Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Foras Feasa ar Éirinn II

Title
Foras Feasa ar Éirinn II
Author(s)
Céitinn, Seathrún,
Compiler/Editor
Dinneen, P.S.
Composition Date
1640
Publisher
(Londain: I.T.S., 1905)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




FORAS FEASA AR ÉIRINN.



LIBER PRIMUS (ar leanamhain).



XV.



Ag so síos do dhálaibh Féiniusa Farsaidh seanathair Ghaedhil
go teacht tar a ais ó Mhaigh Seanáir dó agus go bhfuair bás.



Ar mbeith d'Fhéinius Farsaidh 'n-a rígh ar an Scitia do
mheas bheith go rói-eolach sna hilbhéarlaibh tar éis an
choimhmheasctha tarla cian roimhe sin ar na teangthaibh ag
tor na Baibiolóine do bhí dá thógbháil tré uabhar ré ré dá
fhichid bliadhan ag Nemroth go n-a ranntaibh. Óir sul táinig
an coimhmheascadh soin ar na teangthaibh ag an tor, is aointeanga
amháin choitcheann do bhí ag na daoinibh uile do bhí
ar marthain aca ó Ádhamh anuas. Agus is é ainm ghairmeas an
Leabhar Gabhála dhi Goirtighern, amhail adeir an file:




Gortighern ainm an bhéarla
Do bhí ag mac Dé deagheargna,
Agus ag síol Ádhaimh uair,
Ré gcumhdach an tuir Neamhruaidh.




Agus is é ainm ghairmid ughdair na Laidne dhi lingua
humana .i. an teanga dhaonna. Gidheadh ar mbeith ag tógbháil
an tuir do Nemroth go n-a bhráithribh mar tháinig coimhmheascadh
ar a dteangthaibh da dtoirmeasc ó chríochnughadh an
tuir do tionnscnadh leo tré uabhar, do beanadh an teanga
dhaonna fuaradar ó Ádhamh dhíobh, an líon do bhádar ag
tógbháil an tuir. Gidheadh do an sí ag Éibhear mac Sáile
agus ag a threibh ionnus gur hainmnigheadh uaidh í; mar go
dtugadar Eabhra uirre ó Éibhear. Ar n-a chlos iomorro
d'Éibhear gurab é adhbhar fá rabhadar ag tógbháil an tuir
ar tí iad féin do chaomhna ar an dara dílinn do bhí i


L. 4


dtairrngire do theacht ar na daoinibh - do mheasadar nach biadh
an dara dílinn ní-sa aoirde ioná an chéiddílinn agus do
chuireadar rompa an tor do dhéanamh chomh hard soin go nach
roichfeadh an dílinn go na hárusaibh uachtaracha do bhiadh ann,
agus da réir sin go bhféadfadaois na huaisle do bhí orra
bheith go hinnill ionnta gan baoghal na díleann - agus mar
do chualaidh Éibhear gurab é sin fáth fá rabhadar ag tógbháil
an tuir, adubhairt nach tiubhradh congnamh dhóibh agus nach
raibhe acht díomhaoineas dóibh-sean gliocas d'iarraidh i
n-aghaidh toile Dé do choimhlíonadh. Agus mar sin do dhealuigh
riú gan chommaoin ar bith do thabhairt dóibh ré tógbháil
an tuir; agus fós an tan táinig coimhmheascadh ar chách do fhágaibh
Dia mar chomhartha buidheachais ar Éibhear an teanga dhaonna
úd an tsinnsir go haonaránach aige féin is ag a threibh da
éis.



Is é adhbhar iomorro is mó fá ndeachaidh Féinius Farsaidh
go Maigh Seanáir mar aon ré n-a scoil mar cheannach ar
bheith i bhfochair na druinge dar theanga dhíleas an Eabhra,
ionnus go dtiocfadh dhe sin fíreolas forusta do bheith aige
féin is ag a scoil san teangaidh Eabhra.



Dála Féiniusa, ar mbeith do rún aige bheith eolach sna
hilbhéarlaibh, amhail a dubhramar, cuiris dá dheisciobal déag
is trí fichid ar a chostas féin fá chríochaibh éagsamhla na dtrí
rann-so don domhan do bhí ar áitiughadh an tan soin; agus
tug orra anmhain amuigh seacht mbliadhna go bhfoghlamadh gach
aon díobh teanga na críche 'n-a mbiadh féin an feadh soin. Agus
i gcionn seacht mbliadhan tillid tar a n-ais go Féinius
don Scitia; agus téid Féinius leo go Maigh Seanáir mar
aon ré hiomad d'ógaibh na Scitia iar bhfágbháil an mhic fá
sine aige .i. Neanúl i gceannas na Scitia, amhail adeir
file d'áirithe san duain darab tosach, Canam bunadhas na
nGaedheal:




Do luidh Féinius as an Scitia
For an sluaghadh;
Fear oireadha eagnuidh eolach,
Bruthmhar buadhach.


L. 6


Ba haoinbhéarla baoi san domhan
Mar do ghabhsad;
Dá bhéarla déag is trí fichid
Tan ro scarsad.



Scol mhór la Féinius ag foghluim
As gach eargna;
Fear adhamhra eagnuidh eolach
I ngach béarla.




Agus adeirid cuid do na seanchaidhibh gurab trí fichid bliadhan
do bhí ó dhéanamh an tuir go dtáinig Féinius go n-a scoil
adtuaidh ón Scitia go Maigh Seanáir, amhail adeir file
d'áirithe san rann-so:




Trí fichid bliadhan go mblaidh,
Is eadh adféd gach seanchaidh,
Go dtáinig Féinius adtuaidh,
Iar gcumhdach an tuir Neamhruaidh.




Cuiris Féinius scola 'n-a suidhe ré múnadh na n-ilbhéarladh
ar Maigh Seanáir san gcathraigh da ngairmeann Cin Droma
Sneachta Eathéna, amhail adeir an file san rann-so síos:




I Maigh Seanáir, iars an dtor,
Ro tionóileadh an chéadscol,
I gcathair Eathéna,
Do fhoghluim na n-ilbhéarla.




Agus tionóilid aos óg na gcríoch do b'fhoigse dhóibh d'fhoghluim
na n-ilbhéarladh uatha; agus is iad trí saoithe do bhí i
n-aird-cheannas na scoile sin Féinius Farsaidh féin ón Scitia,
is Gaedheal mac Eathóir do shliocht Gomer ón nGréig, is Caoi
Caoinbhreathach ón Iudea, nó Iar mac Neama, amhail adeir an
file:




Ag so anmanna na suadh,
Atbhéar-sa ribh go róluath;
Gaedheal mac Eathóir go n-ius,
Iar mac Neama is Féinius.




Ag so mar adeir file oile:




Féinius an saoi sreathach,
Gaedheal is Caoi Caoinbhreathach;
Triar do threibh scríbhinn na scol,
Do lean d'fhíreing na n-ughdor.


L. 8



Is iad an triar-so do scríobh i gcranntáibhlibh aibghitre na
dtrí bprímhbhéarladh, mar atá Eabhra Gréigis is Laidean, do
réir mar chuireas Ceannfaolaidh na foghluma síos é san
Uraicheapt do scríobh sé i n-aimsir Choluim Chille. Adeir an
t-ughdar céadna gurab é Nion mac Béil mic Nemroth fá
hardfhlaith san domhan an tan soin. Adeir fós gurab fán
am soin rugadh Niúl .i. mac tánaiste Féiniusa Farsaidh, is
gur fhuirigh an Féinius céadna fiche bliadhan ós cionn na
scoile mar cheannach ar an mac soin rugadh dó do bheith eolach
sna hilbhéarlaibh.



Do bhrígh gurab i gcionn dá bhliadhan is dá fhichid do
fhlaitheas Nion mic Béil adeirid drong ré seanchus do
suidheadh scol ar Maigh Seanáir lé Féinius Farsaidh, measaim
gur chaith sé deich mbliadhna do fhlaitheas Nion mic Béil is
deich mbliadhna da éis sin ar Maigh Seanáir sul do thill ón
scoil don Scitia. Óir adeirid na seanchaidhe uile gurab
fiche bliadhan do chaith ós cionn na scoile ré dteacht tar a
ais dó. Measaim fós gurab i gcionn dá bhliadhan is dá fhichidh
ar dhá chéad d'éis na díleann do suidheadh an scol lé
Féinius ar Maigh Seanáir, do réir an áirimh aimsire do-ní
Bellarminus 'n-a chroinic, mar a n-abair gurab é aos an
domhain míle is ocht gcéad is sé bliadhna déag is dá fhichid an
tan do thionnscain Nion mac Béil ardfhlaitheas do ghabháil.



Ionann sin do réir áirimh na nEabhraidheach leantar lé
Bellarminus agus gurab dá chéad bliadhan d'éis díleann do
thionnscain flaitheas Nion. Do bhrígh do réir na nEabhraidheach
gurab míle is sé céad is sé bliadhna déag is dá fhichid do bhí
ó thús domhain go dílinn; cuirthear leis sin dá bhliadhain is
dá fhichid do fhlaitheas Nion do caitheadh sul do thionnscain
Féinius an scol, ionnus da réir sin gurab i gcionn dá
bhliadhan is dá fhichid ar dhá chéad d'éis na díleann do thionnscain
í, agus gur chaith fiche bliadhan ós a cionn, mar atá na
deich mbliadhna do bhí roimhe do fhlaitheas Nion is deich
mbliadhna dá éis.


L. 10


Acht cheana i gcionn fhichead bliadhan tig Féinius tar a
ais don Scitia is cuiris scola 'n-a suidhe innte is do rinne
taoiseach do Ghaedheal mac Eathóir ós a gcionn. Is ann sin
tug Féinius fá deara ar Ghaedheal an Ghaedhealg do chur
i n-eagar is i n-ordughadh do réir mar atá sí 'n-a cúig
codchaibh, mar atá Béarla na Féine, Béarla na bhFileadh,
Béarla an Eadarscartha, Béarla Teibidhe is Gnáithbhéarla;
agus a hainmniughadh go cinnte uaidh féin, da réir sin
gonadh ó Ghaedheal mac Eathóir ghairmthear Gaedhealg di
agus nach ó Ghaedheal Ghlas, amhail adeirid drong oile; agus
fós is tré bháidh ré Gaedheal mac Eathóir tug Niúl mac
Féiniusa Farsaidh Gaedheal ar a mhac féin rug Scota inghean
Pharao Cincris dó, amhail adeir Ceannfaolaidh na Foghluma
san Uraicheapt.



Gidheadh is ceist ar ughdaraibh créad ó bhfuil an focal-so
Gaedheal. Adeir Becanus gurab ón fhocal-so goedin
.i. goethin .i. uasal, is ón fhocal-so all .i. uile adeirthear
Gaedheal .i. uasal uile; nó ón fhocal Eabhraidheach gadhal
.i. mór, do bhrígh go raibhe Gaedheal mac Eathóir ré ndubhradh
Gaedheal ar dtús mór i bhfoghluim is i n-eagna is ann sna
teangthaibh. Gidheadh adeirid na seanchaidhe gurab uime
ghairthear Gaedheal de ón gcomhfhocal-so gaoith dhil .i.
grádhuightheoir na heagna. Óir is ionann gaoith is eagnaidhe
agus is ionann dil is grádhach, amhail adeir an Gréigeach
philosophos .i. grádhuightheoir na heagna ré duine eagnaidhe.



Dála Féiniusa Farsaidh ní háithristear do chloinn do
bheith aige acht dias mac, mar atá Neanúl is Niúl, amhail
adeir an file san rann-so:




Dá mhac ag Féinius, fíor dhamh,
Neanúl is Niúl ba hághmhar;
Rugadh Niúl ag an dtor thoir,
Neanúl san Scitia sciathghloin.




Ar mbeith dá bhliadhain is fiche d'Fhéinius i bhflaitheas na
Scitia, iar dtilleadh ó Mhaigh Seanáir dó, do thiomain, agus é


L. 12


ré hucht bháis, flaitheas na Scitia do Neanúl an mac fá sine
aige: is níor fhágaibh ag Niúl an mac fá hóige acht sochar na
n-ealadhan is na n-ilbhéarladh do bhíodh aige 'ga seoladh do
scolaibh coitcheanna na críche.



XVI.



Ag so síos do thriall Niuil don Éigipt ón Scitia agus da
dhálaibh innte go bhfuair bás:



Sul laibheoram ar thriall Niuil ón Scitia don Éigipt,
féach mar adeir Herodotus gurab ón mBaibiolóin, táinig
fios airde réaltann an taoibhe thuaidh is roinn na n-uaireann
gus na Gréagaibh; agus adeir Solon nach raibhe fios
seanchusa ag na Gréagaibh nó gur fhoghluimsiod ó lucht na
hÉigipte é. Adeir Iosephus san chéidleabhar da Sheanchus
nach raibhe leitre ag na Gréagaibh go haimsir Homer. As
na hughdaraibh-se is iontuigthe nach ón nGréig ré ráidhtear
an Ghréig anois do chuaidh Isis ná neach oile do sheoladh na
n-ealadhan do shliocht na hÉigipte, acht Niúl mac Féiniusa
Farsaidh do chuaidh ón Scitia do sheoladh na n-ealadhan ann.
Agus cibé adéaradh nach túsca do bhí foghluim san Scitia,
ór thriall Niúl, ioná san Éigipt, ní fíor dó é, do réir Polidorus
san chéidleabhar ro scríobh "De Rerum Inventoribus,"
mar a n-abair: "Is fada an t-imreasan do bhí idir lucht
na hÉigipte is lucht na Scitia, agus san ghleic sin
do chonnarcas, ar mbeith claoidhte do lucht na hÉigipte, gur
cianaosta lucht na Scitia ioná iad." As so is iontuigthe
gurab túsca do bhí seoladh is foghluim ag lucht na Scitia
ioná ag lucht na hÉigipte agus do bhrígh, do réir na n-ughdar
thuas, gurab túsca do bhí foghluim san Éigipt ioná san
Ghréig, ní hé Isis ón nGréig ná neach oile da shamhail
do chuaidh ón nGréig do sheoladh scol don Éigipt acht Niúl mac


L. 14


Féiniusa Farsaidh ón Scitia rugadh ar Maigh Seanáir is
tugadh suas i bhfoghluim ann san chéadscoil do suidheadh
i gcrích na Baibiolóine, agus fá hí an chéadscol i ndiaidh
choimhmheasctha na dteangtha san domhan, amhail adubhramar
thuas.



Ar mbeith do Niúl aimsear imchian ag seoladh scol gcoitcheann
san Scitia do chuaidh a chlú do leith eolasa is eagna
fá na críochaibh i gcoitchinne, ionnus ar mhéid na tuarasgbhála
do bhí air gur chuir Pharao Cincris rí Éigipte teachta 'n-a
dháil 'ga iarraidh don Éigipt ré seoladh na n-ealadhan is na
n-ilbhéarladh d'ógaibh na hÉigipte. Do thriall Niúl don
Éigipt mar sin, amhail adeir an file san rann-so do beanadh
as an duain darab tosach, Canam bunadhas na nGaedheal:




Rángadar scéala go Forann,
Go méid ngreatha,
Nél mac Féiniusa 'ga bhfuilid
Béarla an bheatha.




Triallais iomorro Niúl lé teachtaibh Pharao don Éigipt,
agus tug an rí fearann da ngairthear Capacyront (nó
Campus Circit) láimh ré Muir Ruaidh dó; agus fós do phós
a inghean féin ré ráidhtear Scota ré Niúl, amhail adeir
Giolla Caomháin san duain darab tosach: Gaedheal Glas ó
dtáid Gaedhil:




Do chuaidh san Éigipt iar soin,
Go riacht Forann fortamhail;
Go dtug Scota gan scéimh ngainn
Inghean fhialghasta Fhorainn.




Iar bpósadh Scota do Niúl cuiris scola 'n-a suidhe ag
Campus Circit do sheoladh na n-ealadhan is na n-ilbhéarladh
d'ógaibh na hÉigipte; agus is ann sin do rug Scota Gaedheal
mac Niuil. Do féadfaidhe go gcuirfeadh neach éigin i
n-iongantas cionnus budh éidir Niúl, an cúigeadh glún ó
Iaphet, do bheith i gcomhaimsir ré Maoise ann, agus gurab
seacht mbliadhna déag is cheithre fichid ar sheacht gcéad ó


L. 16


dhílinn gus an am fár ghabh Maoise ceannas Chloinne Israel.
Mo fhreagra ar sin, nach doichreidthe go mairfeadh Niúl
iomad do chéadaibh bliadhan, óir do-gheibhdís na daoine ré
fhada fán am soin; bíodh a fhiadhnaise sin ar Éibhear mac
Sáile, an ceathramhadh glún ó Shéim anuas, do mhair cheithre
bliadhna is trí fichid ar cheithre chéad, agus ar Shéim do mhair
cúig céad bliadhan d'éis mar rugadh Arfaxad dó, amhail
léaghthar san aonmhadh caibidil déag in Genesi; uime sin nach
cuirthe i gconntabhairt go bhféadfadh Niúl marthain ón dara
bliadhain is dá fhichid do fhlaitheas Nion mic Béil, amhail
adubhramar, go haimsir Mhaoise. Agus fós is lughaide is
ionchuirthe i n-iongantas an ré fuair Niúl agus go mbéaradh
ar aimsir Mhaoise san Éigipt, ma's fíor an ní adeir
Marianus Scotus mar go n-abair gurab i gcionn aoinbhliadhna
déag ar fhichid ar thrí chéad d'éis díleann táinig
coimhmheascadh na dteangthadh san Bhaibiolóin agus do réir
mar adubhramar thuas gurab cian d'éis comhmbuaidheartha
na Baibiolóine rughadh Niúl. Do réir a ndubhramar is
inchreidthe ughdair seanchusa chinidh Scuit do leith aoise Niuil
mic Féiniusa Farsaidh, agus go raibhe 'n-a fhior comhaimsire
ag Maoise san Éigipt.



Dála Niuil ar mbeith ag áitiughadh ag Capacyront láimh
lé Muir Ruaidh, agus ar mbeith do Ghaedheal ar n-a bhreith ó
Scota, is ann sin do éalodar mic Israel ó Pharao is do
thrialladar go bruach Mara Ruaidhe, go ndearnadar
foslongphort láimh ré Capacyront mar a n-áitigheadh Niúl. Ar
n-a chlos sin iomorro do Niúl, téid 'n-a ndáil da n-agallamh
is da fhios cia do bhí ann. Tarla Aaron do leathtaoibh an
tsluaigh air agus do innis scéala mac nIsrael is Mhaoise dhó
agus na míorbhaile fiadhnaiseacha do imir Dia ar Pharao is
ar a shluagh tré dhaoirse chloinne Israel. Do cheangail
iomorro Niúl is Aaron cumann is caradradh ré chéile; agus
do fhiafruigh Niúl do Aaron an rabhadar biadha náid lóinte
aca; agus adubhairt fós an raibhe do chruithneacht is do
mhaitheas aige féin go mbiadh uile ar a gcumas-san. Fá


L. 18


buidheach Aaron de tríd sin. Táinig iomorro an oidhche iar
soin, is téid Aaron go Maoise agus do innis dó na tairgsiona
tug Niúl dó, agus fá buidheach Maoise is Aaron de
tríd sin.



Iomthúsa Niuil ráinig go n-a mhuinntir féin iar sin, agus
do innis dóibh mic Israel do bheith láimh riú; agus do innis
gach ní do dhálaibh mac nIsrael dóibh. Agus an oidhche chéadna
tarla nathair neimhe do Ghaedheal mac Niuil is é ag snámh,
gur chréachtnuigh é, go raibhe i nguais bháis. Agus adeirid
drong oile gurab ón bhfásach táinig da chréachnughadh 'n-a
leabaidh. Adubhradar a mhuinntear ré Niúl an mac do
bhreith i ndáil Mhaoise; agus beiris leis Gaedheal do láthair
Mhaoise. Do rinne Maoise guidhe go Dia agus do tháith an
slait do bhí 'n-a láimh ris an gcréacht gur shlánuigh mar sin é.
Agus adubhairt Maoise an áit a mbiadh treabh bhunaidh an
mhic sin, nach biadh brígh i nathair neimhe ann go bráth; agus
atá sin follus ar Chreta, oiléan atá san nGréig mar a
bhfuil cuid da shliocht, ní bhfuil nathair neimhe ann acht mar
Éirinn. Agus tar ceann go rabhadar nathracha neimhe i
nÉirinn go teacht Phádraig, ní shaoilim go raibhe neimh ionnta;
nó saoilim gurab do na deamhnaibh ghairmthear nathracha
neimhe i mbeathaidh Phádraig.



Adeirid cuid do na seanchaidhibh gur chuir Maoise glas ar
an bhfleisc do bhí fá n-a láimh féin ar bhrághaid Ghaedhil, agus
gurab uime sin ghairthear Gaedheal Glas de. Do bhíodh
iomorro an tan soin fleasc fá láimh gacha taoisigh mar
chomhartha ceannais feadhna, agus is uaidh sin adeirthear
fleascach uasal ré ceann buidhne anois. Is da fhaisnéis
gurab ó shnas na nathrach neimhe do lean do bhrághaid Ghaedhil
ghairthear Gaedheal Glas de, is da fhoillsiughadh gurab é
Maoise do fhóir é, atáid na rainn-se síos:




Gaedheal Glas cionnus do rádh
Ris in bhfear gcrithir gcomhlán?
An ní ó bhfuil Gaedheal Glas,
Is tearc ga bhfuil a sheanchas.


L. 20


Dar fhothruigh ar an dtuinn dtréin
Gaedheal mac Niuil go ndeighmhéin;
Gur iadh an nathair 'n-a chneas,
Níor bh'furus é do leigheas.



An tí ghlas ní dheachaidh de
Nó gur fhóir go maith Maoise;
Is eadh thuigid eolaigh as
Gonadh de atá Gaedheal Glas.




Adeirid drong oile gurab uime ghairthear Gaedheal Glas de
ó ghlaise a airm is a éididh. Gurab uime sin do rinne file
éigin an rann-so:




Rug Scota mac do Niúl nár
Ór chin mór gcineadh gcomhlán;
Fá Gaedheal Glas ainm an fhir
Ó ghlaise a airm 's a éididh.




Agus is ón nGaedheal soin ainmnighthear Gaedhil uile; gonadh
uime sin do rinne an file an rann-so:




Féine ó Fhéinius atbearta,
Brígh gan dochta;
Gaedhil ó Ghaedheal Ghlas gharta,
Scuit ó Scota.




Gidheadh adeirid drong oile gurab uime tugadh Scota ar
mháthair Ghaedhil, do bhrígh gurab do chine Scuit ón Scitia
athair Ghaedhil, agus gur nós aca na mná do shloinneadh o n-a
bhfearaibh. Tuig nach í so an Scota fá bean do Ghalamh da
ngairthear Mílidh Easpáinne agus rug seisear mac dó. Óir
inghean Pharao Cincris fá máthair do Ghaedheal agus is aige
do bhádar mic Israel i ndaoirse. An Pharao chéana darbh
inghean bean Mhíleadh, fá hé an cúigeadh Pharao déag 'n-a
dhiaidh sin é. Pharao Nectonibus fá hainm dó.



Iomthúsa Niuil iomorro adubhairt ré Maoise go mbiadh
fala Pharao Cincris ris féin tré fháilte do thabhairt dó.
"Maseadh," ar Maoise, "triall-sa linne, agus dá
roicheam an tír do tharngair Dia dhúinn do-ghéabhair-se
roinn di; nó madh maith leat, do-bhéaram loingeas Pharao ar


L. 22


do chumas féin duit, agus éirigh ionnta ar muir go bhfeasair
cionnus scarfam is Pharao ré chéile." Is í sin iomorro
comhairle ar ar chinn Niúl. Do cuireadh trá míle fear
n-armach i ndáil na long leis agus tugadh dó iad ar a
chumas féin, agus téid ionnta go bhfacaidh gníomhradh an laoi
ar n-a mhárach, mar atá oscladh na mara ré gcloinn Israel,
is a dluidheadh 'n-a ndiaidh ar Pharao is ar a shluagh, da
mbáthadh, amhail adeir an file san rann-so do beanadh as
an duain darab tosach: A dhuine nach creid iar gcóir:




Seascad míle dhíobh da gcois,
Caogad míle marcachois;
Anfa mara Romhair Ruaidh
Ros foluigh uile i n-aonuair.




Trí fichid iomorro míle coisidhe is caogad míle marcach a
líon. Seacht gcéad is seacht mbliadhna déag is cheithre
fichid i ndiaidh na díleann do báthadh Pharao, amhail adubhramar
thuas. Ód chonnairc iomorro Niúl Pharao go n-a
shluagh do bháthadh, do an féin san bhfearann gcéadna, óir
ní raibhe eagla air ó do báthadh Pharao, agus do fhás a
chlann is a shíol go beith ionairm dhóibh. I gcionn aimsire
da éis sin fuair Niúl bás, is do ghabh Gaedheal is a mháthair
an fearann. Rugadh iaramh mac do Ghaedheal san Éigipt
.i. Easrú mac Gaedhil, agus i gcionn tréimhse 'n-a dhiaidh sin
rugadh mac dó sin arís, Srú mac Easrú mic Gaedhil, agus
do ghabhadar sin an fearann céadna agus do áitigh siad
ann.



Dála shluaigh na hÉigipte, iomorro, gabhais da éis sin
Pharao Intuir flaitheas na nÉigipte d'éis Pharao Cincris
do bháthadh. Do gairthí cheana Pharao da gach rígh ro ghabh
an Éigipt ó Pharao Cincris do báthadh san Muir Ruaidh
go Pharao Nectonibus an cúigeadh rí déag i ndiaidh Pharao
Cincris.


L. 24


XVII.



Ag so síos don ionnarbadh do rinne Pharao Intuir ar shliocht
Ghaedhil as an Éigipt.



Iomthúsa Pharao Intuir iar sin agus shluaigh na hEigipte
ar mbeith tréan san tír dhóibh do chuimhnigheadar an tsean-fhala
do chlannaibh Niuil is d'fhine Ghaedhil .i. an cáirdeas
do rónsad ré clannaibh Israel agus loingeas Pharao Cincris
do bhreith leis do Niúl, an tan do éalodar mic Israel. Do
commóradh uime sin cogadh leo i gcoinne aicme Ghaedhil gur
hionnarbadh go haimhdheonach a hÉigipt iad. Tig Tomas
Ualsingham leis an ní sin i nIpodigmate mar a n-abair:
"Iar mbáthadh luchta na hÉigipte, an drong don tír do mhair
da n-éis do ruaigsiod duine uasal d'áirithe, Sciteadheach do
bhí n-a chomhnuidhe eatorra, go nach géabhadh flaitheas ós a
gcionn. Ar mbeith dó ar n-a dhíbirt go n-a threibh, táinig
gus an Spáinn, mar ar áitigh sé iomad bliadhan agus mar a
ndeachadar a shliocht i líonmhaireacht go mór, agus tángadar
as sin go hÉirinn."



Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, gurab é Srú mac Easrú
mic Gaedhil an duine uasal-so agus nach é Gaedheal féin,
gan chead do Hector Boetius, is fós gan chead do bharamhlaibh
na nuaGhall scríobhas ar Éirinn shaoileas gurab é Gaedheal
féin táinig don Spáinn. Óir do réir fhírinne sheanchusa
na hÉireann, darab cóir creideamhain san ní-se, is ann
san Éigipt rug Scota, inghean Pharao Cincris, Gaedhal
agus is innte do chomhnuigh go bhfuair bás; agus ní hón nGréig,
mar adeirid drong oile, táinig, acht a athair darbh ainm
Niúl táinig ón Scitia. Agus tar ceann go n-abair an
t-ughdar-so do haithléaghadh againn gurab don Spáinn


L. 26


táinig an duine uasal do luaidheamar, ní headh, acht don
Scitia do chuaidh, agus is é an cúigeadh glún déag uaidh
anuas da ngairthí Brátha mac Deaghátha ráinig don Spáinn
ar dtús. Ag so suidheamh an tseanchaidh air gurab é Srú
mac Easrú fá taoiseach ag triall ón Éigipt ar an eachtra-so,
amhail adeir Giolla Caomháin san duain darab tosach,
Gaedheal Glas ó dtáid Gaedhil:




Srú mac Easrú mic Gaoidhil,
Ar seanathair sluagh-fhaoilidh;
É do luidh fá dtuaidh ó a thoigh
Ar fud mhara Ruaidh Romhoir.



Lucht cheithre long líon a shluaigh
Ar fud mhara Romhair Ruaidh;
Thall i ngach cláradhbha is cead
Cheithre lánamhna fichead.




Tuig, amhail adubhramar, gurab é Srú mac Easrú fá
taoiseach san eachtra soin go rángadar go hoiléan Creta,
go bhfuair bás ann sin, gur ghabh a mhac Éibhear Scot ceannas
feadhna cáich go rochtain don Scitia dhóibh. Gonadh uime sin
adeir ughdar d'áirithe gurab é Éibhear Scot fá taoiseach
orra san turas soin agus gurab ón fhorainm do bhí air
.i. Scot ghairmthear cine Scuit do Ghaedhealaibh. Ionann
iomorro Scot do réir ughdair d'áirithe is saighdeoir. Óir ní
raibhe 'n-a chomhaimsir fear bogha do b' fhearr ioná é, agus ón
bhforainm sin ráinig é do slonnadh an sliocht táinig uaidh;
agus do cleachtadh leo bogha mar arm ar aithris na sean
gus an aimsir ndéidheanaigh leath istigh dar gcuimhne féin.
Gidheadh ní leanfam baramhail an ughdair-se do bhrígh gurab
í céadfaidh choithcheann na seanchadh gurab uime ghairthear cine
Scuit do shliocht Gaedhil tré bheith ar dteacht ón Scitia dhóibh
do réir a mbunadhasa.



Tuig, a léaghthóir, gurbh fear comhaimsire do Mhaoise
Gaedheal, agus da réir sin go raibhe cheithre fichid bliadhan
d'aois an tan do báthadh Pharao, agus go raibhe an ceathramhadh
glún uaidh féin síos ar n-a bhreith mar atá Éibhear


L. 28


Scot mac Srú mic Easrú mic Gaedhil sul do thrialladar mic
Israel trés an Muir Ruaidh agus Maoise i gceannas feadhna
ós a gcionn. Measaid drong do na seanchaidhibh gurab
cheithre céad is dá fhichid bliadhan ó bháthadh Pharao san Muir
Ruaidh go tigheacht chloinne Míleadh i nÉirinn, agus da
dhearbhughadh sin ag so mar adeir ughdar dhíobh san rann-so:




Ceathracha is cheithre chéad
Do bhliadhnaibh, ní hiomairbhréag,
Ó do luidh Tuaith Dé, dearbh dhuibh,
Tar muincheann mhara Romhair.
Gur ghabhsad sceinn don Mhuir Meann
Mic Míleadh i dtír nÉireann.




Acht cheana do réir an áirimh do-ní an Leabhar Gabhála
ní fhuil acht seacht mbliadhna déag teasta do thrí chéad ón
tráth fár ghabh Maoise ceannas chloinne Israel san Éigipt
go teacht chloinne Míleadh i nÉirinn. Óir i gcionn seacht
gcéad is seacht mbliadhan déag ar cheithre fichid d'éis díleann
do ghabh Maoise ceannas mac nIsrael san Éigipt, agus do
réir na haimsire do-bheir seanchus Éireann do Ghabhálaibh
Éireann, is i gcionn míle ar cheitre fichid bliadhan d'éis
díleann do ghabhadar mic Mhíleadh sealbh Éireann. Ag so
mar adeir an Leabhar Gabhála gurab i gcionn trí céad
bliadhan iar ndílinn táinig Parthalón, agus gurab trí chéad
bliadhan do bhádar a shliocht i seilbh Éireann, agus gurab
deich mbliadhna fichead do bhí Éire 'n-a fásach go teacht
chloinne Neimhidh innte, agus gurab seacht mbliadhna déag ar
dhá chéad fad flaitheasa na cloinne sin ar Éirinn, agus sé
bliadhna déag ar fhichid do bhádar Fir Bolg i bhflaitheas, agus
Tuatha Dé Danann trí bliadhna teasta do dhá chéad; agus ré
cur an áirimh-se uile i n-aontsuim is cheithre fichid ar
mhíle bliadhan an nuimhir iomlán do-níd ó dhílinn go tigheacht
mac Míleadh i nÉirinn. Agus dá bhféachtar an t-áireamh-so
ris na seacht mbliadhnaibh déag is cheithre fichid ar sheacht
gcéad do bhí ó dhílinn go barántas Maoise ar chloinn Israel,


L. 30


is follus nach fuil ón am soin go teacht chloinne Míleadh i
nÉirinn acht seacht mbliadhna déag teasta do thrí céad, agus
da réir sin gurab bréagach an chéadfaidh thuas adeir gurab
i gcionn dá fhichid ar cheithre céad bliadhan d'éis mac nIsrael
do dhul trés an Muir Ruaidh rángadar mic Mhíleadh i
nÉirinn.



Adeirid drong ré seanchus gurab é raon 'n-ar ghabh Srú
mac Easrú go n-a fhuirinn ar an Muir Ruaidh agus soir budh
dheas san aigéan, láimh dheas ré Taprobana, is láimh chlé ris
an Asia soir, agus láimh chlé timcheall budh thuaidh dhi, agus as
sin go rinn Sléibhe Rife san leith thiar thuaidh don Asia, agus
san chaolmhuir ó dheas scaras an Eoruip is an Asia ré chéile,
agus as sin don Scitia. Gidheadh ní hé sin raon do ghabh
Srú ag triall ón Éigipt don Scitia go lucht cheithre long is
tríochad i ngach luing díobh; acht a bun srotha Níl ar Muir
dTorainn go Creta ris a ráidhtear Candia aniú, áit ar
chomhnuigh sé sealad aimsire go bhfuair bás ann agus 'n-ar
fhágaibh cuid da shliocht diaidh i ndiaidh; gonadh da bhithin sin do
réir ughdar an tseanchusa nach bí nathair neimhe i gCreta
acht mar Éirinn; agus triallaid as sin don Scitia agus
Éibhear Scot 'n-a thaoiseach orra; agus gibé adéaradh nar
bh' éidir dul ón Éigipt don Scitia i luing nó i n-eathar do
réir na ronna do bhí ar an Scitia an tan soin, ní fíor do é,
do bhrígh gur follus as gach aonstaruidhe thráchtas ar
thuarasgbháil na gcríoch go bhfuil an t-innbhear da ngoirthear
Tanais ag snighe go Muir Lárthalmhan agus an mhuir sin ag
snighe gus an Éigipt mar a bhfuil sruth Níl; agus do réir na
ronna do bhí ar an Scitia an tan soin áirmhighthear sruth
Tanais ar aibhnibh na Scitia do réir sheanughdair bharántamhail
Herodotus san cheathramhadh leabhar mar a n-abair: "Sruth
Tanais chomhroinneas an Asia ón Eoruip áirmhighthear é idir
na srothaibh atá ag lucht na Scitia." Agus ar rochtain don
Scitia dhóibh tarla cogadh is coinbhliocht eatorra féin is a


L. 32


gcomhmbráithre, mar atá sliocht Neanúil mic Féiniusa
Farsaidh agus do bhí imreasan eatorra fá iomchosnamh na
críche go dtarla d'Aghnón mac Táit, an cúigeadh glún ó
Éibhear Scot anuas, a bhráthair féin, Reaflóir mac Rifill do
shliocht Neanúil, do mharbhadh agus é 'n-a rígh ar an Scitia
an tan soin, amhail adeir Giolla Caomháin san duain darab
tosach: Gaedheal Glas ó dtáid Gaedhil:




Reaflóir is Aghnón gan on,
Seacht mbliadhna fá iomchosnomh;
Go dtorchair Reaflóir go nglóir
Do láimh áitheasaigh Aghnóin.




Don ionnarbadh do rinneadh ar sliocht Ghaedhil as an Scitia.



Iomthúsa chloinne Reaflóir mic Rifill, tarla dias mac
aige, mar atá Neanúl is Rifill is tionóilid sluagh i
gcoinne sleachta Gaedhil da n-ionnarbadh as an dtír uile;
agus coimhthionóilid fine Ghaedhil is triallaid d'aonbhuidhin
as an gcrích tré thír na gCíochloisceach da ngairthear Amazones
go himeall mhara Chaisp; is gabhaid loingeas ann sin go
ndeachadar ar an muir amach gur ghabhadar tír i n-oiléan
atá ar muir Chaisp áit ar comhnuighsiod feadh bliadhna; agus
is iad fá taoisigh dóibh ar an eachtra soin Aghnón is Éibhear,
dá mhac Táit mic Aghnamain mic Beodhamain mic Éibhir
Scuit mic Srú mic Easrú mic Gaedhil.



Do bhádar triúr mac ag Aghnón ar an eachtra soin, mar
atá Eallóit Láimhfhionn is Lámhghlas. Do bhádar dias mac
ag Éibhear mac Táit, mar atá Caichér is Cing; agus fuair
Aghnón bás san oiléan soin; agus triallaid cách i gcionn
bliadhna as an oiléan soin lucht trí long, is trí fichid i ngach
luing díobh, agus bean ag an treas fear díobh. Seisear
taoiseach dhóibh ar an eachtra soin; go dtugadar ucht ar an
gcaolmhuir atá ó mhuir Chaisp siar gus an bhfairrge gcaoil
tig ón aigéan adtuaidh agus mar rángadar an mhuir sin


L. 34


do éirigh anfadh orra gur seoladh i n-oiléan iad ré ráidhtear
Caronia i Muir Phontic gur chomhnuighsiod bliadain is
ráithe ann; agus san oiléan soin fuair Éibhear mac Táit
is Lámhghlas mac Aghnóin bás. Triallaid as soin, ceathrar
taoiseach dóibh .i. Eallóit Láimhfhionn Cing is Caichér a
n-anmanna, agus tarla murrdhúchainn ar an muir rompa
is do chandaois ceol do na loingseachaibh do bhíodh ag triall
tarsna go gcuirdís codladh orra is go lingdís féin orra
da marbhadh; agus is é leigheas do rinne Caichér Draoi air
sin, céir do leaghadh 'n-a gcluasaibh go nach gcluindís an
ceol d'eagla codalta ris; mar sin dóibh gur ghabhadar cuan
ag rinn Sléibhe Rife thuaidh; agus is ann sin do rinne Caichér
fáistine dhóibh nar bh'ionadh comnuidhe dhóibh aonáit go rochtain
Éireann dóibh, agus nach iad féin do roichfeadh í, acht a
sliocht. Triallaid as sin go rángadar go Gotia agus
tarla go raibhe mac oirdheirc ag Láimhfhionn da ngairthí
Éibhear Glúinfhionn agus do chomhnuigheadar sliocht Gaedhil
san tír sin deich mbliadhna fichead is do anadar lucht díobh
ann ó shoin i le; gonadh da dhearbhadh sin adeir Giolla
Caomháin an rann-so:




Fine Ghaoidhil ghasta dhil,
Tríochad bliadan san tír-sin;
Anaid lucht díobh ann ó shain,
Go dtí deireadh an domhain.




Measaid drong oile ré seanchus gurab caogad ar chéad
bliadhan do chomhnuighsiod sliocht Gaedhil san Ghotia, agus is
í sin céadfaidh is fírinnighe. Óir is follus gur chaitheadar
aicme Ghaedhil ocht nglúine da ngeinealaigh san Ghotia mar
atá ó Éibhear Ghlúinfhionn go Brátha. Ag so iomorro an
geinealach ghlún sin: Brátha mac Deaghátha mic Earchadha
mic Eallóit mic Nuadhat mic Neanúil mic Eibric mic Éibhir
Ghlúinfhinn rugadh san Ghotia féin mic Láimhfhinn an
céadtaoiseach táinig don chrích sin d'aicme Ghaedhil; agus do
bhrígh nachar bh'éidir an oiread soin glún do theacht don leith
istigh


L. 36


do thríochad bliadhan is dearbh liom gurab í an chéadfaidh
dhéidheanach atá fírinneach.



Adeirid drong oile ré seanchus gurab trí chéad bliadhan
do chomhnuighsiod sliocht Gaedhil san Ghotia. Gidheadh ní héidir
sin do bheith fírinneach, do bhrígh, do réir na ngabháltas, do
réir mar adubhramar thuas, nach raibhe iomlán trí chéad
bliadhan ón tráth fár báthadh Pharao san Muir Ruaidh go
tigheacht mhac Míleadh i nÉirinn. Uime sin ní héidir an
chéadfaidh sin do bheith fírinneach, do bhrígh gurab don leith
istigh don aimsir sin do rinneadar fine Ghaedhil gach turas
da ndearnadar ón Éigipt go Creta, agus ó Chreta don
Scitia, is ón Scitia go Gotia, ón Ghotia gus an Spáinn, ón
Spáinn don Scitia, is ón Scitia go hÉigipt, is ón Éigipt go
Tracia, ón Tracia go Gotia, is ón Ghotia go hEaspáinn, is
ón Easpáinn i nÉirinn.


L. 38


XVIII.



Ag so síos do thriall fhine Ghaedhil as an nGotia go hEaspáinn.



Brátha iomorro mac Deaghátha an t-ochtmhadh glún ó
Éibhear Ghlúinfhionn anuas, is é do thriall as an nGotia láimh
ré Creta is ré Sicilia deiseal Eorpa go hEaspáinn, go
lucht cheithre long leis, amhail adeir Giolla Caomháin san
rann-so:




Brátha mac Deaghátha dil
Táinig do Chreit do Shicil;
Lucht cheithre long seolta slán
Deiseal Eorpa go hEaspán.




Ó Bhrátha ráidhtear Bragansa san Phoirtingéil, mar atá
diuice na Bragansa. Ag so na cheithre taoisigh táinig mar
aon ré Brátha san turas soin don Easpáinn .i. Oige agus
Uige dias mac Eallóit mic Neanúil, Manntán is Caichér.
Cheithre lánamhna déag is seisear amhus i ngach luing díobh
agus tugadar trí madhmanna ar lucht na críche iar dteacht
i dtír dóibh .i. sliocht Tubal mic Iafet. Acht cheana, da éis
sin táinig támh aonláithe go muinntir mhic Eallóit gur
éagadar uile go deichneabhar. Táinig fás 'n-a dhiaidh sin
orra, agus rugadh Breoghan mac Brátha.



Adeir croinic choitcheann na Spáinne do scríobhadh lé
duine uasal Frangcach dar bh'ainm Lobhaois, do réir mar
léaghthar ag Éadbhard Grimston san treas leathanach, gurab
é céidrí do ghabh ceannas iomlán na Spáinne an tí da
ngairthí Brigus lér tógbhadh iomad caisléan; agus is é sin
an tí da ngoirthear san Leabhar Gabhála Breoghan, seanathair
Mhíleadh Easpáinne, agus is uaidh ráidhtear Brigantes;
agus is uaidh, do réir na croinice céadna, do gairthí Brigia
i n-allód don chrích ré ráidhtear anois Castilia; agus is
caisléan fá suaitheantas 'n-a scéith, amhail atá aniú ag rígh
na Spáinne.


L. 40


Is é fós an Breoghan soin do bhris iomad cath ar an
Easpáinn, agus is é do chumhduigh nó do thógaibh Brigansia
láimh ris an gCruinne, agus tor Breoghain san gCruinne
féin; gonadh uime sin do rinne Giolla Caomháin an
rann-so:




Do bhris mór gcomhlann is gcath
Ar shluagh Easpáinne uallach,
Breoghan na ngleoghal 's na ngliadh,
Lé n-a ndearnadh Brigansia.




Do bhádar deich mic ag an mBreoghan soin .i. Breogha
Fuad Muirtheimhne Cuailgne Cuala Bladh Eibhle Nár Íoth
is Bile; gonadh aire sin do rinne an t-ughdar céadna an
rann-so:




Deich mic Breoghain gan meirbhe,
Breogha Fuad is Muirtheimhne
Cuailgne Cuala Bladh amne
Eibhle Nár Íoth is Bile.




Mac iomorro don Bhile sin Galamh da ngairthí Mílidh
Easpáinne; agus tar ceann gurab é Bile duine déidheanach
áirmhighthear do chloinn Bhreoghain san rann thuas, maseadh
adeirid ughdair an tseanchusa gurab é Bile mac fá sine ag
Breoghan.



Ar bhfás iomorro do shliocht Breoghain agus ar ngabháil
neirt urmhóir na Spáinne dhóibh, tarla mac arrachta
oirbheartach ag Bile mac Breoghain da ngairthí Galamh, agus
is ris ráidhtear Mílidh Easpáinne; agus do ghabh mian é
dul líon cabhlaigh d'ógbhaidh na Spáinne don Scitia d'fhios a
bhraithreach is do dhéanamh feadhma dhóibh. Agus iar gcinneadh
ar an gcomhairle sin dó, cóirighthear tríochad long leis, is do
chuir a bhforthainn laochruidhe ionnta agus téid ar Muir
dToirrian, is do thriall go réimdhíreach soir budh thuaidh do
Shicilia is do Chreta go ráinig an Scitia; agus ar rochtain
i dtír ann sin dó do chuir scéala uaidh go Reaflóir mac
Neomainn .i. an rí do bhí ar an Scitia an tan soin; agus fá
do shliocht Reaflóir mic Rifill do luaidheamar thuas an
Reaflóir-se mac Neomainn. Mar ráinig iomorro Mílidh


L. 42


do láthair Reaflóir, fáiltighis roimhe; agus i gcionn athaidh da
éis sin do rinne an rí taoiseach ar shluagh na Scitia dhe;
agus do phós a inghean féin ris dar bh'ainm Seang inghean
Reaflóir, agus rug sí dias mac dó mar atá Donn is
Airioch Feabhruadh.



Iar gcaitheamh cheana sealad aimsire do Mhílidh san
Scitia do éirigh iomad áithis leis i n-aghaidh díbhfeargach is
luchta foghla do dhéanamh san gcrích, ionnus tríd sin gur
ghrádhuigheadar lucht na críche go mór é. Agus mar do
mhothuigh an rí Reaflóir sin do ghabh eagla é go dtiocfadh
Mílidh 'n-a aghaidh ré buain ríoghachta na Scitia dhe; agus do
chogair da bhíthin sin Mílidh do mharbhadh tar ceann go raibhe
sé 'n-a chliamhain aige; agus mar do chualaidh Mílidh sin
iarrais árach ar an rígh Reaflóir gur marbhadh leis é; agus
leis sin cuiris cruinniughadh is coimhthionól ar a mhuinntir
dílis féin, agus tig ar muir go líon trí bhfichid long agus
do thriall go réimdhíreach ar Muir dToirrian go ráinig bun
srotha Níl; agus ar dteacht i dtír ann sin dó, do chuir teachta
go Pharao Nectonibus 'ga fhaisnéis dó é féin do theacht don
tír; agus cuiris an rí teachta i gcoinne Míleadh, agus ar
rochtain da láthair dó, fáiltighis roimhe, agus tug fearann dó
féin is da mhuinntir ré áitiughadh san tír; gonadh ag faisnéis
an turais sin Mhíleadh ón Scitia go hÉigipt atá Giolla
Caomháin san rann-so:




Ro ghoin Mílidh fá maith clann
Refelóir nochar bh'anbhfann;
Ro scuch go cruaidh ón tír thall
Go sruth Níl go bhfuair fearann.




Tuig, a léaghthóir, go rabhadar an dias mac rug Seang
inghean Reaflóir do Mhílidh, mar atá Donn is Airioch
Feabhruadh, mar aon ris ag teacht don Éigipt iar n-éag a
máthar san Scitia.



Tarla fán am soin cogadh mór idir an rígh Pharao is rígh
na Aetiopia. Do-ní Pharao taoiseach sluaigh do Mhílidh,
iar meas a chródhachta is a chalmachta dó, i gcoinne shluaigh na


L. 44


Aetiopia, agus tug féin is sluagh na Aetiopia iomad cath is
coinbhliocht da chéile gur éirigh iomad áithis lé Mílidh is go
ndeachaidh a chlú is a oirdhearcas fá na críochaibh; ionnus go
dtáinig dhe sin go dtug Pharao a inghean féin 'n-a mnaoi dhó;
agus Scota ghairthear di ar mbeith 'n-a mnaoi ag Mílidh do
bhí do chine Scuit. Agus rug sí dias mac dó san Éigipt mar
atá Éibhear Fionn is Aimhirgin; agus do láthair iar rochtain
na hÉigipte do Mhílidh do chuir dá fhear dhéag do na hógaibh
do bhí 'n-a fhochair d' fhoghluim prímhcheard na hÉigipte go
beith da gach aon díobh cliste 'n-a cheird féin i gcionn na seacht
mbliadhan do chomhnuigh sé san Éigipt.



Iomthúsa Míleadh do smuain 'n-a mheanmain gur thairrngir
Caichér Draoi cian roimhe sin da shinnsear, do Láimhfhionn, gurab
i nÉirinn do-ghéabhdaois a shliocht flaitheas go bunadhasach,
agus ollmhuighthear trí fichid long leis gur chuir forthainn
sluagh ionnta, agus ceileabhrais do Pharao. Triallais
iomorro leis sin ó bhun srotha Níl ar Muir dToirrian go
ráinig i dtír i n-oiléan atá láimh ré Tracia, Irena ghoirthear
dhe; agus is ann rugadh Ír mac Míleadh. Triallais as
sin go hoiléan da ngairthear Gotia atá san bhfairrge chaoil
téid san aigéan budh thuaidh, agus do rinne seal comhnuighthe
ann sin, gonadh ann rug Scota mac dó da ngairthí Colpa
an Chloidhimh. Triallaid as sin san gcaolmhuir budh thuaidh
scaras an Asia is an Eoraip ré chéile, agus láimh chlé ris an
Eoraip siar, go ráinig Cruitheantuaith ré ráidhtear Alba.
Airgthear iomorro imeall na críche sin leo agus triallaid
da éis sin láimh dheas ris an mBreatain Mhóir, go rángadar
bun srotha Réin, agus láimh chlé ris an bFraingc siar budh
dheas, gur ghabhsad cuan da éis sin san Bhioscáin.



Ar rochtain iomorro san chrích sin dóibh, tigid a bhráithre
d'fháiltiughadh ré Mílidh; agus nochtaid dó na Goti go


L. 46


n-iomad eachtrann oile do bheith ag comhmbuaidhreamh na
críche sin is na hEaspáinne uile. Ar na chlos sin iomorro
do Mhílidh, do chuir tionól ar a ranntaibh féin feadh na
hEaspáinne; agus ar gcruinniughadh ar aonláthair dóibh,
triallais leo agus lé líon an chabhlaigh do chuaidh ris féin
san tír i n-aghaidh na nGoti is na n-eachtrann, go dtug
cheithre madhmanna déag is dá fhichid orra, gur thathfainn as
an Easpáinn iad agus gur ghabh féin go n-a bhráithribh, mar
atáid Clann Bhreoghain mic Brátha, urmhór na hEaspáinne
dhóibh féin. Do bhí iomorro fán am-so dá mhac dhéag is fiche
ag Mílidh, amhail adeir an file:




Tríochad mac agus dá mhac
Ag Mílidh go ngile nglac;
Ní ráinig dhíobh, deimhin linn,
Acht aonochtar go hÉirinn.




Do bhádar iomorro cheithre mic fichead díobh sin rugadh ar
leannántacht dó, sul do thriall as an Spáinn don Scitia;
agus an dias ban do bhí diaidh i ndiaidh aige pósta rug an
t-ochtar oile dhó, mar atá Seang inghean Reaflóir flaith
na Scitia rug dias dhíobh san Scitia, mar atá Donn is
Airioch Feabhruadh, is Scota inghean Pharao Nechtonibus rug
an seisear oile dhíobh, mar atá dias san Éigipt .i. Éibhear
Fionn is Aimhirgin, Ír ar Muir Tracia, Colpa an Chloidhimh
i nGotia, Arannán agus Éireamhón san Galisia, amhail
adeir Conaing file san laoidh seanchusa-so síos:




Ocht mic Ghalaimh na ngáire,
Darbh ainm Mílidh Easpáine,
Ro shleachtadar míle magh;
Cidne tíre a ngeinsiodar?



Airioch Feabhruadh 's Donn go ngliadh,
Ro geineadh iad san Scitia;
Rugadh san Éigipt aibhnigh
Éibhear Fionn is Aimhirgin.


L. 48


Ír, ní raibhe laoch ba lia,
Ro genair i dtaobh Tracia;
Ro genair Colpa an Chlaidhimh
I nGlionn Colpa i nGaothlaidhibh.



Ruga ag tur Breoghain gan brón
Arannán is Éireamhón,
Dá shóisear na laoch gan locht,
Mac Dé ro thraoth a dtothocht. Ocht.


L. 50



XIX.



Ar bhfás don tsliocht-soin Breoghain mic Brátha do bhádar
neartmhar daoineach san Easpáinn; agus ar mhéid a
n-oirbheart, do chuireadar rompa tuilleadh flaithis do ghabháil
do leith éigin oile. Adhbhar oile fós do bhí aca, mar tharla
ré linn na haimsire sin teirce bídh san Easpáinn feadh sé
mbliadhan bhfichead, tré iomad tiormaigh na haimsire an
feadh soin, agus fós tré iomad coinbhliocht tarla eatorra
is na Goti is gach drong oile eachtrann ré rabhadar ag
gleic fá iomchosnamh na hEaspáinne. Cinnid uime sin
comhairle cia an chríoch ar a ndéandaois braith nó cia do
cuirfidhe da braith. Is í comhairle ar ar chinnsiod, Íoth
mac Breoghain mic Brátha do bhí 'n-a dhuine ghaisceamhail,
is do bhí fós eagnaidhe eolach sna healadhnaibh, do thogha ré
dul do bhraith oiléin na hÉireann. Agus is é áit ar ar
chinneadar ar an gcomhairle-se ag tor Breoghain san
Galisia.



Is mar sin tarla dhóibh Íoth do chur go hÉirinn, agus ní
mar adeirid drong oile gurab i néallaibh nimhe oidhche
gheimhridh do chonnairc do mhullach thuir Breoghain í. Óir do
bhí caidreamh is roinn roimhe sin idir Éirinn is an Easpáinn,
ón tráth fá dtug Eochaidh mac Eirc rí déidheanach Fhear
mBolg Taillte inghean Mhaghmhóir rí Easpáinne 'n-a mnaoi.
Do chleachtdaois trá leath ar leath bheith ag ceannaidheacht
is ag malairt a n-earradh is a seod ar gach taoibh ré chéile,
ionnus go raibhe aithidhe na hÉireann ag Easpáinneachaibh
agus aithne na hEaspáinne ag Éireannchaibh sul rugadh
Íoth mac Breoghain; ionnus da réir sin nach ó amharc
aonoidhche d'fhagháil do mhullach thuir Breoghain fuair Íoth
náid clann Bhreoghain eolas ar Éirinn, acht ó chaidreamh
imchian aimsire roimhe sin do bheith idir an Easpáinn is
Éirinn.


L. 52


Dála Íotha iomorro ollmhuighthear long leis is cuiris
trí chaogad laoch toghtha innte, is triallais ar muir go
rángadar don leith thuaidh d'Éirinn, gur ghabhadar cuan
i mBréantrácht Mhaighe Íotha; agus mar ráinig Íoth i dtír
ann do rinne iodhbairt do Neaptúin, dia na mara, is do
rinneadar na deamhain drochthuar dhó. Leis sin tángadar
drong do lucht na críche do labhairt ris i Scoitbhéarla .i.
i nGaedhilg, is do fhreagair seisean san teangaidh chéadna
iad, agus adubhairt gurab ó Mhagog táinig féin amhail
tángadar-san; agus gurab Scoitbhéarla, fá teanga bhunadhasach
dó féin amhail do b'eadh dhóibh sin. Atáid na seanchaidhe,
ar lorg na háite-se san Leabhar Ghabhála, ag a rádh gurab
é an Scoitbhéarla, ré ráidhtear Gaedhealg, fá teanga
bhunadhasach do Neimhidh is da aicme, agus da réir sin ag
Fearaibh Bolg is ag Tuathaibh Dé Danann. Óir is inchreidte
sin as an ní adubhramar thuas gurab é Gaedheal
mac Eathóir ar fhoráileamh Féiniusa Farsaidh rí na Scitia
do chuir an Scoitbhéarla i n-eagar is i n-ordughadh; gonadh
ón nGaedheal soin ráidhtear Gaedhealg ris an Scoitbhéarla,
amhail adubhramar thuas.



Is túsca trá do bhí an Gaedheal-so ag múnadh scol
gcoitcheann san Scitia ioná do thriall Neimhidh ar eachtra
ón Scitia go hÉirinn; agus ós é an Scoitbhéarla fa teanga
choitcheann san Scitia an tráth do thriall Neimhidh aiste, do
réir na seanchadh, is é an Scoitbhéarla fá teanga dhíleas
do Neimhidh is da fhuirinn ag teacht i nÉirinn dóibh; agus da
réir sin ag gach gabháltas da dtáinig ar Éirinn uaidh nó
da shliocht; ní áirmhim mic Mhíleadh dar teanga dhíleas an
Scoitbhéarla ó do fhágaibh Niúl an Scitia gus an am-so.
Tig Risteard Craobhach príomháidh Éireann leis an ní-se
san leabhar do scríobh sé do bhunadhas na Gaedhilge is aicme
Ghaedhil. Ag so mar adeir: "Atá" ar sé "an Ghaedhealg
i ngnáthughadh i nÉirinn ó theacht Neimhidh 630 mbliadhan iar
ndílinn gus an ló aniú." Do réir a ndubhramar ní díchreidthe


L. 54


gurab i Scoitbhéarla do agaill Íoth is Tuatha Dé
Danann a chéile.



Iomthúsa Íotha, do fhiafruigh da éis sin ainm na críche
dhíobh agus cia do bhí i bhflaitheas uirre an tan soin. Nochtaid
an fhuireann soin tarla air ar dtús gurab Inis Ealga fá
hainm don chrích, is gurab iad trí mic Chearmada Milbheoil
mic an Daghdha do bhí i bhflaitheas innte ar sealaidheacht
gach ré mbliadhain, amhail adubhramar thuas, go dtarla an
tráth soin iad i nOileach Néid i dtuaisceart Uladh, agus
iad i n-imreasan fá sheodaibh a sean. Triallais iomorro
Íoth ar n-a chlos sin mar aon ré dhá dtrian na foirne táinig
'n-a luing leis, agus is é líon do bhí 'n-a luing trí chaogad
laoch. Agus mar tháinig do láthair chloinne Cearmada fáiltighid
roimhe, is foillsighid fáth a n-imreasain dó. Nochtais
seisean dóibh-sean don leith oile gurab tré mhearughadh mara
táinig féin don chrích, is nach raibhe a bhara faoi comhnuidhe do
dhéanamh innte, acht triall tar a ais da thír féin. Gidheadh
mar do measadh leo-san Íoth do bheith foghlumtha, do thoghadar
'n-a bhreitheamh san imreasan do bhí eatorra é, agus is í
breath rug, na seoide do roinn tréanach eatorra; agus leis sin
do ghabh ag moladh na hÉireann is adubhairt gurab éagcóir
do bhí imreasan eatorra agus líonmhaire na hinse fá mhil
is fá mheas, fá iasc is fá lacht, fá ioth is fá arbhar, agus
measardhacht a haieoir ar theas is ar fhuacht. Adubhairt
fós dá roinntí an tír tréanach eatorra go raibhe a
bhforthainn uile innte. Ceileabhrais Íoth da éis sin dóibh
agus triallais mar aon ré n-a chéad laoch d'fhios a luinge.



Dála chloinne Cearmada tugadar da n-aire méid an
mholta thug Íoth ar Éirinn; agus is eadh do measadh leo dá
roicheadh lais dul da chrích féin go dtiubhradh iomad sluagh
leis do ghabháil na hÉireann; agus is é ní ar ar chinneadar
mac Cuill go líon trí chaogad laoch do chur 'n-a thóraidheacht;
is rugadar air, is do ghabh Íoth féin deireadh ar a mhuinntir,


L. 56


is rug leis iad go Maigh Íotha budh thuaidh, gur fearadh
coimheascar eatorra, gur thuit Íoth ann; agus rugadar a
mhuinntear leo é 'n-a luing, gur éag sé ar muir aca, agus
gur hadhnaiceadh san Easpáinn é iar dtaispéanadh a chuirp
do mhacaibh Míleadh da ngreannughadh ré teacht da dhíoghail
go hÉirinn ar chloinn Chearmada. Is céadfaidh do dhruing
ré seanchus gurab ar Druim Lighean do marbhadh Íoth is
gurab ar Maigh Íotha do hadhnaiceadh é. Gidheadh is cinnte
agus is fírinnighe an chéadfaidh thuas.



Do ghabháil mhac Míleadh ar Éirinn annso, agus da ndálaibh, agus
cia an chríoch as a dtángadar go hÉirinn.



Adeir Hector Boetius, san treas caibidil do stair
na hAlban, gurab clann do Ghaedheal Éibhear is Éireamhón.
Gidheadh ní héidir sin do bheith fírinneach, do bhrígh, do réir
Chormaic mic Cuileannáin 'n-a chroinic, gur bh' fhear
comhaimsire do Mhaoise Gaedheal; agus adeir mar an gcéadna do
réir an Leabhair Ghabhála gurab i gcionn trí mbliadhan ar
cheithre fichid ar dhá chéad iar mbáthadh Pharao tángadar
mic Mhíleadh i nÉirinn, agus da réir sin nar bh'éidir
Gaedheal do bheith 'n-a athair ag Éibhear ná ag Éireamhón.
Is sollus fós do réir Chormaic san áireamh glún do-ní ó
Ghalamh da ngairthí Mílidh Easpáinne, fá hathair d'Éibhear
is d'Eireamhón, go Noe, nar bh'é Gaedheal fá hathair dóibh.
Ag so, do réir Chormaic, an geinealach go Noe: Galamh
mac Bile mic Breoghain mic Brátha mic Deaghátha mic
Earchadha mic Eallóit mic Nuadhat mic Neanúil mic Eibric
Ghlais mic Éibhir Ghlúinfhinn mic Láimhfhinn mic Aghnóin mic
Táit mic Ogamain mic Beodhamain mic Éibhir Scuit mic
Srú mic Easrú mic Gaedhil Ghlais mic Niuil mic Féiniusa
Farsaidh mic Baath mic Magog mic Iafet mic Noe.


L. 58


Gibé do léaghfadh stair Hector Boetius do mheasfadh go
saoileann sé gurab ó Ghaedheal éigin oile tángadar Gaedhil
Alban seoch an Gaedheal ó dtángadar Éireannaigh. Gidheadh
is leor liom ughdar barántamhail Albanach, da ngairthear
Ioannes Maior, ag a rádh gurab ó Ghaedhealaibh Éireann
tángadar Gaedhil Alban. Ag so mar adeir: "Adeirim ar
an adhbhar soin" ar sé "gibé dream ó bhfuil bunadhas na
nÉireannach, gurab ón ndruing gcéadna tángadar Albanaigh."
Tig Beda leis an ní-se i Stair Eaglaise na
Sacsan mar a n-abair, libro 1#o#, cap. 1#o#, "I gcionn sealad
aimsire do ghlac an Bhreatain, i ndiaidh na mBreathnach is na
bPict, an treas cine i gcuid nó i mír na bPict, cine do
thriall a hÉirinn mar aon ré na dtaoiseach Rhéada, do
ghreamuigh i measc na bPict ionadh suidhe dóibh féin, lé
cáirdeas nó lé harm, atá 'n-a seilbh gus an am so."



As so is iontuigthe do réir Bheda gurab a hÉirinn do
chuadar cine Scuit lé Rhéada a dtaoiseach féin go hAlbain,
agus go bhfuilid a sliocht ann ó shoin agus gurab díobh
ghairmthear Scuit. Ag so mar adeir Humfredus, ughdar
Breathnach, "Atá a dhearbh aca féin is ag cách gurab clann
d'Éireannchaibh na Scuit is gurab aonainm amháin ghairmid
lucht ar dtíre-ne (.i. na Breathnaigh) dhíobh mar atá Gaedhil."
Atá fós Cambrens san seiseadh caibidil déag don treas distinct
don leabhar do scríobh ar thuarasgbháil na hÉireann,
da fhoillsiughadh gurab ré linn Néill Naoighiallaigh do bheith i
bhflaitheas Éireann do chuaidh seisear mac Mhuireadhaigh ríogh
Uladh go hAlbain gur ghabhadar neart is arrachtas ann;
agus gurab fán am soin tugadh Scotia d'ainm ar Albain
ar dtús, agus gurab ón gcloinn sin ríogh Uladh ghairmthear
cine Scuit d'Albanchaibh. Ag so mar adeir, ag labhairt ar


L. 60


an gcloinn sin, "Agus as sin," ar sé, "is uatha do craobhscaoileadh
is do gairmeadh go speisialta cine Scuit do
Gaedhealaibh Alban ón am soin gus aniú."



Do réir a ndubhramar is bréagach an dá ní mheasas
Hector Boetius i Stair na hAlban: an chéadní dhíobh, mar
shaoileas gurab é Gaedheal fá hathair do chloinn Mhíleadh;
agus an dara ní mar mheasas gurab ó Ghaedheal éigin ar
leith tángadar fine Ghaedhil na hAlban seoch an Gaedheal ó
dtángadar mic Mhíleadh lér gabhadh Éire.



Adeir Buccananus ughdar Albanach san Stair ro scríobh
ar Albain gurab ón bhFraingc tángadar mic Mhíleadh i
nÉirinn; agus do-bheir, dar leis féin, trí réasúin ris sin; an
céidréasún díobh, mar a n-abair go raibhe an Fhraingc cómh
daoineach soin go ndéineadh an chuid don Fhraingc ré ráidhtear
Gallia Lugdunensis trí chéad míle fear infheadhma; agus
uime sin gur chosmhail gur bhrúcht sí foirne uaithe d'áitiughadh
críoch oile, agus da réir sin gur chuir sí fuireann d'áitiughadh
na hÉireann, mar atáid fine Ghaedhil. Mo fhreagra ar an
réasún-so, nar bh'fheas don ughdar-so cá tráth tángadar mic
Mhíleadh i nÉirinn, agus mar sin nar bh'fheas dó ar dhaoineach
nó ar bh'uaigneach don Fhraingc an tan tángadar mic Mhíleadh
i nÉirinn. Dá mbeith fós go mbiadh an Fhraingc comh líonmhar
is adeir seisean a beith fá dhaoinibh an tan tángadar mic
Mhíleadh i nÉirinn, ní hiontuigthe go héigeantach as sin gurab
ón bhFraingc tiocfadaois mic Mhíleadh. Óir ciodh fár chóra
don Fhraingc bheith líonmhar fá dhaoinibh an tráth soin ioná don
Spáinn ó dtángadar mic Mhíleadh? Dá bhrígh sin is iontuigthe
gurab suarach an réasún-so chuireas Buccananus
síos ag a chruthughadh gurab ón bhFraingc tángadar mic
Mhíleadh do réir a mbunadhasa.



An dara baramhail baothánta do-bheir gurab ón bhFraingc
tángadar mic Mhíleadh i nÉirinn, do bhrígh go bhfuilid focail
Fhraingcise is Ghaedhilge ionann, mar atá dris agus dún atá


L. 62


ionann i bhFraingcis is i nGaedhilg, agus beagán oile da
gcosmhaileas. Mo fhreagra ar an réasún-so go bhfuilid
focail as gach aointeangaidh ar airleagadh san cheathramhadh
mír don Ghaedhilg ré ráidhtear Béarla Teibidhe ó aimsir
Féiniusa Farsaidh anuas; agus mar sin amhail atáid focail
ón bhFraingcis innte atáid focail ón Spáinnis ón Eadáilis
ón nGréigis ón Eabhra ón Laidin is ó gach prímhtheangaidh
oile innte. Agus uime sin ní suidhiughadh ar Ghaedhealaibh
do thigheacht ón bhFraingc go mbiadh beagán focal ionann
i nGaedhilg is i bhFraingcis. Agus fós an beagán focal
atá ionann eatorra, measaim gurab ó Éirinn rugadh don
Fhraingc iad, agus is móide mheasaim sin mar adeir Caesar
san seiseadh leabhar da Stair gurab ó oiléanaibh na Breatan
do chuadar draoithe don Fhraingc do bhíodh 'n-a mbreitheamhnaibh
aca, agus ag a mbíodh tearmann is saoirse is
cádhas ó uaislibh na Fraingce.


L. 64


XX.



Is inmheasta gurbh é oiléan na hÉireann an t-oiléan
soin as a thrialladar na draoithe don Fhrainc do bhrígh
gur bh'í Éire tobar draoidheachta iarthair Eorpa an tan
soin, agus gur bh' í an Ghaedhealg fá teanga do na draoithibh
céadna. Nó má's ón Mhanainn do thrialladar, is follus
gurab í an Gaedhealg fá teanga dhíleas ann sin, do réir
Ortelius ag labairt ar Mhanainn, mar a n-abair: "Gnáthuighid"
ar sé "teanga na Scot nó an Ghaedhealg atá
ionann."



Da réir sin, ré linn bheith ag múnadh do na draoithibh san
bhFraingc, is cosmhail gur thógbhadar aos óg na Fraingce, ó
bheith i gcaidreamh na ndruadh, suim éigin d'fhoclaibh na
Gaedhilge is go bhfuilid ar aithidhe i measc na Fraingcise ó
shoin i le; agus fós go n-abair Camdenus, san leabhar da
ngairthear Britannia Camdeni, gurab mó do theagascdaois
na draoithe fán am soin ó theagasc beoil ioná ó scríbhinn
da scolaibh.



Adhbhar oile fós as nar bh'iongnadh focail Ghaedhilge do
bheith i measc na Fraingcise, ar mhéid an chaidrimh do bhí ag
Eireannchaibh ré Frangcaibh, óir adeir an Leabhar Gabhála
gur bh' inghean do rígh Frangc fá bean d'Ughaine Mhór fá
hairdrí ar Éirinn, agus do chuaidh an tUghaine-se do
ghabháil neirt na Fraingce. Do chuaidh fós airdrí oile do
bhí ar Éirinn .i. Niall Naoighiallach, aimsear imchian d'éis
Ughaine, do ghabháil neirt na Fraingce, gur marbhadh ag sruth
Loeir san bhFraingc é lé hEochaidh mac Éanna Chinnsealaigh
rí Laighean. Do chuaidh Criomhthann mac Fiodhaigh rí Éireann
ria Niall don Fhraingc. Do chuaidh fós airdrí oile do bhí ar
Éirinn, mar atá Dáthí mac Fiachrach d'iarraidh neirt do
ghabháil ar an bhFraingc gur mharbh caor theintighe san leith
thoir don Fhraingc láimh ré sliabh Alpa é. Adeir mar an
gcéadna Cornelius Tacitus go raibhe roinn is caidreamh


L. 66


ceannaidheachta idir Éirinn is an Fhraingc. Do réir a ndubhramar,
ní hiongnadh airleagadh focal do bheith ón Ghaedhilg
san bhFraingcis, is ón bhFraingcis i nGaedhilg. Gidheadh ní
hiontuigthe as sin go héigeantach gurab ón bhFraingc do
thrialladar fine Ghaedhil i nÉirinn. Uime sin is suarach an
dara baramhail do-bheir Buccananus.



Is bréagach fós an treas baramhail do bheir Buccananus,
mar a n-abair gurab ionann nóis is béasa do Fhrangcaibh is
d'Éireannchaibh. Cibé iomorro léighfeas Ioannes Bohemus
san leabhar ro scríobh do bhéasaibh is do nósaibh an uile chinidh,
do-ghéabha go follus ann nach ionann nóis náid béasa na
bhFrangcach is na nÉireannach anois ná i n-allód. Da réir
sin is bréagach an treas réasún do-bheir mar chruthughadh ar
shliocht Gaedhil do thriall ar dtús ón bhFraingc i nÉirinn.



Adeirid cuid do na nuaGhallaibh-se ag scríobhadh ar
Éirinn gurab ón Bhreatain Mhóir tángadar mic Mhíleadh
ar dtús; agus is é fáth fá saoilid sin, do bhrígh go bhfuilid
iomad focal ionann i nGaedilg is i mBreatnais. Mo
fhreagra ar an réasún-so nach suidhiughadh ar aicme Ghaedhil
do thigheacht ón Bhreatain Mhóir é ar dtús. Dá adhbhar atá
ris sin. An céadadhbhar dhíobh, do bhrígh gurab í an Ghaedhealg
fá teanga dhíleas do Bhriotán mac Fearghusa Leithdheirg
mic Neimhidh, agus gurab uaidh ráidtear Britannia re
Breatain do réir Chormaic mic Cuilleannáin is Leabhar
nGabhála na hÉireann; agus gurab i mBreatain do áitigh
sé féin is a shliocht da éis; gur chuir Éireamhón mac Míleadh
Cruithnigh ré ráidhtear Picti ag comhroinn na hAlban riú,
agus go dtáinig Brutus mac Siluias, ma's fíor do chuid da
gcroinicibh féin, isteach orra is Rómhánaigh 'n-a dhiaidh sin, agus
Saxones da éis sin, agus Lochlonnaigh is fá dheireadh Uilliam
Concúr is na Frangcaigh, ionnus go dtáinig an oiread soin
d'anfhorlann eachtrann orra nar bh'iongnadh an Scoitbhéarla,


L. 68


fá teanga do Briotán is da shliocht da éis, do
dhul i mbáthadh. Gidheadh, an t-iarmhar beag atá ar marthain
di gan múchadh uile, atá sí féin agus an Ghaedhealg ionann,
an mhéid atá ó aimsir Bhriotáin gan malairt di.



An dara hadhbhar as nach iongnadh iomad focal do bheith
ionann san Bhreathnais is san Ghaedilg, gion gurab on
mBreatain tángadar mic Mhíleadh i nÉirinn, do bhrígh gur
bh'í Éire fá cúil dídin do Bhreathnaibh ré linn gach leathtruim da
luigheadh orra, do bhíthin na Rómhánach is na Sacsanach nó gach
druinge oile da n-imreadh foirneart orra, ionnus go dtigdís
foirne iomdha go n-a muirear is go n-a muinntearaibh
is go n-a maoin ar teitheadh i nÉirinn díobh, go dtugdaois
uaisle na hÉireann fearann ar feadh a gcuarta dhóibh; agus
an sliocht tigeadh uatha ré linn a ndeoraidheachta, do fhoghlamthaoi
an Ghaedhealg leo, agus go bhfuilid bailte i nÉirinn
ainmnighthear uatha mar atá Gráig na mBreathnach is Baile
na mBreathnach is Dún na mBreathnach etc; agus iar
dtilleadh don Bhreatain tar a n-ais dóibh do bhíodh iomad
focal don Ghaedhilg ar gnáthughadh aca is ag a sliocht da
n-éis. Do réir a ndubhramar ní hinmheasta go héigeantach
gurab ón mBreatain tángadar mic Mhíleadh ar dtús, tar
ceann go bhfuilid focail ionanna san Bhreathnais is i
nGaedhilg. Gibé adéaradh fós gurab cosmhail na Breathnaigh
is na Gaedhil 'n-a nósaibh is 'n-a mbéasaibh ré chéile,
óir mar bhíos an Gaedheal neamhchomhuightheach fá bhiadh do
thabhairt i n-aiscidh uaidh, is mar sin bhíos an Breathnach; mar
bhíos fós cion ag an Éireannach ar na seanchaidhibh, ar an
aos dána, ar na bárdaibh, is ar aos seanma na gcláirseach,
bí a shamhail sin do chion ag an mBreathnach ar an druing
céadna agus bíd mar sin cosmhail ré chéile i mórán do
bhéasaibh oile; gidheadh ní suidhiughadh sin ar Ghaedhealaibh
do thigheacht ón mBreatain acht is mó is suidhiughadh é ar
aithidhe do bheith ag Breathnaibh i nÉirinn, amhail adubhramar
thuas; agus da réir sin ní hiontuigthe as na réasúnaibh
réamhráidhte gurab ón mBreatain Mhóir tángadar mic


L. 70


Mhíleadh ar dtús. Gidheadh is éidir go fírinneach a rádh go
ndeachadar drong do shliocht Bhreoghain a hÉirinn d'áitiughadh
na Breatan Móire, mar atá cuid do shliocht na dtaoiseach
do chlannaibh Breoghain táinig lé macaibh Míleadh i nÉirinn.



Ag so anmanna na mac soin Breoghain táinig i nÉirinn
lé macaibh Míleadh, mar atá Breagha Fuad Muirtheimhne
Cuailgne Cuala Eibhle Bladh is Nár. Is da sliocht-so go
cinnte do réir seanchusa na hÉireann an dream ré ráidhtear
Brigantes; agus is córaide sin do mheas 'n-a fhírinne mar
adeir Tomasius san bhfoclóir Laidne ro scríobh gurab
pobal ó Éirinn na Brigantes .i. clann Bhreoghain.



Adeir ughdar Spáinneach darab ainm Florianus del
Campo, ag teacht lé seanchus na hÉireann, gurab Spáinnigh
do réir a mbunadhas na Brigantes agus gurab ón Spáinn
tángadar i nÉirinn agus ó Éirinn don mBreatain.



Is móide is ionchreidthe gach ní da ndubhramar do leith
chaidrimh na mBreathnach lé hÉireannchaibh; agus gur bh' í
Éire fá cúil dídin dóibh, mar adeir Caradocus ughdar
Breathnach 'n-a chroinic agus Albion 'n-a chroinic, agus iomad
d'ughdaraibh oile na mBreathnach, go dtigdís mórán do
phrionnsaidhibh na Breatan agus da n-uaislibh go n-a muirear
agus go n-a muinntir i nÉirinn, mar a ngabhthaoi riú, agus
mar a nglacthaoi go cineálta iad, agus mar a dtugthaoi
fearann ré háitiughadh dhóibh, amhail adubhramar thuas. Do-ní
fós Doctúir Hanmer 'n-a chroinic speisialtacht ar chuid
díobh. Ar dtús, adeir gur díbreadh go hÉirinn lé Eduin
mac Athelfrid, rí do bhí ar an mBreatain, dar bh'ainm
Cadualin, an tan fá haois don Tighearna 635, agus go
bhfuair gabháil ris go grádhach ann, agus fuair congnamh
sluaigh lér bhain sé a fhlaitheas féin amach arís. Adeir fós
go dtángadar dá phrionnsa ó Bhreatain, mar atá Haralt
agus Conan, go hÉirinn, an tan fá haois don Tighearna
1050, agus go bhfuaradar a nglacadh agus fós caidreamh
agus cumhdach ó Éireannchaibh. Adeir mar an gcéadna go
dtáinig Allgor iarla Chester ón mBreatain ar teitheadh


L. 72


i nÉirinn, agus gur chuireadar Éireannaigh sluagh leis lér
bhain a thalamh féin amach arís, an tan fá haois don Tighearna
1054. Táinig arís prionnsa oile do Breathnaibh
dar bh' ainm Bleithin ap Conan ar teitheadh i nÉirinn an
tan fá haois don Tighearna 1087; agus fuair congbháil ar
feadh a chuarta innte. Mar sin dóibh i gcleamhnas is i
gcaidreamh ó aimsir go haimsir.



Léaghthar iomorro i gcroinic Hanmer gur phós Arnulfus
iarla Pembroc inghean Mhuircheartaigh Uí Bhriain ríogh
Éireann, an tan fá haois don Tighearna 1101. Agus do
pósadh an dara hinghean dó lé Maghnus mac Arailt, rí
na nOiléan. I n-aimsir fós an chéad-Henrí i ríoghacht
Shacsan, do bhí prionnsa ar an mBreatain dar bh' ainm Griffin
ap Conan do mhaoidheadh go minic gur bhean Éireannach fá
máthair dó féin, agus fós fá seanmháthair, agus gurab
i nÉirinn rugadh agus do béasmhúineadh é. Do réir an ughdair
chéadna, do bhí fós prionnsa oile ar an mBreatain ré
linn an dara Henrí, Biradus mac Guinethi fá hainm dó,
agus fá bean Éireannach a mháthair. Mar sin do bhíodh
iomad caidrimh cáirdeasa is cleamhnasa idir Ghaedhealaibh
is na Breathnaigh, ionnus da réir sin nach ionchuir i n-iongantas
iomad focal ionann do bheith 'n-a dteangthaibh leath ar
leath agus cosmhaileas 'n-a mbéasaibh agus 'n-a nósaibh ré
chéile, gion gurab ón mBreatain tángadar Gaedhil riamh
do réir a mbunadhasa.



Adeir Camden mar an gcéadna gur áitigheadar na
Brigantes sna tíribh-se síos don Bhreatain Mhóir, mar atá
críoch Yorke críoch Lancaster críoch Dhurham críoch Westmorland
is críoch Chumberland; agus ní hiongnadh, do réir a
ndubhramar, Breathnaigh is Éireannaigh do bheith cosmhail
ré chéile 'n-a mbéasaibh is 'n-a nósaibh agus mórán focal
ionann do bheith 'n-a dteangthaibh leath ar leath gion go
dtángadar mic Míleadh do réir a mbunadhasa ó na Breathnaibh
riamh, gan chead do Chamden adeir gurab ón mBrittania
tángadar áitightheoire ar dtús i nÉirinn. Is córa


L. 74


iomorro creideamhain do sheanchus Éireann, ar a bhfuil
d'fhiachaibh fios is fíoreolas gach dála da dtarla d'Éirinn
riamh do lorgaireacht is do choimhéad, ioná do bharamhail
Chamden ris nar léig Seanchus Éireann a rún riamh as a
mbeith fios dál na hÉireann aige.



Adeir Cambrens, ag scríobhadh ar Éirinn, gurab ar
fulong ríogh do bhí ar an mBreatain Mhóir tángadar mic
Mhíleadh ón mBioscáin; agus fós gurab ar a tharraing
tángadar 'n-a dhiaidh go hOrcades, agus gur chuir fuireann
leo go hÉirinn da háitiughadh, ar eacht go mbeidís féin is a
sliocht umhal dó féin is do ríoghaibh na Breataine Móire do
shíor; agus is é ainm ghairmeas Cambrens don rígh-se
Gorguntius mac Beilín. Mo fhreagra mar an gcéadna ar
Chambrens gurab follus a bheith bréagach. Cibé iomorro
léighfeas Croinic Stoo do-ghéabhaidh go follus nach fuil acht
beagán lé trí chéad bliadhan ó fhlaitheas an Ghorguntius soin
ar an mBreatain Mhóir go tigheacht Iulius Caesar da gabháil
an t-ochtmhadh bliadhain do fhlaitheas Casibellanus ar an
mBreatain Mhóir; agus léaghthar ag an ughdar gcéadna nach
raibhe acht tuairim dá bhliadhan déag is dá fhichid ó Iulius
Caesar go breith Chríost, ionnus, do réir áirimh Stoo, nach
raibhe coimhlíonadh cheithre céad bliadhan ó aimsir Ghorguntius
go gein Chríost. Gidheadh adeir Cormac mac Cuileannáin is
Leabhair Ghabhála Éireann gurab tuairim trí chéad déag
bliadhan roimh Chríost tángadar mic Mhíleadh i nÉirinn. Agus
atá Policronicon ag teacht leo ar an áireamh gcéadna, mar
a dtráchtann ar Éirinn. Ag so mar adeir: "Atáid" ar sé
"míle is ocht gcéad bliadhan ó thigheacht na nÉireannach go bás
Phádraig." Ionann soin ré a rádh is gurab tuairim trí
chéad déag bliadhan sul rugadh Críost tángadar mic Mhíleadh
i nÉirinn. Óir, bean an dá bhliadhain déag is cheithre fichid
ar cheithre chéad ó ghein Chríost go bás Phádraig do na hocht


L. 76


gcéad déag bliadhan úd áirmheas Policronicon do bheith ó
thigheacht mhac Míleadh i nÉirinn go bás Phádraig, agus da
réir sin atáid ocht mbliadhna ar thrí chéad déag ó thigheacht
mhac Míleadh i nÉirinn go gein Chríost, ionnus go dtig
Policronicon is Cormac mac Cuileannáin is na Leabhair Ghabhála
lé chéile ar áireamh na haimsire ó ghabháil mhac Míleadh go
gein Chríost; agus dá bhfromhthar, do réir Chroinic Stoo, an
t-áireamh aimsire atá ó Ghorguntius go gein Chríost, agus
mar an gcéadna, an t-áireamh aimsire do-ní Policronicon
is Cormac mac Cuileannáin is na Leabhair Ghabhála ar an
áireamh aimsire atá ó thigheacht mhac Míleadh i nÉirinn go
gein Chríost do-ghéabhthar go follus go rabhadar mic Mhíleadh
i nÉirinn tuilleadh is naoi gcéad bliadhan sul do ghabh
Gorguntius flaitheas na Breataine Móire. Do réir a
ndubhramar, is follus gur bhréag gan bharántus do rinne
Cambrens 'n-a chroinic mar a n-abair gurab é an Gorguntius
thuas do dháil mic Mhíleadh 'n-a dhiaidh go hOrcades, agus
do chuir as sin go hÉirinn iad. Óir cionnus budh éidir do
Ghorguntius a gcur i nÉirinn agus nach rugadh é féin, do
réir gach ughdaráis da dtugamar síos annso, go ceann naoi
gcéad bliadhan d'éis mhac Míleadh do thigheacht i nÉirinn?


L. 78


XXI.



Ag so síos do thigheacht mhac Míleadh i nÉirinn:



Ar n-a chlos do mhacaibh Míleadh is do shliocht Breoghain
uile go ndearnadar clann Chearmada feall ar Íoth mac
Breoghain is ar a mhuinntir, agus ar bhfaicsin a chuirp
créachtnuighthe marbh, do mheasadar teacht da dhíoghail i
nÉirinn ar chloinn Chearmada, agus tionóiltear sluagh leo
ré teacht i nÉirinn da gabháil ar Thuathaibh Dé Danann i
ndíoghail na feilbheirte do rinneadar ar Íoth mac Breoghain
is ar a mhuinntir. Adeirid cuid do na seanchaidhibh gurab
ón mBioscáin do thrialladar mic Mhíleadh i nÉirinn as an
áit ré ráidhtear Mondaca láimh ré hInnbhear Uerindo; agus
is uime mheasaid sin, do bhrígh go raibhe Mílidh 'n-a rígh ar an
mBioscáin tar éis mar do ruagadh lé foirneart iomad
eachtrann a ceartlár na Spáinne é don Bhioscáin, mar a
rabhadar iomad coillteadh is cnoc is daingneach ré cosnamh
na Bioscáine ar anfhorlann eachtrann. Gidheadh ní hí so
céadfaidh choitcheann na seanchadh, acht is eadh adeirid gurab
ó thor Breoghain san Galisia do thrialladar i nÉirinn; agus
is í sin céadfaidh is mó mheasaim do bheith fírinneach. Óir
léaghthar san Leabhar Gabhála gurab ag tor Breoghain do
chinneadar ar Íoth mac Breoghain do chur do bhraith na
hÉireann, agus gurab ann táinig Lughaidh mac Íotha iar
dtilleadh a hÉirinn dó lé corp a athar da thaispeánadh do
chloinn Mhíleadh is do mhacaibh Breoghain; agus measaim da
réir sin gurab as an áit chéadna do thrialladar i nÉirinn
iar n-éag do Mhílidh go grod roimhe sin, agus do bhíthin bháis
Mhíleadh, táinig Scota mar aon ré n-a chloinn i nÉirinn, ar
mbeith don Spáinn an tráth soin 'n-a cnáimh choinghleaca
idir an bhfuirinn do bhí san Spáinn féin agus iomad eachtrann
táinig a tuaisceart na hEorpa do ghabháil neirt
orra.


L. 80


Dála chloinne Míleadh, tionóiltear sluagh leo ré teacht
i nÉirinn do dhíoghail Íotha ar Thuathaibh Dé Danann is ar
chloinn Chearmada, is do ghabháil na hÉireann orra; agus is
é líon taoiseach do bhí aca ré ceannas feadhna do dhéanamh,
dá fhichid, do réir mar léaghthar san duain darab tosach:
Tóisigh na luingse tar lear, do rinne Eochaidh Ó Floinn:




Tóisigh na luingse tar lear
'N-a dtángadar mic Mhíleadh;
Budh meabhair liom-sa rém lá
A n-anmann, a n-oidheadha.



Eibhle Fuad Breagha Bladh binn
Lughaidh Muirtheimhne ón muirlinn;
Buas Breas Buaidhne na mbríogh mór,
Donn Ír Éibhear Éireamhón.



Aimhirgin Colpa gan chrádh
Éibhear Airioch Arannán;
Cuala Cuailgne Nár amne,
Muimhne Luighne is Laighne,



Fulmán Manntán Bile séimh,
Ér Orba Fearón Feirghéin;
Én Ún Eatan Goistean gle
Séadgha Sobhairce Suirghe.



Palap mac Éireamhóin áin
Agus Caichér mac Manntáin;
Do dhíoghail Íotha na n-each
Tríochad deichneabhar tóiseach.
Tóisigh.




Tríochad long líon an chabhlaigh do bhí aca, agus tríochad
laoch i ngach luing díobh, gan áireamh a mban ná a ndaoscarshluagh.
Ag so a n-anmanna: Breagha mac Breoghain ó ráidhtear
Magh Breagh i Midhe; Cuala mac Breoghain ó ráidhtear
Sliabh Cuala; Cuailgne mac Breoghain ó ráidhtear Sliabh
Cuailgne; Fuad mac Breoghain ó bhfuil Sliabh Fuaid;
Muirtheimhne mac Breoghain ó ráidhtear Magh Muirtheimhne;
Lughaidh mac Íotha táinig i nÉirinn do dhíoghail a athar is


L. 82


uaidh adeirthear Corca Laighe i ndeisceart Mumhan; Eibhlinne
mac Breoghain ó bhfuil Sliabh nEibhlinne san Mhumhain;
Buas Breas is Buaidhne trí mic Tighearnbhaird mic Brighe;
Nár ó ráidhtear Ros Náir i Sliabh Bladhma; Séadgha Fulmán
Manntán Caichér is Suirghe mac Caichér; Ér Orba Fearón
is Feargna cheithre mic Éibhir; Én Ún Eatan is Goistean;
Sobhairce, ní feas dúinn a athair; Bile mac Brighe mic
Breoghain; ocht mic Mhíleadh Easpáinne, mar atá Donn is
Airioch Feabhruadh Éibhear Fionn is Aimhirgin Ír is Colpa
an Chloidhimh Éireamhón is Arannán an sóisear agus cheithre
mic Éireamhóin, mar atá Muimhne Luighne is Laighne is
Palap, agus aonmhac Ír .i. Éibhear. Is iad soin iomorro
an dá fhichid taoiseach tángadar mic Mhíleadh i nÉirinn. Írial
Fháidh mac Éireamhóin, cheana, i nÉirinn féin rugadh é.



Dála chloinne Míleadh is a gcabhlaigh, ní haithristear
aoinní da scéalaibh gur ghabhadar cuan ag Innbhear Sláinghe
i n-íochtar Laighean, áit ris a ráidhtear cuan Locha Garman
aniú. Cruinnighid is coimhthionóilid Tuatha Dé Danann 'n-a
dtimcheall gur chuireadar ceo draoidheachta ós a gcionn,
ionnus gur taidhbhrigheadh dóibh gur dhruim muice an t-oiléan
ar a gcionn, agus is de sin ráidhtear Muicinis ré hÉirinn.
Ruaigthear iomorro lé draoidheacht Thuatha Dé Danann mic
Mhíleadh ón dtír amach, gur ghabhadar timcheall Éireann,
agus do ghabhsad cuan i nInnbhear Scéine i n-iarthar Mhumhan;
agus ar dteacht i dtír dhóibh triallaid go Sliabh Mis go
dtarla Banbha go n-a bantracht is go n-a draoithibh orra
ann. Fiafruighis Aimhirgin a hainm dhi. "Banbha mh'ainm"
ar sí "agus is uaim ráidhtear Inis Banbha ris an oiléan-so."
Triallaid as sin i Sliabh Eibhlinne go dtarla Fódla
dhóibh ann, agus fiafruighis Aimhirgin a hainm dhi. "Fódla
mh'ainm" ar sí "agus is uaim ráidhtear Fódla ris an


L. 84


gcrích-se." Triallaid as sin go hUisneach Midhe, go dtarla
Éire dhóibh san áit sin agus fiafruighis an file a hainm
dhi. "Éire mh'ainm" ar sí "agus is uaim ráidhtear Éire
ris an oiléan-so." Agus is ag faisnéis an neithe-se thuas
atá an rann-so as an duain darab tosach: Canam bunadhas
na nGaedheal:




Banbha i Sliabh Mis go slóghaibh
Séithreach tuisleach;
Fódla i Sliabh Eibhlinne asnach,
Éire i nUisneach.




Ag so thuas an triúr bainríoghan fá mná do thrí macaibh
Cearmada; agus adeirid cuid dona seanchaidhibh nach roinn
tréanach do bhí ar Éirinn ag cloinn Chearmada, acht sealaidheacht
bliadhna ag gach fear díobh agus is é ainm mhná
an té aca do bhíodh i bhflaitheas do bhíodh ar an gcrích ar
feadh na bliadhna soin. Ag so deismireacht ar an sealaidheacht
flaithis sin:




Gach ré mbliadhain do bhíodh soin
An righe ag na flathaibh,
Éire Fódla is Banbha
Triúr ban na laoch lánchalma.




Triallaid mic Mhíleadh as sin go Teamhair go dtarladar
trí mic Chearmada .i. Eathúr Ceathúr Teathúr go n-a sluagh
draoidheachta orra ann; agus iarraid mic Mhíleadh cath nó
ceart um cheann na críche ar chloinn Chearmada, agus
adubhradar-san go dtiubhradaois breath Aimhirgin a ndearbhráthar
féin dhóibh agus dá mbeireadh breath éagcóir orra, go muirbhfidís
tré dhraoidheacht é. Is í breath rug Aimhirgin ar chloinn
Míleadh triall tar a n-ais go hInnbhear Scéine, is iad féin
go líon a sluagh do dhul 'n-a longaibh agus dul feadh naoi
dtonn san muir amach, agus dá roicheadh leo teacht i dtír


L. 86


d'aimhdheoin Tuatha Dé Danann ceart na críche do bheith aca.
Agus do ba lór lé Tuathaibh Dé Danann sin, óir do mheasadar
go dtiocfadh da ndraoidheacht féin gan a léigean tar
a n-ais don chrích chéadna go bráth.



XXII.



Iomthúsa chloinne Míleadh triallaid tar a n-ais go
hInnbhear Scéine, is téid siad 'n-a longaibh feadh naoi dtonn
san muir amach, amhail do orduigh Aimhirgin dóibh. Mar do
chonncadar draoithe Thuath Dé Danann iad-san ar an muir,
do thógbhadar gaoth gháibhtheach gheintlidhe do chuir anfadh ar
an muir; agus adubhairt Donn mac Míleadh gur ghaoth
draoidheachta í. "Is eadh," ar Aimhirgin. Leis sin téid
Arannán sóisear chloinne Míleadh san seolchrann suas, agus
lé sonnadh da dtug an ghaoth tuitis Arannán ar chláraibh na
luinge, gur marbhadh amhlaidh sin é. Agus leis sin do dhealuigh
luascadh na garbhghaoithe an long 'n-a raibhe Donn ré cách,
agus go grod da éis sin do báthadh é féin is lucht na luinge
mar aon ris, mar atá ceathrar ar fhichid do laochraidh agus
cúigear taoiseach, mar atá Bile mac Brighe Airioch Feabhruadh
Buan Breas is Buaidhne agus dá mhnaoi dhéag agus ceathrar
amhus agus ochtar ré hiomramh, caogad macaomh ar daltachas;
agus is é áit 'n-ar báthadh iad ag na Dumhachaibh ré ráidhtear
Teach Duinn i n-iarthar Mhumhan. Agus is ó Dhonn mac
Míleadh do báthadh ann ghairmthear Teach Duinn de. Gonadh
ag faisnéis bháis Duinn is na n-uasal-so do báthadh mar aon
ris atá Eochaidh Ó Floinn san duain darab tosach: Tóisigh
na luingse tar lear. Ag so mar adeir:




Donn is Bile Buan a bhean,
Dil is Airioch mac Míleadh,
Buas Breas Buaidhne go mbloidh,
Do báthadh ag Dumhachaibh.




Ir mac Míleadh, iomorro, do scar an t-anfadh an long 'n-a
raibhe ris an gcabhlach is do cuireadh i n-iarthar Dheasmhumhan


L. 88


i dtír í; gur bathadh Ír ann agus gur hadhnaiceadh ag Sceilig
Mhichíl é, amhail adeir an t-ughdar céadna:




Aimhirgin file na bhfear
Marbh i gcath Bhile Theineadh;
Marbh Ír ag Sceilig na scál,
'S is marbh san luing Arannán.




Gabhais Éireamhón, go gcuid don luingeas mar aon ris, lámh
chlé ré hÉirinn go ráinig bun Innbheir Cholpa ré ráidhtear
Droichead Átha. Is uime trá ghairthear Innbhear Cholpa don
abhainn sin, do bhrígh gurab innte do báthadh Colpa an
Chloidhimh mac Míleadh ag teacht i dtír ann mar aon ré
hÉireamhón mac Míleadh. Is follus as sin gur báthadh
cúigear do chloinn Mhíleadh sul do bheanadar sealbh Éireann
do Thuathaibh Dé Danann; gonadh uime sin do rinne file
éigin an rann-so:




Do báthadh cóigear díobh sin
Do chlannaibh meara Mílidh;
I gcuantaibh Éireann na rann,
Lé draoidheacht Thuath Dé Danann:




mar atá Donn is Ír, Airioch Feabhruadh, Arannán is Colpa
an Cloidhim, ionnus nach raibhe beo don chloinn chéadna ré
linn na hÉireann do bhuain do Thuathaibh Dé Danann acht
triúr, mar atá Éibhear Éireamhón is Aimhirgin. Iomthúsa na
druinge oile do mhacaibh Míleadh tángadar i dtír i nInnbhear
Scéine, mar atá Éibhear go n-a fhuirinn féin do chabhlach.
Tarla Éire bean Mhic Gréine ar Sliabh Mis riú i gcionn trí
lá iar dteacht i dtír dóibh, agus is ann sin tugadh Cath Sléibhe
Mis idir iad féin is Tuatha Dé Danann, áit ar thuit Fás
bean Úin mic Uige, agus is uaithe ráidhtear Gleann Fáis
ris an ngleann atá ar Sliabh Mis da ngairthear aniú
Gleann Fáis; gonadh da dhearbhughadh sin adeir an file an
rann-so:




Gleann Fáis 's é an forus fíor,
Gan imreasan gan imshníomh;
Fás ainm na mná luaidhtear linn,
Do marbhadh isin mórghlinn.


L. 90



Is san chath chéadna do thuit Scota bean Mhíleadh, agus don
leith thuaidh don ngleann soin atá sí adhlaicthe, láim ré muir;
agus is do shuidhiughadh a báis is a fearta atáid an dá rann-so
síos as an laoidh chéadna:




Is san gcath soin fós, ní chél,
Fuair Scota bás is bithég;
Ó nach maireann i gclí chain
Fuair a marbhadh san ghleann-sain.



De sin atá san leith thuaidh
Feart Scota san nglionn nglanfhuar;
Idir an Sliabh láimh ré linn
Ní cian do cháidh ón gcoimhling.




Fá hé sin an céadchath tugadh idir mhacaibh Míleadh is Thuatha
Dé Danann, amhail adeir an laoidh chéadna:




Céadchath mhac Míleadh go mblaidh,
Ar dteacht a hEaspáinn éachtaigh,
Ag Sliabh Mis fá mana leoin,
Is forus fis is fíreoil.




Is iad an dias ban úd do luaidheamar, mar atá Scota is
Fás, agus an dá dhraoi ba dearscnaighthe aca, mar atá Uar
is Eithiar, dream ba táscamhla d'fhine Ghaedhil dar thuit san
chath soin. Acht cia do marbhadh trí chéad díobh, gidheadh do
marbhadh leo-san deich gcéad do Thuathaibh Dé Danann agus
cuirid i raon madhma amhail séin iad; agus gabhais Éire .i.
bean Mhic Gréine deireadh orra agus triallais go Tailltean
agus nochtais a dáil do chloinn Chearmada. Anaid iomorro
mic Mhíleadh ar láithreach an chatha, ag adhnacal na druinge
da muinntir do marbhadh, is go háirithe ag adhnacal an dá
dhruadh; gonadh aire sin do rinne an file na roinn seanchusa-so
síos:




Fágbham san maidin Sliabh Mis,
Fuaramar ágh is aithis;
Ó chlannaibh an Daghdha duinn
Do lannaibh calma comhluinn.


L. 92


Do chuirsiom cath go calma
Ar shiabhraibh Inse Banbha;
Dar thuit deich gcéad ceann i gceann
Linn do Tuathaibh Dé Danann.



Sé caogad fear dar ndáimh-ne
Do shluagh adhbhal Easpáinne,
Ag sin a dtorchair dar sluagh,
Ré heasbhaidh an dá dheaghdhruadh:



Uar agus Eithiar na n-each
Ionmhain dias dhána dheimhneach;
Leac ós a leachtaibh go lom,
'N-a bhfeartaibh Féine fágbhom.




Ochtar iomorro do thaoiseachaibh an tsluaigh do thuit ar
muir lé draoidheacht Thuaithe Dé Danann, amhail adubhramar
thuas, mar atá Ír i Sceilig Mhichíl, Arannán as an seolchrann
Donn go n-a chúigear taoiseach ar n-a mbáthadh ag Teach
Duinn. Do thuiteadar fós ocht ríoghna ann .i. dias díobh
mar aon ré Donn, mar atá Buan bean Bhile, is Dil inghean
Mhíleadh Easpáinne, bean is siúr Dhuinn. Do báthadh iomorro
Scéine bean Aimhirgin i n-Innbhear Scéine, gonadh uaithe
ghairmthear Innbhear Scéine don abhainn atá i gCiarraidhe.
Fuair Fial bean Lughaidh mic Íotha bás do náire ar bhfaicsin
a nochta da céile ar dteacht ó shnámh dhi; gonadh uaithe
ghairmthear Innbhear Féile don abhainn sin ó shoin i le;
do marbhadh fós Scota is Fás i gCath Sléibhe Mis, amhail
adubhramar thuas. Do éagadar fós dias eile dhíobh, mar
atá bean Ír is bean Muirtheimhne mic Breoghain; gonadh iad
sin na hocht ríoghna is na hocht dtaoisigh do cailleadh do
shluagh chloinne Míleadh ó theacht i nÉirinn dóibh go cur
Chatha Tailltean. Ag so síos anmanna an mhóirsheisir sin ban
is fearr táinig lé macaibh Míleadh i nÉirinn do réir an
Leabhair Ghabhála: Scota Tea Fial Fás Líobhra Odhbha agus
Scéine. Ag so síos suidhiughadh an tseanchaidh air sin, agus


L. 94


cia an fear do bhí ag gach mnaoi dhíobh ag ar mhair a fear
ag teacht i nÉirinn dóibh.




Seacht mná is fearr táinig i le
Lé macaibh Míleadh uile:
Tea Fial Fás, feairrde dhe,
Líobhra Odhbha Scot Scéine.



Tea bean Éireamhóin na n-each,
Is Fial fós fá bean Luighdheach;
Fás bean Úin mic Oige iar sin,
Agus Scéine bean Aimhirgin.



Líobhra Bean Fhuaid, caoin a bla,
Scota an aontumha is Odhbha;
Ag sin na mná nachar mhear
Táinig lé macaibh Míleadh.




Iomthúsa chloinne Míleadh, an drong díobh táinig i dtír le
hÉibhear, lér cuireadh Cath Sléibhe Mis, triallaid i ndáil
Éireamhóin go bun Innbhir Cholpa; agus mar rángadar a
chéile ann sin do fhógradar cath ar thrí macaibh Cearmada
is ar Tuaithaibh Dé Dannan ar cheana. Is ann sin do
cuireadh Cath Tailltean eatorra agus do chuaidh an briseadh
ar chloinn Chearmada ag macaibh Míleadh áit ar thuit Mac
Gréine lé hAimhirgin, Mac Cuill lé hÉibhear, agus Mac
Céacht lé Éireamhón, amhail adeir an seancha:




Atrorchair Mac Gréine geal
I dTailltean lé hAimhirgean;
Mac Cuill lé hÉibhear an óir,
Mac Cécht do láimh Éireamhóin.




Do thuiteadar fós a dtrí ríoghna ann, mar atá Éire is
Fódla is Banbha; gonadh uime sin is da dhearbhadh cia an
dream lér thuiteadar, do rinne an seancha an rann-so:




Fódla lé hEatan go n-uaill,
Lé Caichér Banbha go mbuaidh;
Éire sonn lé Suighre iar sin:
Is iad oidheadha an trír sin.




Tuitid iomorro urmhór shluagh Thuath Dé Dhanann ar cheana
agus ar mbeith ag leanmhain na ruaige do shluagh mhac


L. 96


Míleadh san aird budh thuaidh marbhthar san tóraidheacht soin
dá thaoiseach do shluagh mhac Míleadh, mar atá Cuailgne mac
Breoghain ar Sliabh Cuailgne agus Fuad mac Breoghain
ar Sliabh Fuaid.



XXIII.



Tar éis iomorro Tuath Dé Danann do dhíbirt, is na
hÉireann do bheith ar a gcumas féin aca, roinnis Éibhear is
Éireamhón Éire eatorra; agus do réir druinge ré seanchus,
is í roinn do rinneadh eatorra, an leath thuaidh do bheith ag
Éireamhón ó Bhóinn is ó Shruibh Broin budh thuaidh; is ón
teorainn chéadna budh dheas go Tuinn Clíodhna ag Éibhear.
Ag so mar adeir an seancha ar an roinn-se. Éireamhón
is Éibhear ard, tosach na duaine:




Ar an leith thuaidh, beart gan bhrón,
Gabhais an fhlaith Éireamhón
Ó Shruibh Broin, buadhach an roinn,
Tar gach mbuidhin go Bóainn.



Éibhear mac Míleadh go rath
Do ghabh an leath theas deaghmhaith;
Ó Bhóinn fuair, fá cródha an roinn,
Go tuinn inghine Geanoinn.




Téid iomorro cúigear do phríomhthaoiseachaibh shluaigh mhac
Míleadh lé hÉireamhón ar a mhir féin don roinn, agus gabhaid
fearann uaidh, agus do rinne gach neach díobh dúnphort
'n-a roinn féin don fhearann. Ag so an cúigear taoiseach
do ghabh lé hÉireamhón, mar atá Aimhirgin Goistean Séadgha
Sobhairce is Suirghe. Ag so síos na ríoghratha do tógbhadh
lé hÉireamhón is lé n-a chúigear taoiseach. Ar dtús do
thógaibh sé féin Ráith Beitheach i nAirgeadros ar bruach na
Feoire i nOsruighe. Do thógaibh fós Aimhirgin Turlach Innbhir
Mhóir. Do tógbhadh lé Sobhairce Dún Sobhairce. Do tógbhadh
lé Séadgha Dún Deilginse i gcrích Chualann. Do


L. 98


tógbhadh lé Goistean Cathair Náir. Do tógbhadh lé Suirghe
Dún Éadair.



Ag so an cúigear do ghabh lé hÉibhear, mar atá Caichér
Manntán Én Oige is Fulmán. Do tógbhadh mar an gcéadna
ráith leis gach n-aon díobh. Ar dtús do tógbhadh lé hÉibhear
féin Ráith Eoamhain i Laigheanmhaigh; lé Caichér Dún Inn
i n-iarthar Éireann; lé Manntán Cumhdach Cairrge Bladhruidhe;
lé hÉn mac Oige Ráith Airde Suird; lé Fulman Ráith
Chairrge Feadha.



Cúig glúine déag is fiche ó Éibhear go hÁdhamh, mar adeir
an file:




Cúig glúine déag ré a ndeaghoil,
Is fiche glún geinealoigh,
Tréad féinneadh gan cruas um chradh
Suas ó Éibhear go hÁdhamh.




Is i céadfaidh dhruinge oile ré seanchus gurab í roinn
do rinne Éibhear is Éireamhón ar Éirinn, dá Chúigeadh Mumhan
do bheith ag Éibhear; Cúigeadh Connacht is Cúigeadh Laighean
do bheith ag Éireamhón; is Cúigeadh Uladh do bheith ag Éibhear
mac Ír mic Míleadh agus ag cuid oile do na taoiseachaibh
táinig lé macaibh Míleadh; is tríocha céad Chorca Laighdhe
san Mhumhain teas tugadar do Lughaidh mac Íotha mac
dearbhráthar a seanathar. Agus is móide mheasaim an chéadfaidh
sin do beith fírinneach gurab i Laighnibh do bhí príomhlongport
Éireamhóin, mar atá Ráith Beitheach i nAirgeadros,
láimh ré Feoir, agus fós gurab san Mhumhain go bunadhasach do
áitigheadar sliocht Éibhir agus sliocht Éireamhóin i gConnachtaibh
is i Laighnibh, agus sliocht Rudhruidhe mic Sithrighe
táinig ó Éibhear mac Ír mic Míleadh i nUlltaibh. Ón Rudhruidhe
sin iomorro ghairmthear Clanna Rudhruidhe do na fíor-Ulltachaibh
agus gach drong do na sleachtaibh-se do chuaidh i gcúigeadhaibh
a chéile do dhéanamh fearainn is gabháltais, mar
atá teacht chloinne Rudhruidhe go Laighnibh .i. sliocht Conaill


L. 100


Chearnaigh i Laoighis agus sliocht Fearghusa mic Róigh i
gConmhaicne Chonnacht is i gCorca Moruadh is i gCiarraidhe
Mumhan, agus muinntear Dhuibhidhir do shliocht Cairbre
Chluitheachair mic Conchorb do shliocht Labhraidh Loingsigh, agus
muinntear Riain do shliocht Cathaoir Mhóir, ó Laighnibh
tángadar don Mhumhain. Is cian d'éis na ronna-so do rinne
Éibhear is Éireamhón ar Éirinn rángadar na foirne sin
as a gcríochaibh féin i dtíribh oile i nÉirinn. Is follus fós
gurab ré linn Mhuireadhaigh Tírigh do chuadar na trí Cholla
go n-a mbráithribh ó Chonnachtaibh do dhéanamh gabháltais
ar Ulltaibh, gur bheanadar roinn mhór do Cúigeadh Uladh dhíobh
ar éigin, mar atá Modhairn Uí mac Uais is Uí Chriomhthainn
go bhfuilid drong mhór dhíobh da háitiughadh aniú, mar atá
Raghnall mac Samhairle Iarla Antruim nó nAondroma ó
Cholla Uais; Mag Uidhir Mag Mathghamhna is Ó hAnnluain
ó Cholla Dá Chríoch.



Is ré linn Chormaic mic Airt fós tángadar Déisigh .i.
cine do shliocht Éireamhóin, don Mhumhain, gur ghabhadar fearann
innte. Is ré linn iomorro Fhiachaidh Muilleathain mic
Eoghain Mhóir mic Oiliolla Óluim do bheith i ríoghacht Mumhan
táinig Cairbre Músc, duine uasal do shliocht Éireamhóin, ré
dán go Fiachaidh, go bhfuair a bhfuil d'fhearann ó Shlighe
Dhála .i. Bealach Mór Osruighe go Cnoc Áine Cliach i nduais a
dhána, amhail léaghthar i Leabhar Ard Macha, agus is ón
gCairbre Músc-so ghairthear Múscruidhe Tíre don dá
Urmhumhain. Agus go grod da éis sin rángadar cuid do
shíol Éibhir mar atá sliocht Cormaic Gaileang i gConnachtaibh,
mar atáid Gaileanga is Luighne, agus is da sliocht Ó hEadhra
is Ó Gadhra san leith thuaidh. Agus mar sin da gach aicme is
da gach cinéal oile ráinig i dtír oile i nÉirinn, ní do bhíthin
na ronna do rinne Éibhear is Éireamhón do chuadar ionnta;


L. 102


agus da réir sin measaim an chéadfaidh dhéidheanach do bheith
fírinneach; óir ní hinmheasta gurab san mír ráinig Éibhear
'n-a bhfuil Airgeadros do thóigeobhadh Éireamhón a
chéadphríomhráith, mar atá Ráith Beitheach i nAirgeadros. Uime
sin measaim gurab 'n-a mhír féin do rinne í, agus da réir
sin gurab do roinn Éireamhóin Cúigeadh Laighean, amhail
adeir an chéadfaidh dhéidheanach.



Tarla file foghlumtha is cruitire ceoilbhinn .i. Cir mac
Cis an file, agus Ónaoi an cruitire, ar an druing táinig
lé macaibh Míleadh i nÉirinn; agus adubhairt Éibhear gurab
aige féin do bheidís; adubhairt Éireamhón cheana gurab
aige féin do bheidís. Acht cheana is é ordughadh do chuaidh
eatorra a roinn ré chéile tré chrannchur do chur ortha; agus
tuitis crann Éibhir ar an oirfideach agus crann Éireamhóin
ar an bhfile; gonadh ag faisnéis an imreasain-se atáid
na roinn-se síos a Psaltair Chaisil:




Do chuirsiod crannchor go cóir
Ar an dias ndána ndíomhóir;
Go ráinig don fhior a ndeas
An cruitire cóir coimhdheas.



Ráinig fós don fhior a dtuaidh
An t-ollamh gus an ollbhuaidh;
Gonadh de sin ráinig smacht
Órdan agus ollamhnacht,



Téidbhinneas ciuil caoine dreann
I ndeas i ndeisceart Éireann;
Is amhlaidh bhias go bráth mbras,
Amhail atá san seanchas.




Tángadar cheithre moghaidh fichead lé macaibh Míleadh i
nÉirinn, agus do bheanadar cheithre maighe fichead a coill iar
dteacht i nÉirinn dóibh, agus is uatha féin ainmnighthear na
maighe sin. Ag so anmanna na bhfear soin: Aidhne An
Asal Méidhe Morbha Midhe Cuibh Cliú Ceara Réir Slán
Léighe Lithfe Line Lighean Trea Dula Adhar Airiu Déise


L. 104


Deala Fea Feimhean agus Seara; agus atáid na hanmanna
soin go cinnte ar na maighibh céadna i nÉirinn aniú.



Tug fós Tea inghean Luighdheach mic Íotha .i. bean Éireamhóin
fá deara múr do thógbhail di féin i Liathdruim ré raidhtear
Teamhair aniú; agus is ó Thea inghin Luighdheach ghoirthear
Teamhair don tulaigh sin .i. múr Tea.



Do bhádar mic Mhíleadh i gcomhfhlaitheas Éireann feadh
bliadhna go dtarla imreasan eatorra fá sheilbh na dtrí
ndromonn is fearr do bhí i nÉirinn .i. Druim Clasaigh i
gcrích Mhaine is Druim Beitheach i Maonmhaigh is Druim
Finghin i gConnachtaibh. Is ann sin iomorro tugadh cath idir
Éibhear is Éireamhón i nUibh Fáilghe ag Brú Bhriodáin ag
tóchar idir dá mhagh i dtuaith Ghéisille. Do briseadh d'Éibhear
san chath soin; is do marbhadh é féin is triar taoiseach da
mhuinntir ann mar atá Suirghe Sobhairce is Goistean. Ag
so mar adeir an file ar an ní-se ag faisnéis adhbhair an
imreasain:




Do roinnsiod Banbha gan brón
Éibhear agus Éireamhón,
Go dtáinig uabhar a mban,
Bliadhain gan chreich gan chogadh,



Do ráidh bean Éibhir na gcath
Mun budh lé Druim caoin Clasach,
Druim Beitheach, Druim Finghin finn,
Nach beith aonoidhche i nÉirinn.



Torchair Éibhear, anba an fear,
Lé hÉireamhón mac Míleadh;
Fuair i dtuath Ghéisille a ghoin,
San maidin ar Maigh Smearthoin.




Ag so mar adeir an file Tanuidhe ag teacht leis an ní
gceadna:




A éigse Banbha go mblaidh,
An feas daoibh nó an bhfeadbhair,
Créad fár cuireadh an cath mór
Ar Éibhear lé hÉireamhón?


L. 106


Inneosad uaim daoibh-se sain -
An fáth fá ndearna an fhionghail,
Um thrí dromannaibh gan dreim
Is fearr do bhí i nÉireinn:



Druim Finghin Druim Clasaigh cain,
Druim Beitheach i gConnnachtaibh;
'Ga gcosnamh sin ní rádh glé,
Tugadh an t-ár-so, a éigse.




XXIV.



Do ríoghaibh chloinne Míleadh ria gCreideamh annso, agus fad a
bhflaitheasa i nÉirinn.



Do ghabh Éireamhón, iar mbeith i gcomhfhlaitheas Éireann
ré hÉibhear feadh bliadhna, flaitheas iomlán Éireann cheithre
bliadhna déag d'éis mharbhtha Éibhir i gCath Airgeadrois, do
réir dhruinge ré seanchus, amhail adeir an rann-so:




Cheithre bliadhna déag rodfeas
d'Éireamhón i n-ardfhlaitheas;
Iar gCath Airgeadrois go n-ágh
Mar ar thuit Éibhear iomlán.




Gidheadh is í céadfaidh choithcheann na seanchadh nach i gCath
Airgeadrois do marbhadh Éibhear acht i gCath Géisille, amhail
adubhramar thuas. Is ré linn Éireamhóin do rinneadh na
gníomha-so síos, mar atá Cath Cúile Caichéir i gcionn bliadhna
d'éis mharbhtha Éibhir; agus is ann sin do thuit Caichér .i.
taoiseach do mhuinntir Éibhir, lé hAimhirgin mac Míleadh.
I gcionn bliadhna da éis sin, do thuit Aimhirgin lé hÉireamhón
i gcath Bile Theineadh i gCúlaibh Breagh; agus is ann san
mbliadhain sin do lingeadar naoi mBrosnacha Éile is trí
hUinnsionna Ua nOiliolla fá thír i nÉirinn. An treas
bliadhain da éis sin do thuit Fulmán agus Manntán .i. dias
taoiseach do mhuinntir Éibhir, lé hÉireamhón i gCath Breoghain
i bhFréamhainn. Do lingeadar ocht locha fó thír i nÉirinn i


L. 108


bhflaitheas Éireamhóin, mar atá Loch Cime, agus Magh Sreing
ainm an mhachaire tar ar ling an loch; Loch Buadhaigh Loch
Bagha Loch Réin Loch Fionnmhaighe Loch Gréine Loch Riach, agus
Magh Maoin ainm an mhachaire tar a dtáinig sí; Loch Dá
Chaoch i Laighnibh agus Loch Laogh i nUlltaibh. An ceathramhadh
bliadhain da éis sin do marbhadh Ún Én is Eatan i gcath
Comhruire i Midhe lé hÉireamhón, agus do tógbhadh a bhfearta
ann. An bhliadhain chéadna do lingeadar na trí Suca fá
thír i gConnachtaibh.



Adeirid drong ré seanchus gurab é Éireamhón do roinn
cúig cúigeadha Éireann d'éis bháis Éibhir ar chuid do na
taoiseachaibh do bhí aige. Tug ar dtús Cúigeadh Laighean
do Chriomhthann Sciathbhéal do Dhomhnannchaibh, duine uasal
d'iarmhar bhFear mBolg. Tug fós dá Chúigeadh Mumhan do
cheithre macaibh Éibhir, mar atá Ér Orba Fearón is Feargna.
Tug arís Cúigeadh Connacht d'Ún mac Oige agus do Eatan,
dias taoiseach da dtáinig leis ón Easpáinn. Mar an
gcéadna do fhágaibh Cúigeadh Uladh ag Éibhear mac Ír .i. mac
a dhearbhráthar féin.



Is i bhflaitheas Éireamhóin iomorro tangadar Cruithnigh .i.
Picti, sluagh do thriall ón Tracia, go hÉirinn; agus do réir
Chormaic mic Cuileannáin 'n-a Psaltair is é fáth fár fhágbhadar
an Tracia tré mar do thogair Policornus, rí na
Tracia, inghean álainn aontumha do bhí ag Gud ardtaoiseach
na gCruithneach d'éigniughadh, agus iad féin i seilbh bhuannachta
na críche. Ar n-a bhraith cheana do Ghud agus da Chruithneachaibh
go raibhe an rí ar tí na hinghine d' éigniughadh,
marbhthar leo é, agus tréigid an tír uime sin, agus triallaid
ó chrích go crích go rochtain na Fraingce dhóibh mar a bhfuaradar
congbháil buannachta agus fearann ó rígh Frangc áit ar
thógbhadar cathair ris a ráidhtear Pictauium ó na Pictibh .i.
Cruithnigh lér tógbhadh í. Agus mar do chualaidh rí Frangc
teist scéimhe na hinghne do thogair a beith 'n-a leannán leaptha


L. 110


aige féin. Ar n-a chlos sin do Ghud triallais go líon a
mhuinntire ar teitheadh leis an inghin go hÉirinn, agus ar
mbeith ar muir dhóibh, éagais an inghean aca; agus gabhaid féin
da éis sin cuan i nInnbhear Sláinghe. Tig Beda leis an
ní-se san chéadchaibidil don chéidleabhar do Stair Eagailse
na Sacsan, acht amháin go n-abair gurab san taobh thuaidh
d'Éirinn tángadar i dtír, mar a n-abair: "Tarla do chine
na bPict teacht ón Scitia, amail adeirthear, i mbeagán do
luingeas fhada san oigian lé seoladh nó lé séideadh na
ngaoth, tigheacht leath amuigh do uile-theorannaibh na Breataine,
teacht i nÉirinn, agus ar bhfagháil chinidh na Scot rompa
do iarradar ionadh comhnuidhthe dhóibh féin ann sin, agus ní
bhfuaradar." Gidheadh ní i dtuaisceart Éireann tángadar
i dtír, acht ag bun Innbhir Shláinghe i gcuan Locha Garman,
amhail adubhramar. Agus táinig Criomhthann Sciathbhéal, do
bhí i gceannas Laighean ó Éireamhón an uair sin, n-a ndáil
ann sin agus do rinne cáirdeas riú.



Is iad fá taoisigh don chabhlach soin Gud agus a mhac
Cathluan; agus is uime do cheangail Criomhthann cáirdeas riú,
do bhrígh go rabhadar dronga d' uaislibh na Breataine da
ngairthí Tuatha Fiodhgha ag gabháil neirt i bhFothartaibh do
gach leith do bhun na Sláinghe. Is amhlaidh do bhádar an
drong soin agus neimh ar arm gach aoin aca, ionnus madh beag
nó mór an chréacht do-níthí leo ní ghabhadh leigheas ar bith
greim don othar go bhfaghadh bás. Agus do chualaidh Criomhthann
go raibhe draoi deigheolach da ngairthí Trostán i
bhfochair na gCruithneach do-bhéaradh leigheas dó féin agus da
mhuinntir i gcoinne na neimhe do bhíodh ar armaibh Tuaithe
Fiodhgha; agus do fhiafruigh do Throstán créad an leigheas do
dhéanadh i n-aghaidh neimhe arm na druinge úd do luaidheamar.
"Cuirthear leat," ar Trostán, "trí caogad bó mhaol fhionn
da gcrúdh is cuirthear an lacht do géabhthar uatha i log ar


L. 112


lár an mhachaire 'n-a gcleachtar libh bheith ag comhrac riú,
agus fógair cath orra ar an machaire gcéadna; agus gach
aon dod mhuinntir loitfidhear leo, téidheadh don log da
fhothrugadh, agus budh slán ó ghoimh na neimhe é. Do rinneadh
lé Criomhthann a ndubhairt an draoi, agus fógrais Cath
Arda Leamhnachta ar Thuathaibh Fiodhgha, agus brisis díobh go
dtug a ndeargár ann. Is ón ngníomh agus ón gcath ghairthear
Cath Arda Leamhnachta don chath soin ó shoin i le; gonadh ag
dearbhadh an sceoil sin do rinne an file an laoidh seanchusa-so
síos:




Ard Leamhnachta san tír theas,
Fionnadh gach án is éigeas;
Créad ó ngairthear ainm an fhuinn
Do ghabh ó aimsir Chriomhthuinn;



Criomhthann Sciaithbhéal é ro ghabh,
Do shaoradh ár a churadh;
Da ndídean ar ghéirneimh arm
Na n-athach n-uathmhar n-athgharbh.



Seisear Cruithneach, ro chinn Dia,
Tángadar a tír Thracia;
Soilen Ulpia Neachtain nár
Aonghus Leathan is Trostán.



Ro thiodhnuic Dia dhóibh tré ghus
Da n-íoc ar ghéarghoimh othrus,
'S da ndídean ar ghéirneimh arm
Na n-athach reachtmhar rógharg.



Is é fíreolas fuair dóibh
Draoi na gCruithneach, fá chéadóir
Trí chaogad bó mhaol don mhaigh
Do bhleodhan i n-aon chuthaigh.



Do cuireadh an cath go cacht
Mu'n log a raibhe an leamhnacht;
Do mhuidh an cath go calma
Ar athachaibh Ardbhanbha.




Dála na gCruithneach ann sin, mar atá Gud is Cathluan
a mhac, cuirid rompa neart Laighean do ghabhail; agus mar


L. 114


do chualaidh Éireamhón sin, tionóilis sluagh líonmhar agus
tig da n-ionnsuighe; agus mar do chonncadar na Cruithnigh
gan iad féin líon cathuighthe ris, ceanglaid síoth is cáirdeas
ré hÉireamhón. Nochtais Éireamhón dóibh go raibhe dúthaigh
don leith thoir thuaidh d'Éirinn agus adubhairt riú dul da
háitiughadh. Is ann sin do iarradar na Cruithnigh ar Éireamhón
cuid do na mnáibh uaisle do bhí i n-aontumha aige
féin, do mhnáibh na dtaoiseach táinig leis ón Easpáinn ag
ar marbhadh a bhfir, do thabhairt dóibh féin, do réir Bheda
san chéadchaibidil don chéadleabhar do Stair na Sacsan;
agus do cheangladar ráta gréine agus éasca orra féin
gurab mó do bhiadh ríoghacht Cruitheantuaithe, ris a ráidhtear
Alba aniú, aga sealbhughadh ó bharántas sleachta na
mban ioná ó bharántas sleachta na bhfear, go crích an
bheatha. Agus tug Éireamhón ar na heachtaibh sin triúr ban
dóibh, mar atá bean Bhreise, bean Bhuais is bean Bhuaidhne;
agus gabhais Cathluan fá hardtaoiseach dhóibh bean díobh dó
féin; agus triallaid ainn séin go Cruitheantuath, is do ghabh
Cathluan neart na críche agus fá hé céidrí Alban do
Cruithneachaibh é. Do bhádar deich rígh is trí fichid do Chruithneachaibh
.i. na Picti i bhflaitheas na hAlban da éis, amhail
léaghthar i Psaltair Chaisil, san duain darab tosach: A eolcha
Alban uile. Ag so mar adeir ar an ní-se:




Cruithnigh do ghabhsad iardtain
Ar dtigheacht a hÉireannmhaigh;
Deich rígh is seascad ríoghrán
Do ghabh díobh an Cruitheanchlár.



Cathluan an céidrí dhíobh sain,
Inneosad daoibh go cumair:
Ro b'é an rí déidheanach díobh
An cur calma Constaintín.




Acht cheana anais Trostán Draoi is an cúigear Cruithneach
oile luaidhtear san laoidh thuas i nÉirinn d'éis Chathluain,


L. 116


go bhfuaradar fearann i mBreaghmhaigh i Midhe ó
Éireamhón. An ceathramhadh bliadhain déag d'éis bháis Éibhir
fuair Éireamhón bás i nAirgeadros i Ráith Beitheach láimh
ré Feoir, agus is ann do hadhnaiceadh é. San bhliadain
chéadna do ling an abhainn darab ainm an Eithne fá thír
i nUibh Néill; is do ling an abhainn da ngairthear Freaghobhal
fá thír idir Dhál nAruidhe is Dhál Riada.



XXV.



Do ghabhsad trí mic Éireamhóin da éis féin ríoghacht
Éireann trí bliadhna, mar atá Muimhne Luighne is Laighne.
Trí bliadhna dhóibh i gcomhfhlaitheas go bás Mhuimhne i Maigh
Cruachan agus gur marbhadh Luighne is Laighne lé macaibh
Éibhir i gCath Arda Ladhrann.



Do ghabhadar cheithre mic Éibhir, Ér Orba Fearón is
Feargna ríoghacht Éireann bladh do bhliadhain, gur mharbh
Írial Fáidh mac Éireamhóin iad i ndíogháil a dhá bhráthar
.i. Luighne is Laighne.



Do ghabh Írial Fáidh mac Éireamhóin ríoghacht Éireann
deich mbliadhna, óir ní raibhe sliocht ar an dtriúr dearbhráthar
do bhí aige do ba sine ioná é féin. Taire sin an tan ráinig
Irial san ríoghacht is do ghabh oirbheart is arrachtas ré a ais,
do marbhadh cheithre mic Éibhir leis, mar atá Ér Orba Fearón
Feargna, i ndíoghail a dhá bhráthar do marbhadh leo-san.



Do réidheadh sé maighe déag a coill i nÉirinn i bhflaitheas
Íriail. Ag so síos a n-anmanna: Magh Reichead i Laoighis;
Magh Neiliu i Laighnibh; Magh Comair, Magh Seiliu i nUibh
Néill; Magh Sanais i gConnachtaibh; Magh nInis i nUlltaibh;
Magh Midhe, Magh Luinge i gCiannachta; Magh Téacht i nUibh
mac Uais; Magh Fearnmhuighe i nOirghiallaibh; Magh Foithin
sna hIartharaibh; Magh Cobha i nUibh Eachach; Magh Cuma


L. 118


i nUibh Néill; Magh Cúile Feadha, Magh Riada, Magh nAirbhrioch
i bhFothartaibh Airbhrioch i Laighnibh.



Do thógaibh Írial Fáidh mac Éireamhóin seacht ríoghratha
i nÉirinn 'n-a aimsir féin, mar atá Ráith Ciombaoith i
nEamhain; Ráith Croichne i Maigh Inis; Ráith Bachaill i
Lotharnaibh; Ráith Coincheadha i Seimhne; Ráith Mothaigh i
nDeaghcharbad; Ráith Búireach i Sleachtaibh; Ráith Lochaid
i nGlascharn.



An bhliadhain da éis sin do lingeadar na trí haibhne dá
ngoirthear na trí Fionna fá thír i nUlltaibh. An bhliadhain
'n-a dhiaidh sin do bhris Írial cheithre catha. An céadchath,
Cath Arda Ionmhaith i dTeathbha, mar ar thuit Stirne mac Duibh
mic Fomhóir; an dara cath, Cath Teannmhaighe tug Írial
d'Fomhórchaibh, áit ar thuit rí Fomhórach dar bh'ainm Echtghe
Ethcheann; an treas cath, Cath Lochmhaighe, i n-ar thuit
Lughroth mac Mogha Feibhis; an ceathramhadh cath, Cath Cúile Márta
mar ar bhris do cheithre macaibh Éibhir. Gonadh uime sin
agus ag faisnéis na ngníomh soin, atá an duain darab
tosach an rann-so síos:




Irial sóisear na clainne,
Mac ríogh Fódla foltchaime,
Rí Sléibhe Mis, rí Macha,
Do bhris cheithre cruadhchatha.




An dara bliadhain da éis sin fuair Írial Fáidh mac Éireamhóin
bás i Maigh Muaidhe, agus do hadhnaiceadh ann é.



Do ghabh Éithrial mac Íriail Fhaidh mic Éireamhóin ríoghacht
Éireann fiche bliadhan. Is ré linn an Eithriail-se do beanadh
seacht machaire a coill i nÉirinn, mar atá Teannmhagh i
gConnachtaibh; Magh Lioghat agus Magh mBealaigh i nUibh
Tuirtre; Magh Géisille i nUibh Fáilghe; Magh Ochtair i
Laighnibh; Lochmhagh i gConnachtaibh; Magh Rath i nUibh
Eachach; agus iar gcaitheamh fichid bliadhan i bhflaitheas Éireann
dó do marbhadh lé Conmhaol mac Éibhir é i gCath Raoireann
i Laighnibh.


L. 120


Do ghabh Conmhaol mac Éibhir ríoghacht Éireann deich
mbliadhna fichead; agus fá hé céidrí Éireann do shíol Éibhir
é. Do bhris iomorro an Conmhaol-so cúig catha is fiche ar
shliocht Éireamhóin. Ag so síos naoi gcatha dhíobh mar atá
Cath Ucha; Cath Cnucha; Cath Éile; Cath Sléibhe Beatha; is
Cath Géisille mar ar thuit Palap mac Éireamhóin; Cath
Sléibhe Modhairn mar ar thuit Samhra mac Ionbhotha; Cath
Locha Léin mar ar thuit Mughroth; Cath Béirre; is Cath
Aonaigh Macha mar ar thuit Conmhaol féin lé hÉibhear mac
Tighearnmhais do shíol Éireamhóin. Agus do hadhnaiceadh don
taoibh theas d'Aonach Macha é san ait da ngairthear Feart
Conmhaoil aniú.



Do ghabh Tighearnmhas mac Follaigh mic Eithriail mic
Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna
is dá fhichidh, nó do réir dhruinge oile seascad bliadhan; agus
do bhris an Tighearnmhas-so seacht gcatha fichead ar shliocht
Éibhir, mar atá Cath Éille 'n-ar thuit Rochorb mac Golláin;
agus Cath Cumair; Cath Maighe Téacht; Cath Lochmhaighe
i n-ar thuit Deighiarna mac Guill mic Golláin; Cath Cúile
hAird i Maigh Inis; Cath Cúile Fraocháin; Cath Athghuirt
i Seimhne; Cath Arda Niadh i gConnachtaibh; agus Cath Cairn
Fhearadhaigh mar ar thuit Fearadhach mac Rochuirb mic Golláin;
Cath Cluana Cuasa i dTeathbha; Cath Comhnuidhe i
dTuaith Eibhe; Cath Cluana Muirisc i dtuaisceart Bréithfne;
agus Cath Cúile Fabhair ar Earbhus; agus seacht gcatha
i Lughlachta ar Loch Lughdhach i n-aonló; agus dá Chath Cúile
i nAirgeadros, agus Cath Reibh mar ar marbhadh urmhór
shleachta Éibhir lé Tighearnmhas.



An bhliadhain da éis sin do bhrúchtadar naoi locha fá thír
i nÉirinn, mar atá Loch Cé, tar Magh Sulchair do ling;
agus Loch nAillinne i gConnachtaibh; Loch nIairn; Loch


L. 122


nUair; Loch Saighlionn, Loch Gabhair i Midhe agus i mBreaghaibh;
Loch Feabhail i dTír Eoghain, tar Feabhal mic Lodáin
do mhuidh sí, agus Magh Fuinnsighe ainm an Mhaighe tar a
dtáinig an loch; Dubhloch Arda Ciannachta is Loch Dá Bhaill
i nOirghiallaibh, agus trí dubhaibhne Éireann, mar atá Fobhna
Toronn is Callonn.



Is é an Tighearnmhas céadna fuair mianach óir ar dtús
i nÉirinn, agus Uchadán ainm an chearda do bhíodh ag bruithneadh
an óir dó. I bhFothartaibh oirthir Lithfe do bhíodh ag a
bhearbhadh. Is ré linn Tighearnmhais do cuireadh corcair is
gorm is uaine ar éadaighibh ar dtús i nÉirinn. Is ré n-a
linn fós do cuireadh gréasa is corthaire is cumhdaighthe ar
bhrataibh ar dtús i nÉirinn. Is é mar an gcéadna do chuir
mar nós i nÉirinn aondath i n-éadach moghaidh, dá dhath
i n-éadach an aithigh; a trí i n-éadach an amhais nó óigthighearna,
a ceathair i n-éadach bhrughaidh, a cúig i n-éadach flaithe
tuaithe, a sé i n-éadach ollamhan is i n-éadaighibh ríogh is
bainríoghan. Agus is é áit i n-a bhfuair Tighearnmhas féin
bás ar Maigh Sléacht agus trí ceathramhna d'fhearaibh Éireann
mar aon ris oidhche Shamhna agus iad ag adhradh do
Chrom Chruaidh ríghiodhal Éireann. Óir is é an Tighearnmhas-
so do thionnscain iodhaladhradh do dhéanamh ar dtús do Chrom
Chruaidh (amhail do rinne Zoroastres san nGréig) timcheall
chéad bliadhan iar dteacht i nÉirinn dóibh; agus is ó na
sléachtaibh do-nídís fir Éireann don iodhal ráidhtear Magh
Sléacht ris an machaire gcéadna soin atá san mBréithfne.
Adeirid drong ré seanchus go raibhe Éire seacht mbliadhna
gan rígh uirre d'éis bháis Thighearnmhais i mórdháil Mhaighe
Sléacht, agus gurab é Eochaidh Faobharghlas mac Conmhaoil
do ghabh ríoghacht Éireann da éis. Gidheadh ní fíor dhóibh é;
óir adeir an Réim Ríoghruidhe gurab é Eochaidh Éadghothach
do shliocht Luighdheach mic Íotha do ghabh í.


L. 124


Do ghabh Eochaidh Éadghothach mac Dáire mic Conghail mic
Éadhamain mic Máil mic Luighdheach mic Íotha mic Breoghain
mic Brátha ríoghacht Eireann cheithre bliadhna, gur thuit lé
Cearmna mac Eibric.



Do ghabh Cearmna is Sobhairce dá mhac Eibric mic Éibhir
mic Ír mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann dá fhichid
bliadhan, agus fá hiad céidríogha Éireann do Ulltaibh iad;
agus do roinneadar ríoghacht Éireann eatorra; agus is í
teora do bhí san roinn sin, ó Innbhear Colpa ag Droichead
Átha go Luimneach Mumhan, agus an leath budh thuaidh ag
Sobhairce; agus do rinne dún ar a leith féin .i. Dún Sobhairce.
Do ghabh Cearmna an leath budh dheas, agus do rinne dún
láimh ré fairrge theas .i. Dún Cearmna agus is ris ráidhtear
Dún Mic Pádraig i gcrích Chúirseach aniú. Do thuit Sobhairce
lé hEochaidh Meann mac ríogh Fomhóire. Do thuit Cearmna
lé hEochaidh Faobharghlas mac Conmhaoil i gCath Dúin
Cearmna.



Do ghabh Eochaidh Faobharghlas mac Conmhaoil mic Éibhir
Fhinn mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann fiche bliadhan;
agus is uime do gairthí Eochaidh Faobharghlas de, óir fá glas
géarfhaobhrach a dhá shleigh. Agus is é do chuir na catha-so
romhainn ar shíol Éireamhóin, mar atá Cath Luachra Deaghaidh
i nDeasmhumhain; Cath Fosaidh Dá Ghort; Cath Cumair na
dTrí nUisce; Cath Tuama Dreagain i mBréithfne; is Cath
Droma Liatháin. Do réidhigheadh seacht maighe a coill i
nÉirinn leis, mar atá Magh Smeathrach i nUibh Fáilghe; Magh
Laighne agus Magh Luirg i gConnachtaibh; Magh Leamhna,
Magh nIonair, Magh Fubhna is Magh Dá Ghabhal i nOirghiallaibh.
Agus do thuit an tEochaidh-se lé Fiachaidh Labhruinne
mac Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearmhais i gCath
Carman.



Do ghabh Fiachaidh Labhruinne mac Smiorghuill mic Éanbhotha
mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh


L. 126


mic Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna fichead, nó
do réir dhruinge oile seacht mbliadhna déag ar fhichid; agus is
uime ghairthear Fiachaidh Labhruinne dhe, mar is 'n-a aimsir do
ling Innbhear Labhruinne fá thír i nÉirinn; agus is 'n-a ré
do lingeadar na trí haibhne-se síos, mar atá Innbhear
Fleisce Innbhear Mainge agus Innbhear Labhruinne ó raidhtear
Fiachaidh Labhruinne ris. Is ré n-a linn fós do bhrúcht
Loch Éirne fá thír, agus Magh Geanainn ainm an mhachaire tar
a dtáinig sí.



Is é mac an Fhiachach-so .i. Aonghus Ollbhuadhach do bhris
iomad cath ar na Cruithneachaibh is ar na seanBreathnaibh
do bhí i nAlbain, agus do chuir Alba fá smacht iomlán na
nGaedheal ar dtús, tar ceann ó aimsir Éireamhóin mic
Míleadh go raibhe cíoscháin ag Gaedhealaibh orra. Tuairim
dá chéad go leith bliadhan d'éis mhac Míleadh do theacht i
nÉirinn do cuireadh Alba fá smacht is fá chíos lé hAonghus
Ollbhuadhach mac Fiachach Labhruinne; agus is é an Fiachaidh
Labhruinne-se tug cheithre catha ar shíol Éibhir, mar atá Cath
Fairrge, Cath Gallaigh, Cath Sléibhe Feimhion, is Cath Sléibhe
Bealgadáin mar ar thuit sé féin lé hEochaidh Mumhó mac Mo
Feibhis.



Do ghabh Eochaidh Mumhó mac Mo Feibhis mic Eochach Faobharghlais
mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh Easpáinne
ríoghacht Éireann bliadhain is fiche, gur thuit lé hAonghus
Olmucaidh i gCath Cliach.


L. 128


XXVI.



Do ghabh Aonghus Olmucaidh mac Fiachach Labhruinne mic
Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic
Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht
mbliadhna déag, agus do réir dhruinge oile bliadhain is fiche.
Is uime ghairthear Aonghus Olmucaidh dhe ón fhocal-so oll .i.
mór agus muca, do bhrígh gurab aige do bhádar na muca fá
mó i nÉirinn 'n-a ré; agus is leis do cuireadh na catha-so
síos, mar atá Cath Cléire, Cath Sléibhe Cailge mar ar thuit
Baiscionn, agus Cath Maighe Éinsciath i gConnachtaibh, agus
Cath Glaise Fraocháin mar ar thuit Fraochán Fáidh, agus
caogad cath ar Chruithneachaibh is ar Fhearaibh Bolg agus ar
lucht Orcades. Tomhaidhm trí loch 'n-a ré: Loch Éinbheithe i
nOirghiallaibh, Loch Sailgheadáin agus Loch nGasáin i Maigh
Luirg. Is 'n-a aimsir do réidhigheadh na maighe-se síos a
coill, mar atá Magh Glinne Dearcon i gCinéal Chonaill;
Magh nÉinsciath i Laighnibh; Magh Cúile Caol i mBoghaine;
Aolmhagh i gCallruidhe; Magh Mucruimhe i gConnachtaibh;
Magh Luachra Deaghaidh is Magh Archaill i gCiarraidhe
Luachra. Agus i gCath Sléibhe Cua do marbhadh Aonghus
Olmucaidh féin lé hÉanna mac Neachtain do Mhuimhneachaibh;
agus adeirid cuid oile aca gurab é Éanna Airgthioch do
mharbh é i gCath Carman; agur is í an chéadfaidh dhéidheanach is
fírinnighe do réir na duaine darab tosach, Aonghus Olmucaidh
atbath. Agus fós tig an Réim Ríoghruidhe leis an gcéadfaidh
gcéadna.



Do ghabh Éanna Airgthioch mac Eochach Mumhó mic Mo
Feibhis mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn
mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann seacht mbliadhna
fichead; agus is é do rinne scéith airgid i nAirgeadros ar
dtús i nÉirinn agus do bhronn d'fhearaibh Éireann iad; agus


L. 130


do thuit sé i gcath Raighne lé Roitheachtaigh mac Maoin mic
Aonghusa Olmucaidh.



Do ghabh Roitheachtaigh mac Maoin mic Aonghusa Olmucaidh
mic Fiachach Labhruinne mic Smiorghuill mic Éanbhotha mic
Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic
Éireamhóin rioghacht Éireann cuig bliadhna ficead; agus do
thuit an Roitheachtaigh-se lé Séadna mac Airt mic Airtre i
Ráith Cruachan.



Do ghabh Séadna mac Airt mic Airtre mic Eibric mic
Éibhir mic Ír ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur marbhadh lé
n-a mhac féin é ar dteacht "dubhloingis" go Cruachain.



Do ghabh Fiachaidh Fíonscothach mac Séadna mic Airt mic
Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh Easpáinne
ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Agus is uime do gairthí
Fiachaidh Fíonscothach de .i. scotha fíona do bhíodh ré n-a linn i
nÉirinn go bhfáiscthí i gcornaibh iad; agus do marbhadh an
Fiachaidh-se lé Muineamhón mac Cais Chlothaigh.



Do ghabh Muineamhón mac Cais Chlothaigh mic Fir Arda
mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais mic Nuadhat mic
Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn ríoghacht
Éireann cúig bliadhna; agus is é an Muineamhón-so do
orduigh muinceadha nó slabhradha óir fá bhráighdibh na n-uasal
ar dtús i nÉirinn; agus do éag sé do thámh i Maigh Aidhne.



Do ghabh Ailldeargóid mac Muineamhóin mic Cais Chlothaigh
mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais mic
Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil
mic Éibhir Fhinn mic Míleadh ríoghacht Éireann seacht mbliadhna;
agus is ré n-a linn do cuireadh fáinneadha óir ar ghlacaibh na
n-uasal ar dtús i nÉirinn agus do marbhadh lé hOllamh
Fódla é i gCath Teamhrach.



Do ghabh Ollamh Fódla mac Fiachach Fíonscothaigh mic


L. 132


Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír
mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann deich mbliadhna
fichead agus a éag 'n-a mhúr. Is uime ghairthear Ollamh
Fódla dé, do bhrígh go raibhe 'n-a ollamh i n-eagna agus i
n-eolus ré reachtaibh is ré dlighthibh d'ordughadh i nÉirinn
'n-a ré, agus is leis do rinneadh Feis Teamhrach ar dtús i
nÉirinn, amhail adeir an file:




Ollamh Fódla feochair gal
Do rinne múr na n-ollmhan;
An céidrí rán, réim go rath,
Lé n-a ndearnadh Feis Teamhrach.




Ionann iomorro Feis Teamhrach is ríoghdhail choitcheann,
amhail pharlaimeint, mar a dtigeadh coimhthionól uasal is ollamhan
Éireann go Teamhair gacha treas bliadhain um Shamhain,
mar a gcleachtaoi leo reachta is dlighthe d'ordughadh is
d'athnuadhadh, is fromhadh do dhéanamh ar annálaibh is ar sheanchus
Éireann. Is ann fós do horduighthí ionadh suidhe da gach aon
d'uaislibh na hÉireann do réir a chéime is a gharma féin, agus
fós is ann do horduighthí ionadh suidhe da gach ceann feadhna da
mbíodh ós cionn na laochraidhe do bhíodh ar buannacht ag ríoghaibh
is ag tighearnaibh Éireann. Do bhíodh fós do nós i bhFeis
Teamhrach cibé do-dhéanadh éigean nó goid, do bhuaileadh neach
nó d'imreadh arm air, bas do thabhairt dó, agus gan neart
ag an rígh féin ná ag aon oile maithmheachas do thabhairt dó
san ghníomh soin. Do cleachtaoi leo fós bheith ar feadh sé lá
ag comhól sul do shuidheadh an ríoghdháil, mar atá trí lá roimh
Shamhain is trí lá da héis, ag snadhmadh síothchána is ag ceangal
cáirdeasa ré chéile. Gonadh ag faisnéis na nós do bhíodh i
bhFeis Teamhrach, atá Eochaidh Eolach san laoidh seanchusa-so
síos:




Feis Teamhrach gach treas bliadhna
Do chomhall reachta is riaghla,
Do-níthí an tan soin go teann
Ag ríoghaibh ána Éireann.


L. 134


Do rinne Cathaoir cleamhnach
Feis ró-chaomh na rígh-Theamhrach;
Tángadar leis, feirrde dhe,
Fir Éireann go haon bhaile.



Trí lá ré Samhain do ghrés,
Trí lá 'n-a diaidh fá deighbhés;
Don tsluagh ro ba díomhór doigh
Ag síoról ris an seachtmhoin.



Gan ghoid is gan ghoin duine
Aca an oiread soin uile;
Gan imirt airm gan áladh
Gan acradha d'iomrádhadh.



Cibé do-níod ní dhíobh sin
Fá bíodhbha troch go dtromnimh:
Ní gabhtha ór arann uaidh
Acht a anam ré haonuair.




Do ghabh Fionnachta mac Ollamhan Fódla mic Fiachach Fionscothaigh
mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic
Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann fiche bliadhan; agus
is uime ghairthear Fionnachta dhe .i. Fínshneachta, do bhrígh gur
fearadh fíon sneachta 'n-a fhlaitheas; agus fuair sé bhás i
Maigh Inis.



Do ghabh Slánoll mac Ollamhan Fódla mic Fiachach Fionscothaigh
mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic
Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann cúig bliadhna
déag. Agus is uime ghairthear Slánoll de, ionann oll is
mór .i. sláinte mhór do bhí ag gach aon feadh a fhlaitheasa,
óir ní raibhe támh ná galar ar aonduine d'fhearaibh Éireann
'n-a fhlaitheas. Agus i dTigh Miodhchuarda i dTeamhraigh
fuair sé bás; agus adeirid drong oile nach feas ca galar rug é.



Do ghabh Geidhe Ollghothach mac Ollamhan Fódla mic Fiachach
Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic
Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann seacht mbliadhna
déag; agus is uime ghairthear Ollghothach dhe .i. fá mór guth


L. 136


gach aonduine i nÉirinn 'n-a fhlaitheas. Agus is lé Fiachaidh
mac Fionnachta do marbhadh é.



Do ghabh Fiachaidh mac Fionnachta mic Ollamhan Fódla mic
Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic
Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann deich
mbliadhna fichead; gur thuit lé Bearnghal mac Geidhe Ollghothaigh.



Do ghabh Bearnghal mac Geidhe Ollghothaigh mic Ollamhan
Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic
Airtre mic Eibric mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann dhá
bhliadhain déag, gur thuit lé hOilill mic Slánuill.



Do ghabh Oilill mac Slánuill mic Ollamhan Fódla mic
Fiachach Fionscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic
Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann sé
bliadhna déag gur thuit lé Siorna mac Déin.



Do ghabh Siorna Saoghlach mac Déin mic Roitheachtaigh mic
Maoin mic Aonghusa Olmucaidh mic Fiachach Labhruinne mic
Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic
Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann
bliadhain ar fhichid; agus is uime ghairthear Siorna Saoghlach
dhe, ar fhad na ré fuair tar a lucht comhaimsire; gur thuit lé
Roitheachtaigh mac Roáin i nAillinn, amhail adeir an duain
darab tosach, "Éire ard inis na ríogh":




Ro chaith Siorna go srianaibh
Ré trí sheacht do shaoirbhliadhnaibh:
Oidhidh Shiorna go sleachtaibh
I nAillinn lé Roitheachtaigh.




Do ghabh Roitheachtaigh mac Roáin mic Failbhe mic Cais
Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid mic Muineamhóin mic Cais
Clothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais


L. 138


mic Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Fhaobharghlais mic Conmhaoil
mic Éibhir Fhinn mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann
seacht mbliadhna, gur loisc teine ghealáin é i nDún Sobhairce.



Do ghabh Éilim mac Roitheachtaigh mic Roáin mic Failbhe
mic Cais Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid mic Muineamhóin
mic Cais Chlothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaidh mic Rossa
mic Glais mic Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Faobharghlais
mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh ríoghacht Éireann
aoinbhliadhain amháin, gur thuit lé Giallchadh mac Oiliolla
Ólchaoin.



Do ghabh Giallchaidh mac Oiliolla Ólchaoin mic Siorna
Shaoghlaigh mic Déin mic Roitheachtaigh mic Maoin mic Aonghusa
Olmucaidh mic Fiachach Labhruinne mic Smiorghuill mic Éanbhotha
mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh
mic Éireamhóin ríoghacht Éireann naoi mbliadhna, gur thuit i
Maigh Muaidhe lé hArt Imleach.



Do ghabh Art Imleach mac Éilim mic Roitheachtaigh mic
Roáin mic Failbhe mic Cais Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid
mic Muineamhóin mic Cais Chlothaigh mic Fir Arda mic
Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais mic Nuadhat Deaghláimh mic
Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic
Míleadh ríoghacht Éireann dá bhliadhain is fiche, gur thuit lé
Nuadha Fionn Fáil.



Do ghabh Nuadha Fionn Fáil mac Giallchadha mic Oiliolla
Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht
Éireann fiche bliadhan, nó do réir druinge oile trí fichid
bliadhan, gur thuit lé Breisrígh mac Airt Imligh.



Do ghabh Breisrígh mac Airt Imligh mic Éilim mic Roitheachtaigh
mic Roáin mic Failbhe mic Cais Chéadchaingnigh mic
Ailldeargóid mic Muineamhóin do shíol Éibhir ríoghacht Éireann


L. 140


naoi mbliadhna; agus do bhris iomad cath ar Fhomhórchaibh fris
an ré sin; agus do thuit féin fá dheireadh lé hEochaidh Apthach i
gCarn Connluain.



Do ghabh Eochaidh Apthach mac Finn mic Oiliolla mic Floinn
Ruaidh mic Rothláin mic Mairtine mic Sithchinn mic Riaghláin
mic Eoinbhric mic Luighdheach mic Íotha mic Breoghain ríoghacht
Éireann aoinbhliadhain amháin; agus is uime ghairthear Eochaidh
Apthach dhe, ar a liacht do-gheibheadh bás i nÉirinn ré n-a
linn. Do lingeadh iomorro támh nó galar gacha míosa ar fhearaibh
Éireann lé marbhthaoi iomad díobh, gonadh uime sin do lean
Eochaidh Apthach dhe; ionann cheana apthach is marbhthach; gur
thuit féin lé Fionn mac Brátha.



Do ghabh Fionn mac Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic
Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic
Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh
ríoghacht Éireann fiche bliadhan, nó do réir dhruinge oile,
tríochad bliadhan, gur thuit lé Séadna Ionnarraidh.



Do ghabh Séadna Ionnarraidh mac Breisrígh mic Airt
Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann fiche bliadhan: agus is
uime ghairthear Séadna Ionnarraidh dhe .i. Séadna an Tuarastail,
do bhrígh gurab é céidrí do dháil tuarastal d'amhusaibh
ar dtús i nÉirinn é: ionann iomorro Ionnarraidh is tuarastal.
Agus do riadhadh a bhaill ó chéile lé Simeon Breac,
go bhfuair bás amhlaidh sin.



Do ghabh Simeon Breac mac Aodháin Ghlais mic Nuadhat
Fionn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna
Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna
gur thuit lé Duach Fionn i ndíoghail a athar agus a riadhadh
do rinne.



Do ghabh Duach Fionn mac Séadna Ionnarraidh mic
Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann
cúig bliadhna; gur thuit lé Muireadhach Bolgrach.



Do ghabh Muireadhach Bolgrach mac Simeoin Brich mic


L. 142


Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic
Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin
ríoghacht Éireann cheithre bliadhna; gur thuit lé hÉanna Dearg
mac Duach Fhinn.



Do ghabh Éanna Dearg mac Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh
mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht
Éireann dhá bhliadhain déag. Is uime do gairthí Éanna
Dearg dhe .i. dearg a oineach .i. a ghnúis. Is ré n-a linn
do buaileadh airgead i nAirgeadros ar dtús i nÉirinn.
Agus fuair sé bás do thámh ar Shliabh Mis go sochruide mhóir
mar aon ris.



XXVII.



Do ghabh Lughaidh Iardhonn mac Éanna Deirg mic Duach
Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh
do shíol Éibhir ríoghacht Éireann naoi mbliadhna. Is uime
ghairthear Lughaidh Iardhonn dhe, ionann iardhonn is dubhdhonn;
gonadh tré fholt dubhdhonn do bheith air, ráinig Lughaidh Iardhonn
d'fhorainm air; gur marbhadh lé Síorlámh i Ráith Clochair é.



Do ghabh Síorlámh mac Finn mic Brátha mic Labhradha
mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shíol Ír mic Míleadh
ríoghacht Éireann sé bliadhna déag. Is uime ghairthear Síorlámh
dhe, ionann síor is fada .i. lámha fada do bhí aige, óir
do shoichdís a dhá láimh an talamh agus é 'n-a sheasamh;
agus is lé hEochaidh Uaircheas do marbhadh é.



Do ghabh Eochaidh Uaircheas mac Luighdheach Iardhuinn mic
Éanna Deirg mic Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic
Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann dhá
bhliadhain déag. Is uime ghairthear Eochaidh Uaircheas dhe
.i. ceasa fuara do bhíodh aige mar loingeas; ionann iomorro
ceasa is naomhóga nó coctaoi; agus do bhrígh go raibhe seisean
dhá bhliadhain ar muir is é ar deoraidheacht a hÉirinn,


L. 144


is amhlaidh do-níodh fuireann da mhuinntir do chur sna
ceasaibh sin do chreachadh imill gacha críche tar a ngabhadh
agus na héadála do thabhairt leis sna ceasaibh sin gus an
luingeas; gonadh ó na ceasaibh sin do lean Eochaidh Uaircheas
dhe; gur thuit lé hEochaidh Feadhmhuine is lé Conuing
Beigeaglach.



Do ghabh Eochaidh Fiadhmhuine agus Conuing Beigeaglach
dá mhac Duach Teamhrach mic Muireadhaigh Bholgraigh mic
Simeoin Bhric mic Aodhain Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil
mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann; cúig bliadhna i
gcomhfhlaitheas dóibh. Is uime ghairthear Eochaidh Fiadhmhuine
dhe do bhrígh go ngnáthuigheadh bheith ag seilg is ag fiadhach i
muinidhibh nó i gcoilltibh; agus do thuit an tEochaidh-se lé
Lughaidh Láimhdhearg mac Eochach Uaircheas.



Do ghabh Lughaidh Láimhdhearg mac Eochach Uaircheas mic
Luighdheach Iardhuinn mic Éanna Deirg mic Duach Fhinn mic
Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir
ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Is uime ghairthear Lughaidh
Láimhdhearg dhe do bhrígh go raibhe tí nó ball dearg ar a
láimh; gur thuit lé Conuing Beigeaglach.



Do ghabh Conuing Beigeaglach mac Duach Teamhrach mic
Muireadhaigh Bolgraigh mic Simeoin Bric mic Aodháin Ghlais
mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin
mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann
deic mbliadhna. Is uime ghairthear Conuing Beigeaglach dhe
do bhrígh nár ghabh taom eagla riamh é i gcath ná i gcomhrac,
agus fós fá tréinfhear i n-iorghail é; gonadh uime sin do
rinne an file an rann-so:




Conuing na gcoinghleac gcleathghlan,
Nachar uaimhnigh ré neach riamh;
A deich ro chaith for gach leath
Nó gur mharbh Art mac Luighdheach.




Do ghabh Art mac Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas
mic Luighdheach Iardhuinn mic Éanna Deirg mic Duach


L. 146


Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh
do shíol Éibhir ríoghacht Éireann sé bliadhna; gur thuit lé
Duach Laghrach mic Fiachach Tolgraigh agus lé Fiachaidh féin.



Do ghabh Fiachaidh Tolgrach mac Muireadhaigh Bolgraigh
mic Simeon Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil
mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; gur
thuit lé hOilill Fionn.



Do ghabh Oilill Fionn mac Airt mic Luighdheach Láimhdheirg
mic Eochach Uaircheas mic Luighdheach Iardhuinn mic Éanna
Deirg mic Duach Fhinn mic Séadna Ionnairraidh mic Breisrígh
mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann naoi mbliadhna,
gur thuit lé hAirgeadmhár is lé Fiachaidh is lé Duach mac
Fiachach.



Do ghabh Eochaidh mac Oiliolla Finn mic Airt mic Luighdheach
Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas do shíol Éibhir ríoghact
Éireann seacht mbliadhna; agus níor léig an righe d'Airgeadmhár,
acht do rinne síoth ré Duach Laghrach, gur marbhadh lé
Duach é ar aonach.



Do ghabh Airgeadmhár mac Síorláimh mic Finn mic Brátha
mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht
Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann trí bliadhna fichead, nó do
réir dhruinge oile ocht mbliadhna déag ar fhichid gur thuit lé
Duach Laghrach is lé Lughaidh Laighdhe.



Do ghabh Duach Laghrach mac Fiachach Tolgraigh mic Muireadhaigh
Bholgraigh mic Simeoin Bhric mic Aodháin Ghlais mic
Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha do shíol Éireamhóin ríoghacht
Éireann deich mbliadhna. Is uime ghairthear Duach Laghrach
dhe, ionann iomorro ladhgra is luathagra, óir ní thabhradh
cairde do neach iar ndéanamh éagcóra gan é do agra ann
do láthair; gonadh de sin ráinig an forainm Duach Laghrach
air.


L. 148


Do ghabh Lughaidh Laighdhe mac Eochach mic Oiliolla Finn
mic Airt mic Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uuircheas do
shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna gur thuit lé
hAodh Ruadh mac Badhairn. Adeir an Chóir Anmann gurab
do na cúig Luigheachaibh fá clann do Dháire Dhoimhtheach an
Lughaidh Laighdhe sin. Is eadh iomorro nochtas an leabhar céadna gur
fháisnéis draoi d'áirithe tré fháistine do Dhaire Dhoimhtheach
go mbeith mac aige da ngairfidhe Lughaidh do-ghéabhadh flaitheas
Éireann; agus rugadh da éis sin cúigear mac diaidh
i ndiaidh dó, agus tug Lughaidh d'ainm ar gach aon díobh. Ar
bhfás don chloinn téid Dáire d'fhios an draoi chéadna is
fiafruighis de cia an Lughaidh don chúigear do-ghéabhadh flaitheas
Éireann. "Triall amárach go Tailltin" ar an draoi
"mar aon réd chúigear mac agus tiocfaidh amárach laogh
álainn alla fán aonach agus lingfid cách is do chlann ar
a lorg; agus cibé dod chloinn-se chinnfeas air is muirbhfios
é budh rí Éireann é." Ráinig an laogh ar n-a mhárach fán
aonach is téid fir Éireann is clann Dáire 'n-a dhiaidh go
rángadar Binn Éadair. Cuirthear ceo draoidheachta idir
mhacaibh Dáire agus fir Éireann. Triallaid mic Dáire
i ndiaidh an laoigh as sin go Dál Maschorb Laighean, agus
táirthidhis Lughaidh Laighdhe an laogh agus marbhais é; gonadh
ón laogh soin ghairthear Lughaidh Laighdhe .i. Lughaidh Laoghdha
dhe.



Is ar an Lughaidh-se atá an finnscéal filidheachta mar
a n-aithristear go dtarla agus é ag seilg i ndíthreibh é ré
cailligh urghránna ar a raibhe cealltair dhraoidheachta, agus
go ndeachaidh 'n-a leabaidh gur bhean a cealltair dhraoidheachta
dhi, gur taidhbhrigheadh dhó a beith 'n-a hógmhnaoi álainn
da éis; agus go fáthach is í Éire an chailleach-so lér luigh
Laighdhe, mar go bhfuair duadh is doghruing fá a ceann ar
dtús agus áineas is soirbheas da éis sin.



Tar ceann go n-abair an Chóir Anmann gur mhac do


L. 150


Dháire Dhoimhtheach Lughaidh Laighdhe, ní mheasaim gurab é an
Lughaidh Laighdhe-se luaidheas an Chóir Anmann fá rí ar
Éirinn an Lughaidh úd, tar ceann gur tairrngireadh leis na
draoithibh gomadh rí Éireann Lughaidh Laighdhe mac Dáire
Dhoimhthigh.



Do ghabh Aodh Ruadh mac Badhairn mic Airgeadmháir mic
Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre
mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann
bliadhain is fiche; gur báthadh ag Eas Ruaidh é.



Do ghabh Díothorba mac Déamáin mic Airgeadmháir mic
Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre
mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann
bliadhain is fiche; gur thuit leis na Cuanaibh san Chorann
.i. Cuan Mara Cuan Muighe is Cuan Sléibhe.



Do ghabh Ciombaoth mac Fionntain mic Airgeadmháir mic
Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic
Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann
fiche bliadhan, nó do réir dhruinge oile ocht mbliadhna fichead,
gur thuit do thámh i nEamhain Mhacha.


L. 152


XXVIII.



Do ghabh Macha Mhongruadh inghean Aodha Ruaidh mic Badhairn
mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha
mic Labardha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla ríoghacht
Éireann seacht mbliadhna, gur mharbh Reachtaidh Ríghdhearg í.
Agus is ré n-a linn do tógbhadh Eamhain Mhacha. Ag so
iomorro an fáth fá ráidhtear Eamhain Mhacha ria .i. trí rígh
do bhí i bhflaitheas Éireann a hUlltaibh, mar atá Aodh Ruadh
mac Badhairn ó ráidhtear Eas Ruaidh, agus Díothorba mac
Déamáin a hUisneach Midhe agus Ciombaoth mac Fionntain
a Fionnabhair. Agus is ag an gCiombaoth soin do hoileadh
Ughaine Mór mac Eachach Bhuadhaigh. Agus seacht mbliadhna
da gach rígh díobh fá seach ar timcheall, go dtángadar fá
thrí i bhflaitheas Éireann; agus is é Aodh Ruadh fuair bás
ar dtús díobh; agus níor fhágaibh do shliocht da éis acht
aoininghean amháin, Macha a hainm. Iarrais Macha seal don
ríoghacht iar n-éag a hathar; agus adubhairt Díothorba
is a chlann nach fuighbheadh bean ríoghacht uatha féin; agus do
fearadh cath eatorra féin is Macha, go rug Macha buaidh
an chatha soin orra; agus do ghabh flaitheas Éireann seacht
mbliadhna; agus fuair Díothorba bás agus do fhágaibh cúigear
mac da éis, mar atá Baoth Bédach Bras Uallach is
Borbchas. Do iarradar flaitheas Éireann dóibh féin amhail
do bhí ag a sinsear rompa. Adubhairt Macha nach tiubhradh
dóibh acht cath tar ceann na ríoghachta. Do fearadh cath
eatorra agus rug Macha buaidh orra. Téid clann Díothorba
da ndídean féin i gcoilltibh dorcha diamhaire; agus tug
Macha Ciombaoth mac Fionntain mar chéile agus mar cheann
feadhna ar a laochraidh, agus do chuaidh féin ar lorg chloinne
Díothorba i riocht claimhsighe, iar gcuimilt taois seagail
da deilbh, agus fuair iad-san i gcoill diamhair i mBuirinn,


L. 154


ag bruith thuirc allta. Fiafruighid clann Díothorba scéala
dhi is tugadar mír don bhiadh dhi. Nochtais sise gach scéala
da raibhe aice dhóibh.



Is ann sin adubhairt fear díobh gurab álainn an rosc
do bhí ag an gclaimhsigh agus go raibhe mian ar féin luighe
ria. Leis sin triallais féin is Macha i ndiamhair na coille,
agus ceanglais Macha an fear soin, agus fágbhais ann sin
é, agus tillis go cách arís. Agus fiafruighid di "C'áit ar
fhágbhais an fear do chuaidh leat?" ar siad. "Ní fheadar,"
ar sí, "acht saoilim gurab nár lais teacht da bhar láthair-se
i ndiaidh aontuighthe ré claimh." "Ní nár," ar iad-san, "óir
do-dhéanaimne an ní céadna." Téid iomorro ris gach n-aon
aca fá seach san gcoill; is do cheangail uile iad, ionnus go
rug i n-aoncheangal do láthair fhear Uladh go hEamhain iad,
agus fiafruighis do mhaithibh Uladh créad an díol do-dhéanadh
dhíobh. Adubhradar uile d'aoinmhéin bás do thabhairt dóibh.
"Ní hamhlaidh is cóir," ar Macha, "óir do budh claonadh
reachta sin; acht daorthar iad agus tugthar orra ráith do
thógbháil damh-sa bhus príomhchathair don chúigeadh go bráth."
Leis sin beanais Macha an dealg óir do bhíodh san mbrat
do bhíodh fá n-a brághaid amach, agus do thomhais leis fóir na
rátha fá héigean do chloinn Díothorba do thógbháil. Eamhain
iomorro ghairmthear don ráith. Eó, cheana, ainm do dhealg,
agus muin, bráighe; gonadh de sin ráidhtear Eamhain .i. eo
mhuin, ris an ráith. Nó is uime ghairthear Eamhain di ó
Eamhain Mhacha .i. bean Chruinn mic Adhnamain; agus fá
héigean don mhnaoi sin da haimhdheoin dul do chómhruith ré
heachaibh Chonchubhair ríogh Uladh, gur sháruigh iad agus í
torrach; agus i gceann na scríbe rug sí mac is inghean; agus tug
a mallacht d'fhearaibh Uladh, gonadh de sin táinig an ceas
naoidhean orra; agus do bhí an ceas soin orra ré ré naoi
ríogh .i. ó Chonchubhar go flaitheas Máil mic Rochruidhe.


L. 156


Eamhain, amhlaidh sin, .i. amhaon; amh, ag a dhiúltadh nach
aon rug Macha mu'n am soin, acht dias; gonadh de ráidhtear
Eamhain Macha iars an gcéadfaidh-se. Do marbhadh Macha
Mhongruadh iar sin lé Reachtaidh Ríghdhearg.



Do ghabh Reachtaidh Ríghdhearg mac Luighdheach Laighdhe mic
Eochach mic Oiliolla Finn mic Airt mic Luighdheach Láimhdhearg
mic Eochach Uaircheas do shíol Éibhir ríoghacht Éireann fiche
bliadhan. Is uime ghoirthear Reachtaidh Ríghdhearg de .i. rígh
dhearg do bhí aige .i. bun righe deirg; agus is lé hUghaine Mór
do marbhadh i ndíoghail a bhuimighe é.



Do ghabh Ughaine Mór mac Eachach Buadhaigh mic Duach
Laghruigh mic Fiachach Tolgraigh mic Muireadhaigh Bholgraigh
mic Simeoin Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil
mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead,
nó do réir dhruinge oile, dá fhichid bliadhan. Is uime ghairthear
Ughaine Mór dhe, do bhrígh gur mhór a fhlaitheas, óir do
bhí cur ar oiléanaibh iarthair Eorpa aige; agus do bhádar
cúigear ar fhichid do chloinn ag an Ughaine sin, mar atá dias
is fiche do chloinn mhac is triar inghean. Ar bhfás don chloinn
sin do ghabh gach aon díobh fá leith buidhean 'n-a dhiaidh féin.
Agus an tan do beirthí saorchuairt Éireann leo, mar a mbíodh
mac dhíobh anocht, do bhíodh an mac oile amárach ann. Mar sin
dóibh diaidh i ndiaidh ionnus gach taobh 'n-a dtugdaois aghaidh go
gcaithtí leo a mbíodh do bhiadh is do lón ann. Agus mar
thugadar fir Éireann sin da n-aire do chuadar do cheisneamh
an dochair sin ris an rígh Ughaine. Agus is é ní ar ar
chinneadar leath ar leath Éire do roinn i gcúig rannaibh
fichead, agus a mhír féin do thabhairt da gach aon don chloinn
sin di, agus gan ar breith do neach díobh caitheamh ar chuid
a chéile; gonadh uime sin do rinne file éigin an rann-so:




Ughaine uallach amhra,
Diar bha brugh buadhac Banbha;
Rannsad a chlanna go ceart
Éire i gcóig ranna fichead.


L. 158



Agus is do réir na ronna soin do tógthaoi cíoschána is
dualgais da gach rígh da raibhe ar Éirinn feadh trí céad
bliadhan, mar atá ó aimsir Ughaine go haimsir na gcúigeadhach
do mhair ré linn Eochach Feidhligh do bheith 'n-a rígh
Éireann, amhail adeir an file san rann-so:




Trí céad bliadhan, buan an oil,
Go dtángadar cóigeadhaigh;
Cóigear gan chreideamh i gcrí
Ronnsad Éirinn Ughaini.




Is é Eochaidh Feidhlioch do roinn cúigeadha Éireann idir an
druing-se síos. Tug Cúigeadh Uladh do Fhearghus mac Léide.
Tug Cúigeadh Laighean do Rossa mac Fearghusa Fairrge.
Tug dá Chúigeadh Mumhan do Tighearnach Téidbheannach mac
Luchta is do Dheaghaidh mac Sin. Tug mar an gcéadna Cúigeadh
Connacht do thriúr, mar atá d'Fhidhic mac Féig d'Eochaidh
Allad is do Thinne mac Connrach, do réir mar chuirfeam
síos da éis so an tan laibheoram ar fhlaitheas Eochach Feidhligh
féin. Agus ní lughaide do bhí an roinn sin chloinne Ughaine ar
Éirinn go ndeachadar clann Ughaine gan shliocht acht dias,
mar atá Cobhthach Caol mBreagh is Laoghaire Lorc ó dtáinig
a maireann do shíol Éireamhóin. Agus is lé Badhbhchaidh mac
Eachach Bhuadhaigh a dhearbhráthair féin do marbhadh Ughaine
Mór i dTealaigh an Choscair; agus ní raibhe féin i righe
nÉireann acht lá go leith an tan do marbhadh lé Laoghaire
Lorc é i ndíoghail a athar.


L. 160


XXIX



Do ghabh Laoghaire Lorc mac Ughaine Mhóir mic Eachach
Buadhaigh mic Duach Laghraigh mic Fiachach Tolgraigh mic
Muireadhaigh Bholgruigh mic Simeoin Bhric mic Aodhain Ghlais
mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin
mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá
bhliadhain. Ceasair Chruthach inghean ríogh Frangc bean Ughaine
Mhóir máthair Laoghaire Luirc is Chobhthaigh Chaoil mBreagh.
Agus is uime ghairthear Laoghaire Lorc de, ionann lorc is
fionghal agus do rinne Laoghaire feall ar Bhadhbhchaidh mac
Eachach Bhuadhaigh gur de sin do lean an forainn dhe .i. Laoghaire
Lorc. Is lé Cobhthach Caol mBreagh a dhearbhráthair féin
do marbhadh Laoghaire Lorc i nDionn Ríogh ar bruach na
Bearbha.



Is amhlaidh iomorro do bhí Cobhthach Caol mBreagh agus é ag
seargadh tré fhormad ré Laoghaire Lorc fa ríoghacht Éireann
do bheith aige; agus mar do chualaidh Laoghaire eisean do bheith
éagcruaidh táinig buidhean armtha da ionnsuighe. An tan
do chonnairc Cobhthach é, is eadh adubhairt gur thruagh da
bhráthair an neimhiocht gnátach do bhíodh aige as féin do shíor is
nach tigeadh da láthair gan sluaghbhuidhin. "Ní miste," ar
Laoghaire, "tiocfaidh mise go síodhach do láthair an céidfheacht
arís gan bhuidhin armtha im fhochair." Leis sin ceileabhrais
Laoghaire do Chobhthach. Dála Chobhthaigh, do rinne comhairle
ré draoi do bhí 'n-a fhochair cionnus do-ghéabhadh a bhráthair ré
a mharbhadh. "Is eadh is indéanta," ar an draoi, "bás bréige
do léigean chugat agus dul i n-eiliotrom amhail mharbh agus
scéala do chur go Laoghaire air sin, agus tiocfaidh ar bheagán
buidhne dot fhios agus ar dteacht do láthair dhó luighfidh ar


L. 162


do chorp dot chaoineadh agus tabhair scian i n-íochtar a bhronn
agus marbhthar leat mar sin é." Ar gcríochnughadh marbhtha
Laoghaire amhlaidh sin lé Cobhthach do marbhadh Oilill Áine mac
Laoghaire lé Cobhthach, agus iar ndéanamh na ngníomh soin dó
fuair a shláinte. Tug fós fá deara leanbh óg dar bh'ainm
Maon fá mac d'Oilill Áine do thabhairt da láthair, agus tug
air mír do chroidhe a athar is a sheanathar d'ithe is luchóg go
n-a los do shlogadh, agus táinig don déistin do ghabh an leanbh
gur beanadh a urlabhra dhe; agus ar mbeith balbh dhó scaoilis
Cobhthach uaidh é. Triallais an leanbh go Corca Dhuibhne gur
chomhnuigh seal i bhfochair Scoiriath fá rí ar an gcrích sin; agus
triallais as sin don Fhraingc go naonbhar do chuideachtain
mar aon ris; acht ce adeirid drong ré seanchus gurab go
crích Armenia do chuaidh. Agus do nochtadar an bhuidhean do
chuaidh lais gur bh'é damhna ríogh Éireann é; agus táinig de sin
go ndearna rí Frangc taoiseach teaghlaigh ar a mhuinntir dhe,
agus do éirigh iomad áithis leis, ionnus go dtáinig de sin go
raibhe iomrádh mór is oirdhearcas adhbhal i nÉirinn air; uime
sin gur leanadar mórán d'fhearaibh Éireann don Fhraingc é.
Agus do fhuirigh ann seal fada da aimsir.



Do ghabh Cobhthach Caol mBreagh mac Ughaine Mhóir mic
Eachach Bhuadhaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich
mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile, caogad bliadhan.
Ceasair Chruthach ingean ríogh Frangc fá máthair dhó. Is uime
ghairthear Cobhthach Caol mBreagh dhe .i. galar trom do ghabh é
tré fhormad ré n-a dhearbhráthair Laoghaire Lorc fá rí
Éireann roimhe féin, ionnus go ndeachaidh i seirglidhe is gur
thréig a chuid fola is feola uile, gur chaol é; agus Magh
Breagh ainm na háite 'n-a raibhe 'n-a luighe, go dtugadh Caol
mBreagh air uime sin; agus do marbhadh an Cobhthach-so lé
Labhraidh Loingseach mac Oiliolla Áine i nDionn Ríogh oidhche
Nodlag mór i ndíoghail a athar agus a sheanathar do


L. 164


marbhad leis-sean; gonadh tríd sin do rinne file éigin an
rann-so:




Labhraidh Loingseach, lór a líon,
Ro ort Cobhthach i nDionn Ríogh;
Go sluagh Laighneach tar linn lir,
Díobh ro hainmnigheadh Laighin.




Do ghabh Labhraidh Loingseach mac Oiliolla Áine mic Laoghaire
Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht
Éireann deich mbliadhna, gur thuit lé Meilge mac Cobhthaigh
Chaoil mBreagh. Agus is é ní da dtáinig a bhréagadh ón
bhFraingc go hÉirinn, gradh éagmaiseach tug Moiriath inghean
Scoiriath ríogh críche bhFear Morc i n-iarthar Mumhan dó, ar
méid na clú is na dteastas do bhí air. Ollmhuighthear lé
Craiftine Cruitire, oirfideach do bhí fán am soin i nÉirinn, ré
dul 'n-a dhiaidh don Fhraingc agus iomad do ghréithibh geanamhla
leis mar aon ré laoidh chumainn 'n-ar nocht sí díoghainne a
dhiograise do Mhaon; agus sinnis port síthbhinn ar a chruit ar
rochtain na Fraingce do Chraiftine an tan ráinig mar a
raibhe Maon; agus gabhais an laoidh chumainn do rinne
Moiriath inghean Scoiriath do Mhaon. Gabhais an oiread soin
lúthghára ré hoirfideadh Chraiftine é go ndubhairt gur bhinn
leis an laoidh is an port; agus ar n-a chlos soin da mhuinntir
is do Chraiftine, do ghuidheadar rí Frangc fá chongnamh sluagh
do thabhairt dó fá theacht do bhuain a chríche féin amach; agus
tug an rí líon cabhlaigh dó .i. dá chéad ar fhichid céad; agus
triallaid ar muir; agus ní haithristear a bheag da scéalaibh
gur ghabhadar cuan ag Loch Garman; agus ar dtigheacht i
dtír dóibh fuaradar scéala Cobhthach Caol mBreagh do bheith i
nDionn Ríogh go n-iomad d'uaislibh Éireann 'n-a fhochair; agus
leis sin triallaid do ló is d'oidhche go dtugadar amus longphuirt
air gur mharbhadar Cobhthach mar aon ris na huaislibh
sin. Is ann sin do fhiafruigh draoi do bhí san mbruidhin cia


L. 166


do rinne an orgain sin. "An loingseach" ar an fear amuigh.
"An labhair an loingseach" ar an draoi. "Labhraidh" ar an
fear oile. Gonadh de sin do lean Labhraidh Loingseach mar
fhorainm do Mhaon ó shoin i lé. Agus is leis do rónadh
laighne leathanghlasa ar dtus i nÉirinn; ionann iomorro
Laighne is sleagha ar a mbídís cinn leathanghlasa iarainn;
agus ó na laighnibh sin ghairmthear Laighin do lucht chúigidh
Gailian ris a ráidtear Cúigeadh Laighean aniú. Gonadh
da dhearbhadh sin agus d'fhaisnéis nuimhreach an tsluaigh
táinig lé Labhraidh Loingseach ón bhFraingc atá an file san
rann-so:




Dá chéad ar fhichid céad Gall,
Go laighnibh leathna leo anall;
Ó na laighnibh sin gan oil
Ghairmthear Laighin do Laighnibh.




Ar marbhadh iomorro Chobhthaigh Chaoil mBreagh do Labhraidh
Loingseach agus ar ndul i seilbh Éireann dó, téid féin is
Craiftine d'ionnsuighe ar Mhoiriath inghin Scoiriath inghin
rígh críche bhFear Morc, an leannán lér cuireadh Craiftine da
fhios don Fhraingc. Do phós Labhraidh í, agus is í fá ríoghan
aige an gcéin do mhair.



Is é fáth iomorro fá ndeachaidh Maon ré ráidhtear
Labhraidh Loingseach don Fhraingc do bhíthin a ghaoil ré rígh
Frangc; óir fá hí inghean ríogh Frangc, Ceasair Chruthach a
hainm, fá bean d'Ughaine Mhór is fá máthair da chloinn,
mar atá Laoghaire Lorc is Cobhthach Caol mBreagh agus mac
mic don Laoghaire Lorc soin Labhraidh Loingseach. Gonadh
tré n-a ghaol ré Frangcaibh do chuaidh ar a gcomairce.



Adhbhar oile fós fá ndeachaidh don Fhraingc seoch dhula i
dtír oile; do bhrígh go raibhe rann cinnte comhmbáidhe idir
Laighnibh is Frangcaigh. Do bhíodh iomorro rann cinnte carad
ag gach cúigeadh i nÉirinn don leith thall d'fhairrge, mar atá
idir chlannaibh Néill is Albanaigh, idir fhearaibh Mumhan is


L. 168


Sacsain, idir Ulltaibh is Easpáinigh, idir Chonnachtaibh is
Breathnaibh is idir Laighnibh is Frangcaigh, amhail adeir Seán
mac Torna Uí Mhaoilchonaire ardoide Éireann ré seanchus
sna rannaibh-se síos:




Fríthe gach da chosmhaileas,
Gion gurb ionann a mbunadh;
Uí Néill agus Albanaigh;
Sacsain agus fir Mhumhan;



Ulaidh agus Easpáinnigh;
Coinnmhe cogaidh gach críche;
Connachtaigh is Briotáinigh;
Laighin lé Frangcaibh fríthe.




Táinig don chomhmbáid do bhí idir na cúigeadhaibh is na
críocha réamhráidhte go raibhe cosmhaileas 'n-a mbéasaibh
eatorra leath ar leath do réir an cháirdeasa is an chumainn
do bhí ré chéile aca.



Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, gurab ar lorg an Labhraidh
Loingsigh-se atáid a maireann do na fíor-Laighnibh do shíol
Éireamhóin acht Ó Nualláin táinig do shliocht Chobhthaigh
Chaoil mBreagh. Ag so síos na príomhshloinnte táinig do Laighnibh,
mar atá Ó Conchubhair Fáilghe go n-a ghabhlaibh geinealach
Caomhánaigh Tuathailaigh Branaigh Mac Giolla Phádraig
Ó Duinn Ó Díomasaigh Ó Duibhidhir muinntear Riain is gach
géag dar ghabhluigh ó na sloinntibh sin. Ó Chathaoir Mhór
tángadar urmhór Laighean; gidheadh ní uaidh táinig Mac
Giolla Phádraig, óir do scar Mac Giolla Phádraig is é
féin ré chéile ag Breasal Breac mac Fiachach Foibhric, an
ceathramhadh glún déag ó Chathaoir suas. Dá mhac iomorro
do bhí ag an mBreasal-so mar atá Lughaidh Lóithfhionn is
Connla; agus do roinneadh Cúigeadh Laighean idir an dias
soin, mar atá ó Bhearbha soir ag Lughaidh is ag a shliocht, agus
ón Bhearbha siar ag Connla is ag a shliocht. Gonadh ag


L. 170


suidhiughadh na mac-so is na ronna atá an rann-so as an
duain darab tosach, "Naoimhsheanchus naomh Inse Fáil":




Lughaidh is Connla gan chrádh,
Dá mhac do Bhreasal Bhreac nár;
Ósruighe ó Chonnla na gcneadh,
Lughaidh seanathair Laighean.




Ó Lughaidh fós tángadar muinntear Dhuibhidhir, agus an
cúigeadh glún ó Chathaoir Mhór suas scaraid féin is Cathaoir
ré chéile. Cathaoir Mór iomorro mac Feidhlimidh Fíorurghlais
mic Cormaic Ghealta Gaoth mic Nia Corb mic Conchorb.
Mac don Choinchorb-so Cairbre Cluithiochair ó bhfuil Ó
Duibhidhir; agus ó Náthí mic Criomhthainn mic Éanna Cinnsealaigh
an seachtmhadh glún ó Chathaoir Mhór anuas tángadar muinntear
Riain.



An dara mac cheana d'Ughaine Mhór ar a dtáinig sliocht
mar atá Cobhthach Caol mBreagh, is ar a shliocht atáid síol
gCuinn uile idir shliocht Fiachach Sraibhtheine is Eochaidh
Doimhléin is gach craobh coibhneasa oile dar fhás ó Chonn,
amhail chuirfeam síos da éis so i gcraobhscaoileadh mhac Míleadh.


L. 172


XXX.



Léaghthar ar Labhraidh Loingseach gurab cuma chluas gcapall
do bhí ar a chluasaibh; agus uime sin gach aon do bhíodh ag
bearradh a fhuilt, do mharbhadh do láthair é, d'fhaitchios go
mbiadh fios na hainmhe sin aige ná ag aonduine eile. Fá
gnáth leis iomorro é féin do bhearradh gacha bliadhna, mar
atá a mbíodh ó n-a dhá chluais síos da ghruaig do theascadh dhe.
Fá héigean crannchur do chur da fhios cia da roichfeadh an rí
do bhearradh gacha bliadhna, do bhrígh go gcleachtadh bás do
thabhairt da gach aon da mbearradh é. Acht cheana tuitis an
crannchur ar aonmhac baintreabhthaighe do bhí i n-earr a
haoise agus í ag áitiughadh láimh ré longphort an ríogh.
Agus mar do chualaidh an crannchur do thuitim ar a mac
táinig do ghuidhe an ríogh ag a iarraidh air gan a haonmhac
do bhásughadh agus í taoibh ris do shliocht. Geallais an rí dhi
gan an mac do mharbhadh da ndearnadh rún ar an ní do
chífeadh is gan a nochtadh do neach go bás. Agus iar mbearradh
an ríogh don mhacaomh do bhí tormach an rúin sin ag
siadadh 'n-a chorp gur bh'éigean dó bheith i luighe othrais go
nachar ghabh leigheas san bhith greim dhe. Ar mbeith i bhfad
i gcróilidhe dhó tig draoi deigheolach da fhios agus innsis
da mháthair gurab tormach sceoil rúnda fá hadhbhar tinnis
dhó, agus nach biadh slán go nochtadh a rún do ní éigin;
agus adubhairt ris ó do bhí d'fhiachaibh air gan a rún do
nochtadh do dhuine dul i gcomhgar cheithre rian, agus tilleadh
ar a láimh dheis agus an céadchrann do theigéamhadh dhó do
agallmha, is a rún do léigean ris. Is é céadchrann tarla
dhó, soileach mhór, gur léig a rún ria. Leis sin scéidhis
an t-oircheas tinnis do bhí fá n-a bhroinn, go raibhe slán
do láthair, ag tilleadh go teach a mháthar tar ais dó. Acht
cheana go grod da éis sin tárla gur briseadh cruit Chraiftine
agus téid d'iarraidh adhbhair cruite go dtarla an
tsoileach chéadna rér léig mac na baintreabhthaighe a rún


L. 174


dó, agus beanais adhbhar cruite aiste agus ar mbeith déanta
don chruit is í gléasta, mar do shinn Craiftine uirre is eadh
do saoiltí ris gach n-aon da gcluineadh í gurab eadh do
chanadh an chruit: Dá ó phill ar Labhraidh Lorc .i. Labhraidh
Loingseach .i. Dá chluais chapaill ar Labhraidh Lorc; agus
gach a mhionca do sheinneadh ar an gcruit sin is é an ní
ceadna do tuigthí uaidh. Agus ar gclos an sceoil sin don
rígh do ghabh aithmhéile é tré n-ar básuigheadh do dhaoinibh leis
ag ceilt na hainmhe sin do bhí air, agus taispeánais a
chluasa ós árd don teaghlach agus níor chuir ceilt orra
ó shoin amach. Is mó saoilim an chuid-se don scéal do bheith
'n-a fhinnscéal fhilidheachta ioná 'n-a stair. Agus is lé
Meilge mac Cobhthaigh Chaoil mBreagh do thuit an Labhraidh-
se.



Do ghabh Meilge Molbhthach mac Cobhthaigh Chaoil mBreagh
mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht
mbliadhna gur thuit lé Mogh Corb mac Cobhthaigh Chaoimh.



Do ghabh Mogh Corb mac Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha
Ríghdheirg mic Luighdheach Laighde mic Eochadha mic Oiliolla
Finn mic Airt mic Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas
do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Is
uime ghairthear Mogh Corb dhe, ar mbeith da mhac i gcarbad
lá n-aon, bristear ball don charbad agus cóirighthear lé
Mogh Corb é. Gonadh trés an bhfeidhim sin do dhéanamh da
mhac dar bh'ainm Corb gairthear Mogh Corb dhe; gur thuit
lé hAonghus Ollamh.



Do ghabh Aonghus Ollamh mac Oiliolla mic Labhradha
Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine
Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna
déag gur thuit le hIarainnghleo mac Meilge.



Do ghabh Iarainnghleo Fáthach mac Meilge Mholbhthaigh mic
Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin
ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; agus is uime ghairthear
Iarainnghleo Fáthach dhe do bhrígh go raibhe seisean fáthamhail
glic gaosmhar; agus fa dheireadh do thuit sé lé Fear Corb
mac Mogha Cuirb.


L. 176


Do ghabh Fear Corb mac Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh
mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann
aonbhliadhain déag gur thuit lé Connla mac Iarainnghleo Fháthaigh.



Do ghabh Connla Cruaidhchealgach mac Iarainnghleo Fháthaigh
mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaig Chaoil mBreagh mic
Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre
bliadhna, gur thuit i dTeamhraigh.



Do ghabh Oilill Caisfhiaclach mac Connla Chruaidhchealaigh
mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh
Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht
Éireann cúig bliadhna fichead, gur thuit lé hAdhamair
Foltchaoin.



Do ghabh Adhamair Foltchaoin mac Fir Chuirb mic Mogha
Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol
Éibhir ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur thuit lé hEochaidh
Foiltleathan.



Do ghabh Eochaidh Foltleathan mac Oiliolla Chaisfhiaclaigh
mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic
Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mic Ughaine Mhóir
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoinbhliadhain déag
gur thuit lé Fearghus Fortamhail.



Do ghabh Fearghus Fortamhail mac Breasail Bhric mic
Aonghusa Gailine mic Oiliolla Bhracáin mic Labhradha Loingsigh
mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá bhliadhain déag.
Agus is uime ghairthear Fearghus Fortamhail de .i. ba laochta
láidir foirtil é 'n-a aimsir féin; gur thuit lé hAonghus
Tuirbheach.



Do ghabh Aonghus Tuirbheach mac Eochach Foiltleathain mic
Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic
Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh
Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin
ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge
oile, trí fichid bliadhan; agus is uime ghairthear Aonghus
Tuirbheach


L. 178


dhe óir ba tuirbheach .i. ba nárach leis an mac do rinne ré
n-a inghin féin tré mheisce .i. Fiachaidh Fear Mara ainm an
mhic sin; agus is uime tugadh Fiachaidh Fear Mara air, do
bhrígh gurb ar muir do cuireadh i gcurachán é mar dhísliughadh
air go seoidibh uaisle 'n-a thimcheall budh inneamhail do
mhac ríogh; go dtarladar iascaireadha ris go dtugadar
i dtír é is gur chuireadar ar oileamhain é. Do bhí fós mac
ré a mhnaoi phósta ag Aonghus Tuirbheach, Éanna Aighneach
fá hainm dó, agus is uaidh tángadar síol gCuinn uile; is
do marbhadh Aonghus Tuirbheach féin i dTeamhraigh; gonadh
ó n-a mharbhadh i dTeamhraigh ghairthear Aonghus Tuirbheach
Teamhrach dhe.



Do ghabh Conall Collamhrach mac Eidirsceoil Teamhrach
mic Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic
Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge
Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir
ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur thuit lé Nia Seaghamain.



Do ghabh Nia Seaghamain mac Adhamair Fholtchaoin mic
Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha
Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna;
agus is uime ghairthear Nia Seaghamain de .i. seachmhaoineach,
óir fá mór an bhreis mhaoine dó seoch cach, mar do thigdís
na heillte allta do thabhairt lachta go ceannsa amhail
gach boin oile 'n-a ré i nÉirinn tré dhraoidheacht a mháthar
dar bh'ainm Fliodhais; agus do thuit an Nia Seaghamain-se
lé hÉanna Aighneach.



Do ghabh Éanna Aighneach mac Aonghusa Thuirbhigh Teamhrach
mic Eochach Fhoiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic
Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge
Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir do
shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna fichead. Is
uime ghairthear Éanna Aighneach dhe, ionann aighneach agus
ógh eineach .i. oineach iomlán; óir do bhronnadh gach ní da


L. 180


dteagmhadh 'n-a laimh; agus do thuit sé lé Criomhthann
Coscrach.



Do ghabh Criomhthann Coscrach mac Feidhlimidh Foirthriuin
mic Fearghusa Fortamhail mic Breasail Bhric mic Aonghusa
Gailine mic Oiliolla Bhrácáin mic Labhradha Loingsigh mic
Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol
Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Is uime ghairthear
Criomhthann Coscrach dhe ar a mhionca do bheireadh buaidh
coscair is comhlainn i ngach cath i dteagmhadh; gur thuit lé
Rudhruighe mac Sithrighe.



Do ghabh Rudhruighe mac Sithrighe mic Duibh mic Fomhóir
mic Airgeadmhair mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic
Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír
mic Míleadh ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead nó do
réir dhruinge oile deich mbliadhna is trí fichid; gur thuit do
thámh i nAirgeadros.



Do ghabh Ionnadmhár mac Nia Seaghamain mic Adhamair
Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh
Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht
Éireann trí bliadhna; gur thuit lé Breasal Bóidhíobhadh.



Do ghabh Breasal Bóidhíobhadh mac Rudhruighe mic Sithrighe
mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorláimh do
shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann aoinbhliadhain déag.
Is uime ghairthear Breasal Bóidhíobhadh dhe .i. bó-ár mór
tarla i nÉirinn ré n-a linn. Do thuit an Breasal-so lé
Lughaidh Luaighne.



Do ghabh Lughaidh Luaighne mac Ionnadmháir mic Nia Seaghamain
mic Adhamair Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha
Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol
Éibhir ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur thuit lé Conghal
Cláiringneach.



Do ghabh Conghal Cláiringneach mac Rudhruighe mic Sithrighe


L. 182


mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorláimh do
shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann cúig bliadhna déag;
gur thuit lé Duach Dallta Deaghaidh.



XXXI.



Do ghabh Duach Dallta Deaghaidh mac Cairbre Luisc
mic Luighdheach Luaighne mic Ionnadmháir mic Nia Seaghamain
mic Adhamair Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic
Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir
ríoghacht Éireann deich mbliadhna. Is uime ghairthear Duach
Dallta Deaghaidh dhe, dá mhac do bhí ag Cairbre Luisc .i.
Duach is Deaghaidh a n-anmanna, agus do bhí imreasan
eatorra fá ríoghacht Éireann; óir ba hinneamhail mar adhbhar
ríogh gach mac dhíobh ar dheilbh is ar dhéanamh ar ghníomh is
ar ghaisceadh. Gidheadh do thogair Deaghaidh an mac do b'óige
don dís teacht fá bhrághaid a dhearbhráthar do ba sine ioná
é féin .i. Duach. An tan do chonnairc Duach an ní sin do
chuir teachta uaidh ar cheann a dhearbhráthar .i. Deaghaidh.
Táinig iomorro Deaghaidh go hairm a raibhe Duach agus
mar ráinig do láthair gabhthar lé Duach é, gur bhean a dhá
shúil as, go raibhe 'n-a dhall go dearbhtha; gonadh de sin do
lean Duach Dallta Deaghaidh mar fhorainm air. Is ag
faisnéis an ghníomha soin do rinne file éigin an rann-so:




Do gabhadh Deaghaidh 'n-a thoigh
Ag Duach, ag a dhearbhráthoir;
Agus do dalladh go dian
An Deaghaidh sin, gér dhroichchiall.




Do thuit an Duach-so lé Fachtna Fáthach mac Cais.



Do ghabh Fachtna Fáthach mac Cais mic Rudhruighe mic
Sithrighe mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorláimh
do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann sé bliadhna déag
gur thuit lé hEochaidh Feidhlioch.


L. 184


Do ghabh Eochaidh Feidhlioch mac Finn mic Fionnlogha mic
Roighnéin Ruaidh mic Easamain Eamhna mic Bláthachta mic
Labhradha Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa Thuirbhigh
Teamhrach mic Eochach Fhoiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh
mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic
Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine
Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dhá bhliadhain
déag. Beinia inghean Chriomhthainn máthair Eochach Feidhligh.
Is uime ghairthear Eochaidh Feidhlioch dhe do bhrígh go raibhe
osna i bhfad ann. Ionann iomorro feidhil is fada; ionann fós uch
is osna; uime sin, is ionann feidhlioch is feidhil uch .i. fadosna;
óir níor dhealuigh osna ré n-a chroidhe ó do marbhadh a mhaca
leis i gcath Droma Criaidh go bhfuair féin bás. Na trí
Finneamhna do gairthí do na trí macaibh sin. Agus is uime
do gairthí Eamhna dhíobh ón fhocal-so amhaon, da dhiúltadh
nach 'n-a aonar rugadh neach aca, acht gurab i n-aoinfheacht
rugadh iad; agus Cloithfhionn inghean Eochach Uichtleathain
bean Eochach Feidhligh fá máthair dhóibh, agus d'aon toirbheart
rug sí iad. Breas is Nár is Lothar a n-anmanna. Agus
is é an tEochaidh Feidhlioch-so do roinn is do orduigh
cúigeadhaigh ar Éirinn ar dtús. Óir do roinn sé Cúigeadh
Connacht 'n-a trí míribh ar thriar .i. Fidheac mac Féig,
Eochaidh Allad, Tinne mac Connrach. Tug do Fhidheac Fir na
Craoibhe ó Fhidheac go Luimneach; tug d'Eochaidh Allad
Iorrus Domhnann ón nGaillimh go Duibh agus go Drobhaois; tug
do Thinne mac Connrach Magh Sainbh agus Seantuatha Taidhean
ó Fhidheac go Teamhair Bhrogha Niadh; tug fós Cúigeadh Uladh
d'Fhearghus mac Léide; tug Cúigeadh Laighean do Rossa
mac Fearghusa Fairrge; tug dá chúigeadh Mumhan do Thighearnach
Théadbhannach is do Dheaghaidh; ionnus gur chuir Éire
fá n-a smacht is fá n-a ordughadh féin go hiomlán feadh a
fhlaithis.


L. 186


Acht cheana téid Eochaidh iar sin i gConnachtaibh; agus
tigid na trí rígh sin is trí ranna Connacht 'n-a dháil. Do
iarr Eochaidh ionadh longphuirt ríogh i gConnachtaibh orra
dhó féin. Adubhairt Eochaidh Allad is Fidheac nach tiubhradaois
féin sin dó, is gur bh'fhearr leo a chíos is a dhualgas
do chur chuige go Teamhair. Gidheadh do ba toil lé Tinne
mac Connrach .i. an treas fear dhíobh ionadh longphuirt do
bheith ag Eochaidh. Tug Eochaidh a inghean féin .i. Meadhbh
'n-a mnaoi do Thinne, agus do cheangladar cáirdeas ré
chéile. Do fhiafruigh Eochaidh Feidhlioch da dhraoithibh
c'áit a ndéanadh longphort; agus adubhradar ris a dhéanamh i
nDruim na nDruadh ris a ráidhtear Cruachain. Do tionnscnadh an
ráith ann sin leis an nGamhanruidh ó Iorrus Domhnann agus
do rinneadar cloidh na rátha soin Eochach i n-aonló, amhail
adeir an file:




Tug i n-aonló ar oireacht Domhnann
Déanamh na diongna is a dheilbh;
Ní thug rí Fáil go na fleadhaibh
Dáil do na fearaibh mu'n bhfeidhm.




Do rinneadh foirghneamh iar sin innte; agus tug Eochaidh
ríoghacht Chonnacht do Thinne mac Connrach, agus do phós a
inghean féin .i. Meadhbh ris. Do mharbh Tinne Eochaidh Allad
da éis sin agus tug righe Domhnannach d'Oilill Fhionn. Tug
trá Meadhbh ceannas Rátha hEochach do Chróchain Chróidheirg
máthair Mheidhbhe féin; agus is ón Chróchain sin ghairthear
Cruachain do Ráith Cruachan aniú, amhail adeir an file san
rann-so:




Druim na ndruadh is Tulach Oichne,
Ráith hEochach a hainm iar soin;
Ráith Cruachan ó Chróchain Chróidheirg,
Do luathuigh móirfheirg san moigh.




Do bhí Meadhbh 'n-a mnaoi i bhfad 'n-a dhiaidh sin ag
Tinne mac Connrach, gur thuit sé i dTeamhraigh do láimh
Mhonuidhir


L. 188


da ngairthí mac Céacht. Do bhí cheana Meadhbh deich mbliadhna
i righe Connacht d'éis Tinne gan feis lé fear ar bith ós ard,
acht gach fear ós íseal da sanntuigheadh féin do bheith aici.
Tug Meadhbh Oilill Mór mac Rossa Ruaidh do Laighnibh mar
chéile iar sin. Mada Muirisc bean Chonnachtach fá máthair
dó; agus rug Meadhbh móirsheisear mac .i. na seacht Maine
d'Oilill; agus is é Conall Cearnach ar mbeith 'n-a
sheanóir i gCruachain do mharbh Oilill d'urchor do ghai;
agus leanaid fir Chonnacht é féin is marbhaid 'n-a dhíol soin
é.



Is fada iomorro do bhí cogadh is coinbhliocht idir Chonnachtaibh is
Ulltaigh ré linn Mheidhbhe do bheith i gceannas Chonnacht agus
Chonchubhair do bheith 'n-a rígh Uladh. Ionnus cheana go
mbeith fios fátha na heasaonta tarla eatorra agat, a léaghthóir,
cuirfead síos annso mar do marbhadh clann Uisneach tar slánadh
nó tar chomairce Fhearghusa mic Róigh agus Chormaic Conluingios
agus Dubhthaigh Daoil Uladh. Ag so síos go cumair éirim
na heachtra.


L. 190


XXXII.



Lá n-aon iomorro da ndeachaidh Conchubhar rí Uladh do
chaitheamh fleidhe go tigh Fheidhlimidh mic Daill, scéaluidhe
Conchubhair, agus ré linn na fleidhe sin rug bean Fheidhlimidh
inghean álainn, agus do rinne Cathbhadh draoi tarla san
chomhdháil an tan soin tuar is tairrngire don inghin go
dtiocfadh iomad dochair is díotha don chúigeadh da toisc. Ar
n-a chlos sin don laochraidh do thogradar a marbhadh do láthair.
"Ní déantar" ar Conchubhar "acht béaraidh mise liom í agus
cuirfead da hoileamhain í go raibhe 'n-a haonmhnaoi agam
féin." Deirdre do ghairm an draoi Cathbhadh dhi. Do chuir
Conchubhar i lios ar leith í agus oide is buimeach da hoileamhain;
agus ní lámhadh neach don chúigeadh dul 'n-a láthair acht
a hoide is a buimeach is bancháinteach Chonchubhair da ngairthí
Leabharcham. Do bhí ar an ordughadh soin go beith ionnuachair
dhi, agus gur chinn ar mhnáibh a comhaimsire i scéimh. Tarla
iomorro da hoide laogh do mharbhadh ré proinn d'ollmhughadh
dhisi lá sneachta; agus iar ndortadh fhola an laoigh san
sneachta cromais fiach dubh da hól. Agus mar thug Deirdre
sin da haire adubhairt ré Leabharchaim gomadh maith lé féin
fear do bheith aice ar a mbeidís na trí datha adchonnairc mar
atá dath an fhéich ar a fholt, dath fola laoigh ar a ghruaidh, is
dath an tsneachta ar a chneas. "Atá a shamhail sin d'fhior ré
ráidhtear Naoise mac Uisneach, i bhfochair Chonchubhair san
teaghlach." "Maseadh, a Leabharcham," ar sí, "guidhim-se
thusa a chur dom agallmha gan fhios." Agus nochtais Leabharcham
an ní sin do Naoise. Leis sin táinig Naoise ós íseal i
ndáil Deirdre, agus cuiris i suim méad a seirce dhó agus
iarrais air í féin do bhreith ar éalódh ó Chonchubhar. Tug
Naoise aonta leis sin, gér leasc leis d'eagla Chonchubhair é.


L. 192


Triallais féin is a dhá bhráthair .i. Ainle is Ardán agus
Deirdre is trí caogad laoch mar aon riú, go hAlbain, áit i
bhfuaradar congbháil buannachta ó rígh Alban go bhfuair
tuarasgbháil scéimhe Deirdre is gur iarr 'n-a mnaoi dhó féin
í. Gabhais fearg Naoise go n-a bhráithribh uime sin, agus
triallaid a hAlbain i n-oiléan mhara ar teitheadh ré
Deirdre, tar éis iomad coinbhliocht do thabhairt do mhuinntir
an ríogh is dóibh féin da gach leith roimhe sin. Acht cheana ar
n-a chlos i nUlltaibh go rabhadar mic Uisneach san éigeandáil
sin adubhradar mórán d'uaislibh an chúigidh ré Conchubhar gur
thruaighe clann Uisneach do bheith ar deoraidheacht tré
dhrochmhnaoi, agus gomadh cóir fios do chur orra is a dtabhairt don
tír. Do-bheir Conchubhar aonta ris sin ar impidhe na n-uasal
agus tug Fearghus mac Róigh is Dubhthach Daol Uladh is
Cormac Conluingeas i slánadh air féin fá bheith díleas dóibh.
Ar na heachtaibh sin cuiris Fearghus mac Róigh Fiachaidh a mhac
féin i gcoinne chloinne hUisneach go dtug leis i nÉirinn iad
go n-a mbuidhin agus Deirdre mar aon riú; agus ní haithristear
a bheag da scéalaibh go rochtain fhaithche na hEamhna
dhóibh.



Tarla Eoghan mac Durrthachta flaith Fearnmhaighe orra
ar an bhfaithche go sluagh líonmhar maille ris ré feall do
dhéanamh ar chloinn Uisneach ar fhoráileamh Chonchubhair; is
mar rángadar clann Uisneach do láthair téid Eoghan
d'fháiltiughadh ré Naoise, agus ris an bhfáilte cuiris sáthadh
sleighe thríd. Mar do chonnairc Fiachaidh mac Fearghusa sin
lingeas idir Eoghan is Naoise go dtug Eoghan an dara sáthadh
ar Fhiachaidh gur mharbh mar aon ré Naoise é; agus da éis sin
lingis Eoghan is a shluagh ar chloinn Uisneach, gur marbhadh leo
iad, agus go dtugadar deargár a muinntire.



Mar do chualaidh iomorro Fearghus is Dubhthach marbhadh
chloinne hUisneach tar a slánadh féin triallaid d'ionnsuighe
na hEamhna, agus tugadar féin is muinntear Chonchubhair
coimheascar da chéile gur thuit Maine mac Conchubhair leo


L. 194


agus trí chéad laoch da mhuinntir mar aon ris. Loiscthear is
airgthear Eamhain is marbhthar bantracht Chonchubhair leo;
agus cruinnighid a rannta da gach leith iad féin is Cormac
Conluingeas; agus fá hé líon a sluagh an tan soin, trí mhíle
laoch; agus triallaid as sin i gConnachtaibh go Meidhbh is go
hOilill mar a bhfuaradar fáilte is fastódh. Ar rochtain
ann sin dóibh ní bhídís aonoidhche gan lucht foghla uatha ag
argain is ag loscadh Uladh. Mar sin dóibh gur loisceadh
críoch Chuailgne leo - gníomh da dtáinig iomad dochair is
díbhfheirge idir an dá chúigeadh; is do chaitheadar seacht
mbliadna ar an ordughadh soin gan osadh aonuaire eatorra;
agus is don leith istigh don ré sin do chumaisc Fearghus ar
Mheidhbh, gur toircheadh leis í, go rug sí triúr mac d'aon
toirbheart dó, mar atá Ciar is Corc is Conmhac, amhail adeir an
file:




Torrach Meadhbh i gCruachain chaoin
Ó Fhearghus nar thuill tathaoir;
Go rug triar gan locht nar lag
Ciar is Corc agus Conmhac.




Is ón gCiar-so ráidhtear Ciarraidhe Mumhan, agus is ar a
shliocht atá Ó Conchubhair Ciarraidhe. Ó Chorc atá Corca
Moruadh agus Ó Chonmhac ráidhtear gach Conmhaicne da bhfuil i
gConnachtaibh; agus cibé léighfeas an duain do rinne Lughair
file Oiliolla darab tosach: Clann Fhearghusa clann ós cách:
do-ghéabhaidh go follus gurab mór an t-arrachtas is an
neart do ghabhadar an triúr mac soin Meidhbhe i gConnachtaibh
agus san Mhumhain. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na
tíorthaibh atá ainmnigthe uatha san dá chúigeadh soin.



Dála Dheirdre da dtángadar na gníomha do luaidheamar,
do bhí i bhfochair Chonchubhair feadh bliadhna d'éis mharbhtha
chloinne hUisneach; agus ge madh beag tógbháil a cinn nó
gean gáire do thigheacht tar a béal, ní dhearnaidh ris an ré
sin é. Mar do chonnairc Conchubhar nar ghabh cluiche ná
caoineas greim dhi, agus nach tug adhbhacht ná áineas ardughadh


L. 196


ar a haigneadh, do chuir fios ar Eoghan mac Durrthachta flaith
Fearnmhuighe; agus ar dtigheacht d'Eoghan 'n-a láthair
adubhairt ré Deirdre ó nach fuair féin a haigneadh do chlaochlódh
ó n-a cumhaidh go gcaithfeadh dul sealad oile lé hEoghan, agus
leis sin cuirthear ar cúlaibh Eoghain 'n-a charbad í. Téid
Conchubhar da dtiodhlacadh, agus ar mbeith ag triall dóibh
do-bheireadh sise súil fhraochta ar Eoghan roimpe agus súil ar
Chonchubhar 'n-a diaidh, óir ní raibhe dias ar talmhain is mó da
dtug fuath ioná iad araon. Mar do mhothuigh iomorro Conchubhar
ise ag silleadh fá seach air féin is ar Eoghan, adubhairt
ria, tré adhbhacht, "A Dheirdre," ar sé, "is súil chaorach idir
dá reithe an tsúil sin do-bheir tú oram-sa is ar Eoghan."
Ar n-a chlos sin do Dheirdre do ghabh beadhgadh ris na briathraibh
sin í, go dtug baoithléim as an gcarbad amach gur bhuail a
ceann fá chairthe chloiche do bhí ar an lár roimpe, go ndearnadh
míre mionbhruithte da ceann, gur ling a hinchinn go hobann
aiste; gonadh amhlaidh sin táinig díbirt Fhearghusa mic Róigh is
Chormaic Conluingeas mic Conchubhair, Dubhthaigh Daoil Uladh,
agus bás Deirdre.



Do bhrígh gurab i n-aimsir Chonchubhair is na gcuradh do bhí
Meadhbh i bhflaitheas Chonnacht agus gur mhair deich mbliadhna
i ndiaidh bháis Tinne mic Connrach an céidfhear pósta do bhí
aice, agus cheithre fichid bliadhan da éis sin 'n-a mnaoi ag
Oilill Mhór, agus i ndiaidh bháis Oiliolla ocht mbliadhna i
n-aontumha gur marbhadh lé Forbhuidhe mac Conchubhair í,
cuirfeam síos annso bás na druinge is dearscnaidhthe do na
curadhaibh do bhí ann ré linn Meidhbhe, is cuid dá ndálaibh go
cumair.


L. 198


XXXIII.



Ag so síos ar dtús go haithghearr éirim na heachtra da dtáinig
bás Chonchubhair.



Nós iomorro do bhíodh fán am soin ann mar ghríosadh ar
lucht gaiscidh ré mbeith calma i gcomhlannaibh dóibh, mar atá
mír curaidh mar chomhartha buadha do thabhairt don tí ba
foirtille i bhfeidhm aoinfhir, agus ag a mbíodh buaidh láithreach
gaiscidh ar a chéile comhraic. Táinig cheana don nós-so go
dtarla imreasan fá'n gcuraidhmhír idir Chonall Chearnach
agus Choin gCulainn agus Laoghaire Buadhach i nEamhain; gur
iarr Conall inchinn Mheisceadhra .i. tréinfhear calma do
Laighnibh do marbhadh leis féin i gcomhlann aoinfhir; agus ar
dtaispeánadh inchinne an tréinfhir sin, do léig Laoghaire is
Cú Chulainn da gcoimhmheas ré Conall, ar n-a mheas nach
dearna ceachtar díobh féin a chomhmór soin do ghníomh goile
ná gaiscidh riamh. Fá béas iomorro fán am soin cibé
tréinfhear lé dtuitfeadh tréinfhear táscamhail oile, go
mbeanadh a inchinn as a cheann is go gcumascadh aol tríthe
go mbíodh 'n-a liathróid chruinn chruaidh aige aga taispeánadh
ar aonaighibh is i gcomhdhálaibh coitcheanna mar chomhartha
buaidhe gaiscidh. Agus mar do chonncadar dá óinmhid do bhí
ag Conchubhar méad an cheana do bhíodh ag cách ar an inchinn,
gadtar leo ar n-a mhárach as an gCraoibh Dheirg Chonchubhair í.
Trí háruis iomorro do bhíodh i nEamhain ré linn Chonchubhair
mar atá Bróin Bhearg is Craobh Dhearg is Craobh Ruaidh.
San chéidteach do bhídís a n-othair, agus is uime sin ráidhtear
Bróin Bhearg ria, do bhrígh go mbídís na hothair do bhíodh
innte fá bhrón is fá mhéala ó ghoimh na ngon is na ngalar do
bhíodh orra innte. An dara teach da ngairthí Craobh Dhearg
is ann do bhídís na hairm is na seoid uaisle i gcumhdach; agus
is uime sin do cuireadh inchinn Mheisceadhra i dtaiscidh ann
mar gach seod uasal oile. An treas teach do bhíodh ag


L. 200


Conchubhar, an Chraobh Ruaidh do gairmthí dhi. Is innte do
riarthaoi é féin mar aon ré líon a laochraidhe.



Dála an dá óinmhid iar mbreith inchinne Mheisceadhra as
an gCraoibh Dheirg amhail adubhramar, do chuadar ar faithche
na hEamhna go rabhadar ag iomáin na hinchinne amhail
liathróid ó láimh go láimh go dtáinig onchú uilc ar Ulltachaibh
.i. Ceat mac Mághach tréinfhear do Chonnachtaibh, gur bhréag
inchinn Mheisceadhra ó na hóinmhidibh is go rug leis i gConnachtaibh
í, agus gacha mhionca do thigeadh i n-iorghail nó i gcath
i n-aghaidh na nUlltach do bhíodh inchinn Mheisceadhra ar a chrios
aige i ndóigh éachta do dhéanamh ar Ulltachaibh. Óir do bhí i
dtairrngire Meisceadhra da dhíoghail féin ar Ulltachaibh d'éis
a bháis; agus do mheas gurab don inchinn do thiocfadh fíoradh
na fáistine sin. Gonadh uime sin do chleachtadh Ceat inchinn
Mheisceadhra do bheith ar iomchar aige do shúil ré neach éigin
d'uaislibh Uladh do mharbhadh lé. Téid iomorro Ceat go
sluagh líonmhar maille ris do chreachadh Uladh, go dtug táin
mhór bó a Fearaibh Rois i nUlltaibh, agus leanaid drong mhór
d'Ulltaibh é; agus cruinnighid fir Chonnacht don leith anoir
d'fhortacht Cheit, agus Conchubhar don leith aniar d'fhortacht
Ulltach. Mar do chualaidh trá Ceat go raibhe Conchubhar san
tóraidheacht, cuiris fios go bantracht Chonnacht do bhí ar chnoc
ag feitheamh an dá shluagh, ag iarraidh orra Conchubhar do
bhréagadh da bhféachain féin, ar mbeith 'n-a dhuine shochma
sholabhartha dhó, óir ní léigfidís Ulltaigh é san chath i gcoinne
Chonnacht.



Ar n-a chlos iomorro do Chonchubhar go raibhe mian ar an
mbantracht é féin d'fhaicsin, triallais 'n-a aonar ón tulaigh
'n-a raibhe d'fhios an bhantrachta; agus tig Ceat ós iseal don
leith oile go raibhe i meadhón an bhantrachta d'oirchill ar
Chonchubhar do mharbhadh. Ar mbeith cheana do Chonchubhar ag
tigheacht i ngar don bhantracht éirghis Ceat agus do-ní inchinn
Mheisceadhra d'inneall 'n-a chranntabhaill ré Conchubhar


L. 202


do mharbhadh. Ar bhfaicsin iomorro Cheit dó, triallais tar
a ais i measc a mhuinntire féin; agus ag dul go Doire Dá Bhaoth
dhó, tug Ceat urchar d'inchinn Mheisceadhra as a chrann
tabhaill 'n-a dhiaidh, gur bhuail 'n-a bhaitheas é, gur
briseadh a sheicne don urchar soin, gur lean inchinn Mheisceadhra
da bhaitheas; agus leis sin tigid a mhuinntear féin da fhóirthin ó
Cheat. Cuirid fios an tráth soin i gcoinne Fínghin Fáithliaigh
agus ar dtigheacht do láthair is eadh adubhairt dá mbeantaoi
an meall soin as a cheann go bhfuighbheadh bás do lathair.
"Is fearr linn," ar cách, "ar rí do bheith ainmheach ioná a
éag." Leighistear lé Fínghin é, agus adubhairt ris ainnséin
gan fearg do dhéanamh ná luighe ré mnaoi ná dul ar each ná
feidhm foiréigneach do dhéanamh, agus dá ndearnadh, lé gluasacht
friothbhuailte a inchinne féin, go dteilgfeadh an meall as
a cheann is go bhfuighbheadh bás.



Mar sin dó seacht mbliadhna gus an Aoine 'n-ar crochadh
Críost do réir dhruinge ré seanchus; agus mar do chonnairc
claochlódh neamhghnáthach na ndúl is urdhubhadh na gréine san
éasca lán, fiafruighis do Bhacrach draoi do Laighnibh do bhí
'n-a fhochair, créad da dtáinig an mhalairt neamhghnáthach
soin ar reannaibh nimhe is talmhan. "Íosa Críost mac Dé,"
ar an draoi, "atá ag a bhásughadh anois ag Iuduidhibh."
"Truagh sin," ar Conchubhar, "dá mbeinn-se 'n-a láthair
do mhuirbhfinn a raibhe timcheall mo Ríogh dá bhásughadh";
agus leis sin tug a chloidheamh amach agus téid fá dhoire
choille do bhí láimh ris gur ghabh ag a ghearradh is ag a bhuain;
agus is eadh adubhairt dá mbeith i measc na nIuduidheach
gurb é sin díol do bhéaradh orra; agus ar mhéid na dásachta
do ghabh é do ling an meall as a cheann go dtáinig cuid
da inchinn 'n-a dhiaidh, agus leis sin go bhfuair bás. Coill
Lamhruidhe i bhFearaibh Rois ghoirthear don mhuine choille
sin.



Ar mbeith marbh do Chonchubhar tairgthear ríoghacht Uladh
don tí do bhéaradh corp Chonchubhair leis gan scíth go hEamhain.
Tarla giolla ag Conchubhar ar an láthair sin dar bh'ainm


L. 204


Ceann Bearroide agus i ndóigh ris an ríoghacht da rochtain
féin tógbhais an corp go calma agus rug leis go hArdachadh
Sléibhe Fuaid é, gur bhris a chroidhe agus go bhfuair bás ann
sin. Gonadh trés an ngníomh-so atá an seanfhocal adeir
gurb í ríoghacht Chinn Bearroide iarrais neach an tan chuireas
roimhe go huaillmhianach céim do rochtain is aoirde ioná
mar do fhéadfadh do ghreamughadh.



Acht cia chuirid ughdair an tseanchusa síos an stair-se
Chonchubhair agus gurb fhear comhaimsire do Chríost é, do réir
fírinne an tseanchusa ní rugadh Críost go haimsir imchian
i ndiaidh Chonchubhair; agus is amhlaidh atá fírinne na staire-
se gur thairrngir Bacrach draoi do Laighnibh tré fháistine go
ngeinfidhe Críost an Tairrngirtheach Mac Dé agus go ngéabhadh
colann agus go n-imeoraidís na hIodhail bás air, agus
gurab de do thiocfadh fuascladh an chinidh dhaonna a hanbhroid
an aibhirseora. Agus ar n-a chlos sin do Chonchubhar do ghabh
dásacht amhail adubhramar é; agus do ghabh tré chomhmbáidh
ré Críost ag gearradh choille Lámhruidhe i riocht na nIodhal
go bhfuair bás don bhfeidhm sin. Cibé iomorro do chuirfeadh
i n-iongantas go bhféadfadh Bacrach nó draoi oile da raibhe
Págánta bás Chríost do thairrngire, ciodh fár chóra do na
Sibillae do bhí Págánta Críost ria n-a ghein do réamhfhaicsin
ioná do Bhacrach nó da shamhail oile? Uime sin ní díchreidte
an stair mar so.


L. 206


XXXIV.



Ag so síos do bhás Cheit mic Mághach.



Ba tréinfhear an Ceat-so is fá biodhbha biothfhoghlach ar
Ulltachaibh é feadh a ré. Lá n-aon dá ndeachaidh an Ceat-so
i nUlltachaibh do dhéanamh díbhfeirge mar fá gnáth leis;
go dtarla sneachta mór fán am soin ann; agus ag tilleadh
dhó is trí cinn laoch aige do marbhadh leis san turas soin,
tig Conall Cearnach ar a lorg gur chuir fá ghreim ag Áth
Ceit é, gur comhraicsiod re chéile gur thuit Ceat san chomhlann
agus gur tromghonadh Conall, gur thuit i néall ar an
láthair iar dtréigean iomad fola dhó. Agus leis sin, tig
Béalchú Bréithfne tréinfhear do Chonnachtaibh go láthair an
chomhraic mar a bhfuair Ceat marbh is Conall i gcrothaibh báis,
agus adubhairt gur mhaith an scéal an dá onchoin sin da
dtáinig aidhmhilleadh Éireann do bheith sna hainreachtaibh sin.
"Is fíor sin" ar Conall "agus i ndíol a ndearna mise do
dhochar do Chonnachtaibh marbh-sa mé." Is uime iomorro adubhairt
sin do bhrígh gomadh fearr leis ioná flaitheas Éireann
laoch éigin oile da ghoin ionnus nach biadh clú a mharbhtha
ar aon laoch amháin do Chonnachtaibh. "Ní mhuirfead tú"
ar Béalchú "óir is geall ré bheith marbh dhuit an riocht 'n-a
bhfuilir. Gidheadh béar liom tú agus cuirfead leigheas ort;
agus ma's téarnódh ód othras duit do-dhéan comhrac aoinfhir
riot, go ndíoghaltar liom ort gach dochar is gach díoth dar
himreadh leat ar Chonnachtaibh." Agus leis sin cuiris iomchar
faoi agus beiris leis da theach féin é, gur chuir leigheas air
ann, go beith da chréachtaibh cneasuighthe.



Mar do mheas iomorro Béalchú eisean ag téarnódh agus
a neart féin ag fás arís ann, do ghabh eagla ré gConall
é, agus ollmhuighthear triúr laoch da chloinn lé Béalchoin ré
marbhadh Conaill i bhfeall san oidhche ar a leabaidh. Gidheadh


L. 208


fuair Conall dóigh ar chogar na ceilge sin. Agus an oidhche
do bhí a bhara fán gcloinn teacht do dhéanamh na feille
adubhairt Conall ré Béalchoin go gcaithfeadh malairt leaptha
d'fhagháil uaidh nó go muirbhfeadh é. Agus leis sin luighis
Béalchú, gér leasc ris é, i leabaidh Chonaill agus do luigh
Conall i leabaidh Bhéalchon go dtángadar an triúr laoch
soin fá clann do Bhéalchoin d'ionnsuighe na leaptha 'n-a
mbíodh Conall, gur marbhadh a n-athair i riocht Chonaill leo.
Mar do mhothuigh iomorro Conall iad-san ar marbhadh a
n-athar 'n-a riocht féin, do ling orra is marbhthar iad a
dtriúr leis, agus dícheanntar leis iad mar aon ré n-a
n-athair, go rug ar n-a mhárach a gcinn da gcomhmhaoidheamh
go hEamhain; gonadh ag maoidheamh an ghníomha-so atá an
rann-so as an seanchus:




Fá do cheardaibh Chonaill Chearnaigh
Ionnradh Manann argain mogh
Is goin trí mac Béalchon Bréithfne
Iar ngoin Luighdheach mic trí gcon.




Gonadh é marbhadh Cheit mic Mághach is Bhéalchon Bréithfne
go n-a trí macaibh go ró so. Gidheadh is iomdha éacht adhbhal
leis so do féadfaidhe do chomhmhaoidheamh ar Chonall fhuigfeam
don chur so gan chur síos.



Ag so síos an ní da dtáinig bás Fheargusa mic Róigh.



Ar mbeith iomorra d'Fhearghus ar deoraidheacht i gConnachtaibh,
tarla i bhfochair Oiliolla is Meadhbha é i Maigh Aoi,
áit a raibhe dúnphort comhnuighthe aca; agus lá n-aon dar
éirgheadar amach ar bruach locha do bhí láimh ris an lios,
iarrais Oilill ar Fhearghus dul do shnámh ar an loch, agus
téid Fearghus ann. Ar mbeith cheana d'Fhearghus ag snámh do
ghabh mian Meadhbh dul do chomhshnámh ris agus ar ndul san loch
di i bhfochair Fhearghusa do ghabh éad Oilill agus tug ar
bhráthair dó féin do bhí 'n-a fhochair dar bh'ainm Lughaidh
Dailléigeas urchar sleighe do chaitheamh ré Fearghus go dtarla


L. 210


tré n-a chliabh agus tig Fearghus i dtír lé goin an urchair sin,
agus gaduis an tsleagh as féin, go dtug amus urchair go
hOilill go dtarla tré mhíolchoin do bhí láimh ré n-a charbad
í; agus leis sin tuitis Fearghus agus fuair bás, gur haidhnaiceadh
ar bruach an locha céadna é. Is é an Fearghus-so
do mharbh Fiachna mac Conchubhair agus an tréinfhear Geirrgheann
mac Molladha agus Eoghan mac Durrthachta rí Fearnmhuighe
is iomad curadh is caithmhíleadh ar cheana nach luaidhfeam
annso. Is é fós tug an táin mhór leis a hUlltaibh
da dtáinig iomad uilc is easaonta idir Chonnachta is Ulltaigh
ionnus go rabhadar an dubhloingeas táinig ar deoraidheacht
lé Fearghus a hUlltaibh seacht mbliadhna i gConnachtaibh, nó
deich mbliadhna do réir dhruinge oile, ag déanamh fíorluit
is foghla ar Ulltachaibh tré bhás mac nUsnuigh agus Ulltaigh
mar an gcéadna ag déanamh díbhfeirge orra-san is ar
fhearaibh Connacht trés an dtáin rug Fearghus uatha, agus
trés gach dochar oile da ndearna an dubhloingeas .i. an
sluagh deoraidheachta do chuaidh lé Fearghus i gConnachtaibh,
agus fir Chonnacht féin dóibh; ionnus go rabhadar na díotha
is na dochair do rinneadar leath ar leath da chéile comh mór
soin go bhfuilid leabhair scríobhtha orra budh liosta ré a
luadh agus budh fada ré a bhfaisnéis annso.



Ag so síos an t-adhbhar fá dtáinig bás Laoghaire Bhuadhaigh.



File iomorro do bhí ag Conchubhar da ngairthí Aodh mac
Ainninn do liamhnadh ar Mhaghain bean Chonchubhair; agus ar
n-a fhionnochtadh sin dó, is í breath rug ar an bhfilidh a chur da
bháthadh i Loch Laoghaire; agus tángadar drong leis ar fhógradh
an ríogh gus an loch da bháthadh; agus ar n-a fhaicsin sin do
reachtaire Laoghaire Bhuadhaigh téid go Laoghaire agus
adubhairt nach raibhe i nÉirinn áit 'n-a mbáithfidhe an file
acht 'n-a dhoras san. Leis sin lingis Laoghaire amach is


L. 212


tarla fardoras an tighe do chúl a chinn gur briseadh a sheicne,
agus da éis sin lingis go dásachtach ar chách gur mharbh iad is
gur fóireadh an file leis; agus éagais féin ar an láthair sin;
gonadh í sin críoch Laoghaire Bhuadhaigh.




XXXV.



Ag so fachain bháis Mheidhbhe Cruachan.



Iar marbhadh iomorro Oiliolla lé Conall Cearnach do chuaidh
Meadhbh do chomhnuidhe go hInis Clothrann ar Loch Ríbh
agus ar mbeith 'n-a comhnuidhe ann sin di ba geis di í féin
d' fhothragadh san tobar do bhí i ndoras na hinse gacha maidne;
agus ar n-a chlos sin d' Fhorbuidhe mac Conchubhair táinig lá
n-aon go huaigneach d' fhios an tobair, agus do thomhais lé
snáth lín ó bhruach an tobair gus an leith oile don loch agus
beiris an tomhas céadna leis i nUlltaibh; agus is eadh do ghníodh,
dá chuaille do chur i dtalamh agus ceann an tsnáithe do cheangal
da gach cuaille dhíobh agus ubhall do chur ar mullach
cuaille aca agus é féin do sheasamh ag an gcuaille oile agus
bheith ag síorlámhach as a chranntabhaill go dtugadh amus ar
an ubhall do bhíodh ar barr an chuaille oile go mbuaileadh é.
Do cleachtadh leis iomorro an cluithche sin ionnus go raibhe
cliste air go nach teibeadh aonurchar air gan an t-ubhall
d' amus. Tarla trá go grod da éis sin comhdháil idir Ulltachaibh
is Connachtaigh da gach leith don tSionainn ag Inis
Clothrann agus tig Forbuidhe anoir i gcomhdháil na nUlltach.
Agus maidean da raibhe ann do chonnairc Meadhbh ag a
fothragadh féin amhail ro chleachtadh san tobar réamhráidhte;
agus leis sin do-ní cloch d' inneall 'n-a chranntabhaill go
dtug urchar da hionnsuighe gur amuis 'n-a héadan í, go
bhfuair bás ar an láthair sin iar mbeith ocht mbliadhna déag
si cheithre fichid i gceannas Connacht di, amhail
adubhramar thuas.



Tugamar anuas annso gabhlán ar na curadhaibh ar
mbeith 'n-a lucht comhaimsire ag Meidhbh dhóibh. Gidheadh


L. 214


fillfeam ar Eochaidh Feidhlioch arís. Trí mic iomorro agus
trí hingheana do bhí ag Eochaidh, mar atá Breas is Nár is
Lothar na trí mic, agus na trí hingheana Eithne Uathach
Clothra is Meadhbh Cruachan, amhail adeir an file san
rann-so:




Trí hingheana Eochach Feidhlioch,
Fuaim ar fochla
Eithne Uathach Meadhbh chaoin Chruachan
Agus Clothra.




Do-dhéanam athchasadh arís ar Chonchubhar agus cuirfeam
síos annso cuid da dhálaibh. Fá hí iomorro inghean Eochach
Sálbhuidhe do Chonnachtaibh a mháthair dar bh'ainm Neasa,
agus do gairthí uaithe é. Gidheadh fá hé Fachtna Fáthach mac
Cais mic Rudhruighe do shliocht Ír mic Míleadh fá hathair dó;
agus an tan do bhádar na cúigeadhaigh ag iarraidh teorann gacha
cúigidh fá leith, is ann tug Cairbre Nia Fear rí Laighean i
gcommaoin inghine Chonchubhair d'fhaghbháil 'n-a mnaoi dhó
féin, an mhír atá ó Loch an Chúigidh i mBreaghaibh agus ó
Theamhair go fairrge do Chúigeadh Uladh, agus trí triúcha céad
iomlána na míre sin, amhail adeir an file:




Dia rannta chóig cóigidh Éireann
Idir dá mhuir, mór an cead,
Rug trí triúcha céad lé a chuibhreann
Conchubhar, níor chaoileang bheag.




Feidhlim Nuachrothach ainm na hinghine lé bhfuair an sochar-
so; agus do chuaidh go hainmhianach ar éalódh lé Conall Cearnach
ó rígh Laighean.



Dála Chonchubhair tarla mac is fiche aige agus do rinne
corbadh do dhruim mheisce ré n-a mháthair féin go rug sí
Cormac Conluingeas dó. Ionann iomorro Cormac is Corbmac
do bhrígh gurab tré chorbadh do rinne Conchubhar Cormac
ré n-a mháthair féin, Neasa fá hainm dhi. Agus is i ndíol an
mhíghníomha soin do chuadar a mhic uile gan sliocht acht triúr


L. 216


mar atá Beanna ó ráidhtear Beanntraighe; Lanna ó raidhtear
Lannraidhe; is Glaisne ó ráidhtear Glasraidhe. Gidheadh
ní fhuil neach beo ar sliocht na druinge-se i nÉirinn aniú.



Is é an Conchubhar-so mac Fachtna Fáthaigh agus a
bhráithre tug Cath Aonaigh Macha do Dhabhall Dianbhuilleach
mac airdríogh Lochlonn. Ba dío-áirimh trá an sluagh baoi
mar aon ré mac ríogh Lochlonn an tan soin ag teacht do
ghabháil Éireann. I gCúigeadh Uladh is ann tángadar i dtír,
agus triallaid rompa iar sin go Magh Macha. Do thionóilsiod
clanna Rudhruighe um Chonchubhar i n-aghaidh na n-allmhurrach
do thabhairt chatha dhóibh. Adubhairt Geanann Gruadhsholus
mac Cathbhaidh ria a mhuinntir an tan soin. "Is tearc bhar
sluagh, a Ullta," ar sé, "agus is óg amhulchach gach aon agaibh."
"Créad do-dhéanam uime sin," ar cách; "Maseadh," ar
Geanann, "tabhraidh iomad d'olainn léith libh agus
cruaidhcheanglaidh an olann da bhar n-aighthibh ionnus go madh móide
gráin is eagla na n-allmhurrach romhaibh an ní sin amhail budh
ríoghlaoich sibh." Do rinneadar uile comhairle Gheanainn
gach aon ba hamhulchach .i. gach aon ar nach raibhe féasóga aca.
Tugadh an cath iar soin, is do briseadh do na hallmhurrchaibh
agus do cuireadh a n-ár ann; gonadh ón gcath soin Aonaigh
Macha adeirtear Ulaidh riú.



Ag so síos do bhás Chonlaoich mic Con gCulainn.



Is é ní iomorro da dtáinig a bhás, Cú Chulainn do chuaidh
d'fhoghluim chleas ngoile go Scáthaigh, banghaisceadhach do bhí
i nAlbain; agus tarla inghean álainn i nAlbain an tan soin
dar bh'ainm Aoife inghean Airdghéime tug grádh éagmaise
do Choin gCulainn ar a airdscéalaibh go dtáinig da fhios
gur chumaisc sí féin is Cú Chulainn ré chéile go dtarla mac
'n-a broinn. Agus ar mbeith ag triall i nÉirinn do Choin
gCulainn iar bhfoghluim na gcleas lúith ó Scáthaigh, téid do


L. 218


cheileabhradh d'Aoife is tug órnasc .i. slabhradh óir di agus
adubhairt ria a choimhéad go beith da mac infheadhma; agus
ar mbeith infheadhma dhó an slabhradh do chur leis an mac
chuige féin mar chomhartha chinnte as a n-aitheonadh é; nó do
réir dhruinge oile, iodh óir, agus adubhairt ria an tan do
bhiadh a mhac chomh arrachta is go líonfadh a mhéar an iodh
a chur da fhios féin i nÉirinn; agus fós do chuir trí geasa
ar an mac ria dteacht go hÉirinn dó. An chéidgheis díobh
gan seachnadh slighe do dhéanamh d'aonchuradh ná
d'aonchaithmhíleadh san domhan. An dara geis gan a ainm do thabhairt
tré uamhan d'aonlaoch san bhith. An treas geis gan comhrac
aoinfhir da threise ar talmhain d'obadh. Agus iar bhfás is
iar bhforbairt iomorro don mhac soin is iar bhfoghluim chleas
ngoile is ngaiscidh dó ó bhanoide na gcuradh .i. Scáthach,
triallais i nÉirinn d'fhios Chon gCulainn fá hathair dó;
agus ar rochtain tíre don mhacaomh, tarla Conchubhar go maithibh
Uladh i ndáil nó i n-oireachtas ag Trácht Eise ar a chionn;
agus cuiris Conchubhar laoch dá mhuinntir dá ngairthí Cuinnire
d'fhagháil scéal uaidh. Mar tháinig iomorro do láthair an
mhacaoimh fiafruighis a ainm dhe. "Ní shlonnaim mé féin
d'aonlaoch amháin ar druim thalmhan" ar Conlaoch. Tillis trá
Cuinnire go Conchubhar agus nochtais an t-aitheasc soin dó.
Leis sin téid Cú Chulainn do bhuain scéal de. Gidheadh
ní bhfuair acht an freagra céadna ó Chonlaoch; agus comhraictear
leo go fuileach ré chéile go raibhe Conlaoch ag
traochadh Con gCulainn, acht gér mhór a chródhacht is a chalmacht
i ngach comlann riamh roimhe sin, ionnus gur bh'éigin dó dul
san áth do b'fhoigse dhó agus a thabhairt fá deara ar Laogh
mac Riain Ghabhra an ga bolg d'inneall dó gur chuir tré
chorp Chonlaoich é; gonadh mar sin táinig a bhás.


L. 220


XXXVI.



Tuig, a léaghthóir, dá gcuirinn síos annso mar do thuit
Cú Chulainn lé clannaibh Cailitín agus Fear Diadh mac
Damhain lé Coin gCulainn agus na seacht Maine fá clann
d'Oilill Mhór is do Mheidhbh agus iomad oile do churadhaibh
calma nach áirmhighthear annso, go mbiadh eachtra adhbhal
ré a hiomluadh orra. Gidheadh ma's maith leat a bhfios
go foirleathan d'fhagháil léaghthar leat Brisleach Mhuighe
Muirtheimhne, Oidhidh na gCuradh, nó Táin Bó Cuailgne, nó
Táin Bó Reaghamain, nó Deargruathar Chonaill Chearnaigh,
nó Feis Eamhna, nó Táin Bó Fliodhais, nó a samhail oile so
do stairibh atá ré a bhfaicsin i nÉirinn aniú, agus do-ghéabhair
luadh go líonmhar ar an druing thuas is ar iomad do
churadhaibh is do chathmhíleadhaibh oile - ar a ndálaibh is ar a
n-imtheachtaibh ionnta.



Acht cheana measaim nach indéanta dearmad do Choinrí
mac Dáire annso gan fachain a bháis do chur síos, ar mbeith
'n-a thréinfhear dó is 'n-a fhior comhaimsire ag Conchubhar
agus ag na curadhaibh. Morann Mhanannach máthair Chonraoi
mic Dáire, amhail adeir an file san rann-so:




Morann Mhanannach miadh nglé,
Inghean Ír mic Uinnsidhe;
Siúr Eochach Eachbheoil fá hí
Máthair Chonraoi mic Dáirí.




Trí haicmeadha iomorro do bhí do thréinfhearaibh i nÉirinn
i gcomhaimsir; agus ní raibhe rompa ná ó shin a leithéid do
mhacaibh Míleadh ba mhó ba arrachta ba cródha ba cliste is
ba calma i gcathláithribh is i gcleasaibh goile is gasceadh
ioná iad, ó nár chomhmheasta Fian Laighean riú. An chéadaicme
dhíobh curaidh na Craoibhe Ruaidhe fá Chonchubhar; an
dara haicme Gamhanruidh Iorrais Domhnonn fá Oilill Fhionn,


L. 222


agus an treas aicme clanna Deaghaidh fá Choinrí mac Dáire
i n-iarthar Mhumhan.



Is é ní da dtáinig bás Chonraoi: coimhéirghe do chuadar
curaidh na Craoibhe Ruaidhe d'argain oiléin mhara láimh re
hAlbain da ngairthear Manainn, mar a raibhe iomad óir
is airgid is iolmhaoine agus iomad do sheoidibh uaisle oile,
agus inghean álainn aontumha do chinn ar mhnáibh a comhaimsire
i gcruth is i scéimh ag tighearna an oiléin. Blánaid
fá hainm di. Agus mar do chuala Cúraoi na curaidh ag
triall sán turas soin cuiris é féin tré dhraoidheacht i
mbréigriocht go ndeachaidh san chomhdháil; agus ar mbeith ar
tí airgthe an oiléin dóibh i bhforbhais bhfear bhfalgha, do
mheasadar docamhal mór do bheith i ngabháil an dúin do bhí
san oiléan mar a raibhe Blánaid is seoide uaisle an oiléin
uile, ar dhaingne an dúin is ar iomad draoidheachta na
druinge do bhí ag a chosnamh. Is ann sin adubhairt Cúraoi
do bhí i riocht fhir an bhruit lachtna dá bhfaghadh rogha seoide
da raibhe san dún go ngéabhadh féin an dún dóibh. Geallais
Cú Chulainn sin dó agus leis sin tugadar ucht ar an dún
agus fear an bhruit lachtna 'n-a dtosach gur fastadh
an roth geintlidhe do bhí ar siubhal ar dhoras an dúnaidh
leis, gur léig cách isteach, gur hairgeadh an dún leo, agus
go dtugsad Blánaid agus a raibhe do sheoidibh uaisle ann
as. Triallaid as sin i nÉirinn go rochtain Eamhna dhóibh
agus ar mbeith ag roinn na seod dóibh iarrais fear an
bhruit lachtna rogha seoide amhail do gealladh dó.
"Do-ghéabhair" ar Cú Chulainn. "Maiseadh" ar sé "is í Blánaid
mo rogha do na seoidibh." "Do rogha do na seoidibh
oile dhuit" ar Cú Chulainn "acht Blánaid amháin." "Ní
ghéabh a malairt" ar fear an bhruit lachtna. Leis sin
iarrais Cúraoi árach ar Bhlánaid d'fhuadach, go dtug amus
ós íseal uirre, go rug leis í i gcealltair dhraoidheachta.
Mar do mhothuigh Cú Chulainn easbhaidh na hinghine air do


L. 224


mheas gurab é Cúraoi rug leis í agus leanais ar a lorg
go réimdhíreach iad don Mhumhain go rug ortha ag Solchóid;
agus beirid na tréinfir ar a chéile is do níd gleic chalma
churata, gur trascradh Cú Chulainn lé Coinrí is go dtug
ceangal na gcúig gcaol air gur fhágaibh 'n-a chime chuibhrighthe
ann sin é iar mbearradh a fhuilt lé n-a chloidheamh. Agus
beiris féin Blánaid leis i n-iarthar Mhumhan iar bhfágáil
Chon gCulainn ceangailte amhail adubhramar. Tig iomorro
leis sin Laogh mac Riain Ghabhra is scaoilis do Choin gCulainn
is triallaid as sin go tuaisceart Uladh, gur áitigheadar
láimh ré Beannaibh Boirche feadh bliadhna gan teacht i gcomhdháil
fhear nUladh nó gur fhás folt Con gCulainn; agus
i gceann na bliadhna soin tarla Cú Chulainn ar Bheannaibh
Boirche, go bhfacaidh ealta mhór d'éanaibh dubha ag tigheacht
adtuaidh do dhruim an mhara, agus ar rochtain i dtír dhóibh
leanais ar a lorg iad, agus marbhais as a chranntabhaill
leis an gcleas da ngairthí táithbhéim éan as gach crích dhíobh;
gur mharbh an duibhéan déidheanach dhíobh ag Sruibh Broin
i n-iarthar Mhumhan. Agus ag tilleadh aniar dhó fuair
Blánaid go huaigneach láimh ré Fionnghlaise i gCiarraidhe
mar a raibhe dúnphort comhnuighthe Chonraoi an tan soin go
dtarla comhagallmha eatorra araon an tráth soin gur
nocht sise dó nach raibhe ar druim thalmhan fear b'annsa
lé ioná é; agus iarrais air an tSamhain ba neasa dhóibh
teacht líon sluagh da breith féin ar áis nó ar éigin leis;
agus go madh córaide dhó sin do dhéanamh go dtiocfadh dhi
féin an tráth soin Cúraoi do bheith i n-uathadh sluagh is
sochaidhe. Geallais Cú Chulainn di-se tigheacht fan am soin
dá hionnsuighe. Ceileabhrais iomorro leis sin di is triallais
i nUlltaibh agus nochtais an dáil do Chonchubhar.



Dála Bhlánaide, adubhairt ré Coinrí gur bh'oircheas dó
cathair do dhéanamh dó féin do-bhéaradh barr ar ríoghphortaibh
Éireann uile; agus gurab amhlaidh budh éidir sin do dhéanamh
clanna Deaghaidh do chur do chnuasach is do chruinniughadh a
rabhadar do liagaibh cloch 'n-a seasamh i nÉirinn do dhéanamh


L. 226


cathrach dó féin. Agus fá hé fáth Bhlánaide ris sin go mbeidís
clanna Deaghaidh fá chríochaibh imchiana Éireann i bhfad ó
Choinrí ré teacht Chon gCulainn da breith féin leis. Ar a
chlos iomorro do Choin gCulainn go rabhadar clanna Deaghaidh ar
n-a scannradh fá Éirinn mar sin, triallais ós íseal a
hUlltaibh go sluaghbhuidhin leis agus ní haithristear a bheag
da scéalaibh go ráinig an doire choille do bhí láimh ré longphort
Chonraoi; agus ar mbeith ann sin dó, cuiris scéala ós
íseal go Blánaid é féin do bheith ann sin go sluagh 'n-a
fhochair; agus is é comhartha do chuir sí chuige go ngoidfeadh
cloidheamh Chonraoi, agus leis sin go ndoirtfeadh dabhach
leamhnachta do bhí san lios ris an sruth do bhí ag snighe ón
mbáile trés an gcoill i raibhe Cú Chulainn. Iar gclos
an chomhartha dhó, ní cian do bhí an tan athchonnairc an sruth bán
ón mbainne, agus leis sin tugadar amus ar an longphort
agus do lingeadar an lios ar Choinrí, gur marbhadh leo é ar
mbeith 'n-a aonar gan arm dhó. Fionnghlaise iomorro fá
hainm don tsruth réamhráidhte ar mbeith fionn ón mbainne
dhó.



Téid file Chonraoi, Feircheirtne a ainm, i ndiaidh Bhlánaide
i nUlltaibh, i ndóigh go bhfuighbheadh árach ar Bhlánaid do
mharbhadh i ndíoghail Chonraoi; agus ar rochtain i nUlltaibh
dó, fuair Conchubhar is Cú Chulainn is Blánaid go gcomhdháil
umpa ag rinn Chinn Bheara; agus mar do chonnairc an file
Blánaid 'n-a seasamh ar bruach aille ann téid da hionnsuighe
agus iadhais a lámha uimpe, gur chuir é féin agus í d'urchor
ris an aill, gur marbhadh amhlaidh sin iad.


L. 228


XXXVII.



Do ghabh Eochaidh Airiomh mac Finn mic Fionnlogha mic
Roighnéin Ruaidh mic Easamhain Eamhna mic Bláthachta mic
Labhradha Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa Tuirbhigh
Teamhrach mic Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh
mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic
Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine
Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dhá bhliadhain
déag. Is uime do gairthí Eochaidh Airiomh dhe, do bhrígh gurab
é do thochail uaimh ar dtús i nÉirinn. Airiomh, iomorro, ar
uaimhe .i. treabhadh nó tochailt uaimhe; agus fá dheireadh do thuit
an tEochaidh-se lé Siodhmall i bhFréamhuinn Teathbha.



Do ghabh Eidirsceol mac Eoghain mic Oiliolla mic Iair
mic Deaghaidh mic Sin mic Roisin mic Triuin mic Roithriuin mic
Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh mic Oiliolla
Érann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach
mic Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic
Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge
Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mBreagh mic Ughaine Mhóir do
shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna, gur thuit lé
Nuadha Neacht i nAillinn.



Do ghabh Nuadha Neacht mac Séadna Siothbhaic mic Luighdheach
Lóithfhinn mic Breasail Bhric mic Fiachach Foibhric mic
Oiliolla Ghlais mic Fearadhaigh Foghlais mic Nuadhat Fullóin
mic Eallóit mic Airt mic Mogha Airt mic Criomhthainn Choscraigh
mic Fearadhaigh Finn mic Feidhlimidh Foirthriuin mic Fearghusa
Fortamhail mic Breasail Bhreoghamain mic Aonghusa Ollamhan
mic Oiliolla Bhrácáin mic Labhradha Loingsigh mic Oiliolla
Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol
Éireamhóin


L. 230


ríoghacht Éireann leithbhliadhain. Is uime do gairthí Nuadha
Neacht dhe, ón fhocal nix .i. sneachta. Óir do samhaltaoi gile
a chneis ris an sneachta; agus do thuit an Nuadha-so lé
Conaire Mór mac Eidirsceoil.



Do ghabh Conaire Mór mac Eidirsceoil mic Eoghain mic
Oiliolla mic Iair mic Deaghaidh mic Sin mic Roisin mic Triuin
mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh
mic Oiliolla Érann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa
Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich
mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile, deich mbliadhna is
trí fichid.



Is é an Conaire Mór-so céadduine lér tógbhadh éiric a
athar .i. Eidirsceoil ar Laighnibh. Do thógbhadar an drong-so
'n-ar ndiaidh an éiric chéadna soin ar Laighnibh, mar atá
Oilill Ólom, Eoghan mac Oiliolla, Fiachaidh Muilleathan,
Oilill Flann Beag, Lughaidh mac Oiliolla Flann Big, agus
Corc mac Luighdheach. Fá hí sium na héarca soin, trí céad
bó fhionn; trí céad leann; trí céad torc; is trí céad
cloidheamh órdha; agus tugadh Osruighe leis an Mumhain do
roinn, mar atá ó Ghabhrán go Gréin Airbh láimh ré Móin Éile;
agus tugadar rátha na n-uile dúl ré híoc na héarca soin
go bráth, amhail adeir an seancha san rann-so:




Osruighe ó Ghabhrán go Gréin
Tugadh d'éiric Eidirscéil,
Lé Mumhain toghuidhe thoigh,
Is Conaire ros ceangoil.




Tuig, a léaghthóir, gurab do shliocht an Chonaire-se Éarna
Mhumhan agus Dál Riada i nAlbain, agus gurab i n-aimsir
Duach Dallta Deaghaidh tángadar Éarna don Mhumhain; agus
do réir Chormaic 'n-a Psaltair is iad clanna Rudhruighe do
thathfainn don Mhumhain iad iar mbriseadh ocht gcatha orra;
gur ghabhadar neart mór san Mhumhain da éis sin ó aimsir
Dhuach Dallta Deaghaidh go haimsir Mhogha Nuadhat, ionnus
gur ruagadar do réir an Leabhair Mhuimhnigh síol Éibhir siar


L. 232


go reannaibh Ó Ráthach go himeall is go hoiléanaibh iarthair
Mhumhán iar ngabháil cheannais na críche dóibh féin go haimsir
Mhogha Nuadhat lér díbreadh iad. Agus fá dheireadh do thuit
an Conaire Mór-so i mBruighin Da Bhearg lé hAingcéal
Caoch mac ríogh Breatan.



Do ghabh Lughaidh Riabh nDearg mac na dtrí bhFinneamhna
mic Eochach Feidhligh mic Finn mic Finnlogha mic Roighnéin
Ruaidh mic Easamhain Eamhna mic Bláthachta mic Labhradha
Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan, nó do réir
dhruinge oile, sé bliadhna fichead. Dearbhorgaill inghean
Fargaill Ríogh Lochlonn fá bean do Lughaidh Riabh nDearg.
Is uime do gairthí Lughaidh Riabh nDearg dhe do bhrígh go
raibhe ciorcaill dearg timcheall a bhrághad is ciorcaill
oile timcheall a mheadhóin; óir is iad na trí Finn do rinne
ré n-a ndeirbhshiair é, Clothra inghean Eochach Feidhligh a
hainm, ar mbeith ar meisce dhóibh; gonadh ag faisnéis an ghníomha
soin atá an rann seanchusa-so síos as a dtuigfidhear gurab
í an Chlothra-so lé rugadh Lughaidh Riabh nDearg da
dearbhráthraibh rug Criomhthainn Nia Nár don Lughaidh chéadna
soin fá mac di féin. Ag so an rann:




Lughaidh Riabh nDearg do Chriomhthann chain
Fá athair is fá bráthair;
Is Clothra an chrotha ghnáthaigh
Da mac ro ba seanmháthair.




Do measadh an tráth soin gurab lé mac dhíobh dar bh'ainm
Nár fá cosmhail a raibhe ón chiorcaill uachtair suas do
Lughaidh Riabh nDearg agus ré Breas a raibhe idir an dá
chiorcaill, agus ré Lotar a raibhe ón dá chrios síos. Is
amhlaidh do thuit an Lughaidh-se .i. lingeadh ar a chloidheamh
do rinne go ndeachaidh tríd.



Do ghabh Conchubhar Abhradhruadh mac Finn Fhileadh mic


L. 234


Rossa Ruaidh mic Fearghusa Fairrge mic Nuadhat Neacht
mic Séadna Siothbhaic mic Luighdheach Loithfhinn mic Breasail
Bhric mic Fiachach Foibhric mic Oiliolla Ghlais mic Fearadhaigh
Foghlais mic Nuadhat Fullóin mic Eallóit mic Airt mic Mogha
Airt mic Criomhthainn Choscraigh mic Feidhlimidh Foirthriuin
mic Fearghusa Fortamhail mic Breasail Bhreoghamain mic
Aonghusa Ollamhan mic Oiliolla Brácáin mic Labhradha
Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine
Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aonbhliadhain
amháin. Agus is uime do gairthí Conchubhar Abhradhruadh
dhe, do bhrígh gurab fabhradha ruadha do bhí ag a shúilibh; agus
fá dheireadh do thuit sé lé Criomhthann Nia Nár.



XXXVIII.



Do ghabh Criomhthann Nia Nár mac Luighdheach Riabh Dearg
mic na dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh mic Finn mic
Finnlogha mic Roighnéin Ruaidh mic Easamhuin Eamhna mic
Bláthachta mic Laoghaire Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa
Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann
sé bliadhna déag. Is uime do gairthí Criomhthann Nia Nár
dhe óir is ionann nia is gaisceadhach nó tréinfhear. Agus
is as tugadh Nár air do bhrígh gur bha nár leis a gheineamhain
idir a dhearbhráthair is a mháthair. An dara bliadhain déag
do fhlaitheas an Chriomhthainn Nia Náir-se rugadh Críost.
Is amhlaidh do básuigheadh an Criomhthann-so .i. tuitim da each
do rinne go bhfuair bás go grod da éis sin.



Do ghabh Fearadhach Fionn Feachtnach mac Criomhthainn
Nia Náir mic Luighdheach Riabh nDearg mic na dtrí bhFinneamhna
mic Eochach Feidhligh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann
fiche bliadhan. Nár Thuathchuach inghean Lóich mic Dáire
do Chruitheantuaith máthair Fhearadhaigh Fheachtnaigh. Is
uime


L. 236


ghairthear Fearadhach Feachtnach dhe do bhrígh go raibhe ceart
is fírinne dá gcoimhéad ré n-a linn i nÉirinn. Ionann
iomorro feachtnach is fírinneach. Is 'n-a réimheas do bhí
Morann mac Maoin ann .i. an ceirtbhreitheamh ag a raibhe
an iodh Morainn; agus do ba do bhuadhaibh na hidhe-se cibé
do chuirfeadh fá n-a bhrághaid í ré linn breitheamhnais éigceirt
do dhéanamh go n-iadhadh an iodh go daingean timcheall a
bhrághad, agus go mbíodh ag fascadh ar a bhrághaid go mbeireadh
an bhreath chóir. Agus do-níodh mar an gcéadna ris
an tí thigeadh do dhéanamh faisnéise bréige go hadmháil na
fírinne dhó. Gonadh ón idh sin atá an seanfhocal mar a
n-orduigheann neach an iodh Morainn do bheith fá bhrághaid
an tí bhíos ag déanamh fiadhnaise i ndóigh go ndiongnadh
fírinne. Agus fuair Fearadhach Feachtnach bás i Liath
Druim.



Do ghabh Fiatach Fionn, a quo Dál bhFiatach, mac Dáire
mic Dlúthaigh mic Deitsin mic Eochach mic Sin mic Roisin
mic Triuin mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga
mic Fearadhaigh mic Oiliolla Éarann mic Fiachach Fir Mara
mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht
Éireann trí bliadhna, gur thuit lé Fiachaidh Fionnoladh.



Do ghabh Fiachaidh Fionnoladh mac Fearadhaigh Fhinn Fheachtnaigh
mic Criomhthainn Nia Náir mic Luighdheach Riabh nDearg mic na
dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh do shíol Éireamhóin
ríoghacht Éireann seacht mbliadhna fichead. Is uime
ghairthear Fiachaidh Fionnoladh dhe, oladh ainm do bhoin, agus
fionn do bhádar urmhór bó Éireann ré n-a linn; gonadh de
sin tugadh Fiachaidh Fionnoladh air. Tuig, do réir Chroinic
Stoo, go rabhadar Scuit ag aithidhe i nAlbain Anno Domini 73
go grod i ndiaidh Fiachaidh Fionnoladh do bheith i bhflaitheas
Éireann agus fá taosca sin ioná Cairbre Riada do mharthain.
Agus is lé hathachthuathaibh Éireann do marbhadh an
Fiachaidh-se i bhfeall.



Do ghabh Cairbre Chinn Chait mac Dubhthaigh mic Rudhruighe


L. 238


mic Díochon Uairiodhnaigh mic Táit Teadhmannaigh mic Luaighne
Laidhcinn mic Oiris Eachlonnaigh mic Earnduilbh mic Rionnail
Dagharmaigh mic Ríogh Lochlonn táinig mar aon ré Labhraidh
Loingseach go buidhin Tuama Teannbhaoth agus adeirid
drong oile gurab d'Fhearaibh Bolg é, ríoghacht Éireann.
Cúig bliadhna i ríoghacht dó gur éag do thámh. Agus is uime
ghairthéar Cairbre Chinn Chait de, do brígh gur bha cosmhail ré
cluasaibh cait a chluasa amhail adeir an file san rann-so:




Amhail do bhí Cairbre cruaidh,
Do gabh Éire theas is thuaidh:
Dá chluais chait um a cheann cain,
Fionnfadh cait tré n-a chluasaibh.




Is é cor ar a ráinig ríoghacht Éireann Cairbre, feall do
hollmhughadh lé daorchlannaibh nó lé hathachthuathaibh Éireann
uile i gcoinne ríogh is uaisle Éireann; agus is é modh ar ar
chuireadar rompa an feall-so do dhéanamh fleadh d'ollmhughadh
ré n-a dáil do ríoghaibh is d'uaislibh Éireann; agus is é áit
'n-ar dáileadh an fhleadh soin i Maigh Crú i gConnachtaibh
agus do bhádar trí bliadhna ag a hollmhughadh; agus ar feadh
na haimsire sin do choigilsiod trian a dtoradh i n-oirchill
na fleidhe; agus tángadar saorchlanna Éireann mar aon ré trí
ríoghaibh dá caitheamh .i. Fiachaidh Fionnoladh rí Éireann is
Eithne inghean ríogh Alban a bhean; Feig mac Fidheic Chaoich
rí Mumhan agus Bearta inghean Ghoirtniad rí Breatan fá
bean dó; Breasal mac Firb rí Uladh is inghean ríogh Sacsan
fá bean dó; Áine a hainm, agus Cainneall ainm a hathar.
Trí taoisigh do bhí ag an athachthuaith mar atá Monach, Buan is
Cairbre Caitcheann; agus is é an Cairbre-se fá ceann ortha
uile. Naoi lá do bhádar ag caitheamh na fleidhe sin agus fá
dheireadh do lingsiod an athachthuaith ar shaorchlannaibh Éireann
da marbhadh gur thuitsiod uile leo ar an láthair sin acht na
trí geine do bhí i mbruinnibh an triar ban do bhí ag na trí


L. 240


ríoghaibh do luaidheamar. Éaluighid iomorro na mná go
hAlbain agus rugadar triar mac ann mar atá Tuathal
Teachtmhar, Tiobraide Tíreach is Corb Ólom. Dála Éireann
do fhás gorta mhór agus teirce toradh is iomad míoratha ar
Éirinn agus do bhí sin uirre go beith do thriar mac na dtrí
ríogh soin do mharbhsad i bhfeall ionairm. Agus ar n-a chlos
d'fhearaibh Éireann gur mhaireadar triar mac na ríogh soin
do chuireadar feasa is teachta 'n-a ndáil da iarraidh orra
flaitheas a sean is a sinsear féin do ghlacadh arís agus do
chuireadar grian is éasca i slánadh nó i gcoraidheacht orra
féin fá umhlacht do thabhairt dóibh, is fá bheith díleas go bráth
arís dóibh. Leis sin tángadar na macaoimh is do ghlacadar
oighreacht a n-athrach go dtáinig a rath féin ar Éirinn arís
de sin. Agus do éag Cairbre Chinn Chait do thámh.



Do ghabh Eilim mac Connrach mic Rossa Ruaidh mic Rudhruighe
mic Sithrighe mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir
mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre
mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht
Éireann fiche bliadhan; gur thuit lé Tuathal Teachtmhar i
gCath Aichle.


L. 242


XXXIX.



Do ghabh Tuathal Teachtmhar mac Fiachach Fionnoladh mic
Fearadhaigh Fhinn Fheachtnaigh mic Criomhthainn Nia Náir mic
Luighdheach Riabh nDearg mic na dtrí bhFinneamhna mic Eochach
Feidhligh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich
mbliadhna fichead. Is uime ghairthear Tuathal Teachtmhar dhe ó
theacht gacha maitheasa ré n-a linn. Níor fhágaibh iomorro
Fiachaidh Fionnolodh do chloinn acht aonmhac dá ngairthí
Tuathal Teachtmhar. Agus i mbroinn Eithne inghine ríogh Alban
do chuaidh ar éalódh a hargain Mhaighe Crú i gConnachtaibh
do bhí an mac soin an tan do mharbhadar an Athachthuaith Fiachaidh
Fionnolad is saorchlanna Éireann. Agus iar mbreith Thuathail
i nAlbain do hoileadh is do béasmhúineadh ann é go beith
i gcionn a chúig mbliadhan fichead dó; agus feadh na ré sin do
bhí míorath ar Éirinn; agus ar mbeith i gcruadhdáil mhóir
don Athachthuaith do chuadar do chinneadh chomhairle ré n-a
ndraoithibh da fhios cionnus nó créad an modh da dtáinig an
míorath do bhí ar Éirinn an tráth soin, nó cionnus do fóirfidhe
uaidh í. Is eadh adubhradar na draoithe gurab uime do bhí
an míorath uirre tré mar do rinneadar an feall ar ríoghaibh
is ar shaorchlannaibh Éireann; adubhradar fós nach fillfeadh
a rath féin ar Éirinn go ngabhadh neach éigin do shliocht na
ríogh soin do marbhadh ceannas Éireann. Agus is fán am
soin do chualadar an Athachthuaith go raibhe mac ag Fiachaidh
Fionnoladh i nAlbain dar bh'ainm Tuathal Teachtmhar; agus
do chuadar dronga móra don Athachthuaith i gcomhairle agus is
eadh do cinneadh leo teachta do chur i gcoinne Thuathail go
hAlbain. Do bhádar fós dronga d'iarmhar shaorchlann
Éireann mar atáid clann an Duinn Déasa do Laighnibh
Fiachaidh Casán is Fionnbhall a bhráthair agus sé céad
foghluidhe mar aon riú ag argain Éireann i ndíoghail na feille


L. 244


do rónsad an Athachthuaith ar ríoghaibh is ar shaorchlannaibh
Éireann.



Ar gclos an sceoil sin do Thuathal Teachtmhar triallais
féin is a mháthair .i. Eithne inghean ríogh Alban i nÉirinn
go sluagh líonmhar maille riú. Cúig bliadhna fichead do b'aois
do Thuathal an tráth soin agus do ghabhadar cuan i nIorrus
Domhnann go dtarla Fiachaidh Casán go n-a bhráthair riú
ann sin. Triallaid as sin go Teamhraigh is tionóilid a
rannta as gach aird d'Éirinn i ndáil Tuathail go Teamhraigh
agus gairmthear leo rí Éireann de. Tig Eilim mac Connrach
do bhí i bhflaitheas Éireann an tráth soin ar n-a thogha lé
Athachthuathaibh d'éis bháis Chairbre Chinn Chait do
thabhairt Chatha Aichle i n-aghaidh Thuathail. Bristear
d'Eilim is d'Athachthuathaibh is marbhthar é féin is urmhór a
shluaigh san chath soin. Tug Tuathal is a rannta ucht ar
Athachthuathaibh feadh Éireann ann sin gur bhris cúig catha
fichead i nUlltaibh agus cúig catha fichead i Laighnibh is cúig
catha fichead i gConnachtaibh agus cúig catha déag is fiche san
Mhumhain orra.



Iar mbriseadh iomorro na gcath soin do Thuathal agus iar
bhfóirithin saorchlann Éireann a hanbhroid na n-Athachthuath,
do rinneadh Feis Teamhrach leis, amhail is gnáth ris gach rígh i
dtús a fhlaithis ríoghdháil choithcheann do chruinniughadh is do
choimhthionól ré hordughadh reacht is nós na críche. Tángadar
uaisle Gaedheal as gach cúigeadh i nÉirinn chuige iar sin; agus
do ghabhadar mar rígh ris tré mar do shaor iad féin ó mhoghsaine
na ndaorchlann .i. na nAthachthuath; agus tugadar
rátha na ndúl ré ríoghacht Éireann do léigean dó féin is da
chloinn, amhail do gealladh roimhe sin d'Ughaine Mhór.



Is ann sin fós fuair cheithre mire do na cúigeadhaibh da
ndearna sé an Mhidhe-se ann anois mar fhearann cinnte do
gach airdrígh da mbiadh i nÉirinn. Óir tar ceann go raibhe


L. 246


Midhe d'ainm ar an dtuaith fhearainn atá láimh ré hUisneach
ó aimsir chloinne Neimhidh go haimsir Thuathail, maseadh ní
raibhe Midhe d'ainm ar na míribh do beanadh do na cúigeadhaibh
go haimsir Thuathail go ndearna críoch ar leith ó na
cúigeadhaibh dhi.



Tar éis iomorro mar do chuir Tuathal na cheithre míre-se
ré chéile go ndearna aoin chríoch amháin díobh da ngoirthear
Midhe, do thógaibh sé cheithre príomhlongphuirt innte, mar atá
longphort i ngach mír dhíobh. Do thógaibh cheana Tlachtgha san
mír don Mhumhain atá leis an Midhe, agus is ann sin do
horduigheadh Teine Thlachtgha mar a gcleachtaoi leo draoithe
Éireann do chruinniughadh is do chóimhthionól oidhche Shamhna do
dhéanamh iodhbartha do na huile dhéibh. Is ann san teinidh sin
do loiscthí a n-iodhbartha leo agus fá héigean i bpéin chánach
teinnte Éireann do mhúchadh an oidhche sin, agus ní lámhadh neach
d'fhearaibh Éireann teine d' adhnadh acht ón teinidh sin;
agus gach teine do bhíodh ar n-a hadhnadh aiste i nÉirinn do
bhíodh screaball nó trí pinginne ag rígh Mumhan do chíos uirre
do bhrígh gurab don mhír ráinig ón Mumhain don Mhidhe an
fonn ar a bhfuil Tlachtgha.



Do rinne an dara longphort san mír ráinig do Chúigeadh
Connacht é, mar atá Uisneach mar a mbíodh comhdháil choitcheann
fhear nÉireann ar a dtugtaoi Mórdháil Uisnigh; agus um
Bealltaine do bhíodh an t-aonach soin ann mar a gcleachtaoi
leo malairt a maoine is a n-earradh is a séad do dhéanamh
fá seach. Do cleachtaoi leo fós iodhbartha do dhéanamh don
airddia da n-adhradaois da ngairthí Béil, agus fá gnáth leo
dá theine do dhéanamh i n-onóir do Bhéil i ngach tuaith i
nÉirinn, agus deibhléan da gach cinéal spréidhe da mbíodh san
tuaith do thiomáin idir an dá theinidh mar urchosc da gcaomhna ar
gach galar feadh na bliadhna soin; agus is ón teinidh sin do-níthí
i n-onóir do Bhéil ghairmthear Bealltaine don fhéil


L. 248


uasail ar a bhfuil lá an dá apstal mar atá Pilip agus
Séamus; Bealltaine .i. Béilteine nó teine Bhéil. Do bhíodh
fós each is earradh gach flatha tigeadh i mórdháil Uisnigh uatha
do rígh Connacht mar chíos, do bhrígh gurab don mhír ráinig ó
Chúigeadh Connacht ris an Midhe an áit 'n-a bhfuil
Uisneach.



An treas longphort do thógaibh Tuathal, Taillte a
ainm, atá san mír ráinig do Chúigeadh Uladh ris an Midhe
agus is innte do-níthí aonach Tailltean mar a gceangladaois
fir Éireann cleamhnas is cáirdeas ré chéile; agus is soibhéasach
an nós do bhíodh eatorra san chomhdháil sin, mar atá
na fir ar leith leo féin agus na mná ar leith don taoibh oile
agus a n-aithreacha is a máithreacha ag snadhmadh eatorra go
bpóstaoi ré chéile gach lánamhain díobh do roicheadh i n-eachtaibh
is i gconnarthaibh a chéile, amhail adeir an file:




Gan teacht fear i bhfarradh ban,
Gan mná i bhfarradh bhfear bhfionnghlan,
Acht cách i gcádhas ó a dtoigh
I n-árus an ardaonoigh.




Tar ceann iomorro gurab é Lughaidh Lámhfhada do thionnscain
aonach Tailltean ar dtús mar chuimhniughadh bliadhna ar a
bhuimigh féin Tailltin inghin Mhaghmóir rí Easpáinne fá
bean d'Eochaidh mac Eirc rí déidheanach Fhear mBolg amhail
adubhramar thuas - ar mbeith trá do Thailltin ar n-a hadhnacal
lé Lughaidh san tulaigh sin do commóradh aonach Tailltean
leis mar násadh nó mar chuimhniughadh uirre, gonadh uime sin
do gairthí Lughnasa, .i. násadh nó cuimhniughadh logha dhon chéadlá
d'August ar a bhfuil féil Ghéibheann Pheadair aniú - tar
ceann go raibhe feart is aonach Tailltean ann ó aimsir Lughdheach
Lámhfhada maseadh ní raibhe Taillte 'n-a ríoghphort
go haimsir Thuathail Teachtmhair. Do bhrígh iomorro gurab


L. 250


don mhír do beanadh do Chúigeadh Uladh an áit i bhfuil Taillte
is ag rígh Uladh do bhíodh cíos aonaigh Thailltean. Ag
so suim an chíosa soin, mar atá uinge d'airgead ar gach
lánamhain do bhíodh ar n-a bpósadh ann.



An ceathramhadh ríoghphort Teamhair atá san mír ráinig do
Laighnibh ris an Midhe mar a gcleachtaoi Feis Teamhrach do
dhéanamh gacha treas bliadhain, iar ndéanamh a n-iodhbartha da
n-uile dhéibh i dTlachtgha (amhail adubhramar) ré hucht na
ríoghdhála soin da ngairthí Feis Teamhrach mar a gcleachtaoi
leo reacht is nóis d'ordughadh, is fromhadh do dhéanamh ar
annálaibh is ar sheanchus Éireann; ionnus an mhéid do bhíodh
dearbhtha dhíobh go scríobhdaois ardollamhain iad i Rolla na
Ríogh da ngairthí Psaltair na Teamhrach, agus gach nós nó
gach seanchus oile da mbíodh i nÉirinn nach bíodh do réir an
phrímhleabhair sin ní bhíodh cion fírinne ortha. Ni luaidhfeam
annso go cinnte na reachta ná na nóis do horduigheadh go
cinnte i bhFeis Teamhrach do bhrígh gurab lán leabhair an
Breitheamhnais Tuaithe dhíobh. Acht amháin cuirfead síos annso
an nós do horduighthí i bhFeis Teamhrach ar shuidhiughadh na
n-uasal is na laochraidhe ré linn bheith i gcomhdháil fleidhe
'n-a bproinntighibh ag caitheamh bídh dhóibh.



Ní bhíodh iomorro aonollamh ré seanchus i nÉirinn nach
scríobhadh i Rolla na Teamhrach anmanna na n-uasal do bhíodh
'n-a bhflathaibh fearainn, gach aon díobh do réir a chéime is a
gharma féin, amhail do horduighthí i bhFeis Teamhrach agus
gach ceann feadhna da mbíodh ós cionn na laochraidhe do
bhíodh i mbuannacht ag cosnamh is ag coimhéad críche na
hÉireann do bhíodh a ainm scríobhtha ag an ollamh mar an
gcéadna; agus ní bhíodh aon díobh so idir fhlathaibh fearainn
is cheannaibh feadhna gan fear iomchair scéithe ré a chois.
Is amhlaidh fós do bhídís na proinntighe do bhíodh aca caol
fada agus buird ré dá shlios an tighe agus ealchuing ar
gach slios díobh agus a lán bacán ionnta ós cionn na
suidheachán 'n-a mbídís an teaghlach 'n-a suidhe is gan acht


L. 252


leithead scéithe idir gach dhá bhacán díobh. Agus is ar na
bacánaibh do chuireadh an seancha sciatha na n-uasal
is na laochraidhe ré suidhe dhóibh, gach aon díobh fá n-a scéith
féin idir uasal is laoch. Gidheadh do bhíodh rogha sleasa ag na
flaithibh fearainn agus an slios oile ag na ceannaibh feadhna,
agus éadan an tighe ag na hollamhnaibh agus an t-éadan
oile ag lucht freastail ré fritheolamh an teaghlaigh.



Do ba nós dóibh fós gan aoinneach do shuidhe i bhfiadhnaise
acht gach aon do shuidhe druim ré froigh idir fhlathaibh fearainn
is cheannaibh feadhna fá n-a scéith féin. Ní cleachtaoi leo
fós mná do bheith 'n-a bproinntighibh acht árus ar leith do bheith
aca féin mar a riarthaoi iad. Fá gnáthughadh aca fós ré
hucht na comhdhála do riar foscardadh nó folmhughadh do
dhéanamh ar an bproinnteach go nach anadh ann acht triúr,
mar atá seancha is bollsaire .i. maruscál tighe agus fear
stuic ag a mbíodh barr buabhaill nó adharc ré toghairm
cháich don phroinnteach. Do shinneadh a stoc trí huaire. An
chéadfheacht do shinneadh é do thionóildís lucht iomchair sciath
na n-uasal timcheall doruis an phroinntighe agus do ghlacadh
an bollsaire sciath gach uasail do réir a gharma agus
do shuidheadh ar ordughadh an tseanchaidh gach sciath dhíobh 'n-a
hionadh chinnte féin. Do shinneadh fear an stuic an dara
feacht an barr buabhaill do bhíodh aige agus do thionóildís
lucht iomchair sciath na laochraidhe go dorus an phroinntighe
agus do ghlacadh an bollsaire na sciatha uatha agus do
shuidheadh gach sciath dhíobh ar ordughadh an tseanchaidh ar slios
oile an tighe ós cionn bhuird na laochraidhe. Do shinneadh
cheana fear an stuic an barr buabhaill an treas feacht,
agus leis sin do thionóildís na huaisle is na laochraidh san
phroinnteach agus do shuidheadh gach aon díobh fá n-a scéith
féin ionnus ná bíodh iomrasan ná easaonta fá ionadh suidhe
eatorra.


L. 254


XL.



Is é an Tuathal Teachtmhar-so ar a bhfuilmíd ag tráchtadh
do cheangail an Bhóraimhe ar Laighnibh mar cháin i ndíol bháis
a dhá inghean .i. Fithír is Dáirine a n-anmanna. Rí iomorro
do bhí ar Laighnibh dar bh'ainm Eochaidh Aincheann agus tug sé
Dáirine inghean Tuathail Teachtmhair do mhnaoi, agus rug
leis i Laighnibh da longphort féin .i. i Maigh Luadhat í.
Agus i gcionn aimsire da éis sin téid go Teamhraigh agus
nochtais do Thuathal go bhfuair Dáirine bás, agus iarrais
an deirbhshiúr oile .i. Fithír air, go dtug Tuathal dó í, agus
beiris leis go Laighnibh da longphort féin í. Agus mar do
chonnairc Fithír a deirbhshiúr Dáirine roimpe beo do ling
a hanam go hobann aiste tré náire; agus táinig Dáirine
da caoineadh agus fuair bás do láthair da cumhaidh; gonadh
da fhaisnéis sin do rinne an file an rann-so:




Fithír agus Dáirine,
Dá inghin Tuathail turaidh,
Marbh Fithír do náirighe,
Marbh Dáirine dia cumhaidh.




Mar do chualaidh iomorro Tuathal bás na deise ban, do
ghabh fearg mhór é, agus do chuir teachta uaidh do gach leith
go huaislibh Éireann do chasaoid na feilbheirte do rinne
rí Laighean air; agus uime sin tugsad uaisle Éireann congnamh
sluagh is sochaidhe do Thuathal ré díoghail an mhíghníomha
soin; agus mar do bhreathnuigh Tuathal Laighin d'argain is
do chreachadh agus gan iad ionchathuighthe ris, do aomhadar
cáin do dhíol uatha féin is ó n-a sliocht 'n-a ndiaidh i
n-íoc bháis na mban soin do Thuathal is da gach rígh da
dtiocfadh ar a lorg.



Ag so suim na cána do díoltaoi lé Laighnibh do ríoghaibh
Éireann gacha dara bliadhain i ndíol bháis chloinne Tuathail,


L. 256


mar atá trí fichid céad bó; trí fichid céad uinge d'airgead;
trí fichid céad brat; trí fichid céad torc; trí fichid céad
molt; is trí fichid céad coire umha. Agus is í roinn do
bhíodh ar an gcáin sin, a trian d'fhearaibh Connacht, a trian
d'Oirghiallaibh, agus a trian do Uíbh Néill. Ag so mar
adeir an Stair da ngoirthear Bóraimhe Laighean sna rannaibh-se
síos:




Trí fichid céad bó shlabhra,
Tugtha gan mheath,
La trí fichid céad uinge
d'airgead as deach



La trí fichid céad leann líoghdha
Léire a dtoimhse,
La trí fichid céad ró-thorc
Fá róid roimhse



La trí fichid céad do mholtaibh,
Tugadh umne,
Lá trí fichid céad coire n-umha
Do chumhdach lase



A trian do Chonnachtaibh,
A ndligheadh ó chéin,
A trian do Oirghiallaibh,
A trian do Uíbh Néill.




Is don cháin sin do gairthí Bóraimhe Laighean agus do bhí
sí ag a tabhach ré linn dá fhichead ríogh dar gabh flaitheas
Éireann mar atá ó aimsir Thuathail Teachtmhair go haimsir
Fhionnachta do bheith i bhflaitheas Éireann, amhail adeir an
file san rann-so:




Ceathracha rígh do rala
Lé rugadh an Bhóramha
Ó aimsir Thuathail Tlachtgha
Go haimsir Fhir Fhionnachta.




Is é Moling fuair maitheamh uirre san chairde fuair ó
Fhionnachta go Luan, agus is é Luan do thuig Moling Luan
Laoi an Bhrátha. Do bhíodh iomorro an cháin sin seal 'ga
díol go humhal ag Laighneachaibh; agus uair eile nach aomhdaois


L. 258


a díol, go dtigeadh de sin iomad cogaidh is coinbhleacht
do bheith eatorra leath ar leath gur thuiteadar mórán
d'uaislibh Éireann ar gach taoibh ann. Agus is lé Mál
mac Rochruidhe do thuit Tuathal Teachtmhar.



Do ghabh Mál mac Rochruidhe mic Cathbhaidh mic Giallchadha
Finn mic Fionnchadha mic Muireadhaigh mic Fiachna Fionnamhnais
mic Iriail Ghlúnmhair mic Conaill Chearnaigh mic
Aimhirgin Iairghiúnaigh mic Cais Thrillsigh mic Cais mic Fachtna
mic Capa mic Gionga mic Rudhruighe Mhóir ó ráidhtear
clanna Rudhruighe do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann
cheithre bliadhna gur thuit lé Feidhlimidh Reachtmhar.



Do ghabh Feidhlimidh Reachtmhar mac Tuathail Teachtmhair
mic Fiachach Fionnoladh mic Fearadhaigh Fhinn Fheachtnaigh mic
Criomhthainn Nia Náir mic Luighdheach Riabh nDearg mic na
dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh do shíol Éireamhóin
ríoghacht Éireann naoi mbliadhna. Báine inghean Scáil Bhailbh
bean Tuathail Teachtmhair máthair Fheidhlimidh Reachtmhair;
agus is uime do gairthí Feidhlimidh Reachtmhar dhe tré
fheabhas na mbreath reachta do beirthi i nÉirinn ré
n-a linn. Is é iomorro reacht do orduigh Feidhlimidh ré
n-a linn féin i nÉirinn samhail an dlighidh da ngairthear
i Laidin lex talionis. Ionann sin agus samhail an dochair
nó an luit do-ní neach do dhuine oile a shamhail sin d'imirt
ar féin 'n-a dhíol, mar atá cion san chion, bó san bhoin,
lámh san láimh, cos san chois, súil san tsúil, agus mar sin
do gach lot oile ó shin amach. Agus táinig don reacht soin
fir Éireann do leasughadh a ngníomh ré linn Fheidhlimidh,
gonadh uime sin do gairthí Feidhlimidh Reachtmhar dhe. Agus fá
dheireadh is bás le hadhart fuair an fear-so.



Do ghabh Cathaoir Mór mac Feidhlimidh Fíorúrghlais
mic Cormaic Gealta Gaoth mic Nia Corb mic Con


L. 260


Corb mic Mogha Corb mic Conchubhair Abhradhruadh mic
Finn Fhileadh mic Rossa Ruaidh mic Fearghusa Fairrge mic
Nuadhat Neacht mic Séadna Síothbhaic mic Luighdheach Loithfhinn
mic Breasail Bhric mic Fiachach Foibhric mic Oiliolla Ghlais
mic Fearadhaigh Foghlais mic Nuadhat Fullóin mic Eallóit
mic Airt mic Mogha Airt mic Criomhthainn Choscraigh mic
Feidhlimidh Foirthriuin mic Fearghusa Fortamhail mic Breasail
Breodhamhain mic Aonghusa Ollamhan mic Oiliolla Bhrácáin
mic Labhradha Loingsigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann
trí bliadhna. Do bhádar iomorro tríochad mac ag Cathaoir,
amhail adeir an file san rann-so:




Tríochad mac, fá maith an chlann,
Do chinn ó Chathaoir Chualann;
Trí deichneabhair, fá scéimh scol,
'N-a bhFéin chleithreamhair churadh.




Gidheadh do chuadar fiche don chloinn sin gan tsliocht, agus
táinig sliocht ar an deichneabhar oile dhíobh. Ag so anmanna
na mac ar a dtáinig sliocht: Rossa Fáilgheach sinnsear
na cloinne ar a dtáinig sliocht, Dáire Barrach, Breasal
Einiochghlas, Fearghus, Oilill, Criomhthann, Deargmhosach,
Eochaidh Teimhin, Aonghus is Fiachaidh Aiceadha sóisear na
cloinne tar ceann gurab ag a shliocht fá gnáthaighe ríoghacht
Laighean. Ar sliocht Fiachach Aiceadha mic Cathaoir Mhóir atá
Ó Broin is Ó Tuathail. Ar sliocht Breasail Bhéalaigh mic
Fiachach Aiceadha atá Mac Murchadha. Ar sliocht Rossa
Fáilghigh mic Cathaoir Mhóir atá Ó Conchubhair Fáilghe agus
Ó Díomasaigh agus O Duinn agus clann Cholgan amhail adéaram da
éis-so ag craobhscaoileadh mac Míleadh; agus is lé Conn
Céadchathach do thuit an Cathaoir Mór-so i gCath Maighe
hÁgha.



Do ghabh Conn Céadchathach mac Feidhlimidh Reachtmhair mic
Tuathail Teachtmhair do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann
fiche bliadhan gur thuit le Tiobraide Tíreach mac Máil
mic Rochruidhe i bhfeall i dtuaith Theamhrach agus é uaigneach


L. 262


ann. Caogad iomorro laoch do chuir Tiobraide i reachtaibh
ban da mharbhadh agus is a hEamhain do thrialladar do
dhéanamh na feille sin. Úna, inghean ríogh Lochlann, fá
máthair don Chonn-so. Is don Chonn-so do bhean Mogh
Nuadhat leath Éireann iar mbriseadh deich gcath ar Chonn
dó. Síoda inghean Fhloinn mic Fiachach do Éarnaibh máthair
Mhogha Nuadhat. Is amhlaidh iomorro tarla iomrasan idir
Mhogh Nuadhat agus Chonn mar tharla d'Éarnaibh do shliocht
Fiachach Fir Mara do shíol Éireamhóin treise do ghabháil
san Mhumhain ar shíol Éibhir, ionnus go rabhadar triúr díobh
i n-aoinfheacht i gceannas na Mumhan uile mar atá Lughaidh
Eallaightheach Dáire Dornmhar agus Aonghus. Agus mar do
chonnairc Mogh Nuadhat síol Éireamhóin i gceannas Mumhan
triallais go Laighnibh mar ar hoileadh é ag Dáire Barrach
mic Cathaoir Mhóir go dtug sluagh líonmhar leis do chongnamh
ó Dháire ré flaitheas Mumhan do ghabháil amhail fá dual dó;
agus tug ucht ar dtús ar deisceart Mumhan i n-Uíbh Liatháin
mar ar ghabh an tAonghus thuas treise, agus brisis Mogh
Nuadhat de agus ionnarbais as an dtír é, go ndeachaidh
as sin d'iarraidh conganta ar Chonn agus tug Conn cúig
catha dhó .i. cúig mhíle déag fear infheadhma. Triallais leis
an sluagh soin go crích Liatháin mar a dtug Mogh Nuadhat
Cath Arda Neimhidh dhó mar ar bhris de agus mar a dtug
ár a mhuinntire.



Da éis sin do thathfainn Mogh Nuadhat Éarna as
Mumhan, an méid nach raibhe umhal dó féin díobh gur fhás
dá bhíthin cogadh mór idir Mhogh Nuadhat agus Chonn gur
bhris Mogh Nuadhat deich gcatha ar Chonn mar atá Cath
Brosnaighe agus Cath Samhpaite Cath Sléibhe Musaigh Cath
Gabhrain Cath Suama agus Cath Gréine agus Cath Átha Luain
agus Cath Maighe Cróich mar ar thuit Fiachaidh Rioghfhada


L. 264


mac Feidhlimidh Reachtmhair; Cath Asail agus Cath Uisnigh.
Agus do bhí an t-iomreasan-so eatorra gur bhean Mogh Nuadhat
leath Éireann do Chonn mar atá a bhfuil ón Ghaillimh
agus ó Áth Cliath budh dheas d'Éirinn agus Eiscir Riada
n-a teorainn eatorra; agus is é ainm ghairmthear don
leath soin Leath Mogha ó Eoghan da ngairthí Mogh Nuadhat.
Agus Leath Cuinn gairthear don leith budh thuaidh ó Chonn
Chéadchathach; gonadh ag faisnéis na ronna-so do rinne file
éigin an rann-so:




Eoghan Mór fá mór a rath
Comhard ré Conn Chéadchathach;
An dias sin fá caomh a gclú,
Roinnid Éire eatorru.




Fáth oile fár bhean Mogh Nuadhat leath Éireann do Chonn
mar tharla gorta mhór seacht mbliadhna i nÉirinn lé n-a
linn; agus sul táinig aimsear na gorta soin ann do
thairrngir draoi Eoghain cian ré an ngorta do theacht go
dtiocfadh sí ar Éirinn uile agus is eadh do rinne Eoghan
air sin i n-oirchill na gorta caitheamh ar fheolmhach agus ar
iarcach agus an t-arbhar do choigill; agus fós gach cíos agus
gach cáin da roicheadh dhó is ar arbhar do-bheireadh é, gur
líonadh a iothlanna leis, agus mar rug an aimsear ghann
air tángadar as gach leith mórán d'fhearaibh Éireann 'n-a
dháil agus do ghabhadar cíos agus cáin orra féin d'Eoghan
tré n-a mbeathughadh feadh na haimsire cruaidhe sin, amhail
léaghthar san duain darab tosach, Eoghan Mór fá mór a rath:




Do dhearscnuigh Eoghan tar Conn,
Ní ar líon gcath ná ar chomhlann -
Fá lia biadh Eoghain eachtraigh
Da sheoladh ar shíthreachtaibh



Doirtis orra an ghorta ghann -
Fá maith d'Eoghan a tadhall -
Go n-itheadh cách a chéile
Ar fud Éireann aighmhéile


L. 266


Ód chualaidh cách - cian ro char -
Lionn is biadh iomdha ag Eoghan,
Rosdaorsad féin, féata an modh,
d'Eoghan ar n-a mbeathughodh.




Do bhádar iomorro cheithre hanmanna ar Mhogh Nuadhat,
mar atá Eoghan Fidhfheacach, Eoghan Mór, Eoghan Taoidhleach
agus Mogh Nuadhat amhail adeir an file san rann-so:




Ceitre hanmanna gan bhrón
Do bhádar for Eoghan Mhór:
Eoghan Fidhfheacach fial, gart,
Eoghan Taoidhleach Mogh Nuadhat.




Ma's maith leat iomorro fios fátha gach foranma da
luaidhtear san rann-so d'fhagháil léigh an Chóir Anmann agus
do-ghéabhair innte iad. Is í fá bainchéile d'Eoghan Mhór
.i. Beara inghean Éibhir Mhóir mic Modhna rí na Castile agus
rug sí mac agus dias inghean dó. Oilill Ólom an mac
agus Scoithniamh agus Coinneal anmanna an dá inghean.
Ag so deismireacht an tseanchaidh ar an ní-se:




Beara inghean Éibhir uill,
Máthair Oiliolla Óluim;
'S máthair na deise déine
Choinnle agus Scoithnéimhe.




Is lé Conn Céadchathach fós do marbhadh Mogh Nuadhat 'n-a
leabaidh tré fheall (do réir dhruinge ré seanchus), ar dtabhairt
ionnsuighthe maidne air, agus iad ré hucht catha do
thabhairt da chéile ar Maigh Léana. Is uime ghairthear Conn
Céadchathach ar an rígh-se ar a bhfuilmíd ag tráchtadh ó na
céadaibh cath do chuir ar chúigeadhaibh Éireann amhail nochtas
an rann-so:




Céad cath ar an Mumhain mhóir,
Do bhris Conn Céadchathach cóir;
Céad cath ar Ulltaibh go ngoil,
Seascad cath ar Laighneachoibh.




Is lé Tiobraide Tíreach do marbhadh Conn i bhfeill i
dTeamhraigh.


L. 268


Do ghabh Conaire mac Mogha Lámha mic Luighdheach Allathaigh
mic Cairbre Chroimchinn mic Dáire Dhornmhair mic Cairbre
Fhionnmhóir mic Conaire Mhóir mic Eidirsceoil do shíol Éireamhóin
ríoghacht Éireann seacht mbliadhna gur thuit lé
Neimhidh mac Sraibhghinn. Eithne inghean Luighdheach mic Dáire
máthair an Conaire-se. Is ar sliocht an Chonaire-se atáid
Dál Riada Alban agus Uladh, Baiscnigh ó Léim Chon
gCulainn, agus Múscruidhe, amhail adeir an file san
rann-so:




Albanaigh Riada don roinn,
Baiscnigh ó Léim Chon gCuloinn,
Múscruidhe gan aoir a le,
Cineadh an chaoimh-Chonaire.




XLI.



Do ghabh Art Aoinfhear mac Cuinn Chéadchathaigh mic Feidhlimidh
Reachtmhair mic Tuathail Teachtmhair do shíol Éireamhóin
ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead. Agus is í ba
bainchéile dhó .i. Meadhbh Leithdhearg inghean Chonáin Chualann,
agus is uaithe ainmnighthear Ráith Meadhbha i dtaoibh Theamhrach.
Is uime do gairthí Art Aoinfhear dhe do bhrígh nachar
mhair do mhacaibh a athar acht é féin amhain ó do marbhadh
a dhias dearbhráthar mar atá Connla agus Crionna lé
hEochaidh Fionn dearbhráthair Chuinn. Dias iomorra dearbhráthar
do bhí ag Conn, mar atá Eochaidh Fionn agus
Fiachaidh Suighdhe, agus is leo do thuiteadar dá bhráthair
Airt; gonadh da fhaisnéis sin atáid an da rann-so as an
seanchus:




Dá bhráthair Chuinn gan choirthe,
Eochaidh Fionn Fiachaidh Suighdhe;
Do mharbhsad Connla is Crionna,
Dá mhac Cuinn dá chaoimhghiolla.



Eochaidh Fionn ba fuath lé hArt,
A haithle mharbhtha an dá mhac;
Art Aoinfhear an t-ainm ros gabh
d'aithle mharbhtha a dhá bhráthar.


L. 270



Do bhádar trá seisear cloinne ag Conn mar atá Art
Aoinfhear Connla agus Crionna, Maoin Sadhbh agus Sáruit,
amhail léaghthar san duain darab tosach an rann-so síos:




Eol damh seisear cloinne Cuinn:
Maoin Sadhbh Sáruit síol Óluim;
Fir fhionna calma corp ngeal,
Connla Crionna Art Aoinfhear.




Do marbhadh amhail adubhramar Connla agus Crionna
lé hEochaidh Fionn agus lé Fiachaidh Suighdhe. Do pósadh
Sáruit lé Conaire mac Mogha Lámha agus rug sí na trí
Cairbre dhó mar atá Cairbre Rioghfhada agus Cairbre
Baschaoin agus Cairbre Músc. Is iad sliocht Chairbre
Rioghfhada do chuaidh i nAlbain agus is díobh ghairmthear Dál
Riada. Dá mhac iomorro do bhí ag Eochaidh Muinreamhar
do shliocht Chairbre Rioghfhadha mar atá Earc agus Olchú.
Ar sliocht Earca atáid Dál Riada Alban agus ar sliocht
Olchon atáid Dál Riada Uladh ó ráidhtear an Rúta. Do
pósadh mar an gcéadna Sadhbh inghean Chuinn lé Maicniadh
mac Luighdheach do shliocht Luighdheach mic Íotha agus rug sí
mac dó dar bh'ainm Lughaidh .i. Mac Con mac Maicniadh. Agus
tar éis bháis Mhaicniadh do pósadh ré hOilill Ólom í, agus
rug sí naonbhar mac dó, mar atá an móirsheisear do thuit
i gCath Maighe Muchruimhe, amhail adeir Oilill Ólom féin san
rann-so:




Mo sheacht mic do mharbh Mac Con,
Is truagh mo ghoil gháibhtheach gharg;
Eoghan Dubhmearchon Mogh Corb,
Lughaidh Eochaidh Díochorb Tadhg,




agus an dá mhac ré hOilill táinig a Cath Maighe Muchruimhe
mar atá Cormac Cas agus Cian. Bíodh iomorro go rabhadar
naoi mic déag ag Oilill Ólom mar atá naonbhar ré
Saidhbh inghin Chuinn agus deichneabhar ré mnáibh oile; maseadh


L. 272


ní tháinig sliocht acht ar thriúr díobh, amhail adeir an file san
rann-so:




Naoi mic déag data ag an donn,
Ag Oilill áluinn Ólom;
Aointriar nar chríon cineadh ann,
Ór síoladh sliocht na saorchlann




Fá clann do Shaidhbh inghin Chuinn an triúr-so ar a dtáinig
sliocht. An céidfhear dhíobh Eoghan Mór mac Oiliolla do
thuit i gCath Maighe Muchruimhe lé Béinne Briot mac ríogh
Breatan, agus fá mac don Eoghan soin Fiachaidh Muilleathan
ór síoladh clann Charrthaigh agus síol Shúilleabháin go n-a
ngabhlaibh geinealaigh; agus fá hí Moncha inghean Dil mic
Dá Chreaga an draoi fá máthair dó. Agus is ag Áth Uiseal
ar Siuir rugadh é agus do gairthí Fiachaidh Fear dá Liach dhe.
Ionann iomorro liach agus scéal doiligh, agus is doiligh an
dá scéal tarla dó-san, mar atá a athair do mharbhadh i gCath
Maighe Muchruimhe go grod iar n-a gheineamhain i mbroinn,
agus a mháthair d'fhagháil bháis do láthair iar n-a bhreith;
gonadh de sin do lean Fiachaidh Fear dá Liach dhe. Ag so mar
adeir Oilill Ólom féin ar an ní-se, amhail léaghthar i gCath
Maighe Muchruimhe:




Dá liach dhuit a n-éag
Mar aon 'sis scéal mór,
T'athair is do mháthair,
Ro dod bháthuidh brón.



T'athair is do mháthair
Dá móiréacht nar mheith,
Gaod an fear i gcath,
Marbh an bhean god bhreith.




Do gairthí fós Fiachaidh Muilleathan de óir ar dteacht d'ionbhaidh
a bheirthe, mar adubhairt a sheanathair an draoi ré
Moncha, dá gcongbhadh an mac gan bhreith go ceann cheithre
n-uaire bhfichead go madh rí é; agus dá mbeireadh don leith
istigh don ré sin é nach biadh acht 'n-a dhraoi. "Maseadh," ar


L. 274


Moncha "i ndóigh go mbiadh mo mhac-sa 'n-a rígh ní bhéar é go
ceann cheithre n-uaire fichead acht muna thí sé trém shlios."
Agus leis sin téid san áth do bhí ar Siuir láimh ré dún a
hathar agus suidhis ar chloich ann, gur an feadh cheithre n-uaire
fichead 'n-a suidhe ar chloich ann; agus i gcionn na haimsire sin
táinig as an abhainn, go rug sí mac agus fuair sí féin bás
do láthair iar n-a bhreith. Is don mhac-so iaramh do gairthí
Fiachaidh Muilleathan; agus is uime adeirthí Muilleathan ris
ó mhullach leathan do bheith aige. Ar mbeith iomorro da
mháthair 'n-a suidhe ar an leic san áth ré hucht a bheirthe do
leathnuigh baitheas an leinbh i dteannta na leice ar a raibhe
a mháthair 'n-a suidhe san áth; gonadh de sin do lean Fiachaidh
Muilleathan de.



An dara mac d'Oilill Ólom ar a dtáinig sliocht mar
atá Cormac Cas ó dtángadar Dál gCais agus síol Aodha
.i. clann Mic na Mara agus síol Fhlannchuidhe. Is ag an
gCormac gCas-so trá do fhágaibh Oilill Ólom oighreacht
Mhumhan go bhfuair a fhios go raibhe Fiachaidh Muilleathan ar
n-a bhreith d'Eoghan Mhór agus ar n-a chlos sin is é
ordughadh do rinne an flaitheas d'fhágbháil da éis féin ag Cormac
feadh a ré agus a bheith ag Fiachaidh Muilleathan d'éis bháis
Chormaic feadh a ré sin arís; agus mar sin an flaitheas do bheith fá
seach gach ré nglún idir shliocht Chormaic Cais agus Fiachaidh
Muilleathain do shíor. Agus do chaitheadar seal glún ar
an ordughadh soin i bhflaitheas Mumhan.



Do b'é an Cormac Cas-so mac Oiliolla Óluim an cúigeadh
gaisceadhach is fearr do bhí i nÉirinn 'n-a ré féin. An
ceathrar oile Lughaidh Lámha, Fionn mac Cumhaill, Lughaidh Mac
Con, Cairbre Gailin, agus Cormac Cas an cúigeadh gaisceadhach.
Agus ní raibh aonduine i nÉirinn ionchomhlainn ré
haonduine dhíobh acht iad féin. Is é an Cormac Cas-so
céadduine do chuir cíoscháin ar thuathaibh Mumhan ar dtús.


L. 276


Is é thug naoi n-uinge agus cúig céad uinge d'airgead
i n-aon ló d'éigsibh agus d'ollamhnaibh tré n-a mholadh. Is é
thug tríocha creach a Breatain dia raibhe i loingeas ag
iomluadh cogaidh for Laighnibh; gur ghiallsad Laighin dó.



An treas mac d'Oilill ar a dtáinig sliocht .i. Cian. Is
ar sliocht an Chéin sin atá Ó Cearbhaill agus Ó Meachair
Ó hEadhra agus Ó Gadhra agus Ó Cathasaigh agus Ó Conchubhair
Ciannachta.



Is é Oilill Ólom céidrí ainmnighthear san Réim Ríoghruidhe
dar ghabh sealbh flaitheasa dá chúigheadh Mumhan do shíol Éibhir.
Trí bliadhna fichead do bhí Oilill i bhflaitheas Mumhan. Óir
sul do dhíbhir Oilill Mac Con do bhádar dá shliocht i gceannas
Mumhan mar atá sliocht Dáirine do shliocht Luighdheach mac
Íotha ó dtáinig Mac Con agus sliocht Deirgthine do shíol
Éibhir ó dtáinig Oilill Ólom. Agus an tan do bhíodh ríoghacht
Mhumhan ag sliocht Dáirine do bhíodh breitheamhnas agus
táinisteacht ag sliocht Deirgthine, agus an tan do bhíodh sliocht
Deirgthine i bhflaitheas do bhíodh an ní céadna ag sliocht
Dáirine, go ndeachaidh Mac Con tar bhreitheamhnas Oiliolla
Óluim amhail is iontuigthe as an ní adéaram 'n-ar ndiaidh.
Mar do orduigh Oilill dó gan páirt Neimhidh mic Sraibhghinn
do ghábháil i gcoinne Eoghain mic Oiliolla a bhráthar féin agus
na dtrí gCairbre; agus ionnus gurab móide do tuigfidhe
fáth ionnarbtha Mic Con cuirfead síos annso an ní da
dtáinig Mac Con do thathfann a hÉirinn, mar atá tuitim
Aingcéil mic Deighill do bhí i bhfochair Neimhidh mic Sraibhghinn,
agus is leis do marbhadh Conaire mac Mogha Lámha ag cosnamh
Éireann do Neimhidh, agus is do bhíthin Aingcéil do mharbhsad
na trí Cairbre Neimhidh mac Sraibhghinn fear a máthar féin
Sáruit inghean Chuinn. Óir is é Neimhidh do mharbh Conaire fá


L. 278


hathair dóibh. Tarladar tríd sin trí mic Conaire i bhfochair
Airt mic Cuinn.



Téid Cairbre Riada don Mhumhain go teach Neimhidh
agus Sáruide inghine Cuinn a mháthar féin, óir is ag
Neimhidh do bhí sí pósta d'éis Chonaire mic Mogha Lámha, agus
tarla Aingcéal i dtigh Neimhidh an tráth soin; agus is
amhlaidh do bhí agus gleacuidhe tréinfhir dar bh'ainm Dartadha
'n-a fhochair ann, agus gach drong anaithnidh tigeadh go teach
Neimhidh fá héigean d'fhior díobh dul do ghleic ré Dartadha
agus ar mbeith do Chairbre Riada ag teacht d'fhios a mháthar
go teach Neimhidh do chuaidh do ghleic ré Dartadha, agus
buailis ar ríoghchoire an tighe é, gur marbhadh leis amhlaidh
sin é. Agus leis sin tillis go Teamhraigh agus ar nochtadh
a dhál d'Art Aoinfhear adubhairt Art gur riata an toisc
ré ndeachaidh siar ané agus tigheacht aniar aniú, gonadh de
sin adearar Cairbre Riada ris.



Ar n-a chlos don dá Chairbre oile mar atá Cairbre
Músc agus Cairbre Baschaoin Aingcéal ré raibhe a bhfala
féin do bheith i dtigh Neimhidh is eadh a dubhradar "Is soirbhe
sin ioná dul i mBreathnaibh da thóraidheacht." Agus leis sin
triallaid na trí Cairbre don Mhumhain go bhfuirinn laoch
'n-a bhfochair agus mar rángadar go teach Eoghain Mhóir
mic Oiliolla Óluim téid Eoghan agus iad féin i gcoinne
Neimhidh agus tig Neimhidh agus Mac Con 'n-a fhochair agus
fearthar cath Feabhrad eatorra ann. Gonais Cairbre Músc
Mac Con san chath soin, agus marbhthar Aingcéal ann, agus
teithis Neimhidh go ráinig mar a raibhe Sáruit. "Comairce,
a mhaca," ar sí, ag leathadh a lámh timcheall Neimhidh. "Biaidh
comairce ag a bhfuil idir do dhá láimh dhe," ar Cairbre Músc,
agus leis sin tug béim dó gur bhean a cheann de, agus tug
an dara béim lér bhean a chosa dhe. "Is áisc mhór sin a


L. 280


Chairbre," ar sí. Gonadh de do lean Cairbre Músc de .i. mó
a áisc ionáid a bhráithre, óir is é do mharbh fear a mháthar.



Gonadh tré cheangal chomhmbáidhe do Mhac Con ré Neimhidh
mac Sraibhghinn, agus tré chur i gcoinne Eoghain Mhóir agus a
bhráithreach mar atáid na trí Cairbre, do hionnarbadh lé
hOilill a hÉirinn é, go raibhe seal ar deoraidheacht; agus ré
linn a dheoraidheachta do rinne rannta agus caraid dó féin,
go dtáinig féin agus Béinne Briot mac ríogh na Breataine
Móire agus iomad eachtrann oile leo i nÉirinn gur
fhógradar cath ar Art Aoinfhear rí Éireann tré bheith ag
neartughadh lé hOilill Ólom, gur commóradh Cath Maighe
Muchruimhe eatorra mar a dtáinig Art go líon a shluagh
agus naoi mic Oiliolla go seacht gcathaibh Mumhan mar aon
riú do chongnamh lé hArt, agus Mac Con go n-a allmhurrchaibh
don leith oile 'n-a n-aghaidh, gur fearadh Cath Maighe Muchruimhe
eatorra, gur briseadh d'Art is dá shluagh, agus gur marbhadh
Art do láimh an tréinmhílidh Lughaidh Lámha bráthair Oiliolla
Óluim do bhí ag congnamh lé Mac Con; agus do thuiteadar
móirsheisear do chloinn Oiliolla Óluim ann.



Aonghus fá hainm ar dtús d'Oilill Ólom agus is uime tugadh
Oilill Ólom air, feis do rinne sé ré hÁine inghin Eoghabhail
agus ar mbeith 'n-a codladh i bhfochair Oiliolla dhi do
chreim sí a chluais ó n-a cheann i ndíoghail a héignighthe agus
a hathar do mharbhadh dhó. Gonadh tríd sin ghairthear Oillill
Ólom .i. cluaslom dhe. Is uime fós ghairthear Oilill dhe: ionann
iomorro Oilill agus oil oll .i. aithis mhór, agus tarladar
trí aithise ainmheacha d'Oilill do lean de go bás, mar atá
a bheith cluaslom dó agus a dhéad do dhubhadh agus a anál
do bheith bréan. Is amhlaidh táinig sin, iar gcaill a chluaise
lé hÁine, amhail adubhramar, do ghabh fearg é, agus leis sin
tug sáthadh sleighe tré Áine go talmhain go dtarla rinn na
sleighe i gcloich gur fiaradh í, agus cuiris seisean fá n-a


L. 282


dhéad da díorghadh an rinn, agus téid, an neimh do bhí i rinn
na sleighe 'n-a dhéad gur dubhadh do láthair í, agus gur fhás
bréantas anáile as sin dó do lean de go bás tré choill na
dtrí ngeas do bhí ar an sleigh sin, mar atá gan a rinn do
chur i gcloich, gan a rinn do chur fá dhéad, agus gan bainéacht
do dhéanamh lé; gona ó na geasaibh sin do choill tarladar
na haithise réamhráidhte dhó, agus gurab ó n-a haithisibh móra
soin adubhradh Oilill .i. oil oll .i. aithis mhor ris mar
forainm. Agus is i gCath Maighe Muchruimhe do marbhadh Art
Aoinfhear.



XLII.



Do ghabh Lughaidh .i. Mac Con mic Maicniadh mic Luighdheach
mic Dáire mic Fir Uillne mic Éadbhuilg mic Dáire mic
Síothbhuilg mic Fir Uillne mic Deaghamhraigh mic Deaghaidh
Deirg mic Deirgthine mic Nuadhat Airgthigh mic Luchtaire mic
Logha Feidhligh mic Éireamhóin mic Eadamain mic Gosamain
mic Sin mic Maitsin mic Logha mic Eadamain mic Máil mic
Luighdheach mic Íotha mic Breoghain ríoghacht Éireann deich
mbliadhna fichead. Is í Sadhbh inghean Chuinn fá máthair do
Mhac Con amhail adubhramar romhainn. Is uime do gairthí
Mac Con do Lughaidh mac Maicniadh .i. cú do bhí ag Oilill
Ólom da ngairthí Ealóir Dhearg, agus an tan do bhí Mac
Con 'n-a naoidhin i dtigh Oiliolla do thrialladh an leanbh ar
a lámhaibh d'ionnsuighe na con agus do ghlacadh an chú 'n-a
glotain é agus níor féadadh a theasargain gan teacht n-a
dáil do ghnáth, gonadh uime sin go gairmeadh Mac Con de.



Ar ngabháil arrachtais do Mhac Con agus iar dteacht
ó n-a dheoraidheacht agus iar gcur Chatha Maighe Muchruimhe
amhail adubhramar thuas ag tráchtadh ar Art Aoinfhear, do


L. 284


bhean flaitheas Éireann amach ré haoinsheachtmhain, agus do
chothuigh tríochad bliadhan é, amhail léaghthar san duain darab
tosach: Cnucha cnoc ós cionn Lithfe. Ag so mar adeir san
dá rann-so:




Ré seacht láithibh, líth nach gann,
Do ghabh Lughaidh iath nÉireann;
Táinig da ríghe neartmhair
Táth Éireann ré haoinsheachtmhain.



Tríochad bliadhan gan míne,
Do Mhac Con i n-airdríghe;
Nó go dtorchair an cur cas,
Gan léan for a aireachas.




An Mac Con-so ar a bhfuilmíd ag tráchtadh, ní do shliocht
Éanna Munchaoin do shíol Éibhir é, mar adeir an duain
darab tosach, Conaire caomh cliamhain Chuinn, acht do shliocht
Luighdheach mic Íotha mic Breoghain. Fá clann iomorro dá
dhearbhráthar Lughaidh mac Íotha mic Breoghain agus Mílidh
Easpáinne, dá ngairthí Galamh, mac Bile mic Breoghain, ionnus
tar ceann gurab d'fhine Ghaedhil sliocht Lughaidh mic Íotha,
nach do chlannaibh Míleadh iad acht cómhmbráithre dhóibh amhail
adeir an file ag labhairt ar thrí aicmeadhaibh do shliocht
Luighdheach mic Íotha san rann-so:




Ó Cobhthaigh na gcorn bhfleadh-óil,
Ó Floinn Arda, Ó hEidirsceoil;
Triar nach facaidh fiadh a sean,
Triar nach do mhacaibh Míleadh.




Ag so fós cuid do na sloinntibh oile táinig ó Lughaidh mac
Íotha, mar atá Ó Laoghaire Ruis, Ó Báire Arann i Rinn
mhuinntire Báire i gCairbreachaibh is Ó Cuirnín is Mac Ailín i
nAlbain táinig ar sliocht Fathaidh Canann mac Mic Con mic
Maicniadh. Is é an Mac Con-so an treas rí do shliocht
Luighdheach mic Íotha do ghabh ceannas Éireann. An céidrí


L. 286


dhíobh .i. Eochaidh Éadghothach mac Dáire mic Conghail mic
Eadamain mic Máil mic Luighdheach mic Íotha mic Breoghain
do ghabh ceannas Éireann cheithre bliadhna, gur thuit le
Cearmna mic Eibric; an dara fear Eochaidh Apthach mac Finn
mic Oiliolla do ghabh ceannas Éireann naoi mbliadhna gur
thuit le Fionn mac Brátha; an treas fear do shliocht Luighdheach
mic Íotha do bhí i bhflaitheas an Mac Con-so ar a bhfuilmíd
ag labhairt anois; gonadh dá dhearbhughadh sin atá an rann-so
as an seanchus:




Trí rígh ó mhac Íotha ard
Dá Eochaidh Lughaidh lángharg;
Nocha gníomradh nach líoth linn
Mar do díoghladh Íoth aoibhinn.




Is é Feircheas mac Comáin Éigeas ar fhoráileamh Chormaic
mic Airt do mharbh Mac Con leis an nga da ngairthí ringcne
agus a dhruim ré cairthe cloiche ar Ghort an Óir láimh ré
Deargráith i Maigh Feimhean don leith thiar d'Áth na gCarbad
agus é ag bronnadh óir agus airgid d'éigsibh agus d'ollamhnaibh
ann. Ar n-a chlos sin d'Fheircheas mac Comáin Éigeas
agus é 'n-a chomhnuidhe i nArd na nGeimhleach ré ráidhtear
an Chnocach aniú tig san chomhdháil i measc cháich agus an
ringcne leis. Agus iar rochtain do láthair Mhic Con dó, tug
sáthadh don tsleigh sin tríd i dteannta an chairthe ré raibhe a
dhruim gur éagaibh Mac Con do láthair de sin. Gort an
Óir ghairthear don Mhaigh ar ar marbhadh Mac Con ón am
soin ale ó n-ar bronnadh d'ór lais-sean d'éigsibh agus
d'ollamhnaibh ann. Is é fath fá dtáinig Mac Con don
Mhumhain do bhrígh gur thairrngirsiod a dhraoithe dhó nach
mairfeadh i bhflaitheas Éireann leithbhliadhain muna bhfágbhadh
Teamhair. Uime sin táinig d'iarraidh comhmbáidhe ar a bhráithribh
.i. sliocht Oiliolla Óluim; gidheadh do chuimhnigheadar
an tseanfhala dhó, mar atá marbhadh Eoghain Mhóir agus a


L. 288


bhráithreach i gCath Maighe Muchruimhe. Agus is de sin táinig
a bheith ag tilleadh go Laighnibh an tan do marbhadh é.



Do ghabh Fearghus Duibhdhéadach mac Fionnchadha mic
Oghamain mic Fiatach Finn mic Dáire mic Dlúthaigh mic
Deitsin mic Eochach mic Sin mic Roisin mic Triuin mic
Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh mic
Oiliolla Éarann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh
Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoin bhliadhain
amháin. Is uime do gairthí Fearghus Dubhdhéadach dhe .i. dá
dhéad mhóra dhubha do bhí aige. Is é an Fearghus-so táinig
fá bhrághaid Chormaic mic Airt i bhflaitheas Éireann iar
n-ionnarbadh Chormaic lé hUlltaibh i gConnachtaibh iar
mbreith a ghiall agus iar ndéanamh na fleidhe dhóibh do Chormac
i dtuaisceart Maighe Breagh mar a dtug giolla ríogh Uladh
an choinneal fá fholt Chormaic gur loisc go mór é.



Trí mic iomorro Fionnchadha mic Oghamain mic Fiatach
Fhinn .i. Fearghus Dubhdhéadach Fearghus Caisfhiaclach is
Fearghus Fuiltleabhair do imir an t-anfhorlann-so ar Chormac;
agus téid Cormac d'iarraidh conganta ar Thadhg mac Céin
do bhí neartmhar an tráth soin i nÉilibh. Is eadh adubhairt
Tadhg ris go dtiubhradh congnamh dó dá bhfuigheadh fearann
uaidh. "Do-bhéar duit," ar Cormac, "a dtimcheallfaidh do
charbad do Mhaigh Breagh san ló iar mbriseadh catha ar na trí
Fearghusaibh." "Maseadh," ar Tadhg, "braithim-se dhuit cá
bhfuighbhir an tréinmhílidh Lughaidh Lámha bráthair mo sheanathar,
agus dá dtugair san chath é is cosmhail go muirbhfidh sé na trí
Fearghuis, agus is é áit i n-a bhfuighfir é i nEatharlaigh
láimh ré Sliabh gCrot. Triallais Cormac leis sin go hEatharlaigh
mar a bhfuair Lughaidh Lámha i bhfianbhoith 'n-a
luighe. Cuiris Cormac a gha trés an bhfianbhoith agus gonais
Lughaidh 'n-a dhruim. "Cia ghonas mé?" ar Lughaidh. "Cormac


L. 290


mac Airt," ar sé. "Maith fuarais mise do ghoin," ar
Lughaidh, "óir is mé do mharbh th'athair .i. Art Aoinfhear."
"Éiric dam ann," ar Cormac. "Ceann ríogh i gcath dhuit,"
ar Lughaidh. "Maseadh," ar Cormac, "tabhair ceann ríogh
Uladh .i. Fearghus Dubhdhéadach dhamh atá ag cur im aghaidh
féin fá fhlaitheas Éireann." "Do-ghéabhair sin," ar Lughaidh.
Leis sin triallaid go Tadhg mac Céin i nÉilibh agus gluaisid
féin agus Tadhg go líon a sluagh go Brugh mic an Óig
i gCrionna Chinn Chomair mar ar commóradh Cath Crionna
idir Chormac agus ná trí Fearghusa.



Do bhí fós fáth oile ag Tadhg mac Céin fá dhul i n-aghaidh
Uladh, do bhrígh gurab é an Fearghus Duibhdhéadach-so do
mharbh a athair i gCath Samhna. Gidheadh níor léig Tadhg
Cormac san chath, acht do fhágaibh ar chnoc ar chúl an chatha é
agus giolla 'n-a fhochair ann. Tug iomorro Tadhg agus
Lughaidh Lámha aghaidh ar na trí Fearghusaibh go n-a sluagh,
gur thuit Fearghus Fuiltleabhair lé Lúghaid Lámha, gur bhean
an ceann de, agus triallais gus an dtulaigh 'n-ar raibhe
Cormac ris an gceann. Is eadh iomorro do rinne Cormac
ré hucht cháich do dhul san chath éadach Deilionn Drúit, a
ghiolla, do chur uime féin agus a éadach-san ar an ngiolla;
óir fá dearbh leis an tan do fhásfadh lonn laoich Luighdheach
agus do-ghéabhadh confadh catha é, nar bh'iontaobhtha do neach é.



Dála Luighdheach tig leis an gceann do bhí aige do láthair
an ghiolla do bhí i riocht Chormaic agus fiafruighis de nar
bh'é sin ceann Fearghusa Duibhdhéadaigh. "Ní hé," ar an
giolla, "acht ceann a bhráthar." Leis sin téid Lughaidh fán
gcath arís agus beanais a cheann d'Fhearghus Chaisfhiaclach
agus tug 'n-a láimh gus an dtulaigh i raibhe an giolla i
riocht Chormaic é. "An é so ceann ríogh Uladh?" ar Lughaidh.


L. 292


"Ní hé," ar an giolla, "acht ceann a bhráthar oile." Téid
an treas feacht fán gcath go dtug ceann Fearghusa Duibhdhéadaigh
leis, agus do fhiafruigh an céadna don ngiolla.
Do fhreagair an giolla agus adubhairt gur bh'é ceann ríogh
Uladh é. Leis sin tug Lughaidh urchar don cheann don ghiolla
gur bhuail 'n-a bhrollach é, gur éag an giolla do láthair;
agus téid Lughaidh féin i néall iar dtréigean iomad fola
dhó tré líonmhaire a chréacht.



Dála Thaidhg mic Céin do chuir an briseadh ar sluagh Uladh
ionnus go dtug seacht madhmanna orra san ló gcéadna ó
Chrionna go Glais Neara i dtaoibh Dhroma Ineasclainn,
amhail adeir Flannagán file san rann-so síos:




Tadhg mac Céin thuaidh i Ráith Cró,
Ro bhris seacht gcatha i n-aonló,
For Ulltaibh go rionna réin
Ó Áth Crionna go hArd-Céin.




Téid Tadhg iar sin 'n-a charbad agus trí créachta ó thrí
sleaghaibh air; agus adubhairt ré n-a ghiolla an carbad do
dhíorghadh d'ionnsuighe na Teamhrach go dtugadh múr Teamhrach
don leith istigh do thimcheall a charbaid an lá soin. Triallaid
go réimdhíreach rompa agus Tadhg ag dul i néall go
minic ó thréigean fhola as a chréachtaibh; agus ar rochtain
láimh lé hÁth Cliath dóibh do fhiafruigh Tadhg don ghiolla an
dtugadar Teamhair leo san timcheall soin. "Ni thugamar,"
ar an giolla. Leis sin buailtear agus marbhthar lé Tadhg
é; agus iar marbhadh an ghiolla tig Cormac mac Airt do
láthair, agus mar do chonnairc na trí créachta móra do bhí ar
Thadhg tug ar an liaigh do bhí 'n-a fhochair dias eorna do chur
i gcréacht do chréachtaibh Taidhg, agus doirbh bheo i gcréacht
oile, agus scolb do rinn ghai san treas créacht, agus
cneasughadh tar ghoimh do dhéanamh orra ionnus go raibhe
Tadhg feadh bliadhna da bhíthin sin i seirglighe, go ndeachaidh
Lughaidh Lámha don Mhumhain ar ceann an táithleagha. Táinig
an liaigh go n-a thrí daltadhaibh go gcualadar éagcaoine


L. 294


Thaidhg ag tigheacht gus an dún dóibh. Fiafruighis an táithliaigh
don chéaddalta don triúr ar gclos na céadmhairge ó Thadhg
créad é fáth na mairge sin. "Cnead so," ar sé, "do cholg, ar
mbeith do cholg eorna 'n-a chréacht." Ar gclos an dara
mairge fiafruighis don dara dalta cread é adhbhar na
mairge sin. "Cnead do mhíol bheo so" ar an dara dalta "ar
mbeith do dhoirbh beo san dara chréacht." Ar gclos an treas
mairge don táithliaigh fiafruighis don treas dalta créad é
adhbhar na cneide sin. "Cnead do rinn airm so" ar an treas
dalta. Agus ar rochtain don tigh 'n-a raibhe Tadhg don táithliaigh
is eadh do rinne colltar iarainn do chur san teallach
go ndearna caoir dhearg dhe agus a thabhairt da inneall
ar bhruinnibh Thaidhg iar sin. Mar do chonnairc Tadhg an
t-iarann dearg da inneall ré a sháthadh 'n-a chorp do ghabh
criothnughadh croidhe é, ionnus go dtáinig don uathbhás soin
gur theilg go foiréigneach an dias an doirbh agus an scolb
do rinn ghai as a chréachtaibh; agus leis sin do-ní an táithliaigh
cneasughadh iomlán ar a chréachtaibh gur bha slán
Tadhg gan fuireach da éis sin.



Do rinne an Tadhg-so gabháltais mhóra i Leith Cuinn da
éis sin. Dá mhac imorro do bhí ag Tadhg mac Céin mic
Oilliola Óluim, mar atá Connla agus Cormac Gaileang.
Ó Iomchaidh mac Connla táinig Ó Céarbhaill, agus ó Fhionnachta
mac Connla táinig Ó Meachair. Ó Chormac Gaileang
mac Taidhg mic Céin táinig Ó hEadhra agus Ó Gadhra agus
Ó Conchubhair Ciannachta. Ag so na tíre do ghabhadar, mar
atá Gaileanga thoir agus thiar, Ciannachta theas agus
thuaidh, Luighne thoir agus thiar.



Do ghabhsad fós drong oile do shíol Éibhir críocha oile
i Leith Cuinn, mar atáid sliocht Cochláin mic Lorcáin mic
Datháin mic Treachuire mic Tréin mic Sidhe mic Ainbhile


L. 296


mic Big mic Aodháin mic Dealbhaoith mic Cais mic Conaill
Eachluaith mic Luighdheach Meinn (do rinne fearann cloidhimh
da bhfuil ó Luimneach go Sliabh Echtghe) mic Aonghusa Tírigh
mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cormaic Cais mic
Oiliolla Óluim. Ag so na fearainn, mar atáid na seacht
nDealbhna .i. Dealbhna Mhór, Dealbhna Bheag, Dealbhna
Eathra, Dealbhna Iarthair Mhidhe, Dealbhna Shithe Neannta,
Dealbhna Chúile Fabhair agus Dealbhna Thíre dá Loch i
gConnachtaibh. Gonadh da fhoillsiughadh sin chuireas an file
na roinn-se síos as an seanchus:




Na seacht nDealbhna fa donn sleagha,
Síol an Dealbhaoith dhonnarmaigh;
Táid i Leith Cuinn an chómhóil,
Nach bheag onóir d'ollamhnaibh:



Dealbhna Mhór, Dealbhna Bheag Breaghdha,
Dealbhna Eathra rinnreamhair;
Aicme fá mearrdha modha,
Dealbhna an Bhrogha báirrleabhair;



Dealbhna Shithe niamhghlain Neannta,
Dealbhna Nuadhat neamhdhochruigh;
Dealbhna Chúla fionnghlain Fobhair,
Nár dhealuigh ré deaghlochaibh.




Tuig gurab lé Lughaidh Lámha ar fhoráileamh Chormaic mic
Airt do thuit an Fearghus-so ar a bhfuilmíd ag tráchtadh
agus gurab i gCath Crionna do marbhadh é.


L. 298


XLIII.



Do ghabh Cormac Ulfhada mac Airt Aoinfhir mic Cuinn
Chéadchathaigh mic Feidhlimidh Reachtmair mic Tuathail Teachtmhair
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá fhichid bliadhan.
Is uime ghairthear Cormac Ulfhada dhe, ulcha fhada .i. féasóg
fhada do bhí air, nó ón bhfocal-so Ulfhada .i. Ulaidh i bhfad
mar gur chuir na hUlltaigh ar deoraidheacht feadh sé mbliadhan
ndéag a hUlltaibh tré n-ar imreadar d'ulc air sul ráinig
flaitheas Éireann é. Agus is í fá máthair don Chormac-so
Éachtach inghean Uilceathaigh an ghabhann. Agus is ré hucht
Catha Maighe Muchruimhe do chur do rinne Art Aoinfhear
Cormac ré hinghin an ghabhann agus í ar choibhche aige. Óir
fá nós i nÉirinn an tráth soin gibé rí nó mac ríogh do
chuirfeadh dúil i n-inghin bhrughaidh nó bhiadhtaigh ré luighe nó
leannánacht do dhéanamh ria, gur bha héigean dó a fagháil
gan acht coibhche nó crodh nuachair do dháil di. Agus is ar
an modh soin fuair Art máthair Chormaic, óir níor bh'í fá
bean phósta dhó, acht Meadhbh Leithdhearg, inghean Chonáin
Cualann, agus is uaithe ainmnighthear Ráith Meadhbha láimh ré
Teamhair.



Is iongnadh an aisling do chonnairc Éachtach úd .i. máthair
Chormaic. Dar lé, iomorro, ar mbeith 'n-a codladh
mar aon ré hArt di, do teascadh a ceann da colainn agus
do fhás bile mór as a muinéal do leathnuigh a ghéaga ós
Éirinn uile, agus táinig an mhuir ós cionn an bhile sin, gur
trascradh é; agus da éis sin fásais bile oile a préimh an
chéidbhile go dtáinig sidhe gaoithe aniar lér leagadh é; agus
ré faicsin na haislinge sin beadhgais an bhean agus músclais
as a codladh, gur nocht suim na haislinge d'Art. "Is
fíor sin," ar Art, "ceann gach mná a fear agus beanfuidhear


L. 300


mise dhíot-sa i gCath Maighe Muchruimhe; agus is é
bile fhásfas asad, mac bhéaras tú dhamh-sa bhus rí ar Éirinn;
agus is é muir bháithfeas é, cnáimh éisc shluigfeas, agus
tachtfuidhear ré n-a linn sin é. Agus is é bile fhásfas a préimh
an chéidbhile mac bhéarthar dó soin bhus rí ar Éirinn; agus is
é sidhe gaoithe aniar leagfas é, cath cuirfidhear idir é féin
agus an Fhian; agus tuitfidh sé leis an bhFéin san chath soin.
Gidheadh ní bhia rath ar an bhFéin ó shoin amach. Agus táinig
an aisling sin i gcrích do Chormac agus da mhac Cairbre
Lithfeachair, óir is ré linn chnáimh éisc do shlogadh dhó do
thachtadar na siabhradha é, agus is leis an bhFéin do thuit
Cairbre Lithfeachair i gCath Gabhra.



Is í Eithne Thaobhfhada inghean Chathaoir Mhóir do ba bean
do Chormac do réir dhruinge ré seanchus. Gidheadh ní héidir
sin do bheith fírinneach agus a rádh go madh í an Eithne sin
máthair Chairbre Lithfeachair. Óir do bhádar ocht mbliadhna
is cheithre fichid ó bhás Chathaoir gur ghabh Cormac flaitheas
Éireann, mar atá an fiche bliadhan do bhí Conn Céadchathach
i bhflaitheas Éireann, agus na seacht mbliadhna do bhí Conaire
mac Mogha Lámha agus an tríochad bliadhan do bhí Art
Aoinfhear agus an tríochad bliadhan do bhí Mac Con agus
an aoinbhliadhain do bhí Fearghus Duibhdhéadach i bhflaitheas
Éireann gur ghabh Cormac a ceannas.



Acht cheana is fíor gurab í Eithne Ollamhdha inghean
Dúnlaing mic Éanna Niadh máthair Chairbre Lithfeachair;
agus is í fá dalta do Bhuicead, brughaidh bóichéadach do
bhí i Laighnibh, do choimhéadadh coire féile ar theinidh ré
biathadh gach aoin d'fhearaibh Éireann tigeadh da thigh.
Agus is amhlaidh do bhí an Buicead-so go n-iomad saidhbhreasa,
óir do bhádar seacht n-airghe aige agus seacht
bhfichid bó i ngach airghe dhíobh go n-a bhforthainn groidhe
agus gach cinéal spréidhe oile, ionnus go dtigdís uaisle


L. 302


Laighean go n-a mbuidhnibh da theach, go mbeireadh drong
dhíobh scaoi da bhuaibh uaidh, agus drong oile aicme da
ghroidh, agus drong oile scor da eachaibh, go rugadar a mhaoin
uile amhlaidh sin uaidh, ionnus nar an aige acht seacht mba
agus tarbh; agus téid i n-éalódh oidhche é féin agus a bhean
agus a dhalta Eithne, ó Dhún Buicead go doire choille do bhí
láimh ré Ceanannus na Midhe, mar a ngnáthuigheadh Cormac
comhnuidhe an tan soin. Agus do thógaibh Buicead boith 'n-a
gcomhnuigheadh féin agus a bhean agus a dhalta an tan soin.
Agus do bhíodh Eithne ag timpireacht nó ag friotháileamh da
hoide agus da buimigh amhail bhanóglaoich.



Lá n-aon iomorro dar éirigh Cormac amach 'n-a aonar
ar each do thaisteal an fhuinn timcheall an bhaile go bhfacaidh
an inghean álainn Eithne ag bleoghan nó ag crúdh na seacht
mbó soin Bhuicead. Agus is amhlaidh do bhí agus dá shoitheach
aice, agus do chrúidh tosach an lachta ó gach boin san
chéadshoitheach agus an dara lacht san dara soitheach; agus mar
sin di go crúidh na seacht mbó dhi agus Cormac ag a féachain
ar mhéid a gheana uirre. Tig as sin don bhoith i raibhe a
hoide agus fágbhais an bainne ann agus beiris dá shoitheach
oile agus corn 'n-a láimh lé amach gus an sruth do bí láimh
ris an mbaile nó ris an mboith, agus do líon leis an gcorn
an céadshoitheach don uisce do bhí láimh ré port, agus an
dara soitheach don uisce do bhí i lár an tsrotha; agus tillis
ann séin don bhoith. Téid amach an treas feacht agus corrán
lé do bhuain luachra, agus ar mbeith ag buain na luachra dhi
do chuireadh gach scoith fhada úrluachra da mbeanadh ar leith
agus an luachair ghearr don leith oile. Tarla cheana do
Chormac ar mhéid a ghrádha dhi bheith ag a feitheamh ar feadh
gach feadhma dhíobh sin. Agus fiafruighis Cormac dhi cia da
ndéineadh cinéal an uisce an lachta agus na luachra. "An
tí ar a ndéinim," ar sí, "dlighidh dhíom-sa cinéal budh mó dá


L. 304


mbeith ar mo chumas." "Gá hainm é?" ar Cormac.
"Buicead brughaidh," ar sí. "An é sin Buicead biadhtach
do Laighnibh atá iomráidhteach i nÉirinn?" ar Cormac. "Is
é," ar sise. "Maseadh, is tusa Eithne inghean Dúnlaing a
dhalta," ar Cormac. "Is mé," ar Eithne. "Maith tharla,"
ar Cormac, "óir biaidh tú it aoinmhnaoi agam-sa." "Ní
hagam féin atá mo dhíol," ar ise, "acht agam oide." Leis
sin téid Cormac mar aon ria go Buicead agus geallais
cumhaidh dó tré Eithne d'fhagháil 'n-a mnaoi dhó féin.
Aontuighis Buicead Eithne do dháil do Chormac 'n-a mnaoi.
Agus tug Cormac tuaith Odhráin go n-a forthainn spréidhe ré slios
Teamhrach dhó feadh a ré. Agus leis sin luighis Cormac ré
hEithne gur toircheadh leis í, agus da éis sin rug sí mac
oirdheirc dó da ngoirthí Cairbre Lithfeachair.



Do bhí iomorro an Cormac-so ar na ríoghaibh is eagnaidhe
do ghabh Éirinn riamh. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an dTeagasc
Ríogh ro scríobh do Chairbre Lithfeachair agus ar mhórán do
nósaibh agus do reachtaibh somholta da bhfuil uaidh iar n-a
gcur síos san mBreitheamhnas Tuaithe. Do bhí Cormac fós ar
na ríoghaibh ba flaitheamhla do thigheasach do ba mhó muirear
agus muinntear da raibe do ríghthibh i nÉirinn riamh. Is
córaide fírinne an neithe-se do mheas an tuarasgbháil do-bheir
Aimhirgin mac Amhalghadha mic Maoilriain file Dhiarmada
mic Cearbhaill ar Theagh Miodhchuarta do hathnuaidheadh
agus do horduigheadh lé Cormac féin; gidheadh is cian ria
gCormac do céadtógbhadh Teach Miodhchuarta. Óir is ann
fuair Slánoll rí Éireann bás i bhfad ria n-aimsir gCormaic.
Ag so mar léaghthar san leabhar nDinnseanchuis ro scríobh an
tAimhirgin thuas .i. gurab i n-amsir Chormaic do rinneadh mar
theach n-óla é. Trí chéad troigh 'n-a fhad, tríochad cubhad
'n-a airde, agus caogad cubhad 'n-a thura; lóchrann ar lasadh
do shíor ann, cheithre dóirse déag air; trí chaogad leabhaidh
ann mar aon ré leabaidh Chormaic; trí chaogad laoch i ngach


L. 306


leabaidh dhíobh. Do bhádar trí chaogad reachtaire ag Cormac.
Caogad laoch 'n-a seasamh i bhfiadhnaise an ríogh ré mbeith
ar a phroinn dó; trí chéad dáileamh san dún soin, trí chaogad
corn do charrmhogal d'ór agus d'airgead ann. Caogad ar
mhíle fear ré a n-aireamh líon an teaghlaigh sin uile; gonadh
ar mhórdhacht agus ar mhaith Chormaic adeir an file an
rann-so:




Art nochar fhágaibh do chloinn
Acht Cormac chríche an Choroinn;
Ré dáil shéad níor ghann a ghlac,
Fearr 'ná céad do chloinn Cormac.




Deichneabhar inghean agus triúr mac do bhí ag Cormac,
amhail adeir an file san rann-so:




Deich n-ingheana ag Cormac gcáidh,
Is triúr mac go méid gconáigh;
Lucht airgne Chláire na gcreach,
Dáire Cairbre 'gus Ceallach.




I nDubhros ós Bóinn i mBreaghaibh do marbhadh Dáire,
agus is é Aonghus Gaoibuaibhtheach do mharb Ceallach, amhail
adeir an file:




Aonghus Gaoibuaibhtheach go mbloidh,
Ro mharbh Ceallach mac Cormoic;
Bás Dáire is Taidhg mic Céin chain,
I nDubhros Bóinne i mBreaghaibh.




Agus ionnus gurab móide do tuigfidhe réim an neithe-se
beagán do chraobhscaoileadh na druinge-se do chur síos
annso, bíodh a fhios agat go rabhadar triar mac ag Feidhlimidh
Reachtmhar mar atá Conn Céadchathach, Eochaidh Fionn
agus Fiachaidh Suighdhe, amhail adubhramar thuas. Do bhádar
sliocht Cuinn i dTeamhraigh san ríoghacht, agus do chuaidh an
dara bráthair do Chonn .i. Eochaidh Fionn go Laighnibh agus
do shíolsad a shliocht ann; agus is ag a shliocht do bhádar
na seacht bhFotharta atá i Laighnibh. Is ré n-a linn do bhí
Cú Chorb mac Mogha Corb i ríoghacht Laighean. Is ag an


L. 308


Eochaidh Fhionn-so do hoileadh agus do béasmhúineadh Laoighseach
Ceannmhór mac Conaill Chearnaigh. Tarla fán am
soin gur ghabhadar Muimhnigh neart mór i Laighnibh ionnus
gur shealbhuigheadar Osruighe agus Laoighis go Mullach
Maistean.



Mar do chonnairc iomorro Cú Chorb Muimhnigh ag gabháil
treise i Laighnibh iarrais ar Eochaidh Fionn congnamh do
thabhairt dó ré tathfann Muimhneach a Laighnibh. Aontuighis
Eochaidh sin agus cuiris cruinniughadh ar a chairdibh do
gach leith gur thionóil mar sin sluagh líonmhar go haonláthair,
agus do rinne ceann sluaigh da dhalta .i. Laoighseach
Ceannmhór, agus tug féin agus Cú Chorb rí Laighean go n-a
sluaightibh ucht ar Mhuimhneachaibh, agus Laoiseach Ceannmhór
i mbarántas tosaigh na sluagh, gur ruagadar Muimhnigh ó
Mhullach Mhaistean go Bearbha, go dtugadar maidhm orra
ag Áth Troistean ré ráidthear Áth Í ag Bearbha. Agus
leanaid an mhaidhm go dtugadar an dara briseadh orra
ag Coirtheine i Maigh Riada ré ráidhtear Laoighis Riada;
agus leanaid an ruaig orra as sin go dtugadar an treas
maidhm orra ag Slighe Dhála .i. Bealach Mór Osruighe, gur
fóireadh leo ó bhruid na Muimhneach Cúigeadh Laighean mar
sin. Agus fuair Eochaidh da bhíthin sin seacht bhFotharta
Laighean dó féin agus da shliocht. Agus fuair a dhalta mar
an gcéadna na seacht Laoighise dó féin agus da shliocht mar
cheannach láimhe i ndíol an cheannais do rinne ag díbirt
Mhuimhneach as na háitibh sin adubhramar.



Do orduigh fós rí Laighean uaidh féin agus ó gach rígh ar a
lorg, mar churaidhmhír do rígh Laoighse, druim gacha mairt
agus caruidh gacha muice da muirbhfidhe i dtigh ríogh Laighean
do thabhairt dó, agus fear tuaighe do bheith i dtigh ríogh
Laighean do shíor ar chostas an ríogh féin ré glacadh an dualgasa
soin i gcomhair ríogh Laoighse. Do bhíodh fós rí Laoighse do


L. 310


chomhairle ríogh Laighean, agus fá hé an ceathramhadh fear do
b'fhoigse don rígh é i gcomhdháil. Agus is aige do bhíodh
urlamhas gach bronntanais do-níodh rí Laighean ré a dháil
d'uaislibh agus d'ollamhnaibh agus gach bronntanas do-níthí
do rígh Laighean is do rígh Laoighse do dáiltí é da thoirbheirt
do rígh Laighean.



Do bhíodh fós móirsheisear ó rígh Laoighse ar thuarastal
ríogh Laighean féin, agus iad i bhfochair ríogh Laighean
do shíor ré héideadh a chuirp; agus ar ndul ar siubhal
sluagh do rígh Laighean ní bhíodh d'fhiachaibh ar rígh Laoighse
do thabhairt do lón dó acht seacht mairt do chuireadh go
fianbhoith an ríogh féin. Gidheadh dlighidh rí Laoighse seacht
bhfichid laoch ar a chostas féin do chothughadh ar sluagh an ríogh,
agus fós dlighidh sé tosach sluaigh ríogh Laighean ag dul i
dtír námhad agus i mbearnaibh baoghail d'fhagháil. Gidheadh
dlighidh rí Laoighse coimhéirghe ag comhdhálaibh coitcheanna ré rígh
bhFotharta, do bhrígh gurab é Eochaidh Fionn mac Feidhlimidh
Reachtmhair sinnsear ríogh Fotharta fá hoide múinte
do Laoighseach Cheannmhór ó dtáinig rí Laoighse. Agus do
coimhéadtaoi do shíor an nós-so eatortha go Gabháltas
Gall.


L. 312


XLIV.



Dála an dearbhráthar oile do Chonn mar atá Fiachaidh
Suighdhe láimh ré Teamhair fuair fearann .i. Déise Teamhrach,
agus níor ghabh sé ríoghacht Éireann.



Gidheadh tarladar triúr mac aige .i. Rossa agus Aonghus
da ngoirthear Aonghus Gaoibuaibhtheach agus Eoghan an treas
mac. Acht cheana do sháruigh Aonghus Gaoibuaibhtheach i
gcródhacht a lucht comhaimsire. Agus tárla an tan soin
neach cumhachtach 'n-a bhíodhbhadh ag Cormac, agus níor ghabh
aon oile i slánadh dhó ó Chormac acht Aonghus Gaoibuaibhtheach,
agus tug an rí Aonghus san slánadh soin dó. Do ghabh
Aonghus an duine uasal-so ré a ais. Tarla da éis sin gur
ghabh Ceallach mac Cormaic an duine uasal-so tar slánadh
Aonghusa, gur bhean a shúile as gan chead don rígh. Ar n-a
chlos sin d'Aonghus Gaoibuaibhtheach téid go Teamhraigh go
sluagh líonmhor leis agus marbhais Ceallach d'urchar da shleigh
ar chúlaibh an ríogh Chormaic san longphort, agur gonais
rosc an ríogh féin gur fhágaibh taoibh ré leathshúil é. Tionólais
Cormac sluagh mór agus ionnarbais Aonghus go n-a bhráithribh.



Is iomdha gleo tugsad an sliocht soin Fiachach Suighdhe do
Chormac. Gidheadh do dhíochuir Cormac go Laighnibh iad agus
anaid bliadhain innte, agus as sin dóibh go hOsruighibh, agus
tigid as sin go hOilill Ólom ag a raibhe Sadhbh, inghean Chuinn,
fá siúr dóibhsean, 'n-a mnaoi. Tug Oilill na Déise san
Mhumhan dóibh, óir fá hiad Déise Teamhrach fá dúthaigh dhóibh
sul do díbreadh lé Cormac iad.



Roinnid an triar mac soin Fiachach Suighdhe an chríoch soin
i dtrí rannaibh eatorra agus goirthear sliocht Oiliolla
Éarann agus Éarna dhíobh. Gidheadh ní hiad Éarna iad acht
sliocht Chonaire mic Mogha Lámha is díobh do gairthí Éarna.


L. 314


Is é Corc Duibhne mac Cairbre Múisc do rinne ceannas ar
sliocht Fhiachach Suighdhe do tharraing don Mhumhain agus is
don tsliocht soin do gairthí na Déise. Agus is é Aonghus
mac Eochach Finn mic Feidhlimidh Reachtmhair do ba taoiseach
orra ag triall don Mhumhain dóibh agus trí mic Fhiachach
Suighdhe mar aon ris, mar atá Rossa Eoghan agus Aonghus.
Tárla fan am soin gur ghabh Cairbre Músc neart mór san
Mhumhain agus go dtárla míorath agus meath talmhan ré
n-a linn san Mhumhain; agus do ba neimhiongnadh sin, óir is
tré chorbadh agus tré chol do rinne sé Corc ré Duibhfhinn do
ba deirbhshiúr dhó féin. Clann iomorro do Chonaire mac
Mogha Lámha agus do Sháruit inghin Chuinn Chéadchathaigh iad.
Mar thugadar maithe Mumhan da n-aire an míorath do bhí ré
linn Chairbre, fiafruighid de créad do bhean a toirthe agus a
rath don chrích. Adubhairt Cairbre gurab col do rinne féin
ré n-a dheirbhshiair .i. Duibhfhionn; agus rug sí dias mac dó
.i. Corc agus Cormac. Agur mar do chualadar maithe Mumhan
sin do iarradar na mic ré a milleadh - go loiscthí leo iad,
agus go gcuirdís a luaith ré sruth. "Déantar sin libh ré
Cormac," ar Dineach Draoi; "gidheadh ná marbhthar Corc libh
acht tugthar damh-sa é go mbeirinn a hEirinn é." Do faomhadh
sin dó, agus rug leis ar muir é go hInis Baoi go bhfuair
teach san oiléan, agus cailleach ann da ngairthí Baoi, agus
cuiris an draoi Corc ar a comairce, agus anais 'n-a fochair
feadh bliadhna; agus i gcionn bliadhna tug an draoi Corc leis
ar chomairce Sháruite inghine Cuinn do ba seanmháthair don
Chorc chéadna do leith a athar agus a mháthar.



Dála na nDéise do fhiafruigheadar da bhfileadhaibh an
raibhe fos ná comhnuidhe i gcinneadh dhóibh féin san Mhumhain.
Tugadar na fileadha do fhreagra orra fuireach san tír
agus go raibhe bean Chriomhthainn mic Éanna Chinnsealaigh rígh


L. 316


Laighean, Congain a hainm, agus toircheas aice, agus gurab
inghean do bhéaradh, agus an inghean d'iarraidh ré a
hoileamhain, agus luach do thabhairt do chionn a faghála.
Rugadh an inghean iar sin, agus do hoileadh leis na Déisibh
í. Eithne Uathach fá hainm don inghin, agus is ar fheoil
naoidhean do biathadh leis na Déisibh í, ionnus gurab luathaide
do fhásfadh é; óir do thairrngir draoi d'áirithe dhóibh
fearann d'fhagháil ón fhior ré mbeadh sí pósta. Agus ar
mbeith ionnuachair dhi, do pósadh ré hAonghus mac Natfraoich
.i. rí Mumhan í. Agus tug Aonghus dóibh-sean Magh Feimhean,
mar atá Trian Chluana Meala agus an Trian Meadhónach,
i gcommaoin na mná d'fhagháil dó féin iar n-ionnarbadh
Osruigheach as na tíribh sin. Agus aimsear imchian da éis
sin do marbhádh Aonghus agus Eithne lé Laighnibh i gCath
Ceall Osnadh, cheithre míle ó Léithghlinn soir.



An sliocht-so Fhiacach Suighdhe da ngiorthear Déise, ní
raibhe aca acht an dúthaigh ré ráidhtear Déisi Dheisceirt mar atá
ón tSiuir go fairrge budh dheas, agus ó Lios Mór go Ceann
Criadáin gus an am fár pósadh Eithne Uathach ré hAonghus
mac Natfraoich rí Mumhan. Óir is fán am soin tug Aonghus
Déise Thuaisceirt dóibh, mar atá ón tSiuir chéadna go Corca
Athrach ré ráidhtear Machaire Caisil. Agus is é Ó Faoláin
táinig don chine sin fá rí ar Dhéisibh Tuaisceirt; agus is é
áit i n-a raibhe a dhúnphort ar bruach na Siuire don leith
thiar d'Inis Leamhnachta agus is ris ráidhtear aniú Dún Uí
Fhaoláin. Do ghabh comhmbráthair oile dhó Déise Dheisceirt
agus is de do gairthí Ó Bric agus is é áit 'n-a mbíodh a
dhúnphort láimh ré fairrge theas san áit da ngoirthear aniú
Oiléan Uí Bhric. Agus do bhádar na Déise mar sin leathach
idir an dá shliocht soin, go ndeachaidh báthadh ar sliocht Uí
Bhric, go ráinig ceannas an dá chríoch Ó Faoláin, agus go
rabhadar aimsear imchian da éis sin 'n-a sheilbh, gur bheanadar


L. 318


síol Éibhir Déise Thuaisceirt de, go nach raibhe 'n-a sheilbh ré
dteacht Ghall i nÉirinn acht Déise Dheisceirt amháin.



Tuig gurab é Aonghus Osruighe go n-a fhuirinn do ghabh
treise i Maigh Feimhean da ngoirthí Déise Thuaisceirt,
agus gurab iad an sliocht-so Fhiachach Suighdhe do thathfainn a
Maigh Feimhin Aonghus Osruighe go n-a fhuirinn; gonadh ón
mbriseadh tugadar ar Aonghus ráidhtear Baile Orluidhe agus
Mullach Inneona i Maigh Feimhean aniú; Baile Orluidhe
iomorro ó urluidhe na laoch san chomhlann, agus Mullach
Inneona ón tathfann aimhdheonach do rinneadh ar Osruighibh
as go Laighnibh.



Tarla fán am soin teirce feola ar Chormac mac Airt
rí Éireann, agus é ar gcaitheamh chíosa na gcúigeadh tré
líonmhaire luchta a theaghlaigh, agus cinnis comhairle ré n-a
airdfheadhmannach cionnus do-ghéabhadh ní lé riar a mhuirir
go ham a chíosa do thógbháil, agus is í comhairle thug an
feadhmannach dhó, sluagh líonmhar do thionól agus triall don
Mhumhain do thabhach rúrachais chíosa ríogh Éireann. "Óir ní
díoltar leo," ar sé, "acht cíos aoinchúigidh ribh-se, agus atá
dá chúigeadh san Mhumhain agus téid cíos cúigidh do rígh
Éireann as gach cúigeadh dhíobh." Cinnis Cormac ar an
gcomhairle sin agus cuiris teachta go Fiachaidh Muilleathan
fá rí ar an Mumhain an tan soin do thabhach chíosa an dara
chúigidh air. Freagrais Fiachaidh do na teachtaibh, agus adubhairt
nach díolfadh barr cíosa ré Cormac nachar díoladh ris
na ríoghaibh táinig roimhe. Agus mar ráinig an scéal soin
Cormac, cuiris tionól ar sluagh líonmhar agus triallais leo
agus ní dheárnaidh comhnuidhe go ráinig Druim Dámhghaire
san Mhumhain, áit dá ngairmthear Cnoc Luinge aniú. Agus
suidhis i bhforbhais nó i bhfoslongphort ann; agus tig Fiachaidh
Muilleathan rí Mumhan don leith eile ucht ré hucht dó.



Is amhlaidh do bhí Cormac an tráth soin agus draoithe


L. 320


Albanacha 'n-a fhochair ann, agus iad ag imirt iomaid
draoidheachta ar rígh Mumhan agus ar a mhuinntir; agus go
háirithe níor fágbhadh aon bhraon uisce láimh ré longphort
ríogh Mumhan, ionnus go rabhadar daoine agus áirnéis i
nguais bháis d'easbhaidh uisce, ionnus gur bh'éigean do rígh
Mumhan fios do chur i ndáil Mhogha Ruith draoi do bhí i
gCiarraidhe Luachra; agus do mhair an Mogh Ruith-se ré linn
naoi ríogh déag, amhail adeir an file san rann-so:




Ré naoi ríogh déag diaidh i ndiaidh
Saoghal Mhogha Ruith ré róighliaidh
Ó Roth mac Rioghaill mór bloidh,
Go Cairbre lonn Lithfeachoir.




Agus mar tháinig Mogh Ruith fá héigean don rígh dá thriúcha
céad Fhearmuighe da ngoirthear críoch Róisteach agus críoch
Chondúnach do thabhairt dó. Agus leis sin scaoilis Mogh Ruith
an glas do bhí ar an uisce ag a chongbháil ó shluagh ríogh
Mumhan maille ré ga geintlidhe do bhí aige do theilgean
san aer suas, agus san áit 'n-ar thuirling an ga, do ling
tobar fíoruisce aiste lér fóireadh fir Mhumhan ón éigean
tarta i n-a rabhadar. Agus leis sin lingis rí Mumhan go
n-a shluagh ar Chormac agus ar a mhuinntir, gur ruagadar
as an Mumhain iad gan cath do thabhairt gan creich do
dhéanamh dóibh. Agus do bhádar ag tóraidheacht orra go
hOsruighe gur bha héigean do Chormac cuir agus teannta
do thabhairt uaidh ré braighdibh do chur ó Theamhraigh go Ráith
Naoi ré ráidhtear Cnoc Rathfonn go Fiachaidh Muilleathan
i ngioll ré cúitiughadh do thabhairt i ngach dochar da ndearna
san Mhumhain don turas soin; gonadh da fhaisnéis sin do
rinne an file an rann-so:




Fiachaidh Muilleathan, maith rí,
A hiath Aibhle i Leitribh Craoi;
Tugadh géill dó a Teamhraigh thréin
Go Ráthfoinn réil go Ráith Naoi.




Do bhádar dias mac ag an bhFiachaidh-so mar atá Oilill
Flann Mór agus Oilill Flann Beag. Ní raibhe sliocht ar


L. 322


Oilill Flann Mór agus a maireann do shliocht Fhiachach
Muilleathain is ar sliocht Oiliolla Flann Big atáid; gonadh
uime sin adeir an file an rann-so:




Mic Fhiachach Muilleathain mhóir,
Oilill Flann Mór an miodhóil,
Oilill Flann Beag na slógh soin;
A chlann is mór san Mhumhoin.




Ar mbeith iomorro d'Oilill Flann Mór gan shliocht, do
ghabh ré n-a dhearbhráthair Oilill Flann Beag mar mhac agus
do fhágaibh a mhaoin shaoghalta agus a oighreacht aige, ar
eacht go mbeith d'fhiachaibh air féin agus ar a shliocht a ainm
féin do chur san chraobhscaoileadh idir é féin agus Fiachaidh
Muilleathan; agus is mar sin atá sé i Psaltair Chaisil
agus i seinleabhraibh oile. Gidheadh ní hé is iontuigthe asta
go madh é Oilill Flann Mór b'athair d'Oilill Flann Beag.
Acht is uime do gnáthuigheadh leis na seanchaidhibh Oilill Flann
Mór do chur i ngéig gheinealaigh Fhiachach Muilleathain mar
chuimhniughadh ar an eacht do bhí idir é féin agus Oilill Flann
Beag, amhail adubhramar thuas. Is é Connla Clamh mac
Taidhg mic Céin sinnsear shíl gCearbhaill agus shíl Meachair
do mharbh Fiachaidh Muilleathan i bhfeill ag Áth Uiseal, ré
ráidhtear Áth Aiseal ar Siuir an tan-so. Agus is é ní da
dtáinig é do dhéanamh na feilbheirte sin, ar mbeith iomorro
do Chonnla agus é 'n-a mhacaomh óg i bhfochair Chormaic mic
Airt ag foghluim béas agus tréitheadh, tarla lubhra nó
claimhe dhó, agus níor ghabh leigheas san bhioth greim dhe. Is
ann sin adubhairt Cormac ris nach raibhe leigheas i gcinneadh
dhó, go ndearnadh é féin do nighe i bhfuil ríogh, agus da
ndearnadh soin go madh slán ó n-a chlaimhe é. Go grod da
éis sin ceileabhrais Connla do Chormac, agus triallais don
Mhumhain d'fhios a bhráthar Fhiachach Muilleathain fá rí
Mumhan an tan soin. Agus is é áit 'n-a raibhe Fiachaidh
Muilleathan 'n-a chomhnuidhe an tráth soin i Ráith Rathfainne,
ré ráidhtear


L. 324


Cnoc Rathfonn aniú, i bhfochair a bhuimighe dar bh'ainm,
Rathfonn; agus ar rochtain Chonnla 'n-a láthair fáiltighis
roimhe.



Lá n-aon iomorro go grod da éis sin éirghis Fiachaidh go líon
a theaghlaigh láimh lé Siuir, agus Connla ag iomchar a shleighe
ré a chois, agus téid go hÁth Aiseal go ndeachaidh do shnámh
ar an linn, agus smuainis Connla ar theagasc Chormaic.
Agus leis sin téid ar bruach an phuirt go dtug sáthadh sleighe
ar Fhiachaidh agus é ag snámh, gur marbhadh amhlaidh sin é.
Gidheadh sul fuair sé bás do rinne anacal ar Chonnla agus
do fhógair da theaghlach gan a mharbhadh, agus éagais do
láthair da éis sin. Gonadh mar sin do críochnuigheadh beatha
Fhiachach Muilleathain.



XLV.



Adubhramar thuas do réir an tseanchusa gurab deichneabhar
inghean do bhí ag Cormac. Gidheadh annso ní luaidhfeam
acht dias díobh, mar atá Gráinne do ba bean d'Fhionn
mac Cumhaill agus do chuaidh i n-éalódh ré Diarmaid
Ó Duibhne, agus Aillbhe inghean Cormaic do ba bean 'n-a
dhiaidh sin d'Fhionn.



Agus cibé adéaradh nach raibhe Fionn ná an Fhian ann, ní
fíor dhó é. Óir atáid againn, ré suidhiughadh na Féine do
bheith ann, na trí neithe lé ndearbhthar fírinne gacha staire
san mbith leath amuigh don Bhíobla, mar atá béaloideas na
sean, seinscríbhne agus séadchomharthaidhe da ngoirthear i
Laidin Monumenta. Óir atámaoid da chlos ó bhéal go béal
go raibhe Fionn agus an Fhian ann, agus fós atáid scríbhne
go foirleathan da fhaisnéis. Atáid mar an gcéadna
séadchomharthaidhe ar n-a n-ainmniughadh uatha, mar atá Suidhe
Finn ar Sliabh na mBan, ó Fhionn ua Baoiscne, agus Gleann
Gharaidh i nUibh Faithche, ó Gharaidh mac Mórna, agus Leabaidh
Dhiarmada Uí Dhuibhne agus Ghráinne ag Poll Tighe Liabháin
i nUíbh Fiachrach Eidhne, dá ngoirthear Dúthaigh Uí Sheachnasaigh


L. 326


aniú, agus mar sin do mhóran d'áitibh oile i nÉirinn.
Agus dá n-abradh aoinneach nach inchreidthe mórán dar
scríobhadh ar an bhFéin, is deimhin gurab fíor dó é, óir ní
raibhe ríoghacht san bhith is nach scríobhthaidhe ré linn na
Pagántachta sceoil da ngairthí fabulae. Féach Ridire na
Gréine, Bevis of Hamton, Huon of Burdex, agus a samhail
oile sin do scríobhadh lé linn an Chreidimh féin. Gidheadh ní
fhuil críoch san bhith is nar scríobhadh staire fírinneacha
inchreidthe. Mar an gcéadna, tar ceann gur scríobhadh
iomad d'fhinnscéalaibh filidheachta ar Fhionn agus ar an
bhFéin, mar atá Cath Fionntrágha, Bruighean Chaorthainn
agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus a samhail oile sin
mar chaitheamh aimsire, tairis sin, is dearbh gur scríobhadh
staire fírinneacha inchreidthe orra. Agus is dearbh fós nach
raibhe ainmhéid 'n-a bpearsanaibh acht mar an druing do
mhair ré n-a linn féin; agus ní raibhe ionnta acht buannadha
do ríoghaibh Éireann ré cosnamh agus ré caomhna na críche
dhóibh, amhail bhíd caiptíne agus saighdiuiridhe ag gach rígh aniú
ré cosnamh a chríche féin.



Agus is amhlaidh do bhídís an Fhian ag coinnmheadh ar
fhearaibh Éireann ó Shamhain go Bealltaine, agus iad ré
cosnamh córa agus ré cosc éagcóra do ríoghaibh agus do
thighearnaibh Éireann; agus fós ré caomhna agus ré coimhéad
chuan na críche ar fhoirneart eachtrann; agus ó Bhealltaine
go Samhain ré seilg agus ré fiadhach do dhéanamh, agus ris
gach feidhm oile da n-iarradh rí Éireann orra, mar atá cosc
gada agus díol cána, ré cosc díbhfeargach agus gach uilc
oile da mbhíodh san chrích ó shoin amach; agus tuarastail
chinnte da chionn soin dóibh, amhail bhíos anois ó gach rígh san
Eoruip do na caiptínibh agus do na ceannaibh feadhna bhíos
ag déanamh feadhma faoi féin. Fá héigean iomorro don
Fhéin ó Bhealltaine go Samhain bheith taoibh ré n-a seilg agus
ré n-a bhfiadhach féin mar choinnmheadh agus mar thuarastal ó


L. 328


ríoghaibh Éireann, mar atá an feolmhach do bheith mar bhiadh
aca, agus croicne na mbeathadhach n-allta mar thuarastal.
Ní hithtí leo trá acht aonphroinn san ló go n-oidhche, agus sin
um thráth nóna. Agus is é gnathughadh do bhíodh aca gach sealg
do-níthí leo ar maidin do chur timcheall meadhóin laoi leis an
ngiollanraidh go tulaigh d'áirithe mar a mbídís i gcomhgar
choille agus riasca, agus teinnte treathanmhóra d'adhnadh
ann, agus dá chlais talmhan do dhéanamh san riasc i gcriaidh
bhuidhe, agus iomad do chlochaibh eimhir do chur san teinidh, agus
cuid don fheolmhach do chur ar bearaibh da bruith ris an
dteinidh, agus cuid oile dhi do cheangal i ndlaoithibh seasca lé
suagánaibh agus a cur da bearbhadh san chlais fá mó don dá
chlais, agus bheith ag biathadh na gcloch do bhíodh san teinidh
orra, go mbeantaoi fiucha minic asta go beith bearbhtha dhóibh.
Agus do bhíodh do mhéid na dteinnte-se go bhfuilid a láithreacha
dubhloiscthe i mórán d'áitibh i nÉirinn aniú, agus is
díobh ghairmid na criadhaireadha Fulacht Fian aniú.



Dála na Féine, an tan do chruinnighdís gus an tulaigh
ar a mbíodh an teine, do nochtadh gach aon díobh é féin, agus
do cheangladh a léine fá chaol a chuim, agus do ghabhdaois
timcheall an dara luig do luaidheamar thuas, ag folcadh a
bhfolt agus ag nighe a mball agus ag buain allais díobh;
agus ann sin ag suathadh a lúthach agus a gcuisleann, go
gcuirdís amhlaidh sin a dtuirse dhíobh, agus do hithtí a bproinn
leo da éis sin. Agus iar gcaitheamh a bproinne dhóibh do
ghabhdaois ag tógbháil a bhfianbhoth agus ag córughadh a leapthach,
go gcuirdís inneall suain orra féin amhlaidh sin. Trí
neithe da ndéineadh gach aon díobh leabaidh dó féin, mar atá
barrghalach chrann, caonach agus úrluachair; an bharrghalach
i n-íochtar ré lar, an caonach ós a chionn soin, agus an
úrluachair i n-uachtar; agus is díobh so gairmthear sna
seinleabhraibh trí coilceadha na Féine.



Ag so síos d'Fhionn mac Cumhaill agus cia an sliocht do
Ghaedhealaibh ó dtáinig sé. Agus adeir Campianus 'n-a
chroinic go n-abraid cuid do na hughdaraibh gurab d'Fhionn


L. 330


mac Cumhaill do gairmthí Roanus. Gidheadh ní fíor dó sin.
Bíodh a fhios agat gurab é Cumhall mac Tréanmhóir an
ceathramhadh glún ó Nuadha Neacht rí Laighean fá athair dó,
agus Muirn Mhunchaomh inghean Thaidhg mic Nuadhat draoi
Chathaoir Mhóir fá máthair dó. Agus fá hí Almha Laighean
fá fearann díleas do Thadhg mac Nuadhat, agus is da bhíthin
sin do ráinig Almha Laighean d'Fhionn i gceart a mháthar.
Gidheadh is é rí Laighean tug Formaoil na bhFian dó i nUíbh
Cinnsealaigh mar a bhfuil Luimneach Laighean aniú.



Is éagcóir do-bheir Hector Boetius i Stair na hAlban
athach d'ainm ar Fhionn mac Cumhaill, agus fós is bréagach
adeir go raibhe cúig cubhaid déag ar airde ann. Óir is
follus a seinleabhraibh an tseanchusa nach raibhe ainmhéid
ann tar a lucht chomhaimsire. Agus is follas go rabhadar
drong don Fhéin ba mó ba arrachta agus ba láidre ioná é.
Is uime iomorro do rinneadh Rí Féinnidh dhe ós cionn laochraidhe
Éireann, do bhrígh go raibhe a athair agus a sheanathair
i gceannas feadhna laochraidhe Éireann roimhe. Adhbhar oile
fós fá ndearnadh Rí Féinnidh dhe, do bhrígh gur sháruigh a lucht
comhaimsire i bhfios agus i bhfoghluim, i ngaois agus i ngliocas,
agus fós i gcríonnacht agus i gcródhacht i gcathláithribh,
ionnus gurab tríd sin do hoirneadh 'n-a Rígh Féinnidh é, agus
nach ar arrachtas a chuirp ná ar mhéid a phearsan seoch cách.
Is é gnáthshluagh do bhíodh ar buannacht fá Fhionn trí catha na
Gnáithfhéine, agus trí mhíle san chath, an tan fá síodhach fir
Éireann ré chéile. Gidheadh an tan do fhásadh easaonta idir
aonlucht d'uaislibh Éireann agus an t-airdrígh, nó an tan
fá héigean sluagh do chur i nAlbain do neartughadh ré Dál
Riada i n-aghaidh allmhurrach, do bhíodh seacht gcatha ag Fionn,
ionnus go mbíodh furthainn sluagh aige ré dul d'fhurtacht
Dál Riada i nAlbain agus ré hÉirinn do choimhéad ó fhoirneart
eachtrann mar an gcéadna.



Is iomdha ardthaoiseach do bhíodh fá Fhionn ar an bhFéin,


L. 332


mar atá caithmhíleadh ós cionn chatha, amhail bhíos colonel ós
cionn regiment, ceann feadhna céid, amhail bhíos caiptín
anois, taoiseach caogaid, amhail bhíos lieutenant, agus taoiseach
trí naonbhar, amhail bhíos corporal, agus taoiseach
naonbhair, amhail bhíodh decurio ag an Rómhanach. Óir an
tan do-níthí deich gcipe nó deich rangca don chéad, do bhíodh
baránta ar gach rangc díobh, agus is de go gairthí taoiseach
naonbhair. Agus an tan luaidhtear i starthaibh na hÉireann
fear comhlainn céad nó caogaid nó naonbhair nó a
samhail oile sin do bheith don Fhéin, ní headh is iontuigthe
asta gurab da láimh féin do mhuirfeadh céad nó caogad nó
naonbhar, acht is eadh is iontuigthe as gur bharánta céad nó
caogaid nó naonbhair é, agus go mbíodh ionchomhlainn go n-a
bhuidhin lé n-a shamhail féin do bharánta ag a mbíodh samhail
na buidhne céadna aige. Do bhíodh cheithre neithe d'fhiachaibh
ar gach aon do gabhthaoi i bhFiannaidheacht do chómhlíonadh.
An céidní gan cradh do ghabháil ré mnaoi, acht a togha ar
a deighbhéasaibh agus ar a tréithibh. An dara ní gan bean
do shárughadh. An treas ní gan duine d'éaradh um shéad
ná um biadh. An ceathramhadh ní gan aoinfhear dhíobh do
theitheadh ré naonbhar laoch.



Ag so síos na coinghill oile do chuir Fionn mac Cumhaill
sna grádhaibh gaisce fá héigean do gach aon do ghabháil sul
do glacfaidhe i bhFiannaidheacht é. An céadchoinghioll: ní
gabhthaoi fear san bhFéin i mórdháil Uisnigh ná i nAonach
Tailltean ná i bhFeis Teamhrach, nó go dtugadh a athair
agus a mháthair agus a chine agus a ghaolta slánadh uatha
gan a bhás d'agradh ar neach oile go bráth, ionnus nach biadh
a shúil ré duine ar bith da dhíoghail acht é féin; agus dá
ndearntaoi uilc mhóra leis-sean gan a charaid d'agradh
ann. An dara coinghioll: ní gabhthaoi neach san bhFéin go
beith 'n-a fhile dhó, agus go ndéineadh dá leabhar déag na
filidheachta. An treas coinghioll: ní gabhthaoi fear san bhFéin


L. 334


go ndearntaoi láthair logmhór do shoicheadh ós cionn a ghlún
dó, agus do cuirthí innte é, agus a sciath leis, agus fad
láimhe laoich do chrann chuill 'n-a láimh; naonbhar laoch do
thigheacht chuige go naoi sleaghaibh leo, agus naoi n-iomaire
eatorra agus é, agus do caithtí leo a naoi sleagha i n-aoinfheacht
ris, agus dá ngointí tar an scéith agus tar an gcrann
gcuill é ní gabhthaoi i bhFiannaidheacht é. An ceathramhadh
coinghioll: ní gabhthaoi fear san bhFéin go ndearntaoi fighe
fhuilt air agus go gcuirthí tré choilltibh iomdha é, go dtigdís
an Fhian uile 'n-a dhiaidh ar tí a ghona, agus ní bhiadh d'aghaidh
eatorra acht aonchrann, agus dá mbeirthí air do gointí é.
An cúigeadh coinghioll: ní gabhthaoi fear san bhFéin dá
gcriothnuighdís a airm 'n-a láimh. An seiseadh coinghioll: ní
gabhthaoi fear ionnta dá dtugadh craobh san choill dlaoi da fholt as
a fhighe. An seachtmhadh coinghioll, ní gabhthaoi fear ionnta
dá mionuigheadh crann críon fá n-a chosaibh. An t-ochtmhadh
coinghioll, ní gabhthaoi fear ionnta, muna lingeadh tar chrann
budh comhard re n-a éadan agus muna gcromadh fá chrann
budh coimhíseal ré n-a ghlún, tré iomad lúith do bheith n-a
chorp. An naomhadh coinghioll, ní gabhthaoi fear san bhFéin
muna dtugadh dealg as a chois lé n-a láimh gan toirmeasc
a reatha uime. An deichmhadh coinghioll, ní gabhthaoi fear
ionnta muna dtugadh móid don Rígh Féinnidh fá bheith díleas
urramach dhó.



Tarla ré linn Chormaic do bheith i bhflaitheas Éireann go
dtugadar drong d'uaislibh Uladh ruaig fá imeall na hAlban,
go dtarla Ciarnait inghean ríogh Cruithneach dhóibh, go dtugadar
i mbroid tar muir í. Agus mar do chualaidh Cormac
tuarasgbháil a scéimhe iarrais ar chách í, agus tug leis da
thigh féin í; agus do chinn sí ar mhnáibh a comhaimsire i scéimh,
agus grádhuighis Cormac tríd sin í. Mar do chualaidh iomorra


L. 336


Eithne Ollamhdha, inghean Dúnlaing, bean phósta Chormaic,
Ciarnait do bheith aige, adubhairt nach beidís ar aon i
n-aoinfheacht aige, agus fá héigean a fagháil d'Eithne, gur
chuir do dhaoirse uirre naoi méich nó naoi gcearna arbhair do
bhleith nó do mheilt a bróin gach laoi. Acht tairis sin, tarla
Cormac i n-uaigneas di, gur toircheadh leis í, agus ar mbeith
torrach di, níor fhéad bleith do dhéanamh agus téid ós íseal
go Cormac agus innisis sin dó. Cuiris Cormac fios go
hAlbain i gcoinne saoir do dhéanadh muileann. Tig an
saor chuige agus do rinneadh an muileann lais do shaoradh
Ciarnaite ar an daoirse 'n-a raibhe ag Eithne; gonadh de
sin do chan an file na rainn-se síos:




Ciarnait cumhal Chormaic chóir,
Mór gcéad do bhiathadh a bróin;
Naoi méich gach laoi lé do bhleith,
Níor bh'obair dhuine dhéinmheich.



Tarrastair uirre an rí rán,
Iona thoigh 'n-a haonarán;
Go rostoircheastair fo leith,
Iar sin ro fhéimidh róibhleith.



Airchisis uirre ua Cuinn,
Tug saor muilinn tar mórthuinn;
Céadmhuileann Chormaic mic Airt,
Ro ba cabhair do Chiarnait.


L. 338



XLVI.



Is ré linn Chormaic do mhair Fitheal, agus is é fá hairdbhreitheamh
dhó; agus ar mbeith d'Fhitheal ré hucht bháis d'fhagháil,
do chuir fios i gcoinne a mhic da ngairthí Flaithrí, agus do ba
duine glic foghlumtha an Flaithrí sin. Do fhágaibh Fitheal a
bheannacht aige, agus tug do chomhairle dhó cheithre neithe do
choimhéad go friochnamhach, agus go madh sochar dhó sin do
dhéanamh, mar atá gan mac ríogh d'altrom ná d'oileamhain,
gan rún 'n-a mbeith guais do léigean ré n-a mhnaoi, gan
mac moghaidh do mhéadughadh, gan a chiste nó a stór do thabhairt
i dtaiscidh da shiair. Agus i ndiaidh bháis Fhithil do
mheas Flaithrí fromhadh do dhéanamh ar gach ní dhíobh soin;
agus mar dhearbhadh orra glacais Flaithrí mac do Chormac
mac Airt ar daltachas, agus i gcionn aimsire 'n-a dhiaidh sin
beiris an leanbh fá choill leis, agus tug do mhuicidhe da mhuinntir
féin do bhí i ndiamhair na coille é, agus adubhairt ris an
leanbh do cheilt go maith go gcuireadh féin comhartha cinnte
chuige; agus leis sin tillis don bhaile da thigh féin, agus
léigis tuirse agus dobrón mór air, agus fiafruighis a bhean
fáth a thuirse agus a bhróin de. Adubhairt-sean nach raibhe
a bheag. Gidheadh mar do chonnairc sise an brón ar marthain
aige, do ghabh go liosta ag leadrán air ag lorgaireacht
adhbhair a thuirse. Adubhairt-sean da ndéineadh rún air go
nochtfadh fáth a bhróin di.



Do mhionnuigh sise go gceilfeadh gach ní do nochtfadh
seisean tré rún di. "Maseadh," ar seisean, "tarla dhamhsa
feilbheart anabaidh do dhéanamh, mar atá mo dhalta, mac
an ríogh, do mharbhadh." Screadais an bhean ar n-a chlos sin
di, agus gairmis muinntear an tighe agus adubhairt riú an
fionghalach do cheangal tré mhac an ríogh do mharbhadh; agus
do-níthear amhlaidh sin leo; agus beirthear ceangailte gus
an rígh é. Tarla fós do Fhlaithrí gur mhéaduigh mac reachtaire
da mhuinntir féin go raibhe 'n-a dhuine shaidhbhir. Tug


L. 340


mar an gcéadna go grod i ndiaidh bháis a athar cuid da
ionnmhus i dtaiscidh da shiair, ionnus nach rachadh éinní do
na ceithre neithibh adubhairt a athair ris gan fromhadh uaidh.
Mar fuair iomorro mac an reachtaire fá dhaoirse é, agus
an rí ar tí a bhásuighthe, ní raibh duine dhíobh is truime agus
is déine do bhí 'n-a aghaidh ioná mac an reachtaire, i ndóigh
go bhfuighbheadh féin oighreacht Fhlaithrí ré a ceannach dó féin.



Cuiris Flaithrí, ar mbheith san éigean soin dó, fios i ndáil
a sheathrach aga iarraidh uirre an mhéid ionnmhusa tug i
dtaiscidh dhi do chur chuige, go ndéineadh caraid dó féin timcheall
an ríogh, agus mar ráinig an teachtaire í, do shéan
nachar ghlac féin a shamhail sin uaidh riamh. Agus mar ráinig
an scéal soin Flaithrí agus é ré hucht a bhásuighthe iarrais a
léigean do láthair an ríogh go ndéineadh comhrádh rúin ris;
agus ar dteacht do láthair Chormaic dhó, do innis go raibhe an
mac slán, agus adubhairt é féin do chongbháil san chuibhreach
i raibhe go dtigheacht da dhalta do láthair. Cuirthear fios
ar cheann an mhic, agus ar dtigheacht do láthair don leanbh
ón muicidhe aga raibhe i gcoimhéad aige, mar do chonnaic sé
Flaithrí cuibhrighthe, goilis nó gur scaoileadh dhe. Agus ar
mbeith do Fhlaithrí scaoilte, fiafruighis Cormac ós íseal de
créad as ar fhulaing é féin do chur san ghábhadh soin. "Do
fhromhadh na gceithre gcomhairleach tug mh'athair damh do
rinneas é," ar Flaithrí, "agus fuaras ar n-a ndearbhadh
gurab críonna na ceithre comhairleacha tug mh'athair dhamh.
Ar dtús ní críonna do neach oileamhain mic ríogh do ghabháil
ar a iocht, d'eagla faille do dhéanamh da dtiocfadh lot nó
milleadh do theagmháil don dalta, agus beatha nó bás an oide
do dhéanadh faill, ar chumas an rígh. An dara comhairle tug
mh'athair dhamh, do réir nádúire ní bhí congbháil rúin ghuaiseachtaigh
i mnaoi san bhith go coitcheann, agus uime sin ní críonna
a shamhail do rún do léigean ré. An treas comhairle tug
mh'athair dhamh, gan mac moghaidh nó dhuine uirísil do mhéadughadh


L. 342


nó do thógbháil go hinnmhe, do bhrígh gurab gnáthach leo
bheith dearmadach san chommaoin chuirthear orra, agus fós
gurab olc leo fios na dearóile agus na huirísle ór fhásadar
do bheith ag an druing mhéaduigheas iad. Is maith," ar sé,
"an ceathramhadh comhairle tug mh'athair dhamh, gan mo stór do
thabhairt dom shiair óir is eadh is dáil do na mnáibh éadáil
do dhéanamh da gach ionnmhus da dtugaid a gcaraid i
dtaiscidh dhóibh."



Do horduigheadh ré linn Chormaic bheith d'fhiachaibh ar gach
airdrígh da mbeith i nÉirinn deichneabhar do bheith do shíor
'n-a fhochair gan scarthain ris do ghnáth, mar atá flaith,
breitheamh, draoi, liaigh, file, seancha, oirfideach; agus triúr
feadhmannach: an flaith mar ghuaillidhe don rígh, an breitheamh
ré nochtadh nós agus reacht na críche do láthair an ríogh;
draoi ré híodhbarta do dhéanamh, agus ré tuar maitheasa nó
uilc don chrích a los a ghaoise agus a gheintlidheachta; liaigh
ré leigheas do dhéanamh don rígh agus da ríoghain agus don
teaghlach ó shoin amach; file ré haoir nó ré hadhmholadh do
dhéanamh da gach aon do réir a mhaitheasa nó a mhíghníomh;
seancha ré coimhéad chraobh gcoibhneasa sceol agus imtheachta
na n-uasal ó aimsir go haimsir; oirfideach ré seinm agus
ré gabháil duan agus dréacht do láthair an ríogh; agus triúr
feadhmannach ré freastal agus ré friothólamh an ríogh go n-a
bhfurthainn do ronnairidhibh agus do dháileamhnaibh ré a n-ais.
Do bhí an nós-so ar congbháil ó aimsir Chormaic go bás
Bhriain mic Cinnéididh gan mhalairt acht amháin ó do ghabhadar
ríghthe Éireann creideamh Chríost, gurab anmchara eagailse
do bhíodh i n-áit an druadh ré friotal agus ré foillsiughadh
reachta agus dlighthe Dé don rígh agus da theaghlach. Ag seo
suidheamh an tseanchaidh ar an ní-se anuas:




Deichneabhar cuibhreann an ríogh,
Gan imreasain gan imshníomh;
Eol damh a n-áireamh uile,
Idir rígh is ró-dhuine.


L. 344


Dleaghair i gcuibhreann ríogh raith,
Breitheamh is file is flaith;
An rí ag nach bia an tréidhe thall,
Ní dhligh Féine a eineaclann.



Anmchara ag foircheadal scéal,
Seancha leasuigheas gach léan;
Oirfideach ré téadaibh thall
Dlighidh íoc is eineaclann.



Liaigh an ceathramhadh duine
d'fhios ghalair gach aoin uile;
Triar friothólmha mbuidhneadh mbann
Sloinnfead do shluaghaibh Éireann.



An rí ag nach béid sin uile
Ní dhligh i Réim Ríoghruidhe;
I dtigh Teamhra ní bhia a sheal,
An rí ag nach bia an deichneabhar.




Do bhí d'fheabhas ghníomh bhreath agus reachta Chormaic go
dtug Dia solus an chreidimh dó seacht mbliadhna ré mbás.
Agus uime sin do dhiúlt adhradh do láimhdhéibh, agus do ghabh ré a
ais cádhas agus onóir do thabhairt don fhír-Dhia, ionnus gurab
é an treas fear do chreid i nÉirinn é sul táinig Pádraig:
Conchubhar mac Neasa an céadfhear do ghabh creidheamh ar
n-a chlos ó Bhacrach draoi go gcéasfaidhe Críost leis an
gcine Iúdaidhe, Morann mac Maoin an dara fear, agus
Cormac mac Airt an treas duine. Is i dTeamhraigh do
chleachtadh Cormac áitiughadh ar lorg na ríogh roimhe nó gur
milleadh a rosc lé hAonghus Gaoibuaibhtheach, amhail adubhramar
thuas; agus ó shin amach i nAchaill i dtigh Cleitigh
agus i gCeanannus do bhíodh. Óir níor mhaise agus níor
shonas lé fearaibh Éireann rí go n-ainimh d'áitiughadh i
dTeamhair; agus uime sin do rad Cormac an ríghe da mhac
.i. Cairbre Lithfeachair, agus do léig Teamhair dó, agus do
chuaidh féin i dtigh Cleitigh agus i nAchaill i bhfochair
Theamhrach.


L. 346


Gonadh ionnta soin do rinne na Teagaisc Ríogh ag múnadh
mar budh dual do rígh bheith, mar adubhramar thuas, agus
cionnus do smachtfadh na tuatha 'n-a ndligheadhaibh. Agus
ón tráth fár thréig Cormac an ríghe níor chreid acht don
aoin-Dia neamhdha.



Lá da raibh Cormac i dtigh Cleitigh do bhádar na draoithe
'n-a fhiadhnaise ag adhradh an laoigh órdha, agus cách da
adhradh ar lorg na ndruadh. Do fhiafruigh Maoilgheann
draoi do Chormac créad as nach adhradh an laogh órdha agus
na dée mar chách. "Ní dhéan" ar Cormac "adhradh don
cheap do róine mo cheard féin, agus do b'fhearr an duine do
rinne é d'adhradh, óir is uaisle é ioná an ceap. Greasais
Maoilgheann draoi an laogh órdha go ro ling 'n-a bhfiadhnaise
uile. "An bhfaice súd a Chormaic?" ar Maoilgheann. "Cia
do-chím," ar Cormac, "ní dhéan adhradh acht do Dhia nimhe
agus talmhan agus ifrinn."



Do bearbhadh a chuid don rígh iar soin agus do ghabh ag
ithe míre do bhradán ón mBóinn. Leis sin tángadar na
siabhra iar n-a ngreasacht do Mhaoilgheann draoi agus
marbhthar an rí leo. Fuireann oile adeir gur cnáimh bradáin
do lean da bhrághaid agus do thacht é, óir is ag ithe éisc do bhí
an uair do thachtsad na siabhra nó na deamhain aerdha é.



Iar dteacht d'airgheanaibh báis i ndáil an ríogh adubhairt
ré n-a aos gráidh gan a chorp d'adhnacal san Bhrugh mar a
rabhadar ríoghraidh Theamhrach roimhe sin. Ar mbeith iomorro
do chách ag breith a chuirp d'adhnacal don Bhrugh cuirid na
siabhra i n-abhainn go dtuile mhóir trí huaire rompa é, óir
níor bh'áil leo a chorp do léigean i reilg iodhal tré
chreideamh don fhír-Dhia dhó. Agus an ceathramhadh feacht rugadar
lucht a iomchair san abhainn é, agus bearar uatha an corp re sruth
na Bóinne go ráinig Ros na Ríogh agus scarthar an corp ris


L. 348


an bhfuad nó ris an gcróchar, gonadh de sin atá Áth Fuaid
ar Bóinn. Do caoineadh ann sin é agus do rinneadh a uaigh
agus do hadhnaiceadh ag Ros na Ríogh é. Táinig Colum Cille
aimsear imchian da éis sin gus an ionadh soin, go bhfuair
ceann an ríogh Chormaic ann, agus do hadhnaiceadh leis é.
Anais Colum Cille san áit chéadna go ndubhairt tríochad
aifreann ós a chionn, go bhfuil eaglais aniú san áit sin.



Ó tharla dhúinn labhairt ar na draoithibh annso, measaim
gurab oircheas dúinn labhairt ar chuid da ndálaibh
agus go háirithe ar a n-iodhbartaibh agus ar a ngeasaibh
mar bhus follus i n-ar ndiaidh. Atáid iomorro ré a bhfaicsin
i nÉirinn aniú i n-áitibh iomdha 'n-a séadchomharthaidhibh ó
aimsir na Págántachta iomad de leacaibh ró-leathna agus
galláin chloch ag a n-iomchar, agus is díobh ghairmthear 'sna
seinleabhraibh altóire iodhluidhe, agus leapthacha na Féine
ghaireas an pobal coitchiann díobh, do bhrígh nach feas dóibh
créad fár horduigheadh iad. Is ar na haltóiribh-se do
cleachtaoi i n-allód leis na draoithibh a n-iodhbarta do
dhéanamh maille ré marbhadh a mbocán a dtarbh agus a
reitheadh, agus na draoithe féin do thigheacht ar a nglúnaibh
fá shileadh fhola na hiodhbarta da nglanadh féin ó shalachar
a gcean, amhail do-níodh an t-ardshagart i measc an chinidh
Iúdaidhe an tan théidheadh fá dhroichead na hiodhbarta do
léigean fhola na hiodhbarta do rith air féin. Gonadh de sin
do gairthí Pontifex .i. droicheadóir dhe.



Dála na ndruadh is é feidhm do-nídís do sheicheadhaibh na
dtarbh n-iodhbarta a gcoimhéad ré hucht bheith ag déanamh
conjuration nó ag cur na ndeamhan fá gheasaibh, agus is
iomdha céim ar a gcuirdís geasa orra, mar atá silleadh ar
a scáile féin i n-uisce, nó ré hamharc ar néallaibh nimhe, nó
ré foghar gaoithe nó glór éan do chlos. Gidheadh an tan do
cheileadh gach áisig díobh sin orra, agur fá héigean dóibh a
ndicheall do dhéanamh, is eadh do-nídís cruinnchliatha caorthainn
do dhéanamh agus seicheadha na dtarbh n-iodhbarta do leathadh


L. 350


orra agus an taobh do bhíodh ris an bhfeoil do chur i n-uachtar
díobh, agus dul mar sin i muinighin a ngeasa do thoghairm na
ndeamhan do bhuain scéal díobh, amhail do-ní an togharmach
san chiorcaill aniú; gonadh de sin do lean an sean-fhocal
ó shoin adeir go dtéid neach ar a chliathaibh fis an tan do-ní
dícheall ar scéala d'fhagháil.



Dá phríomh-roilig iomorro do bhíodh i nÉirinn i n-allód i
n-aimsir na Págánachta, 'n-a gcuirthí urmhór ríogh na
hÉireann, mar atá Brugh na Bóinne agus Roilig na Ríogh
láimh ré Cruachain. Is follus gur bh'ionadh adhnaicthe do
ríoghaibh Teamhrach Brugh na Bóinne as an seanchus thuas,
agus is dearbh gur bh'ionadh coitcheann adhnaicthe do ríoghaibh
Éireann Roilig na Ríogh i gCruachain do réir Thorna Éigeas
san laoidh-se síos:




Atá fút-sa rí fionn Fáil,
Dáthí mac Fiachrach fear gráidh;
A Chruacha ro cheilis sain
Ar Ghallaibh ar Ghaedhealaibh.



Atá fút Dúnghalach dian
Tug na géill tar muir aniar;
Atáid fút, foillsigh an dath,
Conn Tuathal agus Tomaltach.



Trí mic Eochach Feidhligh finn,
Atáid fád mhúr mar mhaoidhim;
Atá Eochaidh Aireamh faon,
Ar n-a mharbhadh do mhor-Mhaol.



Atá Eochaidh Feidhleach flaith,
Fút agus Deirbhrí deaghmhaith;
Agus Clothra, ní céim asc,
Agus Meadhbh agus Murasc.



Éire Fódla agus Banbha,
Trí hógmhná áille amhra,
Atáid i gCruachain na gclann,
Triar ban do Thuaith Dé Danann.


L. 352


Trí mic Cearmada a Síth Truim,
Agus Lughaidh a Liathdhruim;
Clann Aodha mic an Daghdha,
Agus Midhir mórchalma.



Atáid fád líg 'n-a luighe,
Cobhthach Caol is Ughuine;
Agus Badhbhcha, réim go rath,
Agus Ollamh ard uallach. Atá.





Do ghabh Eochaidh Gunnat mac Féigh mic Iomchadha mic
Breasail mic Síorchadha mic Fiatach Finn ó ráidtear Dál
bhFiatach mic Dlúthaigh mic Deitsin mic Eochach mic Sin mic
Roisin mic Triuin mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic
Forga mic Fearadhaigh mic Oiliolla Éarann mic Fiachach
Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin
ríoghacht Éireann aoin bhliadhain amháin, gur thuit lé Lughna
Feirtre.


L. 354


XLVII.



Do ghabh Cairbre Lithfeachair mac Cormaic mic Airt
Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh mic Feidhlimidh Reachtmhair
mic Tuathail Teachtmhair mic Fiachach Fionnoluidh do shíol
Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna ar fhichid, agus
is uime ghairthear Cairbre Lithfeachair dhe, do bhrígh gurab
láimh ré Lithfe i Laighnibh do hoileadh é. Agus Eithne Ollamhdha
inghean Dúnlaing mic Éanna Niadh fá máthair dhó; agus is lé
Simeon mac Cirb d'Fhorthuathaibh Laighean do marbhadh Cairbre
i gCath Gabhra. Agus is é adhbhar fár cuireadh Cath Gabhra,
Samhaoir inghean Fhinn mic Cumhaill fá bean do Chormac Cas
mac Oiliolla Óluim, agus fá hí máthair Thinne agus Chonla
agus Mhogha Corb í, agus is trés an ngaol soin do chonghaibh
Mogh Corb bráthair a mháthar .i. Oisín mac Finn agus Clanna
Baoiscne tar sárughadh Chairbre Lithfeachair agus Aodha
Caoimh mic Garaidh Ghlúnduibh do chlannaibh Mórna, agus is
ag clannaibh Mórna do bhí buannacht Éireann an tráth soin.
Agus do bhádar feadh seacht mbliadhan i n-easaonta ré
Fionn agus ré clannaibh Baoiscne; gonadh uime sin do
ghríosadar clann Gharuidh Ghlúnduibh Cairbre Lithfeachair
agus cúigeadhaigh Éireann mar aon ris d'aithríoghadh Mhogha
Corb, i ndóigh go dtiocfadh de sin clanna Baoiscne d'ionnarbadh,
gonadh de sin táinig tabhairt Chatha Ghabhra.



Do chuaidh an Mogh Corb-so lucht 300 long go críoch
Lochlonn mar aon ré dá bhráthair a mháthar (clann do rígh
Lochlonn iad) do bhuain ceannais críche Lochlonn amach dóibh
don rígh do bhí ar Lochlonnaibh dar bh'ainm Iarus mac Iarnmhóir,
gur bhris cath ar an rígh, gur marbhadh leis é go n-a cheithre


L. 356


macaibh agus go n-a ocht mbráithribh agus go n-urmhór uaisle
Lochlonn agus trí mhíle mar aon riú, gur fhágaibh sealbh críche
Lochlonn ag dhá bhráthair a mháthar.



Do ghabh Fothaidh Airgtheach agus Fothaidh Cairptheach dá
mhac Mic Con mic Macniadh mic Luighdheach mic Dáire mic
Fir Uillne do shliocht Luighdheach mic Íotha ríoghacht Éireann.
Aoinbhliadhain dóibh araon i gcomhfhlaitheas; gur thuit Fothaidh
Cairptheach lé Fothaidh Airgtheach, agus do thuit Fothaidh
Airgtheach leis an bhFéin i gCath Ollarbha.



Do ghabh Fiachaidh Sraibhthine mac Cairbre Lithfeachair mic
Cormaic mic Airt Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh do shíol
Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna déag ar fhichid gur
thuit leis na trí Collaibh i gCath Dubhchumair. Aoife inghean
ríogh Gallghaedheal bean Fhiachach Sraibhthine máthair
Mhuireadhaigh Thírigh; agus is uime do gairthí Fiachaidh
Sraibhthine dhe do bhrígh gurab i nDún Sraibhthine i
gConnachtaibh do hoileadh é. Ionnus iomorro gurab móide do tuigfidhe
an ní-se cuirfeam síos annso ó Psaltair Chaisil adhbhar Catha
Dubhchumair agus seanchus ghaoil na gColla ré Fiachaidh
Sraibhthine.



Ag Cairbre Lithfeachair trá scaraid Oirghialla .i. clanna
na gColla ré clannaibh Néill agus ré Connachtaibh. Fiachaidh
Sraibhthine iomorro mac Cairbre Lithfeachair, is é seanathair
Eochach Muighmheadhóin mic Muireadhaigh Thírigh mic Fiachach
Sraibhthine é, agus is ón Muireadhach soin atáid clanna Néill
agus fir Chonnacht. Eochaidh Doimhléan iomorro mac Cairbre
Lithfeachair dearbhráthair d'Fhiachaidh Sraibhthine; agus do
bhádar triar mac ag an Eochaidh sin .i. na trí Colla agus is
uatha atá Uí Mac Uais, Uí Criomhthainn, agus Modhornaigh. Fá


L. 358


hiad anmanna dísle na dtrí gColla-so Cairioll Muireadhach
agus Aodh. Ag so síos deismireacht an tseanchaidh air sin:




Trí mic Eachach, ard a mblaidh,
Na trí Colla adchualmair;
Colla Meann Colla fo Chrí,
Is Colla Uais an t-airdrí.



Is eol dam anmanna an trír,
Go ro mharbhsad an t-airdrígh
I san tír threabharghlain thall,
Aodh Muireadhach is Caireall.



Cairioll Colla Uais an rí,
Muireadhach, Colla fo Chrí;
Aodh, Colla Meann, mór a bhlaidh,
Tréan ós gach teann an triar sain.




Fá hí Aileach inghean Udhaire rí Alban bean Eochach Doimhléin
máthair na dtrí gColla. Is ar Fhiachaidh Sraibhthine
do rónsad na trí Colla fionghail, da dtáinig flaitheas
Éireann do scaradh riú féin. Ag so cheana fáth na
fionghaile sin. Ar mbeith trá d'Fhiachaidh 'n-a rígh Éireann
tarla mac maith aige .i. Muireadhach Tíreach; agus is é fá
tuairgneach catha ag a athair, óir ní léigthí an rí féin i gcath.
Téid Muireadhach aimsear d'áirithe go sluaghaibh leis don
Mhumhain, agus tug géill agus airgne leis. Tarla Fiachaidh
Sraibhthine i nDubhchumair láimh ré Tailltin andeas agus
sluagh aige ann. Sluagh oile lé triar mac a dhearbhráthar
.i. na trí Colla agus iad ag congnamh lé Fiachaidh Sraibhthine
i nDubhchumair láimh ré Tailltin. Mar do chualadar
áitheas d'éirghe do Mhuireadhach san Mhumhain, adeireadh gach
aon i gcoithchinne gurab é adhbhar ríogh Éireann é. "Créad do
dhéanam" ar na Colla "da raibhe Muireadhach d'éis Fiachaidh
'n-a rígh Éireann." "Is eadh is maith dhúinn do dhéanamh" ar
siad "cath do thabhairt don tseinrígh agus an tan mhuirbhfeam
é féin go n-a shluagh ainnséin rachaidh ar a mhac againn an


L. 360


tan tiocfas 'n-ar n-aghaidh." Is amhlaidh do bhí Fiachaidh an
tráth soin agus draoi 'n-a fhochair dar bh'ainm Dubhchumair
agus is eadh adubhairt: "a rí," ar sé, "da ndeachadh agat
ar na Collaibh agus a marbhadh ní bhia rí dot chloinn tar
t'éis ar Éirinn go bráth, agus madh iad-san bhéaras buaidh
agus mhuirbhfeas tú, ní bhia rí ar Éirinn da gcloinn go bráth."
"Maseadh," ar an rí, "is fearr liom-sa mé féin do thuitim
ris na Collaibh agus an ríoghacht do rochtain dom shliocht im
dhiaidh ioná mise do mharbhadh na gColla agus ríoghacht Éireann
do rochtain da sliocht dia n-éis. Agus leis sin cuirid
an dá shluagh inneall catha orra féin agus lingid ar a chéile
do gach leith; agus bristear d'Fhiachaidh Sraibhthine agus
marbhthar san chath soin é, amhail do thairrngir Dubhchumair
dó.



Do ghabh Colla Uais mac Eochach Doimhléin mic Cairbre
Lithfeachair mic Cormaic mic Airt Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna,
gur hionnarbadh lé Muireadhach Tíreach mac Fiachach Sraibhthine
é féin go n-a bhráithribh i nAlbain, mar a bhfuaradar
congbháil bhuannachta ó n-a mbráithribh. Óir fá hí Aileach
inghean Udhaire rí Alban bean Eochach Doimhléin fá máthair
do na trí Collaibh. Is uime ghairthear Colla Uais do Chairioll
ar a uaisle seoch na Collaibh oile, do bhrígh gur ghabh seisean
ríoghacht Éireann, agus nar ghabhadar cách.



Do ghabh Muireadhach Tíreach mac Fiachach Sraibhthine mic
Cairbre Lithfheachair mic Cormaic mac Airt Aoinfhir mic
Cuinn Chéadchathaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí
bliadhna déag ar fhichid, gur thuit lé Caolbhach mac Cruinn
Bhadhraoi. Muireann inghean Fhiachach ríogh Chinéil Eoghain
bean Mhuireadhaigh Thírigh máthair Eochach Muighmheadhóin. Dála
na gColla ionnarbthar lé Muireadhach i nAlbain iad, amhail
adubhramar; agus trí céad líon a sluagh, agus tug rí
Alban cion mór agus buannacht dóibh ar a gcródhacht féin;


L. 362


agus do bhádar trí bliadhna ann. Triallaid as sin go
hÉirinn .i. Colla Meann agus Colla dá Chríoch agus Colla
Uais, i ndóigh go ndiongnadh Muireadhach Tíreach fionghail
orra, agus go dtiocfadh de sin flaitheas Éireann do rochtain
a gcloinne do bhíthin na fionghaile sin; agus ní thugadar
do bhuidhin leo ó Albain acht naonbhar laoch leis gach n-aon
díobh, agus ní dhearnadar fos ná comhnuidhe go rochtain Teamhrach
dóibh do láthair an ríogh Mhuireadhaigh Thírigh. "An
bhfuilid scéala agaibh-se dhúinn, a bhráithre," ar an rí. "Ní
fhuil scéal againn" ar siad "budh truaighe dhuit-se ioná an
gníomh do rónamar féin, mar atá th'athair-se do mharbhadh
linn." "Atá an scéal soin againn féin" ar Muireadhach
"agus is cuma dhaoibh-se óir ní díoghaltar oraibh é; acht
an míorath tarla dhaoibh ar a shon ní scarfaidh ribh." "Is
oirbhire drochlaoich sin," ar na Colla. "Ná bíodh doilgheas
oraibh-se, atá fáilte romhaibh," ar sé. Tugadar seal fada
mar sin i gcáirdeas mhór agus is iad na Colla fá tuairgnigh
chatha ag an rígh.



Adubhairt an rí riú gur mhithid dóibh fearann do dhéanamh
da sliocht. "Cia an tír n-ar mhaith leat-sa sinn do dhéanamh
fearainn cloidhimh?" - ní rabhadar óig do b'urramhanta ioná
iad 'n-a n-aimsir féin i nÉirinn. "Éirghidh ar Ulltaibh," ar
sé. "Óir atá fíor gcatha agaibh chuca do bhrígh gur loisc
giolla ríogh Uladh féasóg nó folt Chormaic mic Airt lé
coinnill i Maigh Breagh. Ar mbeith iomorro do Chormac
'n-a rígh Éireann táinig neart Uladh go mór 'n-a aghaidh
gur hionnarbadh leo i gConnachtaibh é, iar mbreith a ghiall;
agus da éis sin cheangladar síoth ré Cormac agus ollmhuighid
fleadh mhór dó i dtuaisceart Mhaighe Breagh. Agus is ann do
loisceadh folt Chormaic lé giolla ríogh Uladh; agus atá sin
gan díoghail fós."



Leis sin tug an rí Muireadhach sluagh líonmhar dhóibh.
Triallaid na Colla as sin i gCúigeadh Chonnacht agus


L. 364


gabhaid fir Chonnacht ar daltachas buannachta iad. Triallaid
iar sin fir Chonnacht leo go líon seacht gcath go rángadar
Carn Achuidh Leithdheirg i bhFearnmhaigh. Fearaid
seacht gcatha ón gcnoc soin ar Ulltaibh .i. cath gach aon lá
go ceann seachtmhaine. Sé catha dhíobh ó Chonnachtaibh agus
an seachtmhadh cath ó na Collaibh, mar ar marbhadh Fearghus
Fogha rí Eamhna, agus mar ar briseadh d'Ulltaibh go raibhe
ruaig orra ó Charn Achuidh Leithdheirg go Gleann Righe; agus
iar dtabhairt áir mhóir orra tillid na Colla d'ionnsaighe
na hEamhna gur hairgeadh agus gur loisceadh leo í, ionnus
go bhfuil ó shoin gan rígh da háitiughadh. Beanaid trá an
tan soin na Colla na críocha-so síos da n-aimhdheoin
d'Ulltachaibh, mar atá Modharnuigh Uí Chriomhthainn agus Uí Mac
Uais. Do ghabh Colla Meann Modharnuigh agus Colla dá
Chríoch Uí Chriomhthainn agus Colla Uais Uí Mac Uais. Agus
is lé Caolbhaidh mac Cruinn Bhadhraoi do thuit Muireadhach
Tíreach.



Do ghabh Caolbhaidh mac Cruinn Bhadhraoi mac Eochach Cobha
mic Luighdheach mic Rossa mic Iomchadha mic Feidhlimidh mic
Cais mic Fiachach Aruidhe mic Aonghusa Gaibhnionn mic Fearghusa
Foghlais mic Tiobraide Thírigh mic Breasail mic Feirb
mic Máil mic Rochruidhe mic Cathbhaidh mic Giallchadha mic
Cunnchadha mic Fionnchadha mic Muireadhaigh mic Fiachach
Fionnamhnus mic Iriail Ghlúnmhair mic Conaill Chearnaigh
do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann aoin bhliadhain
amháin. Inneacht inghean Luighdheach fá máthair do Chaolbhaidh
mac Cruinn Badhraoi; agus is lé hEochaidh Muighmheadhón do
marbhadh é.



Do ghabh Eochaidh Muighmheadhon mac Muireadhaigh Thírigh
mic Fiachach Sraibhthine mic Cairbre Lithfeachair mic Cormaic
Ulfhada mic Airt Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh ríoghacht


L. 366


Éireann seacht mbliadhna. Moingfhionn inghean Fhiodhaigh
bean Eochach Muighmheadhóin máthair Bhriain agus Fiachach,
Fearghuis agus Oiliolla. Cairrionn Chasdubh iomorro inghean
ríogh Breatan bean oile d'Eochaidh máthair Néill Naoighiallaigh.
Agus is uime do gairthí Eochaidh Muighmheadhón de tar
ceann go raibhe a cheann agus a bhruinne cosmhail ris an
rígh, maseadh fá cosmhail a mheadhón ré moghaidh da ngairthí
Mionghadhach; gonadh aire sin do gairthí Muighmheadhón de.



Is ar Eochaidh Muighmheadhón tugadh Cath Cruacháin Claonta
lé hÉanna Cinnsealach rí Laighean gur gabhadh ann Céadnathach
file Eochach Muighmheadhóin. Agus mar ráinig Éanna
do láthair, fiafruighis da mhuinntir créad as a ndearnadar
anacal ar an draoi. "An tulach-so ar a bhfuilim," ar an
draoi, "ní bhrisfeá-sa aiste go bráth dá madh beo mé." Leis
sin tug Éanna sáthadh sleighe tríd; agus ré sonnadh na sleighe
trés an draoi do mheabhuidh gean gáire ar Éanna. "Uch," ar
an draoi, "is salach an gean soin, agus budh é bhus sloinneadh
dod shliocht id dhiaidh go bráth," gonadh uime sin ghairthear
Uí Cinnsealaigh don chine sin. Do ba neartmhar Éanna
Cinnsealach 'n-a aimsir féin, amhail tuigthear as an duain
do rinne Dubhthach mac Uí Lughair ardollamh Éireann ré linn
Phádraig do theacht do shíoladh an chreidimh i nÉirinn. Cath
tugadh lé Laighnibh, is tosach don laoidh sin; agus ní chuireabh
annso acht an dá rann-so dhi as a dtuigfidhear go raibhe
Éanna neartmhar 'n-a aimsir féin. Ag so na roinn:




Cáin tugadh do Éanna
A Leith Cuinn na gcuire;
Screaball gacha toighe
Do fhionndruine uile.



Cáin tugadh do Éanna
A Mumhain fri greasa;
Uinge d'ór gach leasa,
San bhliadhain ba neasa.


L. 368



Agus do réir Psaltrach Caisil do bhris an tÉanna-so trí
catha déag ar chlannaibh Cuinn.



Do ghabh Criomhthann mac Fiodhaigh mic Dáire Chearb mic
Oiliolla Flann Big mic Fiachach Muilleathain mic Eoghain
Mhóir mic Oiliolla Óluim do shíol Éibhir ríoghacht Éireann
seacht mbliadhna déag. Fidheang inghean ríogh Connacht fá
bean dó. Is é an Criomhthann-so do ghabh neart agus treise
i nAlbain i mBreatain agus san bhFraingc, amhail adeir an
seancha san rann-so síos:




Criomhthann mac Fiodhaigh fuair teann
Ar iaith Alban is Éireann;
Fuair da réir tar glasmhuir ghloin,
Sacsain féin agus Frangcoigh.




Is é Criomhthann mac Fiodhaigh iomorro tug ríghe Leithe
Mogha nó Mumhan da dhalta .i. do Chonall Eachluaith mac
Luighdheach Láimhdheirg agus do b'olc lé cloinn Fhiachach
Muilleathain an ní sin, agus adubhradar nar mhaith an
bráithreas do Chonall sin do ghlachadh agus adhbhar deighríogh
do chlannaibh Fiachach an tan soin .i. Corc mac Luighdheach;
agus is é breitheamhnas do rónsad daoine foghlumtha na
Mumhan eatorra an tráth soin ríoghacht Mhumhan do bheith ar
dtús ag Corc mac Luighdheach, óir is é fá sine ann, agus ag
cloinn Chormaic Chais fá dheireadh. Tugadar clann Fhiachach
Muilleathain cuir agus teannta uatha um ríghe Mumhan tar
éis Chuirc do léigean do Chonall Eachluaith, nó da mhac muna
maireadh Conall féin, amhail do orduigh Oilill Ólom a beith
gach ré nglún ag an dá shliocht soin .i. sliocht Fhiachach
Muilleathain agus sliocht Chormaic Cais. Is ar an gconnradh
soin trá do léig Conall Eachluaith ríghe Mumhan do Chorc
mac Luighdheach, agus iar n-éag do Chorc do ghabh Conall


L. 370


Eachluaith ríghe Mumhan; agus tug Criomhthann mach Fiodhaigh
braighde fhear nÉireann agus Alban, Breatan agus na
Fraingce i láimh Chonaill Eachluaith. Gonadh uime sin do
rinne Cormac mac Cuileannáin na rainn-se romhainn
síos:




Cáin Éireann do ghabh Eachluaith,
Iar gCriomhthann, fá cáin a n-all;
Acht nach deachaidh tar muir Manann,
Riamh ní rosgabh rí ba fearr.



A dtug Criomhthann mór mac Fiodhaigh
Do ghiallaibh lais tar muir láin,
Do rad i láimh churaidh chleathruaidh,
Chonaill oirdheirc Eachluaith áin.



Luidh Conall Eachluaith ar eachtra
I ngach crích iar gCriomhthann cas;
Go Dún Liamhna laoch fá hamhra,
I n-ar marbhadh madhma mas.



Leis Fearta Conaill i bhFeimhion
Druim Chormaic Áine Dún Gair;
Caiseal Coincheann Ráith lonn Leamhna
Fochair Mhaigh Dún Cearmna cain. C.




Moingfhionn inghean Fhiodhaigh deirbhshiúr Chriomhthainn féin
thug deoch neimhe dhó i nInis Dornghlais ar Muaidh i ndóigh
na ríoghachta do rochtain da muirnín mic .i. Brian mac Eachach
Muighmheadhóin; agus fuair Criomhthann mac Fiodhaigh bás do
neimh na dighe sin ar Sliabh Uidhe an Ríogh don taoibh thuaidh do
Luimneach, agus ba marbh Moingfhionn féin do neimh na dighe
sin i nInis Dornghlais ar Muaidh, ar bhfromhadh na neimhe dhi
do ghríosadh a dearbhráthar da h-ól.


L. 372


XLVIII.



Do ghabh Niall Naoighiallach mac Eachach Muighmeadhóin mic
Muireadhaigh Thírigh mic Fiachach Sraibhthine mic Cairbre
Lithfeachair mic Cormaic Ulfhada mic Airt Aoinfhir mic
Cuinn Chéadchathaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann
seacht mbliadhna fichead. Cairionn Chasdubh inghean ríogh
Breatan fá máthair do Niall. Inne inghean Luighdheach bean
Néill máthair Fhiachach. Ríoghnach bean oile do Niall lé
rugadh seacht mic dó, mar atá Laoghaire agus Éanna, Maine,
Eoghan, dá Chonall agus Cairbre, amhail adeir an file san
rann-so:




Faoilidh do bhí Ríoghnach réil
Iar mbreith Laoghaire mic Néill,
Éanna Maine monar nglé,
Eoghan, dá Chonall, Cairbre.




Is é an Niall-so do chuaidh go sluagh líonmhar maille ris
do neartughadh agus do phréamhughadh Dál Riada is chinidh
Scuit i nAlbain do bhí fán am soin ag gabháil neirt ar
Cruithneachaibh da ngairthear Picti, agus is é céad duine
tug Scotia d'ainm ar Albain é, ar impidhe Dhál Riada
agus chinidh Scuit, ar choinghioll go madh Scotia Minor nó
Scotia ba lugha do-bhéarthaoi uirre, agus Scotia Maior
.i. Scotia is mó do gairfidhe d'Éirinn. Agus is tré bháidh ré
Scota inghean Pharao Nectonibus fá bean do Ghalamh da
ngairthí Mílidh Easpáine, ór fhásadar féin, rugadar Dál
Riada do rogha Scotia do thabhairt ar Albain seoch Hibernia
do thabhairt uirre.



Atá Camden aga rádh n-a chroinic ar Breatain gurab
Scotia Bheag ainm na hAlban agus Scotia Mhór ainm na
hÉireann, agus adeir nach faghthar scríbhne da fhaisnéis
go dtugthaoi Scuit ar Albanachaibh go haimsir an impir


L. 374


Chonstaintin Mhóir. Is é ainm fós ghairmeas Camden
d'Eireannchaibh Scotorum Attavi .i. Seanaithreacha na Scot,
da chur i gcéill gurab ó Éireannchaibh tángadar cine Scuit
na hAlban. Ag so fós mar adeir ar an ní gcéadna:
"Ón Spáinn," ar sé "tángadar Scuit i nÉirinn san
cheathramhadh aos." Adeir fós Nennius, ughdar Breathnach, do
réir Chamden, gurab san cheathramhadh aos don domhan do
ghabhadar na Scitae .i. cine Scuit sealbh Éireann. Is follus
fós a hannálaibh Éireann gurab Alba fá hainm don
chrích sin go haimsir Néill Naoighiallaigh, agus mar fuaradar
Dál Riada Scotia do thabhairt ar Albain do leanadar
féin agus a sliocht di. Roimhe sin iomorro Alba nó Albania
fá hainm dhi ó Albanactus an treas mac do Bhrutus, óir
is í Alba do ráinig mar mhír ronna dó ó n-a athair. Triúr
mac iomorro do bhí ag Brutus, do réir Monomotensis, mar
atá Laegrus Camber agus Albanactus; agus do roinn
Brutus oiléan na Breatan Móire eatorra, agus tug do
Laegrus Laegria atá ar n-a sloinneadh uaidh féin, agus
is di ghairmthear aniú Anglia; tug do Chamber Cambria
da ngairthear Breatain aniú; agus an treas mír do
Albanactus ó dtugthar Albania ar Albain.



Téid Niall da éis sin ó Albain go Laegria líon a
shluagh agus do rinne foslongphort innte; agus cuiris
cabhlach go Breatain na Fraingce da ngoirthear Armorica
d'argain na críche, go dtugadar dá chéad braighde do
leanbhaibh uaisle leo go hÉirinn, agus is ann san bhroid soin
tugadar Pádraig leo i n-aois a shé mbliadhan ndéag, agus
dá shiair dó, mar atá Lupida agus Darerca agus iomad
do bhraighdibh oile ar cheana.



Ir iomdha ughdar ag a shuidhiughadh gur Scotia fá hainm
d'Éirinn agus gurab d'Éireannchaibh do gairthí cine Scuit.
Ag so mar adeir Ionas abb ag labhairt ar Colum Chille, san
dara caibidil. "Colmán," ar sé, "ré ráidhtear Colum, i


L. 376


nÉirinn rugadh é mar a n-áitighid cine Scuit." Atá fós
Beda san chéadchaibidil don chéidleabhar do Stair na Sacsan
aga rádh gurab í Éire dúthaigh dhílis na Scot. Ag so
mar adeir: "Is í Éire dúthaigh dhíleas na Scot." Adeir
an t-ughdar céadna ag scríobhadh ar na naomhaibh ní thig
leis an ní gcéadna. Ag so mar adeir: "A hÉirinn oiléan
na Scot," ar sé, "táinig Kilianus naomhtha agus a dhá
chomhthach." As so is iontuigthe go dtugthaoi cine Scuit ar
Éireannchaibh ré linn Bheda do mhair i gcionn 700 bliadhan
d'éis Chríost. Tig fós Orosius do mhair don leith istigh do
400 bliadhan do Chríost leis an ní gcéadna. Ag so mar
adeir san dara caibidil don chéadleabhar: "Is iad cineadha
Scot áitigheas Éire." Agus an chríoch-so ré ráidhtear Éire
is follus go coithcheann go dtugthaoi leis na hughdaraibh
Scotia uirre. Ag so mar adeir Serarius ag scríobhadh ar
Kilianus naomhtha: "Kilian naomhtha do chine Scot etc."
Agus adeir go grod da éis sin na briathra so: Scotia quae
et Hibernia dicitur. As so is iontuigthe gurab ainm d'Éirinn
do shíor Scotia amhail is eadh Hibernia. Tuigthear fírinne
na neithe sin a briathraibh Capgrauius ag scríobhadh ar Cholum
naomhtha. Ag so mar adeir: "Do gairthí i n-allód Scotia
d'Éirinn ó bhfuil cine Scot atá ag áitiughadh na hAlban
is foigse don Bhreatain is mó, agus gairmthear den Albain
sin Scotia anois go teagmhaiseach ó Éirinn ó bhfuil a mbunadhas
agus a ndáil." Tig Marianus Scotus ughdar Albanach
leis so ag scríobhadh ar Kilian naomhtha. Ag so mar adeir:
"Tar ceann go dtugthar go díleas Scotia d'ainm ar an
gcuid úd don Bhreatain, atá don leith thuaidh do Sacsaibh
táithte ria, maseadh foillsighidh Beda go ngairthí an t-ainm


L. 378


sin d'Éirinn i n-allód, óir an tan adeir cine na bPict do
theacht ón Scitia i nÉirinn, adeir gurab iad cine na Scot
fuaradar rompa innte." Agus do bhrígh gurab ó chine Scot
do slonnadh an chríoch, is Scotia fá hainm di an tan soin.



Is iontuigthe fós a briathraibh Caesarius, do mhair don
leith istigh do 500 bliadhan i ndiaidh Chríost, gur Scotia fá
hainm d'Éirinn. Ag so mar adeir, Lib.12. Dialogorum
Ca.38: "Cibé chuireas conntabhairt i bPurgadóir, trialladh
go Scotia, éirgheadh isteach i bPurgadóir Naomh Pádraig,
agus ní chuirfidh conntabhairt i bpiantaibh Purgadóra ó
shoin amach." A briathraibh an ughdair-se is iontuigthe gur
bh'ainm coitcheann d'Éirinn san am soin Scotia, óir ní fhuil
aon áit i nAlbain da ngairthear Purgadóir Phádraig, agus
is follus gurab i nÉirinn atá an áit da ngairthear í, agus
da réir sin gurab ar Éirinn do-bheir Caesarius Scotia.
Tig Serarius leis an ní gcéadna ag scríobhadh ar Bonifacius
naomhtha: "Do bhí fós Scotia d'ainm ar Éirinn. Gidheadh
cheana do bhrígh go dtáinig ón Éirinn chéadna drong d'áirithe
go hoirthear na Breataine, mar ar áitigheadar na Picti,
do shuidheadar mar aon riú an dream-so cheana ar dtús ó
n-a dtaoiseach féin Rheuda (.i. Cairbre Ríoghfhada) ráidhtear
Dalrheudini (.i. Dál Riada) riú, amhail adeir Beda. Gidheadh
do ruagadar da éis sin na Picti féin, agus do ghabhadar
an leath thuaidh don chrích sin uile, agus tugadar seanainm
a gcinidh féin uirre, ionnus gurab aoin chine amháin Scot atá
ann. Gidheadh atáid dá Scotia ann, a haon díobh atá ársaidh
díleas i nÉirinn, agus an dara Scotia atá nua san leith
thuaidh don Bhreatain."



Do-bheirim trí neithe dom aire a briathraibh an ughdair-se.
An chéidní dhíobh gurab iad na hÉireannaigh go


L. 380


fírinneach na Scuit. An dara ní, gurab do Dhál Riada
do gairmeadh Scuit i nAlbain ar dtús, do bhrígh gurab
iad do rinne gabháltas ar na Pictibh i nAlbain ar dtús.
An treas ní mar adeir gurab í Éire Scotia dhíleas shean,
agus gurab í Alba Scotia nua, agus gurab iad cine
Scuit do ghairm Scotia ar dtús di. Adeir Buchananus
ughdar Albanach, san dara leabhar do Stair na hAlban,
ní thig leis an ughdar thuas. Ag seo mar adeir: "Scuit do
gairmthí d'áitightheoribh na hÉireann ar dtús, amhail
fhoillsigheas Orosius, agus ní haon uair amháin do thrialladar
na Scuit a hÉirinn i nAlbain, amhail innisid ar n-annálacha
féin é." As so is iontuigthe nach iad Dál Riada amháin do
chuaidh a hÉirinn d'áitiughadh i nAlbain acht dronga oile
líonmhara 'n-a n-éagmais ó aimsir go haimsir.


L. 382


XLIX.



Léaghthear imorro i seanchus na hÉireann go ndeachadar
na dronga-so síos i nAlbain diaidh i ndiaidh do ghabháil neirt
na hAlban.



Ar dtús do chuaidh Aonghus Ollbhuadhach mac Fiachach Labhruinne
do chur airdchíosa ríogh Éireann i n-áirithe ar Chruithneachaibh
i gcionn dá chéad go leith bliadhan iar dteacht mhac
Míleadh i nÉirinn. Do chuaidh aimsear imchian da éis sin
Reachtaigh Ríghdhearg rí Éireann do chur chíosa ortha. Do
chuaidh mar an gcéadna Cairbre Ríoghfhada go n-a fhuirinn
do ghabháil neirt i dtuaisceart Alban, agus is do shliocht
Chairbre Ríoghfhada ghairmeas Beda Dalrheudini na hAlban.
Do chuaidh Mac Con do ghabháil neirt na hAlban agus na
Breatan agus is asta táinig i nÉirinn do chur Catha Muighe
Muchruimhe, áit ar thuit Art Aoinfhear, gur ghabh Mac Con
flaitheas Éireann uile, amhail adubhramar. Da éis sin téid
Fathaidh Canann mac Mic Con i nAlbain gur ghabh fearann
innte, gonadh da shliocht Mac Cailín go na ghabhlaibh geinealaigh.
Téid arís Colla Uais go n-a bhráithribh i nAlbain agus
gabhaid fearann mór innte; gonadh ón gColla Uais sin
tángadar clann nDomhnaill na hAlban agus na hÉireann.
Téid Criomhthann mac Fiodhaigh rí Éireann do ghabháil neirt
i nAlbain, agus Earc mac Eochach Muinreamhair mic Aonghusa
Firt do shliocht Chairbre Ríoghfhada, agus is da shliocht
ghairmthear clann Eirc agus Cinéal Gabhráin i nAlbain, agus fós
Cinéal Lodhairn Cineal Comhghaill agus Cinéal nAonghusa
agus Cinéal Con Críche an Íle go n-a ngabhlaibh geinealaigh.



Téid Corc mac Luighdheach go sluaghbhuidhin lais i nAlbain
agus is é fáth fá ndeachaidh ann, leasmháthair iomorro ro bhaoi ag
Corc dar bh'ainm Daol inghean Fhiachach mic Néill (rí Éile
deisceirt) agus tug sí grádh éagmais dó. Agus mar do
dhiúlt Corc luighe ria, téid da éagnach ré n-a athair Lughaidh,


L. 384


agus do-ní caoi da láthair, agus fiafruighis créad adhbhar
caoi na hinghine. "Corc dom shárughadh," ar sí. Gabhais éad
Lughaidh uime sin, agus do-ní Corc d'ionnarbadh i nAlbain
mar a bhfuair fáilte ó Fhearadhach Fionn nó ó Fhionn-Chormac,
rí Alban, mar a bhfuair iomad ceana tré na dheighbhéasaibh.
Agus do phós a inghean féin ris da ngairthí Moingfhionn, agus
rug sí triúr mac dó i nAlbain, mar atá Maine Leamhna ó
bhfuilid Leamhnaigh Alban, agus Cairbre Cruithneach ó bhfuilid
Eoghanacht Mhuighe Geirrghinn i nAlbain, agus Crónán ó
bhfuilid Cuircnigh i nIarthar Midhe. Agus anais Crónán thall
go haimsir Laoghaire mic Néill, agus ráinig go hÉirinn
ann sin. Agus tug Laoghaire a inghean féin dar bh'ainm
Cairche dhó, gonadh uaithe atá Machaire Chuircne, agus tarladar
ceathrar oile do chloinn Chuirc 'n-a ngiallaibh ag
Niall mac Eochach. Anmanna na gceithre mac, Corc, Greagha,
Dula, agus Maine. Éagais Corc óg san mbroid-se, agus
fuasclais an t-athair an triúr oile, agus tug leis don
Mhumhain iad. I n-aimsir Néill Naoighiallaigh do chuaidh Corc
mac Luighdheach i nAlbain agus is cian d'éis Néill do chuadar
seisear mac Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill i nAlbain,
mar atá dá Lodharn dá Aonghus agus dá Fhearghus.



Conall fá céadainm do Chorc mac Luighdheach, agus
bancháinteach da ngairthí Bolgbhain Breathnach a mháthair,
agus níor bh'í sin bean phósta a athar, óir Daol inghean
Fhiachach mic Néill rí Éile deisceirt a bhainchéile. Ag so
rann deismireachta ó Ghiolla an Choimdhe Ó Coráin ar an ní
sin:




Taosca Conall ioná Corc
Ar mhac Luighdheach, líoth gan locht;
Teine choigle locht iar ló
Is eadh ro chorc a chaomh-ó.




Agus is uime ráinig Corc air, dá amaid do bhí san
Mhumhain ré milleadh naoidhean, agus tugadar amus ar an
áit 'n-a raibh Conall ré a ráidhtear Corc, ré a mhilleadh, agus
cuirthear i bhfolach fá bhéal choire é, agus fuaradar na


L. 386


hamaide dóigh air, is do thógbhaid an coire dhe, agus loiscthear
cluasa an leinbh leo, gonadh ón chorcradh tugsad ar a chluasaibh
ghairthear Corc de.



Téid trá Maine Leamhna mac Cuirc mic Luighdheach a
hÉirinn i Albain agus gabhais fearann innte da ngoirthear
Magh Leamhna ó n-abairthear Mórmhaor Leamhna i nAlbain,
agus is de ghairthear anois diuice of Linox, agus is ón Maine
Leamhna-so mac Cuirc do shíol Éibhir tángadar cineadha
uaisle tighe Linox. Is ó dhearbhráthair don Mhaine-se dar
bh'ainm Cairbre Cruithneachán tángadar Eoghnacht Mhuighe
Geirrghinn i nAlbain; agus is d'éis aimsire Néill
Naoighiallaigh do chuadar ann.



Mar sin do gach aicme oile do Ghaedhealaibh i nAlbain, is
ó Ghaedhealaibh Éireann tángadar a n-uaisle. Acht cheana
an fhuireann is foigse do Shacsaibh díobh ag ar díbreadh lé
hUilliam Concúr tar teorainn na Sacsan i nAlbain iad,
agus go bhfuilid a sliocht diaidh i ndiaidh ag sealbhughadh
Ghalldachta na hAlban, ní do Ghaedhealaibh iad acht do shliocht
na Sacsanach; agus fuireann oile chuirfeam síos i n-ar
ndiaidh do réir Stoo 'n-a annálaibh, pagina 153. Tig leis
an ní gcéadna-so mar a n-inniseann gur gabhadh Uilliam rí
Alban leis an dara Henrí rí Sacsan, gur cuireadh leis a
láimh é go cathair Roan san Normandie, mar a raibhe i
mbraighdeanas ag an rígh Henrí, gur bha héigean dó cheithre
chéad púnt do thabhairt d'fhuascloghadh air féin. Agus ré
tilleadh i nAlbain dó, agus é síothach ris an rígh, rug leis
mórán d'ógaibh uaisle na Sacsan, ó n-a bhfuair caidreamh
muinnteardha ré linn a dheoraidheachta, go hAlbain, is tug
iomad críoch is fearann dóibh agus da sliocht da n-éis, go
bhfuil mórán díobh ag áitiughadh i nGalldacht na hAlban
aniú. Ag seo cuid do shloinntibh na druinge do chuaidh leis
an tan soin atá ag áitiughadh i nAlbain aniú, agus is díobh
ghairmthear Galldacht na hAlban, ag so cuid do na sloinntibh
sin: Baliol, Brus, Soully, Mowbri, Sentcler, Hay, Gifford,


L. 388


Ramsey, Landell, Bisey, Barclay, Wellegen, Boys,
Montgomery, Walley, Collomille, Frizer, Grame, Gurlay, is
mórán oile; an tan fá haois don tighearna 1174.



Atá Buccananus ag teacht leis an ní gcéadna thuas
san 34 leathanach san dara leabhar do Stair na hAlban,
mar a n-abair: "Do bhrígh," ar sé, "go ngairthí ar dtús
Scuit d'áitightheoiribh na hÉireann agus don fhuirinn do
chuaidh uatha d'áitiughadh na hAlban, ionnus lé heidirdhealughadh
éigin go mbiadh deithfir eatorra leath ar leath, do
thionnscnadar ó thús Scoit-Éireannaigh do ghairm do dhruing
dhíobh agus Scot-Albanaigh don fhuirinn oile." As na briathraibh-se
Bhuchananus tuigthear dá ní. An chéidní gurab
a hÉirinn do chuadar Scuit d'áitiughadh na hAlban; agus
an dara ní gur ghnáthainm d'Éireannchaibh Scuit ó thús.



Ag so síos neithe do beanadh a hannálaibh chroinic Stoo
do neartughadh lé fírinne gach neithe da ndubhramar romhainn
sul laibheoram ar Niall Naoighiallach, do bhrígh go measaim
gurab móide is inchreidthe gach a luaidhfeam a seanchus
Éireann ar Niall na neithe-se síos do chur a croinic choigcríche.
Ag so mar adeir Stoo: "An tan fá rí Breatan
Marius mac Aruiragus, Anno Domini 73, táinig Rudhruighe
rí na bPictphobal ón Scitia mar aon lé cine Scuit do
ghabháil na Breatan agus da hargain lé cloidheamh is lé
teinidh; go dtug an Marius thuas cath dhóibh gur marbhadh
Rudhruighe agus iomad da shluagh lé Marius, agus an dream
do mhair dhíobh tug Marius fearann dóibh i dtuaisceart
Alban ré áitiughadh, agus do iarradar mná ar na Breathnachaibh.
Gidheadh níor bh'áil leo mná do thabhairt dóibh.
Iarraid mná ar Éireannchaibh agus fuaradar mná uatha."
An ní-se scríobhas Stoo ar Rudhruighe rí na bPict, is é am
tarla do thaoiseach na bPict mná do bhreith a hÉirinn
i n-aimsir Éireamhóin, amhail adubhramar thuas. Agus do


L. 390


bhí sin tuilleadh is trí chéad déag bliadhan sul do bhí Marius
i ríoghacht na Breatan.



Adeir an t-ughdar céadna gurab san mbliadhain thuas
d'aois an Tighearna do hoirneadh Uespasian 'n-a impir, is
gurab deich mbliadhna roimhe sin do rinneadh fundation ar
mhainistir Ghlastenburi. Adeir fós gurab i gcionn 276
bliadhan iar ngein Chríost do chuir an t-impir dar bh'ainm
Aurelianus coróin impireachta fá n-a cheann ar dtús, agus
is é céidimpir do ghabh coróin impireachta é.



Anno Domini 395, do thionnscain Pelagius Breathnach
eiriticeacht do shíolradh ar dtús; agus is san am-so do
bhádar cine Scuit agus na Picti ag argain agus ag milleadh
na Breatan Móire, agus cuirid na Breathnaigh teachta
go Honorius impir d'iarraidh cabhra air, agus ní dhearna
acht scríobhadh chuca da iarraidh ortha a ndicheall do dhéanamh
dóibh féin. Agus táinig de sin go rabhadar na Breathnaigh
aimsear imchian da éis sin fá leathtrom na Scot agus na
bPict, agus da éis sin cuirid na Breathnaigh teachta arís
don Róimh, agus do-níd casaoid truaighaigmhéil ar chruadháil
na Scot is na bPict orra. Cuirid Rómhánaigh léigion
do shluagh armtha da bhfurtacht, agus ar rochtain na Breatan
dóibh, tugadar féin agus na Scuit agus na Picti iomad
coinbhliocht da chéile; agus ar mbeith tuirseach don tsluagh
Rómhánach adubhradar ré Breathnachaibh múr nó cloidh do
dhéanamh eatorra féin agus na droch-chomharsain do bhí aca
is ná raibh ar breith dóibh féin gan tilleadh don Róimh.


L. 392


L.



Dála na mBreathnach, iar n-imtheacht na Rómhánach uatha,
tógbhuid cloidh fód ó mhuir go muir idir iad féin is Scuit is
Picti. Agus ar n-a chlos do chine Scuit agus do na Pictibh
gur thréigeadar Rómhánaigh na Breathnaigh, lingid ar na
Breathnachaibh agus bristear an cloidh agus airgthear an tír
leo, gur bh'éigin do na Breathnachaibh teachta do chur an
treas feacht go Rómhánchaibh 'gá iarraidh orra gan a léigean
dá námhaid bheith ag déanamh a luit go díbhfeargach, amhail
do bhádar. Leis sin cuirid Rómhánaigh légion oile da
bhfurtacht; agus ar rochtain na Breatan dóibh tugadar féin
is Scuit is Picti iomad coinbhliocht da chéile, gur ruagadar
Rómhánaigh tar teorainn an mhúir do luaidheamar amach iad.
Agus ar bhfóirithin na mBreathnach mar sin dóibh, adubhradar
na Rómhánaigh riú nachar shochar dóibh féin teacht ar eachtra
da bhfurtacht ní budh mhó, agus a fhéachain créad an modh 'n-a
bhféadfadaois iad féin do chumhdach nó do dhíon orra. Ar
n-imtheacht iomorro do shluagh na Rómhánach uatha do
thionnscanadar an cloidh atá ó mhuir go muir idir Albain is
Breatain do dhéanamh d'obair chloiche, agus ocht dtroighthe
'n-a thighe, agus dá throigh déag d'airde ann, do réir Bheda
san 5 ca. den chéidleabhar do Stair na Sacsan. Mar do
chualadar na Scuit agus na Picti gur chuireadar Rómhánaigh
druim ré teacht d'fhurtacht na mBreathnach arís, cuirid
cruinniughadh is coimhthionól ar iomad sluagh, is tugadar ucht
ar an múr soin gur lingeadh leo tairis, is go dtugadar
deargruathar na Breatan uile, ionnus gur bh'éigin do
Bhreathnachaibh a gcathracha is a n-áruis do thréigean is dul
da ndídean féin fá choilltibh is fá fhoraoisibh fásaigh, go nach
bíodh do bhiadh aca acht feolmhach na mbeathadhach n-allta
do-níthí do sheilg leo; agus an t-iarmhar do mhair do
Bhreathnachaibh do scríobhadar go truaghaigmhéil go consul do bhí san
Róimh dar bh'ainm Boetius ag iarraidh furtachta air, agus


L. 394


is eadh adubhradar go rabhadar féin i gcumhgach idir an
námhaid agus an mhuir. Óir an dream dhíobh do bheireadh
aghaidh ar an muir, ag theitheadh rés an námhaid, do báithtí iad
is an dream dhíobh do thilleadh ón muir do marbhthaoi leis an
námhaid iad, amhail adeir Beda san 13 ca. don chéidleabhar
do Stair na Sacsan ag aithfhriotal bhriathar na mBreathnach
ag éagnach lé Rómhánchaibh ar fhoirneart na Scot agus
na bPicti orra. Ag so na briathra:



"Ruagaid na barbardhaigh gus an muir" ar siad ag
labhairt ar na Scotaibh is ar na Pictibh "tillidh an mhuir iad
ar na barbardhaibh, idir an dá chinéal báis-se marbhthar nó
báidhtear sinn," ar siad. As so is iontuigthe gurab mór an
foirneart do bhí ag Scotaibh na hÉireann ar Bhreathnachaibh.
Adeir Neinnius, sean-ughdar Breathnach, do réir Chroinic Sbíd,
go raibhe leathtrom ag Scotaibh is ag Pictibh ar Bhreathnachaibh
ré ré 40 bliadhan. Agus adeir Camden ag teacht leis so:
"Do fágbhadh i gcionn 500 bliadhan i ndiaidh Caesar do
theacht don Bhreatain fá ainiocht na Scot is na bPicti í."
Agus is iontuigthe sin a briathraibh Beda san 14 ca. don
chéidleabhar céadna mar a n-abair ag labhairt ar Éireannchaibh:
"Tillid," ar sé, "airgtheoiridhe aindiuide Éireannach
da dtigh ar tí fillte go grod tar a n-ais." As na briathraibh-se
Béda is iontuigthe go dtugdaois Éireannaigh ruaig
go minic d'argain na Breataine.



Dála na mBreathnach do bhádar aimsear imchian gan
oirleach is gan argain ag Scotaibh agus ag Pictibh iar n-a
dtréigean do Rómhánchaibh. Níor bh'í so amháin anfhochain na
mBreathnach an tan soin, acht do bhí eiriticeacht Phelagian
ag saobhadh an phobail an tráth soin; agus is í comhairle ar
ar cinneadh lé Breathnachaibh an tan soin, fios do chur go
cléir na Fraingce aga iarraidh orra préaláide is lucht
seanmóra do chur ón bhFraingc chuca do chlódh eriticeachta


L. 396


Phelagian. Suidhid cliar na Fraingce i gcomhairle uime sin,
agus is eadh do cinneadh leo dias naoimheaspog do chur do
shíoladh an ghlainchreidimh dóibh, mar atá Germanus easpog
Altisiodorensis is Lupus easpog Trecassenus; agus ar
ndul dóibh ann rugadar buaidh ar na heiriticibh.



Tar a ndubhramar do bhíodh cogadh gnáthach idir na Scuit
is na Breathnaigh go haimsir Uortiger fá rí ar an mBreatain
an tan fá haois don Tighearna 447. Gidheadh táinig
d'ainmhianaibh is d'uaill is do pheachaidhibh na mBreathnach
an tráth soin go dtug Dia an lámh i n-uachtar ag Scotaibh
is ag Pictibh orra, ionnus gur bha héigean dóibh Horsus
is Hingistus go n-a sluagh Gearmáineach do thabhairt do
chongnamh leo i n-aghaidh na Scot is na bPict, go ndearna
Dia sciuirseadha do na Gearmáinibh sin ré cur na mBreathnach
a flaitheas iomlán na Breatan ó shoin. Atáid croinice
na Breatan aga fhaisnéis, amhail chuireas Stoo san treas
leathanach is caogad san chéadrámh da Chroinic, do cuireadh
i gclódh i Lonndain an tan fá haois don Tighearna 1614,
gur marbhadh 480 d'uaislibh na Breatan i bhfeall lé Sacsaibh,
gur chuir Aurelius Ambrosius rí na Breatan an tan soin
fá deara na clocha rug Merlin go Breathnaibh ó Shliabh
gCláire san Mhumhain do thógbháil mar shéadchomharthaibh ar
an láthair 'n-ar marbhadh na huaisle sin. Agus fós is ann
san áit chéadna do hadhnaiceadh é féin. Agus is é fá hainm
don áit an tan soin Chorea Gigantum. Agus is é ainm na
háite anois Stone Henge ar Maigh Salsburie; agus adeir
an t-ughdar céadna gurab ón Afric tugadar Gaedhil na
clocha céadna; agus adeir Monomotensis nach tugadh dá
chloich a héinchrích dhíobh.



As so is iontuigthe go gcleachtaoi lé Gaedhealaibh dul
don Aifric da hargain, agus da réir sin go rabhadar
neartmhar i dtíribh oile ó Éirinn amach; agus cibé do chuirfeadh
i n-iongantas na neithe-se nó ag a mbiadh díchreideamh
orra, biadh a mhilléan aige air féin, tré gan na scríbhne
d'fhaicsin nó do chuardughadh. Oir is minic bhíos ainbhfios na


L. 398


fírinne ar neach tré gan aithidhe do dhéanamh ar sheinscríbhnibh
na sean, do réir mar adeir Macrobius libro 6 Saturnalium,
mar a n-abair: "Is iomdha ní 'n-a ainbhfios orainn nach
biadh 'n-a fhoilcheas orainn dá mbeadh caidreamh againn
ar léaghthóireacht na sean"; ionnus dá nochtar linne go
raibhe cíoscháin ag na Scotaibh is ag na Pictibh ar na
Breathnachaibh, agus nach creidfeadh an léaghthóir sinn, léaghadh
sé croinic Chamden agus do-ghéabhaidh na briathra-so
innte: "Do cuireadh na Breathnaigh fá chíoscháin na Scot
is na bPict an tan fá haois don Tighearna 446." Nó dá
luaidhtear linn gur múchadh na Picti leis na Scotaibh an
tan fá rí ar Albain Cinnéide mac Ailpín i gcionn 839
mbliadhan iar ngein Chríost, léaghadh croinic Chamden is
do-ghéabhaidh faisnéis an neithe céadna innte. Nó dá luaidhtí
linn nar ghabh cine eachtrann san bhioth urlamhas iomlán
Éireann acht na dronga do áitigh í féin diaidh i ndiaidh, mar
atá Partholón clanna Neimhidh Fir Bholg is Tuatha Dé
Danann is mic Mhíleadh, do féadfaidhe nach creidfidhe sinn
muna bhfaiceadh an léaghthóir an ní scríobhas Gulielmus
Nubrigensis ag labhairt ar Éirinn san 26 ca. don dara
leabhar da stair, mar a n-abair: "Níor luigh Éire riamh
fá chumhacht coigcríche." Mar an gcéadna ma cuirim síos
annso ar Niall Naoighiallach neithe nachar chlos don léaghthóir
roimhe so, measadh go bhfuil laoi nó leitir againn lé
dearbhughadh gach neithe da gcuirthear síos linn annso.


L. 400


LI.



Léaghthar linn i mbeathaidh Phádraig, fuaramar scríobhtha
i seinleabhar meamruim, mar aon lé beathaidh Mochuda
agus Abbáin agus naomh oile, gurab Breathnach Pádraig.
Ag so briathra an tseinleabhair: "Pádraig," ar sé,
"Breathnach iar n-a bhreith san bhaile darab ainm Nemptor
i Maigh na bhFianbhoth ó thuismheidhtheoiribh cráibhtheacha diadha."
Adeir arís san áit chéadna na briathra-so síos: "Iar
n-argain iomorro iomad críoch san mBreatain do Scotaibh
ó Éirinn, mar aon ré n-a rígh féin, Niall Naoighiallach, i
n-aghaidh fhlaithis na Rómha, do hairgeadh go mór an Bhreatain
leo ar dtús an leith thuaidh dhi, agus iar ndíbirt na sean-fhoirne
aiste, do áitigheadar Éireannaigh féin innte."



Adeir an t-ughdar céadna san áit chéadna go dtáinig de
so trí ríoghachta do bheith san mBreatain Mhóir mar atá
Scotia Anglia is Britannia. Adeir an t-ughdar céadna
gurab fán am-so, ar mbeith do Niall Naoighiallach san
eachtra-so ag plandughadh Dál Riada i nAlbain, do chuaidh
cabhlach Éireannach don áit iona raibhe Pádraig 'n-a chomhnuidhe.
Ag so briathra an ughdair: "Do chuaidh," ar sé,
"Fan am-so cabhlach Éireannach do chreachadh na críche 'n-a
raibhe an Naomh Pádraig agus mar fá gnáth lé hÉireannchaibh
tugadar iomad do bhraighdibh leo agus Naomh Pádraig
mar aon riú i n-aois a shé mbliadhan ndéag, agus dá shiair
dó, mar atá Lupida is Darerca, agus tugadh Naomh
Pádraig 'n-a bhrághaid i nÉirinn an naomhadh bliadhain de
fhlaitheas Néill ríogh Éireann do bhí go neartmhar seacht
mbliadhna fichead i bhflaitheas Éireann is lér hairgeadh an


L. 402


Breatain is Sacsa gus an muir atá idir Shacsaibh is an
bhFraingc." As na briathraibh réamhráidhte is inchreidthe go
ndeachaidh Niall Naoighiallach don Bhreatain Mhóir is gur
ghabh neart innte.



Measaim fós gurab ré linn Néill do bheith ag gabháil
neirt san mBreatain Mhóir, do chuir cabhlach d'argain imill
na Fraingce don chrích ré ráidhtear Armorica, da ngairthear
anois an Bhreatain Bheag, agus gurab aiste tugadh Pádraig
go n-a dhá shiair i mbroid. Is móide mheasaim fírinne
an neithe-se máthair Phádraig do bheith 'n-a siair ag Mártain
do bhí 'n-a easpog Toron san bhFraingc, is mar léaghthar
linn i seinleabhar 'n-a bhfuil beatha Phádraig i nGaedhilg
gurab ó Armorica tugadh Pádraig agus a dhá shiair i
mbroid.



Is cosmhail fós ar mbeith do Niall an tan soin ag
gabháil neirt na Breataine Móire, gurab as an mBreatain
do chuir cabhlach go himeall na Fraingce mar a raibhe
Pádraig agus an drong táinig i mbroid leis. Agus fós
léaghthar linn i seinleabhraibh an tseanchusa go dtugadh
géill as an bhFraingc go Niall, agus measaim gurab díobh
sin Pádraig.



Dála Néill iomorro iar dtabhairt iomad do bhraighdibh
na Breataine leis tig i nÉirinn go sluagh mór do Bhreathnachaibh
agus d'Éireannchaibh 'n-a fhochair; is do-ní tionól,
tuilleadh sluagh, agus cuiris scéala go hAlbain go taoiseach
Dál Riada da rádh ris é féin go líon a shluaigh da leanmhain
don Fhraingc.



Triallais iomorro Niall leis sin don Fhraingc go sluagh
líonmhar maille ris, agus ar mbeith ag argain na Fraingce
láimh lé sruth Loor dhó, is ann rug taoiseach Dál Riada air
go n-a shluagh. Agus tarla fán am soin rí Laighean ar
ionnarbadh ó Niall i nAlbain ar chomairce Ghabhráin mic
Domhanghuirt taoiseach Dál Riada; agus an tan do chuaidh
an Gabhrán céadna i ndiaidh Néill don Fhraingc, do chuaidh
Eochaidh mar aon ris ann. Gidheadh níor lámh Eochaidh dul


L. 404


do láthair Néill, agus iar suidhe do Niall ar bruach an
innbhir, téid Eochaidh don leith oile don abhainn i ndoire coille
do bhí ann, agus do-ní soighead d'inneall 'n-a bhogha, go dtug
urchar do Niall, gur chuir tré n-a chorp í, go bhfuair bás do
láthair.



Is é adhbhar imreasain tarla idir Eochaidh is Niall, mar do
thogair Eochaidh suidhe i dTeamhraigh 'n-a rígh fá bhrághaid
Néill, agus ar mbeith naoi dtráth i dTeamhraigh dó, táinig
draoi deigheolach 'n-a láthair is adubhairt ris nar dhlightheach
dó geasa na Teamhrach do choill. "Óir is da geasaibh," ar
sé, "gan rí do shuidhe innte ré flaitheas Éireann do ghabháil
go ngabhadh nasc niadh fá n-a bhrághaid." Ionann sin ré a
rádh agus go ngabhadh grádha Ridire Gaiscidh. Óir amhail
adeirthear miles torquatus ré ridire gaiscidh, is mar sin
adeirthear nia naisc i nGaedhilg ris an ngaisceadhach do
ghabhadh nasc nó slabhra fá 'n-a bhrághaid. Ionann iomorro
nia is gaisceadhach nó tréinfhear, agus is ionann nasc is
slabhra.



Dála Eochach mar do chualaidh teagasc an druadh, tréigis
Teamhair is léigis an ríghe dhe. Tig Niall da éis sin agus
suidhis i dTeamhraigh is gabhais flaitheas Éireann, agus do
hionnarbadh Eochaidh go hAlbain leis i ndiaidh iomad
coinbhleachta do theagmháil eatorra; gonadh tríd sin do marbhadh
Niall lé hEochaidh, amhail adubhramar thuas. Adhbhar oile
fós easaonta do bhí aca, ar mbeith d'Eochaidh ag triall ó
Theamhraigh go Laighnibh tarla go teach Laidchinn mic
Bairrcheadha draoi Néill é, agus ar mbeith ann sin dó, do rinne
mac an druadh iomarbháidh chainnte ré hEochaidh is marbhais
Eochaidh tríd sin é.



Téid iomorro an draoi da chasaoid sin ré Niall, agus
iarrais air teacht do dhíoghail a mhic ar Laighnibh; agus
ré greasacht an druadh tig Niall tromshluagh tairpeach
d'airgean Laighean; agus ar rochtain Laighean dóibh, ní
ghéabhadh an draoi ó Niall cumhaidh na ceathra do ghabháil


L. 406


ó Laighnibh, gan corp Eochach d'fhagháil ar urlamhas Néill.
Agus do sheachna Laighin do lot tig Eochaidh ar urlamhas
Néill; agus tug an draoi fá deara Eochaidh do cheangal don
chairthe chloiche atá ré a fhaicsin don leith thiar don tSláine
idir Chill Bhrighde is Tulaigh Ó bhFeidhlimidh, agus is amhlaidh
atá an cairthe sin 'n-a sheasamh agus í ard leathan is í
tollta 'n-a hiomuachtar; agus fá héigean d'Eochaidh a dhruim
do chur ris an gcloich agus é 'n-a sheasamh, agus slabhra
iarnaidhe fá n-a chom, agus dá cheann an tslabhra trés an
bpoll do bhí san chairthe, agus luirgfhearsad imreamhar iarnaidhe
trés an dá lúib do bhí ar cheann an tslabhra. Agus
mar do mhothuigh an draoi ar an ordughadh soin é, ollmhuighthear
leis naonbhar laoch da mharbhadh.



Mar do chonnairc Eochaidh an laochraidh da ionnsaighe ar
tí a mharbhtha, tug criothnughadh curaidh go calma air féin,
agus leis sin sníomhthar an slabhra is bristear an luirgfhearsad
leis, agus téid ar éigin ón laochraidh iar marbhadh
druinge dhíobh; is ní haithristear a bheag da scéalaibh go
rochtain i nAlbain dó, ar chomairce Ghabhráin mic Domhanghuirt,
amhail adubhramar; gonadh é sin an dara fáth
faltanais do bhí aige ré Niall.


L. 408


LII.



Ar mbeith iomorro d'Eochaidh san deoraidheacht soin i
nAlbain, adeirid drong go dtarla bean Ghabhráin, Ingheanach
a hainm, is bean Eochach Feidhlim, inghean Chobhthaigh mhic
Dáthí, torrach i n-aoinfheacht, agus is i n-aonoidhche do bhádar ré
niodhnaibh. Cuirthear an dias ban i n-aointeach, gan 'n-a
bhfochair acht iad araon, agus forfhaire ó Ghabhrán da
gcoimhéad don leith amuigh. Dála na mban, rug bean Ghabhráin
inghean agus bean Eochach dias mac. Ní bheireadh
iomorro bean Ghabhráin do shíor acht clann inghean; agus
mar tharla dias mac ag mnaoi Eochach iarrais bean Ghabhráin
mac don dá mhac ar mhnaoi Eochach, agus aontuighis bean
Eochach sin. Mar do mhothuigheadar lucht an teaghlaigh do
bhí san bhforaire na mná ar mbreith chloinne, fiafruighid don
ríoghain créad an ghein rug. Nochtais sise go rug mac is
inghean is go rug bean Eochach mac. Fá lúthgháireach cách de
sin. Agus an mac soin ráinig an ríoghan ó mhnaoi Eochach,
do baisteadh é agus tugadh Aodhán mac Gabhráin d'ainm
air; agus an dara mac d'Eochaidh, tugadh Brandubh mac
Eochach d'ainm air. Agus da éis sin táinig Eochaidh agus a
mhac leis i nÉirinn gur ghabh ríghe Laighean dó féin.



Tréimhse fhada iomorro da éis sin, fuair Gabhrán taoiseach
Dál Riada, fá rí Alban, bás; is gabhais Aodhán flaitheas
Alban da éis, agus táinig d'ionnradh is d'argain Éireann is
d'iarraidh a gabhála, ar mbeith do shliocht Chairbre Ríoghfhada
dó féin. Tigid fuireann mhór d'fhearaibh Sacsan Alban is
Breatan leis, agus ar rochtan i dtír i nÉirinn dóibh, tugadar
ucht ar Laighnibh do lot ar dtús. Tarla iomorro


L. 410


Brandubh mac Eochach fan am soin i ríghe Laighean; agus
cuiris Aodhán teachta chuige d'iarraidh giall air ré bheith
fá chíoscháin dó féin nó go ndiongnadh críoch Laighean uile
d'argain. Ar mbeith do Bhrandubh imshníomhach fán dáil sin,
adubhairt a mháthair ris meisneach do bheith aige agus go
gcoiscfeadh féin Aodhán de. Leis sin téid an mháthair go
foslongphort Aodháin, is iar rochtain ann sin di, fiafruighis
d'Aodhán créad as a dtáinig do lot Laighean. "A chailleach,"
ar sé, "ní dleaghair díom scéala do thabhairt duit-se ar sin."
"Masa cailleach mé," ar sise, "is cailleach do mháthair; agus
atá cómhradh cogair agam ré a dhéanamh riot." Leis sin téid
i bhfód fá leith ria. "A Aodháin," ar sí, "do innis mé dhuit
gur chailleach do mháthair, agus innisim anois duit gur mé
féin í, agus da réir sin gurab dearbhráthair dhuit Brandubh.
Uime sin cuir fios i nAlbain ar an máthair atá id leith, is
aidmheochaidh sí im láthair-se gurab mé féin do mháthair; agus
go rochtain a chéile dhúinn, gabh iomat gan milleadh Laighean
do dhéanamh."



Do-níthear leis a ndubhairt an bhean; is ar rochtain
do láthair a chéile do na mnáibh admhuighis ríoghan na
hAlban gurab í máthair Bhranduibh do rug Aodhán agus
ar n-a chlos soin dhó, do cheangail ar na mnáibh rún maith do
dhéanamh ar an gcúis d'eagla go gcaillfeadh féin ríoghacht
Alban ag Dál Riada da mbeith fios na dála aca. Leis
sin cuiris fios i ndáil Bhranduibh gur cheangladar araon
cáirdeas ré chéile; is fágbhais Aodhán an tír gan díoth do
dhéanamh innte. Gidheadh cheana níor bha mac don Eochaidh-se
mac Éanna Cinnsealaigh an Brandubh-so fá rí Laighean,
amhail bhus follus san dara leabhar don stair-se.



Dála Néill, ar a bhfuilmíd ag tráchtadh, is líonmhar atáid
a shliocht i nÉirinn ón ochtar mac táinig uaidh. Gidheadh ní
hinneosfam annso iad, do bhrígh gurab mian linn go foirleathan
labhairt orra i ngabhlughadh chloinne Míleadh. Is
uime iomorro ghairmthear Niall Naoighiallach don rígh-se, do
bhrígh gur ghabh sé naoi ngéill, nó naoi mbraighde, a cúig díobh


L. 412


ó chúigeadhaibh Éireann, agus a ceathair a hAlbain; gonadh
aire sin do rinne an file na roinn-se síos:




Mac Eochaidh ard n-ordan,
Niall nár i ngach ardbhladh;
Gabhais ríghe réimeann
Éireann agus Alban.



Gabhais giall gach cóigidh
I nÉirinn tré ardghoil;
Tug fá a réir gan tárbhrath
Cheithre géill a hAlbain.



Gonadh de baoi dhó-san,
I dtoraibh na bhfiatach,
Ré hór na ríogh rathach,
Niall Naoighiallach niatach.




Do ghabh Dáthí mac Fiachrach mic Eochach Muighmheadhóin mic
Muireadhaigh Tírigh mic Fiachrach Sraibhthine mic Cairbre
Lithfeachair mic Cormaic mic Airt Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh
do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann 23 bliadhna.
Fial inghean Eochach ó ráidhtear Cruachán Féile an chéidbhean
do bhí aige. An dara bean Eithne inghean Órach máthair
Oiliolla Muilt. An treas bean do bhí aige da ngairthí
Ruadh inghean Airtigh Uichtleathain mic Fir Chonga máthair
Fhiachrach Ealgaigh, agus is da bhreith fuair bás. Fearadhach
fá hainm díleas dó ar dtús; agus is uime do gairthí Dáthí
dhe, ionann iomorro dáthí is tapaidh; agus is ar a thapacht
do ghabhadh a arm air do lean an forainm Dáthí dhe. Agus
is amhlaidh do marbhadh Dáthí .i. saighnéan teintighe do thuitim
'n-a mhullach ó neamh ar mbeith ag déanamh congcais ar an
bhFraingc dó; agus is láimh ré Sliabh Alpa do marbhadh é,
tré dhíoghaltas Dé, mar gur hairgeadh leis dúirtheach
díthreabhaigh naomhtha dar bh'ainm Parmenius lér malluigheadh
é. Agus ar n-a mharbhadh amhlaidh sin, tugadar a mhuinntear
a chorp leo i nÉirinn, gur hadhlaiceadh i Roilig na Ríogh i
gCruachain é.



FINIS LIBRI PRIMI.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services