Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Pairlement Chloinne Tomáis
Title
Pairlement Chloinne Tomáis
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Williams, N.J.A.
Composition Date
1615
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., l98l)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
PÁIRLEMENT CHLAINNE TOMÁIS ANNSO SÍOS. FEACHT n-aon dár fhás comhéirghe agas coinbhliocht coguidh eidir na déeibh ifrionnda dá fhios cia dhíobh do áitreabhfadh an fearann eidir Sruth Stix agas Sruth Acheron, agas do choimhthionóladar na geinte ifrionnda as gach áitreabh a rabhadar ar bhrú Srotha Stix, agas as iad so fa hárdtaoisig acu, eadhon Belsebub agas Abíron agas Sátan; agas do fearadh cath créachtach crólinnteach eaturra, agus madhmus an cath ar Bhelsebub gona mhuinntir, agas do dhíothchuireadar cách iad fa ioltuathuibh na talmhan agas fa chríochuibh an domhuin mhóir, do lot agas do lánmhilleadh toraidh na talmhan ar na cineadhachuibh go comhchoitchionn. Ro leathnuigheadar na cineoil dheamhnuighe sin fan gcruinne gceathardha go coimhleathan dá haghmhilleadh. Do bhí mac ag an mBeilsebub sin darbh ainm Dracapéist, agus mac do sin Lóbus Laghrach, agus mac do sin Liobur Lobhtha. Do bhádur sin ag aghmhilleadh bfhear nÉirionn go haimsir Laoghaire mhic Néill Naoighiallaigh do bheith a bfhlaithios Éirionn; agas do bhí taoiseach toirteamhuil tromchonáigh re tórrumh agus le treabhaireacht ag Laoghaire, eadhon Bladhorrnn Bréanánach mac Palcamais; agas do bhí inghean ag an mBladhorrnn sin, eadhon Beistea a hainm, agas do pósadh le Liobur Lobhtha í, agus ro geineadh clann iomdha eaturra; agus do bhí mac don chloinn sin do dhearrsgnuidh ar fhuathmhuireacht agus ar ainmheasardhacht an cineadh ó dtáinig .i. Tomás Mór modurrtha mísgiamhach mac Liobair Lobhtha. As í sin uair agus aimsior tháinig Pádruig an Éirinn go sruithibh iomdha leis do shíolchur chrábhaidh agus chreidimh eidir na
geintibh geinntlighe do bhí an Éirinn an tan sin. Is annsin do thionóil Pádruig sruithe agas naoimh Éirionn chum aonbhuill as a haithle, agas as í comhairle do-rónsad: na hiolchineoil diabhulda uile do dhíthchur a hÉirinn; agas do ghabhsad agá gcomhfhógradh as gach áit a rabhadar go mullach Cruaiche Pádruig, agas do dhíbir Pádruig iad go Loch na nDeamhan, acht Tomás amháin; agus is uime nár cuireadh Tomás leo, air a bheith a dtaoibh a mháthar don chineadh cholladha dhaonna, agas don chineol deamhnuidhe a athair. Do faisnéiseadh tráth do Phádruig Tomás do bheith dá oileamhuin ag a sheanathair, eadhon ag Bladhorrnn, agus tugadh Tomás go Pádruig, agus is air éigin do ghlac an creidiomh uadha, agas ní math do gabhadh an creidiomh sin ag Tomás, agas Críosd do bheith 'na mhaighistir aige, óir níor bfhéidir rún diadhachta do cheangal ris an nádúr ndeamhnuighe do bhí aige do thaoibh a athar; amhuil as dearbh ag a shliocht dá éis, óir ní féidir teagasg críosduighe ná modh faoisidne, aitheanta ná sacrameinte, altughadh ná úrnaighthe do mhúineadh dhóibh. Agas as iad umorro geasa agus fágbhála d'fháguibh Pádruig orra .i. buadh liosdachta, lodurthachta agas lánmheatachta agas lánmhíthapa, agus buadh béicidhe, bruighneachuis, bréige, agas batrála. Agas go madh é budh biadh agas budh beatha dhóibh .i. féitheach ceann agus cosa beathadhach, fuil agus follracht agus ionathar na n-ainmhighthe n-éigcialluighe, agus fós go madh é bhus arán agus bhus annlann dóibh .i. arán omh úrgharbh eorna, agas praiseacha práipeamhla prácáis, bun bainne, agus bréaním ruibeach cuasghorm gabhar agus caorach. Agas mur an gcéanna gurab é as ceol dóibh .i. sgreadach agas golgháire ghárlach agas chailleach agas conmhadradha, agas graifne chearc agas mhuc agas mheannán; agus go madh iad a gcoilceacha codulta, eadhon cnámhlach agas cosa pise agas pónaire agus gaosadán, agus comhgháir deargshor agus dreancaidighe fana gcroicionnuibh cruadha cróna croisfhéitheacha; a mbrígh agas a mbeatha do
chaitheamh le saothar agus le tórramh agas le treabhaireacht, do chothughadh an aosa uasail fa ioltuaithibh na críche, agus an chuid budh fearr dá gcuid lóin do thaisge agus do choimhéad fa chomhair cháich; agas an tí do-dhéanadh math agas mórchosnamh dhóibh, go madh é budh lugha orra, agas an tí do bhuailfeadh agas do cháinfeadh iad, go madh é budh annsa leo d'fhearuibh an bheatha, amhuil as-beart an file annso: Rustica gens est optima flens et pessima gaudens; unguentem pungit, pungentem rusticus unguit. As iad so umorro an cith ifrionnda, agus ní hiad an cheithrinn; óir as uime adeirthear ceithrinn riú, ó reannuibh áigh agas iorghuile agas arm n-aithghéar. Do shíoluigheadar ceainn finidh agas sleachta iomdha adhfhuathmhura ó Thomás Mhór fria reimheas gach rígh a bfhlaithios Éirionn ó sin a-le, agas do bhádar ceathrar ar fhichid do mhacaibh ag an dTomás gcéadna le hÓrlaithe .i. inghean Bhernáird Bhrocaidh mhac Briolláin, eadhon dearbhráthair do Bhladhorrnn; agus do roinn Tomás an chlann sin fa cheithre hollchóigibh Éirionn go fóirleathan, agas fa chlár maiseach mínáluinn na Mídhe, agas do chum sloinnte iongantacha orra agas ar gach n-aon dá chloinn ar cheana. Agas as iad so an ceathrar do chuir don Mhídhe dhíobh, eadhon Labhrás Ó Ludair, Brian Ó Briolláin, Seaán Ó Seanchroinntille agas Ribiord Rúnghruama Ó Ruibliocháin. Do chuir cuid eile go hOlltuibh dhíobh, eadhon Maoilseachluinn Ó Mungacháin, Brian Brúideamhuil Ó Bréantóice, Lochluinn Ó Leathbhróige agas Giolla Pádruig Ó Braimpléisge. Do chuir go Cóige chaomháluinn Chonnacht, eadhon Giolla Bríghde Mac Strampóige, Siúrdán Baoi Ó Cróntoill, Riocard Rúnolcach Ó Ramharbhrama agus Seaán Salach Ó Seanbhriolláin. Do chuir go Cóige lámhdhearg Laighean, eadhon Murchadh Mórthónach
Míothapa Ó Meigiolláin, Donnchadh Dranntánach Ó Dubhdhaoiginn, Diarmuid Dúr Ó Dreachdheamhuin, agas Aodh Aimlighthe Ó hEirbulláin. Agas do chuir go Cóige mórdhálach Mumhan an chuid eile dhíobh, mar atá: Conchubhar Cruinntillioch Ó Clúmháin, Cairbre Cnáimhreamhur Ó Céirín, Maghnus Meata Ó Multuaisgirt, Donnchadh Drochbhéasach Ó Díosgáin, agus Tadhg Tútach Tuaisgeartach Ó Tromearbuill. Do chaithiodar an Chlann sin Tomáis a n-aimsior, agus a sliocht dá n-éis, go subhach somheanmnach soibheathuighthe, amhuil d'orduig Pádruig dóibh, óir níor chleachtadar biadha séimhe sochaithmhe ná deocha míllse meisgeamhla ná éaduighe glana gnaoieamhla, acht léinteacha eascaoine easgartuig agas slatchótuidhe slime snáthreamhra do bhréanchlúmh pucán agas ainmhighthe eile, bróga bréana úirleathair, agas biorraeid fhiara fhadchluasacha, gan chuma gan cheartúghadh, agas uircionna maola meirgiocha smearrtha sleamhuinmhaola, agus iad mar d'órduig Pádruig dóibh ag faire agas ag forchoimhéad agas ag foghnamh agus ag treabhadh agas ag mursuireacht do mhathaibh agas do mhóruaislibh na gcineadhach gcríosdamhuil fria reimheas gach rígh agas gach rófhlatha a ríoghacht Éirionn re haimsir imchian, ag umhlúghadh don reacht ríoghdha amhuil budh dleacht dóibh. Do bhádar mar sin go haimsir Fheidhlime mhic Criomhthuin do bheith a bfhlaithios Mumhan fa bhruth agus fa bhorradh; agas do bhí taoisioch do dhearrsgnuig ar chách dona treabhuibh sin táinig ó Thomás, eadhon Murchadh Maolchluasach Ó Multuaisgirt; agus is é baile iona n-áitreabhadh an Murchadh sin: a gCluain Mhic Nóis. Agas re linn Fheidhlime mhic Criomhthuin do thabhairt chuarda timpchioll dá Chóige Mumhan, d'fhás fán am sin toice agas tromchonách leis an Murchadh sin, agas do chuir teachta fa ollchóigibh Éirionn do thionól gach a raibhe do lucht eoluis agas úghdarráis ionnta ar Chloind Tomáis go Cluain Mhic Nóis; agus tángadar umorro go
háit aonbhaile agus do fearadh fáilte riú ag Murchadh. Do labhair riú agas as eadh adubhairt: "A bhráithreacha ionmhuine", ar sé, "agas a shliocht céillidhe cianradharcach caomhchonáig Thomáis Mhóir mhic Liobair Lobhtha mhic Lóbuis Laghruig mhic Dracapéisde mhic Beilsebub, as uime do chuirios fios oruibh: chum comhuirle do thabhairt damh cia an bhean dhiongmhála do-bhéaruinn; óir as mithid damh bean do thabhairt a ndiaig agas iar n-éag mo bhanchéile croidhe chumuinn .i. Brighid Ní Mhagarláin, inghean Mhathghamhna Bhreallaigh Í Mhagarláin agas Raighnuite Cosbhuidhe Ní Mheigiolláin ó Bhéal an dá Chab". Agus iar rádh na mbriathar sin dó, do thuit sruth smuguirlioch deor uaidh, agus do ghlac racht agas tocht aigne é, go nár fhéad labhairt feadh uaire. Agus do-chloinim", ar Murchadh, "go bfhuil taoisioch tromchonáig a gCóige chaomháluinn Chonnacht .i. Maghnus Ó Madagáin, agus ní beag linn a fhad atámaoid gan ar bfhuil d'uaisliughadh agas sinn fa dhaoirse agas ag foghnamh do chách gus aniugh; agas atá inghean áluinn aontugha ag an Maghnus sin, agas do thogrusa le bhur gcomhairlese teachta do chur dá hiarraidh for a hathair". Adubhradar cách gur cóir sin, agus as iad so do cuireadh ann .i. ceathrar éagsamhuil ealadhanta do Chloinn Tomáis .i. Mathghamhuin Mórthónach, Bernard Brógfhada, Niall Ó Neanntanáin agas Conchubhar Cromcheannach Ó Craoinntiolláin. Is annsin do ghabhadur a gcead agas adubhairt Niall an laoi si ann: "Slán agad, a Mhurcha mhóir, a cheann slóig an phlub ó phlib, as iomdha ad dhún pónaire oirnéis, fuil, tóirnéis agus glugram glig. Slán d'fhoirinn na gcorrán ngéar, d'itheadh brúcht le buan déas, nach bíodh dian dúr dranntánach, gruama garbhshálach ná géar.
Slán do Bhrian Ó Bhriolláin tshuairc, fear crónáin a gcluais a mhic; slán do Mhurghuill is do Mheidhbh, nár leig braidhm is nár ith min. Mo shlán duit, a Bhearnáird bhuirb, 's a Lochluinn ghuirm nár chreim cnámh, an drong ghlic nach caidréiseach, sluagh aimléisioch na gcrios lán". Do mhol Murcha agas cách ar cheana an dán sin, agas tugsad muinntior agas matha an teaghluidh mionna agus mórbhriathar nach dearnadh a chommath sin d'éigse ná d'ealadhain san domhan riamh roimhe sin. Is annsin táinig fáidh fírfheasach Chloinne Tomáis do láthair chuca .i. Brian Brusanta Ó Bloingidhe, agas ba mór tráth fios, foghluim agus fíreolus an fhir sin, agas adubhairt gurab é príomhollamh airdrígh Éirionn do chéadchum an aisde sin; agas is mór do moladh mar do hiaghadh an dán sin, agas is é ainm tug Brian ar an aisde sin, eadhon ceathramhna corra. Gluaisid an drong dheadhbhéasach sin a ndíreach gacha conaire agas gacha caoimheolais nó go rángadur láimh re Ceapuig an Aráin agas do Bhealach na Bláthaighe, do Mhachaire na Meacan agus do Ráithín na Praisge, do Bhuailtín an Phónaire, do Chúil na Mine, do Lios na nGarbhán agas do Thuairín an Bhainne agus do Bhealach na Lótuighe, agas riompa bhuthuaidh do leathimiol Mhachaire Chonnacht nó go dtángadur go tigh Mhaghnuis Í Mhadagáin; agus ar mbeith dóibh ag rásdáil go ramharbhrógach ar fhaiche an dúnaidh, táinig Maghnus 'na gcomhdháil agus fiafruigheas díobh cia hiad féin nó cá hionad asa dtángadar nó créad an toisg tugsad sonn. Ro innisiodar na teachta a dtoisg agus adubhairt Maghnus: "As aithnid dúinn bhur gcinéal agus as aithnid dúinn mar an gcéadna gurab duine saidhbhir bhur dtigherna".
Do chuir Maghnus iar sin teachta ar a dhraoithibh agus ar a fhlathaibh. Tángadar umorro an lucht feasa sin agas do labhair Maghnus riú agas as eadh adubhairt: "Is uime do chuirios féin fios oruibh .i. inghean chruthach chaomháluinn atá agumsa, agas táinig iarruig uirrthe ó Mhurchadh Mhaolchluasach Ó Mhultuaisgirt, agas is taoiseach tromthoiceach an Murcha sin". "As feasach sinne", ar na draoithe, "gur don chineadh chodruma an t-óglaoch sin, óir as iad na geinte ifrionnda as sinnsir don Mhurcha chéadna; agus ní dhlighionn aonneach d'fhuil uasail ar bith measgadh ar fhuil anuasail; óir dá mhéid macnais agus foghluim, onóir agas ughdarrás do-gheibhid an aois anuasal, ní bhí modh ná measardhacht ionnta dhá réir, mar adeirid na heolaigh, ut dixit poeta: Rustica progenies nescit habere modum. Agas is dearbh dá réir sin, nach cóir duitse go deogh ná go deireadh an domhain t'fhuil do shalcha le fuil mhoghuidh ná dhaoirsig, óir ní miannach maith iad, agas ní bfhuil cruth dá aoirde ionna rachaid, nó oifig nó ughdarrás do-gheabhuid, nach é budh mian leo fola uaisle do mhaslughadh agas do mhilleadh, dá dtíosadh leo a dhéanamh". Gidheadh do bhí bean uaibhreach lántshanntach ag Maghnus, agas as eadh adubhairt: go madh fearr lé féin saidhbhrios agas socracht do bheith ag a hinghin an feadh do bhiadh beo, ná fuil agas foghluim dá fheabhus. Do críochnuigheadh an cleamhnus leis an mnaoi sanntuig sin d'aimhdheoin na ndraoithe; agas do chuireadar feasa agus teachta d'iarraidh Murchadha Mhaoilchluasaig Í Mhultuaisgirt, agas do pósadh an inghean fris .i. Meadhbh inghean Mhaghnuis a hainm; agas rug leis dá theagh féin í agas ro geineadh clann iomdha eaturra an oidhche sin. Agas an tan sin tug Murcha an inghin sin leis, do-rónadh
feadh mhór acu, agas do thionóladar matha Chloinne Tomáis chum na feidhe sin. Do bhádar umorro biadha saora sochaithmhe agus deocha millse meisgeamhla acu, agas an tan táinig ám a gcaithmhe dhóibh, do shuigheadar go dian drochbhéasach drochiomchair, gan féachuin ag neach dá chéile dhíobh, mar fa béas dóibh. Agus a meadhón a gcoda dhóibh adubhairt Cathal Clúmhach Ó Cromchinn nár mhath leis féin bean Taidhg Thútuig Í Mhultuaisgirt do shuighe ós cionn a mhná féin. Is annsin do labhair Brian Ó Braimlim, agas is eadh adubhairt: "Nárab iongnadh leat bean Taidhg do shuighe roimpe ar a feabhus féin agas ar fheabhus a hathar agas a máthar". Agus adubhairt fós nár chóir a samhlughadh le chéile. Do labhair Cathal agus is eadh adubhairt re Brian: leigean dá bhrille bhreaille agas dá phlaic fa chuim agas dá mhéar fa bhróig, agas gurbh aithnid do féin é ré cian d'aimsir roimhe sin, agas adubhairt fós mona mbiadh fonn síothchána air agas neamhfhonn corruighthe nó cíorála air do dhéanamh rena chomhursain, agas fós d'eagla go ndéanadh srúsram nó gliogar bhuinndéis don teagh, go mbuailfeadh sé Brian timpchioll a cham-stóic. "Dar anmuin t'athar agus do mháthar", ar Brian, "do fhóbrus go ndéanuinn briosg brúsgair agas coimil e' mháilín dot' fhiacluibh, a ladruin láinbhréin na leathbhróige lobhtha, nach raibh riabh acht lán do chíorum cárum agas do chamstarráin, ad mhaide measguithe agas ad bhreicine buadhartha eidir chomhursanuibh". Is annsin d'éirig Cathal agas tug amus aingidhe ar Bhrian do dhonnsgála praisge do bhí iona láimh, agas do bhuail a bhean féin eidir a dhá súil gur loisg a feoil agas a finnleathar. Is annsin tug Brian amus do mhileoig mhaoil mheirgidh do bhí iona láimh ar Chathal, agas do sgoilt a chluas. Ciodh trácht do choimhéirghiodar na fir chalma chum a chéile, agas d'fhás fíoch agas fiarrán feirge fútha, agas
tugsad a n-aire ar chogadh agas ar choinghreabhuid agas ar chomhdháil chatha; agas tugsad a mná trombúithreach ós áird gur ba follus an lánfhoghar agas an lánfhuaim do-rónsad go froighthibh na fiormameinte go foirleathan agus go néaluibh neimhe; agus do fearadh cath créachtach crólinnteach eaturra, agas do ghabhsad ag leadradh agus ag leonadh agas ag smúchadh ar a chéile dá ramhardhóidibh dúra drochúmtha, agus dá gcorránuibh cama cíocracha croisfhiaclacha, agas dá mileoguibh maola meirgeacha mísgiamhucha, a gceannaibh, a gcluasaibh agas a gcamshrónuibh a chéile, gur bhá líonta an t-úrlár uile do chac agas do mhún agas d'fhuil dhubhghoirm agas don uile shórd brocnuightheachta, agas do chamsgáladhuibh praisge agas anbhruithe fána gcosaibh agas fána gceannuibh agas fána gcaoingcínibh acu. Is annsin táinig Mathghamhuin Ó Meacanáin chuca, agus súist iaruinn a sheanathar iona dhá láimh ós maoil a ghualann aige, agus corrán géar goineach gobchrom ar a leathantóin chlí agas mileog mhaol mheirgeach mhísgiamhach tar a imliocán, agas raese fhir fhiannamhuil a sáil na meileoige sin ar leathfhad; agus caipín cluthar cluaschám go mbónnuighibh breaca bogshnátha uim a mhóircheann an áit chloguid do dhíon a innchinne. Tig mur an gcéanna 'na aghaidh don leith eile Mannarthach Mór Mísgiamhach Ó Meigiolláin; agas ar bfhaicsin a chéile dhóibh, do dhranntuigheadar chum a chéile a chéadóir agus iar sin do bhéiciodar ós áird go hadhfhuathmhur eascáirdeamhuil, agas do bhaineadaois fóid throma thalcmhura as an dtalamh lena gcosuibh crúbacha croma cnocacha cnapmhéaracha ag ionnsuighe a chéile mar dhá tharbh tána ag baothbhúithrig chum a chéile. Níor chian dóibh san iorghuil sin an tan do briseadh na
garbhshúistidhe ramhariaruinn sin do bhí acu a gceannuibh a chéile. Is annsin tugsad amus ar a gcorránuibh, agas tug Mannarthach sraoille árdaigiontach go fuileach faobharfhiaclach ar mhuinéal Mhathghamhna don ghlaid ghoirmleathain chorráin do bhí iona láimh, agas an corrán ar a chaime agas ar a chroisfhiacluidhe d'fhan a leanmhuin a mbun chúilimil chaipín Mhathghamhna. Is annsin tráth rugsad na fir chalama ar chorpuibh ar a chéile agus tugsad fásgadh teann tréanláidir ar chliathánuibh a chéile; agus do bhí do thréine agus do thalcmhuireacht na hiomrusgála gur bhrám Mannarthach go lánmhór gur chlos fa cheithre hollchóigidhibh Éirionn é; gurab de sin do lean Sliocht Mhannarrthaig an Bhrama dá shliocht tar 'éis agus gurab é as iomcháineadh gnáthach ar Chloinn Tomáis uile. Iar bfhaicsin an chomhruig sin do cheachtar don dá leith eile, tugsad sidhe sanntach sárnimhneach d'ionnsuighe a chéile, agus is iad so taoisig agas tréinfhir táinig d'fhurtacht na diaise deaghlaoch sin .i. Cathal Ó Croimchinn, Maolmhuire Ó Meigiolláin, Brian Ó Braimlim agus Bernárd Ó Bloingidhe, agas mórán eile maille riú. Adubhairt Cathal: "Dar láimh do chinn agas do choise, a Mhathghamhuin mhíbhéasuig, budh mion t'fheoil agumsa agus budh mór th'anbhruithe agumsa, agus íocfa tú a ndearnais do chiolma-múta agus do cham-rasáin agus do chaimlinteacht agas do chamadostram ar chlannuibh mac bfíorlábánach riamh". "Ort do chol agus do chunntracht, a cheann púca ar maide", ar Bernárd Ó Bluingidhe, "agus as mise fear do dhiongmhála". Is annsin do sguchadar na fineadhuig sin a gcuinne agas a gcomhdháil a chéile, agus is ris ba samhalta iad: amhuil do bheidís daimh ag damhaireacht nó tairbh ag tréanbhúithrig nó ilphiasduighe adhfhuathmhura na fairrge ag teitheadh le heagla laoi an bhrátha, leis an gcoigiodal agus leis an gconfadh catha do ghabh iad san iorghuil sin. Ciodh trácht níor sguirsiod don ruathar sin go dtug Bernard amus don chorrán do bhí iona láimh ar Chathal, agus do léig urrthuinn dá ionathar tre mhullach a mhéidhe agas a mhórbhruinne amach, agas gabhus ag sraca agus ag
sraoilleadh ar mhuinéal Chathail gur ghearr urrthuinn don mhórmhuinéal ghairbhfhionnach aige, gur thuit an laoch fa chosuibh cháich go faon féigeamhuil follrachtach agus é leathmharbh, agus do bhí ag dortadh agus ag brúchtughadh fola tar a bhéal. Acht cheana níor féadag Mannarthach ná Mathghamhuin do theasargan ar a chéile ris an rée sin. Is annsin táinig Diarmuid Dranntánach agus Conchubhar Ciarbhuidhe agas Tadhg Tútach agas dreama diamhaire eile dá mbráithreachuibh maille riú d'fhurtacht Mhathghamhna; agas do bhí taoiseach tromchonáig a bfhochair Mhathghamhna, agus tug sé amus ar Mhannarthach agus do bhuail do ghob a chorráin a mbéal a thoill é agas tug meall dá chac a clabán bhéil a dhuirc. Is annsin táinig chuca Murchadh Maolchluasach Ó Multuaisgirt, agus céad dá bhráithreachuibh maille ris, d'fhurtacht Mhathghamhna, agus a súistighe adhgharbha éagsamhla iarnuighe acu, amhuil do bhí ag Hector nó ag Aichileis; agus do ghabh ag teasarguin eidir a bhráithreachuibh mar as fearr gurbh éidir leis, agus is air éigin agus is do neart chos agus lámh táinig leis a gcur ó chéile, agus iad a dtáimhnéaluibh tromloitighthe; agus tugsad a n-othair éagcruaidh chum aonbhaill, agus dob iomdha ar an láithir cuirp chróna chrisleathana chroisfhéitheacha iona bfhaonluighe d'aithle na hiorghuile sin. Ba truagh tráth golghártha agas básghearán, béicioch agas boghradh na gcailleach gcamshrónach gcroisfhiaclach gcosbhuidhe gcuasshúileach, agus iachtach agas osnadhach na n-óglaoch n-uathmhur n-anchúmtha a haithle na hiomchasaoide sin. Agas as é tráth do tionnsgnadh an cath sin . i. Domhnach Cromdubh san bfhoghmhur, agus is lá féasda an Domhnach sin a gCóige Chonnacht go háirighthe agus san taoibh thuaidh go huilidhe; agus do chuir Murchadh soillse dá lasadh dhóibh, agas do cóirigheadh gach othar díobh, agus d'fhansad a bfhochair Mhurchadh gur ba sleamhuin slánchréachtach iad uile, agus do-rinne síothcháin agas cáirdios eaturra. Agus an tan táinig ám imtheachta dhóibh, do labhair Murchadh do bhriathraibh foisdineacha fáidheamhla riú, agas adubhairt a
modh óráide riú uile, agus d'éisdiodar ris amhuil do buailfidhe do chapóig ar a gcluais iad nó gach n-aon díobh fo leith - Ag so óráid Mhurchadha annso síos: "A bhráithreacha ionmhuine", ar sé, "agas a shliocht céillidhe cianradharcach Thomáis Mhóir mhic Liobair Lobhtha mhic Lóbuis mhic Dracapéisde mhic Beilsebub, ag so comhairle amhra uaimse dhíbh, agas mo bheannacht díbh féin agus dá bhur sliocht dírioch, agus gan taobh do thabhairt go bruinne an bhrátha agus go foirchionn an bheatha re haos uasal na críche si; óir ní hionann bhur gcoinghioll, agus is naimhde dhá chéile bhur mbéasa ar gach taoibh. Tugaidh bhur n-aire d'fhoghluim agus d'onóir do theagasg dá bhur gcloinn agas a gcur le dlighe agus le deagheolus, agas gach neach dhíobh thiocfus chum onóra nó úghdarráis, go mbadh naimhde don aos uasal iad do ghnáth. Léigidh dhíbh, a bhráithreacha", ar sé, "bhur gcótuidhe croicinn agus bhur mbiorraéid bhunramhra chluaschama, bhur mileoga, bhur n-uircionna, bhur gcarráin agas bhur dtriúsa lobhtha lapa, agus gach gné dhrochéaduighe iongantuigh eascaoine dár chleachtabhuir. Léigidh dhíbh fós bhur mbéasa brocacha brúideamhla, agus bíodh biadh agus lón agaibh do ghnáth dá bhur mnáibh agus dá bhur leanbhuibh, agas déinig díthchioll ar arán agus ar annlann do bheith aguibh; agus bíodh a fhios aguibh nach arán gan pónaire oirnéise, agus nach pónaire oirnéis gan aoileach, agas ní haoileach gan eallach, agas ní heallach gan aodhaire. Treabh Éire nó treabh ithir, agus is fearr bail ná iomud; agus coimhéaduigse na briathra so mo sheanmhátharsa", ar Murchadh, "agas fós tigidh chum saidhbhriosa agus chum toice do bheith agaibh, agus measgaidh as ucht bhur saidhbhriosa bhur bfhola uirísle ar fholuibh uaisle; agus gach n-aon díbh agá mbia onóir nó ughdarrás, ná léigidh don aos uasal a gcinn do thógbháil dá bhur ndeoin; agus iaghaidh féin um a chéile agus déanaig gabháltuis agas bailte fearainn d'áitreabhadh díbh féin, agus ná bíodh maighistir ná ceann urraidh oruibh acht sibh féin, agas cuirig an fearann a ndaoire ar an aos uasal, agas cuirig
donn agus dearg agus gorm ar bhur n-éaduighibh, agas cuirig coiléir, rufa agas lámhanna oruibh, agus bíodh leathspuir agus leathphillínidhe agus leathghearráin do ghnáth agaibh". Do moladh go mór an chomhairle sin ag Cloinn Tomáis, agas rugsad buidheachus mór re Murchadh, agas do-chuaidh gach neach dhíobh chum a thighe agus chum a áite féin, agus do chaith siad a n-aimsior fria reimheas gach rígh a ndaoirse ag foghnamh don aois uasail; agus do rugadar as mar sin go haimsir Elizabeth inghean Heanri .i. an t-ochtmhadh rígh don ainm sin; agas léna linn sin umorro do líon bruith agas borrfadh, uabhar agas iomurbhádh iad le hiomud a dtoice agus a saidhbhriosa. d'éirig imriosan agas iomthnúith cian roimhe sin eidir Chloinn Tomáis, agas as í aimsior d'éirig an iomchasaoid sin eaturra: re linn Mhuircheartaigh Mhic Toirrdhealbhaigh mhic Taidhg mhic Briain Bóroimhe do bheith a bfhlaithios dá Chóige Mumhan, agas budh é cúis an iomthnútha sin: uair do chuir Muircheartach teachta do thionól gach a raibhe do lucht eolais agas ughdarráis a ndlighe agas a seanchus ag na ríoghuibh táinig roimhe, agus do chuir nósa agas reachta agas athchóirighthe ar na huireasbadhuibh do bhí ar an maithios poiblidhe; agus tángadar uile go háit aonbhaile agus do shuigheadar a gcomhairle a bfharrag an rígh, agus tar gach ní dár cuireadh chuca do-rineadh gearán agas iomchasaoid do láthair an rígh ar Chloinn Tomáis. Agas as é adhbhar do fríth chuca: eadhon go ndeachadur a bfhiadhantus tar na reachtuibh agas tar na riaghlachuibh do chum Pádruig Naomhtha dhóibh; agas as ucht shaidhbhris agas chostuis do bheith acu, nach déanadaois gnódh ná obuir do na huaislibh ná do na flathaibh do bhíodh re biadhtachus; agas gur léigeadar dhíobh aodhaireacht ná treabhaireacht do dhéanamh do neach ar bith acht dóibh féin amháin, muna bfhaghadaois págha nó dualgus. Do hiomchasaoideag orra fós a gclann do chur le foghluim agas le léighionn agus le hilchearduibh uaisle eile.
d'órduig an rígh iar sin reachta agas riaghlacha iomdha san gcrích go huilidhe; d'órduigh sé ar dtús onóir agas umhlacht agas urruim ó Chloinn Tomáis d'uaislibh Éirionn agas don eagluis, agas lucht cosnaimh dlighe agus foghluma na ríoghachta d'onórughadh do réir órduighthe agas chirt na críche. d'fhóguir agus d'órduig an rígh mar an gcéadna do Chloinn Tomáis fanamhuin go humhal uirísiol, agas foghnamh do chách go coitchionn, agus an teagasg críosduighe do mhúnadh dá gcloinn agas gan ní as mó d'fhoghluim do bheith acu, agas gan a léigion chum gramataoigheachta ná chum rhetorique nó chum loighice; óir do thuig nár chóir a srian féin do léigion leo, agus dá léigthí, nach amhlaidh dob fhearr é. Do bhádar fa chuing mar sin nár léigeadh dhóibh a gcinn do thógbháil, acht a mbeith fo dhaoirse do réir an tsheannreachta go haimsir Thaidhg mhic Muireaghuig mhic Carrthaigh agus Toirrdhealbhuig mhic Diarmuda mhic Toirrdhealbhaigh mhic Taidhg mhic Briain Bóroimhe de bheith a gcomhfhlaithios Mumhan; agas do bhí fearóglach fíormhór don Chloinn sin Tomáis ar Machaire Chaisil ag áitreabhadh, agus do bhí inghean mhór mheacanta ag an dtaoiseach sin. Cairbre Crom Ó Céirín ainm an óglaoich agas Sligéan ainm na hinghine. Agas do-chuaidh ainm na hinghine sin agus a teisd agas a tuarusgbháil ar sgiamhdhacht ar feadh na ríoghachta, agas do bhí mórán do mhathaibh Chloinne Tomáis ag teacht dá hiarruig as gach aon chóige dh'Éirinn. Do bhí umorro Machaire Chaisil fan am sin fana lán cruithneachta ag Finghean mac Aodha Duibh agas ag a bhráithreachuibh .i. ag Failbhe, Flann, etc.; agas ní raibh a fhios acu cionnus do chruinneochadaois an lear cruithneachta sin; agas as í comhairle ara dtángadur: fios do chur ar Chairbre Chrom Ó Chéirín, óir do bhí teisd shaidhbhris agas ghliocais ar an gCairbre sin tar Chloinn Tomáis uile, go dtárladur dá mhac Aodha Dhuibh dhó, eadhon Finghean agus Fáilbhe, agas as eadh adubhradar ris:
"Créad an gliocas do-dhéanamaois lé a mbainfemaois a bfhuil do chruithneacht ar Mhachaire Chaisil?" "Atá inghean áluinn agumsa", ar Cairbre, "noch do dhearrsgnuig ar áilleacht ar ingheanuibh Chloinne Tomáis ar feadh an domhuin uile, agas do-chuaidh a teisd agas a tuarusgbháil fa cheithre hollchóigeadhuibh Éireann, agus as mór do mhathuibh Chloinne Tomáis táinig dá hiarruig riamh, agus ní bfhuair neach dhíobh acht diúlta agus éaradh uaithe gus aniugh; agus atá sí anois ar bhur gcursa, agas cuirig teachta fa Éirinn dá fhoillsiúghadh do Chlannuibh Tomáis gach neach dhíobh léarbh áil teacht do thochmhairc Shligéan, inghean chruthach chaomháluinn Chairbre, bheith a gcionn trí seachtmhuine d'fhóghmhur ar Machaire Chaisil do bhuain na cruithneachta sin; agas giodh-bé dhíobh buanuidhe as fearr, go bfhuighe sé an inghean sin ar feis leabtha agus láimhe". Adubhradur Clann Aodha Dhuibh mhic Criomhthuin gur mhath an chomhairle sin, agus do-rinneadh amhluig acu. Agas do thionóladar Clann Tomáis lán do bhruith agus do bhorrfadh as gach áit a rabhadur ar fud Éirionn, an mhéid ba calma re feidhm agus le fórrán díobh, go dtángadur uile go Machuire Chaisil. Tángadur ann umorro ó Ulltaibh sé chéad; agas as iad so an cúigior taoiseach táinig riompa chum na comhdhála sin: eadhon Maolseachluinn Ó Bréantóige, agas Maolruadhna Ó Míthapa, Lochluinn Ó Leathbhróige agas a dhearbhráthair .i. Giolla Bríghde Ó Manntáin; agus as é budh taoiseach ós a gcionn uile .i. Giolla Bréige Ó Braimpléisge. Táinig ann mar an gcéadna chúig céad fear ón Midhe, agas do shoicheadar go Caisiol agas do leathnuigheadh ar cuinnmhe iad. Agas an tan táinig ám na buana chuca, tángadur chum aonbhuill agas a n-airm áig agas iorghuile leo, agas a súisteadha colpreamhra crannrighne agas a gcorráin fhaobhurghéara fhraisfhiaclacha agas a n-uircionna snasgharbha taobhsmeartha sáilleathana agus meanuighe bioracha bláthchearta ar shursaing gach fir dhíobh; agus do suigheadh a iomaire féin a láimh gach fir dhíobh. Do chromudar na fir sin go cíocrach clisiamach, agus do
chuireadar Siligéan ina suighe ar ghruadh iomaire ós a gcomhair. Tugsad na fir sin síghe sanntach sárluaimneach fan moing maisig mínchruithneachta sin do bhí fútha, agas ba clos go himchian uatha siosmurnach agas siosdán na lándorrnnán dá leagadh seachnóin na muighe mínsgothuighe dá gach leath. Bá follus tráth dá lucht feadhma go heidirchian uatha caismirt agas cuinnsgleo a bfhiacul bfhraisreamhar le fiuchadh agas le fraochfhorrán ag buain fearuind agas fíorthosuig dá chéile. Ba dorcha tráth an t-aer ó dhuibhnéaluibh duaibhsiocha dathiomdha ó bhrúchtaidh agus ó bholgfaidh anáile na bfhearóglaoch sin. Do bhádur mar sin ag comhmóradh go calma coinnsgleodhach fan samhuil sin go hám dínnéir dhóibh. Agas as é ba stíobhard agus bá deaghronnaire orra .i. Cairbre féin, agus do chuir srubhán úr imiolcham dubh drochshuaite agas giúsda bunata bunreamhur bláthaighe a bfhiaghnuise gacha deisi dhíobh, agas annlann do leadraibh camruibeacha cuasghorma cróinchiarógacha do bhréaním gabhar agas caorach; agas do ghabhsad ag dubhshlogadh na beatha sin go blasda borbghreamannach. Agas adubhairt Cathal Ó Brisléaain iar gcosg a íota agas a ocruis dó, ná raibh fear a dhiongmhála féin a mbuain, a mbuala, ná a mbuanrómhar, ná an oibreachuibh feadhmamhla forránta eile fá thuinn talmhan, acht mona bfhaghthaoi dearbhráthair eile dho féin noch d'fháguibh sé san mbaile tar 'éis ar Luachair leathanghlais Dheaghaidh. Bá clos an comhrádh sin eaturra uile, agas do fhreagair Giolla Pádruig Ó Braimpléisge é agas as eadh adubhairt: "Tugas féin chúig céad fear liom a hUlltaibh, agus ní bfhuil aon díobh nach fortamhladh ort ann gach feidhm dá n-abra". "As fíor dhuit sin", ar Conall Cnámhreamhur Ó Cróntuill, "óir ní raibh Leath Modha riamh ionchommórtuis rinne, eadhon Leath cródha cosantach Cuinn. Agas is dearbh a mbéaluibh suag agas seanchadha gur thuit Eoghan Mór ar Mhadh Léana, agus gur thuit Measgradh mac Deaghaidh le hUlltuibh; agus is dearbh an iolchathaibh eile re hiomchosnamh Éirionn cia aguinn riamh budh cosgruidhe; agas an mhéid tángamuirne annso ó Leath Cuinn
aniugh, ní bfhuil commóradh aguibhse rinn". "Tugais do dheirgéitheach", ar Cathal , "agus má do thuit Eoghan Mór ar Madh Léana, ní do láimh Chuinn do thuit, acht lé hiomad anfhórluinn". Agas leis sin do thóguibh Cathal an lámh ludurtha lángharbh thairis agas tug amus ainbhfeasach amhchaoin ar Chonall do chorrán chrom chroisfhiaclach do bhí iona láimh, agus do bhuail bráthbhuille baoghlach buanbháis a bfhíormhullach an chinn air, gur bha lán an t-iomaire dá chrú agus dá abach agus dá bhréanionathar agas dá inchinn ar fud an mhachaire. Is annsin tráth d'éirgheadur na fir fhorránta fhíorchalma sin ar gach leath agus do-chuadar an órdughadh a gcuinne agas a gcomhdháil a chéile, amhuil do rachadh Conn agas Eoghan, agas do-rín dá leath dhíobh .i. Laighnigh agas Muimhnigh do thaoibh, agas Ulltaigh, Connachtuig agas fir Mhídhe do thaoibh eile, agas do ghabhsad na príomhthaoisig do bhí orra ag órdúghadh a dtosach an chatha sin. Is annsin tugadar na fearmhodhuig sin sídhe sanntach sárnímhneach d'ionnsuighe a chéile, agus tugadar a dtrombhúithreach ós áird, gur bá clos go néaluibh nimhe iad. Bá huathmhur adhgharbh úrghránna coimhfhreagradh na muc alla do bhí acu re headh na húrlaidhe sin, óir budh chlos an uamhuibh agus an oiléanuibh, a gcnocuibh agas a gcoilltibh agas a gcuasánuibh agas a gcairrgeachuibh cuasdoimhne na críche í. Bá truagh tráth na taisbéanta agus na táimhnéala tárfás do mhnáibh taobhthroma torracha, agas d'ógaibh éadtroma anaosmhura, agus do sheanóiribh croma cianaosda le hanbhuain agas le himeagla na hairgheana sin. Ciodh trácht ó do ráinig Cathal Crón agus Tomás mac Conaill Chnáimhreamhair a dtosach an chatha sin a gcomhdháil a
chéile, "Ort do dhon agas do dhuabhais, a Thomáis", ar Cathal, "as olc an áit a dtárlais tar éis gach imdheargtha dá dtug th'athair Conall ar Eoghan Mhór agas ar Mhuimhneachuibh riamh; agus as dearbh gur theith Conn naoi n-uaire roimh Eoghan ar Mhadh Léana go ndeachaidh ar choimirce Chloinne Mórna agas Ghoill mhic Mórna; agas as follus fós a gcath Mhuighe Léana gur mó do thuit do láimh Eoghain amháin ná le cách uile, agus tuitfirse liomsa mar dhearbhadh air sin". Is annsin do-rónsad na cathmhílidh sin a gcoinne agus a gcomhdháil a chéile agas do thóguibh Tomás an tshúist ubhallramhar chnapach ós a chionn, agas do léig í le fraoch forráin agas feirge ós mullach na hinchinne chum Cathail. Do ghabh Cathal an buille sin a muinéal a shúiste féin agus do-rad comhmaoine an bhuille a leathmhullach an chinn do Thomás agas do sgoilt a cheann, gur léig a leathcheann lé a leathbhrollach. Tug Tomás an t-athbhuille chum Cathail agas do bhris dá easna 'na thaobh clé. Tógbhus Cathal an tshúist ubhallchnapach ós a chionn, agas tug amus fíochmhur forránta d'ionnsuighe Thomáis, agas do léig Tomás an buille sin um lár agas um lántalamh, go ndeachaidh an tshúist feadh láimhe laoich a dtalamh, agas níor fhéad Cathal an tshúist do tharrang; agas an tan nachar fhéad, tug amus ar a chorrán do bhí thairis, agas do-chuaidh asteach ar Thomás, agus tug sraoilleadh do na fiacluibh fraisghéara ar mhuinéal Tomáis, gur ghearr an muinéal agas meall an tshloigthe aige, agas do bhrúcht buidéal bréanime iarna leaghadh as a bhrághaid, agas do thuit a bfhiaghnuise cháich ar an modh sin go fíoranbfhuinneach. Acht cheana do ghabhsad cách ag cosgairt a chéile go hainmhín eascáirdeamhuil do shúisteadhuibh sliosfhada agas dá gcorránuibh goibghéara agas dá mileoguibh maola meirgiocha mísgiamhacha a gceannuibh agus a gcluasuibh agas a gcamshrónuibh a chéile, gur ba lán an mhachaire dá n-abach agas dá n-ionathar, gur fhágbhadar an mhachaire chruithneachta sin Chloinne Aodha Dhuibh 'na chosaireasair gan foghnamh.
Dála Chloinne Tomáis, do thuiteadar urmhór a dtréinfhear bá mó guil agas gaisge dhíobh ar an láthair sin, agas do ghabhsad ag adhlacadh a gcarad agas a gcommbráithreach ar feadh tréimhse ar an dtuluig sin; agas tugadh Seiligeaán ar feis leabtha do Chathal Chrón, agas do-rónadh fleadh ádhbhulmhór lé Cairbre dá chliamhuin agas dár mhair do chách. Agas do ghabh Cathal a chead a gcionn tréimhse, agus do-chuaidh Cairbre dá thíoghlacadh agas do thabhairt comhairle dho, agus as eadh adubhairt ris tre dhíogruis comhráidh: "A mhic ionmhuin, a Chathail", ar sé, "cuir th'aigne an iotharachus do shinnsir agas ná léig dhíot iothalachus agas tórrumhachus do dhéanamh; agas déin tuar agas aoileach do-chum leasuighthe do ghabháltuis, madh áil leat bheith sámh socuir do ghnáth. Agas bíodh a fhios agad nach arbhur go gránchruachuibh, agas nach gránchruacha go geamhchlúda, agas nach geamhchlúda go grafáil; agas bíodh cion aguibh ar mo bhriathruibhse". Agas adubhairt Cairbre an laoidh si síos: "A Chathail Chróin, gabh mo theagasg, cuir na meacuin, cuir an eorna; cuir as t'aigne do chuid fiabhruis, cuir líon, biatuis agas pónra. Ná tréig meidircheit ná múta, ná blais biadh gan gúta-máta, ná léig díot ulthairt ná aimléis, lean caidréis agas clampur dála. Ná bí fós ad fhód re héanuibh, lean béasa do lucht cumuinn; ná lean gleo na n-arm n-éachtmhur, éisd re sgéaluibh Chon gCulainn.
Ná bíodh do rámhann gan feacán, ná bí gan currán red ghualuinn, bain clais is gruadh iomuire, ithig, cuirig, buinig, buailig. Ná bí gan cóir uaibh ná oruibh, lean do choruibh Chlainne Tomáis, ná bí gan gad úr ad shrathair, a Chathail, lean dod mhórdháil. Ná bí gan smeara dhod bhróguibh, ná bí gan spólla lá féile, ná bí gan glas air do chóthra, 's ná bíodh seomra fad shéaduibh. Ná bí gan ionga a gcúl do chomharsan, 's ná héirig chum córa gan éithioch, ná déin math dod gheallamhuin, 's ná díol deachmhugha ar aonchor. Ná grádhaig an t-aos uasal, is ná tabhair dualgus don éigse, ná héist re foghar orgán, 's ná creid comhrádh cléire". Is annsin do ghluaisiodar na matha sin riompa go Dún Eochair Mháighe, risa ráidhtior Brú Rígh an tan so, mar a raibh teagh Chathail Chróin; agas do comhmóradh fleadh adhbhulmhór le Cathal an onóir do Shiligeaán inghean Chairbre. Agas do thionóladar matha Chloinne Tomáis fa thuairim na fleidhe sin, agas an tan táinig ám a caithmhe dhóibh, do cuireadh na biadha saora sochaithmhe ar na bórduibh sleamhuine sliosbhlátha síthfhoda, agas do shín Mathghamhuin Mór Ó Feoir a spéice coise tar fuarma suas le deifir chum suighte roimh chách, agas tarrla bárr a throighe roimh sgála
mhór lition do bhí ar a leathtóin a bfhíorthosach an bhúird sin, agas ar suighe do Mhathghamhuin, tárrla beann a fhalluinge ar an sgála lition sin gur dhoirt í fan mbórd uile, agus do mhúch an pháideog do bhí an' fhiaghnuise le binn eile na falluinge céadna dá cathamh thairis siar ag suighe dó go hogmurrtha drochmhúinnte. Agas do bhí fear fala agas tnútha do Mhathghamhuin astigh .i. Cormac Ó Curéibe, agas as eadh adubhairt: gur mhór an náire do Mhathghamhuin bheith 'na charrán cám-stóic a dtig a chomhursan. Do fhreagair dearbhráthair do Mhathghamhuin é, agas adubhairt re Cormac léigion dá spior-spar agas dá mhac ar muin agas dá futa-fata fa bhrághaid Mhathghamhna, agas gan caor chamlóid do dhéanamh dhe ar cuaird nó go ndiongnadh féin cíor thuathuil don teagh. Táinig Cathal anuas agus labhrus do bhriathruibh sámha socura agas do tharraing síothcháin agus cáirdios eatorra; agas do shuigheadur féin as a haithle sin ar na bórduibh go saothrach séideánach, agus do chaithsiod biadh go dorcha dórdánach, agus budh clos go himchian uatha an ghliosmurnach do-neidís ag dubhshlogadh na beatha sin go blasda borbghreamannach, agus gan aire acu ar chomhrádh ná ar chaitheamh aimsire, acht amhuil do bhiadaois cloigis do mhucaibh garbha gortacha ag coimheasgur fa dheireadh dríodair praisge nó anbhruithe. Is annsin do léig Lochluinn Leathan gáire mór sothuimh iar líonadh a bhrú agas a mhórbhuilg, agus adubhairt nár chaith riamh pruinn ná tomhaltus budh sochaithmhe agas budh sobhlasda ná an biadh sin, agus rug buidheachus mór re muinntir an tighe agus as eadh adubhairt: "Ní fheacamuir riamh lánumha ná muinntior thighe budh fearr modh, oileamhuin agas béasa agas foghluim ná an cumplucht so", ar sé, "ón mbliaghuin do
bhámuir ar banais tShaidhbhe Ní Chaimidil. Seinnigh dhúinn ceolta", ar Lochluinn Leathan. Do ghlacadur cuid acu a dtrumpuidhe agas cuid eile ag gabháil chrónáin, agas do chaitheadur an oidhche go subhach somheanmnach; agas do leathadur arna mháireach, agas adubhairt Brian Beag Ó Biorracáin an laoidh si: "Math an mhuinntior so, mór na miasa so; as math na meacain si do bhí san litin si. As borb an bhiataisi do sgiub sgeo an sgála so; as práip an phraiseach so ar íochtar bhur mbrághadsa. Sgiamh sgairbhidhe ludurtha lutharnuighe; math an turuso; a chuallacht sona so, as reamhur bhur n-aránsa ar líonadh bhur bputógsa". Do bhádur Clann Tomáis mar sin go haimsir Uí Néill. Táinig annsin le hiomud coguidh uathadh fear agas foirne ar mhórán d'Éirinn go ndeachadur a mbáthadh mórán dá mathaibh agus dá n-olcuibh, agas do léigeadar Clann Tomáis ar ghorm agus ar dhearg do chur ar a n-éaduighibh d'éis tréimhse dá n-aimsir do chatheamh roimhe sin ar ghuid agus ar bhruid agus ar
éigean; agus annsin le tearcad daoine do léigeadar ar ghabháltusuibh do ghlacadh agas ag iarruig cleamhnuis nár chubhaidh dóibh d'iarraidh ná d'fhagháil; agus do-chuadar chum bheith 'na gceannuibh bailte, agus chum an fhearuinn do dhaoradh ar an aos uasal, agus do léigiodur ar dhathannuibh nósamhla do chur ar a n-éaduighibh agas ar chumthaibh nósamhla do thabhairt orra. Mar sin dóibh do dtáinig Uaithne Ó Mórra thar maoilcheird, agus tug sin uathadh cruidh agas cosduis orra féin agus ar mhórán eile maille riú, ionnus gur shaoileadur nach béaradaois ar a mbonn go bráth. Gidheadh iar dteacht do rígh Séamus a bfhlaithios, táinig dá mhath agas dá shochroidhe gur líon Éire do shocaracht agas do shíothcháin lena linn re cian d'aimsir, agas gur ghabhadur Clann Tomáis ag cur a gcloinne chum sgoile agus chum cléarcuis; agas níor mhaise le neach dhíobh gan a gcur le rhetorique agus le feallsamh nádúrtha do mhúineadh dhóibh, agus a n-ingheana do chur le síoda agus le somplóireacht, go ndeachaidh an fearann a ndaoire agus cosdus Chloinne Tomáis ag dul ar gcúl. Agus as í comhairle do-rinneadh leo: feasa agus teachta do chur do thionól Chloinne Tomáis chum aonionaid cuinne ar mullach an chnoic frisa ráidhtior Cros Í Fhloinn eidir Dúthaidh Chloinne Muiris agas Ciarruidhe, cheithre lá dhéag roimh lá 'le Michíl san bhliadhuin d'aois an Tigherna 1632; agas ar dteacht chum aonbhuill dóibh, as í comhairle do-rineadh leo .i. pairlement do chur 'na shuighe ar an gcnoc sin; agas as iad so dream fa hurrughanta dhíobh a gCunntae Chiarruidhe - agas ní raibh éanchunntae an Éirinn nach dearnuidh ionadh cuinne dá fhios créad do-dhéanadaois re linn gach anfhórluinn dá mbéaradh orra.
Tángadur mar adubhramuir a gCunntae Chiarruidhe chum éanbhaill ar an ccnoc réamhráidhte .i. Seaán Séideánach Ó Seanbhrealláin, Brian Bolgmhór Ó Brisleaáin, Diarmuid Doithchiollach Ó Dubhsgamháin, Donnchadh Dúr Dranntánach Ó Deasacháin, Tomás an Trumpa, Conchubhar Casaoidioch, agas mórán ó Dheasmhumhain do chlannuibh éagsamhla, a cnocuibh, a cairrgibh agas a háitibh deamhuire do-eolais. Táinig mar an gcéadna a hIarthar Duibhneach agas as gach ionadh oile d'iarthar Mumhan dronga dóidsmeartha do-áirmhighthe dhíobh chum an phairlemeint sin, agus do shuig gach n-aon díobh go caipínioch cluasmhór cúlchrón cuasbhéalach camshrónach camphusach ciarléinteach criosleathan cnáimhreamhur cromshlinneánach gan aithne Dé ná daoine ag aonneach dhíobh. Agas as é fear friotháilte agus úrlabhra do bhí acu, eadhon Seaán Séideánach Ó Smutacháin. "Rath na raithnighe oruibh, a Chlann Tomáis", ar Seaán Séideánach, "ní fheadramuir gur mhair an lear sin díbh ar feadh an domhuin mhóir uile; agus as urusa dhíbh gan godamiot ná tapatú ná rigléisionéis". "As cóir dúinn", ar fear díobh, "a fhéachuin créad do-dhéanam re linn an anfhórluinn si as mó rug oruind riamh, óir do-rineadh cíor thuathail agus spaid bhannruighe ar feadh Éirionn dínn ag áitreabh fa bhuntighearnaoibh, agus gan truaighe ná taise ag aonneach dhúinn, agas nach gabhamaoid féin a chéile agas bailte fearuinn do bheith againn". Adubhairt taoiseach dhíobh gur chóir dhóibh a fhéachuin cia budh fearr dhóibh: bheith fa áirdtighernaoibh an fhearuinn nó fa na giolladhuibh óga. "Ní bfhuil annsin", ar Seaán Séideánach, "acht do réir an mharguidh nó an chunnartha cleithe nó cionnáite nó tuair nó aoilig nó aonleasuighthe oile do-dhéantar libh"; agas do-rinne Seaán Séideánach an laoidh si síos ann:
"A Thomáis ó taoi a mbaogal, so an saogal 'na cham-storráin; tuigid cách ar bpronócum - d'imthig sonus Chlainne Tomáis". "As fíor sin", ar cách uile, "agas do-dhéanamne do chomhairlese". d'fhiafruigheadar annsin cia ar bfhearr aimsior na Samhna ná aimsior na Bealltuine. "Ná cualaidh tú an tsheanrann fhilidheachta do-rin mo mháthairse?" ar Seaán: "Bealltuine bheag chuiléis phruimp, do chíos, do chearc is do chráin; fionnán chuguinn agas cuach, is fearr ná Samhuin fhuar an áir". Do mholsad cách uile an rann sin do-rinne Órlaithe Mhór .i. máthair Sheaáin Shéideánuig, agas do fhiafruigheadar do Sheaán créad tug air tuitim a neamhghustul agus a ndíth costuis. "Ní bfhuil feidhm fiafruighe air sin", air Seaán, agas do-rín an rosga file si síos ann: "Cailleamhuin chóisdighe aisdior aonuidhe, díoghbháil aoilidhe codladh agas comhnuidhe, tarrang píopuidhe, dortadh cannuighe a mbráighdibh sgraisdí a gceann gach aonbhaile; clanna lábánach a gcúirt go mórdhálach, an mhuinntior chrónánach dár dhual beith dórdánach,
aránach, úrbhláthach, ag druid re díomhaoinios, ag carrbhus go síorghnáthach; tuillfidhe don turus so ón gCuimdhe ccomhuchtach diomdha bhur ndochriaghlach uile agas ainmhianna, bhur ndíthchur ón talamh so mona dtréigthí na bearta so, olcus bhur mbeathasa, le gráin agas le gadaighthibh a lár na síothchána oruibhse dá síorcharna". "Dar na mionnuibh as dual damhsa", ar Diarmuid an Doithchill, "as fíor a n-abrae". Níor chian dóibh annsin an tan do-chonarcadar chuca aonóglach mór aimhghlic anchumtha agas táinig chum láithreach. "Can asa dtángais, a óglaoich," air siad, "agus cia hé do chinéal?" "Ó Chunntae Luimne dhamhsa", ar sé, "agus Labhrás an Lándornáin as ainm dhamh", ar sé, "agas as do Chloinn Tomáis mé agus as ionrúin díbhse mé; agas fós atáid mórán do sgéaluibh iongantacha agum ré a bfhaisnéis díbhse". "Beir buadh agas beannacht", ar siad. "Agas do bhí mise a Luimneach, a nGaillibh, a bPort Láirge agas a gCorcuigh agas i ngach áit eile dh'Éirinn ionar connmhadh suigheacháin agus cúirteanna na bliadhna so", ar Labhrás, "agus tarrla ní iongantach lena chomharthughadh ionnta, eadhon gan áireamh ar ar crochadh do Chloinn Tomáis ag na cúirteannuibh sin. Agas fós do comharthuigheadh ag lucht dlighe gurab iad lábánuig agas clanna moghach atá ag déanamh gada agas foghla ar feadh gach tíre a ngabhaid". "Nárab iongnadh libhse sin", ar fear díobh, "an tan umorro do-chuaidh an fearann a ndaoire agas do mheasamuirne sinn féin ag dul as ar gcuid agus as ar gcostus, agus do mheasamuir nach
fanár gcomhair féin do cuirfidhe aonní dhíobh sin do dhéanamh, acht fa chomhair na ndaoine uaisle ndíomhaoine; óir do bhí muirior cíosa agas cloinne do ghnáth oruinn, agas dá marbhamaois ar mba agas ar muilt agus ar muca, ní fhéadfadaois ar gcoimineasg a gcíos do dhíol go bráth; agas air sin as fearr linn cuid cháich do chathamh ná cuid ar leanbh agus ar gcíosa; agus fós atá cungnamh maith eile aguinn .i. feabhus coiste ar gcunntae, agus fós ní dóigh le giúsdísibh an dlíghe nach fuilmidne clanna lábánach ró-ionnruic, agus is dóigh leo gurab daoine uaisle díomhaoine agus leathdhaoine uaisle agus sgramuiridhe d'iarmhur folanna uaisle do-ní gach a ndéinemidne do chlíma-múta agus do tharrang tealluig agas do ghúta-máta ar stéigibh agus ar straipionnuibh agas ar alatánuibh, agas as comhthrom mór linn sin mar gach plaic fe chuim eile". Is annsin adubhairt Labhrás, "Léig díot, a bhráthair, na bearta as dúthchus duit do theacht tríot, óir do-chuadur cách amach oruinn, agus do fríth fiaghnuise agus fionnachomharthuighe ar n-uilc agus ar n-urchóide agus atáid dearbhtha iomdha go follus air". Níor chian dóibh mar sin an tan ad-chonncadar dias mharcach ngallda chuca gach ndíreach. "Cia an marcshluagh gallda úd?" air siad. "As aithnid damhsa iad", ar Seaán Séideánach Ó Salacháin, ".i. Muiris mac Dáibhí Dhuibh é siúd", air sé, "agus do chuir sé leabhar feasach fíreolach amach air gheinealach agus air ghníomharthuibh Chloinne Tomáis, agus níor fháguibh aon mhíthapa dá ndearnamuir riamh gan foillsiughadh oruinn; agus mairfidh ar n-iomrádh a mbéaluibh suag agus daoine saoitheamhuil go bruinne an bhrátha agus go foircheann an bheatha do thoisg an leabhair sin". "Cia an marcach úd maille ris?" ar fear díobh. "Ní fheadar", ar Seaán Séidéanach, "acht as daoine foghlumtha iad agus ní hionrúin dúinne iad, agas coimhéaduigse bhur n-aigne go math orra". "Mo chreach chráidhte, as truagh an ní adeir tú", ar Bernárd Ó Bruic. "Dar láimh mo cháirdios Críost, ní bfhuil éanrún fa chliathánuibh Chloinne Tomáis nach aithnid agus nach eolach do na meathachuibh uaisle úd, óir as minic do chaillemuirne
orra agas do chailledar ar mbráithreacha orra mar an gcéadna". Tángadur an marcshluagh sin chum láithrig agas beannuighid dá chéile. "Créad an tionól so oruibh annso?" ar Muiris mhac Dábhí Dhuibh. "Córuidheacht atá eadrumsa agas Tomás annsúd", ar Bernárd Ó Bruic, "agas do bhí oruinn dul d'iarracht oruibhse chum breitheamhnuis do dhéanamh eadruind". "As cóir sin", ar Muiris, "agus labhruig feasta bhur gcúis". "A dhearbhráthair an anma, ná creidse Tomás ormsa", ar Bernárd, "óir as mórádhbhul a phléicéis agas a phlapachus do ghnáth". "Ag so mh'éileamh féin ar Bhernard", ar Tomás, ".i. cráin fhionn Bhernaird dar bho comhainm Maol na nGarraighthe, do-chuaidh iona suighid chaoil chíorrdhuibh tré thóin mo gharrdhaighese, agus do rug Sgéaluidhe .i. mo ghadharsa, ar an gcráin, agus do rug bean Bhernáird .i. Mór Ní Chaobáin, ar an ngadhar agus tug Bernard amus don tuaigh do bhí 'na láimh ar an ngadhar, agus do bhuail a mhuc féin a gclár an éadain agus do mharbh í. "A Mhór an anama", ar Bernárd, "cungaimh an gadhar so Thomáis go mbuailinn don tuaigh é", agas tug amus aingidhe air Sgéaluidhe don tuaigh agus buailios Mór a lár na lurgan, go ndearnuigh ciolur-ciot do chnámh na lurgan; agas atá sé dom éiliomh a gcois a mhná agus 'na mhuic, agas atáimse dá éileamhsan am ghadhar agus am gharrdha, agus, a mhic mo chroidhe, beirse do bhreith féain air sin". "Dar ghréin Chríosg", ar Bernárd, "budh minic leatsa ludarthacht agus laghdéis agus lorg thar lear agus lumpurnach do bheith ar bhárr do theangan, a Thomáis". "An uair nach tuguis urruim do Mhuiris mac Dábhí", ar Tomás, "budh é do leas léigion dod mhileaisteacht damhsa, agus gan caor chullóide ná cam-sdóic ná
toll eir aithirín do dhéanamh dhíom; agus is mó do sgéal mo gharrdhasa agus as mó dob fhiú é ná lurga luimín Mhóire". "Tuguis t'éitheach agas do dheirgéithioch", ar Bernárd, "agas dar do láimhse dhuitse, agas dar láimh mo chairdios Chríosd, a Mhuiris mhic Dábhí, an banbh rug an chráin úd, dob fhiú eadrumsa agas tusa srughán mine nó eorna a gceann a sheachtmhuine é". "Cia acu rug a chéile", ar Tomás, "an banbh nó an chráin?" Do thógbhadur cách uile gáir mhaguidh agus fhonomhaid faoi Bhernárd, agus do mholsad uile gurab ealadhanta sgafánta fuair Tomás an tagra sin a bfhiaghnuise na ndaoine math sin. "Dar anmuin bhur n-athar agus bhur máthar", ar Bernard, "ní dhéan féin moladh ná rádh ionbhur measg choíche, óir as drochmhúinte drochbhéasach an cumplucht sibh". Is annsin do ghabh Muiris a chead acu. "Gan teacht slán díbh", ar iad sin, "agus ní ó chroidhe do bheannuighmuirne dhíbh ó chianuibh". Adubhairt fear díobh, "Cuirig críoch ar bhur ngnódhuibh", ar sé. "Ní dual dóibh críoch mhath do chur orra", arse Brian Brúideamhuil .i. fáidh Chloinne Tomáis, "óir broid agas goid agas bréaga, tunáth, tnúth agas tuaisgiort, míchreidiomh, mírún agus míchrábhadh, éitheach, imirt agas ól as tréighthe do chlannuibh lábánach san aimsir si", agas adubhairt an rann so síos ann: "Éitheach, goid agus cearrbhuchus, díomhaoinios, ól agas uabhar, tréighthe chloinne gearrbhodach, cealg is bruighean is bualadh. Tugabhuir bhur gceárda dúthchais ar mhalairt .i. ionnracus ar ghuid agus ar ól cannuighe, umhlacht agus lábántacht ar
mhórdháil agus ar stámur, bhur gcríochnumhlacht agus bhur bfhuadar ar ól píopuidhe tobaca, agas fós fírinne ar bhréaguibh agus ar chám; agus is leis so dh'imthig bhur rath agas ní bfhuil truagh ná taise ag duine ar bith dhíbh le bhur n-olc agas go mórmhór aig an aos uasal. A thrú, féachuig ionbhur dtimpchioll d'eagla go mbiadh aonduine don aos uasal ac éisdeacht rinn, óir níor mhath liomsa rún mo chaoinchomhráidh do bheith acu; óir dá mbeinn féin agas duine aguibhse ag buain phutóg a chéile amach, budh annsa liom é ná éinne don aicme uasail, acht amháin go mbiadh ag cuimilt mheala fúm gach aonlá, agus go háirighthe an sladuighe satha sin d'imthig uainn ó chianuibh, eadhon Muiris lúbach mac Dábhí Dhuibh. Agas fós as misde sinn go bráth a dtáinig chuguinn do chlannuibh ceithreannach agus d'iarmhur folanna uasalmhór, más fíor dóibh féin, agus is measa iad so go mór ná sinne, óir ní bfhuilid siad ísiol ná uasal; agus fós ní bfhuil don druing dhaonna dream as measa ná na meathaig uaisle, acht clanna ceithreannach amháin, óir ní boduig re hobuir ná re humhlacht ná re biadhtachus iad; agus bíd féin agas na meathaig uaisle ag síoriarruig burruigheachta oruinne mar dhaoinibh maithe", agus do-rin Brian an rann fhilidheachta so síos ann: "Beag an mhaith na meathlacháin mheathas a leith na huaisle; ní thiubhruinn mo leathshrubhán orra riamh ná an uair si. Ní hiongnadh dhúinn", ar Brian Beag, "bheith fa dhaoirse ag na huaislibh fíora, óir as dóibh do hórduigheadh sind, agas do-chuadar amach ar ar ndrochmhúineadh", agus adubhairt na briathra so ann: "A Chlann Tomáis", ar sé, "fanuig mar d'órduig Pádruig díbh, madh áil libh socracht do ghnáth do bheith aguibh, agus fanaig fa na daoinibh uaisle agas ná léigig an cheithrainn ionbhur ngaire".
Do moladh Brian go mór san ccomhairle sin acu, agas adubhradar gur mheithid dóibh dul dá dtighthibh gach aon díobh; agus adubhairt Tomás nach raghadaois nó go bfhaghadh féin díol iona mhasla. Is annsin do moladh acu iomrusgáil do dhéanamh a bfhiaghnuise cháich, agas do-rineadh amhluig; agas do leagadh Tomás, agas ba clos pléasg mhór ar dtuitim dho, agas do léig Diarmuid Dúr gáire mór agus adubhairt go cnáideamhuil, "Dia leat, a Thomáis", ar sé. "Créad fa nguidhe Dia liomsa?" ar Tomás. "Pléasg mhór do-chualamuir", ar Diarmuid. "Greim do bhris a dtigh mo sheantriúis", ar Tomás, "agas saoilim gurab lucht magaidh sibhse féin", ar sé. "An iad do chlocha, adeir tú?" ar Bernard. Is annsin do thóguibh Tomás a lámh agus do bhuail cúldornn a mbuaic na srón ar Bhernárd, gur bá lán an talamh dá chrú. Do-chuaidh an cuiminesg fóna chéile agus do sgaradur gan críoch do chur ar a ngnódh an lá sin do thoisg an urchuir sin. Ciodh trácht do commóradh an t-athlá pairliment leo ar an ionad gcéadna .i. ar Chrois Í Fhloinn, an bhliadhain d'aois an Tighearna, eadhon 1645, agas an deachmhadh lá do September; agas iar dteacht dóibh ar aontuluig ar an gcnoc ccéadna sin, do labhair Seaán Séideánach agas as eadh adubhairt: "Cuirig críoch ar bhur ngnóthadhuibh do réir úird agus uirmisne, agus faghaidh cléireach bhus ionrúin díbh, agas cumaidh nóis agas staitiúidighe mhairfios go deireadh an domhain dá bhur n-éis agus mhairfios mur dháil fortuchta agas leighis do gach uireasba dhá mbia ar an maitheas puiblighe". "Ní hionrúin dúinn cléireach ar bith", ar fear díobh, "acht neach éigin dár nglanmhiannach féin". "As aithne dhamhsa sin", ar Seaán Salach, "óir atá mórcharruig léighinn do mhac agumsa, noch atá foghlumtha gan amhrus, noch tugadh suas re léighionn a bPotaille agas ann Oiléan Ciarruidhe, agas do bhí sé bliadhuin a bPortaingléis agas a mBéal Átha Gobáin, agus bliaghain a
gCruachán ag suilleadh éisg a gcuideachtuin iasgairidhe". "Beir buadh agus beannacht", ar cách a gcoitchinne; agus do cuireadh fios ar mhac Sheaáin Shéideánuig go Potaille .i. Domhnall an Bhéarla a ainm. Táinig Domhnall chum láithrig, agas a chulaidh sgríbhneoireachta aige, agus do fearadh fáilte roimhe; agas do-rónsad dá spéicéir do Sheaán tShéideánach agus do Bhernard Ó Bhruic. Do goireadh chum láithreach iad agus do hinniseadh dóibh gurab iad budh spéicéiridhe ag an bpairliment sin. "A Sheaáin an anma", ar Bernard, "créad an oifig nó an t-ainm úd tugsad oruinn?" "Ní fheadar", ar Seaán Salach, "acht as dóigh leam gurab ionann é agus dá spéice mhóra do bheith aguinn ar ar nguaillibh, agas gidh-bé neach dhíobh so do-ghéabham ag déanamh godamiot nó camdhlighe, iad do smachtughadh lenar spéiceadhuibh". "Dar anmuin mo mháthar, math an tsheirbhís", ar Bernard. Do-chuadar umorro an dís sin fan gcoill agus tugsad dá spéice do chamdhruighean chnapach dheilgnioch leo chum láithreach; agas do bhádar cách 'na suidhe rompa ar tuluig an phairlimeint do réir úird Domhnuill an Bhéarla. Is annsin do labhair Ribiord Ó Ruibliocháin, agus adubhairt ris na spéicéiribh labhairt agas uireasba Chloinne Mac nÓglách d'fhaisnéis agas do chraobhsgaoileadh go fóirleathan a hfhiaghnuise an phairlimeint. "Ní leasainm dhóibh spéicéiridhe", ar Diarmuid Dúr; agas do mholsad cách a éagsamhlacht fuair Diarmuid amach an comhrádh uaignioch anaithnid sin, agas do bhuailsiod cách fa shúgradh do dhéanamh orra. "Ní dóigh maguidh dhíbh sinn féin", ar na spéicéiridhe, "agus is é bhur leas gan ceann fa eite ná nod ar nid ná cám-rasáin comhráidh ná bhrille bhraille do dhéanamh fanar mbrághaidne; agas gidh-bé do-dhéanadh, dob fhéidir go mbiadh aige mar nach fuil". "Muine, as cóir sin", ar Diarmuid, "ó do chuiris do chaipín iona cham-starráin ar do leathdhúdóig chlé". "Más fíor duitse, as
bunóscionn do cuireadh a chluasa ar Thomás", ar Seaán Séideánach. "Ní fearr linn acht ar a bfhuil", ar Diarmuid Dúr, "agas adubhrais roimhe sin le mac dearbhráthar mo sheanatharsa .i. re Lochluinn Leathan, nár chuir sé poll tarathair ná tarrainne ar bith riamh ioná a chleath a gcluais a cháirdios Críosd ná a chompánuig, acht bheith ar a chorraduanóg agas ar a bhuailtibh gearra ag trinntiolladh mar gach léinmiochán, ag lumpurnuig 'na dhod ar tiarpóig a chomharsan. Gach a ndéantása fan Samhuin nó fan mBealltuine, déin anois é", ar Diarmuid, "agas an gcuala tú an seanfhocal riamh: Ná bí gan péisd ad shróin, roinn reo mur roinnfid riot?" "Ná cuirse péisd ad shróin chugumsa", ar Bernard. "Budh measa dho féin péisd do bheith 'na shróin ioná dhuitse, ar Brian Beag. "Budh minic leatsa, a Bhriain", ar Seaán Séideánach, "péisd a bpollchomhrádh do bheith ad dhiaig". Táinig bean Bhearnaird agus do shuigh ar túrtóig sheasga ar chomhair chlaidhe an phairliment amach, agus do chuir goic ar a muinéal. Do bhuail a basa agus d'fháisg a laghracha go haidhmhéil uathbhásach agus d'iafruig do Dhia cá háit a bfhuair Brian ann féin labhairt re Bearnard mhac Labhráis. Is annsin d'éirig bean Bhriain .i. Anasdás Ní Chéirín, air an dtaoibh eile don chladh an phairlimeint, agus adubhairt re Saidhbh léigion dá gliosmhuiriocht agas dá pléicéis ar Bhrian, agus gurbh aithnid di féin í ón oidhche do-chuaidh sí ag nighe na meacan chum an tobuir agus gur ghiolc an t-óglách í láimh re tóin an gharrdha chaim. "Dar céad anmuin t'athar agus do mháthar", ar Sadhbh, "a lúrupóg bhradach bhrithleogach na gcaimseog agus na bfhaghartán, a inghean toillchiaróige le feidhliocán agas a leathantroigh na bfhochmuidhe agas na bfhuachtán, an riomsa labhrus tú?"
"Hé, hé, bhog é 'laoich, mo léan is mo lom is mo lagar, a Shadhbh bhradach na ccnupán, a inghean Labhráis Laghruigh Leathantónuigh na Lition, ní mise camchuaird bhothánach na dtor agá mbíonn a tón dóighte ón neanntóig iasachta, mar bhíos tú féin, a cheirtleog bholgmhór na mbannachán agas na míráirneaghan; agus níor thomhuis mise mo thuilleamh loisgreáin riamh lem chaipín idir mé féin agus mo bhanchomhursa, ní hionann agas tusa, a Shadhbh". "Tuguis do dheirgéitheach", ar Anasdás, "a chamshálach an chlaonáin, a tholl an róid, a mhadra na bpóirsidhe, a chaoch na bfháileog, a thruaill bhod Éirionn, a thobuir bháidhte na n-uircionn, a choinnlín a dtóin; léig damhsa nó adéaruinn raed beag eile do bhainfeadh an fhail díot". "A Dhia, a bhean an chroidhe, as gránna an díol sin do-bheire ar mo mhnaoi", ar Bernard, "agas dá mairedís a daoine an Éirinn, budh thruagh leo bail tShaidhbhe agadsa aniugh". "As truagh liomsa í", ar Seaán Séideánach, "agas déanam spéiceadhil do réir ar n-oifige aniugh", ar sé. Is annsin do thóguibh Seaán an spéice deilgneach droighin do bhí iona láimh agas dlúthuighios le pluc Bhriain é, agus do-chuaidh dealg imreamhar barrchaol do bhí ann a bpus Bhriain. D'éirigh Diarmuid Dúr iona sheasamh agas as eadh adubhairt: "Ort do ghoin agas do ghráin", ar sé, "do-rinis dealg a bpuisín dom chairdios Críosd agas do-bhéaruir féin díol ann". Tug Bearnárd amus ar Dhiarmuid agas do chuir ceann an spéice 'na phreicioll, agus iarna tharrang as do, tarrla gur bhain sé deich fiacla as a chúlchraos. Is annsin d'éirig an pairlement 'na seasamh agas adubhradar na spéicéiridhe do lámhughadh. "An sinne?" ar Seaán Séideánach agus ar Bearnard. "As sibhse féin", ar Diarmuid agus ar dream eile dhíobh. Do-rineadh dá leath don chnoc agas do-chuadar do réir a ngaoil agus a gcomhursanacht d'fhurtacht a
chéile; agas ní raibhe neach dhíobh gan arm athghéar a shean agus a shinnsior an' aice ollamh chum gníomha do dhéanamh do láthair. Agas is é si innioll agas órdúghadh do bhí orra re haghaidh na hiorghuile sin .i. biorraeid churruiciocha chamchluasacha chúlsmeartha do chlúmh agas do chroicnibh ainmhinntidhe éigcialluidhe, agas slatchótuidhe slime snáthreamhra go bpócuighibh agus go bpriobánuibh salcha snáthchlúmhacha, uircionna leathana lángharbha, agus curráin chama chíocracha chroisfhiaclacha, agus meanuighe bioracha bláthchearta, agus súisteadha colprighne, agus a rámhuinne cnapacha crannrighne ar ghualuinn gach fir dhíobh. Is annsin tráth tugsad ionnsuidhe ainiarmhurtach adhgharbh ar a chéile; agus an tan tráth ad-chonnairc Diarmuid Dúr Seaán Séideánach, fógrus go forránta air agas do iarr éiric iona fhiacluibh. "Do-bhéarsa sin duit", ar Seaán, "eadhon bráthbhuille baoghlach báis". Is annsin do thóguibh Seaán Séideánach a lámh láidir lánchalma ós a chionn, agus tug trombhuille don tshúist imreamhuir urrúnnta ubhallghairbh fó chliathán Diarmuda, agas do bhris naoi n-easna leathanarrachta iona thaobh clé don mhórbhuille sin. Iar sin tráth táinig Brian Beag agus tug a thrombéice ós áird, agas tug ruathar rúnolcach reachtaigeantach chum Sheaáin tShéideánuig. "Druid suas, a ghroguire na meacan", ar sé, "go léiginn an inchinn ina caobánuibh tré pholluibh do bhréanchluas". Agus leis sin tug buille fíochmhur faobhrach do bhuailtean a shúiste fá smúsach Sheaáin gur leath an tshrón ar an gceann aige. Is annsin d'éirig Bernárd agus tug luathbhuille measguithe mear míchéillidhe ar a bfhud agas buailios a chumpánach féin .i. Seaán Séideánach, a mullach an chaipín gur chuir uachtar tré íochtar a inchinne agus do thuit go faon féigeamhuil follrachtach fa chosuibh cháich agas é leathmharbh.
Is annsin táinig Labhrás an Lándórnáin agus as eadh adubhairt: "Ó Chunntae Luimne dhamhsa", ar sé, "agas cia aguibh lé a gcuirfe mé don chur so?" "Buail do bhuille ar an dtaobh gcóir", ar Tumás an Trumpa, "an taobh ar a bfhuil cae an bhuille sin", ar sé. "Do thaobhsa", ar Labhrás, agus leis sin buailios Tomás don tshúist ós cionn an chaipín, agas do léig fuil agus follracht as a chloigionn fá shleasuibh a mhuiníl; agas tug Tomás an t-athbhuille chum Labhráis, agas do bhuail tarrsna a thaoibh é agus do bhris fearsad iona láimh chlé. Tugsad uile aghaidh ar Labhrás .i. Brian agus Diarmuid Dúr, agas do ghabhsad ag tuarguint agas ag trasguirt a chéile go hainmhín eascáirdeamhuil do bhuilleadhuibh borbneartmhura báis a srónuibh, a súilibh agus a gcamchaipínibh a chéile, gur thuit Labhrás ar an láithir sin acht beagán don anam do fágbhadh ann. Do budh iomdha iona bfhaonluidhe ar an láithir sin cuirp chróna chriosleathana chroisfhiaclacha agus dóide dúra drochchumtha agus crúba cróna cnapmhéaracha d'aithle na hiorghuile sin. Mair sin dóibh go tráthnóna; agus do leathadar go gruama gearánach acht an mhéid d'fhan a bfhochair an áir le hiomurca a n-othar agas a marbh. Do ráinig umorro sgéala an chatha sin go Cunntae Luimne agus gur thuit Labhrás ann. Tángadar a cháirde fana thuairim agas fuaradar riumpa é go fíorlag fanntuiseach, agas do thógbhudar leo é as a haithle, agus do-rine Maghnus na Mileoige .i. a dhearbhráthair féin, an laoidhe iarghnódhach so síos go nuallghubhach: "Dubhach sin, a Chros an Áir, d'éis Labhráis do chráidh mo chiall; a gcorrán, a bfheac ná a súist ní bhia ar ndúil is ní chaithfiom biadh.
As iomdha lá gach ré ccuaird ag bualadh is ag buain an ghuirt tugamuir taobh re taobh, 's don arán níor chaol ar gcuid. As iomdha biadán soithimh séimh, is comhrádh go ccéill nár thur, do-níodh Labhrás tar éis bhídh iona bfhaghadh gach neach dhínne sult. Mo dhúil a ccláirsig ná a ndán cuirim druim go bráth a chur; tar éis Labhráis budh bhinn glór biaidh mo chroicionn go crón dubh". Iar rochtuin do Labhrás do bhaile, tángadur táimhnéala báis dá ionnsuighe agas d'iarr sé an sagart do theacht chuige. Táinig an sagart agus do labhair do bhriathruibh diadha ag moladh faithis Dé. "An rabhais ann", ar Labhrás, "mur go bfhuilid a sgéala go cruinn agad?" "Ní rabhas fós", ar an sagart, "agus biam muraon ann go dtoil do Dhia", ar an sagart. "Go madh é do bheatha", ar Labhrás, "más an aoinfheacht bhiam". "Ní meithid damsa dul ann fós", ar an sagart, "agus gidheadh déanasa h'udhacht, a Labhráis". "Fágbhuim re hudhacht", ar Labhrás, "go madh shocra liom bheith a bfhochair mo mhná agus mo chloinne anocht, mur a bfhaghainn pruiseacha príomhamhla prácáis, bun bainne agus bréaním ruibeach cuasghorm gabhar agus caorach, ná bheith san ionad sin frisa ráidhtior flaithios Dé". Agas adubhairt an laoidh si síos ann: "Fágbhuim mh'uircionn agas mo shúist, mo chriathar dlúith agus mo shac, mo dhá sgála is mo dhá mhéis, iad sin go léir agam mhac.
Mo léine gharbh chiar, máilín mo liadh is mo bhrat, mh'arg, mo losad is mo bhró agam mhnaoi phósda mur roinn óm mhac. Mo churrán is mo rámhann ghéar is mo dhá ghabhar mar shéad chruidh agam inghin ghreannmhuir, ag Móir, mur chuid sdóir ré ndul chum fir. Mo chaipín cíorach cluascham caol, mo leathbhróg dhaor is mo chrios, mo sheantriúbhus lóipín do shíor ag Tóimín mur dhíon ar shioc. Agus mh'anum ag an sagart séimh, mo chóta réigh is mo bhróg gharbh, mo mheanuith géar is mh'iall fuighioll greama riamh nár fhág". Ciodh trácht iar gcur a marbh agus iar leighios a n-othar, tángadur an treas lá chum an ionaid chéadna chum an phairlement; agus do toghadh acu dá fhear dhéag dá maithibh a gcoiste, agus an chuid eile ré hiomchasaoid agas re gearán a n-uireasba. Agas as iad so airteagail do cuireadh síos ann: ar dtús go rabhadur gan sloinnte uaisle orra, agus fós nach bíodh lón leathbhliadhna leo chum na bliadhna, agus fós go raibh mórán díobh ag dul re díomhaoinios agas ag dul don Fhrainc agus ag fágbháil a ccruidh agas a ccostuis an Éirinn dá ndéis. Is annsin do labhair Bernard Ó Bruic agas cuid do mhathaibh an choisde: "Ní hiongnadh sinn do bheith bocht", ar siad, "tré iomad drochriaghlach d'fhás eadruinn re cian d'aimsir". Is annsin do fógradh sdaitiúidighe nua acu .i. iomad meacan agas biataisidhe do chur, agas garraidhthe móra do dhéanamh dá gach sórd fa leith díobh; aoilioch do dhéanamh, agus gan cion do bheith acu ar chácaidhibh spíosartha ná ar arán cróich; gan
leannta dúbullta do dhéanamh ná iomud fíona ná uisge beatha do cheannach, agus an tubaca do léigion díobh, agus gan a gcuid ime do chaitheamh acht a choimhéad chum an chíosa, agus gan aodhaire ná óglách do bheith acu acht a gclanna féin. "Agus a dtaoibh na sloinnte uaisle do bheith oruinn", ar fear díobh, "cumag gach n-aon a rogha sloinnte dho féin". "As córuide sin", ar Tomás an Trumpa, "óir as aithnid damhsa mórán adeir gurab do Shíol mBriain iad féin agus iad d'fholuibh uirísle codruma". "Biaidh mise do Shíol mBriain feasta", ar Brian Beag. "As cóir sin", ar Diarmuid Ó Clúmháin; agus do-rine Diarmuid rann ar an adhbhar sin: "Ó Clúmháin, Ó Céirín cóir, Ó Curnáin, Ó Feoir, Ó Bruic, biam anois do chlannuibh Céin, do Shíol Néill is do Shíol mBluid". "Beir buadh agas beannacht", ar Tomás an Trumpa, "ní córa do mhórán eile san aimsir si, ó tá Ó Briain láidir, iad féin d'ainmniughadh do Shíol mBriain ioná dhúinne; agas an dóigh go bfhaghmaois onóir nó comhthrom dlighe amhuil do-níd mórán eile as aithnid damhsa? Agus a Dhiarmuid ó, cá shluinne dhuitse féin?" "Do mhuinntir Chaimidil", ar Diarmuid, "eadhon Caimidil Ó Briain". "Beir buadh agas beannacht", ar Tomás an Trumpa, "agas labhram feasda ar ár staidiúidibh", ar sé. "Adeirim féin", ar Mathghamhuin Ó Clúmháin, "nach cóir dúinn bailte fearuinn do bheith aguinn feasda, ó do-chuamuir a luime, agas gan cíos do bheith oruinn, acht ceathramhadh punnann do dhíol gacha bliadhna agus féarach gacha rátha". Agas do fógradh an staitiúid sin acu mar gach staitiúid eile. "Agus a dtaoibh a bfhuil do mhoghachuibh díomhaoine", ar siad, "ag
dul don Fhrainc, is fearrde sinn é go bráth, óir ní raibh acht sladuighthe satha ionnta, do bhíodh ag caitheamh lóin ar na fírbheachuigh .i. na lábánuig. Do-gheabhuid bás tall agus tuitfidh a gcuid abfhus ar dhaoinibh as fearr ioná iad féin go mór". Níor chian dóibh annsin an tan do-chunncadar ógláoch gallda chuca. "Cia an fear gallda úd chuguinn?" ar fear díobh. "As aithnid damhsa é", ar fear eile, ".i. Roibín an Tobaca é siúd, agus is maith an tobaca bhíos aige do ghnáth". "Ceannócham cuid de", ar Bernard Ó Bruic, "agus cia aguinn laibheorus Béarla ris?" "Mise féin", ar Tomás. Táinig an t-óglaoch gallda agus beannuigheas go ceannsa agas adubhairt: "God bless you, Thomas, and all your company". Do fhreagair Tomás dó go neamhthuaisceartach agas as eadh adubhairt: "Pleshy for you, pleshy, goodman Robin". "Dar anmuin mo mháthar", ar Bernard Ó Bruic, "do dhubhshloigis rogha an Bhéarla". Do thionólsad cách 'na thimpchioll ag machtnughadh uim Bhéarla Thomáis. "Fiafruigh cunnradh an tobaca", ar Bernard. Do labhair Tomás agus as eadh adubhairt: "What the bigg greate órdlach for the what so penny for is the la yourselfe for me?" Adubhairt Roibín: "I know, Thomas, you aske how many enches is worth the penny", agas do thóguibh a dhá mhéar mar chomhartha, agus adubhairt: "Two penny an ench". "Dar láimh mo chairdios Críost, maith an cunnradh", ar Tomás. "Créad é?" ar Diarmuid Dúr. "Órdlach ar an dá phinginn", ar Tomás. "Déana tacuigheacht oruinn", ar cách. "Do-dhéan", ar Tomás agus adubhairt: "Is ta for meselfe the mony for fart you all my brothers here". Adubhairt Roibín: "I thanke you, honest Thomas, you shall command all my tobaco". "Begog, I thanke you", ar Tomás. Fuair Tomás an tobaco ar a fhocal agus tug do chách é. Is annsin do tharruing gach fear díobh amach a bhuinín manntach salach a híochtar a sheircín nó a cluais a chaipín, agas do ghabhsad ag léigion deatuighe tré pholluibh a srón agas feacht eile agá shlogadh siar 'na gcúlchraos athaidh fhada. "Is
math an tobaca so", ar Bernard Ó Bruic. "As dóthuide liom a bheith fírinnioch agad", ar Tomás, "óir do-chualamuir oibriughadh éagsamhuil aige dá dhéanamh ar chuid do mhathaibh an choiste". "An chugamsa ataoi?" ar Bernard Ó Bruic. "Ní shaoruim agus ní dhaoruim aonneach", ar Tomás. "Budh mhinic leatsa", ar Bernard, "bheith ad mhaide measguithe agas ad cham-rasáin agas ad ghláimhín gliafuighideach ré hurchóid do bhreis ar mhórán eile". Agas adubhairt Tomás an rann: "Sguireadh Bernard dá mhanguireacht, bramadh sé ná ná bramadh; mór fuaim brama ón mbalcaire do shéid aniar óna mhagarluibh". "Díth saoguil agas sláinnte oruinn", ar cách uile, "aon rann is fearr eagna agus eolus ná sin ná cualamuir riamh, ó nach mairionn Brian Ó Bloingidhe; óir budh é sin fear rinn do dhéanamh do budh fearr iona chomhaimsir". Is annsin do tógbhudh gáir mhaguidh agas fhunomhuid fa Bhearnárd. Do bhain Bernard a chaipín de agus tug aghaidh bhuthuaidh, agas tug a mhallacht do chách uile san mhasla sin fuair uatha; agus do iarr air Dhia gan rath ná rí ná críoch mhath do chur ar an bpáirlement sin go deo ná go deireadh an domhuin. Agas fuair an athchuinghe sin mar budh dleacht.
AN DARA LEABHAR DO PHAIRLEMENT CHLOINNE TOMÁIS ANNSO. ALLTUGHADH an bhoduigh gháiriotha, a mhná agus a chloinne, re linn Oiliféir Cromuil do bheith 'na phrotector aige; gurab é sin Sir Domhnall Ó Pluburnáin ó Chunntae Phuirt Láirge: "Treise leat, a Chromuil, a rígh chroinic na sgulóg, as red linn fuaramuir suaimhnios, mil, uachtar agas onóir. Mar do choisg Pádruig an bó-ár do chloinn Ádhaimh an Éirinn, do choisg tú dhínne lá seachtmhuine is mórán dliosdionuis éigcirt. Iarruim gan Caomhánach ná Branach, Nuallánach ná Cinnsiolach, Raoisioch ná Róisteach d'fhagháil fóid do chuid a sinnsior. Iarruim Cromuil do bheith an uachtar, rígh uasal Chloinne Lóbuis, tug a dhóchuin d'fhearr an tshúiste, is d'fhág fear na dúithche ar nothing. Atá ar gclanna re subhuchus a ndiaig dhúthchuis agas chórtuis; fear an bhannda is na buataise gan tuath acht a chlóca.
Ní bfhuil d'easba oruinn acht ar gcreidiomh; iarruim toradh do bheith san eornuin, go ndéanamaois leas ar n-anma an am ceanguil an fhóghmhuir. Iarramaoid a bfhuil san teach so, ar gcuid agas ar maoin, do bheith ní bhus fearr bliadhuin ó 'niugh is gach neach is maith linn". As é an Sir Domhnall so fá giúisdís agas fá ríghbhodach ar a raibhe do Chloinn Tomáis ann dá Chóige Mumhan agus a gCóige Laighean re linn Oiliféir Cromuil do bheith 'na phrotector; gurab tríd sin do órduig tuarusdal do thabhairt don tí do gheabhadh timpchioll dhá Chóige Mumhan, Chóige Laighean agus na Midhe, agus mionna na hinneonach do bhuain dá gcine féin uile fa bheith dílios dá chéile; agus d'órduig Conchubhar Costshalach do chur ann, agus dias do dhaoinibh iomchubhaidh leis, chum summons do thabhairt an gach baile margaidh agus ann gach ceann cunntae don lucht céirde do bhaineadh riú féin, mar atáid: rotús agus tuamanuigh agas dighe na gceard so ionar ndiaig noch as miann leam d'ainmniughadh: as iad sin úcairidhe, fíodóirighe, muilleoirighe gan bheith 'na saoruibh, criathradóiridhe, lucht simnéithioch do ghlanadh, gréasuighthe agus táilliúreidhe tuatha, procadóiridhe, lucht tóigthe custoim, acséis agas airgid tinnteáin, agas na drochghaibhne noch do loisgiodh an t-iarann (ní labhruim ar dhaoinibh saoitheamhla na gceard réamhráidhte); agas iad sin uile do bheith trí mhíle don taoibh abfhus do Mhuilionn Gearr na Mídhe an treas lá do mhí na Bealltuine re suighe a bpairlement, ionnus go gcríochnuighdaois gach ní dá raibh 'na chúrum orra a dtaoibh na héagcóra do bhí dá déanamh orra re cian d'aimsir ag tighearnaoibh fearuinn, ag gabháltuighthibh agus ag daoinibh uaisle díomhaoine a dtaoibh custuim, cíosa agas dliosdionuis.
As uime do ghlacadur teagh trí mhíle ó bhaile mhór ar bith, ionnus nach diongnadh aonní buaireadh dóibh. Tángadur fir Mhumhan agus an taoibh tshoir do Chóige Laighean annsin, agus a bpacaidhe mine prácáis agas a dtiarpáin phutátaoi ar tóin gach fir dhíobh, gur chruinnigheadar uile ar aon láthair; agus as é Cian Ó Caimilín, eadhon mac Mhurchadh Bhéalbhuidhe Chluasmhóir na Lition, agus Áine na nAlt ó Chunntae Chiarruidhe a mháthair, do bhí 'na spéicéir ag an bpairlement sin. Agas do cuireadh an páirlement iona suighe, gach n-aon iona ionad cinnte comhchubhaidh do réir a mhaoine saoghalta agus a fhéasóige, mur atá: fear na seisrighe ar dtosach, fear na leathsheisrighe iona dhiaig sin, agus mar sin dóibh do réir a n-aoise agas a dtábhachta agas a dtoice. As uime do-rineadh spéicéir do Chian Ó Chaimilín don phairlement sin, do bhrígh go raibh sé 'na bhuachuill sagairt a bfhad, agas go bfhuair sé eolus mór, ar son nach sgríobhadh agus nach léigheadh sé, agus nach raibh cur an mhadra amach don Bhéarla aige, agas nach raibh an Ghaoidhealg féin ar foghnamh aige. Gidheadh do bhí méar math binn ar thrumpa aige agus crónán 'na chaobuibh. An tráth tángadar ar aon láthair, do shuigheadar ar a lóistighibh leathanphriobánacha, agus ar a bpillínibh bogchiumhasacha, agas ar a saoistighibh tuighe nó buigiúin; agus is é Sir Domhnall Ó Plubarnáin do bhí ina shuighe an árdionad giúisdís, agus cúpla saoiste mór faoi. Agas as é cryer do bhí acu .i. Murcha an Bhainne, seantiománuighe seisrighe ó Chnoc an Fhoghmhuir an Iarthar Éirionn .i. an Oireacht Í Chonchubhair, agus Mór na bPacuidhe ó Chloinn Mhuiris máthair an Mhurcha sin; agus is uime do toghadh Murcha mar chryer acu, do bhrígh go raibh guth slán fulláin aige; mar as nós san dúthaigh ina mbíodh sé bheith ag glamaoil gan tuirse ar bith. Do léig Murchadh trí ghlao as gur chlos fan Mídhe uile iad, agus do ghuir sé an páirlement mair si an órdughadh a ndiaig a chéile, mar tá ar an dtaobh eile don duilleoig:
Sir Domhnall Ó Pluburnáin Domhnall Dúr Ó Duircinne Cormac Ó hAlpacháin Giolla Dubh Ó Glaicín Murcha Ó Magarláin Feardorcha Ó Rilliocháin Réamonn Rúnoghar Muircheartach Ó Murrúcáin Seaán Ó Caoirlín Tadhg Garbh Ó Gamaláin Cian Ó Caimilín Maoilseachlainn Ó Sníomháin Domhnall Ó Dreancuide Diarmuid Ó Neantunáin Rughruidhe Ó Corbáin Piarus an tShliogáin Séamus Ó Striolláin Gioróid an tShrannáin Conchubhar Ó Crosáin Pilib na Seasga Murcha an Phrioca Donnchadh an tSraoibúin Raghnall na Fime Domhnall Ó Dorráin Maghnus Ó Conraite Labhrás Leibidioch Seaán Sanntach Ó Stacáin Brian Ó Butúin Tadhg Caoch Ó Céirín Cearbhall Clamprach. Do bhí tríochad do lucht cliubaoidh, agus tríochad do lucht ropuiridhe, agus tríochad do lucht smístínidhe agus sámhthach grafán ag gárdáil ar an bpáirlement sin an feadh do bhídar a gcúram na mórghnódhatha sin, agas an feadh do bhí an commission mórchomhuchtach sin, noch fuaradur óna bprionnsa díogruisioch féin .i. Oilifér Cromuil, dá léaghadh dóibh.
Ag so an speech do-rín an giúistís dóibh .i. Sir Domhnall Ó Pluburnáin: "A cháirde grádhacha", ar sé, "agas a chlanna na n-íocuighthe, a shaothruighthe agus a lucht beathuighthe daoine, ban agus leanbh, agas a lucht díogruise bhainios rinn féin, a Chlann Tomáis Mhóir mhic Liobuir Lobhtha mhic Lóbuis Laghraidh mhic Dracopéiste mhic Beilsebub, as uime thángamuir annso a bfhochair a chéile chum pairlement, ag iarruig cirt do chongmháil, agus ag iarruig smachtuighthe do dhéanamh ar an ndruing si atá dhár milleadh re fada, agas fána bfhuileamaoid ionar sglábhuighthibh a ndocharbhruid fa dhaorchíos, gurab iad sin aghradh tighearnaoidh fearuinn, gabháltuighthe agus daoine uaisle díomhaoine; agus suil do rachamaois ní bhus faide annsna mórghnódhthuibh suimeamhla so, inneosad féin díbh ní atá ar mh'aire re cian d'aimsir agus atá 'na cheo agas 'na chunntracht ós ar ccionn re tuairim agas míle bliadhan .i. ó bhás Domhnall an Phónaire ó Chunntae Liatruim (go ndéine Dia mórthrócaire ar 'anam geal); agus mar do marbhadh leis an bráthair bocht le tuaidh bhig an chéachta ar son bheith ag ceasacht ar chárt órna thug sé mar dhéirc dho. Agas ón am sin anall atámaoid dár mallughadh san Róimh, nó go mbainid cloig na Rómha oruinn comhainm an laoi do-ríneadh an gníomh sin, go bfhuilemaoid ó sin fa ghráin ag Dia agus ag daoinibh, agas dár ndamnughadh ag an aifrionn mar do-rineadh re ar sinnsioruibh romhuinn; agus fós gur trésan gcoinniollbháthadh sin, atá do sheaneasguine oruinn ó sin, go bfuilemaoid ceochánach, srannánach, sruimiollta, séideánach, bréan, braimnioch, tútach, runntach, croinntillioch, clabánta, suasbhéalach, leasg, ludurtha, lagchosach, lánghránna, madramhuil, mórbhrógach, bolgmhór, milleánach, drochshaláthair, mall, meata, míthapa, bréagach, clamprach, casaoidioch, fuathmhur, miosguiseach, míchoinghiollach, gan mhodh, gan mhúineadh, gan bhéasa,
gan chreidiomh, gan choinnsias, gan ghrádh do Dhia ná do dhuine, ná fós grádh deise dhá chéile; agus as é an tí do bhuailfeadh agus do cháinfeadh sinn, duine as annsa linn; agus an tí do-dhéanfadh math dhúinn, as olc do-dhéanfamaois an' aghadh do; agus is annsa linn an Saxanach ó Lunnduin ná an tighearna fanar rugadh agus fanar beathuigheadh sinn féin agas ar sinnsir romhuinn, do-bheireadh lón agus lánbheatha dhúinn; agus an uair bhemaoid ag ól ar mbuinn nó ar leathbhuinn a dtigh an tabhairne, nach ag trácht ar nithibh síbhialta ná ar shlánughadh ar n-anman bhiamaoid, acht ag troid agus ag treabhadh agus ag fuirse agas ag tiomáin, agus ag trácht ar chumus buailte, buana nó grafaidh; agas an uair bhímaoid ar meisge, ag glamaoil agus ag tabhairt mhionn mór, bímaoid dá mhuigheamh "... go racha mise chum do mhnása agas chum h'inghine acht go dul do bhaile dhamh". Do-bhéara tusa gia go racha tú farrae mo mhnaoise agus farrae mo dheirbhshiair acht go roichir an baile. Nó biamaoid ag trácht ar fheabhus na meacan nó na bputátaoi nó na mbiataisidhe atá ag ar mnáibh san mbaile, nó ag innisin méid na sodóige do bhí eidir Briainín Mhaol agas Gráinnín Charrach araeir, nó ag trácht ar fheabhus do-rin tú mar siúd re mnaoi do chomhursan ag teacht ón muilionn duit; nó a shamhuil eile so do chómhrádh dhuairc bharbarrdha mhíthaithneamhach éigin eile. Agas an uair bhímaoid ag innéirghe ar ar mnáibh, buailid siad urchur do chois tárrsna feadh ar mbeoil agus ar srón oruinn. Agas an uair bhímaoid ar aonach nó ar marga nó ag oireachtus, ní léigthior a ngoire áite ná urláir sinn, acht ag cathamh urchur do sgámhóguibh caorach ionar
n-éadanuibh agas ag fuadach ar bpléicidhe uainn. Bí mar an gcéadna claimhe ar ar n-airnéis do thoisg na seaneasguine sin oruinn. Agas fós an uair bhímaoid ag suirghe, go mbímaoid ag gabháil do dhóirnibh ar an mnaoi le a mbímaoid ag suirghe, agas ag cur láimhe ar a bolg agas as sin síos, agas iona dhiaig sin ag innéirghe uirrthe san oidhche; go dtig dhe sin masla agus míchlú d'fhagháil dúinn, agas nach bí dho mheas oruinn ag daoinibh matha nó deaghthabhartha suas, acht meas lóghmaidhe nó lánbhodach, dá fheabhus bhiamaoid an éadach. Agas is trésan gcoinniollbháthadh sin oruinn atá gach ainimh dhíobh sin ag leanmhuin dínn, agus biaidh ag milleadh ar sleachta ionar ndiaig, mona ndéantar athchumaireacht léna thógbháil dínn. Agas as eadh as cóir dúinn do dhéanamh: airgiod do ghearradh asteach san dá chóige si agus a chur le duine éigin foghlumtha don Róimh (agas is é sin an t-adhbhur, óir ní glacfuidhe as ar lámhuibh fhéin é), ionnus go dtóigeobhthaoi an tsheaneasguine sin dínn an ám; óir atá an t-éan circe agus an peata muice, an t-uan agas an meannán ag éirghe linn fanar dtigherna féin, Cromwell; agas má thig rígh eile asteach iona áit, biam fa cham-rasáin aige dár n-únfuirt san donus an gcéin bhus beo sinn". An tan do chríochnuigh Sir Domhnall an comhrádh bunúghasach sin, adubhradar uile gur mhath glic an chomhairle ar ar chinn Sir Domhnall, agus gurab easba comhairle do bhí ag cur ortha ion gach éinchéim. Agas tug an páirlement uile a dtoil chum buinn ghil do bheith ar an bfhearann ar feadh a líomotáiste. Giodheadh do dhiúltuigheadar Cóige Uladh agus Cóigeadh Chonnacht gabháil leo. Do-connarcas dóibh annsin Rughruidhe Ó Corbáin agas Maghnas Ó Conraite do thógbháil agus do chnuasach an airgid sin, agus a chur ar láimh Sir Domhnaill, go gcuirdís le teachtaibh don Róimh é. Is annsin do éirig Tadhg Caoch Ó Céirín iona sheasamh agas do labhair sé do ghuth gharbh dhothuigsiona, agus as eadh
adubhairt, ag tabhairt bhogbheartughadh fana chaolchaipín mar chomhartha urruma don Ghiúisdís Domhnall: "Atá an t-am so obunn", ar sé, "agas ní bfhuil feoil ar mhuic ná ar mhart ná ar chaoirig, agus is gearr ó do dhíolamuir cíos na Cásga; agus is fearr fanmhuin go dtige an fóghmhur, agus go mbeire an pónra agus an eorna oruinn, agas go mbiam go bolglíonta; agus dá mbiamaoisne an aice an Phápa, do chuirfemaois ar ngearán dá láthair. Agas fós ní hionchreite d'aonneach go m'fhéidir le mallacht an Phápa dochar ná díoghbháil do dhéanamh an fad so uadha; agus ní bfhuil mo thoil féin léna shamhuil do chárna airgid do chur orm féin ná ar mo bhráithribh ré a thabhairt don Róimh ná don Phápa". Is annsin d'éirig Seaán Ó Caoirlín iona sheasamh .i. sgológ ó Chunntae Iarmhidhe, ar a raibh caipín caol gorm, agus bónna dúbullta lán do ghibínibh breaca bogshnáth air, agus seircín don dath chéadna sin air, agus brollach an tsheircín sin osgailte agus 'ucht leathan liathmhangach gan léine gan cniséadach air, agus leathbhríste fada fabhrach air síos go leath a lurgan; agas do labhair do chomhrádh thuaisciortach bhrilléisioch thachtánach agus is eadh adubhairt: "Gach uile ní bheirim féin do na bráithribh", ar sé, "ní lughaide éaguid mo chaoirigh san earrach é, agus ní lughaide mheathas an eorna orm é; agas go dtabhruim lánsgála na leathphice d'eornuin dóibh gacha bliadhna, agas go mbí claimhe ar mo chapuillibh; agas go dtuguim an gearrán bán dóibh chum na móna do tharrang chuca, agas ní bhrathuim gur feairrde mé sin uile". Is annsin adubhairt Gearóid an tShrannáin ag éirghe iona sheasamh: "Dar anmuin mo mháthar, do-chonnarc féin duine noch fuair bás annsan easguine si, agus do bhí sé féin agus a chlann saidhbhir sáthach gan uireasba".
Is annsin d'éirig an Giúisdís 'na sheasamh .i. Sir Domhnall, go feargach tuaisgeartach bramánta, agus tug sé mionna na hinneonach go gcaithfeadh so bheith mair si, agus súd mur siúd, agus an ní do bheith mur budh toil leis féin. Is annsin do thoghadur do thoil a chéile Domhnall an Deannuig .i. mac muilleora Mhuillinn Ghiorr na Mídhe, do chur leis an airgead sin don Róimh, mar do bhí sé 'na fhear mhór urrughannta ghlacláidir ainbfhiosach, agus mar do bhí teanga mhath Bhéarla aige agus eolus mór, noch d'fhoghluim sé ag dul go tighthibh taoiseach agus saorchlann Laighean agus na Midhe, ag tionnlacadh a gcoda bratha agus cruithneachta chuca iarna meilt. Acht cheana, do críochnuigheadh cnuasach an airgid sin, agus do bhailigheadar chum Domhnuill an Deannuig é, gur seoladh chum a luinge a nDún Garbháin é, an t-ochtmhadh lá do mhí na Bealltuine; agas cúpla mealbhóg do mhin phrácáis leis, agus beagán ime agus bhagúin agus cháise a gcroicionn mhadra uilc. Iar ngabháil a cheada do Dhomhnall an Deannuig, do luig an páirlement sin ar achtuibh agus ar staitiúidibh do dhéanamh; agus do-chuadar an ceathrar ar fhithchid sin d'fhearuibh toghtha an phairlemeint a bfhód fa leith ag cumadh na n-acht sin, agus tugsad rena gcraobhsgaoileadh don chreidher .i. do Mhurchadh an Bhainne iad; agus táinig a bfhiaghnuise an phairlement, agus do chuir a thrí móirbhéice as, gur chlos fá na críochuibh iad, agas do chraobhsgaoil na nóis sin dóibh, amhuil atá ionar ndiaig: "An feadh bhias Éire fúinn féin, ná bíomaoid a bpéin do ghnáth; cuirfemaoid síos ar gcairt, an feadh bhias an reacht ionar láimh.
Do shuigheamuir a bpairlement ó Chionn tSháile go Binn Éaduir, is tugamuir an inneoin Phádruig bheith 'nar gcáirdibh agá chéile. Tugamaois onóir don sgolóig, is mó féasóg 's as fearr maoin, is deireadh suighte don fhleasgach, thaisgios go dtí an t-earrach an t-ím. Achtuighmaoid ar dtuarusdal lá fuar agas te; achtuighmaoid ar n-éadach do réir chéille agas chirt. Achtuighmaoid ar n-éadach cuirp mar atá anois do ghnáth: gearrhata mín dubh, bríste sgaoilte abfhus agus thall. Achtaoimaoid ar ndialluitighe, ar srianta agus ar spuir, an áit an gharbhadhastuir róin 's an lóiste do bhíodh ag Lóbus san troid. Achtaoimaoid ríoghbhodach do bheith ann gach aonbhaile; sinn uile do bheith d'aonfhocal leis an aimsir ar gceangail. Achtaoimaoid an fear so do shaoradh ón bfhaire, 's a thabhairt do mar onóir tosach móna agas branair. Achtaoimaoid an uile achrann dá mbia eadruinn féin, a réighteach ag an ríoghbhodach le hacht of Parlement.
Achtuighmaoid gan mac deaghathur, duine uasal ná duine díomhaoin do bheith 'na chomhnuighe a measg chlanna fleasgach ag déanamh branair ná a' gníomhuigheacht. Achtuighmaoid pósa dúbulta do réir dhúthchuis agus reachta: do mhacsa agam inghinse is t'inghionsa agam mhacsa Beith trí bliadhna farrae chéile go réigh is go fairsiong, gan fios a bhó ná a chaorach ag aonneach ar an bfheadh sin. Achtuighmaoid gan lánumha air bith do phósa a chéile, go mbiaid seachtmhuin iona gcodladh ag boga 's ag déanamh. Achtuigh maoid an uile fhleasgach, ar a mbiadh cúrum bothóige, croicionn caorach na Féile Michíl do bheith aige chum dórnóige. Achtuighmaoid an uile fhleasgach, do-dhéana malairt nó margáil, dias do bheith do láthair aige d'fhíorshliocht Chlainne Tomáis A gcás dá mbiadh an aithreachus, go ccuirdís a bhráithre an chúis, mar budh mian lena heart le ceart by this booke.
Achtuighmaoid gan cúirt easbuig do bheith ag basgadh ar ndaoine; dá ndeacha fear chum mo mhnása, mise 'dhul farraena mhnaoision. Diúltuímaoid do chúirt shirriaim, cúirt sheanuscáil ná siosón mór, acht cúirt an ríoghbhoduig bhias ar saoire na Nodlag Mór. Achtuighmaoid an am buana ím, cáise agas feoil; órduigheamaoid an am néala putóga caorach agas bó. Achtuighmaoid dá phinginn ó Shamhuin go Féil Bríghde, is trí pinginne san earrach an feadh mhairfios an síolchur. Achtuighmaoid an beart dá gach fear san bfhóghmhur, agas chúig phinginne gan amhrus an am branair is móna. Achtuighmaoid le chéile ó Bhinn Éaduir go Cionn tSháile, más Saxanach, más Éirionnach, bheith leis an té bhus láidire. Achtuighmaoid teagmháil lé chéile lá Fhéile Michíl is Máirt Chásga, go gcuiremaois síos bearta na druinge bhíos dár gcáible. Achtuighmaoid fógra na Féile Michíl do thabhairt do cheann an bhaile, d'fhonn go mbiadh sé a muinghin go bfhúicfemaois an fearann.
Achtuighmaoid uile do réir ghliocuis agas chríonnacht, ar dtighearna do bheith ceanguilte is cead aguinne bheith sgaoilte". Iar gcríochnughadh an chomhráidh sin don chreidher, do budh éigion don phairlement uile éirghe iona seasamh agus a n-aighthe uile do thabhairt siar bhuthuaidh, a bpléicidhe do bhuain díobh, agus na briathra so do rádh amhuil do dheachtuigh Murchadh dhóibh iad: "God protect our Protector, amen, and our greate giúistís, Domhnall". Ag so an speech do-rin Cormac Ó hAlpacháin: "A chlanna na n-íocaighthe, a shaothraighthe agus a lucht beathaighthe daoine, ban agus leanbh, a lucht céirde uile, atá cruinn annsa pháirlement so aniugh do Chluinn Tomáis, as í ceist atá agam ré a cur chugaibh anois: an leanfamaoid don nós do bhí ag ar sinnsearuibh, ó tá prionnsa dár gcineadh féin aguind, nó an leanfam don nós atá ann anois?" Is annsin do labhair Raghnall na Leition .i. mac úcaire Fine Ghall, fear mór plucach, leathanfhiaclach, tollmhór, tóthustalach agas adubhairt go leanfadaois don nós atá ann anois, "Óir ní beag linn", ar sé, "bheith gan mhodh, gan mhúineadh, gan bhéasa oruinn, agas gan bheith as nós na ndaoine uaisle"; agus gur maisioch an tí do-chífidhe an éadach mhath, agas nach aon mhath amháin do thiogfadh dhe, acht fós go bfhaghadaois mórán urruma agus onóra a gcoigcríochuibh ó bheith an éadach mhath. Is annsin do labhair Tadhg Ó Gamaláin .i. ardmhaor an phairlement, agus adubhairt sé gur "Casóga fada agus brístighe leathana osgailte abfhus agas tshiar, agus falluingeacha fabhruidhe, troma, toirteamhla, gorma, agus caipínidhe slaparchluasacha ramhra daingiona uim ar gceannuibh; lóistighe leathana
dathamhla socra do chroicionn muice nó gamhna fanar dtóin an ionad na n-ialluitídhe ag dul ar aonach nó ar margadh nó chum oireachtuis, agas adhastair mhatha láidre ghadraigh, ós iad as toirteamhla ionar lámhuibh; agus tiaracha do shúgán mhath righin do thuighe sheaguil nó sheasga ionar lóistighibh; agus leanamaoid don fhaisionn atá ann anois a dtaoibh ar n-éadaigh cuirp". Is annsin do labhair Maoilseachluinn Stuacach ó Chunntae Laoighise, agus adubhairt mar an gcéadna gurab é sin nós budh fearr ann. Do labhair Giolla Dubh Ua Gláimhín agus adubhairt: "Coisgidh dá bhur nósuibh", ar sé, "agus dar an gcarrán bPádruig nó go bfhille sibh ar an nós do bhí ar coimhéad ag bhur sinnsearuibh, ní bhia rath ná sonus oruibh; agas an uair do bhíodh sibh ag imtheacht go sona simplidhe do réir na seanaimsire, as í sin uair dob fhearr an saoghal .i. na triosa, agus na falluinngeacha, agas na pléicidhe ag na sgológuibh, agus na luirgne isna lóipínibh, agus an tshlat phrioca a láimh an tiománuidhe; nó go ttugamaoid cóisir, féasda agus uirithisiocht dár dtighearnaoibh, agus go mbia grádh acu dhúinn agus grádh aguinn dóibh, ní bhia rath ná foghnamh oruinn; agus fós nó go dtige cogadh, gorta mhór nó pláig mur tháinig roimhe so; agus an uair do bhí an saogal go math agus do bhí lacht ag eallach agus iasg ar aibhnibh agus toradh san arbhur; agas is éagcóir go mbiadh mac boduigh nó lóimínigh ar aonnós ré mac duine uasail nó deaghathar; agus san bFhrainc nó san Spáinn go mbí comhartha cinnte ar na bodachuibh seoch na daoine uaisle; agas is eadh do-chimhtear dhamhsa: an ríoghbhodach nó an mac oighreachta do bhiadh aige, an nós do bhí ag na daoineibh uaisle anuraidh, do bheith aigesion a mbliadhna; gidheadh comhartha cinnte do bheith air .i. gan do bheith air acht leathspor agus leathstiaróip na coise clé, agas carabhat anairte noch do-dhéanfadh lámh a mháthar féin agus a bheith ceanguilte lé córda cnáibe;
agus ag sin an nós do bhí ann an chéad bhliadhuin don chogadh ann gach cunntae, agus giodh-bé do-dhéanadh malartughadh air sin, a sgiúrsáil trí lá mhargaidh nó tuarusdal bliadhna do bhuain de, agus a thabhairt do Sir Domhnall mar chungnamh chum éirighthe amach chum cúirte nó caibidilioch nó comhdhála ar bpairlemeint, gach uair bhias sé d'easba oruinn". Tugadar uile a dtoil chuige sin. Is annsin d'éirigh buaireadh mór idir an bpáirlement do dhruim na fíneaghlach sin, agus adubhradar fir Mhumhan gurab duine díobh féin do bhiadh 'na uachtarán a ndiaig Sir Domhnuill. Adubhradur fir Laighean agus Mhidhe gurbh éitheach na briathra sin, agus gurab iad féin do chosnuimh Cathair Bhaile Átha Cliath ar chogadh na Fraince; agus tar éis iomud easmuilte do thabhairt dá chéile dhóibh, d'éirgheadar na fir fharránta for gach leath ag smalcadh a chéile go heascáirdeamhuil agus ag stathadh gruag agus fhéasóg a chéile; agus an té do bhíodh an uachtar, ar ball do bhíodh an íochtar, nó go ráinig Seaán Ó Caoirlín agus Murchadh an Bhainne a mbuaic a chéile, agus do ghreamuigheadar an dias sin a chéile ar sgeolbhachuibh go docht dosgaoilte, agas rug Murchadh dubhghreim dian daordhálach ar ubhall brághad ar Sheaán, agas do bhí do dhochruide an ghreama sin, gur stopadh slighe na hanála aige, ionnus gur ghabh a anál san tshlighe éagcóir .i. tréna thóin, ionnus gur bhram sé go móruathbhásach, gur shaoiliodur lucht an phairlement gurab é a ionathur do thuit as an laochmhíleadh sin; agus ar mbeith tréimhse fhada ag sraoilleadh a chéile dhóibh, do trasgradh Seaán Ó Caoirlín, agus ar dtuitim dho, tharrla an meanaith do bhí ar a chrios iona chliathán, gur goineadh a chroidhe iona chliabh go ndeachaidh a dtaisibh agus a dtáimhnéaluibh báis. Agus do bhí do bhréine na húicnéala tug cách ar a chéile dhíobh, gur bhréine an teagh iona rabhadur don leith
amuith ná seacht dtighthe bréana eile don leath astigh. Is annsin d'fhóguir an Giúistís .i. Sir Domhnall, Murchadh do lámhughadh agus braighdeanus bliadhna do thabhairt do trésan éagcóir do-rin ar Sheaán Ó Chaoirlín, agus do budh éigean sin do dhéanamh do réir a thoile. Ba mór an phian bheith a bfhogus an tighe 'na rabhadur an brosgán broghach sin leis an smúit agas leis an gceo do thigeadh d'éaduighibh bfhear Mídhe, Fhine Ghall agus Chunntae Chille Dara, mar as acu do bhí neart na pise agas an phrácáis, agus iad féin iona bfhearuibh gearra, bolgmhóra, tollreamhra, tábhachtacha. Do sheasmhuigheadar fir Mhumhan a bfhad reo, mar do bhádar 'na bfhearuibh boga árda. Fa dheoig do budh éigion dóibh umhlúghadh, do bhrígh go rabhadur a bfhad óna ndúthaigh agus do bhádar ag tréigion iomud fola tréna smúsachuibh; agus an tan do-chonnairc Sir Domhnall na Muimhnigh ar madhmughadh, do ghair sé go héignioch ar an ngárda; agus iar sin tángadar tríochad do lucht ropuiridhe agus tríochad do lucht smístínidhe agus feacach rámhuinnidhe agus grafán ag teasarguin na bfhear sin ar a chéile, gur chuir eagla na n-arm iona gcomhnuidhe iad. Agus do chuir Sir Domhnall duine nó dias don pháirlement dá fhios cia do thionnsguin an t-imreasan sin, agus do fríth le haitheasguibh an pháirlement gurab é Maghnus Ó Conraite ó Chunntae Thiobrud Árand agas Gearóid an tShrannáin ó Chunntae Chille Dara do thionnsguin an t-imreasan sin ar dtúis. Agus do-connarcus don pháirlement gurab annteasbach bídh agus éadaigh do-rin sin uile, agus d'órduigheadar d'aonaonta an ruisín do bhuain díobh ar feadh an dá chunntae sin; agus do beanadh an ruisín díobh ó sin riamh mur phionós tríd sin. Is annsin d'éirig Muircheartach Ó Bolgáin iona sheasamh
agas d'fhiafruig sé cia do bhiadh iona uachtarán d'éis bháis Sir Domhnuill; agas d'fhágbhadur uile do thoil a chéile an uachtarántacht ag an tí do budh fearr cáca spíosarrtha na Nodlug, agus an fear sin do bheith 'na uachtarán orrtha d'éis bháis Sir Domhnuill. Agas do chuiriodar uile a lámha chuige sin. Ag so an speech do-rin Séamus Ó Strealláin: "Fiafruighim féin díbhse anois", ar sé, "créad an fáth nach fuaradur Clann Tomáis fearann, nó créad iad na feilbhearta do-rineadur mar nach faghdaois fearann?" Is annsin adubhairt Gearóid an tShrannáin ag éirghe iona sheasamh, gurab é fáth nách fuaradur fearann ná fineachus, do bhrígh go raibhe seanmhallacht ón bPápa ortha tré bhás an bhráthar bhoicht ann ám ronna na hÉirionn. Adubhairt Rughruidhe Ó Corbáin: "Atá an mhallacht sin dínn anois, má mhairionn Domhnall an Deannuigh do chuireamuirne don Róimh ag déanamh ar síothchána; agus air sin caithfiom fearann d'fhagháil, ó tá ar bprionnsa féin iona phrotector (go léige Dia slán é) nó, mona bfhagham, dearbhócham an aghaidh na nÉirionnach leis na Sagsanachuibh a gcúirt agus a gcaibidil". Agas ré linn an chomhráidh sin do bheith eaturra, táinig duine uasal 'na gceann asteach do bhí ag traibhléireacht .i. Séamus na Seabhac a ainm, agus do budh iongnadh leis an comhchruinniughadh sin do bheith ar Chloinn Tomáis, agus iad ag teacht ar fhearann tshaor d'fhagháil. Do labhair an duine uasal agus as eadh adubhairt: "A bhrosgán bodach, atá sibh aguinne riamh dá bhur mbeathughadh, agas nách fuil a fhios aguibh gurab ó ifrionn táinig bhur sinnsior, agus gurab do chloinn dílis Dé sinne? Agus go bfhuil sealbh na hÉirionn aguinn míle bliadhan sul táinig bhur sinnsior
as ifrionn, agus go dtugamuir seanbhróga agas seanstocuidhe dhíbh, agus an seanéadach do chuiremaois dár gcorpuibh féin, agus fós go dtugamaois ionathur ar n-eallaigh dhíbh, agas an mhéid díobh do mharbhadaois na mic dírighe ná an conach, agus go dtugamuir ceart buana, buailte agus béitéala dhíbh, agus fásuighe na ngort ar son a ndaingnithe, agus go dtugamuir coimhéad bó agus caorach agus capull díbh, agus gur chuireamuir ag treabhadh agus ag tiomáin dúinn féin sibh? Agus an tan do-chunnarcamuir sibh ag teacht ar bhur n-aghaidh, gur léigeamuir seisear nó ochtar ar aonbhaile amháin díbh ag cur agus ag treabhadh ar chíos, agus do léigeamuir bhur gclann le ar gcloinn chum sgoile ionnus gur thógbhadur beagán foghluma? Annsin budh miann leis gach aonduine aguibh dochtúir dlighe nó duine eagluise do dhéanamh dhá mhac; agus an tráth do léigeamuir bhur srian féin libh, do-chuabhuir a bfhiath agas a bfhiaghantus oruinn, mar as gnáth libh bheith míchoinghiollach ionar n-aghaidh". Agas iar rádh na mbriathar sin dó, do gaireadh an ghárda, agus tángadur dá fhear dhéag do lucht pícidhe laighre, agus do cuireadh ar láimh é. Is annsin do sgríbh Séamus na Seabhac rann, agus do chuir do láthair Sir Domhnaill í, agus ag so í: Dá mbiadh Éire dá roinn re linn Chromwell an mhíghrinn, ní bfhaghadh Sliocht Lóbuis troig acht a gcasa arís go hifrionn. A chlann do thuill an mhallacht, a chlann tútach chroinntilleach, cá bfhagha sibhse dúithche anois, is gan fód ag bhur sinnsearuibh?" Agas an tráth do léigheadh an sgríbhinn do láthair Sir Domhnaill, do sgaoileadh don duine uasal. Do-rín Raghnall na Fime agus Gearóid an tShrannáin casaoid mhór do láthair' an phairlement .i. go raibhe an maithios
poiblighe agá lot go mór ag daoinibh díomhaoine, mar atáid seabhacóiridhe "... Bhíos ag glamaoighil agus ag éirghe ar barr crann agus craobh, agas ag raobadh daingneacha léna n-eachuibh, agus ag gabháil tríd na gortuibh agus tríd na móinfhéaruibh, agus ag díbirt ghabhar agas chaorach óna n-innbhearuibh; agus mar an gcéadna fiadhuithe, agus giolladha con agus gadhar, ag glaodhaigh agus ag feadghuil, agus ag cur bhuaidhridh oruinn an aimsir bídh do chathamh dhúinn dá cheilt orra; agus dá bhrígh sin as iomchubhaidh smacht do chur orra". Is annsin do-rin Sir Domhnall tocht tromchúisioch agas stuidéar fada, agus adubhairt nach rabhadur sin fana ndlighe féin agus go raibh pribhléid acu ós a gcionn. D'éirig Murchadh an Phrioca iona sheasamh agus adubhairt: "Atá sé sgríobhtha san dlighe do-rin ar gceann fine féin .i. Lóbus Laghrach mac Liobuir Lobhtha mac Dracapéiste mac Beilsebub, an tí do mhillfeadh an maitheas poiblidhe agas nach biadh neart air, easguine Dé agus Phádruig do dhéanamh air an am sgora nó gabhála an iaruinn". Adubhradur uile gur cheart an dlighe sin. Is annsin do-rin Sir Domhnall agus an chuid eile don phairlement acht .i. an ríoghbhodach agus an fleasgach go comhchoitchionn do bheith ar aonfhocal a gcóir agus an éagcóir, agus na feirmiúiridhe do dhíbirt; agus gurbh usa dóibh féin cíos do dhíol agus do dhéanamh, ná do dhaoinibh uaisle, do bhrígh go mbainfedís agus go mbuailfedís agus go mbiadh pádha béiteaghla agus brácála acu "... Agas má théid beirt nó triúr do Chluinn Tomáis ar marga nó ar aonach, nach nár leo gan cárt leanna do cheannach, acht amháin builín, agus sin do phlaca fa shlighe, agus builín eile do thabhairt do bhaile chum sgríoba rúiscín, agas a leath sin do thabhairt do Shaidhbhín, go ndíolfadh sé an peata muice, do
bhiadh bliadhuin iona chuibhreann; agus nach nár le haonneach dhíobh bheith gan feoil lá Nodlag ná Cásga ná Domhnach Oinide; agus go ndíolfadaois an lae agus an lubhán agas an sicín agus an cuachán do uighibh matha ramhra; agus nach mur sin don duine uasal bhocht; go madh nár leis na bearta sin do dhéanamh, ionnus go dtagann de sin a thuitim an ainbfhiachuibh agus a ghabháltus do chailleamhuin, agus leis sin biaidh an gabháltus aguinne", ar siad. d'órduigheadur mar an gcéadna dalta uileamhna agus dearbhchara láidir Shagsanuig do bheith ag gach n-aon díobh, agus bairille agus buidéal agus ól tuatha agus baile mhóir do thabhairt dó, go ndéanadh cosnamh dhóibh an aghaidh éagcóra agus anfhórluinn na ndaoine uaisle agus na n-annfhlatha do bhiadh dá n-imirt orra. "Bíodh dias dá bhur gcine féin do láthair an am ceanguil bhur gcunnartha lé bhur dtighearna. Agas orduigheamaoid díbh bheith ag gáire le bhur námhuid agus bheith dá cháineadh ar a chúluibh. A cháirde grádhacha, ná léigidh bhur cceart le haonduine; agus más láidire é ná sibh, cuirig bréag air agus dearbhuighidh uile le chéile iona aghaidh ag cúirt agus ag téarma; agus cuirig bhur gcuid a seilbh bhur gcloinne mar sheachuint ar fhiachuibh, ar phúnáiste agus ar gach éileamh aincheart eile dá ndéinid na daoine uaisle oruibh, agus go mórmhór mar cheilt ar dheachmhuidh. Bíodh mar an gcéadna dá phorc muice ag gach n-aon aguibh mar sheachuint ar phúnáiste, óir téid gach neach saor ó phúnáiste bhíos a dtaoibh re dhá mhuic. Mar an gcéadna géidhe don athlíne agus seanachránta do thabhairt dá bhur dtighearna. Agas an am díola bhur ndlisdionuis, bíodh bhur gcéacht agus bhur n-úghmucha briste, agus ná bíodh gad ná cuing ná lorg ná iarann ar áird aguibh, agas, gan dearmud, bainig an prioca as an tshlait bhroid; agus an ám ceanguil le bhur
dtighearna, bíodh cuid aguibh ag ollmhughadh oruibh chum imtheachta agus cuid eile ag díomoladh an fhearuinn, d'eagla daoirse chíosa do chur oruibh. Agas más teacht, más imtheacht díbh, tugaidh fógra na Féala Michíl dá bhur dtighearna, agus déanuidh spaid don fhearann, agas biadh bhur ttoil féin aguibh". Is annsin do chuireadur uile a lámha chum an aicht sin. Agus ba fada le Sir Domhnall do bhí Domhnall an Deannuig san Róimh, agus do chuir teachta chum cuain ag lorg sgéal uadha, agus as é sgéal thugsad leo: gurab é caraid do bhí ag Domhnall an Deannuig san Róimh .i. Mártan Naomhtha; agus gurab é do-rin a shlighe ris an bPápa, agus trésan adhbhur sin gur ghabh sé féin agus muilltheoiridhe an domhuin ré Mártan mar anamcharaid naoimh ón am sin alle; gurab thríd sin do chuarduig Mártan rulla agus recórd na heagluise san Róimh, agus go bfhuair an mallughadh ar na muilteoiribh tré ghuid mhine do-rineadar ar dhuine bhocht eagluise. Agas as í comhairle do-rin Domhnall: an t-airgiod do thabhairt ar son na heasguine do thógbháil do na muilteoiribh amháin, agas an chuid eile do Chloinn Tomáis d'fhágbháil fan easguine; mar as béas acu uile bheith gearrchumunnach. An tráth do-chualaidh Sir Domhnall sin, d'éirig 'na sheasamh le cóch cuthaigh as a chathaoir, agus a lán do chuipe agus do chubharán rena chúláiribh lé fraoch furráin agus fíorfheirge móire, agus tug sé mionna na hinneonach nach raibh aonduine dá chinneadh féin, eadhon do Chloinn Tomáis, dírioch ná folláin riamh, agus nach biadh choíthe; agus nach bréag a rádh go bfhuilid mar deirthear a mbeith. Agas as eadh do-connarcus do: dias bháillidhe .i. Conchubhar Costshalach agus Murcha an Phrioca, do chur le sumuns nó le forfhógra ar feadh dá Chóige Mumhan, Chóige Laighean agus na Midhe, a bpéin sgiúrsála trí lá mhargaidh ar aon fhear tighe nach biadh bró ghearr aige iona
thigh; agus gan aontshórd arbhair do chur go muilionn ar feadh na bliadhna, acht bheith ag bruith phise, phónra, phutátaoi agus mheacan; agas leis sin go gcuirfedís na muilteoiridhe don ghorta. Do tuigeadh annsin do Sir Domhnall agas don chuid eile don phairlement, an mhóin gan buain agus an branar gan déanamh agus aithreomhair na bputátaoi. Agas ar gcríochnughadh na gcomhráidhte sin dóibh, adubhairt Sir Domhnall ris an gcreidher a fhaisnéis dóibh dul dá dtighthibh, agas gan teacht slán ná iomlán, agas a bpéin a bpriaclach teacht chum an pháirlement sin arís an 29 lá do September. d'éirgheadar annsin ag breith ar a gcairiúnuibh gach aon díobh, agas tugadar leo iad mar a rabhadur a bpillínidhe agas a n-adhasdair chum dul ar marcuigheacht; agus ní raibh pana ná pillín ná giorta ná tiarach ar aird acu, acht iad féin dá slad ó 'chéile; agas leis sin do ghabhadur ag bualadh agas ag batráil a chéile faoi theann, agus ag sdathadh ghruag agas fhéasóg a chéile; agus ag tabhairt mionn mór nach tiocfadaois chum cúirte ná chum páirlement go bráth ná go deireadh domhuin, agas dá admháil gur chóir do Dhia ar imthig ortha, agas an míchoinghioll agas an easurruim do bhí acu fa chomhair na ndaoine uaisle noch do shaorfadh agus do-bhéaradh as an bpríosún gach n-aon díobh do
bhiadh ann lena ndrochghníomharthuibh féin; agus ar an starrán feirge sin, do sgaipiodar soir siar, d'éis mionna na hinneonach do thabhairt nach cruinneochadaois san áit chéadna go bráth ag déanamh cirt ná córa, acht an tí budh treise do bheith an uachtar. FlNlS
agus is ar éigin a fuair Sir Domhnaill headstál a adhaistair féin, agus pillín gan tíarrach gan turrsain. "Bhar ndon agus bhar ndobhairn oruibh, agus gan rath gan rathamhnas go ró sibh, a rug cois m'aidhisdar agus mo thiarach maith róin uaim". Do ghluais Sir Domhnaill don bhaile, agus ní lúaithe rigeadh leis a dhol súas ar a ghearrán é, nó búailfidh fo leaca talmhuin ar an taoibh eile dá ghearrán é, mar nach raibh tursann nó tíarach ina phillín. "Easgaoin" chlog agus cheall oruibh, a bhunadh an diabhal, agus oramsa libh, madh choingham féin cúirt nó parlimint libh go Lúan an láe bhráith". Agus ní dheárnaidh fós.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services