Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Párliament na mBan
Title
Párliament na mBan
Author(s)
Ó Colmáin, Domhnall,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1767
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., l952)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CHUM AN ÓGÁIN UASAIL, MO DHEISGIOBAL GRÁDHACH FÉIN .I. SÉAMUS ÓG MAC COITIR, AN RÉAMHRÁDH. Más fíor an s
anfhocal do léaghthar san bFhraingcis nách féidir d'aoineach ar domhan cúitiomh ná comaoine do thabhairt do Dhia uilechomhachtach don oide múinte, et don athair (agus don) mháth
, gan amhrus as ro-dhocair díbh-se, a mhic ionmhuin, buídhiochas iomchubhaidh do thabhairt don Airdrígh, ar an adhbhar nách lia dath ál
aorach chíodhmaoid san mbogha leatha ionná cáile et tréighthe óirdhearca do roinn leat an Mac míorbhuilleach. Mar an ccéadna is deacair duit cúitiomh do thabhairt dod t'athair et dod mháthair, do bhrígh a n-éagmais mórán fearainn et tighearnais atá aco fád chomhair, tugadar dhuid dlúithcheangailti a ngaol et a ccomhgus maithe agus móruaisle Chóigi Mumhan, Chóige Ulaidh, Chóige Chonnacht, et Chóige Laighion. A ttaobh do theagasgóiridhe, mise mar aon díobh, do budh fhéidir go ttuigfeá féin le haimsir gurab iomdha dúthraicht agus díograis do-riniosa chum srotha léighinn, gaotha tréanfhóghlama, et lonnradh na ndeighbhéas do dhortadh go duibheagánta ad t'inn
leacht. Acht do-chíodhmaoid gur gnáith le húghdaraibh et le hoideadha múinte tásgamhla beatha rígh nó riodaire nó dhuine oirdheirc éigin do sgríobh chum a bheith mar riaghuil, mar shompla, nó mar theagasg flatha agá ndeisgioblaibh. et dá réir sin measaim gur chóir dhamh féin aon díobh d'ainmnioghadh dhíbh-se mar riaghail. et dar le daoinibh léirchiallacha ní riachtanus duit pátrún tar th'athair féin chum a bheith agad mar sgáthán et mar raoltan eóluis le haithris do dhéanamh ar a
mhaithghníomhaibh, ar a mhóiréachtaibh, ar a ghean ag luchda a ithneadh thall 's a bhus, agus chum gurbh usaide dhuit sin do dhéanamh, sgríobh
ad féin duit ann so, do réir mar do-chonnarc agus mar do-chuala, cuid dá thuarusgbháil. et ar ttús, más congnamh chum dul trí ghnóthaibh saoghalta pearsa dheaghmhaiseach, do bhí agad t'athair-se com cliabhláidir, corp cnámharrdhachta, croidhe cródha, cuislionna calma, cunntonós cogamhuil, et seasamh soighdiúrtha. Mar an ccéadna más tabharthas mór ó Dhia cáile maithe anma, atá aige tuigsin tapa, breithnioghadh, géirmheabhair mharthannach, ciall fhorasda, fuadar chum tionnsgail, doibhreóighteacht chum saothair, furránttacht a mbaoghal, dánacht a ndainséar, mórchródhacht a mbuaidhiorthaibh, gliocas chum cosnaimh, et réimhfhéachuin chum teilgion beart. Gidheadh do réir mar aitheantar gach nduine ar a ghnódh et an abhall chubhra ar a toradh, ní cás aithint nách foilleánach do-rine an soláthar sonuidhe, et an saothar subháilceach atá féna chumas ó Abhainn Móir go fairrge. Más somholta do réir an tsaoghail greann et grádh do thuilliomh et d'fhagháil ó righthibh et ó phrionnsadhaibh, féach créad é an mhuinghin do bhí ag Rígh Cormac iona lúith, ina mheisneach, et ionna chomhall, an tan do thug sé ceandas et ordúghadh dhó gluaiseacht mar aon le beagán buidhne a' tóruíghiocht an traotúra Laidhil et dá threasgairt, gníomh nóch do-rine Séamus go háthusach a n-éiric et a ndíoghaltas bháis Rígh Seárluis. et dá réir sin ní hé amháin acht ní ceart d'éinneach a rádh ná a mheas gur murther ná míghníomh traotúir fógartha do mharbhudh le hordúghadh speisialta an rígh, acht fós is innmheasda gur gníomh é cómh óirdhearc iondas, dar liom-sa agus dar le heólchaibh eile, go madh chóra a leithéid do ghníomh do chur a ccroinicibh a leitribh óir chum go ccluinfeadh gach geinealach diaig a ndiaig fuil rígh nó prionnsa do tharrang nách deachaidh saor le héinneach riamh gan troimdhíoghaltas. Do bhí Rígh Saxon comh buidhioch sin don tseirbhís et
don tí noch do-rine í, go ttug sé dó mar phrímhléid bheith 'na chaptaoin ionna ghárda féin, et pinnsi mór bliaghantamhuil farrais sin; et ionna dhiaigh sin tug dhó bheith 'na ghabhairnéir ar na hoileánaibh; et an uair budh mhithid le Séamus teacht ar ais dá dhúthaig, do-rin collector geinearálta ar chíos an rígh san taobh so do Chóige Mumhan de. Agus mar is gnáthach leis an tí ar a mbídh an sonus ar maidin go mbiadh sé am thráth nóna a
r, féuchamaois ar an ccion do bhí ag Rígh Séamus a
r tar éis bheith farais féin a seacht ccathaibh a ccogadh na fairrge, et tar éis bheith a mbualadh diúic Monmouth farrais, mar ar iomchair Séamus é féin cómh g
sin go ndearna an Rígh féin riodaire dhe. As é an nídh céadna thug dho bheith 'na ghabhairnéir ar Chathair Chorcaídhe, et ionna dhiaigh sin tug dhó bheith 'na bhrigidier et 'na chommander ar na gairisiúnaibh foirmleacha go huile. Agus budh maith an díol ar Shéamus na tiodail sin d'fhagháil ar an adhbhar níor bhuige leis guth na cuaiche nó ceól cláirsidhe ná séide na ttrumpaídhe, siotráil na bpléar, búirbhéicioch na ngunnadha mór. Bíodh a fhiadhnaise sin ar lá Cheanna Tuirc et lá Ghleannamhnach, mar ar thuitiodar mórán do chéadaibh do phríomhlaochaibh coisighthe et marcshluagh a namhad le gasdacht et le gnímhéachtaibh Shéamuis. d'éis na seirbhíse sin do-rine sé san chogadh budh tairbheach é san tsíothcháin. Acht gidheadh mar is gnáthach leis na stormaibh tuitim et túirling go trom ar na cnocaibh árda, as mar sin tugadar (sluagh na nGall) piasd a mbrollach míorúntach ar Shéamus a ndóigh, an tí nách budh fhéidir leó do leagadh le fórsa a n-arm, go cclaoifidís é le guileo guairnéin dlíghe, et do chuireadar ocht bplé dhéag a n-éinfheacht a
r do bhrígh go rabhadar siúrálta, dá ttigeadh leó é sin do chlaoidh nó chiorrbhúghadh go mbeith rith chinn ré fánaidh aco ar gach n-aon eile noch do bhí fá airtioglaibh Luimníghe ar feadh na hÉirionn. Gidheadh
mar is fairsing fortuigheach Dia ann gach cumhgrach, tug sé croídhe et caráisti cruaidhmhisnigh do Shéamus lér sheasaimh coimhthréan sin iona n-ághuidh gurbh éigion dóibh d'éis mórán cosdais agus contrárdha do dhéanamh, a seólta do stríocadh le masla agus le míodhchlú, mar adeir an t-úghdar go n-ísligheann Dia lucht an uabhair agus na hiomarca et go n-árduighionn an dream noch bhíos umhal deaghchroidheach. Agus gér mhaith sin níorbh fhear
é iná an oibliogáid agus an chomaoine do chuir sé ar an náisiún Éirionnach so ar son a ccreidimh, do bhrígh tar éis báis an Áirdeasboig Braonáin, ní raibh aoneasbog Catoilice Rómhánach ar fud na hÉirionn uile, nó go ttáinig Eóin Baisti Mac Sleidhne tar fairrge, et an tan soin do bhí an aimsir comh buadhartha, na heascáirde comh fuathmhar, et na hÉirionnaig cómh tais comh laigbhríoghach sin go rabhadar faitchiosach fá aoineasbog d'fhulang iná do bheith a' tathaidhe ionna ttighthibh d'eagla go ccumfuidhe plot nó tréason orra, et níor bhean sin do Shéamus feiste et fáilte do thabhairt don cheann feadhna áirdchéimionnach sin na hEaglaise tuille et trí bliadhna go prímhléideach, et eaglais Chóige Mumhan agus mórán do na cóigeadhaibh eile do bheith ag triall go laothamhuil agus ag teacht ag fiosrúghadh an easboig, ar mhodh go mbíodh caibidil agus coimhthionóil gheinearálta go minic aco a ccúirt Bhaile an Speire, iondas munadh mbeith an teanna agus an tarmuin sin do-rine Séamus dóibh go madh cruaidh don phréaláid óirdhearc fanamhuin san náisiún. Acht níor áirmheas ann so na mórchumaoin do chuir (ar) an tteangadh nGaoidheilge ag bronnadh óir et airgid d'éigsibh et d'aois téud nó ealádhan, et d'fhileadhaibh foghlamtha, agus bíodh a fhiadhnaise sin ar an leabhar suathantais noch atá le taisbéanadh, agus do-rineadh i n-onóir agus a n-ádhmholadh an riodaire réamhráidhti, et nách mór gur lia duilleóg ann ina déantús file nó fiorughdair, do bhrígh
go madh miann leis an oiread sin do cheirtchleachta gnáth-uasal na nÉirionnach bhfírfhial do chongmháil ar cuimhne go mbeireadh fortacht Dé orrtha. et níor chúis iongantais cion do bheith aige-sion ar órnáid an léighinn agus na liteardhachta ar an adhbhar, an té noch is lia thuigionn don fhoghluim, as leis as annsa a healádha. Tuigionn agus labhrann Séamus a cúig nó a sé do theangthaibh go clisti, et níorbh fhuláir do féin an t-eólas sin do bheith aige re linn a thraibhléireacht ar feadh mórán bliadhan ar fud ríoghachta na hEórpa. Gidheadh do bhrígh go n-abair Pól Eapstal dá labhradh neach teanga na ndaoine et na n-aingiol, muna mbeith carthannacht aige, nách fiú nád é, féachamaois créad í (an) charthannacht et an déarcamhlacht atá ann dá ghaol et dá chomhgus, do chill et do thuaith, agus go sonnradhach do dhaoinibh uaisle bochta, noch do-chuaidh chum righeachtanuis tré dhíothchur a ccairde. As mór é, et ní gábhadh dhamh-sa an nídh atá follas ag an ndúthaig do chraobhsgaoile ann so. Gidheadh cuirfiod a ccuimhne gníomh daonnacht noch do-chonarc féin aige dá dhéanamh nách fuil a fhios ag puinn eile, et nách cuala-sa a leithéid ná a choimhmeas do theacht ó aoineach riamh acht ó Mhártan naomhtha amháin. Re linn an chogaidh dhéighionaig si noch do bhí aguinn, tarlaidh gur gabhadh mórán Frangcach láimh re hEóchuill, agus tarluidh duine aco sin (measaim gurbh é a cceand urra) ar Shéamus lá seaca agus siodarghaoithe, agus gan d'éadach a
r acht seincheirte. Gidheadh d'aithin an riodaire gan mhoill ar a iomchar et ar a úrlabhradh gur dhuine suathantais é, ní budh mó iná an cómhchoitchionn. Do ghlac Séamus truaighmhéil dó, et tug leis chum an bhaile é. Do bhean dhe an éagculaith, et do bhean de féin an t-éadach deaghmhaiseach do bhí ar a chorp céillidhe crutháluinn féin, et tug don aimhriochtach uasal é, noch
do bhí a ccrothaibh báis le hiomad fuachta agus fíreasba. Ó! an fíoraon fialchroidheach! Ó! an tabharthas carthannach! Ó! an gníomh grásamhuil! Do bhí Mártan 'na shaighdiúir. Gidheadh ceann urraid soighdiúiridhe do budh eadh Séamus. Leath a chlóca thug Mártan naomhtha don bhochtán. Gidheadh thug Séamus bia, airgiod, agus an chulaith iomlán don phríosúnach. et más do dhruím na déarca úd do thaisbéin an Slánaightheóir é féin do Mhártan an oidhche budh ghoire dhó, dom thuigsin as cóir a mheas sul a ttiocfa
dh oídhche an bháis ar Shéamus, go bfhaghaidh sé taisbéana grinn et grása ó Íosa Críosd. et ó tá sin mar sin, cia nách déarfadh gurab é Séamus an mac is feirrde fine, díonaightheóir na cléire, cosantóir na héigse, ciorrbhaightheóir na meirleach, crann bagair a ghaolta, cara na mbochtán, teanna na lorán, leasaightheóir na ndanán, onóir a dhúthaidhe, cosantóir gach pongc dlighe, et gaisgeadhach na bprionnsaidhe. Sin agad, a mhic m'ochta, eisiomláir agus sompla chum línntídhe do bheatha do tharrang dá réir. Sin agad sgáthán chum tú féin do cheartúghadh dá réir. Sin agad puínntidhe an chompáis chum stiúrthóireachd do dhénamh ort féin tré mhuir mhailísig an tsaoghuil se coimh réimdhírioch sin go madh heól duit tréas na subháilcídhe ar a ttráchtann an leabhar so do leanmhuin, et na dubháilceadha do sheachna agus do thréigion, chum dul a ttír gan bhéim gan bhasgadh gan bhaoghal a ccuan agus a ccalaphort na glóire síorrdhaidhe a radharc Dé agus a ccomhluadur na n-aingiol, noch ghuídhim duit óm chroídhe et óm anam. Do sheirbhíseach biothbhuan go bás, .i. Domhnald Ó Colmáin.
Párliament na mBan thráchtas ar na dúbháilcibh do sheachna agus do thréigion agus ar na súbháilcibh do leanmhuin agus do ghnáthamh, noch do thosonuig agus do chriochnuig Dómhnall Ó Colmáin annsa mbliaghuin 1670. CHUM NA
PÁTRÚN.
Ar phátrúnaibh sagart, a leabhair bhig, triall a ttráth, an dá Chonchúbhar is Mleachluinn, is mo charaid-se Uilliam go brách; atáid piocúil sa teangain so is glacaid go dian mo pháirt, is tá clúmhail duit, measaim-se, a ttaramain d'iarraidh ghnáth.
CHUM AN LÉIGHTHEÓRA AN RÉIMHRÁDH. Is tearc aonobair dá fheabhas ná faghaibh fodhuine éigin locht uirthe, agus as iad na daoine is lúgha do-ní aonobair mhaith lé n-a gnáthach tarcuisne agus toighbhéim do thabhairt d'oibreachaibh eile. Ní bhfuil amharas gurab ro-shuarach símplíghe thosanuíghios an beagán bréithre so. Gidheadh, a léightheóir, más í do thoil iad do léaghadh ar fad go deire, dob fhéidir go ccuirfiodh do choinnsias d'fhiachaibh ort taithnneamh agus adhmhola do thabhuirt dóibh ní as mó ná mar is dóith leat. Atáim admhálach nách fuil fuirm sgríobhnneóra agam annsa nGaoidheilg ná aní ar a ttugthar Orthographia, faoi mar do bhiadh ag daoinibh seanaimsiortha ná mar dob oireamhnach dhamh, do bhrígh nách léna sgríobh ná léna léigheamh do chaithios aimsior. Agus dá mbiadh a fhios agad luíghead na haimsire chathas réna tabhairt chum na gairbhchríche so, dob fhéidir go mbiadh iongantas ort a beith annsa bhf
irm mhísgiamhaicc so féin. Agus má bhíonn sé d'aimsir ná d'fhoighnne agad na briathra so atá 'san leabhrán do léigheadh go mbainfidh tú sochar nó somhaoin asda, ní bhfuil aoinní agam-sa dá iarraidh ort ar son mo shaothair acht guídhe do dhénamh ar do sheirbhísioch dílios tré dhíograis, .i. Dómhnall Ó Colmáin.
(PÁRLIAMENT NA MBAN) Annsa mbliaghuin 1697 do bhádar annsa ríoghacht so na hÉirionn (dias ós cionn a deich is fiche) do bhaintighearnaibh uaisle, onóireacha, críonna, céillighe, disgréideach
, deagh-shomplacha, deaghbharúlacha do chuir aithne ar a chéile cómh mór sin ionnas go raibh an oiread sin do choimhcheangal grádh', páirte, díograis, cumainn agus lánmhuíntearthais eatortha nárbh fhéidir iad do sgaradh ó amharc ná ó chómhluadar a chéile, go háirighthe nu
neithibh do bhaineadh ré creidiomh, nó ré coinsias, nó re haoinní eile do rachadh chum sochair nó chum fóghnaimh don mhathas puiblíghe. Tárladar na baintiagharnaidhe réamhráidhte si ar a chéile lá d'áirighthe cuinne do bhí eatortha a cCathair Chorcuíghe. (Is é ní) ar a dtángadar an lá sin seanaid nó párliament ban do chur 'na shuíghe a n-áit éigin don ríoghacht. Agus chuige sin do dhéanamh agus do thabhairt chum críche, do mheasadar nárbh oireamhnach an párliament so do bheith aco a ccathair ná a mbaile mhór ar bith. et dá réir sin adúbhradar go madh fearr dhóibh cúirt mhór bhreádh oirdheirc do chur dá déanamh annsa dúthaicc amuith, a n-áit árd aorach aoibhinn a bhfad ó na catharachuibh. (Do bhádar na) baintighearnaoí sin ró-shaidhbhir, lán d'ór agus d'airgiod, a ccás gur chuireadar saoir chruinn et chloch agus lucht oibre eile ag tógbháil na cúirte sin. Agus as é áit ionar tógbhadh í, ar mullach an Charragáin Mhóir ar bruach Ghleanna Maighir. Agus an uair do bhí an chúirt críochnuighthe agus a bhfeiste astig agus amuith déanta, do cuireadh teachta ann gach conntae d'Éirinn dá fhógradh do na mnáibh budh tuigsionuíghe, chríonna, líomhtha, chéillíghe
dá raibh ann teacht chum an Phárliament, agus bheith ag an ccúirt réamhráighte so an deachmhodh lá do Mheithiobh annsa mbliaghuin 1697. Tángadar ann chúig céad bean áluinn oirdheirc, agus ar suíghe dhá mathaibh ar an mbinse d'fhógair an clamaire ciúnas do dhéanamh trí huaire. Ann sin d'éirig an chéad bhaintiarna dhíobh dárbh ainm Fionnuala Ní Stannganéifeacht 'na seasamh, agus do labhuir
ibh foisdineacha fáigeamhla an oráid so ann so síos. ÓRÁID FHIONNÚALA NÍ STANGANÉIFEACHT ANN SO 'Iarraim agus athchuingim ar an tTríonnóid ró-naomhtha agus ar Mhuire Bhaintighearna, Máthair na ngrás, sruth séin, suaircis, socrachta, suaimhnis agus síothchána do thuitim anuas oraibh ó thobar beannaighthe fhlathamhnuis a n-íntleacht, a ccroidhthibh, agus a n-anmannaibh gacha mná dá ttáinig chum an Phárliment so. A dheirbhsheachracha ionmhuine, do-chím agus aithníghim ar chúntanós, ar lúthgháir, agus ar shoilbhriocht iona bhfuiltí, go n-oibreóidh Dia uile-chómhachtach a ccroidhe agus a n-íntinn gach aonmhná díbh dá bhfuil ann so do láthair gan aonní do smuaineadh, do labhairt, ná d'oibriúghadh, acht an ní do rachadh chum mórdhacht, sochair agus onóra an mhaithis puiblíghe agus Phárliament na mBan. Measuim go bhfuil a fhios aguibh go cómhchoitcheann gur leigeamuir mórán dár n-aimsir thoruinn gan ní ar bith do thionsgna do-dhéanadh seirbhís dúinne, agus sin ag tréigion an uile ghnótha agus maithis puiblíghe, ag fanamhuin go cónaightheach annsa mbaile, ag tabhairt aire dár ccoigíl agus dár maide sníghe, agus fós nách maith annsa mbaile féin mórán aguinn. Agus is é cúis fó bhfuilmíd mar seo, do bhrígh
nách fuil meadhón ná riaghlacha ar bith aguinn do stiúr
adh sinn chum na neithe budh riachtanas dúinn do dhéanamh chum ar sochair. Do-cítear díbh go léir go mbíd a ccómharluíghe agus a ccómhthionóil ag na fearaibh go laothamhuil ag déanamh a ngnótha, agus ag tabhairt aire do gach ní bhainios riu féin, a ccás, an uair bhíd siad a' trácht oruinne, gurab amhlaidh bhímaoid mar chathamh aimsire, mar chompráid, nó mar stoc maguig aco do ló agus d'oidhche. Agus fós ní admhuid siad gurab daoine sinn ar aonchor ar bith, acht gur créatúiríghe sinn do cruthaigheadh a n-aghaidh nádúra, agus nách fuil ionainn acht malum necessarium, .i. "drochní is riachtanas do bheith ann." Dá bhrígh sin féacham go taithicioch agus go díthchiollach créad is cóir dúinn do dhéanamh do chum an mhaithis puiblíghe do chur ar aghaidh, agus chum críche maith
do chur ar ár bPárliament. Iarraidh ar Dhia coghnamh do thabhuirt díbh-se mar iarraim-se leis na bréithribh so:
Iarruim ar Íosa Críost do crochadh a ccrann Muire agus naoimh go ttíghid ionar bhfochair a n-am, go ccluinid na tíortha tímpchioll solus na cceann chuirfios lé díograis a ngníomhartha follas don dream.'
ÓRÁID CHAITRÍONA NÍ CHOSARASAIR ANN SO SÍOS. An uair chríochnuig Fionnuala an óráid sin, do labhair Caitríona Ní Chosairasair, Baintighearna Chnuic an tSoluis, agus adubhairt nách raibh suaimhnios ná síothcháin ann aonáit riamh acht mar a mbeidís mórán cómharluídhe agus cómhthionól, ionnas mar d'fhág an rígh ró-eólgasach sgríobhtha aguinn annsna bréithribh so ibi salus ubi multa consilia (Prov.xi,14), .i. "mar a mbíonn mórán cómhuirlíghe is ann do bhíos an tsábháil." 'Atá a fhios aguibh go mbíd a ccómharlíghe ag an ccléir, ag na righthibh, ag na prionnsaoibh, et ag na soighdiúiríbh,
agus fós bíd cómhthionóil ag na créatúiribh neamhréasúnta féin, mar táid na beacha agus na seangáin, a ccás gur sinne, na mná, go haonracánach do bhreis ar chréatúiribh an domhuin ná hoirionn dá chéile lé mórán do chéaduibh bliaghan. Dá bhrígh sin cuirig bhúr n-úrnaighthe chum Dé sibh do stiúradh ar an slíghe ccóir, et chum soluis do thabhairt díbh gan aoinní do dhéanamh contrárdha ris an ccreidiomh ná leis an maithios puiblíghe. Is fírinneach nách ní nua atá aguinn dá thionsguin, ar an adhbhar go bhfuil míle agus trí chéad bliadhain ó d'fhógair ímpire oirdheirc árdchéimeach, .i. Heliogabulus, cómhairle gheinearálta do bheith agá mháthair dárbh ainm Augusta, anna mbeidís mná go léir gan aonfhear, agus adúbhairt an t-ímpire céadna nár chóra d'fhearaibh seanáid nó cómhuirle chómhchoitcheann do bheith aco chum labhartha ar a ngnóthaibh puiblíghe ná do na mnáibh párliament do bheith aco leó féin chum trácht ar ghnóthaibh cómhchoitcheann' na mban. Ar an adhbhar sin déanam ár ndíthchioll ar an seanáid úd d'fhógair an t-ímpire mór úd d'athnuachadh annois go críochnúil do réir toile Dé, agus faoi mar ghuídhim-si dhíbh óm chroidhe, óm íntinn, óm aigne agus óm anam. Agus iarruim oruibh go léir, agus ar gach pearsain díbh, bhúr ndóthchas do chur annsa Tríonnóid mar chuirim-se, ag iarraidh
Sonuis agus séain agus braon ó fhlathas na ngrás annbhúr mullach go léir go léim' ó bhathas go trácht; cuirig i n-éifeacht chéille do Bhanba bhúr ccáil, agus bhúr ccumas do chlaona féachaig feasda nách tráth.'
ÓRÁID SHEILGÉAIN NÍ CHOTHROMCHIRT. Ann sin do labhuir Seilgéan Ní Chothromchirt, Baintighearna Dúna an Réightig, et adúbhairt nár chóir dhóibh
eagla ná faitchíos do bheith ortha a ttaoibh na mbriathar do labharas Pól Easbol, mar a n-abair sé nách cóir do mhnaoi ar bith labhairt a ccómhthionól puiblíghe, 'óir is ar an Eagluis labhrann sé, .i. an áit mar a mbíd fir agus mná a n-aoinfheacht farra chéile, agus ní cómhthionól don tsórd sin é so aguinne, acht cómhchruinniúghadh ban go haonracánach. agus dá réir sin is cóir agus as ceart dúinn labhairt ar na gnóthaibh bhainios rinn féin ionnar bPárliament. Agus ní dlíghe ná ceart ná coinnsias toirmiosg ná crasdáil do chur oruinn a ttaobh gnáthamh agus úsáid do dhéanamh do na géagaibh agus do na balluibh budh toil lé Dia do thabhairt dúinn. Agus is do na balluibh sin an teanga, a ccás, muna ttugthaoi cead labhartha dhúinn, nách déanfaidís ár tteangtha sochar ná seirbhís dúinn. Atáim dearbhtha nách caoine, líomhtha, ghéire, léire teangtha na bhfear ná ar tteangtha féin, agus go bhfuil gotha agus glór aguinn cómh maith riu, acht amháin gur gairbhe glór na bhfear agus mar sin gur cosmhuile iad ré hasaluibh ná sinne. Tar gach ní is cóir dúinn trácht ar ár ngnóthaibh leis an oiread tromachúise agus móraoise, ionnas nách biaidh cúis ag na fearaibh cóimhthionóil ná gearrachómhairle ná aonainm eile uirísiol mhímhacánta do ghairm ná do thabhairt ortha ná ar ár bPárliament, fé mar is gnáthach leó bheith ag daorlabhairt agus ag fonómhad faoinar ngnóthaibh. Gidheadh dá mbiadh sé ceadathach aguinne labhairt ar chómhthionól na bhfear nó a mheas fé mar bhíd, gan amharas do-cífídhe mórán díobh ní as measa ná cómhthionól na mban. Do-chímaoid prionnsuíghe re cian do bhliaghnuibh a ccoga ré chéile. Bíd fós na díaghairíghe, na sagairt, agus an pobal a n-imreas go minic. Agus fós bíonn gleó idir chathair agus cathair, idir chómharsain agus cómharsain, ar chor nách bíonn suaimhnios ná síothcháin eatortha, a ccás, dá madh chúinne do stiúróthaoi cumas agus riaghla na ng
ótha go léir, is dearbh go mbeidís ní sa shocra agus ní as síothchánta ná mar táid.
agus do shúil ré Dia go gcuirfeadh an Párliament so riaghlacha diongmhálta síos, críochnuíghim leis na bréithribh seo:
Cothram is ceart is blas lé séan go leór ar phobal na mban ar feadh an tsaogail mhóir; is cosmhuil go ccasann maithios Dé 's a ghlóir oruinn go seasguir, is glacam é go cóir.'
ÓRÁID SHORCHA NÍ MHÓIRCHREIDIMH ANN SO. Mar as taosga do chuir an bhaintighearna sin deire léna cómhrádh, do thosnuidh Soracha Ní Mhórchreidimh, Baintiaighearna na Carruige, agus adúbhairt gurbh fhéidir ná raibh sé oireamhnach ná dleaghthach don mhacántacht budh chóir do mhnáibh bheith ionta labhairt go trom ar chómhuirle nó ar phárliament na bhfear, agus fós amadántacht do chur 'na leith. 'Gidheadh meabharamaois na focail atá ag Solamh mh
c Dáibhí annsa 13 caibidil do na seanfhocalaibh inter superbos semper iurgia sunt; qui autem agunt omnia cum consilio reguntur sapientia (Prov.xiii,10), .i. "bíonn ceannurraic
nathach idir na daoinibh uaibhreacha; gidheadh na daoine do-ní a ngnótha lé comhairle do riaghlathar lé heagna agus le gliocas iad." Agus chum ná biaidh mise ní sa shia dobhúr ccongmháil lé bréithribh, féacham cionnas chuirfiom gach aonní ar aghuidh fé mar is cóir, agus fé mar iarruim-se leis na bréithribh so:
Teagasg gan bhéim a é do chanaim-se dhíbh; Paidior is Cré inbhúr mbéal bíodh aguibh-si shíor; sgaipig an déirc gach láo go carthannach caoin; is aithionnta Dé ná raobuig; fanaig go mín.'
ÓRÁID MHUIRR
NN LÁIDIR. Ann sin táinig Murr
nn Lánláidir, Baintighearna an Chaisleáin Ghairbh, agus adubhairt gurabh é céad ní ar ar chóir trácht 'riaghlacha do dhéanamh chuir
ios a ttuigsin dúinn cia hiad na mná glacfar annsa Phárliament, agus cia hiad nách glacfar ann.' Agus as é céad acht párliament do-rineadar agus d'órduigheadar gan aonógh ná maighdionn do ghlaca ná do bheith ann, 'do bhrígh go labheórthar ar mhórán do ghnóthaibh ann nárbh iomchubhaidh go cclois
idís maighdeana iad.' d'órduígheadar agus do-rineadar acht eile ionar chrosadar ar mhnáibh do bhiadh pósda cheithre huaire, agus ar na mnáibh do rachadh tar deich mbliadhna agus trí fithchid d'aois, teacht do láthair an Phárliament. Do-rineadar acht eile párliment gan aonbhean do labhuirt go borb ná go mímhacánta ar a fear annsa Phárliament. Do bhí bean annteann san bPárliament, agus as é budh ainm di Mór Ní Uallacháin. Agus ar cclos na riaghle déidheanaighe sin do-rineadh di (is é adubhairt): "Créad nách biadh cead aguinne labhairt ar ár bhfearaibh ann so ionár bPárliment féin, ar an adhbhar nách biadh na fir a n-aonáit nách labhraid oruinne. An uair bhíos Flathartach, an fear so agam-sa," ar sí, "ar féasda nó a n-aonchómhluadar eile, innisionn sé créad do-ní sé riom-sa san oidhche, agus fós cuirionn sé mórán bréag orm." Gidheadh adúbhairt Murr
nn lé gan ní sa mhó do labhuirt, agus go ndeárna sí féin rann dóibh.
"Gníomhartha cóir trí dhóchus daingean a Críost; cuinníghidh próis is póit ón an
m do shíor; bhúr ndlíghe mar shómpla fóiriodh d'fhearaibh sa tír, 's an brísde fós lé heólas bainfiom-na díobh."
ORÁID RÁIGHNIT STACABOL, BAINTIGHEARNA ÁRD NA GRÉINE. Ann sin do labhair Raighnit Stacabol, agus adubhairt 'Dá n-admhamaois an fhírinne as ó na fearaibh thig móraoidheacht agus onóir chuguinn, agus má bheirmíd easmuilte dóibh ní féidir linn gan bheith mímhacánta. Agus tar cheann go bhfuil mórán d'adhbhar canntluibh agus gearáin aguinn, tar éis sin dá bhféachtaoi trom na nithe go léir, is feárr an gléas agus an staid 'na bhfuilmíd ná na fir, ar an adhbhar gurab éigion do na fearaibh dul ar muir agus ar tír, agus a bhfionntar a mbáis agus a mbeatha, ag déanamh saláthair chum iad féin agus sinne do chothúghadh. Agus a n-aimsir an choga is éigion dóibh bheith ollamh ar an ccéad bhuille dhrum, agus bheith 'na seasamh annsa machuire do ló agus d'oidhche léna n-arm ag troid léna namhuid, an uair bhímaoid-ne annsa mbaile go sábhálta. agus más ní do-níd siad a ccoinne an dlíghe, is daor cruagálach an pionós beirthior dhóibh, agus spáráltar sinne. Agus a n-éagmuis so is aguinne atá fir mhatha do dhéanamh agus do bheith aguinn, agus as aguinne atá teist mhaith do chur ortha nó drochtheist do chur ortha, agus dá réir sin críochnuíghim leis na bréithribh seo:
Mo chómhuirle gabhuidh, a ghasra phríomhdhúthchuis, do phórfhuil Bhanba sealbhuicc caoindúthracht, do nósaibh malluighthe aguibh-se bíodh diúlta, is tabhruidh aire do theagasguibh naoimhúghdar.'
ÓRÁID MHÁIRE MHILISBHRÉITHIR. Ann sin do labhair Máire Mhilisbhréithir, Baintighearna Chnuic na Meala, et adúbhairt gur mhithid dóibh socrúgha do chur ar a' bPárliment, agus a chur a bhfuirm et a n-ordúghadh, ionnas nách imeóchadh ortha mar imthíghios go minic ar righthibh agus ar mhórán cómhthionól eile do bhíos
ag ceannarraic lé chéile trí mhí sul do shuíghid siad. Iar sin do-rineadar na baintighearnaoi riaghlacha eatortha féin tosach do thabhairt do na baintighearnaoi dob onóirídhe, chum gach aonmhná díobh do labhuirt do réir a honóra agus a seandacht, ionnas, mar sin, go mbiadh fios
ionaid ag gach aonbhaintighearnain annsan Phárliament. "Annois as cóir dhúinn cóimhthionól na mban
cómhchoitcheann do shocrúghadh, agus eatortha sin as iad an chuid díobh as mó bhéaras do chloinn as cóir do chur ar tosach, agus más ionnanas bhéarfaid siad do chloinn, bíodh tosach ag an mnaoi is sine díobh. Agus suidheadh na baintighearnacha eatortha má tá clann aco nó má bhí. Bíodh an treas ionnad ag na mnáibh bhias pósda nách rug clann fós, agus an t-ionnad déaghnach ag na mnáibh neamhthorthamhla ná beirionn clann." "Agus créad do-dhéanam ris na mnáibh bhíos ag fagháil neithe mar gheall ar a ccorp?" do rádh Nóra Ní Mhaddaoi. Adúbhairt Máire Ní Mhilisbhréithir nách leigfidís aonbhean don tsórd sin eatortha ná iona measg, ar eagla go salóchadh sí an chuid eile do na mnáibh go léir. Agus do chum nách biadh drochmheas ar an bPáirliment, cuiriom gach aonní a n-órdúghadh faoi mar is dlightheach, agus toghfamaoid bainchléireach do chuirfios síos gach ní ar a ttiocfam do dhéanamh." Ann sin d'órduígheadar gan aonbhean do labhuirt aonfhocail nó go n-iarraighthaoi uirthe é; agus aonbhean do labheóradh gan chead í sin do chur as a' bPárliament, agus fíneáil do chur uirthe. Agus aonbhean do-dhéanadh craobhsgaoileadh ar aonní dá ccuirfiom a ccrích annsa chómhuirle so, a congbháil ó labhuirt go cionn trí mí, agus fíneáil chúig bponnt do chur uirthe." Ann sin adúbhradar gur mhithid dóibh labhuirt ar nithibh
do bhain
iodh réna mórdhacht, agus gur chuid mhaith dá mórdhacht coiméad do bheith aco modh éaduicc do bheith aco agus do chur iompa. "Ní bhfuil amharas gur gúnnaoi párliament is cóir dúinn do bheith oruinn ann so. Gidheadh a ttaobh na n-éaduíghe eile budh chóir dúinn do chur oruinn, do léigeamar an modh éaduicc a bhfaillíth go mór, ionnas gurab ar éigin aitheantar bean onórach ná uasal tar chaile brón, ná maighdion tar mhnaoi phósda, ná baintreach nó bean mhacánta tar mhnaoi mhímhacánta, ar mhodh gur chailleadar a náire cómh mór sin go ccuirionn gach aonbhean dá uirísle gach éadach dá onóiridhe uirthe má fhiadann. Do-chímíd caile na brón ag cur síoda agus sróill, cailimenco agus lásao
óir agus airgid uirthe, agus a fear annsa mbaile (ag) fuadh bhróg, nó fós a' grafa. Ní ghabhuid siad chúcha gan a meóira do bheith trom le fáighnníbh óir agus clocha uaisle, agus bráisléid ómra et cuiréid, agus éaduíghe ceinn 'na seasamh suas ar mullach a n-éadin, faoi mar bhíos ar mhnáibh uaisle onóireacha, an uair budh chóir dóibh bheith sásda lé haonlása amháin síoda, nó lé bóirdréis do bheith tímpchioll a ccótaoi lastíos, a ccás go ttig dá olc d'éaduighibh onóireacha do bheith ar mhnáibh uirísle. An chéad ní luígh
ghthear a ccosdas agus a substaint. An dara ní cuirthior modh na honóra ar gcúlaibh. Ní hé amháin, ní ghabhuid cuid do na mnáibh cóimhchoitcheann' gan gach aonchómhartha onóireach is féidir leó do bheith aco, ionnas, má fhuilingmaoid na nithe úd, nách bia aonchómhartha onóra aguinn do bhreis ortha súd.
Beannuíghim sgéimh gheal bhéithe measardha nglan, malluíghim tréanchean sgléipe chaitior le seal, smachtuíghim féithe a' bhéil 's a' teanga atá mear, is achtaoim féin gan aonbhean do labhuirt gan chead."
ORÁID ANNA NÍ CHIARRAMHÁIN. Ann sin táinig Anna Ní Chiarramháin, Baintiaighearna Ghleainn an tSuaimhnis, (agus adubhairt): "Is orainn féin is cóir dhúinn milléan na ng
ótha so go léir do bheith, léna mhionacacht do mhalartaoimaoid éadach, ar an adhbhar nách fuil aontsórd éaduicc dá ccuirmaoid oruinn nách bíonn gan fuireach ag an
cóimhchoitionn. Óir an uair do chuirid mná uaisle onóireacha línéadach 'na sheasamh suas ós cionn chlár a n-éadain ina mbíonn leathbhannlá ar faid, ní túisge chíd na mná cómhchoitionn' an t-éadach so ná chuirid a leithéid ortha féin. An uair beárrthar ár ngruag, bearraid sion a ngruag féin. An uair leigmíd ár mbrollach agus ár ccíocha leis, nó an uair chuirmíd frínsíghe ré ár n-éadach, nó an uair chuirmíd spotuíghe dúbha ar ar n-aighthe, gan mhoill do-níd an cómhchoiteann aithris oruinn. Má chíd siad lucht feithimh aguinn, biaid a leighthéidí aco féin gan mhoill. Má chíd cuisithe ag tógbháil ár ngúnnaoi, ní stadaid go mbíd cuisithe aco féin ag tógbháil a róbuídhe don taoibh tsiar. As iad na mná onóireacha do bhainiodh beannughadh lé póig roimhe so. Annois an chuid aco dá mbíonn blath na ccroicionn ortha, rithid siad chum póige do thabhairt d'aonmhnaoi dá onóiríghe. Agus fós measuim dá ndéanamaois cucóil dár bhfearaibh go ndéanaidís aithris oruinn. Ní bhfuil fós modh ná meadhón dá chongbháil a sacrament an phósda, ar an adhbhar go bpósann duine uasal bean uirísiol, agus fear uirísiol bean uasal, ionnas gur Hybridae, .i. clann leathuasal, tig uatha.
Má curthar srían lé miannaibh anshásda maitior fíacha is pianta temporálta, do-gheabhthar ó Dhia do riaghlas mná breátha ainm cheart, dhiadha, chiallmhar, mhacánta."
ÓRÁID MHARARÉAD NÍ CHARÚLÁIN. Ann sin do labhuir Mararéad Ní Charúláin, Baintiaighearna Dúna an Toirbhirt, agus adubhairt mar an ccéadna 'nách fuil aontsórd datha dá onóirídhe chíd na mná comhchoiteann' nách cuirid ar a n-éaduíghibh é, an uair budh chóir dóibh bheith sásda lé duileasg crann nó cloch, nó lé coirt, nó lé dubh poill, nó dath eile don tsórd sin do chur ortha, agus gach aonghné datha onóiríghe d'fhágbháil ag na mnáibh onóireacha et ag na mnáibh uaisle. Agus fós ní bhíonn modh ná meadhón eadruinn, an uair bhímaoid ar féasda ná a ccóimhthionól puiblíghe, ar an adhbhar go mbíonn bean bhoduicc nó bhathlaicc cómh dána sin go suíghionn sí agus go ngluaisionn sí roimh mhnaoi bhíos uasal a ttaobh athar agus máthar agus a ttáinig roimpe riamh, ar son má bhíonn lóchán beag saidhbhris aice. Dá bhrígh sin atá an ní féin dá chur a ttuigsin dúinn staidiúidí agus riaghlacha diongmhálta do dhéanamh tímpchioll na neithe so, agus as usaide dhúinn sin do dhéanamh, do bhrígh gurab leis an ccinéal banamhuil bhainios na gnótha so." Ann sin do-rineadar acht párliament gan cead do bheith ag aonmhnaoi chómhchoitionn aonéadach do chur uirthe do bhiadh a ccosmhalacht lucht faisin, iná a ndath ná a saidhbhrios ré héaduíghibh na mban uasal. Do-rineadar acht eile ionar órduígheadar gach aonbhean agá mbeith triúr (cloinne) annsa phobul chómhchoitionn, inghion díobh do chur lé táilliúireacht nó lé fioghdóireacht, nó lé céird éigin eile, do chum go madh usaide dóibh a mbeatha do thabhairt chum tíre agus maithios puiblíghe na mban do mhéadúghadh agus do chothúghadh. Do-rineadar acht eile párliament iona ttugadar riaghla agus stiúradh (chloinne) mac na mban onóireach agus na mban uasal dá n-aithreachaibh; agus d'órduigheadar a cclann inghion do bheith faoina smacht féin. Agus is mar
sin do chríochnuígheadar an céad lá don Phárliment. Agus do ghabh Margréad an rann so:
"A bhflathas ('s) a réim biam féin go clisde gan mhoill; ceannas gach aonread bhéarfam fuinte dar ccloinn; na bainionnuig aerach' léaghfuid cruinnios gach slíghe; is uireasba an léighinn gurab é ár gcine do mhíll."
ÓRÁID SHAIDHBH NÍ CHOSCORTHA, BAINTIAIGHEARNA GHLEANNA MAIGHIR. Do chruinnígheadar an dara lá, agus as í céad bhean do labhuir Saidhbh Ní Choscortha, Baintighearna Ghleanna Maighir, agus adúbhairt gur léigeadar na fir an léigheann a bhfaillíth cómh mór sin, 'ionnas nách fuil tora ná beann aco air annsa ríoghacht so na hÉirionn, do bhrígh gur taithnníghe lé clannaibh daoine uaisle aontsórd compráid nó caithiomh aimsire ná aire do thabhairt do leabhuiruibh. agus is dearbhtha gurab é cúis agus adhbhar don náisiún so bheith go bocht agus cónathach a ccoga, do bhrígh nách cuirid na daoine uaisle a cclann lé foghluim mar budh cúibheidh agus budh cóir dóibh a dhéanamh, ar an adhbhar gur mór a' neart do ríoghacht ar bith daoine uaisle saidhbhre cumusacha do bheith foghlamtha go maith. Agus ó táid ár cclann inghion faoinar smacht féin anois, féacham créad as cóir dúinn do dhéanamh riú." Ann sin do-rineadar riaghail phárliament, a cclann inghion go léir do chur ar sgoil nó go mbeidís dá bhliaghain déag d'aois, agus ann sin gi bé aco budh géire inntleacht, a leigion ar a haghuidh annsna seacht n-ealadhna liberálta, .i. annsa ghraiméar, annsa retoric, annsa bhfallsamh, annsan airitmeitic, annsan astrolaoiacht, (ansa geometry), agus annsa bhfiligheacht.
"agus ar n-a dhéanamh so dhóibh, tiucfam", ar Sadhbh, "lé haimsir chum bheith ní as foghlamtha ná na fir". Do-rineadar acht eile párliament inar órduígheadar a cclann inghion do chur lé diadhacht, lé dlíghe, agus lé leighios d'fhoghluim, an uair do bheidís oireamhnach chuige. "Atáim deimhneach", ar an bhaintighearna sin, "go ttiocfam chum úghdarráis puiblíghe do bheith aguinn lé haimsir, do bhrígh na riaghlach so do-rineamair. An uair chífid na fir an cinéal bannda ag buadh ortha a bhfoghluim agus a n-eólas, dob fhéidir go nglacfadh náire iad agus tnúth ré dul ar a n-aghuidh annsa bhfoghluim, nó muna nglacadh biaidh an t-úghdarrás puiblíghe go léir ar ár ccumas féin. agus fós is cóir dúinn casaoid do dhéanamh ris na fearaibh, noch do chuirios ó gach aonúghdarrás puiblíghe sinn, agus go ndéinid féin gach uile ní faoi mar as toil léo féin a dhéanamh." Ann sin d'órduígheadar riaghail phárliament, úghdarrás agus máighistireacht do bheith ag na fearaibh ar ghnóthaibh puiblíghe, agus cúram do dhéanamh do neithibh bhainios ré coga go ceann deich mbliaghan, nó go ttiocfaidís a cclann inghion chum bheith tuigsionach agus foghlamtha go maith. agus tímpchioll na haimsire sin adúbhradar go bhfaic
idís cia hé an taobh ar ar chóir armas na mban do chur, ar an ttaobh ndeas nó ar an ttaobh cclé, agus fós go bhfaic
idís cia aco ar arbh fhearr do naoi an brísde, .i. na fir nó na mná. D'órduígheadar mar an ccéadna úghdarrás puiblíghe do bheith aco féin tímpchioll an uile ní ar a' ttaobh astig d'fhallaoibh, leith 'muich d'arm. Agus mar sin, tar éis críche do chur ar a raibh do ghnóthaibh agus do riaghlachaibh párliament aco an lá sin, agus tar éis fógairt dóibh bheith ag an ccúirt ar a deich do chlog ar n-a mháireach, tug Sadhbh an chómhairle so dhóibh:
"Bíodh caoinios inbhúr ccroidhe-si agus carthannacht naomh, bíodh díogras inbhúr n-íntinn is beanaightheacht béas,
bhúr ngníomhartha go ttígh libh gan bhasga gan bhéim, is bhur n-ínntleacht ná mílltior lé rachmus an tsaoghail."
ORÁID EILÍNÓIR BHINNGHLÓRACH. An treas lá do shuígheadar d'éirig bean aosda oirdheirc onóireach dárbh ainm Eilinóir Bhinnghlórach, Baintiaighearna Chaisleáin an tSuaimhnis, agus adubhairt leó dá madh maith leó (deighchrích) do chur ar an bPárliament agus ar gach ní dá labheóraidís ann, nárbh fhuláir (dhóibh) a n-urnaighthe go díograiseach dúthrachtach do chur chum Dé na n-uile chómhacht iad do chur ar staid na ngrás, agus na dúbháilcíghe go léir do thréigion, agus na súbháilcíghe do (mheabhrúghadh) agus do leanmhuin go díreach. Agus chum sin do dhéanamh is riachtanas díbh a fhios do bheith agaibh cionnas is cóir na húrnaighthe do dhéanamh. Agus, a dheirbhsheachracha ionmhuine et a chlann mo chroidhe, tugaidh aire go díthchiollach do na bréithribh is miann liom do labhairt ribh do láthair. An uair bhiaidh sibh ar úrnaighthibh is cóir díbh bhúr n-íntinn d'éadromúghadh agus do thógbháil suas chum Dé, do bhrígh go bhfuilid trí neithe is riachtanas dúinn do thuigsin tímchioll na n-úrnaighthe, .i. cionnas as cóir dhúinn a ndéanamh, cia hiad do héisdear annsna (hurnaighthibh), agus créad iad na neithe chuirios toirmiosg ortha. A' chéad uair, as cóir do na hurnaighthibh bheith úmhal gan bheith uaibhreach, do bhrígh go mbí cion mór aig Dia ar urnaighthibh na ndaoine bhíos úmhal, agus nách tarcaisníghios sé iad, fé mar labhras an Psailmchiallach humilium et mansuetorum semper tibi placuit deprecatio (Iud.ix,16); et
go n-abuir duine d'áirighthe a mbeatha na n-aithreach naomhtha gur bhaineadar bithiúinig de urnaighthe do dhéanamh ar an adhbhar an uair smuainios an bithiúnach ar an ndrochní do-rin sé, agus go bhfaicionn sé an pionós ina chóir, iarrann agus athchuingion sé trócaire lé sile na ndeór, le doilghios, agus lé combrúghadh croidhe, do bhrígh go bhfuil a fhios aige go bhfuil sé féin cionntach. Is mar sin budh chóir don duine aithrígheach úrnaightheach a lochtaíghe féin do thaisbéanadh agus do chraobhsgaoileadh do Dhia uilechómhachtach, ionnas go (ccorródhadh) agus go músglógh é chum trócaire agus truaghmhéile do thabhairt dó. Agus fé mar bhíd na daoine bochta ann gach aonáit ró-úmhal ag iarraidh dhéarca ar na daoinibh saidhbhre, (sin) mar is cóir do na peacachaibh coghnamh d'iarraidh ar Dhia ina n-úrnaighthibh. Is cóir do na húrnaighthibh bheith deisgréideach, do bhrígh go n-iarraid mórán go neamhdheisgréideach, (agus) dá bhrígh sin ní bhfuighid siad a n-athchuiníghe. Amhuil mar do bhí dias mhac Zebideus, dár athchuinneadar (air) duine aco do shuighe ar a láimh dheis agus duine eile ar a láimh (chlí). Adubhairt leó nách raibh a fhios aco créad do bhí aco dá iarraidh. Nó mar d'iarr Pól corrúgha agus cealg na colla do dhíbirt uaidh féin, agus gurb é freagra fuair sé sufficit tibi gratia mea (II Cor.xii,9), "ní beag duit mo ghrása." Nó má iarrann duine aonphinnin amháin ar a dhuine muintiorgha, agus gur fithche ponnt bhéarfas an duine muinteardha dhó, is cosmhuil nách faibh sé diúlta. Mar an ccéadna má iarrann duine onóir, saidhbhrios, nó sláinte ar Dhia, dob fhéidir nách iad sin do-bhéaradh Dia dhó ach ní budh mó agus dob fhearr, faoi mar thig chum críche do bhuachaillíbh beaga annsa sgoil d'athchuingios go minic gan gabháil ortha, agus fá dheóig go mbuailtior iad do bhrígh gurb é is fearra dhóibh. Agus fé mar deir St. Auguistin "an uair d'iarrfa sibh na neithe do mholas agus d'fhógrus díbh, ann sin biaidh an urnaighthe dlightheach agus do-bhéar-sa dhíbh
bhúr n-athchuinge; gidheadh an uair d'iarrfuídhe (neithe) tiomperálta nó aimsiortha le modh agus lé heagla, ar choinghiol is cóir díbh a n-iarraidh," .i. más sochar díbh a bhfágháil go ttiúbhraidh Dia dhíbh iad, agus más dochar díbh a bhfágháil go ccuinneóidh sé uaibh iad; ar an adhbhar gurb ag an liaig bhíos fios créad an ní dhéanadh sochar nó dochar don othar, agus nách ag an othar féin. As cóir mar an ccéadna na húrnuighthe bheith teasuíghe, ar an adhbhar cómh maith agus do chuirios teasuígheacht na teine d'fhiachuibh ar an uisge éirghe suas annsa chrocán, is mar (sin) thógbhas teasuígheacht an ghrádh' na húrnaighe suas chum Dé uilechómhachtaicc; agus comh maith agus dá ccurthaoi tine a' dóith túise, gan mhoill éirghionn an deatach suas, is mar sin éirghid na húrnaighthe déintear le teasuígheacht carthannachta suas chum Dé; nó mar imthíghios an tsoíd caithtior lé neart suas, sin mar théid na húrnaighthe déantar le gol agus le caoi do láthair Dé. Ar an adhbhar, na húrnaighthe do-ní duine gan é féin do thiomnúghadh lé díogras do Dhia, sunt quasi mugitus boum, .i. "níl ionnta acht mar do bhiadh géimreach bó", ionnas nách déin gearán an bhéil tarbha don úrnaightheach má bhíonn an croidhe balbh nó 'na chodla. Dá bhrígh sin an uair do bheighmíd do láthair Dé, is cóir dúinn bheith a' gol agus a' caoi ar son ár bpeacuíghe léar thuilleamair pianta ifrinn. As cóir do na húrnaighthibh bheith aireach ionnas go ttuigfeadh (an) duine (iad) agus go ttiúbhradh aire dhóibh faoi mar deir Peaduir vigilate in orationibus ne anima cogitet praeter illud quod precatur (I Petr.iv,7), .i. "bíg ionbhúr ndúiseacht annsna húrnaighthibh do chum nách smuain
iodh bhúr n-íntinn ar aonní ach orra sin". Farais sin bíodh bhúr ccroidhe glan sgiúrálta ó na peacuidhibh. Ní thaitneócha mias bhídh lé rígh ná lé prionnsa, dá fheabhas do bhiadh sí, muna ccuirthí a soitheach ghlan í, mar an ccéadna dá ttaithniodh ré Dia na húrnaighthe thig ó chroidhe
agus ó bhéal shalach. Nó dá mbiadh fíon agad, dar ndóith ní chuirfeá a (ccornn) tsalach é; gan amharas budh chóir duit an (corn) do ghlana ní as (taosga) ná chuirfeá an fíon ann. Mar sin cionnas chreidios tú go ttiúbhraidh Dia a ghrása dod húrnaighthibh-si agus do chroidhe salach. Ante orationem praepara animam tuam (Eccli.xviii,23), .i. "ollaimh t'anam roimh na húrnaighthibh", agus is ionann sin agus é ghlana. As cóir fós na húrnaighthe go cónatha bheith gan faillíth, óir do-chítí go tteithid na bitheamhnaicc ó na daoinibh bhíos 'na ndúiseacht, agus go ngoidid siad ón dream bhíos 'na ccodla. Is mar sin theithionn an diabhal roimh na daoinibh bhíos ('na ndúiseacht) annsna húrnaighthibh. Vigilate et orate ne intretis in tentationem (Matth.xxvi,41), "déinig faire agus úrnaighthe chum gan tuitim a ttemptásion." Is cóir dhíbh bheith a' guídhe go comhnaghthach, agus gan iad do leigion a bhfaillíth go brách. Oportet semper orare et non deficere (Luc.xviii,1), "ná léigidh sgiathlúireach na deaghuídhe a bhfaillíth an cian do bheithí a ttrioblóid agus a dtreabhluid an tsaoghail so."
d'úrnaighthibh bíodh dúthchus is fuinniomh ad chroidhe; is í an úmhlacht do stiúrfaig chuige sin sínn; bíodh sgrúda agus cúram aguibh chum guídhe, is dábhúr ccumhdach biaidh dúthracht is taramuin Chríost.
Agus, a dheirbhsheachracha (ionmhuine), atáid mórán neithe chuirios tuirmiusg ar na húrnaighthibh. An chéad ní gan iad do dhéanamh a n-aimsir oireamhnach. An dara ní buairt an diabhail. An treas ní toirmiosg an pheaca. An ceathramhadh ní fuath nó miosgais. An cúigmeadh ní neamhdhiadhacht mhalluighthe. An 6. ní neamhdhiadhacht don té bhíos ar úrnaighthibh.
An chéad toirmiosg gan úrnaighthe do dhéanamh i n-aimsir (oireamhnaigh) fé mar diúltar déirc ar dhuine bhocht ar uairibh do bhrígh nách iarrann sé í a dtráth ná san aimsir budh chóir dó a hiarraidh. Agus is í aimsior na ngrás an aimsir thaitneas lé Dia chum an úrnaighthe d'éisteacht. An dara toirmiosg buairt an diabhail noch chuirios mórán do dhrochsmuainte annsna húrnaighthibh go ró-mhinic, a ccás go ccuirid na smuainte salacha tora agus millseacht na n-úrnaighthe ar ccúlaibh, ionnas gur cóir do gach aon na drochsmuainte salacha do dhíbirt óna chroidhe agus óna intinn, (agus) é féin do chosaint ortha. An treas toirmiosg an peaca; .i. an uair bhíos duine lán do pheacadhaibh agus a chloidheamh nochtuighthe aige ag iarraidh síothchána ar Dhia, agus íntinn aige aithfhille ar an bpeaca, ní éistig Dia réna athchuinidhe do bhrígh go bhfuil sé 'na thretúir ar a' ttaobh amuith do dhlighe Dé. An ceathramhadh toirmeasg fuath nó miosguis. Cum stabitis ad orandum dimittite si quid habetis adversus aliquem (Marc.xi,25), "an uair thiocfuíghe chum úrnaighthe, maithig má tá fuath aguibh d'aonneach" ar an adhbhar, fé mar ná déin an leighios maith ar bith an feadh bhíos an cloidheamh sáite annsa chneadh, is mar sin nách déinid na hurnaighthe maith don té agá mbíonn cloidheamh nó soíd na miosgaise anna chroidhe aige. Maith don chomharsain do-ní olc duit, agus fuaisgeóltar ód pheacadhaibh tu. An cúigmheadh toirmiosg neamhthruaghmhéil agus neamh-charthannacht, go háirithe do na daoinibh bochta, ar an adhbhar, an té stopas a chluas do chum nách cluinfeadh sé gárrtha na mbocht, biaidh sé a' gárrtha agus ní héistfuíghear é. Qui obturat aurem suam ad clamorem pauperum, ipse clamabit et non exaudietur (Prov.xxi,13). An seiseadh toirmiosg beagchreidiomh an té bhíos ar úrnaighthibh an uair budh chóir dhó bheith gan aonamharas ina chreideamh. Indignus est caelesti benedictione qui eam
dubio quaerit assertu (Aug.), .i. "an té bhíos amharaistioch iona aigne ní fiú é beannocht Dé d'fhágháil", ar an adhbhar nách comhairleóch sé féin a hiarra muna mbiadh a thoil féin chuige chum a tabhartha duit. Dá bhrígh sin ní hiongantach dá mbeith náire oraibh ar son bhúr ndíomhaoinis agus bhur ndrochchreidimh ar an adhbhar gur mó is fonn lé Dia do thabhairt dúinn ná is fonn linne d'iarraidh air. Annois foillseód na daoine aigeárab fiú iad d'éisteacht annsa chúirt ainglíghe. Agus as iad céad daoine héistear inte na boicht agus na daoine anacracha, ar an adhbhar go n-éisdeann Dia na daoine matha bochta agus nách tugthar éisteacht do na daoinibh uaibhreacha saidhbhir' a (bhflaitheamhnas), do bhrígh go bhfuil sé aco ar an saoghal so. An dara dream éistear (i) bhflathamhnas na daoine ceannsa, .i. an dream mhaithios gach éagcóir gus olc dá ndéintear ortha óna ccroidhe agus óna n-anam. An treas dream an bhuíghion bhíos a' gol agus ag caoi, ar an adhbhar go n-abair Dia féin audivi orationem tuam et vidi lacrymam tuam (IV Reg.xx,5, Isai.xxxviii,5), "do-chuala h'úrnaighthe agus do-chonnarc do dheóra", ar an adhbhar, an deóir, gur guth é a ccluais Dé; agus mar deir an Salmchiallach, Dáth Rígh, auribus percipe lacrymas meas (Psalm.xxxviii,13), "glac mo dheóra ad chluasaibh"; nó mar as éigion don mháthair an ní bhíos ag an mac dá iarraidh uirthe do thabhairt dó an uair do-chí sí a' gol é. An ceathramhadh dream na daoine déarcamhla do-bheirios arán do na bochtánaibh do réir a n-acfuinne. An uair sgreaduid na daoine so ar Dhia, éisdeann sé riú, agus an uair ghlaodhaid air freagrann iad, agus adéarfaidh sé "Atáim ann so, do bhrígh gurab ionmhuin liom na daoine truaghmhéiliocha". An cúigmhadh dream na daoine bhíos glan ina ccroidhe, ar an adhbhar do-ní Dia ionad suighte dhó féin agus teampoll don Sbiorad Naomh do na croidhthibh glana sgiumartha. An seisiodh dream na daoine bhíos úmhal, do bhrígh, an té d'adhras agus d'onóras Dia lé húmhalchroidhe, go n-éisdeann sé é. An seachtmhadh dream na daoine agá
mbíonn grádh aco do Dhia, ar an adhbhar, an té ghrádhas Dia, seachnann sé gach aontslíghe chuirios fearg ar Dhia, agus dá bhrígh sin congbhann sé é féin ó na peacadhaibh, agus mar sin éisdear é. Do-chualabhuir annois, a dheirbhsheathracha ionmhuine, cionnas is cóir dhíbh úrnaighthe do dhéanamh, agus créad iad na neithe chuirios toirmiosg ortha, agus cia hiad do héisdear agus nách héisdear ionnta. Agus chum go mbiaidh fuirm aithríghe agus úrnaighe aguibh, d'oibrig Dia mise chum beagán cómhuirle agus úrnaighthe do chur síos ann so.
Lóchán gaoithe an saoigh
l so; a rath ná pós; cómhrádh caoin gach naoimh (ghil) glac mar stór; brónpháis Chríost do chaoine is math an nós; 's go mbia do chroidhe gan bhrígh, gan phreab, gan ghlór.'
Ó, (a) Thiaighearna mhórthrócairig agus a Shlánaighthóir Íosa Críost, (chum moladh) agus móronóir t'ainme ró-naomhtha, agus tusa, a Mhuire, a Mháthair na ngrás, (a Mhaighdean) mhíorbhúilleach, chum méadúghadh do ghraduim agus do ghlóire, chum onóra m'aingil chuimhdeachta, Mhíthchíl Naomhtha, Ghaibriel Naomhtha, Raphael Naomhtha, agus mo phátrún naomhtha, agus chum naomh agus bannaomh an domhuin, agus chum na sbioraidi naomhtha atá a bhflathamhnas, chum áirdchéim' a lúthgháire agus a nglóire, mise, an peacach ro-mhór, ro-bhocht so atá ag adhradh agus ag úmhlúgh dhuit, a Thiaighearna Dia, agus lé hiomad óghmóis ag tabhairt buídheachuis neamhchoimsig duit ar son do thabharthaise agus do thíodhlaice go léir, et go háirighthe ar son do charthannachta
do-innstionna, lé n-ar chuiris t'aonMhac féin anuas ó fhlathamhnas don ghleann so na ndeór chum sinne do shaora agus do shábháil, a Thighearna neaimhe agus talmhan, moluim agus móruim h'ainm shíorghlórmhar ar son mórnaomhthacht do cholla daonna agus beartha do Mhic mhíorbhúillig, ar son a theagaisg agus a sheanmóra, ar son a bháis agus a pháise, ar son a aiséirghe agus a dhul ar neamh. Do-bheirim óm chroidhe agus óm anam gach aon bhuígheachus is dual agus is féidir leam a thabhairt duit ar son mistéirí agus míorbhúillí do chuirp agus t'fhola ró-uaisle an sacrament naomhtha na haltóra lé n-a n-oiltior agus lé n-a nglantar agus lé n-a naomhthar sinn, agus lé ndéintear ar n-anmanna páirteach leis na huile ghrásaibh agus beannaghthacht sbioradálta. Do-
óm chroidhe agus óm íntinn buídheachas ro-mhór duit, do bhrígh gurab é do thoil me d'ionladh agus do ghlana lé sacrament an bhaistídhe, mise an lán duirrnn do chréafóig et do neamhní, agus tar éis sin go ttugais me a n-aimsir oireamhnuig chum creidimh fhírinnigh, agus nár leigis a bhfaillíth gan é mhéadúghadh ionnam go laothamhuil maille ré múine agus teagasg na hEagluise naomhtha. Do-bheirim mar an ccéadna buidheachas mór duit do bhrígh gur choithís me a mbiadh agus a n-éadach óm chliabhán go n-uige seo, ag tabhairt gach uile ní dhamh chum mo chorpáin do chothúghadh. Moluim agus móraim do naomhainm do bhrígh gur spárálais me léad ghrásaibh go (dtí) annois, agus mé go mailíseach ag tuitim a mórán peacuídhe, agus tusa go foighneach ag feitheamh ream nó go ndúiseóighthí mé maille réad ghrásaibh ó (chodladh) an pheaca, agus go ttiocfainn tar ais óm dhíomhaoineas agus óm chursaíbh malluighthe. Óir dá roinnfeá liom faoi mar do thuillios é, is fada roimhe so do bhiadh m'anam caillte, nó fós do shloigfioch poll daoigáin ifrinn mé am beathaig. Ar son na ngrás et na ttiodhlaice so go léir, iarruim agus athchuingim ort lé díogras mo chroidhe agus le húmhlacht m'anma, m'intinn d'fhairsingiúdh go laethamhuil chum ní is (mó do mholadh agus
do) bhuidheachas do thabhuirt duit ná thugas go n-uige so. Ó, a Thiaighearna (agus a Athair) naomhtha na ngrás, ná fág me ar mo chumas féin, acht cuir srian do (naoimheagla) am béal do ghnáth chum mé do chongbháil ar a' ttaobh astig do chompás t'úmhlaoidheachta, ionnas nách biadh eagla aonní annsa tsaoghal so oruinn ní sa mhó ná cathúghadh do chur orrt-sa a n-aonchás ar bith, agus chum na críche so bíodh do ghrádh naomhtha ceannsa neamhbhuabhartha (dár saoradh ar na buaidhrimh agus ar) an temptásion thiocfas orainn, óir atá a fhios agad go bhfuilim sochlaoidhte soibhrisde uaim féin, agus nách fuil acht neamhní am neart. A n-éagmuis so, (a) Athair mhórghrásaig, athchuingim ort lé húmhlacht neamhchoimsioch h'Aonmhic Íosa Críost go madh deónach leat mise, do sheirbhíseach, do choiméad ó gach aontsórd uabhair íntinne agus ó ghlóire dhíomhaoin, ó mhearrgántacht agus ó neamhúmhlacht, ó chealg agus ó mhailís. Athchuingim mar an ccéadna, a Thiaighearna, díbir uaim spirid na faillíthe agus na brocuigheachta, spioraid na leisge agus na tromaoigheachta, spioraid na miosgaise agus na mailíse, spioraid an fhuatha agus an drochmheasda, ionnas nách diomolfuinn aonchréatúir dod chréatúiríbh, agus nách cuirfinn me féin roimh aonchréatúir eile, acht beagmheas do bheith orm féin agus meas mór ar chách. (A) Athair naomhtha, clúdaig me lé héadach pósda do Mhic ghrádhaig, lé súbháilcibh diadha na naomhcharthannachta, do chum go ngrádhfuinn tú, a Thiaighearna, ós cionn an uile ní leam chroidhe go léir, leam neart, agus leam anam go léir, agus nách sgarfadh bás ná beatha, saidhbhrios ná daidhbhrios, sláinte ná easláinte, ná aonní ar bith eile me réad ghrádh dílios go brách. Athchuingim ort an dúil bhíos agam a neithibh soghluaisde an tsaoghail so do chur
a leataoibh uaim, ionnas gur duit féin go haonracánach bhéarfas m'anam taithnniomh. Ó, a Thiaighearna atá lán do ghrásaibh, tabhair dod tseirbhíseach féin croidhe úmhal combrúite agus tuigsin bhias i ccómhnuíghe cúramach tímpchioll smuainte neamhdha, agus toil díograisioch go brách chum maithiosa, dúil chalma cheannsa, agus coiméad aireach do bheith agam ar mo chéadfa corpordha, ionnas tríche sin nách rachadh aonpheaca asteach am anam. Cuir srían láidir ar mo theangain ionnas nách tiocfadh aonchómhrádh borb ná mímhacánta as mo bhéal, agus ná labheórfainn go holc ná go heasmuilteach ar aonneach go brách, agus nách biainn cúramach timchioll lochtaoi chách agus drochghníomhartha daoine eile, acht aire do thabhuirt go hiomlán chum mé féin do leasúghadh. Athchuingim ort arís, a Thiaighearna ro-ghráidh, an fad chuinneóthar mé annsa phríosún so mo chuirp, a bheith mar chompórd agam an uair do bheinn sgurtha ó gach aonchúram saoghalta iodhbairt iomlán do dhéanamh díom féin chum do sheirbhíse agus aire go haonaránach do thabhairt dod theagasg naomhtha, go madh deónathach leat, a Thiaighearna, uaire uaigneacha mo bheatha do chaitheamh annsna hoibreachuibh milse so lé fíordhóchas críoch mhaith do chur ar dheire mo shaoghail. A Shlánaightheóir an chine daonna, iarruim agus athchuingim ort, an tan sgarfas an t-anam ris an ccorpán mbocht so, tar éis aithríghe fhírinneach do dhéanamh agus súbháilcídhe sacrament na hEagluise naomhtha do ghlaca, má d'áireamh a measg na n-anam naomhtha, do shúil, maille ré luadhacht do pháise agus do bháis, go bhfaghainn dul a radharc na Tríonnóide, an tAtha
r, an Mac, 's a' Sbiorad Naomh, dárb dóibh bheirid créatúiríghe neimhe agus talmhan mola agus móronóir ré saoghal na saoghal. Amen. Agus chum gur móide thuigfeach sibh brígh na n-úrnaighthe, críochnuíghim leis na bréithribh seo:
Lé húrnaighthibh múchtar fearg Mhic Dé; lé húrnaighthibh fúigthear an t-anam gan bhéim; lé húrnaighthibh múintior maithios gach béas; is lé húrnaighthibh músgaltar aingil is naoimh.'
Ann sin do-rineadar acht párliament na húrnaighthe seo do rádh do gach aonmhnaoi aco gach aonmhaidion agus gach aontráth nóna réna mbeatha. d'órduígheadar mar an ccéadna a chur d'fhiachuibh ar a ccloinn an fhuirm chéanna úrnaighthe do rádh ar maidin agus um thráth nóna. ORÁID EILÉAN NÍ FHLATHARTA ALIAS UMHALCHROIDHEACH. Do bhí bean eile aosda onóireach annsa Phárliament dárbh ainm Eiléan Ní Fhlatharta, Baintiaighearna Dhúna Deaghradhairc, agus adubhairt nách raibh aontslíghe ná meadhón aco dob fhearr dóibh chum dul ar a n-aghaidh ann gach ní do chuirfidís riompa ná na dúbháilcíghe go léir, agus go speisialta na peacuídhe marbhthacha, do thréigion. An dara ní na súbháilcidhe do leanmhuin agus do ghnáthamh. "Ionnas go mbiadh a fhios aguibh, a dheirbhsheathracha, créad an díoghbháil do-ní na seacht bpeaca marbhthacha, .i. uabhar, saint, drúis, craos, leisge, fearg agus formad, tar cheann go bhfuilim brúite, aosda, ar bheagán neairt, labheórad díbh ortha, agus cuirfiod (i n-umhail) díbh créad an dochur mór do-níd. Agus ar ttús labheórad ar an uabhar. Níl annsan uabhar, a dheirbhsheathracha, acht iomarca grádh' do bheith ag duine dho féin et dá mhóraoiacht, agus is iomdha olc agus urchóid do-ní sé do dhuine, ar an adhbhar go líonann an mórmheas so bhíos ag duine air féin do pheacadhaibh é, agus go samhaltar ris an ndiabhal é, dá chur féin ós
cionn daoine eile. Is as so thig sgrios agus peacúgha an Chríostuídhe, dá árdúghadh féin agus ag ísliúghadh cháich. An chéad uair líonann an t-uabhar a' páirtíghe do pheacadhaibh, do bhrígh gurab é an t-uabhar rígh agus ceann urraid na bpeacuídhe agus na ndúbháilcidhe go léir. Initium omnis peccati superbia; qui tenebit eam adimplebitur maledictis (Eccli. x, 15), "an t-uabhar tosach an uile pheaca; agus an té ghlacas é líontar é do mhallaghthacht", a ccás, an uair ghlacann sé sealbh aonuair amháin a nduine, gur deacuir a bhuain as, faoi mar is deacair na caisleáin do shealbhaighid na righthe do bhuain díobh, mar do bhíd dá ccosaint go tréan láidir, (ionnas) gurab é ainm do-bheir Dáth Rígh air, .i. fundament agus máthair an uile pheaca, do bhrígh, an duine uaibhreach, go ttarcaisníonn sé Dia, mar sin go ttuitionn sé san uile pheaca, a ccás go ttuitionn sé a ttrí súird peaca, .i. do-ní sé éagcóir ar Dhia, a
r féin, agus ar a chomharsain. A' dara ní do-ní sé an duine cosmhuil ris an ndiabhal, do bhrígh go measann sé gur feárr é féin ná aonduine eile. An treas ní milleann an t-uabhar anam an duine do bhrígh go ccuirionn roimhe tigh do thógbháil gan fundament na húmhlachta. Qui altam facit domum suam quaerit ruinam (Prov. xvii,16), "an té thógbhas a thigh go hárd is leaga d'iarann sé". As amhla (do-ní) an diabhal re na peacachaibh mar do-ní an fhionnóg noch thógbhus cnó suas go hard an uair nách féidir lé í bhrise, agus léigionn sí don chnó chéadna tuitim anuas ar (charraig) chum a briste. Mar sin thógbhas an diabhal suas duine chum onóra agus (gradaim), an uair nách féidir leis é thrasguirt annsan úmhlacht, ionnas an uair do thógbhas suas é go nglacann uabhar é agus go ttuitfeadh sé agus mar sin go ttarreónadh é go hifrionn.
uis so go léir caillionn an t-anam an mhaithios go léir leis an uabhar, (ar) an adhbhar, má bhíonn grása, breadhthacht, eagna agus ciall ag an bpáirtíghe, caillionn sé an t-iomlán díobh má bhíonn sé uaibhreach.
Mas áil leat gráinne do dheighilt ón lóchán cath suas iad araon agus tuit
ig an gráinne agus éireóig an lóchán suas ré gaoith. Sin mar bhíd lucht an uabhair ag éirghe (agus) ag dul suas, agus lucht na humhlachta agá n-íslioghadh féin. Atá a fhios aguibh nách ar son a fheabhuis d'éirghios an lóchán ós cionn an ghráinne acht léna éadtromacht. Mar sin ní léna
feabhas éirghid lucht an uabhair suas ós cionn na ndaoine úmhla. Do-chídhtí go ndéinid bataoi lobhtha agus piastuíghe beaga lonnra agus solas annsan oidhche. Gidheadh annsa ló ní thaisbeánuid solas ar bith. Sin mar bhíos lucht an uabhair ag déanamh soluis agus taisbeána agus taibhse móra a sgamoluibh an tsaoghail so. Gidheadh lá an bhreitheamhnuis, an uair thiocfas grian an chirt ag déanamh soluis agus lonra, taisbeán
uid na daoine uabhreacha iad féin 'na ndath féin, .i. comh dubh re gual. Bíodh a fhios aguibh mar an ccéadna go bhfuilid seacht cceinn ar an uabhar, .i. glóire dhíomhaoin, bladhmann, annlán, aintréan, saobhchráifeacht, ceanntréine, iomarbhádh, agus gur cóir iad d'fhéachuin agus do sheachnadh mar an bpláig. agus ainnis críochnód leis na bréithribh so:
Le fuadar an Uain ghil do crasadh sa ccrann buaidhfeam an uair so ar pheaca na cceann, ruaigfeam tar cuantaibh athach na mbeann, an t-uabhar do bhuailios na peacuig go teann."
Ann sin adubhairt a' spéicéir, .i. Onóra Ruadh Ní Laocha, go rabhadar na mná comhchoitean' ag iarraidh cead labhartha t'réas na
baintiaighearnaoi sin, agus an uair chonnarcas gurbh oireamhnach sin do thabhairt dóibh, d'éirig Seabhán na Buaile go díreach deaghlabhartha.
ÓRÁID CHSEABHÁN NA BUAILE ALIAS NA FÉILE. "As cóir dhíbh, a dheirbhsheathracha," ar sise, "sibh féin do sheachnadh ar an saint, ar an adhbhar gur peaca mór í bhíos go cómhnaightheach ag líona pholl agus phuaithisí le cómhchruinnioghadh lóchán a' tsaoghail so, a ccás gurab iomdha anam do cailltear ag cruinnioghadh óir agus airgid agus gach aontsórd saidhbhris eile, ionnas go samhaltar an duine sanntach re machtíre noch d'ithios feóil na ccaorach, d'ólas a gcuid fola, ghearras a ccroicionn, stiallas a ccnámha, agus fós ar uairibh bídh glór na gcaorach aige chum iad do mhealla. Nó fé mar bhíos ainmhidhe ar a ttugthar talpa ansan oileán noch bhíos caoch, agus soc aige is cosmhuil ré soc muice le n-a ttógbhann sé an taobh síos suas do na bántaibh agus do na garradhthibh. Fuathionn sé an solas agus ní osglann a shúile go mbíonn ag fágháil bháis. Mar sin bhíonn an duine sanntach nách bíonn do chúram lao ná oidhche air acht ag ionntógh na neithe talmhuíghe an faid bhíos 'na bheathaig gurab é adhbhar agus cúram bhíos air, ag tabhairt aire do neithibh talmhuíghe agus do shaidhbhrios do chruinnioghadh, agus mar sin caochann agus dallann ceó an tsaoghail so é. Gidheadh a n-aimsir an bháis caithfigh sé a shúile d'osguilt, más olc maith leis é, agus teacht do láthair cheartbhreitheamhnuis Dé chum na súile do dhún an t-olc go n-osgeóladh na pianta iad go síorrdhuídhe. Ní bhfachtar sochar ná somhaoin ón muic nó go mbí sí tar éis bháis. Gidheadh ann sin do-gheibhid na búistéirídhe a cuid feóla; do-gheibhid na saidléirídhe a cuid leathair, agus na gréasaighthe na guairídhe. Is mar sin don duine shanntach. Ní bhfaghthar aonní uaig go mbíonn tar éis bháis. Ann sin do-gheibh an talamh an conblach. Do-gheibh a oighrídhe a chuid don tsaoghal, agus do-gheibhid na diabhail an t-anam.
Och! a dhaoine bochta an tsaogail bhíos ag cruinnioghadh an óir 's an éaduicc, is eagal díbh a n-am an éaga gur budh trom an t-ualach é aguibh.
Is measa dhíbh mar táid na sgéala, ní cuirfior bonn libh sa chré de, biaidh sé dá roinn tar bhúr n-éise, sibh-se dá íoc, is budh daor libh."
ÓRÁID MHEIDHBH MHEASARDHA ANN SO. Ann sin do labhuir Meadhbh Mheasardha, agus adubhairt gur marbhthach an peaca an craos, "ar an adhbhar", ar sise, "nách fuil ann acht slogadóir nách bíonn sásda le miosúr ná le riaghlachuibh na nádúra. Agus atáid chúig ghéaga phréamhas as, .i. (an sgiolamar), drochmhúine, siolloideacht, iomad briathra, mallinntleacht; agus mar sin pheacaidheas an duine ar chúig mhodh leis an bpeaca so. An chéad mhodh gan fanamhain le ham bídh do chathamh. Vae (tibi) terra cuius rex est puer et cuius principes mane comedunt (Eccles.x,16), "as truagh an tír agá mbíonn leanbh mar rígh et agá mbí a phrionnsuíghe ag ithe ar maidin go minic". As é an corp an leanbh so, et as é an rígh an toil shaor bhíos ag stiúradh an anma, agus as iad na prionsaidhe na céadfa corpordha. An uair is maith lé duine caisleán do ghabháil brosdaighionn sé chum doruis an chaisleáin dá shealbhúghadh. As í an sgórnach an dorus 'na ttéid an craos agus armáil an diabhuil asteach, agus an té agá mbíonn dorus an chaisleáin is urasa do an caisleán do bheith aige. Dá bhrígh sin is ar gheata an bhéil agus na sgórnuíghe is cóir an ghárda is mó do chur, ar an adhbhar, muna ccurthar srian ris an gcraos a' chéad uair, ní bhfuil acht díomhaoineas cur a n-aghaidh na ndubháilcídhe eile. An té bheirios ar bhéal ar chapall stiúrann sé é mar is maith leis. Sin mar stiúrann an diabhal an craosach.
Cuirmíd srianta a mbéal na ccapull chum iad do bheith a n-oireamhuin dúinn. Cuirmís mar an ccéadna srian lé craos agus lé hanmhianna na colla. An dara ní bheith tugtha do mhíllseánuibh bíg agus dígh an uair budh chóra dúinn bheith sásda lé
aonbhía do bhiadh ionite. Palatum tuum excitent non sapores, .i. "d'ocras is cóir do bhéal do chorrúgha agus ní do bhlas". Dá mbiadh sathach ag duine ina loitfídhe fíon ann, ní dá dheóin do chuirfiodh sé an fíon an athuair ann. Is sathach don tsórd sin bolg an duine, ar an adhbhar loitear gach a ccurthar ann go mímheasardha. Agus ionnas mar bheathaighios duine go macnuiseach asal, agus 'na dhiaig leagann an t-asal annsa phlúid é, sin mar do-ní an corp beathaighthior go miangusach macnuiseach, leagann sé an t-anam a bplúid an pheaca. Qui delicate a pueritia nutrit servum suum, inveniet eum postea contumacem (Prov.xxiv,21), .i. "an té bheathuíghios a sheirbhíseach go seasguir ón aois óig, do-gheabha 'na dhiaig sin é go strampálta", dá chur a ccéill do go bhfa
an corp doriaghalta ag cur a n-aghaidh (na) spioraide go cónathach. An treas modh ar a dtuitionn duine san bpeaca so le mórán bíg agus dígh do chathamh. Gan amharas is í an fhearthuinn thuitios anúas go mín ceannsa is fearr, et an chlaguirneach thig d'urchar loitionn sí na guirt agus na garruighthe. Mar an gcéadna an bia chaithios duine go measardha is é is fearra don chorp. Níl dá mhéid aoileach curthar ar a' ttalamh nách móide an fhiaile agus na piastaidhe fhásas ann é. Mar sin an cholann, níl dá fheabhas beathuíghthear í nách (móide) do chorruighthibh agus d'ainmhiannaibh d'fhásas innte. Is móide loitior an fíon mórán pluid do chur ar na fíonúiribh. Mar sin an té d'ithios mórán, (is é) is túsga bhíos ag éag. Is mór do dhaoinibh marbhthar lé hiomarca ólacháin, agus taraingios mímheasardhacht bíg mórán aicídíghe agus éagcruais ortha, agus cailltior an chuid is
mó do na daoinibh lé hiomad póitireacht, do réir mar adeir an file Laidne:
Helluo cur epulis tumefactum abdomen adoras quod putredo brevi faetor et horror erit? cur tanto pascis studio deforme cadaver? non plures gladio quam cecidere gula.
As é a chiall sin, an mhéadal sin atá agad dá teanna agus dá líona go mbia sí comh brian lé conblach, agus mar an ccéadna nách lía duine do marbhthar lé claoidheamh ná lé craos. An ceathramhadh modh lea ttuitionn an duine annsa pheaca bheith ro-chúramach tímpchioll cócuireacht agus bíg d'ollmhúghadh don chorp, ar son nách fuil annsa chorp d'oileamhuin acht féasda d'ollmhúghadh do na péisdibh. Mar sin an té bhíos ró-chúramach ag tabhuirt oileamhna dá chorp as é is eascara bhíos aige dá dhéanamh ramhar. An cúigmhadh modh biadh chathamh lé geanachas agus lé cíocras. Noli esse avidus in omni epulatione, nec te effundas super omnem escam (Eccli. xxxvii, 32), .i. "ná bí cíocrach ar aonfhéasda, agus ná tabhair tú féin ar aonbhia", ar an adhbhar nách fuil ach beithígheach brúideamhuil annsa tí dá mbíonn a chorp 'na mháighistir air. Éistig annois ris an bhfile:
"Is mairg don bhuídhin do stríocas d'aingis na n-olc, measardhacht chaoin bhúr cclí-se leanadh an deoch, atharrach bíg 'sé mhínios galar na mbocht, 's lé salachar craois ná dínig brocach an corp.""
ÓRÁID RÓIS NÍ GHEANMNUÍGHE. "Is mór a' peaca an drúis," ar sí, "agus ní bhfuil ann acht teine bhíos ar dearglasa, agus ní hé Dia aduighios an teine sin acht an diabhal. Agus fé mar do-ní an gobha an uair nách
fiadann sé an t-iarann do shásúghadh do réir a thoile, cathann sé annsa teine é agus bíonn sé a' séide na mbolg nó go mbíonn an t-iarann teith agus ann sin ceartaighionn sé é mar is toil leis féin, sin mar bhíos an diabhal. An uair nách fiadann sé duine tharrang chum peaca ar aonmhodh, lasann agus dóighean sé é lé teine na drúise chum go cclaonadh sé chum an pheaca. Agus, a dheirbhsheathracha, atáid mórán brainsidhe agus géag ar an bpeaca so, .i. duille inntleacht, neamhmhothúghadh, buairt aigine, tuaisceart, fuath do Dhia, grádh do dhuine féin, grádh don tsaoghal, uathbhás roimh an mbás agus roimh bhreitheamhnas Dé, agus mídhóchas na glóire siorruídhe. Ag so an armáil bhíos ag an ndiabhal chum an anma do thrasguirt. Samhaltar é ré crocán ar an adhbhar, dá ghile bhíos an crocán, má curthar ar an tteine é bia sé dubh. Mar sin dúbhann sé an t-anam bhíos ag tuitim go minic annsa pheaca so na drúise. Farrais sin, an crocán bhíos ag fiucha, muna mbiaidh ann acht aonghráinne amháin póinire, tógbhann an fiucha a n-uachtar é agus taisbéanann é. Mar sin bhíd na daoine drúiseamhla; ní féidir leó iad féin do chosg ná do stopa ó bhréithribh barbartha (do theacht as a mbéal), nó ó bheith ag gabháil abhrán mímhacánta, nó ag póga mórán aguinne, na mná, nuch do-ní íomháighthe dínn féin ag ceartú et ag córughadh an oiread sin éaduicc oruinn féin chum go ttabharthuídhe aire dhúinn. Ní
daigheann fós bladar ná milisbriathra ó mhórán aguinne an uair bhímíd a ccómhluadar na bhfear ionnas, cómh maith agus mar imthíghios an tine amach a fuinneógaibh an tíghe bhíos ar dearglasa, sin mar sgeinnios lasracha tintidhe na drúise as béal na ndaoine bhíos tugtha dhon pheaca so, ionnas nách maith bheith a ccómhluadar mhórán do na mnáibh má admhuid an fhírinne, ar an adhbhar, mar dóightior an féidliocán bhíos ag eitiollaicc tímpchioll na teine agus na coinnle, sin mar dóightior an duine drúiseamhuil láimh ré mnaoi, (nó fé) mar is docair an teine do theasargon
ar an spungc nó ar an asgart
, mar sin chuirios an diabhal teine na drúise an n-aonmhnaoi amháin bhíos órnáideach a n-éadach agus tugtha dho ghníomharthuibh na colla chum na coda eile do lasa leis an tteine chéadna. Bíodh a fhios aguibh nách fuil san drúis acht puathais an diabhail chum na bpeacach do shloga innte ceann ré fánaidh, nó (líon) chum a ngobhtha ann, nó dúbhán báighte chum iad do mhealla, nó nimh chum iad do mhille, nó cloidheamh chum na bpeacach do mharbhadh. Níl fós a n-anntoil na drúise acht líon an diabhuil, nó mar bhaighte do cuirfídhe i ttrap chum loch do mharbhadh, nó mar do bhiadh gliú do cuirfídhe ar chrann chum éan do ghabháil, nó mar do bhiadh dubhán foilighthe faoi bhaighte. Quod quomodo capiuntur pisces hamo et aves laqueo, sic capiuntur homines in tempore malo (Eccles.ix,12), "fé mar gabhthar iasg lé dubhán nó éan lé líon, mar sin gabhthar na daoine a ndrochaimsir", .i. na drúiseamhlacht. Agus chum nách biainn ag labhuirt ní sa mhó ar an ulphéist bhrúideamhuil so, bíodh a fhios aguibh nách fuil ann acht nimh measguithe trí bhia noch thig asteach go milis agus ghearras faoi dheire mar do-ní athair nímhe. Níl fós acht pláig ann chum léirsgris do thabhairt ar an ccine daona, do réir mar do-chímaoid ar an aicíd uathfásaicc úrghránna úd, .i. an bholgach Fhranngcach. Miserabile scortatorum flagellum, .i. "sgiúirse namhdach chum pionóis do lucht na drúise". Dá bhríogh sin, a dheirbhsheathracha, diúltighmaois don pheaca ghráineamhuil úd na drúise, agus éistiom ris (na) bréithribh so am dhiaig:
Is brúideamhuil barbartha an galar so léaghmuir shúas, is drúiseamhuil damanta cheanglas céada a nguais, is iomadamhuil mallathacht tharraingios sé agus buairt, och! míchlú allamhuir an pheaca so cáomhain uainn.'
ÓRÁID GHOBNUIT AN FHUADAIR ANN SO. Ann sin d'éirig Gobnuit Fhuadrach, agus adúbhairt gur mhór marbhthach an peaca an leisge mar an ccéadna, ar an adhbhar nách fuil innte acht neamhfhonn bhíos ar an bpeacach chum neithe sbioraidálta agus leas a anma d'oibrioghadh. "Samhaltar an duine leisgeamhuil nó lorgánta le caisleán ar a mbí mórán tiaighearnaoi air noch aigeá ccaillionn an té bhíonn leasg faillítheach a chuid don chaisleán go hiomlán ag duine eile dá sgiuba uaidh. Mar sin má bhíonn spioraid fhaillítheach ag duine biaidh an chollann ag greamúgh innte neithe éigin 'na cuinnibh go laethamhuil. Manus fortium dominabitur; quae autem remissa est tributis serviet (Prov. xii,24), "is í lámh na ttréan bhuailfios; gidheadh an lámh fhaillítheach caithfidh sí suídhe fó chíos". Bíonn mar an ccéadna toil an lorgánaig foileamhnach. Is toil leis agus ní toil leis. Is áill leis an deaghobair sin do dhéanamh, agus ní háill leis, mar deir an file: Quod volo non possum, quod possum nolo peractum, tota pigri vita est nil nisi nolo, volo. Agus fé mar fhásas drisleacha, feóthanáin agus fiailte annsa talamh bhíos 'na chomhnuídhe agus ina fhásach a bhfad, nách tig toradh ar bith air nó go nglantar agus go n-oibrighthear é, agus go ccurthar síol maith ann, sin mar do bhíos an duine leasg nó lorgánta. Fásann fiaile uilc agus urchóide agus dubháilce ann an uair nách bíonn sé ag tabhairt aire d'oibreachaibh na subháilce agus na soghníomhartha. Haec est maledictio Adam ut in agro corporis et cordis nostri nociva at inutilia gratuito et passim proveniant; utilia vero et necessaria cum labore, .i. "as é mallúgh Ádhaimh fó deara go bhfásaid na neithe díoghbhálacha neamhshochracha uatha féin a ttalamh ár ccuirp agus ár ccroidhe, agus gur le dúadh et le saothar d'fhásaid
na neithe sochracha is riachtanas dúinn". Per agrum pigri hominis transivi et per vineam stulti; et ecce totum plenum urticae, et operuerunt superficiem eius spinae (Prov. xxiv), (30-1), .i. "do ghabhas trí ghort an duine leisg lorgánta agus trí fhíonúir an amadáin, agus féach go raibh an t-iomlán lán do neanntóig, gur fhoiligheadar na drisleacha an taobh suas de". Do-chímaoid an t-uisge ná corruíghionn agus nách bíonn rith aige go loghann sé. et capiunt vitium ni moveantur aquae. Do-chímaoid an t-iarann féin muna ccaitior é et úsáid do dhéanamh de go bhfásann meirg agus mísgéimh air. Mar sin d'íntinn agus d'anam an lorgánaig, fásann meirg agus míghreann, mímhéinne agus míghníomhartha ann. Bíonn an duine leasg faillítheach tímpchioll gnótha duine eile féin mar do bhíonn tímpchioll a ghnótha féin. Sicut acetum dentibus et fumus oculis, sic piger his qui miserunt eum (Prov.x,26), .i. "mar thaisbeánas an uinéigre é féin do na fiaclaibh nó deatach do na súilibh, sin mar do-ní an duine leasg leis na daoinibh chuirios cúram air". Agus bíonn sé comh meata agus comh eaglach sin go n-abuir sé go mbíonn leóghan roimhe annsa tslíghe agus go marbhthaoi é ar lár na sráide. Bíonn sé 'na chodla an uair budh chóir do bheith 'na dhúiseacht, agus ní háill leis bheith ag treabhadh lé héigionn fuachta a ccás go mbíonn sé ag iarra déarca annsa tsamhra agus nách faghaibh sé í. Agus dá réir sin déineamaoid ar ndíthchioll gan bheith díomhaoin drochghnóthach an seal beag bhiam ar an saoghal so, agus déinmaoíd branar samhra ar na súbháilcibh go díthchiollach dúthrachtach, ionnas go mbiaidh fóghmhar fairsing (againn) agus lón líonmhar a ccóir na tíre thall.
Teagasg gan cheisniomh do-bheirim don dream mhnámhuil; seachnuig meisge agus beiriotuis chlann náireach; más áil libh seilbh ghlan d'fheicsin i mbrodh
n Airdmhic gearraguig leisge agus meirg na lorgántacht."
ÓRÁID ALSÚN CHEANNSA (SONN). Ann sin (adubhairt Alsún Cheannsa) go labhaireódh sí féin ar an bhfeirg. ("Níl ansa) bhfeirg", ar sí, "acht trioblóid nó buairt mhírésúnta na híntinne, agus is iomdha olc (do-ní sí) do dhuine ar an adhbhar go ccaochann sí é. (Agus bíonn fearg ar na daoinibh ghlacann fearg) go hobann, agus lasa suas d'urchar níos an fhearg so, agus craobhsgaoilid siad an uile ní bhíos 'na ccroidhe an uair ghlacaid siad an sórd feirge so. Agus fé mar adeir Horatius: secretumque teges qui es vino tortus et ira (Ep.1,18,38) "canann meisge et fearg fíor". Agus cómh maith agus nách taisbeánann an íoghmhá í féin annsan uisge an uair bhíonn sé salach nó buabhartha, nó an uair bhíos an tsúil trioblóideach nó tinn ní
dir lé aonní d'fhaicsin go glinn, mar sin an duine feargach ní bhíonn a fhios aige cia hé féin ná créad é Dia, agus is lé duine buile budh chóir é do shamhlughadh. Bíonn an fhearg caoch ionnas nách leigion sí do dhuine na neithe bhíos ro-sholus d'fhaicsin, dallann sí é cómh mór sin. Agus as amhlaidh do-ní an diabhal faoi mar do-ní an t-iasgaire do shailíghios an t-uisge chum nách faicfeadh an t-iasg an líon agus go rachadh sé ann asteach. Mar sin chuirios an diabhal sgamal ar dhuine chum go ttuitfeadh sé annsa pheaca gan fhios do féin. Tribulabo homines et ambulabunt ut caeci (Soph.i,17) .i. "cuirfiod buairt ar na daoinibh agus siubhl
aid siad mar dhallaibh." Samhlaighthior an diabhal ris an bhfiach ndubh noch, an uair thig sé chum conbluig, rithionn gan stad chum a shúl do bhuaint as. Mar sin do-ní an diabhal. Bainionn sé radharc an résúin agus solas na céille don té bhíos claon chum feirge. Samhlaoithior an fhearg fós lé tóirthnig do-ní glór
mór do thaipigion, nó ré hascartach, nó lé púdar gunnaoi do-ní fuaim mhór ó bheagán teine d'fhágháil. Fágbhann an fhearg duine folamh ó gach aonmhaithios chorpordha agus sbioradálta. Qui impatiens est damnum sustinebit (Prov.ix,19) "an té bhíos neamhfhoighidneach fuileónuig sé díoghbháil." Bíodh a fhios agad nách bíonn (an duine) bhíos a bhfeirg acht mar do bhiadh an té dá ndóighthear a thig noch bhíos saidhbhir ar maidin agus chum na hoidhche nách bí aonní aige, do bhrígh go (sgiubann) an tine an t-iomlán lé. Mar sin an té bhíos lasánta feargach, caillionn sé a mhaithios sbioradálta lé splannc aonfhocuil amháin an uair thuitionn sé a bhfeirg nó a bhfuath, ar an adhbhar nách fuil annsa bhfeirg acht mar do bhiadh crocán do chuirfeadh amach a mbiadh ann lé hiomad fiuchta an uair bhíos teine mhór fé. Cor stultorum ebulit stultitiam quia quiquid sentit corde praefert ore, "croidhe an amadáin fiuchann sé amach amadántacht do bhrígh an ní bhíos 'na ccroidhthibh go ttaisbeánuid léna mbéal". Músglann an fhearg gach aonolc do bhrígh gurab í is geata chum gach aonurchóide, agus an uair bhíos an geata so dúnta bíonn síothcháin ag na súbháilcibh ar a' ttaoibh astig. Gidheadh an uair osgaltar an geata so gluaision amach imreas agus bruighion agus ceannarruic. An mhuinntior bhíos teasuíghe 'na ccoimpléas as iad ghlacas fearg go hobann do bhrígh go ttig a ccuid fola tímpchioll a ccroidhe. Agus is mór an máighistir an diabhal ar an té bhíos feargach ar an adhbhar go ngríosann an fhearg é chum gach aondíoghaltuis agus díbhfeirge do chómharluíghios an diabhal dó. Ní spárálann sé a mhac ná a inghion ná a sheirbhíseach ná fós a bhean do theilgion annsa teine nó annsa línn bháidhte lé fórsa feirge, a ccás go madh usa dhuit teangbháil ar shomh mhac tíre do bhiadh tar éis a cuaine do chailleamhuin ná ar dhuine dá mbíonn ruacánach feirge air. As amhla bhíos an feargach mar bhíos athair neimhe ag teilgion tine as a béal agus ag mille gach ní bhíos láimh ré,
nó mar bhíos splanngcacha sgeinnios ó iarrann bhíos ar dearglasa, nó mar bhíos crann droighin noch chuirios dealg annsa té bhainios ris. Dá réir sin seachnamaois an fhearg agus cómhluadar na ndaoine sparruinneach, agus éistig ris an bhfile:
"Sílim gur maithios don aicme bhíos mín a méinn go mínid fearrthuinn is baguirt na ndaoine ttréan; cuímhnig an sparruinn do leaga lé caoineas béas; díbir an fhearg, is lasair an díoghaltuis tréig.""
ÓRÁID BHRÍGHID CHARTHANNACH. Ann sin do labhuir Bríd Charrthannach agus adubhairt sí gur mhilteach (an peacadh an) formad nó an tnúthán. "Agus níl ann", ar sisi, "acht doilgheas tré rachmas duine eile, agus dá réir sin is pláig anma é thug an diabhal ar feadh an domhain. Ní bhfuil annsa bhformadach acht olc lán do nimh, do bhrígh go mbíonn nimh a ccroidhe an fhormaduig. Agus is amhla' do bhíonn sé mar bhíos athair neimhe iontuigheas an uile ní ghlacann sí chum bheith 'na nimh. Agus faoi mar deir St. Agustine: quod cum per omne vitium antiqui hostis venenum humano cordi infunditur, in zelo invidiae tota viscera sua serpens contulit, .i. "ar son go ccurthar (nimh) a ccroidhe an duine leis gach aonolc tig ón seanascara, tar éis sin is le cuiniotas an tnútháin chrothas an athair neimhe a cliabh go léir." Leigheann lúthgháir an formadach agus doirtionn sé solus 'na dheaghníomhartha. As amhla' bhíonn sé mar a' cceann cait ar an adhbhar, fé mar ná fuilnngionn an ceann cait an solus, ní fhuilingionn an tnúthach solas ná radharc dea-ghníomhartha ná deaghcháile a chomharsan. Mens invidi cum de alieno bono affigitur quasi de radio solis obscuratur, ita corrupta est ut fetentia ei redoleant et redolentia feteant etc., .i. "inntinn an tnúthánaig mar déantaoi dorcha lé gai gréine,
bí cathughadh orthi a ttaoibh maithis duine eile; bíonn sí comh canncrach sin go bhfaghan sí blath suairc ar neithibh bréana agus blath bréan ar neithibh suairce; do-gheibh sí blas milis ar neithibh searbha agus blas searbh ar neithibh milse." As truadh na daoine adeir go mbíonn an ní maith go holc agus an drochní go math, ag déanamh soluis don dorchadas agus dorchadas don tsolas, ionnas gur ró-mhaith oireas an véarsa sa dhóibh invidus alterius macrescit rebus opimis (Hor.Ep.) (1,2, 57) "an duine tnúthach téid sé a mboichte agus a ttruadhacht ó shaidhbhrios a chomharsan d'fhaicsin". Níl annsa bhformadach acht mar do bhiadh piastuidhe beaga geintear a n-éadach dá ttugthar leóghain ortha noch ghearrann agus loitionn an ní as a ngintear iad. Putredo ossium invidia (Prov. xiv, 30) .i. "logha na ccnámh an tnúthach." Bíonn an fear so ag éag a ttaoibh sláinte dhuine eile, agus as mór an amadántacht don (té bhíos) ag iarraidh a chneadh féin do leighios lé cneadhaibh dhuine eile, ag iarraidh sóláis agus suaimhnis a ndólás agus a mbuaireadh dhuine eile. Ar an adhbhar sin diúl
don ghalar ghránna úd, .i. an tnúthán, agus brásálmaoid an charthann
grádh Dé agus na comharsan.
Fágbhuim beannocht ó fhlathas na n-úrghrásda ar mhnáibh noch fhanas go carrthannach ciúin cráibhtheach; dáiltior mallacht do phearsanaibh cúlráidhteach', 's as cráidhte an damaint do ghreadas na tnúthánaig. An formad seachain, ná tabhair dho grádh caomhna, bí fostach lé fearuibh na taisge do dháil Dé dhuit, ná coigil an malartach cealgach bláthbhréagach, 's budh solas do rachmas i bhflathasbrog lá an tsléibhe."
Ann sin do-rineadar acht párliament inar órduígheadar gach aon do-gheabhthaoi cionntach go puiblíghe a n-aonpheaca
do na peacadhaibh marbhthacha a chur a bpríosún go ceann seacht seachtmhuine, agus gan d'oileamhuin do thabhairt do ar feadh na haimsire sin acht arán agus uisge aonuair amháin annsna cheithre huaire fithchiod, agus a chur d'fhiachuibh air teacht gach aonDomhnach ar feadh na seacht seachtmhuine sin do láthair an chómhthionóil phuiblíghe ag an Aifrionn, agus é féin do admháil cionntach annsa pheaca sin, agus maithfeachas d'iarraidh ar Dhia do chionn feirge do chur air, agus párdún d'iarraidh ar an bpobal a ttaoibh drochshómpla do thabhairt dóibh. Agus mar sin do chríochnuígheadar an Párliament an lá sin agus fuaradar órdúghadh bheith ar n-a mháireach ag an ccúirt ccéadna. ÓRÁID BHARBARA CHEARTBHRIATHRACH. Do thosnuígheadar ar n-a mháireach agus as í bean do labhuir an lá san Barbara Cheartbhriathrach, agus adúbhairt go raibh mórán peacuidhe (eile) ann budh chóir dóibh do sheachnadh. "Agus an chéad uair an bhladuireacht ar an adhbhar (nách fuil) ann ach mil lán do nimh agus nimh lán do mhil. Níl ní ar bith is suairce (le daoinibh do chlos) ná a ngníomhartha féin go bladhmannach, tar cheann ná bíonn a mbréithribh an bhladaire acht cealg agus mealltóireacht lé n-a mbuailtior táirne a súilibh an té (ar a) labharthar. Samhlaighthior an bladaire lé hainmhídhe darab ainm camaelion noch ghlacus air féin gach aontsórd datha bhíos ar an áit iona mbíonn sé. Mar sin do-ní an bladuire léna chómhráidhtibh fallsa meallta ganguideach' líon do leatha fé chosaibh a chómharsan. Agus fé mar atá trí cáile annsa mil, .i. milseacht, soillseacht agus sleaimhne, mar sin bhíos an bladuire milis, solas, sleamhain. Cosmhaltar é fós lé madra bhíos a' lí fola agus nách gearrfadh, nó lé hainmhidhe dá mbíonn trí ranna fiacal aige; a measg na n-ainmhithe go léir as é so as mó (do-ní) díoghbháil
ar an adhbhar go mbíonn sé a measg na n-ainmhithe 'na thíoránach, et a measg na n-ainmhighthe
ceansa 'na bhladuire. Samhaltar teanga an bhladaire lé gabhar ar a mbíonn fiabhras do ghnáth, agus nách fuil ní ar bith lé n-a tteangbhann sé ná 'na ccuimlionn sé a theanga ná críonann agus ná feóchann sé. Níl ní ar bith is túisge mhillios intinn an duine ná bladar. Bí ar do choimeád ar chat noch líghios an chéad uair. 'Na dhiaig sin chognann. As iomdha olc do-ní an peacadh so. Millionn sé an té do chreimionn sé. An té ná bíonn do láthair taisbeánann sé é féin fuathmhar. Agus do-bheir sé sgrios agus ceannarba air féin. Níl acht aicíd chancrach ann bhíos ag snábhán roimpe ann gach aonáit. "Duine liobrálta" bheir sé ar an nduine bheirios a chuid go rabuirneach mírésúnta, agus "duine spárálta" ar dhuine shanntach, "cúirtéirí" ar na daoinibh drúiseamhla, "daoine deaghlabhartha" ar phraitéiribh, "daoine socra" ar na daoinibh bhíos leisgeamhuil lorgánta. Níl fós annsa bhladuire acht eascara blainndéiseach agá mbíonn mil iona bhéal agus cealg iona chroidhe. "Ní háill liom a mhuinntiorras" mar deir an file Laidne: Qui mel in ore gerit sed retro pungere quaerit eius amicitiam nolo mihi sociam. Trí neithe dhíbreas an bhladuireacht ó dhuine. Díbirthior í le coinnsias maith, le héisdeacht mhall et re
umhlacht, ar an adhbhar an uair bhíos duine dá mhola rithionn sé chum a choinnsiais do bhrígh go mbíonn eagla air go ndeárna sé míghníomh ar cheann ná deárnuig, agus as comhartha deaghdhuine sin. Díbirthear an bhladuireacht mar an ccéadna lé héisdeacht mhall. An uair bhíos deithneas ar dhuine ag dul dá dhúithe is cóir do cluas bhoghar do bheith aige ag imtheacht tar cheól marbhthach na murrúghach, .i. sirenes nó mermaids. (Díbirthear) lé húmlacht í. An
té bhíos úmhal ní hait leis bheith dá mhola, agus mar adeir S. Augustin: magis opto a quolibet reprehendi quam ab adulatore laudari, .i. "dob fhearr liom aonduine do bheith dom dhimola ná bladuire do bheith dom mhola". A dheirbhsheathracha, atáid mórán aguinne, do na mnáibh, ionar mbladuiríbh milisbhriathracha ag tarrang na bhfear chum uilc agus urchóide, et ní hamhla' is cóir dúinn bheith as so suas, acht an bladar agus an bhlaindéis chealgach úd do sheachnadh agus bheith díreach fírinneach ionar ccroidhe, ionar ngníomharthaibh agus ionar ccaintibh, ar an adhbhar as míchríostamhuil an ní bheith ag mola an pháirtídhe as a chómhair agus bheith dá ghearra don taobh shiar.
Ní mholuim an bladar do labhairt mar cháil d'aonneach; is cosmhuil nách taithnionn lé hathair na bhfáig naomhtha go follas do phearsain a mhealla lé bláithbhréithribh 's a bhfolach a ghearra 's a theasdus do lánraoba".
ÓRÁID URSALA UMHALINNTINN. Ann sin d'éirig Ursala Umhalinntinn agus adubhairt go laibheóradh sí féin ar an anndúil bhíos ag daoinibh a ngradam nó a móronóir an tsaoghail so. "A dhearbhsheathracha," ar sise, "is ró-dhainséarach an staid iona mbíonn an té bhíos annsan onóir, ar an adhbhar, fé mar is dá aimhdheóin d'fhágbhas an madra an cnámh ar a mbíonn feóil ar son go mbeith an fheóil teasuíghe agus go ndóithfiodh sí é nó tar cheann go mbeith an madra lán roimhe sin, sin mar bhíos lucht na honóra nó an ghraduim mhóir; is ró-dhocair leó sgaradh ré tar cheann go bhfuilingid siad mórán trioblóide, cr
agus dainnséir. Usquequo parvuli diligitis infantiam, et stulti ea, quae sibi sunt noxia, cupient (Prov.i,22) "a naoidhean
, an fad
ghrádhfeadh sibh an leanabaoiacht, agus
amadáin an fad d'iarrfaidh na neithe ghoirtígheas iad?" An uair théid buachail
ag ar muin capuill bíonn sé eaglach an chéad uair. Téid sé a ndánacht a ndiaig a chéile ar an marcuídheacht. Is docair a fhágháil uaidh túirlint. Sin mar bhíos an té thig chum graduim, ní féidir é sgaramhuin ris nó go bhfaghann sé bás obann. As fada bhíonn an crann a' fás, agus fá dheire leagann fórsa gaoithe go talamh as a phréamhaibh é. Mar sin thuitios an té bhíos a mórghradam. Paulatim ascendisti sed non paulatim decendes sed tamquam julgur (Greg.), .i. "a ndiaigh a chéile (d'éirghis) suas; gidheadh tuitfe tú mar splanngc tóirrnídhe". Tolluntur in altum quo lapsu graviore ruant, .i. "níl dá aoirde éirghid siad nách truimide an tuairt agus an bharrathuisle gheibhid siad." An uair éirghios duine suas chum onóra líontar d'uabhar agus d'iomarca é. Measann sé gur fearr é féin ná cách do bhrígh go bhfuil ina uachtarán. Tarcaisníonn sé na daoine muinntiordha do bhíodh aige roimhe sin. Cailleann sé a aithne agus a urlabhra, a radharc agus a éisdeacht, ar an adhbhar ní leigeann sé air go n-aithneódh sé na daoine bochta muinntiordha. Ní labhrann riú. Ní fhaicionn annsa tslíghe iad. Agus ní mó d'éisdeann sé réna ngearán ná réna n-iarratas. Bíonn sé go bladhmannach ag labhairt ar neithibh árda. Ní maith leis aonduine do bheith ós a chionn, agus do-ní a dhíthchioll bheith ós cionn gach aonduine. Bíonn trioblóideach. Do-ní na daoine tharcaisnioghadh bhíos fé mar bhíonn sé uaibhreach umarcach. Samhluighthior an peaca so lé sórd dragúin, .i. ainmhídhe bhíos ar dearglasa lé tart ionnas ná sásann uisge í, a ccás gurab éigion a béal d'osguilt chum na gaoithe agus an teasaigheacht bhíos uirthe do cheannsúghadh leis a' bhfuaraoiacht. Sin mar bhíos na daoine ghlacas annlán agus aindréim chum
cathréim an tsaoghail seo. Ní féidir iad do shásúghadh ionnas, dá mhéid bhíos aco do lóchán an tsaoghail so, gur móide a n-íota agus a n-airc chum tuille d'fhagháil é, mar adeir an file quo plus sunt potae, plus sitiuntur aquae (Ov. F.1,216). Gidheadh tugaidís
aire don ní adeir béal na fírinne, ár Slánaighthóir, qui se exaltat humiliabitur, et qui se humiliat exaltabitur (Luc.xiv,11; xviii,14) "an té árduighios é féin íslighean Dia é, agus an té íslighios é féin árduighionn Dia é". Adeir an Sgriptúir a n-áit eile "is beannaighthe na boicht a spioraid ar an adhbhar is leó féin an ríoghacht neamhdha". Dá réir sin seachnamaois an t-annlán agus an anndúil, an onóir et an gradam saoghalta, agus éistimaois lé ceól caoin na bhfilídhe bhfoltbhinn.
"Measuim gur baothnuisg d'aonneach greann ná grádh do thabhuirt do ghréirthibh aerach' banntracht árd, gradum an tsaoghail seo go léir níl ann acht sgáil, tagann 'na laomuibh is daorann dream mar chách. Crádh don tsaoghal bhréagach mhalartach chealgach thaodach chraosach anacrach, is eagal don té noch bhéarus aire dhó cealg ón bpéist mar Ébha (i) bParrathus. Crádh don tsaoghal bhréagach is ganguideach cáil is crádh don té ghéillfeadh dá rachmas go brách, sgáil bheag bhaoth éadtrom ná mairionn acht spás, mar bhláth na ccraobh léigthior lé fearthuinn ar lár.""
ÓRÁID ANASTÁIS RIAGHALTA. Adúbhairt Anastás Riaghalta gur 'iomdha olc do-níd ríngceóiríghe ban ar an adhbhar gurb iad bhíos ag iomchar airm a n-armáil an diabhuil; .i. an uair bh<íonn fo>nn coguicc agus fola ar phrionnsa ar bith, do-bheir sé órdúghadh dá shaighdiúiríbh cruinnioghadh ar aonmhachuire lá puinnteálta
chun a n-eólais agus a n-arm do thaisbeánadh dóibh. Mar sin do-ní an diabhal ris na hógmhnáibh agus ris na hógánaig; cuirionn sé d'fhiachuibh ortha comhchruinnúgh laethanna saoire chum ringce agus damhsa noch do tharraingios chum drochsmaointe iad agus chum drochghníomha. Agus fé mar do-ní an seanduine (an uair) ná féadann arm d'iomchar ní sa mhó do-bheir sé dá mhac é, mar sin bheirid na mná críonna arm agus eólas na drúise dá gclainn inghean an uair nách féidir leó féin ní sa mhó do dhéanamh, agus cuirid siad a' rince annsan armáil úd an diabhuil iad. Agus sinne, na mná, armáil is treise, (agus) ní cás a aithne do bhrígh gur bean do thogh sé chum ár ccéad athar, Ádhamh, do mhealla. (Agus) atá a fhios aguibh gur lé mnáibh do mealladh agus do milleadh Sampson, (Dáth Rígh,), Salamon, agus Peadair Easbol, agus morán do dhaoinibh eile cumasacha do réir mar adeir an file: Adam, Sampsonem, Petrum, Davidem, Salomonem decepit mulier; quis modo tutus erit. Ag so mar do cuireadh an ní céanna a nGaoidheilg lé sagart suairc, séimheólach, .i. Donnchadh Mhac Cárrtha, atá ainnis a ccúram poróiste Theampuill Muire a cCorca:
"Ó mealladh lé mnaoi Dáth Rígh agus Solamon glic, Sampson is na mílte saoi budh calma a ngoil, is ár n-athair do suígheadh go haoibhinn a bParrathas tsoir, is Peadair; a Chríost, cá díon dár bhfearaibh-ne dul?"
Agus ní haonchloidheamh amháin bhíos ag an ndiabhal annsa raingce acht cloidheamh a n-aghaidh gach mná breágha dá mbíonn ann, ionnas nách fuil acht cloidheamh tinntidhe a sgéimh na mná. Gladius igneus species mulieris (Isidorus). Samhaltar na banraingceóiridhe seo leis na madraoibh ruadh' do bhí ag Sampson agá mbíodh teine ina n-eirbolluibh ag dóth na ngort. Mar sin loisgid na
ríngceóirídhe ban lé tine na drúise. Do-chímíd an gadhar bhíos deaghmhúinte go bhfanann astig an uair bhíos meas-mhadraoi an bhaile ag amhstruig agus a' sgeamhaoil. Mar sin budh chóir do mhnáibh deaghmhúinte deighmheasta fanamhuin astig an lá do bheidís cách a' raingce agus a' damhsaoil farrais an bpíopaire, béiceachán an diabhuil. Agus, a dheirbhsheathrcha, atá sgéal beag agam ar mhnaoi dhrochmhúinte don tsórd so, .i. bean do bhí ann roimhe so agus fuair a fear cómh mímhacánta sin í go ttug sé dhá coiméad do dhuine (ro-mhuinteardha í agá) raibh ionntaoibh agus dóchas ro-mhór aige ann, agus tug mórán (airgid do do chionn) a mhná choimeád agus gan a leigion di a cuing phósda do bhrise. Ní fada go bhfuair an duine muinntiordha an cúram sin do cuireadh air ro-dhocamhail ar an adhbhar do rug cleasuígheacht na mná buadh ar a inntleacht. Táinig sé go (dtí) fear na mná agus adubhairt sé nách glac
adh sé cúram na mná ní sa shia (air), "ar an adhbhar", ar sé, "dá ttugthá Argus, an fear úd dá raibh céad súil aige, (leat) chum í do choimeád, níorbh fhéidir leis a coimeád dá haimhdheóin". Agus
s sin adubhairt sé go madh usa leis lán saic do chuilibh do bhreith (amach ar) na bántaibh gach aonlá go ceann bliadhna agus an sac sin d'osguilt agus a leigion do na cuilibh innbhear go ttráth nóna agus ann sin iad go léir do chruinniúghadh sa tsac chéanna agus a mbreith leis do bhaile, ná bean mhímhacánta do choimeád aonlá amháin. As iad na mná bhíos mímhacánta mar seo chruinnigheas armáil an diabhuil, faoi mar do-ní an muicidhe an uair bhíos a mhuca fánach diombaileach ar fud na ccnoc, beirionn sé ar mhuic dhíobh agus bainionn sgreadach aisde, agus leis sin cruinníghid an chuid eile. Sin mar do-ní an diabhal. An uair is maith leis a mhuclach féin do chruinnioghadh a cceann a chéile, cuirion d'fhiachaibh ar an bpíopaire an bolgán
béic' do sheinnim, agus cruinnighid ann sin níos fonnmhuire ná bheidís chum seirbhíse Dé d'éisteacht.
Is é an raingce do ghríosann cuisleanna an chuirp, san ringce so smaointear turrainn gach uilc, san ringce so cítear buile agus bruid, 's lé ringce théid mílte go hifrionn dubh.'
ÓRÁID THREASA THROMCHÚISEACH. Do labhair Treasa Thromchúiseach agus adubhairt gur pheacamhuil an ní mar an ccéadna an maga. "Abominatio est Domini omnis illusor (Prov.iii,32) .i. "bíonn gráin ag Dia ar lucht na fonóide". Agus budh chóir dúinn go léir an peaca so do sheachna. An chéad uair ar son coinnsiais duine ar an adhbhar, an té bhíonn coinnsiasach ní spochann sé aonduine lé maga ná lé sgige, do bhrígh go ttuigionn sé go ccuirionn magadh oiread (cathaighthe) ar uairibh ar dhuine agus do chuir
eadh aontrioblóid eile. Budh chóir fós an peaca so do thréigionn ar son na húmhlachta budh chóir dúinn do thabhairt do Dhia. An uair bíthior ar tí magaig do dhéanamh ar aonduine déantar maga faoi íoghmhá Dé ar an adhbhar gurab íoghmhádh do Dhia an uile dhuine. Do-chuala
malluígheadh Cam do chionn maga do dhéanamh faona athair féin. Léighmíd mar an ccéadna san Sgriptúir, dá bheithir nó dá mhathghamhuin, gur mharbhadar na buachailíghe beaga do bhí (ag) maga fé Elizeus, an fháig. Atáid cheithre haicme ann bhíos ag déanamh maga, .i. bladuire, hypocrit nó saobhchráibhtheach, an t-áirseóir agus an fear fonóide. Meallann an bladuire lé milisbhriathra;
meallann an saobhchráibhtheach lé gníomharthuibh; meallann an t-áirseóir lé temptásiúnaibh; agus spochann an fear fonóide lé cnáid agus lé hainnsgréacht. Agus is cóir don Chríostuighe gach aonmhodh agus mínós díobh sin go léir do sheachaint.
Ní maith cathair gan faire 'na púirtionna, ní math leaga ná masla do chúilionna, ní math fearthuinn ná sneachta do phúdarlach, 's ní math maga do labhuirt a ccúis ar bith.
ÓRÁID CHLÁRA DHEISGRÉIDEACH. Ann sin do labhair Clára Dheisgréideach agus adubhairt gur mhór é an peaca ar a ttugthar cúlchaint nó cúlghearra nó tromuígheacht. "Agus as malluighthe an ní", ar sise, "duine chreime an uair nách bíonn do láthair agus nách féidir leis freagra do thabhairt ar an ní do cuirfídhe 'na chuinnimh. Deallraighthear fear na cúlchainnte ré muic ar an adhbhar, an uair théid an mhuc asteach a ngáirdín agus do-chí sí luibheanna breaghtha ar thaobh di agus salachar ar an ttaobh eile, ritheann sí chum an tsalachair agus ní chuirionn beann ar na luibheannaibh ná ar na bláthaibh suairce bhíos ann. Sin mar bhíd lucht an mhurmuir labhras ar dhuine dhon taobh shiar de. Gabhuid siad tar bhláth na subháilce agus leanaid bréantas na bpeacuidhe, do bhrígh gur mó bhíos do ghrádh aco don tsalachar ná don tsuaircios, - plus amantes stercora quam aromata. Samhaltar an cúlchainteach munabrach lé priví nó lé guitéar mar a tteilgthear gach aontsórd salachair dá olcas, nó le tuama bhíos lán do bhréantas agus do shalachar. Sepulchrum patens est guttur eorum (Psal.v, II; xiii, 3; Rom. iii,13) .i. "tuama osguilte a sgórnacha", a ccás nách fuil tuama ná priví ná guitéar ar bith is bréine do láthair Dé
ná an cúlchainteach. As é an cúlghearrthóir fear fritheóilte an diabhail, do bhrígh go socruighionn sé feóil duine a bhfiaghnaise a chómharsan chum a creimthe agus a hite, ionnas gur cóir a chuideachta agus a chomhluadar do sheachna. Mar an ccéadna an uair chlois
e tú cúlchaint agus cúl-ghearra ar chomharsain, ní cóir duit-si a mhola leis ar an adhbhar nách fuil acht saoid ceangailte a bhfeóil focal a mbéal amadáin, - sagitta infixa femori carnis sic verbum in corde stulti (Eccli.xix,12). An madra agá mbíonn saoid sáighte 'na cheathramhuin ní stadann sé acht a' béicig go mbaintior an tsoíd as. Mar sin a ccáilibh don mhunabrach bhaoithleamh, ní féidir leis stad nó go n-innsionn sé an drochtheist nó an drochómhrádh chloisionn sé ar a chómharsa
n agus go ccuirionn sé tuille leis an uair budh córa dó an drochaint do mhúcha. Audisti verbum contra proximum tuum? commoriatur in te (Eccli.xix,10). Ní bhíonn fós an fear so sásda nó go ccuirionn sé lochtuidhe nó drocháile bréagacha a leith duine, ionnas go samhaltar é lé cuil do bhiadh ag iarraidh cneadh a ccroiceann tslán, ag luíghe air agus dá ghearra agus ag cur a guib ann. Sin mar bhíos an cúilgheárrthóir mailíseach. Deallraighthear fós é lé madra do bhiadh ag amhstraig ar gach aonneach. Dá mbiadh seirbhíseach ag síorlochtúghadh oibre a mháighistreach is dearbh go ccuir
eadh sin cathúgh ar an máighistir. Créad nách biadh fearg ar Dhia do chionn a chréatúirídhe féin (do bheith) ag diomola agus a' lochtúghadh a sheirbhíseach féin noch do dhealbhuig agus do chom sé ar a íoghmhá agus ar a chosmhalacht féin? Tu quis es qui alienum servum iudicas? suo domino stat aut cadit (Rom.xiv,4) "cia thusa do-bheir breitheamhnas ar sheirbhíseach duine eile? Más tuitim nó éirghe do is léna mhághaistir féin é", a ccás nách cóir do dhuine a bhéal do shalacha lé holc duine eile ná peacadh do tharraint oruinn féin dá dhruim. Agus má chí tú drochdhuine bíodh truadh agad do, agus ar son go bhfuil cáile a nduine eile nách taithnnionn riot, (tabhair dot aire nách) fuil cáile is measa ná sin ionnat féin. Ní bhuinfidh tú a chlú (do dhuine eile)
go brách má smuainionn tú go minic ná bíonn saoi gan locht et go mbíonn dá locht a n-aontsaoi, - nemo sine crimine vivit. Níl fós annsa munabrach acht bithiúnach bhíos a' guid agus ag luígheadúgh tabharthasi Dé. Agus is measa é ná mórán do na bithiúnaicc do crochtar do bhrígh gur maoin temporálta (ghuidid sin;) gidheadh is maoin spioradálta ghuidios an cúlchainteach, .i. clú agus ainm et deightheist an Chríostuídhe noch dárab fearr iad ná mórán saidhbhrios saoghalta mar deir an file: Omnia si perdas famam servare memento, qua semel amissa postea nullus eris. As é (a) chiall sin, ar son go ccaillfeá do chuid don tsaoghal go léir, coimhnig do chlú et do chreideamhuin do choimeád; gidheadh má chaillionn tú iad sin, mar an ccéadna ní bhiaidh gnó leat; ní fiú náda thu. Agus chum gur móide sheachnómáoid an chúlchaint agus an munubar déarfa mé dhíbh an rann so:
Má chí tú ainndeise a bpearsanaibh mícháileach', smaoin gur fairsing gach galar ad chroidhe táite, daoine damanta malluighthe claoincheárrdach', an bhuidhion tá ceangailte a bpeaca na míráidhte."
ÓRÁID LUCIA FHÍRINNEACH. "Atá an bhréag ionnlochtuighthe a mórán do cháilibh ar an adhbhar nách fuil acht peaca diabluíghe ann, do bhrígh go samhaltar an duine bréagach ris an ndiabhal. Vos ex patre diabolo estis: et desideria patris vestri vultis facere (Joan. viii,44) .i. "is ón ndiabhal sibh-si, agus is é mian an diabhail, bhur n-athair, is fonn libh do dhéanamh", .i. bréaga, ar an adhbhar an té ní bréag as ón ndiabhal é, do bhrígh gur bréagach é an diabhal agus gurab é athair na mbréag é.
An chéad uair atá an peaca so ionnlochtuighthe, agus dá mbiadh duine ann aigeá mbiadh a bhéal osguilte chum cuile agus piastuíghe agus chum gach aontsalachair eile do ghlaca, agus ná bac
adh sé do gach uile ní dul asteach ann, is dearbh go madh fuathmhar lé daoinibh a leighthéid do dhuine d'fhaicsin. Mar sin an béal bréagach, bíonn ró-fhuathmhar do láthair Dé, do bhrígh go mbíonn gráin ag Dia ar na daoinibh fallsa bréagacha. Abominatio Domino labia mendacia (Prov.xii,22) "is fuathmhar leis an tTiaighearna an béal bréagach". Atá an peaca so mar an ccéadna ionndiomolta ar son a mhíchirt ar an adhbhar, an mhéid is fiú pinginn mhaith seach drochphinginn, sin an mhéid is fiú an duine fírinneach do bhreis ar an nduine bréagach fallsa. Mar sin is mó is fiú aonphinginn amháin (mhacánta) ná céad pinginn fhallsa. Mar sin is mó is fiú aonduine amháin fírinneach ná céad duine do bhiadh bréagach. Cuirthior an drochairgiod do leataoibh agus
tior é. Mar sin ní glacathar na daoine bréagacha a bhflathamhnas acht dóightear iad a n-ifrionn farrais na diabhluibh. Atá fós an peaca so ionnlochtuighthe (agus) damáisteach a ttaobh dhainnséar anma ar an adhbhar nách fuil ann acht nimh lán do neart noch mharbhas an t-anam. Os quod mentitur occidit animam (Sap.i,II). Donus eile bhíos ar an nduine mbréagach, an uair labhrann sé an fhírinne féin ní creidthior uaig í. Créad adeir Dáth Rígh: perdes omnes qui loquuntur mendacium (Psalm.v,7). Ciorróig Dia dream na fallsóireachta. Dá réir sin ní cóir dúinn bréaga ná mionna bréige do labhuirt ar son aonchúise san tsaoghal.
Seachain go géar gach éigion éagcóra, ganguid is éitheach, bréan is doithchomhuilt, labhuir gan bhréag go tréightheach binnghlórach is gheabhuir buigheach go héag an Rígh cómhachtach.
Ná hiarr seasguireacht bheatha mar lón dod chorp; do chiall ná malartaicc sealad air óluibh deoch; triall go measardha geanmnach cóir gan locht, is biaidh do thaisge go fairsing a nglóire a mbrog."
ÓRÁID AGNEIS IONNRUIC . Ann sin adubhairt Agneis Ionnruic gur ghráineamhuil an peaca an bhithiúntacht. "Agus atáid", ar sise, "fir agus mná na ríoghachta so na hÉirionn cómh tugtha sin di nách féidir lé fáig ná le fíorúghdar, le sagart ná lé seanmóntuíghe, lé smacht puiblíghe ná príomháideach an bhithiúntacht do dhíbirt as croidhthibh na ccéada dhíobh. Agus atá sé 'na leanán ag ro-mhór cómh mór sin nách féidir an bhradaoil do sgara leó ná iad sin do sgaradh ria, ar son go ccrochtar mórán díobh gach aonleathbhliaghain ann gach conntae d'Éirinn. Gidheadh bíodh a fhios aco nách éireócha Dia ná an saoghal lé haonneach go brách do bhiaidh ag glaca choda duine eile go haindlightheach, et fós nách cóir cabhair ná coghnamh, cómhairle ná fabhar ná toilidheach
do thabhairt d'aoneach dá mbiaidh lámh ná rún a mbithiúntacht aige. Agus gi bé ar bith dá mbiaidh aontsórd páirte ná cuidioghadh aige a ngaduígheacht ar bith, ní fhaic
e sé (radharc) (na glóire) ná aonspíce do fhlathas Dé nó go ndéine sé lórghníomh ann. Non dimittitur peccatum nisi restituatur ablatum, "ní maitior an peaca gan lóirghníomh do dhéanamh annsa ní do rugais leat". Tairis sin go léir do ghlacadar mórán an bhithiúntacht mar chéird bheatha annsa náisiún so ionnas go mbíd a ccompánuicc agus a ccomrádaighthe aco ann gach aontaobh d'Éirinn, agus bíd speirídhe acu chum ealuig agus áirnéise agus arra
agus gach ní eile thaithnnios riú do chur amach et d'innsint dóibh, ar mhodh gurb annamh do guidthior aonbheithígheach gan cur amach cómharsan annsan aimsir seo, mar deir an seanfhocal "ar son nár ghuidios an pórcán do chuirios mo ghiolla dá thógbháil"". Ann sin do-rineadar acht párliament gach aonduine do-geabhthaoi maille ré háitióghadh maith agus lé fiadhnaise do bheith 'na bhithiúnach, a dhá shúil do bhuaint as a cheann do bhrígh gur dhuine é d'fhuathaig an solas agus do ghrádhuicc an doircheacht agus gur chóir agus gur cheart a chongbháil annsa doircheadas réna bheatha, agus a chur fá deara air teacht gach aonDomhnach réna bheatha chum cómhthionóil phuiblíghe an Aifrinn, agus a admháil dá láthair go léir gur chionn bheith 'na bhithiúnach do chaill sé a shúile, agus maithfeachas d'iarraidh ar Dhia do chionn tuitim ina leighthéid sin do pheaca thruaillighthe, agus párdún d'iarraidh ar an bpobal a ttaoibh drochshómpla do thabhairt dóibh.
Ná bí ganguideach, sladathach, díchúiseach, ná bí bradathach, malartach, míriúnach, bí go carrthannach, geanmnach, caoin, súgach, is ná díol flathas an anma ar bhithiúntacht.
ORÁID SHIOSALA SHÍORGHNÓTHACH. "Idir na peacaidhibh uile", ar Siosala, "as mór mo ghráin féin ar an ndíomhaoinas, (agus as é ní é stad) ó obuir chorpordha nó spioradálta do reachadh chum sochuir agus somhaoine (do dhuine). Agus as préamh don leisge an díomhaoineas, a ccás, an duine bhíos díomhaoin drochghnóthach, go ttabhair sé ionnad agus ócáid don diabhal teacht a' dénamh buartha agus brionglóide dó. Gidheadh an té bhíos ag obair ní bhfaghann an diabhal slighe chuige. Ar an adhbhar sin is cóir don Chríostuídhe bheith fuadrach chum gnótha. Homo natus
ad laborem sicut avis ad volatum (Job.v,7) adeir an Sgriptúir, óir ní dúchasaídhe eitiollach do na héanuibh ná saothar agus duadh don duine. Samhaltar an duine díomhaoin lé caisléan gan falla 'na thímpchioll agá mbíd a namhuid ar tí a bhuana amach, ionnas gurab urusa dhóibh a shealbhúghadh. Ascendam ad terram sine muro et veniam ad quiescentem habitantemque secure, .i. "rachad go ttígh an talamh gan falla agus tiocfad go ttígh an té bhíos go díomhaoin neamheaglach 'na chómhnuídhe." Gidheadh an té bhíos fuadrach
each chum deaghoibreacha cosmhaltar é lé pórt do bhiadh dúnta nó diongmhálta. Non facile capitur a tentatore qui bono vacat exercitio (Aug)., .i. "an té bhíos ag tabhairt aire do dheaghchúram, ní hurus don áirseóir a ghabháil". Samhaltar fós an duine díomhaoin reis a' seilthide aigeá mbíonn ar ccumas don mhuic agus don mhadra satailt air. Omnium tentationum et malarum cogitantium sentina est otium (Greg.), .i. "as é an díomhaoineas guitéar salach gach aontsórd temptásion agus drochsmuainte", agus fé mar is gnáthach leis an ttalamh bhíos gan oibrióghadh drisleacha, droighean agus feóthannáin do thabhairt uaig agus nách fásann aontoradh maith ann, mar sin ní fhásann annsa nduine dhíomhaoin acht deilge agus droighean na ndubháilcídhe d'easba fuadair ná corruighthe, ionnas gurab é an peaca so máighistir na mailíse, do bhrígh go múinionn mórán uilc agus urchóide, agus gurab é is leaba fhlocuis iona nglacann an diabhal a shuaimhnios. As é an drochghnó agus an díomhaoineas máthair áil na ndúbháilcidhe agus leasmháthair na súbháilcídhe. Is cosmhuil é a ccáilibh ré duine marbh do bhrígh, fé mar ná déinionn an duine marbh obair ná luaghail, is mar sin bhíos an díomhaoineach. Otium sine litteris mors est, et vivi hominis sepultura, .i. "díomhaoineas gan foghluim ní bhfuil acht bás agus adhlaca duine bheó a ttalamh ann."
An uair éighmhid na coil
g go minic a meadhón (oidhche), glaodhaig-se ar Mhuire is ar a coimirc
ad thímpchioll, ar éag don chine, a leinbh, déin gléchuimhniomh, is ar mhéid na tuirse do dlighthior don díomhaoineas.
ÓRÁID MHAGDAILÉAN GHRÁSTÚIL. "Measuim", ar sise, "gurab oireamhnach annsan áit so 'na bhfuilmíd an oiread so ban farra a chéile beagán do labhairt ar Mhuire Bhaintiaighearna, ar (mbanchara) agus ar mbanphátrúin naomhtha. An fad do bhí sí ar an saoghal sa adubhairt an t-aingiol Gaibriel go raibh sí lán do ghrásaibh, agus dar ndóith ní féidir nách mó ná sin do ghrásaibh atá aice a bhflathamhnas mar a bhfuil sí 'na (bainríoghain) ós cionn naomh agus banaomh an domhuin. As í Muire Bhaintiaighearna an eala ainglíghe, barra buadh' na bhflathas, banríoghuin na n-aingiol, crann soillse na Críostuígheachta, farrge na daonnachta, grianán na glóire, lonnra na spéire, (máthair) na maighdean míorbhuilleach, péarla na glóire, parrathas na Tríonnóide, réaltann eóluis na mbochtán, suaircios na mbaintreabhach, seómra séad na subháilc
tuile na ngrás. Atá an oiread ceana agus grádh' aigeá Mac féin, .i. Íosa Críost, ar Mhuire Bhaintiaighearna gurb ar a hathchuinge do-rin sé an chéad mhíorbhuil riamh, .i. an tan d'iompuig sé an t-uisge chum bheith ina fhíon. Agus ó bhí an Slánaighthóir cómh géilleamhuil sin di ar an saoghal so dar ndóith is mó ná sin an géille agus an urraim atá aige faoina cómhair a bhflathas Dé. Dá réir sin cuirmís ár n-ímpídhe agus ar n-athchuinge go minic chum na Maighdine glórmhuire guidhe go minic ar ár son chum Dé uilechómhachtaicc. Cuirmís sinn féin go minic ar a coimeád agus ar a coimeirce. Iarramaois a tréanchoghnamh
agus a taramuin. Ós cionn an uile ní déineamaois aithris ar a ciúnas, ar a ceannsacht, agus ar a carrthannacht, ar a húmhlacht, ar a gile, ar a gloine agus ar a geanmnuigheacht.
Cé peacach fá-ríor líonta go leór mé (do) láib, is mé ceangailte a cclí choimhthigh do dhóth do ghnáth, as dearbh nách fuighiod choidhche gan dóthchus bás is banaltra cíodh Rígh ghil na glóire am láimh.'
ORÁID TEINIS EAGNUIDHE. Adubhairt Teinis Eagnuidhe gur chóir labhairt ar na cheithre súbháilcibh cardinálta, .i. eagna, ceart, neart agus measardhacht. "Cosmhalann Saint Ambros", ar sise, "na cheithre subháilce so ris na cheithre haibhnnibh ghluaisios amach a parrathas talmhuidhe chum an mhachuire do fhliucha tímpchioll, a ccás, gi bé ríoghacht ar bith nó dúthig go ttiocfaidh iomadúmhlacht na subháilce so, go mbeith sí lán do gach aontoradh et do gach aonbhláth agus maise do rachadh chum glóire Dé agus tairbhe (an chine) daonna. Créad é an ní do chuir ímpireacht na Rómha a nglóire, a n-onóir et a ccumas ón ttaobh shoir don domhan go n-uig an ttaobh shiar, (ó éirghe) go luíghe gréine? Nách tréanchoghnamh agus torrthúlacht na subháilce seo, cómh (maith agus do) bheidís an oiread sin ribhéar ag cómhchruinnioghadh tuile mhór fhe
is puiblíghe na Rómhánach ar feadh mhórán don domhan agus do chéadaibh bliaghan? agus chum go mbeith a fhios aguibh créad é an sochar atá annsna (subháilcibh se), labhaireód ortha go particúlártha, agus an chéad uair ar an eagna. Bíodh a fhios aguibh gurab í an eagna tobar prionsabálta gach aonmhaithis (mhórálta) ar an adhbhar, más traibhléireacht nó eilire beatha an duine ar an saoghal sa, is
dearbhtha gurab í an eagna Lucifer agus Hesperus, .i. réaltann (na) maidne agus an tráth nóna, ar an adhbhar as í an eagna (ar stiúraightheóir) mar do bhiadh réiltean ghléigeal bhíos ar stiúradh ionar saidhbhrios agus ionar ndaibhrios cómh díreach deaghshiúrálta sin ná leigion sí dhúinn dul tar slíghe ná claona ar an láimh ndeis ná ar a' láimh cclí. Magna puellarum cum sit prudentia virtus, .i. "as í an eagna grádh na maighdean mbrághaidgheal ngléigeal". Is
reágha an ní naoidhean maighdine, - dá shúil a' lonnra go solasda. Is í an eagna chorruíghios agus lasas an dá lasair bheaga sin, ionnas ná bíonn acht éadan fuar ag an maighdin an uair bhíonn sí a n-éagmuis na heagna, agus bíonn a cúntanós agus
ághthacht doilbh dorcha an uair théid toibreacha na heagna a ndísg.
Gliocas is eagna thaithnnionn ré Dia na ngrás, seinnim na bpaidior, is salm 'na ndiaidh do ghnáth, fuirionn na heasba do fhreaguirt 's a riara tráth, congaibh ód dhalta ar feadh tamuill a mhian 's a ghrádh."
ÓRÁID MHONICA CHÓRACH. "As é an ceart", ar sise, "an dara súbháilce cháirdionálta noch leanas (an eagna mar) chaiptín a n-ardthur na toile a' tabhuirt (is) a' ministráil chirt agus (córa don) iomlán do na daoinibh. Is é an ceart chruinníghios na daoine farra
nglas iad a ngrádh agus a ccumann ré chéile, agus chongbhas a síothcháin iad. (Is é fós) an ceart síothcháin an phobuil, cosnamh na dúithe, daingion na ccinidheach, lúthgháir na ndaoine, suaimhnios na spéire, ceannsacht na fairrge agus torrthamhlacht an tailimh. Is ris an ribhéar ar a ttugthar Euphrates do chosmhalaidís
na sean
ceart do bhrígh, an ribhéar so an uair do sgeinn sí tar a portuibh ar na bántaibh, is cómhartha rath mhór do theacht ar na torrthaibh (é). Mar sin an ríoghacht
thar lé ceart, sealbhann sí gach aontsórd maithios puiblíghe. (Níl) aontsubháilce díobh is mó do-bheir tora uaithe ná an ceart do bhrígh gur mó an sochar do-ní sí do chách ná di féin agus leigionn sí a sochar féin a bhfaillíth ag tabhairt tosaig don mhaithios puiblídhe chómhchoitcheann. Atáid na subháilce seo cómh oirdheirc sin ná fuil aon-náisiún ná ríoghacht dá bharbarthacht ann gan cion mór agus meas do bheith ar an cceart. Agus fé mar dúbhairt an t-athair deaghlabhartha Rómhánach Cicero "idir na neithe macánta níl ní ar bith is uaisle ná carrthannacht an chine daonna noch atá 'na dúil intinne a cheart féin do thabhairt do gach aon, agus atá (ag) cosnamh cóimhthionóil na ndaoine farrana chéile go díreach agus go hiongantach, agus as é an ceart do-ní sin." Atá an oiread sin do chumas agus do bhrígh annsa cheart go n-abair an t-úghdar céadna "atá an ceart cómh láidir sin a ccás, na daoine beathuíghthior lé drochghníomharthuibh, nách féidir leó bheith beó gan cuid éigin don cheart do bheith ionnta". Agus ní hiongantach an ceart do bheith mar so do bhrígh nách fuil ann acht toil diongmhálta a chuid féin do thabhuirt do gach aonduine.
Congaibh an ceartus 'na sheasamh a ríaghail go brách, coimirc na haitheannta theagaisgid cliar is fáidh, cuirig a mheabhuir ghloin eagla Dia 's a ghrádh, 's ní thuit
ir a bpeaca na ccealg, a chriadhchurpáin."
ÓRÁID DHEABORA NÍ CHATHBHUADH'. "As é an neart", ar sí, "an treas subháilce cháirdionálta chuirios arm agus anam annsa cheart (agus annsna subháilcibh
eile) go léir, ag breith buadh' ar a namhuid agus ar eascáirdibh na subháilce eile, ar an adhbhar go mbíd saighdiúirídhe ollamh dochlaoite aige chum cabhartha,
, <.i. móir>íntinn, dóchus, sábháltacht, móraoiacht, diongmháltacht, foidhighne, fearamhlacht et coráiste, a gcás nách múchtar na subháilce so lé heagla agus ná bíonn ogmurtha le dánacht, acht go mbíonn 'na seasamh go neamheaglach dochorruighthe do
cóir duine neartmhar ná mórínntinneach do ghairm don té bhiadh (ar buile agus do)
adh feargach le beagán cúise, nó do-bhéaradh sgannuil uaig a n-aghaidh sganalach, ná olc a n-aghaidh uilc, acht is air is cóir duine furránta do ghairm don té bhíos ceannsa foighidneach deaghníomharthach ar an adhbhar gurab í an fhearg is luaimnidhe agus is mó do chorruígheas duine. Tar éis sin ní chuirionn ní ar bith buairt ná cathúghadh ar an neart, agus ní oibríghionn sí urchóid ar bith go bráth, acht do-ní sí úsáid do theasaoiacht an nirt chum buadh' ar gach aondainséar dá aoirde. (Níl) annsa neart acht cumas na híntinne ag troid ar son na súbháilcídhe go neamheaglach neamhchlaoidhte. As ris shamhalaid na seandaoine an fhearanntacht ré
mhá Phallas, bandia an ghliocais. Do phuindéalaidís ógh nó maighdean (agá) mbíodh corp teann láidir, móraighidh agus súile lonnracha, agus a cruth agus a cúntanós ní as mó fearamhuil ná banamhuil, agus clogad práis ar a ceann, agus lúithreach ar an ccuid eile dá corp, gai iona láimh dheis agus sgiaith iona láimh chlí ag cosaint mórbhuillídhe na namhad. Agus bíodh a fhios agad, a bhfuil d'fhuirm maighdine annsan íodhmhá so ceangailte lé móraoidheacht, go ttaisbeánann sé breadhthacht fhearamhail na súbháilcidhe eile go léir, agus lonnra baoghlach a hairm taisbeánann glóire shaighdiúra an nirt. As a láimh dheis chaithios Pallas an gai, agus léna láimh chlé chosnann sí í féin léna sgéith do bhrígh gurb móide an neart neithe cumasacha do dhéanamh agus d'fhulang. Gidheadh
is díomhaoin an gnó do dhuine síothcháin do dhéanamh lé stróinséiríbh leith amuich, muna ccoingmhidh a phaisiún agus a ainmhianna tá ann féin astig fó riaghail agus fó smacht. Is docair go gclaoifidh sé na heascairde bhíos 'na gcomharsanaibh aige muna smachtuíghionn sé an mhuinntior bhíos annsa mbaile aige, .i. a mhuinntior thíghe go léir, go suaimhnioch síothchánta. Is mór an (punc nirt agus) fearantacht buadhchan ar na hainmhiannaibh, ar na handúilibh agus ar na paisiúnaibh bhíos ag déanamh tretúireacht agus rebeliúntacht a n-aghaidh an résúin agus dlíghe Dé, mar deir an file: fortior est qui se quam fortissima vincit, .i. "as furránta an té (bhuaidheas agus), choisgionn (a) ainmhianna féin ná an té bhainios amach púirt agus cathracha."
Srian réad bhalluibh is smachtuig an fiaire feádh', iaghaidh do dhearca is ná peacuig lé stiaduibh stáid, ná hiarr mearradhacht cheannais a miannaibh árd', is triallfuig h'acfuinn tar Shampson is fianna Fáil."
ÓRÁID ÚGHNA MHODURTHA. "Gidheadh is í an mheasardhacht bhíos 'na dúiseacht ag stiúrúgh", ar sise, "mianna agus dúile na ndaoine agus dá ccongbháil ar an staid ccóir, ag fágháil na ndrochghníomhartha amach chum iad do mhúcha agus do dhíbirt mar chómharsanuibh cealgacha ó chathair an anma. Atá (a) fhios ag gach aonChríostuídhe gur gar do bhás spioradálta an anma an té sgaoileas a srían féin lé hanmhiannaibh na colla, ionnas muna múchtar agus muna ccurthar do leataoibh na haindúile sin, go mbiaidh an t-anam 'na sglámhuidhe ag an ccoluinn.
Gidheadh an té dhéanas cómhuirle an easboil coisgfidh sé anmhianna na colla. Mortificate membra vestra quae sunt super terram (Col.iii,5) "smachtuig do ghéaga atá tugtha do thalmhuídheacht", .i. anndúil na súl, anndúil na colla agus anuabhar na beatha. Riaghlathar iad sin leis an measardhacht iona bhfuilid mórán do cháilibh breághtha, ar an adhbhar do-ní an temperáltacht nó an mheasardhacht an duine foighneach spárálta, an duine suaimhneach modarálta, an duine náirioch ciúin, an duine tromuidhe náirioch. Coisgionn sí na hanmhianna. Ceannsuíghionn na dúile. Méaduighionn sí na mianna beannaighthe. Múchan na drochmhianna. Socruíghion sí an uile ní bhíos ar anordúghadh ar a' ttaobh astig. Neartuíghionn iad a n-uair socuir. Síorchuirionn sí smuainte beannaighthe. Cuirionn sí an íntinn chum suaimhnis, agus cosnann sí an t-anam ó stoirm na ndúbháilcídhe. Dá réir sin éisdig ré cómhuirle an fhile:
"Ná tréig flathas an anma ar chraos an chuirp, (is bí) go measardha, geanmnach, déarcathach; ní leat faice dá nglacuir don tsaoghal so an chuir, ach bheith dá amharc feadh sealuid mar thraochus muir.""
"A dheirbhsheathracha", adubhairt Úghna, "is í an fhírinne do labhradh libh go n-uige seo. (Iarraim agus athchuinghim) oruibh an fhírinne do leanmhain go brách ar an adhbhar nách fuil ní ar bith as treise ná an fhírinne. Magna est veritas et praevalet (III Esdr.iv,41) "is mór í an fhírinne et buadhann sí". Agus chum gur móide do ghráidhfidh sibh í is cóir do mhnaoi éigin (agaibh) labhuirt uirthe ar an adhbhar nách féidir lé duine grádh ná fuath do
aonní go mbiaidh a fhios aige cia hé, agus nách féidir linn fios aonní do bheith aguinn gan solas d'fhágháil air, do réir mar adeir an file: ignoti nulla cupido (Ov.A.A. 3, 397).
ÓRÁID AIBIGIL UCHTFHÍRINNEACH. Ann sin d'éirig Aibigil agus adubhairt go n-inneósadh sí féin an deifir do bhí idir thriúr ógánach do bhí ag feathamh ar rígh na Persia dá fhéachuin créad an ní budh treise do neithibh an domhuin. Adubhairt an chéad ógánach gurb é an fíon ní is treise ar bith. Adubhairt an dara duine gurb iad na mná ní as treise. Adubhairt an tríomhadh duine gurab é an rígh. Adubhairt an rígh féin gur threise an fhírinne ná iad sin go léir. Is amhla' do mheas an chéad ógánach díobh an duine do réir a' bheóanma lé n-a n-oiltior é, agus mar sin nách fuil oileamhuin ar bith is taosga shóinseálas agus mhalartuíghios an duine ná an fíon, do bhrígh go siúbhlann agus go ritheann ann gach aonbhall do chorp an duine nó go ttéid sé san inchinn, séata agus athsmuaineadh na híntleachta, t'réas sealbh do ghlaca a bpasáistibh na ccéadfa agus na ccómhacht go léir, a ccás gur treise an fíon ná an duine annsan iomlán. Is amhla' do mheas an fear eile aco an duine annsa mhéid gur ainmhídhe aireach nó mothuightheach é, agus mar sin adúbhairt sé gur threise na mná do bhrígh nách fuil dúil ar bith is mó chorrui
agus shladus beóchéadfa an duine ná dúil na mban, ar an adhbhar is ró-láidir tharngios breághthacht na mban grádh agus toil na bhfear, agus do bhrígh go bhfuil an grádh ar na dúilibh is treise annsa duine, go háirighthe má neartuíghthear é lé gnáthamh, gan amharas oibreóidh sé tíorántacht annsa duine cómh mór sin go gcuirfidh (an) duine ar a chumas féin. As amhla' do mheas ógánach eile díobh an duine san mhéid gurab ainmhídhe tuigsionach é, agus fé mar is í an dúil riaghla is neartmhuire san duine réasúnta tuigsionach, an té agá mbiaidh an riaghlúghadh agus an ceannas ós cionn chách, dá réir sin gurab é is treise ann, agus mar sin gurab é an rígh ní as treise ar bith.
Gidheadh adubhairt an rígh féin gur treise an fhírinne ná iad sin go léir. ("Níl amharas",) ar sé, "go mbíonn neart mór ag an bhfíon a ngéaguibh an chuirp. Bíonn mar an gcéadna neart mór ag breághthacht na mban a ccuid bheóanamamhail an duine. Bíonn neart mór ag an ndúil ríaghalta a séata an réasúin agus tuigsiona an duine. Gidheadh is é áit 'na ccuirionn an fhírinne a suidheachán a ccnocán árd aoibhinn na hintleachta mar a mbeirionn buadh ar an bhfíon, ar na mnáibh agus ar an rígh féin, (a ccás gurab í) ní is treise san domhan í.
Lé fírinne claoidhtior aicme na mbréag, lé fírinne chaoinid na deamhuin a bpéin, lé fírinne díoltar flathas Mhic Dé, is lé fírinne bhíodhgaid aingil is naomh. Biadh mé feasda a' seasamh gan cháim gan spéis, ag síorthúirt aire go daingion do bhreághthacht béas, cé bríghmhar blasda cealg is gáire an tsaoghail, is í an fhírinne mhairios a bhflathas go brách gan bhéim.
ÓRÁID EITHNE OGHMÚIL. Ann sin d'éir
g Eithne Óghmuil 'na seasamh agus adubhairt "A dheirbhsheathracha ionmhuin
, do-bheirim féin míle buídheachas, mola agus móronóir ré Dia na n-uilechómhacht tug do ghrásaibh dúinn an mhéid so do labhuirt, agus iarruim agus athchuingim oruibh go léir, agus ar gach aon fó leith (dhíbh), na dubháilcídhe ar ar labhradar an chuid eile dom dheirbhsheathrachaibh roimhe so do thréigion agus do sheachna, agus na súbháilcídhe agus na soghníomhartha do mheabhrúgh agus do leanamhuin, agus bhúr n-úrnaighthe do chur chum Dé na n-uilechómhacht sinn féin do choimeád ar staid na ngrás agus aitheannta Dé do choiméad go Críostúil, ionnas nách
déanfaimís aonní a smaoineamh, a mbréithir, ná a ngníomh do chuirfeadh fearg ar Dhia. et bíodh grádh díleas díograiseach aguibh do Dhia ós cionn an uile ní, ón bhur gcroidhe, ón bhur n-anam, agus ón bhúr n-íntinn go hiomlán, agus grádh bhúr ccomharsan mar sibh féin. Bíodh, a dheirbhsheathracha, urraim agus óghmós agus onóir (aguibh) don chléir, do na heasbogaibh, et do na sagartuibh, agus do gach aon eile dhíobh, agus go speisialta guidhe go dúthrachtach ag luíghe agus ag éirghe díbh do ló agus d'oidhche ar Dhia uilechómhachtach sláinte cuirp agus anma do thabhairt do Eóin Baisde Mac Sleidhn
, Easbog Chorcuídhe agus Chluana.
Mo léan go deó dá fhóguirt tar tuinn uainn réaltan eóluis treóra Chorcuídhe is Chluan', an diaghaire d'ól gach deóir don diadhacht go suairc, Phoenix Fódla is rós nár chríon lé fuacht.