirtille i bhfeidhm aoinfhir, agus ag a mbíodh buaidh láithreach gaiscidh ar a chéile comhraic. Táinig cheana don nós-so go dtarla imreasan fá'n gcuraidhmhír idir Chonall Chearnach agus Choin gCulainn agus Laoghaire Buadhach i nEamhain; gur iarr Conall inchinn Mheisceadhra .i. tréinfhear calma do Laighnibh do marbhadh leis féin i gcomhlann aoinfhir; agus ar dtaispeánadh inchinne an tréinfhir sin, do léig Laoghaire is Cú Chulainn da gcoimhmheas ré Conall, ar n-a mheas nach dearna ceachtar díobh féin a chomhmór soin do ghníomh goile ná gaiscidh riamh. Fá béas iomorro fán am soin cibé tréinfhear lé dtuitfeadh tréinfhear táscamhail oile, go mbeanadh a inchinn as a cheann is go gcumascadh aol tríthe go mbíodh 'n-a liathróid chruinn chruaidh aige aga taispeánadh ar aonaighibh is i gcomhdhálaibh coitcheanna mar chomhartha buaidhe gaiscidh. Agus mar do chonncadar dá óinmhid do bhí ag Conchubhar méad an cheana do bhíodh ag cách ar an inchinn, gadtar leo ar n-a mhárach as an gCraoibh Dheirg Chonchubhair í. Trí háruis iomorro do bhíodh i nEamhain ré linn Chonchubhair mar atá Bróin Bhearg is Craobh Dhearg is Craobh Ruaidh. San chéidteach do bhídís a n-othair, agus is uime sin ráidhtear Bróin Bhearg ria, do bhrígh go mbídís na hothair do bhíodh innte fá bhrón is fá mhéala ó ghoimh na ngon is na ngalar do bhíodh orra innte. An dara teach da ngairthí Craobh Dhearg is ann do bhídís na hairm is na seoid uaisle i gcumhdach; agus is uime sin do cuireadh inchinn Mheisceadhra i dtaiscidh ann mar gach seod uasal oile. An treas teach do bhíodh ag
Conchubhar, an Chraobh Ruaidh do gairmthí dhi. Is innte do riarthaoi é féin mar aon ré líon a laochraidhe. Dála an dá óinmhid iar mbreith inchinne Mheisceadhra as an gCraoibh Dheirg amhail adubhramar, do chuadar ar faithche na hEamhna go rabhadar ag iomáin na hinchinne amhail liathróid ó láimh go láimh go dtáinig onchú uilc ar Ulltachaibh .i. Ceat mac Mághach tréinfhear do Chonnachtaibh, gur bhréag inchinn Mheisceadhra ó na hóinmhidibh is go rug leis i gConnachtaibh í, agus gacha mhionca do thigeadh i n-iorghail nó i gcath i n-aghaidh na nUlltach do bhíodh inchinn Mheisceadhra ar a chrios aige i ndóigh éachta do dhéanamh ar Ulltachaibh. Óir do bhí i dtairrngire Meisceadhra da dhíoghail féin ar Ulltachaibh d'éis a bháis; agus do mheas gurab don inchinn do thiocfadh fíoradh na fáistine sin. Gonadh uime sin do chleachtadh Ceat inchinn Mheisceadhra do bheith ar iomchar aige do shúil ré neach éigin d'uaislibh Uladh do mharbhadh lé. Téid iomorro Ceat go sluagh líonmhar maille ris do chreachadh Uladh, go dtug táin mhór bó a Fearaibh Rois i nUlltaibh, agus leanaid drong mhór d'Ulltaibh é; agus cruinnighid fir Chonnacht don leith anoir d'fhortacht Cheit, agus Conchubhar don leith aniar d'fhortacht Ulltach. Mar do chualaidh trá Ceat go raibhe Conchubhar san tóraidheacht, cuiris fios go bantracht Chonnacht do bhí ar chnoc ag feitheamh an dá shluagh, ag iarraidh orra Conchubhar do bhréagadh da bhféachain féin, ar mbeith 'n-a dhuine shochma sholabhartha dhó, óir ní léigfidís Ulltaigh é san chath i gcoinne Chonnacht. Ar n-a chlos iomorro do Chonchubhar go raibhe mian ar an mbantracht é féin d'fhaicsin, triallais 'n-a aonar ón tulaigh 'n-a raibhe d'fhios an bhantrachta; agus tig Ceat ós iseal don leith oile go raibhe i meadhón an bhantrachta d'oirchill ar Chonchubhar do mharbhadh. Ar mbeith cheana do Chonchubhar ag tigheacht i ngar don bhantracht éirghis Ceat agus do-ní inchinn Mheisceadhra d'inneall 'n-a chranntabhaill ré Conchubhar
do mharbhadh. Ar bhfaicsin iomorro Cheit dó, triallais tar a ais i measc a mhuinntire féin; agus ag dul go Doire Dá Bhaoth dhó, tug Ceat urchar d'inchinn Mheisceadhra as a chrann tabhaill 'n-a dhiaidh, gur bhuail 'n-a bhaitheas é, gur briseadh a sheicne don urchar soin, gur lean inchinn Mheisceadhra da bhaitheas; agus leis sin tigid a mhuinntear féin da fhóirthin ó Cheat. Cuirid fios an tráth soin i gcoinne Fínghin Fáithliaigh agus ar dtigheacht do láthair is eadh adubhairt dá mbeantaoi an meall soin as a cheann go bhfuighbheadh bás do lathair. "Is fearr linn," ar cách, "ar rí do bheith ainmheach ioná a éag." Leighistear lé Fínghin é, agus adubhairt ris ainnséin gan fearg do dhéanamh ná luighe ré mnaoi ná dul ar each ná feidhm foiréigneach do dhéanamh, agus dá ndearnadh, lé gluasacht friothbhuailte a inchinne féin, go dteilgfeadh an meall as a cheann is go bhfuighbheadh bás. Mar sin dó seacht mbliadhna gus an Aoine 'n-ar crochadh Críost do réir dhruinge ré seanchus; agus mar do chonnairc claochlódh neamhghnáthach na ndúl is urdhubhadh na gréine san éasca lán, fiafruighis do Bhacrach draoi do Laighnibh do bhí 'n-a fhochair, créad da dtáinig an mhalairt neamhghnáthach soin ar reannaibh nimhe is talmhan. "Íosa Críost mac Dé," ar an draoi, "atá ag a bhásughadh anois ag Iuduidhibh." "Truagh sin," ar Conchubhar, "dá mbeinn-se 'n-a láthair do mhuirbhfinn a raibhe timcheall mo Ríogh dá bhásughadh"; agus leis sin tug a chloidheamh amach agus téid fá dhoire choille do bhí láimh ris gur ghabh ag a ghearradh is ag a bhuain; agus is eadh adubhairt dá mbeith i measc na nIuduidheach gurb é sin díol do bhéaradh orra; agus ar mhéid na dásachta do ghabh é do ling an meall as a cheann go dtáinig cuid da inchinn 'n-a dhiaidh, agus leis sin go bhfuair bás. Coill Lamhruidhe i bhFearaibh Rois ghoirthear don mhuine choille sin. Ar mbeith marbh do Chonchubhar tairgthear ríoghacht Uladh don tí do bhéaradh corp Chonchubhair leis gan scíth go hEamhain. Tarla giolla ag Conchubhar ar an láthair sin dar bh'ainm
Ceann Bearroide agus i ndóigh ris an ríoghacht da rochtain féin tógbhais an corp go calma agus rug leis go hArdachadh Sléibhe Fuaid é, gur bhris a chroidhe agus go bhfuair bás ann sin. Gonadh trés an ngníomh-so atá an seanfhocal adeir gurb í ríoghacht Chinn Bearroide iarrais neach an tan chuireas roimhe go huaillmhianach céim do rochtain is aoirde ioná mar do fhéadfadh do ghreamughadh. Acht cia chuirid ughdair an tseanchusa síos an stair-se Chonchubhair agus gurb fhear comhaimsire do Chríost é, do réir fírinne an tseanchusa ní rugadh Críost go haimsir imchian i ndiaidh Chonchubhair; agus is amhlaidh atá fírinne na staire- se gur thairrngir Bacrach draoi do Laighnibh tré fháistine go ngeinfidhe Críost an Tairrngirtheach Mac Dé agus go ngéabhadh colann agus go n-imeoraidís na hIodhail bás air, agus gurab de do thiocfadh fuascladh an chinidh dhaonna a hanbhroid an aibhirseora. Agus ar n-a chlos sin do Chonchubhar do ghabh dásacht amhail adubhramar é; agus do ghabh tré chomhmbáidh ré Críost ag gearradh choille Lámhruidhe i riocht na nIodhal go bhfuair bás don bhfeidhm sin. Cibé iomorro do chuirfeadh i n-iongantas go bhféadfadh Bacrach nó draoi oile da raibhe Págánta bás Chríost do thairrngire, ciodh fár chóra do na Sibillae do bhí Págánta Críost ria n-a ghein do réamhfhaicsin ioná do Bhacrach nó da shamhail oile? Uime sin ní díchreidte an stair mar so.
XXXIV. Ag so síos do bhás Cheit mic Mághach. Ba tréinfhear an Ceat-so is fá biodhbha biothfhoghlach ar Ulltachaibh é feadh a ré. Lá n-aon dá ndeachaidh an Ceat-so i nUlltachaibh do dhéanamh díbhfeirge mar fá gnáth leis; go dtarla sneachta mór fán am soin ann; agus ag tilleadh dhó is trí cinn laoch aige do marbhadh leis san turas soin, tig Conall Cearnach ar a lorg gur chuir fá ghreim ag Áth Ceit é, gur comhraicsiod re chéile gur thuit Ceat san chomhlann agus gur tromghonadh Conall, gur thuit i néall ar an láthair iar dtréigean iomad fola dhó. Agus leis sin, tig Béalchú Bréithfne tréinfhear do Chonnachtaibh go láthair an chomhraic mar a bhfuair Ceat marbh is Conall i gcrothaibh báis, agus adubhairt gur mhaith an scéal an dá onchoin sin da dtáinig aidhmhilleadh Éireann do bheith sna hainreachtaibh sin. "Is fíor sin" ar Conall "agus i ndíol a ndearna mise do dhochar do Chonnachtaibh marbh-sa mé." Is uime iomorro adubhairt sin do bhrígh gomadh fearr leis ioná flaitheas Éireann laoch éigin oile da ghoin ionnus nach biadh clú a mharbhtha ar aon laoch amháin do Chonnachtaibh. "Ní mhuirfead tú" ar Béalchú "óir is geall ré bheith marbh dhuit an riocht 'n-a bhfuilir. Gidheadh béar liom tú agus cuirfead leigheas ort; agus ma's téarnódh ód othras duit do-dhéan comhrac aoinfhir riot, go ndíoghaltar liom ort gach dochar is gach díoth dar himreadh leat ar Chonnachtaibh." Agus leis sin cuiris iomchar faoi agus beiris leis da theach féin é, gur chuir leigheas air ann, go beith da chréachtaibh cneasuighthe. Mar do mheas iomorro Béalchú eisean ag téarnódh agus a neart féin ag fás arís ann, do ghabh eagla ré gConall é, agus ollmhuighthear triúr laoch da chloinn lé Béalchoin ré marbhadh Conaill i bhfeall san oidhche ar a leabaidh. Gidheadh
fuair Conall dóigh ar chogar na ceilge sin. Agus an oidhche do bhí a bhara fán gcloinn teacht do dhéanamh na feille adubhairt Conall ré Béalchoin go gcaithfeadh malairt leaptha d'fhagháil uaidh nó go muirbhfeadh é. Agus leis sin luighis Béalchú, gér leasc ris é, i leabaidh Chonaill agus do luigh Conall i leabaidh Bhéalchon go dtángadar an triúr laoch soin fá clann do Bhéalchoin d'ionnsuighe na leaptha 'n-a mbíodh Conall, gur marbhadh a n-athair i riocht Chonaill leo. Mar do mhothuigh iomorro Conall iad-san ar marbhadh a n-athar 'n-a riocht féin, do ling orra is marbhthar iad a dtriúr leis, agus dícheanntar leis iad mar aon ré n-a n-athair, go rug ar n-a mhárach a gcinn da gcomhmhaoidheamh go hEamhain; gonadh ag maoidheamh an ghníomha-so atá an rann-so as an seanchus:
Fá do cheardaibh Chonaill Chearnaigh Ionnradh Manann argain mogh Is goin trí mac Béalchon Bréithfne Iar ngoin Luighdheach mic trí gcon.
Gonadh é marbhadh Cheit mic Mághach is Bhéalchon Bréithfne go n-a trí macaibh go ró so. Gidheadh is iomdha éacht adhbhal leis so do féadfaidhe do chomhmhaoidheamh ar Chonall fhuigfeam don chur so gan chur síos. Ag so síos an ní da dtáinig bás Fheargusa mic Róigh. Ar mbeith iomorra d'Fhearghus ar deoraidheacht i gConnachtaibh, tarla i bhfochair Oiliolla is Meadhbha é i Maigh Aoi, áit a raibhe dúnphort comhnuighthe aca; agus lá n-aon dar éirgheadar amach ar bruach locha do bhí láimh ris an lios, iarrais Oilill ar Fhearghus dul do shnámh ar an loch, agus téid Fearghus ann. Ar mbeith cheana d'Fhearghus ag snámh do ghabh mian Meadhbh dul do chomhshnámh ris agus ar ndul san loch di i bhfochair Fhearghusa do ghabh éad Oilill agus tug ar bhráthair dó féin do bhí 'n-a fhochair dar bh'ainm Lughaidh Dailléigeas urchar sleighe do chaitheamh ré Fearghus go dtarla
tré n-a chliabh agus tig Fearghus i dtír lé goin an urchair sin, agus gaduis an tsleagh as féin, go dtug amus urchair go hOilill go dtarla tré mhíolchoin do bhí láimh ré n-a charbad í; agus leis sin tuitis Fearghus agus fuair bás, gur haidhnaiceadh ar bruach an locha céadna é. Is é an Fearghus-so do mharbh Fiachna mac Conchubhair agus an tréinfhear Geirrgheann mac Molladha agus Eoghan mac Durrthachta rí Fearnmhuighe is iomad curadh is caithmhíleadh ar cheana nach luaidhfeam annso. Is é fós tug an táin mhór leis a hUlltaibh da dtáinig iomad uilc is easaonta idir Chonnachta is Ulltaigh ionnus go rabhadar an dubhloingeas táinig ar deoraidheacht lé Fearghus a hUlltaibh seacht mbliadhna i gConnachtaibh, nó deich mbliadhna do réir dhruinge oile, ag déanamh fíorluit is foghla ar Ulltachaibh tré bhás mac nUsnuigh agus Ulltaigh mar an gcéadna ag déanamh díbhfeirge orra-san is ar fhearaibh Connacht trés an dtáin rug Fearghus uatha, agus trés gach dochar oile da ndearna an dubhloingeas .i. an sluagh deoraidheachta do chuaidh lé Fearghus i gConnachtaibh, agus fir Chonnacht féin dóibh; ionnus go rabhadar na díotha is na dochair do rinneadar leath ar leath da chéile comh mór soin go bhfuilid leabhair scríobhtha orra budh liosta ré a luadh agus budh fada ré a bhfaisnéis annso. Ag so síos an t-adhbhar fá dtáinig bás Laoghaire Bhuadhaigh. File iomorro do bhí ag Conchubhar da ngairthí Aodh mac Ainninn do liamhnadh ar Mhaghain bean Chonchubhair; agus ar n-a fhionnochtadh sin dó, is í breath rug ar an bhfilidh a chur da bháthadh i Loch Laoghaire; agus tángadar drong leis ar fhógradh an ríogh gus an loch da bháthadh; agus ar n-a fhaicsin sin do reachtaire Laoghaire Bhuadhaigh téid go Laoghaire agus adubhairt nach raibhe i nÉirinn áit 'n-a mbáithfidhe an file acht 'n-a dhoras san. Leis sin lingis Laoghaire amach is
tarla fardoras an tighe do chúl a chinn gur briseadh a sheicne, agus da éis sin lingis go dásachtach ar chách gur mharbh iad is gur fóireadh an file leis; agus éagais féin ar an láthair sin; gonadh í sin críoch Laoghaire Bhuadhaigh. XXXV. Ag so fachain bháis Mheidhbhe Cruachan. Iar marbhadh iomorro Oiliolla lé Conall Cearnach do chuaidh Meadhbh do chomhnuidhe go hInis Clothrann ar Loch Ríbh agus ar mbeith 'n-a comhnuidhe ann sin di ba geis di í féin d' fhothragadh san tobar do bhí i ndoras na hinse gacha maidne; agus ar n-a chlos sin d' Fhorbuidhe mac Conchubhair táinig lá n-aon go huaigneach d' fhios an tobair, agus do thomhais lé snáth lín ó bhruach an tobair gus an leith oile don loch agus beiris an tomhas céadna leis i nUlltaibh; agus is eadh do ghníodh, dá chuaille do chur i dtalamh agus ceann an tsnáithe do cheangal da gach cuaille dhíobh agus ubhall do chur ar mullach cuaille aca agus é féin do sheasamh ag an gcuaille oile agus bheith ag síorlámhach as a chranntabhaill go dtugadh amus ar an ubhall do bhíodh ar barr an chuaille oile go mbuaileadh é. Do cleachtadh leis iomorro an cluithche sin ionnus go raibhe cliste air go nach teibeadh aonurchar air gan an t-ubhall d' amus. Tarla trá go grod da éis sin comhdháil idir Ulltachaibh is Connachtaigh da gach leith don tSionainn ag Inis Clothrann agus tig Forbuidhe anoir i gcomhdháil na nUlltach. Agus maidean da raibhe ann do chonnairc Meadhbh ag a fothragadh féin amhail ro chleachtadh san tobar réamhráidhte; agus leis sin do-ní cloch d' inneall 'n-a chranntabhaill go dtug urchar da hionnsuighe gur amuis 'n-a héadan í, go bhfuair bás ar an láthair sin iar mbeith ocht mbliadhna déag si cheithre fichid i gceannas Connacht di, amhail adubhramar thuas. Tugamar anuas annso gabhlán ar na curadhaibh ar mbeith 'n-a lucht comhaimsire ag Meidhbh dhóibh. Gidheadh
fillfeam ar Eochaidh Feidhlioch arís. Trí mic iomorro agus trí hingheana do bhí ag Eochaidh, mar atá Breas is Nár is Lothar na trí mic, agus na trí hingheana Eithne Uathach Clothra is Meadhbh Cruachan, amhail adeir an file san rann-so:
Trí hingheana Eochach Feidhlioch, Fuaim ar fochla Eithne Uathach Meadhbh chaoin Chruachan Agus Clothra.
Do-dhéanam athchasadh arís ar Chonchubhar agus cuirfeam síos annso cuid da dhálaibh. Fá hí iomorro inghean Eochach Sálbhuidhe do Chonnachtaibh a mháthair dar bh'ainm Neasa, agus do gairthí uaithe é. Gidheadh fá hé Fachtna Fáthach mac Cais mic Rudhruighe do shliocht Ír mic Míleadh fá hathair dó; agus an tan do bhádar na cúigeadhaigh ag iarraidh teorann gacha cúigidh fá leith, is ann tug Cairbre Nia Fear rí Laighean i gcommaoin inghine Chonchubhair d'fhaghbháil 'n-a mnaoi dhó féin, an mhír atá ó Loch an Chúigidh i mBreaghaibh agus ó Theamhair go fairrge do Chúigeadh Uladh, agus trí triúcha céad iomlána na míre sin, amhail adeir an file:
Dia rannta chóig cóigidh Éireann Idir dá mhuir, mór an cead, Rug trí triúcha céad lé a chuibhreann Conchubhar, níor chaoileang bheag.
Feidhlim Nuachrothach ainm na hinghine lé bhfuair an sochar- so; agus do chuaidh go hainmhianach ar éalódh lé Conall Cearnach ó rígh Laighean. Dála Chonchubhair tarla mac is fiche aige agus do rinne corbadh do dhruim mheisce ré n-a mháthair féin go rug sí Cormac Conluingeas dó. Ionann iomorro Cormac is Corbmac do bhrígh gurab tré chorbadh do rinne Conchubhar Cormac ré n-a mháthair féin, Neasa fá hainm dhi. Agus is i ndíol an mhíghníomha soin do chuadar a mhic uile gan sliocht acht triúr
mar atá Beanna ó ráidhtear Beanntraighe; Lanna ó raidhtear Lannraidhe; is Glaisne ó ráidhtear Glasraidhe. Gidheadh ní fhuil neach beo ar sliocht na druinge-se i nÉirinn aniú. Is é an Conchubhar-so mac Fachtna Fáthaigh agus a bhráithre tug Cath Aonaigh Macha do Dhabhall Dianbhuilleach mac airdríogh Lochlonn. Ba dío-áirimh trá an sluagh baoi mar aon ré mac ríogh Lochlonn an tan soin ag teacht do ghabháil Éireann. I gCúigeadh Uladh is ann tángadar i dtír, agus triallaid rompa iar sin go Magh Macha. Do thionóilsiod clanna Rudhruighe um Chonchubhar i n-aghaidh na n-allmhurrach do thabhairt chatha dhóibh. Adubhairt Geanann Gruadhsholus mac Cathbhaidh ria a mhuinntir an tan soin. "Is tearc bhar sluagh, a Ullta," ar sé, "agus is óg amhulchach gach aon agaibh." "Créad do-dhéanam uime sin," ar cách; "Maseadh," ar Geanann, "tabhraidh iomad d'olainn léith libh agus cruaidhcheanglaidh an olann da bhar n-aighthibh ionnus go madh móide gráin is eagla na n-allmhurrach romhaibh an ní sin amhail budh ríoghlaoich sibh." Do rinneadar uile comhairle Gheanainn gach aon ba hamhulchach .i. gach aon ar nach raibhe féasóga aca. Tugadh an cath iar soin, is do briseadh do na hallmhurrchaibh agus do cuireadh a n-ár ann; gonadh ón gcath soin Aonaigh Macha adeirtear Ulaidh riú. Ag so síos do bhás Chonlaoich mic Con gCulainn. Is é ní iomorro da dtáinig a bhás, Cú Chulainn do chuaidh d'fhoghluim chleas ngoile go Scáthaigh, banghaisceadhach do bhí i nAlbain; agus tarla inghean álainn i nAlbain an tan soin dar bh'ainm Aoife inghean Airdghéime tug grádh éagmaise do Choin gCulainn ar a airdscéalaibh go dtáinig da fhios gur chumaisc sí féin is Cú Chulainn ré chéile go dtarla mac 'n-a broinn. Agus ar mbeith ag triall i nÉirinn do Choin gCulainn iar bhfoghluim na gcleas lúith ó Scáthaigh, téid do
cheileabhradh d'Aoife is tug órnasc .i. slabhradh óir di agus adubhairt ria a choimhéad go beith da mac infheadhma; agus ar mbeith infheadhma dhó an slabhradh do chur leis an mac chuige féin mar chomhartha chinnte as a n-aitheonadh é; nó do réir dhruinge oile, iodh óir, agus adubhairt ria an tan do bhiadh a mhac chomh arrachta is go líonfadh a mhéar an iodh a chur da fhios féin i nÉirinn; agus fós do chuir trí geasa ar an mac ria dteacht go hÉirinn dó. An chéidgheis díobh gan seachnadh slighe do dhéanamh d'aonchuradh ná d'aonchaithmhíleadh san domhan. An dara geis gan a ainm do thabhairt tré uamhan d'aonlaoch san bhith. An treas geis gan comhrac aoinfhir da threise ar talmhain d'obadh. Agus iar bhfás is iar bhforbairt iomorro don mhac soin is iar bhfoghluim chleas ngoile is ngaiscidh dó ó bhanoide na gcuradh .i. Scáthach, triallais i nÉirinn d'fhios Chon gCulainn fá hathair dó; agus ar rochtain tíre don mhacaomh, tarla Conchubhar go maithibh Uladh i ndáil nó i n-oireachtas ag Trácht Eise ar a chionn; agus cuiris Conchubhar laoch dá mhuinntir dá ngairthí Cuinnire d'fhagháil scéal uaidh. Mar tháinig iomorro do láthair an mhacaoimh fiafruighis a ainm dhe. "Ní shlonnaim mé féin d'aonlaoch amháin ar druim thalmhan" ar Conlaoch. Tillis trá Cuinnire go Conchubhar agus nochtais an t-aitheasc soin dó. Leis sin téid Cú Chulainn do bhuain scéal de. Gidheadh ní bhfuair acht an freagra céadna ó Chonlaoch; agus comhraictear leo go fuileach ré chéile go raibhe Conlaoch ag traochadh Con gCulainn, acht gér mhór a chródhacht is a chalmacht i ngach comlann riamh roimhe sin, ionnus gur bh'éigin dó dul san áth do b'fhoigse dhó agus a thabhairt fá deara ar Laogh mac Riain Ghabhra an ga bolg d'inneall dó gur chuir tré chorp Chonlaoich é; gonadh mar sin táinig a bhás.
XXXVI. Tuig, a léaghthóir, dá gcuirinn síos annso mar do thuit Cú Chulainn lé clannaibh Cailitín agus Fear Diadh mac Damhain lé Coin gCulainn agus na seacht Maine fá clann d'Oilill Mhór is do Mheidhbh agus iomad oile do churadhaibh calma nach áirmhighthear annso, go mbiadh eachtra adhbhal ré a hiomluadh orra. Gidheadh ma's maith leat a bhfios go foirleathan d'fhagháil léaghthar leat Brisleach Mhuighe Muirtheimhne, Oidhidh na gCuradh, nó Táin Bó Cuailgne, nó Táin Bó Reaghamain, nó Deargruathar Chonaill Chearnaigh, nó Feis Eamhna, nó Táin Bó Fliodhais, nó a samhail oile so do stairibh atá ré a bhfaicsin i nÉirinn aniú, agus do-ghéabhair luadh go líonmhar ar an druing thuas is ar iomad do churadhaibh is do chathmhíleadhaibh oile - ar a ndálaibh is ar a n-imtheachtaibh ionnta. Acht cheana measaim nach indéanta dearmad do Choinrí mac Dáire annso gan fachain a bháis do chur síos, ar mbeith 'n-a thréinfhear dó is 'n-a fhior comhaimsire ag Conchubhar agus ag na curadhaibh. Morann Mhanannach máthair Chonraoi mic Dáire, amhail adeir an file san rann-so:
Morann Mhanannach miadh nglé, Inghean Ír mic Uinnsidhe; Siúr Eochach Eachbheoil fá hí Máthair Chonraoi mic Dáirí.
Trí haicmeadha iomorro do bhí do thréinfhearaibh i nÉirinn i gcomhaimsir; agus ní raibhe rompa ná ó shin a leithéid do mhacaibh Míleadh ba mhó ba arrachta ba cródha ba cliste is ba calma i gcathláithribh is i gcleasaibh goile is gasceadh ioná iad, ó nár chomhmheasta Fian Laighean riú. An chéadaicme dhíobh curaidh na Craoibhe Ruaidhe fá Chonchubhar; an dara haicme Gamhanruidh Iorrais Domhnonn fá Oilill Fhionn,
agus an treas aicme clanna Deaghaidh fá Choinrí mac Dáire i n-iarthar Mhumhan. Is é ní da dtáinig bás Chonraoi: coimhéirghe do chuadar curaidh na Craoibhe Ruaidhe d'argain oiléin mhara láimh re hAlbain da ngairthear Manainn, mar a raibhe iomad óir is airgid is iolmhaoine agus iomad do sheoidibh uaisle oile, agus inghean álainn aontumha do chinn ar mhnáibh a comhaimsire i gcruth is i scéimh ag tighearna an oiléin. Blánaid fá hainm di. Agus mar do chuala Cúraoi na curaidh ag triall sán turas soin cuiris é féin tré dhraoidheacht i mbréigriocht go ndeachaidh san chomhdháil; agus ar mbeith ar tí airgthe an oiléin dóibh i bhforbhais bhfear bhfalgha, do mheasadar docamhal mór do bheith i ngabháil an dúin do bhí san oiléan mar a raibhe Blánaid is seoide uaisle an oiléin uile, ar dhaingne an dúin is ar iomad draoidheachta na druinge do bhí ag a chosnamh. Is ann sin adubhairt Cúraoi do bhí i riocht fhir an bhruit lachtna dá bhfaghadh rogha seoide da raibhe san dún go ngéabhadh féin an dún dóibh. Geallais Cú Chulainn sin dó agus leis sin tugadar ucht ar an dún agus fear an bhruit lachtna 'n-a dtosach gur fastadh an roth geintlidhe do bhí ar siubhal ar dhoras an dúnaidh leis, gur léig cách isteach, gur hairgeadh an dún leo, agus go dtugsad Blánaid agus a raibhe do sheoidibh uaisle ann as. Triallaid as sin i nÉirinn go rochtain Eamhna dhóibh agus ar mbeith ag roinn na seod dóibh iarrais fear an bhruit lachtna rogha seoide amhail do gealladh dó. "Do-ghéabhair" ar Cú Chulainn. "Maiseadh" ar sé "is í Blánaid mo rogha do na seoidibh." "Do rogha do na seoidibh oile dhuit" ar Cú Chulainn "acht Blánaid amháin." "Ní ghéabh a malairt" ar fear an bhruit lachtna. Leis sin iarrais Cúraoi árach ar Bhlánaid d'fhuadach, go dtug amus ós íseal uirre, go rug leis í i gcealltair dhraoidheachta. Mar do mhothuigh Cú Chulainn easbhaidh na hinghine air do
mheas gurab é Cúraoi rug leis í agus leanais ar a lorg go réimdhíreach iad don Mhumhain go rug ortha ag Solchóid; agus beirid na tréinfir ar a chéile is do níd gleic chalma churata, gur trascradh Cú Chulainn lé Coinrí is go dtug ceangal na gcúig gcaol air gur fhágaibh 'n-a chime chuibhrighthe ann sin é iar mbearradh a fhuilt lé n-a chloidheamh. Agus beiris féin Blánaid leis i n-iarthar Mhumhan iar bhfágáil Chon gCulainn ceangailte amhail adubhramar. Tig iomorro leis sin Laogh mac Riain Ghabhra is scaoilis do Choin gCulainn is triallaid as sin go tuaisceart Uladh, gur áitigheadar láimh ré Beannaibh Boirche feadh bliadhna gan teacht i gcomhdháil fhear nUladh nó gur fhás folt Con gCulainn; agus i gceann na bliadhna soin tarla Cú Chulainn ar Bheannaibh Boirche, go bhfacaidh ealta mhór d'éanaibh dubha ag tigheacht adtuaidh do dhruim an mhara, agus ar rochtain i dtír dhóibh leanais ar a lorg iad, agus marbhais as a chranntabhaill leis an gcleas da ngairthí táithbhéim éan as gach crích dhíobh; gur mharbh an duibhéan déidheanach dhíobh ag Sruibh Broin i n-iarthar Mhumhan. Agus ag tilleadh aniar dhó fuair Blánaid go huaigneach láimh ré Fionnghlaise i gCiarraidhe mar a raibhe dúnphort comhnuighthe Chonraoi an tan soin go dtarla comhagallmha eatorra araon an tráth soin gur nocht sise dó nach raibhe ar druim thalmhan fear b'annsa lé ioná é; agus iarrais air an tSamhain ba neasa dhóibh teacht líon sluagh da breith féin ar áis nó ar éigin leis; agus go madh córaide dhó sin do dhéanamh go dtiocfadh dhi féin an tráth soin Cúraoi do bheith i n-uathadh sluagh is sochaidhe. Geallais Cú Chulainn di-se tigheacht fan am soin dá hionnsuighe. Ceileabhrais iomorro leis sin di is triallais i nUlltaibh agus nochtais an dáil do Chonchubhar. Dála Bhlánaide, adubhairt ré Coinrí gur bh'oircheas dó cathair do dhéanamh dó féin do-bhéaradh barr ar ríoghphortaibh Éireann uile; agus gurab amhlaidh budh éidir sin do dhéanamh clanna Deaghaidh do chur do chnuasach is do chruinniughadh a rabhadar do liagaibh cloch 'n-a seasamh i nÉirinn do dhéanamh
cathrach dó féin. Agus fá hé fáth Bhlánaide ris sin go mbeidís clanna Deaghaidh fá chríochaibh imchiana Éireann i bhfad ó Choinrí ré teacht Chon gCulainn da breith féin leis. Ar a chlos iomorro do Choin gCulainn go rabhadar clanna Deaghaidh ar n-a scannradh fá Éirinn mar sin, triallais ós íseal a hUlltaibh go sluaghbhuidhin leis agus ní haithristear a bheag da scéalaibh go ráinig an doire choille do bhí láimh ré longphort Chonraoi; agus ar mbeith ann sin dó, cuiris scéala ós íseal go Blánaid é féin do bheith ann sin go sluagh 'n-a fhochair; agus is é comhartha do chuir sí chuige go ngoidfeadh cloidheamh Chonraoi, agus leis sin go ndoirtfeadh dabhach leamhnachta do bhí san lios ris an sruth do bhí ag snighe ón mbáile trés an gcoill i raibhe Cú Chulainn. Iar gclos an chomhartha dhó, ní cian do bhí an tan athchonnairc an sruth bán ón mbainne, agus leis sin tugadar amus ar an longphort agus do lingeadar an lios ar Choinrí, gur marbhadh leo é ar mbeith 'n-a aonar gan arm dhó. Fionnghlaise iomorro fá hainm don tsruth réamhráidhte ar mbeith fionn ón mbainne dhó. Téid file Chonraoi, Feircheirtne a ainm, i ndiaidh Bhlánaide i nUlltaibh, i ndóigh go bhfuighbheadh árach ar Bhlánaid do mharbhadh i ndíoghail Chonraoi; agus ar rochtain i nUlltaibh dó, fuair Conchubhar is Cú Chulainn is Blánaid go gcomhdháil umpa ag rinn Chinn Bheara; agus mar do chonnairc an file Blánaid 'n-a seasamh ar bruach aille ann téid da hionnsuighe agus iadhais a lámha uimpe, gur chuir é féin agus í d'urchor ris an aill, gur marbhadh amhlaidh sin iad.
XXXVII. Do ghabh Eochaidh Airiomh mac Finn mic Fionnlogha mic Roighnéin Ruaidh mic Easamhain Eamhna mic Bláthachta mic Labhradha Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach mic Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag. Is uime do gairthí Eochaidh Airiomh dhe, do bhrígh gurab é do thochail uaimh ar dtús i nÉirinn. Airiomh, iomorro, ar uaimhe .i. treabhadh nó tochailt uaimhe; agus fá dheireadh do thuit an tEochaidh-se lé Siodhmall i bhFréamhuinn Teathbha. Do ghabh Eidirsceol mac Eoghain mic Oiliolla mic Iair mic Deaghaidh mic Sin mic Roisin mic Triuin mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh mic Oiliolla Érann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach mic Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna, gur thuit lé Nuadha Neacht i nAillinn. Do ghabh Nuadha Neacht mac Séadna Siothbhaic mic Luighdheach Lóithfhinn mic Breasail Bhric mic Fiachach Foibhric mic Oiliolla Ghlais mic Fearadhaigh Foghlais mic Nuadhat Fullóin mic Eallóit mic Airt mic Mogha Airt mic Criomhthainn Choscraigh mic Fearadhaigh Finn mic Feidhlimidh Foirthriuin mic Fearghusa Fortamhail mic Breasail Bhreoghamain mic Aonghusa Ollamhan mic Oiliolla Bhrácáin mic Labhradha Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin
ríoghacht Éireann leithbhliadhain. Is uime do gairthí Nuadha Neacht dhe, ón fhocal nix .i. sneachta. Óir do samhaltaoi gile a chneis ris an sneachta; agus do thuit an Nuadha-so lé Conaire Mór mac Eidirsceoil. Do ghabh Conaire Mór mac Eidirsceoil mic Eoghain mic Oiliolla mic Iair mic Deaghaidh mic Sin mic Roisin mic Triuin mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh mic Oiliolla Érann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile, deich mbliadhna is trí fichid. Is é an Conaire Mór-so céadduine lér tógbhadh éiric a athar .i. Eidirsceoil ar Laighnibh. Do thógbhadar an drong-so 'n-ar ndiaidh an éiric chéadna soin ar Laighnibh, mar atá Oilill Ólom, Eoghan mac Oiliolla, Fiachaidh Muilleathan, Oilill Flann Beag, Lughaidh mac Oiliolla Flann Big, agus Corc mac Luighdheach. Fá hí sium na héarca soin, trí céad bó fhionn; trí céad leann; trí céad torc; is trí céad cloidheamh órdha; agus tugadh Osruighe leis an Mumhain do roinn, mar atá ó Ghabhrán go Gréin Airbh láimh ré Móin Éile; agus tugadar rátha na n-uile dúl ré híoc na héarca soin go bráth, amhail adeir an seancha san rann-so:
Osruighe ó Ghabhrán go Gréin Tugadh d'éiric Eidirscéil, Lé Mumhain toghuidhe thoigh, Is Conaire ros ceangoil.
Tuig, a léaghthóir, gurab do shliocht an Chonaire-se Éarna Mhumhan agus Dál Riada i nAlbain, agus gurab i n-aimsir Duach Dallta Deaghaidh tángadar Éarna don Mhumhain; agus do réir Chormaic 'n-a Psaltair is iad clanna Rudhruighe do thathfainn don Mhumhain iad iar mbriseadh ocht gcatha orra; gur ghabhadar neart mór san Mhumhain da éis sin ó aimsir Dhuach Dallta Deaghaidh go haimsir Mhogha Nuadhat, ionnus gur ruagadar do réir an Leabhair Mhuimhnigh síol Éibhir siar
go reannaibh Ó Ráthach go himeall is go hoiléanaibh iarthair Mhumhán iar ngabháil cheannais na críche dóibh féin go haimsir Mhogha Nuadhat lér díbreadh iad. Agus fá dheireadh do thuit an Conaire Mór-so i mBruighin Da Bhearg lé hAingcéal Caoch mac ríogh Breatan. Do ghabh Lughaidh Riabh nDearg mac na dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh mic Finn mic Finnlogha mic Roighnéin Ruaidh mic Easamhain Eamhna mic Bláthachta mic Labhradha Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan, nó do réir dhruinge oile, sé bliadhna fichead. Dearbhorgaill inghean Fargaill Ríogh Lochlonn fá bean do Lughaidh Riabh nDearg. Is uime do gairthí Lughaidh Riabh nDearg dhe do bhrígh go raibhe ciorcaill dearg timcheall a bhrághad is ciorcaill oile timcheall a mheadhóin; óir is iad na trí Finn do rinne ré n-a ndeirbhshiair é, Clothra inghean Eochach Feidhligh a hainm, ar mbeith ar meisce dhóibh; gonadh ag faisnéis an ghníomha soin atá an rann seanchusa-so síos as a dtuigfidhear gurab í an Chlothra-so lé rugadh Lughaidh Riabh nDearg da dearbhráthraibh rug Criomhthainn Nia Nár don Lughaidh chéadna soin fá mac di féin. Ag so an rann: