Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Párliament na mBan

Title
Párliament na mBan
Author(s)
Ó Colmáin, Domhnall,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1767
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., l952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



CHUM AN ÓGÁIN UASAIL, MO DHEISGIOBAL GRÁDHACH
FÉIN .I. SÉAMUS ÓG MAC COITIR, AN RÉAMHRÁDH.



Más fíor an s<e>anfhocal do léaghthar san bFhraingcis nách
féidir d'aoineach ar domhan cúitiomh ná comaoine do
thabhairt do Dhia uilechomhachtach don oide múinte,
et don athair (agus don) mháth<air>, gan amhrus as ro-dhocair
díbh-se, a mhic ionmhuin, buídhiochas iomchubhaidh do
thabhairt don Airdrígh, ar an adhbhar nách lia dath ál<ainn>
aorach chíodhmaoid san mbogha leatha ionná cáile et
tréighthe óirdhearca do roinn leat an Mac míorbhuilleach.
Mar an ccéadna is deacair duit cúitiomh do thabhairt
dod t'athair et dod mháthair, do bhrígh a n-éagmais mórán
fearainn et tighearnais atá aco fád chomhair, tugadar
dhuid dlúithcheangailti a ngaol et a ccomhgus maithe agus
móruaisle Chóigi Mumhan, Chóige Ulaidh, Chóige Chonnacht,
et Chóige Laighion. A ttaobh do theagasgóiridhe, mise
mar aon díobh, do budh fhéidir go ttuigfeá féin le haimsir
gurab iomdha dúthraicht agus díograis do-riniosa chum srotha
léighinn, gaotha tréanfhóghlama, et lonnradh na ndeighbhéas
do dhortadh go duibheagánta ad t'inn<t>leacht.



Acht do-chíodhmaoid gur gnáith le húghdaraibh et le
hoideadha múinte tásgamhla beatha rígh nó riodaire nó
dhuine oirdheirc éigin do sgríobh chum a bheith mar
riaghuil, mar shompla, nó mar theagasg flatha agá
ndeisgioblaibh. et dá réir sin measaim gur chóir dhamh
féin aon díobh d'ainmnioghadh dhíbh-se mar riaghail.
et dar le daoinibh léirchiallacha ní riachtanus duit pátrún
tar th'athair féin chum a bheith agad mar sgáthán et
mar raoltan eóluis le haithris do dhéanamh ar a


L. 2


mhaithghníomhaibh, ar a mhóiréachtaibh, ar a ghean ag
luchda a ithneadh thall 's a bhus, agus chum gurbh usaide
dhuit sin do dhéanamh, sgríobh<f>ad féin duit ann so, do
réir mar do-chonnarc agus mar do-chuala, cuid dá
thuarusgbháil.



et ar ttús, más congnamh chum dul trí ghnóthaibh
saoghalta pearsa dheaghmhaiseach, do bhí agad t'athair-se
com cliabhláidir, corp cnámharrdhachta, croidhe cródha,
cuislionna calma, cunntonós cogamhuil, et seasamh soighdiúrtha.
Mar an ccéadna más tabharthas mór ó Dhia
cáile maithe anma, atá aige tuigsin tapa, breithnioghadh,
géirmheabhair mharthannach, ciall fhorasda, fuadar chum
tionnsgail, doibhreóighteacht chum saothair, furránttacht
a mbaoghal, dánacht a ndainséar, mórchródhacht a mbuaidhiorthaibh,
gliocas chum cosnaimh, et réimhfhéachuin chum
teilgion beart. Gidheadh do réir mar aitheantar gach
nduine ar a ghnódh et an abhall chubhra ar a toradh, ní
cás aithint nách foilleánach do-rine an soláthar sonuidhe,
et an saothar subháilceach atá féna chumas ó Abhainn Móir
go fairrge.



Más somholta do réir an tsaoghail greann et grádh do
thuilliomh et d'fhagháil ó righthibh et ó phrionnsadhaibh,
féach créad é an mhuinghin do bhí ag Rígh Cormac iona
lúith, ina mheisneach, et ionna chomhall, an tan do thug
sé ceandas et ordúghadh dhó gluaiseacht mar aon le beagán
buidhne a' tóruíghiocht an traotúra Laidhil et dá threasgairt,
gníomh nóch do-rine Séamus go háthusach a n-éiric et a
ndíoghaltas bháis Rígh Seárluis. et dá réir sin ní hé amháin
acht ní ceart d'éinneach a rádh ná a mheas gur murther
ná míghníomh traotúir fógartha do mharbhudh le hordúghadh
speisialta an rígh, acht fós is innmheasda gur
gníomh é cómh óirdhearc iondas, dar liom-sa agus dar le
heólchaibh eile, go madh chóra a leithéid do ghníomh do chur
a ccroinicibh a leitribh óir chum go ccluinfeadh gach geinealach
diaig a ndiaig fuil rígh nó prionnsa do tharrang nách
deachaidh saor le héinneach riamh gan troimdhíoghaltas.
Do bhí Rígh Saxon comh buidhioch sin don tseirbhís et


L. 3


don tí noch do-rine í, go ttug sé dó mar phrímhléid bheith
'na chaptaoin ionna ghárda féin, et pinnsi mór bliaghantamhuil
farrais sin; et ionna dhiaigh sin tug dhó bheith
'na ghabhairnéir ar na hoileánaibh; et an uair budh mhithid
le Séamus teacht ar ais dá dhúthaig, do-rin collector
geinearálta ar chíos an rígh san taobh so do Chóige Mumhan
de. Agus mar is gnáthach leis an tí ar a mbídh an sonus
ar maidin go mbiadh sé am thráth nóna a<i>r, féuchamaois
ar an ccion do bhí ag Rígh Séamus a<i>r tar éis bheith
farais féin a seacht ccathaibh a ccogadh na fairrge, et tar
éis bheith a mbualadh diúic Monmouth farrais, mar ar
iomchair Séamus é féin cómh g<alánta> sin go ndearna an
Rígh féin riodaire dhe. As é an nídh céadna thug dho
bheith 'na ghabhairnéir ar Chathair Chorcaídhe, et ionna
dhiaigh sin tug dhó bheith 'na bhrigidier et 'na chommander
ar na gairisiúnaibh foirmleacha go huile. Agus budh maith
an díol ar Shéamus na tiodail sin d'fhagháil ar an adhbhar
níor bhuige leis guth na cuaiche nó ceól cláirsidhe ná séide
na ttrumpaídhe, siotráil na bpléar, búirbhéicioch na ngunnadha
mór. Bíodh a fhiadhnaise sin ar lá Cheanna Tuirc
et lá Ghleannamhnach, mar ar thuitiodar mórán do chéadaibh
do phríomhlaochaibh coisighthe et marcshluagh a
namhad le gasdacht et le gnímhéachtaibh Shéamuis.



d'éis na seirbhíse sin do-rine sé san chogadh budh tairbheach
é san tsíothcháin. Acht gidheadh mar is gnáthach
leis na stormaibh tuitim et túirling go trom ar na cnocaibh
árda, as mar sin tugadar (sluagh na nGall) piasd a mbrollach
míorúntach ar Shéamus a ndóigh, an tí nách budh fhéidir
leó do leagadh le fórsa a n-arm, go cclaoifidís é le guileo
guairnéin dlíghe, et do chuireadar ocht bplé dhéag a
n-éinfheacht a<i>r do bhrígh go rabhadar siúrálta, dá ttigeadh
leó é sin do chlaoidh nó chiorrbhúghadh go mbeith rith
chinn ré fánaidh aco ar gach n-aon eile noch do bhí fá
airtioglaibh Luimníghe ar feadh na hÉirionn. Gidheadh


L. 4


mar is fairsing fortuigheach Dia ann gach cumhgrach, tug
sé croídhe et caráisti cruaidhmhisnigh do Shéamus lér
sheasaimh coimhthréan sin iona n-ághuidh gurbh éigion
dóibh d'éis mórán cosdais agus contrárdha do dhéanamh,
a seólta do stríocadh le masla agus le míodhchlú, mar adeir
an t-úghdar go n-ísligheann Dia lucht an uabhair agus na
hiomarca et go n-árduighionn an dream noch bhíos umhal
deaghchroidheach.



Agus gér mhaith sin níorbh fhear<r> é iná an oibliogáid agus
an chomaoine do chuir sé ar an náisiún Éirionnach so ar
son a ccreidimh, do bhrígh tar éis báis an Áirdeasboig
Braonáin, ní raibh aoneasbog Catoilice Rómhánach ar fud
na hÉirionn uile, nó go ttáinig Eóin Baisti Mac Sleidhne
tar fairrge, et an tan soin do bhí an aimsir comh buadhartha,
na heascáirde comh fuathmhar, et na hÉirionnaig cómh
tais comh laigbhríoghach sin go rabhadar faitchiosach fá
aoineasbog d'fhulang iná do bheith a' tathaidhe ionna
ttighthibh d'eagla go ccumfuidhe plot nó tréason orra, et
níor bhean sin do Shéamus feiste et fáilte do thabhairt don
cheann feadhna áirdchéimionnach sin na hEaglaise tuille
et trí bliadhna go prímhléideach, et eaglais Chóige Mumhan
agus mórán do na cóigeadhaibh eile do bheith ag triall go
laothamhuil agus ag teacht ag fiosrúghadh an easboig, ar
mhodh go mbíodh caibidil agus coimhthionóil gheinearálta
go minic aco a ccúirt Bhaile an Speire, iondas munadh
mbeith an teanna agus an tarmuin sin do-rine Séamus dóibh
go madh cruaidh don phréaláid óirdhearc fanamhuin san
náisiún.



Acht níor áirmheas ann so na mórchumaoin do chuir (ar)
an tteangadh nGaoidheilge ag bronnadh óir et airgid
d'éigsibh et d'aois téud nó ealádhan, et d'fhileadhaibh
foghlamtha, agus bíodh a fhiadhnaise sin ar an leabhar suathantais
noch atá le taisbéanadh, agus do-rineadh i n-onóir agus a
n-ádhmholadh an riodaire réamhráidhti, et nách mór gur
lia duilleóg ann ina déantús file nó fiorughdair, do bhrígh


L. 5


go madh miann leis an oiread sin do cheirtchleachta gnáth-uasal
na nÉirionnach bhfírfhial do chongmháil ar cuimhne
go mbeireadh fortacht Dé orrtha. et níor chúis iongantais
cion do bheith aige-sion ar órnáid an léighinn agus na liteardhachta
ar an adhbhar, an té noch is lia thuigionn don
fhoghluim, as leis as annsa a healádha. Tuigionn agus labhrann
Séamus a cúig nó a sé do theangthaibh go clisti, et níorbh
fhuláir do féin an t-eólas sin do bheith aige re linn a
thraibhléireacht ar feadh mórán bliadhan ar fud ríoghachta
na hEórpa.



Gidheadh do bhrígh go n-abair Pól Eapstal dá labhradh
neach teanga na ndaoine et na n-aingiol, muna mbeith
carthannacht aige, nách fiú nád é, féachamaois créad í (an)
charthannacht et an déarcamhlacht atá ann dá ghaol et dá
chomhgus, do chill et do thuaith, agus go sonnradhach do
dhaoinibh uaisle bochta, noch do-chuaidh chum righeachtanuis
tré dhíothchur a ccairde. As mór é, et ní gábhadh
dhamh-sa an nídh atá follas ag an ndúthaig do chraobhsgaoile
ann so. Gidheadh cuirfiod a ccuimhne gníomh
daonnacht noch do-chonarc féin aige dá dhéanamh nách
fuil a fhios ag puinn eile, et nách cuala-sa a leithéid ná a
choimhmeas do theacht ó aoineach riamh acht ó Mhártan
naomhtha amháin.



Re linn an chogaidh dhéighionaig si noch do bhí aguinn,
tarlaidh gur gabhadh mórán Frangcach láimh re hEóchuill,
agus tarluidh duine aco sin (measaim gurbh é a cceand
urra) ar Shéamus lá seaca agus siodarghaoithe, agus gan
d'éadach a<i>r acht seincheirte. Gidheadh d'aithin an
riodaire gan mhoill ar a iomchar et ar a úrlabhradh gur
dhuine suathantais é, ní budh mó iná an cómhchoitchionn.
Do ghlac Séamus truaighmhéil dó, et tug leis chum an
bhaile é. Do bhean dhe an éagculaith, et do bhean de féin
an t-éadach deaghmhaiseach do bhí ar a chorp céillidhe
crutháluinn féin, et tug don aimhriochtach uasal é, noch


L. 6


do bhí a ccrothaibh báis le hiomad fuachta agus fíreasba. Ó!
an fíoraon fialchroidheach! Ó! an tabharthas carthannach!
Ó! an gníomh grásamhuil! Do bhí Mártan 'na shaighdiúir.
Gidheadh ceann urraid soighdiúiridhe do budh eadh Séamus.
Leath a chlóca thug Mártan naomhtha don bhochtán.
Gidheadh thug Séamus bia, airgiod, agus an chulaith iomlán
don phríosúnach. et más do dhruím na déarca úd do
thaisbéin an Slánaightheóir é féin do Mhártan an oidhche
budh ghoire dhó, dom thuigsin as cóir a mheas sul a
ttiocfa<i>dh oídhche an bháis ar Shéamus, go bfhaghaidh sé
taisbéana grinn et grása ó Íosa Críosd. et ó tá sin mar
sin, cia nách déarfadh gurab é Séamus an mac is feirrde
fine, díonaightheóir na cléire, cosantóir na héigse, ciorrbhaightheóir
na meirleach, crann bagair a ghaolta, cara na
mbochtán, teanna na lorán, leasaightheóir na ndanán, onóir
a dhúthaidhe, cosantóir gach pongc dlighe, et gaisgeadhach
na bprionnsaidhe.



Sin agad, a mhic m'ochta, eisiomláir agus sompla chum
línntídhe do bheatha do tharrang dá réir. Sin agad sgáthán
chum tú féin do cheartúghadh dá réir. Sin agad puínntidhe
an chompáis chum stiúrthóireachd do dhénamh ort féin tré
mhuir mhailísig an tsaoghuil se coimh réimdhírioch sin go
madh heól duit tréas na subháilcídhe ar a ttráchtann an
leabhar so do leanmhuin, et na dubháilceadha do sheachna
agus do thréigion, chum dul a ttír gan bhéim gan bhasgadh
gan bhaoghal a ccuan agus a ccalaphort na glóire síorrdhaidhe
a radharc Dé agus a ccomhluadur na n-aingiol, noch ghuídhim
duit óm chroídhe et óm anam.



Do sheirbhíseach biothbhuan go bás, .i. Domhnald Ó Colmáin.


L. 7


B 1723ls 18T
Párliament na mBan thráchtas
ar na dúbháilcibh do sheachna agus do
thréigion agus ar na súbháilcibh do leanmhuin
agus do ghnáthamh, noch do thosonuig
agus do chriochnuig Dómhnall Ó Colmáin annsa
mbliaghuin 1670.



CHUM NA <B>PÁTRÚN.

Ar phátrúnaibh sagart, a leabhair bhig, triall a ttráth,
an dá Chonchúbhar is Mleachluinn, is mo charaid-se
Uilliam go brách;
atáid piocúil sa teangain so is glacaid go dian mo pháirt,
is tá clúmhail duit, measaim-se, a ttaramain d'iarraidh
ghnáth.


L. 8



CHUM AN LÉIGHTHEÓRA AN RÉIMHRÁDH.



Is tearc aonobair dá fheabhas ná faghaibh fodhuine éigin
locht uirthe, agus as iad na daoine is lúgha do-ní aonobair
mhaith lé n-a gnáthach tarcuisne agus toighbhéim do thabhairt
d'oibreachaibh eile. Ní bhfuil amharas gurab ro-shuarach
símplíghe thosanuíghios an beagán bréithre so. Gidheadh,
a léightheóir, más í do thoil iad do léaghadh ar fad go
deire, dob fhéidir go ccuirfiodh do choinnsias d'fhiachaibh
ort taithnneamh agus adhmhola do thabhuirt dóibh ní as
mó ná mar is dóith leat.



Atáim admhálach nách fuil fuirm sgríobhnneóra agam
annsa nGaoidheilg ná aní ar a ttugthar Orthographia, faoi
mar do bhiadh ag daoinibh seanaimsiortha ná mar dob
oireamhnach dhamh, do bhrígh nách léna sgríobh ná léna
léigheamh do chaithios aimsior. Agus dá mbiadh a fhios agad
luíghead na haimsire chathas réna tabhairt chum na gairbhchríche
so, dob fhéidir go mbiadh iongantas ort a beith
annsa bhf<u>irm mhísgiamhaicc so féin. Agus má bhíonn sé
d'aimsir ná d'fhoighnne agad na briathra so atá 'san leabhrán
do léigheadh go mbainfidh tú sochar nó somhaoin asda, ní
bhfuil aoinní agam-sa dá iarraidh ort ar son mo shaothair
acht guídhe do dhénamh ar do sheirbhísioch dílios tré
dhíograis, .i.



Dómhnall Ó Colmáin.


L. 9


(PÁRLIAMENT NA MBAN)



Annsa mbliaghuin 1697 do bhádar annsa ríoghacht so na
hÉirionn (dias ós cionn a deich is fiche) do bhaintighearnaibh
uaisle, onóireacha, críonna, céillighe, disgréideach<a>, deagh-shomplacha,
deaghbharúlacha do chuir aithne ar a chéile
cómh mór sin ionnas go raibh an oiread sin do choimhcheangal
grádh', páirte, díograis, cumainn agus lánmhuíntearthais
eatortha nárbh fhéidir iad do sgaradh ó amharc ná ó
chómhluadar a chéile, go háirighthe nu<air do bhíodh trácht>
<ar> neithibh do bhaineadh ré creidiomh, nó ré coinsias, nó
re haoinní eile do rachadh chum sochair nó chum fóghnaimh
don mhathas puiblíghe.



Tárladar na baintiagharnaidhe réamhráidhte si ar a chéile
lá d'áirighthe cuinne do bhí eatortha a cCathair Chorcuíghe.
(Is é ní) ar a dtángadar an lá sin seanaid nó párliament
ban do chur 'na shuíghe a n-áit éigin don ríoghacht. Agus
chuige sin do dhéanamh agus do thabhairt chum críche, do
mheasadar nárbh oireamhnach an párliament so do bheith
aco a ccathair ná a mbaile mhór ar bith. et dá réir sin
adúbhradar go madh fearr dhóibh cúirt mhór bhreádh
oirdheirc do chur dá déanamh annsa dúthaicc amuith, a
n-áit árd aorach aoibhinn a bhfad ó na catharachuibh.



(Do bhádar na) baintighearnaoí sin ró-shaidhbhir, lán
d'ór agus d'airgiod, a ccás gur chuireadar saoir chruinn et
chloch agus lucht oibre eile ag tógbháil na cúirte sin. Agus as é
áit ionar tógbhadh í, ar mullach an Charragáin Mhóir ar
bruach Ghleanna Maighir. Agus an uair do bhí an chúirt
críochnuighthe agus a bhfeiste astig agus amuith déanta, do
cuireadh teachta ann gach conntae d'Éirinn dá fhógradh do
na mnáibh budh tuigsionuíghe, chríonna, líomhtha, chéillíghe


L. 10


dá raibh ann teacht chum an Phárliament, agus bheith ag an
ccúirt réamhráighte so an deachmhodh lá do Mheithiobh
annsa mbliaghuin 1697.



Tángadar ann chúig céad bean áluinn oirdheirc, agus ar
suíghe dhá mathaibh ar an mbinse d'fhógair an clamaire
ciúnas do dhéanamh trí huaire. Ann sin d'éirig an chéad
bhaintiarna dhíobh dárbh ainm Fionnuala Ní Stannganéifeacht
'na seasamh, agus do labhuir <do bhréithr>ibh
foisdineacha fáigeamhla an oráid so ann so síos.



ÓRÁID FHIONNÚALA NÍ STANGANÉIFEACHT ANN SO



'Iarraim agus athchuingim ar an tTríonnóid ró-naomhtha agus
ar Mhuire Bhaintighearna, Máthair na ngrás, sruth séin,
suaircis, socrachta, suaimhnis agus síothchána do thuitim anuas
oraibh ó thobar beannaighthe fhlathamhnuis a n-íntleacht,
a ccroidhthibh, agus a n-anmannaibh gacha mná dá ttáinig
chum an Phárliment so. A dheirbhsheachracha ionmhuine,
do-chím agus aithníghim ar chúntanós, ar lúthgháir, agus ar
shoilbhriocht iona bhfuiltí, go n-oibreóidh Dia uile-chómhachtach
a ccroidhe agus a n-íntinn gach aonmhná díbh dá
bhfuil ann so do láthair gan aonní do smuaineadh, do
labhairt, ná d'oibriúghadh, acht an ní do rachadh chum
mórdhacht, sochair agus onóra an mhaithis puiblíghe agus Phárliament
na mBan.



Measuim go bhfuil a fhios aguibh go cómhchoitcheann
gur leigeamuir mórán dár n-aimsir thoruinn gan ní ar
bith do thionsgna do-dhéanadh seirbhís dúinne, agus sin ag
tréigion an uile ghnótha agus maithis puiblíghe, ag fanamhuin
go cónaightheach annsa mbaile, ag tabhairt aire dár ccoigíl
agus dár maide sníghe, agus fós nách maith annsa mbaile féin
mórán aguinn. Agus is é cúis fó bhfuilmíd mar seo, do bhrígh


L. 11


nách fuil meadhón ná riaghlacha ar bith aguinn do stiúr<f>adh
sinn chum na neithe budh riachtanas dúinn do dhéanamh
chum ar sochair.



Do-cítear díbh go léir go mbíd a ccómharluíghe agus a
ccómhthionóil ag na fearaibh go laothamhuil ag déanamh
a ngnótha, agus ag tabhairt aire do gach ní bhainios riu féin,
a ccás, an uair bhíd siad a' trácht oruinne, gurab amhlaidh
bhímaoid mar chathamh aimsire, mar chompráid, nó mar
stoc maguig aco do ló agus d'oidhche. Agus fós ní admhuid siad
gurab daoine sinn ar aonchor ar bith, acht gur créatúiríghe
sinn do cruthaigheadh a n-aghaidh nádúra, agus nách fuil
ionainn acht malum necessarium, .i. "drochní is riachtanas
do bheith ann."



Dá bhrígh sin féacham go taithicioch agus go díthchiollach
créad is cóir dúinn do dhéanamh do chum an mhaithis
puiblíghe do chur ar aghaidh, agus chum críche maith<e> do
chur ar ár bPárliament. Iarraidh ar Dhia coghnamh do
thabhuirt díbh-se mar iarraim-se leis na bréithribh so:




Iarruim ar Íosa Críost do crochadh a ccrann
Muire agus naoimh go ttíghid ionar bhfochair a n-am,
go ccluinid na tíortha tímpchioll solus na cceann
chuirfios lé díograis a ngníomhartha follas don dream.'




ÓRÁID CHAITRÍONA NÍ CHOSARASAIR ANN SO SÍOS.



An uair chríochnuig Fionnuala an óráid sin, do labhair
Caitríona Ní Chosairasair, Baintighearna Chnuic an tSoluis,
agus adubhairt nách raibh suaimhnios ná síothcháin ann aonáit
riamh acht mar a mbeidís mórán cómharluídhe agus cómhthionól,
ionnas mar d'fhág an rígh ró-eólgasach sgríobhtha
aguinn annsna bréithribh so ibi salus ubi multa consilia
(Prov.xi,14), .i. "mar a mbíonn mórán cómhuirlíghe is
ann do bhíos an tsábháil."



'Atá a fhios aguibh go mbíd a ccómharlíghe ag an ccléir,
ag na righthibh, ag na prionnsaoibh, et ag na soighdiúiríbh,


L. 12


agus fós bíd cómhthionóil ag na créatúiribh neamhréasúnta
féin, mar táid na beacha agus na seangáin, a ccás gur sinne,
na mná, go haonracánach do bhreis ar chréatúiribh an
domhuin ná hoirionn dá chéile lé mórán do chéaduibh
bliaghan. Dá bhrígh sin cuirig bhúr n-úrnaighthe chum
Dé sibh do stiúradh ar an slíghe ccóir, et chum soluis do
thabhairt díbh gan aoinní do dhéanamh contrárdha ris an
ccreidiomh ná leis an maithios puiblíghe.



Is fírinneach nách ní nua atá aguinn dá thionsguin, ar
an adhbhar go bhfuil míle agus trí chéad bliadhain ó d'fhógair
ímpire oirdheirc árdchéimeach, .i. Heliogabulus, cómhairle
gheinearálta do bheith agá mháthair dárbh ainm Augusta,
anna mbeidís mná go léir gan aonfhear, agus adúbhairt an
t-ímpire céadna nár chóra d'fhearaibh seanáid nó cómhuirle
chómhchoitcheann do bheith aco chum labhartha ar a
ngnóthaibh puiblíghe ná do na mnáibh párliament do
bheith aco leó féin chum trácht ar ghnóthaibh cómhchoitcheann'
na mban.



Ar an adhbhar sin déanam ár ndíthchioll ar an seanáid
úd d'fhógair an t-ímpire mór úd d'athnuachadh annois go
críochnúil do réir toile Dé, agus faoi mar ghuídhim-si dhíbh óm
chroidhe, óm íntinn, óm aigne agus óm anam. Agus iarruim
oruibh go léir, agus ar gach pearsain díbh, bhúr ndóthchas do
chur annsa Tríonnóid mar chuirim-se, ag iarraidh

Sonuis agus séain agus braon ó fhlathas na ngrás
annbhúr mullach go léir go léim' ó bhathas go trácht;
cuirig i n-éifeacht chéille do Bhanba bhúr ccáil,
agus bhúr ccumas do chlaona féachaig feasda nách tráth.'




ÓRÁID SHEILGÉAIN NÍ CHOTHROMCHIRT.



Ann sin do labhuir Seilgéan Ní Chothromchirt, Baintighearna
Dúna an Réightig, et adúbhairt nár chóir dhóibh


L. 13


eagla ná faitchíos do bheith ortha a ttaoibh na mbriathar
do labharas Pól Easbol, mar a n-abair sé nách cóir do
mhnaoi ar bith labhairt a ccómhthionól puiblíghe, 'óir is
ar an Eagluis labhrann sé, .i. an áit mar a mbíd fir agus mná
a n-aoinfheacht farra chéile, agus ní cómhthionól don tsórd sin
é so aguinne, acht cómhchruinniúghadh ban go haonracánach.
agus dá réir sin is cóir agus as ceart dúinn labhairt ar na
gnóthaibh bhainios rinn féin ionnar bPárliament. Agus ní
dlíghe ná ceart ná coinnsias toirmiosg ná crasdáil do chur
oruinn a ttaobh gnáthamh agus úsáid do dhéanamh do na
géagaibh agus do na balluibh budh toil lé Dia do thabhairt
dúinn. Agus is do na balluibh sin an teanga, a ccás, muna
ttugthaoi cead labhartha dhúinn, nách déanfaidís ár tteangtha
sochar ná seirbhís dúinn. Atáim dearbhtha nách
caoine, líomhtha, ghéire, léire teangtha na bhfear ná ar
tteangtha féin, agus go bhfuil gotha agus glór aguinn cómh maith
riu, acht amháin gur gairbhe glór na bhfear agus mar sin gur
cosmhuile iad ré hasaluibh ná sinne.



Tar gach ní is cóir dúinn trácht ar ár ngnóthaibh leis
an oiread tromachúise agus móraoise, ionnas nách biaidh cúis ag
na fearaibh cóimhthionóil ná gearrachómhairle ná aonainm
eile uirísiol mhímhacánta do ghairm ná do thabhairt ortha
ná ar ár bPárliament, fé mar is gnáthach leó bheith ag
daorlabhairt agus ag fonómhad faoinar ngnóthaibh. Gidheadh
dá mbiadh sé ceadathach aguinne labhairt ar chómhthionól
na bhfear nó a mheas fé mar bhíd, gan amharas do-cífídhe
mórán díobh ní as measa ná cómhthionól na mban. Do-chímaoid
prionnsuíghe re cian do bhliaghnuibh a ccoga ré
chéile. Bíd fós na díaghairíghe, na sagairt, agus an pobal a
n-imreas go minic. Agus fós bíonn gleó idir chathair agus cathair,
idir chómharsain agus cómharsain, ar chor nách bíonn suaimhnios
ná síothcháin eatortha, a ccás, dá madh chúinne do
stiúróthaoi cumas agus riaghla na ng<n>ótha go léir, is dearbh
go mbeidís ní sa shocra agus ní as síothchánta ná mar táid.


L. 14


agus do shúil ré Dia go gcuirfeadh an Párliament so riaghlacha
diongmhálta síos, críochnuíghim leis na bréithribh seo:

Cothram is ceart is blas lé séan go leór
ar phobal na mban ar feadh an tsaogail mhóir;
is cosmhuil go ccasann maithios Dé 's a ghlóir
oruinn go seasguir, is glacam é go cóir.'




ÓRÁID SHORCHA NÍ MHÓIRCHREIDIMH ANN SO.



Mar as taosga do chuir an bhaintighearna sin deire léna
cómhrádh, do thosnuidh Soracha Ní Mhórchreidimh, Baintiaighearna
na Carruige, agus adúbhairt gurbh fhéidir ná
raibh sé oireamhnach ná dleaghthach don mhacántacht budh
chóir do mhnáibh bheith ionta labhairt go trom ar chómhuirle
nó ar phárliament na bhfear, agus fós amadántacht do
chur 'na leith.



'Gidheadh meabharamaois na focail atá ag Solamh mh<a>c
Dáibhí annsa 13 caibidil do na seanfhocalaibh inter superbos
semper iurgia sunt; qui autem agunt omnia cum consilio
reguntur sapientia (Prov.xiii,10), .i. "bíonn ceannurraic
<go comh>nathach idir na daoinibh uaibhreacha; gidheadh
na daoine do-ní a ngnótha lé comhairle do riaghlathar lé
heagna agus le gliocas iad." Agus chum ná biaidh mise ní sa shia
dobhúr ccongmháil lé bréithribh, féacham cionnas chuirfiom
gach aonní ar aghuidh fé mar is cóir, agus fé mar iarruim-se
leis na bréithribh so:




Teagasg gan bhéim a é do chanaim-se dhíbh;
Paidior is Cré inbhúr mbéal bíodh aguibh-si shíor;
sgaipig an déirc gach láo go carthannach caoin;
is aithionnta Dé ná raobuig; fanaig go mín.'


L. 15



ÓRÁID MHUIRR<I>NN LÁIDIR.



Ann sin táinig Murr<i>nn Lánláidir, Baintighearna an
Chaisleáin Ghairbh, agus adubhairt gurabh é céad ní ar ar
chóir trácht 'riaghlacha do dhéanamh chuir<f>ios a ttuigsin
dúinn cia hiad na mná glacfar annsa Phárliament, agus cia hiad
nách glacfar ann.'



Agus as é céad acht párliament do-rineadar agus d'órduigheadar
gan aonógh ná maighdionn do ghlaca ná do bheith ann,
'do bhrígh go labheórthar ar mhórán do ghnóthaibh ann
nárbh iomchubhaidh go cclois<f>idís maighdeana iad.'
d'órduígheadar agus do-rineadar acht eile ionar chrosadar ar
mhnáibh do bhiadh pósda cheithre huaire, agus ar na mnáibh
do rachadh tar deich mbliadhna agus trí fithchid d'aois, teacht
do láthair an Phárliament. Do-rineadar acht eile párliment
gan aonbhean do labhuirt go borb ná go mímhacánta ar a
fear annsa Phárliament.



Do bhí bean annteann san bPárliament, agus as é budh ainm
di Mór Ní Uallacháin. Agus ar cclos na riaghle déidheanaighe
sin do-rineadh di (is é adubhairt): "Créad nách biadh cead
aguinne labhairt ar ár bhfearaibh ann so ionár bPárliment
féin, ar an adhbhar nách biadh na fir a n-aonáit nách
labhraid oruinne. An uair bhíos Flathartach, an fear so
agam-sa," ar sí, "ar féasda nó a n-aonchómhluadar eile,
innisionn sé créad do-ní sé riom-sa san oidhche, agus fós cuirionn
sé mórán bréag orm."



Gidheadh adúbhairt Murr<i>nn lé gan ní sa mhó do
labhuirt, agus go ndeárna sí féin rann dóibh.




"Gníomhartha cóir trí dhóchus daingean a Críost;
cuinníghidh próis is póit ón an<a>m do shíor;
bhúr ndlíghe mar shómpla fóiriodh d'fhearaibh sa tír,
's an brísde fós lé heólas bainfiom-na díobh."


L. 16



ORÁID RÁIGHNIT STACABOL, BAINTIGHEARNA ÁRD
NA GRÉINE.



Ann sin do labhair Raighnit Stacabol, agus adubhairt 'Dá
n-admhamaois an fhírinne as ó na fearaibh thig móraoidheacht
agus onóir chuguinn, agus má bheirmíd easmuilte dóibh ní
féidir linn gan bheith mímhacánta. Agus tar cheann go bhfuil
mórán d'adhbhar canntluibh agus gearáin aguinn, tar éis sin dá
bhféachtaoi trom na nithe go léir, is feárr an gléas agus an
staid 'na bhfuilmíd ná na fir, ar an adhbhar gurab éigion
do na fearaibh dul ar muir agus ar tír, agus a bhfionntar a mbáis
agus a mbeatha, ag déanamh saláthair chum iad féin agus sinne do
chothúghadh. Agus a n-aimsir an choga is éigion dóibh bheith
ollamh ar an ccéad bhuille dhrum, agus bheith 'na seasamh
annsa machuire do ló agus d'oidhche léna n-arm ag troid léna
namhuid, an uair bhímaoid-ne annsa mbaile go sábhálta.
agus más ní do-níd siad a ccoinne an dlíghe, is daor cruagálach
an pionós beirthior dhóibh, agus spáráltar sinne. Agus a n-éagmuis
so is aguinne atá fir mhatha do dhéanamh agus do bheith
aguinn, agus as aguinne atá teist mhaith do chur ortha nó
drochtheist do chur ortha, agus dá réir sin críochnuíghim leis
na bréithribh seo:




Mo chómhuirle gabhuidh, a ghasra phríomhdhúthchuis,
do phórfhuil Bhanba sealbhuicc caoindúthracht,
do nósaibh malluighthe aguibh-se bíodh diúlta,
is tabhruidh aire do theagasguibh naoimhúghdar.'




ÓRÁID MHÁIRE MHILISBHRÉITHIR.
Ann sin do labhair Máire Mhilisbhréithir, Baintighearna
Chnuic na Meala, et adúbhairt gur mhithid dóibh socrúgha
do chur ar a' bPárliment, agus a chur a bhfuirm et a
n-ordúghadh, ionnas nách imeóchadh ortha mar imthíghios
go minic ar righthibh agus ar mhórán cómhthionól eile do bhíos


L. 17


ag ceannarraic lé chéile trí mhí sul do shuíghid siad. Iar
sin do-rineadar na baintighearnaoi riaghlacha eatortha féin
tosach do thabhairt do na baintighearnaoi dob onóirídhe,
chum gach aonmhná díobh do labhuirt do réir a honóra
agus a seandacht, ionnas, mar sin, go mbiadh fios <a h>ionaid
ag gach aonbhaintighearnain annsan Phárliament.



"Annois as cóir dhúinn cóimhthionól na mban <g>cómhchoitcheann
do shocrúghadh, agus eatortha sin as iad an chuid
díobh as mó bhéaras do chloinn as cóir do chur ar tosach,
agus más ionnanas bhéarfaid siad do chloinn, bíodh tosach
ag an mnaoi is sine díobh. Agus suidheadh na baintighearnacha
eatortha má tá clann aco nó má bhí. Bíodh an treas ionnad
ag na mnáibh bhias pósda nách rug clann fós, agus an t-ionnad
déaghnach ag na mnáibh neamhthorthamhla ná beirionn
clann."



"Agus créad do-dhéanam ris na mnáibh bhíos ag fagháil
neithe mar gheall ar a ccorp?" do rádh Nóra Ní Mhaddaoi.
Adúbhairt Máire Ní Mhilisbhréithir nách leigfidís aonbhean
don tsórd sin eatortha ná iona measg, ar eagla go salóchadh
sí an chuid eile do na mnáibh go léir.



Agus do chum nách biadh drochmheas ar an bPáirliment,
cuiriom gach aonní a n-órdúghadh faoi mar is dlightheach,
agus toghfamaoid bainchléireach do chuirfios síos gach ní ar
a ttiocfam do dhéanamh."



Ann sin d'órduígheadar gan aonbhean do labhuirt aonfhocail
nó go n-iarraighthaoi uirthe é; agus aonbhean do
labheóradh gan chead í sin do chur as a' bPárliament, agus
fíneáil do chur uirthe. Agus aonbhean do-dhéanadh craobhsgaoileadh
ar aonní dá ccuirfiom a ccrích annsa chómhuirle
so, a congbháil ó labhuirt go cionn trí mí, agus fíneáil chúig
bponnt do chur uirthe."



Ann sin adúbhradar gur mhithid dóibh labhuirt ar nithibh


L. 18


do bhain<f>iodh réna mórdhacht, agus gur chuid mhaith dá
mórdhacht coiméad do bheith aco modh éaduicc do bheith
aco agus do chur iompa.



"Ní bhfuil amharas gur gúnnaoi párliament is cóir dúinn
do bheith oruinn ann so. Gidheadh a ttaobh na n-éaduíghe
eile budh chóir dúinn do chur oruinn, do léigeamar an modh
éaduicc a bhfaillíth go mór, ionnas gurab ar éigin aitheantar
bean onórach ná uasal tar chaile brón, ná maighdion tar
mhnaoi phósda, ná baintreach nó bean mhacánta tar mhnaoi
mhímhacánta, ar mhodh gur chailleadar a náire cómh mór
sin go ccuirionn gach aonbhean dá uirísle gach éadach dá
onóiridhe uirthe má fhiadann. Do-chímíd caile na brón ag
cur síoda agus sróill, cailimenco agus lásao<i> óir agus airgid uirthe,
agus a fear annsa mbaile (ag) fuadh bhróg, nó fós a' grafa.
Ní ghabhuid siad chúcha gan a meóira do bheith trom le
fáighnníbh óir agus clocha uaisle, agus bráisléid ómra et cuiréid,
agus éaduíghe ceinn 'na seasamh suas ar mullach a n-éadin,
faoi mar bhíos ar mhnáibh uaisle onóireacha, an uair budh
chóir dóibh bheith sásda lé haonlása amháin síoda, nó lé
bóirdréis do bheith tímpchioll a ccótaoi lastíos, a ccás go
ttig dá olc d'éaduighibh onóireacha do bheith ar mhnáibh
uirísle. An chéad ní luígh<eadai>ghthear a ccosdas agus a
substaint. An dara ní cuirthior modh na honóra ar gcúlaibh.
Ní hé amháin, ní ghabhuid cuid do na mnáibh cóimhchoitcheann'
gan gach aonchómhartha onóireach is féidir leó do
bheith aco, ionnas, má fhuilingmaoid na nithe úd, nách
bia aonchómhartha onóra aguinn do bhreis ortha súd.




Beannuíghim sgéimh gheal bhéithe measardha nglan,
malluíghim tréanchean sgléipe chaitior le seal,
smachtuíghim féithe a' bhéil 's a' teanga atá mear,
is achtaoim féin gan aonbhean do labhuirt gan chead."


L. 19



ORÁID ANNA NÍ CHIARRAMHÁIN.



Ann sin táinig Anna Ní Chiarramháin, Baintiaighearna
Ghleainn an tSuaimhnis, (agus adubhairt): "Is orainn féin
is cóir dhúinn milléan na ng<n>ótha so go léir do bheith, léna
mhionacacht do mhalartaoimaoid éadach, ar an adhbhar
nách fuil aontsórd éaduicc dá ccuirmaoid oruinn nách bíonn
gan fuireach ag an <g>cóimhchoitionn. Óir an uair do
chuirid mná uaisle onóireacha línéadach 'na sheasamh suas
ós cionn chlár a n-éadain ina mbíonn leathbhannlá ar faid,
ní túisge chíd na mná cómhchoitionn' an t-éadach so ná
chuirid a leithéid ortha féin. An uair beárrthar ár ngruag,
bearraid sion a ngruag féin. An uair leigmíd ár mbrollach
agus ár ccíocha leis, nó an uair chuirmíd frínsíghe ré ár n-éadach,
nó an uair chuirmíd spotuíghe dúbha ar ar n-aighthe, gan
mhoill do-níd an cómhchoiteann aithris oruinn. Má chíd
siad lucht feithimh aguinn, biaid a leighthéidí aco féin gan
mhoill. Má chíd cuisithe ag tógbháil ár ngúnnaoi, ní stadaid
go mbíd cuisithe aco féin ag tógbháil a róbuídhe don taoibh
tsiar.



As iad na mná onóireacha do bhainiodh beannughadh lé
póig roimhe so. Annois an chuid aco dá mbíonn blath na
ccroicionn ortha, rithid siad chum póige do thabhairt
d'aonmhnaoi dá onóiríghe. Agus fós measuim dá ndéanamaois
cucóil dár bhfearaibh go ndéanaidís aithris oruinn. Ní
bhfuil fós modh ná meadhón dá chongbháil a sacrament
an phósda, ar an adhbhar go bpósann duine uasal bean
uirísiol, agus fear uirísiol bean uasal, ionnas gur Hybridae, .i.
clann leathuasal, tig uatha.




Má curthar srían lé miannaibh anshásda
maitior fíacha is pianta temporálta,
do-gheabhthar ó Dhia do riaghlas mná breátha
ainm cheart, dhiadha, chiallmhar, mhacánta."


L. 20



ÓRÁID MHARARÉAD NÍ CHARÚLÁIN.
Ann sin do labhuir Mararéad Ní Charúláin, Baintiaighearna
Dúna an Toirbhirt, agus adubhairt mar an ccéadna 'nách
fuil aontsórd datha dá onóirídhe chíd na mná comhchoiteann'
nách cuirid ar a n-éaduíghibh é, an uair budh chóir dóibh
bheith sásda lé duileasg crann nó cloch, nó lé coirt, nó lé
dubh poill, nó dath eile don tsórd sin do chur ortha, agus gach
aonghné datha onóiríghe d'fhágbháil ag na mnáibh onóireacha
et ag na mnáibh uaisle.



Agus fós ní bhíonn modh ná meadhón eadruinn, an uair
bhímaoid ar féasda ná a ccóimhthionól puiblíghe, ar an
adhbhar go mbíonn bean bhoduicc nó bhathlaicc cómh dána
sin go suíghionn sí agus go ngluaisionn sí roimh mhnaoi bhíos
uasal a ttaobh athar agus máthar agus a ttáinig roimpe riamh,
ar son má bhíonn lóchán beag saidhbhris aice. Dá bhrígh
sin atá an ní féin dá chur a ttuigsin dúinn staidiúidí agus
riaghlacha diongmhálta do dhéanamh tímpchioll na neithe
so, agus as usaide dhúinn sin do dhéanamh, do bhrígh gurab
leis an ccinéal banamhuil bhainios na gnótha so."



Ann sin do-rineadar acht párliament gan cead do bheith
ag aonmhnaoi chómhchoitionn aonéadach do chur uirthe do
bhiadh a ccosmhalacht lucht faisin, iná a ndath ná a
saidhbhrios ré héaduíghibh na mban uasal. Do-rineadar
acht eile ionar órduígheadar gach aonbhean agá mbeith triúr
(cloinne) annsa phobul chómhchoitionn, inghion díobh do
chur lé táilliúireacht nó lé fioghdóireacht, nó lé céird éigin
eile, do chum go madh usaide dóibh a mbeatha do thabhairt
chum tíre agus maithios puiblíghe na mban do mhéadúghadh
agus do chothúghadh. Do-rineadar acht eile párliament iona
ttugadar riaghla agus stiúradh (chloinne) mac na mban onóireach
agus na mban uasal dá n-aithreachaibh; agus d'órduigheadar
a cclann inghion do bheith faoina smacht féin. Agus is mar


L. 21


sin do chríochnuígheadar an céad lá don Phárliment. Agus do
ghabh Margréad an rann so:




"A bhflathas ('s) a réim biam féin go clisde gan mhoill;
ceannas gach aonread bhéarfam fuinte dar ccloinn;
na bainionnuig aerach' léaghfuid cruinnios gach slíghe;
is uireasba an léighinn gurab é ár gcine do mhíll."




ÓRÁID SHAIDHBH NÍ CHOSCORTHA, BAINTIAIGHEARNA
GHLEANNA MAIGHIR.



Do chruinnígheadar an dara lá, agus as í céad bhean do
labhuir Saidhbh Ní Choscortha, Baintighearna Ghleanna
Maighir, agus adúbhairt gur léigeadar na fir an léigheann a
bhfaillíth cómh mór sin, 'ionnas nách fuil tora ná beann
aco air annsa ríoghacht so na hÉirionn, do bhrígh gur
taithnníghe lé clannaibh daoine uaisle aontsórd compráid
nó caithiomh aimsire ná aire do thabhairt do leabhuiruibh.



agus is dearbhtha gurab é cúis agus adhbhar don náisiún so
bheith go bocht agus cónathach a ccoga, do bhrígh nách cuirid
na daoine uaisle a cclann lé foghluim mar budh cúibheidh agus
budh cóir dóibh a dhéanamh, ar an adhbhar gur mór a'
neart do ríoghacht ar bith daoine uaisle saidhbhre cumusacha
do bheith foghlamtha go maith. Agus ó táid ár cclann inghion
faoinar smacht féin anois, féacham créad as cóir dúinn do
dhéanamh riú."



Ann sin do-rineadar riaghail phárliament, a cclann inghion
go léir do chur ar sgoil nó go mbeidís dá bhliaghain déag
d'aois, agus ann sin gi bé aco budh géire inntleacht, a leigion
ar a haghuidh annsna seacht n-ealadhna liberálta, .i. annsa
ghraiméar, annsa retoric, annsa bhfallsamh, annsan airitmeitic,
annsan astrolaoiacht, (ansa geometry), agus annsa
bhfiligheacht.


L. 22


"agus ar n-a dhéanamh so dhóibh, tiucfam", ar Sadhbh, "lé
haimsir chum bheith ní as foghlamtha ná na fir".



Do-rineadar acht eile párliament inar órduígheadar a
cclann inghion do chur lé diadhacht, lé dlíghe, agus lé leighios
d'fhoghluim, an uair do bheidís oireamhnach chuige.



"Atáim deimhneach", ar an bhaintighearna sin, "go
ttiocfam chum úghdarráis puiblíghe do bheith aguinn lé
haimsir, do bhrígh na riaghlach so do-rineamair. An uair
chífid na fir an cinéal bannda ag buadh ortha a bhfoghluim
agus a n-eólas, dob fhéidir go nglacfadh náire iad agus tnúth ré
dul ar a n-aghuidh annsa bhfoghluim, nó muna nglacadh
biaidh an t-úghdarrás puiblíghe go léir ar ár ccumas féin.
agus fós is cóir dúinn casaoid do dhéanamh ris na fearaibh,
noch do chuirios ó gach aonúghdarrás puiblíghe sinn, agus go
ndéinid féin gach uile ní faoi mar as toil léo féin a dhéanamh."



Ann sin d'órduígheadar riaghail phárliament, úghdarrás
agus máighistireacht do bheith ag na fearaibh ar ghnóthaibh
puiblíghe, agus cúram do dhéanamh do neithibh bhainios ré
coga go ceann deich mbliaghan, nó go ttiocfaidís a cclann
inghion chum bheith tuigsionach agus foghlamtha go maith.
agus tímpchioll na haimsire sin adúbhradar go bhfaic<f>idís cia
hé an taobh ar ar chóir armas na mban do chur, ar an
ttaobh ndeas nó ar an ttaobh cclé, agus fós go bhfaic<f>idís cia
aco ar arbh fhearr do naoi an brísde, .i. na fir nó na mná.



D'órduígheadar mar an ccéadna úghdarrás puiblíghe do
bheith aco féin tímpchioll an uile ní ar a' ttaobh astig
d'fhallaoibh, leith 'muich d'arm. Agus mar sin, tar éis críche
do chur ar a raibh do ghnóthaibh agus do riaghlachaibh párliament
aco an lá sin, agus tar éis fógairt dóibh bheith ag an
ccúirt ar a deich do chlog ar n-a mháireach, tug Sadhbh
an chómhairle so dhóibh:




"Bíodh caoinios inbhúr ccroidhe-si agus carthannacht naomh,
bíodh díogras inbhúr n-íntinn is beanaightheacht béas,


L. 23


bhúr ngníomhartha go ttígh libh gan bhasga gan bhéim,
is bhur n-ínntleacht ná mílltior lé rachmus an
tsaoghail."




ORÁID EILÍNÓIR BHINNGHLÓRACH.
An treas lá do shuígheadar d'éirig bean aosda oirdheirc
onóireach dárbh ainm Eilinóir Bhinnghlórach, Baintiaighearna
Chaisleáin an tSuaimhnis, agus adubhairt leó dá madh
maith leó (deighchrích) do chur ar an bPárliament agus ar
gach ní dá labheóraidís ann, nárbh fhuláir (dhóibh) a
n-urnaighthe go díograiseach dúthrachtach do chur chum
Dé na n-uile chómhacht iad do chur ar staid na ngrás, agus
na dúbháilcíghe go léir do thréigion, agus na súbháilcíghe do
(mheabhrúghadh) agus do leanmhuin go díreach.



Agus chum sin do dhéanamh is riachtanas díbh a fhios do
bheith agaibh cionnas is cóir na húrnaighthe do dhéanamh.
Agus, a dheirbhsheachracha ionmhuine et a chlann mo chroidhe,
tugaidh aire go díthchiollach do na bréithribh is miann liom
do labhairt ribh do láthair.



An uair bhiaidh sibh ar úrnaighthibh is cóir díbh bhúr
n-íntinn d'éadromúghadh agus do thógbháil suas chum Dé, do
bhrígh go bhfuilid trí neithe is riachtanas dúinn do thuigsin
tímchioll na n-úrnaighthe, .i. cionnas as cóir dhúinn a
ndéanamh, cia hiad do héisdear annsna (hurnaighthibh), agus
créad iad na neithe chuirios toirmiosg ortha.



A' chéad uair, as cóir do na hurnaighthibh bheith úmhal
gan bheith uaibhreach, do bhrígh go mbí cion mór aig Dia
ar urnaighthibh na ndaoine bhíos úmhal, agus nách tarcaisníghios
sé iad, fé mar labhras an Psailmchiallach humilium
et mansuetorum semper tibi placuit deprecatio (Iud.ix,16); et


L. 24


go n-abuir duine d'áirighthe a mbeatha na n-aithreach
naomhtha gur bhaineadar bithiúinig de urnaighthe do
dhéanamh ar an adhbhar an uair smuainios an bithiúnach
ar an ndrochní do-rin sé, agus go bhfaicionn sé an pionós ina
chóir, iarrann agus athchuingion sé trócaire lé sile na ndeór,
le doilghios, agus lé combrúghadh croidhe, do bhrígh go bhfuil
a fhios aige go bhfuil sé féin cionntach. Is mar sin budh
chóir don duine aithrígheach úrnaightheach a lochtaíghe
féin do thaisbéanadh agus do chraobhsgaoileadh do Dhia
uilechómhachtach, ionnas go (ccorródhadh) agus go músglógh
é chum trócaire agus truaghmhéile do thabhairt dó. Agus fé
mar bhíd na daoine bochta ann gach aonáit ró-úmhal ag
iarraidh dhéarca ar na daoinibh saidhbhre, (sin) mar is
cóir do na peacachaibh coghnamh d'iarraidh ar Dhia ina
n-úrnaighthibh.



Is cóir do na húrnaighthibh bheith deisgréideach, do
bhrígh go n-iarraid mórán go neamhdheisgréideach, (agus) dá
bhrígh sin ní bhfuighid siad a n-athchuiníghe. Amhuil mar
do bhí dias mhac Zebideus, dár athchuinneadar (air) duine
aco do shuighe ar a láimh dheis agus duine eile ar a láimh
(chlí). Adubhairt leó nách raibh a fhios aco créad do
bhí aco dá iarraidh. Nó mar d'iarr Pól corrúgha agus cealg
na colla do dhíbirt uaidh féin, agus gurb é freagra fuair sé
sufficit tibi gratia mea (II Cor.xii,9), "ní beag duit mo
ghrása." Nó má iarrann duine aonphinnin amháin ar a
dhuine muintiorgha, agus gur fithche ponnt bhéarfas an duine
muinteardha dhó, is cosmhuil nách faibh sé diúlta. Mar
an ccéadna má iarrann duine onóir, saidhbhrios, nó sláinte
ar Dhia, dob fhéidir nách iad sin do-bhéaradh Dia dhó
ach ní budh mó agus dob fhearr, faoi mar thig chum críche
do bhuachaillíbh beaga annsa sgoil d'athchuingios go minic
gan gabháil ortha, agus fá dheóig go mbuailtior iad do bhrígh
gurb é is fearra dhóibh. Agus fé mar deir St. Auguistin "an
uair d'iarrfa sibh na neithe do mholas agus d'fhógrus díbh, ann
sin biaidh an urnaighthe dlightheach agus do-bhéar-sa dhíbh


L. 25


bhúr n-athchuinge; gidheadh an uair d'iarrfuídhe (neithe)
tiomperálta nó aimsiortha le modh agus lé heagla, ar choinghiol
is cóir díbh a n-iarraidh," .i. más sochar díbh a bhfágháil
go ttiúbhraidh Dia dhíbh iad, agus más dochar díbh a bhfágháil
go ccuinneóidh sé uaibh iad; ar an adhbhar gurb ag an
liaig bhíos fios créad an ní dhéanadh sochar nó dochar
don othar, agus nách ag an othar féin.



As cóir mar an ccéadna na húrnuighthe bheith teasuíghe,
ar an adhbhar cómh maith agus do chuirios teasuígheacht na
teine d'fhiachuibh ar an uisge éirghe suas annsa chrocán,
is mar (sin) thógbhas teasuígheacht an ghrádh' na húrnaighe
suas chum Dé uilechómhachtaicc; agus comh maith agus dá
ccurthaoi tine a' dóith túise, gan mhoill éirghionn an deatach
suas, is mar sin éirghid na húrnaighthe déintear le teasuígheacht
carthannachta suas chum Dé; nó mar imthíghios
an tsoíd caithtior lé neart suas, sin mar théid na húrnaighthe
déantar le gol agus le caoi do láthair Dé. Ar an adhbhar, na
húrnaighthe do-ní duine gan é féin do thiomnúghadh lé
díogras do Dhia, sunt quasi mugitus boum, .i. "níl ionnta
acht mar do bhiadh géimreach bó", ionnas nách déin
gearán an bhéil tarbha don úrnaightheach má bhíonn an
croidhe balbh nó 'na chodla. Dá bhrígh sin an uair do
bheighmíd do láthair Dé, is cóir dúinn bheith a' gol agus a'
caoi ar son ár bpeacuíghe léar thuilleamair pianta ifrinn.



As cóir do na húrnaighthibh bheith aireach ionnas go
ttuigfeadh (an) duine (iad) agus go ttiúbhradh aire dhóibh
faoi mar deir Peaduir vigilate in orationibus ne anima cogitet
praeter illud quod precatur (I Petr.iv,7), .i. "bíg ionbhúr
ndúiseacht annsna húrnaighthibh do chum nách smuain<f>iodh
bhúr n-íntinn ar aonní ach orra sin". Farais sin
bíodh bhúr ccroidhe glan sgiúrálta ó na peacuidhibh. Ní
thaitneócha mias bhídh lé rígh ná lé prionnsa, dá fheabhas
do bhiadh sí, muna ccuirthí a soitheach ghlan í, mar an
ccéadna dá ttaithniodh ré Dia na húrnaighthe thig ó chroidhe


L. 26


agus ó bhéal shalach. Nó dá mbiadh fíon agad, dar ndóith
ní chuirfeá a (ccornn) tsalach é; gan amharas budh chóir
duit an (corn) do ghlana ní as (taosga) ná chuirfeá an fíon
ann. Mar sin cionnas chreidios tú go ttiúbhraidh Dia a
ghrása dod húrnaighthibh-si agus do chroidhe salach. Ante
orationem praepara animam tuam (Eccli.xviii,23), .i. "ollaimh
t'anam roimh na húrnaighthibh", agus is ionann sin agus é
ghlana.



As cóir fós na húrnaighthe go cónatha bheith gan faillíth,
óir do-chítí go tteithid na bitheamhnaicc ó na daoinibh
bhíos 'na ndúiseacht, agus go ngoidid siad ón dream bhíos 'na
ccodla. Is mar sin theithionn an diabhal roimh na daoinibh
bhíos ('na ndúiseacht) annsna húrnaighthibh. Vigilate
et orate ne intretis in tentationem (Matth.xxvi,41), "déinig
faire agus úrnaighthe chum gan tuitim a ttemptásion." Is
cóir dhíbh bheith a' guídhe go comhnaghthach, agus gan iad
do leigion a bhfaillíth go brách. Oportet semper orare et
non deficere (Luc.xviii,1), "ná léigidh sgiathlúireach na
deaghuídhe a bhfaillíth an cian do bheithí a ttrioblóid agus
a dtreabhluid an tsaoghail so."




d'úrnaighthibh bíodh dúthchus is fuinniomh ad
chroidhe;
is í an úmhlacht do stiúrfaig chuige sin sínn;
bíodh sgrúda agus cúram aguibh chum guídhe,
is dábhúr ccumhdach biaidh dúthracht is taramuin
Chríost.




Agus, a dheirbhsheachracha (ionmhuine), atáid mórán
neithe chuirios tuirmiusg ar na húrnaighthibh. An chéad
ní gan iad do dhéanamh a n-aimsir oireamhnach. An dara
ní buairt an diabhail. An treas ní toirmiosg an pheaca.
An ceathramhadh ní fuath nó miosgais. An cúigmeadh ní
neamhdhiadhacht mhalluighthe. An 6. ní neamhdhiadhacht
don té bhíos ar úrnaighthibh.


L. 27


An chéad toirmiosg gan úrnaighthe do dhéanamh i
n-aimsir (oireamhnaigh) fé mar diúltar déirc ar dhuine
bhocht ar uairibh do bhrígh nách iarrann sé í a dtráth
ná san aimsir budh chóir dó a hiarraidh. Agus is í aimsior na
ngrás an aimsir thaitneas lé Dia chum an úrnaighthe
d'éisteacht.



An dara toirmiosg buairt an diabhail noch chuirios mórán
do dhrochsmuainte annsna húrnaighthibh go ró-mhinic, a
ccás go ccuirid na smuainte salacha tora agus millseacht na
n-úrnaighthe ar ccúlaibh, ionnas gur cóir do gach aon na
drochsmuainte salacha do dhíbirt óna chroidhe agus óna intinn,
(agus) é féin do chosaint ortha.



An treas toirmiosg an peaca; .i. an uair bhíos duine
lán do pheacadhaibh agus a chloidheamh nochtuighthe aige ag
iarraidh síothchána ar Dhia, agus íntinn aige aithfhille ar an
bpeaca, ní éistig Dia réna athchuinidhe do bhrígh go bhfuil
sé 'na thretúir ar a' ttaobh amuith do dhlighe Dé.



An ceathramhadh toirmeasg fuath nó miosguis. Cum
stabitis ad orandum dimittite si quid habetis adversus aliquem
(Marc.xi,25), "an uair thiocfuíghe chum úrnaighthe,
maithig má tá fuath aguibh d'aonneach" ar an adhbhar,
fé mar ná déin an leighios maith ar bith an feadh bhíos
an cloidheamh sáite annsa chneadh, is mar sin nách déinid
na hurnaighthe maith don té agá mbíonn cloidheamh nó
soíd na miosgaise anna chroidhe aige. Maith don chomharsain
do-ní olc duit, agus fuaisgeóltar ód pheacadhaibh tu.



An cúigmheadh toirmiosg neamhthruaghmhéil agus neamh-charthannacht,
go háirithe do na daoinibh bochta, ar an
adhbhar, an té stopas a chluas do chum nách cluinfeadh sé
gárrtha na mbocht, biaidh sé a' gárrtha agus ní héistfuíghear
é. Qui obturat aurem suam ad clamorem pauperum, ipse
clamabit et non exaudietur (Prov.xxi,13).



An seiseadh toirmiosg beagchreidiomh an té bhíos ar
úrnaighthibh an uair budh chóir dhó bheith gan aonamharas
ina chreideamh. Indignus est caelesti benedictione qui eam


L. 28


dubio quaerit assertu (Aug.), .i. "an té bhíos amharaistioch
iona aigne ní fiú é beannocht Dé d'fhágháil", ar an adhbhar
nách comhairleóch sé féin a hiarra muna mbiadh a thoil féin
chuige chum a tabhartha duit. Dá bhrígh sin ní hiongantach
dá mbeith náire oraibh ar son bhúr ndíomhaoinis agus bhur
ndrochchreidimh ar an adhbhar gur mó is fonn lé Dia do
thabhairt dúinn ná is fonn linne d'iarraidh air.



Annois foillseód na daoine aigeárab fiú iad d'éisteacht
annsa chúirt ainglíghe. Agus as iad céad daoine héistear inte
na boicht agus na daoine anacracha, ar an adhbhar go n-éisdeann
Dia na daoine matha bochta agus nách tugthar éisteacht do
na daoinibh uaibhreacha saidhbhir' a (bhflaitheamhnas),
do bhrígh go bhfuil sé aco ar an saoghal so. An dara dream
éistear (i) bhflathamhnas na daoine ceannsa, .i. an dream
mhaithios gach éagcóir gus olc dá ndéintear ortha óna ccroidhe
agus óna n-anam. An treas dream an bhuíghion bhíos a' gol
agus ag caoi, ar an adhbhar go n-abair Dia féin audivi orationem
tuam et vidi lacrymam tuam (IV Reg.xx,5, Isai.xxxviii,5),
"do-chuala h'úrnaighthe agus do-chonnarc do dheóra", ar an
adhbhar, an deóir, gur guth é a ccluais Dé; agus mar deir an
Salmchiallach, Dáth Rígh, auribus percipe lacrymas meas
(Psalm.xxxviii,13), "glac mo dheóra ad chluasaibh"; nó
mar as éigion don mháthair an ní bhíos ag an mac dá
iarraidh uirthe do thabhairt dó an uair do-chí sí a' gol é.
An ceathramhadh dream na daoine déarcamhla do-bheirios
arán do na bochtánaibh do réir a n-acfuinne. An uair
sgreaduid na daoine so ar Dhia, éisdeann sé riú, agus an uair
ghlaodhaid air freagrann iad, agus adéarfaidh sé "Atáim ann
so, do bhrígh gurab ionmhuin liom na daoine truaghmhéiliocha".
An cúigmhadh dream na daoine bhíos glan
ina ccroidhe, ar an adhbhar do-ní Dia ionad suighte dhó
féin agus teampoll don Sbiorad Naomh do na croidhthibh glana
sgiumartha. An seisiodh dream na daoine bhíos úmhal, do
bhrígh, an té d'adhras agus d'onóras Dia lé húmhalchroidhe,
go n-éisdeann sé é. An seachtmhadh dream na daoine agá


L. 29


mbíonn grádh aco do Dhia, ar an adhbhar, an té ghrádhas
Dia, seachnann sé gach aontslíghe chuirios fearg ar Dhia,
agus dá bhrígh sin congbhann sé é féin ó na peacadhaibh, agus
mar sin éisdear é.



Do-chualabhuir annois, a dheirbhsheathracha ionmhuine,
cionnas is cóir dhíbh úrnaighthe do dhéanamh, agus créad iad
na neithe chuirios toirmiosg ortha, agus cia hiad do héisdear
agus nách héisdear ionnta. Agus chum go mbiaidh fuirm aithríghe
agus úrnaighe aguibh, d'oibrig Dia mise chum beagán cómhuirle
agus úrnaighthe do chur síos ann so.




Lóchán gaoithe an saoigh<ea>l so; a rath ná pós;
cómhrádh caoin gach naoimh (ghil) glac mar stór;
brónpháis Chríost do chaoine is math an nós;
's go mbia do chroidhe gan bhrígh, gan phreab, gan
ghlór.'




Ó, (a) Thiaighearna mhórthrócairig agus a Shlánaighthóir
Íosa Críost, (chum moladh) agus móronóir t'ainme ró-naomhtha,
agus tusa, a Mhuire, a Mháthair na ngrás, (a
Mhaighdean) mhíorbhúilleach, chum méadúghadh do
ghraduim agus do ghlóire, chum onóra m'aingil chuimhdeachta,
Mhíthchíl Naomhtha, Ghaibriel Naomhtha, Raphael Naomhtha,
agus mo phátrún naomhtha, agus chum naomh agus bannaomh
an domhuin, agus chum na sbioraidi naomhtha atá a bhflathamhnas,
chum áirdchéim' a lúthgháire agus a nglóire, mise, an
peacach ro-mhór, ro-bhocht so atá ag adhradh agus ag úmhlúgh
dhuit, a Thiaighearna Dia, agus lé hiomad óghmóis ag tabhairt
buídheachuis neamhchoimsig duit ar son do thabharthaise
agus do thíodhlaice go léir, et go háirighthe ar son do charthannachta


L. 30


do-innstionna, lé n-ar chuiris t'aonMhac féin
anuas ó fhlathamhnas don ghleann so na ndeór chum
sinne do shaora agus do shábháil, a Thighearna neaimhe agus
talmhan, moluim agus móruim h'ainm shíorghlórmhar ar son
mórnaomhthacht do cholla daonna agus beartha do Mhic
mhíorbhúillig, ar son a theagaisg agus a sheanmóra, ar son a
bháis agus a pháise, ar son a aiséirghe agus a dhul ar neamh.



Do-bheirim óm chroidhe agus óm anam gach aon bhuígheachus
is dual agus is féidir leam a thabhairt duit ar son
mistéirí agus míorbhúillí do chuirp agus t'fhola ró-uaisle an sacrament
naomhtha na haltóra lé n-a n-oiltior agus lé n-a nglantar
agus lé n-a naomhthar sinn, agus lé ndéintear ar n-anmanna páirteach
leis na huile ghrásaibh agus beannaghthacht sbioradálta. Do-<bheirim>
óm chroidhe agus óm íntinn buídheachas ro-mhór
duit, do bhrígh gurab é do thoil me d'ionladh agus do ghlana
lé sacrament an bhaistídhe, mise an lán duirrnn do chréafóig
et do neamhní, agus tar éis sin go ttugais me a n-aimsir
oireamhnuig chum creidimh fhírinnigh, agus nár leigis a
bhfaillíth gan é mhéadúghadh ionnam go laothamhuil
maille ré múine agus teagasg na hEagluise naomhtha.



Do-bheirim mar an ccéadna buidheachas mór duit do
bhrígh gur choithís me a mbiadh agus a n-éadach óm chliabhán
go n-uige seo, ag tabhairt gach uile ní dhamh chum mo
chorpáin do chothúghadh. Moluim agus móraim do naomhainm
do bhrígh gur spárálais me léad ghrásaibh go (dtí) annois,
agus mé go mailíseach ag tuitim a mórán peacuídhe, agus tusa
go foighneach ag feitheamh ream nó go ndúiseóighthí mé
maille réad ghrásaibh ó (chodladh) an pheaca, agus go ttiocfainn
tar ais óm dhíomhaoineas agus óm chursaíbh malluighthe.
Óir dá roinnfeá liom faoi mar do thuillios é, is fada roimhe
so do bhiadh m'anam caillte, nó fós do shloigfioch poll
daoigáin ifrinn mé am beathaig. Ar son na ngrás et na
ttiodhlaice so go léir, iarruim agus athchuingim ort lé díogras
mo chroidhe agus le húmhlacht m'anma, m'intinn d'fhairsingiúdh
go laethamhuil chum ní is (mó do mholadh agus


L. 31


do) bhuidheachas do thabhuirt duit ná thugas go n-uige
so.



Ó, a Thiaighearna (agus a Athair) naomhtha na ngrás, ná
fág me ar mo chumas féin, acht cuir srian do (naoimheagla)
am béal do ghnáth chum mé do chongbháil ar a' ttaobh
astig do chompás t'úmhlaoidheachta, ionnas nách biadh
eagla aonní annsa tsaoghal so oruinn ní sa mhó ná cathúghadh
do chur orrt-sa a n-aonchás ar bith, agus chum na
críche so bíodh do ghrádh naomhtha ceannsa neamhbhuabhartha
(dár saoradh ar na buaidhrimh agus ar) an temptásion
thiocfas orainn, óir atá a fhios agad go bhfuilim sochlaoidhte
soibhrisde uaim féin, agus nách fuil acht neamhní am neart.



A n-éagmuis so, (a) Athair mhórghrásaig, athchuingim
ort lé húmhlacht neamhchoimsioch h'Aonmhic Íosa Críost
go madh deónach leat mise, do sheirbhíseach, do choiméad
ó gach aontsórd uabhair íntinne agus ó ghlóire dhíomhaoin, ó
mhearrgántacht agus ó neamhúmhlacht, ó chealg agus ó mhailís.
Athchuingim mar an ccéadna, a Thiaighearna, díbir uaim
spirid na faillíthe agus na brocuigheachta, spioraid na leisge
agus na tromaoigheachta, spioraid na miosgaise agus na mailíse,
spioraid an fhuatha agus an drochmheasda, ionnas nách diomolfuinn
aonchréatúir dod chréatúiríbh, agus nách cuirfinn me
féin roimh aonchréatúir eile, acht beagmheas do bheith
orm féin agus meas mór ar chách.



(A) Athair naomhtha, clúdaig me lé héadach pósda do
Mhic ghrádhaig, lé súbháilcibh diadha na naomhcharthannachta,
do chum go ngrádhfuinn tú, a Thiaighearna, ós cionn
an uile ní leam chroidhe go léir, leam neart, agus leam anam
go léir, agus nách sgarfadh bás ná beatha, saidhbhrios ná
daidhbhrios, sláinte ná easláinte, ná aonní ar bith eile me
réad ghrádh dílios go brách. Athchuingim ort an dúil
bhíos agam a neithibh soghluaisde an tsaoghail so do chur


L. 32


a leataoibh uaim, ionnas gur duit féin go haonracánach
bhéarfas m'anam taithnniomh.



Ó, a Thiaighearna atá lán do ghrásaibh, tabhair dod
tseirbhíseach féin croidhe úmhal combrúite agus tuigsin bhias
i ccómhnuíghe cúramach tímpchioll smuainte neamhdha, agus
toil díograisioch go brách chum maithiosa, dúil chalma
cheannsa, agus coiméad aireach do bheith agam ar mo chéadfa
corpordha, ionnas tríche sin nách rachadh aonpheaca asteach
am anam. Cuir srían láidir ar mo theangain ionnas nách
tiocfadh aonchómhrádh borb ná mímhacánta as mo bhéal,
agus ná labheórfainn go holc ná go heasmuilteach ar aonneach
go brách, agus nách biainn cúramach timchioll lochtaoi chách
agus drochghníomhartha daoine eile, acht aire do thabhuirt
go hiomlán chum mé féin do leasúghadh.



Athchuingim ort arís, a Thiaighearna ro-ghráidh, an fad
chuinneóthar mé annsa phríosún so mo chuirp, a bheith
mar chompórd agam an uair do bheinn sgurtha ó gach
aonchúram saoghalta iodhbairt iomlán do dhéanamh díom
féin chum do sheirbhíse agus aire go haonaránach do thabhairt
dod theagasg naomhtha, go madh deónathach leat, a
Thiaighearna, uaire uaigneacha mo bheatha do chaitheamh
annsna hoibreachuibh milse so lé fíordhóchas críoch mhaith
do chur ar dheire mo shaoghail.



A Shlánaightheóir an chine daonna, iarruim agus athchuingim
ort, an tan sgarfas an t-anam ris an ccorpán mbocht so, tar
éis aithríghe fhírinneach do dhéanamh agus súbháilcídhe
sacrament na hEagluise naomhtha do ghlaca, má d'áireamh
a measg na n-anam naomhtha, do shúil, maille ré luadhacht
do pháise agus do bháis, go bhfaghainn dul a radharc na
Tríonnóide, an tAtha<i>r, an Mac, 's a' Sbiorad Naomh,
dárb dóibh bheirid créatúiríghe neimhe agus talmhan mola agus
móronóir ré saoghal na saoghal. Amen.



Agus chum gur móide thuigfeach sibh brígh na n-úrnaighthe,
críochnuíghim leis na bréithribh seo:


L. 33



Lé húrnaighthibh múchtar fearg Mhic Dé;
lé húrnaighthibh fúigthear an t-anam gan bhéim;
lé húrnaighthibh múintior maithios gach béas;
is lé húrnaighthibh músgaltar aingil is naoimh.'




Ann sin do-rineadar acht párliament na húrnaighthe seo
do rádh do gach aonmhnaoi aco gach aonmhaidion agus gach
aontráth nóna réna mbeatha. d'órduígheadar mar an
ccéadna a chur d'fhiachuibh ar a ccloinn an fhuirm chéanna
úrnaighthe do rádh ar maidin agus um thráth nóna.



ORÁID EILÉAN NÍ FHLATHARTA ALIAS
UMHALCHROIDHEACH.



Do bhí bean eile aosda onóireach annsa Phárliament
dárbh ainm Eiléan Ní Fhlatharta, Baintiaighearna Dhúna
Deaghradhairc, agus adubhairt nách raibh aontslíghe ná
meadhón aco dob fhearr dóibh chum dul ar a n-aghaidh
ann gach ní do chuirfidís riompa ná na dúbháilcíghe go
léir, agus go speisialta na peacuídhe marbhthacha, do thréigion.
An dara ní na súbháilcidhe do leanmhuin agus do ghnáthamh.



"Ionnas go mbiadh a fhios aguibh, a dheirbhsheathracha,
créad an díoghbháil do-ní na seacht bpeaca marbhthacha,
.i. uabhar, saint, drúis, craos, leisge, fearg agus formad, tar
cheann go bhfuilim brúite, aosda, ar bheagán neairt,
labheórad díbh ortha, agus cuirfiod (i n-umhail) díbh créad
an dochur mór do-níd. Agus ar ttús labheórad ar an uabhar.



Níl annsan uabhar, a dheirbhsheathracha, acht iomarca
grádh' do bheith ag duine dho féin et dá mhóraoiacht, agus is
iomdha olc agus urchóid do-ní sé do dhuine, ar an adhbhar go
líonann an mórmheas so bhíos ag duine air féin do pheacadhaibh
é, agus go samhaltar ris an ndiabhal é, dá chur féin ós


L. 34


cionn daoine eile. Is as so thig sgrios agus peacúgha an
Chríostuídhe, dá árdúghadh féin agus ag ísliúghadh cháich.



An chéad uair líonann an t-uabhar a' páirtíghe do
pheacadhaibh, do bhrígh gurab é an t-uabhar rígh agus ceann
urraid na bpeacuídhe agus na ndúbháilcidhe go léir. Initium
omnis peccati superbia; qui tenebit eam adimplebitur maledictis
(Eccli. x, 15), "an t-uabhar tosach an uile pheaca;
agus an té ghlacas é líontar é do mhallaghthacht", a ccás, an
uair ghlacann sé sealbh aonuair amháin a nduine, gur
deacuir a bhuain as, faoi mar is deacair na caisleáin do
shealbhaighid na righthe do bhuain díobh, mar do bhíd dá
ccosaint go tréan láidir, (ionnas) gurab é ainm do-bheir
Dáth Rígh air, .i. fundament agus máthair an uile pheaca, do
bhrígh, an duine uaibhreach, go ttarcaisníonn sé Dia, mar
sin go ttuitionn sé san uile pheaca, a ccás go ttuitionn sé
a ttrí súird peaca, .i. do-ní sé éagcóir ar Dhia, a<i>r féin, agus ar
a chomharsain. A' dara ní do-ní sé an duine cosmhuil ris
an ndiabhal, do bhrígh go measann sé gur feárr é féin ná
aonduine eile. An treas ní milleann an t-uabhar anam an
duine do bhrígh go ccuirionn roimhe tigh do thógbháil gan
fundament na húmhlachta. Qui altam facit domum suam
quaerit ruinam (Prov. xvii,16), "an té thógbhas a thigh
go hárd is leaga d'iarann sé". As amhla (do-ní) an diabhal
re na peacachaibh mar do-ní an fhionnóg noch thógbhus
cnó suas go hard an uair nách féidir lé í bhrise, agus léigionn
sí don chnó chéadna tuitim anuas ar (charraig) chum a
briste. Mar sin thógbhas an diabhal suas duine chum
onóra agus (gradaim), an uair nách féidir leis é thrasguirt
annsan úmhlacht, ionnas an uair do thógbhas suas é go
nglacann uabhar é agus go ttuitfeadh sé agus mar sin go ttarreónadh
é go hifrionn. <A n-éagm>uis so go léir caillionn an t-anam
an mhaithios go léir leis an uabhar, (ar) an adhbhar, má
bhíonn grása, breadhthacht, eagna agus ciall ag an bpáirtíghe,
caillionn sé an t-iomlán díobh má bhíonn sé uaibhreach.


L. 35


Mas áil leat gráinne do dheighilt ón lóchán cath suas iad
araon agus tuit<f>ig an gráinne agus éireóig an lóchán suas ré
gaoith. Sin mar bhíd lucht an uabhair ag éirghe (agus) ag
dul suas, agus lucht na humhlachta agá n-íslioghadh féin. Atá
a fhios aguibh nách ar son a fheabhuis d'éirghios an lóchán
ós cionn an ghráinne acht léna éadtromacht. Mar sin ní
léna <bh>feabhas éirghid lucht an uabhair suas ós cionn
na ndaoine úmhla. Do-chídhtí go ndéinid bataoi lobhtha
agus piastuíghe beaga lonnra agus solas annsan oidhche. Gidheadh
annsa ló ní thaisbeánuid solas ar bith. Sin mar bhíos lucht
an uabhair ag déanamh soluis agus taisbeána agus taibhse móra a
sgamoluibh an tsaoghail so. Gidheadh lá an bhreitheamhnuis,
an uair thiocfas grian an chirt ag déanamh soluis agus
lonra, taisbeán<f>uid na daoine uabhreacha iad féin 'na
ndath féin, .i. comh dubh re gual.



Bíodh a fhios aguibh mar an ccéadna go bhfuilid seacht
cceinn ar an uabhar, .i. glóire dhíomhaoin, bladhmann,
annlán, aintréan, saobhchráifeacht, ceanntréine, iomarbhádh,
agus gur cóir iad d'fhéachuin agus do sheachnadh mar an bpláig.
agus ainnis críochnód leis na bréithribh so:




Le fuadar an Uain ghil do crasadh sa ccrann
buaidhfeam an uair so ar pheaca na cceann,
ruaigfeam tar cuantaibh athach na mbeann,
an t-uabhar do bhuailios na peacuig go teann."




Ann sin adubhairt a' spéicéir, .i. Onóra Ruadh Ní Laocha,
go rabhadar na mná comhchoitean' ag iarraidh cead
labhartha t'réas na <m>baintiaighearnaoi sin, agus an uair
chonnarcas gurbh oireamhnach sin do thabhairt dóibh,
d'éirig Seabhán na Buaile go díreach deaghlabhartha.


L. 36


ÓRÁID CHSEABHÁN NA BUAILE ALIAS NA FÉILE.



"As cóir dhíbh, a dheirbhsheathracha," ar sise, "sibh féin
do sheachnadh ar an saint, ar an adhbhar gur peaca mór í
bhíos go cómhnaightheach ag líona pholl agus phuaithisí le
cómhchruinnioghadh lóchán a' tsaoghail so, a ccás gurab
iomdha anam do cailltear ag cruinnioghadh óir agus airgid agus
gach aontsórd saidhbhris eile, ionnas go samhaltar an duine
sanntach re machtíre noch d'ithios feóil na ccaorach, d'ólas
a gcuid fola, ghearras a ccroicionn, stiallas a ccnámha, agus
fós ar uairibh bídh glór na gcaorach aige chum iad do mhealla.
Nó fé mar bhíos ainmhidhe ar a ttugthar talpa ansan oileán
noch bhíos caoch, agus soc aige is cosmhuil ré soc muice le n-a
ttógbhann sé an taobh síos suas do na bántaibh agus do na
garradhthibh. Fuathionn sé an solas agus ní osglann a shúile
go mbíonn ag fágháil bháis. Mar sin bhíonn an duine
sanntach nách bíonn do chúram lao ná oidhche air acht
ag ionntógh na neithe talmhuíghe an faid bhíos 'na bheathaig
gurab é adhbhar agus cúram bhíos air, ag tabhairt aire do
neithibh talmhuíghe agus do shaidhbhrios do chruinnioghadh,
agus mar sin caochann agus dallann ceó an tsaoghail so é. Gidheadh
a n-aimsir an bháis caithfigh sé a shúile d'osguilt, más olc
maith leis é, agus teacht do láthair cheartbhreitheamhnuis Dé
chum na súile do dhún an t-olc go n-osgeóladh na pianta
iad go síorrdhuídhe. Ní bhfachtar sochar ná somhaoin ón
muic nó go mbí sí tar éis bháis. Gidheadh ann sin do-gheibhid
na búistéirídhe a cuid feóla; do-gheibhid na
saidléirídhe a cuid leathair, agus na gréasaighthe na guairídhe.
Is mar sin don duine shanntach. Ní bhfaghthar aonní
uaig go mbíonn tar éis bháis. Ann sin do-gheibh an talamh
an conblach. Do-gheibh a oighrídhe a chuid don tsaoghal,
agus do-gheibhid na diabhail an t-anam.




Och! a dhaoine bochta an tsaogail
bhíos ag cruinnioghadh an óir 's an éaduicc,
is eagal díbh a n-am an éaga
gur budh trom an t-ualach é aguibh.


L. 37


Is measa dhíbh mar táid na sgéala,
ní cuirfior bonn libh sa chré de,
biaidh sé dá roinn tar bhúr n-éise,
sibh-se dá íoc, is budh daor libh."




ÓRÁID MHEIDHBH MHEASARDHA ANN SO.
Ann sin do labhuir Meadhbh Mheasardha, agus adubhairt gur
marbhthach an peaca an craos, "ar an adhbhar", ar sise,
"nách fuil ann acht slogadóir nách bíonn sásda le miosúr
ná le riaghlachuibh na nádúra. Agus atáid chúig ghéaga
phréamhas as, .i. (an sgiolamar), drochmhúine, siolloideacht,
iomad briathra, mallinntleacht; agus mar sin pheacaidheas an
duine ar chúig mhodh leis an bpeaca so.



An chéad mhodh gan fanamhain le ham bídh do
chathamh. Vae (tibi) terra cuius rex est puer et cuius
principes mane comedunt (Eccles.x,16), "as truagh an
tír agá mbíonn leanbh mar rígh et agá mbí a phrionnsuíghe
ag ithe ar maidin go minic". As é an corp an leanbh so,
et as é an rígh an toil shaor bhíos ag stiúradh an anma, agus
as iad na prionsaidhe na céadfa corpordha. An uair is
maith lé duine caisleán do ghabháil brosdaighionn sé chum
doruis an chaisleáin dá shealbhúghadh. As í an sgórnach
an dorus 'na ttéid an craos agus armáil an diabhuil asteach, agus
an té agá mbíonn dorus an chaisleáin is urasa do an caisleán
do bheith aige. Dá bhrígh sin is ar gheata an bhéil agus na
sgórnuíghe is cóir an ghárda is mó do chur, ar an adhbhar,
muna ccurthar srian ris an gcraos a' chéad uair, ní bhfuil
acht díomhaoineas cur a n-aghaidh na ndubháilcídhe eile.
An té bheirios ar bhéal ar chapall stiúrann sé é mar is
maith leis. Sin mar stiúrann an diabhal an craosach.


L. 38


Cuirmíd srianta a mbéal na ccapull chum iad do bheith a
n-oireamhuin dúinn. Cuirmís mar an ccéadna srian lé
craos agus lé hanmhianna na colla.



An dara ní bheith tugtha do mhíllseánuibh bíg agus dígh
an uair budh chóra dúinn bheith sásda lé <h>aonbhía do
bhiadh ionite. Palatum tuum excitent non sapores, .i.
"d'ocras is cóir do bhéal do chorrúgha agus ní do bhlas".
Dá mbiadh sathach ag duine ina loitfídhe fíon ann, ní dá
dheóin do chuirfiodh sé an fíon an athuair ann. Is sathach
don tsórd sin bolg an duine, ar an adhbhar loitear gach a
ccurthar ann go mímheasardha. Agus ionnas mar bheathaighios
duine go macnuiseach asal, agus 'na dhiaig leagann
an t-asal annsa phlúid é, sin mar do-ní an corp beathaighthior
go miangusach macnuiseach, leagann sé an t-anam a bplúid
an pheaca. Qui delicate a pueritia nutrit servum suum,
inveniet eum postea contumacem (Prov.xxiv,21), .i. "an té
bheathuíghios a sheirbhíseach go seasguir ón aois óig, do-gheabha
'na dhiaig sin é go strampálta", dá chur a ccéill
do go bhfa<gha sé> an corp doriaghalta ag cur a n-aghaidh
(na) spioraide go cónathach.



An treas modh ar a dtuitionn duine san bpeaca so le
mórán bíg agus dígh do chathamh. Gan amharas is í an
fhearthuinn thuitios anúas go mín ceannsa is fearr, et an
chlaguirneach thig d'urchar loitionn sí na guirt agus na garruighthe.
Mar an gcéadna an bia chaithios duine go
measardha is é is fearra don chorp. Níl dá mhéid aoileach
curthar ar a' ttalamh nách móide an fhiaile agus na piastaidhe
fhásas ann é. Mar sin an cholann, níl dá fheabhas beathuíghthear
í nách (móide) do chorruighthibh agus d'ainmhiannaibh
d'fhásas innte. Is móide loitior an fíon mórán pluid
do chur ar na fíonúiribh. Mar sin an té d'ithios mórán,
(is é) is túsga bhíos ag éag. Is mór do dhaoinibh marbhthar
lé hiomarca ólacháin, agus taraingios mímheasardhacht bíg
mórán aicídíghe agus éagcruais ortha, agus cailltior an chuid is


L. 39


mó do na daoinibh lé hiomad póitireacht, do réir mar adeir
an file Laidne:




Helluo cur epulis tumefactum abdomen adoras
quod putredo brevi faetor et horror erit?
cur tanto pascis studio deforme cadaver?
non plures gladio quam cecidere gula.




As é a chiall sin, an mhéadal sin atá agad dá teanna agus dá
líona go mbia sí comh brian lé conblach, agus mar an ccéadna
nách lía duine do marbhthar lé claoidheamh ná lé craos.



An ceathramhadh modh lea ttuitionn an duine annsa
pheaca bheith ro-chúramach tímpchioll cócuireacht agus bíg
d'ollmhúghadh don chorp, ar son nách fuil annsa chorp
d'oileamhuin acht féasda d'ollmhúghadh do na péisdibh.
Mar sin an té bhíos ró-chúramach ag tabhuirt oileamhna
dá chorp as é is eascara bhíos aige dá dhéanamh ramhar.



An cúigmhadh modh biadh chathamh lé geanachas agus lé
cíocras. Noli esse avidus in omni epulatione, nec te effundas
super omnem escam (Eccli. xxxvii, 32), .i. "ná bí cíocrach
ar aonfhéasda, agus ná tabhair tú féin ar aonbhia", ar an
adhbhar nách fuil ach beithígheach brúideamhuil annsa tí
dá mbíonn a chorp 'na mháighistir air.
Éistig annois ris an bhfile:




"Is mairg don bhuídhin do stríocas d'aingis na n-olc,
measardhacht chaoin bhúr cclí-se leanadh an deoch,
atharrach bíg 'sé mhínios galar na mbocht,
's lé salachar craois ná dínig brocach an corp.""




ÓRÁID RÓIS NÍ GHEANMNUÍGHE.
"Is mór a' peaca an drúis," ar sí, "agus ní bhfuil ann acht
teine bhíos ar dearglasa, agus ní hé Dia aduighios an teine
sin acht an diabhal. Agus fé mar do-ní an gobha an uair nách


L. 40


fiadann sé an t-iarann do shásúghadh do réir a thoile,
cathann sé annsa teine é agus bíonn sé a' séide na mbolg nó
go mbíonn an t-iarann teith agus ann sin ceartaighionn sé é
mar is toil leis féin, sin mar bhíos an diabhal. An uair
nách fiadann sé duine tharrang chum peaca ar aonmhodh,
lasann agus dóighean sé é lé teine na drúise chum go cclaonadh
sé chum an pheaca. Agus, a dheirbhsheathracha, atáid
mórán brainsidhe agus géag ar an bpeaca so, .i. duille inntleacht,
neamhmhothúghadh, buairt aigine, tuaisceart, fuath do
Dhia, grádh do dhuine féin, grádh don tsaoghal, uathbhás
roimh an mbás agus roimh bhreitheamhnas Dé, agus mídhóchas
na glóire siorruídhe.



Ag so an armáil bhíos ag an ndiabhal chum an anma do
thrasguirt. Samhaltar é ré crocán ar an adhbhar, dá ghile
bhíos an crocán, má curthar ar an tteine é bia sé dubh. Mar
sin dúbhann sé an t-anam bhíos ag tuitim go minic annsa
pheaca so na drúise. Farrais sin, an crocán bhíos ag fiucha,
muna mbiaidh ann acht aonghráinne amháin póinire,
tógbhann an fiucha a n-uachtar é agus taisbéanann é. Mar sin
bhíd na daoine drúiseamhla; ní féidir leó iad féin do chosg
ná do stopa ó bhréithribh barbartha (do theacht as a
mbéal), nó ó bheith ag gabháil abhrán mímhacánta, nó ag
póga mórán aguinne, na mná, nuch do-ní íomháighthe
dínn féin ag ceartú et ag córughadh an oiread sin éaduicc
oruinn féin chum go ttabharthuídhe aire dhúinn. Ní
<theas>daigheann fós bladar ná milisbriathra ó mhórán
aguinne an uair bhímíd a ccómhluadar na bhfear ionnas,
cómh maith agus mar imthíghios an tine amach a fuinneógaibh
an tíghe bhíos ar dearglasa, sin mar sgeinnios lasracha
tintidhe na drúise as béal na ndaoine bhíos tugtha dhon
pheaca so, ionnas nách maith bheith a ccómhluadar mhórán
do na mnáibh má admhuid an fhírinne, ar an adhbhar, mar
dóightior an féidliocán bhíos ag eitiollaicc tímpchioll na
teine agus na coinnle, sin mar dóightior an duine drúiseamhuil
láimh ré mnaoi, (nó fé) mar is docair an teine do theasargon


L. 41


ar an spungc nó ar an asgart<ach>, mar sin chuirios an
diabhal teine na drúise an n-aonmhnaoi amháin bhíos
órnáideach a n-éadach agus tugtha dho ghníomharthuibh na
colla chum na coda eile do lasa leis an tteine chéadna.



Bíodh a fhios aguibh nách fuil san drúis acht puathais
an diabhail chum na bpeacach do shloga innte ceann ré
fánaidh, nó (líon) chum a ngobhtha ann, nó dúbhán báighte
chum iad do mhealla, nó nimh chum iad do mhille, nó
cloidheamh chum na bpeacach do mharbhadh. Níl fós a
n-anntoil na drúise acht líon an diabhuil, nó mar bhaighte
do cuirfídhe i ttrap chum loch do mharbhadh, nó mar do
bhiadh gliú do cuirfídhe ar chrann chum éan do ghabháil,
nó mar do bhiadh dubhán foilighthe faoi bhaighte. Quod
quomodo capiuntur pisces hamo et aves laqueo, sic capiuntur
homines in tempore malo (Eccles.ix,12), "fé mar gabhthar
iasg lé dubhán nó éan lé líon, mar sin gabhthar na daoine
a ndrochaimsir", .i. na drúiseamhlacht.



Agus chum nách biainn ag labhuirt ní sa mhó ar an
ulphéist bhrúideamhuil so, bíodh a fhios aguibh nách fuil
ann acht nimh measguithe trí bhia noch thig asteach go
milis agus ghearras faoi dheire mar do-ní athair nímhe.
Níl fós acht pláig ann chum léirsgris do thabhairt ar an
ccine daona, do réir mar do-chímaoid ar an aicíd uathfásaicc
úrghránna úd, .i. an bholgach Fhranngcach. Miserabile
scortatorum flagellum, .i. "sgiúirse namhdach chum pionóis do
lucht na drúise". Dá bhríogh sin, a dheirbhsheathracha,
diúltighmaois don pheaca ghráineamhuil úd na drúise, agus
éistiom ris (na) bréithribh so am dhiaig:




Is brúideamhuil barbartha an galar so léaghmuir shúas,
is drúiseamhuil damanta cheanglas céada a nguais,
is iomadamhuil mallathacht tharraingios sé agus buairt,
och! míchlú allamhuir an pheaca so cáomhain uainn.'


L. 42



ÓRÁID GHOBNUIT AN FHUADAIR ANN SO.
Ann sin d'éirig Gobnuit Fhuadrach, agus adúbhairt gur mhór
marbhthach an peaca an leisge mar an ccéadna, ar an
adhbhar nách fuil innte acht neamhfhonn bhíos ar an
bpeacach chum neithe sbioraidálta agus leas a anma
d'oibrioghadh.



"Samhaltar an duine leisgeamhuil nó lorgánta le caisleán
ar a mbí mórán tiaighearnaoi air noch aigeá ccaillionn an
té bhíonn leasg faillítheach a chuid don chaisleán go hiomlán
ag duine eile dá sgiuba uaidh. Mar sin má bhíonn spioraid
fhaillítheach ag duine biaidh an chollann ag greamúgh innte
neithe éigin 'na cuinnibh go laethamhuil. Manus fortium
dominabitur; quae autem remissa est tributis serviet (Prov.
xii,24), "is í lámh na ttréan bhuailfios; gidheadh an lámh
fhaillítheach caithfidh sí suídhe fó chíos". Bíonn mar an
ccéadna toil an lorgánaig foileamhnach. Is toil leis agus ní
toil leis. Is áill leis an deaghobair sin do dhéanamh, agus ní
háill leis, mar deir an file:



Quod volo non possum, quod possum nolo peractum,
tota pigri vita est nil nisi nolo, volo.



Agus fé mar fhásas drisleacha, feóthanáin agus fiailte annsa
talamh bhíos 'na chomhnuídhe agus ina fhásach a bhfad,
nách tig toradh ar bith air nó go nglantar agus go n-oibrighthear
é, agus go ccurthar síol maith ann, sin mar do bhíos an duine
leasg nó lorgánta. Fásann fiaile uilc agus urchóide agus dubháilce
ann an uair nách bíonn sé ag tabhairt aire d'oibreachaibh
na subháilce agus na soghníomhartha. Haec est maledictio Adam
ut in agro corporis et cordis nostri nociva at inutilia gratuito
et passim proveniant; utilia vero et necessaria cum labore,
.i. "as é mallúgh Ádhaimh fó deara go bhfásaid na neithe
díoghbhálacha neamhshochracha uatha féin a ttalamh ár
ccuirp agus ár ccroidhe, agus gur le dúadh et le saothar
d'fhásaid


L. 43


na neithe sochracha is riachtanas dúinn". Per agrum pigri
hominis transivi et per vineam stulti; et ecce totum plenum
urticae, et operuerunt superficiem eius spinae (Prov. xxiv),
(30-1), .i. "do ghabhas trí ghort an duine leisg lorgánta
agus trí fhíonúir an amadáin, agus féach go raibh an t-iomlán lán
do neanntóig, gur fhoiligheadar na drisleacha an taobh suas
de".



Do-chímaoid an t-uisge ná corruíghionn agus nách bíonn rith
aige go loghann sé. et capiunt vitium ni moveantur aquae.
Do-chímaoid an t-iarann féin muna ccaitior é et úsáid do
dhéanamh de go bhfásann meirg agus mísgéimh air. Mar sin
d'íntinn agus d'anam an lorgánaig, fásann meirg agus míghreann,
mímhéinne agus míghníomhartha ann. Bíonn an duine leasg
faillítheach tímpchioll gnótha duine eile féin mar do bhíonn
tímpchioll a ghnótha féin. Sicut acetum dentibus et fumus
oculis, sic piger his qui miserunt eum (Prov.x,26), .i. "mar
thaisbeánas an uinéigre é féin do na fiaclaibh nó deatach
do na súilibh, sin mar do-ní an duine leasg leis na daoinibh
chuirios cúram air". Agus bíonn sé comh meata agus comh eaglach
sin go n-abuir sé go mbíonn leóghan roimhe annsa tslíghe agus
go marbhthaoi é ar lár na sráide. Bíonn sé 'na chodla an
uair budh chóir do bheith 'na dhúiseacht, agus ní háill leis
bheith ag treabhadh lé héigionn fuachta a ccás go mbíonn
sé ag iarra déarca annsa tsamhra agus nách faghaibh sé í.



Agus dá réir sin déineamaoid ar ndíthchioll gan bheith
díomhaoin drochghnóthach an seal beag bhiam ar an saoghal
so, agus déinmaoíd branar samhra ar na súbháilcibh go
díthchiollach dúthrachtach, ionnas go mbiaidh fóghmhar
fairsing (againn) agus lón líonmhar a ccóir na tíre thall.




Teagasg gan cheisniomh do-bheirim don dream
mhnámhuil;
seachnuig meisge agus beiriotuis chlann náireach;
más áil libh seilbh ghlan d'fheicsin i mbrodh <a>n
Airdmhic
gearraguig leisge agus meirg na lorgántacht."


L. 44



ÓRÁID ALSÚN CHEANNSA (SONN).
Ann sin (adubhairt Alsún Cheannsa) go labhaireódh sí féin
ar an bhfeirg.



("Níl ansa) bhfeirg", ar sí, "acht trioblóid nó buairt
mhírésúnta na híntinne, agus is iomdha olc (do-ní sí) do dhuine
ar an adhbhar go ccaochann sí é. (Agus bíonn fearg ar na
daoinibh ghlacann fearg) go hobann, agus lasa suas d'urchar
níos an fhearg so, agus craobhsgaoilid siad an uile ní bhíos 'na
ccroidhe an uair ghlacaid siad an sórd feirge so. Agus fé mar
adeir Horatius: secretumque teges qui es vino tortus et ira
(Ep.1,18,38) "canann meisge et fearg fíor". Agus cómh
maith agus nách taisbeánann an íoghmhá í féin annsan uisge
an uair bhíonn sé salach nó buabhartha, nó an uair bhíos
an tsúil trioblóideach nó tinn ní <féi>dir lé aonní d'fhaicsin
go glinn, mar sin an duine feargach ní bhíonn a fhios aige
cia hé féin ná créad é Dia, agus is lé duine buile budh chóir
é do shamhlughadh.



Bíonn an fhearg caoch ionnas nách leigion sí do dhuine
na neithe bhíos ro-sholus d'fhaicsin, dallann sí é cómh mór
sin. Agus as amhlaidh do-ní an diabhal faoi mar do-ní an
t-iasgaire do shailíghios an t-uisge chum nách faicfeadh an
t-iasg an líon agus go rachadh sé ann asteach. Mar sin chuirios
an diabhal sgamal ar dhuine chum go ttuitfeadh sé annsa
pheaca gan fhios do féin. Tribulabo homines et ambulabunt
ut caeci (Soph.i,17) .i. "cuirfiod buairt ar na daoinibh agus
siubhl<f>aid siad mar dhallaibh."



Samhlaighthior an diabhal ris an bhfiach ndubh noch, an
uair thig sé chum conbluig, rithionn gan stad chum a shúl
do bhuaint as. Mar sin do-ní an diabhal. Bainionn sé
radharc an résúin agus solas na céille don té bhíos claon chum
feirge. Samhlaoithior an fhearg fós lé tóirthnig do-ní glór


L. 45


mór do thaipigion, nó ré hascartach, nó lé púdar gunnaoi
do-ní fuaim mhór ó bheagán teine d'fhágháil. Fágbhann
an fhearg duine folamh ó gach aonmhaithios chorpordha agus
sbioradálta. Qui impatiens est damnum sustinebit (Prov.ix,19)
"an té bhíos neamhfhoighidneach fuileónuig sé
díoghbháil."



Bíodh a fhios agad nách bíonn (an duine) bhíos a
bhfeirg acht mar do bhiadh an té dá ndóighthear a thig
noch bhíos saidhbhir ar maidin agus chum na hoidhche nách
bí aonní aige, do bhrígh go (sgiubann) an tine an t-iomlán
lé. Mar sin an té bhíos lasánta feargach, caillionn sé a
mhaithios sbioradálta lé splannc aonfhocuil amháin an uair
thuitionn sé a bhfeirg nó a bhfuath, ar an adhbhar nách
fuil annsa bhfeirg acht mar do bhiadh crocán do chuirfeadh
amach a mbiadh ann lé hiomad fiuchta an uair bhíos teine
mhór fé. Cor stultorum ebulit stultitiam quia quiquid sentit
corde praefert ore, "croidhe an amadáin fiuchann sé amach
amadántacht do bhrígh an ní bhíos 'na ccroidhthibh go
ttaisbeánuid léna mbéal". Músglann an fhearg gach aonolc
do bhrígh gurab í is geata chum gach aonurchóide, agus an
uair bhíos an geata so dúnta bíonn síothcháin ag na súbháilcibh
ar a' ttaoibh astig. Gidheadh an uair osgaltar an
geata so gluaision amach imreas agus bruighion agus ceannarruic.



An mhuinntior bhíos teasuíghe 'na ccoimpléas as iad
ghlacas fearg go hobann do bhrígh go ttig a ccuid fola
tímpchioll a ccroidhe. Agus is mór an máighistir an diabhal ar
an té bhíos feargach ar an adhbhar go ngríosann an fhearg
é chum gach aondíoghaltuis agus díbhfeirge do chómharluíghios
an diabhal dó. Ní spárálann sé a mhac ná a inghion ná a
sheirbhíseach ná fós a bhean do theilgion annsa teine nó
annsa línn bháidhte lé fórsa feirge, a ccás go madh usa dhuit
teangbháil ar shomh mhac tíre do bhiadh tar éis a cuaine
do chailleamhuin ná ar dhuine dá mbíonn ruacánach feirge
air. As amhla bhíos an feargach mar bhíos athair neimhe
ag teilgion tine as a béal agus ag mille gach ní bhíos láimh ré,


L. 46


nó mar bhíos splanngcacha sgeinnios ó iarrann bhíos ar
dearglasa, nó mar bhíos crann droighin noch chuirios dealg
annsa té bhainios ris. Dá réir sin seachnamaois an fhearg
agus cómhluadar na ndaoine sparruinneach, agus éistig ris an
bhfile:




"Sílim gur maithios don aicme bhíos mín a méinn
go mínid fearrthuinn is baguirt na ndaoine ttréan;
cuímhnig an sparruinn do leaga lé caoineas béas;
díbir an fhearg, is lasair an díoghaltuis tréig.""




ÓRÁID BHRÍGHID CHARTHANNACH.
Ann sin do labhuir Bríd Charrthannach agus adubhairt sí gur
mhilteach (an peacadh an) formad nó an tnúthán. "Agus níl
ann", ar sisi, "acht doilgheas tré rachmas duine eile, agus dá
réir sin is pláig anma é thug an diabhal ar feadh an domhain.
Ní bhfuil annsa bhformadach acht olc lán do nimh, do bhrígh
go mbíonn nimh a ccroidhe an fhormaduig. Agus is amhla' do
bhíonn sé mar bhíos athair neimhe iontuigheas an uile ní
ghlacann sí chum bheith 'na nimh. Agus faoi mar deir St.
Agustine: quod cum per omne vitium antiqui hostis venenum
humano cordi infunditur, in zelo invidiae tota viscera sua serpens
contulit, .i. "ar son go ccurthar (nimh) a ccroidhe an duine
leis gach aonolc tig ón seanascara, tar éis sin is le cuiniotas
an tnútháin chrothas an athair neimhe a cliabh go léir."



Leigheann lúthgháir an formadach agus doirtionn sé solus
'na dheaghníomhartha. As amhla' bhíonn sé mar a' cceann
cait ar an adhbhar, fé mar ná fuilnngionn an ceann cait an
solus, ní fhuilingionn an tnúthach solas ná radharc dea-ghníomhartha
ná deaghcháile a chomharsan. Mens invidi
cum de alieno bono affigitur quasi de radio solis obscuratur,
ita corrupta est ut fetentia ei redoleant et redolentia feteant etc.,
.i. "inntinn an tnúthánaig mar déantaoi dorcha lé gai gréine,


L. 47


bí cathughadh orthi a ttaoibh maithis duine eile; bíonn sí
comh canncrach sin go bhfaghan sí blath suairc ar neithibh
bréana agus blath bréan ar neithibh suairce; do-gheibh sí blas
milis ar neithibh searbha agus blas searbh ar neithibh milse."
As truadh na daoine adeir go mbíonn an ní maith go holc
agus an drochní go math, ag déanamh soluis don dorchadas agus
dorchadas don tsolas, ionnas gur ró-mhaith oireas an véarsa
sa dhóibh invidus alterius macrescit rebus opimis (Hor.Ep.)
(1,2, 57) "an duine tnúthach téid sé a mboichte agus a
ttruadhacht ó shaidhbhrios a chomharsan d'fhaicsin".



Níl annsa bhformadach acht mar do bhiadh piastuidhe
beaga geintear a n-éadach dá ttugthar leóghain ortha noch
ghearrann agus loitionn an ní as a ngintear iad. Putredo ossium
invidia (Prov. xiv, 30) .i. "logha na ccnámh an tnúthach."
Bíonn an fear so ag éag a ttaoibh sláinte dhuine eile, agus as
mór an amadántacht don (té bhíos) ag iarraidh a chneadh
féin do leighios lé cneadhaibh dhuine eile, ag iarraidh sóláis
agus suaimhnis a ndólás agus a mbuaireadh dhuine eile. Ar an
adhbhar sin diúl<taighmíd> don ghalar ghránna úd, .i. an
tnúthán, agus brásálmaoid an charthann<acht, .i.> grádh Dé agus
na comharsan.




Fágbhuim beannocht ó fhlathas na n-úrghrásda
ar mhnáibh noch fhanas go carrthannach ciúin cráibhtheach;
dáiltior mallacht do phearsanaibh cúlráidhteach',
's as cráidhte an damaint do ghreadas na tnúthánaig.



An formad seachain, ná tabhair dho grádh caomhna,
bí fostach lé fearuibh na taisge do dháil Dé dhuit,
ná coigil an malartach cealgach bláthbhréagach,
's budh solas do rachmas i bhflathasbrog lá an tsléibhe."




Ann sin do-rineadar acht párliament inar órduígheadar
gach aon do-gheabhthaoi cionntach go puiblíghe a n-aonpheaca


L. 48


do na peacadhaibh marbhthacha a chur a bpríosún
go ceann seacht seachtmhuine, agus gan d'oileamhuin do
thabhairt do ar feadh na haimsire sin acht arán agus uisge
aonuair amháin annsna cheithre huaire fithchiod, agus a chur
d'fhiachuibh air teacht gach aonDomhnach ar feadh na
seacht seachtmhuine sin do láthair an chómhthionóil phuiblíghe
ag an Aifrionn, agus é féin do admháil cionntach annsa
pheaca sin, agus maithfeachas d'iarraidh ar Dhia do chionn
feirge do chur air, agus párdún d'iarraidh ar an bpobal a
ttaoibh drochshómpla do thabhairt dóibh.



Agus mar sin do chríochnuígheadar an Párliament an lá sin
agus fuaradar órdúghadh bheith ar n-a mháireach ag an ccúirt
ccéadna.



ÓRÁID BHARBARA CHEARTBHRIATHRACH.
Do thosnuígheadar ar n-a mháireach agus as í bean do
labhuir an lá san Barbara Cheartbhriathrach, agus adúbhairt
go raibh mórán peacuidhe (eile) ann budh chóir dóibh do
sheachnadh.



"Agus an chéad uair an bhladuireacht ar an adhbhar (nách
fuil) ann ach mil lán do nimh agus nimh lán do mhil. Níl
ní ar bith is suairce (le daoinibh do chlos) ná a ngníomhartha
féin go bladhmannach, tar cheann ná bíonn a mbréithribh
an bhladaire acht cealg agus mealltóireacht lé n-a mbuailtior
táirne a súilibh an té (ar a) labharthar.



Samhlaighthior an bladaire lé hainmhídhe darab ainm
camaelion noch ghlacus air féin gach aontsórd datha bhíos
ar an áit iona mbíonn sé. Mar sin do-ní an bladuire léna
chómhráidhtibh fallsa meallta ganguideach' líon do leatha
fé chosaibh a chómharsan. Agus fé mar atá trí cáile annsa
mil, .i. milseacht, soillseacht agus sleaimhne, mar sin bhíos an
bladuire milis, solas, sleamhain.



Cosmhaltar é fós lé madra bhíos a' lí fola agus nách gearrfadh,
nó lé hainmhidhe dá mbíonn trí ranna fiacal aige; a measg
na n-ainmhithe go léir as é so as mó (do-ní) díoghbháil


L. 49


ar an adhbhar go mbíonn sé a measg na n-ainmhithe 'na
thíoránach, et a measg na n-ainmhighthe <g>ceansa 'na
bhladuire. Samhaltar teanga an bhladaire lé gabhar ar a
mbíonn fiabhras do ghnáth, agus nách fuil ní ar bith lé n-a
tteangbhann sé ná 'na ccuimlionn sé a theanga ná críonann
agus ná feóchann sé. Níl ní ar bith is túisge mhillios intinn
an duine ná bladar. Bí ar do choimeád ar chat noch líghios
an chéad uair. 'Na dhiaig sin chognann.



As iomdha olc do-ní an peacadh so. Millionn sé an té
do chreimionn sé. An té ná bíonn do láthair taisbeánann
sé é féin fuathmhar. Agus do-bheir sé sgrios agus ceannarba air
féin. Níl acht aicíd chancrach ann bhíos ag snábhán roimpe
ann gach aonáit. "Duine liobrálta" bheir sé ar an nduine
bheirios a chuid go rabuirneach mírésúnta, agus "duine
spárálta" ar dhuine shanntach, "cúirtéirí" ar na daoinibh
drúiseamhla, "daoine deaghlabhartha" ar phraitéiribh,
"daoine socra" ar na daoinibh bhíos leisgeamhuil lorgánta.
Níl fós annsa bhladuire acht eascara blainndéiseach agá
mbíonn mil iona bhéal agus cealg iona chroidhe. "Ní háill
liom a mhuinntiorras" mar deir an file Laidne:



Qui mel in ore gerit sed retro pungere quaerit
eius amicitiam nolo mihi sociam.



Trí neithe dhíbreas an bhladuireacht ó dhuine. Díbirthior
í le coinnsias maith, le héisdeacht mhall et re <h>umhlacht,
ar an adhbhar an uair bhíos duine dá mhola rithionn sé
chum a choinnsiais do bhrígh go mbíonn eagla air go ndeárna
sé míghníomh ar cheann ná deárnuig, agus as comhartha
deaghdhuine sin. Díbirthear an bhladuireacht mar an
ccéadna lé héisdeacht mhall. An uair bhíos deithneas ar
dhuine ag dul dá dhúithe is cóir do cluas bhoghar do bheith
aige ag imtheacht tar cheól marbhthach na murrúghach,
.i. sirenes nó mermaids. (Díbirthear) lé húmlacht í. An


L. 50


té bhíos úmhal ní hait leis bheith dá mhola, agus mar adeir
S. Augustin: magis opto a quolibet reprehendi quam ab
adulatore laudari, .i. "dob fhearr liom aonduine do bheith
dom dhimola ná bladuire do bheith dom mhola".



A dheirbhsheathracha, atáid mórán aguinne, do na
mnáibh, ionar mbladuiríbh milisbhriathracha ag tarrang
na bhfear chum uilc agus urchóide, et ní hamhla' is cóir dúinn
bheith as so suas, acht an bladar agus an bhlaindéis chealgach
úd do sheachnadh agus bheith díreach fírinneach ionar ccroidhe,
ionar ngníomharthaibh agus ionar ccaintibh, ar an adhbhar
as míchríostamhuil an ní bheith ag mola an pháirtídhe as
a chómhair agus bheith dá ghearra don taobh shiar.




Ní mholuim an bladar do labhairt mar cháil d'aonneach;
is cosmhuil nách taithnionn lé hathair na bhfáig naomhtha
go follas do phearsain a mhealla lé bláithbhréithribh
's a bhfolach a ghearra 's a theasdus do lánraoba".




ÓRÁID URSALA UMHALINNTINN.
Ann sin d'éirig Ursala Umhalinntinn agus adubhairt go
laibheóradh sí féin ar an anndúil bhíos ag daoinibh
a ngradam nó a móronóir an tsaoghail so.



"A dhearbhsheathracha," ar sise, "is ró-dhainséarach an
staid iona mbíonn an té bhíos annsan onóir, ar an adhbhar,
fé mar is dá aimhdheóin d'fhágbhas an madra an cnámh
ar a mbíonn feóil ar son go mbeith an fheóil teasuíghe agus go
ndóithfiodh sí é nó tar cheann go mbeith an madra lán
roimhe sin, sin mar bhíos lucht na honóra nó an ghraduim
mhóir; is ró-dhocair leó sgaradh ré tar cheann go
bhfuilingid siad mórán trioblóide, cr<uadhála> agus dainnséir.
Usquequo parvuli diligitis infantiam, et stulti ea, quae sibi
sunt noxia, cupient (Prov.i,22) "a naoidhean<a>, an fad


L. 51


ghrádhfeadh sibh an leanabaoiacht, agus <na h>amadáin an
fad d'iarrfaidh na neithe ghoirtígheas iad?" An uair théid
buachail <be>ag ar muin capuill bíonn sé eaglach an chéad
uair. Téid sé a ndánacht a ndiaig a chéile ar an marcuídheacht.
Is docair a fhágháil uaidh túirlint. Sin mar bhíos
an té thig chum graduim, ní féidir é sgaramhuin ris nó
go bhfaghann sé bás obann. As fada bhíonn an crann a'
fás, agus fá dheire leagann fórsa gaoithe go talamh as a phréamhaibh
é. Mar sin thuitios an té bhíos a mórghradam.
Paulatim ascendisti sed non paulatim decendes sed tamquam
julgur (Greg.), .i. "a ndiaigh a chéile (d'éirghis) suas;
gidheadh tuitfe tú mar splanngc tóirrnídhe". Tolluntur
in altum quo lapsu graviore ruant, .i. "níl dá aoirde éirghid
siad nách truimide an tuairt agus an bharrathuisle gheibhid
siad."



An uair éirghios duine suas chum onóra líontar d'uabhar
agus d'iomarca é. Measann sé gur fearr é féin ná cách do
bhrígh go bhfuil ina uachtarán. Tarcaisníonn sé na daoine
muinntiordha do bhíodh aige roimhe sin. Cailleann sé a
aithne agus a urlabhra, a radharc agus a éisdeacht, ar an adhbhar
ní leigeann sé air go n-aithneódh sé na daoine bochta
muinntiordha. Ní labhrann riú. Ní fhaicionn annsa
tslíghe iad. Agus ní mó d'éisdeann sé réna ngearán ná réna
n-iarratas. Bíonn sé go bladhmannach ag labhairt ar
neithibh árda. Ní maith leis aonduine do bheith ós a
chionn, agus do-ní a dhíthchioll bheith ós cionn gach aonduine.
Bíonn trioblóideach. Do-ní na daoine tharcaisnioghadh
bhíos fé mar bhíonn sé uaibhreach umarcach.



Samhluighthior an peaca so lé sórd dragúin, .i. ainmhídhe
bhíos ar dearglasa lé tart ionnas ná sásann uisge í, a ccás
gurab éigion a béal d'osguilt chum na gaoithe agus an teasaigheacht
bhíos uirthe do cheannsúghadh leis a' bhfuaraoiacht.
Sin mar bhíos na daoine ghlacas annlán agus aindréim chum


L. 52


cathréim an tsaoghail seo. Ní féidir iad do shásúghadh
ionnas, dá mhéid bhíos aco do lóchán an tsaoghail so, gur
móide a n-íota agus a n-airc chum tuille d'fhagháil é, mar
adeir an file quo plus sunt potae, plus sitiuntur aquae (Ov.
F.1,216). Gidheadh tugaidís <a n->aire don ní adeir
béal na fírinne, ár Slánaighthóir, qui se exaltat humiliabitur,
et qui se humiliat exaltabitur (Luc.xiv,11; xviii,14) "an
té árduighios é féin íslighean Dia é, agus an té íslighios é féin
árduighionn Dia é". Adeir an Sgriptúir a n-áit eile "is
beannaighthe na boicht a spioraid ar an adhbhar is leó
féin an ríoghacht neamhdha". Dá réir sin seachnamaois
an t-annlán agus an anndúil, an onóir et an gradam saoghalta,
agus éistimaois lé ceól caoin na bhfilídhe bhfoltbhinn.




"Measuim gur baothnuisg d'aonneach greann ná grádh
do thabhuirt do ghréirthibh aerach' banntracht árd,
gradum an tsaoghail seo go léir níl ann acht sgáil,
tagann 'na laomuibh is daorann dream mar chách.



Crádh don tsaoghal bhréagach mhalartach
chealgach thaodach chraosach anacrach,
is eagal don té noch bhéarus aire dhó
cealg ón bpéist mar Ébha (i) bParrathus.



Crádh don tsaoghal bhréagach is ganguideach cáil
is crádh don té ghéillfeadh dá rachmas go brách,
sgáil bheag bhaoth éadtrom ná mairionn acht spás,
mar bhláth na ccraobh léigthior lé fearthuinn ar lár.""




ÓRÁID ANASTÁIS RIAGHALTA.



Adúbhairt Anastás Riaghalta gur 'iomdha olc do-níd
ríngceóiríghe ban ar an adhbhar gurb iad bhíos ag iomchar
airm a n-armáil an diabhuil; .i. an uair bh<íonn fo>nn
coguicc agus fola ar phrionnsa ar bith, do-bheir sé órdúghadh
dá shaighdiúiríbh cruinnioghadh ar aonmhachuire lá puinnteálta


L. 53


chun a n-eólais agus a n-arm do thaisbeánadh dóibh.
Mar sin do-ní an diabhal ris na hógmhnáibh agus ris na hógánaig;
cuirionn sé d'fhiachuibh ortha comhchruinnúgh laethanna
saoire chum ringce agus damhsa noch do tharraingios chum
drochsmaointe iad agus chum drochghníomha. Agus fé mar
do-ní an seanduine (an uair) ná féadann arm d'iomchar ní
sa mhó do-bheir sé dá mhac é, mar sin bheirid na mná
críonna arm agus eólas na drúise dá gclainn inghean an uair
nách féidir leó féin ní sa mhó do dhéanamh, agus cuirid siad
a' rince annsan armáil úd an diabhuil iad.



Agus sinne, na mná, armáil is treise, (agus) ní cás a aithne do
bhrígh gur bean do thogh sé chum ár ccéad athar, Ádhamh,
do mhealla. (Agus) atá a fhios aguibh gur lé mnáibh do
mealladh agus do milleadh Sampson, (Dáth Rígh,), Salamon,
agus Peadair Easbol, agus morán do dhaoinibh eile cumasacha
do réir mar adeir an file:



Adam, Sampsonem, Petrum, Davidem, Salomonem
decepit mulier; quis modo tutus erit.



Ag so mar do cuireadh an ní céanna a nGaoidheilg lé
sagart suairc, séimheólach, .i. Donnchadh Mhac Cárrtha,
atá ainnis a ccúram poróiste Theampuill Muire a cCorca:




"Ó mealladh lé mnaoi Dáth Rígh agus Solamon glic,
Sampson is na mílte saoi budh calma a ngoil,
is ár n-athair do suígheadh go haoibhinn a bParrathas
tsoir,
is Peadair; a Chríost, cá díon dár bhfearaibh-ne dul?"




Agus ní haonchloidheamh amháin bhíos ag an ndiabhal
annsa raingce acht cloidheamh a n-aghaidh gach mná
breágha dá mbíonn ann, ionnas nách fuil acht cloidheamh
tinntidhe a sgéimh na mná. Gladius igneus species mulieris
(Isidorus). Samhaltar na banraingceóiridhe seo leis na
madraoibh ruadh' do bhí ag Sampson agá mbíodh teine
ina n-eirbolluibh ag dóth na ngort. Mar sin loisgid na


L. 54


ríngceóirídhe ban lé tine na drúise. Do-chímíd an gadhar
bhíos deaghmhúinte go bhfanann astig an uair bhíos meas-mhadraoi
an bhaile ag amhstruig agus a' sgeamhaoil. Mar
sin budh chóir do mhnáibh deaghmhúinte deighmheasta
fanamhuin astig an lá do bheidís cách a' raingce agus a'
damhsaoil farrais an bpíopaire, béiceachán an diabhuil.



Agus, a dheirbhsheathrcha, atá sgéal beag agam ar
mhnaoi dhrochmhúinte don tsórd so, .i. bean do bhí ann
roimhe so agus fuair a fear cómh mímhacánta sin í go ttug
sé dhá coiméad do dhuine (ro-mhuinteardha í agá) raibh
ionntaoibh agus dóchas ro-mhór aige ann, agus tug mórán (airgid
do do chionn) a mhná choimeád agus gan a leigion di a cuing
phósda do bhrise. Ní fada go bhfuair an duine muinntiordha
an cúram sin do cuireadh air ro-dhocamhail ar an adhbhar
do rug cleasuígheacht na mná buadh ar a inntleacht. Táinig
sé go (dtí) fear na mná agus adubhairt sé nách glac<f>adh
sé cúram na mná ní sa shia (air), "ar an adhbhar", ar sé,
"dá ttugthá Argus, an fear úd dá raibh céad súil aige,
(leat) chum í do choimeád, níorbh fhéidir leis a coimeád dá
haimhdheóin". Agus <a n-éagmai>s sin adubhairt sé go madh
usa leis lán saic do chuilibh do bhreith (amach ar) na
bántaibh gach aonlá go ceann bliadhna agus an sac sin d'osguilt
agus a leigion do na cuilibh innbhear go ttráth nóna agus ann sin
iad go léir do chruinniúghadh sa tsac chéanna agus a mbreith
leis do bhaile, ná bean mhímhacánta do choimeád aonlá
amháin.



As iad na mná bhíos mímhacánta mar seo chruinnigheas
armáil an diabhuil, faoi mar do-ní an muicidhe an uair
bhíos a mhuca fánach diombaileach ar fud na ccnoc,
beirionn sé ar mhuic dhíobh agus bainionn sgreadach aisde, agus
leis sin cruinníghid an chuid eile. Sin mar do-ní an diabhal.
An uair is maith leis a mhuclach féin do chruinnioghadh a
cceann a chéile, cuirion d'fhiachaibh ar an bpíopaire an bolgán


L. 55


béic' do sheinnim, agus cruinnighid ann sin níos fonnmhuire ná
bheidís chum seirbhíse Dé d'éisteacht.




Is é an raingce do ghríosann cuisleanna an chuirp,
san ringce so smaointear turrainn gach uilc,
san ringce so cítear buile agus bruid,
's lé ringce théid mílte go hifrionn dubh.'




ÓRÁID THREASA THROMCHÚISEACH.
Do labhair Treasa Thromchúiseach agus adubhairt gur
pheacamhuil an ní mar an ccéadna an maga. "Abominatio
est Domini omnis illusor (Prov.iii,32) .i. "bíonn gráin ag
Dia ar lucht na fonóide".



Agus budh chóir dúinn go léir an peaca so do sheachna.
An chéad uair ar son coinnsiais duine ar an adhbhar, an
té bhíonn coinnsiasach ní spochann sé aonduine lé maga
ná lé sgige, do bhrígh go ttuigionn sé go ccuirionn magadh
oiread (cathaighthe) ar uairibh ar dhuine agus do chuir<f>eadh
aontrioblóid eile. Budh chóir fós an peaca so do thréigionn
ar son na húmhlachta budh chóir dúinn do thabhairt do
Dhia. An uair bíthior ar tí magaig do dhéanamh ar aonduine
déantar maga faoi íoghmhá Dé ar an adhbhar gurab
íoghmhádh do Dhia an uile dhuine.



Do-chuala<bhair gur> malluígheadh Cam do chionn maga
do dhéanamh faona athair féin. Léighmíd mar an ccéadna
san Sgriptúir, dá bheithir nó dá mhathghamhuin, gur
mharbhadar na buachailíghe beaga do bhí (ag) maga fé
Elizeus, an fháig.



Atáid cheithre haicme ann bhíos ag déanamh maga, .i.
bladuire, hypocrit nó saobhchráibhtheach, an t-áirseóir agus an
fear fonóide. Meallann an bladuire lé milisbhriathra;


L. 56


meallann an saobhchráibhtheach lé gníomharthuibh; meallann
an t-áirseóir lé temptásiúnaibh; agus spochann an fear
fonóide lé cnáid agus lé hainnsgréacht. Agus is cóir don Chríostuighe
gach aonmhodh agus mínós díobh sin go léir do
sheachaint.




Ní maith cathair gan faire 'na púirtionna,
ní math leaga ná masla do chúilionna,
ní math fearthuinn ná sneachta do phúdarlach,
's ní math maga do labhuirt a ccúis ar bith.




ÓRÁID CHLÁRA DHEISGRÉIDEACH.
Ann sin do labhair Clára Dheisgréideach agus adubhairt gur
mhór é an peaca ar a ttugthar cúlchaint nó cúlghearra nó
tromuígheacht. "Agus as malluighthe an ní", ar sise, "duine
chreime an uair nách bíonn do láthair agus nách féidir leis
freagra do thabhairt ar an ní do cuirfídhe 'na chuinnimh.
Deallraighthear fear na cúlchainnte ré muic ar an adhbhar,
an uair théid an mhuc asteach a ngáirdín agus do-chí sí luibheanna
breaghtha ar thaobh di agus salachar ar an ttaobh eile,
ritheann sí chum an tsalachair agus ní chuirionn beann ar na
luibheannaibh ná ar na bláthaibh suairce bhíos ann. Sin
mar bhíd lucht an mhurmuir labhras ar dhuine dhon taobh
shiar de. Gabhuid siad tar bhláth na subháilce agus leanaid
bréantas na bpeacuidhe, do bhrígh gur mó bhíos do ghrádh
aco don tsalachar ná don tsuaircios, - plus amantes stercora
quam aromata.



Samhaltar an cúlchainteach munabrach lé priví nó lé
guitéar mar a tteilgthear gach aontsórd salachair dá olcas,
nó le tuama bhíos lán do bhréantas agus do shalachar. Sepulchrum
patens est guttur eorum (Psal.v, II; xiii, 3; Rom.
iii,13) .i. "tuama osguilte a sgórnacha", a ccás nách fuil
tuama ná priví ná guitéar ar bith is bréine do láthair Dé


L. 57


ná an cúlchainteach. As é an cúlghearrthóir fear fritheóilte
an diabhail, do bhrígh go socruighionn sé feóil duine a
bhfiaghnaise a chómharsan chum a creimthe agus a hite, ionnas
gur cóir a chuideachta agus a chomhluadar do sheachna.



Mar an ccéadna an uair chlois<f>e tú cúlchaint agus cúl-ghearra
ar chomharsain, ní cóir duit-si a mhola leis ar an
adhbhar nách fuil acht saoid ceangailte a bhfeóil focal a
mbéal amadáin, - sagitta infixa femori carnis sic verbum in
corde stulti (Eccli.xix,12). An madra agá mbíonn saoid
sáighte 'na cheathramhuin ní stadann sé acht a' béicig go
mbaintior an tsoíd as. Mar sin a ccáilibh don mhunabrach
bhaoithleamh, ní féidir leis stad nó go n-innsionn sé an
drochtheist nó an drochómhrádh chloisionn sé ar a chómharsa<i>n
agus go ccuirionn sé tuille leis an uair budh córa dó
an drochaint do mhúcha. Audisti verbum contra proximum
tuum? commoriatur in te (Eccli.xix,10). Ní bhíonn fós
an fear so sásda nó go ccuirionn sé lochtuidhe nó drocháile
bréagacha a leith duine, ionnas go samhaltar é lé cuil do
bhiadh ag iarraidh cneadh a ccroiceann tslán, ag luíghe
air agus dá ghearra agus ag cur a guib ann. Sin mar bhíos an
cúilgheárrthóir mailíseach.



Deallraighthear fós é lé madra do bhiadh ag amhstraig
ar gach aonneach. Dá mbiadh seirbhíseach ag síorlochtúghadh
oibre a mháighistreach is dearbh go ccuir<f>eadh
sin cathúgh ar an máighistir. Créad nách biadh fearg ar
Dhia do chionn a chréatúirídhe féin (do bheith) ag diomola
agus a' lochtúghadh a sheirbhíseach féin noch do dhealbhuig
agus do chom sé ar a íoghmhá agus ar a chosmhalacht féin? Tu
quis es qui alienum servum iudicas? suo domino stat aut
cadit (Rom.xiv,4) "cia thusa do-bheir breitheamhnas ar
sheirbhíseach duine eile? Más tuitim nó éirghe do is léna
mhághaistir féin é", a ccás nách cóir do dhuine a bhéal
do shalacha lé holc duine eile ná peacadh do tharraint oruinn
féin dá dhruim. Agus má chí tú drochdhuine bíodh truadh
agad do, agus ar son go bhfuil cáile a nduine eile nách
taithnnionn riot, (tabhair dot aire nách) fuil cáile is measa
ná sin ionnat féin. Ní bhuinfidh tú a chlú (do dhuine eile)


L. 58


go brách má smuainionn tú go minic ná bíonn saoi gan
locht et go mbíonn dá locht a n-aontsaoi, - nemo sine
crimine vivit.



Níl fós annsa munabrach acht bithiúnach bhíos a' guid agus
ag luígheadúgh tabharthasi Dé. Agus is measa é ná mórán do
na bithiúnaicc do crochtar do bhrígh gur maoin temporálta
(ghuidid sin;) gidheadh is maoin spioradálta ghuidios an
cúlchainteach, .i. clú agus ainm et deightheist an Chríostuídhe
noch dárab fearr iad ná mórán saidhbhrios saoghalta mar
deir an file:



Omnia si perdas famam servare memento,
qua semel amissa postea nullus eris.



As é (a) chiall sin, ar son go ccaillfeá do chuid don tsaoghal
go léir, coimhnig do chlú et do chreideamhuin do choimeád;
gidheadh má chaillionn tú iad sin, mar an ccéadna ní bhiaidh
gnó leat; ní fiú náda thu.



Agus chum gur móide sheachnómáoid an chúlchaint agus an
munubar déarfa mé dhíbh an rann so:




Má chí tú ainndeise a bpearsanaibh mícháileach',
smaoin gur fairsing gach galar ad chroidhe táite,
daoine damanta malluighthe claoincheárrdach',
an bhuidhion tá ceangailte a bpeaca na míráidhte."




ÓRÁID LUCIA FHÍRINNEACH.
"Atá an bhréag ionnlochtuighthe a mórán do cháilibh ar an
adhbhar nách fuil acht peaca diabluíghe ann, do bhrígh go
samhaltar an duine bréagach ris an ndiabhal. Vos ex patre
diabolo estis: et desideria patris vestri vultis facere (Joan.
viii,44) .i. "is ón ndiabhal sibh-si, agus is é mian an diabhail,
bhur n-athair, is fonn libh do dhéanamh", .i. bréaga, ar
an adhbhar an té ní bréag as ón ndiabhal é, do bhrígh gur
bréagach é an diabhal agus gurab é athair na mbréag é.


L. 59


An chéad uair atá an peaca so ionnlochtuighthe, agus dá
mbiadh duine ann aigeá mbiadh a bhéal osguilte chum
cuile agus piastuíghe agus chum gach aontsalachair eile do ghlaca,
agus ná bac<f>adh sé do gach uile ní dul asteach ann, is dearbh
go madh fuathmhar lé daoinibh a leighthéid do dhuine
d'fhaicsin. Mar sin an béal bréagach, bíonn ró-fhuathmhar
do láthair Dé, do bhrígh go mbíonn gráin ag Dia ar na
daoinibh fallsa bréagacha. Abominatio Domino labia
mendacia (Prov.xii,22) "is fuathmhar leis an tTiaighearna
an béal bréagach".



Atá an peaca so mar an ccéadna ionndiomolta ar son a
mhíchirt ar an adhbhar, an mhéid is fiú pinginn mhaith
seach drochphinginn, sin an mhéid is fiú an duine fírinneach
do bhreis ar an nduine bréagach fallsa. Mar sin is mó is
fiú aonphinginn amháin (mhacánta) ná céad pinginn fhallsa.
Mar sin is mó is fiú aonduine amháin fírinneach ná céad
duine do bhiadh bréagach. Cuirthior an drochairgiod do
leataoibh agus <dóigh>tior é. Mar sin ní glacathar na
daoine bréagacha a bhflathamhnas acht dóightear iad a
n-ifrionn farrais na diabhluibh.



Atá fós an peaca so ionnlochtuighthe (agus) damáisteach a
ttaobh dhainnséar anma ar an adhbhar nách fuil ann acht
nimh lán do neart noch mharbhas an t-anam. Os quod
mentitur occidit animam (Sap.i,II). Donus eile bhíos ar
an nduine mbréagach, an uair labhrann sé an fhírinne féin
ní creidthior uaig í. Créad adeir Dáth Rígh: perdes omnes
qui loquuntur mendacium (Psalm.v,7). Ciorróig Dia dream
na fallsóireachta. Dá réir sin ní cóir dúinn bréaga ná
mionna bréige do labhuirt ar son aonchúise san tsaoghal.




Seachain go géar gach éigion éagcóra,
ganguid is éitheach, bréan is doithchomhuilt,
labhuir gan bhréag go tréightheach binnghlórach
is gheabhuir buigheach go héag an Rígh cómhachtach.


L. 60


Ná hiarr seasguireacht bheatha mar lón dod chorp;
do chiall ná malartaicc sealad air óluibh deoch;
triall go measardha geanmnach cóir gan locht,
is biaidh do thaisge go fairsing a nglóire a mbrog."




ÓRÁID AGNEIS IONNRUIC
.
Ann sin adubhairt Agneis Ionnruic gur ghráineamhuil an
peaca an bhithiúntacht. "Agus atáid", ar sise, "fir agus mná
na ríoghachta so na hÉirionn cómh tugtha sin di nách féidir
lé fáig ná le fíorúghdar, le sagart ná lé seanmóntuíghe, lé
smacht puiblíghe ná príomháideach an bhithiúntacht do
dhíbirt as croidhthibh na ccéada dhíobh. Agus atá sé 'na
leanán ag ro-mhór cómh mór sin nách féidir an bhradaoil
do sgara leó ná iad sin do sgaradh ria, ar son go ccrochtar
mórán díobh gach aonleathbhliaghain ann gach conntae
d'Éirinn.



Gidheadh bíodh a fhios aco nách éireócha Dia ná an
saoghal lé haonneach go brách do bhiaidh ag glaca choda
duine eile go haindlightheach, et fós nách cóir cabhair ná
coghnamh, cómhairle ná fabhar ná toilidheach<t> do thabhairt
d'aoneach dá mbiaidh lámh ná rún a mbithiúntacht
aige. Agus gi bé ar bith dá mbiaidh aontsórd páirte ná cuidioghadh
aige a ngaduígheacht ar bith, ní fhaic<f>e sé (radharc)
(na glóire) ná aonspíce do fhlathas Dé nó go ndéine sé
lórghníomh ann. Non dimittitur peccatum nisi restituatur
ablatum, "ní maitior an peaca gan lóirghníomh do dhéanamh
annsa ní do rugais leat".



Tairis sin go léir do ghlacadar mórán an bhithiúntacht
mar chéird bheatha annsa náisiún so ionnas go mbíd a
ccompánuicc agus a ccomrádaighthe aco ann gach aontaobh
d'Éirinn, agus bíd speirídhe acu chum ealuig agus áirnéise agus arra


L. 61


agus gach ní eile thaithnnios riú do chur amach et d'innsint
dóibh, ar mhodh gurb annamh do guidthior aonbheithígheach
gan cur amach cómharsan annsan aimsir seo, mar
deir an seanfhocal "ar son nár ghuidios an pórcán do
chuirios mo ghiolla dá thógbháil"".



Ann sin do-rineadar acht párliament gach aonduine do-geabhthaoi
maille ré háitióghadh maith agus lé fiadhnaise do
bheith 'na bhithiúnach, a dhá shúil do bhuaint as a cheann
do bhrígh gur dhuine é d'fhuathaig an solas agus do ghrádhuicc
an doircheacht agus gur chóir agus gur cheart a chongbháil annsa
doircheadas réna bheatha, agus a chur fá deara air teacht gach
aonDomhnach réna bheatha chum cómhthionóil phuiblíghe
an Aifrinn, agus a admháil dá láthair go léir gur chionn bheith
'na bhithiúnach do chaill sé a shúile, agus maithfeachas
d'iarraidh ar Dhia do chionn tuitim ina leighthéid sin do
pheaca thruaillighthe, agus párdún d'iarraidh ar an bpobal a
ttaoibh drochshómpla do thabhairt dóibh.




Ná bí ganguideach, sladathach, díchúiseach,
ná bí bradathach, malartach, míriúnach,
bí go carrthannach, geanmnach, caoin, súgach,
is ná díol flathas an anma ar bhithiúntacht.




ORÁID SHIOSALA SHÍORGHNÓTHACH.
"Idir na peacaidhibh uile", ar Siosala, "as mór mo ghráin
féin ar an ndíomhaoinas, (agus as é ní é stad) ó obuir chorpordha
nó spioradálta do reachadh chum sochuir agus somhaoine
(do dhuine). Agus as préamh don leisge an díomhaoineas, a
ccás, an duine bhíos díomhaoin drochghnóthach, go ttabhair
sé ionnad agus ócáid don diabhal teacht a' dénamh buartha agus
brionglóide dó. Gidheadh an té bhíos ag obair ní bhfaghann
an diabhal slighe chuige. Ar an adhbhar sin is cóir don
Chríostuídhe bheith fuadrach chum gnótha. Homo natus


L. 62


ad laborem sicut avis ad volatum (Job.v,7) adeir an Sgriptúir,
óir ní dúchasaídhe eitiollach do na héanuibh ná saothar agus
duadh don duine.



Samhaltar an duine díomhaoin lé caisléan gan falla 'na
thímpchioll agá mbíd a namhuid ar tí a bhuana amach,
ionnas gurab urusa dhóibh a shealbhúghadh. Ascendam
ad terram sine muro et veniam ad quiescentem habitantemque
secure, .i. "rachad go ttígh an talamh gan falla agus tiocfad
go ttígh an té bhíos go díomhaoin neamheaglach 'na
chómhnuídhe." Gidheadh an té bhíos fuadrach <fíréign>each
chum deaghoibreacha cosmhaltar é lé pórt do bhiadh
dúnta nó diongmhálta. Non facile capitur a tentatore qui
bono vacat exercitio (Aug)., .i. "an té bhíos ag tabhairt aire
do dheaghchúram, ní hurus don áirseóir a ghabháil".



Samhaltar fós an duine díomhaoin reis a' seilthide aigeá
mbíonn ar ccumas don mhuic agus don mhadra satailt air.
Omnium tentationum et malarum cogitantium sentina est
otium (Greg.), .i. "as é an díomhaoineas guitéar salach
gach aontsórd temptásion agus drochsmuainte", agus fé mar is
gnáthach leis an ttalamh bhíos gan oibrióghadh drisleacha,
droighean agus feóthannáin do thabhairt uaig agus nách fásann
aontoradh maith ann, mar sin ní fhásann annsa nduine
dhíomhaoin acht deilge agus droighean na ndubháilcídhe d'easba
fuadair ná corruighthe, ionnas gurab é an peaca so máighistir
na mailíse, do bhrígh go múinionn mórán uilc agus urchóide,
agus gurab é is leaba fhlocuis iona nglacann an diabhal a
shuaimhnios.



As é an drochghnó agus an díomhaoineas máthair áil na
ndúbháilcidhe agus leasmháthair na súbháilcídhe. Is cosmhuil
é a ccáilibh ré duine marbh do bhrígh, fé mar ná
déinionn an duine marbh obair ná luaghail, is mar sin bhíos
an díomhaoineach. Otium sine litteris mors est, et vivi
hominis sepultura, .i. "díomhaoineas gan foghluim ní bhfuil
acht bás agus adhlaca duine bheó a ttalamh ann."


L. 63



An uair éighmhid na coil<i>g go minic a meadhón
(oidhche),
glaodhaig-se ar Mhuire is ar a coimirc<e> ad thímpchioll,
ar éag don chine, a leinbh, déin gléchuimhniomh,
is ar mhéid na tuirse do dlighthior don díomhaoineas.




ÓRÁID MHAGDAILÉAN GHRÁSTÚIL.
"Measuim", ar sise, "gurab oireamhnach annsan áit so
'na bhfuilmíd an oiread so ban farra a chéile beagán do
labhairt ar Mhuire Bhaintiaighearna, ar (mbanchara) agus ar
mbanphátrúin naomhtha. An fad do bhí sí ar an saoghal
sa adubhairt an t-aingiol Gaibriel go raibh sí lán do ghrásaibh,
agus dar ndóith ní féidir nách mó ná sin do ghrásaibh atá aice
a bhflathamhnas mar a bhfuil sí 'na (bainríoghain) ós cionn
naomh agus banaomh an domhuin.



As í Muire Bhaintiaighearna an eala ainglíghe, barra
buadh' na bhflathas, banríoghuin na n-aingiol, crann soillse
na Críostuígheachta, farrge na daonnachta, grianán na
glóire, lonnra na spéire, (máthair) na maighdean míorbhuilleach,
péarla na glóire, parrathas na Tríonnóide,
réaltann eóluis na mbochtán, suaircios na mbaintreabhach,
seómra séad na subháilc<idhe agus> tuile na ngrás.



Atá an oiread ceana agus grádh' aigeá Mac féin, .i. Íosa
Críost, ar Mhuire Bhaintiaighearna gurb ar a hathchuinge
do-rin sé an chéad mhíorbhuil riamh, .i. an tan d'iompuig
sé an t-uisge chum bheith ina fhíon. Agus ó bhí an Slánaighthóir
cómh géilleamhuil sin di ar an saoghal so dar ndóith is
mó ná sin an géille agus an urraim atá aige faoina cómhair a
bhflathas Dé.



Dá réir sin cuirmís ár n-ímpídhe agus ar n-athchuinge go
minic chum na Maighdine glórmhuire guidhe go minic ar ár
son chum Dé uilechómhachtaicc. Cuirmís sinn féin go
minic ar a coimeád agus ar a coimeirce. Iarramaois a tréanchoghnamh


L. 64


agus a taramuin. Ós cionn an uile ní déineamaois
aithris ar a ciúnas, ar a ceannsacht, agus ar a carrthannacht,
ar a húmhlacht, ar a gile, ar a gloine agus ar a geanmnuigheacht.




Cé peacach fá-ríor líonta go leór mé (do) láib,
is mé ceangailte a cclí choimhthigh do dhóth do ghnáth,
as dearbh nách fuighiod choidhche gan dóthchus bás
is banaltra cíodh Rígh ghil na glóire am láimh.'




ORÁID TEINIS EAGNUIDHE.
Adubhairt Teinis Eagnuidhe gur chóir labhairt ar na
cheithre súbháilcibh cardinálta, .i. eagna, ceart, neart agus
measardhacht. "Cosmhalann Saint Ambros", ar sise, "na
cheithre subháilce so ris na cheithre haibhnnibh ghluaisios
amach a parrathas talmhuidhe chum an mhachuire do
fhliucha tímpchioll, a ccás, gi bé ríoghacht ar bith nó dúthig
go ttiocfaidh iomadúmhlacht na subháilce so, go mbeith
sí lán do gach aontoradh et do gach aonbhláth agus maise
do rachadh chum glóire Dé agus tairbhe (an chine) daonna.



Créad é an ní do chuir ímpireacht na Rómha a nglóire, a
n-onóir et a ccumas ón ttaobh shoir don domhan go n-uig
an ttaobh shiar, (ó éirghe) go luíghe gréine? Nách tréanchoghnamh
agus torrthúlacht na subháilce seo, cómh (maith
agus do) bheidís an oiread sin ribhéar ag cómhchruinnioghadh
tuile mhór fhe<arthanna agus maith> is puiblíghe na Rómhánach
ar feadh mhórán don domhan agus do chéadaibh bliaghan?
agus chum go mbeith a fhios aguibh créad é an sochar atá
annsna (subháilcibh se), labhaireód ortha go particúlártha,
agus an chéad uair ar an eagna.



Bíodh a fhios aguibh gurab í an eagna tobar prionsabálta
gach aonmhaithis (mhórálta) ar an adhbhar, más traibhléireacht
nó eilire beatha an duine ar an saoghal sa, is


L. 65


dearbhtha gurab í an eagna Lucifer agus Hesperus, .i. réaltann
(na) maidne agus an tráth nóna, ar an adhbhar as í an eagna
(ar stiúraightheóir) mar do bhiadh réiltean ghléigeal bhíos
ar stiúradh ionar saidhbhrios agus ionar ndaibhrios cómh
díreach deaghshiúrálta sin ná leigion sí dhúinn dul tar slíghe
ná claona ar an láimh ndeis ná ar a' láimh cclí. Magna
puellarum cum sit prudentia virtus, .i. "as í an eagna grádh
na maighdean mbrághaidgheal ngléigeal". Is <ro-bh>reágha
an ní naoidhean maighdine, - dá shúil a' lonnra go solasda.
Is í an eagna chorruíghios agus lasas an dá lasair bheaga sin,
ionnas ná bíonn acht éadan fuar ag an maighdin an uair
bhíonn sí a n-éagmuis na heagna, agus bíonn a cúntanós agus <a>
<bre>ághthacht doilbh dorcha an uair théid toibreacha na
heagna a ndísg.




Gliocas is eagna thaithnnionn ré Dia na ngrás,
seinnim na bpaidior, is salm 'na ndiaidh do ghnáth,
fuirionn na heasba do fhreaguirt 's a riara tráth,
congaibh ód dhalta ar feadh tamuill a mhian 's a
ghrádh."




ÓRÁID MHONICA CHÓRACH.
"As é an ceart", ar sise, "an dara súbháilce cháirdionálta
noch leanas (an eagna mar) chaiptín a n-ardthur na toile
a' tabhuirt (is) a' ministráil chirt agus (córa don) iomlán do
na daoinibh. Is é an ceart chruinníghios na daoine farra
<a chéile, chea>nglas iad a ngrádh agus a ccumann ré chéile,
agus chongbhas a síothcháin iad. (Is é fós) an ceart síothcháin
an phobuil, cosnamh na dúithe, daingion na ccinidheach,
lúthgháir na ndaoine, suaimhnios na spéire, ceannsacht
na fairrge agus torrthamhlacht an tailimh.



Is ris an ribhéar ar a ttugthar Euphrates do chosmhalaidís


L. 66


na sean<daoine an> ceart do bhrígh, an ribhéar so an uair
do sgeinn sí tar a portuibh ar na bántaibh, is cómhartha
rath mhór do theacht ar na torrthaibh (é). Mar sin an
ríoghacht <do stiúraigh>thar lé ceart, sealbhann sí gach
aontsórd maithios puiblíghe. (Níl) aontsubháilce díobh
is mó do-bheir tora uaithe ná an ceart do bhrígh gur mó
an sochar do-ní sí do chách ná di féin agus leigionn sí a sochar
féin a bhfaillíth ag tabhairt tosaig don mhaithios puiblídhe
chómhchoitcheann.



Atáid na subháilce seo cómh oirdheirc sin ná fuil aon-náisiún
ná ríoghacht dá bharbarthacht ann gan cion mór
agus meas do bheith ar an cceart. Agus fé mar dúbhairt an
t-athair deaghlabhartha Rómhánach Cicero "idir na neithe
macánta níl ní ar bith is uaisle ná carrthannacht an chine
daonna noch atá 'na dúil intinne a cheart féin do thabhairt
do gach aon, agus atá (ag) cosnamh cóimhthionóil na ndaoine
farrana chéile go díreach agus go hiongantach, agus as é an ceart
do-ní sin." Atá an oiread sin do chumas agus do bhrígh annsa
cheart go n-abair an t-úghdar céadna "atá an ceart cómh
láidir sin a ccás, na daoine beathuíghthior lé drochghníomharthuibh,
nách féidir leó bheith beó gan cuid éigin don
cheart do bheith ionnta". Agus ní hiongantach an ceart do
bheith mar so do bhrígh nách fuil ann acht toil diongmhálta
a chuid féin do thabhuirt do gach aonduine.




Congaibh an ceartus 'na sheasamh a ríaghail go brách,
coimirc na haitheannta theagaisgid cliar is fáidh,
cuirig a mheabhuir ghloin eagla Dia 's a ghrádh,
's ní thuit<f>ir a bpeaca na ccealg, a chriadhchurpáin."




ÓRÁID DHEABORA NÍ CHATHBHUADH'.
"As é an neart", ar sí, "an treas subháilce cháirdionálta
chuirios arm agus anam annsa cheart (agus annsna subháilcibh


L. 67


eile) go léir, ag breith buadh' ar a namhuid agus ar eascáirdibh
na subháilce eile, ar an adhbhar go mbíd saighdiúirídhe
ollamh dochlaoite aige chum cabhartha, <do thabhairt do>,
<.i. móir>íntinn, dóchus, sábháltacht, móraoiacht, diongmháltacht,
foidhighne, fearamhlacht et coráiste, a gcás nách
múchtar na subháilce so lé heagla agus ná bíonn ogmurtha le
dánacht, acht go mbíonn 'na seasamh go neamheaglach
dochorruighthe do<chlaoite. Agus ní> cóir duine neartmhar
ná mórínntinneach do ghairm don té bhiadh (ar buile agus do)
<bhi>adh feargach le beagán cúise, nó do-bhéaradh sgannuil
uaig a n-aghaidh sganalach, ná olc a n-aghaidh uilc, acht
is air is cóir duine furránta do ghairm don té bhíos ceannsa
foighidneach deaghníomharthach ar an adhbhar gurab í an
fhearg is luaimnidhe agus is mó do chorruígheas duine. Tar
éis sin ní chuirionn ní ar bith buairt ná cathúghadh ar an
neart, agus ní oibríghionn sí urchóid ar bith go bráth, acht
do-ní sí úsáid do theasaoiacht an nirt chum buadh' ar gach
aondainséar dá aoirde.



(Níl) annsa neart acht cumas na híntinne ag troid ar son
na súbháilcídhe go neamheaglach neamhchlaoidhte. As ris
shamhalaid na seandaoine an fhearanntacht ré <hío>mhá
Phallas, bandia an ghliocais. Do phuindéalaidís ógh nó
maighdean (agá) mbíodh corp teann láidir, móraighidh agus
súile lonnracha, agus a cruth agus a cúntanós ní as mó fearamhuil
ná banamhuil, agus clogad práis ar a ceann, agus lúithreach ar an
ccuid eile dá corp, gai iona láimh dheis agus sgiaith iona láimh
chlí ag cosaint mórbhuillídhe na namhad. Agus bíodh a fhios
agad, a bhfuil d'fhuirm maighdine annsan íodhmhá so
ceangailte lé móraoidheacht, go ttaisbeánann sé breadhthacht
fhearamhail na súbháilcidhe eile go léir, agus lonnra baoghlach
a hairm taisbeánann glóire shaighdiúra an nirt. As a
láimh dheis chaithios Pallas an gai, agus léna láimh chlé
chosnann sí í féin léna sgéith do bhrígh gurb móide an
neart neithe cumasacha do dhéanamh agus d'fhulang. Gidheadh


L. 68


is díomhaoin an gnó do dhuine síothcháin do dhéanamh lé
stróinséiríbh leith amuich, muna ccoingmhidh a phaisiún agus a
ainmhianna tá ann féin astig fó riaghail agus fó smacht. Is
docair go gclaoifidh sé na heascairde bhíos 'na gcomharsanaibh
aige muna smachtuíghionn sé an mhuinntior bhíos
annsa mbaile aige, .i. a mhuinntior thíghe go léir, go
suaimhnioch síothchánta.



Is mór an (punc nirt agus) fearantacht buadhchan ar na
hainmhiannaibh, ar na handúilibh agus ar na paisiúnaibh bhíos
ag déanamh tretúireacht agus rebeliúntacht a n-aghaidh an
résúin agus dlíghe Dé, mar deir an file: fortior est qui se quam
fortissima vincit, .i. "as furránta an té (bhuaidheas agus),
choisgionn (a) ainmhianna féin ná an té bhainios amach
púirt agus cathracha."




Srian réad bhalluibh is smachtuig an fiaire feádh',
iaghaidh do dhearca is ná peacuig lé stiaduibh stáid,
ná hiarr mearradhacht cheannais a miannaibh árd',
is triallfuig h'acfuinn tar Shampson is fianna Fáil."




ÓRÁID ÚGHNA MHODURTHA.
"Gidheadh is í an mheasardhacht bhíos 'na dúiseacht ag
stiúrúgh", ar sise, "mianna agus dúile na ndaoine agus dá
ccongbháil ar an staid ccóir, ag fágháil na ndrochghníomhartha
amach chum iad do mhúcha agus do dhíbirt mar
chómharsanuibh cealgacha ó chathair an anma. Atá (a) fhios
ag gach aonChríostuídhe gur gar do bhás spioradálta an
anma an té sgaoileas a srían féin lé hanmhiannaibh na
colla, ionnas muna múchtar agus muna ccurthar do leataoibh
na haindúile sin, go mbiaidh an t-anam 'na sglámhuidhe
ag an ccoluinn.


L. 69


Gidheadh an té dhéanas cómhuirle an easboil coisgfidh sé
anmhianna na colla. Mortificate membra vestra quae sunt
super terram (Col.iii,5) "smachtuig do ghéaga atá tugtha
do thalmhuídheacht", .i. anndúil na súl, anndúil na colla
agus anuabhar na beatha. Riaghlathar iad sin leis an measardhacht
iona bhfuilid mórán do cháilibh breághtha, ar an
adhbhar do-ní an temperáltacht nó an mheasardhacht an
duine foighneach spárálta, an duine suaimhneach modarálta,
an duine náirioch ciúin, an duine tromuidhe náirioch.
Coisgionn sí na hanmhianna. Ceannsuíghionn na dúile.
Méaduighionn sí na mianna beannaighthe. Múchan na
drochmhianna. Socruíghion sí an uile ní bhíos ar anordúghadh
ar a' ttaobh astig. Neartuíghionn iad a n-uair
socuir. Síorchuirionn sí smuainte beannaighthe. Cuirionn
sí an íntinn chum suaimhnis, agus cosnann sí an t-anam ó
stoirm na ndúbháilcídhe. Dá réir sin éisdig ré cómhuirle
an fhile:




"Ná tréig flathas an anma ar chraos an chuirp,
(is bí) go measardha, geanmnach, déarcathach;
ní leat faice dá nglacuir don tsaoghal so an chuir,
ach bheith dá amharc feadh sealuid mar thraochus
muir.""




"A dheirbhsheathracha", adubhairt Úghna, "is í an
fhírinne do labhradh libh go n-uige seo. (Iarraim agus
athchuinghim) oruibh an fhírinne do leanmhain go brách
ar an adhbhar nách fuil ní ar bith as treise ná an fhírinne.
Magna est veritas et praevalet (III Esdr.iv,41) "is mór í
an fhírinne et buadhann sí". Agus chum gur móide do
ghráidhfidh sibh í is cóir do mhnaoi éigin (agaibh) labhuirt
uirthe ar an adhbhar nách féidir lé duine grádh ná fuath
do <thabhairt d'>aonní go mbiaidh a fhios aige cia hé, agus
nách féidir linn fios aonní do bheith aguinn gan solas
d'fhágháil air, do réir mar adeir an file: ignoti nulla cupido
(Ov.A.A. 3, 397).


L. 70


ÓRÁID AIBIGIL UCHTFHÍRINNEACH.
Ann sin d'éirig Aibigil agus adubhairt go n-inneósadh sí féin
an deifir do bhí idir thriúr ógánach do bhí ag feathamh ar
rígh na Persia dá fhéachuin créad an ní budh treise do
neithibh an domhuin. Adubhairt an chéad ógánach gurb
é an fíon ní is treise ar bith. Adubhairt an dara duine
gurb iad na mná ní as treise. Adubhairt an tríomhadh
duine gurab é an rígh. Adubhairt an rígh féin gur threise
an fhírinne ná iad sin go léir.



Is amhla' do mheas an chéad ógánach díobh an duine
do réir a' bheóanma lé n-a n-oiltior é, agus mar sin nách fuil
oileamhuin ar bith is taosga shóinseálas agus mhalartuíghios
an duine ná an fíon, do bhrígh go siúbhlann agus go ritheann
ann gach aonbhall do chorp an duine nó go ttéid sé san
inchinn, séata agus athsmuaineadh na híntleachta, t'réas sealbh
do ghlaca a bpasáistibh na ccéadfa agus na ccómhacht go
léir, a ccás gur treise an fíon ná an duine annsan iomlán.



Is amhla' do mheas an fear eile aco an duine annsa mhéid
gur ainmhídhe aireach nó mothuightheach é, agus mar sin
adúbhairt sé gur threise na mná do bhrígh nách fuil dúil
ar bith is mó chorrui<gheas> agus shladus beóchéadfa an
duine ná dúil na mban, ar an adhbhar is ró-láidir tharngios
breághthacht na mban grádh agus toil na bhfear, agus do bhrígh
go bhfuil an grádh ar na dúilibh is treise annsa duine, go
háirighthe má neartuíghthear é lé gnáthamh, gan amharas
oibreóidh sé tíorántacht annsa duine cómh mór sin go
gcuirfidh (an) duine ar a chumas féin.



As amhla' do mheas ógánach eile díobh an duine san
mhéid gurab ainmhídhe tuigsionach é, agus fé mar is í an dúil
riaghla is neartmhuire san duine réasúnta tuigsionach, an
té agá mbiaidh an riaghlúghadh agus an ceannas ós cionn
chách, dá réir sin gurab é is treise ann, agus mar sin gurab é
an rígh ní as treise ar bith.


L. 71


Gidheadh adubhairt an rígh féin gur treise an fhírinne
ná iad sin go léir. ("Níl amharas",) ar sé, "go mbíonn
neart mór ag an bhfíon a ngéaguibh an chuirp. Bíonn mar
an gcéadna neart mór ag breághthacht na mban a ccuid
bheóanamamhail an duine. Bíonn neart mór ag an ndúil
ríaghalta a séata an réasúin agus tuigsiona an duine. Gidheadh
is é áit 'na ccuirionn an fhírinne a suidheachán a ccnocán
árd aoibhinn na hintleachta mar a mbeirionn buadh ar an
bhfíon, ar na mnáibh agus ar an rígh féin, (a ccás gurab í) ní
is treise san domhan í.




Lé fírinne claoidhtior aicme na mbréag,
lé fírinne chaoinid na deamhuin a bpéin,
lé fírinne díoltar flathas Mhic Dé,
is lé fírinne bhíodhgaid aingil is naomh.



Biadh mé feasda a' seasamh gan cháim gan spéis,
ag síorthúirt aire go daingion do bhreághthacht béas,
cé bríghmhar blasda cealg is gáire an tsaoghail,
is í an fhírinne mhairios a bhflathas go brách gan bhéim.




ÓRÁID EITHNE OGHMÚIL.
Ann sin d'éir<i>g Eithne Óghmuil 'na seasamh agus adubhairt
"A dheirbhsheathracha ionmhuin<e>, do-bheirim féin míle
buídheachas, mola agus móronóir ré Dia na n-uilechómhacht
tug do ghrásaibh dúinn an mhéid so do labhuirt, agus iarruim
agus athchuingim oruibh go léir, agus ar gach aon fó leith (dhíbh),
na dubháilcídhe ar ar labhradar an chuid eile dom dheirbhsheathrachaibh
roimhe so do thréigion agus do sheachna, agus na
súbháilcídhe agus na soghníomhartha do mheabhrúgh agus do
leanamhuin, agus bhúr n-úrnaighthe do chur chum Dé na
n-uilechómhacht sinn féin do choimeád ar staid na ngrás agus
aitheannta Dé do choiméad go Críostúil, ionnas nách


L. 72


déanfaimís aonní a smaoineamh, a mbréithir, ná a ngníomh
do chuirfeadh fearg ar Dhia. et bíodh grádh díleas
díograiseach aguibh do Dhia ós cionn an uile ní, ón bhur
gcroidhe, ón bhur n-anam, agus ón bhúr n-íntinn go hiomlán,
agus grádh bhúr ccomharsan mar sibh féin.



Bíodh, a dheirbhsheathracha, urraim agus óghmós agus onóir
(aguibh) don chléir, do na heasbogaibh, et do na sagartuibh,
agus do gach aon eile dhíobh, agus go speisialta guidhe go dúthrachtach
ag luíghe agus ag éirghe díbh do ló agus d'oidhche ar
Dhia uilechómhachtach sláinte cuirp agus anma do thabhairt
do Eóin Baisde Mac Sleidhn<e>, Easbog Chorcuídhe agus
Chluana.




Mo léan go deó dá fhóguirt tar tuinn uainn
réaltan eóluis treóra Chorcuídhe is Chluan',
an diaghaire d'ól gach deóir don diadhacht go suairc,
Phoenix Fódla is rós nár chríon lé fuacht.




As cóir dhíbh mar an ccéadna bheith a' guídhe ar dhaoine
uaisle agus ísle ar (an) ttaoibh thall d'fhairge chum iad do
theacht slán, agus gan aon díobh do thuitim a mídhóthchus.
Is cóir díbh mar an ccéadna bheith ag iarra fad saoghail agus
sláinte do thabhuirt don mhéid atá annsa náisiún so díobh,
agus go speisialta guídhe chum Dé rath agus bail agus beannúghadh,
grása agus trócaire agus fad saoghail do thabhairt do dhíonadóir
na cléire annsan aimsir seo, .i. an fhlath fhíoruasal, Sir
Séamas mhac Éamoinn Mhic Coitir.




Mo chumann, mo pháirt, mo ghrádh, mo dhíograis
cléibh,
marcach na n-airdeach sásda, síormhear, séin,
an churadh nár thláth chum fásga ar bhruighinte
baoghail,
's an farraire stáit go brách dá rígh nár chlaon.


L. 73


Do chléire na hÉirionn budh doilbh an ciach
idir phéistibh Genéva dá ccodladh an triaith,
laoch mear nár traochadh a ngoradh na sgian,
Sir Séamas mhac Éamuinn Mhic Coitir, an fhiann.




Is cóir díbh gan an chléir do dhearmad mar adubhart
roimhe si ar an adhbhar bíd a' guídhe do ló agus d'oidhche.
Bíd siad ag teagasg agus a' treórúghadh an phobuil. Is iad
féin túrnaighthe Dé ar a' dtalamh. As iad dochtúirídhe
anma, et doirseóiridhe fhlathas Dé iad ar an adhbhar, an
dream do theagaisgios mórán fírinne, (biaidh) siad comh
deallrach le réalteannaibh agus lé lonnra na firmamenti (ré
saoghal na) saoghal, mar adeir an fáidh Daniel: Qui
autem docti fuerint fulgebunt quasi splendor firmamenti: et
qui ad iustitiam erudiunt multos, quasi stellae in perpetuas
aeternitates (Dan.xii,3).



Is mar sin chríochnuíghim dá iarraidh ar an dTríonnóid
sinn féin, Críostaighthe an domhuin (mhóir) go léir, do
chur ar slíghe et ar staid na ngrás agus na glóire síorruighe,
Amen."



Laus Deo Deiparaque Virgini.



Ag sin Párliament na mBan ar n-a chríochnúghadh
lé Seán Ua Murchadha an t-ochtmhadh lá don
Mheithiomh annsa mbliaghuin d'Aois ár
tTíaighearna Íosa Críost
Míle Seacht cCéad agus Trí
Bliaghna Fithchiod
1723.


L. 75



ADHMHOLADH.



Mo theasdas ar an leabhar so na laoithe lán
d'athantuibh na n-aithreach dob aoirde cáil,
munab aisling an eachtra sa sgríos an fháigh
gur beannaighthe an chaibidil 'na suíghid na mná.



Cé chreachadar a bParrathus ar sinnsior, Ádhamh,
is gur sgaipiodar fá sgamaluibh ar líne ar lár,
más dearbhtha go bhfreagaraid a ngníomhartha an pár,
gan amharas gur chasadar fá dhlíghe na ngrás.



Cé fada dhon ghasra so síos mar táid,
a' sracuireacht an airgid 's a dhíol ar chách,
ní bhfuil aco sin a Sagsana ná a nInnse Fáil
canamhuin is measardha ná dlíghe na ndámh.



Dá ttagarudh an tAradmhac mo ghuídhe go bhfágha<i>nn,
níorbh aithireach don eagnach ó thaoibh Chnuic Ráth',
taramuin mo charrainn ghil mo ghuídhe go hárd,
's go bhfaic<f>inn-si san Eaglais arís an lá.



Cé dóith lé Bróduiric bheith lán do dhlíghe,
is gur córach a chómhuirle nó a rádh sa tír,
dar an eóruinn ní heól damh go ttáinig díbh
cómhuirleach mar Dhómhnall a ráitibh grínn.


L. 76


Do-chuala sgata ban gur suigheadh fá mheidhir
ar bruach Ghleanna meala míne Maighir,
as mór an searc do-rad an bhuíghean dá radharc,
is dá shuaircshliocht greanta ghabhach droighneach grinn.



Do ruaig a dhreach a cceas ó chroidhe gan mhoill,
an uair do dhearc <g>ach bean go cíorrtha an choill,
cuach 's a nead a mbarra craoibhe ar faill,
is luathchleas seannuig a' tarraint roimhe chum poill.



Do luadar maith is ceart do sgríobh go deimhin
ar bhuairt na mban is gach aicme díobh do dheilt,
ó chruas an pheaca thrasgair sínn fá ghréim
mo thruadh ní seasgair fada maoidheamh uim Rhyme.



An stuaire glan mar mheasuim is í sin Meidhbh,
uabhar is fearg leagann sí gan feidhm,
is duairc an peaca greada an chraois, mo threid,
ní suairc a chneadh 's as dealg nímhe go deimhin.



Is buan an teagasg chanann sí do Thadhg,
nách cruaig na bearta stad seal aoine ar mheadhg,
cé buartha an glas mo chreach don bhuídhin sa teinn,
má stuanann seal a chab ó chraois ar shoill.



Mo theasdas ort féin gan bhréig, a leabhair so am dhóid,
gur taramuin tséin don té do leanfadh do ród,
gurb acfuinneach bhéarsa an tséin do dhealbh an prós
's is beannaighthe an cléirioch séimh do tharruinn a chló.


L. 77


Moluim-se, a Dhomhnaill, glórtha caoin' do ghuib,
is molfud tu fós a n-eólas saoithe suilt,
moluim do ghnó 's budh cóir a sgríobh i bprionnt,
is molfuid síol Eóghuin Mhóir tu is Críche Luirc.


L. 78


B 1756ls 18L

PÁRLIAMENT NA MBAN.
ÓRÁID SHEILGÉAN, INGHEAN SHÉIMHLABHARTHA,
.I. BAINTÍGHEARNA RINNE MHUÍNNTIRE BÁIRE,
ANN SO.



An uair do chríochnaig Caitrína a horáid, do labhair
Seilgéan, inghean Shéimhlabhartha, .i. bean uasal a deisgceart
Éirionn aneas ón áit ris a ráidhtior Cothluighe, et
adúbhairt nách raibh suaimhnios ná síothcháin a n-aonáit
riamh acht mar a mbeidís iomad do chómharleachuibh,
do réir mar adeir an ríoghfháidh, Dáibhí, mar a n-abair
ibi salus ubi multa consilia, .i. "mar a mbí iomad comharleadha
as ann bhíos an tsláinte nó an tsábháil".



As follus díbh go mbí a ccomharle ag an ccléir, ag na
righthibh, ag na prionnsadhaibh, et ag na saighdúiribh, et
fós bíth cómhthionól ag na cretúiribh éigcialldha, mar atáid
na beacha, agus éanlaith an áidhir, mar atáid na druide agus na
cadhaimh, a ccruth gurab sin<n>e, na mná, go haonaránach
do bhreis ar chretúiribh na cruinne nách tig lé chéile lé
mórán do chéadaibh bliaghan. Dá bhrígh sin cuiridh
bhúr n-urnaighthe chum Dé sibh do stiúradh ar an slíghe
ccóir chum soluis do thabha<i>rt díbh gan aonní do dhéanamh
conntrárdha ris in ccreidiomh ná ris an maithios bpuiblidhe.



As fíor nach ní nuadh atá aguinn dá thionnsgnadh, do
bhrígh (go) bhfuilid 1003 blíadhain ó d'fhóga<i>r impeir
óirdheirc árdchomhachtach dárbh ainm Eliogabulus comhairle
gheinearálta do bheith agá mhátha<i>r dárbh ainm


L. 79


Augusta iona mbeidís mná gan aoinfhear do bheith maille
riú, "do bhrígh", ar sé, "nách córa d'fhearaibh seanáid
nó cómharle choitchionn do bheith aca chum labhartha
ar ghnóidhthibh puiblíghe iná do na mnáibh párliment do
bheith aca leó féin iona ndéandís iomrádh ar a ngnóithíbh
príobháideacha féin."



Ar an adhbhar sin déanam ar ndíochioll ar an seanáid
úd d'fhógair an t-ímpire réimhráidhte d'athnúadh anois,
amhuil ghuídhim-si díbh óm chroídhe agus óm anam san
itche so leanas:




Sonas is séan is bráon ó fhlaithios na ngrás
anbhúr mullach go léir go léime ó mhullach go trácht;
cuiridh a n-éisteacht céille do Bhanba bhúr ccáil,
is bhúr ccumas do chláona féachaidh feasda gach tráth.'




ÓRÁID GHORMFHLAITH, INGHEAN GHEARAILT, .I.
BAINTÍGHEARNA ROSA DEAGLÁIN.



Is ann sin do labhair Gormfhlaith, inghean Ghearailt, .i.
bean úasal do ghlanfhuil Ghearaltach Aoibh Mic Coille, et
adubha<i>rt nár chóir dhóibh eagla do bheith ortha trés na
bríathraibh labhras Pól Apstal, mar a n-aba<i>r nách cóir
do mhnáoi ar bith labha<i>rt a ccómhdháil choitchionn,
'ór is ar an Eagluis tráchtas sé san áit sin mar a mbíd fir agus
mná mar áon ré ar oile, agus ní cómhthionól don tsórd sin as
meabhair linne do chomhchruinniúghadh, acht cómhdháil
bhan go háonaránach. et dá réir sin as óirchios dúinn
labha<i>rt agus tráchtadh ar na neithibh bhainios linn féin inár
seanáid féin. Agus ní ceárt ná coinnsías tórmiosg do chur oruinn
a ttáoibh ghnáthaighthe nó úsáide do dhéanamh dár
ccéadfadhaibh corpordha do budh toil lé Día do dháil
dúinn. Agus is do na céadfadhaibh is prinnsipálta díobh sin
an teanga, a ccruith, muna ttugtháoi cead labhartha dhúinn,
ná déanadís ar tteangtha sochar ná seirbhís dúinn. As
dearbh nách cáoine, líomhtha, ghéire teangtha na bhfear


L. 80


ná ar tteangtha féin, agus go bhfuil gothuíghe agus glór aguin
cómh <m>aith riú, acht amháin gur garbhe glór na bhfear,
agus mar sin gur cosmhala íad ré hasalaibh ná sinne.



Tar gach ní as có<i>r dúinn trácht ar ár ngnóithibh leis
an oiread sin tromchúisi, ionas nách bíadh cúis ag na fearaibh
cómhthinól ná gearachómhairle ná aonainm eile uirísiol do
ghairm ná do thabhairt ar áir bPárliament, mar as gnáthach
leó bheith ag dáorlabhra agus ag fanámhad fánar ngnóithibh.
Gidheadh dá mbíadh sé ceadaighthach aguinne labhairt ar
chomhthinól na bhfear nó a mheas mar bhíd, gan amharas
do-cífídhe mórán díobh ní as measa iná cómhthinól na
mban. Do-chímíd prionnsadha ré cian do bhlíadhanaibh
a ccogadh re chéile. Bíd fós na díadhaireadha, na saga<i>rt,
agus an pobal comhchoitchionn a n-easáonta ré chéile go
minic. Agus fós bí cogadh agus coinntinn idir chatha<i>r agus chatha<i>r,
idir chomharsain agus chomharsain, a ccruith ná bíth súaimhnios
ná síothcháin eatorra, agus dá mo aguinne do bhíadh cumas
an ríaghlaighthe gurab dearbh go ccuirfeadh an Párliament
so ríaghlacha ró-chearta síos, críochnuíghim an oráid so
leis an itche fhíorúmhal so:




Cothrom is ceart is blas le séun go leór
ar phobal na mban ar feadh an tsáogail mhó<i>r;
as cosmhail go ccasam reacht Mhic Dé 's a ghló<i>r
oruinn go ceart, is glacam é go cóir."




ÓRÁID BRÍGHDE DO BÁRR, .I. BANTIGHEARNA
CARRICC NA BHFIACH, ANN SO.
Ar gcríochnúghadh a horáide do Ghormfhlaith, inghíon
Gh<e>arailt, do thionnsgain Bríghde Do Barr, .i. bean úasal
a Crích Líatháin, a horáid, agus as éadh adúbha<i>rt go modh
éidir nacharbh orcheas don bhanndacht as dúal do na
mnáibh do bheith ionnta labha<i>rt go trom ar phárliament
na bhfear, ná fós simpligheacht do chur 'na leith.


L. 81


"Gidheadh meabhruighmaoi<s> na bríathra atá ag Solamh
san 13 cab. do L<e>abhar na Seanfhocal inter superbos
semper iurgia sunt; qui autem agunt omnia cum consilia
reguntur sapientia, "bíth ceannarraic do shíor idir lucht an
úabha<i>r; gidheadh na dáoine do-ní an uile ní lé comharle
stiúrthar iad le heagna." Agus ionnas nách bíadh mé ní bhus
sía dabhúr ccongmháil ré briathraibh baothánnta, féacham
cionnas chuirfeam gach aonní ar aghaidh go dleaghtheach
noch iarruim-si leis an athchuinghídhe ndlisdionaig so:




Teagasg gan bhéim as é do chanaim-si dhíbh;
Paidior is Cré anbhúr mbéal bíodh aguibh do shíor;
sgaipidh an déirc gach láoi go carthannach cáoin;
is aitheannta Dé ná ráobaidh; anaidh go mín."




ÓRÁID CHASANDRA CÚNDÚN, .I. BAINTIGHEARNA
NA CLOICHE LÉITHE, SONN.



Ann sin táinig Casandra Cúndún, .i. Baintíghearna na
Cloiche, a bhfíadhnaisi an Phárliament, agus as é adúbha<i>rt
gurab é céad ní ar ar chóir dóibh labha<i>rt "cía (do) na
mnáibh as cóir do ghlacadh san bPárliament, agus cía híad
ar ar chó<i>r oifigeacht do dhéunamh."



Ar sin as é céad acht párlíament do-rinneadar gan maighdiona
do ghlacadh ná do bheith ann, do bhrígh go labheórtháoi
ar mhórán do neithibh ann nárbh iomchuibhe go
gcluinfidís mághdiona íad. D'órduígheadar et do-rinneadar
acht eile ag tórmeasg ar mhnáibh do pósfáoi cheithre húaire,
agus ar na mnáibh do rachadh tar dheich mblíadhna agus trí
fithchid d'áois, teacht do látha<i>r an Phárliament. Do-rinneadar
acht eile párliament, .i. gan aonbhean do labha<i>rt
go maslaightheach ar a fear do látha<i>r an Phárliament.



Do bhí bean úaibhrioch bhorb san bPáirliament dárbh
ainm Caitríona Ní Chatháin. Agus íar cclos an acht dhéighionaig
sin di as é adúbha<i>rt: "Créad as nách bíadh cead aguinne
labha<i>rt ar ár bhfearaibh do láthair ár bPárliament féin,
do bhrígh nách bíd na fir a n-áonáit nách labhruid oruinne.
Ór an tan bhíos Flathbheartach, an fear so agam-sa, ar


L. 82


fleidh nó a ccomhlúadar eile, gabhaidh ag reic a ndéin
riom-sa nó seib a súsa san oídhche, agus fós cuiridh sé mórán
bréag oram féin agus ar mo gheanmnuígheacht."



Gidheadh adúbha<i>rt Casandra ría gan ní as mó do
labhairt ar an ccúis sin, go ndeárnaidh sí féin abhrán ar
an adhbhar sin.




"Gníomhartha cóir tré dhóchas daingion a cCríost;
cuímhnig brón is eólchuir' an anma do shíor;
bhúr ndlíghe mar shómpla fóiridh d'fhearaibh san tír,
's an brísde fós lé heólas bainfam-ne díobh."




ORÁID REBECA DO RÓISTE, .I. BAINTÍARNA NA
FAIRICHE, SONN.
Is ann sin do labha<i>r Rebeca do Róiste, et as é adúbha<i>rt
'Dá n-admhamáois an fhírinne is ó na fearaibh thig
mórdhacht agus onóir cughuinn, agus dá ttugam sgannail dóibh
ní féidir linn gan bheith mímhacánta. Agus tar cheann go
bhfuilid mórán d'ábharaibh canntlaimh agus casáoide aguinn,
tar a cheann sin dá bhféachtar go glinn ar gcúis, as sábhálta
an sdaid sháoghalta inna bhfuilmíd ná na fir, ór is éigion
do na fearaibh dul ar muir agus ar tír, a bhfióntar a mbáis agus a
n-anma do chailleamhuin ag gleic ré sinne do chothúghadh.
agus a n-aimsir chogadh agus na ccoinbhliocht ccomhbhúartha is
éigin dóibh bheith ullamh ar an ccéad bhuille do stoc, agus
bheith do ló agus d'oídhche san machuire agus 'na bpostaibh re
piléaraibh a n-eascarad, agus sinne go sádhail seasga<i>r sásda
san mbaille agus eochracha na soiléar ar ar gcumas féin aguinn.
agus má níd síad áoní a ccuinne an dlighe do-béarthar peannaid
dóibh tríd, agus sinne go súghach síorghárioch ag fleadhól a
bhfocha<i>r a chéile san mbaile. As aguinn fós atá deághfhir
do dhéanamh dár bhfearaibh, agus teisd mhaith nó drochtheisd
do chur orrtha. Dá réir sin críochnuíghim leis an tteagasg
so:


L. 83



Mo chomharle glacaidh, a ghasra phríomhdhúthchuis,
do phórfhuil Bhanba sealbhaidh cáoindúthracht,
do nósaibh malluighthe aguibh-si bíodh diúlta,
is tabhraidh aire do theagasg na naoimhúghdar."




ÓRÁID GHRÁS GHLANIONNRUIC NÍ GHIOBÚIN, .I.
BAINTÍGHEARNA BHAILE AN MHISTÉALAIGH.
Is ann sin d'éirigh Grás Ghlanionnruic Ní Ghiobúin a
bhfiaghnaisi an Phárliament, agus adúbhairt gur mhithid dóibh
órdúghadh do chur ar an bPárliament sin go dleaghtheach,
ionnas nách imeóchadh ortha amhuil theangmhas go minic
do ríoghaibh agus do phárliament eile bhíos easáontach lé
chéile mórán aimsire sul shuíghid síad. Íar sin do-rineadar
na baintíagharnáoi sin ríaghla cinnte san bPárliament, .i.
tosach do thabha<i>rt do na baintíarnáoi dob onóirídhe do
réir fhola agus fhoghlama, mar atáid na baintíghearnáoi do
shíol Éibhir Fhinn do bhí do láthair, agus 'na dhíaig sin na
baintíarnáoi d'úaislibh SeanGhall, do Ghearaltachuibh, do
Bharrachaibh, do Róisteachuibh, et mar sin dóibh ó shin
amach, agus fós na baintiarnáoi do shíothlaic ó dháorchlannaibh
agus fúair bheith a ccéimibh onóra ar son a bhfear, ionnas go
mbíadh fós a hionad go cinnte ag gach mnáoi díobh san
bPárliament.



"Anois", ar sí, "as cóir dhúinn comhthionól na mban
ccothrom d'órdúghadh agus do chur ar eagar, agus an chuid
díobh as mó bhéaras do chloinn do chur ar ttosach, agus más
ionann bhías nuimhir a ccloinne, bíodh tosach ag an mnáoi
as sine dhíobh. Agus suíghdís na baintreabhacha eatorra má
tá clann aca. Bíodh mar an ccéadna an treas ionad ag na
mnáibh bhías pósda agus nách bíd clann (aca), agus an t-ionad
déaghnach ag na mnáibh neamhthorthamhla, .i. na mná
nách bí clanmhar."



"Agus créad do-dhéanam ris na (mnáibh) coitchionna thig
súas a ngeall ar a ccorpuibh corpthe cláonmhíanacha?" do
rádh bantíghearna díobh.


L. 84


Adúbhairt Grás Ní Ghiobúin nách leigfidís aoinbhean do
na mnáibh sin 'na ccomhdháil, d'eagla go ngalaróchadís
an chuid eile do na mnáibh ionractha.



"Agus ionnas nach bíadh drochmheas air air bPáirliment,
curfiom gach ní a n-órdúghadh go dleaghthach, agus toghfiom
banchléireach churfios síos gach staitiúid ar a ttiocfam
d'áonáonta san bPárliment so."



Ann sin d'órduígheadar gan áonbhean do labha<i>rt
áonfhoca<i>l san bPáirliment gan cead a cuir as an
bPárlimint agus fíonáil do chur uirthe. Agus aonbhean do-dhéanadh
cráobhsgáoileadh ar áonní ar a ttráchtamh san bPárliment,
a chur do cheangal uirthe gan áonfhocal do labha<i>rt go
ceann trí mhí, agus fíonáil chúig bpúnt do chuir uirthe.



As ann sin adubhradar gur mhithid dóibh trácht ar na
neithibh do bhainfadh rena mórdhacht, agus gur chuid mhaith
dá mórdhacht coiméad do bheith aca modh éadaicc do
bheith aca agus do chur úmpa.



"Ní bhfuil amharas", ar bean díobh, "gurab gúnáoi
párliment as có<i>r dúin do bheith oruinn ann so. Gidheadh
a ttáobh na n-éaduighe eile budh có<i>r dúinn do bheith
oruinn, tugamuir a ndearmad an nós sin go mór, ionnas
gurab suithaionntas do chaile na brón agus don mhnáoi úasal
san aimsir so, is don mhnáoi mhacánta agus don mhéirdricc.
Ionann fós nós éadaicc d'inghinn táoisicc nó tighearna agus
d'inghin an fhleasgaicc nó an liominicc, má bhíd saidhbhir
nó sáthach astach. Do-chímáoid slapar na slúaiste ag cur
síoda nó háloint ar a cíar caile. Bídh ór ar a nglacaibh agus
brásléid ómra nó iet ar a bpíopánaibh, agus adharca adhbhalmhóra
'na seasamh os a sgalpógaibh, an tan búidh có<i>r
dóibh bheith sásta le garbhéaduíghe easgartaicc. Tigid
dá olc a substaint ag ceannach an éadicc as fear<r>. Agus an
dara ní do-bheir tarcaisne do na deaghmhnáibh bheith ar
áonnós ris na cailáoibh cnapacha. Ní hé sin amháin acht
ní ghabhuid cuid do na mnáibh coitchionna cútha gan gach
áonchomhartha onóra dá bhféadaid siad do bheith aca do


L. 85


chuir orrtha, ionnas, má fhuilngmaoid na neithe so, nách
bíadh aonchómhartha onóra aguinn do bhreis orrtha súd.




Beannuighim sgéimh na mbéithe measardha nglan,
malluíghim tréanchean sgléipe caitior lé seal,
smachtuíghidh féithe an bhéil 's an teanga tá mear,
is achtuíghidh féin gan aonbhean labhairt gan chead."




ORÁID SECÍLIA NÍ MHÉIGCRATH, .I. BANTIGHEARNA
SLÉIBHE GCUA.
As ann sin tháinig Cecilia chaoinbhéasach Ní Mhéigcrath,
agus as é adubha<i>rt: "As oruinn féin as có<i>r dúinn aithfear
na ngnóithe sin do bheith, lena mhionca mhalartuighmaoid
éadach, do bhrígh nách fuil aontsórd éadaicc dá ccuirmáoid
oruinn nách bí go grod 'na dhíag sin ag mnáibh na ndáorchlann.
An tan bhearamáoid ár ngruaga, do-níd an céadna.
An ua<i>r churamaoid púdar bán inár cceanaibh, cuirid sin
deannach nó plúr cruinthneachta ina sopcheannaibh. An
uair léigamíd ár mbrolláoi ris, do-níd sin an céadna; agus
gach nós eile sháoilid do chuirfeadh a n-onóir iad.



As iad na mná úaisle do bheannuigheadh anollúd lé póig.
Anois an caile gá mbí bolaith croicinn ortha, rithid síad
lé póig chum gach mná dá onóruídhe. Agus measuim dá
ndéanamáois cucóil dár bhfearuibh go mbíadh dúil speisíalta
aca an céadna do dhéanamh dá bhfearibh féin. Níl fós
meádhon ná measardhacht dá chongbháil a sácrament an
phósda, do bhrígh go bpósan fear úasal bean uirísiol do
ghrádh cruidh agus costais, agus bean úasal bhocht fear uirísiol
do shaint a shaidhbhriosa, ionnas gur Hybride, .i. clann
leathúasal, thig úatha.




Má curthar srían lé mianaibh anshásta
maitior fíacha is píana temporálta,
do-gheibhthior ó Dhía do ríghaltacht mhná breághtha
ainm cheart dhíadha chiallmhar mhacánta."


L. 86



ÓRÁID LÚSÍA DO LÉACI, .I. BANTÍAGHARNA
BHROGHA AN LÉISICC SONN
Ann sin do labhair Lucía do Léisi, agus adúbhairt mar an
ccéadna nách raibh áontsórd datha dá onóruídhe chíd na
mná coitchionna nách cuirid ar a n-éaduíbh féin é, an úair
budh chóir dóibh bheith sásda lé duiliosg crann nó cloch,
nó le duille na feárna, et gach gné datha onóraicc d'fhágbháil
ag na mnáibh uáisle.



"Ní bhí mar an ccéadna modh ná measardhacht a mnáibh
(na) ndaorchlann ar áonach nó ar fhéasda, do bhrígh go
mbí d'easbaidh agus do dhánacht a mnáibh bodaicc nó balthaicc
go suighionn a measg na mban maith ar sgáith saidhbhriosa
nó sgéimhe éadaicc do bheith aca. Dá bhrígh sin is órcheas
dúinn staitúitt d'órdughadh a ttáobh na neithe so go
prinsipálta, agus as usaide dúinn sin do dhéanamh, do bhrígh
gur ris an ccinéal mbanda (bhaineas) na neithe so."



Ann sin do-rineadar acht párliament, .i. gan cead do
bheith ag mnáoi dháor ná mogh éadach do chur uirthe do
bhíadh a ccosamhlacht datha ná ceannuígheachta ré héaduíghibh
na (mban) uasal. Do-rineadar fós ac<ht> eile inar
orduígheadar gach bean agá mbíadh tríar inghíon ré neach
do na dáorchlannaibh, inghion díobh do chuir le céird,
ionnus go múdh usaide dóibh teacht súas agus maithios poiblíghe
na mban do mhéadughadh agus do chothúghadh é. Do-rineadar
mar an ccéadna acht eile ina ttugadar ríaghlúghadh
na cloinne mac na mban onóreach dá n-aithreachaibh; agus
d'órduigheadar a cclann inghíon do bheith fána smacht
féin. Agus mar sin do chríochnuígheadar an céad lá don
Phárliment leis an ndéantús so ó Lusía do Léise mar
leanas:




"A bhfaisios gan bhéim bíam féin go cliste gan mhoíll;
ceannas gach aoineith béaram fuinnte dár ccloinn;
na buinionaicc áorach' léighfid cruinnios gach slíghe;
is uireasba an léighinn gurab é ar ccine do mhíll."


L. 87



ÓRÁID MÁRTA NÍ BHRIA<I>N, .I. BANTIGHEAR<NA>
Ó CCÚANACH AGUS EATHARLA, SONN.
Ciodh trácht tángadar na deaghmhná sin an t-athlá
chum an Phárliment sin, agus as í céad bhean do labha<i>r san
ccómhdháil, .i. Márta Ní Bhría<i>n, agus adúbha<i>rt gur
léigeadar an fhoghluim agus an léighann a bhfaillíth comh
mór agus sin, "ionnas nách fuil cion ar mbith a<i>r san ccríoch
so na hÉirionn, do bhrígh gur mó an míann bhíos ag na
baothánaibh óga úaisle a bhfíadhach, a raingce, a bpionnsa,
(agus) a súgartháoibh suaracha eile ná 'na <lea>bharaibh.



Agus as dearbhtha gurab é as fáth don chrích so bheith bocht
do shíor agus a gcogadh ghnáthach, nách cuirid na sáorchlanna
a cclann ré fóghluim béas nó tréithe mar budh cuibhe, ór
sáoilid gur mór an tár nó an tarcuisne do dháoinibh úaisle
bheith foghluimtha. Agus ó táid ar cclann inghíon fánár smacht
féin anois, féacham créad (is) có<i>r dúinn do dhéanamh
riú."



As an sin d'órduígheadar a cclann inghion go huile do
chuir ar sgoil go mbeidís dá bhlíadhain déag d'áois, agus
ann sin gidh bé aca as deársgnaithe, a cur ar a haghaidh isna
seacht n-ealadhnaibh liberálta.



"Agus íar mbeith clisde isna healadhnaibh sin, tiocfam lé
haimsir chum bheith ní as foghlamtha ná na fir, do bhrígh
a bhfaillíghthe isna healadhnaibh réimhráidhte."



Do-rineadar acht eile párliment inar órduigheadar a
cclann inghion do chur go mainisdreach' a n-órdaibh ríaghalta
na mban ag foghluim dlíghe Dé agus iomchur deisgréidicc
na mban ríaghalta.



"Agus an tan do-chífid na fir sinne ag dearsgnúghadh orrtha
féin, glac<f>aidh náire iad agus bíadh ag tnúth lin fán bhfoghluim
go forlíanta. As có<i>r dúinn fós aithfear do thabha<i>rt
dár bhfearaibh agus casáoid do dhéanamh orrtha trénar ccur
ó gach ughdarrás poiblíghe, agus go ndéanaid sin gach ní mar
shantuíghid féin agus mar as toil leó."



D'órduígheadar uile an sin d'aonáonta uachtarántacht


L. 88


an mhaithios pobligh<e> do bheith ag na fearaibh go ceann
deich mbliadhain, go ttigidís a cclann inghion chum bheith
eólach isna healadhnaibh réimhráidhte.



D'órduígheadar mar an ccéadna ughdarás agus uachtarántacht
an uile neith ó dhorsibh dúnta asteach do bheith aca
féin, acht gan lámh do chur a n-arm. Iar sin sgáoilid an
chomhdháil lé fógra teacht ar a deich do chlog ar n-a
mháireach san ionad chéadna, agus tug Lucia an chómharle
se dhóibh:




"Bíodh c<a>oinios do shíor libh is carthannacht cháomh,
bíodh díogras anbhúr n-inntinn is beannaightheacht béas,
bhfur ngníomha go ttí libh gan bhasga gan bhéim,
is bhúr saorsi nár milltear le rachmus bhúr spréidh."




ORÁID MHÁIRE NÍ MHEIC NA MARA, .I. BANTIGHEARNA
NA CREATALUÍGHE, SONN.
An treas lá do shuígheadar an chomhdháil cháoin chíallach
sin d'éirig bantighearna onóireach árdshubháilceach dárbh
ainm Máir<e> Ní Mheic Con Mara, agus as éadh adúbha<i>rt gur
mhaith leó deighchríoch do chúr ar an bPárliment sin, agus dá
bhrígh sin gurbh órcheas dóibh Día do ghuídh a ccur féin
ar staid na ngrás agus na subháilce, agus na doghníomha do
dhearmad, agus sáothrughadh na subháilceadha do dhéanamh
go díochiollach.



"Agus chum na críche sin as riachtannas dúinn a fhios do
bheith aguinn cionnas as có<i>r na húrnaighthe do dhéanamh.
agus, a dhearbhsheathracha ionnmhuine', ar si, 'tugaidh bhúr
n-aire go friochnamhach do na bríathraibh as miann liom
do chráobhsgaoileadh dábhur látha<i>r.



An tan bhías sibh ag déunamh urnaighthe as có<i>r díbh
bhúr n-inntinn agus bhúr n-aigne d'éadtromúghadh agus do
thógbháil súas chum Dé, do bhrígh go bhfuilid trí neithe
as riachtannas do bheith aguinn a n-aimsir na húrnaighthe,


L. 89


.i. cionnas as có<i>r dúin ar n-úrnaighthe do dhéunamh,
cia an dream a éistior ina n-úrnaighthibh, agus créad iad na
neithe churios tormiosg orrtha.



Ar ttús as có<i>r do na húrnaighthibh bheith umhal gan
bheith uaibhreach, do bhrígh go mbí cion mor ag Día ar
úrnaighthibh an úmhail, amhail adeir an ríoghfháidh Dáibhí
humilium et, ionnas go n-aba<i>r ughdar d'áirighthe a
mbeatha na n-aithreacha náomhtha gur mhúnadar na
bitheamhnaicc ar an sloid do-ní sé, agus go bhfaicionn an
pheannuid atá fána chómhair, siridh sé trócare le déaraibh
go doilgheasach, do bhrígh gur dearbh leis a bheith féin
cionntach. An ní céadna as có<i>r don aithrigheach do
dhéanamh, .i. a lochta d'admháil agus do chraobhsgáoileadh
do Dhía agus don oide faoisidineach agá bhfuil eocha<i>r
ughdaráis na habsolóide, ionnas go ccorróchadh an Cruthaighthó<i>r
chum trócare do dhéanamh air. Ór amhuil
bhíd na boicht go ro-umhal ag iarruidh déarca ar lucht an
tsaidhbhris, a shamhuil chéadna is có<i>r do na peacachaibh
congnamh d'iaraidh ar Dhía ina n-úrnaighthibh le húmhlacht.



An dara ní as có<i>r do na hurnaighthibh bheith deiscréideach,
do bhrígh go n-íaraid iomad go neamhdheiscréidioch,
et tig de sin nách fághaid itche. Amhuil do
bhádar días mac Zebedeus, noch do athchuinghidh Día fá
dhuine dhíobh do shuídhe ar a láimh dheis et duine eile
ar a chlí, go ndubha<i>rt riú nácharbh fheas dóibh créad
do bhí aca dá íarruidh. Nó amhuil do shir Pól cealg na
colna do dhíbirt úaidh féin, et gurab é freagra fúair sé, .i.
sufficit tibi gratia mea, "budh leór dhuit mo ghrása-sa".
Nó amhuil shireas neach ar a charid píosa airgid, et go
madh éidir gur fithche píosa do-bhéaradh an duine muinntiordha
sin do. Mar an ccéadna má íarrann duine onóir,
nó saidhbhrios, nó sláinte ar Dhía, dob fhéidir nách iad sin
do-bhéaradh Día dhó acht ní budh feárr, amhuil tig go
minic do na sgoláribh beaga san sgoil noch shirios go minic
gan gabháil ortha, et fá dheóig go mbúailtior íad do bhrígh


L. 90


gurab é as mo théid a ttarbha dhóibh. Amhuil adeir St.
Augustin "an tan shiridh sibh na neithe temporálta lé
modh et lé heagla, ar choinghiol as cóir a <n->iarruidh", .i.
más sochar díbh a bhfagh<á>il et más dochar díbh a
bhfágháil go ttiúbhra éara oruibh; do bhrígh gurab ag
an líaig as feárr bhíos fios créad é an ní as folláin nó as
anfholláin don othar, et nách ag an othar féin.



An treas feacht as cóir na húrnaighthe do dhéanamh do
dhruím teasa ghrádha Dé, ór amhuil chuirios teas na teine
d'fhíachuibh ar an bpota an t-uisge bhíos ann do chur tar
a bhrúachaibh, mar an ccéadna thógbhas teas ghrádha Dé
na húrnaighthe súas chum Dé uilechómhachtaicc; nó
amhuil do bhíadh túis agá losga lé teine, et ar ball éireóchadh
deatach súas úaithe, mar an ccéadna éirghidh na húrnaighthe
do-níthar do dhruím teasa ghrádha Dé et na carthannachta
súas do látha<i>r Dé uilechomhachtaicc; nó amhuil imthíghios
soíghead do caitior le neart a bogha bríomhar, mar sin
téid na húrnaighthe do-níthar do dhruím doilghiosa do
látha<i>r an Dúileamhain. Gidheadh na húrnaighthe do-ní
neach et gan é féin d'úmhlúghadh lé díogras do Dhía "níl
ionnta acht amhuil béiceach nó bóghéimnioch", ionnas nách
déin gearán an bhéil tarbha don tí bhíos ag déanamh
úrnaighthe má bhí an croídhe balbh nó 'na shúan. Dá
bhrígh sin an úair bhímíd ag guídhe Dé, as óircheas dúinn
bheith ag gol et ag géarcháoine ar cceann léar thuilleama<i>r
píana síorrdhuídhe ifrinn.



An treas feacht as cóir do na húrnaighthe bheith airioch
ionnas go ttuigfeadh an duine íad et go ttiúbhradh a aire
dhóibh amhuil adeir Peadar "bíodh sibh ag faire anbhúr
n-úrnaighthe ionnas nách smúainfeadh bhúr n-ínntinn ar ní
ar bith eile acht ortha". Bíodh mar an ccéadna bhúr
ccroídhche glan sgíamhdha ó na peacadhibh. Óir as
déisdineach lé ríogh nó lé prionnsa bíadh dá fheabhas má
friotháltar é a soighthioch bhíos salach. Mar an ccéadna
as déisdinioch lé Dia na húrnaighthe thig ó chroídhe et ó


L. 91


bhéal mórgaithe bhíos ar n-a thrúaileadh lé teimhiol an
pheacaidh. Nó amhuil dá mbíadh fíon ag neach, as cosmhuil
nách cuirfeadh a ccúmhdach a ccorann tshalach é. Mar
an ccéadna ní hinchreidte go n-éisdfidh Día na húrnaighthe
thig ón ccroídhe bhíos cionntach. Ante orationem praepara
animam tuam, .i. "déana hanam ullamh rés na húrnaighthe".
Ionan sin réa radh et teimheal truaillidh na locht do sgrios
a háras na hanma leis an ccómhmbrúghadh croídhe sul
íaras tú itche ar an Rígh neámhdha.



An ceathramhadh feacht dleaghthar do na húrnaighthe
bheith do shíor gan fallíth, óir as follas nách tig an sladuíghe
a bhfogas don druíng bhíos ag foraire, et go ngadaid a
máoin ón muíntir bhíos 'na súan. Mar an ccéadna teithidh
an t-áidhbhirseóir ón ndruíng bhíos ag forfhare gan fallíth
'na n-úrnaighthe. Vigilate at orate ne intretis in tentationem,
"déanaig faire et guídhe ionnas nách tuitfidh sibh a
mbúaidhreadh". Oportet semper orare et non deficere, "ná
tugaidh dearmad a nguídhe síorruídhe a n-aimsir bhúr
n-éigiontais san mbeatha so," amhuil adúbha<i>rt an
t-eólach.




D'úrnaighthibh bíodh dúthchas is fuinniomh an
chroídhe;
as í an úmhlacht stiúras chuige sin sínn;
bíodh sgrúda et cúram aguibh chum guídhe,
et dábhur ccúmhdach bíaidh dúthracht is tarmuin
Chríost.




Bíodh a fhios agaibh, a dhearbhsheathracha, go bhfuilid
sé neithe chuiris toirmiosc ar na húrnaighthibh.



An chéad toirmiosg gan na húrnaighthe do dhéanamh a
n-aimsir oireamhnaicc, óir amhuil nách é gach tráth do-gheibh
na boicht an déirc do bhrígh nách íarruid í a ttráth
chó<i>r, mar an ccéadna as a n-aimsir na ngrás is ait lé Dia
na húrnaighthe do dhéanamh chuige, agus is ann gan amhras
éisdios na húrnaighthe, .i. an peacach do bheith a ngrásaibh
Dé ré linn na húrnaighthe do dhéanamh. Óir adeir úghdar
d'árighthe pecatores non exaudit Deus .i. "ní éistidh Día
ris na peacachaibh".


L. 92


An dara tóirmiosg buaidhreadh an áidhbhirseóra noch
chuirios mórán drochsmúainte a n-aigne an pheacaidh go
minic a n-aimsir na húrnaighthe, a ccruith go ccuirid na
smúaintighthe neamhghlana toradh na húrnaighthe ar gcúlaibh,
ionnas gur chóir do gach aon a seachnadh.



An treas tóirmiosg an peacadh; .i. an tan bhíos an
cholan lán do cheanaibh et bhíos ag iarraidh maithfeachuis
ar Dhía et ag buala a ochta, et gan rún aige an peacadh
do sheachnadh, as dearbh nách éisdinn Día ris et nách
tabha<i>r torradh ar a ghuídhe, do bhrígh go bhfuil sé 'na
thréatúir a n-aghaidh dlíghe Dé.



An ceathradhmhadh toirmiosg fúath nó fíoreascárdios don
chomharsain. Cum stabitis ad orandum dimittite si quid
habetis adversus aliquem, "an tan thiocfadh sibh chum
úrnaighthe do dhéanamh, tabhraidh maithfeachas má tá
aonní aguibh a n-aghaidh áonduine", óir amhuil ná déin
an leighios sochar don othar an ccéin bhíos cloídhiomh
an chráois nó soíghead na saínte nó gaotha na gaduígheachta
nó deirgmhian na drúise ina chroídhe aige. Maith dod
dhearbhráthair do-ní olc duit, agus fúaisgleóchar ód pheacaibh
thú.



An cúigmheadh toirmiosg neamhcharthannacht, agus go
háirighthe do bhochtaibh Dé, óir an tí chrúas a chlúasa
ionnas nách cluinfeadh éighiomh na mbocht, bíaidh féin ag
éigheamh agus ní cluinfir é, amhuil adeirthar san 21.cab. do
Leabhar na Seanfhocal ag Solamh qui obturat aurem suam
ad clamorem pauperis, ipse clamabit et non exaudietur.



An sémhadh toirmiosg lagchreidiomh an tí bhíos ar
úrnaighthe, amhuil adeir St. Augustin: indignus est
caelesti bendictione qui eam dubio quaerit assertu, .i. "an
tí chuirios a ccontabha<i>rt go sláneóchar é lé hoibriochaibh
na haithrighe agus na leórghníomha, ní fiú é an bheannacht
neamhdha d'fhágháil", do bhrígh nách tiúbhradh Día do
chómharle a híarraidh muna mbíadh fonn air a tabha<i>rt
dhuit. Uime sin as nár dúinn ar ndíchreidiomh gurab mó


L. 93


as fonn lé Día do thabhairt dúinn ná is fonn linne d'íaruidh
air.



Anois foillseóchad díbh cía an dream agá n-éistior a
n-úrnaighthe san ccúirt ainglídhe. et atá sé dronga ann
a sbioraid do bhrígh go n-éisdionn Día riú, agus nách tugthar
éistiocht do na dáoinibh úaibhriocha saidhbhre a bhflaitheamhnas,
do bhrígh go bhfuil a mían aca san sáoghal so.
An dara drong na dáoine ceannsa, .i. an drong mhaithios
gach aindlighe et gach éagóir dá ndéantar ortha ó chroídhe
et ó anam, gan rún díoghaltais do dhéanamh. An treas
drong an drong bhíos ag cáoi ar son a bpeacadha, do bhrígh
go n-abair Día féin audivi orationem tuam et vidi lachrymam
tuam, "do-chuala mé h'úrnaighthe et do-chonna<i>rc mé do
dhéara," ar an ádhbhar gur guth a gclúais Dé gach déar
doilghíosa dá ndéin an t-aithríghioch; amhuil adeir Dáibhí
Rí ré Día "glac mo dhéara ad chlúasibh"; nó mar as
éigion don mhátha<i>r an ní bhíos ag an mac dá íarruidh
uirthe do thabha<i>rt dó an tan ad-chí ag cáoi é. An
ceathramha drong lucht na déarca do dhéanamh ar na
bochtaibh do réir a n-acfuinne. Bíth déirc spriodálta agus
teamporálta ann, agus as mó dhéirc teagasg nó smachtúghadh
dhéanamh ar an bpeacach ná déirc do thabhairt do bhocht,
an mhéid gurab úaisle an t-anam ná an corp. An cúigeadh
drong na dáoine bhíos glan ionnraic ina ccroídhe, do bhrígh
go ndéin Dia ionad suighte do féin agus teampoll don Spioraid
Náomh is na croídhthibh glana. An .6. drong na dáoine
bhíos úmhal, do bhrígh, an tí adhras Día, go n-éisdionn sé
íad. An seachtmhadh drong na dáoine agá mbí grádha
do Dhía aca, do bhrígh, an té ghrádhios Dia, go seachnann
sé an tslíghe do chuirfeadh fearg ar Dhía, agus dá réir sin
congmhann é féin ó na peacadhibh.



As follas díbh anois, a dhearbhsheathracha ionmhuine,
cionnas is cóir díbh úrnaighthe do dhéanamh, agus créad iad
na neithe chuirios toirmiosg ortha, cía an drong ris a
n-éisdionn, et cía an drong ris nách éisdionn Día. Agus ionnas
go mbíadh foirm chinnte úrnaighthe aguibh, d'oibrigh Día


L. 94


chum beagán cómharle agas úrnaighthe do chur síos ann
so.




Lóchán gáoithe an tsáoghil, a rath ná pós;
cómhrádh cáoin gach náoimh ghil glac mar stór;
brónpháis Chríost dá ccáoine as maith an nós;
's go mbía do chroídhe gan bhrígh, gan phreab, ná glór.




Tionnsgnaim anois na húrnaighthe ó chroidhe. Ag so
na húrnaighthe:



A Thighearna mhórthrócaricc agus a Shlánuighthóir Íosa
Críost, chum moladh agus móronóra h'ainm ró-náomhtha féin,
agus tusa, a Mhuire, a Mháthair na ngrás, a Mhaighdion
mhíorbhuileach, chum méadúghadh do ghlóire, chum onóra
mh'aingil chuímhdiochta, agus Mhíchíl Náomhtha, Ghabriél,
Raphael Náomhtha agus mo náomhphátrúin Páttruig, agus chum
náomh agus bannáomh an domhuin, agus chum na spioraidighe
mbeannaighthe atá a bhflaithiomhnas, chum árdchéim' a
lúaghára agus a nglóire, misi, an peacach ró-bhocht atá ag
adhradh agus ag úmhlúgha dhuit, lé hiomad óghmóis ag
tabhairt buídheachuis neamhchoimsi dhuit ar son do
thabhartais go huile, agus go speisialta ar son do charrthannachta
dofhaisnéisi, léar chuiris do Áonmhac ó fhlaithios
neamhdha don ghleann so na ndéar chum sinne, na peacaídhe,
do sháoradh, a Thighearna neimhe agus talmhan,
móraim agus moluim h'ainm ghlórmhar ar son mórnáomhthacht
colna dáona agus bertha do Mhic mhíorbhuilicc, ar son
a bhochtachta agus a chomhlúada<i>r neamhchionntaicc, ar son
a theagaisg agus a sheanmóna, ar son a bháis agus a pháisi, ar son
a eiséirghe agus a dheasghabhála.



Do-bheir<i>m óm chroídhe agus óm anam gach buídheachas
as dúal agus as féidir leam do thabhairt duit ar son mistéiri
agus míorbhúileadha do chuirp agus t'fhola ró-úaisle a sácramint
ró-náomhtha na haltórach léa nglantar agus léa náomhthar
sinn, agus léa ndéin párteach sinn ris an uile bheannaightheacht
agus ghrásaibh spioraiddálta. Do-bheir<i>m óm chroídhe
agus óm inntinn buídheachas ró-mhór dhuit, do bhrígh gur
áontaís mo athnúadha agus mo sgíamhghlana ó pheacadh an


L. 95


t<s>innsir a sacramint an bhaistíghe, misi an trúaghán do
bhí ar mo dhéanamh do dhoirnn cré nó fós do neamhní, agus dá
éis sin go ttugais mé do chum creidimh fhírinnicc a n-aimsir
óireamhnaicc, agus nár leigis a bhfaillíth gan é do mhéadughadh
ionnam go laothamhuil maille ré teagasg agus foircedal na
hEagailsi ró-náomhtha.



Do-bheirim mar an ccéadna buídheachas ró-mhór dhuit
do bhrígh gur chothuighis mé a mbíadh agus a n-éadach ó
aimsir mo naoidheantachta gus an am so, ag dáil gach uile
neithe budh riachtanas damh chum mo chorpáin do chothúghadh.
Molaim et móraim do náomhainm do bhrígh gur
ghabhais agam gus anois, et me go láothamhuil ag tuitim
a mórán do pheacaidhibh, agus tusa go foíghidneach ag
feithiomh ríom go ndéantaoí mo mhúsgladh a súan na
locht led ghrásaibh, agus go ttiocfuinn tar ais óm dhíomháoinios
agus óm ghníomharthaibh salacha. Óir dá roínntar lióm do
réir mar do thuillios, as cían ó do bhíadh mé caillte nó
sloigthe a bhfodhómhuin ifrinn a measg na ndeamhan agus na
n-anam ndamanta. Ar son na ngrás et na ttiodhlaicthe
so uile, sirim ort lé díogras mo chroídhe et lé húmhlacht
m'anma, m'inntinn d'órleathnúghadh go láothamhuil chum
ní as mó do mholadh agus do bhuídheachus do thabha<i>rt
duit ná thugas go dí so.



A Thíaghearna et Athair náomhtha na ngrás, ná fágaibh
mé ar mo chumas féin, acht cuir srían do náomheagla am
bhéul do ghnáth dom chongbháil don táobh astigh do
chompás h'úmhlachta, ionnas nách biadh eagla áonnith
orm san tsháoghal so ní bhus mó ná fearg do chuir ort a
ccás ar bith, agus chum na críche so bíodh do ghrádha
náomhtha ceannsúghadh na buaidheartha agus an chathaighthe
thiocfas orm, ór atá a dhearbh agad go bhfuilim
sochláoite sobhriste úaim féin, agus nách fuil acht neamhní
am neart.



Sirim ort mar an ccéadna lé húmlacht h'Áonmhic ghrádhaicc
Íosa Críost go madh deónaightheach leat misi do
cháomhna et do choiméad ó gach úabhar inntinne agus ó gach


L. 96


gló<i>r dhíomhaoin, ó neamhumhlacht, <ó> cheilg agus ó mhailís.
Aitchim thú mar an ccéadna, a Thíarna, díbir úaim spioraid
an éadóchais agus an anndóchais, (na) miosgaisi agus na mailísi,
sbioraid na fúatha agus an drochmheasda, ionnas nách diomolfuinn
áonchretúir dár chruthaíghis, agus nách cuirfinn mé
féin roimh áonchretúir eile, táire agus tarcaisne do bheith agam
orm féin agus mórmheas ar chách.



(A) Atha<i>r ró-náomhtha, éadaicc mé lé héadach pósta
do Mhic ghrádhaicc agus lé subháilcibh díadha ná<o>mhcharrthannacht,
ionnas go ngrádhainn tú, a Chruthaighthó<i>r,
os cionn an uile neith léim chroídhe go huile, lém (anam)
agus lém neart, agus nách sgarfach bás ná beatha, saidhbhrios ná
daídhbhrios, sláinte ná easláinte, ná ní ar bíth eile réd
ghrádha bithdhíleas go bás mé. Sirim ort mar an ccéadna
an dúil bhíos agam a neithibh soghlúaiste an tsaoghail so
do chur do leatáoibh uaim, ionnas gur duit féin go háonaránach
bhíos taithniomh agus míann mh'anma.



Ó, a Thíagharna ghrásamhuil, tabha<i>r damh croídhe
úmhal comhbrúighte et tuigsi bhias do shíor cúramach
tímpchioll smúaintighthe na neithe neamhdha, agus toil fhonnmhar
go bráth chum maithiosa, dúil cheannsa chalma, agus
coiméad aireach do bheith ar na céadfadhaibh corpordha,
ionnas nách rachadh aonpheacadh tríotha do lot m'anma.
Cuir srian rém theangain ionnas nách tiocfadh aonchómhrádh
borb ná mímhacánta as mo bhéul, agus nách laibheórainn go
holc ná go haindlighthioch ar neach go bráth, et nách
bíadh mé toibhéimioch ná iomráitioch ar lochtaibh dháoine
eile, acht aire do thabha<i>rt go hiomlán chum mé féin do
leasúghadh.



Sirim ort fós mar an ccéadna, a Thíaghearna shoghrádhaicc,
an feadh bhías mo anam san charca<i>r chríadhamhuil
so mo chuirp, a thabha<i>rt mar shólás damh an
tan do bhéinn sgartha ó gach áonchúram sáoghalta íodhbairt
iomlán do dhéanamh dhíom féin chum do thoile agus do
sheirbhíse agus aire go háonaránach do thabha<i>rt dod theagasg
náomhtha ag coiméad th'aithionta agus do dhlígh go fríochnamhach,
agus go madh déonaighthioch leat, a Thíagharna
ró-mhilis, úaire úaigniocha mo bheatha do chaithiomh annsna


L. 97


hoibriochaibh subháilceacha so lé fíordhóthchas críoch
mhaith do chur ar dheire mo sháoghail.



Ó, a Shlánuighthóir an domhain, sirim ort, an tan sgarfas
m'anam ris an ccorpán mbocht so, d'éis aithríghe do
dhéanamh go fírinnioch agus subháilceadha sácrament na
haltórach náomhtha do ghlacadh, mé d'áiriomh a measg na
n-anman náomhtha, do shúil, maille ré lúach do pháise agus
do bháis, go bhfághain dul a radharc na Tríonóide, an
Athar, an Mhic, agus an Spioraid Náoimh, dá ttugaid
(créatúiridhe) neímhe agus talmhan moladh agus móronóir a
sáoghal na sáoghal. Amen.



et ionnas gurab móide do thuigfeadh sibh brígh na n-úrnaighthe,
críochnuíghim leis na bríathraibh so:



Lé húrnaighthibh múchtar fearg Mhic Dé;
lé húrnaighthibh fúigthar an t-anm gan bhéim;
lé húrnaighthibh múinntior maithios gach béas;
is le húrnaighthibh músgaltar aingil is náomh."



D'órduigheadar ann sin na húrnaighthe so do rádha gach
mnaoi gacha maidne agus gacha nóna, agus mar an ccéadna a
chuir d'fhíachuibh ar a ccluinn an fhuirm chéadna úrnaighthe
do ghníomhghnáthúghadh feadh a mbeatha.



ORÁID CHASANDRA NÍ CHONCHÚBHAIR, .I.
BANTÍARNA CHORCA MRÚADH, SONN



Do <bhí> bean úasol áosda onórach ann sin do shíol
cConchúbhair Chorca Mrúadh dárbh ainm Casandra inghean
Toirdhealbhaigh Uí Chonchúbha<i>r, agus as é adúbhairt nách
raibh áontslíghe na meádhon aca dob fhearr dhóibh chum
dul ar a n-ághaidh ann gach ní do chuirfidís riómpa ná na
dúbháilce do thréigion agus na subháilceadha do ghníomhghnáthúghadh.


L. 98


"Agus ionnas go mbíadh a fhios aguibh, a dhearbhsheathracha,
créad é an dochar do-níd na peacadha marbhthacha, cuirfiod
a suím díbh lé beagán bríathar an tromlot do-níd. Ar
ttúis don úabhar.



As é as úabhar ann iomarca grádha, ceana agus measda do
bheith ag duine a<i>r féin, agus is iomdha olc do-ní an t-úabhar
don duine, do bhrígh go líonann an mórmheas bhíos ag
duine a<i>r féin do pheacadhibh é, agus go samhluíghthar ris
an ndíabhal é, dá chur féin ós cionn chách.



Ar ttúis líonaidh an t-úabhar an duine do pheacadhibh,
do bhrígh gurab é an t-úabhar as táoisioch agus as treóruídhe
do na dúbháilcibh eile. "An t-úabhar tosach an uile
pheacaidh; agus an tí ghlacas é líontar do mhalachtaibh é,"
óir an tan sealbhthar an duine áonúair amháin leis gur
deacair a sgaradh ris, amhuil as deaca<i>r an caisleán
shealbhas an rí do bhúain de. As é ainm gháirios Dáibhí
Rígh don úabhar, .i. tobar agus mátha<i>r an uile pheacaidh,
a ccruith go ndéin sé trí súird uilc, .i. do-ní éagcóir ar Dhía,
a<i>r féin, agus ar a chómharsain. An dara ní do-ní an t-úabhar
duine cosmhuil ris an ndíabhal, do bhrígh go meastar leis
gur fearr é féin ná áonduine eile. An treas ní milleann
an t-úabhar an t-anam do bhrígh go ccuirionn roimhe tig
do thógbháil gan fundament na húmhlachta, amhuil adeir
Solamh san 32 ca. do Leabhar na Seanfhocal, "an tí
thógbhas a theagh go hárd as leagadh íarraidh sé". As
amhlaidh do-ní an díabhal ris in bpeacach amhuil do-ní
an fheanóg ris an ccnáimh, ór tógbhuidh go hárd súas é
san bhfirmament an tan nách féadann a bhrisidh, agus léigidh
sí an cnámh céadna anúas ar charuig chum a bhriste.
Mar sin do thógbhas an díabhal súas duine chum onóra agus
gradaim, an tan nách féidir leis a thrasgradh lé húmhlacht,
ionnas an tan thógbhas súas é go nglacadh úabhar é agus go
ttuitfeadh sé anuas chum iffrinn. Inna cheann sin caillidh
an t-anam a mhaithios leis an úabhar, do bhrígh go ccailltar
leis an úabhar cíall, eagna agus an uile shúbháilce ar cheanna.
Más maith leat an gráinne dheaghail ón lóchán caith súas
íad aráon agus tuitfidh an gráinne agus éireóchadh an lóchán


L. 99


súas lé gáoith. Ag sin mar bhíd lucht an úabhair ag
éirghe súas, agus lucht na húmhlachta dá n-ísliúghadh féin.
As dearbh nách léna fheabhas éirghios an lóchán agus fúadighthar
le gáoith é acht tréna éadtruime. Mar an ccéadna
ní tréna bhfeabhas éirghid lucht an úabhair ós cionn luchta
na húmhlachta. Do-chítí mar an ccéadna go ndéanaid
crainn iar n-a ttrothlugha agus péiste beaga lonnradh agus solas
san oídhche. Gidheadh ar ló ní thaisbéanaid solas ar bith.
Mar an ccéadna do lucht an úabhair. Do-níd taisbéanadh
taídhbhsioch ar chéimibh an tsáoghail si. Gidheadh a ló
an bhreithiomhnais, an tan thiocfas grian an chirt ag
déanamh soluis et lonnradh, taisbeán<f>aid na dáoine
úaibhriocha íad féin, .i. dubh deámhnuídh drochdhatha.



Atáid mar an ccéadna seacht cceinn ar an úabhar, mar
atá glóir dhíomháoin, bladhmann, annlán, aindréim, sáobhchrábhadh,
ceanntréine et iomarbhádh, noch as cóir do na
deaghdháoinibh do sheachnadh. et críochnuím leis na
bríathraibh so:



Lé fúadar an Úain ghil do crosadh a ccrann
búaidhfiom an úair so ar chogadh na cceann,
rúaigfiom tar chúantaibh athach na mbeann,
an t-úabhar noch bhúailios na peacaicc go teann.'



'As cóir díbh, a dhearbhsheathracha, an tsaint do
sheachnadh, do bhríogh gur peacadh mór í bhios do shíor
ag líonadh poll do chiste an tsáoghail so, a ccás gurab
iomdha anam cailltior a n-ifrionn ag cruinniúghadh óir et
airgid et gach áontsórd saídhbhriosa eile. Do-níthar an
sanntach do shamhlúghadh re fáolcho<i>n noch mharbhas
cáodhra don tréad, ithios a feóil, ólas a fuil, ghearas a
croicionn, bhrisios a cnámha, et ar úairibh bíth glór na
ccáorach aige chum íad do mhealladh. Léightar ar an
ainmhídhe dá ngoirthior talpa noch bhíos cáoch, agus soc
aige amhuil soc muice lé ndéin an machaire do thochailt.


L. 100


Fuaithidh an t-ainmhídhe an solas, óir ní osglann a shúil
go haimsior a éaga. Mar an ccéadna don tsanntach; ní
bhí do chúram air acht ag tochailt na talmhan agus ag
síorbhfágháil na saidhbhriosa sáoghalta an ccéin bhíos (beó).
(Gidheadh) a n-aimsir an éaga caithfidh sé a shúile d'fhosgladh
agus teacht do láthair an bhreithiomhnais chum na súl do
dhún lé holc d'fhosgladh lé faicsin na bpían síorruídhe. Agus
amhuil nách fághthar lacht ná lomradh ón muic go marbhthar
í, an tan sin amháin do-gheibhid na dáoine an fheóil,
an coiréiridh a croicionn; mar an ccéadna don tsanntach
ní faghthar sochar ná somháoin úaidh go bhfághan bás.
Ann sin do-gheibh an talamh nó na crumha a chorp, na
hoighreadha a mháoin sháoghalta, agus an díabhal a anam.
Ag so mar adúbha<i>rt an file:




"Uch! a dháoine bochta an tsáoghuil
bhíos ag cruinniúghadh óir is éadaicc,
as eagal díbh a n-am an éaga
go mo trom an t-úalach é aguibh.



As measa díbh mar táid na sgéala,
ní cuirfíghear bonn libh san chré dhe,
bíadh sé dá roínn dá bhur n-éisi,
sibh-si dá íoc is bo dáor libh.""




"Anois tráchtam ar an ccráos, óir níl ann acht airgthioch
nách bí sásda lé meádhón ar bith. Agus atáid chúig ghéaga
fhásas as an ccraos ar chúig mhodh.



An chéad mhodh dhíobh gan anmhuin res an amm as
cuibhe bíadh do chaithiomh. "Monúair don talamh agá
mbí leanbh mar rígh agus agá mbí a phrionnsadha ag ithe go
moch." Go fáithchíallach as é an talamh úd an corp, agus an
rígh an toil sháor bhíos ag stiúradh na hanma, agus as íad na
prionnsadha na céadfadha corpordha. An úair as mían


L. 101


lé neach sealbh do ghabháil a tteagh nó a ccaisléan do-ní
deifir go doras an árais dá shealbhúghadh. Go fáthach as
é as doras don chorp an sgórnach ina ttéid an cráos agus armáil
an díabhail asteach, agus an té bhíos a seilbh an doruis as aige
bhíos cumas coiméadaighthe an chaisléain. Dá bhrígh sin
is ar gheata an bheóil as dleacht an ghárda do chur, óir
muna ccurthar srían ris an ccráos ar ttús níl féidhim bheith
ag cur a n-aghaidh na ndubháilceadha eile. An tan gabhthar
greim ar bhéul an chapaill stiúrthar é go huras. Mar an
ccéadna stiúras an díabhal lucht an chráois.



An 2. modh bheith tugtha do mhillséanaibh bídh nó
díghe an úair budh chóir dúin bheith sásda lé háonphroínn
san ló. "d'ocras as cóir do bhéul do chorrúghadh agus ní
do bhlas nó do mhíangas." Dá mbíadh soighthioch ag
neach do-dhéanfadh an fíon do thrúailliodh, ní chuirfeadh
fíon an athúair san tsoighthioch céadna. As soighthioch
salach corp an chráosaig, do bhrígh go ttrothluíghionn
gach a ccurthar ann go hainmheasardha. An t-asal bhíos
ag duine dá bheathughadh go maicniosach, agus 'na dhiaigh
sin an tan théid ar mhuin an asail chéadna leagthar leis é
a ndráoib nó a ndrobhéul. A shamhuil chéadna do-ní corp
beathuíghthar go míangasach, leagaidh an t-anm a bpoll
an pheacadh, .i. a bhfodhomhuin iffrinn. "An tí bheathuighios
a sheirbhísioch go seasgair ón áois óig do-ghéabhaidh
'na dhíaigh sin é ceanntréan." Ionann sin rea rádha agus an
té bheir a thoil féin don chorp go bhfagha é doríaghluighthe
dá éis sin ag cur a n-aghaidh (an) anma go síorruidhe.



An treas modh do-ní duine é féin cionntach a bpeacadh
an chráois lé hiomad bídh nó díghe do chaithiomh. An
fhearthuinn thig go minic go mín agus go ceannsa as í is
feár agus as nádúrtha do na huile ainmhighthibh; gidheadh
an doinionn thig go trom agus 'na toruinn as í mhilleas an
t-ar agus an t-ainmhídhe. Mar an ccéadna an bíadh nó an
deoch chaithios duine go measardha meádhonach as é as
feár théid a n-oileamhuin don chorp. An machaire ar a
ccurthar iomad leasaighthe ní bhí toradh a<i>r acht fásach
agus fíadhaile. Ní thig iomad torthamhlacht chum aibídheachta.


L. 102


Mar an ccéadna do chorp an duine níl dá fheabhas
beathuíghthear é nách móide a chionnta agus a chláonmhianna
é. As móide a bhíos an fhíonúir lochtach agus as lúghaide a
toradh iomad leasaighthe do chur urthe. Mar sin an tí
do-ní é féin broínnlíonta do bhiadh agus do dhig as é as táosga
bhíos galarach. As iomdha duine marbhthar leis an
ccráosól, agus fós tárngidh mórán d'aicídibh eile neamhghlana
ar an bpeacach, amhuil adeir an file d'áirighthe san dánn
beag so síos ...".



Agus gabhadh an léaghthó<i>r leithsgéal an sgríobhneóra
trés an méid bheag so do chur síos ann so a cceann sáotha<i>r
an úghda<i>r lér céadchumadh an oba<i>r so. Ag so na
rana Uilliog a Boúrc:: ar na sgríobhadh 9 lá fithchid do
August san mbliadhain 1756 six.




Díogha gacha céirde an carbhas;
marbhthar leis, as é a iomthús,
an chalann cháomh go ngile
's a' t-anam sáor séimhidhe.



Beanaidh a chíall 's a chuimhne
d'fhior fheasach 's a fhorbhfaoile,
ceann ar clár do dhéanamh de
's gan cládh ó áondig aige.



Tig giodh is drochchoinghiol de
don charbhas fadógh feirge,
glór searbh is báothghrádh ban,
is claochcládh na ndealbh ndathghlan.



As minic marbhthar le neach
a bhrátha<i>r nó a mhac múirneach,
tig sé d'iomarca<i>dh an óil,
diomalta<i>r é 's ní héagcóir.


L. 103


Fear na ndeoch bhfarsing bhfada
a ccomhthrom níl ionntroda,
gidh láidir sin seal d'fhocluibh,
ré fear nách ibh iomarca<i>dh.



Ní fearr leis a leanán féin -
fear na meisge go míchéill -
<io>ná bean éigin eile;
tréigidh neamh ar neamhghloine.



Don charbhas linn ní leanta
tig de salcha súanleaptha,
is go leór leór d'olcaibh eile
do chlódh na ccorp ccolluídhe.



Fágbhaidh dáoine boghar balbh,
do-ní iad lom lámhfholamh;
iomad corma a cclí an pheacaicc
do-ní gorm do ghlanleacain.



Ag ól na bhfaddheoch bhfúar is tteith
gi bé bhías do ló agus d'oídhche,
cuiridh de Día 's a' sáoghal;
ná ría mé na mórbháoghal.



Gan charbhas ní deaca<i>r damh
mo sháith d'ibhe dá bhfaghar,
'na chaomh béime do bhiadh s<o>in
a ndíaigh a chéile a ccupaibh.



An sáoile, a thruagháin trúa<i>gh,
lá beirtha breatha an mhórshlua<i>gh
bhúr n-áit a ndáil na díghe
gan chá<i>r leat go léigfídhe.




Más toil leis an léighthóir eagnuídhe na rainn sin do chur
as an leabhar cuireadh muna fiú íad a bhfagháil a measg
na maolrann sin ann etc.


L. 104


"As maith do thuig an file Lainneamhuil an t-olc do-ní
an cráos don pheacach mar adúbhairt "an corp do-níthar
do shásadh go mbía 'na ablach mhorgaithe ag crúmhaibh
dá chráoslongadh, agus fós nách lia neach marbhthar le
cloidhiomh ná lé cráos."



An ceathramhadh modh léa ndéin duine an peacadh so,
.i. bheith ro-chúr<a>mach tímpchioll cócairiochta agus bídh do
ullmhúghadh don chorp bhias go grod dá shraoille ag
crúmhaibh agus ag cíorógaibh san úaimh. Ór an tí bhíos
ro-chúramach ag beathughadh a chuirp as é neartúghadh
a eascardibh bhíos aige dá dhéanamh.



An cúigeadh módh, .i. proinn do chaithiomh le confadh
nó lé cíocras, amhail thormisgios Solamh san 38 cab. ag.
Eccles mar a n-aba<i>r noli esse avidus in omni epulatione,
nec te effundas super omnem escam, "ná bí cíocrach ar an
bhfleidh, agus ná tabha<i>r tú féin ar áoinbhíadh", ór ní bhfuil
san tí agá mbí a chorp mar mhaighisdir a<i>r acht ainmhídhe
brúideamhuil.
Éistig ris an bhfile; as máol cheanglas a rann:




"As mairg don bhuídhin noch stríocas d'ainnis na n-olc,
measardhacht cháoin annbhúr cclí-si seachnaidh deoch,
tabhartas bídh as eadh íocas galar na mbocht,
's le salchar cráois nách bíodh sibh ceangailte a locht.""




"Anois don drúis. Ní bhfuil san drúis acht teine bhíos
ar dearglasadh, agus ní hé Día adhnas í acht an diabhal.
Amhail do-ní an gabha ris an íarrann an tan nách féadann
a leatha do réir a thoile, teilgidh arís san teallach é nó go
mbí ina cháor dheirg, agus ann sin do-ní do réir a thoile ris,
a shamhuil chéadna do-ní an diabhal ris an bpeacach. An


L. 105


tan nách féadann a tharrang chum peacadh ar áonmhódh
eile, loisgidh é go hinnmheadhónach le teine na drúise go
ccláonann é chum an pheacadh. Agus, a dhearbhshéaracha
ionnmhuine, as líonmhar géaga an pheacadh so na drúise,
mar atáid dallinntleacht, neamhmhothúghadh, sithbhúaidhreadh
aigne, smúaintighthe salacha, glacareacht nemhghlan,
tuaisgeart, fúath do Dhía, grádh mór do dhuine féin, grádha
ainmheasardha do chretúiribh, grádh an tsaoghail, uathbhás
réis an mbás agus rés an mbreitheamhnas, agus éadóchas na
glóire síoruidhe.



Ag so arrmmáil an áidhbhirseóra ré turnamh anma an
fhíoraoin chum peacadh neamhghlan na drúise. Samhailtior
an peacadh so lé pota, ór dá ghile bhíos an pota óna chur
go minic ar (an) tteine dúbh' sé. Mar an ccéadna don anam,
ór dubhaidh le dubháilcibh agus lé drochsmúaintighthibh
pheacadh na drúise. An pota fós bhíos ag bruith ar an
teine, muna mbía ann acht aonghráinne amháin píse,
tógbhann an fiucha a n-uachtar agus taisbéanaidh é. Mar
an ccéadna bhíos lucht na drúise; ní féidir leó íad féin do
chosg ó bhríathraibh gr<á>osda nó ó chantain abhrán
salcha agus ag pógadh mórán aguinne, na mná, noch do-ní
íomháighthe dínn féin ag tarrang gean na bhfear oruinn ag
ceathúghadh agus (ag) córúghadh an oiread sin éadaicc oruinn.
Ní theasduíghidh fós siosarnach agus milisbhríathra ó mhórán
aguinn an tan bhímaoid a ccomhlúadar na bhfear ionnas,
amhuil rithios drathlionna deirgnimhe drúise tré bhéalaibh
na droinge bhíos tugtha don pheacadh so. Má admhamáoid
an fhírinne is millteach an comhlúadar na mban, ór amhuil
loisgthior an féidhliocán bhíos ag foluamhuin tímpchioll
coinnle do bhíadh ar lasadh, mar an ccéadna loisgthear an
duine drúiseamhuil a bhfocha<i>r mná, nó amhuil as deaca<i>r
an teine do chongmháil ón spongc nó ón mbarrach lín
an úair bhíd mar áon, mar sin is deaca<i>r don fhear é féin
do shábháil a ccomhlúadar na mban. Lastar an teine so
na drúise le hiomad bídh agus díghe, ór ní bhfuil ann gach
méis dá fheabhas nó ann gach gloine fíona dá mhire acht


L. 106


fadógh forloisgneach chum drúise d'adhnadh a cclí an
pheacaig. Agus ní cosmhuil go mbí fonn na teine so do mhúcha
ar an tí bhíos go síoruídhe ag ithe agus ag ól gach proinne agus
gach díghe dá fheabhas, ór amhuil as maith le neach teach
a chómharsan do losgadh, an tann ghabhas teine bíth ag
síorlámhach cunna nó ola san teine ionnas gurab móid<e>
do loisgfí an teach é, mar an ccéadna don droing do-ní iad
féin do bhroinnlíonadh do bhíadhaibh soineamhla agus do
dheochaibh meara millsi meisgeamhla.



An tan lastar coinnioll agus curthar í láimh ré falla dá ghile
agus dá ghléimhaisídhe, ar ball dubhaidh an falla tar cheann
ná loisgeann é. Mar an ccéadna theangmhas don anam
ionnraic nách congbhann é féin ó chomhlúadar (na) mban;
dúbhaidh é lé dubháilcidh na drúise agus na domhéinne. Bíth
mar an ccéadna an peacadh so na drúise ar an fhadógh lé
háonchórrughadh ornáideach éadaig. Amhuil bhíd mérlig
nó lucht foghla chuirios riompa baile do losgadh as éadh
do-níd, teine do chur a n-áontigh amháin dá losgadh agus
gabhaid an chuid eile do na tighthibh an teine ón tteach
sin. Mar an ccéadna chuirios an díabhal teine na drúise
agus na domhéinne a n-áonmhnaoi amháin bhíos ornáideach
a n-éadach agus tiocfaidh do ghníomharthaibh na colla chum
na coda eile do lasadh leis an tteine ccéadna.



Ní bhfuil san drúis acht úaimh an díabhail chum na
bpeacach do shlogadh go hiomdhomhuin iffrinn, nó linn
bháidhte réa lánmhealladh, nó nimh réa milleadh, nó
cloídheamh ré cosgar na bpeacach. Ní bhfuil fós a
n-antoil na drúise acht líon an áidhbhirseóra, nó baidhte
do cuirfídhe a ttrap ré héanaibh do mharbhadh, nó mar
do bhiadh dubhán deargnimhe a bhfolach fá bháidhte.
"Amhuil gabhthar iasg lé dúbhán nó éan lé gaisde, mar
sin gabhthar na daoine a ndrochaimsir," .i. a n-anaimsir
na drúise.



Fá dheóig as í mo theisd ar an bpéist mbrúideamhuil so
.i. ar an ndrúis, bíodh a fhios aguibh nách fuil innte acht
nimh nathrachdha ar na coimeasgadh tré bhíadh noch tig


L. 107


asteach go milis agus ghearras agus mharbhas fá dheireadh
amhuil do-ní an natha<i>r nimhe. Ní bhfuil fós san drúis
acht pláigh ris an ccine dáonna do dhíthughadh, do réir
mar as follas san aicíd ngráineamhuil ndéisdinicc úd dá
ngoirthior an bholgach Fhranngcach. "Sgiúirsi úathbhásach
ré peannaid do thabha<i>rt do lucht na drúisi".
Dá bhrígh (sin), a dhearbhsheathracha, diúltuighmáoid don
pheacadh gráineamhuil úd na drúisi, agus éisdamaois ris na
bríathraibh so do chan an t-ughdar.




"As brúidúil damannta an galar so léaghmar shúas,
's as drúisúil barbardha cheangail na céada a ngúais,
as iomdha mallaightheacht tharangios sé, monúair,
is míchlú allamhuir an pheacadh so cáomhuin úain.""




"Labhram annois ar an leisge. As é as nádúir don leisge
neamhfhonn do bheith ar an bpeacach neithe do dhéanamh.
Samhailtear an duine leasg ré caisléan agá mbíd
tighearnáoi, agus caillidh an té bhíos leasg a chuid don
chaisléan ag duine eile sgúabas uaidh é. Mar an ccéadna
dá raibh sbioraid fhaillíghtheach a nduine biaidh an
chalann ag greamughadh neithe éigin go láothamhuil ina
haghaidh. "As í lámh an tréin bhéaras búaidh; gidheadh
an lámh fhaillightheach caithfidh sí úmhlúghadh." Bíth
mar an ccéadna toil an lorgánaicc corraightheach. As áil
leis agus ní háil leis deaghoba<i>r ná deaghníomh do dhéanamh,
do réir mar ader an (file) Lainneamhuil.



Amhuil fhásas feóchann<áin> agus fíadhneantóg san talamh
bhíos a bhfad gan shaothrúghadh, agus nách tabha<i>r toradh
ar mbith úaidh go sáothruighthear agus go n-oibrighthear é agus
go ccuirthear síol maith ann, mar an ccéadna don duine
leasg nó lorgánta, fásaidh feóchnáin agus fiadhneantóg uilc


L. 108


agus urchóide dúbháilce ann an tan nách sáothruígheann
soghníomha na subháilceadha. "As é mallúghadh
Ádhaimh fá deara go bhfásaid na neithe millteacha neamhsh<o>characha
úatha féin a ttalamh ar (ccuirp) agus air ccroídhe,
agus gur lé dúadh agus lé sáothar fhásaid na neithe socharacha
bhíos ina riachtanas oruinn." "Do ghabhas tré ghort
an lorgánaicc agus tré fhíonúir na hóinmhide, agus féach go
rabhadar air n-a líonadh go huile do neanntó<i>g, agus gur
fhoiligheadar na drise an táobh shuas de."



Do-chímíd an t-uisge nách glúaisaid srotha as acht bhíos
'na chomhnuíghe do shíor go ttrothluígheann amhuil adeir.
Do-chímíd an t-íarann mar an ccéadna go bhfásann meirg
agus mímhaisi air muna n<d>éantar gnáthúghadh de. Bíth an
lorgánach faillíghtheach tímpchioll chúraim duine eile
amhuil bhíos tímpchioll a chúraim féin. "Amhuil thaisbéanas
an bhínéigre é féin do na fíaclaibh nó deatach do
na súilibh, as mar sin do-ní an duine leasg ris na dáoinibh
chuirios cúram a<i>r." Bíth se chomh <m>órmheata sin go
n-aba<i>r go mbí leómhan roimhe san slíghe réa mharbhadh.
Bíth 'na chodla an tan budh chó<i>r do bheith 'na dúisgadh.
Ní léig fuacht do ar ná obair do dhéanamh, a gcríth go
mbí ag iarraidh déarca san bhfóghmhar do bhrígh gur 'na
chodla do chaith an t-earach (agus an) samhradh amhuil adeir
an seanfhocal "an tí bhíos 'na lorgánach earaicc bíth ina
shrathare fóghmhair".



Dá bhrígh sin, a dhearbhsheathracha, déanamáoid branar
samhradh na súbháilceadh an feadh bhiamáoid ar an saoghal
so, ionnus go mbiadh fóghmhar farsiong agus lón líonmhar
aguinn san tír tháll."
Comharle ón mhnáoi mhaith sin:




"Teagasg gan mheirg do-bher<i>m don droing mhnámhuil;
seachnaidh meisge agus beireatais chlainn náireach;
más áil libh seilbh ghlan d'fheicsin an ghlínnárais
teasgaidh an leige agus meirg na lorgánntacht."


L. 109


DON FHERG ANN SO.



"As é as fearg ann .i. búaireadh bíthbhrostaightheach na
haigne a n-aghaidh an réasúin, agus as iomdha olc thig don
fherg. Tig di air ttúis go ndallann peacach agus go ndéin
beathadhach éigcialldha de, ór cráobhsgaoilid síad gach
rún incheilte dá mbí aca ré linn na feirge. Amhuil adeir
(Horatius) "canann meisge agus fearg fíor". An dara ní
amhuil nách taisbéanann an sgáil í féin san uisge an tan
bhíos an t-uisge salach, nó an tan bhíos an tsúil ar n-a
sgamaladh le ceóbhrat tinnis ní fédir lé áoiní d'fhaicsin,
mar an ccéadna an duine feargach ní bhí a fhios aige créad
é Dia ná duine, agus as lé fear báoisi budh có<i>r a shamhlúghadh.
Bíth an fhearg cáoich ionnas nách leig don (duine)
na neithe bhíos solusda ionnta féin d'fhaicsin. As amhlaidh
sin do-ní an díabhal ris an bpeacach amhuil do-ní an
t-íasguire shalachas an sruth a ndóich nách faicfeadh an
t-iasg an líon et go rachadh asteach ann. Mar an ccéadna
chuirios an díabhal dállchíach ar an bpeacach re tuitim
san bpeacadh gan fhios do féin. "Cuirfiod búaidhreadh
ar na dáoinibh et triallfiad mar dhallaibh".



Samhaltar an díabhal ris an bhfíach ndubh. An tan
tig an fíach gus an ablach marbh as é céad ní do-ní na
súile do bhúain as. Mar an ccéadna don díabhal, gobaidh
rosg an résúin as an tí bhíos cláon ag déanamh na feirge.
Samhaltar mar an ccéadna an fhearg ris an ttóirnig nó ré
púdar phléasgas go hobann lé beagán teine. Fá dheóigh
fágbhann an fhearg duine a n-éagmais gacha maithiosa
spioradálta et corpordha, amhuil adeir Solamh san 19 ca.
do Leabhar na Seanfhocal mar a n-abair "an tí bhíos
neamhfhoighidhneach caithfidh dochar d'fhulang."



As amhlaidh bhíos fear na feirge amhail bhíos an tí agá
ndéintear a theach do losgadh et bhíos saidhbhir ar maidin
et folamh tráth nóna, do bhrígh go sgiubann an teine an
t-iomlán lé. Mar an ccéadna don tí bhíos feargach,


L. 110


caillidh a mháoin agus a mhaithios spioradálta go huile lé
splangc aonfhocail an tan thuitios a bpeacadh na feirge, óir
níl san bhfeirg acht amhail do bhíadh pota chuirios tar a
bhrúachibh a mbí ann tré anfhorlann na teine bhíos faoi.
"Croídhe na n-óinmhideadh fiuchaidh sé amach amadántacht
do bhrígh gach ní bhíos iona ccroídhe go ttaisbéanaidh
síad ina mbéal é." Músglaidh an fhearg gach uile olc do
bhrígh gurab í as conair chum gach urchóide, agus an uair
bhíos an chonair sin dúnta bíth síothcháin ag na súbháilcibh
go hinmheadhónach. Gidheadh an tan osgaltar an chona<i>r
sin rithidh amach imreas et easaonta, troid et tréanbhuala,
dá ttig iomad dochair et díotha.



An mhuínntir bhíos teasuíghe nó ar n-a ndéanamh do
cháilibh teasuíghe as íad ghabhas fearg go hobann do
bhrígh ar ball go líonann a ccuid fola tímpchioll a ccroídhe.
Agus as mór an máighistir an díabhal mar an ccéadna ar an
tí bhíos feargach do bhrígh go ngríosan an diabhal ná
gabhaidh agá mhac nó agá inghin nó fós dob fhéidir agá
mhnáoi phósda gan a ndíoghbháil do dhéanamh ré forsa
na feirge fíoranuíghe bhíos air. Ní measa do neach
teangbháil ré fáolcho<i>n íar ccaill a cuaine ná ar dhuine
ar a mbí rabharta na feirge, óir as amhlaidh bhíos amhail
natha<i>r neimhe ag teilgion teine as a bhéal, nó mar do
bhíadh cáora dearglasrach ag éirghe d'fhornéis teintíghe.
Dá bhrígh sin seachnamáois an fhearg et comhlúadar na
ndáoine sparuinneacha, agus éistig ris an bhfile:




"Saoilim gur maithios don aicme bhíos mín a méin
go mínid fearthuin is baga<i>rt na ndáoine ttréun;
cuímhnigh an sparuinn do leagadh lé cáoinios béas;
díbir an fhearg, is lasair an díoghaltais tréig.""




DON FHORMAD ANN SO
"As míllteach mar an ccéadna an peacadh an formad,
óir níl", ar sí, "acht doilghíos tré rachmas duine eile ann,


L. 111


et dá réir sin is pláig anma é tug an diabhal san domhan.
Níl ann acht olc lán do nimh, do bhrígh go mbí nimh a
ccroídhe an fhormadaicc. Agus as amhlaidh bhíos amhail
nathair nimhe noch iómpuighios an uile ní ghlacann nó
thig ionna broinn chum bheith 'na nimh, amhail adeir
St. Augustine: quod cum per omne vitium antiqui hostis
venenum humano cordi infunditur, zelo invidiae tota viscera
sua serpens contulit, .i. "ar son go ccurthar nimh a ccroídhe
an duine leis gach aonolc tig ón seannamhaid, dá éis sin
as lé cuinighthe an tnútháin chrothas an athair nimhe a
clíabh go léir."



Leaghann lúthgháir an formadach et dorchaidh sé sollas
na ndeaghghníomhortha, ór as amhlaidh bhíos amhuil an
t-éan dá ngoirthior ceann cait, óir mar nách fuilngeann
an ceann cait an solas, ní fhuilingidh lucht na tnútha solas
rachmas ná radharc deaghníomhartha agus deaghcháile a
chómharsan. "Intinn an tnúthánaicc an tan céastar í lé
maith na comharsan do-níthar dorcha í amhail ga gréine;
bíth sí comh throluighthe sin go bhfaghann sí na dáoine
adeir go mbí an ní maith go holc et an droch ní go maith,
ag déanamh soluis don dorchacht agus dorchadas don tsolas,
ionnas gur ro-mhaith oireas an fáthrann so dóibh "an duine
tnúthach téid a mboichte nó a seirglídhe ó shaídhbhrios a
chómharsan d'fhaicsin."



As cosmhail an formadach leis na péistibh beaga geintear
san éadach noch ghearas agus loitios an ní dá ngeintear íad.
Putredo ossium invidia, .i. "logha na ccnámh an tnúth."
Bíth lucht an tnútha a ngalar tré shláinte a ccomharsan.
As mór an easbaidh chéille don tí bhíos ag iarraidh a
chneádha féin do leíghios lé cneadhibh chách, ag fagháil
sóláis a ndólás a chómharsan agus anna bhúaireadh. Dá
bhrígh sin diúltuíghmáois don ghalar ghráineamhuil úd na
tnútha, agus tabhram táosga taitnimh don charthannacht, do
ghrádh Dé agus ar ccómharsan.


L. 112



Fágbhuim beannacht ó fhlaithios na n-úrghrása
ar mhnáibh noch anas go carthannach ciúinchráibhthioch;
dáiltior mallocht do phearsanaibh iomráidhtioch',
's as cráidhte an damaint noch ghreadas na tnúthánaicc.



An formad seachain, ná tabhair do grádha cáomhna,
bí fosach lé feartaibh ná taisge do dháil Dé dhuit,
ná coigil malartach cealgach bláthbhréugach,
is budh follas do rachmas a bhflaithios thsoir lá an
tsléibhe."




Is ann sin do-rineadar acht párliment inar órduigh<ea>dar
gach áon do-gheabhtháoi cionntach go poiblidhe a n-áonpheacadh
do na seacht bpeacadhaibh marbhthacha
príosún seacht seachtmhuinne do thabha<i>rt dó, agus gan
d'oileamhuin do thabha<i>rt do feadh na haimsire sin acht
aonphroínn amháin aráin agus uisge san ló go n-oídhche, agus a
bheith d'fhíachaibh a<i>r teacht gacha Dómhnach feadh
na haimsire sin do látha<i>r an phobail gus an Aiffrionn, agus
é féin do admháil cionntach is na coirthibh sin, agus maithfeachas
d'íaraidh ar Dhía tré fhearg do chuir a<i>r, agus
párdún d'íaraidh ar an bpobal tré dhrochshómpla do
thabhairt dóibh.



Agus leis sin do chríochnuigheadar a bPárliment an lá sin agus
do fógradh aca teacht ar n-a mháreach chum na cúirte
céadna go líonmhar deághshómpladhach ag tiomnúghadh
a n-aigne do Dhía.



Cíodh tráth acht ar n-a mháireach íar tteacht a cceann a
chéile san chomhdháil sin dóibh as í bean dá ttugadh, lé
haonta na coda eile do na bantighearnaoibh, cumas
labhartha an láoi sin .i. do Chatríona, inghíon Chormaic
mheic Cárrth<aigh>, .i. bantighearna Dhúna Deaghradharc;
ór a n-éagmais a hárdchéme onóra do leith a glúine geinealach
seach cách do bhí sí féin ró-fhoghlamtha diadha, agus


L. 113


tugadh súas í a mainisdir ban ríaghalta san bPortingéil
a bhfad dá haimsir. et as é adúbha<i>rt go rabhadar
mórán peacadha eile ann do budh cóir do sheachna, 'agus go
háirighthe bladhmonn agus bladairiocht do bhrígh nách fuil
san mbladareacht nó san chluainareacht acht mil lán do
nimh et nimh lán do mhil. Níl ní ar bith is súairce agus is
binne lé mórán do dháoinibh ná a ngníomhartha féin go
bladhmanach dá n-aithris, tar cheann nách bí a mbríathraibh
an chlúainaire acht cealg agus mealltóiriocht léa mbúailtior
tarrnge a súil an tí ar a labharthar.



Do-níthar an cluainaire do shamhlúghadh lé beathadhach
dá ngoirthear camel, ainmhídhe sin ar a mbí an uile shórd
datha. An céadna do-ní an clúainaire réna chómharsain
léna chómhrátibh fallsa gaingidiocha líon do leatha fá
chosaibh a chomharsan. et amhuil bhíd trí cáile san mil,
.i. millsiocht, soillsi agus sleamhna, mar sin bhíos an clúainaire
milis, solas, sleamhain.



Samhaltar é mar an ccéadna lé madra do bhíadh ag líoth
cneadh et nách gearaidh aonní don chneidh, nó lé hainmhídhe
ina mbíadh trí cíora fíacla, agus a measg na n-ainmhighthe as
é as mó do-ní dochar do bhrígh go mbí ina thíoránach a
measg na n-ainmhighthe eile; agus an clúainaire mar an
ccéadna a measg na ndáoine. Samhaltar teanga an
chlúainaire ré gabhar ar a mbí fíabhras gnáth, agus an tan
choimlios do chrann ar bith go ccríonan do láthair agus go
seargann. Níl san mbith ní as táosga mhillios inntinn an
duine iná clúainaire. Bí ar do choiméad ar chat loisgios
an chéad feacht agus chognas an dara feacht.



As iomdha olc do-ní an peacadh so. Ar ttús mílltior
leis an tí chreidios é agus creimidh sé an tí nach bí do láthair.
Taisbéanaidh é féin fúathmhar agus do-bheir sé sgrios agus
ionnarba a<i>r féin. Níl san chluainariocht acht aicíd bhíos
ag snámh ann gach áonáit amhuil channcar. "Duine
daonnachtach" ghoirios an clúainaire don tí chaithios a
mháoin go hainmheasardha, "duine crúaidh" ar an sanntach,
"cúirtéiridhe" ar lucht na drúisi, "dáoine deaghlabhartha"
ar lucht an ithiomrádh, "daoine socra" ar na


L. 114


dáoine bhíos leasg. Níl fós san cclúainaire acht eascaradh
fá ghné carad agá mbí mil ina bhéul agus cealg ionna charbad.
"Ní hait liom a charadas" amhail adeir an file.



Trí neithe dhíbrios an chlúainairiocht ó dhuine, .i. coinnsías
maith, éistiocht docamhlach et umhlacht, do bhrígh
an tan bhíos an clúainaire ag moladh dhuine rithidh chum
an choinnsías d'eagla go ndeárnaidh sé míghníomh tar cheann
nách deárnaidh, agus as comhartha deaghdhuine sin. Rúaigthior
an chlúainairiocht mar an ccéadna lé héistiocht mhall.
An tan bhíos neach go ndeifir ag tríall dá dhúthche as
cóir do clúas bhoghar do bheith aige ag imthiocht tar cheól
mharbhthach na muirdhúchan. "Dob fheárr lióm aonduine
dom dhiomoladh ná clúainaire dom mholadh" amhail adeir
St. Augustin: magis (etc.).



A dhearbhsheathracha, atáid mórán aguinne, do na
mnáibh, 'nár cclúanaribh milisbhríathracha ag tarang na
bhfear chum uilc agus urchóide, agus ní có<i>r dhúinn bheith
amhlaidh ó so suas, acht an chlúanareacht chealgach úd
do sheachnadh agus bheith glan ionnraic inár ccroidhthibh,
ór as ainchríostamhuil an ní bheith ag moladh duine dá
látha<i>r agus bheith dá ghearadh air a chúlaibh. An tí
thaithíos an ní so as ag ithe feóla dáoine bhíd. Dá
bhrígh sin do canadh an maolrann so:




Ní mholuim an bladar do labha<i>rt mar cháil d'áonneach;
as cosmhuil nách taithnionn lé hathair na bhfáidh náomhtha
go follas do phearsain a mhealla le bláthbhréithribh
's a bhfollach a ghearradh 's a theasdas do lánráoba.'




"A dhearbhsheathracha," ar sí, "as ró-úathbhásach mar
an ccéadna an staid iona mbíd lucht na n-árdchéimionn et
na honóra sáoghalta, ór amhail as dá aimhdheóin fhágbhas


L. 115


an madra cnámh ar a mbí feóil ar son go mbíadh an fheóil
agá losga nó tar cheann go mbeadh an madra bolglíonta
roimhe sin, ag sin mar bhíd lucht na honóra sáoghalta; as
leasg leó dealúghadh ría tar cheann go bhfuilingíd siad
mórán crúadhála agus trioblóide. Usquequo parvuli diligitis
infantiam, et stulti (ea, quae) sibi sunt noxia, cupient, .i. "a
náoidheanna, cá fad ghrádhfidh sibh bhur leanabdhacht,
agus a amadáin, cá fad shirfidh sibh na neithe míllteacha?"
An tan théid sgoláire beag baothánta ar marcuíghiocht as
leasg leis a thréigion. As sin mar bhíos an drong thig
chum marcuídhiochta an tsáoghail si agus do-gheibh árdinnmhe
agus onóir ann, ní féidir a sgaradh ris go bhfághann bás obann
áonuaire. As fada an aimsir bhíos an dair ag fás, agus fá
dheóigh leagthar í lé fórsa gáoithe áonmhómeinte amháin
as a préamhaibh. Mar an ccéadna do na dáoinibh thig
chum bheith a mórinnmhe sháoghalta. "A ndiag a chéile
d'éirghis súas; gidheadh tuitfidh tú mar splanngc thóirtníghe."
"Níl dá áoirde théid duine suas nách truimide a
thorann.



(......) na dáoine muintiordha do bhíodh roimhe
sin aige. Ní anann aithne ná úrlabhra, rádharc ná éistiocht
aige. An tan tig duine bocht muinntiordha dá láthair ní
labhrann ris. Ní mó éisdionn réna ghearán. Bíth go
bladhmanach ag trácht ar neithibh árda. Ní maith leis
áonduine do bheith ós a chionn agus do-ní (a) dhíthchioll ar
bheith ós cionn gach áonduine. Bíth sé muiriorach don
drong bhíos fána smacht do bhrígh a úabhair agus a iomarca.



As cosmhuil an peacadh so lé sórd dragúin, .i. ainmhídhe
bhíos ar dearglasa lé tart ionnas nách coisgidh srotha na
n-innbhior a híota, gurab éigean di a béul d'fhosgladh agus an
gháoth do léigion ina cráos do cheannsúghadh a teasuígheachta.
Mar an ccéadna do na dáoinibh ghlacas airc agus
íota chum cathréime an tsáoghail so. Ní féidir a ndéanamh
sásda. Dá mhéid bhíos aca as móide an míann bhíos aca
chum tuille d'fhágháil é, amhail adeir an file. Gidheadh


L. 116


tugadís a n-aire don ní adeir béul na fírinne, .i. ar Slánuighthóir,
"an tí árduígheas é féin íslígh Día é." Adeir an
Sgriptúir fós a n-áit eile "as beannuighthe na boicht a
sbioraid do bhrígh gurab leó féin an ríoghacht neamhdha".
Dá bhrígh sin seachnamáois an míann onóra sáoghalta agus
árdchéime an maithios poiblighe, et éisteamáois ris an
ccomharle úd an fhile san rann so síos:




"Measuim gur clé an ceart d'áoneach greann ná grádh
do thabha<i>rt do ghréithibh sáora a ngleann na ngárr,
gradum an tsáoghail go léir níl ann acht sgáil
rithios go tréun is dháoras dreám a n-áirc.



A chrádh don tsáoghal bhréugach mhalartach
chealgach chréachtach chráosach aithiosach,
is eagal don té noch bhéuras aire dho
cealg ón bpéisd mar Ébha a bParrathas.""




"As iomdha, a dhearbhsheathrach<a>, olc agus úrdhúbha
do-ní an chuid dínn agá mbí dúil a raingce et a bpátrúntacht
poiblíghe, do bhrígh gur sinn ón oifig sin as lucht iomchar
arm don díabhal. An tan bhíos mían cogadh nó dorta fola
ar rí nó ar phrionnsa, do-bheir fógra dá oifigíbh et dá
shoighdiúiribh teacht ar áonláthair lá d'áirighthe chum
eóluis a n-arm do thaisbéanadh dhóibh. Mar an ccéadna
do-ní an díabhal ris na hógánachaibh agus ris na hógmhnáibh;
cuiridh d'fhiachaibh orrtha cómhchruinniúghadh láithe
sáoire chum raingce noch tharngios chum drochsmúaintighthe
et drochghníomhartha íad. et amhail do-ní an
t-athláoch nách féadann an t-arm d'iomchar an tan théid
féin a n-áois ársaidh dáilidh dá mhac an t-arm, mar an
ccéadna dháilid na seanmhná áosda a n-ainmhianna
oirmsídhe dathghránna na drúisi dá n-ingheanaibh an tan


L. 117


nách féidir leó féin a ngníomhghnáthúghadh, (agus) cuirid
íad ag raingce san armáil úathbhásach úd an díabhail.



et sinne, na mná, armáil as líonmhuire et as treise aige,
et as dínn do-ní sé cúise oirmseamhala ré tarang na bhfear
chum an pheaca do dhéanamh. Bíodh a fhíaghnaisi sin
ar ár ccéad athair, Ádhamh, do mealladh lé hÉbha ar a
fhuráiliomh. As dearbh mar an ccéadna gurab lé mnáibh
do mealladh agus do milleadh Sampson, Dáibhí Rí, Solamh,
Peadar Apstal, et mórán eile do dháoinibh maithe amhail
adeir an file. Ag so mar do cuireadh an frasa sin a nGáoidheilge
leis an sáoi lé sagartóiriocht (agus ní leimhuim a thuile
do thiodhlacibh do chur ann so d'eagla na hanfhochuinne)
atá anois 'na shagart shaor shochma sholabhartha dhíadha
dheághshómplach a bporáiste Theampoll Muire a gCorcadh
Mhóir Múmhan:




"Ó mealladh lé mnaoi Dá Rígh et Solomon glic,
Sampson 's na míllte saoi ba calma a ngoil,
is ár n-atha<i>r ba rí go buídheach a bParrthas thsoir,
is Peadar; a Chríost, cá díon dár bhfearaibh-ne dul?"




et ní háonchloídhiomh amháin bhíos ag an ndíabhal san
raingce acht cloídhiomh a n-aghaidh gacha mná go sgéimh
dá mbí ann, ionnas nách fuil acht nimhchloídhi<o>mh
tinntíghe a sgéimh na mná. As cosmhuil na banraingcóire
ris na sionnachaibh do bhíodh ag Samson agá mbíodh
earbuill tinntíghe do loisgeadh na mágha ina ngabhadís.
Már an ccéadna loisgidh na mná úd lé teine na drúisi
croidhe na bhfear do-bheir dá n-aire íad. Do-chímíd na
coin bhíos múinte go n-anaid astig an tan bhíd measmhadráoi
na sráide ag tafann. Mar an ccéadna budh chóir do na
mnáibh deighchreidimh anamhuin astigh ina ttighthibh an
tan do bhíadís na mná mínáiriocha a bhfocha<i>r an trúmpadéra
úd an díabhail .i. an píobaire.



et, a dhearbhsheathracha, atá sgéal beag agam ar mhnáoi
dhrochmhúinte don tsórd so agá bhfúair a fear amach a
beith mímhacánta, agus dá bhrígh sin do chuir cúram a
coiméada ar dhuine ró-dhíograsach do féin, agus do gheall


L. 118


iomad máoine do ar son a coiméada, .i. gan léigion di a
cuing phósda do bhloghadh. Níor chían go bhfuair an
duine díograsach sin an cúram do cuireadh a<i>r ró-dhocamhlach
aige do bhrígh go rug inntleacht agus eagna na mná chum
uilc do dhéanamh búadh a<i>r. et leis sin táinig mar a
raibh a fear agus as é adúbha<i>rt ris nách glacfach cúram na
mná sin a<i>r ní sa mhó, "ór dá ttigeadh Argos ina raibh
céad súil leat chum a coiméada", ar sé, "níorbh fhéidir
leis a dhéanamh; ór dob usa liomsa lán tsatha beach do
bhíadh ar n-a leatha fá mhaghaibh do chruinniúghadh a
cceann a chéile agus a ccur asteach a mbuidéal ghloine ná
áonbhean amháin mhímhacánta do choiméad áonlá amháin."



As íad na mná mímhacánta so chruinnigheas armáil an
díabhail an úair thríalluid gus an raingce, óir amhail do-ní
an muicídhe an tan do bhíd a mhuca ar n-a sgaipe ó chéile
ag innghilt ar fud na ccnoc, lámhuíghidh muc díobh agus
bainidh sgréacach aiste, et leis sin cruinníghid na muca uile
as gach áit a mbíd. Mar an ccéadna do-ní an díabhal.
An tan as maith leis a mhuclach féin do chruinniúghadh a
ccómhdháil a cheile, cuiridh d'fhíachuibh ar an muicídhe
úd na mallacht, .i. ar an bpíobaire, a dhos mór díabladha
do thógbháil súas ós a bholgán béicídhe, et cruinnighid
le ní sa mhó do dheifir ná mar thigid chum an Aifrinn.



Ag so teisd duine d'áirighthe ar an raingce:




"As é an raingce do ghríosas cuislionna an chuirp,
as ón raingce as eadh smúaintior tuirionn gach uilc,
'san raingce as eadh cítior buile agus bruid,
is lé raingce théid millte go hifrionn dubh.""




ÓRÁID MHÁIRE MHAITH, INGHEAN BHÁITÉIR
LAIGHLÉIS, ANN SO, BANNTÍARNA PHOILL AN
CHOIRE.



An bhean úasal so ó aimsir a náoidheantachta tugadh
súas í a ccatha<i>r Chorcaídhe ar oileamhuin na mbean


L. 119


úasal is cráibhthighe dá raibh ann go beith a n-áois a sé
mblíadhan déug di. Ann sin tug móid geanmnuídheachta
ré bheith 'na caillicc dhubh an ccéin do mharfeadh. Agus do
bhrígh nách fuil agus nách raibh ré cían d'aimsir, do thoisg
ar n-eascárde síorfhúathmhara a ttáobh ar ccreidimh, agus
nách fuilingthior an ealta aingioldha úd ar a ttugthar
cailleacha dúbha nó mná ríaghalta san oiléan so na hÉirionn
ó do cláonadh a chuíng chrábha leis an ochtmhadh
Hannráoi, do mheas an bhean úasal réimhráidhte nách
raibh ionad dob oireamhnuíghe dhí bheith, ó nách raibh
clabhastra cinnte ag a<o>nórd dá raibh san tír si, ná a
bhfocha<i>r na n-órd ccráibhtheach do bhí a cCorca an tan
sin. Agus do chaith a haimsior ann sin go ndeárnadh d'acht
Párliment fá ráor an choradh chráibh<th>ioch agus an bhuídhionn
bheannuighthe sin do sgrios agus do dhíbirt as an oiléan
so na hÉirionn; et téid sí ann sin ag seirbhís don phréláid
mhaith agus don tí rug bárr eóluis et eagna, agus a n-árdfhoghluim,
a ccrábhadh et a cconbhearsáid dhíadha óna lucht cómhaimsire,
.i. Eóin ainglídhe Mac sáorbhéasach Sláinghe,
Easbog cáoinráidhtioch ceannsa Chorcaídhe Móire
Múmhan, Chlúana Colmáin agus Ros Ó cCairbre, do cuireadh
a ngéibhinn a cCathair Chorca Móire Múmhan do thoradh
an acht rémhráidhte; ór do bhí an t-acht sin mar as follas
re díbirt gach préláide, easboig nó biocáre, amhuil do bhí
ré díbirt na mBráthar Mionúr.



Do chaith an mhaighdion mhaithbhéasach a haimsior go
hionnraic a bhfochair an phréláid sin gur thoil lé Día a
chur úaithe don Phortingéil an bhliadhain so d'aois an
Tíghearna 1702, agus an uair nách fuil ar marthuinn aguinn
don aois chrábhadh acht beagán dárr sagartaibh do ghaibh
sí leis an Athair Donnchadh Mac Cárrtha atá annois a
ccúram na n-anman a <c>Corcaigh. Gidheadh íarr n<d>íbirt
na mBrátharr ón mnáoi ró-uasal so agus sul do cuireadh an
t-easbog réamhráidhte a ccarcair ar son a chreidimh a
<c>Corcaigh, do-chúaig sí dá hoilithre go Baile Mhúirne
gur chaith tréimhsi dá haimsir ann a n-úaignios dhiamhair
na deiscréide, agus téid as sin go Cuileann Uí Chaoimh ag


L. 120


tabhairt úmhla don bhanáoimh dár bheanuígheadh an áit
sin, .i. Latíarann. Agus san tslíghe idir Bhaile Mhúirne agus
Cuileann go follas do lucht a lórmheasda atá Dún Deaghradharc,
go ttarla san chómdháil an lá sin í a measg chách,
gur áontuigheadar uile, do bhrígh a caidrimh ar cnú na
cclíar, .i. Eóin adúbharrt, a glacadh mar bhall don Phárliment.
agus as é adubhairt do bhríathraibh bithghrádhacha
búanbhéasacha mar atá sonn.



"A dhearbhsheathracha deiscréideacha agus a lucht cumainn
agus cáoinchrábhadh atá ann so, atá peacadh ann ar nách
tráchtadh fós libh agus nách fuil ainmnighthe go cinnte ar na
seacht bpeacadh marbhtheach. Gidheadh as follas gur
trom an peacadh é, .i. an magadh. "Bíth gráin ag Día
ar lucht an fhanámhaid".



Agus budh có<i>r dhúinn go lér an peacadh so do sheachnadh,
do bhrígh nách cáile somholta a n-aonduine an magadh,
agus fós go ccuireand an magadh ar úaraibh oiread cathaighthe
ar dhuine agus do churfeadh áontsórd díoghbhála. Budh
có<i>r fós an choir so do thréigion ar son na húmhlachta
dleaghthar dúinn do thabhairt do Dhía agá bhfuil a
dhealbh agus a íomháighe ar a chretúribh.



As follas díbh gur malluigheadh Cam tré mhagadh do
dhéanamh fána atha<i>r féin. Léaghthar mar an ccéadna
san Sgriptúir gur mharbhadur dá bhéir nó dá mhathghamhuin
an drong do bhí ag fanámhad fá Elizeus, an
fáidh.



Ag so na cheithre haicmeadha ghnáthuígheas an fanámhad,
mur atá clúanare, fear sáobhchrábhadh, an díabhal
agus fear fanámhaid. Ór meallaidh an clúanare le milisbhríathraibh,
an sáobhchráibhtheach lé gníomharthaibh, an
díabhal le gangaid, agus fear fanámhaid lé cnáid agus le hanntleacht."



As ró-throm fós an peacadh an t-ithiomrádh, .i. trácht
go holc ar an tí nách bí do látha<i>r. As cosmhuil an


L. 121


t-ithiomráidhteach ré muic, ór an tan théid an mhuc asteach
an ngardín nó luibhghort, ní ar luibh dá áille do-gheibh
blas acht ar otrach nó ar ní trúaillighthe éigin eile. Mar
sin don ithiomráidhteach. Gabhaidh tar bhláth na subháilceadha
agus na soghníomhartha bhíos san tí ar a labhrann, agus
leanaidh do mhórgadhthacht na bpeacadha, do bhrígh
gurab mó an grádha bhíos aca don tsalchar ná don tsúarcios.



As cosmhuil an cúlchainteach nó an t-ithiomráidhteach
lé goitéar ina tteilgthear gach áontsórd salcha<i>r dá olcas,
nó fós ré tumba bhíos lán do mhórgaitheacht ó ablachaibh
na marbh. "Túmba osgailte a ccráosa súd", ionnas
nách fuil túmba ná goitéar san mbith as trúaillighthe a
bhfíaghnaise Dé ná an t-ithiomráidhteach, ór as é as
fear frithóilte don diabhal, do bhrígh go socruígheann sé
feóil duine a bhfiadhnaise a chomharsan dá cremeadh, agus
dá bhrígh sin as iontseachannta an t-ithiomráidhteach agus a
chomhlúadar.



Mar an ccéadna as trom an peacadh bheith ag éisteacht
ris an ithiomráidhteach ná ag moladh leis bheith ag
ithiomrádh, ór "ní bhfuil acht soíghead ceangailte a
bhf<e>óil focal a mbéal amadáin", amhuil adeirthear. An
madra agá mbí soíghead sáighte 'na mhás ní dhéin sgíth
acht ag úalfartaicc nó go mbaintear an tsoíghead as.
Mar an <c>céadna don ithiomráidhteach, ní dhéin sgíth
go n-innistear leis an drochtheist nó an drochcáil bhíos ar
an ccómharsa<i>n do chosnamh.



Samhailtor an t-ithiomráidhteach lé madra do bhíadh ag
tafann ar gach neach. Dá mbíadh serbhísioch ag síorlochtúghadh
oibre a mhaighistir as follas go ccurfeadh
fearg air an maighistir. Créad as, dá réir sin, nách bíadh
fearg Dé ré chretú<i>r féin do bhíadh ag diomoladh a
sherbhísioch do dhealbhaidh sé ar (a) chosmhuilleacht agus ar
(a) dheilbh féin? "Cía thusa do-bheir breitheamhnas ar
sherbhísioch duine eile? Más tuitim nó éirghe dó as léna
mhaighistir féin é", ionnas nách có<i>r do neach a bhéal
do thrúailliúghadh le holc duine eile ná peacadh duine


L. 122


eile do tharang a<i>r. et má do-chí tú drochdhuine nó
peacach bíodh trúagh agad do, agus ar son go bhfuilid cáile a
nduine nách taithnionn (leat), tabhair dod h'aire nách
fuilid cáile ionnat féin as measa iná íad. Óir ní bhí sáoi
gan locht.



Níl fós san ithiomráidhteach acht bitheamhnach bhíos ag
slad tabhartas Dé. Agus is measa é ná na sladaighthe crochtar
tréna ccoirthibh, do bhrígh gur máoin sháoghalta sladthar
leis na sladuíghthibh sin; gidheadh as máoin spioradálta
shladaid na hithiomráidhticc, .i. clú et deightheisd an
Chríostuíghe, as feárr ná máoin shoghlúaiste an tsáoghail
si, amhail adeir an file Laineamhuil."



"Atá an bhréag agus an báothfhocal ionnlochtaighthe, oír
as cosmhuil an brégare ris an ndíabhal, amhail adeir Eóin
san 7 caib. mar a n-aba<i>r "as ón ndíabhal sibh-si, et as
í toil an díabhail, .i. bhúr n-athar, as míann libh do
dhéanamh", óir an té do-ní bréag as ón ndíabhal é, óir
as é athair na mbréag é.



Dá mbíadh béul duine osgailte do shíor ionnas go rachadh
cuile et cormhíoltóga agus mionphéiste eile ann, agus nách cuirfeadh
toirmiosg ar aónní dá olcas dul ann, as dearbh go
mo déisdineach lé dáoinibh bheith ina chómhlúadar. Mar
an ccéadna an béal bréagach, bíth fúathmhar do látha<i>r
Dé. "As fúathmhar leis an tTíghearna beóil bhréagacha".



Atá an peacadh so fós fúathmhar tréna éigceart do bhrígh,
an mhéid as fiú airgiod maith seoch argiod fállsa, ag sin an
modh ionar fear<r> duine fírinnioch seach duine bréugach.
Óir amhail loisgthar an droch airgiod et nách glacthar a
bhfiachuibh san mbith, as mar sin ní glacthar an bréagaire
a bhflaitheamhnas; loisgthar a n-ifrionn é a ccáomhthach
an diabhail as úghdar dhó.


L. 123


Bíth fós anfhochuin eile ar an mbréagaire. Ní creidthior
fírinne úaidh. Ag so mar adeir Dáibhí Rí riú "caillidh
lucht na mbréag an uile ní". Dá réir sin as cóir an bhréug
do sheachna, et go mór mhór gan mionna bréugacha do
thabha<i>rt tré chúis san mbith dá dheifruíghe."



Cómhairle ó Mháire ann so:




"Seachuin réd ré gach éigion éagcóra,
gaingid is éathach, bréug is díth cómhairle,
labha<i>r gan chláon go béusach bínnghlórach
's do-gheabha<i>r go haobh go héag an Rí comhachtach."




"As gráineamhuil mar an ccéadna an tsloid, agus go háirighthe
a déanamh ar an Eaglais. Óir atáid mórán do mhnáibh
an oiléa<i>n so na hÉireann tugtha don drochnós so, agus go
háirighthe an chuid díobh bhíos a ccúram coiméada na
soilér do na húaislibh agus don Eagluis do-bheir a ccuid leanna,
fíonna agus brannda ar air n-ionntáoibh, agus ar úairibh go
ttabhramáoid é sin go fíal fairsiong d'ógánachaibh nó fós
do chailliochaibh beaga buídhe beaduíghe na ccómharsan.
Óir ní féidir lé sagart ná lé searmóntuídhe an drochnós so
do sgrios as ar n-aigne mar nách féidir leis an ndlíghe
bpoiblídhe na bitheamhnaig do chosg, mar as follas gacha
bliadhain a cCorcaigh mar a ngnáthuíghim féin bheith.
Óir crochtar deichneamhar sladuighthe a n-áonló, agus an
chéad shiosún dá éis sin crochtar n<u>imhir as mó ná sin.



Gidheadh bíodh a fhios aguibh, a dhearbhsheathracha,
nách bíth rath ar áoneach do-ní an sórd slada so ná áontsórd
eile slada ar chuid ná ar mháoin ná ar bheóir duine eile,
agus fós nách cóir cóngnamh ná comharle ná tarman do
thabha<i>rt d'áoineach agá mbía lámh ná rún a sladuígheacht
aige; agus gi bé agá mbíadh áontsórd ranna ná páirtígheachta
a sloid aige nách faicfe rádharc na glóire go déanamh


L. 124


leórghníomha san tsloid sin a bhus nó thall. "Ní maitior
an peacadh muna ndéintear leórghníomh san bhfolmhach."



Acht cheana do ghabhadar mórán san tír so lé sladuígheacht
mar chéird chinnte ionnas go mbíd compánaicc
chealgrúnacha aca ann gach cóige d'Éirin ré slad agus re seóladh
cruidh agus ceathra a ccómharsan dá chéile go cláonmhíannach."



Ann sin do-rinneadh acht párliment gach fear do-gheabhtháoi
cionntach go follas a sloid, a shúile do bhúain as a
cheann trés an ndorchacht do ghrádhúghadh agus an solus
d'fhúathúghadh, agus a bheith d'fhíachuibh a<i>r teacht gacha
Domhnach feadh a ré go cómhthinól poiblíghe an Aifrinn,
agus a admháil do láthair an chómhthinóil gur tré bheith 'na
shladuíghe do dalladh é, agus párdún d'íaraidh ar Dhía lé
déaraibh agus ar an bpobal tré dhrochshómpla do thabha<i>rt
dóibh.



Do tháoibh na mbitheamhnach ban, as é hórduígheadh
ag an bPárliment sin gach bean do b hadh a ccúram
coiméada soiléir ná seómra do thúaith ná d'eagluis do
bhíadh neamhchoigiltioch ar fhíon, ar leamhan, ar bhrannda
agus ar uisge beatha, do-bhéaradh eochair seómra do shrathaire
ná eochair séipéil chum crochairíghe nó lucht feilbheart
ngráineamhla ná do lucht rámsála nó damhsála, trí lá
maragaidh agus túarasdal bliadhna do bhuain di.



DON DÍOMHÁOINIOS ANN SO.



As mór an meas fúair Máire, inghean Bháitéir, ar son a
hóráide, et as é adúbhairt Máire nách sguirfeadh dá hóráid
go ndúbhairt 'As gráineamhuil leam trácht air an ndíomháoinios,
óir as é máthair na n-olc é, agus as é as díomháoinios
ann stad ó oba<i>r spriodálta nó corpordha do rachadh a
sochar spriodálta nó temporálta do dhuine. Agus as do
ghéagaibh an leisce an díomháoinios, óir an duine díomhaoin
do-bheir ócáid don díabhal teacht ag déanamh búaidhridh


L. 125


do. Gidheadh an té bhíos ag obair ní bhfaghann an díabhal
áird air. "Amhail as dúal don éan eitiollach as dúal
don duine saothar nó obair."



As cosmhuil duine díomháoin ré caisleán gan múir iona
thímpchioll agus an námhaid a bhfoslongphort réna ucht ar
tí a bhuan' amach. "Rachad súas gus an ttalamh gan
mhúir agus tiocfad a ndáil an tí bhíos ina chómhnuíghe go
neamheaglach." Gidheadh an tí ghnáthuíghios na deághoibriocha
samhaltar é lé pórt do bhíadh dúnta go daingion.
"An tí bheirios aire go fríochnamhach do dheághoba<i>r
ní hurasa a ghabháil."



As cosmhuil fós an duine díomhaoin ré seilthide ór as
féidir leis an uile ainmhídhe saltra a<i>r. "As é an díomháoinios
goitéar salach gach aontsórd búaidhreadh agus
drochsmúaintighthe", agus amhuil as gnáth leis an ttalamh
nách saothruíghthear drise agus droighnach agus salchar eile
neamhtharbhach d'fhás ann, mar an ccéadna ní fhásann
san duine díomháoin acht deilgne dubháilce d'easbaidh
gníomhuighthe na subháilce et na soghníomh, ionnas gurab
é an díomháoinios maighistir na mailísi, do bhrígh go
ttabha<i>r mórán uilc agus urchóide a n-inntinn an pheacaigh,
agus gurab é as catha<i>r cómhnuighthe don díabhal ré hoirisiomh
do dhéanamh.



As é an díomháoinios as tobar do na dubháilcibh, et as
cosmhuil é a ccáillibh ré duine marbh. "Díomháoinios
gan fhoghluim as bás é agus adhlacadh duine beó a ttalamh.""



Adubhairt Máire an t-abhrán so:




"An uair ghláoid na cuilig go minic san meádhón oídhche,
éighimh-si ar Mhuire 's a cuimirc ad ghnáththímpchioll,
ar éag don chine, a leinibh, déin tráth cuimhne
is ar mhéid na tursi noch dlighthar don díomháoinios."


L. 126



"Measuim mar an ccéadna", ar sí, "gurab órchios dúinn
tráchtadh athghear<r> do dhéanamh ar ar mbanchara agus ar
ár n-adhbhcóidioch ann so, .i. Muire Mhátha<i>r na ngrás.
Ór an tan do bhí sí ar ar an saoghal si adúbhairt an t-aingiol
Gábriel go raibh sí lán do ghrásaibh, agus as cosmhuil gur
mó ná sin a grása anois a bhflaithiomhnas mar a bhfuil
sí mar bhannríoghain ós naomhaibh agus ós banaomhaibh an
domhain.



As í Muire an eala ainglidhe, barr buabhail na
bhflaithios, banríoghain na n-aingiol, crann soillsi an domhuin,
fairge na daonnachta, grianán na glóire, lonnradh na
bhflaithios, mátha<i>r agus maighdion na míorbhuileadha,
péarla na glóire, parthas na Trínnóide, réalta eóluis na
mbochtán, suaircios na beannuightheachta, seómra séad
na subháilceadha, teine na ngrás agus Tonn Chlíonna na
trócaire.



Atá an oiread sin ceana agus grádha agá Mac féin, .i. ag
Íosa Críost, ar Mhuire gurab ar a hathchuingheadha do-rin
sé an chéad mhíorbhuil riamh, .i. an tan d'iómpuigh sé an
t-uisge chum bheith 'na fhíon. Agus ó do bhí cóimhineamhuil
sin ar an saoghal so as mó (dar leat) an cion agus an t-óghmós
do-bheir di a bhflaitheamhnas.



Agus dá bhrígh sin cuiriomáois ar n-impídhe go minic chum
na Maghdine glórmhuire guídhe ar ár son chum Dé uile
chómhachtaicc. Cuiriomáois sinn féin ar a coimirc gach
láoi, agus ós cionn an uile ní leanamaóis is an charthannacht,
san cheannsacht agus san umhlacht, agus déanamaóis aithris ar
a glaine agus ar a geanmnuídheacht."



Adúbha<i>rt Máire:




"Gé peacach fa-ríor líonta go leór me a láib,
is me ceangailte a cclí chuímhthig dom chló do ghnáth,
as dearbh nach fuíghiod choídhche gan dóchas bás
is banaltra chídh an Rígh dhil na glóire am láimh."


L. 127



As cóir dúinn mar an ccéadna labha<i>rt ar na cheithre
subháilcibh cárdinálta, .i. eagna, ceart, neart agus measardhacht.
As é ní réa samhluighionn St. Ambrose na cheithre subháilceadha
so ris na cheithre haibhnibh shnígheas amach ó
pharrthas talmhuidhe chum na mágha do úrughadh ina
ttimpchioll, a ccruith, gi bé san mbith críoch nó cine ina
ttiocfaidh na subháilceadha so, go mbiadh lán do gach
toradh agus do gach tromthíolaice do rachadh chum glóire
Dé agus tarbha don chine daonna go cómhchoitchionn.



As íad na subháilceadha so fá deara do ímpireacht na
Rómha a cumas agus a honóir do rochtuinn san ndomhan go
huile mórán do chéadaibh bliadhan. Agus ionnas go mbiadh
fios na subháilceadha so aguibh, a dhearbhsheathracha,
labheórad ortha fá seach, agus ar ttús don eagna.



Óir as í as eagna ann tobar prinsipálta gacha maithios
mórálta, óir más díolmhúntacht beatha an duine ar an
ttalamh, as dearbh gurab í an eagna réalta na maidne agus an
tráth nóna stiúras sinn inar saidhbhrios agus inár ndaibhrios
a ccruth nách léigionn sí dúinn cláona as an slíghe dár
ndeis nó dár cclí. "As í an eagna grádha na maghdion."
agus as ro-bhreagha an ní amadán maghdine, a dhá súil ag
lonnradh go solasda. As í an eagna chóirigheas agus lasas
an dá lóchrann sin, a ccruith nách bí acht aighthe fhúair
ag an mághdin bhíos a n-easbaidh na heagna, ionnas nách
bí acht doilig doithimh an tan theid tóirbhearta na heagna
a ndísg úaithe.



As amhlaidh do chraobhsgáoilidís na Rómhánaicc ar
eagna, .i. trí héadain nó trí dealbha do chuir uirthe, mar
atá dealbh ag féachuin go glinn ar an aimsir agus ar na neithibh
do-chuaidh thoruinn, agus éadan nó dealbh eile ag ríaghlúghadh
na neithe atá do látha<i>r, agus an treas dealbh ag réimhfhéachuin
na neithe atá gan teacht. Óir muna mbiadh an


L. 128


eagna ag forchoméad an duine do míllfidhe é lé hiomchar
anshoca<i>r, lé lúas inntinne agus lé beartaibh eile díthchéillighe.'
Máire cc.




"Gliocas is eagna thaithnios le Día na ngrás,
cantain na psalm 's na bpaidear na ndíag do ghnáth,
fuirionn na heasbaidh do fhreagra 's a ríar do ghnáth,
is congaimh ad dhalta feadh tamaill a mhíann 's a ghrádha."




"As é an ceart an dara subháilce cárdinálta leanas an
eagna mar chaptáoin a n-árdthuraidh toile ag roínn chirt
agus chóra ar an ccine ndáonna. As é an ceart chomhthinólas
na dáoine a bhfocha<i>r a chéile agus cheanglas íad a ccumann,
a ccárdios agus a síothcháin. As é fós an ceart síothcháin na
ccríoch, cosnamh na ccathrach, daingion gach dúthche,
gárdios na ndáoine, súaimhnios na spéire, ceannsacht na
fairge agus torthamhlacht na talmhan.



Do shamhluíghdís na daoine anallúd an ceart ris an
innbhior Euphrates, ór an tan sgéithios an ruibhér so tar
a bhrúachaibh ar na mághibh as comhartha ratha móire
do theacht ar thoradh na talmhan é. Mar an ccéadna
an ríoghacht noch stiúrthar lé ceart, sealbhaidh sí gach
áontsórd maithiosa poiblíghe. Níl do na súbháilcibh
áontsubháilce as mó do-bheir toradh úaithe ná an ceart,
do bhrígh gurab mó an sochar do-ní sí do chách ná di
féin, agus go léigionn a sochar féin a bhfaillíth ag tabha<i>rt
tosaicc don mhaithios puibluídhe.



Atá an tsubháilce so comhoirdhearc sin go bhfuil sí fá
mhórmheas ann gach críoch agus ann gach cine, ór níl críoch
san ccruinne dá bharbardhacht nách bí ceart dá stiúradh,
amhail adubhairt atha<i>r na deaghlabhartha Rómhánuighe,
.i. Cicero, nách fuil idir na neithibh macánta ní ar bith
is úaisle iná carthannacht an chine dáonna dárab dúil a
cheart féin do thabhairt do gach neach, ór adeir an t-úghdar


L. 129


céadna nách féidir lé duine dá olcas marthuinn gan roinn
éigin do cheart do bheith ann.




Congaimh an ceartas, ná seachuinn an ríaghail go bráth,
coimirc na haithionta <t>heagasgaid clíar is fáidh,
cuir do mheabha<i>r ghloin eagla Día 's a ghrádh,
's ní thuitfir a bpeacadh ná a ccealg an chríadhchuirpáin."




"As é an neart an treas súbháilce chuirios arm agus anam
is na subháilce eile ag breith búadh' ar an námhaid, óir
bídh ríaghlacha cinnte ré cabhair do thabhairt do na
subháilce eile aige, .i. dóthchas, tarman, diongmháltacht,
foíghdne agas cródhacht, ionnas nách múchtar an tsubháilce
so lé heagla agus nách bí meardhána ré dánacht tar ríaghail
do dhéanamh, agus go mbí ina sheasamh go dochláoidhte. Agus
ní cóir duine neartmhar nó móraigiontach do ghairm d'fhear
buile nó thuitfeadh a bhfeirg lé beagán cúisi, nó do-bhéaradh
sganail a n-aghaidh sgannalach, nó do-dhéanadh olc a
n-aghaidh uilc. As é an duine furánta dá ríribh an tí
bhíos foíghidneach ceannsa deaghníomhach, ór tar a cheann
gurab í an fhearg cáil as lúaimnighe agus as mó chorruíghios
duine, tar a chionn sin ní chuirionn ní ar bith búaireadh
ar neart, acht do-ní úsáid don neart ré búadh do bhreith
ar gach uile ní <t>hoirmiosgios.



Níl san neart acht acfuinn na toile ré gleic ar son subháilceadha
lé calmacht. As é ní léa samhaltar an neart lé
híomháigh Pallas, .i. bandía an ghliocais, agus as amhlaidh do-gheabhadís
í, .i. maighdion agá mbíodh corp teann agus aighthe
fharsiong, súile lonnracha agus pearsa fhearamhuil aice, clogad
phráis ar a cionn, lúirioch ag folach a cuirp, sleagh iona
deasláimh agus sgíath iona láimh chlí ag cosnamh a cuirp ar a
namhaid. Mar an ccéadna atáid san súbháilce so breághthacht
fhearamhuil na subháilce eile. Lonnradh báoghalach


L. 130


a harm taisbéanaidh sé searc soighdiúrtha a neirt. As a
deasláimh do chaitheadh Pallas a sleagh agus léna clélá<i>mh
do cháomhnadh í féin léna sgéith. Mar an ccéadna as é
nós don neart neithe cómhachtacha do dhéanamh et
d'fhulang. Gidheadh as díomháoin an oba<i>r do neach
síth do dhéanamh léna eascárdibh coigríche muna ccuire
fá chuíng úmhlachta na hascárde inchleithe atá aige, .i.
na drochdhúile agus na hanmhianna atá ann féin. Óir as í
as cródhacht agus as calmacht spioradálta ann búadh do
bhreith ar na dubháilcibh théid go hamhnáirioch a ttretúireacht
a n-aghaidh dlíghe Dé agus ríaghlacha an résúin,
amhail adeir an file Lainneamhuil.



Gidheadh anois tráchtam ar an cceathramhadh subháilce,
.i. ar an measardhacht, óir as í as measardhacht ann
subháilce bhíos ag forfhare et ag stiúradh mianna agus dúile
an chine dáonna agus a' fágháil a bhfeilbheart amach ré híad
do sgrios agus d'ionarbadh ó chatha<i>r na hanma. As follas
do gach Críostuíghe gurab tuar báis spioradálta don tí
sgáoilios a srían féin leis an ccoluinn, ionnas muna múchtar
do látha<i>r na drochdhúile dochoisgthe bhíos ar lasadh
innte go mbí an t-anam iona sglábhaidhe go síorruídhe ag
an ccoluinn.



Gidheadh an tí leanas cómharle an apstail coisgfidh sé
ainmhiana na colla, mar a n-aba<i>r "smachtuighidh bhur
ccéadfadha atá tugtha do neithibh talmhuídhe", .i.
anmhianna na súl, andúil na colna agus anúabhar na beatha.
Stiúrthar íad sin uile leis an measardhacht, do bhrígh go
ndéin an duine foighidnioch réimhfhéachtnach, an duine
tromdha náirioch, an duine súaibhniosach measardha, agus an
duine náirioch ciúin. Íslighidh sí na hainmhíana. Do-ní


L. 131


ceannsa claonmhianna na colna, agus do-ní méadughadh ar
na míannaibh beannuighthe, et múchaidh na drochdhúile.
Do-ní fosaidh an uile ní bhíos ar na ordúghadh go hinmheadhónach
agus do-ní íad do neartúghadh an tan bhíd
soca<i>r. Síolchuiridh sí na smúaintighthe spioradálta.
Do-ní an inntinn suaibhnioch. Do-ní an t-anam do
chaomhna ó stoirim an díabhail agus na ndubháilceadh.'
Máire cc.




"Ná tréig flaithios an anma ar chráos an chuirp,
is bí go measardha, geanmnach, daonnachtach,
ní leat faice dá nglacair don tsáoghal chuir,
acht bheith dá amharc feadh sealaid mar thráochas muir.




Dá bhrígh sin aitchim oraibh an fhírinne do leanmhuin,
óir níl san mbith (ní) is neartmhuire ná an fhírinne. "As
mór í an fhírinne agus beiridh búadh". Agus ionnas gurab móide
do ghrádhfadh sibh í do-dhéan craobhsgaoile uirthe, do
réir mar do-chúala ag an bpréláid ro-mhaith, .i. ag Eóin
sáorbhéasach Mac Sleighne (mo mhíle beannacht chuige),
a bhfáthsgéal ad-chuala aige ar an bhfírinne."



"Tríar maccaomh do bhí ag feithiomh ar Rígh na Persia,
agus do cuireadh ceist leó eatorra féin créad é an ní budh
treisi san domhan. Adubhairt an céad maccaomh gurab é
an fíon ní as treisi san mbith. Adubhairt an dara maccaomh
gurab bean aonní as treisi san ccruinne. et adubhairt
an treas maccaomh gurab é an rí. Gidheadh adúbha<i>rt
an rígh féin gurab í an fhírinne thighearnuígheas ar an
ndomhan.



As amhlaidh do mheas an chéad maccaomh an duine
do réir a mheanma, .i. an ní léa n-oiltar é, agus do sháoil


L. 132


nách raibh san mbith ní as taosga mhalartuígheas duine
ná fíon, do bhrígh go rithionn fá seach is na céadfadhaibh
agus fós don inchinn, a n-áit suaimhnis na hinntleachta, tar
éis seilbhe do ghlacadh a bpasástibh na <c>céadfadh.'
As amhlaidh do mheas an' .i. críoch




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services